Leabhar geinealaigh Íosa Críost, mic Dháibhí, mic Abrachaim. Do ghein Abracham Íosóg; agus do ghein Íosóg Iácób; agus do ghein Iácób Iúdás agus a dhearbhráithre. Agus do ghein Iúdás Fares agus Sara ó Thamar; agus do ghein Fares Esróm; agus do ghein Esróm Aram; agus do ghein Aram Aminadab; agus do ghein Aminadab Naasón; agus do ghein Naasón Salmón; agus do ghein Salmón Boes Ó Rachab; agus do ghein Boes Ióbed ó Rút; agus do ghein Ióbed Iesse; agus do ghein Iesse an rí Dáibhí. Agus do ghein an rí Dáibhí Solamh ó’n mnaoi do bhí ag Úrias; agus do ghein Solamh Robóam; agus do ghein Robóam Abia; agus do ghein Abia Asa; agus do ghein Asa Iósafat; agus do ghein Iósafat Ióram; agus do ghein Ióram Ósias; agus do ghein Ósias Ióatam; agus do ghein Ióatam Achas; agus do ghein Achas Esecias; agus do ghein Esecias Manassés; agus do ghein Manassés Amós; agus do ghein Amós Iósias; agus do ghein Iósias Iechonias agus a dhearbhráithre le linn broide Baibiolóine. Agus tar éis broide Baibiolóine do ghein Iechonias Salatiél; agus do ghein Salatiél Sorobábel; agus do ghein Sorobábel Abiúd; agus do ghein Abiúd Eliachém; agus do ghein Eliachém Asór; agus do ghein Asór Sadóc; agus do ghein Sadóc Achím; agus do ghein Achím Eliúd; agus do ghein Eliúd Eleásar; agus do ghein Eleásar Mattán; agus do ghein Mattán Iácób; agus do ghein Iácób Seosamh, fear Mhuire, ó n‐ar geineadh Íosa d’á ngoirthear Críost. Uime sin, na geinealaigh go léir ó Abracham go Dáibhí, is ceithre glúna déag iad; agus ó Dháibhí go broid Bhaibiolóine, ceithre glúna déag; agus ó bhroid Bhaibiolóine go Críost, ceithre glúna déag. Agus mar so is eadh tharla geineamhain Íosa Críost. Iar mbeith d’á mháthair, Muire, luaidhte le Seosamh, sara dtángadar le chéile, frith go raibh sí torrach ó’n Spiorad Naomh. Acht, ó ba dhuine fíréanta Seosamh, a fear, agus nárbh áil leis a maslú go poiblidhe, ba mhian leis a cur uaidh ós íseal. Acht ag machtnamh dhó air, do taidhbhrigheadh dhó i n‐aisling aingeal an Tighearna, adubhairt, a Sheosaimh, a mhic Dhaibhí, ná bíodh eagla ort do chéile, Muire, thabhairt chun aoin‐tighis leat; óir, an ghein atá gabhtha aice, is ó’n Spiorad Naomh í. Béarfaidh sí mac, agus do‐bhéarfaidh tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóchaidh sé a phobal ó n‐a bpeacaidhibh. Agus do thuit seo amach chum go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh, g‐á rádh, Féach, béidh maighdean torrach, agus béarfaidh sí mac, Agus do‐bhéarfar Emmanuel mar ainm air, ainm chialluigheas, Dia linn. Agus ar ndúiseacht do Sheosamh, do‐rinne sé mar d’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhean, acht níor aithin sé í nó go rug sí mac, agus thug sé ÍOSA mar ainm air. Agus nuair rugadh Íosa i mBeithil Iúdaea, i laethibh an ríogh Ioruath, tháinig draoithe ó’n domhan thoir go h‐Iarúsalem, agus adubhradar, Cá bhfuil an rí seo na nIúdach atá beirthe? óir do chonnacamar a réalta sa domhan thoir agus thángamar d’á adhradh. Acht nuair do‐chuala an rí Ioruath sin, tháinig buaidhreadh air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, chómh maith. Agus do chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríobhaidhthe an phobail, agus d’fhiafruigh sé dhíobh cá mbéarfaidhe an Críost. Agus adubhradar‐san leis, I mBeithil Iúdaea, óir is mar sin atá scríobhtha ag an bhfáidh: Agus tusa, a Bheithil, a thalamh Iúda, Ní tusa is lugha ar cheann‐phortaibh Iúda, Óir is asat thiocfas an taoiseach, Dhéanfas aodhaireacht ar Israel, mo phobal. Annsin do ghlaodh Ioruath na draoithe ós íseal chuige, agus d’fhiafruigh sé dhíobh go cruinn cé an t‐am i n‐ar taisbeánadh an réalta dhóibh. Agus do chuir sé go Beithil iad, agus adubhairt sé, Imthighidh, agus cuarduighidh go dícheallach an leanbh, agus nuair do‐gheobhaidh sibh tuairisc air, innisidh dhamh‐sa é, chum go dtéighead féin, agus go n‐adhrad é. Ar n‐a chlos sin dóibh ó’n righ, d’imthigheadar; agus féach, an réalta do chonnacadar sa domhan thoir, do ghluais sí rómpa go dtáinig sí ’n‐a stad ós cionn na h‐áite ’n‐a raibh an leanbh. Nuair do chonnacadar an réalta tháinig luthgháir mhór orta. Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr. Annsin tugadh foráileamh i n‐aisling dóibh gan filleadh ar Ioruath, agus do chuadar bóthar eile ar ais chum a dtíre féin. Nuair do bhíodar imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh agus a mháthair agus éaluigh do’n Éigipt, agus fan annsin go labhrad leat; óir béidh Ioruath ar lorg an leinbh chum a mhillte. Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair san oidhche, agus d’imthigh sé do’n Éigipt. D’fhan sé annsin go bás Ioruaith, chum go gcóimhlíonfaidhe an focal adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac. Annsin, nuair do chonnaic Ioruath gur mheall na draoithe é, do bí sé le cúthach, agus do chuir sé amach scriosairí, agus do mharbh sé a raibh de chlannmhac dhá bhliadhain nó fá n‐a bhun i mBeithil agus san dúthaigh do bhain léi, de réir an ama d’innis na draoithe dhó. Annsin do cóimhlíonadh na briathra adubhairt Ieremias fáidh: Do‐chualathas guth i Ráma, Gol agus an‐olagón: Ráchél ag caoineadh a clainne, Agus níórbh áil léi sólás do ghlacadh Toisc gan iad bheith ar fagháil. Agus nuair do cailleadh Ioruath, féach, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh san Éigipt, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh óg agus a mháthair, agus imthigh go tír Israel; óir, na daoine do bhí ar tí an leinbh do mharbhadh, atáid‐sean tar éis báis. Agus d’éirigh seisean, agus do thóg sé leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinig sé go tír Israel. Acht, nuair do‐chuala sé go raibh Archelaus ’n‐a righ ar Iúdaea i n‐ionad a athar Ioruath, do bhí eagla air dul annsin; acht thug Dia rabhadh dhó i n‐aisling, agus do chuaidh sé go críochaibh na Galilé, agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe. Ins na laethibh sín tháinig Eoin Baiste ag seanmórú i bhfásach Iúdaea, g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh. Óir is eisean an té úd ar ar labhair Ésáias fáidh, nuair adubhairt se, Guth an té atá ag glaodhach sa bhfásach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach. Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim; agus is é biadh do bhí aige lócaistí agus mil cuasnóige. Do chuaidh Iarúsalem amach chuige, an t‐am sin, agus Iúdaea go léir, agus lucht an cheanntair mór‐thimcheall Iórnáin, agus do bhaist sé i nIórnán iad, agus iad ag admháil a bpeacadh. Acht nuair do chonnaic sé mórán de na Fairisíneachaibh agus de na Saddúcíneachaibh ag teacht chum baiste d’fhágháil uaidh, adubhairt sé leo‐san: A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair orthaibh‐se teicheath ó’n díbhfheirg atá le teacht? Ar an adhbhar sin, tabhraidh toradh uaibh bhéas de réir na h‐aithrighe; agus ná h‐abraidh ’n‐bhúr n‐aigne: Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh gur féidir le Dia clann do thógáil d’Abracham de na clochaibh seo. Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: ar an adhbhar sin crann ar bith nach dtugann toradh maith, leagfar é agus caithfear é sa teinidh. Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruitneachtan isteach sa scioból; agus loiscfidh sé an cháith le teinidh nach féidir do mhúchadh. Tháinig Íosa, an t‐am sin, ó’n nGaililé go h‐Iórnán chum Eoin, chum go mbaistfeadh seisean é. Acht d’iarr Eoin cosc do chur leis, g‐á rádh, Is damh‐sa ba cheart baisteadh d’fhagháil uait‐se, agus is ag teacht chugam‐sa atáir. Agus d’fhreagair Íosa é, agus adubhairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuibhe gach dlighe do chóimhlíonadh. Agus do ghéill sé dhó an t‐am sin. Agus ar mbeith d’Íosa baistthe, do chuaidh sé suas as an uisce ar an láthair: agus, féach, do foscladh na flaithis dó, agus do chonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i riocht cuilm, agus ag teacht anuas air: agus, féach, guth ó neamh, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas. Annsin do threoruigh an Spiorad Íosa isteach sa bhfásach chum go gcuirfeadh an diabhal cathú air. Agus nuair do bhí troscadh dá fhichid lá agus dá fhichid oidhche déanta aige, tháinig ocras air ’n‐a dhiaidh sin. Agus tháinig an t‐aidhbheirseoir, agus adubhairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduigh arán do dhéanamh de na clochaibh seo. Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine, acht ar an uile bhriathar thig ó bhéal Dé. Annsin do rug an diabhal leis é isteach sa gcathair naomhtha, agus do chuir sé ’n‐a sheasamh ar spuaic an teampaill é, agus adubhairt sé leis, Má’s tú Mac Dé teilg thú féin le fánaidhe síos: óir atá scríobhtha, Do‐bhéaraidh sé órdú d’á ainglibh id’ thaobh: Agus tógfaid‐sean ’n‐a lámhaibh thú, Ar eagla go mbuailfeá do chos i gcoinnibh cloiche. Adubhairt Íosa leis, Atá scríobhtha fós, Ní chuirfidh tú cathú ar do Thighearna Dia. Annsin do rug an diabhal leis é go mullach sléibhe an‐áird, agus do thaisbeán sé dhó ríoghachta uile an domhain, agus a ngradam; agus adubhairt sé leis, Do‐bhéarad‐sa iad sin go h‐iomlán duit, má’s toil leat sléachtadh dhom, agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís. Annsin d’imthigh an diabhal uaidh, agus féach, tháinig aingil agus do‐rinneadar friotháileamh air. Agus nuair do‐chuala Íosa gur cuireadh Eoin i bpríosún, do chuaidh sé do’n Ghalilé; agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim, chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh, Talamh Shabulón, agus talamh Neftalim, Slighe na fairrge, taobh thall de Iórnán, Galilé na nGeinte: An pobal do bhí suidhte i ndorchadas, do chonnaic sé solas mór; Agus ortha‐san do bhí suidhte i gcrích scáile an bháis D’éirigh an solas. As sin amach do thosnuigh Íosa ar sheanmóir, g‐á rádh, Déanaidh aithrighe: óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh. Agus ag siubhal d’Íosa le h‐ais mara Ghalilé, do chonnaic sé beirt dearbhrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, do bhí ag cur lín sa bhfairrge: óir do b’iascairí iad. Agus adubhairt sé leo, Leanaidh mise agus do‐ghéanad‐sa iascairí ar dhaoinibh dhíbh, Agus ar an láthair, ag fágáil a líonta dhóibh, do leanadar é. Agus ag imtheacht as sin dó, do chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair, agus iad i mbád i bhfochair a n‐athar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ghlaodh sé chuige iad. Agus ar an láthair d’fhágadar an bád agus a n‐athair, agus do leanadar é. Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine. Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad. Agus do lean na sluaighte móra é ó’n nGaililé, agus ó’n Decapolis, agus ó Iarúsalem, agus ó Iúdaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán. Agus nuair chonnaic sé na sluaighte, do chuaidh sé suas ar an sléibh; agus nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe, tháinig a dheisceabail chuige: agus d’fhoscail sé a bhéal, agus do theagaisc sé iad, g‐á rádh, Is aoibhinn d’á bhfuil bocht ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas. Is aoibhinn dóibh‐sean do‐ghní dobrón, mar do‐gheobhaid sólás. Is aoibhinn d’á bhfuil ceannsa, mar do‐gheobhaidsean seilbh na talmhan. Is aoibhinn dóibh‐sean ar a bhfuil ocras agus tart chum fíréantachta, mar do‐gheobhaid a sáit. Is aoibhinn do lucht na trócaire, mar do‐gheobhaidsean trócaire. Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar dochífid‐sean Dia. Is aoibhinn do lucht na síothchána do dhéanamh, mar glaodhfar ortha‐san clann Dé. Is aoibhinn dóibh‐sean d’fhulaing géir‐leanamhain ar son fíréantachta; mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas. Is aoibhinn daoibh‐se nuair do‐bhéarfar tarcuisne dhaoibh, agus nuair ciapfar sibh, agus nuair adéarfar gach aon fhocal bréagach ’n‐bhúr n‐aghaidh, ar mo shon‐sa. Bíodh áthas oraibh agus lúthgháir, mar is mór é bhúr luach saothair ar neamh; óir ar an gcuma chéadna is eadh do ciapadh na fáidhe tháinig rómhaibh. Is sibh‐se salann na talmhan: acht má chailleann an salann a bhlas, créad le n‐a saillfear é athuair? Ní fhuil aon mhaith ann feasta acht go gcaithfidhe amach é, agus go mbéadh sé ’n‐a chosair‐easair ag na daoinibh. Is sibh‐se solas an domhain. Cathair atá ar chnoc ní féidir a cheilt. Agus ní lastar coinneal chum go gcuirfidhe í fá bhéal soithigh, acht chum go gcuirfidhe í ar choinnleoir; agus annsin do‐bheir sí solas d’á bhfuil sa tigh. Bíodh bhúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i bhfiadhnaise na ndaoine, ionnas go bhfeicfidh siad bhúr ndeaghoibreacha, agus go molfaidh siad bhúr n‐Athair atá ar neamh. Ná measaidh gur chum na dlighe nó na bhfáidh do chur ar neamh‐nidh thánag‐sa: ní chum iad do chur ar neamh‐nidh thánag, acht chum iad do chóimhlíonadh. Óir adeirim libh go fírinneach, Nó go dtéidh neamh agus talamh ar neamh‐nidh, ní rachaidh aon ghiota ná aon phonnc de’n dlighe ar neamh‐nidh nó go gcóimhlíontar gach éinnidh. Ar an adhbhar sin, cibé duine bhrisfeas aithne amháin de na h‐aitheantaibh seo is suaraighe, agus mhúinfeas na daoine mar sin, glaodhfar air an duine is lugha i ríoghacht na bhflaitheas: acht cibé duine do‐ghéanas agus mhúinfeas iad, do‐bhéarfar duine mór air i ríoghacht na bhflaitheas. Óir adeirim libh, muna sáruighidh bhur bhfíréantachtsa fíréantacht na scríobhaidhe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas ar chor ar bith. Do‐chualabhar go ndubharthas leis na sinnsearaibh, ná déan marbhadh; agus cibé duine do‐ghní marbhadh, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas; acht adeirim‐se libh, Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige. Ar an adhbhar sin, má bhíonn tú ag tabhairt bronntanais chum na h‐altóra, agus má chuimhnigheann tú annsin go bhfuil aon chúis ag do bhráthair chugat, fág annsin do bhronntanas os cómhair na h‐altóra, agus imthigh agus déan réidhteach ar dtús led’ bhráthair, agus tar ’n‐a dhiaidh sin agus tairg do bhronntanas. Réidhtigh go luath led’ eascaraid, fad agus bhéas tú i n‐éinfheacht leis sa tslighe; ar eagla go dtiubhradh an eascara ar láimh do’n bhreitheamh thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n oifigeach thú, agus go gcaithfidhe thú i bpríosún. Adeirim leat go fírinneach, nach dtiocfaidh tú amach as nó go raibh an fheoirling dheiridh íoctha agat. Do‐chualabhar go ndubharthas leis na sinnsearaibh, Ná déan adhaltrannas: acht adeirim‐se libh, cibé duine fhéachas ar mhnaoi go h‐ainmhianach, go bhfuil adhaltrannas déanta cheana aige léi, ’n‐a chroidhe. Uime sin, má bhíonn do shúil dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í agus caith uait í: óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann. Agus má bhíonn do lámh dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr dhíot í, agus caith uait í; óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann. Adubharthas, leis, Cibé chuirfeas uaidh a bhean, tabhradh sé billéad scaramhna dhí: acht adeirim‐se libh, cibé duine chuireas uaidh a bhean, acht amháin mar gheall ar adhaltrannas, go ndéanann sé ban‐adhaltrannach dhí: agus cibé duine phósfas an bhean do scaoileadh, do‐ghní seisean adhaltrannas. Do‐chualabhar, leis, go ndubharthas i n‐allód, Ná tabhair mionna éithigh, acht cóimhlíon do mhóide do’n Tighearna; acht adeirim‐se libh gan dearbhú ar chor ar bith; gan dearbhú dar neamh, mar is í ríogh‐chathaoir Dé í; gan dearbhú dar talamh, mar is é stól a chos é; gan dearbhú dar Iarúsalem, mar is í cathair an Ríogh Mhóir í. Ná dearbhuigh dar do cheann, mar ní fhuil ar chumas duit ribe dhe do dhéanamh geal ná dubh. Acht bíodh mar chainnt agaibh, Is eadh, is eadh; Ní h‐eadh, ní h‐eadh: agus cibé nidh théigheas thairis sin, is ó’n olc é. Do‐chualabhar go ndubharthas, Súil i n‐éiric súile, agus fiacail i n‐éiric fiacla; acht adeirim‐se libh, gan cur i n‐aghaidh an uilc: acht cibé duine bhuailfeas thú ar an leacain deis, iompuigh chuige an leaca eile, leis. Agus an té gur mian leis, an dlighe do chur ort, agus do chasóg do bhaint díot, scaoil chuige do bhrat ’n‐a theannta. Agus cibé duine chuirfeas d’fhiachaibh ort míle do shiubhal, siubhail dhá mhíle leis. Tabhair rud do’n té iarrfas ort é, agus ná h‐iontuigh ó’n té gur mian leis rud d’fhágháil ar iasacht uait. Do‐chualabhar go ndubharthas, Béidh grádh agat dod’ chómharsain, agus fuath dod’ námhaid: acht adeirim‐se libh, Bíodh grádh agaibh d’bhúr námhdibh, agus guidhidh ar son na ndaoine do‐ghní géir‐leanamhain oraibh; ionnas go mbéidh sibh i n‐bhúr gclainn ag bhúr nAthair atá ar neamh: óir cuireann sé a ghrian ag éirghe ar na daoinibh, idir olc agus maith, agus cuireann sé an fhearthainn ag tuitim ar na daoinibh do‐ghní an chóir agus ortha‐san do‐ghní an éagcóir. Óir má thugann sibh grádh dhóibh‐sean amháin ag a bhfuil grádh dhaoibh‐se, créad atá tuillte agaibh dhá bhárr? Nach ndéanann na poibleacáin féin é sin? Agus muna mbeannuigheann sibh acht do bhúr mbráithribh amháin, créad do‐ghní sibh sa mbreis ar chách? Nach ndéanann na págánaigh féin é sin? Caithfidh sibh, d’á bhrigh sin, bheith gan locht, fá mar atá bhúr nAthair neamhdha gan locht. Seachnaidh agus ná déanaidh bhúr ndeagh‐ghníomhartha i bhfiadhnaise na ndaoine i dtreo go bhfeicfidís sibh, nó ní bhéidh aon luach saothair le fágháil agaibh ó bhúr nAthair atá ar neamh. Ar an adhbhar sin, nuair bhíos tú ag tabhairt déirce, ná séid aon adharc rómhat, mar do‐ghní lucht an fhuar‐chrábhaidh ins na sionagógaibh agus ar na sráidibh, d’fhonn onóir d’fhágháil ó na daoinibh. Go fírinneach adeirim libh go bhfuil a luach saothair fághálta aca. Acht nuair do‐bheir tusa déirc uait, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé créad do‐ghní do lámh dheas: chum go mbéidh do dhéirc fá cheilt, agus go gcúiteochaidh t’Athair, do‐chí a bhfuil fá cheilt, thú. Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh mar lucht an fhuar‐chrábhaidh, gur maith leo urnaighe do dhéanamh agus iad ’n‐a seasamh ins na sionagógaibh agus ag cúinnibh na sráideann, chum go bhfeicfeadh na daoine iad. Go fírinneach adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fághálta aca. Acht nuair bhíos tusa ag déanamh urnaighe, téir isteach id’ sheomra, agus dún an doras, agus cuir do ghuidhe chum t’Athar do‐fheicsiona, agus t’Athair do‐chí a bhfhuil fá cheilt, cúiteochaidh sé leat. Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh ag siollaireacht cainnte ar nós na bPágánach, gur dóigh leo go n‐éistfear leo as méid a mbíonn le rádh aca. Uime sin ná bidhidh cosmhail leo‐san; óir is eol d’bhúr n‐Athair gach a mbíonn uaibh sara n‐iarrfaidh sibh air é. D’á bhrigh sin déanaidh‐se urnaighe mar seo: Ár nAthair atá ar neamh, go naomhuightear t’ainm; go dtigidh do ríoghacht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar do‐ghnítear ar neamh; tabhair dhúinn indiu ár n‐arán le h‐aghaidh an lae; agus maith dhúinn ár bhfiacha, mar do mhaitheamair‐ne d’ár bhféicheamhnaibh féin; agus ná leig sinn i gcathú, acht saor sinn ó olc. Óir, má mhaitheann sibh do dhaoinibh a gcionnta, maithfidh bhúr n‐Athair neamhdha bhúr gcionnta dhaoibh‐se mar an gcéadna; acht muna maithfidh sibh do dhaoinibh a gcionnta, ní mhaithfidh bhúr n‐Athair bhúr gcionnta dhaoibh‐se. Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr dtroscadh, ná bidhidh gruamdha ar nós luchta an fhuar‐chrábhaidh: óir dorchuighid‐sean a gceann‐aighthe chum go bhfeicfidh na daoine go bhfuilid ’n‐a dtroscadh. Adeirim libh go fírinneach go bhfuil a luach‐saothair fághálta aca. Acht nuair bhíos tusa ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann, agus nigh t’aghaidh; i dtreo nach bhfeicfidh na daoine go bhfuilir id’ throscadh, acht go bhfeicfidh t’Athair, atá fá cheilt, thú: agus t’Athair do‐chí a bhfuil fá cheilt, cúiteochaidh seisean leat. Ná soláthruighidh stór daoibh féin ar an talamh so, mar a milleann an leamhan agus an mheirg é, agus mar a mbíonn bitheamhnaigh ag briseadh isteach agus ag goid: acht soláthruighidh stór ar neamh, an áit nach mbíonn an leamhan agus an mheirg ag milleadh, agus nach mbíonn bitheamhnaigh ag briseadh isteach agus ag goid: óir, cibé áit ’n‐a bhfuil do stór, is ann bhéas do chroidhe mar an gcéadna. Is í an tsúil lóchrann an chuirp: d’á bhrigh sin, má bhíonn do shúil glan, soillsighthear do chorp ar fad. Acht má bhíonn do shúil go h‐olc, béidh do chorp ar fad sa dorchacht. D’á bhrigh sin, má’s dorchacht an solas atá ionnat, cad é mar dhorchacht í! Ní féidir d’aoinneach seirbhís do dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh do’n duine eile: nó claoidhfidh sé le duine aca, agus béidh droch‐mheas aige ar an duine eile. Ní féidir dhaoibh seirbhís do dhéanamh do Dhia agus do Mhammon. D’á bhrigh sin adeirim libh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, mar gheall ar a n‐íosaidh sibh, nó mar gheall ar a n‐ólfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, mar gheall ar an gclúdach bhéas oraibh. Nach mó an t‐anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‐éadach? Breathnuighidh éanlaithe na spéire: ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar, agus ní chruinnigheann siad éinnidh i sciobólaibh; agus cothuigheann bhúr n‐Athair neamhdha iad. Nach mó is fiú sibh‐se go mór ’ná iad‐san? Agus cia agaibh d’fhéadfadh, le méid a imnidhe, bannlámh amháin do chur le n‐a aoirde féin? Agus cad chuige dhaoibh imnidhe bheith oraibh i dtaobh éadaigh? Breathnuighidh lilí an bháin, cionnas fhásas siad; ní dhéanaid saothar, agus ní dhéanaid sníomh: acht adeirim libh, nach raibh Solamh féin ’n‐a ghradam go h‐iomlán, clúduighthe mar cheann aca sin. Má chlúduigheann Dia ar an gcuma sin féar an bháin, atá ann indiu, agus caithtear isteach san tsorn i mbárach, nach mó go mór chlúdóchas sé sibh‐se, a lucht an chreidimh bhig? Ná bíodh imnidhe oraibh, d’á bhrigh sin, agus sibh g‐á rádh, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóchar sinn? Óir is iad sin na neithe go mbíonn tóir ag na Págánachaibh ortha; óir is eol d’bhúr nAthair neamhdha go bhfuil gábhadh agaibh leis na neithibh sin go léir. Acht loirgidh ar dtús ríoghacht Dé agus a fhíréantacht, agus do‐bhéarfar daoibh sa mbreis na neithe sin go léir. D’á bhrigh sin, ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh an lae amárach: óir béidh a chúram féin ar an lá amárach. Ní beag do’n lá a chion féin de’n olc. Ná beiridh breith ionnas nach mbéarfaidhe breith oraibh féin. Óir, de réir na breithe do‐bheir sibh is eadh do‐bhéarfar breith oraibh: agus an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear chugaibh? Agus cad chuige dhuit an dubhradán atá i súil do bhráthar d’fheicsin, agus nach mbreathnuigheann tú an tsail atá id’ shúil fein? Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair, leig dom an dubhradán do bhaint as do shúil‐se; agus féach, atá an tsail id’ shúil féin? A bhréig‐fhíréin, bain an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin chífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar. Ná tabhraidh an nidh naomhtha do na madraibh, agus ná caithidh bhúr bpéarlaí i láthair na muc, ar eagla go ngabhfaidís de chosaibh ortha, agus go n‐iompóchaidís agus go réabfaidís as a chéile sibh. Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh: loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; cnagaidh, agus fosclóchar daoibh. Óir gach aoinneach iarras glacann sé; agus gach aoinneach loirgeas do‐gheibh sé; agus an té chnagas foscaltar dó. Nó cia h‐é an duine agaibh, má iarrann a mhac arán air gur cloch thiubhras sé dhó? Nó má iarrann sé iasc air gur nathair nimhe thiubhras sé dhó? D’á bhrigh sin, má’s eol daoibh‐se, atá go h‐olc, cionnas deagh‐bhronntanais do thabhairt d’bhúr gclainn, nach dóchaighe go mór go dtiubhraidh bhúr nAthair atá ar neamh deagh‐bhronntanais dóibh‐sean iarrfas air iad? D’á bhrigh sin, gach nidh ba mhaith libh go ndéanfadh daoine dhaoibh‐se, déanaidh‐se mar an gcéadna dhóibh‐sean: mar is é sin an dlighe agus na fáidhe. Téighidh isteach an doras cumhang: óir is fairsing an doras, agus is leathan an bealach sheolas fá dhéin an léirscriosta, agus is iomdha duine ghabhas é. Óir is cumhang an doras, agus is caol an bealach sheolas chum na beathadh, agus is beag duine do‐gheibh eolas air. Seachnuighidh na fáidhe fallsa, thig chugaibh i riocht caorach, acht atáid ’n‐a madraibh allta leath istigh. Ar a dtorthaibh is eadh aithneochas sibh iad. An mbailightear caora fíneamhna de’n driseach, nó figí de na feochadánaibh? Mar sin do‐bheir gach deagh‐chrann toradh maith; acht do‐bheir an droch‐chrann droch‐thoradh. Ní féidir do’n deagh‐chrann droch‐thoradh do thabhairt, ’ná do’n droch‐chrann toradh maith do thabhairt. Gach crann nach dtugann toradh maith gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é. D’á bhrigh sin, ar a dtorthaibh is eadh aithneochas sibh iad. Ní h‐é gach aoinneach adéarfas liom, A Thighearna, a Thighearna, rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas; acht an té do‐ghní toil m’Atar atá ar neamh. Is iomdha duine adéarfas liom an lá sin, A Thighearna, a Thighearna, nach id’ ainm‐se dorinneamar fáidheadóireacht, agus nach id’ ainm‐se do chaitheamar amach na deamhain, agus nach id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorbhail? Agus annsin dearbhóchad‐sa dhóibh, Ní raibh aon aithne agam oraibh riamh: imthighidh uaim, a lucht déanta an uilc. D’á bhrigh sin, gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa agus chuireas i ngníomh iad, samhlóchar é le duine ciallmhar do thóg a theach ar an gcarraig: agus do thuit an fhearthainn, agus tháinig na tuilte, agus do shéid na gaotha; agus do bhuaileadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar do bhí sé tógtha ar an gcarraig. Agus gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa, agus nach gcuireann i ngníomh iad, samhlóchar eisean le duine gan chéill do thóg a theach ar an ngainimh: agus do thuit an fhearthainn, agus tháinig na tuilte, agus do shéid na gaotha, agus do bhuaileadar i gcoinnibh an tighe sin; agus do thuit sé: agus ba éachtach é a thuitim. Agus tharla, nuair do bhí na briathra sin críochnuighthe ag Íosa, go ndearna an sluagh iongnadh d’á theagasc: óir do theagaisc sé iad amhail duine ag a raibh ughdarás, munarbh ionann agus na scríobhaidhthe. Agus nuair tháinig sé anuas ó’n gcnoc, do lean sluaighte móra é. Agus féach, tháinig lobhar chuige, agus do shléacht sé dhó, g‐á rádh, A Thighearna, má’s áil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh. Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra. Agus adubhairt Íosa leis, Tabhair aire gan innsint d’aoinneach faoi; acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus déan an íodhbairt d’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh. Agus tar a éis dó dul isteach i gCafarnaúm, tháinig ceanntúir chuige, ag cur athchuinghe air, g‐á rádh, A Thighearna, atá mo ghiolla ’n‐a luighe sa tigh agus pairilis air, agus atá sé fá phian‐pháis mhóir. Agus adubhairt Íosa leis, Tiocfad‐sa agus leigheasfad é. Agus d’fhreagair an ceanntúir, agus adubhairt, A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fám’ dhíon: acht abair an focal amháin, agus béidh mo ghiolla slán. Óir is fear mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fúm féin: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé, agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é. Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin. Agus adeirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n domhan thoir agus ó’n domhan thiar, agus go suidhfidh siad i bhfochair Abrachaim, agus Íosóig, agus Iácóib i ríoghacht neimhe: acht go dteilgfear clann na ríoghachta amach sa dorchadas atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. Agus adubhairt Íosa leis an gceanntúir, Imthigh ort; de réir mar do chreidis go ndéantar duit. Agus do leigheasadh an giolla an uair chéadna sin. Agus nuair tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair, do chonnaic sé máthair a chéile ’n‐a luighe, agus fiabhras uirthi. Agus do chuir sé a lámh uirthi, agus d’imthigh an fiabhras dí: agus d’éirigh sí, agus do‐rinne sí friotháileamh ortha. Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tugadh chuige a lán daoine i n‐a raibh deamhain: agus do chaith sé amach na spioraide le n‐a fhocal, agus do leigheas sé na daoine do bhí breoite: chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh, Do ghabh sé chuige féin ár n‐aicídeacha, agus d’fhulaing sé ár ngalair. Agus nuair do chonnaic Íosa na sluaighte móra ’n‐a thimcheall, thug sé órdú dul do’n taobh eile. Agus tháinig scríobhaidhe chuige, agus adubhairt sé leis, A Mháighistir, leanfad‐sa thú cibé áit ’n‐a rachaidh tú. Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann. Agus adubhairt duine eile d’á dheisceablaibh leis, A Thighearna, leig dom imtheacht ar dtús agus m’athair d’adhlacadh. Acht adubhairt Íosa leis, Lean mise; agus leig do na marbhaibh a mairbh féin d’adhlacadh. Agus nuair do chuaidh sé isteach i mbád, do lean a dheisceabail é. Agus féach, d’éirigh stoirm mhór ar an bhfairrge, i dtreo go raibh an bád d’á mhúchadh fá na tonnaibh: acht do bhí seisean ’n‐a chodladh. Agus tháinig siad chuige, agus do dhúisigheadar é, g‐á rádh, Fóir orainn, a Thighearna; tá baoghal báis orainn! Agus adubhairt seisean leo, cad chuige a bhfuil eagla oraibh, a lucht an chreidimh bhig? Annsin d’éirigh sé, agus do bhagair sé ar na gaothaibh agus ar an bhfairrge; agus do bhí ciúnas mór ann. Agus do ghabh iongnadh an‐mhór na daoine, agus adubhradar, cia h‐é an fear so go n‐umhluigheann na gaotha agus an fhairrge féin dó? Agus nuair tháinig sé do’n taobh eile, isteach i dtír na nGadarénach, do casadh air beirt i n‐a raibh deamhain, agus iad ag teacht as na tuamaibh, agus iad an‐fhíochmhar, i dtreo nárbh fhéidir le duine ar bith gabháil an tslighe sin. Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú? Is amhlaidh do bhí tréad mór muc ag fosaidheacht i bhfad uatha. Agus d’iarr na deamhain d’athchuinghe air, Má chaitheann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn. Agus adubhairt seisean leo, Imthighidh. Agus tháinig siad amach, agus do chuaidh siad isteach ins na mucaibh: agus féach, do rith an tréad uile le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad san uisce. Agus do theich na buachaillí, agus do chuadar isteach sa gcathair, agus d’inniseadar gach aon nidh, agus i dtaobh ar éirigh dhoibh‐sean ’n‐a raibh na deamhain. Agus féach, tháinig muinntear na cathrach go léir amach chum Íosa, agus nuair do chonnacadar é, d’iarradar air imtheacht as a ndúthaigh. Agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’imthigh sé anonn isteach ’n‐a chathair féin. Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit. Agus féach, adubhairt cuid de na scríobhaidhthibh ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐mhasladh. Agus nuair thug Íosa fá ndeara na smaointe do bhí aca, adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag smaoineadh go h‐olc i n‐bhúr gcroidheachaibh? Cia aca is fusa a rádh, Atá do pheachaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh, agus siubhail? Acht, chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil ar chumas do Mhac an Duine ar talamh peacaidhe do mhaitheamh (adubhairt sé annsin leis an bhfear pairiliseach), Éirigh, tóg do leaba, agus imthigh chum do thighe. Agus d’éirigh seisean, agus d’imthigh sé chum a thighe féin. Agus nuair do chonnaic na sluaighte sin, tháinig eagla ortha, agus thugadar glóir do Dhia, thug a leithéid sin de chumhacht do dhaoinibh. Agus nuair d’imthigh Íosa as an áit sin, do chonnaic sé fear, dárbh ainm Matha, ’n‐a shuidhe i n‐áit na cánach: agus adubhairt sé leis, Lean mise. Agus d’éirigh seisean, agus do lean sé é. Agus tharla, agus é ag suidhe chum bidh sa tigh, go dtáinig a lán poibleacán agus peacach, agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisceabal. Agus nuair do chonnaic na Fairisínigh sin adubhradar le n‐a dheisceablaibh, Cad chuige a n‐itheann bhúr Máighistir biadh i bhfochair na bpoibleacán agus na bpeacach? Acht nuair do‐chuala seisean é, adubhairt sé, Ní h‐iad‐san atá slán ag a bhfuil gábhadh le liaigh, acht iad atá breoite. Acht imthighidh agus foghlamaidh brigh na cainste sin. Trócaire is áil liom, agus ní h‐íodhbairt: óir ní chum na bhfíréan do ghlaodhach tháinig mé, acht chum na bpeacach do ghlaodhach. Annsin tháinig deisceabail Eoin chuige g‐á rádh, Cad chuige a ndéanaimíd‐ne agus a ndéanann na Fairisínigh troscadh go minic, agus nach ndéanann do dheisceabail‐se troscadh? Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh. Agus ní chuireann aon duine preabán d’éadach nua ar shean‐bhrat; óir baineann sé a lán féin as an éadach, agus is measa‐de an sracadh é. Agus ní chuireann daoine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: má chuireann, pléascthar na buidéil, agus doirtear amach an fíon, agus cailltear na buidéil: acht cuireann siad fíon úr i mbuidéalaibh úr‐nua, agus sábháltar iad araon. Le linn cainnte dhó, féach, tháinig uachtarán chuige, agus do shléacht sé dhó, agus adubhairt, Atá m’inghean tar éis báis anois díreach, acht tar agus cuir do lámh uirthi, agus mairfidh sí beo. Agus d’éirigh Íosa, agus do lean sé é, mar aon le n‐a dheisceablaibh. Agus féach, tháinig bean, ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus do chuimil sí le fabhra a bhrait: óir adubhairt sí ’n‐a h‐intinn fein, Muna ndéanad acht baint le n‐a bhrat, béidhead slán. Acht do chas Íosa, agus nuair do chonnaic sé í, adubhairt sé, Bíodh meisneach agat, a inghean; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach. Agus nuair tháinig Íosa isteach i dtigh an uachtaráin, agus nuair chonnaic sé lucht na bhfideog, agus an gleo do bhí ag an sluagh, adubhairt sé, Druididh siar uaim: ní marbh atá an cailín, acht ’n‐a codladh. Agus do‐rinneadar gáire magamhail faoi. Acht nuair do cuireadh na daoine amach, do chuaidh seisean isteach, agus rug sé ar láimh uirthi; agus d’éisigh an cailín aniar. Agus do leath a thuairisc sin ar fud na dúithche sin uile. Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi. Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh, tháinig na daill chuige: agus adubhairt Íosa leo, An gcreideann sibh go bhfuil ar chumas dom an nidh seo do dhéanamh? Adubhradar‐san leis, creidimíd, a Thighearna. Annsin do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus adubhairt sé, Go ndéantar daóibh de réir bhúr gcreidimh. Agus do foscladh a súile. Agus thug Íosa foláireamh dhoibh, g‐á rádh, Tabhraidh aire gan a fhios sin do bheith ag aoinneach. Acht d’imthigheadar‐san amach, agus do leathadar a chlú ar fud na dúithche sin uile. Agus ag imtheacht dóibh, féach, tugadh chuige balbhán ’n‐a raibh deamhan. Agus nuair do cuireadh amach an deamhan, do labhair an balbhán: agus do‐rinne na sluaighte iongnadh dhe, agus deiridís, Ní facthas a leithéid sin riamh i nIsrael. Acht adubhairt na Fairisínigh, Is tré phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhain. Agus do ghluais Íosa thart timcheall ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas gach uile shóirt galair agus breoiteachta. Acht nuair do chonnaic sé na sluaighte, do ghabh truagh an‐mhór dóibh é, toisc go rabhadar traochta, scaipthe amhail caoirigh gan aodhaire. Annsin adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach, is mór é an fóghmhar, acht is gann iad na h‐oibridhthe. Guidhidh, d’á bhrigh sin, Tighearna an fhóghmhair, go gcuirfidh sé amach oibridhthe chum an fhóghmhair do bhaint dó. Agus do ghlaodh sé chuige a dháréag deisceabal, agus thug sé cumhacht dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana, chum iad do chaitheamh amach, agus chum gach galar agus gach breoiteacht do leigheas. Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair; Pilib agus Parthalán; Tomás, agus Matha, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus; Síomón Cánaníteach, agus lúdás Iscariót, an té do bhraith é. Do chuir Íosa an dáréag sin amach, agus thug sé órdú dhóibh, g‐á rádh, Ná téighidh isteach i slighe na bPágánach, agus na téighidh isteach i gcathrachaibh na Samáritánach; acht téighidh fá dhéin na gcaorach fáin de theaghlach Israel thar chách. Agus, sa tslighe dhaoibh, bidhidh ag craobhscaoileadh, g‐á rádh, Atá rioghacht neimhe i ngiorracht daoibh. Leigheasaidh na h‐easláin, dúisighidh na mairbh, glanaidh na lobhair, caithidh amach na deamhain: i n‐aisce do fuarabhar, tabhraidh uaibh i n‐aisce. Ná soláthruighidh ór, ná airgead, ná prás i n‐bhúr gcreasaibh; ná mála i gcómhair an aistir, ná dhá chasóig, ná bróga, ná bata: óir is fiú an t‐oibridhe a chuid bidh. Agus cibé cathair nó baile beag ’n‐a rachaidh sibh isteach, cuiridh tuairisc deagh‐dhuine ann; agus fanaidh annsin nó go raibh sibh ag imtheacht. Agus ag dul isteach sa tigh dhaoibh, beannuighidh dhó. Agus má’s fiú an teach sin é, tigeadh síothcháin uaibh ar an tigh: acht muna fiú, filleadh bhúr síothcháin oraibh féin. Agus cibé duine nach nglacfaidh sibh, nó nach n‐éistfidh le n‐bhúr mbriathraibh, ag imtheacht as an tigh, nó as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh. Go fírinneach adeirim libh, Is fearr go mór éireochas le tír Shodom agus Ghomorra, lá an bhreitheamhnais, ’ná leis an gcathair sin. Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh. Acht seachnaidh sibh féin ar na daoinibh: óir do‐bhéaraidh siad ar láimh sibh do na cómhairlibh, agus sciúrsálfaidh siad sibh ’n‐a sionagógaibh; agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh. Acht nuair bhéarfas siad ar láimh sibh, ná bíodh sé n‐a chás agaibh cionnas labharfas sibh, nó créad adéarfas sibh: óir dobhéarfar daoibh, an uair sin féin, an nidh labharfas sibh. Óir ní sibh féin labharfas, acht Spiorad bhúr n‐Athar labharfas ionnaibh. Agus do‐bhéarfaidh an dearbhráthair a dhearbhráthair chum báis, agus an t‐athair a mhac: agus éireochaidh an chlann i n‐aghaidh a n‐aithreach agus a máithreach, agus imreochaid bás ortha. Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se: acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar. Ach nuair déanfar géir‐leanamhain oraibh i n‐aon chathair, teichidh isteach sa gcéad chathair eile: óir adeirim libh go fírinneach, Ní bhéidh deireadh bhúr dturais i gcathrachaibh Israel déanta agaibh sara dtiocfaidh Mac an Duine. Ní sháruigheann an deisceabal a mhúinteoir, agus ní sháruigheann an searbhónta a thighearna. Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é! Ná bíodh eagla oraibh rómpa, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil aon nidh fá chlúid nach nochtfar; agus ni fhuil aon nidh fá cheilt nach n‐aithneochar. An méid adeirim libh sa dorchadas, abraidh‐se sa tsolas é: agus an méid chluineas sibh sa gcluais, craobhscaoilidh ar bhárraibh na dtighthe é. Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann. Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar fheoirling? Agus ní féidir go dtuitfeadh gealbhan aca chum talmhan gan cead bhúr n‐Athar: ach maidir libh‐se, atá ribí bhúr ngruaige féin cómhairighthe. Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin; is mó le rádh sibh‐se go mór ’ná mórán gealbhan. D’á bhrigh sin, gach duine admhóchas mise i láthair na ndaoine, admhóchad‐sa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh. Acht an té shéanfas mé i láthair na ndaoine, séanfadsa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh. Ná measaidh gur chum síothcháin do chur ar an dtalamh thánag‐sa: ní chum síothcháin do chur thánag, acht chum claidheamh do chur ann. Óir thánag chum an duine do chur i gcoinnibh a athar, agus an inghean do chur i gcoinnibh a máthar, agus bean an mhic do chur i gcoinnibh máthar a céile: agus is iad muinntear a thighe féin bhéas mar náimhdibh ag an duine. An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise. Agus an té nach dtógann a chros agus nach leanann im’ dhiaidh‐se, ní fiú liom é. Cibé duine gheobhas a anam caillfidh sé é; agus cibé chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, do‐gheobhaidh sé é. An té ghlacas sibh‐se glacann sé mise, agus an té ghlacas mise glacann sé an té do chuir uaidh mé. An té ghlacas fáidh i n‐ainm fáidhe do‐gheobhaidh sé luach fáidhe; agus an té ghlacas fíréan i n‐ainm fíréin, do‐gheobhaidh sé luach fíréin. Agus cibé duine bhéarfas fiú cupáin fíor‐uisce d’aoinneach de na daoinibh beaga so, i n‐ainm deisceabail, adeirim libh go fírinneach nach gcaillfidh sé a luaigheacht. Agus tharla, nuair do chríochnuigh Íosa múineadh a dháréag deisceabal, gur imthigh sé as an áit sin chum teagasc agus craobhscaoileadh do dhéanamh ’n‐a gcathrachaibh‐sean. Agus nuair do‐chuala Eoin, agus é sa bpríosún, i dtaobh a ndearna an Críost, do chuir sé uaidh beirt d’á dheisceablaibh, g‐á fhiafraighe dhe, An tusa an té atá le teacht, nó an gcaithfimíd feitheamh le duine éigin eile? Agus adubhairt Íosa leo g‐á bhfreagairt, Imthighidh, agus innsidh d’Eoin na neithe do‐chluin, agus do‐chí sibh: atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh. Agus is beannuighthe an té nach bhfaighidh adhbhar scannail ionnam‐sa. Agus nuair do bhí siad‐san imthighthe, do thosnuigh Íosa ar a rádh leis na sluaightibh i dtaobh Eoin, Cad é go ndeachaidh sibh amach sa bhfásach le n‐a fheicsin? giolcach d’á luascadh le gaoith? Acht cad é go ndeachaidh sibh amach le n‐a fheicsin? Fear agus éadaighe míne air? Féach, lucht an éadaigh mhín is i dtighthibh na ríogh bhíd‐sean. Acht cad chuige a ndeachaidh sibh amach? Chum fáidh d’fheicsin? Go fírinneach adeirim libh, gur mó é ’ná fáidh? Is é seo an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, atáim ag cur mo theachtaire ar m’aghaidh rómham, Agus ullmhóchaidh seisean do bhealach rómhat. Adeirim libh go fírinneach, Ó n‐a rugadh ó mhnáibh, níor éirigh aon duine ba mhó ’ná Eoin Baiste: acht cheana, an té is lugha le rádh i ríoghacht na bhflaitheas, is mó é ’ná eisean. Agus ó laethibh Eoin Bhaiste go dtí anois atá ríoghacht na bhflaitheas d’á h‐éigniú, agus is iad lucht foiréighin bhíos g‐á fuadach. Óir do‐rinne na fáidhe go léir agus an dlighe fáidheadóireacht go dtí Eoin. Agus, má’s maith libh a ghlacadh, is é seo Élias atá le teacht. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. Acht cia le n‐a samhlóchad an díne seo? Is cosmhail í le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áiteannaibh margaidh, ag glaodhach ar a chéile, agus g‐á rádh, Do sheinneamar ar an bhfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar rinnce; do chaoineamar daoibh, agus ní dhearnabhar gol. Óir tháinig Eoin gan bheith ag ithe ná ag ól, agus adeirid, Atá deamhan ann. Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus is é adeirid, Féach an duine craosach, agus póitire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach! Acht cheana is le n‐a gníomharthaibh fíorthar an eagna. Annsin do thosnuigh sé ar mhilleán do thabhairt do na cathrachaibh i n‐a ndearnadh furmhór a ghníomhartha éachtach, toisc nach ndearnadar aithrighe. Mairg duit, a Chorásín! mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnaibh‐se, is fad ó do‐ghéanaidís aithrighe fá éadach róin agus fá luaith. Acht adeirim libh, gur sócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin é, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhaoibh‐se. Agus tusa, a Chafarnaúim, an suas go neamh árdóchar thú? síos go h‐ifreann ísleochar thú: óir dá ndéantaidhe i Sodom na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnat‐sa, d’fhanfadh sé ann go dtí an lá so. Acht adeirim libh, gur saoráidighe do dhúthaigh Shodoim, lá an bhreitheamhnais, ’ná dhuit‐se. Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad: is eadh, a Athair, mar ba é sin do dheagh‐thoilse. Atá gach uile nidh tabhartha dhamh‐sa ag m’Athair: agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Mac, acht ag an Athair; agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Athair acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a fhoillsiú dhó. Tigidh chugam‐sa, sibh uile ar a bhfuil duadh agus trom‐ualach, agus do‐bhéarfad fionnfhuaradh dhaoibh. Tógaidh mo chuing‐se oraibh, agus foghlaimidh uaim, óir atáim ceannsa agus umhal im’ chroidhe: agus do‐gheobhaidh sibh faoiseamh d’bhúr n‐anmannaibh. Óir is mín mo chuing‐se, agus is éadtrom m’ualach. Ins an am sin do chuaidh Íosa tré ghortaibh cruithneachtan, lá na sabóide; agus do bhí ocras ar a dheisceablaibh, agus do thosnuigheadar ar na diasaibh do stothadh, agus d’ithe. Acht na Fairisínigh, nuair do chonnacadar‐san é, adubhradar leis, Féach, atá do dheisceabail ag déanamh nidh nach dleaghthach a dhéanamh, lá na sabóide. Acht adubhairt seisean leo, An é nár léigheabhar créad do‐rinne Dáibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair; cionnas do chuaidh sé isteach i dtigh Dé, agus d’ith sé arán na h‐íodhbartha, nár dhleaghthach dó‐san d’ithe, ná do’n muinntir do bhí ’n‐a fhochair, acht amháin do na sagartaibh? Nó, an é nár léigheabhar sa dlighe, go mbriseann na sagairt sa teampall an tsaoire, lá na sabóide, gan bheith cionntach? Acht adeirim‐se libh, go bhfuil duine is mó ’ná an teampall annso. Acht dá mb’eol daoibh créad is bun dó so, Trócaire is áil liom, agus ní h‐íodhbairt, ní dhaorfadh sibh daoine atá neamh‐chionntach. Óir atá Mac an an Duine ’n‐a Thighearna ar an tsabóid féin. Ag imtheacht dó as an áit sin, do chuaidh sé isteach ’n‐a sionagóig: agus féach, do bhí duine ann, agus lámh leis seargtha. Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, An dleaghthach leigheas do dhéanamh, lá na sabóide? chum go mbéadh cúis aca air. Agus adubhairt seisean leo, cia h‐é an duine agaibh, ag a mbéidh caora amháin, agus go dtuitfidh sí isteach i bpoll, lá na sabóide, nach mbéarfaidh uirthi, agus nach dtógfaidh aníos í? Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora! D’á bhrigh sin is dleaghthach maith do dhéanamh, lá na sabóide. Annsin adeir sé leis an duine, sín amach do lámh. Agus do shín; agus d’éirigh sí chómh slán leis an láimh eile. Acht d’imthigh na Fairisínigh amach, agus do chuadar i gcómhairle le chéile ’n‐a choinnibh, chum go millfidís é. Agus ar n‐a fheicsin sin d’Íosa, d’imthigh sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é; agus do leigheas né iad go léir, agus d’órduigh sé dhóibh gan é do chur i n‐umhail: ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tré Ésáias fáidh, Féach, mo sheirbhíseach atá toghtha agam; An té is ionmhain liom ’n‐a bhfuil aoibhneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróchaidh Sé breitheamhnas do na Geintibh. Ní dhéanfaidh Sé achrann, ná ní dhéanfaidh sé gáir; Ná ní cluirfear a ghlór ar na sráidibh. Ní bhrisfidh sé an ghiolcach bhrúighte, Agus ní mhúchfaidh sé an líon atá ag cur deataigh. Nó go dtugaidh sé breitheamhnas chum buadha. Agus is as a ainm‐sean bhéas muinighín ag na Geintibh. Annsin tugadh chuige duine ’n‐a raibh deamhan, agus é dall, bodhar: agus do leigheas sé é, ionnas gur labhair an balbhán, agus go raibh radharc aige. Agus do bhí iongnadh mór ar na sluaightibh, agus adubhradar, An é seo mac Dháibhi? Acht nuair do‐chuala na Fairisínigh é, adubhradar, Ní chaitheann an fear so na deamhain amach acht tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan. Agus b’eol dó‐san a smaointe, agus adubhairt sé leo, Gac ríoghacht atá deaghailte innti féin, bascthar í; agus gach cathair nó líon tighe atá deaghailte i gcoinnibh a chéile, ní sheasfaidh sé: agus má chaitheann Sátan Sátan amach, atá seisean deaghailte ann féin; cionnas, d’á bhrigh sin, sheasfas a ríoghacht? Agus má chaithim‐se amach na deamhain le cumhacht Bhelsibub, cia leis an gcaitheann bhúr gclann‐sa amach iad? D’á bhrigh sin, is iad‐san bhéas ’n‐a mbreitheamhnaibh oraibh. Acht má’s le Spiorad Dé chaithim‐se na deamhain amach, is léir go bhfuil ríoghacht Dé tagtha chugaibh. Nó, cionnas is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a chuid d’fhuadach, muna gceanglaidh sé ar dtús an fear láidir? annsin sladfaidh sé a theach. An té nach bfuil liom, atá sé im’ aghaidh; agus an té nach gcruinnigheann liom‐sa, scaipeann sé. D’á bhrigh sin adeirim libh, Maithfear do na daoinibh gach peacadh agus gach dia‐mhasladh; acht dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid ní maithfear dóibh é. Agus an té adéarfas focal i n‐aghaidh Mhic an Duine, maithfear dó é; acht an té labharfas i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfear dó é, ar an saoghal so, ná ar an saoghal atá le teacht. Déanaidh an crann maith agus a thoradh maith; nó déanaidh an crann lobhtha agus a thoradh lobhtha: óir ar a thoradh is eadh aithnightear an crann. A shliocht na nathrach nimhe, cionnas is féidir libh‐se deagh‐neithe do labhairt, agus sibh go h‐olc? óir is as líonmhaireacht an chroidhe labhras an béal. Do‐bheir an deagh‐dhuine deagh‐neithe amach as a dheagh‐stór; agus do‐bheir an droch‐dhuine droch‐neithe amach as a dhroch‐stór. Agus adeirim‐se libh, Gach focal díomhaoin labharfas daoine, caithfidh siad cunntas do thabhairt ann, lá an bhreitheamhnais. Óir is as do bhriathraibh féin saorfar thú, agus is as do bhriathraibh féin daorfar thú. Annsin d’fhreagair cuid de na scríobhaidhthibh agus de na Fairisíneachaibh, agus adubhradar, A Mháighistir, ba mhian linn cómhartha d’fheicsin uait. Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Iarrann droch‐shliocht adhaltrannach cómhartha; agus ní tabharfar cómharta dhóibh acht cómhartha Iónáis fáidh. Óir, fá mar do bhí Iónás trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíl mhóir; mar sin bhéas Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan. Éireochaidh muinntir Ninibhe sa mbreitheamhnas leis an ngeinealach so, agus daorfaid‐sean é; agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso. Éireochaidh bainríoghan an deiscirt sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an gheinealaigh so, agus daorfaidh sise é: óir tháinig sí ó fhoircheann an domhain chum éisteachta le n‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó na Solamh annso. Acht an spioraid neamh‐ghlan, nuair théigheas sí as an duine amach, siubhlann sé ar fán tríd na h‐áiteannaibh tiorma, ar lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sí é. Annsin adeir sí, Fillfead ar ais chum mo thighe féin as a dtáinig mé; agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí folamh, scuabtha, deisighthe é. Annsin imthigheann sí, agus beireann sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téigheann siad isteach, agus cómhnuigheann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireadh ’ná ar dtús. Agus is mar sin bhéas an scéal ag an droch‐shliocht so. Le linn cainnte leis an bpobal dó, féach, do bhí a mháthair agus a dhearbhráithre amuigh, agus iad ag iarraidh labhairt leis. Agus adubhairt duine éigin leis, Féach, atá do mháthair agus do dhearbhráithre ’n‐a seasamh amuigh, agus iad ag iarraidh labhairt leat. Acht d’fhreagair sé, agus adubhairt sé leis an duine d’innis dó é, Cé h‐í mo mháthair? agus cé h‐iad mo bhráithre? Agus do shín sé a lámh chum a dheisceabal, agus adubhairt sé, Féach, mo mháthair agus mo bhráithre‐se! Óir cibé duine dhéanfas toil m’Athar atá ar neamh, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair. An lá céadna sin do chuaidh Íosa amach as an tigh, agus bhí sé ’n‐a shuidhe ar bhruach na fairrge. Agus do chruinnigh na sluaighte móra chuige, ionnas go ndeachaidh sé isteach i mbád, agus gur shuidh sé innti; agus do bhí an sluagh go léir ’n‐a seasamh ar an dtráigh. Agus do mhúin sé mórán neithe i samhlaoidibh dhóibh, agus adubhairt sé, Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl; agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh mhóir, agus tháinig na h‐éanlaithe agus d’itheadar é: agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach, i n‐áit nach raibh mórán úire aige: agus d’fhás se go luath, toisc nach raibh aon doimhneacht úire aige: agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é, agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé. Agus do thuit cuid eile dhe ar an drisleach; agus d’fhás an drisleach, agus do thacht sé é; agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid eile fá thrí fichid, cuid eile fá thriochaid. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. Agus tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, Cad chuige a labhrann tú leo i samhlaoidibh? Agus d’fhreagair sé, agus adubhairt, Tugadh dhaoibh‐se eolas ar rúin‐diamhair ríoghachta na bhflaitheas, acht ní tugadh dhóibh‐siúd é. Óir an té ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil éinnidh aige, bainfear de fiú amháin a bhfuil aige. Is ar an adhbhar sin labhraim leo i samhlaoidibh: óir, gidh go bhfuil radharc aca, ní fheiceann siad, agus gidh go bhfuil éisteacht aca, ní chluineann siad, agus ní thuigeann siad. Agus cóimhlíontar, ’n‐a dtaobhsan, tarngaireacht Ésáias adeir, Le h‐éisteacht cluinfidh sibh, agus ní thuigfidh sibh; Agus ag féachaint daoibh, dearcfaidh sibh, agus ní fheicfidh sibh; Óir atá croidhe an phobail seo dúr, Agus cluineann siad agus bodhaire ’n‐a gcluasaibh, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go bhfeicfidís le n‐a súilibh, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaibh, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroidhe Agus go n‐iompóchaidís, Agus go leigheasfainn iad. Acht is aoibhinn d’bhúr súilibh‐se, óir do‐chíd: agus do bhúr gcluasaibh, óir do‐chluinid. Óir adeirim libh go fírinneach, gurbh iomdha fáidh agus fíréanach gur mhian leo na neithe do‐chí sibh‐se d’fheicsin, agus nach bhfacadar iad; agus na neithe do‐chluin sibh‐se do chluinsin, agus nach gcualadar iad. Éistidh, mar sin, le samhlaoid an tsíoladóra. Nuair do‐chluin aoinneach briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an nidh do cuireadh ’n‐a chroidhe. Is é sin an té ’n‐ar cuireadh an síol le h‐ais an bhealaigh mhóir. Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol ins na h‐áiteannaibh clochacha, is é sin an duine do‐chluin an briathar, agus ghlacas le h‐áthas ar an láthair é; acht ní fhuil aon fhréamh aige ann féin, acht seasann sé ar feadh scathaimh; agus nuair éirigheas trioblóid nó géirleanmhain, mar gheall ar an mbriathar, glacann sé scannal ar an láthair. Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa drisleach, is é sin an té do‐chluin an briathar; agus tachtann cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris an briathar, agus bíonn sé gan toradh. Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa talamh maith, is é sin an té do‐chluin an briathar, agus thuigeas é; agus do‐bheir toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid de fá thrí fichid, cuid de fá thriochaid. Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort: acht nuair do bhí na daoine ’n‐a gcodladh, tháinig a námhaid agus do chroith sé cogal i measc na cruithneachtan, agus d’imthigh sé. Acht nuair d’fhás an geamhar, agus thug sé toradh, annsin do‐chonnacthas an cogal, leis. Annsin tháinig na searbhóntaí chum fir an tighe, agus adubhradar leis, A dhuine uasail, nach síol maith do chuiris id’ ghort? Cad fá ndeara an cogal bheith ann mar sin? Agus adubhairt seisean leo, Námhaid do‐rinne é sin. Agus adeir na searbhóntaí leis, An áil leat go rachaimíd agus go gcnuasfaimíd é? Acht adubhairt seisean, Ní h‐áil liom; ar eagla, ag cnuasach an chogail daoibh, go sracfadh sibh an chruithneacht as a fhréamhachaibh leis. Leigidh dhóibh araoin fás go dtí an fóghmhar: agus i n‐aimsir an fhóghmhar adéarfad‐sa leis na buanaidhthibh, Bailighidh ar dtús an cogal, agus ceanglaidh é ’n‐a phunnannaibh le dóghadh; acht bailighidh an chruithneacht isteach im’ scioból. Do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le gráinne síl mustáird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a ghort: is é sin an síol is lugha d’á bhfuil ann; acht nuair fhásas sé, is é an luibh is mó d’á bhfuil ann, agus éirigheann sé ’n‐a chrann, i dtreo go dtig éanlaithe an aéir agus go neaduighid ’n‐a ghéagaibh. Do labhair sé samhlaoid eile leo: Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le laibhín do ghlac bean, agus do chuir i bhfolach i dtrí tómhasaibh mine, nó gur ghlac an t‐iomlán de an laibhín. Do labhair Íosa na neithe sin uile leis na sluaightibh i samhlaoidibh; agus nior labhair sé leo‐san acht i samhlaoidibh: ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tríd an bhfáidh, g‐á rádh, Fosclóchad mo bhéal i samhlaoidibh; Nochtfad neithe atá i bhfolach ó cruthuigheadh an domhan. Annsin d’fhág sé na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach sa tigh: agus tháinig a dheisceabail chuige, g‐á rádh, Mínigh dhúinn samhlaoid an chogail sa ngort. Agus d’fhreagair sé agus adubhairt, An té chuireas an síol maith, is é Mac an Duine é; agus is é an domhan an gort; agus is iad clann na ríoghachta an síol maith; agus is iad clann an droich‐spioraid an cogal; agus is é an diabhal an námhaid do chuir iad: agus is é deireadh an tsaoghail an fóghmhar; agus is iad na h‐aingil na buanaidhthe, Agus fá mar bailightear an cogal agus dóightear é le teinidh; mar sin bhéas i ndeireadh an tsaoghail. Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach, agus baileochaidh siad as a ríoghacht gach adhbhar scannail, agus lucht déanta an uilc, agus caithfidh sé isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. Annsin béidh na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoghacht a nAthar. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le ciste i bhfolach i ngort; go bhfuair duine, agus gur chuir sé fá cheilt é; agus tré mhéid a áthais imthigheann sé, agus díolann sé a bhfuil aige, agus ceannuigheann sé an gort sin. Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le ceannaidhe agus é ar lorg péarla luachmhair: agus nuair fuair sé péarla an‐luachmhar amháin, d’imthigh sé, agus do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannuigh sé é. Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le líon do cuireadh isteach sa bhfairrge, agus do thóg gach uile shórt éisc: agus nuair do bhí sé lán, do tarraingeadh é ar an gcladach; agus ar suidhe dhóibh, do bhailigh na daoine na h‐iascanna maithe i soithighibh, acht do chaitheadar uatha na droch‐iascanna. Mar sin bhéas i ndeireadh an tsaoghail: tiocfaidh na h‐aingil amach, agus deaghlóchaid na droch‐dhaoine as lár na bhfíréan, agus caithfid isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. Ar thuigeabhar an méid sin? Adubhradar leis, Do thuigeamar. Agus adubhairt seisean leo, D’á bhrigh sin, gach scríobhaidhe atá ’n‐a dheisceabal do ríoghacht na bhflaitheas, is cosmhail é le fear tighe, do‐bheir amach as a chiste neithe nua agus neithe seanda. Agus tharla, nuair do bhí na samhlaoidí críochnuighthe ag Íosa, gur imthigh sé as an áit sin. Agus ag teacht isteach ’n‐a dhúthaigh féin dó, thug sé teagasc dóibh ’n‐a sionagóig, i dtreo go raibh iongnadh ortha, agus go ndubhradar, Cá bhfuair an fear so an eagna, agus na cumhachta móra so. Nach é seo mac an tsiúinéara? Nach dtugtar Muire ar a mháthair? agus Séamas, agus Seosamh, agus Síomón, agus Iúdás ar a dhearbhráithribh? Agus a dheirbhsheathracha, nach bhfuilid‐sean go léir ’n‐ár measc. Cad as, mar sin, a bhfuair an fear so na neithe sin go léir? Agus fuaradar scannal ann. Acht adubhairt Íosa leo, Ní bhíonn fáidh gan onóir, acht ’n‐a dhúthaigh féin, agus ’n‐a theaghlach féin. Agus ní dhearna sé mórán míorbhal san áit sin mar gheall ar a ndíthchreideamh. Ins an am sin do‐chuala Ioruath, an téatrarc, an t‐iomrádh ar Íosa, agus adubhairt sé le n‐a sheirbhíseachaibh, Is é seo Eoin Baiste; d’éirigh sé ó na marbhaibh; agus is d’á bhrigh sin atá na cumhachta so ag oibriú ann. Óir do rug Ioruath ar Eoin, agus do cheangail sé é, agus do chuir sé i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib a dhearbhráthair. Óir adubhairt Eoin leis, Ní dleaghthach duit í do bheith agat. Agus nuair ba mhian leis a chur chum báis, do bhí eagla an phobail air, óir ba é a dtuairim gurbh fáidh é. Acht nuair tháinig lá beirthe Ioruaith, do‐rinne inghean Neródias damhsa, ’n‐a láthair, agus do thaithin sí le h‐Ioruath. Agus do gheall sé fá bhrigh na mionn go dtiubhradh sé dhí rud ar bith d’iarrfadh sí air. Agus adubhairt sise ar impidhe a máthar, Tabhair dhom annso ar mhéis ceann Eoin Bhaiste. Agus do ghabh doilgheas an rí; acht mar gheall ar na mionnaibh, agus mar gheall ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe ’n‐a chuibhreann, d’órduigh sé a thabhairt dí; agus do chuir sé daoine uaidh, agus do bhain sé an ceann d’Eoin sa bpríosún. Agus tugadh a cheann isteach ar mhéis, agus tugadh do’n chailín é: agus thug sise d’á máthair é. Agus tháinig a dheisceabail, agus rugadar leo an corp, agus d’adhlacadar é; agus d’imthigheadar agus d’inniseadar d’Íosa é. Agus nuair do‐chuala Íosa é, d’imthigh sé i mbád ó’n áit sin, isteach i n‐áit fhásamhail uaignigh: agus nuair do‐chuala na sluaighte sin, do leanadar d’á gcois é ó na cathrachaibh. Agus tháinig sé amach, agus do chonnaic sé sluagh mór, agus do ghabh truagh mhór dóibh é, agus do leigheas sé iad‐san do bhí breoite. Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig na deisceabail chuige, agus adubhradar, Fásach is eadh an áit seo, agus atá an t‐am caithte cheana, cuir uait na sluaighte, go dtéighid isteach ins na bailtibh beaga, agus go gceannuighid biadh dhóibh féin. Acht adubhairt Íosa leo, Ní gábhadh dhóibh imtheacht; tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh. Agus adubhradar‐san leis, Ní fhuil againne annso acht cúig bollóga agus dhá iasc. Agus adubhairt seisean, Tabhraidh chugam‐sa annso iad. Agus adubhairt sé leis na sluaightibh suidhe síos ar an bhféar; agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachaint suas ar neamh dhó, do bheannuigh, agus do bhris sé na bollóga, agus thug sé d’á dheisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do na sluaightibh iad. Agus d’itheadar go léir, agus do bhí a ndóthain aca: agus do thógadar lán dá chiseán déag de’n bhiadh do bhí d’fhuighleach aca. Agus ba é méid na ndaoine do bhí ag ithe, tuairim le cúig míle fear, seachas mná agus leanbhaí. Agus ar an láthair do chuir sé d’fhiachaibh ar na deisceablaibh dul isteach sa mbád, agus imtheacht roimhe go dtí an taobh thall, nó go gcuirfeadh sé na sluaighte chum bealaigh. Agus nuair do bhi na sluaighte curtha chum bealaigh aige, do chuaidh sé suas an sliabh ’n‐a aonar chum urnaighe do dhéanamh: agus nuair tháinig an tráthnóna, do bhí sé annsin n‐a aonar. Acht do bhí an bád fá’n am sin i lár na fairrge, d’á luascadh ag na tonnaibh, mar do bhí an ghaoth ’n‐a choinnibh. Agus sa gceathramhadh faire de’n oidhche tháinig seisean chuca, agus é ag siubhal ar an bhfairrge. Agus nuair do chonnaic a dheisceabail é, bhí scannradh ortha, agus adubhradar, Is taidhbhse atá ann; agus do ghlaodhadar amach le h‐eagla. Acht do labhair Íosa leo ar an láthair, agus adubhairt sé, Bíodh meisneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh. Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt, A Thighearna, má’s tusa atá ann, órduigh dhom teacht chugat ar bhárr an uisce. Agus adubhairt seisean, Tar. Agus tháinig Peadar anuas as an mbád, agus do shiubhail sé ar bhárr an uisce ag teacht chum Íosa. Acht nuair do chonnaic sé an ghaoth, do bhí eagla air; agus ag dul fá’n uisce dhó, do ghlaodh sé amach, g‐á rádh, A Thighearna, fóir orm. Agus ar an láthair do shín Íosa amach a lámh, agus rug sé air, agus adubhairt sé, A fhir an chreidimh bhig, cad chuige a raibh faitcheas ort? Agus nuair thángadar isteach sa mbád, do stad an ghaoth. Agus na daoine do bhí sa mbád, d’adhradar é, g‐á rádh, Go fírinneach is tusa Mac Dé. Agus nuair do chuadar trasna, thángadar chum tíre i nGenésaret. Agus nuair d’aithnigh muinntear na h‐áite sin é, do chuireadar fios ar fud na dúithche sin ar fad, agus thugadar chuige gach a raibh breoite; agus d’iarradar air leigean dóibh baint amháin le scothóig a bhrait: agus an méid do bhain, do leigheasadh iad. Annsin tháinig Fairisínig agus scríobhaidhthe ó Iarúsalem chum Íosa, g‐á rádh, Cad chuige a sáruigheann do dheisceabail‐se gnáith‐chleachta na seanóir? óir ní nigheann siad a lámha nuair bhíos siad ag caitheamh bidh. Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Cad chuige a sáruigheann sibh‐se aithne Dé ar son bhúr sean‐ghnás? Óir adubhairt Dia, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair: agus an té mhasluigheas a athair nó a mháthair, curtar chum báis é. Acht is é adeir sibh‐se, Cibé duine adéarfas le n‐a athair nó le n‐a mháthair, An chuid sin dem’ mhaoin do rachadh i dtairbhe dhuit‐se, is adhbhar íodhbartha é; ní onóróchaidh seisean a athair. Agus atá aithne Dé curtha ar neamh‐nidh agaibh ar son bhúr sean‐ghnás. A chealgairí, is maith do‐rinne Ésáias fáidheadóireacht i n‐bhúr dtaobh, g‐á rádh, Onóruigheann na daoine seo mé le n‐a mbéal; Acht is fada uaim atá a gcroidhe. Acht is baoth an t‐adhradh do‐bheirid dom, Agus aitheanta daoine d’á múineadh mar theagasc aca. Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh, agus adubhairt sé leo, Éistidh agus tuigidh: An rud théigheas isteach sa mbéal, ní h‐é sin shaluigheas an duine; acht an rud théigheas amach as an mbéal, is é sin shaluigheas an duine. Annsin tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, An eol duit gur ghlac na Fairisínigh scannal, nuair do‐chualadar na briathra sin? Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Gach plannda nár chuir m’Athair neamhdhasa, tarraingeochar é as a fhréamhachaibh. Leigidh dhóibh siúd: treoraidhthe dalla is eadh iad. Agus má threoruigheann dall dall eile, tuitfid araon sa díg. Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé leis, Mínigh dhúinne an tsamhlaoid úd. Agus adubhairt sé, An bhfuil sibh‐se gan tuigsin fós? Nach dtuigeann sibh, cibé rud théigheas isteach sa mbéal, go dtéigheann sé isteach sa mbolg, agus go gcaithtear é sa gcamra. Acht na neithe thigeas amach as an mbéal, is as an gcroidhe thigeas siad; agus is iad‐san shaluigheas an duine. Óir is as an gcroidhe amach thig droch‐smaointe, dúnmharbhadh, adhaltrannas, scriapachas, gadaidheacht, fiadhnaise éithigh, dia‐mhasladh: is iad sin na neithe shaluigheas an duine: acht biadh d’ithe gan na lámha do nighe, ní shaluigheann sin an duine. Agus d’imthigh Íosa as an áit sin, agus do chuaidh sé isteach i gcríochaibh Thuire agus Shídóine. Agus féach, tháinig bean Chanáníteach amach as na críochaic sin, agus do liúigh sí, g‐á rádh, Déan thrócaire orm‐sa, a Thighearna, a Mhic Dháibhi; atá m’inghean d’á ciapadh go millteach ag deamhan. Acht ní thug seisean aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail, agus d’iarradar air, Cuir chum siubhail í siúd; óir atá sí ag síor‐ghlaodhach ’n‐ár ndiaidh. Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Níor cuireadh mise acht amháin chum na gcaorach fáin de theaghlach Israel. Acht tháinig sise, agus do shléacht sí dhó, g‐á rádh, A Thighearna, fóir orm! Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Ní cuibhe arán na clainne do ghlacadh, agus a chaitheamh chum na ngadhar. Acht adubhairt sise, Is fíor sin, a Thighearna, acht itheann na coileáin féin na sprúilleoga thuiteas ó bhórd a máighistir. Annsin d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé léi, A bhean, is mór é do chreideamh: go ndéantar duit mar is mian leat. Agus do bhí a h‐inghean leigheasta ó’n uair sin. Agus d’imthigh Íosa ó’n áit sin, agus tháinig sé i n‐aice le muir Ghaililé; agus do chuaidh sé suas ar shléibh, agus do shuidh sé ann. Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine bacacha aca, agus daill, agus balbháin, agus mairtínigh, agus mórán eile, agus do chuireadar síos ag a chosaibh iad; agus do leigheas sé iad: i dtreo go raibh iongnadh ar an sluagh, nuair do chonnacadar na balbháin ag labhairt, agus na mairtínigh slán, agus na daoine bacacha ag siubhal, agus radharc ag na dallaibh: agus thugadar moladh do Dhia Israeil. Agus do ghlaodh Iosa chuige a dheisceabail, agus adubhairt sé, Atá truagh agam do’n tsluagh, óir atá siad im’ fhochair le trí lá anóis, agus gan éinnidh le n’ithe aca: agus níor mhaith liom iad do chur uaim ’n‐a dtroscadh, ar eagla go dtuitfidís ar an slighe. Agus adubhairt na deisceabail leis, Cá bhfuighmís‐ne i bhfásach an oiread sin aráin agus shásóchadh a leithéid de shluagh mór? Agus adubhairt Íosa leo, Cá mhéad bollóg atá agaibh? Agus adubhradar, A seacht, agus roinnt d’iascaibh beaga. Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an talamh; agus do ghlac sé na seacht mbollóga agus na h‐iascanna, agus do ghabh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé do na deisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do’n tsluagh iad. Agus d’itheadar go léir, agus do bhí a ndóthain aca: agus do thógadar lán seacht gciseán de’n bhiadh briste do fágadh. Agus is é méid na ndaoine do bhí ag ithe, ceithre míle fear, taobh amuigh de mhnáibh agus de leanbhaibh. Agus do chuir sé uaidh na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus tháinig sé isteach i gcríochaibh Mhagadán. Agus tháinig na Fairisínigh agus na Saddúicínigh, agus, chum triail do bhaint as, d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh. Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt sé leo, Nuair bhíos an tráthnóna ann, deir sibh, Béidh soineann ann: óir atá an spéir dearg. Agus ar maidin, Béidh droch‐aimsear ann indiu, óir atá an spéir ag deargadh agus ag dorchú, Atá a fhios agaibh cionnas gné na spéire d’aithint; acht ní féidir libh cómharthaí na h‐aimsire d’aithint. Bíonn droch‐shliocht adhaltrannach ar lorg cómhartha, acht ní tiubharfar cómhartha dhó, acht cómhartha Iónáis. Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé. Agus tháinig na deisceabail chum tíre ar an taobh thall agus do dhearmadar arán do bhreith leo. Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh aire agus seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach. Agus do‐rinneadar machtnamh eadortha féin, g‐á rádh, Ní thugamar aon arán linn. Agus thug Íosa fá deara é, agus adubhairt sé, A dhaoine an lag‐chreidimh, cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh machtnaimh eadraibh féin, toisc gan aon arán bheith agaibh? An é nach dtuigeann sibh, agus nach cuimhin libh cúig bollóga an chúig míle, agus cá méad ciseán do thógabhar? Ná seacht mbollóga an cheithre míle, agus cá mhéad ciseán do thógabhar? Cad chuige nach dtuigeann sibh nach d’arán do bhíos ag tagairt. Acht seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach. Do thuigeadar annsin nárbh é laibhín an aráin adubhairt sé leo a sheachaint, acht teagasc na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach. Agus nuair tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesarea Philib, d’fhiafruigh sé d’á dheisceablaibh, g‐á rádh, Cia h‐é adeir na daoine gur Mac an Duine? Agus adubhradar‐san, Adeir cuid aca, Eoin Baiste; cuid eile, Élias; agus cuid eile, Ieremias, nó duine de na fáidhibh. Adubhairt sé leo, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé? Agus d’fhreagair Síomón Peadar, agus adubhairt, Is tú an Críost, Mac Dé bhí. Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Is aoibhinn duit, a Shíomóin mhic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’fhoillsigh duit é, acht m’Athair‐se atá ar neamh. Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo thógfad‐sa m’eaglais; agus nach mbuaidhfidh geataí ifrinn uirthi. Do‐bhéarfad duit eochracha ríoghachta na bhflaitheas: agus cibé nidh cheanglóchas tú ar talamh, ceanglóchar é ar neamh: agus cibé nidh scaoilfeas tú ar talamh, scaoilfear é ar neamh. Annsin thug sé rabhadh d’á dheisceablaibh gan a innsint d’aoinneach gurbh é féin an Críost. Ó’n am sin amach do thosnuigh Íosa ar a mhíniú d’á dheisceablaibh gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’fhulang ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe é chum báis, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá. Agus thug Peadar é i leathtaoibh, agus do thosnuigh sé ar a cheartú, g‐á rádh, I bhfad uait‐se é sin, a Thighearna: ní thiocfaidh sin ort choidhche. Acht d’iompuigh seisean, agus adubhairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Shátain: atáir‐se id’ cheap tuisle dhom: óir ní fhuil do dhearcadh ar a mbaineann le Dia, acht ar a mbaineann le daoinibh. Annsin adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Má’s mian le h‐aoinneach teacht im’ dhiaidh‐se, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mise. Óir, cibé duine gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; agus cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, saorfaidh sé é. Óir cad é a thairbhe do dhuine dá ngnóthuigheadh sé an domhan go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? nó cad í an mhalairt dhéanfas duine ar a anam féin? Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar mar aon le n‐a ainglibh; agus annsin chúiteochaidh sé gach aoinneach de réir a ghníomhartha. Go fírinneach adeirim libh, Atá cuid díobh‐san atá n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás nó go bhfeicid Mac an Duine ag teacht ’n‐a ríoghacht. Agus sé lá ’n‐a dhiaidh sin, thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a dhearbhráthair‐sean, agus do rug sé suas iad ar shléibh árd fá leith: agus do h‐athruigheadh a ghné os a gcómhair: agus do shoillsigh a ghnúis ar nós na gréine, agus d’éirigh a éadaighe chómh geal leis an solas. Agus féach, do taidhbhrigheadh dhóibh Maois agus Élias, agus iad ag cainnt leis. Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé le h‐Íosa, A Thighearna, is maith dhúinn bheith annso: má’s áil leat‐sa é, déanaimís annso trí botha, both dhuit‐se, both do Mhaois, agus both d’Élias. Le linn a chainnte, féach, do leath scamall lonnrach ortha: agus féach, an guth as lár an scamaill, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain, ’n‐a bhfuil mo mór‐aoibhneas; éistidh leis. Agus nuair do‐chuala na deisceabail é, do thuiteadar ar a n‐aghaidh, agus do bhí eagla mhór ortha. Agus tháinig Íosa, agus do chuir sé a lámh ortha, agus adubhairt sé, Éirighidh, agus ná bíodh eagla oraibh. Agus ag féachain suas dóibh, ní fhacadar aoinneach acht Íosa amháin. Agus ag teacht anuas ó’n sléibh dóibh, thug Íosa rabhadh dhóibh, g‐á rádh, Ná h‐innsighidh an radharc do dhuine ar bith, nó go n‐aiséirighidh Mac an Duine ó na marbhaibh. Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de, g‐á rádh, Cad chuige a n‐abrann na scríobhaidhthe go gcaithfidh Élias teacht ar dtús? Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, Tiocfaidh Élias go fírinneach, agus athnuadhfaidh sé gach aon nidh: acht adeirimse libh go dtáinig Élias cheana, agus nior aithnigheadar é, acht d’imreadar a dtoil féin air. Is mas sin fhulaingeochas Mac an Duine uatha, leis. Annsin do thuig na deisceabail gur i dtaobh Eoin Bhaiste do bhí sé ag labhairt leo. Agus nuair thángadar go dtí an sluagh, tháinig chuige fear, ag sléachtadh ar a ghlúnaibh dhó, agus g‐á rádh, A Thighearna, déan trócaire ar mo mhach: óir atá an galar tuitimeach air, agus atá sé go h‐an‐dona: óir tuiteann sé isteach sa teinidh go minic, agus san uisce go minic. Agus thugas chum do dheisceabal é, agus níor fhéadadar a leigheas. Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, A shliocht dhíthchreidimh dho‐theagasctha, cá fhad bhéas mé eadraibh? cá fhad fhúlaingeochas mé sibh? tabhraidh chugam‐sa annso é. Agus do smachtuigh Íosa an deamhan; agus d’imthigh sé as: agus do bhí an buachaill slán ó’n uair sin amach. Annsin tháinig na deisceabail chum Íosa ar leithligh, agus adubhradar, Cad chuige nár fhéadamair‐ne a chaitheamh amach? Agus adubhairt seisean leo, Mar gheall ar bhúr n‐easbaidh creidimh: óir adeirim libh go fírinneach, Dá mbéadh oiread le gráinne síl mustáird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an sliabh so, Aistrigh as so annsúd anonn; agus aistreochaidh sé; agus ní bhéidh éinnidh ann nach mbéidh ar chumas daoibh a dhéanamh. Acht ní féidir deamhan de’n tsórt so do chaitheamh amach acht le h‐urnaighe agus le troscadh. Agus nuair do bhíodar ’n‐a gcómhnaidhe sa nGaililé, adubhairt Íosa leo, Do‐bhéarfar Mac an Duine i lámhaibh daoine; agus cuirfid chum báis é, agus éireochaidh sé an treas lá. Agus do bhí cumha an‐mhór ortha. Agus nuair thángadar go Cafarnaúm, tháinig lucht na cíos‐chánach do ghlacadh chum Peadair, agus adubhradar, Nach n‐íocann do mháighistir‐se an chíos‐cháin? Adubhairt seisean, Íocann. Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh do labhair Íosa leisean ar dtús, g‐á rádh, Cad é do bharamhail‐se dhe, a Shíomóin? righthe na talmhan, cé uatha an nglacann siad cíos nó cáin? ó n‐a gclainn féin, nó ó choimhightheachaibh? Agus adubhairt seisean, ó choimhightheachaibh. Adubhairt Íosa leis, D’á bhrigh sin, atá an chlann saor. Acht, an eagla go dtiubhraimís scannal dóibh, imthigh‐se chum na fairrge, agus caith dubhán, agus tóg an chéad iasc thiocfas aníos; agus nuair fhosclóchas tú a bhéal, do‐gheobhair píosa airgid ann: glac é sin, agus tabhair dhóibh‐sean é ar mo shon‐sa agus ar do shon féin. Le n‐a linn sin tháinig na deisceabail chum Íosa, g‐á rádh, Cé h‐é an duine is mó i ríoghacht na bhflaitheas? Agus do ghlaodh sé chuige leanbh beag, agus do chuir sé ’n‐a lár é, agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐iompuighidh sibh, agus bheith ar nós na leanbh, ní rachaidh sibh isteach i ríoghacht neimhe ar chor ar bith. D’á bhrigh sin, an té ísleochas é féin ar nós an leinbh bhig seo, is é sin an duine is mó i ríoghacht na bhflaitheas. Agus cibé duine ghlacfas chuige aon leanbh beag amháin d’á leithéid seo im’ ainm‐se, glacann sé mise: acht cibé duine thiubhras scannal d’aoinneach de na rudaibh beaga so chreideas ionnam‐sa, do b’fhearr dó go gcrochfaidhe cloch mhór muilinn ar a mhuineál, agus go mbádhfaidhe é i ndoimneacht na fairrge. Is mairg do’n tsaoghal mar gheall ar na scannalaibh! ní foláir do na scannalaibh teacht; acht cheana is mairg do’n duine tré n‐a dtig an scannal! Agus má bheir do lámh nó do chos adhbhar scannail duit, gearr díot í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh nó ar leath‐chois, ’ná do dhá láimh agus do dhá chois do bheith agat agus thú chaitheamh sa teinidh shíorraidhe. Agus má bheir do shúil adhbhar scannail duit, srac amach í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐shúil, ’ná an dá shúil do bheith agat agus thú chaitheamh i n‐ifreann na teineadh. Tabhraidh aire gan dímheas do chaitheamh ar aoinneach de’n mhuinntir bhig seo; óir adeirim libh, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neamh, ag sír‐fhéachaint ar ghnúis m’Athar atá ar neamh. Créad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus má théid caora dhíobh ar seachrán, nach bhfágann sé na naoi gcinn déag agus ceithre fichid, agus nach n‐imthigheann sé ar na sléibhtibh ar lorg an chinn do chuaidh ar seachrán? Agus má éirigheann leis a fágháil, go fírinneach adeirim libh, gur mó an t‐áthas atá air mar gheall uirthi‐se ’ná atá air mar gheall ar na naoi geinn déag agus ceithre fichid nach ndeachaidh amugha. Ar an gcuma chéadna ní toil le n‐bhúr nAthair atá ar neamh go gcaillfidhe aoinneach de’n mhuinntir bhig seo. Agus má pheacuigheann do bhráthair id’ aghaidh, imthigh, agus ceartuigh é idir thú féin agus é féin: má éisteann sé leat, atá do bhráthair buaidhte agat. Ach muna n‐éistidh sé leat, beir leat duine nó beirt eile, ionnas go seasfaidh gach focal ar fhiadhnaise béil beirte nó trír. Agus má dhiúltuigheann sé d’éisteacht leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má dhiúltuigheann sé d’éisteacht leis an eaglais, bíodh sé ’n‐a Phágánach agus ’n‐a phoibleacán agat. Go fírinneach adeirim‐se libh, Cibé neithe cheanglóchas sibh ar talamh ceanglóchar iad ar neamh: agus cibé neithe scaoilfeas sibh ar talamh scaoilfear iad ar neamh. Adeirim libh fós, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh nidh ar bith d’á n‐iarraid, do‐ghéantar dóibh é óm’ Athair‐se atá ar neamh. Oir áit ar bith ’n‐a mbíonn beirt nó triúr cruinnighthe le chéile im’ ainm‐se, bím‐se féin annsin ’n‐a measc. Annsin tháinig Peadar chuige, agus adubhairt sé leis, A Thighearna, Créad a mhionca dhéanfas mo bhráthair coir im’ aghaidh, agus go maithfead dó é? seacht h‐uaire, an eadh? Adubhairt Íosa leis, Ní abraim leat, Seacht h‐uaire, acht seacht h‐uaire fó sheacht ndeich. D’á bhrigh sin, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le righ áirithe gur mhian leis cunntas do dhéanamh le n‐a sheirbhíseachaibh. Agus nuair do thosnuigh sé ar an gcunntas do dhéanamh, tugadh chuige duine go raibh deich míle talann aige air. Acht, de chionn nach raibh an oiread aige agus d’íocfadh na fiacha, d’órduigh a thighearna go ndíolfaidhe é féin, agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, mar dhíol fiach. Annsin do chaith an seirbhíseach é féin roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, A thighearna, déan foighid liom, agus íocfad an t‐iomlán leat. Agus do ghabh truagh mhór an tighearna do’n tseirbhíseach sin, agus do scaoil sé saor é, agus do mhaith sé na fiacha dhó. Acht do chuaidh an seirbhíseach sin amach, agus fuair sé duine d’á chóimh‐sheirbhíseachaibh go raibh céad pingin aige air; agus ag breith ar scórnach air, adubhairt sé, Íoc liom a bhfuil agam ort. Agus do chaith a chóimh‐sheirbhíseach é féin roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, Déan foighid liom, agus íocfad thú. Agus níorbh áil leis é: acht d’imthigh sé agus do chuir sé sa bpríosún é, nó go n‐íocadh sé na fiacha. Agus nuair do chonnaic a chóimh‐sheirbhísigh a raibh déanta, do ghoill sé go mór ortha, agus thángadar, agus d’inniseadar d’á dtighearna gach a dtarla. Annsin do ghlaodh a thighearna chuige é, agus adubhairt sé leis, A ropaire sheirbhísigh, do mhaitheas‐sa dhuit‐se na fiacha úd go léir, toisc gur chuiris athchuinghe orm: Nár chóir dhuit‐se, d’á bhrigh sin, truagh do thabhairt dod’ chóimh‐sheirbhíseach, fá mar thugas‐sa truagh dhuit‐se? Agus do bhí fearg ar a thighearna, agus thug sé do na céasadóiribh é, nó go n‐íocadh sé na fiacha go léir. Agus is mar sin dhéanfas m’Athair neamhdha dhaoibh‐se, muna maithfidh gach aon duine agaibh d’á bhráthair ó chroidhe. Agus tharla, nuair do bhí na cómhráidhte sin críochnuighthe ag Íosa, gur imthigh sé ó’n nGaililé, agus go dtáinig sé isteach i gcríochaibh lúdaea ar an taobh thall de Iórnán; agus do lean sluaighte móra é; agus do leigheas sé annsin iad. Agus tháinig Fairisínigh chuige g‐á thriail, agus iad g‐á rádh, An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar adhbhar ar bith? Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, An é nár léigheabhar, an té do chruthuigh na daoine ó thús, gur chruthuigh sé fireann agus baineann iad, agus go ndubhairt sé, Ar an adhbhar sin, fágfaidh fear a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‐a mhnaoi; agus béidh an bheirt ’n‐a n‐aon fheoil amháin? Uime sin, ní beirt iad feasta, acht aon fheoil amháin. D’á bhrigh sin, an nidh do cheangail Dia, ná scaoileadh duine é. Adubhradar‐san leis, Cad chuige, má’s eadh, ar órduigh Maois billéad scaramhna do thabhairt dí, agus a cur chum bealaigh? Adubhairt seisean leo, Do cheaduigh Maois daoibh, mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe, bhúr mná do chur uaibh: acht ní mar sin do bhí an scéal ó thús. Agus adeirim‐se libh, An té chuirfeas uaidh a bhean, acht amháin mar gheall ar striapachas, agus phósfas bean eile, go ndéanann sé adhaltranas: agus an té phósas an bhean do díbrigheadh, go ndéanann seisean adhaltranas. Adubhairt na deisceabail leis, Má’s é sin an cás ag fear i dtaobh mhná, do b’fhearr gan póshadh. Acht adubhairt seisean leo, Ní h‐é gach aon duine gur féidir leis na briathra so do ghlacadh, ach iad‐san amháin dár tugadh é. Óir atá coillteáin ann do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar: agus atá coillteáin ann gur choill daoine iad: agus atá coillteáin ann do choill iad féin ar son ríoghachta na bhflaitheas. An té gur féidir leis a ghlacadh, glacadh. Annsin tugadh chuige leanbhaí beaga, chum go gcuirfeadh sé a lámha ortha, agus go nguidhfeadh sé ortha: agus do chuir na deisceabail cosc leo. Acht adubhairt Íosa, Leigidh do na leanbhaibh beaga teacht chugam‐sa, agus ná cuiridh cosc leo: óir is le n‐a leithéidibh sin ríoghacht na bhflaitheas. Agus do chuir sé a lámha ortha, agus d’imthigh sé ó’n áit sin. Agus féach, tháinig duine chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir, créad é an gníomh maith do‐ghéanadsa, chum go saothróchad an bheatha shíorraidhe? Agus adubhairt seisean leis, Cad chuige dhuit ceist do chur orm‐sa i dtaobh maitheasa? Ní maith aoinneach acht Aon amháin: acht má’s mian leat dul isteach sa mbeathaidh, coimhéad na h‐aitheanta. Adubhairt seisean leis, Ciaca? Agus adubhairt Íosa leis, Na déan marbhadh, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid, Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair, agus, Grádhuigh do chómharsa mar thú féin. Adubhairt an t‐ógánach leis, Do chóimhlíonas iad sin go léir: créad eile atá d’uireasbhaidh orm? Adubhairt Íosa leis, Má’s maith leat bheith gan locht, imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus béidh maoin ar neamh agat: agus tar, lean mise. Acht nuair do‐chuala an t‐ógánach na briathra sin, d’imthigh sé agus cumha air, óir ba dhuine é ag a raibh rachmas mór. Agus adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach adeirim libh, Is ar éigean a rachas duine saidhbhir isteach i ríoghacht na bhflaitheas. Agus adeirim arís libh, Is fusa do chamall gabháil tré chró snáthaide, ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas. Agus nuair do‐chuala na deisceabail sin, do ghabh iongnadh mór iad, agus adubhradar, Má’s eadh, Cia h‐é gur féidir a shlánú? Agus ag féachaint d’Íosa ortha, adubhairt sé leo, Ní féidir do dhaoinibh é, acht is féidir le Dia an uile nidh. D’fhreagair Peadar annsin, agus adubhairt sé, Féach, do thréigeamair‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa; créad bhéas againn d’á bhárr? Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel. Agus gach duine do thréig tighthe, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, gheobhaidh sé a gcéad oiread, agus béidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht aige. Acht is iomdha duine d’á bhfuil ar tosach bhéas ar deireadh; agus d’á bhfuil ar deireadh bhéas ar tosach. Óir is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le fear tighe do chuaidh amach go moch ar maidin ag cur lucht oibre ar tuarastal ’n‐a fhíonghort. Agus nuair do réidhtigh sé leis na h‐oibridhthibh ar phinginn sa ló, do chuir sé isteach ’n‐a fhíonghort iad. Agus do chuaidh sé amach ar an tríomhadh h‐uair, agus do chonnaic sé dream eile ’n‐a seasamh díomhaoin ar áit an mhargaidh; agus adubhairt sé leo‐san, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort, agus do‐bhéarad daoibh an méid is cóir. Agus d’imthigheadar‐san. Agus do chuaidh sé amach arís ar an sémhadh agus ar an naomhadh h‐uair, agus do‐rinne sé mar an gcéadna. Agus do chuaidh sé amach ar an aonmhadh h‐uair dhéag, agus fuair sé tuilleadh ’n‐a seasamh; agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith i n‐bhúr seasamh díomhaoin annso ar feadh an lae? Adubhradar‐san leis, De chionn nár chuir aon duine ar aimsir sinn. Adubhairt seisean leo, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort. Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, adubhairt tighearna an fhíonghuirt le n‐a mhaor, Glaodh ar an lucht oibre, agus íoc leo a dtuarastal, ag tosnú leis an dream deireannach go dtí an chéad dream tháinig. Agus nuair tháinig siad‐san do fostuigheadh timcheall na h‐aonmhadh h‐uaire déag, fuair gach duine aca pinginn. Agus nuair tháinig an chéad dream, do mheasadar go bhfuighdís níba mhó; agus fuaradar‐san, leis, pinginn an duine. Agus nuair fuaradar é do bhíodar ag cannrán i n‐aghaidh an fhir tighe, g‐á rádh, Níor oibrigh an dream deireannach so ach uair amháin, agus do chuiris‐se ar aon chomhthrom leo sinne d’fhulang cruadhtan an lae agus an brothall. Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt sé le duine aca, A chara, ní fhuilim ag déanamh éagcóra ort: nach ar phinginn do réidhtíghis liom? Tóg leat do chuid féin agus bí ag imtheacht; is toil liom an oiread céadna do thabhairt do’n duine seo is deireannaighe tháinig, agus thugas duit‐se. Nach dleaghthach dom an nidh is toil liom do dhéanamh lem’ chuid féin? Nó an bhfuil droch‐shúil agat, toisc go bhfuilim‐se fial? Mar sin béidh an dream deireannach ar tosach, agus béidh an dream tosaigh ar deireadh. Agus nuair do bhí Íosa ag dul suas go h‐Iarúsalem, thug sé an dáréag deisceabal i leathtaoibh, agus sá tslighe dhó adubhairt sé leo, Féachaidh, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐bhéarfar Mac an Duine d’uachtaránaibh na sagart agus do na scríobhaidhthibh; agus daorfaid‐sean chum báis é, agus do‐bhéarfaid do na Geintibh é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasadh: agus, an treas lá éireochaidh sé arís. Annsin tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n‐éinfheacht le n‐a clann mhac, ag umhlú dhó, agus ag iarraidh fabhair air. Agus adubhairt sé léi, Créad atá uait? Adubhairt sise leis, Tabhair órdú go suidhfidh mo bheirt mhac so, duine aca ar do láimh dheis, agus duine aca ar do láimh chlé id’ ríoghacht. Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólfad‐sa an féidir libh‐se a ól? Adubhradar‐san leis, Is féidir linn. Adubhairt seisean leo, Ólfaidh sibh go deimhin an cupán ólfad‐sa: acht suidhe ar mo láimh dheis, agus ar mo láimh chlé, ní liom‐sa a thabhairt sin uaim, acht atá sé i ndán dóibh‐sean d’á bhfuil sé ceaptha ag m’Athair. Agus nuair do‐chuala an deichneabhar é, d’éirigh siad mí‐shásta go mór leis an mbeirt dearbhráthar. Acht do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé, Tá a fhios agaibh go gcuireann tighearnaí na nGeinte fá smacht iad, agus go mbíonn forlámhas ag a ndaoinibh móra ortha. Ní mar sin bhéas eadraibh‐se: acht cibé duine go mba mhian leis bheith mór eadraibh, béidh sé ’n‐a sheirbhíseach agaibh; agus cibé duine go mba mhian leis bheith ar tosach eadraibh, béidh sé mar fhear freastail agaibh: ar chuma Mhic an Duine nach dtáinig chum go ndéanfaidhe friotháileamh air, acht chum go ndéanfadh seisean friotháileamh, agus chum a anam do thabhairt i n‐éiric móráin. Agus ag imtheacht dóibh as Ierichó, do lean sluagh mór é. Agus féach, beirt dall do bhí ’n‐a suidhe le cois an bhealaigh, nuair do‐chualadar gurbh é Íosa do bhí ag gabháil thart, do liúghadar, g‐á rádh, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócaire orainn. Agus do bhagair an sluagh ortha bheith ’n‐a dtost: acht do b’aoirde do ghlaodhadar amach, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócairé orainn. Agus do stad Íosa mar a raibh sé, agus do ghlaodh sé chuige iad, agus adubhairt sé, Créad do b’áil libh do‐ghéanainn daoibh? Adubhradar‐san leis, A Thighearna, ár súile d’fhoscailt. Agus do‐rinne Íosa truagh dhóibh, agus do chuir sé a mhéar ar a súilibh, agus ar an láthair tháinig a radharc dóibh, agus do leanadar é. Agus nuair do bhíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus thángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐chrann, do chuir Íosa uaidh beirt deisceabal, g‐á rádh leo, Téighidh isteach sa mbaile beag úd thall os bhúr gcómhair, agus ar an láthair do‐gheobhaidh sibh láir asail ceangailte ann, agus searrach i n‐éinfheacht léi: scaoilidh iad, agus tabhraidh libh chugam iad. Agus má deir aoinneach éinnidh libh, adéaraidh sibh‐se, Tá siad ag teastáil ó’n Tighearna; agus cuirfidh sé uaidh ar an láthair iad. Agus tháinig sin chum críche, chum go gcóimhlíonfaidhe tarngaireacht an fháidh, mar adubhairt sé, Innisidh d’inghin Shíoin, Féach, atá do Rí ag teacht chugat, Go ceannsa, ar muin asail, Agus ar bhromach, searrach asail. Agus d’imthigh na deisceabail, agus do‐rinneadar mar d’órduigh Íosa dhóibh, agus thugadar leo an t‐asal, agus an bromach, agus do chuireadar a mbrait ortha; agus do shuidh seisean ortha. Agus do leath furmhór an tsluaigh a mbrait ar an slighe; agus do bhain dream eile géaga de na crannaibh agus do leathadar ar an slighe iad. Agus na sluaighte do bhí ar tosach roimhe, agus siad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, do tógadar gáir, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna; Hósanná ins na h‐áiteannaibh is aoirde! Agus nuair tháinig sé go h‐Iarúsalem, do bhí corruighe mór ar fud na cathrach ar fad, gach aoinneach g‐á rádh, Cia h‐é seo? Agus adubhairt na sluaighte, Is é seo an fáidh, Íosa, ó Nasair na Gaililé. Agus do chuaidh Íosa isteach i dteampall Dé, agus do ruaig sé amach iad‐san do bhí ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus do leag sé ar lár búird lucht malairte an airgid, agus suideacháin na ndaoine do bhí ag díol colm; agus adubhairt sé leo, Atá scríobhtha, Goirfear dem’ thigh‐se teach urnuighthe: acht atá sibh‐se ag déanamh uachaise bitheamhnach dhe. Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampall: agus do leigheas sé iad. Acht nuair do chonnaic uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe na rudaí éachtacha do‐rinne sé, agus na leanbhaí do bhí ag glaodhach ós árd sa teampall, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; tháinig fearg ortha, agus adubhradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so? Agus adubhairt Íosa leo, Do‐chluinim: nár léigheabhar riamh, As béal leanbh agus naoidheanán cíche fuarais moladh iomlán? Agus d’fhág sé iad, agus do chuaidh sé amach as an gcathair go Bétánia, agus do chuir sé faoi annsin. Agus ar maidin, ag filleadh ar ais chum na cathrach dhó, bhí ocras air. Agus ar fheicsin crainn fige dhó le cois an bhealaigh, tháinig sé chuige, agus ní fhuair sé aon rud air, acht duilleoga amháin; agus adubhairt sé leis, Nár fhásaidh aon toradh ort as so amach go bráth. Agus ar an láthair d’fheogh an crann fige. Agus nuair do‐chonnaic na deisceabail é, tháinig iongnadh mór ortha, agus adubhradar, Cionnas d’fheogh an crann fige chómh luath sin? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Má bhíonn creideamh agaibh, gan amhras bheith oraibh, do‐ghéanaidh sibh, ní h‐é amháin a ndearnadh do’n chrann fige, acht má deir sibh leis an sliabh so, Tógtar agus teilgthear isteach sa bhfairrge thú, déanfar é. Agus cibé nidh iarrfas sibh i n‐urnaighe, do‐gheobhaidh sibh é, acht creideamh bheith agaibh. Agus nuair tháinig sé isteach sa teampall, tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige, agus é ag teagasc, agus adubhradar, Créad é an t‐ughdarás atá agat‐sa chum na neithe seo do dhéanamh? agus cia thug an t‐ughdarás sin duit? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist amháin oraibh, agus má fhreagrann sibh í, inneosad‐sa dhaoibh cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe sin do dhéanamh. Baisteadh Eoin, cia uaidh a dtáinig sé? ó neamh nó ó dhaoinibh? Agus do‐rinneadar diospóireacht le n‐a chéile, g‐á rádh, Má deirimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean linn, Cad chuige, mar sin, nár chreideabhar é? Acht má deirimíd, Ó dhaoinibh; tá eagla an phobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáidh Eoin. Agus d’fhreagradar Íosa, agus adubhradar. Ní fhuil a fhios againn. Agus adubhairt seisean leo, Ní mó inneosad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh. Ach cad é bhúr meas air seo? Do bhí beirt mhac ag fear áirithe; agus tháinig sé chum an chéad mhic, agus adubhairt sé, A mhic, imthigh agus déan obair indiu im’fhíonghort. Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Ní rachad: acht ’n‐a dhiaidh sin tháinig a mhalairt d’aigne air, agus do chuaidh sé. Agus tháinig sé chum an dara mic, agus do labhair sé leisean ar an gcuma chéadna. Agus d’fhreagair sé, agus adubhairt, Rachad, a thighearna: acht ní dheachaidh sé. Ciaca de’n bheirt seo do‐rinne toil a athar? Adubhradar‐san leis, An chéad fhear. Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, go rachaidh na poibleacáin agus na striapacha isteach i ríoghacht Dé rómhaibh‐se. Óir tháinig Eoin chugaibh i mbealach na fíréantachta, agus níor chreideabhar é: acht do chreid na poibleacáin agus na striapacha é: agus nuair do chonnaic sibh‐se é, ní dhearna sibh aithrighe ’n‐a dhiaidh sin chum go gcreidfeadh sibh é. Éistidh le samhlaoid eile: Do bhí fear tighe ann, agus do chuir sé fíonghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do thochail sé áit brúighte fíona ann, agus do thóg sé túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile. Agus nuair do bhí séasúr na dtoradh ag teacht, do chuir sé a shearbhóntaí chum na scológ, chum chuid de’n toradh d’fhágháil. Agus do rug na scológa ar a shearbhóntaibh, agus do bhuaileadar duine aca, agus do mharbhadar duine eile, agus do ghabhadar de chlochaibh ar dhuine eile. Arís do chuir sé searbhóntaí eile chuca, níba mhó ’ná an chéad chuid: agus thugadar an íde chéadna ortha‐san. Acht ’n‐a dhiaidh sin, do chuir sé chuca a mhac féin, g‐á rádh, Do‐bhéarfaid urraim dom’ mhac. Acht na scológa, nuair do chonnacadar an mac, adubhradar eadortha féin, Is é seo an t‐oighre, téanam, marbhaimís é, agus glacaimís a oighreacht. Agus do rugadar air, agus do ruaigeadar amach as an bhfíonghort é, agus do mharbhadar é. Ar an adhbhar sin, nuair thiocfas tighearna an fhíonghuirt, créad do‐ghéanaidh sé leis na scológaibh sin? Adeir siad‐san leis, Scriosfaidh sé na cuirpthigh sin go millteach, agus bhéarfaidh sé an fíonghort ar cíos do scológaibh eile, bhéarfas na tortha dhó ’n‐a séasúraibh féin. Adubhairt Íosa leo, Nár léigheabhar riamh ins na scrioptúiribh, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí: Is ó’n Tighearna tháinig sí, Agus is iongnantach é ’n‐ár súilibh. Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha. Agus cibé duine thuitfeas ar an gcloich seo, brisfear é ’n‐a bhroscar: acht cibé duine ar a dtuitfidh sí, scriosfaidh sí é. Agus nuair do‐chuala uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh an tsamhlaoid sin, do thuigeadar gur ’n‐a dtaobh féin do bhí sé ag labhairt. Agus nuair shanntuigheadar greim d’fhágháil air, do bhí eagla ortha roimh na daoinibh, óir do mheasadar‐san gurbh fháidh é. Agus d’fhreagair Íosa, agus do labhair sé aris i samhlaoidibh leo, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le righ áirithe do‐rinne bainis d’á mhac, agus do chuir a shearbhóntaí uaidh amach ag glaodhach ortha‐san do fuair cuireadh chum na bainse: agus níorbh áil leo teacht. Arís do chuir sé uaidh searbhóntaí eile, g‐á rádh, Innisidh dhóibh‐sean a fuair cuireadh, Féach, atá m’fhéasta ullamh agam: atá mo mhairt agus m’ainmhidhthe biadhta marbhtha agam, agus atá gach aon nidh i gcóir: tigidh chum na bainse. Acht ní thugadar‐san aon áird air, agus d’imthigheadar, duine aca chum a fheirme féin, duine eile chum a cheannaidheachta: agus do rug an chuid eile aca ar a sheirbhíseachaibh, agus thugadar droch‐íde ortha, agus do mharbhadar iad. Acht tháinig fearg mhór ar an righ; agus do chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus do scrios sé na dúnmharbhthóirí sin, agus do loisc sé a gcathair. Annsin adubhairt sé le n‐a sheirbhíseachaibh, Atá an bhainis ullamh, acht na daoine a fuair cuireadh níorbh fiú iad é. Imthighidh‐se amach, d’á bhrigh sin, ar cheann na mbóthar, agus cibé daoine gheobhas sibh, glaodhaidh ortha chum na bainse. Agus do‐chuaidh na seirbhísigh sin amach ar na bóithribh, agus do bhailigheadar a bhfuaradar, idir olc agus maith: agus do líonadh árus na bainse de dhaoinibh ’n‐a suídhe chum bidh. Acht nuair tháinig an rí isteach leis an gcuideachta d’fheicsin, do chonnaic sé fear ann nach raibh culaith bainse air: agus adubhairt sé leis, A chara, cionnas tháinig tusa isteach annso gan culaith bainse ort? Acht níor fhan focal ’n‐a bhéal aige. Annsin adubhairt an rí leis an lucht freastail, Ceanglaidh a lámha agus a chosa, agus teilgidh amach é sa dorchacht amuigh; an áit ’n‐a mbéidh gol agus gíoscán fiacal. Óir atá glaoidhte ar mhórán, acht ní fhuil toghtha acht beagán. Annsin d’imthigh na Fairisínigh, agus do chuadar i gcómhairle g‐á mheabhrú cionnas do chuirfidís i dteannta é sa gcainnt. Agus do chuireadar chuige a ndeisceabail i n‐éinfheacht le muinntir Ioruaith, g‐á rádh, A mháigistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus go múineann tú slighe Dé i bhfírinne, agus nach bhfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine. Innis dúinn, mar sin, créad é do mheas? An dleaghthach cáin do thabhairt do Chéasar, nó gan a tabhairt? Acht d’aithin Íosa a mailís, agus adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm, a lucht an fhuar‐chrábhaidh? Taisbeán dom airgead na cánach. Agus thugadar pinginn dó. Agus adubhairt sé leo, Cia leis an íomháigh agus an scríbhinn seo? Adeirid‐sean leis, Le Céasar. Annsin adubhairt sé leo, D’á bhrigh sin, tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar; agus do Dhia na neithe is le Dia. Agus nuair do‐chualadar é, bhí iongnadh ortha, agus d’fhágadar é, agus d’imhthigheadar. An lá céadna sin tháinig chuige Saddúicínigh, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann: agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A mháighistir, adubhairt Maois, Dá bhfaghadh duine bás gan sliocht, go bpósfadh a dhearbhráthair a bhean, agus go dtógfadh sé clann d’á dhearbhráthair. Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ’n‐ár measc: agus do phós an chéad duine bean, agus fuair sé bás, agus ó’s amhlaidh nach raibh aon chlann aige, d’fhág sé a bhean ag a dhearbhráthair; mar sin do’n dara duine, agus do’n treas duine, go dtí an seachtmhadh duine. Agus ’n‐a ndiaidh‐sean uile fuair an bhean bás. D’á bhrigh sin, ins an aiséirghe, cia aca dhíobh gur leis an bhean? óir do bhí sí aca go léir. Acht d’fhreagair Iosa, agus adubhairt sé leo, Atá sibh amugha, de chionn nach bhfuil eolas agaibh ar na scrioptúiribh, ’ná ar chumhacht Dé. Óir san aiséirge ní póstar daoine, ná ní tugtar le pósadh iad, achth bíonn siad cosmhail le h‐ainglibh Dé ar neamh. Acht i dtaobh aiséirighthe na marbh, nár léigheabhar a ndubhairt Dia libh, mar adeir sé, Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib? Ní h‐é Dia na marbh é, acht Dia na mbeo. Agus nuair do‐chuala na sluaighte é, do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc. Acht na Fairisínigh, nuair do‐chualadar gur chuir sé na Saddúicínigh ’n‐a dtost, do chruinnigheadar i gceann a chéile. Agus do chuir duine aca, dlightheoir, ceist air, g‐á thriail. A mháighistir, créad í an phríomh‐aithne de’n dlighe? Agus adubhairt sé leis. Grádhóchaidh tú an Tighearna, do Dhia ód’ chroidhe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán, agus ód’ inntinn go h‐iomlán. Is í sin an aithne mhór agus an phríomh‐aithne. Agus atá an dara h‐aithne cosmhail léi, Grádhóchaidh tú do chómharsa mar thú féin. Ar an dá aithne sin is eadh sheasas an dlighe uile, agus na fáidhe. Agus nuair do bhí na Fairisínigh cruinnighthe i bhfochair a chéile, do chuir Íosa ceist ortha, g‐á rádh. Cad é bhúr dtuairim de’n Chríost? cia dar ab mac é? Adubhradar‐san leis, Mac Dháibhi. Adubhairt seisean leo, Má’s eadh, cionnas ghoireas Dáibhi, tríd an Spiorad, Tighearna dhe, mar a n‐abrann sé, Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh ar mo láimh dheis, Go gcuiread do náimhde fá do chosaibh? Má ghoireann Dáibhi Tighearna dhe, cionnas atá sé ’n‐a mhac aige? Agus níorbh fhéidir le h‐aon duine oiread agus focal do rádh g‐á fhreagairt, ná níor lámh aon duine ó’n lá sin amach ceist do chur air. Annsin do labhair Íosa leis na sluaightibh agus le n‐a dheisceablaibh, g‐á rádh, Suidheann na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh i gcathaoir Mhaoise: ar an adhbhar sin, déanaidh gach a n‐abrann siad, agus claoidhidh leis: acht ná déanaidh de réir mar do‐ghní siad‐san; óir bíonn cainnt aca, acht ní dhéanaid gníomh. Thairis sin, ceanglaid ualaighe troma, do‐iomchair, agus cuirid ar ghuailnibh na ndaoine iad; acht ní h‐áil leo féin a gcorruighe le n‐a méir. Acht is chum go bhfeicfeadh na daoine iad ghníos siad gach éinnidh: óir leathnuighid a bhfulaictéirí, agus méaduighid scothóga a mbrat, agus is maith leo na h‐áiteanna is fearr ins na fleadhannaibh, agus na suidheacháin tosaigh ins na sionagógaibh, agus omós d’fhágháil i n‐áiteannaibh an mhargaidh, agus an sluagh ag tabhairt Rabbí ortha. Acht ná tugtar Rabbí oraibh‐se: óir ní fhuil agaibh acht aon Mháighistir amháin, agus is bráithre sibh uile. Agus ná tabhraidh athair ar aoinneach agaibh ar talamh: óir is aoinneach amháin is Athair agaibh, an té atá ins na flaitheasaibh. Agus ná tugtar Máighistrí oraibh: óir is aoinneach amháin is máighistir agaibh: an Críost. Acht an té is mó oraibh béidh sé ’n‐a sheirbhíseach agaibh. Agus cibé duine árdóchas é féin, ísleochar é; agus cibé duine ísleochas é féin, árdóchar é. Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach. Is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrabhaidh! óir itheann sibh tighthe na mbaintreabhach, ag déanamh urnaighthe fada dhaoibh: d’á bhrigh sin is troime‐de an breitheamhnas tiubharfar oraibh. Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir taistealann sibh muir agus tír chum cómhalta creidimh amháin do dhéanamh; agus nuair éirigheann libh, do‐ghní sibh mac ifrinn de níos dhá mheasa ’ná sibh féin. Is mairg daoibh, a threoraidhthe dalla, adeir, Cibé duine dhearbhóchas dar an teampall, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar ór an teampaill, atá ceangal air. A bhreallána dalla: cia aca is mó, an t‐ór, nó an teampall naomhuigheas an t‐ór? Agus, Cibé dhearbhóchas dar an altóir, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar an íodhbhairt atá uirthi, atá ceangal air. A dhallána: ciaca is mó, an íodhbairt, nó an altóir naomhuigheas an íodhbhairt? D’á bhrigh sin, an té dhearbhuigheas dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir, agus dar a bhfuil uirthi. Agus an té dhearbhuigheas dar an teampall, dearbhuigheann sé dar an teampall, agus dar an té chómhnuigheas ann. Agus an té dhearbhuigheas dar neamh, dearbhuigheann sé dar ríogh‐chathaoir Dé, agus dar an té atá ’n‐a shuidhe innti. Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir gearrann sibh deachmha ar mhiontas, agus ar ainís, agus ar choimín, agus fágann sibh na neithe is tábhachtaighe de’n dlighe gan déanam, cóir, agus trócaire, agus creideamh: acht ba cheart daoibh iad so do chleachtadh, gan faillighe do dhéanamh ins na neithibh eile. A threoraidhthe dalla, scagas an mhíoltóg, agus shloigeas an camall. Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis, agus iad lán de shainnt agus d’ainmheasaracht ar an taobh istigh. A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtús an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionnas go mbéidh an taobh amuigh glan chómh maith. Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairsíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir is cosmhail sibh le tuamaibh aolta, bhíos go taithneamhach le feicsin ar an taobh amuigh, acht atáid istigh lán de chnámhaibh daoine marbh, agus de’n uile bhréantas. Mar sin daoibh‐se: bíonn cuma na fíréantachta oraibh i bhfiadhnaise na ndaoine, acht bíonn sibh istigh lán d’fhuar‐chrábhadh agus de chuirptheacht. Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus maisigheann sibh leachta na bhfíréan, agus adeir sibh, Dá mbéimís‐ne beo le linn ár sinnsear, ní bhéimís páirteach leo i gcúis fola na bhfáidh. D’á bhrigh sin is fiadhnaise ’n‐bhúr n‐aghaidh féin do‐ghní sibh, gur sibh‐se clann na ndaoine do mharbh na fáidhe. Líonaidh‐se, mar sin, tómhas bhúr sinnsear. A phiasta, a shliocht na nathrach nimhe, cionnas éalóchas sibh ó dhaor‐bhreith ifrinn? D’á bhrigh sin, féach, chuirim‐se chugaibh fáidhe, agus eagnaidhthe, agus scríobhaidhthe: marbóchaidh sibh cuid aca, agus céasfaidh sibh cuid aca; agus sciúrsálfaidh sibh cuid aca ’n‐bhúr sionagógaibh, agus ruaigfidh sibh ó chathair go cathair iad: go dtiocfaidh oraibh gach ar doirteadh d’fhuil na bhfíréan ar talamh, ó fhuil Aibéil fhíréanta go fuil Shachariais mhic Bharachiais, do mharbhabhar idir an sanctóir agus an altóir. Go fírinneach adeirimse libh, Tiocfaidh na neithe sin go h‐iomlán ar an díne seo. A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é! Féach, fágfar bhúr dteach ’n‐a uaigneas agaibh. Oir adeirim libh, Ní fheicfidh sibh feasta mé go n‐abróchaidh sibh, Is beannuighthe an té thig i n‐ainm an Tighearna. Agus d’imthigh Íosa ó’n teampall, agus do bhí sé ag dul ar a bhóthár; agus tháinig a dheisceabail chuige le foirignighthe an teampaill do thaisbeánadh dhó. Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Nach bhfeiceann sibh na neithe seo go léir? go fírinneach adeirim libh, Ní fágfar cloch ar muin cloiche annso, nach leagfar. Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann, tháinig na deisceabail chuige ar leithridh, g‐á rádh. Innis dúinn, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin chum críche? agus cad é cómhartha do theachta, agus deiridh an tsaoghail? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire ar eagla go meallfaidh aoinneach sibh. Óir tiocfaidh mórán im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise an Críost; agus meallfaid‐sean a lán. Agus do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ráflaí ar chogadh: féachaidh chuige nach dtiocfaidh buaidhirt aigne oraibh: óir caithfidh na neithe sin do theacht chum críche; acht ní fhuil an deireadh ann fós. Óir éireochaidh cineadh i n‐aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n‐aghaidh ríoghachta: agus béidh gortaí agus creatha talmhan ’n‐a lán áiteann. Acht ní fhuil ins na neithibh sin go léir acht tosach na buaidheartha. Annsin do‐bhéarfaidh siad chum géir‐leanamhna sibh, agus marbhóchaidh siad sibh: agus béidh fuath ag na cinidheachaibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainm‐se. Annsin bainfear bárr‐thuisleadh as a lán, agus braithfid a chéile. Agus éireochaidh mórán fáidh bréige, agus meallfaid‐sean a lán. Agus de dheascaibh na cuirptheachta bheith ag dul i méid, fuaróchaidh carthannacht móráin. Acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar. Agus craobhscaoilfear an soiscéal so na ríoghachta ar fud an domhain uile mar fhiadhnaise do na cinidheachaibh go léir; agus annsin tiocfaidh an deireadh. D’á bhrigh sin, nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta, ar ar labhair Dainial fáidh, ’n‐a sheasamh sa naomh‐áit (an té léigheas, tuigeadh sé), annsin na daoine atá i nIúdaea, teichidís chum na gcnoc: an té atá ar mhullach an tighe, ná tigeadh sé anuas leis na neithe atá ’n‐a thigh do bhreith leis; agus an té atá ar an machaire, ná casadh sé ar ais le n‐a bhrat do thógáil. Agus is mairg do na mnáibh torrcha, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch ins na laethibh sin! Agus guidhidh nach sa ngeimhreadh bhéas bhúr dteicheadh, ná ar an tsabóid: óir béidh cruadhtan annsin nach raibh a leithéid ann ó thosac an domhain go dtí seo, nach raibh, agus nach mbéidh arís go deoidh. Agus muna mbéadh gur giorruigheadh na laethe sin, ní fuasclóchaidhe aon duine beo: acht ar son na bhfíréan toghtha giorróchar na laethe sin. Annsin má deir aoinneach libh, Féach, atá an Críost annso, nó, annso, ná creididh é. Óir éireochaidh Críostanna bréige, agus fáidhe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cómharthaí agus iongantaisí móra, d’fhonn na fíréin toghtha féin do mhealladh, má’s féidir é. Féach atá inniste agam daoibh roimh ré. D’á bhrigh sin, má abróchar libh, Feach, atá sé sa bhfásach; ná téighidh‐se amach: Féach, atá sé istigh ins na cúil‐sheomraibh; ná creididh é. Óir, ar nós na teinntrighe thig ó’n domhan thoir, agus do‐chítear chómh fada leis an domhan thiar; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine. Cibé áit ’n‐a mbíonn an conablach, is annsin chruinneochas na h‐iolair le chéile. Acht annsin, tar éis anró na laethe sin, dorchóchaidh an ghrian, agus ní thiubhraidh an ghealach a solas, agus tuitfidh na réaltana ó’n spéir, agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á suathadh: agus annsin do‐chífear cómhartha Mhic an Duine sa spéir: agus annsin caoidhfidh cinidheacha an domhain, agus do‐chífid Mac an Duine ag teacht ar scamallaibh neimhe le cumhacht agus le sárghlóir. Agus cuirfidh se a aingil amach le glaodh mór stuic, agus baileochaidh siad a fhiréin ó na ceithre gaothaibh, ó imeall go h‐imeall neimhe. Foghlaimidh samhlaoid ó’n gcrann fige: nuair bhíos a ghéag bog, agus an duilleabhar ag teacht uirthi, bíonn a fhios agaibh go bhfuil an samhradh i ngiorracht daoibh; mar sin daoibh‐se, nuair chífeas sibh na neithe sin go léir, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i ngar daoibh, ins na dóirsibh féin. Go fírinneach adeirim libh, Ní imtheochaidh an ghlún seo go dtiocfaidh na neithe seo uile chum críche. Rachaidh spéir agus talam ar ceal: acht ní rachaidh mo bhriathra‐sa ar ceal. Acht i dtaobh an lae sin, agus i dtaobh na h‐uaire sin, ní fhuil a fhios ag aon duine, fiú amháin ag na h‐ainglibh ar neamh, ná ag an Mac, acht ag an Athair amháin. Agus fá mar bhí i laethibh Naoi, mar sin bhéas teacht Mhic an Duine. Óir, fá mar bhíodar ins na laethibh roimh an dílinn, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá ’n‐a ndeachaidh Naoi isteach san airc, agus níor mheabhruigheadar éinnidh nó go dtáinig an díle agus gur scuab sí iad go léir léi; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine. Annsin béidh beirt ar an machaire; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile: béidh beirt bhan ag meilt sa muileann; tógfar bean aca, agus fágfar an bhean eile. Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin; óir ní fios daoibh cá h‐uair thiocfas bhúr dTighearna. Acht bíodh a fhios so agaibh, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cé’n uair ’n‐a dtiocfadh an gadaidhe, do bhéadh sé ag faire agus ní cheadóchadh sé go mbrisfidhe isteach ’n‐a thigh. D’á bhrigh sin, bidhidh‐se ullamh, leis, óir an uair nach mbíonn sibh ag súil leis is eadh thiocfas Mac an Duine. Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth? Is aoibhinn do’n tseirbhíseach úd, ar theacht d’á thighearna, go bhfaighidh sé é g‐á dhéanamh sin. Go fírinneach adeirim libh, go gcuirfidh sé os cionn a bhfuil aige é. Acht, má’s droch‐sheirbhíseach é, agus go n‐abrann sé ’n‐a chroidhe, Atá mo thighearna i bhfad gan teacht; agus go dtosnuigheann sé ar a chóimhsheirbhísigh do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól i bhfochair luchta meisce; tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh úd an lá nach bhfuil coinne aige leis, agus an uair nach bhfuil a fhios aige, agus gearrfaidh sé as a chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i bhfochair luchta an fhuar‐chrábhaidh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. Annsin béidh ríoghacht na bhflaitheas cosmhail le deichneabhar maighdean, do ghlac a lóchrainn, agus do chuaidh amach fá dhéin an fhir nua‐phósta. Agus do bhí cúigear díobh dí‐chéillidhe, agus do bhí cúigear eile céillidhe. Óir, iad‐san do bhí dí‐chéillidhe, nuair do ghlacadar a lóchrainn, ní thugadar íle leo: acht thug siad‐san a bhí cé illidhe íle ’n‐a soithighibh chómh maith leis na lóchrannaibh. Agus ó bhí moill ar an bhfear nua‐phósta, tháinig táimh‐néall ortha agus do‐chuadar a chodladh. Acht ar uair an mheadhon‐oidhche d’éirigh an gháir, Féach, an fear nua‐phósta! Téighidh amach ’n‐a airchis. Agus d’éirigh na maighdeana sin, agus do chuireadar a lóchrainn i bhfearas. Agus adubhairt an chuid aca a bhí dí‐chéillidhe leo‐san do bhí ciallmhar, Tabhraidh dhúinn beagán de bhúr gcuid íle; óir atá ár lóchrainn ag dul i n‐éag. Acht d’fhreagair an dream ciallmhar, agus adubhradar, Do b’fhéidir nach mbéadh ár ndóthain ann dúinne agus daoibh‐se: do b’fhearr daoibh dul chum na gceannaidhe, agus cuid do cheannach dhaoibh féin. Agus fad agus bhíodar ag imtheacht g‐á cheannach, tháinig an fear nua‐phósta; agus na daoine do bhí ullamh do chuadar isteach leisean chum na bainse: agus do dúnadh an doras. I n‐a dhiaidh sin tháinig na maighdeana eile, agus adubhradar, A Thighearna, a Thighearna, foscail dúinn‐ne. Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Go deimhin adeirim libh, Ní fhuil aithne agam oraibh. Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin, óir ní h‐eol daoibh an lá ná an uair. Óir is amhlaidh atá, mar do bhéadh duine, do ghlaodh chuige a searbhóntaí, ag imtheacht ar aistear dó, agus thug a mhaoin dóibh. Agus thug sé cúig tallanna do dhuine aca, agus dhá thalainn do dhuine eile, talann amháin do dhuine eile; do gach duine de réir a ghustail; agus d’imthigh sé ar a aistear. Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imthigh sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaidheacht leo, agus do ghnóthuigh sé cúig tallanna eile. Ar an gcuma chéadna, an duine fuair an dá thallainn, do ghnóthuigh seisean dhá thallainn eile. Acht an té fuair an aon talann amháin, d’imthigh sé agus do thochail sé poll sa talamh, agus do chuir sé airgead a thighearna i bhfolach ann. Agus tar éis tamaill fhada tháinig tighearna na searbhónta úd, agus do‐rinne sé cunntas leo. Agus an té fuair na cúig tallanna, tháinig sé agus thug sé cúig tallanna sa mbreis leis, agus adubhairt, A thighearna, thugais cúig tallanna dhom: féach, atá cúig tallanna eile gnóthuighthe agam. Adubhairt a thighearna leis, Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis: do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna. Agus an té fuair an dá thallainn, tháinig sé agus adubhairt A thighearna, thugais dhá thallainn dom: féach atá dhá thallainn eile gnóthuighthe agam. Adubhairt a thighearna leis Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis; do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna. Agus an té fuair talann amháin, tháinig sé agus adubhairt, A thighearna, do bhí a fhios agam gur duine cruaidh thú, ag baint i n‐áit nár chuiris riol, agus ag cnuasach i n‐áit nár cháithis: agus do bhí eagla orm, agus d’imthigheas agus do chuireas do thallann i bhfolach sa talamh; féach, sin é do chuid féin agat. Acht d’fhreagair a thighearna agus adubhairt sé leis, A dhroch‐shearbhónta dhíomhaoin, do bhí a fhios agat go mbainim i n‐áit nár chuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár cháitheas; ba cheart duit, d’á bhrigh sin, mo chuid airgid thabhairt do na banncairibh, go bhfaighinn mo chuid féin le brabach ag teacht dom. Bainidh dhe, d’á bhrigh sin, an tallann, agus tabhraidh í do’n té sin ag a bhfuil na cúig tallanna. Óir an té ag a bhfuil nidh dobhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh fiú amháin a bhfuil aige. Agus caithidh amach an searbhónta neam‐hthairbheach sa dorchacht atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. Acht nuair thiocfas Mac an Duine ’n‐a ghlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinfheacht leis, suidhfidh sé annsin i gcathaoir a ghlóire: agus cruinneochar na cineadhacha uile os a chómhair: agus deaghlóchaidh sé ó chéile iad, mar dheaghluigheas an t‐aodhaire na caoirigh ó na gabharaibh: agus cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis, agus na gabhair ar a láimh chlé. Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain: óir do bhí ocras orm, agus thugabhar rud le n’ithe dhom: bhí tart orm, agus thugabhar le n’ól dom: bhíos im’ choimhthigheach, agus d’fháiltigheabhar rómham: do bhíos lomnocht, agus do chuireabhar éadaighe orm: do bhíos breoite, agus thángabhar dom’ fhéachaint: bhíos i bpríosún, agus thángabhar chugam. Annsin freagróchaidh na fíréin é, g‐á rádh, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras agus go dtugamar biadh dhuit? nó fá thart, agus go dtugamar deoch duit? Agus cá h‐uair chonnacamar thú id’choimhthigheach agus gur fháiltigheamar rómhat? nó lomnocht, agus gur chuireamar éadaighe ort? No, cá h‐uair chonnacamar thú breoite, nó i bpríosún, agus go dtángamar chugat? Agus freagróchaidh an Rí agus adéarfaidh sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Cibé nidh do‐rinneabhar do’n duine is suaraighe dem’ bhráithribh annso, gur damh‐sa do‐rinneabhar é. Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh: óir bhí ocras orm, agus ní thugabhar biadh dhom: bhí tart orm, agus ní thugabhar deoch dom: bhíos im’ choimhightheach, agus níor fháiltigheabhar rómham; bhíos lomnocht, agus níor chlúduigheabhar mé; breoite, agus i bpríosún, agus ní thángabhar chugam. Annsin freagróchaid siad‐san, leis, agus adéarfaidh siad, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras, nó fá thart, nó id’ chomhightheach, nó lomnocht, nó breoite, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar fortacht ort? Annsin freagróchaidh seisean, g‐á rádh, Adeirim libh go fírinneach, Ó’s rud é nach ndearnabhar é d’aoinneach de na daoinibh seo is suaraighe, nach ndearnabhar damh‐sa é. Agus imtheochaidh siad‐so isteach i bpeannaid shíorraidhe: acht imtheochaidh na fíréin isteach sa mbeathaidh shíorraidhe. Agus tharla, nuair do bhí na briathra sin go léir críochnuighthe ag Íosa, go ndubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Atá a fhios agaibh go mbéidh an cháisc ann tar éis dá lá, agus go dtabharfar Mac an Duine suas d’á chéasadh. Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart, agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an árd‐shagairt, dárbh ainm Cáiafas; agus do‐rinneadar cómhairle le chéile chum go mbéarfaidís ar Íosa le feall, go marbhóchaidís é. Acht adubhradar, Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireochadh toirmeasc i measc an tsluaigh. Agus nuair do bhí Íosa i mBétánia, i dtigh Shíomóin lobhar, tháinig chuige bean ag a raibh crúsca alabastair agus uinneimeint an‐luachmhar ann, agus do dhoirt sí ar a cheann í, agus é ’n‐a shuidhe ag an mbórd. Acht, ar n‐a fheicsin sin do na deisceablaibh, d’éirigheadar mí‐chéadfach, g‐á rádh, Cad chuige an diomailt seo? Óir do b’fhéidir an uinnimeint seo do dhíol ar mhórán, agus a tabhairt do na bochtaibh. Acht do‐chuala Íosa é, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur buaidheartha ar an mnaoi? Óir is maith an gníomh atá déanta aici orm. Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhéidhead‐sa i gcómhnaidhe i n‐bhúr bhfochair. Óir, ag doirteadh na h‐uinnimeinte seo ar mo chorp‐sa dhí, is fá chómhair m’adhlaicthe do‐rinne sí é. Go fírinneach adeirim libh, cibé áit ar fud an domhain ar fad ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal so, inneosfar, leis, an gníomh do‐rinne an bhean so, mar chuimhne uirthi. Annsin do chuaidh duine de’n dáréag, dárbh ainm Iúdás Iscariót, chum uachtarán na sagart, agus adubhairt sé, Créad is toil libh thabhairt dom, agus do‐bhéarfad suas daoibh é? Agus do mheadhuigheadar dó deich bpíosaí fichead airgid. Agus ó’n am sin amach do bhí sé ag iarraidh uaine chum a thabhairt suas dóibh. Agus an chéad lá d’fhéile an aráin gan laibhín, tháinig na deisceabail chum Íosa, agus adubhradar, Cá’r mhian leat go n‐ullmhóchaimíd an cháisc duit le n‐a h‐ithe? Agus adubhairt sé, Téidhidh isteach sa gcathair chum a leithéide seo de dhuine, agus abraidh leis, Adeir an Máighistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollamhnú na cásca id’ thigh‐se i bhfochair mo dheisceabal. Agus do‐rinne na deisceabail mar d’órduigh Íosa dhóibh; agus d’ullmhuigheadar an cháisc. Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, do bhí sé ’n‐a shuidhe i bhfochair a dháréag deisceabal; agus le linn dóibh bheith ag ithe, adubhairt sé, Adeirim libh go fírinneach, go mbraithfidh duine agaibh‐se mé. Agus tháinig cumha an‐mhór ortha, agus do thosnuigheadar uile ar a rádh leis, An mise é, a thighearna? Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, An té do chuir a lámh sa méis chéadna liom, is eisean bhraithfeas mé. Atá Mac an Duine ag imtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr‐de an fear sin dá mba nach rugadh é ariamh. Agus d’fhreagair Iúdás, an fear do bhraith é, agus adubhairt, An mise é, a Rabbí? Adubhairt seisean leis, Adubhrais é. Agus le linn dóibh bheith ag ithe, do ghlac Íosa arán, agus do bheannuigh, agus do bhris sé é; agus thug sé d’á dheisceablaibh é, agus adubhairt, Glacaidh, agus ithidh é; is é seo mo chorp. Agus do thóg sé cupán, agus do ghabh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh‐sean é, g‐á rádh, Ólaidh uile as so; óir is í seo m’fhuil, fuil an tiomna nua, doirtear ar son móráin chum maitheamhnais na bpeacadh. Acht adeirim libh, Ní ólfad feasta de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon libh‐se i ríoghacht m’Athar. Agus tar a éis dóibh iomann do chanadh, do chuadar amach go Cnoc na nOla‐chrann. Annsin adubhairt Íosa leo, Do‐gheobhaidh sibh uile scannal ionnaim‐se anocht: óir atá scríobhtha, Buailfead an t‐aodhaire, agus scaipfear caoirigh an tréada. Tar éis m’aiséirighthe, ámh, rachad rómhaibh go dtí an Ghalilé. Acht d’fhreagair Peadar agus adubhairt sé leis, Bíodh go bhfaigheadh cách scannal ionnat, ní fhaighead‐sa scannal choidhche. Adubhairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneach, sara nglaodhfaidh an coileach anocht féin, go séanfair mé fá thrí. Adubhairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhair na deisceabail uile ar an gcuma chéadna. Annsin tháinig Íosa mar aon leo go h‐áit ar a dtugtar Getsémané; agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Suidhidh‐se annso, go dtéighead‐sa annsúd anonn agus go ndéanad urnaighe. Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebedé, agus do thosnuigh sé ar bheith an‐bhrónach, an‐bhuaidheartha. Annsin adubhairt sé leo, Atá brón mór ar m’anam go ponnc an bháis: fanaidh‐se annso, agus déanaidh faire mar aon liom. Agus d’imthigh sé uatha achar beag, agus do thuit sé ar a aghaidh, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, má’s féidir é, gabhadh an cupán so uaim: ná déantar, ámh, mar is toil liom‐sa, acht mar is toil leat‐sa. Agus tháinig sé chum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, An amhlaidh nár fhéadabhar faire uaire amháin do dhéanamh mar aon liom? Déanaidh faire agus bidhidh ag guidhe, chum nach rachaidh sibh i gcathú: bíonn an spioraid toilteanach, acht bíonn an cholann lag. D’imthigh sé arís an dara h‐uair, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, muna féidir go ngabhfadh an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do thoil‐se. Agus tháinig sé arís agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, mar do bhí a súile an‐trom. Agus d’fhág sé arís iad, agus do‐rinne sé guidhe an treas uair, agus é ag ath‐rádh na bhfocal céadna. Annsin tháinig sé chum na ndeisceabal, agus adubhairt sé leo, Codlaidh anois, agus déanaidh bhúr suaimhneas: féach, atá an uair druidthe linn, agus atá Mac an Duine d’á thabhairt i lámhaibh na bpeacach. Éirighidh, bímís ag gluaiseacht: féach, an té bhraithfeas mé, atá sé i bhfogas dúinn. Agus le linn dó bheith ag labhairt, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh mór ’n‐a chuideachtain, agus claidhmhte agus bataí aca, tháinig siad ó uachtaránaibh na sagart agus ó sheanóiribh an phobail. Agus an fear do bhraith é, thug sé cómhartha dhóibh, g‐á rádh, An té d’á dtabharfad‐sa póg, is eisean é: beiridh air. Agus ar an láthair tháinig sé chum Íosa, agus adubhairt sé. Go mbeannuighthear duit, a mháighistir; agus do phóg sé é. Agus adubhairt Íosa leis, A chara, an nidh gur chuige tháinig tú, déan é. Thángadar annsin agus fuaradar greim láimhe ar Íosa, agus do ghabhadar é. Agus féach, duine dhíobh‐san do bhí i bhfochair Íosa, do shín sé amach a lámh, agus do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé a leath‐chluas de. Annsin adubhairt Íosa leis, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a ionad: óir gach duine ghlacas an claidheamh, is le claidheamh thuitfeas sé. Nó an measann tú nach féidir liom glaodhach ar m’Athair, agus cuirfidh sé chugam anois díreach tuilleadh agus dhá léigiún déag d’ainglibh? Acht cionnas do cóimhlíonfaidhe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caithfear a bheith? Adubhairt Íosa an uair sin leis an sluagh, An le claidhmhtibh agus le bataibh thángabhar amach chum beirthe orm mar bhéadh bitheamhnach ann? Do bhíos im’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasc, agus ní rugabhar orm. Acht tháinig an méid seo chum críche ionnas go gcóimhlíonfaidhe scrioptúirí na bhfáidh. Annsin do thréig na deisceabhail go léis é, agus do theicheadar. Agus na daoine do rug ar Íosa do threoruigheadar é go tigh Cháiafais, an t‐árd‐shagart, mar a raibh na scríobhaidhthe agus na seanóirí cruinnighthe le chéile. Acht do bhí Peadar g‐á leanmhain i bhfad siar, go h‐árus an árd‐shagairt, agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé i bhfochair na maor go bhfeicfeadh sé an críochnú. Agus do bhí uachtaráin na sagart agus an árd‐chómhairle uile ag iarraidh fiadhnaise bhréige d’fhágháil i n‐aghaidh Íosa, go ndaorfaidís chum báis é; agus ní fhuaradar éinnidh, gidh go dtáinig a lán fiadhnaidhthe bréige i láthair. Acht fá dheireadh tháinig beirt fhiadhnaidhthe bréige adubhairt, Adubhairt an fear so, Atá ar chumas damh‐sa teampall Dé do leagadh, agus a thógáil arís i gceann trí lá. Agus d’éirigh an t‐árdshagart ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leis, Nach bhfuil freagra ar bith agat? créad an fhiadhnaise atá aca siúd d’á tabhairt it’ aghaidh? Acht d’fhan Íosa ’n‐a thost. Agus adubhairt an t‐árd‐shagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé bhí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé. Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe. Annsin do réab an t‐árd‐shagart a éadaighe, agus adubhairt, Dia‐mhasladh atá déanta aige: créad é an gábhadh atá againn le n‐a thuilleadh fiadhnaidhthe? Féach, do‐chualabhar anois an dia‐mhasladh: créad do‐chítear daoibh? D’fhreagradar agus adubhradar, Atá bás tuillte aige. Annsin do chaitheadar seilí ’n‐a éadan air, agus do ghabhadar de dhornaibh air: agus do bhuail cuid aca buillí boise air, g‐á rádh, Déan fáidheadóireacht dúinn, a Chríost: cia h‐é do bhuail thú? Agus do bhí Peadar n‐a shuidhe sa gcúirt amuigh: agus tháinig cailín chuige, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa an Galiléach. Acht do shéan seisean é i bhfiadhnaise a raibh ann, g‐á rádh, Ní fhuil a fhios agam créad atá agat d’á rádh. Agus nuair do bhí sé imthighthe amach sa bpóirse, do chonnaic cailín eile é, agus adubhairt sí leo‐san do bhí ann, Do bhí an fear so, leis, i bhfochair Íosa Nasardha. Agus do shéan seisean arís é ag tabhairt na mionn, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. Agus tar éis scathaimh bhig tháinig siad‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh, agus adubhradar le Peadar, Go dearbhtha is duine dhíobh súd thusa; óir scéitheann blas do chainnte ort. Annsin do thosnuigh seisean ar eascainighe agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine. Agus ar an móiméid sin go díreach do ghlaodh an coileach. Annsin do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa, Sara nglaodhfaidh an coileach, séanfair‐se mé fá thrí. Agus d’imthigh sé amach, agus do chaoi sé go géar, brónach. Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é: agus do cheangladar é, agus thugadar suas do Phíoláid an riaghaltóir é. Annsin, ar n‐a fheicsin do Iúdás, an té do bhraith é, go raibh sé daortha, do ghabh aithreachas é, agus thug sé na deich bpíosaí fichead airgid ar ais d’uachtaránaibh na sagart agus do na seanóiribh, g‐á rádh, Do‐rinneas peacadh, nuair do dhíolas an fhuil neamh‐chionntach. Acht adubhradar‐san, Créad é sin dúinne? Féach féin chuige. Agus do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampall, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh agus do chroch sé é féin. Agus do thóg uachtaráin na sagart na deich bpíosaí fichead airgid, agus adubhradar, Ní dleaghthach iad do chur sa gciste, mar is airgead fola iad. Agus do ghlacadar cómhairle le chéile, agus do cheannuigheadar leo gort an chriadóra, chum coimhighthigh d’adhlacadh ann. Ar an adhbhar sin do glaodhadh, gort na fola, ar an ngort úd, go dtí an lá indiu. Annsin do cóimhlíonadh a ndubhairt ieremias fáidh, Agus do ghlacas na deich bpíosaí fichead airgid, luach an té do bhí fá mheas, an té do bhí fá mheas ag clainn Israel; agus thugas iad ar ghort an chriadóra, mar d’órduigh an Tighearna dhom. Agus do bhí Íosa ’n‐a sheasamh i láthair an riaghaltóra: agus d’fhiafruigh an riaghaltóir dhe, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus adubhairt Íosa leis, Adeirir é. Agus nuair do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n‐a leith, níor fhreagair sé oiread agus focal. Annsin adubhairt Píoláid leis, Nach gcluineann tú an méid fiadhnaise atá aca san d’á chur id’ leith? Agus ní thug sé freagra ar bith ortha: i dtreo go raibh iongnadh mór ar an riaghaltóir. Ba ghnáth leis an riaghaltóir, le linn na féile, príosúnach amháin do scaoileadh chum an tsluaigh, an té ba mhian leo. Agus do bhí aca, an t‐am sin, cime iomráidhteach darbh ainm Barabbas. Agus nuair do bhíodar cruinnighthe le chéile, adubhairt Píoláid leo, Cia aca do b’áil libh do scaoilfinn saor chugaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? Óir do bhí a fhios aige gur le formad thugadar ar láimh é. Agus le linn bheith ’n‐a shuidhe dhó i gcathaoir an bhreitheamhnais, do chuir a bhean teachtaireacht chuige, g‐á rádh, Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’fhulaingeas i mbrionglóid indiu mar gheall air. Do spreag uachtaráin ná sagart agus na seanóirí an sluagh, ámh, chum Barabbas d’iarraidh, agus chum Íosa do chur chum báis. Acht d’fhreagair an riaghaltóir agus adubhairt sé leo, Cia aca de’n bheirt is áil libh go scaoilfinn chugaibh? Agus adubhradar, Barabbas. Adubhairt Píoláid leo, Agus créad do‐ghéanad do’n té ar a dtugtar Criost? Adubhradar uile, Céastar é. Adubhairt seisean, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht do liúghadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, Céastar é. Agus nuair do chonnaic Píoláid nach raibh aon mhaith dhó ann, acht go raibh gleo ag éirghe, do ghlac sé uisce chuige, agus do nigh sé a lámha i bhfiadhnaise an tsluaigh, g‐á rádh, Ní fhuilim‐se cionntach i bhfuil an fhíréin seo: féachaidh‐se chuige. Agus d’fhreagair na daoine go léir, Orainn féin agus ar ár gclainn a chuid fola! Annsin do scaoil sé saor chuca Barabbas: acht do sciúrsál sé Íosa agus thug sé suas é chum a chéasta. Annsin rug saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leo isteach sa bpálás, agus do chruinnuigheadar chuige an bhuidhean iomlán. Agus do bhaineadar na h‐éadaighe dhe, agus do chuireadar brat corcra air. Agus do shníomhadar coróin spíne agus do chuireadar ar a cheann í, agus do chuireadar giolcach ’n‐a láimh dheis; agus do shléachtadar ar a nglúnaibh dhó, ag tabhairt masla dhó, g‐á rádh, Go mbeannuighthear duit, a Rí na nIúdach! Agus do chaitheadar seilí air, agus do ghlacadar an giolcach agus do bhuaileadar sa gceann leis é. Agus nuair do bhí an magadh déanta aca, do bhaineadar an brat de, agus do chuireadar a chuid éadaighe féin air, agus do threoruigheadar amach é chum a chéasta. Agus ag dul amach dhóibh fuaradar duine ó Churéné darbh ainm Síomón: do chuireadar d’fhiachaibh airsean dul i n‐éinfheacht leo, agus an chroch d’iomchar dó. Agus nuair thángadar go h‐áit ar a dtugtar Golgotá, is é sin, áit cloiginn, thugadar dó fíon le n’ól agus domblas measctha leis: agus nuair do bhlais sé é ní ólfadh sé é. Agus nuair do chéasadar é, do roinneadar a chuid éadaighe eadortha, g‐á gcur ar crannaibh: agus do shuidheadar ag faire air. Agus do chuireadar os a chionn teideal a chúise i scríbhinn, IS É SEO ÍOSA RÍ NA nIÚDACH. Annsin do céasadh mar aon leis beirt bhitheamhnach, duine aca ar a láimh dheis, agus duine ar a láimh chlé. Agus na daoine do ghabhadh thairis thugadar masla dhó, ag crothadh a gceann, agus g‐á rádh, Thusa leagas teampall Dé agus thógas é i gceann trí lá, saor thú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroich. Ar an gcuma chéadna do bhí uachtaráin na sagart mar aon leis na scríobhaidhthibh agus leis na seanóiribh, bhíodar ag magadh faoi, g‐á rádh, Do shaor sé daoine eile; ní fhuil ar chumas dó é féin do shaoradh. Is é Rí Israel é; tigeadh sé anuas ó’n gcroich, agus creidfimíd ann. Cuireann sé a mhuinighin as Dia; saoradh Sé anois é, má’s áil leis é, óir adubhairt sé, Is mé Mac Dé. Agus na bitheamhnaigh do bhí d’á gcéasadh mar aon leis, thugadar‐san an masla céadna dhó. Agus ó’n sémhadh h‐uair do leath dorchadas ar an tír go léir go dtí an naomhadh h‐uair. Agus timcheall na naomhadh h‐uaire do ghlaodh Íosa amach de ghuth árd, g‐á rádh, Élí, Elí, lamá sabachtaní? is é sin, A Dhia, a Dhia, cad chuige ar thréig tú mé? Agus ar n‐a chlos sin do chuid díobh‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh, adubhradar, Is ag glaodhach ar Élias atá sé sin. Agus ar an láthair do rith duine aca, agus ag glacadh spuinnc dó, do líon sé de bhínéagra é, agus chuir sé ar bhárr giolcaigh é, agus thug sé le n’ól dó é. Agus adubhairt an chuid eile, Leig dó; feicimís an dtiocfaidh Élias g‐á shaoradh. Agus d’éighimh Íosa arís de ghuth árd, agus thug sé a anam uaidh. Agus féach, do réabadh brat an teampaill ’n‐a dhá chuid ó bhárr go bun; agus do luasc an talamh; agus do scoilt na carraigeacha; agus do foscladh na tuamaí; agus d’éirigh mórán de chorpaibh na naomh do bhí n‐a gcodladh; agus ag teacht amach as na tuamaibh dóibh tar éis a aiséirighthe, do chuadar isteach sa gcathair naomhtha, agus d’fhoillsigheadar iad féin do mhórán. Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha, agus adubhradar, Go fírinneach do b’é Mac Dé é sin. Agus do bhí ann mórán ban i bhfad uaidh ag féachain air, mná do lean Íosa ó’n nGalilé, ag friotháileamh air: ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais agus Iósés, agus máthair clainne Sebedé. Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig duine saidhbhir ó Arimatéa darbh ainm Seosamh, do bhí ’n‐a dheisceabal ag Íosa: do chuaid an duine sin chum Phíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air, agus d’órduigh Pioláid an corp do thabhairt dó. Agus do ghlac Seosamh an corp, agus d’fhill sé i línéadach glan é, agus do chuir sé ’n‐a thuama nua féin é, do bhí gearrtha i gcarraig aige: agus d’iontuigh sé leac mhór thar bhéal an tuama, agus d’imthigh sé. Agus do bhí Máire Mhagdaléné agus an Mháire eile ann, ’n‐a suidhe os cómha ir an tuama. Agus lá ar n‐a bhárach, an lá tar éis an Ullmuighthe, do bhí uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh cruinnighthe le chéile i láthair Phioláid, agus adubhradar, A thighearna, is cuimhin linn go ndubhairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireochad arís. Tabhair órdú, d’á bhrigh sin, gárda do chur ar an tuama go dtí an tríomhadh lá, ar eagla go dtiocfadh a dheisceabail agus go ngoidfidís é, agus go n‐abróchaidís leis na daoinibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh: agus ba mheasa an feall deireannach ’ná an chéad fheall. Adubhairt Píoláid leo, Atá gárda agaibh: imthighidh, daingnighidh é mar is eol daoibh. D’imtigheadar‐san, agus do dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus an gárda ’n‐a bhfochair. Agus tar éis na sabóide, agus an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú, tháinig Máire Mhagdaléne agus an Mháire eile leis an tuama d’fheicsin. Agus féach, tháinig crioth mór talmhan; óir tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus d’iontuigh sé an chloch, agus do shuidh sé uirthi. Agus do bhí a ghnúis mar an teintreach, agus do bhí a éadaighe chomh geal leis an sneachta: agus le h‐eagla roimhe bhí an lucht coimhéadtha ar crioth, agus bhíodar i riocht daoine marbh. Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis na mnáibh, Ná bíodh aon eagla oraibh: tá a fhios agam go bhfuil sibh ar lorg Íosa, an té do céasadh. Ní annso atá sé; óir d’aiséirigh sé, fá mar adubhairt sé roimh ré. Tagaidh, féachaidh an áit ’n‐a raibh an Tighearna ’n‐a luighe. Agus imthighidh anois go luath, agus innisidh d’á dheisceablaibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh; agus féach, atá sé ag dul rómhaibh do’n Ghalilé; chífidh sibh annsin é: féach, adubhras‐sa libh é. Agus d’imthigheadar‐san go luath ó’n tuama agus eagla agus an‐áthas ortha, agus do ritheadar chum an scéal d’innsin d’á dheisceablaibh. Agus féach, do casadh Íosa ortha, agus adubhairt sé, Go mbeannuighidh Dia dhaoibh. Agus thángadar agus rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é. Annsin adubhairt Íosa leo, Ná bíodh eagla oraibh: imthighidh agus abraidh lem’ bhráithribh imtheacht do’n Ghalilé, agus do‐chífidh siad annsin mé. Agus ag imtheacht dóibh, féach, tháinig cuid de na gárdaibh isteach sa gcathair, agus d’inniseadar d’uachtaránaibh na sagart gach a dtarla. Agus nuair do chruinnigh siad le chéile i bhfochair na seanóir, agus do ghlacadar cómhairle le chéile, thugadar mórán airgid do na saighdiúiribh, g‐á rádh, Abraidh‐se, Tháinig a dheisceabail fá scáth na h‐oidhche, agus do ghoideadar é, nuair do bhío mairne ’n‐ár gcodladh. Agus má chluineann an riaghaltóir ’n‐a thaobh, labharfaimíd‐ne leis, agus cuirfimíd slán ó bhaoghal sibh‐se. Agus do ghlacadar‐san an t‐airgead, agus do‐rinneadar fá mar adubhradh leo: agus do leath an scéal sin i measc na nIúdach go dtí an lá indiu. Acht do chuaidh an t‐aon deisceabal déag do’n Ghalilé, go dtí an cnoc mar a ndearna Íosa coinne leo. Agus nuair do‐chonnacadar é, d’adhradar é: acht do bhí amhras ar chuid aca. Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh. Imthighidh‐se, d’á bhrigh sin, agus déanaidh deisceabail as na náisiúnaibh go léir, g‐á mbaisteadh i n‐ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh: g‐á theagasc dóibh gach ar órduigheas daoibh do chóimhlíonadh, agus féach, atáim‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, go deireadh an tsaoghail. Tosach soiscéil Íosa Críost, Mic Dé. Mar atá scríobhtha ag Ésáias fáidh, Féach, cuirim rómhat mo theachtaire Ullmhóchas do shlighe rómhat. Guth an té ghlaodhas ins an bhfásach, Réidhtighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach; Do bhí Eoin ag baisteadh ins an bhfásach agus ag seanmórú baiste na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh. Agus do chuaidh tír Iúdaea uile agus muinntear Iarúsalem amach chuige agus do bhaist sé iad uile i sruth Iórnán agus iad ag admháil a bpeacadh. Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim, agus is é biadh d’itheadh sé lócaistí agus mil fhiadhain. Agus do rinne sé seanmóir ’g‐a rádh, Atá ag teacht im’ dhiaidh‐se duine is mó cumhacht ná mise, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go scaoilfinn iall a bhróg. Do bhaist mise sibh le h‐uisce; acht baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh. Agus tarla ins na laethibh sin go dtáinig Íosa ó Nasair na Galilé agus gur bhaist Eoin é i nIórnán. Agus ar an láthair, ar dteacht aníos dó as an uisce, do chonnaic sé na flaithis ar fhoscailt agus an Spiorad Naomh ag tuirling anuas air i riocht cuilm; agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain in a bhfuil mo mhór‐aoibhneas. Agus ar an láthair do sheol an Spiorad amach ins an bhfásach é. Agus do bhí sé ins an bhfásach dá fhichid lá ag fulang cathuighthe ó Shátan; agus do bhí sé i bhfochair na mbeithidheach n‐allta; agus do bhí na h‐aingil ag friotháileamh air. Agus tar éis Eoin do chur i bpríosún, tháinig Íosa isteach ’sa nGalilé ag craobhscaoileadh soiscéil Dé, agus é ’g‐a rádh, Atá an t‐am cóimhlíonta, agus atá ríoghacht Dé druidthe linn: déanaidh aithrighe, agus creididh do’n tsoiscéal. Agus ag siubhal dó le bruach mara Galilé, do chonnaic se Síomón agus Aindrias dearbhráthair Shíomóin ag teilgean lín isteach ins an bhfairrge: óir do b’iascairí iad. Agus adubhairt Íosa leo, Leanaidh mise agus do‐ghéanad iascairí ar dhaoinibh dhíbh. Agus ar an láthair d’fhágadar na líonta, agus do leanadar é. Agus, ag imtheacht dó achar beag ó’n áit sin, do chonnaic sé Séamas mac Shebedé agus Eoin a bhearbhráthair, do bhí ins an mbád ag cóiriú a líonta. Agus ar an láthair do ghlaodh sé ortha; agus d’fhágadar a n‐athair Sebedé ins an mbád i n‐éinfheacht leis an lucht tuarastail, agus do leanadar é. Agus do chuadar isteach i gCafarnaúm, agus do chuaidh sé isteach ins an tsionagóig, lá na sabóide, agus do rinne sé teagasc ann. Agus do chuir a theagasc iongnadh ortha: óir do theagaisc sé iad mar dhuine ag a raibh ughdarás, níorbh ionann agus na scríobhaidhthe é. Agus do bhí ’n‐a sionagóig‐sean fear ’n‐a raibh spioraid neamh‐ghlan; agus do ghlaodh seisean amach agus adubhairt, Cad é an bhaint atá againne leat, a Íosa Nasardha? An dtáinig tú chum sinn do scrios? Atá a fhios agam cia h‐é thusa, Aon Naomhtha Dé. Agus do bhagair Íosa air agus adubhairt, Bí id’ thost, agus tar amach as. Agus do réab an spioraid neamh‐ghlan é, agus, ag screadaigh de ghuth árd dí, tháinig sí amach as. Agus tháinig uathbhás ortha uile agus d’fhiafruigheadar díobh féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smacht go h‐ughdarásach ar na spioraidibh neamh‐ghlana féin, agus géilleann siad dó. Agus do leath a chlú láithreach ar fud críche Galilé fá gcuairt. Ar n‐imtheacht as an tsionagóig dóibh, thángadar isteach i dtigh Shíomóin agus Aindriais, i n‐éinfheacht le Séamas agus le h‐Eoin. Agus do bhí máthair mná Shíomóin ’n‐a luighe agus fiabhras uirthi, agus ar an láthair d’inniseadar dó ’n‐a taobh: agus tháinig sé, agus do rug sé ar láimh uirthi, agus do thóg sé aníos í: agus d’imthigh an fiabhras aisti, agus do rinne sí friotháileamh ortha. Agus, tar éis dul faoi do’n ghréin, tráthnóna, thugadar chuige na daoine ar a raibh easláinte, agus iad‐san ’n‐a raibh deamhain. Agus do bhí muinntear na cathrach uile cruinnighthe le chéile ag an doras. Agus do leigheas sé a lán daoine ar a raibh galair ilghnéitheacha, agus do chaith sé amach a lán deamhan; agus níor cheaduigh sé do na deamhanaibh labhairt, mar d’aithnigheadar é. Agus ar maidin, roimh fháinniú an lae go moch, d’éirigh sé agus do chuaidh sé amach, agus d’imthigh sé go h‐áit fhásamhail, agus do rinne sé urnaighe ann. Agus do lean Síomón agus siad‐san do bhí i n‐éinfheacht leis é; agus do fuaradar é, agus adubhradar leis, Atá gach aoinne ar do lorg. Agus adubhairt sé leo, Téighimís as so isteach ins na bailtibh beaga atá ’n‐ár n‐aice go ndéanad seanmóir annsin, leis; óir chuige seo is eadh thánag. Agus do chuaidh sé isteach i n‐a sionagógaibh ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caitheamh deamhan amach. Agus tháinig lobhar chuige, ag cur athchuinghe air, agus ag umhlú ar a ghlúnaibh dhó, adubhairt sé, Má’s toil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh. Agus thug Íosa truagh mhór dó, agus do shín sé amach a lámh agus do chuir sé air í, agus adubhairt; Is toil liom é; bí glan. Agus ar an láthair d’imthigh an lobhra dhe, agus do bhí sé glan. Agus thug sé foráileamh dhó, agus do chuir sé uaidh é ar an láthair, agus adubhairt sé leis, Seachain labhairt le h‐aon duine; acht imthigh agus taisbeán thú féin do’n tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta na neithe d’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh. Acht d’imthigh seisean amach, agus do thosnuigh sé ar an scéal d’innsint agus do chraobhscaoileadh go foirleathan, i dtreo nár fhéad Íosa dul isteach go poiblidhe i gcathair, acht gur fhan sé amuigh i n‐áiteannaibh fásamhla: agus tháinig na daoine chuige as gach áird. Agus, i gcionn roinnte laetheanta ’n‐a dhiaidh sin, do chuaidh sé isteach arís i gCafarnaúm; agus do‐chualathas go raibh sé ag baile. Agus do chruinnigh a lán daoine le chéile, i dtreo nach raibh slighe dhóibh ann, ná i dtimcheall an dorais féin: agus do labhair sé an briathar leo. Agus tháinig daoine chuige agus fear pairiliseach ar iomchur aca, ceathrar do bhí ’g‐a iomchur. Agus, de bhrigh nárbh fhéidir dhóibh teacht i ngar dó mar gheall ar an sluagh, do nochtadar bárr an tighe i n‐a raibh sé: agus do rinneadar foscailt ann, agus do leigeadar síos an leaba ar a raibh an fear pairiliseach ’n‐a luighe. Agus nuair do chonnaic Íosa a gcreideamh, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A mhic, atá do pheacaidhe maithte dhuit. Acht do bhí scríobhaidhte áirithe ’n‐a suidhe annsin, agus iad ag machtnamh ’n‐a gcroidheachaibh: Cad chuige a labhrann an fear so mar sin? dia‐mhasladh atá aige d’á dhéanamh: cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh acht Dia amháin? Agus ar an láthair, ar n‐a fheiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an machtnamh do bhi ’n‐a n‐aigne aca, adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheit ag machtnamh mar sin i n‐bhúr gcroidheachaibh? Cia is fusa, a rádh leis an bhfear pairiliseach, Atá do pheacaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh, agus tóg do leaba, agus siubhal? Acht, chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil cumhacht ar an domhan so ag Mac an Duine chum peacaidhe do mhaitheamh; (adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach), Adeirim‐se leat, Éirigh, agus tóg do leaba, agus imthigh go dtí do theach. Agus d’éirigh seisean ar an láthair, agus do thóg sé a leaba, agus d’imthigh sé amach i bhfiadhnaise a raibh ann; i dtreo go raibh uathbhás ortha uile, go dtugadar glóir do Dhia, agus iad ’g‐a rádh, Ní fhacamar a leithéid seo riamh. Agus d’imthigh sé amach arís chum na fairrge; agus tháinig an sluagh uile chuige, agus do theagaisc sé iad. Agus ag gábháil thairis dó, do chonnaic sé Lébhi mac Alfaéuis ’n‐a shuidhe ag bórd an chustuim, agus adubhairt sé leis, Lean‐sa mise. Agus d’éirigh seisean agus do lean sé é. Agus tarla, nuair do shuidh sé chum bidh ’n‐a thigh‐sean, gur shuidh mórán poibleacán agus peacach i gcuideachtain Íosa agus a dheisceabal: óir do bhí a lán aca ann agus iad ’g‐a leanamhain. Agus nuair do chonnaic scríobhaidhthe na bhFairisíneach é ag chaitheamh bidh i gcuideachtain poibleacán agus peacach, adubhradar le n‐a dheisceablaibh, Atá sé ag ithe agus ag ól i gcuideachtain poibleacán agus peacach. Agus nuair do‐chuala Íosa é, adubhairt sé leo, Ní h‐ag daoinibh sláinteamhla atá gábhadh le liaigh, acht ag daoinibh breoite: ní chum na fíréin do ghlaodhach thánag‐sa, acht chum na peacaigh do ghlaodhach. Agus do bhí deisceabail Eoin agus na Fairisínigh ag déanamh troscaidh: agus thángadar‐san agus adubhradar leis, Cad chuige a ndéanann deisceabail Eoin agus na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabail‐se troscadh? Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht na bainise troscadh do dhéanamh fad is bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a measc? fad is bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair, ní féidir leo troscadh do dhéanamh. Acht tiocfaidh na laethe ’n‐a mbéarfar uatha an fear nua‐phósta; déanfaid troscadh an lá sin. Ní fhuaghann aon duine giota d’éadach nua ar shean‐bhrat: má fhuaghann, bainfidh an preabán nua cuid de’n tsean‐éadach dhe, agus is measa‐de an stróic é. Agus ní chuireann aon duine fíon úr i seithibh críona: má chuireann, brisfidh an fíon úr na seithí, agus caillfear an fíon mar aon leis na seithibh: acht curtar fíon úr i seithibh nua. Agus tarla, ag gabháil tré ghortaibh arbhair dhó, lá na sabóide, gur thosnuigh na deisceabail, sa tsiubhal dóibh, ar na diasa do stothadh. Agus adubhairt na Fairisínigh leis, Féach, Cad chuige dhóibh‐sean bheith ag déanamh nidh nach dleaghthach, lá na sabóide? Agus adubhairt seisean leo, An é nár léigheabhar riamh an nidh do rinne Dáibhi, nuair do bhí gábhatar air, toisc go raibh ocras air féin agus ortha‐san do bhí i n‐éinfheacht leis? Cionnas mar do chuaidh sé isteach i dtigh Dé, trát ’n‐a raibh Abiatar ’n‐a árd‐shagart, agus cionnas mar d’ith sé arán na fiadhnaise, nár dhleaghthach d’aoinneach d’ithe acht do na sagartaibh amháin. Agus thug fós dóibh‐sean do bhí i n‐éinfheacht leis? Agus adubhairt sé leo, Is le h‐aghaidh an duine do ceapadh an tsabóid, agus ní le h‐aghaidh na sabóide do rinneadh an duine: i gcaoi go bfuil Mac an Duine ’n‐a thighearna ar an tsabóid fein. Agus do chuaidh sé isteach aris sa tsionagóig; agus do bhí fear annsin ag a raibh lámh leis seargtha. Agus do bhíodar ag faire an leigheasfadh sé é, lá na sabóide: le súil go mbéadh cúis aca air. Agus adubhairt sé leis an bhfear ag a raibh an lámh sheargtha, Seas amach annso. Agus adubhairt sé leo, Cia aca is dleaghthach, an mhaith do dhéanamh, nó an t‐olc do dhéanamh, lá na sabóide? anam duine do shlánú nó do mhilleadh? Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost. Agus ag féachain dó go feargach ’n‐a thimcheall ortha, agus brón air mar gheall ar chruadhas a gcroidhe, adubhairt sé leis an bhfear: Sín amach do lámh uait. Do shín: agus do leigheasadh an lámh. Agus d’imthigh na Fairisínigh amach, agus ar an lathair do ghlacadar cómhairle le muinntir Ioruaith ’n‐a aghaidh, agus iad ag iarraidh slighe do cheapadh le n‐a mhilleadh. Acht d’imthigh Íosa agus a dheisceabail i dtreo na fairrge: agus do lean sluagh mór é ó’n nGalilé, agus ó Iúdaea, agus ó Iarúsalem, agus ó Idúmaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán, agus daoine as ceanntar Thuire agus Shídóine, thángadar ’n‐a sluagh mór chuige, nuair do‐chualadar tuairisc na ngníomh mór do bhí déanta aige. Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh bád beag do choimhéad i gcómhair dhó i gcómhnaidhe, mar gheall ar an sluagh, ar eagla go mbrúghfaidís é; óir do bhí sé tar éis mórán daoine do leigheas; ar chuma go raibh na daoine ar a raibh aicíd ar bith, go raibh siad ag brúghadh isteach air, ag cuimilt leis. Agus nuair do‐chíodh na spioraide neamh‐glana é, do shléachtaidír dó, agus do ghlaodhaidís amach agus adeiridís, Is tusa Mac Dé. Agus do chuir sé cosc leo go minic, gan leigean dóibh é d’fhoillsiú. Agus do chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus do ghlaodh sé chuige na daoine ba thoil leis: agus thángadar chuige. Agus do thogh sé dhá fhear déag le bheit ’n‐a fhochair, go gcuirfeadh sé amach ag seanmórú iad, agus go mbéadh ar a gcumas deamhain do chaitheamh amach: agus thug sé Peadar mar ainm ar Shíomón; agus Séamas mac Shebedé, agus Eoin dearbhráthair Shéamais, ortha‐san thug sé Bóanérges, is é sin, Mic tóirnighe: agus Aindrias, agus Pilib, agus Parthalán, agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeuis, agus Taddaeus, agus Síomón an Canáníteach, agus Iúdás Iscariót, an fear do bhraith é. Agus tháinig sé isteach i dtigh. Agus do chruinnigh an sluagh arís, i dtreo nárbh fhéidir dhóibh fiú biadh do chaitheamh. Agus nuair do‐chuala a cháirde é, do chuadar amach le breith air; mar adubhradar, Is ar mí‐chéill atá sé. Agus na scríobhaidhthe tháinig anuas ó Iarúsalem, adubhradar‐san, Atá Belsibub ann, agus is le cumhacht prionnsa na ndeamhan chaitheas sé na deamhain amach. Agus do ghlaodh sé chuige iad, agus adubhairt sé leo i samhlaoidibh, Cionnas is féidir le Sátan Sátan do chaitheamh amach? Agus má bhíonn ríoghacht deaghailte ’n‐a coinnibh féin, ní féidir do’n ríoghacht sin seasamh. Agus má bhíonn líon tighe deaghailte ’n‐a choinnibh féin, ní féidir do’n líon tighe sin seasamh. Agus má éirigheann Sátan ’n‐a choinnibh féin, agus é do bheith deaghailte ann féin, ní féidir dhó‐san seasamh, acht atá deireadh leis. Ní féidir d’aon duine dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a throscán d’fhuadach leis, muna gceanglaidh sé ar dtús an fear láidir: annsin sladfaidh sé a theach. Go fírinneach adeirim libh, Maithfear do chlannaibh daoine a bpeacaidhe go léir, agus gach dia‐mhasladh d’á ndéanfaid: acht cibé duine adéaras dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh seisean maitheamhnas choidhche, acht béidh sé cionntach i bpeacadh síorraidhe; óir adubradar, Is spioraid neamh‐ghlan atá ann. Agus tháinig a mháthair agus a dhearbhráithre: agus ’n‐a seasamh dhóibh amuigh, do chuireadar fios air, ag glaodhach air. Agus do bhí sluagh suidhte ’n‐a thimcheall: agus adubhradar leis, Féach, atá do mháthair agus do dhearbhráithre amuigh, agus iad ’gad’ lorg. Agus d’fhreagair sé iad agus adubhairt, Cia h‐iad mo mháthair agus mo bhráithre‐se? Agus ag dearcadh dhó thart ’n‐a thimhcheall ortha‐san do bhi ’n‐a suidhe ’n‐a thimcheall, adubhairt sé, Féachaidh, is iad sin mo mháthair agus mo bhráithre! Óir cibé duine do‐ghní toil Dé, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair. Agus do thosnuigh sé aris ar theagasc do dhéanamh cois na fairrge. Agus do chruinnigh sluagh an‐mhór chuige, i dtreo go ndeachaidh sé isteach i mbád, agus gur shuidh sé ann ar an bhfairrge; agus do bhí an sluagh uile ar an talamh, le h‐ais na fairrge. Agus thug sé morán teagaisc dóibh i samhlaoidibh, agus adubhairt sé leo ’n‐a theagasc, Éistidh liom: Féachaidh, do chuaidh síoladóir amach ag cur sil: agus tarla, ag cur an tsíl dó, gur thuit cuid de’n tsíol i n‐aice an bhealaigh, agus tháinig éanlaithe an aeir, agus d’itheadar é. Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach, i n‐áit nach raibh mórán úire ann; agus d’fhás sé suas láithreach, de bhrigh nach raibh aon doimhneacht cré aige: agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é; agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé. Agus do thuit cuid eile dhe i measc an drisligh, agus d’fhás an drisleach suas, agus do thacht é, agus ní thug sé aon toradh uaidh. Agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh, d’fhás agus d’éirigh, cuid de fá thriochaid, cuid de fá thrí fichid, agus cuid de fá chéad. Agus adubhairt sé, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. Agus nuair do bhí sé ’n‐a aonar, na daoine do bhí ’n‐a thimcheall i n‐éinfheacht leis an dá‐réag, d’iarradar air brigh na samhlaoide do mhíniú dhóibh. Agus adubhairt sé leo, Tugadh eolas daoibh‐se ar rúin‐diamhraibh ríoghachta Dé: acht dóibh‐sean atá amuigh, déantar gach nidh i samhlaoidibh: ionnas, ag féachain dóibh, go ndearcfaidís agus nach bhfeicfidís; agus ag éisteacht dóibh, go n‐éistfidís agus nach dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóchaidís, agus go maithfidhe a bpeacaidhe dhóibh. Agus adubhairt sé leo, An é nach dtuigeann sibh brigh na samhlaoide seo? Cionnas thuigfeas sibh, mar sin, brigh na samhlaoid go léir. An síol chuireas an síoladóir, is é an briathar é. Agus na daoine ’n‐a gcurtar an síol i n‐aice an bhealaigh, is iad‐san na daoine ’n‐a gcurtar an briathar, acht nuair chloiseas siad é, tig Sátan ar an láthair, agus tógann sé uatha an briathar do cuireadh ionnta. Agus ar an gcuma chéadna, na daoine gur cuireadh an síol i n‐áiteannaibh clochacha ionnta, is iad‐san na daoine ghlacas chuca an briathar ar an láthair le h‐áthas nuair a chloiseas siad é; agus ní fhuil fréamh aca ionnta féin, acht seasann siad ar feadh tamaill; annsin, nuair éirigheas trioblóid nó géir‐leanamhain mar gheall ar an mbriathar, glacann siad scannal ar an láthair. Agus atá daoine eile go gcurtar an síol sa drisleach ionnta; is iad‐san na daoine éisteas leis an mbriathar, acht tig cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris, agus an‐dúil i neithibh eile isteach ionnta, agus tachtaid‐sean an briathar, agus ní thugann sé aon toradh uaidh. Agus iad‐san gur cuireadh an síol sa talamh maith ionnta; is iad na daoine éisteas leis an mbriathar, agus ghlacas chuca é, agus do‐bheir toradh uatha, fá thriochaid, agus fá thrí‐fichid, agus fá chéad. Agus adubhairt sé leo, An dtugtar an lóchrann isteach chum go gcuirfidhe é fá bhéal soithigh, nó fá’n leabaidh? an é nach gcurtar é ar choinnleoir? Óir ní curtar aon nidh i bhfolach, acht chum go nochtfar é; ná ní dearnadh aon nidh fá rún, acht chum go dtiocfaidh sé chum solais. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire do’n méid chloiseas sibh: an tómhas ’n‐a dtómhaiseann sibh, is é sin an tómhas ’n‐a dtómhaisfear chugaibh: agus do‐bhéarfar tuilleadh dhaoibh. Óir cibé duine ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó: agus an té nach bhfuil nidh aige, bainfear de a bhfuil aige. Agus adubhairt sé leo, Is amhlaidh atá ríoghacht Dé, mar do chrothfadh duine síol ar an talamh: agus go rachadh seisean a chodladh agus go ndúiseochadh sé oidhche agus lá, agus go mbéadh an síol ag gobadh aníos agus ag dul i bhfás, gan a fhios aige cionnas fhásas sé. Do‐bheir an talamh toradh uaidh féin; an geamhar ar dtús, an dias ’n‐a dhiaidh sin, agus annsin an t‐arbhar iomlán sa dís. Acht nuair bhíos an toradh aibidh, ar an lathair cuireann seisean an corrán ann, de bhrigh go bhfuil am an fhóghmhair ann. Agus adubhairt sé, Cad leis an samhlóchaimíd ríoghacht Dé? cad í an tsamhlaoid ’n‐a dtais‐beánfaimíd í? Is cosmhail í le gráinne síl mustáird, nuair curtar é sa talamh, biodh gur lugha é ná na síolta uile d’á bhfuil ar domhan, nuair curtar é, fásann sé suas agus éirigheann sé níos mó ná aon luibh eile, agus cuireann sé amach géaga móra uaidh go bhféadann éanlaithe na spéire dul ’n‐a gcómhnaidhe fá n‐a scáth. Agus is iomdha samhlaoid eile de’n tsórt sin i n‐ar labhair sé an briathar leo, de réir mar do b’fhéidir leo éisteacht leis: agus níor labhair sé leo acht i samhlaoidibh: acht do mhínigh sé gach aon nidh i leathtaoibh d’á dheisceablaibh féin. Agus adubhairt sé leo an lá sin, nuair do bhí an tráthnóna ann, Téighmís trasna anonn go dtí an taobh thall. Agus ag fágáil an tsluaigh dhóibh, thugadar leo é, mar do bhí sé, sa mbád. Agus do bhí báid eile ’n‐a fhochair. Agus d’éirigh anfadh mór gaoithe, agus do bhuail na tonna isteach sa mbád, i dtreo go raibh sí d’á líonadh. Agus do bhí sé féin i dtile deiridh an bháid, agus é ’n‐a chodladh ar pheiliúr: agus do dhúisigheadar é, agus adubhradar leis, A Mháighistir, an cuma leat go bhfuilmid‐ne d’ár mbáthadh? Agus d’éirigh sé ’n‐a dhúiseacht, agus do bhagair sé ar an ngaoith, agus adubhairt sé leis an bhfairrge, Éist, bí socair. Agus do stad an ghaoth, agus do bhí ciúnas mór ann. Agus adubhairt sé leo, Cad chuige a bhfuil eagla oraibh? An é nach bhfuil creideamh agaibh fós? Agus do ghabh eagla an‐mhór iad, agus adubhradar le chéile, Cia h‐é seo, go n‐umhluigheann gaoth agus fairrge dhó? Agus thángadar go dtí an bruach eile de’n fhairrge, go crích na nGerasénach. Agus nuair tháinig sé amach as an mbád, ar an láthair do casadh ’n‐a threo fear ’n‐a raibh spioraid neamh‐ghlan, agus é ag teacht as na tuamaibh, fear do chómhnuigheadh ins na tuamaibh; agus níor fhéad duine ar bith a cheangal, le slabhradh féin; óir, ba mhinic do ceangladh é le geimhlibh agus le slabhraibh, agus do réab sé na slabhraidhe agus do bhris sé na geimhle ’n‐a mbroscar; agus ní raibh ar chumas aon duine a chur fá smacht. Agus do bhíodh sé i gcómhnaidhe, d’oidhche agus de ló, ins na tuamaibh agus ar na cnocaibh, ag screadaigh agus ’g‐a ghearradh féin le clochaibh. Agus nuair do chonnaic sé Íosa i bhfad uaidh, do rith sé chuige agus do shléacht sé dhó; agus ag glaodhach amach de ghuth árd dó, adubhairt sé, Cad é an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde? Athchuinghim ort, as ucht Dé, gan mo phianadh. Óir adubhairt sé leis, A spioraid neamh‐ghlan, tar amach as an bhfear. Agus d’fhiafruigh sé dhe, Cad is ainm duit? Agus adubhairt seisean leis, Léigiún is ainm dom; óir is sluagh sinn. Agus d’iarr sé go dian air gan a gcur as an dúthaigh sin amach. Is amhlaidh do bhí tréad mór muc ag inbhear ar thaobh an chnuic ann. Agus d’iarradar d’athchuinghe air, ’g‐a rádh, Cuir ins na mucaibh sinn, go rachaimíd isteach ionnta. Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spioraide neamh‐ghlana amach, agus do chuadar isteach ins na mucaibh; agus do rith an tréad de ruathar síos le fánaidh isteach sa bhfairrge, fá thuairim míle dhíobh do bhí ann; agus do báthadh iad sa bhfairrge. Agus na daoine do bhí ag buachailleacht na muc, do theicheadar, agus d’innseadar sa gcathair agus sa tír é. Agus tháinig na daoine amach d’fhéachain cad tarla. Agus thángadar chum Íosa, agus do chonnacadar an fear ’n‐a mbíodh na deamhain, é ’n‐a shuidhe, agus a éadaighe air, agus é ’n‐a mheabhair shaoghalta, an fear céadna ’n‐a raibh an léigiún: agus tháinig eagla ortha. Agus na daoine do chonnaic é, d’inniseadar dóibh‐sean créad d’éirigh do’n fhear ’n‐a mbíodh na deamhain, agus i dtaobh na muc. Agus do thosnuigheadar ar iarraidh d’impidhe air go n‐imtheochadh sé ar a ndúthaigh. Agus nuair do bhí sé ag dul isteach sa mbád, an fear ’n‐a mbíodh na deamhain, d’iarr seisean cead air go bhfanfadh sé ’n‐a fhochair. Acht níor leig sé dhó é, acht adubhairt sé leis, Imthigh go dtí do theach agus go dtí do mhuinntear féin, agus innis dóibh na neithe móra do rinne an Tighearna dhuit, agus an trócaire do rinne sé ort. Agus d’imthigh an fear, agus do thosnuigh sé ar a innsint sa Decapolis cad iad na neithe móra do rinne Íosa dhó: agus do chuir sé ionghnadh ar gach uile dhuine. Agus nuair do chuaidh Íosa thar ais arís go dtí an taobh eile, do chruinnigh sluagh mór chuige: agus do bhi sé ar bhruach na fairrge. Agus tháinig fear d’uachtaránaibh na sionagóige chuige, agus Iáirus ab ainm dó; agus nuair do chonnaic sé é, do chaith sé é féin ag a chosaibh, agus adubhairt sé leis i n‐athchuingheachaibh, Atha m’inghean bheag i riochtaibh báis: impighim ort teacht agus do lámh do chur uirthi, chum go leigheasfaidhe í, agus go mairfeadh sí. Agus d’imthigh sé i n‐éinfheacht leis; agus do lean sluagh mór é, agus do bhíodar ag brúghadh air. Agus do bhí bean ann ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, agus d’fhulaing mórán ó iomad liaigh, agus do chaith a raibh aici, gan aon bhiseach d’fhágh‐áil, acht í ag éirghe níos measa: nuair do‐chuala sise i dtaobh Íosa, tháinig sí taobh thiar de i lár an tsluaigh, agus do chuir sí a lámh ar a bhrat. Óir adubhairt sí, Muna ndéanad acht baint le n‐a bhrat, leigheasfar mé. Agus ar an láthair do thiormuigh sruth a fola; agus d’aithin sí ar a colainn go raibh sí leigheasta ó’n ngalar. Agus ar an láthair do bhraith Íosa ann féin go raibh buaidh imthighthe amach as, agus d’iompuigh sé sa tsluagh, agus adubhairt, Cé bhain lem’ éadaighibh? Agus adubhairt a dheisceabail leis, Do‐chí tú an sluagh ag brúghadh ort, agus fiafruigheann tú, Cé bhain liom? Agus d’fhéach sé ’n‐a thimcheall go bhfeicfeadh sé an bhean do rinne é. Acht tháinig crith‐eagla ar an mnaoi, óir do bhí a fhios aici créad tarla dhí, agus tháinig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí an fhírinne iomlán dó. Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin, agus bí slán ód’ ghalar. Ag labhairt dó, tháinig daoine ó thigh uachtaráin na sionagóige, agus adubharadar, Atá t’inghean tar éis báis: cad chuige dhuit an Máighistir do bhuaidhreadh feasta? Acht nuair do‐chuala Íosa an focal sin, adubhairt sé le h‐uachtarán na sionagóige, Ná bíodh eagla ort, acht creid amháin. Agus níor leig sé d’aoinneach teacht leis, acht Peadar, agus Séamas, agus Eoin dearbhráthair Shéamais. Agus thángadar go tigh uachtaráin na sionagóige; agus thug sé fá deara an buaidhreadh agus daoine ag gol agus ag caoineadh go h‐árd‐ghlórach. Agus nuair do chuaidh sé isteach, adubhairt sé leo, Cad chuige an fothram agus an t‐árd‐ghol so? ní marbh atá an cailín, acht ’n‐a codladh. Agus do rinneadar gáiridhe magamhail faoi. Acht do chúir seisean iad go léir amach, agus thug sé leis athair agus máthair an chailín agus iad‐san do bhí ’n‐a fhochair, agus do chuaidh sé isteach mar a raibh an cailín ’n‐a luighe. Agus ag breith ar láimh ar an gcailín dó, adubhairt sé léi, Talitá cúm, is é sin, A chailín, adeirim‐se leat, Éirigh. Agus ar an láthair d’éirigh an cailín ’n‐a suidhe, agus do shiubhail sí; óir do bhí sí dhá bhliadhain déag d’aois. Agus tháinig uathbhás an‐mhór ortha. Agus d’órduigh sé go dian dóibh gan faisnéis ’n‐a thaobh do thabhairt d’aon duine: agus adubhairt sé rud le n’ithe do thabhairt dí. Agus d’imthigh sé as an áit sin; agus tháinig sé isteach ’n‐a dhúthaigh féin; agus do lean a dheisceabail é. Agus nuair tháinig an tsabóid, do thosnuigh sé ar theagasc do dheanamh sa tsionagóig: agus tháinig iongnadh ar a lán díobh‐san do bhí ag éisteacht leis, agus adubhradar, Cá bhfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugadh do’n fhear so, agus a rádh go ndéantar a leithéide d’oibreachaibh móra tré n‐a lámhaibh? Nach é seo an siúinéir, mac Mhuire, dearbhráthair Shéamais, agus Sheosaimh, agus Iúdáis, agus Shíomóin? agus nach bhfuil a dheirbhsheathracha annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann. Agus adubhairt Íosa leo, Ní bhíonn fáidh gan onóir, acht ’n‐a dhúthaigh féin, agus i measc a ghaolta féin, agus ’n‐a theaghlach féin. Agus níor fhéad sé aon obair chumhachtach do dhéanamh ins an áit sin, acht amháin a lámha do chur ar roinnt daoine breoite, agus iad do leigheas. Agus ba mhór ba iongnadh leis a n‐uireasbhaidh creidimh. Agus do chuaidh sé ag teagasc ins na bailtibh beaga thart timcheall. Agus do ghlaodh sé chuige an dá‐réag, agus do thosnuigh sé ar a gcur amach ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt; agus thug sé ceannas dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana; agus d’órduigh sé dhóibh gan aon rud do bhreith leo i gcómhair an bhóthair, acht amháin maide; gan arán, gan mála, gan airgead ’n‐a gcrios do bheith aca; acht cuaráin do bheith ar a gcosaibh, agus gan dá chasóig do bheith umpa. Agus adubhairt sé leo, Cibé áit ’n‐a rachaidh sibh isteach, fanaidh ann nó go raibh sibh ag imtheacht ó’n áit sin. Agus cibé áit nach nglacfaidh sibh, agus nach n‐éistfidh libh, ag imtheacht daoibh as an áit sin, crothaidh an luaithreadh de bhonnaibh bhúr gcos mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh. Agus d’imthigheadar‐san, agus d’fhógradar aithrighe do dhéanamh. Agus do chaitheadar mórán deamhan amach, agus do chuireadar ola ar mhórán daoine do bhí breoite, agus do leigheasadar iad. Agus do‐chuala Ioruath an rí ’n‐a thaobh sin; óir do bhí a ainm d’á luadh: agus adubhairt sé, Atá Eoin Baiste éirighthe ó na marbhaibh, agus, d’á bhrigh sin, atá na cumhachta so ag oibriú ann. Acht do bhí daoine eile adubhairt, Is é Élias atá ann. Agus adubhairt daoine eile, Is fáidh atá ann, amhail duine de na fáidhibh. Acht Ioruath, nuair do‐chuala seisean ’n‐a thaobh, adubhairt sé, Eoin, do dhí‐cheannas‐sa, is eisean atá éirighthe. Óir do chuir Ioruath daoine uaidh agus do ghabh sé Eoin, agus do chuir sé fá cheangal i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhearbhráthair; de bhrigh gur phós sé í. Óir adubhairt Eoin le h‐Ioruath, Ní dleaghthach dhuit bean do dhearbhráthar do bheith mar mhnaoi agat. Agus do bhí olc ag Héródias chuige, agus do bhí fonn uirthi a mharbhadh; agus níor fhéad sí a dhéanamh; óir do bhí eagla ar Ioruath roimh Eoin, mar do bhí a fhios aige gurbh fhear fíreanta naomhtha é, agus do choimhéad sé slán é. Agus nuair d’éisteadh sé leis, do chuireadh sé buaidhirt aigne air, acht cheana d’éistfeadh sé leis go fonnmhar. Agus nuair tháinig lá oireamhnach ’n‐a raibh Ioruath ag déanamh fleidhe lae a bheirthe d’á uaislibh, agus do thaoiseachaibh airm, agus do mhaithibh na Galilé, agus nuair tháinig inghean Héródias féin isteach, agus do rinne damhsa, do chuir sí ríméad ar Ioruath agus ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe ag ithe ’n‐a fhochair; agus adubhairt an rí leis an gcailín, Iarr orm‐sa rud ar bith is maith leat, agus do‐bhéarfad duit é. Agus do dhearbhuigh sé dhí, Rud ar bith iarrfas tú orm, do‐bhéarfad duit é, go leath mo rioghachta. Agus d’imthigh sise amach, agus adubhairt sí le ’n‐a máthair, Créad iarrfas mé? Agus d’fhreagair sise, Ceann Eoin Bhaiste. Agus tháinig sí isteach ar an láthair chum an ríogh le deithneas, agus do‐rinne sí a h‐iarratas, ’g‐a rádh, Is é is maith liom go dtiubharfá láithreach dhom ar mhéis, ceann Eoin Bhaiste. Agus do bhí doilgheas mór ar an righ; acht mar gheall ar a mhionnaibh, agus mar gheall ar na daoinibh do bhí ’n‐a suidhe ag ithe, níor mhaith leis diúltadh thabhairt dí. Agus ar an láthair do chuir an rí amach saighdiúir de lucht a ghárda, agus d’órduigh sé dhó an ceann thabhairt leis; agus d’imthigh seisean agus do dhí‐cheann sé sa bpríosún é, agus do thóg sé an ceann leis ar mhéis, agus thug sé do’n chailín é; agus thug an cailín d’á máthair é. Agus nuair do‐chuala a dheisceabail ’n‐a thaobh, thángadar agus do thógadar a chorp, agus do chuireadar i dtuama é. Agus do chruinnigh na h‐abstail chum Íosa; agus d’inniseadar dó gach nidh, a raibh déanta aca, agus a raibh múinte aca. Agus adubhairt sé leo, Tagaidh‐se i leith go h‐áit uaignigh agus déanaidh suaimhneas ar feadh tamaill. Óir do bhí a lán daoine ag teacht agus ag imtheacht, agus ní raibh sé d’uain aca fiú béile do chaitheamh. Agus d’imthigheadar i mbád go h‐áit uaignigh fá leith. Agus do chonnaic na daoine iad ag imtheacht, agus d’aithnigh a lán aca iad, agus do ritheadar d’á gcois amach as na bailtibh móra uile, agus do bhíodar ann rómpa. Agus tháinig sé amach, agus do chonnaic sé sluagh an‐mhór, agus do ghabh truagh dhóibh é, óir do bhíodar amhail caoirigh gan aodhaire; agus do thosnuigh sé ar a lán neithe do mhúineadh dhóibh. Agus nuair do bhí an lá beagnach caithte, tháinig a dheisceabail chuige agus adubhradar, Is uaigneach an áit é seo, agus atá an chuid is mó de’n lá caithte: cuir uait iad‐san, chum go rachaidh siad isteach sa tír agus ins na bailtibh beaga ’n‐a aice seo, le rud le n’ithe do cheannach dhóibh féin. Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh. Agus adubhradar leis, An rachaimíd agus an gceannóchaimíd luach dhá chéad pinginn d’arán le tabhairt dóibh le n’ithe? Agus adubhairt sé leo, Cá mhéid bollóg atá agaibh? imthighidh agus féachaidh. Agus nuair do bhí a fhios aca, adubhradar, Cúig bollóga, agus dhá iasc. Agus d’órduigh sé dhóibh iad go léir do chur ’n‐a suidhe ’n‐a gcipibh ar an bhféar glas. Agus do shuidheadar síos ’n‐a rangannaibh, ’n‐a gcéadaibh, agus ’n‐a gcaogadaibh. Agus do thóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dó, do bheannuigh agus do bhris sé na bollóga; agus thug sé do na deisceablaibh iad le cur os cómhair a raibh ann; agus do roinn sé an dá iasc ortha go léir. Agus d’itheadar go léir, agus do bhí a ndóthain aca. Agus do thógadar lán dá chiseán déag de bhroscar an aráin, agus de na h‐iascaibh. Agus do bhí cúig míle fear sa méid d’ith an t‐arán. Agus ar an láthair do chuir sé d’fhiachaibh ar a dheisceablaibh dul isteach sa mbád, agus imtheacht roimhe trasna go Bétsáida, fad is do bhéadh sé féin ag cur an tsluaigh chum bealaigh. Agus nuair do chuir sé slán leo, d’imthigh sé suas an cnoc chum urnaighe do dhéanamh. Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, do bhí an bád i lár na fairrge, agus do bhí sé féin ar an talamh ’n‐a aonar. Agus nuair do chonnaic sé iad ag iomramh, agus saothar mór ortha, (óir do bhí an ghaoth ’n‐a gcoinnibh), tháinig sé chuca i dtimcheall na ceathramhadh faire de’n oidhche, agus é ag siubhal ar an bhfairrge; amhail mar bhéadh sé ag gabháil tharsta: acht nuair do chonnacadar‐san é ag siubhal ar an bhfairrge, do cheapadar gur thaidhbhse do bhí ann, agus do ghlaodhadar amach: óir do chonnacadar uile é, agus do bhí scannradh ortha. Acht ar an láthair do labhair sé leo, agus adubhairt, Bíodh meisneach agaibh: mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh. Agus do chuaidh sé suas chuca agus isteach sa mbád; agus do stad an ghaoth: agus do bhí iongnadh agus uathbhás ar a h‐inntinn; óir níor thuigeadar i dtaobh na mbollóg, acht do bhí a gcroidhe dúr. Agus nuair do chuadar trasna, thángadar chum tíre i nGennésaret, agus d’fheistigheadar do’n talamh. Agus nuair thángadar amach as an mbád, ar an láthair do h‐aithnigheadh é, agus do rith na daoine tríd an tír sin ar fad, agus do thosnuigheadar ar na daoinibh breoite d’iomchur ar a leapthachaibh, go dtí gach áit ’n‐a gcloisidís é do bheith. Agus cibé áit ’n‐a dtéigheadh sé isteach, i mbailtibh beaga, nó i gcathrachaibh, nó fá’n tuaith, do chuiridís na daoine breoite ar na sráidibh, agus d’impidhdís air a leigean dóibh fiú cuimilt le h‐imeall a bhrait: agus an méid do chuimil leis do leigheasadh iad. Agus do chruinnigh na Fairisínigh chuige, agus cuid de na scríobhaidhthibh tháinig ó Iarúsalem, agus thugadar fá deara cuid d’á dheisceablaibh ag ithe aráin agus a lámha truaillighthe, is é sin, gan ionnladh. Óir ní itheann na Fairisínigh ná na h‐Iúdaigh i gcoitchinne, biadh, gan a lámha d’ionnladh go minic, ag cleachtadh sean‐ghnás na seanóir: agus ar theacht ó’n margadh dhóibh, ní itheann siad, gan iad féin d’ionnladh: agus is iomdha sean‐ghnás eile tugadh dhóibh le cleachtadh, mar atá, na cupáin, agus na soighthigh umha, agus na leapthacha do nighe. Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe dhé, Cad chuige nach ngéilleann do dheisceabail‐se do shean‐ghnásaibh na seanóir, acht go n‐ithid arán le lámhaibh truaillighthe? Agus adubhairt sé leo, Is maith do rinne Ésáias tarngaireacht i n‐bhúr dtaobh, mar atá scríobhtha, Onóruigheann an pobal so mé le n‐a mbéal, Acht is fada uaim atá a gcroidhe: Acht is baoth an t adhradh do‐bheirid dom, Agus aitheanta daoine ’g‐a múineadh aca mar theagasc. Tréigeann sibh aithne Dé, agus cleachtann sibh sean‐ghnáis daoine. Agus adubhairt sé leo, Is breágh mar chuireann sibh aithne Dé ar neamh‐nidh, chum bhúr sean‐ghnáis féin do chleachtadh. Óir adubhairt Maois, Tabhair onóir dod’ athair agus dod’ mháthair; agus, An té mhasluigheas a athair nó a mháthair, curtar chum báis é: acht is é adeir sibh‐se, Má deir duine le n‐a athair nó le n‐a mháthair, Nidh ar bith dem’ mhaoin do rachadh i dtairbhe dhuit‐se, is Corbán é, is é sin, is íodhbairt do Dhia é; annsin ní leigeann sibh dhó a thuilleadh do dhéanamh d’á athair ná d’á mháthair; ag cur briathair Dé ar neamh‐nidh leis na sean‐ghnásaibh úd atá curtha ar bun agaibh; agus is iomdha nidh eile d’á leithéid sin do‐ghní sibh. Agus do ghlaodh sé na daoine chuige arís, agus adubhairt sé leo, Éistidh uile liom‐sa, agus tuigidh: Ní fhuil nidh ar bith ar an taobh amuigh de’n duine, théigheas isteach ann, fhéadas a shalú: acht na neithe thig amach as an duine, is iad sin na neithe shaluigheas an duine. Má atá cluasa chum éisteachta ag aoinneach, éisteadh sé. Agus nuair do chuaidh sé isteach i dtigh ó’n sluagh, do chuir a dheisceabail ceist air i dtaobh na samhlaoide, Agus adubhairt sé leo, An bhfuil sibh‐se, leis, gan tuigsin, mar sin? Nach dtuigeann sibh, cibé nidh théigheas isteach sa duine ó’n taobh amuigh, nach bhféadann sé a shalú; mar nach dtéid sé isteach ’n‐a chroidhe, acht ’n‐a bholg, agus téid sé amach sa gcamra? ’g‐a chur i gcéill gur glan an uile shórt bidh. Agus adubhairt sé, An nidh théigheas amach as an duine, is é sin shaluigheas an duine. Óir is ó’n taobh istigh, amach as croidhe an duine, thig droch‐smaointe, agus striapachas, agus goid, agus dúnmharbhadh, agus adhaltrannas, agus sainnt, agus cuirptheacht, agus cealg, agus ainmhian, agus droch‐shúil, agus dia‐mhasladh, agus uabhar, agus baois: ó’n taobh istigh thig na h‐uilc seo uile, agus is iad sin shaluigheas an duine. Agus d’éirigh sé, agus d’imthigh sé go críochaibh Tuire agus Sídóine. Agus do chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios do bheith ag aoinneach: acht níor fhéad sé é féin do cheilt. Acht ar an láthair, tháinig bean go raibh spioraid neamh‐ghlan ’n‐a h‐inghin bhig, nuair do‐chuala sí ’n‐a thaobh, tháinig sí chuige, agus do chaith sí í féin ag a chosaibh. Bean Ghréagach, ab eadh í, Sírofoiníseach de réir cinéil. Agus do chuir sí d’athchuinghe air an deamhan do dhibirt as a h‐inghin. Agus adubhairt sé léi, Bíodh a ndóthain ag an gclainn i dtosach: óir ni cuibhe arán na clainne do ghlacadh, agus a chaitheamh chum na gcoileán. Acht d’fhreagair sise agus adubhairt sí leis, Is fíor sin, a Thighearna, acht cheana, na coileáin féin bhíos fá’n mbórd, itid‐sean sprúilleach na leanbh. Agus adubhairt sé léi, Ar son na cainnte seo, imthigh leat: atá an deamhan imthighthe as t’inghin. Agus do chuaidh sí abhaile chum a tighe, agus fuair sí an leanbh ’n‐a luighe ar an leabaidh, agus an deamhan imthighthe aisti. Agus d’fhill sé arís ó chríochaibh Tuire, agus tháinig sé tré Shídóin go muir Ghalilé, tré lár ceanntair an Decapolis. Agus thugadar chuige duine do bhí bodhar, balbh; agus d’impidheadar air a lámh do chur air. Agus thug sé leis i leathtaoibh é ó’n sluagh, agus do chuir sé a mhéireanna isteach ’n‐a chluasaibh, agus do chaith sé seile, agus d’fhliuch sé a theanga; agus ag féachain suas ar neamh dhó, do leig sé osna as, agus adubhairt sé leis, Effatá, is é sin, Foscailtear thú. Agus ar an láthair do foscladh a chluasa, agus do luascadh a theanga, agus do labhair sé go cruinn. Agus d’órduigh sé dhóibh gan a innsint d’aoinneach: acht ní fhuil d’á mhéid d’órduigh sé dhóibh é, nach amhlaidh ba mhó d’fhógruigheadar é. Agus do bhí iongnadh an‐mhór ortha, agus adubhradar, Do‐rinne sé gach uile nidh go maith: do‐bheir sé éisteacht do bhodhránaibh, agus cainnt do bhalbhánaibh. Ins na laethibh sin, nuair do bhí sluagh an‐mhór ann arís, agus gan aon nidh le n’ithe aca, do ghlaodh sé a dheisceabail chuige, agus adubhairt sé leo, Atá truagh agam do na daoinibh, óir atáid im’ fhochair trí lá anois, agus gan aon nidh le n’ithe aca: agus dá gcuirinn abhaile iad ’n‐a dtroscadh, do rachaidís i n‐anbhfainne sa tslighe; agus atá cuid aca tháinig i bhfad. Agus d’fhreagair a dheisceabail é, Cé an áit ’n‐a bhféadfadh aoinneach arán d’fhágháil annso sa bhfásach leis na daoine seo do shásamh? Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Cá mhéid bollóg atá agaibh? Agus adubhradar‐san, Seacht. Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an talamh: agus do ghlac sé na seacht mbollóga chuige, agus tar a éis dó buidheachas do ghabháil, do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad le cur os cómhair an tsluaigh. Agus do bhí roinnt iasc beag aca: agus nuair do bheannuigh sé iad, d’órduigh sé dhóibh iad so do chur os a gcómhair mar an gcéadna. Agus d’itheadar, agus do bhí a ndóthain aca: agus do thógadar lán seacht gciseán de’n bhiadh briste do bhí fágtha. Agus do bhí timcheall ceithre míle duine sa méid do chaith an biadh: agus do chuir sé uaidh iad. Agus ar an láthair do chuaidh sé isteach sa mbád i n‐éinfheacht le n‐a dheisceablaibh, agus tháinig sé isteach i gceanntar Dalmanúta. Agus tháinig na Fairisínigh amach, agus do thosnuigheadar ar chonspóideacht leis, ag iarraidh cómhartha ó neamh air, ’g‐á thriail. Agus do leig sé osna ó íochtar a anma, agus adubhairt sé, Cad chuige do’n chinéal so bheith ag iarraidh cómhartha? Go fírinneach adeirim libh, Ní tabharfar aon chómhartha do’n chinéal so. Agus d’fhág sé iad, agus ag dul ar bórd dó arís, d’imthigh sé go dtí an bruach eile. Agus do dhearmadar arán do bhreith leo; agus ní raibh aca sa mbád ach aon bhollóg amháin. Agus thug sé foláireamh dhóibh, ’g‐á rádh, Féachaidh, seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, agus laibhín Ioruaith. Agus do phléidheadar eadortha féin, ’g‐a rádh, Ní fhuil aon arán againn. Agus nuair do bhí a fhios ag Íosa, adubhairt sé leo, Cad chuige a bhfuil sibh ag diospóireacht toisc gan arán do bheith agaibh? an é nach bhfeiceann sibh, agus nach dtuigeann sibh fós? an bhfuil bhúr gcroidhe dúr fós? Atá súile agaibh, agus nach bhfeiceann sibh? atá cluasa agaibh, agus nach gcuimhnigheann sibh? Nuair do bhriseas na cúig bollóga do’n chúig míle duine, cá mhéid ciseán do thógabhar de’n bhiadh briste? Adubhradar‐san leis, Dhá chiseán déag. Agus na seacht mbollóga do’n cheithre míle, cá mhéid lán ciseáin do thógabhar de’n bhiadh briste? Agus adubhradar‐san leis, Seacht gciseáin. Agus adubhairt sé leo. An é nach dtuigeann sibh fós? Agus thángadar go Bétsáida. Agus thugadar dall chuige, agus d’iarradar air a lámh do chur air. Agus do rug sé ar láimh ar an dall, agus do threoruigh sé as an mbaile amach é; agus nuair do chuir sé seile ar a shúilibh, do leag sé a lámha air, agus d’fhiafruigh sé dhe An bhfeiceann tú aon nidh? Agus d’fhéach seisean suas, agus adubhairt, Do‐chím daoine, mar do bhéadh crainn, agus iad ag siubhal. Annsin do chuir sé a lámha arís ar a shúilibh, agus d’fhéach seisean suas, agus do bhí sé leigheasta, agus do chonnaic sé gach nidh go soiléir. Agus do chuir sé abhaile é chum a thighe féin, agus adubhairt sé leis, Ná téighir isteach sa mbaile beag ar aon chor. Agus do chuaidh Íosa agus a dheisceabail isteach i sráid‐bhailtibh Chaesaréa Philib: agus ar a slighe dhóibh do chuir sé ceist ar a dheisceablaibh, ’g‐a rádh leo, Cia h‐é adeir na daoine gur mise? Agus d’fhreagradar, agus adubhradar leis, Eoin Baiste; agus adeir cuid eile, Élias; agus cuid eile fós, Aon de na fáidhibh. Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé? D’fhreagair Peadar agus adubhairt sé leis, Is tusa an Críost. Agus thug sé foláireamh dhóibh gan a innsin d’aon duine ’n‐a thaobh féin. Agus do thosnuigh sé ar a innsint dóibh, go gcaithfeadh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus diúltadh d’fhágháil ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe chum báis é, agus go n‐éireochadh sé tar éis trí lá. Agus adubhairt sé leo é go foscailte. Agus thug Peadar i leith é, agus do thosnuigh sé ar achmhusán do thabhairth dó. Acht ar chasadh thart, agus ar fheicsin a dheisceabal dó, do cheartuigh sé Peadar, agus adubhairt sé, Imthigh taobh thiar díom, a Shátain: óir ní h‐iad neithe Dé is mian leat‐sa acht neithe daoine. Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh agus a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanamhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé. Óir cibé duine gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; agus cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa agus ar son an tsoiscéil, saorfaidh sé é. Óir cad é an tairbhe do dhuine, dá ngnóthuigheadh sé an saoghal go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? Óir cad í an mhalairt do dhéanfadh duine ar a anam féin? Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo bhriathra i láthair an chinéil adhaltrannaigh pheacamhla so, budh nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair thiocfas sé i nglóir a Athar, i n‐éinfheacht leis na naomh‐ainglibh. Agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Atá cuid díobh‐san atá ’n‐a seasamh annso, agus ní bhlaisfid‐sean an bás nó go bhfeicid ríoghacht Dé ag teacht i gcumhacht. Agus i gceann sé lá ’n‐a dhiaidh sin thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do threoruigh sé iad ’n‐a n‐aonar fá leith suas ar shliabh árd: agus do h‐athruigheadh a ghné ’n‐a bhfiadhnaise: agus d’éirigh a éadaighe an‐lonnrach, an‐gheal; ar chuma nach bhféadfadh aon úcaire ar talamh a ngealadh. Agus do taidhbhrigheadh dhóibh Élias i n‐éinfheacht le Maois: agus iad ag cómhrádh le h‐Íosa. Agus adubhairt Peadar le h‐Íosa, A Mháighistir, is maith dhúinn bheith annso: leig dúinn trí botha do dhéanamh, both dhuit‐se, agus both do Mhaois, agus both d’Élias. Óir ní raibh a fhios aige créad adéarfadh sé: mar do bhí crith‐eagla mhór ortha. Agus tháinig scamall ’n‐a dtimcheall do chlúduigh iad: agus tháinig an guth as an scamall adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain: éistidh leis. Agus ag féachain go h‐obann dóibh ’n‐a dtimcheall, ní raibh aon duine le feicsin acht Íosa amháin ’n‐a bhfochair féin. Agus ag teacht anuas dóibh ó’n sliabh, thug sé foláireamh dhóibh gan a innsin d’aon duine i dtaobh a bhfacadar, nó go n‐aiséirigheadh Mac an Duine ó na marbhaibh. Agus do choimhéadadar an focal sin aca féin, ’g‐a fhiafraighe d’á chéile, Cad é an chiall atá leis sin, aiséirghe ó na marbhaibh? Agus do chuireadar ceist air, agus adubhradar, Cad chuige a n‐abrann na scríobhaidhthe go gcaithfidh Élias teacht ar dtús? Agus adubhairt sé leo, Tig Élias ar dtús go deimhin, agus athnuadhann sé gach uile nidh: agus cionnas atá scríobhtha i dtaobh Mhic an Duine, go gcaithfidh sé mórán d’fhulang agus bheith fá tharcuisne? Acht adeirim‐se libh go dtáinig Élias cheana féin, agus go ndearnadar dó an rud ba thoil leo, mar atá scríobhtha na thaobh. Agus nuair thángadar chum na ndeisceabal, do chonncadar sluagh mór ’n‐a dtimcheall, agus na scríobhaidhthe ag diospóireacht leo. Agus ar an láthair, nuair do chonnaic an sluagh é, tháinig iongnadh agus uathbhás ortha uile, agus do ritheadar chuige agus d’fháiltigheadar roimhe. Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Créad í an cheist atá d’á pléidhe agaibh leo‐san? Agus d’fhreagair duine de’n tsluagh, agus adubhairt, A Mháighistir, thugas‐sa chugat mo mhac ’n‐a bhfuil spioraid bhalbh; agus cibé ball ’n‐a mbeireann sí é, buaileann sí ar lár é: agus cuireann seisean cubhar as a bhéal, agus do‐ghní sé gíoscán le n‐a fhiaclaibh, agus atá sé ag cnaoi: agus do labhras led’ dhéisceablaibh ’g‐a iarraidh ortha a díbirt amach as; agus níor fhéadadar‐san a dhéanamh. Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, A shliocht gan chreideamh, cá fhad bhéas mé eadraibh? cá fhad fhuilingeochas mé libh? tabhraidh chugam‐sa é. Agus thugadar chuige é: agus nuair do chonnaic an spioraid é, ar an láthair do réab sí é go millteach, agus do thuit sé ar an talamh, agus é ag ionfairt, agus cubhar ar a bhéal. Agus d’fhiafruigh Íosa de’n athair, An fada dhó sa riocht so? Agus adubhairt seisean, Ó bhí sé ’n‐a leanbh. Agus is minic do chaith sí san teinidh é agus san uisce, le n‐a mhilleadh: acht má’s féidir leat‐sa é, déan trócaire orainn, agus fóir orainn. Agus adubhairt Íosa leis, Má’s féidir leat! Is féidir gach uile nidh do’n té chreideas. Agus ar an láthair do ghlaodh athair an bhuachalla, agus adubhairt, Creidim‐se; fóir‐se ar m’easbaidh creidimh. Agus nuair do chonnaic Íosa go raibh sluagh mór daoine ag rith chuige, do smachtuigh sé an spioraid neamh‐ghlan, ’g‐a rádh leis, A spioraid bhalbh, bhodhar, órduighim‐se dhuit, tar amach as, agus ná téighir isteach ann arís. Agus ag screadaigh, agus ’g‐a shracadh dhí go millteach, tháinig sí amach as: agus do bhí an leanbh mar do bhéadh corp: i dtreo go ndubhairt an chuid ba mhó aca, Atá sé marbh. Acht do rug Íosa ar láimh air, agus do thóg sé suas é; agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh. Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh, d’fhiafruigh a dheisceabail de, fá rún, Cad chuige nár fhéadamar‐ne an spioraid úd do dhíbirt as? Agus adubhairt sé leo, Ní féidir a leithéid‐siúd do dhíbirt acht le h‐urnaighe agus le troscadh. Agus d’imthigheadar ó’n áit sin, agus do chuadar tríd an nGaililé; agus níorbh áil leis a fhios do bheith ag aoinneach. Óir do bhí sé ag teagasc a dheisceabal, agus ’g‐a rádh leo, Atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh na ndaoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhtha, éireochaidh sé an treas lá. Acht níor thuigeadar brigh na cainnte seo, agus do bhí eagla ortha a cheistiú. Agus tháinig sé go Cafarnaúm: agus nuair do bhí sé sa tigh, d’fhiafruigh sé dhíobh, Créad í an chonspóid do bhí eadraibh ar an sligh? Acht d’fhanadar ’n‐a dtost: óir do bhíodar ag diospóireacht ar an slighe ’n‐a thaobh so, Cia aca dhíobh ba mhó. Agus do shuidh sé, agus do ghlaodh sé an dá‐réag chuige; agus adubhairt sé leo, Aon duine lé’r mian bheith i dtosach, is eisean bhéas ar deireadh ar fad, agus bhéas ’n‐a sheirbhíseach ag cách. Agus do rug sé ar leanbh beag, agus do chuir sé ’n‐a lár é: agus do thóg sé ’n‐a ucht é, agus adubhairt sé leo, Cibé duine ghlacfas chuige im’ ainm‐se leanbh d’á leithéid seo, is mise ghlacas sé chuige, agus cibé duine ghlacas mise chuige, ní mise ghlacas sé, acht an té do chuir uaidh mé. Adubhairt Eoin leis, A Mháighistir, do chonnacamar duine ag cur deamhan amach id’ ainm‐se, agus do choisceamar é, de bhrigh nach leanann sé sinne. Acht adubhairt Íosa, Ná coiscidh é: óir ní fhuil aon duine do‐ghéanas míorbhail im’ ainm‐se, agus fhéadfas olc do labhairt orm ’n‐a dhiaidh sin. Óir cibé duine nach bhfuil ’n‐ár gcoinnibh atá sé linn. Agus cibé duine bhéarfas cupán uisce le n’ól daoibh im’ ainm‐se, de bhrigh gur daoine le Críost sibh, adeirim libh go fírinneach, nach gcaillfidh sé a luach‐saothair. Agus cibé duine bhéarfas adhbhar scannail d’aoinneach de na daoinibh beaga so chreideas ionnam, do b’fhearr dó go gcrochfaidhe cloch muilinn ar a mhuineál, agus go gcaithfidhe é sa bhfairrge. Agus má bhíonn do lámh ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh, ’ná an dá láimh do bheith agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teinidh nach múchtar. Agus má bhíonn do chos ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr díot í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh, agus tú id’ bhacach, ’ná an dá chois do bheit agat agus go gcaithfidhe thú i n‐ifreann. Agus má bhíonn do shúil ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í: is fearr duit dul isteach i ríoghacht Dé ar leathshúil, ’ná an dá shúil do bheith agat agus go gcaithfidhe thú i n‐ifreann: an áit nach n‐éagann a gcnuimh, agus nach múchtar an teine. Óir saillfear gach uile dhuine le teinidh. Is maith an nidh salann: acht má bhíonn an salann gan bhlas, cad leis an ndéanfaidh sibh deagh‐bhlasta é. Bíodh salann ionnaibh féin agaibh agus bíodh síothcháin eadraibh. Agus ag imtheacht dó, tháinig sé go críochaibh Iúdaea ar an taobh thall de Iórnán: agus do chruinnigh na sluaighte chuige arís; agus, mar ba ghnáth leis, do theagaisc sé arís iad. Agus tháinig na Fairisínigh chuige, agus d’fhiafruigheadar de, ’g‐a thriail. An dleaghthach d’fhear a bhean do chur uaidh? Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Créad d’órduigh Maois daoibh? Agus adubhradar‐san, Do cheaduigh Maois litir a scartha do scríobhadh, agus a cur uaidh. Acht adubhairt Íosa, Is mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe thug sé an aithne sin daoibh. Acht ó cruthuigheadh gach nidh ar dtús, fireann agus baineann do sinne sé iad. Ar an adhbhar sin tréigfidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‐a mhnaoi; agus béidhid beirt ’n‐a n‐aon fheoil amháin: i dtreo nach beirt iad as sin amach, acht aon fheoil amháin. D’á bhrigh sin, an nidh atá ceangailte ag Dia, ná scaoileadh duine é. Agus sa tigh dhóibh do chuir na deisceabail ceist air arís ’n‐a thaobh sin. Agus adubhairt sé leo, Cibé duine chuirfeas uaidh a bhean, agus phósfas bean eile, do‐ghní sé adhaltrannas ’n‐a h‐aghaidh: agus má chuireann bean a fear uaithi, agus má phósann sí fear eile, do‐ghní sise adhaltrannas. Agus thugadar leinbh óga chuige, chum go leagfadh sé a lámh ortha: agus do chuir na deisceabail cosc leo‐san do bhí ’g‐a dtabhairt chuige. Acht nuair thug Íosa fá deara sin, do bhí míchéadfadh aige ortha, agus adubhairt sé leo, Leigidh do na leanbhaibh beaga teacht chugam‐sa; ná cuireadh cosc leo: óir is le n‐a leithéidibh‐sin ríoghacht Dé. Adeirim libh go fírinneach, Cibé duine nach nglacfaidh ríoghacht Dé ar nós leinbh, nach rachaidh sé isteach innti choidhche. Agus do ghlac sé chuige ’n‐a ucht iad, agus do bheannuigh sé iad, agus é ag cur a lámh ortha. Agus nuair do bhí sé ag dul amach ar an mbealach, do rith fear chuige, agus do chaith sé é féin ar a ghlúnaibh ’n‐a láthair, agus d’fhiafruigh sé dhe, A Mháighistir mhaith, Créad do‐ghéanad‐sa chum go bhfaighead an bheatha shíorraidhe mar oighreacht? Agus adubhairt Íosa leis, Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm‐sa? Ní maith aoinneach acht Dia amháin. Is eol duit na h‐aitheanta, Ná déan dúnmharbhadh, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid, Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Ná déan mealltóireacht, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair. Agus adubhairt seisean leis, A Mháighistir, do chóimhlíonas na neithe sin uile ó thús m’óige. Agus iar bhféachain d’Íosa air, thug sé grádh dhó, agus adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort: imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus do‐gheobhair saidhbhreas ar neamh; agus tar agus lean mise. Acht ar gclos na cainnte sin dó, tháinig cuma an bhróin ar a éadan, agus d’imthigh sé go h‐atuirseach, mar ba dhuine é ag a raibh mórán saidhbhris. Agus d’fhéach Íosa ’n‐a thimcheall, agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Nach deacair do lucht saidhbhris dul isteach i ríoghacht Dé! Agus do chuir a bhriathra uathbhás ar na deisceablaibh. Acht do labhair sé arís, agus adubhairt sé leo, A chlann, nach deacair dhóibh‐sean a chuireas a muinghin as saidhbhreas dul isteach i ríoghacht Dé! Is fusa do chamall gabháil tré chró snáthaide, ’ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht Dé. Agus do mhéaduigh ar a n‐uathbhás go mór, agus adubhradar leis, Má’s eadh, cia h‐é an duine gur féidir a shaoradh? Agus ag féachain d’Íosa ortha, adubhairt sé, Ní féidir do dhaoinibh é, acht ní mar sin do Dhia; óir is féidir le Dia gach uile nidh do dhéanamh. Agus adubhairt Peadar leis, Féach, do thréigeamar‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa. Adubhairt Íosa, Adeirim libh go fírinneach, Nach bhfuil aon duine d’fhág teach, nó dearbhráithreacha, nó deirbhsheathracha, nó máthair, nó athair, nó clann, nó talta ar mo shon‐sa, agus ar son an tsoiscéil, nach bhfaighidh a gcéad oiread san aois seo, tighthe, agus dearbhráithreacha, agus deirbhsheathracha, agus máithreacha, agus clann, mar aon le géir‐leanamhain; agus an bheatha shíorraidhe sa tsaoghal atá le teacht. Acht is iomdha duine d’á bhfuil ar tosach bhéas ar deireadh: agus d’á bhfuil ar deireadh bhéas ar tosach. Agus do bhíodar ar an slighe, ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do bhí Íosa ag siubhal rómpa: agus do bhí iongnadh ortha: agus do bhí eagla ortha‐san agus iad ag leanamhain ’n‐a dhiaidh. Agus thug sé an dá‐réag i leathtaoibh arís, agus do thosnuigh sé ar a innsin dóibh cad iad na neithe do tharlóchadh dó, ’g‐a rádh, Féachaidh, atámuid ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐bhéarfar Mac an Duine d’uachtaránaibh na sagart, agus do na scríobhaidhthibh; agus daorfaid‐sean chum báis é, agus do‐bhéarfaid do na Págánachaibh é: agus do‐ghéanaid‐sean fonomhaid faoi, agus caithfid seile air, agus sciúrsálfaid é, agus marbhóchaid é; agus tar éis trí lá éireochaidh sé arís. Agus tháinig chuige Séamas agus Eoin, mic Shebedé, agus adubhradar leis, A Mháighistir, ba mhian linn go ndéanfá dhúinn cibé nidh iarrfaimíd ort. Agus adubhairt seisean leo, Créad do b’áil libh do‐ghéanainn daoibh? Agus adubhradar‐san leis, Deonuigh dhúinn go suidhfimíd, duine againn ar do láimh dheis, agus duine againn ar do láimh chlé, id’ ghlóir. Acht adubhairt Íosa leo, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólaim‐se, an féidir libh‐se a ól? nó an féidir libh an baisteadh le n‐a mbaistfear mise d’fhulang? Agus adubhradar leis, Is féidir linn. Agus adubhairt Íosa leo, An cupán ólaim‐se, ólfaidh sibh‐se é; agus baistfear sibh sa mbaisteadh fhuilingeochas mé: acht suidhe ar mo láimh dheis nó ar mo láimh chlé, ní liom‐sa a thabhairt sin uaim; acht atá sé i ndán dóibh‐sean d’á bhfuil sé ceaptha. Agus nuair do‐chuala an deichneabhar é, d’éirigh siad míshásta go mór le Séamas agus le h‐Eoin. Agus do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé leo, Atá a fhios agaibh na daoine go luaidhtear cumhacht do bheith aca ar na Pagánachaibh, go gcuirid‐sean smacht ortha; agus go mbíonn forlámhas ag a mór‐uaislibh ortha. Acht ní mar sin daoibh‐se: acht cibé duine gur mian leis bheith mór eadraibh, caithfidh sé bheith ’n‐a sheirbhíseach agaibh: agus cibé duine gur mian leis bheith ar tosach eadraibh, caithfidh sé bheith ’n‐a sclábhaidhe ag cách. Óir ní tháinig Mac an Duine féin chum go ndéanfaidhe friotháileamh air, acht chum fo ndéanfadh seisean friotháileamh, agus go dtiubhradh sé a anam i n‐éiric móráin. Agus thángadar go h‐Ierichó: agus ag imtheacht dó‐san agus d’á dheisceablaibh as Ierichó, agus sluagh mór daoine i n‐éinfheacht leo, do bhí Bartiméus dall, mac Thiméuis, ’n‐a shuidhe le cois an bhealaigh agus é ag iarraidh déirce. Agus nuair do‐chuala sé gurbh é Íosa Nasardha do bhí ann, do thosnuigh sé ar ghlaodhach, agus ar a rádh, A Íosa, a mhic Dháibhi, déan trócaire orm. Agus do bhagair mórán daoine air bheith ’n‐a thost: acht ba mhó do ghlaodh seisean, A mhic Dháibhi, déan trócaire orm. Agus do stad Íosa, agus adubhairt sé, Glaodhaidh chugam air. Agus do ghlaodhadar ar an dall, ’g‐a rádh leis, Bíodh meisneach agat; éirigh id’ sheasamh, atá sé ag glaodhach ort. Agus do chaith seisean a bhrat de, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh, agus tháinig sé chum Íosa. Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé, Créad ba mhian leat do‐ghéanainn duit? Agus adubhairt an dall leis, A Mháighistir, mo radharc thabhairt dom. Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an láthair tháinig a radharc dó, agus do lean sé é sa tslighe. Agus nuair do bhíodar ag teacht i n‐aice Iarúsalem, agus do shroicheadar Bétfagé agus Bétánia ag cnoc na nOla‐chrann, do chuir sé beirt d’á dheisceablaibh uaidh agus adubhairt sé leo, Téighidh go dtí an baile beag úd thall os bhúr gcómhair: agus nuair rachas sibh isteach ann, do‐geobhaidh sibh ceangailte ann searrach nár shuidh aon duine riamh air; scaoilidh é, agus tabhraidh libh é. Agus má adeir aoinneach libh, Cad chuige a bhfuil sibh ’g‐a dhéanamh? abraidh‐se leis, Teastuigheann sé ó’n Tighearna; agus cuirfidh sé ar ais annso é ar an láthair. Agus d’imthigheadar, agus fuaradar an searrach ceangailte ag an doras amuigh sa tsráid; agus do scaoileadar é. Agus adubhairt daoine áirithe d’á raibh ’n‐a seasamh annsin, Créad atá agaib d’á dhéanamh ag scaoileadh an tsearraigh? Agus adubhradar‐san leo fá mar adubhairt Íosa leo: agus do leigeadar dóibh imtheacht. Agus thugadar an searrach chum Íosa, agus do chuireadar a mbrait air; agus do shuidh seisean air. Agus do leath a lán daoine a mbrait ar an slighe; agus do leath daoine eile géaga do ghearradar de na crannaibh. Agus na daoine do bhí ar tosach rómpa, agus na daoine do bhí ag leanamhain ’n‐a ndiaidh, do ghlaodhadar, Hósanná; Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna! Is beannuighthe an ríoghacht atá ag teacht, ríoghacht ár n‐athar Dáibhi! Hósanná ins na flaitheasaibh is aoirde! Agus do chuaidh sé isteach i nIarúsalem, isteach sa teampall; agus iar bhféachain ’n‐a thimcheall ar gach nidh dhó, ó do bhí an tráthnóna ann, do chuaidh sé amach go Bétánia i n‐éinfheacht leis an dá‐réag. Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin, nuair tháinig siad amach as Bétánia, do bhí ocras air. Agus do chonnaic sé i bhfad uaidh crann fige agus duilleabhar air, agus tháinig sé d’fhéachain an bhfuigheadh sé aon nidh air: agus nuair tháinig sé chuige, ní fhuair sé acht duilleoga air; óir ní raibh séasúr na bhfige ann. Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leis, Nár ithidh aon duine toradh uait‐se ó’n am so go deoidh. Agus do‐chuala a dheisceabail é. Agus thángadar go h‐Iarúsalem: agus do chuaidh sé isteach sa teampall, agus do thosnuigh sé ar an dream do bhí ag díol agus ag ceannach sa teampall do thiomáin amach as, agus do leag sé ar lár búird luchta an airgid do mhalairt, agus suidheacháin luchta na gcolm do dhíol; agus ní leigfeadh sé d’aon duine soitheach d’iomchur tríd an teampall. Agus thug sé teagasc, agus adubhairt sé leo Nach bhfuil scríobhtha, Goirfear dem’ thigh‐se teach urnuighthe le h‐agaidh na gcineadh uile? acht atá uachais bitheamhnach déanta agaibh‐se dhe. Agus do‐chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe é, agus do bhíodar ag iarraidh caoi d’fhágháil le n‐a mhilleadh: óir do bhí eagla ortha roimhe, de bhrigh go ndearna an sluagh uile iongnadh d’á theagasc. Agus nuair tháinig an tráthnóna, d’imthigh sé amach as an gcathair. Agus ag gabháil thairis dóibh ar maidin, do chonnacadar an crann fige agus é feoighte ó fhréimh. Agus ag cuimhniú do Pheadar air, adubhairt sé leis, A Mháighistir, féach, an crann fige do mhalluighis, atá sé feoighte. Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Bíodh creideamh Dé agaibh. Adeirim libh go fírinneach, Cibé duine adéarfas leis an sliabh so, Tógtar thú, agus caithtear thú sa bhfairrge, gan aon amhras do bheith ’n‐a chroidhe aige, acht go gcreideann sé go dtiocfaidh an nidh adeir sé chum críche; béidh sé aige. D’á bhrigh sin adeirim libh, Cibé nidh ghuidheas agus iarras sibh, creididh go bhfuair sibh é, agus do‐gheobhaidh sibh é. Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr seasamh ag déanamh urnuighthe, má bhíonn nidh ar bith agaibh i n‐aghaidh aon duine, maithidh dhó é; ionnas go maithfeadh bhúr n‐Athair atá ar neamh bhúr gcionntaí dhaoibh‐se mar an gcéadna. Agus thángadar go h‐Iarúsalem arís: agus ag siubhal dó sa teampall, tháinig chuige uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus na seanóirí: agus adubhradar‐san leis, Créad é an t‐ughdarás atá agat chum na neithe seo do dhéanamh? agus cia thug an t‐ughdarás duit chum na neithe seo do dhéanamh? Agus adubhairt Íosa leo, Cuirfead‐sa ceist amháin oraibh, agus tabhraidh freagra orm, agus inneosfad‐sa dhaoibh cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh. Baisteadh Eoin, arabh ó neamh é nó ó dhaoinibh? Tabhraidh freagra orm. Agus do‐rinneadar‐san diospóireachth le n‐a chéile, ’g‐á rádh. Má adeirmid, Ó neamh; adéarfaidh seisean, Má ’seadh, cad chuige nár chreideabhar é? Acht má adeirmid, Ó dhaoinibh, do bhí eagla an phobail ortha: óir do bhí na daoine uile ar aon aigne gurbh fháidh Eoin dá ríribh. Agus d’fhreagradar Íosa, agus adubhradar, Ní fhuil a fhios againn. Agus adubhairt Íosa leo, Ní mó inneósad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughoarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh. Agus do thosnuigh sé ar labhairt leo i samhlaoidibh. Do chuir duine áirithe fíon‐ghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do rinne sé clais ann le h‐aghaidh daibhche an fhíona, agus do thóg se túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile. Agus nuair tháinig an séasúr, do chuir sé searbhónta chum na scológ, chum cuid de thoradh an fhíon‐ghuirt d’fhágháil ó na scológaibh. Agus do rugadar air, agus do ghabhadar air, agus do chuireadar uatha folamh é. Agus arís do chuir sé searbhónta eile chuca; agus do ghoineadar eisean sa gceann, agus thugadar tarcuisne dhó. Agus do chuir sé duine eile chuca; agus do mharbhadar é: agus a lán eile; do ghabhadar ar chuid aca, agus do mharbhadar cuid eile. Do bhí aige aon mhac amháin, ionmhain: agus do chuir sé eisean chuca sa deireadh mar an gcéadna, ’g‐a rádh, Do‐bhéarfaid urraim dom’ mhac. Acht adubhairt na scológa le n‐a chéile, Is é seo an t‐oighre; téanam, marbhaimís é. Agus béidh an oigheacht againne. Agus do rugadar air, agus do mharbhadar é, agus do chaitheadar as an bhfíon‐ghort amach é. Créad do‐ghéanas tighearna an fhíon‐ghuirt annsin? tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na scológa, agus do‐bhéarfaidh sé an fíon‐ghort do dhaoinibh‐eile. An é nár léigheabhar an scrioptúir seo: An chloch d’ar dhiúltaigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí: Is é an Tighearna do rinne é Agus is iongnantach é in ár súilibh? Agus do bhíodar ag iarraidh faille chum greim d’fhágháil air, acht do bhí eagla an phobail ortha; óir do thuigeadar gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin: agus d’fhágadar é agus d’imthigheadar. Agus do chuireadar chuige cuid de na Fairisíneachaibh, agus de mhuinntir Ioruaith, chum go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt. Agus nuair thángadar, adubhradar leis, A Mháighistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus nach bhfuil beann agat ar aoinneach: óir is cuma leat pearsa aon duine, acht múineann tú slighe Dé de réir na fírinne. An dleaghthach cáin do thabhairt do Chéasar, nó gan a tabhairt? An dtiubhraimíd i, nó nach dtiubhraimíd? Acht d’aithin seisean a gcealg, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm? tabhraidh pinginn chugam go bhfeicead í. Agus thugadar chuige í. Agus adubhairt sé leo, Cia leis an íomháigh agus an scríbhinn seo? agus adubhradar leis, Le Céasar. Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar, agus do Dhia na neithe is le Dia. Agus do b’iongnadh mór leo é. Agus tháinig Saddúicínigh chuige, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann; agus d’fhiafruigheadar de, ’g‐a rádh, A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus dá bhfágadh sé bean ’n‐a dhiaidh, agus nach bhfágfadh sé clann, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair. Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ann: agus do phós an chéad duine aca bean, agus fuair sé bás gan sliocht d’fhágáil; agus do ghlac an dara duine aca í, agus fuair seisean bás gan sliocht d’fhágáil; agus an treas duine mar an gcéadna: agus do ghlac an móir‐sheisear í gan sliocht d’fhágáil. I n‐a dhiaidh sin fuair an bhean féin bás. Nuair thiocfas an aiséirghe, cia aca dhíobh gur leis an bhean? óir do bhí sí ’n‐a mnaoi ag an móir‐sheisear. Adubhairt Íosa leo, Nach é an t‐adhbhar atá ag bhúr gcur amugha, gan eolas do bheith agaibh ar na scrioptúiribh, ’ná ar chumhacht Dé? Óir, nuair éireochas siad ó na marbhaibh, ní bhéidh daoine ag pósadh ná ag tabhairt le pósadh; acht bhéidh siad mar na h‐aingil ins na flaitheasaibh. Acht i dtaobh na marbh, go n‐aiséirigheann siad; nár léigheabhar i leabhar Mhaoise, mar a dtráchtar ar an sceich, cionnas do labhair Dia leis, ’g‐a rádh, Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Iosóig, agus Dia Iácóib? Ní h‐é Dia na marbh é, acht Dia na mbeo: d’á bhrigh sin, atá sibh‐se amugha go mór. Agus tháinig chuige duine de na scríobhaidhthibh do bhí ag éisteacht leis an diospóireacht do bhí eadortha, agus ó do bhí a fhios aige a fheabhas d’fhreagair sé iad, d’fhiafruigh sé dhe, Créad í an phríomh‐aithne de na h‐aitheantaibh uile? Agus d’fhreagair Íosa, Is í an phríomh‐aithne dhíobh uile, Éist, a Israel; is aon Dia amháin do Thighearna‐sa: agus grádhfaidh tú an Tighearna do Dhia ó do chroidhe go h‐iomlán, agus ó t’anam go h‐iomlán, agus ó t’inntinn go h‐iomlán, agus ó do neart go h‐iomlán. Is í an dara h‐aithne, Grádhfaidh tú do chómharsa mar tú féin. Ní fhuil aithne eile is mó ’ná iad so. Agus adubhairt an scríobhaidhe leis, Is fíor dhuit é, a Mháighistir, is maith adubhrais gurab aon Dia amháin é; agus nach bhfuil ann acht é: agus a ghrádhadh ó’n gcroidhe go h‐iomlán, agus ó’n dtuigsin go h‐iomlán, agus ó’n neart go h‐iomlán, agus an chómharsa do ghrádhadh mar an duine féin, gur mó sin go mór ’ná na h‐íodhbartha dóighte agus na h‐ofrála go léir. Agus nuair do chonnaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar, adubhairt sé leis, Ní fhuilir‐se i bhfad ó ríoghacht Dé. Agus níor lámh aon duine ceist do chur air as sin amach. Agus ag teagasc d’Íosa sa teampall, adubhairt sé, Cionnas adeir na scríobhaidhthe gur mac do Dháibhi Críost? Adeir Dáibhi, féin tríd an Spiorad Naomh: Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh ar mo láimh dheis, Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fá bhonn do chos. Goireann Dáibhi féin Tighearna dhe; agus cionnas atá sé ’n‐a mhac aige? Agus d’éist an sluagh go fonnmhar leis. Agus sa teagasc dó adubhairt sé, Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áit na margadh, agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus ins na fleadhannaibh: iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; do‐gheobhaid‐sean an breitheamhnas is truime. Agus do shuidh sé os cómhair an chiste, agus thug sé fá deara cionnas do chuireadh na daoine airgead isteach sa gciste: agus do chuir a lán daoine saidhbhir mórán isteach ann. Agus tháinig baintreabhach bhocht amháin, agus do chuir sise isteach ann dá chianóig, do‐ghní feoirling. Agus do ghlaodh sé chuige a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Is mó do chuir an bhaintreabhach bhocht so isteach ’ná iad‐san uile d’á bhfuil ag cur nidh ann: Óir is d’á n‐acfuinn do chuireadar‐san ann acht do chuir sise ann, d’á dealbhas, a raibh aici, a cuid de’n tsaoghal. Agus nuair do bhí sé ag dul amach as an teampall, adubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, A Mháighistir, féach, Nach breágh na clocha, agus nach breágh na foirnighthe iad! Agus adubhairt Íosa leis, An bhfeiceann tú na foirgnighthe móra so? ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh annso nach leagfar. Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann os cómhair an teampaill, d’fhiafruigh Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leithligh, Innis dúinn, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe seo? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe seo uile ag teacht chum críche? Agus do thosnuigh Íosa ar a rádh leo, Tabhraidh aire nach meallfaidh aoinneach sibh. Tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, adéarfas, Is mise é; agus meallfaidsean mórán. Agus nuair do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ráflaí ar chogadh, ná bíodh buaidhirt oraibh: caithfidh na neithe seo teacht; acht ní fhuil an deireadh ann fós, Óir éireochaidh cineadh i n‐aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n‐aghaidh ríoghachta: béidh creatha talmhan ’n‐a lán áiteann; béidh gortai ann: tosach na buaidheartha is eadh na neithe seo. Acht tabhraidh‐se aire dhaoibh féin: óir do‐bhéarthar sibh i bhfiadhnaise na gcómhairle; agus sciúrsálfar sibh i sionagógaibh; agus seasfaidh sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh. Agus caithfear an soiscéal do chraobhscaoileadh ar dtús ar fud na gcineadh uile. Agus nuair bhéas siad ’g‐bhúr dtabhairt chum daortha, agus nuair thiubhras siad ar láimh sibh, ná cuireadh sé imnidhe oraibh roimh ré créad adéarfas sibh: acht an nidh do‐bhéarthar daoibh ’n‐a am féin, abraidh é: óir ní sibh‐se labhras, acht an Spiorad Naomh. Agus do‐bhéarfaidh an dearbhráthair a dhearbhráthair chum báis, agus an t‐athair a mhac; agus éireochaidh an chlann i n‐aghaidh a n‐athar agus a máthar, agus imreochaid bás ortha. Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son m’anma: acht as té bhéas buan‐tseasmhach go deireadh, is é slánóchar. Acht nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta ’n‐a seasamh san áit nach dual (an té léigheas, tuigeadh sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teichidís chum na gcnoc: agus an té atá ar mhullach an tighe, ná tigeadh sé anuas, agus ná téigheadh sé isteach le rud ar bith do bhreith leis: agus an té atá ar an machaire, ná casadh sé ar ais le n‐a bhrat do thógáil. Agus is mairg do na mnáibh torrcha, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch ins na laethibh sin. Agus guidhidh nach sa ngeimhreadh thiocfas sé. Óir béidh ins na laethibh sin cruadhtan nach raibh a leithéid ann ó do cruthuigh Dia an domhan ar dtús go dtí anois, agus nach mbéidh ann go bráth. Agus muna mbéadh go raibh na laethe ciorrbhuighthe ag an Tighearna, ní thiocfadh aon duine slán as: acht ar son na bhfíréan atá toghtha aige, do chiorrbhuigh sé na laethe. Agus annsin má adeir aoinneach libh, Féach, atá Críost annso; nó, Féach, atá sé annsúd; ná creididh é: óir éireochaidh Críostanna bréige agus fáidhe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cómharthaí agus iongantais, d’fhonn na fíréin féin do mhealladh, dá mb’ fhéidir é. Acht tabhraidh‐se aire: féach, atá gach nidh mniste agam daoibh roimh ré. Acht ins na laethibh sin, tar éis an anró sin, dorchóchaidh an ghrian, agus ní thiubhraidh an ghealach a solas, agus béidh na réaltana ag tuitim ó’n spéir, agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á luascadh. Agus annsin do‐chifid Mac an Duine ag teacht ins na scamallaibh le cumhacht mhóir agus le glóir. Agus annsin cuirfidh sé a aingil amach, agus cruinneochaidh sé a fhíréin ó na ceithre gaothaibh, ó fhír‐imeall an domhain go fír‐imeall neimhe. Foghlamaidh ceacht ó’n gcrann fige: nuair bhíos a ghéag bog, agus an duilleabhar ag teacht uirthi, atá a fhios agaibh go bhfuil an samhradh i athchom‐aireacht: mar sin daoibh‐se, nuair do‐chífidh sibh na neithe seo ag teacht chum críche, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i ngar daoibh, sa doras féin. Adeirim libh go fírinneach, Ní bhéidh deireadh leis an díne seo nó go ndéantar na neithe seo uile. Rachaidh spéir agus talamh ar ceal: acht ní rachaidh mo bhriathra‐sa ar ceal. Acht i dtaobh an lae úd, agus i dtaobh na h‐uaire úd, ní fhuil a fhios sin ag aoinneach, fiú amháin ag na h‐ainglibh, ná ag an Mac, acht amháin ag an Athair. Tabhraidh aire, bidhidh ag faire agus ag guidhe: óir ní fios daoibh cá fhaide go dtiocfaidh an t‐am. Mar do bhéadh duine ag imtheacht i bhfad ó bhaile, d’fhág a theach, agus thug an cúram d’á sheirbhíseachaibh, a chuid féin de’n obair do gach duine aca, agus d’órduigh do’n dóirseoir faire do dhéanamh. Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil a fhios agaibh cé an uair thiocfas fear an tighe, um thráthnóna, nó um uair an mheadhon‐oidhche, nó ar ghlaodhach an choiligh, nó ar maidin; ar eagla dá dtigeadh sé go h‐obann, gur ’n‐bhúr gcodladh do‐gheobhadh sé sibh. Agus an nidh adeirim libh‐se, adeirim le cách é, Déanaidh faire. Agus i gcionn dá lá do bhí féile na Cásca agus an aráin gan laibhín ann: agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’g‐a bheartú cionnas do bhéarfaidís air le feall, le n‐a mharbhadh: óir adubhradar, Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireochadh achrann i measc an phobail. Agus nuair do bhí sé i mBétánia, i dtigh Shíomóin lobhair, ’n‐a shuidhe ag an mbórd, tháinig bean ag a raibh crúsca alabastair d’uinneimeint spíocnáird an‐luachmhair; agus do bhris sí an crúsca, agus do dhoirt sí a raibh ann ar a cheann. Acht do bhí daoine ann adubhairt go míchéadfach eadortha féin, Cad chuige a ndéantar an diomailt seo ar an uinneimeint? Óir do b’fhéidir an uinneimeint so do dhíol ar níos mó ’ná trí céad pinginn, agus a tabhairt do na bochtaibh. Agus do bhíodar díombuidheach dhí. Acht adubhairt Íosa, Leigidh dhí; cad chuige dhaoibh bheith díombuidheach dhí? is gníomh maith do rinne sí orm. Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, agus is féidir dhaoibh maith do dhéanamh dhóibh am ar bith is áil libh; acht ní bhím‐se i gcómhnaidhe ’n‐bhúr bhfochair. Do rinne sí an nidh do b’fhéidir léi: d’ong sí mo chorp roimh ré fá chómhair a adhlachta. Agus adeirim libh go fírinneach, Cibé áit ar fud an domhain uile ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal, inneosfar an gníomh atá déanta ag an mnaoi seo, mar chuimhne uirthi. Agus d’imthigh lúdás Iscariót, duine de’n dá‐réag, chum uachtarán na sagart, chum go dtiubhradh sé ar láimh dhóibh é. Agus nuair do‐chualadar‐san é, dó bhí áthas ortha, agus do ghealladar go dtiubhraidis airgead dó. Agus do bhí seisean ag iarraidh deis d’fhágháil ar a thabhairt ar láimh dhóibh. Agus an chéad lá d’fhéile an aráin gan laibhín, nuair do‐ghnítí íodhbairt na Cásca, adubhairt a dheisceabail leis, Cá’r mhian leat go rachaimís agus go n‐ullmhóchaimís an Cháisc duit le n‐a h‐ithe? Agus do chuir sé uaidh beirt d’á dheisceablaibh, agus adubhairt sé leo, Téighidh isteach sa gcathair, agus casfar oraibh annsin fear agus soitheach uisce ar iomchur aige: leanaidh eisean; agus cibé teach ’n‐a rachaidh sé isteach, abraidh le fear an tighe, Adeir an Máighistir, Cá bhfuil an seomra ’n‐a n‐íosad an Cháisc i bhfochair mo dheisceabal? Agus taisbeánfaidh sé féin daoibh seomra mór uachtarach, agus é i gcaoi agus i gcóir: ullmhuighidh dhúinn annsin. Agus d’imthigh na deisceabail, agus thángadar isteach sa gcathair, agus fuaradar mar adubhairt sé leo: agus d’ullmhuigheadar an Cháisc. Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig sé i n‐éinfheacht leis an dá‐réag. Agus nuair do bhíodar ’n‐a suidhe agus ag ithe, adubhairt Íosa, Adeirim libh go fírinneach, Atá duine agaibh‐se, atá ag ithe im fhochair, agus braithfidh sé mé. Agus tháinig cumha ortha, agus do thosnuigheadar ar a rádh leis, ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, An mise é? Agus adubhairt sé leo, Is duine de’n dá‐réag é, an té chuireas a lámh mar aon liom sa méis. Óir atá Mac an Duine ag imhtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr do’n fhear sin dá mba nach rugadh é ariamh. Agus nuair do bhíodar ag ithe, do thóg sé arán, agus do bheannuigh agus do bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, agus adubhairt sé, Glacaidh: is é seo mo chorp: Agus do thóg sé cupán, agus do ghabh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh é: agus d’óladar uile as. Agus adubhairt sé leo, Is í seo m’fhuil ’san tiomna nua doirtfear ar son móráin. Adeirim libh go fírinneach, Ní ólfad feasta de thoradh na fíneamhna, go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad nua é i ríoghacht Dé. Agus tar a éis dóibh iomann do chanadh, do chuadar amach go cnoc na nOla‐chrann. Agus adubhairt Íosa leo, Do‐gheobhaidh sibh uile scannal ionnam: óir atá scríobhtha, Buailfead an t‐aodhaire, agus scaipfear na caoirigh. Tar éis m’aiséirighthe, ámh, rachad rómhaibh do’n Ghalilé. Acht adubhairt Peadar leis, Bíodh go bhfuigheadh cách scannal, ní fhaighead‐sa. Agus adubhairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneach, an lá indiu, anocht féin, sara nglaodhfaidh an coileach an dara h‐uair, go séanfair mé fá thrí. Acht ba eadh ba dhéine do labhaiseisean, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhradar uile ar an gcuma gcéadna. Agus thángadar go h‐áit ar a dtugtar Getsémané: agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Suidhidh‐se annso, go ndéanad urnaighe. Agus do rug sé leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do thosnuigh sé ar bheith go crith‐eaglach, do‐brónach. Agus adubairt sé leo, Atá brón an bháis ar m’anam: fanaidh‐se annso, agus déanaidh faire. Agus d’imthig sé achar gearr uatha, agus do thuit sé ar an talamh, agus do ghuidh sé go rachadh an uair thairis, dá mb’ fhéidir é. Agus adubhairt sé, Abbá, a Athair, atá gach nidh ar chumas duit; cuir an cupán so dhíom: ná déantar, ámh, an nidh is toil liom‐sa, acht an nidh is toil leat‐sa. Tháinig sé annsin agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, A Shíomóin, an id’ chodhladh atáir‐se? An amhlaidh nár fhéadais faire aon uaire amháin do dhéanamh? Déanaidh faire agus urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathú: bíonn an spioraid lán‐toilteanach, acht bíonn an cholann lag. Agus d’imthigh sé arís, agus do rinne sé guidhe, agus é ag rádh na bhfocal céadna. Agus tháinig sé arís, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, mar do bhí a súile an‐trom agus ní raibh a fhios aca créad é an freagra do bhéarfaidís air. Agus tháinig sé an treas uair, agus adubhairt sé leo, Codlaidh anois, agus déanaidh suaimhneas: is leor é; atá an uair tagtha; féach, atá Mac an Duine d’á thabhairt ar láimh do na peacachaibh. Éirighidh, bímís ag imtheacht, an té a bhraithfeas mé atá sé i bhfogas dúinn. Agus ar an láthair, le linn cainnte dhó, tháinig Iúdás Iscariót, duine de’n dá‐réag, agus sluagh i n‐éinfheacht leis, ó uachtaránaibh na sagart, agus ó na scríobhaidhthibh, agus ó na seanóiribh, agus claidhmhte agus bataí aca. Agus an té do bhraith é, thug sé cómhartha dhóibh, ’g‐á rádh, An té úd d’á dtiubhrad‐sa póg, is eisean é; beiridh air, agus tabhraidh libh slán é. Agus nuair tháinig sé, ar an láthair do chuaidh sé chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir; agus thug sé póg dó. Agus rugadar‐san air agus do ghabhadar é. Acht do bhí duine dhíobh‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé an chluas de. Agus adubhairt Íosa leo, An dtángabhar amach le breith orm, le claidhmhtibh agus le bataibh, mar thiocfadh sibh le breith ar bhitheamhnach? Do bhíos gach lá ’n‐bhúr measc ag teagasc sa teampall, agus ní rugabhar orm: acht do‐ghnítear é seo chum na scrioptúirí do chóimhlíonadh. Agus do thréigeadar uile é agus do theicheadar. Agus do lean ógánach áirithe é, nach raibh acht brat línéadaigh ’n‐a thimcheall ar a nochta: agus do rugadar air‐sean; acht d’fhág sé an brat línéadaigh aca, agus do theich sé lomnocht uatha. Agus thugadar Íosa leo chum an árd‐shagairt: agus do chruinnigh i n‐éinfheacht leis uachtaráin na sagart go léir, agus na seanóirí, agus na scríobhaidhthe. Agus do lean Peadar é i bhfad uaidh, nó go raibh sé istigh i gcúirt an árd‐shagairt; agus do bhí sé ’n‐a shuidhe i bhfochair na n‐oifigeach, ’g‐á ghoradh féin cois na teineadh. Agus do bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle uile ag iarraidh fiadhnaise d’fhágháil i n‐aghaidh Íosa le n‐a chur chum báis; agus ní fhuaradar í. Óir thug mórán daoine fiadhnaise bhréige ’n‐a aghaidh, agus ní tháinig a bhfiadhnaise le chéile. Agus d’éirigh daoine áirithe, agus thugadar fiadhnaise bhréige ’n‐a aghaidh, ’g‐a rádh, Do‐chualamar‐ne é ’g‐a rádh, Leagfad‐sa an teampall so do rinneadh le lámhaibh daoine, agus i gcionn trí lá tógfad teampall eile gan a bheith déanta le lámhaibh. Acht, mar sin féin, ní raibh a bhfiadhnaise ag teacht le chéile. Agus d’éirigh an t‐árd‐shagart ’n‐a sheasamh ’n‐a lár, agus do chuir sé ceist ar Íosa, agus adubhairt, Nach bhfuil freagra ar bith agat? Créad é atá aca‐san d’á chur id’ leith? Acht d’fhan seisean ’n‐a thost, agus ní thug sé freagra ar bith. Agus d’fhiafruigh an t‐árd‐shagart de arís, agus adubhairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Bheannuighthe? Agus adubhairt Íosa, Is mé: agus do‐chífidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar láimh dheis na cumhachta, agus é ag teacht le scamallaibh neimhe. Agus do réab an t‐árd‐shagart a éadaighe, agus adubhairt sé, Cread é an gábhadh atá againn le fiadhnaidhthibh a thuilleadh? Do‐chualabhar an dia‐mhasladh: créad do‐chítear dacibh? Agus adubhradar‐san d’aon ghuth go raibh bás tuillte aige. Agus do thosnuigh cuid aca ar sheilí do chaitheamh air, agus ar a aghaidh d’fholach, agus ar a bhualadh le dornaibh, agus iad ’g‐a rádh, Déan fáidheadóireacht: agus do ghabh na h‐oifigigh é agus iad ag gabháil de bhuillibh baise air. Agus le linn do Pheadar bheith ins an gcúirt thíos, tháinig cailín de chailínibh an árd‐shagairt; agus nuair do chonnaic sí Peadar ’g‐a ghoradh féin, do dhearc sí air, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa Nasardha. Acht do shéan seisean, agus adubhairt, Ní fhuil a fhios agam, ná ní thuigim créad adeirir: agus do chuaidh sé amach taobh amuigh de’n chúirt; agus do ghlaodh an coileach. Agus do chonnaic an cailín é arís, agus do thosnuigh sí ar a rádh leis na daoinibh do bhí ’n‐a seasamh ann, Is duine aca‐súd é seo. Agus do shéan seisean arís. Agus tar éis tamaill bhig eile, adubhairt an mhuinntear do bhí ’n‐a seasamh ann le Peadar, Gan amhras is duine aca‐súd thusa, mar is Galiléach thú. Acht do thosnuigh seisean ar eascainighe, agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine so adeir sibh. Agus ar an láthair do ghlaodh an coileach an dara h‐uair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adhubhairt Íosa leis, Sara nglaodhfaidh an coileach dhá uair, séanfair mé fá thrí. Agus ag cuimhniú air dhó, do bhris a ghol air. Agus go moch ar maidin, do chuaidh uachtaráin na sagart i ndáil cómhairle leis na seanóiribh, agus leis na scríobhaidhthibh agus leis an gcómhairle iomláin, agus do cheangladar Íosa, agus do rugadar leo é, agus thugadar do Phíoláid é. Agus d’fhiafruigh Píoláid de, An tusa Rí na nIúdach? Agus d’fhiafruigh seisean agus adubhairt, Adeirir é. Agus do chuir uachtaráin na sagart mórán neithe ’n‐a leith. Agus d’fhiafruigh Píoláid arís de, agus adubhairt, Nach bhfuil freagra ar bith agat le tabhairt? féach an méid atá aca d’á chur id’ leith. Acht níor fhreagair Íosa a thuilleadh; i dtreo go raibh iongnadh ar Phíoláid. Is amhlaidh ba ghnáthach leis, le linn na féile, príosúnach amháin do scaoileadh saor chuca, aon duine d’iarraidís air. Agus do bhí duine darbh ainm Barabbas ceangailte mar aon leo‐san do rinne ceannairc, daoine do rinne dúnmharbhadh sa gceannairc. Agus do chuaidh an pobal suas agus do thosnuigheadar ar iarraidh air an rud ba ghnáthach leis do dhéanamh dhóibh. Agus d’fhreagair Píoláid iad, agus adubhairt, An áil libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nIúdach? Óir do bhí a fhios aige gur le droch‐aigne thug uachtaráin na sagart ar láimh é. Acht do spreag uachtaráin na sagart an pobal go n‐iarrfaidís air Barabbas do scaoileadh saor chuca. Agus d’fhreagair Píoláid arís, agus adubhairt sé leo, Agus créad is áil libh do‐ghéanad do’n té ar a nglaodhann sibh Rí na nIúdach? Agus do liúghadar arís, Céas é. Agus adubhairt Píoláid leo, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht ba dhéine do liúghadar, Céas é. Agus de bhrigh gur mhian le Píoláid an pobal do shásamh, do scaoil sé chuca Barabbas, agus thug sé Íosa chum a chéasta tar a éis dó a sciúrsáil. Agus do rug na saighdiúirí leo é isteach sa gcúirt, is é sin cúirt an Pháláis, agus do chruinnigheadar an bhuidhean iomlán. Agus do chuireadar éadaighe corcra air, agus do shníomhadar coróin spíne, agus do chuireadar air í; agus do thosnuigheadar ar bheannú dhó, go mbeannuighthear duit, a Rí na nIúdach! Annsin do bhuaileadar sa gceann é le giolcach, agus do chaitheadar seilí air, agus ag cromadh a nglún dóibh do rinneadar omós dó. Agus nuair do bhí an magadh déanta aca do bhaineadar an chorcair dhe, agus do chuireadar a éadaighe féin air. Agus do rugadar leo é le n‐a chéasadh. Agus do bhí duine darbh ainm Síomón Curénéach ag gabháil thairis, athair Alecsandair agus Rúfuis, tháinig isteach ó’n tuaith, do chuireadar d’fhiachaibh air‐sean an chroch d’iomchur dó. Agus do rugadar leo é go dtí an áit d’á ngoirthear Golgotá, is é sin, Áit cloiginn. Agus thugadar fíon, agus mirr measctha leis, le n’ól dó: acht níor ghlac seisean é. Agus do chéasadar é, agus do roinneadar a chuid éadaighe, ’g‐a gcur ar chrannaibh, d’fhéachain créad do bhéadh ag gach duine aca. Agus do bhí an treas uair ann, agus do chéasadar é. Agus do bhí teideal a chúise scríobhtha os a chionn, RÍ NA N‐IÚDACH. Agus do chéasadar beirt bhitheamhnach i n‐éinfheacht leis; duine aca ar a láimh dheis, agus duine ar a láimh chlé. Agus na daoine do ghabhadh thairis, thugaidís masla dhó ag crothadh a gceann, agus iad ’g‐a rádh, Há! thusa leagas an teampall, agus thógas é i gceann trí lá, saor thú féin agus tar anuas de’n chroich. Mar an gcéadna do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag magadh faoi, agus iad ’g‐a rádh le n‐a chéile, Do shaor sé daoine eile; ní fhuil ar chumas dó é féin do shaoradh. Tigeadh an Críost, Rí Israel, anuas de’n chroich anois go bhfeicimís agus go gcreidimís. Agus na daoine do bhí d’á gcéasadh i n‐éinfheacht leis, thugadar masla dhó. Agus nuair tháinig an sémhadh h‐uair, do leath dorchadas ar an talamh uile go dtí an naomhadh h‐uair. Agus sa naomhadh h‐uair do ghlaodh Íosa de ghuth árd, Elóí, Elóí, Lamá sabachtaní? is é sin, A Dhia, a Dhia, cad chuige ar thréigis mé? Agus nuair do‐chuala cuid díobh‐san do bhí láithreach é, adubhradar, Féach, atá sé ag glaodhach ar Élias. Agus do rith duine aca, agus do líon sé sponnc de bhínéagra. Agus do chuir sé ar ghiolcach é, agus thug sé le n’ól dó é, agus adubhairt, Fan, feicimís an dtiocfaidh Élias le n‐a thógáil anuas. Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd, agus d’imthigh an t‐anam as. Agus do réabadh brat an teampaill ’n‐a dhá chuid ó bhárr go bun. Agus an ceanntúir do bhí ’n‐a sheasamh os a chómhair ’n‐a aice, nuair do chonnaic sé gur imthigh a anam as ar an gcuma sin, adubhairt sé, Go fírinneach do b’é Mac Dé an fear so. Agus do bhí mná ann i bhfad uaidh, agus iad ag féachain air: ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais bhig agus Iósés, agus Salómé; is iad‐san do bhíodh ’g‐a leanamhain, agus ag friotháileamh air nuair do bhíodh sé sa nGalilé; agus mórán ban eile tháinig i n‐éinfheacht leis go h‐Iarúsalem. Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, de bhrigh gurbh é lá an Ullmhuighthe é, is é sin, an lá roimh an tsabóid, tháinig Seosamh ó Arimatéa, cómhairleoir cóir, onórach, fear do bhí ag súil le ríoghacht Dé; agus do chuaidh sé isteach go dána i láthair Phíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air. Agus do b’iongnadh le Píoláid a rádh go raibh sé marbh cheana: agus do ghlaodh sé chuige an ceanntúir, agus d’fhiafruigh sé dhe an raibh sé i bhfad tar éis báis. Agus nuair fuair sé fios air ó’n gceanntúir, tug sé an corp do Sheosamh. Agus do cheannuigh seisean brat línéadaigh, agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé sa mbrat línéadaigh é, agus do chuir sé isteach i dtuama do bhí gearrtha as carraig; agus d’iontuigh sé leac thar bhéal an tuama. Agus do bhí Máire Mhagdaléné agus Máire Iósés ag féachain ar an áit ’n‐ar cuireadh é. Agus nuair do bhí an tsabóid thart, do cheannuigh Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais, agus Salómé spíosraidhe, chum go dtiocfaidís agus go n‐ongfaidís é. Agus thángadar go moch ar maidin, an chéad lá de’n tseachtmhain, go dtí an tuama, le h‐éirighe gréine. Agus do bhíodar ’g‐a rádh le n‐a chéile, Cia iontóchas an leac dúinn ó bhéal an tuama? Agus ag féachain suas dóibh, thugadar fá deara go raibh an leac iontuighthe: óir do bhí sí an‐mhór. Agus ag dul isteach sa tuama dhóibh, do chonnacadar an t‐ógánach ’n‐a shuidhe ar thaobh na láimhe deise, agus brat geal air; agus tháinig uathbhás ortha. Agus adubhairt seisean leo, Ná bíodh eagla oraibh: atá sibh ar lorg Íosa Nasardha, an té do céasadh: d’éirigh sé; ní fhuil sé annso; féachaidh an áit ’n‐ar chuireadar é! Acht imthighidh, innisidh d’á dheisceablaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go dtí an Ghalilé: do‐chífidh sibh annsin é, mar adubhairt sé féin libh. Agus d’imthigheadar amach, agus do theicheadar ó’n tuama; óir do bhi crith‐eagla agus uathbhás ortha: agus níor labhradar focal le h‐aon duine; óir do bhí scannradh ortha. Agus nuair d’aiséirigh sé go moch ar maidin, an chéad lá de’n tseachtmhain, do thaisbeán sé é féin ar dtús do Mháire Mhagdaléné, as ar chuir sé amach seacht ndeamhain. D’imthigh sise, agus d’innis sí é dhóibh‐sean do bhíodh ’n‐a fhochair, agus do bhí ag caoi agus ag gol. Agus nuair do‐chualadar go raibh sé beo, agus go bhfaca sise é, níor chreideadar é. Agus tar a éis sin, do thaisbeán sé é féin i gcruth eile do bheirt aca agus iad ag siubhal, ag dul fá’n tuaith dhóibh. Agus d’imthigheadar‐san agus d’inniseadar do’n chuid eile é: acht mar sin féin, níor chreideadar iad. Fá dheireadh, do thaisbeán sé é féin do’n ao n fhear déag ar fad, agus iad ’n‐a suidhe ag caitheamh bidh; agus do chas sé leo a míchreideamh agus a ndúire croidhe, de bhrigh nár chreideadar na daoine do chonnaic é iar h‐éirghe dhó. Agus adubhairt sé leo, Imthighidh ar fud an domhain uile, agus déanaidh an soiscéal do chraobhscaoileadh do’n chineadh daonna ar fad. An té chreidfeas agus baistfear, saorfar é; acht an té nach gcreidfidh, daorfar é. Agus is iad so na cómharthaí leanfas iad‐san chreidfeas: caithfid deamhain amach im’ ainm‐se; labharfaid as teangthachaibh nua; tógfaid nathracha nimhe: agus má ólaid aon nidh marbhthach, ní dhéanfaidh sé dochar ar bith dhóibh; cuirfid a lámha ar na daoinibh breoite agus leigheasfar iad. Agus, tar a éis do’n Tighearna Íosa labhairt leo, do gabhadh suas ar neamh é, agus do shuidh sé síos ar dheas‐láimh Dé. Agus d’imthigheadar‐san, agus do chraobhscaoileadar ins gach uile áit, an Tighearna ag cómhoibriú leo, agus ag neartú an bhriathair leis na cómharthaibh do lean é. Ó tharla go dtug mórán iarracht fá chunntas do chur le chéile ar na neithibh go bhfuil lán‐eolas againn ortha, de réir mar atá siad tabhartha dhúinn aca‐san dc chonnaic ó thosach le n‐a súilibh iad, agus do bhí ’n‐a seirbhíseachaibh do’n bhriathar, do mheasas féin, tar a éis dom gach uile nidh do bhreathnú go cruinn ó thosach, go mba dhual damh‐sa iad do scríobhadh i n‐eagar duit‐se, a Théofiluis uasail; chum go mbheitheá lán‐deimhnighthe de na neithibh do múineadh dhuit. Le linn loruaith, rí Iúdaea, do bhí sagart áirithe darbh ainm Sacharias, de roinn Abia: agus do bhí bean de shliocht Aaróin aige, agus Elisabet ab ainm dí. Agus do bhíodar, beirt, fíréanta i bhfiadhnaise Dé, ag siubhal gan locht de réir gach aithne agus reachta an Tighearna. Agus ní raibh aon chlann aca, óir do bhí Elisabet aimrid, agus do bhíodar beirt aosta go mór. Agus tharla, nuair do bhí sé ag déanamh a dhualgais sagairt i bhfiadhnaise Dé, de réir gnáta a ranna, gur thuit sé de chrann air, de réir nóis na sagart, dul isteach i sanctóir an Tighearna agus an túis do dhóghadh ann. Agus do bhí an pobal uile amuigh ag guidhe le linn uaire na túise. Agus do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna dhó ’n‐a sheasamh ar an taobh deas d’altóir na túise. Agus ar n‐a fheicsin do Shacharias; tháinig buaidhreadh agus eagla air. Acht adubhairt an t‐aingeal leis, Ná bíodh eagla ort, a Shachariais: óir do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean Elisabet mac duit, agus glaodhfair Eoin mar ainm air. Agus béidh áthas agus luthgháir ort; agus béidh gáirdeachas ar mhórán de bhárr a bhreithe. Óir béidh sé mór i bhfiadhnaise an Tighearna, agus fíon nó deoch meisneamhail ní ólfaidh sé; agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh ó bhroinn a mháthar. Agus iompóchaidh sé mórán de chlainn Israel chum an Tighearna, a nDia. Agus gluaisfidh sé roimhe i gcumhacht Éliais, chum croidhthe na n‐athar d’iompódh chum na clainne, agus chum an lucht easumhal d’iompodh chum eagna na bhfíréan, agus chum pobal fíréan d’ullmhú do’n Tighearna. Agus adubhairt Sacharias leis an aingeal, Cionnas bhéidh a fhios sin agam? Óir atáim‐se im’ sheanduine, agus atá mo bhean aosta go mór. Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis, Is mise Gaibrial bhíos im’ sheasamh i láthair Dé; agus do cuireadh mé chum labhartha leat‐sa, agus chum na deagh‐scéala so d’innsin duit. Agus féach, béid tú id’ thost, agus ní fhéadfair labhairt, go dtí an lá ’n‐a dtiocfaidh na neithe seo chum críche de chionn nár chreidis mo bhriathra‐sa cóimhlíonfar ’n‐a n‐am féin. Agus do bhí an pobal ag fuireach le Sacharias, agus do b’iongnadh leo é bheith ag déanamh moille sa teampall. Agus nuair tháinig sé amach, níor fhéad sé labhairt leo; agus do bhí a fhios aca go bhfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanamh cómhartha dhóibh, agus d’fhan sé balbh. Agus tharla, nuair do bhí laethe a dhualgais críochnuighthe aige, gur imthigh sé chum a thighe féin. Agus tar éis na laethe sin, do ghabh Elisabet, a bhean, gein; agus d’fhan sí fá cheilt ar feadh cúig mí, g‐á rádh, Mar so do‐rinne an Tighearna liom ins na laethibh ’n‐ar fhéach sé orm, ó thóg sé dhíom an aithis do bhí orm i measc na ndaoine. Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t‐aingeal Gaibrial ó Dhia go cathair sa nGalilé darbh ainm Nasair, ag triall ar mhaighdin do bhí luaidhte le fear darbh ainm Seosamh, duine de shliocht Dáibhi; agus Muire ab ainm do’n mhaighdin. Agus tháinig sé chúichi isteach, agus adubhairt sé léi, Go mbeannuighthear duit‐se atá lán de ghrása, atá an Tighearna id’ fhochair. Acht do bhí buaidhreadh mór uirthi de bharr na cainnte, agus do bhí sí ag machtnamh ’n‐a h‐intinn ar cad ba chiall do’n bheannú sin. Agus adubhairt an t‐aingeal léi, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuarais grás ó Dhia. Agus féach, geobhair gein id’ bhroinn, agus béarfair mac, agus glaodhfair ÍOSA mar ainm air. Béidh sé mór, agus goirfear Mac an Té is Aoirde dhe; agus do‐bhéarfaidh an Tighearna Dia dhó rí‐chathaoir Dháibhi, a athair: agus béidh sé ’n‐a righ ar theaghlach Iácóib go deoidh; agus ní bhéidh deireadh le n‐a ríoghacht. Agus adubhairt Muire leis an aingeal, Cionnas bhéidh sin amhlaidh agus gan aithne fir agam? Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé léi, Tuirlingeochaidh an Spiorad Naomh ort, agus clúdóchaidh cumhacht an Té is Aoirde thú: agus, d’á bhrigh sin, an té béarfar, glaodhfar naomhtha air, Mac Dé. Agus féach, Elisabet, do shiúr, do ghabh sise gein ’n‐a sean‐aois, agus is é seo an sémhadh mí aici‐se go dtugadh bean aimrid uirthi. Óir ní bhéidh éinnidh do‐dhéanta do Dhia. Agus adubhairt Muire, Féach, mise banóglach an Tighearna; go ndéantar dom de réir t’fhocail. Agus d’imthigh an t‐aingeal uaithi. Agus d’éirigh Muire ins na laethibh sin, agus do chuaidh sí le deifir fá dhéin na gcnoc, go cathair i nIúda; agus do chuaidh sí isteach i dtigh Shachariais, agus do bheannuigh sí d’Elisabet. Agus tharla, nuair do‐chuala Elisabet beannachadh Mhuire, gur bhíodhg an naoidheanán ’n‐a broinn; agus do líonadh Elisabet de’n Spiorad Naomh; agus do ghlaodh sí amach de ghuth árd, Is beannuighthe tú idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne. Agus cionnas d’éirigh dhamh‐sa go dtiocfadh máthair mo Thighearna chugam? Óir féach, chómh luath agus táinig guth do bheannachta im’ chluasaibh, do bhíodhg an naoidheanán le h‐áthas im’ bhroinn. Agus is aoibhinn di‐se do chreid; óir cóimhlíonfar ar h‐inniseadh dhí ó’n Tighearna. Agus adubhairt Muire, Adhmholann m’anam an Tighearna, Agus do‐rinne mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheoir. Óir d’fhéach sé ar isleacht a bhan‐óglaighe: Óir féach, as so amach déarfaidh na geinealaigh uile gurb aoibhinn dom, Óir an té atá cumhachtach, do‐rinne sé neithe móra dhom; Agus is naomhtha a ainm. Agus bíonn a thrócaire ó aois go h‐aois. Do‐rinne sé móir‐ghníomh le neart a láimhe: Do scaip sé lucht intinne an uabhair. Do leag sé lucht ceannais ó n‐a rí‐chathaoireachaibh, Agus d’árduigh sé lucht na h‐umhlaidheachta. Do líon sé lucht an ocrais d’oll‐mhaitheasaibh; Agus do chuir sé folamh uaidh lucht an tsaidhbhris. D’fhóir sé ar Israel, a sheirbhíseach, Ag cuimhniú dó ar a thrócaire (Fá mar adubhairt sé le n‐ár sinnsearaibh) Ar Abracham agus ar a shliocht go deoidh. Agus d’fhan Muire ’n‐a fochair timcheall trí mí, agus d’fhill sí chum a tighe féin. Agus tháinig am seolta Elisabet; agus rug sí mac. Agus do‐chuala a cómharsana agus a gaolta i dtaobh na mór‐thrócaire do‐rinne an Tighearna uirthi; agus do‐rinneadar cómh‐gháirdeachas léi. Agus tharla ar an ochtmhadh lá, go dtáinig siad chum timcheall‐ghearradh do dhéanamh ar an leanbh; agus do bhíodar ar tí Sacharias, ainm a athar, do thabhairt air. Acht d’fhreagair a mháthair, agus adubhairt sí. Ní h‐eadh, acht Eoin glaodhfar air. Agus adubhradar léi, Ní fhuil aon duine ded’ ghaoltaibh‐se go bhfuil an t‐anim sin air. Agus d’fhiafruigheadar d’á athair le cómharthaibh cia an t‐ainm ba mhaith leis do ghlaodhach air. Agus d’iarr sé taibhléad scríobhnóireachta, agus do scríobh sé, Eoin is ainm dó. Agus do bhí iongnadh ortha go léir. Agus do foscladh a bhéal agus a theanga ar an láthair, agus do labhair sé, ag moladh Dé. Agus do ghabh eagla iad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe ’n‐a dtimcheall: agus do leath tuairisc na neithe sin go léir ar fud na sléibhte i nIúdaea ar fad. Agus gach uile dhuine do‐chuala iad, do thaisceadar ’n‐a gcroidheachaibh iad, g‐á rádh, Créad atá i ndán do’n leanbh so? Óir do bhí lámh an Tighearna leis. Agus do líonadh Sacharias, a athair, de’n Spiorad Naomh, agus do‐rinne sé fáidheadóireacht, g‐á rádh, Go moltar an Tighearna, Dia Israel; Óir do chumhduigh sé a mhuinntear agus do‐rinne sé fuascailt dóibh, Agus do thóg sé fuascaltóir mór‐chumasach dúinn I dteaghlach Dháibhi, a sheirbhíseach (Fá mar labhair sé tré bhéal a fháidh naomhtha do bhí ann ó thosach an domhain), Le n‐ár saoradh ó n‐ár náimhdibh, agus ó láimh na ndaoine thug fuath dhúinn; Ag déanamh trócaire ar ár n‐aithreachaibh, Agus ag cuimhniú ar a thiomna naomhtha; An mionn thug sé d’Abracham, ár n‐athair, Go dtiubhradh sé dhúinn go saorfaidhe sinn ó láimh ár námhad Chum go ndéanfaimís seirbhís gan eagla dhó I naomhthacht agus i bhfíréantacht ’n‐a láthair gach lá d’ár saoghal. Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó: Chum eolas ar shlánú do thabhairt d’á mhuinntir Tré mhaitheamhnas a bpeacadh, Tré mhór‐thrócaire ár nDé, Tré n‐a dtiocfaidh gealadh gréine anuas orainn, Ag soillsiú ortha‐san atá ’n‐a suidhe i ndorchadas agus i scáile an bháis; Ag seoladh ár gcos i slighe na síothchána. Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé ’n‐a spioraid, agus d’fhan sé ins an bhfásach go dtí an lá ’n‐a raibh air a fhoillsiú féin d’Israel. Agus tharla ins na laethibh sin go ndeachaidh reacht amach ó Chéasar August go ndéanfaidhe cómhaireamh ar an domhan uile. Ba é seo an chéad chómhaireamh do‐rinneadh an tráth ’n‐a raibh Curénius ’n‐a cheannphort ar an tSithir. Agus do chuadar uile chum go n‐áirmhfidhe iad, gach aoinneach ’n‐a chathair féin. Agus do chuaidh Seosamh, leis, ó’n nGalilé, ó chathair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go chathair Dháibhi, ar a dtugtar Beithil, de bhrigh gur de theaghlach agus de shliocht Dháibhi é; chum go n‐áirmhfidhe é mar aon le Muire, a bhainchéile do bhí ag iomchar clainne. Agus tharla, le linn dóibh bheith annsin, go dtáinig am a seolta. Agus rug sí mac, a céad‐ghein; agus d’fhill sí i n‐éadaighibh é, agus do chuir sí ’n‐a luighe i mainséar é, toisc nach raibh slighe dhóibh sa tigh ósta. Agus do bhí aodhairí sa dúthaigh chéadna ’n‐a gcómhnaidhe ar an machaire, agus iad ag faire a dtréad san oidhche. Agus do sheas aingeal ó’n Tighearna le n‐a n‐ais, agus do shoillsigh glóir an Tighearna ’n‐a dtimcheall: agus do bhí eagla mhór ortha. Agus adubhairt an t‐aingeal leo, Ná bíodh eagla oraibh; óir, féach, do‐bheirim daoibh deagh‐scéala ar áthas mór bhéas i gcómhair na ndaoine uile: óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi. Agus is é seo a chómhartha dhaoibh; Do‐gheobhaidh sibh naoidheanán, é fillte i n‐éadaighibh agus ’n‐a luighe i mainséar. Agus ar an láthair do bhí i bhfochair an aingil buidhean mhór de’n tsluagh neamhdha, iad ag moladh Dé, agus g‐á rádh, Glóir do Dhia ins na flaitheasaibh is aoirde, Agus ar talamh síothcháin do lucht déighmhéine. Agus tharla, nuair d’imthigh na h‐aingil uatha ar neamh, go ndubhairt na h‐aodhairí le chéile, Téighmis chómh fada le Beithil go bhfeicfimíd an nidh seo tharla, mar d’fhógair an Tighearna dhúinn. Agus thángadar go deifreach, agus fuaradar Muire agus Seosamh, agus an leanbh ’n‐a luighe i mainséar. Agus ar n‐a fheiesin sin dóibh, d’inniseadar a ndubhradh dhóibh i dtaobh an leinbh sin. Agus gach a gcuala é do bhí iongnadh ortha fá na neithibh d’innis na h‐aodhairí dhóibh. Acht do choimhéad Muire na neithe sin go h‐iomlán, ag machtnamh ortha ’n‐a croidhe istigh. Agus d’fhill na h‐aodhairí, agus iad ag glóiriú agus ag moladh Dé mar gheall ar a gcualadar agus a bhfacadar, de réir inar adubhradh leo. Agus nuair do bhí na h‐ocht laethe caithte chum an leanbh do thimcheall‐ghearradh, tugadh ÍOSA mar ainm air, an t‐ainm thug an t‐aingeal air sarar geineadh é i mbroinn. Agus nuair do bhí laethe a glanta caithte, de réir reachta Mhaoise, thugadar leo go h‐Iarúsalem é, chum a thoirbheart do’n Tighearna; (mar atá scríobhtha i reacht an Tighearna, Gach fireann fhosclas broinn, glaodhfar naomhtha do’n Tighearna air), agus chum an íodhbairt do dhéanamh mar órduighthear i reacht an Tighearna, Cúpla féarán, nó dhá cholúr óga. Agus féach, do bhí i nIarúsalem fear darbh ainm Simeon; agus do bhí an fear so fíréanta, diadha, agus é ag súil le sólás Israel: agus do bhí an Spiorad Naomh air. Agus tugadh foillsiú dhó ó’n Spiorad Naomh nach bhfeicfeadh sé bás nó go bhfeicfeadh sé Críost an Tighearna. Agus tháinig sé tríd an Spiorad isteach sa teampall: agus nuair thug an t‐athair agus an mháthair an leanbh Íosa isteach, chum go ndéanfaidís ’n‐a thaobh de réir gnáth‐nóis na dlighe, do thóg seisean chuige ’n‐a ucht é, agus do mhol sé Dia, agus adubhairt, Anois, a Thighearna, cuireann tú do sheirbhíseach uait, Le síothcháin, de réir do bhriathair, De bhrigh go bhfaca mo shúile do shlánú, D’ullamhuighis i bhfiadhnaise na gcinidheach uile; Solas chum na Geinte do shoillsiú, Agus chum glóire do phobail Israel. Agus do bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionganta de na neithibh adubhradh ’n‐a thaobh; agus do bheannuigh Simeon iad, agus adubhairt sé le Muire, a mháthair, Féach, atá sé seo ceaptha chum leagtha agus chum aiséirighthe móráin i nIsrael, agus chum bheith ’n‐a chómhartha go gcuirfear ’n‐a aghaidh; agus rachfaidh claidheamh tré lár t’anma féin; ionnas go nochtfar smaointe as mórán croidhthe. Agus do bhí Anna, ban‐fháidh, inghean Phanuél, de threibh Asér, do bhí sí an‐aosta; do chaith sí seacht mbliadhna ag a fear tar éis a maighdeanais, agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh. Agus ag teacht di‐se, an uair chéadna sin, thug sí buidheachas do Dhia, agus do labhair sí ’n‐a thaobh le gach duine do bhí ag tnúth le fuascailt Iarúsalem. Agus nuair do bhí gach nidh chóimhlíonta aca de réir dlighe an Tighearna, d’fhilleadar go dtí an Ghalilé, go dtí a mbaile féin Nasair. Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé, agus do bhí sé lán d’eagna: agus do bhí grás Dé air. Agus do théigheadh a athair agus a mháthair suas go h‐Iarúsalem gach bliadhain le linn féile na Cásca. Agus nuair do bhí sé dhá bhliadhain déag d’aois, do chuadar suas mar ba ghnáthach, aimsir na féile; agus nuair do bhí na laethe chaithte aca, agus iad ag filleadh, d’fhan an gasúr Íosa i nIarúsalem; agus ní raibh a fhios sin ag a athair ná ag a mháthair; acht do mheasadar gur ’n‐a gcuideachtain do bhí sé, agus do‐rinneadar aistear lae; agus do bhíodar g‐á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais; agus nuair nach bhfuaradar é d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, g‐á lorg. Agus tharla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampall ’n‐a shuidhe i measc na n‐ollamh, ag éisteacht leo agus ag cur ceisteann ortha: agus ba mhór an t‐iongnadh do bhí ortha‐san do bhí ag éisteacht leis, a mheabhair agus na freagraí thug sé. Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn. Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a rabhabhar ar mo lorg‐sa? nach raibh a fhios agaibh go gcaithfinn gnótha m’Athar do dhéanamh? Agus níor thuigeadar an nidh adubhairt sé leo. Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe. Agus d’fhás Íosa i n‐eagna, agus i n‐aois, agus i ngrás i bhfiadhnaise Dé agus daoine. Agus sa gcúigeadh bliadhain déag de réimeas Thiberius Céasar, an tráth ’n‐a raibh Point Píoláid ’n‐a cheannphort ar lúdaea, agus Ioruath ’n‐a thetrarcha ar an nGaililé, agus Pilib a dhearbhráthair ’n‐a thetrarcha ar Itúraea agus ar Thrachónítis, agus Lusanias ’n‐a thetrarcha ar Abiléne, nuair do bhí Annas agus Cáiafas ’n‐a h‐árd‐shagartaibh, tháinig briathar Dé chum Eoin mac Shachariais sa bhfásach. Agus tháinig sé isteach sa gceanntar i dtimcheall Iornán, ag fógairt baistidh na h‐aithrighe chum maitheamhnais na bpeacadh; mar atá scríobhtha i leabhar Ésáiais fáidh, Guth an té ag glaodhach sa bhfásach, Réidhtighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach, Líonfar gach gleann, Agus ísleochar gach sliabh agus cnoc; Agus díreochar an cam, Agus déanfar na slighthe garbha réidh; Agus do‐chífidh an uile fheoil slánú Dé. Adubhairt sé, d’á bhrigh sin, leis an sluagh do chuaidh amach chum go mbaistfeadh sé iad, A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair dhaoibh‐se teicheadh ó’n díbhfeirg atá le teacht. Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin. Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: gach uile chrann, d’á bhrigh sin, nach dtugann toradh maith uaidh, gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é. Agus d’fhiafruigh an sluagh uile dhe, g‐á rádh, Má’s eadh, créad atá le déanamh againn? Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, An té ag a bhfuil dhá chasóig, tabhradh sé do’n té nach bhfuil casóg aige; agus an té ag a bhfuil biadh, déanadh sé mar an gcéadna. Agus tháinig poibleacáin chuige, leis, chum go mbaistfidhe iad, agus adubhradar leis, A Mháighistir, créad atá le déanamh againne? Agus adubhairt sé leo, Ná h‐éilighidh níos mó ’ná an méid atá dlisteanach. Agus do chuir saighdiúirí ceist air, leis, g‐á rádh, Agus créad atá le déanamh againne? Agus adubhairt sé leo, Ná déanaidh foiréigean ar aoinneach, agus ná h‐agraidh éinnidh go h‐éagcórach; agus bidhidh sásta le n‐bhúr dtuarastal. Agus nuair do bhí na daoine ag feitheamh, agus iad uile ag machtnamh ’n‐a gcroidhthibh i dtaobh Eoin, arbh fhéidir gurbh é an Críost é; d’fhreagair Eoin, agus adubhairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce sibh; acht atá an té is treise ’ná mé ag teacht, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a bhróg: baistfidh seisean leis an Spiorad Naomh agus le teinidh sibh: atá a ghaothachán ’n‐a láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n‐a scioból; acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dhó‐mhúchta. Is iomdha spreagadh eile thug sé do na daoinibh, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dóibh; acht Ioruat, an tetrarcha, do bhí smachtuighthe aige i dtaobh Héródias, bean a dhearbhráthar, agus i dtaobh na ndroch‐neithe uile do‐rinne Ioruath, do chuir sé leo mar bhárr ar gach nidh, Eoin do chur fá ghlas bpríosún. Agus tharla, nuair do bhí na daoine go léir baistthe, agus bhí Íosa baistthe, agus bhí sé ag guidhe, gur foscladh na flaithis, agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht corpordha, i gcruth cuilm air, agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain; is ionnat‐sa atá mo mhór‐aoibhneas. Agus do bhí Íosa féin, ag tosnú ar bheith tuairim deich mbliadhna fichead d’aois, agus do bhí sé (mar raoileadh) ’n‐a mhac ag Seosamh, mic Héli, mic Mhattat, mic Lébhi, mic Mhelchi, mic Iannai, mic Sheosaimh, mic Mhattatias, mic Amós, mic Naúm, mic Esli, mic Haggai, mic Mhaát, mic Mhattatias, mic Shemeí, mic Iósech, mic Ióda, mic Ióanan, mic Résa, mic Shorobábel, mic Shalatiél, mic Néri, mic Mhelchi, mic Addi, mic Chósam, mic Elmadam, mic Ér, mic Íosa, mic Eliéser, mic Iórim, mic Mhattat, mic Lébhi, mic Shimeon, mic Iúda, mic Sheosaimh, mic Iónam, mic Eliacim, mic Mhelea, mic Mhenna, mic Mhattata, mic Natán, mic Dháibhi, mic Iesse, mic Óbéd, mic Bhóos, mic Shala, mic Naasón, mic Aminadab, mic Admi, mic Arni, mic Esrón, mic Phares, mic Iúda, mic Iácóib, mic Íosóig, mic Abrachaim, mic Thára, mic Nachór, mic Sherúch, mic Ragú, mic Phálec, mic Eber, mic Shalá, mic Chainam, mic Arfacsad, mic Sheim, mic Naoi, mic Lamech, mic Mhatúsala, mic Enóch, mic Iáret, mic Mhaleleél, mic Chainan, mic Enós, mic Shét, mic Ádhaimh, mic Dé. Agus d’fhill Íosa, lán de’n Spiorad Naomh, ar ais ó Iórnán, agus do threornuigh an Spiorad sa bhfásach é, ar feadh dá fhicid lá, agus an diabhal ag cur cathuighthe air. Agus níor ith sé éinnidh i n‐imtheacht na laetheanta sin, agus nuair do bhí deireadh leo, do bhí ocras air. Agus adubhairt an diabhal leis, Má’s tú Mac Dé, abair leis an gcloich seo go ndéantar arán dí. Agus d’fhreagair Íosa é, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine. Agus do threoruigh sé i n‐áirde é, agus do thaisbeán sé dhó ríoghachta an domhain go léir, i n‐aon mhóimeint amháin. Agus adubhairt an diabhal leis, Do‐bhéarfad duit‐se an chumhacht uile sin, agus a mórdhacht: óir tugadh damh‐sa é; agus tig liom a bhronnadh ar an té is rogha liom. D’á bhrigh sin, má adhrann tú rómham‐sa, is leat‐sa an t‐iomlán. Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Atá scríobhtha, Adharfaidh tú an Tighearna, do Dhia, agus is dó‐san amháin dhéanfasse tú irbhís. Annsin do threoruigh sé go h‐Iarúsalem é, agus do chuir sé ar bhinn an teampaill é, agus adubhairt sé leis, Má’s tú Mac Dé, caith thú féin as so le fánaidh síos; óir atá scríobhtha, Do‐bhéarfaidh sé órdú d’á ainglibh id’ thaobh, go gcumhdóchaidís thú: agus, Tógfaid ar a lámhaibh thú, Ar eagla go mbuailfeá do chos, am ar bith, i gcoinnibh cloiche. Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Atá ráidhte, Ní dhéanfair fromhadh ar an Tighearna, do Dhia. Agus nuair do bhí gach cathú críochnuighthe ag an diabhal, d’imthigh sé uaidh ar feadh tamaill. Agus tháinig Íosa ar ais, i gcumhacht an Spioraid, do’n Ghalilé: agus do leath a chlú ar fud na tíre uile sin, má gcuaird. Agus bhíodh sé ag teagasc ins na sionagógaibh, agus na daoine go léir g‐á mholadh. Agus tháinig sé go Nasair, mar ar h‐oileadh é, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabóide, isteach sa tsionagóig, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh chum léightheoireacht do dhéanamh. Agus tugadh dhó leabhar Ésáias, fáidh. Agus d’fhoscail sé an leabhar, agus fuair sé an áit ’n‐a bhfuil scríobhtha, Ata Spiorad an Tighearna orm, De bhrigh gur ong sé mé chum déigh‐scéala do chraobhscaoileadh do na bochtaibh: Do chuir sé uaidh mé chum fuascailt d’fhógairt do na braighdeánaibh, Agus radharc do na dallaibh, Chum saoirse do thabhairt dóibh‐sean atá brúighte, Chum bliadhna fábhair an Tighearna d’fhógairt. Agus do dhún sé an leabhar, agus thug sé ar ais do’n fhreastalaidhe é, agus do shuidh sé síos: agus do bhí súile a raibh sa teampall ag féachain go géar air. Agus do thosnuigh sé ar a rádh leo, Atá an scrioptúir cóimhlíonta indiu i n‐bhúr gcluasaibhse. Agus thugadar go léir an‐aire dhó, agus do‐rinneadar iongnadh de ghrás na mbriathar tháinig ó n‐a bhéal; agus adubhradar, Nach é mac Sheosaimh é seo? Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis. Agus adubhairt sé, Ní glactar le fáidh ar bith ’n‐a dhúthaigh féin. Acht adeirim libh le fírinne, gurbh iomdha baintreabhach do bhí i nIsrael i laethibh Éliais, an tráth ’n‐a raibh an spéir dúnta ar feadh trí bliadhan agus sé mí, an tráth ’n‐a raibh gorta mhór sa tír ar fad; acht ní chum aoinne aca‐san do cuireadh Élias, acht amháin chum mná do bhí ’n‐a baintreabhaigh i Sarepta na Sídóine. Agus is iomdha lobhar do bhí i nIsrael le linn Éliséus fáidh; agus níor glanadh soinne aca, acht amháin Naaman an Siriach. Agus do líonadh a raibh sa tsionagóig d’fheirg, ag éisteacht leis na briathraibh sin dóib; agus d’éirigheadar, agus do ruaigeadar as an gcathair amach é, agus do rugadar leo é go malaidh an chnuic ar a raibh a gcathair suidhte, d’fhonn a chaitheamh le fánaidh síos. Acht do ghabh sé tré n‐a lár agus d’imthigh sé ar a bhóthar. Agus do‐chuaidh sé síos go Cafarnaúm, cathair atá sa nGalilé. Agus do bhí sé ag teagasc na ndaoine, lá na sabóide; agus do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc, de bhrigh gur labhair sé as cainnt ughdarásaigh. Agus do bhí duine sa tsionagóig ’n‐a raibh spioraid deamhain neamh‐ghlain; agus do ghlaodh sé amach de ghuth árd, Caidé an bhaint atá againne leat‐sa, a Íosa Nasardha? an chum sinn do scrios tháinig tú? Tá a fhios agam cia h‐é thú, Aon Naomhtha Dé. Agus do smachtuigh Íosa é, g‐á rádh, Bí id’ thost, agus tar amach as. Agus tar a éis do’n deamhan a threascairt ar lár, tháinig sé amach as gan aon díoghbháil do dhéanamh dhó. Agus do ghabh uathbhás iad uile, agus do bhíodar ag labhairt le chéile, g‐á rádh, Cad is ciall do’n chainnt seo? óir is le h‐ughdáras agus le cumhacht do‐bheir sé órdú do na spioraidibh neamh‐ghlana, agus tigeann siad amach. Agus do leath tuairisc ’n‐a thaobh ar fud na tíre má gcuaird. Nuair d’éirigh sé, ag imtheacht ó’n tsionagóig dó, do chuaidh sé isteach i dtigh Shíomóin. Agus do bhí fiabhras trom ar mháthair mná Shíomóin; agus do chuireadar athchuinghe ar a son air. Agus do sheas sé os a cionn, agus do smachtuigh sé an fiabhras; agus d’imthigh sé dhí: agus d’éirigh sí ar an láthair, agus do‐rinne sí friotháileamh ortha. Agus ag dul faoi do’n ghréin, na daoine go raibh muinntear leo tinn le galaraibh ar bith, thugadar chuige iad; agus do chuir sé a lámha ar gach duine aca, agus do leigheas sé iad. Agus tháinig deamhain as mórán, leis, ag liughraigh dhóibh, g‐á rádh, Is tusa Mac Dé. Acht do smachtuigh sé iad, agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir do b’eol dóibh gurbh é an Criost é. Agus le gealadh an lae, tháinig sé amach agus chuaidh sé amach go h‐áit fhásamhail: agus do bhi na sluaighthe g‐á lorg, agus thángadar chum na h‐áite ’n‐a raibh sé, agus do bhíodar ag iarraidh a chongbháil, chum nach n‐imtheochadh sé uatha. Acht adubhairt sé leo, Caithfidh mé déigh‐scéala ríoghachta Dé do chraobhscaoileadh ins na cathrachaibh eile, chómh maith: óir is chuige sin do cuireadh mé. Agus do bhí sé ag seanmórú i sionagógaibh na Galilé. Agus tharla, nuair do bhí an sluagh ag brúghadh air agus ag éisteacht le briathar Dé, go raibh sé ’n‐a sheasamh le h‐ais locha Ghenésaret; Agus do chonnaic sé dhá bhád ar imeall an locha: acht do bhí na h‐iascairí imthighthe asta, agus do bhíodar ag nighe a líonta. Agus ag dul isteach dhó i mbád díobh, bád Shíomóin, d’iarr sé air dul amach tamall beag ó’n tír. Agus do shuidh sé síos agus do theagaisc sé na sluaighte ó’n mbád. Agus nuair do bhí deireadh ráidhte aige, adubhairt sé le Síomón, Buail amach ar an doimhneacht, agus tabhraidh dol eangaighe ag iascach. Agus d’fhreagair Síomón agus adubhairt, A Mháighistir, Do bhíomar ag obair ar feadh na h‐oidhche, agus níor thógamar éinnidh; acht cheana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amach an líon. Agus nuair do bhí sé déanta aca, do ghabhadar a lán mór iasc; agus do bhí na líonta d’á mbriseadh; agus do bhagradar ar a bpáirtidhthibh sa mbád eile teacht le congnamh thabhairt dóibh. Agus thángadar‐san, agus do líonadar an dá bhád, i dtreo go rabhadar i riochtaibh dul fá uisce. Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé. Óir do bhí uathbhás air féin, agus ortha‐san uile do bhí ’n‐a chuideachtain mas gheall ar an ngabháil éisc do bhí tógtha aca; agus ar Shéamas agus ar Eoin, mic Shebedé, leis, do bhí ’n‐a bpáirtidhthibh ag Síomón. Agus adubhairt Íosa le Síomón, Ná bíodh eagla ort; as so amach béidh tú id’ iascaire ar dhaoinibh. Agus tar a éis dóibh a mbáid do thabhairt chum tíre, d’fhágadar gach uile nidh ’n‐a ndiaidh, agus do leanadar é. Agus tharla, nuair do bhí sé i gceann de na cathrachaibh, féach, fear do bhí lán de lobhra; agus ar fheicsin Íosa dhó, do thuit sé ar a aghaidh roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, A Thighearna, má’s toil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh. Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, agus adubhairt, Is toil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair d’imthigh an lobhra dhe. Agus d’órduigh sé dhó gan a innsin d’aon duine: acht imthigh, agus taisbeán thú féin do’n tsagart, agus íodhbair i n‐éiric do ghlanta mar órduigh Maois duit, mar fhiadhnaise dhóibh. Acht ba mhóide do leath na scéala ’n‐a thaobh go mór: agus tháinig na sluaighte móra i n‐éinfheacht le chéile chum éisteachta leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair. Acht d’imthigheadh seisean uatha isteach sa bhfásach, agus do‐ghníodh sé urnaighe ann. Agus tharla, go raibh sé lá ag teagasc; agus go raibh ’n‐a suidhe ann Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe a tháinig ó gach baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do bhí cumhacht an Tighearna aige chum slánuighthe. Agus féach, daoine agus fear pairilise ar iomchar ar thocht aca: agus do bhíodar ag iarraidh a thabhairt isteach, agus a chur ’n‐a láthair roimhe. Agus nuair do chinn ortha caoi d’fhágháil chum a thabhairt isteach mar gheall ar an sluagh, do chuadar suas go bárr an tighe, agus do leigeadar síos tré lár na slinn é féin agus an tocht, i bhfiadhnaise Íosa. Agus nuair do chonnaic sé a gcreideamh, adubhairt sé. A dhuine, athá do pheacaidhe maithte dhuit. Agus do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar cheasnú, agus iad g‐á rádh, Cia h‐é seo atá ag labhairt dia‐mhasla? Cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh, acht Dia amháin? Acht ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo. Cad chuige dhaoibh bheith ag ceasnú i n‐bhúr gcroidhthibh? Cia aca is fusa a rádh, Atá do pheacaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh agus siubhail? Acht chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil ughdarás ag Mac an Duine ar talamh chum peacaidhe do mhaitheamh (adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach), Adeirim leat, Éirigh, agus tóg do thocht, agus téirigh chum do thighe. Agus d’éirigh sé ar an láthair ’n‐a bhfiadhnaise, agus do thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n‐a luighe, agus d’imthigh sé chum a thighe, agus é ag adhmholadh Dé. Agus tháinig uathbhás ar chách, agus do bhíodar ag moladh Dé; agus do bhíodar lán d’eagla, g‐á rádh, Do chonnacamar neithe iongantacha indiu. Agus tar a éis sin d’imthigh sé amach, agus chonnaic sé poibleacán, darbh ainm Lébhí, n‐a shuidhe ag bórd na cíos‐chánach agus adubhairt sé leis, Lean‐sa mise. Agus d’fhág sé gach éinnidh, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh agus do lean sé é. Agus do‐rinne Lébhí fleadh mhór dó ’n‐a thigh: agus do bhí cuideachta mhór poibleacán agus daoine eile ann agus iad ’n‐a suidhe chum bidh ’n‐a bhfochair. Agus do bhí na Fairisínigh agus a scríobhaidhthe ag ceasacht le n‐a dheisceablaibh, g‐á rádh, Cad chuige dhaoibh‐se bheith ag ól agus ag ithe i gcuideachtain poibleacán agus peacach? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Ní h‐ag daoinibh sláinteamhla atá gábhadh le liaigh; acht ag daoinibh breoite. Ní chum fíréin do ghlaodhach chum aithrighe thánag‐sa, acht chum peacaigh do ghlaodhach. Agus adubhradar‐san leis, Do‐ghní deisceabail Eoin troscadh go minic, agus do‐ghníd urnaighe; do‐ghní deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéadna; acht bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól. Agus adubhairt Íosa leo, An féidir libh a chur d’fhiachaibh ar lucht cóisire an fhir nua‐phósta troscadh do dhéanamh agus an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? Acht tiocfaidh na laethe; agus nuair béarfar uatha an fear nua‐phósta annsin déanfaid troscadh ins na laethibh sin. Agus adubhairt sé leo tré shamhlaoid: Ní stiallann aoinneach preabán de bhrat nua chum sean‐bhrat do dheishiú; óir stiallfaidh sé an t‐éadach nua, agus ní oirfidh an preabán do baineadh ó’n éadach nua do’n tsean‐éadach. Agus ní chuireann aon duine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: óir réabfaidh an fíon úr na buidéil leathair, agus doirtfear an fíon, agus caillfear na buidéil. Acht ní foláir fíon úr do chur i mbuidéalaibh nua. Agus aoinneach bhíos ag ól sean‐fhíona, ní chuireann sé dúil i bhfíon úr: óir adeir sé, Is é an sean‐fhíon is fearr. Agus tharla, ag gabháil tré ghortaibh arbhair dó, sabóid amháin, go raibh na deisceabail ag baint na ndias, agus g‐á gcuimilt idir a mbosaibh, agus g‐á h‐ithe. Acht do bhí cuid de na Fairisíneachaibh adubhairt, Cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh nidh nach dlisteanach, lá na sabóide? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, An é nár léigheabhar i dtaobh Dháibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair; cionnas do chuaidh sé isteach i dtigh Dé, agus do thóg sé arán na toirbhirte agus d’ith sé é, agus thug sé dóibh‐sean, cómh maith, do bhí ’n‐a fhochair iad; arán nár cheart d’aoinneach d’ithe, acht do na sagartaibh amháin. Agus adubhairt sé leo, Is Tighearna Mac an Duine ar an tsabóid féin. Agus tharla, sabóid eile, go ndeachaidh sé isteach sa tsionagóig, agus go raibh sé ag teagasc: agus do bhí fear ann go raibh a lámh dheas seargtha? Agus do bhí na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ag faire air, d’fhéachain an ndéanfadh sé leigheas, lá na sabóide; le súil go mbéadh cúis aca le cur ’n‐a leith. Acht d’aithnigh seisean a smaointe; agus adubhairt sé le fear na láimhe seargtha, Éirigh id’ sheasamh, agus seas i lár baill. Agus d’éirigh sé agus do sheas. Agus adubhairt Íosa leo, Fiafruighim díbh, Ciaca is cóir maith do dhéanamh, nó olc do dhéanamh, ar an tsabóid, anam duine do shlánú, nó do mhilleadh? Agus d’fhéach sé ’n‐a thimcheall ortha uile, agus adubhairt sé leis, Sín amach do lámh uait. Do shín, agus do bhí a lámh slán aige. Agus do bhíodar‐san lán de chúthach; agus do ghlacadar cómhairle le chéile d’fhéachain créad do dhéanfaidís le h‐Íosa. Agus tharla ins na laethibh sin, go ndeachaidh sé amach ar an gcnoc chum urnaighe do dhéanamh; agus d’fhan sé ar feadh na h‐oidhche ag guidhe chum Dé. Agus nuair tháinig an lá, do ghlaodh sé chuige a dheisceabail: agus do thogh sé dáréag aca, d’as ghoir sé apstail; Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a dhearbhráthair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parthalán, agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaéuis, agus Síomón ar a dtugtar Sélótés, agus Iúdás Shéamais, agus Iúdás Iscariót an brathadóir; agus tháinig sé anuas i n‐éinfheacht leo, agus do sheas sé ar áit réidh, agus sluagh mór d’á dheisceablaibh, agus liacht mór daoine ó lúdaea agus ó Iarúsalem, agus ó imeall‐bhórd Thuire agus Shídóine, daoine tháinig chum go n‐éistfidís leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair; agus do leigheasadh iad‐san do bhí d’á gciapadh ag spioraidibh neamh‐ghlana. Agus do bhí an sluagh go léis ag iarraidh cuimilt leis: óir do bhí cumhacht ag teacht amach uaidh do shlánuigh iad go léir. Annsin, ag tabhairt súl ar a dheisceablaibh dó, adubhairt sé, Is aoibhinn daoibh‐se atá bocht: oir is libh ríoghacht Dé. Is aoibhinn daoibh‐se ar a bhfuil ocras anois: óir sásóchar sibh. Is aoibhinn daoibh‐se atá ag gol anois: óir do‐ghéanaidh sibh gáiridhe. Is aoibhinn daoibh‐se nuair thiubhras na daoine fuath dhaoibh, agus nuair shéanfas siad sibh, agus thiubhras siad tarcuisne dhaoibh, agus mhaslóchas siad bhúr n‐ainm mar dhroch‐rud, ar son Mhic an Duine. Déanaidh gáirdeachas, an lá sin, agus léimneach: óir féach, is mór é bhúr luaigheacht ar neamh: óir is mar sin do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh. Acht is mairg daoibh‐se atá saidhbhir! óir atá bhúr sólás agaibh cheana féin. Is mairg daoibh‐se atá sáitheach anois! óir béidh ocras oraibh. Is mairg daoibh‐se atá ag gáiridhe anois! óir béidh sibh ag caoi agus ag gol. Is mairg daoibh nuair bhéas na daoine ’g‐bhúr moladh! óir is ar an gcuma chéadna do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh bréige. Acht adeirim libh‐se atá ag éisteacht liom, Tabhraidh grádh do bhúr náimhdibh, déanaidh maith dhóibh‐sean do‐bheir fuath dhaoibh. Tabhraidh beannacht dóibh‐sean do‐bheir mallacht daoibh, déanaidh guidhe ortha‐san do‐ghní tromaidheacht oraibh. An té bhuaileas thú ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile, leis; agus an té bhaineas do bhrat díot ná h‐eitigh do chasóg air, chómh maith. Tabhair dó‐san iarras nidh ort; agus an té thógas do chuid uait, ná h‐éiligh air arís é. Agus fá mar ba mhaith libh do‐ghéanadh daoine dhaoibh, déanaidh‐se mar an gcéadna dhóibh‐sean. Agus má bheir sibh grádh dhóibh‐sean ag a bhfuil grádh dhaoibh, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? óir bíonn grádh ag na peacachaibh féin dóibh‐sean do‐bheir grádh dhóibh. Agus má ghníonn sibh maith dhóibh‐sean do‐ghní maith dhaoibh, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? óir do‐ghní na peacaigh an nidh céadna. Agus má bheir sibh iasacht dóibh‐sean gur dóigh libh go bhfaighidh sibh nidh uatha, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? Óir do‐bheir na peacaigh féin iasacht uatha chum an oiread céadna d’fhágháil ar ais arís. Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh. Bidhidh trócaireach, d’á bhrigh sin, fá mar atá bhúr nAthair trócaireach. Agus ná beiridh breith, agus ní béarfar breith oraibh: agus ná daoraidh, agus ní daorfar sibh: maithidh, agus maithfear daoibh: tabhraidh uaibh, agus do‐bhéarfar daoibh; tómhas lán, dingthe, croithte, ag cur thar maol, is eadh thiubhras siad daoibh ’n‐bhúr n‐ucht. Óir an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear ar ais chugaibh. Agus do labhair sé samhlaoid leo, An féidir do dhall dall do threorú? Nach dtuitfidh siad araon isteach sa díg? Ní fhuil an deisceabal os cionn a mháighistir: acht an té atá diongbhálta béidh sé mar a mháighistir. Agus cad chuige dhuit bheith ag féachain ar an dubhradán atá i súil do bhráthar, agus nach dtugann tú aire do’n tsail atá id’ shúil féin? Nó cionnas is féidir leat a rádh led’ bhráthair, A bhráthair, leig dom an dubhradán atá id’ shúil do bhaint aisti, agus nach bhfeiceann tú an tsail atá id’ shúil féin? A fhíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do shúil féin, agus annsin dochífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar. Óir ní fhuil crann maith do‐bheir droch‐thoradh; ná droch‐chrann do‐bheir toradh maith. Óir as a thoradh is eadh aitheantar gach crann. Óir ní bailightear figí de dheilgnigh, ná ní bailightear caora fíneamhna de dhriseoig. Do‐bheir an deagh‐dhuine an deagh‐nidh amach as deagh‐stór a chroidhe; agus do‐bheir an droch‐dhuine an droch‐nidh amach as droch‐stór a chroidhe: óir as líonmhaireacht an chroidhe is eadh labhras a bhéal. Agus cad chuige a nglaodhann sibh orm, A Thighearna, a Thighearna, agus nach ndéanann sibh a n‐abraim libh? Gach duine thig chugamsa, agus éisteas lem’ bhriathraibh, agus do‐ghní d’á réir, taisbeánfad daoibh cia leis gur cosmhail é: is cosmhail é le fear do bhí ag tógáil tighe, agus do thochail go doimhin síos sa talamh, agus do chuir an bun ar an gcarraig: agus nuair tháinig an tuile, do bhuail an rabharta i gcoinnibh an tighe sin, agus níor fhéad sé a chorrú: óir do bhí sé tógtha go daingean. Acht an té éisteas, agus nach ndéanann, is cosmhail eisean le fear do thóg teach ar an gcré gan bun faoi; agus gur bhuail an tuile ’n‐a choinnibh, agus do thuit sé ar an láthair; agus ba mhór é tuitim an tighe sin. Agus nuair do bhí a bhriathra go léir críochnuighthe aige i n‐éisteacht na ndaoine, do chuaidh sé isteach i gCafarnaúm. Agus do bhí seirbhíseach ceanntúra áirithe, fear do b’ionmhain le n‐a mháighistir, do bhí sé breoite agus i riochtaibh báis. Agus nuair do‐chuala sé i dtaobh Íosa, do chuir sé chuige cuid de sheanóiribh na nIúdach, g‐á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas. Agus nuair thángadar‐san chum Íosa d’athchuingheadar go dian air, g‐á rádh, Is fiú é go ndéanfá an nidh sin dó; óir atá grádh aige d’ár gcineadh, agus do thóg sé féin ár sionagóg dúinn. Agus do‐chuaidh Íosa i n‐éinfheacht leo. Agus nuair nach raibh sé i bhfad ó’n tigh, do chuir an ceanntúir cáirde leis chuige, g‐á rádh leis, A Thighearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteach fám’ dhíon: agus uime sin níor mheasas go mb’ fhiú mé féin teacht id airchis: acht abair an focal amháin, agus leigheasfar mo ghiolla. Óir is duine mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fá smacht agam: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé; agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é. Agus nuair do‐chuala Íosa an méid sin, ba iongnadh mór leis é, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an sluagh do bhí g‐á leanamhain, Adeirim libh, Nach bhfuaras an oiread sin creidimh i nIsrael féin. Agus na daoine do cuireadh chuige, nuair d’fhilleadar chum an tighe, fuaradar an seirbhíseach slán, leigheasta. Agus tharla, tamall ’n‐a dhiaidh sin, go ndeachaidh sé go cathair ar a dtugtar Náin, agus do chuaidh a dheisceabail agus sluagh mór daoine i n‐éinfheacht leis. Agus nuair do bhí sé ag teacht i ngar do gheata na cathrach, féach, do bhí corp d’á bhreith amach, aon‐mhac a mháthar, agus ise ’n‐a baintreabhaigh: agus do bhí mórán de mhuinntir na cathsach ’n‐a fochair. Agus nuair do chonnaic an Tighearna í, do ghabh truagh dhí é, agus adubhairt sé léi, Ná bí ag gol. Agus táinig sé agus do chuir sé a lámh ar an gcróchar: agus do stad an lucht iomchair Agus adubhairt sé, A óigfhir, adeirim leat, Éirigh. Agus d’éirigh an duine marbh ’n‐a shuidhe, agus do thosnuigh sé ar labhairt. Agus thug sé d’á mháthair é. Agus tháinig crith‐eagla ar gach uile dhuine: agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Atá fáidh mór éirighthe ’n‐ár measc: agus, Tháinig Dia ar cuairt chum a mhuinntire. Agus do leath an tuaraisc seo amach ar fud Iúdaea ar fad, agus ar fud na dúithche má gcuaird. Agus d’innis deisceabail Eoin na scéala sin go léir dó. Agus do ghlaodh Eoin chuige beirt d’á dheisceablaibh, agus do chuir sé chum an Tighearna iad, g‐á rádh, An tusa an té atá le teacht, nó an bhfuil orainn fanamhain le duine éigin eile? Agus nuair tháinig na fir chuige, adubhradar, Do chuir Eoin Baiste chugat‐sa sinn, g‐á rádh, An tusa an té atá le teacht, nó an bhfuil orainn fanamhain le duine éigin eile? Agus an uair chéadna sin do leigheas sé mórán daoine ó ghalaraibh, agus ó aicídibh, agus ó dhroch‐spioraidibh; agus thug sé radharc do mhórán dall, Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Téighidh, agus innisidh d’Eoin gach a bfacabhar agus a gcualabhar; do‐gheibh na daill a radharc; siubhlann na bacaigh, glantar na lobhair, cluineann na bodhair, aiséirigheann na mairbh, craobhscaoiltear an soiscéal do na bochtaibh. Agus is aoibhinn do’n té nach bhfaighidh adhbhar scannail ionnaim‐se. Agus nuair do bhí deisceabail Eoin imthighthe, do thosnuigh sé ar a rádh leis an sluagh i dtaobh Eoin, Créad é go ndeachabhar amach sa bhfásach le n’fheicsin? giolcach d’á luascadh ag an ngaoith? Acht créad é go ndeachabhar amach le n’fheicsin? Duine agus éadaighe míne air? Féach, iad‐san go mbíonn éadaighe maiseacha umpa, agus go mbíonn saoghal sócamhlach aca, is i dtighthibh na ríogh bhíd. Acht créad é go ndeachamar amach le n’fheicsin? Fáidh an eadh? Is eadh adeirim libh, agus duine is mó go mór ’ná fáidh. Is é sin an té go bhfuil scríobhtha ’n‐a thaobh, Féach, cuirim mo theachtaire ar d’aghaidh amach, Agus réidhteochaidh sé do shlighe rómhat. Adeirim libh, Ar a rugadh ó mhnáibh ní fhuil aoinneach is mó ’ná Eoin; acht cheana an té is lugha i ríoghacht Dé is mó é ’ná eisean. (Agus nuair do‐chuala na daoine go léir agus na poibleacáin an méid sin d’admhuigheadar fíréantacht Dé, d’á mbaisteadh féin le baisteadh Eoin. Acht do dhiúltuigh na Fairisínigh agus ollamhain na dlighe de’n chómhairle do chinn Dia ’n‐a dtaobh féin gan baisteadh do ghlacadh uaidh.) Cia leis, d’á bhrigh sin, go samhlóchad muinntear an chinidh seo, agus cia leis gur cosmhail iad? Is cosmhail iad le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag glaodhach ar a chéile g‐á rádh, Do‐rinneamar ceol ar an bfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar damhsa; do‐rinneamar caoineadh, agus ní dhearnabhar gol. Óir tháinig Eoin Baiste gan bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona; agus adeir sibh, Atá deamhan ann. Tháinig Mac an Duine, agus é ag ithe agus ag ól; agus adeir sibh, Féach, an duine craosach, pótaire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach! Agus fíoruightear an eagna tré n‐a clainn féin go léir. Agus d’iarr duine de na Fairisíneachaibh air biadh do chaitheamh ’n‐a fhochair. Agus do chuaidh sé isteach i dtigh an Fhairisínigh, agus do shuidh sé síos chum bidh. Agus féach, bean de’n chathair, peacach, nuair do bhí a fhios aici go raibh sé ’n‐a shuidhe chum bidh i dtigh an Fhairisínigh, thug sí léi crúsca alabástair d’uinneimint, agus ’n‐a seasamh dhí taobh thiar de i n‐aice a chos, do thionnscain sí ag fliuchadh a chos le n‐a deoraibh, agus do thiormuigh sí le gruaig a cinn iad, agus do bhí sí ag pógadh a chos, agus g‐á n‐ongadh leis an uinneimeint. Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í. Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, A Shíomóin, atá focal agam le rádh leat. Agus adubhairt seisean, Abair leat, a Mháighistir. Do bhí iasachtaidhe ann agus beirt i bhfiacha aige: do bhí cúig céad pinginn aige ar dhuine aca, agus deich is dá fhichid pinginn ar an duine eile. Agus nuair nach raibh ar chumas dóibh íoc, do mhaith sé dhóibh araon é. Cia aca dhíobh is mó grádh dhó? D’fhreagair Síomón agus adubhairt, Measaim gurb é an té d’ár mhaith sé an chuid is mó. Agus adubhairt seisean leis, Is maith í do bhreith. Agus ag casadh chum na mná dhó, adubhairt sé le Síomón, An bhfeiceann tú an bhean so? Tháinig mise isteach id’ thigh‐se, ní thug tú uisce dom’ chosaibh dhom: acht d’fhluich sise mo chosa le n‐a cuid deor, agus do thiormuigh sí le n‐a gruaig iad. Ní thugais‐se póg dom, acht ó tháinig mise isteach níor stad sí de bheith ag pógadh mo chos. Níor ongais‐se mo cheann le h‐ola: acht d’ong sise mo chosa le h‐uinneimeint. D’á bhrigh sin adeirim leat, Atá a peacaidhe, a lán mór peacaidhe, maithte dhí; óir ba mhór é a grádh: acht an té d’á maithtear beagán, is beag é a ghrádh. Agus adubhairt sé léi‐se, Atá do pheacaidhe maithte dhuit. Agus na daoine do bhí ’n‐a suidhe chum bidh ’n‐a fhochair, do thosnuigheadar ar a rádh eadortha féin, Cia h‐é seo mhaitheas fiú amháin peachaidhe? Agus adubhairt sé leis an mnaoi, Do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin. Agus tharla, tamall ’n‐a dhiaidh sin, go ndeachaidh sé tré chathrachaibh agus tré bhailtibh beaga, ag seanmórú agus ag craobhscaoileadh soiscéil ríoghachta Dé, agus an dáréag i n‐éinfheacht leis, agus roinnt ban do leigheasadh ó ainspioraidibh agus ó aicídibh, Máire ar a dtugtar Magdaléné, as ar imthigh seacht ndeamhain amach, agus Ióhanna bean Chúsa, feadhmannach loruaith, agus Súsanna, agus mórán eile díobh‐san do bhí ag friotháileamh air as a ngustal féin. Agus nuair do bhí sluagh mór ag cruinniú le chéile, agus daoine as gach cathair ag triall air, do labhair sé as samhlaoid: D’imthigh síoladóir amach ag cur a chuid síl: agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh; agus do gabhadh de chosaibh ann, agus d’ith éanlaith na spéire é. Agus do thuit cuid eile dhe ar an gcarraig; agus chómh luath agus d’fhás sé, do shearg sé, de bhrigh nach raibh úire aige. Agus do thuit cuid eile dhe i measc an drisligh; agus d’fhás an drisleach i n‐éinfheacht leis, agus do thacht sé é. Agus do thuit cuid eile ar an talamh maith, agus d’fhás sé, agus thug sé toradh uaidh, fá chéad. Nuair adubhairt sé an méid sin, do ghlaodh sé amach, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de créad ba chiall do’n tsamhlaoid sin. Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís. Is í seo brigh na samhlacide: Is é briathar Dé an síol. Iad‐san atá le h‐ais an bhealaigh is iad na daoine éisteas; annsin tig an diabhal, agus tógann sé an briathar as a gcroidhe, ar eagla go gcreidfidís agus go saorfaidhe iad. Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ghlacas chuca an briathar le h‐áthas tar a éis dóibh éisteacht leis; agus ní fhuil fréamh aca‐san; creideann siad ar feadh tamaill, agus i n‐am cathuighthe téigheann siad ar gcúl. Agus an chuid do thuit i measc an drisligh, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tslighe dhóibh, múchtar iad le cúram, agus le saidhbhreas, agus le pléisiúr an tsaoghail, agus ní thugaid toradh chum abaidheachta. Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha. Agus ní fhuil aon duine, ar lasadh lóchrainn dó, chumhduigheas fá bhéal soithigh é, nó chuireas fá leabaidh é; acht cuireann sé ar choinnleoir é, i dtreo go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas. Óir ní curtar aon nidh i bhfolach nach nochtfar; ná nidh fá cheilt, nach n‐aithneochar agus nach dtiocfaidh chum solais. D’á bhrigh sin, tabhraidh do bhúr n‐aire cionnas éistfeas sibh: óir cibé duine ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó; agus cibé duine nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh a measann sé a bheith aige. Agus tháinig chuige a mháthair agus a dhearbhráithre, agus níor fhéadadar teacht ’n‐a aice mar gheall ar an sluagh. Agus do h‐inniseadh dhó, Atá do mháthair agus do dhearbhráithre ’n‐a seasamh amuigh, agus ba mhaith leo thú d’fheicsin. Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Is iad mo mháthair agus mo bhráithre‐se iad‐san éisteas le briathraibh Dé, agus do‐ghní d’á réir. Agus tharla, lá de na laethibh sin, go ndeachaidh sé féin agus a dheisceabail isteach i mbád; agus adubhairt sé leo, Téighmís trasna anonn go dtí an taobh eile: agus d’imthigheadar rómpa. Act ag imtheacht fá sheol dóibh do thuit a chodladh airsean: agus d’éirigh stoirm gaoithe ar an loch; agus do bhíodar d’á líonadh agus do bhíodar i gcontabhairt. Agus thángadar chuige, agus do dhúisighéadar é, g‐á rádh, A Mháighistir, a Mháighistir, atáimíd d’ár mbádhadh. Agus do dhúisigh sé, agus do bhagair sé ar an ngaoith agus ar ghargaint na tuinne: agus do stadadar agus tháinig ciúnas. Agus adubhairt sé leo, Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Agus do bhí eagla ortha agus do bhí iongnadh mór ortha, agus iad g‐á rádh le n‐a chéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaothaibh agus do na tonnaibh féin, agus go n‐umhluighid dó? Agus do shroicheadar críoch na nGerasénach, atá os cómhair na Galilé thall. Agus nuair tháinig sé i dtír, do casadh air fear áirithe as an gcathair go raibh deamhain ann; agus nach raibh éadaighe air ar feadh i bhfad, agus nár chómhnuigh i n‐aon tigh, acht amháin ins na tuamaibh. Agus nuair do chonnaic sé Íosa, do ghlaodh sé amach agus do thuit sé ar lár roimhe, agus adubhairt sé de ghuth árd, Caidé an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde? Athchuinghim ort gan mo phianadh. Óir do bhí sé g‐á órdú do’n spioraid neamh‐ghlain teacht amach as an duine. Óir ba mhinic do‐bheireadh sí air: agus do coimhéadthaidhe é fá ghárda, agus do ceangailtidhe é le slabhraibh agus le geimhlibh; agus ag réabadh na gcuibhreach ó chéile dhó, do ruaigeadh an deamhan amach sa bhfásach é. Agus d’fhiafruigh Íosa dhe, Cad is ainm duit? Agus adubhairt seisean, Léigiún; óir do bhí mórán deamhan tar éis dul isteach ann. Agus d’impidheadar air gan a órdú dhóibh dul síos san aibhéis. Agus do bhí tréad mór muc ag inbhear ar an sléibh: agus d’impidheadar air a leigint dóibh dul isteach ionnta. Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na deamhain amach as an duine, agus do chuadar isteach ins na mucaibh: agus do rith an tréad de ruathar le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad. Agus nuair do chonnaic siad‐san a bhí g‐á mbuachailleacht an nidh tharla, do theicheadar, agus d’inniseadar sa gcathair agus sa tír é. Agus do chuadar amach go bhfeicfidís créad do thuit amach; agus thángadar chum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imthigh na deamhain, a éadaighe air, agus é ’n‐a shuidhe ’n‐a ghlain‐mheabhair ag cosaibh Íosa: agus do bhí eagla ortha. Agus d’innis siad‐san do chonnaic é cionnas mar slánuigheadh an duine ’n‐a raibh na deamhain. Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais. Acht an fear as ar imthigh na deamhain, d’iarr sé d’impidhe air go bhfanfadh sé ’n‐a fhochair: acht do chuir sé uaidh é, g‐á rádh, Imthigh chum do thighe féin, agus innis na neithe móra do‐rinne Dia dhuit. Agus d’imthigh sé ar a bhóthar, agus é ag innsin ar fud na cathrach ar fad i dtaobh na neithe mór do‐rinne Íosa dhó. Agus ag teacht ar ais d’Íosa, do chuir an sluagh fáilte roimhe; óir do bhíodar go léir ag feitheamh leis. Agus féach, tháinig fear darbh ainm Iárus, duine d’uachtaránaibh na sionagóige, agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa, agus d’iarr sé d’impidhe air teacht chum a thighe; óir do bhí inghean amháin aige agus í tuairim dhá bhliadhain déag d’aois, agus do bhí sí ’n‐a luighe i riochtaibh báis. Acht sa tsiubhal dó do bhí an sluagh ag brúghadh air. Agus bean ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, agus go raibh a maoin iomlán caithte aici ar liaghaibh, agus gan leigheas le fágháil aici ó dhuine aca, tháinig sí taobh thiar de, agus do chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait: agus ar an láthair do cuireadh stad leis an sruth fola. Agus adubhairt Íosa, Cia h‐é do bhain liom? Agus nuair shéan gach uile dhuine é, adubhairt Peadar agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, A Mháighistir, atá na sluaighte ag teannadh umat agus ag brúghadh ort. Acht adubhairt Íosa, Do bhain duine éigin liom: óir do mhothuigheas buaidh ag dul amach asam. Agus nuair thug an bhean fá deara nár ceileadh í, tháinig sí ar crith, agus d’á caitheamh síos ag a chosaibh dhí, d’innis sí i bhfiadhnaise na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus cionnas mar do leigheasadh í ar an mball. Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh i síothcháin. Le linn cainnte dhó, tháinig duine de theaghlach uachtaráin na sionagóige, g‐á rádh, Atá t’inghean tar éis báis; ná cuir a thuilleadh buaidheartha ar an Máighistir. Acht, ar n‐a chlos sin d’Íosa, d’fhreagair sé é, Ná bíodh eagla ort: creid amháin, agus slánóchar í. Agus nuair do shroich sé an teach, níor leig sé d’aoinneach teacht isteach i n‐éinfheacht leis, acht Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín. Agus do bhíodar go léir ag gol, agus g‐á caoineadh: acht adubhairt seisean, Ná bidhidh ag gol; ní marbh atá sí, acht n‐a codladh. Agus do‐rinneadar gáiridhe magamhail faoi, agus a fhios aca go raibh sí marbh. Acht do rug seisean ar láimh uirthi, agus do ghlaodh sé os árd, A chailín, éirigh. Agus tháinig a h‐anam ar ais, agus d’éirigh sí aniar ar an láthair: agus d’órduigh seisean rud le n’ithe thabhairt dí. Agus do bhí iongnadh an‐mhór ar a h‐athair agus ar a máthair; acht d’órduigh sé dhóibh gan a innsin d’aon duine créad do bhí déanta. Agus do ghlaodh sé an dáréag chuige, agus thug sé dhóibh cumhacht agus ughdarás ar na deamhnaibh go léir, agus chum galair do leigheas. Agus do chuir sé amach iad ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag leigheas na n‐easlán. Agus adubhairt sé leo, Ná beiridh rud ar bith libh le h‐aghaidh bhúr dturais, bata siubhail, ná mála, ná arán, ná airgead; agus ná bíodh dhá chóta ag duine agaibh. Agus cibé teach i n‐a rachfaidh sibh isteach, fanaidh annsin, agus imthighidh as sin. Agus cibé daoine nach nglacfaidh chuca sibh, ag imtheacht as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh. Agus d’imthigheadar‐san, agus do ghluaiseadar rómpa ar fud na mbailte mbeag, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, agus ag leigheas ins gach aon bhall. Agus do‐chuala Ioruath an tetracha i dtaobh gach nidh do bhí d’á dhéanamh: agus do bhí mearbhall mór air, mar do bhí dream g‐á rádh gurbh é Eoin d’éirigh ó na marbhaibh; agus do bhí dream eile g‐á rádh gurbh é Élias do thaisbeán é féin, agus adubhairt dream eile gur aiséirigh duine éigin de na sean‐fháidhibh. Agus adubhairt Ioruath, Do dhí‐cheannas‐sa Eoin: acht cia h‐é seo go gcluinim a leithéide de scéalaibh ’n‐a thaobh? Agus do theastuigh uaidh radharc d’fhágháil air. Agus nuair d’fhill na h‐abstail, d’inniseadar dó a raibh déanta aca. Agus do rug sé leis iad, agus do chuaidh sé go h‐áit ar leith, go cathair ar a dtugtar Bétsáida. Acht ar n‐a fheicsin sin do’n sluagh, do leanadar é: agus d’fháiltigh sé rómpa, agus do labhair sé leo i dtaobh ríoghachta Dé, agus do leigheas sé iad‐san ag a raibh gábhadh leis. Agus do bhí an lá ag dul i ndéidheannaighe; agus tháinig an dáréag, agus adubhradar leis, Cuir na sluaighte chum bealaigh, ionnas go rachaidh siad isteach ins na bailtibh beaga, agus sa tír thart thimcheall, chum lóistín agus lón d’fhágháil: óir is i bhfásach atáimíd annso. Acht adubhairt seisean leo, Tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh. Agus adubhradar‐san, Ní fhuil againne acht cúig bollóga agus dhá iasc; muna dtéighmís ag ceannach bidh do na daoinibh seo go léir. Óir do bhí timcheall cúig míle fear ann. Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Cuiridh ’n‐a suidhe ’n‐a gcipibh iad, timcheall caogad i ngach cipe. Agus do‐rinneadar amhlaidh, agus do chuireadar iad go léir ’n‐a suidhe. Agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dhó, do bheannuigh agus do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad chum go gcuirfidís os cómhair na ndaoine iad. Agus d’itheadar, agus do bhí a ndóthain aca go léir: agus do tógadh lán dá chiseán déag de’n fhuighleach do bhí fágtha aca. Agus tharla, agus é ag guidhe ’n‐a aonar, go raibh na deisceabail ’n‐a fhochair: agus do cheistigh sé iad, g‐á rádh, Cia h‐é adeir na daoine gur mise? Agus d’fhreagradar‐san, g‐á rádh, Eoin Baiste; acht adeir daoine eile, Élias; agus daoine eile, gur duine de na sean‐fháidhibh d’éirigh. Agus adubhairt sé leo, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé? Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé, Críost Dé. Agus thug sé fógra dóibh, agus d’órduigh sé dhóibh gan a innsin sin d’aoinneach; g‐á rádh, Caithfidh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí, agus uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe é, agus go marbhóchaidhe é, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá. Agus adubhairt sé leo uile, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanmhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros gach lá, agus leanadh sé mé. Óir cibé duine gur maith leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; acht cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, is é sin shaorfas é. Óir caidé a thairbhe do dhuine an domhan mór do ghnóthú, agus a anam féin do chailleamhain nó do chur ar fán? Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo bhriathra, budh nár le Mac an Duine eisean, nuair thiocfas sé ’n‐a ghlóir féin, agus i nglóir a Athar agus na naomh‐aingeal. Acht adeirim libh go fírinneach, Atá roinnt díobh‐san atá ’n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás, nó go bhfeicfidh siad ríoghacht Dé. Agus tharla, timcheall ocht lá tar éis na cainnte sin, go dtug sé leis Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus go ndeachaidh sé suas ar shléibh chum urnaighe do dhéanamh. Agus le linn guidhe dhó, tháinig athrú gné air, agus d’éirigh a éadaighe geal, lonnrach. Agus féach, do bhí beirt ag cómhrádh leis, agus ba iad Maois agus Élias iadsan; do chonnacthas iad i nglóir, agus do labhradar i dtaobh a bháis do bhí le fulang aige i nIarúsalem. Agus do bhí codladh trom ar Pheadar agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair; acht nuair do bhíodar ’n‐a lán‐dúiseacht, do chonnacadar a ghlóir, agus an bheirt fhear do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a fhochair. Agus tharla, nuair do bhíodar‐san ag imtheacht uaidh go ndubhairt Peadar le h‐Íosa, A Mháighistir, is maith dhúinn bheith annso: déanaimís trí botha; both dhuit‐se, agus both do Mhaois, agus both d’Élias: agus gan a fhios aige créad do bhí aige d’á rádh. Agus le linn cainnte dhó, tháinig scamall, agus do chlúduigh sé iad: agus do bhí eagla ortha agus iad ag dul isteach fá’n scamall. Agus tháinig guth as an scamall amach, adubhairt, Is é seo mo Mhac, mo rogha: éistidh leis. Agus nuair do labhair an guth, frith Íosa ’n‐a aonar. Agus d’fhanadar‐san ’n‐a dtost, agus níor inniseadar d’aoinneach ins na laethibh sin i dtaob a bhfacadar. Agus tharla, an lá ’n‐a dhiaidh sin, ar dtheacht anuas ó’n tsléibh dóibh, go dtáinig sluagh mór amach ’n‐a airchis. Agus féach, fear de’n tsluagh do ghlaodh amach, g‐á rádh, A Mháighistir, impidhim ort, féach ar mo mhac; óir is é m’aon mhac é: agus féach, beireann spioraid air, agus screadann sé go h‐obann; agus tarraingeann sí as a chéile é, go gcuireann sé cubhar, agus is ar éigean fhágas sí é, acht í g‐á bhrúghadh go millteach. Agus d’impidheas ar do dheisceablaibh a cur amach; acht níor fhéadadar a dhéanamh. Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, A shliocht mhíchreidmhigh, chlaoin, cá fhad bhéas mé eadraibh, agus fhuilingeochas mé libh? tabhair chugam do mhac. Agus ag teacht chuige dhó, do leag an deamhan ar lár é, agus do tharraing sé as a chéile é. Acht do smachtuigh Íosa an spioraid neamh‐ghlan, agus do leigheas sé an buachaill, agus thug sé ar ais d’á athair é. Agus do bhí uathbhás ar chách mar gheall ar mhór‐chumhacht Dé. Agus nuair do bhí gach uile dhuine ag déanamh ionganta de gach nidh do bhí d’á dhéanamh aige, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Cuiridh‐se na ráidhte seo i dtaisce ’n‐bhúr gcluasaibh: óir atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine. Acht níor thuigeadar brigh na cainnte sin, agus do bhí sí fá cheilt ortha, ionnas nach n‐aireochaidís í: agus do b’eagal leo ceist do chur air i dtaobh na cainnte sin. Agus d’éirigh conspóid eadortha, d’fhéachain cia aca dhíobh ba mhó. Agus nuair thug Íosa fá deara an machtnamh do bhí ’n‐a gcroidhe, do rug sé ar leanbh beag, agus do chuir sé ’n‐a sheasamh le n‐a ais é, agus adubhairt sé leo, Cibé duine ghlacfas chuige an leanbh beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ghlacfas mise chuige, glacann sé chuige an té do chuir uaidh mé: óir an té is lugha eadraibh uile, is é is mó. Agus d’fhreagair Eoin agus adubhairt sé, A Mháighistir, do chonnacamar duine ag cur deamhain amach id’ ainm‐se; agus do choisceamar é, toisc nach leanann sé i n‐éinfheacht linne. Acht adubhairt seisean leis, Ná choiscidh é: óir an té nach bhfuil ’n‐bhúr gcoinnibh atá sé libh. Agus tharla, nuair do bhí am a dheasgabhála ag teacht i ngiorracht dó, gur ghlac sé de rún daingean aghaidh do thabhairt ar Iarúsalem, agus do chuir sé teachtairí roimhe: agus d’imthigheadar‐san, agus do chuadar isteach i mbaile beag de bhailtibh na Samáritánach, chum ullamhú do dhéanamh fá n‐a choinne. Agus ní ghlacfaidís‐sean chuca é, óir do bhí a aghaidh mar bhéadh sé ag dul go h‐Iarúsalem. Agus nuair chonnaic Séamas agus Eoin, a dheisceabail, sin, adubhradar, A Thighearna, an toil leat go nglaodhfaimís teine do theacht anuas ó neamh, agus iad súd do loscadh? Acht d’iompuigh seisean, agus do cheartuigh sé iad. Agus d’imtigheadar go baile beag eile. Agus sa tslighe dhóibh, adubhairt duine éigin leis, Leanfad‐sa thú cibé áit ’n‐a rachaidh tú. Agus adubhairt Íosa leis, Atá pluaiseacha ag na sionnachaibh, agus atá neadacha ag éanlaithibh an aeir; acht ní fhuil áit ag Mac an Duine ar a leagfadh sé a cheann. Agus adubhairt sé le duine eile, Lean‐sa mise. Acht adubhairt seisean, A Thighearna, leig dom dul ar dtús agus m’athair do chur. Agus adubhairt seisean leis, Leig do na marbhaibh a mairbh féin do chur; acht imthigh‐se agus fógair ríoghacht Dé go foirleathan. Agus adubhairt duine eile, Leanfad‐sa thú, a Thighearna; acht leig dom, ar dtús, slán d’fhágáil aca‐san atá sa mbaile. Acht adubhairt Íosa leis, Aoinneach do chuir a lámh ar an gcéachta, agus do dhearc siar ’n‐a dhiaidh sin, ní fhuil sé oireamhnach do ríoghacht Dé. I n‐a dhiaidh sin d’órduigh an Tighearna deichneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé roimhe amach iad ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt go dtí gach cathair agus áit ’n‐a raibh sé féin le teacht. Agus adubhairt sé leo, Is mór é an fóghmhar, acht is suarach iad an lucht oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhóghmhair buanaidhthe do chur amach chum a fhóghmhair. Imthighidh rómhaibh: féachaidh, cuirim uaim amach sibh amhail caoirigh i measc madadh allta, Ná tógaidh libh sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuighidh d’aon duine ar an mbóthar. Agus cibé teach ’n‐a rachaidh sibh isteach, abraidh ar dtús, Síothcháin ar an tigh seo. Agus má atá mac síothchána ann, fanfaidh bhúr síothcháin air: acht muna bhfuil, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. Agus fanaidh sa tigh céadna sin, ag ithe agus ag ól a dtugtar duit: óir is fiú an t‐oibridhe a thuarastal. Ná bidhidh ag dul ó thigh go tigh. Agus cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh, agus go nglacfar sibh, ithidh a gcurfar rómhaibh: agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh. Acht cibé cathair ’n‐a rachaidh sibh isteach, agus nach nglacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na cathrach, agus abraidh, Luaithreadh bhúr gcathrach féin ghreamhuigheas d’ár gcosaibh, croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh. Adeirim‐se libh gur sócamhlaighe do Shodom, an lá sin, ’ná do’n chathair sin. Is mairg duit, a Chórasin! is mairg duit, a Bhétsáida! óir dá ndéantaidhe i dTuire agus i Sídóin na míorbhailte do rinneadh ionnaibh‐se, is fada ó bhéadh aithrighe déanta aca, agus iad ’n‐a suidhe i n‐éadach róin agus i luaith. Acht, cheana, ba shócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin sa mbreitheamhnas ’ná dhaoibh‐se. Agus tusa, a Chafarnaúm, an dtógfar thú suas go neamh? síos go h‐ifreann cuirfear thú. An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé. Agus d’fhill an deichneabhar agus trí fichid ar ais, agus áthas ortha, g‐á rádh, A Thighearna, atá na deamhain féin fá smacht againn tré t’ainm‐se. Agus adubhairt seisean leo, Do chonnacas Sátan ag tuitim ó, neamh mar scail teinntrighe. Féachaidh, atá cumas tabhartha agam daoibh chum nathracha nimhe agus scairpeanna do bhrúghadh fá chois, agus buaidh ar gach neart na námhad: agus ní dhéanfaidh éinnidh anachain ar bith oraibh. Acht cheana, ná bíodh áthas oraibh toisc na spioraidí bheith fá smacht agaibh; acht toisc bhúr n‐ainmneacha bheith scríobhtha ar neamh. Le linn na h‐uaire céadna sin do líonadh é de gháirdeachas mór tríd an Spiorad Naomh, agus adubhairt sé, Do‐bheirim a bhuidheachas leat, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe sin ar Lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do leanbhaibh iad: do‐rinnis é, a Athair; óir ba é do thoil féin é. Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó. Agus ag iompodh chum a dheisceabal dó, adubhairt sé ós íseal, Is aoibhinn do na súilibh do‐chí na neithe do‐chí sibh‐se: óir adeirim libh gurab iomdha fáidh agus rí le n‐ar mian na neithe do‐chí sibh‐se d’fheicsin, agus nach bhfacadar iad; agus na neithe do‐chluin sibh‐se do chlos, agus nach gcualadar iad. Agus féach, d’éirigh fear dlighe ’n‐a sheasamh, agus do bhain sé triail as, g‐á rádh, A Mháighistir, créad atá le déanamh agam chum na beathadh síorraidhe d’fhágháil mar oighreacht. Agus adubhairt sé leis, Créad atá scríobhtha sa dlighe? cionnas léigheas tú? Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt. Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ód’ chroidhe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán; agus ód’ aigne go h‐iomlán; agus do chómharsa mar thú féin. Agus adubhairt sé leis, Is maith an freagra thugais: déan é sin, agus mairfir. Acht adubhairt seisean le h‐Íosa, agus fonn air a fhíréanú féin. Agus cia h‐é mo chómharsa? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, Do bhí duine ag dul síos ó Iarúsalem go h‐Ierichó; agus theagmhuigh sé le gadaidhthibh, do shlad agus do bhuail é, agus d’imthigheadar, tar a éis dóibh a fhágáil leath‐mharbh. Agus tharla go raibh sagart ag gabháil síos an bealach céadna: agus nuair do chonnaic sé é do ghabh sé thairis ar an taobh eile. Agus mar an gcéadna, tháinig Lébhíteach chum na h‐áite, agus nuair do chonnaic sé é, do ghabh sé thairis ar an taobh eile. Acht Samáritánach áirithe, do bhí ag gabháil na slighe, tháinig sé chum na h‐áite ’n‐a raibh sé: agus nuair do chonnaic sé é, do ghabh truagh mhór dó é, agus do chuaidh sé chuige, agus do cheangail sé a chneadhacha, ag dortadh ola agus fíona ortha; agus do chuir sé ar muin a bheithidhigh féin é, agus thug sé leis é go tigh ósta, agus thug sé aire dhó. Lá ar n‐a bhárach do thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do’n óstóir iad, agus adubhairt sé, Tabhair aire dhó; agus cibé méid chaithfeas tú sa mbreis, cúiteochadsa leat é, nuair thiocfas mé arís. Cia aca de’n driúr úd, an measann tú, ba chómharsa do’n duine do theagmhuigh leis na gadaidhthibh? Agus adubhairt seisean, An té thug truagh dhó. Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh‐se, agus déan mar an gcéadna. Agus sa tslighe dhóibh, do chuaidh sé isteach i mbaile beag: agus do ghlac bean darbh ainm Marta isteach ’n‐a tigh é. Agus do bhí deirbhshiúr aici darbh ainm Máire, do shuidh ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n‐a bhriathar. Agus do bhí Marta an‐bhroideamhain ag friotháileamh; agus tháinig sí chuige, agus adubhairt sí, A Thighearna, nach cás leat gur fhág mo dheirbhshiúr orm‐sa an friotháileamh do dhéanamh im’ aonar? abair léi bheith ag cuidiú liom. Acht d’fhreagair an Thighearna agus adubhairt sé léi, A Mharta, a Mharta, atá a lán neithe ag cur imnidhe agus buaidheartha ort: acht ní fhuil gábhadh acht le h‐aon nidh amháin: óir do thogh Máire an chuid is fearr, agus ní tógfar uaithi é. Agus tharla, agus é ag déanamh urnaighe i n‐áit áirithe, go ndubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, nuair do stad sé, A Thighearna, múin dúinne urnaighe do dhéanamh, fá mar mhúin Eoin d’á dheisceablaibh féin. Agus adubhairt sé leo, Nuair do‐ghní sibh urnaighe, abraidh, A Athair, Go naomhthar t’ainm. Go dtigidh do ríoghacht. Tabhair dhúinn ár n‐arán le h‐aghaidh an lae. Agus maith dhúinn ár bpeacaidhe; mar mhaithimíd‐ne dhóibh‐sean ar a bhfuil fiacha againn. Agus na seol i gcathú sinn. Agus adubhairt sé leo, Cia aca dhíobh‐se, go mbéidh cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na h‐oidhche, agus go n‐abróchaidh sé leis, A chara, tabhair trí bollóga aráin ar iasacht dom; óir tháinig cara ar turas chugam, agus ní fhuil éinnidh agam le cur ’n‐a chómhair; agus go n‐abróchaidh seisean atá istigh, Ná bí ag cur buaidheartha orm; atá an doras dúnta anois, agus atá mo chlann i n‐éinfheacht liom sa leabaidh; ní féidir liom éirghe agus rud do thabhairt duit. Adeirim libh, Muna n‐éireochaidh sé chum rud do thabhairt dó, toisc gur cara leis é, éireochaidh sé mar gheall ar a shíor‐thathant, agus do‐bhéarfaidh sé dhó cibé nidh atá uaidh. Agus adeirim libh, Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh; loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; buailidh, agus fosclóchar daoibh. Óir gach aoinneach iarras, glacann sé; agus an té loirgeas, gheibheann sé; agus do’n té bhuaileas, fosclóchar. Agus cia h‐é an t‐athair agaibh go n‐iarrfaidh a mhac bollóg aráin air, agus gur cloch bhéarfas sé dhó? nó iasc, agus i n‐ionad éisc gur nathair nimhe bhéarfas sé dhó. Nó dá n‐iarradh sé ubh, an scairp do‐bhéaradh sé dhó? Ar an adhbhar sin, má’s eol daoibh‐se, agus sibh go h‐olc, deagh‐thabhartais do bhronnadh ar bhúr gclainn, nach mó go mór bhronnfas bhúr nAthair atá ar neamh an Spiorad Naomh ortha‐san iarras air é? Agus do bhí sé ag caitheamh deamhain do bhí balbh amach. Agus tharla, nuair do bhí an deamhan imthighthe amach, gur labhair an balbhán; agus do‐rinne an sluagh iongnadh dhe. Acht do bhí cuid aca adubhairt, Is tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan, chaitheas sé na deamhain amach. Agus d’iarr cuid eile aca cómhartha ó neamh air, g‐á thriail. Acht do b’eol dó a smaointe, agus adubhairt sé leo, Gach ríoghacht atá deighilte ’n‐a coinnibh féin, téigheann sí chum donachta; agus líon tighe atá deighilte i gcoinnibh lín tighe, tuiteann sé. Agus má atá Sátan deighilte ann féin, cionnas sheasfas a ríoghacht? óir adeir sibh‐se gur tré Bhelsibub chaithim‐se amach na deamhain. Agus má’s tré Bhelsibub chuirim‐se na deamhain amach, cia thríd chaitheas bhúr gclann féin amach iad? D’á bhrigh sin is iad‐san bhéarfas breith oraibh. Acht má’s le cumhacht Dé chuirim‐se na deamhain amach, annsin atá ríoghacht Dé tagtha chugaibh. Nuair bhíos fear tréan, gléasta i n‐arm ag cosaint a chúirte féin, bíonn síothcháin ar a bhfuil aige: acht nuair thig duine is treise ’ná é g‐á ionnsaighe, agus do‐bheir sé buaidh air, tógann sé uaidh a chuid arm ar a raibh a sheasamh, agus roinneann sé a chuid éadála. An té nach bhfuil liom atá sé im’ aghaidh; agus an té nach bhfuil ag cruinnuí mar aon liom, atá sé ag scaipeadh. Nuair bhíos an spioraid neamh‐ghlan imthighthe as an duine, gluaiseann sí tré áiteannaibh tiorma ar lorg suaimhnis: agus nuair nach mbíonn sin le fágháil aici, adeir sí, Fillfead chum mo thighe as a dtáinig mé amach. Agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí an teach scuabtha, deisighthe. Imthigheann sí annsin agus do‐bheir sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteach agus do‐ghní siad cómhnaidhe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireadh ’ná do bhí a chéad staid. Agus tharla, le linn cainnte dhó, gur labhair bean de ghuth árd as an sluagh, agus adubhairt sí, Is beannuighthe an bhroinn d’iomchair thú, agus na cíocha do dheolais. Acht adubhairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuighthe iad‐san éisteas le briathar Dé agus choimhéadas é. Agus nuair do bhí na sluaighte ag cruinniú chuige, do thosnuigh sé ar a rádh leo, Droch‐chineadh is eadh an cineadh so: atá sé ag tóraidheacht cómhartha; agus ní tabharfar cómhartha dhó acht cómhartha Iónáis. Óir fá mar bhí Iónás ’n‐a chómhartha do mhuinntir Ninibhe, is mar sin bhéas Mac an Duine ’n‐a chómhartha do’n chineadh so. Éireochaidh ríoghan an domhain theas sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh muinntire an chinidh seo, agus bhéarfaidh sí daoir‐bhreith ortha: óir tháinig sise ó imeallaibh an domhain chum éisteachta le h‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó ’ná Solamh annso. Éireochaidh muinntear Ninibhe sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an chinidh seo, agus bhéarfaidh siad daoir‐bhreith air: óir do‐rinneadar‐san aithrighe ar fhógairt Iónáis, agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso. Aoinneach lasas lóchrann, ní i soiléar chuireas sé é, ná fá bhéal buiséil, acht cuireann sé ar stáitse é, chum go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas. Is í do shúil solas do chuirp: nuair bhíos do shúil glan, bíonn do chorp uile soillseach, chómh maith; acht nuair bhíos sí go h‐olc, bíonn do chorp sa dorchadas. Tabhraidh aire, d’á bhrigh sin, nach dorchadas an solas atá ionnat. D’á bhrigh sin, má bhíonn do chorp uile soillseach, gan aon chuid de bheith dorcha, béidh sé soillseach go h‐iomlán, de réir mar shoillsigheann lóchrann thú agus é ag deallrú go geal‐ghlan. Le linn na cainnte sin dó, d’iarr Fairisíneach air béile do chaitheamh ’n‐a fhochair: agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé síos chum bidh. Agus ba mhór ba iongnadh leis an bhFairisíneach, agus é ag féachain air, nár nigh sé é féin roimh an mbéile. Agus adubhairt an Tighearna leis, Nach breagh mar ghlanann sibh‐se, a Fhairisíneacha, an taobh amuigh de’n chupán agus de’n phláta; acht bíonn sibh líonta istigh de shainnt agus de chuirptheacht. A dhaoine gan chiall, an té do‐rinne an taobh amuigh, nach ndearna sé an taobh istigh mar an gcéadna? Acht, i dtaobh a bhfuil istigh, tabhraidh déirc uaibh; agus féach, sin é gach uile nidh glan daoibh. Acht is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir gearrann sibh an deachmhadh ar an miontas, agus ar an ruibh, agus ar gach uile luibh, agus ní chuireann sibh suim i mbreitheamhnas ná i ngrádh Dé: acht ba cheart daoibh aire do thabhairt daoibh seo gan faillighe do dhéanamh ionnta súd. Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir is breagh libh na suidheacháin uachtaracha ins na sionagógaibh, agus daoine ag beannú dhaoibh i n‐áiteannaibh an mhargaidh. Is mairg daoibh! óir is cuma sibh nó na tuamaí nach bhfeictear, agus nach eol dóibh‐sean shiubhlas ortha iad do bheith ann. Agus d’fhreagair duine de’n lucht dlighe, agus adubhairt sé leis, A Mháighistir, nuair adeirir an méid sin do‐bheirir masla dhúinne, leis. Agus adubhairt sé, Is mairg daoibh‐se, leis, a lucht dlighe! óir cuireann sibh ualaighe ar na daoinibh thar a riocht, agus ní chuireann sibh féin oiread agus bárr méire ar aon ualach díobh. Is mairg daoibh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus gurbh iad bhúr sinnsir do mharbh iad. Mar sin do‐bheir sibh fiadhnaise go bhfuil sibh ar aon inntinn le n‐bhúr sinnsearaibh ’n‐a ngníomharthaibh: do marbhadar‐san iad, agus tógann sibh‐se leachta. Ar an adhbhar sin adubhairt eagna Dé, Cuirfead fáidhe agus abstail chuca; agus marbhócaid cuid aca, agus do‐ghéanaid géirleanamhain ortha; chum go n‐eileochar ar an gcineadh so ar doirteadh d’fhuil na bhfáidh go léir ó bhunadh an domhain; ó fhuil Aibéil go fuil Shachariais do marbhadh idir an altóir agus an sanctóir: go fírinneach adeirim libh, éileochar é ar an gcineadh so. Is mairg daoibh, a lucht na dlighe! óir do thógabhar libh eochair an eolais: ní dheachabhar féin isteach, agus do choisceabhar iad‐san do bhí ag dul isteach. Agus nuair do bhí sé imthighthe as an áit sin, do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar aighneas do chur air go dian, g‐á spreagadh chum cainnte ar mhórán neithe, ag faire na faille air, le súil go bhfaghfaidís focal ó n‐a bhéal do bhraithfeadh é. Fá’n am sin, nuair do bhí na mílte móra ag cruinniú le chéile, i dtreo go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thosnuigh sé ar a rádh le n‐a dheisceablaibh ar dtús, Seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, is é sin an fuar‐chrábhadh. Acht ní fhuil éinnidh fá chéilt nach nochtfar, ná i bhfolach nach dtiocfaidh chum eolais. D’á bhrigh sin, cibé nidh adubhrabhar sa dorchacht, do‐chluinfear é sa tsolas; agus na neithe adubhrabhar i gcluais sa tseomra istigh, craobhscaoilfear iad ó bhárraibh na dtighthe. Agus adeirim libh, a cháirde, Ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san mharbhas an corp, agus nach bhféadann a thuilleadh do dhéanamh ’n‐a dhiaidh sin. Inneosad daoibh cia roimhe a mbéidh eagla oraibh: Bíodh eagla oraibh roimh an té go bhfuil ar chumas dó, tar éis duine do mharbhadh, é chur go h‐ifreann; is eadh, adeirim libh, Bíodh eagla oraibh roimhe‐sean. Nach ndíoltar cúig gealbhain ar dhá fheoirling? agus ní déantar dearmad ar ghealbhan aca i bhfiadhnaise Dé. Acht atá ribí bhúr ngruaige go léir cómhairimhthe. Ná bíodh eagla oraibh: is mó is fiú sibh‐se ’ná mórán gealbhan. Agus adeirim libh, Cibé duine admhóchas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé: acht an té shéanfas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, séanfar eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé. Agus cibé duine labharfas focal i n‐aghaidh Mhic an Duine, maithfear dó é: acht an té adéarfas dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfear dó‐san e. Agus nuair bhéarfas siad i láthair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uachtarán sibh, ná bíodh ’n‐a imnidhe oraibh cionnas nó cad fhreagróchas sibh, nó cad adéarfas sibh: óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh ar an uair sin cad ba cheart daoibh do rádh. Agus adubhairt duine de’n tsluagh leis, A Mháighistir, abair lem’ dhearbhráthair an oighreacht do roinnt liom. Acht adubhairt seisean leis, A dhuine, cia cheap mise chum bheith im’ bhreitheamh nó im’ mholtóir ós bhúr gcionn? Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire, agus seachnaidh sibh féin ar an tsainnt: óir ní i bhflúirse a bhfuil aige atá beatha an duine. Agus do labhair sé samhlaoid leo, Thug talamh acfuinnigh éigin toradh mór: agus do‐rinne sé machtnamh ’n‐a aigne g‐á rádh, Créad do‐ghéanad, óir ní fhuil slighe agam chum mo chuid torthaí do chur i dtaisce? Agus adubhairt sé, Is é rud do‐ghéanad: leagfad mo sciobóil, agus tógfad sciobóil bhéas níos mó ’ná iad; agus cuirfead mo chuid arbhair agus mo mhaoin go léir i dtaisce ionnta. Agus adéarfad lem’ anam, A anam, atá dóthain mhór maoine curtha i dtaisce agat i gcómhair mórán bliadhan le teacht; ceap do shuaimhneas, bí ag ithe, agus bí ag ól, agus bí súgach. Acht adubhairt Dia leis, A dhuine gan chéill, éileochar t’anam ort anocht féin; agus cia aige go mbéidh gach a bhfuil curtha le chéile agat? Mar sin do’n té chruinnigheas stór dó féin, agus nach bhfuil saidhbhreas i nDia aige. Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, créad íosfas sibh; ’ná i dtaobh bhúr gcuirp, créad chuirfeas sibh oraibh. Óir is mó an bheatha ’ná an biadh, agus is mó an corp ’ná na h‐éadaighe. Breathnuighidh na fiacha dubha; ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar; agus ní fhuil taisce ná scioból aca; agus beathuigheann Dia iad: nach mó go mór is fiú sibh‐se ’ná na h‐éanlaithe! Agus ciaca dhíbh‐se d’fhéadfadh, dá mhéid a imnidhe, bannlámh do chur le n‐a aoirde? Mar sin de, muna féidir dhaoibh an nidh is suaraighe do dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith fá imnidhe i dtaobh éinnidh eile? Breathnuighidh na lilí, cionnas fhásas siad; ní dhéanann siad saothar ’ná sníomh; acht adeirim‐se libh, Ní raibh Solamh, ’n‐a ghradam uile, éidighthe mar cheann aca‐san Acht má’s mar sin éidigheas Dia féar an mhachaire, atá ann indiu, agus caithtear san oigheann amárach; nach mó go mór éideochas sé sibh‐se, a lucht an chreidimh bhig? Ná bidhidh, d’á bhrigh sin, g‐á fhiafruighe créad íosfas sibh, agus créad ólfas sibh, agus ná bíodh inntinn chorrach agaibh. Óir is iad sin na neithe go mbíonn cineadhacha an domhain ar a lorg: acht is eol d’bhúr nAthair go bhfuil gábhadh agaibh leis na neithibh sin. Acht loirgidh a ríoghacht‐san, agus do‐bhéarfar na neithe sin daoibh sa mbreis. Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir is é toil bhúr nAthar an ríoghacht do thabhairt daoibh. Díolaidh a bhfuil agaibh, agus tabhraidh déirc; déanaidh dhaoibh féin sparáin nach gcaithfear le h‐aois, stór ins na flaitheasaibh nach n‐ídeochar, san áit nach ndruideann gadaidhe i n‐aice leis, agus nach milleann an leamhan ann. Óir an áit ’n‐a mbíonn bhúr stór, is ann bhéas bhúr gcroidhe, chómh maith. Bíodh bhúr gcrioslach fásctha agaibh, agus bhúr lócrainn ar lasadh; agus bidhidh féin mar do bhéadh daoine agus iad ag fuireach ar a dtighearna, go bhfillfidh sé ó’n mbainis; i dtreo, nuair thig sé agus bhuaileas sé, go bhfosclóchaidh siad dó ar an láthair. Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha. Agus má’s le linn an dara, nó le linn an treas faire thiocfas sé, agus go bhfaighidh sé mar sin iad, is aoibhinn dóibh‐sean. Acht bidhidh cinnte dhe seo, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cia an uair a bhí an gadaidhe le teacht, go ndéanfadh sé faire, agus nach leigfeadh sé a theach do bhriseadh. Bidhidh‐se ullamh, mar an gcéadna: óir is ar uair nach bhfuil coinne agaibh leis thiocfas Mac an Duine. Agus adubhairt Peadar, A Thighearna, an dúinne atáir ag innsint na samhlaoide seo nó do chách? Agus adubhairt an Tighearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallmhar, go gcuirfidh a thighearna é i mbun a theaghlaigh, chum go dtiubhraidh sé a gcuid bidh dhóibh i dtráth? Is aoibhinn do’n tseirbhíseach úd go bhfaighidh a thighearna g‐á dhéanamh nuair thiocfas sé. Go fírinneach adeirim libh, go gcuirfidh sé é i bhfeighil a bhfuil aige. Acht má deir an seirbhíseach úd ’n‐a chroidhe istigh, Is fada atá mo thighearna gan teacht; agus go dtosnóchaidh sé ar na buachaillí agus ar na cailíní aimsire do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól, agus ar bheith ar meisce; tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh úd an lá nach mbéidh coinne aige leis, agus gearrfaidh sé ó chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i measc luchta dí‐chreidimh. Agus an seirbhíseach úd ag a raibh fios tola a thighearna, agus nach ndearna aon ullmhú, agus nach ndearna de réir a thola, geobhfar go trom air; acht an té úd nach raibh a fhios aige, agus do‐rinne neithe do thuill bualadh, geobhfar air‐sean go h‐éadtrom. Agus an té d’á dtugadh mórán, éileochar mórán air: agus an té gur fágadh mórán ar a chúram aige, iarrfar breis air. Thánag‐sa chum teine do chur ar an talamh, agus créad is mian liom ach í bheith ar lasadh anois féin? Acht atá agam baisteadh le n‐a mbaistfear mé; agus cad é an ceangal atá orm nó go gcóimhlíontar é! An measann sibh gur chum síothchána do chur ar talamh thánag‐sa? Ní h‐eadh, adeirim libh, acht chum easaontais: óir as so amach béidh cúigear i dtigh amháin agus iad i n‐achrann le chéile, triúr i n‐aghaidh beirte, agus beirt i n‐aghaidh trír. Béidh an t‐athair ag cur i n‐aghaidh an mhic, agus an mac i n‐aghaidh an athar; an mháthair i n‐aghaidh na h‐inghine, agus an inghean i n‐aghaidh a máthar; an mháthair chéile i n‐aghaidh mná an mhic, agus bean an mhic i n‐aghaidh máthar a céile. Agus adubhairt sé fós leis na sluaightibh, Nuair do‐chí sibh scamall ag éirghe san iarthar, adeir sibh láithreach, Sin cioth ag teacht; agus bíonn sé amhlaidh. Agus nuair do‐chí sibh an ghaoth andeas ag séideadh, adeir sibh, Béidh brothall ann; agus bíonn. A chealgairí, is eol daoibh gné na talmhan agus na spéire do bhreathnú; acht cad chuige nach eol daoibh gné na h‐aimsire seo do bhreathnú? Agus cad chuige nach mbreathnuigheann sibh uaibh féin an nidh is ceart? Óir, nuair bhíonn tú ag dul i n‐éinfheacht led’ námhaid i láthair an ghiúistís, sa tslighe dhuit, déan do dhícheall chum réidhteach do dhéanamh leis; ar eagla go dtarraingeochadh sé os cómhair an bhreitheamhan thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n fheadhmannach thú, agus go gcuirfeadh an feadhmannach i bpríosún thú. Adeirim leat, Ní thiocfaidh tú amach as, ar chor ar bith, nó go n‐íocair an fheoirling dheiridh. Agus do bhí daoine láithreach an t‐am céadna sin d’innis dó i dtaobh na nGaliléach, gur mheasc Píoláid a gcuid fola le n‐a n‐íodhbartaibh. Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, An measann sibh gur mheasa mar pheacaigh na Galiléaigh úd ’ná an chuid eile de na Galiléachaibh, de chionn gur fhulaingeadar an méid sin? Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna. Nó an t‐ochtar déag úd gur thuit an túr i Silóam ortha, agus gur mharbh sé iad, an measann sibh gur mhó ba chionntach iad‐san thar a bhfuil de dhaoinibh i nIarúsalem? Adeirim libh, Níorbh eadh: acht muna ndéanaidh sibh‐se aithrighe, bascfar sibh uile ar an gcuma chéadna. Agus do labhair sé leo an tsamhlaoid seo; Do bhí crann fige curtha ag duine áirithe ’n‐a fhíonghort; agus tháinig sé ar lorg tortha air, agus ní fhuair. Agus adubhairt sé leis an bhfíon‐churadóir, Féach, atáim le trí bliadhnaibh ag teacht ar lorg tortha ar an gcrann fige seo, agus ní fhaghaim: leag é; cad chuige an talamh do chur amugha gan tairbhe d’á dheascaibh? Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leis, A thighearna, leig dó an bhliadhain seo, go rómharad ’n‐a thimcheall, agus go gcuiread aoileach faoi: agus má bheir sé toradh annsin, béidh go maith; acht muna dtugaidh, leagfaidh tú é. Agus do bhí sé ag teagasc i sionagóig áirithe, lá na sabóide. Agus féach, bean ’n‐a raibh spioraid lag‐bhrighe le h‐ocht mbliadhnaibh déag; agus do bhí sí cromtha, agus ní raibh ar chumas dí í féin do dhíriú ar chor ar bith. Agus nuair do chonnaic Íosa í, do ghlaodh sé chuige í, agus adubhairt sé léi, A bhean, atá tú saor ód’ laige. Agus do chuir sé a lámha uirthi: agus ar an láthair d’éirigh sí díreach, agus thug sí glóir do Dhia. Agus d’fhreagair uachtarán na sionagóige, agus é go díombuidheach d’Íosa toisc leigheas do dhéanamh, lá na sabóide, agus adubhairt sé leis an sluagh, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do dhéanamh: tagaidh ar na laethibh sin go leigheasfar sibh, agus ná bidhidh ag teacht lá na sabóide. Acht d’fhreagair an Tighearna é, agus adubhairt, A bhréigfhíréana, nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus nach gcinnireann sé chum uisce é? Agus an bhean so, inghean Abrachaim, do bhí fá cheangal ag Sátan le h‐ocht mbliadhna déag anuas, nár cheart í do scaoileadh ó’n gceangal sin, lá na sabóide? Agus nuair adubhairt sé na neithe sin, do chuir sé náire ortha‐san do bhí ’n‐a aghaidh: agus do bhí an‐áthas ar an sluagh de bhárr na neithe glórmhar go léir do bhí aige d’á ndéanamh. Agus adubhairt sé, Cad leis gur cosmhail ríoghacht Dé? agus cad leis go samhlóchad í? Is cosmhail í le gráinne síl mustaird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a gharrdha féin; agus d’fhás sé, agus d’éirigh sé ’n‐a chrann; agus do neaduigh éanlaithe na spéire ’n‐a ghéagaib. Agus adubhairt sé arís, Cad leis go samhlóchad ríoghacht Dé? Is cosmhail í le laibhín do ghlac bean chuichi, agus d’fholuigh sí i dtrí peicibh mine nó gur ghlac an t‐iomlán an laibhín. Agus do ghluais sé roimhe tríd na cathrachaibh agus tríd na sráid‐bhailtibh, ag teagasc, agus é ag dul fá dhéin Iarúsalem. Agus adubhairt duine leis, A Thighearna, an amhlaidh nach slánuighthear acht beagán? Agus adubhairt sé leo, Déanaidh dícheall ar dhul isteach an doras cumhang: óir adeirim libh gur ab iomdha duine bhéas ag iarraidh dul isteach, agus ní éireochaidh leo. Chómh luath agus bhéas fear an tighe éirighthe, agus doras an tighe dúnta aige, agus thosnuigheas sibh‐se ar bheith ’n‐bhúr seasamh amuigh, agus ar an doras do bhualadh, g‐á rádh, A Thighearna, foscail dúinn; agus freagróchaidh seisean agus adéarfaidh sé libh, Ní fhuil a fhios again cad as daoibh‐se; annsin tosnóchaidh sibh‐se ar a rádh, D’itheamar agus d’ólamar id’ fhochair, agus do‐rinnis‐se teagasc ’n‐ár sráidibh; agus adéarfaidh seisean, Adeirim libh, Ní fhuil a fhios agam cad as daoibh; imthighidh uaim a lucht an uilc do dhéanamh. Annsin béidh gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐chífidh sibh Abracham, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáidhe go léir i ríoghacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach. Agus tiocfaidh siad ó’n domhan thoir, agus ó’n domhan thiar, andeas agus adtuaidh, agus suidhfidh siad síos i ríoghacht Dé. Agus féach, atá daoine ar deireadh bhéas ar tosach, agus atá daoine ar tosach bhéas ar deireadh. An lá céadna sin tháinig cuid de na Fairisíneachaibh, g‐á rádh leis, Imthigh agus fág an áit seo; óir atá Ioruath ar tí do mharbhtha. Agus adubhairt sé leo, Imthighidh agus abraidh leis an sionnach sin, Féach, atáim ag cur deamhan amach, agus ag déanamh leighiseann indiu agus amárach, agus béidh deireadh liom an treas lá. Acht cheana caithfead bheith ag gluaiseacht rómham indiu, agus amárach agus arbhu amárach: óir ní féidir go bhfaigheadh fáidh bás taobh amuigh de Iarúsalem. A Iarúsalem, a Iarúsalem, mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san a curtar chugat! cad é a mhinicighe dob’ áil liom do chlann do chruinniú le chéile, mar chruinnuigheas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil leat é! Féach, fágthar bhúr dteaghlach i n‐uaigneas agaibh: agus adeirim‐se libh, Ní fheicfidh sibh mise arís go dtí go n‐abróchaidh sibh, Is beannuighthe an té thig i n‐ainm an Tighearna. Agus tharla, nuair do chuaidh sé isteach i dtigh duine d’uachtaránaibh na bhFairisíneach chum biadh do chaitheamh, lá na sabóide, go rabhadar ag faire air. Agus féach, do bhí duine ’n‐a láthair agus an íorpais air. Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis an lucht dlighe agus leis na Fairisíneachaibh, An dleaghthach leigheas do dhéanamh, lá na sabóide? Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost. Agus do rug sé air, agus do leigheas sé é, agus do chuir sé ar a bhealach é. Agus adubhairt sé leo, Cia aca dhíbh‐se, go dtuitfeadh asal nó bó leis isteach i ndíg, lá na sabóide, agus nach dtógfadh aníos é? Agus níorbh fhéidir leo freagra do thabhairt air sin. Agus do labhair sé as samhlaoid leo‐san fuair cuireadh, nuair thug sé fá deara iad ag toghadh na suidheachán do b’fhearr; agus adubhairt sé leo, Nuair do‐gheobhaidh tú cuireadh chum bainise, ná suidh sa suidheachán uachtarach; ar eagla go mbéadh duine is onóraighe ’ná thú fuair cuireadh, agus go dtiocfadh an té thug cuireadh dhuit‐se, agus dó‐san, agus go n‐abróchadh sé leat, Tabhair an áit seo do’n duine so; agus annsin go gcaithfeá dul san áit is ísle, agus náire ort. Acht nuair do‐gheobhaidh tú cuireadh, téigh agus suidh san áit is ísle; ar mhodh, nuair thiocfas an té thug an cuireadh dhuit, go n‐abróchaidh sé leat, A chara, téigh níos sia suas: annsin béidh onóir le fágháil agat i bhfiadhnaise a a mbéidh ’n‐a suidhe chum bidh i n‐éinfheacht leat. Óir an té árduigheas é féin, ísleochar é; agus an té ísligheas é féin, árdóchar é. Agus adubhairt sé leis an té thug an cuireadh dhó, Nuair do‐bhéarfair dínnéar nó séire, ná glaodh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithribh, ná ar do ghaoltaibh, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre; ar eagla go dtabharfaidís‐sean cuireadh dhuit‐se ’n‐a dhiaidh sin, agus go ndíolfaidhe an cómhar leat. Acht nuair do‐bheir tusa fleadh, glaodh ar na bochtaibh, agus ar na mairtíneachaibh, agus ar na bacachaibh, agus ar na dallaibh: agus béidh beannacht ort; de bhrigh nach bhfuil ar chumas dóibh cúiteamh do dhéanamh leat: óir cúiteochar leat i n‐aiséirghe na bhfíréan. Agus nuair do‐chuala duine d’á raibh ’n‐a suidhe chum bidh an méid sin, adubhairt sé leis, Nach aoibhinn do’n té íosfas arán i ríoghacht Dé. Acht adubhairt seisean leis, Thug duine féasta mór; agus thug sé cuireadh do mhórán; agus do chuir sé amach a sheirbhíseach ar uair an fhéasta chum a rádh leo‐san fuair an cuireadh, Bidhidh ag teacht; mar tá gach éinnidh ullamh anois. Agus do thosnuigheadar go léir d’aon ghuth, ar a leithscéal do ghabháil. Adubhairt an chéad duine leis, Atá giota talmhan ceannuighthe agam agus ní mór dom dul agus é d’fheicsin: iarraim ort mo leithscéal do ghabháil. Agus adubhairt duine eile, Do cheannuigheas cúig cuingir damh, agus atáim ag dul g‐á dtriail: iarraim ort mo leithscéal do ghabháil. Agus adubhairt duine eile, Do phósas bean, agus ní féidir liom teacht. Agus tháinig an seirbhíseach, agus d’innis sé na neithe sin d’á thighearna. Annsin tháinig fearg ar fhear an tighe, agus adubhairt sé le n‐a sheirbhíseach, Imthigh amach go mear ins na sráidibh agus i gcúlánaibh na cathrach, agus tabhair leat isteach annso na bochtáin, agus na máirtínigh, agus na daill, agus na bacaigh. Agus adubhairt an seirbhíseach, A thighearna, atá gach nidh déanta de réir mar d’órduighis, agus atá slighe fágtha fós. Agus adubhairt an tighearna leis an seirbhíseach, Imthigh amach fá na bóithribh agus fá na cladhachaibh, agus cuir d’fhiachaibh ortha teacht isteach, chum go líonfar mo theach. Oir adeirim libh, nach mblaisfidh duine dhíobh siúd fuair cuireadh blúire dem’ fhéasta. Agus do bhí sluaighte daoine ag dul i n‐éinfheacht leis: agus do chas sé, agus adubhairt sé leo, Má atá aon duine ag teacht chugam‐sa, agus gan fuath aige d’á athair, agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi, agus d’á chlainn, agus d’á dhearbhráithribh, agus d’á dheirbhsheathrachaibh, agus fós d’á anam féin, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam. Cibé duine nach n‐iomcharann a chros féin, agus nach leanann mise, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam. Óir cia aca dhíbh‐se gur mian leis túr do thógáil, nach suidheann síos ar dtús chum an costas do mheas, d’fhéachain an bhfuil a dhóthain aige le críoch do chur air? Ar eagla, thar a éis dó an bun do chur, agus gan ar chumas dó a chríochnú, go dtosnóchaidh gach duine fhéachas air ar bheith ag magadh faoi, g‐á fádh, Do thosnuigh an duine seo ar thógáil, agus do chlis sé air críochnú. Nó cia h‐é an rí do bhéadh ag dul chum cogaidh le rí eile, nach suidhfidh síos ar dtús ag déanamh machtnaimh d’fhéachain an bhféadann sé le deich míle aghaidh do thabhairt ar an té atá ag teacht d’á ionnsaighe le fiche míle? Muna bhféadann, chómh fhad agus atá an fear eile i bhfadh uaidh go fóill, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síothchána. Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa. Is maith an rud salann: acht má chailleann an salann féin a bhlas, cad leis go ndéanfar deagh‐bhlasta é? Ní fhóghnann sé do’n talamh ná do’n charn aoiligh: caithtear amach é. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. Agus do bhí na poibleacáin agus na peacaigh uile ag teacht chuige ag éisteacht leis. Agus dorinne na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe gearán, g‐á rádh, Fáiltigheann an fear so roimh na peacachaibh, agus itheann sé ’n‐a gcuibhreann. Agus do labhair sé leo an tsamhlaoid seo, g‐á rádh, Cia agaibh‐se ag a bhfuil céad caora, agus go gcaillfeadh sé ceann aca, nach bhfágann na naoi gcinn déag agus ceithre fichid sa bhfásach, agus nach dtéid ar lorg na caorach do cailleadh nó go bhfaghann sé í? Agus nuair do‐gheibh sé í, tógann sé ar a ghuailnibh í, agus luthgháir air. Agus ag teacht abhaile dhó, ghlaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsana, agus adeir sé leo, Déanaidh gáirdeachas liom, óir fuaras mo chaora do cailleadh. Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca. Nó cia h‐í an bhean ag a bhfuil deich mbuinn airgid, má chailleann sí bonn díobh, nach lasann sí lampa, agus nach scuabann sí an teach, agus nach gcuarduigheann sí go dícheallach nó go bhfaighidh sí é? Agus nuair do‐gheibh sí é, glaodhann sí chuichi a cáirde agus a cómharsana, g‐á rádh, Déanaidh gáirdeachas liom, óir fuaras an bonn do chailleas. Mar an gcéadna, adeirim libh, béidh áthas i measc aingeal Dé mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe. Agus adubhairt sé, Do bhí fear ann agus bhí beirt mhac aige: agus adubhairt an mac do b’óige le n‐a athair, A athair, tabhair dhom an chuid ded’ mhaoin atá ag dul dom. Agus do roinn sé a mhaoin eadortha. Agus tamall beag ’n‐a dhiaidh sin do bhailigh an mac do b’óige a chuid le chéile, agus d’imthigh sé ar aistear go tír i gcéin; agus do scaip sé a chuid le ragairne. Agus nuair do bhí gach éinnidh caithte aige tháinig gorta an‐mhór sa tír sin; agus do thosnuigh sé ar bheith i ngábhatar. Agus d’imthigh sé, agus do chuaidh sé ar aimsir le duine de lucht áitreibh na tíre sin; agus do chuir seisean amach é fá’n tír ag buachailleacht muc. Agus ba mhian leis a sháith d’ithe de na féithleogaibh dh’itheadh na muca, agus ní thug aon duine rud dó. Acht nuair do chruinnigh sé a mheabhair, adubhairt sé, Nach iomdha searbhónta atá ag m’athair agus breis agus a ndóthain aráin aca, agus mise annso ag fágháil bháis le h‐ocras! Éireochad agus rachad chum m’athar, agus adéarfad leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit: déan duine ded’ lucht tuarastail díom. Agus d’éirigh sé agus tháinig sé chum a athar. Acht do chonnaic a athair é, agus é fós i bhfad uaidh, agus do ghabh truagh mhór dó é, agus do rith sé, agus do chaith sé é féin ar a bhrághaid, agus do phóg sé é go dil, díocra. Agus adubhairt an mac leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit. Acht adubhairt an t‐athair le n‐a sheirbhíseachaibh, Beiridh amach láithreach an chulaith is fearr, agus cuiridh air í; agus cuiridh fáinne ar a mhéir agus bróga ar a chosaibh: agus beiridh libh an laogh biadhta, agus marbhuighidh é, agus bímís ag ithe, agus ag déanamh suilt: óir do bhí an mac so liom marbh agus atá sé beo arís; do bhí sé ar iarraidh, agus frith é. Agus do thosnuigheadar ar bheith go sultmhar. Agus do bhí a mhac ba shine amuigh ar an bhfearann: agus ag druidim i ngar do’n tigh dhó, d’airigh sé an ceol agus an rinnce. Agus do ghlaodh sé chuige duine de na seirbhíseachaibh, agus d’fhiafruigh sé dhe créad do bhí ar siubhal. Agus adubhairt seisean leis, Tháinig do dhearbhráthair; agus do mharbh t’athair an laogh biadhta, toisc go bhfuair sé slán beo arís é. Acht tháinig fearg air, agus ní rachadh sé isteach: agus tháinig a athair amach agus do chuir sé impidhe air. Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé le n‐a athair, Féach, atáim‐se ag obair dhuit na bliadhanta fada so, agus níor sháruigheas t’órdú riamh: agus ’n‐a dhiaidh sin ní thugais oiread agus meannán dom chum go ndéanfainn súbhachas lem’ cháirdibh: acht an mac so leat, go bhfuil do chuid ídighthe aige le méirdreachaibh, nuair tháinig seisean, do mharbhais dó‐san an laogh biadhta. Agus adubhairt seisean leis, A mhic, atáir‐se im’fhochair i gcómhnaidhe, agus gach a bhfuil agam‐sa is leat‐sa é. Acht ba cheart súbhachas agus gáirdeachas do bhéanamh: óir do bhí do dhearbhráthair annso marbh, agus do théarnuigh sé; do bhí sé ar iarraidh agus frith é. Agus adubhairt sé fós le n‐a dheisceablaibh, Do bhí duine saidhbhir ann, agus do bhí maor aige; agus do‐rinneadh gearán leis ’n‐a thaobh, go raibh sé ag cur a mhaoine amugha. Agus do ghlaodh sé chuige é, agus adubhairt sé leis, Créad é seo do‐chluinim id’ thaobh‐sa? tabhair cunntas do mhaoirseachta; óir ní fhéadfair bheith id’ mhaor agam feasta. Agus adubhairt an maor ’n‐a aigne féin, Créad do‐ghéanad, agus mo mháighistir ag baint na maoirseachta dhíom? Ní fhuil neart agam chum rómhar do dhéanamh; is nár liom bheith ag iarraidh déirce. Atá a fhios agam créad do‐ghéanad, ar mhodh, nuair cuirfear mé as an maoirseacht, go nglacfaid mé ’n‐a dtighthibh. Agus ag glaodhach gach duine chuige go raibh fiacha ag a thighearna ortha, adubhairt sé leis an gcéad duine, Cá mhéid atá ag mo thighearna ort? Agus adubhairt seisean, Céad feircín ola. Agus adubhairt sé leis, Faigh do bhille, agus suidh síos go luath, agus scríobh caogad feircín. Adubhairt sé annsin le duine eile, Agus cá mhéid atá ort‐sa? Agus adubhairt seisean, Céad ceathramhadh cruithneachtan. Adubhairt sé leis, Glac do bhille, agus scríobh ceithre fichid ceathramhadh. Agus do mhol an tighearna an feallaire maoir toisc go ndearna sé é go cliste: óir is glice clann an tsaoghail seo de réir a gcinéil féin ná clann an tsolais. Agus adeirim libh, Déanaidh cáirde dhaoibh féin le saidhbhreas na mí‐chneastachta; i dtreo, nuair bhéas easbaidh oraibh, go nglacfaidís isteach ins na puiblibh síorraidhe sibh. An té bhíos dílis san rud beag, bíonn sé dílis i rud mór: agus an té bhíos mí‐dhílis sa rud beag, bíonn sé mí‐dhílis i mórán, chómh maith. D’á bhrigh sin, muna rabhabhar dílis i saidhbhreas na ceilge, cia chuirfeas fá n‐bhúr gcúram an saidhbhreas fírinneach? Agus muna rabhabhar dílis i gcuid duine eile, cia bhéarfas daoibh an nidh is libh féin? Ní fhéadann aon tsearbhónta seirbhís do dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine aca, agus béidh droch‐mheas aige ar an duine eile. Ní féidir dhaoibh fóghnamh do Dhia agus do Mhamón. Agus do bhí na Fairisínigh, dream do bhí tugtha do’n tsainnt, do bhí siad ag éisteacht leis na neithibh sin uile; agus do‐rinneadar magadh faoi. Agus adubhairt sé leo, Is sibh‐se an dream mhaoidheas as bhúr bhfíréantacht féin i bhfiadhnaise na ndaoine; acht is eol do Dhia bhúr gcroidheacha istigh: óir an nidh atá fá árd‐mheas i measc daoine, is gráin le Dia é. Do bhí an reacht agus na fáidhe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráth sin atá soiscéal ríoghachta Dé d’á chraobhscaoileadh, agus atá gach aoinneach ag teannadh isteach innti. Acht is fusa do rachadh neamh agus talamh ar ceal, ná go dtuitfeadh ponnc dá laighead de’n reacht. Gach aoinneach chuireas uaidh a bhean, agus phósas bean eile, do‐ghní sé adhaltrannas: agus an té phósas an bhean do cuireadh ó n‐a fear, do‐ghní seisean adhaltrannas. Agus do bhí fear saidhbhir ann, ar a mbíodh éadach corcra agus línéadach mín, agus é ag déanamh fleidhe le sáimhe gach lá: agus do bhí bochtán darbh ainm Lasár sínte ’n‐a luighe le h‐ais a dhorais, é lán de chneadhachaibh, agus é ag tnúth le ’n‐a sháith d’fhágháil de’n bhroscar do thuiteadh ó bhórd an duine shaidhbhir; agus do bhíodh na madraí féin ag teacht agus ag ligheadh a chneadh. Agus tharla go bhfuair an bochtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐ucht Abrachaim: agus fuair an duine saidhbhir bás, leis, agus do h‐adhlacadh é. Agus i Hades dó, agus é beo‐phianta, d’árduigh sé a shúile, agus do chonnaic sé Abracham i bhfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a ucht. Agus do liúigh sé agus adubhairt. A athair Abracham, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiridh sé bárr a mhéire i n‐uisce, chum mo theanga d’fhuaradh: óir atáim fá chrádh sa lasair seo. Acht adubhairt Abracham, A mhic, cuimhnigh go bhfuarais‐se deagh‐neithe le linn do shaoghail, fá mar fuair Lasár droch‐neithe: acht anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin. Agus thairis sin agus uile, atá duibheagán mór suidhte eadrainn: i dtreo nach bhféadann siad‐san gur mian leo é dul chugaibh‐se anonn, ná teacht as sin anall chugainne. Agus adubhairt sé, Athchuinghim ort, d’á bhrigh sin, a athair, é do chur go tigh m’athar, óir atá cúigear dearbhráthar agam; go dtiubhradh sé foláireamh dhóibh, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine. Acht adubhairt Abracham, Atá Maois agus na fáidhe aca; éistidís leo‐san. Agus adubhairt seisean, Ní dhéanfaid, a athair Abracham: acht má théidheann duine ó na marbhaibh chuca, do‐ghéanaidh siad aithrighe. Agus adubhairt sé leis, Muna n‐éistid le Maois agus leis na fáidhibh, ní mó ’ná sin do chreidfidís, dá n‐éirigheadh duine ó na marbhaibh. Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ní féidir nach dtiocfadh scannail: acht monuar do’n té sin tré n‐a dtigid! Ba mhaith dhó dá gcrochtaidhe bró muilinn ar a mhuineál, agus dá gcaithtidhe é isteach sa bhfairrge, ’ná go scannlóchadh sé duine de’n mhuinntir bhig seo. Tabhraidh aire dhaoibh fhéin: má ghní do dhearbhrátair peacadh id’ aghaidh, ceartuigh é; agus má ghní sé aithrighe ann, maith dhó é. Agus má ghní sé peacadh seacht h‐uaire sa lá, agus má fhilleann sé chugat seacht h‐uaire, g‐á rádh, Atá aithreachas orm; caithfidh tú a mhaitheamh dhó. Agus adubhairt na h‐abstail leis an Tighearna, Méaduigh ár gcreideamh. Agus adubhairt an Tighearna, Dá mbéadh oiread gráinne síl mustaird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an gcrann siceamóra so, Tarraingtear as do fhréamhachaibh tú, agus curtar sa bhfairrge thú; agus do‐ghéanadh sé de réir mar d’órduighis. Acht cia agaibh‐se go bhfuil seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aodhaireacht caorach, agus adéarfas leis, nuair thiocfas sé isteach ó’n bpáirc, Tar anois agus suidh síos chum bidh; agus nach é adéarfaidh sé leis, Ullmhuigh nidh le n’ite dhom, agus cuir crioslach ort, agus déan friotáileamh orm, go mbéidh ithte agus ólta agam; agus ’n‐a dhiaidh sin íosfair agus ólfair‐se? An dtugann sé buidheachas do’n tseirbhíseach toisc go ndearna sé ar h‐órduigheadh dhó? Mar sin daoibh féin, nuair bhéas gach ar h‐órduigheadh dhaoibh déanta agaibh, abraidh, Seirbhísigh neamh‐fhoghanta sinne; do‐rinneamar an nídh ba dhual dúinn do dhéanamh. Agus tharla, sa tslighe dhóibh ag dul go h‐Iarúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamária agus Ghalilé. Agus ag dul isteach i mbaile beag áirithe dhó, do casadh air deichneabhar do bhí ’n‐a lobharaibh, agus do stadadar i bhfad uaidh: agus d’éigheadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, A Íosa, a Mháighistir, déan trócaire orainn. Agus nuair do chonnaic sé iad, adubhairt sé leo, Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do na sagartaibh. Agus tharla, sa tslighe dhóibh, gur leigheasadh iad. Agus do bhí duine aca, agus nuair thug sé fá deara go raibh sé leigheasta, do chas sé ar ais, agus é ag moladh Dé de ghuth árd; agus do thuit sé ar a aghaidh ag a chosaibh, ag gabháil a bhuidheachais leis: agus Samáritánach ab eadh é. Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, Nár glanadh deichneabhar? acht cá bhfuil an naonbhar? An amhlaidh nach bhfrith ag filleadh le buidheachas do thabhairt do Dhia, acht an coimhightheach so? Agus adubhairt sé leis, Éirigh agus imthigh leat: do shlánuigh do chreideamh thú. Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh dhe, Cá h‐uair thiocfaidh ríoghacht Dé, d’fhreagair sé iad agus adubhairt, Ní h‐i riocht go mbraithfear é thiocfas ríoghacht Dé: agus ní abróchar, Féach annso í! nó, Féach annsúd í! óir, féach, is istigh ionnaibh atá ríoghacht Dé. Agus adubhairt sé leis na deisceablaibh, Tiocfaidh na laethe ’n‐a mbéidh sibh ag tnút le lá amháin de laethibh Mhic an Duine o’fheicsin, agus ní fheicfidh sibh é. Agus adéarfaidh siad libh, Féach annsúd í! agus, Féach annso í! ná h‐imthighidh g‐á leanamhain: óir fá mar lasann an teintreach ó áird amháin de’n spéir go dtí an áird eile, agus í ag splanncadh, mar sin is eadh bhéas Mac an Duine ’n‐a lá féin. Acht caithfidh sé ar dtús mórán d’fhulang, agus diúltadh d’fhágháil ó’n sliocht so. Agus fá mar tharla i n‐aimsir Naoi, mar sin is eadh bhéas i n‐aimsir Mhic an Duine. Do bhíodar ag ite, agus ag ól, agus ag pósadh, agus d’á dtabhairt le pósadh, go dtí an lá ’n‐a ndeachaidh Naoi isteach san áirc, agus tháinig an díle agus do chreach sí iad go léir. Ar an gcuma chéadna mar tharla i n‐aimsir Loth; do bhíodar ag ithe, agus ag ól, agus ag ceannach, agus ag díol, agus ag cur síl, agus ag tógáil tighthe; acht an lá ’n‐ar imthigh Loth amach as Sodom, do thuit cioth teineadh agus ruibhe ó neamh anuas, gur scrios sé iad go léir. Mar sin is eadh bhéas, an lá ’n‐a bhfoillseochar Mac an Duine. An lá sin, an té bhéas ar bhárr an tighe, agus a mhaoin sa tigh, ná téigheadh sé síos chum a tógála leis: agus an té atá ar an machaire, ná casadh sé ar ais. Cuimhnighidh ar mhnaoi Loth. Cibé duine iarrfas a anam do shábháil, caillfidh sé é: agus cibé duine chaillfeas a anam, sábhálfaidh sé é. Adeirim libh, Béidh beirt fhear i n‐aon leabaidh amháin, an oidhche sin; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile. Béidh beirt bhan ag meilt i n‐éinfheacht; tógfar bean aca, agus fágfar an bhean eile. Agus ag freagairt dóibh, adubhradar, Cá h‐ionad, a Thighearna? Agus adubhairt sé leo, An áit ’n‐a mbíonn an conablach, is ann cruinneochar na h‐iolair, leis. Agus do labhair sé leo as samhlaoid, g‐á chur i dtuigsin dóibh go mba cheart dóibh bheith ag guidhe i gcómhnaidhe, agus gan staonadh; g‐á rádh, Do bhí breitheamh i gcathair áirithe, fear nach raibh eagla Dé sir ná beann ar dhaoinibh aige: agus do bhí baintreabhach sa gcathair sin; agus is minic do thigeadh sí chuige, g‐á rádh, Déan ceart dom ar mo námhaid. Agus ní dhéanfadh seisean é ar feadh tamaill: acht ’n‐a dhiaidh sin adubhairt sé leis féin, Gidh nach bhfuil eagla Dé orm, ná beann ar dhaoinibh agam; ar a shon sin féin, de chionn go bhfuil an bhaintreabhach so ag déanamh buaidheartha dhom, déanfaidh mé ceart dí, ar eagla go gcrádhfaidh sí mé sa deireadh agus í ag sír‐theacht chugam. Agus adubhairt an Tighearna, Éistidh le briathraibh breitheamhan na h‐éagcóra. Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche? Adeirim libh go n‐agarfaidh sé go luath. Acht cheana, nuair thiocfas Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar talamh? Agus adubhairt sé an tsamhlaoid seo le dream a bhí muinighineach asta féin gur dhaoine fíréanta iad, agus ag a raibh tarcuisne ar chách eile: Do chuaidh beirt suas do’n teampall chum urnaighe do dhéanamh; Fairisíneach ab eadh duine aca, agus poibleacán ab eadh an duine eile. Do sheas an Fairisíneach agus do‐rinne sé a ghuidhe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Dhia, do‐bheirim a bhuidheachas leat nach mar a chéile mise agus daoine eile, foghlaidhthe, agus lucht éagcóra, agus lucht adhaltrannais, ná fós duine de shaghas an phoibleacáin seo. Do‐ghním troscadh dhá uair sa tseachtmhain, íocaim an deachmhadh ar gach a bhfaghaim. Acht d’fhan an poibleacán ’n‐a sheasamh i bhfad siar, agus ní dhéanfadh sé fiú amháin a shúile d’árdú chum neimhe, acht do bhí sé ag bualadh a uchta, agus g‐á rádh, A Dhia, déan trócaire orm‐sa, peacach. Adeirim libh go ndeachaidh sé seo síos abhaile agus é fíréanuighthe de bhreis ar an duine eile: óir gach duine árdóchas é féin umhlóchar é, acht an té umhluigheas é féin árdóchar é. Agus thug daoine a naoidheana chuige go gcuirfeadh sé a lámha ortha: acht nuair do chonnaic na deisceabail é, do chuireadar cosc leo. Acht do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé, Leigidh do na leanbhaibh teacht chugam, agus ná bidhidh g‐á gcosc: óir is le n‐a leithéidibh sin ríoghacht Dé. Go fírinneach adeirim libh, An té nach nglacfaidh ríoghacht Dé ar nós leinbh bhig ní rachaidh sé isteach innti ar chor ar bhith. Agus do cheistigh taoiseach áirithe é, g‐á rádh, A Mháighistir mhaith, céard atá le déanamh agam chum go mbéidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht agam? Agus adubhairt Íosa leis, Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm‐sa? Ní maith aoinneach acht Dia amháin. Is eol duit na h‐aitheanta, Ná déan adhaltrannas, Ná déan dún‐mharbhadh, Ná déan goid, Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair. Agus adubhairt seisean, Do chóimhlíonas na neithe sin uile óm’ óige. Agus nuair do‐chuala Íosa é sin, adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort fós: díol a bhfuil agat, agus tabhair do na bochtaibh é, agus béidh ionnmhas ar neamh agat: agus tar, lean mise. Acht ar n‐a chlos sin dó‐san, d’éirigh sé brónach go mór; óir do bhí sé an‐tsaidhbhir. Agus nuair do chonnaic Íosa é, adubhairt sé, Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i ríoghacht Dé! Oir is fusa do chamall dul tré chró snátaide, ’ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht Dé. Agus adubhairt siad‐san do bhí ag éisteacht leis, Má’s eadh, cia h‐é an duine gur féidir a shaoradh? Acht adubhairt seisean, Neithe nach féidir le daoinibh is féidir le Dia iad. Agus adubhairt Peadar, Féach, d’fhágamair‐ne ár mbailte féin, agus do leanamar thusa. Agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Ní fhuil aon duine d’fhág teach, nó bean, nó dearbhráithre, nó athair, nó máthair, nó clann, ar son ríoghachta Dé, nach bhfaghaidh i bhfad níos mó san aois seo, agus sa tsaoghal atá le teacht an bheatha shíorraidhe. Agus do tharraing sé chuige an dáréag, agus adubhairt sé leo, Féach, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem, agus cóimhlíonfar gach uile nidh d’á bhfuil scríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine. Oir do‐bhéarfar é do na Págánachaibh, agus déanfar fonomhaid faoi, agus do‐bhéarfar droch‐íde air, agus caithfear seile air; agus sciúrsálfaid é, agus marbhóchaid é: agus éireochaidh sé arís an treas lá. Agus níor thuigeadar‐san rud ar bith de’n méid sin; agus do ceileadh brigh na cainnte ortha, agus níor léir dhóibh an méid adubhradh. Agus tharla, ag druidim le Ierichó dhó, go raibh dall ’n‐a shuidhe ar leath‐taoibh an bhealaigh ag iarraidh déirce: agus nuair d’airigh sé an sluagh ag gabháil thairis, d’fhiafruigh sé créad ba bhun leis. Agus d’inniseadar dó gurbh é Íosa Nasardha do bhí ag gabháil thairis. Agus do liúigh sé, g‐á rádh, A Íosa, a Mhic Dháibhi, déan trócaire orm. Agus do bhagair siad‐san do bhí ar tosach air bheith ’n‐a thost: acht ba mhóide do ghlaodh sé, A mhic Dháibhi, déan trócaire orm. Agus do stad Íosa, agus d’órduigh sé a thabhairt chuige: agus nuair tháinig sé i ngar dó, d’fhiafruigh sé dhe, Créad ba mhian leat mise do dhéanamh dhuit? Agus adubhairt seisean, A Thighearna, mo radharc thabhairt dom. Agus adubhairt Íosa leis, Bíodh do radharc agat: do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia. Agus do chuaidh sé isteach i nIerichó, agus do bhí sé ag dul tríd an gcathair. Agus féach, do bhí fear ann darbh ainm Sacchéus; agus do bhí sé ’n‐a cheann‐phoibleacán, agus do bhí sé saidhbhir. Agus do bhí fonn air a fheicsin cad é an sórt duine Íosa; agus níor fhéad sé mar gheall ar an sluagh, mar fear beag íseal do b’eadh é. Agus do rith sé roimhe, agus do‐chuaidh sé suas i gcrann siceamóra chum go bhfeicfeadh sé é: óir do bhí sé chum an tslighe sin do ghabháil. Agus nuair tháinig Íosa chum na h‐áite, do dhearc sé suas, agus adubhairt sé leis, A Shacchéuis, brostuigh agus tar anuas: óir caithfead‐sa cur fúm id’ thigh‐se indiu. Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do chuir sé fáilte roimhe go h‐áthasach. Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach. Agus d’éirigh Sacchéus ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leis an Tighearna, Féach, A Thighearna, do‐bheirim a leath dem’ mhaoin do na bochtaibh; agus má bhaineas éinnidh san éagcóir d’aon duine, do‐bheirim a cheithre oiread ar ais dó. Agus adubhairt Íosa leis, Atá slánú tagtha chum an tighe seo indiu, óir is mac le Abracham é seo, leis. Óir tháinig Mac an Duine chum a raibh caillte do chuardach agus do shlánú. Le linn éisteacha dhóibh leis an mhéid sin, do lean sé air, agus do labhair sé samhlaoid, óir do bhí sé i ngar d’Iarúsalem, agus do mheasadar‐san go raibh ríoghacht Dé le taidhbhsiú ar ball. Adubhairt sé d’á bhrigh sin, D’imthigh duine uasal áirithe go tír i gcéin, chum ríoghacht do ghabháil dó féin, agus filleadh ar ais. Agus do ghlaodh sé chuige deichneabhar seirbhíseach leis, agus thug sé dhóibh deich bpúint, agus adubhairt sé leo, Bidhidh ag déanamh ceannaidheachta nó go dtagad. Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn. Agus tharla, nuair tháinig sé ar ais, agus sealbh aige ar an ríoghacht, gur órduigh sé na seirbhísigh d’á dtug sé an t‐airgead, do ghlaodhach chuige, chum go mbéadh a fhios aige cá mhéid do ghnóthuigheadar de bhárr na ceannaidheachta. Agus tháinig an chéad duine, agus adubhairt sé, A thighearna, do‐rinne do phúnt deich bpúint eile. Agus adubhairt seisean leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith: ó do bhís dílis sa mbeagán, bíodh cumhacht agat ar dheich gcathrachaibh. Agus tháinig an dara duine, agus adubhairt sé, A thighearna, do‐rinne do phúnt cúig púint. Agus adubhairt sé leisean, chómh maith, Agus tusa, bí‐se os cionn cúig gcathrach. Agus tháinig an duine eile, agus adubhairt sé, A thighearna, féach, seo chugat do phúnt, do bhí fillte i naipcín agam: óir do bhí eagla orm, mar is duine dúr thú: tógann tú an nidh nár chuiris síos, agus baineann tú an nídh nár chuiris. Adubhairt sé leis, As do bhéal féin béarfad breith ort, a dhroch‐sheirbhísigh. Do bhí a fhios agat gur duine dúr mé, go dtógaim an nidh nár leigeas síos, agus go mbainim an nidh nár chuireas; cad chuige, mar sin, nár chuiris mo chuid airgid sa mbannc, i dtreo, nuair thiocfainn, go bhfaighinn ar ais é agus brabach leis? Agus adubhairt sé leo‐san do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a láthair, Tógaidh uaidh an púnt, agus tabhraidh do’n té ag a bhfuil na deich bpúint. Agus adubhradar‐san leis, A thighearna, atá deich bpúint aige. Adeirim libh, go dtabharfar do’n té ag a bhfuil éinnidh; acht an té nach bhfuil éinnídh aige, bainfear de a bhfuil aige. Acht na náimhde seo agam, nárbh áil leo mise bheith im’ righ ortha, tabhraidh annso iad, agus cuiridh chum báis os mo chómhair iad. Agus nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do ghluais sé ar aghaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem. Agus tharla, ag tarraing i ngar do Bhétfagé agus do Bhétánia dhó, láimh leis an gcnoc ar a dtugtar cnoc na nOla‐chrann, gur chuir sé beirt d’á dheisceablaibh uaidh, g‐á rádh, Téighidh isteach sa mbaile beag atá os bhúr gcómhair; ag dul isteach daoibh ann do‐gheobhaidh sibh searrach ceangailte nar shuidh aon duine riamh fós air: scaoilidh é agus tabhraidh libh é. Agus má fhiafruigheann aoinneach dhíbh, Cad chuige a bhfuil sibh g‐á scaoileadh? abraidh leis mar seo, Teastuigheann sé ó’n Tighearna. Agus d’imthigh siad‐san do cuireadh, agus fuaradas de réir mar dubhairt sé leo. Agus nuair do bhíodar ag scaoileadh an tsearraigh, adubhairt na daoine gur leo é, Cad chuige dhaoibh bheith ag scaoileath an tsearraigh? Agus adubhradar‐san, Teastuigheann sé ó’n Tighearna. Agus thugadar chum Íosa é: agus do chuireadar a mbrait ar an searrach, agus do chuireadar Íosa ar a mhuin. Agus ag gluaiseacht dó, do leathadar a mbrait ar an tslighe. Agus nuair do bhí sé ag druidim le fána cnuic na nOla‐chrann, do thosnuigh na deisceabail go léir ar gháirdeachas do dhéanamh agus ar Dhia do mholadh de ghuth árd ar son na ngníomh n‐éachtach do chonnacadar; g‐á rádh, Is beannuighthe an Rí atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna: síothcháin ar neamh, agus glóir ins na flaitheasaibh is aoirde. Agus do bhí roinnt de na Fairisíneachaibh adubhairt leis as lár an tsluaigh, A Mháighistir, bagair ar do dheisceablaibh. Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, Adeirim libh, má éisteann siad‐san a mbéal, go nglaodhfaidh na clocha féin amach. Agus nuair tháinig sé i gcómhgar, do chonnaic sé an chathair agus do chaoin sé í, g‐á rádh, Dá mbéadh a fhios agat san lá so atá ann, gach a mbaineann led’ shíothcháin! acht anois atáid ceilte ó do shúilibh ort. Óir tiocfaidh na laethe ort, ’n‐a dtógfaidh do náimhde móta id’ thimcheall, agus ’n‐a n‐iomshuidhfid thú, agus ’n‐a gcúmhanglóchaid ort ar gach taoibh, agus buailfid thú chum na talmhan, agus do chlann atá istigh ionnat: agus ní fhágfaid cloch ar muin cloiche ionnat: toisc nár aithnighis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia chugat. Agus do chuaidh sé isteach sa teampall, agus do thosnuigh sé ar na daoinibh do bhí ag ceannaidheacht do chaitheamh amach, g‐á rádh leo, Atá scríobhtha, Teach chum urnuighthe is eadh mo theach‐sa: acht atá pluais bitheamhnach déanta agaibh‐se dhe. Agus do bhí sé ag teagasc gach lá sa teampall. Acht do bhí uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus cinnirí an phobail ag iarraidh faille le n‐a mhilleadh: agus do chinn ortha cuimhniú ar cad do‐ghéanaidís; óir do bhí na daoine go léir ag greamú dhó, ag éisteacht leis. Agus tharla, lá amháin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, go dtáinig chuige uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe i n‐éinfheacht leis na seanóiribh; agus do labhradar leis, g‐á rádh; Innis dúinn, Cia an t‐ughdarás atá agat chum na neithe seo do dhéanamh? nó cia h‐é thug an t‐ughdarás sin duit? Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist amháin oraibh‐se; agus tabhraidh freaghra orm: Baisteadh Eoin, arbh ó neamh é nó ó dhaoinibh? Agus do‐rinneadar conspóid le n‐a chéile, g‐á rádh, Má déarfaimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean, Cad chuige nár chreideabhar é? Acht má déarfaimíd, Ó dhaoinibh; gabhfaidh na daoine go léir de chlochaibh orainn: óir is dearbh leo gurbh fháidh Eoin. Agus d’fhreagradar, nach raibh a fhios aca cá arbh as é. Agus adubhairt Íosa leo, Ní mó inneosad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh. Agus do thosnuigh sé ar an tsamhlaoid seo do labhairt leis na daoinibh: Do chuir duine fíonghort, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile go ceann i bhfad. Agus sa tséasúr do chuir sé searbhónta chum na scológ, go dtiubhraidís cuid de thoradh an fhíonghuirt dó: acht do ghabhadar air, agus do chuireadar uatha folamh é. Agus do chuir sé searbhónta eile: agus do ghabhadar air‐sean, agus thugadar droch‐íde air, agus do chuireadar uatha folamh é. Agus do chuir sé an treas duine: agus do leonadar eisean, leis, agus do chaitheadar amach é. Agus adubhairt tighearna an fhíonghuirt, Créad do‐ghéanad? Cuirfead mo mac ionmhain: b’fhéidir go dtiubhraid urraim dó‐san. Acht nuair do chonnaic na scológa é, do‐rinneadar conspóid eadortha féin, agus adubhradar, Is é seo an t‐oighre: marbhaimís é, chum go mbéidh an oighreacht againne. Agus do chaitheadar as an bhfíonghort amach é, agus do mharbhadar é. Créad do‐ghéanaidh tighearna an fhíonghuirt leo annsin? Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na scológa sin, agus do‐bhéarfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair do chualadar‐san é, adubhradar, Nár leigidh Dia sin. Acht do dhearc seisean ortha agus adubhairt sé, Má’s eadh, cad é seo atá scríobhta, An chloch dár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí? Gach aoinneach thuiteas ar an gcloich sin brisfear é ’n‐a bhroscar; acht an té ar a dtuitfidh sí, meilfidh sí ’n‐a mhion‐luaith é. Agus do bhí na scríobhaidhthe agus uachtaráin na sagart ag iarraidh greim láimhe d’fhágháil air an t‐am sin féin; agus do bhí eagla an phobail ortha: óir ba léir dhóibh gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin. Agus d’fhaireadar air, agus do chuireadar uatha spíodóirí, do leig ortha féin gur dhaoine fíréanta iad, go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt, chum go dtiubhraidís suas do chumhacht agus d’ughdarás an cheann‐phuirt é. Agus do chuireadar ceist air, g‐á rádh, A Mháighistir, atá a fhios againn go labhrann agus go múineann tú mar is ceart, agus nach bhfuil beann agat ar phearsain, acht go múineann tú slighe Dé de réir na fírinne: an dleaghthach dhúinn cíos d’íoc le Céasar, nó gan a íoc? Acht d’aithin sé a gcealg, agus adubhairt sé leo, Taisbeánaidh pinginn dom. Cia leis an iomháigh agus an inscríbhinn atá uirthi? Agus adubhradar, Le Céasar. Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar, agus do Dhia na neithe is le Dia. Agus níor fhéadadar aon mhí‐chiall do bhaint as an gcainnt i láthair na ndaoine; agus do chuir an freagra iongnadh mór ortha, agus d’fhanadar ’n‐a dtost. Agus tháinig chuige roinnt de na Saddúicíneachaibh, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann; agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus bean phósta aige, agus gan clann aige, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair. Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ann: agus do ghlac an chéad duine aca bean chuige, agus fuair sé bás gan sliocht; agus do ghlac an dara agus an treas duine í; agus mar sin do’n mhóirsheisear uile; fuaradar bás gan sliocht d’fhágáil. I n‐a dhiaidh sin fuair an bhean féin bás. Ins an aiséirghe, má’s eadh, cia aca dhíobh gur leis an bhean? óir do bhí sí ’n‐a mnaoi ag an móir‐sheisear uile. Agus adubhairt Íosa leo, Pósann clann an tsaoghail seo, agus do‐bheirtear le pósadh iad: acht na daoine go meastar gur fiú iad an saoghal úd, agus an aiséirghe ó na marbhaibh d’fhágháil, ní phósaidsean agus ní tugtar le pósadh iad: óir ní féidir dhóibh bás d’fhágháil athuair: óir atáid ar nós na n‐aingeal; agus atáid ’n‐a gclainn ag Dia, óir is clann na h‐aiséirghe iad. Acht i dtaobh na marbh, go n‐aiséirigheann siad, thug Maois féin le tuigsin dúinn, ag cur síos dó ar an Sceich, mar a nglaodhann sé ar an Tighearna Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib. Ní h‐é Dia na marbh é, acht Dia na mbeo: óir is beo dhó‐san iad uile. Agus d’fhreagair cuid de na scríobhaidhthibh, agus adubhradar, Is maith adubhrais é, a Mháighistir. Agus níor lámhadar ceist do chur air as sin amach. Agus adubhairt sé leo, Cionnas adeir siad gur mac do Dháibhi an Críost? Óir adeir Dáibhi féin i leabhar na Salm, Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh ar mo Láimh dheis, Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fá bhonn do chos. Mar sin de goireann Dáibhi Tighearna dhe, agus cionnas atá sé ’n‐a mhac aige? Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, agus na daoine go léir ag éisteacht, Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus gur mór aca go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áiteannaibh na margadh, agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus na h‐ionada is fearr d’fhágháil ag fleadhannaibh; iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; is iad gheobhas an daoir‐bhreith is truime. Agus ag féachain dó, do chonnaic sé na daoine saidhbhre agus iad ag cur a dtabhastas isteach sa gciste. Agus do chonnaic sé baintreabhach bhocht ag cur dhá chianóg isteach ann. Agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Is mó do chuir an bhaintreabhach bhocht so isteach ’ná iad‐san uile: óir is d’á n‐acfuinn do chuireadar‐san uile rud isteach i gcionn na dtabhartas: acht is d’á ganntanas do chuir sise isteach a raibh san tsaoghal aici. Agus nuair do bhí cuid aca ag labhairt fá’n teampall, cionnas mar bhí sé maisighthe le clochaibh áilne agus le tíodhlaicthibh, adubhairt sé, Iad so do‐chí sibh, féach, atá an t‐am ag teacht, agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh nach leagfar. Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A Mháighistir, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe sin ag teacht chum críche? Agus adubhairt sé, Tabhraidh aire nach meallfar sibh: óir tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidthe linn: ná leanaidh iadh‐san. Agus nuair do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ar chaismeartaibh, ná bíodh eagla oraibh: óir caithfidh na neithe sin teacht ar dtús; acht ní thig an deireadh de láthair. Annsin adubhairt sé leo, Éireochaidh cineadh i n‐aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n‐aghaidh ríoghachta: agus béidh creatha móra talmhan, agus gortaí agus pláigheanna ’n‐a lán áiteann; agus béidh neithe uathbhásacha ann, agus cómharthaí móra ó’n spéir. Acht roimh theacht do na neithibh sin uile, do‐gheobaid greim láimhe oraibh, agus crádhfaid sibh, ’g‐bhúr mbreith i láthair na sionagóg, agus chum na bpríosún, ’g‐bhúr dtarraing i láthair ríogh agus i láthair uachtarán ar son m’anma‐sa. Béidh sin ’n‐a fhiadhnaise dhaoibh. Socruighidh, d’á bhrigh sin, ’n‐bhúr gcroidheachaibh, gan bheith ag machtnamh roimh ré ar cionnas fhreagróchaidh sibh: óir do‐bhéarfad‐sa briathra béil agus eagna dhaoibh nach bhféadfaidh bhúr náimhde go léir a séanadh ná cur ’n‐a gcoinnibh. Acht braithfidh bhúr n‐aithreacha agus bhúr máithreacha féin, agus bhúr ndearbhráithreacha, agus bhúr ngaolta, agus bhúr gcáirde sibh; agus cuirfidh siad cuid agaibh chum báis. Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son m’anma. Agus ní rachaidh ribe de ghruaig bhúr gcinn amugha. Le neart foighde slánóchaidh sibh bhúr n‐anmanna. Acht nuair do‐chífidh sibh Iarúsalem agus na sluaighte suidhte i bhfoslongphort ar gach taobh ’n‐a timcheall, bíodh a fhios agaibh an uair sin go bhfuil a bascadh i bhfogas. Annsin na daoine atá i nIúdaea, teichidís chum na gcnoc; agus na daoine atá ’n‐a lár, imthighdís amach; agus na daoine atá amuigh sa tír ná téighidís isteach innti. Óir is laetheanta díoghaltais na laetheanta sin, chum go gcóimhlíonfar gach a bhfuil scríobhtha. Is mairg dóibh‐sean atá torrach, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch, an t‐am sin! óir béidh cruadhtan an‐mhór ar an dúthaigh, agus béidh fearg chum na ndaoine seo. Agus tuitfidh siad le faobhar claidhimh, agus béarfar i mbraighdeanas iad ar fud na gcineadhach go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá chosaibh na bPágánach, go dtí go gcóimhlíonfar ré na bPágánach. Agus béidh cómharthaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaibh; agus béidh anró ar talamh i measc na gcineadhach, agus mearbhall ortha ó fhothram na fairrge agus na dtonn; daoine ag dul i laige le h‐eagla, agus le h‐imnidhe mar gheall ar a bhfuil i ndán do’n tsaoghal: óir corróchar cumhachta neimhe. Agus annsin do‐chífid Mac an Duine ag teacht i scamall le cumhacht agus le glóir mhóir. Agus nuair tosnóchar ar na neithibh sin, féachaidh i n‐áirde, agus tógaidh bhúr gcinn; óir atá bhúr bhfuascailt ag tarraing i ngar daoibh. Agus do labhair sé samhlaoid leo: Féachaidh an crann fige, agus na crainn go léir: nuair chuireann siad amach a nduilleabhar, do‐chí sibh é agus is eol daoibh go bhfuil an samhradh i bhfogas. Mar sin daoibh‐se, nuair do‐chí sibh na neithe sin ag teacht chum críche, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé i bhfogas. Adeirim libh go fírinneach, Ní rachaidh an díne seo ar ceal, nó go gcóimhlíontar na neithe sin go léir. Rachaidh neamh agus talamh ar ceal: acht ní rachaidh mo bhriathra‐sa ar ceal. Acht tabhraidh aire dhaoibh féin, ar eagla go mbéidh dúire croidhe oraibh le craos, agus le meisce, agus le cúramaibh an tsaoghail seo, agus go otiocfaidh an lá sin go h‐obann oraibh ar nós gaiste: óir is ar an gcuma sin thiocfas sé ar na daoinibh go léir chómhnuigheas ar uachtar an domhain. Acht bidhidh ag faire i gcómhnaidhe, agus ag guidhe, go mbéidh sé de neart agaibh éalódh ó na neithibh sin uile atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine. Agus do bhíodh sé ag teagasc gach lá sa teampall; agus d’imthigheadh sé amach gach oidhche agus d’fhanadh sé ar an gcnoc d’á ngoirthear cnoc na nOla‐chrann. Agus do thigeadh na daoine uile go moch ar maidin chuige sa teampall, chum éisteachta leis. Agus do bhí féile an aráin gan laibhín, d’á ngoirthear an Cháisc, ag teacht i n‐aithghiorracht. Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag iarraidh cionnas chuirfidís chum báis é; óir do bhí eagla na ndaoine ortha. Agus do chuaidh Sátan isteach i nIúdás Iscariót, duine de’n dáréag. Agus d’imthigh sé, agus do ghlac sé cómhairle le h‐uachtaránaibh na sagart agus leis na ceann‐phortaibh, cionnas bhéarfadh sé ar láimh dóibh é. Agus do bhí áthas ortha, agus do‐rinneadar margadh leis go dtiubhraidís airgead dó. Agus do réidhtigh sé leo, agus do bhí sé ag iarraidh faille ar a thabhairt suas dóibh nuair nach mbéadh na daoine ann. Agus tháinig lá an aráin gan laibhín, nuair ba cheart uan na Cásca do mharbhadh. Agus do chuir sé uaidh Peadar agus Eoin, g‐á rádh, Téighidh agus ullmhuighidh an Cháisc dúinn, go n‐ithimíd é. Agus adubhradar leis, Cia an áit i n‐ar toil leat go n‐ullmhóchaimís é? Agus adubhairt sé leo, Féach, ar dhul isteach sa gcathair dhaoibh, casfar oraibh fear agus soitheach uisce ar iomchar aige; leanaidh eisean isteach sa tigh i n‐a bhfuil sé ag dul. Agus adéarfaidh sibh le fear an tighe, Adeir an Máighistir leat, Cá bhfuil an seomra aoigheachta, i n‐a n‐íosfad an Cháisc i gcuibhreann mo dheisceabal? Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seomra mór uachtarach agus é i gcóir; ullmhuighidh annsin. Agus do chuadar, agus fuaradar mar adubhairt sé leo: agus d’ullmhuigheadar an cháisc. Agus nuair tháinig an t‐am, do shuidh sé síos, agus na h‐abstail ’n‐a fhochair. Agus adubhairt sé leo, Ba mhór an fonn do bhí orm an cháisc seo d’ithe i n‐bhúr bhfochair sara bhfulaingeochad: óir adeirim libh, Ní íosfad é, nó go gcóimhlíontar é i ríoghacht Dé. Agus do thóg sé cupán, agus thug sé buidheachas, agus adubhairt sé, Glacaidh, agus roinnidh é seo eadraibh: óir adeirim libh, Ní ólfad feasta de thoradh na fíneamhna, nó go dtigidh ríoghacht Dé. Agus do thóg sé arán, agus nuair thug sé buidheachas, do bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, g‐á rádh, Is é seo mo chorp do‐bheirthear ar bhúr son‐sa: déanaidh so mar chuimhneamh orm‐sa. Agus an cupán, mar an gcéadna, tar éis suipéir, g‐á rádh, Is é an cupán so an tiomna nua im’ fhuil‐se doirtear amach ar bhúr son‐sa. Acht féach, atá lámh an té atá ’gam’ bhraith ar an mbórd im’ fhochair. Óir atá Mac an Duine ag imtheacht go cinnte, fá mar atá órduighthe: acht is mairg do’n duine sin tré n‐a mbraithtear é! Agus do thosnuigheadar ar a fhiafraighe eatortha féin cia aca dhíobh do bhéadh ar tí an nidh sin do bhéanamh. Agus d’éirigh diospóireacht eadortha, cia aca dhíobh do measfaidhe ba mhó. Agus adubhairt sé leo, Gabhann righthe na gCineadhach forlámhas ortha; agus goirthear daoine flaitheamhla dhíobh‐san go bhfuil cumhacht aca ortha. Acht ní mar sin daoibh‐se: acht an té is mó eadraibh, bíodh sé mar an té is óige; agus an té is áirde oraibh mar an té do‐ghní friotháileamh. Óir cia aca is mó, an té atá ’n‐a shuidhe chum bidh, nó an té do‐ghní friotháileamh? Nach é an té atá ’n‐a shuidhe? acht atáim‐se i n‐bhúr measc mar dhuine do‐ghní friotháileamh. Acht is sibh‐se d’fhan im’ fhochair im’ chathuighthibh; agus cuirim ríoghacht i n‐áirithe dhaoibh, fá mar chuir m’Athair i n‐áirithe dhamh‐sa, chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel. A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan cead sibh‐se do chriathairt mar chruithneacht: acht do‐rinneas‐sa guidhe ar do shon‐sa, chum nach gcaillfeadh ar do chreideamh: agus nuair iompóchair neartuigh do bhráithre. Agus adubhairt seisean leis, A Thighearna, atáim ullamh ar dhul leat‐sa chum príosúin agus chum báis. Agus adubhairt seisean, Adeirim leat, a Pheadair, nach nglaodhfaidh an coileach indiu, go séanfair trí h‐uaire aon aithne do bheith agat orm. Agus adubhairt sé leo, Nuair do chuireas uaim sibh gan sparán, gan mála, gan bróga, an raibh éinnidh i n‐easnamh oraibh? Agus adubhradar, Ní raibh. Agus adubhairt sé leo, Acht anois, an té ag a bhfuil sparán beireadh sé leis é, agus mála, leis: agus an té nach bhfuil claidheamh aige, díoladh sé a bhrat, agus ceannuigheadh sé ceann. Óir adeirim libh, go gcaithfear an nidh seo atá scríobhtha do cóimhlíonadh ionnam‐sa, Agus do h‐áirmheadh é le cuirptheachaibh: óir an méid bhaineas liom atá sé d’á chóimhlíonadh. Agus adubhradar, A Thighearna, féach, atá dhá chlaidheamh annso. Agus adubhairt sé leo, Is leor sin. Agus tháinig sé amach, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, go cnoc na nOla‐chrann; agus do lean na deisceabail ’n‐a dhiaidh. Agus nuair tháinig sé chum na h‐áite, adubhairt sé leo, Déanaidh urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathuighthibh. Agus d’imthigh sé uatha timcheall faid urchair cloiche; agus do‐chuaidh sé ar a ghlúinibh agus do‐rinne sé guidhe, g‐á rádh, A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: acht cheana, nárab é mo thoil‐se acht do thoil‐se do‐ghéantar. Agus do taidhbhrigheadh dhó aingeal ó neamh, ag neartú leis. Agus ar mbeith dhó i bpian‐bhroid chráidhte, ba dhéine do ghuidh sé: agus d’éirigh a chuid allais mar bhéadh braoin fola ag tuitim chum talmhan. Agus nuair d’éirigh sé ó’n nguidhe, tháinig sé chum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad le brón, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ’n‐bhúr gcodladh? éirighidh agus déanaidh urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathuighthibh. Le linn cainnte dhó, féach, sluagh, agus an té ar a dtugadh Iúdás, duine de’n dáréag, do chuaidh seisean rómpa; agus do dhruid sé i n‐aice le h‐Íosa chum póg do thabhairt dó. Acht adubhairt Íosa leis, A Iúdáis, an le póig atá tú ag braith Mhic an Duine? Agus nuair do chonnaic siad‐san do bhí ’n‐a chuideachtain créad do bhí ag teacht, adubhradar, A Thighearna, An mbuailfimíd leis an gclaidheamh? Agus do bhuail duine aca giolla an árd‐shagairt, agus do bhain sé an leath‐cluas dheas de. Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé, Leigidh liom an méid seo. Agus do chuir sé a lámh ar an gcluais, agus do leigheas sé í. Agus adubhairt Íosa leo‐san tháinig chuige, uachraráin na sagart, agus maoir an teampaill, agus na seanóirí, An chum bitheamhnach d’ionnsaighe, tháinig sibh amach, le claimhtibh agus le bataibh? Nuair do bhíos gach aon lá ’n‐bhúr measc sa teampall, níor shíneabhar lámh im’ choinnibh: acht is libh‐se an uain seo, agus cumhacht an dorchadais. Agus do ghabhadar é, agus rugadar leo é, agus thugadar isteach i dtigh an árd‐shagairt é. Agus do lean Peadar ’n‐a ndiaidh i bhfad siar. Agus nuair do lasadar teine i lár na cúirte, agus do bhíodar ’n‐a suidhe i n‐éinfheacht le chéile, do shuidh Peadar ’n‐a measc. Agus do bhí cailín áirithe, do chonnaic é agus é ’n‐a shuidhe sa tsolas, agus ag féachain go grinn air dhí, adubhairt sí, Do bhí an fear so, leis, ’n‐a fhochair siúd. Acht do shéan seisean é, g‐á rádh, A bhean, ní fhuil aon aithne agam air. Agus tar éis tamaill bhig do chonnaic duine eile é, agus adubhairt, Is díobh súd thusa, leis. Acht adubhairt Peadar, A dhuine, ní díobh mise. Agus fá thuairim uaire an chluig ’n‐a dhiaidh sin, adubhairt duine eile go cruinn, Go cinnte do bhí sé seo, leis, ’n‐a fhochair siúd, óir is Galiléach é. Acht adubhairt Peadar, A dhuine, ní fhuil a fhios agam créad atá agat d’á rádh. Agus ar an láthair, le linn cainnte dhó, do ghlaodh an coileach. Agus d’iompuigh an Tighearna, agus do dhearc sé ar Pheadar. Agus do chuimhnigh Peadar ar fhocal an Tighearna, go ndubhairt sé, Sara nglaodhfaidh an coileach indiu, séanfair‐se mé trí h‐uaire. Agus d’imthigh sé amach agus do ghoil sé go dubhach. Agus na fir go raibh Íosa fá ghreim aca, do bhíodar ag déanamh magaidh faoi, agus g‐á bhualadh. Agus do chuireadar púicín air, agus do cheistigheadar é, g‐á rádh, Déan fáidheadóireacht: cia h‐é do bhuail thú? Agus adubhradar a lán neithe eile leis, ag tabhairt masla dhó. Agus nuair tháinig an lá, do chruinnigh seanóirí an phobail le chéile, idir uachtaránaibh na sagart agus na scríobhaidhthibh; agus thugadar eisean isteach ’n‐a n‐árd‐chómhairle, g‐á rádh, Má’s tusa an Críost, innis dúinn é. Acht adubhairt seisean leo, Má innisim daoibh é, ní chreidfidh sibh mé: agus má chuirim ceist oraibh, ní thiubhraidh sibh freagra. Acht ó’n tráth so amach béidh Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar dheis cumhachta Dé. Agus adubhradar go léir, An tusa Mac Dé, d’á bhrigh sin? Agus adubhairt seisean leo, Adeir sibh é, gur mé. Agus adubhradar‐san, Créad é an gábhadh atá againn le tuilleadh fiadhnaise? óir do‐chualamar féin é, as a bhéal féin. Agus d’éirigh a raibh sa gcruinniú, agus rugadar chum Píoláid é. Agus do thosnuigheadar ar neithibh do chur ’n‐a leith, g‐á rádh, Fuaramar an fear so ag déanamh toirmisc i measc ár gcinidh, agus ag cosc cánach do thabhairt do Chéasar, agus é g‐á rádh gur ab é féin Críost rí. Agus d’fhiafruigh Píoláid de, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus d’fhreagair sé agus adubhairt, Adeirir é. Agus adubhairt Píoláid le h‐uachtaránaibh na sagart, Ní fhaighim aon locht sa duine seo. Acht ba dhéine d’áitigheadar air, g‐á rádh, Atá sé ag buaidhreadh na ndaoine, ag tosnú dhó ó’n nGalilé go dtí an áit seo. Acht nuair do‐chuala Píoláid sin, d’fhiafruigh sé ar Ghaliléach an fear. Agus nuair do thuig sé gur le líomatáiste Ioruaith do bhain sé, do chuir sé chum Ioruaith é, mar bhí sé féin i nIarúsalem le n‐a linn sin. Agus nuair do chonnaic Ioruath Íosa, do bhí an‐áthas air: óir do b’fhada do bhí sé ag súil le n‐a fheicsin, de bhrigh go gcuala sé trácht air; agus do bhí súil aige go bhfeicfeadh sé míorbhail éigin d’á déanamh aige. Agus do chuir sé a lán ceisteann air; acht ní thug seisean freagra ar bith air. Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’n‐a seasamh, agus iad g‐á chionntú go dian. Agus do‐rinne Ioruath agus a chuid saighdiúir fonomhaid faoi, agus thugadar tarcuisne dhó, agus do chuireadar éadach geal air, agus do chuireadar ar ais chum Píoláid é. Agus do‐rinneadh caradas an lá sin idir Ioruath agus Píoláid: óir do bhíodar ’n‐a náimhdibh d’á chéile roimhe sin. Agus do chruinnigh Píoláid uachtaráin na sagart, agus na ceann‐phuirt, agus na daoine le chéile, agus adubhairt sé leo, Thugabhar chugam an fear so mar dhuine atá ag buaidhreadh na ndaoine agus féach, tar a éis dom a cheistiú ’n‐bhúr bhfiad naise, ní fhuaras cionntach é ins na neithibh atá agaibh‐se d’á gcur ’n‐a leith: agus ní lugha nach bhfuair Ioruath: óir do chuir seisean ar ais chugainn é; agus féach, ní fhuil éinnidh déanta aige thuilleas bás. Ar an ádhbhar sin smachtóchad é agus scaoilfead saor é. Acht do ghlaodhadar go léir amach d’aon ghuth, g‐á rádh, Glan as an tslighe é so, agus scaoil chugainn Barabbas: duine do bhí curtha i bpríosún mar gheall ar cheannairc do‐rinneadh sa gcathair, agus mar gheall ar dhúnmharbhadh. Agus do labhair Píoláid leo arís, agus é ag iarraidh Íosa do leigean saor; acht do ghlaodhadar amach, g‐á rádh, Céas, céas é. Agus adubhairt sé leo an treas uair, Cad chuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní fhuaras‐sa aon chúis báis ann: smachtóchad é, d’á bhrigh sin, agus scaoilfead saor é. Acht do sheasadar go dána, ag glaodhach i n‐árd a ngotha, ag iarraidh é do chéasadh. Agus do bhuaidh a nglór. Agus thug Píoláid mar bhreith go ndéanfaidhe an nidh d’iarradar air. Agus do scaoil sé saor an duine do cuireadh i bpríosún mar gheall ar cheannairc agus ar dhúnmharbhadh, an duine d’iarradar; acht thug sé Íosa dhóibh chun a dtoil d’imirt air. Agus nuair do sheoladar leo é, rugadar ar dhuine ó Churéne darbh ainm Síomón, do bhí ag teacht isteach ó’n tuaith, agus do chuireadar an chroch airsean chum í d’iomchar i ndiaidh Íosa. Agus do bhí sluagh mór daoine g‐á leanamhain, agus mná, agus iad ag caoin‐ghol agus ag déanamh truaighe dhó. Acht d’iompuigh Íosa chuca, agus adubhairt sé, A ingheana Iarúsalem, ná bidhidh ag gol ar mo shon‐sa, acht ar bhúr son féin, agus ar son bhúr gclainne. Óir, féach, atá na laethe ag teacht ’n‐a ndéarfar, Is aoibhinn dóibh‐sean atá aimrid, agus do na bronnaibh nach rug clann, agus do na cíochaibh nár thál. Tosnóchaid annsin ar a rádh leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh, Clúduighidh sinn. Óir má ghníd na neithe seo san adhmad úr, créad do‐ghéantar san adhmad críon? Agus do bhí beirt eile, cuirpthigh, do seoladh i n‐éinfheacht leis chum go gcuirfidhe chum báis iad. Agus nuair do shroicheadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do chéasadar annsin é, agus na cuirpthigh, duine aca ar a láimh dheis, agus an duine eile ar a láimh chlé. Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh. Agus do bhí na daoine ’n‐a seasamh ag féachain. Agus do bhí na h‐uachtaráin, leis, ag tabhairt tarcuisne dhó, g‐á rádh, D’fhuascail an té seo daoine eile; fuascladh sé é féin, má’s é an Críost é, do thogh Dia. Agus do bhí na saighdiúirí, mar an gcéadna, ag magadh faoi, ag teacht chuige, ag tairgsin bhínéagra dhó, agus iad g‐á rádh, Má’s tú Rí na nIúdach, saor thú féin. Agus do bhí scríbhinn os a chionn, IS É SEO RÍ NA n‐IÚDACH. Agus duine de na cuirptheachaibh do crochadh thug sé masla dhó, g‐á rádh, Nach tusa an Críost? saor thú féin agus sinne. Acht d’fhreagair an duine eile, agus do cheartuigh sé é, g‐á rádh, An amhlaidh nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fá’n daoir‐bhreith chéadna? Sinne, go deimhin, san gceart; óir is ag díol as a bhfuil déanta againn atáimíd: acht ní dhearna an fear so mí‐ghníomh ar bith. Agus adubhairt sé, A Íosa, cuimhnigh orm‐sa nuair thiocfas tú id’ ríoghacht. Agus adubhairt seisean leis, Go fírinneach adeirim leat, Béidh tú im’ fhochair‐se indiu i bPárrthas. Agus do bhí sé timcheall na sémhadh h‐uaire, agus do leath dorchadas ar an talamh uile go dtí an naomhadh h‐uair, solas na gréine ag dul i laighead: agus do réabadh brat an teampaill tré n‐a lár. Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd, agus adubhairt, A Athair, do‐bheirim m’anam i leith do lámh‐sa; agus ag rádh na bhfocal sin dó, do scar a anam leis. Agus nuair do chonnaic an ceanntúir créad tharla, thug sé glóir do Dhia, g‐á rádh, Go deimhin ba fíréan an fear so. Agus na sluaighte tháinig le chéile ag féachain ar an radharc sin, nuair do chonnacadar gach a dtarla, d’fhilleadar agus iad ag bualadh a n‐ucht. Agus a lucht aitheantais, agus na mná do lean é ó’n nGalilé, do sheasadar i bhfad uaidh, ag féachain ar na neithibh sin. Agus féach, fear darbh ainm Seosamh, do bhí ’n‐a chómhairleoir, fear cóir fíréanta (níor aontuigh sé le ’n‐a gcómhairle ná le n‐a ngníomh), fear as Arimatéa, cathair de chathrachaibh na nIúdach, do bhí ag súil le ríoghacht Dé: do‐chuaidh an fear so chum Píoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air. Agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, agus do chuir sé é i dtuama do bhí gearrtha i gcarraig, tuama nár cuireadh aon duine riamh roimhe sin ann. Agus ba é lá an Ullmhuighthe do bhí ann, agus do bhí an tsabóid ag teacht. Agus na mná tháinig i n‐éinfheacht leis ó’n nGalilé, do leanadar ’n‐a dhiaidh, agus do chonnacadar an tuama, agus cionnas bhí a chorp curtha ann. Agus d’fhilleadar ar ais, agus d’ullmhuigheadar spíosradh agus uinnimeintí. Agus do ghlacadar a suaimhneas, lá na sabóide, de réir na h‐aithne. Acht an chéad lá de’n tseachtmhain, le fáinniú an lae go moch, thángadar go dtí an tuama, agtabhairt na spíosraidh do bhí ullmhuighthe aca leo. Agus fuaradar an chloch iompuighthe i leathtaoibh ó’n tuama. Agus do chuadar isteach ann, agus ní fhuaradar corp an Tighearna Íosa. Agus tharla, nuair do bhí mearbhall ortha ’n‐a thaobh sin, gur, féach, do sheas beirt fhear ’n‐a n‐aice, agus éadaighe lonnracha ortha: agus do bhí scannradh ortha, agus do chromadar a n‐aighthe chum na talmhan, agus adubhradar‐san leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheo i measc na marbh? Ní h‐annso atá sé, acht atá sé aiséirighthe: cuimhnighidh mar adubhairt sé libh agus é fós san nGalilé, g‐á rádh gurbh éigean go dtiubharthaidhe Mac an Duine ar láimh do na peacachaibh, agus a chéasadh, agus a aiséirghe an treas lá. Agus do chuimhnigheadar ar a bhriathraibh, agus d’fhilleadar ó’n tuama, agus d’inniseadar na neithe sin uile do’n aon duine déag, agus do na daoinibh eile go léir. Agus do b’iad Máire Mhagdaléne, agus Ióanna, agus Máire Shéamais, agus na mná eile do bhí n‐a bhfochair d’innis na neithe sin do na h‐abstalaibh. Acht do mheasadar‐san nach raibh ’n‐a mbriathraibh acht mar bhéadh cainnt gan chéill; agus níor chreideadar iad. Acht d’éirigh Peadar, agus do rith sé isteach sa tuama; agus ag cromadh agus ag dearcadh isteach dó, do chonnaic sé na h‐éadaighe lín ann, agus d’imthigh sé chum a thighe ag déanamh ionganta d’á dtarla. Agus féach, do bhí beirt aca ag dul an lá céadna sin fá dhéin baile bhig darbh ainm Emmáus, do bhí trí fichid staid ó Iarúsalem. Agus do bhíodar ag cómhrádh le chéile i dtaobh na neithe sin uile do thuit amach. Agus tharla, agus iad ag cainnt agus ag cómhrádh le chéile, gur tharraing Íosa féin ’n‐a n‐aice, agus gur shiubhail sé i n‐éinfheacht leo. Agus d’fhreagair duine aca, darbh ainm Cléopas, agus adubhairt sé leis, An tusa an chéad duine amháin chómhnuigheas i nIarúsalem nach eol dó na neithe do thuit amach ins na laethibh seo? Agus adubhairt seisean leo, Créad iad na neithe? Agus adubhradar‐san leis, Na neithe i dtaobh Íosa Nasardha do bhí ’n‐a fháidh cumhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine: agus cionnas thug na h‐árd‐shagairt agus ár n‐uachtaráin ar láimh é le n‐a dhaoradh chum báis, agus do chéasadar é. Acht do bhí súil againne go mba eisean do bhí chum Israel d’fhuascailt. Thairis sin, is é seo an treas lá ó thuit na neithe sin amach. Agus fós do bhí mná linn do chuir iongnadh orainn, iar mbeith dhóibh ag an tuama le h‐éirghe lae; agus nuair nach bhfuaradar a chorp, thángadar, g‐á rádh go bhfacadar mar bhéadh taidhbhreadh aingeal adubhairt go raibh sé beo. Agus do chuaidh roinnt díobh‐san do bhí n‐ár bhfochair go dtí an tuama, agus fuaradar mar adubhairt na mná: acht ní fhacadar é féin. Agus adubhairt sé leo, A dhaoine díchéillidhe, dúr‐chroidheacha chum gach a ndubhairt na fáidhe do chreideamhain! Nárbh éigean do’n Chríost na neithe sin d’fhulang ar an gcuma sin, agus dul isteach ’n‐a ghlóir? Agus ag tosnú dhó le Maois agus leis na fáidhibh, do mhínigh sé dhóibh gach a raibh ins na scrioptúiribh ’n‐a thaobh féin. Agus do bhíodar ag druidim leis an mbaile beag chum a rabhadar ag dul: agus, de réir cosmhalachta do bhí sé ag dul níba shia. Acht do chuireadar tathant air, g‐á rádh, Fan againne: óir atá sé ’n‐a thráthnóna, agus atá an lá caithte cheana féin. Agus do chuaidh sé isteach ag fanamhain aca. Agus tharla, nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe chum bidh ’n‐a bhfochair, gur thóg sé an t‐arán, agus gur bheannuigh sé é, agus gur bhris agus go dtug sé dhóibh é. Agus do foscladh a súile, agus d’aithnigheadar é: agus d’imthigh sé as a radharc. Agus adubhradar le chéile, Nach raibh ár gcroidheacha ar lasadh ionnainn nuair do bhí sé ag cainnt linn ar an mbóthar, agus é ag míniú brighe na scrioptúir dúinn? Agus d’éirigheadar an uair chéadna sin, agus d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, agus fuaradar an t‐aon duine déag, agus iad‐san do bhí i n‐éinfheacht leo i bhfochair a chéile, agus adubhradar‐san leo, Atá an Tighearna éirighthe go deimhin, agus do thaisbeán sé é féin do Shíomón. Agus d’inniseadar féin gach ar thuit amach ar an slighe, agus cionnas d’aithnigheadar é ar bhriseadh an aráin. Agus le linn na cainnte sin dóibh, do sheas sé féin ’n‐a measc, agus adubhairt sé leo, Síothcháin daoibh. Acht do bhí scannradh agus crith‐eagla ortha, agus do shíleadar gur spioraid do chonnacadar. Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a bhfuil buaidhirt oraibh? agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag éirghe i n‐bhúr gcroidhe? Féachaidh mo lámha agus mo chosa, gur mise atá ann: cuiridh bhúr lámha orm, agus féachaidh; óir ní fhuil feoil agus cnámha ag spioraid, mar do‐chí sibh a bheith agam‐sa. Agus nuair adubhairt sé an méid sin, do thaisbeán sé a lámha agus a chosa dhóibh. Agus ó bhíodar díchreidmheach fós le méid a n‐áthais, agus iad ag déanamh ionganta, adubhairt sé leo, An bhfuil rud ar bith le n’ithe agaibh annso? Agus thugadar dó blúire d’iasc rósta. Agus do ghlac sé é, agus d’ith sé é os a gcómhair. Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh. Annsin d’fhoscail sé a h‐inntinn dóibh, chum go dtuigfidís na scrioptúirí; agus adubhairt sé leo, Is amhlaidh atá scríobhtha gurbh éigean do’n Chríost fulang, agus aiséirghe ó na marbhaibh an treas lá; agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem. Agus is fiadhnaisí sibh‐se ar na neithibh sin. Agus féach, atáim ag cur geallamhna m’Athar chugaibh: acht fanaidh‐se sa gcathair, nó go gclúduightear sibh le cumhacht ó neamh. Agus rug sé amach fá dhéin Bhetánia iad: agus do thóg sé a lámha, agus do bheannuigh sé iad. Agus tharla, nuair do bhí sé g‐á mbeannachadh, gur scar sé leo, agus gur tógadh suas é ins na flaitheasaibh. Agus d’adhradar é, agus d’fhilleadar go h‐Iarúsalem lán d’áthas: agus do bhídís de ghnáth sa teampall, ag adhmholadh Dé. Ar dtús do bhí an Briathar ann, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus do b’é Dia an briathar. Do bhí sé ar dtús i bhfochair Dé. Is tríd‐sean do rinneadh an uile nidh, agus ’na éagmais‐sean ní dearnadh éinnidh d’á bhfuil ann. Is ann do bhí an bheatha, agus do b’é solas na ndaoine an bheatha. Agus lonnruigheann an solas san dorchadas; agus níor sháruigh an dorchadas é. Do bhí fear ann do cuireadh ó Dhia, darbh ainm Eoin. Tháinig seisean mar fhiadhnaise, chum go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsolais, chum go gcreidfeadh gach aoinneach tríd. Níorbh é féin an solas, acht tháinig sé chum go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsolais. Do b’é sin an fíor‐sholas shoillsigheas gach uile dhuine, ag teacht ar an saoghal. Do bhí sé ar an saoghal, agus is tríd do‐rinneadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é. Is chum a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuinntear féin leis. Acht an méid do ghlac leis, thug sé mar cheart dóibh bheith ’n‐a gclainn do Dhia, dóibh‐sean chreideas ’n‐a ainm: nach ó’n bhfuil, ná ó thoil na colna, ná ó thoil duine do geineadh iad, acht ó Dhia. Agus do‐rinneadh colann de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh sé ’n‐ár measc (agus do chonnacamar a ghlóir, amhail glóir Aon‐Mhic an Athar), lán de ghrás agus d’fhírinne. Do‐bheir Eoin fiadhnaise ’n‐a thaobh agus glaodhann sé, g‐á rádh, Is é seo an té go ndubhras ’n‐a thaobh, An té atá ag teacht im’ dhiaidh, do cuireadh rómham é, óir bhí sé ann rómham. Óir is as a líonmhaire do ghlacamar uile, agus grás ar ghrás. Óir tugadh an reacht tré Mhaois, acht tháinig grás agus fírinne tré Íosa Críost. Ní fhaca aoinneach Dia ariamh; an t‐Aon‐Mhac atá i n‐ucht an Athar, do b’é d’fhoillsigh é. Agus is í seo fiadhnaise Eoin, nuair do chuir na h‐iúdaigh sagairt agus Lebhítigh ó Iarúsalem chuige g‐á fhiafruighe dhe, Cia h‐é thusa? Agus d’admhuigh sé, agus níor shéan sé; agus d’admhuigh sé, Ní mise an Críost? Agus d’fhiafruigheadar de, Cia h‐é thusa, má’s eadh? An tú Élias? Adubhairt seisean, Ní mé. An tusa an fáidh? Agus d’fhreagair seisean, Ní mé. Adubhradar leis, d’á bhrigh sin, Cia h‐é thú? ionnas go dtiubhraimís freagra dhóibh‐sean do chuir uatha sinn. Cad adeirir id’ thaobh féin? Adubhairt seisean, Is mise guth an té ghlaodhas sa bhfásach, Déanaidh slighe an Tighearna díreach, mar adubhairt Ésáias fáidh. Agus dream de na Fairisíneachaibh ab eadh iad‐san do cuireadh. Agus do cheistigheadar é, agus adubhradar leis, Cad chuige a ndéanann tú baisteadh, mar sin, muna tusa an Críost, nó Élias, nó an fáidh? D’fhreagair Eoin dóibh, g‐á rádh, Do‐ghním‐se baisteadh i n‐uisce: acht atá ’n‐a sheasamh ’n‐bhúr measc duine nach aithnid daoibh, an té atá ag teacht im’ dhiaidh‐se, nach fiú mise oiread agus iall a bhróige do scaoileadh. Tharla an méid sin i mBétánia ar an taobh thall de Iórnán, mar a raibh Eoin ag baisteadh. An lá ’n‐a dhiaidh sin do chonnaic sé Íosa ag teacht chuige, agus adubhairt sé, Féach Uan Dé thógas peacadh an domhain! Is é sin an té go ndubhras ’n‐a thaobh, Atá ag teacht im’ dhiaidh fear do cuireadh rómham, óir do bhí sé ann rómham. Agus níor aithnigheas‐sa é; acht is chuige seo tháinig‐mé ag baisteadh i n‐uisce chum go bhfoillseochaidhe d’Israel é. Agus thug Eoin fiadhnaise, g‐á rádh, Do chonnacas an Spiorad ag teacht ó neamh anuas i riocht cuilm; agus d’fhan sé air. Agus níor aithnigheas‐sa é: acht an té do chuir uaidh mé ag baisteadh le h‐uisce, adubhairt sé liom, An té go bhfeicfir an Spiorad ag tuirling air, agus ag fanamhain air, is é sin an té bhaisteas leis an Spiorad Naomh. Agus do chonnacas, agus thugas fiadhnaise gur ab é Mac Dé é seo. Arís, lá ar n‐a bhárach, do bhí Eoin ’n‐a sheasamh i n‐éinfheacht le beirt d’á dheisceablaibh: agus d’fhéach sé ar Íosa do bhí ag dul thart, agus adubhairt sé. Féach Uan Dé! Agus do‐chuala an bheirt deisceabal é ag labhairt, agus do leanadar Íosa. Agus d’iompuigh Íosa, agus do chonnaic sé iad g‐á leanamhain, agus adubhairt sé leo, Créad atá uaibh? Agus dubhradar‐san leis, A Rabbí (is é sin le rádh, A Mháighistir), cá gcómhnuigheann tú? Adubhairt sé leo, Tagaidh, agus do‐chífidh sibh. Thángadar, mar sin, agus do chonnacadar an áit ’n‐a raibh sé ’n‐a chómhnaidhe; agus d’fhanadar ’n‐a fhochair an lá sin: do bhí sé tuairim na deicheamhadh h‐uaire. Duine de’n bheirt do bhí ag éisteacht le h‐Eoin, agus do lean Íosa, ab eadh Aindrias, dearbhráthair Shíomóin Peadar. Fuair seisean ar dtús a dhearbhráthair féin, Síomón, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le rádh, an Críost). Agus thug sé leis é chum Íosa. D’fhéach Íosa air, agus adubhairt sé, Is tusa Síomón mac Eoin: goirfear díot Céfas (is é sin le rádh, Peadar, nó Carraig). Ba mhian leis, lá ar n‐a bhárach, dul go dtí an Ghalilé, agus fuair sé Pilib: agus adubhairt Íosa leis, Lean mise. Agus as Bétsáida, cathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib. Fuair Pilib Natanaél, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríobh Maois sa reacht, agus na fáidhe, Íosa Nasardha, mac Sheosaimh. Agus adubhairt Natanaél leis, An féidir aon nidh maith do theacht ó Nasair? Adubhairt Pilib leis, Tar go bhfeicidh tú. Do chonnaic Íosa Natanaél ag teacht chuige, agus adubhairt sé leis, Féach an t‐Israelíteach fíor nach bhfuil aon chealg ann! Adubhairt Natanaél leis, Cionnas aithnigheas tú mé? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Sarar ghlaodh Pilib ort, an tráth ’n‐a raibh tú fá’n gcrann fige, do chonnacas thú. D’fhreagair Natanaél agus adubhairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel. D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, De bhrigh go ndubhras leat, Do chonnacas fá’n gcrann fige thú, an gcreideann tú? do chífir neithe is mó ’ná sin. Agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Do chífidh sibh na flaithis ar fhoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine. Agus an tríomhadh lá ’n‐a dhiaidh sin do bhí bainis i gCána na Galilé; agus bhí máthair Íosa ann: agus fuair Íosa agus a dheisceabail cuireadh chum na bainse. Agus nuair d’éirigh an fíon gann, adubhairt máthair Íosa leis, Ní fhuil fíon aca. Agus adubhairt Íosa léi, Caidé sin duit‐se nó damh‐sa, a bhean? ní tháinig m’uair‐se go fóill. Adubhairt a mháthair leis na seirbhíseachaibh, Cibé rud adeir sé libh, déanaidh é. Agus do bhí sé soithigh cloiche, do cuireadh ann de réir reachta glantóireachta na nIúdach, agus lán a dó nó a trí d’fheircínibh ins gach soitheach díobh. Adubhairt Íosa leo, Líonaidh na soithigh d’uisce. Agus do líonadar go béal iad. Agus adubhairt sé leo, Taoscaidh anois, agus beiridh chum uachtaráin na fleidhe é. Agus rugadar. Agus nuair do bhlais uachtarán na fleidhe an t‐uisce ’n‐a fhíon, agus gan a fhios aige cad as é (acht do bhí a fhios ag na seirbhíseachaibh do tharraing an t‐uisce), do ghlaodh uachtarán na fleidhe ar an bhfear nua‐phósta, agus adubhairt sé leis, Cuireann gach uile dhuine an fíon maith ar bórd ar dtús; agus nuair bhíos cuid mhaith dhe olta, an fíon is measa, acht do choimhéadais‐se an fíon maith go dtí anois. Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a mhíorbhailtibh i gCána na Galilé, agus d’fhoillsigh sé a ghlóir; agus do chreid a dheisceabail ann. I n‐a dhiaidh sin do chuaidh sé síos go Cafarnaúm, é féin, agus a mháthair, agus a bhráithre, agus a dheisceabail: acht níor fhanadar annsin acht beagán laethe. Agus do bhí cáisc na nIúdach i bhfogas, agus do chuaidh Íosa suas go h‐Iarúsalem. Agus fuair sé sa teampall lucht díolta damh agus caorach agus colm, agus lucht malarta an airgid ’n‐a suidhe ann. Agus do‐rinne sé sciúirse de théadaibh, agus do ruaig sé as an teampall amach iad uile, agus na caoirigh agus na daimh; agus do scaip sé airgead na malartóir, agus do leag sé a mbúird; agus adubhairt sé le lucht díolta na gcolm, Tógaidh na neithe sin as so; ná bidhidh ag déanamh tighe ceannaidheachta de thigh m’Athar. Do chuimhnigh a dheisceabail ar a raibh scríobhtha, Sloigfidh díoghrais dod’ thigh mé. Agus d’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Caidé an cómhartha thaisbeánas tú dhúinn fá n‐a ndéanann tú na neithe seo? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Leagaidh ar lár an teampall so, agus i gcionn trí lá tógfad‐sa é. Agus adubhairt na h‐Iúdaigh, Sé bliadhna agus dá fhichid do bhí an teampall so d’á thógáil, agus an gcuirfidh tusa suas é i gcionn trí lá? Acht is do theampall a chuirp féin do bhí sé ag tagairt. D’á bhrigh sin, nuair d’éirigh sé ó na marbhaibh, do chuimhnigh a dheisceabail gur labhair sé mar sin; agus do chreideadar an scrioptúir agus an briathar adubhairt Íosa. Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do chreid móran ’n‐a ainm, ó do chonnacadar na míorbhailtí do‐rinne sé. Acht ní dheachaidh Íosa ’n‐a n‐iontaoibh, toisc go raibh eolas aige ar gach uile dhuine, agus nár theastuigh uaidh teist ar an duine d’fhágháil ó aoinneach; óir do b’eol dó féin créad do bhí sa duine. Agus do bhí duine de na Fairisíneachaibh, darbh ainm Nicodémus, duine d’uachtaránaibh na nIúdach: tháinig seisean chum Íosa san oidhche, agus adubhairt sé leis, A Rabbí, atá a fhios againn gur múinteoir tháinig ó Dhia thú: óir ní féidir go ndéanfadh aon duine na míorbhailtí ghníos tusa, gan Dia bheith leis. D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine athuair, ní fhéadann sé ríoghacht Dé d’fheicsin. Adubhairt Nicodémus leis, Cionnas do b’fhéidir go ngeinfidhe duine agus é aosta? An bhféadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar athuair, agus a bhreith? D’fhreagair Íosa, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríoghacht Dé. An nidh geintear ó’n gcolainn, is colann é; agus an nidh geintear ó’n sphiorad is spiorad é. Ná bíodh iongnadh ort go ndubhras leat, Ní foláir bhúr mbreith athuair. Séideann an ghaoth mar is áil léi, agus do‐chluin tú a fuaim, acht ní h‐eol duit cad as a dtig sí, agus cá dtéid sí: mar sin do gach duine geintear ó’n Spiorad. D’fhreagair Nicodémus agus adubhairt sé leis, Cionnas is féidir na neithe sin do bheith amhlaidh? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, An tusa múinteoir Israel, agus nach eol duit na neithe sin? Go firinneach adeirim leat, Innsimíd an nidh atá ar eolas againn, agus do‐bheirimid fiadhnaise i dtaobh a bhfacamar: agus ní ghlacann sibh ár bhfiadhnaise. Má d’inniseas neithe saoghalta dhaoibh, agus nach gcreideann sibh mé, cionnas chreidfeas sibh, má innsim neithe neamhdha dhaoibh? Agus ní dheachaidh aon duine suas ar neamh, acht an té tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine atá ar neamh. Agus fá mar árduigh Maois an nathair nimhe sa bhfásach, caithfear Mac an Duine d’árdú ar an gcuma chéadna: chum go mbéidh an bheatha shíorraidhe ag an uile dhuine chreideas ann. Óir do ghrádhuigh Dia an saoghal chómh mór sin, go dtug sé a Aon‐Mhac féin, ionnas, gach duine creidfeadh ann, nach gcaillfidhe é, acht go mbéadh an bheatha shíorraidhe aige. Óir ní chum breitheamhnas do thabhairt ar an saoghal do chuir Dia a Mhac uaidh; acht chum go saorfaidhe an saoghal tríd. An té chreideas ann ní tugtar breith air: an té nach gcreideann atá breith tabhartha air cheana féin, toisc nár chreid sé i n‐ainm Aon‐Mhic Dé. Agus is í seo an bhreith, go dtáinig an solas ar an saoghal, agus gurbh annsa leis na daoinibh an dorchacht ’ná an solas; toisc a ngníomhartha bheith go h‐olc. Óir gach duine chleachtas an t‐olc bíonn fuath aige do’n tsolas, agus ní thig sé chum an tsolais, ar eagla go nochtfaidhe a ghníomhartha. Acht an té chleachtas an fhírinne tig sé chum an tsolais, chum go bhfoillseochaidhe a ghníomhartha, go ndearnadh iad i nDia. I n‐a dhiaidh sin do chuaidh Íosa agus a dheisceabail isteach i ndúthaigh Iúdaea; agus d’fhan sé ’n‐a chómhnaidhe annsin mar aon leo, agus do bhí sé ag baisteadh. Agus do bhí Eoin ag baisteadh, leis, i nAenón, i n‐aice Shalim, óir do bhí a lán uisce ann, agus do thagadh na daoine, agus do baistidhe iad. Óir do bhí Eoin gan cur sa bpríosún go fóill. Uime sin d’éirigh conspóid idir dheisceabail Eoin agus Iúdach éigin i dtaobh glantóireachta. Agus thángadar chum Eoin, agus adubhradar leis, A Rabbí, an té úd do bhí id’ fhochair taobh thall de Iórnán, go dtug tú fiadhnaise ’n‐a thaobh, féach, atá sé ag baisteadh, agus atá gach aoinneach ag teacht chuige. D’fhreagair Eoin agus adubhairt sé, Ní féidir le duine éinnidh do ghlacadh muna dtugtar dhó é ó neamh. Is fiadhnaidhthe sibh féin dom go ndubhras, Ní mise an Críost, acht, do cuireadh roimhe mé. An té ag a bhfuil an bhainchéile is é an fear nua‐phósta é: acht cara an fhir nua‐phósta atá ’n‐a sheasamh ag éisteacht leis, bíonn an‐áthas air mar gheall ar ghuth an fhir nua‐phósta: d’á bhrigh sin, an t‐áthas atá orm‐sa atá sé iomlán. Caithfidh seisean dul i dtreise acht caithfidh mise dul i laighead. An té thig anuas, atá sé ós cionn cách: an té thig ó’n talamh is duine talmhaidhe é, agus is ar neithibh talmhaidhe labhras sé: an té thig ó neamh atá sé ós cionn cách. An méid do chonnaic agus do‐chuala sé, do‐bheir sé fiadhnaise air. An té do ghlac a fhiadhnaise, atá tabhartha fá n‐a shéala aige go bhfuil Dia fíor. Óir an té do chuir Dia uaidh labhrann sé briathra Dé: óir ní de réir tómhais bhronnas Dia an Spiorad. Grádhuigheann an t‐Athair an Mac, agus atá gach uile nidh tabhartha aige dhó ’n‐a láimh. An té chreideas sa Mac, atá an bheatha shíorraidhe aige; acht an té nach n‐umhluigheann do’n Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, acht atá díbheirg Dé i gcómhnaidhe air. Agus nuair do bhí a fhios ag an Tighearna go gcuala na Fairisínigh go raibh deisceabail d’á ndéanamh agus d’á mbaisteadh aige de bhreis ar Eoin (b odh nárbh é Íosa féin do bhí ag baisteadh, acht a dheisceabail), d’fhág sé Iúdaea, agus d’imthigh sé arís go dtí an Ghalilé. Agus níor mhór dó gabháil tré Shamária. Agus táinig sé go cathair i Samária ar a dtugtar Suchar, láimh leis an bhfearann thug Iácób d’á mhac Seosamh: agus is ann do bhí tobar Iácóib. Agus, ó bhí Íosa cortha ó’n aistear, do shuidh sé síos le h‐ais an tobair. Do bhí sé timcheall na sémhadh h‐uaire. Tháinig bean ó Shamária chum uisce do tharraing: adubhairt Íosa léi, Tabhair dhom le n’ól. Óir bhí na deisceabail imthighthe isteach sa gcathair ag ceannach bidh. Agus adubhairt an bhean Shamáritánach leis, Cad chuige dhuit‐se bheith ag iarraidh dighe orm‐sa, ar mhnaoi Shamáritánaigh? (Óir ní bhíonn aon chaidreamh idir na h‐Iúdaigh agus na Samáritánaigh). D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé léi, Dá mb’ eol duit tabhartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á rádh leat, Tabhair dhom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐bhéarfadh sé uisce beo dhuit. Adubhairt an bhean leis, A dhuine uasail, ní fhuil aon nidh agat chum uisce do tharraing, agus atá an tobar doimhin: cad as, mar sin, a bhfuil an t‐uisce beo sin agat? An mó tusa ’ná ár n‐athair Iácób thug dúinn an tobar, agus d’ól as, mar aon le n‐a chlainn agus le n‐a áirnéis. D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé léi, Cibé duine ólas an t‐uisce seo béidh tart air arís: acht an t‐uisce do‐bhéarfad‐sa dhó, béidh sé ’n‐a thobar uisce ann ag brúchtghail chum na beathadh síorraidhe. Adubhairt an bhean leis, A dhuine uasail, tabhair dhom‐sa an t‐uisce sin, chum nach mbéidh tart orm arís, agus nach mbéidh orm teacht annso ag tarraing. Adubhairt Íosa léi, Imthigh, ghlaodh ar t’fhear, agus fill annso. D’fhreagair an bhean, Ní fhuil fear agam, Adubhairt Íosa lei, Is maith adubhrais, Ní fhuil fear agam, óir do bhí cúigear fear agat; agus an té atá agat fá láthair ní h‐é t’fhear é: do b’fhíor an focal adubhrais. Adubhairt an bhean leis, A dhuine uasail, do‐chím gur fáidh thú. Do‐rinne ár sinnsear adhradh ar an sliabh seo, acht adeir sibh‐se gur i nIarúsalem atá an áit ’n‐ar cheart dúinn adhradh do dhéanamh. Adubhairt Íosa léi, Creid uaim‐se é, a bhean, go bhfuil an t‐am ag teacht nach ar an sliabh seo ná i nIarúsalem, adharfas sibh an t‐Athair. Adhrann sibh‐se an nidh nach eol daoibh; adhraimíd‐ne an nidh is eol dúinn: óir is ó na h‐Iúdaigh atá an slánú. Acht atá an uair ag teacht, agus atá sí ann cheana féin, ’n‐a n‐adharfaidh na fíor‐adharthóirí an t‐Athair i spioraid agus i bhfírinne: óir is iad sin na h‐adharthóirí theastuigheas ó’n Athair. Spiorad is eadh Dia: agus na daoine adhras é, ní mór dóibh a adhradh i spioraid agus i bhfírinne. Adubhairt an bhean leis, Atá a fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht (an té ar a dtugtar Críost): nuair thiocfas seisean, inneosaidh sé gach uile nidh dhúinn. Adubhairt Íosa léi, Is mise é, atá ag labhairt leat. Le n‐a linn sin tháinig a dheisceabail; agus ba iongnadh leo é bheith ag labhairt le mnaoi; acht cheana ní dhubhairt duine aca, Créad atá uait? nó, Cad chuige a bhfuil tú ag labhairt léi? Agus d’fhág an bhean a soitheach ’n‐a diaidh, agus do chuaidh sí isteach sa gcathair, agus adubhairt sí leis na fearaibh, Tagaidh go bhfeicidh sibh fear d’innis damh‐sa gach a ndearnas riamh: an féidir gurb é an Críost é? D’imthigheadar amach as an gcathair, agus do bhíodar ag teacht chuige. I rith an ama do bhí na deisceabail ag tathant air, g‐á radh, A Rabbí, bí ag ithe. Adubhairt Íosa leo, Atá biadh nach eol daoibh le n’ithe agam. Annsin adubhairt na deisceabail eadortha féin, An féidir go dtug aoinneach rud le n’ithe chuige? Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh. Nach é rud adeir sibh, Ceithre mí go fóill, agus béidh an fóghmhar ann? féach, adeirim libh, Árduighidh bhúr súile, agus féachaidh ar na gortaibh atá geal cheana féin i gcómhair an fhóghmhair. An té bhaineas do‐gheibh sé tuarastal, agus cnuasann sé toradh le h‐aghaidh na beathadh síorraidhe; chum go mbéidh áthas ar an síoladóir agus ar an mbuanaidhe i n‐éinfheacht. Óir is fíor an sean‐fhocal, Cuireann duine síol, agus baineann duine eile. Do chuireas‐sa sibh‐se ag baint an fhóghmhair nár shaothruigh sibh: do shaothruigh daoine eile, agus tá toradh a saothair agaibh‐se. Agus do chreid mórán de Shamáritánachaibh na cathrach sin ann, mar gheall ar fhocal na mná thug an fhiadhnaise, D’innis sé dhom gach a ndearnas riamh. Ar an adhbhar sin, nuair tháinig na Samáritánaigh chuige, d’impidheadar air fanamhain aca; agus d’fhan sé annsin dhá lá. Agus do chreid mórán eile aca mar gheall ar a bhriathraibh féin; agus adubhradar leis an mnaoi, Ní mar gheall ar do chainnt‐se chreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a fhios againn gurb é Slánuightheoir an tsaoghail é go fíor. Agus tar éis an dá lá d’imthigh sé as an áit sin, isteach sa nGalilé. Óir thug Íosa féin fiadhnaise nach mbíonn meas ar fháidh ’n‐a dhúthaigh féin. Agus nuair do shroich sé an Ghalilé, d’fháiltigh na Galiléanaigh roimhe, óir do chonnacadar gach a ndearna sé i nIarúsalem le linn na féile: óir do chuadar féin chum na féile. Tháinig sé, mar sin, arís go Cána, mar a ndearna sé fíon de’n uisce. Agus do bhí duine uasal de lucht an ríogh ann, go raibh a mhac breoite i gCafarnaúm. Nuair do‐chuala seisean go raibh Íosa tagtha as Iúdaea isteach sa nGalilé, do chuaidh sé chuige, agus d’iarr sé d’athchuinghe air dul síos, agus a mhac do leigheas; óir do bhí sé i riochtaibh báis. Agus adubhairt Íosa leis, Muna bhfeicidh sibh cómharthaí agus iongantais, ní chreidfidh sibh. Adubhairt an duine uasal leis, A dhuine uasail, tar anuas sara bhfaighidh mo mhac bás. Adubhairt Íosa leis, Imthigh leat; atá do mhac beo. Do chreid an fear an focal adubhairt Íosa leis, agus d’imthigh sé ar a bhealach. Agus sa tslighe dhó ag gabháil síos, tháinig a sheirbhísigh ’n‐a choinne, g‐á rádh go raibh a mhac ’n‐a bheathaidh. D’fhiafruigh sé dhíobh annsin cia an uair tháinig biseach air. Agus dubhradar leis, Indé, ar an seachtmhadh h‐uair d’imthigh an fiabhras de. Do bhí a fhios ag an athair annsin gur le linn na h‐uaire sin adubhairt Íosa leis, Atá do mhac beo: agus do chreid sé féin agus a líon tighe uile. Ba í sin arís an dara míorbhail do‐rinne Íosa tar a éis dó teacht ó Iúdaea isteach sa nGalilé. I n‐a dhiaidh sin do bhí féile ag na h‐Iúdachaibh: agus do chuaidh Íosa suas go h‐Iarúsalem. Agus atá i nIarúsalem, i n‐aice geata na gcaorach, lochán ar a dtugtar i nEabhrais Bétesda, go bhfuil cúig póirsí aige. Do bhí ’n‐a luighe ionnta sin mórán daoine breoithe, daill, bacaigh, seirgthigh. Agus do bhí ann fear amháin do bhí breoite le h‐ocht mbliadhna déag ar fhichid. Nuair do chonnaic Íosa é ’n‐a luighe, agus a fhios aige gurbh fhada dhó sa riocht sin, adubhairt sé leis, Ar mhian leat go leigheasfaidhe thú? D’fhreagair an fear breoite, A dhuine uasail, ní fhuil duine agam do chuirfeadh sa lochán mé nuair corruightear an t‐uisce: acht an fhaid bhím‐se ag teacht, téigheann duine eile síos rómham. Adubhairt Íosa leis, Éirigh, tóg do leaba agus siubhal. Agus ar an láthair do leigheasadh an fear, agus do thóg sé a leaba agus do shiubhal sé. Agus ba í an tsabóid do bhí ann an lá sin. Agus adubhairt na h‐Iúdaigh leis an duine a leigheasadh. Atá an tsabóid ann, agus ní dleaghthach dhuit do leaba d’iomchar. Acht d’fhreagair seisean dóibh, An té do leigheas mé, ba é adubhairt liom, Tóg do leaba agus siubhal. D’fhiafruigheadar de, Cia h‐é an duine adubhairt leat, Tóg do leaba agus siubhal? Acht ní raibh a fhios ag an duine do leigheasadh ciarbh é: óir d’éaluigh Íosa uatha toisc sluagh daoine bheith san áit sin. I n‐a dhiaidh sin fuair Íosa sa teampall é, agus adubhairt sé leis, Féach, atáir slán anois: ná déan peacadh feasta, ar eagla go dtuitfidh nidh ba mheasa ort. D’imthigh an fear, agus d’innis sé do na h‐Iúdachaibh gurbh é Íosa do‐rinne slán é. Ar an adhbhar sin do bhí na h‐Iúdaigh ag gabháil d’Íosa, toisc na neithe sin do dhéanamh lá na sabóide. Acht d’fhreagair sé dhóibh, Atá m’Athair ag obair go dtí an uair seo, agus atáim‐se ag obair. Ar an adhbhar sin ba dhéine do bhí na h‐Iúdaigh ag tnúth le n‐a chur chum báis, ní h‐é amháin gur bhris sé an tsabóid, acht go ndubhairt sé gurbh é Dia a Athair, g‐á chur féin ar aon dul le Dia. D’á bhrigh sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Ní fhéadann an Mac éinnidh do dhéanamh uaidh féin, acht an méid do‐chí sé ag an Athair d’á dhéanamh: óir cibé neithe do‐ghní seisean, do‐ghní an Mac iad ar an gcuma chéadna. Óir grádhuigheann an t‐Athair an Mac, agus nochtann sé dhó gach nidh do‐ghní sé féin: agus nochtfaidh sé dhó oibreacha is mó ná iad so, ar mhodh go mbéidh iongnadh oraibh‐se. Óir fá mar thógas an t‐Athair na mairbh agus aithbheodhuigheas sé iad, ar an gcuma chéadna aithbheodhuigheann an Mac na daoine is toil leis. Óir ní bheireann an t‐Athair breith ar aon duine, acht atá gach breith tabhartha aige do’n Mhac; ionnas go dtiubhradh gach aoinneach onóir do’n Mhac, fá mar bheireann siad onóir do’n Athair. An té nach dtugann onóir do’n Mhac ní thugann sé onóir do’n Athair do chuir uaidh é. Go fírinneach adeirim libh, An té éisteas lem’ bhriathar‐sa agus chreideas an té do chuir uaidh mé, atá an bheatha shíorraidhe aige, agus ní thig sé fá bhreitheamhnas, acht atá sé athruighthe ó’n mbás chum na beathadh. Go firinneach adeirim libh, Atá an t‐am ag teact, agus atá sé ann anois féin, ’n‐a n‐éistfidh na mairbh le guth Mhic Dé; agus mairfidh siad‐san éistfeas leis. Óir fá mar atá beatha ag an Athair ann féin, ar an gcuma chéadna thug sé do’n Mhac beatha do bheith aige ann féin: agus thug sé ughdarás dó chum breith do dhéanamh, toisc gur ab é Mac an Duine é. Ná déanaidh iongantas de seo: óir atá an t‐am ag teacht, ’n‐a n‐éistfidh a bhfuil ins na tuamaibh le n‐a ghuth, agus tiocfaidh siad amach: lucht déanta an chirt go h‐aiséirghe na beathadh; agus lucht déanta an uilc go h‐aiséirghe na breithe. Ní fhéadaim‐se éinnidh do dhéanamh uaim féin: de réir mar chluinim do‐bheirim breith: agus atá mo bhreith ceart; óir ní h‐í mo thoil féin loirgim, acht toil an té do chuir uaidh mé. Má bheirim fiadhnaise im’ thaobh féin, ní fhuil m’fhiadhnaise fíor. Atá neach nach mise do‐bheir fiadhnaise im’ thaobh; agus atá a fhios agam gur fíor an fhiadhnaise do‐bheir sé im’ thaobh. Do chuireabhairse teachtaí chum Eoin, agus thug sé fiadhnaise i dtaobh na fírinne. Acht ní ó dhuine do‐gheibhim‐se fiadhnaise: acht adeirim an méid seo chum go saorfar sibh‐se. Ba eisean an lóchrann ar lasadh agus ag soillsiú: agus ar feadh tréimhse níor mhisde libh‐se aoibhneas d’fhágháil ’n‐a sholas. Acht atá fiadhnaise agam‐sa is mó ’ná fiadhnaise Eoin: óir na gnótha thug m’Athair dhom le cur chum chríche, na gnótha féin do‐ghnímh, do‐bheir siad fhiadhnaise im’ thaobh, gur ab é an t‐Athair do chuir uaidh mé. Agus an t‐Athair do chuir uaidh mé, thug sé fiadhnaise im’ thaobh. Ní, chualabhair‐se a ghuth ariamh agus ní fhacabhar a ghné. Agus ní fhuil a bhriathar ag fanamhain ionnaibh: óir an té do chuir sé uaidh ní chreideann sibh dó. Cuarduigheann sibh na scrioptúirí, óir measann sibh gur ab ionnta atá an bheatha shíorraidhe agaibh; agus is iad sin do‐bheir fiadhnaise im’ thaobh‐sa; agus ní h‐áil libh teacht chugam‐sa, chum go mbéidh beatha agaibh. Thánag‐sa i n‐ainm m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thig duine eile ’n‐a ainm féin, glacfaidh sibh eisean. Cionnas do b’fhéidir go gcreidfeadh sibh‐se, ghlacas onóir ó n‐a chéile, agus gan aon éileamh agaibh ar an nglóir thig ó’n aon Dia. Ná measaidh go gcionntóchad‐sa sibh i láthair m’Athar: atá duine chionntuigheas sibh, eadhon, Maois, an té go bhfuil muinighin agaibh as. Óir dá gcreideadh sibh Maois, do chreidfeadh sibh mise; óir do scríobh sé im’ thaobh‐sa. Acht muna gcreideann sibh a scríbhinní‐sean, cionnas chreidfidh sibh mo bhriathra‐sa? I n‐a dhiaidh sin do chuaidh Íosa trasna mar Galilé, is é sin muir Thibérias. Agus do lean sluagh mór daoine é, mar do chonnacadar na míorbhailtí do‐rinne sé ortha‐san do bhí breoite. Agus do chuaidh Íosa suas an cnoc, agus do shuidh sé annsin i bhfochair a dheisceabal. Agus do bhí an cháisc, féile na nIúdach, i bhfogas. Agus nuair d’árduigh Íosa a shúile, agus do chonnaic sé sluagh mór ag teacht chuige, adubhairt sé le Pilib, Cá gceannóchaimíd arán dóibh‐sean le n’ithe. G‐á thriail adubhairt sé sin: óir do bhí a fhios aige féin créad do‐ghéanadh sé. D’fhreagair Pilib dó, Níor leor dóibh luach dhá chéad pinginn d’arán chum go mbéadh blúire beag de ag gach duine aca. Adubhairt duine d’á dheisceablaibh, Aindrias, dearbhráthair Shíomóin Peadar, leis, Atá gasúr annso, go bhfuil cúig bollóga eornan agus dhá iasc aige, acht cad is fiú an méid sin idir an oiread sin daoine? Adubhairt Íosa, Cuiridh na daoine ’n‐a suidhe. Agus do bhí flúirse féin san áit sin. Do shuidh na daoine síos, mar sin, tuairim agus cúig míle a líon. Agus do thóg Íosa na bollóga; agus iar mbreith buidheachais dó, do roinn sé iad ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe; agus na h‐iasca, chómh maith, an oiread díobh do theastuigh uatha. Agus nuair fuaradar a sáith, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Bailighidh an sprúilleach atá fágtha, chum nach rachaidh éinnidh amugha. Agus do bhailigheadar, agus do líonadar dhá chiseán déag de sprúilleach na gcúig mbollóg eornan do bhí fágtha i ndiaidh na ndaoine do bhí ag ithe. Agus nuair do chonnaic na daoine an mhíorbhail do‐rinne sé, adubhradar, Go fírinneach is é seo an fáidh atá le teacht ar an saoghál. Ar n‐a fheicsin d’Íosa, ámh, go rabhadar ar tí teacht, agus breith air le h‐éigean, chum rí do dhéanamh dhe, d’imthigh sé ’n‐a aonar arís suas an cnoc. Agus nuair do bhí sé ’n‐a thráthnóna, do chuaidh a dheisceabail síos fá dhéin na fairrge; agus do chuadar isteach i mbád, agus bhíodar ag dul trasna na fairrge go Cafarnaúm. Agus do bhí dorchadas ann an t‐am sin, agus ní tháinig Íosa chucha. Agus do bhí an fhairrge ag éirghe le neart gaoithe móire do bhí ag séideadh. Agus nuair do bhí fá thuairim cúig staid fichead nó deich staid fichead d’iomramh déanta aca, do chonnacadar Íosa ag siubhal ar an bhfairrge, ag tarraing i ngar do’n bhád: agus do bhí scannradh ortha. Acht adubhairt seisean leo, Mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh. Annsin do b’áil leo a ghlacadh isteach chuca sa mbád: agus ar an láthair do bhí an bád ag an tír chum a rabhadar ag dul. Ar n‐a bhárach na daoine do bhí ’n‐a seasamh ar an taobh thall de’n fhairrge, do chonnacadar nach raibh aon bhád eile ann, acht bád amháin, agus nach ndeachaidh Íosa i n‐éinfheacht le n‐a dheisceablaibh isteach sa mbád sin, acht gur imthigh na deisceabail leo féin (tháinig báid, ámh, ó Thibérias i n‐aice na h‐áite ’n‐ar itheadar an t‐arán tar éis altuighthe an Tighearna): nuair do chonnaic an sluagh nach raibh Íosa ná a dheisceabail annsin, do chuadar féin isteach ins na bádaibh, agus thángadar go Cafarnaúm ar lorg Íosa. Agus nuair fuaradar é ar an taobh thall de’n fhairrge, adubhradar leis, A Rabbí, cá h‐uair tháinig tú annso? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Ní mar gheall ar na cómharthaibh do chonnacabhar atá sibh ’gam’ lorg, acht de chionn gur itheabhar na bollóga, agus gur sásuigheadh sibh. Ná saothruighidh an biadh théigheas amugha, acht saothruighidh an biadh mhaireas go dtí an bheatha shíorraidhe, an biadh bhéarfas Mac an Duine dhaoibh: óir is airsean do chuir an t‐Athair, Dia, a shéala. Uime sin adubhradar leis, Créad atá le déanamh againn, ionnas go ndéanfaimís oibreacha Dé? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeadh sibh san té do chuir sé uaidh. Annsin adubhradar leis, Créad é an cómhartha do‐ghní tusa chum go bhfeicfimís é, agus go gcreidfimís ionnat? Créad é an gníomh do‐ghní tú? D’ith ár n‐aithreacha an manna sa bhfásach; mar atá scríobhtha, Thug sé arán ó neamh le n’ithe dhóibh. Annsin adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, Níorbh é Maois thug an t‐arán ó neamh daoibh; acht is é m’Athair do‐bheir an fíor‐arán ó neamh daoibh. Óir is é arán Dé an t‐arán thig ó neamh anuas agus do‐bheir beatha do’n tsaoghal. Annsin adubhradar leis, A Thighearna, tabhair an t‐arán sin dúinn i gcómhnaidhe. Adubhairt Íosa leo, Is mise arán na beathadh: an té thig chugam‐sa, ní bhéidh ocras go bráth air, agus an té chreideas ionnam‐sa, ní bhéidh tart go bráth air. Acht adubhairt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach gcreideann sibh. Gach a dtugann an t‐Athair dhom, tiocfaidh sé chugam, agus an té thig chugam ní chuirfidh mé uaim é ar chor ar bith. Óir ní chum mo thoil féin do dhéanamh tháinig mé anuas ó neamh, acht chum toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh. Agus is é toil an té do chuir uaidh mé nach gcaillfinn aoinneach díobh‐san atá tabhartha aige dhom, acht go dtógfainn suas é an lá deiridh. Óir is é toil m’Athair, an uile dhuine do‐chí an Mac, agus chreideas ann, go bhfaigheadh sé an bheatha shíosraidhe, agus tógfad‐sa é an lá deiridh. Agus do bhí na h‐Iúdaigh ag ceisneamh ’n‐a thaobh, toisc go ndubhairt sé, Is mise an t‐arán tháinig anuas ó neamh. Agus adubhradar, Nach é seo Íosa mac Sheosaimh, go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? cionnas, d’á bhrigh sin, adeir sé, Tháinig mé anuas ó neamh? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Ná bidhidh ag ceisneamh eadraibh féin. Ní féidir le h‐aon duine teacht chugam‐sa, muna dtarraingidh an t‐Athair do chuir uaidh mé, é: agus tógfad‐sa suas é an lá deiridh. Atá scríobhtha ins na fáidhibh, Agus béidh siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gach duine d’éist leis an Athair, agus d’fhoghlaim, tagann sé chugam‐sa. Ní h‐é go bhfaca aon duine an t‐Athair, acht amháin an té atá ó Dhia, do chonnaic seisean an t‐Athair. Go fírinneach adeirim libh, An té chreideas, atá an bheatha shíorraidhe aige. Is mise arán na beathadh. D’ith bhúr n‐aithreacha an manna sa bhfásach, agus fuaradar bás. Is é seo an t‐arán tháinig anuas ó neamh, go n‐íosfadh duine é, agus nach bhfaigheadh sé bás. Is mise an t‐arán beo tháinig anuas ó neamh: má itheann duine an t‐arán so, mairfidh sé go deoidh: agus an t‐arán do‐bhéarfad‐sa, is é m’fheoil é, tugadh chum beathadh an tsaoghail. Annsin d’éirigh aighneas idir na h‐Iúdaigh, agus adubhradar, Cionnas is féidir do’n fhear so a chuid feola do thabhairt dúinn le n’ithe? D’á bhrigh sin adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐ithidh sibh feoil Mhic an Duine, agus muna n‐ólaidh sibh a fhuil, ní fhuil aon bheatha ionnaibh. An té itheas m’fheoil agus ólas m’fhuil, atá an bheatha shíorraidhe aige, agus tógfad‐sa é an lá deiridh. Óir is fír‐bhiadh m’fheoil‐se, agus is fír‐dheoch m’fhuil‐se. An té itheas m’fheoil agus ólas m’fhuil, cómhnuigheann sé ionnamsa, agus cómhnuighim‐se ann. Fá mar chuir an t‐Athair sír‐bheo mise uaidh, agus gur tríd an Athair mhairimse: mar an gcéadna an té itheas mise, is tríom‐sa mhaireas sé. Is é seo an t‐arán tháinig anuas ó neamh: ní h‐ionann é agus an t‐arán d’ith bhúr n‐aithreacha agus fuair bás: an té itheas an t‐arán so, mairfidh sé go deoidh. Adubhairt sé an méid sin sa tsionagóig agus é ag teagasc i gCafarnaúm. Ar an adhbhar sin, a lán d’á dheisceablaibh nuair do‐chualadar é, adubhradar, Is cruaidh an chainnt í sin, cia d’fhéadfadh éisteacht léi? Acht, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a dheiseabail ag cannrán ’n‐a thaobh so, adubhairt sé leo, An bhfuil sin ’n‐a chás oraibh? Agus dá bhfeiceadh sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé ar dtús? Is í an spioraid do‐bheir beatha; ní fhuil tairbhe ar bith sa bhfeoil: na briathra atá ráidhte agam libh, is spioraid agus is beatha iad. Acht atá cuid agaibh nach gcreideans. Óir do bhí a fhios ag Íosa ó thosach cia’rbh iad nár chreid, agus cia’rbh é do bhí chum é do bhraith. Agus adubhairt sé, Is ar an adhbhar sin adubhairt mé libh nach féidir le h‐aoinneach teacht chugam muna bhfuil tabhartha ag m’Athair dhó teacht. Ó’n uair sin amach do thréig mórán d’á dheisceablaibh é, agus níor shiubhladar a thuilleadh leis. Adubhairt Íosa, d’á bhrigh sin, leis an dáréag, Arbh áil libh‐se imtheacht, leis? D’fhreagair Síomón Peadar é, A Thighearna, cia chum a rachaimís? is agat‐sa atá briathra na beathadh síorraidhe. Agus creidimíd‐ne, agus atá a fhios againn gur tusa Aon Naomhtha Dé. D’fhreagair Íosa dhóibh, Nár thoghas‐sa sibh‐se, dáréag, agus duine agaibh ’n‐a dhiabhal? Agus is do Iúdás Shíomóin Iscariót do bhí sé ag tagairt, óir ba eisean do bhí chum é do bhrath, agus gur duine de’n dáréag é. I n‐a dhiaidh sin do ghluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorbh áil leis siubhal i nIúdaea, toisc go raibh na h‐Iúdaigh ag iarraidh a chur chum báis. Agus do bhí féile na nIúdach, féile na mboth, i bhfogas. D’á bhrigh sin adubhairt a bhráithre leis, Fág an áit seo, agus imthigh go h‐Iúdaea, chum go bhfeicfidh do dheisceabail na gníomhartha do‐ghní tú, chómh maith. Óir ní oibrigheann aon duine fá cheilt, agus é ag iarraidh é féin do nochtadh go poiblidhe. Má ghníonn tú na neithe seo, taisbeán thú féin do’n tsaoghal. Óir níor chreid a bhráithre féin ann. Uime sin adubhairt Íosa leo, Ní tháinig m’uair‐se fós; acht atá bhúr n‐uair‐se ann i gcómhnaidhe. Ní fhéadann an saoghal fuath do thabhairt daoibh‐se; acht atá fuath aige dhamh‐sa, de bhrigh go dtugaim fiadhnaise ’n‐a thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h‐olc. Téighidh‐se suas chum na féile: ní fhuilim‐se ag dul chum na féile seo fós; óir ní tháinig m’uair fós. Agus nuair adubhairt sé an méid sin leo, d’fhan sé sa nGalilé. Acht nuair bhí a bhráithre imthighthe suas chum na féile, do chuaidh sé féin suas mar an gcéadna, acht ní dheachaidh go poiblidhe, acht mar bhéadh sé ag dul i ngan fhios. Agus do bhí na h‐Iúdaigh ar a lorg ag an bhféile, agus adubhradar, Cá bhfuil sé? Agus do bhí conspóid i measc na ndaoine ’n‐a thaobh: adubhairt cuid aca, Is fear maith é; adubhairt cuid eile, Ní h‐eadh, acht ag mealladh na ndaoine atá sé. Acht ar eagla na nIúdach níor labhair aoinneach go foscailte ’n‐a thaobh. Acht nuair bhí a leath de’n fhéile thart, do chuaidh Íosa suas go dtí an teampall, agus do‐rinne sé teagasc. Agus do bhí iongnadh ar na h‐Iúdachaibh, agus adubhradar, Cionnas fuair an fear so léigheann agus nár fhoghlaim sé riamh? D’fhreagair Íosa iad, agus adubhairt sé, Ní liom féin mo theagasc‐sa, acht leis an té do chuir uaidh mé. Cibé duine gur mian leis a thoil‐sean do dhéanamh, tuigfidh sé i dtaobh an teagaisc, an ó Dhia labhraim, nó uaim féin. An té labhras uaidh féin, is í a ghlóir féin loirgeas sé; acht an té loirgeas glóir an té do chuir uaidh é, ata seisean fírinneach, agus ní fhuil mí‐chneastacht ann. Nach dtug Maois an reacht daoibh, agus gan duine agaibh ag cóimhlíonadh an reachta? Cad chuige dhaoibh bheith ag iarraidh mise do mharbhadh? D’fhreagair an sluagh agus adubhradar, Deamhan atá ionnat: cia atá ag iarraidh thú do mharbhadh? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Do‐rinneas gníomh amháin, agus atá iongnadh oraibh uile. Uime sin thug Maois an timcheall‐ghearradh dhaoibh (ní h‐é gur ó Mhaois tháinig sé, acht ó n‐bhúr sinnsearaibh); agus do‐ghní sibh‐se timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid. Má ghnítear timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid, chum nach mbrisfidhe reacht Mhaoise, an bhfuil olc agaibh damh‐sa, de chionn gur leigheasas duine go h‐iomlán sa tsabóid? Ná beiridh breith de réir na súile, acht beiridh breith cheart. Agus do bhí dream de mhuinntir Iarúsalem adubhairt, Nach é seo an duine go bhfuil siad ag iarraidh a mharbhadh? Agus féach, atá sé ag labhairt go poiblidhe, agus ní abrann siad éinnidh leis. An bhfuil a fhios go fíor ag na h‐uachtaránaibh gur ab é an Críost é? Acht atá aithne againne ar an bhfear so, agus atá a fhios againn cá h‐as dó. Annsin do ghlaodh Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á rádh, Atá aithne agaibh orm‐sa, agus atá a fhios agaibh cá h‐as dom; agus ní uaim féin tháinig mé, acht an té do chuir uaidh mé atá sé fíor, an té nach bhfuil aithne agaibh‐se air. Atá aithne agam‐sa air; óir is uaidh‐sean mé, agus is é féin do chuir uaidh mé. Annsin do shanntuigheadar breith air: acht níor chuir aon duine lámh ann, óir ní raibh a uair tagtha fós. Acht do bhí a lán de’n tsluagh do chreid ann; agus adubhradar, Nuair thiocfas an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó míorbhailtí ’ná do‐rinne an duine seo? Do‐chuala na Fairisínigh an sluagh ag conspóideacht ’n‐a thaobh ar an gcuma sin; agus do chuir uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh maoir chum beirthe air. Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐bhúr bhfochair go fóill, agus annsin imtheochad chuige‐sean do chuir uaidh mé. Béidh sibh ’gam’ lorg, agus ní bhfaighidh sibh mé: agus an áit ’n‐a bhfuilim‐se, ní fhéadfaidh sibh‐se teacht ann. Annsin adubhairt na h‐Iúdaigh eadortha féin, Cia an áit ’n‐a rachaidh an duine seo, agus nach bhfaighimíd é? An rachaidh sé chum na ndaoine atá scaipthe i measc na nGréagach, leis na Gréagaigh do theagasc? Créad is ciall do’n chainnt seo adubhairt sé, Loirgfidh sibh mé, agus ní bhraighidh sibh mé: agus an áit ’n‐a mbéidh mé, ní fhéadfaidh sibh teacht ann? Agus an lá deireannach de’n fhéile, an lá mór, do sheas Íosa agus do ghlaodh sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagadh sé chugam‐sa, agus óladh sé. An té chreideas ionnam‐sa, mar adubhairt an scrioptúir, rithfidh as a bhroinn sruthanna uisce bheo. Acht is i dtaobh an Spioraid do bhí le glacadh aca‐san do chreidfeadh ann, adubhairt sé an méid sin: óir do bhí an Spiorad gan bronnadh fós; de bhrigh go raibh Íosa gan glóiriú fós. Ar n‐a chlos sin dóibh, adubhairt cuid de’n tsluagh, Go fírinneach, is é seo an fáidh. Adubhairt cuid eile, Is é an Críost é. Acht adubhairt dream eile, An ó’n nGalilé atá an Críost le teacht? Nach ndubhairt an scrioptúir gur de shíol Dáibhí, agus ó Bheithil, baile Dháibhi, atá an Críost le teacht? Agus d’éirigh aighneas sa tsluagh mar gheall air. Agus ba mhian le cuid aca breith air, acht níor chuir aon duine lámh air. Annsin tháinig na maoir chum uachtarán na sagart agus chum na bhFairisíneach, agus d’fhiafruigheadarsan díobh, Cad chuige nách dtugabhar libh é? D’fhreagair na maoir, Níor labhair aon duine riamh mar labhrann an fear so. Agus d’fhreagair na Fairisínigh iad, An bhfuil sibh‐se meallta, leis? Ar chreid aoinneach de na h‐uachtaránaibh nó de na Fairisíneachaibh ann? Acht an sluagh so atá gan eolas ar an dlighe, atá mallacht ortha. Adubhairt Nicodémus (an fear úd tháinig chuige san oidhche, mar ba dhuine aca é) leo, An ndaorann ar ndlighe duine ar bith ghan éisteacht leis féin ar dtús, agus a aithint créad tá déanta aige? D’fhreagradar agus adubhradar leis, An as an nGalilé dhuit‐se, leis? Cuarduigh, agus chífir nach n‐éirigheann aon fháidh ó’n nGalilé. [Agus d’imthigh gach duine aca chum a thighe féin: Acht do chuaidh Íosa go cnoc na nOla‐chrann. Agus tháinig sé isteach sa teampall arís go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige, agus do shuidh sé síos, agus do bhí sé g á dteagasc. Agus thug na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh leo bean go rugadh uirthi i n‐adhaltranas; agus ar n‐a cur ’n‐a seasamh i láthair, adubhradar leis, A Mháighistir, rugadh ar an mnaoi seo i n‐adhaltranas, sa ngníomh féin. Agus d’órduigh Maois sa dlighe dhúinn a leithéid seo do chur chum báis ag gabháil de chlochaibh uirthi: créad deirir‐se? Acht g‐á thriail adubhradar é sin, le súil go bhféadfaidís rud éigin do chur ’n‐a leith. Acht do chrom Íosa síos, agus do bhí sé ag scríobhadh le n‐a mhéir ar an talamh. Agus mar leanadar ag cur na ceiste air, d’éirigh sé suas agus adubhairt sé leo, Cibé duine agaibh atá gan pheacadh, caitheadh seisean an chéad chloch léi. Agus do chrom sé síos arís, agus do scríobh sé ar an talamh. Agus nuair do‐chualadar sin, d’imthigheadar ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, na daoine ba shine ar dtús, go dtí an duine deiridh, agus do fágadh Íosa ’n‐a aonar, agus an bhean ’n‐a seasamh ’n‐a láthair. Annsin d’éirigh Íosa suas, agus adubhairt sé léi, A bhean, cá bhfuil siad? An amhlaidh nár dhaor aoinneach thú? Adubhairt sise, Níor dhaor, a Thighearna. Agus adubhairt Íosa, Ní mó dhaoraim‐se thú: imthigh, agus ná déan aon pheacadh arís.] Annsin do labhair Íosa leo arís, g‐á rádh, Is mise solas an domhain, an té leanas mé ní siubhalfaidh sé i ndorchadas, acht béidh solas na beathadh aige. Agus adubhairt na Fairisínigh leis, Atá tú ag tabhairt fiadhnaise id’ thaobh féin, ní fhuil t’fhiadhnaise fírinneach. D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Bíodh go bhfuilim ag déanamh fiadhnaise im’ thaobh féin, atá m’fhiadhnaise fírinneach, óir is eol dom cá h‐as a dtáinig mé, agus cá bhfuilim ag dul; acht ní fhuil a fhios agaibh‐se cá h‐as a dtáinig mé, ná cá bhfuilim ag dul. Do‐bheir sibh‐se breith de réir na feola; ní thugaim‐se breith ar aoinneach. Agus má bheirimse breith féin, tá mo bhreith fíor: óir ní fhuilim im’ aonar, acht atá mise agus an t‐Athair do chuir uaidh mé i n‐éinfheacht. Agus fós, atá scríobhtha ’n‐bhúr ndlighe‐se, gur fírinneach fiadhnaise beirte. Is mise do‐bheir fiadhnaise im’ thaobh féin, agus an t‐Athair do chuir uaidh mé, do‐bheir seisean fiadhnaise im’ thaobh. Agus adubhradar leis, Cá bhfuil t’Athair? D’fhreagair Íosa, Ní fhuil aithne agaibh orm‐sa ná ar m’Athair: dá mbéadh aithne agaibh orm‐sa, do bhéadh aithne agaibh ar m’Athair, chómh maith. Do labhair Íosa na briathra sin i n‐áit an chiste, agus é ag teagasc sa teampall: agus níor chuir aon duine lámh air, óir ní raibh a uair tagtha fós. Agus adubhairt sé leo arís, Atáim‐se ag imtheacht, agus béidh sibh ’gam’ lorg, agus gheobhaidh sibh bás ’n‐bhúr bpeacadh; an áit ’n‐a bhfuilim ag dul, ní fhéadfaidh sibh‐se teacht ann. Agus adubhairt na h‐Iúdaigh, An amhlaidh mhuirbhfeas sé é féin, go n‐abrann sé, An áit ’n‐a bhfuilim ag dul ní fhéadfaidh sibh‐se teacht ann? Agus adubhairt sé leo, Ó’n áit thíos daoibh‐se, ó’n áit thuas damh‐sa: de’n tsaoghal so sibh‐se, ní de’n tsaoghal so mise. Ar an adhbhar sin adubhairt mé libh, go bhfaighidh sibh bás ’n‐bhúr bpeacaidhibh: óir muna gcreideann sibh gur mise é, gheobhaidh sibh bás ’n‐bhúr bpeacaidhibh. Uime sin adubhradar leis, Cia thú féin? Adubhairt Íosa léo, Cad chuige dhom bheith ag labhairt libh, ar chor ar bith? Atá mórán agam le rádh agus le breathnú ’n‐bhúr dtaobh: acht an té do chuir uaidh mé atá sé fíor; agus na neithe do‐chualas uaidh‐sean, is iad sin na neithe labhraim leis an saoghal. Níor thuigeadar gur i dtaobh an Athar do bhí sé ag cainnt. Uime sin adubhairt Íosa, Nuair árdócaidh sibh Mac an Duine, béidh a fhios agaibh annsin gur mise é, agus nach ndéanaim éinnidh uaim féin, acht gur fá mar theagaisc an t‐Athair dom, labhraim na neithe seo. Agus an té do chuir uaidh mé atá sé im’ fhochair; níor fhág sé im’ aonar mé; óir do‐ghním i gcómhnaidhe na neithe thaithnigheas leis. Ar n‐a rádh sin dó, do chreid mórán daoine ann. Agus adubhairt Íosa leis na h‐Iúdachaibh do chreid ann, Má chlaoidheann sibh lem’ bhriathraibh, go fírinneach is deisceabail agam sibh; agus aithneochaidh sibh an fhírinne, agus saorfaidh an fhírinne sibh. D’fhreagradar é, De shíol Abrachaim sinne, agus ní rabhamar riamh ’n‐ár seirbhiseachaibh ag aon duine: cionnas adeirir‐se, Saorfar sibh? D’fhreagair Íosa iad, Go fírinneach adeirim libh, Duine ar bith do‐ghní peacadh is seirbhíseach do’n pheacadh é. Agus ní fhanann an seirbhíseach sa teaghlach de shíor: fanann an Mac de shíor. Ar an adhbhar sin, má shaorann an Mac sibh, béidh sibh saor dá ríribh. Atá a fhios agam gur de shíol Abrachaim sibh; acht atá sibh ag iarraidh mise do mharbhadh, de bhrigh nach bhfaghann mo bhriathra slighe ionnaibh. Labhraim‐se i dtaobh a bhfaca mé i bhfochair m’Athar: agus do‐ghní sibh‐se, leis, na neithe dochualabhar ó bhúr n‐Athair. D’fhreagradar‐san agus adubhradar leis, Is é Abracham ár nAthair‐ne. Adubhairt Íosa leo, Dá mba chlann d’Abracham sibh, do‐ghéanadh sibh oibreacha Abrachaim. Acht atá sibh anois ag iarraidh mise do mharbhadh, duine d’innis daoibh an fhírinne do‐chuala mé ó Dhia: ní dhearna Abracham sin. Do‐ghní sibh oibreacha bhúr n‐athar. Adubhradar‐san leis, Ní clann bastairt sinne, atá aon athair amháin againn, Dia. Adubhairt Íosa leo, Dá mba é Dia bhúr n‐athair, do bhéadh grádh agaibh damh‐sa: óir is ó Dhia tháinig mé, agus is uaidh thigim, agus ní uaim féin tháinig mé, acht ba eisean do chuir uaidh mé. Cad chuige nach dtuigeann sibh mo chainnt? De bhrigh nach bhfuil ar chumas daoibh éisteacht lem’ bhriathraibh. Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é. Acht de bhrigh go labhraim‐se an fhírinne, ní chreideann sibh mé. Cia aca dhíbh‐se chuireas peacadh im’ leith? Má labhraim an fhírinne, cad chuige nach gcreideann sibh mé? An té is ó Dhia éisteann sé le briathraibh Dé: is uime sin nach n‐éisteann sibh, óir ní ó Dhia sí. D’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Nach maith adeirimíd é gur Samáritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat? D’fhreagair Íosa, Ní fhuil deamhan ionnam‐sa; acht do‐bheirim onóir dom’ Athair, agus do‐bheir sibh‐se easonóir dhamh‐sa. Acht ní h‐í m’onóir féin loirgim‐se: atá Aon loirgeas agus do‐bheir breith. Go fírinneach adeirim libh, Má choimhéadann duine ar bith mo bhriathar, ní fheicfidh sé bás go deoidh. Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Atá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionnat. Atá Abracham marbh, agus na fáidhe, agus adeir tusa, Má choimhéadann duine mo bhriathar‐sa, ní bhlaisfidh sé bás go deoidh. An mó tusa ’ná ár n‐athair Abracham atá marbh? agus atá na fáidhe marbh: cia h‐é a deir tusa gur tú, mar sin? D’fhreagair Íosa, Má bheirim glóir dhom féin, is neamh‐nidh mo ghlóir: is é m’Athair do‐bheir glóir dhom; an té adeir sibh‐se gur ab é bhúr nDia é; agus ní fhuil aithne agaibh‐se air: acht atá aithne agam‐sa air; agus dá n‐abrainn, Ní fhuil aithne agam air, béidh mé im’ bhréagaire chómh maith libh‐se: acht atá aithne agam air, agus coimhéadaim a bhriathar. Ba gheal le bhúr n‐athair Abracham go bhfaca sé mo lá, agus do chonnaic sé é, agus bhí áthas air. Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Ní fhuil caogadh bliadhain d’aois agat fós, agus an bhracatusa Abracham? Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, Sara rugadh Abracham, atáim‐se ann. Annsin do thógadar clocha le caitheamh leis: acht do chuaidh Íosa i bhfolach, agus d’imthigh sé as an teampall. Agus sa tsiubhal dó, do chonnaic sé duine do bhí dall ó rugadh é. Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de, A Rabbí, cia aca do‐rinne peacadh, an duine seo, nó a athair agus a mháthair, go rugadh é ’n‐a dhall? D’fhreagair Íosa, Ní h‐é gur pheacuigh sé seo ná a athair ná a mháthair: acht chum go bhfoillseochaidhe oibreacha Dé tríd. Caithfimíd oibreacha an té do chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann: atá an oidhche ag teacht nuair nach bhféadann aon duine obair do dhéanamh. An fhaid atáim ar an saoghal, is mise solas an tsaoghail. Nuair adubhairt sé an méid sin, do chaith sé seile ar an talamh, agus do‐rinne sé láib de’n tseile, agus do sméaruigh sé a shúile leis an láib, agus adubhairt sé leis, Imthigh, nigh i lochán Shílóam (chialluigheas, Curtha). D’imthigh sé, mar sin, agus do nigh, agus d’fhill sé agus a radharc aige. Agus a chómharsana agus na daoine do chonnaic roimhe sin é, agus é ’n‐a dhéirceoir, adubhradar, Nach é seo an té do bhíodh ’n‐a shuidhe ag iarraidh déirce? Adubhairt cuid aca, Is é: adubhairt cuid eile, Ní h‐é, acht is cosmhail leis é. Adubhairt sé féin, Is mise é. Annsin adubhradar leis, Cia an chaoi ar foscladh do shúile? D’fhreagair sé, An fear ar a dtugtar Íosa, do‐rinne sé láib, agus do sméaruigh sé mo shúile, agus adubhairt sé liom, Imthigh go Sílóam, agus nigh: agus d’imthigheas agus do nigheas, agus fuaras mo radharc. Agus adubhradhar leis, Cá bhfuil sé? Adubhairt seisean, Ní fhuil a fhios agam. Thugadar chum na bhFairisíneach an fear do bhí roimhe sin ’n‐a dhall. Agus ba é lá na sabóide do bhí ann nuair do‐rinne Íosa an láib agus d’fhoscail sé súile an duine. Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh arís de cionnas fuair sé a radharc. Agus adubhairt sé leo, Do chuir sé láib ar mo shúilibh, agus do nigheas agus do‐chím. Uime sin adubhairt cuid de na Fairisíneachaibh, Ní ó Dhia an fear so, óir ní choimhéadann sé an tsabóid. Acht bhí cuid eile aca adubhairt, Cionnas is féidir do dhuine peacamhail a leithéidí de mhíorbhailtibh do dhéanamh? Agus do bhí siosma eadortha. Agus adubhairt siad arís leis an dall, Créad é do bharamhail de’n té úd, ó d’fhoscail sé do shúile? Adubhairt seisean, Fáidh is eadh é. Níor chreid na h‐Iúdaigh, ámh, an scéal go raibh sé ’n‐a dhall, agus go bhfuair sé a radharc, nó gur ghlaodhadar ar athair agus ar mháthair an té fuair a radharc, agus gur cheistigheadar iad, g‐á rádh, An é seo bhúr mac adeir sibh a rugadh ’n‐a dhall? Cionnas do‐chí sé anois? Adubhairt a athair agus a mháthair, Atá a fhios againn gur ab é ár mac é, agus go rugadh é ’n‐a dhall: acht cionnas tharla go bhfeiceann sé anois, ní fhuil a fhios againn; nó cia d’fhoscail a shúile, ní fhuil a fhios againn: cuiridh an cheist air féin; atá sé d’aois, labharfaidh sé ar a shon féin. Adubhairt an t‐athair agus an mháthair an méid sin ar eagla na nIúdach: óir do bhí socruighthe ag na h‐Iúdachaibh, dá n‐admhuigheadh duine ar bith gurbh é an Críost é, go gcuirfidhe amach é as an tsionagóig. Ar an adhbhar sin adubhairt a athair agus a mháthair. Atá sé d’aois, cuiridh an cheist air féin. Annsin do ghlaodhadar athuair ar an duine do bhí ’n‐a dhall, agus adubhradar leis, Tabhair glóir do Dhia: is eol dúinn gur peacach an fear úd. Adubhairt seisean leo, Ní fhuil a fhios agam an peacach é: atá a fhios agam aon nidh amháin, go rabhas im’ dhall, agus go bhfuil radharc agam anois. Adubhradar leis annsin, Créad do‐rinne sé dhuit? cionnas d’fhoscail sé do shúile? D’fhreagair seisean dóibh, D’inniseas cheana dhaoibh é, agus níor éisteabhar: cad chuige gur ab áil libh a chlos arís? an mian libh‐se, leis, bheith ’n‐bhúr ndeisceablaibh aige? Agus do tharcuisnigheadar é, agus adubhradar, Is deisceabal dó thusa, acht is do Mhaois is deisceabail sinne. Atá a fhios againn gur labhair Dia le Maois: acht ní h‐eol dúinn cá h‐as do’n fhear so. D’fhreagair an fear agus adubhairt sé leo, Nach iongantach an scéal é, nach eol daoibh cá h‐as dó, agus gur fhoscail sé mo shúile. Atá a fhios againn nach n‐éisteann Dia le lucht peacaidh do dhéanamh: acht an duine adhras Dia, agus ghníos a thoil, éisteann sé leisean. Ní chualathas ó thosach an domhain gur fhoscail aoinneach súile duine rugadh ’n‐a dhall. Muna mbéadh gur ó Dhia an fear so, ní fhéadfadh sé nidh ar bith do dhéanamh. D’fhreagradar‐san agus adubhradar leis, Is i bpeacaidhibh ar fad rugadh thusa, agus an ag tabhairt teagaisc dúinne atáir? Agus do chaitheadar amach é. Do‐chuala Íosa gur chaitheadar amach é; agus nuair fuair sé é, adubhairt sé leis, An gcreideann tusa i Mac Dé? D’fhreagair seisean agus adubhairt, Agus cia h‐é féin, a Thighearna, go gcreidfinn ann? Adubhairt Íosa leis, Do chonnacais é, agus an té atá ag labhairt leat is é é. Agus adubhairt seisean, Creidim, a Thighearna. Agus d’umhlaigh sé dhó. Agus adubhairt Íosa, Chum breitheamhnas do thabhairt thánag‐sa ar an saoghal so, chum go bhfeicfidh siad‐san nach bhfeiceann, agus go ndallfar iad‐san do‐chí. Do‐chuala cuid de na Fairisíneachaibh do bhí ’n‐a fhochair é sin, agus adubhradar leis, An bhfuilmíd‐ne dall, leis? Adubhairt Íosa leo, Dá mbéadh sibh dall, ní bhéadh peacadh oraibh: acht anois adeir sibh, Do‐chímíd: fanann bhúr bpeacadh. Go fírinneach, adeirim libh, an té nach dtagann an doras isteach i gcró na gcaorach, acht dhreapuigheas suas ar bhealach eile, bitheamhnach agus gadaidhe is eadh é. Acht an té thagas isteach an doras is é aodhaire na gcaorach é. Is dó‐san fhosclas an geatóir; agus airigheann na caoirigh a ghlór: agus glaodhann sé as a n‐ainm ar a chaoiribh féin, agus seolann sé amach iad. Agus nuair bhíos a thréad uile seolta amach aige, siubhlann sé rómpa, agus leanann na caoirigh é: óir aithnigheann siad a ghlór. Acht ní leanfaidh siad coimhightheach, acht teichfidh siad uaidh: óir ní aithnigheann siad glór na gcoimhightheach. Do labhair Íosa an tsamhlaoid sin leo: acht níor thuigeadar na briathra adubhairt sé leo. Annsin adubhairt Íosa leo arís, Go fírinneach adeirim libh, Is mise doras na gcaorach. Gach a dtáinig rómham is gadaidhthe agus bitheamhnaigh iad: acht níor airigh na caoirigh iad. Is mise an doras: cibé thagas isteach tríom‐sa, slánóchar é, agus rachaidh sé isteach agus amach, agus do‐gheobhaidh sé inbhear. Ní thagann an gadaidhe acht chum bheith ag goid, agus ag marbhadh, agus ag slad: tháinig mise chum go mbéadh beatha aca, agus go mbéadh sí go fairsing aca. Is mise an t‐aodhaire maith: do‐bheir an t‐aodhaire maith a anam ar son na gcaorach. Acht an fear tuarastail, nach aodhaire é, agus nach leis féin na caoirigh, do‐chí sé an mac tíre ag teacht, agus fágann sé na caoirigh, agus teicheann sé, agus sciobann an mac tíre iad, agus scaipeann sé iad: óir ní fhuil ann acht fear tuarastail, agus ní chuireann sé spéis ins na caoiribh. Is mise an t‐aodhaire maith; agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnigheann mo chuid féin mé, fá mar aithnigheann an t‐Athair mé, agus aithnighim‐se an t‐Athair; agus do‐bheirim m’anam ar son na gcaorach. Agus atá caoirigh eile agam, nach mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan thabhairt, leis, agus éistfidh siad lem’ ghlór; agus béidh aon chró agus aon aodhaire amháin ann. Ar an adhbhar sin atá grádh ag an Athair dhom, de chionn go bhfuilim ag tabhairt m’anma, chum go nglacfainn chugam é arís. Ní fhuil aon duine g‐á thógáil uaim, acht is uaim féin atáim g‐á thabhairt uaim. Atá ar chumas dom a thabhairt uaim, agus atá ar chumas dom a ghlacadh chugam arís. Mar sin do chuir m’Athair de dhualgas orm. D’éirigh conspóid arís i measc na nIúdach mar gheall ar na briathraibh sin. Agus adubhairt mórán aca, Atá deamhan ann, agus is ar buile atá sé; cad chuige dhaoibh bheith ag éisteacht leis? Agus bhí tuilleadh aca adubhairt, Ní briathra duine go bhfuil deamhan ann iad sin. An bhféadfadh deamhan súile na ndall d’fhoscailt? Agus do bhí féile na toirbhirte i nIarúsalem: an geimhreadh do bhí ann; agus bhí Íosa ag siubhal sa teampall i bpóirse Sholaimh. Agus do chruinnigh na h‐Iúdaigh ’n‐a thimcheall, agus adubhradar leis, Cá fhad an mbeidhmíd idir an dá chómhairle agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go cruinn díreach. D’fhreagair Íosa dhóibh, D’inniseas daoibh é, agus ní chreideann sibh: na h‐oibreacha do‐ghním i n‐ainm m’Athar, do‐ghní siad sin fiadhnaise dhom. Acht ní chreideann sibh‐se, mar ní dem’ chaoiribh‐se sibh. Éisteann mo chaoirigh‐se lem’ ghlóir, agus aithnighim‐se iad, agus leanann siad mé: agus do‐bheirim an bheatha shíorraidhe dhóibh; agus ní caillfear iad go deoidh, agus ní fhuadóchaidh aoinneach as mo láimh iad. An t‐Athair thug dom iad, is mó é ’ná gach rud; agus ní fhéadann aoinneach iad d’fhuadach as láimh an Athar. Is aon mise agus an t‐Athair. Do thóg na h‐Iúdaigh clocha arís le n‐a gcaitheamh leis. D’fhreagair Íosa dhóibh, Is iomdha deagh‐obair ó’n Athair do thaisbeánas daoibh; cia aca obair dhíobh go bhfuil sibh ag gabháil de chlochaibh orm mar gheall air? D’fhreagair na h‐Iúdaigh, Ní mar gheall ar aon deagh‐obair atáimíd ag gabháil de chlochaibh ort, acht mar gheall ar dhiamhasla, agus go bhfuilir‐se, agus gan ionnat acht duine, ag déanamh Dé dhíot féin. D’fhreagair Íosa dhóibh, Nach bhfuil scríobhtha ’n‐bhúr ndlighe, Adubhras, Is déithe sibh? Má dubhairt sé gur déithe iad‐san, go dtáinig briathar Dé chuca (agus ní féidir an scrioptúir do chur ar neamh‐nidh), an té do choisric an t‐Athair agus do chuir sé uaidh ar an saoghal, an n‐abrann sibh‐se leis, Táir ag diamhasladh; toisc go ndubhras, Is mise Mac Dé? Muna ndéanaim oibreacha m’Athar, ná creididh mé. Acht má ghním iad, muna gcreideann sibh mise, creididh na h‐oibreacha: ionnas go mbéidh a fhios agaibh agus go dtuigfidh sibh go bhfuil an t‐Athair ionnam‐sa, agus go bhfuilim‐se san Athair. D’iarradar breith air arís: agus d’éaluigh sé as a lámhaibh. Agus d’imthigh sé arís thar Iórnán anonn go dtí an áit ’n‐a raibh Eoin ag baisteadh ar dtús; agus d’fhan sé annsin. Agus tháinig a lán daoine chuige; agus adubhradar, Ní dhearna Eoin míorbhail ar bith: acht gach a ndubhairt Eoin i dtaobh an fhir seo, do b’fhíor é. Agus do bhí mórán annsin do chreid ann. Agus do bhí duine áirithe breoite, Lasarus ó Bhétánia, baile Mháire agus Mharta, a dheirbhshiúr. Máire d’ong an Tighearna le h‐uinnimint, agus do thriomuigh a chosa le n‐a gruaig, do b’í sin an té go raibh a dearbhráthair Lasarus breoite. Agus do chuir an bheirt deirbhshiúr teachtaireacht chuige, g‐á rádh, A Thighearna, féach, an té is ionmhain leat atá sé breoite. Acht nuair do‐chuala Íosa é, adubhairt sé, Ní chum báis an bhreoiteacht so, acht chum glóire Dé, ionnas go bhfaigheadh Mac Dé glóir d’á bhárr. Agus do bhí an‐chion ag Íosa ar Mharta, agus ar a deirbhshiúr, agus ar Lasarus. Acht ar n‐a chlos dó go raibh sé breoite, d’fhan sé dhá lá san áit ’n‐a raibh sé. Annsin, ’n‐a dhiaidh sin, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Téighimís arís go h‐Iúdaea. Adubhairt na deisceabail leis, A Rabbí, do bhí na h‐Iúdaigh ag iarraidh gabháil de chlochaibh ort le déidheannaighe; agus an ag dul annsin arís atáir? D’fhreagair Íosa, Nach bhfuil dhá uair déag san lá? Má shiubhlann duine san lá, ní baintear tuisleadh as, óir do‐chí sé solas an tsaoghail seo. Acht má shiubhlann duine san oidhche, baintear tuisleadh as, óir ní fhuil an solas ann. Adubhairt sé an méid sin: agus adubhairt sé leo ’n‐a dhiaidh sin, Atá ár gcara Lasarus ’n‐a chodladh; ácht atáim ag dul g‐á dhúiseacht. Annsin adubhairt na deisceabail leis, A Thighearna, má ta sé ’n‐a chodladh, slánóchar é. Acht is ag tagairt d’á bhás do bhí Íosa; acht do cheapadar‐san gur ag cainnt ar shuan codlata do bhí sé. Annsin adubhairt Íosa leo go cruinn, Atá Lasarus marbh. Agus is maith liom ar bhúr son‐sa nach rabhas ann, chum go gcreidfeadh sibh; acht téighmís chuige. Agus adubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n‐a chómh‐dheisceablaibh, Téighmís‐ne mar an gcéadna, go bhfaighmís bás i n‐éinfheacht leis. Agus nuair tháinig Íosa, fuair sé go raibh sé ceithre lá cheana sa tuama. Agus bhí Bétánia i ngiorracht cúig staid déag d’Iarúsalem; agus do bhí mórán Iúdach tháinig chum Marta agus Máire, ag déanamh sóláis dóibh i dtaobh a ndearbhráthar. Agus nuair do‐chuala Marta go raibh Íosa ag teacht, do chuaidh sí ’n‐a airchis: acht d’fhan Máire ’n‐a suidhe istigh. Agus adubhairt Marta le h‐Íosa, A Thighearna, dá mbeitheá annso, ní bhfaigheadh mo dhearbhráthair bás. Acht atá a fhios agam anois féin, cibé nidh iarrfas tú ar Dhia, go dtiubhraidh Dia dhuit é. Adubhairt Íosa léi, Éireochaidh do dhearbhráthair arís. Adubhairt Marta leis, Atá a fhios agam go n‐éireochaidh sé arís san aiséirghe an lá deireannach. Adubhairt Íosa léi, Is mise an aiséirghe agus an bheatha: cibé chreideas ionnam‐sa, má gheibh sé bás féin, mairfidh sé: agus cibé mhaireas agus chreideas ionnam‐sa ní bhfaighidh sé bás go deoidh. An gcreideann tú sin? Adubhairt sise leis, Creidim, A Thighearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do bhí le teacht ar an saoghal. Agus nuair adubhairt sí sin, d’imthigh sí, agus do ghlaodh sí ós íseal ar Mháire, a deirbhshiúr, g‐á rádh, Atá an Máighistir annso, agus atá sé ag glaodhach ort. Agus nuair do‐chuala sise é, d’éirigh sí go tapaidh, agus do chuaidh sí chuige. (Óir ní raibh Íosa tagtha fós sa mbaile beag, acht bhí sé fós san áit ’n‐ar casadh Marta leis.) Agus na h‐Iúdaigh do bhí i bhfochair Mháire sa tigh, ag déanamh sóláis dí, nuair do chonnacadar gur éirigh sí go tapaidh, do leanadar í, g‐á cheapadh gur ag dul chum an tuama do bhí sí, le caoineadh do dhéanamh ann. Agus nuair tháinig Máire go dtí an áit ’n‐a raibh Íosa, do chaith sí í féin ag a chosaibh, g‐á rádh leis, A Thighearna, dá mbéitheá annso, ní bhfaigheadh mo dhearbhráthair bás. Agus nuair do chonnaic Íosa í ag caoineadh, agus na h‐Iúdaigh tháinig i n‐éineacht léi ag caoineadh, do chorruigh an spioraid ann, agus do bhí sé buaidheartha, Agus adubhairt sé, Cá bhfuil sé curtha agaibh? Adubhradar leis, A Thighearna, tar go bhfeicfir. Do bhris a ghol ar Íosa. Agus adubhairt na h‐Iúdaigh, Féach an cion do bhí aige air! Acht do bhí cuid aca adubhairt, An fear so d’fhoscail súile an daill, nach mbéadh ar chumas dó an duine so do chosaint ar an mbás? Agus táinig Íosa chum an tuama, agus a spioraid ag corrú ann. Agus pluais ab eadh í, agus leac ar a béal. Adubhairt Íosa, Tógaidh an leac. Adubhairt Marta, deirbhshiúr an duine mhairbh, A Thighearna, atá sé bréan fá’n am so: óir atá sé marbh le ceithre lá. Adubhairt Íosa léi, Nach ndubhras leat, má chreideann tú, go bhfeicfir glóir Dé? Agus do thógadar an leac. Agus d’fhéach Íosa i n‐áirde, agus adubhairt, A Athair, do‐bheirim a bhuidheachas leat gur éistis liom. Agus do bhí a fhios agam go n‐éisteann tú liom i gcómhnaidhe: acht mar gheall ar an sluagh atá ’n‐a seasamh im’ thimcheall adubhras é, chum go gcreidfidís gur chuiris uait mé. Agus tar a éis dó sin a rádh, do ghlaodh sé de ghuth árd, A Lasaruis, tar amach. Agus tháinig an duine marbh amach, agus na ceangail báis ar láimh agus ar chois air; agus do bhí éadach ceangailte ar a aghaidh. Adubhairt Íosa leo, Scaoilidh é, agus leigidh chum siubhail é. Ar an adhbhar sin, mórán de na h‐Iúdaigh tháinig chum Máire, agus do chonnaic na neithe do‐rinne sé, do chreideadar ann. Acht d’imthigh cuid aca chum na bhFairisíneach, agus d’inniseadar dóibh na neithe do bhí déanta ag Íosa. Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh cómhairle, agus adubhradar, Créad atá le déanamh againn? Óir atá an fear so ag déanamh a lán míorbhal. Má leigimíd dó ar an gcuma so, creidfidh gach uile dhuine ann: agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n‐áit agus ár gcineadh. Acht adubhairt duine aca darbh ainm Cáiafas, do bhí ’n‐a árd‐shagart an bhliadhain sin, Ní thuigeann sibh aon nidh ’n‐a thaobh, agus ni chuimhnigheann sibh go n‐oireann sé dhaoibh go bhfaigheadh aon duine amháin bás ar son an phobail, agus nach scriosfaidhe an cineadh uile. Acht ní uaidh féin adubhairt sé sin: acht ó bhí sé ’n‐a árd‐shagart an bhliadhain sin, do thairngir sé go raibh Íosa chum bás d’fhágháil ar son an chinidh; Agus ní h‐amháin ar son an chinidh, acht go gcruinneochadh sé i n‐aon chineadh amháin clann Dé atá scaipthe. D’á bhrigh sin, ó’n lá sin amach, do cheapadar de chómhairle le chéile a chur chum báis. Uime sin níor shiubhail Íosa go poiblidhe i measc na nIúdach ó’n am sin, acht d’imthigh sé isteach sa tír atá i n‐aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Efráim; agus d’fhan sé annsin i bhfochair a dheisceabal. Agus do bhí cáisc na nIúdach i n‐athchomaireacht: agus do chuaidh mórán daoine ó’n dúthaigh sin suas go h‐Iarúsalem, g‐á nglanadh féin roimh an gcáisc. Agus do bhíodar ag lorg Íosa, agus iad ag cainnt le chéile ’n‐a seasamh dhóibh sa teampall, Créad mheasas sibh? Nach dtiocfaidh sé chum na féile? Agus do bhí órdú tugtha ag uachtaránaibh na sagart agus ag na Fairisíneachaibh, dá mb’ eol d’aoinneach cá raibh sé, a innsin, go ngabhfaidís é. Agus sé lá roimh an gcáisc, tháinig Íosa go Bétánia, mar a raibh Lasarus, do bhí tógtha ag Íosa ó’n mbás. Agus do‐rinneadar séire annsin: agus do bhí Marta ag friotháileamh; acht do bhí Lasarus mar aon leo‐san do bhí ’n‐a suidhe chum bidh leis. Agus do thóg Máire púnt d’uinnimint náird ghlain, an‐luachmhair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do thriomuigh sí a chosa le n‐a gruaig; agus do líonadh an teach de chumhracht na h‐uinniminte. Acht adubhairt duine d’á dheisceablaibh, Iúdás Iscariót, an té do bhí le n‐a bhraith, Cad chuige nár díoladh an uinnimint seo ar thrí chéad pinginn, agus a thabhairt do na bochtaibh? Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann. Uime sin adubhairt Íosa, Leigidh dhí: go gcoimhéadaidh sí fá chómhair lae m’adhlaicthe é. Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhím‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe. Agus do bhí a fhios ag coitcheanntacht na nIúdach go raibh sé annsin: agus thángadar, ní h‐amháin mar gheall ar Íosa, acht chum go bhfeicfidís Lasarus do bhí tógtha aige ó na marbhaibh. Acht do cheap uachtaráin na sagart de chómhairle Lasarus do chur chum báis, chómh maith; de chionn go raibh mórán de na h‐Iúdaigh ag imtheacht, agus ag creideamhain i hÍosa. Lá ar n‐a bhárach, do bhí sluagh mór díobh‐san tháinig chum na féile, agus nuair do‐chualadar go raibh Íosa ag teacht go h‐Iarúsalem, do thógadar géaga de na pailmibh, agus do ghluaiseadar amach ’n‐a airchis, agus do ghlaodhadar amach, Hósanna: is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna, Rí Israel. Agus fuair Íosa asal óg agus do shuidh sé air; mar tá scríobhtha, Ná bíodh eagla ort, a inghean Shíoin: féach, atá do Rí ag teacht, ’n‐a shuidhe ar shearrach asail. Níor thuig a dheisceabail na neithe sin ar dtús: acht nuair do bhí Íosa glóirighthe, annsin do chuimhnigheadar ar a raibh scríobhtha ’n‐a thaobh, agus go ndearnadar na neithe sin dó. Uime sin, an sluagh daoine do bhí ’n‐a fhochair nuair do ghlaodh sé Lasarus as an tuama, agus do thóg sé ó na marbhaibh é, thugadar fiadhnaise uatha. Uime sin, fós, do chuaidh an sluagh ’n‐a airchis, óir do‐chualadar go ndearna sé an mhíorbhail sin. Adubhairt na Fairisínigh, d’á bhrigh sin, eadortha féin, Do‐chí sibh nach bhfuil ag éirghe libh ar chor ar bith: féach, atá an saoghal go léir imthighthe ’n‐a dhiaidh. Agus do bhí Gréagaigh áirithe i measc na ndaoine do chuaidh suas chum adhradh do dhéanamh sa bhféile: tháinigh siad‐san chum Philib, fear as Bésáida na Galilé, agus do cheistigheadar é, g‐á rádh, A dhuine uasail, ba mhaith linn Íosa d’fheicsin. Tháinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é: tháinig Aindrias agus Pilib, agus d’inniseadar d’Íosa é. Agus d’fhreagair Íosa iad, g‐á rádh, Atá an uair tagtha chum glóir do thabhairt do Mhac an Duine. Go fírinneach adeirim libh, Muna dtuitidh gráinne cruithneachtan sa talamh agus go n‐éagann sé, fanann sé ’n‐a aonar: acht má éagann sé, do‐bheir sé toradh mór uaidh. An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoghal so, coimhéadfaidh sé chum na beathadh síorraidhé é. Má ghníonn aoinneach seirbhís damh‐sa, leanadh sé mé; agus an áit ’n‐a mhbím‐se, béidh mo sheirbhíseach ann, chómh maith: má ghníonn duine ar bith seirbhís damh‐sa, do‐bhéarfaidh m’Athair onóir dhó. Anois atá buaidhirt anma orm; agus créad adéarfad? A Athair, fuascail mé ó’n uair seo. Acht chuige seo is eadh tháinig mé chum na h‐uaire seo. A Athair, glóirigh t’ainm. Annsin tháinig guth ó neamh, Do ghlóirigheas cheana é, agus glóireochad arís é. Agus an sluagh do bhí ’n‐a seasamh annsin, nuair do‐chualadar é, adubhradar gur tóirneach do bhí ann: adubhairt cuid eile, Aingeal do labhair leis. D’fhreagair Íosa agus adubhairt, Ní ar mo shon‐sa tháinig an guth sin, acht ar bhúr son‐sa. Anois atá breitheamhnas an tsaoghail seo ann; anois atá prionnsa an tsaoghail seo le ruagadh. Agus mise, má árduighthear mé ó’n talamh, tarraingeochad chugam na daoine uile. Acht adubhairt sé sin g‐á chur i dtuigsint dóibh cia an saghas báis do‐gheobhadh sé. D’fhreagair an sluagh é, Do thuigeamar ó’n dlighe go bhfanann an Críost de shíor: agus adeir tusa go gcaithfear Mac an Duine d’árdú? cia h‐é Mac so an Duine? Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béidh an solas ’n‐bhúr measc. Siubhlaidh an fhaid atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchact oraibh: agus an té shiubhlas sa dorchact, ní bhíonn a fhios aige cá mbíonn sé ag dul. An fhaid atá an solas agaibh, creididh sa tsolas, chum go mbéidh sibh ’n‐bhúr gclainn do’n tsolas. Do labhair Íosa an méid sin, agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha. Acht gidh go ndearna sé an oiread sin míorbhal ’n‐a bhfiadhnaise, níor chreideadar ann: ionnas go gcóimhlíonfaidhe briathar Ésáias fáidh, adubhairt, A Thighearna, cia chreid ar fhógramar? Agus cia dhó gur nochtadh lámh an Tighearna? Ba é fáth nár fhéadadar creideamhain, go ndubhairt Ésáias i n‐áit eile. Do dhall sé a súile, agus chruadhuigh sé a gcroidhe; Ionnas nach bhfeicfidís le n‐a súilibh, ná nach dtuigfidís le n‐a gcroidhe, Agus nach gcasfaidís, Agus nach leigheasfainn iad. Adubhairt Ésáias é sin, toisc go bhfaca sé a ghlóir; agus do labhair sé ’n‐a thaobh. Do bhí mórán de na h‐uachtaránaibh féin, ámh, do chreid ann; acht, mar gheall ar na Fairisíneachaibh níor admhuigheadar é, ar eagla go gcuirfidhe amach as an tsionagóig iad: óir ba mhó aca an ghlóir dhaonna ’ná glóir d’fhágháil ó Dhia. Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd agus adubhairt, An té chreideas ionnam‐sa ní h‐ionnam‐sa chreideas sé, acht san té do chuir uaidh mé. Agus an té do‐chí mise, do‐chí sé an té do chuir uaidh mé. Tháinig mé mar sholas ar an saoghal, ionnas cibé chreideas ionnam, nach bhfanfadh sé sa dorchacht. Agus má éisteann aoinneach lem’ bhriathraibh, agus nach dtugann aire dhóibh, ní thugaim‐se breith air: óir ní chum breith do thabhairt ar an saoghal thánag, acht chum an tsaoghail do shlánú. An té dhiúltas dom, agus nach nglacann lem’ bhriathraibh, atá aige an té do‐bheir breith air: an briathar adubhart‐sa, do‐bhéarfaidh an briathar sin breith air an lá déidheannach. Óir ní h‐uaim féin do labhras‐sa; acht an t‐Athair do chuir uaidh mé, thug sé órdú dhom, céard adéarfainn, agus céard do labharfainn. Agus atá a fhios agam gur beatha shíorraidhe a órdú: uime sin, gach a labhraim‐se, mar dubhairt an t‐Athair liom é, labhraim. Agus roimh fhéile na cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a thráth tagtha chum imtheacht as an saoghal so chum a Athar, ó thug sé grádh d’á mhuinntir féin do bhí sa tsaoghal, thug se grádh dhóibh go deireadh. Agus le linn an tsuipéir, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót Shíomóin, é do bhrath, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh tabhartha ’n‐a láimh dhó ag an Athair, agus go dtáinig sé ó Dhia, agus go raibh sé ag dul chum Dé, d’éirigh sé ó’n mbórd, agus do chuir sé a bhrat i leathtaoibh, agus do ghlac sé tubháille, agus do cheangail sé fá n‐a chom é. Annsin do dhoirt sé uisce isteach i mbáisín, agus do thosnuigh sé ar chosa a dheisceabal do nighe, agus ar a dtriomú leis an tubháille do bhí timcheall a chuim. Annsin tháinig sé go dtí Síomón Peadar. Adubhairt seisean leis, Tusa ag nighe mo chos‐sa, a Thighearna! D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, An nidh do‐ghním‐se, ní thuigeann tú anois é; acht tuigfidh tú é ar ball. Adubhairt Peadar leis, Ní nighfir mo chosa‐sa go bráth. D’fhreagair Íosa dhó, Muna nighim thú, ní fhuil aon roinn agat liom. Adubhairt Síomón Peadar leis, A Thighearna, nár ab iad mo chosa amháin acht mo lámha agus mo cheann, chómh maith. Adubhairt Íosa leis, an té atá nighte ní gábhadh dhó acht a chosa do nighe, agus atá sé glan ar fad: agus atá sibh‐se glan, acht ní fhuil gach duine agaibh glan. Óir bhí a fhios aige cia’rbh é do bhí le n‐a bhrath; do b’uime sin adubhairt sé, Ní fhuil sibh go léir glan. Annsin nuair bhí a gcosa nighte aige, agus a éadaighe curtha air, agus nuair do shuidh sé siar arís, adubhairt sé leo, An dtuigeann sibh céard atá déanta agam daoibh? Glaodhann sibh Múinteoir agus Tighearna orm: agus atá an ceart agaibh; óir is mé sin. D’á bhrigh sin, má nigheas‐sa bhúr gcosa, agus gur mé an Tighearna agus an Múinteoir, ba cheart daoibh‐se cosa a chéile do nighe. Óir atá eisiompláir tabhartha agam daoibh, go ndéanfadh sibh‐se fá mar tá déanta agam‐sa dhaoibh. Go fírinneach adeirim libh, Ní mó an seirbhíseach ’ná a mháighistir; agus ní mó an teachtaire ’ná an té do chuir uaidh é. Má’s eol daoibh an méid sin, is aoibhinn daoibh má ghníonn sibh d’á réir. Ní fhuilim ag labhairt oraibh uile: atá a fhios agam na daoine do thoghas: ácht chum go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, An té itheas mo chuid aráin do thóg sé a shál im’ choinnibh. Atáim g‐á innsin sin daoibh roimh ré, ionnas, nuair thiocfas sé chum críche, go gcreidfeadh sibh gur mé atá ann. Go fírinneach adeirim libh, Cibé ghlacas an té chuirim uaim, ghlacann sé mise; agus cibé ghlacas mise, glacann sé an té do chuir uaidh me. Ar n‐a rádh sin d’Íosa, do bhí sé go buaidheartha ’n‐a spioraid, agus do dhearbhuigh sé, agus adubhairt, Go fírinneach adeirim libh, go mbraithfidh duine agaibh mé. Do dhearc na deisceabail ar a chéile, agus mearbhall ortha i dtaobh an té d’á mbéadh sé ag tagairt. Agus do bhí ag an mbórd duine d’á dheisceablaibh, do b’ionmhain le h‐Íosa, ’n‐a luighe ar ucht Íosa. Agus do sméid Síomón Pheadar airsean, agus adubhairt sé leis, Innis dúinn cia dhó go bhfuil sé ag tagairt. Adubhairt seisean leis, agus é sínte siar ar ucht Íosa, A Thighearna, cia h‐é? D’fhreagair Íosa dhó, An té d’á dtomfad an giota aráin seo agus go dtiubhrad dó é, is é é. Agus nuair do bhí an giota aráin tomtha aige, do thóg sé é agus thug d’Iúdás Shíomóin Iscariót é. Agus i ndiaidh an ghiota, do chuaidh Sátan isteach ann, agus adubhairt Íosa leis, An nidh atá le déanamh agat, déan gan mhoill é. Acht níor thuig aoinneach d’á raibh ag an mbórd cad chuige go ndubhairt sé leis é. Do cheap cuid aca, ó bhíodh an sparán ag Iúdás, go ndubhairt Íosa leis, Ceannuigh a bhfuil ag teastáil uainn i gcómhair na féile; nó, rud éigin do thabhairt do na bochtaibh. Agus nuair do ghlac seisean an giota aráin d’imthigh sé amach ar an láthair: agus bhí an oidhche ann. Agus nuair do bhí sé imthighthe amach, adubhairt Íosa, Anois atá Mac an Duine glóirighthe, agus atá Dia glóirighthe tríd; agus glóireochaidh Dia eisean ann féin, agus glóireachaidh sé ar ball é. A chlann dílis, atáim ’n‐bhúr bhfochair tamall beag go fóill. Béidh sibh ’gam’ lorg, acht, mar adubhairt mé leis na h‐Iúdachaibh, An áit ’n‐a bhfuilim ag dul, ní fhéadann sibh‐sé teacht ann; deirim libh‐se anois é. Do‐bheirim aithne nua dhaoibh, grádh do thabhairt d’á chéile; fá mar thug mise grádh dhaoibh‐se, go dtiubhradh sibh‐se grádh d’á chéile, chómh maith. As sin aithneochaidh gach uile dhuine gur deisceabail damh‐sa sibh, acht grádh bheith agaibh d’á chéile. Adubhairt Síomón Peadar leis, A Thighearna, cá bhfuil tú ag dul? D’fhreagair Íosa, An áit ’n‐a bhfuilim ag dul, ní fhéadann tusa mo leanamhain ann anois; acht leanfaidh tú mé ’n‐a dhiaidh seo. Adubhairt Peadar leis, A Thighearna, cad chuige nach bhféadaim thú do leanamhain anois díreach? dobhéarfad m’anam ar do shon. D’fhreagair Íosa, An dtiubhraidh tú t’anam ar mo shon? Go fírinneach adeirim leat, Ní ghlaodhfaidh an coileach sara séanfair trí h‐uaire mé. Ná bíodh buaidhirt croidhe oraibh; creididh i nDia, creididh ionnam‐sa mar an gcéadna. Is iomdha árus i dteaghlach m’Athar; muna mar sin do bhí, adéarfainn libh é; óir atáim ag dul le áit do chur i n‐áirithe dhaoibh. Agus má imthighim le áit do chur i n‐áirithe dhaoibh, fillfead agus glacfad chugam féin sibh; chum go mbéidh sibh‐se mar a mbéidhead‐sa, leis. Agus an áit ’n‐a bhfuilim ag dul, atá eolas an bhealaigh agaibh‐se. Adubhairt Tomás leis, A Thighearna, ní h‐eol dúinn cá bhfuilir ag dul; cionnas atá eolas an bhealaigh againne? Adubhairt Íosa leis, Is mise an tslighe, agus an fhírinne, agus an bheatha: ní thig aoinneach chum an Athar acht amháin tríom‐sa. Dá mbéadh aithne agaibh orm‐sa, d’aithneochadh sibh an t‐Athair, chómh maith: is aithnid daoibh anois é, agus do chonnacabhar é. Adubhairt Pilib leis, A Thighearna, taisbeán dúinn an t‐Athair, agus is leor dúinn sin. Adubhairt Íosa leis, An bhfuilim an fhaid sin ’n‐bhúr measc, agus gan aithne agat orm, a Philib? an té do chonnaic mise, do chonnaic sé an t‐Athair; cionnas adeir tusa, Taisbeán an t‐Athair dhúinn? Nach gcreideann tú go bhfuilim‐se san Athair, agus go bhfuil an t‐Athair ionnam‐sa? na briathra adeirim libh, ní h‐uaim féin labhraim iad; acht an t‐Athair atá ’n‐a chómhnaidhe ionnam, is é oibrigheas. Creididh uaim go bhfuilim‐se san Athair, agus go bhfuil an t‐Athair ionnam‐sa: nó, an chuid is lugha dhe, creididh mé mar gheall ar na h‐oibreachaibh féin. Go fírinneach adeirim libh, An té chreideas ionnam‐sa, na h‐oibreacha do‐ghním‐se, déanfaidh seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad dhéanfas sé; toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar. Agus cibé nidh iarrfas sibh im’ ainm‐se, déanfad é, chum go nglóireochar an t‐Athair san Mac. Má iarrann sibh nidh ar bith im’ ainm‐se, déanfad é. Má tá grádh agaibh dom, coimhéadfaidh sibh m’aitheanta. Agus cuirfead‐sa athchuinghe ar an Athair, agus do‐bhéarfaidh sé Sólásaidhe eile dhaoibh chum bheith ’n‐bhúr bhfochair go deoidh, Spiorad na fírinne: nach bhféadann an saoghal a ghlacadh; óir ní fheiceann ná ní aithnigheann sé é: aithnigheann sibh‐se é; óir fanann sé agaibh, agus béidh se ionnaibh. Ní fhágfad ’n‐bhúr ndílleachtaibh sibh; tiocfad chugaibh. Tamall beag eile, agus ní fheicfidh an saoghal mé feasta; acht do‐chífidh sibh‐se mé: óir átáim beo, agus béidh sibh‐se beo mar an gcéadna. Béidh a fhios agaibh an lá sin go bhfuilimse im’ Athair, agus go bhfuil sibh‐se ionnam‐sa, agus mise ionnaibh‐se. An té go bhfuil m’aitheanta aige, agus chóimhlíonas iad, is é sin an té go bhfuil grádh aige dhom: agus an té go bhfuil grádh aige dhamh‐sa, béidh grádh ag an Athair dhó‐san, agus béidh grádh agam‐sa dhó, agus foillseochad mé féin dó. Adubhairt Iúdás (níorbh é Iscariót é) leis, A Thighearna, cad fá ndeara gur dúinne fhoillseochair thú féin, agus nach do’n tsaoghal é? D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Má tá grádh ag duine dhom, choimhéadfaidh sé mo bhriathar: agus béidh grádh ag an Athair dhó, agus tiocfaimíd chuige, agus déanfaimíd cómhnaidhe ’n‐a fhochair. An té nach bhfuil grádh aige dhom, ní choimhéadann sé mo bhriathra: agus an briathar do‐chluin sibh, ní h‐é mo bhriathar‐sa é, acht briathar an Athar do chuir uaidh mé. Do labhras an méid sin libh, agus mé im’ chómhnaidhe ’n‐bhúr bhfochair. Acht an Sólásaidhe, an Spiorad Naomh, chuirfeas an t‐Athair uaidh im’ ainm‐se, múinfidh seisean gach uile nidh dhaoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne dhaoibh gach a ndubhras libh. Fágaim síothcháin agaibh; do‐bheirim mo shíothcháin daoibh: ní mar do‐bheir an saoghal, do‐bheirim‐se dhaoibh. Ná bíodh buaidhirt ar bhúr gcroidhe, ná eagla air. Do‐chualabhar mé g‐á rádh libh, Atáim ag imtheacht agus atáim ag filleadh chugaibh. Dá mbéadh grádh agaibh dom, do bhéadh áthas oraibh, toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar: óir is mó an t‐Athair ’ná mise. Agus anois atá sé inniste agam daoibh roimh ré, chum go gcreidfeadh sibh nuair thiocfas sé chum críche. Ní labharfad mórán eile libh, óir atá prionnsa an tsaoghail seo ag teacht: agus ní fhuil baint ar bith aige liom‐sa; acht chum go n‐aithneochadh an saoghal go bhfuil grádh agam do’n Athair, agus gur de réir mar d’órduigh an t‐Athair dhom do‐ghním. Éirighidh, imthighmís as so. Is mise an fhíneamhain fhíor, agus is é m’Athair an fíon‐tsaothruightheoir. Aon chraobh díom nach dtugann toradh, scoitheann sé í: agus aon chraobh do‐bheir toradh, glanann sé í chum go dtiubhradh sí tuilleadh tortha. Atá sibh‐se glan anois de bhárr an bhriathair do labhras libh. Fanaidh ionnam‐sa, agus mise ionnaibh‐se. Fá mar nach bhféadann an chraobh toradh do thabhairt uaithi féin muna bhfanann sí ar an bhfíneamhain; ní fhéadann sibh‐se, acht an oiread, muna bhfanann sibh ionnam‐se. Is mise an fhíneamhain, is sibh‐se na craobhacha: An té fhanas ionnam‐sa, agus go bhfanaim‐se ann, do‐bheir seisean mórán tortha: óir im’ éagmais‐se ní fhéadann sibh éinnidh do dhéanamh. Aon duine nach bhfanann ionnam‐sa, caithtear é amach amhail craobh, agus feoghann sé; agus bailightear iad agus caithtear isteach sa teinidh iad, agus dóightear iad. Má fhanann sibh ionnam‐sa, agus má fhanann mo bhriathra ionnaibh‐se, iarraidh nidh ar bith is mian libh, agus do‐ghéantar daoibh é. Sibh‐se do thabhairt mórán tortha, as sin is eadh tugtar glóir dom’ Athair; agus sibh do bheith ’n‐bhúr ndeisceablaibh agam‐sa. Fá mar thug an t‐Athair grádh dhamh‐sa, thugas‐sa grádh dhaoibh‐se; fanaidh im’ ghrádh. Má choimhéadann sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh im’ ghrádh; fá mar choimhéadas‐sa aitheanta m’Athar, agus go bhfanaim ’n‐a ghrádh. Do labhras na neithe sin libh, d’fhonn go mbéadh mo gháirdeachas ionnaibh, agus go mbéadh bhúr ngáirdeachas iomlán. Is í seo m’aithne‐se, go dtiubhradh sibh grádh d’á chéile, mar thugas‐sa grádh dhaoibh‐se. Ní fhuil grádh ag aon duine is mó ’ná so, go dtiubhradh duine a anam ar son a charad. Is sibh‐se mo cháirde má ghníonn sibh a n‐órduighim daoibh. Ní seirbhísigh ghlaodhaim oraibh feasta; óir ní h‐eol do’n tseirbhíseach céard do‐ghní a thighearna: acht thugas cáirde oraibh; óir gach a gcualas óm’ Athair thugas le fios daoibh‐se. Ní sibh‐se do thogh mise, acht is mise do thogh sibh‐se, agus do cheapas sibh chum go n‐imtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go mbéadh bhúr dtoradh buan: ionnas, cibé nidh iarrfas sibh ar an Athair im’ ainm‐se, go dtiubhradh sé dhaoibh é. Do‐bheirim na h‐aitheanta so dhaoibh, chum go mbéadh grádh agaibh d’á chéile. Má bheir an saoghal fuath dhaoibh, bíodh a fhios agaibh go dtug sé fuath dhamh‐sa rómhaibh. Dá mba leis an saoghal so sibh, do bhéadh cion ag an saoghal ar a chineál féin: acht de bhrigh nach leis an saoghal sibh, acht gur thoghas‐sa sibh as an saoghal, ar an adhbhar sin atá fuath ag an saoghal daoibh. Cuimhnighidh ar an mbriathar adubhairt mé libh, Ní mó an seirbhíseach ná a mháighistir. Má rinneadar géir‐leanamhain orm‐sa, do‐ghéanaid géir‐leanamhain oraibh‐se mar an gcéadna; má choimhéadadar mo bhriathra‐sa, choimhéadfaidh siad bhúr mbriathra‐sa, leis. Acht do‐ghéanaid na neithe seo go léir dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se, de bhrigh nach bhfuil aithne aca ar an té do chuir uaidh mé. Muna mbéadh go dtáinig mé agus gur labhair mé leo, ní bhéadh peacadh ortha: acht anois atáid gan leithscéal i dtaobh a bpeacaidh. An té go bhfuil fuath aige dhamh‐sa, atá fuath aige dom’ Athair, leis. Muna mbéadh go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreacha nach ndearna aoinneach eile, do bhéidís gan pheacadh: acht anois do chonnacadar mise agus m’Athair, agus thugadar fuath dhúinn. Acht chuige sin tharla, chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar atá scríobhtha ’n‐a ndlighe, Thugadar fuath dhom gan chúis. Acht nuair thiocfas an Sólásaidhe, an té chuirfeas mé chugaibh ó’n Athair, Spiorad na fírinne, ghluaiseas ó’n Athair, do‐bhéarfaidh seisean fiadhnaise im’ thaobh‐sa: agus do‐bheir sibh‐se, leis, fiadhnaise, óir atá sibh im’ fhochair ó thosach. D’inniseas an méid sin daoibh chum nach nglacfadh sibh scannal. Cuirfear amach as na sionagógaibh sibh: thairis sin, atá an uair ag teacht go measfaidh an té mharbhas sibh gur ag déanamh seirbhíse do Dhia atá sé. Agus do‐ghéanaid an méid sin, de chionn nach aithnid dóibh an t‐Athair ná mise. Acht d’inniseas na neithe sin daoibh chum go gcuimhneochaidh sibh ar a ndubhairt mé libh, nuair thiocfas an t‐am. Acht níor inniseas na neithe sin daoibh ó thosach, toisc go rabhas‐sa ’n‐bhúr bhfochair. Acht atáim ag dul anois chum an té do chuir uaidh mé; agus ní fhuil duine agaibh g‐á fhiafruighe dhíom, Cá bhfuilir ag dul? Acht de bhrigh gur labhras na neithe sin libh, do líon bhúr gcroidhe de dhólás. Acht cheana atáim ag innsin na fírinne dhaoibh; Is é bhúr leas mé d’imtheacht: óir muna n‐imthighim, ní thiocfaidh an Sólásaidhe chugaibh, acht má imthighim, cuirfead chugaibh é. Agus nuair thiocfas seisean, pléidhfidh sé leis an saoghal i dtaobh an pheacaidh, agus an chirt, agus an bhreitheamhnais: i dtaobh an pheacaidh, de chionn nach gcreidid ionnam‐sa; i dtaobh an chirt, toisc go bhfuilim ag dul chum m’Athar, agus nach bhfeicfidh sibh feasta mé; i dtaobh an bhreitheamhnais, de bhrigh go bhfuil breitheamhnas tabhartha ar phrionnsa an tsaoghail seo. Is iomdha nidh eile atá agam le rádh libh fós, acht ní fhuil ar chumas daoibh a fhulang anois. Acht cheana, nuair thiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróchaidh sé chum na fírinne uile sibh: óir ní h‐uaidh féin labhras sé; acht labharfaidh sé gach a gcluineann sé: agus nochtfaidh sé dhaoibh na neithe atá le teacht. Do‐bhéarfaidh sé glóir dhamh‐sa: óir glacfaidh sé dem’ chuid‐se, agus nochtfaidh sé dhaoibh é. Gach a bhfuil ag an Athair, is liom‐sa é: d’á bhrigh sin adubhairt mé go nglacann sé dem’ chuid‐se, agus go nochtfaidh sé dhaoibh é. Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh me; agus tamall beag eile, agus chífidh sibh mé. Annsin adubhairt cuid d’á dheisceablaibh le n‐a chéile, Caidé seo adeir sé linn, Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus tamall beag eile, agus chífidh sibh mé; agus, Toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar? Uime sin adubhradar, Caidé seo adeir sé, Tamall beag? Ní thuigimíd an chainnt sin aige. Do bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo ceist do chur air, agus adubhairt sé leo, An bhfuil sibh ag ceistiú eadraibh féin fá go ndubhairt mé, Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus chífidh sibh mé? Go fírinneach adeirim libh, go ndéanfaidh sibh‐se gol agus caoineadh, acht béidh áthas ar an saoghal: béidh brón oraibh‐se, acht athróchar bhúr mbrón chum gáirdeachais. Nuair bhíos bean i leabaidh luighe seolta, bíonn dólás uirthi, toisc a h‐am bheith tagtha: acht chómh luath agus beirtear an naoidhean, ní chuimhnigheann sí a thuilleadh ar an doilgheas le gáirdeachas go bhfuil daonnaidhe tagtha ar an saoghal. Mar sin daoibh‐se, agus brón oraibh fá láthair: acht do‐chífead arís sibh, agus béidh áthas ar bhúr gcroidhe, agus ní bhainfidh aoinneach bhúr n‐áthas díbh. Agus ins an lá sin ní chuirfidh sibh ceist orm. Go fírinneach adeirim libh, Má iarrann sibh nidh ar bith ar an Athair, do‐bhéarfaidh sé dhaoibh é im’ ainm‐se. Go dtí seo níor iarrabhar éinnidh im’ ainm‐se: iarraidh, agus do‐gheobhaidh sibh, ionnas go mbéidh bhúr n‐áthas iomlán. Do labhras an méid sin libh i samhlaoidibh: atá an uair ag teacht nach labharfad libh feasta i samhlaoidibh, acht go n‐innseochad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar. Iarrfaidh sibh im’ ainm‐se an lá sin: agus ní abraim libh go nguidhfead chum an Athar ar bhúr son: óir atá grádh ag an Athair féin daoibh, de bhrigh go raibh grádh agaibh‐se dhamh‐sa, agus gur chreideabhar gur ó Dhia tháinig mé. Tháinig mé amach ó’n Athair, agus tháinig mé ar an saoghal: atáim ag fágáil an tsaoghail arís, agus atáim ag dul chum an Athar. Adubhairt a dheisceabail, Féach, anois atáir ag labhairt go soiléir, agus ní samhlaoid atá agat d’á rádh. Atá a fhios againn anois gur ab eol duit an uile nidh, agus nach gábhadh dhuit aon duine bheith gad’ cheistiú: creidimíd d’á bhrigh sin go dtáinig tú amach ó Dhia. D’fhreagair Íosa dhóibh, An gcreideann sibh anois? Féach, atá an uair ag teacht, atá sí ann anois féin, ’n‐a scaipfear gach duine agaibh chum a bhaile féin, agus ’n‐a bhfágfaidh sibh mise im’ aonar: acht cheana, ní im’ aonar atáim, óir atá an t‐Athair im’ fhochair. Adubhairt mé an méid sin libh, chum go mbéadh síothcháin agaibh ionnam‐sa. Ata anró oraibh sa tsaoghal so: acht bíodh meisneach agaibh; atá buaidhte agam‐sa ar an saoghal. Do labhair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a shúl chum neimhe, adubhairt sé, A Athair, atá an uair tagtha; tabhair glóir dod’ Mhac, chum go dtiubhradh an Mac glóir dhuit‐se: fá mar thugais dó cumhacht ar gach a bhfuil beo, ionnas, gach a dtugais dó, go dtiubhradh sé an bheatha shíorraidhe dhóibh. Agus is í seo an bheatha shíorraidhe, aithne do bheith aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneach, agus ar an té do chuiris uait, Íosa Críost. Thugas‐sa glóir dhuit ar talamh, ag críochnú na h‐oibre thugais dom le déanamh. Agus anois, a Athair, tabhair‐se glóir dhamh‐sa, i n‐éinfheacht leat féin, leis an nglóir do bhí agam id’ fhochair sara raibh an domhan ar bun. D’fhoillsigheas t’ainm do na daoinibh thugais dom as an saoghal: ba leat‐sa iad, agus thugais damh‐sa iad; agus do chóimhéadadar do bhriathar. Atá a fhios aca anois gur ab uait‐se gach a dtugais dom: óir na briathra thugais dom, thugas dóibh‐sean iad, agus do ghlacadar iad, agus do bhí a fhios aca go fíor gur ab uait‐se tháinig mé, agus do chreideadar gur tusa do chuir uait mé. Is ortha‐san ghuidhim: ní h‐ar an saoghal ghuidhim, acht ortha‐san thugais dom; óir is leat‐sa iad: agus is leat‐sa gach nidh is liom‐sa: agus atáim glóirighthe ionnta. Agus ní fhuilim‐se feasta ar an saoghal, agus atáid‐sean, ar an saoghal, agus atáim ag teacht chugat‐sa. A Athair Naomhtha, congbhuigh it’ ainm iad‐san thugais dom, chum go mba aon iad, amhail sinne. An fhaid do bhíos‐sa ’n‐a bhfochair, do chongbhuigheas it’ ainm‐se iad‐san thugais dom, agus do chosnas iad, agus ní dheachaidh aoinneach aca amugha, acht mac an mhillte, chum go gcoimhlíonfaidhe an Scrioptúir. Acht atáim ag teacht chugat anois; agus atáim ag labhairt ar an gcuma so san tsaoghal, chum go mbéadh m’áthas‐sa ’n‐a iomláine ionnta féin. Thugas‐sa dhóibh do bhriathar‐sa; agus thug an saoghal fuath dhóibh, de chionn nach de’n tsaoghal iad, fá mar nach de’n tsaoghal mise. Ní iarraim ort iad d’aistriú as an saoghal, acht iad do chosaint ar an olc. Ní de’n tsaoghal iad, fá mar nach de’n tsaoghal mise. Coisric san bhfírinne iad: is fírinne do bhriathar‐sa. Fá mar chuiris mise chum an tsaoghail, do chuireas‐sa chum an tsaoghail iad‐san, chómh maith. Agus is ar a son‐san choisreacaim mé féin, chum go mbéidís féin coisreactha san bhfírinne. Ní h‐ar a son‐san amháin atáim ag guidhe, acht ar son na ndaoine chreideas ionnam tré n‐a mbriathar; chum go mba aon iad uile; fá mar atáir‐se, a Athair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéadh siad‐san ionainn, chómh maith: chum go gcreidfeadh an saoghal gur chuiris uait mé. Agus an ghlóir thugais damh‐sa, thugas‐sa dhóibh‐sean í; ionnas go mba aon iad, fá mar is aon sinne; mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; chum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéadh a fhios ag an saoghal gur chuiris uait mé, agus go dtugais grádh dhóibh‐sean, fá mar thugais grádh dhamh‐sa. A Athair, is é is mian liom na daoine thugais dom do bheith mar a bhfuilim; go bhfeicfidh siad mo ghlóir, a thugais‐se dhom: óis thugais grádh dhom roimh chruthú an domhain. A Athais fhiréin, níor aithin an saoghal mé, acht d’aithnigheas‐sa thú; agus do bhí a fhios aca‐san gur chuiris‐se uait mé; agus d’fhoillsigheas t’ainm dóibh, agus foillseochad é; ionnas, an grádh thugais dom, go mbéidh sé ionnta‐san, agus go mbéidhead‐sa ionnta. Nuair do bhí na briathra sin ráidhte ag Íosa, do chuaidh sé amach mar aon le n‐a dheisceablaibh thar sruth Chedron, mar a raibh garrdha, agus do chuaidh sé féin isteach ann i n‐éinfheacht le n‐a dheisceablaibh. Agus do bhí fios na h‐áite sin ag Iúdás, do bhí g‐á bhrath: óir ba mhinic do théigheadh Íosa agus a dheisceabail ann. Agus Iúdás, nuair fuair sé buidhean agus oifigigh ó na h‐árd‐shagartaibh agus ó na Fairisíneachaibh, tháinig sé chum na h‐áite, agus lóchrainn, agus tóirsí, agus airm aige. Agus ó bhí a fhios ag Íosa gach a raibh le teacht air, do chuaidh sé amach, agus adubhairt sé leo, Cia atá uaibh? D’fhreagradar dó, Íosa Nasardha. Adubhairt Íosa leo, Is mise é. Agus Iúdás do bhí g‐á bhrath, bhí sé ’n‐a sheasamh i n‐éinfheacht leo. Agus, ní túisce adubhairt sé leo, Is mise é, ’ná chuadar siar, agus do thuiteadar ar an talamh. Uime sin d’fhiafruigh sé dhíobh arís, Cia atá uaibh? Agus adubhradar, Íosa Nasardha. D’fhreagair Íosa, Adubhras libh gur mise é: d’á bhrigh sin má’s mise atá uaibh, leigidh dhóibh seo bheith ag imtheacht: chum go gchóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt sé, Dhíobh‐san thugais dom níor chailleas duine. Annsin Síomón Peadar, go raibh claidheamh aige, do tharraing sé é, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, gur bhain sé an leath‐chluas dheas de. Agus Malchus ab ainm do’n tseirbhíseach. Agus adubhairt Íosa le Peadar, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a thruaill: an cupán thug an t‐Athair le n’ól dom, nach n‐ólfad é? Annsin rug an bhuidhean, agus oifigigh na nIúdach ar Íosa, agus do cheangladar é, agus rugadar i láthair Annais ar dtús é; óir ba é athair céile Cháiafais é, do bhí ’n‐a árd‐shagart an bhliadhain sin. Agus ba é Cáiafas an té thug de chómhairle do na h‐Iúdachaibh, go n‐oirfeadh bás duine amháin do’n phobal. Agus do lean Síomón Peadar Íosa, agus deisceabal eile, leis. Agus do bhí aithne ag an árd‐shagart ar an deisceabal sin, agus do chuaidh sé isteach mar aon le h‐Íosa i gcúirt an árd‐shagairt; acht do bhí Peadar ’n‐a sheasamh taobh amuigh de’n doras. Agus an deisceabal eile go raibh aithne ag an árd‐shagart air, do chuaidh sé amach agus do labhair sé leis an gcailín do bhí i mbun an dorais, agus thug sé Peadar isteach. Annsin adubhairt cailín an dorais le Peadar, Nach duine de dheisceablaibh an fhir seo thusa, leis? Adubhairt seisean, Ní h‐eadh. Agus do bhí na seirbhísigh agus na h‐oifigigh ’n‐a seasamh, agus teine fíodhghuail ar lasadh aca; óir bhí sé fuar; agus bhí siad g‐á dtéidheadh: agus do bhí Peadar ’n‐a bhfochair, leis, ’n‐a sheasamh agus g‐á théidheadh. Agus do chuir an t‐árd‐shagart ceist ar Íosa i dtaobh a dheisceabal agus i dtaobh a theagaisc. D’fhreagair Íosa dhó, Do labhras go foscailte leis an saoghal; do‐ghnínn teagasc i gcómhnaidhe san tsionagóig agus san teampall mar a gcruinnigheann na h‐Iúdaigh uile le chéile; níor labhras éinnidh fá cheilt. Cad chuige dhuit bheith ’gam’ cheistiú? Cuir ceist ortha‐san do‐chuala a ndubhairt mé leo: féach, is eol dóibh‐sean céard adubhairt mé. Ar n‐a rádh sin dó, do bhuail duine de na h‐oifigeachaibh do bhí láithreach ’n‐a sheasamh, bhuail sé buille boise ar Íosa, g‐á rádh, An mar sin do‐bheir tú freagra ar an árd‐shagart? D’fhreagair Íosa dhó, Má labhras go h‐olc, tabhair fiadhnaise i dtaobh an uilc; acht má labhras san gceart, chad chuige ar bhuailis mé? Annsin do chuir Annas é ceangailte chum an árd‐shagairt. Agus do bhí Síomón Peadar ’n‐a sheasamh g‐á ghoradh féin. Agus adubhradar leis, Nach duine d’á dheisceablaibh‐siúd thusa, leis? Do shéan seisean, agus adubhairt, Ní h‐eadh. Adubhairt duine de sheirbhíseachaibh an árd‐shagairt, gaol do’n té gur bhain Peadar an leath‐chluas de, Nach bhfacassa sa ngarrdha thú ’n‐a fhochair? Do shéan Peadar arís: agus ar an láthair do ghlaodh an coileach. Do threoruigheadar Íosa annsin ó Cháiafas isteach sa bPraetorium; agus do bhí moch na maidne ann; agus ní dheachadar féin isteach sa bPraetorium chum nach dtruailleochaidhe iad, acht go n‐íosfaidís an cháisc. Uime sin do chuaidh Píoláid amach chuca, agus adubhairt, Caidé an chúis atá agaibh i n‐aghaidh an fhir seo? D’fhreagradar agus adubhradar leis, Muna mbéadh gur cuirptheach an fear so, ní thiubhraimís ar láimh duit é. Annsin adubhairt Píoláid leo, Tógaidh libh féin é, agus beiridh breith air de réir bhúr ndlighe féin. Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Ní dlistineach dúinne aon duine do chur chum báis: chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Íosa, g‐á chur i n‐umhail cia an saghas báis do bhí i ndán dó. Annsin do chuaidh Píoláid isteach san bPraetorium arís, agus do ghlaodh sé Íosa chuige, agus adubhairt sé leis, An tusa Rí na nIúdach? D’fhreagair Íosa, An uait féin adeir tú sin, nó an daoine eile adubhairt leat é im’ thaobh‐sa? D’fhreagair Píoláid, An Iúdach mise? Ba iad do chineadh féin agus na h‐árd‐shagairt thug ar láimh dom thú: créad atá déanta agat? D’fhreagair Íosa, Ní de’n tsaoghal so mo ríoghacht: dá mba de’n tsaoghal so mo ríoghacht do throidfeadh mo mhuinntear, chum nach dtiubharthaí mé ar láimh do na h‐Iúdachaibh: acht anois ní h‐as so dom’ ríoghacht‐sa. Annsin adubhairt Píoláid leis, An rí thú mar sin? D’fhreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Chuige sin rugadh mé, agus chuige sin thánag ar an saoghal, chum go dtiubhrainn fiadhnaise do’n fhírinne. Gach duine atá ar thaobh na fírinne, éisteann sé lem ghlór. Adubhairt Píoláid leis, Créad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé sin, do chuaidh sé amach arís chum na nIúdach, agus adubhairt sé leo, Ní fhaghaim‐se coir ar bith ann. Acht atá gnáth‐nós agaibh go scaoilfinn duine saor chugaibh le linn na cásca: an áil libh, d’á bhrigh sin go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nIúdach? Annsin do liúghadar uile go léir amach arís, Ná scaoil saor an duine seo, acht Barabbas. Agus bitheamhnach ab eadh Barabbas. Annsin thug Píoláid Íosa, agus do sciúrsáil sé é. Agus d’fhigh na saighdiúirí coróin deilgneach, agus chuiseadar ar a cheann í, agus do chuireadar falaing chorcra uime; agus thángadar chuige, agus adubhradar, Go mbeannuighthear dhuit, a Rí na nIúdach! agus do ghabhadar dé bhosaibh air. Agus do chuaidh Píoláid amach arís, agus adubhairt sé leo, Féach, atáim g‐á thabhairt amach chugaibh, chum go dtuigfidh sibh nach bhfaghaim coir ar bith ann. Tháinig Íosa amach annsin, an choróin deilgneach air, agus an fhalaing chorcra uime. Agus adubhairt Píoláid leo, Féach an duine! Agus nuair do chonnaic na h‐árd‐shagairt agus na h‐oifigigh é, do liúghadar g‐á rádh, Croch é, croch é. Adubhairt Píoláid leo, Tógaidh féin é, agus crochaidh é: óir ní fhaghaim‐se coir ar bith ann. D’fhreagair na h‐Iúdaigh, Atá dlighe againn, agus de réir na dlighe sin atá an bás tuillte aige, de bhrigh go ndearna sé Mac Dé dhe féin. Nuair do chuala Píoláid an chainnt sin, ba mhó do scannruigh sé; agus do chuaidh sé isteach san bPraetorium arís, agus adubhairt sé le h‐Íosa, Cá h‐as duit‐se? Acht ní thug Íosa aon fhreagra air. Uime sin adubhairt Píoláid leis, Nach labharfaidh tú liom? nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar chumas dom do scaoileadh saor, agus go bhfuil ar chumas dom do chrochadh? D’fhreagair Íosa dhó, Ní bhéadh aon chumas agat im’ aghaidh muna dtugtaidhe dhuit é ó neamh anuas: uime sin, an té thug ar láimh duit mé, is móide a pheacadh é. Annsin do bhí fonn ar Phíoláid Íosa do shaoradh: acht do liúgh na h‐Iúdaigh, g‐á rádh, Má shaorann tú an duine sin, ní cara le Céasar thú: gach duine do‐ghní rí dhe féin, is ag cur i gcoinnibh Chéasair atá sé. Ar n‐a chlos sin do Phíoláid, thug sé Íosa amach, agus do shuidh sé síos san gcathaoir breitheamhnais, i n‐áit ar a dtugtar Litostrótos, agus Gabbata i nEabhrais. Agus ba é lá Ullmhuighthe na cásca do bhí ann: tuairim na sémhadh h‐uaire. Agus adubhairt sé leis na h‐Iúdachaibh, Sin é bhúr Rí! Acht do liúghadar, Tóg uainn é, tóg uainn é, croch é! Adubhairt Píoláid leo, An amhlaidh chrochfad bhúr Rí? D’fhreagair na h‐árd‐shagairt, Ní fhuil aon rí againn acht Céasar. Annsin thug sé dhóibh é le crochadh. Rugadar Íosa, d’á bhrigh sin: agus d’imthigh sé amach, ag iomchar a chroise dhó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Chloiginn, d’á ngoirthear Golgotá i nEabhrais: mar ar chrochadar é, agus beirt eile i n‐éinfheacht leis, duine ar gach taobh de, agus Íosa i lár baill. Agus do scríobh Píoláid tiodal, agus do chuir sé ar an gcrois é. Agus is é do bhí scríobhtha, ÍOSA NASARDHA, RÍ NA N‐IÚDACH. Agus do bhí a lán de na Iúdachaibh do léigh an tiodal sin: óir an áit ’n‐ar crochadh Íosa bhí sé cómhgarach do’n chathair: agus do bhí sé scríobhtha i nEabhrais, agus i Laidin, agus i nGréigis. Uime sin adubhairt árd‐shagairt na nIúdach le Píoláid, Ná scríobh, Rí na nIúdach; acht go ndubhairt sé, Is mise Rí na nIúdach. D’fhreagair Píoláid, An nidh atá scríobhtha agam, atá sé scríobhtha agam. Agus na saighdiúirí, nuair bhí Íosa crochta aca, do thógadar a chuid éadaighe, agus do roinneadar ’n‐a gceithre codacha iad, cuid do gach saighdiúr; agus an chasóg, chómh maith: agus do bhí an chasóg gan fuagháil innti, í fighthe ar fad ó n‐a bárr. Ar an adhbhar sin adubhradar le chéile, Ná réabaimís í, acht cuirimís ar chrannaibh cia leis í: chum go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, adubhairt, Do roinneadar mo chuid éadaighe eatortha, Agus do chuireadar ar chrannaibh mo chlúdach. Mar sin do‐rinne na saighdiúirí. Acht do bhí ’n‐a seasamh i n‐aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chléopais, agus Máire Mhagdaléne. Agus nuair do chonnaic Íosa a mháthair, agus an deisceabal ab ionmhain leis ’n‐a sheasamh ’n‐a h‐aice, adubhairt sé le n‐a mháthair, A bhean, sin é do mhac! Annsin adubhairt sé leis an deisceabal, Is ise do mháthair! Agus ó’n uair sin amach thug an deisceabal chum a theaghlaigh féin í. I n‐a dhiaidh sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh críochnuighthe, ionnas go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, adubhairt sé, Atá tart orm. Do bhí soitheach ann, agus é lán de bhínéigre; agus do chuireadar sponnc lán de’n bhínéigre ar iosóip, agus do shíneadar chum a bhéil é. Agus nuair do ghlac Íosa an bhínéigre, adubhairt sé, Atá críochnuighthe: agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh. Annsin na h‐Iúdaigh, toisc lá an Ullmhuighthe bheith ann, chum nach bhfanfadh na cuirp ar an gcrois ar an tsabóid (óir ba lá mór lá na sabóide sin), d’iarradar ar Phíoláid go mbrisfidhe a loirgne, agus go dtógfaidhe as iad. Tháinig na saighdiúirí d’á réir sin, agus do bhriseadar loirgne an chéad duine, agus loirgne an duine eile do crochadh i n‐éinfheacht leis: acht nuair thángadar chum Íosa, agus chonnacadar go raibh sé marbh cheana, níor bhriseadar a loirgne‐sean: acht do tholl duine de na saighdiúiribh a chliathán le sléigh, agus ar an láthair tháinig fuil agus uisce amach as. Agus an té do chonnaic é, thug sé fiadhnaise ’n‐a thaobh; agus atá a fhiadhnaise fíor: agus atá a fhios aige gur fíor a n‐abrann sé, chum go gcreidfeadh sibh‐se, chómh maith. Óir tháinig an méid sin chum críche chum go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, Cnámh de ní brisfear. Agus adeir scrioptúir eile fós, Féachfaid ar an té do tholladar. Agus ’n‐a dhiaidh sin, Seosamh ó Arimataea (do bhí ’n‐a dheisceabal ag Íosa, acht fá cheilt ar eagla na nIúdach), d’iarr sé ar Phíoláid leigean dó corp Íosa do bhreith leis: agus thug Píoláid cead dó. Tháinig sé mar sin, agus do thóg sé leis a chorp. Agus tháinig Nicodémus, leis, an té úd tháinig ar dtús chum Íosa san oidhche, agus tuairim céad púnt de mheascán mirr agus alóes aige. Agus do thógadar corp Íosa, agus d’fhilleadar i línéadach é leis na spíosraibh, mar is gnáth leis na h‐Iúdachaibh adhlacadh do dhéanamh. Agus do bhí garrdha san áit ’n‐ar crochadh é; agus sa ngarrdha sin bhí tuama úr‐nua nár cuireadh duine riamh roimhe sin ann. Uime sin, de bhrigh go raibh lá an Ullmhuighthe ann, (óir do bhí an tuama cómhgarach), ba ann do chuireadar Íosa. Agus an chéad lá de’n tseachtmhain tháinig Máire Mhagdaléne go moch ar maidin, agus an dorchacht ann fós, go dtí an tuama, agus do chonnaic sí go raibh an leac tógtha ó’n tuama, Do rith sí annsin, agus tháinig sí mar a raibh Síomón Peadar, agus an deisceabal eile ba ionmhain le h‐Íosa, agus adubhairt sí leo, Do thógadar an Tighearna as an tuama, agus ní fhuil a fhios againn cár chuireadar é. Annsin d’imthigh Peadar agus an deisceabal eile amach, agus do chuadar fá dhéin an tuama. Agus do bhíodar araon ag rith, agus do rith an deisceabal eile ní ba luaithe ’ná Peadar, agus ba thúisce do shroich seisean an tuama; agus ag cromadh dhó agus ag féachaint isteach, do chonnaic sé an línéadach leagtha ann; acht ní dheachaidh sé isteach. Tháinig Síomón Peadar annsin, g‐á leanamhain, agus do chuaidh sé isteach sa tuama; agus do chonnaic sé an línéadach leagtha amach, agus an naipcín, do bhí ar a cheann, acht é fillte i n‐áit eile ar leith. Annsin do chuaidh an deisceabal eile isteach, leis, an té tháinig ar dtús go dtí an tuama, agus do chonnaic sé, agus do chreid. Óir níor thuigeadar fós an scrioptúir, go raibh i ndán dó aiséirghe ó na marbhaibh. Annsin d’imthigh na deisceabail ar ais abhaile arís. Acht do bhí Máire ’n‐a seasamh taobh amuigh de’n tuama, agus í ag gol: agus sa ngol dí do chonnaic sí an bheirt aingeal i n‐éadach geal ’n‐a suidhe, aingeal aca ag a cheann, agus aingeal ag a chosaibh, mar ar leagadh corp Íosa. Agus adubhradar léi, A bhean, cad chuige an bhfuil tú ag gol? Adubhairt sise leo, De bhrigh gur thógadar mo Thighearna, agus nach bhfuil a fhios agam cár chuireadar é. Ar n‐a rádh sin dí, d’iompuigh sí siar, agus do chonnaic sí Íosa ’n‐a sheasamh, agus ní raibh a fhios aici gurbh é Íosa é. Adubhairt Íosa léi, A bhean, cad chuige an bhfuil tú ag gol? cia atá uait? Ba dhóigh léi‐se gurbh é an garradóir é, agus adubhairt sí leis, A dhuine uasail, má’s tusa do thóg as so é, innis dom cár chuiris é, agus tógfad‐sa liom é. Adubhairt Íosa léi, A Mháire! D’iompuigh sí, agus adubhairt sí as Eabhrais, A Rabbóní! (is é sin le rádh, A Mháighistir.) Ádubhairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní chuadhas suas chum an Athar fós: acht téigh chum mo bhráithreach, agus abair leo, Atáim ag dul suas chum m’Athar‐sa agus bhúr nAthar‐sa, agus chum mo Dhé‐se agus bhúr nDé‐se. Tháinig Máire Mhagdaléne agus d’innis sí dhóibh, Do chonnacas an Tighearna; agus go ndubhairt sé na neithe sin léi. Agus le linn an tráthnóna, an lá sin, an chéad lá de’n tseachtmhain, agus na dóirse dúnta san tigh ’n‐a raibh na deisceabail cruinnighthe, ar eagla na nIúdach, tháinig Íosa agus do sheas sé ’n‐a measc, agus adubhairt sé leo, Síothcháin daoibh. Agus nuair adubhairt sé sin, do nocht sé dhóibh a lámha agus a thaobh. Agus ba mhór an t‐áthas do bhí ar na deisceablaibh, nuair chonnacadar an Tighearna. Annsin adubhairt Íosa arís leo, Síothcháin daoibh: fá mar chuir an t‐Athair uaidh mé, cuirim‐se sibh‐se uaim mar an gcéadna. Agus ar n‐a rádh sin dó, d’análuigh sé ortha, agus adubhairt sé leo, Glacaidh an Spiorad Naomh: na daoine go maithfidh sibh a gcionnta dhóibh, atá siad maithte dhóibh; na daoine go bhfágfaidh sibh a gcionnta ortha, atá siad fágtha ortha. Acht Tomás, duine de’n dáréag, d’á ngoirthear Didimus, ní raibh seisean ’n‐a bhfochair nuair tháinig Íosa. Agus adubhairt na deisceabail eile leis, Do chonnacamar an Tighearna. Acht adubhairt seisean leo, Muna bhfeicim ’n‐a lámhaibh rian na dtairngní, agus muna gcuirim mo mhéar isteach i n‐ionad na dtairngní, agus muna gcuirim mo lámh isteach ’n‐a thaobh, ní chreidfead. Agus ocht lá ’n‐a dhiaidh sin do bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás ’n‐a bhfochair. Tháinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus do sheas sé ’n‐a measc, agus adubhairt, Síothcháin daoibh. Adubhairt sé annsin le Tomás, Cuir do mhéar annso, agus féach mo lámha; agus sín annso do lámh, agus cuir isteach im’ thaobh í: agus ná bí díchreidmheach, acht bí creidmheach. D’fhreagair Tomás, agus adubhairt sé leis, Mo Thighearna agus mo Dhia thú! Adubhairt Íosa leis, De bhrigh go bhfacais mé, ar chreidis? is aoibhinn dóibh‐sean nach bhfaca, agus do chreid. Is iomdha míorbhail eile nach bhfuil cur síos air ins an leabhar seo, do‐rinne Íosa i láthair a dheisceabal: acht do scríobhadh an méid seo chum go gcreidfeadh sibh gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideamhain, go mbéadh an bheatha agaibh ’n‐a ainm‐sean. I n‐a dhiaidh sin do thaisbeán Íosa é féin do na deisceablaibh ag Muir Thibérias: agus mar seo do Thaisbeán. Is amhlaidh do bhí i n‐éinfheacht le chéile Síomón Peadar, agus Tomás, d’á ngoirthear Didimus, agus Natanael as Cána na Galilé, agus clann‐mhac Shebedé, agus beirt eile d’á dheisceablaibh. Adubhairt Peadar leo, Atáim‐se ag dul ag iascaireact. Adubhradar‐san leis, Rachaimíd i n‐éinfheacht leat. D’imthigheadar, agus chuadar isteach san mbád: agus níor ghabhadar éinnidh an oidhche sin. Acht le breacadh an lae, do bhí Íosa ’n‐a sheasamh ar an tráigh: acht ní raibh a fhios ag na deisceablaibh gurbh é Íosa é. Agus adubhairt Íosa leo, A chlann, an bhfuil aon rud le n’ithe agaibh? D’fhreagradar dhó, Ní fhuil. Agus adubhairt sé leo, Cuiridh an líon amach ar an taobh dheas de’n bhád, agus do‐gheobhaidh sibh. Do chuireadar, mar sin, agus annsin níor fhéadadar a tharraing, do bhí an oiread sin éisc ans. An deisceabal úd do b’ionmhain le h‐Íosa, adubhairt sé le Peadar, Is é an Tighearna atá ann. Nuair do‐chuala Peadar gurbh é an Tighearna é, do chuir sé a chóta air, (óir bhí sé nocht), agus do chaith sé é féin isteach san bhfairrge. Acht tháinig na deisceabail eile san mbád beag (óir ní rabhadar i bhfad ó’n tír, acht tuairim cúpla chéad bannlámh), ag tarraing an lín éisc. Agus nuair thángadar i dtír, do chonnacadar teine fíodhghuail, agus iasc uirthi, agus arán. Adubhairt Íosa leo, Tabhraidh libh cuid de’n iasc do ghabhabhar anois. Agus do chuaidh Síomón Peadar san mbád, agus tharraing sé an líon i dtír, agus é lán d’iascaibh móra, céad agus caogadh agus a trí; agus bíodh go raibh an oiread sin díobh ann níor sracadh an líon. Adubhairt Íosa leo, Tagaidh i leith agus ithidh bhúr gcéad‐lón. Agus níor lámh aoinneach de na deisceablaibh a fhiafruighe dhe, Cia thú? agus a fhios aca gurbh é an Tighearna é. Tháinig Íosa, agus do ghlac sé chuige an t‐arán, agus thug sé dhóibh é, agus an t‐iasc mar an gcéadna. Ba é sin an tríomhadh h‐uair do nochtadh Íosa do na deisceablaibh, tar a éis dó aiséirghe ó na marbhaibh. Annsin, nuair do bhí ithte aca, adubhairt Íosa le Peadar, A Shíomóin Eoin, an annsa leat‐sa ’ná leo so mé? Adubhairt seisean leis, Is eadh, a Thighearna is eol duit gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Beathuigh m’uain. Adubhairt sé arís leis an dara h‐uair, A Shíomóin Eoin, An bhfuil grádh agat dom? Adubhairt seisean leis, Atá, a Thighearna: atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Bí id’ aodhaire dom’ chaoiribh. Adubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, A Shíomóin Eoin, An ionmhain leat mé? Do ghoill sé ar Pheadar go ndubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, An ionmhain leat mé? Agus adubhairt sé leis, A Thighearna, is eol duit an uile nidh; atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt Íosa leis, Beathuigh mo chaoirigh. Go fírinneach, adeirim leat, Nuair do bhí tú óg, do chuirtheá do chrios umat, agus do shiubhalthá id’ rogha áite; acht nuair bhéas tú aosta, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile an crios umat, agus tógfaidh sé thú i n‐áit nach áil leat. Agus adubhairt sé sin g‐á chur i n‐umhail cia an saghas báis dogheobhadh sé chum glóire Dé. Agus ar n‐a rádh sin dó, adubhairt sé leis, Lean mise. Agus ar iompodh do Pheadar do chonnaic sé an deisceabal ba ionmhain le h‐Íosa ag leanamhain; an té do shín ’n‐a ucht ag an suipéar, an té adubhairt, A Thighearna, cia h‐é bhraithfeas thú? Agus nuair chonnaic Peadar é adubhairt sé le h‐Íosa, A Thighearna, cad mar gheall ar an bhfear so? Adubhairt Íosa leis, Má’s toil liom é d’fhanamhain go dtiocfad, caidé sin duit‐se? Uime sin do chuaidh an scéal so amach i measc na mbráithreach nach raibh bás i ndán do’n deisceabal sin: acht cheana, ní dhubhairt Íosa leis nach raibh bás i ndán dó: acht, Má’s toil liom é d’fhanamhain go dtiocfad, caidé sin duit‐se? Is é an deisceabal so do‐bheir fiadhnaise i dtaobh na neithe seo, agus do scríobh na neithe seo: agus is eol dúinn gur fíor í a fhiadhnaise. Agus is iomdha nidh eile do‐rinne Íosa, acht dá scríobhthaidhe síos iad go h‐iomlán, measaim nach mbéadh slighe san domhan féin do na leabhraibh do scríobhfaidhe. Do‐rinneas an chéad tráchtas, a Théofiluis, ar gach ar thionnscain Íosa do dhéanamh agus do theagasc, go dtí an lá ’n‐ar tógadh suas é, tar a éis dó aitheanta do thabhairt tríd an Spiorad Naomh do na h‐abstalaibh do thogh sé; d’ar thaisbeán sé é féin beo i ndiaidh a pháise, le n‐a lán deimhniú, d’á thaidhbhsiú féin dóibh i gcaitheamh dá fhichid lá, agus ag labhairt ar na neithibh do bhain le ríoghacht Dé: agus, ’n‐a gcómhluadar dó, d’órduigh sé dhóibh gan imtheacht as Iarúsalem, acht fanamhain le geallamhain an Athar, do‐chualabhar, ar sé, uaim‐se: óir do‐rinne Eoin baisteadh go dearbhtha le h‐uisce; acht baistfear sibh‐se leis an Spiorad Naomh taobh istigh de bheagán laethe. Agus, ar mbeith dhóibh i bhfochair a chéile, d’fiafruigheadar de, g‐á rádh, A Thighearna, an é seo an t‐am ’n‐a dtiubhraidh tú an ríoghacht ar ais d’Israel? Acht adubhairt seisean leo, Ní cuibhe dhaoibh‐se fios d’fhágháil ar na h‐aimsiribh ná ar na tráthaibh do choimhéad an t‐Athair ’n‐a chumhacht féin. Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain. Agus nuair adubhairt sé an méid sin, do tógadh suas é, agus iad ag amharc; agus do cheil scamall ar a radharc é. Agus an fhaid do bhíodar ag féacain go géar ar spéir neimhe, agus é ag imtheacht, féach, do bhí beirt fhear agus éadach geal ortha ’n‐a seasamh ’n‐a n‐aice; agus adubhradar. A fheara Galiléanacha, cad chuige dhaoibh bheith ’n‐bhúr seasamh ag amharc ar spéir neimhe? an t‐Íosa so, atá tógtha suas uaibh isteach ins na flaitheasaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma chéadna agus chonnaic sibh é ag dul suas ar neamh. Annsin d’fhilleadar ar ais go h‐Iarúsalem ó’n gcnoc ar a dtugtar Ola‐chrannda, atá i ngiorracht aistir lae sabóide d’Iarúsalem. Agus ar dteacht isteach dhóibh, chuadar suas go dtí an seomra uachtarach, mar a raibh siad ’n‐a gcómhnaidhe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán agus Matha, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Shéamais. Do bhíodar uile ag leanamhain de thoil a chéile i n‐urnaighe, mar aon leis na mnáibh, agus le Muire máthair Íosa, agus le n‐a bhráithreachaibh. Agus ins na laethibh sin d’éirigh Peadar i lár na mbráithreach, (do bhí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiche), agus adubhairt, A bhráithreacha, ní foláir go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, do thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dáibhi i dtaobh Iúdáis, an té do threoruigh iad‐san go ghabh Íosa. Óir do h‐áirmheadh é mar dhuine againn, agus fuair sé a chuid san tseirbhís seo. (Is amhlaidh fuair an fear sin talamh le tuarastal a chuirptheachta; agus do thuit sé i ndiaidh a chinn, agus do scoilt sé ’n‐a lár, agus do scéith a inní go léir amach. Agus tháinig fios scéil ’n‐a thaobh do mhuinntir Iarúsalem go léir; i dtreo go dtugadh ar an bhfearann sin ’n‐a dteangain‐sean, Aceldama, is é sin, Fearann na Fola.) Óir atá scríobhtha i leabhar na Salm, Go ndéantar fásach d’á áit cómhnaidhthe, Agus ná déanadh aon duine cómhnaidhe ann: agus, GIacadh duine éigin eile a fheadhmannas. D’á bhrigh sin, as na fearaibh do bhí ’n‐ár gcuideachtain i rith an ama ’n‐a raibh an Tighearna Íosa ag dul isteach agus amach ’n‐ár measc, ag tosnú ó bhaisteadh Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógadh suas uainn é, caithfidh duine aca bheith ’n‐a fhiadhnaidhe ar a aiséirghe. Agus do cheapadar beirt, Seosamh ar a dtugadh Barsabbas, gur shloinneadh dhó Iustus, agus Maitias. Agus do ghuidheadar, agus adubhradar, A Thighearna, thuigeas croidheacha na ndaoine uile, taisbeán dúinn cia aca de’n bheirt seo is rogha leat, leis an ionad do ghlacadh san tseirbhís agus san abstalacht so; ó n‐a ndeachaidh Iúdás amugha, chum go rachadh sé d’á áit féin. Agus do chuireadar ar chrannaibh é; agus do thuit an crann ar Mhaitias; agus do h‐áirmheadh é mar dhuine de’n aon abstal déag. Agus nuair tháinig lá Cingcíse, do bhíodar uile i n‐éinfheacht ar aon láthair. Agus tháinig go h‐obann torann ó neamh mar bhéadh cuaifeach gaoithe aintréine ann, agus do líon sé an teach ’n‐a rabhadar ’n‐a suidhe. Agus do nochtadh dhóibh mar bhéadh teangthacha teineadh scoilte ó chéile, do shuidh ar gach duine aca. Agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do thionnscnadar labhairt as teangthachaibh éagsamhla, de réir mar thug an Spiorad dóibh labhairt. Agus do bhí ’n‐a gcómhnaidhe i nIarúsalem Iúdaigh, daoine diadha as gach crích fá’n spéir. Agus nuair chualathas an torann sin, do chruinnigh na daoine le chéile, agus do bhí mearbhall ortha, de bhrigh gur airigh gach duine aca a theanga féin d’á labhairt aca. Agus do bhí iongnadh agus uathbhás ortha go léir, agus adubhradar le chéile, Féach, nach Galiléanaigh iad so go léir atá ag cainnt? Agus cionnas chluinimíd‐ne, gach duine againn, ár dteanga féin ’n‐a rugadh sinn? Pártaigh agus Méidigh agus Elamítigh, agus daoine chómhnuigheas i Mesópotámia, i nIúdaea agus i gCappadócia, i bPontus agus san Áise, i bhFrigia agus i bPamfilia, san Éigipt agus i gcríocaibh Libia atá timcheall Chiréné, agus coimhighthigh ó’n Róimh, idir Iúdachaibh agus phrosélíteachaibh, Créitigh agus Arábaigh, do‐chluinimíd iad ag labhairt ’n‐ár dteangthachaibh féin ar iongantaisibh móra Dé. Agus do bhí árd‐iongnadh agus mearbhall ortha go léir, agus iad g‐á rádh le chéile, Créad is ciall dó mar scéal? Acht bhí cuid aca ag magadh adubhairt, Lán d’fhíon úr atá siad. Acht Peadar, ag éirghe ’n‐a sheasamh dó i n‐éinfheacht leis an aon duine déag, d’árduigh sé a ghlór, agus do labhair sé leo, A phobail Iúdaea, agus sibh‐se go léir chómhnuigheas i nIarúsalem, bíodh a fhios agaibh an méid seo, agus éistidh lem’ bhriathraibh. Óir ní ar meisce atá siad‐san, mar mheasann sibh; mar ní fhuil sé acht an tríomhadh h‐uair den ló; acht is é seo an rud adubhairt an fáidh Ióel; Agus ins na Laethibh deireannacha, adeir Dia, Doirtfead mo Spiorad ar gach feoil: Do‐ghéanaidh bhúr gclann‐mhac agus bhúr gclanninghean tarngaireacht, Agus chífidh bhúr n‐ógánaigh aislingí, Agus béidh taidhbhridhthe ag bhúr seanóiribh: Agus ar mo bhuachaillibh agus ar mo chailínibh, ins na laethibh sin Doirtfead dem’ Spiorad; agus do‐ghéanaidh siad tarngaireacht. Agus taisbeánfad iongantaisí san spéir thuas, Agus míorbhailtí ar an talamh thíos; Fuil, agus teine, agus gal deataigh: Iompóchar an ghrian ’n‐a dorchacht, Agus an ghealach ’n‐a fuil, Roimh theacht do ló an Tighearna, An lá mór iomráidhteach: Agus is amhlaidh bhéas, cibé duine ghlaodhfas ar ainm an Tighearna, slánóchar é. A phobail Israel, éistidh leis na briathraibh seo: Íosa Nasardha, duine do mhol Dia dhaoibh leis na cumhachtaibh, agus leis na míorbhailtibh, agus leis na cómharthaibh, do‐rinne Dia tríd ’n‐bhúr measc, mar is eol daoibh féin; tugadh suas é de réir cómhairle cinnte agus réimh‐eolais Dé, agus do chrochabhair‐se agus do mharbhabhar é le láimh cuirptheach: acht d’aithbheodhuigh Dia é, tar a éis dó pianta an bháis do scaoileadh: óir níorbh fhéidir go gcongbhóchadh an bás é. Óir is é adeir Dáibhi ’n‐a thaobh, Do chonnacas an Tighearna i gcómhnaidhe ar m’fhiadhnaise rómham; Óir atá sé ar mo dheis, chum nach gcorróchaidhe mé: D’á bhrigh sin bhí áthas ar mo chroidhe, agus bhí luthgháir ar mo theangain; Agus thairis sin, do‐gheobhaidh m’fheoil suaimhneas i ndóchas; De bhrigh nach bhfágfair m’anam san uaigh Agus nach leigfir dot’ Aon Naomhtha truailliú d’fheicsin. Thugais eolas dom ar shlighthibh na beathadh; Líonfar mé de gháirdeachas led’ ghnúis. A bhráithreacha, ní misde liom labhairt go dána libh i dtaobh an phaitriárcha Dáibhi, go bhfuil sé marbh, curtha, agus go bhfuil a thuama ’n‐ár measc go dtí an lá atá ann indiu. Ó ba fáidh é, agus ó bhí a fhios aige gur dhearbhuigh Dia fá bhrigh na mionn, go gcuirfeadh sé duine d’á shliocht ’n‐a shuidhe ’n‐a ríogh‐chathaoir; ba é aiséirghe Chríost go raibh sé ag trácht air, agus é g‐á rádh nár fágadh é ar shlighe na marbh, agus nach bhfaca a fheoil truailliú. Ba é an t‐Íosa so do thóg Dia suas, agus is fiadhnaidhthe sinne uile air. Ar n‐a árdú, mar sin, le láimh dheis Dé, fuair sé ó’n Athair an Spiorad Naomh do bhí geallta, agus do dhoirt sé amach é seo, atá le feicsin agus le clos agaibh. Óir ní dheachaidh Dáibhi suas ar neamh: acht adeir sé féin, Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh‐se ar mo dheis, Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fá do chosaibh. Uime sin, bíodh a fhios go dearbhtha ag pobal Israel go bhfuil Tighearna agus Críost déanta ag Dia de’n Íosa so do chrochabhair‐se. Nuair chualadar an méid sin, tháinig corruighe croidhe ortha, agus adubhradar le Peadar agus leis an gcuid eile de na h‐abstalaibh, A bhráithreacha, créad atá le déanamh againn? Agus adubhairt Peadar leo, Déanaidh aithrighe, agus baistear gach duine agaibh i n‐ainm Íosa Críost chum maitheamhnais bhúr bpeacadh; agus do‐gheobhaidh sibh an Spiorad Naomh mar bhronntanas. Óir is daoibh‐se agus do bhúr sliocht do‐rinneadh an gheallamhain, agus dóibh‐sean go léir atá i gcéin, an oiread sin díobh agus ghlaodhfas an Tighearna, ár nDia, chuige. Agus do bhrostuigh agus do spreag sé iad le n‐a lán briathar eile, g‐á rádh, Coimhéadaidh sibh sibh féin saor ó’n droch‐gheinealach so. Do baisteadh iad‐san do ghlac le n‐a bhriathar: agus do cuireadh leo an lá sin tuairim trí míle anam. Agus do leanadar go seasamhach de theagasc na n‐abstal, agus de’n charadas bráthardha, de bhriseadh an aráin, agus de na h‐urnaighthibh. Agus tháinig eagla ar gach duine: agus ba iomdha iongantas agus míorbhail do‐rinneadh tríd na h‐abstalaibh. Agus gach ar chreid do bhídis i gcuideachtain a chéile, agus bhíodh gach nidh aca i gcoitchinne; agus do dhíolaidís a sealbhachas agus a maoin, agus do roinnidís ar chách iad, de réir a riachtanais. Agus d’fhanaidís gach lá d’aon toil san teampall, agus do bhrisidís arán ó thigh go thigh, ag caitheamh a mbidh le h‐áthas agus le simplidheacht croidhe, ag moladh Dé, agus meas ag gach uile dhuine ortha. Agus do chuireadh an Tighearna leo gach lá iad‐san do bhí d’á slánú. Agus bhí Peadar agus Eoin ag dul suas isteach san teampall, uair an urnaighe, timcheall na naomhadh h‐uaire. Agus bhí duine áirithe, máirtíneach ó bhroinn a mháthar, d’á iomchar, duine do chuiridís gach lá ag geata an teampaill ar a dtugtar an Geata Áluinn, chum bheith ag iarraidh déirce ortha‐san do bhíodh ag dul isteach san teampall. Nuair do chonnaic an duine seo Peadar agus Eoin ar tí dul isteach san teampall, d’iarr sé déirc ortha. Do dhearc Peadar go géar air, mar aon le h‐Eoin, agus adubhairt sé, Féach orainne. Agus d’fhéach seisean ortha go grinn, agus é ag súil go bhfaigheadh sé rud éigin uatha. Acht adubhairt Peadar, Ní fhuil airgead agam ná ór; acht an nidh atá agam do‐bheirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasardha, éirigh agus siubhail. Agus rug sé ar a láimh dheis air, agus thóg sé suas é, agus ar an láthair do chruadhuigh troighthe a chos agus a rúitíní. Agus ag preabadh ’n‐a sheasamh dhó, do shiubhail sé; agus do chuaidh sé i n‐éinfheacht leo isteach san teampall, agus é ag siubhal, agus ag léimrigh, agus ag moladh Dé: Agus do chonnaic na daoine é ag siu bhal agus ag moladh Dé: agus d’aithnigheadar é, gurbh é an duine céadna é do bhíodh ’n‐a shuidhe ag an nGeata Áluinn ag iarraidh déirce: agus bhí árd‐iongnadh agus alltacht ortha i dtaobh ar éirigh dhó. Agus do ghreamuigh sé de Pheadar agus d’Eoin, agus do rith na daoine go léir chuca san phóirse ar a dtugtar Póirse Sholaimh, agus iongnadh ortha. Agus nuair do chonnaic Peadar é, adubhairt sé leis an bpobal, A fheara Israel, cad chuige a bhfuil iongnadh oraibh i dtaobh an duine seo? cad chuige dhaoibh bheith ag amharc orainne, amhail is gur le n‐ár gcumhacht nó le n‐ár ndiadhacht féin do chuireamar ar chumas do’n duine seo siubhal? Dia Abrachaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, thug sé glóir d’á sheirbhíseach Íosa; an té do bhraith eabhair‐se, agus do shéanabhair os cómhair Phíoláid, an tan do cheap sé a scaoileadh saor. Do shéanabhar an t‐Aon Naomhtha Fíréanta, agus d’iarrabhar dúnmharbhthóir do thabhairt daoibh, agus do mharbhabhar Ughdar na beathadh; do thóg Dia ó na marbhaibh; go bhfuilmíd ’n‐ár bhfiadhnaithibh air. Agus de bhárr creidimh ’n‐a ainm‐sean thug a ainm neart do’n duine seo, do‐chí sibh agus aithnigheas sibh: agus is é an creideamh tríd thug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur bhfiadhnaise rómhaibh go léir. Agus anois, a bhráithreacha, atá a fhios agam gur tré aineolas do‐rinneabhar é, fá mar rinne bhúr n‐uachtaráin. Acht is ar an gcuma sin do chóimhlíon Dia an méid a thug Dia le tuigsin daoibh roimh ré tré bhéal na bhfáidh go léir, go gcaithfeadh a Chríost fulang. Déanaidh aithrighe, d’á bhrigh sin, agus iompuighidh, chum go nglanfar bhúr bpeacaidhe, agus chum go dtiocfaidh trátha fionnfhuaire ó fhiadhnaise an Tighearna; agus chum go gcuirfidh sé uaidh an Críost do ceapadh dhaoibh, Íosa: an té gur dual do na flaitheasaibh a ghlacadh go dtí na trátha ’n‐a n‐aiseagfar gach éinnidh, mar do labhair Dia ’n‐a thaobh tré bhéal a fháidh naomhtha do bhí ann ó thosach an tsaoghail. Óir adubhairt Maois, Tógfaidh an Tighearna Dia fáidh dhaoibh, mar mise, as lár bhúr mbráithreach; éistfidh sibh leisean maidir leis an uile nidh adéarfas sé libh. Agus tiocfaidh chum críche, gach aon duine nach n‐éistfidh leis an bhfáidh sin, go scriosfar é as an bpobal. Na fáidhe go léir ó Shamúel anuas, agus iad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, an méid díobh do labhair, d’fhógradar na laethe sin. Is sibh‐se clann na bhfáidh, agus clann an chonnartha do‐rinne Dia le n‐bhúr sinnsearaibh, g‐á rádh le h‐Abracham, Id’ shliocht‐sa beannóchar clanna an domhain go léir. Chugaibh‐se ar dtús do chuir Dia a Sheirbhíseach, nuair thóg sé suas é, chum sibh do bheannú, ag iompodh gach duine agaibh ó n‐bhúr gcuirptheacht. Agus an fhaid do bhíodar ag labhairt leis na daoinibh, tháinig na sagairt agus árd‐fheadhmannach an teampaill ortha, agus mío‐shásamh mór ortha toisc iad bheith ag teagasc na ndaoine, agus ag craobhscaoileadh an aiséirghe ó na marbhaibh i bpearsain Íosa. Agus rugadar ortha, agus do chuireadar i bpríosún iad go maidin lá ar n‐a bhárach: óir bhí an tráthnóna ann fá’n am sin. Acht do chreid a lán díobh‐san do bhí ag éisteacht leis an mbriathar; agus do mhéaduigh uimhir na ndaoine go tuairim cúig míle. Agus tharla lá ar n‐a bhárach, gur chruinnigh a n‐uachtaráin agus a seanóirí agus a scríobhaidhthe le chéile i nIarúsalem; agus Annas árd‐shagart, agus Cáiafas, agus Eoin, agus Alecsander, agus gach ar bhain le teaghlach an árd‐shagairt. Agus nuair do bhíodar curtha i lár baill aca, d’fhiafruigheadar, Créad é an t‐ughdarás nó an t‐ainm le n‐a ndearnabhar an nidh seo? Annsin adubhairt Peadar leo, agus é líonta de’n Spiorad Naomh, A riaghlóirí an phobail agus a sheanóirí, ó táimídne d’ár gceistiú indiu i dtaobh duine lag‐bhríoghaigh do chur ar a leas, cionnas slánuigheadh an duine sin; bíodh a fhios agaibh go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasardha, an té do chrochabhair‐se, an té do thóg Dia ó na marbhaibh, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a sheasamh slán os bhúr gcómhair. Is eisean an chloch go ndearna‐sibh‐se beag‐is‐fiú dhí, agus go ndearnadh cloch chinn chúinne dhí. Agus ní fhuil slánú le fágháil i n‐aoinneach eile: óir ní fhuil aon ainm eile fá neamh tugadh do dhaoinibh le n‐ar bh’fhéidir ár slánú. Agus nuair chonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad chómh dána sin, agus thuigeadar gur daoine gan foghlaim, gan léighean iad, do bhí iongnadh ortha; agus d’aithnigheadar iad, go mbídís i bhfochair Íosa. Agus nuair chonncadar an fear a leigheasadh ’n‐a sheasamh ’n‐a n‐aice, ní raibh focal le rádh aca ’n‐a aghaidh. Acht nuair d’órduigheadar dóibh imtheacht as an árd‐chómhairle, do chuireadar a gcómhairle féin fá chéile, g‐á radh, Créad do‐ghéanaimíd do na daoinibh seo? óir is léir do gach duine chómhnuigheas i nIarúsalem go bhfuil míorbhail iomráidhteach déanta; agus ní fhéadfaimíd a shéanadh. Acht ar eagla go leathnóchaidh sé níos fuide i measc na ndaoine, bagraimís ortha, gan leigin dóibh labhairt a thuilleadh le h‐aon duine san ainm sin. Agus do ghlaodhadar ortha, agus d’órduigheadar dóibh gan labhairt ar chor ar bith, ná teagasc do dhéanamh i n‐ainm Íosa. Acht d’fhreagair Peadar agus Eoin agus adubhradar leo, Breathnuighidh féin cia aca is ceart i bhfiadhnaise Dé, éisteacht libh‐se nó éisteacht le Dia: óir ní féidir linne gan labhairt i dtaobh a bhfacamar agus a gcualamar. Agus tar a éis dóibh‐sean bagairt ortha arís, do scaoileadar iad, mar ní raibh a fhios aca cionnas chuirfidís pionós ortha, mar gheall ar na daoinibh; óir bhí na daoine go léir ag tabhairt na glóire do Dhia ar son a dtárla. Óir an duine go ndearnadh an mhíorbhail sláinte úd dó, do bhí sé tuilleadh agus dá fhichid bliadhan d’aois. Agus ar n‐a bheith scaoilte dhóibh, thángadar chum a muinntire féin, agus d’inniseadar dóibh gach a ndubhairt na h‐árd‐shagairt agus na seanóirí leo. Agus nuair do‐chualadar san é, d’árduigheadar a nglór d’aon toil chum Dé, agus adubhradar, A Thighearna, is tusa do‐rinne neamh, agus talamh, agus muir agus a bhfuil ionnta: agus adubhairt tríd an Spiorad Naomh as béal ár n‐athar Dáibhi, Cad chuige ar éirigh na Geinte ar buile, Agus a raibh baoth‐smaointe ag na cinidheachaibh? Do ghléas righthe an domhain iad féin. Agus do chruinnigh na riaghlóirí le chéile, I gcoinnibh an Tighearna, agus i gcoinnibh a Ungthaigh: óir is dearbh gur chruinnigh le chéile san gcathair seo, Ioruath agus Point Píoláid, maille leis na Geintibh agus le treabhaibh Israel, i n‐aghaidh do Sheirbhísigh naomhtha Íosa, d’ungais‐se, ag déanamh gach ar cheap do lámh agus do chómhairle roimh ré a thabhairt chum críche. Agus anois, a Thighearna, féach ar a mbagairt: agus tabhair dod’ sheirbhíseachaibh do bhriathar do labhairt fo meisneamhail, dána, agus tú ag síneadh amach do láimhe ag leigheas; agus go ndéantar míorbhailtí agus iongantaisí tré ainm do Naomh Sheirbhísigh Íosa. Agus nuair do ghuidheadar, do chrioth an áit ’n‐a rabhadar cruinnighthe le chéile; agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do labhradar briathar Dé le dánacht. Agus ní raibh acht aon chroidhe agus aon aigne amháin aca‐san do chreid: agus ní raibh duine aca adubhairt gur leis féin aon nidh d’á raibh ’n‐a sheilbh; acht do bhí gach nidh go coitcheann aca. Agus thug na h‐abstail a bhfiadhnaise ar aiséirghe an Tighearna Íosa le neart brighe: agus do bhí grása mór ortha go léir. Agus ní raibh duine aca do bhí i ngábhatar: óir na daoine go raibh taltaí nó tighthe aca, do dhíolaidís iad, agus do‐bheiridís luach na neithe do díoltaidhe, agus do chuiridís ag cosaibh na n‐abstal é: agus do roinntidhe é de réir mar bhíodh gábhadh ag aon duine leis. Agus Seosamh, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm chialluigheas Mac na Meanman, Lébhíteach do rugadh i gCuprus, do bhí fearann aige, agus do dhíol sé é, agus thug sé leis an t‐airgead agus do chuir sé ag cosaibh na n‐abstal é. Acht do bhí fear darbh ainm Ananias, mar aon le n‐a mhnaoi Sapfíra, do dhíol talamh, agus do chongbhuigh cuid d’á luach, go bhfios d’á mhnaoi, agus thug cuid de, agus do chuir ag cosaibh na n‐abstal é. Acht adubhairt Peadar, A Ananiais, cad chuige ar líon Sátan do chroidhe, go n‐innseochá bréag do’n Spiorad Naomh, agus cuid de luach na talmhan do chongbháil? An fhaid do bhí sé agat nár leat féin é? agus nuair do dhíolais é, nach raibh sé ar do chead féin agat? Cad chuige dhuit an nidh seo do cheapadh id’ chroidhe? ní do dhaoinibh d’innis tú bréag, acht do Dhia. Agus nuair do‐chuala Ananias na focail sin, do thuit sé ar lár agus d’éag sé. Agus d’éirigh na fir óga agus d’fhilleadar éadach ’n‐a thimcheall, agus do thógadar amach é agus chuireadar é. Agus timcheall trí h‐uaire an chluig ’n‐a dhiaidh sin, tháinig a bhean isteach, agus gan a fhios aice céard thárla. Agus adubhairt Peadar léi, Innis dom, an ar an oiread sin do dhíol sibh an talamh? Agus adubhairt sise, Is eadh, ar an oiread sin. Annsin adubhairt Peadar léi, Caidé thug oraibh, beirt, fromhadh do thabhairt ar Spiorad an Tighearna? féach, atá cosa na ndaoine d’adhlaic t’fhear ag an doras, agus tógfaidh siad thusa amach. Agus ar an láthair do thuit sí ag a chosaibh; agus d’éag sí: agus tháinig na fir óga isteach agus fuair siad marbh í, agus do thógadar amach í, agus do chuireadar í i n‐aice a fir. Agus tháinig eagla mhór ar an eaglais uile, agus ortha‐san do‐chuala na scéala sin. Agus do bhí a lán míorbhal agus iongantas d’á ndéanamh tré lámhaibh na n‐abstal i measc an phobail; agus do bhídis uile d’aon toil i bpóirse Sholaimh. Acht níor lámh aoinneach de na daoinibh eile dul i bpáirt leo: acht ba mhór an meas do bhí ag an bpobal ortha; agus ba mhó do bhí na daoine do chreid san Tighearna, idir fhearaibh agus mhnáibh, ag dul i méid; ionnas go n‐iomchraidís na daoine breoite amach ar na sráidibh, agus chuiridís ar leabthachaibh agus ar thochtaibh iad, le súil, ag dul thart do Pheadar, go dtuitfeadh a scáil féin ar dhuine aca. Agus do thagadh sluagh as na cathrachaibh do bhí timcheall Iarúsalem, ag tabhairt na n‐othar, agus na ndaoine do bhí cráidhte ag spioraidibh neamh‐ghlana; agus do leigheastaidhe iad go léir. Acht d’éirigh an t‐árd‐shagart, agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair (aicme na Saddúicíneach), agus iad lán d’éad, agus rugadar ar na h‐abstalaibh, agus do chuireadar san bpríosún poiblidhe iad. Acht d’fhoscail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin san oidhche, agus thug sé amach iad, agus adubhairt, Imthighidh, agus seasaidh san teampall, agus innisidh do na daoinibh briathra uile na Beathadh so. Agus ar n‐a chlos sin dóibh, do chuadar isteach san teampall le breacadh an lae, agus do bhíodar ag teagasc. Acht tháinig an t‐árd‐shagart agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, agus do chruinnigheadar an árd‐chómhairle agus seanóirí clainne Israel, agus chuireadar teachtaí chum an phríosúin, go dtabharfaidhe cuca iad. Acht do chuaidh na h‐oifigí agus ní bhfuaradar san bpríosún iad: agus d’fhilleadar ar ais, agus d’inniseadar ’n‐a thaobh, g‐á rádh, Fuaramar an príosún dúnta go dlúth, agus an lucht coimhéadtha ’n‐a seasamh ag na dóirsibh: acht nuair d’fhosclamar, ní bhfuaramar aon duine istigh. Nuair do‐chuala ceannphort an teampaill agus uachtaráin na sagart an chainnt sin, do bhí buaidhirt aigne ortha ’n‐a dtaobh, gan a fhios aca créad do thiocfadh as. Agus tháinig duine agus adubhairt sé, Féach, na fir do chuireabhar san bpríosún, atáid ’n‐a seasamh san teampall ag teagasc an phobail. Annsin d’imthigh an ceannphort i n‐éinfheacht leis na h‐oifigeachaibh, agus thug sé leis iad, gan aon éigean; óir do bhí eagla an phobail ortha, go ngabhfaidhe de chlochaibh ortha. Agus nuair thugadar iad, do chuireadar ’n‐a seasamh iad i láthair na h‐árd‐chómhairle. Agus do cheistigh an t‐árd‐shagart iad, g‐á rádh, D’órduigheamar daoibh go cruinn gan teagasc do dhéanamh san ainm sin: agus féach, atá Iarúsalem líonta de bhúr dteagasc agaibh, agus atá sibh ag iarraidh fuil an duine sin do tharraing orainne. Acht d’fhreagair Peadar agus na h‐abstail agus adubhradar, Is mó is cuibhe dhúinn umhlú do Dhia ’ná do dhaoinibh. Do thóg Dia ár sinnsear Íosa suas; an té do marbhabhair‐se g‐á chrochadh ar chrann. D’árduigh Dia le n‐a láimh dheis é chum bheith ’n‐a Phrionnsa agus ’n‐a Shlánuightheoir, chum aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadhdo thabhairt d’Israel. Agus atáimíd‐ne ’n‐ár bhfiadhnaidhthibh ar na neithidh sin; agus an Spiorad Naomh thug Dia dhóibh‐sean umhluigheas dó. Acht, ar n‐a chlos sin dóibh‐sean, do bhíodar ar buile, agus do bhí fonn ortha iad do mharbhadh. Acht d’éirigh duine ’n‐a sheasamh san árd‐chómhairle, Fairisíneach dárbh ainm Gamaliel, ollamh dlighidh, go raibh cion ag an bpobal air, agus d’órduigh sé na fir do chur thar doras amach tamall. Agus adubhairt sé leo, A fheara Israel, tabhraidh do bhúr n‐aire créad do‐ghéanaibh sibh i dtaobh na bhfear úd. Óir tamall roimhe seo d’éirigh Teúdás, g‐á chur i gcéill gur duine mór é féin; agus do chlaoidh scata daoine, timcheall ceithre céad díobh leis: do marbhadh é; agus do scaipeadh iad‐san do lean é, agus ní tháinig éinnidh d’á bhárr. I n‐a dhiaidh sin d’éirigh Iúdás ó’n nGalilé i n‐aimsir an chómhairimh, agus tharraing sé daoine ’n‐a dhiaidh: fuair seisean bás, leis; agus do scaipeadh an dream go léir do lean é. Agus adeirim‐se libh anois, Seachnaidh sibh féin ar na fearaibh seo, agus leigidh dhóibh: óir má’s ó dhaoinibh an scéal nó an obair seo, rachaidh sé ar neamhnidh: acht má’s ó Dhia é, ní bhéidh ar chumas daoibh a chur ar ceal; ar eagla gur ag cur i gcoinnibh Dé do bhéadh sibh. Agus d’aontuigheadar leis: agus tar a éis dóibh na h‐abstail do ghlaodhach chuca, do bhuaileadar iad, agus d’órduigheadar dóibh gan labhairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad. Agus d’imthigheadar‐san as láthair na h‐árd‐chómhairle, agus athás mór ortha de chionn gur measadh gurbh fhiú iad easonóir d’fhulang ar son an Ainme. Agus níor staonadar, san teampall agus ó thigh go tigh, gach lá, ó bheith ag teagasc agus ag craobhscaoileadh Íosa an Críost. Agus ins na laethibh sin, mar bhí uimhir na ndeisceabal ag dul i méid, do‐rinne na h‐Iudaigh Gréagacha gearán i n‐aghaidh na nEabhrach, toisc go ndearnadh faillighe ar a mbaintreabhachaibh san bhfriotháileamh laetheamhail. Uime sin do ghlaodh an dáréag an choitcheanntacht de na deisceablaibh chuca, agus adubhradar, Ní ceart dúinne faillighe do dhéanamh i mbriathar Dé, agus bheith ag freastal bórd. Uime sin, a bhráithreacha, toghaidh ’n‐bhúr measc féin móirsheisear d’fhearaibh creideamhnacha atá lán de’n Spiorad, agus d’eagna, go gcuirfimíd i mbun n h‐oibre seo iad. Acht leanfaimíd‐ne de’n urnaighe i gcómhnaidhe, agus de chraobhscaoileadh an bhriathair. Agus do thaithin an chómhairle sin leis an gcómh‐chruinniú: agus do thoghadar Stiofán, fear do bhí lán de chreideamh agus de’n Spiorad Naomh, agus Pilib, agus Próchorus, agus Nicanór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nioclás, prosélíteach ó Antuaigh: do chuireadar iad sin i láthair na n‐abstal: agus, tar éis dóibh guidhe do dhéanamh, do chuireadar a lámha ortha. Agus do bhí briathar Dé ag leathadh; agus bhí uimhir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do bhí a lán de na sagartaibh d’umhluigh do’n chreideamh. Agus do‐rinne Stiofán, agus é lán de ghrás agus de chumhacht, míorbhailtí agus cómharthaí i measc na ndaoine. Acht d’éirigh aicme de lucht na sionagóige ar a dtugadh aicme na Libertíneach, agus na gCurénach, agus na nAlecsandrianach, agus daoine ó Chilicia agus ó’n Áise, agus do bhíodar ag caismirt le Stiofán. Agus do sháruigh ortha cur i gcoinnibh na h‐eagna agus i gcoinnibh an Spioraid le n‐ar labhair sé. Annsin thugadar isteach daoine áirithe, adubhairt, Do‐chualamar é ag labhairt go diamhasluightheach i n‐aghaidh Mhaoise agus i n‐aghaidh Dé. Agus do ghríosadar ar an gcuma sin an pobal, agus na seanóirí, agus na scríobhaidhthe, agus thugadar ruathar faoi, agus rugadar air, agus thugadar isteach i láthair na h‐árd‐chómhairle é, agus do chuireadar suas fiadhnaidhthe bréagacha, adubhairt, Ní stadann an duine seo, acht é i gcómhnaidhe ag labhairt go masluightheach i n‐aghaidh na h‐áite naomhtha so, agus i n‐aghaidh na dlighe. Oir do‐chualamar é g‐á rádh, go scriosfaidh an t‐Íosa Nasardha so an áit seo, agus go n‐athróchaidh sé na cleachta thug Maois dúinn. Agus do bhí súile a raibh san árdchómhairle ag dearcadh go grinn air, agus do chonnacadar a ghnúis mar bhéadh gnúis aingil. Agus adubhairt an t‐árd‐shagart, An fíor na scéala so? Agus adubhairt seisean, A bhráithreacha agus a aithreacha, éistidh, Do thaisbeán Dia na Glóire é féin d’ár nAthair Abracham, an tráth ’n‐a raibh sé i Mesopotámia, sarar chómhnuigh sé i gCarrán; agus adubhairt sé leis, Éirigh as do thír féin, agus as do mhuinntir féin, agus tar isteach san tír thaisbeánfas mé dhuit. Annsin d’fhág sé tír na gCaldaeach, agus do chómhnuigh sé i gCarrán, agus, nuair fuair a athair bás, d’aistrigh Dia é go dtí an tír seo ’n‐a bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr gcómhnaidhe anois: agus ní thug sé aon oidhreacht dó annsin, oiread agus coiscéim troighe: agus do gheall sé dhó go dtiubhradh sé mar sheilbh é dhó féin agus d’á shliocht ’n‐a dhiaidh, agus gan clann aige fós. Agus do labhair Dia leis ar an gcuma so, go ndéanfadh a shliocht cómhnaidhe i dtír choimhighthigh, agus go gcuirfidhe fá bhraighdeanas iad, agus fá leathtrom ar feadh ceithre céad bliadhan. Agus an náisiún go mbéidh siad fá dhaoirse aige, do‐ghéanad‐sa breitheamhnas air, adubhairt Dia: agus tiocfaidh siad amach ’n‐a dhiaidh sin, agus do‐ghéanaidh siad seirbhís dom san áit seo. Agus thug sé dhó connradh an timcheall‐gearrtha: agus mar sin do ghein sé Íosóg, agus do thimcheall‐ghearr sé é an t‐ochtmhadh lá; agus do ghein Íosóg Iácób, agus do ghein Iácób an dá phaitriárcha déag. Agus d’fhás éad ar na paitriárchaibh le Seosamh, gur dhíoladar isteach san Éigipt é: agus bhí Dia leis, agus d’fhuascail sé é ó n‐a anró uile, agus thug sé fábhar agus eagna dhó i láthair Faraó rí na h‐Éigipte; go ndearna sé ceannphort de ar an Éigipt agus ar a rí‐theaghlach féin. Acht tháinig gorta agus amhgar mór ar an Éigipt ar fad agus ar Chanaán: agus ní raibh biadh le fágháil ag ár n‐aithreachaibh. Acht, ar n‐a chlos do Iácób go raibh arbhar san Éigipt, do chuir sé ár n‐aithreacha annsin an chéad uair. Agus an dara h‐uair do cuireadh Seosamh i n‐aithne d’á dhearbhráithreachaibh; agus do nochtadh cineadh Sheosaimh d’Fharaó. Agus thug Seosamh cuireadh, agus do ghlaodh sé chuige Iácób a athair, agus a chineadh go léir, cúig duine déag agus trí fichid. Agus do chuaidh Iácób síos san Éigipt; agus fuair sé bás, é féin agus ár n‐aithreacha; agus tugadh go Suchem iad, agus do cuireadh iad san uaigh do cheannuigh Abracham ar airgead ó chlann‐mhac Emmór i Suchem. Acht nuair do bhí am na geallamhna thug Dia d’Abracham, ag teacht, do bhí an pobal ag dul i bhfás agus i líonmhaire san Éigipt, nó gur éirigh rí eile ar an Éigipt, nach raibh aithne aige ar Sheosamh. Do‐rinne seisean feall ar ár gcineadh, agus do‐rinne sé leathtrom ar ár n‐áithreachaibh, g‐á chur d’fhiachaibh ortha a naoidheana do chaitheamh amach ionnas nach mairfidís. Fá’n am sin rugadh Maois, agus leanbh an‐bhreagh do bhí ann; agus do h‐oileadh é ar feadh trí mí i dtigh a athar: agus nuair do caitheadh amach é, do thóg inghean Fharaó é, agus d’oil sí é mar mhac dí féin. Agus fuair sé oideas i n‐ealadhantaibh uile na nÉigipteach; agus bhí sé cumasach ’n‐a bhriathraibh agus ’n‐a ghníomharathibh. Acht nuair do bhí sé dá fhichid bliadhain d’aois, tháinig tnúthán ’n‐a chroidhe dul agus cuairt do thabhairt ar a bhráithreachaibh, clann Israel. Agus nuair chonnaic sé duine aca agus éagcóir d’á déanamh air, do chosain sé é, agus do‐rinne sé díoghaltas ar son an té go ndearnadh an éagcóir air, ag bualadh an Éigiptigh: agus do cheap sé gur thuig a bhráithreacha go raibh Dia g‐á bhfuascladh tré n‐a láimh‐sean; acht níor thuigeadar. Agus, an lá ’n‐a dhiaidh sin tháinig sé ortha agus iad ag troid le chéile, agus b’áil leis síothcháin do dhéanamh eadortha, g‐á rádh, A fheara, is bráithreacha sibh; cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh éagcóra ar a chéile? Acht an té do bhí ag déanamh na h‐éagcóra ar a chomharsain do chuir sé uaidh é, g‐á rádh, Cia rinne riaghlóir agus breitheamh dhíot‐sa os ár gcionn? Arbh áil leat mise do mharbhadh, fá mar mharbhais an t‐Éigipteach indé? Agus nuair do‐chuala Maois sin do theich sé, agus do‐rinne sé chómhnaidhe i dtír Mhadian, agus do bhí beirt chlann‐mhac aige annsin. Agus nuair do bhí dhá fhichid bliadhan imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal dó i bhfásach sléibhe Sína, i lasair teineadh i dtor. Agus nuair do chonnaic Maois é, do chuir an taidhbhse iongnadh air: agus ag tarraing i ngar dó g‐á bhreathnú, do labhair guth an Tighearna, Is mise Dia do shinnsear, Dia Abrachaim agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib. Agus do bhí Maois ar crioth, agus níor lámh sé féachain. Agus adubhairt an Tighearna leis, Scaoil na bróga ded’ chosaidh: óir an áit ’n‐a bhfuil tú is talamh naomhtha é. Do chonnacas go soiléir amhgar mo phobail atá san Éigipt, agus d’airigheas a gcneadach, agus tháinig mé le tárrtháil do dhéanamh ortha: agus anois, tar, cuirfead chum na h‐Éigipte thú. An Maois seo d’ár dhiúltadar, g‐á rádh, Cia do‐rinne riaghlóir agus breitheamh dhíot‐sa? do chuir Dia uaidh eisean ’n‐a riaghlóir agus ’n‐a fhuascaltóir le láimh an aingil do taidhbhrigheadh dhó san tor. Do threoruigh sé sin amach iad, tar a éis dó míorbhailtí agus cómharthaí do dhéanamh san Éigipt, agus san Muir Ruaidh, agus san bhfásach ar feadh dá fhichid bliadhan. Is é an Maois sin adubhairt le clainn Israel, Tógfaidh Dia suas fáidh mar mise dhaoibh as lár bhúr mbráithreach. Is é sin an té do bhí san gcómh‐chruinniú san bhfásach i bhfochair an aingil do labhair leis ar shliabh Sína, agus i bhfochair ár n‐aithreach: do ghlac briathra na beathadh le n‐a thabhairt dúinne: an té nárbh áil le n‐ár n‐aithreachaibh bheith umhal dó, acht do dhiúltadar dó, agus d’fhilleadar ’n‐a gcroidheachaibh chum na h‐Éigipte, g‐á rádh le h‐Aarón, Déan déithe dhúinn rachas rómhainn; acht maidir leis an Maois seo, do threoruigh amach as tír na h‐Éigipte sinn, ní fhuil a fhios againn créad d’éirigh dhó. Agus do chumadar laogh ins na laethibh sin, agus do‐rinneadar íodhbairt do’n íodhal, agus do‐rinneadar gáirdeachas as obair a lámh féin. Acht d’iompuigh Dia, agus thug sé suas iad chum sluagh neimhe d’adhradh: mar atá scríobhtha i leabhar na bhfáidh, An beithidhigh marbha agus íodhbarta d’ofráileabhar dom Ar feadh dá fhichid bliadhan san bhfásach, a theaghlaigh Israel? Agus do thógabhar tabernacal Mhóloch, Agus réalta an dé Refan, Na h‐íomhághtha do‐rinneabhar le n‐a h‐adhradh: Agus aistreochad thar an mBaibiolóin anonn sibh. Do bhí tabernacal na fiadhnaise ag ár sinnsearaibh san bhfásach, mar d’órduigh an té do labhair le Maois, go ndéanfadh sé é de réir na h‐eisiomplára do chonnaic sé. Agus thug ár sinnsir isteach i n‐éinfheacht le Iósua é ’n‐a dhiaidh sin, agus iad ag gabháil seilbhe ar thír na gcineadhach, do dhíbir Dia amach roimh aghaidh ár sinnsear, go dtí laethe Dháibhi: fuair grás i láthair Dé, agus d’iarr áitreabh d’fhágháil do Dhia Iácóib. Acht ba é Solamh do thóg teach dó. Ní i dtigh do rinneadh le lámhaibh, ámh, chómhnuigheas an Té is Áirde; mar adeir an fáidh, Is é neamh mo rí‐chathaoir, Agus is é an talamh stól mo chos: Cia an cineál tighe thógfas sibh damh‐sa? adeir an Tighearna: Nó cá bhfuil áit mo shuaimhnis? Nárbh í mo lámh‐sa do‐rinne na neithe sin go léir? A lucht na muineál righin, gan cluasa ná croidhe timcheall‐ghearrtha agaibh, bíonn sibh i gcómhnaidhe ag cur i gcoinnibh an Spioraid Naoimh: fá mar rinne bhúr sinnsir, is mar sin do‐ghní sibhse. Cia aca de na fáidhibh nach ndearna bhúr sinnsir géir‐leanamhain air? agus do mharbhadar iad‐san d’fhógair roimh ré teacht an Fhíréin úd; go bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr mbrathadóiribh agus ’n‐bhúr ndúnmharbhthóiribh aige; sibh‐se fuair an reacht tugadh tríd na h‐ainglibh, agus nár umhluigh dó. Ag éisteacht dóibh‐sean leis na briathraibh sin, d’éirigh colg ’n‐a gcroidheachaibh agus do bhíodar ag gioscán a bhfiacal chuige. Acht do dhearc seisean go géar suas ar neamh, agus é lán de’n Spiorad Naomh, agus do chonnaic sé glóir Dé, agus Íosa ’n‐a sheasamh ar dheasláimh Dé, agus adubhairt sé, Féach, chím na flaithis ar fhoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a sheasamh ar dheasláimh Dé. Acht do gháireadar‐san amach i n‐árd a ngotha, agus do dhúnadar a gcluasa agus thugadar ruathar faoi i n‐éinfheacht le chéile, agus do ruaigeadar as an gcathair amach é, agus do ghabhadar de chlochaibh air: agus do leag na fiadhnaidhthe a mbrait ag cosaibh fir óig darbh ainm Saul. Agus do ghabhadar de chlochaibh ar Stiofán, agus é ag guidhe, g‐á rádh, A Thighearna Íosa, glac chugat mo spioraid. Agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do ghlaodh sé de ghuth árd, A Thighearna, ná cuir an peacadh so ’n‐a leith. Agus, ar n‐a rádh sin dó, do thuit a chodladh air. Agus do bhí Saul ag aontú le n‐a bhás. Agus d’éirigh géir‐leanmhain mhór an lá sin i gcoinnibh na h‐eaglaise do bhí i nIarúsalem; agus do scaipeadh iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Shamária, acht amháin na h‐abstail. Agus d’adhlaic daoine cráibhtheacha Stiofán, agus do chaoineadar é go h‐árd‐ghlórach. Acht do bhí Saul ag slad na h‐eaglaise, ag dul isteach ins gach aon tigh, ag tarraing fear agus ban amach agus g‐á gcur i bpríosún. Acht an méid díobh do scaipeadh d’imthigh siad rómpa ag craobhscaoileadh an bhriathair. Agus do chuaidh Pilib síos go cathair Shamária, agus d’fhógair sé Críost dóibh annsin. Agus thug na sluaighte aire d’aon toil do’n méid adubhairt Pilib, nuair d’éisteadar leis, agus do chonnacadar na cómharthaí do‐rinne sé. Óir do bhí mórán daoine as a dtáinig spioraidí neamh‐ghlana amach, ag éigheamh go h‐árd: agus do leigheasadh mórán go raibh pairilis ortha, agus do bhí ’n‐a máirtíneachaibh. Agus bha mhór an t‐áthás do bhí san gcathair sin. Acht do bhí fear amháin, darbh ainm Síomón, do bhí ag cleachtadh draoidheachta, agus ag mealladh muinntire Samária ar feadh tamaill roimhe sin, g‐á rádh gur dhuine mór éigin é féin: thug na daoine go léir, beag agus mór, aire dhó, g‐á rádh, Cumhacht Dé an fear so an chumhacht ar a dtugtar Mór. Agus ba é fáth fá thugadar aire dhó, gur chuir sé iongnadh mór ortha le tamall fada le n‐a chuid draoidheachta. Acht nuair do chreideadar Pilib agus é ag craobhscaoileadh i dtaobh ríoghachta Dé agus ainme Íosa Críost, do baisteadh iad, idir fhearaibh agus mhnáibh. Agus do chreid Síomón féin: agus iar n‐a bhaisteadh, d’fhan sé i bhfochair Philib; agus nuair do chonnaic sé cómharthaí agus míorbhailtí móra d’a ndéanamh, bhí iongnadh mór air. Nuair d’airigh na h‐abstail do bhí i nIarúsalem go raibh Samária tar éis briathar Dé go ghlacadh, do chuireadar chuca Peadar agus Eoin: agus nuair tháinig siad‐san, do ghuidheadar ar a son, go bhfaighidís an Spiorad Naomh: óir go dtí sin níor thuirling sé ar duine aca: ní dearnadh acht iad do bhaisteadh i n‐ainm an Tighearna Íosa. Annsin do chuireadar a lámha ortha, agus do ghlacadar an Spiorad Naomh. Nuair thug Síomón fá deara gur tré lámha na n‐abstal d’á gcur ortha tugadh an Spiorad Naomh, do thairg sé airgead dóibh, g‐á rádh, Tabhraidh dhamh‐sa an chumhacht sin, leis, go bhfaigheadh an té go gcuirfead mo lámh air an Spiorad Naomh. Acht adubhairt Peadar leis, Scrios ar do chuid airgid agus ort féin, toisc gur cheapais go bhféadfá saor‐thabhartas Dé d’fhágháil ar airgead. Ní fhuil baint ná páirt agat leis an ngnó so: óir ní fhuil do chroidhe ceart i láthair Dé. Déan aithrighe, d’á bhrigh sin, san gcuirptheacht so agat, agus cuir guidhe chum Dé, le súil go maithfidhe dhuit smaoineadh do chroidhe. Óir is léir dhom go bhfuilir i ndomblas seirbhthin agus i ngreim an uilc. Agus d’fhreagair Síomón agus adubhairt, Guidhidh‐se chum Dé ar mo shon, ionnas nach dtiocfadh orm éinnidh de’n méid atá ráidhte agaibh. Annsin, tar a éis dóibh fiadhnaise do thabhairt agus briathar an Tighearna do labhairt, d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, agus do chraobhscaoileadar an soiscéal ’n‐a lán de bhailtibh beaga na Samáritánach. Acht do labhair aingeal an Tighearna le Pilib, g‐á rádh, Éirigh, agus imthigh ó dheas fá dhéin an bhealaigh sheolas síos ó Iarúsalem go Gása: fásach atá ann. Agus d’éirigh sé agus d’imthigh: agus féach, fear ó Étiópia, coillteánach réimeamhail fá Chandácé, bainríoghain na nÉtiópach, do bhí i mbun a ciste go léir, tháinig sé go h‐Iarúsalem chum adhradh do dhéanamh ann; agus do bhí sé ag filleadh ar ais agus é ’n‐a shuidhe ’n‐a charbad ag léigheadh Ésáias fáidh. Agus adubhairt an Spiorad le Pilib, Druid i n‐aice leis, agus téigh san gcarbad sin. Agus do rith Pilib chuige, agus d’airigh sé é ag léigheadh Ésáias fáidh, agus adubhairt sé, An dtuigeann tú an méid atá agat d’á léigheadh? Agus adubhairt seisean, Cionnas is féidir liom a thuigsin, gan duine éigin bheith ann le n‐a mhíniú dhom? Agus d’iarr sé ar Philib teacht aníos agus suidhe ’n‐a aice. Agus is é seo an chuid de’n scrioptúir do bhí aige d’a léigheadh, Do treoruigheadh é amhail caora chum báis; Agus amhail uan n‐a thost i láthair a lomaire, Níor fhoscail sé a bhéal: I n‐umhlacht do séanadh a bhreitheamhnas air: Cia fhoillseochas a gheinealach? Óir scriostar a shaoghal de’n talamh. Agus d’fhreagair an coillteánach agus adubhairt sé le Pilib, Athchuinghim ort, cia air go labhrann an fáidh é seo? an air féin, nó ar duine éigin eile? Agus d’fhoscail Pilib a bhéal, agus ag tosnú dhó ó’n scrioptúir sin, d’innis sé i dtaobh Íosa dhó. Agus san tslighe dhóibh, thángadar mar a raibh uisce; agus adubhairt an coillteánach, Féach, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ bhaisteadh? Agus d’órduigh sé an carbad do chur ’n‐a stad: agus do chuadar beirt, Pilib agus an coillteánach, síos isteach san uisce; agus do bhaist sé é. Agus nuair thángadar aníos as an uisce, d’fhuaduigh Spiorad an Tighearna Pilib; agus ní fhaca an coillteánach as sin amach é, óir d’imthigh sé ar a bhóthar agus árd‐áthas air. Acht fríth Pilib i nAsótos: agus ag gluaiseacht tríd na bailtibh dhó, do chraobhscaoil sé an soiscéal dóibh go léir, nó go dtáinig sé go Céasaria. Acht do chuaidh Saul, agus é ag sír‐shéideadh bagartha agus báis i gcoinnibh deiscéabal an Tighearna, chum an ard‐shagairt, agus d’iarr sé air lithreacha do thabhairt dó chum na sionagóg i nDamascus, chum, dá bhfaigheadh sé aon duine, fear nó bean de’n tSlighe seo, go dtiubhradh sé leis iad ceangailte go h‐Iarúsalem. Agus ag imtheacht dó, thárla go raibh sé ag druidim le Damascus, agus do las solas ó neamh go h‐obann ’n‐a thimcheall: agus do thuit sé chum na talmhan, agus d’airigh sé an guth g‐á rádh leis, A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’gam’ ghéirleanmhain? Agus adubhairt seisean, Cia thú féin, a Thighearna? Agus d’fhreagair sé, Is mise Íosa ar a bhfuil tú ag géirleanmhain: acht éirigh, agus téigh isteach san gcathair, agus innseochar duit créad atá le déanamh agat. Agus na fir do bhí ag taisteal i n‐éinfheacht leis do bhíodar ’n‐a seasamh ’n‐a dtost, ag éisteacht leis an nguth, acht gan aon duine le feicsin aca. Agus d’éirigh Saul de’n talamh; agus nuair d’fhoscail sé a shúile, ní fhaca sé rud ar bith; agus rugadar ar láimh air agus threoruigheadar isteach i nDamascus é. Agus do bhí sé trí lá gan radharc, agus níor ith ná níor ól sé. Agus do bhí i nDamascus deisceabal darbh ainm Ananias, agus adubhairt an Tighearna i n‐aisling leis, A Ananias. Agus adubhairt seisean, Atáim annso, a Thighearna. Agus adubhairt an Tighearna leis, Éirigh, agus imthigh go dtí an tsráid ar a dtugtar Díreach, agus loirg, i dtigh Iúdáis, fear dar ab ainm Saul, ó Thársus; óir atá sé ag urnaighe; agus do chonnaic sé fear dar ab ainm Ananias ag teacht isteach, agus ag cur a lámh air, chum go bhfaigheadh sé a radharc. Acht d’fhreagair Ananias, A Thighearna, do‐chualas ó mhórán daoine i dtaobh an fhir sin, go ndearna sé díoghbháil mhór dod’ naomhaibh i nIarúsalem: agus atá ughdarás aige annso ó uachtaránaibh na sagart chum na daoine ghlaodhas ar t’ainm do ghabháil. Acht adubhairt an Tighearna leis, Imthigh leat: óir is soitheach toghtha agam‐sa é, chum m’ainm do bhreith i láthair na nGeinte agus na ríogh, agus do chlainn Israel: óir taisbeánfad‐sa dhó an mhéid mhór atá le fulang aige ar son m’ainme. Agus d’imthigh Ananias, agus do chuaidh sé isteach san tigh; agus do chuir sé a lámha air agus adubhairt, A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa do thaisbeán é féin duit san tslighe agus tú ag teacht, do chuir sé mise chugat, chum go bhfaightheá do radharc athuair, agus go líonfaidhe thú de’n Spiorad Naomh. Agus ar an láthair do thuit ó n‐a shúilibh mar bhéadh gáinní, agus fuair sé a radharc; agus d’éirigh sé agus do baisteadh é; agus do ghlac sé biadh agus fuair sé neart. Agus d’fhan sé roinnt laethe i bhfochair na ndeisceabal do bhí i nDamascus. Agus ar ball, ins na sionagógaibh, do chraobhscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é. Agus do bhí iongnadh mór ar a raibh ag éisteacht leis, agus adubhradar, Nach é seo an té do‐rinne léirscrios i nIarúsalem ortha‐san do ghlaodh ar an ainm sin? agus tháinig sé annso d’aon ghnó chum iad do thabhairt ceangailte i láthair uachtarán na sagart. Acht is mó do bhí Saul ag dul i neart, agus é ag cur na nIúdach do chómhnuigh i nDamascus ’n‐a dtost, g‐á chrothú gur ab é sin an Críost. Agus nuair bhí mórán laethe imthighthe, do ghlac na h‐Iúdaigh cómhairle a chéile go marbhóchaidís é: acht fuair Saul fios a gcóimh‐cheilge. Agus do bhíodar ag faire ar na geataibh de ló agus d’oidhche chum go marbhóchaidís é: acht do thóg a dheisceabail é san oidhche, agus do chuireadar síos é tríd an mballa, g‐a leigin síos i gciseán. Agus ar theacht go h‐Iarúsalem dó, d’iarr sé greamú leis na beisceablaibh: agus bhí eagla ortha go léir roimhe, agus ní chreidfidís gur dheisceabal é. Acht do ghlac Barnabas chuige é, agus thug sé chum na n‐abstal é, agus d’innis sé dhóibh cionnas do chonnaic sé an Tighearna san tslighe, agus gur labhair sé leis, agus cionnas mar labhair sé i nDamascus i n‐ainm Íosa. Agus do bhí sé ’n‐a bhfochair súd ag gabháil isteach agus amach i nIarúsalem, ag labhairt go dána i n‐ainm an Tighearna: agus do bhíodh sé ag labhairt agus ag diospóireacht i n‐aghaidh na nGréagach; go ndeachadar‐san ag iarraidh a mharbhadh. Agus nuair fuair na bráithre fios ’n‐a thaobh sin, thugadar síos go Céasaria é, agus do chuireadar as sin go Társus é. Agus do bhí síothcháin ag an eaglais ar fud Iúdaea, agus ar fud na Galilé agus Samária, bhí beannacht uirthi; agus í ag dul i méid, ag gluaiseacht i n‐eagla an Tighearna, agus an Spiorad Naomh ag neartú léi. Agus thárla, nuair do bhí Peadar ag gabháil ó áit go h‐áit, go dtáinig sé chum na naomh do chómhnuigh i Lidda. Agus fuair sé annsin duine darbh ainm Aenéas, d’fhan ’n‐a leabaidh ar feadh ocht mbliadhan, agus pairilis air. Agus adubhairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ shlánú: éirigh, agus cóirigh do leaba. Agus d’éirigh sé ar an láthair. Agus do chonnaic siad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe i Lidda agus i Sáróna é, agus d’iompuigheadar chum an Tighearna. Agus do bhí i nIoppé deisceabal darbh ainm Tabitá, (ainm chialluigheas, Dorcás): bean do bhí ag sír‐chleachtadh deagh‐ghníomh agus carthannachta. Agus thárla ins na laethibh sin gur buaileadh tinn í, go bhfuair sí bás: agus nuair do nigheadh í, do chuireadar i seomra uachtair í. Agus ó bhí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a chlos do na deisceablaibh go raibh Peadar san áit sin, do chuireadar beirt deisceabal chuige, d’iarraidh d’athchuinge air teacht chuca gan mhoill. Agus d’éirigh Peadar agus chuaidh sé n‐éinfheacht leo. Agus nuair tháinig sé, rugadar suas é go dtí an seomra uachtarach: agus do bhí na baintreabhacha ’n‐a seasamh ’n‐a aice ag gol agus ag taisbeáint na gcótaí agus na gculaitheach do‐rinne Dorcás a fhad agus bhí sí ’n‐a measc. Acht do chuir Peadar iad go léir amach, agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do‐rinne sé urnaighe; agus ag iompodh chum an chuirp, adubhairt sé, A Thabitá, éirigh. Agus d’fhoscail sí a súile; agus nuair do chonnaic sí Peadar, d’éirigh sí aniar. Agus thug sé a lámh dí, agus do thóg sé ’n‐a seasamh í; agus ag glaodhach na naomh agus na mbaintreabhach dó, thug sé dhóibh í ’n‐a beathaidh. Agus do luadhadh é ar feadh Ioppé ar fad: agus do bhí mórán do chreid san Tighearna. Agus thárla gur fhan sé morán laethe i nIoppé i dtigh Shíomóin, fear leasuighthe leathair. Do bhí fear darbh ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuidhin Iodáiligh, mar tugadh uirthi, fear cráibhtheach, go raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach go léir, fear do‐bheireadh a lán déirce do na daoinibh, agus do bhíodh de ghnáth ag guidhe Dé. Do taidhbhrigheadh dhó go soiléir, tuairim na naomhadh h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teacht chuige isteach, g‐á rádh leis, A Chornéliuis. Agus adubhairt seisean, ag féachaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Thighearna? Agus adubhairt sé leis, Atá t’urnaighthe agus do chuid déirce imthighthe suas mar chuimhneachán i láthair Dé. Agus anois cuir fir go h‐Ioppé agus cuir fios ar Shíomón, ar a dtugtar Peadar; atá sé ar lóistín i dtigh Shíomóin, fear leasuighthe leathair, go bhfuil a theach i n‐aice na fairrge. Agus nuair d’imthigh an t‐aingeal do bhí ag cainnt leis, do ghlaodh sé chuige beirt d’á sheirbhíseachaibh, agus saighdiúir cráibhtheach díobh‐san do bhíodh i gcómhnaidhe ag freastal air; agus tar a éis dó gach uile nidh d’innsint dóibh, do chuir sé go h‐Ioppé iad. Agus lá ar n‐a bhárach, ag siubhal dóibh‐sean, agus iad ag tarraing ar an gcathair, do chuaidh Peadar suas ar bhárr an tighe, tuairim na sémhadh h‐uaire, chum urnaighe do dhéanamh: agus tháinig ocras air, agus do bhí sé ag tnúth le biadh: acht an fhaid a bhíodar g‐á ullmhú, tháinig táimhnéall air: agus do chonnaic sé na flaithis ar fhoscailt, agus soitheach, mar bhéadh seol mór, ag tuirling, d’á leigin anuas, agus é ceangailte ar na ceithre cúinnibh, ar an talamh: agus do bhí ann beithidhigh ceithre gcos, agus piastaí agus éanlaithe an aeir de gach cineál. Agus do labhair an guth leis, Éirigh, a Pheadair; marbh agus ith. Acht adubhairt Peadar, Ní dhéanfainn sin, a Thighearna; óir éinnidh coitcheann ná neamh‐ghlan níor itheas riamh. Agus do labhair an guth arís leis, an dara h‐uair, An nidh do ghlan Dia, ná déan‐sa neamh‐ghlan é. Mar sin adubhradh trí h‐uaire as a chéile, agus ar ball do tógadh an soitheach ar ais isteach ins na flaitheasaibh. Agus a fhaid do bhí Peadar ag iarraidh a dhéanamh amach créad ba chiall do’n aisling do chonnaic sé, féach, na fir do chuir Cornélius uaidh, tar a éis dóibh a fhiafruighe cá raibh teach Shíomóin, do bhíodar ’n‐a seasamh ag an doras, agus do ghlaodhadar agus d’fhiafruigheadar an raibh Síomón, ar a dtugtar Peadar, ar lóistín annsin. Agus ag machtnamh do Pheadar ar an aisling, adubhairt an Spiorad leis, Féach, atá triúr fear ’gad’ lorg. Acht éirigh, agus téigh síos, agus imthigh i n‐éinfheacht leo, gan amhras intinne bheith ort: óir is mise do chuir chugat iad. Agus do chuaidh Peadar síos chum na bhfear, agus adubhairt, Féach, is mise an té atá sibh d’iarraidh: cia an fáth go dtáinig sibh? Agus adubhradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráibhtheach go bhfuil eagla Dé air, agus go bhfuil árd‐mheas ag an gcineadh Iúdach uile air, fuair sé fógradh ó aingeal naomhtha fios do chur ort‐sa teacht chum a thighe féin, agus éisteacht le briathraibh uait. Annsin do ghlaodh sé isteach iad agus thug sé aoigheacht dóibh. Agus d’éirigh sé lá ar n‐a bhárach agus d’imthigh sé amach i n‐éinfheacht leo, agus cuid de na bráithribh ó Ioppé ’n‐a gcuideachtain. Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do chuadar isteach i gCéasaria. Agus do bhí Cornélius ag feitheamh leo, agus a ghaolta agus a cháirde cruinnighthe le chéile aige. Agus thárla, ag dul isteach do Pheadar, go ndeachaidh Cornélius chuige, agus do shléacht sé dhó ag a chosaibh, ag déanamh onóra dó. Acht do thóg Peadar suas é, g‐á rádh, Éirigh id’ sheasamh; duine is eadh mé féin, leis. Agus do chuaidh sé isteach agus é ag cainnt leis, agus fuair sé mórán daoine cruinn le chéile ann: agus adubhairt sé leo, Atá a fhios agaibh féin nach dlisteanach do’n Iúdach baint do bheith aige le duine d’aon chineadh eile, ná caidreamh do dhéanamh leis; acht thug Dia le tuigsin dom gan coitcheann ná neamh‐ghlan do thabhairt ar aon duine: uime sin, nuair do cuireadh fios orm, tháinig mé gan cur ’n‐a choinnibh. Fiafruighim, d’á bhrigh sin, cad chuige ar cuireabhar fios orm. Agus adubhairt Cornélius, Ceithre lá ó shoin, go dtí an uair seo, do bhíos ag guidhe ar an naomhadh h‐uair im’ thigh: agus féach, do bhí fear ’n‐a sheasamh im’ fhiadhnaise agus éadach geal air, agus adubhairt sé, A Chornéliuis, do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus do cuimhnigheadh ar do chuid déirce i láthair Dé. Cuir fios go h‐Ioppé, d’á bhrigh sin, agus iarr ar Shíomón, ar a dtugtar Peadar, teacht chugat; cómhnuigheann sé i dtigh Shíomóin fear leasuighthe leathair, cois na fairrge. Ar an adhbhar sin do chuireas fios ort‐sa; agus is maith do‐rinnis agus teacht. Sin é an fáth go bhfuilmíd uile láithreach annso i bhfiadhnaise Dé, chum bheith ag éisteacht le gach ar órduigh Dia dhuit a rádh. Agus d’fhoscail Peadar a bhéal, agus adubhairt, Go fírinneach is léir dhom nach bhféachann Dia do dhuine seachas a chéile: acht go mbíonn glacadh aige le gach cineadh go mbíonn a eagla air, agus chleachtuigheas an ceart. An briathar do chuir sé chum clainne Israel, ag fógairt deagh‐scéal síothchána tré Íosa Críost (is é Tighearna ar chách é) — is eol daoibh féin an briathar sin, do craobhscaoileadh ar fud Iúdaea ar fad, ag tosnú ó’n nGalilé, tar éis an bhaiste d’fhógair Eoin; cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis. Agus ataimíd‐ne ’n‐ár bhfiadhnaidhthibh do’n méid do‐rinne sé i gcrích na nIúdach, agus i nIarúsalem; gur cuireadh chum báis é, d’á chrochadh ar chrann. Do thóg Dia ó’n mbás é an treas lá, agus thug sé le feicsin é, ní do’n phobal go léir, acht d’fhiadhnaidhthibh do bhí toghtha ag Dia roimh ré, dúinne, do bhí ag ithe agus ag ól ’n‐a fhochair tar a éis dó aiséirghe ó na marbhaibh. Agus d’órduigh sé dhúinn labhairt leis na daoinibh agus a dhearbhú gur ab eisean an té atá ceaptha ag Dia chum bheith ’n‐a bhreitheamh ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh. Is dó‐san do‐bheir na fáidhe go léir fiadhnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gach éinneach chreideas ann do‐gheobhaidh sé maitheamhnas na bpeacadh. Le linn Peadar bheith ag labhairt na mbriathar sin, do thuirling an Spiorad Naomh ortha‐san do bhí ag éisteacht leis an mbriathar. Agus lucht an timcheall‐ghearrtha do chreid, an méid díobh tháinig i n‐éinfheacht le Peadar, do bhí iongnadh mór ortha de bhrigh gur doirteadh tíodhlacadh an Spioraid Naomh ar an Cineadhachaibh féin. Óir d’airigheadar iad ag labhairt as teangthachaibh, agus ag adhmholadh Dé. Annsin adubhairt Peadar, An féidir le duine ar bith uisce do dhiúltadh dhúinn, gan leigin dúinn na daoine seo do bhaisteadh, iad so do ghlac an Spiorad Naomh chómh maith linne? Agus d’órduigh sé iad do bhaisteadh i n‐ainm Íosa Críost. Annsin d’impidheadar air fanamhain aca roinnt laethe. Agus do‐chuala na h‐abstail agus na bráithre do bhí i nIúdaea go bhfuair na Cineadhaigh féin briathar Dé. Agus nuair chuaidh Peadar suas go h‐Iarúsalem, do‐rinne lucht an timcheall‐ghearrtha gearán leis, g‐á rádh, Do‐chuadhais‐se isteach i measc daoine gan timcheall‐ghearradh ortha, agus do chaithis biadh ’n‐a bhfochair. Acht do thosnuigh Peadar ar an scéal do mhíniú dhóibh tríd síos, g‐á rádh, Is amhlaidh do bhí mé i gcathair Ioppé ag guidhe: agus i néall dom do chonnacas aisling, soitheach mar bhéadh seol mór g‐á leigin ó’n spéir anuas le n‐a cheithre cúinnibh; agus tháinig sé im’ aice: agus ag caitheadh mo shúl go géar air, do bhreathnuigheas, agus do chonnacas beithidhigh ceathar‐chosacha na talmhan, agus ainmhidhthe allta agus piastaí agus éanlaithe an aeir. Agus do‐chualas an guth g‐á rádh liom, Éirigh, a Ph adair; marbh agus ith. Acht adubhras‐sa, Ní dhéanfad, a Thighearna: óir ní dheachaidh éinnidh coitcheann ná neamh‐ghlan isteach im’ bhéal‐sa riamh. Acht d’fhreagair an guth an dara h‐uair ó’n spéir, An nidh atá glanta ag Dia, ná déan‐sa neamh‐ghlan é. Do‐rinneadh sin trí h‐uaire as a chéile: agus do tógadh gach uile nidh suas san spéir arís. Agus féach, ar an láthair do bhí triúr fear ’n‐a seasamh os cómhair an tighe ’n‐a rabhamar, do cuireadh chugam ó Chéasaria. Agus adubhairt an Spiorad liom dul i n‐éinfheacht leo gan aon cheist bheith orm. Agus tháinig an seisear bráthar so ’n‐ár gcuideachtain; agus do chuadhamar isteach i dtigh an fhir: agus d’innis sé dhúinn cionnas do chonnaic sé an t‐aingeal ’n‐a sheasamh ’n‐a thigh, agus go ndubhairt sé, Cuir fios go h‐Ioppé agus tabhair libh Síomón ar a dtugtar Peadar; labharfaidh seisean briathra leat shlánóchas thú féin, agus muinntear do theaghlaigh go léir. Agus ní túisce do thosnuigheas ar labhairt ’ná thuirling an Spiorad Naomh ortha‐san, fá mar thuirling sé orainne ar dtús. Agus ba chuimhin líom briathar an Tighearna, mar dubhairt sé, Do bhaist Eoin le h‐uisce, acht baistfear sibh‐se leis an Spiorad Naomh. D’á bhrigh sin, má thug Dia dhóibh‐sean an bronntanas céadna tugadh dhúinne, nuair do chreideamar san Tighearna Íosa Críost, cia’rbh é mise go bhféadfainn cosc do chur le Dia? Agus nuair do‐chualadar an méid sin, do chiúnuigh siad, agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Is léir, mar sin, go bhfuil aithrighe chum na beathadh tabhartha ag Dia do na Cineadhachaibh féin. Na daoine do scaipeadh mar gheall ar an ngéirleanmhain d’éirigh i dtaobh Stiofáin, do chuadar chómh fada le Foinícia agus le Cuprus, agus le h‐Antuaigh, gan an briathar do labhairt acht leis na h‐Iúdachaibh amháin. Acht do bhí cuid aca, daoine as Cuprus agus as Curéné, agus, nuair tháinig siad go h‐Antuaigh, do labhair siad leis na Gréagachaibh féin, ag innsint soiscéil an Tighearna Íosa. Agus do bhí lámh an Tighearna leo: agus do bhí cuid mhór díobh‐san do chreid agus d’iompuigh chum an Tighearna. Agus tháinig scéala ’n‐a dtaobh go cluasaibh muinntire na h‐eaglaise do bhí i nIarúsalem: agus do chuireadar Barnabas uatha chómh fada le h‐Antuaigh: agus nuair tháinig seisean, agus nuair do chonnaic sé grása Dé, bhí áthas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoidhfidís le díoghrais croidhe do’n Tighearna: óir fear maith ab eadh é, agus do bhí sé lán de’n Spiorad Naomh agus de chreideamh: agus ba mhór an méid daoine tugadh chum an Tighearna. Agus do chuaidh Barnabas go Tarsus ar lorg Shaul: agus nuair fuair sé é, thug sé leis go h‐Antuaigh é. Agus ar feadh bliadhna do ghnáthuigheadar cómhluadar na h‐eaglaise, agus thugadar teagasc do mhórán daoine; agus thárla gur i nAntuaigh tugadh Críostaidhthe ar dtús ar na deisceablaibh. Agus ins na laethibh sin tháinig fáidhe ó Iarúsalem go h‐Antuaigh. Agus d’éirigh duine aca darbh ainm Agabus, agus thug sé le tuigsin dóibh tríd an Spiorad go raibh gorta mhór le teacht ar an saoghal uile, rud tháinig chum críche i n‐aimsir Chlaudiuis. Agus do shocruigh na deisceabail cabhair, de réir gustail gach duine, do chur chum na mbráithreach do bhí ’n‐a gcómhnaidhe i nIúdaea: agus do‐rinneadar sin, g‐á cur chum na seanóir tré lámhaibh Bharnabais agus Shaul. Fá’n am céadna sin do chuir Ioruath rí a lámha amach chum foirneart d’imirt ar chuid de mhuinntir na h‐eaglaise. Agus do mharbh sé Séamas dearbhráthair Eoin le claidheamh. Agus ar n‐a fheicsin dó gur thaithnigh sin leis na h‐Iúdachaibh, do chinn sé ar Pheadar do ghabháil, leis. Agus laethe an aráin gan laibhín do bhí ann. Agus nuair do bhí sé gabhtha aige, do chuir sé i bpríosún é, agus do chuir sé fá chúram gárda seisir saighdiúir déag é; agus é de rún aige a thabhairt amach i bhfiadhnaise an phobail i ndiaidh na Cásca. Do congbhuigheadh Peadar mar sin san bpríosún: acht do bhí urnaighe d’á dhéanamh go dúthrachtach ar a shon ag an eaglais. Agus nuair do bhí Ioruath ar tí é do thabhairt amach, an oidhche chéadna sin bhí Peadar ’n‐a chodladh idir bheirt saighdiúir, é ceangailte le dhá shlabhradh: agus bhí gárdaí taobh amuigh de’n doras ag coimhéad an phríosúin. Agus féach aingeal an Tighearna ’n‐a sheasamh ’n‐a aice, agus do dheallruigh solas san charcair: agus do bhuail sé Peadar san gcliathán, gur dhúisigh sé é, g‐á rádh, Éirigh id’ sheasamh de láthair. Agus do thuit na slabhraidhe d’á lámhaibh. Agus adubhairt an t‐aingeal leis, Cuir umat do chrios, agus cuir ort do bhróga. Agus do‐rinne sé é. Agus adubhairt sé leis, Cuir umat do bhrat agus lean mise. Agus d’imthigh sé amach, g‐á leanamhain; agus ní raibh a fhios aige arbh fhíor a raibh d’á dhéanamh ag an aingeal, acht do cheap sé gurbh aisling do bhí d’á fheicsin aige. Agus nuair do chuadar thar an gcéad ghárda agus thar an dara gárda, tháinig siad go dtí an geata iarainn sheolas chum na cathrach; d’fhoscail sé dhóibh uaidh féin: agus do chuadar amach, agus do shiubhladar rómpa sráid amháin; agus d’imthigh an t‐aingeal uaidh go h‐obann. Agus nuair tháinig Peadar chuige féin, adubhairt sé, Is léir dhom go cinnte, gur chuir an Tighearna a aingeal uaidh, agus gur shaor sé ó láimh Ioruaith mé, agus ó n‐a bhfuil beartuighthe ag an bpobal Iúdach. Agus, san machtnamh dhó, tháinig sé go tigh Mháire máthair Eoin dárbh chómhainm Marcus; mar a raibh mórán daoine cruinnighthe le chéile ag urnaighe. Agus nuair do bhuail sé cómhla an gheata, tháinig cailín darbh ainm Róda amach g‐á fhreagairt. Agus d’aithin sí guth Pheadair, acht le méid an áthais do bhí uirthi níor fhoscail sí an geata, acht do rith sí isteach, agus d’innis sí go raibh Peadar ’n‐a sheasamh ós cómhair an gheata. Agus adubhradar‐san léi, Ar míchéill atáir. Acht do lean sise g‐á rádh gurbh fhíor é. Agus adubhradar‐san, Is é a aingeal atá ann. Acht do lean Peadar ag bualadh: agus nuair d’fhoscladar, do chonnacadar é, agus bhí uathbhás ortha. Acht do bhagair sé le n‐a láimh ortha bheith ’n‐a dtost, agus d’innis sé dhóibh cionnas thug an Tighearna amach as an bpríosún é. Agus adubhairt sé, Innisidh na neithe seo do Shéamas agus do na bráithreachaibh. Agus d’imthigh sé, agus do chuaidh sé go h‐áit eile. Nuair do bhí sé ’n‐a lá, bhí corruighe nár bheag imeasc na saighdiúir, i dtaobh ar éirigh do Pheadar. Agus nuair do‐rinne Ioruath cuardach ’n‐a dhiaidh, agus nach bhfuair sé é, do cheistigh sé na gárdaí, agus d’órduigh sé a gcur chum báis. Annsin d’imthigh sé ó Iúdaea síos go Céasaria, agus d’fhan sé ann. Agus do bhí mí‐ghreann mór air chum muinntire Tuire agus Sidóine: agus tháinig siad de thoil a chéile chuige, agus ag déanamh caradais dóibh le Blastus seomradóir an ríogh, d’éiligheadar síothcháin air, toisc a ndúthaigh bheith d’á cothú ó dhúthaigh an ríogh. Agus, lá do bhí ceaptha chuige, do chuir Ioruath a éide ríoghdha air, agus do shuidh sé ar chathaoir an bhreitheamhnais, agus thug sé óráid dóibh. Agus do gháir na daoine, Ní guth duine é, acht guth Dé! Agus ar an láthair do bhuail aingeal an Tighearna é, de bhrigh nach dtug sé an ghlóir do Dhia: agus d’ith piasta é, go bhfuair sé bás. Acht do lean briathar Dé ag fás agus ag méadú. Agus d’fhill Barnabas agus Saul ó Iarúsalem, nuair bhí gnó a seirbhíse déanta aca, ag breith Eoin darbh chómhainm Marcus i n‐éinfheacht leo. Agus san eaglais do bhí i nAntuaigh do bhí fáidhe agus teagascóirí, ar a raibh Barnabas, agus Símeon Dubh, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Churéné, agus Manaén cómhdhalta Ioruaith tetrarcha, agus Saul. Agus ag friotháileamh gnótha an Tighearna, agus ag déanamh troscaidh dhóibh, adubhairt an Spiorad Naomh, Cuiridh i leathtaoibh Barnabas agus Saul le h‐aghaidh na h‐oibre chum a bhfuil siad ceaptha agam. Annsin, tar a éis dóibh troscadh agus urnaighe do dhéanamh, agus a lámha do chur ortha, do chuireadar uatha iad. Uime sin, do chuadar fá stiúradh an Spioraid Naoimh, síos go Seleúcia; agus as sin do seoladh iad go Cuprus. Agus nuair do shroicheadar Salamis, do chraobhscaoileadar briathar Dé i sionagógaibh na nIúdach: agus bhí Eoin mar chongantóir aca. Agus nuair do bhí an t‐oileán uile siubhalta aca chómh fada le Pafos, fuaradar draoi áirithe, fáidh bréige, Iúdach, darbh ainm Bar‐Iésus; do bhí i bhfochair an phróconsúil, Sergius Paulus, fear tuigseanach. Do ghlaodh seisean Barnabas agus Saul chuige, agus ba mhian leis briathar Dé do chlos. Acht Elimas draoi (óir is mar sin mínighthear a ainm), do chuir sé ’n‐a gcoinnibh, ag iarraidh an phróconsúil d’iompódh ó’n gcreideamh. Acht Saul, go bhfuil Pól mar ainm air, leis, do bhí sé lán de’n Spiorad Naomh, agus ag féachain go géar air, adubhairt sé, A dhuine atá lan de gach ceilg agus de gach feall, a mhic an diabhail, a námhaid gach cirt, nach staonfaidh tú ó shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn? Agus féach anois, atá lámh an Tighearna ort, agus béidhir id’ dhall, gan solas na gréine d’fheicsin go ceann tamaill. Agus leis sin do thuit scamall agus dorchacht air; agus ag siubhal dó, bhí sé ag iarraidh duine do‐bhéarfadh lámh dó. Annsin, nuair do chonnaic an próconsúl a raibh déanta, do chreid sé, ag déanamh iongantais de theagasc an Tighearna. Agus do chuaidh Pól agus a chomplacht ar luing ó Phafos, agus thángadar go Pergé i bPamfilia; agus d’imthigh Eoin uatha, agus d’fhill sé go h‐Iarúsalem. Acht do chuadar‐san rómpa ó Phergé, go dtángadar go h‐Antuaigh i bPisidia; agus do chuadar isteach san tsionagóig lá na sabóide, agus do shuidheadar síos. Agus nuair do bhí léigheadh an reachta agus na bhfáidh déanta, do chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chuca, g‐á rádh, A bhráithreacha, má tá focal congantach le h‐aghaidh an phobail agaibh, labhraidh. Agus d’éirigh Pól ’n‐a sheasamh, agus ag bagairt ciúnais le n‐a láimh dó, adubhairt sé, A phobail Israel, agus sibh‐se ar a bhfuil eagla Dé, éistidh. Do thogh Dia an phobail seo Israel ár sinnsir, agus d’árduigh sé an pobal nuair do bhíodar ’n‐a gcómhnaidhe i gcríochaibh na h‐Éigipte, agus do threoruigh sé as sin amach iad le láimh chumhachtaigh. Agus ar feadh dá fhichid bliadhan, nó mar sin, do‐rinne sé foighid le n‐a gcleachtaibh san bhfásach. Agus nuair do bhí seacht gcineadhacha i gcríochaibh Chanaan scriosta aige, do roinn sé an tír sin mar oidhreacht ortha ar feadh ceithre céad agus caogad bliadhan: agus ’n‐a dhiaidh sin thug sé breitheamhain dóibh go h‐aimsir Shamuel fáidh. Annsin d’iarradar rí: agus thug Dia dhóibh Saul mac Chis de threibh Bheniamín, ar feadh dá fhichid bliadhan. Agus nuair do bhí seisean curtha i leath‐taoibh aige, do thog sé suas Dáibhí chum bheith ’n‐a righ dhóibh; agus thug sé teistiméireacht dó, g‐á rádh, Fuaras Dáibhi mac Iesse, fear de réir mo chroidhe, dhéanfas gach nidh de réir mo thola. Is ó shliocht an fhir sin, de réir na geallamhna, thug Dia Slánuightheoir d’Israel, Íosa; tar a éis d’Eoin baisteadh na h‐aithrighe d’fhógairt do phobal Israel uile. Agus nuair do bhí Eoin ag cóimhlíonadh a chúrsa, adubhairt sé, Cia mheasann sibh gur mé? Ní mise é. Acht féach, atá duine ag teacht im’ dhiaidh, nach fiú mé go scaoilfinn bróga a chos. A bhráithreacha, a chlann de shliocht Abrachaim, agus an méid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is dúinne do cuireadh briathar an tslánuighthe seo. Óir na daoine chómhnuigheas i nIarúsalem, agus a riaghlóirí, toisc gan aithne bheith aca airsean, agus gan eolas bheith aca ar bhriathraibh na bhfáidh léightear gach sabóid, do chóimhlíonadar a ndubhradar g‐á dhaoradh. Agus bíodh nach bhfuaradar aon choir do thuill bás ann, d’iarradar ar Phíoláid go gcuirfidhe é chum báis. Agus nuair do bhí gach nidh do scríobhadh ’n‐a thaobh cóimhlíonta aca, do thógadar anuas é de’n chroich, agus do chuireadar i dtuama é. Acht do thóg Dia ó na marbhaibh é: agus do bhí sé d’á fheicsin ar feadh mórán laethe aca‐san tháinig i n‐éinfheacht leis ó’n nGalilé go h‐Iarúsalem, iad‐san atá ’n‐a bhfiadhnaidhthibh dhó i láthair na ndaoine. Agus atáimíd ag tabhairt na geallamhna dhaoibh tugadh do na sinnsearaibh, cionnas mar chóimhlíon Dia d’ár gclainn é, mar d’aithbheodhuigh sé Íosa; mar atá scríobhtha san dara salm; Is tusa mo Mhac, indiu do gheineas thú. Agus i dtaobh a thógála ó na marbhaibh, gan filleadh a thuilleadh chum truaillighthe, do labhair sé ar an gcuma so, Do‐béarfad duit geallamhnacha naomhtha, diongbhálta Dháibhi. Uime sin adubhairt sé i salm eile, Ní leigfir dod’ Aon naomhtha truailleadh d’fheicsin. Óir, nuair do bhí a sheirbhís déanta ag Dáibhí ’n‐a gheinealach féin, do chodail sé, agus do cuireadh é i bhfochair a shinnsear, agus do chonnaic sé truailleadh; acht an té do thóg Dia suas, ní fhaca seisean truailleadh. D’á bhrigh sin, a bhráithreacha, tuigidh gur tríd an bhfear so fógarthar daoibh‐se maitheamhnas na bpeacadh: agus gur tríd‐sean saorthar gach aoinneach chreideas ó na cionntaibh go léir nach bhféadfaidhe bhúr saoradh uatha de réir reachta Mhaoise. Seachnaidh, d’á bhrigh sin, sara dtiocfaidh oraibh an méid go bhfuil trácht air ins na fáidhibh; Féachaidh, a lucht tarcuisne, déanaidh iongnadh, agus téigheadh sibh i n‐éag; Óir atá obair d’á déanamh agam ’n‐bhúr laethibh, Obair nach gcreidfeadh sibh, dá n‐innsigheadh duine dhaoibh é. Agus, ag dul amach dóibh, d’iarradar ortha na briathra sin do labhairt leo an chéad sabóid eile. Agus nuair do cuireadh scaipeadh ar an sionagóig, do lean a lán de na h‐Iúdachaibh agus de na prosélíteachaibh cráibhtheacha Pól agus Barnabas: do labhradar‐san leo, g‐á spreagadh chum fanamhna i ngrás Dé. Agus an chéad sabóid ’n‐a dhiaidh sin do chruinnigh muinntear na cathrach go léir, nach mór, i bhfochair a chéile chum éisteachta le briathar Dé. Acht nuair do chonnaic na h‐Iúdaigh na sluaighte, do líonadar d’éad, agus do chuireadar i gcoinnibh na neithe do labhair Pól, agus thugadar masla dhó. Agus do labhair Pól agus Barnabas go dána, agus adubhradar, Is libh‐se ba dhual dhúinn briathar Dé do labhairt ar dtús. Acht ó’s ag diúltadh dhó atá sibh, agus nach fiú libh, de réir bhúr mbreithe féin, an bheatha shíorraidhe d’fhágháil, féach, atáimíd ag iompodh chum na nGeinte. Óir is é an t‐órdú thug an Tighearna dhúinn, Do chuireas mar sholas do na Geintibh thú, Chum go mbeitheá mar adhbhar slánuighthe go foirimeall an domhain. Agus nuair do‐chuala na Geinte sin, bhí an‐áthas ortha, agus thugadar glóir do bhriathar Dé: agus do chreid siad‐san do bhí réamhórduighthe chum na beathadh síorraidhe. Agus do leath briathar an Tighearna ar fud na dúthaighe ar fad. Acht do spreag na h‐Iúdaigh na mná onóracha diadha, agus uaisle na cathrach, agus do ghríosadar géirleanamhain i n‐aghaidh Phóil agus Bharnabais, agus ruaigeadar as a ndúthaigh amach iad. Acht do chrothadar‐san luaith a gcos ’n‐a gcoinnibh, agus thángadar go h‐Icónium. Agus do líonadh na deisceabail de gháirdeachas agus de’n Spiorad Naomh. Agus thárla i nIcónium go ndeachadar araon isteach i sionagóig na nIúdach, agus gur labhradar ar chuma gur chreid sluagh mór de na h‐Iúdachaibh agus de na Gréagachaibh. Acht na h‐Iúdaigh do bhí díchreideamhnach, do ghríosadar na Cineadhaigh, agus do mhúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráithreachaibh. Acht d’fhanadar tamall fada annsin ag labhairt go dána i muinighin an Tighearna, thug fiadhnaise do bhriathar a ghrása, agus míorbhailtí agus iongantais d’á ndéanamh d’á dheoin tré n‐a lámhaibh. Acht d’éirigh deighilt idir mhuinntir na cathrach; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdachaibh, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaibh. Agus nuair d’éirigh droch‐fhuadar fá na Cineadhachaibh agus fá na h‐Iúdachaibh mar aon le n‐a riaghlóiribh, chum droch‐íde do thabhairt ortha, agus gabháil de chlochaibh ortha, do chonnacthas dóibh é, agus do theicheadar go cathrachaibh Licaónia, go Listra agus go Derbé, agus go dtí an dúthaigh mágcuairt: agus do chraobhscaoileadar an soiscéal annsin. Agus do bhí fear ’n‐a shuidhe i Listra nach raibh lúth na gcos aige, cláiríneach ó bhroinn a mháthar, nár shiubhail ariamh. Do bhí an duine seo ag éisteacht le Pól ag cainnt: agus nuair do dhearc seisean go grinn air, agus thug sé fá deara go raibh creideamh chum a shlánuighthe aige, adubhairt sé de ghuth árd, Éírigh id’ sheasamh go díreach ar do chosaibh. Agus d’éirigh sé de léim, agus do shiubhail sé. Agus nuair do chonnaic na sluaighte a raibh déanta ag Pól, do ghlaodhadar i n‐árd a ngotha as cainnt Licaónia, g‐á rádh, Atá na déithe tagtha anuas chugainn i riocht daoine. Agus thugadar Iúpiter ar Bharnabas, agus Mercúrius ar Phól, mar ba eisean ba mhó do labhair. Agus sagart Iúpiter, go raibh a theampall os cómhair na cathrach, thug sé leis tairbh agus bláith‐fhleisc go dtí na geataí, agus fonn air íodhbairt do dhéanamh mar aon leis na sluaightibh. Acht nuair do‐chuala na h‐abstail, Barnabas agus Pól ’n‐a thaobh, do réabadar a n‐éadaighe, agus do léimeadar amach i measc an tsluaigh, ag liúghadh agus g‐á rádh, A dhaoine, créad do b’áil libh a leithéid sin do dhéanamh? Daoine go bhfuil an nádúir chéadna againn agus atá agaibh féin, is eadh sinne, agus atáimíd ag tabhairt deagh‐scéala dhaoibh, go gcaithfidh sibh iompódh ó na neithibh baotha sin chum Dé bhí, do chruthuigh neamh, agus talamh, agus muir, agus a bhfuil ionnta: an té do leig do na cineadhachaibh, ins na tráthaibh atá imthighthe, siubhal ar a slighthibh féin. Cibé sin de, níor fhág sé é féin gan fiadhnaise, g‐á chur i gduigsin as ucht an mhaitheasa do‐rinne sé, óir thug sé báisteach agus séasúir thorthacha ó’n spéir dhaoibh, ag líonadh bhúr gcroidhe de bhiadh agus de gháirdeachas. Agus bíodh gur labhradar ar an gcuma sin, is ar éigin d’éirigh leo na daoine do chosc gan íodhbairt do dhéanamh dóibh. Acht tháinig Iúdaigh go dtí an áit sin ó Antuaigh agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ghabh de chlochaibh ar Phól, agus do tharraingt amach as an gcathair é, mar ba dhóigh leo go raibh sé marbh. Acht nuair do bhí na deisceabail ’n‐a seasamh ’n‐a thimcheall, d’éirigh sé, agus do chuaidh sé isteach san gcathair: agus lá ar n‐a bhárach d’imthigh sé mar aon le Barnabas go Derbé. Agus tar a éis dóibh an soiscéal do chraobhscaoileadh do mhuinntir na cathrach sin, agus mórán deisceabal do dhéanamh, d’fhilleadar go Listra, agus go h‐Icónium, agus go h‐Antuaigh, ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagadh chum bheith seasamhach san gcreideamh, mar gur tré mórán d’fhulang caithfear ríoghacht Dé do bhaint amach. Agus tar éis seanóirí do thoghadh dhóibh ins gach eaglais, agus urnaighe agus troscadh do dhéanamh, d’fhágadar iad fá choimirce an Tighearna, go raibh a gcreideamh ann. Agus do ghabhadar tré lár Phisidia, go dtángadar go Pamfilia. Agus tar a éis dóibh an briathar do labhairt i bPérgé, do chuadar síos go h‐Attalia; agus do chuadar ar luing ó’n áit sin go h‐Antuaigh, an áit as ar cuireadh iad fá ghrás Dé chum na h‐oibre do bhí críochnuighthe aca. Agus nuair thángadar, agus do chruinnigheadar an eaglais i gceann a chéile, d’inniseadar gach a ndearna Dia tríotha, agus cionnas mar d’fhoscail sé doras creidimh do na Cineadhachaibh. Agus d’fhanadar tamall maith annsin i bhfochair na ndeisceabal. Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaea, agus do bhíodar ag teagasc na mbráithreach, g‐á rádh, Muna dtimcheall‐ghearrthar sibh de réir reachta Mhaoise, ní féidir bhúr slánú. Agus tar éis aighnis agus conspóide nár bheag do bhí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruigheadh go rachadh Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem chum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo. D’imthigheadar, mar sin, agus lucht na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ghabhadar tré Fhoinicia agus tré Shamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuigheadh na Cineadhacha: agus do chuireadar áthas mór ar na bráithreachaibh go léir. Agus ar shroicheadh Iarúsalem dóibh, d’fháiltigh an eaglais agus na h‐abstail agus na seanóirí rómpa, agus d’inniseadar tríd síos gach a ndearna Dia tríotha. Acht d’éirigh daoine áirithe d’aicme na bhFairisíneach go raibh an creideamh aca, g‐á rádh, Ní foláir iad do thimcheall‐ghearradh, agus a chur d’fhiachaibh ortha reacht Mhaoise do choimhéad. Annsin tháinig na h‐abstail agus na seanóirí i gceann a chéile leis an scéal do bhreathnú. Agus tar éis diospóireachta fada, d’éirigh Peadar ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leo, A bhráithreacha, is eol daoibh go ndearna Dia toghadh eadraibh, tamall maith ó shoin, gur as mo bhéal‐sa do‐chluinfeadh na Cineadhacha briathar an tsois céil agus go gcreidfidís. Agus Dia thuigeas a bhfuil san gcroidhe, thug sé fiadhnaise ’n‐a bhfábhar, ag bronnadh an Spioraid Naoimh ortha, fá mar bhronn sé orainne; agus ní dhearna sé deifridheacht ar bith idir sinne agus iad‐san ag glanadh a gcroidhe le creideamh. Cad chuige dhaoibh anois, d’á bhrigh sin, cathú do chur ar Dhia, ag cur cuinge ar mhuineálaibh na ndeisceabal, nár fhéad ár sinnsir ná sinn féin d’iomchar? Acht creidimíd go slánóchar sinne tré ghrás an Tighearna Íosa, fá mar slánuigheadh iad‐san. Agus d’fhan an chuideachta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaobh na míorbhal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríotha féin i measc na gCineadhach. Agus nuair bhíodar ’n‐a dtost, d’fhreagair Séamas, g‐á rádh, A bhráithreacha, éistidh liom‐sa: D’innis Símeon cionnas mar d’fhéach Dia ar dtús ar an Cineadhachaibh chum pobal do thoghadh asta d’á ainm féin. Agus aontuigheann briathra na bhfáidh leis sin; mar atá scríobhtha, Fillfead ’n‐a dhiaidh sin, Agus tógfad arís tabernacal Dáibhí atá ar lár: Agus tógfad arís a fhothraigh, Agus cuirfead ar a bhonnaibh é: Chum go loirgfidh an chuid eile de na daoinibh an Tighearna, Agus na Cineadhacha, ar a nglaodhtar m’ainm, Adeir an Tighearna, atá ag cur na neithe sin i dtuigsin ó thosach an tsaoghail. D’á bhrigh sin, is é mo bhreitheamhnas‐sa, gan buadhirt do chur ortha‐san iompuigheas chum Dé i measc na gCineadhach; acht scríobhadh chuca iad féin do sheachaint ar thruailleadh na n‐íodhal, agus ar striapachas, agus ar fheoil do tachtadh, agus ar fhuil. Óir ó’n aimsir i bhfad i gcéin, atá ag Maois ins gach cathair a sheanmóiridhthe féin, agus é d’á léigheadh gach sabóid ins na sionagógaibh. Annsin do shocruigh na h‐abstail agus na seanóirí ar dhaoine do thoghadh as a gcuideachtain féin, agus a seoladh go h‐Antuaigh i n‐éinfheacht le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugadh Barsabbas, agus Sílas, fir tosaigh i measc na mbráithreach: agus do chuireadar scríbhinn tré n‐a lámhaibh, Ó na h‐abstalaibh agus ó na bráithreachaibh is sine chum na mbráithreach de shliocht na gCineadhach i nAntuaigh, agus i Siria, agus i gCilicia, beatha agus sláinte: De bhrigh gur clos dúinn go ndearna daoine áirithe do chuaidh amach uainn buadhirt daoibh le cainnt, ag cur mío‐shuaimhnis aigne oraibh; gan aon órdú d’fhágháil uainne: do shocruigheamar d’aon toil ar fhearaibh do thoghadh, agus ar iad do chur chugaibh i n‐éinfheacht le n‐ár gcáirdibh ionmhaine, Barnabas agus Pól, fir do chuir a n‐anmanna i gcontabhairt ar son ainme an Tighearna Íosa Críost. D’á bhrigh sin do chuireamar Iúdás agus Sílas, agus inneosaidh siad féin le briathraibh béil na neithe céadna. Óir is toil leis an Spiorad Naomh, agus linne, gan ualach níos truime ’ná an méid seo do chur oraibh; sibh féin do sheachaint ar neithibh do h‐íodhbradh d’íodhalaibh, agus ar fhuil, agus ar neithibh do tachtadh, agus ar striapachas; má chongbhuigheann sibh amach uatha sin, béidh an scéal go maith agaibh. Slán libh. Annsin nuair do cuireadh chum siubhail iad, do chuadar síos go h‐Antuaigh; agus do chruinnigheadar an pobal le chéile, agus thugadar uatha an scríbhinn. Agus nuair do léigheadh í, bhí an‐áthas ortha de bhárr an tsóláis. Agus Iúdás agus Sílas, ó ba fáidhe iad féin, do spreagadar na bráithreacha le mórán cainnte, agus do neartuigheadar iad. Agus tar a éis dóibh tamall do chaitheamh annsin, do cuireadh iad le síothcháin ó na bráithreachaibh chuca‐san do chuir uatha iad. Acht d’fhan Pól agus Barnabas i nAntuaigh, ag teagasc agus ag craobhscaoileadh briathair an Tighearna, agus mórán eile ag cuidiú leo. Agus tar éis tamaill adubhairt Pól le Barnabas, Fillimís anois le cuairt do thabhairt chum na mbráithreach atá ins gach cathair ’n‐ar chraobhscaoileamar briathar an Tighearna, d’fhéachain cionnas atá ag éirghe leo. Agus ba mhian le Barnabas Eoin ar a dtugadh Marcus, do thabhairt leo, leis. Acht níor mhaith le Pól an té do thréig iad i bPamfilia, gan dul san obair leo, do thabhairt leo. Uime sin d’éirigh easaontas géar eadortha, i dtreo gur scaradar le chéile, agus thug Barnabas Marcus leis, agus chuaidh sé ar luing go Cuprus; acht do thogh Pól Sílas, agus d’imthigh sé, tar a éis do na bráithreachaibh a chur fá choimirce grása an Tighearna. Agus do chuaidh sé tré Shiria agus tré Chilicia, ag neartú na n‐eaglais. Agus tháinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féach, do bhí deisceabal annsin, darbh ainm Timóteus, mac mná Iúdaighe go raibh an creideamh aici; acht ba Ghréagach a athair. Do bhí cáil mhaith air ag na bráithreachaibh do bí i Listra agus i nIcónium. Do bhí fonn ar Phól go rachadh seisean amach i n‐éinfheacht leis; agus do ghlac sé é agus do thimcheall‐ghearr sé é mar gheall ar na h‐Iúdachaibh do bhí ins na h‐áiteannaibh sin: óir bhí a fhios aca go léir gur Ghréagach a athair. Agus san tsiubhal dóibh tríd na cathrachaibh, thugadar dóibh le coimhéad na reachta do‐rinne na h‐abstail agus na seanóirí do bhí i nIarúsalem. Agus mar sin do bhí na h‐eaglaisí ag neartú san gcreideamh, agus ag dul i méid i n‐aghaidh an lae. Agus do chuadar tré chrích Frigia agus Ghalácia, an Spiorad Naomh g‐á gcosc ar an mbriathar do labhairt san Áise; acht nuair thángadar i n‐aice le Misia, do chuireadar rómpa dul i mBitinia; acht níor leig Spiorad Íosa dhóibh dul ann; agus ag gabháil thar Misia, do chuadar síos go Tróas. Agus do chonnaic Pól aisling san oidhche; Do bhí fear ó’n Maiceadóin ’na sheasamh, ag cur impidhe air, agus g‐á rádh, Tar anall go dtí an Mhaiceadóin, agus cabhruigh linne. Agus nuair do chonnaic sé an aisling, do cheapamar ar an láthair imtheacht fá dhéin na Maiceadóine, agus a dheimhin againn gur ghlaodh Dia orainn an soiscéal do chraobhscaoileadh dhóibh ann. Do sheolamar, d’á bhrigh sin, díreach ó Thróas go Samotrácé, agus go Néapólis an lá ’n‐a dhiaidh sin: agus as sin go Pilippí, príomh‐chathair an cheanntair sin de’n Mhaiceadóin, coilíneacht Rómhánach: agus d’fhanamar san gcathair sin tamall beag. Agus do chuamar amach an geata lá na sabóide cois abhann, mar ar cheapamar go raibh áit urnaighthe; agus ’n‐ár suidhe dhúinn, do bhíomar ag labhairt leis na mnáibh do bhí cruinnighthe ann. Agus do bhí bean darbh ainm Lidia, bean díolta corcra ó chathair Thiatíra, do bhíodh ag adhradh an Aon‐Dé, do bhí sí ag éisteacht linn: d’fhoscail an Tighearna a croidhe chum aire do thabhairt d’á raibh ag Pól d’á rádh. Agus nuair do bhí sí féin agus muinntear a tighe baistthe, do chuir sí impidhe orainn, g‐á rádh, Má’s é bhúr meas go bhfuilim dílis do’n Tighearna, tagaidh isteach agus fanaidh im’ thigh. Agus do chuir sí d’fhiacaibh orainn dul. Agus thárla, agus sinn ag dul fá dhéin áite an urnaighthe, gur casadh orainn cailín ’n‐a raibh spioraid asarlaidheachta, agus do bhíodh sí ag gnóthú móráin d’a máistribh ag déanamh fáistíneachta. Do lean sise Pól agus sinne, ag glaodhach go h‐árd, g‐á rádh, Seirbhísigh do’n Dia is Áirde na fir sin, agus atáid ag fógairt slighe an tslánuighthe dhaoibh. Agus do bhí sí g‐á dhéanamh sin ar feadh mórán laethe. Acht do ghoill sin ar Phól, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an spioraid, Órduighim duit i n‐ainm Íosa Críost teacht amach aisti. Agus tháinig sí amach an uair chéadna sin. Acht nuair do chonnaic a máistrí nach raibh súil le saidhbhreas a thuilleadh aca, rugadar ar Phól agus as Shilas, agus tharraingeadar iad go h‐áit an mhargaidh, i láthair na riaghlóir, agus nuair thugadar chum na n‐iúistís iad, adubhradar, Is Iúdaigh na fir seo, agus táid ag buaidhreadh na cathrach orainn, agus atáid ag múineadh cleachtadh nach dleaghthach dúinne glacadh leo, toisc gur Rómhánaigh sinn. Agus d’éirigh an pobal i n‐éinfheacht ’n‐a gcoinnibh: agus do bhain na giúistísí a n‐éadaighe dhíobh, agus d’órduigheadar gabháil de shlataibh ortha. Agus tar a éis dóibh a lán buille do bualadh ortha, do chuireadar i bpríosún iad, agus d’órduigheadar d’fhear an phríosúin iad do choimhéad go daingean. Nuair fuair seisean a leithéid sin d’órdú do chuir sé iad ins an bpríosún b’fhaide isteach, agus chuir sé a gcosa i bhfostodh i gceap. Acht timcheall uaire an mheadhoin oidhche do bhí Pól agus Sílas ag urnaighe agus ag canadh iomann do Dhia, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo; agus go h‐obann d’éirigh luascadh mór talmhan, i dtreo go raibh bun an phríosúin d’á shuathadh: agus ar an láthair bhí dóirse an phríosúin ar leathadh; agus geimhleacha gach duine scaoilte. Agus ag dúiseacht d’fhear an phríosúin as a chodladh, do chonnaic sé dóirse an phríosúin ar fhoscailt, agus ag tarraing a chlaidhimh dó, bhí sé ar tí é féin do mharbhadh, óir cheap sé gur éaluigh na príosúnaigh. Acht do ghlaodh Pól de ghuth árd, g‐á rádh, Ná déan aon díoghbháil ort féin: atáimíd uile annso. Agus do ghlaodh sé ar shoillsibh, agus do léim sé isteach, agus do thuit sé síos i bhfiadhnaise Phóil agus Shílais, agus é ar bhaill‐chrith, agus thug sé amach iad, agus adubhairt, A dhaoine uaisle, créad atá le déanamh agam chum go saorfaidhe mé? Agus adubhradar‐san, Creid san Tighearna Íosa, agus saorfar thú fhéin agus do theaghlach. Agus d’inniseadar briathar an Tighearna dhó féin agus d’á raibh ’n‐a thigh. Agus do ghlac sé iad an uair chéadna sin de’n oidhche, agus do nigh sé a gcneadhacha; agus do baisteadh é féin agus muinntear a theaghlaigh go léir ar an láthair. Agus thug sé isteach ’n‐a thigh iad, agus do chuir sé biadh rómpa, agus do‐rinne sé féin agus muinntear a theaghlaigh go léir gáirdeachas mór, agus é ag creideamhain i nDia. Acht ar maidin, do chuir na giúistísí uatha na maoir, g‐á rádh, Scaoilidh na fir úd. Agus d’innis fear an phríosúin na focla do Phól, g‐á rádh, D’órduigh na giúistísí sibh do scaoileadh: uime sin tagaidh amach, agus imthighidh libh i síothcháin. Acht adubhairt Pól, Do bhuaileadar sinn go poiblidhe, gan triail, agus gur fir Rómhánacha sinn, agus chaitheadar i bpríosún sinn; agus arbh áil leo anois ár gcur amach os íseal? Ní mar sin bhéas; ní h‐eadh, acht tagaidís féin agus beiridís amach sinn. Agus d’innis na maoir an chainnt sin do na giúistísibh: agus do bhí eagla ortha, nuair do‐chualad ar gur Rómhánaigh iad; agus thángadar agus d’impidheadar ortha; agus tar a éis dóibh a dtabhairt amach, d’iarradar ortha imtheacht ó’n gcathair. Agus d’imthigheadar as an bpríosún, agus chuadar isteach i dtigh Lidia: agus nuair do‐chonnacadar na bráithreacha, thugadar meisneach dóibh, agus d’imthigheadar. Annsin, ag gabháil tré Amfipolis agus tré Apollónia dhóibh, thángadar go Tessaloníca, mar a raibh sionagóg ag na h‐Iúdachaibh: agus do chuaidh Pól isteach chuca, mar ba ghnáth leis, agus ar feadh trí lá sabóide, do bhí sé ag diospóireacht leo as na scrioptúiribh, g‐á mhíniú agus g‐á áiteamh gurbh éigean do’n Chríost fulang, agus éirghe ó na marbhaibh; agus gur ab é an t‐Íosa so, fhógraim‐se dhaoibh, an Críost. Agus do bhí cuid aca do chreid, agus do ghabhadar le Pól agus le Sílas; agus ortha‐san do bhí a lán mór de na Gréagachaibh diadha, agus cuid nár bheag de na mnáibh uaisle. Acht do las éad na nIúdach, agus do chruinnigheadar daoine de dhíogha an phobail, agus do bhailigheadar sluagh, agus do chuireadar an chathair i n‐achrann a chéile; agus d’ionnsuigheadar teach Iásóin, ag iarraidh iad‐san do thabhairt amach chum an phobail. Agus nuair nach bhfuaradar iad, do tharraingeadar Iásón agus cuid de na bráithreachaibh i láthair riaghlóir na cathrach, g‐á rádh, Na daoine seo go bhfuil an domhan bun os cionn aca, atá siad tagtha go dtí an áit seo, leis. Do ghlac Iásón isteach iad: agus atáid uile ag cur i gcoinnibh reachta Chéasair, g‐á rádh go bhfuil rí eile ann, Íosa. Agus do bhaineadar corruighe mór as an bpobal agus as riaghlóiribh na cathrach, nuair do‐chualadar na neithe sin. Agus nuair do bhaineadar banna de Iásón agus de’n chuid eile, do scaoileadar uatha iad. Agus do chuir na bráithreacha Pól agus Sílas uatha gan mhoill san oidhche, go Beréa: agus ar sroichint dóibh, do chuadar isteach i sionagóig na nIúdach. Agus bhíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ghlacadas an briathar go díoghraiseach, ag cuardach na scrioptúir gach lá d’fhéachain an raibh na neithe sin amhlaidh. Do chreid mórán díobh‐san, agus de na mnáibh uaisle Gréagacha, agus cuid nár bheag de na fearaibh. Acht nuair fuair na h‐Iúdaigh i dTessaloníca fios scéil go raibh Pól ag craobhscaoileadh briathair Dé i mBeréa, leis, tháinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosadh agus ag saighdeadh na ndaoine. Annsin gan mhoill do chuir na bráithreacha Pól uatha i dtreo na fairrge: acht d’fhan Sílas agus Timóteus ’n‐a dhiaidh. Agus na daoine go raibh Pól fá n‐a gcúram aca thugadar leo é chómh fada le Cathair na h‐Aithne: agus tar éis teachtaireacht chum Sílas agus chum Timóteus d’fhágháil ag iarraidh ortha teacht chuige chómh luath agus d’fhéadfaidís, d’imthigheadar. An fhaid do bhí Pól ag fanamhain leo i gCathair na h‐Aithne, do bhí a spioraid d’á corrú ann, agus é ag féachain ar an gcathair agus í lán d’íodhalaibh. D’á bhrigh sin do bhíodh sé ag diospóireacht san tsionagóig leis na h‐Iúdachaibh agus leis na daoinibh diadha, agus leo‐san do casadh leis gach lá i n‐áit an mhargaidh. Agus do bhíodh cuid d’fheallsamhnaibh na nEpicúrach agus na Stóiceach ag conspóid leis. Agus adubhairt cuid aca, Créad atá le rádh ag an duine cainnteach so? Adubhairt cuid eile, Is cosmhail gur duine é atá ag fógairt déithe coimhightheach: toisc go raibh sé ag innsint i dtaobh Íosa agus i dtaobh an aiséirghe. Agus rugadar air, agus do thógadar é go dtí an t‐Aréopagus, g‐á rádh, An bhféadaimíd a fhios d’fhágháil caidé an teagasc nua so atá agat d’á thabhairt? Óir is aisteach linn na scéala atá agat d’á gcur ’n‐ár gcluasaibh: ba mhaith linn a fhios bheith againn caidé is ciall dóibh. (Óir n’ raibh de chaitheamh aimsire ag lucht na h‐Aithne agus ag na coimhthigheachaibh do bhíodh ’n‐a gcómhnaidhe annsin, acht bheith ag innsin nó ag clos nidh úr‐nua éigin.) Agus do sheas Pól i lár an Aréopaguis, agus adubhairt sé, A mhuinntear Chathrach na h‐Aithne, do‐chím go bhfuil sibh, ins gach slighe, an‐chráibhtheach. Óir san tsiubhal dom, agus mé ag féachain ar na neithibh adhras sibh, fuaras altóir ar a raibh an inscríbhinn seo, DO’N DIA ANAITHNID. An té úd adhras sibh gan aithne bheith agaibh air, fógraim daoibh é anois. An Dia do‐rinne an domhan agus a bhfuil ann, ó’s é Tighearna neimhe agus talmhan é, ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh do‐rinneadh le lámhaibh; agus fós ní déantar seirbhís dó le lámhaibh daoine, mar bhéadh gábhadh aige le nidh ar bith, óir is é féin do‐bheir anam, agus anál, agus gach uile nidh do chách; agus do‐rinne sé ó aon duine amháin an cineadh daonna uile, chum bheith ’n‐a gcómhnaidhe ar uachtar na talmhan, agus do cheap sé dhóibh a dtréimhse agus a dteoranta; d’fhonn go loirgfidís Dia, dá mbéadh ar chumas dóibh a chuardach agus a fhágháil, gidh nach bhfuil sé i bhfad ó aon duine againn: óir is ann mhairimíd, agus chorruighmíd, agus atáimíd; fá mar adubhairt daoine de bhúr bhfilibh féin, Óir is d’á shliocht‐san sinn. D’á bhrigh sin, ó’s de shliocht Dé sinn, ní cóir dhúinn a mheas gur cosmhail Dia le h‐ór, ná le h‐airgead, ná le cloich, do greanadh le h‐ealadhain nó le h‐inntleacht daonna. Do leig Dia aimsear an ainbhfiosa thairis, acht anois atá sé g‐á fhógairt do na daoinibh ins gach aon áit aithrighe do dhéanamh: de bhrigh go bhfuil lá ceaptha aige ’n‐a dtiubhraidh sé breitheamhnas de réir cirt ar an saoghal tríd an bhfear atá réamh‐órduighthe aige; agus do dhearbhuigh sé é do gach uile dhuine, g‐á thógáil ó na marbhaibh. Acht nuair do‐chualadar trácht ar aiséirghe na marbh, do bhí cuid aca do‐rinne magadh; acht bhí cuid eile adubhairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a thaobh sin. D’imthigh Pól uatha mar sin. Acht do bhí fir áirithe do chlaoidh leis, agus do chreid: ortha‐san do bhí Díonusios an t‐Aréopagíteach, agus bean darbh ainm Damaris, agus daoine eile nach iad. I n‐a dhiaidh sin d’imthigh sé ó Chathair na h‐Aithne, agus tháinig sé go Coirinnt. Agus fuair sé Iúdach áirithe annsin darbh ainm Aculas, fear rugadh i bPontus, tháinig tamall roimhe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a bhainchéile Priscilla, de bhrigh gur órduigh Claudius do na h‐Iúdachaibh go léir imtheacht ó’n Róimh: agus tháinig sé chuca‐san; agus, toisc é bheith ar aon cheárd leo, d’fhan sé aca, agus d’oibrigh sé ’n‐a bhfochair, óir ba dhéantóirí pailliún iad de réir ceirde. Agus gach sabóid do bhí ann bhíodh sé ag pléidhe san tsionagóig, ag iarraidh Gréagaigh agus Iúdaigh do thabhairt leis. Acht nuair tháinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do labhair Pól an briathar le lán‐dúthracht, g‐á dhearbhú do na h‐Iúdachaibh gur ab é Íosa an Críost. Agus nuair do chuireadar ’n‐a choinnibh, ag cainnt go masluightheach, do chroth sé a chuid éadaigh, agus adubhairt sé leo, Ar bhúr gceann féin go raibh bhúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amach rachfad chum na gCineadhach. Agus d’imthigh sé ó’n áit sin, agus do‐chuaidh sé isteach i dtigh duine darbh ainm Titus Iustus, duine do bhí umhal do Dhia, go raibh a theach láimh leis an tsionagóig. Agus do chreid Crispus, uachtarán na sionagóige, san Tighearna, é féin agus muinntear a theaghlaigh go léir; agus do chreid mórán de na Coirinnteachaibh do bhí ag éisteacht leis, agus do baisteadh iad. Agus adubhairt an Tighearna le Pól i n‐aisling na h‐oidhche, Ná bíodh eagla ort, acht labhair gan do bhéal do chosc: óir atáim‐se leat, agus ní thiocfaidh aoinneach dod’ ionnsaighe le dochar do dhéanamh dhuit: óir atá a lán mór daoine agam san gcathair seo. Agus d’fhan sé annsin bliadhain agus sé mí, ag teagasc briathair Dé ’n‐a measc. Acht an tráth ’n‐a raibh Gallió ’n‐a phróconsúl i nAcháia, d’éirigh na h‐Iúdaigh de thoil a chéile i gcoinnibh Phóil, agus thugadar os cómhair cathaoireach an bhreitheamhnais é, g‐á rádh, Atá an fear so g‐á thafann orainn Dia d’adhradh i n‐aghaidh an reachta. Acht nuair do bhí Pól ag tosnú ar labhairt, adubhairt Gallió leis na h‐Iúdachaibh, Dá mba ceist éagcóra nó cuirptheachta é, a Iúdacha, ba cheart go dtiubhrainn éisteacht daoibh: acht má’s ceisteanna i dtaobh focal agus anmann, agus i dtaobh bhúr ndlighe féin é, féachaidh féin chuige; ní h‐áil liom‐sa bheith im’ bhreitheamh ar a leithéidibh sin. Agus do chuir sé as cathaoir an bhreitheamhnais amach iad. Agus rugadar uile ar Shostenés, uachtarán na sionagóige, agus do bhuaileadar é os cómhair cathaoireach an bhreitheamhnais. Agus níor chuir Gallió suim dá laighead ins na neithibh sin. Agus tar a éis do Phól tamall maith eile do chaitheamh annsin, d’fhág sé slán ag na bráithreachaibh, agus do chuaidh sé ar luing go Siria, agus Priscilla agus Aculas i n‐éinfheacht leis; tar éis a chinn do bhearadh i gCenchréa: óir do bhí ceangal móide air. Agus tháinig siad go h‐Eiféis, agus d’fhág sé annsin iad: acht do chuaidh sé féin isteach san tsionagóig, agus do bhí sé ag diospóireacht leis na h‐Iúdachaibh. Agus nuair d’iarradar air fanamhain ní b’fhuide, níor thoiligh sé chuige; acht d’fhág sé slán aca, g‐á rádh, Fillfead cugaibh arís, má’s toil le Dia é, agus d’imthigh sé ar luing ó Eiféis. Agus ar ndul i dtír dhó i gCéasaria, do chuaidh sé suas ag cur tuairisce na h‐eaglaise, agus annsin chuaidh sé síos go h‐Antuaigh. Agus tar a eis do tamall do chaitheamh annsin, d’imthigh sé, agus do ghluais sé ar fud réigiúin Ghalátia agus Frigia i ndiaidh a chéile, ag neartú na ndeisceabal go léir. Agus tháinig go h‐Eiféis Iúdach amháin darbh ainm Apollós, Alecsandríneach, fear an‐léigheanta, agus eolas mór ar na scrioptúiribh aige. Do bhí an fear so oilte i slighe an Tighearna; agus ó bhí díoghrais croidhe aige, do labhair agus do mhúin sé go cruinn i dtaobh Íosa, gan ar eolas aige acht baisteadh Eoin: agus do thosnuigh sé ar labhairt go dána san tsionagóig. Acht nuair d’éist Priscilla agus Aculas leis, thugadar leo é, agus do mhínigheadar slighe an Tighearna ní ba chruinne dhó. Agus nuair do cheap sé imtheacht go h‐Acháia, thug na bráithreacha meisneach dhó, agus do scríobhadar chum na ndeisceabal g‐á iarraidh ortha a ghlacadh: agus nuair tháinig sé, thug sé congnamh mór dóibh‐sean do chreid tré ghrása: óir do sháruigh sé go bríoghmhar ar na h‐Iúdachaibh go poiblidhe san diospóireacht, g‐a chrothú dhóibh gurbh é Íosa an Críost. Agus thárla, le linn Apollós bheith i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúthaigh uachtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin: agus adubhairt sé leo, Ar ghlacabhar an Spiorad Naomh nuair do chreideabhar? Agus adubheadar leis, Níor ghlacamar, níor chualamar go bhfuil an Spiorad Naomh ann chor ar bith. Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Créad ann ’n‐ar baisteadh sibh? Agus adubhradar, I mbaisteadh Eoin. Agus adubhairt Pól, Do bhaist Eoin le baisteadh na h‐aithrighe, g‐á radh leis na daoinibh creideamhain san té do bhí le teacht ’n‐a dhiaidh, is é sin, i nÍosa. Agus nuair do‐chualadar sin, do baisteadh iad i n‐ainm an Tighearna Íosa. Agus nuair do chuir Pól a lámha ortha, tháinig an Spiorad Naomh ortha; agus do labhradar as teangthachaibh, agus do‐rinneadar tarngaireacht. Agus timcheall dáréag aca do bhí ann. Agus do chuaidh sé isteach san tsionagóig, agus bhí sé ag labhairt go dána ar feadh trí mí, ag diospóireacht agus ag léir‐mhíniú i dtaobh ríoghachta Dé. Acht do bhí cuid aca d’éirigh dúr agus easumhal, ag labhairt go h‐olc i dtaobh na Slighe os cómhair an tsluaigh, agus d’imthigh sé uatha, agus do dhealuigh sé na deisceabail uatha, ag argóint go laetheamhail i scoil Thurannuis. Agus do lean mar sin ar feadh dhá bhliadhan; i dtreo go gcuala siad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe san Áise briathar an Tighearna, idir Iúdachaibh agus Ghréagachaibh. Agus do‐rinne Dia míorbhailtí éagsamhlacha tré lámhaibh Phóil: i dtreo go mbeirthí ó n‐a cholainn ciarsúirí nó aprúin chum na ndaoine breoite, agus go n‐imthigheadh na h‐aicídí dhíobh, agus go n‐imthigheadh na droch‐spioraidí asta. Acht do bhí cuid de na h‐Iúdachaibh siubhail, lucht deamhan do dhíbirt do bhí ag agairt ainme an Tighearna Íosa ortha‐san go raibh na droch‐spioraidí ionnta, g‐á rádh, Fógraim ort tré Íosa atá Pól do chraobhscaoileadh. Agus do bhí móirsheisear mac le Scébha, Iúdach áirithe, árd‐shagart, do bhí g‐á dhéanamh sin. Agus d’fhreagair an droch‐spioraid agus adubhairt sé leo, Atá aithne agam ar Íosa, agus atá aithne agam ar Phól; acht cia sibh‐se? Agus an fear ’n‐a raibh an droch‐spioraid, do léim sé ortha, agus fuair sé an lámh láidir ar an mbeirt aca, agus do ghabh sé ortha ar an gcuma sin gur theicheadar as an tigh sin lom‐nocht, créachta. Agus fuair gach duine, idir Iúdachaibh agus Ghréagachaibh do bhí ’n‐a gcómhnuidhe i nEiféis, fios ’n‐a thaobh sin, agus do scannruigheadh iad go mór, agus do móradh ainm an Tighearna Íosa. Agus tháinig mórán díobh san do chreid, ag admháil, agus ag nochtadh a ngníomhartha. Agus do bhí cuid nár bheag díobh‐san do bhíodh ag cleachtadh ealadhan draoidheachta, thug a gcuid leabhar leo, agus do dhóigh iad i bhfiadhnaise cáich: agus do chómhaireadh a luach, agus fríth gurbh fhiú caogad míle bonn airgid air. Mar sin do bhriathar an Tighearna agus é ag dul i bhfás agus i dtreise. Agus nuair do bhí deireadh leis na neithidh sin, do cheap Pól ’n‐a inntinn gabháil tríd an Mhaiceadóin agus tré Acháia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á rádh, Tar a éis dom bheith annsin, ní mór dom an Róimh d’fheicsint, chómh maith. Agus tar a éis dó beirt díobh‐san do bhíodh ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do chur go dtí an Mhaiceadóin, d’fhan sé féin tamall san Áise. Agus le n‐a linn sin d’éirigh achrann nár bheag i dtaobh na Slighe. Óir do bhí fear amháin darbh ainm Demétrius, gabha geal, do bhíodh ag déanamh scrín airgid do Dhiana, agus bhíodh brabach nár bheag ag dul d’á cheárdaidhthibh de bhárr an ghnó; do chruinnigh sé le chéile iad‐san, agus daoine eile de’n chéird chéadna, agus adubhairt sé, A fheara, is eol daoibh gur ab ar an gcéird seo atá ár seasamh. Agus do‐chí sibh, agus do‐chluin sibh go bhfuil a lán mór daoine iompuighthe ag an bPól so, ní h‐é amháin i nEiféis, acht ar fud na h‐Áise ar fad, g‐á rádh nach déithe ar chor ar bith na déithe do‐ghnítear le lámhaibh: agus is baoghal, ní h‐é amháin go dtiocfaidh droch‐chlú ar an gcéird seo againn, acht go ndéanfar beag‐is‐fiú de theampall na bain‐dé móire Diana, agus go rachaidh a mórdhacht ar ceal, ise go bhfuil an Áise uile agus an domhan uile g‐á h‐adhradh. Ar n‐a chlos sin dóibh, d’éirigheadar chum feirge, agus do ghlaodhadar amach, g‐á rádh, Is mór í Diana na nEiféiseach. Agus do bhí an chathair tré chéile le clampar: agus do ritheadar i n‐éinfheacht isteach san téatar, agus greim aca ar Gháius agus ar Aristárchus, beirt ó’n Mhaiceadóin, comrádaidhthe siubhail do Phól. Agus nuair do cheap Pól dul isteach i measc na ndaoine, ní leigfeadh na deisceabail dó é. Agus do bhí cuid d’oifigeachaibh na h‐Áise, cáirde leis, do chuir teachtaireachta chuige, g‐á iarraidh air gan dul isteach san téatar. Do ghlaodh cuid de na daoinibh é seo, agus cuid eile é siúd: óir do bhí an cruinniú i n‐achrann a chéile; gan a fhios bheith ag an gcuid ba mhó aca cad chuige a dtángadar le chéile. Agus thugadar Alecsander amach as lár an tsluaigh, na h‐Iúdaigh g‐á sháthadh rómpa. Agus do bhagair Alecsander a lámh ortha, d’fhonn pléidhe leis na daoinibh. Acht ní túisce chonnacadar gur Iúdach é, ’ná ghlaodhadar go léir d’aon gháir amháin ar feadh dhá uair an chluig, nó mar sin, Is mór í Diana na nEiféiseach. Agus nuair do chiúnuigh cléireach na cathrach an pobal, adubhairt sé, A fheara Eiféiseacha, cia h‐é an duine agaibh nach bhfuil a fhios aige gur ab ar chathair na nEiféiseach atá cúram teampaill Diana móire, agus na h‐íomháighe do thuit ó Iúpiter anuas? D’á bhrigh sin, nuair nach féidir cur ’n‐a choinnibh, ba cheart daoibh fanamhain socair, gan éinnidh do dhéanamh go h‐obann. Óir thugabhar annso na fir seo, nach ndearna goid i dteampall agus nach dtug masla d’ár mbaindia. Acht má tá ag Demétrius, agus ag na ceárdaidhthibh atá i bpáirt leis, cúis i n‐aghaidh aon duine, atá na cúirteanna ann, agus atá próconsúil ann: pléidhidís an cheist le chéile. Acht má’s neithe eile nach iad atá le réidhteach agaibh, socróchar iad san gcóimhthionól dlisteanach. Óir is baoghal dúinn go gcuirfear ’n‐ár leith toirmeasc an lae indiu, gan aon adhbh r bheith leis, agus gan ar chumas dúinn cunntas do thabhairt ar an gcruinniú so. Nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do chuir sé scaipeadh ar an gcóimhthionól. Nuair do bhí deireadh leis an toirmeasc, do chuir Pól fios ar na deisceablaibh, agus thug sé deagh‐chómhairle dhóibh, agus d’fhág sé slán aca, agus d’imthigh sé le triall ar an Mhaiceadóin. Agus nuair do ghluais sé tríd na críochaibh sin, agus do chuir sé ar a meisneach iad le mórán cainnte, tháinig sé isteach san nGréig. Agus tar éis trí mí do chaitheamh annsin do cheap na h‐Iúdaigh cóimhchealg ’n‐a aghaidh, agus é ar tí imtheachta go Siria, agus do shocruigh sé ar fhilleadh tríd an Mhaiceadóin. Agus do chuaidh ’n‐a chuideachtain chómh fada leis an Áise Sópater Phirris ó Bheréa; agus Aristárchus agus Secundus, Tessalónaigh; agus Gáius ó Dherbé, agus Timóteus; agus Tuchicus agus Trofimus na h‐Áise. Acht do bhíodar‐san imthighthe rómhainn, agus iad ag fanamhain linn i dTróas. Agus do cuadhamar‐ne ar luing ó Phillippi tar éis laethe an aráin gan laibhín, agus thángamar chuca go Tróas cúig lá ’n‐a dhiaidh sin; agus d’fhanamar annsin seachtmhain. Agus an chéad lá de’n tseachtmhain, agus sinn cruinnighthe le chéile chum arán do bhriseadh, do bhí Pól ag tabhairt seanmóire dhóibh, mar bhí sé de rún aige imtheacht lá ar n‐a bhárach; agus do lean sé ag cainnt leo go h‐uair an mheadhon‐oidhche. Agus do bhí a lán lóchrann san tseomra uachtair, mar a rabhamar i bhfochair a chéile. Agus do bhí fear óg darbh ainm Eútuchus ’n‐a shuidhe ar an bhfuinneoig, agus trom‐chodladh air; agus, mar bhí Pól ag cainnt i bhfad, do ghabh an codladh treise air gur thuit sé síos ó’n treas lochta, agus do tógadh suas marbh é. Agus do chuaidh Pól síos, agus do luigh sé anuas air, agus d’fháisc sé é, g‐á rádh, Ná bíodh imnidhe ar bith oraibh; atá a anam ann. Agus do chuaidh sé suas, agus do bhris sé arán, agus d’ith sé biadh; annsin do labhair sé leo ar feadh i bhfad, agus d’imthigh sé. Agus rugadar leo an buachaill ’n‐a bheathaidh, agus níor bheag an t‐áthas do bhí ortha. Acht ag dul ar bórd luinge dhúinne, do chuamar fá sheol go h‐Assos, ag súil le Pól do thabhairt isteach: mar bhí socruighthe aige féin, agus é ar an intinn taisteal ar tír. Agus nuair tháinig sé chughainn i nAssos, do ghlacamar isteach é, agus thángamar go Mitiléné. Agus ag imtheacht dúinn ó’n áit sin, thángamar os cómhair Chíos, lá ar n‐a bhárach; agus an chéad lá eile thángamar i dtír i Samos; agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do shroicheamar Mílétus. Óir do bhí socruighthe ag Pól seoladh thar Eiféis, i dtreo nach gcuirfidhe aon mhoill air san Áise; óir bhí deithneas air, chum dá mb’ fhéidir é, bheith i nIarúsalem lá Cingcíse. Ó Mhílétus do chuir sé teachtaireacht go h‐Eiféis, agus do ghlaodh sé chuige seanóirí na h‐eaglaise. Agus nuair tháinig siad chuige, adubhairt sé leo, Atá a fhios agaibh féin cionnas mar chaitheas mo shaoghal ’n‐bhúr measc i rith an ama, ó’n gcéad lá ’n‐ar chuireas cos ar thalamh na h‐Áise, ag déanamh seirbhíse do’n Tighearna le fíor‐umhlacht intinne, agus le deoraibh, agus le cathuighthibh tháinig orm tré chóimhcheilg na nIúdach: cionnas nár staonas ó nidh ar bith go raibh tairbhe ann, d’innsin daoibh, ag tabhairt teagaisc daoibh go poiblidhe, agus ó thigh go thigh, ag brostú na nIúdach agus na nGréagach chum aithrighe chum Dé, agus chum creidimh ’n‐ár dTighearna Íosa Críost. Agus féach, anois, atáim ag dul fá cheangal an Spioraid go h‐Iarúsalem, gan a fhios agam créad atá i ndán dom annsin: acht amháin go bhfuil an Spiorad g‐á dhearbhú dhom ins gach cathair gur géibheann agus géirleanmhain atá fá mo chómhair. Acht ní h‐é m’anam is cás liom, mar bhéadh cion agam air, acht go gcóimhlíonfad mo chúrsa, agus an mhiniostrálacht fuaras ó’n Tighearna Íosa soiscéal grása Dé do chraobhscaoileadh. Agus féach, anois, atá a fhios agam nach bhfuil duine agaibh, gur shiubhlas ’n‐bhúr measc ag craobhscaoileadh na ríoghachta, fheicfeas mo ghnúis arís. D’á bhrigh sin dearbhuighim daoibh indiu, go bhfuilim glan maidir le fuil gach duine. Óir níor staonas ó chómhairle Dé go h‐iomlán do nochtadh dhaoibh. Tabhraidh aire dhaoibh féin, agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spiorad Naomh ’n‐bhúr n‐easbogaibh sibh, leis an eaglais do cheannuigh sé le n‐a fhuil féin, do chothú. Atá a fhios agam, nuair bhéidhead‐sa imthighthe, go dtiocfaidh faolchoin fíochmhara isteach ’n‐bhúr measc, agus ní staonfaidh siad ó’n tréad; agus éireochaidh daoine dhíbh féin, labharfas as saobhchainnt, d’fhonn na deisceabail do tharraing ’n‐a ndiaidh. D’á bhrigh sin bidhidh ag faire, agus tabhraidh chum bhúr gcuimhne nár scuireas de lá ná d’oidhche, ar feadh trí bliadhan de theagasc do thabhairt daoibh le deoraibh. Agus anois, cuirim fá choimirce Dé, agus fá bhriathar a ghrása sibh, go bhfuil ar chumas dó bhúr dtógáil suas, agus oidhreacht do thabhairt daoibh i measc na naomh. Níor shanntuigheas airgead, ná ór, ná éadach duine ar bith. Is eol daoibh féin gurbh iad na lámha so do sholáthruigh d’á raibh ’n‐a riachtanas orm, agus dóibh‐sean do bhí im’ fhochair. Do bhíos im’ eisiompláir dhaoibh ins gach éinnidh, g‐á thaisbeáint daoibh gur ag obair ar an gcuma sin ba dhual daoibh cuidiú leis na daoinibh laga, agus cuimhniú ar bhriathraibh an Tighearna Íosa, mar adubhairt sé, Is mó is beannuighthe bronnadh ’ná glacadh. Nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do‐rinne sé urnaighe i n‐éinfheacht leo go léir. Agus do bhris a ngol ortha go léir, agus chuireadar a lámha timcheall ar mhuineál Phóil, agus do phógadar é, agus ba mhóide a mbrón go mór an focal adubhairt sé, nach bhfeicfidís a ghnúis arís. Agus annsin do thíodhlacadar é ar a bhealach go dtí an long. Agus nuair do bhí scartha againn leo san deireadh, agus an long fá sheol againn, thangamar díreach ar aghaidh go Cós, agus an lá ’n‐a dhiaidh sin go Ródos, agus as sin go Patara: agus fuaramar long do bhí ag dul trasna go Foinícé, agus do chuamar ar bórd, agus do ghluaiseamar fá sheol. Agus nuair tháinig Cuprus ’n‐ár radharc, d’fhágamar ar an láimh chlé é, agus do sheolamar go Siria, agus thángamar i dtír i dTuire: óir do bhí last na luinge le díluchtú annsin. Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’fhanamar annsin seachtmhain: agus do bhíodar g‐á rádh le Pól tríd an Spiorad, gan cos do chur i nIarúsalem. Agus nuair do bhí an t‐am istigh againn, d’imthigheamar rómhainn ar ár n‐aistear; agus tháinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtiodhlacadh, nó go rabhamar taobh amuigh de’n chathair: agus ar ár nglúnaibh dúinn ar an gcladach, do ghuidheamar, agus d’fhágamar slán ag a chéile; agus chuamair‐ne ar bórd, acht d’fhilleadar‐san ar ais abhaile. Agus nuair do bhí deireadh le n‐ár n‐aistear ó Thuire, do shroicheamar Ptolemáis; agus do bheannuigheamar do na bráithreachaibh, agus d’fhanamar lá ’n‐a bhfochair. Agus d’imthigheamar lá ar n‐a bhárach, agus thángamar go Céasaria: agus ag dul isteach dhúinn i otigh Philip soiscéalaidhe, duine de’n mhóirsheisear, d’fhanamar aige. Is amhlaidh do bhí ceathrar inghean ag an bhfear sin, maighdeana do dhéanadh fáidheadóireacht. Agus mar bhíomar ag fanamhain annsin tamall maith, tháinig fáidh darbh ainm Agabus anuas ó Iarúsalem. Agus ag teacht chugainn dó, agus ag tógáil creasa Phóil, do cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus adubhairt, Is é adeir an Spiorad Naomh, Ar an gcuma so, is eadh cheanglóchas na h‐Iúdaigh i nIarúsalem an fear gur leis an crios so, agus do‐bhéarfaidh siad ar lámhaibh do na Cineadhachaibh é. Agus ar n‐a chlos sin dúinn, d’iarramar féin, agus d’iarr muinntear na h‐áite sin d’athchuinghe air gan dul go h‐Iarúsalem. Annsin d’fhreagair Pól, Cad chuige dhaoibh bheith ag gol agus ag briseadh mo chroidhe? óir atáim‐se ullamh, ní h‐é amháin chum bheith ceangailte, acht fós chum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tighearna Íosa. Annsin, nuair nárbh fhéidir a intinn d’athrú, do stadamar, g‐á rádh, Go ndéantar toil an Tighearna. Agus tar éis na laethe sin, do chuireamar gach uile nidh le chéile, agus do chuamar suas go h‐Iarúsalem. Agus tháinig i n‐éinfheacht linn cuid de na bráithreachaibh ó Chéasaria, agus thugadar leo Mnasón ó Chuprus, sean‐deisceabal, go rabhamar le bheith ar aoigheacht aige. Agus ar dteacht go h‐Iarúsalem dúinn, do bhí fáilte mhór ag na bráithreachaibh rómhainn. Agus an lá ’n‐á dhiaidh sin do chuaidh Pól mar aon linn isteach i dtigh Shéamais; agus bhí na seanóirí go léir i láthair, leis. Agus nuair do bhí beannuighthe aige dhóibh, d’innis sé dhóibh i ndiaidh a chéile gach a ndearna Dia i measc na gCineadhach de bhárr a sheirbhíse. Agus nuair do‐chualadar é, thugadar glóir do Dhia; agus adubhradar leis, Do‐chí tú, a bhráthair, na mílte móra dhíobh‐san go bhfuil an creideamh aca atá i measc na nIúdach; agus atáid uile láin‐dílis do’n reacht: agus do h‐inniseadh dhóibh id’ thaobh‐sa, go bhfuilir g‐á mhúineadh do na h‐Iúdachaibh go léir atá i measc na gCineadhach Maois do thréigean, g‐á rádh leo gan a gclann do thimcheall‐ghearradh, ná leanamhain de na sean‐chleachtaibh. Créad atá le déanamh mar sin? is cinnte go gcluinfidh siad go dtáinig tú. Ar an adhbhar sin, déan an nidh seo adeirimíd leat: Atá ceathrar fear againn atá fá bhrigh móide; beir leat iad‐san, agus glantar thú i n‐éinfheacht leo, agus íoc as a gcostas, chum go mbearrfaidh siad a gcinn: annsin béidh a fhios ag gach duine nach bhfuil aon fhírinne san méid do h‐inniseadh dhóibh id’ thaobh; acht go siubhalfair féin i gceart, mar chosantóir an reachta. Acht i dtaobh na gCineadhach do chreid, do cheapamair‐ne, agus do scríobhamar go staonfaidís ó gach nidh íodhbartar d’íodhalaibh, agus ó fhuil, agus ó’n nidh do tachtadh, agus ó dhrúis. Annsin do ghlac Pól leis na fearaibh, agus lá ar n‐a bhárach do ghlan sé é féin mar aon leo, agus do chuaidh sé isteach san teampall, g‐á chur i dtuigsin go raibh laethe a nglanta d’á gcóimhlíonadh, nó go ndearnadh íodhbairt ar son gach duine aca. Agus nuair do bhí na seacht laethe beagnach críochnuighthe, na h‐Iúdaigh ó’n Áise, nuair do chonnacadar san teampall é, do ghríosadar an rluagh, agus do chuireadar lámha air, agus do ghlaodhadar, A chlanna Israel, cabhair: Seo é an duine atá ag múineadh na ndaoine go léir ins gach áit i gcoinnibh an phobail, agus i gcoinnibh an reachta, agus i gcoinnibh na h‐áite seo: agus thairis sin, thug sé Gréagaigh isteach san teampall, agus atá an áit naomhtha truaillighthe aige. Óir do chonnacadar, roimhe sin san gcathair, Trofimus Eiféiseach, agus do shíleadar go dtug Pól isteach san teampall é. Agus do bhí corruighe mór ar fud na cathrach, agus do bhí na daoine ag rith i n‐éinfheacht le chéile, agus rugadar ar Phól, agus do tharraing siad amach as an teampall é: agus ar ball do dúnadh na dóirse. Agus a fhaid do bhíodar d’iarraidh é do mharbhadh, tháinig scéala chum árd‐caiptín na buidhne armtha go raibh Iarúsalem go léir tré chéile. Agus thug sé leis ar an láthair saighdiúirí agus ceanntúirí, agus do rith sé síos chuca: agus nuair do chonnacadar‐san an t‐árdchaiptín agus na saighdiúirí, do scuireadar de bheith ag bualadh Phóil. Annsin do dhruid an t‐árdchaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduigh sé a cheangail le dhá shlabhradh; agus d’fhiafruigh sé cia arbh é, agus créad do bhí déanta aige. Agus do ghlaodh cuid aca é seo agus cuid eile é siúd, i measc an tsluaigh: agus nuair nár fhéad sé a fhios d’fhágháil go cruinn caidé an fáth do bhí leis an toirmeasc, d’órduigh sé a thabhairt isteach san gcaisleán. Agus thárla, nuair do bhí sé ag dul suas an staighre, gurbh éigean do na saighdiúiribh a iomchar mar gheall ar dhéine an tsluaigh; óir do bhí sluagh na ndaoine ag leanamhain, agus iad g‐á ghlaodhach, Curtar chum báis é. Agus le linn Pól bheith d’á bhreith isteach san gcaisleán, adubhairt sé leis an árd‐chaiptín, An misde dhom focal do rádh leat? Agus adubhairt seisean, An bhfuil Gréigis agat? Nach tusa an t‐Éigipteach úd, do bhrostuigh na ceithre míle ropaire marbhthach úd, agus do threoruigh amach san bhfásach iad? Acht adubhairt Pól, Is Iúdach mé, as Társús Chilicia, cathruightheoir cathrach nach suarach; iarraim ort a leigin dom labhairt leis an bpobal. Thug sé an cead dó, agus, ’n‐a sheasamh do Phól ar an staighre, do bhagair sé a lámh ar an bpobal; agus nuair do bhí láin‐chiúnas ann, do labhair sé leo as an teangain Eabhra, g‐á rádh, A bhráithreacha agus a aithreacha, éistidh leis an gcosnamh atá agam d’á dhéanamh dhaoibh anois. Agus nuair d’airigheadar é ag cainnt leo as an teangain Eabhra, ba mhóide a gciúnas é: agus adubhairt sé, Is Iúdach mé, rugadh i dTarsus Chilicia, acht tógadh mé san gcathair seo, ag cosaibh Ghamaliél, do múineadh mé go beacht de réir dlighe ár n‐aithreach, agus do bhíos lán de dhíoghrais ar son Dé, fá mar atá sibh‐se indiu: agus do‐rinneas géirleanamhain go bás ar an Slighe seo, ag ceangal fear agus ban, agus g‐á gcur i bpríosún. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an árd‐shagart, agus ar na seanóiribh go léir: ó n‐a bhfuaras litreacha chum na mbráithreach, agus do bhíos ar mo bhealach go Damascus, chum iad‐san do bhí ann do thabhairt ceangailte go h‐Iarúsalem, chum peannaid d’fhágháil annsin. Agus thárla, san tslighe dhom, agus mé ag tarraing ar Dhamascus, tuairim uaire an mheadhon‐lae, gur las im’ thimcheall solas an‐lonnrach ó neamh. Agus do thuiteas ar an talamh, agus do‐chualas an guth g‐á rádh liom, A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’gam’ géirleanamhain? Agus d’fhreagras‐sa, Cia thusa, a Thighearna? Agus adubhairt sé liom, Is mise Íosa Nasardha atá agat d’á ghéirleanamhain. Agus na daoine do bhí im’ fhochair, gidh go bhfacadar an solas, ní chualadar guth an té do bhí ag labhairt liom. Agus adubhras, Créad atá le déanamh agam, a Thighearna? Agus adubhairt an Tighearna liom, Éirigh, agus téigh go Damascus; agus inneosfar duit annsin gach nidh atá ceaptha dhuit le déanamh. Agus mar bhíos gan radharc mar gheall ar dhéine an tsolais sin, do threoruigh siad‐san do bhí i n‐éinfheacht liom ar láimh mé, agus tháinig mé go Damascus. Agus Ananias, fear diadha de réir an reachta, agus deagh‐thuairisc air i measc na nIúdach do bhí ’n‐a gcómhnaidhe annsin, tháinig sé chugam, agus, ’n‐a sheasamh dhó lem’ ais, adubhairt sé liom, A Shaul, a bhráthair, bíodh do radharc agat. Agus an uair chéadna do dhearcas air. Agus adubhairt sé, Do cheap Dia ár sinnsear thú chum a thoile do thuigsin, agus chum an Aoin Ionnraic d’fheicsin, agus chum glóir a bhéil do chlos. Óir béidh tú id’ fhiadhnaidhe dhó i láthair na ndaoine go léir, ar a bhfacais agus ar a gcualais. Agus cad chuige an mhoill sin ort anois? éirigh, baistthear thú, agus nigh dhíot do pheacaidhe, ag glaodhach ar a ainm. Agus thárla, nuair d’fhilleas go h‐Iarúsalem, agus go rabhas ag guidhe san teampall, go dtáinig táimhnéall orm, agus go bhfacas é g‐á rádh liom, Brostuigh ort, agus imthigh go luath as Iarúsalem: óir ní ghlacfaidh siad do theistiméireacht im’ thaobh. Agus adubhras, A Thighearna, is maith is eol dóibh féin go mbínn‐se ag cur gach duine do chreid ionnat‐sa i bpríosún, agus go mbínn g‐á sciúirseadh ins gach sionagóig: agus nuair do bhí fuil Stiofáin, t’fhiadhnaidhe, d’á doirteadh, do bhíos‐sa im’ sheasamh i láthair, ag aontadh leo, agus ag coimhéad éadaighe na ndaoine do bhí g‐á mharbhadh. Agus adubhairt sé liom, Imthigh leat: óir cuirfead amach thú as so chum na gCineadhach i gcéin. D’éisteadar leis go dtí an focal sin; annsin d’árduigheadar a nglór, agus adubhradar, Curtar a leithéid sin de’n tsaoghal; óir ní cóir é bheith beo. Agus nuair do bhíodar ag glaodhach os árd, agus ag caitheadh a n‐éadaighe dhíobh, agus ag scaipeadh luaithridh san aer, d’órduigh an t‐árd‐chaiptín a thabhairt isteach san gcaisleán, agus a cheistiú fá’n sciúirse, go bhfaigheadh sé amach caidé an chúis go rabhadar ag liúirigh mar sin ’n‐a aghaidh. Agus nuair do cheangladar é le téadaibh, adubhairt Pól leis an gceanntúir do bhí ’n‐a sheasamh i láthair, An dlisteanach duit fear Rómhánach do sciúirseadh, agus gan a dhaoradh ar dtús? Nuair do‐chuala an ceanntúir sin, do chuaidh sé chum an árd‐chaiptín, agus d’innis sé dhó é, g‐á rádh, Créad é sin mheasas tú do dhéanamh? Fear Rómhánach is eadh an duine sin. Agus tháinig an t‐árd‐chaiptín, agus adubhairt sé leis, Innis dom, an Rómhánach thú? Agus adubhairt seisean, Is eadh. Agus d’fhreagair an t‐árd‐chaiptín, D’íocas‐sa go daor as an tsaoirse so. Agus adubhairt Pól, Acht rugadh mise amhlaidh. Annsin, ar an láthair, d’imthigh siad‐san do bhí le n‐a phianadh: agus do bhí eagla ar an árd‐chaiptín, leis, nuair do bhí a fhios aige gur Rómhánach é, agus toisc gur cheangail sé é. Acht lá ar n‐a bhárach, ó ba mhian leis a fhios d’fhágháil go cruinn, créad do bhí ag na h‐Iúdachaibh d’á chur ’n‐a leith, do scaoil sé é, agus d’órduigh sé do na h‐árd‐shagartaibh agus do’n árd‐chómhairle uile teacht le chéile, agus thug sé Pól amach, agus chuir sé os a gcómhair é. Annsin, d’fhéach Pól go grinn ar an árd‐chómhairle, agus adubhairt sé, A bhráithreacha, do chaitheas mo shaoghal i bhfiadhnaise Dé le deagh‐choinsias glan go dtí an lá so. Agus d’órduigh an t‐árd‐shagart dóibh‐sean do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a aice a bhualadh ar an mbéal. Annsin adubhairt Pól, Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta: an bhfuil tusa id’ shuidhe chum breithe do thabhairt orm‐sa de réir na dlighe, agus an n‐órduigheann tú mo bhualadh i gcoinnibh na dlighe? Agus adubhairt siad‐san do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a aice, An ag maslú an árd‐shagairt atáir? Agus adubhairt Pól, Ní raibh a fhios agam, a bhráithreacha, gurbh é an t‐árd‐shagart é: óir atá scríobhtha, Ní thiubhrair droch‐chainnt d’uachtarán mo phobail. Acht nuair thug Pól fá deara gur Shaddúcínigh cuid aca, agus gurbh Fhairisínigh an chuid eile, do ghlaodh sé amach i lár na h‐árd‐chómhairle, Is Fairisíneach mise, mac Fairisínigh: is mar gheall ar shúil bheith agam le h‐aiséirghe na marbh atáim ar mo thriail. Ar n‐a rádh sin dó, d’éirigh aighneas idir na Fairisínigh agus na Saddúicínigh: agus bhí deaghailt san gcómh‐chruinniú. Óir adeir na Saddúicínigh nach bhfuil aiséirghe ann, ná aingeal, ná spiorad: acht admhuigheann na Fairisínigh iad uile bheith ann. Agus annsin d’éirigh callán mór: agus do phreab cuid de scríobhaidhthibh na bhFairisíneach ’n‐a seasamh, agus do labhradar go colgach, g‐á rádh, Ní fhaighmíd‐ne olc ar bith san duine seo: agus má labhair spioraid féin, nó aingeal leis, cad mar gheall air? Agus nuair do bhí ag éirghe ar an gcallán go mór, d’órduigh an t‐árd‐chaiptín do na saighdiúiribh dul síos, ar eagla go sracfaidís Pól as a chéile eadortha, agus a thógáil le neart uatha agus a thabhairt isteach san gcaisleán. Agus an oidhche ’n‐a dhiaidh sin, do sheas an Tighearna le n‐a ais, agus adubhairt, Bíodh meisneach agat: óir fá mar atá fiadhnaise déanta agat im’ thaobh i nIarúsalem, caithfidh tú fiadhnaise do dhéanamh san Róimh, leis. Agus le h‐éirghe lae, tháinig na h‐Iúdaigh i gceann a chéile, agus do dhearbhuigheadar fá bhrigh na mionn, g‐a rádh nach n‐íosfaidís ná nach n‐ólfaidís nó go mbéadh Pól marbh aca. Agus do bhí tuilleadh agus dá fhichid duine aca do‐rinne an chóimhchealg sin. Agus thángadar chum na n‐árd‐shagart agus chum na seanóir, agus adubhradar, Atáimíd fá cheangal mionna mhóir, gan rud ar bith do bhlaiseadh no go raibh Pól marbh againn. Anois, d’á bhrigh sin, cuireadh sibh‐se agus an árd‐chómhairle scéala chum an árd‐chaiptín g‐á iarraidh air a thabhairt chugaibh, fá mar ba mhian libh eolas níos cruinne d’fhágháil ’n‐a thaobh: agus atáimíd‐ne ullamh le n‐a mharbhadh, sara dtiocfaidh sé i láthair. Acht do‐chuala mac deirbhsheathar Phóil i dtaobh na ceilge, agus tháinig sé agus do chuaidh sé isteach san gcaisleán, agus d’innis sé do Pól é. Agus do ghlaodh Pól duine de na ceanntúiribh chuige, agus adubhairt sé, Beir leat an buachaill seo chum an árd‐chaiptín: óir atá nidh aige le n’innsin dó. Annsin thug sé leis é chum an árd‐chaiptín, agus adubhairt sé, Do ghlaodh an príosúnach Pól chuige mé, agus d’iarr sé orm an buachaill seo do thabhairt duit, mar go bhfuil nidh aige le rádh leat. Agus rug an t‐árd‐chaiptín ar láimh air, agus d’imthigh sé leis i leathtaoibh, agus adubhairt, Créad é seo atá agat le n’innsin dom? Agus adubhairt seisean, Atá ceaptha ag na h‐Iúdachaibh a iarraidh ort Pól do thabhairt amach chum na h‐árd‐chómhairle amárach, fá mar ba mhian leat fios scéil níos cruinne d’fhághail ’n‐a thaobh Acht ná h‐éist leo: óir atá breis agus dá fhichid duine ag faire i gceilg air, agus iad fá cheangal móide gan biadh d’ithe ná braon d’ól nó go raibh sé marbh aca: agus atáid ullamh anois féin, ag feitheamh leis an ngeallamhain uait‐se. Agus do chuir an t‐árd‐chaiptín an buachaill uaidh, g‐á rádh leis, Ná h‐innis do dhuine ar bith gur chuiris an méid sin ar eolas dom. Agus do ghlaodh sé beirt cheanntúir chuige, agus adubhairt sé, Ullmhuighidh dhá chéad saighdiúir agus deichneabhar agus trí fichid marcach, agus dhá chéad fear sleagha, chum dul go Céasaria ar an treas uair de’n oidhche: agus d’órduigh sé eachraidhe do bheith ullamh aca, go gcuirfidís Pól ortha agus a thabhairt slán do’n árd‐riaghlóir Féilics. Agus do scríobh sé litir fá’n bhfuirm seo: Claudius Lusias chum an árd‐riaghlóra ró‐uasail, Féilics, beatha agus sláinte. Rug na h‐Iúdaigh ar an bhfear so, agus do bhíodar ar tí a chur chum báis, nuair thángas‐sa ortha i n‐éinfheacht leis na saighdiúiribh, agus nuair thuigeas gur Rómhánach é, do thógas slán uatha é. Annsin, mar ba mhian liom a fhios bheith agam créad do bhí aca d’á chur ’n‐a leith, thugas síos chum a n‐árd‐chómhairle féin é: annsin do thuigeas gur ceisteanna bhaineas le n‐a ndlighe féin do bhí san chúis, acht nach raibh rud ar bith do thuill bás ná braighdeanas d’á chur ’n‐a leith. Agus nuair fuaras fios scéil go mbéadh luigheachán aca do’n duine, do chuireas chugat‐sa é ar an láthair, g‐á rádh le n‐a éilightheoiribh an chúis atá aca air do phléidhe rómhat‐sa. Uime sin, do thóg na saighdiúirí Pól, fá mar h‐órduigheadh dhóibh, agus thugadar san oidhche é go h‐Antipatris. Acht an lá ’n‐a dhiaidh sin do leigeadar do’n mharc‐shluagh dul leis, agus thángadar féin ar ais chum an chaisleáin. Agus nuair tháinig siad go Céasaria agus thug siad an litir do’n árd‐riaghlóir, do chuir siad Pól ’n‐a láthair. Agus nuair bhí an litir léighte aige, d’fhiafruigh sé cia an phroibhinnse arbh as é; agus nuair do thuig sé gurbh as Cilicia dhó, Éistfead le n‐a bhfuil le rádh agat, adubhairt sé, chómh luath agus thiocfas siad‐san go bhfuil cúis aca ort: agus d’órduigh sé a chur fá choimhéad i bpálás Ioruaith. Agus i gcionn cúig lá ’n‐a dhiaidh sin tháinig an t‐árd‐shagart Ananias anuas mar aon le cuid de na seanóiribh, agus le cainnteoir darbh ainm Tertullius; agus do chuireadar an chúis: gcoinnibh Phóil i dtuigsin do’n árd‐riaghlóir. Agus nuair do glaodhadh air, do thosnuigh Tertullius ar a chionntú, g‐á rádh, A Fhéilics oirdheirc, ó thárla gur ab ort‐sa atá á bhuidheachas go bhfuil síothcháin mhór againn, agus go bhfuil an náisiún so d’á chur ar a leas as ucht do chéille, glacaimíd i gcómhnaidhe é agus ins gach áit le lán‐bhuidheachas. Acht, gan mórán moille do chur ort, iarraim ort, ded’ cheannsacht, éisteacht le roinnt focal uainn. Is amhlaidh fuaramar an fear so ’n‐a ughdar tubaiste agus ’n‐a adhbhar ceannairce i measc na nIúdach ar fud an domhain, agus é ’n‐a cheann ar aicme na Nasardhach: agus do cheap sé an teampall féin do thruailliú: acht rugamar‐ne air. Féadfair, acht ceisteanna do chur air, eolas d’fhágháil ar na neithibh atá againne d’á gcur ’n‐a leith. Agus d’aontuigh na h‐Iúdaigh mar an gcéadna leis, g‐á rádh go raibh an méid sin fíor. Agus nuair do sméid an t‐árd‐riaghlóir ar Phól labhairt, d’fhreagair sé, Ó’s eol dom go bhfuilir‐se id’ bhreitheamh ar an náisiún so le bliadhantaibh fada, tá meisneach orm agus mé ag labhairt ar mo shon féin. Is féidir dhuit a fhios d’fhágháil nach bhfuil acht dhá lá déag ann ó chuadhas suas go h‐Iarúsalem le h‐adhradh do dhéanamh: agus nach bhfuaradar san teampall mé ag aighneas le h‐aon duine, ná ag brostú an phobail ins na sionagógaibh, ná san gcathair. Ní mó nach bhfuil ar chumas dóibh na neithe atá siad do chur im’ leith do chrothú dhuit. Acht admhuighim an méid seo dhuit, go ndéanaim seirbhís do Dhia ár sinnsear de réir na Slighe ar a dtugann siad‐san eiriceacht, ag creideamhain do gach nidh atá de réir na dlighe, agus atá scríobhtha ins na fáidhibh: agus go bhfuil muinighin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaidh aiséirghe na bhfíréan agus na neimh‐fhíréan. Chuige seo is eadh atáim ag déanamh mo dhíchill, le coinsias glan gan smál do choimhéad i gcómhnaidhe i dtaobh Dé agus daoine. Anois, tar éis bliadhan fada, tháinig mé le déirc do thabhairt dom’ chineadh féin agus le h‐íodhbairt do dhéanamh: agus fuaradar mé glanta san teampall gan sluagh, gan toirmeasc: acht amháin go raibh roinnt Iúdach ó’n Áise — go mba cheart dóibh bheith annso id’ láthair, agus mo chionntú, má tá aon rud aca le cur im’ leith. Nó abraidís féin cia an fuara éagcóirdar, nuair bhíos im’ sheasamh i láthair na h‐árd‐chómhairle, muna mbéadh an t‐aon fhocal amháin do ghlaodhas amach agus mé im’ sheasamh ’n‐a measc, Is é aiséirghe na marbh an cheist go bhfuil breith ’n‐a taobh d’á tabhairt orm os bhúr gcómhair indiu. Acht Féilics, ag a raibh eolas ní ba chruinne i dtaobh na Slighe, do chuir sé ar athlá iad, g‐á rádh, Nuair thiocfas Lusias, an t‐árd‐chaiptín, anuas, do‐ghéanad breathnú ar bhúr gcúis. Agus d’órduigh sé do’n cheanntúir a choimhéad, agus roinnt saoirse do thabhairt dó: gan aon duine d’á cháirdibh do chosc ar shócamhal do dhéanamh dhó. Agus roinnt laethe ’n‐a dhiaidh sin, tháinig Féilics i n‐éinfheacht le n‐a mhnaoi Drúsilla, bean Iúdach, agus do chuir sé fios ar Phól, agus d’éist sé leis ag labhairt ar an gcreideamh i gCríost Íosa. Acht ag trácht dó ar fhíréantacht, agus ar mheasardhacht, agus ar an mbreitheamhnas a bhí le teacht, do scannruigh Féilics, agus adubhairt sé, Imthigh leat anois; agus nuair bhéas uain agam, cuirfead fios ort. Do bhí súil aige ar an am chéadna go dtiubhradh Pól airgead dó; uime sin ba mhinice é ag cur feasa air, agus ag cómhrádh leis. Acht nuair bhí dhá bhliadhain imthighthe, tháinig Porcius Féstus i n‐ionad Fhéilics; agus le sásamh do thabhairt do na h‐Iúdachaibh, d’fhág Fhéilics Pól fá cheangal. Nuair tháinig Féstus isteach san phroibhinnse, tar éis trí lá chuaidh sé suas ó Chéasaria go h‐Iarúsalem. Agus thug uachtaráin na sagart agus uaisle na nIúdach scéala i gcoinnibh Phóil dó; agus d’impidheadar air, ag iarraidh fábhair ’n‐a aghaidh, go n‐órdóchadh sé a thabhairt go h‐Iarúsalem; ag faire faille le n‐a mharbhadh ar an slighe. D’fhreagair Féstus, ámh, go raibh Pól fá choimhéad i gCéasaria, agus go raibh faoi dul ann go luath. Uime sin, adubhairt sé, na daoine go bhfuil sé ar a gcumas, téighidís síos i n‐éinfheacht liom, agus má tá cionnta ar bith san bhfear, cuiridís ’n‐a leith í. Agus tar a éis dó ocht nó deich lá d’fhanamhain ’n‐a measc, do chuaidh sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do shuidh sé i gcathaoir an bhreitheamhnais, agus d’órduigh sé Pól do thabhairt isteach. Agus nuair tháinig seisean, na h‐Iúdaigh tháinig ó Iarúsalem, do sheasadar ’n‐a thimcheall, ag cur a lán neithe trom ’n‐a leith, nár fhéadadar a gcrothú; agus adubhairt Pól, d’á chosaint féin ortha, Cionnta ar bith i n‐aghaidh dlighe na nIúdach, ná i n‐aghaidh an teampaill, ná i n‐aghaidh Chéasair, ní dhearnas‐sa. Acht d’fhreagair Féstus, agus fonn air na h‐Iúdaigh do chur fá chomaoin aige, g‐á rádh le Pól, An maith leat dul suas go h‐Iarúsalem, agus breitheamhnas d’fhághail annsin ar na ceisteannaibh seo rómham? Acht d’fhreagair Pól, Atáim im’ sheasamh os chómhair cathaoireach breitheamhnais Chéasair, an áit ’n‐ar cheart breith do thabhairt orm: ní fhuil éagcóir ar bith déanta agam i n‐aghaidh na nIúdach, mar is eol duit féin go h‐an‐mhaith. Má tá cionnta déanta agam, agus má ta éinnidh thuilleas bás déanta agam, ní fhuilim ag diúltadh do’n bhás: acht muna bhfuil an fhírinne i n‐éinnidh de’n méid atá aca d’á chur im’ leith, ní fhuil ar chumas d’aon duine mo thabhairt suas dóibh. Téighim ar choimirce Chéasair. Annsin d’fhreagair Féstus, tar éis toil na h‐árdchómhairle do ghlacadh, Do chuiris do choimirce ar Chéasar: chum Chéasair rachas tú. Roinnt laethe ’n‐a dhiaidh sin, tháinig an rí Agrippa agus Bernicé go Céasaria, le fáilte do chur roimh Fhéstus. Agus mar d’fhanadar annsin mórán laethe, d’innis Féstus cúis Phóil do’n rí, g‐á rádh, Atá fear annso d’fhág Féilics ’n‐a phríosúnach: agus, nuair do bhíos‐sa i nIarúsalem, tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí na nIúdach chugam le fios scéil ’n‐a thaobh, ag iarraidh orm a dhaoradh. D’fhreagras dóibh, nach é nós na Rómánach duine ar bith do thabhairt chum breitheamhnais gan an duine a cionntuighthear agus lucht a chionntuighthe bheith ar aon í áthair le chéile, agus caoi do thabhairt dó le n‐a chosaint féin ar an gcoir curtar ’n‐a leith. Uime sin, ar bheith dhóibh i gceann a chéile annso, ní dhearnas aon mhoill, acht an lá ’n‐a dhiaidh sin do shuidheas i gcathaoir an bhreitheamhnais, agus d’órduigheas an fear do thabhairt i láthair. Nuair d’éirigh na cionntuightheoirí ’n‐a seasamh, níor chuireadar rud ar bith ’n‐a leith de’n tsaghas a rabhas ag braith leis: acht do bhí ceisteanna áirithe bhaineas le ’n‐a gcreideamh féin aca ’n‐a aghaidh, agus i dtaobh Íosa éigin, fuair bás, go ndubhairt Pól go raibh sé beo. Agus de bhrigh nár fhéadas‐sa meabhair do dhéanamh de na ceisteannaibh sin, d’fhiafruigheas arbh áil leis dul go h‐Iarúsalem, chum go dtiubharthaí breith ar na neithibh sin annsin. Acht nuair d’iarr Pól go gcuirfidhe a chúis fá bhreith an impire, d’órduigheas a choimhéad nó go gcuirfinn chum Chéasair é. Annsin adubhairt Agrippa le Féstus, Ba mhaith liom féin an fear do chlos. Cloisfir amárach é, adubhairt seisean. Uime sin, lá ar n‐a bhárach, tháinig Agrippa agus Bernicé le poimp mhóir, agus nuair chuadar isteach i dtigh na cúirte, i n‐éinfheacht leis na h‐árdchaiptínibh agus le maithibh na cathrach, thug Féstus órdú, agus tugadh Pól ’n‐a láthair. Agus adubhairt Féstus, A rí Agrippa, agus a bhfuil de dhaoinibh láithreach annso, do‐chí sibh an fear so go dtáinig na h‐Iúdaigh uile chugam ’n‐a thaobh i nIarúsalem agus san áit seo, g‐á ghlaodhach os árd nár cheart a bheith beo níos faide. Acht ní fhuaras coir ar bith ann do thuill bás; agus ó chuir sé é féin fá choimirce an impire, do shocruigheas ar a chur chuige. Ní fhuil aon nidh cruinn agam, ámh, le scríobhadh chum mo thighearna ’n‐a thaobh. Ar an adhbhar sin thugas annso chugaibh‐se é, agus chugat‐sa, go h‐áirithe, a rí Agrippa, le súil go mbéidh rud éigin agam le scríobhadh nuair cheisteochas tú é. Óir do‐chítear dom gur obair mhí‐réasúnta príosúnach do chur uaim gan na cionntaí atá curtha ’n‐a leith d’innsin. Annsin adubhairt Agrippa le Pól, Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Agus do shín Pól amach a lámh, agus do labhair sé g‐á shaoradh féin: Measaim gur maith an bhail orm, a rí Agrippa, go bhfuil orm mo chosaint féin id’ láthair indiu ar na neithibh go léir atá curtha ag na h‐Iúdachaibh im’ leith: go h‐áirithe go bhfuil lán‐eolas agat ar gach gnáth‐nós agus ar gach ceist bhaineas leis na h‐Iúdachaibh: uime sin impidhim ort éisteacht go foighdeach liom. Atá aithne ag na h‐Iúdachaibh ar an saoghal do chaitheas óm’ óige, gur i lár mo chinidh féin ó thosach, agus i nIarúsalem, do chaitheas é. Is eol dóibh ó thús, dá mba mhaith leo a dheimhniú, gur mhaireas im’ Fhairisíneach de réir riaghlach na h‐aicme is mó dírigheacht ’n‐ár gcreideamh. Agus anois atáim im’ sheasamh annso dom’ chionntú fá’n dóchas go gcóimhlíonfaidhe an gheallamhain thug Dia d’ár sinnsearaibh: go bhfuil ár ndá threibh déag ag súil leis, ag déanamh seirbhíse do Dhia go dúthrachtach, de ló agus d’oidhche. Agus is i dtaobh an dóchais seo, a rí, go bhfuil na h‐Iúdaigh ’gam’ chionntú! Cad chuige a measann sibh gur dí‐chreidte an nidh go n‐aithbhcodhann Dia na mairbh? Do cheapas féin go raibh sé de dhualgas orm mórán neithe do dhéanamh i n‐aghaidh ainme Íosa Nasardha. Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do chuireas mórán naomh fá ghlas i bpríosúnaibh, tar éis ughdarás d’fhágháil ó na h‐árd‐shagartaibh, agus nuair bhídís d’á gcur chum báis, thugas guth ’n‐a n‐aghaidh. Agus thugas pionós go minic dóibh ins na sionagógaibh go léir, agus do‐rinneas iarracht fá dhia‐mhasladh do bhaint asta; agus leis an dearg‐bhuile do bhí orm ’n‐a gcoinnibh, do‐rinneas géirleanamhain ortha go dtí na cathracha coigríocha. Ag dul fá dhéin Damascuis dom ar an intinn sin le h‐ughdarás agus le barántas na n‐árd‐shagart, ar uair an mheadhon‐lae, a rí, do chonnacas ar an tslighe dhom solas ó neamh, ba ghile ’ná lonnradh na gréine, ag soillsiú im’ thimcheall‐sa agus i dtimcheall na ndaoine do bhí ag taisteal i n‐éinfheacht liom. Agus do thuiteamar uile ar an talamh, agus d’airigheas an guth g‐á rádh liom san teangain Eabhra, A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’gam’ ghéirleanamhain? Is deacair dhuit bheith ag speachghail i n‐aghaidh an phriocaire. Agus adubhras‐sa, Cia thusa, a Thighearna? Agus adubhairt an Tighearna, Is mise Íosa go bhfuil tú g‐á ghéirleanamhain. Acht éirigh, agus seas ar do chosaibh: óir is chuige seo do thaisbeánas mé féin duit, chum go n‐órdóchainn thú id’ sheirbhíseach agus id’ fhiadhnaidhe ar na neithibh do chonnaicis, agus ar na neithibh ’n‐a nochtfaidh mé mé féin duit; ’gad’ thabhairt slán ó’n bpobal, agus ó na Cineadhachaibh, go bhfuilim ’gad’ chur chuca, le n‐a súilí d’fhoscailt, chum go n‐iompóchaidís ó’n dorchadas chum an tsolais, agus ó chumhacht Sátain chum Dé, go bhfaighdís maitheamhnas na bpeacadh agus oighreacht i measc na ndaoine naomhthar tré chreideamh ionnaim‐se. Uime sin, a rí Agrippa, níor dhiúltas do’n radharc neamhdha: acht do chraobhscaoileas do mhuinntir Dhamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúithche Iúdaea, agus do na Cineadhachaibh, go ndéanfaidís aithrighe agus go n‐iompóchaidís chum Dé, ag déanamh gníomhartha de réir na h‐aithrighe. Ba é sin an fáth go rug na h‐Iúdaigh orm san teampall, agus go dtugadar iarracht fám’ mharbhadh. Acht, ó fuaras an chabhair thagas ó Dhia, táim im’ sheasamh go dtí an lá so, ag tabhairt fiadhnaise do bheag agus do mhór, gan rud ar bith a rádh acht an méid adubhairt na fáidhe agus Maois do bheith le teacht; go gcaithfeadh an Críost fulang, agus go mba é an chéad duine é d’éireochadh ó na marbhaibh, agus go gcraobhscaoilfeadh sé an solas do’n phobal agus do na Cineadhachaibh. Agus nuair do bhí sé g‐á chosaint féin ar an gcuma sin, adubhairt Féstus de ghuth árd, A Phóil, ar buile atáir; atá do léigheann mór ’gad’ chur as do mheabhair. D’fhreagair Pól, Ní h‐as mo mheabhair atáim, a Fhéstuis oirdheirc; acht is ag labhairt briathar na fírinne agus na céille atáim. Óir atá eolas ag an righ, go bhfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neithibh seo; óir ní mheasaim go bhfuil éinnidh díobh so fá cheilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneadh é. A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáidhe? Atá a fhios agam go gcreideann tú. Agus adubhairt Agrippa le Pól, Is beag nach g‐á aiteamh orm bheith im’ Chríostaidhe atáir. Agus adubhairt Pól, Ba mhian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a bheag nó a mhór, ní h‐é tusa amháin, acht gach a bhfuil ag éisteacht liom indiu, bheith ar aon dul liom féin, taobh amuigh de na slabhraibh seo. Agus d’éirigh an rí, agus an t‐árd‐riaghlóir, agus Bernicé, agus a raibh ’n‐a suidhe ’n‐a bhfochair: agus nuair bhí siad i leathtaoibh, do labhradar le chéile, g‐á rádh, Ní fhuil an fear so ag déanamh dadaimh thuilleas bás ná cuibhreacha. Agus adubhairt Agrippa le Féstus, D’fhéadfaidhe a shaoirse do thabhairt do’n fhear sin muna mbéadh go ndeachaidh sé ar choimirce Chéasair. Annsin nuair do shocruigheadar go rachaimís fá sheol go dtí an Iodáil, thugadar Pól agus roinn príosúnach eile do cheanntúir darbh ainm Iúlius, de bhuidhin Augustuis. Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do bhí d’á seoladh le taobh cósta na h‐Áise, d’imthigheamar ar an bhfairrge, agus Aristárchus, Maiceadónach ó Thessalónica, i n‐éinfheacht linn. Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin thángamar go Sidón: agus bhí Iúlius cineálta le Pól, agus thug sé cead dó dul fá thuairisc a charad agus sócamhal d’fhágháil uatha. Agus ag imtheacht dúinn ó’n áit sin, do sheolamar ar scáth Chupruis, mar bhí an ghaoth ’n‐ár gcoinnibh. Agus nuair do sheolamar trasna na fairrge atá ar aghaidh Chilicia agus Phamfilia, thángamar go Murra i Lucia. Fuais an ceanntúir annsin long ó Alecsandria do bhí ag dul go dtí an Iodáil; agus do chuir sé ar bórd uirthi sinn. Agus tar éis loingseoireacht mhall do dhéanamh ar feadh mórán laethe, thángamar ar éigean ar aghaidh Chníduis, agus, ó bhí an ghaoth ’g‐ár gcosc, do sheolamar ar scáth na Créite, láimh le Salmóné; annsin do sheolamar thairis sin le duadh go dtángamar go h‐áit ar a dtugtar na Deagh‐Chuanta; i n‐aice le baile mór Laséa. Agus ó bhí a lán de’n aimsir caithte, agus an loingseoireacht ag éirghe contabhartach, óir do bhí uair an troscaidh thart, thug Pól cómhairle dóibh, agus adubhairt sé leo, A fheara, do‐chítear dom gur mór an díoghbháil agus an dochar, ní h‐é amháin do’n lucht agus do’n luing, acht d’ár n‐anamannaibh féin atá i ndán dúinn ar an aistear so. Acht ba thúisce d’éist an ceanntúir le stiúrthóir agus le máighistir na luinge ’ná le Pól. Agus de bhrigh nach raibh an cuan oireamhnach leis an ngeimhreadh do chaitheamh ann, ba í an chómhairle ar ar chinn a bhfurmhór, imtheacht as chum fairrge, le súil go bhféadfaidís Foinicé, cuan na Créite, shíneas siar ó dheas agus siar ó thuaidh, do bhaint amach, agus an geimhreadh do chaitheamh ann. Agus d’éirigh gaoth bhog andeas, agus do cheapadar go raibh leo, agus do thógadar an t‐ancaire agus sheoladar le h‐ais na Créite, i n‐aice na tíre. Acht níorbh fhada go dtáinig anuas anfadh mór gaoithe ar a dtugtar Eúraculó: agus ó bhí an long d’á scuabadh roimpi, agus nár fhéad sí cur i n‐aghaidh na gaoithe, do leigeamar dí imtheacht roimpi. Agus ag dul isteach dúinn fá scáth oileáin bhig dárbh ainm Clauda, d’éirigh linn le saothar mór an bád do shábháil: agus nuair do bhí sé tógtha ar bórd aca, do‐rinneadar úsáid de théadaibh, g‐á gcur fá’n luing: agus ar eagla go gcaithfidhe iad ar bheo‐ghainimh Shurtis, do leagadar na seolta, agus tiomáineadh sinn ar as gcuma sin. Agus ó bhíomar d’ár suathadh go millteach le neart stoirme, do thosnuigheadar an lá ’n‐a dhiaidh sin ar an luing d’fholmhú; agus an tríomhadh lá do chaitheamar amach táclaí na luinge le n‐ár lámhaibh féin. Annsin ó bhíomar mórán laethe gan solas na gréine ná na réaltan d’fheicsin, agus stoirm an‐mhór ag bualadh orainn, ní raibh aon tsúil againn go dtiocfaimís slán as. Agus ó bhíodar i bhfad gan biadh do chaitheamh, d’éirigh Pól ’n‐a sheasamh ’n‐a lár, agus adubhairt, A fheara, ba cheart daoibh éisteacht liom‐sa, gan imtheacht ó’n gCréit, agus an díoghbháil agus an chaill seo do sheachaint. Acht anois iarraim oraibh meisneach do ghlacadh: ór ní caillfear duine ar bith agaibh, ní caillfear acht an long. Óir do sheas aingeal Dé, gur leis mé, agus d’á ndéanaim seirbhís, lem’ ais anoct, g‐á rádh, Ná bíodh eagla ort, a Phóil; caithfidh tú seasamh i láthair Chéasair: agus féach, atá anamanna na ndaoine uile atá ar an luing bronnta ag Dia ort. D’á bhrigh sin, a fheara, bíodh meisneach agaibh: óir creidim Dia go cinnte, de réir mar adubhradh liom, gur mar sin bhéas. Acht caithfimíd talamh do bhualadh ar oileán éigin. Acht an cheathramhadh h‐oidhche déag, nuair do bhíomar d’ár luascadh siar agus aniar san Adria, timcheall uaire an mheadhon oidhche, do mheas na mairnéalaigh go rabhadar ag tarraing ar thír éigin; agus do leigeadar síos an luaidh, agus fuaradar fiche feadh doimhneachta: agus tar éis scaithimh, leigeadar síos an luaidh arís, agus fuaradar cúig feadha déag. Agus ar eagla go mbuailfimís talamh cairrgeach, do chuireadar amach ceithre h‐ancairí ó chúl na luinge, agus d’fhanadar le gealadh an lae. Agus mar bhí na mairnéalaigh ag iarraidh éalodh ó’n luing, agus an bád thíos ar an bhfairrge aca, g‐á chur i gcéill gur ag cur ancaire amach ó cheann tosaigh na luinge do bhídís, adubhairt Pól leis an gceanntúir agus leis na saighdiúiribh, Muna bhfanaidh siad‐san san luing, ní féidir dhaoibh‐se dul slán. Annsin do ghearr na saighdiúirí téada an bháid, agus do leigeadar dó tuitim ar gcúl. Agus chómh fhad agus bhíodar ag fanamhain le breacadh an lae, d’iarr Pól ortha biadh do chaitheamh, g‐á rádh, Is é seo an ceathramhadh lá déag agaibh ag fanamhain agus sibh ’n‐bhúr dtroscadh, gan aon bhiadh do chaitheamh. Is é mo chómhairle dhaoibh, d’á bhrigh sin, biadh do chaitheamh: óir is é leas bhúr sláinte é: óir ní caillfear ribe gruaige de cheann duine ar bith agaibh. Agus ar n‐a rádh sin dó, do thóg sé arán, agus do ghabh sé buidheachas le Dia ’n‐a bhfiadhnaise go léir: agus do bhris sé é agus do thionnscain sé g‐á ithe. Annsin do ghlacadar meisneach, agus do chaitheadar féin biadh leis. Dhá chéad, trí fichid agus seisear déag ar fad do bhí againn san luing. Agus nuair do bhí a ndóthain ithte aca, d’éadtromuigheadar an long, ag caitheamh na cruithneachtan amach san bhfairrge. Agus nuair bhí solas an lae ann, níor aithnigheadar an tír: acht thugadar fá deara cuan beag agus tráigh ann, agus do cheapadar, dá mb’ fhéidir é, an long do sháthadh isteach uirthi. Agus ag scaoileadh na n‐ancaire dhóibh, d’fhágadar san bhfairrge iad, ar an am céadna do scuradar ceanglach na stiúireann; agus ag árdú an tseoil tosaigh leis an ngaoith, do‐rinneadar ar an tráigh. Acht, ag tuitim i n‐áit ’n‐a raibh dhá fhairrge ag bualadh le chéile, do sháthadar an long san talamh; agus do daingnigheadh tosach na luinge, acht do thosnuigh a deireadh g‐á bhriseadh le tréantuargan na dtonn. Agus ba é cómhairle na saighdiúir na príosúnaigh do mharbhadh, ar eagla go snámhfadh duine aca agus go n‐éalóchadh sé. Acht do bhí a fhonn ar an gceanntúir Pól do shábháil, agus ní leigfeadh sé dhóibh é, agus d’órduigh sé dhóibh‐sean go raibh snámh aca a gcaitheamh amach ar dtús agus an tír do bhaint amach: agus na daoine eile ’n‐a ndiaidh, cuid aca ar chláraibh, agus cuid aca ar neithibh ó’n luing. Agus thárla mar sin, go dtáinig gach duine aca slán chum tíre. Agus nuair do bhíomar slán, sábháilte, do bhí a fhios againn gur Melité do b’ainm do’n oileán. Agus do bhí an lucht áitreabhtha an‐chineálta linn: óir d’fhaduigheadar teine, agus do ghlacadar chuca sinn uile, mar gheall ar an mbáistigh do bhí ann, agus mar gheall ar an bhfuacht. Acht nuair do bhailigh Pól roinnt brosna, agus chuir sé ar an teinidh iad, tháinig nathair nimhe amach, ag teitheadh ó’n teas, agus fuair sí greim ar láimh air. Agus nuair chonnaic an lucht áitreabhtha an phiast ar liobarnaigh ar a láimh, adubhradar le chéile, Gan amhras, is dúnmharbhthóir an duine seo, agus, bíodh go dtáinig sé slán ó’n bhfairrge, ní leigeann díoghaltas Dé dhó bheith beo. Acht do chroth seisean an phiast de isteach san teinidh, gan anachain ar bith d’fhágháil. Acht do mheasadar go n‐atfadh sé, nó go dtuitfeadh sé marbh ar an láthair: acht tar a éis dhóibh bheith i bhfad ag feitheamh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teacht dó, tháinig athrú intinne ortha, agus adubhradar gur dhia é. Is amhlaidh do bhí talta i n‐aice na h‐áite sin agus ba le fear cinn an oileáin iad, agus Publius ab’ ainm dó. Do ghlac seisean chuige sinn, agus ar feadh trí lá do chuir sé cóir mhaith go fial orainn. Agus tharla go raibh athair Phubliuis tinn ’n‐a luighe le fiabhras agus le flosc: agus do chuaidh Pól isteach chuige, agus do ghuidh sé ar a shon, agus do chuir sé a lámha air, agus do leigheas sé é. Agus nuair do‐rinneadh sin tháinig a raibh de dhaoinibh tinne ar an oileán, agus do leigheasadh iad: agus thugadar onóir mhór dúinn; agus nuair do bhíomar ag dul ar luing, do chuireadar ar bórd gach ar theastuigh uainn. Agus tar éis trí mí do sheolamar i luing as Alecsandria, do bhí tar éis an gheimhridh do caitheamh san oileán, agus na Díoscúrí do bhí mar shuaitheantas uirthi. Agus ag teacht go Suracúsa dhúinn, do stadamar annsin trí lá. As sin do thriallamar thart thimcheall go dtángamar go Régium: agus lá ’n‐a dhiaidh sin do shéid an ghaoth andeas, agus thángamar ar n‐a bhárach go Puteolí. Fuaramar bráithreacha annsin, agus d’iarradar orainn fanamhain aca seachtmhain: agus annsin thángamar go dtí an Róimh. Agus nuair fuaradar na bráithreacha tuairisc ’n‐ár dtaobh, thángadar as sin ag fáiltiú rómhainn chómh fada le Margadh Appiuis, agus Na Trí Tábhairní: agus nuair chonnaic Pól iad thug sé buidheachas do Dhia, agus do ghlac sé meisneach. Agus ar shroichint na Róimhe dhúinn, tugadh cead do Phól fanamhain leis féin i n‐éinfheacht leis an saighdiúir do bhí mar ghárda air. Agus thárla, i gcionn trí lá ’n‐a dhiaidh sin, gur ghlaodh sé chuige daoine móra na nIúdach: agus nuair do bhí siad cruinn le chéile, adubhairt sé leo, Im’ thaobh‐sa, a bhráithre, gidh nach ndearnas rud ar bith i gcoinnibh na ndaoine ná i gcoinnibh nós ár sinnsear, tugadh mé mar bhraighdeán ó Iarúsalem i lámhaibh na Rómhánach, agus, nuair do cheistigheadar‐san mé bhí a fhonn ortha mo scaoileadh saor, toisc nach raibh aon chúis báis le fágháil orm. Acht nuair do chuir na h‐Iúdaigh ’n‐a choinnibh sin, do b’éigean dom dul fá choimirce Chéasair; ní h‐é go raibh éinnidh agam le cur i leith mo chinidh féin. Ar an adhbhar sin thugas cuireadh dhaoibh go bhfeicfeadh sibh mé agus go labharfainn‐se libh: óir is ar son dóchais Israel atáim ceangailte leis an slabhradh so. Agus adubhradar‐san leis, Ní fhuaraimir‐ne litreacha ó Iúdaea id’ thaobh, ná ní tháinig duine de na bráithribh annso le tuairisc nó scéalaibh id’ choinnibh. Acht ba mhian linn fios scéil d’fhágháil uait i dtaobh a gcreideann tú: óir, i dtaobh na h‐aicme seo, is eol dúinn go bhfuiltear ag cainnt ’n‐a coinnibh ins gach áit. Agus nuair do shocruigheadar leis ar lá, tháinig a lán aca ’n‐a lóistín chuige; agus do mhínigh sé ríoghacht Dé dhóibh, ag tabhairt fiadhnaise air, ag iarraidh a mbaineann le h‐Íosa do chruthú dhóibh as reacht Maoise agus as na fáidhibh, ó mhaidin go tráthnóna. Agus do bhí cuid aca do chreid an méid adubhradh, agus bhí cuid nár chreid. Agus nuair nár fhéadadar teacht ar aon intinn eadortha féin, d’imthigheadar, tar a éis do Phól focal amháin a rádh leo, Is maith adubhairt an Spiorad Naomh tré bhéal Ésáias fáidh, g‐á rádh, Téigh chum an phobail seo, agus abair, Cluinfidh sibh ag cluinsin, agus ní thuigfidh sibh ar aon chor; Agus do‐chífidh sibh ag féacham, agus ní thiubhraidh sibh fá deara: Óir d’éirigh croidhe an phobail seo cruaidh, Agus atá bodhaire ar a gcluasaibh Agus atá a súile dúnta; Ar eagla go bhfeicfidís le n‐a súilibh, Agus go gcluinfidís le n‐a geluasaibh, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroidhe, Agus go n‐iompóchaidís, Agus go leigheasfainn iad. D’á bhrigh sin, bíodh a fhios agaibh, go bhfuil an slánughadh so ó Dhia d’á chur chum na gCineadhach: agus do chluinfidh siad‐san. Agus ar feadh dhá bhliadhan iomlán d’fhan sé ’n‐a chómhnaidhe ’n‐a thigh féin. Agus do ghlac sé chuige gach duine do thagadh isteach chuige, ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag múineadh le dánacht na neithe bhaineas leis an Tighearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis. Pól seirbhíseach Íosa Críost, do glaodhadh chum bheith ’n‐a abstal, do cuireadh ar leith le h‐aghaidh soiscéil Dé, do gheall sé roimh ré tré n‐a fháidhibh ins na scrioptúiribh naomhtha, i dtaobh a Mhic Íosa, do geineadh de shiol Dáibhí do réir na feola, do dearbhuigheadh bheith ’n‐a Mhac do Dhia le cumhacht do réir spioraid na naomhthachta, tré aiséirghe ó na marbhaibh; Íosa Críost ár dTighearna, tré n‐a bhfuaramair‐ne grása agus abstalacht, chum na Cineadhacha uile do thabhairt chum umhlachta do’n chreideamh, ar son a ainme‐sean; agus do glaodhadh sibh‐se, leis, ’n‐a measc, mar dhaoine le h‐Íosa Críost; chugaibh‐se uile atá san Róimh, ionmhain le Dia, do glaodhadh chum bheith ’n‐bhur naomhaibh, Grása agus síothcháin daoibh ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Ar dtús, do‐bheirim buidheachas dom’ Dhia tré Íosa Críost ar bhur son‐sa uile, de bhrigh go bhfuil tuairisc bhur gcreidimh scaipthe ar fud an domhain ar fad. Óir atá Dia mar fhiadhnaidhe agam, Dia d’á ndéanaim seirbhís im’ spiorad i soiscéal a Mhic, go mbím gan stad g‐bhur luadh, g‐á iarraidh air de shíor im’ urnaighthibh, dá mb’ fhéidir é, go réidhteochar bealach dom anois fá dheireadh, ar chuma éigin, le toil Dé, chum teacht chugaibh. Óir is mian liom go mór sibh d’fheicsin, ionnas go roinnfinn tíodhlacadh spioradálta éigin libh, chum go neartóchar sibh; is é sin go bhfaighmíd neart i n‐éinfheacht le chéile, agus mé ’n‐bhur measc, gach duine againn de bhárr creidimh a chéile, bhur gcreideamh‐sa agus mo chreideamh féin. Agus, a bhráithre, níor mhian liom gan a fhios bheith agaibh gur minic do chuireas rómham teacht chugaibh (acht do cuireadh cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéadh toradh éigin agam de bhárr mo shaothair ’n‐bhur measc, fá mar bhí agam i measc na gCineadhach eile. Táim fá chomaoin ag Gréagachaibh agus ag Barbarachaibh, ag lucht céille agus ag lucht dith‐céille. Ar an adhbhar sin, im’ thaobh‐sa dhe, atá fonn orm an soiscéal do sheanmóiriú daoibh‐se atá san Róimh, leis. Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cumhacht Dé é chum gach duine chreideas do shlánú; do’n lúdach ar dtús, agus do’n Ghréagach mar an gcéadna. Óir is ann foillsightear fíréantacht Dé tré chreideamh chum creidimh: mar tá scríobhtha, Is tré chreideamh mhairfeas an fíréan. Óir foillsightear díbheirg Dé ó neamh i n‐aghaidh gach aindiadhachta agus i n‐aghaidh gach éigcirt daoine choisceas an fhírinne leis an éigceart; óir is léir dóibh gach eolas ar Dhia atá le fágháil; mar rinne Dia soiléir dóibh é. Óir ó cruthuigheadh an domhan atá a thréithe do‐fheicsiona, is iad sin a chumhacht síorraidhe agus a dhiadhacht, tá siad go soiléir le feicsin agus le tuigsin; ar mhodh go bhfuilid gan leithscéal: de bhrigh, nuair bhí eolas aca ar Dhia, nach dtugadar glóir dó mar Dhia, ná nach dtugadar buidheachas dó; act gur éirigheadar baoth n‐a smaointibh; agus gur dorchuigheadh a gcroidheacha dith‐céillidhe. Ag maoidheamh as a n‐eagna dhóibh do‐rinneadh amadáin díobh, agus d’athruigheadar glóir Dé neamh‐thruaillidhe i gcosamhlacht íomháighe duine sho‐thruaillighthe, agus i gcosamhlacht éanacha, agus ainmhidhthe ceathair‐chosach, agus piastaí. Ar an adhbhar sin do leig Dia le droch‐mhiantaibh neamh‐ghlana a gcroidheacha féin iad; chum a gcuirp féin d’easonórú eadortha féin: mar d’athruigheadar fírinne Dé ’n‐a bréig, ag déanamh adhartha agus seirbhíse do’n nidh do cruthuigheadh thar an gCruthuightheóir, an té atá beannuighthe go deo. Amén. D’á bhrigh sin leig Dia le h‐ainmhiantaibh déisteannacha iad: óir d’athruigh a mná an gnás atá de réir nádúire, ag cleachtadh gnáis atá i gcoinnibh nádúire: na fir, mar an gcéadna, ag tréigean gnáth‐úsáide na mná, do lasadar le h‐ainmhiantaibh d’á chéile, fir ag cleachtadh gníomhartha úr‐ghránna le fearaibh, go bhfuaradar ionnta féin an cúiteamh do bhí tuillte aca i n‐éiric a gcuirptheachta. Agus ó nár thoiligheadar chum eolas ar Dhia d’admháil, thug Dia suas iad d’á ndroch‐mheon féin, chum neithe nach cuibhe do dhéanamh; do líonadh iad d’olcas, de chuirptheacht, de shainnt, de mhailís; do bhíodar lán d’fhormad, de dhúnmharbhadh, d’achrann, de cheilg, de dhroch‐rún; lucht bíodáin, lucht cúl‐chainnte, lucht gránna le Dia, tarcuisneach, uaibhreach, bladhmannach, lucht ceaptha olcais, easumhal d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh, daoine gan tuigsin, neamhchoingheallach, gan croidhe nádúrtha, míothrócaireach: daoine, gidh gur ab eol dóibh breith Dé, is é sin go dtuilleann a leithéidí bás, ní h‐é amháin go ndéanann siad féin iad, acht go n‐aon‐tuigheann siad leis an dream do‐ghní iad. D’á bhrigh sin atáir gan leithscéal, a dhuine, cibé cia thú, do‐bheir breith: óir ag breith breithe ar dhuine eile dhuit, daorann tú thú féin; mar tusa do‐bheir breith, cleachtann tú na neithe céadna sin. Agus atá a fhios againn go bhfuil breitheamhnas Dé do réir na fírinne i n‐agaidh na ndaoine chleachtas neithe d’á leithéidibh. Agus an measann tú, a dhuine, do‐bheir breith ar an dream chleachtas a leithéidí, agus tú féin g‐á ndéanamh, go n‐éileochaidh tú ó bhreitheamhnas Dé? Nó an beag is fiú leat saidhbhreas a mhór‐mhaitheasa agus a fhad‐fhulaing agus a fhoighde, gan a fhios agat gur ab é maitheas Dé atá gad’ tharraing chum aithreachais? Acht do réir do dhúine agus do chroidhe aindiuidigh atáir ag cur feirge i dtaisce dhuit féin fá chómhair lae na dibheirge, nuair foillseochar ceart‐bhreitheamhnas Dé: bhearfas do gach duine do réir a ghníomhartha: an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh: acht do’n dream ata ceanndána, nach n‐umhluigheann do’n fhírinne, acht umhluigheas do’n éigceart, fearg agus buile, anacair agus crádh do gach anam daonna do‐ghní an t‐olc, do’n lúdach ar dtús, agus do’n Ghréagach mar an gcéadna; acht glóir agus onóir agus síothcháin do gach aoinneach do‐ghní an mhaith, do’n lúdach ar dtús, agus do’n Ghréagach mar an gcéadna; óir ní fhuil meas ag Dia ar phearsain duine seachas a chéile. Óir an méid daoine do rinne peacadh gan dlighe, is gan dlighe caillfear iad; agus an méid daoine do rinne peacadh, agus iad fá dhlighe, is do réir dlighe béarfar breith ortha: óir ní h‐iadh lucht éistighthe an dlighe atá fíréanta i bhfiadhnaise Dé, acht is iad lucht cleachtuighthe an dlighe fíréanóchar: óir na Cineadhaigh, nach bhfuil dlighe aca, nuair do‐ghní siad as a nádúir féin an nidh órduigheas an dlighe, gidh nach bhfuil dlighe aca féin, atáid ’n‐a ndlighe dhóibh féin: de chionn go nochtann siad brigh an dlighe bheith scríobhtha ar a gcroidheachaibh, a gcoinsias mar fhiadhnaidhe dhóibh, agus a smaointe g‐á gcionntú, nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiubhraidh Dia breith ar rúnaibh na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo shoiscéil‐se. Acht má tá ainm lúdaigh ort, agus má’s ar an dlighe atá do sheasamh, agus má mhaoidheann tú as Dia, agus má’s eol duit a thoil, agus má fhromhann tú an cúrsa is fearr, agus má fuair tú teagasc ó’n dlighe, agus má tá tú dearbhtha go bhfuilir féin id’ threoraidhe do lucht daille, id’ sholas do’n dream atá i ndorchadas, id’ oide do lucht dith‐céillidhe, id’ mhúinteoir do leanbhaibh, toisc múnla an eolais agus na fírinne bheith agat san dlighe; tusa mhúineas duine eile, an é nach múineann tú thú féin? tusa sheanmóireas gan goid do dhéanamh, an ndéanann tú féin goid? tusa adeir nach ceart do’n duine adhaltrannas do dhéanamh, an ndéanann tú féin adhaltranas? túsa go bhfuil fuath d’íodhalaibh agat, an ndéanann tú slad i dteamplaibh? tusa mhaoidheas as an dlighe, an dtugann tú easonóir do Dhia tré bhriseadh an dlighe? Óir atá ainm Dé d’á mhasladh i measc na gCineadhach mar gheall oraibh‐se, mar tá scríobhtha. Óir atá tairbhe san timcheall‐ghearradh má choimheádann tú an dlighe: acht má bhriseann tú an dlighe, atá do thimcheall‐ghearradh ’n‐a neamh‐thimcheall‐ghearradh agat. D’á bhrigh sin, má choimheádann an duine neamh‐thimcheall‐ghearrtha a bhfuil órduighthe san dlighe, nach n‐áirmhfear a neamh‐thimcheall‐ghearradh mar thimcheall‐ghearradh dhó? agus an té atá neamh‐thimcheall‐ghearrtha do réir nádúire, má choimheádann sé an dlighe, nach dtiubhraidh sé breitheamhnas ort‐sa bhriseas an dlighe, agus scribhinn an dlighe agus an timcheall‐ghearrtha agat? Óir ní fír‐lúdach an duine atá ’na lúdach ar an taobh amuigh, agus ní thimcheall‐ghearradh é sin atá ar an taobh amuigh de’n cholainn; acht is é an fír‐lúdach an té atá ’n‐a lúdach san taobh istigh; agus is é an fír‐thimcheall‐ghearradh timcheall‐ghearradh an chroidhe, do réir an spioraid, ní do réir na scribhinne; an té nach molann daoine é, acht go molann Dia é. Créad atá ag an lúdach san mbreis, mar sin? nó créad é an tairbhe atá san timcheall‐ghearradh? A lán mór ar gach slighe: i gcéadóir, gur leo‐san do taobhuigheadh briathra Dé. Má tá féin go raibh cuid aca dí‐chreideamhach, an bhfágfaidh a n‐easbaidh creidimh fírinne Dé gan éifeacht? Nár leigidh Dia sin: go n‐aithnightear Dia bheith fírinneach, acht an uile dhuine bheith bréagach; mar atá scríobhtha, Chum go bhfoillseochaidhe thú bheith ionnraic id’ bhriathraibh, Agus go mbuadhfá nuair béarfar breith ort. Acht má nochtann ár n‐éagcóir fíréantacht Dé, créad adéarfaimíd? An bhfuil Dia éagcórach, ag éirghe chum feirge dhó? (ag labhairt ar nós na ndaoine atáim). Nár leigidh Dia é: mar annsin cionnas bhéarfas Dia breith ar an saoghal? Acht má leathnuigheann fírinne Dé cum a ghlóire de bhárr mo bhréige‐se, cad chuige a dtugtar breith orm‐sa mar pheacach ’n‐a dhiaidh sin? Agus cad chuige dhúinn gan an t‐olc do dhéanamh chum go dtiocfadh maith as? (mar adeirtear go masluightheach ’n‐ár dtaobh, daoine áirithe g‐á rádh go n‐abraimíd é). Is ceart na daoine úd do chionntú. Créad é, mar sin? An bhfuil an scéal níor fearr againn ’ná tá aca‐san? Ní fhuil ar chor ar bith; mar chruthuigheamar cheana go bhfuil an uile dhuine, lúdaigh agus Gréagaigh, fá chuing an pheacaidh; mar tá scríobhtha, Ní fhuil aon duine fíréanta ann, ní fhuil duine amháin; Ní fhuil duine tuigseanach ann, Ní fhuil duine loirgeas Dia; Do chlaonadar uile, d’imthigheadar uile ó mhaith; Ní fhuil duine do‐ghní maith ann, ní fhuil oiread agus duine: Is uaigh oscailte a scórnach; Do‐rinneadar feall le n‐a dteangthachaibh: Atá nimh nathrach fá n‐a bpusaibh: Atá a mbéal lán d’eascainidhe agus de shearbhas: Atá a gcosa go luath chum fuil do dhoirteadh; Atá léirscrios agus an‐shógh ’na slighthibh; Agus níor aithnigheadar slighe na síothchána: Ní fhuil eagla Dé os cómhair a súl. Anois, atá a fhios againn, cibé nidh adeir an dlighe, gur leis an dream atá fá’n dlighe adeir sí é; chum go ndúntar gach béal agus go dtugtar an domhan uile fá bhreitheamhnas Dé: óir ní fíréanóchar duine ar bith ’n‐a fhiadhnaise tré oibreachaibh dlighe: óir is tré dhlighe thagas eolas an pheacaidh. Acht anois, atá fíréantacht Dé do foillsigheadh taobh amuigh de’n dlighe, an dlighe agus na fáidhí mar fhiadhnaidhthibh uirthi: is í sin fíréantacht Dé tré chreideamh i nÍosa Críost do na daoinibh chreideas; óir níl aon idirdhealbhadh ann; óir do rinne an uile dhuine peacadh, agus atáid i n‐easbaidh glóire Dé; acht fíréanuightear iad i n‐aisce tré n‐a ghrása, tríd an bhfuascladh atá le fágháil i nÍosa Críost: an té do cheap Dia chum bheith ’n‐a chúiteamh tré chreideamh ’n‐a fhuil, chum a fhíréantacht d’fhoillsiú, ag déanamh neamh‐cháis de na peacaidhibh do bhí déanta roimhe sin, tré leor‐fhoighid Dé; chum a fhíréantacht do nochtadh san am so atá de láthair: ionnas go mbéadh sé féin fírinneach, agus go bhfíréanóchadh sé an té chreideas i nÍosa. Cia an t‐adhbhar maoidhmheachais atá ann, mar sin? Ní fhuil sé ceaduighthe. Ag cia an dlighe? Ag dlighe na h‐oibreach, an eadh? Ní h‐eadh, acht ag dlighe an chreidimh. Óir measaimíd go bhfíréanuightear an duine tré chreideamh, gan baint le h‐oibreachaibh dlighe. An é Dia Dia na n‐Iúdach amháin? nach é Dia na gCineadhach é, chomh maith? Is é, is é Dia na gCineadhach é chomh maith: má’s fíor gur ab é an t‐aon Dia amháin a fhíréanóchas lucht an timcheall‐ghearrtha tré chreideamh, agus lucht an neamh‐thimcheall‐ghearrtha tré chreideamh. Uime sin, an ag déanamh neamh‐nidh de’n dlighe tríd an gcreideamh atáimíd? Nár leigidh Dia é: is ag daingniú an dlighe atáimíd. Créad adéarfaimíd, d’á bhrigh sin a fuair Abracham, ár n‐athair do réir na feola? Óir má fíréanuigheadh Abracham de bhárr oibreach, atá adhbhar maoidhmheachais aige; acht ní os cómhair Dé é. Óir créad adeir an scrioptúir? Agus do chreid Abracham, agus do h‐áirmheadh dhó é mar fhíréantacht. Acht do’n té do‐ghní obair, ní mar ghrása áirmhthear luach a shaothair dhó, acht mar fhiacha. Acht do’n duine nach ndéanann obair, acht chreideas san té fhíréanuigheas an duine neimh‐dhiadha, áirmhthear a chreideamh‐san mar fhíréantacht. Amhail mar chuireann Dáibhi síos ar aoibhneas an duine d’á n‐áirmheann Dia fíréantacht taobh amuigh d’oibreachaibh, Is aoibhinn do na daoinibh go bhfuil a ndroch‐ghníomhartha maithte dhóibh, Go bhfuil a bpeacaidhe foluighthe. Is aoibhinn do’n té nach n‐áirmheochaidh an Tighearna peacadh dhó. An bheannacht so, mar sin, an le h‐aghaidh luchta an timcheall‐ghearrtha atá sí, nó le h‐aghaidh na ndaoine atá gan timcheall‐ghearr adh, mar an gcéadna? óir deirimíd gur h‐áirmheadh a chreideamh d’Abracham mar fhíréantacht. Cionnas, d’á bhrigh sin, do h‐áirmheadh é? Nuair bhí sé timcheall‐ghearrtha, nó nuair nach raibh sé timcheall‐ghearrtha? Ní thar éis dó bheith timcheall‐ghearrtha, acht roimh thimcheall‐ghearradh dhó: agus fuair sé cómhartha an timcheall‐ghearrtha, séala firéantachta an chreidimh do bhí aige an tráth ’n‐a raibh sé gan timcheall‐ghearradh: chum go mbéadh sé ’n‐a athair do na daoinibh chreideas, gidh go bhfuilid gan timcheall‐ghearradh, chum go n‐áirmhfidhe fíréantacht dóibh; agus ’n‐a athair do lucht an timcheall‐ghearrtha, toisc nach é amháin gur timcheall‐ghearradh iad, acht go leanann siad lorg an chreidimh do bhi ag ár n‐athair Abracham an tráth ’n‐a raibh sé gan timcheall‐ghearradh. Óir níor thríd an dlighe tugadh an gheallamhain d’Abracham, nó d’ á shliocht, go mbéadh sé ’n‐a oidhre ar an domhan, acht tré fhíréantacht an chreidimh. Óir má’s iad lucht an dlighe atá ’n‐a n‐oidhribh, atá an creideamh gan éifeacht, agus atá an gheallamhain gan brigh: mar oibrigheann an dlighe fearg; acht an áit nach bhfuil dlighe ann, ní fhuil briseadh dlighe ann. D’á bhrigh sin is ó chreideamh atá an oidhreacht, chum go mbéadh sí do réir grása: chum go mbéadh an geallamhain diongbhálta do’n tsliocht uile: ní h‐é amháin do na daoinibh atá fá’n dlighe, acht do’n dream sin, leis, go bhfuil an creideamh céadna aca agus bhí ag Abracham, atá ’n‐a athair againn go léir, (mar atá scríobhtha, Do‐rinneas athair d’á lán cineadh dhíot), i bhfiadhnaise an té ’n‐ar chreid sé, Dia, do‐bheir beatha do na marbhaibh, agus ghlaodhas ar na neithibh nach bhfuil ann fá mar bhéadh siad ann. An té do chreid go dóchasach gan adhbhar dóchais go mbéadh sé ’n‐a athair d’á lán cineadh, do réir mar adubhradh, Mar sin is eadh bhéas do shliocht. Agus gan éirghe lag san chreideamh do bhreathnuigh sé a chorp féin do bhí leath‐mharbh (agus é tuairim céad bliadhan d’aois), agus broinn Shára do bhí marbhánta: mar sin féin ní raibh aon amhras air tré mhí‐chreideamh: dtaobh geallamhna Dé, acht do neartuigheadh é san chreideamh, ag tabhairt glóire do Dhia, agus a láin‐deimhin aige go raibh ar chumas dó a raibh geallta aige do thabhairt chum críche. Ar an adhbhar sin do h‐áirmheadh é mar fhíréantacht dó. Agus ní ar a shon féin amháin do scríobhadh gur h‐áirmheadh sin, acht ar ár son‐na, leis, d’á n‐áirmhfear é, má chreidimíd san té do thóg Íosa ár dTighearna ó na marbhaibh, eisean a tugadh suas i n‐éiric ár gcionnta, agus do tógadh suas arís le n‐ár bhfíréanú. D’á bhrigh sin, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré chreideamh, atá síothcháin againn le Dia tríd ár dTighearna Íosa Críost; tré n‐a bhfuaramar, leis, slighe tré chreideamh chum an ghrása so ’n‐a bhfuil ár seasamh, agus atá gáirdeachas orainn ag súil le glóir Dé. Agus thairis sin, is adhbhar mórtais dúinn ár gcathuighthe féin; agus a fhios againn go dtugann cathú foighid; agus go dtugann foighid seasmhacht; agus go dtugann seasmhacht dóchas: agus ní náirigheann an dóchas, de bhrigh go bhfuil grádh Dé doirtighthe ’n‐ár gcroidheachaibh tríd an Spiorad Naomh tugadh dhúinn. Óir nuair bhíomar i n‐ísle bhrighe, fuair Críost bás i dtráth cóir ar son na neamh‐dhiadha. Óir is ar éigean do‐gheobhadh duine bás ar son fíréanaigh: acht do b’fhéidir go mbéadh sé de chroidhe ag duine bás d’fhágháil ar son deagh‐dhuine. Acht nochtann Dia an grádh atá aige féin dúinn, de bhrigh, ar mbeith dhúinn ’n‐ár bpeachachaibh, go bhfuair Críost bás ar ár son. Uime sin is móide an fáth, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré n‐a fhuil, go slánóchar sinn ó’n díbheirg thríd‐sean. Óir, má rinneadh réidhteach idir sinn agus Dia tré bhás a Mhic, an tráth ’n‐a rabhamar ’n‐ár náimhdibh, is móide an fáth, ar mbeith do’n réidhteach sin déanta, go slánóchar sinn tré n‐a bheathaidh. Agus ní h‐é sin amháin é, acht do‐ghnímíd gáirdeachas i nDia tríd ár dTighearna Íosa Críost, tré n‐a bhfuaramar an réidhteach sin. Ar an adhbhar sin, fá mar tháinig an peacadh ar an saoghal tré dhuine amháin, agus an bás tríd an bpeacadh, ionnas go dtáinig an bás chum an uile dhuine, de bhrigh go raibh peacadh déanta ag an uile dhuine: óir roimh theacht do’n dlighe do bhí peacadh san tsaoghal: acht ní áirmhthear peacadh gan dlighe bheith ann. Acht cheana do bhí réimeas ag an mbás ó Ádhamh go Maois, ar na daoinibh féin nach ndearna peacadh mar rinne Ádhamh, atá ’n‐a shamhail do’n té do bhí le teacht. Acht ní mar a chéile do’n tsaor‐bhronntanas agus do’n chionnta. Óir má’s de bhárr cionnta duine amháin fuair mórán bás, is mó ’ná sin go mór do mhéaduigh do mhórán grása Dé agus an bronntanas tré ghrása duine amháin, is é sin Íosa Críost. Agus ní mar a chéile do’n bhronntanas agus d’á dtáinig tré chionnta duine amháin: óir tháinig an breitheamhnas tré chionnta duine amháin chum daortha, acht tháinig an saor‐bhronntanas thar éis a lán cionnta chum fíréanuighthe. Óir má’s tré chionnta an aon duine amháin tháinig réimeas an bháis thrid an aon duine amháin; is mó ’ná sin go mór bhéas réimeas na beathadh thríd an aon duine amháin aca‐san do‐gheibheas leor‐ghrása líonmhar agus tabhartas na fíréantachta tríd an aon duine amháin, Íosa Críost. Uime sin, díreach mar gur tré chionnta duine amháin tháinig an daoradh ar an uile dhuine; ar an gcuma chéadna is tré ghníomh duine amháin tháinig an fíréanú do‐bheir beatha do’n uile dhuine tré ghníomh fíréantachta amháin. Óir fá mar rinneadh peacaigh d’á lán daoine tré easumhlacht duine amháin, mar sin is eadh déanfar fíréanaigh d’á lán tré umhlacht duine amháin. Agus tháinig an dlighe isteach ’na dhiaidh sin chum go méadóchaidhe an cionntha. Acht san áit ’n‐ar mhéaduigh an peacadh, ba mó ’ná sin go mór do mhéaduigh an grása: ar chuma, fá mar bhí réimeas an pheacaidh chum báis ann, gur ar an gcuma chéadna do bhéadh réimeas an ghrása tré fhíréantacht ann chum na beathadh síorraidhe tré Íosa Críost ár dTighearna. Créad adéarfaimíd mar sin? An amhlaidh fhanfaimíd go seasta san pheacadh chum go méaduightear an grása? Nár leigidh Dia é. Sinne atá marbh do’n pheacadh, chionnas mhairfimíd níos faide ann? Nach bhfuil a fhios agaibh, an méid dínn do baisteadh chum Íosa Críost, gur chum a bháis do baisteadh sinn? D’á bhrigh sin do h‐adhlacadh sinn mar aon leis thríd an mbaisteadh chum báis: ar mhodh, fá mar tógadh Críost ó na marbhaibh tré ghlóir an Athar, gur mar sin shiubhalfaimíd i saoghal úr‐nua. Óir má chóimhcheangladh sinn leis fá shamhail a bháis, chóimhcheangalfar sinn leis, mar an gcéadna, fá shamhail a aiséirighthe; mar tá a fhios againn gur céasadh ár sean‐nádúir ’n‐a theannta, chum go bhfágfaidhe corp an pheacaidh gan éifeacht, chum nach mbéimís fá dhaor‐smacht an pheacaidh feasta; óir an té atá thar éis báis atá sé saor ó pheacadh. Acht má fuaramar bás mar aon le Críost, creidimíd go mairfimíd beo mar aon leis, mar an gcéadna; mar tá a fhios againn, ó tógadh Críost ó na marbhaibh, nach bhfuil an bás i ndán dó ’n‐a dhiaidh sin; ní fhuil tighearnas a thuilleadh ag an mbás air. Óir nuair d’éag sé, d’éag sé do’n pheacadh go deo: acht nuair mhaireas sé beo, is do Dhia mhaireas sé. Mar sin daoibh‐se, measaidh sibh féin bheith marbh do’n pheacadh, acht bheith beo do Dhia tré Íosa Críost. D’á bhrigh sin ná bíodh réimeas ag an bpeacadh ’n‐bhur gcorp daonna, chum go ngéillfeadh sibh d’á ainmhiantaibh: agus ná tabhraidh bhur mbaill beathadh mar ghléiseanna éagcóra; acht tabhraidh sibh féin do Dhia mar dhaoine atá beo ó na marbhaibh, agus tabhraidh bhur mbaill beathadh mar ghléiseanna fíréantachta do Dhia. Óir ní bhéidh tighearnas ag an bpeacadh oraibh: óir ní fá dhlighe atá sibh, acht fá ghrása. Créad uime sin? an ndéanfaimíd peacadh de bhrigh nach fá dhlighe atáimíd, acht fá ghrása? Nár leigidh Dia é. Nach bhfuil a fhios agaibh, cibé duine d’á dtiubhraidh sibh sibh féin mar sheirbhísigh na h‐umhlachta, gur seirbhísigh sibh do’n té d’á n‐umhluigheann sibh; is cuma cia aca seirbhísigh an pheacaidh chum báis, nó seirbhísigh na h‐umhlachta chum fíréantachta? Acht, buidheachas le Dia, gidh go rabhabhar ’n‐bhur seirbhíseachaibh do’n pheacadh, d’umhluigheabhar ó chroidhe do mhodh an teagaisc d’á dtugabhar sibh féin; agus, ar mbeith fuascailte ó pheacadh dhaoibh, do‐rinneadh seirbhísigh d’fhíréantacht díbh. Is ar nós daoine atáim ag labhairt mar gheall ar laige bhur bhfeola; óir fá mar thugabhar bhur mbaill beathadh mar sheirbhísigh do thruailleacht agus do chuirptheacht chum cuirptheacht do chur i ngníomh, tabhraidh bhur mbaill anois mar sheirbhísigh d’fhíréantacht chum go naomhthar sibh. Óir nuair bhíobhar ’n‐bhur seirbhíseachaibh ag an bpeacadh, bhí sibh saor ó smacht na fíréantachta. Cia an tairbhe, d’á bhrigh sin, do bhí agaibh de bharr na neithe úd chuireas náire oraibh anois? óir is é rud thagas as na neithibh úd, an bás. Acht anois, ar mbeith fuascailte ó pheacadh dhaoibh, agus sibh ’n‐bhur seirbhíseachaibh do Dhia, atá toradh bhur saothair agaibh chum naomhthachta, agus is í an bheatha shíorraidhe an deireadh béas air. Óir is é tuarastal an pheacaidh an bás, acht is é saor‐bhronntanas Dé an bheatha shíorraidhe i nÍosa Críost, ár dTighearna. Nach bhfuil a fhios agaibh, a bhráithre, (ag labhairt leo‐san go bhfuil eolas an dlighe aca atáim), go mbíonn duine fá chumhacht dlighe a fhad agus bhíos sé beo? Óir an bhean go bhfuil fear aici atá sí ceangailte d’á fear do réir dlighe chómh fada agus atá seisean beo, acht má éagann a fear, atá sí scaoilte ó’n dlighe do cheangail le n‐a fear í. Uime sin, má tá sí pósta le fear eile, a fhad agus atá a fear beo, glaodhfar ban‐adhaltrannach uirthi; acht má tá a fear marbh, atá sí scaoilte ó’n dlighe sin: ar mhodh nach ban‐adhaltrannach í, má tá féin go bhfuil sí pósta le fear eile. Ar an gcuma sin, a bhráithre, atá sibh‐se marbh do’n dlighe tré chorp Chríost; chum go mbéadh sibh ceangailte do dhuine eile, is é sin do’n té do tógadh ó na marbhaibh, chum go dtiubhraimís toradh do Dhia. Óir nuair bhíomar fá réimeas na colna, na h‐ainmhianta peacamhla do bhí d’ár mbrostú ag an dlighe, do bhídís ag oibriú ’n‐ár mballaibh chum go dtiubhraidís toradh do’n bhás. Acht anois atáimid saor ó’n dlighe, ar mbeith marbh dúinn do’n dlighe ag a mbíodh greim orainn; ar mhodh, nach do réir sean‐scríbhinne do‐ghnímíd seirbhís, acht do réir spioraid úr‐nua. Créad adéarfaimíd, mar sin? An peacadh an dlighe? Nár leigidh Dia é. Acht muna mbéadh an dlighe, ní bhéadh eolas ar pheacadh agam: óir ní bhéadh eolas agam ar an sainnt, muna mbéadh go ndubhairt an dlighe, Ní dhéanfair sainnt. Acht fuair an peacadh faill orm thríd an aithne, gur spreag sé an uile shórt sainnte ionnam: óir taobh amuigh de’n dlighe do bhí an peacadh marbh. Do mhairinn‐se beo, tráth, taobh amuigh de’n dlighe: acht le teacht na h‐aithne, d’aithbheodhuigh an peacadh, agus do chuadhas‐sa i n‐éag, agus an aithne úd, do bhí ann chum beatha do thabhairt, fríth gurbh adhbhar báis damh‐sa í: óir fuair an peacadh faill orm, tríd an aithne, gur mheall sé me go mór, agus gur mharbhuigh sé mé. D’á bhrigh sin, atá an dlighe naomhtha, agus atá an aithne naomhtha, agus fírinneach, agus maith. An nidh atá maith ann féin, an amhlaidh do bhí sé ’n‐a adhbhar báis damh‐sa? Nár leigidh Dia é! Acht do bhí an peacadh, chum go bhfeicfidhe go soiléir gur peacadh é, ag tabhairt báis dom thríd an nidh maith; chum go mbéadh an peacadh an‐pheacamhail go deo. Óir atá a fhios againn go bhfuil an dlighe spioradálta, acht atáim‐se colnaidhe, díolta leis an bpeacadh. Óir an nidh do‐ghním ní fhuil a fhios agam chréad é: mar ní h‐é an nidh is mian liom do‐ghním; acht an nidh is gráin liom is é do‐ghním. Acht má’s é an nidh nach mian liom do‐ghnímh, admhuighim gur maith é an dlighe. D’á bhrigh sin, ní mise feasta do‐ghní é, acht an peacadh longuigheas ionnam. Óir atá a fhios agam nach longuigheann deagh‐nidh ar bith ionnam‐sa, is é sin im’ cholainn: óir is toil liom de ghnáth an deagh‐nidh do dhéanamh, acht ní fhuil ar chumas dom an deagh‐nidh do chur i ngníomh. Óir an mhaith ba mhian liom do dhéanamh, ní dhéanaim é, acht an t‐olc nár mhian liom do dhéanamh is é do‐ghním. Acht má ghním an nidh nach toil liom, ní mise do‐ghní é annsin, acht an peacadh longuigheas ionnam. Do‐gheibhim ionnam an dlighe, mar sin, nuair ba mhian liom an mhaith do déanamh, gur ab é an peacadh chómhnuigheas ionnam. Óir taithneann dlighe Dé liom im’ anam istigh: acht chím dlighe eile im’ bhallaibh, ag cur i gcoinnibh dlighe m’intinne, agus gam’ thabhairt i mbraighdeanas fá dhlighe an pheacaidh atá im’ bhallaibh. Mo léan! nach mise an duine truagha! Cia fhuasclóchas ó chorp so an bháis mé? Do‐bheirim buidheachas do Dhia tré Íosa Críost ár dTighearna. Uime sin, do‐ghním seirbhís do Dhia le m’intinn; acht do dhlighe an pheacaidh lem’ cholainn. Ní fhuil damnú, d’á bhrigh sin, i ndán do na daoinibh atá i nÍosa Críost, nach siubhlann do réir na colna, acht do réir an Spioraid. Óir do shaor dlighe Spioraid na beathadh i nÍosa Críost mé ó dhlighe an pheacaidh agus an bháis. Óir an nidh nach raibh ar chumas do’n dlighe do dhéanamh, de bhrigh go raibh sé lag de bhárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do chuir sé uaidh a Aon‐Mhac féin i gcosamhlacht colna peacamhla; is é sin, mar íodhbhairt ar son an pheacaidh, do dhamhnuigh sé an peacadh san cholainn, chum go gcóimhlionfaidhe ar órduigh an dlighe ionnainne, nach siubhlann do réir na colna, acht do réir an spioraid. Óir na daoine mhaireas do réir na colna bíonn meon colnaidhe aca: acht na daoine mhaireas do réir an spioraid bionn meon spioradálta aca. Óir is ionann an meon colnaidhe agus an bás, acht is ionann an meon spioradálta agus an bheatha agus an tsíothcháin: mar náimhdeas i n‐aghaidh Dé is eadh an meon colnaidhe; óir ní umhluigheann sé do dhlighe Dé, agus cheana, ní fhéadann sé umhlú: agus ní féidir do’n dream mhaireas do réir na colna Dia do shásamh. Acht ní do réir na colna mhaireas sibh‐se, acht do réir an spioraid, má’s fíor go gcómhnuigheann Spiorad Dé ionnaibh. Acht an duine nach bhfuil Spiorad Chríost ann, ní le Críost é. Agus má tá Críost ionnaibh, atá an cholann marbh de bhárr an pheacaidh; acht is beatha an spiorad tré fhíréantacht. Agus má chómhnuigheann Spiorad an té do thóg Íosa ó na marbhaibh ionnaibh, an té do thóg Íosa ó na marbhaibh beodhóchaidh sé bhur gcuirp sho‐mharbhtha mar an gcéadna tré n‐a Spiorad chómhnuigheas ionnaibh. Ar an adhbhar sin, a bhráithre, ní do’n fheoil atáimíd fá fhiachaibh, chum go mairfimís do réir na feola: óir má’s do réir na feola mhaireas sibh, is é an bás atá i ndán daoibh: acht má bhásuigheann sibh gníomhartha na colna le neart an Spioraid, mairfidh sibh beo. Óir an méid daoine atá fá threorú Spioraid Dé, is iad clann Dé iad. Óir ní fhuair sibh spiorad na daoirse chum bheith fá eagla arís: acht fuair sibh spiorad uchtcachta, tríd a nglaodhaimíd, Abbá, a Athair. Do‐bheir an Spiorad féin a fhiadhnaise i n‐éinfheacht le n‐ár spiorad gur maicne Dé sinn: agus má’s maicne sinn, is oidhrí sinn, leis, agus is cómh‐oidhrí le Críost sinn: má’s fíor go bhfulaingmíd i n‐éinfheacht leis, chum go mbéimís páirteach leis ’n‐a ghlóir. Óir measaim‐se nach fiú an méid fhulaingmíd fá láthair do chur i gcóimheas leis an nglóir foillseochar ionnainn. Mar tá ar cruthuigheadh ag fuireach go fonnmhar ar thaidhbhsiú maicne Dé. Óir do cuireadh ar cruthuigheadh fá réimeas an bhaosraidh, ní h‐é d’á shaor‐thoil féin é, acht mar gheall ar an té do chuir fá smacht é, le súil go saorfar gach ar cruthuigheadh ó bhraighdeanas na truailleachta chum saoirse glóire maicne Dé. Óir atá a fhios againn go bhfuil ar cruthuigheadh ag osnaighil go dtí an uair seo fá thinneas cloinne. Agus ní h‐é sin amháin é, acht sinne, mar an gcéadna, go bhfuil an Spiorad mar chéad‐toradh againn, bímíd ag osnaighil ionnainn féin, ag fuireach ar an uchtcacht, is é sin fuascladh ár gcorp. Óir is i ndóchas do saoradh sinn: acht ní dóchas an dóchas do‐chítear: óir cad chuige a mbéadh dóchas ag an duine chum an nidh do‐chí sé? Acht má bhíonn dóchas againn chum an nidh nach bhfeicimíd, bímíd ag fuireach go foighdeach air. Ar an gcuma chéadna bíonn an Spiorad ag cuidiú linn ’n‐ár n‐anbhfainne: mar ní bhíonn a fhios againn créad ba cheart dúinn d’iarraidh, agus sinn ag guidhe: acht do ghní an Spiorad féin eadarghuidhe ar ár son le h‐osnaighil do‐inniste. Agus an té scrúduigheas croidheacha, is eol dó aigne an Spioraid, mar ghní sé eadarghuidhe ar son na naomh do réir tola Dé. Agus atá a fhios againn go gcómhoibrigheann gach uile nidh chum maitheasa do na daoinibh a bhfuil grádh do Dhia aca, do na daoinibh sin fuair gairm do réir a chuspóra. Óir na daoine do réamh‐aithnigh sé, do réamh‐oirdnigh sé iad, chum go mbéadh siad cosmhail le h‐íomháigh a Mhic, chum go mbéadh seisean ’n‐a chéid‐ghein i measc mórán bráithreach. Agus an méid díobh do réamh‐oirdnigh sé, do ghlaodh sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ghlaodh sé, d’fhíréanuigh sé iad: agus an méid d’fhíréanuigh sé, do ghlóirigh sé iad mar an gcéadna. Créad adéarfaimíd annsin i dtaobh na neithe sin? Má tá Dia i bpáirt linn, cia bhéas ’n‐ár n‐aghaidh? An té nár spáráil a Mhac féin, acht thug suas ar son an uile dhuine againn é, nach mbronnfaidh sé gach uile nidh orainn i n‐éinfheacht leis? Cia h‐é chuirfeas cúis ar mhuinntir thoghtha Dé? Is é Dia fhíréanuigheas: cia h‐é dhaorfas? Fuair Críost bás, nó, dob fhearr a rádh, d’aiséirigh sé, agus atá sé ar dheasláimh Dé, agus do‐ghní sé eadarghuidhe ar ár son. Cia h‐é scarfas ó ghrádh Chríost sinn? An ndéanfaidh anacair é, nó aingceis, nó géirleanmhain, nó gorta, nó lomnochtacht, nó contabhairt, nó claidheamh. Mar tá scríobhtha, Ar do shon‐sa is eadh marbhthar sinn ar feadh an lae, Meastar sinn mar bhéadh caoirigh fá chómhair an bhróithighe. Acht cheana, ins na neithibh sin go léir atáimíd thar a bheith bhuadhach de bhárr an té thug grádh dhuinn. Óir atáim dearbhtha nach bhféadfaidh bás, ná beatha, ná aingle, ná cumhachta, ná neithe atá ann, ná neithe atá le teacht, ná áirde, ná doimhneacht, ná rud ar bith eile d’ár cruthuigheadh, nach bhféadfaidh siad sinn do scaramhain ó’n ngrádh atá ag Dia dhúinn i nÍosa Críost ár dTighearna. Adeirim an fhírinne i gCríost, ní abraim bréag, agus mo choinsias ag déanamh fiadhnaise dhom tríd an Spiorad Naomh, go bhfuil doilgheas mór agus crádh croidhe gan faoiseamh orm. Óir do thoileochainn go mbéinn féin fá mhallacht ó Chríost ar son mo bhráithreach, mo dhaoine muinnteardha do réir na feola: Israelítigh, gur leo an uchtcacht, agus an ghlóir, agus na connartha, agus an dlighe, agus adhradh Dé, agus na geallamhnacha; gur leo na h‐aithreacha, agus gur uatha‐san do shíolruigh Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile nidh, Dia beannuighthe go deo. Amén. Acht ní h‐é sin a rádh go bhfuil briathar Dé fágtha gan éifeacht mar ní h‐Israelíteach gach aoinneach do shíolruigh ó Israel: agus ní h‐i dtaobh gur daoine de shliocht Abrachaim iad gur daoine d’á chloinn iad go léir: acht, I nÍosóg ainmneochar sliocht duit. Is ionann sin agus a rádh, nach iad clann na feola clann Dé; acht gur ab iad clann na geallamhna meastar mar shliocht. Óir is é seo briathar na geallamhna, Tiocfad fá’n tráth so, agus beidh mac ag Sára. Agus ní h‐é sin amháin é; acht Rebeca, mar an gcéadna, nuair bhí toircheas uirthi, tríd ár n‐athair Íosóg; óir sara rugadh an chlann, gan éinnidh maith ná olc bheith déanta aca, chum go mbéadh cuspóir Dé san togha seasmhach, ní mar gheall ar oibreachaibh é, acht de thoil an té ghlaodhas; adubhradh léi, Déanfaidh an té is sine seirbhís do’n té is óige. Mar tá scríobhtha, Thugas grádh do Iácób, acht thugas fuath d’Ésau. Créad adéarfaimíd, mar sin? An bhfuil éagcóir i nDia? Nár leigidh Dia é. Óir is é adubhairt sé le Maois, Cibé duine ar a ndéanfad trócaire, déanfad trócaire air, agus cibé duine d’á ndéanfad truagh, déanfad truagh dhó. Ar an adhbhar sin, ní leis an duine gur toil leis é, ná leis an duine go bhfuil tréin‐rith aige, bhaineas sé, acht le Dia do‐ghní trócaire. Óir is é adeir an scrioptúir le Farao, Chuige seo is eadh do thógas suas thú, chum mo chumhacht do nochtadh ionnat, chum go luadhfaidhe m’ainm ar fud an domhain uile. Uime sin do‐ghní sé trócaire ar an té is toil leis, agus cruadhann sé an té is toil leis. Adéarfaidh tú liom annsin, Cad chuige dhó bheith ag fágháil locht fós? óir cia h‐é atá ag cur i gcoinne a thola? Ar an taobh eile dhe, cia thusa, a dhuine, atá ag bréagnú Dé? An nidh atá cumtha, an n‐abróchaidh sé leis an té do chum é, Cad chuige a ndearnais san tslighe seo mé? Nach bhfuil cumhacht ag an gcriadóir ar an gcré chum an soitheach so do dhéanamh chum onóra, agus an soitheach eile do dhéanamh chum easonóra as an aon chnap amháin? Agus má’s toil le Dia a dhíbheirg do nochtadh, agus a chumhacht do chur i dtuigsin, gur ghlac sé go foighdeach le soithighibh feirge do cumadh chum a scriosta; chum go nochtfadh sé saidhbhreas a ghlóire do shoithighibh trócaire, d’ullmhuigh sé roimh ré, chum glóire, is é sin dúinne, do ghlaodh sé, ní h‐é as na h‐Iúdachaibh amháin, acht as na Cineadhachaibh mar an gcéadna? Mar adeir sé i leabhar Óséa? Pobal nach liom‐sa, goirfead pobal liom féin díobh: Agus bean nár ghrádhuigheas, goirfead bean mo ghrádha dhi; Agus is amhlaidh bhéas, san áit ’n‐a ndubhradh, Ní sibh‐se mo phobal, Annsin is eadh goirfear maicne Dé dhíobh. Agus glaodhann Ésáias i dtaobh Israel, Má bhíonn clann Israel chómh líonmhar le gaineamh na fairrge, ní slánóchar acht a bhfuigheall: óir cuirfidh an Tighearna a bhriathar i bhfeidhm ar talamh, g‐á thabhairt chum críche go luath. Agus mar adubhairt Ésáias roimhe sin, Muna mbéadh gur fhág Tighearna na Sluaigheadh sliocht againn, Do bhéimís ar nós Sodaim, do bhéimís cosmhail le Gomórra. Créad adéarfaimíd mar sin? Gur ab iad na Cineadhaigh, nach raibh ag lorg fíréantachta, do fuair fíréantacht, is í sin an fhíréantacht thig ó chreideamh: acht Israel, do bhí ag lorg dlighe fíréantachta, níor éirigh leo an dlighe sin d’fhágháil. Cad chuige sin? De bhrigh nár tré chreideamh do bhíodar g‐á lorg, acht mar bhéadh tré oibreachaibh. Do baineadh tuisleadh asta ar cheap an tuislidh: fá mar tá scríobhtha, Féach, cuirim i Síon ceap tuislidh agus carraig scannail, Agus cibé chreideas ann, ní náireochar é. A bhráithre, is é rogha mo chroidhe, agus is é mo ghuidhe chum Dé ar a son‐san go slánóchar iad. Óir do‐bheirim m’fhiadhnaise ’n‐a dtaobh go bhfuil díoghrais chum Dé aca, acht nach do réir eolais í. Óir, ar mbeith gan eolas ar fhíréantacht Dé dhóibh, agus iad d’iarraidh a bhfíréantacht féin do bhunadh, níor umhluigheadar d’fhíréantacht Dé. Óir is é Críost foircheann na dlighe chum an uile dhuine chreideas d’fhíréanú. Mar scríobhann Maois ar an bhfíréantacht thig ó’n dlighe, An té chleachtas na neithe sin, go mairfidh sé d’á mbárr. Acht is mar so labhras an fhíréantacht thig ó chreideamh, Ná h‐abair id’ chroidhe, Cia rachfas suas ar neamh? (is ionann sin agus Críost do thabhairt anuas); nó, cia rachfas síos san aibhéis? (is ionann sin agus Críost do thabhairt aníos ó na marbhaibh). Acht créad adeir sí? Atá an briathar i ngar duit, id’ bhéal agus id’ chroidhe: is é sin briathar an chreidimh fhógraimíd‐ne: má admhuigheann tú led’ bhéal gur Tighearna Íosa, agus má chreideann tú id’ chroidhe gur thóg Dia ó na marbhaibh é, go slánóchar thú: óir is leis an gcroidhe chreideas an duine chum fíréantachta; agus is leis an mbéal do‐ghní sé admháil chum slánuighthe. Óir adeir an scrioptúir, Cibé chreideas ann, ní náireochar é. Óir ní fhuil deifir ar bith idir an Iúdach agus an Gréagach: mar is ionann Tighearna do’n uile dhuine, agus atá saidhbhreas aige do gach duine ghlaodhas air: óir cibé duine ghlaodhas ar ainm an Tighearna, slánóchar é. Acht cionnas ghlaodhfas siad ar an té nár chreideadar ann? agus cionnas chreidfeas siad san té nár airigheadar? agus cionnas aireochas siad gan seanmóiridhe? agus cionnas dhéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad chuige? mar atá scríobhtha, Nach áluinn iad cosa na ndaoine do‐bheir deagh‐scéala áthais! Acht níor éist an uile dhuine leis na deagh‐scéalaibh. Mar adeir Ésáias, A Thighearna, cia chreid ár dtuairisc? Uime sin, is tré éisteacht thig creideamh, agus is tré bhriathar Chriost thig éisteacht. Acht fiafruighim‐se, Nár airigheadar? D’airigheadar cinnte, Do leath a nglór ar fud an domhain uile, Agus a mbriathra go foircheann an domhain. Acht fiarfuighim, Nár thuig Israel? Ar dtús is é adeir Maois, Cuirfead éad oraibh chum náisiúin nach bhfuil ’n‐a náisiún, Cuirfead fearg oraibh le náisiún gan chéill. Agus éirigheann Ésáias an‐dána, g‐á rádh, Daoine nár loirg mé, fuaradar‐san mé; Do’n dream nach raibh gam’ lorg, d’fhoillsigheas mé féin. Acht is dtaobh Israel is é adeir sé, Do shíneas mo lámha amach ar feadh an lae uile, Chum pobail easumhla chonspóidigh. Adeirim d’á bhrigh sin, Ar dhiúltuigh Dia d’á phobal? Nár leigidh Dia é. Óir is Israelíteach mé féin, duine de shliocht Abrachaim, de threibh Bheniamín. Níor dhiúltuigh Dia d’á phobal d’aithin sé roimh ré. Nach eol daoibh briathra na Scrioptúra, mar tráchtar ar Élias? cionnas mar phléidh sé le Dia i n‐aghaidh Israel, A Thighearna, atá t’fháidhí marbhtha aca, atá t’altóra leagtha aca: agus ní fhuil fágtha acht mise im’ aonar, agus táid ag sanntú m’anma. Acht cia an freagra thug Diá air? D’fhágas seacht míle fear agam féin go fóill, fir nár lúb glún roimh Bháal. Ar an gcuma chéadna sin, san am atá de láthair, atá fuighleach fágtha do toghadh tré ghrása. Agus má’s tré ghrása é, ní tré oibreachaibh é a thuilleadh: nó ní bhéidh grása ’n‐a ghrása ’n‐a dhiaidh sin. Créad eile? An nidh go bhfuil Israel ar a lorg, ní bhfuair sé é; acht fuair siad‐san do toghadh é, agus do cruaidheadh an chuid eile aca: mar tá scríobhtha, Thug Dia spiorad trom‐shuain dóibh, súile gan radharc, agus cluasa gan éisteacht, go dti an lá so. Agus adeir Dáibhí, Go ndéantar dol, agus gaiste d’á mbórd, Agus ceap tuislidh, agus díoghaltas dóibh: Go ndalltar a súile, chum nach bhfeicidh siad, Agus cuir a ndromanna ar crom i gcómhnaidhe. Adeirim, mar sin, Ar baineadh tuisleadh asta chum go dtuitfidís? Nár leigidh Dia é: acht de bhárr a dtuitme is eadh tháinig slánughadh chum na gCineadhach, chum Israel do ghríosadh chum éada. Agus má’s saidhbhreas do’n tsaoghal a dtuitim‐sean ar gcúl, agus má’s é saidhbhreas na gCineadhach a laghdú‐san, nach móide go mór é a dteacht i gcrích? Óir is libh‐se, a Chineadhacha, atáim ag labhairt, san méid gur mise abstal na gCineadhach, móruighim m’oifig: d’fhéachain, má’s féidir dhom, ar chor ar bith, mo bhráithre do réir feola do bhrostú chum éada, agus cuid aca do shlánú. Óir má’s é réidhteach an tsaoghail tháinig as diúltadh dhóibh, créad bhéas ann, má glactar leo athuair, acht beatha ó na marbhaibh? Agus má tá an chéad chuid (de’n taois) naomhtha, atá an cnap uile naomhtha, agus má tá an fhréamh naomhtha, atá na géaga naomhtha mar an gcéadna. Acht má tá cuid de na géagaibh briste, agus gur nóduigheadh thusa ’n‐a measc, ar mbeith dhuit id’ ola‐chrann fiadhain, rann‐pháirteach leo i bhfréimh agus i sugh an ola‐chrainn: ná déan maoidhmheachas i n‐aghaidh na ngéag. Acht má ghníonn tú maoidhmheachas, ní tusa atá mar thaca leis an bhfréimh, acht is í an fhréamh atá mar thaca leat‐sa. Adéarfaidh tú annsin, Do briseadh na géaga chum go nódóchaidhe mise isteach. Is fíor sin: acht is de dheascaibh mí‐chreidimh do briseadh iad de, agus is tré chreideamh sheasas tusa. Ná bí mór‐dhálach, acht bíodh eagla ort: óir munar spáráil Dia na géaga dúthchasacha, ní móide go spáráilfidh sé thusa. Féach anois maitheas agus buirbe Dé; a bhuirbe do na daoinibh do thuit; acht a mhaitheas duit‐se, má chlaoidheann tú le n‐a mhaitheas: muna gclaoidheann, gearrfar thú dhe, mar an gcéadna. Agus nódóchar iad‐san isteach, leis, muna gclaoidhid le mí‐chreideamh: óir atá ar chumas Dé iad do nódú isteach athuair. Óir má gearradh thú d’ola‐chrann atá fiadhain de réir dúthchais, agus má nóduigheadh thú, i n‐aghaidh dúthchais, i n‐ola‐chrann maith; nach mó ’ná sin go mór nódóchar iad‐san, géaga dúthchasacha, ’n‐a n‐ola‐chrann féin? Óir níorbh áil liom, a bhráithre, gan fios na rúindiamhaire seo bheith agaibh, ar eagla go n‐éireochadh sibh glic ’n‐bhur saobh‐thuairim féin, is é sin go bhfuil cruadhadh tagtha ar chuid de mhuinntir Israel, nó go dtagaidh an t‐iomlán de na Cineadhachaibh isteach; ar chuma go slánóchar Israel ar fad: de réir mar tá scríobhtha, Tiocfaidh as Síon an Fuascaltóir: Tionntóchaidh sé neimhdhiadhacht ó Iácób: Agus is é seo mo thiomna dhóibh, Nuair ghlanfad a bpeacaidhe dhíobh. I dtaobh an tsoiscéil, atáid‐sean ’n‐a náimhdibh ar bhur son‐sa: acht i dtaobh an togha, atá grádh ag dul dóibh ar son na sinnsear. Óir ní théigheann Dia siar ar a bhronntanaisibh agus ar a ghairm. Mar an gcéadna bhí sibh‐se easumhal do Dhia roimhe seo, acht fuair sibh trócaire anois tré n‐a n‐easumhlacht‐san, mar an gcéadna bhíodar‐san easumhal, chum go bhfaighdís trócaire de bhárr na trócaire tugadh dhaoibh‐se. Óir do chuir Dia an uile dhuine i nglasaibh an mhí‐chreidimh, chum go ndéanfadh sé trócaire ar an uile dhuine. Ó nach doimhin é saidhbhreas eagna agus eolais Dé! nach do‐rannsuighthe iad a bhreitheamhnachais, nach do‐lorgtha iad a shlighthe! Cia h‐é go raibh eolas eagna an Tighearna aige? nó cia h‐é do bhí ’n‐a chómhairleoir aige? Nó cia h‐é thug nidh ar dtús dó, agus go bhfaighidh sé cúiteamh d’á bhárr? Óir is uaidh‐sean, agus is thríd‐sean atá an uile nidh ann. Aige‐sean go raibh an ghlóir go síorraidhe. Amen. Impidhim oraibh, a bhráithre, d’á bhrigh sin, as ucht trócaire Dé, bhur gcuirp do thairgsin mar bheoíodhbairt naomhtha thaithneamhach do Dhia, mar is gníomh adhartha réasúnta agaibh é. Agus ná géillidh do nósaibh an tsaoghail seo: acht athruightear sibh tré athnuadhadh bhur n‐aigne, chum go bhfromhfaidh sibh toil Dé, atá maith, agus taithneamhach, agus diongbhálta. Óir adeirim, thríd an ngrása tugadh dhom, le gach duine ’n‐bhur measc, gan meas níos áirde ’ná ba chóir do bheith aige air féin, acht machtnamh stuamdha do déanamh, do réir mar roinn Dia ar gach duine a mhiosúr féin de chreideamh. Óir fá mar tá a lán ball i n‐aon chorp amháin, agus nach aon ghnó amháin a bhíos ag na ballaibh uile; mar sin dúinne, agus a lán againn ann, is aon chorp amháin i gCríost sinn, agus is baill d’á chéile sinn uile. Uime sin, ó thárla tíodhlaicthe ar leith bheith againn, de réir cuimse an ghrása tugadh dhúinn, má’s fáidheadóireacht é, déanaimís do réir ár gcreidimh í; nó má’s seirbhís é, cromaimís ar ár seirbhís; nó an té do‐bheir teagasc, luigheadh sé isteach ar a theagasc; nó an té bhrostuigheas, tabhradh sé aire d’á bhrostúghadh; an té roinneas, déanadh sé go fial é; an té riaghluigheas, déanadh sé le dúthracht é; an té do‐ghní trócaire, déanadh sé le ríméad í. Bíodh bhur ngrádh gan ceilg. Bíodh fuath agaibh do’n olc; claoidhidh leis an gceart. Le teas‐ghrádh bráthardha bíodh an‐chion agaibh ar a chéile; gach duine agaibh ag géilleadh d’á chéile i gcúrsaibh onóra; gan bheith fallsa i ndúthracht; bheith díoghraiseach i spiorad; ag déanamh seirbhíse do’n Tighearna; ag déanamh gáirdeachais i ndóchas; go foighdeach fá ghéirleanmhain; go seasmhach san urnaighe; ag cabhrú leis na naomhaibh ’n‐a riachtainisibh; ag cleachtadh na féile. Tabhraidh beannacht do na daoinibh do‐ghní géirleanmhain oraibh; tabhraidh beannacht agus ná tabhraidh mallacht. Déanaidh gáirdeachas leis na daoinibh do‐ghní gáirdeachas; déanaidh gol leis na daoinibh do‐ghní gol. Bídhidh ar aon intinn le chéile. Ná bidhidh árd‐aidhmeannach, acht déanaidh muinnteardhas leis na daoinibh atá umhal. Ná bidhidh glic ’n‐bhur dtuairim féin. Ná cúitighidh an t‐olc i n‐éiric an uilc le duine ar bith. Loirgidh na neithe atá uasal i bhfiadhnaise an uile dhuine. Má’s féidir é, san méid bhaineas libh féin, cómhnuighidh go síothchánta leis an uile dhuine. Ná h‐agraidh díoghaltas, a cháirde ionmhaine, acht leigidh d’fheirg Dé: óir, atá scríobhtha, Is liom‐sa an díoghaltas; is mise chúiteochas, adeir an Tighearna. Acht má bhíonn ocras ar do námhaid, tabhair nidh le n’ithe dhó; má bhíonn tart air, tabhair deoch le n’ól dó: g‐á dhéanamh sin duit, béidh tú ag carnadh gríosaighe ar a cheann. Ná leig do’n olc buaidh do bhreith ort, acht beir‐se buaidh ar an olc le maitheas. Bíodh gach duine umhal do lucht árd‐ughdaráis: óir ní fhuil ughdarás ann nach ó Dhia tháinig sé; agus ba é Dia do chuir ar bun iad‐san atá ann. D’á bhrigh sin, cibé duine chuireas i n‐aghaidh an ughdaráis, is ag cur i n‐aghaidh órduighthe Dé atá sé: agus na daoine chuireas ’n‐a aghaidh, glacfaidh siad daoradh chuca féin. Óir ní baoghal ar bith do lucht an déigh‐ghnímh na riaghlóirí, acht do lucht an droch‐ghnímh. Arbh mhian leat bheith gan eagla roimh an duine ughdarásach? déan an déigh‐ghníomh, agus do‐gheobhaidh tú molad d’á chionn; óir is seirbhíseach Dé chum do leasa é. Acht má ghníonn tú an t‐olc, bíodh eagla ort; óir ní i n‐aisce iomcharas sé an claidheamh: óir is seirbhíseach Dé é chum díoghaltas d’agairt ar an té chleachtas an t‐olc. Uime sin ní foláir dhuit bheith umhal, ní h‐é ar son na díbheirge amháin, acht ar son coinsiais. Ar an adhbhar sin is eadh íocas sibh cáineacha, óir is iad na h‐oifigí seirbhísigh Dé, agus is leis an ngnó so go díreach do‐ghní siad a ndícheall i gcómhnaidhe. Tabhraidh a cheart féin do’n uile dhuine: cáin do’n té d’ar dual cáin; cíos do’n té d’ar dual cíos; ómós do’n té d’ar dual ómós; ónóir do’n té d’ar dual onóir. Ná bíodh fiacha ag aon duine oraibh, acht amháin an grádh is ceart bheith agaibh d’á chéile: óir an té go bhfuil grádh d’á chómharsain aige, tá an dlighe cóimhlíonta aige. Óir na h‐aitheanta so, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid, Ná déan sainnt, agus gach aithne eile, atáid uile cómhairimhthe fá bhrigh an bhriathair seo, Grádhóchair do chómharsa mar grádhuighir thú féin. Ní dhéanann an grádh olc do’n chómharsain: d’á bhrigh sin is é an grádh cóimhlíonadh an dlighe. Agus is eol daoibh an aimsear atá ann fá láthair, gur mithid dúinn dúiseacht ó’n suan: óir atá an slánughadh níos giorra dhúinn ’ná bhí nuair chreideamar ar dtús. Atá an oidhche imthighthe, nach mór, atá an lá chugainn: cuirimís dínn gníomhartha an dorchadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais. Siubhlaimís go cneasta mar bhéadh an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainmhiantaibh, ná le bruighin agus le formad. Acht cuiridh umaibh an Tighearna Íosa Críost, agus ná sanntuighidh mianta na colna, chum go ngéillfeadh sibh dóibh. Glacaidh chugaibh an duine atá laig‐chreidmheach, acht nach chum bheith ag breith breithe ar thuairimibh. Creideann duine áirithe gur dleaghthach an uile bhiadh d’ithe: acht an duine atá lag, ní itheann sé acht luibheanna. An té itheas ná bíodh dí‐mheas aige ar an té nach n‐itheann; agus an té nach n‐itheann ná bíodh sé ag breith breithe ar an té itheas: óir atá glactha ag Dia leis. Cia h‐é thusa do‐bheir breith ar sheirbhíseach duine eile? Is d’á thighearna féin sheasas nó thuiteas sé; ’seadh, agus seasfaidh sé, óir is féidir do Dhia a chongbháil ’n‐a sheasamh. Bíonn meas ag duine áirithe ar lá seachas a chéile: measann duine eile gur mar a chéile gach uile lá. Bíodh gach duine lán‐dearbhtha ’n‐a intinn féin. An té bhreathnuigheas an lá, is ar son an Tighearna do‐ghní sé é; agus an té itheas, is ar son an Tighearna itheas sé, mar bheireann sé buidheachas do Dia; agus an té nach n‐itheann, is ar son an Tighearna nach n‐itheann, agus bheireann seisean buidheachas do Dhia. Óir ní fhuil duine againn mhaireas dó féin. Óir má mhairimíd, is do’n Tighearna mhairimíd; agus má éagaimíd, is do’n Tighearna éagaimíd: d’á bhrigh sin, is cuma cia aca mhairimíd nó éagaimíd, is leis an Tighearna sinn. Chuige sin is eadh fuair Críost bás, agus d’aiséirigh, chum go mbéadh sé ’n‐a Thighearna ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh. Acht cad chuige dhuit‐se locht d’fhágháil ar do bhráthair? nó cad chuige dhuit dí‐mheas do chur ar do bhráthair? mar seasfaimíd uile os comhair cathaoireach breitheamhnais Dé. Mar tá scríobhtha, Mar mhairim‐se, adeir an Tighearna, feacfaidh gach uile ghlún rómham, Agus do‐bhéarfaidh gach uile theanga moladh do Dhia. D’á bhrigh sin bhéarfaidh gach duine againn cunntas ’n‐a thaobh féin do Dhia. Uime sin ná bímís ag breith breithe ar a chéile a thuilleadh; acht ’n‐a ionad sin tabhraidh aire gan ceap tuislidh, ná adhbhar tuitme do chur i mbealach bhur mbráthar. Atá a fhios agam, agus atáim dearbhtha dhe san Tighearna Íosa, nach bhfuil rud ar bith neamh‐ghlan ann féin; acht do’n té mheasas rud do bheith neamh‐ghlan, go bhfuil sé neamh‐ghlan dó‐san. Acht má bhíonn doilgheas ar do bhráthair mar gheall ar an mbiadh itheas tú, ní de réir grádha atáir‐se ag siubhal. Ná cuir i mbealach a bhasctha led’ bhiadh an duine go bhfuair Críost bás ar a shon. D’á bhrigh sin ná bíodh bhur maitheas ’n‐a adhbhar mío‐chlú: óir ní biadh agus ól ríoghacht Dé, acht fíréantacht, agus síothcháin, agus áthas san Spiorad Naomh. Óir an té do‐ghní seirbhís do Chríost ar an gcuma sin, do‐bheir Dia taithneamh dhó, águs bíonn urraim ag daoinibh dhó. Uime sin leanaimís na neithe bhaineas le síothcháin, agus na neithe le n‐ar féidir linn deagh‐thréithe a chéile do mhéadú. Ná cuir obair Dé amugha mar gheall ar bhiadh. Is fíor go bhfuil an uile nidh glan, acht is olc do’n duine an nidh itheas sé bheith ’n‐a adhbhar tuislidh. Is é is ceart gan feoil d’ithe, ná rud ar bith do dhéanamh do bhéadh ’n‐a thrúig tuislidh dod’ bhráthair. An creideamh sin atá agat, bíodh sé agat féin i bhfiadhnaise Dé. Is aoibhinn do’n té nach mbeireann breith air féin san méid cheaduigheas sé. Acht an té atá i n‐amhras cionntuightear é má itheann sé, de bhrigh nach ó chreideamh é; agus rud ar bith nach bhfuil bun creidimh faoi, is peacadh é. Is dual dúinne atá láidir dul i dtaca le h‐anbhfainne na ndaoine atá lag, gan bheith ag lorg ár n‐aoibhneasa féin. Déanadh gach duine agaibh aoibhneas a chómharsan chum a leasa agus chum a neartuighthe. Óir níorbh é a aoibhneas féin do loirg Críost; acht do réir mar tá scríobhtha, Masladh an dreama do mhasluigh thusa, is orm‐sa do luigh sé. Óir gach ar scríobhadh roimhe seo do scríobhadh iad chum teagasc do thabhairt dúinn, ionnas go mbéadh dóchas againn tré fhoighid agus tré shólás na scrioptúir. Anois go dtugaidh Dia na foighde agus an tsóláis daoibh bheith ar aon intinn le chéile, do réir Íosa Críost: ar mhodh go mbéidh sibh, ar aon chroidhe, ar aon bhéal ag moladh Dé, Athair ár dTighearna Íosa Críost. Uime sin gabhaidh chugaibh a chéile, do réir mar ghabh Críost sibh‐se, chum glóire Dé. Óir adeirim go raibh Íosa Críost ’n‐a sheirbhíseach ag lucht an timcheall‐ghearrtha, chum fírinne Dé do chruthú, chum go ndaingneochadh sé na geallamhnacha tugadh do na sinnsearaibh, agus go dtiubhradh na Cineadhaigh glóir do Dhia ar son a thrócaire: mar atá scríobhtha, D’á bhrigh sin molfad i measc na gCineadhach thú, Agus seinnfead dot’ ainm. Agus adeir sé arís, Déanaidh gáirdeachas, a Chineadhacha, mar aon le n‐a phobal‐san. Agus arís, Molaidh an Tighearna, a Chineadhacha go léir, Agus go molaidh an pobal uile é. Agus arís, adeir Ésáias, Béidh fréamh Iesse ann, Agus an té éireochas chum na Cineadhaigh do riaghlú, Is as chuirfeas na Cineadhaigh a ndóchas. Anois go líonaidh Dia an dóchais sibh de gach áthas agus de gach síothcháin san gcreideamh, chum go mbéidh sibh féin lán de dhóchas, tré chumacht an Spioraid Naoimh. Atáim féin dearbhtha ’n‐bhur dtaobh‐sa, a bhráithre, go bhfuil sibh féin lán de mhaitheas, agus go bhfuil sibh líonta de gach eolas, agus go bhfuil ar chumas daoibh teagasc do thabhairt d’á chéile. Acht ba dánaighe‐de mé ag scríobhadh chugaibh, mar bhéinn ag brostú bhur gcuimhne, an grás ó Dhia tugadh dhom, go mbéinn im’ mhinistir ag Íosa Críost chum na gCineadhach, ag miniostrálacht soiscéil Dé, chum go mbéadh na Cineadhaigh ’n‐a n‐íodhbairt thaithneamhaigh, agus naomhuighthe thríd an Spiorad Naomh. Uime sin atá cúis mórtais agam i nÍosa Críost san méid bhaineas le Dia. Óir ní leomhfad labhairt acht ar na neithibh do‐rinne Críost thríom‐sa, chum na Cineadhaigh do dhéanamh umhal, le briathraibh agus le gníomharthaibh, tré chumas mór‐chómharthaí agus iongantaisí, tré bhrigh an Spioraid Naoimh; ar chuma gur chraobhscaoileas soiscéal Chríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus thart ’n‐a thimcheall chómh fada le h‐Illiricum; agus gur chuireas rómham gan an soiscéal do chraobhscaoileadh i n‐áit ’n‐ar h‐ainmnigheadh Críost cheana, ar eagla bheith ag tógáil ar bhun do chuir daoine eile: acht mar atá scríobhtha, Chífidh siad‐san nach dtáinig a thuairisc chuca, Agus tuigfidh siad‐san nach gcuala. Is ar an adhbhar sin do bacadh mé go minic gan bheith ar chumas dom teacht chugaibh: acht anois, ó thárla gan ionad eile bheith agam ins na críochaibh seo, agus ó thárla go bhfuil fonn orm le bliadhantaibh fada teacht chugaibh, nuair bhéidhead ag triall ar an Spáinn (óir atá súil agam go bhfeicfead ar an mbealach dom sibh, agus go seolfaidh sibh ar aghaidh mé, tar a éis dom mo shásamh le tamall ’n‐bhur gcuideachtain) — acht anois is ag triall ar Iarúsalem atáim, ag freastal ar na naomhaibh. Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cómh‐roinn do dhéanamh leis na bochtaibh atá i measc na naomh i nIarúsalem. Do bhí fonn mór ortha é sin do dhéanamh, mar bhíodar i bhfiachaibh aca. Óir má bhí na Cineadhaigh rannpháirteach leo i neithibh spioradálta, ba cheart dóibh cabhrú leo i neithibh saoghalta. Mar sin de, chómh luath is bhéas sin déanta agam, agus na bronntanais sin tabhartha agam dóibh, tiocfaidh mé chugaibh san tslighe dhom fá dhéin na Spáinne. Agus nuair thiocfad, atáim cinnte go dtiocfad le lán‐bheannacht Chríost. Anois, a bhráithre, impidhim oraibh, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, agus as ucht grádha an Spioraid, cuidiú liom‐sa ag guidhe chum Dé ar mo shon; chum go saorfar mé ó’n dream i nIúdaea atá dí‐chreidmheach, agus chum go dtaithneochaidh mo sheirbhís do Iarúsalem leis na naomhaibh; chum go dtiocfad chugaibh le h‐áthas, de dheoin Dé, agus go bhfaighead suaimhneas mar aon libh. Anois, go raibh Dia na síothchána agaibh go léir. Amén. Cuirim fá bhur gcomairce Foíbé ár siúr, baindeochan na h‐eaglaise i gCenchréa: go nglacaidh sibh chugaib í san Tighearna, mar ba dual do na naomhaibh, agus go gcuidighidh sibh léi i n‐aon ghnó ’n‐a mbéidh bhur gcongnamh de dhith uirthi; óir go deimhin thug sí féin congnamh d’á lán daoine, agus damh‐sa, leis. Beannuighidh do Phrisca agus d’Acuila, cómh‐shaothraidhthe liom i nÍosa Críost, daoine a chuir a muineál féin i gcontabhairt ar son m’anma‐sa; d’á bhfuilim ag tabhairt buidheachais, agus ní mise amháin, acht eaglaisí na gCineadhach go léir: agus beannuighidh do’n eaglais atá ’n‐a dtigh. Beannuighidh d’Epénatus, mo chara ionmhain, céad‐thoradh na h‐Áise do Chríost. Beannuighidh do Mháire, do rinne saothar mór ar bhur son. Beannuighidh d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cómh‐bhraighdeáin liom, daoine go bhfuil árd‐chlú ortha i measc na n‐abstal, agus do bhí i gCríost rómham‐sa. Beannuighidh d’Ampliatus, mo chara ionmhain san Tighearna. Beannuighidh d’Urbán, ár gcómh‐shaothraidhe i gCríost, agus do Stachus, cara ionmhain liom. Beannuighidh d’Apelles, an Chríost‐aidhe cruthuighthe. Beannuighidh do na cáirdibh bhaineas le teaghlach Aristobúluis. Beannuighidh do Héródian, mo dhuine muinnteardha. Beannuighidh do na daoinibh bhaineas le teaghlach Narcissuis atá san Tighearna. Beannuighidh do Thruféna agus do Thrufósa, mná shaothruigheas san Tighearna. Beannuighidh do Phersis dileas, bean do rinne saothar mór san Tighearna. Beannuighidh do Rúfus, fear atá sonnruightheach san Tighearna, agus d’á mháthair, atá ’n‐a máthair damh‐sa, leis. Beannuighidh d’Asuncritus, do Fhlégon, do Hermés, do Phatróbas, do Hermas agus do na bráithribh atá ’n‐a bhfochair. Beannuighidh do Fhilólogus agus do Iúlia, do Néreus agus d’á dheirbhshiair, agus d’Olumpas, agus do na naomhaibh uile atá ’n‐a bhfochair. Beannuighidh féin d’á chéile le póig naomhtha. Beannuigheann eaglaisí uile Chríost daoibh. Anois, a bhráithre, impidhim oraibh bheith ar bhur gcosaint ar an dream do‐ghní siosmaí agus scannail i n‐aghaidh an teagaisc atá foghlamtha agaibh; agus druididh uatha. Óir ní do’n Tighearna Críost atá a leithéidí ag déanamh seirbhíse, acht d’á mbolg féin; agus tá siad ag mealladh croidheacha na ndaoine simplidhe le blastacht cainnte agus le bladaireacht. Óir atá tuairisc bhur n‐umhlachta i mbéal an uile dhuine. Atá bród orm ’n‐bhur dtaobh, d’á bhrigh sin: acht is mian liom sibh bheith glic i dtaobh maitheasa, agus bheith neamh‐urchóideach i dtaobh an uilc. Agus is gearr go mbrúghfaidh Dia na síothchána Sátan fá bhur gcosaibh. Go raibh grása ár dTighearna Iosa Críost libh! Beannuigheann Timóteus, cómh‐shaothraidhe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo dhaoine muinnteardha, dhaoibh. Mise, Tertius, do scríobh an litir seo, beannuighim‐se dhaoibh. Beannuigheann Gáius, thug aoigheacht damh‐sa agus do’n eaglais uile, beannuigheann seisean daoibh. Beannuigheann Erastus, cisteoir na cathrach, agus Cuartus, ár mbráthair, daoibh. Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó sibh do dhaingniú do réir mo shoiscéil‐se, agus do réir seanmóireachta Íosa Críost, do réir foillsighthe na rúndiamhaire do cóngbhuigheadh fá cheilt leis na ciantaibh, acht atá d’á nochtadh anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile chineadh tré scrioptúiribh na bhfáidh, do réir aithne an Dé shíorraidhe, chum go mbéidís umhal do’n chreideamh; do Dhia, an t‐aon eagnaidhe amháin, dó‐san go raibh an ghlóir, tré Íosa Críost, go saoghal na saoghal. Amén. Pól, fuair gairm mar abstal Íosa Críost tré thoil Dé, agus Sostenes ár mbrátair, chum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, chum na ndaoine atá naomhuighthe i nÍosa Críost, do glaodhadh chum bheith’n‐a naomhaibh, maille leis na daoinibh uile ins gach áit ghlaodhas ar ainm Íosa Críost, a dTighearna‐san agus ár dTighearna féin: Grása dhaoibh, agus síothcháin ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Do‐bheirim buidheachas i gcómhnaidhe lem’ Dhia ’n‐bhur dtaobh, as ucht grása Dé tugadh dhaoibh i nÍosa Críost; de bhrigh go bhfuair sibh saidhbhreas ann ins an uile nidh, i mbriathraibh béil agus i n‐eolas de gach cineál; do réir mar daingnigheadh fiadhnaise Chríost ionnaibh; ar mhodh nach bhfuil bronntanas ar bith i n‐easnamh oraibh; ag fanamhain daoibh go bhfoillsighthear ár dTighearna Íosa Críost; an té dhaingneochas sibh go deireadh, chum go mbéidh sibh gan locht i ló ár dTighearna Íosa Críost. Atá Dia fírinneach, tré n‐ar glaodhadh sibh isteach i gcómhchumann a Mhic Íosa Críost ár dTighearna. Anois, a bhráithre, athchuinighim oraibh, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, bheith ar aon fhocal eadraibh uile, gan deaghailt bheith eadraibh; acht sibh bheith i gcómhaontachas le chéile, ar aon intinn agus ar aon chéill. Óir do h‐inniseadh dhom ’n‐bhur dtaobh, a bráithre, ó mhuinntir Chlóé, go bhfuil éada oraibh le chéile. Is é seo adeirim, go n‐abrann gach duine agaibh, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise. An amhlaidh atá Críost roinnte? An é Pól do céasadh ar bhur son? nó, an i n‐ainm Phóil do baisteadh sibh? Do‐bheirim buidheachas le Dia nár bhaisteas duine agaibh acht Crispus agus Gáius, ar eagla go n‐abróchadh aoinneach gur im’ ainm‐se do baisteadh sibh. Do bhaisteas muinntear Steafáin, leis; thairis sin ní dóigh liom gur bhaisteas duine eile ar bith. Óir ní chum baiste do dhéanamh do chuir Críost uaidh mé, acht chum an soiscéal do chraobhscaoileadh: ní h‐é le gliocas cainnte, ar eagla go ndéanfaidhe neamhnidh de chrois Chríost. Óir do’n dream atá ag dul amugha is ionann briathar na croise agus díth‐céille; acht dúinne atá d’ár slánú is í cumhacht Dé í. Mar atá scríobhtha, Scriosfad‐sa eagna na n‐eagnaidhe, Agus cuirfead tuigse na dtuigseanach ar neamhnidh. Cá bhfuil an t‐eagnaidhe? cá bhfuil an scríobhaidhe? cá bhfuil fear iomarbhágha an tsaoghail seo? Nach bhfuil díth‐céille déanta ag Dia d’eagna an tsaoghail seo? Óir ó thárla, tré eagna Dé, nár aithnigh an saoghal Dia de chionn a eagnaidheachta, ba toil le Dia na daoine chreideas do shlánú tré dhíth‐céille na teachtaireachta. Óir gidh go n‐iarrann na h‐lúdaigh cómhartha, agus go n‐iarrann na Gréagaigh eagna: fógraimíd‐ne Críost, agus é céasta, ’n‐a cheap tuislidh do na h‐lúdachaibh, agus ’n‐a dhíth‐céille do na Gréagachaibh; acht ’n‐a chumhacht Dé do na daoinibh, idir lúdachaibh agus Ghréagachaibh, fuair an ghairm. De bhrigh gur glice díth‐céille Dé ’ná daoine; agus gur treise laige Dé ’ná daoine. Óir cuimhnighidh ar bhur ngairm, a bhráithre, cionnas nach ngairmthear mórán díobh‐san atá glic do réir na feola, ná mórán de lucht cumais, ná mórán de lucht uaisleachta; acht gurbh amhlaidh do thogh Dia neithe amaideacha an tsaoghail chum adhbhar náire do dhéanamh de na neithibh cumasacha; agus do thogh Dia neithe suaracha an tsaoghail, agus na neithe atá fá tharcuisne, agus na neithe féin nach bhfuil ann, do thogh Dia iad chum na neithe atá ann do chur ar neamhnidh: chum nach ndéanfadh feoil ar bith maoidhmheachas i bhfiadhnaise Dé. Óir is tríd‐sean atá sibh i nÍosa Críost, an té do‐rinneadh eagna ó Dhia dhúinn mar fhíréantacht, agus mar naomhthacht, agus mar fhuascailt: chum, mar átá scríobhtha, An té do‐ghní maoidhmheachas, go ndéanfadh sé san Tighearna é. Im’ thaobh‐sa, a bhráithre, nuair thánag chugaibh, ní le h‐árd‐chainnt ná le gliocas thánag, ag fógairt rúindiamaire Dé dhaoibh. Óir bhí sé de rún agam gan aon eolas bheith agam ’n‐bhur measc acht amháin ar Íosa Críost, agus é céasta. Agus do bhíos i n‐éinfheacht libh i laige, agus i n‐eagla, agus i gcriothnú mór. Agus ní briathra blasta gliocais do bhí im’ chainnt agus im’ sheanmóireacht, acht lán‐dearbhú an Spioraid agus cumhacht: chum, nach ar ghliocas daonna, acht ar chumhacht Dé, do sheasfadh bhur gcreideamh. Acht cheana labhraimíd eagnaidheacht i measc na ndaoine n‐eolgach: ní h‐í eagnaidheacht an tsaoghail seo í, ná eagnaidheacht lucht ceannais an tsaoghail seo atá ag dul ar neamhnidh: acht labhraimíd eagna Dé ’n‐a diamhar‐rún do bhí fá cheilt, d’órduigh Dia chum ár nglóire roimh thosach an tsaoghail; eagna nach raibh eolas ag lucht ceannais an tsaoghail seo uirthi, óir dá mbéadh eolas aca uirthi, ní chéasfaidís Tighearna ná glóire: acht mar atá scríobhtha, Ní fhaca súil, agus ní chuala cluas, Ní tháinig isteach i gcroidhe an duine, Na neithe do chuir Dia i n‐áirithe do na daoinibh go bhfuil grádh aca dhó. Acht do nocht Dia dhúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduigheann an Spiorad an uile nidh, go fiú neithe doimhne Dé. Óir cia h‐é an duine gur ab eol dó na neithe bhaineas leis an duine, acht amháin spiorad an duine atá istigh ann? Ar an geuma chéadna sin ní h‐eol d’aoinneach na neithe bhaineas le Dia, acht amháin do Spiorad Dé. Acht ní h‐é spiorad an tsaoghail fuaramair‐ne, acht an spiorad thig ó Dhia; chum go mbéadh eolas againn ar na neithibh bhronnas Dia go fial orainn. Is ar na neithibh sin labhraimíd, ní i mbriathraibh mhúineas eagna dhaonna, acht an méid mhúineas an Spiorad dúinn; ag míniú neithe spioradálta le neithibh spioradálta. Ní ghlacann an duine neamh‐spioradálta le neithibh Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó dith‐céille: agus ní féidir leis eolas d’fhágháil ortha, de bhrigh go mbreathnuightear iad go spiorádálta. Acht an té atá spioradálta breathnuigheann sé an uile nidh, agus ní fhuil sé fá bhreith duine ar bith. Óir cia h‐é do thuig aigne an Tighearna, go dtiubhradh sé teagasc dó? Acht is í aigne Chríost atá againne. Im’ thaobh‐sa, a bhráithre, níor fhéadas labhairt libh‐se mar labharfainn le daoinibh spioradálta, acht mar labharfainn le saoghaltánachaibh, le leanbhaibh i gCríost. Is le bainne do bheathuigheas sibh, agus níor le biadh é; mar ní raibh ar chumas daoibh a ghlacadh: agus anois féin ní fhuil sé ar bhur gcumas; mar tá sibh colnaidhe fós: óir cómhfhad agus bhíos formad agus imreasán ’n‐bhur measc, nach bhfuil sibh colnaidhe, ag siubhal ar nós daoine? Óir nuair adeir duine amháin, Is le Pól mise; agus duine eile, Is le h‐Apollos mise; nach bhfuil sibh ’n‐bhur saoghaltánachaibh? Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirbhísigh tré n‐ar chreideabhar; gach duine aca do réir mar thug Dia dhó é. Do chuireas‐sa an síol, do chraith Apollos an t‐uisce, acht is é Dia thug an fás. D’á bhrigh sin, ní h‐éinnidh an té chuireas, ná an té chraitheas uisce, acht Dia do‐bheir an fás. Anois is ionann an té chuireas síol agus an té chraitheas uisce; acht do‐gheobhaidh gach aoinneach a thuarastal féin do réir a shaothair. Óir is chómhoibridhthe le Dia sinn: is fearann Dé sibh‐se, foirgneamh Dé. Do réir grása Dé tugadh dhom mar árd‐shaor cliste, do chuireas‐sa an bun, agus tógann duine eile air. Óir ní fhéadann aon duine bun ar bith do chur acht an bun atá curtha cheana, is é sin Íosa Críost. Agus má thógann aon duine ar an mbun so ór, airgead, clocha luachmhara, adhmad, féar, nó connlach, nochtfar obair gach aon duine: óir foillseochaidh an lá é, de bhrigh go ndéanfar soiléir é san teinidh; agus déanfaidh an teine féin a chruthú cia an cineál obair gach duine. Má sheasann an obair do thóg aon duine air, do‐gheobhaidh sé luach a shaothair. Má dóightear obair aon duine, béidh caill air: acht saorfar é féin; amhail agus dá mba tré theinidh é. Nach bhfuil a fhios agaibh gur sibh‐se teampall Dé, agus go gcómhnuigheann Spiorad Dé ionnaibh? Má scriosann aon duine teampall Dé, scriosfaidh Dia an duine sin; óir atá teampall Dé naomhtha, agus is sibh‐se é. Ná mealladh aon duine é féin. Má mheasann aon duine dhíbh bheith glic san tsaoghal so, bíodh sé ’n‐a amadán, chum go n‐éireochadh sé glic. Óir is díth‐céille le Dia gliocas an tsaoghail seo, mar tá scríobhtha, Greamuigheann sé lucht gliocais ’n‐a ngastacht féin: agus arís, Is eol do Dhia smaointe na n‐eagnaidhe, gur díomhaointeas iad. Uime sin, ná déanadh duine ar bith maoidhmheachas as daoinibh. Óir is libh‐se an uile nidh; is cuma cia aca Pól, nó Apollos, nó Céfas, nó an saoghal, nó beatha, nó bás, nó neithe atá de láthair, nó neithe atá le teacht; is libh‐se iad uile; agus is le Críost sibh‐se; agus is le Dia Críost. Bíodh an meas ag daoinibh orainn bhíos aca ar mhaoraibh rúindiamhaír Dé. Thairis sin is é rud éilightear ar mhaoraibh bheith dílis. Acht is rí‐bheag liom‐sa go dtiubhradh sibh‐se breitheamhnas orm, nó go dtiubhradh daoine eile breitheamhnas orm; go deimhin, ní thugam breitheamhnas orm féin. Óir ní fios dom éinnidh im’ choinnibh féin; acht ní fhíréanuigheann sin mé: óir is é an Tighearna bheireas breitheamhnas orm. D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia. Anois, a bhráithre, san méid adubhras, ag tagairt dom féin agus d’Apollos, do rinneas é chum go bhfoghlaimeochadh sibh uainn gan dul thar a bhfuil scríobhtha; chum nach mbéidh sibh lán d’uabhar i n‐éadan a chéile. Óir cia rinne duine ar leith dhíot‐sa? agus créad atá agat nach bhfuarais? agus má fuarais féin é, cad chuige dhuit bheith ag maoidheamh, amhail agus nach bhfuarais é? Atá bhur sáith agaibh cheana, atá sibh saidhbhir cheana, atá sibh suidhte i gcoróin cheana gan fanamhain linn; agus go deimhin dob’ fhearr liom sibh bheith suidhte i gcoróin, chum go mbéimís‐ne i gcoróin i n‐éinfheacht libh. Óir samhluightear dom go ndearna Dia sampla dínne abstail mar dhream is úirísle ar bith, mar dhaoine atá daortha chum báis; óir atáimíd ’n‐ár sampla poiblidhe i bhfiadhnaise na n‐aingeal agus na ndaoine. Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaibh ar son Chríost, acht atá sibh‐se céillidhe i gCríost, atáimíd‐ne lag, acht atá sibh‐se tréan; atá árd‐mheas oraibh‐se acht atá droch‐mheas orainne. Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnocht, agus tugtar droch‐íde orainn, agus ní fhuil aon chómhnaidhe bhuan againn; bímíd ag obair go dian le n‐ár lámhaibh féin: nuair masluightear sinn, do‐bheirimíd beannacht; nuair do‐ghnítear géirleanmhain orainn, fulaingmíd leis; nuair díblightear sinn, labhraimíd go séimh; do‐rinneadh dríodar an tsaoghail dínn, deascadh an uile nidh go dtí an lá so atá ann. Ní chum náire do chur oraibh scríobhaim na neithe seo, acht chum teagasc do thabhairt daoibh, mar chlann ionmhain liom. Óir bíodh go bhfuil deich míle oide i gCríost agaibh, ní fhuil a lán aithreach agaibh: óir is mise do ghein i nÍosa Críost tríd an soiscéal sibh. Athchuinghim oraibh, d’á bhrigh sin, mo lorg‐sa do leanamhain. Chuige sin is eadh do chuireas Timótéus chugaibh, mo mhac ionmhain féin atá díleas san Tighearna; cuirfidh seisean i gcuimhin daoibh mo shlighthe atá i gCríost, mar mhúinim‐se ins gach áit, ins gach eaglais iad. Acht atá dream ann atá lán d’uabhar, amhlaidh agus nach rabhas ag teacht. Acht tiocfad chugaibh gan mhoill, má’s toil le Dia é, agus aithneochad, ní h‐í cainnt an dreama atá go h‐uaibhreach, acht an cumas atá aca. Óir ní i mbriathraibh béil atá ríoghacht Dé, acht i gcumhacht. Créad dob’ áil libh? An le slait thiocfad? nó le grádh, agus le spiorad caoimhnis? Atá sé d’á iomrádh le deimhne go bhfuil striapachas ’n‐bhur measc, striapachas nach bhfuil le fágháil i measc na gCinidheadhach féin, is é sin go mbéadh bainchéile a athar ag duine éigin. Agus atá sibh uaibhreach, i n‐ionad bheith ag déanamh bróin, chum go dtógfaidhe as bhur measc an té do chleacht an chuirptheacht so. Im’ thaobh‐sa, nach bhfuil i láthair i bpearsain, acht atá i láthair i spiorad, atá breitheamhnas tabhartha agam cheana, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, ar an duine do‐rinne an droch‐ghníomh sin, fá mar bhéinn i láthair, ar mbeith dhaoibh‐se agus dom’ spiorad‐sa cruinn le chéile, le cumhacht ár dTighearna Íosa, go dtugtar a leithéid sin de dhuine suas do Shátan chum scriosta na colna, ionnas go saorfaidhe an spiorad i ló an Tighearna Íosa. Ní maith é bhur maoidhmheachas. Nach bhfuil a fhios agaibh go dtruailligheann beagán laibhín an cnap uile? Glanaidh amach an sean‐laibhín ar fad, chum go mbéidh sibh ’n‐bhur gcnap úr‐nua, do réir mar tá sibh gan laibhín. Óir atá ár n‐uan cásca, is é sin Críost, íodhbartha. Sollamhnuighmís an fhéile, mar sin, ní h‐é le sean‐laibhín, ná le laibhín na mailíse agus na cuirptheachta, acht le h‐arán gan laibhín, arán an ionnracais agus na fírinne. Do scríobhas chugaibh im’ litir gan baint bheith agaibh le lucht striapachais; ní h‐iad lucht striapachais an tsaoghail seo go h‐uile atá i gceist, ná lucht sainnte, ná lucht goidthe, ná lucht íodhal‐adhartha; óir dob’ éigean daoibh san chás sin imtheacht ó’n tsaoghal ar fad. Acht anois is é rud scríobhaim chugaibh gan caidreamh do dhéanamh le fear ar bith go bhfuil ainm bráthar air má’s striapach é, nó má’s duine sanntach é, no fear íodhal‐adhartha, nó meisceoir, nó gadaidhe; gan fiú béile do chaitheamh i bhfochair a leithéide sin. Óir cia an chuid dem’ ghnó‐sa bheith ag tabhairt breitheamhnais ar an dream atá amuigh? Nach ar an dream atá istigh do‐bheir sibh‐se breitheamhnas? Acht is é Dia do‐bheir breitheamhnas ar na daoinibh atá amuigh. Cuiridh amach as bhur measc an cuirptheach úd. An lámhann aoinneach agaibh, go bhfuil cúis aige i n‐aghaidh duine eile, an chúis do phléidhe os cómhair luchta na h‐éagcóra, i n‐ionad an chúis do chur fá bhreith na naomh? Nach eol daoibh gur ab iad na naoimh do‐bhéarfas breitheamhnas ar an saoghal? Agus má’s fá n‐bhur mbreitheamhnas‐sa thiocfas an saoghal, nach bhfuil ar chumas daoibh na neithe is suaraighe do bhreathnú? Nach eol daoibh go dtiubhraimíd‐ne breitheamhnas ar ainglibh? Nach mó ’ná sin go mór ar neithibh bhaineas leis an saoghal so? Uime sin, má tá neithe de’n tsaoghal so le breathnú agaibh, cad chuige dhaoibh daoine nach bhfuil meas na h‐eaglaise ortha do chur ag tabhairt breitheamhnais? Is chum náire do chur oraibh labhraim libh. Arbh’ fhéidir nach bhfuil ’n‐bhur measc duine eagnaidhe amháin d’fhéadfadh breitheamhnas do thabhairt idir a bhráithribh? Acht is amhlaidh bhíos bráthair ag dul chum dlighe le bráthair eile, agus sin i láthair daoine gan creideamh. Cheana féin is mór an locht oraibh bheith ag dul chum dlighe le n‐a chéile. Cad chuige dhaoibh gan fulang leis an éagcóir? Cad chuige dhaoibh gan fulang leis an bhfeall? Acht is amhlaidh do‐ghní sibh féin éagcóir agus feall, agus sin ar bhur mbráithribh féin. Nach bhfuil a fhios agaibh nach sealbhóchaidh lucht éagcóra ríoghacht Dé? Ná mealltar sibh: ní bhfaighidh lucht striapachais, ná lucht íodhal‐adhartha, ná lucht adhaltrannais, ná lucht macnais, ná sodamaigh, ná gadaidhthe, ná lucht sainnte, ná meisceoirí, ná masluightheoirí, ná foghlaidhthe, ní bhfaighidh siad‐san ríoghacht Dé mar oidhreacht. Agus do bhí a leitheidí sin oraibh‐se: acht do nigheadh sibh, acht do naomhuigheadh sibh, acht do fíréanuigheadh sibh i n‐ainm an Tighearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé. Atá gach uile nidh dlisteanach dom, acht ní fhuil gach uile nidh tairbheach: atá gach uile nidh dlisteanach dom, acht ní cuirfear mé fá smacht aon nidh dhíobh. An biadh do’n bholg, agus an bolg do’n bhiadh; acht cuirfidh Dia deireadh leo araon. Anois ní le h‐aghaidh striapachais atá an cholann, acht le h‐aghaidh an Tighearna; agus atá an Tighearna le h‐aghaidh na colna. Agus do thóg Dia an Tighearna, agus tógfaidh sé suas sinne, leis, tré n‐a chumhacht. Nach eol daoibh gur baill do Chríost bhur gcuirp? Má’s mar sin é, an nglacfad‐sa baill Chríost chum baill méirdrighe do dhéanamh dhíobh? Nár leigidh Dia é. Nach eol daoibh an té chlaoidheas le méirdrigh gur ab aon fheoil amháin léi é? óir béidh an dias ’n‐a n‐aon fheoil amháin le chéile, adeir sé. Acht an té chlaoidheas leis an Tighearna, is aon spiorad amháin leis é. Seachnaidh an striapachas. Gach peacadh do‐ghní an duine atá sé taobh amuigh de’n chorp; acht an té do‐ghní striapachas, do‐ghní sé peacadh i n‐aghaidh a chuirp féin. Nach eol daoibh go bhfuil bhur gcorp mar theampall ag an Spiorad Naomh, an Spiorad atá ionnaibh, fuarabhar ó Dhia? agus ní libh féin sibh; óir do ceannuigheadh sibh go daor; d’á bhrigh sin tabhraidh glóir do Dhia ’n‐bhur gcorp. Anois maidir leis na neithibh gur scríobh sibh chugam ’n‐a dtaobh: Is maith do’n fhear gan baint a bheith aige le mnaoi. Acht chum striapachas do sheachaint, bíodh a bhean féin ag gach fear, agus bíodh a fear féin ag gach mnaoi. Tabhradh an fear a dual féin do’n mhnaoi, agus tabhradh an bhean an cómhar chéadna do’n fhear. Ní ag an mnaoi atá ceannas a cuirp féin, acht ag an bhfear; agus ar an gcuma chéadna ní ag an bhfear atá ceannas a chuirp féin, acht ag an mnaoi. Ná h‐eitighidh a chéile, munab de thoil a chéile é ar feadh tamaill, chum go gcromfaidh sibh ar urnaighe, agus annsin tagaidh le chéile arís, ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh mar gheall ar neamh‐gheamnaidheacht. Acht cheana, deirim an méid seo mar dheonú, agus ní mar órdú é. Is é rud dob’ fhearr liom an uile dhuine bheith mar táim féin. Cia ar bith é, atá a bhronntanas féin ó Dhia ag gach duine, ag duine amháin ar an gcuma so, ar an gcuma úd ag duine eile. Adeirim leis na fearaibh nach bhfuil pósta agus leis na baintreachaibh: Is maith dhóibh fanamhain mar fhanaim‐se. Acht muna féidir leo smacht do chongbháil ortha féin, pósaidís; mar is fearr pósadh ’ná bheith ar lasadh. Acht do na daoinibh atá pósta, órduighim‐se, acht ní mise acht an Tighearna órduigheas, gan an bhean do scaramhain le n‐a fear. Acht má tá sí scarthá leis, fanadh sí gan pósadh, nó réidhtigheadh sí le n‐a fear; agus ná cuireadh an fear a bhean uaidh. Agus leis na daoinibh eile adeirim‐se, ní h‐é an Tighearna é: Má tá bean nach gcreideann ag bráthair ar bith, agus má tá sise toilteanach ar chómhnaidhe leis, ná tréigeadh seisean í. Agus an bhean go bhfuil fear nach gcreideann aici, agus gur mian leisean cómhnaidhe i n‐éinfheacht léi, ná tréigeadh sise é. Óir naomhuightear an fear díchreidmheach tríd an mnaoi, agus naomhuightear an bhean díchreidmheach tríd an bhfear: munarbh é sin é, do béadh bhur gclann neamh‐ghlan: acht anois atáid glan. Acht dá mba mhian leis an duine gan creideamh imtheacht, imthigheadh sé. Ní fhuil ceangal ar bhráthair ná ar shiúr ’n‐a leithéid sin de chás: acht is chum síothchána do ghlaodh Dia sinn. Óir cá bhfios duit‐se, a bhean, nach sábhálfaidh tú t’fhear? nó cá bhfios duit‐se, a fhir, nach sábhálfaidh tú do bhean? Acht siubhaladh gach aoinneach do réir mar roinn Dia leis, de réir na garma fuair sé ó Dhia. Agus is mar sin órduighim‐se ins na h‐eaglaisibh uile. Má gairmthear aoinneach atá timcheall‐ghearrtha, fanadh sé timcheall‐ghearrtha. Má gairmeadh aoinneach nach raibh timcheall‐ghearrtha, ná timcheall‐ghearrthar é. Ní h‐éinnidh an timcheall‐ghearradh, agus ní h‐éinnidh an neamh‐thimcheall‐ghearradh, acht is é an t‐iomlán umhlú d’aitheanta Dé. Fanadh gach duine san ngairm ’n‐ar gairmeadh é. Ar gairmeadh thú id’ sclábhaidhe dhuit? Ná bíodh sé ’n‐a chás ort; acht má fhéadann tú bheith saor, bain leas as. Óir an té do gairmeadh san Tighearna, bíodh gur sclábhaidhe é, saoránach an Tighearna is eadh é: ar an gcuma chéadna an té fuair gairm agus é saor, searbhónta Chríost is eadh é. Do ceannuigheadh sibh ar luach mór; ná bidhidh ’n‐bhur sclábhaidhthibh ag daoinibh. A bhráithre, fanadh gach duine agaibh i bhfiadhnaise Dé mar a raibh sé nuair fuair sé an ghairm. Anois i dtaobh na maighdean, ní fhuil aithne ó’n Tighearna agam: acht do‐bheirim mo chómhairle, mar dhuine fuair trócaire ó’n Tighearna chum bheith dílis. Is é mheasaim‐se, mar gheall ar anró na h‐uaire, go mba mhaith do’n duine fanamhain mar tá sé. An bhfuil tú ceangailte le mnaoi? Ná h‐iarr bheith scartha léi. An bhfuil tú scartha le mnaoi? Ná h‐iarr bean. Acht má phósair, ní fhuil peacadh déanta agat; agus má phósann maighdean, ní fhuil peacadh déanta aici‐se. Acht do‐gheobhaidh a leithéidí anró ó thaobh na feola; agus ba mhaith liom bhur spáráil. Acht is é adeirim‐se, a bhráithre, go bhfuil an t‐am d’á aith‐ghearradh ’n‐a raibh siad‐san go bhfuil mná aca mar bhéidís gan mná; agus iad‐san do‐ghní gol mar bhéidís gan bheith ag gol; agus iad‐san do‐ghní gáirdeachas mar dhaoine nach ndéanann gáirdeachas; agus iad‐san cheannuigheas mar bhéadh daoine gan sealbhachas; agus ’n‐a raibh siad‐san bhaineas úsáid as an saoghal so mar bhéadh daoine nach mbaineann úsáid go h‐iomlán as; óir atá gné an tsaoghail seo ag imtheacht thart. Acht is é ba mhian liom‐sa sibh bheith saor ó imnidhe. An té nach bhfuil pósta is iad neithe bhaineas leis an Tighearna bhíos mar chúram air, d’iarraidh Dia do shásamh: acht an té atá pósta, is iad neithe an tsaoghail seo bhíos mar chúram air, agus é d’iarraidh a bhainchéile do shásamh. Agus atá deifir idir an bhean phósta agus an mhaighdean. An bhean nach bhfuil pósta, is iad neithe bhaineas leis an Tighearna bhíos mar chúram uirthi, d’iarraidh bheith naomhtha san gcolainn agus san spiorad: acht an bhean atá pósta, is iad neithe an tsaoghail seo bhíos mar chúram uirthi‐se, d’iarraidh toil a fir do dhéanamh. Is ar mhaithe libh féin adeirim an méid seo; ní h‐é go mba mhian liom ceangal do chur oraibh, acht chum ionnracais, agus chum go gceangalfadh sibh do’n Tighearna gan seachmall. Acht má mheasann aoinneach nach iomchubhaidh dhó leigean d’á mhaigdin dul thar bláth na h‐óige, agus má’s gábhadh é, déanadh sé mar is áil leis féin, ní fhuil peacadh d’á dhéanamh aige; pósaidís. Acht an té atá lán‐dearbhtha ’n‐a chroidhe istigh, gan aon éigean bheith ann, acht ceannas bheith aige ar a thoil féin, agus é bheith de rún ’n‐a chroidhe aige a mhaighdean do choimheád gan pósadh, do‐ghní sé go maith. Uime sin an té do‐bheir a mhaighdean le pósadh, do‐ghní sé go maith, acht an té nach dtugann í le n‐a pósadh, is fearr do‐ghní seisean. Atá an bhean fá cheangal chómh fada agus mhaireas a fear; acht má tá a fear marbh, atá sí saor chum an té is rogha léi do phósadh; acht amhain san Tighearna. Acht do réir mo thuairime‐se, do b’aoibhnighe dhi dá bhfanadh sí mar tá sí; agus measaim‐se, leis, go bhfuil Spiorad Dé agam cómh maith le duine. Anois i dtaobh bidh atá íodhbartha d’íodhalaibh: atá a fhios againn go bhfuil eolas ag gach duine againn. Cothuigheann eolas uabhar, acht is é an grádh do‐bheir deaghshampla. Má mheasann aoinneach go bhfuil eolas ar aon nidh aige, ní fhuil eolas aige ar nidh ar bith mar ba chóir; acht má tá grádh ag duine do Dhia, is eolach dó an duine sin. Uime sin i dtaobh biadh d’ithe atá íobartha d’íodhalaibh, atá a fhios againn nach éinnidh íodhal ar domhan, agus nach bhfuil ann acht aon Dia amháin. Óir bíodh go bhfuil neithe go dtugtar déithe ortha ar neamh agus ar talamh; mar tá a lán déithe agus a lán tighearnaí ann; mar sin féin n fhuil againne acht aon Dia amháin, an tAthair, ó n‐a dtagann gach uile nidh, agus sinne le n‐a aghaidhsean; agus aon Tighearna Íosa Críost amháin, tré n‐a bhfuil an uile nidh ann, agus sinne tríd‐sean. Acht ní fhuil an t‐eolas sin ag gach duine; óir atá daoine ann atá cleachtuighthe ar an íodhal, itheas a mbiadh mar bhiadh íodhbartar d’íodhal; agus ó thárla a gcoinsias bheith lag, saluightear é. Acht ní molfar sinn i bhfiadhnaise Dé ar son bidh; óir muna n‐ithimíd ní miste sinn é, agus má ithimíd, ní fearr‐de sinn é. Acht tabhraidh do bhur n‐aire nach mbéadh an tsaoirse sin agaibh ’n‐a ceap tuislidh do’n dream atá lag. Óir má chíonn aon duine thusa go bhfuil eolas agat id’ shuidhe chum bidh i dteampall an íodhail, nach neartóchar coinsias an té atá lag chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe? Agus de chionn t’eolais‐se milltear an té atá lag, an bráthair go bhfuair Críost bás ar a shon. Mar sin de, ag peacú i n‐aghaidh na mbráthar agus ag lot a gcoinsiais laig, is amhlaidh pheacuigheas sibh i n‐aghaidh Chríost. D’á bhrigh sin, má bheir biadh adhbhar scannail dom’ bhráthair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuislidh roimh mo bhráthair. Nach bhfuilim‐se saor? Nach abstal mise? Nach bhfacas‐sa Íosa ár dTighearna? Nach sibh‐se toradh mo shaothair san Tighearna? Muna bhfuilim im’ abstal do dhaoinibh eile, ar chuma ar bith atáim im’ abstal daoibh‐se; óir is sibh‐se séala m’abstalachta san Tighearna. Is é seo m’fhreagra ortha‐san atá ’gam’ cheistniú: Nach bhfuil sé de chead againn ithe agus ól? Nach bhfuil sé de chead againn siúr do thabhairt mar bhainchéile i n‐éinfheacht linn, mar do‐ghní an chuid eile de na h‐abstalaibh, agus bráithre an Tighearna, agus Céfas? Nó, an mise amháin agus Barnabas nach bhfuil sé de chead againn éirghe as obair? Cia h‐é do‐ghní seirbhís saighdiúra am ar bith ar a chostas féin? Cia h‐é chuireas fíon‐ghort agus nach n‐itheann d’á thoradh? Nó cia h‐é bheathuigheas tréad agus nach mblaiseann bainne an tréada? An mar dhuine labhraim mar so? Nach n‐abrann an dlighe na neithe céadna? Óir atá scríobhtha i ndlighe Mhaoise, Ní chuirfir féastrach leis an damh agus é ag satailt ar an arbhar. An iad na daimh is chúram le Dia? Nó nach ar mhaithe linne labhras sé? Is eadh, ar mhaithe linne atá sé scríobhtha; chum, an té threabhas go dtreabhfadh sé le dóchas, agus chum, an té bhuaileas arbhar, go mbuailfeadh sé le súil go bhfaigheadh sé a chuid féin de. Má tá neithe spioradálta síol‐churtha againn daoibh‐se, an nidh mór é má bhainimíd‐ne foghmhar saoghalta uaibh? Má bhaineann daoine eile tairbhe de’n cheart sin oraibh, nach móide ba chóir dúinne páirt do bheith againn ann? Acht níor bhaineamar feidhm as an gceart sin, acht fulaingmíd gach uile nidh, chum nach gcuirfimís bac ar bith le soiscéal Chríost. Nach eol daoibh na daoine riaras neithe spioradálta go mbeathuightear iad ó’n teampall, agus na daoine do‐ghní freastal ar an altóir, go mbíonn a gcuid féin aca ó’n altóir? Ar an gcuma chéadna na daoine chraobhscaoileas an soiscéal, d’órduigh an Tighearna go bhfaighdís a mbeatha ó’n soiscéal. Acht níor bhaineas‐sa feidhm as nidh ar bith dhíobh sin: agus ní le súil go mbéadh éinnidh d’á thairbhe agam atáim ag scríobhadh ’n‐a thaobh so: óir do b’fhearr liom bás d’fhágháil ’ná go ndéanfadh aoinneach neimhnidh de’n adhbhar maoidhmheachais seo agam. Óir, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dom, ní h‐aon adhbhar maoidhmheachais dom é; mar is éigean dom é; agus is mairg dom muna gcraobhscaoilim an soiscéal! Óir, má’s dem’ shaor‐thoil féin do‐ghním é, atá luach saothair agam; acht, má’s i n‐aghaidh mo thola é, do cuireadh ’n‐a chúram orm é. Céard í mo luaigheacht mar sin? An soiscéal chraobhscaoilim do thabhairt i n‐aisce, gan fóghnamh do dhéanamh dem’ cheart san tsoiscéal. Óir gidh go bhfuilim saor ó chách, do rinneas seirbhíseach díom féin chum gur mó an méid go bhuaidhfinn. Agus do na h‐lúdachaibh do bhíos mar lúdach, chum go mbuaidhfinn na h‐lúdaigh; do’n dream do bhí fá’n dlighe, mar bhéinn fá’n dlighe (gidh nach bhfuilim féin fá’n dlighe), chum go mbuaidhfinn na daoine atá fá’n dlighe; do’n dream atá gan dlighe mar bhéinn gan dlighe, gidh nach bhfuilim gan dlighe i dtaobh Chríost, chum go mbuaidhfinn na daoine atá gan dlighe. Do na daoinibh atá lag do bhíos mar dhuine lag, chum go mbuaidhfinn an lucht lag: do bhíos san uile chruth do’n uile dhuine, chum go saorfainn cuid aca ar chuma ar bith. Agus is ar son an tsoiscéil do‐ghním gach nidh, chum go mbéinn rannpháirteach ann. Nach eol daoibh go ritheann gach duine i gcoimhlint reatha, acht gur ab aon duine amháin bhuaidheas an duais? Rithidh‐se chum go mbuaidhfidh sibh. Agus gach duine théigheas san iomaidheacht cleachtann sé smacht do choimheád air féin ar gach slighe. Agus do‐ghní siad‐san sin chum coróin truaillighthe do bhuadhachtain; acht doghnímíd‐ne é chum coróin neamh‐thruaillighthe do bhuadhachtain. Uime sin, ní rithim‐se, mar nach mbéadh eolas agam; acht is amhlaidh spairnim, ní mar dhuine a bheadh ag bualadh an aeir: ácht buailim mo cholann féin, agus cuirim fá smacht í, ar eagla, ar chor ar bith, go ndiúltóchaidhe dhom féin, thar a éis dom bheith ag seanmóiriú do dhaoinibh eile. A bhráithre, níorbh áil liom nach mbéadh a fhios agaibh go raibh ár sinnsir go léir fá’n scamall, agus gur imthigheadar uile tríd an muir, agus gur baisteadh iad uile i Maois san néall agus san muir; agus gur itheadar an t‐aon bhiadh spioradálta amháin, águs gur óladar ó’n gCarraig spioradálta do lean iad; agus dob í an Charraig sin Críost. Acht ní raibh Dia sásta leis an gcuid ba mhó díobh; mar treascaradh iad san bhfásach. Anois ins na neithibh sin do bhíodar mar shamplaí dhúinne, chum nach mbéadh ró‐dhúil i ndroc‐neithibh againn, fá mar bhí aca‐san. Ná bidhidh‐sé ’n‐bhur n‐íodhal‐adhrathóiribh, mar bhí cuid aca‐siúd; mar atá scríobhtha, Do shuidh an pobal síos chum bheith ag ithe agus ag ól, agus d’éirigheadar ’n‐a seasamh chum bheith ag súgradh. Agus ná déanaimís striapachas mar rinne cuid aca, gur thuit trí míle fichead duine i ló amháin. Agus ná déanaimís fromhadh ar an Tighearna, mar rinne cuid aca, gur scrios na nathracha iad. Agus ná déanaidh gearán, mar rinne cuid aca, gur mhill an scriosadóir iad. Thárla na neithe úd dhóibh mar shamplaí, agus tá siad scríobhtha chum rabhadh do thabhairt dúinne, go bhfuil deireadh an tsaoghail tagtha orainn. Uime sin, an té mheasas bheith ’n‐a sheasamh, tabhradh sé aire ar eagla go dtuitfeadh sé. Ní tháinig aon chathú oraibh nach bhfuil ar chumas an duine a iomchar: acht Dia atá díleas, ní cheadóchaidh sé cathú thar bhur gcumas do chur oraibh; acht do‐bhearfaidh sé slighe éaluighthe i n‐éinfheacht leis an gcathú, chum go bhféadaidh sibh a iomchar. D’á bhrigh sin, a bhráithre ionmhaine, seachnaidh íodhal‐adhradh. Labhraim mar labharfainn le daoinibh tuigseanacha; beiridh breith ar a n‐abraim. Cupán na mbeannacht bheannuighmíd, nach é comaoin fola Chríost é? An bhollóg aráin bhrisimíd, nach é comaoin cuirp Chríost é? Ó thárla aon bhollóg amháin bheith ann, gidh go bhfuil a lán dínn ann, is aon chorp amháin sinn; mar ghlacaimíd uile de’n aon bhollóig amháin. Breathnuighidh clann Israeil do réir na feola: na daoine itheas na h‐íodhbartha, nach bhfuilid cómhpháirteach san altóir? Créad adéarfas mé mar sin? Gur éinnidh an nidh íodhbartar d’íodhal, nó gur aon rud íodhal? Is é rud adeirim, na neithe íodhbaras na Cineadhacha, gur do dheamhnaibh íodhbaras siad iad, agus nach do Dhia é: agus níorbh áil liom go mbéadh cumann agaibh le deamhnaibh. Ní féidir libh cupán an Tighearna agus cupán na ndeamhan d’ól: ní féidir libh cómhroinn búird an Tighearna agus cómhroinn búird na ndeamhan do dhéanamh. Nó an bhfuilmíd ag brostú an Tighearna chum éada, an treise sinne ’ná eisean? Atá gach nidh dlisteanach; acht ní fhuil gach nidh tairbheach. Atá gach nidh dlisteanach; acht ní fhuil gach nidh fóghantach. Nár ab é a leas féin loirgfeas duine ar bith, acht gur ab é leas na cómharsan loirgfeas gach aoinneach. Ithidh gach a ndíoltar ar an margadh, gan aon cheist bheith oraibh fá choinsias. Óir is leis an Tighearna an talamh agus gach a bhfuil ann. Má bheir duine dí‐chreidmheach cuireadh chum fleidhe dhaoibh, agus go mb’ áil libh dul, ithidh a gcurtar rómhaibh, gan ceist bheith oraibh fá choinsias. Acht má deir aon duine libh, Do h‐íodhbaradh é seo d’íodhalaibh, ná h‐ithidh é, ar son an té d’innis daoibh é, agus ar son coinsiais; ní h‐é do coinsias féin é, acht coinsias an duine eile; óir cad chuige a mbeirtear breith ar mo shaoirse do réir coinsiais duine eile? Óir má’s le buidheachas ithim, cad chuige a bhfaightear locht orm mar gheall ar rud go dtugaim buidheachas ’n‐a thaobh? Uime sin, má’s ag ithe nó ag ól daoibh, nó cibé nidh do‐ghní sibh, déanaidh an uile nidh chum glóire Dé. Ná tabhraidh adhbhar scannail do lúdachaibh ná do Ghréagachaibh, ná d’eaglais Dé fá mar iarraim‐se sásamh do thabhairt do gach duine ins an uile nidh, gan cuimhneamh ar mo thairbhe féin, acht ar thairbhe farasbáirr na ndaoine, chum go slánóchar iad. Déanaidh aithris orm‐sa, mar dhéanaim féin aithris ar Chríost. Anois molaim sibh de bhrigh go mbíonn sibh ag cuimhneamh orm san uile nidh, agus de bhrigh go bhfuil sibh ag coimheád na ngnás fá mar thugas daoibh iad. Acht is mian liom a thabhairt le fios daoibh, gur ab é Críost ceann gach fir; agus gur ab é an fear ceann na mná, agus gur ab é Dia ceann Chríost. Fear ar bith do‐ghní urnaighe nó fáidheadóireacht agus a cheann clúduighthe, do‐bheir sé easonóir d’á cheann. Acht bean ar bith do‐ghní urnaighe nó fáidheadóireacht gan caille ar a ceann, do‐bheir sí easonóir d’á ceann: mar is ionann sin agus a bheith bearrtha dhi. Óir muna mbíonn caille ar cheann na mná, gearrtar a gruaig, acht má’s nár do’n mnaoi a gruaig bheith gearrtha nó bheith bearrtha, cuireadh sí caille uirthi féin. Óir níor chóir do’n fhear a cheann do chlúdú, de bhrigh gur ab é íomháigh agus glóir Dé é: acht is í an bhean glóir an fhir. Óir ní ó’n mnaoi do rinneadh an fear; acht is ó’n bhfear do rinneadh an bhean: óir ní ar son na mná do cruthuigheadh an fear; acht an bhean ar son an fhir: ar an adhbhar sin ba cheart go mbéadh cómhartha an ughdaráis ar a ceann, mar gheall ar na h‐ainglibh. Acht cheana, san Tighearna, ní bhíonn fear i n‐éagmais na mná, ná an bhean i n‐éagmais an fhir. Óir fá mar tháinig an bhean ó’n bhfear, ar an gcuma chéadnais tríd an mnaoi atá an fear ann; acht is ó Dhia atá an uile nidh ann. Breathnuighidh eadraibh féin: an cuibhe do mhnaoi guidhe chum Dé gan caille bheith ar a ceann? Nach múineann an nádúir gur nár do’n fhear gruaig fhada bheith air? Acht má bhíonn gruaig fhada ar mhnaoi, is í a glóir í; mar tugadh a gruaig mar chlúdach di. Acht má’s mian le h‐aon duine bheith conspóideach, ní fhuil a leithéid sin de ghnás againn, agus ní fhuil ag eaglaisibh Dé. Ag tabhairt an fhógra so dhaoibh ní mholaim sibh, mar ní fearr‐de sibh bhur dteacht i gceann a chéile, acht is miste sibh é. I dtosach scéil nuair thagas sibh le chéile san gcruinniú, is clos dom go mbíonn siosmaí eadraibh; agus creidim féin go bhfuil cuid de’n fhírinne ann. Óir ní féadfaidhe gan siosmaí bheith ’n‐bhur measc, chum go nochtfaidhe iad‐san ’n‐bhur measc atá fírinneach. Uime sin, nuair chruinnigheas sibh i gceann a chéile, ní féidir suipéar an Tighearna d’ithe: óir ag ithe dhaoibh, is é a shuipéar féin chaitheas gach duine ar dtús; agus bíonn ocras ar dhuine agaibh agus bíonn duine eile ar meisce. An amhlaidh nach bhfuil tighthe agaibh chum bheith ag ithe agus ag ól ionnta? nó an amhlaidh atá droch‐mheas agaibh ar eaglais Dé, go náirigheann sibh iad‐san atá gan éinnidh? Créad adéarfas mé libh? an amhlaidh mholfas mé sibh? ní mholaim san gcás so sibh. Óir is ó’n Tighearna fuaras an méid do mhúineas daoibh, gur ghlac an Tighearna Íosa an t‐arán, an oidhche ’n‐ar braitheadh é; agus tar a éis dó buidheachas do thabhairt, gur bhris sé é, agus go ndubhairt, Is é seo mo chorp, atá d’á bhriseadh ar bhur son‐sa: déanaidh é seo mar chuimhneamh orm‐sa. Agus an cupán mar an gcéadna, tar éis an tsuipéir, g‐á rádh, Is é an cupán so an tiomna nua im’ fhuil‐se: déanaidh é seo, a mhinicighe ólas sibh é, mar chuimhneamh orm‐sa. Óir a mhinicighe itheas sibh an t‐arán nó ólas sibh an cupán so, is ag foillsiú báis an Tighearna atá sibh, nó go bhfillidh sé. D’á bhrigh sin, cibé duine itheas arán nó ólas cupán an Tighearna go neamh‐chubhaidh, béidh sé cionntach i gcorp agus i bhfuil an Tighearna. Scrúduigheadh duine é féin, agus itheadh sé an t‐arán agus óladh sé an cupán d’á réir sin. Óir an té itheas agus ólas, muna bhfeictear dó an corp, is chum breitheamhnais air féin itheas agus ólas sé. Is ar an adhbhar sin atá a lán tinn, lag ’n‐bhur measc, agus atá mórán marbh. Acht dá dtugaimís breitheamhnas mar ba cheart orainn féin, ní tiubharthaí breitheamhnas orainn. Acht nuair bheireas an Tighearna breitheamhnas orainn, bímíd d’ár smachtú chum nach ndaorthar sinn i n‐éinfheacht leis an saoghal. Uime sin, a bhráithre, ag teacht i gcionn a chéile dhaoibh chum bidh, fanaidh le chéile. Má bhíonn ocras ar dhuine ar bith, itheadh sé san mbaile; ar mhodh nach chum breitheamhnais bhéas bhur gcruinniú le chéile. Agus i dtaobh na neithe eile, socróchad iad nuair thiocfad. Anois is dtaobh tíodhlaicthe spioradálta, a bhráithre, níorbh áil liom sibh bheith gan eolas. Is eol daoibh an tráth ’n‐a rabhabhar ’n‐bhur bpágánachaibh, gur cuireadh sibh amugha ar lorg na h‐íodhal mbalbh, do réir mar treoruigheadh sibh. D’á bhrigh sin do‐bheirim le tuigsin daoibh nach n‐abrann aon duine, Atá Íosa malluighthe, agus é ag labhairt le Spiorad Dé; agus nach bhféadann aon duine, Is é Íosa an Tighearna, a rádh, acht tríd an Spiorad Naomh. Anois atá tíodhlaicthe éagsamhla ann, acht ní fhuil acht aon Spiorad amháin ann. Agus atá miniostrálachta éagsamhla ann, acht ní fhuil acht aon Tighearna amháin ann. Agus atá oibreacha éagsamhla ann, acht ní fhuil ann acht an t‐aon Dia amháin do‐ghní an uile nidh san uile dhuine. Acht tugtar foillsiú an Spioraid do gach duine chum tairbhe i gcoitchinne. Óir tugtar briathar na h‐eagna tríd an Spiorad do dhuine amháin; agus tugtar briathar an eolais do dhuine eile tríd an Spiorad céadna: do dhuine eile creideamh tríd an Spiorad céadna; do dhuine eile buaidh an leighis tríd an Spiorad céadna; do dhuine eile buaidh na míorbhal, do dhuine eile fáidheadóireacht, do dhuine eile buaidh na spiorad do bhreathnú; do dhuine eile teangthacha éagsamhla; do dhuine eile buaidh na dteangthach do mhíniú; acht is é an t‐aon Spiorad amháin do‐ghní na neithe sin uile, g‐á roinnt ar gach duine do réir mar is toil leis féin é. Óir, fá mar is aon nidh amháin an corp, agus a lán ball ann, agus, gidh go bhfuil a lán ball ann, nach bhfuil ionnta acht aon chorp amháin; mar sin do Chríost é. Óir i n‐aon Spiorad amháin is eadh do baisteadh sinn chum aon chorp amháin do dhéanamh, is cuma cia aca lúdaigh nó Gréagaigh sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad amháin. Óir ní h‐aon bhall amháin, acht mórán atá san chorp. Dá n‐abradh an chos, De bhrigh nach mise an lámh, ní cuid de’n chorp mé; ara shon sin an é nach ball de’n chorp í? Agus dá n‐abradh an chluas, De bhrigh nach mise an tsúil, nach cuid de’n chorp í ar a shon sin? Dá mba súil an corp uile, cá mbéadh an éisteacht? Dá mba nach raibh san gcorp uile acht éisteacht, cá mbéadh an bholathaidheacht? Acht is amhlaidh do chuir Dia na baill san gcorp, gach ball díobh do réir a thola féin. Dá mb’ amhlaidh nach raibh ionnta ach aon bhall amháin, cá mbéadh an corp? Acht is amhlaidh atá a lán ball ann gan acht aon chorp amháin bheith ann. Agus ní féidir leis an súil a rádh leis an láimh, Ní fhuil feidhm agam leat‐sa; ná leis an gceann a rádh leis na cosaibh, Ní fhuil feidhm agam libh‐se. Ní h‐eadh, acht na baill de’n chorp is laige, do réir, deallraimh, is iad is riachtanaighe: agus na baill de’n chorp is lugha onóir, do réir ár dtuairime, is iad is mó go dtugaimíd onóir dóibh; agus na baill againn is lugha maise, is iad is mó bhíos d’á maiseadh againn, acht ní theastuigheann sin ó na ballaibh is maiseamhla. Acht is é Dia do chóimhcheangail an corp le chéile, ag tabhairt na h‐onóra is mó do’n bhall sin go bhfuil gábhadh aige léi, chum nach mbéadh aon deaghailt san gcorp, acht go dtiubhradh na baill aon chúram amháin d’á chéile. Agus má fhulaingeann ball ar bith, fulaingeann gach aon bhall eile i n‐éinfheacht leis; nó má tugtar onóir do bhall ar bith, bíonn bród ar gach ball eile i n‐éinfheacht leis. Anois is sibh‐se corp Chríost, agus gach duine ’n‐a bhall ar leith. Agus do cheap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáidhí, san treas áit lucht teagaisc, lucht déanta míorbhal annsin, buaidh an leighis ’n‐a dhiaidh sin, buaidh na cabhrach, buaidh an riartha, buaidh na dteangthach. An abstail iad uile? An faidhí iad uile? An oidí iad uile? An bhfuil buaidh an leighis aca uile? An labhrann siad uile as teangthachaibh? An ndéanann siad uile míniú? Acht sanntuighidh lé díoghrais na tíodhlaicthe is fearr. Agus anois nochtfad slighe dhaoibh atá níos fearr go mór. Dá labhrainn le teangthachaibh daoine agus aingeal, gan grádh bheith agam, ní fhuilim acht mar bhéadh prás ag fuaimniú, nó ciombal ag cluigíneacht. Agus dá mbéadh buaidh na fáidheadóireachta agam, agus dá dtuiginn gach rúindiamhair agus gach eolas, agus dá mbéadh gach creideamh agam ar mhodh go bhféadfainn sléibhte d’aistriú, agus mé bheith gan grádh, atáim gan éifeacht. Agus dá mbronnainn mo mhaoin shaoghalta chum na boicht do chothú, agus dá dtabharainn mo chorp d’á loscadh, gan grádh bheith agam, ní fhuil tairbhe dá laighead agam d’á bhárr. Atá an grádh foighdeach, deaghchroidhtheach; ní ghlacann sé formad; ní dhéanann an grádh maoidhmheachas ná baothghlór; ní dhéanann sé mí‐ghreann, ní loirgeann sé a leas féin, ní fhuil sé so‐bhrostuighthe chum feirge, ní ghlacann sé droch‐amhras, ní dhéanann sé gáirdeachas mar gheall ar an éagcóir, acht ghníonn sé gáirdeachas fá’n bhfírinne; foidhnigheann sé le gach nidh, creideann sé an uile nidh, cuireann sé muinighin as gach uile nidh, fulaingeann sé an uile nidh. Ní chliseann ar an ngrádh am ar bith: acht má tá tarngairí ann, tiocfaidh siad chum críche; má tá teangthacha ann, curfar deireadh leo; má tá eolas ann, rachaidh sé ar ceal. Óir ní fhuil acht eolas neamh‐chruinn againn, agus is fáidheadóireacht neamh‐chruinn do‐ghnímíd: acht nuair thiocfas foirbhtheacht i gcrích, curfar deireadh leis an nidh atá neamh‐iomlán. Nuair do bhíos im’ leanbh, do labhras nós leinbh, do thuigeas mar thuigfeadh leanbh, is ciall leinbh do bhí agam: acht ar mbeith im’ fhear dom, do bhíos réidh le neithibh leanbhaidhe. Óir chímíd anois mar bhéadh go doiléir i scathán; acht chífimíd éadan a chéile an t‐am sin: anois atá aithne neamh‐chruinn againn, acht aithneochad an t‐am sin fá mar aithnightear mé féin. Anois fanann na trí neithe seo, an creideamh, an dóchas agus an grádh: acht an nidh is mó díobh is é an grádh é. Loirgidh an grádh: acht cuiridh suim i mbronntanaisibh spioradálta, an fháidheadóireacht go h‐áirithe. Óir an duine labhras i dteangain, ní le daoinibh labhras sé, acht le Dia, mar ní thuigeann aoinneach é: gidh go labhrann sé rúindiamhra san spiorad. Acht an té do‐ghní fáidheadóireacht, labhrann sé le daoinibh g‐á spreagadh, g‐á mbrostú, agus g‐á gcómhfhortú. An té labhras i dteangain, spreagann sé é féin; acht an té do‐ghní fáidheadóireacht, spreagann sé an eaglais. Ba mhaith liom go labharfadh sibh uile i dteangthachaibh, acht dob’ fhearr liom go mór go ndéanfadh sibh fáidheadóireacht: mar is fearr go mór an té do‐ghní fáidheadóireacht ’ná an té labhras i dteangthachaibh, muna mínighidh sé, chum go bhfaighidh an eaglais beannacht. Anois, a bhráithre, má thagaim chugaibh ag labhairt i dteangthachaibh, cia an maitheas dhéanfad daoibh, muna mbéidh foillsiú, nó eolas, nó fáidheadóireacht, nó teagasc éigin agam d’á thabhairt? Na neithe féin atá gan anam, ag déanamh fuama dhóibh, má’s fliúit nó cláirseach iad, muna mbíonn idirdhealú ins na fuamaibh, cionnas aithneochar an port seinntear ar an bhfliúit nó ar an gcláirsigh? Óir muna dtugaidh an stoc glór soiléir, cia ghléasfas é féin chum catha? Is mar sin daoibh‐se, muna labhraidh sibh briathra so‐thuigseana leis an teangain, cionnas aithneochar brigh an nidh adeirtear? Ag labhairt san aer bhéas sibh. Gan amhras is iomdha cineál teangan atá san domhan, agus ní fhuil einnidh gan guth. Mar sin de, muna dtuigim‐se brigh an ghotha, béidhead im’ choigríochach ag an té labhras, agus béidh an té labhras ’n‐a choigríochach agam‐sa. Ar an adhbhar sin, de bhrigh go sanntuigheann sibh bronntainisí spioradálta, iarraidh gur ab é leas na h‐eaglaise bhéas mar chúram oraibh. Uime sin, an té labhras i dteangain, guidheadh sé go mbéidh ar chumas dó an míniú do thabhairt. Óir má ghním urnaighe i dteangain, do‐ghní mo spiorad urnaighe, acht bíonn mo thuigsin chinn gan toradh. Créad eile má’s eadh? Déanfad urnaighe leis an spiorad, agus déanfad urnaighe leis an tuigsin chinn, chómh maith: canfad leis an spiorad, agus canfad leis an tuigsin chinn, chómh maith. Muna mbéadh sin, má bheir tú buidheachas leis an spiorad, an té atá gan eolas, cionnas adéarfas sé Amen, agus tú ag breith buidheachais? Is fíor go bhfuil tú ag breith buidheachais, acht ní h‐aon chongnamh do’n duine eile é. Bheirim buidheachas le Dia go labhraim i dteangthachaibh níos mó ’ná sibh go léir: acht dob’ fhearr liom cúig focail do labhairt lem’ thuigsin chinn san eaglais, chum teagasc do thabhairt do dhaoinibh eile, ná deich míle focal i dteangain. A bráithre, ná bidhidh ’n‐bhur leanbhaibh do réir tuigseana: acht i dtaobh mailíse bidhidh ’n‐bhur leanbhaibh, acht i dtaobh tuigseana cinn, bidhidh ’n‐bhur ndaoinibh fásta. Atá scríobhtha san dlighe, Le lucht labhartha teangthach eile agus as béalaibh coigríochach is eadh labharfad leis an bpobal so; agus ’n‐a dhiaidh sin ní éistfidh siad liom, adeir an Tighearna. Mar sin de is mar chómhartha atá teangthacha ann, ní h‐é do lucht an chreidimh, acht do lucht an dí‐chreidimh; acht ní le h‐aghaidh na ndí‐chreideamhach, acht le h‐aghaidh na gcreidmheach atá an fháideadóireacht. Uime sin, nuair bhíos an eaglais uile cruinn le chéile, agus go labhrann an uile dhuine i dteangthachaibh, agus go dtagann daoine aineolacha isteach, agus daoine nach gcreideann, nach n‐abróchaidh siad gur ar mire atá sibh? Acht má’s ag fáidheadóireacht bhíos gach aoinneach, agus go dtagann duine díchreidmheach nó duine aineolach isteach, bíonn sé d’á spreagadh ag cách, bíonn sé fá bhreith cáich; nochtar rúna a chroidhe; agus ar mhodh go dtuitfidh sé ar a aghaidh faoi agus go n‐adharfaidh sé Dia, g‐á rádh go bhfuil Dia dá ríribh ’n‐bhur measc. Créad é, mar sin, a bhráithre? Ag teacht i gceann a chéile dhaoibh, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gach duine agaibh. Déantar gach uile nidh chum leasa na mbráthar. Má labhrann aon duine i dteangain, labhradh beirt, nó triúr, an chuid is mó dhe, i ndiaidh a chéile; agus déanadh duine amháin an míniú: acht muna mbíonn mínightheoir ann, fanadh sé ’n‐a thost san eaglais; agus labhradh sé leis féin agus le Dia. Labhradh beirt nó triúr de na fáidhibh, agus déanadh an chuid eile breitheamhnas. Acht má tugtar foillsiú do dhuine eile atá ’n‐a shuidhe ann, bíodh an chéad chainnteoir ’n‐a thost. Óir tig libh uile fáidheadóireacht do dhéanamh ’n‐bhur nduine agus ’n‐bhur nduine, chum go dtugtar teagasc agus spreagadh do gach aoinneach; agus bíonn spioraidí na bhfáidh fá smacht na bhfáidh; óir ní Dia mí‐riaghaltachta é Dia, acht is é Dia na síothchána é; mar is amhlaidh atá i n‐eaglaisibh uile na naomh. Bíodh na mná ’n‐a dtost ins na h‐eaglaisibh: óir ní ceaduightear dóibh labhairt; acht bíodh siad ómósach, mar deir an dlighe. Agus má’s áil leo nidh ar bith d’fhoghlaim, cuiridís ceist ar a bhfearaibh féin san mbaile: óir ní cuibhe do mhnaoi labhairt san eaglais. An uaibh‐se do chuaidh briathar Dé amach? nó, an chugaibh‐se amháin tháinig sé? Má mheasann aon duine gur fáidh nó duine spioradálta é, adhmhuigheadh sé, na neithe scríobhaim chugaibh, gur ab iad aitheanta an Tighearna iad. Acht má tá duine ar bith gan eolas, bíodh sé gan eolas. Uime sin, a bhráithre, cuiridh an‐tsuim san bhfáidheadóireacht, agus ná cuiridh cosc le labhairt i dteangthachaibh. Acht déantar an uile nidh go stuamdha, deagh‐riaghalta. Anois, a bhráithre, cuirim ar eolas daoibh an soiscéal do sheanmóireas daoibh, gur ghlac sibh leis, go bhfuil bhur seasamh air, agus tré n‐a slánuightear sibh, leis; má choimheádann sibh go daingean an briathar do sheanmóireas doibh, munar chreideabhar go neamh‐éifeachtach. Óir ar dtús thugas daoibh, mar fuaras é, go bhfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaidhe, de réir na scrioptúir: agus gur h‐adhlacadh é: agus gur aiséirigh sé an treas lá do réir na scrioptúir; agus gur taidhbhrigheadh é do Chéfas; don dáréag ’n‐a dhiaidh sin; gur taidhbhrigheadh é ’n‐a dhiaidh sin do thuilleadh agus cúig céad bráthair i n‐éinfheacht, go bhfuil an chuid is mó aca ’n‐a mbeathaidh fós, acht go bhfuil cuid eile aca tuitthe fá shuan. ’N‐a dhiaidh sin taidhbhrigheadh é do Shéamas, annsin do na h‐abstalaibh uile; agus san deireadh, taidhbhrigheadh é dhamh‐sa, mar dhuine rugadh i n‐antráth. Óir is mise an té is lugha de na h‐abstalaibh, nach fiú mé ainm abstail do thabhairt orm, de bhrigh go ndearnas géirleanmhain ar eaglais Dé. Acht is tré ghrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnadh orm, ní fríth gan éifeacht é; acht is mó an saothar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: gidh nach mise do‐rinne, acht grása Dé do bhí liom. Acht cia aca mise nó iad‐san, is mar sin do‐ghnímid seanmóireacht, agus is mar sin do chreideabhair‐se. Anois, má fógarthar Críost gur éirigh sé ó na marbhaibh, cionnas adeir cuid agaibh nach bhfuil aiséirghe na marbh ann? Muna bhfuil aiséirghe na marbh ann, níor éirigh Críost fós: agus munar éirigh Críost, atá ár bhfógairt gan éifeacht, tá bhur gcreideamh‐sa gan bhrigh, leis. Agus do‐gheibhtear sinne bheith ’n‐ár bhfianaidhthibh bréige ar son Dé; de chionn go dtugamar fiadhnaise i dtaobh Dé gur thóg sé Críost: an té nár thóg sé; má’s fíor nach dtógtar na mairbh. Óir muna dtógtar na mairbh, níor tógadh Críost féin fós: agus munar tógadh Críost, atá bhur gcreideamh gan éifeacht; atá sibh ’n‐bhur bpeacaidhibh i gcómhnaidhe. Mar an gcéadna na daoine atá tuitthe fá shuan i gCríost, atá siad caillte. Má’s san tsaoghal so amháin atá dóchas as Críost againn, is sinne na daoine is truaighe ar bith. Acht anois atá Críost éirighthe ó na marbhaibh, is é céad‐toradh na ndaoine atá fá shuan é. Óir fá mar tháinig an bás tríd an duine, tríd an duine is eadh, leis, tháinig an aiséirghe ó na marbhaibh. Óir amhail mar gheibheann gach uile dhuine bás i nÁdhamh, mar an gcéadna is eadh aithbheochar gach uile dhuine i gCríost. Acht gach duine ’n‐a sheal féin: Críost mar chéadtoradh; ’n‐a dhiaidh sin na daoine is le Críost, nuair thiocfas sé. Annsin an deireadh, nuair thiubhras sé an ríoghacht suas do Dhia, an tAthair; nuair chuirfeas sé gach ceannas agus gach ughdarás agus cumhacht ar ceal. Óir caithfidh sé bheith ’n‐a righ nó go gcuiridh sé a náimhde uile fá n‐a chosaibh. Is é an bás an námha dheiridh cuirfear ar ceal. Óir do chuir sé gach uile nidh fá smacht fá n‐a chosaibh. Acht nuair adeir sé, Atá gach uile nidh curtha fá smacht, is léir nach mbaineann sin leis an té do chuir gach uile nidh fá n‐a cheannas. Agus nuair bhéas gach uile nidh fá n‐a cheannas, annsin is eadh bhéas an Mac féin fá cheannas an té do chuir gach uile nidh fá n‐a cheannas, ar mhodh go mbéidh Dia ’n‐a uile nidh do chách. Munarbh é sin é, créad dhéanfas na daoine baistear ar son na marbh? Muna n‐aiséirigheann na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear iad ar a son? cad chuige dhúinne seasamh i nguais gach uair? Dearbhuighim, a bhráithre, ar an mbród atá agam asaibh i nÍosa Críost ár dTighearna, go bhfaighim bás gach lá. Má’s ar nós daoine do throideas le h‐ainmhidhthibh allta i nEiféis, créad é a thairbhe dhom? Muna n‐aiséirigheann na mairbh, ithimís agus ólaimís óir do‐gheobhaimíd bás i mbáireach. Ná mealltar sibh: Truailligheann drochch‐uideachta deagh‐bhéasa. Dúisighidh chum fíréantachta, agus ná déanaidh peacadh: óir atá cuid agaibh atá gan eolas ar Dhia: deirim an méid seo chum náire do chur oraibh. Acht atá daoine ann adéarfas, Cionnas aiséirigheann na mairbh? agus cia an saghas cuirp ’n‐a dtagann siad? A dhuine dhith‐céillidhe, an síol chuireas tú féin, ní beodhuightear é muna n‐éagann sé: agus an nidh shíolchuireas tú, ní h‐é an corp bhéas ann chuireas tú acht gráinne lom cruithneachtan, b’fhéidir, nó arbhair áirithe eile: acht do‐bheir Dia corp dó do réir a roghan féin, agus do‐bheir sé a chorp féin do gach síol. Ní h‐ionann le chéile an uile shaghas feola: acht atá feoil ar leith ag daoinibh, agus feoil ar leith ag ainmhidhthibh, agus feoil ar leith ag éanachaibh, agus feoil ar leith ag an iasc. Atá cuirp neamhdha ann, agus cuirp thalmhaidhe, leis: acht is nidh amháin ar leith áilne an chuirp neamhdha, agus nidh amháin eile áilne an chuirp thalmhaidhe. Atá áilne ar leith ag an ngréin, agus áilne ar leith ag an ngealaigh, agus áilne ar leith ag na réaltaibh; óir atá malairt áilne ag réaltaibh le réaltaibh eile. Mar sin d’aiséirghe an chuirp. Curtar an corp ’n‐a nidh truaillidhe: éirigheann sé ’n‐a nidh neamhthruaillidhe: curtar é i n‐easonóir; éirigheann sé i nglóir: curtar é i laige; éirigheann sé i neart: curtar é mar chorp nádúrtha; éirigheann sé mar chorp spioradálta. Má tá corp nádúrtha ann, atá corp spioradálta ann, leis. Mar atá scríobhtha, An chéad duine, Ádhamh, ba anam beo é go dtugadh an bheatha dhó; an tÁdhamh deireannach, is é do‐bheir an bheatha uaidh. Acht ní h‐é an nidh spioradálta ba thúisce do bhí ann, acht an nidh nádúrtha; an nidh spioradálta ’n‐a dhiaidh sin. Ó’n talamh do’n chéad duine, talmhaidhe: ó neamh do’n dara duine. Mar tá an duine talmhaidhe, is mar sin atá an mhuinntear thalmhaidhe: agus mar tá an duine neamhdha, is mar sin atá an mhuinntear neamhdha. Agus fá mar bhíomar i gcosamhlacht an duine thalmhaidhe, béidhmíd i gcosamhlacht an duine neamhdha, leis. Is é rud adeirim, a bhráithre, nach bhféadann feoil agus fuil oidhreacht ríoghachta Dé d’fhágháil; agus nach mbíonn an truailleacht ’n‐a h‐oidhre ar an neamhthruailleacht. Féach, innisim diamhar‐rún daoibh: Ní chodlóchaimíd uile, acht curfar malairt crotha orainn; i móiméad, le sméideadh súile, le glór an stuic deiridh; óir séidfidh an stoc, agus éireochaidh na mairbh neamhthruaillidhe, agus athróchar sinn. Óir ní foláir do’n chorp truaillidhe neamhthruailleacht do chur uime, agus do’n chorp so‐mharbhtha do‐mharbhacht do chur uime. Agus nuair chuirfeas an corp truaillidhe neamhthruailleacht uime, tiocfaidh chum críche an focal atá scríobhtha, Atá an bás sloigthe i mbuaidh. A bháis, cá bhfuil do bhuaidh? A bháis, cá bhfuil do chealg? Is é an peacadh cealg an bháis; agus is é an dlighe neart an pheacaidh. Acht buidheachas le Dia do‐bheir an bhuaidh dhúinn tríd ár dTighearna Íosa Críost. Uime sin, a bhráithre ionmhaine, bidhidh diongbhálta, do‐chorruighthe, lán‐dícheallach i gcómhnaidhe i ngnó an Tighearna, agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar san Tighearna gan toradh. Anois i dtaobh an bhailighthe i gcómhair na naomh, déanaidh‐se do réir mar d’órduigheas d’eaglaisibh na Galátia. Cuireadh gach duine agaibh rud i leathtaoibh i dtaisce san mbaile, do réir a acfuinne, chum nach mbéidh aon bhailiú d’á dhéanamh nuair thiocfad‐sa. Agus nuair thiocfad, cuirfead na daoine bhéas toghtha agaibh le litreachaibh chum bhur dtabhartas do bhreith leo go hIarúsalem: agus má’s cuibhe dhom féin dul, rachaidh siad‐san i n‐éinfheacht liom. Acht tiocfad chugaibh tar a éis dom dul tríd an Mhaiceadhóin, óir atáim ag dul tríd an Maiceadóin; agus is féidir go bhfanfad, nó go gcaithfead an geimhreadh ’n‐bhur bhfochair, chum go gcuirfidh sibh ar aghaidh mé, cibé áit chum a ráchad. Óir ní mian liom sibh d’fheicsin an t‐am so ar an slighe dhom; mar tá súil agam fanamhain tamall ’n‐bhur bhfochair, má’s toil le Dia é. Acht fanfad i nÉiféis, go Cingcís; óir atá doras mór fóghanta ar fhoscailt rómham, agus is mór a lán námhad atá ann. Má thagann Timótéus, féach chuige go mbéidh sé gan eagla ’n‐bhur bhfochair: óir atá sé ag déanamh oibre an Tighearna, mar táim‐se dhá déanamh: ná déanadh aoinneach beag‐is‐fiú dhe. Acht cuiridh ar aghaidh ar a aistear é i síothcháin, chum go dtiocfaidh sé chugam; óir atáim ag súil leis i n‐éinfheacht leis na bráithribh. Acht i dtaobh an bhráthar Apollos, d’impidheas go dian air teacht chugaibh i n‐éinfheacht leis na bráithribh: agus ní raibh fonn dá laighead air teacht anois; acht tiocfaidh sé nuair bhéas faill aige chuige. Bidhidh ag faire; seasaidh go daingean san gcreideamh; bidhidh go fearamhail; bidhidh tréan‐láidir. Gach a ndéanann sibh, déanaidh i ngrádh é. Impidhim oraibh, a cháirde (atá a fhios agaibh líon tighe Steafáin, gur ab iad céad‐toradh Acháia iad, agus go dtugadar iad féin chum seirbhíse na naomh), go mbéidh sibh umhal d’á leithéidibh, agus do gach duine atá ag cómhoibriú agus ag saothrú. Agus atá áthas orm mar gheall ar theacht Steafáin agus Fórtúnatuis agus Acháicuis: óir do líonadara ar fhag sibh i n‐easnamh. Óir thugadar suaimhneas spioraid damh‐sa agus daoibh‐se: bíodh meas agaibh ar a leithéidibh‐sean d’á bhrigh sin. Beannuigheann eaglaisí na hÁise dhaoibh. Beannuigheann Acuila agus Prisca go croidheamhail daoibh san Tighearna, i n‐éinfheacht leis an eaglais atá ’n‐a dtigh. Beannuigheann na bráithre go léir daoibh. Beannuighidh‐se d’á chéile le póig naomhtha. Mo bheannacht uaim‐se Pól lem’ láimh féin. Cibé duine nach ngrádhuigheann an Tighearna, bíodh sé anátema. Maran ata. Go raibh grádh an Tighearna Íosa Críost libh. Go raibh mo ghrádh‐sa agaibh go léir i nÍosa Críost. Amén. Pól, abstal Íosa Críost tré thoil Dé, agus Timótéus ár mbráthair, chum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naomhaibh go léir atá i nAcháia ar fad: Grása dhaoibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Go mbeannuightear Dia agus Athair ár dTighearna Íosa Críost, Athair na dtrócaire agus Dia gach cómhfhortachta, do‐bheir cómhfhortacht dúinn ’n‐ár n‐anró uile, chum go mbéidh ar chumas dúinn cómhfhortacht do thabhairt do na daoinibh go mbíonn buaidhirt ar bith ortha, tríd an gcómhfhortacht le n‐a bhfaighmíd féin cómhfhortacht ó Dhia. Óir dá mhéid iad pianta Chríost ionnainn, is móide ár sólás tré Chríost, leis. Agus má’s buaidhirt dúinn, is chum bhur gcómhfhortachta agus bhur slánuighthe é; nó má’s cómhfhorthacht dúinn, is chum bhur gcómhfhortachta é, ag oibriú ionnaibh, agus sibh go foighdeach ag fulang na bpianta céadna fhulaingmid‐ne: agus is daingean an dóchas atá againn ’n‐bhur dtaobh, de chionn gur ab eol dúinn, fá mar tá sibh chómhpháirteach ins na piantaibh, go bhfaighidh sibh bhur gcuid féin de’n tsólás, leis. Níorbh áil linn, a bhráithre, sibh bheith gan eolas i dtaobh an anró thárla dhúinn san Áise, go raibh trom‐ualach mór orainn do sháruigh orainn ar fad, i riocht gur bhaineamar dúil de’n bheathaidh féin: go deimhin do bhí breath báis ionnainn féin, chum nach mbéadh muinighin againn asainn féin, acht as Dia aithbheodhas na mairbh: do shaor ó n‐a chómhmór sin de bhás sinn, agus shaorfas; go bhfuil ár muinighin as go saorfaidh sé fós sinn; agus sibh‐se ag cuidiú linn le h‐athchuinghe ar ár son; chum go dtiubhraidh a lán daoine buidheachas ’n‐ár dtaobh as ucht na tíodhlaice do bronnadh orainn ar impidhe móráin. Óir is é fáth ár maoidhmheachais, fiadhnaise ár gcóinsiais, gur i naomhthacht agus i bhfíre i bhfiadhnaise Dé d’iomcharamar sinn féin san tsaoghal, ní h‐é i ngliocas colnaidhe, acht i ngrása Dé, ’n‐bhur dtaobh‐sa go mór. Óir ní scríobhaimíd chugaibh acht an méid léighfeas sibh agus aithnigheas sibh gur fíor é, agus atá súil agam go n‐aithneochaidh sibh go deireadh é: amhail mar chuir sibh a bheag nó a mhór d’aithne orainn, gur sinne adhbhar bhur maoidhmheachais, fá mar is sibh‐se adhbhar ár maoidhmheachais i ló ár dTighearna Íosa. Agus leis an dóchas so ba mhian liom teacht chugaibh roimhe seo, chum go bhfaigheadh sibh breis áthais; agus imtheacht uaibh isteach san Maiceadóin, agus teacht chugaibh arís ó’n Maiceadóin, agus go ndéanfadh sibh mo thíodhlacadh ar an mbealach dom chómh fada le h‐Iúdaea. Nuair do bhíos ar an intinn sin, an rabhas corrach? nó an chómhairle ar a gcinnim, an do réir na colna chinnim uirthi, ar mhodh go mbeadh an ’seadh agus an ní h‐eadh im’ bhéal agam i n‐éinfheacht. Acht, mar tá Dia fírinneach, ní raibh ár mbriathar daoibh‐se ’n‐á ’seadh agus ’n‐a ní h‐eadh i n‐éinfheacht. Óir Íosa Críost, Mac Dé, do sheanmóireamar daoibh, is é sin mise agus Silbhánus agus Timótéus, níor ’seadh agus ní h‐eadh é, acht ní fhuil ann acht ’seadh i gcómhnaidhe. Dá mhéid iad geallamhnacha Dé, is ann atá an ’seadh: agus d’á bhrigh sin is tríd adeirtear Amén, chum glóire Dé trínne. Agus an té dhaingnigheas sinn i n‐éinfheacht libh‐se i gCríost, is é Dia é; an té do chuir séala orainn, agus do chuir éirlis an Spioraid ’n‐ár gcroidheachaibh. Agus éilighim Dia mar fhiadhnaidhe ar m’anam, gur ar mhaithe libh‐se nach dtainig mé arís go Coirinnt. Ní h‐é go ndéanaimíd máighistreacht ar bhur gcreideamh, acht go bhfuilmíd ag cur le n‐bhur n‐áthas; óir is tré chreideamh sheasas sibh. Acht im’ thaobh‐sa, do ceapas im’ aigne nach dtiocfainn chugaibh fá dhoilgheas. Óir má chuirim doilgheas oraibh, cia h‐é fhéadas soilgheas do thabhairt dom munab é an té sin ar chuireas doilgheas air? Agus chuige sin is eadh do scríobhas an méid seo chugaibh, ar eagla, ar dteacht dom, go bhfaighinn doilgheas uatha‐san go mba cheart go mbéadh bród orm ’n‐a dtaobh; ó thárla muinighin bheith agam asaibh go léir, gur ab é mo bhród‐sa bród gach duine agaibh. Óir is fá bhuaidhirt mhóir agus fá dhoilgheas croidhe do scríobhas chugaibh le frasaibh deor, ní chum doilgheas do chur oraibh, acht chum go dtuigfeadh sibh méid an ghrádha atá agam daoibh. Acht má tháinig doilgheas de chionn duine ar bith, ní h‐orm‐sa tháinig sé, acht tháinig cuid de (gan luighe ro‐throm) oraibh go léir. Is leor do’n té úd an pionós fuair sé ó’n bhfurmhór; ionnas ’n‐a ionad sin, gur mhó ba chóir daoibh maitheamhnas agus sólás do thabhairt dó, ar eagla go sloigfidhe an té úd le h‐iomarca doilghis. Uime sin athchuinghim oraibh bhur ngrádh do dhearbhadh dhó. Óir chuige sin is eadh do scríobhas, chum go mbéadh a fhios agam, mar thastáil oraibh, an bhfuil sibh umhal san uile nidh. Cibé duine go dtugann sibh maitheamhnas dó, do‐bheirim‐se maitheamhnas dó, leis, mar, má tá rud ar bith maithte agam, is ar bhur son‐sa atá sé maithte agam i láthair Chríost; ar eagla go mbéadh buaidh ag Sátan orainn; óir ní fhuilmíd gan eolas ar a shlighthibh. Anois nuair thángas go Tróas ar son soiscéil Chríost, gidh gur fhoscail an Tighearna doras rómham, ní raibh suaimhneas ar mo spiorad, toisc nach bhfuaras mo bhráthair Títus: acht d’fhágas slán aca agus d’imthigheas go dtí an Mhaiceadóin. Acht buidheachas le Dia, threoruigheas go buadhach i gCríost sinn i gcómhnaidhe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár lámhaibh an chumhracht thig ó eolas air. Óir is sinne deagh‐chumhracht Chríost ar son Dé do’n dream atá d’á slánú, agus do’n dream atá d’á ndamnú; do dhream amháin cumhracht ó bhás chum báis, agus do’n dream eile cumhracht ó bheathaidh chum beathadh. Agus cia an duine atá oireamhnach le h‐aghaidh na neithe sin? Óir ní mar an mhór‐chuid bhímíd, ag truailliú Briathair Dé: acht labhraimíd i gCríost le fíre, mar bhéadh ó Dhia, i bhfiadhnaise Dé. An ag tosnú arís ar ár moladh féin atáimíd? nó an bhfuil gabhadh againn le litreachaibh molta chugaibh nó uaibh, mar tá ag daoinibh áirithe? Is sibh‐se ár litir, atá scríobhtha ’n‐ár gcroidheachaibh, atá d’á thuigsin agus d’á léigheamh ag an uile dhuine; mar is léir gur sibh litir Chríost do cuireadh fá n‐ár gcúram, litir do scríobhadh, ní h‐é le dubhach, acht le Spiorad Dé bhí; ní h‐é ar tháibhléadaibh cloiche, acht ar tháibhléadaibh feola. Agus is tré Chríost atá an mhuinighin seo againn i dtaobh Dé: ní h‐é gur féidir linn éinnidh d’áireamh mar bhéadh uainn féin; acht is ó Dhia thig ár gcumas; is é thug éifeacht dúinn, leis, chum bheith ’n‐ár seirbhíseachaibh do thiomna nua; ní h‐é do réir na litre, acht do réir an spioraid; óir marbhann an litir, acht do‐bheir an spiorad beatha. Agus miniostrálacht an bháis, atá greanta ’n‐a litreachaibh ar chlochaibh, má tháinig sí le glóir, i riocht nárbh fhéidir le clannaibh Israel féachaint go grinn ar ghnúis Mhaoise, mar gheall ar ghlóir a ghnúise: glóir do bhí ag dul i n‐éag: cad chuige nach mbéadh glóir is mó ’ná sin ag miniostrálacht an spioraid? Óir má tá miniostrálacht an damnuighthe glórmhar, is mó ’ná sin go mór atá miniostrálacht na fíréantachta glórmhar. Óir an nidh do‐rinneadh glórmhar, is dearbh nach ndearnadh é glórmhar san gcás so, mar gheall ar an nglóir is fearr. Óir an nidh do bhí ag dul i n‐éag, má bhí sé glórmhar, is mó ’ná sin go mór glóir an nidh atá buan. Ó thárla a leithéid seo de mhuinighin bheith againn, labhraimíd as cainnt an‐dána, agus ní fhuilmíd mar bhí Maois, do chuir folach ar a ghnúis, chum nach ndearcfadh clanna Israel go grinn ar dheireadh a raibh ag dul i n‐éag: acht do bhí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léighte an tseantiomna, fanann an folach céadna gan tógáil: folach atá curtha ar neamh‐nidh i gCríost. Acht go dtí an lá so, nuair léightear Maois, luigheann folach ar a gcroidhe. Acht nuair chasfaidh siad chum an Tighearna, tógfar an folach díobh. Anois is é an Tighearna an Spiorad; agus an áit ’n‐a bhfuil Spiorad an Tighearna, is ann atá saoirse. Acht sinne uile, ag dearcadh, mar bhéadh i scathán, ar ghlóir an Tighearna, gan folach bheith ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íomháigh chéadna ó ghlóir go glóir, mar bhéadh ó’n Tighearna an Spiorad. Ar an adhbhar sin, ó thárla an mhiniostrálacht so bheith againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní chailleann ar ár meisneach: acht thugamar cúl leis na neithibh náireacha cleachtar fá rún, agus ní bhímíd ag siubhal i ngliocas, ná ag truailliú briathair Dé, acht, ag foillsiú na fírinne dhúinn, tuillimíd moladh i gcoinsias gach duine i bhfiadhnaise Dé. Acht má tá ár soiscéal fá fholach, is ins an dream atá ag dul amugha atá sé fá fholach: san dream dí‐chreidmheach go bhfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoghail seo, chum nach ndeallróchadh solas glórmhar Chríost, íomháigh Dé, ortha. Óir ní sinn féin fhógraimíd, acht Íosa Críost mar Thighearna, agus sinn féin mar sheirbhísigh dhaoibh ar son Íosa. Óir Dia d’órduigh do’n tsolas soillsiú as lár an dorchadais, do shoillsigh sé ’n‐ár gcroidheachaibh, chum solas glóire Dé do thabhairt dúinn i ngnúis Íosa Críost. Acht atá an seod so i soighthibh cré againn, chum nach linne, acht le Dia, do luaidhfidhe an chumhacht gan teoraibh; bímíd d’ár mbrúghadh ar gach leith, gan bheith i sáinn; bímíd fá bhuaidhirt, gan dul i n‐éadóchas; curtar an tóir orainn, acht ní tréigthear sinn; buailtear síos sinn, acht ní scriostar sinn; beirimíd bású Íosa ’n‐ár gcorp i gcómhnaidhe, chum go raibh beatha Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcorp so‐mharbhtha, leis. Óir sinne atá beo bímíd de shíor d’ár gcur chum báis ar son Íosa, chum go raibh beatha Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcolainn so‐mharbhtha, leis. Mar sin bíonn an bás ag oibriú ionnainne, acht atá an bheatha ag oibriú ionnaibh‐se. Acht ó’s é an t‐aon spiorad amháin atá againn, do réir mar tá scríobhtha, Do chreideas, agus d’á bhrigh sin do labhras; creidimíd‐ne, leis; mar tá a fhios againn, an té do thóg suas an Tighearna Íosa, go dtógfaidh sé suas sinne i n‐éinfheacht le h‐Íosa, leis, agus go gcuirfidh sé ’n‐a láthair sinne i n‐éinfheacht libh‐se. Óir is ar bhur son‐sa atá an uile nidh, chum go dtéighidh an grása chum glóire Dé, agus é d’á mhéadú go mór de bhárr buidheachais an mhóráin mhóir. Uime sin ní chailleann ar ár meisneach; acht gidh go mbíonn an taobh amuigh de’n duine ag meath orainn, atá an taobh istigh de d’á athnuadhadh ó lá go chéile. Óir, ár gcrádh beag éadtrom, nach maireann acht tamall gearr, soláthruigheann sé dhúinn carn glóire síorraidhe atá gan chuimse; gan ár súile bheith ar na neithibh so‐fheicsiona, acht ar na neithibh do‐fheicsiona: óir ní thugann na neithe so‐fheicsiona acht seal, acht is síor‐bhuan iad na neithe do‐fheicsiona. Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcómhnuighmíd ar talamh, go bhfuil áitreabh ó Dhia againn, teach nach ndearnadh le lámhaibh, atá síorraidhe, ins na flaitheasaibh. Óir bímíd ag osnaighil san bpailliún so, ag súil le clúdach ár n‐áitreabha atá ó neamh: mar dhúil is go mbéidh clúdach orainn; ar mhodh nach bhfaighfear sinn lomnocht. Óir chómh fada is bhímíd san bpailliún so bímíd ag osnaighil, agus sinn fá throm‐ualach; ní h‐é go mba mhian linn bheith gan clúdach, acht bheith clúduighthe, chum go sluigfidhe a bhfuil so‐mharbhtha leis an mbeathaidh. Anois an té do chruthuigh chuige seo sinn is é Dia é, thug éirlis an Spioraid dúinn. Uime sin atá meanma againn i gcómhnaidhe, agus atá a fhios againn, chómh fada agus bhímíd ’n‐ár gcómhnaidhe san gcolainn, go bhfuilmíd as baile ó’n Tighearna (óir is do réir creidimh shiubhlaimíd, agus ní do réir radhairc); atá meanma againn, agus is mó dob’ áil linn bheith as baile ó’n gcolainn agus bheith ’n‐ár gcómhnaidhe san Tighearna. Uime sin, cia aca san mbaile nó as baile dhúinn, is é chuirimíd rómhainn a dheaghthoil do dhéanamh. Óir caithfimíd uile dul i láthair cathaoireach breitheamhnais Chríost; chum go bhfaigheadh gach aoinneach cúiteamh a ndearna sé san gcolainn, do réir a ghníomhartha, cia aca maith nó olc iad. Mar sin de, de bhrigh gur ab eol dúinn eagla an Tighearna, táimíd d’iarraidh na daoine do spreagadh, agus aithnigheann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aithnigheann sibh‐se ’n‐bhur gcroidheachaibh sinn, leis. Ní fhuilmíd g‐ár moladh féin arís daoibh, acht atáimíd ag tabhairt faille dhaoibh bheith gár moladh, chum go mbéidh freagra agaibh do’n dream do‐ghní bród do réir deallraimh, ní do réir croidhe. Óir má táimíd ar easbaidh céille, is ar son Dé é; nó má táimíd ’n‐ár gcéill, is ar bhur son‐sa é. Óir atá grádh Chríost d’ár mbrostú, mar is amhlaidh bhreathnuighmíd, má fuair duine amháin bás ar son an uile dhuine, go bhfuaradar uile bás; agus go bhfuair seisean bás ar son an uile dhuine; chum nach mairfeadh siad‐san atá beo dhóibh féin as sin amach, acht do’n té fuair bás agus d’aiséirigh ar a son. Ar an adhbhar sin, ní aithnighmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raibh aithne againn ar Chríost do réir na colna, ní fhuil aithne againn air ar an gcuma sin anois. Ar an adhbhar sin, má tá aoinneach i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireadh leis na sean‐neithibh; atáid déanta as an nua. Agus is ó Dhia atá gach uile nidh, do réidhtigh leis féin sinn tré Chríost, agus thug miniostrálacht an réidhtigh dhúinn, is é sin, go raibh Dia i gCríost ag réidhteach an tsaoghail leis féin, gan cionnta na ndaoine do chur ’n‐a leith: agus thug sé dhúinn briathar an réidhtigh. Mar sin de atáimíd ’n‐ár dtaidhleoiribh ar son Chríost, amhail mar bhéadh Dia ag impidhe oraibh trínne: impighmíd oraibh as ucht Chríost réidhteach do dhéanamh le Dia. Óir thug sé airsean, do bhí gan eolas ar an bpeacadh, thug sé air bheith ’n‐a pheacadh ar ár son, chum go ndéanfaidhe fíréantacht Dé dhínne ann. Agus ag obair i n‐éinfheacht leis dúinne, impighmíd oraibh gan grása Dé do ghlacadh go díomhaoin. Óir dubhairt sé, I n‐am oireamhnach d’éisteas leat, Agus i ló an tslánuighthe do chabhruigheas leat. Féach, anois an t‐am oireamhnach; féach, anois lá an tslánuighthe; gan adhbhar tuislidh do thabhairt d’aon duine, chum nach bhfaghtar locht ar ár miniostrálacht; acht cruthaimís gur seirbhísigh Dé sinn, i bhfoighid mhóir, i gcruadhtan, i riachtanas, i ngéibheann, i mbuillibh, i bpríosúnaibh, i n‐achrannaibh, i ndian‐tsaothar, i bhfaireachán, i dtroscaidhibh; i ngeanmhaidheacht, i n‐eolas, i bhfad‐fhulang, i gcáirdeamhlacht, san Spiorad Naomh, le grádh gan ceilg, i mbriathar na fírinne, i gcumhacht Dé; le h‐armaibh fíréantachta i gcómhair na láimhe deise agus clé, fá onóir agus fá easonóir, fá dheagh‐chlú agus fá mí‐chlú; mar mhealltóirí, acht mar dhaoine fíora; mar dhaoine nach n‐aithnightear, acht aithnightear ’n‐a aimhdheoin sin; mar dhaoine atá ag saothrú an bháis, agus, féach, atáimíd beo; mar dhaoine curtar fá smacht, gan bheith marbhtha; mar dhaoine brónacha, acht ag déanamh áthais i gcómhnaidhe; mar dhaoine bochta, acht ag bronnadh saidhbhris ar a lán; mar dhaoine nach bhfuil rud ar bith aca, acht gur leo gach uile rud. A Choirinnteacha, atá ár mbéal ar fhoscailt daoibh, atá fairsinge croidhe againn. Ní fhuil aon chumhangas croidhe againn ’n‐bhur dtaobh, acht is ’n‐bhur gcroidheachaibh atá an cumhangas. Anois, chum cúiteamh de’n tsaghas céadna do thabhairt damh‐sa (ag labhairt mar labharfainn lem’ cháirdibh féin atáim), bidhidh fairsing mar an gcéadna. Ná bidhidh fá chuing i n‐éinfheacht le lucht dí‐chreidimh: óir cia an cáirdeas atá ag fíréantacht le h‐éagcóir? nó cia an cumann atá ag an solas leis an dorchacht? Agus cia an chómhaontú atá ag Críost le Bélial? nó cia an chuid atá ag an duine chreideas agus ag an duine nach gcreideann le chéile? Agus cia an cóimhcheangal atá idir teampall Dé agus íodhla? óir is sinne teampall Dé bhí; mar adubhairt Dia, Déanfad cómhnaidhe ’n‐a measc, agus siubhalfad ’n‐a measc; béidhead‐sa im’ Dhia aca, agus béidhid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa. D’á bhrigh sin, Tagaidh amach as a lár, Agus bidhidh ar deaghailt, Adeir an Tighearna, Agus ná bíodh aon bhaint agaibh leis an rud neamh‐ghlan; Agus glacfad chugam sibh, Agus béidhead mar Athair agaibh, Agus béidh sibh‐se mar chlann‐mhac agus mar chlann‐inghean agam, adeir an Tighearna Uile‐chumhachtach. Ó thárla na geallamhnacha sin bheith againn, a cháirde ionmhaine, glanaimís dínn féin gach smál colna agus spioraid, ag cur naomhachta i gcrích i n‐eagla Dé. Déanaidh slighe ’n‐bhur gcroidheachaibh dúinn: ní dhearnamar éagcóir ar aon duine, níor scriosamar aon duine, níor mheallamar aon duine. Ní chum locht do chur ’n‐bhur leith adeirim é seo, óir adubhras cheana go bhfuil sibh ’n‐ár gcroidheachaibh chum bás agus beatha d’fhágháil i n‐éinfheacht libh. Is mór an mhuinighin atá agam asaibh, is mór an t‐adhbhar maoidhmheachais atá agam ’n‐bhur dtaobh: atáim thar a bheith lán d’áthas i lár ár n‐amhgair. Óir, ar dteacht san Maiceadóin dúinn, ní raibh suaimhneas colna againn, acht do bhíomar go buaidheartha ar gach leith; bruigheanta ar an taobh amuigh, eagla ar an taobh istigh. Acht Dia, do‐bheir sólás do na daoinibh atá i n‐ísle bhrighe, thug sé sólás dúinn le teacht Títuis; agus ní h‐é amháin de bhárr a theachta‐san, acht de bhárr an tsóláis fuair sé uaibh‐se, leis, agus é ag innsin dúinn i dtaobh bhur dtnúith mhóir, i dtaobh bhur n‐éagcaoine, i dtaobh bhur dteas‐ghrádha dhamh‐sa; ar mhodh gur mhóide go mór mo gháirdeachas d’á bhárr. Óir bíodh gur chuireas doilgheas oraibh lem’ litir, ní truagh liom é, gidh go raibh truagh orm; mar is léir dom gur chuir an litir sin cumha oraibh, gidh nár chuir acht ar feadh tamaill. Anois atá áthas orm, ní h‐é i dtaobh doilgheas do chur oraibh, acht de chionn gur cuireadh doilgheas chum aithrighe oraibh: óir is doilgheas diadha do cuireadh oraibh, chum nach ndéanfaidhe aon dochar daoibh d’ár gcionn. Óir do‐bheir an doilgheas diadha aithrighe chum slánuighthe nach dtugann aithmhéala: acht do‐bheir doilgheas an tsaoghail an bás. Mar féach, an nidh céadna so, gur cuireadh doilgheas diadha oraibh‐se an dúthracht d’oibrigh sé ionnaibh, agus an leithscéaladh, agus an díombuaidh, agus an eagla, agus an tnúthán, agus an díoghrais, agus an díolaidheacht! Do chruthuigh sibh bheith glan ar fad san gcás so. D’á bhíthin sin, má scríobhas féin chugaibh, ní ar son an té do‐rinne an éagcóir é, ná ar son an té d’fhulaing í, acht chum go mbéadh bhur ndíoghrais ’n‐ár dtaobh‐na soiléir i bhfiadhnaise Dé. Ar an adhbhar sin fuaramar sólás, acht ba mhóide ár sólás áthas Thítuis, toisc go bhfuair a spiorad breis meanma uaibh go léir. Óir má rinneas maoidhmheachas ar bith ’n‐bhur dtaobh‐sa leis, níor náirigheadh mé; acht fá mar labhramar i gcómhnaidhe libh do réir na fírinne, an maoidhmheachas do‐rinneamar ós cómhair Thítuis, fríth é bheith fírinneach. Agus is mó ’ná sin toil a chroidhe‐sean daoibh‐se, ag cuimhneamh dhó ar umhlaidheacht gach duine agaibh, mar d’fháiltigh sibh roimhe le h‐eagla agus le criothnú. Atá áthas orm gur féidir liom muinighin bheith agam asaibh ar gach slighe. Anois, a bhráithre, ba mhaith liom grása Dé tugadh i n‐eaglaisibh na Maiceadóine do chur i n‐iúl daoibh: cionnas mar mhéaduigh fairsinge a bhféile de bhárr líonmhaireachta a n‐áthais agus a mbochtaine móire, agus iad fá bhuaidhreamh an‐mhór. Óir de réir a n‐acfuinne, is eadh, agus thar a n‐acfuinn, do‐bheirim m’fhiadhnaise air, go dtugadar d’á saor‐thoil féin, ag iarraidh an ghrása so go dian orainn, bheith chómhpháirteach i bhfriotháileamh na naomh: agus sin, ní h‐é mar bhíomar ag súil leis, acht ar dtús go dtugadar iad féin do’n Tighearna, agus dúinne de thoil Dé. Ar mhodh gur spreagamar Títus, fá mar thosnuigh sé cheana air, go gcuirfeadh sé an grása so chum críche ionnaibh‐se, leis. Acht ó tá sibh iomlán san uile nidh, i gcreideamh, i n‐urlabhra, agus i n‐eolas, agus san uile dhúthracht, agus ’n‐bhur ngrádh dhúinne, bíodh an grása so go h‐iomlán, leis. Ní abraim é seo chum órdú do thabhairt acht mar dhúil is go bhféachfainn an bhfuil sibh dá ríribh ’n‐bhur ngrádh tré dhúthracht na ndaoine eile. Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean. Is é an tuairim atá agam san gcás so, gur ceart daoibh‐se ba thúisce do thosnuigh, atá bliadhain ó shoin, ní h‐é amháin ar rud do dhéanamh, acht ar bheith toilteanach chuige, leis. Uime sin cuiridh críoch ar a dhéanamh, leis, chum go mbéidh críoch iomlán air do réir bhur n‐acfuinne, fá mar tá sibh toilteanach chuige. Óir má tá an deagh‐thoil ann, glactar léi do réir a bhfuil ag duine, ní h‐é do réir a bhfuil i n‐easnamh air. Óir ní chum sócamhail daoine eile adeirim é, agus cruadhtan bheith oraibh‐se: acht chum cothrom do dhéanamh; bhur bhfearasbárr an t‐am so láithreach bheith le h‐aghaidh a riachtanais‐sean, chum go dtéighidh a bhfearasbárr‐san le h‐aghaidh bhur riachtanais‐se, leis; ar mhodh go mbéidh cothrom ann; mar ta scríobhtha, An té do chnuasaigh mórán, ní raibh fuighleach aige; agus an té do chnuasaigh beagán, ní raibh easbaidh air. Acht buidheachas le Dia, do chuir an dúthracht céadna ’n‐bhur dtaobh i gcroidhe Thítuis. Óir ní h‐é amháin gur ghlac sé go fonnmhar le n‐ár n‐impidhe: acht ó bhí sé féin go dúthrachtach, d’imthigh sé chugaibh d’á thoil féin. Agus atáimíd ag cur bráthar i n‐éinfheacht leis, fear go bhfuil a dhéightheist san tsoiscéal leathta ar fud na n‐eaglais uile: agus ní h‐é sin amháin é, acht gur thogh na h‐eaglaisí é chum bheith mar chomráda bóthair againn i dtaobh an ghrása so atá d’á fhriotháileamh againn chum glóire an Tighearna, agus chum ár ndeagh‐thoil do chur i n‐umhail: g‐á sheachaint go mbéadh aon locht le fágháil orainn i dtaobh na flúirse atá le dáileamh againn: óir is mian linn gach nidh do dhéanamh go h‐onórach, ní h‐é amháin i bhfiadhnaise Dé, acht i bhfiadhnaise na ndaoine. Agus atáimíd ag cur ár mbráthar i n‐éinfheacht leo, fear atá dearbhtha go minic againn bheith níos dúthrachtaighe ’n‐a lán neithe, agus bheith níos dúthrachtaighe ná sin anois, mar gheall ar an muinighin mhóir atá aige asaibh‐se. I dtaobh Thítuis, is é mo chómhpháirtidhe agus mo chómhoibrightheoir ’n‐bhur dtaobh‐sa é: agus maidir le n‐ár mbráithribh, is iad abstail na n‐eaglais iad, glóir Chríost. Tabhraidh dhóibh, mar sin, dearbhadh bhur ngrádha i bhfiadhnaise na n‐eaglais, agus dearbhadh an mhaoidhmheachais do‐ghnímíd asaibh. I dtaobh friothálmha na naomh, ní gábhadh dhom scríobhadh chugaibh: óir is eol dom a thoilteanaighe atá sibh, go mbím ag déanamh maoidhmeachais ’n‐a thaobh asaibh le muinntir na Maiceadóine, go bhfuil Acháia ullamh le bliadhain anuas: agus do bhrostuigh bhur ndíoghrais an chuid is mó aca. Acht atáim ag cur na mbráthar, chum nach maoidhmheachas i n‐aisce do bhéadh againn asaibh san gcás so: chum go mbéadh sibh ullamh, mar tá ráidhte agam: ar eagla, má thagann Maiceadónaigh i n‐éinfheacht liom, agus go bhfaighidh siad sibh gan bheith ullamh, go náireochaidhe sinn (gan sibh‐se do luadh) fá mhéid na muinighne seo. Uime sin do mheasas gurbh éigean a impidhe ar na bráithribh dul chugaibh‐se ar dtús, agus an bronntanas do bhí geallta agaibh do chur i dtreo roimh ré, chum go mbéadh sé ullamh, ní mar bhéadh sainnt, acht mar bhéadh féile ann. Agus cuimhnighidh air seo, An té chuireas go gann, is gann bhainfeas sé; agus an té chuireas go fial, is fial bhainfeas sé. Tabhradh gach aoinneach do réir mar tá ceaptha ’n‐a chroidhe aige, gan bheith doicheallach, ná gan dul i n‐éadan a thola, óir is geal le Dia an té bhronnas go fáilteach. Agus is féidir le Dia bhur líonadh de’n uile ghrás; chum, ar mbeith bhur sáith de gach nidh i gcómhnaidhe agaibh, go mbéidh acfuinn chum gach deagh‐ghnó agaibh: mar tá scríobhtha, Do scaip sé go fial, do bhronn sé ar bhochtaibh; Maireann a fhíréantacht de shíor. Agus an té do‐bheir síol do’n tsíoladóir agus arán mar bhiadh, soláthróchaidh agus méadóchaidh sé síol chum curtha dhaoibh, agus méádóchaidh sé toradh bhur bhfíréantachta: ar mbeith dhaoibh saidhbhir ar gach slighe chum gach féile, go dtagann mór‐bhuidheachas do Dhia trínne as. Óir ní h‐é amháin go bhfóireann miniostrálacht an chonganta so ar riachtainisibh na naomh, acht leanann mórán buidheachais do Dhia d’á bhárr; agus mar gheall ar an dearbhadh do‐bheir an congnamh so, molann siad Dia as ucht bhur n‐umhlachta do shoiscéal Chríost admhuigheas sibh, agus as ucht fairsinge bhur dtabhartais dóibh‐sean agus do’n uile dhuine; agus san urnaighe dhóibh ar bhur son, leis, bíonn grádh aca dhaoibh as ucht mór‐ghrása Dé atá ionnaibh. Buidheachas do Dhia as ucht a thíodhlaice do‐innste. Anois, athchuinghim‐se, Pól, bhíos úiríseal ’n‐bhur measc, agus mé ’n‐bhur láthair, acht bhíos an‐dána ’n‐bhur dtaobh agus mé as láthair, as ucht caoimhe agus mánlachta Chríost, impidhim oraibh, nuair bhéidhead ’n‐bhur láthair, nach mbéidh d’fhiachaibh orm bheith dána do réir mar mheasaim gur cóir dom bheith dána i n‐aghaidh daoine áirithe mheasas gur ag siubhal do réir na colna atáimíd. Óir má shiubhlaimíd san gcolainn féin, ní do réir na colna throidimíd; óir ní de’n cholainn ár n‐airm troda, acht atá siad cumasach ó Dhia chum daingne do leagadh; bíonn samhlaidheacht, agus gach árd‐aidhm chuireas i n‐aghaidh eolais Dé d’á leagadh againn, agus gach smaoineadh d’á chur fá smacht na h‐umhlachta do Chríost; agus bímíd ullamh chun díoghaltas d’imirt ar gach easumhlacht, chómh luath is bhíos sibh‐se ag umhlú go h‐iomlán. Ní fheiceann sibh acht a mbíonn rómhaibh. Má chreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanadh sé athsmaoineadh leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab amhlaidh dhúinne. Óir bíodh go ndéanfainn beagán maoidhmheachais san mbreis as ár h‐ughdarás (thug an Tighearna dhúinn chum bhur leasuighthe, ní chum sibh do leagadh), ní h‐aon adhbhar náire dhom é: ar mhodh nach measfaidhe mé mar bhéinn d’iarraidh eagla do chur oraibh lem’ litreachaibh. Óir, is é adeirid, Bíonn a litreacha tréan, borb, acht ní mór le rádh a phearsa agus é i láthair, agus bíonn a chainnt gan éifeacht. Measadh a leithéid sin, do réir mar bhímíd do réir ár bhfocail ’n‐ár litreachaibh, gur mar sin bhímíd i ngníomharthaibh, agus sinn i láthair. Óir ní lámhaimíd sinn féin d’áireamh, nó do chur i gcóimheas le daoine áirithe bhíos g‐á moladh féin: acht g‐á dtómhas féin dóibh, agus g‐a gcur féin i gcóimheas le chéile, atáid gan tuigsin. Acht ní dhéanfaimíd‐ne maoidhmheachas as miosúr, acht do réir an mhiosúir do chuir Dia mar theorainn linn, miosúr shíneas chómh fada libh‐se. Óir ní shínimíd‐ne thar teorainn amhail mar nár shíneamar chómh fada libh‐se: óir is chugaibh‐se ba thúisce thángamar le soiscéal Chríost: ní ag maoidheamh as miosúr dúinn as a ndearna daoine eile; acht atá súil againn, do réir mar mhéaduigheas bhur gcreideamh, go leathnóchar ár dteora n‐bhur measc chómh mór sin go seanmóirfimíd an soiscéal ins na críochaibh ar an taobh thall díbh, gan maoidheamh as a bhfuil déanta cheana taobh istigh de theorainn aon duine eile. Acht an té do‐ghní maoidhmheachas, déanadh sé as an Tighearna é. Óir ní h‐é an té mholas é féin atá ionmholta, acht an té go molann an Tighearna é. Ba mhian liom go bhféadfadh sibh beagán dith‐céille d’fhulang uaim: acht cheana atá sibh ag fulang liom. Óir atáim éadmhar libh le h‐éad diadha: óir thugas le pósadh sibh d’fhear amháin, chum sibh do thabhairt mar mhaighdin gan smál do Chríost. Acht is eagal liom, fá mar mheall an nathair Éabha le n‐a ghliocas, go dtruailleochaidhe bhur smaointe ar aon chor ó’n tsimplidheacht agus ó’n ngeanmnaidheacht i dtaobh Chríost. Óir má thagann duine ag seanmóiriú Chríost eile nár sheanmóruigheamair‐ne, nó má ghlacann sibh spiorad eile nár ghlacamar leis, nach breagh mar fhulaingeann sibh leisean? Óir measaim nach bhfuil tosach ag na h‐abstalaibh mór‐luachacha úd orm‐sa. Acht má’s fíor féin gur beag le rádh fá chainnt mé, ní mar sin dom fá eolas: mar do chruthuigheamar ’n‐bhur measc é go h‐iomlán ar gach slighe. Nó ar pheacadh dhom m’ísliú féin chum sibh d’árdú? de chionn gur sheanmóruigheas soiscéal Dé i n‐aisce dhaoibh? Do chreachas eaglaisí eile, ag glacadh tuarastail uatha chum seirbhís do dhéanamh dhaoibh‐se; agus nuair do bhíos ’n‐bhur láthair, agus mé i ngábhatar, ní rabhas mar ualach ar aon duine; óir na bráithre, ag teacht ó’n Maicheadóin dóibh, thugadar dom gach a raibh i n‐éasnamh orm; agus ar gach slighe do choisceas mé féin ar bheith mar ualach oraibh, agus coiscfead. Mar tá fírinne Chríost ionnam, ní chuirfidh aon duine stad liom san adhbhar maoidhmheachais seo agam i gcríochaibh Acháia. Cad chuige? Toisc gan grádh bheith agam daoibh‐se? Is ag Dia atá a fhios sin. Acht an méid do‐ghním, leanfad de, chum nach dtugad faill do’n dream gur mian leo faill d’fhágháil; chum go bhfaighfidhe iad bheith chómhchosmhail linne i dtaobh an nidh atá mar adhbhar maoidhmheachais aca. Óir is abstail bhréige a leithéidí sin, oibridhthe mealltacha, g‐á gcur féin i gcló abstal Chríost. Agus ní h‐aon iongnadh é sin; mar chuireann Sátan féin cló aingil solais air féin. D’á bhrigh sin, ní h‐aon rud mór a sheirbhísigh bheith g‐á n‐aistriú féin i gcló seirbhíseach fíréantachta mar an gcéadna; dream gur do réir a ngníomhartha bhéas a gcríoch dhéidheannach. Adeirim arís, Ná measadh aoinneach gur duine dith‐céillidhe mé; má mheasann sibh‐sé e, glacaidh liom mar dhuine dith‐céillidhe, agus leigidh dhom beagán maoidhmheachais do dhéanamh. An méid adeirim, ní do réir an Tighearna adeirim é, acht mar bhéadh do réir dith‐céille, le teann maoidhmheachais. Ó thárla a lán bheith ag maoidheamh do réir na colna, maoidhfead‐sa mar an gcéadna. Óir sibh‐se atá chómh céillidhe sin, fulaingeann sibh go fonnmhar le lucht dith‐céille. Óir má chuireann duine fá dhaoirse sibh, má chreachann sé sibh, má mheallann sé sibh, má éirigheann sé uaibhreach, má bhuaileann sé san éadan sibh, fulaingeann sibh leis. Labhraim ’gam’ cháineadh féin, amhail mar bhéimís ro‐lag. Acht má tá adhbhar dánaidheachta ag duine ar bith (ag labhairt go dith‐céillidhe atáim) atáim‐se dána, leis. An Eabhraidhigh iad‐san? Is eadh mise, leis. An Israelítigh iad? Is eadh mise, leis. An clann Abrachaim iad? Is eadh mise, leis. An seirbhísigh Chríost iad (ag labhairt mar dhuine atá as a chéill atáim), is mó ’ná sin mise; ní ba dhúthrachtaighe i saothar, i bpríosúnaibh ní ba mhinicighe, dom’ sciúirseadh as miosúr, i mbaoghal báis go minic. Fuaras dhá fhichid buille, acht ceann amháin, cúig uaire ó na h‐Iúdachaibh. Do buaileadh le slataibh trí h‐uaire mé, do gabhadh de chlochaibh orm uair amháin, d’fhulaingeas long‐bhriseadh trí h‐uaire, do chaitheas lá go n‐oidhche ar an aibhéis mhóir; go minic ar turasaibh, i ngábhadh aibhne, i ngábhadh ó ghadaidhthibh, i ngábhadh óm’ chineadh féin, i ngábhadh ó na Págánachaibh, i ngábhadh i mbailtibh móra, i ngábhadh san bhfásach, i ngábhadh mara, i ngábhadh i measc bráthar bréige; i saothar agus i gcruadhtan, i bhfaireachán go minic, i dtroscadh go minic, fá ocras agus fá lomnochtaighe. I gcionn na neithe sin taobh amuigh dhíom, atá an gnó bhíos ’gam’ chrádh gach lá, imnidhe fá na h‐eaglaisibh uile. Cia h‐é atá lag gan mise bheith lag? Cia h‐é go mbaintear tusleadh as, agus nach mbím dom’ loscadh? Má chaithfead maoidhmheachas do dhéanamh, is as neithibh bhaineas lem’ laige mhaoidhfead. Atá a fhios ag Dia, ag Athair an Tighearna Íosa Críost atá beannuighthe go síorraidhe, nach bréag atáim d’innsint. I nDamaisc dom, an goibhearnóir atá fá cheannas Arétais rí, do chonbhuigh sé gárda ar chathair na nDámaisceach, d’fhonn mise do ghabháil: agus do leigeadh mé síos tré fhuinneoig i gciseán le h‐ais an bhalla, gur éaluigheas ó n‐a lámhaibh. Caithfidh mé maoidhmheachas do dhéanamh, gidh nach bhfuil sé tairbheach; acht tiocfad go dtí aislingí agus taidhbhridhthe ó’n Tighearna. Is aithnid dom fear i gCríost, ceithre bliadhna ó shoin (cia aca san cholainn, ní fheádar; nó taobh amuigh de’n cholainn, ní fheadar; is ag Dia atá a fhios); a leithéid sin d’fhear do fuaduigheadh suas chómh fada leis an treas flaitheas. Agus is eol dom an fear sin (san cholainn, nó taobh amuigh de’n cholainn dó, ní fheadar; is ag Dia atá a fhios), gur fuaduigheadh é suas go Párrthas, agus go gcuala sé briathra do‐innste, nach cuibhe do’n duine d’aithris. Déanfad maoidhmheachas as a leithéid sin, acht ní dhéanfad maoidhmheachas asam féin, munab as mo laigeachtaibh é. Óir dá mba mhian liom maoidhmheachas do dhéanamh, ní bhéidhead díth‐chéillidhe; óir déarfad an fhírinne: acht staonaim uaidh, ar eagla go mbéadh meas ag aon duine orm thar a bhfeiceann sé bheith ionnam, nó thar a gcluineann sé uaim. Agus mar gheall ar fheabhas na dtaidhbhreadh sin, ar eagla go mbéadh móráil thar fóir orm, tugadh dhom dealg san bhfeoil, teachtaire Shátain chum mo chiaptha, chum nach ndéanfainn mórtas thar fóir. D’impidheas ar an Tighearna ’n‐a thaobh sin trí h‐uaire go dtógfaidhe uaim é, agus adubhairt sé liom, Is leor duit mo ghrása: óir is i laige nochtar mo chumhacht‐sa. Uime sin is móide dhéanfad mórtas as mo laige, chum go mbéidh cumas Chríost mar dhídean orm. D’á bhrigh sin bainim aoibhneas as na laigeachtaibh, as na maslaibh, as na géirleanamhaintibh, as na h‐anachnaibh, ar son Chríost, óir is i n‐am mo laige is mó bhím láidir. Atá duine dith‐céillidhe déanta agam díom féin: acht is sibh‐se do chuir d’fhiachaibh orm é; óir ba cheart go bhfaighinn moladh uaibh: óir gidh nach éinnidh ionnam féin mé, ní fhuilim ar deireadh i gcomórtas leis na h‐abstalaibh is áirde clú. Do rinneadh cómharthaí abstail ’n‐bhur measc le mór‐fhoighid, le míorbhailtibh, le h‐iongantaisibh agus le mór‐chumhachtaibh. Óir cia an leath‐chuma do rinneadh oraibh‐sa thar a rinneadh ar na h‐eaglaisibh eile, munarbh é nach raibh mé féin mar throm‐ualach oraibh? maithidh dhom an éagcóir sin. Feachaidh, seo í an treas uair atáim ullamh chum teacht chugaibh; agus ní bhéidead mar ualach oraibh, óir ní h‐é bhur gcuid atáim do shanntú, acht sibh féin: óir ní h‐iad an chlann gur dual dóibh soláthairt fá chómhair na dtuismightheoir, acht gur dual na tuismightheoiribh soláthairt do’n chlainn. Agus is le fonn chaithfead‐sa mo chuid airgid, agus béidhead dom’ chaitheamh féin mar mhaithe le n‐bhur n‐anmannaibh. Dá mhéid é mo ghrádh dhaoibh, an amhlaidh an lugha‐de bhur ngrádh dhamh‐sa é? Bíodh gur fíor nach rabhas féin mar ualach oraibh; acht is amhlaidh bhíos ro‐ghlic daoibh, agus do mheallas lem’ chleasaibh sibh! An bhfuaras brabach ar bith de bhárr aon duine d’ár chuireas chugaibh? D’impidheas ar Thítus dul, agus do chuireas an bráthair i n‐éinfheacht leis. An bhfuair Títus aon bhrabach oraibh? nach i n‐aon Spiorad amháin do shiubhlamar? nach aon lorg amháin do leanamar? Measann sibh ar feadh an ama so gur ag cumadh leithscéil atáimíd. Is i bhfiadhnaise Dé labhraimíd i gCríost. Is ar mhaithe libh‐se, a chairde ionmhaine, adeirim gach nidh. Óir is eagal liom, nuair thiocfad, nach bhfaighead sibh bheith mar ba mhian liom, agus go bhfaigheadh sibh mise gan bheith mar nár mhian libh; ar eagla, b’fhéidir, go mbéadh achrann, formad, fearg, deaghailt, cúl‐chainnt, bíodán, éirghe‐i‐n‐áirde, círéibh; ar eagla, nuair thiocfad arís, go n‐umhlóchaidh Dia ’n‐bhur measc mé, agus go mbéidh orm a lán díobh‐san do chaoineadh do rinne peacadh cheana, gan aithrighe do dhéanamh san míoghlaine, agus san striapachas, agus san drúis do chleachtadar. Is í seo an treas uair dom ag teacht chugaibh. Ar fhiadhnaise beirte nó triúir bunóchar gach focal. Adubhras libh cheana nuair bhíos láithreach an dara h‐uair, agus anois, ar mbeith as láthair dom, fógraim do na daoinibh do rinne peacadh, agus do na daoinibh eile, má thagaim arís, nach ndéanfad truagh dhaoibh; ó tá sibh ag iarraidh a chruthú gur ab é Críost atá ag labhairt ionnam; an té nach bhfuil lag ’n‐bhur dtaobh, acht atá cumhachtach ’n‐bhur measc. Óir má’s fíor gur céasadh é tré laige, maireann sé beo tré chumhacht Dé. Óir atáimíd féin lag i n‐éinfheacht leis, acht mairfimíd beo i n‐éinfheacht leis de bhárr cumhachta Dé ’n‐bhur dtaobh. Scrúduighidh sibh féin, d’fhéachain an bhfuil sibh san gcreideamh; déanaidh fromhadh oraibh féin. Nó nach bhfuil a fhios agaibh féin go bhfuil Íosa Críost ionnaibh? munab amhlaidh gur daoine iondamanta sibh. Acht atá súil againn go dtuigfidh sibh nach daoine iondamanta sinne. Anois athchuinghim ar Dhia nach ndéanfaidh sibh olc ar bith; ní h‐é chum go measfaidhe sinn bheith ionmholta, acht le fonn go ndéanfaidh sibh‐se an chóir, agus go measfaidhe sinne bheith iondamanta. Óir ní féidir linn éinnidh do dhéanamh i n‐aghaidh na fírinne, acht ar son na fírinne. Óir bíonn luthgháir orainn nuair bhímíd lag, agus sibh‐se bheith láidir: agus is é rud ghuidhmíd, sibh‐se bheith foirbhthe ar fad. D’á bhrigh sin atáim ag scríobhadh na neithe seo, agus mé as láthair, fá mar thug an Tighearna ughdarás chum leasuighthe, agus ní chum leagtha dhom. I ndeireadh scéil, a bhráithre, slán agaibh. Bidhidh foirbhthe, bíodh meisneach agaibh; bidhidh ar aon intinn le chéile; cómhnuighidh i síothcháin: agus fanfadh Dia an ghrádha agus na síothchána agaibh. Beannuighidh d’á chéile le póig naomhtha. Beannuigheann na naoimh go léir daoibh. Go raibh grása an Tighearna Íosa Críost, agus grádh Dé, agus comaoin an Spioraid Naoimh agaibh go léir. Pól, abstal (ní ó dhaoinibh, agus ní tríd an duine, acht tré Íosa Críost, agus tré Dhia, an tAthair, do thóg ó na marbhaibh é), agus na bráithre uile atá im’ fhochair, chum eaglaisí Ghalátia: grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia an tAthair, agus ó n‐ár dTighearna Íosa Críost, thug é féin i n‐éiric ár bpeacaidhe, chum go saorfadh sé ó’n aois uilc so atá ann de láthair, do réir tóla ár nDé agus ár nAthar, dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal. Amen. Is mór is iongnadh liom sibh bheith chómh luath sin ag iompodh ó’n té do ghlaodh i ngrása Chríost sibh, chum soiscéil eile; ní h‐é gur soiscéal eile é: acht go bhfuil dream áirithe ann atá ag déanamh buaidhearth a dhaoibh, agus gur mian leo soiscéal Chríost do chur bun os cionn. Acht dá bhfógradh sinne nó aingeal as na flaitheasaibh soiscéal eile dhaoibh seachas an soiscéal d’fhógramair‐ne dhaoibh, bíodh sé malluighthe. Mar tá ráidhte againn cheana, adeirim arís é, Má fhógrann aon duine soiscéal ar bith seachas an soiscéal fuarabhar, bíodh sé malluighthe. Óir an é do dhaoinibh, nó do Dhia go bhfuilim d’iarraidh sásamh do thabhairt? nó an bhfuilim d’iarraidh taithneamh do thabhairt do dhaoinibh? Dá mbéinn fós d’iarraidh taithneamh do thabhairt do dhaoinibh, ní bhéinn im’ sheirbhíseach ag Críost. Óir do‐bheirim le fios daoibh, a bhráithre, i dtaobh an tsoiscéil d’fhógras, nach dó réir an duine é. Óir ní ó’n duine fuaras é, agus níor múineadh é dhom, acht tháinig sé chugam tré thaisbeánadh Íosa Críost. Óir do chualabhar i dtaobh mo shaoghail roimhe seo i gcreideamh na nIúdach, cionnas mar rinneas géirleanmhain as miosúr ar eaglais Dé, g‐á scrios: agus gur mhó do chuadhas ar aghaidh i gcreideamh na nIúdach ’ná a lán daoine dem’ chómhaois féin i measc muinntire mo chinidh, agus mé i bhfad ní ba dhúthrachtaighe i dtaobh gnáth‐nósann mo shinnsir. Acht nuair ba é deagh‐thoil Dé é, do chuir ar leith mé ó bhroinn mo mháthar, agus do ghlaodh tré n‐a ghrása mé, chum a Mhac d’fhoillsiú ionnam, chum go bhfógróchainn i measc na gCineadhach é; ar an láthair sin ní dheachas i gcómhairle feola agus fola: agus níor mhó nach ndeachas suas go h‐Iarúsalem chum na ndaoine do bhí ’n‐a n‐abstalaibh rómham: acht d’imthigheas chum na h‐Aráibe; agus tháinig mé ar ais go Damaisc. I gcionn trí bliadhan ’n‐a dhiaidh sin do chuadhas suas go h‐Iarúsalem chum aithne do chur ar Chéfas, agus d’fhanas cúig lá déag ’n‐a chuideachtain. Acht ní fhacas aon duine eile de na h‐abstalaibh, acht amháin Séamas, dearbhráthair an Tighearna. Anois i dtaobh na neithe atá agam g‐á scríobhadh chugaibh, féach, i bhfiadhnaise Dé, ní bréag atáim d’innsint. ’N‐a dhiaidh sin tháinig mé isteach i gcríochaibh Shiria agus Chilicia. Agus do bhíos gan aithne súl bheith ag eaglaisibh Iúdaea do bhí i gCríost orm: ní chualadar d’á rádh acht, An té do rinne géirleanmhain orainn roimhe seo, atá sé anois ag fógairt an chreidimh go ndearna sé léirscrios air tráth; agus thugadar glóir do Dhia im’ thaobh. Annsin i gcionn ceithre bliadhan déag ’n‐a dhiaidh sin do chuadhas suas go h‐Iarúsalem arís i n‐éinfheacht le Barnabas, ag tabhairt Títuis liom, chómh maith. Agus is do réir taisbeánta do chuadhas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal fhógraim i measc na gCineadhach, acht os íseal rómpa‐san ba mhó clú, ar eagla, ar chor ar bith, go mbéinn ag rith, nó go rabhas ag rith gan éifeacht. Acht níor cuireadh d’fhiachaibh ar Thítus féin do bhí i n‐éinfheacht liom, a thimcheall‐ghearradh, gidh gur Ghréagach é: agus sin mar gheall ar na bráithribh bréige tugadh isteach os íseal, agus d’éaluigh isteach os íseal chum spiadh‐aireacht do dhéanamh ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtabhairt fá dhaoirse: acht níor ghéilleamar dóibh‐sean oiread agus uair amháin; chum go bhfanfadh fírinne an tsoiscéil i gcómhnaidhe agaibh‐se. Acht uatha‐san ba mhó le rádh (is cuma liom‐sa cionnas mar bhíodar roimhe sin: ní ghlacann Dia le pearsain an duine), iad‐san, adeirim, ba mhó clú, níor roinneadar éinnidh orm: a chontrárdhacht sin ar fad, nuair chonnacthas dóibh go dtugadh soiscéal an neamh‐thimcheall‐ghearrtha fá mo chúram‐sa, fá mar tugadh soiscéal an timcheall‐ghearrtha do Pheadar; (óir an té do rinne abstal an timcheall‐ghearrtha de Pheadar, thug sé cumhacht damh‐sa, chómh maith, bheith im’ abstal chum na gCineadhach); agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raibh meas ortha mar cholamhnaibh, nuair thugadar fá deara an grása tugadh dhom, do shíneadar deas‐lámh cumainn chugam‐sa agus chum Bharnabais, chum go n‐imtheochaimís chum na gCineadhach, agus iad féin le dul chum luchta an timcheall‐ghearrtha; acht amháin cuimhneamh ar na bochtaibh, an nidh céadna do bhí mar bhárr cúraim orm féin. Acht nuair tháinig Céfas go h‐Antuaigh do chuireas go dána ’n‐a éadan, ó ba léir dom é bheith san éagcóir. Óir sara dtáinig daoine áirithe ó Shéamas, do bhíodh sé ag ithe i gcuideachtain na gCineadhach: acht nuair tháinig siad‐san, do tharraing sé siar agus d’éaluigh sé uatha, ar eagla luchta an timcheall‐ghearrtha. Agus do rinne an chuid eile de na h‐lúdachaibh an mealladh céadna sin i n‐éinfheacht leis; ar mhodh gur scuabadh Barnabas féin chum siubhail le n‐a gceilg. Acht nuair chonnacas nach rabhadar ág siubhal go díreach do réir fírinne an tsoiscéil, adubhras le Céfas ’n‐a bhfiadhnaise uile, Má chaitheann tusa do shaoghal, agus gur Iúdach thú, ar nós na gCineadhach, ní h‐é ar nós na nIúdach, cad chuige dhuit a chur d’fhiachaibh ar na Cineadhachaibh a saoghal do chaitheamh ar nós na nIúdach? Sinne Iúdaigh ó dhúthchas, agus nach peacaigh de Chineadhachaibh sinn, acht gur ab eol dúinn nach bhfíréanuightear an duine tré oibreachaibh dlighe, acht amháin tré chreideamh i nÍosa Críost, do chreideamar féin i nÍosa Críost, chum go bhfíréanóchaidhe sinn tré chreideamh i gCríost, agus ní tré oibreachaibh dlighe: de bhrigh nach tré oibreachaibh dlighe fíréanochar feoil ar bith. Acht chómh fada is bhímíd d’iarraidh bheith fíréanuighthe i gCríost, má gheibhtear sinn bheith ’n‐ár bpeacachaibh, arbh ionann sin agus seirbhíseach do’n pheacadh do dhéanamh de Chríost? Nár leigidh Dia é. Óir má thógaim arís na neithe do bhí leagtha ar lár agam, is ag déanamh cionntaigh díom féin atáim. Óir is tríd an dlighe d’éagas do’n dlighe, chum go mairfinn beo do Dhia. Do céasadh mé mar aon le Críost; agus ní mise mhaireas beo anois, acht Críost atá beo ionnam: agus an saoghal chaithim san gcorp, is tré chreideamh chaithim é, creideamh i Mac Dé, do ghrádhuigh mé, agus thug é féin ar mo shon. Ní ag cur grása Dé ar ceal atáim: óir má’s tríd an dlighe gheibhtear fíréantacht, is i n‐aisce fuair Críost bás. A Ghalátacha gan chéill, cia h‐é do chuir fá dhraoidheacht sibh, gur nochtadh Íosa Críost, agus é céasta, go soiléir os cómhair bhur súl? Is é rud ba mhian liom a chlos uaibh, An ó oibreachaibh dlighe nó tré theachtaireacht an chreidimh fuair sibh an Spiorad? An bhfuil sibh chómh dith‐céillidhe sin? tar a éis daoibh tosnú san Spiorad, an amhlaidh gur ab í an fheoil atá mar chríochnú agaibh? Ar fhulaing sibh an oiread sin gan éifeacht? má’s fíor gur gan éifeacht é. Uime sin an té do‐bheir an Spiorad daoibh, agus do‐ghní míorbhailtí ’n‐bhur measc, an tré oibreachaibh an dlighe, nó tré theachtaireacht an chreidimh do‐ghní? Fá mar chreid Abracham Dia agus gur h‐áirmheadh é mar fhíréantacht dó. Bíodh a fhios agaibh d’á bhrigh sin, na daoine atá i muinighin an chreidimh, gur ab iad clann Abrachaim iad. Agus an scrioptúir, g‐á fheicsin roimh ré go bhfíréanóchadh Dia na Cineadhaigh tré chreideamh, d’fhóghair sé an soiscéal roimh ré d’Abracham, g‐á rádh, Beannóchar ionnat‐sa na náisiúin uile. Uime sin na daoine chreideas atá siad beannuighthe i n‐éinfheacht le h‐Abracham creidmheach. Óir an méid chlaoidheas le h‐oibreachaibh an dlighe atáid fá mhallacht: mar atá scríobhtha, Is malluighthe gach duine nach leanann do’n uile nidh athá scríobhtha i leabhar an dlighe, agus nach gcuireann i ngníomh é. Agus is léir nach bhfíréanuighthear aon duine tríd an dlighe i bhfiadhnaise Dé: óir, Is tré chreideamh mhairfeas an fíréan: agus ní fhuil an dlighe i muinighin an chreidimh; acht an té chleachtas na neithe sin mairfidh sé d’á mbárr. D’fhuascail Críost ó mhallacht an dlighe sinn, ag déanamh mallachta dhe féin ar ár son: óir atá scríobhtha, Is malluighthe gach duine crochtar ar chrann: chum go dtiocfadh beannú Abrachaim i nÍosa Críost ar na Cineadhachaibh; chum go bhfaighmís tré chreideamh an Spiorad do bhí geallta. A bhráithre, is ar mhodh daoine atáim ag labhairt: Gidh nach bhfuil ann acht tiomna daonna, nuair dearbhuightear é, ní fhéadann aoinneach a chur ar gcúl, nó cur leis. Anois is d’Abracham agus d’á shliocht tugadh na geallamhnacha. Ní abrann sé, Agus do shliochtaibh, mar bhéadh mórán ann; acht gan acht sliocht amháin bheith ann. Agus dod’ shliocht, is é sin Críost. Adeirim anois, Tiomna do bhí dearbhuighthe roimh ré ag Dia, an dlighe tháinig ceithre céad agus deich mbliadhna fichead ’n‐a dhiaidh sin, nach gcuireann sé ar gcúl é, chum an gheallamhain do chur ar neamh‐nidh. Óir má’s ó’n dlighe tháinig an oidhreacht, ní mar gheall ar gheallamhain tháinig sé: acht thug Dia d’Abracham é tré gheallamhain. Cad chuige an dlighe mar sin? Do tugadh isteach é ní ba dheireannaighe mar gheall ar chionntaibh, nó go dtigeadh an sliocht go dtugadh an gheallamhaim dó; agus do h‐órduigheadh é tré aingealaibh le láimh eadarghuidhtheora. Anois ní bhíonn eadarghuidhtheoir ann muna bhfuil acht duine n‐a aonraic ann acht is n‐a aonar atá Dia. An bhfuil an dlighe i n‐aghaidh geallamhnacha Dé mar sin? nar leigidh Dia é: óir dá dtugtaighe dlighe d’fhéadfadh beatha do thabhairt, is léir gur tríd an dlighe do thiocfadh fíréantacht. Acht do réir na Scrioptúra, atá cách i ngéibheann ag an bpeacadh, chum go dtiubhrthaí an gheallamhain tré chreideamh i nÍosa Críost do na daoinibh chreideas. Acht sul a dtáinig an creideamh, do chongbhuigheadh sinn fá’n dlighe i gcoimheád fá chómhair an chreidimh do bhí le foillsiú ’n‐a dhiaidh sin. Ar mhodh gurbh é an dlighe ár n‐oide chum sinn do threorú chum Chríost, chum go bhfíréanóchaidhe sinn tré chreideamh. Acht ar dteacht do’n chreideamh, nílmíd feasta fá’n oide. Óir is clann Dé sibh uile tré chreideamh i nÍosa Críost. Óir an méid díbh do baisteadh i gCríost, do chuir sibh Críost mar chlúdach oraibh féin. Ní fhuil lúdach ’ná Gréagach ann, ní fhuil saor ’ná daor ann, ní fhuil fireannach ’ná baineannach ann: óir is aon duine amháin i nÍosa Críost sibh go léir. Agus má’s le Críost sibh, is sliocht Abrachaim sibh, leis, oidhrí de réir na geallamhna. Adeirim anois, chómh fada agus bhíos an t‐oidhre ’n‐a leanbh, nach mbíonn deifir idir é agus sclábhaidhe, má tá féin go bhfuil sé ’n‐a thighearna os cionn an uile nidh; acht go mbíonn sé fá stiúradh oidí agus feadhmannach go dtí an t‐am atá órduighthe ag a athair. Agus sinne mar an gcéadna, nuair bhíomar ’n‐ár leanbhaibh, do bhíomar i ndaor‐bhroid ag dúlibh na cruinne: acht nuair tháinig an t‐am, do chuir Dia uaidh a Mhac, tugadh ó mhnaoi, rugadh fá’n dlighe, chum an dream do bhí fá’n dlighe d’fhuascailt, chum go bhfaighmís‐ne uchtcacht mar chlann‐mhac. Agus de bhrigh gur clann‐mhac sibh do chuir Dia uaidh Spiorad a Mhic isteach ’n‐bhur gcroidheachaibh, g‐á ghlaodhach, Abba, a Athair. Ar mhodh nach bhfuilir id’ sclábhaidhe níos faide, acht id’ mhac; agus má táir id’ mhac, atáir id’ oidhre leis, de dheoin Dé. Acht ó thárla gan aithne bheith agaibh ar Dhia an tráth úd, do bhí sibh i ndaor‐bhroid ag déithibh nach déithe iad do réir nádúra: acht anois, ó tá aithne agaibh ar Dhia, nó dob’ fhearr a rádh go bhfuil aithne ag Dia oraibh‐se, cad chuige dhaoibh bheith ag casadh ar ais chum na ndúl laga, gan tairbhe, gur mian libh bheith i ndaor‐bhroid aca athuair? Coimheádann sibh laethe, agus míosa, agus féilte, agus bliadhanta. Atá sibh ag cur eagla orm, gur féidir gur saothar gan éifeacht atá déanta agam ar bhur son. Impidhim oraibh, a bhráithre, bidhidh mar táim‐se, óir atáim‐se mar tá sibh‐se. Ní dhearna sibh éagcóir ar bith orm. Is eol daoibh gur tré easláinte colna do sheanmóirigheas an soiscéal daoibh an chéad uair, agus an nidh im’ cholainn do bhí mar chathú oraibh, ní thug sibh tarcuisne ná gráin dó; acht do ghlac sibh liom mar aingeal Dé, mar Íosa Críost féin. Uime sin, cá bhfuil an déighmhéin úd thug sibh dom? mar bheirim m’fhiadhnaise dhaoibh go mbainfeadh sibh amach bhur súilí féin, dá mb’ fhéidir é, agus go dtiubhradh sibh dom iad. An amhlaidh, mar sin, go bhfuilim im’ námhaid agaibh, toisc an fhírinne d’innsint daoibh? Ní mar mhaithe libh atá siad chómh díoghraiseach sin ar bhur lorg: ní h‐eadh, acht is amhlaidh ba mhian leo bhur gcongbháil uainn, chum go loirgfeadh sibh iad féin. Acht is maith í duithract i gcómhnaidhe, agus deagh‐cúis bheith léi ní h‐é amháin nuair bhím i n‐bhur láthair. A chlann bheag, go bhfuilim i dtinneas clainne arís ’n‐bhur dtaobh nó go ngeintear Críost ionnaibh, ba mhian liom bheith láithreach ’n‐bhur measc anois, agus bheith ar athrú glóir; óir atáim i mbárr mo chéille ’n‐bhur dtaobh. Innsidh dhom, sibh‐se gur mian libh bheith fá’n dlighe, nach n‐airigheann sibh an dlighe? Óir atá scríobhtha go raibh beirt chlann‐mhac ag Abracham, mac aca leis an gcailín daoirseachta, agus mac leis an saor‐mhnaoi. Acht rugadh mac an chailín daoirseachta de réir na feola; acht rugadh mac na saor‐mhná do réir geallamhna. Atá fáith‐chiall ag baint leis na neithibh sin; óir dhá thiomna is eadh an bheirt bhan so; bean aca ó chnoc Sína, bheireas clann chum daoirse, is í sin Hágar. Anois is ionann Hágar agus cnoc Sína san Aráib, agus cialluigheann sin an Iarúsalem atá ann anois; óir atá sí i ndaor‐bhroid i n‐éinfheacht le n‐a clainn. Acht an Iarúsalem atá thuas atá sí saor, agus is í ár máthair í. Óir atá scríobhtha, Déan gáirdeachas, a bhean aimrid nach mbeireann; Cuir do chroidhe amach le luthgháir, thusa nach bhfulaingeann tinneas clainne: Óir is líonmhaire iad clann na mná aonaránaighe ’Ná clann na mná go bhfuil fear aici. Anois, a bhráithre, is clann geallamhna sibh, dálta Íosóig. Acht fá mar rinne an té rugadh do réir na feola géirleanmhain ar an té rugadh do réir an Spioraid, is mar sin atá an scéal anois. Acht créad adeir an scrioptúir? Caith amach an cailín daoirseachta agus a mac: óir ní bhéidh oidhreacht ag mac an chailín daoirseachta i n‐éinfheacht le mac na saor‐mhná. D’á bhrigh sin, a bhráithre, ní clann an chailín daoirseachta sinne, acht clann saor‐mhná. Is chum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaidh go daingean, mar sin, gan bheith ceangailte arís fá chuing na daoirse. Féach, atáim‐se Pól g‐á rádh libh, má timcheall‐ghearsthar sibh, nach mbéidh tairbhe agaibh i gCríost. Dearbhuighim arís do gach duine timcheall‐ghearrthar, go bhfuil sé d’fhiachaibh air an dlighe ar fad do chóimhlíonadh. Atá sibh deighilte ó Chríost; an méid díbh gur mian libh bhur bhfíréanú tríd an dlighe; atá sibh tuitthe ó ghrása. Óir is tríd an Spiorad le creideamh atáimíd ag súil le fíréantacht. Óir i nÍosa Críost ní fhuil fóghnamh ar bith i dtimcheall‐ghearradh ná i neamh‐thimcheall‐ghearradh acht oiread: acht amháin san gcreideamh oibrigheas tré ghrádh. Do bhí sibh ag rith go maith: cia h‐é do chuir cosc libh fá bheith umhal do’n fhírinne? Ní ó’n té do ghlaodh sibh tháinig an spreagadh sin. Is leor beagán laibhín do’n chnap ar fad. Atá muinighin agam asaibh san Tighearna, nach mbéidh sibh ar athrú intinne: acht an té atá ag d éanamh buaidheartha dhaoibh, iomcharfaidh sé a bhreitheamhnas, cibé cia h‐é féin. Acht im’ thaobh‐sa, a bhráithre, má táim ag fógradh an timcheall‐ghearrtha fós, cad chuige a bhfuil géirleanamhain d’á déanamh orm fós? Ins an gcás sin atá deireadh déanta de cheap tuislidh na croise. An dream atá ag cur as daoibh, bá mhaith liom go gciorrbhaidís iad féin. Óir, a bhráithre, is chum saoirse do glaodhadh sibh; acht amháin ná déanaidh leithscéal de bhur saoirse le h‐aghaidh na feola, acht bidhidh mar sheirbhísigh i ngrádh d’á chéile. Óir chóimhlíontar an dlighe uile i n‐aon fhocal amháin; Grádhóchair do chómharsa mar thú féin. Acht má bhíonn sibh ag sclamhadh agus ag alpadh a chéile, tabhraidh aire nach scriosfaidh sibh a chéile. Uime sin adeirim, Siubhlaidh do réir an Spioraid, agus ní chóimhlíonfaidh sibh mianghas na colna. Óir bíonn mianghas na colna ag cur i gcoinnibh an Spioraid, agus bíonn an Spiorad ag cur i gcoinnibh mianghais na colna; mar tá siad i n‐aghaidh a chéile; ar mhódh nach bhféadann sibh na neithe dob’ áil libh do dhéanamh. Acht má tá sibh fá threorú an Spioraid, ní fhuil sibh fá’n dlighe. Anois atá gníomhartha na colna follasach, mar atá, striapachas, neamh‐ghlaine, drúis, íodhal‐adhradh, piseogacht, náimhdeachas, imreas, éada, fearg, clampar, easaontacht, aicmí, formad, ólachán, dreabhlas, agus a leithéidí eile: fógraim daoibh roimh ré, mar adubhras libh cheana, na daoine chleachtas a leithéidí sin, nach bhfaighidh siad oidhreacht i ríoghacht Dé. Acht is é toradh an Spioraid, grádh, aoibhneas, síothcháin, fád‐fhulang, muinntearas, maitheas, dílse, caoimhe, stuamdhacht: ní fhuil dlighe ar bith i n‐aghaidh a leithéidí sin. Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an cholainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaibh céasta aca. Má’s do réir an Spioraid chaithimíd ár saoghal, siubhlaimís do réir an Spioraid. Ná bidhidh mórdhálach, ag cur dubhshláin fá n‐a chéile, ag formad le chéile. A bhráithre, má beirtear ar dhuine i míghníomh ar bith, sibh‐se atá spioradálta, cuiridh i gceart é le spiorad ceannsachta; ag féachaint chugat féin ar eagla go gcurtar cathú ort. Tógaidh trom‐ualaighe a chéile, ag cóimhlíonadh dlighe Chríost mar sin. Óir má mheasann aon duine gur nidh éigin é féin, agus gur neamh‐nidh é, meallann sé é féin. Acht scrúduigheadh gach duine a ghnó féin, agus annsin béidh adhbhar maoidhmheachais ’n‐a thaobh féin aige, ní i dtaobh an duine thallé. Óir caithfidh gach duine a ualach beag féin d’iomchar. An té do‐gheibh teagasc san mbriathar déanadh sé gach deagh‐nidh do roinnt ar an té do‐bheir an teagasc. Ná mealltar sinn; ní féidir cluain do chur ar Dhia: óir cibé nidh chuireas an duine, is é an nidh céadna sin bhainfeas sé. Óir an té chuireas fá chómhair na colna, is truailleacht ó’n gcolainn bhainfeas sé; acht an té chuireas fá chómhair an Spioraid, is í an bheatha mharthannach bhainfeas sé. Agus ná h‐éirighmís tuirseach ag déanamh maitheasa: óir bainfimíd toradh i n‐am oireamhnach, muna dtagaidh lag‐spioraidighe orainn. Mar sin de, do réir mar bhíos an uain againn, déanaimís an mhaith do’n uile dhuine, go mórmhór do lucht tighe an chreidimh. Féacháidh na litreacha móra atáim do dhéanamh, ag scríobhadh chugaibh dhom lem’ láimh féin. An dream gur mian leo éirghe go mórdhálach san bhfeoil, cuireann siad d’fhiachaibh oraibh timcheall‐ghearradh do dhéanamh; sin chum nach ndéanfidhe géirleanmhain ortha ar son croise Críost. Óir an dream sin féin atá timcheall‐ghearrtha, ní choimheádann siad an dlighe; acht do b’áil leo sibh‐se bheith timcheall‐ghearrtha, chum go mbéadh adhbhar maoidhmheachais aca as bhur bhfeoil. Acht im’ thaobh‐sa, nár leigidh Dia go ndéanfainn maoidhmheachas acht amháin as crois Íosa Críost, tríd a bhfuil an saoghal céasta dhamh‐sa, agus mise do’n tsaoghal. Óir ní h‐éinnidh an timcheall‐ghearradh, ná an neamh‐thimcheall‐ghearradh, acht nádúir úrnua. Agus an méid shiubhalfas de réir na riaghla so, go raibh síothcháin, agus trócaire ortha go léir, agus ar Israel Dé. As so amach ná cuireadh aoinneach cathú orm; óir beirim marcanna Íosa ar mo chorp. Grása ár dTighearna Íosa Críost go raibh ar bhur spiorad, a bhráithre. Amen. Pól, abstal Íosa Críost tré thoil Dé, chum na naomh atá i nEiféis, agus chum lucht an chreidimh i nÍosa Críost: grása dhaoibh agus síothcháin ó Dhia an tAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Go mbeannuightear Dia agus Athair ár dTighearna Íosa Críost, do bheannuigh le gach beannacht spioradálta sinn ins na h‐áiteannaibh neamhdha i gCríost: fá mar thogh sé sinne ann roimh thosach an domhain, chum go mbéimís naomhtha, gan locht ’n‐a fhiadhnaise i ngrádh: do réamh‐órduigh sé sinn chum bheith ’n‐ár macaibh uchta dhó féin tré Íosa Críost, do réir deagh‐rogha a thola, chum clú glóire a ghrása, do bhronn sé go saor orainn san Té n‐a bhfuil a ghrádh: ’n‐a bhfuil fuascladh againn tré n‐a fhuil, maitheamhnas ár bpeacadh, do réir saidhbhris a ghrása, do roinn sé go líonmhar orainn san uile eagna agus tuigsin, tar a éis dó rúindiamhair a thola do nochtadh dhúinn, fá mar bhí ceaptha ann féin aige, do réir a dhéighmhéine féin, chum an uile nidh do chómhchruinniú i gCríost, nuair thiocfadh na h‐aimseara chum críche, idir a bhfuil ar neamh, agus a bhfuil ar talamh. Do rinneadh oidhrí dhínne ann, ar mbeith dhúinn réamhórduighthe do réir rúin an té do‐ghní gach nidh do réir cómhairle a thola féin: chum go mairfimís chum clú a ghlóire, sinne ba luaithe do chuir ár ndóchas i gCríost: ’n‐ar chuir sibhse, leis, tar a éis daoibh briathar na fírinne do chlos, soiscéal ár slánuighthe — an té ’n‐ar chreideabhar, agus gur cuireadh séala Spioraid Naoimh na geallamhna oraibh, atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oidhreacht, chum sealbhachas Dé d’fhuascailt, chum clú a glóire. Ar an adhbhar sin, ar gclos dom i dtaobh an chreidimh atá agaibh san Tighearna Íosa, agus i dtaobh bhur ngrádha do na naomhaibh go léir, ní scuraim de bheith ag breith buidheachais ar bhur son, ag cuimhneamh oraibh im’ urnaighthibh; chum go dtugaidh Dia ár dTighearna Íosa Críost, Athair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta dhaoibh i n‐eolas air: chum go soillseochar súilí bhur gcroidhe, chum go mbéidh a fhios agaibh cad é an dóchas chum a ngoireann sé sinn, saidhbhreas glóire a oidhreachta ins na naomhaibh, agus cad é móir‐mhéid a chumhachta ’n‐ár dtaobh‐na chreideas, do réir mar oibrigheas brigh mhór a chumais, d’oibrigh sé i gCríost, nuair do thóg sé ó na marbhaibh é, agus do chuir sé ’n‐a shuidhe é ar a láimh dheis féin ins na h‐áiteannaibh neamhdha, i bhfad os cionn gach tighearnais, agus ughdaráis agus cumhachta, agus os cionn gach ainme ainmnightear, ní h‐é amháin san tsaoghal so, acht san tsaoghal atá le teacht: agus do chuir sé gach uile nidh fá n‐a chosaibh, agus thug sé dhó bheith mar cheann thar cách ar an eaglais, gur ab í a chorp í, iomláine an te líonas an t‐iomlán ar fad. Agus do bhí sibh‐se marbh do dheascaibh bhur bpeacadh agus bhur gcionnta, ’n‐a raibh sibh ag siubhal roimh ré do réir cúrsa an tsaoghail seo, do réir prionnsa cumhachta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easumhlachta. Do chaitheamair‐ne, leis, ár saoghal tráth ’n‐a measc do réir ainmhianta na feola, ag cleachtadh tola na feola agus na h‐intinne, agus do réir dúthchais do bhíomar ’n‐ár gclainn díbheirge, ar nós daoine eile: acht Dia, atá saidhbhir i dtrócaire, as ucht an ghrádha mhóir atá aige dhúinn, nuair bhíomar marbh de dheascaibh ár gcionnta, do bheodhuigh sé i n‐éinfheacht le Críost sinn (is tré ghrása do slánuigheadh sibh), agus do thóg sé suas sinn i n‐éinfheacht leis, agus do chuir sé ’n‐ár suidhe sinn i n‐éinfheacht leis ins na h‐áiteannaibh neamhdha i nÍosa Críost: chum go dtaisbeánfadh sé ins na h‐aoisibh do bhí le teacht an‐chuimse saidhbhris a ghrása tré n‐a mhaitheas ’n‐ár dtaobh i nÍosa Críost: óir is le grása do slán uigheadh sibh tré chreideamh; ní uaibh féin é: bronntanas Dé is eadh é: ní ó oibreachaibh é, ar eagla go ndéanfadh aon duine maoidhmheachas. Óir is sinne obair a láimhe, do cruthuigheadh i nÍosa Críost chum deagh‐ghníomhartha, d’ullmhuigh Dia roimh ré chum go gcleachtfaimís iad. Cuimhnighidh’ d’á bhrigh sin, sibh‐se Cineadhacha do réir na feola, ar a bhfuil Neamh‐thimcheall‐ghearradh tugtha mar ainm aca‐san ar a dtugtar Timcheall‐ghearradh mar ainm, san bhfeoil, do rinneadh le lámhaibh, cuimhnighidh go rabhabhar dealuighthe ó Chríost an tráth sin, gearrtha ó mhuinntir Israel, ’n‐bhur gcoimhthigheachaibh do choingheallachaibh na geallamhna, gan dóchas, gan Dia san tsaoghal. Acht anois, sibh‐se do bhí i gcéin roimhe seo, atá sibh tabhartha i gcómhgar tré fhuil Chríost. Óir is eisean ár síothcháin, an té do rinne aon duine amháin de’n dís, agus do leag balla láir na teorann, tar a éis dó an náimhdeachas do chur ar ceal tré n‐a fheoil, is é sin dlighe na h‐aitheanta i reachtaibh; chum aon duine nua amháin do dhéanamh de’n dís, ag déanamh síothchána; agus iad do réidhteach le chéile i gcorp amháin chum Dé de bhárr na croise, ag marbhadh an náimhdeachais d’á chionn sin: agus tháinig sé agus d’fhógair sé síothcháin daoibh‐se do bhí i gcéin, agus síothcháin dóibh‐sean do bhí i gcómhgar: óir atá ár slighe chum an Athar againn araon, i n‐aon Spiorad amháin, tríd‐sean. D’á bhrigh sin ní fhuil sibh níos mó ’n‐bhur gcoimhthigheachaibh, ná ’n‐bhur ndeoraidhthibh, acht atá sibh ’n‐bhur lucht aon‐chathrach leis na naomhaibh, ’n‐bhur lucht aointighis ag Dia, atá sibh tógtha ar bhun na n‐abstal agus na bhfáidh gur ab é Críost féin an phríomh‐chloch chúinne dhe; go bhfásann an foirgneamh ar fad ’n‐a theampall naomhtha ann san Tighearna, agus é chómhchurtha le chéile i gceart. Is ann atá sibh cómhthoghtha le chéile chum áitreabh do dhéanamh do Dhia san Spiorad. Ar an adhbhar sin, mise Pól, príosúnach Íosa Críost ar bhur son‐sa, Cineadhacha — má’s fíor go gcualabhar cionnas mar cuireadh de dhualgas orm grása Dé do dháileadh oraibh; cionnas mar foillsigheadh an rúindiamhair tré thaisbeánadh dhom, mar scríobhas cheana go h‐aithghearr, ó n‐a bhféadann sibh, g‐á léigheamh dhaoibh, m’eolas ar ruindiamhair Chríost do thuigsin; nár foillsigheadh do chlannaibh daonna ins na h‐aoisibh eile, fá mar tá sé foillsighthe anois d’á naomh‐abstalaibh agus d’á naomh‐fháidhibh tríd an Spiorad: is é sin go bhfuil na Cineadhacha ’n‐a gcómh‐oidhribh, agus ’n‐a gcómhpháirtidhthibh san ngeallamhain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnadh seirbhíseach díom‐sa dhe, do réir bronntanais grása Dé tugadh dhom tré bhrigh a chumhachta. Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh; agus a chur i dtuigsin cionnas mar dáileadh an rúindiamhair do bhí fá cheilt leis na ciantaibh i nDia do chruthuigh gach uile nidh; chum go ndéanfaidhe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uachtaránaibh agus do na cumhachtaibh ins na h‐áiteannaibh neamhdha, do réir a raibh ceaptha aige leis na ciantaibh i nÍosa Críost ár dTighearna: tré n‐a bhfuil dánaidheacht agus slighe againn chum teacht chuige de bharr ár gcreidimh ann. D’á bhrigh sin iarraim oraibh gan dul i laige mar gheall ar mo phiantaibh ar bhur son: is iad bhur nglóir iad. Ar an adhbhar sin feacaim mo ghlúna roimh an Athair, ó n‐a n‐ainmnightear gach cineadh d’á bhfuil ar neamh agus ar talamh, chum go dtiubhraidh sé dhaoibh do réir saidhbhris a ghlóire, bheith neartuighthe go bríoghmhar tríd a Spiorad san anam istigh; chum go ndéanaidh Críost cómhnaidhe ’n‐bhur gcroidheachaibh tré chreideamh: ar mhodh, ar mbeith dhaoibh fréamhuighthe agus bunuighthe i ngrádh, go mbéidh ar chumas daoibh, i n‐éinfheacht leis na naomhaibh uile, a thuigsin cad é a leithead, agus a fhaide, agus a dhoimhneacht, agus grádh Chríost, sháruigheas gach eolas, d’aithint, chum go líonfar le lán‐líonmhaireacht Dé sibh. Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó i bhfad níos mó do dhéanamh ’ná thig linn a iarraidh nó a shamhlú, do réir na cumhachta atá ag oibriú ionainn, dó san go raibh an ghlóir san eaglais agus i nÍosa Críost, ó aois go h‐aois, go saoghal na saoghal. Amen. Uime sin, impidhim‐se, príosúnach ar son an Tighearna, impidhim oraibh bhur saoghal do riaradh mar ba chóir do dhaoinibh fuair an ghairm fuarabhair‐se, le gach umhlacht agus ceannsacht, le foidhne, ag géilleadh d’á chéile i ngrádh: ag déanamh bhur ndíchill chum aondacht an Spioraid do choimheád i gcuing na síothchána. Ní fhuil ann acht an t‐aon chorp amháin, agus an t‐aon Spiorad amháin, fá mar glaodhadh sibh chum aon dóchais amháin bhaineas le n‐bhur ngairm; aon Tighearna amháin, aon chreideamh amháin, aon bhaisteadh amháin, aon Dia amháin, Athair an uile dhuine, é os cionn an uile, agus tríd an uile, agus i measc an uile. Acht tugadh grása do gach duine againn do réir miosúir bronntanais Chríost. Uime sin is eadh adeir sé, Do chuaidh sé suas i n‐áirde, rug sé braighdeánas ’n‐a bhraighdeán, Agus thug sé bronntanais do na daoinibh. (Anois, Do chuaidh sé suas, créad is ciall leis, munab é go ndeachaidh sé síos ar dtús i réigiúnaibh íochtaracha na talmhan? An té do chuaidh síos, is eisean, leis, do chuaidh suas i n‐áirde i bhfad os cionn na bhflaitheas, chum go líonfadh sé gach uile nidh). Agus thug sé daoine áirithe chum bheith ’n‐a n‐abstalaibh; cuid chum bheith ’n‐a bhfáidhibh; cuid chum bheith ’n‐a soiscéalaidhthibh; agus cuid chum bheith ’n‐a n‐aodharaibh agus ’n‐a dteagascthóiribh; chum na naoimh d’fhoirbhiú, le h‐aghaidh gnó na miniostrálachta, chum corp Chríost do chóimh‐ghreamú le chéile: nó go dtagaimís uile chum aondachta an chreidimh agus chum lán‐eolais ar Mhac Dé, chum staide duine lán‐fhásta, chum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas nach mbéidmíd feasta ’n‐ár leanbhaibh, d’ár luascadh siar, aniar, d’ár scuabadh chum siubhail ag gach gaoith teagaisc, ag cleasaidheacht lucht ceilge, ag a gclisteacht chum mealltóireachta: acht ag labhairt na fírinne i ngrádh, go bhfásaimís san uile nidh chum aondachta san té is prímh‐cheann, is é sin Críost. Uaidh‐sean is eadh do‐gheibh an corp uile, ar mbeith dhó cóimh‐dheangailte, cómh‐dhlúthuighthe le chéile de bhárr a dtugann gach alt dó, do réir éifeachta gach baill ar leith, do‐gheibh sé fás chum a leasa i ngrádh. Is é adeirim d’á bhrigh sin, agus fhógraim daoibh san Tighearna, gan siubhal feasta ar nós na gCineadhach, do réir baoise a n‐inntinne féin: a n‐aigne fá dhorchadas aca, iad dealuighthe ó’n mbeathaidh do‐bheir Dia, de chionn an ainbhfeasa atá ionnta, de chionn cruadhais a gcroidhe; ar mbeith dhóibh gan mothú, thugadar iad féin do dhroch‐nósaibh, chum gach neamh‐ghlaine do chleachtadh le sainnt. Acht ní mar sin d’fhoghlaim sibh‐se Críost; má’s fíor go gcualabhar é, agus go bhfuarabhar teagasc ann, do réir mar tá an fhírinne i nÍosa. Maidir le n‐bhur saoghal roimhe seo, cuiridh dhíbh an seanduine atá d’á thruailliú ag ainmhiantaibh na ceilge, agus bidhidh d’bhur n‐athnuadhadh i spiorad bhur n‐aigne: agus cuiridh umaibh an nua‐dhuine atá cruthuighthe do réir Dé i bhfíréantacht agus i bhfíor‐naomhthacht. Uime sin, ag diúltadh do’n bhréagaireacht, labhradh gach duine agaibh an fhírinne le n‐a chómharsain: óir is baill d’á chéile sinn; Má bhíonn fearg oraibh, ná déanaidh peacadh; ná maireadh bhur bhfearg go luighe gréine; agus ná tabhraidh slighe do’n diabhal. An té do rinne goid, ná déanadh sé goid ’n‐a dhiaidh seo: acht ’n‐a ionad sin déanadh sé saothar, ag déanamh oibre fóghanta le n‐a lámhaibh, ar mhodh go mbéidh rud aige le tabhairt do’n té atá ’n‐a easbaidh. Ná leigidh d’aon droch‐chainnt teacht as bhur mbéal, acht cainnt fhóghanta rachas chum tairbhe, do réir mar bhéas gábhadh léi, chum go dtiubhraidh sí grása do’n lucht éisteachta. Agus ná cuiridh doilghíos ar Spiorad Naomh Dé, ó n‐ar cuireadh séala oraibh chum lae an fhuascailte. Curtar uaibh gach seirbhe, agus aingidheacht, agus fearg, agus caismirt, agus ithiomrádh, agus an uile shaghas droch‐rúin: agus bidhidh muinnteardha le chéile, deagh‐chroidheach, ag maitheamh d’á chéile, fá mar tá maithte ag Dia i gCríost daoibh‐se. D’á bhrigh sin déanaidh‐se aithris ar Dhia, mar dhéanfadh a chlann ionmhain féin; agus siubhlaidh i ngrádh, fá mar ghrádhuigh Críost sibh‐se, agus thug é féin ar ár son, ’n‐a thoirbirt agus ’n‐a íodhbairt dheagh‐chumhra do Dhia. Acht striapachas, agus gach saghas neamh‐ghlaine, nó sainnt, ná déantar oiread agus a n‐ainmniú ’n‐bhur measc, mar ba chóir do naomhaibh; ná cainnt draostamhail, dith‐céillidhe, ná magamhlacht, neithe nach cuibhe: acht, ’n‐a ionad sin, bíodh breith buidheachais. Óir bíodh a fhios agaibh go maith nach bhfuil oidhreacht ar bith i ríoghacht Chríost agus Dé ag striapach, ná ag duine neamh‐ghlan, ná ag duine sanntach, is é sin iodhal‐adhrathóir. Ná mealladh aoinneach le baoth‐chainnt sibh: óir is de dheascaibh neithe d’á leithéidibh sin atá díbheirg Dé ag teacht ar chlainn na h‐easumhlachta. Ná bidhidh‐se páirteach leo‐san, mar sin; óir do bhíobhar ’n‐bhur ndorchacht tráth, acht atá sibh anois ’n‐bhur solas san Tighearna: siubhlaidh ar nós clainne an tsolais. (Óir atá toradh an tsolais i ngach saghas maitheasa, agus fíréantachta, agus fírinne), ag scrúdú a dtaithnigheann leis an Tighearna; agus ná bíodh aon roinn agaibh le gnóthaibh neamh‐thairbheacha an dorchadais, acht ’n‐a ionad sin, lochtuighidh iad: óir na neithe chleachtas siad os íseal, is náire é oiread agus trácht ortha. Acht na neithe uile lochtuightear, bíonn siad soiléir nuair nochtar fá’n solas iad: óir gach nidh atá soiléir is de’n tsolas é: uime sin adeirtear, Dúisigh, thusa atá id’ chodladh, Agus éirigh as lár na marbh, Agus soillseochaidh Críost ort. D’á bhrigh sin bidhidh an‐aireach i dtaobh an tsaoghail chaitheas sibh, ní ar nós daoine dith‐céillidhe, acht ar nós daoine céillidhe; ag baint tairbhe as an uain, óir is olc iad na laethe seo. D’á bhrigh sin ná bidhidh dith‐céillidhe, acht tuigidh cad é deagh‐thoil an Tighearna. Agus ná bidhidh ar meisce le fíon; ainmheasardhacht is eadh é sin, acht bidhidh lán de’n Spiorad; ag labhairt le chéile i salmaibh, agus i n‐iomnaibh, agus i ndántaibh spioradálta, ag cantaireacht agus ag déanamh ceoil ’n‐bhur gcroidhe do’n Tighearna; ag breith buidheachais de shíor as ucht an uile nidh le Dia Athair i n‐ainm an Tighearna Íosa Críost; ag géilleadh d’á chéile i n‐eagla Chríost. A mhná, bidhidh umhal d’bhur bhfearaibh féin, mar bhéadh sibh do’n Tighearna. Óir is é an fear ceann na mná, fá mar is é Críost ceann na h‐eaglaise, agus is é féin slánuightheoir an chuirp. Acht fá mar tá an eaglais umhal do Chríost, gur ab amhlaidh bhéas na mná umhal d’á bhfearaibh féin ins gach éinnidh mar an gcéadna. A fheara, bíodh grádh agaibh d’bhur mnáibh, fá mar ghrádhuigh Críost an eaglais agus thug é féin suas ar a son; chum go naomhóchadh sé í, g‐á glanadh leis an mbriathar fá thuinn an bhaistidh, chum an eaglais do chur i n‐áirithe dhó féin mar eaglais ghlórmhar, gan smál, gan roc, gan éinnidh d’á shamhail: acht go mbéadh sí beannuighthe, gan locht. Mar sin bá chóir do na fearaibh grádh do thabhairt d’á mnáibh féin mar thiubhraidís d’á gcorpaibh féin. An té do‐bheir grádh d’á mhnaoi, is dó féin do‐bheir sé é óir ní thug aon duine fuath ariamh d’á fheoil féin, acht is amhlaidh bheathuigheas agus chothuigheas sé í, fá mar chothuigheas Críost an eaglais; óir is baill d’á chorp sinne. Is ar an adhbhar sin fhágfas fear a athair agus a mháthair, agus chlaoidhfeas sé le n‐a mhnaoi; agus béidh siad araon ’n‐a n‐aon fheoil amháin. Rúindiamhair mhór is eadh í seo, acht is iad Críost agus an eaglais atáim do mhaoidheamh. Gidheadh, tabhradh gach duine agaibh grádh d’á mhnaoi mar thugann sé dó féin é; agus féachadh an bhean chuige go dtiubhraidh sí urraim d’á fear. A chlann ó, bidhidh umhal d’bhur n‐aithreachaibh agus d’bhur máithreachaibh san Tighearna: óir is é bhur ndualgas é. Tabhair onóir dod’ athair agus dod’ mháthair (is í an chéad aithne go bhfuil geallamhain leis í), chum go n‐éireochaidh go maith libh, agus go mairfidh sibh i bhfad ar talamh. Agus, a aithreacha, ná brostuighidh bhur gclann: acht tógaidh do réir teagaisc agus deagh‐chómhairle an Tighearna iad. A sheirbhíseacha, bidhidh umhal d’bhur máighistribh do réir na feola, le h‐eagla agus le criothnú, i simplidheacht bhur gcroidhe, mar dheanfadh sibh do Chríost é; ní le súil‐sheirbhís, mar bhéadh sibh d’iarraidh daoine do shású, acht mar sheirbhísigh Chríost, ag déanamh tola Dé ó’n gcroidhe; ag déanamh seirbhíse le deagh‐thoil, mar bhéadh sé do’n Tighearna, agus nach do dhaoinibh é: agus a fhios agaibh, cibé nidh fóghanta do‐ghní gach aoinneach, go bhfaighidh sé cúiteamh arís ó’n Tighearna, má’s daor nó saor é. Agus sibh‐se, a mháighistrí, déanaidh dhóibh‐sean mar an gcéadna, gan bheith ag bagairt ortha; agus a fhios agaibh go bhfuil a Máighistir‐sean agus bhur Máighistir‐se ar neamh, agus nach bhféachann sé do phearsain duine seachas a chéile. I ndeireadh scéil, bidhidh tréan san Tighearna agus ’n‐a neart mór‐chumasach. Cuiridh umaibh arm agus éideadh Dé go h‐iomlán, chum go mbéidh ar chumas daoibh seasamh i n‐aghaidh mealltachta an diabhail. Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, acht leis na flaitheasaibh, leis na cumhachtaibh, le tioránachaibh árd‐réime an domhain dorcha so, le sluaighte deamhnaidhe an uilc ins na réigiúnaibh uachtarachta. Uime sin glacaidh chugaibh arm agus éideadh Dé go h‐iomlán, chum go bhféadfaidh sibh an fód do sheasamh san droch‐lá, agus, tar a éis daoibh gach uile nidh do dhéanamh, fanamhain ag seasamh. Seasaidh d’á bhrigh sin, agus an fhírinne mar chrios timcheall bhur gcuim, lúireach na fíréantachta oraibh, agus an réidhteach do‐bheir soiscéal na síothchána mar bhróga ar bhur gcosaibh; thar gach rud eile glacaidh sciath an chreidimh le n‐a bhféadfaidh sibh gathanna loiscneacha uile an ainspioraid do mhúchadh. Agus glacaidh clogad an tslánuighthe, agus claidheamh an Spioraid, is é sin briathar Dé: ag síor‐ghuidhe le gach saghas urnaighthe agus athchuinghe san Spiorad, ag faire chuige sin le gach dúthracht agus eadarghuidhe ar son na naomh uile, agus ar mo shon‐sa, chum go dtiubharfar cumas cainnte dhom, ag foscailt mo bhéil go dána dhom, chum rúindiamhair an tsoiscéil d’fhoillsiú, go bhfuilim im’ thaidhleoir fá chuibhreachaibh ar a shon: chum go labharfad ’n‐a thaobh gan scáth, mar ba cheart dom labhairt. Acht chum go mbéidh fios mo ghnóthaí agaibh, cionnas mar tá an saoghal agam, innseochaidh Tichicus, bráthair ionmhain agus seirbhíseach dílis san Tighearna, innseochaidh seisean gach uile nidh dhaoibh. Chuige sin is eadh do chuireas chugaibh é, chum go mbéidh eolas ’n‐ár dtaobh agaibh, agus chum sólás croidhe do thabhairt daoibh. Síothcháin do na bráithribh, agus grádh le creideamh ó Dhia an t‐Athair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Go raibh grása aca‐san go léir go bhfuil grádh gan smál aca do’n Tighearna Íosá Críost. Pól agus Timóteus, seirbhísigh Íosa Críost, chum na naomh uile i nÍosa Críost atá i bhFilipí, maille leis na h‐easbogaibh agus leis na deochanaibh: Grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Do‐bheirim buidheachas lem’ Dhia gach uair chuimhnighim oraibh, ag guidhe i gcómhnaidhe le gáirdeachas i ngach athchuinghe ar son an uile dhuine agaibh, as ucht bhur gcómhcháirdeasa i ngnó an tsoiscéil ó’n gcéad lá go dtí anois; agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do thosnuigh ar obair mhaith ionnaibh, go gcóimhlíonfaidh sé go ló Íosa Críost é; óir is ceart dom bheith ar an intinn sin ’n‐bhur dtaobh uile, de bhrigh go bhfuil sibh im’ chroidhe agam, óir im’ chuibhreachaibh, agus ag pléidhe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á dhaingniú, atá sibh uile rannpháirteach i ngrása liom. Óir is é Dia m’fhiadhnaidhe ar an dúil mhóir chuirim ionnaibh go léir le caomh‐ghrádh Íosa Críost. Agus is é mo ghuidhe go méadóchar bhur ngrádh go mór i n‐eolas agus i ngach saghas tuigseana; chum go ndearbhuighidh sibh na neithe is fearr; chum go raibh sibh fíor‐ghlan, gan locht ar bith i gcómhair lae Chríost; líonta de thoradh na fíréantachta, chum glóire agus adhmholta Dé. Ba mhaith liom a chur i bhfios daoibh, a bhráithre, na neithe thárla dhom, gurbh fhearr do chuaidh an soiscéal ar aghaidh d’á mbárr; ar chuma gur léir do lucht an phraetórium, agus do gach aoinneach eile, gur ar son Chríost atá na cuibhreacha orm; agus go bhfuil furmhór na mbráthar san Tighearna níos daingne go mór ag labhairt briathair Dé gan eagla, agus breis meisnigh ag teacht ortha de bhárr mo chuibhreach. Is fíor go bhfuil dream ann sheanmóruigheas Críost tré fhormad agus le mian conspóide; agus dream eile do‐ghní ó dheagh‐thoil é; do‐ghní dream tré ghrádh é, agus a fhios aca gur cuireadh mé chum cúis an tsoiscéil do phléidhe: acht is amhlaidh fhógras an aicme eile Críost ó mhian aighnis, ní le h‐ionnracas é, ag súil le tuilleadh anró do thabhairt dom im’ chuibhreachaibh. Cia an cás é? acht amháin go bhfógartar Críost ar gach slighe, is cuma cia aca le cur i gcéill nó le fírinne é; agus d’á bhrigh sin do‐ghním gáirdeachas, agus déanfad é. Óir is eol dom go rachaidh sin chum slánuighthe dhom, de bhárr bhur n‐urnaighthe agus tré chongnamh Spioraid Íosa Críost, do réir mar tá súil agus dóchas mór agam nach gcurfar náire orm fá rud ar bith, acht anois, mar bhí ariamh, go nglóireochar Críost im’ cholainn le lán‐dearbhthacht, má’s lem’ bheathaidh, nó lem’ bhás é. Óir, im thaobh‐sa, má’s beo dhom, Críost is eadh é, agus má’s marbh dhom, tairbhe is eadh é. Acht bheith ar marthain san gcolainn — má’s luach saothair dom é, cia an rogha dhéanfad, ní féidir liom a rádh. Atáim idir an dá rogha, ag dúil le h‐imtheacht agus bheith i bhfochair Chríost; mar is fearr sin go mór; acht is mó is riachtanach daoibh‐se go bhfanfainn san gcolainn. Agus ó táim cinnte dhe sin, atá a fhios agam go bhfanfad agaibh‐se uile, chum sibh do chur ar aghaidh, agus chum bhur n‐áthais san gcreideamh; chum gur méadú meanman daoibh i nÍosa Críost mo theacht ’n‐bhur láthair arís. Acht amháin caithidh bhur saoghal mar d’oirfeadh do shoiscéal Chríost; ar chuma, cia aca thigim agus chím sibh, nó bhím as láthair, go mbéidh a fhios agam ’n‐bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh i n‐aon spiorad amháin, sibh ar aon‐intinn amháin ag déanamh lán bhur ndíchill ar son creidimh an tsoiscéil; gan aon eagla bheith oraibh roimh an dream chuireas ’n‐bhur gcoinnibh: rud atá mar chómhartha cinnte a mbasctha dhóibh‐sean, acht atá mar chómhartha slánuighthe dhaoibh‐se, agus sin ó Dhia; toisc go bhfuil bronnta oraibh‐se, ar son Chríost, ni h‐é amháin creideamhain ann, acht fulang ar a shon, leis: ag troid an chómhraic chéadna dhaoibh do chonnaic sibh agus chluineas sibh bheith ionnam‐sa anois. Uime sin, má tá aon fhortacht i gCríost, má tá aon tsólás san ngrádh, má tá aon chumann san Spiorad, má tá truagh nó trócaire ar bith ann, déanaidh‐se mo gháirdeachas do chóimhlíonadh, agus bidhidh ar aon aigne, ar aon ghrádh, ar aon toil, ar aon mheon amháin; gan éinnidh do dhéanamh tré mhian conspóide nó baothghlóire, acht le h‐umhlacht aigne measadh gach aoinneach gur fearr an duine eile ’ná é féin. Nár ab é a leas féin amháin bhéas mar chúram ar aon duine agaibh, acht bíodh gach duine agaibh ag féachain chum leasa daoine eile, leis. Bíodh an dearcadh agaibh do bhí ag Íosa Críost: an té dob’ ionann le Dia féin ’n‐a chló, acht nár shamhluigh dhó féin bheith ar aon chéim le Dia, mar bhéadh sin ’n‐a chraoibh le breith, acht do lom é féin, agus do ghlac cuma seirbhísigh chuige féin, agus tháinig sé ar an saoghal i gcosamhlacht duine; agus do nochtadh é i riocht duine; agus i riocht duine dhó, d’uirísligh sé é féin, agus do bhí sé umhal go dtí an bás, go bás na croise féin. Ar an adhbhar sin d’árduigh Dia go mór é, agus thug sé dhó an t‐ainm atá os cionn gach ainme eile; chum go bhfeacfadh gach glún i n‐ainm Íosa, ar neamh, ar talamh, nó fá thalamh, agus go n‐admhóchadh teanga gach duine gur Tighearna Íosa Críost, chum glóire Dé an tAthair. D’á bhrigh sin, a bhráithre ionmhaine, mar bhí sibh umhal i gcómhnaidhe, ní h‐é amháin im’ láthair‐se, acht go mórmhór ar mbeith as láthair dom, saothruighidh amach bhur slánughadh féin le h‐eagla agus le criothnú; óir is é Dia do‐bheir daoibh an toil agus an éifeacht mar is mian leis féin. Déanaidh gach nidh gan ceasnú, gan aighneas; chum go mbéidh sibh gan locht, gan aineamh, ’n‐bhur gclainn Dé gan smál i lár cinidh chaim, chuirpthigh, go bhfuil sibh ’n‐a measc amhail soillsí san tsaoghal, ag nochtadh briathair na beathadh, chum go mbéidh adhbhar maoidhmheachais agam i ló Chríost, de chionn nár ritheas agus nár shaothruigheas i n‐aisce. ’Seadh, agus má doirtthear mé mar ofráil dighe os cionn íodhbairte agus seirbhíse bhur gcreidimh, do‐ghním gáirdeachas, agus do‐ghním bród i n‐éinfheacht libh‐se go léir: agus ar an gcuma chéadna, déanaidh‐se gáirdeachas agus bród i n‐éinfheacht liom. Acht atá súil agam san Tighearna Íosa go gcuirfead Timóteus chugaibh gan mhoill, chum go mbéidh sólás croidhe agam féin nuair bhéas a fhios agam cionnas mar tá an saoghal agaibh. Óir ní fhuil duine agam atá ar aon intinn leisean, fear chuireas dúil ó chroidhe ’n‐bhur leas. Óir ní h‐iad gnóthaí Íosa Críost, acht a ngnóthaí féin, is cúram leo uile. Acht atá a fhios agaibh cionnas chruthuigh sé, gur shaothruigh sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar dhéanfadh mac i n‐éinfheacht le n‐a athair. Atá súil agam go gcuirfead chugaibh eisean chómh luath agus bhéas a fhios agam cad is cor dom: acht atá súil san Tighearna agam go dtiocfad féin chugaibh go luath. Acht do cheapas gur riachtanach Epafróditus, bráthair, agus chómh‐oibridhe, agus cómhshaighdiúir liom, agus bhur dteachtaire‐se, agus an fear d’fhóir orm i n‐am mo ghátair, do chur chugaibh: óir ba mhian leis go mór sibh‐se go léir d’fheicsin, agus do bhí sé an‐bhuaidheartha toisc go gcuala sibh go raibh sé tinn: agus go deimhin bhí sé tinn i riocht báis; acht do rinne Dia trócaire air, agus ní h‐airsean amháin, acht orm‐sa, leis, chum nach mbéadh doilgheas os cionn doilgheasa orm. Uime sin ba mhóide mo dhúthracht a chur chugaibh go mbéidh luthgháir oraibh nuair chífeas sibh arís é, agus go mba lughade mo dhoilgheas é. Glacaidh chugaibh é, mar sin, le lán‐gháirdeachas san Tighearna, agus tabhraidh ómós d’á leithéidibh sin: toisc go ndeachaidh sé i ngar do’n bhás ar son gnó Chríost, ag cur a anma i mbaoghal báis d’iarraidh a raibh i n‐easnamh ar bhur seirbhís damh‐sa do sholáthar. I ndeireadh scéil, a bhráithre, déanaidh gáirdeachas san Tighearna. Ní fhuil tuirse orm ag scríobhadh na neithe céadna arís, acht déanfaidh sé bhur leas‐sa. Seachnaidh na madraí, seachnaidh na droch‐oibridhthe, seachnaidh lucht an chóimhghearrtha: óir is sinne lucht an fhír‐thimcheall‐ghearrtha, do‐ghní adhradh tré Spiorad Dé, agus do‐ghní maoidhmheachas as Íosa Críost, gan muinighin bheith againn as an bhfeoil: gidh go mb’ fhéidir liom‐sa muinighin do chur as an bhfeoil féin: má’s dóigh le h‐aoinneach gur féidir leis muinighin do chur as an bhfeoil, is mó ’ná sin is féidir liom‐sa: mise do timcheall‐ghearradh an t‐ochtmhadh lá, do shíolruigh ó threibh Bheniamín, Eabhraidheach tháinig ó Eabhraidhibh; i dtaobh na dlighe im’ Fhairsíneach; i dtaobh díoghraise, inghreimtheach na h‐eaglaise; i dtaobh na fíréantachta atá san dlighe, fríth mé bheith gan locht. Acht na neithe do bhí mar tháirbhe dhamh‐sa, do mheasas gur chailleamhain ar son Chríost iad. Go fírinneach measaim gur cailleamhain gach uile nidh ar aon eolais shár‐luachmhair Íosa Críost mo Thighearna: gur fhulaingeas díth gach uile nidh ar a shon, agus ní fhuil de mheas agam ortha acht mar bhéadh agam ar aoileach, chum go ngnóthóchainn Críost, agus go bhfaighfidhe mé ann, gan fíréantacht dem’ chuid féin bheith agam, fíréantacht ó’n dlighe, acht an fhíréantacht thig ó Dhia tré chreideamh; chum go bhfaighead eolas air, agus ar chumhacht a aiséirighthe, agus ar rannpháirteacht ’n‐ar fhulaing sé, dom’ chur i gcosamhlacht leis ’n‐a bhás; le súil go n‐éireochadh liom, ar chor ar bith, an aiséirghe ó na marbhaibh do rochtain. Ní h‐é go bhfuil ceann cúrsa sroichte agam cheana, nó go bhfuil bárr feabhais orm fós; acht atáim ag bualadh ar aghaidh, mar dhúil is go bhfaighinn sealbh air, mar fuair Íosa Críost sealbh orm‐sa. A bhráithre, ní h‐é go measaim go bhfuil sé im’ sheilbh fós: acht atá aon nidh amháin d’á dhéanamh agam, ag déanamh dearmaid ar a bhfuil ar mo chúl agam, agus ag síneadh chum a bhfuil rómham, atáim ag rith fá dhéin an bháire, chum craoibhe árd‐ghairme Dé i nÍosa Críost. D’á bhrigh sin, bíodh an dearcadh sin ag an méid dínn atá lán‐fhoirbhthe: agus má tá a mhalairt de dhearcadh fá rud ar bith agaibh, nochtfaidh Dia an rud sin daoibh: acht amháin, an fad atá sroichte againn, cheana, leanamaís d’á réir. A bhráithre, déanaidh‐se aithris orm‐sa i n‐éinfheacht le chéile, agus coimheádaidh súil ortha‐san leanas do réir an tsompla do‐bheirimíd daoibh. Óir atá a lán daoine ag siubhal, gur inniseas daoibh go minic le deoraibh ’n‐a dtaobh, gur náimhde do chrois Chríost iad: gur ab é a ndamnú a ndeireadh, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐adhbhar maoidhmheachais a náire, dream chuireas a ndúil i neithibh saoghalta. Óir is ar neamh atá ár n‐áitreabh‐na; agus is ó’n áit sin atáimíd ag fanamhain le Slánuightheoir, an Tighearna Íosa Críost: an té chuirfeas malairt crotha ar chorp so ár h‐umhlaidheachta, chum go ndéanfar cosmhail é le n‐a chorp glórmhar féin, do réir an chumais atá aige chum gach uile nidh do thabhairt fá n‐a cheannas féin. Uime sin, a bhráithre ionmhaine ’n‐a bhfuil dúil mo chroidhe, agus atá mar bhród agus mar choróin agam, seasaidh go daingean san Tighearna, a cháirde dílse. Impidhim ar Eúódia, agus impidhim ar Shuntiche, bheith ar aon intinn san Tighearna. Agus impidhim ort‐sa, a chomrádaidhe dhil, congnamh do thabhairt do na mnáibh úd, óir do shaothruigheadar san tsoiscéal i n‐éinfheacht liom‐sa, i n‐éinfheacht le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ chómh‐oibrightheoiribh, go bhfuil a n‐ainmneacha thíos i leabhar na beathadh. Déanaidh gáirdeachas san Tighearna i gcómhnaidhe: adéarfad arís é, Déanaidh gáirdeachas. Bíodh bhur gcaoimhe soiléir do’n uile dhuine. Atá an Tighearna i gcómhgar. Ná bíodh imnidhe oraibh fá rud ar bith: acht san uile nidh cuiridh bhur n‐iarrataisí i n‐umhail do Dhia le h‐urnaighe, agus le h‐athchuinghe, agus le breith buidheachais. Agus síothcháin Dé sháruigheas gach tuigsin, coimheádfaidh sí bhur gcroidheacha agus bhur smaointe i nÍosa Críost. I ndeireadh scéil, a bhráithre, gach a bhfuil fíor, gach a bhfuil uasal, gach a bhfuil glan, gach a bhfuil ’n‐a dhíol grádha, gach a bhfuil fá dheagh‐chlú; gach subháilce, gach éinnidh atá ionmholta, gur ab ortha sin bhéas sibh ag smaoineadh. Na neithe d’fhoghlaim sibh, agus do chuala sibh, agus do chonnaic sibh bheith ionnam‐sa, cleachtuighidh‐se na neithe sin: agus béidh Dia na síothchána libh. Acht do‐ghním gáirdeachas mór san Tighearna, de bhrigh gur aithbheodhuigh sibh anois ar deireadh bhur gcúram im’ thaobh‐sa: is fíor go raibh sibh cúramach, acht do theastuigh faill uaibh chuige. Ní h‐é go bhfuilim ag labhairt mar bhéinn fá easbaidh: óir d’fhoghlaimeas cionnas fanamhain sásta, is cuma cia an staid ’n‐a mbím. Is eol dom cionnas bheith úiríseal, agus bheith ar mo lánmhian: ar gach slighe agus san uile nidh d’fhoghlaimeas cionnas bheith sáitheach, agus cionnas bheith ocrach, cionnas bheith i bhflúirse, agus cionnas bheith i ngátar. Ní fhuil nidh nach dtig liom a dhéanamh le cumas an té neartuigheas mé. Cia ar bith e, is maith do rinne sibh é, go raibh sibh páirteach liom im’ anró. Agus atá a fhios agaibh féin, a Fhilipíneacha, nuair d’imthigheas ó’n Maiceadóin, agus an soiscéal ’n‐a thús, nach ndeachaidh eaglais ar bith i bpáirt liom fá bhronnadh agus fá ghlacadh, acht sibh‐se amháin; óir i dTesaloníca féin dom do chuir sibh congnamh chugam uair nó dó le h‐aghaidh mo riachtanais. Ní h‐é go bhfuilim ag éileamh aon bhronntanais; acht gur ab amhlaidh atáim ar lorg an tortha rachas cum creideamhna dhaoibh. Atá gach nidh go h‐iomadamhail agam: atá mo lán‐dóthain agam, óir na neithe tháinig uaibh‐se, atá mar bholadh deagh‐chumhra, íodhbairt ionghlactha, taithneamhach ag Dia, fuaras ó Epafróditus iad. Agus soláthróchaidh Dia gach a bhfuil i n‐easnamh oraibh do réir a rachmais i nÍosa Críost. Anois glóir do Dhia agus d’ár nAthair go saoghal na saoghal. Amen. Beannuighidh do gach naomh i nÍosa Críost. Na bráithre ata im’ fhochair, beannuigheann siad daoibh. Beannuigheann na naoimh go léir daoibh, iad‐san go mórmhór bhaineas le lucht tighe Chéasair. Grása an Tighearna Íosa Críost go raibh le n‐bhur spiorad. Pól, abstal Íosa Críost de thoil Dé, agus Timóteus bráthair, chum na naomh agus chum na mbráthar dílis i gCríost atá i gColossae, grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair. Do‐bheirimíd buidheachas le Dia, Athair ár dTighearna Íosa Críost, ag guidhe i gcómhnaidhe ar bhur son, ó chualamar trácht ar bhur gcreideamh i nÍosa Críost, agus ar an ngrádh atá agaibh do na naomhaibh go léir, as ucht an dóchais atá i dtaisce ’n‐bhur gcómhair ins na flaitheasaibh, go gcualabhar tuairisc ’n‐a thaobh roimhe seo i mbriathar fírinne an tsoiscéil, tháinig chugaibh‐se; fá mar tá sé ag tabhairt tortha ar fud an domhain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐bhur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualabhar agus ’n‐a bhfuarabhar eolas ar ghrása Dé i bhfírinne; mar d’fhoghlaim sibh ó Epafras, ár gcóimh‐sheirbhíseach ionmhain, atá ’n‐a mhinistir dílis do Chríost ar ár son, agus do chuir bhur ngrádh san Spiorad i dtuigsin dúinn. Ar an adhbhar sin, ó’n lá n‐a gcualamar scéala ’n‐a thaobh, ní scuraimíd de bheith ag déanamh urnaighthe ar bhur son, agus g‐á iarraidh go líonfar sibh d’eolas a thola san uile eagnaidheacht agus tuigsin spioradálta, chum go siubhalfaidh sibh mar d’oirfeadh daoibh san Tighearna, go sásóchaidh sibh é ar an uile shlighe, ag tabhairt tortha san uile dheagh‐ghníomh, agus bhur n‐eolas ar Dhia ag dul i méid; sibh daingnighthe le gach neart tré chumhacht a ghlóire, nó go raibh sibh lán‐fhoidhneach, fad‐fhulaingeach le h‐áthas; ag breith buidheachais leis an Athair, do rinne sinn oireamhnach chum bheith rannpháirteach i n‐oidhreacht na naomh san tsolas. D’fhuascail sé ó chumhacht an dorchadáis sinn, agus d’aistrigh sé go ríoghacht a Mhic ionmhain féin sinn; an té ’n‐a bhfuil fuascladh againn tré n‐a fhuil, maitheamhnas ár bpeacaidhe. Is é íomháigh an Dé dho‐fheicsiona é, céid‐ghein gach ar cruthuigheadh; óir is ann do cruthuigheadh gach nidh d’á bhfuil ar neamh agus ar talamh, idir neithe so‐fheicsiona agus neithe dofheicsiona, cia aca righ‐chathaoireacha, nó tighearnaisí, nó flaitheasa, nó cumhachta iad: is tríd‐sean agus chuige‐sean do cruthuigheadh iad go léir; agus atá sé féin roimh an uile nidh, agus is tríd‐sean dhlúthuigheas siad le chéile. Agus is é ceann an chuirp é, is é sin ceann na h‐eaglaise: is é an príomh‐thús é, an chéid‐ghein ó na marbhaibh; chum go mbéadh an t‐árd‐ghradam aige san uile nidh. Óir ba é toil an Athar go ndéanfadh an iomláine ar fad cómhnaidhe ann; agus ba toil leis gach uile nidh do réidhteach leis féin tríd, idir neithe atá ar talamh agus neithe atá ar neamh; ag déanamh síothchána tré fhuil a chroise. Agus sibh‐se do bhí lá de’n traoghal ’n‐bhur gcoimhthigheachaibh agus ’n‐bhur náimhdibh ’n‐bhur n‐aigne de dheascaibh bhur ndroch‐ghníomhartha, atá sibh réidhtighthe leis anois tré chorp a fheola de bhárr an bháis, chum sibh do thabhairt naomhtha, gan locht, gan cionnta ’n‐a fhiadhnaise, acht go seasuighidh sibh go daingean ar bhun an chreidimh, gan casadh i leathtaobh ó dhóchas an tsoiscéil do chualabhar, do craobhscaoileadh i measc gach a bhfuil cruthuighthe fá neamh, go bhfuilim‐se Pól im’ mhinistir de. Do‐ghním gáirdeachas anois i lár mo bhuaidheartha ar bhur son, agus líonaim suas im’ fheoil féin an méid de phiantaibh Chríost atá i n‐easnamh ar son a chuirp, is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnadh ministir díom, do réir an chúraim do chuir Dia orm ar bhur son, chum briathar Dé do chóimhlíonadh go h‐iomlán, an rúindiamhair d’fhan fá cheilt ar gach aois agus ar gach geinealach, acht atá nochttha anois d’á naomhaibh; d’ár thoiligh Dia a chur i bhfios créad é saidhbhreas glóire na rúindiamhaire seo i measc na gCineadhach, is é sin Críost ionnaibh, an dóchas chum glóire. Is eisean fhoillsighmíd, ag spreagadh gach uile dhuine, chum gach uile dhuine do thabhairt iomlán i gCríost. Chuige sin is eadh atáim ag obair ar mo dhícheall, ag spairn do réir a chumair oibrigheas go cumhachtach ionnam. Óir ba mhian liom a chur i bhfios daoibh a dhéine is tá an troid atá d’á déanamh agam ar bhur son‐sa, agus ar son muinntire Laodicia, agus ar son na ndaoine uile nach bhfaca mo ghnúis san bhfeoil; chum go neartóchar a gcroidheacha, chum go ndlúthóchar iad le chéile i ngrádh, agus go mbéidh gach saidhbhreas aca maidir le lán‐dearbhthacht tuigseana, chum go bhfaighidh siad eolas ar rúindiamhair Dé, is é sin Críost, ’n‐a bhfuil gach ionnmhas eagna agus eolais i bhfolach. Adeirim an méid seo ar eagla go meallfadh aoinneach le clisteacht cainnte sibh. Óir, gidh go bhfuilim as láthair san gcolainn, atáim ’n‐bhur láthair san spiorad, ag déanamh gáirdeachais agus ag breathnú an eagair atá oraibh, agus ag breathnú seasmhachta bhur gcreidimh i gCríost. Uime sin, ó ghlacabhar Íosa Críost mar Thighearna chugaibh, siubhlaidh ann d’á réir, sibh fréamhuighthe agus daingnighthe ann, fá mar tugadh teagasc daoibh, ag dul i méid ann le lán‐bhuidheachas. Seachnaidh an meallfadh aoinneach le n‐a fheallsamhnacht agus le n‐a bhaoth‐theagasc sibh, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an domhain, agus ní do réir Chríost: óir is ann go corpordha atá iomláine na Diadhachta ar fad, agus is ann atá gach nidh go h‐iomlán agaibh‐se, san té is árd‐cheann ar gach flaitheas agus ar gach cumhacht, ’n‐ár timcheall‐ghearradh sibh le timcheall‐ghearradh nach ndearnadh le lámhaibh, leis an timcheall‐ghearradh atá i gCríost, ag cur cuirp na feola dhíbh; ó h‐adhnachadh sibh mar aon leis san mbaisteadh, atá sibh aithbheodhuighthe mar aon leis tré chreideamh i gcumhacht Dé do thóg ó na marbhaibh é. Agus sibh‐se do bhí marbh de dheascaibh bhur gcionnta agus tré neamh‐thimcheall‐ghearradh bhur bhfeola, d’aithbheodhuigh sé i n‐éinfheacht leisean sibh, tar a éis dó ár gcionntaí uile do mhaitheamh dhúinn. Do chuir sé deireadh leis an mbanna atá scríobhtha i reachtaibh ’n‐ár gcoinnibh, do bhí contrárdha dhúinn; agus do ghlan sé as an slighe é, g‐á tháirngneáil do’n chrois; ag cur na bhflaitheas agus na gcumhacht de, do rinne sé sompla saoghalta dhíobh, ag buadhachtain ortha d’á bárr. Ná leigidh d’aon duine bheith ’n‐a bhreitheamh oraibh fá bhiadh, nó fá dhigh, nó fá lá féile, nó fá ghealaigh úir, nó fá lá sabóide: ní fhuil ionnta siúd acht scáil na neithe atá le teacht; acht is é Críost an bunadhas. Ná leigidh d’aon duine bhur luaigheacht do mhealladh uaibh, g‐á shásamh féin fá scáth umhlachta dhá deoin féin agus le h‐adhradh do thabhairt d’ainglibh, ag seasamh ar a bhfaca se, agus é d’á theannadh le h‐uabhar ag a céadfaidhibh colnaidhe féin, gan greim do choimheád ar an gCeann, ó n‐a méaduigheann an corp uile le fás ó Dhia, agus é d’á chothú agus d’á shnaidhmeadh le chéile le h‐altaibh agus le lúitheachaibh. Má’s fíor go bhfuil sibh básuighthe i n‐éinfheacht le Críost ó dhúlaibh an domhain, cad chuige dhaoibh géilleadh do reachtaibh mar dhéanfadh daoine mhaireas san tsaoghal so. Ná láimhsigh é, ná blais é, ná bain leis, (neithe iad so uile bhíos gan feidhm tar éis úsáid do dhéanamh dhíobh), do réir aitheanta agus teagaisc daoine. Is fíor go bhfuil cuma eagnaidheachta ar na neithibh sin chum adhradh deontach, agus umhlacht, agus smacht ar an gcorp do chur i gcéill; acht ní fhuil aon éifeacht ionnta chum cosc do chur le h‐ainmhiantaibh na feola. Uime sin, má tá sibh aiséirghthe i n‐éinfheacht le Críost, loirgidh na neithe atá thuas mar a bhfuil Críost ’n‐a shuidhe ar dheaslaimh Dé. Cuiridh bhur ndúil ins na neithibh atá thuas, ní ins na neithibh atá ar talamh. Óir d’éagabhar, agus atá bhur mbeatha foluighthe mar aon le Críost i nDia. Nuair foillseochar Críost, ár mbeatha‐na, foillseochar sibh‐se, chómh maith, mar aon leis i nglóir an t‐am sin. Uime sin marbhuighidh bhur mbaill atá ar talamh; striapachas, neamh‐ghlaine, ainmhianta, droch‐chlaonta, agus sainnt — íodhal‐adhradh is eadh í; óir is de dheascaibh a leithéidí sin thig díbheirg Dé ar chlainn na h‐easumhlachta; ’n‐ár shiubhail sibh‐se roimhe seo, an tráth ’n‐a raibh sibh ag caitheamh bhur saoghail ins na neithibh úd. Acht anois cuiridh uaibh na neithe seo go léir, leis; fearg, buirbe, droch‐rún, bíodán, droch‐chainnt as bhur mbéal. Ná labhraidh bréag le chéile; ó tá an seanduine agus a ghníomhartha curtha dhíbh agaibh, agus ó tá an nua‐dhuine curtha umaibh agaibh, agus é d’á athnuadhadh i n‐eolas do réir íomháighe an té do chruthuigh é. Ní fhuil Gréagach ná Iúdach ann, ní fhuil timcheall‐ghearradh ná neamh‐thimcheall‐ghearradh, barbarach, Scitidheach, daor ná saor ann, acht is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán. D’á bhrigh sin, mar dhéanfadh clann toghtha Dé, naomhtha agus ionmhain, cuiridh umaibh croidhe trócaire, muinntearas, umhlacht, macántacht, fad‐fhulang; ag foidhneamh le chéile, agus ag maitheamh d’á chéile, má bhíonn cúis ar bith ag aoinneach ar dhuine eile; fá mar thug Críost maitheamhnas daoibh‐se, déanaidh‐se mar an gcéadna: agus thar gach nidh eile, cuiridh umaibh an grádh, óir is é snaidhm na ndeagh‐shubháilce é. Agus síothcháin Chríost, chum ar glaodhadh sibh i n‐aon chorp amháin, bíodh sí ag riaghlú ’n‐bhur gcroidheachaibh; agus bidhidh buidheach. Déanadh briathar Críost cómhnaidhe go fairsing san uile eagna ionnaibh; ag múineadh agus ag spreagadh a chéile le salmaibh, agus le h‐iomnaibh, agus le dántaibh spioradálta, ag cantaireacht do Dhia le grása ’n‐bhur gcroidheachaibh. Agus cibé nidh do‐ghní sibh, i mbriathar béil nó i ngníomh, déanaidh an uile nidh i n‐ainm an Tighearna Íosa, ag tabhairt buidheachais do Dhia tríd. A mhná, bidhidh umhal do bhur bhfearaibh, mar is cóir san Tighearna. A fheara, tabhraidh grádh do bhur mnáibh, agus ná bidhidh searbh ’n‐a n‐aghaidh. A chlann ó, bidhidh umhal do bhur n‐aithreachaibh agus do bhur máithreachaibh san uile nidh, óir taithneann sin leis an Tighearna. A aithreacha, ná brostuighidh bhur gclann chum feirge, ar eagla mí‐mheisneach do chur ortha. A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh do réir na feola, ní le súil‐sheirbhís, mar bhéadh sibh d’iarraidh daoine do shásamh, acht le deagh‐thoil croidhe, i n‐eagla an Tighearna: cibé nid do‐ghní sibh déanaidh ó’n anam é, mar dhéanfadh sibh do’n Tighearna, agus ní do dhaoinibh é; agus a fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar luaigheacht ó’n Tighearna: is do’n Tighearna Críost atá sibh ag déanamh seirbhíse. Óir an té do‐ghní an éagcóir, cúiteochar leis do réir na h‐éagcóra atá déanta aige, agus ní fhuil meas ar phearsain duine seachas a chéile. A mháighistreacha, tabhraidh a gceart agus a gcomhthrom féin do bhur seirbhíseachaibh, agus a fhios agaibh go bhfuil Máighistir agaibh féin ar neamh, leis. Leanaidh go buan de’n urnaighe, agus bidhidh go h‐aireach innti, le breith buidheachais; ag guidhe orainne ar an am céadna, go bhfosclóchaidh Dia doras do’n bhriathar dúinn, chum rúindiamhair Chríost, go bhfuilim‐se i gcuibhreachaibh ar a son, d’innsin; chum go bhfoillseochad é, mar ba cheart dom labhairt. Siubhlaidh go stuamdha i dtaobh na ndaoine atá lasmuigh, ag baint tairbhe as an uain. Bíodh salann an ghrása mar bhlás ar bhur gcainnt, chum go mb’ eol daoibh freagra do thabhairt do gach aoinneach. Tichicus, bráthair ionmhain, agus ministir dílis, agus cóimhsheirbhíseach san Tighearna, bhéarfaidh seisean scéala dhaoibh fám’ ghnóthaibh. Chuige sin is eadh do chuireas chugaibh é, chum go mbéidh a fhios agaibh cionnas mar tá an saoghal againn, agus go dtiubhraidh sé sólás croidhe dhaoibh; mar aon le hOnésimus, bráthair dílis, ionmhain, duine dhíbh féin. Bhéarfaidh siad‐san fios scéil daoibh i dtaobh gach a bhfuil d’á dhéanamh agam. Beannuigheann Aristárchus, cómh‐phríosúnach liom, beannuigheann seisean daoibh, mar aon le Marcus, col ceathair Bharnabais (go bhfuair sibh órduighthe ’n‐a thaobh; má thagann sé chugaibh, glacaidh leis), agus Iésus, go dtugtar Iustus mar ainm air; beirt de lucht an timcheall‐ghearrtha iad‐san: is iad‐san amháin do bhí ’n‐a gcómh‐oibridhthibh i n‐éinfheacht liom ar son ríoghachta Dé, fir do bhí mar shólás croidhe dhom. Epafras, duine dhíbh féin, seirbhíseach Íosa Críost, beannuigheann seisean daoibh, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaighthibh ar bhur son, g‐á ghuidhe go seasfaidh sibh go diongbhálta, lán‐dearbhtha de thoil Dé. Óir do‐bheirim m’fhiadhnaise ’n‐a thaobh go mbíonn sé ag saothrú go dian ar bhur son‐sa, agus ar son a bhfuil i Laodicia, agus ar son a bhfuil i Hiéropolis. Beannuigheann Lúcás, liaigh grádhach, agus Démas daoibh. Beiridh beannacht chum na mbráthar atá i Laodicia, agus chum Nimfa, agus chum na h‐eaglaise atá ’n‐a tigh. Agus nuair bhéas an eipistil seo léighte ’n‐bhur measc féin daoibh, cuiridh d’á léigheamh í i n‐eaglais na Laodiciach leis; agus léighidh‐se an eipistil ó Laodicia mar an gcéadna. Agus abraidh le hArchippus, Tabhair aire do’n mhiniostrálacht fuairis ó’n Tighearna, chum go gcóimhlíonfair í. Mo bheannacht uaim‐se Pól, lem’ láimh féin. Cuimhnighidh ar mo chuibhreachaibh. Grása go raibh libh. Pól, agus Silbhánus, agus Timóteus, chum eaglaise na dTesaloníceach i nDia an tAthair, agus san Tighearna Íosa Críost: Grása agus síothcháin daoibh. Do‐bheirimíd buidheachas le Dia de shíor ’n‐bhur dtaobh‐na go léir, ’g‐bhur luadh ’n‐ár n‐urnaighthibh: ag síor‐chuimhneamh ar bhur ngníomharthaibh creidimh, agus ar bhur saothar carthannachta, agus ar bhur ndóchas foidhneach as ár dTighearna Íosa Críost, i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar. Is eol daoibh, a bhráithre, ionmhain le Dia, go bhfuil sibh toghtha: óir ní i mbriathraibh béil amháin tháinig ár soiscéal chugaibh, acht i gcumhacht, chómh maith, agus san Spiorad Naomh, agus i lán‐dearbhthacht; mar is eol daoibh cionnas do bhíomar libh mar mhaithe libh féin, agus sinn ’n‐bhur measc. Agus do rinneabhar aithris orainne agus ar an Tighearna, ó ghlacabhar an briathar i ndóghrainn mhóir, le h‐áthas an Spioraid Naoimh; ionnas go rabhabhar ’n‐bhur n‐eisiompláir do lucht an chreidimh san Maiceadóin agus i nAcháia. Óir is uaibh‐se do leath briathar an Tighearna go glórach, ní h‐é amháin san Maiceadóin agus i nAcháia, acht is amhlaidh do leathnuigh clú bhur gcreidimh i nDia i ngach áit; ar mhodh nach gábhadh dhúinne labhairt ’n‐a thaobh. Óir do‐bheir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaobh, cionnas mar chuadhamar isteach chugaibh; agus cionnas mar thionntuigheabhar ó íodhalaibh chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia beo, fíor, agus chum bheith ag feitheamh le teacht a Mhic ó neamh, an té do thóg sé ó na marbhaibh, Íosa fhuasclas ó’n díbheirg atá le teacht sinn. Óir is eol daoibh féin, a bhráithre, nár chuairt gan éifeacht ár dteacht isteach chugaibh: acht tar á éis dúinn fulang roimhe sin, agus masla náireach d’fhágháil i bhFilipí, mar tá a fhios agaibh, gur éirigheamar dána ’n‐ár nDia chum soiscéal Dé do sheanmórú dhaoibh i lár toirmisc mhóir. Óir ní ó mhearbhall, ná ó neamh‐ghlaine, ná ó cheilg thig ár spreagadh; acht, fá mar mheas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is amhlaidh labhraimíd d’á réir sin; ní mar bhéimís d’iarraidh daoine do shásamh, acht Dia go‐ghní teastas ar ár gcroidheachaibh. Óir, mar is eol daoibh féin é, níor bhaineamar feidhm ariamh as foclaibh plámáis, ná ní raibh sainnt fá chlóca againn, is é Dia ár bhfiadhnaidhe air; ná ní rabhamar ag lorg urrama ó dhaoinibh, ná uaibh‐se, ná ó dhaoinibh eile, bíodh gurbh fhéidir linn bheith go h‐ughdarásach, mar abstail Chríost. Acht is amhlaidh do bhíomar caoin‐cheannsa ’n‐bhur measc, mar bhéadh buime ag oileamhain a clainne féin: mar sin de, le méid an cheana do bhí againn oraibh, ba mhian linn, ní h‐é soiscéal Dé amháin do roinnt libh, acht ár n‐anamanna féin, leis, toisc gurbh an‐ionmhain linn sibh‐se. Óir is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an duadh fuaramar: ag obair d’oidhche agus de ló, chum nach mbéimís mar ualach ar aon duine agaibh, do sheanmóruigheamar soiscéal Dé dhaoibh. Is fiadhnaidhthe sibh‐se, agus is fiadhnaidhe Dia, leis, ar a naomhthacht, agus ar a ionnraice, agus ar a neamh‐lochtaighe d’iomcharamar sinn féin ’n‐bhur dtaobh‐na chreideas: mar tá a fhios agaibh go rabhamar le gach duine agaibh mar bhéadh athair le n‐a chlainn féin, ag tabhairt meanman agus meisnigh dhaoibh, agus g’á impidhe oraibh siubhal mar d’oirfeadh dhaoibh i bhfiadhnaise Dé, do ghlaodh chum a ríoghachta agus chum a ghlóire féin sibh. Ar an adhbhar sin do‐bheirimíd buidheachas gan stad do Dhia, de bhrigh, nuair ghlacabhar briathar teachtaireachta Dé uainn, gur ghlacabhar é, ní mar bhriathar daoine, acht (mar is é go fírinneach) mar bhriathar Dé oibrigheas ionnaibh‐se chreideas. Óir do rinne sibh‐se, a bhráithre, aithris ar eaglaisibh Dé i nÍosa Críost atá i nIúdaea: ó thárla gur fhulaing sibh na neithe céadna ó mhuinntir bhur dtíre féin d’fhulaing siad‐san ó na h‐Iúdachaibh: do mharbhuigh an Tighearna Íosa agus na fáidhe, agus do ruaig amach sinne, agus nach dtaithneann le Dia, agus atá i n‐aghaidh an uile dhuine; ’g‐ár gcosc ar labhairt leis na Cineadhachaibh chum iad do shlánú; ag méadú a bpeacaidhe de shíor; acht atá dhíbheirg tagtha go h‐iomlán ortha. Acht, a bhráithre, ó thárla go rabhamar scartha libh le tamall, i bpearsain, acht ní i gcroidhe, ba mhóide ár dtnúthán go mór le n‐bhur ngnúis d’fheicsin. D’á bhrigh sin ba mhian linn, liom‐sa Pól, go h‐áirithe, agus níorbh aon uair amháin é, teacht chugaibh; acht gur chuir Sátan cosc linn. Óir créad é ár ndóchas, nó ár n‐áthas, nó coróin ár nglóire? Nach sibh‐se é i bhfiadhnaise ár dTighearna Íosa, ag teacht dó? Go deimhin is sibh‐se ár nglóir agus ár mbród. Ar an adhbhar sin, nuair nárbh fhéidir linn foidhneamh níb’ fhaide, do cheapamar go mba cheart dúinn fanamhain ’n‐ár n‐aonar i gCathair na hAithne: agus do chuireamar Timóteus, ar mbráthair agus ministir Dé i soiscéal Chríost, chugaibh chum sibh do dhaingniú, agus chum sólás i dtaobh bhur gcreidimh do thabhairt daoibh; chum nach gcorróchaidhe aon duine leis na cathuighthibh úd: óir atá a fhios agaibh gur chuige sin do h‐órduigheadh sinn. Óir nuair bhíomar ’n‐bhur bhfochair, d’inniseamar roimh ré dhaoibh go bhfuil anró le fulang againn; rud tháinig chum críche, mar is eol daoibh féin. D’á bhrigh sin, nuair nárbh fhéidir liom foidhneamh níb’ fhaide, d’iarras faisnéis d’fhágháil i dtaobh bhur gcreidimh, ar eagla, ar chor ar bith, go mbéadh cathú curtha ag an gcathuightheoir oraibh, agus go mbéadh ár saothar i n‐aisce. Acht nuair tháinig Timóteus uaibh anois díreach chugainn, agus thug sé deagh‐scéala dhúinn i dtaobh bhur gcreidimh agus i dtaobh bhur ngrádha, g‐á rádh go mbíonn sibh i gcómhnaidhe ag cuimhneamh orainn, ag tnúth le n‐ár bhfeicsin, mar táimíd féin ag tnúth leis, chómh maith: d’á bhrigh sin, a bhráithre, fuaramar sólás ’n‐bhur dtaobh i lár ár n‐amhgair agus ár mbuaidheartha uile: óir mairimíd beo anois, ó tá sibh ag seasamh go daingean san Tighearna. Óir cia an buidheachas fhéadaimíd a thabhairt arís do Dhia ar bhur son as ucht an áthais mhóir atá orainn ’n‐bhur dtaobh i bhfiadhnaise ár nDé: ag guidhe go díoghraiseach dúinn d’oidhche agus de ló go bhfeicfimíd bhur n‐aghaidh, agus go gcuirfimíd bárr ar a bhfuil i n‐easnamh ar bhur gcreideamh. Anois go seolaidh Dia féin agus ár nAthair, agus ár dTighearna Íosa ar ár mbealach chugaibh sinn: agus go méaduighidh an Tighearna an grádh ionnaibh go líonmhar d’á chéile, agus do chách, mar atá againn féin daoibh‐se; chum go ndaingnighidh sé bhur gcroidheacha gan locht i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar, ag teacht d’ár dTighearna Íosa i n‐éinfheacht le n‐a naomhaibh uile. I ndeireadh scéil, a bhráithre, atáimíd g‐á chur d’impidhe agus d’athchuinghe oraibh san Tighearna Íosa, fá mar d’fhoghlaim sibh uainne cionnas ba cheart daoibh siubhal chum taithneamh do thabhairt do Dhia, fá mar tá sibh do dhéanamh, dul i bhfeabhas níos fearr ’ná ariamh. Óir is eol daoibh na h‐aitheanta thugamar tríd an Tighearna Íosa dhaoibh. Óir is é is toil le Dia sibh bheith naomhtha, sibh do staonadh ó striapachas; go mb’ eol do gach duine agaibh cionnas a chorp féin do congbháil i naomhthacht agus i n‐onóir, gan géilleadh d’ainmhian na drúise, mar ghníos na Cineadhaigh atá gan eolas ar Dhia; gan a bhráthair do mhealladh nó do shárú san gcás so: óir agrann an Tighearna díoghaltas i ngach cás d’á leithéidibh sin, do réir mar thugamar rabhadh agus fógra ’n‐a dtaobh dhaoibh cheana. Óir ní chum neamh‐ghlaine do ghlaodh Dia sinn, acht chum naomhthachta. D’á bhrigh sin, cibé dhiúltuigheas é seo, ní h‐é an duine dhiúltuigheas se, ácht Dia do‐bheir a Spiorad Naomh dhaoibh. Acht i dtaobh an ghrádha bhráthardha, ní gábhadh scríobhadh chugaibh: óir fuarabhar féin teagasc ó Dhia gur dual daoibh grádh do thabhairt d’á chéile, agus go deimhin, is é sin an rud atá d’á dhéanamh agaibh i dtaobh na mbráthar uile atá san Maiceadóin ar fad. Acht impidhmíd oraibh, a bhráithre, dul ar aghaidh níos dúthrachtaighe ’ná ariamh: agus bheith go dian d’iarraidh bhur saoghal do chaitheamh go síothchánta, agus saothrú le n‐bhur lámhaibh féin, mar d’órduigheamar daoibh; chum go mba cneasta bhur n‐iomchar i súilibh na ndaoine atá lasmuigh, gan ganntanas ar bith bheith oraibh. Acht, a bhráithre, níor mhaith linn sibh bheith i n‐ainbhfios i dtaobh na ndaoine atá ’n‐a gcodladh, chum nach mbéidh cumha oraibh, mar bhíos ar na daoinibh eile atá gan dóchas. Óir má chreidimíd gur éag Íosa agus gur aiséirigh sé arís, ar an gcuma sin is eadh bhéarfas Dia i n‐éinfheacht leis an dream chodlas i nÍosa. Óir adeirimíd do réir briathar an Tighearna, sinne atá beo, atá fágtha go teacht an Tighearna, nach mbéidh tosach againn ar an dream chodlas. Óir tiocfaidh an Tighearna ó na flaitheasaibh anuas le gáir, le guth an árd‐aingil, agus le glór stuic Dé: agus is iad na mairbh i gCríost is túisce éireochas: ’n‐a dhiaidh sin tógfar sinne atá fágtha beo i n‐éinfheacht leo ins na néalltaibh chum dul i ndáil an Tighearna san spéir: agus béidhmíd mar sin go síorraidhe i bhfochair an Tighearna. D’á bhrigh sin tabhraidh meisneach d’á chéile leis na briathraibh seo. Acht maidir leis na h‐aimsearaibh agus leis na tráthaibh, a bhráithre, ní gábhadh éinnidh do scríobhadh chugaibh. Óir atá a fhios agaibh go maith go dtagann lá an Tighearna mar thagann gadaidhe san oidhche. Nuair adeir na daoine, Síothcháin agus neamh‐bhaoghal, annsin is eadh thig léirscrios obann ortha, mar thagann a pianta ar mhnaoi atá ag iomchar clainne; agus ní rachaidh siad slán as. Acht, a bhráithre, ní fhuil sibh‐se san dorchacht, go dtiocfadh an lá úd oraibh mar thiocfadh gadaidhe. Clann an tsolais agus clann an lae is eadh sibh go léir; ní daoine de chlainn na h‐oidhche, ná de chlainn na dorchachta sinn. Ná bímís ’n‐ár gcodladh, mar sin, ar nós daoine eile, acht bímís ag faire, agus bímís ’n‐ár gcéill. Óir na daoine chodlas, is san oidhche chodlas siad, agus na daoine bhíos ar meisce, is san oidhche bhíos siad ar meisce. Acht sinne, daoine de chlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireach an chreidimh agus an ghrádha do chur orainn; agus an dóchas chum slánuighthe bheith mar chlogad orainn. Óir ní chum díbheirge do cheap Dia sinn, acht chum slánughadh d’fhágháil tré n‐ár dTighearna Íosa Críost, fuair bás ar ár son, chum go mairfimís beo i n‐éinfheacht leis, má’s ’n‐ár ndúiseacht nó ’n‐ár gcodladh dhúinn. D’á bhrigh sin tabhraidh meisneach d’á chéile, agus neartuighidh a chéile, fá mar tá d’á dhéanamh agaibh. Impidhmíd oraibh, a bhráithre, cion do bheith agaibh ortha‐san atá ag obair ’n‐bhur measc, iad‐san go bhfuil ceannas aca oraibh san Tighearna, agus bheireas cómhairle bhur leasa dhaoibh; agus árd‐mheas do bheith agaibh ortha as ucht a n‐oibre. Bidhidh go síothchánta eadraibh féin. Agus iarraimíd oraibh, a bhráithre, tabhraidh rabhadh do na fallsóirí, tabhraidh meisneach do na daoinibh atá lag‐chroidheach, bidhidh mar thaca do na daoinibh atá i n‐ísle bhrighe, bidhidh foighdeach leis an uile dhuine. Féachaidh chuige nach dtiubhraidh aoinneach an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; acht leanaidh i gcómhnaidhe do’n mhaith eadraibh féin agus i dtaobh an uile dhuine. Dhéanaidh gáirdeachas i gcómhnaidhe; bidhidh ag guidhe gan stad. Beiridh buidheachas san uile nidh; óir is é toil Dé é sin ’n‐bhur dtaobh i nÍosa Críost. Ná múchaidh an Spiorad; ná déan beag‐is‐fiú de tharngaireachtaibh; fromhaidh gach aon nidh; greamuíghidh go daingean dhá bhfhuil maith; staonaidh ó olcas de gach saghas. Agus go naomhuighidh Dia na síothchána féin go h‐iomlán sibh; agus go gcoimheádtar sibh idir spiorad agus anam agus corp slán ó chionnta go dtí teacht ár dTighearna Íosa Críost. Is dílis an té atá ’g‐bhur nglaodhach, is é dhéanfas é. A bhráithre guidhidh orainn. Beannuighidh do na bráithribh go léir le póig naomhtha. Cuirim mar athcuinghe oraibh as ucht an Tighearna an eipistil seo do chur d’á léigheamh do na bráithribh go léir. Go raibh grása ár dTighearna Íosa Críost libh. Pól, agus Silbhánus, agus Timóteus chum eaglaise na dTesaloníceach i nDia ár nAthair agus san Tighearna Íosa Críost: grása agus síothcháin daoibh ó Dhia an tAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Is dual dúinn buidheachas do thabhairt go síor, do Dhia ar bhur son‐sa, a bhráithre, mar is cuibhe, de bhrigh go bhfuil bhur gcreideamh ag dul i neart, agus grádh gach duine agaibh d’á chéile ag méadú go mór; ionnas go bhfuilmíd féin ag maoidheamh asaibh i n‐eaglaisibh Dé as ucht bhur bhfoidhne agus as ucht bhur gcreidimh i lár gach géirleanamhna agus anró fhulaingeas sibh. Cómhartha ceart‐bhreitheamhnais Dé is eadh é; ionnas go measfaidhe gur fiú sibh ríoghacht Dé, go bhfuil sibh ag fulang ar a son: má’s ceart le Dia buaidhirt do chur mar chúiteamh ar an dream chuireas buaidhirt oraibh‐se, agus suaimhneas i n‐éinfheacht linne do thabhairt daoibh‐se, nuair foillseochar an Tighearna Íosa ó neamh, mar aon le h‐ainglibh a chumhachta, i lasrachaibh teineadh, ag agairt díoghaltais ar an dream nár chuir eolas ar Dhia, agus ar na daoinibh nach n‐umhluigheann do shoiscéal ár dTighearna Íosa: dream gheobhas mar phionós léirscrios síorraidhe ó ghnúis an Tighearna, agus ó ghlóir a chumhachta, nuair thiocfas sé chum glóir d’fhágháil ’n‐a naomhaibh, agus chum bheith mar adhbhar iongantais ag lucht an chreidimh an lá sin (ó creideadh ár bhfiadhnaise dhaoibh). Chuige sin bímíd ag guidhe gan stad ar bhur son, chum go measaidh ár nDia gur fiú sibh bhur ngairm, agus go gcóimhlíonaidh sé gach deagh‐rún chum maitheasa agus gach gníomh creidimh le n‐a chumhacht, chum go nglóirightear ainm an Tighearna Íosa ionnaibh, agus go nglóirightear sibh‐se ann, do réir grása ár nDé agus ár dThighearna Íosa Críost. I dtaobh a mbaineann le teacht ár dTighearna Íosa Críost, agus le n‐ár gcómhchruinniú fá n‐a chómhair, impidhmíd oraibh, a bhráithre, gan leigean d’bhur n‐aigne bheith corruighthe go luath, ná bheith buaidheartha ag spiorad, nó ag focal, nó ag eipistil, mar bheadh uainne, g‐á rádh go bhfuil lá an Tighearna ann de láthair. Ná mealladh aoinneach ar aon chuma sibh; óir ní foláir tréigean an chreidimh do theacht ar dtús, agus nochtadh fir an pheacaidh, an mac mallachtan árduigheas é féin os cionn gach a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar adhradh dhó; ar mhodh go suidheann sé i dteampall Dé, g‐á chur i gcéill gur Dia é féin. Nach cuimhin libh gur inniseas an méid sin daoibh nuair bhíos ’n‐bhur bhfochair? Agus is eol daoibh anois créad atá ag cur coisc leis, chum nach nochtfar é go dtí n‐a am féin. Óir atá rúindiamhair na míriaghaltachta ag oibriú cheana féin: acht caithfear an té atá ag cur coisc leis do thógáil as an slighe. Annsin is eadh foillseochar an duine míriaghalta go marbhóchaidh an Tighearna Íosa le h‐anáil a bhéil é, agus go scriosfaidh sé le n‐a theacht agus le n‐a thaidhbhsiú é. Is é sin an té go mbéidh a theacht do réir gníomhachais Shátain, le cumhacht, agus le míorbhailtibh, agus le h‐iongantaisibh bréige, agus le gach ceilg dá gcuireann an cuirptheacht ar an dream d’á bhfuil an scrios i ndán; toisc nár ghlacadar grádh na fírinne, chum go slánóchaidhe iad. Agus ar an adhbhar sin cuireann Dia fá chumhacht mearbhaill iad, chum bréag do chreideamhain: chum gach dream nár chreid an fhírinne acht do chuir dúil san éagcóir, do thabhairt fá bhreitheamhnas. Acht is dual dúinn buidheachas do thabhairt do Dhia go síor ar bhur son‐sa, a bhráithre ionmhain leis an Tighearna, de bhrigh gur thogh Dia ó thosach sibh chum slánuighthe tré naomhú an Spioraid, agus tré chreideamh san bhfírinne. Chuige sin is eadh do ghlaodh sé tré n‐ár soiscéal sibh, chum glóir ár dTighearna Íosa Críost d’fhágháil. Uime sin, a bhráithre, seasuighidh go daingean, agus congbhuighidh gach ar múineadh dhaoibh le briathar béil, nó le h‐eipistil uainne. Anois go dtugaidh ár dTighearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAthair, do ghrádhuigh sinn, agus thug sólás síorraidhe agus deagh‐dhóchas dúinn tré ghrása, go dtugaidh sé sólás croidhe dhaoibh, agus go neartuighidh sé i ngach deagh‐ghníomh agus i ngach deagh‐fhocal sibh. I ndeireadh scéil, a bhráithre, guidhidh orainne, chum go leathaidh briathar an Tighearna, agus go nglóirightear é, mar tá d’á dhéanamh agaibh‐se; agus chum go saorfar sinn ó dhaoinibh míréasúnta, cuirptheacha; óir ní h‐é gach aon duine go bhfuil an creideamh aige. Acht atá an Tighearna creideamhnach; is é dhaingneochas sibh agus choimheádfas slán ó’n ainspiorad sibh. Agus atá muinighin againn as an Tighearna ’n‐bhur dtaobh, go bhfuil sibh ag déanamh na neithe órduighmíd, agus go ndéanfaidh sibh iad. Agus go dtreoruighidh an Tighearna bhur gcroidheacha chum grádha Dé, agus chum foidhne Chríost. Órduighmíd daoibh anois, a bhráithre, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, druidim ó gach bráthair atá ag maireachtain go fallsa, agus nach do réir an teagaisc fuaradar uainne. Óir is eol daoibh féin cionnas ba cheart daoibh aithris do dhéanamh orainne: óir níor iomcharamar sinn féin go fallsa ’n‐bhur measc; agus níor itheamar arán aon duine i n‐aisce, acht ag obair go cruaidh, dóchamhlach, d’oidhche agus de ló, chum nach mbéimís mar ualach ar aon duine agaibh. Ní h‐é nárbh é ár gceart é, acht chum sompla do thabhairt daoibh, chum go ndéanfadh sibh aithris orainn. Óir nuair bhíomar ’n‐bhur bhfochair féin, ba é ár n‐órdú dhaoibh, Munab áil le h‐aoinneach obair do dhéanamh, nár itheadh sé. Óir is clos dúinn go bhfuil daoine ’n‐bhur measc chaitheas a saoghal go fallsa, gan obair do dhéanamh, acht iad ag tabhairt a n‐aire do ghnóthaibh daoine eile. Anois órduighmíd d’á leithéidibh sin, agus spreagaimíd tríd an Tighearna Íosa iad, saothrú le ciúnas, agus a gcuid aráin féin d’ithe. Acht, a bhráithre, ná bidhidh‐se tuirseach ag déanamh maitheasa. Agus má tá aon duine nach n‐umhluigheann d’ár bhfocal san eipistil seo, tabhraidh aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a chuideachtain, chum go gcuirfidhe náire air. Acht ’n‐a dhiaidh sin, ná breathnuighidh air mar bhéadh námha ann, acht cómhairligh leis amhail bráthair. Anois go dtugaidh Dia na síothchána síothcháin daoibh i gcómhnaidhe ar an uile shlighe. Go raibh an Tighearna libh go léir. Beannuighim‐se Pól daoibh lem’ láimh féin. Is é mo chómhartha i ngach eipistil é: mar sin scríobhaim. Go raibh grása ár dTighearna Íosa Críost libh go léir. Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuightheoir, agus Íosa Críost, ughdar ár ndóchais; chum Timóteuis, fíor‐mhac liom san gcreideamh: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTighearna. D’impidheas ort fanamhain i nEiféis, agus mé ag imtheacht fá dhéin na Maiceadóine, chum fógradh do thabhairt do dhaoinibh áirithe gan athrú teagaisc do mhúineadh, agus gan aire do thabhairt d’fhabhlaibh, ná do gheinealachaibh gan chríoch, ó n‐a bhfásann ceisteanna níos mó ’ná riaradh gnó Dé san gcreideamh. Acht is é cuspóir an teagaisc an grádh as croidhe úr‐ghlan, agus as coinsias maith, agus as creideamh neamh‐chealgach. Atá daoine ann do thionntuigh ó na neithibh seo, agus do chuaidh amugha chum baoth‐chainnte; d’iarraidh bheith mar mhúinteoirí na dlighe, gidh nach dtuigeann siad créad bhíos d’á rádh nó d’á dhearbhú aca. Acht atá a fhios againne go bhfuil an dlighe maith, má bhaineann duine fóghnamh as go dlisteanach, agus má thuigeann sé nach do’n duine fíréan do cumadh an dlighe, acht do dhaoinibh míriaghalta, easumhla, do dhaoinibh neamh‐dhiadha agus do pheacachaibh, do dhaoinibh mí‐naomhtha, masluightheacha, do lucht marbhtha aithreach agus máithreach, do dhún‐mharbhthóiribh, do lucht striapachais, do lucht ainmhianta mí‐nádúrtha, do lucht goidthe daoine, do bhréagairibh, agus éinnidh eile atá i n‐aghaidh an teagaisc fholláin; do réir soiscéil glóire an Dé bheannuighthe atá curtha fá mo chúram‐sa. Do‐bheirim buidheachas leis an té thug cumas dom, Íosa Críost ár dTighearna, do mheas gur dhuine iontaobhtha mé, ’gam’ thoghadh le h‐aghaidh a sheirbhíse: gidh go rabhas roimhe sin im’ dhia‐mhasluightheoir, agus im’ inghreimtheach, agus im’ scriosaire; acht fuaras trócaire, toisc gur tré ainbhfios agus tré mhí‐chreideamh do rinneas é, agus do mhéaduigh grása ár dTighearna go mór, le creideamh agus leis an ngrádh atá i nÍosa Críost. Is inchreidthe an focal é, agus is fiú glacadh ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteach san tsaoghal chum peacaigh do shlánú; agus is mise an té is measa dhíobh. Acht chuige sin is eadh fuaras trócaise, chum go nochtfadh Íosa Críost a fhad‐fhulang uile ionnam‐sa ar dtús, chum go mbéinn mar eisiompláir do’n dream do bhí le creideamhain ann, chum na beathadh síorraidhe. Anois do’n Righ síorraidhe, do‐mharbhtha, do‐fheicsiona, do’n Aon‐Dia, go raibh onóir agus glóir go saoghal na saoghal. Amen. Fágaim é seo mar chúram ort, a Thimóteuis, a mhic liom, do réir na dtarngaire do rinneadh id’ thaobh roimhe seo, chum go dtroidfidh tú an cómhrac maith d’á mbárr; ag coimheád an chreidimh agus consiais mhaith; rud atá tréigthe ag daoinibh áirithe go bhfuil long‐bhriseadh déanta de’n chreideamh aca. Daoine dhíobh‐san is eadh Hímenaeus agus Alecsander, daoine do scaoileas le Sátan, chum go múinfidhe dhaoibh gan dia‐mhasladh do labhairt. Uime sin, iarraim ort ar dtús go ndéantar athchuingheacha, urnaighthe, eadar‐ghuidhe, altú ar son an uile dhuine; ar son righthe agus ar son na ndaoine atá árd i gcéim; chum go gcaithfimíd saoghal suaimhneasach, síothchánta, i ngach crábhadh agus i ngach cneastacht. Is maith agus is taithneamhach an nidh seo i bhfiadhnaise Dé ár Slánuightheoir, gur mian leis go slánuightidhe na daoine uile agus go bhfaighdís lán‐eolas ar an bhfírinne. Óir ní fhuil ann acht an t‐aon Dia amháin, agus an t‐aon idir‐mheadhóntóir amháin idir Dia agus daoine, mar atá an duine Íosa Críost, thug é féin mar éiric ar son an uile dhuine, gur tugadh a fhiadhnaise ’n‐a am féin. Chuige sin is eadh do h‐órduigheadh mise im’ sheanmóiridhe agus im abstal (is í an fhírinne atá agam d’á rádh, ní bréag í), im’ theagascthóir chum an creideamh agus an fhírinne do mhúineadh do na Cineadhachaibh. Is mian liom, d’á bhrigh sin, go ndéanfadh na fir urnaighe san uile áit, agus lámha beannuighthe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aighneas. Agus is mian liom, leis, go gcuirfeadh na mná éadaighe oireamhnacha umpa féin, go geanmnaidhe, banamhail; gan gruaig threillseach, gan ór, ná péarlaí, ná culaithe luachmhara; acht (mar ba cheart do mhnáibh admhuigheas cráibhtheacht) le deagh‐ghníomharthaibh. Glacadh an bhean teagasc go ciúin, ceannsa. Acht ní cheaduighim do’n mhnaoi teagasc do thabhairt, ná ceannas do bheith aici ar an bhfear, acht caithfidh sí fanamhain ’n‐a tost. Óir ba é Ádhamh ba thúisce do cumadh, agus Éabha ’n‐a dhiaidh sin. Agus níorbh é Ádhamh do mealladh, acht do mealladh an bhean, gur éirigh sí cionntach i bpeacadh. Acht cheana tiocfaidh sí slán tré iomchar clainne, acht go leanann siad de’n chreideamh, de’n ghrádh, agus de’n naomhacht, le macántacht. Is inchreidthe an focal, má loirgeann duine cúram easbuic, go loirgeann sé obair mhaith. Uime sin ní foláir do’n easboc bheith gan locht, bheith pósta le mnaoi amháin, bheith measardha, staidéartha, déighbhéasach, fáilteach; ullamh chum teagasc do thabhairt, gan bheith tugtha do’n fhíon, gan bheith bruigheantach; acht bheith ceannsa, síothchánta, gan sainnt: bheith ’n‐a dhuine riaghluigheas a theaghlach féin go maith, agus go bhfuil a chlann féin fá smacht le stuaim aige; óir munab eol do dhuine cionnas a theaghlach féin do riaghlú, cionnas ghlacfaidh sé cúram eaglaise Dé air féin? Ba cheart dó gan bheith ’n‐a nua‐chreidmheach, ar eagla, ar mbeith lán d’uabhar dó, go dtuitfeadh sé fá bhreitheamhnas an diabhail. Thairis sin, ní folair deagh‐theist bheith ag na daoinibh atá amuigh air; ar eagla go dtuitfeadh sé i scannal agus i ndol an diabhail. Ar an gcuma chéadna ní foláir do na deochanaibh bheith stuamdha, gan teanga‐liom‐leat bheith aca, gan bheith tugtha do mhórán fíona, gan bheith sanntach i ndroch‐éadáil; ag coimheád rúindiamhaire an chreidimh i gcoinsias glan. Agus déantar tastáil ortha‐san ar dtús, leis; ’na dhiaidh sin, má táid gan locht, déanaidís seirbhís mar dheochanaibh. Agus ar an gcuma chéadna, ní foláir do na mnáibh bheith stuamdha, gan bheith bíodánach, acht bheith macánta, dílis san uile nidh. Bíodh na deochain pósta le mnaoi amháin, ag riaghlú a gclainne agus a dteaghlaigh féin go maith. Óir na daoine do‐ghní seirbhís mhaith mar dheochanaibh, do‐geibh siad céim mhaith dhóibh féin, mar aon le dánacht mór san gcreideamh atá i nÍosa Críost. Atáim ag scríobhadh na neithe seo chugat, agus mé ag súil le teacht chugat go luath; acht má ghním moill, chum go dtuigidh tú cionnas ba cheart duit thú féin d’iomchar i dteaghlach Dé, is é sin eaglaif Dé bhí, colamhan agus crann cosanta na fírinne. Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir. Acht adeir an Spiorad go soiléir go dtréigfidh cuid de na daoinibh an creideamh ins na h‐aimsearaibh deireannacha, ag tabhairt aire do spioraidibh mealltacha agus do theagascaibh deamhan, tré bhéalchrábhadh luchta na mbréag, go bhfuil a gcoinsias loiscthe mar bhéadh le h‐iarann dearg; ag cur coisc le pósadh agus g‐á mholadh staonadh ó bhiadhannaibh atá cruthuighthe ag Dia chum go gcaithfeadh na daoine fuair creideamh agus eolas na fírinne iad le buidheachas. Óir is maith é gach nidh do chruthuigh Dia, agus ní ceart rud ar bith d’eiteach, acht go nglactar é le breith buidheachais; óir beannuightear é tré bhriathar Dé agus tré urnaighe. Má chuireann tú na neithe seo i gcuimhin do na bráithribh, béidhir id’ sheirbhíseach maith d’Íosa Críost, oilte as briathraibh an chreidimh agus as an deagh‐theagasc d’ár leanais go dtí anois. Acht seachain baoith‐scéalta saoghalta agus fabhla sean‐bhan. Agus déan cleachtadh ar an diadhacht: óir is beag an tairbhe atá i n‐aclaidheacht cuirp; acht atá tairbhe le h‐aghaidh an uile nidh san diadhacht, mar tá innti geallamhain na beathadh atá ann anois, agus atá le teacht. Is inchreidthe an focal é, agus is fiú glacadh ar fad leis. Óir chuige sin is eadh atáimíd ag saothrú agus ag spairn, toisc ár muinighin bheith againn as an Dia beo, slánuightheoir na ndaoine uile, an méid aca chreideas, go mór‐mhór. Fógair agus múin na neithe seo. Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do dhéanamh det’ óige; acht bí id’ eisiompláir do lucht an chreidimh, i mbriathraibh béil, i mbéasaibh, i ngrádh, i gcreideamh, i bhfíor‐ghlaine. Go dtí go dtagad‐sa, tabhair aire do’n léightheoireacht, do’n ghríosadh, do’n teagasc. Ná déan faillighe san tabhartas atá ionnat, tugadh tré tharngaire dhuit le leagadh lámh na seanóir. Bí ag cleachtadh na neithe seo; tabhair lán‐aire dhóibh, chum go mba léir do’n uile dhuine an dul ar aghaidh atá dh’á dhéanamh agat. Tabhair aire dhuit féin agus dod’ theagasc; lean díobh; óir, g‐á dhéanamh dhuit, saorfair thú féin agus iad‐san éisteas leat. Ná bagair ar sheanduine, acht déan impidhe air mar bhéadh athair ann: na fir óga mar bhéadh bráithre ann: na sean‐mhná mar bhéadh máithreacha, na mná óga mar bhéadh siúracha ann, go modhamhail ar fad. Tabhair onóir do na baintreabhachaibh atá n’‐a mbaintreabhachaibh dá ríribh. Acht má tá aon bhaintreabhach ann agus clann nó clann clainne aici, foghlaimidís ar dtús gur dual dóibh cráibhtheacht do thaisbeáint d’á líon tighe féin, agus cúiteamh do dhéanamh le n‐a dtuismightheoiribh: óir atá sin taithneamhach i bhfiadhnaise Dé. Bean atá ’n‐a baintreabhaigh dá ríribh, agus í fágtha ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muinighin as Dia, agus leanann sí d’athchuingheachaibh agus d’urnaighthibh d’oidhche agus de ló. Acht an bhean chuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marbh, agus í ’n‐a beathaidh. Cuir na neithe seo ’n‐a luighe ortha chum go mbéidh siad gan locht. Acht muna ndéanaidh duine soláthar d’á mhuinntir féin, d’á líon tighe féin, go h‐áirithe, atá an creideamh tréigthe aige, agus is measa é ’ná duine gan creideamh. Ná curtar baintreabhach ar an rolla má tá sí fá bhun trí scór bliadhan d’aois, pósta le fear amháin, deagh‐theist bheith uirthi ás ucht deagh‐ghníomhartha; má tá clann oilte aici: má chuir sí fáilte roimh stróinséiribh, má nigh sí cosa na naomh, má chug sí fóirithin ar lucht aindeise, má lean sí go dícheallach do gach saghas deagh‐ghnímh. Acht diúltuigh do na baintreabhachaibh óga: óir nuair éirigheas siad ainmhianach fá chuing Chríost, is mian leo pósadh; agus atáid fá bhreitheamhnas, toisc a gcéad dílseacht do bhriseadh. Thairis sin, ag éirghe díomhaoin dóibh, bíonn siad ag dul ó thigh go tigh; agus ní h‐é díomhaoin amháin, acht bíonn siad cainnteach, fíosruightheach, ag cur síos ar neithibh nach ceart dóibh labhairt ’n‐a dtaobh. D’á bhrigh sin is toil liom go bpósfadh na mná óga, go mbéarfaidís clann, go riarfaidís gnóthaí an tighe, gan aon adhbhar scannail do thabhairt do’n áidhbheirseoir: óir atá cuid aca tionntuighthe cheana chum Sátain. Má tá bean de lucht an chreidimh ann, agus baintreabhacha fá n‐a cúram aici, déanadh sí fóirithin ortha, chum nach mbéidh a gcúram ar an eaglais; chum go mbéidh go leor aici le h‐aghaidh na ndaoine atá ’n‐a mbaintreabhachaibh dá ríribh. Meastar gur fiú a dhá oiread d’onóir na seanóirí riaghluigheas go maith, iad‐san go mór‐mhór go mbíonn an tseanmóireacht agus an teagasc mar shaothar aca. Óir is é adeir an scrioptúir, Ní chuirfir féastrach leis an damh, agus é ag satailt ar an adhbhar. Agus is fiú an t‐oibridhe luach a shaothair. Ná glac le gearán i n‐aghaidh seanóra acht ar fhiadhnaise beirte nó trír. Aithbhear na daoine do‐ghní peacadh i bhfiadhnaise cáich, chum eagla do chur ar an gcuid eile. Cuirim mar athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toghtha, na neithe seo do dhéanamh gan claoin‐bhreith, gan fabhar. Ná leag lámha go h‐obann ar aoinneach, agus ná bí páirteach i bpeacaidhibh daoine eile: congbhuigh thú féin glan. Ná h‐ól uisce feasta, acht glac beagán fíona ar mhaithe led’ ghoile agus leis na h‐aicídibh bhíos ort go minic. Atá daoine ann go bhfuil a bpeacaidhe follusach, ag tarraingt breitheamhnais ortha féin; agus atá daoine eile ann go nochtar a bpeacaidhe ’n‐a ndiaidh. Ar an gcuma chéadna bíonn deagh‐oibreacha ann atá follusach; agus na deagh‐oibreacha nach bhfuil follusach ní féidir a gceilt. Measadh siad‐san uile atá fá chuing na sclábhaidheachta gur fiú a máighistrí féin gach urraim, chum nach bhfaighidh ainm Dé agus an teagasc scannal. Agus an méid go bhfuil máighistrí chreideas aca, ná bíodh dí‐mheas aca ortha, toisc gur bráithre iad; acht go mb’ fhearrde an tseirbhís dhéanfas siad dóibh é, toisc gur creidmhigh ion‐ghráduighthe na daoine bhaineas an tairbhe as a seirbhísí. Múin agus mol na neithe seo. Má mhúineann aoinneach a mhalairt de theagasc, agus muna gclaoidheann sé le briathraibh fóghanta, briathra ár dTighearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir crábhaidh; atá sé lán d’uabhar, ní fhuil aon eolas aige; acht atá sé ar mearbhall fá cheisteannaibh, agus fá fhoclaibh achrannacha, ó n‐a bhfásann formad, aighneas, masla, droch‐amhras, conspóidí daoine droch‐aigeantach atá dall ar an bhfírinne, mheasas gur adhbhar tairbhe an crábhadh. Acht is mór an t‐adhbhar tairbhe an crábhadh, acht sástacht aigne bheith i n‐éifheacht leis: óir ní thugamar rud ar bith isteach san tsaoghal, agus ní fhéadaimíd rud ar bith do bhreith linn as; acht má tá biadh agus clúdach againn, is leor dúinn sin. Acht na daoine gur rún leo bheith saidhbhir, tuiteann siad i gcathú, agus i ngaiste, agus ’n‐a lán ainmhianta éigciallaidhe, díoghbhálach, bhádhas daoine i n‐aimhleas agus i ndamnú. Óir fréamh an uile shaghais uile is eadh grádh an airgid, agus g‐á shanntú do dhaoinibh áirithe, do chuadar ar fán ó’n gcreideamh, agus is iomdha arraing le n‐ar tholladar iad féin. Acht, a dhuine le Dia, seachain‐se na neithe sin; agus lean de’n fhíréantacht, de’n diadhacht, de’n ghrádh, de’n fhoidhne, de’n cheannsacht. Troid deagh‐chómhrac an chreidimh, beir greim ar an mbeathaidh shíorraidhe chum ar glaodhadh thú, agus go ndearnais admháil mhaith dhi i láthair a lán fiadhnaidhthe. Órduighim duit i bhfiadhnaise Dé, do‐bheir beatha do’n uile nidh, agus i bhfiadhnaise Íosa Críost do rinne admháil mhaith i láthair Phoint Phíoláid, an aithne seo do choimheád gan smál, gan locht go teacht ár dTighearna Íosa Críost: fhoillseochas sé ’n‐a am féin, an t‐aon Árd‐Riaghlóir beannuighthe amháin, Rí na Ríogh, agus Tighearna na dTighearna; an té amháin ag a bhfuil an do‐mharbhthacht, chómhnuigheas i solas do‐shroichte; an té nach bhfaca súil duine ariamh, agus nach bhféadann aon duine a fheicsin: dó‐san go raibh an onóir agus an chumhacht síorraidhe. Amen. Órduigh do na daoinibh go bhfuil saidhbhreas aca san tsaoghal so gan bheith árd‐aigeantach, gan a muinighin do chur as an saidhbhreas so‐ghluaiseachta, acht as Dia do‐bheir gach nidh go fial dúinn chum ár sástachta: maitheas do chleachtadh, bheith saidhbhir i ndeagh‐ghníomharthaibh, bheith fial, fairsing; ag cnuasach ciste dhóibh féin bhéas mar bhun daingean aca i gcómhair an ama atá le teacht, chum go bhfaighidís greim ar an mbeathaidh fhírinnigh. A Thimóteuis, coimheád a bhfuil curtha mar chúram ort, ag seachaint baoth‐chainnte neamh‐dhiadha, agus contrárdhachta an nidh go dtugtar eolas go bréagach air: gur ghlac daoine áirithe leis, go ndeachadar ar seachrán i dtaobh an chreidimh. Grása go raibh libh. Pól, abstal Íosa Críost, tré thoil Dé, do réir geallamhna na beathadh atá i nÍosa Críost, chum Timóteuis, mac ionmhain liom: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost ár dTighearna. Do‐bheirim buidheachas le Dia, d’á ndéanaim seirbhís le coinsias glan, fá mar rinne mo shinnsir, go mbím ag síor‐chuimhneamh ort im’ urnaighthibh d’oidhche agus de ló, ag tnúth let’ fheicsin, ag athchuimhneamh ar do dheoraibh: chum go líonfar mé de gháirdeachas; ag cuimhneamh dhom ar an gcreideamh gan cluain atá ionnat, creideamh do bhí ar dtús id’ shean‐mháthair Lóis, agus id’ mháthair Eúnice; agus atá, mar táim cinnte dhe, ionnat‐sa, leis. Is ar an adhbhar sin chuirim i gcuimhin duit an tabhartas ó Dhia atá ionnat tré leagadh mo lámh‐sa, d’athbhrostú. Óir ní spiorad eagla thug Dia dhúinn, acht spiorad cumhachta, agus grádha, agus cialldhachta. D’á bhrigh sin ná bíodh aon náire ort fá fhiadhnaise do thabhairt ar son an Tighearna, ná fúm‐sa, príosúnach ar a shon: acht fulaing cruadhtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cumhachta Dé; do shaor, agus do ghoir le naomh‐ghairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníomhartha, acht do réir a rúin agus a ghrása féin, tugadh i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin, acht atá foillsighthe anois tré thaisbeánadh ár Slánuightheora Íosa Críost, do chuir an bás ar ceal, agus thug an bheatha agus an do‐mharbhthacht chum solais tríd an soiscéal, chum ar h‐órduigheadh mise im’ sheanmóiridhe, agus im’ abstal, agus im’ theagascthóir de. Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang na neithe seo: acht ní fhuil aon náire orm; óir atá a fhios agam cia ann ar chreideas, agus atáim cinnte dhe go bhfuil ar chumas dó a bhfuil curtha fá n‐a chúram agam do choimheád fá chómhair an lae úd. Congbhuigh go daingean sompla na mbriathar maith do chualais uaim, san gcreideamh agus san ngrádh atá i nÍosa Críost. Coimheád an taisce maith tugadh dhuit tríd an Spiorad Naomh chómhnuigheas ionnainn. Is eol duit gur thréig a raibh san Áise mé; daoine dhíobh‐san is eadh Figelus agus Hermogenés. Go dtugaidh an Tighearna trócaire do theaghlach Onésiforuis; óir is minic thug sé sólás croidhe dhom, agus níor nár leis mo shlabhradh; acht ar mbeith san Róimh dhó do chuaidh sé go dícheallach ar mo lorg, agus fuair sé me. (Go dtugaidh an Tighearna dhó trócaire d’fhágháil ó’n Tighearna san ló úd): agus is maith atá a fhios agat féin méid na seirbhís do rinne sé dhom i nEiféis. Uime sin, a mhic liom, bí‐se tréan san ngrása atá i nÍosa Críost. Agus na neithe do chualais uaim‐se i n‐éisteacht móráin fiadhnaidhthe, cuir ar iontaoibh daoine ionnraice iad, go mbéidh ar chumas dóibh daoine eile do theagasc, leis. Fulaing cruadhtan, mar dhéanfadh saighdiúir maith Íosa Críost. Saighdiúir i mbun a dhualgais, ní cheaduigheann sé dhó féin bheith gabhtha ag gnáthchúramaibh an tsaoghail seo, chum go mb’ fhearr thaithneochas sé leis an té do thogh mar shaighdiúir é. Agus an féar théigheas ag iomaidheacht ins na cleasaibh lútha, ní tugtar an choróin dó muna ndearna sé an iomaidheacht do réir na riaghlach. An criadhaire do‐ghní an sclábhaidheacht, ní mór dó an chéad‐toradh d’fhágháil. Breathnuigh a bhfuil d’á rádh agam; óir bhéarfaidh an Tighearna tuigsin san uile nidh dhuit. Cuimhnigh ar Íosa Críost, de phór Dháibhí, d’aiséirigh ó na marbhaibh do réir mo shoiscéil‐se: go bhfuilim ag fulang ar a shon i gcuibhreachaibh amhail cuirptheoir, acht ní fhuil briathar Dé fá chuibhreachaibh. Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang an uile nidh ar son na ndaoine atá toghtha, chum go bhfaighidh siad‐san, leis, an slánughadh atá i nÍosa Críost le glóir shíorraidhe. Is fírinneach an rádh so: Má fuaramar bás i n‐éinfheacht leis, mairfimíd beo i n‐éinfheacht leis mar an gcéadna: má sheasaimíd go dian, riaghlóchaimíd i n‐éinfheacht leis: má shéanaimíd é, séanfaidh seisean sinne, leis: má éirighmíd‐ne neimh‐dhílis, fanann seisean dílis; óir ní féidir leis é féin do shéanadh. Cuir na neithe seo i gcuimhin dóibh, g‐á fhógairt dóibh i bhfiadhnaise an Tighearna gan bheith ag aighneas fá fhoclaibh nach bhfuil aon tairbhe ionnta, acht chuireas amugha an dream chluineas iad. Déan do dhícheall chum thú féin do thaisbeáint mar fhear ionmholta i bhfiadhnaise Dé mar oibridhe nach gábhadh dhó bheith fá náire, ag riaradh briathair Dé le díreachas. Acht seachain baothghlór neamh‐dhiadha; óir rachaidh siad níos faide ar aghaidh i neamh‐dhiadhacht; agus leathfaidh a mbriathar amhail aillis: daoine de’n aicme sin is eadh Hímenaeus agus Fílétus; daoine do chuaidh ar seachrán ó’n bhfírinne, g‐á rádh go bhfuil an aiséirghe thart cheana, agus atá ag milleadh creidimh daoine áirithe. Cibé ar bith é, fanann bun daingean Dé go seasmhach, agus an séala so air: Is eol do’n Tighearna a mhuinntear féin; agus, Gach aoinneach ainmnigheas ainm an Tighearna, tréigeadh sé an éagcóir. Anois i dtigh mór bíonn, ní h‐é amháin soithigh óir agus airgid, acht soithigh adhmaid agus cré, leis; cuid díobh chum onóra, agus cuid díobh chum easonóra. Uime sin, má choimheádann duine é féin slán uatha so, béidh sé ’n‐a shoitheach chum onóra, soitheach beannuighthe, usáideach do’n té gur leis é, fóghanta chum gach deagh‐ghnó. Acht seachain ainmhianta na h‐óige, agus lean de’n fhíréantacht, de’n chreideamh, de’n ghrádh, de’n tsíothcháin, i n‐éinfheacht leis na daoinibh ghlaodhas ar an Tighearna as croidhe úr‐ghlan. Acht diúltaigh do cheisteannaibh dith‐céillidhe, dith‐léigheanta, agus a fhios agat go mbrostuigheann siad bruighean. Agus ní ceart do sheirbhíseach an Tighearna bruighean do bhrostú, acht bheith cneasta leis an uile dhuine, bheith ullamh chum teagasc do thabhairt, lán d’fhoidhne, ag ceartú na ndaoine chuireas ’n‐a aghaidh le ceannsacht, le súil go dtiubhrfaidhe Dhia dhóibh, am ar bith, aithrighe do dhéanamh chum eolas d’fhágháil ar an bhfírinne, agus chum go bhfuasclóchaidh siad iad féin slán as gaiste an diabhail, tar a éis do sheirbhíseach an Tighearna breith ortha chum toil Dé do dhéanamh. Acht bí cinnte de’n méid seo, go dtiocfaidh aimseara peiriaclacha ins na laethibh deireannacha. Óir béidh na daoine leithleasach, sanntach, maoidhteach mórtasach, masluightheach, easumhal d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh, díombuidheach, mí‐naomhtha, gan grádh nádúrtha, cruadh‐chroidheach, bíodánach, do‐smachtuighthe, fíochmhar, gan grádh do’n mhaith; béidh siad ’n‐a bhfealltóiribh, béidh siad ceanndána, lán d’uabhar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia; cuma na cráibhtheachta ortha, acht go bhfuil diúlta aca d’á brigh; fan amach ó n‐a leithéidibh sin. Óir daoine de’n aicme sin is eadh iad‐san shleamhnuigheas isteach i dtighthibh agus árduigheas leo chum daor‐bhroide mná baothánta atá fá ualach peacaidhe, d’á luascadh ag miantaibh de’n uile shaghas, mná bhíos ag síor‐fhoghlaim gan a bheith ar chumas dóibh teacht ar eolas na fírinne. Agus fá mar chuir Iannes agus Iambrés i n‐aghaidh Mhaoise, mar sin is eadh atá na fir sin ag cur i n‐aghaidh na fírinne; fir go bhfuil a n‐aigne truaillighthe, agus iad ar mearbhall i dtaobh an chreidimh. Acht ní rachaidh siad níos faide: óir béidh a ndíth‐céille follasach do’n tsaoghal, mar bhí dith‐céille na bhfear úd. Acht do leanais‐se dem’ theagasc, dem’ dheagh‐iomchar, dem’ chuspóir, dem’ chreideamh, de’m fhoighid, dem’ ghrádh, dem’ sheasmhacht, dem’ ghéirleanamhnaibh, dem’ anacraibh. Is eol duit an méid d’fhulaingeas i nAntuaigh, i Listra; géire na gcrádh d’fhulaingeas agus do shaor an Tighearna asta sin uile mé. ’Seadh, agus gach duine gur mian leis a shaoghal do chaitheamh go cráibhtheach i nÍosa Críost, fulaingeochaidh sé géirleanmhain. Acht éireochaidh droch‐dhaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag mealladh agus d’á mealladh féin. Acht lean‐sa de na neithibh atá foghlamtha agat agus go bhfuil tú dearbhtha dhíobh, agus a fhios agat ciarbh iad ó n‐ár fhoghlaimis iad; agus ó bhís id’ leanbh go raibh eolas agat ar na naoimh‐scrioptúiribh fhéadas thú do dhéanamh eolgach chum slánuighthe tré chreideamh i nÍosa Críost. Is ó Dhia tháinig gach scrioptúir, agus atá sí fóghantach chum teagaisc, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foircheadail i bhfíréantacht: chum go mbéidh an duine le Dia lán‐oilte gléasta go h‐iomlán le h‐aghaidh gach deagh‐ghnímh. Cuirim d’athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé agus i bhfiadhnaise Íosa Críost, bhéarfas breith ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh, agus i n‐ainm a thaisbeánta agus a ríoghachta; déan an briathar do chraobh‐scaoileadh; bí go díoghrasach i dtráth agus i n‐ántráth; bí ag spreagadh, ag smachtadh, ag gríosadh le gach ceannsacht agus le gach teagasc; Óir tiocfaidh an t‐am nach seasfaidh siad deagh‐theagasc; acht le tocas ’n‐a gcluasaibh, cruinneochaidh siad chuca féin lucht teagaisc do réir a n‐ainmhianta féin: agus tionn‐tóchaidh siad a gcluasa ó’n gcreideamh, agus casfaidh siad chum fabhal. Acht bí‐se staidéartha san uile nidh, fulaing cruadhtan, déan gnó an tsoiscéalaidhe, cóimhlíon dualgas do mhiniostrálachta. Óir atáim‐se anois féin dom’ dhoirteadh amach mar íodhbairt, agus is gearr uaim uair m’imtheachta. Do throideas an cómhrac maith, do shroicheas ceann cúrsa, do choimheádas an creideamh; ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht. Déan do dhícheall chum teacht chugam go luath: óir do thréig Démas mé tré ghrádh do’n tsaoghal láithreach so, agus atá sé imthighthe go Tesaloníca; atá Crescens imthighthe go Galátia, agus Títus go Dalmátia. Ní fhuil im’ fhochair acht Lúcás amháin. Beir leat Marcus, agus tabhair i n‐éinfheacht leat é: óir atá sé tairbheach dom le h‐aghaidh mo mhiniostrálachta. Acht atá Tichicus curtha go hEiféis agam. Nuair thiocfas tú, beir leat an clóca d’fhágas ag Carpus i dTróas, agus na leabhair, na meamraim go mór‐mhór. Do rinne Alecsander, saor umha, dochar mór dom: cúiteochaidh Dia leis do réir a ndearna sé: bí ar t’aire ’n‐a thaobh‐sa: óir do chuir sé go mór i n‐aghaidh ár mbriathra. Ag pléidhe mo chúise dhom de’n chéad uair níor chuidigh aoinneach liom, acht do thréigeadar uile mé: nár agarthar ortha é. Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain. Saorfaidh an Tighearna ó gach droch‐obair mé, agus béarfaidh sé slán mé chum a ríoghachta neamhdha: dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal! Amen. Beannuigh do Phriscus agus d’Acuila, agus do líon tighe Onésiforuis. D’fhan Erastus i gCoirinnt acht d’fhágas Trofimus i Mílétus, agus é tinn. Déan do dhícheall chum teacht chugam roimh an ngeimhreadh. Beannuigheann Eúbulus, agus Púdens, agus Línus, agus Claudia, agus na bráithre go léir duit. Go raibh an Tighearna led’ spiorad. Grása go raibh libh. Pól, seirbhíseach Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidimh muinntire toghtha Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir crábhaibh, i ndóchas na beathadh síorraidhe, do gheall Dia, nach bhféadann bréag do dhéanamh, ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin; acht d’fhoillsigh a bhriathar san am oireamhnach tríd an seanmóireacht do cuireadh mar chuspóir orm‐sa, do réir aithne Dé ár Slánuightheoir; chum Títuis, fíor‐mhac liom ’n‐ár gcóimh‐chreideamh: Grása agus síothcháin ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár Slánuightheoir. Is é seo an fáth gur fhágas san Chréit thu, chum go gcuirfeá i dtreo na neithe do bhí gan déanamh, agus chum seanóirí d’órdú ins gach cathair; fá mar d’órduigheas duit: fear ar bith atá gan locht, pósta le mnaoi amháin, go bhfuil clann chreideas aige, nach bhfuil droch‐nósa ná míriaghaltacht d’á gcur ’n‐a leith. Óir ní foláir do’n easboc bheith gan locht, mar ba chóir do mhaor Dé; gan bheith ceanndána, gan bheith feargach, gan bheith tugtha do’n ól, gan bheith buailteach, ná sanntach i n‐airgead neamh‐ghlan; acht bheith fáilteach, ’n‐a charaid do’n mhaith, bheith ’n‐a dhuine staidéartha, ionnraic, naomhtha, cneasta; ag greamú de’n bhriathar fírinneach atá do réir an teagaisc, chum go mbéidh ar chumas dó na daoine do ghríosadh do réir an teagaisc fholláin, agus iad‐san chuireas ’n‐a aghaidh do bhréagnú. Óir is iomdha duine míriaghalta atá ann, lucht baoth‐ghlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timcheall‐ghearrtha go h‐áirithe, go gcaithfear a mbéal do dhúnadh; daoine chuireas teaghlaigh iomlána bun os cionn, ag múineadh neithe nach cóir ar son airgid neamh‐ghlain. Adubhairt duine d’á gcuid féin, fáidh leo féin, Is bréagairí na Créitigh i gcómhnaidhe, droch‐ainmhidhthe, craosairí díomhaoine. Fiadhnaise fhíor is eadh í seo. D’á bhrigh sin aithbhear go géar iad, chum go mbéidh creideamh folláin aca, gan bheith ag tabhairt aire d’fhabhlaibh Iúdacha agus d’aitheantaibh daoine bheireas a gcúl leis an bhfírinne. Is glan gach nidh do’n dream atá glan: acht ní glan éinnidh do’n dream neamh‐ghlan, díchreidmheach; acht atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truaillighthe. Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith. Acht labhair‐se na neithe oireas do’n teagasc fóghanta: is é sin go mba ceart do na daoinibh aosta bheith staidéartha, modhamhail, stuamdha, slán san gcreideamh, san ngrádh, san bhfoidhne: go mba ceart do na mnáibh aosta, leis, bheith urramach ’n‐a n‐iomchar, gan bheith bíodánach, gan an‐dúil bheith aca san bhfíon, bheith ag tabhairt teagaisc mhaith; chum go múinfidh siad do na mnáibh óga grádh do thabhairt d’á bhfearaibh agus d’á gclainn, bheith stuamdha, geanmaidhe, go dícheallach i ngnóthaibh an tighe, bheith cáirdeamhail, umhal d’á bhfearaibh féin, chum nach maslóchar briathar Dé. Spreag na fir óga, mar an gcéadna, chum bheith staidéartha: dod’ thaisbeáint féin ar gach slighe mar shompla i dtaobh deagh‐ghníomhartha; ag tabhairt teagaisc ghlain, chéillidhe, briathar folláin nach féidir locht d’fhágháil air; ar mhodh go gcuirfear náire ar an trasnálaidhe, gan droch‐fhocal bheith fágtha aige le rádh ’n‐ár dtaobh. Spreag na seirbhísigh chum bheith umhal d’á máighistribh féin, agus chum a dtoil do dhéanamh san uile nidh; gan bheith ag ais‐fhreagairt; gan bheith ag mionghadaidheacht, acht an uile dhílse do thaisbeáint; chum onóir ins gach éinnidh do thabhairt do bhriathar Dhé, ár Slánuightheoir. Óir do foillsigheadh grása Dé, ag slánú an uile dhuine, g‐á mhúineadh dhúinn neamhdhiadhacht agus ainmhianta saoghalta do sheachaint, agus ár saoghal do chaitheamh go staidéartha, fíréanta, diadha san ré seo atá de láthair; ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost; thug é féin ar ár son, chum sinn d’fhuascailt ó gach peacadh, agus pobal do ghlanadh dhó féin, pobal díoghraiseach chum deagh‐oibreacha do chleachtadh. Innis na neithe seo dhóibh agus aithbhear le gach ughdarás. Ná leig d’aoinneach beag‐is‐fiú do dhéanamh dhíot. Cuir i gcuimhin dóibh bheith umhal do riaghlóiribh agus do lucht ughdaráis, bheith urramach, bheith ullamh chum gach deagh‐ghnó, gan olc do labhairt i dtaobh aon duine, gan bheith bruigheanach, bheith ceannsa, ag taisbeáint gach macántachta do gach uile dhuine. Óir do bhíomar féin dith‐céillidhe tráth, easumhal, ag dul ar fan, fá smacht ag ainmhiantaibh agus ag áineasaibh éagsamhla, ag caitheamh ár saoghail le droch‐rún agus le formad, fuathmhar agus sinn ag tabhairt fuatha d’á chéile. Acht nuair do nochtadh maitheas agus grádh Dé ár Slánuightheoir do’n duine, ní h‐é do réir gníomhartha fíréanta do bhí déanta againn, acht do réir a thrócaire féin, do shlánuigh sé sinn, tré bhaisteadh na h‐aith‐gheineamhna agus tré athnuadhadh an Spioraid Naoimh; do dhoirt sé go fial orainn, tré Íosa Críost ár Slánuightheoir: ionnas, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré n‐a ghrása, go ndéanfaidhe oidhrí dhínn do réir dóchais na beathadh síorraidhe. Is fíor an rádh é, agus ba mhian liom go gcuirfeá ’n‐a luighe ar na daoinibh é, go gcaithfidh an dream chreideas i nDia deagh‐oibreacha do chleachtadh. Is iad so na neithe atá fóghanta, tairbheach do na daoinibh: acht seachain baoith‐cheisteanna, agus geinealaigh, agus aighneas, agus conspóidí i dtaobh an dlighe; óir atáid gan tairbhe, gan éifeacht. Duine fhanas ’n‐a eiriceach tar éis an chéad agus an dara spreagtha, seachain é; agus a fhios agat go ndeachaidh a leithéid sin ar gcúl, agus gur ab eol dó féin go bhfuil peacadh d’á dhéanamh aige. Nuair chuirfead Artemas chugat, nó Tichicus, déan do dhícheall chum teacht chugam go Nicopolis; óir is ann atá ceaptha agam an geimhreadh do chur tharm. Seol Sénas, dligheadóir, agus Apollos go h‐aireach ar a n‐aistear rómpa, chum nach mbéidh rud ar bith i n‐easnamh ortha. Agus ní foláir d’ár muinntir féin a fhoghlaim cionnas deagh‐oibreacha do chleachtadh, chum gach nidh atá riachtanach do sholáthar, chum nach mbéidh siad gan toradh. Beannuigheann a bhfuil im’ fhochair duit. Beannuigh‐se d’á bhfuil grádh aca dhúinn san gcreideamh. Grása go raibh libh go léir. Pól, príosúnach ar son Íosa Críost, agus Timóteus ár mbráthair, chum Filéamóin, cara ionmhain agus cómh‐oibridhe linn, agus chum Apfia, ár siur, agus chum Archippuis ár gcómh‐shaighdiúir, agus chum na h‐eaglaise atá id’ thigh: Grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Do‐bheirim buidheachas lem’ Dhia, ag cuimhneamh i gcómhnaidhe ort im’ urnaighthibh, toisc gur clos dom an creideamh atá agat do’n Tighearna Íosa, agus do ghrádh do na naomhaibh go léir; ag guidhe go mbéadh an creideamh ’n‐a bhfuil tú i gcómhar leo éifeachtach ar son Chríost chum a bhfuil de mhaitheas ionnainn do chur i n‐umhail go h‐iomlán. Óir ba mhór an t‐adhbhar áthais agus sóláis dom do ghrádh‐sa a bhráthair, toisc gur tógadh croidheacha na naomh tríot. Ar an adhbhar sin, gidh go bhfuil gach dánaidheacht agam i gCríost chum an nidh is cuibhe d’órdú dhuit, is é is fearr liom impidhe do dhéanamh ort, ar son an ghrádha, agus gur mise Pól atá im’ shean‐fhear, agus im’ phríosúnach anois ar son Íosa Críost: atáim ag déanamh impidhe ort ar son mo mhic do gheineas im’ chuibhreachaibh, Onésimus, do bhí gan tairbhe dhuit tamall ó shoin, acht atá tairbheach dúinne araon anois. Tá sé féin curtha agam ar ais chugat, agus gur ab é mo chroidhe istigh féin é. Ba mhian liom a chongbháil agam féin chum go ndéanfadh sé seirbhís dom it’ ionad‐sa i gcuibhreachaibh an tsoiscéil: acht níor mhaith liom rud ar bith do dhéanamh gan fios d’aigne bheith agam; chum nach ndéanfá do dheagh‐ghníomh ded’ aimhdheoin, acht ded’ dheoin féin. Óir dob’ fhéidir gurbh amhlaidh do bhí sé scartha leat ar feadh tréimhse chum go mbéadh sé agat go deo; ní mar sheirbhíseach feasta, acht mar dhuine is mó ’ná seirbhíseach, mar bhráthair ionmhain, ionmhain liom‐sa, go mórmhór, acht gur mó is annsa leat‐sa é san bhfeoil agus san Tighearna. Mar sin de, már áirmheann tú mise mar chomrádaidhe, glac chugat é mar ghlacfá mé féin. Agus má tá éagcóir ar bith déanta aige ort, nó má dhligheann sé éinnidh dhuit, cuir síos i gcoinnibh mo chunntais‐se é; mise Pól atá g‐á scríobhadh lem’ láimh féin, íocad‐sa as: gan a chur i gcuimhin duit go ndlighir‐se d’anam féin dom. Mar sin, a bhráthair, cuir fá’n gcomaoin seo mé san Tighearna: tabhair suaimhneas dom i gCríost. Toisc muinighin bheith agam as d’umhlacht is eadh atáim ag scríobhadh chugat, agus a fhios agam go ndéanfair thar mar deirim. Acht, ar an am céadna ullmhuigh lóistín dom: óir atá súil agam go mbronnfar mé oraibh de bhárr bhur n‐urnaighthe. Beannuigheann Epafras, cómh‐phríosúnach liom i nÍosa Críost, duit; mar aon le Marcus, Aristarchus, Démas agus Lúcás, cómh‐oibridhthe liom. Go raibh grása ár dTighearna Íosa Críost ag bhur spiorad. Amen. Is iomdha modh agus slighe ’n‐ar labhair Dia fad ó le n‐ár sinnsearaibh tré na fáidhibh, acht do labhair sé linne ins na laethaibh deireannacha so tré n‐a Mhac, do chinn sé mar oidhre ar a bhfuil ann, tré n‐ar chruthuigh sé an domhan, leis. Is é lonnradh a ghlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congbhuigheas gach uile nidh le chéile le briathar a chumhachta; nuair do bhí na peacaidhe glanta aige, do shuidh sé síos ar dheas‐láimh na Mórdhachta i n‐áirde; agus d’á bhrigh sin is mó a ghradam‐san ’ná gradam na n‐aingeal, óir fuair sé ainm mar oidhreacht is mó ’ná a n‐ainm‐sean. Óir cia aca de na h‐ainglibh go ndubhairt sé ariamh leis, Is tusa mo Mhac, Indiu do gheineas thú? agus arís, Béidhead‐sa im’ Athair dó, Agus béidh seisean ’n‐a Mhac dom? Agus arís, nuair do‐bheir sé a chéid‐ghein isteach san tsaoghal adeir sé, Agus déanadh aingle uile Dé adhradh dhó. Agus i dtaobh na n‐aingeal adeir sé, An té do‐ghní gaotha d’á ainglibh, Agus lasair teineadh d’á theachtairibh. Acht do’n Mac adeir sé, Atá do righ‐chathaoir‐se, ann a Dhia, go saoghal na saoghal, Agus slat an chothruim is eadh slat ríogha do ríoghachta. Do ghrádhuighis an fhíréantacht, agus d’fhuathuighis an aindlighe; Uime sin d’ung Dia, do Dhia‐sa, thú Le h‐ola an gháirdeachais os cionn do chompánach. Agus, Is tusa, a Thighearna, i dtosach do leag bun an domhain, Agus is iad na spéartha oibreacha do lámh: Rachaid‐sean i n‐éag; acht fanann tusa ann i gcómhnaidhe: Agus rachaid i meath amhail éadach; Agus fillfidh tú le chéile iad amhail falaing Amhail brat, agus athróchar iad: Acht fanann tusa gan athrú, Agus ní thiocfaidh críoch ar do bhliadhantaibh. Acht cia aca de na h‐ainglibh go ndubhairt sé ariamh leis, Suidh‐se ar mo dheas‐láimh, Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fad’ chosaibh? Nach spioraidí freastail iad go léir, atá curtha amach chum friothálmha ortha‐san go bhfuil an slánughadh i ndán dóibh mar oidhreacht? D’á bhrigh sin is mó is cheart dúinn aire dhúthrachtach do thabhairt do na neithibh do chualamar, ar eagla go rachaimís ar fán uatha. Óir má d’fhan an briathar d’fhógair na h‐aingle seasmhach, agus go bhfuair gach cionnta agus easumhlacht cúiteamh; cionnas éalóchaimíd‐ne má dhéanaimíd faillighe i slánughadh chómh mór sin? do fógruigheadh ar dtús tríd an Tighearna, agus do dearbhuigheadh dhúinn tré na daoinibh do chuala é; Dia ag deimhniú a bhfiadhnaise le cómharthaibh, agus le h‐iongantaisibh, agus le míorbhailtibh éagsamhla, agus le tíodhlaicthibh an Spioraid Naoimh, do réir a thola féin? Óir ní d’ainglibh thug sé ceannas an tsaoghail atá le teacht, ar a bhfuilmíd ag trácht. Acht thugadh fiadhnaise i n‐áit éigin, ’g‐á rádh, Créad é an duine, go gcuimhnigheann tú air? Nó mac an duine, go dtagann tú chuige? Do rinnis níb’ ísle ’ná na h‐aingle é, ar feadh tamaill bhig; Do chuiris coróin glóire agus onóra air, Agus do chuiris os cionn oibreach do lámh é Do chuiris gach uile nidh fá n‐a chosaibh. Óir, ag cur an uile nidh fá n‐a cheannas dó, níor fhág sé einnidh gan bheith curtha faoi. Acht ní fheicimíd anois gach nidh fá n‐a cheannas aige fós. Acht chímíd Íosa, do rinneadh níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feadh tamaill bhig, chímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’fhulang, chum, tré ghrása Dé, go mblaisfeadh sé bás ar son gach uile dhuine. Óir ba chuibhe do’n té, gur dó atá an uile nidh, agus gur tríd atá an uile nidh, ag tabhairt móráin clainne chum glóire dhó, príomh‐ughdar a slánuighthe d’fhoirbhiú tré n‐ar fhulaing sé. Óir an té naomhuigheas agus na daoine naomhuightear, is ó ughdar amháin tháinig siad: uime sin ní nár leis bráithre do thabhairt mar ainm ortha, g‐á rádh, Fógróchad d’ainm dom’ bhráithribh, Canfad do chlú i lár an choimhthionóil. Agus arís, Cuirfead mo mhuinighin as. Agus arís, Féach, mise agus an chlann thug Dia dhom. D’á bhrigh sin, ó tá an chlann rannpháirteach i bhfeoil agus i bhfuil, do ghlac sé féin, leis, páirt ionnta; chum go mbrisfeadh sé, de bhárr an bháis, chumhacht an té go raibh cumhacht an bháis aige, is é sin an diabhal; agus chum go saorfadh sé na daoine uile do bhí fá chuing na daoirse ar feadh a saoghail tré eagla an bháis. Óir go dearbhtha, ní chum na n‐aingeal thig sé le congnamh, acht chum sleachta Abrachaim. Ar an adhbhar sin ba chóir go ndéanfaidhe é cosmhail ar gach slighe le n‐a bhráithribh, chum go mbéadh sé ’n‐a árd‐shagart trócaireach, ionnraic ins na neithibh bhaineas le Dia, chum cúiteamh do dhéanamh as peacaidhibh an phobail. Óir do réir mar fhulaing sé féin cathuighthe, is eadh is fearr fhéadann sé fóirithin ar na daoinibh go gcurtar cathuighthe ortha. Uime sin, a bhráithre naomhtha, a rannpháirtidhthe san ngairm neamhdha, breathnuighidh Abstal agus Árd‐Shagart an chreidimh admhuighmíd, Íosa Críost; do bhí dílis do’n té d’órduigh é, mar bhí Maois ’n‐a thigh‐sean uile. Óir do measadh gurbh fhiú eisean onóir san mbreis ar Mhaois, san méid gur mó an onóir atá ag dul do’n té do thóg an teach ’ná do’n tigh féin. Óir do thóg duine éigin gach teach; acht is é Dia do thóg gach a bhfuil ann. Agus go dearbhtha, do bhí Maois dílis mar sheirbhíseach ’n‐a thigh‐sean uile, chum fiadhnaise do thabhairt ar na neithibh do bhí le h’innsin ’n‐a dhiaidh sin; acht is amhlaidh atá Críost mar Mhac os cionn tighe Dé; agus is sinne a theach‐san, acht ár muinighin agus an dóchas atá mar adhbhar glóire againn do chongbháil go daingean go deireadh. Uime sin, mar deir an Spiorad Naomh, Indiu, má chluineann sibh a ghuth, Ná cruadhuighidh bhúr gcroidheacha, amhail le linn na ceannairce, Amhail i lá an chathuighthe san bhfásach, San áit ’n‐a ndearna bhur sinnsir frómhadh orm, Agus ’n‐a bhfacadar m’oibreacha ar feadh dhá fhichid bliadhan. D’á bhrigh sin do bhíos i bhfeirg leis an ngeinealach úd; Agus adubhart, Bíonn siad i gcómhnaidhe ag dul amudha ’n‐a gcroidhe: Agus do bhíodar gan eolas ar mo shlighthibh; Mar mionnuigheas im’ fheirg, Ní rachaidh siad isteach im’ shuaimhneas. Tabhraidh aire, a bhráithre, ar eagla go mbéadh droch‐chroidhe dí‐chreidmheach am ar bith i n‐aon duine agaibh, go dtréigfeadh sibh an Dia beo: acht bidhidh ag brostú a chéile lá i ndiaidh lae, a fhaid agus glaodhtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruadhóchaidhe aon duine agaibh le meabhlaireacht an pheacaidh óir do rinneadh sinn rannpháirteach le Críost, acht go gcongbhuighmíd ár gcéad mhuinighin go deireadh; a fhaid agus deirtear, Indiu, má chluineann sibh a ghuth, Ná chruadhuighidh bhur gcroidheacha, amhail le linn na ceannairce. Óir ciarbh iad do chuala agus do rinne ceannairc? Nárbh iad‐san go léir tháinig as an Éigipt i n‐éinfheacht le Maois iad? Agus cia leo go raibh Dia i bhfeirg ar feadh dhá fhichid bliadhan? Nárbh iad‐san do rinne peacadh iad, gur thuit a gcuirp san bhfásach? Agus ciarbh iad gur dhearbhuigh sé dhóibh nach racaidís isteach ’n‐a shuaimhneas, acht iad‐san amháin do bhí easumhal? Chímíd, d’á bhrigh sin, nár fhéadadar dul isteach ann mar gheall ar easbaidh creidimh. Bíodh eagla orainn, d’á bhrigh sin, chómh fada agus fágthar an gheallamhain chum dul isteach ’n‐a shuaimhneas, a mheas gur theip ar aon duine agaibh breith uirthi. Óir do craobhscaoileadh an soiscéal dúinne, mar craobhscaoileadh é dhóibh‐sean: acht níorbh aon tairbhe dhóibh an briathar do chualadar, toisc nach raibh creideamh ’n‐a bhun ag na daoinibh do chuala é. Óir sinne do chreid téighmíd isteach san tsuaimhneas sin: fá mar dubhairt sé, Mar mhionnuigheas im’ dhíbheirg, Ní rachaidh siad isteach im’ shuaimhneas: bíodh go raibh na h‐oibreacha críochnuighthe ó thosach an domhain. Óir do labhair sé fá’n seachtmhadh lá i n‐áit éigin ar an gcuma so, Agus do rinne Dia suaimhneas ó n‐a oibreachaibh uile an seachtmhadh lá; agus annso arís, Ní rachaidh siad isteach im shuaimhneas. Uime sin ó tá sé i ndán do dhaoinibh áirithe dul isteach ann, agus gur theip ar na daoinibh gur craobhscaoileadh an soiscéal dóibh roimhe sin dul isteach ann mar gheall ar easumhlacht, ainmnigheann sé lá eile arís, g‐á rádh tré Dháibhí, tar éis aimsire chómh fada sin, Indiu, mar adubhradh cheana, Indiu, má chluineann sibh a ghuth, Ná cruadhuighidh bhur gcroidheacha. Óir dá mbéadh suaimhneas tugtha ag Iósua dóibh, ní luadhfadh sé lá eile ’n‐a dhiaidh sin. Uime sin fágthar suaimhneas sabóide ag pobal Dé. Óir an té do chuaidh isteach ’n‐a shuaimhneas, do scuir sé ó n‐a oibreachaibh, fá mar scuir Dia ó n‐a oibreachaibh‐sean. Uime sin déanaimís dícheall chum dul isteach san tsuaimhneas sin, ar eagla go dtuitfeadh aon duine ’n‐a leithéid sin d’easumhlacht. Óir atá briathar Dé beo, bríoghmhar, níos géire ’ná aon chlaidheamh dhá fhaobhar. Téigheann sé isteach idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduigheann sé smaointe agus meon an chroidhe. Agus ní fhuil éinnidh d’ár cruthuigheadh nach bhfuil soiléir os cómhair a shúl; acht atá an uile nidh nochta, lán‐fhoscailte roimh shúilibh an té go bhfuil cunntas againn le déanamh leis. D’á bhrigh sin, ó tá árd‐shagart mór do chuaidh tré na flaitheasaibh againn, Íosa Mac Dé, congbhuighmís ár gcreideamh go daingean. Óir ní fhuil árd‐shagart againne nach bhféadann cómhfhulang le n‐ár laige; acht is amhlaidh do cuireadh airsean ar cuireadh de chathuighthibh ariamh orainne, acht amháin gan peacadh do dhéanamh. D’á bhrigh sin déanaimís dánacht ag druidim le righ‐chathaoir an ghrása, chum tróchaire agus grása d’fhágháil chum conganta linn i h‐uair an ghábhaidh. Óir gach árd‐shagart d’á dtógtar as lár na ndaoine, órduightear é ar son na ndaoine san méid bhaineas le Dia chum tíodhlaicthe agus íodhbartha d’ofráil ar son na bpeacadh: agus is fear é, gur féidir leis gan bheith ro‐dhian ar na daoinibh théigheas amudha tré aineolas, de chionn nach bhfuil sé féin gan a chion féin de’n laige. Ar an adhbhar sin atá d’fhiachaibh air íodhbairt do dhéanamh i n‐éiric na bpeacadh, ní h‐é amháin ar son an phobail, acht ar a shon féin, leis. Agus ní ghlacann aon duine an onóir seo chuige féin, acht amháin nuair gheibheann sé an ghairm ó Dhia, mar fuair Aáron. Ar an gcuma chéadna níorbh uaidh féin do ghlac Críost an onóir chuige féin go ndéanfaidhe sagart de, acht ó’n té adubhairt leis, Is tusa mo Mhac, Indiu do gheineas thú: mar adubhairt sé i n‐áit eile, leis, Is sagart go síorraidhe thú, Do réir úird Mhelcisidec. Is eisean, i laethibh a fheola, tar éis urnaighthe agus athchuingthe d’ofráil, le h‐árd‐ghol agus le deoraibh chum an té go raibh ar chumas dó a shaoradh ó’n mbás, agus gur h‐éisteadh leis as ucht a naomh‐eagla, is eisean, gidh gur Mhac é, d’fhoghlaim umhlacht de bhárr ar fhulaing sé: agus tar éis dó teacht i bhfoirbhtheacht, do bhí sé mar ughdar slánuighthe shíorraidhe do na daoinibh go léir umhluigheas dó; d’á ainmniú ag Dia mar árd‐shagart do réir úird Mhelcisidec. Tá mórán againn le rádh ’n‐a thaobh‐san, agus is deacair a mhíniú de chionn go bhfuil maill‐eisteacht oraibh. Óir nuair ba cheart daoibh fá’n am so bheith ’n‐bhur múinteoiribh, is amhlaidh atá gábhadh agaibh le duine do mhúinfeadh céad‐riaghlacha briathair Dé dhaoibh; agus atá sibh i riocht daoine gur mó atá bainne d’uireasbaidh oraibh’ ná biadh tacamhail. Óir gach duine beathuightear ar bhainne, atá sé gan taithighe ar bhriathar na fíréantachta: leanbh is eadh é. Acht is le h‐aghaidh daoine fásta atá an biadh tacamhail, le h‐aghaidh na ndaoine a mbíonn sé de chleachtadh ag a gcéadfaidhibh corpardha an mhaith d’aithint thar an olc. Uime sin fágaimís céad‐riaghlacha bun‐teagaisc Chríost ’n‐ár ndiaidh, agus téighmís ar aghaidh chum lán‐fhoirbhtheachta; gan bheith arís ag leagadh buin aithreachais ó ghníomharthaibh marbha, agus creidimh i nDia, agus teagaisc fá bhaisteadh, agus fá leagadh lámh, agus fá aiséirghe na marbh, agus fá’n mbreitheamhnas síorraidhe. Agus is é rud dhéanfaimíd, de dheoin Dé. Óir na daoine fuair soillsiú, agus do bhlais an tíodhlacadh neamhdha, agus do rinneadh rannpháirteach san Spiorad Naomh, agus do bhlais deagh‐bhriathar Dé agus cumhacht an tsaoghail atá le teacht, agus do thuit ar gcúl ’n‐a dhiaidh sin, ní féidir a dtabhairt chum aithrighe arís, de bhrigh go bhfuilid ag aith‐chéasadh Mhic Dé dhóibh féin, agus ag déanamh adhbhar scannail de. Óir an talamh shúghas isteach an bháisteach thuiteas go minic air, agus do‐bheir luibheanna fhóghnas do na daoinibh go saothruighthear é ar a son, bíonn beannacht Dé air; acht má bheireann sé driseach agus feochadáin, baintear deireadh dúile dhe; tá sé i mbaoghal a mhalluighthe, agus is é a dheireadh a loscadh. Acht, a cháirde ionmhaine, má tá féin go bhfuilim ag labhairt ar an gcuma so, is deimhin linn gur fearr ’ná sin atá na neithe agaibh‐se, neithe atá ag teacht leis an slánughadh: óir ní fhuil Dia éagcórach go ndéanfadh sé dearmad ar bhur saothar agus ar an ngrádh do thaisbeáin sibh d’á ainm, mar rinne sibh friotháileamh ar na naomhaibh, agus mar ghníonn sibh fós. Agus is é is mian liom go dtaisbeánfadh gach duine agaibh an dúthracht chéadna chum lán‐dearbhthacht dóchais do chothú go deireadh: chum nach n‐éireochadh sibh leisceamhail, acht go ndéanfadh sibh aithris ar na daoinibh fuair na geallamhnacha mar oidhreacht de bhárr creidimh agus foidhne. Óir nuair thug Dia geallamhain d’Abracham, de bhrigh nár fhéad sé a dhearbhú ar aoinneach ba mhó, do dhearbhuigh sé air féin, g‐á rádh, Go cinnte beannóchad agus beannóchad thú, agus méadóchad agus méadóchad thú. Agus mar sin, tar a éis dó fanamhain go foighdeach, fuair sé a raibh geallta dhó. Óir dearbhuigheann daoine ar an té atá níos mó ’ná iad féin, agus cuireann an dearbhú deireadh le gach conspóid bhíos eadortha. Uime sin, ó thárla gur mhian le Dia buain‐tseasmhacht a raibh ceaptha aige i gcómhair oidhrí na geallamhna do thaisbeáint níos cruinne, thug sé an mionn isteach: ionnas tré dhá nidh bhuain‐tseas‐mhacha, nach féidir go ndéanfadh Dia bréag ionnta, go mbéadh árd‐mheisneach againne do theich ar scáth dídeana chum breithe ar an dóchas atá curtha rómhainn; dóchas atá mar ancaire anma againn, agus é daingean, díongmhálta, mar téigheann sé isteach san naomh‐áit taobh thiar de’n bhrat; mar a ndeachaidh Íosa isteach mar réimh‐theachtaire ar ár son, ’n‐a árd‐shagart dó go síorraidhe do réir úird Mhelcisedec. Óir an Melcisedec so, rí Shálem, sagart an Dé is áirde, do theagmhuigh sé le hAbrachaim ag filleadh ar ais dó ó ár na ríogh, agus thug beannacht dó, d’á dtug Abracham an deachmhadh cuid de’n uile nidh (ar mbeith dhó, ar n‐a mhíniú, Rí na fíréantachta, agus Rí Shálem, leis, is é sin Rí na síothchána, gan athair, gan máthair, gan geinealach, gan tosach laethe ná deireadh saoghail, acht do rinneadh cosmhail le Mac Dé), fanann sé ’n‐a shagart de shíor. Breathnuighidh anois a áirde i gcéim do bhí an fear so d’á dtug Abracham paitriarcha an deachmhadh cuid de’n éadáil dob’ fhearr. Agus an méid de chlann‐mhac Lébhí do‐gheibh órd sagartachta, atá sé de cheart aca, do réir an dlighe, deachmhaithe do ghearradh ar an bpobal, is é sin ar a mbráithribh, bíodh go dtáinig siad as leasrachaibh Abrachaim: acht an té nach n‐áirmhthear mar dhuine d’á gheinealach, do ghlac sé deachmhaithe ó Abracham, agus do bheannuigh sé an té go raibh na geallamhnacha aige. Agus gan ceist ar bith is é an té is lughá beannuightear ó’n té is mó. Agus annso do‐gheibh daoine so‐mharbhtha deachmhaithe; acht annsúd an té do‐gheibh iad, tugtar fiadhnaise ’n‐a thaobh go maireann sé. Agus féadtar a rádh, Lébhí, fuair deachmhaithe, gur íoc sé deachmhaithe tré Abracham; óir do bhí sé fós i leasrachaibh a athar nuair casadh Melcisedec leis. Anois má bhí lán‐fhoirbheacht le fágháil de bhárr na sagartachta Lébhíticighe (óir is fá’n sagartacht sin fuair an pobal an dlighe), cia an gábhadh do bhí le sagart eile d’éirghe do réir úird Mhelcisedec, gan a áireamh mar bhéadh sé do réir úird Aáróin? Óir nuair athruightear an tsagartacht, ní foláir athrú dlighe do dhéanamh, leis. Óir an té go n‐abartar na neithe seo ’n‐a thaobh, baineann sé le treibh eile, nach ndearna aon duine dhi friotháileamh na h‐altóra ariamh. Óir is léir gur shíolruigh ár dTighearna ó threibh Iúda; treabh nár labhair Maois éinnidh bhaineas leis an sagartacht ’n‐a taobh. Agus is mó is léire é nuair éirigheann sagart eile, i gcosamhlacht Mhelcisedec, do rinneadh, níorbh é do réir dlighe aithne saoghalta, acht do réir cumhachta beathadh síor‐bhuaine: óir atá an fhiadhnaise seo ann ’n‐a thaobh, Is sagart go síorraidhe thú, Do réir úird Mhelcisedec. Óir atá aithne do bhí ann roimhe sin d’á cur ar ceal, toisc í bheith lag, gan tairbhe (óir níor chuir an dlighe éinnidh i gcrích), agus atá dóchas is fearr ’ná í, tré n‐a ndruidimíd i ngiorracht do Dhia, d’á thabhairt isteach. Agus de bhrigh nach ndearnadh sagart de gan mionn (óir do rinneadh sagart díobh‐san gan mionn), acht do rinneadh sagairt de’n té úd le mionn tríd an té adubhairt leis, Do dhearbhuigh an Tighearna, agus ní athróchaidh sé a aigne, Is sagart go síorraidhe thú; Is móide go mór is fearr an connradh Íosa bheith mar urrdhas air. Agus is fíor go ndearnadh sagairt d’á lán mór díobh‐san, de chionn nár leig an bás dóibh maireachtain i gcómhnaidhe: acht de bhrigh go maireann seisean go síorraidhe, atá sagartacht síor‐bhuan aige. D’á bhrigh sin atá ar chumas dó na daoine thig chum Dé tríd do shlánú ar fad, de bhrigh go maireann sé beo i gcómhnaidhe chum eadarghuidhe do dhéanamh ar a son. Óir is é a theastuigh uainn a leithéid d’árd‐shagart atá naomhtha, gan cionnta, gan smál, d’á dhealú ó pheacachaibh, agus é níos áirde ’ná na flaithis: nach gábhadh dhó, ar nós na n‐árd‐shagart úd, íodhbartha d’ofráil go laetheamhail, ar son a pheacaidhe féin ar dtús, agus ar son peacaidhe an phobail ’n‐a dhiaidh sin: óir do rinne sé an t‐aon uair amháin é, d’á ofráil féin mar íodhbairt. Óir do‐ghní an dlighe sagairt d’fhearaibh nach bhfuil saor ó laige; acht briathar an mhionna, tháinig i ndiaidh na dlighe, d’órduigh sé Mac atá foirbhighthe go deo. Anois, is é an poinnte is tábhachtaighe de’n méid atá ráidhte againn: Atá a leithéid d’árd‐shagart againn, atá ’n‐a shuidhe ar dheas‐láimh na Mórdhachta ins na flaitheasaibh, do‐ghní friotháileamh san tsanctóir agus san bhfíor‐thabernacal, nár dhaoine, acht gurbh é an Tighearna do shuidhigh é. Óir órduightear gach árd‐shagart chum tabhartaisí agus íodhbartha d’ofráil: agus d’á bhrigh sin ní foláir do’n árd‐shagart nidh éigin bheith aige le n’íodhbairt. Óir dá mbéadh sé ar talamh ní bhéadh sé ’n‐a shagart ar chor ar bith, toisc sagairt ofrálas tabhartaisí de réir an dlighe bheith ann; fir do‐ghní friotháileamh ar shompla agus ar scáil na neithe neamhdha, fá mar fuair Maois fógra agus é ar tí an tabernacal do dhéanamh: Óir féach chuige ars’ sé, go ndéanaidh tú gach uile nidh do réir an tsompla do taisbeánadh ar an gcnoc duit. Acht anois is fearr go mór an mhiniostrálacht fuair sé, san méid gur idirmheadhontóir connartha níos fearr é, connradh atá bunuighthe ar gheallamhna chaibh níos fearr. Óir dá mbéadh an chéad chonnradh úd saor ó locht, ní bhéadh an dara connradh i gceist. Óir is g‐á lochtú atá an Tighearna, agus e g‐á radh, Féach, atá na laethe ag teacht, adeir an Tighearna, ’N‐a gcuirfead connradh nua ar bun le teaghlach Israel agus le teaghlach lúda: Connradh nach mbéidh cosmhail leis an gconnradh do rinneas le n‐a sinnsearaibh, San lá ’n‐a rugas ar láimh ortha g‐á dtreorú amach as tír na hÉigipte: Óir níor sheasuigheadar i mbun mo chonnartha, Agus d’iompuigheas uatha, adeir an Tighearna. Óir is é seo an connradh dhéanfad le teaghlach Israel Tar éis na laethe úd, adeir an Tighearna: Cuirfead mo dhlighthe isteach ’n‐a n‐aigne, Agus scríobhfad ar a gcroidhe iad: Agus béidhead im’ Dhia aca, Agus béidh siad‐san ’n‐a bpobal agam: Agus ní mhúinfidh gach duine a chómharsa, Agus gach duine a bhráthair, g‐á rádh, Bíodh aithne agat ar an Tighearna: Óir béidh aithne ag gach uile dhuine orm, Ó’n té is lugha go dtí an té is mó dhíobh. Óir déanfad tróchaire ar a mí‐ghníomharthaibh Agus ní chuimhneochad a thuilleadh ar a bpeacaidhibh. Gh‐á rádh dhó, Connradh nua, is amhlaidh atá an chéad chonnradh curtha i seandacht aige. Acht an nidh atá ag éirghe sean agus ag dul i n‐aois, is gearr uaidh dul as ar fad. Anois do bhí riaghlacha le h‐aghaidh adhartha Dé, agus sanctóir saoghalta ag an gcéad chonnradh. Óir do bhí tabernacal curtha i gcóir, an chéad phailliún, ar a dtugtar an Naomh‐Áit, mar a raibh an coinnleoir, agus an bórd, agus arán na toirbhirte. Agus taobh istigh de’n dara brat do bhí an tabernacal ar a dtugtar an Áit Sár‐Naomhtha; mar a raibh an túiseoir óir, agus áirc an chonnartha fá n‐a chlúdach óir ’n‐a raibh an soitheach óir ’n‐a mbíodh an manna, agus slat Aáróin as a dtáinig na bachlóga, agus cláir an chonnartha; agus os a chionn sin cerúbím na glóire, go raibh a scáth mar chlúdach ar chathaoir na trócaire; acht ní féidir linn labhairt ’n‐a dtaobh sin fá leith anois. Anois ar mbeith curtha i dtreo do na neithibh sin, na sagairt do‐ghní na seirbhísí, téigheann siad isteach san gcéad tabernacal: acht san dara tabernacal ní théigheann isteach acht an t‐árd‐shagart ’n‐a aonar, uair san bhliadhain, ní gan fuil ofrálas sé ar a shon féin agus ar son peacaidhe an phobail. Is é fhoillsigheas an Spiorad Naomh san méid sin, nach bhfuil an tslighe isteach chum na h‐áite naomhtha ar fhoscailt fós, chómh fada agus atá an chéad tabernacal ar bun. Samhlaoid de’n aimsir atá ann fá láthair is eadh é: is ann ofráltar tabhartaisí agus íodhbartha nach bhféadann coinsias an adhrathóra do dhéanamh saor ó locht; nach bhfuil ionnta (idir biadha, agus deocha, agus ionnlaidhthe éagsamhla) acht gnáth‐nósanna saoghalta, do cuireadh ar bun go dtí aimsir an cheartuighthe. Acht, iar dteacht do Chríost mar árd‐shagart na n‐aoibhneas atá le teacht, tré thabernacal is mó agus is iomláine, nach ndearnadh le lámhaibh, is é sin nach de’n tsaoghal so, ní tré fhuil gabhar agus laogh, ácht tré n‐a fhuil féin, do chuaidh sé isteach san naomh‐áit an t‐aon uair amháin, agus do ghnóthuigh sé fuascladh síorraidhe. Óir má ghníonn fuil gabhar agus tarbh, agus luaith bearaigh croithtear ar na daoinibh atá truaillidhe, naomhú chum glanta na feola: nach mó go mór dhéanfas fuil Chríost, an té d’íodhbair é féin gan smál do Dhia, tríd an Spiorad síorraidhe, bhur gcoinsias do ghlanadh ó ghníomharthaibh marbha chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia síorraidhe? Agus ar an adhbhar sin is idirmheadhóntóir connartha nua é, ar mhodh, de bhárr an bháis i n‐éiric ár gcionnta, do bhí fá’n gcéad chonnradh, go bhfaighidh na daoine do glaodhadh geallamhain na h‐oidhreachta síorraidhe. Óir san áit ’n‐a bhfuil tiomna, ní foláir cruthamhnas báis an té do rinne an tiomna bheith ann, leis. Óir ní bhíonn tiomna i bhfeidhm muna mbíonn bás ann: óir ní bhíonn brigh ann a fhaid agus bhíos an té do rinne é beo. D’á bhrigh sin níor bunuigheadh an chéad tiomna féin gan fuil. Óir nuair do bhí an uile aithne fógartha ag Maois do’n phobal do réir an dlighe, do ghlac sé cuid d’fhuil na laogh agus na ngabhar i n‐éinfheacht le h‐uisce, agus le h‐olainn chraoraigh, agus le h‐iosóip, agus do chroith sé ar an leabhar féin, agus ar an bpobal uile í, g‐á rádh, Is í seo fuil an tiomna atá órduighthe ag Dia dhaoibh. Agus mar an gcéadna do chroith sé an fhuil ár an tabernacal agus ar shoithighibh uile na miniostrálachta. Agus is beag nach bhféadtar a rádh, do réir an dlighe, go nglantar an uile nidh le fuil, agus gan dortadh fola nach bhfuil maitheamhnas ar bith le fágháil. Níorbh fholáir, d’á bhrigh sin, somplaí na neithe atá ar neamh do ghlanadh ar an gcuma sin; acht na neithe neamhdha do ghlanadh le h‐íodhbarthaibh atá níos fearr ’ná iad sin. Óir ní isteach i n‐áit naomhtha do rinneadh le lámhaibh do chuaidh Críost, áit nach bhfuil acht ’n‐a shompla de’n naomh‐áit fhírinnigh; acht isteach ins na flaitheasaibh féin, chum go bhfaighfidhe é anois i láthair Dé ar ár son‐sa: agus ní chum é féin d’íodhbairt go minic do chuaidh sé isteach ann; fá mar théigheas an t‐árd‐shagart isteach san áit naomhtha, bliadhain i ndiaidh bliadhna, le fuil nach leis féin: san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireadh an domhan ar suidheachan: acht anois, an t‐aon uair amháin, i ndeireadh na n‐aois do foillsigheadh é chum deireadh do chur leis an bpeacadh, g‐á íodhbairt féin. Agus ó tá sé i ndán do na daoinibh bás d’fhágháil uair amháin, agus go dtagann an breitheamhnas ’n‐a dhiaidh sin; ar an gcuma chéadna, foillseochar Críost gan peacadh, an dara h‐uair, do na daoinibh atá ag fanamhain leis, chum a slánuighthe, tar a éis dó a íodhbairt féin an t‐aon uair amháin chum peacaidhe móráin d’iomchar. Óir an dlighe, ag a bhfuil scáil na n‐aoibhneas atá le teacht, ní h‐í íomháigh fhíor na neithe féin, ní fhéadann sé na daoine thig i bhfogas d’fhoirbhiú leis na h‐íodhbarthaibh ofráltar de ghnáth ó bhliadhain go bliadhain. Óir, san gcás sin, nach gcuirfidhe deireadh choidhche le h‐ofráil na n‐íodhbairt úd, toisc, ar mbeith glanta, an t‐aon uair amháin, do’n lucht adhartha, nach mbéadh a bpeacaidhe ar a gcoinsias aca ní ba mhó? Acht ins na h‐íodhbarthaibh úd déantar athchuimhneamh ar na peacaidhibh ó bhliadhain go bliadhain. Óir ní féidir go nglanfadh fuil tarbh agus gabhar peacaidhe. Uime sin, ag teacht isteach san tsaoghal dó, adeir sé, Íodhbairt agus ofráil níorbh áil liom, Acht d’ullmhuighis corp dom; I n‐íodhbarthaibh loiscthe agus i n‐íodhbarthaibh ar son an pheacaidh ní raibh aon taithneamh agat: Annsin adubhras‐sa, Féach, atáim‐se ag teacht (I rolla do leabhair atá scríobhtha im’ thaobh) Chum do thoil do dhéanamh, a Dhia. Tar a éis dó a rádh de’n chéad uair, Níorbh áil liom íodhbartha agus ofrála, agus íodhbartha loiscthe, agus íodhbartha ar son peacaidh, agus ní raibh aon taithneamh agat ionnta (neithe íodhbartar do réir an dlighe), adubhairt sé ’n‐a dhiaidh sin, Fhéach, atáim‐se ag teacht chum do thoil do dhéanamh. Is amhlaidh atá sé ag cur an chéad nidh ar ceal, chum an dara nidh do chur ar bun. De bhárr na tola sin is eadh atáimíd‐ne d’ár naomhú tré íodhbairt chuirp Chríost an t‐aon uair go deo. Agus a fhaid agus sheasuigheann gach sagart lá i ndiaidh lae ag friotháileamh, agus go minic ag ofráil na n‐íodhbairt céadna, nach bhféadann peacaidhe do ghlanadh: acht an té seo, tar a éis dó aon íodhbairt amháin d’ofráil ar son na bpeacaidhe go deo, is amhlaidh do shuidh sé síos ar dheas‐láimh Dé; ag feitheamh nó go ndéantar stól d’á náimhdibh fá n‐a chosaibh. Óir de bhárr aon íodhbartha amháin d’fhoirbhigh sé go deo na daoine atá naomhuighthe. Agus do‐bheir an Spiorad Naomh fiadhnaise dhúinn, leis: óir tar a éis dó a rádh, Is é seo an connradh dhéanfad leo Tar éis na laethe úd, adeir an Tighearna; Cuirfead mo dhlighthe ’n‐a gcroidheachaibh, Agus scríobhfad ar a n‐aigeantaibh iad: Agus ní chuimhneochad go deo ar a bpeacaidhibh agus ar a gcionntaibh. Agus san áit ’n‐a maithtear iad so, ní fhuil gábhadh le h‐aon íodhbairt eile ar son na bpeacaidhe. D’á bhrigh sin, a bhráithre, ó tá sé de dhánacht againn dul isteach san áit naomhtha tré fhuil Íosa, san tslighe do choisreac sé dhúinn, slighe úr‐nua, bheo, tríd an mbrat, is é sin a fheoil féin; agus de bhrigh go bhfuil árd‐shagart againn os cionn tighe Dé; druidimís i bhfoigseacht dó, le fírinne croidhe, agus an creideamh daingnighthe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroidheacha glanta ó dhroch‐choinsias, agus ár gcorp nighte le fíor‐uisce: coimheádaimís go daingean an dóchas admhuighmíd chum nach lagaidh sé; óir is dílis an té thug an gheallamhain: agus tabhraimís aire d’á chéile, ag spreagadh a chéile chum grádha agus chum deagh‐ghníomhartha; gan cómhchruinniú: gceann a chéile do thréigean, ar nós daoine áirithe, acht bheith ag gríosadh a chéile; go mórmhór de bhrigh go bhfeiceann sibh an lá ag druidim linn. Óir má ghnímíd peacadh d’ár ndeoin féin tar a éis dúinn eolas na fírinne d’fhágháil, ní fágthar aon íodhbairt eile ar son na bpeacaidhe, acht ag feitheamh fá chrith‐eagla leis an mbreitheamhnas, agus le teinidh fhíochmhair shloigfeas náimhde Dé. An té do bhris dlighe Mhaoise, curtar chum báis é gan trócaire ar fhiadhnaise beirte nó trír; nach móide go mór, an measann sibh, an pionós bhéas tuilte ag an té do shatail fá chois Mac Dé, agus thug tarcuisne d’fhuil an chonnartha le n‐ar naomhuigheadh é, agus thug masla do Spiorad an ghrása? Óir atá a fhios againn cia h‐é adubhairt, Is liom‐sa an díoghaltas, is mise chúiteochas; agus arís, Bhéarfaidh an Tighearna breith ar a phobal. Is mór is cúis eagla tuitim idir lámhaibh an Dé bheo. Acht bidhidh ag cuimhneamh ar na sean‐laethibh ’n‐ar sheasuigh sibh spairn phianamhail, tar a éis daoibh solas d’fhágháil; ní h‐é amháin go ndearnadh ceap magaidh dhíbh le acmhúsán agus le cathuighthibh; agus thairis sin, go ndearnadh rannpháirtidhthe dhíbh leis na daoinibh do bhí san riocht céadna libh. Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan. D’á bhrigh sin ná leigidh uaibh bhur muinighin, go bhfuil luach saothair mór ag baint léi. Óir atá gábhadh le foidhne agaibh, ar mhodh, thar a éis daoibh toil Dé do dhéanamh, go bhfaighidh sibh a bhfuil geallta dhaoibh. Óir tar éis tamaill bhig, Tiocfaidh an té atá le teacht, agus ní dhéanfaidh sé moill. Acht mairfidh m’fhíréan tré chreideamh; Agus má chasann sé siar, ní fhuil taithneamh a thuilleadh ag m’anam ann. Acht ní daoine de’n dream chasas siar agus cailltear sinne, acht daoine de’n dream chreideas chum a n‐anam do shlánú. Anois is é is creideamh ann, bheith dearbhtha de na neithibh go bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte fá neithibh nach bhfeictear. Óir is d’á bhárr fuair ár sinnsir deagh‐theist. Is tré chreideamh thuigmíd gur cumadh an domhan tré bhriathar Dé, ar mhodh nach de neithibh so‐fheicseanacha do rinneadh na neithe dochítear. Is tré chreideamh d’ofráil Aibial do Dhia íodhbairt dob’ fhearr ’ná íodhbairt Cháin; agus d’á bhárr sin fuair sé an teist gurbh fhíréan é, Dia ag glacadh le n‐a thíodhlaicthibh: agus d’á bhárr sin labhrann sé fós, agus é marbh. Is tré chreideamh do h‐aistrigheadh Énoch chum nach bhfeicfeadh sé an bás: agus ní raibh sé le fágháil; toisc gur aistrigh Dia é: óir sarar h‐aistrigheadh é fuair sé an teist gur thaithin sé le Dia: agus gan creideamh ní féidir taithneamh leis: óir an té thig chum Dé, ní foláir dó a chreideamhain go bhfuil sé ann, agus go dtugann sé luach a saothair do na daoinibh loirgeas é. Tré chreideamh Naoi, iar bhfágháil rabhaidh ó Dhia i dtaobh na neithe nach raibh fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramacht do chuir sé áirc i gcóir chum a theaghlach féin do shábháil: agus d’á bhárr sin do chionntuigh sé an saoghal, agus do rinneadh oidhre na fíréantachta atá tré chreideamh dhe. Tré chreideamh Abracham, nuair fuair sé an ghairm, d’umhluigh sé agus d’imthigh sé amach go h‐áit do bhí le fágháil aige mar oidhreacht ’n‐a dhiaidh sin; agus d’imthigh sé amach, gan a fhios aige cá raibh a thriall. Tré chreideamh tháinig sé chum cómhnuighthe i dtír tarngaire, i ndúthaigh nár leis féin, ag cur faoi i bpublaibh i n‐éinfheacht le Íosóg agus le Iácób, cómh‐oidhrí leis san aon gheallamhain amháin: óir do bhí sé ag súil leis an gcathair go bhfuil bun daingean fúithi, gur ab é Dia a h‐árd‐shaor agus a foirgnightheoir. Tré chreideamh fuair Sára féin cumas chum sliocht do ghabháil i mbroinn, i n‐aimhdheoin go raibh sí thar aois, de bhrigh gur mheas sí an té thug an gheallamhain bheith fírinneach, agus thárla go rugadh ó fhear amháin, agus é ionann agus marbh, sliocht do bhí chómh líonmhar le réaltaibh na spéire, agus le gaineamh na trágha atá de chois na fairrge, sliocht do‐áirmhthe. Fuaradar‐san uile bás san gcreideamh, gan a raibh geallta dhóibh d’fhágháil, acht do chonnacadar i bhfad uatha iad, agus d’fháiltigheadar rómpa, g‐á admháil go rabhadar ’n‐a gcoigríochachaibh agus ’n‐a n‐oilithribh ar an saoghal. Óir na daoine adeir neithe d’á leithéidibh sin, cuireann siad i dtuigsin gur ar lorg dúthaighe leo féin atáid. Agus dá mbéidís ag cuimhneamh ar an dúthaigh as ar imthigheadar, do‐gheobháidís faill ar dhul ar ais cúichi. Acht anois cuireann siad dúil i ndúthaigh atá níos fearr ’ná í, dúthaigh neamhdha: uime sin ní nár le Dia go nglaodhfaidhe a nDia‐san mar ainm air: óir atá cathair curtha aige i n‐áirithe dhóibh. Tré chreideamh Abracham, nuair rinne Dia fromhadh air, d’íodhbair sé Íosóg; an té fuair a raibh geallta, do bhí sé ag íodhbairt a aon‐gheine; go ndubhradh ’n‐a thaobh, is i nÍosóg ainmneochar sliocht duit: óir do mheas sé go bhfuil ar chumas Dé na mairbh féin do thógáil suas; agus i bhfáith‐scéal, fuair sé ar ais ó na marbhaibh é. Tré chreideamh do bheannuigh Íosóg Iácób agus Ésau i dtaobh neithe do bhí le teacht. Tré chreideamh Iácób, ag fágháil bháis dó, do bheannuigh sé beirt chlann‐mhac Sheosaimh; agus do rinne sé adhradh, ag cromadh ar bhárr a bhata. Tré chreideamh Seosamh, ag saothrú an bháis dó, do luaidh sé imtheacht clainne Israel; agus thug sé órdú i dtaobh a chnámh. Tré chreideamh, nuair rugadh Maois, do chuir a athair agus a mháthair i bhfolach é ar feadh ráithe, toisc go bhfacadar gur leanbh breagh é; agus ní raibh eagla ortha roimh órdú an ríogh. Tré chreideamh Maois, nuair d’éirigh sé mór, do dhiúltuigh sé a ainmniú mar mhac inghine Farao; g‐á thabhairt de rogha anró d’fhulang i n‐éinfheacht le pobal Dé, ’ná pléisiúr do bhaint as an bpeacadh ar feadh tamaill; g‐á mheas gur mó dob’ fhearr masla Chríost mar shaidhbhreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do bhí sé ag súil leis an luach saothair. Tré chreideamh d’fhág sé an Éigipt ’n‐a dhiaidh, gan eagla air roimh dhíbheirg an ríogh: óir do sheasuigh sé go tréan, mar bhéadh a shúil ar an té nach bhfeicthear. Tré chreideamh do bhunuigh sé an Cháisc, agus croitheadh na fola, chum nach leagfadh scriosaire na gcéid‐ghein lámh ortha. Tré chreideamh do chuadar treasna na Mara Ruaidhe, mar bhéadh ar thalamh tirim: acht gur bádhadh na hÉigiptigh innti, agus iad ag tabhairt iarrachta faoi. Tré chreideamh do thuit ballaí Ierichó ar lár, tar a éis dóibh bheith d’á dtimchealladh ar feadh seacht lá. Tré chreideamh níor scriosadh Rachab méirdreach i n‐éinfheacht leis na daoinibh do bhí easumhal, ó d’fháiltigh sí go síothchánta roimh na spíodóiribh. Agus créad eile adéarfainn? Óir ní bhéadh sé d’uain agam labhairt fá Ghedeon, fá Shampson, fá Iefté, fá Dháibhí, fá Shamuel agus fá na fáidhibh: daoine do chlaoidh ríoghachta tré chreideamh, do rinne an ceart, fuair na geallamhnacha, do dhún béal na leomhan, do mhúch neart teineadh, d’éaluigh slán ó bhéal claidhimh, d’éirigh bríoghmhar as lár a laige, d’éirigh crodha i gcath, do chuir an ruaig ar shluaightibh na n‐eachtrann. Fuair mná a mairbh ar ais tré aiséirghe: agus do bhí cuid eile do ciapadh, ag diúltú do’n tslighe éalóidh; chum go bhfaighdís aiséirghe dob’ fhearr: do frómhadh cuid eile aca le magadh agus le sciúrseadh, le cuibhreachaibh agus le príosún: do gabhadh de chlochaibh ortha, do gearradh ó chéile iad le tuireasc, do cuireadh cathuighthe ortha, do marbhadh iad le faobhar claidhimh: d’imthigheadar le fán an tsaoghail, agus croicne caorach agus croicne gabhar umpa: bhíodar beo‐bhocht, fá anró agus fá chrádh (daoine nárbh fiú an saoghal iad), ag dul ar seachrán i bhfásaighibh, agus ar shléibhtibh, i bpluaisibh, agus i bpolltaibh fá’n talamh. Agus fuaradar‐san uile deagh‐theist de bhárr a gcreidimh, acht ní fhuaradar an gheallamhain: óir do bhí nidh dob’ fhearr curtha i n‐áirithe ag Dia dhúinne, chum nach bhfoirbhfidhe iad gan sinne bheith leo. D’á bhrigh sin, ó thárla néall chómh mór sin d’fhiadhnaidhthibh bheith ’n‐ár dtimcheall, cuirimís dínn gach ualach, agus an peacadh ghreamuigheas chómh dlúth sin dínn, agus rithimís go foighdeach an cúrsa atá curtha rómhainn, ag féachaint chum Íosa, príomh‐ughdar agus críochnuightheoir ár gcreidimh; an té d’fhulaing an chroch, ar son an áthais do cuireadh roimhe, do chuir neamh‐shuim san náire, agus atá ’n‐a shuidhe ar dheis righ‐chathaoireach Dé. Óir samhluighidh libh féin an té gur cuireadh cómh mór sin ’n‐a choinnibh, agus peacaigh g‐á shéanadh, chum nach n‐éireochaidh sibh lag, claoidhte ’n‐bhur n‐anmannaibh. Níor sheasuigh sibh fós go doirteadh fola, ag cur i n‐aghaidh an pheacaidh: agus atá dearmad déanta agaibh ar an spreagadh tugadh dhaoibh mar bhéadh do chlann‐mhac, A mhic, ná déan neamh‐shuim de smacht an Tighearna, Agus ná caill meisneach nuair cheartuigheas sé thú; Óir smachtuigheann an Tighearna an té go bhfuil grádh aige dhó, Agus sciúirseann sé gach mac ghlacas sé. Má fhulaingeann sibh an smacht, atá Dia ag pléidhe libh mar bhéadh sé le n‐a chlainn féin; óir cia h‐é an mac nach smachtuigheann a athair é? Acht má bhíonn sibh saor ó smacht, go bhfaghann gach aoinneach a chuid féin de, ní clann dlisteanach sibh, acht clann bhastairt. Thairis sin, do bhí aithreacha do réir na feola againn chum ár smachtuighthe, agus thugamar urraim dóibh: nach mó go mór an urraim do‐bhéarfaimíd dár nAthair spioradálta chum beatha d’fhágháil? Óir is fíor gur smachtuigheadar‐san ar feadh beagáin laethe sinn mar thógradar féin; acht do smachtuigh seisean sinn mar mhaithe linn chum sinn do dhéanamh rannpháirteach ’n‐a naomhthacht. Is fíor nach adhbhar sóláis, acht ádhbhar dóláis an smachtú fá láthair, do réir cosmhalachta: acht ’n‐a dhiaidh sin do‐bheir sé toradh síothchánta do na daoinibh cleachtar leis, toradh na fíréantachta. Uime sin tógtar na lámha gan tapadh, agus na glúna gan luth: agus siubhladh bhur gcosa rómpa gach ndíreach, chum nach leonadh acht leigheas gheobhas an ball atá bacach. Loirgidh síothcháin leis an uile dhuine, mar aon leis an naomhthacht nach bhfeicfidh aoinneach an Tighearna ’n‐a h‐uireasbhaidh: ag féachain chuige ar eagla go gclisfeadh ar aoinneach fá ghrása Dé; ar eagla go bhfásfadh aon fhréamh seirbhe do bhéadh mar adhbhar buaidheartha, agus go dtruailleochaidhe mórán d’á dheascaibh; ar eagla go mbéadh aon drúiseoir ann, nó aon duine neamh‐dhiadha mar Ésau, do dhíol a cheart oidhreachta ar bhéile bidh. Óir atá a fhios agaibh, nuair ba mhian leis an bheannacht d’fhágháil ’n‐a dhiaidh sin, gur diúltuigheadh é (óir ní fhuair sé faill chum aithrighe do dhéanamh), gidh gur iarr sé le deoraibh é. Óir ní fhuil sibh tagtha chum cnuic go bhféadtar lámh do chur air, ná chum teineadh lasánta, ná chum duibhe, agus chum dorchachta, ná chum stoirme, agus chum árd‐ghlóir stuic, agus chum gleodh focal; gur iarr na daoine do chuala é d’impidhe nach labharfaidhe aon fhocal eile leo: óir níor fhéadadar a raibh órduighthe dhóibh d’iomchar, Má bhaineann fiú ainmhidhe leis an gcnoc, gabhfar de chlochaibh air; agus do bhí a bhfacadar chómh h‐uathbhásach sin go ndubhairt Maois, Atáim ar baill‐chrioth go mór le neart eagla: acht is amhlaidh atá sibh tagtha go Sliabh Síoin, go cathair an Dé bhí, go h‐Iarúsalem neamhdha, agus go dtí na mílte as cuimse de shluaightibh na n‐aingeal, go cómhchruinniú agus go h‐eaglais na gcéid‐ghein, go bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ar neamh, agus chum Dé, breitheamh an uile dhuine, agus chum spioraidí na bhfíréan diongbhálta, agus chum Íosa, idir‐mheadhóntóir connartha úr‐nua, agus chum na fola do crothadh, gur fearr a teachtaireacht ’ná fuil Aibéil. Tabhraidh aire gan eiteach do thabhairt do’n té labhras. Óir muna dtáinig an dream slán do dhiúltuigh do’n té thug rabhadh dóibh ar talamh, is lugha‐de thiochfaimíd‐ne slán má thugaimíd cúl do’n té do‐bheir rabhadh ó neamh anuas: an té gur bhain a ghuth crothadh as an talamh an t‐am sin: acht go bhfuil geallta aige anois, g‐á rádh, Aon uair amháin eile cuirfead, ní h‐é amháin an talamh ar crioth, acht neamh, mar an gcéadna. Agus an focal, Aon uair amháin, cialluigheann sé aistriú na neithe úd atá so‐chorruighthe, mar atá neithe do cruthuigheadh, chum go bhfanfadh na neithe atá do‐chorruighthe ’n‐a gcómhnaidhe. Uime sin, ag fágháil ríoghachta do‐chorruighthe dhúinn, taisbeánaimís ár mbuidheachas, chum go ndéanfaimíd seirbhís taithneamhach do Dhia, le h‐urraim dhiadha agus le h‐eagla, óir is teine dian‐loiscneach ár nDia‐ne. Bíodh grádh bráthardha i gcómhnaidhe eadraibh. Ná déanaidh dearmad ar fháilte d’fhearadh roimh choimhthightheachaibh: óir g‐á dhéanamh sin, thug daoine áirithe aoidheacht d’ainglibh gan a fhios dóibh féin. Cuimhnighidh ar na priosúnachaibh, fá mar bhéadh sibh ceangailte i n‐éinfheacht leo; ar na daoinibh atá ag fágháil íosbairte, fá mar tá sibh féin i riocht corpordha. Bíodh an pósadh fá onóir ag cách, agus bíodh an leabaidh gan truailleadh: óir bhéarfaidh Dia breitheamhnas ar lucht drúise agus adhaltrannais. Bidhidh saor ó ghrádh an airgid; sásta leis an méid atá agaibh: óir adubhairt sé féin, Ní chlisfead ort, agus ní thréigfead go deo thú. D’á bhrigh sin tig linn a rádh gan eagla, Is é an Tighearna mo chongantóir; ní bhéidh eagla orm: Créad atá ar chumas an duine do dhéanamh dhom? Cuimhnighidh ar bhur dtreoraidhthibh, do labhair briathar Dé libh; breathnuighidh deireadh a saoghal ar talamh, agus déanaidh aithris ar a gcreideamh. Atá Íosa Críost gan athrú indé, indiu agus go síorraidhe. Ná bidhidh d’bhur bhfuadach ag teagascaibh éagsamhla, aisteacha; óir is maith go gcothóchaidhe an croidhe le grása, ní le biadhaibh do bhí gan tairbhe ariamh do na daoinibh do ghnáthuigh iad. Atá altóir againne nach bhfuil sé de chead ag an dream fhriotháileas ar an tabernacal éinnidh d’ithe dhe. Óir cuirp na n‐ainmhidhe go dtugann an t‐árd‐shagart a gcuid fola isteach san áit naomhtha, dóightear iad taobh amuigh de’n champa. Ar an adhbhar sin d’fhulaing Íosa, leis, taobh amuigh de’n gheata, chum go naomhóchadh sé an pobal le n‐a fhuil féin. D’á bhrigh sin imthighmís amach as an gcampa chuige, ag iomchar a mhasla. Óir ní cathair chómhnuightheach atá againn annso, acht is amhlaidh atáimíd ag tnúth le cathair atá le teacht. Uime sin ofráilimís íodhbairt adhmholta do Dhia i gcómhnaidhe, is é sin toradh ár mbeola admhuigheas a ainm. Acht ná déanaidh dearmad ar dheagh‐ghníomharthaibh agus ar fhéile do chleachtadh: óir taithneann íodhbartha d’á leithéidibh sin le Dia. Bidhidh umhal d’bhúr dtreoruighthibh, agus tabhraidh ómós dóibh: óir bíonn siad ag faire bhur n‐anmanna, mar dhaoine go bhfuil sé de dhualgas ortha cunntas do thabhairt: chum go ndéanfaidh siad go lúthgháireach é, agus ní go doilgheasach: óir ní bhéadh sin chum bhur leasa. Guidhidh orainne: óir creidimíd go bhfuil coinsias glan againn, agus a fhonn orainn maireachtain go cneasta ar gach slighe. Agus is móide impidhim oraibh é seo do dhéanamh, gur luaithe‐de gheobhas sibh ar ais mé ’n‐bhur measc. Anois, Dia na síothchána thug aodhaire mór na gcaorach ar ais ó na marbhaibh tré fhuil an chonnartha shíorraidhe, go bhfoirbhidh sé ins gach deagh‐ghníomh sibh, chum a thoil do dhéanamh, ag oibriú ionnainn a bhfuil taithneamhach ’n‐a fhiadhnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal. Amen. Impidhim oraibh, a bhráithre, glacadh le briathar an spreagtha so uaim: óir níor scríobhas acht go h‐aithghearr chugaibh. Bíodh a fhios agaibh gur scaoileadh saor ár mbráthair Timóteus; má thagann sé go luath, chifead mar aon leisean sibh. Beannuighidh d’bhur dtreoruighthibh uile, agus do na naomhaibh go léir. Beannuigheann bráithre na hIodáile dhaoibh. Grása go raibh libh go léir. Amen. Séamas, seirbhíseach Dé agus an Tighearna Íosa Críost, chum an dá threibh dhéag atá ar deoraidheacht, beatha agus sláinte. Ná measaidh acht gur adhbhar áthais ar fad é, a bhráithre, nuair thuiteas sibh i gcathuighthibh éagsamhla; agus a fhios agaibh go dtugann frómhadh bhur gcreidimh seasmhacht. Agus leigidh do’n tseasmhacht a toradh do thabhairt chum críche, chum go raibh sibh lán‐fhoirbhthe, iomlán, gan éinnidh bheith i n‐easnamh oraibh. Má bhíonn aon duine agaibh i n‐uireasbaidh eagna, iarradh sé ar Dhia í; is é do‐bheir go fial do chách, gan aithbhear; agus do‐bhéarfar dó í. Acht iarradh sé le creideamh, gan aon amhras bheith air: óir an té go mbíonn amhras air, is cosmhail é le tuinn fairrge bhíos d’á luascadh ag an ngaoith, agus d’á suathadh anonn agus anall. Ná measadh a leithéid sin de dhuine go bhfaighidh sé rud ar bith ó’n Tighearna: duine dá‐intinneach, corrach ’n‐a shlighthibh uile is eadh é. Déanadh an bráthair uiríseal bród toisc é bheith d’á árdú, agus déanadh an fear saidhbhir bród toisc gur íslightear é: óir imtheochaidh sé ar nós bláith an fhéir. Óir éirigheann an ghrian le teas dian‐loiscneach, agus seargann sí an féar, go dtuiteann a bhláth, agus go dtéigheann maise a dheallraimh i n‐éag: mar sin, is eadh, rachaidh an duine saidhbhir i n‐éag ’n‐a chúrsaibh. Is aoibhinn do’n té sheasuigheas cathuighthe go foighdeach: óir tar éis a fhrómhtha gheobhaidh sé coróin na beathadh, atá geallta ag an Tighearna do na daoinibh ghrádhuigheas é. Ná h‐abradh aoinneach, nuair curtar cathuighthe air, Is ó Dhia curtar cathú orm: óir ní féidir cathú chum uilc do chur ar Dhia, ná ní chuireann sé féin cathú ar aoinneach: acht is amhlaidh curtar cathú ar gach duine nuair tharraingeas agus bhréagas a ainmhianta féin é. An ainmhian annsin, nuair gheineas sí, beireann sí peacadh: agus an peacadh, nuair aibightear é go h‐iomlán, beireann sé bás. Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, a bhráithre ionmhaine. Is ó’n áirde thuas atá gach deagh‐thabhartas agus gach tíodhlacadh iomlán, ag teacht anuas ó Athair na soillse, nach dtagann claochlodh ar bith air, ná athrú ó sholas go dorchadas. Is d’á thoil féin do ghein sé le briathar na fírinne sinn, chum go mbéimís mar chéad‐thortha a bhfuil cruthuighthe aige. Is eol daoibh an méid sin, a bhráithre ionmhaine, acht bíodh gach duine luath chum éisteachta, mall chum labhartha, mall chum feirge. Óir ní oibrigheann fearg an duine fíréantacht Dé. Uime sin, ag cur gach neamh‐ghlaine agus droch‐aigne iomarcaighe dhíbh, glacaidh le ceannsacht an briathar atá plannduighthe ionnaibh, fhéadas bhur n‐anmanna do shlánú. Acht cuiridh an briathar i ngníomh, gan bheith ’n‐bhur lucht éisteachta amháin, gh’‐bhur mealladh féin. Óir má éisteann aoinneach leis an mbriathar, gan gníomh do dhéanamh d’á réir, atá sé cosmhail le duine ag amharc ar a ghnúis nádurtha féin i scathán: óir tar éis é féin do bhreathnú, imthigheann sé, agus ar ball do‐ghní sé dearmad ar cad leis gur cosmhail é féin. Acht an té dhearcas isteach san dlighe beacht, dlighe na saoirse, agus leanas ag dearcadh, gan bheith ’n‐a éistightheoir dearmadach, acht ’n‐a fhear gníomh do dhéanamh, beannóchar an duine sin ’n‐a ghníomh. Má mheasann aoinneach nach gcuireann srian le n‐a theangain, gur duine cráibhtheach é, acht bhíos ag mealladh a chroidhe féin, is cráibhtheacht gan brigh atá ag an duine sin. Is í is fíor‐chráibhtheacht i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar, cuairt do thabhairt ar na dílleachtaibh agus ar na baintreabhachaibh i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoghal a thruailliú féin. A bhráithre, cothuighidh creideamh ár dTighearna ghlórmhair Íosa Críost gan meas bheith agaibh ar phearsain duine seachas a chéile. Óir má thagann fear isteach ’n‐bhur sionagóig, agus éadaighe breaghtha air, agus má thagann isteach, leis, duine bocht agus droch‐éadaighe air; agus má thugann sibh ómós do’n té ar a bhfuil na h‐éadaighe breaghtha, go n‐abrann sibh leis, Suidh‐se annso i n‐áit na h‐onóra; agus go n‐abrann sibh leis an duine bocht, Seasuigh‐se annsin thall, nó suidh annso fá stól mo chos: nach mbíonn leith‐cheal d’á dhéanamh agaibh ’n‐bhur h‐intinn féin, agus nach mbíonn sibh ’n‐bhur mbreitheamhnaibh drochrúnacha? Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é? Acht is amhlaidh thugabhar easonóir do’n duine bocht. Nach iad na daoine saidhbhre do‐gní leathtrom oraibh, agus nach iad féin tharraingeas isteach i dtigh na cúirte sibh? Nach iad do‐bheir masla do’n ainm uasal as a n‐ainmnightear sibh? Acht má chóimhlíonann sibh an dlighe ríoghdha do réir na scrioptúra, Grádhóchair do chómharsa mar thú féin, atá sibh ag déanamh go maith: acht má thugann sibh meas do phearsain duine seachas a chéile, atá peacadh d’á dhéanamh agaibh, agus atá sibh daortha mar chionntaigh do réir an dlighe. Óir cibé duine chóimhlíonas an dlighe uile, agus go gcliseann air aithne amháin de do choimheád, atá sé cionntach ionnta go léir. Óir an té adubhairt, Ná déan adhaltrannas, adubhairt sé leis, Ná déan marbhadh. Anois, bíodh nach ndéanann tú adhaltrannas, acht go ndéanann tú dún‐mharbhadh, is cionntach i n‐aghaidh na dlighe thú. Labhraidh agus déanaidh gníomh mar dhaoine go dtiubharfar breitheamhnas ortha do réir dlighe na saoirse. Óir breitheamhnas gan trócaire is eadh gheobhas an té nach ndearna trócaire: buadhann an trócaire ar an mbreitheamhnas. Cia an tairbhe, a bhráithre, do’n duine adeir go bhfuil creideamh aige, gan gníomhartha bheith aige, leis? an bhféadann an creideamh sin a shlánú? Má bhíonn bráthair nó siúr lomnocht, agus i n‐uireasbhaidh an bhidh laetheamhail, agus go n‐abróchadh duine agaibh leo, Imthighidh i síothcháin, déanaidh bhur ngoradh féin, agus bíodh bhur sáith agaibh; gan na neithe atá riachtanach do’n cholainn do thabhairt dóibh; cia an tairbhe é sin? Is mar sin do’n chreideamh atá gan gníomharthaibh, atá sé marbh ann féin. Acht déarfaidh duine éigin, Atá creideamh agat‐sa, agus atá gníomhartha agam‐sa: taisbeán do chreideamh dhom i n‐éagmais do ghníomhartha, agus taisbeánfad‐sa mo chreideamh dhuit‐se lem’ ghníomhartháibh. Creideann tusa nach bhfuil acht aon Dia amháin ann; is maith do‐ghní tú; creideann na deamhain féin é, leis, agus bíonn baill‐chrith ortha. Acht, a dhuine dichéillidhe, an toil leat a fhoghlaim gur nidh gan éifeacht an creideamh gan gníomhartha? Nach le gníomharthaibh do fíréanuigheadh ár n‐athair Abracham, agus é ag íodhbairt a mhic Íosóg ar an altóir? Nach léir duit go raibh an creideamh ag cómh‐oibriú le n‐a ghníomharthaibh, agus gur tré ghníomharthaibh do foirbhigheadh a chreideamh? Agus do chóimhlíonadh an scrioptúir, Agus do chreid Abracham i nDia, agus do h‐áirmheadh dhó é mar fhíréantacht; agus do glaodhadh cara le Dia air. Do‐chí sibh go bhfíréanuightear an duine, ní h‐é le creideamh amháin, acht le gníomharthaibh. Ar an gcuma chéadna, nach le gníomharthaibh do fíréanuigheadh Rachab méirdreach, gur ghlac sí na teachtairí chúichi, agus gur scaoil sí uaithi iad bealach eile? Óir fá mar tá an corp marbh gan an t‐anam bheith ann, ar an gcuma chéadna, rud marbh is eadh creideamh gan gníomhartha. Ná bíodh mórchuid díbh ’n‐bhur lucht teagaisc, a bhráithre, agus a fhios agaibh gur troime‐de an breitheamhnas gheobhaimíd d’á bhárr. Óir is iomdha tuisleadh do‐gheibh gach duine againn. Má tá aoinneach nach dtuisligheann i mbriathraibh béil, duine lán‐fhoirbhthe is eadh é, duine go bhfuil ar chumas dó srian do chur le n‐a cholainn ar fad. Má chuirimíd srianta isteach i mbéal na gcapall, chum go ngéillidís dúinn, tionntuighmíd a gcorp uile thart, chómh maith. Mar an gcéadna do na longaibh, agus iad chómh mór sin, d’á dtiomáint rómpa ag gaothaibh garbha, tiontuightear iad le stiúir an‐bhigh, do réir tola an stiúrthóra. Is amhlaidh do’n teangain, ball an‐bheag is eadh í, agus bíonn eachtraí móra d’á maoidheamh aici. Féach an méid connaidh faduightear le teinidh bhig. Agus is teine an teanga: domhan na h‐éagcóra atá suidhte i measc ár mball is eadh an teanga, ag salú an chuirp ar fad, agus ag cur cúrsa ár saoghail tré theinidh, agus í d’á lasadh féin ó ifreann. Óir gach cineál ainmhidhe agus éin, feithidí snámhghaile agus feithidí mara, ceannsuightear iad, agus do‐rinneadh ceannsa iad leis an nádúir dhaonna: acht sáruigheann sé ar an duine an teanga do cheannsú; is adhbhar urchóide gan smacht í, lán de nimh mharbhthaigh. Is léi‐se bheannuighmíd an Tighearna, ár nAthair: agus is léi mhalluighmíd daoine atá déanta i gcosamhlacht Dé: tagann beannú agus mallú amach as béal amháin. A bhráithre, ní fhuil sé ceart sin do bheith amhlaidh. An ndéanann tobar fíor‐uisce agus uisce searbh do scardadh amach as aon fhoscailt amháin? An bhféadann crann fige, a bhráithre, caora crainn ola do thabhairt, nó crann fineamhna figí do thabhairt? Ní fhéadann, agus ní mó fhéadas uisce guirt fíor‐uisce do thabhairt. Cia h‐é an duine agaibh atá eagnaidhe, tuigseanach? Taisbeánadh sé a ghníomhartha le n‐a dheagh‐iomchar saoghalta, le caoin‐spiorad na h‐eagna. Acht má bhíonn searbh‐éada agus mian aighnis ’n‐bhur gcroidhe, ná bidhidh ag maoidheamh as, agus ná bidhidh ag labhairt bréige i n‐aghaidh na fírinne. Ní h‐í seo an eagnaidheacht thig anuas, acht atá sí talmhaidhe, colnaidhe, deamhnaidhe. Óir san áit ’n‐a bhfuil éada agus aighneas is ann bhíos achrann agus gach droch‐ghníomh. Acht an eagnaidheacht atá ó neamh anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síothchánta, leis sin, ceannsa, so‐chómhairleach, gan cealg, gan fimíneacht. Agus is iad lucht déanta na síothchána chuireas go síothchánta an síol as a dtig an fhíréantacht. Cad as na cogaidhe agus na catha éirigheas eadraibh? Nach as so thig siad, as bhur n‐ainmhiantaibh bhíos ag troid le chéile ’n‐bhur mballaibh beathadh? Bíonn andúil agaibh, agus gan nidh agaibh d’á bárr: bíonn sibh ag marbhadh, agus bíonn éada oraibh, agus ní fhéadann sibh rud d’fhágháil: bíonn sibh ag cómhrac agus ag troid, agus ní bhíonn rud agaibh, de thoisc nach n‐iarrann sibh. Iarrann sibh, agus ní fhaghann sibh, de bhrigh go n‐iarrann sibh go h‐olc, chum bhur n‐ainmhianta do shásamh. A mhná adhaltrannacha, nach eol daoibh gur náimhdeachas i n‐aghaidh Dé cáirdeas an tsaoghail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis bheith ’n‐a charaid do’n tsaoghal so, do‐ghní sé námha Dé dhe féin. Nó an measann sibh gur díomhaoin labhras an scrioptúir, Is le h‐éad shanntuigheas sé an spiorad do chuir sé ’n‐a chómhnaidhe ionnainn? Acht is móide do‐bheir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinnibh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh. Umhluighidh do Dhia, d’á bhrigh sin; acht cuiridh i n‐aghaidh an diabhail, agus teichfidh sé uaibh. Druididh le Dia, agus druidfidh seisean libh. Nighidh bhur lámha, a pheacacha, agus glanaidh bhur gcroidheacha go h‐iomlán, a lucht an dá chómhairle. Bidhidh ag éagcaoineadh, agus ag déanamh bróin, agus ag gol: athruightear bhur ngáiridhe ’n‐a bhrón, agus bhur luthgháir ’n‐a gruaim. Déanaidh sibh féin d’uirísliú i bhfiadhnaise an Tighearna, agus árdóchaidh sé sibh. Ná cáinidh a chéile, a bhráithre. An té cháineas a bhráthair, nó do‐bheir breith ar a bhráthair, cáineann sé an dlighe agus do‐bheir sé breith ar an dlighe: acht má bheireann tú breith ar an dlighe, ní duine umhluigheas do’n dlighe thú, acht is breitheamh thú. Atá aon dligheadóir agus aon bhreitheamh amháin ann, go bhfuil ar chumas dó saoradh agus daoradh: cia thusa do‐bheir breith ar do chómharsain? Féacaidh i leith, sibh‐se adeir, Rachaimíd indiu nó i mbárach isteach ’n‐a leithéid sin de chathair, agus caithfimíd bliadhain innti, agus déanfaimíd tráchtáil, agus gheobhaimíd brabach: agus gan a fhios agaibh créad atá i ndán daoibh i mbárach. Óir cad é bhur saoghal? Is scamall sibh, bhíos le feicsin ar feadh tamaill, agus théid as annsin. Is é rud ba cheart daoibh a rádh ’n‐a ionad sin, Le toil Dé, agus sinn beo, déanfaimíd so nó súd. Acht anois do‐ghní sibh mórdháil ’n‐bhur smaointibh uaibhreacha: droch‐nidh is eadh maoidhmheachas d’á leithéid sin. D’á bhrigh sin, an té gur ab eol dó deigh‐ghníomh do dhéanamh, agus nach ndéanann é, is peacadh dhó é. Féachaidh i leith, a lucht an tsaidhbhris, bidhidh ag caoineadh agus ag olagón fá n‐a bhfuil de thubaiste le teacht oraibh. Atá bhur gcuid saidhbhris lobhtha, agus atá bhur n‐éadaighe ithte ag na leamhnaibh. Atá bhur gcuid óir agus airgid meirgeach, agus béidh a meirg mar fhiadhnaise ’n‐bhur n‐aghaidh, agus cnaoidhfidh sí bhur bhfeoil mar dhéanfadh teine. Atá bhur n‐ionmhas curtha i dtaisce agaibh ins na laethibh deireannacha so. Féach, tuarastal bhur sclábhaidhte do bhain bhur nguirt, atá d’á chongbháil siar agaibh san éagcóir, atá sé ag eagnach os árd, agus tháinig casaoid na mbuanaidhe go cluasaibh Thighearna na sluaigheadh. Do chaitheabhar bhur saoghal ar talamh le macnas agus le pléisiúr; do bhí an‐tsásamh croidhe agaibh i ló an áir. Do dhaorabhar agus do mharabhar an fíréan; ní chuireann sé ’n‐bhur gcoinnibh. Bidhidh foighdeach d’á bhrigh sin, a bhráithre, go teacht an Tighearna. Féach, bíonn an scológ ag fanamhain le toradh luachmhar na talmhan, agus é go foighdeach ’n‐a thaobh, nó go bhfaighidh sé fearthainn an earraigh agus fearthainn an fhóghmhair. Bíodh foighid agaibh‐se leis, neartuighidh bhur gcroidheacha, óir ní fada uainn teacht an Tighearna. Ná bidhidh ag cannrán i n‐aghaidh a chéile, a bhráithre, chum nach dtiubharfar breitheamhnas oraibh: féach, atá an breitheamh ’n‐a sheasamh ag an doras. Glacaidh mar shompla fulaing agus foidhne, a bhráithre, ná fáidhe do labhair i n‐ainm an Tighearna. Féach, measaimíd gur ab aoibhinn do na daoinibh d’fhulaing go foighdeach. Do chualabhar i dtaobh foidhne lóib, agus do chonnacabhar an chríoch do chuir an Tighearna air; óir atá an Tighearna lán de thruaigh agus de thrócaire. Acht thar gach nidh, a bhráithre, ná tabhraidh mionn ar bith, ag dearbhú ar neamh, nó ar thalamh, nó ar aon nidh eile: acht abraidh, Is eadh, amháin, nó, Ní h‐eadh, le fíre, gan tuilleadh do rádh, ar eagla go dtuitfeadh sibh fá bhreitheamhnas. An bhfuil aon duine ’n‐bhur measc ag fulang? Déanadh sé urnaighe. An bhfuil aon duine ríméadach? Déanadh sé laoidh molta do chanadh. An bhfuil aon duine tinn ’n‐bhur measc? Cuireadh sé fios ar sheanóiribh na h‐eaglaise, agus déanaidís urnaighe os a chionn, g‐á ungadh le h‐ola i n‐ainm an Tighearna: agus slánóchaidh guidhe an chreidimh an t‐easlán, agus tógfaidh an Tighearna aniar é; agus má tá peacaidhe déanta aige, maithfear iad dó. Admhuighidh bhur bpeacaidhe d’á chéile, d’á bhrigh sin, agus guidhidh ar son a chéile, chum go leigheasfar sibh. Is mór an éifeacht atá i n‐urnaighe dhúthrachtaigh ó fhear fíréan. Fear do bhí ar aon nádúir linne ab eadh Élias, agus do ghuidh sé go dúthrachtach nach gcuirfeadh sé báisteach: agus níor thuit braon báistighe ar an talamh ar feadh trí mbliadhan agus sé mí. Agus do ghuidh sé arís, agus thug an spéir báisteach, agus thug an talamh a thoradh. A bhráithre, má tá aoinneach ’n‐bhur measc ag claonadh ó’n bhfírinne, agus má thionntuigheann duine eile é, bíodh a fhios aige, an té thionntuigheas peacadh ó’n slighe ’n‐a raibh sé ar seachrán, go saorfaidh sé a anam ó bhás, agus go gcuirfidh sé folach ar a lán mór peacaidhe. Peadar, abstal Íosa Críost, chum na muinntire atá ar deoraidheacht, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia, do toghadh do réir réamheolais Dé an tAthair, tré naomhú an Spioraid, chum umhlachta agus chum croithte fola Íosa Críost: Go méaduightear grása agus síothcháin daoibh. Go mbeannuightear Dia, Athair ár dTighearna Íosa Críost, d’aithghein, do réir a mhór‐thrócaire, sinn chum beo‐dhóchais tré aiséirghe Íosa Críost ó na marbhaibh, chum oidhreachta neamh‐thruaillighthe, gan smál, nach dtéigheann i n‐éag, atá i n‐áirithe ins na flaitheasaibh daoibh‐se, atá d’bhur gcumhdach le cumhacht Dé tré chreideamh fá chómhair slánuighthe atá ullamh le n‐a fhoillsiú ins an aimsir dheiridh. Nidh is eadh é do‐bheir adhbhar gáirdeachais daoibh, bíodh, má’s gábhadh é, go bhfuil atuirse ar feadh tamaill oraibh mar gheall ar chathuighthibh éagsamhla; chum go bhfaighfear dearbhú bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ’ná ór théigheas ar neimhnidh, gidh go mbruithntear é le teinidh, go bhfaighfear a thairbhe i moladh, i nglóir, agus i n‐onóir nuair foillseochar Íosa Críost: an té d’á dtugabhar grádh, gidh nach bhfacabhar é; ag creideamhain daoibh ann, gan a fheicsin fós, atá sibh ag déanamh gáirdeachais le h‐áthas do‐inniste, lán de ghlóir; agus slánú bhur n‐anmann d’á fhágháil agaibh mar thoradh bhur gcreidimh. Na fáidhe do rinne tarngaireacht fá’n ngrása do bhí le teacht chugaibh, d’fhiosruigh agus do chuarduigh siad go dícheallach i dtaobh an tslánuighthe úd: ar lorg na h‐aimsire, nó cómhartha na h‐aimsire d’fhoillsigh Spiorad Chríost do bhí ionnta, nuair thug sé fios roimh ré i dtaobh a raibh le fulang ag Críost, agus i dtaobh na glóire do bhí le leanamhain ’n‐a dhiaidh. Do nochtadh dhóibh, nach dóibh féin, acht daoibh‐se do bhíodar ag dáileadh na neithe úd atá curtha i dtuigsin daoibh anois aca‐san do sheanmóir an soiscéal daoibh tríd an Spiorad Naomh do cuireadh ó neamh; neithe is mian le h‐ainglibh a scrúdú. D’á bhrigh sin, ag teannadh bhur n‐intinne, bidhidh stuama, agus bíodh bhur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiubharfar daoibh le foillsiú Íosa Críost; mar dhéanfadh clann umhal, gan géilleadh do na sean‐ainmhiantaibh do chleachtabhar ’n‐bhur n‐ainbhfios; acht ar shompla an té naomhtha do ghlaodh sibh, bidhidh‐se naomhtha mar an gcéadna ’n‐bhur n‐iomchar uile; de bhrigh go bhfuil sé scríobhtha, Béidh sibh naomhtha; óir atáim‐se naomhtha. Agus má ghlaodhann sibh airsean mar Athair, do‐bheir breith do réir oibre gach duine, gan meas do thabhairt ar phearsain duine seachas a chéile, caithidh aimsear bhur ndeoraidheachta le h‐eagla: agus a fhios agaibh nach le neithibh so‐thruaillighthe, le h‐airgead nó le h‐ór, do fuascladh sibh ó na baoith‐chleachtaibh saoghalta tháinig i n‐oidhreacht ó n’ bhur sinnsearaibh chugaibh; acht le fuil luachmhair, mar fhuil uain gan locht, gan smál, fuil Chríost: do réamhórduigheadh roimh bhunadh an domhain, acht do foillsigheadh i ndeireadh na n‐aoiseann ar bhur son‐sa; chreideas tríd‐sean i nDia, do thóg ó na marbhaibh é, agus thug glóir dó; chum go mbéadh bhur muinighin agus bhur ndóchas as Dia. Ó thárla bhur n‐anmanna bheith glanta ag umhlú do’n fhírinne dhaoibh, chum fíor‐ghrádh na mbráthar do chothú, tabhraidh grádh ó chroidhe go dúthrachtach d’á chéile: óir do h‐aith‐gheineadh sibh, ní ó shíol so‐thruaillighthe, acht ó shíol neamhthruaillighthe, le briathar bith‐bheo, buan Dé. Óir, Atá an uile fheoil mar an bhféar, Agus atá a scéimh uile mar bhláth an fhéir. Feoghann an féar, agus tuiteann a bhláth; Acht fanann briathar an Tighearna go síorraidhe. Agus is é briathar an tsoiscéil do craobhscaoileadh dhaoibh é seo. Cuiridh dhíbh, d’á bhrigh sin, gach droch‐rún, agus calaois, agus gach fuar‐chrábhadh, agus éad, agus gach bíodán, agus, mar dhéanfadh naoidheanáin nua‐bheirthe, cuiridh dúil san mbainne spioradálta úr‐ghlan, gan cealg, chum go bhfásfaidh sibh chum slánuighthe d’á bhárr; má bhlaiseabhar go bhfuil an Tighearna lán de mhaitheas. Druididh leis, cloch shír‐bheo, d’ar dhiúltuigh na daoine, acht atá toghtha, luachmhar i bhfiadhnaise Dé. Bidhidh‐se, mar an gcéadna, mar chlocha beo d’á gcur le chéile chum teach spioradálta do thógáil, chum bheith ’n‐bhur sagartacht naomhtha, chum íodhbartha spioradálta thaithneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil. Uime sin atá scríobhtha san scrioptúir, Féach, leagaim i Síon príomh‐chloch chúinne, thoghtha, luachmhar, Agus an té chreideas innti, ní cuirfear náire air. D’á bhrigh sin, is luachmhar libh‐se é, ó chreideann sibh ann: acht i dtaobh an dreama nach gcreideann, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Is di‐se do rinneadh cloch chinn chúinne: Agus, Cloch tuislidh, agus carraig scannail; óir tuisligheann siad ar an mbriathar, toisc iad bheith easumhal dó: agus is é do bhí i ndán dóibh. Acht cineadh toghtha is eadh sibh‐se, sagartacht ríoghdha, náisiún naomhtha, pobal atá ’n‐a shealbhachas ar leith aige féin; chum go bhfógróchadh sibh tréithe oirdhearca an té do ghlaodh as an dorchadas sibh chum a sholais iongantaigh féin: sibh‐se nách raibh ’n‐bhur bpobal roimhe sin, acht atá ’n‐bhur bpobal Dé anois: sibh‐se nach bhfuair trócaire, acht go bhfuil trócaire fághalta agaibh anois. A cháirde ionmhaine, impidhim oraibh, mar dheoraidhthe agus mar oilithrigh, staonadh ó na h‐ainmhiantaibh colnaidhe do‐ghní troid i n‐aghaidh an anma. Bíodh deagh‐iomchar macánta i measc na bPágánach agaibh; chum, gidh go labhrann siad ’n‐bhur n‐aghaidh amhail mar bhéadh sibh ’nbhur lucht mí‐ghnímh, go dtugaidh siad fá deara bhur ngníomhartha maithe, agus go dtugaidh siad glóir do Dhia i ló na cuarta. Géillidh do gach ughdarás daonna ar son an Tighearna: má’s é an rí, mar árd‐riaghlóir é, nó má’s iad na goibhearnóirí iad, mar dhaoine do cuireadh uaidh chum díoghaltas d’agairt ar lucht déanta an uilc, agus chum meisneach do thabhairt do lucht na ndeigh‐ghníomh. Óir is é toil Dé, ag cleachtadh an chirt daoibh, go gcuirfidh sibh ainbhfios daoine dith‐céillidhe ’n‐a thost: mar shaor‐dhaoine, agus gan úsáid do bhaint as bhur saoirse chum clúdach do chur ar olcas, acht mar sheirbhísigh Dé. Tabhraidh onóir do gach duine. Tabhraidh grádh do na bráithribh. Bíodh eagla Dé oraibh. Tabhraidh onóir do’n righ. A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh le gach eagla; ní h‐é amháin dóibh‐sean atá maith, cneasta, acht dóibh‐sean, leis, atá mí‐réasúnta. Óir is maith an nidh é, má fhoidhnigheann duine le doghrainn ar son Dé, ag fulang san éagcóir. Óir cia an t‐adhbhar maoidhmheachais é, nuair ghníos sibh peacadh, agus go bhfághann sibh droch‐íde d’á bhárr, é do ghlacadh go foighdeach? acht má ghlacann sibh go foighdeach é, nuair ghníos sibh mar ba cheart, is nidh sin thaithneas le Dia. Agus is chuige sin do glaodhadh sibh: de bhrigh gur fhulaing Críost féin ar bhur son, ag fágáil sompla agaibh, chum go leanfadh sibh a lorg. Ní dhearna sé peacadh ariamh, agus ní fríth cealg ’n‐a bhéal. Nuair do cáineadh é, ní dhearna sé athcháineadh; nuair d’fhulaing sé, ní dhearna sé bagairt; acht do chuir sé é féin fá chumhdach an té do‐bheir breitheamhnas ceart: an té d’iomchair ár bpeacaidhe ’n‐a chorp féin ar an gcrann, chum, ar mbeith dhúinn marbh do’n pheacadh, go mairfimís do’n fhíréantacht; agus do leigheasadh sibh le n‐a chneadhaibh. Óir do bhí sibh mar chaoirigh ag dul ar fán; acht anois atá sibh fillte chum Aodhaire agus chum Easpuig bhur n‐anmann. A mhná, bidhidh‐se umhal, mar an gcéadna, d’bhur bhfearaibh féin; ionnas, má tá aon chuid aca nach n‐umhluigheann do’n bhriathar, go mbuaidhfear ortha, i n‐éagmais an bhriathair, le deagh‐iomchar a mbainchéile; ag féachain dóibh ar bhur mbéasaibh banamhla, cúthaile. Ná bíodh le feicsin mar adhbhar maise oraibh ar an taobh amuigh dhíbh gruaig threillsighthe, nó seoda óir, nó culaithe breaghtha éadaigh; acht nádúir fholuighthe an chroidhe istigh, deagh‐mhaise neamh‐thruaillighthe caoin‐spioraid cheannsa, atá an‐luachmhar i bhfiadhnaise Dé. Óir na mná naomhtha fad ó, go raibh a muinighin as Dia, is ar an gcuma sin do mhaisigheadar iad féin, agus iad umhal d’á bhfearaibh féin: fá mar bhí Sára umhal d’Abracham, ag glaodhach tighearna air. Atá sibh‐se ’n‐bhur gclainn di anois, má ghníonn sibh go maith, gan éinnidh bheith ann le faitchíos do chur oraibh. Ar an gcuma chéadna, a fheara, déanaidh cómhnaidhe i n‐éinfheacht le n‐bhur mnáibh do réir déighchéille, ag tabhairt onóra do’n mhnaoi amhail do’n tsoitheach is laige, agus mar chómh‐oidhre grása na beathadh; chum nach gcurfar aon chosc le n‐bhur n‐urnaighthibh. I ndeireadh scéil, bidhidh uile ar aon intinn, athtruaghach, lán de ghrádh bráthardha, so‐chroidheach, acht umhal; gan olc do dhéanamh i n‐éiric an uile, ná athcháineadh do thabhairt i n‐aghaidh cáinte, acht ’n‐a ionad sin, beannacht; óir is chuige sin do glaodhadh sibh, go bhfaigheadh sibh beannacht mar oidhreacht. Óir, An té gur mian leis beatha, Agus laethe maithe d’fheicsin, Coisceadh sé a theanga de’n olc, Agus a bheola d’fhoclaibh mealltacha: Staonadh sé de’n olc, agus déanadh sé maitheas; Iarradh sé síothcháin, agus leanadh sé í. Óir atá súile an Thighearna ar na fíréanaibh, Agus atá a chluasa foscailte d’á n‐urnaighthibh: Acht atá a ghnúis i n‐aghaidh luchta déanta an uilc. Agus cia h‐é dhéanfas dochar daoibh, má leanann sibh go dícheallach de’n mhaith? Acht má fhulaingeann sibh ar son na fíréantachta féin, is aoibhinn daoibh: agus ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san, agus ná bíodh buaidhirt oraibh; acht naomhuighidh Críost mar Thighearna ’n‐bhur gcroidheachaibh: agus sibh ullamh i gcómhnaidhe chum freagra do thabhairt do gach duine iarras fios fátha an dóchais atá ionnaibh: acht a dhéanamh go ciúin, ómósach, agus coinsias maith bheith agaibh; ionnas, nuair labhartar ’n‐bhur n‐aghaidh, go gcuirfear náire ortha‐san mhasluigheas bhur ndeaghiomchar i gCríost. Óir is fearr, má’s é toil Dé é, go bhfulaingeochadh sibh ag déanamh maitheasa, ná ag déanamh olcais. Óir d’fhulaing Críost féin, aon uair amháin, ar son na bpeacaidhe, an fíréan i n‐éiric na neimhfhíréan, chum sinn do thabhairt chum Dé; d’á chur chum báis san bhfeoil, acht d’á bheodhadh san spiorad; ’n‐á ndeachaidh sé agus ’n‐ar sheanmóir sé do na spioraidibh do bhí fá ghlas; an dream do bhí easumhal san am fad ó, nuair do bhí foighid Dé ag fanamhain i laethibh Naoi, an fhaid do bhí an áirc d’á cur i dtreo, gur sábháladh beagán daoine, is é sin ochtar, innti treasna an uisce. Is é a shamhail sin an baiste shlánuigheas sinne anois, ní h‐é glanadh salachair an chuirp, acht freagairt deagh‐choinsiais do Dhia, tré aiséirghe Íosa Críost; atá ar dheasláimh Dé, tar a éis dó dul isteach ins na flaitheasaibh; na h‐aingle, agus na h‐ughdaráis, agus na cumhachta bheith curtha fá n‐a cheannas. D’á bhrigh sin, ó thárla gur fhulaing Críost san bhfeoil, bíodh an aigne chéadna sin mar arm agaibh; óir an té d’fhulaing san bhfeoil, atá sé scartha le peacadh; chum nach gcaithfeadh sé a shaoghal ’n‐a dhiaidh sin do réir ainmhianta na ndaoine, acht do réir tola Dé. Óir ba leor an t‐am atá imthighthe thart chum toil na bPágánach do dhéanamh, ag siubhal i ndreabhlas, i n‐ainmhiantaibh, i n‐ólachán, i gcraos, i bpótaireacht agus i n‐íodhal‐adhradh déisteanach. Agus is nidh é chuireas iongnadh ortha‐san, a mheas nach ritheann sibh i n‐éinfheacht leo isteach i rabharta ainmheasardhachta, ag labhairt go masluightheach ’n‐bhur dtaobh. Bhéarfaidh siad cunntas do’n té atá ullamh chum breitheamhnas do thabhairt ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh. Óir is chuige do craobhscaoileadh an soiscéal do na marbhaibh féin, chum go dtiubharfaidhe breitheamhnas ortha mar dhaoine do réir na feola, acht go mairfidís mar mhaireann Dia san spiorad. Acht atá deireadh gach éinnidh i gcómhgar: bidhidh céillidhe d’á bhrigh sin, go h‐aireach ’n‐bhur n‐urnaighthibh. Thar gach nidh eile bíodh dian‐ghrádh agaibh d’á chéile: óir cuireann an grád clúdach ar a lán mór peacaidhe. Bidhidh fáilteach roimh a chéile gan doicheall. Do réir mar fuair gach duine bronntanas, roinnidh ar a chéile é, mar dhéanfadh deagh‐mhaoir grása iomadamhla Dé. Má labhrann aoinneach, labhradh sé mar bhéadh sé ag labhairt briathar Dé; má ghníonn aoinneach miniostrálacht, déanadh sé é do réir an chumais do‐bheir Dia: chum glóir ins an uile nidh do thabhairt do Dhia tré Íosa Críost, ag a bhfuil an ghlóir, agus an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen. A cháirde ionmhaine, ná bíodh aon iongnadh oraibh fá’n gcatú teintidhe atá d’á chur oraibh, mar bhéadh nidh neamh‐ghnáthach ann, ó cuireadh é chum sibh d’fhrómhadh: acht ó tá sibh rannpháirteach ’n‐ar fhulaing Críost, déanaidh gáirdeachas; chum go mbéidh áthas agus árd‐mheanma oraibh, chómh maith, nuair foillseochar a ghlóir. Má masluightear sibh ar son ainme Críost is aoibhinn daoibh, óir luigheann Spiorad na glóire, Spiorad Dé, oraibh. Acht ná fulaingeadh aon duine agaibh mar dhúnmharbhthóir, ná mar ghadaidhe, ná mar bhitheamhnach, ná mar spíodóir i ngnóthaibh daoine eile: acht má’s mar Chríostaidhe é, ná bíodh náire air; acht tabhradh sé glóir do Dhia as ucht an ainme seo. Óir atá an t‐am tagtha chum tosnuighthe ar bhreitheamhnas ag tigh Dé: agus má’s againne thosnóchas sé ar dtús, créad tá i ndán do na daoinibh nach n‐umhluigheann do shoiscéal Dé? Agus má’s ar éigean slánóchar an fíréan, cia an chríoch atá i n‐áirithe do’n duine neimh‐dhiadha agus do’n pheacach? D’á bhrigh sin, na daoine fhulaingeas do réir tola Dé, cuiridís a n‐anmanna fá chumhdach an Chruthuightheora dhílis, ag cleachtadh maitheasa. Iarraim d’athchuinghe ar na seanóiribh ’n‐bhur measc, mise atá im’ sheanóir, chómh maith, agus im’ fhiadhnaidhe ar ar fhulaing Críost, agus im’ rannpháirtidhe, leis, de’n ghlóir foillseochar: beathuighidh tréad Dé atá ’n‐bhur measc, ag tabhairt aire dhó, ní d’bhur n‐aimhdheoin é, acht go toilteanach, do réir tola Dé; ní h‐é ar son táir‐éadála, acht le h‐ionnracas aigne; gan bheith ag déanamh máighistreachta ar a bhfuil fá bhur gcúram, acht bheith ag tabhairt eisiompláire do’n tréad. Agus nuair foillseochar an tÁrd‐Aodhaire, gheobhaidh sibh coróin na glóire nach dtéigheann i n‐éag. Ar an gcuma chéadna, cuireadh an t‐aos óg iad féin fá cheannas na seanóir. Bíodh an umhlacht mar chlúdach oraibh, óir cuireann Dia i n‐aghaidh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh. D’á bhrigh sin, umhluighidh sibh féin fá thréan‐láimh Dé, chum go n‐árdóchadh sé i dtráth oireamhnach sibh; ag cur bhur gcúraim uile air, óir bheireann se féin aire dhaoibh. Bidhidh stuamdha, bidhidh ar bhur n‐aire; bíonn bhur n‐áidhbheirseoir, an diabhal, ag siubhal thart timcheall mar leomhan búirfeadhach ar thóir an té fhéadas sé a shlugadh. Seasuighidh ’n‐a aghaidh‐sean go daingean, creidmheach, agus a fhios agaibh go bhfuil an céasadh céadna d’á chur ar bhur mbráithribh atá san saoghal. Agus Dia an uile ghrása, do ghlaodh chum a ghlóire féin i gCríost sibh, tar a éis daoibh fulang ar feadh tamaill bhig, foirbhfidh sé sibh, neartóchaidh agus daingneochaidh sé sibh. Dó‐san go raibh an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen. Tré Shilbhánus, ár mbráthair dílis, do réir mo thuairme‐se, atáim ag scríobhadh go h‐aithghearr chugaibh, chum meanmna do thabhairt daoibh, agus chum a chur i dtuigsin daoibh gur ab é fíor‐ghrása Dé é seo: seasuighidh go daingean ann. An eaglais atá san mBaibiolóin, do toghadh i n‐éinfheacht libh‐se, beannuigheann sí, mar aon lem’ mhac Marcus, daoibh. Beannuighidh‐se d’á chéile le póig carthannachta. Go raibh síothcháin agaibh‐se uile atá i gCríost. Síomón Peadar, seirbhíseach agus abstal Íosa Críost, chum na ndaoine fuair an creideamh sár‐luachmhar céadna atá againne; tré fhíréantacht ár nDé agus ár Slánuightheora Íosa Críost: Go méaduightear grása agus siothcháin daoibh tré eolas Dé agus Íosa ár dTighearna: ó tárla gur bhronn a chumhacht diadha gach éinnidh atá riachtanach do’n bheathaidh agus do’n diadhacht orainn, tré eolas an té do ghlaodh tré n‐a ghlóir agus tré n‐a shubháilce féin sinn; tré n‐ar bhronn sé orainn geallamhnacha an‐mhóra, sár‐luachmhara; chum go mbéadh sibh rannpháirteach san nádúir dhiadha d’á mbárr, tar a éis daoibh teacht saor ó’n truailliú atá san tsaoghal tré ainmhiantaibh. Ar an adhbhar seo féin déanaidh lán bhur ndíchill, agus cuiridh subháilce le n‐bhur gcreideamh; agus eolas le subháilce; agus measardhacht le h‐eolas; agus foidhne le measardhacht; agus diadhacht le foidhne; agus grádh bráthardha le diadhacht; agus caon‐charthannacht le grádh bráthardha. Óir má bhíonn na tréithe seo go líonmhar ionnaibh, ní leigfidh siad daoibh bheith leisceamhail, gan toradh, chum eolas d’fhágháil ar ár dTighearna Íosa Críost. Óir an té go bhfuil na neithe seo i n‐easnamh air, atá sé gearr‐radharcach; ní fheiceann sé éinnidh nach bhfuil i ngar dó, agus atá sé g‐á dhearmad gur glanadh é ó na shean‐pheacaidhibh. D’á bhrigh sin, a bhráithre, déanaidh iarracht san mbreis ar bhur ngairm agus ar bhur dtoghadh do dhaingniú: óir ag cleachtadh na neithe seo dhaoibh, ní thuisleochaidh sibh choidhche: óir is mar sin do‐bhéarfar daoibh slighe fhairsing isteach i ríoghacht ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Ar an adhbhar sin leanfad‐sa i gcómhnaidhe de bheith ag cur na neithe seo i gcuimhne dhaoibh, bíodh go bhfuil eolas agaibh ortha, agus go bhfuil sibh suidhte go daingean san bhfírinne atá anois ann. Agus measaim gur ceart dom, a fhad is táim san mboith seo, bheith ag ath‐bhrostú bhur gcuimhne: agus a fhios agam gur gairid dom an t‐am ’n‐a scarfad leis an mboith seo agam, fá mar tá foillsighthe ag ár Slánuightheoir Íosa Críost dom. Acht déanfad gach iarracht chum go mbéidh ar chumas daoibh, tar éis imtheacht dom, bheith ag athchuimhneamh ar na neithibh seo. Óir ní finn‐scéalta fighte go cliste do leanamar nuair chuireamar i bhfios daoibh cumhacht agus teacht ár dTighearna Íosa Críost, acht is amhlaidh chonnacamar a mhórdhacht le n‐ár súilibh féin. Óir fuair sé onóir agus glóir ó Dhia an tAthair, go dtáinig an guth chuige as lár na glóire mór‐thaidhbhsighe, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas: agus do chualamar féin an guth so ag teacht as na flaitheasaibh, agus sinn i n‐éinfheacht leis ar an sliabh beannuighthe. Agus atá briathar na tarngaire níos daingne go mór againn; agus ba cheart daoibh aire do thabhairt dó, mar thiubhradh sibh do lóchrann ag soillsiú i n‐áit dorcha, nó go ngealaidh an lá, agus go n‐éirighidh réalta na maidne ’n‐bhur gcroidheachaibh: agus bíodh a fhios agaibh, tar gach nidh eile, nach gceaduightear d’aon duine tarngaire ar bith d’á bhfuil san scrioptúir a mhíniú as a stuaim féin. Óir ní dhe dheoin an duine féin tháinig aon tarngaire ariamh: acht is amhlaidh do labhair daoine do cuireadh ó Dhia, agus an Spiorad Naomh g‐á ngluaiseacht. Acht d’éirigh fáidhe bréige i measc an phobail, agus béidh lucht teagaisc bhréige ’n‐bhur measc‐na, leis, daoine bhéarfas isteach siosmaí millteacha, ag séanadh an Mháighistir féin do cheannuigh iad, ag tarraing scriosta obainn ortha féin. Agus leanfaidh mórán a slighthe déisteannacha; agus maslóchar slighe na fírinne mar gheall ortha. Agus le sainnt déanfaidh siad adhbhar ceannaidheachta dhíbh le briathraibh mealltacha: dream go bhfuil a mbreitheamhnas le tamall fada anois ag teannadh leo, agus nach bhfuil a scrios ag fanamhain fá shuan. Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacadh, acht gur theilg sé síos go Tartarus iad, agus gur chuir sé go h‐uachaisibh dorchachta iad, chum iad do chongbháil fá chómhair an bhreitheamhnais; agus munar spáráil sé an sean‐domhan, acht gur shaor sé Naoi, bollscaire fíréan, mar aon le h‐ochtar eile, nuair thug sé díle ar dhomhan na neimh‐fhíréan: agus ag déanamh luaithreáin de chathrachaibh Shodoim agus Ghomorra, gur dhaor sé chum léirscriosta iad, ag déanamh sompla dhíobh dhóibh‐sean do chaithfeadh saoghal neimh‐dhiadha ’n‐a dhiaidh sin; agus gur shaor sé loth fíréan, agus é fá chrádh mar gheall ar shaoghal droch‐bhéasach na gcuirptheach, (óir, ag féachaint agus ag éisteacht dó, agus é ’n‐a measc, do bhí anam an fhíréin úd d’á chiapadh lá ar lá ag a ngníomharthaibh míriaghalta): is eol do’n Tighearna cionnas na fíréin do thabhairt slán as cathuighthibh, agus na neimh‐fhíréin do chongbháil fá phionós fá chómhair lae an bhreitheamhnais; iad‐san go mór‐mhór chleachtas droch‐mhianta na colna, le h‐andúil i neamh‐ghlaine, agus do‐bheir droch‐mheas ar smhacht. Daoine ceanndána, antoileacha, ní h‐eagal leo masla do thabhairt do’n tsluagh glórmhar: a fhad is na h‐aingle féin, gidh gur mó a neart agus a gcumas, nach dtugann siad breith masluightheach ’n‐a n‐aghaidh i bhfiadhnaise an Tighearna. Acht scriosfar iad ’n‐a dtruailliú féin mar ainmhidhthe brúideamhla do réir dúthchais, do chruthuigheadh chum bheith gabhtha agus scriosta, ag labhairt dóibh go masluightheach ar neithibh nach dtuigid, agus do‐gheobhaidh siad tuarastal a gcuirptheachta. Is geal leo mar phléisiúr bheith ag dreabhlas i lár an lae; dream salach, máchaileach, iad go scléipeach ’n‐a bhféastaibh grádha, ag caitheamh fléidhe dhóibh ’n‐bhur gcuideachtain. Atá súile lán d’adhaltrannas aca, súile nach scurann de’n pheacadh; ag mealladh na n‐anmann neamh‐sheasmhach; agus atá a gcroidheacha cleachta ar an sainnt; mic mallachtan is eadh iad. Ag tréigean na slighe dírighe dhóibh, do chuadar ar seachrán, ag leanamhain luirg Bhálaam mhic Bhosóir, do chuir dúil i dtuarastal na h‐éagcóra; acht fuair sé mar achmhusán as ucht a pheacaidh gur labhair asal balbh leis le glór duine, agus gur chuir sé stad le mearbhall an fháidhe. Toibreacha gan uisce is eadh a leithéidí úd, scamaill d’á scuabadh le cuaifeach gaoithe, go bhfuil duibhe na dorchachta i ndán dóibh. Óir, ag labhairt do mórdhálach as baoth‐chainnt dóibh, bréagaid le h‐ainmhiantaibh na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalódh ó’n dream atá ag siubhal ar mearbhall: ag geallamhain saoirse dhóibh, agus iad féin fá dhaor‐smacht truailleachta, óir bíonn gach duine fá dhaoirse ag an nidh fuair an bhuaidh air. Óir, tar a éis dóibh teacht saor ó thruailliú an tsaoghail tré eolas an Tighearna, agus an tSlánuightheora Íosa Críost, má greamuightear iad ann arís agus má buaidhtear ortha, is measa a staid deiridh ’ná a gcéad staid. Óir dob’ fhearr dóibh gan eolas bheith aca ar shlighe na fíréantachta, ’ná tar a éis dóibh eolas d’fhágháil uirthi, casadh siar ó’n naomh‐aithne tugadh dhóibh. Is é rud d’éirigh dhóibh, mar deir an sean‐fhocal fíor, D’fhill an madadh ar ais chum a aithsceathraighe, agus an chráin do nigheadh chum bheith ag ionfairt san laithigh. Is í seo anois, a cháirde, an dara h‐eipistil atá agam d’á scríobhadh chugaibh; agus san dá eipistil atáim ag brostú bhur slán‐aigne agus ag múscailt bhur gcuimhne, chum go gcuimhneochaidh sibh ar na briathraibh do labhair na naomh‐fháidhe roimh ré, agus ar aithne an Tighearna agus an tSlánuightheora tré n‐bhur n‐abstalaibh: agus a fhios agaibh ar dtús go dtiocfaidh lucht magaidh le sgige ins na laethibh deireannacha, ag leanamhain d’á n‐ainmhiantaibh féin, g‐á rádh, Cá bhfuil geallamhain a theachta? óir ó’n tráth ’n‐a bhfuair ár sinnsir bás, fanann an uile nidh mar bhí ó chéad‐chruthú an domhan. Óir is é is toil leo a dhearmad, go raibh na spéartha ann fad ó, agus go raibh domhan ann do rinneadh le briathar Dé d’uisce agus tré uisce: agus d’á bhrigh sin, go dtáinig an t‐uisce ’n‐a dhílinn ar an domhan do bhí ann an uair sin, gur gur scriosadh é: acht na spéartha agus an talamh atá ann anois, gur fá chómhair teineadh atá siad d’á gcoimheád ag an mbriathar céadna sin, d’á gcongbháil go dtí lá breitheamhnais agus scriosta na ndaoine neimh‐dhiadha. Acht atá rud amháin ann, a cháirde, gur ceart daoibh cuimhneamh air, is é sin gur cuma leis an Tighearna lá amháin nó míle bliadhain, agus míle bliadhain nó lá amháin. Ní dhéanann an Tighearna moill i dtaobh a gheallamhna, do réir tuairme daoine áirithe fá mhoill; acht atá sé foidhneach linn, de bhrigh nach mian leis go gcaillfidhe aoinneach, acht go dtiocfadh an uile dhuine chum aithrighe. Acht tiocfaidh lá an Tighearna mar ghadaidhe; imtheochaidh na spéartha le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneach, agus dóighfear an talamh agus na h‐oibreacha atá ann. Ó thárla go bhfuil sé i ndán do na neithibh seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba cheart daoibh‐se bheith mar dhaoine do réir deagh‐iomchair agus diadhachta, ag fuireach daoibh, agus sibh go dúthrachtach fá chómhair lae Dé, ’n‐a scriosfar na spéartha le tóiteán teineadh, agus ’n‐a leaghfar na dúla le dian‐teas loiscneach? Acht do réir a gheallamhna, atáimíd ag súil le neamh úr‐nua agus le talamh úr‐nua, ar a ndéanfaidh fíréantacht cómhnaidhe. D’á bhrigh sin, a cháirde, ó tá súil leis na neithibh seo agaibh, déanaidh gach iarracht chum go bhfaighfidhe sibh i síothcháin, gan smál, gan locht ’n‐a fhiadhnaise. Áirmhidh mar shlánú foidhne ár dTighearna: fá mar scríobh ár mbráthair ionmhain Pól chugaibh, leis, do réir na h‐eagna tugadh dhó; mar scríobhann sé, leis, ’n‐a eipistilibh uile; ’n‐a bhfuil neithe gur deacair a dtuigsin, go gclaonann daoine gan foghlaim, gan seasmhacht a gciall, mar chlaonann siad ciall na scrioptúir eile, chómh maith, chum a n‐aimhleasa féin. D’á bhrigh sin, a cháirde, ó’s eol daoibh an méid seo roimh ré, bidhidh ar bhur n‐aire, ar eagla go scuabfaidhe sibh le mearbhall na gcuirptheach, agus go dtuitfeadh sibh ó n‐bhur seasmhacht féin. Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén. Is é do bhí ann ó thús, do chualamar, do chonnaic ár súile féin, ar ar dhearcamar, agus do láimhsigh ár lámha, i dtaobh Briathair na beathadh (is eadh, do foillsigheadh an bheatha, agus do chonnacamar í, agus atáimíd ag tabhairt fiadhnaise, agus atáimíd ag fógairt na beathadh dhaoibh, an bheatha mharthannach do bhí leis an Athair, agus do foillsigheadh dhúinne); an méid do chonnacamar agus do chualamar, is é atá againn d’á fhógairt daoibh‐se, leis, chum go mbéidh cumann agaibh‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Athair atá ár gcumann, agus le n‐a Mhac Íosa Críost: agus atáimíd ag seríobhadh na neithe seo chum go mbéidh lán‐gháirdeachas againn. Agus is í seo an teachtaireacht do chualamar uaidh‐sean, agus atá againn d’á fógairt daoibh, gur solas Dia, agus nach bhfuil dorchadas ar bith ann. Má deirimíd go bhfuil cumann againn leis, agus sinn ag siubhal san dorchadas, is bréag do‐ghnímíd, agus ní fhuilmíd ag déanamh na fírinne: acht má shiubhlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ó gach peacadh sinn. Má deirimíd nach bhfuil aon pheacadh déanta againn, atáimíd d’ár mealladh féin, agus ní fhuil an fhírinne ionnainn. Má admhuighmíd ár bpeacaidhe, atá seisean chómh dílis, chómh ceart sin agus go maithfidh sé ár bpeacaidhe dhúinn, agus go nglanfaidh sé ó gach neamh‐fíréantacht sinn. Má deirimíd nach bhfuil peacadh déanta againn, bréagnuighmíd é, agus ní fhuil a bhriathar ionnainn. A chlann bheag, atáim ag scríobhadh na neithe seo chugaibh chum nach ndéanfaidh sibh peacadh. Agus má ghníonn aoinneach peacadh, atá abhcóide againn i bhfochair an Athar, Íosa Críost fíréan: agus is eisean an t‐íodhbarthach, ní h‐amháin ar son ár bpeacaidhe‐ne, acht ar son peacaidhe an domhain ar fad. Agus is air so aithnighmíd go bhfuil aithne againn air, má choimheádaimíd a aitheanta. An té adeir, Atá aithne agam air, agus nach gcoimheádann a aitheanta, is bréagaire é, agus ní fhuil fírinne ar bith ann. Acht an té choimheádas a bhriathar, is ann atá grádh Dé críochnuighthe. Is air so aithnighmíd go bhfuilmíd ann: an té adeir go gcómhnuigheann sé ann, atá sé de dhualgas air siubhal do réir mar shiubhail seisean. A cháirde ionmhaine, ní h‐aon aithne nua atá agam d’á scríobhadh chugaibh, acht sean‐aithne do bhí ó thús agaibh. Is í an tsean‐aithne an briathar do chualabhar. Acht cheana is aithne nua atá agam d’á scríobhadh chugaibh, nidh atá d’á fhíorú san té sin agus ionnaibh‐se cheana féin; óir atá an dorchadas ag imtheacht, agus atá an fíor‐sholas ag lonnradh cheana. An té adeir go bhfuil sé san tsolas, agus fuath bheith aige d’á bhráthair, is san dorchadas atá sé, agus é ag siubhal san dorchadas go dtí anois féin. An té ghrádhuigheas a bhráthair, cómhnuigheann sé san tsolas agus ní fhuil aon adhbhar tuislidh ann. Acht an té do‐bheir fuath d’á bhráthair, atá sé san dorchadas, agus atá sé ag siubhal san dorchadas, gan a fhios aige cá bhfuil a thriall, toisc a shúile bheith dallta ag an dorchadas. Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a chlann bheag, de bhrigh go bhfuil bhur bpeacaidhe maithte dhaoibh ar son a ainme‐sean. Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a aithreacha, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an té atá ann ó thús. Atáim ag scríobhadh chugaibh‐se, a fheara óga, de bhrigh go bhfuil buaidhte agaibh ar an ainspioraid. Do scríobhas chugaibh‐se, a chlann bheag, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an Athair. Do scríobhas chugaibh‐se, a aithreacha, de bhrigh go bhfuil aithne agaibh ar an té atá ann ó thús. Do scríobhas chugaibh‐se, a fheara óga, de bhrigh go bhfuil sibh tréan, agus go gcómhnuigheann briathar Dé ionnaibh, agus go bhfuil buaidhte agaibh ar an ainspioraid. Ná tabhraidh grádh do’n tsaoghal ná do na neithibh atá san tsaoghal. Má bheireann aoinneach grádh do’n tsaoghal, ní fhuil grádh an Athar ann. Óir gach a bhfuil san tsaoghal, ainmhian na feola, ainmhian na súl agus uabhar an tsaoghail seo ní ó’n Athair atá siad, acht ó’n saoghal. Agus atá an saoghal agus a chuid sainnte ag imtheacht: acht an té do‐ghní toil Dé fanann seisean go síorraidhe. A chlann bheag, atá an uair dheiridh ann: agus mar chualabhar go bhfuil ainchríost le teacht, atá á lán ainchríost ann cheana féin; air so aithnighmídh go bhfuil an uair dheiridh ann. Do chuadar amach as ár measc, acht níor dhaoine dhínne iad; óir dá mba daoine dhínn iad d’fhanfaidís i n‐éinfheacht linn; acht d’imthigheadar chum go mba léir nach daoine dhínne iad uile. Maidir libh‐se, atá ungadh ó’n Té Naomhtha agaibh, agus atá eolas iomlán agaibh. Níor scríobhas chugaibh de bhrigh nach eol daoibh an fhírinne, acht de bhrigh gur ab eol daoibh í, agus de bhrigh nach dtig bréag ar bith ó’n bhfírinne. Cia h‐é an bréagaire acht an té shéanas gur ab é Íosa an Críost? Is é an t‐ainchríost an té shéanas an tAthair agus an Mac. Cibé duine shéanas an Mac, ní fhuil an tAthair aige: an té admhuigheas an Mac, atá an tAthair aige, leis. Maidir libh‐se, an teagasc do chualabhar ó thús, cómhnuigheadh sé ionnaibh. Má chómhnuigheann an nidh do chualabhar ó thús ionnaibh, béidh sibh ’n‐bhur gcómhnaidhe san Mac agus san Athair mar an gcéadna. Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an bheatha mharthannach. Do scríobhas an méid seo chugaibh i dtaobh na ndaoine do sheolfadh amudha sibh. Acht maidir libh féin, an t‐ungadh fuarabhar uaidh‐sean, cómhnuigheann sé ionnaibh, agus ní gábhadh go múinfeadh aoinneach sibh; acht fá mar mhúineann a ungadh sibh i dtaobh an uile nidh, agus gur fírinne é, agus nach bréag é; agus fá mar mhúin sé sibh, cómhnuighidh ann. Anois, a chlann bheag, cómhnuighidh ann, ionnas, má foillsightear é, go mbéidh uchtach againn, gan náire bheith orainn nuair thiocfas sé. Má’s eol díbh é bheith fíréanta, is eol daoibh gach aoinneach chleachtas fíréantacht, gur uaidh‐sean do geineadh é. Féachaidh méid an ghrádha thug an tAthair dúinn, go nglaodhfaidhe clann Dé orainn: agus atá an scéal amhlaidh ’n‐ár dtaobh. Ar an adhbhar sin ní aithnigheann an saoghal sinn, toisc nár aithnigh sé eisean. A cháirde ionmhaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsigheadh fós créad atá i ndán dúinn. Atá a fhios againn, nuair foillseochar é, go mbéidhmíd cosmhail leis; óir chífimíd é do réir mar tá sé. Agus gach aoinneach go bhfuil an dóchas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan. Gach aoinneach do‐ghní peacadh sáruigheann sé an dlighe, leis: agus is sárú dlighe an peacadh. Agus is eol daoibh gur foillsigheadh é chum peacadh do chur ar ceal; agus ní fhuil peacadh ar bith ann féin. Cibé duine chómhnuigheas ann, ní dhéanann sé peacadh: cibé duine do‐ghní peacadh, ní fhaca sé, ná níor aithnigh sé é. A chlann bheag, ná mealladh aoinneach sibh: an té chleachtas fíréantacht atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta: an té do‐ghní peacadh, is duine de chlainn an diabhail é; óir atá an diabhal ag déanamh peacaidh ó thús. Chuige seo is eadh do foillsigheadh Mac Dé, chum go gcuirfeadh sé deireadh le h‐oibreachaibh an diabhail. Cibé duine do geineadh ó Dhia, ní dhéanann sé peacadh, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacadh do dhéanamh de bhrigh gur ó Dhia do geineadh é. Air seo is eadh aithnightear clann Dé agus clann an diabhail: an té nach gcleachtann fíréantacht, ní duine le Dia eisean ná an té nach dtugann grádh d’á bhráthair. Óir is í seo an teachtaireacht do chualabhar ó thús, gur dual dúinn grádh do thabhairt d’á chéile: ní ar nós Cháin é, duine de chlainn na h‐ainspioraide do mharbh a dhearbhráthair. Agus cad chuige ar mharbh sé é? Toisc a oibreacha féin bheith go h‐olc, agus oibreacha a dhearbhráthar bheith fíréanta. Ná bíodh aon iongnadh oraibh, a bhráithre, fuath bheith ag an saoghal daoibh. Is eol dúinn go bhfuilmíd aistrighthe ó’n mbás go dtí an bheatha toisc grádh bheith againn do na bráithribh. An té atá gan grádh fanann sé san mbás. Cibé duine go bhfuil fuath aige d’á bhráthair is dún‐mharbhthóir é: agus atá a fhios agaibh nach gcómhnuigheann an bheatha mharthannach i n‐aon dún‐mharbhthóir. Air so is eadh aithnighmíd an grádh, de bhrigh go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba cheart dúinne ár n‐anam do thabhairt ar son na mbráthar. Acht cibé duine go bhfuil maoin an tsaoghail seo aige, agus go bhfeiceann sé á bhráthair i riachtanas, agus go gcruadhann sé a chroidhe ’n‐a aghaidh, cionnas chómhnuigheann grádh Dé ann? A chlann bheag, ná tabhraimís grádh i mbriathraibh béil, ná leis an teangain: acht i ngníomharthaibh agus i bhfírinne. Air so aithnightear gur daoine de’n fhírinne sinn, agus béidh sásamh croidhe againn ’n‐a fhiadhnaise; óir má chionntuigheann ár gcroidhe sinn, is mó Dia ’ná ár gcroidhe, agus is eol dó an uile nidh. A cháirde ionmhaine, muna gcionntuigheann ár gcroidhe sinn, atá uchtach againn i bhfiadhnaise Dé; agus cibé nidh iarraimíd air dogheibhimíd uaidh é, de bhrigh go gcoimheádaimíd a aitheanta, agus go ndéanaimíd na neithe thaithnigheas leis. Agus is í a aithne, creideamhain i n‐ainm a Mhic Íosa Críost, agus grádh do thabhairt d’á chéile, do réir na h‐aithne thug sé dhúinn. Agus an té choimheádas a aitheanta, cómhnuigheann sé ann, agus cómhnuigheann seisean ann. Agus air so aithnighmíd go gcómhnuigheann sé ionnainn, tríd an Spiorad thug sé dhúinn. A cháirde ionmhaine, ná creididh gach aon spiorad, acht déanaidh fromhadh ar na spioraidibh, d’fhéachain an ó Dhia atáid: de bhrigh go bhfuil a lán fáidhe bréige imthighthe amach san tsaoghal. Is air so aithneochas sibh Spiorad Dé: gach spiorad admhuigheas Íosa Críost tháinig san gcolainn, is ó Dhia atá sé: agus gach spiorad nach n‐admhuigheann Íosa, ní ó Dhia atá sé: agus is é spiorad an ain‐chríosta é, go gcualabhar scéal go raibh sé le teacht; agus atá sé san tsaoghal cheana féin. Is ó Dhia atá sibh‐se, a chlann bheag, agus atá buaidhte agaibh ortha‐san: óir is treise an té atá ionnaibh‐se ’ná an té atá san tsaoghal. Is daoine de lucht an tsaoghail iad‐san: uime sin labhrann siad ar nós an tsaoghail, agus éisteann an saoghal leo. Is daoine de chlainn Dé sinne: an té go bhfuil aithne aige ar Dhia éisteann sé linn; an té nach bhfuil ó Dhia ní éisteann sé linn. Air so is eadh aithnighmíd spiorad na fírinne agus spiorad an tseachráin. A cháirde ionmhaine, bíodh grádh againn d’á chéile: óir is ó Dhia thig an grádh; agus gach duine ghrádhuigheas, is ó Dhia do geineadh é, agus aithnigheann sé Dia. An té nach ngrádhuigheann, ní fhuil aithne aige ar Dhia; óir is grádh é Dia. Is mar so do nochtadh grádh Dé dhúinn, gur chuir Dia a Aon‐Mhac féin isteach san tsaoghal chum go mairfímís tríd. Is ann atá an grádh, ní h‐é go dtugamar grádh do Dhia, acht go dtug seisean grádh dhúinne, agus gur chuir sé a Mhac uaidh mar íodhbarthach ar son ár bpeacaidhe. A cháirde ionmhaine, má bhí grádh chómh mór sin ag Dia dhúinn, ba cheart dúinne grádh do thabhairt d’á chéile. Ní fhaca aoinneach Dia ariamh: má tá grádh againn d’á chéile, cómhnuigheann Dia ionnainn, agus curtar a ghrádh i gcrích ionnainn. Is air so aithnighmíd go gcómhnuighmíd ann, agus go gcómhnuigheann seisean ionnainn, de bhrigh gur roinn sé a spiorad linn. Agus do chonnacamar agus do‐bheirimíd fiadhnaise gur chuir an tAthair a Mhac uaidh mar Shlánuightheoir an domhain. Cibé duine admhóchas gur ab é Íosa Mac Dé, cómhnuigheann Dia ann, agus cómhnuigheann seisean i nDia. Agus d’aithnigheamar an grádh atá ag Dia dhúinn, agus do chreideamar ann. Is grádh é Dia; agus an té chómhnuigheas san ngrádh, cómhnuigheann sé i nDia, agus cómhnuigheann Dia ann. Is mar sin curtar a ghrádh i gcrich ionnainn, chum go mbéidh uchtach againn i lá an bhreitheamhnais; de bhrigh go mbímíd san tsaoghal mar bhíonn seisean. Ní fhuil eagla san ngrádh, acht is amhlaidh chuireas grádh iomlán an eagla amach, óir baineann peannaid leis an eagla agus an té go mbíonn eagla air, ní fhuil a ghrádh go h‐iomlán. Do‐bheirimíd grádh dhósan de bhrigh go raibh tosach aige‐sean ag tabhairt grádha dhúinne. Má deir aoinneach, Atá grádh do Dhia agam, agus fuath dó bheith aige d’á bhráthair, is bréagaire é; óir an té atá gan grádh do’n bhráthair do chonnaic sé, ní féidir leis grádh do thabhairt do Dhia nach bhfaca sé. Agus atá an aithne againn uaidh, An té ghrádhuigheas Dia, tabhradh sé grádh d’á bhráthair mar an gcéadna. Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh. Air so aithnighmíd go bhfuil grádh againn do chlainn Dé, nuair bhíos grádh againn do Dhia, agus nuair choimheádaimíd a aitheanta. Óir is é seo grádh Dé, sinne do choimheád a aitheanta: agus ní fhuil a aitheanta trom. Óir buadhann ar geineadh ó Dhia ar an saoghal, agus is é do bhuaidh ar an saoghal, ná ár gcreideamh‐na. Agus cia h‐é bhuadhas ar an saoghal acht an té chreideas gur ab é Iosa Mac Dé? Is é Íosa Críost an té tháinig tré uisce agus tré fhuil: ní h‐é tríd an uisce amháin, acht tríd an uisce agus tríd an fhuil. Agus is é an Spiorad do‐bheir fiadhnaise, óir is é an Spiorad an fhírinne. Óir atá triúr ann do‐bheir fiadhnaise, an Spiorad, agus an t‐uisce, agus an fhuil: agus cuireann an triúr le chéile. Má ghlacaimíd le fiadhnaise na ndaoine, is mó ’ná sin fiadhnaise Dé: óir is í fiadhnaise Dé, go dtug sé fiadhnaise i dtaobh a mhic. An té chreideas i Mac Dé, atá an fhiadhnaise seo ann féin. An té nach gcreideann do Dhia, bréagnuigheann sé é; de bhrigh nár chreid sé an fhiadhnaise thug Dia i dtaobh a Mhic. Agus is í seo an fhiadhnaise, go dtug Dia an bheatha mharthannach dúinn, agus gur ’n‐a Mhac atá an bheatha so. An té go bhfuil an Mac aige, atá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige, ní fhuil an bheatha aige. Do scríobhas na neithe seo chugaibh‐se chreideas i n‐ainm Mhic Dé chum go mbéidh eolas agaibh go bhfuil an bheatha mharthannach agaibh. Agus is é adhbhar an uchtaigh atá againn ’n‐a thaobh, má iarraimíd rud ar bith do réir a thola air, go n‐éisteann sé linn: agus má tá a fhios againn go n‐éisteann sé le cibé nidh iarraimíd air, annsin atá a fhios againn go bhfuil na neithe d’iarramar air againn. Má chíonn aoinneach a bhráthair ag déanamh peacaidh nach bhfuil chum báis, iarrfaidh sé, agus bhéarfaidh Dia beatha dhó le h‐aghaidh na ndaoine nach ndéanann peacadh chum báis. Atá peacadh chum báis ann; ní abraim go mba cheart dó guidhe ar a shon sin. Is peacadh gach éagcóir: agus tá peacadh ann nach bhfuil chum báis. Is eol dúinn, aoinneach do geineadh ó Dhia nach ndéanann sé peacadh; acht an té do geineadh ó Dhia, coimheádann sé féin é, agus ní bhfaghann an ainspioraid greim air. Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go bhfuil an saoghal ar fad fá chumhacht na h‐ainspioraide. Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost. Is é an fír‐Dhia, agus an bheatha mharthannach é seo. A chlann bheag, coimheádaidh sibh féin ar íodhalaibh. An seanóir chum na baintighearna toghtha agus chum a clainne, go bhfuil grádh agam dóibh san bhfírinne; agus ní h‐agam‐sa amháin, acht ag na daoinibh uile go bhfuil eolas ar an bhfírinne aca; as ucht na fírinne chómhnuigheas ionnainn, agus bhéas linn go síorraidhe. Béidh grása, trócaire agus síothcháin linn ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost, Mac an Athar, san bhfírinne agus san ngrádh. Ba mhór an gáirdeachas do chuir sé orm cuid ded’ chlainn d’fhágháil ag siubhal san bhfírinne, do réir na h‐aithne fuaramar ó’n Athair. Agus impidhim ort anois, a bhaintighearna, ní mar bhéinn ag scríobhadh aithne nuaidhe chugat, acht an aithne do bhí ó thús againn, grádh do thabhairt d’á chéile. Agus is é is grádh ann, siubhal do réir a aitheanta. Is í seo an aithne, mar chualabhar ó thús, gur dual daoibh siubhal d’á réir. Óir atá a lán mealltóir imthighthe amach san tsaoghal, nach n‐admhuigheann Íosa Críost tháinig san gcolainn. Atá a leithéid seo ’n‐a mhealltóir agus ’n‐a ainchríost. Bidhidh ar bhur n‐aire chum nach gcaillfidh sibh a bhfuil saothruighthe agaibh, acht go bhfaighidh sibh lán‐luach saothair. Cibé duine théigheas ceann ar aghaidh agus nach gcómhnuigheann i dteagasc Chríost, ní fhuil Dia aige: cibé duine chómhnuigheas san teagasc sin atá an tAthair agus an Mac aige. Má thig aoinneach chugaibh gan an teagasc so do thabhairt leis, ná glacaidh isteach ’n‐bhur dtigh é, agus ná beannuighidh dhó: óir an té bheannuigheas dó atá sé páirteach ’n‐a dhroch‐ghníomharthaibh. Is mór a lán do bhéadh agam le scríobhadh chugaibh, acht níorbh áil liom é do scríobhadh le páipéar agus le dubhach; acht atá súil agam teacht chugaibh agus labhairt libh béal le béal, chum go mbéidh gáirdeachas go h‐iomlán agaibh. Beannuigheann clann do dheirbhsheathar toghtha dhuit. An seanóir chum Gáius ionmhain, d’á bhfuil grádh agam san bhfírinne. A chara ionmhain, is é mo ghuidhe go n‐éirighidh leat ar gach slighe agus go raibh deagh‐shláinte agat, do réir na sláinte atá ag t’anam. Is mór an gáirdeachas do bhí orm nuair tháinig na bráithre chugam ag tabhairt fiadhnaise leo ar an bhfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siubhal san bhfírinne. Ní mó an gáirdeachas bhíos orm ’ná a chlos go bhfuil mo chlánn ag siubhal san bhfírinne. A chara ionmhain, is creideamhnach an méid atá d’á dhéanamh agat ar son na mbráthar agus ar son na ndeoraidhe, leis. Thugadar‐san fiadhnaise ar do ghrádh i láthair na h‐eaglaise; agus ba mhaith a mhaise dhuit congnamh do thabhairt dóibh ar a n‐aistear ar shlighe dob’ fhiú Dia é; óir is ar son an Ainme d’imthigheadar gan éinnidh do ghlacadh ó na Cineadhachaibh. Uime sin ba cheart fáilte do chur roimh a leithéidibh, chum go mbéimís ’n‐ár gcómh‐oibrightheoiribh leis an bhfírinne. Do scríobhas chum na h‐eaglaise, acht Díotrefés, gur mian leis bheith ar tosach ’n‐a measc, ní ghlacann sé linn. D’á bhrigh sin, má thagaim, cuirfead i gcuimhin dó na gníomhartha atá d’á ndéanamh aige, ag labhairt ’n‐bhur n‐aghaidh as cainnt mhailísigh: agus ní n‐é amháin sin é, acht ní ghlacann sé féin na bráithre chuige, agus cuireann sé cosc leo‐san gur mian leo a dhéanamh, agus caitheann sé as an eaglais amach iad. A chara ionmhain, ná déan aithris ar an olc, acht ar an mhaith. An té chleachtas an mhaith, is ó Dhia atá sé: an té chleachtas an t‐olc, ní fhaca sé Dia. Atá deagh‐theist ag cách agus ag an bhfírinne féin ar Dhémetrius; agus do‐bheirimíd féin fiadhnaise, leis; agus atá a fhios agat gur fíor í ár bhfiadhnaise. Is mór a lán do bhí agam le scríobhadh chugat, acht níorbh áil liom é do scríobhadh chugat le dubhach agus le peann: acht atá súil agam go bhfeicfead gan mhoill thú, agus labharfaimíd béal le béal le chéile. Go raibh síothcháin leat. Beannuigheann na cáirde dhuit. Beannuigh do na cáirdibh as a n‐ainmneachaibh. Iúdás, seirbhíseach Íosa Críost, agus dearbhráthair Shéamais, chum na ndaoine fuair gairm, atá i ngrádh Dé an tAthair, agus atá d’á gcumhdach le h‐aghaidh Íosa Críost: Go méaduightear trócaire, síothcháin agus grádh dhaoibh. A cháirde ionmhaine, ó thárla go raibh fonn mór orm scríobhadh chugaibh i dtaobh ár slánuighthe chómh‐choitchinn, is é do bhí ’gam’ spreagadh a mheas go raibh sé de dhualgas orm scríobhadh chugaibh g’á impidhe oraibh an creideamh tugadh aon uair amháin do na naomhaibh do chosaint go daingean. Óir atá daoine áirithe do shleamhnuigh isteach ós íseal, daoine do réamh‐órduigheadh fad ó chum na daoir‐bhreithe seo, daoine neimh‐dhiadha atá ag tionntodh grása ár nDé go colnaidheacht, agus atá ag séanadh Íosa Críost, ár n‐aon Mháighistir agus ár n‐aon Tighearna amháin. Is mian liom anois a chur i gcuimhne dhaoibh, bíodh go bhfuil lán‐eolas agaibh ar na neithibh seo ar fad, gur shaor an Tighearna pobal as tír na hÉigipite aon uair amháin, acht gur scrios sé ’n‐a dhiaidh sin iad‐san nár chreid. Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár choimheád a ngradam féin, acht do tréig a n‐áitreabh, atáid d’á gcongbháil fá shlabhraibh síorraidhe, i ndorchadas, fá chómhair breitheamhnas an lae mhóir. Sodam agus Gomorra, agus na cathracha ’n‐a dtimcheall, mar an gcéadna, do lean de striapachas agus de chuirptheacht mhí‐nádúrtha, tugadh iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineadh síorraidhe. Acht cheana, saluigheann siad so an cholann le n‐a n‐aislingibh, agus ghníonn siad beag‐is‐fiú de thighearnas, agus masluigheann siad an sluagh glórmhar. Acht Micheál árd‐aingeal, ag conspóid leis an diabhal dó, ag aighneas fá chorp Mhaoise, níor lámh sé a chúisiú go masluightheach, acht adubhairt, Go smachtuighidh an Tighearna thú. Acht labhrann an dream so go masluightheach i dtaobh neithe nach bhfuil aon eolas aca ortha: agus na neithe go bhfuil eolas ó dhúthchas aca ortha, truailligheann siad féin ionnta ar nós ainmhidhthe gan réasún. Mairg dóibh! óir do leanadar lorg Cháin, agus do chuadar ar mearbhall ar nós Bhaláaim ar son tuarastail, agus do cailleadh iad i méirleachas Chóré. Atáid mar bhéadh cairrgeacha foluighthe ’n‐bhur bhfleadhannaibh grádha, ag ithe go craosach, mí‐náireach ’n‐bhur gcuibhreann, ag tabhairt aire dhóibh féin amháin; néallta gan uisce d’á scuabadh le gaothaibh; crainn fóghmhair gan toradh, atá marbh fá dhó, do tarraingeadh as a bhfréamhaibh; garbh‐thonna fairrge, ag brúchtadh a náire féin amach; réaltana seachránacha go bhfuil dorchacht an duibheachain fá n‐a gcómhair go deoidh. Is d’á leithéidibh sin do rinne Énoch, duine de’n seachtmhadh glún ó Ádhamh, tarngaireacht, g‐á rádh, Féach, atá an Tighearna tagtha leis na míltibh móra d’á naomhaibh, chum breitheamhnas do dhéanamh ar chách, agus chum na daoine neimh‐dhiadha do dhaoradh i n‐éiric na ngníomhartha neimh‐dhiadha atá déanta go neimh‐dhiadha aca, agus ar son na bhfocal masluightheach atá ráidhte ag peacachaibh neimh‐dhiadha ’n‐a aghaidh. Lucht clamhsáin, lucht cannráin is eadh a leithéidí, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta féin (agus focail mhóra, maoidhteacha ’n‐a mbéal aca), ag tabhairt ómóis do dhaoinibh le súil go bhfaighidh siad brabach dóibh féin. Acht, a cháirde ionmhaine, bidhidh‐se ag cuimhneamh ar na briathraibh do labhair abstail ár dTighearna Íosa Críost roimhe seo; cionnas mar adubhradar libh, Ins an aimsir dheireannaigh béidh lucht magaidh ann, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta neimh‐dhiadha féin. Is iad‐san do‐ghní deaghailte iad, dream colnaidhe, gan an Spiorad bheith aca. Acht, a cháirde, tógaidh sibh féin ar bhun bhur gcreidimh shár‐naomhtha, ag urnaighe san Spiorad Naomh, agus congbhuighidh sibh féin i ngrádh Dé, ag súil le trócaire ár dTighearna Íosa Críost chum na beathadh marthannaighe. Déanaidh trócaire ar chuid de na daoinibh atá ioir dhá chómhairle; saoraidh cuid eile, g‐á dtarrang as an teinidh; agus déanaidh trócaire ar chuid eile le h‐eagla; ag tabhairt fuatha do’n éadach féin atá saluighthe leis an gcolainn. Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó bhur gcongbháil slán ó thuisleadh, agus bhur gcur i láthair a ghlóire gan smál, lán de gháirdeachas, do’n Aon‐Dia amháin, ár Slánuightheoir, tré Íosa Críost ár dTighearna, dó‐san go raibh glóir, mórdhacht, neart agus cumhacht, mar bhí ariamh, mar tá anois, agus mar bhéas go saoghal na saoghal, Amen. Taisbeánadh Íosa Críost, thug Dia dhó chum na neithe atá le teacht chum críche go luath d’fhoillsiú d’á sheirbhíseachaibh; agus do nocht d’á sheirbhíseach Eoin iad le teachtaireacht aingil, an té do rinne fiadhnaise ar gach a bhfaca sé i dtaobh briathair Dé, agus i dtaobh fiadhnaise Íosa Críost. Is aoibhinn do’n té léigheas agus do’n dream éisteas le ráidhtheachas na tarngaireachta so, acht gach a bhfuil scríobhtha innti do choimheád: óir ní fada uainn an t‐am. EOIN chum na seacht n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síothcháin daoibh ó’n té atá ann, agus do bhí ann, agus atá ag teacht; agus ó na seacht Spioraidibh atá os cómhair a righ‐chathaoireach; agus ó Íosa Críost, an fiadhnaidhe fírinneach, an chéid‐ghein ó na marbhaibh, agus árd‐rí righthe na talmhan. Do’n té ghrádhuigheas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaidhibh le n‐a fhuil féin sinn; agus do rinne ríoghacht dínn, chum bheith ’n‐ár sagartaibh do Dhia a Athair; dó‐san go raibh an ghlóir agus an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen. Féach, atá sé ag teacht leis na néalltaibh; agus chífidh gach súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfidh treabha uile an domhain d’á bhárr. Mar sin bhéas. Amen. Is mise an t‐Alfa agus an t‐Ómega, adeir an Tigheara Dia, an té atá ann, agus do bhí ann, agus atá ag teacht, an tUile‐chumhachtach. Mise Eoin, bhur mbráthair agus bhur gcómhpháirtidhe san anró, agus san ríoghacht, agus san bhfad‐fhulang atá i hÍosa, do bhíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathair Dé, agus ar son fiadhnaise Íosa. Do bhíos fá anáil an Spioraid lá an Tighearna, agus do chualas an glór taobh thiar díom, mar bhéadh glór stuic, g‐á rádh, An méid do‐chí tú, scríobh i leabhar é, agus cuir chum na seacht n‐eaglais é; chum Eiféise, agus chum Smiorna, agus chum Pergamum, agus chum Tuatíra, agus chum Sárdis, agus chum Filadelfia, agus chum Laodicia. Agus d’iompuigheas thart chum an té gur leis an guth d’fheicsin. Agus ar n‐iompodh dhom do chonnacas seacht gcoinnleoirí óir; agus i lár na gcoinnleoir, an duine do bhí cosmhail le Mac an Duine, róba go troigh air, agus crios óir timcheall a uchta. Agus do bhí a cheann agus a ghruaig chómh geal le h‐olainn, chómh geal le sneachta; agus do bhí a shúile mar bhéadh lasair teineadh; agus do bhí a chosa mar bhéadh umha geal‐ruithneach do bruithneadh i bhfoirnéis; agus do bhí a ghlór mar bhéadh torann mór‐uisce. Agus do bhí aige ’n‐a láimh dheis seacht réaltana: agus do bhí claidheamh géar dhá‐fhaobhar ar síneadh as a bhéal; agus do bhí a ghnúis mar bhéadh an ghrian ag lonnradh ’n‐a lán‐neart. Agus nuair do chonnacas é, do thuiteas ag a chosaibh mar bhéinn marbh. Agus do leag seisean a lámh dheas orm, g‐á rádh, Ná bíodh aon eagla ort; is mise an tosach agus an deireadh, agus an Té bith‐bheo; agus do bhíos marbh, agus féach, atáim beo go saoghal na saoghal, agus atá eochracha báis agus ifrinn agam. D’á bhrigh sin scríobh na neithe do chonnacais, agus ná neithe atá ann, agus na neithe atá le bheith ann ’n‐a dhiaidh seo; rúindiamhair na seacht réalta do chonnacais im’ láimh dheis, agus na seacht gcoinnleoir óir. Is iad na seacht réaltana aingle na seacht eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoirí óir na seacht h‐eaglaisí. Scríobh chum aingil na h‐eaglaise i nÉiféis; Is é adeir an té chongbhuigheas na seacht réaltana ’n‐a láimh dheis, an té shiubhlas i lár na seacht gcoinnleoir óir: Is eol dom t’oibreacha, agus do shaothar, agus t’fhoighid, agus is eol dom nach féidir leat droch‐dhaoine d’fhulang, agus gur fhromhais an dream ghlaodhas abstail ortha féin, agus nach eadh, agus go bhfuarais bréagach iad: agus go bhfuil foighid agat agus gur fhulaingis ar son m’ainme, agus nár éirighis tuirseach. Acht atá an méid seo it’ aghaidh agam, gur thréigis do chéad‐ghrádh. Chuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar an áirde ó n‐ar thuitis, agus déan aithrighe, agus déan do chéad‐oibreacha; nó tiocfad‐sa chugat, agus aistreochad do choinnleoir as a ionad, muna ndéanaidh tú aithrighe. Acht atá an méid seo agat, go bhfuil gráin agat ar oibreachaibh na Niocaláiteach, ar a bhfuil gráin agam‐sa, mar an gcéadna. An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san toradh le n’ithe de chrann na beathadh atá i bpárrthas Dé. Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Smiorna; Is é adeir an tosach agus an deireadh, do bhí marbh, agus atá beo: Is eol dom t’anró, agus do bhochtaine (acht atáir saidhbhir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaigh iad, agus nach eadh, acht gur sionagóg Shátain iad. Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit. An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, ní bhfaighidh sé dochar ó’n dara bás. Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i bPergamum; Is é adeir an té go bhfuil an claidheamh géar dhá‐fhaobhar aige: Is eol dom t’áit chómhnuighthe, mar a bhfuil righ‐chathaoir Shátain: agus greamuigheann tú dem’ ainm‐se, agus níor shéanais mo chreideamh i laethibh Antipais féin, m’fhiadhnaidhe dílis do marbhadh ’n‐bhur measc, san áit ’n‐a bhfuil Sátan ’n‐a chómhnaidhe. Acht atá beagán agam le rádh it’ aghaidh, de bhrigh go bhfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de theagasc Bhaláaim, an té do mhúin do Bhalac ceap tuislidh do chur roimh chlainn Israel, chum neithe do bhí íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe, agus chum striapachas do chleachtadh. Atá agat‐sa, leis, cuid díobh‐san leanas de theagasc na Niocaláiteach. Déan aithrighe, d’á bhrigh sin, nó tiocfad‐sa chugat go luath, agus troidfead ’n‐a h‐aghaidh le claidheamh mo bhéil. An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san cuid de’n mhanna foluighthe, agus do‐bhéarfad dhó cloch gheal, agus ainm nua scríobhtha ar an gcloich, nach bhfuil eolas air ag aoinneach, acht ag an té gheibheas í. Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i dTuatíra; Is é adeir Mac Dé, an té go bhfuil súile mar lasair teineadh aige, agus go bhfuil a chosa cosmhail le h‐umha geal‐ruithneach: Is eol dom t’oibreacha, agus do ghrádh, agus do chreideamh, agus do sheirbhís, agus t’fhoighid, agus gur mó t’oibreacha deiridh ’ná do chéad oibreacha. Acht atá an méid seo agam it’ aghaidh, go bhfulaingeann tú an bhean Iesebel, adeir gur ban‐fháidh í féin; agus múineann agus mealann sí mo sheirbhísigh chum striapachas do chleachtadh, agus chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe. Agus thugas uain di chum aithrighe do dhéanamh; agus ní mian léi aithrighe do dhéanamh ’n‐a striapachas. Féach, caithfead isteach i leabaidh í, agus crádhfad le doghrainn mhóir an dream chleachtas adhaltrannas léi muna ndéanaidh siad aithrighe ’n‐a h‐oibreachaibh. Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha. Acht deirim‐se libh‐se, leis an gcuid eile de mhuinntir Thuatíra nach bhfuil an teagasc so aca, agus nach eol dóibh neithe doimhne Shátain, mar ghlaodhann siad ortha; Ní chuirim aon ualach eile oraibh. Acht cheana, congbhuighidh greim ar a bhfuil agaibh, nó go dtagad. Agus an té bheireas buaidh, agus choimheádas m’oibreacha go deireadh, do‐bhéarfad dó‐san ughdarás os cionn na náisiún, agus déanfaidh sé aodhaireacht ortha le slait iarainn, mar bristear soithigh criadóra ’n‐a mbroscar; do réir na cumhachta fuaras ó’n Athair: agus do‐bhéarfad dó réalta na maidne. An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go bhfuil seacht Spioraídí Dé aige, agus na seacht réaltana: Is eol dom t’oibreacha, agus go bhfuilir i n‐ainm bheith beo, acht gur marbh atáir. Déan faire agus neartuigh na neithe fhanas, atá i mbaoghal báis: óir ní fuaras t’oibreacha iomlán i bhfiadhnaise mo Dhé. Cuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar a bhfuarais agus ar a gcualais, agus congbhuigh é, agus déan aithrighe. Acht muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaidhe, gan a fhios agat cia an uair thiocfad ort. Acht atá beagán daoine i Sárdis nár shaluigh a n‐éadaighe: agus siubhalfaid‐sean i n‐éinfheacht liom i n‐éadaighibh geala; óir is fiú iad é. An té bheireas buaidh, clúdóchar é ar an gcuma sin le h‐éadaighibh geala; agus ní scriosfad a ainm amach choidhche as leabhar na beathadh, agus admhóchad a ainm i láthair m’Athar agus i láthair a aingeal. An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i bhFiladelfia; Is é adeir an té atá naomhtha, an té atá fíor, an té go bhfuil eochair Dháibhí aige, an té fhosclas, agus ní dúntar ’n‐a dhiaidh; té dhúnas, agus ní foscailtear ’n‐a dhiaidh: Is eol dom t’oibreacha (féach, atá doras foscailte curtha agam rómhat, agus ní fhéadann aoinneach a dhúnadh), de bhrigh go bhfuil beagán cumhachta agat, agus gur choimheádais mo bhriathar, agus nár shéanais m’ainm. Féach, do‐bheirim duit cuid de lucht sionagóige Sátain, adeir gur Iúdaigh iad, acht nach eadh, acht gur bréagach atáid; féach, cuirfead d’fhiachaibh ortha teacht agus sléachtadh ag do chosaibh, agus a aithint go dtugas‐sa grádh dhuit. De bhrigh gur choimheádais briathar m’fhad‐fhulaing, cumhdóchad‐sa thú ar uair an chathuighthe atá le teacht ar an saoghal uile, chum a maireann ar talamh d’fhromhadh. Atáim ag teacht go luath; congbhuigh a bhfuil agat, chum nach mbainfidh aoinneach do choróin díot. An té bheireas buaidh, déanfad colamhan i dteampall mo Dhé dhe, agus ní imtheochaidh sé amach as go deoidh: agus scríobhfad ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, Iarúsalem nua thig anuas as neamh óm’ Dhia, agus m’ainm nua féin. An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i Laodicia; Is é adeir an tAmen, an fiadhnaidhe dílis, fírinneach, tosach a bhfuil cruthuighthe ag Dia: Is eol dom t’oibreacha, nach bhfuil tú fuar ná te; dob’ fhearr liom thú bheith fuar nó te. D’á bhrigh sin, ó thárla thú bheith bog‐the, gan bheith te ná fuar, scéithfead as mo bhéal amach thú. De bhrigh go n‐abrann tú, Atáim saidhbhir agus maoin ar mo mhian agam, gan uireasbhaidh éinnidh orm; gan a fhios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteach, bocht, dall, lomnocht: cómhairlighim duit ór do h‐ath‐bhruithneadh i dteinidh do cheannach uaim‐se, chum go mbéidh tú saidhbhir, agus éadaighe geala chum clúdach do chur ort féin, chum nach bhfeicfear náire do lomnochtachta; agus ungadh le cuimilt ar do shúilibh, chum go bhfeicidh tú. An méid is ionmhain liom, do‐bheirim achmhusán dóibh agus smachtuighim iad: bí‐se dúthrachtach d’á bhrigh sin, agus déan aithrighe. Féach, atáim im’ sheasamh ag an doras ag bualadh: má éisteann aon duine lem’ ghuth, agus an doras d’fhoscailt, tiocfad isteach chuige, agus íosad suipéar i n‐éinfheacht leis, agus íosaidh seisean i n‐éinfheacht liom‐sa. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad de chead dó suidhe síos i n‐éinfheacht liom im’ righ‐chathaoir, fá mar rugas féin buaidh, agus do shuidheas síos i n‐éinfheacht lem’ Athair ’n‐a righ‐chathaoir‐sean. An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. ’N‐a dhiaidh sin do dhearcas, agus féach, doras ar fhoscailt ar neamh, agus an chéad guth do chualas do bhí sé mar bhéadh fuaim stuic ag labhairt liom, g‐á rádh, Gabh aníos annso, agus taisbeánfad duit na neithe atá le teacht chum críche ’n‐a dhiaidh seo. Agus ar an láthair do bhíos san Spiorad: agus féach, do bhí righ‐chathaoir suidhte ar neamh, agus an duine ’n‐a shuidhe ins an righ‐chathaoir; agus an té do bhí ’n‐a shuidhe is amhlaidh do bhí sé mar bhéadh cloch iaspair agus sáird: agus i dtimcheall na righ‐chathaoireach do bhí bogha ceatha, mar bhéadh cloch smaragaid le féachain air. Agus do bhí ceithre righ‐chathaoireacha agus fiche, agus ceathrar agus fiche seanóir ’n‐a suidhe ins na righ‐chathaoireachaibh, éadaighe geala umpa, agus coróineacha óir ar a gceannaibh aca. Agus bíonn lasracha agus glórtha agus tóirneacha ag teacht amach ó’n righ‐chathaoir. Agus do bhí seacht lóchrainn teineadh ar dian‐lasadh os cómhair na righ‐chathaoireach: is iad seacht spioraidí Dé iad. Agus os cómhair na righ‐chathaoireach do bhí mar bhéadh fairrge gloine cosmhail le criostal: agus i lár gach taoibhe de’n righ‐chathaoir, ’n‐a thimcheall, do bhí ceithre h‐ainmhidhthe lán de shúilibh ar tosach rómpa agus ar a gcúl. Agus do bhí an chéad ainmhidhe cosmhail le leomhan, agus an dara h‐ainmhidhe cosmhail le laogh, agus do bhí aghaidh mar aghaidh duine ag an treas ainmhidhe, agus do bhí an ceathramhadh h‐ainmhidhe cosmhail le h‐iolar ar eiteall. Do bhí sé sciatháin ag gach ceann de na h‐ainmhidhthibh, agus ’n‐a dtimcheall, agus taobh istigh dhíobh atá siad lán de shúilibh: agus ní thostann siad de ló ná d’oidhche, acht iad g‐á rádh, Naomhtha, naomhtha, naomhtha, Tighearna Dia Uile‐chumhachtach, do bhí ann, agus atá ann, agus atá ag teacht. Agus nuair bheireas na h‐ainmhidhthe glóir agus onóir agus buidheachas do’n té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, do’n té mhaireas go saoghal na saoghal, tuiteann an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair na té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus adhrann siad an té mhaireas go saoghal na saoghal, agus caitheann siad a gcoróineacha síos os cómhair na righ‐chathaoireach, g‐á rádh, Is fiú thú, a Thighearna agus a Dhia an ghlóir agus an onóir agus an chumhacht d’fhágháil: óir is tú do chruthuigh na h‐uile neithe, agus is ded’ thoil‐se atá siad ann, agus do cruthuigheadh iad. Agus i láimh dheis an té do bhí ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir do chonnacas leabhar go raibh scríbhinn san taobh istigh agus ar an taobh amuigh dhe, agus é dúnta fá sheacht séalaibh. Agus do chonnacas aingeal tréan‐láidir g‐á fhógairt de ghuth árd, Cia h‐é gur fiú é an leabhar d’fhoscailt agus a shéalaí do scaoileadh? Agus ní raibh ar chumas d’aoinneach ar neamh ná ar talamh an leabhar d’fhoscailt ná a shéalaí do scaoileadh. Agus do chromas‐sa ar gol go mór toisc gan aoinneach gurbh fhiú é an leabhar d’fhoscailt bheith le fágháil, ná fiú dearcadh air. Agus dubhairt duine de na seanóiribh liom, Ná bí ag gol: féach, an Leomhan de threibh Iúda, de Fhréimh Dháibhí, atá sé de bhuaidh aige‐sean an leabhar d’fhoscailt, agus a sheacht séalaí do scaoileadh. Agus i lár na righ‐chathaoireach agus na gceithre n‐ainmhidhe, agus i lár na seanóir, do chonnacas an tUan ’n‐a sheasamh, mar bhéadh sé tar éis a íodhbartha, seacht n‐adharca agus seacht súile aige, gur ab iad seacht Spioraidí Dé iad, do cuireadh amach ar fud an domhain uile. Agus tháinig sé, agus do ghlac sé an leabhar as láimh dheis an té do bhí ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir. Agus nuair do ghlác sé an leabhar, do thuit na ceithre h‐ainmhidhthe agus an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair an Uain, cruit ag gach duine aca, agus soithigh óir lán de thúis aca, gur ab iad urnaighthe na naomh iad. Agus do chanadar amhrán úr‐nua, g‐á rádh, Is fiú thusa an leabhar do ghlacadh agus a shéalaí d’fhoscailt: de bhrigh gur marbhadh thú, agus gur cheannuighis do Dhia led’ fhuil daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach pobal, agus de gach cineadh, agus go ndearnais ríoghacht agus sagairt le h‐aghaidh ár nDé dhíobh; agus riaghlóchaidh siad ar talamh. Agus do dhearcas, agus chualas glór a láin aingeal i dtimcheall na righ‐chathaoireach agus i dtimcheall na n‐ainmhidhe agus na seanóir, agus ba é a líon deich míle fó dheich míle agus na mílte de mhíltibh; g‐á rádh de ghuth árd, Is fiú an tUan atá íodhbartha an chumhacht, agus an saidhbhreas, agus an eagnaidheacht, agus an neart, agus an onóir, agus an ghlóir, agus an moladh d’fhágháil. Agus gach nidh dár cruthuigheadh ar neamh, nó ar talamh, agus fá’n talamh, agus san bhfairrge, agus gach a bhfuil ionnta, do chualas iad g‐á rádh, An moladh, agus an onóir, agus an ghlóir, agus an chumhacht, go raibh ag an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus ag an Uan go saoghal na saoghal. Agus adubhairt na ceithre h‐ainmhidhthe, Amen. Agus do thuit na seanóirí síos agus do rinneadar adhradh. Agus nuair bhris an tUan ceann de na séalaibh, do dhearcas agus do chualas ceann de na h‐ainmhidhthibh g‐á rádh mar bhéadh le fuaim tóirnighe, Tar. Agus do dhearcas, agus féach, capall bán, agus bogha ’n‐a láimh ag an té do bhí ar muin air; agus tugadh coróin dó: agus do chuaidh sé amach ag breith buadha agus an bhuaidh ’n‐a chómhair. Agus nuair d’fhoscail sé an dara séala, do chualas an dara h‐ainmhidhe g‐á rádh, Tar. Agus do chuaidh capall eile amach, capall ruadh, agus tugadh de chumhacht do’n té do bhí ar muin air síothcháin do bhaint de’n talamh, chum go marbhóchadh na daoine a chéile: agus tugadh claidheamh mór dó. Agus nuair d’fhoscail sé an treas séala, do chualas an treas ainmhidhe g‐á rádh, Tar. Agus do dhearcas, agus féach, capall dubh; agus meadh i láimh an té do bhí ar muin air. Agus do chualas mar bhéadh guth i lár na gceithre n‐ainmhidhe g‐á rádh, Miosúr cruithneachtan ar phinginn, agus trí mhiosúr eornan ar phinginn: acht ná déan dochar do’n ola ná do’n fhíon. Agus nuair d’fhoscail sé an ceathramhadh séala, do chualas guth an cheathramhadh ainmhidhe, g‐á rádh, Tar. Agus do dhearcas, agus féach, capall liathbhán: agus an té do bhí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a chuideachtain. Agus tugadh cumhacht dóibh ar an gceathramhadh cuid de’n talamh, chum bheith ag marbhadh leis an gclaidheamh, agus leis an ngorta, agus leis an bpláigh, agus le h‐ainmhidhthibh allta na talmhan. Agus nuair d’fhoscail sé an cúigeadh séala, do chonnacas fá’n altóir anmanna na ndaoine do marbhadh ar son briathair Dé, agus ar son na fiadhnaise thugadar: agus do ghlaodhadar de ghuth árd g‐á rádh, Cá fhaide dhuit, a Mháighistir naomhtha, fhírinnigh, gan breitheamhnas agus díoghaltas do dhéanamh ar lucht áitreabha na talmhan? Agus tugadh róba geal do gach duine aca; agus adubhradh leo fanamhain go suaimhneach tamall beag eile, nó go gcóimhlíontaidhe méid a gcóimh‐sheirbhíseach agus a mbráthar do bhí le marbhadh mar iad féin. Agus nuair d’fhoscail sé an séamhadh séala, do dhearcas, agus do bhí crioth mór talmhan ann; agus d’éirigh an ghrian chómh dubh le h‐éadach róin, agus d’éirigh an ghealach lán cosmhail le fuil; agus do thuit réaltana na spéire anuas ar an talamh, mar chaitheann crann fige a chuid figí neamh‐aibidh nuair luascthar é le gaoith thréin. Agus d’imthigh spéir neimhe mar leabhar do fillfidhe ar a chéile; agus do h‐aistrigheadh gach cnoc agus gach oileán as a n‐ionadaibh féin. Agus do chuaidh righthe an domhain, agus na daoine móra, agus na taoisigh airm, agus na h‐acfuinnigh, agus na daoine tréana, agus gach sclábhaidhe, agus gach saor‐dhuine i bhfolach i gcuasaibh agus i gcairrgibh na sléibhte; agus adubhradar leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn, agus foilighidh ar ghnúis an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir sinn, agus ar dhíbheirg an Uain: óir atá lá mór a dhíbheirge tagtha; agus cia fhéadas seasamh. ’N‐a dhiaidh sin do chonnacas ceithre h‐aingle ’n‐a seasamh ag ceithre cúinnibh an domhain, ag coimheád ceithre gaotha an domhain, chum nach séidfeadh aon ghaoth ar an talamh, ná ar an bhfairrge, ná ar aon chrann. Agus do chonnacas aingeal eile ag teacht anoir, agus séala an Dé bhí aige: agus do ghlaodh sé de ghuth árd ar na ceithre h‐ainglibh go raibh tugtha de chead dóibh dochar do dhéanamh do’n talamh agus do’n fhairrge, g‐á rádh, Ná déanaidh aon dochar do’n talamh, ná do’n fhairrge, ná do na crannaibh, go dtí go mbéidh séala curtha againn ar chlár éadain ar sheirbhíseachaibh ár nDé. Agus do chualas méid na ndaoine ar ar cuireadh an séala, céad agus dá‐fhichid agus ceithre míle as gach treibh de chloinn Israel. Do cuireadh séala ar dhá mhíle déag de threibh Iúda: Ar dhá mhíle déag de threibh Rúben: Ar dhá mhíle déag de threibh Ghaid: Ar dhá mhíle déag de threibh Aséir: Ar dhá mhíle déag de threibh Neftalí: Ar dhá mhíle déag de threibh Mhanassé: Ar dhá mhíle déag de threibh Shimeoin: Ar dhá mhíle déag de threibh Lébhí: Ar dhá mhíle déag de threibh Issachair: Ar dhá mhíle déag de threibh Shabúlóin: Ar dhá mhíle déag de threibh Sheosaimh: Ar dhá mhíle déag de threibh Bheniamín. ’N‐a dhiaidh sin do dhearcas, agus féach, sluagh mór nach bhféadfadh aon duine a áireamh, de gach cineadh, agus de gach treibh, agus de gach pobal, agus de gach teangain, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach agus os cómhair an Uain, éadaighe geala umpa, agus pailmeacha ’n‐a lámhaibh aca; agus do bhíodar g‐á ghlaodhach amach de ghuth árd, Slánughadh d’ár nDia atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus do’n Uan. Agus do bhí na h‐aingle uile ’n‐a seasamh i dtimcheall na righ‐chathaoireach, agus i dtimcheall na seanóir agus na gceithre n‐ainmhidhe; agus do thuiteadar ar a n‐aighthibh fútha os cómhair na righ‐chathaoireach, agus d’adhradar Dia, g‐á radh, Amen: Moladh, agus glóir, agus eagnaidheacht, agus buidheachas, agus onóir, agus cumhacht, agus neart go raibh ag ár nDia go saoghal na saoghal. Amen. Agus d’fhreagair duine de na seanóiribh, g‐á rádh liom, Cia h‐iad so go bhfuil na róbaí geala ortha, agus cad as a dtáinig siad? Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain. Uime sin is eadh bhíonn siad os cómhair righ‐chathaoireach Dé; agus bíonn siad ag déanamh seirbhíse dhó de ló agus d’oidhche ’n‐a theampall: agus an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, cumhdóchaidh sé fá n‐a phailiún iad. Ní bhéidh ocras ná tart ortha choidhche; agus ní bhuailfidh an ghrian ná aon teas loiscneach ortha: óir an tUan atá i lár na righ‐chathaoireach, béidh sé ’n‐a aodhaire aca, agus treoróchaidh sé go toibreacha fíor‐uisce na beathadh iad: agus cuimilfidh Dia gach deor d’á súilibh. Agus nuair d’fhoscail sé an seachtmhadh séala, do bhí tost ar neamh tuairim is leathuair. Agus do chonnacas na seacht n‐aingle bhíos ’n‐a seasamh i bhfiadhnaise Dé; agus tugadh seacht stuic dóibh. Agus tháinig aingeal eile agus do sheasuigh sé os cómhair na h‐altóra, agus túiseoir óir aige, agus tugadh a lán túise dhó, chum go gcuirfeadh sé ar an altóir óir do bhí os cómhair na righ‐chathaoireach í, maille le h‐urnaighthibh na naomh. Agus do chuaidh deatach na túise, maille le h‐urnaighthibh na naomh uile, suas ó láimh an aingil os cómhair Dé. Agus do ghlac an t‐aingeal an túiseoir, agus do líon sé de theinidh na h‐altóra é, agus do chaith sé ar an talamh í: agus d’éirigh tóirneacha, agus glórtha, agus lasracha, agus crioth talmhan ’na dhiaidh. Agus na seacht n‐aingle go raibh na seacht stuic aca, d’ullmhuigheadar chum iad do shéideadh. Agus do shéid an chéad aingeal, agus tháinig cloich‐shneachta agus teine, measctha le fuil, ’n‐a dhiaidh, agus do caitheadh iad ar an talamh: agus do dóigheadh an treas cuid de’n talamh, agus do dóigheadh an treas cuid de na crannaibh, agus do dóigheadh an féar glas go h‐uile. Agus do shéid an dara h‐aingeal, agus do teilgeadh mar bhéadh cnoc mór d’á loscadh le teinidh isteach san bhfairrge: agus do rinneadh fuil de’n treas cuid de’n fhairrge: agus d’éag an treas cuid de na rudaibh beo do bhí san bhfairrge, agus do scriosadh an treas cuid de na longaibh. Agus do shéid an treas aingeal, agus do thuit réalta mhór ó neamh anuas, agus í ar dearg‐lasadh amhail tóirse, agus do thuit sí ar an treas cuid de na h‐aibhnibh, agus ar thoibreachaibh an uisce: agus is é ainm na réaltan Mormónta: agus do rinneadh mormónta de’n treas cuid de na h‐uiscibh; agus d’éag a lán daoine de dheascaibh na n‐uiscí, toisc iad d’éirghe searbh. Agus do shéid an ceathramhadh h‐aingeal, agus do buaileadh an treas cuid de’n ghréin, agus an treas cuid de’n ghealaigh, agus an treas cuid de na réaltanaibh; chum go n‐éireochadh an treas cuid díobh dorcha, agus go gcaillfeadh an lá an treas cuid d’á sholas, agus an oidhche mar an gcéadna. Agus do dhearcas, agus do chualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á rádh de ghuth árd, Mairg, mairg, mairg, do lucht áitreabha na talmhan, mar gheall ar ghlórthaibh eile na stoc atá le séideadh fós ag na trí h‐ainglibh. Agus do shéid an cúigeadh h‐aingeal, agus do chonnacas réalta do thuit ó neamh anuas ar an talamh: agus tugadh dhó eochair puill an duibheagáin. Agus d’fhoscail sé poll an duibheagáin; agus d’éirigh deatach ó’n bpoll, mar dheatach fóirnéise móire; agus do dhorchuigh an ghrian agus an t‐aer le deatach an phuill. Agus tháinig lócaistí amach ó’n deatach ar an talamh; agus tugadh cumhacht dóibh, ar nós na cumhachta atá ag scoirpiúnaibh na talmhan. Agus adubhradh leo gan dochar do dhéanamh d’fhéar na talmhan, ná d’aon nidh glas, ná d’aon chrann, acht do na daoinibh amháin nach bhfuil séala Dé ar chláraibh a n‐éadan. Agus tugadh de chumhacht dóibh, ní h‐é iad do mharbhadh, acht iad do chiapadh ar feadh cúig mhí: agus an phian do rinneadar, bhí sí cosmhail leis an bpéin do‐ghní scoirpiún ag cur a ghaoi i nduine dhó. Agus ins na laethibh sin béidh na daoine d’iarraidh bás d’fhágháil, agus ní bhfaighidh siad é; agus béidh siad ag súil le bás d’fhágháil, agus teichfidh an bás uatha. Agus do bhí na lócaistí cosmhail le h‐eachaibh gléasta chum cogaidh; agus do bhí ar a gceannaibh mar bhéadh coróineacha óir, agus do bhí a n‐aighthe cosmhail le h‐aighthibh daoine. Agus do bhí gruaig aca mar ghruaig na mban, agus do bhí a bhfiacla cosmhail le fiaclaibh na leomhan. Do bhí ucht‐chláir ortha do bhí cosmhail le h‐ucht‐chláraibh iarainn; agus do bhí fuaim a sciathán cosmhail le fuaim carbad fá n‐a lán capall ag rith chum catha. Do bhi earbaill do bhí cosmhail le scoirpiúnaibh, agus gatha aca; agus is ins na h‐earballaibh atá a gcumhacht chum bheith ag gortú daoine ar feadh cúig mhí. Atá aingeal an duibheagáin mar righ os a gcionn. Abaddón is ainm dó i nEabhrais, agus tugtar Apóilleon mar ainm air i nGréigis. Atá an chéad mhairg thart: féach, atá dhá mhairg eile le teacht fós. Agus do shéid an séamhadh h‐aingeal, agus do chualas an glór ag teacht ó adharcaibh na h‐altóra óir atá os cómhair Dé, g‐á rádh leis an séamhadh h‐aingeal ag a raibh an stoc, Scaoil na ceithre h‐aingle atá fá cheangail ag an abhainn mhóir, Eúfrátes. Agus do scaoileadh na ceithre h‐aingle do bhí ullmhuighthe fá chómhair na h‐uaire, agus an lae, agus na míosa, agus na bliadhna, chum an treas cuid de na daoinibh do mharbhadh. Agus dob’ é áireamh marc‐shluaigh an airm fiche míle fó dheich mílte: óir do chualas a n‐áireamh. Agus is mar seo do chonnacas na h‐eich san taidhbhreamh, agus na marcaigh do bhí ar muin ortha, ucht‐chláir ar dhath teineadh agus fuatha muice agus ruibhe ortha: agus atá cinn na n‐each cosmhail le ceannaibh leomhan; agus tháinig teine agus deatach agus ruibh as a mbéalaibh amach. Is leis na trí pláigheannaibh seo, leis an teinidh, agus leis an deatach, agus leis an ruibh tháinig as a mbéalaibh, do marbhadh an treas cuid de na daoinibh. Óir is ’n‐a mbéalaibh agus ’n‐a h‐earballaibh atá cumhacht na n‐each: óir atá a n‐earbaill cosmhail le nathrachaibh nimhe, agus atá cinn ortha; agus is leo‐san do‐ghní siad an dochar. Agus an chuid eile de na daoinibh do fágádh gan marbhadh leis na pláighibh seo, ní dhearnadar aithrighe i h‐oibreachaibh a lámh, chum nach ndéanfaidís adhradh d’íodhalaibh óir, agus airgid, agus práis, agus cloiche, agus adhmaid: atá gan radharc, gan éisteacht, gan neart siubhail: agus ní dhearnadar aithrighe ’n‐a ndúnmharbhthaibh, ná ’n‐a bpisreogaibh, ná ’n‐a striapachas, ná ’n‐a ngadaidheacht. Agus do chonnacas aingeal tréan eile ag teacht anuas ó neamh, néall mar chlúdach air, agus bogha ceatha os a chionn, agus do bhí a ghnúis cosmhail leis an ngréin, agus bhí a chosa cosmhail le colamhnaibh téineadh; agus do bhí leabhar beag ar fhoscailt ’n‐a láimh aige: agus do chuir sé a leath‐chos dheas ar an bhfairrge, agus a leath‐chos chlé ar an talamh; agus do ghlaodh sé de ghuth árd mar bhéiceas leomhan: agus nuair do ghlaodh, do labhair glórthaí na seacht dtóirneacha. Agus nuair do labhair na seacht dtóirneacha, do bhíos ar tí scríobhadh, agus do chualas an glór ó neamh adubhairt, Cuir séala ar na neithibh adubhairt na seacht dtóirneacha, agus ná scríobh iad. Agus an t‐aingeal do chonnacas ’n‐a sheasamh ar an bhfairrge agus ar an talamh, do thóg sé a lámh dheas suas chum neimhe, agus do dhearbhuigh sé ar an té mhaireas go saoghal na saoghal, an té do chruthuigh neamh agus a bhfuil ann, agus an talamh agus a bhfuil ann, agus an fhairrge agus a bhfuil innti, nach mbéidh tuilleadh moille: acht i laethibh glóir an seachtmhadh h‐aingil, nuair thosnuigheas sé ar shéideadh, annsin is eadh cóimhlionfar rúindiamhair Dé, do réir mar d’fhoillsigh sé d’á sheirbhíseachaibh, na fáidhe é. Agus an glór do chualas ag labhairt ó neamh, do labhair sé liom arís, agus adubhairt, Imthigh, glac an leabhar atá ar fhoscailt i láimh an aingil atá ’n‐a sheasamh ar an bhfairrge agus ar an talamh. Agus do chuadhas chum an aingil, agus d’iarras air an leabhar beag do thabhairt dom. Agus adubhairt seisean liom, Glac agus sluig siar é; déanfaidh sé do bholg searbh, acht béidh sé chómh milis le mil id’ bhéal. Agus do ghlacas an leabhar beag as láimh an aingil, agus do shluigeas siar é; agus do bhí sé chómh milis le mil im’ bhéal, acht nuair do bhí sé ithte agam, do rinneadh mo bholg searbh. Agus adubhradh liom, Caithfidh tú tarngaireacht do dhéanamh fós i dtaobh a lán poibleacha, agus cinidheach, agus teangthach, agus righthe. Agus tugadh dhom giolcach do bhí cosmhail le slait: agus adubhradh liom, Éirigh, tómhais teampall Dé, agus an altóir, agus na daoine atá ag adhradh annsin. Agus leig thart an chúirt atá taobh amuigh de’n teampall, agus ná tómhais í: óir atá sí tabhartha do na cinidheachaibh: agus gabhfaidh siad‐san de chosaibh ar an naomh‐chathair ar feadh dhá mhí agus dá‐fhichid. Agus do‐bhéarfad de chead dom’ bheirt fhiadhnaidhe tarngaireacht do dhéanamh ar feadh míle, dhá chéad agus trí fichid lá, agus éadach róin mar chlúdach ortha. Is iad seo an dá ola‐chrann agus an dá choinnleoir sheasuigheas os cómhair Tighearna an domhain. Aoinneach gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, tagann teine amach as a mbéal, agus slugann sí a náimhde: agus duine ar bith gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, is ar an gcuma sin marbhóchar é. Atá ar chumas dóibh an spéir do dhúnadh, chum nach dtuitfidh aon bháisteach ar feadh laethe a dtarngaireachta: agus atá ar chumas dóibh na h‐uiscí d’athrú ’n‐a bhfuil, agus an talamh do bhualadh le gach saghas pláighe, chómh minic agus is áil leo. Agus nuair bhéas a bhfiadhnaise críochnuighthe aca, an t‐ainmhidhe thig as an duibheagán, déanfaidh sé cogadh leo, agus buaidhfidh sé ortha, agus marbhóchaidh sé iad. Agus béidh a gcuirp sínte ’n‐a luighe i sráid na cathrach móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasadh a dTighearna, chómh maith. Agus béidh daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach cineadh ag dearcadh ar a gcorpaibh ar feadh trí lá go leith, agus ní leigfidh siad d’á gcorpaibh bheith g‐á gcúr i dtuama. Agus déanfaidh lucht áitreabha na talmhan gáirdeachas os a gcionn; agus cuirfidh siad tabhartaisí chum a chéile, de bhrigh gur chiapuigh an bheirt fháidh lucht áitreabha na talmhan. Agus i gcionn trí lá go leith, do chuaidh spiorad na beathadh tháinig ó Dia ionnta, agus d’éirigheadar ar a gcosaibh; agus tháinig crioth‐eagla mhór ar na daoinibh do chonnaic iad. Agus do chualadar glór mór ó neamh g‐á rádh leo, Gabhaidh aníos annso. Agus do chuadar suas ar neamh san néall; agus do chonnaic a náimhde iad. Agus an uair chéadna sin do bhí crioth mór talmhan ann, agus do thuit an deicheamhadh cuid de’n chathair ar lár, agus do marbhadh seacht míle duine san gcrioth talmhan agus do scannruigh an chuid eile dhíobh, agus thugadar glóir do Dhia na bhflaitheas. Atá deireadh leis an dara mairg: féach, atá an treas mairg ag teacht go luath. Agus do shéid an seachtmhadh h‐aingeal; agus do bhí glórtha móra ar neamh, adubhairt, Is le n‐ár dTighearna, agus le n‐a Chríost ríoghacht an domhain: agus riaghlóchaidh sé go saoghal na saoghal. Agus an ceathrar seanóir agus fiche atá ’n‐a suidhe ar a righ‐chathaoireachaibh os cómhair Dé, do thuiteadar ar a n‐aighthibh fútha, agus d’adhradar Dia, g‐á rádh, Do‐bheirimíd a bhuidheachas leat, a Thighearna Dia Uile‐chumhachtaigh, atá ann, agus do bhí ann, agus bhéas ann; gur ghabhais chugat do chumhacht, agus gur ghlacais réimeas ríogh. Agus d’éirigh na cinidheacha feargach, agus tháinig t’fhearg‐sa, agus tráth breitheamhnais na marbh, agus an tráth chum a luaigheacht do thabhairt dod’ sheirbhíseachaibh, na fáidhe, agus do na naomhaibh, agus do na daoinibh gur ab eagal leo t’ainm, idir bheag agus mhór; agus chum scriosadóirí na talmhan do scrios. Agus do foscladh teampall Dé ar neamh; agus do nochtadh airc a chonnartha istigh ’n‐a theampall; agus do bhí teinnteacha, agus glórtha, agus tóirneacha, agus crioth talmhan, agus cloich‐shneachta mór ann. Agus do nochtadh cómhartha mór san spéir; bean, agus an ghrian mar chlúdach uirthi, an ghealach fá n‐a cosaibh, agus coróin dá réalta déag ar a ceann; agus do bhí sí torrach, ag glaodhach amach le tinneas cloinne, agus í beo‐phianta chum leanbh do bhreith. Agus do nochtadh cómhartha eile san spéir; agus féach, dragún mór dearg, go raibh seacht gcloigne agus deich n‐adharca aige, agus do bhí seacht gcoróineacha ar na cloignibh. Agus do tharraing a earball an treas cuid de réaltanaibh na spéire ’n‐a dhiaidh, agus do theilg sé chum na talmhan iad: agus do sheasuigh an dragún os cómhair na mná do bhí ar tí an leanbh do bhreith, chum go sluigfeadh sé an leanbh chómh luath agus béarfaí é. Agus rug sí leanbh fir go raibh sé i ndán dó na cinidheacha uile do riaghlú le slait iarainn: agus do tógadh a leanbh suas chum Dé, agus chum a righ‐chathaoireach. Agus do theich an bhean isteach san bhfásach, mar a bhfuil áit fá n‐a cómhair ullamh ag Dia dhi, chum go mbeathóchaidhe í annsin ar feadh míle, dhá chéad agus trí fichid lá. Agus do bhí cogadh ar neamh: Micheál agus a aingle ag troid i h‐aghaidh an drágúin; agus do throid an dragún agus a aingle: agus níor éirigh an cath leo, agus ní fríth aon áit as sin amach dóibh ar neamh. Agus do teilgeadh síos an dragún mór, an tsean‐nathair nimhe, ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té mheallas an saoghal ar fad; do teilgeadh síos é go dtalamh, agus do teilgeadh a aingle síos i n‐éinfheacht leis. Agus do chualas glór árd ar neamh, g‐á rádh, Anois atá slánughadh, agus cumhacht, agus ríoghacht ár nDé, agus cumhacht a Chríost tagtha: óir atá éilightheoir ár mbráthar teilgthe síos, an té do bhí g‐á n‐éiliú i bhfiadhnaise ár nDé de ló agus d’oidhche. Agus rugadar buaidh air tré fhuil an Uain, agus tré bhriathar a bhfiadhnaise: agus níor chuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin. Déanaidh gáirdeachas d’á bhrigh sin, a fhlaitheasa, agus sibh‐se chómhnuigheas ionnta. Is mairg do’n talamh agus do’n fhairrge: óir atá an diabhal imthighthe síos chugaibh, agus fearg mhór air, agus a fhios aige nach bhfuil acht tamall beag i ndán dó. Agus ar n‐á fheicsin do’n dragún go raibh sé teilgthe síos chum talmhan, do rinne sé géirleanmhain ar an mnaoi rug an leanbh fir. Agus tugadh dhá sciathán an iolair mhóir do’n mhnaoi, chum go dteichfeadh sí go dtí n‐a h‐áit féin san bhfásach, mar a mbeathuightear í ar feadh tréimhse, agus dhá thréimhse, agus leath‐tréimhse i bhfad ó aghaidh an dragúin. Agus do chaith an nathair nimhe uisce mar abhainn amach as a bhéal i ndiaidh na mná, chum go scuabfadh sí chum siubhail í leis an sruth. Agus do chuidigh an talamh leis an mnaoi, agus d’fhoscail an talamh a béal agus do shluig sí siar an abha do bhí caithte ag an dragún amach as a bhéal. Agus d’éirigh an dragún feargach leis an mnaoi, agus d’imthigh sé chum cogadh do chur ar an gcuid eile d’á sliocht, ar lucht coimheádta aitheanta Dé, go bhfuil fiadhnaise Íosa aca. Agus do sheasuigh sé ar ghaineamh na mara. Agus do chonnacas ainmhidhe ag teacht aníos as an bhfairrge, deich n‐adharca aige agus seacht gcinn, agus deich gcoróineacha ar a adharcaibh, agus ainmneacha dia‐mhaslaidh ar a cheannaibh. Agus an t‐ainmhidhe do chonnacas, do bhí sé cosmhail le liobard, agus bhí a chosa cosmhail le cosaibh mathghamhna, agus bhí a bhéal cosmhail le béal leomhain: agus thug an dragún a neart, agus a árd‐chathaoir, agus cumhacht mhór dó. Agus do chonnacas ceann d’á cheannaibh mar bhéadh goin bháis air; agus do bhí an bhás‐ghoin leigheasta. Agus do bhí árd‐iongnadh ar an saoghal uile ag dul i ndiaidh an ainmhidhe; agus d’adhradar an dragún, toisc a chumhacht do thabhairt do’n ainmhidhe, g‐á rádh, Cia leis gur cosmhail an t‐ainmhidhe, agus cia h‐é fhéadas cogadh do chur air? Agus tugadh béal dó ag labhairt go mór‐mhaoidhteach, masluightheach; agus tugadh de chumhacht dó bheith ag oibriú ar feadh dhá mhí agus dá‐fhichid. Agus d’fhoscail sé a bhéal chum masladh do thabhairt do Dhia, agus d’á ainm, agus d’á áitreabh, agus do lucht aitreabha neimhe. Agus tugadh de chead dó cogadh do chur ar na naomhaibh, agus buaidh do bhreith ortha: agus tugadh cumhacht dó os cionn gach treibhe, agus pobail, agus teangan, agus cinidh. Agus bhéarfaidh lucht áitreabha na talmhan adhradh dhó, gach duine nach bhfuil a ainmh scríobhtha i leabhar beathadh an Uain do h‐íodhbaradh ó bhunadh an domhain. Aoinneach go bhfuil cluas aige, éisteadh sé. Cibé duine threoruigheas chum daor‐bhroide, is chum daor‐bhroide rachas sé; cibé duine mharbhas le claidheamh, ní foláir a mharbhadh féin le claidheamh. Annso is eadh atá foighid agus creideamh na naomh. Agus do chonnacas ainmhidhe eile ag teacht aníos as an talamh agus dhá adhairc do bhí cosmhail le h‐adharcaibh uain aige, acht do labhair sé mar labharfadh dragún. Agus oibrigheann sé smacht an chéad ainmhidhe ’n‐a fhiadhnaise, agus cuireann sé d’fhiachaibh ar a bhfuil ar talamh ’n‐a gcómhnaidhe ann adhradh do thabhairt do’n chéad ainmhidhe go raibh a ghoin bháis leigheasta. Agus ghníonn sé míorbhailtí móra, chum teine féin do tharraing anuas ó neamh ar an talamh i bhfiadhnaise na ndaoine. Agus meallann sé lucht áitreabha na talmhan leis na miorbhailtibh tugadh le déanamh dhó i bhfiadhnaise an ainmhidhe, g‐á rádh le lucht áitreabha na talmhan íomháigh do dhéanamh do’n ainmhidhe fuair an ghoin ó’n gclaidheamh, agus do mhair beo. Agus tugadh de chumhacht dó anál do thabhairt d’íomháigh an ainmhidhe, chum go labharfadh íomháigh an ainmhidhe, agus chum go ndéanfadh sé an méid daoine nach dtiubhradh adhradh do’n ainmhidhe do chur chum báis. Agus cuireann sé d’fhiachaibh ar an uile dhuine, idir bheag agus mhór, shaidhbhir agus bhocht, shaor agus dhaor, marc do glacadh chuca ar a láimh dheis, nó ar chlár a n‐éadain; agus gan cumas bheith ag aon duine rud do cheannach ná do dhíol, acht ag an té amháin ar a mbéadh marc, nó uimhir an ainmhidhe. Atá gábhadh le h‐aigeantacht annso. An té go bhfuil tuigsin aige, cómhaireadh sé uimhir an ainmhidhe, óir is uimhir duine í; agus is í is uimhir dó, Sé céad, trí fichid, a sé. Agus do dhearcas, agus féach, an tUan ’n‐a sheasamh ar chnoc Síoin, agus céad ceathrar agus dá fhichid míle duine ’n‐a fhochair, agus a ainm‐sean agus ainm a Athar scríobhtha ar chláraibh a n‐éadain. Agus do chualas glór ó neamh, mar thorann uiscí iomhdha, agus mar fhuaim tóirnighe móire: agus an glór do chualas, do bhí sé mar bhéadh cláirseoirí ag seinm ceoil ar a gcláirseachaibh: agus do bhíodar ag canadh amhráin, mar bhéadh amhrán úr‐nua, ós cómhair na righ‐chathaoireach, agus os cómhair na gceithre n‐ainmhidhe, agus os cómhair na seanóir: agus ní raibh ar chumas d’aoinneach an t‐amhrán sin d’fhoghlaim, acht amháin do’n chéad ceathrar, agus dá fhichid míle duine do bhí ceannuighthe as a raibh ar talamh. Is iad‐san iad nár shaluigh iad féin le mnáibh; óir is ar staid óghachta atáid. Is iad‐san leanas an tUan cibé áit ’n‐a dtéigheann sé. Is iad do ceannuigheadh as lár na ndaoine chum bheith ’n‐a gcéad‐thorthaibh do Dhia agus do’n Uan. Agus ní raibh bréag le fágháil ariamh ’n‐a mbéal: atáid gan smál. Agus do chonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraidhe aige le n’fhógairt do lucht áitreabha na talmhan, agus do gach cineadh, agus treibh, agus teangain, agus pobal; agus dubhairt sé de ghuth árd, Bíodh eagla Dé oraibh, agus tabhraidh glóir dó; óir atá uair a bhreitheamhnais tagtha: agus déanaidh adhradh do’n té do rinne neamh agus talamh agus muir agus toibreacha an uisce. Agus do lean aingeal eile, g‐á rádh, Is í atá tuitthe, tuitthe, an Bhaibiolóin Mhór, thug fá deara ar na cinidheachaibh fíon díbheirge a striapachais d’ól. Agus do lean an treas aingeal g‐á rádh de ghuth árd, Má bheireann aoinneach adhradh do’n ainmhidhe agus d’á íomháigh, agus má ghlacann sé marc ar chlár a éadain, nó ar a láimh, ólfaidh sé d’fhíon díbheirge Dé, atá doirtthe gan meascadh i gcupán a fheirge; agus ciapfar é le teinidh agus le ruibh i bhfiadhnaise na naomh‐aingeal, agus i bhfhiadhnaise an Uain: agus béidh deatach a ghéar‐chrádha ag dul suas i n‐áirde go saoghal na saoghal; agus ní bhíonn suaimhneas de ló ná d’oidhche aca‐san do‐ghní adhradh do’n ainmhidhe agus d’á íomháigh, ná ag aon duine ghlacas chuige marc a ainme. Annso is eadh atá foighid na naomh, lucht choimheádta aitheanta Dé agus creidimh Íosa. Agus do chualas glór ó neamh, g‐á rádh, Scríobh, Is beannuighthe na mairbh do‐gheibh bás san Tighearna ó’n am so feasta: Is eadh, adeir an Spiorad, chum go bhfaighidh siad suaimhneas ó n‐a saothar; óir leanann a ngníomhartha iad. Agus do dhearcas, agus féach, néall geal, agus an té do bhí cosmhail le Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar an néall, coróin óir ar a cheann, agus corrán géar ’n‐a láimh aige. Agus tháinig aingeal amach as an teampall, g‐á ghlaodhach de ghuth árd chuige‐sean do bhí ’n‐a shuidhe ar an néall, Cuir isteach do chorrán gear, agus bí ag baint: óir atá an t‐am chum bainte tagtha; óir atá fóghmhar na talmhan thar a bheith aibidh. Agus an té do bhí ’n‐a shuidhe ar an néall, do chaith sé a chorrán ar an talamh; agus do baineadh fóghmhar na talmhan. Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall atá ar neamh, agus corrán géar aige‐sean, leis. Agus tháinig aingeal eile amach ó’n altóir, ag a raibh cumhacht ar theinidh aige; agus do ghlaodh sé de ghuth árd chuige‐sean go raibh an corrán géar aige, g‐á rádh, Cuir isteach do chorrán géar agus bailigh caora fineamhna na talmhan; óir atá a caora lán‐aibidh. Agus do chaith an t‐aingeal a chorrán ar an talamh, agus do bhailigh sé caora fíneamhna na talmhan, agus do chaith sé isteach i n‐iomar mór díbheirge Dé iad. Agus do sataluigheadh an t‐iomar taobh amuigh de’n chathair, agus tháinig fuil amach ó’n iomar chómh h‐árd le sriantaibh na gcapall, ar feadh mile agus sé céad staid. Agus do chonnacas cómhartha mór eile ar neamh, cómhartha mór, iongantach, seacht n‐aingle agus seacht bpláigheanna aca, na pláigheanna deireannacha óir is leo‐san cóimhlíontar díbheirg Dé. Agus do chonnacas mar bhéadh fairrge ghloine, agus í measctha le teinidh; agus iad‐san tháinig go buadhach ó’n ainmhidhe, agus ó n‐a íomháigh, agus ó uimhir a ainme, ’n‐a seasamh le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseacha Dé aca. Agus do bhíodar ag canadh amhráin Mhaoise seirbhísigh Dé, agus amhráin an Uain, g‐á rádh, Is mór, iongantach iad t’oibreacha, a Thighearna, a Dhia Uile‐chumhachtaigh. Is cóir, fírinneach iad do shlighthe, a Righ na gcinidheach. Cia h‐é nach mbéidh eagla air rómhat, a Thighearna, agus nach dtiubhraidh glóir dot’ ainm? Óir is tusa amháin atá naomhtha; agus tiocfaidh na cinidheacha uile agus sléachtfaidh siad rómhat; óir atá do bhreitheamhnaisí lán‐fhoillsighthe. Agus tar éis na neithe seo do dhearcas, agus do foscladh teampall tabernacail na fiadhnaise ar neamh: agus na seacht n‐aingle go raibh na seacht bpláigheanna aca, tháinig siad amach as an teampall, línéadach glan‐úr umpa, agus creasa óir i dtimcheall a n‐ucht ortha. Agus thug ceann de na ceithre h‐ainmhidhthibh seacht soithighe óir do na seacht n‐ainglibh, agus iad lán de dhíbheirg Dé mhaireas go saoghal na saoghal. Agus do líonadh an teampall de dheatach ó ghlóir Dé, agus ó n‐a chumhacht; agus níor fhéad aoinneach dul isteach san teampall nó go raibh deireadh déanta de sheacht bpláigheannaibh na seacht n‐aingeal. Agus do chualas árd‐ghlór ó’n teampall, g‐á rádh leis na seacht n‐ainglibh, Imthighidh rómhaibh, agus doirtidh amach seacht soithighe dhíbheirge Dé ar an talamh. Agus d’imthigh an chéad aingeal, agus do dhoirt sé a shoitheach amach ar an talamh; agus d’éirigh neascóid nimhneach, ghoimheach ar na daoinibh go raibh marc an ainmhidhe ortha, agus do rinne adhradh d’á íomháigh. Agus do dhoirt an dara h‐aingeal a shoitheach isteach san bhfairrge; agus do rinne sé fuil mar fhuil duine mhairbh di; agus d’éag gach rud beo, gach a raibh san bhfairrge. Agus do dhoirt an treas aingeal a shoitheach isteach ins na h‐aibhnibh agus ins na toibreachaibh uisce. Agus do rinneadh fuil díobh. Agus do chualas aingeal na n‐uiscí g‐á rádh, Is tusa atá cóir, cothrom, tusa atá agus do bhí ann an tAon Naomhtha, de chionn an bhreitheamhnais atá déanta agat: óir do dhoirteadar‐san fuil na naomh agus na bhfáidh, agus thugais‐se fuil le n’ól dóibh, mar bhí sé tuillte aca. Agus do chualas glór ó’n altóir, g‐á rádh, Is eadh, a Thighearna, a Dhia Uile‐chumhachtaigh, is fírinneach cothrom iad do bhreitheamhantaisí. Agus do dhoirt an ceathramha h‐aingeal a shoitheach amach ar an ngréin, agus tugadh de chumhacht di na daoine do loscadh le teinidh. Agus do bhí na daoine d’á loscadh le dian‐teas mór, agus do mhasluigheadar ainm an Dé go raibh smacht ar na pláigheannaibh seo aige; agus ní dhearnadar aithrighe chum glóir do thabhairt dó. Agus do dhoirt an cúigeadh h‐aingeal a shoitheach amach ar árd‐chathaoir an ainmhidhe; agus d’éirigh a ríoghacht dorcha; agus do bhí na daoine ag cogaint a dteangthacha le neart péine, agus do mhasluigheadar Dia neimhe mar gheall ar a bpiantaibh agus ar a neascóidibh: agus ní dhearnadar aithrighe ’n‐a míghníomharthaibh. Agus do dhoirt an séamhadh h‐aingeal a shoitheach amach ar an abhainn mhóir Eúfrátes; agus do thiormuigh a h‐uisce, chum bealach do réidhteach do na righthibh ó’n domhan thoir. Agus do chonnacas trí spioraidí neamh‐ghlana do bhí cosmhail le luascánaibh, ag teacht amach as béal an dragúin, agus as béal an ainmhidhe, agus as béal an fháidh bhréige: óir is spioraidí deamhan iad, ag oibriú míorbhailtí, théigheas amach chum righthe an domhain uile, chum iad do chruinniú le chéile fá chómhair cogaidh lae mhóir Dé Uile‐chumhachtaigh. (Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire). Agus do cruinnigheadh le chéile iad san áit ar a dtugtar i nEabhrais, Nar‐Magedón. Agus do dhoirt an seachtmhadh h‐aingeal a shoitheach amach san aer; agus tháinig árd‐ghlór amach as an teampall, ó’n righ‐chathaoir, g‐á rádh, Atá sé déanta: agus do bhí teinteacha, agus glórtha, agus tóirneacha ann; agus do bhí crioth mór talmhan ann, crioth talmhan nach raibh a leithéid ann ó bhí daoine ar domhan, a uamhnaighe do bhí sé. Agus do briseadh an chathair mhór ’n‐a trí codachaibh, agus do thuit cathracha na gcinidheach ar lár: agus do chuimhnigh Dia ar an mBaibiolóin mhóir, chum cupán fíona a dhíbheirge móire do thabhairt le n’ól di. Agus do theich gach uile oileán, agus ní raibh na sléibhte le fágháil. Agus do thuit cloich‐shneachta mór, chómh trom le talainn, anuas ó’n spéir ar na daoinibh: agus do mhasluigh na daoine Dia mar gheall ar phláigh an chloich‐shneachta; óir do bhí an phláigh sin an‐mhór. Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe aca, agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit breitheamhnas na méirdrighe móire atá suidhte ar uiscibh iomdha. Do chleacht righthe an domhain drúis léi, agus do cuireadh lucht áitreabha na talmhan ar meisce le fíon a drúise. Agus rug sé leis mé san Spiorad isteach i bhfásach, agus do chonnacas bean ’n‐a suidhe ar ainmhidhe do bhí ar dhath corcra, é lán d’ainmneachaibh dia‐mhaslaidh, agus seacht gcinn agus deich n‐adharca aige. Agus do bhí an bhean clúduighthe fá éadaighibh caoir‐dhearga agus corcra, agus do bhí sí maisighthe le h‐ór agus le clochaibh luachmhara agus le péarlaibh, agus do bhí cupán óir ’n‐a láimh aici, agus é lán de dheistean agus de bhréantas a drúise, agus do bhí ainm scríobhtha ar chlár a h‐éadain, Rúindiamhair, An Bhaibiolón Mhór, Máthair Méirdreach agus Déistin na Talmhan. Agus do chonnacas an bhean ar meisce le fuil na naomh, agus le fuil mairtíreach Íosa. Agus ag amharc dom uirthi, tháinig árd‐iongnadh orm. Agus adubhairt an t‐aingeal liom, Cad chuige an t‐iongnadh sin ort? Míneochad‐sa dhuit rúindiamhair na mná agus an ainmhidhe iomcharas í, go bhfuil na seacht gcinn agus na deich n‐adharca aige. An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht. Annso atá riachtanas le h‐aigne thuigseanaigh. Na seacht gcinn úd do chonnacais, ar a bhfuil an bhean ’n‐a suidhe, seacht gcnuic is eadh iad: agus is seacht righthe iad, leis; atá cúig cinn díobh tuitthe ar lár, atá ceann amháin díobh beo, ní fhuil an ceann eile tagtha fós; agus nuair thiocfas sé, caithfidh sé fanamhain tamall beag. Agus an t‐ainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil ann, is é an t‐ochtmhadh ceann é, agus baineann sé leis na seacht gceannaibh eile; agus atá sé ar an slighe chum léirscriosta. Agus na deich n‐adharca do chonnacais, is deich righthe iad nach bhfuair ríoghacht fós; acht go‐gheibh siad cumhacht mar righthe, ar feadh uaire, i n‐éinfheacht leis an ainmhidhe. Atá siad so ar aon chomhairle, agus do‐bheir siad a neart agus a gcumhacht do’n ainmhidhe. Cuirfidh siad cogadh ar an Uan, agus buaidhfidh an tUan ortha, óir is é Tighearna na dtighearna agus Rí na righthe é: agus buaidhfidh siad‐san atá i n‐éinfheacht leis: do glaodhadh, agus do toghadh iad, agus tá siad dílis. Agus adubhairt sé liom, Na h‐uiscí úd do chonnacais, mar a bhfuil an mhéirdeach ’n‐a suidhe, is poibleacha, agus sluaighte, agus cinidheacha, agus teangthacha iad. Agus na deich n‐adharca do chonnacais, agus an t‐ainmhidhe, bhéarfaidh siad fuath do’n mhéirdrigh, agus fágfaidh siad tréigthe, lomnocht í, agus íosaidh siad a feoil, agus dóighfidh siad le teinidh í. Óir do chuir Dia ’n‐a gcroidheachaibh a thoil do dhéanamh, agus a bheith ar aon chómhairle, agus a ríoghacht do thabhairt do’n ainmhidhe, nó go gcóimhlíontar briathra Dé. Agus an bhean do chonnacais, ís í an chathair mhór í, go bhfuil réimeas aici ar righthibh an domhain. Tar éis na neithe seo do chonnacas aingeal eile ag teacht anuas ó neamh, agus cumhacht mhór aige; agus do lonnruigh an talamh le n‐a ghlóir. Agus do ghlaodh sé amach de ghuth árd, g‐á rádh, Tuitthe! tuitthe! atá sí tuitthe, an Bhaibiolóin Mhór, agus atá áitreabh deamhan déanta dhi, agus uachais do gach spiorad neamh‐ghlan, agus carcair do gach éan neamh‐ghlan, adhfhuathmhar. Óir atá na cinidheacha go léir tuitthe ar lár de dheascaibh fíona díbheirge a drúise; agus do chleacht righthe an domhain drúis léi, agus d’éirigh ceannaidhthe an domhain saidhbhir de bhárr a sadhaile. Agus do chualas glór éile ó neamh, g‐á rádh, Tagaidh amach aisti, a phobail liom, chum nach mbéidh aon roinn libh ’n‐a peacaidhibh, agus nach dtógfaidh sibh cuid d’á pláighibh: óir atá a peacaidhe ’n‐a gcarn go neamh, agus do chuimhnigh Dia ar a míghníomarthaibh. Cúitighidh‐se léi do réir mar chúitigh sise libh, agus tabhraidh dhá oiread dhi agus thug sise dhaoibh: meascaidh‐se dhi go dúbalta san gcupán ’n‐ar mheasc sise. Dá mhéid dár éirigh sí mórtasach, sáitheach i sadhaile, tabhraidh‐se dhi an oiread céadna de chiapadh agus de dhoilgheas: óir adeir sí ’n‐a croidhe, Atáim im’ shuidhe im’ bhainrioghain, ní baintreabhach mé, agus ní fheicfead lá bróin. Ar an adhbhar sin, san aon lá amháin, tiocfaidh a pláigheanna, an bás, agus an brón, agus an gorta; agus dóighfear í ar fad le teinidh, óir is láidir é an Tighearna Dia thug breitheamhnas uirthi. Agus righthe an domhain do chleacht drúis léi, agus do chaith a saoghal i sadhaile i n‐éinfheacht léi, béidh siad ag gol agus ag caoineadh mar gheall uirthi, ar amharc dóibh ar dheatach a dóighte, ’n‐a seasamh dhóibh i bhfad uaithi le crith‐eagla mar gheall ar a ciapadh, g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mhór, Baibiolóin, an chathair thréan! óir i n‐aon uair amháin atá do bhreitheamhnas tagtha ort. Agus atá ceannaidhthe an domhain ag gol agus ag caoineadh mar gheall uirthi, toisc gan duine bheith ann cheannóchas a thuilleadh d’á luchtaibh: luchta óir agus airgid, agus cloch luachmhar, agus péarlaí, agus línéadaigh mhín, agus corcra, agus síoda, agus caoir‐dheirge; agus gach saghas adhmaid liomóide, agus gach saghas soithigh déid, agus gach saghas soithigh atá déanta d’adhmad luachmhar, agus d’umha, agus d’iarann, agus de mharmar; agus cainéal, agus spíosraí, agus balsam, agus miorr, agus túis, agus fíon, agus mion‐phlur, agus cruithneacht, agus eallach, agus caoirigh: agus capaill agus carbaid, agus cuirp agus anmanna daoine. Agus na tortha gur chuir t’anam dúil ionnta, atá siad imthighthe uait, agus atá gach uile nidh glé‐mhaiseach, glórmhar, imthighthe uait, agus ní bhfaighfear iad arís go deoidh. Ceannaidhthe na neithe seo d’éirigh saidhbhir tríthi, seasóchaidh siad i bhfad uaithi, ar eagla a ciaptha, ag gol agus ag déanamh bróin: g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mór do bhíodh clúduighthe le línéadach mín, agus le corcra, agus le h‐éadach caoir‐dhearg, agus do bhíodh maisighthe le h‐ór, agus le seodaibh luachmhara, agus le péarlaibh! óir i n‐aon uair amháin do scriosadh an mór‐shaidhbhreas úd. Agus gach caiptín luinge, agus gach duine do‐ghní maraidheacht, agus gach fuireann luinge, agus gach dream do‐ghní tráchtáil mara, d’fhanadar ’n‐a seasamh i bhfad uaithi, agus do ghlaodhadar amach, ar dearcadh dhóibh ar dheatach a dóighte, g‐á rádh, Cia an chathair do bhí cosmhail leis an gcathair mhóir seo? Agus do chaitheadar luaithreadh ar a gceannaibh, agus do liúghadar, ag caoineadh agus ag déanamh bróin, g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mhór mar ar éirigh an uile dhuine ag a raibh loingeas ar muir acfuinneach de bhárr a saidhbhris mhóir! óir i n‐aon uair amháin do scriosadh í! Déanaidh gáirdeachas mar gheall uirthi, a fhlaitheasa, agus a naomha, sibh‐se a abstala agus sibh‐se a fháidhe; óir atá díoghaltas déanta uirthi ag Dia dhaoibh. Agus do thóg aingeal tréan‐láidir cloch do bhí cosmhail le cloich mhóir mhuilinn, agus do theilg sé isteach san bhfairrge í, g‐á rádh, Mar seo is eadh leagfar go tréan‐adhbhal Baibilóin, an chathair mhór, agus ní bhéidh sí le fágháil arís go deoidh. Agus ní cluinfear fuaim cláirseora, ná ceoltóra, ná fliúiteora, ná trompadóra ionnat arís go deoidh; agus ní bhéidh ceárdaidhe de cheird ar bith le fágháil ionnat arís go deoidh; agus ní cluinfear fuaim brón ionnat arís go deoidh; agus ní bhéidh solas lampa ag soillsiú ionnat arís go deoidh; agus ní cluinfear guth an fhir nua‐phósta, ná guth mná nua‐phósta ionnat arís go deoidh: óir ba iad daoine móra na talmhan do cheannaidhthe; agus is led’ dhraoidheacht do mealladh na cinidheacha go léir. Agus is innti‐se fríth fuil na bhfáidh agus na naomh, agus fuil ar marbhadh ar domhan. ’Na dhiaidh sin do chualas mar bhéadh árd‐ghlór mór‐shluaigh ar neamh, g‐á rádh, Allelúia! Is le n‐ár nDia an slánughadh, agus an ghlóir, agus an chumhacht: óir is fírinneach, cóir iad a bhreitheamhnaisí óir atá breitheamhnas tugtha aige ar an méirdrigh mhóir do thruailligh an domhan le n‐a striapachas, agus atá díoghaltas déanta aige ar son fola a sheirbhíseach atá doirtthe ag a láimh. Agus adubhradar Allelúia! an dara h‐uair. Agus éirigheann a deatach i n‐áirde go saoghal na saoghal. Agus do thuit an ceathrar agus fiche seanóir agus na ceithre h‐ainmhidhthe síos, agus d’adhradar Dia atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, g‐á rádh, Amen; Allelúia! Agus tháinig glór amach ó’n righ‐chathaoir, g‐á rádh, Molaidh ár nDia, sibh‐se uile, a sheirbhíseacha, agus sibh‐se, idir bheag agus mhór, go bhfuil eagla oraibh roimhe. Agus do chualas mar bhéadh glór mór‐shluaigh, agus mar béadh torann uiscí iomdha, agus mar bhéadh torann tóirnighe tréine, g‐á rádh Allelúia! óir riaghluigheann an Tighearna, ár nDia Uile‐chumhachtach anois. Bíodh árd‐áthas agus luthgháir mhór orainn, agus tugaimís glóir dó: óir atá bainis an Uain tagtha, agus atá a bhean ullamh. Agus tugadh de chéad di í féin do chlúdú le línéadach mín‐gheal, glan‐úr: óir is é an línéadach mín gníomhartha fíréanta na naomh. Agus adubhairt sé liom, Scríobh, Is beannuighthe na daoine fuair cuireadh chum suipéir bainse an Uain. Agus adubhairt sé liom, Briathra fírinneacha Dé is eadh iad so. Agus do thuiteas síos ag a chosaibh chum adhradh do dhéanamh dhó; acht adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh go bhfuil fiadhnaise Íosa aca: déan adhradh do Dhia, óir is í fiadhnaise Íosa spiorad na tarngaireachta. Annsin do chonnacas neamh ar fhoscailt; agus féach, each bán, agus an té do bhí ar muin air, tugadh Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an chirt do‐ghní sé breitheamhnas, agus chuireann sé cogadh. Agus atá a shúilí ’n‐a lasair teineadh, agus atá a lán coróineach ar a cheann; agus atá ainm scríobhtha air nach aithnid d’aon duine acht dó féin. Agus atá sé clúduighthe le h‐éadach do tomadh i bhfuil: agus is é ainm tugtar air, Briathar Dé. Agus na sluaighte atá ar neamh do bhíodar g‐á leanmhain ar éachaibh bána, agus iad clúduighthe le línéadach mín‐gheal, glan‐úr. Agus atá claidheamh géar ar síneadh as a bhéal, chum na cinidheacha do bhualadh leis, agus riaghlóchaidh sé le slait iarainn iad: agus satalóchaidh sé d’á chois iomar fíona dian‐fheirge Dé Uile‐chumhachtaigh. Agus atá ainm scríobhtha ar a éadach agus ar a cheathramhain, Rí na Righthe, agus Tighearna na dTighearna. Agus do chonnacas aingeal amháin ’n‐a sheasamh san ngréin; agus do ghlaodh sé de ghuth árd, g‐á rádh leis na h‐éanlaithibh go léis do bhí ar eiteall i lár na spéire, Tigidh, cruinnighidh le chéile fá chómhair suipéir mhóir Dé; chum feoil na righthe d’ithe, agus feoil na dtaoiseach míleata, agus feoil na ndaoine tréan, agus feoil na gcapall agus na marcach atá ar muin ortha, agus feoil an uile dhuine, idir shaor agus dhaor, idir bheag agus mhór. Agus do chonnacas an t‐ainmhidhe agus righthe an domhain, agus a shluaighte cruinnighthe le chéile chum cogadh do chur ar an té do bhí ar muin an eich, agus le n‐a shluagh‐san. Agus do gabhadh an t‐ainmhidhe, agus i n‐éinfheacht leis, an fáidh bréige do rinne na míorbhailtí ’n‐a fhiadhnaise, le n‐ár mheall sé an dream do ghlac marc an ainmhidhe chuca, agus an dream thug adhradh d’á íomháigh. Do teilgeadh iad araon beo amach i loch teineadh atá ar dearg‐lasadh le ruibh. Agus do marbhadh an chuid eile dhíobh leis an gclaidheamh do bhí ar síneadh as béal an té do bhí ar muin an eich: agus d’ith na h‐éanlaithe go léir a sáith d’á bhfeoil. Agus do chonnacas aingeal ag teacht anuas ó neamh, agus eochair an duibheagáin agus slabhradh mór ’n‐a láimh aige. Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐nathair nimhe, gur ab é an Diabhal agus Sátan é, agus do cheangail sé míle bliadhain é, agus do theilg sé isteach san duibheagán é, agus do dhún sé é, agus chuir sé seala air ionnas nach meallfadh sé na cinidheacha a thuilleadh, nó go raibh deireadh leis an míle bliadhain. ’N‐a dhiaidh sin ní foláir a scaoileadh ar feadh tamaill bhig. Agus do chonnacas árd‐chathaoireacha; agus duine ’n‐a suidhe ionnta go dtugadh de chead dóibh breitheamhnas do thabhairt: agus do chonnacas anmanna na ndaoine do di‐cheannuigheadh ar son fiadhnaise Íosa, agus ar son briathair Dé, agus nach dtug adhradh do’n ainmhidhe, ná d’á íomháigh, agus nár ghlac chuca a marc ar chlár a n‐éadain, ná ar a láimh; agus thángadar ’n‐a mbeathaidh, agus do riaghluigheadar i bhfochair Íosa míle bliadhain. Acht ní tháinig an chuid eile de na marbhaibh ’n‐a mbeathaidh nó go raibh an míle bliadhain istigh. Is í seo an chéad aiséirghe. Is beannuighthe, naomhtha iad‐san go bhfuil páirt aca san gcéad aiséirghe: ní fhuil cumhacht ar bith ag an dara bás ortha; acht béidh siad ’n‐a sagartaibh do Dhia agus do Chríost, agus riaghlóchaidh siad i n‐éinfheacht leis ar feadh míle bliadhan. Agus nuair bhéas deireadh leis an míle bliadhain, scaoilfear Sátan as a phríosún, agus tiocfaidh sé amach chum na gcinidheach atá i gceithre h‐áirdibh an domhain, Góg agus Magóg, do mhealladh agus do chruinniú le chéile chum cogaidh. Ní lia gaineamh na fairrge ’ná iad, agus do chuadar suas tar leithead na talmhan, agus d’iomshuidheadar campa na naomh agus an chathair ionmhain: agus tháinig teine anuas ó neamh, agus do shloig sí iad. Agus do teilgeadh an diabhal do mheall iad isteach i loch na teineadh agus na ruibhe, mar a bhfuil an t‐ainmhidhe agus an fáidh bréige; agus béidh siad d’á gciapadh de ló agus d’oidhche go saoghal na saoghal. Agus do chonnacas righ‐chathaoir mhór, gheal, agus an té do bhí ’n‐a shuidhe innti, gur theich an talamh agus neamh ó n‐a ghnúis; agus ní raibh áit le fágháil dóibh. Agus do chonnacas na mairbh, idir bheag agus mhór, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach; agus do foscladh na leabhair: agus do foscladh leabhar eile, is é leabhar na beathadh é: agus tugadh breitheamhnas ar na marbhaibh as a raibh scríobhtha ins na leabhraibh, do réir a ngníomhartha. Agus thug an fhairrge uaithi na mairbh do bhí innti; agus thug an bás agus Hádes uatha na mairbh do bhí ionnta: agus tugadh breitheamhnas ar gach aon duine aca do réir a ghníomhartha. Agus do teilgeadh an bás agus Hádes amach i loch na teineadh. Is é seo an dara bás. Agus cibé duine nach bhfríth scríobhtha i leabhar na beathadh, do teilgeadh é amach i loch na teineadh. Agus do chonnacas neamh úr‐nua agus talamh úr‐nua: óir do bhí an chéad neamh agus an chéad talamh imthighthe, agus ní raibh an fhairrge ann ní ba mhó. Agus do chonnacas an naomh‐chathair, Iarúsalem nua, ag teacht anuas ó Dhia as na flaitheasaibh, í gléasta mar bhéadh bean nua‐phósta maisighthe fá chómhair a fir. Agus do chualas árd‐ghlór ó’n righ‐chathaoir, g‐á rádh, Féach, atá tabernacal Dé ag daoinibh, agus déanfaidh sé cómhnaidhe i n‐éinfheacht leo, agus béidh siad ’n‐a bpobal aige, agus béidh Dia féin ’n‐a bhfochair, agus béidh sé aca mar Dhia: agus glanfaidh sé gach deor d’á súilibh, agus ní bhéidh an bás ann níos mó; ní bhéidh, ná brón, ná caoineadh, ná pian; óir atá na chéad neithe imthighthe ar ceal. Agus an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, adubhairt sé, Féach, atáim ag déanamh an uile nidh as an nua. Agus adubhairt sé, Scríobh: óir is fírinneach, ionnraic na briathra so. Agus adubhairt sé liom, Atá sé déanta, Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tosach agus an deireadh. Do’n té go bhfuil tart air do‐bhéarfad le n’ól de thobar uisce na beathadh i n‐aisce dhó. An té bheireas buaidh, béidh sé ’n‐a oidhre ar na neithibh seo: agus béidhead mar Dhia aige, agus béidh seisean mar mhac agam‐sa. Acht maidir leis na daoinibh meathta, mí‐chreidmheacha, gráineamhla, agus leis na dúnmharbhthóiribh, leis na drúiseoiribh, leis na draoidheadóiribh, agus leis na h‐íodhal‐adhrathóiribh, agus le lucht na mbréag ar fad, gheobhaid‐sean a gcuid féin san loch atá ar dearg‐lasadh le teinidh agus le ruibh; is é sin an dara bás. Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe líonta de na seacht bpláigheannaibh deireannacha aige; agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit an bhean nua‐phósta, bean an Uain. Agus rug sé leis mé san Spiorad go dtí sliabh mór árd, agus do thaisbeáin sé dhom an naomh‐chathair, Iarúsalem, ag teacht anuas as na flaitheasaibh ó Dhia, agus glóir Dé uirthi. Do bhí a deallramh cosmhail le cloich shár‐luachmhair, mar bhéadh cloch iaspair, chómh soillseach le criostal. Do bhí balla mór, ard aici, agus bhí dhá gheata déag ann, agus do bhí dhá aingeal déag ag na geataibh, agus ainmneacha scríobhtha ortha, ainmneacha dhá threibh déag cloinne Israel. Do bhí trí gheata ar an taobh thoir di; trí gheata ar an taobh thuaidh dhí; trí gheata ar an taobh theas di; agus trí gheata ar an taobh thiar di. Agus do bhí dhá fhotha déag fá’n gcathair, agus dhá ainm déag dhá abstal déag an Uain ortha. Agus an té do bhí ag labhairt liom, bhí giolcach óir mar mhiosúr aige chum an chathair, agus na geataí, agus an balla do thómhas. Agus atá an chathair bunuighthe go ceathair‐cheárnach, agus is ionann faide agus leithead di: agus do thómhais sé an chathair leis an ngiolcach, dhá mhíle déag staid: is ionann faide agus leithead agus áirde dhi. Agus do thómhais sé an balla, céad, dá fhichid is ceithre cubhaid, do réir miosúir duine, is é sin miosúr aingil. Agus do bhí an balla déanta de iaspar: agus bhí an chathair ’n‐a h‐ór glan, cosmhail le gloine shoillsigh. Do bhí fothaí balla na cathrach maisighthe le clochaibh luachmhara de gach saghas; ba chloch iaspair an chéad fhotha; saifír an dara fotha, cailcéadón an tréas fotha; smaragaid an ceathramha fotha; sárdónics an cúigeadh fotha; sáird an sémhadh fotha; criosalít an seachtmhadh fotha, béiril an t‐ochtmhadh fotha; tópás an naomhadh fotha; criosófrás an deicheamhadh fotha; iacint an t‐aonmhadh fotha déag; aimitist an dara fotha déag. Agus dhá phéarla déag ab eadh an dá gheata déag; do bhí gach geata ar leith déanta d’aon phéarla amháin; agus bhí sráid na cathrach ’n‐a h‐ór glan‐úr, mar bhéadh gloine shoillseach. Agus ní fhacas aon teampall istigh innti: óir is é an Tighearna Uile‐chumhachtach, mar aon leis an Uan, is teampall di. Agus ní fhuil gábhadh ag an gcathair leis an ngréin, ná leis an ngealaigh chum í do shoillsiú: óir soillsigheann glóir Dé í, agus is é an tUan is solas di. Agus siubhalfaidh na cinidheacha fá n‐a solas: agus béarfaidh righthe na talmhan a nglóir isteach innti. Agus ní dúnfar a geataí de ló (óir ní bhéidh aon oidhche annsin): agus béarfar glóir agus gradam na gcinidheach isteach innti: agus ní rachaidh isteach innti éinnidh neamh‐ghlan, ná aon duine do‐ghní gráineamhlacht nó bréag: acht na daoine amháin go bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha i leabhar beathadh an Uain. Agus do thaisbeáin sé dhom abha uisce na beathadh, chómh deallramhach le criostal, ag teacht amach ó righ‐chathaoir Dé agus an Uain. Agus i lár na sráide, ar gach taobh de’n abhainn, do bhí crann na beathadh, do‐bheireadh dhá thoradh déag, ag tabhairt a thortha uaidh uair san mí: agus d’fhóghain duilleabhar an chrainn chum na cinidheacha do leigheas. Agus ní bhéidh éinnidh malluighthe ann feasta: acht béidh righ‐chathaoir Dé agus an Uain san gcathair: agus déanfaidh a sheirbhísigh seirbhís dó; agus chífidh siad a ghnúis; agus béidh a ainm ar chláraibh a n‐éadain. Agus ní bhéidh aon oidhche ann arís; agus ní bhéidh gábhadh le solas lóchrainn, ná le solas na gréine; óir do‐bhéarfaidh an Tighearna Dia solas dóibh: agus béidh siad ag riaghlú go saoghal na saoghal. Agus adubhairt sé liom, Atá na briathra so ionnraic, fírinneach; an Tighearna, Dia spiorad na bhfáidh, do chuir sé a aingeal uaidh chum na neithe atá le teacht chum críche go luath do nochtadh d’á sheirbhíseachaibh. Agus féach, atáim ag teacht go luath. Is aoibhinn do’n té choimheádas briathra tarngaireachta an leabhair seo. Agus is mise Eoin do chuala agus do chonnaic na neithe seo. Agus nuair chualas agus chonnacas, do thuiteas síos ag adhradh roimh chosaibh an aingil do thaisbeáin na neithe seo dhom. Agus adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh, ná fáidhe, agus leis an dream choimheádas briathra an leabhair seo; déan adhradh do Dhia. Agus adubhairt sé liom, Ná cuir séala ar bhriathraibh tarngaireachta an leabhair seo; óir atá an t‐am i bhfogas. An té do‐ghní an éagcóir, déanadh sé an éagcóir i gcómhnaidhe: an té atá neamh‐ghlan, fanadh sé neamh‐ghlan i gcómhnaidhe: agus an té atá fíréanta agus an té atá naomhtha, déantar é naomhtha i gcómhnaidhe. Féach, atáim ag teacht go luath; agus atá mo luach saothair liom chum cúiteamh do dhéanamh le gach duine do réir a ndearna sé. Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an príomhthús agus an foirceann, an tosach agus an deireadh. Is beannuighthe na daoine nigheas a róbaí, chum go mbéidh cead chum crainn na beathadh aca, agus go rachaidh siad thar na geataibh isteach san gcathair. Acht ar an taobh amuigh dhi atá na madraí, agus lucht na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnmharbhthóirí, agus na h‐íodhal‐adhrathóirí, agus gach duine ghrádhuigheas agus chleachtas bréag. Atá m’aingeal curtha agam‐sa, Íosa, chum na neithe seo do dhearbhú dhaoibh ins na h‐eaglaisibh. Is mise fréamh agus sliocht Dáibhí, réalta ghlé‐gheal na maidne. Agus adeir an Spiorad agus an bhean óg nua‐phósta, Tar. Agus an té éisteas, abradh sé, Tar. Agus an té go bhfuil tart air, tagadh sé: an té gur ab áil leis é, glacadh sé uisce na beathadh i n‐aisce. Fógraim do’n uile dhuine chluineas briathra tarngaireachta an leabhair seo, Má chuireann aoinneach tuilleadh leo, go gcuirfidh Dia air‐sean na pláigheanna atá scríobhtha san leabhar so: agus má bhaineann aoinneach éinnidh de bhriathraibh tarngaireachta an leabhair seo, go mbainfidh Dia dhe a chuid de chrann na beathadh, agus de’n naomh‐chathair, an méid atá scríobhtha san leabhar so. An té atá ’n‐a fhiadhnaidhe ar na neithibh seo, adeir sé, Is amhlaidh atá: atáim ag teacht go luath. Amen: tar, a Thighearna Íosa. Go raibh grása an Tighearna Íosa leis na naomhaibh uile. Amen.