Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám. Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; ghin Iúdá Peiris agus Zára ó Thámár; ghin Peiris Heasrón; ghin Hasrón Aram; ghin Aram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmónae; ghin Salmónae Bóaz ó Rácháb; ghin Bóaz Óbaed ó Rút; ghin Óbaed Ieise; ghin Ieise Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úiríá; ghin Solamh Reachabám; ghin Reachabám Aibia; ghin Aibia Ásá; ghin Ásá Ióiseáfát; ghin Ióiseáfát Ióirím; ghin Ióirím Uizíá; ghin Uizíá Iótám; ghin Iótám Ácház; ghin Ácház Hiziciá; ghin Hiziciá Manaise; ghin Manaise Ámós; ghin Amós Ióisíá; ghin Ióisíá Iacóinia agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine. Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iacóinia Séailtiéil; ghin Séailtiéil Zarabáibil; ghin Zarabáibil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór; ghin Azór Zádóc; ghin Zádóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd; ghin Eiliúd Eileázár; ghin Eileázár Matan; ghin Matan Iacób; ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost. A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre ghlúin déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre ghlúin déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre ghlúin déag. Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le hIósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánúéil mar ainm air,” – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn. Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, agus rinne mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air. Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.” Nuair a chuala Héaród rí an méid sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus dʼfhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. Dʼinis siad dó: “I mBeithil Iúdáia; óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh: ‘Tusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc phrionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobal-sa, Iosrael.’” Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí géar ar an leanbh. Nuair a bheidh sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachaidh mé féin ann ag déanamh ómóis dó.” Nuair a chuala siad caint an rí, dʼimigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus dʼumhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus dʼoscail siad a gcistí agus dʼofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin. Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n-insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.” Dhúisigh Iósaef agus mʼéirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair san oíche agus chuaigh don Éigipt, agus is ann a bhí sé go bhfuair Héaród bás: chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: “As an Éigipt a ghlaoigh mé mo Mhac.” Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú a mharú, de réir thuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe. An uair sin a comh-líonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: “Chualathas glór i Ráma caoi agus iomad olagóin: Ráchael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann ní ba mhó.” Nuair a fuair Héaród bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef san Éigipt agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.” Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael. Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazairéanach air.” Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia: “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht.” Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’” Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí. Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baiste chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh-se teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí, agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn’, óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil dʼAbrahám as na clocha seo. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é. Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léir-ghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dho-mhúchta.” Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baiste a fháil uaidh. Ach bhí Eoin ag iarraidh é a stopadh. “Is dom-sa is gá baiste a fháil uait-se,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugam-sa?” Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin. An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” Ansin, seoladh Íosa isteach sa bhfhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.” Dúirt sé dá fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’” Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’” Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’” Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis: “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do mʼadhradh.” Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain, óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’” Ansin dʼfhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air. Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. Dʼfhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáúm cois na farraige, i gcríocha Zeabalan agus Naftáilí chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Talamh Zeabalan, talamh Naftáilí, bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin, Gailíl na gciníocha, an pobal a bhí ina suí sa dorchadas, chonaic siad solas mór, an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis, dʼéirigh solas chucu.” Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht.” Ag siúl dó cois fharraige na Gailíle, chonaic sé beirt deartháireacha, Síomón ar a dtugtar “Peadar” agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha sa bhfarraige, mar iascairí a bhí iontu. Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.” Dʼfhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt deartháireacha eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n-athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad. Dʼfhág siad an bád agus a n-athair láithreach agus lean siad é. Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dhea-scéal na Ríochta, agus ag leigheas gach galair agus gach éagruais i measc an phobail. Chuaigh a chlú ar fud na Siria go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sórt galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad. Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus thar an Iordáin. Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige. Thosaigh sé ag caint leo dá dteagasc agus dúirt: “Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo Ríocht na bhflaitheas. “Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad. “Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht. “Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad. “Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu. “Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia. “Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu. “Is méanar dóibh seo a dʼfhulaing géar-leanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo Ríocht na bhflaitheas. “Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt droch-rud in bhur leith go bréagach mar gheall orm-sa. “Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar Neamh; óir is mar sin a rinneadh géar-leanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh. “Is sibh-se salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann. Is sibh-se solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt. Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach. Sibh-se mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar Neamh. “Ná bígí ag ceapadh gur chun an dlí agus na fáithe a chur ar ceal a tháinig mé. Ní dá gcur ar ceal a tháinig mé ach dá gcur i gcríoch. Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích. Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i Ríocht na bhflaitheas. Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i Ríocht na bhflaitheas. Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i Ríocht na bhflaitheas. “Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’ Ach is é a deirim-se libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine Ifrinn. Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairt dʼofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort, fág dʼofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála. An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpríosún thú. Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an chianóigín dheireanach díolta agat. “Chuala sibh go ndúradh: ‘Ná déan adhaltranas.’ Ach is é a deirim-se libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí. Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in Ifreann. Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in Ifreann. “Dúradh fós: ‘Má scaoileann duine a bhean uaidh tugadh sé litir idir-scartha di.’ Ach is é a deirim-se libh, gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas. “Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomh-líonadh don Tiarna.’ Ach is é a deirim-se libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar Neamh, óir is í rí-chathaoir Dé í; ná dar an talamh, óir is é stól a chos é; ná dar Iarúsailéim, óir is í cathair an Rí mhóir í; ná mionnaigh dar do cheann ach chomh beag, mar ní féidir duit aon ribe amháin de a dhéanamh geal ná dubh. Is é amháin is ráite daoibh: ‘Is ea, is ea.’ ‘Ní hea, ní hea.’ Focal thar an méid sin, is ón Olc é! “Chuala sibh go ndúradh: ‘Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail.’ Ach is é a deirim-se libh gan seasamh in aghaidh an droch-dhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann deas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin; agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith. An té a chuireann dʼfhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle. An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl. “Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do do namhaid.’ Ach is é a deirim-se libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéar-leantóirí; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar Neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhí-chóir. Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna? Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna? Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe. Aire daoibh gan a bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar Neamh. “Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa dá shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréag-chráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách dá moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Ach tusa, ag déanamh déirce duit, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do lámh dheas, ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat é. “Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréag-chráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun dʼAthar atá ansiúd faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat. “Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n-éistfear leo. Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n-iarrann sibh air iad. Seo mar a dhéanfaidh sibh-se guí: Ár nAthair, atá ar Neamh, go naofar dʼainm; go dtaga do Ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar Neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu; agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimid-ne dár bhféichiúna féin; agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ón Olc. Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh-se freisin. Ach mura maitheann sibh-se do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibh-se. “Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréag-chráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh dʼaghaidh, agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag dʼAthair atá i láthair faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat. “Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg dá mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach dá ghoid. Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach dá ghoid. Óir san áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin. “Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar. Ach má bhíonn do shúil tinn, beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Mar sin, má bhíonn an solas atá ionat ina dhorchadas, nach mór an dorchadas é sin! “Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamh-shuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead. “Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach? “Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síol-chur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibh-se ná iad sin? Cé agaibh a dʼfhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhan-lámh amháin a chur le fad a shaoil? Agus cén fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo. Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibh-se a éadú, a lucht an bheagáin creidimh? Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’ Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile. Ach déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith. Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amárach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid. “Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh; óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh. “Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail i do shúil féin? Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin! A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar. “Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh. “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. Nó cén duine agaibh a n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an sínfidh sé nathair nimhe chuige? Dá bhrí sin, más eol daoibh-se, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad? “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh-se, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe. “Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léir-scrios ta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach. Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é. “Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh. Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó figí dʼfheochadáin? Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí. Ní féidir don chrann maith drochthorthaí a thabhairt, ná don droch-chrann torthaí fónta a thabhairt. Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é. Agus dá réir sin, is ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. “Ní hé gach aon duine a deir liom: ‘A Thiarna, a Thiarna!’ a rachaidh isteach i Ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil mʼAthar atá ar Neamh. Déarfaidh mórán liom an lá sin: ‘A Thiarna, a Thiarna, nach i dʼainm-se a rinneamar tairngreacht, agus i dʼainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i dʼainm a rinneamar mórán míorúiltí?’ Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: ‘Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibh-se a dhéanann an t-olc!’ “Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig: thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi. “Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh: thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.” Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc; dá dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin. Tháinig sé anuas ón sliabh agus lean sluaite móra é. Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.” Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach. Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a dʼordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.” Tar éis dul isteach i gCafarnáúm dó, tháinig taoiseach céid chuige ag achainí air: “A Thiarna,” ar seisean, “tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairiliseach agus é dá chrá go léanmhar.” Dúirt Íosa leis: “Rachaidh mé ann dá leigheas.” Ach dúirt an taoiseach céid dá fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí dá leanúint: “Deirim libh go fírinneach, nach bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael. Deirim libh, go dtiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina suí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i Ríocht na bhflaitheas; ach clann na Ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.” Dúirt sé leis an taoiseach céid ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla. Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi. Chuir sé a lámh ar a láimh, dʼfhág an fiabhras í, mʼéirigh sí agus rinne sí freastal air. Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad, chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n-éagruais, agus dʼiompair sé ualach ár ngalar.” Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, dʼordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall. Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: “A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.” Dúirt fear eile leis, duine de na deisceabail: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus mʼathair a adhlacadh.” Dúirt Íosa leis: “Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.” Ansin chuaigh Íosa ar bhord an bháid agus lean a dheisceabail é. Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád dá múchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh. Agus tháinig siad chuige dá mhúscailt ag rá: “A Thiarna, saor sinn, tá an bás chugainn!” Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” Dʼéirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór. Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?” Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil. Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhac Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?” Bhí, achar éigin uathu, tréad mór muc ar féarach, agus rinne na deamhain achainí air: “Má thiománann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.” Dúirt sé leo: “Amach libh.” Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach sa bhfarraige gur cailleadh san uisce iad. Theith na mucaithe, chuaigh siad isteach sa chathair agus dʼinis siad an scéal ar fad mar gheall ar na deamhnaígh. Agus seo amach muintir na cathrach go léir in araicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, dʼiarr siad air a gceantar féin a fhágáil. Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin. Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! Tá do pheacaí maite.” Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: “Sin diamhasla dó.” Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí? Cé acu is fusa a rá, más ea: ‘Tá do pheacaí maite’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’? Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh”–dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.” Dʼéirigh seisean agus chuaigh abhaile. Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin dʼúdarás do dhaoine. Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” Dʼéirigh seisean agus lean sé é. Ina shuí chun boird dó sa teach, tháinig mórán de na poibleacánaigh agus de na peacaigh agus shuigh siad isteach le hÍosa agus lena dheisceabail. Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?” Chuala sé iad agus dúirt: “Ní ag na daoine slána a bhíonn gá le lia ach ag na daoine tinne. Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.” Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?” Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin. Ní chuirfeadh aon duine preabán mʼéadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é. Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.” Le linn dó a bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus dʼumhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.” Dʼéirigh Íosa agus lean sé féin agus a dheisceabail é. Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait, mar dúirt sí léi féin: “Mura ndéanaim ach mo lámh a chur lena bhrat, beidh mé slán.” Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach. Ar theacht isteach i dteach an chinn urra dó, nuair a chonaic Íosa lucht na bhfliúiteanna agus an slua ag déanamh calláin, “Imígí libh,” ar seisean, “ní marbh atá an cailín; ina codladh atá sí,” ach bhí siad ag magadh faoi. Tiomáineadh an slua amach agus ansin, tar éis dó dul isteach, rug sé ar láimh ar an gcailín, agus mʼéirigh sí aniar. Agus chuaigh cáil an scéil ar fud na tíre sin go léir. Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!” Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.” Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: “Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.” Agus osclaíodh a súile. Agus labhair Íosa go corraiceach leo: “Aire daoibh! Ná bíodh a fhios sin ag duine ar bith.” Ach ní túisce amuigh iad ná leath siad a cháil ar fud na tíre sin go léir. Ag dul amach dóibh sin, tugadh duine balbh chuige a raibh deamhan ann. Agus nuair a bhí an deamhan caite amach as, tháinig a chaint don duine balbh, agus rinne na sluaite ionadh de agus dúirt siad: “Ní fhacthas a leithéid seo in Iosrael riamh.” Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.” Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dhea-scéal na Ríochta, ag leigheas gach galair agus gach éagruais. Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire. Ansin dúirt sé lena dheisceabail: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuire sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.” Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas. Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é. Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo a leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith; ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael. Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí dá fhógairt go bhfuil Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht. Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce. Ná cuirigí chugaibh ór ná airgead geal ná airgead rua in bhur gcrios, ná tiachóg chun an bhóthair, ná an dá léine, ná cuaráin ná bata; mar tá an fear oibre i dteideal a choda. “Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil. Beannaígí romhaibh isteach ansin, agus más fiú an teach é tagadh bhur síocháin anuas air; mura fiú, filleadh bhur síocháin oraibh. Duine ar bith nach nglacfaidh sibh agus nach n-éistfidh le bhur mbriathra, gabhaigí amach as an teach nó as an gcathair sin agus croithigí an deannach de bhur gcosa. Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodam agus Ghomóra lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin. “Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm. Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh, agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall orm-sa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe. Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh ná go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh, mar ní sibh-se a bheidh ag caint: is é Spiorad bhur nAthar a bheidh ag caint ionaibh. Tabharfaidh an deartháir a dheartháir féin suas chun báis, agus an t-athair a pháiste féin; éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí agus básóidh siad iad. Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar mʼainm-se. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é. Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha. “Níl an deisceabal os cionn an mháistir ná an sclábhaí os cionn a úinéara. Ba leor don deisceabal a bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábhaí a bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é a thabhairt ar lucht a theaghlaigh? Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe. “Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: Ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in Ifreann. Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan a fhios do bhur nAthair. Maidir libh-se, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe. Mar sin, ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh-se ná dá liacht gealbhan! “Duine ar bith a admhóidh mise os comhair daoine, admhóidh mise eisean chomh maith os comhair mʼAthar atá ar Neamh. Ach duine ar bith a shéanfaidh os comhair daoine mé, séanfaidh mise eisean chomh maith os comhair mʼAthar atá ar neamh. “Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh. Óir tháinig mé chun duine a chur bunoscionn lena athair agus an iníon lena máthair agus bean mhic le máthair a céile, agus is iad lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine. “An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbháil dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbháil dom; agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbháil dom. An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, gheobhaidh sé é. “An té a ghlacann sibh-se, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh. “Agus má thugann duine ar bith a oiread is an cupán dʼfhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.” Ansin, nuair a bhí deireadh na rialacha sin tugtha ag Íosa dá dháréag deisceabal, dʼfhág sé an áit sin chun dul ag teagasc agus ag seanmóir ina gcathracha. Chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin, dá rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn a bheith ag súil le duine eile?” Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Imígí agus insígí dʼEoin a bhfuil dá chloisteáil agus dá fheiceáil agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.” Le linn dóibh seo a bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach dá suaitheadh ag an ngaoth? Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad. Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Is ea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’ “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i Ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean. Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean dá dhéanamh ar Ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í. Óir, na fáithe uile, agus an dlí freisin, thug siad a dtairngreacht chomh fada le hEoin, agus mura miste libh mé a chreidiúint ann, is é an tÉilias a bhí le teacht é. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé! “Ach cad leis a gcuirfidh mé an ghlúin seo i gcomparáid? Tá sí cosúil leis na leanaí a bhíonn ina suí sna háiteanna margaidh agus iad ag glaoch chun a gcomrádaithe dá rá: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n-ucht.’ “Mar tháinig Eoin agus ní raibh sé ag ithe ná ag ól, agus deir siad: ‘Tá deamhan ann.’ Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.” Thosaigh sé ansin ag tabhairt achasáin do na cathracha ina ndearnadh an chuid is mó dá mhíorúiltí, i dtaobh nach ndearna siad aithrí: “Is mairg duit, a Chorazain! Is mairg duit-se, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus i Siodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach. Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Siodón lá an bhreithiúnais ná agaibh-se. Agus tusa, a Chafarnáúm, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hIfreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodam a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu. Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodam lá an bhreithiúnais ná agat-sa.” San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna Neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a dʼfhoilsigh tú do naíonáin iad. Is ea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. Tá gach aon ní tugtha dom-sa ag mʼAthair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó. “Tagaigí chugam, sibh-se uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh. Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugam-sa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n-anamacha; óir tá mo chuing so-iompair agus mʼualach éadrom.” San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus dá n-ithe. Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide.” Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh? Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a dʼith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin. Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu? Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall. Agus dá mbʼeol daoibh a chiall siúd: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt,’ ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht. Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid. Dʼfhág sé an áit sin agus chuaigh isteach ina sionagóg. Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: “An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá sabóide?” chun go gciontóidís é. Ach dúirt sé leo: “Cén duine agaibh a mbeadh an t-aon chaora amháin aige agus go dtitfeadh sí i bpoll lá sabóide, nach mbéarfadh sé greim uirthi dá tarraingt as? Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.” Ansin dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus rinneadh chomh slán leis an láimh eile arís í. Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é. Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile, ach thug ordú láidir dóibh gan é a chur in iúl; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, mʼaonghrá ar a bhfuil gnaoi mʼanama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha. Ní dhéanfaidh sé bruíon ná gáir, ná ní chluinfear a ghlór sna sráideanna. Ní bhrisfidh sé an ghiolcach leonta ná ní mhúchfaidh sé buaiceas an deataigh, nó go mbéarfaidh sé an reacht chun bua. Beidh muinín ag na ciníocha as a ainm.” Tugadh chuige ansin duine a raibh deamhan ann, é dall agus balbh. Leigheas sé é; tháinig a chaint don bhalbh agus a radharc. Agus tháinig alltacht ar na sluaite uile agus bhí siad ag rá: “An féidir gurb é an duine seo Mac Dháiví?” Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.” Bhí a fhios aige cad a bhí ina gcroí agus dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus níl cathair ná teaghlach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin a fhéadfaidh seasamh. Agus más é Sátan a chaitheann Sátan amach, tá sé ar deighilt ina aghaidh féin, agus dá réir sin conas a sheasfaidh a ríocht? Agus más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd a gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh. Ach más trí Spiorad Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá Ríocht Dé tagtha chugaibh cheana. Nó fós, conas a dʼfhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach. An té nach bhfuil liom tá sé i mʼaghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann. “Mar sin, táim dá rá libh go maithfear do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla; ach diamhasla in aghaidh an Spioraid, ní bhfaighfear maithiúnas ann. Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht. Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann. A sceith na bpéisteanna, conas a dʼfhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal? Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór. Ach deirim libh, gach focal gan bhun dá labhróidh daoine, tabharfaidh siad cuntas ann lá an bhreithiúnais, óir is as do bhriathra a shaorfar thú agus is as do bhriathra a dhaorfar thú.” Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: “Bʼáil linn, a Mhaistir,” ar siad, “comhartha a fheiceáil uait.” Ach dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh. Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche. Éireoidh muintir Ninivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a dʼfhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna. Éireoidh ban-ríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.” “Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus ní fhaigheann. Deir sé ansin: ‘Rachaidh mé ar ais chun mo thí as ar tháinig mé amach.’ Agus ar theacht dó, faigheann sé folamh é, scuabtha, maisithe. Imíonn sé ansin agus beireann sé in éineacht leis seacht spiorad eile is measa ná é féin: téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús. Sin mar a bheidh an scéal ag an drochghlúin seo freisin.” Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis. Dúirt duine éigin leis: “Féach, tá do mháthair agus do bhráithre lasmuigh ag iarraidh labhairt leat.” Agus dúirt leis an té a dʼinis dó é: “Cé hí mo mháthair agus cé hiad mo bhráithre?” Agus ag síneadh a láimhe faoina chuid deisceabal, dúirt: “Féach mo mháthair agus mo bhráithre! óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil mʼAthar atá ar Neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.” Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith dá ithe suas. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, dʼeascair sé gan mhoill. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus dʼfheoigh sé de cheal fréimhe. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus dʼfhás an deilgneach aníos agus phlúch é. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!” Tháinig na deisceabail chuige ag rá: “Cén fáth ar i bparabail atá tú ag caint leo?” Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibh-se eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra Ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd. Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint. Agus sin mar atá dá comh-líonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia: ‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh, beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh, óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, mʼéist siad le cluasa bodhra, dʼiaigh siad a súile, dʼeagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.’ “Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann siad agus do bhur gcluasa mar go n-éisteann siad. Deirim libh go fírinneach, ba é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibh-se agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibh-se agus níor chuala siad iad.” “sibh-se mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra. Duine ar bith a chluineann briathar na Ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair. An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach, ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géar-leanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air. An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é. Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.” Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála Ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus a dʼimigh. Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin. Tháinig a chuid sclábhaithe go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’ Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaithe leis, ‘go rachaimis dá bhailiú chun a chéile?’ ‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t-arbhar aníos san am céanna. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar dá dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.’” Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil Ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.” Dʼinis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil Ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a dʼfholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabhálta ar fad.” Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal, agus sin mar a comh-líonadh a ndúradh tríd an bhfáidh: “Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.” Dʼfhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn parabal úd an chogail sa ghort.” Dʼfhreagair sé iad dá rá: “An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine. Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na Ríochta. Dream an oilc an cogal, agus is é an diabhal an namhaid a scaipeann é. Is é deireadh an tsaoil an fómhar agus is iad na haingil na buanaithe. Amhail mar a bhailítear an cogal chun é a dhó sa tine, sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil. Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a Ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t-olc, agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i Ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!” “Is cosúil Ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a dʼaimsigh é dʼfholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin. “Nó fós, is cosúil Ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus dʼimigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é. “Nó fós, is cosúil Ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh sa bhfarraige agus a ghabh gach uile shórt. Ar a bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu. Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. “Ar thuig sibh na nithe sin uile?” “Thuigeamar,” ar siad leis. Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de Ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.” Ansin, nuair a bhí deireadh na bparabal sin inste aige, dʼfhág Íosa an áit sin; agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: “Cá bhfuair sé seo,” deiridís, “an eagna seo agus na míorúiltí? Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil ‘Muire’ uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre? A shiúracha freisin, nach bhfuil siad uile inár measc? Cá bhfuair sé na nithe seo uile, mar sin?” Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.” Agus ní dhearna sé mórán míorúiltí ansiúd de dheasca a ndí-chreidimh. San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa, agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí dá n-oibriú tríd.” Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é a chur i ngéibheann agus i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir. Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í a bheith agat.” Ba mhaith le Héaród é a chur chun báis ach bhí eagla air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air. Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe dá comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a dʼiarrfadh sí a thabhairt di. Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo, áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.” Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, dʼordaigh sé an aisce a thabhairt di, agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún. Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é. Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin dá insint dʼÍosa. Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha dá leanúint dá gcois. Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo. Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.” Ach dúirt Íosa leo: “Ní gá dóibh imeacht; tugaigí sibh-se rud le hithe dóibh.” “Ach,” ar siad-san leis, “níl anseo againne ach cúig bhuilín agus dhá iasc.” “Tugaigí chugam anseo iad,” ar seisean. Dʼordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag. Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. Ansin chuir sé dʼfhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh. Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar. Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, dá bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha. Sa cheathrú faire den oíche, tháinig sé chucu ag siúl ar an bhfarraige. Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.” Dʼfhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.” Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. Ach nuair a dʼairigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: “A Thiarna, saor mé!” ar seisean. Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?” Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth. Agus iad seo a bhí sa bhád, dʼumhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.” Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit. Nuair a dʼaithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn, agus bhí siad dá iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus a oiread díobh agus a chuir, leigheasadh iad. Tháinig ó Iarúsailéim ansin ag triall ar Íosa Fairisínigh agus scríobhaithe a dúirt: “Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.” “Agus cén fáth,” ar seisean leo dá bhfreagairt, “a sáraíonn sibh féin aithne Dé ar son an traidisiúin seo agaibh? Óir dúirt Dia: ‘Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air’; ach is é a deir sibh-se: ‘Cibé duine a deir lena athair nó lena mháthair: “Ní ar bith de mo chuid-se a dʼfhéadfadh dul chun sochair duit-se, táim dá choisreacan don Tiarna”; níl cead aige an onóir sin a thabhairt dá athair nó dá mháthair’; agus tá briathar Dé curtha ar neamhní agaibh ar son bhur dtraidisiúin. A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt: ‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí: Is díomhaoin dóibh a bheith do mʼadhradh, óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’” Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo! Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamh-ghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamh-ghlan an duine.” Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?” Dʼfhreagair sé iad agus dúirt: “Planda ar bith nárbh é mʼAthair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamhacha é. Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.” Labhair Peadar leis: “Inis dúinn ciall an pharabail úd.” Dúirt Íosa: “sibh-se freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é? Ní hionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siad-san neamh-ghlan an duine. Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí. Sin iad na nithe a dhéanann neamh-ghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamh-ghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.” Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shiodón. Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhac Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í dá crá go géar ag deamhan.” Ach ní dúirt Íosa focal ar bith dá freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.” Dʼfhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.” Ach tháinig an bhean agus dʼfhan ar a dhá glúin ina láthair: “A Thiarna,” ar sise, “fóir orm.” Dʼfhreagair agus dúirt: “Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.” Dúirt sise: “Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.” Ansin dúirt Íosa léi dá freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin. Dʼfhág Íosa an áit sin agus bhain amach bord farraige na Gailíle. Chuaigh sé an sliabh suas agus shuigh ansin. Agus tháinig na daoine chuige ina sluaite móra, agus bhí acu leo bacaigh agus mairtínigh agus daill agus balbháin agus mórán eile, agus shín siad ag a chosa iad agus leigheas sé iad. Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael. Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: “Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.” Ach dúirt na deisceabail leis: “Cá bhfaighimis a ndóthain aráin don slua seo, agus sinn sa bhfhásach?” Dúirt Íosa leo: “Cé mhéad builín atá agaibh?” “Tá a seacht,” ar siad-san, “agus tá beagán mioniasc.” Dʼordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilín agus na héisc, dʼaltaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán seacht gcléibhín. Timpeall ceithre mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. Agus tar éis dó na sluaite a scaoileadh uaidh, chuaigh sé ar bhord an bháid agus tháinig go críocha Mhagadan. Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus dʼiarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh. Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: ‘Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg’; agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n-aimsirí seo a bhreithniú? Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna”–á bhfágáil ansin agus ag imeacht leis. Ag dul go dtí an taobh eile dóibh, ba é dearmad na ndeisceabal gan aon arán a thabhairt leo. Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” Ach bhí siad-san ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t-arán linn.” Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t-arán libh? Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig bhuilín don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas? Nó na seacht mbuilín don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas? Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach. Ar theacht isteach i gceantar Chaesairia Philib dó, dʼfhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?” Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.” Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibh-se mé?” Dúirt Síomón Peadar dá fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.” Dʼfhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin mac Ióna, óir ní fuil agus feoil a dʼfhoilsigh duit é ach mʼAthair atá ar Neamh. Agus deirim-se leat-sa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé mʼeaglais, agus ní bhuafaidh geataí Ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh mé duit eochracha Ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar Neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar Neamh.” Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost. Ón uair sin amach, thosaigh Íosa dá thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go hIarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!” Ach dʼiompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! Is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i dʼaigne ach smaointe daoine.” Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine a bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, gheobhaidh sé é. Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a dʼfhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina Ríocht.” Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus mʼéirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar a tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bhoth san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann dʼÉilias.” Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán dʼuamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraígí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.” Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?” Ba é freagra a thug Íosa: “Is ea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís. Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.” Thuig na deisceabail ansin gur chun Eoin Baiste a bhí sé ina chomhrá leo. Ar fhilleadh chun an tslua dóibh, tháinig fear ina araicis, chuaigh ar a dhá ghlúin agus dúirt: “A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin; agus thugas chun do chuid deisceabal é ach ní fhéadfaidís é a leigheas.” Dʼfhreagair Íosa agus dúirt: “Ó, a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.” Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t-ógánach leigheasta ón noiméad sin. Ina dhiaidh sin tháinig na deisceabail ag caint le hÍosa os íseal: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é a chaitheamh amach?” Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh. ( An sórt seo, áfach, ní théann sé amach ach amháin trí ghuí agus trí throscadh.)” Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine, go gcuirfidh siad chun báis é agus go n-éireoidh sé an treas lá.” Agus ghabh buaireamh mór iad. Ar theacht isteach i gCafarnáúm dóibh, tháinig lucht bailithe an dá dhrachma ag triall ar Pheadar agus dúirt siad leis: “Nach n-íocann bhur máistir an dá dhrachma?” ar siad. “Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de dá rá leis: “Do bharúilse, a Shíomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin–an óna gclann féin nó ó choimhthígh?” Nuair a dúirt sé gur ó choimhthígh, dúirt Íosa leis: “Dá réir sin, tá an chlann saor. Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.” Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: “Cé hé mar sin an té is mó i Ríocht na bhflaitheas?” Ghlaoigh sé leanbh chuige, chuir ina sheasamh ina lár é agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun a bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i Ríocht na bhflaitheas choíche. Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i Ríocht na bhflaitheas. Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son mʼainm, glacann sé mise. Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, bʼfhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige. Is mairg don domhan mar gheall ar na scannail. Is éigean na scannail a theacht, ach is mairg don duine a dtagann an scannal tríd. “Más siocair pheaca duit do lámh nó do chos, gearr anuas í agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach nó bacach ná an dá láimh nó an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh sa tine shíoraí. Agus más siocair pheaca duit do shúil, srac amach í agus caith uait í: is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach sa bheatha ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh i dtine Ifrinn. “Aire daoibh gan a bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n-aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis mʼAthar atá ar Neamh. “Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú. “Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí? Agus más rud é go bhfaigheann sé í, deirim libh go fírinneach, is mó is cúis áthais leis í ná an naoi nóchad a bhí gan dul amú. Mar an gcéanna, ní hé toil i láthair bhur nAthar atá ar neamh go gcaillfí aon duine amháin de na rudaí beaga seo. “Má dhéanann do bhráthair peaca i dʼaghaidh, gabh chuige dá áiteamh air is gan ann ach é agus tú. Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat; ach mura n-éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí dʼfhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat. “Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh sé ceangailte ar Neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar Neamh. “Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó mʼAthair atá ar Neamh. Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i mʼainm-se, bím féin ansin ina measc.” Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i mʼaghaidh? Go dtí seacht n-uaire?” Dúirt Íosa leis: “Ní hea go dtí seacht n-uaire a deirim-se leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód. “Agus dá réir sin is iad dála Ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air. Agus ó tharla gan an t-íoc a bheith aige, dʼordaigh an máistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t-íoc a dhéanamh. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: ‘Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t-iomlán leat.’ Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó. Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’ Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: ‘Bíodh foighne agat liom,’ ar seisean, ‘agus íocfaidh mé leat é.’ Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é a theilgean i bpríosún nó go n-íocfadh sé na fiacha. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir. Chuir an máistir fios air: ‘A sheirbhísigh mhallaithe,’ ar seisean, ‘mhaith mé féin duit-se na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm. Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort-sa?’ Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n-íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán. Sin é freisin mar a dhéanfaidh mʼAthair neamhaí libh-se mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.” Ansin, nuair a bhí an méid sin ráite aige, dʼfhág Íosa an Ghailíl agus tháinig go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin. Agus lean sluaite móra é agus leigheas sé iad ann. Tháinig Fairisínigh chuige agus dúirt leis, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?” Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun a bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’ Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.” Dúirt siad leis: “Cén fáth, más ea, ar ordaigh Maois litir idirscartha a thabhairt le linn í a scaoileadh?” “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach,” ar seisean leo, “a thug Maois cead daoibh bhur mná a scaoileadh uaibh; ach ní mar sin a bhí ó thús. Ach deirim-se libh, duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus nach de dheasca striapachais é, agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.” Dúirt na deisceabail leis: “Más amhlaidh sin atá an scéal ag an bhfear i leith na mná, is fearr gan pósadh.” Dúirt sé leo: “Ní hé gach aon duine a ghabhann an chaint sin chuige, ach an mhuintir dá bhfuil sé tugtha. Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son Ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!” Tugadh leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha orthu ag déanamh guí, ach chuir na deisceabail ceartú orthu. Dúirt Íosa: “Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo Ríocht na bhflaitheas.” Chuir sé a lámha orthu agus bhuail sé roimhe ón áit sin. Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeidh an bheatha shíoraí agam?” Dúirt sé leis: “Cén fáth a bhfiafraíonn tú díom-sa faoin maith? Aon neach amháin is maith. Ach más áil leat dul isteach sa bheatha, coinnigh na haitheanta.” “Cad iad féin?” ar seisean leis. Dúirt Íosa: “Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair, agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin.” Dúirt an fear óg leis: “Choimeád mé iad sin uile: cad é an t-easnamh atá fós orm?” “Más áil leat a bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar Neamh: tar ansin agus lean mise.” Nuair a chuala an fear óg an chaint sin, bhí buaireamh air agus dʼimigh sé leis, mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige. Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i Ríocht na bhflaitheas. Agus táim dá rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i Ríocht Dé.” Ar a chloisteáil sin do na deisceabail, ghabh iontas mór iad agus dúirt siad: “Cé is féidir a shlánú más ea?” Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.” Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, dʼfhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?” Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i rí-chathaoir a ghlóire, beidh sibh-se a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin in dhá rí-chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael. Agus duine ar bith a dʼfhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar mʼainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht. Beidh mórán dá bhfuil ar tosach ar deireadh agus dá bhfuil ar deireadh ar tosach. “Óir is iad dála Ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt. Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíon-ghort iad. Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh agus dúirt sé leo: ‘Isteach i mʼfhíon-ghort libh-se freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’ Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú huair agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna. Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a dʼfhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’ Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘sibh-se freisin, isteach sa bhfíonghort libh.’ Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’ Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin. Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: ‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t-aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a dʼfhulaing ualach an lae agus an brothall.’ Dʼfhreagair sé duine acu dá rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom? Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liom-sa a oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’ Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.” Bhí Íosa ag dul suas go hIarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo: “Seo anois sinn ag dul suas go hIarúsailéim, agus tabharfar Mac an Duine ar láimh dʼuachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe, agus daorfaidh siad sin chun báis é, agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus éireoidh sé an treas lá.” Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus dʼumhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air. Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agam-sa, go n-ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do Ríocht.” Dʼfhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupán a ól atá le hól agam-sa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.” Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agam-sa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag mʼAthair.” Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt deartháireacha. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: “Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu. Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí daoibh; díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.” Ag dul amach as Ireachó dóibh, lean slua mór é, agus bhí an bheirt dall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!” Bhagair an slua orthu a bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!” Stad Íosa dá shiúl, ghair sé iad agus dúirt: “Cad ab áil libh mé a dhéanamh daoibh?” Dúirt siad leis: “Ár súile a oscailt dúinn, a Thiarna!” Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é. Nuair a bhí siad ag teacht i ngar dʼIarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt deisceabal uaidh ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois; scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’” Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh: “Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.” Dʼimigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh: thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu. Agus rinne na daoine, slua an-mhór díobh, a mbrait a leathadh ar an mbóthar, agus bhí cuid eile acu ag baint chraobhacha na gcrann le leathadh ar an mbóthar; agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí dá leanúint, bhí na gártha acu dá gcur suas: “Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.” Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí. Agus deireadh na sluaite: “Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.” Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol. Agus dúirt sé leo: “Tá scríofa: ‘Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa’; ach tá sibh-se ag déanamh uaimh robálaithe de.” Tháinig daill chuige freisin agus bacaigh sa Teampall, agus leigheas sé iad. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall. Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá dá rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?” Dʼéalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann. Ag filleadh ar an gcathair a bhí sé go moch ar maidin agus bhí ocras air, agus nuair a chonaic sé crann figí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: “Nár fhása aon toradh ort-sa as seo amach go brách!” Agus shearg an crann figí ar an mball. Chonaic na deisceabail é agus rinne siad ionadh de: “Cén chaoi,” ar siad, “ar shearg an crann figí láithreach?” Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan a bheith in amhras faoi, ní hé beart seo an chrainn figí amháin a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh sa bhfarraige’, déanfar sin. Agus an uile ní a iarrfaidh sibh le barr creidimh sa ghuí, gheobhaidh sibh é.” Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé a thug an t-údarás sin duit?” Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Agus tá aon cheist amháin agam-sa le cur oraibhse, agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mé daoibh ansin cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh. Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’ Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.” Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Dúirt seisean leo mar an gcéanna: “Nílimse chun a insint daoibh-se ach a oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” “Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. Dʼagaill sé duine acu ar dtús: ‘A mhic,’ ar seisean, ‘téigh-se inniu ag obair sa bhfíonghort.’ Dʼfhreagair sé é: ‘Tá go maith, a dhuine uasail,’ ar seisean; ach ní dheachaigh. Dʼagaill sé an dara duine ar an gcuma chéanna, agus ba é a fhreagra seo: ‘Ní dhéanfaidh mé,’ ar seisean; ach ina dhiaidh sin tháinig aiféala air agus chuaigh. Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i Ríocht Dé. Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibh-se é sin, níor bhuail an t-aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.” “Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíon-ghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch. Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil. Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile. Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh ba líonmhaire ná iad siúd, ach ba é an cor céanna a thug siad dóibh sin. Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’ Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’ agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíon-ghort é agus mharaigh é. Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?” Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé droch-íde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíon-ghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.” Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’? “Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear Ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh. Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.” Uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh, nuair a chuala siad a chuid parabal, bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé, agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air. Chuir Íosa chun labhartha i bparabail leo arís: “Is iad dála Ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac. Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht. Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Féach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’ Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun ceannaíochta, agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad. Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair. Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: ‘Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é. Mar sin, téigí sibh-se i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’ Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, idir olc agus mhaith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta. Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air. Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as. Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’ Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.” Dʼimigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint, agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé sa bhfírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachaint do phearsa seachas a chéile. Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Caesar nó an mídhleathach?” Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,” agus shín siad déanar chuige. Dúirt sé leo: “Cé hé arb í seo a íomhá agus a inscríbhinn?” “Caesar,” ar siad leis. “Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Caesar na nithe is le Caesar agus le Dia na nithe is le Dia.” Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: dʼfhág siad é agus dʼimigh siad leo. Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna–dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann–agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’ Bhí, inár meascna, seachtar deartháireacha. Phós an chéad duine acu agus fuair bás gan sliocht, ag fágáil a mhná ag a dheartháir. An dara duine mar an gcéanna agus an tríú duine, go dtí an seachtú duine, agus ba í an bhean féin is déanaí a fuair bás. San aiséirí, más ea, cé acu den seachtar a mbeidh sí ina bean chéile aige? Óir bhí sí acu uile.” Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Tá dul amú oraibh, de bhrí nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé. Óir, san aiséirí, ní bheidh fir ag pósadh ná mná dá dtabhairt le posadh, ach beidh siad ar nós aingil Dé ar Neamh. Ach mar gheall ar aiséirí na marbh, nár léigh sibh a ndúirt Dia libh: ‘Is mise Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacób’? Ní hé Dia na marbh é ach Dia na mbeo.” Ar a chloisteáil sin do na sluaite, ghabh iontas iad faoina theagasc. Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile, agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as: “A Mháistir, cén aithne mhór sa dlí?” Dúirt sé leis: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó dʼanam go hiomlán agus ó dʼaigne go hiomlán’– is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne. Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.” Le linn do na Fairisínigh a bheith i dteannta a chéile, dʼfhiafraigh Íosa díobh: “Cad é bhur mbarúil faoin gCríost? Cé dó ar mac é?” Dúirt siad leis: “Do Dháiví.” Dúirt sé leo: “Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde faoi do chosa’? “Má ghlaonn Dáiví Tiarna air, mar sin, cad a bheir ina mhac dó é?” Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá dá fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach. Labhair Íosa ansin leis na sluaite agus lena dheisceabail: “Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois, agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n-oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu. Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní háil leo féin iad a bhogadh le barr méire. Déanann siad a n-oibreacha uile dʼfhonn go mbeifear dá dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga; is maith leo an chéad áit sna fleánna agus na príomhshuíocháin sna sionagóga, agus go mbeifear ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifear ag tabhairt ‘raibí’ orthu. Ach ná bíodh ‘raibí’ dá thabhairt oraibhse; óir níl ach an t-aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibh-se uile. Agus ná glaoigí bhur ‘n-athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t-aon Athair, an té atá ar Neamh. Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ dá thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost. An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh. Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é. “Is mairg daoibh-se, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh Ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad. ( “Is mairg daoibh-se, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.) “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin. “Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’ A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t-ór féin nó an sanctóir faoi deara an t-ór a bheith naofa? Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’ A dhaoine dalla, cé acu ís mo le rá, mar sin, an ofráil, nó an altóir faoi deara an ofráil a bheith naofa? Dá bhrí sin, an té a mhionnaíonn dar an altóir, mionnaíonn sé dar an altóir agus dar a bhfuil anuas uirthi. Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann, agus an té a mhionnaíonn dar Neamh, mionnaíonn sé dar rí-chathaoir Dé agus dar an té atá ina shuí inti. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí. A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus dʼainmheasarthacht. A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfar an taobh amuigh de glan freisin. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar. sibh-se mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine a bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus dʼolcas. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan, ag rá: ‘Dá mbeimisne suas in aimsir ár n-aithreacha, ní bheadh aon pháirt againn leo i bhfuil na bhfáithe a dhoirteadh.’ Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a dʼimir bás ar na fáithe, agus líonaigí suas tomhas bhur n-aithreacha. “A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith Ifrinn? Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaithe, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair, chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil fíréan go dtí fuil Zacairiá mac Bharaichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir. Deirim libh go fírinneach, tiocfaidh an méid sin uile anuas ar an nglúin seo. “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus nárbh áil leat-sa! Féach, fágfar agaibh bhur dteach agus é go huaigneach! Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.’” Chuaigh Íosa amach as an Teampall ag imeacht roimhe agus tháinig a dheisceabail chuige dʼfhonn foirgnimh an Teampaill a thabhairt dá aire. Ach dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.” Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.” Agus dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh; óir tiocfaidh mórán i mʼainm-se ag rá: ‘Mise an Críost,’ agus cuirfidh siad mórán daoine amú. Cluinfidh sibh cogaí agus caint ar chogaí; seachnaígí agus ná glacaigí scéin, óir ní foláir an uile ní a theacht chun cinn, ach ní hé an deireadh fós é. Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd. Ní bheidh sa mhéid sin uile ach na harraingeacha tosaigh. Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar mʼainm-se. Ansin, clisfidh ar mhórán, beidh siad ag fealladh ar a chéile agus ag fuathú a chéile. Éireoidh a lán fáithe bréige agus cuirfidh siad mórán amú. De dheasca an t-olcas a bheith ag fás, fuarfaidh an grá ag a lán. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é. Fógrófar dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh. “Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa–tuigeadh an té a léann– ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos isteach chun a chuid a bhreith leis, agus an té a bheidh sa ghort, ná filleadh ar ais chun a bhrat a fháil. Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin! Agus bígí ag guí nach in am an gheimhridh a bheidh oraibh teitheadh ná ar an tsabóid, mar beidh trioblóid mhór an uair sin ann nach raibh a leithéid riamh ann ó thus an domhain agus nach mbeidh go deo. Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin. “Má deir aon duine libh an uair sin: ‘Féach, tá an Críost anseo,’ nó ‘Siúd é,’ ná creidigí é; óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mbʼfhéidir. Tá sé inste agam daoibh roimh ré. Má deirtear libh, mar sin: ‘Siúd sa bhfhásach é!’ ná téigí amach, nó ‘Seo sna seomraí cúil é,’ ná creidigí é. De bhrí ar nós na splaince a éiríonn sa taobh thoir agus a bladhm le feiceáil sa taobh thiar, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile. “Tar éis thrioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire. Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.” Ach foghlaimígí ón gcrann figí an parabal seo: Nuair a bhíonn an ghéag go húr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achomaireacht. Amhlaidh sin daoibh-se nuair a fheicfidh sibh na nithe úd uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achomaireacht, ar an tairseach. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche. “Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl a fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin. Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine; beirt bhan ag meilt bró: tógfar bean agus fágfar bean. Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna. “Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mbʼeol don fhear tí cén t-am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh. sibh-se freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine. Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaithe a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth? Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó. Deirim libh go fírinneach, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é. Agus má deir an drochsheirbhíseach sin ina chroí: ‘Tá mo mháistir ag déanamh moille,’ agus go dtosóidh ag bualadh a chomhsheirbhíseach, agus é ag ithe agus ag ól le lucht meisce, tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin lá nach mbeidh súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na mbréagchráifeach dó. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. “Is iad dála Ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in araicis an fhir nuaphósta. Cúigear díobh seo, bhí siad gan tuiscint agus bhí an cúigear eile ciallmhar; mar, thug na mná gan tuiscint na lampaí leo agus gan aon ola acu, ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróicíní leo chomh maith leis na lampaí. Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh. Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina araicis!’ Dʼéirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí. Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n-olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’ Dʼfhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibh-se, bʼfhearr daoibh-se dul go dtí lucht a díolta dá ceannach daoibh féin.’ Bhí siad ag dul dá ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras. Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: ‘A Thiarna, a Thiarna,’ ar siad, ‘oscail dúinn!’ Ach dʼfhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’ Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair. “Ar nós an duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; thug cúig thallann do dhuine acu, a dó de thallanna do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile–do gach duine de réir an chumais a bhí ann–agus dʼfhág an tír. Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú. Mar an gcéanna dʼfhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá cheann eile. Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach. Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo. Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, dʼfhág tú cúig thallann ar iontaoibh agam-sa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’ Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’ Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘dʼfhág tú dhá thallann ar iontaoibh agam-sa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’ Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’ Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t-aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh; agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’ Dúirt a mháistir leis dá fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh: ba cheart duit-se mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús. Bainigí de an tallann agus tugaigí í don duine a bhfuil na deich dtallann aige, óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’ “Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i rí-chathaoir a ghlóire. Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair. Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe mʼAthar, glacaigí mar oidhreacht an Ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain. Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do mʼfheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’ Freagróidh na fíréin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’ Agus déarfaidh an rí dá bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agam-sa, is dom-sa a rinne sibh é.’ Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal. Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do mʼfheiceáil.’ Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’ Ansin freagróidh sé iad: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh dom-sa é ach a oiread.’ Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.” Ansin, nuair a bhí an méid sin go léir ráite aige, dúirt Íosa lena dheisceabail: “Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.” San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas, agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis. Dúirt siad, áfach: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.” Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin lobhar, tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair dʼola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord. Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: “Cén fáth an diomailt seo?” ar siad; “bʼfhéidir é seo a dhíol go daor agus a thabhairt do na boicht.” Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; mar bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh, agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh mʼadhlactha a rinne sí é. Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo dá fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.” Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart agus dúirt: “Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?” Chomhair siad amach chuige tríocha píosa dʼairgead geal. Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh. Ar an gcéad lá dʼfhéile an tSlimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: “Cárbh áil leat go n-ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?” “Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá mʼuain in achomaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’” Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus dʼullmhaigh siad an Cháisc. Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal. Agus le linn dóibh a bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.” Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?” Dʼfhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath. Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. Bʼfhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.” Dʼfhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.” Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus dá thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.” Agus thóg sé cupán, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: “Ólaigí uile as seo, óir is í seo mʼfhuil-se, fuil an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán daoine chun peacaí a mhaitheamh. Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n-ólfaidh mé ina fhíon nua libh-se é i Ríocht mʼAthar.” Tar éis dóibh an t-iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg. Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall orm-sa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t-aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’ Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.” Dúirt Peadar leis dá fhreagairt: “Siúd is go nglacfaidh cách eile scannal mar gheall ort, ní ghlacfaidh mise scannal choíche.” Dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, roimh ghlaoch don choileach anocht féin, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Dúirt Peadar leis: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna. Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: “Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.” Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Zeibidé, agus tháinig buairt agus anbhuain air. Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar mʼanam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.” Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupán seo tharam, ach ní mar is toil liom-sa ach mar is toil leat-sa.” Tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt le Peadar: “An ea nár fhéad sibh, mar sin, faire aon uaire a dhéanamh liom? Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachaidh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.” Dʼimigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupán seo a ghabháil tharam gan mé dá ól, do thoil go raibh déanta!” Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom. Dʼfhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís. Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! Tá an t-am in achomaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh. Éirígí! Bímis ag gluaiseacht! Seo chugainn fear mo bhraite.” Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail. Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.” Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Is é do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é. Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é. Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de. Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé. Nó an é is dóigh leat nach féidir dom achainí a dhéanamh ar mʼAthair, a chuirfeadh ar fáil dom anois féin níos mó ná dhá léigiún déag aingeal? Conas a chomh-líonfaí na scrioptúir, más ea, a deir gur mar seo nach foláir dó a bheith?” An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.” Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad. An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas ard-sagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile. Bhí Peadar dá leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach dʼfhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil. Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bhréige in aghaidh Íosa dʼfhonn é bhású, ach ní bhfuair siad í in ainneoin gur tháinig an-chuid dʼfhinnéithe bréige i láthair. Sa deireadh, tháinig beirt i láthair agus ba é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’” Dʼéirigh an t-ard-sagart ina sheasamh agus dúirt leis: “Nach bhfuil freagra ar bith agat? Cad tá acu seo dá dhearbhú ort?” Dʼfhan Íosa ina thost. Dúirt an t-ard-sagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.” Leis sin, stróic an t-ard-sagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh. Cad é bhur mbarúil?” Agus ba é an freagra a thug siad: “Tá an bás tuillte aige.” Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbosa é ag rá: “Tairngir dúinn, a Chríost! Cé hé sin a bhuail thú?” Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa Gailíleach.” Ach shéan seisean é os comhair cách: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá,” ar seisean. Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: “Bhí sé seo in éineacht le hÍosa Nazórach.” Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: “Go dearfa, is duine díobh sin thusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.” Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach. Agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa “Roimh ghlaoch don choileach, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus chuaigh amach agus ghoil sé go goirt. Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa dʼfhonn é a bhású. Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é dá thabhairt ar láimh do Phíoláit gobharnóir. Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa dʼairgead geal ar ais dʼuachtaráin na sagart agus do na seanóirí, ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamh-chiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.” Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus dʼfhág an áit, dʼimigh sé leis agus chroch é féin. Thóg na hardsagairt na píosaí airgid agus dúirt siad: “Ní dleathach iad a chur i gciste an Teampaill, mar is luach fola iad.” Tar éis dóibh an scéal a phlé, cheannaigh siad leis an airgead Gort an Chriadóra mar reilig do strainséirí. Sin é a dʼfhág Gort na Fola mar ainm ar an ngort sin go dtí an lá inniu féin. Ansin a comh-líonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: “Agus thóg siad an tríocha píosa dʼairgead geal, luach an duine a measadh–ag cuid de chlann Iosrael a measadh é– agus thug ar Ghort an Chriadóra iad, de réir mar a bheartaigh an Tiarna dom.” Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus dʼfhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.” Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt. Dúirt Píoláit leis ansin: “Nach gcluineann tú a bhfuil dʼfhianaise acu dá tabhairt i dʼaghaidh?” Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ard-ionad h ar an ngobharnóir. Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo. Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Píoláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?”– mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é a thabhairt ar láimh. Ach le linn dó a bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í mʼfhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.” Ach dʼáitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh. Labhair an gobharnóir leo: “Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?” “Barabas!” ar siad. Dúirt Píoláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!” Dúirt seisean: “Ach cén t-olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadach: “Céastar é!” Nuair a chonaic Píoláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibh-se chuige.” Dʼfhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!” Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é. Ansin rug saighdiúirí an ghobharnóra Íosa leo isteach sa phréatóiriam, agus chuir siad tionól ar an gcathlán go léir chuige. Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é: Rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus rinne í a bhualadh ar a cheann agus chuir giolcach ina lámh dheas, agus tháinig ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi agus ag rá: “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!” Agus chaith siad seilí air agus bhí siad dá bhualadh sa cheann leis an ngiolcach. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta. Sa tslí amach dóibh, casadh fear Círéineach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad dʼfhiacha air seo a chros a iompar. Agus ar theacht dóibh go dtí áit ar a dtugtar ‘Golgotá’–is é sin le rá, Áit an Chloiginn– thug siad le hól dó fíon a raibh domlas tríd, ach ar a bhlaiseadh dó, dhiúltaigh sé a ól. Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, dá gcur ar chrainn, agus dʼfhan siad ina suí ansiúd dá ghardáil. Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint chúis a dhaortha: “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.” Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé. Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Tusa a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!” Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís: “Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann. As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’” Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad dá aithisiú mar an gcéanna. Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. Agus timpeall an naoú huair, mʼéigh Íosa de ghlór ard: “Élí, Élí, lamá sabachtání?” is é sin le rá: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?” Dúirt cuid díobh seo a bhí i láthair, ar a chloisteáil sin dóibh: “Ag glaoch ar Éilias atá sé seo,” agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó. Ach dúirt an chuid eile: “Fan go bhfeicimid an dtiocfaidh Éilias dá shaoradh.” Ach gháir Íosa amach arís de ghlór ard agus lig sé uaidh a spiorad. Agus réabadh brat an Teampaill ina dhá chuid ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha. Dʼoscail na tuamaí agus mʼéirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan: tháinig siad amach as na tuamaí tar éis dʼÍosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán. An taoiseach céid, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm thalún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.” Agus bhí mórán ban ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú, iad siúd a bhí tar éis Íosa a leanúint ón nGailíl chun a bheith ag freastal air: Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais agus Iósaef, agus máthair chlann Zeibidé. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Aramatáia darbh ainm Iósaef, agus é féin freisin ina dheisceabal ag Íosa; chuaigh sé seo go dtí Píoláit agus dʼiarr corp Íosa air. Dʼordaigh Píoláit ansin é a thabhairt dó. Thóg Iósaef an corp, dʼfhill i línéadach glan é agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama dʼimigh sé leis. Bhí Máire Mhaigdiléana ann agus an Mháire eile, agus iad ina suí os comhair na huaimhe. Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an Ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Píoláit agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’ Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal dá fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: ‘Tá sé éirithe ó mhairbh,’ agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.” Dúirt Píoláit leo: “Bíodh garda agaibh; seo libh, déanaigí daingean í mar is fearr is eolach sibh.” Dʼimigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda. Tar éis na sabóide, le láchan an chéad lae den tseachtain, tháinig Máire Mhaigdiléana agus an Mháire eile ag feiceáil na huaimhe. Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi. Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta. Bhí an lucht gardála ar crith le heagla roimhe agus iad mar a bheidís marbh. Labhair an t-aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh. Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith agus breathnaígí an áit a raibh sé ina luí. Agus imígí libh go tapa dá insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!” Dʼfhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabal. Agus seo Íosa ag teacht faoina ndéin go ndúirt: “Is é bhur mbeatha!” Dhruid siad ina aice agus rug siad barróg ar a chosa ag umhlú dó. Dúirt Íosa leo ansin: “Ná bíodh eagla oraibh! Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.” Le linn dóibh sin a bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus dʼinis siad an scéal go léir do na hardsagairt. Chruinnigh siad-san agus na seanóirí le chéile agus tar éis an scéal a phlé, thug siad fáltas maith airgid do na saighdiúirí ag rá: “Is é a déarfaidh sibh: ‘Tháinig a chuid deisceabal san oíche agus sinne inár gcodladh agus dʼfhuadaigh siad é.’ Agus má thagann guth an scéil seo chun an ghobharnóra, cuirfimidne comhairle air agus saorfaimid sibh-se ó imní.” Ghlac siad an t-airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal dá reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu. Dʼimigh an t-aon deisceabal déag leo go dtí an Ghailíl, go dtí an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh, agus ar a fheiceáil dóibh dʼumhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu. Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha dom-sa ar neamh agus ar talamh. Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, dá mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.” Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé. De réir mar atá scríofa in Íseáia fáidh: “Féach, cuirim mo theachtaire romhat a ullmhóidh do bhóthar. Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’” Tháinig Eoin ag baisteadh sa bhfhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh. Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí. Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige. Agus bhíodh sé ag seanmóir dá rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh. Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.” Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh san Iordáin ó Eoin. Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air. Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.” Go luath ina dhiaidh sin, chuir an Spiorad amach faoin bhfásach é agus bhí sé daichead lá sa bhfhásach dá phromhadh ag Sátan. Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air. Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt shoiscéal Dé agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achomaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.” Bhí sé ag imeacht leis cois fharraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí sa bhfarraige, mar iascairí a bhí iontu. Dúirt Íosa leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.” Dʼfhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. Bhuail sé ar aghaidh beagán eile agus chonaic sé Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, iad ina mbád féin ag ceartú na líonta, agus ghlaoigh sé iad láithreach. Dʼfhág siad a n-athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis. Chuaigh siad isteach i gCafarnáúm. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach sa tsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc. Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; dá dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe. Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach: “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.” Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.” Bhain an spiorad míghlan rachtanna as an duine, ghlaoigh amach go hard agus dʼimigh as. Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua dá dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.” Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle. Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin. Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi. Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. Dʼfhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu. Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais, agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é. Dʼéirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus dʼimigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí. Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg, agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.” Dúirt sé leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.” Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach. Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: “Más áil leat é,” ar seisean, “is féidir duit mé a ghlanadh.” Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: “Is áil,” ar seisean leis, “glantar thú!” Dʼfhág an lobhra é láithreach agus glanadh é. Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a dʼordaigh Maois mar fhianaise dóibh.” Ní túisce a dʼfhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird. Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, ar theacht ar ais go Cafarnáúm dó, fuarthas fios go raibh sé sa teach, agus bhí a oiread sin daoine cruinnithe ann nach raibh slí ann fiú amháin timpeall an dorais, agus bhí sé ag labhairt an bhriathair leo. Tháinig daoine ag tabhairt pairilisigh chuige ar iompar ag ceathrar. Nuair nárbh fhéidir leo teacht ina ghar mar gheall ar an slua, nocht siad an díon os a chionn, agus tar éis dóibh poll a dhéanamh, lig siad síos an tsráideog a raibh an pairiliseach ina luí uirthi. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “A mhic, tá do pheacaí maite.” Bhí cuid de na scríobhaithe ina suí ansiúd ag smaoineamh ina gcroí: “Cad a bheir dó seo labhairt mar sin? Is diamhasla dó é. Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach amháin Dia?” Ach thuig Íosa láithreach ina spiorad go raibh an smaoineamh sin ina n-aigne agus dúirt sé leo: “Cad a bheir na smaointe sin in bhur gcroí? Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach: ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá: ‘Éirigh, tóg do shráideog, agus siúil’? Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh peacaí a mhaitheamh”–dúirt sé leis an bpairiliseach: “Deirim leat, éirigh, tóg do shráideog agus gabh abhaile.” Dʼéirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus dʼimigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia dá rá: “Ní fhacamar a leithéid seo riamh.” Chuaigh sé amach arís cois na farraige, agus bhí an slua go léir ag teacht chuige agus eisean dá dteagasc. Agus ag dul thar bráid dó, chonaic sé Léiví mac Alfáias ina shuí in oifig an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” Dʼéirigh seisean agus lean sé é. Agus nuair a bhí sé ag bord ina theach, bhí mórán poibleacánach agus peacach ina suí le hÍosa agus lena dheisceabail, mar bhí mórán díobh dá leanúint. Nuair a chonaic scríobhaithe na bhFairisíneach go raibh sé ag ithe leis na peacaigh agus na poibleacánaigh, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn sé ag ithe agus ag ól le poibleacánaigh agus le peacaigh?” Ar a chloisteáil sin dʼÍosa dúirt sé leo: “Ní ag na daoine atá slán a bhíonn gá le lia ach ag na daoine atá tinn. Ní fíréin a tháinig mé a ghlaoch ach peacaigh.” Bhí troscadh dá dhéanamh ag deisceabail Eoin agus ag na Fairisínigh, agus tháinig daoine dá rá leis: “Cén fáth a ndéanann deisceabail Eoin agus deisceabail na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?” Dúirt Íosa leo: “An féidir le hógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh le linn don fhear a bheith leo? Fad a bhíonn an fear nuaphósta leo, ní féidir dóibh troscadh a dhéanamh. Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, agus ansin déanfaidh siad troscadh an lá sin. Ní fhuafadh aon duine preabán mʼéadach gan ramhrú ar sheanbhrat: dá ndéanfadh, bhainfeadh an paiste rud éigin as–an nua as an sean–agus ba mhiste an stróiceadh é. Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!” Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí na goirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus iad ag siúl na slí. Dúirt na Fairisínigh leis: “Féach, cén fáth a bhfuil siad ag déanamh ruda nach dleathach ar an tsabóid?” Dúirt sé leo: “Nár léigh sibh riamh faoin rud a rinne Dáiví nuair a bhí sé i ngá agus ocras air, é féin agus a chompánaigh: mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé, in aimsir Aibiatar ard-sagart, agus dʼith builíní na fianaise nach dleathach a ithe ach do na sagairt, agus mar a thug fós dá chompánaigh iad?” Agus dúirt sé leo: “Rinneadh an tsabóid ar son an duine, ní dhearnadh an duine ar son na sabóide; sa chaoi go bhfuil Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid féin.” Chuaigh sé isteach sa tsionagóg uair eile, agus bhí fear ann a raibh lámh leis seargtha, agus bhíodar ag faire air féachaint an leigheasfadh sé é lá na sabóide chun go gciontóidís é. Dúirt sé le fear na láimhe seargtha: “Tar i leith.” Agus dúirt sé leo: “Cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t-olc, beatha a shaoradh nó a mharú?” Ach ní raibh focal astu. Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís. Ghabh na Fairisínigh amach, agus rinne siad comhairle láithreach leis na Héaródaigh ina aghaidh conas a mhillfidís é. Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é–ó Iúdáia fós, ó Iarúsailéim, ó Iodúimé, ón taobh thall den Iordáin, agus ó thimpeall na Tuíre agus Shiodón, tháinig slua mór chuige, nuair a chuala siad a raibh dá dhéanamh aige. Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith ullamh acu dó mar gheall ar an slua le heagla go mbeidís ag brú air. Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis. Agus nuair a dʼfheiceadh na spioraid mhíghlana é, chaithidís iad féin síos roimhe agus screadadh siad amach: “Is tú Mac Dé!” Ach dʼordaigh sé go dian dóibh gan é a chur in iúl. Chuaigh sé an sliabh suas agus ghlaoigh sé chuige iad seo ab áil leis féin. Tháinig siad chuige, agus cheap sé dáréag mar chompánaigh aige féin agus chun go gcuirfeadh sé uaidh iad ag seanmóir, agus údarás acu chun na deamhain a chaitheamh amach. Cheap sé an dáréag, Síomón ar ar thug sé Peadar mar ainm, Séamas mac Zeibidé agus Eoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóinéirgéas mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní, Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón Cananáiach, agus Iúdás Isceiriót an fear a bhraith é. Chuaigh sé isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe. Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach dʼfhonn breith air, mar bhí siad ag rá: “As a mheabhair atá sé.” Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: “Béalzabúl atá ann,” agus “Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.” Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo: “Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach? Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh. Agus má bhíonn teaghlach ar deighilt ina aghaidh féin, ní fhéadfaidh an teaghlach sin seasamh. Agus má tá Sátan éirithe amach ina aghaidh féin agus é ar deighilt, ní fhéadann sé seasamh. Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh. Deirim libh go fírinneach, maithfear don chine daonna a gcuid peacaí agus cibé diamhaslaí a dhéanfaidh siad, ach duine ar bith a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maithiúnas le fáil aige go deo, ach tá sé ciontach i bpeaca síoraí,”– mar go ndúirt siad: “Tá spiorad míghlan ann.” Ansin tháinig a mháthair agus a bhráithre, agus ina seasamh dóibh amuigh chuir siad scéala chuige ag glaoch air. Bhí slua ina suí timpeall air, agus dúirt siad leis: “Tá do mháthair agus do bhráithre amuigh do dʼiarraidh.” Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Cé hiad mo mháthair agus mo bhráithre?” Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt: “Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre! Óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil Dé, sin é mo bhráthair agus mo shiúr agus mo mháthair.” Thosaigh sé ag teagasc cois na farraige uair eile, agus bhailigh slua chomh líonmhar sin chuige go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti ar farraige, agus bhí an slua go léir le hais na farraige ar an talamh. Rinne sé mórán nithe a theagasc dóibh i bparabail, agus dúirt sé leo ina chuid teagaisc: “Éistigí liom! Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair agus tháinig an éanlaith dá ithe suas. Thit cuid eile den ghrán ar an gcreagán, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus dʼeascair sé gan mhoill de bhrí nach raibh an ithir dhomhain aige; agus nuair mʼéirigh an ghrian loisceadh é, agus toisc nach raibh fréamh aige dʼfheoigh sé. Thit cuid eile den ghrán sa deilgneach, agus dʼfhás an deilgneach aníos agus phlúch é, agus níor thug sé aon toradh uaidh. Ach thit gráinní eile ar an talamh maith agus thug toradh uathu ag fás suas agus ag méadú, agus bhí barr air faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.” Agus dúirt sé: “An té a bhfuil cluas chun éisteachta air, éisteadh!” Nuair a bhí sé ina aonar, iad seo a bhíodh ina thimpeall leis an dáréag, dʼfhiafraigh siad de i dtaobh na bparabal. Dúirt sé leo: “Tá rúndiamhair ríocht Dé tugtha daoibhse; ach dóibh seo atá amuigh, is i bparabail a bhíonn an uile ní, chun go ‘mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís, agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís, dʼeagla go n-iompóidís agus go maithfí dóibh.’” Agus dúirt sé leo: “An ea nach dtuigeann sibh an parabal seo? Conas a gheobhaidh sibh fios ar na parabail uile? Síolann an síoladóir an briathar. Na daoine seo le hais an bhóthair, mar a shíoltar an briathar, is daoine iad agus nuair a chluineann siad, tagann Sátan láithreach agus tógann an briathar a shíoltar iontu. Mar an gcéanna, is iad na daoine a ghlac an síol ar an gcreagán, iad seo a ghabhann an briathar chucu le háthas láithreach nuair a chluineann siad é, ach ní bhíonn fréamh acu iontu féin ach iad neamhbhuan agus ansin, nuair a bhíonn trioblóid nó géar-leanúint ann mar gheall ar an mbriathar, cliseann orthu láithreach. Daoine eile iad seo a ghlac an síol sa deilgneach: is iad siúd na daoine a chuala an briathar, ach go dtagann cúraimí an tsaoil agus mealladh an tsaibhris agus mianta i rudaí eile isteach, go bplúchann siad an briathar agus fágtar gan toradh é. Agus iad seo a ghlac an síol ar an talamh maith, is iad seo na daoine a chluineann an briathar agus a ghabhann chucu é, agus a thugann toradh uathu faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.” Dúirt sé leo: “An dtugtar lampa isteach chun go gcuirfear faoi bhéal peice é, nó faoi leaba? Nach ar chrann solais atá sé le cur? Óir níl aon ní faoi cheilt ach chun go mbeidh sé soiléir, ná aon ní ina rún ach chun go dtiocfaidh sé chun solais. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine éisteadh sé!” Dúirt sé leo: “Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann. Óir an duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó, agus an duine a bhíonn gan ní bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.” Agus dúirt: “Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh, agus go gcodlódh sé féin agus go n-éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan a fhios dó. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil.” Agus dúirt: “Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi? Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé dá chur sa talamh, ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.” Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a dʼfhéad siad éisteacht leis. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal. Nuair a bhí an tráthnóna ann an lá sin, dúirt sé leo: “Téimis trasna anonn.” Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile dá thionlacan. Dʼéirigh cuaifeach mór gaoithe, agus bhí na farraigí ag bualadh an bháid sa chaoi go raibh sí ag líonadh cheana féin. Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis: “A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?” Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad dá rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?” Tháinig siad go dtí an taobh eile den fharraige, go dtí tír na nGeiriséanach, agus ar theacht amach as an mbád dó, tháinig faoina dhéin as na tuamaí duine a raibh spiorad míghlan ann a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus ní fhéadfadh aon duine é a cheangal feasta, le slabhra féin; óir is minic roimhe sin a cheanglaítí le geimhle agus le slabhraí é, ach shracadh sé na slabhraí as a chéile, agus bhriseadh sé na geimhle, agus níorbh fhéidir le haon duine é smachtú. Agus bhíodh sé de ghnáth de lá agus dʼoíche sna tuamaí agus ar na sléibhte, é ag screadach agus dá ghreadadh féin le clocha. Nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith agus dʼumhlaigh dó, agus ag screadach de ghlór ard dúirt: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhac Dé ró-aird? Cuirim ort, as ucht Dé, gan mé a chrá,” óir bhí sé dá rá leis: “Gabh amach as an duine, a spioraid mhíghlain.” Agus dʼfhiafraigh de: “Cad is ainm duit?” Dúirt sé leis: “Léigiún is ainm dom, óir tá mórán againn ann.” Agus bhí sé ag achainí air go crua gan iad a chur as an tír. Bhí, ansiúd ar an sliabh, tréad mór muc ar féarach, agus rinne siad achainí air: “Cuir ag triall ar na muca sinn, go dtéimis isteach iontu.” Thug sé an cead dóibh. Tháinig na spioraid mhíghlana amach agus chuaigh siad isteach sna muca; agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána, timpeall dhá mhíle díobh, isteach sa bhfarraige agus bádh sa bhfarraige iad. Theith na mucaithe a bhí ina bhfeighil, agus dʼinis siad an scéal sa chathair agus sna feirmeacha. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad é an rud é seo a tharla. Agus tháinig siad ag triall ar Íosa agus chonaic siad an deamhnaíoch ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, an duine céanna a mbíodh an léigiún ann; agus bhí uamhan orthu. Dʼinis an lucht féachana dóibh cad a tharla don deamhnaíoch, agus mar gheall ar na muca. Agus thosaigh siad ag achainí ar Íosa imeacht óna gceantar. Ag dul ar bord an bháid dó, rinne an fear a mbíodh an deamhan ann achainí air a bheith ina chuideachta, ach ní ligfeadh sé dó ach dúirt leis: “Imigh leat abhaile chun do mhuintire féin agus inis dóibh a bhfuil déanta ag an Tiarna duit agus mar a rinne sé trócaire ort.” Agus dʼimigh sé leis agus thosaigh ag fógairt i nDeacapoil a raibh déanta ag Íosa dó, agus bhí ionadh ar chách. Ar theacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige. Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa agus rinne achainí go crua air ag rá: “Tá mʼiníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.” Dʼimigh sé lena chois agus bhí slua mór dá leanúint agus bhí siad ag plódú air. Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas, nuair a chuala sí scéala mar gheall ar Íosa, tháinig sí taobh thiar de sa slua agus bhain sí lena bhrat; mar dúirt sí: “Má bhainim lena chuid éadaigh fiú amháin, beidh mé slán.” Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán. Ach dʼairigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: “Cé a bhain le mo chuid eádaigh?” Dúirt a dheisceabail leis: “Feiceann tú an slua ag plódú ort, agus deir tú ‘Cé a bhain liom?’” Agus dhearc sé ina thimpeall féachaint cé a rinne é. Ach ó thuig an bhean cad a bhí déanta inti, tháinig sí go critheaglach agus chaith í féin síos roimhe agus dʼinis an fhírinne go léir dó. Dúirt sé léi: “A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.” Le linn dó a bheith ag caint tháinig daoine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá dʼiníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?” Ba chlos dʼÍosa an comhrá agus dúirt le ceann urra na sionagóige: “Ná bíodh eagla ort; ach bíodh creideamh agat.” Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais. Ar theacht dóibh go dtí teach cheann urra na sionagóige, chonaic sé an callán agus na daoine ag gol agus ag olagón go hard. Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.” Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí. Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: “Talitá cúm”–focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!” Dʼéirigh an cailín agus shiúil sí thart, mar bhí sí dhá bhliain déag. Agus bhí ionadh agus alltacht orthu. Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di. Dʼimigh sé as an áit sin agus tháinig sé ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é. Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha? Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.” Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas, agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh. Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc. Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh dá gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana. Dʼordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata–arán ná tiachóg ná airgead sa chrios; ach cuaráin a chur orthu, “agus ná cuirigí dhá ionar oraibh”. Agus dúirt sé leo: “Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite. Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.” Agus ar dhul amach dóibh dʼfhógair siad aithrí a dhéanamh agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad. Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí dá n-oibriú tríd.” Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.” Ach nuair a chuala Héaród mar gheall air, dúirt: “Eoin úd, ar bhain mé an ceann de, is é atá éirithe.” Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh. Óir dúirt Eoin le Héaród: “Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.” Bhí olc ag Héaróidias chuige agus bʼáil léi é a mharú ach ní fhéadfadh, óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar. Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne ar lá a bhreithe, do lucht a chúirte agus dʼoifigigh agus do chinn phobail na Gailíle; agus tháinig iníon Héaróidias isteach agus rinne sí rince, agus thaitin sé le Héaród agus leo seo a bhí ag bord leis. Dúirt an rí leis an gcailín: “Iarr orm cibé ní is mian leat agus tabharfaidh mé duit é.” Agus thug sé a mhionn di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.” Ghabh sise amach agus dúirt sí lena máthair: “Cad a iarrfaidh mé?” Dúirt sí siúd: “Ceann Eoin Baiste.” Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus dʼiarr air ag rá: “Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.” Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionnaí agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi, agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus dʼordaigh a cheann a thabhairt isteach. Dʼimigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é, agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é. Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é. Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus dʼinis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu. Dúirt sé leo: “Tagaigí sibh-se go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall”–óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu. Dʼimigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus dʼaithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu. Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh. Nuair a bhí an lá ag dul i ndéanaí, tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo, agus tá sé déanach feasta. Scaoil uait iad go rachaidís isteach sna feirmeacha agus sna bailte mór-thimpeall ag ceannach rud éigin le hithe dóibh féin.” Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Tugaigí sibh-se rud le hithe dóibh.” Dúirt siad leis: “An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar dʼarán agus é a thabhairt dóibh le hithe?” Dúirt sé leo: “Cé mhéad builín atá agaibh? Imígí agus faighigí amach.” Ar fháil amach dóibh dúirt siad: “Tá cúig cinn, agus dhá iasc.” Agus dʼordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas, agus lig siad fúthu ina ngasraí, ina gcéadta agus ina gcaogaidí. Thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách. Dʼith siad uile agus bhí siad sách. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc. Cúig mhíle fear an líon a dʼith na builíní. Ansin chuir sé dʼfhiacha ar a dheisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall, go dtí Béatsáide, fad a bheadh sé féin ag scaoileadh an tslua uaidh. Tar éis dó iad a chur chun siúil, dʼimigh sé faoin sliabh chun guí. Agus nuair a bhí sé déanach, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige agus eisean ina aonar ar tír. Ar a fheiceáil dó go raibh siad ar saothar ag na maidí rámha, mar bhí an ghaoth ina gcoinne, tháinig sé chucu, timpeall an cheathrú faire den oíche, agus é ag siúl ar an bhfarraige, agus bhí sé ar tí dul tharstu. Shíl siad gur taibhse a bhí ann agus scread siad amach, mar chonaic siad uile é agus bhíodar buartha. Ach labhair sé leo láithreach agus dúirt leo: “Bíodh misneach agaibh! Mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.” Tháinig sé isteach sa bhád chucu agus thit an ghaoth. Agus tháinig alltacht thar na bearta orthu, mar níor thuig siad mar gheall ar na builíní, óir bhí a gcroí go dúr. Ar dhul trasna dóibh, bhuail siad talamh ag Geinéasaireit agus tháinig chun leaba ancaire. Agus ar theacht as an mbád dóibh, dʼaithin na daoine é agus rith siad ar fud an cheantair sin ar fad, agus thosaigh siad ag breith na ndaoine a bhí tinn ar a gcuid sráideog chun na háite ar chuala siad é a bheith. Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad. Na Fairisínigh agus cuid de na scríobhaithe a bhí tar éis teacht ó Iarúsailéim, chruinnigh siad le chéile chuige, agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamh-ghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite– óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil thraidisiún na sinsear; agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupáin a ní agus corcáin agus soithí práis– dʼfhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: “Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamh-ghlana?” Dúirt sé leo: “Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa: ‘Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí; is díomhaoin dóibh a bheith do mʼadhradh óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’ “Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupán, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.” Agus dúirt sé leo: “Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún. Óir dúirt Maois: ‘Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.’ Ach is é a deir sibh-se: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: ‘Ní ar bith de mo chuid-se a dʼfhéadfadh dul chun sochair duit-se, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é’, ní ligeann sibh dó feasta rud ar bith a dhéanamh dá athair nó dá mháthair, ag cur Bhriathar Dé ar neamhní tríd an traidisiún seo agaibh a fhágann sibh ag bhur sliocht. Agus déanann sibh mórán nithe den sórt sin.” Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: “Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo. Níl aon ní lasmuigh den duine a dʼfhéadfadh, trí dhul isteach ann, é a dhéanamh neamh-ghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamh-ghlan. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine, éisteadh!” Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, dʼfhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal. Dúirt sé leo: “Nach bhfuil tuiscint agaibh-se ach a oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é a dhéanamh neamh-ghlan, de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?” (Sin mar a dʼfhógair sé gach bia a bheith glan.) Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamh-ghlan an duine. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamh-ghlan an duine.” Chuir sé chun siúil as sin agus dʼimigh go críocha na Tuíre agus Shiodón. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne. Óir bean a raibh a hiníon bheag agus spiorad míghlan inti, chuala sí scéala air láithreach agus tháinig sí dá caitheamh féin ag a chosa. Bean Ghréagach í, Sirifhéiníceach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon. Dúirt sé léi: “Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.” Ach dúirt sí leis dá fhreagairt: “Cinnte, a Thiarna, agus na coileáin féin a bhíonn faoin mbord, itheann siad grabhróga na leanaí.” Agus dúirt sé léi: “Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as dʼiníon.” Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe. Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé trí Shiodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil. Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus dʼiarr siad air a lámh a chur air. Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga, agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: “Eafatá!”–focal a chiallaíonn: “Osclaítear thú.” Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart. Agus dʼordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a dʼordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad dá fhógairt, agus bhí ionadh saoil orthu ag rá: “Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.” Sna laethanta sin, nuair a bhí slua mór ann arís agus gan aon ní le hithe acu, ghlaoigh sé na deisceabail chuige agus dúirt sé leo: “Tá trua agam don slua, mar tá trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon ní le hithe acu, agus má scaoilim chun siúil abhaile iad ar céalacan, buailfidh laige iad sa tslí, agus tá cuid acu a tháinig i bhfad ó bhaile.” Dʼfhreagair a dheisceabail é: “Cá bhféadfadh duine a ndóthain aráin a fháil dóibh seo anseo sa bhfhásach?” Dʼfhiafraigh sé díobh: “Cé mhéad builín atá agaibh?” “Seacht gcinn”, ar siad-san. Dʼordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilín, dʼaltaigh, bhris agus thug dá dheisceabail le cur os a gcomhair agus chuir siad os comhair an tslua iad, agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iad-san a chur os a gcomhair freisin. Dʼith siad agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, seacht gcléibhín. Timpeall ceithre mhíle a bhí ann, agus scaoil sé uaidh iad. Chuaigh sé ar bhord an bháid láithreach, é féin agus a dheisceabail, agus tháinig go ceantar Dhalmanúta. Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as. Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.” Dʼfhág sé iad agus ar dhul ar bord dó arís chuaigh sé go dtí an taobh eile. Rinne siad dearmad aon arán a thabhairt leo, agus ní raibh sa bhád acu leo ach aon bhuilín amháin. Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: “Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.” Agus bhí siad-san ag plé an scéil le chéile: nach raibh aon arán acu. Bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag plé an scéil gan arán a bheith agaibh? Nach bhfuil tuiscint agaibh fós nó meabhair? An bhfuil bhur gcroí dúr? Cé go bhfuil súile agaibh, an ea nach bhfeiceann sibh, agus cé go bhfuil cluasa agaibh an ea nach gcluineann sibh? Agus nach cuimhin libh, nuair a bhris mé na cúig bhuilín don chúig mhíle, cé mhéad ciseán lán de bhruscar a thóg sibh suas?” Dúirt siad: “Dhá cheann déag.” “Agus na seacht gcinn don cheithre mhíle, cé mhéad cléibhín lán de bhruscar a thóg sibh?” Dúirt siad: “Seacht gcinn.” Agus dúirt sé leo: “Nach dtuigeann sibh fós?” Tháinig siad go dtí Béatsáide, agus bhí daoine a thug fear dall chuige agus rinne siad achainí air baint leis. Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air dʼfhiafraigh de: “An bhfeiceann tú aon ní?” Dʼardaigh seisean a shúile agus dúirt: “Feicim daoine, ach samhlaím gur crainn iad ag siúl.” Ansin leag sé a lámha ar a shúile arís agus bhreathnaigh an dall go géar agus rinneadh slán arís é agus bhí radharc glan aige ar gach uile ní. Agus chuir sé chun a thí féin é ag rá: “Ná téigh isteach sa bhaile mór, fiú amháin.” Dʼimigh Íosa agus a chuid deisceabal go dtí na bailte i gCaesairia Philib, agus sa tslí dóibh dʼfhiafraigh sé dá dheisceabail: “Cé hé a deir na daoine mise?” Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.” Dʼfhiafraigh sé díobh: “Ach cé hé a deir sibh-se mé?” Dúirt Peadar leis dá fhreagairt: “Is tú an Críost.” Agus dʼordaigh sé dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine. Thosaigh sé dá theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá. Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó. Ach dʼiompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i dʼaigne ach smaointe daoine.” Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine a bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é. Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal? Óir cad a dʼfhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Óir cibé ar náir leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is náir le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.” Agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.” Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl, agus mʼéirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad. Agus chonacthas dóibh Maois mar aon le hÉilias agus iad ag comhrá leis. Agus labhair Peadar le hÍosa: “A Mháistir, “ ar sé, “is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bhoth, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann dʼÉilias”– mar ní raibh a fhios aige cad ba mhaith dó a rá óir tháinig uamhan orthu. Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!” Agus go tobann, ar dhearcadh dóibh ina dtimpeall, ní fhaca siad duine ar bith níos mó ach Íosa in éineacht leo ina aonar. Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh. Agus choinnigh siad an scéal chucu féin ach go mbídís ag fiafraí dá chéile cad ba chiall leis an éirí úd ó mhairbh. Agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?” Dúirt sé leo: “Tiocfaidh Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus a bheith faoi dhrochmheas? Ach deirim libh: tá Éilias tagtha, agus dʼimir siad a dtoil air de réir mar atá scríofa mar gheall air.” Ar theacht dóibh go dtí na deisceabail, chonaic siad slua mór ina dtimpeall, agus scríobhaithe ag argóint leo. Agus an túisce a chonaic siad é, bhí an slua go léir le hiontas, agus rith siad chuige ag beannú dó. Dʼfhiafraigh sé díobh: “Cén argóint atá agaibh leo?” Agus dʼfhreagair duine den slua é: “A Mháistir, thug mé chugat mo mhac a bhfuil spiorad balbh ann: agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. Dʼiarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.” Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.” Thug siad chuige é, agus an túisce a chonaic an spiorad é, bhain sé rachtanna as an ógánach, agus thit sé ar an talamh dá únfairt féin agus cúr lena bhéal. Dʼfhiafraigh Íosa dá athair: “Cá fhad atá sé seo air?” Dúirt seisean: “Ó bhí sé ina pháiste, agus bíonn sé dá chaitheamh isteach sa tine go minic agus san uisce freisin chun é a mhilleadh. Ach má fhéadann tú rud ar bith a dhéanamh bíodh trua agat dúinn agus cuidigh linn.” Dúirt Íosa leis: “Má fhéadann tú!–Is féidir an uile ní don té a chreideann.” Ghlaoigh athair an pháiste amach láithreach: “Creidim, tar i gcabhair ar mo dhíchreideamh.” Nuair a chonaic Íosa slua ag bailiú go tapa, labhair sé go bagrach leis an spiorad míghlan agus dúirt leis: “A spioraid bhailbh bhodhair, táim dá ordú duit, gabháil amach as agus gan teacht ann go deo arís.” Scread sé amach, bhain sé rachtanna as go dolba, agus dʼimigh amach as; agus bhí sé mar a bheadh duine marbh, sa chaoi go ndúirt a bhformhór: “Tá sé marbh.” Ach rug Íosa ar láimh air agus thóg sé suas é, agus mʼéirigh sé ina sheasamh. Ar dhul isteach sa teach dó, dʼfhiafraigh a chuid deisceabal de ar leithligh: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é a chaitheamh amach?” Agus dúirt sé leo: “Ní féidir leis an sórt seo dul amach trí ní ar bith ach amháin trí ghuí (agus trí throscadh).” Ag imeacht as an áit sin dóibh, ghabh siad tríd an nGailíl agus níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine, mar bhí sé ag teagasc a dheisceabal, a rá leo: “Tabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.” Ach níor thuig siad an focal, agus bhí eagla orthu ceist a chur air. Tháinig siad go dtí Cafarnáúm, agus sa teach dó dʼfhiafraigh sé díobh: “Cad a bhí dá chur trí chéile agaibh sa tslí?” Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó. Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: “Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó a bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.” Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo: “Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son mʼainm-se, mise a ghlacann, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise a ghlacann sé, ach an té a chuir uaidh mé.” Dúirt Eoin leis: “A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i dʼainm-se, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.” Dúirt Íosa: “Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i mʼainm-se agus a fhéadfaidh, go luath, an droch-fhocal a bheith aige orm; óir an té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son. “Má thugann duine ar bith cupán dʼfhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil. “Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, bʼfhearr dó go gcuirfí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a chaitheamh sa bhfarraige. Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hIfreann, an tine nach féidir a mhúchadh an áit nach n-éagann an phéist acu agus nach múchtar an tine. Agus más siocair pheaca duit do chos, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha bacach ná an dá chos a bheith agat agus tú a chaitheamh in Ifreann ( an áit nach n-éagann an phéist acu agus nach múchtar an tine). Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in Ifreann, an áit nach n-éagann an phéist acu agus nach múchtar an tine. Saillfear cách le tine. Is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann leamh cad a chuirfidh sibh mar anlann leis? Bíodh salann agaibh ionaibh agus bíodh síocháin eadraibh.” Ar fhágáil na háite sin dó, tháinig sé go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin, agus chruinnigh sluaite móra chuige arís agus bhí sé dá dteagasc arís mar ba ghnách leis. Tháinig Fairisínigh chuige agus dʼfhiafraigh siad de, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh?” Dʼfhreagair sé agus dúirt leo: “Cad a dʼordaigh Maois daoibh?” Dúirt siad-san: “Thug Maois cead litir idirscartha a scríobh agus í a scaoileadh.” Dúirt Íosa leo: “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach a scríobh sé an aithne sin daoibh. Ach ó thús an chruthaithe ‘rinne Dia iad fireann agus baineann; mar gheall air sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun a bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu’. Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.” Cheistigh a dheisceabail é mar gheall air seo arís sa teach, agus dúirt sé leo: “Duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas ina coinne. Agus má scaoileann bean a fear uaithi agus fear eile a phósadh, déanann sí adhaltranas.” Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.” Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad. Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus dʼfhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeidh mé páirteach sa bheatha shíoraí?” Dúirt Íosa leis: “Cad chuige a ndeir tú ‘maith’ liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. Is eol duit na haitheanta. ‘Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois. Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair.’” Dúirt seisean leis: “A Mháistir, choimeád mé iad sin uile ó mʼóige.” Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar Neamh; tar ansin agus lean mise.” Chuir an chaint sin buaireamh air agus dʼimigh sé leis go dubhach mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige. Bhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail: “Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!” Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach dʼfhreagair Íosa agus dúirt leo arís: “A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé! Óir is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.” Ba mhó ná sin an t-ionadh a bhí orthu agus dúirt siad lena chéile: “Cé is féidir a shlánú, más ea?” Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: “Tá sé seo dodhéanta ag daoine ach níl ag Dia; óir tá an uile ní sodhéanta ag Dia.” Chrom Peadar ar a rá leis: “Sinne, féach, dʼfhágamar an uile ní agus leanamar thusa.” Dúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach nach bhfuil aon duine a dʼfhág teach ná deartháireacha, ná deirfiúracha, ná máthair, ná athair, ná clann, ná tailte, mar gheall orm-sa agus mar gheall ar an soiscéal nach bhfaighidh níos mó faoi chéad san aimsir seo anois, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, fara géar-leanúintí, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht. “Tá a lán ar tosach a bheidh ar deireadh, agus a lán ar deireadh a bheidh ar tosach.” Agus bhí siad ar an tslí ag dul suas go hIarúsailéim; bhí Íosa rompu amach agus bhí ard-ionad h orthu, agus bhí eagla orthu siúd a bhí ag leanúint laistiar. Rug sé leis an dáréag i leataobh arís agus thosaigh sé ar a insint dóibh cad iad na nithe a bhí le titim amach dó. “Seo anois sinn ag dul suas go hIarúsailéim agus tabharfar Mac an Duine ar láimh dʼuachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe. Daorfaidh siad chun báis é agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é. Agus déanfaidh siad fonóid faoi agus seilí a chaitheamh air agus é a sciúirséail agus é a chur chun báis; agus éireoidh sé arís tar éis trí lá.” Tháinig Séamas agus Eoin, clann Zeibidé; chuige dá rá leis: “A Mhaistir, is mian linn go ndéanfá dúinn cibé ní a iarrfaimid ort.” Dúirt seisean leo: “Cad ab áil libh a dhéanfainn daoibh?” Agus dúirt siad-san leis: “Tabhair dúinn go suífimis, duine againn ar do dheis, agus duine againn ar do chlé, i do ghlóir.” Dúirt Íosa leo: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupán a ól atá dá ól agam-sa, agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilim-se do mo bhaisteadh?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.” Dúirt Íosa leo: “An cupán atáim a ól, ólfaidh sibh, agus leis an mbaisteadh lena bhfuilim do mo bhaisteadh, baistfear sibh; ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agam-sa atá sin le tabhairt, ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán.” Ar a chloisteáil sin don deichniúr thosaigh siad ar a bheith míchéadfach i dtaobh Shéamais agus Eoin. Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo: “Tá a fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu. Ach ní mar sin atá an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách. Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.” Agus tháinig siad go hIreachó; agus ag dul amach as Ireachó dó fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bartaiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair. Nuair a chuala sé gurbh é Íosa Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá: “A Mhac Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!” Agus bhagair a lán daoine air a bheith ina thost, ach is ea ba mhó a scread sé: “A Mhac Dháiví, déan trócaire orm.” Stad Íosa agus dúirt: “Glaoigí anseo air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall dá rá leis: “Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!” Chaith sé siúd de a bhrat, mʼéirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa. Ansin labhair Íosa leis: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé. Dúirt seisean leis: “A Rabúnaí, mo radharc a bheith agam!” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.” Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí. Nuair a bhí siad ag teacht i ngar dʼIarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh, agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair agus láithreach ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin. Scaoiligí é agus tugaigí libh é. Agus má deir aon duine libh: ‘Cad atá sibh a dhéanamh?’ abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leis. Ach cuirfidh sé ar ais anseo gan mhoill é.’” Dʼimigh siad leo agus fuair an searrach ceangailte ag doras, lasmuigh ar an tsráid agus scaoil siad é. Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh ansiúd leo: “Cad ab áil libh ag scaoileadh an tsearraigh?” Dʼfhreagair siad faoi mar a dúirt Íosa leo, agus scaoil siad leo. Agus thug siad leo an searrach go dtí Íosa agus chuir siad a mbrait anuas air agus chuaigh sé ina shuí air. Leath a lán daoine a mbrait ar an mbóthar, a thuilleadh craobhacha a bhain siad sna goirt; agus na daoine a bhí roimhe amach, agus iad siúd a bhí dá leanuint, bhí na gártha acu dá gcur suas: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Dáiví! Hósana sna harda!” Agus chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, agus isteach sa Teampall. Bhreathnaigh sé ar gach ní ina thimpeall, ach ó bhí an déanaí ann cheana féin, chuaigh sé amach go Béatáine leis an dáréag. Agus iad ag fágáil Bhéatáine lá arna mhárach, bhí ocras air. Nuair a chonaic sé i bhfad uaidh crann figí agus duilliúr air, chuaigh sé féachaint an bhfaigheadh sé aon toradh air. Agus nuair a tháinig sé chuige ní bhfuair sé aon ní ach duilliúr mar níorbh é aimsir na bhfigí é. Labhair sé leis an gcrann figí: “As seo amach go brách nár ithe aon duine toradh uaitse,” ar sé. Agus chuala a dheisceabail é. Tháinig siad ansin go hIarúsailéim. Ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall a thiomáint amach; leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht colmáin a dhíol; ná ní cheadódh sé dʼaon duine árthach a bhreith leis tríd an Teampall. Agus bhí sé dá dteagasc agus dúirt sé leo: “Nach bhfuil sé scríofa: ‘Glaofar ar mo theachsa teach urnaithe do na ciníocha go léir’? ach rinne sibh uaimh robálaithe de.” Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc. Agus nuair a tháinig an tráthnóna dʼimigh siad amach as an gcathair. Ag gabháil thar bráid dóibh lá arna mhárach, chonaic siad an crann figí seargtha óna fhréamhacha. Chuimhnigh Peadar agus dúirt leis: “A Mháistir, an crann figí ar ar chuir tú do mhallacht, féach, Tá sé seargtha.” Dúirt Íosa leo ag freagairt: “Bíodh creideamh agaibh i nDia. Deirim libh go fírinneach, má deir aon duine leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh sa bhfarraige’ agus gan aon amhras ina chroí, ach é a chreidiúint go mbeidh mar a deir sé, déanfar sin dó. Deirim libh dá bhrí sin, an uile ní a bheidh dá impí agus dá iarraidh agaibh, creidigí go bhfuil sé faighte agaibh, agus gheobhaidh sibh é. Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfidh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith. ( Ach mura maitheann sibh-se ní mó a mhaithfidh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse.)” Tháinig siad go hIarúsailéim arís, agus ag siúl sa Teampall dʼÍosa, tháinig uachtaráin na sagart, agus na scríobhaithe, agus na seanóirí agus dúirt siad leis: “Cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé a thug an t-údarás sin duit chun na nithe seo a dhéanamh?” Dúirt Íosa leo: “Tá aon cheist amháin agam-sa le cur oraibhse; tugaigí freagra orm agus inseoidh mé daoibh cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh: baisteadh Eoin, arbh ó neamh nó ó dhaoine é? Tugaigí freagra orm.” Ach rinne siad machnamh ar an scéal mar seo ina gcroí: “Má deirimid ‘ó Neamh’, déarfaidh sé: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann?’ Ach dá ndéarfaimis ‘ó dhaoine’”–bhí eagla orthu roimh an bpobal mar bhí meas fáidh dáiríre acu ar Eoin– agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Agus dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach a oiread, cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” Thosaigh sé ar labhairt leo i bparabail. “Rinne fear fíon-ghort a phlandáil, fál a chur timpeall air, cantaoir a thochailt ann agus túr a thógáil, chuir ar cíos ansin chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch. Nuair a bhí an séasúr ann chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun a chion de thoradh an fhíonghoirt a fháil. Ach rug siad air, bhuail é, agus chuir chun siúil folamh é. Agus arís chuir sé seirbhíseach eile chucu; ghoin siad é sin sa cheann agus thug siad easonóir dó. Agus chuir sé duine eile; mharaigh siad eisean; agus mórán eile; bhuail siad cuid acu, mharaigh siad cuid eile. Bhí aon duine amháin aige fós, a mhac muirneach. Chuir sé é sin chucu ar deireadh, dá rá: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’ Ach dúirt na curadóirí úd le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus beidh an oidhreacht againn.’ Agus rug siad air, mharaigh é, agus chaith amach as an bhfíon-ghort é. Anois, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí chun báis, agus tabharfaidh sé an fíon-ghort do dhaoine eile. Nár léigh sibh an scrioptúr seo: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é.’” Agus bʼfhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus dʼfhág siad ansin é agus dʼimigh siad leo. Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint. Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Caesar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?” Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.” Agus shín siad chuige é. Dúirt sé leo: “Cé hé arb iad seo a íomhá agus a inscríbhinn?” “Caesar,” ar siad leis. Dúirt Íosa leo: “Íocaigí le Caesar na nithe is le Caesar, agus le Dia na nithe is le Dia.” Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh. Ansin tháinig chuige Sadúcaigh–iad seo a shéanann an t-aiséirí a bheith ann–agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “scríobh Maois dúinn: ‘Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.’ Is ea, bhí seachtar deartháireacha ann. Phós an chéad duine bean agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil. Phós an dara duine an bhaintreach ansin agus fuair seisean bás gan sliocht a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna; níor fhág an seachtar aon sliocht. An bhean féin is déanaí a fuair bás. San aiséirí, nuair a éireoidh siad arís, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige, óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar?” Dúirt Íosa leo: “Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé? Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bheidh fir ag pósadh ná mná dá dtabhairt le pósadh, ach beidh siad ar nós aingil Dé ar Neamh. Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacób.’ Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo. Tá dul amú mór oraibh.” Duine de na scríobhaithe, a bhí ag éisteacht leo ag aighneas, nuair a thug sé faoi deara a fheabhas a dʼfhreagair Íosa iad, tháinig sé chuige agus chuir sé ceist air: “Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?” Dʼfhreagair Íosa: “Seo í an chéad cheann: ‘Cluin, a Iosrael, an Tiarna ár nDia is aon Tiarna atá ann agus gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán, agus ó dʼanam go hiomlán agus ó dʼaigne go hiomlán agus ó do neart go hiomlán.’ Seo í an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ Níl aithne eile is mó ná iad-san.” Dúirt an scríobhaí leis: “Maith mar a labhair tú, a Mháistir. Dúirt tú le fírinne gur aon é agus nach bhfuil aon neach eile ann ach é. É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.” Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: “Ní fada thú ó ríocht Dé.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach. Fad is a bhí Íosa ag teagasc sa Teampall dʼfhreagair sé agus dúirt: “Conas is féidir leis na scríobhaithe a rá gur Mac do Dháiví an Críost? Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna-sa: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’ “Glaonn Dáiví féin Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?” Dʼéist an slua mór leis le háthas. Dúirt sé ina theagasc: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin acu sna sionagóga, agus na príomhthoilg ag na fleánna; iad-san na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.” Shuigh Íosa síos os comhair an chiste agus bhí sé ag faire ar an slua ag cur airgid isteach sa chiste, agus chuir a lán de na daoine saibhre mórán isteach ann. Agus tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóg, is é sin feoirling. Ghlaoigh sé chuige a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile dár chaith ann. Óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol.” Ag dul amach as an Teampall dó, dúirt duine dá dheisceabail leis: “Féach, a Mháistir, cad iad mar chlocha agus cad iad mar fhoirgnimh iad seo!” Dúirt Íosa leis: “An bhfeiceann tú na foirgnimh mhóra seo? Ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.” Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg ar aghaidh an Teampaill, chuir Peadar, Séamas, Eoin agus Aindrias ceist chuige ar leithligh: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cén comhartha a bheidh ar na nithe sin eile a bheith ag teacht chun cinn.” Agus thosaigh Íosa ar a rá leo: “Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh. Tiocfaidh a lán daoine i mʼainm-se dá rá: ‘Is mise é,’ agus cuirfidh siad a lán daoine amú. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar ráflaí ar chogaí, ná glacaigí scéin; óir ní foláir sin a theacht chun cinn, ach ní hé deireadh fós é. Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna talún anseo agus ansiúd; beidh gortaí. Ní bheidh sa mhéid sin ach na harraingeacha tosaigh. “Féachaigí chugaibh féin. Tabharfaidh siad ar láimh sibh do na sainidríní agus buailfidh siad sibh sna sionagóga; seasfaidh sibh i láthair gobharnóirí agus ríthe mar gheall orm-sa, chun fianaise a thabhairt os a gcomhair. Ní foláir ar dtús an soiscéal a fhógairt do na náisiúin go léir. Agus nuair a thabharfaidh siad leo sibh le tabhairt ar láimh, ná bígí go himníoch roimh ré féachaint cad a déarfaidh sibh, ach an rud a thabharfar daoibh an uair sin, abraigí é; óir ní sibh-se a bheidh ag labhairt ach an Spiorad Naomh. Tabharfaidh an deartháir a dheartháir suas chun báis, agus an t-athair a mhac; éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí agus cuirfidh siad chun báis iad. Beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar mʼainm-se; ach an té a bheidh seasmhach go deireadh, slánófar eisean. “Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual–tuigeadh an té a léann–ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte; an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos agus ná téadh sé isteach chun rud a bhreith leis as a theach; agus an té a bheidh sa ghort, ná filleadh sé ar ais chun a bhrat a bhreith leis. Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin. Bígí ag guí nach sa gheimhreadh a tharlóidh sé. Óir beidh sna laethanta sin trioblóid nach raibh a leithéid ann ó thús an domhain, a rinne Dia, go dtí anois; agus nach mbeidh. Agus mura ngiorródh an Tiarna na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán; ach ar son na dtofach a thogh sé, ghiorraigh sé na laethanta. “Má deir aon duine libh ansin: ‘Féach, tá an Críost anseo,’ ‘Féach, ansiúd é,’ ná creidigí é. Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mbʼfhéidir. Sibh-se, dá bhrí sin, bígí aireach. Féach, tá gach ní inste agam daoibh roimh ré. “Ach sna laethanta sin, tar éis na trioblóide sin, dorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solas, agus beidh na réaltaí ag titim ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mór-chumhacht agus glóir. Agus ansin cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre ghaoth, ó imill na talún go himill Neimhe. “Ach ón gcrann figí foghlaimígí an parabal. Nuair a bhíonn an ghéag úr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achomaireacht. Amhlaidh sin daoibh, nuair a fheicfidh sibh na nithe seo ag titim amach, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achomaireacht, ar an tairseach. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche. “Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl a fhios ag duine ar bith, fiú ag na haingil sna flaithis, ná ag an Mac, ach ag an Athair. Bígí aireach, déanaigí faire, mar níl a fhios agaibh cén uair a bheidh an t-am ann. Is é dála duine é a dʼfhág a theach agus a dʼimigh ar an gcoigríoch; thug sé an t-údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus dʼordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh. Déanaigí faire, dá bhrí sin, mar ní fios daoibh cén uair a thiocfaidh tiarna an tí, um thráthnóna, i lár na hoíche, ar ghlao an choiligh, nó ar maidin. Má thagann sé gan choinne, ná faigheadh sé sibh in bhur gcodladh. An rud a deirim libh-se, deirim le gach duine é: Déanaigí faire.” Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis; óir deiridís: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.” Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair dʼola naird dhílis mhórluachaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann. Bhí daoine ann a raibh mícheádfa acu agus dúirt siad le chéile: “Cén fáth an diomailt ola seo? Bʼfhéidir an ola seo a dhíol ar bhreis agus trí chéad déanar agus an t-airgead a thabhairt do na boicht.” Agus bhí siad ag casaoid léi. Ach dúirt Íosa: “Ligigí di! Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros di? Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; óir bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, agus féadann sibh maith a dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach nílimse le bheith agaibh i gcónaí. A raibh ar a cumas, rinne sí é; chuir sí ola roimh ré ar mo chorp chun a adhlactha. Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.” Agus chuaigh Iúdás Isceiriót, duine den dáréag, go dtí uachtaráin na sagart chun é a thabhairt ar láimh dóibh. Nuair a dʼairigh siad é bhí áthas orthu agus gheall siad airgead a thabhairt dó; agus bhí sé ag faire ar dheis chun é a thabhairt ar láimh. Ar an gcéad lá dʼfhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail leis: “Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?” Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige dá bhreith leis. Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n-ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’ Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.” Dʼimigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus dʼullmhaigh siad an cháisc. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig sé leis an dáréag. Agus nuair a bhí siad ina suí ag ithe, dúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach: tá duine agaibh atá ag ithe in éineacht liom a bhraithfidh mé.” Tháinig buaireamh orthu agus thosaigh siad ar a fhiafraí de, ina nduine is ina nduine: “An mise é?” Dúirt sé leo: “Duine den dáréag é, duine a thumann a lámh sa mhias i mo theannta. Is ea, tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air; ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine! Bʼfhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.” Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: “Tógaigí; is é seo mo chorp.” Agus thóg sé an cupán, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus dʼól siad go léir as. Agus dúirt sé leo: “Is í seo mʼfhuil-se, fuil an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán. Deirim libh go fírinneach, nach n-ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.” Tar éis dóibh an t-iomann a chanadh, chuaigh siad amach go Cnoc na nOlóg. Agus dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t-aoire agus scaipfear na caoirigh.’ Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.” Ach dúirt Peadar leis: “Siúd is go nglacfaidh cách scannal, ní ghlacfaidh mise.” Agus dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Ach is mar sin is déine a labhair sé: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt siad uile an rud céanna. Tháinig siad go dtí áit ar a dtugtar ‘Geitséamainí’ agus dúirt sé lena dheisceabail: “Fuirígí anseo fad a bheidh mé ag guí.” Rug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin agus thosaigh sé ar a bheith go critheaglach agus in anbhuain. Agus dúirt sé leo: “Tá buaireamh mór ar mʼanam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire.” Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar an talamh, agus ghuigh go ngabhfadh an uair thairis, dá mbʼfhéidir é, agus dúirt sé: “Abba, a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupán seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liom-sa ach mar is toil leat-sa.” Agus tháinig sé agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt sé le Peadar: “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire a dhéanamh? Bígí ag faire agus ag guí ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.” Agus dʼimigh sé arís agus ghuigh sé ag rá na bhfocal céanna. Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad mar bhí a súile trom; agus ní raibh a fhios acu cén freagra a thabharfaidís air. Tháinig sé den tríú huair agus dúirt leo: “Codlaígí libh feasta, agus glacaigí bhur suaimhneas. Ní beag sin! Tá an t-am tagtha. Féach, tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh. Éirígí! Bímis ag gluaiseacht. Seo chugainn fear mo bhraite.” Sula raibh an focal as a bhéal, tháinig Iúdás, duine den dáréag agus slua lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart, agus ó na scríobhaithe, agus ó na seanóirí. Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh. “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean leo, “sin é é. Gabhaigí é, agus tugaigí libh é go haireach.” Tháinig sé agus rinne anonn ar Íosa gan stad; “A Raibí,” ar seisean leis, agus phóg sé é. Leag siad siúd a lámha air agus ghabh siad é. Ach duine dá raibh ina sheasamh ansiúd, tharraing sé a chlaíomh, agus bhuail seirbhíseach an ardsagairt agus bhain an chluas de. Dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn in bhur measc gach lá ag teagasc sa Teampall agus ní dhearna sibh mé a ghabháil. Ach is chun go gcomhlíonfaí na scrioptúir é.” Agus thug siad uile a gcúl leis agus theith. Fear óg a bhí dá leanúint, ní raibh air ach brat línéadaigh. Rug siad air, ach lig sé an brat leo agus rith uathu agus é nocht. Sheol siad Íosa leo go dtí an t-ard-sagart, agus chruinnigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile ansiúd. Lean Peadar é, i bhfad uaidh, isteach i gcúirt an ardsagairt, agus bhí sé ina shuí i measc na seirbhíseach, agus é dá théamh féin leis an tine. Agus bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín uile ag lorg fianaise in aghaidh Íosa dʼfhonn é chur chun báis, ach ní bhfuair siad. Óir bhí a lán ag tabhairt fianaise bhréige ina choinne, ach ní raibh a bhfianaise ag réiteach. Agus mʼéirigh daoine éigin agus thug siad fianaise bhréige ina aghaidh dá rá: “Chualamarna é dá rá: ‘An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.’” Ach níor réitigh a bhfianaise fiú sa mhéid sin. Agus mʼéirigh an t-ard-sagart i lár baill agus chuir sé ceist chun Íosa, dá rá: “Nach bhfuil aon fhreagra ar bith agat? Cad atá acu seo dá dhearbhú ort?” Ach dʼfhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t-ard-sagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?” Dúirt Íosa leis: “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheis na Cumhachta agus é ag teacht le scamaill na bhflaitheas.” Stróic an t-ard-sagart a róbaí: “Cad is gá dúinn a thuilleadh dʼfhinnéithe?” ar sé, “chuala sibh an diamhasla. Cad é bhur mbarúil?” Agus thug siad go léir de dhaorbhreith air go raibh an bás tuillte aige. Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air. Nuair a bhí Peadar laistíos sa chúirt, tháinig duine de chailíní aimsire an ardsagairt, agus nuair a chonaic sí Peadar dá théamh féin, dʼfhéach sí go géar air agus dúirt leis: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa Nazairéanach.” Ach shéan sé é, dá rá: “Ní heol dom, ní thuigim cad a deir tú.” Agus dʼimigh sé amach sa réamhchúirt agus ghlaoigh an coileach. Chonaic an cailín aimsire é agus thosaigh ar a rá arís leis na daoine a bhí ina seasamh timpeall: “Is duine díobh é seo.” Ach shéan sé arís. Tar éis tamaill bhig dúirt na daoine a bhí ina seasamh timpeall arís le Peadar: “Go dearfa is duine díobh sin tusa, mar is Gailíleach thú ar ndóigh.” Ach thosaigh sé ag eascainí agus ag tabhairt na mionnaí: “Níl aithne agam ar an duine seo a deir sibh.” Agus láithreach ghlaoigh an coileach den dara huair; agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa leis: “Roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus bhris an gol air. Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe–an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phíoláit. Dʼfhiafraigh Píoláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis dá fhreagairt: “Tá sé ráite agat.” Agus chuir uachtaráin na sagart a lán ina leith. Dʼfhiafraigh Píoláit de arís: “Nach bhfuil aon fhreagra agat dá thabhairt? Féach a bhfuil acu dá gcur i do leith!” Ach níor thug Íosa freagra ar bith eile, rud a chuir ionadh ar Phíoláit. Le linn na féile ba bhéas leis príosúnach, an té a lorgaídís, a scaoileadh saor. Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dún-mharú déanta acu sa cheannairc. Chuaigh an slua suas dá bhrí sin agus thosaigh siad ar a iarraidh air déanamh dóibh mar ba ghnách. Dʼfhreagair Píoláit iad dá rá: “An mian libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nGiúdach?” Óir bhí a fhios aige gur formad faoi deara dʼuachtaráin na sagart é a thabhairt ar láimh. Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu. Agus dúirt Píoláit leo arís dá bhfreagairt: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?” Scread siad arís: “Céas é!” Dúirt Píoláit leo: “Ach, cén t-olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!” Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é. Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile. Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air. Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!” Agus bhí siad dá bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air. Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh. Agus duine a bhí ag gabháil an bhóthair, ag teacht ón tuath, Síomón Círéinéach, athair Alastair agus Rufas, chuir siad dʼfhiacha air a chros a iompar. Agus rug siad leo é go dtí an áit Golgatá–a chiallaíonn ‘Áit an Chloiginn’. Agus bhí fíon, a raibh miorr tríd, dá thabhairt acu dó, ach níor ghlac sé é. Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, dá gcur ar chrainn féachaint cén ball a bhéarfadh gach duine. Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é. Agus bhí inscríbhinn a chúise scríofa: “Rí na nGiúdach.” Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé. Agus comh-líonadh an scrioptúr a deir: “Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.” Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Ha, há! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá! Saor thú féin! Tar anuas ón gcros!” Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “ní féidir leis é féin a shaoradh. Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí dá gcéasadh mar aon leis, bhí siad dá aithisiú freisin. Nuair a tháinig an séú huair, luigh dorchadas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. Agus ar an naoú huair mʼéigh Íosa de ghlór ard: “Elóí, Elóí, lamá sabachthaní?” a chiallaíonn: ‘A Dhia, a Dhia, cén fáth ar threig tú mé?’ Dúirt cuid dá raibh ina seasamh timpeall ar a chloisteáil sin dóibh: “Féach, tá sé ag glaoch ar Éilias.” Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é a thógáil anuas.” Ach ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus shíothlaigh sé. Agus réabadh brat an Teampaill ina dhá chuid ó bhun go barr. An taoiseach céid a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é an duine sin Mac Dé.” Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae. Bhídís seo dá leanúint agus ag freastal air nuair a bhí sé sa Ghailíl. Agus bhí a lán ban eile ann a bhí tagtha suas go hIarúsailéim in éineacht leis. Agus nuair a bhí an tráthnóna cheana féin ann, ós rud é gurbh é Lá an Ullmhaithe é (is é sin an lá roimh an tsabóid) tháinig Iósaef ó Aramatáia, ball creidiúnach den chomhairle, fear a bhí, é féin, ag súil le ríocht Dé; agus chuaigh sé isteach go dána go dtí Píoláit agus dʼiarr corp Íosa air. Bhí ionadh ar Phíoláit é a bheith marbh cheana féin, agus ghlaoigh sé chuige an taoiseach céid agus dʼfhiafraigh de an raibh sé marbh cheana féin. Nuair a bhí a fhios sin aige ón taoiseach céid, cheadaigh sé an corp a thabhairt dʼIósaef. Cheannaigh Iósaef línéadach agus thóg anuas den chros é agus dʼfhill sa línéadach é agus chuir é i dtuama a bhí gearrtha as carraig, agus dʼiompaigh cloch mhór le béal an tuama. Bhí Máire Mhaigdiléana, agus Máire máthair Iósaes ag breathnú ar an áit ar cuireadh é. Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh. Agus an-mhoch ar an gcéad lá den tseachtain, agus an ghrian ina suí, tháinig siad go dtí an tuama. Agus bhí siad dá rá le chéile: “Cé a iompóidh an chloch siar dúinn ó bhéal an tuama?” Ach nuair a dʼfhéach siad, chonaic siad go raibh an chloch iompaithe siar. Bhí sí an-mhór. Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaic siad an fear óg ina shuí ar dheis agus éide gheal air, agus tháinig scéin orthu. Ach dúirt sé leo: “Ná bíodh scéin oraibh. Íosa Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. Dʼéirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é. Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’” Tháinig na mná amach agus theith siad ón tuama mar ghabh scanradh agus uamhan iad. Agus ní dúirt siad aon ní le haon duine; óir bhí eagla orthu. Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhan amach. Dʼimigh sise agus dʼinis sí é don mhuintir a bhíodh in éineacht leis, agus iad-san ag caoi agus ag gol. Ach nuair a chuala siad-san go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad. Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath. Tháinig siad-san ar ais agus dʼinis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iad-san. Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus dʼathchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe. Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaitheacht uile. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é. “Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i mʼainm-se, labhróidh siad i dteangacha nua; tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóibh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.” Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar Neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé. Ach iad siúd, dʼimigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é. Ós rud é gur ghlac mórán as láimh faisnéis a ríomhadh mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc, de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar; níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duit-se, a Theofal ró-uasail, chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu. Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zacairiá, de shealaíocht Aibia, agus bean aige dʼiníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di. Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir aitheanta agus reachtanna uile an Tiarna. Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta. Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta, gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó; agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise. Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise. Agus nuair a chonaic Zacairiá é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air. Ach dúirt an t-aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zacairiá, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air. Beidh áthas ort agus gairdeas, agus beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú. Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar, agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia. Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n-aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.” Agus dúirt Zacairiá leis an aingeal: “Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.” Dúirt an t-aingeal leis dá fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus an dea-scéala seo a thabhairt duit. Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomh-líonfar ina dtráth féin.” Bhí an pobal ag feitheamh le Zacairiá agus ba ionadh leo é a bheith ag déanamh moille sa sanctóir. Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus dʼfhan balbh. Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile. Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus dʼfholaigh í féin ar feadh cúig mhí, ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun mʼaithis i measc daoine a thógáil díom.” Sa séú mí, cuireadh an t-aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus ba é ab ainm don mhaighdean, Muire. Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Is é do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mhná.” Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sórt beannú é seo. Ach dúirt an t-aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is Airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó rí-chathaoir Dháiví a athair, agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacób go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.” Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam dʼfhear céile?” Agus dúirt an t-aingeal dá freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar ‘Mac Dé’ air. Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is í seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.” Dúirt Muire: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir dʼfhocail.” Agus dʼimigh an t-aingeal uaithi. Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus dʼimigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá, agus chuaigh isteach i dteach Zacairiá agus bheannaigh dʼEiliosaibeit. Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh, agus mʼéigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mhná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. Agus conas a tharla seo dom-sa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.” Agus dúirt Muire: “Mórann mʼanam an Tiarna, agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir. Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhan-óglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm, agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla. Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus dʼardaigh sé daoine ísle; Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. Dʼfhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire– de réir mar gheall sé dar n-aithreacha– dʼAbrahám agus dá shliocht go brách.” Dʼfhan Muire aici timpeall trí mhí, agus dʼfhill abhaile. Tháinig a hionú dʼEiliosaibeit agus rug sí mac. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comh-ghairdeas léi. Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zacairiá. Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.” Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t-ainm sin air.” Ach dʼfhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air. Agus dʼiarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is é Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de. Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis. Agus líonadh Zacairiá a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht dá rá: “Moladh don Tiarna, Dia Iosrael, óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt; agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach a sheirbhísigh Dáiví– de réir mar a labhair trí bhéal a naomhfháithe anallód– mar shaoradh dúinn ónár naimhde agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn, ag déanamh trócaire mar sin ar ár n-aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa– ar an mionn a mhionnaigh sé dʼAbrahám ár n-athair– go dtabharfadh sé dúinn, tar éis ár saortha as láimh ár naimhde, a bheith ag seirbhís dó gan eagla, i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol. Agus tusa, a leanbh, glaofar ort-sa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthair, ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal trí mhaithiúnas a bpeacaí de chionn thrócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar Neimhe, chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh ar bhóthar na síochána.” Agus dʼfhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin dʼIosrael. Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chaesar Ágastas an domhan uile a chlárú. Ba é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuirínias ina ghobharnóir ar an tSiria. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. Agus tharla, le linn dóibh a bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céad-ghin mhic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta. Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireachán oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: rugadh Slánaitheoir daoibh inniu–is é Críost an Tiarna é–i gcathair Dháiví. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.” Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: “Glóir do Dhia in uachtar Neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!” Agus nuair a dʼimigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a dʼinis an Tiarna dúinn.” Agus dʼimigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. Agus ar a fheiceáil dóibh, dʼinis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. Agus cách a chuala, bʼionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo. Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeall-ghearradh, tugadh ‘Íosa’ mar ainm air, mar a thug an t-aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go hIarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna– mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fíreannach atá ina chéad-ghin, is rud coisricthe don Tiarna é”– agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.” Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí a bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí, ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt: “Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir dʼfhocail, faoi shíocháin, mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile: solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.” Agus bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionaidh de na nithe a dúradh mar gheall air. Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Féach, is dán dó seo a bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar– agus gabhfaidh claíomh trí dʼanam féin–chun go bhfoilseofar smaointe as mórán croíthe.” Agus bhí ban-fháidh ann freisin, Anna iníon Fhanúéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóchta. Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus dʼoíche le troscadh agus le hurnaithe. Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le hIarúsailéim a fhuascailt. Nuair a bhí gach ní curtha i gcríoch acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. Agus dʼfhás an leanbh agus neartaigh, é lán dʼeagna; agus bhí grásta Dé ina luí air. Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcomhair fhéile na Cásca. Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile; agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, dʼfhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan a fhios dá thuismitheoirí. Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad dá lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais, agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go hIarúsailéim dá lorg. I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí mise agus dʼathair do do lorg go cráite.” Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach mʼAthar nárbh fholáir dom a bheith?” Ach níor thuig siad an focal a labhair sé leo. Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí. Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine. Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Caesar, nuair a bhí Pointias Píoláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Thrachóiníteas, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, faoi ard-sagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zacairiá sa bhfhásach. Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na hIordáine ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh, mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin. Líonfar gach cumar, agus ísleofar gach sliabh agus cnocán; déanfar na camshlite díreach agus na bóithre anacra réidh, agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’” Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil dʼAbrahám as na clocha seo. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.” Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?” Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.” Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?” Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.” Dʼfhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.” Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mbʼfhéidir gurbh é an Críost é, dʼfhreagair Eoin dá rá leo uile: “Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.” Agus trína lán nithe eile fós a rá leo dá spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal. Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na droch-bhearta uile a bhí déanta aige, chuir sé an drochbheart seo i gceann an iomláin: Eoin a chur faoi ghlas i bpríosún. Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.” Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac–mar a síleadh–do Iósaef mac Héilí, mhic Mhatat, mhic Léiví, mhic Mheilchí, mhic Iannáí, mhic Iósaef, mhic Mhataitias, mhic Ámós, mhic Nahúm, mhic Easlaí, mhic Nagáí, mhic Mhát, mhic Mhataitias, mhic Sheiméín, mhic Iósaech, mhic Ióda, mhic Réasa, mhic Zarabáibil, mhic Shéailtiéil, mhic Néirí, mhic Mheilchí, mhic Aidí, mhic Chósam, mhic Ealmádam, mhic Éar, mhic Iósua, mhic Eiliasar, mhic Ióirím, mhic Mhatat, mhic Léiví, mhic Shimeon, mhic Iúdá, mhic Iósaef, mhic Iónam, mhic Eiliáicím, mhic Mheilé, mhic Mheanná, mhic Mhatata, mhic Nátán, mhic Dháiví mhic Ieise, mhic Óbaed, mhic Bhóaz, mhic Shalá, mhic Náiseon, mhic Aimineadab, mhic Aidmin, mhic Arnáí, mhic Heasrón, mhic Pheiris, mhic Iúdá, mhic Iacób, mhic Íosác, mhic Abrahám, mhic Thearach, mhic Náchór, mhic Shearúg, mhic Réú, mhic Pheilig, mhic Éibear, mhic Shéala, mhic Cháineam, mhic Arfacsad, mhic Shéam, mhic Naoi, mhic Laimeich, mhic Mhatúsalach, mhic Eineoc, mhic Iaireid, mhic Mhahalalael, mhic Cháineam, mhic Eanós, mhic Shéat, mhic Ádhaimh, mhic Dé. Tháinig Íosa, agus é lán den Spiorad Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid sa bhfhásach é go ceann daichead lá, dá phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air. Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di féin.” Agus dʼfhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’” Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire; agus dúirt an diabhal leis: “Tabharfaidh mé duit an for-lámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim do cibé is áil liom é. Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.” Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’” Ansin sheol sé go hIarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin as seo síos; óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís thú’; agus: ‘Iompróidh siad ina lámha thú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’” Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’” Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, dʼfhág sé é nó go dtiocfadh an uain. Agus dʼfhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir. Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air. Tháinig sé go Nazarat, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus mʼéirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa: “Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor; ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.” Dʼfhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.” Agus thug cách fianaise air, bʼionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é seo mac Iósaef?” Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an sean-fhocal: ‘A lia, leigheas thú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáúm, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’” Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir, agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun baintreach mná i Zárafat i dtír Shiodón. Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Siriach.” Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad dʼfheirg, agus mʼéirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. Ach ghabh sé trína lár agus dʼimigh leis. Chuaigh sé síos go Cafarnáúm, cathair sa Ghailíl. Agus bhí sé dá dteagasc lá sabóide. Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar. Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard: “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.” Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair cách é agus dʼimigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó. Agus bhí alltacht ar cách agus bhí siad ag caint eatarthu féin ag rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.” Agus leath a chlú i ngach áit ar fud na tíre. Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son. Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus dʼfhág an fiabhras í; agus mʼéirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu. Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sórt galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad. Agus bhí mórán freisin, a n-imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é. Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite dá lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí dá choinneáil le heagla go n-imeodh sé uathu. Ach dúirt sé leo: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia. Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit, agus chonaic sé dhá bhád ina luí ar chladach an locha; bhí na hiascairí tar éis teacht amach astu agus iad ag ní na líonta. Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus dʼiarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád. Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.” Dʼfhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar dʼfhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.” Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta ag briseadh, agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi. Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.” Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg said agus mar an gcéanna do Shéamas agus dʼEoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.” Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, dʼfhág siad gach uile ní agus lean é. I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air dá rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.” Agus shín sé amach a lámh agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú!” Agus dʼfhág an lobhra é láithreach. Agus thug sé ordú dó gan a insint dʼaon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a dʼordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.” Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n-éagruais. Ach théadh sé féin i leataobh isteach sna fásaigh agus dhéanadh guí. Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air a bheith ag déanamh leigheas. Tháinig fir an treo agus iad ag iompar ar leaba duine a bhí ina phairiliseach, agus bhí siad ag iarraidh é a bhreith isteach agus é a chur ina láthair. Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa. Nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dúirt: “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.” Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?” Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí? Cé acu is fusa a rá: ‘Tá do pheacaí maite duit’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’? Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh–deirim leat,” ar seisean leis an bpairiliseach, “éirigh, tóg leat do réleaba, agus imigh abhaile.” Agus ar an mball, mʼéirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia. Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad dʼuamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.” Ina dhiaidh sin chuaigh sé amach agus thug faoi deara poibleacánach darb ainm Léiví, ina shuí i dteach an chustaim, agus dúirt leis: “Lean mise.” Dʼfhág sé gach aon ní, mʼéirigh agus lean é. Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann. Agus bhí na Fairisínigh agus a gcuid scríobhaithe ag monabhar, dá rá lena dheisceabail: “Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?” Agus dúirt Íosa leo dá bhfreagairt: “Ní ag na daoine folláine a bhíonn gá le lia, ach ag na daoine tinne. Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a bhfuilim tagtha dá nglaoch chun aithrí.” Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agat-sa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.” Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta a bheith leo? Ach tiocfaidh na laethanta, agus nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, ansin déanfaidh siad troscadh sna laethanta sin.” Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean. Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí. Ach fíon nua i seithí nua is cóir a chur. Agus ní áil le haon duine an nua tar éis dó an sean a ól; óir deir sé: ‘Is é an sean an fíon maith.’” Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí ghoirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus dá n-ithe, tar éis iad a chuimilt idir a mbosa. Dúirt cuid de na Fairisínigh: “Cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide?” Agus dʼfhreagair Íosa iad dá rá: “An ea nár léigh sibh faoin rud úd a rinne Dáiví nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh– mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus thóg builíní na fianaise agus dʼith, agus thug dá chompánaigh iad, siúd is nach dleathach iad a ithe ach do na sagairt amháin?” Agus dúirt sé leo: “Tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid féin.” Ansin, lá sabóide eile, chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus thosaigh ag teagasc. Bhí fear ann a raibh a lámh dheas seargtha. Bhí na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag faire go géar air féachaint an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go bhfaighidís cion le cur ina leith. Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: “Éirigh i do sheasamh os comhair cách.” Dʼéirigh sé ina sheasamh. Dúirt Íosa leo: “Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t-olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?” Agus ar dhearcadh timpeall orthu uile, dúirt sé leis: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís. Agus líon siad siúd de bhuile, agus bhí siad ag beartú le chéile cad a dʼfhéadfaidís a dhéanamh le hÍosa. Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé. Agus nuair a bhí ina lá, ghair sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail: Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán, Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach, Iúdás mac Shéamais, agus Iúdás Isceiriót a dʼiompaigh ina bhrathadóir. Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comh-thionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus Shiodón a tháinig ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a ngalair; agus iad seo freisin a bhí dá gcrá ag spioraid mhíghlana, bhí siad dá leigheas. Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus dá leigheas uile. Agus dʼardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt: “Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé. “Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh. “Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire. “Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine. Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar Neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe. “Ach is mairg daoibhse atá saibhir, óir tá bhur sólás faighte agaibh cheana. “Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh. “Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol. “Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe bréagacha. “Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh, beannaígí iad seo a thugann mallacht daoibh, guígí orthu seo a dhéanann olc oraibh. An té a bhuaileann ar an leiceann thú, tabhair an leiceann eile leis chomh maith; agus an té a thógann uait do bhrat, ná coinnigh uaidh do chóta. Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é. De réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna. Má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Óir tugann na peacaigh féin grá dóibh seo a thugann grá dóibh. Agus má dhéanann sibh an mhaith dóibh seo a dhéanann an mhaith daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Déanann na peacaigh féin an rud céanna. Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís a oiread céanna ar ais. Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine. Bígí sibh-se atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach. Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh. Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n-ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.” Agus dúirt sé parabal leo: “An féidir do dhall a bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa díog? Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir. Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail atá i do shúil féin? Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti. Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta. Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear figí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog. Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an droch-rud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal. Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim? “Gach aon duine a thagann chugam agus a chluineann mo bhriathra agus a dhéanann dá réir, taispeánfaidh mé daoibh cé leis a bhfuil sé cosúil. Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sí é a bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha. “An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.” Nuair a bhí a bhriathra uile críochnaithe aige i gcomh-chlos don phobal, chuaigh sé isteach i gCafarnáúm. Bhí taoiseach céid a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus bʼionúin leis é. Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh dá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlánú. Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, dá rá: “Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó; óir tá grá aige dár náisiún agus is é a thóg an tsionagóg dúinn.” Agus dʼimigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céid cairde chuige dá rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí: sin é an fáth nár mheas mé gurbh fhiú mé dul chugat; ach abair an focal agus bíodh mo ghiolla leigheasta. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.” Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí dá leanúint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.” Agus ar dhul ar ais chun an tí dóibh, fuair na teachtairí an seirbhíseach slán. Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór dá thionlacan. Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh dá thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi. Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.” Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!” Agus mʼéirigh an marbh aniar, agus thosaigh ag caint, agus thug sé dá mháthair é. Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.” Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus ar fud na tíre go léir timpeall. Dʼinis deisceabail Eoin na nithe sin uile dó, agus ghlaoigh Eoin beirt dá dheisceabail chuige agus chuir scéala go dtí an Tiarna dá rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn a bheith ag súil le duine eile?” Nuair a tháinig na fir ina láthair dúirt siad: “Chuir Eoin Baiste chugat sinn dá rá: ‘An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn a bheith ag súil le duine eile?’” An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n-éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall. Agus dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Imígí agus insígí dʼEoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. Is méanar don té nach nglacann scannal ionamsa.” Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe, thosaigh sé ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach dá suaitheadh ag an ngaoth? Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe in éadaí míne? Iad seo a bhíonn gléasta go niamhrach agus a mhaireann go beadaí, is i bpáláis na ríthe atá siad. Ach cad a chuaigh sibh amach a fheicéail? Fáidh, an ea? Is ea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’ “Óir deirim libh, níl, de shliocht ban, duine is mó ná Eoin. Ach an té is lú i ríocht Dé, is mó é ná eisean. Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin. Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh. Uime sin, cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomparáid? Cad leis is cosúil iad? Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’ “Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é a bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’ Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.” Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord. Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é a bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair dʼola chumhra, agus ar a bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí dá dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus dá n-ungadh leis an ola chumhra. An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mbʼfháidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sórt í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.” Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.” “A Mháistir,” ar seisean, “abair.” Dúirt: “Bhí beirt i bhfiacha ag éilitheoir áirithe: bhí cúig chéad déanar amuigh ar dhuine acu, agus caoga ar an duine eile. Nuair nach raibh an t-íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?” Dʼfhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.” Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach dʼfhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad. Níor thug tú dom póg; ach í seo, ó tháinig mé isteach, níor stad sí ach ag pógadh mo chos. Níor ung tú mo cheann le hola; ach dʼung sí seo mo chosa le hola chumhra. Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí–a mór-chuid peacaí–maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.” Agus dúirt sé léi: “Tá do pheacaí maite.” Agus iad seo a bhí ag bord leis, thosaigh siad ag rá ina n-aigne: “Cé hé seo a dhéanann fiú amháin peacaí a mhaitheamh?” Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.” Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dhea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag dá thionlacan chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach–a raibh seacht ndeamhan imithe aisti– agus Ióánna bean Chúza, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin. Nuair a bhí slua mór tagtha le chéile, agus daoine ag triall air as gach cathair, labhair sé i bhfoirm parabail: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur a shíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid de le hais an bhóthair agus gabhadh de chosa ann, agus dʼith éanlaith an aeir é. Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, dʼfheoigh, de bhrí nach raibh úrmhaire aige. Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é. Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!” Ach dʼfhiafraigh a dheisceabail de cad ba chiall leis an bparabal sin. Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’ “Is í seo ciall an pharabail: Is é briathar Dé an síol. Iad siúd le hais an bhóthair, sin iad na daoine a chuala, ansin tagann an diabhal agus tógann an briathar as a gcroí, le heagla go gcreidfidís agus go slánofaí iad, Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad. É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n-imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta. Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh. “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas. Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais. Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.” Tháinig a mháthair agus a bhráithre ag triall air, ach níorbh fhéidir dóibh teagmháil leis mar gheall ar an slua. Insíodh dó: “Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh agus bʼáil leo thú a fheiceáil.” Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.” Tharla aon lá amháin go ndeachaigh sé ar bord báid, é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Téimis trasna an locha anonn.” Agus chuir siad chun farraige. Agus ag seoladh dóibh, thit seisean ina chodladh. Agus tháinig cuaifeach gaoithe anuas ar an loch; agus bhí ag líonadh orthu agus bhí siad i mbaol. Agus tháinig siad chuige dá mhúscailt, ag rá: “A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle. Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, dá rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?” Bhuail siad talamh i dtír na nGeiriséanach, ón nGailíl anonn. Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach dá chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí. Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhac Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.” Óir bhí Íosa dá ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé dá thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh. Dʼfhiafraigh Íosa de: “Cad é an t-ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún”–óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann. Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán. Bhí, ansiúd, tréad mór muc ar féarach ar an sliabh, agus rinne na deamhain achainí air cead a thabhairt dóibh dul isteach iontu, agus thug. Tháinig na deamhain amach as an duine agus chuaigh isteach sna muca. Agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána isteach sa loch agus bádh iad. Nuair a chonaic na mucaithe an ní a tharla, theith siad, agus dʼinis sa chathair é agus sna feirmeacha. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu. Dʼinis an lucht féachana dóibh conas a slánaíodh é siúd ina mbíodh na deamhain. Agus an pobal uile i gceantar na nGeiriséanach, dʼiarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, dʼimigh sé ar ais. An fear, áfach, a raibh na deamhain imithe as, bhí sé dá iarraidh air é a ligean ina chuideachta. Ach scaoil sé uaidh é, ag rá: “Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus dʼimigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó. Nuair a bhí Íosa tagtha ar ais, bhí fáilte ag an slua roimhe, óir bhí siad uile ag súil leis. Agus tháinig fear darb ainm Iáras, a bhí ina cheann urra ar an tsionagóg, agus chaith é féin síos ag cosa Íosa, dá achainí air teacht chun a thí; óir bhí aon iníon amháin aige timpeall dhá bhliain déag, agus bhí sí ag fáil bháis. Agus ag dul ann dó, bhí na sluaite ag plúchadh air. Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í a leigheas, tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach. Ach dúirt Íosa: “Cé a bhain liom?” Agus nuair a shéan cách é, dúirt Peadar: “A Mháistir, tá na sluaite timpeall ort agus tá siad ag brú ort.” Ach dúirt Íosa: “Bhain duine éigin liom, óir áirím go ndeachaigh brí amach uaim.” Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus dʼinis i láthair cách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach. Dúirt sé léi: “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.” Le linn dó a bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá dʼiníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.” Chuala Íosa é, agus labhair leis: “Ná bíodh eagla ort; ach creid, agus beidh sí slán.” Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé dʼaon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín. Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: “Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.” Agus bhí siad ag fonóid faoi, agus a fhios acu gur marbh a bhí sí. Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: “A chailín, éirigh!” Agus tháinig an spiorad ar ais inti, agus mʼéirigh sí láithreach; agus dʼordaigh sé rud le hithe a thabhairt di. Agus tháinig alltacht ar a tuismitheoirí; ach thug sé ordú dóibh gan a insint dʼaon duine cad a tharla. Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas. Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n-easlán. Agus dúirt sé leo: “Ná tógaigí libh aon ní i gcomhair an bhóthair, bata ná tiachóg, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta an duine agaibh. Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fúibh ann agus leanaigí oraibh as sin. Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.” Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit. Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh; ag daoine eile, Éilias a bheith dá thaibhsiú. ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe. Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air. Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide. Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta. Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mór-thimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.” Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibh-se rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig bhuilín agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomh-thionól seo uile”– óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann. Dúirt sé lena dheisceabail: “Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.” Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu. Thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua. Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar. Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, dʼfhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?” Dúirt siad dá fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.” Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibh-se mé?” Agus dúirt Peadar dá fhreagairt: “Críost Dé.” Ach dʼordaigh sé dóibh go géar gan é seo a rá le haon duine, agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.” Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine a bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, saorfaidh an duine sin é. Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal? Óir cibé ar náir leis mise agus mo bhriathra, is náir le Mac an Duine eisean nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus na n-aingeal naofa. Ach deirim libh go dearfa, tá cuid dá bhfuil anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu.” Agus timpeall ocht lá tar éis na cainte sin, rug sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí. Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus mʼéirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach. Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis–bʼiad Maois agus Éilias iad– agus chonacthas i nglóir iad ag caint faoina imeacht as an saol, rud a bhí le tabhairt chun críche aige in Iarúsailéim. Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach dʼfhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis. Agus ansin, le linn dóibh seo a bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le hÍosa: “A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bhoth, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann dʼÉilias”–agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá. Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a dʼimigh siad siúd isteach sa scamall. Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!” Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach dʼfhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad dʼaon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu. Lá arna mhárach, ar theacht anuas dóibh ón sliabh, tháinig slua mór faoina dhéin. Agus bhí duine den slua a mʼéigh amach: “A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é, agus féach, bíonn spiorad ag breith air, agus screadann sé amach go tobann, agus baineann sé rachtanna as go mbíonn cúr leis, agus is ar éigean a scarann sé leis ach dá thraochadh. Agus dʼiarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach, agus níorbh fhéidir leo é.” Dʼfhreagair Íosa agus dúirt: “Ó, a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.” Agus le linn dó a bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtanna as go dalba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t-ógánach agus thug ar ais dá athair é. Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh dá dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: “Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.” Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin. Tháinig sé ina n-aigne a fhiafraí cé acu díobh ba mhó. Ach bhí a fhios ag Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroí, agus thóg sé leanbh agus chuir ina sheasamh é láimh leis, agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i mʼainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.” Labhair Eoin agus dúirt: “A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i dʼainm-se agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé thú in aon-bhuíon linne.” Dúirt Íosa leis: “Ná cuirigí aon chosc leis, óir an té nach bhfuil in bhur n-aghaidh, tá sé ar bhur son. Ansin, nuair a bhí an t-am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim, agus chuir sé teachtairí roimhe amach. Sa tslí dóibh sin, chuaigh siad isteach i mbaile Samárach ag ullmhú dó. Ach ní ghlacfaí san áit sin é de bhrí gur ar Iarúsailéim a bhí a thriall. Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n-ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?” Ach dʼiompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh. Agus dʼimigh siad go dtí baile nárbh é. Agus ag gluaiseacht dóibh, dúirt duine éigin sa tslí leis: “Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfaidh sé a cheann.” Dúirt sé le duine eile: “Lean mise.” Ach dúirt seisean: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus mʼathair a adhlacadh.” Dúirt sé leis: “Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh thusa agus craobhscaoil ríocht Dé.” Dúirt duine eile fós: “Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí.” Ach dúirt Íosa leis: “Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.” Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann. Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfidh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon. Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí dʼaon duine ar an mbóthar. Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’ agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin. Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach. Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achomaireacht daoibh.’ Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí: ‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achomaireacht.’ Deirim libh, is saoire a bheidh ag Sodam an lá úd ná ag an gcathair sin. “Is mairg duit, a Chorazain! is mairg duit-se, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus i Siodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach. Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Siodón sa bhreithiúnas ná agaibh-se. Agus tusa, a Chafarnáúm, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hIfreann a theilgfear thú! An té a chluineann sibh-se, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibhse, diúltaíonn sé dom-sa, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.” Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i dʼainm-se.” Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar a bheadh splanc. Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpeanna agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh. Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n-ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.” An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Bheirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna Neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a dʼfhoilsigh tú do naíonáin iad. Is ea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. Tá gach aon ní tugtha dom-sa ag mʼAthair. Agus ní heol dʼaon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.” Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibh-se. Óir deirim libh, bʼáil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibh-se agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibh-se agus níor chuala siad iad.” Dʼéirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, dá phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeidh mé páirteach sa bheatha shíoraí?” Dúirt sé leis: “Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?” Dʼfhreagair sé agus dúirt: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó dʼanam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó dʼaigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’” Dúirt sé leis: “Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.” Ach ó bʼáil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le hÍosa: “Agus cé hé mo chomharsa?” Thug Íosa freagra air dá rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é a lomadh agus é a leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh. Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Mar an gcéanna do Léivíteach: ar theacht chun na háite agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Ach, Samárach a bhí ag gabháil an bóthar, tháinig sé mar a raibh sé, agus ar a fheiceáil dó, ghabh trua é, agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachtaí, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de. Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’ Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?” Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.” Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí. Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar. Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i mʼaonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.” Dúirt an Tiarna léi dá freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe. Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.” Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.” Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar dʼainm; go dtaga do ríocht; ár n-arán laethúil tabhair dúinn gach lá; agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.” Agus dúirt sé leo: “Má bhíonn duine agaibh agus cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na hoíche dá rá leis: ‘A chara, tabhair trí bhuilín ar iasacht dom, óir tá cara dom tagtha chun mo thí as a bhóthar agus níl dada agam a chuirfidh mé os a chomhair’; agus go ndéarfaidh an fear istigh dá fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mé féin is mo chlann sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’;– deirim libh, ach mura n-éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó a oiread is a bhíonn de dhíth air. Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. Cé hé an t-athair in bhur measc go n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc? Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige? Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?” Bhí deamhan dá chaitheamh amach aige–deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de. Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.” Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, dá phromhadh. Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile. Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasfaidh a ríocht?–ós dá rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh. Ach más trí mhéar Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh. Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábháilte. Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt. An té nach bhfuil liom tá sé i mʼaghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann. Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus nuair nach bhfaigheann, deir: ‘Fillfidh mé chun mo thí as a dtáinig mé amach.’ Agus ar theacht dó, faigheann sé scuabtha, maisithe é. Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spiorad eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.” Agus le linn do a bheith ag rá an méid sin, labhair bean go hard as lár an tslua agus dúirt sí leis: “Is méanar don bhroinn a rinne thú a iompar agus do na cíocha a dhiúl tú!” Ach dúirt sé: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.” Nuair a bhí na sluaite ag tiomsú chuige, thosaigh sé ag rá: “Is drochghlúin an ghlúin seo: tá sí ag lorg comhartha, agus comhartha ní thabharfar di ach comhartha Ióna. Óir, amhail mar bhí Ióna ina chomhartha do na Ninivéigh, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine don ghlúin seo. Éireoidh ban-ríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh. Éireoidh muintir Ninivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a dʼfhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna. “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfidh na daoine a thagann isteach an tsoilse. Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas. Féach chuige, mar sin, nach mbíonn an solas atá ionat ina dhorchadas. Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.” Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord. Ar a fheiceáil sin don Fhairisíneach, bʼionadh leis nach ndearna sé an t-ionladh ar dtús roimh an bproinn. Ach dúirt an Tiarna leis: “Is ea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht. A dhaoine gan chiall, nach é an Té a rinne an taobh amuigh a rinne an taobh istigh freisin? Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta. “Ach is mairg daoibhse, a Fhairisíneacha, mar go n-íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár. “Is mairg daoibhse, a Fhairisíneacha, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí. “Is mairg daoibh, mar go bhfuil sibh ar nós na dtuamaí nach bhfeictear, go mbíonn daoine ag siúl os a gcionn gan a fhios dóibh féin.” Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.” Ach dúirt seisean: “Agus daoibhse freisin is mairg, a dhlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna. Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n-aithreacha a mharaigh iad! Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n-aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibh-se an tógáil. Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,’ ionas go n-éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain, ó fhuil Áibil go dtí fuil Zacairiá a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: Is ea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í. Is mairg daoibh, a dhlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo. Agus ar dhul amach as sin dó, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag cothú na mioscaise chuige thar fóir agus dá shaighdeadh chun cainte faoi iomad nithe, iad in oirchill air chun greim a fháil ar fhocal éigin as a bhéal. Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil–is é sin, ar bhréagchrábhadh–na bhFairisíneach. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. Agus dá bhrí sin, cibé nithe a dúirt sibh sa dorchadas, cluinfear i solas an lae iad, agus an cogar i gcluas a labhair sibh sna seomraí cúil, fógrófar é ó bharr na dtithe. Ach is libh-se a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh. Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in Ifreann. Is ea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin. Nach ndíoltar cúig ghealbhan ar dhá phingin? Agus fiú aon cheann amháin acu, níl ar dearmad i láthair Dé. Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain. Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liom-sa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingil Dé; ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingil Dé. Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann. Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh; óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh an uair sin féin na nithe nach foláir a rá.” Dúirt duine as an slua leis: “A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.” Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun a bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?” Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.” Agus labhair sé parabal leo: “Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barra breátha uaithi, agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: ‘Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barr?’ Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; agus déarfaidh mé le mʼanam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’ Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun dʼanam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’ Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.” Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n-abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach. Breathnaígí na fiacha dubha: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar, níl teach stórais acu ná scioból; agus tugann Dia bia dóibh. Nach mó is fiú sibh-se ná an éanlaith? Cé agaibh a dʼfhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhan-lámh amháin a chur le fad a shaoil? Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh a bheith imníoch faoi na rudaí eile? Breathnaígí na lilí mar a fhásann siad: ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo. An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibh-se a éadú, a lucht an bheagán creidimh! Sibh-se, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin. Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin. Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith. Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh. Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan dá lot. Óir, san áit a mbíonn bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroí freisin. “Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh, agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n-osclóidh siad láithreach dó. Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu. Agus cibé acu sa dara faire nó sa tríú faire a thagann sé, agus nithe a fháil amhlaidh, is dóibh siúd is méanar. Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mbʼeol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach. Bígí sibh-se ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.” Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?” Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth? Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó. Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é. Ach má deir an seirbhíseach sin ina chroí: ‘Is é an teacht mall ag mo mháistir é,’ agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachaillí aimsire agus na gcailíní, agus ag ithe agus ag ól agus ag meisceoireacht, tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó. An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air; ach an té nárbh eol dó í agus a rinne nithe ba dhíol buillí, gabhfar de bheagán buillí air. An té ar tugadh mórán dó, beifear ag lorg móráin uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air. “Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin! Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcríoch! An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas. Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt agus beirt le triúr; athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.” Dúirt sé freisin leis na sluaite: “Nuair a fheiceann sibh scamall ag éirí san iarthar, deir sibh láithreach: ‘Tá báisteach chugainn,’ agus is amhlaidh a bhíonn; agus nuair a shéideann sé aneas, deir sibh: ‘Beidh teas ann,’ agus bíonn. A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t-am seo i láthair a léamh? Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh? Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar a bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh thú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam thú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún thú. Deirim leat, ní thiocfaidh tú amach as sin nó go mbeidh an leathfheoirling dheireanach íoctha agat. San am sin féin tháinig daoine i láthair dá insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Píoláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile. Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna. Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóm agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile dʼáitritheoirí Iarúsailéim? Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.” Dúirt sé an parabal seo: “Bhí fear ann a raibh crann figí curtha ina fhíon-ghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair. Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann figí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’ Ach dúirt seisean leis dá fhreagairt: ‘A Mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis, agus bʼfhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.’” Bhí sé ag teagasc i sionagóg lá sabóide. Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti dá déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith. Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: “A bhean, tá tú fuascailte ó mʼéagruas,” agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia. Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá sabóide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.” Dʼfhreagair an Tiarna é: “A bhréagchráifeacha,” ar sé, “nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é? Agus an bhean seo, is iníon dʼAbrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?” Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán dʼáthas faoina raibh dá dhéanamh aige de bhearta oirirce. Agus dúirt sé: “Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í? Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus dʼfhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.” Agus dúirt sé arís: “Cad leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid? Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a dʼfholaigh sí i dtrí pheic phlúir nó go raibh sé gabhálta ar fad.” Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go hIarúsailéim. Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo: “Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é. Tar éis dʼfhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibh-se, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’ Beidh sibh dá rá ansin: ‘Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.’ Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibh-se uile a dhéanann an éagóir!’ Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacla, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach. Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé. Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!” Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige dá rá leis: “Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.” Agus dúirt sé leo: “Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: ‘Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam. Agus ní foláir dom a bheith ag imeacht romham inniu agus amárach agus amanathar, óir níor chuí go gcuirfí fáidh chun báis amuigh as Iarúsailéim.’ “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh-se! Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!’” Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach duine de chinn urra na bhFairisíneach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air. Agus bhí, os a chomhair amach, fear a raibh íorpais air. Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá sabóide,” ar sé, “nó an mídhleathach?” Ach dʼfhan siad ina dtost. Thóg sé é agus leigheas é agus scaoil uaidh é. Agus dúirt sé leo: “An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?” Agus níorbh fhéidir dóibh freagra a thabhairt ar an méid sin. Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo: “Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeidh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú, agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, dá rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil. Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair cách a bhíonn ag bord leat. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.” Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar dá thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duit-se ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat. Ach nuair a bhíonn fleá agat dá tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill; agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.” Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!” Dúirt sé leis: “Bhí fear ann agus dinnéar mór aige dá thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán. Chuir sé a sheirbhíseach uaidh ar uair an dinnéir dá rá leo seo a fuair an cuireadh: ‘Tagaigí, mar tá sé reidh anois.’ Agus thosaigh siad uile mar a chéile ag déanamh leithscéil. Dúirt an chéad duine leis: ‘Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach dá feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’ Dúirt duine eile: ‘Tá cúig chuingir damh ceannaithe agam, agus táim ag dul dá dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’ Agus dúirt duine eile: ‘Táim tar éis pósadh, agus dá bhrí sin ní fhéadaim dul.’ Tháinig an seirbhíseach ar ais agus dʼinis an méid sin dá mháistir. Dúirt fear an tí lena sheirbhíseach ansin, agus fearg air: ‘Amach leat gan stad faoi shráideanna agus faoi chabhsaí na cathrach, agus seol isteach anseo na boicht agus na mairtínigh agus na daill agus na bacaigh.’ Dúirt an seirbhíseach: ‘A mháistir, tá ar ordaigh tú déanta, ach tá slí fós ann.’ Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach: ‘Téigh amach ar na bóithre agus le hais na bhfál, agus cuir dʼfhiacha orthu teacht isteach, ionas go mbeidh mo theach lán. Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.’” Bhí sluaite móra dá thionlacan, agus dʼiompaigh sé agus dúirt leo: “Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó a bheith ina dheisceabal agam. Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó a bheith ina dheisceabal agam. Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú? Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi dá rá: ‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é a thabhairt chun críche!’ Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige? Agus mura bhféadann, le linn dó siúd a bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána. A dhála sin díreach, gach duine agaibh-se nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó a bheith ina dheisceabal agam. Óir is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann féin leamh, cad a dhéanfaidh anlann dó? Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é a chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!” Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun a bheith ag éisteacht leis. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.” Agus labhair sé an parabal seo leo: “Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile sa bhfhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í? Agus nuair a fhaigheann, buaileann ar a ghuaillí í go háthasach, agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comh-ghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’ Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréan nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu. “Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é? Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: ‘Déanaigí comh-ghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.’ Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingil Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.” Dúirt sé freisin: “Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige. Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: ‘A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.’ Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu. Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, dʼimigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach. Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin a bheith in uireasa. Dʼimigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht muc. Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a dʼitheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad. Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag mʼathair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta! Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun mʼathar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthair-se; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.’ Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós a bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, dá chaitheamh féin ar a bhráid agus dá mhúchadh le póga. Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthair-se; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’ Ach dúirt an t-athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa, agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas; óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis. “Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince. Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus dʼfhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun. Dúirt seisean leis: ‘Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh dʼathair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.’ Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air. Ach dúirt sé lena athair dá fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde. Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’ Ach dúirt sé leis: ‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat é; ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’” Dúirt sé lena dheisceabail freisin: “Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine. Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir tú a bheith i do mhaor feasta.’ Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba náir liom dul le déirc. Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.’ Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: ‘Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad bairille ola.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.’ Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ort-sa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’ Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais. Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí. An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach? Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé a thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis? Ní féidir do sclábhaí ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.” Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi. Agus dúirt sé leo: “Is sibh-se an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ard-mheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé. “Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé dá fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean. Ach is fusa neamh agus talamh a imeacht ná aon ghiota amháin den dlí a dhul ar lár. “Gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh óna fear, déanann sé adhaltranas. “Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn. Agus bhíodh duine bocht darbh ainm Lazaras ina luí le hais a gheata agus screamh othras air agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n-othras aige. Ach ansin fuair an duine bocht bás, agus iompraíodh ag na haingil é go hucht Abrahám. Fuair an fear saibhir bás freisin agus adhlacadh é. Agus in Ifreann dó, dʼardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht. Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfaidh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaróidh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’ Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean dá shólású abhus, agus tusa do do chrá. Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’ Dúirt seisean: ‘Iarraim ort más ea, a athair, é a chur go dtí teach mʼathar– óir tá cúigear deartháireacha agam–chun go dtabharfaidh sé fios an scéil dóibh dʼeagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.’ Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’ Dúirt sé: ‘Ní hea, a athair Abrahám, ach má théann duine ó mhairbh chucu déanfaidh siad aithrí.’ Ach dúirt sé leis: ‘Mura n-éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.’” Dúirt sé lena dheisceabail: “Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad; ba é a leas go gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus é a theilgean sa bhfarraige níos túisce ná a thabharfadh sé scannal dʼaon duine amháin de na daoine beaga seo. Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó. Agus má pheacaíonn sé i dʼaghaidh seacht n-uaire sa lá agus go n-iompóidh sé chugat seacht n-uaire, ag rá: ‘Tá aithreachas orm’, maith dó.” Dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.” Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha thú, agus déan thú féin a phlandáil sa bhfarraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh. “Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’? Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’? An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe? Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí dʼfhiacha orainn a dhéanamh.’” Ansin, sa tslí dó go hIarúsailéim, ghabh sé ar feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl; agus le linn dó a bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh, agus labhair siad go hard dá rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad. Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard, agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean. Labhair Íosa agus dúirt: “Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad? An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?” Agus dúirt sé leis: “Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh thú.” Nuair a dʼfhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní hamhlaidh a bhraitear ag teacht í, ná ní hamhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd’; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.” Dúirt sé fós leis na deisceabail: “Tiocfaidh an t-am ar mian libh aon lá amháin a fheiceáil de laethanta Mhac an Duine, agus ní fheicfidh sibh é. Beifear dá rá libh: ‘Féach, tá sé ansiúd’; nó: ‘Féach, tá sé anseo!’ Ná téigí ann: ná bígí ar a thóir. De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin. Ar dtús, áfach, ní foláir dó mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ón nglúin seo. Agus amhail mar a bhí i laethanta Naoi, is amhlaidh sin freisin a bheidh i laethanta Mhac an Duine; bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag gabháil fear céile nó ban céile, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc; agus tháinig an díle gur thug an bás dóibh uile. Mar an gcéanna, amhail mar a bhí i laethanta Lót: bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag ceannach, bhí siad ag díol, bhí siad ag plandáil, bhí siad ag tógáil; ach an lá ar imigh Lót amach as Sodam, fearadh tine agus ruibh ó Dhia as an spéir gur thug an bás dóibh uile. Sa chaoi chéanna a bheidh, an lá a bhfuil Mac an Duine le foilsiú. An lá sin, an té a bheidh ar bharr an tí agus a urra tí sa teach, ná téadh sé síos chun é a bhreith leis, agus mar an gcéanna an té a bheidh sa ghort, ná casadh sé ar ais. Cuimhnígí ar mhnaoi Lót! Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é a tharrtháil. Deirim libh, beidh beirt fhear in aon leaba an oíche sin; tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beidh beirt bhan ag meilt in éineacht; tógfar bean acu ach fágfar an bhean eile. ( Beidh beirt sa ghort; tógfar duine acu, ach fágfar an duine eile.)” Dúirt siad leis dá fhreagairt: “Cén áit, a Thiarna?” Dúirt sé leo: “Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.” Dúirt sé parabal leo dá chur i gcéill nárbh fholáir dóibh a bheith ag guí de ghnáth gan a bheith cortha de choíche: “Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige. Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá: ‘Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,’ ach níorbh áil leis é seal aimsire; ach sa deireadh dúirt sé ina aigne: ‘Más ea féin nach bhfuil eagla Dé orm ná beann ar dhuine agam, ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.’” Agus dúirt an Tiarna: “Éistigí leis an mbreitheamh éagórach, a ndeir sé! Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is dʼoíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás? Deirim libh, déanfaidh sé ceart go grod. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?” Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin a bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile: “Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile. Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n-adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd. Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’ Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom-sa, an peacach.’ Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní hionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.” Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu. Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: “Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.” Dʼfhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” Dúirt Íosa leis: “Cad chuige go ndeir tú ‘maith’ liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. Is eol duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair.’” Dúirt seisean: “Choimeád mé iad sin uile ó mʼóige.” Ar chloisteáil sin dʼÍosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní hamháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.” Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige. Ar a fheiceáil amhlaidh dʼÍosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé! Is ea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.” Agus iad seo a chuala é, dúirt siad: “Agus cé is féidir a shlánú?” Dúirt sé: “Na nithe atá dodhéanta ag daoine, tá siad sodhéanta ag Dia.” Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!” Dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, níl aon duine a thréig teach nó bean nó deartháireacha nó tuismitheoirí nó clann mar gheall ar ríocht Dé, nach bhfaighidh mórán níos mó san aimsir seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.” Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: “Seo anois sinn ag dul suas go hIarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine. Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air, agus tar éis a sciúrsála, cuirfear chun báis é, agus éireoidh sé an treas lá.” Ach níor thuig siad aon chuid den mhéid sin, agus bhí an focal sin i bhfolach orthu, agus ní raibh a fhios acu cad ba chiall lena chomhrá. Bhí, agus é ag teacht i ngar do Ireachó, dall ina shuí le hais an bhóthair ag iarraidh déirce. Nuair a chuala sé an slua ag gabháil thairis, dʼfhiafraigh sé cad é a bhí ar bun. Dúradh leis: “Tá Íosa an Nazórach ag dul thar bráid.” Agus mʼéigh sé amach: “A Íosa, a mhac Dháiví, bíodh trua agat dom!” Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air a bheith ina thost, ach bʼamhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhac Dháiví bíodh trua agat dom!” Stad Íosa dá shiúl, agus dʼordaigh é a sheoladh chuige. Ar theacht dó ina ghar dʼfhiafraigh sé de: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” Dúirt seisean: “A Thiarna, mo radharc a bheith agam!” Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.” Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia. Agus ar theacht isteach in Ireachó dó, bhí sé ag gabháil tríd. Agus fear darbh ainm Zacháias a bhí ina cheannphoibleacánach agus é saibhir, bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa. Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde ar chrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil. Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.” Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach. Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar dá rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.” Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach dʼaon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.” Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac dʼAbrahám an duine seo freisin: óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.” Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar dʼIarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach. Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin. Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’ Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní háil linn é seo a bheith ina rí orainn.’ Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, dʼordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t-airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach. Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: ‘A Thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.’ Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh for-lámhas agat ar dheich gcathair.’ Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a Thiarna.’ Dúirt sé leis sin chomh maith: ‘Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.’ Ach tháinig an duine eile agus dúirt: ‘A Thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín. Óir bhí eagla orm romhat, de bhrí gur duine dian thú; glacann tú chugat an rud nár chuir tú i dtaisce agus baineann tú an fómhar nár chuir tú a shíol.’ Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol? Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.’ Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’ ‘Ach, a Thiarna,’ ar siad sin leis, ‘tá deich míoná aige-sean.’ ‘Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige. Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé a bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’” Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go hIarúsailéim. Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar ‘Cnoc na nOlóg’, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá: “Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é. Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: ‘Cad chuige a bhfuil sibh dá scaoileadh?’ is é a déarfaidh sibh: ‘Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.’” Dʼimigh na teachtairí agus fuair siad de réir mar a dúirt sé leo. Le linn dóibh a bheith ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na húinéirí leo: “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?” Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,” agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin. Agus ag gluaiseacht dó, bhí siad ag leathadh a mbrat ar an mbóthar. Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán dʼáthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu, dá rá: “Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóir in uachtar Neimhe.” Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: “A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.” Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, screadfaidh na clocha amach.” Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi, ag rá: “Dá mbeadh a fhios agat-sa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile. Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad thú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh; nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhágáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir dʼa fhiosraithe.” Ansin, ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ag tiomáint na ndíoltóirí amach, ag rá leo: “Tá scríofa: ‘Beidh mo theach ina theach urnaithe’; ach tá uaimh robálaithe déanta agaibh-se de.” Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith; ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis. Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí, agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t-údarás sin duit?” Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Tá ceist agam-sa le cur oraibhse freisin: insígí dom: An ó neamh nó ó dhaoine a tháinig baisteadh Eoin?” Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, dá rá: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’ Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.” Agus ba é freagra a thug siad, nach raibh a fhios acu cárbh as dó. Dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach a oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíon-ghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch go cionn mórán aimsire. Nuair a tháinig an t-am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh. Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é. Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é a ghoint agus é a thiomáint amach. Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: ‘Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; bʼfhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.’ Ach nuair a chonaic na curadóirí eisean, bhí siad ag plé an scéil le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre,’ ar siad, ‘maraímis é, chun go mba linn féin an oidhreacht.’ Agus tar éis dóibh é a thiomáint amach as an bhfíon-ghort, mharaigh siad é. Dá bhrí sin, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt leo? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíon-ghort do dhaoine eile.” Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: “Nárab ea!” Ach bhreathnaigh sé orthu agus dúirt: “Murab ea, cad is ciall leis an rud úd atá scríofa: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne di ceann an chúinne’? “Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.” Agus bʼfhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd. Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu a bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus dʼúdarás an ghobharnóra. Chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh shlí Dé de réir na fírinne. An dleathach dúinn cíos a íoc le Caesar nó an mídhleathach?” Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo: “Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuil a íomhá air agus a inscríbhinn?” Dúirt siad: “Caesar.” Dúirt sé leo: “Íocaigí le Caesar, mar sin, na nithe ar le Caesar iad agus le Dia na nithe ar le Dia iad.” Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó bʼionadh leo a fhreagra, dʼfhan siad ina dtost. Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh–iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann– agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a dʼordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’ Is ea: bhí seachtar deartháireacha ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann. An dara duine ansin, agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás. Sa deireadh, fuair an bhean féin bás. San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.” Dúirt Íosa leo: “Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile, ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an t-aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile; óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is cuid de chlann Dé iad ós cuid de chlann an aiséirí iad. Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacób. Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo; óir is dó is beo cách.” Dúirt cuid de na scríobhaithe dá fhreagairt: “A Mháistir, is maith a dúirt tú é!” Óir níor leomh siad as sin amach ceist ar bith a chur air. Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost? Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde mar stól faoi do chosa.’ “Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?” Agus i gcomh-chlos don phobal uile dúirt sé lena dheisceabail: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna; an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.” Ag breathnú suas dó, chonaic sé na daoine saibhre ag cur a n-ofrálacha isteach sa chiste. Agus chonaic sé baintreach dhealbh ag cur dhá leathfheoirling ann, agus dúirt: “Deirim libh go dearfa, chuir an bhaintreach bhocht seo níos mó isteach ná cách eile; óir is cuid den iomarca a bhí acu a chuir siad siúd uile isteach sna hofrálacha chun Dé, ach chuir sise isteach as a huireasa a raibh den saol aici.” Nuair a bhí daoine áirithe dá rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean: “A bhfuil le feiceáil ansin agaibh–tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.” Dʼfhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?” Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i mʼainm-se ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t-am in achomaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.” Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir. Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar mʼainm-se. Is é a thiocfaidh as sin daoibh, go bhféadfaidh sibh fianaise a thabhairt. Dá bhrí sin, bíodh sé de rún agaibh gan ullmhú roimh ré chun bhur gcosanta, óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú. Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh, agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar mʼainm-se; ach ribe de ghruaig bhur gcinn ní mhillfear. Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha. “Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achomaireacht. Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti; óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomh-líonadh. Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo: titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim dá satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche. “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige; daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire. Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achomaireacht.” Agus labhair sé parabal leo: “Féachaigí an crann figí agus na crainn eile. Nuair a bhíonn siad ag eascairt, bíonn a fhios agaibh ag féachaint orthu, go bhfuil an samhradh in achomaireacht feasta. Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achomaireacht. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche. Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh mar a bheadh gaiste. Óir is de phreab a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir. Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.” Bhíodh sé ag teagasc ar feadh an lae sa Teampall, ach san oíche théadh sé amach agus thugadh an oíche ar an gcnoc ar a dtugtar ‘Cnoc na nOlóg’. Agus ó éirí lae, bhíodh an pobal uile ag teacht chuige sa Teampall ag éisteacht leis. Bhí féile an tSlimaráin, ar a dtugtar ‘an Cháisc’, in achomaireacht. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu. Ach chuaigh Sátan isteach in Iúdás ar a nglaotar Isceiriót, a bhí ar uimhir an dáréag. Dʼimigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é. Agus bhí áthas orthu, agus rinne siad réiteach leis airgead a thabhairt dó. Thug sé a gheall, agus bhí ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh dóibh i leith ón slua. Tháinig lá an tSlimaráin nuair nárbh fholáir an cháisc a íobairt. Chuir sé uaidh Peadar agus Eoin: “Imígí,” ar seisean, “agus ullmhaígí dúinn an cháisc go n-ithimid í.” Dúirt siad leis: “Cárbh áil leat go n-ullmhóimis í?” Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige dá bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul, agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n-ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’ Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra in airde staighre agus feisteas mar is cóir air; déanaigí an réiteach ansiúd.” Dʼimigh siad agus fuair siad de réir mar a bhí ráite aige leo, agus dʼullmhaigh an cháisc. Nuair a tháinig an uair, lig sé faoi ag bord agus na haspail mar aon leis. Agus dúirt sé leo: “Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fhulaingt dom; óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comh-líonadh ann i ríocht Dé.” Agus ghlac sé cupán, agus ar altú dó dúirt: “Tógaigí é seo agus roinnigí eadraibh é; óir deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú na fíniúna nó go mbeidh ríocht Dé tagtha.” Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.” Agus mar an gcéanna an cupán, tar éis na proinne, ag rá: “Is é an cupán seo an tiomna nua i mo chuid fola atá le doirteadh ar bhur son. Féach, áfach: tá lámh fhear mo bhraite in éineacht liom ag an mbord. Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.” Agus thosaigh siad ag fiafraí dá chéile cén duine acu a bhí chun é seo a dhéanamh. Dʼéirigh imreas eatarthu freisin féachaint cén duine acu ba mhó le háireamh. Dúirt sé leo: “Ríthe na náisiún, bíonn siad ag rialúchán orthu, agus iad seo a mbíonn údarás acu os a gcionn, ‘tíolaiceoirí’ a ghlaotar orthu. Ach nárab amhlaidh sin daoibhse, ach an té is mó eadraibh, bíodh ar nós an té is óige, agus an té atá ina cheann, ar nós an fhir freastail. Cé acu is mó dáiríre, an té a bhíonn ag bord nó an té a bhíonn ag freastal? Nach é an té a bhíonn ag bord é? Ach táim-se in bhur measc ar nós an té a bhíonn ag freastal. Is sibh-se an mhuintir a sheas go buan liom i mo thrialacha; agus tá ríocht agam dá dáileadh oraibh, de réir mar a dháil mʼAthair orm féin í: ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus in bhur suí i rí-chathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael. “A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair; ach táim tar éis guí ar do shon-sa chun nach gclisfidh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.” Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus fós chun báis.” Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.” Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán, gan tiachóg, gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?” Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach. Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.” Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor sin.” Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é. Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.” Agus chuaigh sé i leataobh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche, agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupán seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.” Agus chonacthas aingeal ó neamh dó dá neartú. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh. Ar éirí ina sheasamh dó ón nguí, tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad le barr dobróin, agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachaidh sibh i gcathú.” Le linn dó a bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí ‘Iúdás’, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le hÍosa chun é a phógadh. Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?” Nuair a chonaic a mhuintir cad a bhí chucu, dúirt siad: “A Thiarna, an mbuailfimid buille claímh?” Agus bhuail duine acu seirbhíseach an ardsagairt agus bhain sé an chluas dheas de. Labhair Íosa agus dúirt: “Ligigí dóibh; is leor an méid sin,” agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í. Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí? Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n-uairse í seo, agus is í cumhacht an Dorchadais í.” Tar éis dóibh é a ghabháil, sheol siad leo é agus thug isteach i dteach an ardsagairt é. Bhí Peadar dá leanúint i bhfad siar. Ansin, nuair a bhí an tine ar lasadh acu i lár na cúirte, agus iad ina suí síos le chéile, shuigh Peadar ina dhuine eatarthu. Chonaic cailín aimsire ina shuí sa solas é, agus tar éis di féachaint go caol air, dúirt: “Bhí sé seo freisin ina chuideachta siúd.” Ach shéan seisean é dá rá: “Níl aithne agam air, a bhean!” I gceann tamaill bhig, chonaic duine eile é agus dúirt: “Is duine díobh sin tusa freisin.” Ach dúirt Peadar: “Ní hea, a dhuine!” Agus i gceann timpeall aon uaire amháin, dhearbhaigh duine eile dá rá: “Is cinnte go raibh sé seo freisin in éineacht leis siúd, agus, rud eile de, is Gailíleach é.” Ach dúirt Peadar: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá, a dhuine!” Agus ar an mball, le linn dó a bheith ag caint, ghlaoigh an coileach. Agus dʼiompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus chuaigh sé amach agus ghoil go goirt. Ansin, na fir a raibh sé i ngéibheann acu, bhí siad ag fonóid faoi agus dá bhualadh; agus chuiridís dallóg air agus dʼfhiafraídís de: “Tairngir! Cé hé sin a bhuail thú?” Agus dúirt siad mórán nithe eile ina aghaidh, dá dhiamhaslú. Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile–uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n-ardchomhairle é. “Más tú an Críost,” ar siad, “abair linn é.” Dúirt sé leo: “Má deirim libh é, ní chreidfidh sibh; agus má chuirim ceist oraibh, ní fhreagróidh sibh. Amach anseo, áfach, beidh Mac an Duine ina shuí ar dheis chumhacht Dé.” Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: Is mé.” “Cad is gá dúinn a thuilleadh fianaise?” ar siad-san, “óir chualamar féin as a bhéal féin é.” Dʼéirigh siad ansin, an comh-thionól uile, agus sheol siad é i láthair Phíoláit. Thosaigh siad dá chiontú dá rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Caesar, agus ag rá gurb é féin Críost Rí.” Dʼfhiafraigh Píoláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis dá fhreagairt: “Deir tú féin é.” Dúirt Píoláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní fhaighim ciontacht ar bith sa duine seo.” Ach ba dhéinide fós a n-aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.” Ar a chloisteáil sin do Phíoláit, dʼfhiafraigh sé ar Ghailíleach an duine, agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaróid dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin. Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; ba é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil dá déanamh aige. Chuir sé go leor ceisteanna air, ach níor thug seisean freagra ar bith air. Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd dá chiontú ar a ndícheall. Chaith Héaród, é féin agus a gharda, droch-mheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Píoláit é. Agus tháinig Héaród agus Píoláit chun a bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin. Ghlaoigh Píoláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Is ea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith. Ní bhfuair ná Héaród, ós rud é gur chuir sé ar ais chugainn é. Is léir nach bhfuil rud ar bith déanta aige a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.” Ach bʼéigean dó aon duine amháin a scaoileadh chucu le linn na féile. Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!”– duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhún-mharú. Chuir Píoláit caint orthu arís, mar bʼáil leis Íosa a scaoileadh saor. Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!” Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t-olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.” Ach bhí siad-san dá dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha. Ansin, thug Píoláit de bhreith an rud a dʼiarr siad a thabhairt dóibh; scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dún-mharú–an té a dʼiarr siad–ach thug sé Íosa suas chun a dtola. Agus iad dá sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón Círéinéach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa. Bhí slua mór den phobal dá leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus dá chaoineadh. Ach dʼiompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníonacha Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall orm-sa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann. Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’ Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaígí sinn!’ Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!” Bhí beirt choirpeach eile dá seoladh mar aon leis chun a mbásaithe. Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar ‘an Cloigeann’, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé. Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad. Dʼfhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.” Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!” Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.” Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé dá dhiamhaslú dá rá: “Nach tú an Críost? Saor thú féin agus sinne.” Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna? Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin dá thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.” Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh orm-sa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!” Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bParthas.” Bhí sé timpeall an séú huair faoin am seo nuair a tháinig dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair, mar chaill an ghrian a solas. Réabadh brat an Teampaill ina lár. Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé. Nuair a chonaic an taoiseach céid cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia dá rá: “Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.” Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n-uchta. Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é a leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin. Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den Chomhairle é, duine maith fíréanta. Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Aramatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé. Chuaigh sé seo go dtí Píoláit agus dʼiarr corp Íosa air. Ansin thóg sé anuas den chros é, dʼfhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh. Ba é lá an ullmhaithe é, agus an tsabóid ag druidim leo. Agus na mná a bhí tagtha ón nGailíl in éineacht leis, lean said Iósaef agus chonaic siad an tuama agus an socrú a tugadh ar a chorp. Ansin, ar dhul ar ais dóibh, dʼullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, dʼfhan siad ina gcónaí de réir na haithne. An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. Fuair siad an chloch iompaithe siar ón tuama; ach ar dhul isteach ann dóibh, ní bhfuair siad corp an Tiarna Íosa. Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu. Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siad-san leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh? Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl, mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.” Agus tháinig a bhriathra chun a gcuimhne. Ar theacht ar ais dóibh ón tuama, dʼinis siad an méid sin uile don aon duine dhéag agus don chuid eile go léir. Ba iad siúd, Máire Mhaigdiléana, agus Ióanna, agus Máire máthair Shéamais. Na mná eile a bhí leo, dúirt siad-san freisin an méid sin leis na haspail. Ach samhlaíodh dóibh sin nach raibh sna ráite úd ach seafóid agus níor chreid siad iad. Chuir Peadar chun siúil, áfach, agus rith sé go dtí an tuama, agus ar chromadh síos dó, ní raibh le feiceáil aige ach na héadaí lín, agus dʼimigh abhaile agus é lán dʼionadh faoin rud a tharla. Agus an lá sin féin, bhí beirt acu ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáús a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim, agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; ach bhí a súile coinnithe chun nach n-aithneoidís é. Dúirt sé leo: “Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?” Agus stad siad suas agus iad go gruama. Dúirt duine acu leis dá fhreagairt–Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t-aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?” Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa–Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; mar a thug ár n-ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é. Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin, nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.” Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint! Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?” Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin. Nuair a bhí siad i ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide, agus rinne siad tathant air dá rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu. Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus dʼaithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu. Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó a bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?” Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go hIarúsailéim. Fuair siad an t-aon duine dhéag agus a gcompánaigh bailithe le chéile agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.” Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a dʼaithin siad é i mbriseadh an aráin. Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” Ghlac siad scéin agus uamhan, dá mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad. Ach dúirt sé leo: “Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agam-sa.” Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa. Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionaidh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a dʼíosfaí?” Thug siad blúire dʼiasc rósta dó. Ghlac sé é agus dʼith ina láthair é. Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomh-líonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’” Ansin dʼoscail sé a n-aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir, agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh an treas lá, agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí dá bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. Is finnéithe sibh-se ar na nithe seo. Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag mʼAthair. Ach fanaigí sibh-se sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar Neimhe.” Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad. Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é. Agus tar éis dóibh umhlú dó, chuaigh siad ar ais go hIarúsailéim agus áthas mór orthu, agus bhídís sa Teampall de ghnáth ag moladh agus ag beannú Dé. Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba é Dia an Briathar. Bhí sé ann i dtús báire in éineacht le Dia. Rinneadh an uile ní tríd agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh. Is ann a bhí an bheatha agus ba é solas na ndaoine an bheatha. Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é. Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia, agus Eoin ab ainm dó. Tháinig sé ag déanamh fianaise chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais chun go gcreidfeadh cách tríd. Níorbh é féin an solas ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais. An solas fírinneach a shoilsíonn gach aon duine, bhí sé ag teacht ar an saol. Bhí sé ar an saol agus is tríd a rinneadh an saol, agus níor aithin an saol é. Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é. Ach an uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm, an mhuintir nach as folanna a rugadh iad ná as toil feola, ná as toil fir ach ó Dhia. Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonaiceamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus dʼfhírinne. Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh agus glaonn in ard a ghutha: “É seo an té a ndúirt mé faoi: ‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh, tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’” Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht, is ea, grásta ar ghrásta. Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois, ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost. Ní fhaca aon duine riamh Dia. An Aonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a dʼaithris. Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige dá fhiafraí de: “Cé hé thusa?” Dʼadmhaigh sé agus níor shéan ach dʼadmhaigh sé: “Ní mé an Críost.” Dʼfhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus dʼfhreagair: “Ní mé.” Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú?–chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?” Dúirt sé: “Is glór duine mé ag éamh sa bhfhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh.” Ó na Fairisínigh ab ea na teachtairí, agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura tú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?” Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh, an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.” I mBéatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste. Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain. Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’ Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun go nochtfaí dʼIosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce.” Agus thug Eoin fianaise: “Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air. Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: ‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’ Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.” Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail in éineacht leis. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.” Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa. Dʼiompaigh Íosa, chonaic iad dá leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” Dʼfhreagair siad é: “A Raibí”–is é sin le rá “a mháistir”–“Cá bhfuil cónaí ort?” “Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus dʼfhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair. Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa ab ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar. Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: “Fuaireamar an Meisias”–is é sin le rá an tUngthach. Thug sé leis é chun Íosa. Dʼfhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort ‘Céafas’”–focal a chiallaíonn Carraig. Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.” Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindrias agus Pheadair, ab ea Pilib. Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.” Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis. Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.” “Cén chaoi a n-aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. Dʼfhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann figí, chonaic mé thú.” Dʼfhreagair Natanael é: “A Raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.” Dʼfhreagair Íosa: “De bhrí go ndúirt mé leat,” ar sé leis, “go bhfaca mé thú faoin gcrann figí creideann tú. Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo. Go deimhin féin, deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.” An triú lá bhí pósadh i gCána na Gailíle agus bhí máthair Íosa ann. Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail. Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le hÍosa: “Níl aon fhíon acu.” Dúirt Íosa léi: “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl mʼuairse tagtha fós.” Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.” Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann. Dúirt Íosa leo: “Líonaigí na soithí suas le huisce.” Agus líon siad go béal iad. Dúirt sé leo: “Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.” Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta, agus dúirt leis: “Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.” Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána na Gailíle, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann. Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáúm, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus dʼfhan siad ann beagán laethanta. Bhí Cáisc na nGiúdach in achomaireacht agus chuaigh Íosa suas go hIarúsailéim dá bhrí sin. Fuair sé sa sanctóir lucht díolta bó agus caorach agus colmán, agus lucht malairtithe airigid ina suí ann. Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead lucht a mhalairtithe agus leag sé na boird, agus dúirt sé le lucht díolta na gcolmán: “Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach mʼAthar.” Chuimhnigh a dheisceabail go raibh sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.” Dʼfhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá dá thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil dá dhéanamh agat?” Dʼfhreagair Íosa: “Leagaigí an teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.” Dúirt na Giúdaigh dá fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo dá thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?” Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt. Nuair a dʼaiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa. Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn fhéile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí dá ndéanamh aige. Ach Íosa féin, níor thug sé é féin ar iontaoibh dóibh mar gurbh aithnid dó iad go léir, Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí a fhios aige féin cad a bhí sa duine. Bhí ar na Fairisínigh duine darbh ainm Niocadaemas, uachtarán ar na Giúdaigh. Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá a fhios againn, a Raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.” Dʼfhreagair Íosa: “Áiméan, Áiméan,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.” Dúirt Niocadaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina shean-duine? An amhlaidh a dʼfhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?” Dʼfhreagair Íosa: “Go deimhin féin, deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé. An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í; an ghin ón Spiorad is spiorad í. Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat: ‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’ Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní heol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.” Dʼfhreagair Niocadaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis. Dʼfhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin! Go deimhin féin, deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonaiceamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise. Má dʼinis mé nithe talmhaí daoibh, agus nach gcreideann sibh, cén chaoi a gcreidfidh sibh, má insím nithe neamhaí daoibh? Níl aon duine a chuaigh suas ar Neamh, ach an té a tháinig anuas ó Neamh, Mac an Duine atá ar Neamh. Faoi mar a dʼardaigh Maois an nathair nimhe sa bhfhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú, i dtreo, gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí aige. Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mhic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfear é ach go mbeidh an bheatha shíoraí aige. Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd. An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin. Agus an daorbhreith, is mar seo í: mar gur tháinig an solas isteach sa saol, agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha. Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfear a ghníomhartha. Ach an té a dhéanann an fhírinne, tagann sé chun an tsolais, chun go dtaispeáinfear gur i nDia a rinneadh a ghníomhartha.” Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus dʼfhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste. Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad. Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair. Dʼéirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdaigh faoin íonghlanadh. Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A Raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.” Dʼfhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó é ó Neamh. Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’ An té a bhfuil an nuachar aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr ghuth an chéile. An t-áthas mar sin atá orm-sa, tá sé iomlán. Ní foláir dó-san méadú, ach ní foláir dom-sa laghdú. An té ar anuas a thagann, tá sé os cionn cách. An té ar den talamh é is den talamh dó agus is dá réir a labhraíonn sé. An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách. An rud a chonaic sé agus a chuala sé, déanann sé fianaise air, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise. An té a ghlacann a fhianaise chuir sé a shéala leis gur fírinneach é Dia. Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann Dia an Spiorad. Tá grá ag an Athair don Mhac agus tá gach uile ní tugtha ina lámh aige dó. An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.” Nuair a dʼairigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal dá ndéanamh ag Íosa agus dá mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin– fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail– dʼfhág sé Iúdáia agus dʼimigh sé arís don Ghailíl. Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire. Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Siochar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. Ansiúd a bhí tobar Iacób. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair ab ea é. Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch orm-sa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh. Dʼfhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh air-sean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.” “Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo? An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?” Dʼfhreagair Íosa: “Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi, “beidh tart arís air. Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beatha síoraí.” Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.” Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar dʼfhear agus fill anseo.” Dʼfhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’; óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé dʼfhear é. Dʼinis tú an fhírinne sa mhéid sin.” Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibh-se gur in Iarúsailéim atá an áit inar cóir adhradh a dhéanamh.” Dúirt Íosa léi: “Creid uaim-se é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh. Adhrann sibh-se an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú. Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus sa bhfírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair dá adhradh. Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.” Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht”–is é sin le rá an Críost–“agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.” Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.” Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?” Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus dʼimigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a dʼinis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Críost é?” Ghluais daoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo. Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A Raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.” Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.” Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?” Dúirt Íosa leo: “Is é is bia dom-sa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a chuid oibre a chur i gcríoch. Nach ndeir sibh-se ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise dá rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair. Tá a thuarastal dá fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh dá bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht. Óir is fíor don sean-fhocal sa mhéid seo: ‘Cuireann duine, baineann duine eile.’ Sheol mise sibh-se uaim chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin. Shaothraigh daoine eile é, agus chuaigh sibh-se isteach ina saothar.” Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “Dʼinis sé dom gach ní dá ndearna mé.” Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus dʼfhan sé ansiúd dhá lá. Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.” Tar éis an dá lá dʼfhág sé an áit sin agus dʼimigh don Ghailíl. Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin. Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith. Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáúm. Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus dʼiarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis. Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.” Dúirt an t-oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.” Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus dʼimigh. Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus dʼinis siad dó go raibh a mhac beo. Dʼfhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné dʼfhág an fiabhras é.” Thuig an t-athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad. Is í an mhíorúilt eile seo an dara ceann a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl. Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go hIarúsailéim. Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar ‘Béatzata’ san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid. Iontusan bhí slua mór de dhaoine tinne–daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce. Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uairibh sa linn agus chorraíodh sé an t-uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air). Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid. Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?” “A dhuine uasail,” arsa an t-easlán leis dá fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t-uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.” Dúirt Íosa leis: “Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.” Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis. Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: “Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.” Dʼfhreagair sé iad: “An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’” Dʼfhiafraigh siad de ansin: “Cé hé an duine a dúirt leat: ‘Tóg do shráideog agus siúil’?” Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit. Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.” Dʼimigh an duine agus dʼinis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é. Is dá bharr-san a bhí na Giúdaigh ag géar-leanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid. Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá mʼAthair ag obair anois, agus riamh, agus táim-se ag obair chomh maith.” Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é a chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach deireadh gurbh é Dia a athair féin, dá chur féin ar aon chéim le Dia. Thug Íosa freagra: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin dá dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna. Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse. Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh agus iad a dhéanamh beo, mar an gcéanna déanann an Mac beo an mhuintir is toil leis; mar ní thugann an tAthair breith ar aon duine ach thug sé an uile bhreith dá Mhac, i dtreo go dtabharfaidh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é. Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha. Áiméan, Áiméan, deirim libh, tá an uair ag teacht–tá sí ann cheana– nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad. Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin, thug sé don Mhac mar an gcéanna beatha a bheith ann féin aige, agus thug sé údarás dó breithiúnas a dhéanamh de bhrí gurb é Mac an Duine é. Ná déanaigí ionadh den mhéid sin, óir tá an uair ag teacht, a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí glór Mhac Dé, agus tiocfaidh siad amach– iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t-olc chun aiséirí an bhreithiúnais. Ní féidir dom-sa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé. Dá dtabharfainn fianaise orm féin ní bheadh mʼfhianaise iontaofa. Tá neach eile ann a thugann fianaise orm, agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaise a thugann sé orm. Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoin agus thug sé fianaise ar an bhfírinne. Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine, ach tá na nithe seo dá rá agam chun go slánófar sibh. Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh ab ea é siúd, agus níor mhiste libh-se ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas. Ach tá fianaise agam-sa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug mʼAthair dom le cur i gcríoch, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé. An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth ná ní fhaca sibh a dheilbh, agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh. Déanann sibh na scrioptúir a spíonadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iad-san atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa, ach ní háil libh teacht chugam i dtreo go mbeidh beatha agaibh. Ní ghabhaim glóir ó dhaoine. Ach tá aithne agam oraibh, nach bhfuil grá Dé ionaibh. Tháinig mise in ainm mʼAthar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean. Conas ab fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir dá glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin. Ná measaigí go bhfuilim chun sibh a chúisiú i láthair an Athar; tá duine do bhur gcuisiú– Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as. Dá gcreidfeadh sibh Maois, chreidfeadh sibh mise, óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean. Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean, conas a chreidfidh sibh mo bhriathar-sa? Ina dhiaidh sin dʼimigh Íosa anonn thar fharraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias. Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis. Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail. Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achomaireacht. Nuair a dʼardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeidh bia acu seo?” Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh. Dʼfhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar dʼarán chun go mbeadh greim an duine acu.” Dúirt duine dá dheisceabail leis–ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar: “Tá ógánach anseo a bhfuil cúig bhuilín eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar a oiread daoine?” Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí”–bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. Agus thóg Íosa na builíní, dʼaltaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna a oiread agus ab áil leo de na héisc. Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuílligh chun nach rachaidh aon ní amú.” Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig bhuilín eorna, a dʼfhág na daoine a fuair an béile. Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.” Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht dá fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar. Nuair a bhí an tráthnóna ann chuaigh a dheisceabail síos chun na farraige, agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáúm. Bhí an dorchadas ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós. Bhí gaoth mhór ag séideadh agus mʼéirigh suaitheadh ar an bhfarraige. Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead dʼfharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu. Ach dúirt sé leo: “Mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.” Bʼáil leo ansin é a thógáil isteach sa long, agus bhí an long gan aon mhoill ag an talamh mar a raibh siad ag dul. Lá arna mhárach chonaic an slua a dʼfhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin. Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna. Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bhord na long agus tháinig siad go Cafarnáúm ar lorg Íosa. Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: “A Raibí, cén uair a tháinig tú anseo?” Dʼfhreagair Íosa: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith. Ná saothraígí an bia a théann amú, ach saothraígí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.” Dúirt siad leis ansin: “Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimid oibreacha Dé?” Dʼfhreagair Íosa: “Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfidh sibh sa té a chuir sé uaidh.” Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimid é agus go gcreidfimid ionat? Cad atá tú a dhéanamh? Dʼith ár n-aithreacha manna sa bhfhásach faoi mar atá scríofa: ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.’” Dúirt Íosa leo ansin: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, ní hé Maois a thug an t-arán ó neamh daoibh, ach is é mʼAthair a thugann an t-arán ó neamh daoibh, an t-arán fírinneach. Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó Neamh agus a thugann beatha don domhan.” “A dhuine uasail,” ar siad ansin leis, “tabhair dúinn an t-arán sin i gcónaí.” Dúirt Íosa leo: “Mise arán na beatha, an té a thagann chugam-sa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche. Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach gcreideann sibh. Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é. Óir tháinig mé anuas ó Neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé. Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach. Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.” Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: “Is mise an t-arán a tháinig anuas ó Neamh.” “Nach é seo,” deiridís, “Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi ar féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó Neamh’?” Dʼfhreagair Íosa: “Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin,” ar sé. “Ní féidir dʼaon duine teacht chugam, gan an tAthair a chuir uaidh mé dá tharraingt, agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach. Tá sé scríofa sna fáithe: ‘Beidh siad go léir dá dteagasc ag Dia.’ An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugam-sa. Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair; ach an té atá tagtha ón Athair, chonaic seisean an tAthair. Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige. Mise arán na beatha. Dʼith bhur n-aithreacha manna sa bhfhásach agus fuair siad bás. Is é seo an t-arán a thagann anuas ó Neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás. Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó Neamh. Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo, agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é mʼfheoil é a thabharfar ar son bheatha an domhain.” Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile dá rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?” Dúirt Íosa leo: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine, agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh. An té a itheann mʼfheoil agus a olann mʼfhuil, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach. Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola. An té a itheann mʼfheoil agus a ólann mʼfhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann. Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom. Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó Neamh. Ní hionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.” Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáúm agus é ag teagasc sa tsionagóg. Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: “Is crua an chaint í seo, agus cé a dʼfhéadfadh éisteacht léi?” Bhí a fhios ag Íosa féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana? Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad. Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.” Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath. Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir dʼaon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag mʼAthair.” Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh. Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: “Cad mar gheall oraibhse, an mian libh-se freisin imeacht?” Dʼfhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agat-sa atá briathra na beatha síoraí, agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.” Dʼfhreagair Íosa iad: “Nach ndearna mé, sibh-se, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh.” Is ar Iúdás mac Shíomóin ó Isceiriót a bhí sé ag caint; óir bhí seisean chun é a bhrath agus gur dhuine den dáréag é. Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis. Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achomaireacht. Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: “Fág an áit seo agus imigh go hIúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh. Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin thú féin don saol.” Óir níor chreid fiú a bhráithre ann. Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Níor tháinig mʼuain-se go fóill; ach tá bhur n-uain-se i gcónaí ullamh. Ní féidir don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige dom-sa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc. Téigí-se suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo fós, óir níl mʼuain-se comhlíonta go fóill.” Ar rá na nithe sin leo, dʼfhan sé sa Ghailíl. Ach nuair a bhí a bhráithre imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim. Bhí na Giúdaigh dá réir sin dá lorg lá na féile agus deiridís: “Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu dá rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu dá rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.” Níor labhair aon duine, áfach, amach os ard ina thaobh, le heagla roimh na Giúdaigh. Nuair a bhí ceiliúradh na féile leath-thart, chuaigh Íosa suas isteach sa Teampall agus chrom ar theagasc. Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?” Dʼfhreagair Íosa ansin: “An teagasc seo a thugaim,” ar sé, “ní liom-sa é ach leis an té a chuir uaidh mé. Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt. An té a labhraíonn uaidh féin, bíonn a ghlóir féin dá lorg aige. An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é, tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann. Nár thug Maois an dlí daoibh agus ní chomh-líonann aon duine agaibh an dlí? Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?” Dʼfhreagair an slua: “Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?” Dʼfhreagair Íosa: “Aon obair amháin a rinne mé,” ar sé, “agus tá ionadh oraibh go léir. Thug Maois, más ea, an timpeall-ghearradh daoibh–ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha–agus déanann sibh timpeall-ghearradh ar dhuine fiú ar an tsabóid. Má dhéantar timpeall-ghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfear dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liom-sa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas ar an tsabóid? Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.” Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: “Nach é seo an fear atá siad ag iarraidh a chur chun báis? Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní dá rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é? Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní heol dʼaon duine cad as dó.” Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall: “Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé, “agus is eol daoibh cad as dom; agus ní uaim féin a tháinig mé; ach is fíor é an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne agaibh-se air. Ach tá aithne agam-sa air mar is uaidh a tháinig mé agus is eisean a chuir uaidh mé.” Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós. Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: “Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?” Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabháil. Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Beidh mé faraibh tamall beag fós, ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé. Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé, agus an áit ina bhfuilim-se ní féidir daoibhse teacht ann.” Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc? Cad í an chaint í seo a dúirt sé: ‘Beidh sibh ar mo lorg ach ní bhfaighidh sibh mé; agus an áit ina bhfuilim-se, ní féidir daoibhse teacht ann’?” Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: “Má tá tart ar aon duine,” ar sé, “tagadh sé chugam-sa agus óladh sé! An té a chreideann ionamsa, faoi mar a deir an scrioptúr, rithfidh as a chroí istigh sruthanna dʼuisce beo.” Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad bronnta fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú. Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: “Is é seo an fáidh gan amhras.” Deireadh tuilleadh acu: “Is é an Críost é seo,” ach deireadh cuid eile acu: “An as an nGailíl atá an Críost ag teacht? Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile Bheithil, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?” Dʼéirigh aighneas ina thaobh dá réir sin i measc an tslua. Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann. Tháinig na póilíní dá bhrí sin go dtí na hardsagairt agus na Fairisínigh agus dúirt siad-san leo: “Cad chuige nár thug sibh libh é?” Dʼfhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.” Dʼfhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: “An féidir gur mealladh sibh-se comh maith? Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann? Ach an slua seo nach eol dóibh an dlí, tá mallacht orthu.” Niocadaemas–an té a tháinig chuige roimhe sin agus gur dhuine acu é–dúirt sé leo: “An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?” Dʼfhreagair siad agus dúirt leis: “An amhlaidh is Gailíleach thusa chomh maith? Cuardaigh an scrioptúr agus féach nach n-éiríonn fáidh ón nGailíl.” Ansin chuaigh gach duine abhaile. Agus chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc. Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: “A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. Dʼordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tusa más ea?” Dúirt siad an chaint sin dá phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach dá cheistiú, mʼéirigh sé suas agus dúirt leo: “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh cloch léi.” Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. Arna chlos sin dóibh dʼimigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. Dʼéirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?” “Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach a oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.” Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchadas, ach beidh aige solas na beatha.” Dúirt na Fairisínigh leis ansin: “Tá tú ag tabhairt fianaise i do thaobh féin; níl dʼfhianaise iontaofa.” Dʼfhreagair Íosa: “Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin, is iontaofa í mʼfhianaise, óir is eol dom cad as ar tháinig mé agus cá bhfuil mo thriall. Ach ní heol daoibhse cad as ar tháinig mé nó cá bhfuil mo thriall. Tugann sibh-se breith de réir na colainne; ní thugaimse breith ar aon duine. Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith, óir ní i mʼaonar atáim, ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé. Agus tá sé scríofa in bhur ndlí go bhfuil fianaise beirte iontaofa. Tugaimse fianaise i mo thaobh féin, agus tugann an tAthair a chuir uaidh mé fianaise i mo thaobh.” Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil dʼAthair?” Dʼfhreagair Íosa: “Níl aithne agaibh orm-sa ná ar mʼAthair. Dá mbeadh aithne agaibh orm-sa, bheadh aithne agaibh ar mʼAthair chomh maith.” Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós. Dúirt Íosa leo arís: “Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.” Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá: “An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: ‘An áit ina bhfuilim-se ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann’?” Lean sé air: “Is ón áit thíos sibh-se,” ar sé leo, “is ón áit thuas mise. Is den saol seo sibh-se, ní den saol seo mise. Uime sin a dúirt mé libh: ‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’ Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.” Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo: “Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor? Tá a lán le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol.” Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin: “Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo. An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i mʼaonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis.” Chreid a lán ann agus na nithe sin dá rá aige. Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre, agus beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.” Dʼfhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?” Dʼfhreagair Íosa iad: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, gach duine a dhéanann peaca, tá sé ina dhaor ag an bpeaca. Ní fhanann an daor sa teach de shíor, ach fanann an mac de shíor. Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin beidh sibh saor dáiríre. Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh, ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú, mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh. Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara mʼAthair. Ach déanann sibh-se na nithe a chuala sibh ó bhur n-athair.” Dʼfhreagair siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n-athair.” Dúirt Íosa leo: “Más clann dʼAbrahám sibh, déanaigí mar a rinne Abrahám. Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú, duine a labhair an fhírinne libh, faoi mar a chuala í ó mʼAthair. Ní dhearna Abrahám é sin. Déanann sibh-se obair bhur n-athar féin.” Dúirt siad leis: “Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.” Dúirt Íosa leo: “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh dom-sa. Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé. Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint? De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos. Is ón diabhal, mar athair, sibh-se agus is iad mianta bhur n-athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé sa bhfírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é. Ach de bhrí go labhraímse an fhírinne, ní chreideann sibh-se mé. Cén duine agaibh a dhéanfaidh mé a chiontú in éagóir? Má labhraím an fhírinne, cén fáth nach gcreideann sibh mé? An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé. Is é fáth nach n-éisteann sibh-se, de bhrí nach ó Dhia sibh.” Dʼfhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” Dʼfhreagair Íosa: “Níl aon deamhan ionam, ach tugaim onóir do mʼAthair agus tugann sibh-se easonóir dom. Ní ag lorg mo ghlóire féin atáim; tá Neach a lorgann mʼonóir agus a thugann breith. Áiméan, Áiméan, deirim libh, má choinníonn aon duine mo bhriatharsa ní fheicfidh sé bás choíche.” Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’ An ea gur mó thusa ná ár n-athair Abrahám atá marbh? Agus na fáithe freisin, tá siad marbh. Cé atá tú a dhéanamh díot féin?” Dʼfhreagair Íosa: “Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin, ba neamhní mo ghlóir. Is é mʼAthair a dhéanann mé a ghloiriú, an té a ndeir sibh-se mar gheall air: ‘Is é ár nDia é.’ Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agam-sa air, áfach. Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’ bheinn cosúil libh-se, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar. Rinne Abrahám bhur n-athair lúcháir go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Chonaic, agus bhí áthas air.” Ansin dúirt na Giúdaigh leis: “Níl tú caoga bliain dʼaois fós agus an bhfaca tú Abrahám?” Dúirt Íosa leo: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táim-se ann.” Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach dʼfholaigh Íosa é féin agus dʼimigh amach as an Teampall. Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn. Dʼfhiafraigh a dheisceabail de: “A Raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí dá rá is gur rugadh ina dhall é?” Dʼfhreagair Íosa: “Ní hamhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann. Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir dʼaon duine obair a dhéanamh. An fad atáim ar an saol is mé solas an tsaoil.” Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill agus dúirt sé leis: “Imigh agus nigh i Linn Shiolóm”–is é sin le rá, ‘Seolta’. Dʼimigh sé, nigh é féin agus dʼfhill agus a radharc aige. Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.” Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.” Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?” Dʼfhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar ‘Íosa’, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Shiolóm agus nigh.’ Dʼimigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.” Dʼfhiafraigh siad: “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar sé. Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth. Ba í an tsabóid í an lá a ndearna Íosa an láib agus a dʼoscail sé súile an duine. Dʼfhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: “Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.” Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir le duine peacúil míorúiltí mar iad seo a dhéanamh?” Agus bhí aighneas eatarthu. Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó dʼoscail sé do shúile?” Dʼfhreagair sé: “Fáidh is ea é.” Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc agus gur cheistigh siad iad: “An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?” ar siad. “Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?” Dʼfhreagair a thuismitheoirí: “Is eol dúinn,” ar siad, “gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é. Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní heol dúinne, ná cé a dʼoscail a shúile ní heol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.” Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a dʼadmhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg. Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: “Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.” Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.” Dʼfhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é–níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.” Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a dʼoscail sé do shúile?” Dʼfhreagair sé iad: “Dʼinis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh dá chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libh-se a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?” Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: “Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne. Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.” Dʼfhreagair an fear: “Is iontach an rud é go deimhin,” ar sé leo, “nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile dom-sa. Tá a fhios againn nach n-éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin. Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall. Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.” Dʼfhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é. Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?” Dʼfhreagair seisean: “Cé hé féin, a Thiarna?”–ar sé leis–“chun go gcreidfidh mé ann.” Dúirt Íosa leis: “Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat, is é sin é.” Dúirt seisean: “Creidim, a Thiarna,” agus rinne sé ómós dó. Dúirt Íosa: “Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.” Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní hamhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?” Dúirt Íosa leo: “Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.” “Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí. An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach. Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin ina n-ainm, agus seolann amach iad. Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth. Ní baol go leanfaidh siad coimhthíoch, ach teithfidh siad uaidh mar nach n-aithníonn siad guth na gcoimhthíoch.” Labhair Íosa an sampla sin leo, ach níor thuig siad-san cad a bhí dá rá aige leo. Ansin dúirt Íosa leo arís: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, Mise doras na gcaorach. Gach ar tháinig romham, bithiúnaigh ab ea iad agus robálaithe, agus níor éist na caoirigh leo. Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach. Ní thagann an bithiúnach ach chun a bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial. Mise an sáraoire. Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach. An fostúch, nach bhfuil ina aoire, agus nach leis féin na caoirigh, feiceann sé an mac tíre ag teacht, agus fágann na caoirigh agus teitheann, agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann. Teitheann sé de bhrí gur fostúch é, agus gur cuma leis mar gheall ar na caoirigh. Ach is mise an sáraoire, agus aithním mo chuid féin, agus aithníonn mo chuid féin mé, faoi mar a aithníonn an tAthair mé, agus mar a aithnímse an tAthair. Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach. Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin. Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dom mar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim, chun go nglacfaidh mé chugam arís í. Níl aon duine dá tógáil uaim; is uaim féin a thugaim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís. Sin í an aithne a fuair mé ó mʼAthair.” Dʼéirigh aighneas arís idir na Giúdaigh mar gheall ar na briathra sin. Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad ab áil libh a bheith ag éisteacht leis?” Dúirt cuid eile: “Ní focail deamhnaígh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?” Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é. Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh. Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.” Dʼfhreagair Íosa iad: “Dʼinis mé daoibh, ach ní chreideann sibh. Na hoibreacha a dhéanaim in ainm mʼAthar, tugann siad fianaise i mo thaobh. Ach ní chreideann sibh-se, mar ní de mo chaoirigh sibh. Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé. Tá an bheatha shíoraí agam dá tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo lámh iad. MʼAthair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir dʼaon duine fuadach ó lámh mʼAthar. Is aon mise agus an tAthair.” Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis. Dʼfhreagair Íosa iad: “Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó mʼAthair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?” Dʼfhreagair na Giúdaigh é: “Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.” Dʼfhreagair Íosa iad: “Nach bhfuil sé scríofa in bhur ndlí, ‘Dúirt mé: Is déithe sibh’? Má thug sé déithe orthu siúd ar labhraíodh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní, an té a naomhaigh an tAthair, agus a chuir sé uaidh sa saol, an ndeir sibh-se leis: ‘Sin diamhasla agat!’ mar gur dhúirt mé: ‘Is mé Mac Dé’? Mura ndéanaim oibreacha mʼAthar, ná creidigí mé. Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, i dtreo go mbeidh a fhios agaibh, agus go dtuigfidh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.” Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil ansin, ach mʼéalaigh sé óna lámha. Agus dʼimigh sé leis arís sall thar Iordáin, go dtí an áit ina raibh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus dʼfhan sé ann. Agus tháinig na sluaite chuige agus deiridís: “Ní dhearna Eoin aon mhíorúilt, ach na nithe go léir a dúirt Eoin mar gheall ar an duine seo, bʼfhíor dó iad.” Agus chreid a lán ansiúd ann. Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bhéatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige dá rá: “A Thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.” Arna chloisteáil sin dʼÍosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóir Dé, chun go dtabharfar glóir do Mhac Dé tríd.” Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, dʼfhan sé dhá lá mar a raibh sé. Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: “Téimis go hIúdáia arís.” Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?” Dʼfhreagair Íosa: “Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle, mar feiceann sé solas an tsaoil seo. Ach má shiúlann sé san oíche, faigheann sé barrthuisle mar níl an solas sa duine sin.” Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul dá dhúiseacht.” Dúirt a dheisceabail leis ansin: “Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.” Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siad-san gur ar shuan codlata a labhair sé. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh; agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfidh sibh. Ach téanam chuige.” Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.” Ar theacht dʼÍosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. Dʼfhan Máire ina suí sa teach. Dúirt Marta ansin le hÍosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.” Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.” “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.” Dúirt Íosa léi: “Mise an t-aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé, agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?” “Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.” Arna rá sin di, dʼimigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan a fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.” Nuair a chuala sise an méid sin mʼéirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air. Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis. Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í dá mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann. Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, dá rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.” Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air, agus dúirt sé: “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis: “Tar, a Thiarna, agus feic.” Bhris a ghol ar Íosa. Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: “Féach, cad é cion a bhí aige air!” Ach dúirt cuid acu: “An té seo a dʼoscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?” Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais ab ea é agus líog ina luí lena bhéal. Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.” Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?” Dʼaistrigh siad an líog ansin agus dʼardaigh Íosa a shúile agus dúirt: “A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom; bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gcónaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.” Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: “A Lazaras, tar amach!” Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.” Ansin a lán de na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann. Ach dʼimigh cuid acu go dtí na Fairisínigh agus dʼinis siad dóibh cad a rinne Íosa. Thionóil na hardsagairt agus na Fairisínigh comhairle agus dúirt siad: “Cad atá dá dhéanamh againn? Óir tá a lán míorúiltí dá ndéanamh ag an duine seo. Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n-áit naofa agus ár gcine.” Ach aon duine amháin acu, Cáiafas, ard-sagart na bliana sin, dúirt sé leo: “Ní fios daoibh rud ar bith, ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.” Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t-ard-sagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine, agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe. Ón lá sin amach bhí sé beartaithe acu é a chur chun báis. Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach dʼimigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráím, agus dʼfhan sé ansiúd fara a dheisceabail. Bhí Cáisc na nGiúdach in achomaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go hIarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú. Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: “Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?” Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil. Sé lá roimh an gCáisc tháinig Íosa go Béatáine mar a raibh Lazaras a dʼardaigh Íosa ó mhairbh. Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord. Ansin thóg Máire punt meáchain dʼola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola. Ach dúirt duine dá dheisceabail, Iúdás ó Isceiriót, an fear a bhí ar tí a bhraite: “Cad chuige nár díoladh an ola seo ar thrí chéad déanar agus é a thabhairt do na boicht?” Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann. Dúirt Íosa ansin: “Lig di chun go gcoimeádfaidh sí é i gcomhair lá mʼadhlactha. Óir bíonn na boicht agaibh i gcónaí in bhur measc, ach ní bhímse agaibh i gcónaí.” Agus bhí a fhios ag slua mór de na Giúdaigh go raibh sé ann agus tháinig siad, ní hamháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lazaras a dʼardaigh sé ó mhairbh. Bheartaigh na hardsagairt ansin Lazaras a chur chun báis chomh maith mar go raibh a lán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa dá bharr. Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go hIarúsailéim, thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha dá gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, is ea, rí Iosrael.” Agus fuair Íosa asal óg agus shuigh air mar atá scríofa: “Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail.” Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis. An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu. Is dá bharr-san chomh maith a tháinig an slua amach ina choinne, de bhrí gur chuala siad go ndearna sé an mhíorúilt sin. Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: “Féach, ní haon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!” Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go hIarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile. Tháinig siad-san mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus dʼiarr siad achainí air: “A Thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil,” ar siad. Tháinig Pilib agus dʼinis sé dʼAindrias é, agus ansin tháinig Aindrias agus Pilib agus dʼinis siad dʼÍosa é. Dʼfhreagair Íosa iad agus dúirt: “Tá an uair tagtha chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú. Áiméan, Áiméan, deirim libh, an gráinne arbhair a thit sa talamh, mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin. Ach má fhaigheann sé bás, tugann sé toradh mór uaidh. An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí. Má dhéanann aon duine friotháileamh orm-sa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friotháileamh orm-sa, tabharfaidh mʼAthair onóir dó. Tá buaireamh ar mʼanam anois. Cad déarfaidh mé? ‘A Athair, saor mé ón uair seo’? Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo. A Athair, tabhair glóir do dʼainm!” Ansin tháinig guth ó Neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.” Arna chloisteáil don slua a bhí ina seasamh timpeall, dúirt siad gur toirneach a rinneadh; dúirt cuid acu: “Aingeal a labhair leis.” Dʼfhreagair Íosa: “Ní ar mo shon-sa,” ar sé, “a tharla an guth, ach ar bhur sonsa. Anois atá breith dá tabhairt ar an saol seo. Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach. Má ardaítear mise ón talamh tarraingeoidh mé gach duine chugam féin.” Dúirt sé an méid sin dá chur in iúl cén sórt báis a bhí i ndán dó a fháil. Dʼfhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé Mac seo an Duine?” Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfaidh an dorchadas oraibh. An té a shiúlann sa dorchadas, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul. Fad tá an solas agaibh creidigí sa solas chun go mbeidh sibh in bhur gclann ag an solas.” Labhair Íosa na nithe sin leo, agus dʼimigh agus cheil é féin orthu. Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann– ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: “A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?” Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís: “Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n-iompófaí iad agus go leigheasfainnse iad.” Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air. San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad. Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé. Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt: “An té a chreideann ionamsa, ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé. Agus an té a fheiceann mise, feiceann sé an té a chuir uaidh mé. Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchadas. Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh. An té a dhiúltaíonn dom-sa, agus nach nglacann mo bhriathra, tá aige an té a thabharfaidh daorbhreith air. An briathar féin a labhair mé, tabharfaidh sé sin daorbhreith air an lá deireanach. Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn. Agus tá a fhios agam gur beatha shíoraí a ordú. Agus uime sin na nithe a labhraím, is mar a dúirt an tAthair liom a labhraím iad.” Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta. Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é– ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall, mʼéirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní chosa na ndeisceabal agus dá dtriomú leis an tuáille a bhí faoina choim. Tháinig sé chomh fada le Síomón Peadar agus dúirt seisean leis: “Tusa a ní mo chos-sa, a Thiarna!” Dʼfhreagair Íosa é: “Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,” ar sé leis, “ach tuigfidh tú ar ball é.” Dúirt Peadar leis: “Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!” Dʼfhreagair Íosa é: “Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom.” Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, ní hamháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!” Dúirt Íosa leis: “Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní ach a chosa; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibh-se glan, ach níl gach duine agaibh glan.” Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: “Níl gach duine agaibh glan.” Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: “An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh? Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin. Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní. Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibh-se mar an gcéanna. Áiméan, Áiméan, deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é. Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad. “Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfar an scrioptúr: ‘An té a dʼith arán liom, dʼardaigh sé a sháil i mo choinne.’ Táim dá insint sin daoibh anois, roimh ré, sula dtarlaíonn sé, i dtreo, nuair a tharlóidh sé, go gcreidfidh sibh gur mise é. Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.” Ar rá na cainte sin dʼÍosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.” Dʼfhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé. Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó. Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.” Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: “Cé hé féin, a Thiarna?” Dʼfhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruar aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruar agus thug sé dʼIúdás mac Shíomóin Isceiriót é. Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat dá dhéanamh, déan go tapa é!” Ní raibh a fhios ag aon duine den chuideachta ag an mbord cad chuige a ndúirt sé é sin leis; óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa dá rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.” Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus dʼimigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann. Nuair a dʼimigh sé amach, dúirt Íosa: “Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois, agus tá glóir faighte ag Dia ann. Má fuair Dia glóir ann, tabharfaidh Dia glóir dó-san ann féin, agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill. A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libh-se arís: ‘An áit ina bhfuilim-se ag dul ní féidir daoibhse teacht.’ Tá aithne nua dá tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibh-se grá dá chéile. As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liom-sa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.” Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” Dʼfhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilim-se ag dul, ní féidir duit-se mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.” Dúirt Peadar leis: “A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé mʼanam ar do shon.” Dʼfhreagair Íosa: “An dtabharfaidh tú dʼanam ar mo shon? Áiméan, Áiméan, deirim leat, ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire! Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis. Is iomaí áras i dteach mʼAthar. Mura mbeadh, dʼinseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh, agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibh-se chomh maith. Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.” Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní heol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi ar féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?” Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa. Dá mbeadh aithne agaibh orm-sa, dʼaithneodh sibh mʼAthair chomh maith. Tá aithne agaibh air feasta, agus tá radharc faighte agaibh air.” Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.” Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘Taispeáin dúinn an tAthair’? Nach gcreideann tú go bhfuilim-se san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha. Creidigí uaim-se é go bhfuilim-se san Athair agus an tAthair ionamsa. Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Áiméan, Áiméan, deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táim-se ag dul chun an Athar. Cibé ní a iarrfaidh sibh i mʼainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac. Má iarrann sibh aon ní orm i mʼainm, déanfaidh mé é. Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh mʼaitheanta. Agus iarrfaidh mé ar mʼAthair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo– Spiorad na Fírinne, nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é. Ach aithníonn sibh-se é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh. Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh. Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige orm-sa feasta; ach tá radharc agaibh-se orm, óir táim-se beo agus beidh sibh-se beo chomh maith. An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilim-se i mʼAthair, agus go bhfuil sibh-se ionamsa, agus mise ionaibh. An té a bhfuil mʼaitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag mʼAthair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.” Dúirt Iúdás–níorbh é fear Isceiriót é: “A Thiarna, cad é seo? Nach bhfuil tú chun tú féin a thaispeáint don saol, ach dúinne?” Dʼfhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag mʼAthair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis. An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra. Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é, ach leis an Athair a chuir uaidh mé. Tá an méid sin inste agam daoibh, fad a bhí mé ag fanacht agaibh, ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i mʼainm-se, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh. Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air. Chuala sibh mé dá rá libh: ‘Táim ag imeacht uaibh, agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’ Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh áthas oraibh, óir táim ag dul go dtí an tAthair, mar is mó an tAthair ná mise. Agus anois, tá sé inste agam daoibh, sula dtiocfaidh sé chun críche, ionas, nuair a thiocfaidh sé chun críche, go gcreidfidh sibh. Ní labhróidh mé mórán eile libh, mar tá prionsa an tsaoil seo ag teacht agus níl neart ar bith aige orm-sa. Ach caithfidh an saol a aithint go bhfuil grá agam don Athair, agus go ndéanaim de réir mar a dʼordaigh an tAthair dom. Éirígí, agus téimis as seo. Mise an fhíniúin fhíor, agus is é mʼAthair an saothraí. Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh. Tá sibh-se bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh. Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa. Mise an fhíniúin, sibh-se na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh. Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad. Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é. Tugadh glóir do mʼAthair sa mhéid go dtugann sibh-se toradh mór uaibh, agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agam-sa. Faoi mar a thug an tAthair grá dom-sa, thug mise grá daoibhse chomh maith. Fanaigí i mo ghrá. Má choinníonn sibh mʼaitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta mʼAthar, agus a fhanaim ina ghrá. Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-se ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-se iomlán. Is í seo mʼaithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh. Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde. Sibh-se mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh. Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní heol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó mʼAthair, chuir mé in iúl daoibh é. Ní sibh-se a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibh-se a thoghadh, agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a dʼiarrfadh sibh ar an Athair i mʼainm, go dtabharfadh sé daoibh é. Is iad seo mʼaitheanta daoibh: sibh a thabhairt grá dá chéile. “Má thugann an saol fuath daoibh, bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath dom-sa romhaibh. Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh. Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géar-leanúint orm-sa, déanfaidh siad géar-leanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith. Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son mʼainm-se, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé. Mura dtiocfainn agus labhairt leo, ní bheadh peaca orthu. Ach anois níl leithscéal acu i dtaobh a bpeaca. An té ar fuath leis mise, is fuath leis mʼAthair chomh maith. Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc, nach ndearna aon duine eile, ní bheadh peaca orthu. Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo, mise agus mʼAthair, in éineacht. Ach ionas go gcomhlíonfar an focal atá scríofa sa dlí acu: ‘Thug siad fuath dom gan chúis.’ Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm. Déanann sibh-se fianaise freisin, mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach. Dʼinis mé an méid sin daoibh, ionas nach nglacfadh sibh scannal. Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t-am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bheidh. Agus déanfaidh siad an méid sin de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná orm-sa. Dʼinis mé an méid sin daoibh ionas go mbeadh cuimhne agaibh, nuair a thiocfadh an t-am dó, gur inis mé daoibh é. Ní dúirt mé na nithe seo libh ó thús mar bhí mé in bhur bhfochair. “Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom, ‘Cá bhfuil tú ag dul?’ Ach de bhrí go ndúirt mé an méid sin libh, líon bhur gcroí de bhrón. Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n-imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é. Agus nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais. I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam; i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair; i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuil daorbhreith tugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo. Tá mórán eile le rá agam libh, ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois; ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne, déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne. Óir ní as féin a labhróidh; labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht. Tabharfaidh sé glóir dom-sa, óir is de mo chuid-se a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh. An uile ní dá bhfuil ag mʼAthair, is liom-sa é. Uime sin a dúirt mé: ‘Is de mo chuid-se a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’ “Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm, mar táim ag triall ar an Athair.” Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: “Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?” Dá bhrí sin dúirt siad: “Cad é an ‘tamall beag’ é seo a deir sé? Níl a fhios againn cad is ciall lena chomhrá.” Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: “Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’ Áiméan, Áiméan, deirim libh, beidh sibh-se ag gol agus ag caoineadh, ach beidh an saol ag déanamh áthais. Beidh sibh-se buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais. Nuair a bhíonn bean ina luí seoil, bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha. Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe, ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh, le barr áthais go bhfuil duine saolaithe. Agus sibh-se mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n-áthas díbh. An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Áiméan, Áiméan, deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i mʼainm-se. Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i mʼainm. Iarraigí agus gheobhaidh sibh, chun go mbeidh bhur n-áthas iomlán. Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t-am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair. Iarrfaidh sibh i mʼainm an lá sin, agus nílim dá rá libh go ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son. Óir tá cion ag an Athair féin oraibh, de bhrí go raibh cion agaibh orm, agus gur chreid sibh gur ó Dhia a ghabh mé amach. Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol. Táim ag fágáil an tsaoil arís, agus táim ag triall ar an Athair.” Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú a rá. Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.” Dʼfhreagair Íosa iad: “An gcreideann sibh anois? Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i mʼaonar. Ach nílim i mʼaonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram. Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agam-sa ar an saol.” Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: “A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfaidh do Mhac glóir duit: faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh. Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ort-sa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait. Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh. Agus anois mar sin, a Athair, tabhair-se glóir dom-sa i do láthair leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair, sula raibh an domhan ann. Dʼfhoilsigh mé dʼainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leat-sa iad, agus thug tú dom-sa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu. Tá a fhios acu anois gur uaitse, gach ní dár thug tú dom; óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé. Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil atáim ag guí ach ar son na muintire a thug tú dom, mar is leat-sa iad. Leatsa gach ní is liom-sa agus liom-sa gach ní is leat-sa, agus tá glóir faighte agam iontu. Nílim ar an saol feasta ach tá siad-san ar an saol agus táim ag dul ag triall ort-sa A Athair naofa, coinnigh iad i dʼainm– an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne. Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i dʼainm –an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr. Ach anois táim ag teacht ag triall ort, agus tá an chaint seo dá rá agam ar an saol, ionas go mbeidh an lúcháir is liom-sa go hiomlán acu iontu féin. Thug mé dóibh do bhriathar, agus thug an saol fuath dóibh, óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise. Nílim dá ghuí go dtógfá as an saol iad, ach go gcoinneofá ón Olc iad. Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise. Déan iad a naomhú sa bhfírinne. Is fírinne do bhriathar. Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol, chuir mise iad-san isteach sa saol. Naomhaím mé féin ar a son, ionas go mbeidh siad-san, chomh maith, naomhaithe sa bhfírinne. Ní ar a son-san amháin atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar; ionas gurb aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidh siad seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé. Agus an ghlóir a thug tú dom, thug mise dóibh-sean é, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne; mise iontu-san, agus tusa ionam-sa, ionas gurb aon iad go foirfe, agus go mbeidh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé, agus gur thug tú grá dóibh seo faoi mar a thug tú grá dom-sa. A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilim-se, iad-san a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain. A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort; ach bhí aithne agam-sa ort, agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé. Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar dʼainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeidh sé iontu seo, agus mise iontu.” Ar rá na bhfocal sin dó chuaigh Íosa amach, mar aon lena dheisceabail, thar chaise Chiodrón. Bhí gairdín ansiúd agus chuaigh sé isteach ann, é féin agus a dheisceabail. Bʼeol an áit dʼIúdás, fear a bhraite, mar ba mhinic a chastaí Íosa ann in éineacht lena dheisceabail. Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair. Ó bhí a fhios ag Íosa an uile ní dá raibh le teacht air, ghabh sé amach agus dúirt sé leo: “Cé atá uaibh?” Dʼfhreagair siad é: “Íosa ó Nazarat.” Dúirt Íosa leo: “Is mise é.” Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo. Nuair a dúirt Íosa leo: “Is mise é,” tharraing siad siar agus thit siad ar an talamh. Dʼfhiafraigh sé díobh arís: “Cé atá uaibh?” “Íosa ó Nazarat,” ar siad. Dʼfhreagair Íosa: “Dúirt mé libh gur mise é. Mar sin, más mise atá uaibh, scaoiligí chun siúil iad seo”– chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé–“Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh.” Bhí claíomh ag Síomón Peadar agus tharraing sé é, agus bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas dheas de. Malchas ab ainm don seirbhíseach. Dúirt Íosa le Peadar: “Cuir an claíomh ar ais ina thruaill. An cupán a thug an tAthair dom, nach n-ólfaidh mé é?” Ansin, gasra na saighdiúirí agus an captaen a bhí orthu, agus na póilíní Giúdacha, rinne siad Íosa a ghabháil agus a cheangal, agus sheol siad ar dtús go dtí Annas é, mar ba é athair céile Cháiafas é a bhí ina ard-sagart an bhliain sin. Ba é Cáiafas seo a thug an chomhairle úd do na Giúdaigh gurbh é a leas é go bhfaigheadh aon duine amháin bás ar son an phobail. Rinne Síomón agus deisceabal eile Íosa a leanúint. Bʼaithnid an deisceabal sin don ard-sagart, agus mar sin chuaigh sé isteach le hÍosa i gcúirt an ardsagairt, ach dʼfhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach–é seo ab aithnid don ard-sagart–labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach. Labhair an bandoirseoir ansin le Peadar: “An ea gur duine thú de dheisceabail an fhir seo?” Dúirt seisean: “Ní hea.” Bhí na seirbhísigh agus na póilíní tar éis tine ghualaigh a chur síos mar bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh dá ngoradh féin. Bhí Peadar chomh maith ina sheasamh in éineacht leo, dá ghoradh féin. Cheistigh an t-ard-sagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus a theagaisc. Dʼfhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Dhéanainn teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún. Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iad-san, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.” Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa dá rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t-ard-sagart?” Dʼfhreagair Íosa é: “Má labhair mé go héagórach, cruthaigh an éagóir; ach má labhair mé go ceart, cén fáth a mbuaileann tú mé?” Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas ard-sagart. Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd dá ghoradh féin. Dúirt siad leis: “Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?” Shéan seisean é: “Ní hea,” ar sé. Dúirt duine de sheirbhísigh an ardsagairt, gaol don duine ar bhain Peadar an chluas de: “Nach bhfaca mé thú sa ghairdín in éineacht leis?” Shéan Peadar arís é, agus ghlaoigh an coileach láithreach. Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mbʼfhéidir dóibh an cháisc a ithe. Mar sin, tháinig Píoláit amach chucu agus dúirt: “Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?” Dʼfhreagair siad: “Mura mbeadh gur choirpeach é seo,” ar siad leis, “ní thabharfaimis ar láimh duit é.” Dúirt Píoláit leo: “Tógaigí féin é, agus triailigí é de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis: “Ní dleathach dúinne aon duine a chur chun báis”– chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íosa dá chur in iúl cén sórt báis ba dhán dó a fháil. Ansin chuaigh Píoláit isteach sa Phréatóiriam arís ag glaoch ar Íosa agus dúirt sé leis: “An tusa rí na nGiúdach?” Dʼfhreagair Íosa: “An uait féin a deir tú an méid sin, nó an daoine eile a dúirt leat é mar gheall orm?” Dʼfhreagair Píoláit: “An Giúdach mise? Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom thú. Cad tá déanta agat?” Dʼfhreagair Íosa: “Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.” Dúirt Píoláit leis: “Ach is rí thú, ámh?” Dʼfhreagair Íosa: “De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol–chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.” Dúirt Píoláit leis: “Cad is fírinne ann?” Agus arna rá sin dó, ghabh sé amach arís chun na nGiúdach, agus dúirt leo: “Ní fhaighim aon chúis daortha ann. Ach tá nós agaibh go scaoilfinn príosúnach chugaibh sa Cháisc. Ar mhaith libh go scaoilfinn chugaibh rí na nGiúdach?” Ach scread siad amach arís: “Ní hé seo, ach Barabas.” Agus robálaí ab ea Barabas. Ansin ghabh Píoláit Íosa agus sciúrsáil sé é. Agus rinne na saighdiúirí coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann. Ansin ghléas siad faoi bhrat corcra é, agus ag teacht dóibh ina ghar, deiridís: “Is é do bheatha, a rí na nGiúdach!” agus bhuail siad lena mbosa é. Chuaigh Píoláit amach arís agus dúirt sé leo: “Féach, táim dá thabhairt amach chugaibh, chun go mbeidh a fhios agaibh nach bhfaighim cúis daortha ann.” Tháinig Íosa amach ansin, an choróin dheilgneach air agus an brat corcra, agus dúirt Píoláit leo: “Siúd é an duine!” Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: “Céas é! Céas é!” Dúirt Píoláit leo: “Tógaigí sibh-se é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.” Dʼfhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá dʼfhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.” Nuair a chuala Píoláit an chaint sin, ba mhó ná riamh a eagla. Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le hÍosa: “Cad as duit?” Ach níor thug Íosa aon fhreagra air. Dúirt Píoláit leis ansin: “An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?” Dʼfhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é dá thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.” Agus as sin amach bhí Píoláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chaesar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chaesair a bhíonn.” Nuair a chuala Píoláit na focail sin, sheol sé Íosa amach agus chuaigh féin ina shuí breithimh, san áit ar a dtugtar ‘an Chúirt Phábháilte’–‘Gabata’ atá san Eabhrais air. Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: “Féach, sin é bhur rí!” Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Píoláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” Dʼfhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Caesar.” Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta. Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn–a dtugtar ‘Golgatá’ san Eabhrais air. Chéas siad é ansiúd agus beirt eile in éineacht leis, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill. Scríobh Píoláit fógra le cur ar an gcros, agus ba é an fógra: “Íosa ó Nazarat, rí na nGiúdach.” Léigh mórán de na Giúdaigh an fógra sin, mar ba ghearr ón gcathair an áit inar céasadh Íosa agus bhí an scríbhinn in Eabhrais, i nGréigis agus i Laidin. Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Píoláit: “Ná scríobh, ‘rí na nGiúdach’, ach, ‘dúirt sé seo: Is mé rí na nGiúdach.’” Dʼfhreagair Píoláit: “An rud atá scríofa agam, tá sé scríofa.” Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh–sciar don saighdiúir acu–agus an t-ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas. Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé”–chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin. Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana. Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.” Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í. Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.” Bhí soitheach ansiúd lán dʼfhínéagar. Thum siad spúinse san fhínéagar agus chuir siad ar bharr craoibhe íosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é. Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcríoch.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad. Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide–óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin–rinne siad achainí ar Phíoláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí. Mar sin tháinig na saighdiúirí agus bhris siad lorgaí an chéad duine agus an duine eile a céasadh mar aon leis. Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí, ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach. Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aige-sean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibh-se chomh maith. Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.” Agus tá scrioptúr eile a deir: “Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.” Ina dhiaidh sin dʼiarr Iósaef ó Aramatáia cead ar Phíoláit–ba dheisceabal dʼÍosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach–dʼiarr sé corp Íosa a bhreith leis, agus thug Píoláit an cead. Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Niocadaemas freisin–é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús–tháinig sé agus meascán miorr agus aló aige, timpeall céad punt meáchain. Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach. San áit inar céasadh Íosa bhí gairdín, agus sa ghairdín sin bhí tuama nua nár cuireadh aon duine ann riamh roimhe. Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe. Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le hÍosa. “Thóg siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.” Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann–ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh. Ansin dʼimigh na deisceabail abhaile arís. Agus bhí Máire ina seasamh lasmuigh in aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di chrom sí síos agus dʼfhéach isteach sa tuama, agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t-aingeal eile ag na cosa. “Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,” ar siad léi. “Mar gur thóg siad mo Thiarna,” ar sí leo, “agus nach eol dom cár chuir siad é.” Arna rá sin di, dʼiompaigh sí thart agus chonaic sí Íosa ina sheasamh ansiúd ach nár aithin sí gurbh é Íosa é. Dúirt Íosa léi: “A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?” Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: “A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.” “A Mháire,” arsa Íosa léi. Dʼiompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: “Rabúnaí,” is é sin le rá: “A Mháistir!” “Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun mʼAtharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’” Tháinig Máire Mhaigdiléana leis an scéala do na deisceabail: “Chonaic mé an Tiarna,” agus go ndúirt sé na nithe sin léi. Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís: “Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táim-se do bhur gcursa uaim freisin.” Arna rá sin dó, dʼanálaigh sé orthu agus dúirt leo: “Glacaigí an Spiorad Naomh. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.” Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa. Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo: “Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.” Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!” Ansin dúirt sé le Tomás: “Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.” Dʼfhreagair Tomás: “A Thiarna agus a Dhia!” Dúirt Íosa leis: “De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.” Bhí go leor comharthaí eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo. Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus dá chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm. Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin arís do na deisceabail ag Muir Thibirias, agus seo mar a thaispeáin: Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail. Dúirt Síomón Peadar leo: “Táim-se ag dul ag iascach.” “Rachaimidne leat,” ar siad. Dʼimigh siad mar sin agus isteach sa bhád leo, ach an oíche sin níor rug siad ar bhreac. Nuair a tháinig an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an trá, ach ní raibh a fhios ag a dheisceabail gurbh é Íosa é. Dúirt Íosa leo: “Níl aon iasc agaibh, an bhfuil, a chlann ó?” “Níl,” ar siad dá fhreagairt. Dúirt sé leo: “Cuirigí an eangach amach ar dheis na loinge, agus gheobhaidh sibh iasc.” Rinne siad cor dá bhrí sin agus láithreach bhí ag teip orthu an eangach a tharraingt, bhí a oiread sin iasc inti. Ansin an deisceabal ab ionúin le hÍosa, dúirt sé le Peadar: “Is é an Tiarna é.” Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime–mar bhí sé gan é–agus chaith sé é féin isteach sa bhfarraige. Ach tháinig na deisceabail eile sa long mar níorbh fhada ón talamh iad, ach timpeall dhá chéad ban-lámh; agus tharraing siad an eangach lán dʼiasc ina ndiaidh. Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi. Dúirt Íosa leo: “Tugaigí anseo cuid de na héisc a ghabh sibh anois.” Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán mʼéisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach. Dúirt Íosa leo: “Tagaigí agus ithigí.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: “Cé hé thú féin?” mar go raibh a fhios acu gurbh é an Tiarna é. Tháinig Íosa agus thóg an t-arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc. Is é sin anois an tríú huair a thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail tar éis do aiséirí ó mhairbh. Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: “A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?” “Is ea, a Thiarna,” ar seisean leis, “is eol duit go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mʼuain a chothú.” Dúirt sé leis an dara huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” “Tá, a Thiarna,” ar seisean leis, “tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt sé leis: “Déan mo chaoirigh a aoireacht.” Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.” “Áiméan, Áiméan, deirim leat. Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat; ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.” Dúirt sé an méid sin lena chur in iúl cad é an sórt báis lena dtabharfadh sé glóir do Dhia. Agus nuair a bhí an méid sin ráite aige dúirt sé: “Lean mise.” Dʼiompaigh Peadar agus chonaic sé dá leanuint an deisceabal ar thug Íosa grá dó, an té a luigh ar a ucht ag an suipéar agus a dúirt: “A Thiarna, cé atá chun tú a bhrath?” Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le hÍosa: “Cad mar gheall air seo?” Dúirt Íosa leis: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duit-se? Lean-sa mise.” Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach ní dúirt Íosa leis: “Ní bhfaighidh sé bás”; ach: “Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duit-se?” Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise. Tá a lán nithe eile a rinne Íosa agus dá scríofaí iad ina gceann is ina gceann, ní bheadh, dar liom, slí ar domhan féin do na leabhair a bheadh dá scríobh. Thug mé cuntas cheana, a Theofal, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús go dtí an lá ar tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, dá nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar Ríocht Dé. Uair dá raibh sé ina gcuibhreann dʼordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibh-se a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.” Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad dá cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a ath-bhunú?” Ach dʼfhreagair sé iad: “Ní haon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna ná ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe orm-sa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.” Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus dʼardaigh scamall as a radharc é. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice. “A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.” Ar ais leo ansin go hIarúsailéim ó Chnoc na nOlóg mar a thugtar air, cnoc atá i ngiorracht siúl lá sabóide dʼIarúsailéim. Nuair a shroich siad an chathair chuaigh siad in airde go dtí an seomra uachtarach mar a raibh siad ag baint fúthu: bhí Peadar ann, Eoin agus Séamas, Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán, Matha agus Séamas Alfáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Shéamais. Lean siad-san go léir ag guí gan staonadh le chéile mar aon le mná áirithe agus le Muire máthair Íosa agus lena bhráithre. Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, mʼéirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair: “A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa, tar éis dó a bheith ar aon bhuíon linne agus páirt a fháil sa chúram seo.” Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach. Fuair muintir Iarúsailéim ar fad eolas an scéil, agus dá chionn sin tugadh ‘Haicealdamach’ mar ainm ar an ngort sin ina dteanga féin, is é sin le rá, ‘Gort na Fola’. “Mar atá scríofa i leabhar na Salm: ‘Go raibh a áitreabh ina fhásach, agus gan Aon neach ina chónaí ann.’ Agus: ‘Tógadh duine eile a fheidhmeannas.’ “Ní foláir, dá bhrí sin, do dhuine acu siúd a bhí ar aon bhuíon linne fad a bhí an Tiarna Íosa ag siúl inar measc, ón uair a bhí Eoin ag baisteadh go dtí an lá úd ar tógadh suas uainn é, ní foláir do dhuine acu siúd a bheith ina fhinné linn ar a aiséirí.” Chuir siad beirt ar aghaidh: Iósaef dá ngoirtí ‘Barsabas’ agus dar chomhainm ‘Iústas’, agus Maitias. Agus rinne siad guí mar seo: “A Thiarna,” ar siad, “ós tú a léann croí an uile dhuine, taispeáin dúinn cé acu den bheirt seo atá tofa agat chun dul i mbun an chúraim aspalda seo ar thréig Iúdás é chun dul ina áit féin.” Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus áiríodh ar an dáréag aspal é. Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreab tháinig glór ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fad ina raibh siad ina suí. Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh. Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glór úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin dá labhairt acu-san. Bhí ionadh agus alltacht orthu: “Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? Táimid Pairtiaigh ann agus Méidigh agus Éalámaigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóice, agus Phontas agus na hÁise, na Frigia agus Phaimfilia, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chíréiné, cuairteoirí ón Róimh idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créataigh agus Arábaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos inár dteangacha féin ar éachtaí Dé.” Bhí alltacht agus mearbhall orthu go léir agus deiridís le chéile: “Cad is ciall leis seo?” Ach is é a deireadh cuid eile acu le teann fonóide: “Lán dʼfhíon úr atá siad-san.” Ansin mʼéirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard: “A fheara Iúdá,” ar seisean, “agus a mhuintir uile Iarúsailéim, bíodh a fhios agaibh é seo agus tugaigí cluas dá bhfuil dá rá agam-sa: Ní ar meisce atá na daoine seo mar is dóigh libh-se, mar nach bhfuil sé ach a naoi a chlog ar maidin. Ní hea, ach is é seo an ní ar thrácht Ióéil fáidh air: ‘Tarlóidh sna laethanta deireanacha,’ arsa an Tiarna, ‘go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine, agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n-iníonacha tairngreacht. Feicfidh bhur bhfir óga aislingí, agus déanfar taibhreamh do bhur seanóirí. Doirtfidh mé mo Spiorad sna laethanta sin fiú amháin ar mʼóglaigh agus ar mo bhan-óglaigh, agus déanfaidh siad tairngreacht. Déanfaidh mé éachtaí sa spéir in airde agus iontais ar an talamh thíos. Beidh fuil ann agus tine agus gal deataigh. Iompóidh an ghrian ina dorchadas agus an ghealach ina fuil, sula dtiocfaidh lá mór taibhseach an Tiarna. Ach cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.’ “A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin. Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle chinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, dá thairneáil ar an gcros trí lámha mallaitheoirí. Ach thóg Dia ó mhairbh é agus dʼfhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi: “Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor. Tá sé ar mo dheaslámh, i dtreo nach suaithfear mé. Tá gliondar ar mo chroí dá chionn agus tá meidhir ar mo theanga. Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas, mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbh ná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt. Thaispeáin tú dom bóthar na beatha agus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair. “Ní miste a rá libh go neamh-bhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n-ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu. Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a rí-chathaoir, is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh i riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’. Thóg Dia an tÍosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá dá fheiceáil agus dá chloisteáil agaibh-se. Ní dheachaigh Dáiví féin suas ar neamh ach deir sé: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’ “Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibh-se ar chros.” Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?” Agus dʼfhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh; mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl–don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.” Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.” An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin. Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe. Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí dá ndéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách. Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu; dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid. Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe. Bhí Peadar agus Eoin lá ag dul suas chun an Teampaill i gcomhair urnaithe an tráthnóna agus bhí fear dá iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall. Nuair a chonaic sé Peadar agus Eoin ar tí dul isteach, dʼiarr sé déirc orthu. Stán Peadar air agus Eoin chomh maith. “Féach orainn,” arsa Peadar leis, agus dʼfhéach sé orthu go daingean le súil go bhfaigheadh sé rud éigin uathu. Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost Nazórach, siúil.” Leis sin rug sé ar láimh dheas air agus thóg aníos é. Ar an mball tháinig lúth sna cosa agus sna hailt aige, léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé. Thug an pobal go léir faoi deara é ag léimneach agus ag moladh Dé agus nuair a dʼaithin siad gurbh é an fear a bhíodh ina shuí ag Geata Álainn an Teampaill é, ghabh ionadh agus alltacht iad faoinar tharla dó. Choinnigh an fear greim ar Pheadar agus ar Eoin agus rith an slua go léir chucu i bPóirse Sholaimh mar a thugtar air, agus uafás orthu. Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo? Ní hea sin ach gur thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacób, Dia ár n-aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibh-se ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phíoláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor. Is ea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus dʼiarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dún-mharfóir. Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. “Is é an t-ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a dʼfhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile. “Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna. Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt. Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí, nó go dtiocfaidh tréimhse an fhaoisimh chugaibh ó láthair an Tiarna agus go seolfaidh sé chugaibh Íosa, an Meisias atá in áirithe aige daoibh. Mar ní mór do na flaithis é a choinneáil go dtí go mbeidh gach ní curtha ina cheart arís faoi mar a dʼfhógair Dia trí bhéal na bhfáithe naofa fadó. Is é a dúirt Maois, mar shampla: ‘Ardóidh an Tiarna bhur nDia fáidh daoibh ó lár bhur mbráithre féin, faoi mar a dʼardaigh sé mise. Éistigí le gach ní dá ndéarfaidh sé sin libh. Duine ar bith nach n-éistfidh leis an bhfáidh sin, dísceofar as an bpobal é.’ Gach fáidh dár labhair libh ó Shamúéil anuas, dʼfhógair sé na laethanta seo. Is sibh-se oidhrí na bhfáithe agus oidhrí an chonartha a rinne Dia le bhur n-aithreacha nuair a dúirt sé le hAbrahám: ‘Gach cine ar talamh, beannófar é i do shliocht-sa.’ Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.” Fad a bhí siad ag caint leis an slua, tháinig na sagairt agus ceann-phort an Teampaill agus na Sadúcaigh suas chucu agus olc orthu i dtaobh iad a bheith ag múineadh an phobail agus ag fógairt aiséirí na marbh in Íosa. Ghabh siad Peadar agus Eoin agus chuir i bpríosún iad go dtí an lá arna mhárach, mar bhí sé ina thráthnóna faoin am seo. Mórán dá raibh ag éisteacht leis an teachtaireacht, áfach, chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mhíle fear acu ann. Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim. Bhí Annas ard-sagart ann, agus Cáiafas agus Eoin agus Alastar agus iad siúd a bhain leis an sliocht ard-sagartúil. Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: “Cén chumhacht,” ar siad, “nó cén t-ainm lena ndearna sibh an ní seo?” Ansin dʼfhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí, más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é, bíodh a fhios agaibh-se go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach–an fear a chéas sibh-se ar chros ach ar thóg Dia ó mhairbh é–gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte. Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibh-se, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’ níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.” Nuair a chonaic siad-san a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gnáthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. Dʼaithin siad ansin gur chomrádaithe dʼÍosa ba ea iad. Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu. Mar sin de, dʼordaigh siad dóibh dul amach as halla an tsainidrín agus chuaigh siad féin i gcomhairle le chéile. “Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?” ar siad. “Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas dʼáitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh. Ach i dtreo nach leathfaidh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.” Ghlaoigh siad chucu ansin iad agus thug foláireamh dóibh gan caint ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa. Dʼfhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia. Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.” Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach. An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain dʼaois. Tar éis a scaoilte chuaigh siad go dtí a muintir féin agus thug tuairisc dóibh ar gach ní dá ndúirt na hardsagairt agus na seanóirí leo. Ar chlos an scéil dóibh-sean ghuigh siad os ard dʼaonghuth chun Dé. “A Mháistir,” ar siad, “is tusa a rinne neamh agus talamh agus an mhuir agus gach a bhfuil iontu. Is tú a dúirt tríd an Spiorad Naomh, trí bhéal do sheirbhísigh, ár n-athair Dáiví: ‘Cad ab áil leis na ciníocha a bheith ar buile le fearg? Cad ab áil leis na náisiúin nithe baotha a bheartú? Chuaigh ríthe an domhain in ordú catha agus na flatha i gcomhcheangal le chéile in éadan an Tiarna agus a Ungthaigh.’ “Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Píoláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duit-se é a ungadh, agus rinne siad an ní a bhí ceaptha agat-sa a thitim amach le do chumhacht agus le do chomhairle féin. Agus anois, a Thiarna, tabhair do dʼaire a gcuid bagartha agus deonaigh do do sheirbhísigh do theachtaireacht a fhógairt go seasmhach dána. Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.” Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná a chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt theachtaireacht Dé go teann dána. Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu. Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile. Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngann-chuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá. Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef–‘Barnabas’ a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn “Mac an tSóláis”. Dhíol sé an gort, rug leis an luach agus thug suas do na haspail é. Ach bhí fear ann darbh ainm Anainias, é féin agus a bhean Saifíre. Dhíol sé a ghabháltas agus, i bhfios dá bhean, choinnigh sé cuid den luach aige féin agus níor thug ach cuid de suas do na haspail. Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin. Fad a bhí an talamh i do sheilbh, nár leat féin é? Agus tar éis duit é a dhíol nach raibh a luach faoi do réir agat? Cad ab áil leat an rud seo a bheartú i do chroí? Ní do dhaoine a thug tú an t-éitheach ach do Dhia.” Ní luaithe an chaint sin cloiste ag Anainias ná a thit sé marbh. Agus tháinig uamhan ar a raibh ag éisteacht. Ansin mʼéirigh na hógánaigh ina seasamh, chóirigh siad an corp, dʼiompair amach é agus rinne é a adhlacadh. Timpeall trí huaire a chloig ina dhiaidh sin tháinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tite amach. Labhair Peadar léi: “Inis dom,” ar seisean, “an é seo an méid a fuair sibh ar an talamh?” “Is ea,” ar sise, “sin an méid.” “Cad a thug oraibh,” arsa Peadar léi, “socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras cois-céimeanna na ndaoine atá tar éis dʼfhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.” Agus thit sí marbh ar lár ag a chosa ar an toirt. Ar theacht isteach do na hógánaigh fuair siad marbh í agus dʼardaigh siad amach í gur adhlaic siad í taobh lena fear. Tháinig uamhan ar an Eaglais go léir agus ar gach duine a chuala an scéal. Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí dá ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul i bpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu, agus bhí líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí sa tslí go mbíodh na hothair dá dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus dá síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu. Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mór-thimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh dá gciapadh ag spioraid neamh-ghlana, agus leigheastaí gach duine acu. Ansin chuir an t-ard-sagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir dʼaicme na Sadúcach. Le teann éada rinne said na haspail a ghabháil agus a chur sa phríosún poiblí. Ach i rith na hoíche dʼoscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, dá rá leo imeacht agus seasamh sa Teampall agus faisnéis iomlán a thabhairt don phobal ar an mbeatha seo. Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc. Tháinig an t-ard-sagart agus a bhuíon, thionóil siad an sainidrín–is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael–agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair. Ach nuair a shroich na feidhmeannaigh an príosún ní bhfuair siad ann iad, agus ar dhul ar ais dóibh, dʼinis siad an scéal: “Fuaireamar an príosún go daingean faoi ghlas,” ar siad, “bhí gardaí ina seasamh ag na geataí ach ar oscailt na ngeataí dúinn, ní bhfuaireamar duine ar bith istigh.” Nuair a chuala ceann-phort an Teampaill agus na hardsagairt an scéal seo, ní fhéadfaidís a thuiscint cad a bhí tite amach dóibh. Leis sin tháinig duine ar an láthair le scéala: “Feach,” ar seisean, “na fir úd a chuir sibh i bpríosún, tá siad ina seasamh sa Teampall ag teagasc an phobail.” Ansin dʼimigh an ceann-phort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad. Thug siad isteach iad agus chuir ina seasamh os comhair an tsainidrín iad. Cheistigh an t-ard-sagart iad: “Thugamar ordú daingean daoibh,” ar seisean, “gan teagasc a dhéanamh in ainm an duine seo, ach féach, tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh. Agus is áil libh bás an duine seo a leagan orainne.” Dʼfhreagair Peadar agus na haspail eile: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine. Thóg Dia ár sinsear Íosa ó mhairbh tar éis daoibhse é a mharú, dá chrochadh ar chrann. Dʼardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt dʼIosrael. Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh ar thug Dia é dóibh sin atá umhal dó.” Arna chlos sin do mhuintir an tsainidrín chuaigh siad chun báiní agus bhí fonn orthu iad a mharú. Ach mʼéirigh duine acu ina sheasamh sa sainidrín, Fairisíneach darbh ainm Gamailiéil, máistir dlí a raibh meas ag an bpobal go léir air, agus dʼiarr sé na fir a chur taobh amuigh den doras ar feadh tamaill. Labhair sé ansin leo: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “tugaigí aire céard a dhéanfaidh sibh leis na daoine seo. Tamall ó shin tháinig Teodas chun cinn agus é dá mhaíomh gur dhuine mór le rá é féin agus thaobhaigh suas le ceithre chéad fear leis. Ach maraíodh é agus scaipeadh a lucht leanúna nó go ndeachaigh siad ar neamhní. Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daon-áirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir. Agus is é a mholaim daoibhse anois, fanacht amach ó na daoine seo agus ligean dóibh. Más ó dhaoine an beart nó an obair seo, rachaidh sí ar neamhní; ach más ó Dhia í ní bheidh ar bhur gcumas-sa iad seo a chur ar neamhní–agus bʼfhéidir gur ag cur in aghaidh Dé a bheadh sibh.” Rinne siad rud air: chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad. Dʼimigh siad-san leo ó láthair an tsainidrín agus áthas orthu de chionn go mbʼfhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa. Agus ní stadaidís ach ag teagasc gach lá, sa Teampall agus ó theach go teach, agus ag fógairt an dea-scéil gurbh é Íosa an Críost. San am sin, nuair a bhí líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí dá déanamh ina mbaintreacha féin sa fhriotháileamh laethúil. Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird. Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo. Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.” Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Procaras, Niocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, iompaitheach ó Aintíoch. Thug siad i láthair na n-aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu. De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méid as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh. Bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht agus é ag déanamh éachtaí agus míorúiltí taibhseacha i measc an phobail. Bhí daoine áirithe de chuid ‘Sionagóg na Saorfhear’ mar a thugtaí uirthi–daoine ó Chíréiné agus ó Chathair Alastair, ón gCilic agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé. Faoi dheireadh chuir siad suas daoine áirithe chun a rá gur chuala siad é ag labhairt go maslach faoi Mhaois agus faoi Dhia. Ghríosaigh siad an pobal agus na seanóirí agus na scríobhaithe; ansin rith siad faoina dhéin, ghreamaigh eatarthu é agus sheol chun an tsainidrín é. Thug siad finnéithe bréige i láthair dá rá: “Ní stadann an duine seo ach ag caint i gcoinne na háite naofa seo agus i gcoinne an dlí. Chualamar é dá rá go ndéanfadh an tÍosa Nazórach úd an áit seo a leagan ar lár agus na gnásanna a dʼfhág Maois againn a athrú.” Bhí a raibh ina suí sa sainidrín ag faire go dlúth ar Stiofán agus thug siad faoi deara go raibh a ghnúis mar bheadh gnúis aingil. Ansin dʼfhiafraigh an t-ard-sagart de: “An bhfuil seo amhlaidh?” Dʼfhreagair Stiofán: “A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n-athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i Hárán agus dúirt sé leis: ‘Fág do thír agus do mhuintir agus gluais leat chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.’ Leis sin dʼfhág sé Tír na gCaildéach agus chuaigh chun cónaithe i Hárán. Agus tar éis bhás a athar, dʼaistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibh-se in bhur gcónaí anois. Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar a oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am. Seo mar a labhair Dia: ‘Beidh do shliocht ar deoraíocht i dtír iasachta, agus cuirfear faoi dhaorsmacht agus faoi leatrom iad go ceann ceithre chéad bliain; ach an cine a mbeidh siad faoi dhaoirse acu, tabharfaidh mé daorbhreith orthu,’ arsa an Tiarna, ‘agus ina dhiaidh sin tiocfaidh siad amach as an tír sin agus tabharfaidh ómós dom-sa san áit seo.’ “Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le hIacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha. Bhí éad ag na huasalaithreacha le hIósaef agus dhíol siad san Éigipt é. Ach bhí Dia leis agus thug sé slán é ó gach gábh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fharó, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga. Ansin tháinig gorta ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanán. Lean cruatan mór é agus gan aon lón bia le fáil ag ár n-aithreacha. Nuair a chuala Iacób go raibh arbhar le fáil san Éigipt chuir sé ár n-aithreacha ann den chéad uair. Ar an dara turas nocht Iósaef é féin dá dheartháireacha agus fuair Faró fios cér dhíobh é Iósaef. Ansin chuir Iósaef fios ar a athair, Iacób, agus ar an teaghlach go léir, cúig dhuine seachtód díobh san iomlán. Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n-aithreacha. Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Hamór i Seicim. “Nuair a bhí an t-am ag teacht go gcomhlíonfaí an gealltanas a thug Dia dʼAbrahám, bhí ár muintir san Éigipt dulta i méid agus i líonmhaireacht nó gur tháinig rí i gcoróin ann nárbh aithnid dó Iósaef. Dʼimir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir dʼfhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís. “Ag an am seo is ea a rugadh Maois. Ba an-chaithiseach an leanbh é agus oileadh ar feadh trí mhí i dteach a athar é ach nuair a cuireadh amach é, thóg iníon Fharó é agus rinne sí é a oiliúint amhail is dá mba mhac léi féin é. Múineadh eagna uile na nÉigipteach dó agus is é a bhí cumasach i mbriathar agus i ngníomh. “Bhí sé ag tarraingt ar an daichead nuair a bhuail an smaoineamh é dul ag fiosrú a mhuintire féin, clann Iosrael. Nuair a chonaic sé éagóir dá déanamh ar dhuine acu, chuaigh sé dá chosaint, threascair sé an tÉigipteach agus bhain díoltas amach don té a ndearnadh éagóir air. Mheas sé go dtuigfeadh a mhuintir gur dá bhfuascailt a chuir Dia chucu é, ach níor thuig. Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a dʼfhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, dá rá: ‘A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?’ An fear a bhí ag déanamh na héagóra ar a chomharsa, bhrúigh sé Maois uaidh dá rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn? An mé a mharú is áil leat mar a mharaigh tú an tÉigipteach úd inné?’ Ar chlos na cainte sin do Mhaois, theith sé agus bhí sé ina dheoraí i Midián, áit ar ghin sé beirt mhac. “Daichead bliain ina dhiaidh sin thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó i lasair an toir i bhfásach Shliabh Shíonáí. Chuir an radharc ionadh ar Mhaois, agus nuair a dhruid sé in aice an toir dá bhreithniú, tháinig guth an Tiarna chuige: ‘Mise Dia do shinsear, Dia Abrahám agus Íosác agus Iacób.’ Thosaigh Maois ar chrith agus ní leomhfadh sé breithniú air. Ansin labhair an Tiarna leis: ‘Bain díot do chuaráin,’ ar seisean, ‘mar is talamh naofa an ball ina bhfuil tú i do sheasamh. Tá droch-íde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa–tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé dá bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’ “An Maois seo ar dhiúltaigh siad dó dá rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn,’ sin é an fear a sheol Dia chucu ina cheann agus ina fhuascailteoir le cabhair an aingil a thaispeáin é féin dó ag an tor. Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus sa bhfhásach ar feadh daichead bliain. Sin é an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael: ‘Ardóidh Dia fáidh eile daoibh as bhur gcine féin faoi mar a dʼardaigh sé mise.’ Sin é an fear a bhí leis an bpobal sa bhfhásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shíonáí, agus i gcuideachta ár sinsear, agus a fuair briathra beo le tabhairt dúinne. Ach ní ghéillfeadh ár sinsir dó: thug siad droim láimhe dó agus dʼiompaigh a gcroí ar an Éigipt athuair, dá rá le hÁrón: ‘Déan dúinn déithe a ghluaisfidh romhainn. An Maois seo a sheol as tír na hÉigipte sinn, ní fheadramar cad a dʼimigh air.’ agus rinne siad íomhá lao sna laethanta sin agus dʼofráil íobairt don íol agus rinne siad aoibhneas as saothar a lámh. Ach dʼiompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna Neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Ní dom-sa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain sa bhfhásach, a theaghlach Iosrael; is í both Mholoch a rinne sibh a iompar agus réalta Ráífean, bhur ndia; bʼin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradh agus díbreoidh mé sibh thar an mBablóin soir.’ “Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir sa bhfhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, dʼordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige. Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus dʼfhan sí ann go dtí aimsir Dháiví. Fuair Dáiví gean ó Dhia agus dʼiarr sé cead air áitreabh a fháil do Dhia Iacób. Ach ba é Solamh a thóg teach dó. Ar a shon sin ní chónaíonn an té is airde i dtithe lámhdhéanta, de réir mar a deir an fáidh: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga, agus an talamh stól mo chos. Cén sórt tí a thógfaidh sibh-se dom, arsa an Tiarna, nó cá mbeidh mʼáit chónaithe? Nach í mo lámh-sa a rinne na nithe seo uile?’ “Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh. Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géar-leanúint air? Agus dʼimir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibh-se tar éis é a bhrath agus a chur chun báis, sibh-se a fuair an dlí trí bhíthin na n-aingeal ach nár choimeád é.” Chuaigh an chaint sin trí chroí a lucht éiste agus tháinig díoscán fiacla orthu chuige. Ach bhí seisean lán den Spiorad Naomh, agus, ag féachaint in airde chun na bhflaitheas dó, chonaic sé glóir Dé agus Íosa ina sheasamh ar dheis Dé. “Féach,” ar seisean, “feicim na flaithis ar oscailt agus Mac an Duine ina sheasamh ar dheis Dé.” Leis sin lig siad béic ard astu agus gan éisteacht le focal eile thug siad ruathar faoi in éineacht, thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. Dʼfhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól. Fad a bhí siad dá chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard dá rá: “A Thiarna Íosa, glac chugat mʼanam.” Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: “A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.” Agus thoiligh Sól lena dhún-mharú. An lá sin féin thosaigh géar-leanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire. Agus dʼardaigh daoine diaganta áirithe corp Stiofáin leo chun é a adhlacadh agus rinne siad caoineadh mór os a chionn. Ach bhí Sól ag déanamh scriosta ar an Eaglais: é ag dul ó theach go teach ag sracadh daoine amach, idir fhir agus mhná, agus dá gcur i bpríosún. Iad sin a scaipeadh, ghluais siad ar fud na tíre ag fógairt an dea-scéil. Chuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost. Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige dá ndéanamh. Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadach de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach, sa tslí go raibh áthas mór sa chathair sin. Bhí sa chathair fear darbh ainm Síomón agus bhí sé roimhe sin ag cur mearbhaill ar mhuintir na Samáire lena chuid draíochta agus é ag maíomh gur dhuine mór le rá é féin. Gach duine sa chathair idir uasal agus íseal, thug siad cluas dó agus deiridís: “Is é seo ‘mór-chumhacht Dé’ mar a thugtar air.” Thugaidís cluas dó toisc mearbhall a bheith chomh fada sin orthu ag a chuid draíochta. Ach nuair a chreid siad an dea-scéal ó Philib faoi Ríocht Dé agus faoi ainm Íosa Críost, baisteadh iad idir fhir agus mhná. Agus Síomón féin chreid sé chomh maith le cách agus tar éis a bhaiste, chloígh sé go dlúth le Pilib agus thagadh alltacht air nuair a dʼfheiceadh sé na míorúiltí agus na héachtaí móra a bhí a ndéanamh. Nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim go raibh an tSamáir tar éis glacadh le briathar Dé, sheol siad chucu Peadar agus Eoin. Ar theacht dóibh-sean chucu, rinne siad guí ar a son go bhfaighidís an Spiorad Naomh, mar ní raibh an Spiorad tagtha fós ar dhuine ar bith acu mar ní raibh siad ach baiste in ainm an Tiarna Íosa. Ansin leag Peadar agus Eoin a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh. Ach nuair a thug Síomón faoi deara gur trína lámha a leagan ag na haspail ar dhaoine a thugtaí an Spiorad, rinne sé airgead a thairiscint dóibh dá rá: “Tugaigí dom-sa freisin an chumhacht sin i dtreo, cibé duine a leagfaidh mé mo lámha air, go bhfaighidh sé an Spiorad Naomh.” Dʼfhreagair Peadar dó, áfach: “Don donas leat féin agus le do chuid airgid má mheas tú tabhartas Dé a cheannach ar airgead. Níl baint ná páirt agat sa ghnó seo, mar ní ionraic do chroí i bhfianaise Dé. Iompaigh dá bhrí sin ón urchóid seo agat agus iarr ar an Tiarna go maithfí duit an smaoineamh seo a theacht i do chroí. Mar tugaim faoi deara go bhfuil tú éirithe chomh searbh leis an domlas agus go bhfuil tú gafa san olc.” Dʼfhreagair Síomón é: “Agus déanaigíse guí chun an Tiarna orm freisin ionas nach dtiocfaidh orm aon ní dár luaigh sibh.” Nuair a bhí a gcuid fianaise tugtha ag na haspail agus scéal an Tiarna fógartha acu, ghluais siad leo ar ais go hIarúsailéim agus dʼfhógair an dea-scéal i mór-chuid de bhailte na Samárach. Labhair aingeal an Tiarna le Pilib: “Éirigh,” ar seisean, “agus gluais leat ó dheas an bóthar a ghabhann ó Iarúsailéim go Gaza; sin é bóthar an fhásaigh.” Dʼéirigh Pilib agus chuir chun bóthair. Agus tharla ag dul an bealach sin coillteán Aetópach, fear a bhí ina ardoifigeach ag Candaicé, ban-ríon na nAetópach, agus ina choimeádaí ar a cuid maoine uile. Bhí sé tar éis teacht go hIarúsailéim ag adhradh Dé agus bhí sé ar a shlí abhaile agus é ina shuí ina charráiste agus ag léamh Íseáia fáidh. Labhair an Spiorad le Pilib: “Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.” Rith Pilib anonn agus nuair a chuala sé an coillteán ag léamh Íseáia fáidh, labhair sé leis: “An dtuigeann tú a bhfuil agat dá léamh?” ar seisean. “Conas a thuigfinn,” dʼfhreagair an coillteán, “gan duine éigin a mhíneodh dom é?” agus dʼiarr ar Philib suí in airde leis. Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige: “Seoladh é amhail caora chun a choscartha, agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal. Ó tugadh céim síos dó ní raibh cothrom le fáil aige. Cé a dhéanfaidh trácht ar a shliocht mar tógadh as an saol seo é?” Labhair an coillteán le Pilib: “Inis dom,” ar sé, “cé dó a bhfuil an fáidh ag tagairt? Cé acu dó féin atá sé ag tagairt nó do dhuine éigin eile?” Bhog Pilib chun cainte, agus ag tosú ón dréacht seo den scrioptúr dʼfhógair sé dó an dea-scéal faoi Íosa. Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá orm-sa mo bhaisteadh?” Dúirt Pilib leis: “Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.” Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Creidim gurb é Íosa Críost Mac Dé.” Dʼordaigh sé an carráiste a stopadh, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é. Ach ar theacht amach as an uisce dóibh, dʼardaigh Spiorad an Tiarna Pilib chun siúil agus ní fhaca an coillteán é níos mó agus chuir sé chun bóthair go lúcháireach. Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó gur tháinig sé go Caesairia. Idir an dá linn lean Sól ag bagairt báis ar dheisceabail an Tiarna. Chuaigh sé go dtí an t-ard-sagart ag lorg litreacha uaidh le tabhairt chun na sionagóg i nDamaisc i dtreo, cibé duine dá bhfaigheadh sé ann, fear nó bean, a lean an bealach, go ndéanfadh sé iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go hIarúsailéim. Bhí sé ar an mbóthar ann agus é ag druidim le Damaisc nuair a las solas ón spéir ina thimpeall de phreab. Thit sé chun talaimh agus chuala sé an guth dá rá leis: “A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?” “Cé thú féin, a Thiarna?” dʼfhiafraigh Sól. Dʼfhreagair an guth: “Is mise Íosa, an té a bhfuil tú dá ghéarleanúint. Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.” Na fir a bhí ag taisteal leis, rinneadh staic díobh: bhí an guth le cloisteáil acu ach gan duine le feiceáil. Dʼéirigh Sól den talamh, ach nuair a dʼoscail sé na súile ní raibh aon léas radhairc aige. Rug siad ar lámh air agus sheol isteach sa chathair é. Agus bhí sé ar feadh trí lá gan radharc agus gan greim ná bolgam a bhlaiseadh. Bhí, i nDamaisc, deisceabal darbh ainm Anainias agus labhair an Tiarna in aisling leis: “A Anainias,” ar sé. “Féach mé, a Thiarna,” dʼfhreagair Anainias. “Éirigh,” arsa an Tiarna leis, “agus gluais leat go dtí an tSráid Dhíreach mar a thugtar uirthi, agus loirg i dteach Iúdáis fear ó Tharsas arb ainm dó Sól. Tá sé ag guí ann agus chonaic sé in aisling fear darbh ainm Anainias ag teacht isteach chuige agus ag leagan a lámh air chun go mbeadh a radharc ar ais aige.” Ach dʼfhreagair Anainias: “A Thiarna, chuala mé iomrá ar an bhfear seo óna lán daoine agus ar a bhfuil dʼolc déanta aige ar an bpobal naofa in Iarúsailéim, agus anseo féin tá údarás aige ó na hardsagairt gach duine dá nglaonn ar dʼainm-se a ghabháil.” “Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agam-sa chun mʼainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael. Taispeánfaidh mise dó a bhfuil le fulaingt aige ar son mʼainm-se.” Dʼimigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, dá rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé–an tÍosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo–chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.” Agus de phreab thit mar a bheadh screamh dá shúile agus tháinig a radharc arís dó; agus ar éirí dó ina sheasamh, baisteadh é. Agus tar éis dó rud a ithe tháinig a neart arís ann. Dʼfhan Sól ar feadh tamaill leis na deisceabail i nDamaisc. Thosaigh sé láithreach ag fógairt sna sionagóga gurb é Íosa mac Dé. Tháinig alltacht ar a raibh ag éisteacht leis agus deiridís: “Nach é sin an duine a rinne scrios in Iarúsailéim ar a mbíodh ag glaoch ar an ainm sin? Nach é gnó a thug anseo é iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go dtí na hardsagairt?” Ach is ag dul i neart a bhí Sól agus chuir sé mearbhall ar Ghiúdaigh Dhamaisce toisc é a bheith ag dearbhú gurb é Íosa an Meisias. I gceann tamaill mhaith chuaigh na Giúdaigh i gcomhairle le chéile chun é a mharú, ach fuair Sól eolas ar a gcomh-cheilg. Bhídís ag faire na ngeataí go géar de lá agus dʼoíche chun é a mharú ach thóg na deisceabail leo é san oíche agus lig síos i gciseán ar cheann téide é trí scoilt san fhalla. Ar theacht dó go hIarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é. Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n-aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc. Dʼfhan Sól in éineacht leo in Iarúsailéim gan chosc gan cheangal air ach é ag labhairt go dána in ainm an Tiarna. Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siad-san iarracht ar é a mharú ach nuair a fuair na bráithre amach é, thóg siad Sól leo go Caesairia agus chuir as sin go Tarsas é. Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí dá tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh. Tharla nuair a bhí Peadar ar a chamchuarta go ndeachaigh sé chun an phobail naofa a chónaigh i Lide. Tháinig sé ar dhuine ann arbh ainm dó Aeinéas–pairiliseach a bhí ag coimeád na leapa le hocht mbliana anuas. Labhair Peadar leis: “A Aeinéas,” ar sé, “tá Íosa Críost do do leigheas. Éirigh i do shuí agus cóirigh do leaba.” Agus mʼéirigh sé láithreach. Agus nuair a chonaic muintir Lide agus muintir Sheárón é, dʼiompaigh siad go léir chun an Tiarna. Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Tabaite (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn ‘eilit’). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce. Tharla sna laethanta sin gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás. Tar éis dóibh í a thonach chuir siad ar chlár í i seomra uachtarach. Tá Lide i ngar dʼIopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige dá iarraidh air teacht chucu gan mhoill. Dʼéirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha. Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin dʼiompaigh sé chun an choirp, dá rá: “A Thabaite, éirigh i do shuí.” Dʼoscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, mʼéirigh sí aniar. Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach. Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna. Dʼfhan sé in Iopae ar feadh i bhfad fara súdaire darbh ainm Síomón. Bhí i gCaesairia fear darbh ainm Coirnéilias, taoiseach céid ar an gCathlán Iodálach mar a thugtar air. Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan. Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.” Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” Dʼfhreagair an t-aingeal: “Tá dʼurnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu. Agus anois, cuir-se fir go hIopae ag triall ar Shíomón áirithe dar comhainm Peadar. Tá sé ar aíocht ag Síomón Súdaire a bhfuil a theach ar bhruach na farraige.” Nuair a dʼimigh an t-aingeal a bhí ag caint leis, ghlaoigh sé chuige beirt dá sheirbhísigh agus duine diaganta de na saighdiúirí a bhí faoina réir, dʼaithris dóibh an scéal tríd síos agus chuir chun siúil go hIopae iad. Lá arna mhárach timpeall meán lae, bhí siad ag cur na slí díobh agus iad ag tarraingt ar an gcathair, nuair a chuaigh Peadar in airde go huachtar an tí ag guí. Tháinig ocras air agus fonn ite, ach fad a bhí siad ag ullmhú an bhia dó, thit támhnéal air: chonaic sé an spéir ar oscailt agus rud éigin mar a bheadh braillín mhór ag teacht anuas: í crochta as na ceithre chúinne agus í dá ligean anuas chun talaimh. Istigh ann bhí an uile ainmhí ceathairchosach agus phéist agus éanlaith an aeir. Agus labhair an guth leis: “Éirigh, a Pheadair, maraigh rud éigin agus ith.” “Nár lige Dia sin, a mháistir,” dʼfhreagair Peadar, “mar níor ith mé riamh aon ní a bhí mínaofa ná neamh-ghlan.” Labhair an guth leis athuair: “An ní atá íonghlanta ag Dia ná tabhairse rud neamh-ghlan air.” Tharla sé seo trí huaire agus ansin tógadh an rud ar ais in airde sa spéir. Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh bhrí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo ag glaoch agus ag fiafraí an raibh Síomón dar chomhainm Peadar ar aíocht ann. Bhí Peadar fós ag machnamh ar an bhfís nuair a dúirt an Spiorad leis: “Féach, tá fir do do lorg. Éirigh i do shuí, gabh síos chucu agus gluais in éineacht leo. Agus ná bíodh aon cheist ort mar is mise a chuir chugat iad.” Chuaigh Peadar síos chun na bhfear agus dúirt leo: “Is mise an té atá uaibh. Cad é an gnó a thug anseo sibh?” Dʼfhreagair siad-san dó: “Coirnéilias taoiseach céid a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ard-mheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ort-sa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.” Dʼiarr Peadar isteach iad, dá bhrí sin, agus thug aíocht dóibh. Dʼéirigh sé lá arna mhárach agus dʼimigh sé lena gcois agus cuid de na bráithre ó Iopae ina theannta, agus bhain sé Caesairia amach an lá dár gcionn. Bhí Coirnéilias ag feitheamh leis agus é tar éis a ghaolta agus a dhlúth-chairde a ghlaoch le chéile. Nuair a bhí Peadar ar tí dul isteach tháinig Coirnéilias ina araicis agus dʼumhlaigh go talamh ag déanamh ómóis dó. Thóg Peadar suas é áfach, dá rá: “Éirigh i do sheasamh. Níl ionamsa ach fear ar do dhála féin.” Chuaigh sé isteach ag comhrá leis agus fuair sé slua mór daoine cruinnithe ann, agus labhair sé leo: “Tuigeann sibh go maith nach dleathach do Ghiúdaigh caidreamh a bheith acu le lucht cine eile, ná dul ar cuairt féin chucu. Thaispeáin Dia dom-sa, áfach, gan duine mínaofa ná neamh-ghlan a thabhairt ar neach ar bith. Dá chomhartha sin tháinig mise anseo gan cheist gan doicheall an túisce a cuireadh fios orm. Ceist agam oraibh dá bhrí sin: cad uime ar chuir sibh fios orm, fiafraím díbh?” Dʼfhreagair Coirnéilias: “An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá mʼurnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala. ‘A Choirnéilias,’ ar sé, ‘tá éiste le do ghuí agus tá cuimhne ar do dhéirc i bhfianaise Dé. Cuir fios, dá bhrí sin, go hIopae ar Shíomón dar comhainm Peadar; tá sé ar aíocht i dteach Shíomóin Súdaire ar bhruach na farraige.’ Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn–agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.” Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é. Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a dʼfhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost–an té atá inA Thiarna ar chách uile. Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a dʼfhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é dá chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus dʼordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!” Ní raibh an méid sin ráite ag Peadar nuair a tháinig an Spiorad Naomh anuas ar a raibh ag éisteacht lena theachtaireacht. Bhí alltacht ar na creidmhigh Ghiúdacha a bhí tagtha in éineacht le Peadar a fheiceáil gur doirteadh tabhartas an Spioraid Naoimh ar na págánaigh freisin, mar chuala siad ag caint iad i dteangacha agus ag móradh Dé. Ansin labhair Peadar leo: “Cé a dʼfhéadfadh uisce a mbaiste a dhiúltú do na daoine seo agus iad tar éis an Spiorad Naomh a fháil chomh maith linn féin?” Agus dʼordaigh sé iad a bhaisteadh in ainm Íosa Críost. Ansin dʼiarr siad air fanacht ina dteannta ar feadh roinnt laethanta. Chuala na haspail agus na bráithre a bhí ar fud Iúdáia go raibh na págánaigh freisin tar éis briathar Dé a ghlacadh. Nuair a chuaigh Peadar suas go hIarúsailéim, rinne lucht an timpeallghearrtha é a cháineadh dá rá leis: “Chuaigh tú isteach i measc daoine neamh-thimpeallghearrtha agus chaith tú bia ina dteannta.” Thosaigh Peadar agus dʼaithris sé an scéal tríd síos dóibh: “Bhí mé i gcathair Iopae ag guí,” ar seisean, “nuair a tháinig támhnéal orm, agus chonaic mé in aisling rud mar a bheadh braillín mhór dá ligean anuas ón spéir leis na ceithre chúinne. Tháinig sé fad liom agus nuair a dʼfhéach mé isteach ann chonaic mé ainmhithe ceathairchosacha an domhain agus na beithígh allta agus na péisteanna agus éanlaith an aeir. Ansin chuala mé an guth dá rá: ‘Éirigh, a Pheadair, maraigh agus ith.’ ‘Nár lige Dia sin, a mháistir,’ arsa mise, ‘mar aon ní mínaofa ná neamh-ghlan ní dheachaigh i mo bhéal-sa riamh.’ Labhair an guth ón spéir liom don dara huair: ‘Aon ní atá íonghlanta ag Dia, ná tabhairse rud mínaofa air.’ Tharla sé seo don tríú huair agus ansin tarraingíodh an t-iomlán ar ais in airde sa spéir. “Ar an bpointe sin tháinig chun an tí ina raibh mé triúr fear a bhí curtha ag triall orm ó Chaesairia. Dúirt an Spiorad liom gan aon cheist a bheith orm ach imeacht lena gcois. Tháinig an seisear bráithre seo in éineacht liom agus chuamar isteach i dteach an fhir úd. Dʼinis seisean dúinn mar a chonaic sé an t-aingeal ina sheasamh ina theach dá rá leis: ‘Cuir fios go hIopae ar Shíomón dar comhainm Peadar agus labhróidh sé sin na briathra leat ina bhfaighidh tú féin agus do theaghlach uile slánú.’ Agus ar thosú dom ag caint, thuirling an Spiorad Naomh orthu mar a thuirling orainn féin i dtosach. Ansin chuimhnigh mé ar fhocal úd an Tiarna, mar a dúirt sé: ‘Rinne Eoin baisteadh in uisce ach baistfear sibh-se sa Spiorad Naomh.’ Dá réir sin má thug Dia dóibh-sean an tabhartas céanna a thug sé dúinne tar éis dúinn creidiúint sa Tiarna Íosa Críost, cérbh é mise go bhféadfainn bac a chur ar Dhia?” Nuair a chuala siad an méid sin, mʼéist siad agus thug glóir do Dhia dá rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.” An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéar-leanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada leis an bhFéiníc agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin. Ach bhí daoine áirithe orthu–Cipirigh agus Círéinéigh ba ea iad–agus nuair a bhain siad Aintíoch amach thosaigh siad ag caint leis na Gréagaigh chomh maith agus ag fógairt dhea-scéal an Tiarna Íosa dóibh. Bhí lámh Dé leo san obair agus is iomaí duine a ghlac an creideamh agus a dʼiompaigh chun an Tiarna. Tháinig scéala fúthu go dtí an Eaglais in Iarúsailéim agus sheol siad Barnabas go hAintíoch. Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte. Fear maith a bhí ann agus é lán den Spiorad Naomh agus de chreideamh. Agus cuireadh slua maith mór le buíon an Tiarna. Dʼimigh Barnabas go Tarsas ag lorg Shóil, agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh ‘Críostaithe’ ar na deisceabail. Sna laethanta sin tháinig fáithe anuas ó Iarúsailéim go hAintíoch. Dʼéirigh duine acu darb ainm Agabas agus thug sé le fios faoi luí an Spioraid go raibh gorta mór le teacht ar an domhan iomlán–rud a tharla in aimsir Chláidias. Mar sin de, bheartaigh na deisceabail–gach duine acu de réir a ghustail–ar chabhair airgid a chur chun na mbráithre a bhí ina gcónaí in Iúdáia. Rinne siad amhlaidh agus chuir siad Barnabas agus Sól go dtí na seanóirí leis an airgead. Um an dtaca seo is ea a dʼimir Héaród rí an lámh throm ar chuid de bhaill na hEaglaise. Chuir sé Séamas deartháir Eoin chun báis leis an gclaíomh. Nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giúdaigh, chinn sé ar Pheadar a ghabháil chomh maith. Laethanta an tslim-aráin a bhí ann, agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus dʼfhág ceithre scuad saighdiúirí dá choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca. Fad a bhí Peadar dá choimeád sa phríosún, áfach, bhí urnaí dá déanamh gan staonadh chun Dé ar a shon ag an Eaglais. An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt saighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin. Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t-aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é dá rá: “Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha. “Fáisc ort do chrios agus cuir ort do bhróga,” arsa an t-aingeal leis, agus rinne sé amhlaidh. “Cuir umat do bhrat,” arsa an t-aingeal arís leis, “agus lean mise.” Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh dá dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí dá feiceáil aige. Ghluais siad thar an gcéad gharda agus thar an dara garda nó gur tháinig siad go dtí an geata iarainn isteach chun na cathrach. Dʼoscail an geata dóibh uaidh féin agus amach leo. Shiúil siad rompu fad sráide agus ansin de phreab, dʼimigh an t-aingeal as a radharc. Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.” Nuair a tuigeadh an méid sin dó, chuaigh sé go dtí teach Mháire, máthair Eoin dar chomhainm Marcas, mar a raibh slua mór bailithe agus iad ag déanamh urnaí. Chnag sé ar dhoras an halla agus tháinig cailín aimsire darbh ainm ‘Rodae’ chun an doras a oscailt dó. Nuair a dʼaithin sí guth Pheadair, le méid an áthais a bhí uirthi, in ionad an doras a oscailt, rith sí isteach ag fógairt dóibh go raibh Peadar ina sheasamh ag an doras. “Ag rámhaille atá tú,” ar siad-san léi, ach dhearbhaigh sise gurbh fhíor a scéal. “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann,” arsa siad-san. Lean Peadar air ag bualadh ar an doras agus nuair a dʼoscail siad dó, chonaic siad é agus tháinig alltacht orthu. Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh a bheith ina dtost agus dʼaithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. “Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,” ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile. Nuair a bhí sé ina lá, bhí buairt nár bheag ar na saighdiúirí i dtaobh cad ba chor do Pheadar. Chuir Héaród lorg air agus nuair nach raibh aon fháil air, scrúdaigh sé na gardaí agus dʼordaigh iad a chur chun báis. Ansin chuaigh sé síos ó Iúdáia go Caesairia agus thug tamall ann. San am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus Shiodón, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, dʼiarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin. An lá a bhí ceaptha dó bhí Héaród cóirithe ina éide rí, shuigh sé faoi ar an suí breithimh agus thug óráid dóibh. Thosaigh an pobal ag béiceadh: “Ní guth duine é seo ach guth Dé.” Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é dá ithe ag péisteanna. Lean briathar Dé ag fás agus ag leathnú. Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch dʼfhill Barnabas agus Sól go hIarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo. Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon–Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicias Círéinéach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród, an rí cúige, agus Sól. Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscaidh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.” Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad. Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir. Ar shroichint Shalamas dóibh, dʼfhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair. Shiúil siad an t-oileán ar fad chomh fada le Pafas, áit ar casadh orthu Giúdach darbh ainm Bairéasús, fear a bhí ina dhraoi agus a mhaígh gurbh fháidh é féin. I gcuideachta Sheirgias Pól próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil. Ach chuir Eilimeas draoi–is ionann a ainm ‘Eilimeas’ agus draoi–ina gcoinne dʼfhonn an próchonsal a choimeád ón gcreideamh. Ach bhí Sól–is é sin Pól–lán den Spiorad Naomh agus dʼfhéach idir an dá shúil air: “A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhac an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh shlite díreacha an Tiarna? Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.” Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air. Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé. Chuaigh Pól agus a bhuíon chun farraige ó Phafas agus tháinig siad go Peirgé i bPaimfilia. Dʼfhág Eoin ansin iad agus chuaigh ar ais go hIarúsailéim. Lean siad-san orthu nó gur tháinig siad go dtí Aintíoch na Piside. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu. Nuair a bhí léamh an dlí agus na bhfáithe i leataobh, chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chucu dá rá: “Má tá aon fhocal spreagtha agaibh don phobal, a bhráithre, abraigí é.” Dʼéirigh Pól ina sheasamh, thug comhartha láimhe dóibh agus thosaigh ag caint: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “agus sibh-se a bhfuil ómós agaibh do Dhia, éistigí liom. Dia an phobail seo Iosrael, rinne sé ár n-aithreacha a thoghadh; agus fad a bhí siad ina gcoimhthígh san Éigipt rinne sé pobal mór díobh. Ansin sheol amach as sin iad le neart a láimhe agus sholáthair sé dóibh ar feadh daichead bliain sa bhfhásach. Agus tar éis dó seacht dtreibh i gCanán a dhíothú thug sé seilbh na tíre dóibh ar feadh timpeall ceithre chéad caoga bliain. Ansin thug sé breithiúna dóibh go dtí aimsir Shamúéil fáidh. “Ina dhiaidh sin dʼiarr siad rí a bheith orthu, agus thug Dia Sól mac Chís, fear de threibh Bhiniáimin, dóibh mar rí go ceann daichead bliain. Chuir sé as oifig ansin é agus dʼardaigh rí dóibh, Dáiví, an fear ar dhearbhaigh sé ina thaobh dá rá: ‘Is é mʼaithne ar Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.’ Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir dʼIosrael de réir mar a bhí geallta aige–is é sin Íosa. Roimh theacht dó sin bhí Eoin tar éis baisteadh chun aithrí a fhógairt do phobal uile Iosrael, agus nuair a bhí Eoin ag teacht go deireadh a chúrsa, is é a dúirt sé: ‘Ní mise an té is dóigh libh-se is mé, mar tá duine le teacht i mo dhiaidhse agus ní fiú mise go scaoilfinn a bhróga.’ A bhráithre liom, a shliocht Abrahám agus a mhuintir in bhur measc a bhfuil ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an teachtaireacht shlánaitheach seo. Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán Íosa, ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcríoch ráite úd na bhfáithe a bhíodh dá léamh dóibh gach lá sabóide. Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann dʼiarr siad ar Phíoláit é a chur den saol. Agus nuair a bhí gach ní dá raibh scríofa ina thaobh comhlíonta acu thóg siad anuas den chrann é agus shín i dtuama é. Ach thóg Dia ó mhairbh é agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig aníos leis ón nGailíl go hIarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail. Agus seo é an dea-scéal atá le fógairt againne daoibh: an gealltanas úd a rinneadh dár sinsir, go bhfuil Dia tar éis é a chomh-líonadh dúinne, dá sliocht, trí Íosa a thógáil ó mhairbh, de réir mar atá scríofa sa dara salm: ‘Is tusa mo mhac. Inniu féin a ghin mé thú.’ Agus i dtaobh é a thógáil ó mhairbh gan aon mheathlú a theacht air go deo, is é atá ráite aige: ‘Tabharfaidh mé daoibh na beannachtaí naofa a gealladh do Dháiví.’ Agus deir sé áit eile: ‘Ní ligfidh mé do do shearbhónta naofa an meathlú a fhulaingt.’ Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcríoch ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus dʼimigh meathlú air. Ach an té a thóg Dia ó mhairbh níor imigh aon mheathlú air. Bíodh a fhios agaibh, dá bhrí sin, a bhráithre, gurb é maithiúnas na bpeacaí trídsean a fhógraítear daoibh, agus gur trídsean a shaortar gach creidmheach ar na nithe uile nár fhéad dlí Mhaois é a shaoradh orthu. Bígí ar bhur n-aire, dá bhrí sin, le heagla go dtiocfaidh oraibh an ní atá luaite ag na fáithe: ‘Breathnaígí, a lucht na tarcaisne, Glacaigí alltacht agus ceiliúraigí. Mar tá obair le déanamh agam-sa le bhur linn, obair nach gcreidfeadh sibh dá n-inseofaí daoibh é.’” Ag fágáil dóibh, dʼimpigh siad orthu labhairt ar an téama céanna an tsabóid dár gcionn. Agus nuair a scoir an comh-thionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh a bheith buanseasmhach i ngrásta Dé. An tsabóid dár gcionn tháinig an chathair ar fad beagnach le chéile ag éisteacht le briathar Dé. Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán dʼfhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh dá rá ag Pól. Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamh-bhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach. Mar sin é an t-ordú atá faighte ón Tiarna againn: ‘Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i dʼábhar slánaithe go himeall an domhain.’” Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh, agus bhí briathar Dé dá fhógairt go forleathan ar fud na tíre go léir. Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad. Chroith siad-san an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocóiniam. Agus bhí na deisceabail lán dʼáthas agus den Spiorad Naomh. Tharla an rud céanna in Iocóiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh. Na Giúdaigh nár ghlac an creideamh, áfach, ghríosaigh siad na págánaigh agus chlaon siad a n-aigne i gcoinne na mbráithre. Mar sin féin thug siad tamall maith ann agus iad ag labhairt le lánmhuinín as an Tiarna, agus dheimhnigh seisean scéal a ghrásta leis na héachtaí agus na míorúiltí a dheonaigh sé dóibh a dhéanamh. Bhí pobal na cathrach deighilte ina dhá chuid: cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh agus cuid eile ag taobhú leis na haspail. Ach nuair a chuir na Giúdaigh agus na págánaigh, mar aon lena lucht ceannais, chun easmailt a thabhairt dóibh agus iad a chlochadh, fuair siad sin eolas air agus theith siad go dtí bailte na Liocáóine, go dtí Liostra agus Deirbé agus na críocha máguaird, mar ar lean siad leo ag fogairt an dea-scéil. Bhí ina shuí i Liostra fear a bhí gan lúth na gcos: bhí sé ina mhairtíneach ó bhroinn a mháthar agus níor shiúil sé riamh. Bhí an fear seo ag éisteacht le Pól ag caint, agus nuair a dʼfhéach Pól idir an dá shúil air chonaic sé go raibh creideamh a leigheasta aige, agus dúirt sé de ghuth ard: “Éirigh i do sheasamh ar do chosa.” Agus léim sé ina sheasamh agus thosaigh ag siúl. Nuair a chonaic na sluaite cad a bhí déanta ag Pól, dʼardaigh siad a nglór, dá rá i dteanga na Liocáóine: “Tá na déithe tagtha anuas inár measc i gcló daoine.” Thug siad ‘Séas’ ar Bharnabas, agus toisc gurbh é Pól an príomhchainteoir thug siad ‘Heirméas’ air-sean. Agus sagart Shéas, a bhfuil a theampall lasmuigh den bhaile, thug sé féin agus an pobal tairbh agus bláthfhleasca go dtí na geataí dʼfhonn íobairt a dhéanamh. Nuair a dʼairigh na haspail, Pól agus Barnabas, é, stróic siad a gcuid éadaigh agus rith siad amach faoi dhéin an tslua agus iad ag liúireach: “A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid dá fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu. Sna glúine atá thart lig Dia do na ciníocha a mbealach féin a ghabháil, ach níor fhág sé riamh iad gan fianaise air féin; as a rathúnas sheol sé báisteach chugaibh ón spéir agus torthaí i dtráth agus líon bhur gcroí de bhia agus dʼáthas.” Ainneoin na cainte sin, ar éigean a mʼéirigh leo na sluaite a chosc ar an íobairt a dhéanamh dóibh. Ansin tháinig roinnt Giúdach ó Aintíoch agus ó Iocóiniam, thug siad na sluaite ar a dtaobh agus tar éis dóibh Pól a chlochadh tharraing siad amach as an mbaile é agus iad dá cheapadh go raibh sé marbh. Ach nuair a tháinig na deisceabail ina thimpeall, mʼéirigh sé ina sheasamh agus chuaigh ar ais isteach sa chathair. An lá dár gcionn dʼimigh sé féin agus Barnabas leo go Deirbé. Tar éis dóibh an dea-scéal a fhógairt sa bhaile sin agus mórán deisceabal a dhéanamh, dʼfhill siad arís ar Liostra agus ina dhiaidh sin ar Iocóiniam agus Aintíoch, ag cur misnigh sna deisceabail agus dá spreagadh chun a bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i Ríocht Dé.” Thogh siad seanóirí dóibh ar gach eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh. Shiúil siad an Phisid ar fad nó gur tháinig siad go Paimfilia; agus tar éis dóibh an briathar a chraobhscaoileadh i bPeirgé chuaigh siad síos go dtí an Atáil agus as sin ar bord loinge go hAintíoch–an áit ar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois curtha i gcríoch acu. Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus dʼeachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a dʼoscail sé doras an chreidimh do na págánaigh. Thug siad tamall fada ansiúd i bhfochair na ndeisceabal. Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: “Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.” Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go hIarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo. Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh tríd an bhFéiníc agus tríd an tSamáir, dʼaithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir. Agus nuair a tháinig siad go hIarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus dʼeachtraigh siad-san dóibh a mhéad a bhí déanta ag Dia tríothu. Ach mʼéirigh creidmhigh áirithe a bhain le haicme na bhFairisíneach agus dúirt siad nárbh fholáir na págánaigh a thimpeallghearradh agus a fhógairt orthu dlí Mhaois a choimeád. Tháinig na haspail agus na seanóirí i gceann a chéile chun an cheist seo a bhreithniú. Tar éis conspóide fada mʼéirigh Peadar ina sheasamh agus labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “tá a fhios agaibh féin go ndearna Dia rogha eadrainn i bhfad ó shin gur ó mo bhéal-sa a chloisfeadh na págánaigh teachtaireacht an dea-scéil agus go gcreidfidís ann. Agus an Dia a léann croí an duine chuaigh sé i mbannaí ar na págánaigh nuair a bhronn sé orthu an Spiorad Naomh faoi mar a bhronn sé orainne é. Ní dhearna sé dealú ar bith idir sinne agus iad ach a gcroí a ghlanadh de bharr a gcreidimh. Más ea, cad ab áil libh-se a bheith ag tabhairt dúshláin faoi Dhia anois agus cuing a chur ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár sinsir a iompar? Ní hea go deimhin mar go gcreidimid gur trí ghrásta an Tiarna Íosa atá slánú le fáil againn agus acu sin mar an gcéanna.” Dʼfhan an slua go léir ina dtost, agus mʼéist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach. Agus nuair a bhí deireadh ráite acu dʼfhreagair Séamas agus dúirt: “A bhráithre, éistigí liom-sa. Dʼaithris Síomón daoibh mar a dheonaigh Dia den chéad uair pobal a bhailiú dó féin i measc na bpágánach. Is beart é sin a thagann le briathra na bhfáithe mar atá scríofa: ‘Tiocfaidh mé ar ais ina dhiaidh sin, agus atógfaidh mé both Dháiví atá ar lár. Deiseoidh mé a fothracha agus cuirfidh mé ina seasamh arís í. Ansin beidh na daoine eile go léir ag lorg an Tiarna agus na náisiúin uile arb é mʼainm-se atá orthu. Is é an Tiarna atá dá rá seo agus tá eolas orthu le fada an lá.’ “Is é mo bhreithiúnas-sa, dá bhrí sin, gan aon chur isteach a dhéanamh ar na págánaigh atá ag iompú chun Dé ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n-ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil. Mar tá Maois dá léamh sna sionagóga gach lá sabóide agus níl cathair nach bhfuil lucht a fhógartha inti leis na cianta.” Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ard-chéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí ‘Barsabas’ agus Síleas. Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSiria agus sa gCilic. Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n-aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne. Bheartaíomar dá bhrí sin nár mhiste dúinn teacht le chéile agus teachtaí a thoghadh agus iad a chur chugaibh in éineacht lenár mbráithre ionúine Pól agus Barnabas, beirt a bhfuil a n-anam curtha sa bhfiontar acu ar son ainm ár dTiarna Íosa Críost. Dá réir sin táimid ag seoladh Iúdáis agus Shíleas chugaibh agus tabharfaidh siad-san an tuairisc chéanna ó bhéal daoibh. Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach: sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachta agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart dá dhéanamh agaibh. Slán agaibh.” Scaoileadh na toscairí chun siúil agus síos leo go hAintíoch mar ar bhailigh siad an pobal le chéile agus thug dóibh an litir. Agus is orthu a bhí an t-áthas agus an sólás nuair a léigh siad í. Fáithe ba ea Iúdás agus Síleas, agus labhair siad ar feadh i bhfad leis na bráithre agus thug spreagadh agus misneach dóibh. Tar éis dóibh tamall maith a thabhairt ann chuir na bráithre slán leo ar ais chucu siúd a chuir amach iad. Bheartaigh Síleas fanacht ansiúd, ach dʼimigh Iúdás leis féin. Dʼfhan Pól agus Barnabas in Aintíoch, áfach, agus lean siad i dteannta a lán eile ag múineadh agus ag craobhscaoileadh scéal an Tiarna. Tamall ina dhiaidh sin dúirt Pól le Barnabas: “Téimis ar ais ag fiosrú na mbráithre i ngach cathair inar chraobhscaoileamar scéal an Tiarna, féachaint conas atá acu.” Ba mhian le Barnabas Eoin dá ngoirtí ‘Marcas’ a thabhairt leo freisin, ach bhí Pól dá éileamh gan an fear seo, a thréig iad i bPaimfilia in ionad dul i mbun oibre leo, a thabhairt leo mar chompánach. Tharla aighneas eatarthu agus scar siad le chéile: thug Barnabas Marcas leis agus chuaigh ar bord loinge go dtí an Chipir; thogh Pól Síleas agus, tar éis do na bráithre é a chur faoi choimirce ghrásta an Tiarna, dʼimigh sé leis. Shiúil sé an tSiria agus an Chilic, ag treisiú leis na heaglaisí. Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm ‘Tiomóid’. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t-athair. Bhí ard-mheas ag bráithre Liostra agus Iocóiniam ar Thiomóid agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Ghréagach a athair. Ag gabháil dóibh ó bhaile go baile, thug siad don phobal na reachtanna a bhí déanta ag na haspail agus ag na seanóirí in Iarúsailéim agus dúirt leo iad a choimeád. Sa tslí sin bhí na heaglaisí dá ndaingniú sa chreideamh agus ag dul i líonmhaire ó lá go lá. Ghabh siad trí dhúiche na Frigia agus na Galáite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise. Ar theacht dóibh go dtí teorainn na Misia, bhí siad ag iarraidh dul isteach sa mBitín ach ní ligfeadh Spiorad Íosa ann iad. Ghluais siad leo thar an Misia dá bhrí sin agus síos go Tróás. Bhí aisling ag Pól ann oíche amháin: bhí fear ón Macadóin ina sheasamh ann, ag impí air agus ag rá: “Tar anall go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn.” Ní túisce a chonaic sé an aisling ná a chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh. Chuamar ar bord loinge i dTróás agus ceann ar aghaidh as sin go Samatracae agus an lá ina dhiaidh sin go Neapoil agus as sin go Filipe. Príomhchathair den taobh sin den Mhacadóin is ea Filipe agus coilíneacht Rómhánach is ea í freisin. Thugamar roinnt laethanta sa chathair sin. Lá na sabóide chuamar amach lasmuigh den gheata, cois abhann, áit a mheasamar a mbeadh láthair urnaithe na nGiúdach agus shuíomar fúinn ag caint leis na mná a bhí bailithe le chéile ann. Bhí bean ag éisteacht linn, mangaire corcra ó chathair Thiáitire darbh ainm ‘Lidia’. Bean chráifeach ba ea í agus dʼoscail an Tiarna a croí go dtabharfadh sí cluas dá raibh dá rá ag Pól. Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, dá rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí dʼfhiacha orainn dul isteach. Tharla lá nuair a bhíomar ag dul go dtí láthair na hurnaí gur casadh orainn cailín óg a raibh spiorad feasa inti. Bhí mórán airgid dá thuilleamh aici dá máistrí as a cuid fáistineachta. Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,” deireadh sí, “agus tá bealach bhur slánaithe dá fhógairt acu daoibh.” Bhíodh sí dá dhéanamh seo ar feadh mórán laethanta go dtí go raibh Pól chomh cráite sin aici gur iompaigh sé uirthi agus go ndúirt leis an spiorad: “Fógraím duit in ainm Íosa Críost imeacht amach aisti.” Agus dʼimigh sé aisti an nóiméad sin. Nuair a chonaic a máistri, áfach, go raibh deireadh lena súil le brabach, rug siad ar Phól agus ar Shíleas agus tharraing isteach i gcearnóg an bhaile iad os comhair na n-uachtarán. Sheol siad i láthair na ngiúistísí iad, dá rá: “Giúdaigh is ea na daoine seo agus tá ár gcathair dá cur bunoscionn acu. Tá gnásanna dá bhfógairt acu nach féidir dúinne, Rómhánaigh, glacadh leo ná déanamh dá réir.” Agus thug an slua fúthu chomh maith. Rinne na giúistísí na héadaí a sracadh díobh agus dʼordaigh iad a bhualadh le slata. Tar éis dóibh iad a léasadh ó thalamh chaith siad isteach i bpríosún iad agus dʼordaigh don choimeádaí iad a choinneáil go daingean. Nuair a fuair an coimeádaí an t-ordú sin, chuir sé iad sa chillín ab fhaide isteach agus dhaingnigh a gcosa i gceap adhmaid. Timpeall meán oíche bhí Pól agus Síleas ag guí agus ag canadh iomann do Dhia agus na príosúnaigh eile ag éisteacht leo. Go tobann tharla crith mór talún agus luascadh an príosún ó bhonn. Osclaíodh na doirse uile ar an bpointe agus thit na slabhraí de chách. Dhúisigh an coimeádaí as a chodladh agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar leathadh, tharraing sé a chlaíomh le hintinn é féin a mharú agus é dá cheapadh go raibh na príosúnaigh go léir teite. Scairt Pól air, áfach, in ard a ghutha: “Ná déan aon díobháil duit féin,” ar seisean, “táimid go léir anseo.” Dʼiarr an coimeádaí solas a thabhairt chuige, ansin rith sé isteach agus chaith é féin ag glúine Phóil agus Shíleas agus é ar crith le heagla. Ansin sheol sé amach iad agus dʼfhiafraigh díobh: “Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófar mé?” “Creid sa Tiarna Íosa,” ar siad-san, “agus beidh tú féin agus do theaghlach slán.” Agus dʼfhógair siad briathar an Tiarna dó féin agus dá raibh sa teach leis. Dá fhad amach san oíche a bhí sé, thug sé leis iad agus nigh a gcréachtaí; agus baisteadh é féin agus a líon tí go léir ar an bpointe. Ansin thug sé isteach ina theach iad agus chuir cóir bia os a gcomhair. Rinne sé féin agus a theaghlach gairdeas go raibh an creideamh faighte aige i nDia. Nuair a bhí sé ina lá chuir na giúistísí na póilíní chun coimeádaí an phríosúin, dá rá: “Scaoil saor na daoine sin.” Thug an coimeádaí an scéal seo go Pól: “Tá na giúistísí tar éis ordú a thabhairt go scaoilfí saor sibh. Amach libh mar sin agus go n-éirí an bóthar libh.” Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: “Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.” Thug na póilíní an scéal seo chun na ngiúistísí. Tháinig scanradh orthu nuair a chuala siad gur shaoránaigh Rómhánacha na haspail. Chuaigh siad chucu mar sin agus ghabh a leithscéal leo. Sheol siad amach ansin iad agus dʼiarr orthu an chathair a fhágáil. Ar fhágáil an phríosúin dóibh chuaigh siad go teach Lidia, áit a bhfaca siad na bráithre. Thug siad spreagadh dóibh agus dʼimigh siad leo. Thaistil siad Amfapoil agus an Apallóin agus tháinig go Teasaloinicé, áit a raibh sionagóg leis na Giúdaigh. Mar ba ghnách le Pól bhuail sé isteach chucu agus thug trí shabóid as a chéile ag plé leo, ag léiriú agus ag cruthú dóibh as fianaise na scrioptúr nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh. “Agus,” ar seisean, “Íosa seo atáim-se a fhógairt daoibh, is é sin an Meisias.” Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla. Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt ruifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iasón dʼfhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail agus nuair nach bhfuair siad ann iad, rug siad leo Iasón agus cuid de na bráithre chun giúistísí na cathrach agus dúirt leo in ard a ngutha: “Tá an domhan mór suaite ag na daoine úd agus seo anois anseo iad agus Iasón tar éis fáilte a chur rompu. Tá siad seo uile ag sárú reachtanna Chaesair mar go mbíonn siad ag maíomh go bhfuil duine eile seachas é ina rí, is é sin Íosa.” Chuir an chaint seo alltacht ar an bpobal agus ar na giúistísí a bhí ag éisteacht. Agus tar éis dóibh Iasón agus an chuid eile acu a chur faoi bhannaí, scaoil siad saor iad. Ní túisce a thit an oíche ná a chuir na bráithre Pól agus Síleas chun siúil go Bearóia. Nuair a bhain siad Bearóia amach dʼimigh siad leo go dtí sionagóg na nGiúdach. Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh. Mar sin de chreid a lán acu agus cuid mhaith de na Gréagaigh chéimiúla, idir fhir agus mhná. Ach nuair a chuala Giúdaigh Theasaloinicé go raibh briathar Dé fógartha i mBearóia freisin ag Pól, tháinig siad i leith ag suaitheadh agus ag corraí an daoscarshlua. Ansin sheol na bráithre Pól chun bealaigh láithreach faoi dhéin na farraige, ach dʼfhan Síleas agus Tiomóid ina dhiaidh ann. An mhuintir a bhí ag tionlacan Phóil rug siad leo chun na hAithine é. Dʼimigh siad leo ansin agus ordú acu do Shíleas agus do Thiomóid teacht chuige chomh luath agus ab fhéidir. Fad a bhí Pól ag feitheamh leo san Aithin ghoill sé ar a aigne nuair a chonaic sé an chathair a bheith tugtha suas don íoladhradh. Dá chionn sin bhíodh sé ag plé sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis an muintir dhiaganta, agus ag plé gach lá i gcearnóg an bhaile leo siúd a tharlaíodh a bheith ann. Chuaigh cuid de na fealsúna Eipiciúracha agus cuid de na fealsúna Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: “Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?” Agus de chionn é a bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: “Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.” Rug siad air agus sheol chun an Airéapagas é, dá rá: “An miste dúinn a fhiafraí cén teagasc nua seo atá ar siúl agat? Mar is deoranta linn do scéal agus ba mhaith linn a fháil amach cad is brí leis.” Na hAithinigh agus na hallúraigh a chónaíonn sa chathair, níl caitheamh aimsire is fearr leo ná a bheith ag aithris an scéil is déanaí nó ag éisteacht leis. Sheas Pól i lár an Airéapagas agus labhair mar a leanas: “A mhuintir na hAithine, tugaim faoi deara gur daoine sibh atá diaganta thar na bearta. Mar ag gabháil dom tríd an gcathair agus mé ag breathnú ar bhur n-íomhánna, tháinig mé ar altóir a raibh an scríbhinn seo greanta uirthi: ‘In onóir do dhia anaithnid.’ An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agam-sa daoibh. An Dia a rinne an domhan agus a bhfuil ann, is é Tiarna Neimhe agus talún é agus ní i dteampaill lámhdhéanta atá cónaí air. Ná níl aon ghá aige le freastal daoine faoi mar go mbeadh rud ar bith de dhíth air, mar is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách. Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaithe ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann, dʼfhonn go ndéanfaidís Dia a lorg féachaint an mbeidís ag meabhrú na slí chuige agus go n-aimseoidís é. Go deimhin, ní fada ó aon duine againn é, mar is ann a mhairimid agus a ghluaisimid agus atáimid. Agus faoi mar a dúirt cuid de bhur bhfilí féin: ‘Is dá shliocht sinn fiú amháin.’ “Ós de shliocht Dé sinn, más ea, ní ceart dúinn a mheas gur cosúil a nádúr diaga le hór nó le hairgead nó le cloch, le híomhá a ghreanfaí trí ealaín agus trí éirim an duine. Scaoil Dia thairis tréimhsí an aineolais, ach tá sé anois ag fógairt ar an uile dhuine san uile áit aithrí a dhéanamh. Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.” Nuair a chuala siad Pól ag trácht ar aiséirí ó mhairbh, thosaigh cuid acu ag magadh faoi. Is é a dúirt cuid eile acu, áfach: “Cloisfimid a thuilleadh faoi seo uait lá éigin eile.” Mar sin dʼimigh Pól uathu. Mar sin féin bhí daoine ann a thaobhaigh leis agus a ghlac an creideamh. Orthusan bhí Dinísias Airéapagach agus bean darbh ainm Damairis agus tuilleadh nach iad. Dʼfhág sé an Aithin ina dhiaidh sin agus dʼimigh go dtí an Choraint. Casadh ansiúd air Giúdach darbh ainm Acúbas, fear a rugadh i bPontas agus a bhí tagtha le gairid ón Iodáil, é féin agus a bhean Priscille, de bharr an ordaithe a bhí curtha amach ag Cláidias na Giúdaigh go léir a imeacht ón Róimh. Chuaigh Pól ar cuairt chucu agus toisc é a bheith ar aon cheird leo–déantóirí bothanna ba ea iad–dʼfhan sé leo ag obair ar a cheird. Bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach lá sabóide ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Giúdaigh agus ar na Gréagaigh. Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, dá chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost. Agus nuair a thosaigh siad-san dá bhréagnú agus dá cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, dá rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagrach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.” Dʼfhág sé ann iad agus chuaigh isteach i dteach duine darbh ainm ‘Síomón Iústas’, fear diaganta a raibh a theach taobh leis an tsionagóg. Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad. Oíche amháin labhair an Tiarna le Pól in aisling: “Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé. “Lean ort ag seanmóireacht agus ná cuirtear thú i do thost, mar táim-se leat agus ní leagfaidh duine ar bith barr méire ort chun dochar a dhéanamh duit, mar tá pobal mór agam-sa sa chathair seo.” Bhain sé faoi ann mar sin ar feadh bliain go leith, ag múineadh bhriathar Dé ina measc. Le linn do Ghaillíón a bheith ina phróchonsal ar an Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an bhinse breithimh é. “Tá an fear seo,” ar siad, “ag áiteamh ar na daoine ómós aindleathach a thabhairt do Dhia.” Bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt nuair a labhair Gaillíón leis na Giúdaigh: “Dá mba éagóir éigin nó míghníomh coiriúil éigin a bhí i gceist agaibh, a Ghiúdacha,” ar seisean, “mʼéistfinn libh mar ba chóir. Ach ós focail agus ainmneacha agus dlí éigin de bhur gcuid féin atá i gceist agaibh, féachaigí féin chuige. Ní mian liom-sa a bheith i mo bhreitheamh ar na cúrsaí sin,” agus thiomáin sé ón mbinse breithimh iad. Ach rug siad-san go léir ar Shóstainéas, uachtarán na sionagóige, agus thug léasadh dó os comhair an bhinse bhreithimh amach. Ach bhí Gaillíón beag beann ar na nithe sin. Dʼfhan Pól sa Choraint ar feadh i bhfad. Ansin dʼfhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Siria. Chuaigh Priscille agus Acúbas in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air. Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh. Dʼiarr siad-san air fanacht tamall, ach ní thoileodh sé chuige. “Ach,” ar seisean agus é ag fágáil slán acu, “tiocfaidh mé ar ais arís chugaibh, más toil le Dia é.” Chuir sé chun farraige ó Eifeasas agus tháinig i dtír i gCaesairia. Ansin chuaigh sé suas ag beannú don phobal naofa ann agus as sin síos go hAintíoch. Tar éis dó tamall aimsire a thabhairt ann, ghluais sé chun siúil agus i ndiaidh a chéile thaistil sé dúiche na Galáite agus na Frigia ag treisiú leis na deisceabail go léir. Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm ‘Apallós’. De thógáil Chathair Alastair ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir. Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin. Thosaigh sé ag labhairt go dána sa tsionagóg agus nuair a chuala Priscille agus Acúbas é, thug siad leo abhaile é agus thug léiriú ní ba chruinne dó ar bhealach an Tiarna. Agus ó tharla go raibh fonn air dul go dtí an Acháia thug na bráithre spreagadh dó agus scríobh siad chun na ndeisceabal thall dá iarraidh orthu fáilte a chur roimhe. Agus ar theacht go dtí an Choraint dó, trí ghrásta Dé ba mhór an chabhair do na creidmhigh é, mar gur sháraigh sé na Giúdaigh go rábach in argóint phoiblí, dá thaispeáint ar fhianaise na scrioptúr gurb é Íosa an Críost. Le linn dʼApallós a bheith sa Choraint, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe agus nuair a dʼfhiafraigh sé díobh an bhfuair siad an Spiorad Naomh nuair a chreid siad, is é freagra a thug siad air: “Níor chualamar fiú amháin an Spiorad Naomh a bheith ann.” “Agus cén baisteadh a fuair sibh más ea?” ar sé. “Baisteadh Eoin a tugadh dúinn,” ar siad-san. Dúirt Pól leo: “Is baisteadh aithrí a dhéanadh Eoin agus deireadh sé leis an bpobal nárbh fholáir dóibh creidiúint sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.” Ar chloisteáil an méid sin dóibh, baisteadh in ainm an Tiarna Íosa iad agus nuair a leag Pól a lámha orthu tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha agus ag déanamh tairngreachta. Tuairim is dáréag acu a bhí ann ar fad. Thug Pól trí mhí ag dul isteach sa tsionagóg, ag labhairt go dána leis an bpobal, ag argóint agus ag áiteamh leo mar gheall ar Ríocht Dé. Ach nuair a thosaigh cuid acu ag cur suas go dolba den chreideamh agus ag cáineadh an Bhealaigh os comhair an phobail, dʼfhág Pól ann iad, thóg leis a dheisceabail agus bhíodh ag díospóireacht gach lá i scoil Thioranas. Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna. Bhí míorúiltí neamhghnácha dá ndéanamh ag Dia trí Phól: ciarsúir agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, dʼfhágadh na galair iad agus dʼimíodh na spioraid mhallaithe astu. Cuid de na Giúdaigh freisin a bhíodh ag gabháil timpeall ag díbirt na n-ainspiorad, rinne siad iarracht ar ainm an Tiarna Íosa a rá mar bhriocht ar na daoine a raibh na spioraid mhallaithe iontu. “Cuirim oraibh,” deiridís, “as ucht Íosa Críost a bhíonn dá fhógairt ag Pól.” Bhí seachtar mac le Scaeva, ard-sagart Giúdach, dá dhéanamh seo, ach dʼfhreagair an spiorad mallaithe iad: “Tá aithne agam ar Íosa agus tá eolas agam ar Phól ach cé sibh-se?” Agus an duine a raibh an spiorad mallaithe ann léim sé chucu agus threascair iad go léir agus ghabh chomh tréan sin orthu gur theith siad ón teach sin go lomnocht basctha. Fuair gach duine in Eifeasas, idir Ghiúdach agus Ghréagach, eolas ar an scéal seo agus chuir sé uafás orthu go léir, ar shlí gur móradh ainm an Tiarna Íosa. Agus mórán acu seo a ghlac an creideamh tháinig siad ag admháil a gcuid gníomhaíochtaí féin agus ag tabhairt cuntais orthu. Cuid mhaith acu siúd a bhíodh ag cleachtadh na draíochta, thug siad leo a gcuid leabhar agus dhóigh iad i bhfianaise cách. Chuir siad a luach le chéile agus fuair siad gurbh fhiú caoga míle píosa airgid iad. Ar an gcuma éachtach sin tháinig fás agus neart faoi bhriathar an Tiarna. Nuair a bhí an méid sin curtha i gcríoch aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus na hAcháia agus go rachadh sé as sin go hIarúsailéim. “Tar éis dom dul go hIarúsailéim,” ar seisean, “ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.” Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus dʼfhan sé féin tamall eile san Áise. Timpeall na haimsire seo tharla achrann mór mar gheall ar an mBealach. Bhí gabha geal ann darbh ainm Déiméitrias a bhíodh ag déanamh mionsamhlacha airgid de theampall Artaimís agus a chuireadh mórán oibre ar fáil do na ceardaithe. Ghlaoigh sé na ceardaithe sin i gceann a chéile agus na hoibreoirí eile a raibh baint acu leis an ngnó agus labhair sé leo: “A fheara,” ar seisean, “mar is eol daoibh is ar an gceird seo atá ár rathúnas ag brath. Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo–agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad–mar go mbíonn sé dá rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna. Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Artaimís agus go gcaillfidh Artaimís féin a gradam–ban-dia a bhfuil urraim dá tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.” Ar chloisteáil na cainte sin dóibh tháinig confadh buile orthu agus thosaigh siad ag liúireach: “Artaimís na nEifeasach abú.” Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchas, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann. Ba mhian le Pól dul isteach chun an tslua ach ní ligfeadh na deisceabail dó é. Agus cuid de na huachtaráin chúige féin a bhí mór leis, chuir siad scéala chuige dá mholadh dó gan é féin a thaispeáint san amharclann. Bhí duine dá scairteadh seo agus duine eile dá scairteadh siúd; bhí an cruinniú ina chíréib agus gan a fhios ag an bhformhór cad a thug i gceann a chéile iad. Srac siad Alastar amach as an slua, fear a raibh na Giúdaigh dá shá chun tosaigh. Thug Alastar comhartha láimhe dóibh a bheith ina dtost dʼfhonn é féin a chosaint os comhair an tslua. Ach nuair a dʼaithin siad gur Ghiúdach é, thóg siad liú dʼaonghuth: “Artaimís na nEifeasach abú,” agus lean siad de ar feadh dhá uair a chloig. Faoi dheireadh chuir cléireach an bhaile an slua chun suaimhnis agus labhair sé leo: “A mhuintir Eifeasas,” ar seisean, “an bhfuil duine ar bith nach bhfuil a fhios aige gurb í cathair Eifeasas is caomhnóir ar theampall Artaimís Mhór agus ar a híomhá a thit ó neamh? Níl ceist ar dhuine ar bith faoin méid sin. Ní mór daoibh, dá bhrí sin guaim a choinneáil oraibh féin agus gan aon ní meargánta a dhéanamh. Thug sibh na fir seo i láthair gan dia-aithis ná diamhasladh tugtha acu dár mbandia. Dá réir sin má tá aon chúis ag Déiméitrias agus a chuid ceardaithe ar dhuine ar bith, tá cúirteanna ann agus próchonsail agus cuiridís an dlí ar a chéile ansiúd. Ach má tá aon éileamh breise le déanamh agaibh, réiteofar an scéal i dtionól dlíthiúil den phobal. Mar tá baol ann go gcuirfear círéib inár leith tar éis ghnó an lae inniu, agus gan aon chúis againn a dʼfhéadfaimis a thabhairt mar leithscéal ar an gclampar seo.” Nuair a bhí an méid sin ráite aige scoir sé an cruinniú. Nuair a mhaolaigh ar an rírá, chuir Pól fios ar na deisceabail agus tar éis comhairle a thabhairt dóibh dʼfhág sé slán acu agus dʼimigh leis go dtí an Mhacadóin. Nuair a bhí na críocha sin siúlta aige agus mórán spreagtha tugtha aige do na Críostaithe, tháinig sé go dtí an Ghréig agus thug trí mhí ann. Bhí sé ar tí dul ar bord loinge go dtí an tSiria nuair a rinne na Giúdaigh comh-cheilg ina choinne. Chinn sé dá bhrí sin ar dhul ar ais tríd an Macadóin. Chuaigh Sopataer mac Phiorras, Bearóia, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchas agus Seacúndas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Trofamas. Chuaigh siad-san ar aghaidh romhainn agus dʼfhan siad linn i dTróás. Sheolamarna ó Fhilipí i ndiaidh fhéile an tSlimaráin agus faoi cheann cúig lá thangamar chucu go Tróás, agus thugamar seacht lá ann. Nuair a thangamar le chéile tráthnóna an chéad lá den tseachtain chun arán a bhriseadh, thug Pól seanmóir dóibh mar bhí sé le himeacht lá arna mhárach agus lean sé ag caint go dtí meán oíche. Bhí lampaí go leor ar lasadh sa seomra uachtarach ina rabhamar cruinnithe. Bhí ógánach darbh ainm ‘Eotachas’ ina shuí ar leac na fuinneoige agus de réir mar a chuaigh caint Phóil chun fadála thit sé ina chnap codlata agus leis an gcodladh a bhí air thit sé ón tríú hurlár go talamh síos agus nuair a tógadh é bhí sé marbh. Chuaigh Pól síos chuige agus chaith sé é féin air, agus ag breith barróige air, dúirt sé: “Ná bíodh aon bhuairt oraibh! Tá an t-anam ann.” Ansin chuaigh sé in airde arís, bhris an t-arán leo agus chaith sé a chuid. Agus bhí comhrá fada aige leo as sin go maidin. Dʼimigh sé chun siúil ansin. Thug siad-san an buachaill leo agus é go beo beathach, agus sólás thar na bearta orthu. Chuamarna ar aghaidh go dtí an long agus seo chun siúil linn go dtí Asas, áit a rabhamar chun Pól a thógáil ar bord de réir mar a bhí socraithe aige–mar bhí sé féin le dul ann dá chois. Nuair a bhuail sé linn in Asas, thógamar ar bord é agus thángamar go Mitiléiné agus sheolamar linn as sin agus amárach a bhí chugainn bhíomar os comhair Chíos. Sroicheamar Samas an lá dár gcionn agus an lá ina dhiaidh sin bhaineamar amach Miléatas. Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun a bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mbʼfhéidir dó é. Chuir sé scéala ó Mhiléatas go hEifeasas dá bhrí sin dá iarraidh ar sheanóirí na hEaglaise teacht chuige. Agus nuair a bhí siad tagtha chuige, labhair seo leo mar a leanas. “Tá a fhios agaibh an chuma inar chaith mé gach nóiméad fad a bhí mé in bhur measc ón gcéad lá a leag mé cos lánuiríseal dheorach san Áise, go raibh mé i mo sheirbhíseach lándeorach don Tiarna ainneoin gach croise dár rug orm trí chealga na nGiúdach; nár cheil mé oraibh rud ar bith a rachadh chun sochair daoibh ach é a fhógairt agus a theagasc daoibh os comhair an tsaoil agus in bhur dtithe; dʼfhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa. Agus anois, féach, agus mé i mo chime ag an Spiorad táim ag dul suas go hIarúsailéim agus gan a fhios agam céard atá in áirithe dom ann ach amháin go bhfuil an Spiorad Naomh dá dhearbhú dom in gach cathair dá dtéim gur géibheann agus piolóidí atá ann i mo chomhair. Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé. “Tá a fhios agam anois nach bhfeicfidh sibh-se mo ghnúis níos mó, sibh-se go léir ar shiúil mé in bhur measc ag fógairt na Ríochta. Dearbhaím daoibh inniu féin, dá bhrí sin, nach bhfuilim freagrach i bhfuil aon duine riamh agaibh, mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine. Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun a bheith in bhur n-aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola. “Tá a fhios agam nuair a bheidh mise imithe go dtiocfaidh in bhur measc faolchúnna craosacha nach mbeidh trua ná taise don tréad acu. Agus tá daoine agaibh féin a éireoidh agus a thabharfaidh teagasc claon dʼfhonn deisceabail a mhealladh chucu. Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is dʼoíche agus na deora i mo shúile. Fágaim sibh anois faoi choimirce Dé agus bhriathar a ghrásta atá in ann sibh a thógáil suas agus oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an phobail naofa go léir. Níor shantaigh mé ór ná airgead ná éadach le duine ar bith. Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh. Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.” Nuair a bhí an méid sin ráite aige, lig sé é féin ar a ghlúine agus rinne sé guí chun Dé leo go léir. Bhí siad go léir ag gol go fuíoch, iad dá gcaitheamh féin ar bhráid Phóil agus dá mhúchadh le póga. Is é rud a chuir an cumha ar fad orthu, an focal úd a dúirt sé nach bhfeicfidís a ghnúis ní ba mhó. Agus rinne siad é a thionlacan chun na loinge. Dʼfhágamar slán acu agus bhogamar chun bealaigh. Chuamar caol díreach go Cós agus an lá ina dhiaidh sin go Ródas agus as sin go Patara. Fuaireamar long ansiúd a bhí ag dul go dtí an Fhéiníc; chuamar ar bord agus ghluaiseamar chun bealaigh nó gur thángamar i radharc na Cipire. Dʼfhágamar í ar an mbord clé agus sheolamar linn go dtí an tSiria agus chuamar i dtír sa Tuír mar is ansiúd a bhí an bád le díluchtú. Fuaireamar roinnt deisceabal agus dʼfhanamar ann ar feadh seachtaine. Dúirt na deisceabail sin le Pól faoi luí an Spioraid gan dul go hIarúsailéim. Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí, agus dʼfhágamar slán ag a chéile; chuamarna ar bhord na loinge agus chas siad-san ar ais abhaile. Leanamar dár dturas ón Tuír nó gur thángamar go Tolamáíos. Bheannaíomar do na bráithre agus dʼfhanamar acu aon lá amháin. Dʼimíomar linn an lá dár gcionn agus shroicheamar Caesairia. Chuamar isteach i dteach Philib Soiscéalaí, duine den seachtar, agus dʼfhanamar aige. Bhí ceathrar iníonacha aige, maighdeana, a raibh bua na tairngreachta acu. Bhí tamall caite againn i gCaesairia nuair a tháinig fáidh darbh ainm ‘Agabas’ anuas ó Iúdáia. Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, dá rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.” Nuair a chualamar an chaint sin, dʼimpíomar féin agus muintir na háite air gan dul suas go hIarúsailéim. Ach dʼfhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh a bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní hamháin le mo cheangal ach leis an mbás féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.” Nuair nach ndéanfadh sé rud orainn, ní dúramar a thuilleadh ach: “Toil an Tiarna go ndéantar.” Tar éis na laethanta sin, dʼullmhaíomar chun bóthair agus suas linn go hIarúsailéim. Tháinig cuid de na deisceabail ó Chaesairia lenár gcois agus thug siad sinn go dtí teach Mhnasón, seandeisceabal ón gCipir, go mbeimis ar lóistín aige. Ar theacht dúinne go hIarúsailéim, chuir na bráithre na fáiltí geala romhainn agus lá arna mhárach chuaigh Pól ar cuairt linn chuig Séamas. Bhí na seanóirí go léir i láthair. Bheannaigh Pól dóibh agus dʼaithris dóibh tríd síos gach a raibh déanta ag Dia i measc na ngintlithe trína chuid freastail. Agus nuair a chuala siad-san an scéal, thug siad glóir do Dhia dá chionn. Ansin dúirt siad: “Feiceann tú féin, a bhráthair, a liacht míle duine de na Giúdaigh a bhfuil an creideamh glactha acu agus iad go léir dúthrachtach don dlí. Tá scéala faighte acu ort-sa, áfach, go mbíonn tú ag teagasc na nGiúdach go léir a bhfuil cónaí orthu i measc na ngintlithe a gcúl a thabhairt do Mhaois, dá rá leo gan a bpáistí a thimpeallghearradh ná na gnásanna a chleachtadh. Cad atá le déanamh mar sin? Mar níl aon amhras ná go gcloisfidh siad go bhfuil tú tagtha. Dá bhrí sin, déan mar a deirimid leat. Tá ceathrar fear againn anseo a bhfuil móid orthu. Beir leat iad agus déan thú féin a íonghlanadh in éineacht leo agus íoc an costas dóibh le go ndéanfaidh siad a gceann a bhearradh. Beidh a fhios ag cách ansin nach bhfuil aon bhonn lena bhfuil cloiste acu i do thaobh ach go leanann tú féin ag coimeád an dlí. Maidir leis na gintlithe a bhfuil an creideamh glactha acu, chuireamar féin litir chucu dá achtú dóibh staonadh ó bhia íobartha, ó fhuil, ó bhia a tachtadh agus ón bpósadh coil.” Rug Pól na fir leis agus lá arna mhárach, tar éis dó é féin a íonghlanadh in éineacht leo, chuaigh sé isteach sa Teampall ag fógairt an lae a mbeadh tréimhse an íonghlanta thart agus a ndéanfaí an ofráil ar son gach duine acu. Bhí na seacht lá de chóir a bheith críochnaithe nuair a chonaic na Giúdaigh ón Áise sa Teampall é. Thóg siad callán i measc an tslua go léir agus ghreamaigh siad Pól ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc cách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní hamháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.” Is amhlaidh a bhí siad tar éis Trofamas ó Eifeasas a fheiceáil ina theannta sa chathair agus cheap siad go raibh Pól tar éis é a thabhairt isteach sa Teampall. Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach. Bhí siad ag iarraidh Pól a mharú nuair a tháinig scéal chun ceannasaí an díorma go raibh Iarúsailéim ar fad ina círéib. Thug seisean saighdiúirí agus taoisigh chéid leis láithreach agus tháinig ar sodar faoina ndéin. Nuair a chonaic siad an ceannasaí agus na saighdiúirí chucu stad siad de bhualadh Phóil. Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus dʼordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. Dʼfhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige. Thosaigh daoine sa slua dá rá seo agus daoine eile dá rá siúd agus nuair nár éirigh leis aon eolas cinnte a fháil mar gheall ar an ngleo, dʼordaigh sé é a thabhairt isteach sa dún-phort. Nuair a shroich sé na céimeanna bhí an slua chomh fíochmhar sin go raibh sé dá iompar ag na saighdiúirí, mar bhí an slua ar fad ar na sála orthu agus iad ag screadach: “Tóg uainn é.” Agus Pól ar tí a thabhairt isteach sa dún-phort, dúirt sé leis an gceannasaí: “An bhfuil cead agam labhairt leat?” Dʼfhreagair seisean: “An bhfuil Gréigis agat? Ní tú mar sin an tÉigipteach úd a chuir an cheannairc ar bun tamall ó shin agus a sheol na ceithre mhíle de na meirligh amach sa bhfhásach?” “Is Giúdach ó Tharsas na Cilice mé,” dʼfhreagair Pól, “is saoránach de chathair nach suarach mé. Iarraim ort cead a thabhairt dom labhairt leis an slua.” Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus dʼfhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo san Eabhrais mar a leanas. “A bhráithre agus a aithreacha, éistigí lena bhfuil le rá agam chun mo chosanta.” Nuair a chuala siad ag labhairt san Eabhrais é, mʼéirigh siad ní ba chiúine fós. Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Cilice; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailiéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibh-se go léir inniu. Rinne mé géar-leanúint go bás ar an mBealach seo. Bhíodh fir agus mná dá ngabháil agam agus dá gcur i bpríosún. Tá an t-ard-sagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go hIarúsailéim go gcuirfí pionós orthu, ach tharla agus mé ar an tslí ag druidim le Damaisc, timpeall meán lae gur las solas mór ó neamh go tobann i mo thimpeall. Thit mé go talamh agus chuala mé an guth dá rá liom: ‘A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?’ ‘Cé thú féin, a Thiarna?’ arsa mise dá fhreagairt. ‘Is mé Íosa Nazórach atá agat dá ghéarleanúint,’ ar seisean. Iad seo a bhí le mo chois, chonaic siad an solas ach níor chuala siad glór an té a bhí ag caint liom. Dúirt mé ansin: ‘Cad atá le déanamh agam, a Thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh i do sheasamh, lean ort go Damaisc agus inseofar ansin duit gach ní atá ceaptha duit le déanamh.’ Bhí gile an tsolais úd tar éis mé a dhalladh agus rug mo chomrádaithe ar láimh orm agus tháinig mé isteach i nDamaisc. “Bhí fear darbh ainm ‘Anainias’, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann, agus tháinig sé chugam, agus sheas sé os mo chomhair dá rá liom: ‘A Shóil, a bhráthair, bíodh do radharc arís agat.’ Agus ar an spota bhí mo radharc agam arís. Ansin dúirt sé liom: ‘Tá sé ceaptha roimh ré ag Dia ár sinsear duit go mbeidh fios a thola agat, go bhfeicfidh tú an Fíréan agus go gcloisfidh tú glór a bhéil féin. Mar beidh tú i do fhinné aige os comhair an uile dhuine ar a bhfuil feicthe agus cloiste agat. Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.’ “Chuaigh mé ar ais go hIarúsailéim, agus le linn dom a bheith ag guí sa Teampall, thit mé i dtámhnéal agus chonaic mé é agus é dá rá liom: ‘Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise orm-sa.’ ‘Ach, a Thiarna,’ arsa mise leis, ‘nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus dá sciúrsáil? Fiú amháin nuair a bhí fuil do fhinné Stiofán dá doirteadh, bhí mé féin ar an láthair ag toiliú leis agus ag coimeád a n-éadaí do lucht a mharaithe.’ Agus is é a dúirt sé liom: ‘Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.’” Dʼéist an slua leis go dtí go ndúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.” Agus bhí siad ag liúireach, ag croitheadh a gcuid éadaigh agus ag caitheamh deannaigh san aer. Dʼordaigh an ceannasaí é a thabhairt isteach sa dún-phort agus dúirt é a cheistiú faoin lasc féachaint cén fáth a raibh siad ag liúireach mar sin air. Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céid a bhí ansiúd: “An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?” Nuair a chuala an taoiseach céid an méid sin, chuaigh sé go dtí an ceannasaí: “Cad a mheasann tú a dhéanamh?” ar seisean leis, “is saoránach Rómhánach é siúd.” Chuaigh an ceannasaí anonn go Pól. “Inis dom”, ar seisean, “an saoránach Rómhánach thusa.” “Is ea,” arsa Pól. Dúirt an ceannasaí dá fhreagairt: “Is ea, is daor a cheannaigh mé féin an tsaorántacht sin.” “Tá sí agam-sa ó dhúchas,” dʼfhreagair Pól. An mhuintir a bhí chun é a cheistiú, chúlaigh siad uaidh laithreach. Bhí eagla ar an gceannasaí freisin nuair a fuair sé amach gur shaoránach Rómhánach é agus é féin tar éis é a cheangal. Lá arna mhárach, dʼfhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí dá chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an sainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é. Labhair Pól leis an sainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.” Leis sin dʼordaigh Anainias ard-sagart, dóibh sin a bhí ina seasamh in aice leis Pól a bhualadh sa bhéal. Ansin dʼiompaigh Pól air: “Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta,” ar seisean. “An bhfuil tú i do shuí ansin ag tabhairt breithiúnais orm-sa de réir an dlí agus tú féin ag sárú an dlí ag ordú mo bhualadhsa?” An mhuintir a bhí ina seasamh ina aice, dúirt siad le Pól: “An ag tabhairt achasáin don ard-sagart atá tú?” Dʼfhreagair Pól: “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurb é an t-ard-sagart é, mar tá scríofa: ‘Ná habair aon drochní mar gheall ar phrionsa an phobail.’” Nuair a dʼaithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa sainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.” Ní raibh an méid sin ráite aige nuair a mʼéirigh achrann idir na Fairisínigh agus na Sadúcaigh agus bhí an cruinniú scoilte ina dhá chuid, mar go ndeir na Sadúcaigh nach bhfuil aiséirí ann ná aingeal ná spiorad agus creideann na Fairisínigh i ngach ceann acu. Mhéadaigh ar an ngleo, agus mʼéirigh roinnt scríobhaithe de chuid na bhFairisíneach agus thosaigh siad ag maíomh go colgach: “Ní fhaighimid aon locht ar an bhfear seo. Más ea féin gur labhair aingeal nó spiorad leis …” Bhí an t-achrann ag dul chomh mór sin i méid go raibh eagla ar an gceannasaí go sracfaí Pól as a chéile; dá bhrí sin dʼordaigh sé don arm dul síos agus Pól a tharrtháil uathu agus é a thabhairt isteach sa dún-phort. An oíche dár gcionn sheas an Tiarna láimh leis agus dúirt: “Bíodh misneach agat. Faoi mar atá fianaise tugtha agat orm anseo in Iarúsailéim, ní mór duit fianaise a thabhairt ar an gcaoi chéanna sa Róimh freisin.” Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu. Bhí breis agus daichead acu a thug brí na mionn sin le chéile. Ansin chuaigh siad go dtí na hardsagairt agus na seanóirí agus dúirt leo: “Ghabhamar de gheasa orainn féin gan aon ní a bhlaiseadh nó go mbeadh Pól marbh againn. Dá bhrí sin cuirigí sibh-se agus an sainidrín scéala chun an cheannasaí dá iarraidh Pól a chur anuas chugaibh mar dhea gur mhaith libh a chás a fhiosrú ní ba chruinne. Agus beimid-ne réidh chun é a dhíothú sula mbeidh sé tagtha i ngar.” Fuair mac deirféar Phóil cogar scéil an luíocháin, áfach. Chuaigh sé go dtí an dún-phort agus isteach leis ag insint an scéil do Phól. Ghlaoigh Pól ar dhuine de na taoisigh chéid agus dúirt leis: “Tabhair leat an gasúr seo go dtí an ceannasaí mar tá scéala aige le hinsint dó.” Thug sé leis é go dtí an ceannasaí agus dúirt: “Chuir an príosúnach Pól fios orm agus dʼiarr orm an gasúr seo a thabhairt chugat mar go bhfuil rud aige le rá leat.” Rug an ceannasaí ar láimh ar an ngasúr, chuaigh i leataobh leis agus dʼfhiafraigh de: “Cén scéal atá agat le hinsint dom?” “A leithéid seo,” arsa an gasúr, “tá socair ag na Giúdaigh a iarraidh ort-sa Pól a chur síos amárach go dtí an sainidrín, mar dhea gur mhaith leo a chás a scrúdú ní ba chruinne. Ach ná déan-sa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.” Scaoil an ceannasaí an gasúr chun siúil tar éis a rá leis: “Ná hinis do dhuine ar bith gur nocht tú an scéal seo dom.” Chuir sé fios ansin ar bheirt de na taoisigh chéid agus dúirt leo: “Bíodh dhá chéad saighdiúir ullamh agaibh ar an tríú huair anocht chun dul go Caesairia agus seachtó marcach chomh maith agus dhá chéad sleádóir. Agus bíodh beithígh iompair agaibh ar a gcuirfidh sibh Pól agus é a thabhairt slán go dtí an Gobharnóir Féilix.” Agus scríobh sé litir ar an aiste seo a leanas: “Beatha agus sláinte ó Chláidias Lisias chun an Ghobharnóra ró-oirirc Féilix. Bhí beirthe ag na Giúdaigh ar an bhfear seo agus iad ar tí é a chur chun báis nuair a tháinig mé orthu leis an arm; tharrthaigh mé uathu é nuair a fuair mé amach gur shaoránach Rómhánach é. Ansin dʼfhonn a fháil amach cén chúis a bhí acu dá cur ina leith, thug mé chun a sainidrín é. Fuair mé amach gur mar gheall ar phointí áirithe dá ndlí féin a bhí siad dá chúiseamh agus nach raibh aon ní ina choinne a thuillfeadh bás ná príosún. Ach nuair a cuireadh in iúl dom go raibh comh-cheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus dʼordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthair-se.” Rinne na saighdiúirí mar a dúradh leo agus thóg siad Pól agus rug leo san oíche é chomh fada le hAntapatras. Lá arna mhárach tháinig siad ar ais go dtí an dún-phort agus lig do na marcaigh é a thionlacan. Nuair a shroich siad Caesairia, sheachaid siad an litir don ghobharnóir agus thug Pól ar láimh dó chomh maith. Léigh sé an litir agus dʼfhiafraigh cén cúige arbh as dó; agus nuair a fuair sé fios gurbh as an gCilic dó, dúirt sé: “Éistfidh mé leat ar ball nuair a bheidh lucht do chúisithe anseo.” Agus dʼordaigh sé é a chur faoi choimeád i bpréatóiriam Héaróid. Tar éis cúig lá tháinig an t-ard-sagart Anainias anuas go Caesairia, é féin agus cuid de na seanóirí agus abhcóide darbh ainm Teartallas agus thug siad faisnéis don ghobharnóir in aghaidh Phóil. Nuair a glaodh isteach ar Phól, thosaigh Teartallas dá chiontú mar a leanas: “A Fhéilix ró-oirirc, an tsíocháin bhuan a chuir tú faoi réim dúinn agus na leasuithe atá tugtha isteach le barr críonnachta agat ar mhaithe lenár náisiún, fáiltímid rompu i gcónaí agus i ngach áit agus táimid thar a bheith buíoch mar gheall orthu. Ach chun gan an iomad moille a choinneáil ort, impím ort éisteacht linn go ceansa ar feadh tamaillín. Is crá croí dúinn an fear seo; bíonn sé ag cothú mioscaise i measc na nGiúdach ar fud an domhain agus is é an ceann é ar aicme úd na Nazórach. Bhí sé ag iarraidh an Teampall féin a shárú ach rugamar air. Bhí sé dʼaidhm againn breith a thabhairt air de réir ár ndlí féin, ach tháinig Lisias, an ceannasaí, orainn agus neart slua aige agus sciob sé as ár lámha é agus dʼordaigh sé do lucht a chiontaithe dul faoi do bhráid. Má cheistíonn tú féin é sin, féadfaidh tú fios fáth na nithe go léir a chuirimid ina leith seo a fháil uaidh.” Thaobhaigh na Giúdaigh leis, dá rá gur mar sin a bhí. Nuair a sméid an gobharnóir ar Phól chun labhartha, dʼfhreagair sé: “Ós eol dom go bhfuil tusa i do bhreitheamh ar an náisiún seo leis na blianta fada, táim lánsásta mo cheart a phlé. Is féidir duit a dheimhniú duit féin nach bhfuil ann ach dhá lá dhéag ó chuaigh mé suas go hIarúsailéim chun adhradh a dhéanamh, agus ní bhfuair siad mé ag argóint le duine ar bith ná ag corraí an phobail sa Teampall ná sna sionagóga ná ar fud na cathrach. Ná níl aon chruthú acu duit ar na cionta atá siad a chur i mo leith. Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siad-san ‘Aicme’, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe. Agus tá an dóchas céanna as Dia agam atá acu féin, is é sin go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon. Déanaim mo dhícheall sa ghnó seo ar choinsias glan a bheith agam i gcónaí i bhfianaise Dé agus daoine. Tar éis mórán blianta, tháinig mé chun déirc a thabhairt do mhuintir mo chine agus ofrálacha a dhéanamh. Is i mbun an chúraim sin a bhí mé nuair a fuair siad sa Teampall mé. Bhí mé tar éis mʼíonghlanta agus ní raibh slua ná callán ar bith ann. Bhí roinnt Giúdach ann ón Áise, áfach–agus is iad-san ba chóir a bheith anseo os do chomhairse agus cibé gearán a bhí acu orm é a chur i mo leith. Nó abradh an mhuintir seo féin cad é an cion a fuair siad ionam agus mé i mo sheasamh os comhair an tsainidrín, taobh amuigh den aon abairt amháin úd a scread mé amach agus mé i mo sheasamh ina measc: ‘Is i dtaobh aiséirí na marbh atá breith dá tabhairt orm-sa inniu os bhur gcomhair.’” Bhí eolas mós cruinn ag Féilix ar an mBealach agus chuir sé ar cairde iad, dá rá: “Nuair a thiocfaidh Lisias ceannasaí anuas, tabharfaidh mé breith ar bhur gcás.” Dʼordaigh sé don taoiseach céid é a chur faoi choimeád ach cead a chinn a bheith aige agus gan aon duine dá chairde a chosc ar fhreastal a dhéanamh air. Faoi cheann cúpla lá tháinig Féilix agus a bhean Drúsaille in éineacht leis. Giúdach mná ba ea ise. Chuir sé fios ar Phól agus mʼéist sé leis ag cur síos ar chreideamh in Íosa Críost. Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.” San am céanna bhí sé ag súil go dtabharfadh Pól airgead dó. Is chuige sin a chuireadh sé fios go minic air chun a bheith ag caint leis. Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus dʼfhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, dʼfhág Féilix Pól i bpríosún. Trí lá tar éis dʼFhéastas teacht chun an chúige chuaigh sé suas ó Chaesairia go hIarúsailéim. Rinne na hardsagairt agus ceannairí na nGiúdach a ngearán leis in aghaidh Phóil, agus dʼiarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go hIarúsailéim, mar bhí luíochán dá dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí. Ach dʼfhreagair Féastas go raibh Pól faoi choimeád i gCaesairia agus go mbeadh sé féin ag dul ar ais ann gan mhoill. “Agus,” ar seisean, “tagadh daoine údarásacha agaibh síos in éineacht liom agus má tá aon ní bunoscionn leis an duine, cúisídís é.” Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Caesairia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus dʼordaigh Pól a thabhairt isteach. Nuair a tháinig sé i láthair, sheas na Giúdaigh a bhí tagtha anuas ó Iarúsailéim ina thimpeall agus thosaigh ag cur mórán cionta troma ina leith, nithe nár fhéad siad a chruthú. Dúirt Pól mar chosaint air féin: “Níl coir ar bith déanta agam in aghaidh dhlí na nGiúdach ná in aghaidh an Teampaill ná in aghaidh Chaesair.” Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: “An mbeifeá sásta dul suas go hIarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?” Ach dúirt Pól: “Táim i mo sheasamh os comhair bhinse Chaesair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith. Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Caesar.” Ansin, tar éis dó dul chun cainte lena chomhairle, dʼfhreagair Féastas agus dúirt: “Ó ghairm tú Caesar, is go Caesar a rachaidh tú.” Nuair a bhí roinnt laethanta curtha díobh acu, tháinig an rí Aigripe agus Beirnicé anuas go Caesairia ag fáiltiú roimh Fhéastas agus thug siad mórán laethanta ann. Chuir Féastas scéal Phóil faoi bhráid an rí. “Tá fear anseo,” ar seisean, “a dʼfhág Féilix ina dhiaidh i bpríosún. Fad a bhí mé in Iarúsailéim rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach gearán liom ina thaobh agus dʼiarr é a dhaoradh. Dúirt mé leo nach é béas na Rómhánach é aon chúisí a thabhairt suas sula ndéanfaí a chúiseoirí a thabhairt os a chomhair agus caoi a bheith aige é féin a chosaint ar an gcúiseamh. Tháinig siad anseo liom dá bhrí sin agus, gan aon mhoill a dhéanamh, shuigh mé fúm i mo shuí breithimh lá arna mhárach agus dʼordaigh mé an duine a thabhairt isteach. Ach nuair a mʼéirigh lucht a chúisithe níor chuir siad ina leith aon drochchoir dá raibh coinne agam léi. Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól a bhí beo. Nuair nach raibh aon bhreith agam-sa ar na cúrsaí sin a iniúchadh, dʼfhiafraigh mé de ar mhaith leis dul go hIarúsailéim agus a thriail a sheasamh ann fúthu. Ach is é a mʼéiligh Pól go gcuirfí faoi choimeád é nó go bhféachfadh an t-impire a chúis. Dʼordaigh mé é a choinneáil i bpríosún go dtí go gcuirfínn ag triall ar Chaesar é.” Dúirt Aigripe le Féastas: “Ba mhaith liom féin an fear seo a chloisteáil.” “Cloisfidh tú amárach é,” ar seisean. Lá arna mhárach tháinig Aigripe agus Beirnicé faoi lánmhustar agus ghluais siad isteach i halla na dála, agus ceannasaithe an airm agus maithe na cathrach in éineacht leo. Ar ordú ó Fhéastas tugadh Pól isteach. Ansin labhair Féastas agus dúirt: “A rí Aigripe agus sibh-se go léir atá i láthair farainn, feiceann sibh an fear seo ar tháinig na Giúdaigh go léir ina slua chugam in Iarúsailéim agus anseo freisin agus iad ag screadach nár cheart é a bheith beo a thuilleadh. Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t-impire, tá socair agam é a chur chuige. Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é–agus chugatsa go háirithe, a rí Aigripe–i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh. Mar ba mhíréasúnta mar ghnó é, dar liom, príosúnach a sheoladh gan na cionta ina choinne a chur in iúl chomh maith.” Ansin dúirt Aigripe le Pól: “Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.” Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar a leanas: “Is maith an bhail orm dar liom, a rí Aigripe, gur i do láthair-se atáim do mo chosaint féin inniu ar a bhfuil de chionta dá gcur i mo leith ag na Giúdaigh, mar go bhfuil sáreolas agat-sa ar nósanna uile na nGiúdach agus ar a gcuid conspóidí. Achainím ort dá bhrí sin éisteacht go foighneach liom. “Tá a fhios ag na Giúdaigh go léir an chuma ar chaith mise mo shaol ó mʼóige, mar gur i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim a mhair mé ó thús. Tá a fhios acu le fada, dá mba áil leo é a dhearbhú, gur mhair mé mar Fhairisíneach riamh anall, ag cloí leis an aicme ba dhéine dár gcreideamh. Agus is mar gheall ar an dóchas atá agam leis an ngealltanas a thug Dia dár sinsir atáim ar mo thriail anseo anois. Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus dʼoíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáim-se do mo chiontú ag na Giúdaigh. Cén fáth gur dochreidte libh-se mar scéal é go dtógann Dia na mairbh? “Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazórach. Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís dá gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne. Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg dá gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin. “Sin é an gnó a bhí do mo thabhairt go Damaisc le cead agus le húdarás na n-ard-sagart nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois. Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth dá rá liom san Eabhrais: ‘A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.’ ‘Cé thú féin, a Thiarna?’ arsa mise. Agus dúirt an Tiarna: ‘Is mé Íosa atá agat dá ghéarleanúint. Ach éirigh i do sheasamh ón talamh, mar is chuige seo a thaispeain mé mé féin duit chun go ndéanfainn seirbhíseach dom féin díot agus go mbeifeá i do fhinné agam ar a bhfuil feicthe agat díom agus ar a bhfeicfidh tú ar ball. Tabharfaidh mé slán thú ó do phobal féin agus ó na gintlithe mar is chucusan atáim do do chur chun a súile a oscailt le go n-iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas ina bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ “Dá chionn sin, a rí Aigripe, ní dhearna mé neamhshuim den fhís ó neamh, ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dhúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, dʼfhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí. Sin é an fáth a raibh na Giúdaigh ag iarraidh mé a mharú, tar éis dóibh breith orm sa Teampall. Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní dá rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach: nárbh fholáir don Chríost fulaingt agus solas a fhógairt don phobal agus do na gintlithe trí bheith ar an gcéad duine a mʼéireodh ó mhairbh.” Bhí Pól dá chosaint féin mar sin nuair a dúirt Féastas in ard a ghutha: “Tá tú as do mheabhair, a Phóil! An iomad den léann atá do do thiomáint as do mheabhair.” Dʼfhreagair Pól é: “Nílim as mo mheabhair, a Fhéastas ró-oirirc,” ar seisean, “níl sa chaint atá dá rá agam ach an fhírinne lom. Tuigeann an rí na cúrsaí seo agus sin é an fáth a bhfuilim ag labhairt go neamh-bhalbh ina fhianaise. Táim cinnte de nach bhfuil aon chuid den ghnó seo ag imeacht gan a fhios air mar ní i gclúid a tharla sé. An gcreideann tusa na fáithe, a Rí Aigripe? Tá a fhios agam go gcreideann tú.” Dúirt Aigripe le Pól: “Is beag nach n-áitíonn tú orm a bheith i mo Chríostaí.” “Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáim-se–ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.” Ansin mʼéirigh an rí agus an gobharnóir agus Beirnicé agus an mhuintir a bhí ina suí leo, agus ar dhul amach dóibh bhí siad ag caint le chéile, dá rá: “Níl aon ní déanta ag an bhfear sin a thuillfeadh bás ná braighdeanas dó.” Agus dúirt Aigripe le Féastas: “Dʼfhéadfaí an fear sin a scaoileadh saor mura mbeadh gur ghairm sé Caesar.” Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céid darbh ainm Iúil, de dhíorma an impire. Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt ar feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchas, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn. An lá dár gcionn chuamar i dtír i Siodón, agus bhí Iúil chomh lách sin le Pól gur lig sé dó dul ag fiosrú a chairde agus iad a dhéanamh cúraim de. Chuireamar chun siúil ón áit sin agus toisc an ghaoth a bheith inár gcoinne sheolamar ar thaobh na fothana den Chipir agus ansin trasna na farraige amach ón gCilic agus ó Phaimfilia nó gur thángamar i dtír i Míora i gcúige na Licia. Fuair an taoiseach céid long as Cathair Alastair ansiúd a bhí ag triall ar an Iodáil, agus chuir sé sinn ar bord inti. Ba bheag an siúl a bhí fúinn ar feadh mórán laethanta, agus ba é ár ndícheall é Cniodas a bhaint amach agus nuair nach ligfeadh an ghaoth dúinn dul ar aghaidh, sheolamar linn faoi thaobh na fothana den Chréit amach ó Shalmónae; ag coinneáil go dlúth leis an gcósta dúinn, agus ba le dua é, bhaineamar áit amach darbh ainm ‘na Cuanta Áille’, áit atá i ngar do chathair Lasáia. Bhí mórán aimsire curtha amú againn faoin am seo: bhí Lá an Troscaidh thart agus níorbh iontaoibh feasta leanúint den turas. Más ea thug Pól foláireamh dóibh dá rá: “Feictear dom-sa, a fheara, go bhfuil tubaiste i ndán don turas seo agus go ndéanfar díobháil mhór ní hamháin don long agus don lasta ach dúinn féin chomh maith.” Ach ba mhó an aird a thug an taoiseach céid ar an bhfear stiúrach agus ar an gcaptaen ná ar chaint Phóil. Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinics a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann–cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh. Nuair a mʼéirigh gaoth bhog aneas, mheas siad go raibh rite leo; thóg siad an t-ancaire agus chun bealaigh leo cois chósta na Créite. Ach níorbh fhada gur éirigh anfa gaoithe–an ghaoth anoir aduaidh mar a ghlaotar uirthi–agus í ag séideadh ón talamh. Nuair a rugadh ar an long agus nárbh fhéidir a ceann a choinneáil le gaoth, ghéilleamar agus dʼimíomar le sruth. Ritheamar faoi scáth oileáin bhig darbh ainm Caúda agus mʼéirigh linn bád na loinge a fheistiú ar éigean. Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa tSirtis, lig siad anuas na seolta agus dʼimigh le sruth ar an gcuma sin. An lá dár gcionn bhí an stoirm dár ngreadadh go dona agus thosaigh siad ag caitheamh an lasta thar bord agus an lá ina dhiaidh sin theilg siad trealamh na loinge amach lena lámha féin. Ar feadh mórán laethanta ní raibh grian ná réalta le feiceáil ach an t-anfa dár ngreadadh go dian agus gan súil ar bith againn go dtiocfaimis slán. Faoin am seo bhí siad tamall fada gan bia a chaitheamh agus mʼéirigh Pól ina lár agus dúirt: “Dá mbʼáil libh mo chomhairle-se a ghlacadh, a fheara, agus gan corraí as an gCréit, ní tharlódh an dochar ná an díobháil seo daoibh. Ar a shon sin impím anois oraibh misneach a bheith agaibh mar ní chaillfear duine ar bith agaibh ach an long amháin. Mar anocht féin sheas le mo thaobh aingeal ón Dia ar leis mé agus a bhfuilim ag seirbhís dó, agus dúirt sé liom: ‘Ná bíodh eagla ort, a Phóil, mar ní foláir duit-se seasamh os comhair Chaesair, agus a bhfuil de dhaoine ag taisteal leat, féach, tá siad bronnta suas ort ag Dia.’ Bíodh misneach agaibh dá bhrí sin, a fheara, mar go gcreidimse i nDia go dtitfidh gach ní amach mar a dúradh liom é, agus go bhfuil i ndán dúinn go gcaithfear i dtír sinn in oileán éigin.” Nuair a tháinig an ceathrú hoíche dhéag bhíomar fós ag imeacht le gaoth i Muir Aidria, ach faoi lár na hoíche bhraith na mairnéalaigh go raibh talamh ag druidim leo. Nuair a thomhais siad an doimhneas fuair siad go raibh sé fiche feá; agus nuair a thomhais siad arís tar éis tamaill bhig eile ní raibh sé ach a cúig déag. Agus ar eagla go gcaithfí ar na carraigeacha sinn chuir siad ceithre ancaire amach as deireadh na loinge agus iad ag guí go ngealfadh an lá. Bhí na mairnéalaigh ag faire ar theitheadh as an long agus scaoil siad an bád isteach sa bhfarraige mar dhea go raibh siad chun ancairí a ligean amach as tosach na loinge. Labhair Pól leis an taoiseach céid agus leis na saighdiúirí: “Mura bhfanann siad-san ar bord,” ar seisean, “ní féidir daoibhse teacht slán.” Ansin ghearr na saighdiúirí téada an bháid agus lig di titim isteach sa bhfarraige. Le breacadh an lae dʼiarr Pól orthu go léir bia a chaitheamh. “Tá sibh ar bior le ceithre lá dhéag anois ar troscadh gan greim bia a chaitheamh,” ar seisean. “Molaim daoibh dá bhrí sin bhur gcuid a chaitheamh, mar tá bhur slánú ag brath air. Mar ní chaillfear ribe gruaige as ceann aon duine agaibh.” Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise cách, bhris an t-arán agus chrom ar é a ithe. Ghlac siad go léir misneach ansin agus chaith siad béile. Bhí dhá chéad seachtó a sé againn ar fad ar bhord na loinge. Nuair a bhí a ndóthain ite acu, thosaigh siad ag caitheamh an arbhair isteach sa bhfarraige dʼfhonn an long a éadromú. Nuair a gheal an lá níor aithin siad an tír ach thug siad faoi deara cuan a raibh trá ann agus chinn siad ar an long a thiomáint i dtír ann dá mbʼfhéidir. Más ea, scaoil siad leis na hancairí agus dʼfhág iad sa bhfarraige; lena linn sin bhog siad ceangail na stiúrach, chroch an seol mór chun na gaoithe agus thug aghaidh ar an trá. Ach tharla siad ar oitir ghainimh agus chuaigh an long i dtalamh ann. Chuaigh a tosach i bhfostó go docht agus dʼfhan ann gan corraí aisti fad a bhí a deireadh dá réabadh ina smidiríní le fórsa na dtonnta. Chinn na saighdiúirí ar na príosúnaigh a mharú le heagla go snámhfadh aon duine acu i dtír agus éalú leis. Ach ní cheadódh an taoiseach céid dóibh an beart seo a chur i gcríoch mar gur theastaigh uaidh Pól a thabhairt slán. Dʼordaigh sé don mhuintir a raibh snámh acu léim isteach sa bhfarraige ar dtús agus dul i dtír agus an chuid eile a leanúint ar chláracha adhmaid agus ar phíosaí de bhruscar na loinge. Tharla ar an gcuma sin go ndeachaigh gach duine i dtír go slán sábháilte. Nuair a bhíomar slán i dtír fuaireamar amach gurbh é ‘Málta’ ainm an oileáin. Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; dʼfháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar. Bhailigh Pól gabháil bhrosna agus nuair a chaith sé sa tine í léim nathair nimhe amach leis an teas agus ghreamaigh dá láimh. Nuair a chonaic na hoileánaigh an phéist ag sileadh óna lámh dúirt siad lena chéile: “Is dún-mharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag ligean a anama leis.” Chroith Pól an phéist uaidh isteach sa tine gan díth ná dochar air. Bhí coinne acu siúd go n-atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh a bheith ag feitheamh agus ag faire ar feadh i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur dhia a bhí ann. I gcomharsanacht na háite sin bhí fearann ag ceann urra an oileáin, fear darbh ainm ‘Puiblias’. Dʼfháiltigh seisean romhainn agus chuir cóir orainn go fial ar feadh trí lá. Tharla go raibh athair Phuiblias ina luí le fiabhras agus an dinnireacht ag cur air. Chuaigh Pól isteach dá fheiceáil agus tar éis dó guí a dhéanamh ar a shon, leag sé a lámha air agus leigheas é. Ní túisce a tharla sin ná a tháinig chuige gach uile dhuine eile ar an oileán a raibh éagruas orthu agus leigheasadh iad. Is iomaí comhartha ómóis a thug siad dúinn agus nuair a bhíomar ag imeacht chuir siad ar bord chugainn gach a raibh de dhíth orainn. Tar éis trí mhí ghluaiseamar chun siúil i long as Cathair Alastair a raibh an geimhreadh caite san oileán aici agus í faoi mheirge an Chúpla. Chuamar i dtír i Sioracús agus thugamar trí lá ann. Rinneamar timpeall as sin go Réigiam. An lá dár gcionn mʼéirigh an ghaoth aneas agus i gcionn dhá lá bhaineamar amach Puiteoilí. Fuaireamar roinnt bráithre romhainn ansiúd agus dʼiarr siad orainn seachtain a thabhairt ina bhfochair. Agus thángamar chun na Róimhe mar sin. Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n-araicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Thábhairne. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach. Ar theacht chun na Róimhe dúinn fuair Pól cead fanacht ina lóistín féin le saighdiúir dá choimeád. Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh bhéasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé. Scrúdaigh siad-san mé agus nuair nach raibh aon chúis orm a thuillfeadh an bás, bheartaigh siad mé a scaoileadh saor. Ach chuir na Giúdaigh ina gcoinne agus bʼéigean dom-sa Caesar a ghairm, agus ní hé go raibh aon ní agam le cur i leith mo chine féin. Is é fáth gur iarr mé sibh-se a fheiceáil agus labhairt libh de bhrí gur mar gheall ar dhóchas Iosrael atá an slabhra seo orm-sa.” Dúirt siad-san leis: “Ní bhfuaireamarna litir ar bith i do thaobh ó Iúdáia, ná níor thug aon neach dár mbráithre a tháinig an treo droch-scéal ná drochthuairisc chugainn mar gheall ort. Ba mhaith linn, áfach, do thuairimí féin a chloisteáil mar níl dʼeolas againn ar an aicme seo lena mbaineann tú ach go bhfuiltear ag cur ina coinne go forleathan.” Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt a fhios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar Ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe. Chuaigh a chuid cainte ina luí ar chuid acu ach bhí cuid eile acu nach ngéillfeadh dó. Bhí easaontas eatarthu agus iad ag imeacht agus is é a dúirt Pól leo mar fhocal scoir: “Is maith mar a labhair an Spiorad le bhur n-aithreacha trí bhéal Íseáia fáidh nuair a dúirt sé: ‘Téigh go dtí an pobal seo agus abair seo leo: Éistfidh sibh go deimhin ach ní thuigfidh sibh, féachfaidh sibh go deimhin ach ní fheicfidh sibh, Mar tá croí an phobail seo éirithe dúr, agus lena gcluasa is mall a éisteann siad, agus dhún siad a súile, ar eagla go bhfeicfidís lena súile agus go gcloisfidís lena gcluasa agus go dtuigfidís lena gcroí agus go n-iompóidís chugam-sa agus go leigheasfainn iad.’ “Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé dá sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siad-san leis.” Nuair a bhí an méid sin ráite aige, dʼimigh na Giúdaigh uaidh amach, agus aighneas mór acu eatarthu féin. Dʼfhan sé ar feadh lán dhá bhliain sa lóistín a bhí ar cíos aige, agus gach ar tháinig ag triall air chuir sé fáilte rompu. Lean sé air ag fógairt Ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige dá theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air. Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun a bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé. An dea-scéal seo, a gheall Dia roimh ré trína chuid fáithe sna scríbhinní naofa, is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví: ach sa mhéid gurb é spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh. Is trídsean a fuair mise grásta an aspail chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile. Orthusan chomh maith tá sibh-se a bhfuil glaoite oraibh chun a bheith ina sheilbh ag Íosa Críost. Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun a bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Ar dtús gabhaim buíochas le mo Dhia trí Íosa Críost mar gheall oraibh uile de bhrí go bhfuil iomrá ar bhur gcreideamh ar fud an domhain go léir. Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó mʼanam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i mʼurnaithe i gcónaí, agus ag achainí air go n-éireoidh liom ar dhóigh éigin teacht chugaibh ar cuairt faoi dheireadh thiar le deonú Dé. Mar is fada liom go bhfeicfidh mé sibh chun tíolacadh éigin spioradálta a roinnt libh dʼfhonn sibh a neartú, is é sin, go bhfaighinn, solas in bhur measc ón gcreideamh atá agaibh-se agus agam-sa araon le chéile. Ní háil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo. Tá an dualgas céanna orm i leith Gréagach agus i leith barbar, i leith saoithe agus i leith daoithe. Sin é faoi deara fonn a bheith orm an dea-scéal a fhógairt daoibhse freisin atá sa Róimh. Óir ní náir liom an dea-scéal, mar is é cumhacht Dé é chun slánú a thabhairt do chách a chreideann ann, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach chomh maith, mar is ann atá fíréantacht Dé dá foilsiú ó chreideamh go creideamh, de réir mar atá scríofa: “Ar chreideamh is ea a mhairfidh an fíréan.” Tá fearg Dé dá foilsiú ó neamh in aghaidh éagráifeacht agus urchóid uile na ndaoine úd atá ag coinneáil na fírinne i ngéibheann lena gcuid urchóide. Óir tá a bhfuil le foghlaim faoi Dhia soiléir dóibh de bhrí gur nocht Dia féin dóibh é. Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe–a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht–le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu, mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu. Agus iad ag maíomh gur lucht gaoise iad féin, dʼimigh siad le baois; mhalartaigh siad glóir an Dé neamhbhásmhair ar íomhánna a raibh cló an duine bhásmhair orthu nó cló éanlaithe nó ainmhithe nó péisteanna. Sin é an fáth ar thug Dia suas iad don mhígheanmnaíocht de réir ainmhianta a gcroí, sa tslí gur thug siad tarcaisne dá gcoirp eatarthu féin. Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Áiméan. Sin é an fáth ar thug Dia suas do phaisin mhínáireacha iad; mhalartaigh a gcuid ban an taithí nádúrtha ar thaithí mhínádúrtha; agus mar an gcéanna do na fir: thréig siad taithí nádúrtha ban agus las siad le dúil ina chéile, sa tslí go mbíodh fir ag cleachtadh míghnímh le fir agus ag fáil dóibh féin an chúitimh a bhí tuillte ag a gcuid seachráin. Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n-aithne, dʼfhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí; bíonn siad líonta den uile shórt urchóide agus mallaitheachta agus sainte agus mailíse; agus bíonn siad lán den fhormad, den dún-mharú, den achrann, den chealg agus den mhioscais; bíonn siad cúlchainteach, béadánach agus bíonn fuath acu do Dhia; bíonn siad uaibhreach, sotalach, maíteach, droch-bheartach agus easumhal do thuismitheoirí; bíonn siad gan tuiscint gan tairise, gan taise gan trua. Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfaidh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta. Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agat-sa, a dhuine, is cuma cé thú féin, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá tú a dhaoradh, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna. An breithiúnas, áfach, a thugann Dia ar dhaoine a dhéanann a leithéidí sin, tá a fhios againn go mbíonn sé de réir na fírinne. Ach tusa, a dhuine, a bhíonn ag tabhairt breithe ar na daoine a dhéanann na nithe sin, an é a mheasann tú go n-éalóidh tú ó bhreithiúnas Dé agus tú féin dá ndéanamh chomh maith leo? Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé? Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithríoch tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lá úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé, a chúiteoidh le cách de réir a ghníomhartha. An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus ar onóir agus ar mharthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí; fearg agus fraoch áfach atá i ndán do lucht na míréire a dhiúltaíonn don fhírinne agus a ghéilleann don urchóid. Is ea, beidh ainnise agus anacair ar gach daonnaí a dhéanann an t-olc, ar an nGiúdach ar dtús agus ar an nGréagach chomh maith. Ach glóir agus onóir agus síocháin a bheidh ag cách a dhéanann an mhaith, ag an nGiúdach ar dtús agus ag an nGréagach chomh maith, mar ní thaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile. Gach duine dá ndearna peaca gan a bheith faoi réir an dlí caillfear é gan an dlí a chur san áireamh. Ach aon duine dá ndearna peaca agus é faoi réir an dlí, is de réir an dlí a thabharfar breith air. Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar. Gintlithe nach bhfuil an dlí acu, gach uair dá gcomh-líonann siad forálacha an dlí ó nádúr is dlí dóibh féin iad ainneoin nach bhfuil an dlí acu. Taispeánann siad go bhfuil éirím an dlí greanta ar an gcroí. Agus mar fhianaise bhreise acu tá a gcoinsias féin agus a gcuid plé le chéile de réir mar a bhíonn siad dá chiontú seo nó dá chosaint siúd, an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost. Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat; agus, de bhrí go mbíonn tú do do theagasc ag an dlí, go n-aithníonn tú na nithe is fiúntaí; má tá tú cinnte de, mar sin, gur giolla do na daill thú agus solas don mhuintir atá sa dorchadas, gur tú oide na n-ainbhiosán agus múinteoir na naíonán mar go bhfuil corp an eolais agus na fírinne agat sa dlí– tusa, más ea, a bhíonn ag múineadh an fhir thall, nach múinfeá thú féin? Bíonn tú ag fógairt gan goid a dhéanamh, ach an mbíonn tú féin ag goid? Bíonn tú dá rá gan adhaltranas a dhéanamh, ach an ndéanann tú féin adhaltranas? Is fuath leat na híola, ach an gcreachann tú a dteampaill? Bíonn tú maíteach as an dlí ach an dtugann tú tarcaisne do Dhia tríd an dlí a bhriseadh? Mar de réir an scrioptúir: “Is sibh-se faoi deara ainm Dé a bheith dá mhaslú i measc na ngintlithe.” Is tairbheach é an timpeall-ghearradh go deimhin má choimeádann tú an dlí, ach más duine thú a bhriseann an dlí is cuma do thimpeallghearradh a bheith ann nó as. Ar an taobh eile de, an fear nach bhfuil timpeallghearrtha ach a choimeádann reachtanna an dlí, nach n-áireofar é siúd nach bhfuil timpeallghearrtha mar dhuine atá? Go deimhin an té atá gan timpeall-ghearradh na colainne, má chomh-líonann sé an dlí tabharfaidh sé daorbhreith ort-sa a bhíonn ag sárú an dlí dʼainneoin cód scríofa agus timpeall-ghearradh a bheith agat. Mar ní fíor-Ghiúdach an té atá ina Ghiúdach ar an taobh amuigh, ná ní fíor-thimpeallghearradh an marc lasmuigh ar an gcolainn. Ní hea, ach is é is fíor-Ghiúdach ann an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh; agus is é is fíor-thimpeallghearradh ann, timpeall-ghearradh an chroí nach sa litir ach sa spiorad atá. Ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheann a leithéid siúd moladh. Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach mar sin? Nó cad é an tairbhe dó an timpeall-ghearradh? Tá tairbhe mhór ann ar gach slí. Ar an gcéad dul síos is faoi chúram na nGiúdach a cuireadh ráite Dé. Má bhí féin cuid acu mí-dhílis, an gcuirfidh a mídhílseacht sin dílseacht Dé ar ceal? Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.” Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? (i dtéarmaí an duine atáim ag caint). Níl ná éagórach, mar dá mbeadh conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan? Mar sin féin, má dhéanann mo chuid éithighse fírinne Dé a mhéadú agus cur lena glóir, cén fáth a dtugtar breith pheacaigh fós orm? Mar an amhlaidh a “dhéanfaimis an t-olc chun go dtiocfadh an mhaith as”, teagasc a chasann daoine áirithe linn mar mhilleadh ar ár gclú. Is maith atá an daoradh tuillte acu siúd. Cad atá le rá mar sin? An fearr an bhail atá orainne ná mar atá orthu-san? Ní fearr ar chor ar bith, mar chuireamar i leith Giúdach agus Gréagach cheana féin go bhfuil siad uile faoi smacht an pheaca de réir mar atá scríofa: Níl a oiread agus aon fhíréan amháin fágtha; Níl duine ann a bhfuil tuiscint aige ná duine a bhfuil lorg aige ar Dhia. Tá siad uile imithe ar seachrán agus chun fáin le chéile. Níl a oiread agus aon duine amháin a dhéanann an mhaith. Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh; caint chealgach a bhíonn ar a dteanga agus nimh nathracha faoina mbeola, agus a mbéal lán dʼeascainí agus de bhinb. Is lúfar a gcosa chun fuil a dhoirteadh. Eirleach agus ainnise atá ar an mbóthar a ghabhann siad, ach bóthar na síochána ní aithnid dóibh, ná níl eagla Dé os comhair a súl. Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfear gach béal ina thost agus go mbeidh an domhan go léir freagrach do Dhia. Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomh-líonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí. Anois, áfach, tá fíréantacht Dé arna nochtadh gan spleáchas leis an dlí ach go bhfuil an dlí agus na fáithe ina bhfianaise uirthi. Trí chreideamh in Íosa Críost téann fíréantacht seo Dé i gcion ar an uile dhuine a bhfuil an creideamh aige. Níl aon dealú ann, mar tá an peaca déanta acu uile agus iad uile in uireasa ghlóir Dé; fíréanaítear in aisce lena ghrásta iad de bharr na fuascailte atá in Íosa Críost, an té ar leag Dia amach dó a bheith in shás peacaí a ghlanadh lena chuid fola ach creideamh a bheith ann, chun fíréantacht Dé a thaispeáint agus a rá gur lig sé thairis le barr a fhoighne na seanpheacaí a bhí déanta; agus lena thaispeáint san am i láthair chomh maith go bhfuil sé fíréanta ann féin agus go bhfíréanaíonn sé gach duine a bhfuil a chreideamh in Íosa aige. Cá bhfuil do chuid mórála, mar sin? Tá an doras dúnta uirthi. Agus cad é an saghas dlí a dhún an doras uirthi? Dlí na n-oibreacha an ea? Ní hea go deimhin, ach dlí an chreidimh. Mar is é ár mbreith gur trí chreideamh a fhíréanaítear duine gan spleáchas dʼoibreacha an dlí. Nó an leis na Giúdaigh amháin Dia? Nach leis na págánaigh chomh maith é? Go deimhin is leis na págánaigh chomh maith é, mar níl ann ach an t-aon Dia amháin agus fíréanóidh sé an mhuintir thimpeallghearrtha mar gheall ar a gcreideamh agus an mhuintir gan timpeall-ghearradh trína gcreideamh chomh maith. An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid. Cad a déarfaimid, mar sin, faoi Abrahám, ár sinsear de réir na feola? Más mar gheall ar a ghníomhartha a fíréanaíodh Abrahám, tá cúis mhórála aige, ach ní i bhfianaise Dé é, mar cad é seo a deir an scrioptúr: “Chreid Abrahám Dia agus áiríodh é sin mar fhíréantacht aige.” Nuair a dhéanann duine píosa oibre ní mar aisce a áirítear a thuarastal ach mar cheart. An duine, áfach, nach ndéanann aon ní ach creidiúint sa té a fhíréanaíonn an t-éagráifeach, áirítear a chreideamh mar fhíréantacht aige. Ar an gcuma chéanna go díreach tráchtann Dáiví ar aoibhneas an duine ag a n-áiríonn Dia fíréantacht gan spleáchas do ghníomhartha: Is aoibhinn dóibh siúd ar maitheadh a gcionta dóibh agus ar clúdaíodh a bpeacaí. Is aoibhinn don duine nach gcuireann an Tiarna a pheaca ina leith. An do mhuintir an timpeallghearrtha an t-aoibhneas seo nó fós don mhuintir atá gan timpeall-ghearradh? Táimid a rá “gur áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht ag Abrahám”. Ach conas a áiríodh? Tar éis a thimpeallghearrtha nó sular timpeall-ghearradh é? Ní tar éis a thimpeallghearrtha é ach roimhe sin, mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeall-ghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamh-thimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n-áirítear an fhíréantacht dá bharr; agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeall-ghearradh é. Ní mar gheall ar aon dlí a gealladh dʼAbrahám ná dá shliocht go mbeadh sé ina oidhre ar an domhan ach mar gheall ar fhíréantacht chreidimh. Mar, más iad na daoine atá i dtaobh leis an dlí is oidhrí, tá an creideamh gan bhrí agus an gealltanas gan éifeacht. Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach a oiread. Is ó chreideamh é dá bhrí sin, ionas go mbeadh an gealltanas le fáil saor in aisce, agus go mbeadh éifeacht aige do shliocht iomlán Abrahám, ní hamháin don chuid sin atá i dtaobh leis an dlí ach fós don chuid atá i dtaobh le creideamh Abrahám, an té is athair dúinn go léir de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i dʼathair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn na nithe nach bhfuil ann ar nós na nithe atá ann. Agus gan aon ábhar dóchais aige, chreid sé go dóchasach go mbeadh sé ina athair ar mhórán náisiún de réir mar a bhí ráite: “Amhlaidh sin a bheidh do shíol.” Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin–bhí sé ag tarraingt ar an gcéad–agus ar bhroinn mharbh Shárá. Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia mar go raibh sé lánchinnte de go bhféadfadh Dia a raibh geallta aige a chur i gcríoch. Sin é an fáth ar “áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht aige”. Agus ní ina thaobh sin amháin a scríobhadh na focail seo: “Áiríodh mar fhíréantacht aige é” ach inár dtaobh-na chomh maith. Mar áireofar mar fhíréantacht againne é, de bhrí go gcreidimid sa té a thóg ó mhairbh Íosa ár dTiarna, a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe. Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus ní hamháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid, agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine. Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin–is ea, bʼfhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh. Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé? Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t-athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha? Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t-athmhuintearas sin anois dúinn. Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht. Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost. Agus ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an toradh a bhí ar pheaca an duine aonair é: tháinig breithiúnas an daortha as coir aonair, ach is as coireanna iomadúla a tháinig tabhartas an tsaortha. Más trí choir an aon duine amháin a tháinig an bás i réim tríd an aon duine amháin, is mó go mór ná sin a bheidh réimeas na beatha tríd an aon duine amháin Íosa Críost, acu siúd a fhaigheann flúirse den ghrásta agus de thabhartas na fíréantachta. Dá réir sin, faoi mar a tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin. Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin. Agus tháinig an dlí isteach chun méadú ar an gcoir ach an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta, ionas, mar a tháinig an peaca i réim tríd an mbás, go dtiocfadh an grásta i réim tríd an bhfíréantacht chun na beatha síoraí trí Íosa Críost ár dTiarna. Cad a déarfaimid mar sin? An leanfaimid den pheaca chun go méadóidh ar an ngrásta? Nár lige Dia sin! Sinne a fuair bás mar leis an bpeaca, conas a mhairfimid fós ann? Nó an é nach dtuigeann sibh, gach duine againn a baisteadh in Íosa Críost, gur ina bhás a baisteadh é. Go deimhin comhadhlacadh sinn sa bhás leis tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlóimisne freisin i mbeatha úrnua, faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí ghlóir an Athar. Mar má táimid aontaithe leis trí mhacasamhail a bháis beimid aontaithe leis freisin trí mhacasamhail a aiséirí. Tá a fhios againn é seo, gur comhchéasadh ár sean-nádúr mar aon leis ar an gcros dʼfhonn ár gcolainn pheacúil a chur ó rath, i dtreo nach mbeimis ag seirbhís don pheaca níos mó. Mar an té atá tar éis bháis, tá sé saor ón bpeaca. Ach má fuaireamar bás mar aon le Críost, creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith. Tá a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh nach bhfaighidh sé bás níos mó. Níl aon cheannas ag an mbás air feasta, mar an bás a fuair sé, ba bhás mar leis an bpeaca é, don aon uair amháin go deo, ach is beatha do Dhia a bheatha feasta. Ar an gcuma chéanna ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost. Dá réir sin, ná bíodh an peaca i réim in bhur gcolainn bhásmhar le go mbeidh sibh ag géilleadh dá hainmhianta. Agus ná tugaigí bhur mbaill bheatha suas don pheaca le bheith ina n-uirlisí urchóide ach, mar dhaoine a bheadh éiríthe beo ó mhairbh, déanaigí sibh féin a thabhairt suas do Dhia agus bíodh bhur mbaill bheatha ina n-uirlisí fíréantachta ag Dia. Mar ní bheidh aon tiarnas ag an bpeaca oraibh de bhrí nach faoin dlí atá sibh ach faoin ngrásta. Cad é mar sin? An ndéanfaimid an peaca nuair nach faoin dlí atáimid ach faoi ghrásta? Nár lige Dia sin! Nach bhfuil a fhios agaibh, má thugann sibh sibh féin suas do dhuine chun umhlú dó mar sheirbhísigh, gur seirbhísigh sibh don mháistir sin a n-umhlaíonn sibh dó, cibé acu don pheaca chun báis, nó don umhlaíocht chun fíréantachta. Bhí sibh tráth ag seirbhís don pheaca, ach a bhuí le Dia, ghéill sibh ó chroí do riail an teagaisc ar cuireadh sibh faoina threoir, fuasclaíodh sibh ó chuing an pheaca agus chuaigh sibh faoi chuing na fíréantachta. De dheasca bhur laige nádúrtha–is i dtéarmaí daonna atáim ag labhairt anois–faoi mar a thug sibh suas bhur mbaill bheatha tráth mar sclábhaithe don salachar agus don urchóid chun na hurchóide, tugaigí suas bhur mbaill anois mar sclábhaithe don fhíréantacht chun na naofachta. Fad a bhí sibh in bhur sclábhaithe ag an bpeaca bhí sibh saor ón bhfíréantacht. Agus cad é an toradh a bhíodh agaibh an uair sin ar nithe ar náir libh anois iad? Mar is é an bás a ndeireadh siúd. Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is í an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is í an bheatha shíoraí a deireadh siúd. Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna. Nach bhfuil a fhios agaibh, a bhráithre–ag caint atáim le daoine atá eolach ar chúrsaí dlí–nach mbíonn duine faoi smacht an dlí ach fad is beo dó. An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir. Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile. Is é an dála céanna agaibh-se é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh. Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn dá gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás. Anois, áfach, ó tá bás faighte againn ó thaobh an ní úd a bhí dár gcoinneáil i ngéibheann, táimid fuascailte ón dlí chun seirbhís a dhéanamh faoi chóras nua an spioraid in ionad faoi sheanchóras an chóid scríofa. Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach go ndúirt an dlí “ná santaigh”. Ach rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne sin dʼoibrigh gach cineál sainte ionam; mar in éagmais an dlí bíonn an peaca gan bhrí. Lá den saol, in éagmais an dlí, bhí mise beo; ach ar theacht don aithne, bheoigh an peaca agus fuair mise bás. An aithne úd a ceapadh le bheith ina cúis bheatha dom is ina cúis bháis a bhí sí, mar gur rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne mheall agus mharaigh sé mé tríthi. Más ea, is rud naofa é an dlí agus is rud naofa í an aithne, rud cóir maith. An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur pheaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n-éireodh an peaca peacúil thar na bearta. Tá a fhios againn gur rud spioradálta é an dlí; táim-se collaí, áfach, agus díolta leis an bpeaca. Go deimhin ní thuigim mo chuid iompair féin, mar ní hé an ní is áil liom a dhéanaim, ach an ní is fuath liom, is é a bhíonn ar siúl agam. Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim aontaím dá réir go bhfuil an dlí go fónta. Go deimhin féin ní mise a chuireann an beart i gcríoch feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam. Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní fhaighim ionam é a chur i gcríoch. An mhaith is áil liom ní dhéanaim í, ach an t-olc nach áil liom is é a dhéanaim. Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim ní mise a chuireann i gcríoch é feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam. Aithním mar sin an prionsabal seo a bheith ann: nuair is áil liom an mhaith a dhéanamh is é an t-olc a bhíonn i mo ghaobhar. Mar is aoibhinn liom dlí Dé i mo chroí istigh ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i mʼaigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill. Ó, nach mise an díol trua! Cé a fhuasclóidh ón trú seo coirp mé? A bhuí le Dia go bhfuasclófar mé trí Íosa Críost ár dTiarna. Má fhágtar fúm féin mé, mar sin, is amhlaidh a bhím ag fónamh do dhlí Dé le mʼaigne agus ag fónamh do dhlí an pheaca le mo cholainn. Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost, mar tá dlí Spiorad na beatha in Íosa Críost tar éis tú a fhuascailt ó dhlí an pheaca agus an bháis. An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht cholainn an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn i dtreo go bhféadfaí dualgais an dlí a chomh-líonadh ionainn nuair nach faoi réir na colainne a mhairimid ach faoi réir an Spioraid. Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n-aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n-airdsean. Gabhann an bás leis an meon collaí ach is beatha agus síocháin a ghabhann leis an meon spioradálta. Is namhaid do Dhia an meon collaí mar nach ngéilleann sé do dhlí Dé agus nach féidir dó é; agus na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh. Ní faoi réir na colainne atá sibh-se, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh. Ar an ábhar sin, a bhráithre, níl aon cheangal ag an gcolainn orainn go mairfimis dá réir. Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo. Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé dá dtreorú is clann ag Dia iad. Óir, an spiorad a fuair sibh ní hé spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid ‘Abba! Athair.’ Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn; agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith. Measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn. Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas; mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé. Is eol dúinn go raibh an chruthaitheacht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil. Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn, agus go mbeidh ár gcorp fuascailte. Le dóchas a slánaíodh sinn. Ach an dóchas a fheictear ní dóchas é feasta, mar conas a bheadh duine ag tnúth le rud a bheadh ina fhianaise? Ach ó táimidne ag súil le rud nach bhfeicimid táimid ag feitheamh go foighneach. Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní heol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idir-ghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail, agus an té úd a chíorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir thoil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh. Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle. Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéad-ghin ar mhórán bráithre. Agus na daoine a bhí ceaptha ó thus aige is iad sin a ghlaoigh sé; agus na daoine a bhí glaoite aige is iad sin a dʼfhíréanaigh sé, agus na daoine a bhí fíréanaithe aige, is iad sin a ghlóirigh sé. Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith? Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idir-ghuí ar ár son? Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea, nó cruatan, nó géar-leanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin? Mar atá scríofa: “Ar do shon-sa táimid dár mbású ar feadh an lae; táimid dár meas mar chaoirigh atá réidh lena gcoscairt.” Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caith-réimeach tríd an té úd a thug grá dúinn. Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna. Táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias dá dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá go bhfuil dólás mór orm agus arraing gan staonadh i mo chroí. Níor mhiste liom a bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre mo chine féin, de réir na colainne. Iosraelaigh is ea iad; is leo-san a bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais; is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne–an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Áiméan. Ní hamhlaidh atá teipthe ar bhriathar Dé, mar ní Iosraelach an uile dhuine de shliocht Iosrael, ná ní hiad clann Abrahám iad uile toisc gur dá shliocht iad. Ní hea sin, ach mar a deir an scrioptúr: “Is trí Íosác a ainmneofar sliocht duit.” Is é sin le rá, ní hiad clann na feola atá ina gclann Dé; ní áirítear ina shliocht dó ach an chlann a rugadh de réir an ghealltanais. Mar is iad seo focail an ghealltanais: “Tiocfaidh mé um an dtaca seo arís agus beidh mac ag Sárá.” Agus ní hé sin amháin é ach i gcás Ribeacá freisin: ghabh sise clann ó aon fhear amháin, ónár sinsear Íosác, ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu, dúradh léi: “Beidh an sinsear ag seirbhís don sóisear,” ionas go mbeadh beartas roghnaithe Dé buan agus nach ag brath ar ghníomhartha daoine a bheadh sé ach ar an té a ghlaonn, de réir mar atá scríofa: “Thugas grá dʼIacób, agus fuath dʼÉasáú.” Cad a déarfaimid mar sin? Go bhfuil éagóir ag baint le Dia, an ea? Ní hea ar chor ar bith, mar féach cad a dúirt sé le Maois: “Déanfaidh mé trócaire ar mo rogha duine agus déanfaidh mé trua don duine is rogha liom chomh maith.” Ní rud é, mar sin, atá ag brath ar thoil an duine ná ar a chuid iarrachtaí ach ar thrócaire Dé. Arís sa scrioptúr deir sé le Faró: “Is chuige seo go díreach a dʼardaigh mé thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus mʼainm a fhógairt ar fud an domhain go léir.” Dá réir sin déanann sé trócaire ar an duine is rogha leis agus cruann sé an croí ina rogha duine chomh maith. Déarfaidh tú liom, ní foláir: “Cad é an gearán atá aige ar dhaoine, más ea, mar cé a fhéadfaidh cur in aghaidh a thola?” Arú, cé hé thusa, a dhuine, le bheith tagrach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?” An amhlaidh nach bhfuil dʼúdarás ag an gcriadóir ar an gcré áras chun onóra agus áras chun neamhonóra a dhéanamh den chnapán céanna? Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha, dʼfhonn saibhreas a ghlóire a léiriú do na hárais a bhí ina ndíol trócaire agus a bhí ullamh ó thús aige le haghaidh na glóire sin? Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith. Mar a deir sé i Leabhar Hóisé: “Glaofaidh mé ‘mo phobal féin’ ar phobal nach liom, Agus ‘mo mhuirnín’ uirthi siúd nach muirneach liom, Agus san áit a ndúradh leo: Ní haon phobal liom-sa sibh, Glaofar clann Dé bheo orthu ansiúd.” Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: “Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll, mar go nglanfaidh an Tiarna an scór leis an tír go hachomair agus go cinnte.” Agus mar a thairngir Íseáia: “Ach gur fhág Tiarna na slua sliocht againn bheimis ar nós Shodam agus ar chuma Ghomóra.” Cad a déarfaimid mar sin? An méid seo: na gintlithe nach raibh aon tóir ar fhíréantacht acu, bhain siad amach í, an fhíréantacht a thagann ó chreideamh. Iosrael, áfach, a bhí ag tóraíocht dlí fíréantachta, níor tháinig siad suas leis an dlí sin. Agus cad é an fáth? De bhrí nach ar chreideamh a bhí siad ag brath ach ar ghníomhartha. Bhuail siad a gcos faoin gceap tuisle mar atá scríofa: “Féach, tá ceap tuisle agus carraig oilbhéime dá leagan agam i Síón; ach an té a chreideann ann, ní bheidh díomá air.” Go deimhin, a bhráithre, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánófaí iad. Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é. Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad dʼfhíréantacht Dé. Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann. Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: “An té a chomh-líonann í, mairfidh sé inti.” Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: “Cé a rachaidh suas ar neamh?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas); nó: “Cé a rachaidh síos sa duibheagán?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh). Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt). Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mhairbh é, slánófar thú. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn. Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.” Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air, “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.” Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa té nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine dá fhógairt dóibh? Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.” Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: “A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?” Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin. Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.” Ceist eile agam: An amhlaidh nár thuig Iosrael an scéal? Ar an gcéad ásc dúirt Maois: “Cuirfidh mé in éad sibh le dream nach pobal agus cuirfidh mé i bhfeirg sibh le cine gan chiall.” Agus téann Íseáia chomh fada lena rá: “An mhuintir nach raibh do mo lorg, is iad a fuair mé. Agus an mhuintir nach raibh do mʼfhiafraí, is dóibh a dʼfhoilsigh mé mé féin.” Ach is é a deir sé faoi Iosrael: “Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.” Ceist agam mar sin: An bhfuil Dia tar éis a phobal féin a shéanadh? Níl ar chor ar bith. Nach Iosraelach mé féin de shliocht Abrahám agus de threibh Bhiniáimin? Níor shéan Dia an pobal a bhí aitheanta aige ó thus mar a phobal féin. An é nach eol daoibh cad é a deir an scrioptúr sa trácht úd ag Éilias agus clann Iosrael dá gcásamh aige le Dia: “A Thiarna, mharaigh siad do chuid fáithe, leag siad dʼaltóirí ar lár, níor fágadh ach mé féin agus tá siad ar thóir mʼanama.” Agus cad é an freagra a thug Dia air? “Choimeád mé dom féin seacht míle fear nár fheac a nglúin do Bhál.” Is é an dála céanna é san am i láthair: tá fuíoll ann agus iad tofa trí ghrásta. Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní de bharr oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh. Cad a thagann de sin? Tá, an ní a raibh clann Iosrael ar a thóir, ní bhfuair siad é; ach an mhuintir thofa, fuair siad agus cruadh an chuid eile, mar atá scríofa: “Dhall Dia an aigne iontu: dʼfhág sé a súile gan radharc agus a gcluasa gan éisteacht go dtí an lá inniu féin.” Agus deir Dáiví freisin: “Go raibh a bhféasta ina ghaiste dóibh agus ina líon, ina cheap tuisle agus ina shás pionóis dóibh. Go ndalltar a súile chun nach mbeidh radharc acu, agus coinnigh a ndroim ar cromadh de shíor.” Ceist eile agam: An é tuisle a dtreascartha a baineadh as na Giúdaigh? Ní hea ar chor ar bith; ach ba chúis slánaithe do na gintlithe a gcoir ar shlí go mbeadh cúis éada ag na Giúdaigh leo. Má ba rath ar an domhan a gcoir agus má ba rath ar na gintlithe a meath, nach mó go mór an rath a bheidh ann nuair a thiocfaidh a líon iomlán isteach. Agus tá rud le rá agam libh-se, a ghintlithe: Sa mhéid gur mé aspal na ngintlithe, is ag méadú mʼfheidhmeannais a bheidh mé le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú. Mar, má tugadh an domhan chun athmhuintearais trína gcaitheamh amach, cad a thiocfaidh dá nglacadh ar ais ach beatha ó mhairbh? Más naofa céadtoradh an taois, ní taise don chnapán ar fad é; agus más naofa fréamh an chrainn, ní taise do na craobhacha é. Agus má scoitheadh féin cuid de na craobhacha den chrann olóige agus má nódaíodh thusa, an ológ fhiáin, ina n-áit sa tslí go bhfuil tú páirteach anois i sú na holóige, ná bí dá mhaíomh sin ar na craobhacha scoite. Ach má tá maíomh le déanamh agat, bí ag maíomh nach tusa atá ag iompar na fréimhe ach gurb í an fhréamh atá do dʼiomparsa. Déarfaidh tú liom ar ndóigh: “Is ea, ach scoitheadh craobhacha den chrann chun mise a nódú ann.” Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla. Más rud é nár lig Dia leis na craobhacha dúchais ní ligfidh sé leat-sa ach a oiread. Tabhair do dʼaire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leat-sa–ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith. Agus iad siúd, má shéanann siad a ndíchreideamh, nódófar sa chrann arís iad, mar tá sé ar chumas Dé iad a nódú ar ais ann. Má gearradh thusa den ológ fhiáin ba dhúchas duit is gur nódaíodh in aghaidh nádúir san fhíorológ tú, nach móide go mór go nódófar na craobhacha dúchais ar ais ina n-ológ dhílis féin? Le heagla go mbeadh rómheas agaibh ar bhur gcuid gaoise féin ní háil liom gan fios na rúndiamhaire seo a bheith agaibh, a bhráithre: Tá cruas croí tagtha ar chuid dʼIosrael, nó go mbeidh iomlán na ngintlithe tagtha isteach agus, mar sin, slánófar Iosrael ar fad de réir mar atá scríofa: “Tiocfaidh an fuascailteoir as Síón; ruaigfidh sé an éagráifeacht as Iacób. Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo nuair a thógfaidh mé a bpeacaí chun siúil.” Maidir leis an dea-scéal, is naimhde iad do Dhia–rud a théann chun sochair daoibhse; ach maidir leis an toghadh is ionúin leis iad mar gheall ar na patrarcaí, mar ní cúis aiféala choíche do Dhia a thíolacthaí ná a rogha. Bhí sibh-se tráth easumhal do Dhia ach tá trócaire déanta anois oraibh trína n-easumhlaíochtsan. Is é an dála céanna acu siúd é: tá siad-san éirithe easumhal anois nuair atá trócaire déanta oraibhse chun go ndéanfar trócaire orthu chomh maith. Mar chuir Dia an uile dhuine i ngeibheann san easumhlaíocht dʼfhonn trócaire a dhéanamh orthu uile. Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí! “Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?” Nó “Cé a thug rud riamh dó go bhfaigheadh sé a chúiteamh?” Mar is uaidh-sean agus trídsean agus dó-san gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Áiméan. Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim dá iarraidh oraibh as ucht thrócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí ath-nuachan aigne ar shlí go n-aithneoidh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe. De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir thomhas an chreidimh a roinn Dia leis. Faoi mar atá mórán ball san aon chorp amháin againn agus gan an cúram céanna ar aon bhall díobh, is é an dála céanna againn féin é: dá líonmhaire atáimid is aon chorp amháin sinn i gCríost agus gach duine againn ina mbaill dá chéile. Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn. Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh. An té a fuair bua freastail, déanadh sé freastal: bíodh an múinteoir ag múineadh agus an comhairleoir ag comhairliú; bíodh an t-almsóir go fial, an fear ceannais go dúthrachtach agus an té a thugann lámh chúnta go gealgháireach. Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith. Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile; bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís don Tiarna. Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh, ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile. Beannaígí bhur ngéarleantóirí–is ea, bíodh an bheannacht agaibh dóibh in áit na mallachta. Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin. Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirígí teann as bhur gcuid gaoise féin. Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil. Más féidir é, chomh fada le bhur ndícheall, mairigí go síochánta le cách uile. Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraígí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.” Ach “má bhíonn ocras ar do namhaid tabhairse rud le hithe dó, agus má bhíonn tart air tabhair dó rud le hól. Má dhéanann tú amhlaidh beidh tú ag carnadh aibhleoga tine ar a cheann”. Ná faigheadh an t-olc an lámh uachtair ort ach faighse an lámh uachtair ar an olc leis an maith. Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad. Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is ag cur in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin. Ní don dea-ghníomh is baol na rialtóirí ach don drochghníomh. An áil leat gan eagla fhear an údaráis a bheith ort? Más áil déan an mhaith agus beidh moladh agat uaidh mar is é seirbhíseach Dé é ar mhaithe leat. Ach más é an t-olc a dhéanann tú, bíodh a eagla ort mar ní gan ábhar a bhíonn an claíomh dá iompar aige: is é seirbhíseach Dé é chun díoltas a agairt le díbheirg ar an té a dhéanann an t-olc. Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith. Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé iad na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo. Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin dʼfhear na cánach agus an dleacht dʼfhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis. Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige. Na haitheanta “ná déan drúis,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.” Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comh-líonadh an dlí. Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh. Tá sé i bhfad amach san oíche agus ní fada uainn an lá. Caithimis oibreacha an dorchadais uainn, mar sin, agus cuirimis orainn cathéide an tsolais. Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúis, gan achrann gan éad. Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn dʼfhonn a hainmhianta a shásamh. Bíodh glacadh agaibh leis an duine atá lag sa chreideamh gan dul ag conspóid leis faoina thuairimí. Creideann duine amháin nach miste dó gach sórt bia a ithe, ach an duine atá lag sa chreideamh ní itheann sé ach glasraí. An duine a itheann, ná bíodh droch-mheas aige ar an duine nach n-itheann; agus an duine nach n-itheann, ná bíodh sé ag tabhairt breithe ar an duine a itheann, mar go bhfuil glactha ag Dia leis siúd. Agus cé hé thusa chun breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Seasann sé nó titeann sé i láthair a mháistir féin. Agus is seasamh a dhéanfaidh sé mar tá sé ar chumas an Tiarna é a choimeád ina sheasamh. Bíonn duine ann agus is rogha leis lá seachas a chéile; duine eile agus is mar a chéile leis gach aon lá. Bíodh gach duine socair faoin gceist ina aigne féin. An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith. Ní dó féin a mhaireann aon duine againn ná ní dó féin a fhaigheann sé bás. Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn. Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a mʼéirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige. Tusa, más ea, cad ab áil leat ag tabhairt breithe ar do bhráthair? Nó tusa, cad ab áil leat droch-mheas a bheith ar do bhráthair agat? Mar caithfimid go léir seasamh os comhair suí breithiúnais Dé, mar tá scríofa: “Dar mo bheo,” deir an Tiarna, “ach go bhfeacfar gach glúin os mo chomhair agus déanfaidh gach teanga admháil do Dhia.” Dá réir sin tabharfaidh gach duine dínn cuntas air féin do Dhia. Éirímis as a bheith ag tabhairt breithe ar a chéile feasta más ea agus ina ionad sin cuirigí an méid seo romhaibh: gan ceap tuisle ná titime a chur sa bhealach ar bhráthair. Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamh-ghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamh-ghlan is neamh-ghlan dó sin é. Má bhíonn an bia a chaitheann tusa ag goilliúint ar bhráthair leat, níl tú ag maireachtáil feasta de réir an ghrá. An duine a bhfuair Críost bás ar a shon ná mill é leis an mbia a chaitheann tú. Agus ná tarraingítear míchlú ar an maith seo agaibh, mar ní cúrsaí ite agus óil é Ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh. An té a dhéanann seirbhís do Chríost ar an gcuma sin bíonn gean air ag Dia agus gnaoi air ag daoine. Bíodh tóir againn dá réir sin ar an tsíocháin a chothú agus ar a bheith ag treisiú le chéile. Ná cuir-se obair Dé ar ceal mar gheall ar chúrsaí bia. Tá gach cineál bia glan ann féin ach is olc an mhaise é don duine a mbíonn a n-itheann sé ina chúis tuisle do dhuine eile. Is éard ab fhearr a dhéanamh gan feoil a ithe ná fíon a ól ná gníomh ar bith a dhéanamh a bheadh ina chúis tuisle (nó scannail nó laige) do bhráthair. An creideamh atá agat bíodh sé ina threoir duit féin i bhfianaise Dé. Is méanar don duine nach mbíonn ceist ná amhras air faoin rud a mbíonn a aigne socair air. An duine, áfach, a chaitheann bia agus é idir dhá chomhairle, bíonn sé siúd ciontach toisc nach ó chreideamh é; mar is peaca gach ní nach ó chreideamh. Sinne atá láidir ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan a bheith ar mhaithe linn féin ach gach duine againn ar mhaithe leis an gcomharsa dʼfhonn é a neartú. Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: “Is orm-sa a thit aithisí na ndaoine a bhí do dʼaithisiú.” Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn. Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa ar shlí go mbeidh sibh dʼaontoil agus dʼaonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost. Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé. Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa: “Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún, agus canfaidh mé do dʼainm le duan.” Agus deirtear in áit eile: “Déanaigí gairdeachas, a náisiúna, mar aon lena phobal féin.” Agus in áit eile fós: “Molaigí an Tiarna, a náisiúna uile agus móradh na pobail go léir é.” Agus arís, deir Íseáia: “Eascróidh fréamh de chuid Ieise, an té a éireoidh chun na náisiúin a rialú. As siúd a bheidh a muinín acu.” Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh. I dtaca libh-se, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile. Is é fáth a bhfuilim ag scríobh chugaibh–agus mé dian go maith oraibh anseo agus ansiúd–chun bhur gcuimhne a mhúscailt, agus táim dá dhéanamh mar gheall ar an ngrásta a fuair mé ó Dhia, a bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n-íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh. Is ábhar mórtais dom, dá bhrí sin, a bhfuil déanta agam do Dhia in Íosa Críost. Ní leomhfaidh mé a lua ach a bhfuil déanta ag Críost tríom chun na gintlithe a thabhairt faoina réir le briathar agus le gníomh, le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mór-thimpeall chomh fada le hIllireacam. Bhí sé ina phrionsabal agam gan an dea-scéal a fhógairt áit ar bith ach an áit nach raibh trácht ar ainm Íosa cheana, le heagla go mbeinn ag tógáil ar bhonn a bhí leagtha ag duine eile, ach déanamh mar atá scríofa: “Iad siúd nach bhfuair scéala air, feicfidh siad é agus iad siúd nár chuala trácht air tuigfidh siad.” Sin é an fáth a raibh bac chomh minic sin orm teacht chugaibh. Ach ós rud é nach bhfuil a thuilleadh slí chun oibre sna críocha seo agam, agus go bhfuilim le blianta fada ag tnúth le dul ar chuairt chugaibh, nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibh-se mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús. I láthair na huaire, áfach, táim ag dul go hIarúsailéim le cabhair do na naoimh. Thograigh an Mhacadóin agus an Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim. Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acu-san. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibh-sean lena maoin shaolta. Chomh luath agus a bheidh an gnó seo curtha i gcríoch agam, agus an fáltas seo seachadta slán faoi shéala dóibh, cuirfidh mé chun siúil bhur mbealachsa go dtí an Spáinn agus tá a fhios agam go mbeidh flúirse de bheannachtaí Chríost agam daoibh ar mo theacht dom chugaibh. Táim dá iarraidh dʼachainí oraibh, a bhráithre, trínár dTiarna Íosa Críost agus trí ghrá an Spioraid Naoimh, cuidiú liom sa choimhlint atá romham le hurnaithe a dhéanamh chun Dé ar mo shon, go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair dʼIarúsailéim; agus le toil Dé tiocfaidh mé chugaibh faoi lúcháir agus ligfidh mé mo scíth in bhur measc. Dia na síochána libh go léir. Áiméan. Fágaim cúram ár siúrach Féibé oraibh. Feidhmeannach san eaglais i gCeinchré is ea í. Fáiltígí roimpi ar son an Tiarna mar is dual do na naoimh agus cuidigí léi in aon ní a mbeidh gá aici libh: mar is iomaí duine ar sheas sí leis agus liom féin chomh maith. Beannaígí do mo chomhoibrithe in Íosa Críost, do Phriosca agus dʼAcúbas, a chuir a gceann i mbaol ar son mʼanama-sa; agus ní mise amháin atá buíoch díobh ach eaglaisí uile na ngintlithe chomh maith. Beannaígí freisin don eaglais ina dteachsan. Beannaígí do mo chara ionúin, Eapaenatas, an chéad duine san Áise a ghabh le Críost. Beannaígí do Mháire, bean a shaothraigh go dian in bhur measc. Beannaígí dʼAndronacas agus dʼIúinias, comhthírigh agus comhchimí liom féin, a bhfuil iomrá orthu i measc na n-aspal agus a bhí i gCríost romhamsa. Beannaígí dʼAimpliatas, mo chara ionúin sa Tiarna. Beannaígí dʼUrbánas ár gcomhoibrí i seirbhís Chríost, agus do mo chara ionúin Stachas. Beannaígí don Chríostaí tofa úd, Apallaes, agus do theaghlach Arastabúlas. Beannaígí do mo chomhthíreach, Héaróidión, agus dá bhfuil de Chríostaithe i dteaghlach Nairciseas. Beannaígí do Thriofáíne agus do Thriofósa, beirt atá ag saothrú ar son an Tiarna. Beannaígí do Pheirsis ionúin, bean a shaothraigh go dian ar son an Tiarna. Beannaígí do Rufas atá tofa sa Tiarna, agus dá mháthair, bean ar máthair dom-sa leis í. Beannaígí dʼAsancratas, do Fhleagón, do Heirméas, do Phatrabas, do Hearmás, agus do na bhráithre ina dteannta; dʼFhiolólagas, dʼIúilia, do Néireas agus dá dheirfiúr; dʼOilimpeas, agus do na naoimh go léir ina dteannta. Beannaígí dá chéile le póg naofa. Cuireann eaglaisí uile Chríost a mbeannacht chugaibh. Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad, mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis. Rud eile, tá a fhios ag an saol a dhílseacht atá sibh, agus is mé atá ríméadach asaibh. Mar sin féin ba mhaith liom sibh a bheith eolgaiseach ar an maith agus dall ar an olc. Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh. Cuireann mo chomhoibrí, Tiomóid, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhthírigh, Lúicias agus Iasón agus Sósapataer. Agus cuirimse, Teirtias, an té a scríobh síos an litir seo, mo bheannacht chugaibh sa Tiarna chomh maith. Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas. ( Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh go léir.) Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile dʼfhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh. Moladh le Dia, an t-aon Dia eagnaí, trí Íosa Críost le saol na saol. Áiméan. Mise Pól, a bhfuil glaoite air de dheoin Dé chun a bheith ina aspal ag Íosa Críost, agus an bráthair Sóstainéas in éineacht liom, chuig eaglais Dé sa Choraint, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthu-san: grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Bím ag síorghabháil buíochais le Dia ar bhur son as an ngrásta atá bronnta aige oraibh in Íosa Críost. Mar tá raidhse den uile shórt faighte agaibh ann: raidhse den urlabhra agus raidhse den eolas. Tá an fhianaise ar Chríost dulta chomh daingean sin i bhfeidhm oraibh nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh. Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost. Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun a bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost. Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn. Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile. Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh dá rá: “leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apallós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.” An amhlaidh atá Críost roinnte ina chodanna? An é Pól a céasadh ar an gcros ar bhur son? An in ainm Phóil a baisteadh sibh? Buíochas le Dia nár bhaist mise duine ar bith agaibh ach amháin Criospas agus Gáias. Ní bheidh sé le rá ag aon duine, mar sin, gurb i mʼainm-se a baisteadh sibh. Is ea, bhaist mé teaghlach Stiofáin chomh maith ach thairis sin ní heol dom gur bhaist mé duine ar bith eile. Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh. Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe. Mar tá scríofa: “Cuirfidh mé eagna lucht na heagna ar neamhní; cuirfidh mé éirim lucht na héirime ar leataobh.” Cá bhfuil an t-eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh dʼeagna an tsaoil? Nuair nár éirigh leis an saol, trína chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, thograigh Dia as a chuid eagna féin na creidmhigh a shlánú trí dhíth céille an fhorógra seo againne. Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,” ach níl againne dá fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe; ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é. Mar is críonna díth céille Dé ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná an duine. Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal. Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú. Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní, ionas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh i bhfianaise Dé. Eisean a bheir daoibhse a bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt. Dá réir sin, mar atá scríofa: “An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.” I dtaca liom-sa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt rúndiamhair Dé le hardnós cainte ná eagna. Shocraigh mé i mʼaigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh. Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán dʼuamhan agus dʼeagla. Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus mʼfhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta, i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé. Ach labhraímidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as. Is í eagna rúnda Dé atá i gceist againne, an eagna a bhí folaithe ó dhaoine ach a bhí ceaptha ag Dia roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinne. Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcros. Mar atá scríofa: “Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.” Is dúinne a nocht Dia na nithe seo le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin. Cé a thuigeann cúrsaí an duine ach spiorad an duine féin istigh ann? Ar an gcuma chéanna níl aon duine a thuigeann cúrsaí Dé ach Spiorad Dé. Ní hé spiorad an tsaoil seo atá faighte againne ach an Spiorad a sheol Dia chun go dtuigfimis na nithe atá bronnta orainn ag Dia. Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú chúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu. An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas. Ach an duine spioradálta, féadann seisean gach ní a mheas ach ní féidir dʼaon duine eisean a mheas. Óir “cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?” Tá aigne Chríost againne, áfach. I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost. Is bainne a thug mé daoibh le hól in áit an bhia thirim toisc nach raibh sibh in inmhe; go deimhin níl sibh in inmhe fós féin de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n-iompar féin de réir ghnás an tsaoil? Nuair a bhíonn “leanaimse Pól” ag duine agus “leanaimse Apallós” ag duine eile nach de ghnáthmhuintir an tsaoil sibh? Céard é Apallós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air: mise a chuir an síol, Apallós a chuir an t-uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é. Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t-uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás. Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t-uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu. Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibh-se. De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t-ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin, áfach, mar ní féidir dʼaon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin. Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí, beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sórt oibre a bheidh déanta ag cách. Má sheasann saothar tógála duine an triail, gheobhaidh sé a thuarastal; ach má loisctear saothar duine, fágfar gan díol é; tiocfaidh sé féin slán, áfach, mar dhuine a bheadh gafa trí thine. Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur sibh teampall Dé agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé–agus is sibh-se an teampall sin. Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre. Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”; agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.” Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libh-se an t-iomlán: Pól agus Apallós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht–is libh-se iad uile, agus is le Críost sibh-se agus is le Dia Críost. Tuigeadh daoine gurb é atá ionainne, seirbhísigh do Chríost agus maoir ar rúndiamhara Dé. Éilítear ansin ar na maoir duine a bheith dílis. Is róchuma liom-sa, más ea, sibh-se nó cúirt daoine ar bith a thabhairt breithe orm. Go deimhin ní thugaim féin breith orm féin mar siúd is go bhfuil coinsias glan agam ní fhágann sin neamh-chiontach mé. Is é an Tiarna féin a thugann breith orm-sa. Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia. Thagair mé na nithe seo dom féin agus dʼApallós, a bhráithre, ar mhaithe libh-se, i dtreo go bhfoghlaimeodh sibh ónár gcásna gan a bheith ag dul thar cailc, agus gan duine a bheith ag déanamh mórtais as duine amháin i gcoinne duine eile. Cé a thugann an seasamh ar leith duit-se? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat a bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é. Is ea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh. Mar is dóigh liom go bhfuilimidne, aspail, curtha ar taispeáint ag Dia in eireaball thiar na caith-réime mar chimí a mbeadh an bás i ndán dóibh, mar gur sampla saolta sinn os comhair aingeal agus daoine. Is amadáin sinne ar son Chríost fad atá sibh-se stuama i gCríost. Táimidne lag agus tá sibh-se láidir; tá sibh-se faoi mheas agus tá droch-mheas orainne. Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn. Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géar-leanúint orainn fulaingímid leis; nuair a mhaslaítear sinn tugaimid an freagra séimh. Níl ionainn go dtí anois féin ach dríodar an tsaoil agus dramhaíl an uile ní. Ní ag iarraidh sibh a náiriú atáim ag scríobh na nithe seo ach ag tabhairt comhairle bhur leasa daoibh mar gur sibh-se mo chlann mhuirneach féin. Bíodh na mílte treoraí agaibh i gCríost, níl mórán aithreacha agaibh mar gur mise a ghin sibh in Íosa Críost tríd an dea-scéal. Impím oraibh dá bhrí sin aithris a dhéanamh orm. Is chuige sin atáim ag cur Thiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam dá bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill. Tá cuid agaibh éirithe mórchúiseach faoi mar nach mbeinn ag teacht chugaibh ar chor ar bith. Beidh mé chugaibh gan mhoill áfach le cúnamh Dé agus is é éifeacht lucht na mórchúise a bhraithfidh mé ansin agus ní hea a gcuid cainte. Mar ní sa chaint atá Ríocht Dé suite ach san éifeacht. Cé acu is rogha libh, mar sin, mé a theacht chugaibh le slat nó mé a theacht le grá agus le spiorad na séimhe? Táthar dá rá go forleathan go bhfuil an drúis in bhur measc agus is drúis í nach bhfaightear i measc na bpágánach féin; is é sin le rá go bhfuil duine agaibh i lánúnas lena leasmháthair. Agus sibh-se lán de mhórchúis! Ag déanamh bróin ba chóra daoibh a bheith chun go n-ardófaí uaibh an té a rinne amhlaidh. I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin, mar atá: sibh-se a theacht le chéile in ainm ár dTiarna Íosa agus mise ó spiorad in bhur dteannta agus ar údarás ár dTiarna Íosa an duine sin a thabhairt suas do Shátan lena chorp a mhilleadh i dtreo go dtiocfaidh a anam slán lá úd an Tiarna. Ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh. Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh–agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne. Dúirt mé libh i mo litir gan aon chaidreamh a bheith agaibh le drúisigh. Ní hiad drúisigh an tsaoil seo i gcoitinne a bhí i gceist agam ar ndóigh, na bithiúnaigh agus gadaithe agus íoltóirí i gcoitinne, mar nár mhór daoibh an saol a fhágáil sa chás sin. Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid. Cad ab áil liom-sa breith a thabhairt ar an muintir atá lasmuigh? Tabharfaidh Dia féin breith orthu siúd. Ach nach libh-se breith a thabhairt ar an muintir laistigh? “Díbrígí an coirpeach as bhur measc.” Nuair a bhíonn cúis ag duine agaibh ar dhuine eile an mbíonn sé mʼéadan air an scéal a chur faoi bhreith na neamhfhíréan in ionad na naomh? An é nach dtuigeann sibh gurb iad na naoimh a thabharfaidh breith ar an domhan? Agus más oraibhse atá breith a thabhairt ar an domhan, an amhlaidh nach bhfuil sibh in ann ceisteanna suaracha a réiteach? Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta? Dá bhrí sin má bhíonn cúrsaí saolta le réiteach agaibh, cad ab áil libh iad a chur faoi bhreithiúnas daoine nach bhfuil seasamh ar bith sa phobal Críostaí acu? Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a dʼfhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre, ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach? Is locht oraibh a bheith ag dul chun dlí le chéile ar chor ar bith. Cén fáth nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Cén fáth nach bhfulaingíonn sibh leis an bhfeall? Ina ionad sin is amhlaidh a bhíonn sibh féin ag déanamh na héagóra agus an fhill agus is ar bhur mbráithre féin é chomh maith. An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine Ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe–ní bhfaighidh siad Ríocht Dé mar oidhreacht. Agus is mar sin a bhí cuid agaibh-se tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé. “Tá gach ní ceadaithe dom”–ach ní hé gach ní a théann chun sochair. “Tá gach ní ceadaithe dom”–ach ní mise a bheidh faoi smacht ag aon rud. “Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile”–ach cuirfidh Dia idir bhia agus ghoile ar neamhní. Ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann. Mar ní hamháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith. Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin! Nach bhfuil a fhios agaibh an té a bhíonn go dlúth i bpáirt le meirdreach go mbíonn sé dʼaon chorp léi? Mar a deir an scrioptúr: “Aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.” An té a bhíonn go dlúth i bpáirt leis an Tiarna áfach, bíonn sé dʼaon spiorad leis. Seachnaígí an drúis dá réir sin. Gach peaca eile dá ndéanann an duine, is lasmuigh dá chorp a bhíonn sé, ach is in aghaidh a choirp féin a pheacaíonn fear na drúise. Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp. Maidir leis na nithe ar scríobh sibh ina dtaobh: Is ea, bʼfhearr dʼfhear gan baint le bean; ach le heagla na drúise bíodh a bhean féin ag gach fear agus bíodh a fear féin ag gach bean. Tugadh an fear a cearta pósta dá bhean agus tugadh an bhean mar an gcéanna a chearta dá fear. Mar ní ag an mbean atá ceannas ar a corp féin ach ag a fear; agus an fear mar an gcéanna, ní aige atá ceannas ar a chorp ach ag an mbean. Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile dʼfhonn a bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta. Is mar chomhairle a deirim an méid sin, áfach, agus ní mar ordú. Ba mhaith liom gach duine a bheith ar mo nós féin, ach bíonn a thabhartas féin ó Dhia ag cách, duine mar seo agus duine eile mar siúd. Is é a deirim leis na daoine singile agus leis na baintreacha go mbʼfhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin. Ach mura mbíonn guaim acu orthu féin pósaidís, mar is fearr pósadh ná loscadh. Tá an foláireamh seo le tabhairt agam, áfach, dóibh seo atá pósta, agus ní uaim féin é ach ón Tiarna: ná tréigeadh bean a fear céile– ach má thréigeann fanadh sí gan pósadh nó déanadh sí mór arís leis–agus ná scaoileadh fear a bhean chéile uaidh. Deirim an méid seo leis an gcuid eile–is uaim féin é agus ní ón Tiarna–an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í. Agus an bhean a bhfuil díchreidmheach fir aici agus é sásta cónaí léi, ná scaoileadh sí uaithi é. Mar tá an díchreidmheach fir naomhaithe ag an mbean agus tá an díchreidmheach mná naomhaithe ag an mbráthair: mura mbeadh sin bheadh bhur gclann neamh-ghlan–ach tá siad naofa dáiríre. Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh. Agus cá bhfios duit a bhean, go sábhálfaidh tú dʼfhear céile? Agus cá bhfios duit-se, a dhuine, go sábhálfaidh tú do bhean? Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile. Má bhí duine timpeallghearrtha nuair a glaodh air, ná bíodh sé ag iarraidh na comharthaí a chur ar ceal. Má bhí duine gan timpeall-ghearradh nuair a glaodh air, ná timpeallghearrtar anois é. Is cuma an timpeall-ghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád. Fanadh gach duine sa ghairm bheatha ina raibh sé nuair a glaodh air. An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit–ach más féidir duit dul saor, bʼfhearr duit an deis a ghlacadh. An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é. Ceannaíodh sibh go daor; más ea, ná cuirtear sibh faoi dhaorsmacht daoine. Dá réir sin, a bhráithre, fanadh gach duine i bhfianaise Dé mar a bhí sé nuair a fuair sé an glao. Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna. Is é is dóigh liom-sa, mar gheall ar strus na huaire, go mbʼfhearr do dhuine fanacht mar atá sé. Má tá tú ceangailte le bean, ná bí ag lorg do scaoilte; má tá tú scaoilte ó bhean, ná bí ag iarraidh bean a phósadh. Má phósann tú, áfach, ní haon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní haon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin. Is é atáim a rá libh, a bhráithre, go bhfuil an uain dulta i ngiorracht; dá chionn sin, iad seo a bhfuil bean acu, bídís ar chuma daoine nach mbeadh aon bhean acu; bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire. Iad sin a bhíonn ag ceannach, bídís ar chuma daoine nach mbeadh dada ina seilbh acu; agus iad siúd a bhíonn ag gabháil do ghnóthaí an tsaoil ná bídís gafa iontu, mar tá dreach an tsaoil seo ag síothlú. Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh; ach bíonn an fear pósta buartha faoi ghnóthaí an tsaoil ag iarraidh a bhean a shásamh, rud a fhágann é i ngalar na gcás. Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean shingil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna dʼfhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh. Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh. Más dóigh le duine nach bhfuil sé ag déanamh mar is cuí le hiníon leis agus í go maith in aois a pósta agus gan aon réiteach eile aige air, déanadh sé mar is áil leis; pósaidís agus ní haon pheaca dó é. Ar an taobh eile, áfach, an fear atá daingean diongbháilte ina chroí, agus gan aon iallach air ach é ar a chomhairle féin, agus a shocraíonn ina aigne ar a iníon a choinneáil mar atá sí, beidh rud maith déanta aige. Más ea, an fear a chuireann a iníon i gcríoch, beidh rud maith déanta aige ach an fear nach ndéanann, beidh rud is fearr fós déanta aige sin. Bíonn ceangal ar bhean fad a mhaireann a fear; ach má chailltear an fear, níl a bhac uirthi a rogha duine a phósadh–ach é a bheith ina phósadh sa Tiarna. Is sonasaí a bheidh sí, áfach, i mo thuairimse, má fhanann sí mar atá sí; agus is dóigh liom go bhfuil Spiorad Dé agam-sa chomh maith. An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil “fios” againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil. An duine a mhaíonn go bhfuil fios fátha an scéil aige níl fios a ghnó mar ba chóir fós aige, ach an té a bhfuil grá do Dhia aige, tá sé aitheanta ag Dia. Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t-aon Dia amháin ann. Tá gan amhras déithe mar dhea ar neamh agus ar talamh–go deimhin tá ‘déithe’ agus ‘tiarnaí’ ann go líonmhar. Mar sin féin níl ann, i dtaca linne de, ach an t-aon Dia amháin, an tAthair arb uaidh an uile ní agus arb ina chomhair atáimidne ann; agus níl ann ach an t-aon Tiarna amháin, Íosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus ar tríd atáimidne ann chomh maith. Ní hé gach aon duine a bhfuil an tuiscint seo aige áfach. Tá daoine áirithe ann agus oiread taithí acu ar na híola go dtí seo, go gcaitheann siad an bia faoi mar go mbeadh sé íobartha don íol dáiríre agus toisc a gcoinsias a bheith lag fágtar smál dá réir air. Ach ní hé an bia a dhlúthóidh le Dia sinn; ní fearrde sinn é a chaitheamh agus ní measaide sinn é a fhágáil inár ndiaidh. Bígí aireach, áfach, ar eagla go mbeadh an tsaoirse sin agaibh ina ceap tuisle do na laga. Mar an duine a bhfuil an coinsias go lag aige, má fheiceann sé tusa, fear an eolais, i do shuí chun boird istigh i dteampall págánach, nach mbrostófar é chun an bia íobartha a chaitheamh chomh maith? An duine lag is bráthair duit agus a bhfuair Críost bás ar a shon, déantar é a mhilleadh le do chuid-se eolais. Nuair a pheacaíonn sibh in aghaidh bhur mbráithre ar an gcuma sin agus a gcoinsias lag a ghonadh, is in aghaidh Chríost a dhéanann sibh an peaca dáiríre. Dá chionn sin, má chuireann an bia mo bhráthairse ar a aimhleas, ní bhlaisfidh mé feoil go deo arís ar eagla go gcuirfinn ar a aimhleas é. Nach saorfhear mise chomh maith le cách? Nach aspal mé? Nach bhfuil Íosa ár dTiarna feicthe agam? Nach sibh-se mo shaothar sa Tiarna? Fiú mura bhfuil meas aspail ag daoine eile orm, is dearbh gur aspal daoibhse mé mar gur sibh-se an séala ar mo mhisean sa Tiarna. Seo é mo fhreagra orthu siúd a bhíonn ag beachtaíocht orm: Nach bhfuil ceart ite agus óil againn? Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n-aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafas? An orm-sa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas? Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíon-ghort ach nach n-itheann cuid dá thoradh? Nó cén t-aoire a dhéanann aoireacht ach nach n-ólann bainne a thréada féin? Agus an i dtaobh le hargóintí ón ngnáthshaol atáim, nó nach bhfuil an rud céanna le rá ag an dlí? Is ea, tá scríofa i ndlí Mhaois: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.” An iad na daimh is cás le Dia? Nó nach chugainne a bhí sé dáiríre? Is chugainn a scríobhadh é gan dabht, dá thabhairt le fios nach miste don treabhadóir agus don bhuailteoir a bheith ag súil lena gcion den toradh a fháil. Má chuireamarna síol spioradálta daoibhse, an mór an ní é má bhainimid toradh saolta uaibh? Má fhaigheann daoine eile an ceart seo uaibh, nach móide go bhfaighmisne uaibh é? Ach níor bhaineamar feidhm riamh as an gceart sin. Ina ionad sin cuirimid suas le gach sórt ar eagla go gcuirfimis bac dá laghad ar dhea-scéal Chríost. Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun shearmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra? Ar an gcuma chéanna dʼachtaigh an Tiarna do lucht fógartha an dea-scéil a mbeatha a bhaint as an dea-scéal. Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní dá n-éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. Bʼfhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan mʼábhar maíte. Ní haon chúis mhaíte dom a bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is dom-sa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt. Dá mba de mo dheoin féin a bheinn dá dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul dom; ach más de mʼainneoin é, is dualgas é atá curtha orm. Cén tuarastal atá ag dul dom mar sin? Tá, go ndéanaim an dea-scéal a fhógairt saor in aisce gan feidhm ar bith a bhaint as an gceart is liom ón dea-scéal. Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábhaí díom féin don uile dhuine dʼfhonn breis a thabhairt liom. Leis na Giúdaigh bhí mé mar a bheadh Giúdach dʼfhonn na Giúdaigh a thabhairt liom. Leo sin atá faoi réir an dlí bhí mé mar dhuine a bheadh faoi réir an dlí–cé nach bhfuilim faoina réir dáiríre–dʼfhonn an mhuintir atá faoi réir an dlí a thabhairt liom. Leo siúd atá saor ón dlí bhí mé mar dhuine a bheadh saor ón dlí dʼfhonn an mhuintir atá saor ón dlí a thabhairt liom–cé nach bhfuilim saor ó dhlí Dé ach mé faoi dhlí Chríost. Bhí mé lag leis na laga dʼfhonn na laga a thabhairt liom. Bhí mé ag iarraidh gach duine a shásamh dʼfhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin. Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann. Iad siúd a bhíonn ag rás i gcomórtas nach bhfuil a fhios agaibh go ritheann siad go léir, ach nach mbeireann ach an t-aon duine amháin acu an chraobh leis. Rithigíse ar shlí go mbainfidh sibh an chraobh thar barr amach. Níl aon iomaitheoir díobh nach í an mheasarthacht a ghnáthaíonn sé i ngach ní. Níl le baint acu siúd ach craobh dhíomuan ach tá craobh le baint againne nach dtréigfidh choíche. I dtaca liom féin, nuair a rithimse rás ní chun seachráin é; nuair a bhím ag dornáil ní mar bheinn ag bualadh an aeir é. Ní hea ach tugaim bascadh do mo chorp agus coinním faoi smacht é le heagla go gcolfaí mé féin tar éis dom a bheith ag fógairt ar dhaoine eile. Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill agus go ndeachaigh siad uile tríd an muir, agus gur baisteadh iad uile sa scamall agus sa mhuir i gcomhar le Maois. Chaith siad uile an bia spioradálta céanna agus dʼól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí dá leanúint–agus ba é Críost an charraig sin. Mar sin féin ní raibh Dia buíoch dá bhformhór agus dá chomhartha sin fágadh sínte iad faoin bhfásach. Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, dá fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd. Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: “Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus mʼéirigh siad suas chun spóirt.” Agus ná déanaimis drúis faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur thit in aon lá amháin trí mhíle ar fhichid acu. Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad. Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an scriosadóir iad. Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n-aoiseanna. Dá réir sin an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé. Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n-acmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán. Dá chionn sin, a chairde ionúine, seachnaígí an t-íoladhradh. Ós ag caint le daoine stuama atáim, breithnígí féin a bhfuil agam dá rá: Cupán an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t-arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é? Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t-aon arán amháin. Breathnaígí Iosrael na staire: an chuid acu a chaitheann an bia íobartha nach mbíonn siad páirteach san altóir? Céard atá i gceist agam? Go bhfuil brí ar bith leis an mbia a ofráiltear dʼíola nó go bhfuil brí ar bith leis an íol? Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibh-se leis na deamhain sin. Ní féidir daoibh cupán an Tiarna a ól agus cupán na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith. An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é? “Tá gach ní ceadaithe.” Tá, ach ní hé gach ní a théann chun sochair. Tá gach ní ceadaithe ach níl gach ní fóinteach. Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa. Aon ní a bhíonn dá dhíol ar an margadh, ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa mar “is le Dia an domhan agus a bhfuil ann”. Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan cheist ó thaobh coinsiasa. Má deir duine éigin libh áfach: “Is bia íobartha é seo,” ná caithígí an bia sin, ar mhaithe leis an té a chuir in iúl daoibh é agus ar mhaithe leis an gcoinsias– ní hé do choinsias féin atá i gceist agam ach coinsias an fhir thall. Cén fáth a mbeadh mo shaoirse-se dá meas de réir coinsias duine eile? Má chaithimse mo chuid go buíoch cén fáth a gcáinfí mé mar gheall ar bhia a altaím? Dá bhrí sin cibé acu a dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t-iomlán chun glóire Dé. Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná dʼeaglais Dé. Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad. Déanaigíse aithris orm-sa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost. Molaim sibh as a bheith ag cuimhneamh orm i gcónaí agus as a bheith ag cloí leis na traidisiúin a thaobhaigh mé libh. Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh, áfach, go bhfuil Críost ina cheann ar gach fear, go bhfuil an fear ina cheann ar a bhean agus go bhfuil Dia ina cheann ar Chríost. Aon fhear a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus a cheann clúdaithe aige, tugann sé náire don té is ceann air. Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha. Mar mura gclúdaíonn bean a ceann, déantar í a bhearradh. Agus ós cúis aithise do bhean a ceann a bhearradh nó a folt a ghearradh, clúdaíodh sí a ceann. Ní gá dʼfhear a cheann a chlúdach mar is íomhá agus macasamhail Dé é; ach is macasamhail den fhear an bhean; mar ní ón mbean a tháinig an fear ach is ón bhfear a tháinig an bhean. Agus ní ar mhaithe leis an mbean a cruthaíodh an fear: is ar mhaithe leis an bhfear a cruthaíodh an bhean. Dá réir sin ní miste don bhean comhartha an smachta a bheith ar a ceann aici mar gheall ar na haingil. Ina dhiaidh sin agus uile níl an bhean neamh-spleách leis an bhfear ná an fear neamh-spleách leis an mbean sa Tiarna; faoi mar a tháinig an bhean ón bhfear ar dtús, is ón mbean a shaolaítear an fear agus is ó Dhia a thagann an uile ní. Fágaim faoi bhur mbreith féin an scéal; an cuí do bhean a bheith ag guí chun Dé agus gan aon ní ar a ceann aici? Nach é a mhúineann an nádúr féin dúinn gur cúis aithise dʼfhear a chuid gruaige a bheith fada aige ach gur barr maise do bhean a cuid gruaige a bheith amhlaidh? Go deimhin is mar chumhdach a tugadh an folt di. Ach má tá fonn aighnis ar aon duine faoin scéal, níl a mhalairt de nós againne ná ag eaglaisí Dé. Sa treoir seo atáim a thabhairt daoibh níl aon mholadh le déanamh agam oraibh mar nach fearrde sibh bhur dteacht le chéile ach gur measaide sibh é. Ar an gcéad dul síos cloisim go mbíonn easaontas eadraibh nuair a thagann sibh le chéile mar eaglais, rud a chreidim cuid mhaith. Caithfidh aicmí a bheith oraibh gan dabht chun go n-aithneofaí cé hiad na daoine fiúntacha oraibh. Ach nuair a thagann sibh i gceann a chéile mar sin ní ag caitheamh séire an Tiarna é, mar is amhlaidh a thosaíonn gach duine ar a shéire féin a chaitheamh roimh an gcuid eile, agus bíonn ocras ar dhuine amháin agus duine eile ar meisce. Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun a bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé. Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.” Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupán ag rá: “Is é an cupán seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.” A mhinice, más ea, a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupán, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé. Dá chionn sin, duine ar bith a chaitheann an t-arán nó a ólann cupán an Tiarna go míchuí beidh sé ciontach i gcorp agus i bhfuil an Tiarna. Déanadh duine é féin a scrúdú mar sin sula gcaitheann sé an t-arán agus sula n-ólann sé as an gcupán, mar an té a itheann agus a ólann gan corp an Tiarna a aithint, is é a dhaoradh féin a itheann agus a ólann sé. Sin é an fáth a bhfuil a oiread sin agaibh tinn agus lag agus cuid mhaith agaibh tar éis bháis. Dá mbreithneoimis sinn féin ní bheadh breith dá tabhairt orainn. Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol. Dá bhrí sin, a bhráithre, nuair a thagann sibh le chéile chun bia a chaitheamh, fanaigí lena chéile. Má bhíonn ocras ar dhuine ar bith, itheadh sé a chuid sa bhaile sa tslí nach do bhur ndaoradh a thiocfaidh sibh le chéile. Socróidh mé na cúrsaí eile nuair a thiocfaidh mé. Maidir le tíolacthaí an Spioraid, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh aon aineolas oraibh ina dtaobh. Tá a fhios agaibh fad a bhí sibh in bhur bpágánaigh go mbíodh sibh do bhur seoladh ar mearbhall i ndiaidh na n-íol balbh. Sin é an fáth a bhfuilim dá thabhairt le fios daoibh nach féidir dʼaon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir dʼaon duine ach a oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh. Tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin; tá feidhmeannais dhifriúla ann ach an t-aon Tiarna amháin; agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn dá n-oibriú go léir i ngach ceann riamh acu. An léiriú a dhéantar ar an Spiorad i ngach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é. Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna. Faigheann duine eile creideamh tríd an Spiorad céanna, agus duine eile buanna leighis tríd an aon Spiorad. Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile. Ach is é an Spiorad ceannann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáileadh ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin. Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é: mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn. Ní haon bhall amháin atá sa chorp ach mórán ball. Má deir an chos: “Toisc nach lámh mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í. Nó má deir an chluas: “Toisc nach súil mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í. Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t-iomlán cá mbeadh an boladh? Faoi mar atá, áfach, shocraigh Dia gach ball ar leith de na baill bheatha sa chorp de réir mar ab áil leis féin é. Dá mba aon bhall amháin an t-iomlán acu, cá mbeadh an corp? Is amhlaidh mar atá an scéal, áfach: tá mórán ball ann agus aon chorp amháin. Más ea, ní féidir don tsúil a rá leis an lámh: “Níl aon ghnó agam díot-sa”; ná ní féidir don cheann a rá leis na cosa: “Níl aon ghnó agam díbhse.” Ní hea, ach na baill a bhfuil an chuma is leochailí orthu, is iad is riachtanach. Agus na baill den chorp is lú gradam linn, is iad is onóraí a chóirímid; agus na baill is lú maise atá againn is iad is cuibhiúla a mhaisítear, rud nach gá a dhéanamh dár mbaill mhaisiúla. Chuir Dia an corp le chéile sa tslí gur thug sé breis den ghradam don bhall a bhí dá cheal, ar shlí nach mbeadh aon deighilt sa chorp ach go mbeadh na baill ag déanamh an chúraim chéanna dá chéile. Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis. Is sibh-se corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh. San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n-aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla. An aspail sibh uile? An fáithe sibh uile? An múinteoirí sibh uile? An bhfuil cumas míorúiltí agaibh uile? An bhfuil buanna leighis agaibh uile? An bhfuil labhairt i dteangacha agaibh uile? An bhfuil míniú teangacha agaibh uile? Is ar na tíolacthaí is tábhachtaí ba cheart tóir a bheith agaibh agus táim-se chun ríbhealach a thaispeáint daoibh. Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh. Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus a oiread lánchreidimh agam agus a dʼaistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé. Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní haon tairbhe dom é. Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. Ní háil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán dʼfhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán dʼfhoighne. Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t-eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo. Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach; agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní. Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar mʼéirí suas i mʼfhear dom, dʼfhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh. Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm. Tá trí ní ann atá buan, más ea, creideamh, dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthu-san. Saothraígí an grá mar sin ach bíodh dúil agaibh sna tíolacthaí spioradálta chomh maith agus go mór mór san fháidheoireacht. Mar an té a labhraíonn i dteanga, ní le daoine a bhíonn sé ag labhairt ach le Dia, mar nach dtuigeann duine ar bith é ach é ag trácht faoi anáil an Spioraid ar nithe rúnda. An té a thugann tairngreacht, áfach, is ag labhairt le daoine a bhíonn sé, dá neartú, dá spreagadh agus dá misniú. An té a labhraíonn i dteanga is leis féin amháin a threisíonn sé, ach an té a thugann tairngreacht bíonn sé ag treisiú leis an eaglais. Ba mhaith liom sibh go léir a bheith ag labhairt i dteangacha, ach bʼfhearr liom go dtabharfadh sibh tairngreacht, mar is éifeachtaí an fáidh ná fear na dteangacha a labhairt mura ndéanann duine éigin a chuid cainte sin a mhíniú dʼfhonn treisiú leis an eaglais. Cuirim i gcás, a bhráithre, go dtagaimse chugaibh ag labhairt i dteangacha, cén tairbhe daoibh mé mura mbíonn foilsiú éigin nó eolas nó tairngreacht nó teagasc éigin agam le tabhairt daoibh? Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh dá sheinm orthu? Agus má thugann an stoc uaidh glór éiginnte, cé a ullmhóidh é féin chun catha? Sibh-se mar an gcéanna, mura labhraíonn sibh go soiléir sa teanga, conas a thuigfear a mbeidh dá rá? Ag caint san aer a bheidh sibh. Is iomaí sin teanga dhifriúil sa domhan agus gan aon cheann acu gan bhrí. Ach mura dtuigimse ciall na cainte beidh mé i mo choimhthíoch don chainteoir agus beidh an cainteoir ina choimhthíoch dom-sa. Sibh-se mar an gcéanna: ó tá dúil agaibh i dtíolacthaí an Spioraid, bíodh tóir agaibh ar an tosaíocht a bheith agaibh ag treisiú leis an eaglais. An té a labhraíonn i dteanga, mar sin, bíodh sé ag guí go ndéanfaidh duine éigin a chaint a mhíniú. Má dhéanaimse guí i dteanga is é mo spiorad a bhíonn ag guí ach bíonn mʼintleacht seasc. Cad atá le déanamh mar sin? Tá, go ndéanfaidh mé guí le mo spiorad ach go ndéanfaidh mé guí le mʼintleacht chomh maith. Canfaidh mé le mo spiorad ach canfaidh mé le mʼintleacht chomh maith. Más le do spiorad amháin a mholann tú conas a chuirfidh aon ghnáthdhuine ‘Áiméan’ le dʼaltú nuair nach bhfuil a fhios aige cad atá tú a rá? Bíodh féin go bhfuil dʼaltú ar fheabhas, ní haon tairbhe den fhear thall é. A bhuí le Dia gur mó a labhraím féin i dteangacha ná duine ar bith agaibh, ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó mʼintleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga. A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; is ea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de. Tá scríofa sa dlí: “Labhróidh mé leis an bpobal seo,” arsa an Tiarna, “trí bhéal na n-allúrach agus trí bheola na n-eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.” Dá réir sin is comhartha na teangacha, ní do na creidmhigh ach do na díchreidmhigh; ach is do na creidmhigh is comhartha an fháidheoireacht agus ní do na díchreidmhigh. Cuirim i gcás má bhíonn an eaglais cruinnithe i gceann a chéile agus iad go léir ag labhairt i dteangacha agus go dtagann tuataí nó díchreidmhigh isteach, nach é a déarfaidh siad gur as bhur meabhair atá sibh? Más ag tabhairt tairngreachta a bhíonn siad go léir, áfach, agus díchreidmheach nó tuata a theacht isteach, is amhlaidh a bheidh sé dá chiontú ag gach duine agus dá mheas ag gach duine. Nochtfar rúin a chroí agus caithfidh sé é féin ar a bhéal ag déanamh ómóis do Dhia agus ag fógairt go bhfuil Dia in bhur measc dáiríre. Cad atá le déanamh mar sin, a bhráithre? Tá, nuair a thagann sibh i gceann a chéile bíonn ag gach duine salm nó teagasc nó foilsiú nó caint i dteanga nó míniú ar an gcaint sin; ach bíodh gach ní acu ag treisiú leis an gcomhluadar. Má dhéantar caint i dteanga, ná labhraíodh ach beirt nó triúr ar a mhéad, gach duine acu ar a sheal féin agus bíodh duine amháin ag míniú na cainte. Más rud é nach mbíonn aon duine ann a mhíneodh an chaint, fanadh gach duine ina thost san eaglais agus bíodh an chaint idir é féin agus Dia. Maidir leis na fáithe, ná labhraíodh thar bheirt nó thriúr agus déanadh an chuid eile a gcaint a mheas. Ach má fhaigheann duine eile foilsiú agus é ina shuí, bíodh an chéad duine ina thost; mar tá cead fáidheoireachta agaibh go léir, ach é a dhéanamh duine ar dhuine ar shlí go mbeidh sibh go léir ag foghlaim agus ag fáil spreagadh. Tá tíolacthaí spioradálta na bhfáithe faoi stiúir na bhfáithe féin, mar ní hé Dia an imris é Dia ach Dia na síochána. Mar is gnách in eaglaisí uile na naomh, fanadh na mná ina dtost sna heaglaisí. Níl aon chead labhartha acu ach iad a bheith faoi smacht mar a deirtear sa dlí. Más áil leo fios aon ní a fháil, cuiridís ceist ar a bhfear sa bhaile, mar is náireach an mhaise do bhean labhairt in eaglais. An amach uaibh-se a tháinig briathar Dé? nó an chugaibhse amháin a tháinig sé? Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá dá scríobh agam. Má bhíonn duine ainbhiosach, beifear ainbhiosach air. Bíodh dúil agaibh san fháidheoireacht, dá bhrí sin, a bhráithre, agus ná coiscigí labhairt i dteangacha. Ach déantar gach ní go cuí agus de réir oird. Ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a dʼfhógair mé daoibh agus ar ghlac sibh-se leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de. Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é–ach murab in aisce a chreid sibh. Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr; gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr; gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag; gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig chéad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne. Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir. Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin dom-sa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth. Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail–ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géar-leanúint ar eaglais Dé. Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom. Ach is cuma idir mise agus iad-san, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibh-se. Ós é atá dá fhógairt go bhfuil Críost éirithe ó mhairbh, cad a bheir do chuid agaibh-se a rá nach bhfuil aiséirí na marbh ann ar chor ar bith? Mura bhfuil aiséirí na marbh ann níl Críost ach a oiread aiséirithe. Agus mura bhfuil Críost aiséirithe tá ár bhfógairt gan bhonn agus tá bhur gcreideamhsa gan bhonn mar an gcéanna. Agus níl ionainne ach finnéithe bréige ar Dhia de bhrí gur dhearbhaíomar ar Dhia gur thóg sé Críost ó mhairbh, rud nach ndearna sé más fiór nach n-aiséiríonn na mairbh. Mar más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh níl Críost aiséirithe ach chomh beag. Agus más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe is baoth bhur gcreideamh agus tá sibh in bhur bpeacaí go fóill. Agus rud eile de, an mhuintir atá tar éis bháis i gCríost, tá deireadh leo. Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn. Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh. Faoi mar is duine amháin faoi deara an bás is duine amháin faoi deara aiséirí na marbh chomh maith. Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, athbheofar gach duine chomh maith i gCríost. Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéad toradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost; agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an Ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní. Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige. Agus is é namhaid deireanach atá le cloí an bás. Óir “tá gach ní curtha faoi chois aige.” Ach nuair a deirtear “tá gach ní curtha faoina chois” is follas nach bhfuil an té a chuir gach ní faoina chois san áireamh. Nuair a bheidh gach ní faoina smacht, ansin rachaidh an Mac féin faoi réir an té a chuir gach ní faoi, sa tslí go mba é Dia gach ní don uile ní. Rud eile de, cén fheidhm a bhíonn leo siúd a bhaistear thar ceann na marbh? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear thar a gceann iad? Agus cad chuige a dtéimid-ne i mbaol gach uair den lá? Chomh cinnte agus atá brod orm asaibhse i gCríost Íosa ár dTiarna, a bhráithre, níl lá de mo shaol nach dtéimse i mbaol mo bháis. Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.” Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.” Croithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim dá rá. Fiafróidh duine éigin: “Conas a aiséireoidh na mairbh? Cén sórt coirp a bheidh acu ag teacht?” A dhuine gan chiall, an síol a chuireann tú sa talamh ní thagann beatha ann gan é a fháil bháis ar dtús. Agus an ní a chuireann tú ní hé an “corp” a bheidh ann ar ball é ach gráinne lom cruithneachta cuirim i gcás nó a leithéid eile. Agus tugann Dia corp dó mar is áil leis, a chorp féin do gach síol ar leith acu. Ní mar a chéile gach cineál feola ach tá cineál amháin ag daoine, cineál eile ag beithígh, cineál eile ag éanlaith, agus cineál eile fós ag éisc. Agus tá na dúile Neimhe ann agus dúile na talún. Agus ní hionann loinnir do na dúile Neimhe agus do dhúile na talún. Ní hionann loinnir don ghrian ná don ghealach ná do na réiltíní, agus níl aon dá réiltín ar aon loinnir le chéile. Is é an dála céanna ag aiséirí na marbh é. Cuirtear i so-mhillteacht; éireofar i ndo-mhillteacht. Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart. Cuirtear é ina chorp nádúrtha; éireoidh sé ina chorp osnádúrtha. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp osnádúrtha ann chomh maith. Mar atá scríofa: “Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.” Is ea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh. Ach ní hé an rud osnádúrtha is túisce a bhí ann ach an rud nádúrtha agus an rud osnádúrtha ina dhiaidh. Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine. Bíonn na daoine talmhaí ar aon dul leis an duine úd a tháinig ón talamh, agus bíonn na daoine neamhaí ar aon dul leis an duine úd ó neamh. Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, glacaimis cló an duine neamhaí orainn chomh maith. Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir dʼfhuil agus dʼfheoil Ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud so-mhillte an do-mhillteacht a shealbhú. Ach tá rúndiamhair agam le nochtadh daoibh: ní bhfaighimid go léir bás ach tiocfaidh claochlú orainn go léir. Tiocfaidh sé orainn in aon nóiméad amháin, i bhfaiteadh na súl, ar shéideadh an trumpa dhéanaigh. Nuair a shéidfidh an trumpa, éireoidh na mairbh agus iad domhillte; agus claochlófar sinne, mar ní foláir don chorp so-mhillte seo cló do-mhillte a chur uime; ní foláir don chorp básmhar seo cló neamh-bhásmhar a chur uime. Agus nuair a bheidh an corp so-mhillte seo ina chló do-mhillte, an corp básmhar seo ina chló neamh-bhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa: “Tá an bás slogtha siar ag an mbua. Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua? A bháis, cá bhfuil do chealg?” Is é an peaca cealg an bháis agus is é an dlí neart an pheaca. Buíochas le Dia a thugann dúinn an bua trínár dTiarna Íosa Críost. Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna. Maidir leis an mbailiúchán i gcomhair an phobail naofa, leanaigíse freisin an treoir a thug mé dʼeaglaisí na Galáite. Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce a oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh. Ansin ar theacht dom, cibé daoine dá dtabharfaidh sibh litreacha creidiúnais dóibh, cuirfidh mé go hIarúsailéim iad le bhur ndeontas. Agus má fhónann dom féin dul ann chomh maith, beidh siad-san le mo chois. Tar éis dom gabháil tríd an Macadóin tiocfaidh mé chugaibh ar cuairt–mar is é bealach na Macadóine a ghabhfaidh mé– agus caithfidh mé tamall libh, nó an geimhreadh ar fad bʼfhéidir, agus ansin féadfaidh sibh-se mé a thionlacan cibé bealach a ngabhfaidh mé. Níor mhaith liom gan ach cuairt reatha a thabhairt oraibh. Tá súil agam tamall maith a thabhairt libh más toil leis an Tiarna é. Fanfaidh mé in Eifeasas go Cincís, mar tá doras mór ar leathadh romham chun oibre–agus tá naimhde go leor agam. Má thagann Tiomóid féachaigí chuige go gcuirfidh sibh ar a shuaimhneas é in bhur measc mar is í obair an Tiarna atá sé a dhéanamh ar mo dhála féin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugam-sa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis. Maidir lenár mbráthair Apallós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige. Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma. Gach ní dá ndéanann sibh, déanaigí le grá é. Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí na hAcháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh. Bígí géilliúil dá leithéidí sin agus don uile dhuine atá ag obair agus ag saothrú leo. Tá áthas orm Stiofán agus Fortúnátas agus Acháiacas a bheith tagtha anseo. In bhur n-éagmais-se ba mhór an sásamh dom iad a theacht, mar chuir siad mʼaigne chun suaimhnis, agus bhur n-aignese chomh maith. Bíodh meas agaibh ar a leithéidí sin. Cuireann eaglaisí na hÁise a mbeannacht chugaibh. Na mílte beannacht sa Tiarna ó Acúbas agus ó Phriosca mar aon leis an eaglais a thagann le chéile sa teach acu. Beannacht ó na bráithre uile. Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. Tá mo bheannacht-sa dá scríobh agam le mo lámh féin–Pól. Mallacht ar an té nach dtugann grá don Tiarna. Maranatha [tar, a Thiarna]. Grásta an Tiarna Íosa libh agus mo ghrá-sa libh uile i gCríost Íosa. Áiméan. Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid dʼeaglais Dé sa Choraint agus dá bhfuil de naoimh san Acháia ar fad. Grásta agus síocháin chugaibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, le hAthair gach trócaire agus le Dia an tsóláis uile. Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn, i dtreo go mbímid i riocht sólás a thabhairt do dhaoine eile a bhíonn in aon anacair leis an sólás lena bhfaighimid féin sólás ó Dhia. Óir má fhaighimid flúirse de pheannaidí Chríost, faighimid flúirse sóláis ó Chríost chomh maith céanna. Nuair a bhímid dár gcrá, is ar mhaithe le sólás agus slánú a bhuachan daoibhse é; agus nuair a fhaighimid sólás is geall le sólás daoibhse freisin é, mar go gcuireann sé ar bhur gcumas cur suas go foighneach leis na peannaidí céanna a bhíonn ag cur orainn féin. Agus tá bonn maith lenár ndóchas asaibh, de bhrí go dtuigimid, ó tá sibh páirteach inár bpianta, go mbeidh sibh i bpáirt linn sa sólás chomh maith. Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh dall ar an anró a rug orainn san Áise; bhíomar cloíte chomh mór sin thar ár gcumas go rabhamar i ndeireadh na feide. Bhraitheamar gurbh í breith an bháis a bhí tugtha orainn, rud a mhúin dúinn gan bheith ag brath orainn féin ach ar an Dia a thógann na mairbh. Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo ach sibh-se a theacht i gcabhair orainn le hurnaithe. Sa tslí sin, ní beag a bheidh ag gabháil buíochais thar ár gceann as an aisce a bhronnfaidh sé orainn ar impí mhóráin. Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n-iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libh-se; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé. Ní chuirimid aon ní síos inár litreacha chugaibh thar an méid a léann sibh iontu nó a thuigeann sibh astu. Agus tá súil agam go dtuigfidh sibh go hiomlán ar ball an ní a thuigeann sibh go pointe áirithe anois, is é sin, go bhféadfaidh sibh a bheith chomh mórálach céanna asainn lá an Tiarna Íosa agus a bheimidne asaibhse. Bhí mé chomh cinnte de sin gur bheartaigh mé ar dtús dul chugaibh ar cuairt agus comaoin dhúbailte a chur oraibh is é sin le rá, dul bhur mbealachsa chun na Macadóine agus teacht chugaibh athuair ar mo bhealach ar ais ón Macadóin, agus sibh-se mé a thionlacan faoi dhéin Iúdáia. An raibh aon ghuagacht orm agus mé ag cinneadh air seo? Nó, an cúrsa a leagaim amach dom féin, an de réir mheon an tsaoil a leagaim amach é i dtreo go mbíonn ‘sea’ ina ‘ní hea’ agam? Dar Dia dílis ní raibh aon ‘sea’ agus ‘ní hea’ inár dteachtaireacht chugaibhse. Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn–agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid–ní raibh aon ‘sea’ agus ‘ní hea’ ann siúd; ní raibh ann ach an ‘sea,’ mar is é an ‘sea’ scoir é ar a bhfuil geallta ag Dia. Sin é an fáth freisin gur trídsean a deirimid ár ‘nÁiméan’ chun glóire Dé. Mar is é Dia a dhaingníonn sinne agus sibh-se araon i gCríost; is é a dʼung sinn agus a bhuail a stampa orainn agus a chuir geall an Spioraid inár gcroí. Dearbhaím daoibh ar mʼanam i bhfianaise Dé gur dʼfhonn gan goilliúint oraibh a dʼfhan mé gan teacht go dtí an Choraint go fóill. Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun a bheith sonasach. Bheartaigh mé i mʼaigne, dá réir sin, gan cuairt bhrónach eile a thabhairt oraibh. Mar má chuirimse brón oraibh cé atá ann chun áthas a chur orm ach an duine céanna ar chuir mé brón air? Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith orm-sa. Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní dʼfhonn sibh-se a bhuaireamh a scríobh mé ach dʼfhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh. Má bhí aon duine ina ábhar buartha, ní orm-sa amháin a ghoill sé ach oraibhse go léir a bheag nó a mhór, chun gan luí róthrom air mar scéal. Ní beag dá leithéid, áfach, an pionós seo a ghearr an tromlach air. Is é a mhalairt is córa daoibh a dhéanamh anois, is é sin maithiúnas agus sólás a thabhairt dó ar eagla go gcloífí é faoi iomad den bhrón. Táim dá iarraidh dʼachainí oraibh dá bhrí sin bhur ngrá a chruthú dó. Mar is chuige seo a scríobh mé chugaibh, chun sibh a thriail, féachaint an mbeadh sibh umhal i ngach ní. An té a maitheann sibh-se dó, maithimse dó chomh maith. Mar cibé ní a mhaith mise dó, is ar mhaithe libh-se a rinne mé é i bhfianaise Chríost ar eagla go bhfaigheadh Sátan buntáiste oraibh–agus is maith is eol dúinn a chleasa siúd. Ar dhul dom go Tróás ag fógairt dea-scéal Chríost, cé go raibh doras ar leathadh ag an Tiarna romham, mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar mʼanam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. Dʼfhág mé slán acu dá bhrí sin agus dʼimigh liom go dtí an Mhacadóin. A bhuí le Dia a bhíonn i gcónaí dár seoladh ina mhórshiúl caith-réimeach i gCríost agus ag leathadh eolais air trínár mbíthin i ngach áit mar a bheadh boladh cumhra ann. Mar is cuma sinne nó cumhracht Chríost ag dul suas chun Dé i measc na ndaoine atá ar bhealach a slánaithe agus i measc na ndaoine atá ar bhealach a millte chomh maith; do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo? Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach dá fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia. An ag tosú ar ár moladh féin arís atáimid? An gá dúinne, dála daoine áirithe éile, litreacha creidiúnais a thabhairt chugaibhse nó iad a fháil uaibh? Is sibh-se ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile. Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna. Sin é an mhuinín atá againn as Dia i bpáirt le Críost. Ní hé go dtig linn uainn féin aon ní a chur síos dár gcumas féin. Is ó Dhia ár gcumas mar is é a chuir ar ár gcumas a bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad. An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean, nach mó go mór an niamhracht a bheidh leis an gcóras spioradálta? Má bhí niamhracht ag gabháil le córas ár ndaortha, nach móide go mór go mbeadh niamhracht ag gabháil le córas ár bhfíréanaithe? Go deimhin féin, le hais na niamhrachta thar barr seo, níl niamhracht ar bith anois sa rud a bhí chomh niamhrach sin tráth. Má bhí niamhracht ag gabháil le córas a bhí sealadach nach niamhraí go mór a bheidh an córas atá buan? Ní cás dúinn a bheith teann dá bhrí sin nuair atá dóchas chomh mór sin againn. Ní hionann dúinne agus do Mhaois a chuireadh púicín ar a cheann ar shlí nach mbeadh clann Iosrael ag stánadh ar an loinnir neamh bhuan úd ag tréigean. Dalladh an intinn iontu, áfach, agus go dtí an lá atá inniu ann fanann an púicín céanna orthu gan tógáil nuair a bhíonn an seantiomna dá léamh dóibh, mar is i bpáirt le Críost a thógtar an púicín chun siúil. Is ea, go dtí an lá inniu féin bíonn púicín anuas ar a n-aigne nuair a bhíonn Maois dá léamh dóibh, ach “nuair a iompófar chun an Tiarna tógfar an púicín chun siúil.” Is é an Tiarna an Spiorad, agus aon áit a mbíonn Spiorad an Tiarna bíonn saoirse ann. Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna. Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche. Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh bhriathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé. Má tá ár ndea-scéal folaithe ar dhuine ar bith, is orthu siúd atá ar bhealach a millte atá sé folaithe, is é sin ar lucht an dí-chreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dhea-scéal Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin. Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost inA Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa. An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne dʼfhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn. Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, dʼfhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í. Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcrua-chás ach nílimid in éadóchas; bítear dár ngéar-leanúint ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe. Bíonn bás Íosa ar iompar inár gcorp againn de shíor ar shlí go mbeidh beatha Íosa le feiceáil inár gcorp chomh maith. Fad is beo sinn bímid dár dtabhairt suas chun báis de shíor ar son Íosa, ionas go mbeidh beatha Íosa soiléir le feiceáil inár gcolainn bhásmhar. Dá réir sin is é an bás atá ag obair ionainne fad atá an bheatha ag obair ionaibhse. Ach tá againne an spiorad céanna úd an chreidimh atá luaite sa scrioptúr: “Chreid mé agus labhair mé dá réir.” Creidimidne chomh maith agus labhraímid dá réir, mar go bhfuil a fhios againn, an té úd a thóg an Tiarna Íosa ó mhairbh, go dtógfaidh sé sinne mar aon le hÍosa, agus go seolfaidh sé sinne agus sibh-se araon ina láthair. Is ar mhaithe libh-se é seo ar fad i dtreo, nuair a leathfaidh grásta Dé i measc breis daoine, go mbeidh breis buíochais chun glóire Dé. Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh dá ath-nuachan ó lá go lá. An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan dá thuilleamh aige dúinn. Ní ar na nithe infheicthe atá ár n-aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth. Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine. Go deimhin fad a bhímid anseo, bímid ag tnúth go hosnaíoch lenár n-áitreabh ar neamh a chur umainn mar bhrat, agus nuair a bheidh sé sin curtha umainn ní bheimid nocht. Is ea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfar siar an rud básmhar ag an mbeatha. Agus is é a réitigh ina chomhair seo leis féin sinn, Dia a thug dúinn an Spiorad i ngeall leis. Bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna. Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é. Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mbʼfhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus a bheith inár gcónaí leis an Tiarna. Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl dʼaidhm againn ach é a shásamh. Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith. Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é. Ní dár moladh féin libh arís atáimid ach ag iarraidh bun a thabhairt daoibh chun a bheith bródúil asainn, dʼfhonn is go mbeadh freagra agaibh orthu siúd a bhíonn bródúil as dreach an duine in áit a bheith bródúil as a mheon. Má táimid as ár meabhair, is ar son Dé é; má táimid inár gciall is ar mhaithe libh-se é. Is é grá Chríost atá dár dtiomáint ón uair a dʼaithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis. Agus fuair sé bás ar son cách dʼfhonn is nach ar mhaithe leo féin a mhairfeadh na beo feasta ach ar mhaithe leis an té sin a fuair bás ar a son agus a dʼaiséirigh ó mhairbh. As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh. Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha. Is é Dia a thug an t-iomlán i gcríoch, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a dʼfhág an t-athmhuintearas ina chúram orainne. Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a dʼfhág sé fógairt an athmhuintearais sin. Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia. Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, dʼfhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann. Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú. Mar is é a deir sé: “Ar uair na faille thug mé cluas duit; ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.” Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe. Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine, ach cruthaímid, i ngach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró; le sciúrsáil, le braighdeanas agus le círéib; le diansaothar, le heaspa codlata agus le hocras. Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis, le fógairt na fírinne agus le cumhacht Dé; bíonn an fhíréantacht ina harm cosanta agus ina harm ionsaithe againn; bíonn meas orainn agus droch-mheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor. Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm a bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm a bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis. Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn. Tá labhartha againn go hoscailte libh, a mhuintir na Corainte, tá ár gcroí ar leathadh romhaibh agus gan aon easpa slí ann daoibh. In bhur gcroí féin atá an chúngracht. Díolaigí an comhar linn, a chlann ó, agus bígí chomh hoscailte céanna. Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? Cén bhaint atá ag an solas leis an dorchadas? Cén cumann atá ag Críost le Beiliár? Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach? Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is sinne teampall Dé bheo, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siad-san ina bpobal agam-sa. Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamh-ghlan agus beidh fáilte agam-sa romhaibh. Beidh mé i mʼathair agaibh agus beidh sibh-se in bhur gclann mhac agus iníonacha agam-sa. arsa an Tiarna uilechumhachtach.” Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcríoch faoi eagla Dé. Déanaigí áit dúinn in bhur gcroí. Ní dhearnamar éagóir ná dochar ná calaois ar dhuine ar bith agaibh. Ní dá chasadh libh atáim, mar tá ráite agam cheana libh go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam chun bás nó beatha a fháil liom ann. Is mór í mʼiontaoibh asaibh agus is mór é mo bhród. Agus ainneoin mo chuid anacra táim lán de shólás agus ag cur thar maoil le háthas. Ar theacht dúinn chun na Macadóine ní raibh aon suaimhneas le fáil ag ár gcolainn ach crosa ar gach taobh, achrann ón taobh amuigh agus imní ón taobh istigh. Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair. Agus níorbh é a theacht sin amháin a chuir misneach orainn ach an spreagadh a bhí faighte aige uaibh-se chomh maith; thug sé cuntas dom ar a mhéad a bhí sibh ag tnúth liom, ar an mbrón a bhí oraibh agus ar a dhíograisí a bhí sibh dom, rud a chuir go mór le mo lúcháir. Más ea féin gur chuir mé brón oraibh leis an litir úd agam, níl aon aiféala orm faoi. Nó má bhí aiféala orm tuigim gur ghoill an litir sin oraibh dʼala na huaire, tá áthas anois orm, ní de chionn go raibh sibh-se buartha ach de chionn gur thug an bhuairt chun aithrí sibh. Bhí bhur mbuairt de réir thoil Dé agus dá bhrí sin ní raibh sibh aon ní chun deiridh linne. Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní haon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás. Féach an toradh a bhí ar an mbuairt sin a chuir Dia oraibh; cad é mar dhúthracht a chothaigh sí ionaibh, cad é mar fhonn cosanta, cad é mar mhíchéadfa, cad é mar fhaitíos! Cad é mar dhíograis agus mar fhonn cúitimh a spreag sí ionaibh! Chruthaigh sibh go raibh sibh neamhurchóideach sa ghnó seo ar fad. Nuair a scríobh mé an litir úd chugaibh, ní ar mhaithe le fear déanta na héagóra a bhí mé, ná ar mhaithe leis an té a ndearnadh an éagóir air, ach dʼfhonn bhur ndílseacht dom-sa a chur ar bhur súile daoibh i bhfianaise Dé. Sin é an fáth a bhfuil sólás orainn. Agus mar bharr ar ár sólás, bhí áthas níos mó fós orainn faoin ngliondar a bhí ar Thíteas toisc gur chuir sibh-se go léir a aigne chun suaimhnis. Cibé mórtas a rinne mé asaibhse leis, níorbh aon chúis náire dom é, ach faoi mar nár labhair mé riamh libh-se ach an fhírinne ghlan, an maíomh a rinne mé asaibh le Títeas tháinig sé isteach fíor chomh maith céanna. Agus is ag dul i méid atá a chion oraibh nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh go léir dó, agus ar chomh hurramach uamhnach agus a dʼfháiltigh sibh roimhe. Is cúis áthais dom-sa go dtig liom a bheith lánmhuiníneach asaibh. Ba mhaith liom fios a thabhairt anois daoibh, a bhráithre, ar an ngrásta atá bronnta ag Dia ar eaglaisí na Macadóine. Cé gur promhadh go dian san anró iad, tá siad lán dʼáthas, agus dʼainneoin iad a bheith beo bocht is iad croí na féile iad. Thug siad uathu de réir a n-acmhainne, ní hea, ar mʼanam, ach thar a n-acmhainn; agus dá ndeoin féin dʼimpigh siad orainn go bog agus go crua ligean dóibh a bheith páirteach sa ghar seo atá dá dhéanamh do na naoimh. Agus, rud nach raibh aon súil againn leis, thug siad suas iad féin ar dtús don Tiarna agus dúinne ina dhiaidh sin de dheonú Dé. Sin é an fáth gur mholamar do Thíteas an gnó carthanachta seo a thabhairt chun críche in bhur measc ó ba é a chuir tús leis. Agus ós rud é go bhfuil flúirse den uile shórt agaibh, flúirse den chreideamh, den líofacht, den eolas, den uile dhíograis agus den ghrá a dʼfhoghlaim sibh uainne, bígí flaithiúil sa charthanacht seo chomh maith. Ní ag tabhairt orduithe daoibh atáim ach ag iarraidh dáiríre bhur ngrá a mheas de réir díograis daoine eile. Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libh-se, dʼfhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineacht-san. Tá comhairle agam, áfach, le tabhairt daoibh sa ghnó seo, comhairle bhur leasa, mar ní hé amháin gur sibh-se na chéad daoine a thosaigh ar an ngnó seo a chur i ngníomh bliain ó shin ach bhí sibh ar na chéad daoine a bheartaigh é. Tugaigí an gnó chun críche anois agus bígí chomh fonnmhar céanna dá chríochnú de réir bhur ngustail agus a bhí sibh dá bheartú. Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn, mar ní gá daoibh sibh féin a chreachadh ag fóirithint ar dhaoine eile. Níl ann ach ceist cothroime: an fuílleach atá agaibh-se i láthair na huaire, coinneoidh sé riar a gcáis leo siúd: agus an fuílleach a bheidh acu sin coinneoidh sé riar bhur gcáis libh-se ar ball, agus sa tslí sin beidh cothrom ann de réir mar atá scríofa: “An té a chnuasaigh mórán, ní raibh an iomarca aige, agus an té a chnuasaigh beagán, ní raibh easnamh air.” Míle buíochas le Dia a chuir an díograis chéanna chun cabhraithe libh i gcroí Thíteas. Ní hé amháin gur aontaigh sé le mʼachainíse ach bhí sé chomh díograiseach sin go ndeachaigh sé ag triall oraibh dá dheoin féin. Agus chuireamar lena chois an bráthair úd a bhfuil moladh air mar shoiscéalaí ar fud na n-eaglaisí go léir. Agus ní hamháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agam-sa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son ghlóir an Tiarna agus dʼfhonn ár ndíograis a thaispeáint. Táimid ar ár n-aire, áfach, nach mbeidh gearán ag duine ar bith orainn faoin gciste fial seo atá faoinár gcúram. Mar is é ár n-aidhm an rud ceart a dhéanamh ní hamháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith. Agus chuireamar bráthair dár gcuid lena gcois, fear a bhfuil a dhíograis tástáilte againn go mion minic agus gur díograisí ná riamh anois é le méid na hiontaoibhe atá aige asaibhse. Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost. Taispeánaigí, dá bhrí sin, i bhfianaise na n-eaglaisí go bhfuil grá agaibh dóibh agus nach miste dúinne a bheith bródúil asaibh. Ní gá dom aon ní a scríobh chugaibh faoin mbailiúchán i gcomhair na naomh. Mar tá a fhios agam an díograis atá ionaibh faoi agus bím ag déanamh gaisce asaibh le muintir na Macadóine agus ag rá go bhfuil an Acháia faoi réir chuige le bliain anuas. Go deimhin féin is í bhur ndíograis-se a spreag a bhformhór eile chun gnímh. Ach ar eagla nach mbeadh i mo chuid mórtais sa chás seo ach caint dhíomhaoin, táim ag seoladh na mbráithre chugaibh i dtreo go mbeidh sibh ullamh faoi mar a dúirt mé. Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibh-se a bheith ullamh rompu, nach orm-sa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin–tar éis dom a bheith chomh teann sin asaibh? Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos. Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing. Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach. Tá ar chumas Dé gach tabhartas a bhronnadh go fairsing oraibh, i dtreo go mbeadh lán bhur ndóthain agaibh den uile shórt i gcónaí agus fuílleach i gcomhair gach dea-chúise, de réir mar atá scríofa: “Roinn sé go fial ar na boicht, mairfidh a mhaoin go deo.” An té úd a sholáthraíonn síol don síoladóir agus a thugann arán le hithe, soláthróidh sé an síol daoibhse chomh maith; méadóidh sé an síol agus iomadóidh sé torthaí bhur bhfíréantachta. Beidh sibh saibhir bhur ndóthain i gcónaí chun a bheith fial le cách agus beidh ár mbuíochas dá bharr sin ar Dhia. Mar an tseirbhís naofa seo atá idir lámha againn, ní hé amháin go bhfuil sí ag soláthar riar a gcáis do na naoimh ach tá rabharta buíochais dá thuilleamh chomh maith aici do Dhia. De bharr na seirbhíse profa seo beidh siad ag moladh Dé as bhur n-umhlaíocht ag admháil dhea-scéal Chríost agus as an bhflaithiúlacht lenar roinn sibh bhur gcuid orthu féin agus ar chách eile. Agus beidh siad ag guí oraibh go geanúil de bharr an ghrásta as cuimse a bhronn Dia oraibh. Buíochas le Dia mar gheall ar a thabhartas do-inste! Tá achainí phearsanta dá iarraidh agam oraibh as ucht chineáltas agus cheansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh. Táim dá iarraidh oraibh gan a thabhairt orm a bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid. Mairimid sa saol, is fíor, ach ní de réir ghnás an tsaoil seo a fhearaimid cath. Na hairm chogaidh a bheartaímid, ní airm shaolta iad ach airm a bhfuil cumas ó Dhia acu daingin a threascairt. Leagaimid ar lár leo argóintí agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh dʼfhonn é a chur faoi réir Chríost. Agus táimid réidh chun gach saghas míréire a smachtú an túisce a bheidh sibh-se faoi réir go hiomlán. Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis. Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis–údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibh-se a thógáil agus ní chun sibh a leagan–ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air. Ní maith liom go gceapfaí gur le litreacha amháin a dhéanaim bagairt. “Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.” Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh. Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcóimheas le daoine áirithe a bhíonn dá gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibh-sean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin. Nílimidne chun dul thar fóir leis an maíomh, áfach; fanfaimid laistigh den limistéar a leag Dia amach dúinn agus a shíneann chomh fada libh-se. Nílimid ag dul thar teorainn amhail is nach mbeimis tagtha comh fada libh, mar bhíomar ar na chéad daoine a thug dea-scéal Chríost chugaibh. Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin, agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó. “An té a bhfuil fonn maíte air, déanadh sé maíomh as an Tiarna,” mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é. Ba mhaith liom dá gcuirfeadh sibh suas anois le beagán díth céille uaim-se. Déanaigí sin, más ea. Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí dá tabhairt dá haon fhear céile. Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost. Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomar-na, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis. Ní dóigh liom go bhfuilim-se pioc chun deiridh ar na sáraspail sin. Más tuata féin ar urlabhra mé, ní haon tuata mé ar eolas, rud atá léirithe agam i ngach slí daoibh riamh anall. Nó an é peaca atá déanta agam dea-scéal Dé a fhógairt daoibh saor in aisce agus mé féin a ísliú dʼfhonn sibh-se a ardú? Lom mé eaglaisí eile agus ghlac mé pá uathu chun freastal oraibhse; agus fad a bhí mé in bhur measc agus mé ar an ngann-chuid, ní raibh mé i mo mhuirear ar dhuine ar bith agaibh mar ba iad na bráithre a tháinig ón Macadóin a choinnigh riar mo cháis liom. Níor lig mé dom féin a bheith i mʼualach ar bith oraibh ná ní ligfidh mé amach anseo. Dar fírinne Chríost ionam, ní mhúchfar an maíomh seo ionam laistigh de chríocha na hAcháia. Agus cén fáth? Toisc nach bhfuil cion agam oraibhse, an ea? Tá a fhios ag Dia go bhfuil. An ní seo atáim a dhéanamh leanfaidh mé dá dhéanamh sa tslí nach bhfágfaidh mé cos fúthu siúd a bhíonn i gcónaí ag lorg leithscéil chun a bheith ag maíomh go bhfuil siad ar aon chéim linne. Níl iontu siúd ach aspail bhréige, oibreoirí mímhacánta faoi riocht aspail Chríost. Ach cá hionadh sin, nuair a chuireann Sátan féin riocht an aingil ghil air féin? Ní mór an ní é, dá bhrí sin, má théann a sheirbhísigh sin i riocht sheirbhísigh na fíréantachta. Bhéarfaidh críoch iad sin, áfach, a bheidh de réir a ngníomhartha. Deirim arís é: ná tugadh aon duine meas amadáin orm-sa. Ach más é sin an meas atá agaibh orm, glacaigí liom mar amadán go ndéanfaidh mé beagán mórtais chomh maith le cách. Níl an méid a deirim dá rá agam le húdarás an Tiarna ach le barr díth céille agus mé ag maíomh go teann. Ós rud é go bhfuil mórán eile ag maíomh as a gcumas nádúrtha, déanfaidh mise maíomh chomh maith leo, mar tá sibh-se chomh stuama sin go gcuireann sibh suas go fonnmhar le hamadáin: cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh. Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as–caint bhuile í seo–tá an maíomh céanna le déanamh agam-sa. An Eabhraigh iad? Is ea mise freisin. An Iosraelaigh iad? Is ea mise chomh maith. An sliocht Abrahám iad? Is ea mise chomh maith céanna. An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir–ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis. Cúig huaire a fuair mé na naoi mbuille is tríocha ó na Giúdaigh. Gabhadh de shlata orm faoi thrí agus gabhadh de chlocha orm aon uair amháin; longbhriseadh mé faoi thrí agus thug mé lá agus oíche san uisce. Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige. Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach. Agus gan na nithe eile a bhac, bíonn cúram na n-eaglaisí uile ina mhuirín laethúil orm. Cé a bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air? Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé. Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim dá rá: i nDamaisc dom bhí ceann-phort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil; ach scaoileadh anuas i gciseán mé trí fhuinneog san fhalla agus mʼéalaigh mé uaidh. Is ea, is éigean dom maíomh a dhéanamh, cé nach aon tairbhe dom é, agus tráchtfaidh mé anois ar aislingí agus ar fhoilsithe an Tiarna. Tá aithne agam ar fhear i gCríost agus ceithre bliana déag ó shin fuadaíodh é go harda na bhflaitheas. Níl a fhios agam cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh di–ag Dia amháin atá a fhios– ach tá a fhios agam gur fuadaíodh an fear seo go Parthas–níl a fhios agam-sa cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh dá cholainn, ag Dia atá a fhios– agus gur chuala sé briathra diamhara nach ceadmhach don daonnaí a aithris. Is as an duine sin a dhéanfaidh mé mórtas ach mórtas ar bith ní dhéanfaidh mé asam féin ach amháin as mo laigí. Dá mba mhian liom mórtas a dhéanamh, áfach, níorbh aon mhórtas amadáin é mar nach mbeadh agam dá insint ach an fhírinne ghlan. Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, áfach, le heagla go mbeadh breis measa ag daoine orm thar a bhfeiceann siad ionam ná thar a gcloiseann siad uaim. Agus le heagla go gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm. Dʼagair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom, ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm. Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géar-leanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin é an uair a bhím láidir. Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibh-se faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd. Tá comharthaí an aspail curtha i gcríoch le barr foighne in bhur measc le míorúiltí agus le hiontais agus le fearta. Cad é an buntáiste a bhí ag na heaglaisí eile oraibh ach amháin nach raibh mise i mo mhuirín oraibh? Maithigí dom an éagóir sin! Seo anois an tríú huair dom a bheith réidh chun teacht chugaibh. Ach ní chuirfidh mé aon chostas oraibh mar ní hé bhur gcuid atá uaim ach sibh féin. Tar éis an tsaoil níl dʼfhiacha ar leanaí stór a chur i dtaisce dá dtuismitheoirí ach is ar na tuismitheoirí atá sé dʼfhiacha stór a chur i dtaisce dá gclann. Caithfidh mise mo stór oraibhse go fonnmhar agus caithfidh mé mé féin oraibh chomh maith. Má tá grá thar fóir agam daoibh, an lúide an grá a bheidh orm? Bíodh féin nach raibh mé i mo mhuirín oraibh, bhí mé chomh glic sin, deir sibh, gur rug mé oraibh le cealg. An amhlaidh a rug mé buntáiste oraibh trí dhuine éigin dár sheol mé chugaibh? Dʼiarr mé ar Thíteas dul chugaibh agus chuir mé an bráthair lena chois. An é Títeas a rinne an slad oraibh? Nach é an Spiorad céanna a bhí dár seoladh araon agus nár leanamar araon an lorg céanna? An é atá dá cheapadh agaibh ar feadh an ama gur ag seasamh ár gcirt libh a bhíomar? Ní hea sin! Is i bhfianaise Dé atáim ag labhairt agus i gCríost. Ní raibh dʼaidhm againn tríd síos, a chlann ó, ach sibh-se a thógáil. Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibh-se mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libh-se mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord. Tá eagla orm nuair a thiocfaidh mé arís go n-ísleoidh mo Dhia mé os bhur gcomhair agus go mbeidh mé ag mairgneach faoina liacht daoine a rinne peacaí mígheanmnaíochta agus drúise agus collaíochta agus nach ndearna aithrí iontu go fóill. Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. “Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí dʼfhinnéithe.” Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís– ós rud é go bhfuil cruthúnas uaibh gurb é Críost atá ag labhairt ionamsa. Níl aon laige ann siúd ina chuid plé libh-se ach é go cumasach in bhur measc. Is fíor gur céasadh ar an gcros é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse. Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh–rud atá mura bhfuil cliste oraibh? Tá súil agam, áfach, go dtuigfidh sibh nach bhfuil cliste orainne. Táimid ag guí Dé nach ndéanfaidh sibh aon olc–ach ní dʼfhonn a thaispeáint go bhfuil éirithe linn sa triail é, ach dʼfhonn is go ndéanfadh sibh-se an mhaith fiú amháin dá ndealródh sé go raibh teipthe orainn. Ní féidir dúinn aon ní a dhéanamh in aghaidh na fírinne ach ar son na fírinne amháin. Bíonn áthas orainn fiú amháin nuair a bhímid féin lag agus sibh-se go láidir. Is é ár nguí go gcuirfear sibh-se ar lán bhur leasa. Is é fáth a bhfuilim dá scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár. Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh. Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. Cuireann na naoimh go léir a mbeannacht chugaibh. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir. Mise Pól aspal–ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus trí Dhia an tAthair, a thóg ó mhairbh é. Táim féin agus a bhfuil i mo theannta de na bráithre ag cur ár mbeannachta chuig eaglaisí na Galáite. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair moladh go deo leis. Áiméan. Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile. Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht. Mar, má dhéanaimidne féin nó aingeal ó neamh dea-scéal a fhógairt daoibh a bheadh bunoscionn leis an dea-scéal atá fógartha againn, go raibh mallacht Dé air. An ní atá ráite againn, deirim anois arís é: duine ar bith a dhéanann dea-scéal a fhógairt daoibh atá bunoscionn leis an dea-scéal atá faighte agaibh, go raibh mallacht Dé anuas air. Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba dhaoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábhaí ag Críost a bheinn. An dea-scéal atá fógartha agam-sa, a bhráithre, geallaimse daoibh nach aon earra daonna atá ann. Ní ó dhuine a fuair mise é ná ó mhúinteoir ar bith, ach trí fhoilsiú ó Íosa Críost. Chuala sibh iomrá, ní foláir, ar mo chuid iompair tráth nuair a lean mé an creideamh Giúdach, mar a rinne mé géar-leanúint as cuimse ar eaglais Dé ag iarraidh í a dhíothú, agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear. Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta– nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith ná ní dheachaigh mé suas go hIarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n-aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin. Trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go hIarúsailéim ag fiosrú Chéafas agus thug mé coicís ina theannta, ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna. Dearbhaím i bhfianaise Dé nach bhfuil focal bréige ina bhfuil dá scríobh agam. Agus is go dúichí na Siria agus na Cilice a chuaigh mé ina dhiaidh sin. Ní raibh aithne súl fós ag eaglais Chríost in Iúdáia orm; ní raibh acu ach scéal scéil “faoin duine úd a bhíodh dár ngéar-leanúint tráth agus atá anois ag craobhscaoileadh an chreidimh a bhíodh sé ag iarraidh a scriosadh roimhe seo,” agus thugaidís glóir do Dhia mar gheall orm. Faoi chionn ceithre bliana déag chuaigh mé suas go hIarúsailéim arís, mé féin agus Barnabas, agus thug Títeas liom chomh maith. Foilsiú ó Dhia faoi deara dom dul ann; agus i gcomhairle phríobháideach leis na cinn urra chuir mé faoina mbráid an dea-scéal mar a bhím dá fhógairt i measc na ngintlithe. Rinne mé amhlaidh le heagla go mba shaothar in aisce dom an cúrsa a bhí tugtha agam agus a bhí dá thabhairt agam go fóill. Ach fiú amháin Títeas a bhí le mo chois, ar a shon gur Ghréagach é, níor cuireadh iallach air a thimpeallghearradh ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse; ach níor ghéilleamar-na a oiread agus nóiméad dóibh. Chuireamar ina gcoinne le hionchas go gcoimeádfaí fírinne an dea-scéil ar láimh shábháilte daoibhse. Ach i dtaca leis na daoine measúla orthu–is cuma liom-sa a chéimiúla a bhí siad mar ní fhéachann Dia ar phearsa seachas a chéile–ach níor chuir na cinn urra seo aon dualgas breise orm-sa, ach a mhalairt; dʼaithin siad go raibh fógairt an dea-scéil don mhuintir gan timpeall-ghearradh curtha ina chúram orm-sa chomh maith céanna agus a bhí fógairt an dea-scéil do lucht an timpeallghearrtha ina chúram ar Pheadar; mar an té úd a bhí ag obair i bPeadar ina mhisean chuig lucht an timpeallghearrtha is é a bhí ag obair ionamsa i mo mhisean chuig na gintlithe. Agus nuair a dʼaithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh. Níor chuir siad dʼagús sa scéal ach go gcuimhneoimis ar na boicht, an rud céanna díreach a raibh fonn orm féin a dhéanamh. Rud eile de, nuair a tháinig Céafas go hAintíoch, chuir mé ina choinne lena bhéal mar bhí sé san éagóir. Chaitheadh sé bia leis na gintlithe nó gur tháinig daoine áirithe do bhuíon Shéamais ar an láthair, ach an túisce a tháinig siad-san thosaigh sé ag cúbadh chuige agus ag fanacht amach ó na gintlithe le heagla mhuintir an timpeallghearrtha. Agus ghabh an chuid eile de na Giúdaigh páirt leis sa chlaidhreacht i dtreo gur baineadh Barnabas féin dá threoir lena gcuid fimínteachta. Ach nuair a thug mé féin faoi deara nach raibh siad ionraic faoi fhírinne an dea-scéil, dúirt mé le Céafas i bhfianaise cách: “Má mhaireann tusa ar an nós gintlí in áit an nóis Ghiúdaigh ar a shon gur Giúdach tú féin, conas is féidir duit mar sin a thabhairt ar na gintlithe an nós Giúdach a leanúint?” Is Giúdaigh ó dhúchas sinne agus ní haon pheacaigh de shliocht gintlí atá ionainn. Tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomh-líonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomh-líonadh, mar “ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comh-líonadh an dlí”. Ach má fhaightear go bhfuilimidne peacúil leis agus sinn ag lorg na fíréantachta i gCríost, an bhfuil, más ea, lámh ag Críost sa pheaca? Níl ar chor ar bith! Má dhéanaim-sé, áfach, an córas a leag mé ar lár a chur suas arís, cruthaím ansin go bhfuilim ciontach. Mar is tríd an dlí a fuair mise bás i leith an dlí chun go mairfinn beo i leith Dé; céasadh ar an gcros mé in éineacht le Críost agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom. Níl grásta Dé agam dá chaitheamh uaim, óir más ón dlí a thagann fíréantacht, fuair Críost bás in aisce. A Ghalátacha gan chiall, cé a dʼimir an draíocht oraibh tar éis an léiriú gléineach a tugadh daoibh ar Íosa Críost céasta? Tá aon cheist amháin agam oraibh: an de bharr an dlí a chomh-líonadh a fuair sibh an Spiorad, nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht a chuala sibh? Conas a dʼfhéadfadh sibh a bheith chomh héaganta sin? Tar éis daoibh tosú leis an Spiorad, an bhfuil sibh ag críochnú anois leis an gcolainn? An saothar in aisce a bhfuil gafa tríd agaibh, má ba in aisce é? Nuair a bhronnann Dia an Spiorad oraibh agus éachtaí a dhéanamh in bhur measc, an de bharr an dlí a chomh-líonadh a dhéanann sé amhlaidh nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht dála mar a rinne Abrahám; chreid seisean Dia agus áiríodh ina fhíréantacht aige é. Bíodh a fhios agaibh mar sin gurb iad lucht an chreidimh atá ina gclann ag Abrahám. Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a dʼfhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin dʼAbrahám: “Beannófar ionatsa na náisiúin uile.” Fágann sin gurb iad lucht an chreidimh atá beannaithe mar aon le hAbrahám, fear an chreidimh. Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: “Is mallaithe gach n-aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcríoch.” Is léir nach bhfíréanaítear duine ar bith ag an dlí i bhfianaise Dé, mar “is le creideamh a mhairfidh an fíréan”. Ní ar chreideamh atá an dlí ag brath, áfach, mar is é a deirtear sa dlí “an té a dhéanfaidh na nithe seo beidh sé beo dá mbarr”. Ach dʼfhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.” Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta. Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi. Anois, is dʼAbrahám agus dá shíol a tugadh na gealltanais, agus féach ní “do do shíolta” atá ráite faoi mar bheifí ag tagairt dá lán daoine, ach “do do shíol”–ag tagairt don aon duine amháin, is é sin, do Chríost. Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní. Más le ceart dlí a thagann an oidhreacht, ní de bharr gealltanais í a thuilleadh. Is trí ghealltanas, áfach, a bhronn Dia ar Abrahám í. Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idir-ghabhálaí. Níl feidhm le hidir-ghabhálaí ag duine aonair agus is aon Dia. An bhfuil an dlí bunoscionn le gealltanais Dé mar sin? Níl ar chor ar bith. Dá dtugtaí dlí, áfach, a mbeadh ar a chumas beatha a thabhairt, bheadh fíréantacht ag teacht ón dlí dáiríre; ach dhaingnigh an scrioptúr an uile ní faoi ghlas an pheaca, ar shlí go dtabharfaí ar gealladh do chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh sin. Sular tháinig an creideamh, bhíomar dár gcoimeád faoi ghlas i ngéibheann ag an dlí nó go nochtfaí an creideamh a bhí le teacht. Dá bhrí sin, bhí an dlí mar a bheadh giolla againn nó go dtiocfadh Críost agus go bhfíréanófaí sinn tríd an gcreideamh. Anois, áfach, nuair atá an creideamh tagtha nílimid faoi smacht an ghiolla a thuilleadh, mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost. Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige mar éide. Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa. Agus más le Críost sibh, is síol Abrahám sibh chomh maith agus tá sibh in bhur n-oidhrí aige de réir mar a bhí geallta. Is é a mheasaim a rá, a bhráithre: fad a bhíonn an t-oidhre mionaoiseach, ní bhíonn difríocht ar bith idir é agus an daor, siúd is gur leis an t-eastát ar fad, ach é faoi réir caomhnóirí agus riarthóirí nó go dtagann an t-am a bhíonn ceaptha ag an athair. Is é an dála céanna againne é: fad a bhíomar mionaoiseach, bhíomar mar a bheadh daoir faoi smacht ag dúile an tsaoil seo. Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí, dʼfhonn an mhuintir a bhí faoin dlí a fhuascailt agus go ndéanfaí clann altrama dínne. Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus ‘Abba, a Athair’ dá screadadh aige. Ní daor thú feasta mar sin ach mac; agus más mac thú is oidhre thú chomh maith de dheonú Dé. Lá den saol nuair nach raibh aon aithne agaibh ar Dhia, bhí sibh ag seirbhís do dhéithe nár dhéithe iad dáiríre. Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, a bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd dʼfhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair? Agus sibh ag comóradh laethanta féile agus míonna agus ráithí agus blianta! Is eagal liom gur in aisce a chaith mé dua libh! Impím oraibh, a bhráithre, teacht ar aon dul liom-sa faoi mar a tháinig mise ar aon dul libh-se. Ní dhearna sibh aon éagóir orm. Tá a fhios agaibh gurb easláinte choirp faoi deara dom an dea-scéal a fhógairt daoibh den chéad uair; agus bíodh gur mhór an chros oraibh an bhreoiteacht chéanna níor ghlac sibh col ná déistin liom ach fáiltiú romham mar a dʼfháilteodh sibh roimh aingeal ó Dhia nó roimh Íosa Críost féin. Cad a dʼimigh ar bhur gcroíúlacht? Ar mʼfhocal daoibh go sracfadh sibh bhur súile amach agus iad a thabhairt dom, dá mbʼfhéidir é. An bhfuilim i mo namhaid anois agaibh de chionn go bhfuilim ag insint na fírinne? Ní le dea-rún atá na daoine eile úd ag déanamh cúram mór díbhse; níl uathu ach sinne a dhealú amach uaibh ionas go ndéanfadh sibh-se cúram mór díobh féin. Is breá an rud mór a bheith dá dhéanamh díbh má dhéantar le dea-chroí é agus ní hamháin nuair a bhím in bhur láthair ach an t-am ar fad. A chlann ó, táim mar bheinn ar luí seoil libh arís nó go gcumtar Críost ionaibh. Is trua nach bhfuilim in bhur measc an nóiméad seo agus bheadh a mhalairt de phort agam daoibh, de bhrí go bhfuilim i ngalar na gcás agaibh. Sibh-se arb áil libh a bheith faoi réir an dlí, ceist agam oraibh: an gcloiseann sibh a bhfuil le rá ag an dlí? Óir tá scríofa go raibh beirt mhac ag Abrahám, mac acu ón daorbhean agus an duine eile ón tsaorbhean. Rugadh mac na daormhná ar an ngnáthshlí ach is de bharr gealltanais a rugadh mac na saormhná. Tá fáthchiall leis an méid sin: seasann an bheirt bhan sin don dá chonradh. Bean amháin acu, is é sin le rá, Hágár, a rug a leanbh i ndaoirse, seasann sí sin don chonradh a tugadh ar Shliabh Shíonáí– sliabh san Aráib is ea Síonáí agus freagraíonn sí dʼIarúsailéim an lae inniu mar go bhfuil Iarúsailéim agus a clann i ndaorbhroid. Is saorbhean, áfach, an Iarúsailéim neamhaí, agus is ise is máthair dúinne mar tá scríofa: “Bíodh gliondar ort, a bhean aimrid nár shaolaigh clann! Ardaigh do liú a bhean nach raibh riamh ar luí seoil. Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe na clann na mná a bhfuil fear aici.” Is sibh-se, a bhráithre, an chlann a rugadh de bharr gealltanais, dála Íosác. Ach faoi mar a tharla an uair úd go mbíodh an mac a rugadh go nádúrtha ag géar-leanúint an mhic a rugadh faoi luí an Spioraid, is é an dála céanna inniu é. Ach cad é seo a deir an scrioptúr: “Caith amach an daorbhean agus a mac, mar ní bheidh aon pháirt go deo ag mac na daormhná in oidhreacht mhac na saormhná.” Dá réir sin, a bhráithre, ní clann daormhná sinne ach clann na saormhná. Dʼfhonn is go mbeimis saor is ea a dʼfhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair. Seo mise Pól dá rá libh nach ndéanfaidh Críost aon mhaitheas daoibh má dhéantar timpeall-ghearradh oraibh. Dearbhaím arís don uile dhuine a ndéantar timpeall-ghearradh air, go bhfuil sé de dhualgas air an dlí a choimeád ina iomláine. Agus sibh-se a bhíonn ag lorg na fíréantachta sa dlí tá sibh dealaithe ó Chríost agus tá gnaoi Dé caillte agaibh. Is ón gcreideamh, áfach, atáimidne ag súil leis an bhfíréantacht a fháil faoi luí an Spioraid. Mar in Íosa Críost is cuma an timpeall-ghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá. Bhí sibh ag dul chun cinn go hálainn. Cé a chuir bac oraibh géilleadh don fhírinne? Ní ón té úd a ghlaoigh oraibh a tháinig an t-áiteamh sin! “Déanann pinse gabháile an taos ar fad a ghabháileadh.” Tá muinín agam asaibh sa Tiarna nach é a mhalairt de thuairim a bheidh agaibh-se. An duine seo atá do bhur suaitheadh, cibé ar bith é féin, íocfaidh sé as a choir. I dtaca liom-sa de, a bhráithre, más fíor go mbím fós ag fógairt timpeallghearrtha, cén fáth a bhfuilim fós do mo ghéarleanúint? Dá mbeinn ag déanamh amhlaidh bheadh scannal na croise ar neamhní. Iad siúd atá ag cur mearbhaill oraibh is é mo thrua nach ndéanann siad iad féin a choilleadh chomh maith! Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá. Mar is féidir an dlí ar fad a chur in aon abairt amháin: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.” Ach má leanann sibh ag ithe agus ag gearradh a chéile, bígí aireach, ar eagla go millfeadh sibh a chéile ar fad. Is é a mheasaim a rá: mairigí faoi luí an Spioraid, agus níl aon bhaol go ngéillfidh sibh dʼainmhianta na colainne. Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibh-se na nithe is áil libh a dhéanamh. Más é an Spiorad atá do bhur stiúradh níl sibh faoi smacht ag an dlí. Is follas iad gníomhartha na colainne, mar atá drúis, gáirsiúlacht agus graostacht; íoladhradh agus asarlaíocht; eascairdeas, achrann, agus formad; fearg, bruíonta, clampar agus faicsin, éad, murdail, meisce, ragairne, agus a leithéidí eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad Ríocht Dé mar oidhreacht. Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht, láchas agus measarthacht. Agus níl aon reacht in aghaidh a leithéidí sin! Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcros. Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir. Agus ná bímis mórchúiseach ná ag saighdeadh a chéile ná ag éad le chéile. A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibh-se a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis. Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comh-líonadh dhlí Chríost. Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is dá mhealladh féin atá sé. Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile. Mar beidh a ualach féin le hiompar ag cách. An duine a bhíonn ag foghlaim an chreidimh, roinneadh sé a chuid maoine ar a oide múinte. Ná bíodh aon dul amú oraibh: ní féidir bob a bhualadh ar Dhia. Mar a chuireann duine an síol is ea a bhainfidh sé an fómhar. An té a chuireann síol i ngort na colainne bainfidh sé fómhar an mhillte, ach an té a chuireann síol i ngort an Spioraid, bainfidh sé fómhar na beatha síoraí. Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth. Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh. Féachaigí na litreacha móra seo ina bhfuilim ag scríobh chugaibh le mo láimh féin. Na daoine seo atá ag brú an timpeallghearrtha oraibh, is iad-san ar mhaith leo a bheith taibhseach sa cholainn agus gan dʼaidhm acu ach go n-éalóidís ó ghéarleanúint mar gheall ar chrois Chríost. Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeall-ghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibh-se a bheith timpeallghearrtha dʼfhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn. Nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilim-se céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom. Is cuma timpeall-ghearradh, nó gan timpeall-ghearradh, ach cruthú as an nua. Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé. Ná bíodh aon duine do mo bhuaireamh as seo amach, mar tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam. Go raibh grásta ar dTiarna Íosa Críost agaibh, a bhráithre. Áiméan. Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia, ár nAthair, agus ón Tiarna Íosa Críost. Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, a bhronn orainn, i gCríost, gach tabhartas spioradálta sna flaithis. Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun a bheith naofa gan locht os a chomhair. Le barr grá dúinn leag sé amach ó thús de réir mhian a thola féin go mbeimisne inár gclann aige trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach. Is sa Mhac sin, as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta, de réir iomadúlacht an ghrásta a roinn sé orainn go fial. Le teann eagna agus gaoise nocht sé dúinn rún a thola– de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús lena chur i gcríoch i gCríost, nuair a bheadh an t-ionú tagtha– mar atá, an beartas gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost. Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n-oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinn an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin, a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóir Dé. Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibh-se freisin, nuair a chuala sibh-se briathar na fírinne agus dea-scéal bhur slánaithe, nuair a chreid sibh ann agus gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta. Is éarlais an Spiorad ar ár n-oidhreacht nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi; chun moladh a ghlóire. Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibh-se sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir, nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i mʼurnaithe. Bím dá iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh–an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannais agus údaráis agus cumhachta agus tiarnais agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í. Lá den saol bhí sibh-se marbh de bharr na gcionta agus na bpeacaí a chleacht sibh nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire. Bhíomar-na uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis dʼainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile. Ach bhí Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost–is in aisce a slánaíodh sibh– gur thóg sé sinn ó mhairbh in éineacht leis agus gur chuir inár suí sinn sna flaithis in Íosa Críost, dʼfhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa. Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia. Agus ní de bharr oibreacha i dtreo nach bhfuil cúis mhaíte ag duine ar bith. Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia. Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth–sibh-se na gintlithe ó dhúchas a raibh ‘lucht an fhorchraicinn’ mar ainm oraibh ag an dream a thugadh ‘lucht an timpeallghearrtha’ orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn. Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin. Anois, áfach, tá sibh i gCríost Íosa; sibh-se a bhí tráth i bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost. Mar is eisean ár síocháin; is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal nuair a leag sé ar lár an balla deighilte, an naimhdeas ina cholainn, agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha dʼfhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu, agus an dá bhuíon a thabhairt chun athmhuintearais le Dia in aon chorp amháin leis an gcros ar ar chuir sé an naimhdeas chun báis. Tháinig sé ag fógairt dhea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar; mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid. Dá réir sin ní eachtrannaigh ná coimhthígh sibh a thuilleadh ach comhshaoránaigh leis na naoimh agus baill de líon tí Dé. Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige. Is ann a nasctar an foirgneamh ar fad le céile agus éiríonn sé in airde ina theampall naofa sa Tiarna. Is ann chomh maith atá sibh-se do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé dá dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid. Sin é an fáth a bhfuilim-se, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe– tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Tá scríofa agam faoi seo go hachomair cheana agus má léann sibh é féadfaidh sibh mo léargas-sa ar rúndiamhair Chríost a thuiscint. Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe. Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal. Rinneadh maor ar an dea-scéal sin díom-sa nuair a bhronn Dia a ghrásta orm le héifeacht a chumhachta féin. Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is dom-sa a tugadh an grásta seo: saibhreas do-chuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe agus leagan amach an rúin a léiriú do chách. Bhí an rún seo folaithe leis na cianta i nDia a chruthaigh gach a bhfuil ann, i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé de réir an bheartais shíoraí a chuir sé i bhfeidhm i gCríost Íosa ár dTiarna. Is é Críost a bheir dúinn a bheith teann de bharr ár gcreidimh agus dul go muiníneach i láthair Dé. Impím oraibh, dá bhrí sin, gan a bheith do-mheanmnach mar gheall ar na trioblóidí atá ag cur orm-sa ar bhur son, mar is údar glóire daoibh iad. Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar óna n-ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh. Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad, go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá ar shlí go bhféadfaidh sibh féin agus na naoimh go léir fad agus leithead agus airde agus doimhneas an ghrá a thuiscint; go gcuirfidh sibh eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar sibh de líonmhaireacht iomlán Dé. Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a dʼiarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn. Glóir go raibh aige san Eaglais agus i gCríost Íosa ó ghlúin go glúin go brách na breithe. Áiméan. Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh agus sibh a bheith lán dʼuirísle, de láchas agus dʼfhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána. Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia. Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin. Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile. Ach tá a thabhartas féin faighte ag gach duine ar leith againn de réir mar a riar Críost orainn é, faoi mar a deir an scrioptúr: “Ar dhul in airde dó, ghabh sé slua cimí agus thug tabhartais do dhaoine.” Cad tá le tuiscint as an “dul in airde” sin ach gur tháinig sé anuas chomh maith ar an domhan íochtarach seo? An té sin a tháinig anuas, is é an duine céanna é a chuaigh thar na flaithis uile amach chun go líonfadh sé an chruinne cheathartha. Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe a bheith ina n-aspail, do dhaoine eile a bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile a bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós a bheith ina n-aoirí agus ina múinteoirí, dʼfhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach; go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar comhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide. Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg daoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas. Má leanaimid den fhírinne le teann grá, áfach, fásfaimid suas i ngach slí nó go ndéanfar dínn Críost, is ceann orainn. Mar is é a bheir don chorp a bheith fite fuaite ina chéile le cabhair gach nasc dá bhfuil ag fónamh dó, agus, de réir mar a bhíonn gach ball ag gníomhú mar is cuí, fásann an corp iomlán agus téann i méid sa ghrá. Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n-aird ar nithe baotha, a bhfuil scamall ar a n-aigne, agus iad dealaithe amach ó bheatha Dé de dheasca a gcuid aineolais agus chruas a gcroí. Le barr patuaire tá siad tugtha suas don drabhlás agus do gach sórt graostachta a chleachtadh gan srianadh. Ní mar sin a chuir sibh-se eolas ar Chríost, áfach, má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh. Agus is é teagasc a fuair sibh bhur sean-saol a chaitheamh uaibh, an sean-nadúr a bhíonn dá thruailliú ag ainmhianta claona; ath-nuachan a dhéanamh ar bhur meon agus ar bhur n-aigne agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor. Cuirigí uaibh an t-éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn. Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr, agus ná maireadh an racht thar luí na gréine le heagla go dtabharfadh sibh áiméar don diabhal. An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá lámh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngann-chuid. Ná tagadh a oiread agus droch-fhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta. Ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh i gcomhair lá na fuascailte. Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t-achasán mar aon le gach mioscais. Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost. Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach, agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son. Maidir le drúis nó graostacht dʼaon sórt nó saint, ná luaitear in bhur measc iad fiú amháin, mar ní healaí do na naoimh iad. Ná bíodh agaibh ach a oiread an drochchaint ná an tseafóid ná an magadh, nithe nach n-oireann; ag gabháil buíochais do Dhia ba chóra daoibh a bheith. Bíodh a fhios seo agaibh: duine ar bith atá tugtha don drúis nó don mhígheanmnaíocht nó don tsaint–rud is ionann agus íoladhradh–níl aon pháirt aige i Ríocht Chríost agus Dé. Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire. Ná bíodh aon bhaint agaibh-se lena leithéidí; mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós chlann an tsolais– bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne. Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh. Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim. Gach uile ní a nochtar faoin solas, áfach, éiríonn sé follasach agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas.Sin é an fáth a ndeirtear: “Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.” Bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair, dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo. Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna. Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad, ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh, ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost. Bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost. Bíodh na mná umhal dá gcuid fear mar a bheidís don Tiarna, mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp. Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanna bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní. A fheara, bíodh grá agaibh-se do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son dʼfhonn í a choisreacan do Dhia. Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce dʼfhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim. Go deimhin, tá dʼfhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an té a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá. Ní raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach faoi mar a dhéanann Críost don Eaglais, de bhrí gur baill dá chorp sinne. “Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun a bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.” Is mór an rúndiamhair í seo, ach is dá tagairt atáim-se do Chríost agus don Eaglais. Ar aon chuma grádh gach duine agaibh-se a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear. A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí, sa Tiarna, mar is é an ceart é. “Tabhair do dʼathair agus do do mháthair onóir”; sin í an chéad aithne a bhfuil gealltanas ag dul léi: “ionas go mbeidh an rath ort agus go mbeidh saol fada ar talamh agat.” Agus sibh-se, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna. A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin, agus gan a bheith ag súilseirbhís ar nós lucht lútála ach sibh ag déanamh thoil Dé ó chroí mar a dhéanfadh seirbhísigh Chríost. Déanaigí bhur ndualgas le fonn amhail agus dá mba don Tiarna a bheadh sibh ag seirbhís agus nach do dhaoine, agus a fhios agaibh, cibé ní fónta a dhéanann sibh, go bhfaighidh gach duine, saor nó daor, a chúiteamh ón Tiarna. Agus sibh-se, a mháistrí, déanaigí-se mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibh-se agus acu-san ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta. Cuirigí iomaibh cathéide Dé chun a bheith in ann seasamh in aghaidh chealga an diabhail. Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí dhomhan seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas. Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán. Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n-ucht agus fonn leata dhea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh. Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh. Glacaigí an slánú mar chlogad agus briathar Dé mar chlaíomh ón Spiorad. Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile. Agus guígí orm-sa chomh maith, le hionchas, nuair a osclóidh mé mo bhéal, go dtabharfar dom labhairt go dána agus rún an dea-scéil a fhógairt– an dea-scéal a bhfuilim-se i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir. Tabharfaidh Tichiceas, mo chara ionúin agus mo chúntóir dílis in obair an Tiarna, faisnéis iomlán daoibh fúmsa ionas go mbeidh a fhios agaibh conas táim agus conas atá ag éirí liom. Táim dá sheoladh chugaibh dʼaon ghnó chun fios mo chúrsaí a bheith agaibh agus chun sólás a chur ar bhur gcroí. Go dtuga Dia an tAthair agus an Tiarna Íosa Críost síocháin agus grá mar aon le creideamh do na bráithre uile. Go raibh grásta ar chách a bheir grá buanmharthanach dár dTiarna Íosa Críost. Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipe atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna. Gach uair dá gcuimhním oraibh gabhaim buíochas le mo Dhia agus gach uair a bhím ag guí déanaim guí oraibh uile go lúcháireach, mar gheall ar an bpáirt a bhí agaibh sa dea-scéal ón gcéad lá riamh go dtí inniu. Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé dá chur i gcríoch go dtí lá Íosa Críost. Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhrinn nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil. Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin. Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana, sa tslí go mba rogha libh na nithe is fearr agus go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóir Dé. Ba mhaith liom é seo a chur in iúl daoibh, a bhráithre: an cor atá orm-sa gurb amhlaidh a chuidigh sé leis an dea-scéal a chur chun cinn mar gur follas don gharda praetóireach ar fad agus do chách eile gur ar son Chríost atáim-se i ngéibheann. Rud eile de, chuir mo chuibhrinn misneach sa Tiarna ar fhormhór mo bhráithre Críostaí i dtreo gur dána ná riamh iad ag fógairt an dea-scéil gan scáth gan eagla. Tá daoine áirithe gan dabht agus is le teann formaid agus aighnis a dhéanann siad Críost a fhógairt ach tá an chuid eile dá dhéanamh le dea-rún. Is le neart grá dom atá siad-san ag obair mar go dtuigeann siad gur ag cosaint an dea-scéil atáim ceaptha. Ach an dream atá ag fógairt Chríost le teann mioscaise, ní le hintinn ghlan atá siad dá dhéanamh ach dʼfhonn anacair a tharraingt orm-sa agus mé i ngéibheann. Ach nach cuma é? Mar, cibé acu le cur i gcéill nó le dáiríreacht é, is é Críost atá dá fhógairt ar aon chuma agus sin é an rud a chuireann áthas orm; agus leanfaidh mé ag déanamh áthais mar gheall air mar go bhfuil a fhios agam go rachaidh sé chun mo shlánaithe le cabhair bhur n-urnaithe-se agus le cúnamh ó Spiorad Íosa Críost. Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom. Mar is é Críost is beatha dom-sa agus ba shochar dom an bás. Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé. Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus a bheith fara Críost, mar ba é ab fhearr go mór. Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libh-se. Ós deimhin liom sin, tá a fhios agam go bhfanfaidh mé ann go fóill chun cuidiú libh-se uile dʼfhonn bhur gcreideamh a chur chun cinn agus bhur lúcháir ann a mhéadú, i dtreo nuair a thiocfaidh mé arís chugaibh go mbeidh sibh níos bródúla ná riamh asam in Íosa Críost. Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dhea-scéal Chríost. Sa tslí sin, cibé acu a thagaim do bhur bhfeiceáil nó a bheidh mé i bhfad uaibh, beidh sé le clos agam in bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh an fhóid san aon spiorad agus ag troid gualainn ar ghualainn dʼaontoil ar son chreideamh an dea-scéil, agus gan eagla ar bith oraibh roimh bhur naimhde. Is cruthú é sin go bhfuil bascadh i ndán dóibh-sean ag Dia agus bhur slánú i ndán daoibhse. Mar tá sé faighte de phribhléid agaibh-se as ucht Chríost ní hamháin creideamh a bheith agaibh ann ach fulaingt ar a shon chomh maith. Tá an comhrac céanna le tabhairt agaibh-se a chonaic sibh dá thabhairt agam-sa agus a chloiseann sibh a bheith dá thabhairt agam anois féin. Dá bhrí sin más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá cion nó trua ar bith ionaibh, cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne. Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh dá mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin. Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith. Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost: An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis a bheith ar chomhchéim le Dia, Ach lom sé é féin. Agus chuir air riocht an sclábhaí agus tháinig chun a bheith ina dhuine mar chách eile. Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, dʼísligh sé é féin agus bhí umhal go bás– go bás na Croise féin. Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm, i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in Ifreann agus go ndearbhódh gach teanga, in ómós do Dhia an tAthair, gurb é Íosa Críost an Tiarna. Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla, mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin. Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeidh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon agus go mbeidh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agam-sa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar. Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comh-ghairdeas libh uile. Bíodh an t-áthas céanna oraibhse agus déanaigí comh-ghairdeas liom-sa. Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfidh bhur dtuairisc éirí croí orm. Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibh-se. Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad. Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair. Más ea, táim ag brath ar é a chur chugaibh an túisce a bheidh a fhios agam conas a bheidh an scéal agam féin. Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith. Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibh-se féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom. Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite. Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air–agus ní air sin amháin é ach orm-sa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé. Is móide dá chionn sin an fonn atá orm é a chur ar ais chugaibh mar go mbeidh áthas oraibhse é a fheiceáil agus go laghdóidh sin mo bhuairtse. Cuirigí fíorchaoin fáilte roimhe sa Tiarna dá bhrí sin, agus bíodh meas agaibh ar a leithéid mar is ar mhaithe le gnó an Tiarna a chuaigh sé i mbaol an bháis agus chuir a bheo i bhfiontar ag tabhairt na cabhrach dom-sa a bhí thar bhur gcumas-sa a thabhairt. Agus mar fhocal scoir, a bhráithre liom, bíodh áthas oraibh sa Tiarna. Níl leisce ar bith orm a bhfuil scríofa cheana agam a scríobh arís chugaibh mar is é bhur leas é. Seachnaígí na gadhair! Seachnaígí lucht na mioscaise! Seachnaígí lucht ciorraithe an choirp! Is againne atá an fíor-thimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraimid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne, siúd is go bhféadfainnse a bheith teann as an gcolainn chomh maith le cách. Go deimhin cibé duine eile atá teann as an gcolainn, is mó ná sin an bun atá agam-sa le bheith amhlaidh: de shliocht Iosrael mé, de threibh Bhiniáimin, Eabhrach den fhíorfhuil Eabhrach, agus timpeall-ghearradh mé ar an ochtú lá. I dtaca leis an dlí bhí mé i mʼFhairisíneach; i dtaca le díograis chreidimh bhí mé i mo ghéarleantóir ar an Eaglais, agus i dtaca le fíréantacht dhlithiúil bhí mé gan cháim. Na buntáistí seo a bhí agam, áfach, tá áirithe anois agam gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chríost. Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t-iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí mʼfhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comh-líonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh. Níl uaim anois ach aithne a chur ar Chríost agus ar éifeacht a aiséirí, ar a bheith páirteach leis ina phiolóidí agus a bheith cosúil leis ina bhás le hionchas go dtiocfainn ar shlí éigin chun an aiséirí ó mhairbh. Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost. Is ea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl dá dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam–an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost. An méid againn atá tagtha in inmhe fir, bíodh an dearcadh sin againn. Ach má tá a mhalairt de dhearcadh agaibh-se faoi rud ar bith, cuirfidh Dia ar an eolas sibh faoi sin freisin. Cibé scéal é leanaimis den bhóthar atá gafa againn go dtí seo. Déanaigí aithris orm-sa le chéile, a bhráithre. Bígí ag faire ar na daoine a dhéanann de réir an tsampla a thugaimid daoibh. Is minic ráite agam cheana libh–agus deirim libh anois é go deorach–go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost. Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu. Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost. Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin–as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht. Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na páirte, ós sibh-se mʼaoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh. Impím ar Eoidia agus ar Shinticé teacht chun muintearais le chéile sa Tiarna; agus iarraim ort-sa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liom-sa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimeans agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n-ainmneacha scríofa i leabhar na beatha. Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna. Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan. Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag gardáil bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost. Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n-aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta. Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúin mé daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh nó a chonaic sibh mé a dhéanamh, beidh Dia na síochána faraibh. Bhí ardáthas orm sa Tiarna gur tháinig athbhláth faoi dheireadh thiar ar an tsuim atá agaibh ionam i gcónaí ach gan aon chaoi agaibh í a thaispeáint. Ní ag casaoid faoin ngannchúis atáim mar tá foghlamtha agam-sa a bheith sásta lena bhfuil agam. Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngann-chuid. Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom. Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás. Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipe, nuair a dʼfhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibh-se amháin. Agus le linn dom a bheith i dTeasaloinicé, chuir sibh riar mo cháis chugam, agus ní haon uair amháin é ach faoi dhó. Ach ní hé bhur síntiús is mór agam-sa ach an brabach iomadúil atá ag dul daoibh. Tá mo dhóthain agam-sa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia. Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost. Moladh le Dia, ár nAthair, le saol na saol. Áiméan. Beirigí beannacht chun gach duine den phobal naofa in Íosa Críost. Cuireann na bráithre atá in éineacht liom a mbeannacht chugaibhse. Cuireann an pobal naofa uile anseo a mbeannacht chugaibh agus iad sin go háirithe a bhaineann le teaghlach Chaesair. Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh uile. Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid– guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColasae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair. Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh, mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo den chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toraidh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige dá dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre. Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábhaí ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne; agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid. Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, dá iarraidh go líonfaí sibh dʼeolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta, ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n-eolas ar Dhia; go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas agus a dʼfhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus dʼaistrigh isteach sinn i Ríocht a mhic mhuirnigh. Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí. Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céad-ghin gach dúile cruthaithe mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí. Is trídsean agus dó-san a cruthaíodh an t-iomlán. Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad. Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise. Is é an tús é, an chéad-ghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí. Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí, agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise. Tráth dá raibh, bhí sibh-se féin in earraid le Dia agus naimhdeach dó in bhur n-aigne, de dheasca bhur ndroch-ghníomhartha; ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí dʼfhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht. Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilim-se, Pól, i mo mhaor air. Is cúis áthais dom-sa a bhfuil dá fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táim-se dá dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais. Rinneadh maor ar an Eaglais díom-sa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé a fhógairt ina iomláine: an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglúine, ach atá nochta anois dá phobal naofa. Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibh-sean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh. Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, dʼfhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost. Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam. Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh a dhéine a bhím ag coimhlint ar bhur son agus ar son mhuintir Láódacáia agus ar son an dreama nár leag riamh súil orm. Is é atá uaim, go mbeadh misneach ar a gcroí, go mbeidís nasctha dá chéile le grá agus go dtiocfaidís chun barr cinnteachta agus tuisceana ionas go gcuirfidís eolas ar rúndiamhair Dé, is é sin, ar Chríost a bhfuil stór uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann. Táim dá rá sin libh le heagla go gcuirfeadh duine éigin an dubh ina gheal oraibh le hargóintí mealltacha. Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost. Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le hÍosa Críost mar Thiarna, tugaigí bhur saol i bpáirt leis. Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas. Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost. Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha agus tá sibh-se tagtha chun iomláine ann. Is é ceann gach tiarnais agus údaráis é. Is ann freisin a timpeall-ghearradh sibh-se ach ní leis an timpeall-ghearradh a rinneadh le lámh an duine é ach le timpeall-ghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh. Comhadhlacadh sibh in éineacht leis sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é. Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal thimpeallghearradh na colainne; ach dʼathbheoigh Dia sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile, agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é dá thairneáil ar an gCros. Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus dʼardaigh leis iad i gcaith-réim na Croise. Dá chionn sin ná ligigí dʼaon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide. Níl sna cúrsaí sin ach scáil na nithe a bhí le teacht ach is é Críost an t-ábhar féin. Agus ná ligigí dʼaon duine calaois a imirt oraibh ar scáth na huirísleachta ná adhradh na n-aingeal. Ag brath ar a bhfuil feicthe aige féin a bhíonn a leithéid siúd agus é i mborr le bród díomhaoin as a mheon saolta féin. Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fás é mar is áil le Dia. Ós rud é go bhfuil sibh básaithe mar aon le Críost agus reidh le dúile an tsaoil, cad ab áil libh a bheith ag géilleadh do rialacha ar nós: “Ná bain leis seo,” “Ná blais é sin,” “Ná teagmhaigh leis siúd,” amhail agus dá mbeadh sibh ag maireachtáil sa saol go fóill? Rialacha is ea iad sin a bhaineann le nithe a ídítear sa chaitheamh agus gan iontu ach orduithe agus teagasc daonna. Tá gan amhras, cuma na heagna orthu lena gcuid forchráifeachta agus uirísleachta agus cránas coirp, ach ní fiú biorán iad chun an chollaíocht a shrianadh. Agus ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé. Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh. Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibh-se chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis. Básaígí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúis, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh. Is nithe iad sin a tharraingíonn fearg Dé anuas ar dhaoine. Bhí sibh-se tugtha do na nithe sin tráth mhair sibh ina measc. Ach ní mór daoibh iad go léir a chaitheamh uaibh anois: caithigí uaibh an fhearg, an cuthach agus an mhailís; agus ná bíodh achasán ná caint ghraosta in bhur mbéal agaibh. Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha agus nádúr nua curtha umaibh–nádúr a bhíonn dá shíor-nuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air. Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeall-ghearradh, barbarach ná Scitiach, saor ná daor ach Críost amháin–Críost an Uile agus é san uile ní. Dá bhrí sin, ós sibh-se an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne. Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna. Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán. Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin. Agus bígí buíoch. Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí. Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t-iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd. A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna. A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan a bheith garg leo. A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna. A aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chrá le heagla go gcuirfí droch-mhisneach orthu. A dhaora, bígí umhal i ngach ní do bhur máistrí daonna. Ná bígí ag súilseirbhís ar nós lucht na lútála, ach ag obair le dea-chroí, le hurraim don Tiarna. Cibé rud a bhíonn sibh a dhéanamh, oibrígí le fonn faoi mar gur don Tiarna agus nach do dhaoine a bheadh sibh dá dhéanamh, ó tá a fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar chúiteamh ón Tiarna; is don Tiarna Críost atá sibh ag seirbhís. Agus cúiteofar an éagóir le fear déanta na héagóra chomh maith céanna mar níl aon leatrom ag baint le Dia. A mháistrí, caithigí go cóir cothrom le bhur ndaoir. Bíodh a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibh féin ar neamh. Bígí ag guí gan staonadh; bígí ag faire lena linn agus ag gabháil buíochais le Dia. Agus déanaigí guí orainne chomh maith, dá iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós í an rúndiamhair sin faoi deara dom a bheith i ngéibheann, guígí Dia go ndéanfaidh mé í a nochtadh chomh soiléir agus is cuí dom í a fhógairt. Bígí críonna in bhur gcaidreamh leis na díchreidmhigh agus bainigí leas iomlán as an deis atá agaibh. Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfaidh sibh an freagra pras a thabhairt do chách. Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaí-se. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábhaí dom-sa sa Tiarna agus táim dá sheoladh chugaibh dʼaon ghnó chun fios mo cháis a thabhairt daoibh agus misneach a chur ar bhur gcroí. Agus beidh lena chois an bráthair dílis ionúin, Onaesamas, fear de bhur mbuíon féin. Inseoidh siad-san daoibh a bhfuil ag titim amach anseo. Cuireann mo chomh-chime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé. Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun Ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad. Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, dá iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comh-líonadh thoil Dé go hiomlán. Geallaimse daoibh gurb é atá ag obair go dian ar bhur son agus ar son mhuintir Láódacáia agus Hiarapoil. Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna. Tugaigí mo bheannacht-sa do na bráithre i Láódacáia agus do Nimfe agus don eaglais a thagann le chéile ina teach. Agus nuair a bheidh an litir seo léite agaibh, tugaigí do bhur n-aire go léifear in eaglais Láódacáia í chomh maith agus go léifidh sibh-se an litir a chuirfear chugaibh ó Láódacáia. Agus abraigí é seo le hArchapas: “Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.” Beannacht oraibh faoi mo lámh féin–Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh. Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú dʼeaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin. Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus ag cuimhneamh oraibh gan staonadh inár n-urnaithe. Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost. A bhráithre, a bhfuil gnaoi Dé oraibh, tá a fhios agaibh mar a roghnaigh sé sibh; mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibh-se mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh. Agus rinne sibh-se aithris orainn agus ar an Tiarna, mar dʼainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn le lúcháir an Spioraid Naoimh, sa tslí go raibh sibh mar shampla ag a bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus san Acháia. Mar is uaibh-se amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus san Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi. Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíor-Dhia beo agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis –an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht. Tá a fhios agaibh féin, a bhráithre, nárbh aon turas in aistear ár gcuairt oraibh. Bhí droch-íde agus tarcaisne faighte i bhFilipe againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse dʼainneoin freasúra láidir. Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar; ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní dʼfhonn daoine a shásamh ach dʼfhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n-intinn. Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh, agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta ó dhaoine, uaibh-se ná eile, cé go bhféadfaimis a bheith teann oraibh mar thoscairí ó Chríost. Ach bhíomar chomh séimh, fad a bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí. Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní hamháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh. Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is dʼoíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh. Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libh-se, a bhfuil an creideamh agaibh. Mar is eol daoibh, bhíomar le gach duine agaibh mar bheadh athair lena pháistí, do bhur spreagadh agus do bhur misniú, agus ag agairt oraibh bhur saol a thabhairt mar is dual de réir Dé atá ag glaoch oraibh isteach ina Ríocht ghlórmhar féin. Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh. Tá sibh-se, a bhráithre, ag leanúint lorg eaglaisí Dé atá in Íosa Críost ar fud Iúdáia; mar tá an íde chéanna faighte agaibh-se ó bhur gcomhthírigh agus a fuair siad-san ó na Giúdaigh, ón mbuíon chéanna a dʼimir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géar-leanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna, mar go bhfuil siad ag cur baic orainne labhairt leis na gintlithe dʼfhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur bairr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh. Maidir linn féin, a bhráithre, ní rabhamar scartha libh ach tamall beag aimsire–as raon ár súl a bhí sibh ach ní as raon ar gcroí–nuair a tháinig dúil rómhór orainn bhur ngnúis a fheiceáil arís. Bhí fonn orainn teacht chugaibh–ba mhian liom-sa, Pól, teacht chugaibh arís agus arís eile–ach choisc Sátan orainn é. Tar éis an tsaoil, cén t-ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibh-se? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibh-se? Is ea, is sibh-se, go deimhin údar ár mórtais agus ár lúcháire. Dá chionn sin nuair nár fhéadamar é a sheasamh a thuilleadh, shocraíomar go bhfágfaí sinn féin inár n-aonar san Aithin, agus sheolamar chugaibhse ar mbráthair Tiomóid, fear atá ina chúntóir ag Dia i bhfógairt dhea-scéal Chríost. Sheolamar chugaibh é chun sibh a dhaingniú agus a neartú in bhur gcreideamh, ar shlí nach suaithfí aon duine agaibh le trioblóidí na huaire. Tá a fhios agaibh féin gurb é seo an rud atá ceaptha dúinn. Dúramar libh cheana, fad a bhíomar in bhur measc, go raibh ciapadh i ndán dúinn; rud a tharla mar is eol daoibh. Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur thuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn. Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. Dʼinis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libh-se. Mar sin de, a bhráithre, ba mhór an tógáil chroí dúinn bhur gcreideamhsa i lár ár gcuid angair agus ár gcuid anacra, mar gur beo dúinne anois nuair atá sibh-se ag seasamh an fhóid go daingean sa Tiarna. Cén buíochas is féidir dúinn a ghabháil le Dia as a bhfuil de lúcháir curtha orainn agaibh os comhair ár nDé? Bímid dá ghuí go dúthrachtach de lá is dʼoíche go bhfeicfimid bhur ngnúis arís agus, cibé bearna atá ar bhur gcreideamh, go líonfaimid í. Go ndéana Dia, ár nAthair, agus Íosa ár dTiarna, ar mbóthar chugaibh a réiteach dúinn. Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh. Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis. Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne–conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim dá iarraidh dʼachainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós. Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa. Is é is toil le Dia go mbeadh sibh naofa, go seachnódh sibh an drúis, go dtuigfeadh gach duine agaibh conas a chorp a choimeád go naofa agus faoi urraim agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu; gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n-agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana. Ní chun na neamhghlaine a ghlaoigh Dia sinn ach chun na naofachta. Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh. Maidir leis an ngrá bráthar ní gá aon ní a scríobh chugaibh ina thaobh mar go bhfuil teagasc faighte agaibh féin ó Dhia i dtaobh grá a thabhairt dá chéile. Sin é go díreach atá dá dhéanamh agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach táimidne dá iarraidh oraibh, a bhráithre, déanamh níos fearr fós, agus é a bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana. Sa tslí sin beidh meas ag na díchreidmhigh oraibh agus ní bheidh sibh ag brath ar dhuine ar bith. Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas. Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbás chomh maith. Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis: mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost. Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in araicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo. Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin. Maidir le hamanna agus uaineacha, a bhráithre, ní gá scríobh chugaibh ina dtaobh. Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna. Nuair a bheidh daoine dá rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi. Ní sa dorchadas atá sibh-se, áfach, a bhráithre, go dtiocfadh an lá úd aniar aduaidh oraibh mar a bheadh bithiúnach. Is sibh-se go huile clann an tsolais, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchadas sinn. Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall. Istoíche is ea a chodlaíonn na codlatánaigh agus istoíche a bhíonn na meisceoirí ar meisce. Ach ós den lá sinne, fanaimis ar ár gciall; cuirimis umainn an creideamh agus an grá mar lúireach agus dóchas ár slánaithe mar chafarr. Ní hí an fhearg atá ceaptha dúinn ag Dia ach go mbainfimis ár slánú amach trínár dTiarna Íosa Críost, a fuair bás ar ár son chun go mbeimis beo ina theannta, cibé acu beo nó marbh dúinn. Dá bhrí sin, leanaigí ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile faoi mar atá sibh a dhéanamh cheana. Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh. Bíodh meas agus cion as cuimse agaibh orthu mar gheall ar a gcuid oibre. Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus a bheith foighneach le cách uile. Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t-olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile. Bíodh lúcháir oraibh i gcónaí. Bígí ag guí gan staonadh agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost. Ná múchaigí an Spiorad; ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla. Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith agus seachnaígí gach aon sórt oilc. Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost. Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin. A bhráithre, bígí ag guí orainne chomh maith. Beannaígí do na bráithre uile leis an bpóg naofa. Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh. Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú dʼeaglais na dTeasalónach i nDia, ár nAthair, agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia, an tAthair, agus ón Tiarna Íosa Críost. Tá sé dʼfhiacha orainn a bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid. Go deimhin, bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé, mar gheall ar bhur seasmhacht agus ar bhur gcreideamh ainneoin a bhfuil de ghéarleanúintí agus de thrioblóidí le fulaingt againn. Is léiriú é sin ar bhreithiúnas cothrom Dé, mar is é a thiocfaidh as go mbeidh sibh-se i dteideal Ríocht Dé a bhaint amach toisc sibh a bheith ag fulaingt ar a son; agus ar an gcuma chéanna níl ann ach an ceart go ndéanfadh Dia a ndíol féin den leatrom a thabhairt dóibh siúd atá ag déanamh leatroim oraibhse agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois. Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa. Gearrfar mar phionós orthu bascadh síoraí i bhfad ó ghnúis an Tiarna agus ó ghlóir a chumhachta, an lá úd nuair a thiocfaidh sé chun a bheith faoi ghradam i measc a phobail naofa agus faoi mheas ag a gcreideann ann mar gur creideadh an fhianaise a thugamarna daoibh. Sin é an fáth nach stadaimid ach ag guí oraibh le hionchas go ndéanfaidh ár nDia diongbháilte ar bhur ngairm sibh agus go dtabharfaidh sé chun críche go héifeachtach gach fonn maitheasa atá oraibh agus gach dea-ghníomh dá spreagann an creideamh ionaibh. Sa tslí sin beidh moladh agaibh ar ainm ár dTiarna Íosa agus beidh moladh aigesan oraibh trí ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Críost. Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina araicis, impímid oraibh, a bhráithre, gan a bheith suaite go héasca in bhur n-aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos dom-sa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin. Ná mealladh aon duine sibh ar aon slí, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir dʼfhear an oilc é féin a nochtadh–is é sin mac an léir-scrios ta, an t-áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm a bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin. Nach cuimhin libh mé dá rá sin libh agus mé fós in bhur measc? Agus tá a fhios agaibh anois cad atá dá choinneáil gan a nochtadh nó go mbeidh a ionú ann. Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá dá cosc. Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta. Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh an mac mallachta faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige, agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n-aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidh siad leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar lámh shábhálta iad. Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t-éitheach. Dá réir sin, gach duine acu nár ghéill don fhírinne ach gurb é an t-olc is áil leis, daorfar é. Tá sé dʼfhiacha orainne a bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint sa bhfírinne. Is é fáth ar ghlaoigh sé oraibh tríd an dea-scéal seo againne, chun go mbainfeadh sibh amach daoibh féin glóir ár dTiarna Íosa Críost. Seasaigí an fód go daingean dá bhrí sin, a bhráithre, agus coinnígí an teagasc a dʼfhoghlaim sibh uainne le briathar béil nó trí bhíthin litreach. Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia, ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean, go gcuire siad sólás croí oraibh agus go dtreisí siad libh i ngach gníomh agus briathar fónta. Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfaidh scéala an Tiarna go luath agus go mbeidh meas air faoi mar tharla agaibh féin. Agus bígí ag guí chomh maith go saorfar sinne ó dhrochdhaoine mallaithe, mar ní hé gach duine a bhfuil an creideamh aige. Ach tá an Tiarna dílis agus treiseoidh sé libh agus cosnóidh sé ar an olc sibh. Táimid cinnte de sa Tiarna go bhfuil sibh ag déanamh ruda orainn cheana agus go leanfaidh sibh dá dhéanamh. Go stiúra an Tiarna bhur gcroí ar ghrá Dé agus ar sheasmhacht Chríost. Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne. Tá a fhios agaibh féin cad atá agaibh le déanamh chun aithris a dhéanamh orainne. Ní raibh aon díomhaointeas orainne fad a bhíomar in bhur measc, ná níor ghlacamar cothú in aisce ó dhuine ar bith. Is amhlaidh a bhímis ag obair le dua agus saothar, de lá is dʼoíche, ar shlí nach mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh. Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach dʼfhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg. Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh: “An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach a oiread.” Tá sé dá chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu dá dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile. Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, a bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe. I dtaca libh-se de, áfach, a bhráithre, ná héirígí cortha go deo den mhaith a dhéanamh. Duine ar bith nach ngéilleann do theachtaireacht na litreach seo againne, tugaigí suntas dó agus ná bíodh caidreamh ar bith agaibh leis ionas go dtiocfaidh náire air. Ná tugaigí meas namhad air, áfach, ach é a cheartú mar a cheartófaí deartháir. Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir. Beannacht oraibh uaim-se Pól faoi mo lámh féin. Sin é an síniú a chuirim ar gach litir de mo chuid; is mar sin a scríobhaim. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agaibh go léir. Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár Slánaitheoir agus ó Chríost Íosa, ár ndóchas. Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia, an tAthair, agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh. Faoi mar a dʼiarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan a bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu, agus gan a bheith tugtha dʼfhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh. Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain. Tá daoine ann a chlaon ó na nithe sin agus a dʼiompaigh ar an mbaothchaint; is áil leo a bheith ina saineolaithe ar an dlí ach iad gan aon tuiscint acu ar a mbíonn siad a rá ná ar na tuairimí a mbíonn siad chomh teann ina dtaobh. Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, mʼéagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí, do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh–dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa. Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh a oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó, cé go mbínn dá mhaslú agus dá ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus dí-chreidimh a rinne mé amhlaidh. Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa. Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu, agus is é fáth a ndearnadh trócaire orm-sa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i mʼeiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí. Moladh agus glóir do Rí na n-aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Áiméan. Táim ag tabhairt an fholáirimh seo duit, a Thiomóid, a mhic, foláireamh atá ag teacht leis an bhfaisnéis a thug na fáithe ort fadó, le hionchas go gcuirfidh tú an cath go cróga dá réir sin. Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath. Orthusan tá Himinéas agus Alastar, beirt atá tugtha suas do Shátan agam le súil go múinfear gan Dia a aithisiú dóibh. Ar an ábhar sin, impím ort sa chéad áit go ndéanfar urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an luchta ceannais uile, le súil go bhféadfaimid ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin. Is maith agus is taitneamhach sin le Dia, ár Slánaitheoir. Is áil leis go slánófar an uile dhuine agus go gcuirfidh sé eolas ar an bhfírinne. Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t-aon idir-ghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin; ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom–ceapadh mise i mo bholscaire agus i mʼaspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe. Is mian liom, dá bhrí sin, go mbeidh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas. Ar an gcuma chéanna is mian liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluachach, ach iad féin a mhaisiú le dea-oibreacha mar a oireann do mhná a bhfuil meas na cráifeachta acu orthu féin. Fanadh an bhean ina tost, áfach, agus bíodh sí ag foghlaim le barr umhlaíochta. Ach ní cheadaímse di aon teagasc a thabhairt ná a bheith ina ceann ar an bhfear ach í a fhanacht ina tost. Mar ba é Ádhamh is túisce a cumadh agus Éabha ina dhiaidh. Agus níorbh é Ádhamh a mealladh; ba í an bhean a mealladh agus a thit i bpeaca. Slánófar í, áfach, trí chlann a iompar, má chloíonn sí go stuama leis an gcreideamh, leis an ngrá agus leis an gcráifeacht. Is barántúil an ráiteas é seo: an té a bhíonn ag tnúth le cúram an uachtaráin is uasal an obair a shantaíonn sé. Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan a bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte; gan a bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead. Caithfidh sé a bheith ina cheann maith ar a theaghlach féin agus a chlann a bheith umhal ómósach i ngach slí dó. Mura bhfuil duine in ann a theaghlach féin a stiúradh, conas a dhéanfaidh sé Eaglais Dé a riaradh? Caithfidh sé gan a bheith ina nuachreidmheach le heagla go dtiocfadh éirí in airde air agus go ndaorfaí é dála an diabhail féin. Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air. Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh a bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan a bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu ach iad ag caomhnú rúndiamhair an chreidimh le coinsias glan. Ní mór iad a thástáil ar dtús agus gan ligean dóibh feidhmiú mar dhéagánaigh mura mbíonn siad gan locht. Ba chóir na mná a bheith creidiúnach mar an gcéanna agus gan a bheith cúlchainteach ach iad stuama agus iontaofa ar gach slí. Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin. Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ard-chéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa. Cé go bhfuilim ag súil le teacht ar cuairt chugat sul i bhfad, táim dá scríobh seo chugat i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo–an Eaglais atá ina crann taca agus ina bunsraith don fhírinne. Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é. Deir an Spiorad go dearfa go dtréigfidh daoine áirithe an creideamh sna haimsirí deiridh mar go dtabharfaidh siad aird ar na spioraid bhréagacha agus ar an teagasc a thagann ó na deamhain. Meallfar iad le cur i gcéill luchta éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandáilte leis an iarann dearg. Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch. Mar is maith gach ní dar chruthaigh Dia agus ní ceart diúltú do rud ar bith má ghlactar leis go buíoch mar go ndéanann briathar Dé agus an urnaí rud naofa de. Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat. Ach seachain finscéalta baotha úd na gcailleach. Aclaigh thú féin chun saol cráifeach a thabhairt. Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall. Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é sin. Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu. Lean ort ag fógairt agus ag teagasc na nithe sin. Ná lig dʼaon duine tú a dhíspeagadh mar gheall ar dʼóige ach bí i dʼeiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht. Tabhair aire don léitheoireacht phoiblí, don tseanmóireacht agus don teagasc go dtí go dtiocfaidh mé. Ná déan faillí sa tíolacadh atá agat, an tíolacadh a bronnadh ort nuair a labhair na fáithe leat agus nuair a leag na seanóirí a lámha ort. Caith do dhúthracht leis na nithe sin agus bí ag gabháil dóibh chun gur léir do chách an dul chun cinn atá dá dhéanamh agat. Tabhair aire duit féin agus do do theagasc. Lean den obair, mar má dhéanann tú amhlaidh, sábhálfaidh tú thú féin agus do lucht éisteachta. Ná tabhair casaoid do shean-duine ach déan tathant air mar a dhéanfá ar dʼathair. Déan le fir óga mar a dhéanfá le do dheartháireacha. Bí le seanmhná mar bheifeá le do mháthair agus le mná óga mar bheifeá le do dheirfiúracha, go geanmnaí i gcónaí. Tabhair ómós do bhaintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre. Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin. An bhean atá ina fíorbhaintreach agus atá fágtha ina haonar sa saol, bíonn a muinín aici i nDia agus leanann sí ag guí agus ag urnaí de lá agus dʼoíche. Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin dʼainneoin í a bheith beo. Tabhair an foláireamh seo don phobal dʼfhonn nach mbeidh locht le fáil orthu: an duine nach ndéanann aon chúram dá mhuintir agus do lucht a theaghlaigh féin go háirithe, tá an creideamh séanta aige agus is measa é ná an díchreidmheach. Ná cláraítear aon bhaintreach nach mbíonn an seasca bliain slán aici. Caithfidh sí gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha. Coinnigh amach na baintreacha óga, mar nuair a chlaonann an teaspach ó Chríost iad, tagann fonn pósta orthu agus bíonn sé le casadh ansin leo go ndeachaigh siad siar ar a gcéad fhocal. San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí. Bʼfhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan deis a gcáinte a thabhairt don namhaid. Tá cuid acu tar éis claonadh le Sátan cheana féin. Aon chreidmheach mná a bhfuil daoine muinteartha léi ina mbaintreacha, tugadh sí féin aire dóibh agus gan iad a bheith ina n-ualach ar an eaglais chun go bhféadfaidh an eaglais teacht i gcabhair ar na fíorbhaintreacha. Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc, mar go ndeir an scrioptúr: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair” agus “is fiú an fear oibre a thuarastal”. Nuair a chuirtear coir i leith seanóra, ná géillse dó ach amháin ar fhocal a dó nó a thrí dʼfhinnéithe. Déan lucht an mhí-iompair a cheartú go poiblí, áfach, dʼfhonn an chuid eile acu a scanrú. I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n-aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh. Ná bíodh aon deabhadh ort ag leagan lámh ar dhuine ar bith agus ná bí páirteach i bpeacaí daoine eile. Coinnigh thú féin saor ó locht. Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile agus leis na taomanna tinnis a thagann ort chomh minic sin. Bíonn daoine ann a mbíonn a bpeacaí glan le feiceáil ag dul rompu chun na cúirte; ach is tar éis an a fhiosraithe a thagann peacaí daoine eile chun solais. Bíonn na dea-ghníomhartha glan le feiceáil ar an gcuma chéanna; agus iad siúd nach mbíonn, ní féidir iad a cheilt go deo. Iad sin atá faoi chuing na daoirse, tuigidís ina n-aigne go bhfuil gach ómós ag dul dá máistrí le heagla go gcaithfí dímheas ar ainm Dé agus ar an teagasc. Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon droch-mheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar. Déan na nithe sin a theagasc agus a fhógairt. Duine ar bith a thugann a mhalairt de theagasc agus nach réitíonn le briathra fónta ár dTiarna Íosa Críost, leis an teagasc atá de réir na cráifeachta, is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n-intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht. Is mór an t-údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid. Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as. Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta. Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbasctha. Dúil san airgead is bun le gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu. Ach ós óglach le Dia thusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas. Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe. I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil creidimh féin os comhair Phointias Píoláit, achtaím ort, an aithne seo a choimeád gan cháim gan locht go dtí taibhsiú ár dTiarna Íosa Críost. Taispeánfaidh Dia dúinn é ina mhithidí féin: An Dia beannaithe atá ina aon cheannasaí, atá ina rí ar na ríthe agus inA Thiarna ar na tiarnaí; an tAon atá buan gan bás, agus a chónaíonn sa solas doshroichte. Aon duine riamh ní fhaca é ná ní féidir dó é a fheiceáil. Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Áiméan. Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan a bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimid só as. Abair leo an mhaith a dhéanamh, a bheith saibhir i ndea-oibreacha, a bheith fial flaithiúil lena gcuid agus stór a chur i dtaisce dóibh féin a bheidh ina bhun maith acu san am atá le teacht chun an bheatha úd a shealbhú atá ina beatha dáiríre. A Thiomóid, cumhdaigh an taisce a fágadh i do chúram, agus seachain an chaint bhaoth dhíomhaoin agus ráite bréige an eolais úd nach bhfuil ann ach eolas in ainm, mar tá daoine dá chraobhscaoileadh agus tá siad claonta ón gcreideamh. Grásta go raibh agaibh. Mise Pól, aspal Chríost Íosa de thoil Dé, de réir ghealltanas na beatha atá againn i gCríost Íosa. Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia, an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid. Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i mʼurnaithe, rud a dhéanaim de lá agus dʼoíche. Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfar mo chroí le háthas. Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Lóis romhat agus ag do mháthair Eoinícé, táim cinnte go bhfuil sé agat-sa chomh maith. Sin é an fáth a bhfuilim dá chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort. An spiorad a thug Dia dúinn ní hé spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta. Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaing-se cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia. Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomh-ghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamh-bhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil. Agus táim-se ceaptha i mʼfhógróir agus i mʼaspal agus i mo theagascóir ar an dea-scéal sin. Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a dʼfhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd. An teagasc folláin a chuala tú uaim-se, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa. An taisce luachmhar atá faoi do chúram, cosain í le cabhair an Spioraid Naoimh a chónaíonn ionainn. Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmagainéas san áireamh. Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesafóras, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé a bheith i bpríosún, is amhlaidh nuair a bhí sé sa Róimh, a chuaigh sé ar mo lorg go dícheallach nó gur aimsigh sé mé. Is ea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd–agus is fearr a fhios agat-sa ná agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas. Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa. An teagasc a chuala tú uaim-se i bhfianaise a lán, cuir-se é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith. Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa. Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, dʼfhonn an té lenar liostáil sé a shásamh. Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht. An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dó-san atá an chéad chuid den bharr ag dul. Machnaigh ar a bhfuilim a rá agus tabharfaidh an Tiarna tuiscint duit ar an iomlán. Cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháiví, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt. Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáim-se ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach. Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidh siad sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa. Is fíor an ráiteas é: Má fuaireamar bás in éineacht leis beimid beo in éineacht leis chomh maith. Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinne. Ach má bhímid mí-dhílis féin, fanfaidh seisean dílis fós, mar nach féidir dó é féin a shéanadh. Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan a bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir. Déan do dhícheall a bheith diongbháilte i bhfianaise Dé mar oibrí nach náir dó a shaothar agus mar riarthóir ionraic ar bhriathar na fírinne. Ach seachain an ghaothaireacht aindiaga, mar an mhuintir a chleachtann í is ag dul in éagráifeacht a bheidh siad agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himinéas agus Filéatas, beirt a chlaon ón bhfírinne, dá rá go bhfuil an t-aiséirí tarlaithe cheana féin; agus tá creideamh daoine áirithe dá chur bunoscionn acu. Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: “Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,” agus “gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.” Ní árthaí óir agus airgid amháin a bhíonn i dteach mór ach árthaí adhmaid agus árthaí cré chomh maith. Bíonn feidhm uasal le cuid acu sin agus feidhm anuasal le cuid eile. Dá bhrí sin, má ghlanann duine é féin ón táire sin, beidh sé ina árthach a bhfuil feidhm uasal leis; beidh sé naofa agus fóinteach dá mháistir agus é réidh chun gach dea-ghníomh a dhéanamh. Seachain baois na hóige agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá agus ar an tsíocháin, tú féin agus iad siúd a ghlaonn ar an Tiarna le croí glan. Seachain chomh maith na díospóireachtaí baotha seafóideacha agus a fhios agat nach ndéanann siad ach achrann a chothú. Ní ceart do sheirbhíseach an Tiarna a bheith ag achrann; caithfidh sé a bheith séimh le cách, a bheith in ann chun múinte agus a bheith foighneach, agus an mhuintir atá ina choinne a cheartú go mín, le hionchas go seolfaidh Dia chun aithrí iad agus chun an fhírinne a aithint, ar shlí go dtiocfaidh a gciall chucu agus go n-éalóidh siad ó ghaiste an diabhail ina bhfuil siad gafa chun a thola aige. Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha. Beidh na daoine leithleasach, santach, maíteach, uaibhreach agus maslach; beidh siad easumhal dá dtuismitheoirí, díomaíoch agus mínaofa. Beidh siad fuarchroíoch, mí-dhílis, béadánach, gan smacht ná riail orthu agus gan grá acu don mhaith. Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia. Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachain-se a leithéidí. Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla, mná a bhíonn ag lorg eolais de shíor ach gan é ar a gcumas eolas a fháil ar an bhfírinne choíche. Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n-aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí. Ní rachaidh siad níos faide, áfach, mar go mbeidh a gcuid baoise follasach do chách, dála na beirte úd. I dtaca leat-sa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagasc-sa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar mʼfhoighne, agus ar mo ghrá. Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus ar mʼangair, mar a mʼéirigh dom in Aintíoch agus in Iocóiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile. Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géar-leanúint air mar an gcéanna. Ach is in olcas a rachaidh na drochdhaoine agus na mealltóirí–daoine atá ag dul amú iad féin agus ag cur daoine eile amú. Cloígh-se, áfach, leis an teagasc a fuair tú, teagasc a bhfuil tú suite go daingean de. Tuigeann tú cé uaidh a bhfuair tú an teagasc sin, agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa. Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhréagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta ar shlí go mbeadh óglach le Dia lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre. I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a Ríocht an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad. Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil; tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta. Ach bí-se stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas. I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom. Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam. Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní orm-sa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú. Déan do dhícheall teacht chugam go luath. Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus dʼimigh leis go Teasaloinicé. Dʼimigh Créiscéas go dtí an Ghaláit agus Títeas go dtí an Dalmáit. Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó. Chuir mé Tichiceas chun siúil go hEifeasas. Nuair a bheidh tú ag teacht beir leat an clóca a dʼfhág mé ag Carpas i dTróás agus beir leat na leabhair chomh maith, go háirithe na meamraim. Is mór an dochar a rinne Alastar, an gabha copair, dom ach cúiteoidh an Tiarna a ghníomhartha leis. Seachain-se thú féin air siúd mar is dian a chuir sé i gcoinne ár dteagaisc. Ag plé mo chúise dom den chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é. Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éistfeadh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a Ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Áiméan. Beir beannacht uaim go Priosca agus Acúbas agus go teaghlach Onaesafóras. Dʼfhan Earastas sa Choraint agus dʼfhág mé Trofamas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite. Déan do dhícheall teacht roimh an ngeimhreadh. Cuireann Eobúlas agus Púdaens agus Líneas agus Cláidia agus na bráithre ar fad a mbeannacht chugat. Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh. Mise Pól, seirbhíseach do Dhia agus aspal le hÍosa Críost agus é mar fheidhm agam an creideamh a thabhairt dóibh sin atá tofa ag Dia agus iad a chur ar eolas na fírinne a sheolann chun na cráifeachta iad le súil go mbainfidh siad amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn sa bhforógra a cuireadh ina chúram orm-sa ar ordú Dé, ár Slánaitheoir. Guím grásta agus síocháin ó Dhia, an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn. Is é fáth ar fhág mé sa Chréit thú, go gcuirfeá ord agus eagar ar an obair a bhí fós le déanamh agus go gceapfá seanóirí i ngach baile de réir na dtreoracha a thug mé duit: Bíodh gach seanóir acu gan cháim, agus gan é a bheith pósta ach aon uair amháin, agus a chlann a bheith ina gcreidmhigh agus gan drabhlás ná easumhlaíocht a bheith le casadh leo. Mar, ós maor do Dhia an t-uachtarán ní mór dó a bheith gan locht, gan a bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach, ach é a bheith fáilteach, dea-mhéineach, stuama, cóir, diaganta, staidéartha. Ní mór dó cloí go dlúth leis an teagasc fíor mar a múineadh dó féin é, i dtreo go mbeidh ar a chumas daoine eile a spreagadh leis an oideas folláin céanna agus lucht a bhréagnaithe a cheartú. Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte. Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach. Is é a dúirt duine acu féin, teanga labhartha dá gcuid: “Ní raibh sna Créitigh riamh ach lucht éithigh agus brúideanna mallaithe agus craosairí díomhaoine.” Agus is fíor an fhianaise í sin. Déan-sa iad a cheartú go géar, dá bhrí sin, i dtreo go mbeidh an creideamh folláin acu in ionad iad a bheith ag tabhairt cluaise dʼfhinscéalta Giúdacha agus do rialacha daoine a thugann cúl leis an bhfírinne. Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu. Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan dʼacmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh. Bíodh dʼfhocailse, áfach, ag teacht leis an teagasc folláin. Abair leis na fir scothaosta a bheith stuama staidéartha measartha agus a bheith go daingean sa chreideamh, sa ghrá agus sa bhfoighne. Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan a bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc dʼfhonn a thabhairt ar na mná óga a bheith ceanúil ar a bhfir chéile agus ar a bpáistí agus a bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé. Ar an gcuma chéanna abair leis na hógánaigh a bheith stuama staidéartha agus bí-se féin i dʼeiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn. Abair leis na seirbhísigh a bheith umhal dá máistrí agus a bheith ómósach i ngach ní. Agus in ionad a bheith tagrach nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár Slánaitheoir, i ngach ní. Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine. Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta, fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost. Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha. Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh. Cuir i gcuimhne dóibh a bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; a bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh; gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach a bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n-iompar ar fad. Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha dʼainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán dʼurchóid agus dʼfhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile. Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár Slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn. Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-ath-nuachan ag an Spiorad Naomh. Dháil sé an Spiorad orainn go fras trí Íosa Críost, ár Slánaitheoir chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n-oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí. Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine. Ar an taobh eile, áfach, seachain na díospóireachtaí baotha agus na ginealaigh agus na hachrainn agus na conspóidí i dtaobh an dlí, mar nach bhfuil tairbhe ná éifeacht iontu. An duine a bhíonn ag cothú easaontais, tabhair foláireamh dó uair nó dhó agus cuir suas de as sin amach. Bíodh a fhios agat go bhfuil a leithéid sin claon agus ag déanamh peaca agus go bhfuil sé daortha as a bhéal féin. Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaigh-se chugam go Niocapoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt. Tabhair do dʼaire go gcuirfear Zaenas dlíodóir agus Apallós chun siúil agus nach mbeidh aon ní in easnamh orthu. Foghlaimíodh ár muintir nach mór dóibh a bheith i mbun dea-oibreacha chun riar a gcáis a sholáthar agus gan a bheith neamh-thorthúil. Cuireann a bhfuil anseo liom a mbeannacht chugat. Beannaigh dóibh sin a thugann grá dúinn sa chreideamh. Grásta go raibh agaibh go léir. Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón, don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Archapas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i mʼurnaithe. Mar tá iomrá dá chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile. Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint. Ba mhór an lúcháir agus an sólás dom-sa an grá sin agat-sa, a bhráthair, mar go bhfuil croí dá thabhairt agat don phobal naofa. Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh dʼachainí ort–mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann. Ba bheag an chabhair duit-se tráth é ach is fóinteach duit-se agus dom-sa anois é. Is é cnú mo chroí é ach táim dá chur ar ais chugat, cé go mbʼfhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil. Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é. Bʼfhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air, ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liom-sa é nach mó is ansa leat-sa é, mar dhuine agus mar Chríostaí. Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a dʼfháilteofá romham féin. Agus cibé eágóir a rinne sé ort nó cibé fiacha atá air, cuir ar mo chuntas-sa é. Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo lámh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil dʼanam féin mar fhiacha agam ort. Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost. Agus mé dá scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim. Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n-urnaithe. Cuireann Eipeafas, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna. Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh. Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe; ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann. Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda agus fuair sé gradam a oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t-ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n-ainm siúd. Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i mʼAthair aige agus beidh seisean ina Mhac agam-sa”? Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.” Deir sé i dtaobh na n-aingeal: “Déanann sé gaotha dá aingil agus lasracha tine dá sheirbhísigh.” Ach is é a deir sé i dtaobh an Mhic: “Beidh do rí-chathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo,” agus: “Slat na córa is ea slat do réim-se; thug tú grá don cheart agus fuath don urchóid; dá bharr sin dʼungaigh Dia, do Dhia féin, thú thar do chompánaigh le hola an ghairdis,” agus: “Is tú, a Thiarna, a bhunaigh an domhan ar dtús; is iad na spéartha saothar do lámh; rachaidh siad-san ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca; fillfidh tú ar a chéile iad mar bhrat agus mar chlóca freisin déanfar iad a mhalartú; ach ní thagann athrú ort-sa in aon chor agus ní bheidh deireadh le do ré.” Agus cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Suigh ar mo lámh dheas go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa”? Nach spioraid friothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht. Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n-imeoimis le sruth. Má deimhníodh an teachtaireacht sin a fógraíodh trí bhíthin aingeal agus má cuireadh pionós cuí ar gach sárú agus briseadh dá ndearnadh uirthi, conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhór sin de shlánú? Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é. Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola. Ní faoi smacht aingeal a chuir Dia an saol atá le teacht a bhfuilimid ag trácht air. Thug duine éigin dearbhú dúinn air seo áit éigin, dá rá: “Cad é an duine go mbeadh cuimhne agat air nó mac an duine go ndéanfá cúram de? Ar feadh tamaillín rinne tú níb uaisle ná na haingil é. Chuir tú coróin ghlóire agus onóra air agus chuir tú an uile ní faoina smacht.” Mar sin de, nuair a “chuir sé an uile ní faoina smacht,” níor fhág sé aon ní ann nach raibh faoina smacht. I láthair na huaire seo ní fheicfimid go fóill “go bhfuil gach ní curtha faoina smacht.” Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa–an té a rinneadh níb ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a dʼfhulaing sé–agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar is trí ghrásta Dé a dʼfhulaing sé an bás ar mhaithe le cách. Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí. Óir is dʼaon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu, dá rá: “Inseoidh mé dʼainm do mo bhráithre; molfaidh mé thú i lár na comhdhála,” agus arís: “Is air a bheidh mo sheasamh,” agus arís eile: “Féach anseo mé agus an chlann a thug Dia dom.” Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin, agus chun a raibh faoi dhaoirse ar feadh a saoil le heagla an bháis a fhuascailt. Óir is cinnte nach aingil is cúram dó ach sliocht Abrahám. Mar sin de, níorbh fholáir dó a bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ard-sagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail. Agus anois ós rud é gur fhulaing sé féin nuair a cuireadh cathú air is féidir leis cabhrú leo siúd a gcuirtear cathú orthu. Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ard-sagart ár gcreidimh. Bhí sé dílis don Té a cheap é go díreach mar a bhí Maois dílis freisin i dteaghlach uile Dé. Ach meastar gur mó is díol gradaim é Íosa ná Maois a oiread céanna agus is mó is díol gradaim é tógálaí an tí ná an teach féin; níl aon teach ann, ar ndóigh, nár thóg duine éigin é ach is é Dia a rinne gach ní. Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí; bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas daingean go dtí an deireadh. Dá bhrí sin, mar a deir an Spiorad Naomh: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc agus ar Lá úd na Féachála sa bhfhásach mar ar chuir bhur n-aithreacha féacháil agus triail orm cé go bhfaca siad mo ghníomhartha ar feadh daichead bliain. Sin é an fáth ar tháinig fearg orm leis an nglúin sin agus go ndúirt mé: ‘Tá croíthe guagacha ag na daoine seo i gcónaí; níor fhoghlaim siad mo bhealaí riamh.’ Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i mʼáitreabh suaimhnis choíche.’” Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh droch-chroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche. Gach lá, fad a bhíonn “an lá inniu” seo ann, bígí ag gríosú a chéile ar eagla go ndéanfaí aon duine agaibh a chruachan le mealltacht an pheaca. Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh. Ós rud é go ndeirtear: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc,” caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a dʼfhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois? Agus cérbh iad na daoine a raibh sé i bhfeirg leo ar feadh daichead bliain? Nárbh iad na daoine a rinne peaca agus a thit fuar marbh ina gcorpáin sa bhfhásach? Agus cérbh iad na daoine ar thug sé mionn dóibh nach rachaidís isteach ina áitreabh suaimhnis choíche ach na daoine a bhí easumhal dó. Feicimid, mar sin, gur de dheasca a n-easumhlaíochta nárbh fhéidir leo dul isteach ann. Dá bhrí sin, cé go seasann an gealltanas faoi dhul isteach ina áitreabh suaimhnis go fóill, bíodh imní orainn ar eagla go measfaí go bhfuil teipthe ar aon duine agaibh é a bhaint amach. Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibh-sean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di. Ach sinne, a bhfuil an creideamh againn, táimidne ag dul isteach san áitreabh suaimhnis, faoi mar atá ráite aige: “Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i mʼáitreabh suaimhnis choíche.’” Dúirt sé é sin bíodh go raibh deireadh le hobair Dé nuair a cruthaíodh an domhan. Óir déanann sé tagairt don seachtú lá in áit éigin mar a leanas: “Stad Dia dá chuid oibre go léir ar an seachtú lá,” agus arís san abairt atá dá plé againn deir sé: “Ní rachaidh siad isteach i mʼáitreabh suaimhnis choíche.” Mar sin de, is léir go rachaidh roinnt éigin daoine isteach ann. Ach de bhrí nach ndeachaigh na chéad daoine ar fograíodh an dea-scéal dóibh isteach ann de dheasca a gcuid easumhlaíochta, shocraigh Dia ar lá eile a bheith ina “lá inniu”, nuair a labhair sé i bhfad níos déanaí trí Dháiví na focail seo atá luaite againn thuas: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí.” Óir dá mba rud é gur thug Iósua suaimhneas dóibh, ní bheadh Dia ag caint faoi lá eile ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, tá suaimhneas sabóideach ag feitheamh le pobal Dé, óir cibé duine a théann isteach in áitreabh suaimhnis Dé stadann sé dá chuid oibre faoi mar a stad Dia dá chuid oibre féin. Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an tsaghais chéanna easumlaíochta. Óir, tá Briathar Dé beo bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí. Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha. Ós rud é, mar sin, go bhfuil ard-sagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh. Ní hamhlaidh atá ard-sagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh. Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le rí-chathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimid grásta a chabhróidh linn in am an ghátair. Gach ard-sagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí. Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh. Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní hamháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith. Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón. Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: “Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.” Agus in áit eile fós deir sé leis: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.” Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach. Ach bíodh gurb é Mac Dé é, dʼfhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a dʼfhulaing sé. Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó agus dʼfhógair Dia gurbh ard-sagart é ar nós Mheilcizidic. Tá mórán le rá againn faoin ábhar seo ach beidh sé deacair dúinn é a mhíniú daoibh, mar tá sibh dallaigeanta. Óir, cé gur chóir daoibh a bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní bhriathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne. Óir, gach duine atá beo ar bhainne, ní fhaigheann sé blas ar bith ar aon teagasc domhain i dtaobh na fíréantachta mar nach bhfuil ann ach naíonán. Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n-aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc. Dá bhrí sin, fágaimis i leataobh na bunfhírinní i dtaobh Chríost. Ná tugaimis faoin mbunsraith a chur síos arís; ná déanaimis trácht ar aithrí a dhéanamh i bpeacaí marfacha, ar chreideamh i nDia, ar theagasc i dtaobh gnásanna níocháin, ar leagan lámh, ar an aiséirí ó mhairbh, ar an mbreithiúnas síoraí ach abraimis focal i dtaobh an teagaisc fhoirfe. Is ea, déanfaimid é sin, má thugann Dia cead dúinn. Na daoine a soilsíodh tráth agus a bhlais an tabhartas neamhaí agus a fuair a gcion féin den Spiorad Naomh agus a chuir eolas ar dhea-scéal Dé agus ar iontais an tsaoil atá le teacht agus a thit ar lár dá ainneoin sin uile, ní féidir a leithéidí siúd a thabhairt chun aithrí arís de bhrí go bhfuil siad ag céasadh Mhac Dé dá ndeoin féin uair amháin eile agus ag déanamh ceap magaidh de. Cuireann Dia rath ar an talamh a shúnn isteach an fhearthainn a thiteann air ó am go chéile agus a thugann barr uaidh a rachaidh i dtairbhe do na daoine a saothraítear ar a son é. Ach más sceacha agus feochadáin amháin a thugann sé uaidh ní fiú dada é agus is gearr uaidh mallacht Dé; dá dheasca sin dófar é ar deireadh thiar. Ach bíodh go labhraímid mar seo, a bhráithre ionúine, táimid cinnte de gur fearr ná sin an bhail atá oraibhse agus go bhfuil sibh ar bhealach bhur slánaithe. Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo dá dhéanamh agaibh fós. Is mian linn, áfach, go dtaispeánfaidh gach duine agaibh an díograis chéanna go dtí an deireadh nó go dtiocfaidh na nithe a bhfuil súil agaibh leo i gcríoch. Níor mhaith linn go n-éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n-oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh. Nuair a thug Dia an gealltanas dʼAbrahám is air féin a dhearbhaigh sé mar ní raibh aon rud ann níos mó ná é féin a ndearbhódh sé air. Is é a dúirt sé: “Is iomaí beannacht a chuirfidh mé ort agus ní bheidh áireamh ar do shliocht.” Bhí bua na fadfhulaingthe ag Abrahám, agus mar sin de fuair sé a raibh geallta dó. Anois, déanann daoine dearbhú ar rud atá níos mó ná iad féin agus cuireann dearbhú daingean mar seo deireadh le gach argóint a bhíonn eatarthu. Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air. Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn. Is cosúil le hancaire daingean docht dár n-anam an dóchas sin. Téann sé isteach sa sanctóir atá laistigh den chuirtín mar a ndeachaigh Íosa isteach ina cheannródaí ar ár son nuair a rinneadh ard-sagart síoraí de ar nós Mheilcizidic. Rí Shálaem agus sagart an Dé is airde ab ea an Meilcizidic seo. Nuair a bhí Abrahám ag filleadh abhaile ó ár na ríthe bhuail Meilcizidic leis agus thug sé a bheannacht dó agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dó-san. Is é “Rí na Fíréantachta” an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé “Rí Shálaem,” is é sin, “Rí na Síochána,” freisin. Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ard-sagart go deo. Tugaigí faoi deara anois cé chomh tábhachtach a bhí an fear seo ós rud é gur thug an patrarc Abrahám an deichiú cuid de scoth na creiche dó. De réir an dlí, anois, tá sé de dhualgas ar an gcuid sin de chlann Léiví a ndéantar sagairt díobh deachúna a ghearradh ar an bpobal, is é sin, ar a mbráithre féin, siúd is gur de shliocht Abrahám iad-san freisin. Ach dʼainneoin nár de shliocht Léiví é ghearr Meilcizidic deachú ar Abrahám agus thug sé a bheannacht fiú dʼfhear na ngealltanas. Anois, gan aon amhras ar bith, is ó dhuine is uaisle céim ná é féin a fhaigheann duine beannacht. Ina theannta sin, is daoine básmhara a fhaigheann na deachúna; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí. Dʼfhéadfá a rá chomh maith, is dócha, gur gearradh deachúna fiú ar Léiví féin, fear tógtha na ndeachúna, trí Abrahám. Óir, bhí Léiví i gcorp a shinsir cheana féin nuair a bhuail Meilcizidic leis. Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic. Ar ndóigh, má athraítear an tsagartacht caithfear an dlí a athrú chomh maith. Anois, an té a bhfuiltear ag labhairt faoi anseo, ba de threibh eile é ar fad agus ní raibh baint ar bith ag aon duine den treibh sin leis an altóir riamh. Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor. Agus tá cruthú níos soiléire fós ann ar an bhfírinne sin. Óir ceapadh sagart eile dúinn atá cosúil le Meilcizidic. Ní dhearnadh sagart de, áfach, de réir rialacha a bhí bunaithe ar ghinealach daonna ach de bharr na cumhachta atá ag beatha dhoscriosta. A fhianaise sin na focail seo a leanas: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.” Is é sin le rá, cuireadh na seanrialacha ar ceal toisc iad a bheith gan bhrí gan éifeacht. Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia. Ina theannta sin, níor tugadh aon mhionn nuair a rinneadh sagairt de na daoine eile úd. Ach nuair a rinneadh sagart dʼÍosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’” Mar sin de, sa mhéid nach gan mhionn a rinneadh sagart dʼÍosa, is fearr dá réir an conradh a bhfuil sé ina urra air. Is amhlaidh freisin nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás. Ach is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo. Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idir-ghuí a dhéanamh ar a son. Ba é a leithéid sin dʼard-sagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas; sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric pheacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a dʼofráil sé é féin. Rinne an dlí ardsagairt de dhaoine a raibh laige éigin iontu. Ach an briathar a neartaíodh le mionn a thug Dia i bhfad níos déanaí ná an dlí, rinne sé sin ard-sagart den Mhac, eisean a bhfuil buaic na foirfeachta bainte amach aige go deo. Is é seo anois an rud is tábhachtaí dá bhfuil dá rá againn: tá ard-sagart den sórt sin againn. Chuaigh sé ina shuí ar dheis rí-chathaoir na Mórgachta diaga sna flaithis, mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, sa bhfíor-bhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna. Ceaptar gach ard-sagart, áfach, chun tabhartais agus íobairtí a ofráil. Mar sin de, ní mór don sagart seo againne freisin rud éigin a bheith aige lena ofráil. Dá mbeadh sé ar talamh ní bheadh sé ina shagart ar aon chor mar tá sagairt ann cheana chun na tabhartais a ofráil de réir an dlí, siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar Neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: “Féach chuige,” ar sé, “go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.” Ach is é fírinne an scéil é go bhfuil ministreacht shagartúil níos uaisle ná sin faighte ag Íosa sa mhéid gurb uaisle é an conradh a bhfuil seisean ina idir-ghabhálaí air. Óir, is fearr na gealltanais ar a bhfuil an conradh sin bunaithe. Dá mbeadh an chéad chonradh gan locht ní bheadh call leis an dara ceann. Ach, déanta na fírinne, lochtaíonn Dia a phobal nuair a deir sé: “Féach,” deir an Tiarna, “tá na laethanta ag teacht a ndéanfaidh mé conradh nua le teaghlach Iosrael agus le teaghlach Iúdá. Ní bheidh sé cosúil leis an gconradh a rinne mé lena sinsir an lá úd ar rug mé ar lámh orthu chun iad a sheoladh amach as tír na hÉigipte. Ach ní raibh siad dílis don chonradh a rinne mé leo agus mar sin de thréig mé iad, deir an Tiarna. Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n-aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siad-san ina bpobal agam-sa. Ní bheidh ar aon duine acu a chomharsa nó a bhráthair a mhúineadh, dá rá: Bíodh aithne agat ar an Tiarna. Óir beidh aithne ag cách orm ó liath go leanbh. Maithfidh mé a gcionta dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí feasta.” Ag lua an chonartha nua dó, tá an chéad chonradh curtha as dáta aige. Agus an rud atá as dáta agus atá ag dul in aois is gearr go rachaidh sé ar ceal ar fad. Ar ndóigh, leag an chéad chonradh rialacha síos don liotúirge agus bhí sanctóir ann freisin, ceann de dhéantús daonna. Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin. Laistiar den dara cuirtín bhí an bhoth a dtugtar an Áit Rónaofa air. Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha. Os a cionn bhí na ceiribíní glórmhara agus a sciatháin leata amach os cionn chathaoir na trócaire. Ach ní hé seo an t-am chun miontuairisc a thabhairt ar na nithe sin. Nuair a bhíonn na nithe sin socair mar sin bíonn na sagairt ag dul isteach sa chéad bhoth i gcónaí agus iad i mbun a gcúraimí liotúirgeacha. Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t-ard-sagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais. Sa tslí sin cuireann an Spiorad Naomh in iúl dúinn nár taispeánadh an bealach isteach chun na hÁite Rónaofa fós toisc an chéad bhoth a bheith ina seasamh go fóill. Samhail is ea é sin atá ag tagairt don am atá ann anois. Ciallaíonn sé go bhfuil tabhartais agus íobairtí dá n-ofráil nach bhfuil de chumhacht acu coinsias an adhraitheora a ghlanadh ó pheaca go hiomlán. Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha forimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin. Ach tháinig Críost agus é ina ard-sagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí ann a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í. Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil gabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn. Nuair a chroitear fuil gabhar agus tarbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamh-ghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnách seo díobh agus naomhaítear iad. Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh dʼofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo. Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idir-ghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaighidh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha. Nuair a bhíonn uacht i gceist, áfach, caitear a chruthú go bhfuil an duine a rinne é marbh. Óir fad is beo dó bíonn an uacht gan éifeacht; ní thagann sí i bhfeidhm go dtí go bhfaigheann sé bás. Sin é an fáth nach ndearnadh fiú amháin an chéad chonradh gan doirteadh fola. Is amhlaidh a dʼfhógair Maois na haitheanta go léir don phobal uile ar dtús faoi mar a bhí siad scríofa sa dlí. Ansin thóg sé fuil na laonna agus na ngabhar agus uisce agus chroith sé ar an Leabhar féin iad agus ar an bpobal uile le holann chraorag agus le híosóip, dá rá: “Is í seo fuil an chonartha ar ordaigh Dia daoibh é a choimeád.” Mar an gcéanna chroith sé an fhuil ar an mboth agus ar na gréithe uile a dʼúsáidtí sa liotúirge. Go deimhin, de réir an dlí is beag nach le fuil a ghlantar gach ní agus ní mhaitear peacaí gan doirteadh fola. Dá bhrí sin, má ba ghá macasamhlacha na nithe neamhaí a ghlanadh le híobairtí den slórt seo tá gá le híobairtí atá níos fearr fós chun na nithe neamhaí féin a ghlanadh. Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idir-ghuí ar ár son i láthair Dé. Ach ní théann sé isteach ann chun é féin a ofráil arís agus arís eile faoi mar a théann an t-ard-sagart isteach san Áit Rónaofa bliain i ndiaidh bliana le fuil nach leis féin. Óir dá mbʼamhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t-aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin. Caithfidh gach duine bás a fháil an t-aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air. Mar an gcéanna ofráladh Críost an t-aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú. Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n-ofráiltear na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor. Dá mbʼfhéidir leis, nach n-éireofaí ar fad as na híobairtí seo a ofráil? Óir, dá nglantaí an lucht adhartha óna gcuid peacaí go léir an t-aon uair amháin ní bheadh buaireamh coinsiasa orthu feasta mar gheall orthu. Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí. Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tarbh agus gabhar peacaí a chur ar ceal. Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo: “Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas; ach dʼullmhaigh tú corp dom. Ní raibh dúil agat in íobairtí uile-loiscthe ná sna hofrálacha a dhéantaí ar son peacaí. Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhia chun do thoil a dhéanamh,’ faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.” Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uile-loiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n-ofráiltear iad de réir an dlí. Ansin dúirt sé: “Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.” Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal dʼfhonn an dara ceann a bhunú. Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an t-aon uair amháin ar fad. Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann sé na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal. Níor ofráil Críost ach an t-aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí. Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé mar a bhfuil sé ag feitheamh feasta nó go gcuirfear a naimhde mar stóilín faoina chosa. Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear. Tugann an Spiorad Naomh fianaise dúinn air seo freisin. Óir tar éis dó a rá: “Seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo tar éis na laethanta sin, deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina gcroí agus scríobhfaidh mé ar a n-aigne iad,” deir sé: “Ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí ná ar a gcionta feasta.” Dá bhrí sin, nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó. Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son. Is amhlaidh a dʼoscail sé bealach nua chun na beatha dúinn tríd an gcuirtín, is é sin le rá, trína chuid feola féin. Tá ard-sagart againn, freisin, a bhfuil Teach Dé faoina chúram anois. Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíor-uisce. Coinnímis greim daingean dobhogtha ar an dóchas a admhaímid a bheith againn, mar is dílis an té a thug na gealltanais uaidh. Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh. Ná fanaimis as láthair ónár gcomh-thionól mar a dhéanann daoine áirithe, ach bímis ag misniú a chéile, go mór mór ó fheiceann sibh go bhfuil Lá an Tiarna ag druidim linn. Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn. Níl le déanamh ach fanacht go critheaglach le breithiúnas Dé agus leis an gcraos tine a ídeoidh a naimhde. Aon duine a bhriseann dlí Mhaois cuirtear chun báis é gan trócaire ar fhianaise beirte nó triúir. Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith droch-mheas ar fhuil an chonartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta? Tá a fhios againn cé hé a dúirt: “Mise a imreoidh díoltas; mise a chúiteoidh,” agus fós: “Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar a phobal.” Is uafásach an rud é titim isteach i lámha Dé bheo. Cuimhnígí ar an am fadó nuair a fuair sibh solas an chreidimh ar dtús. Is minic a bhí saol crua anróiteach le fulaingt agaibh. Uaireanta maslaíodh sibh agus tugadh droch-íde daoibh go poiblí; uaireanta eile chuaigh sibh i bpáirt le daoine ar cuireadh an drochbhail chéanna orthu. Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh. Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó. Tá gá agaibh le foighne, áfach, le go ndéanfaidh sibh toil Dé agus go bhfaighidh sibh na maitheasaí a gealladh daoibh. “I gceann tamaillín bhig eile tiocfaidh an Té atá le teacht agus ní dhéanfaidh sé moill. Mairfidh an fíréan seo agam-sa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.” Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábhálfar ár n-anam. Is é rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid. Is mar gheall ar a gcreideamh a tugadh dea-theist ar ár sinsir. Trí chreideamh a thuigimid gur cruthaíodh an chruinne trí bhriathar Dé sa chaoi nach as nithe sofheicthe a rinneadh na nithe a fheicimid. Trí chreideamh a dʼofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh. Trí chreideamh a tógadh Eineoc suas sna flaithis sa chaoi nár bhlais sé den bhás. Ní raibh fáil air de bhrí gur thóg Dia suas é. Roimh a dheastógáil bhí sé de theist air go raibh sé taitneamhach le Dia. Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn dá lorg. Trí chreideamh a fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh. Trí chreideamh a rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; dʼimigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall. Trí chreideamh a chuir sé faoi sa tír tairngre faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le hIacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna. Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí. Trí chreideamh freisin a fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil dʼainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh. Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí Neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige. Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus dʼadmhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo. Taispeánann daoine a labhraíonn mar seo go bhfuil tír dhúchais dá lorg acu. Dá mbeidís ag cuimhneamh fós ar an tír a dʼfhág siad bheadh deis acu ar fhilleadh ar ais uirthi. Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh. Trí chreideamh a dʼofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus go ndúradh leis: “Is trí Íosác a bheidh sliocht ort.” Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó mhairbh féin. Dá bharr sin, tugadh ar ais dó é–eachtra a raibh brí shamhailteach léi. Trí chreideamh freisin a thug Íosác beannacht dʼIacób agus dʼÉasáú a thiocfadh i gcríoch lá níos sia anonn. Trí chreideamh a bheannaigh Iacób, agus é ag fáil bháis, gach ceann de mhic Iósaef, agus chrom anuas os cionn a bhata siúil ag moladh Dé. Trí chreideamh a labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus a dʼordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin. Trí chreideamh a choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí. Trí chreideamh nár thoil le Maois, nuair a dʼfhás sé suas, go dtabharfaí mac iníon Fharó air. Óir bʼfhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé ná só díomuan an pheaca a bheith aige. Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht. Trí chreideamh dʼfhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí. Trí chreideamh a cheiliúir sé an Cháisc agus a dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéad-ghinte le clann Iosrael. Trí chreideamh a chuaigh clann Iosrael trasna na Mara Rua faoi mar ba thalamh tirim í, ach nuair a thug na hÉigiptigh faoi bádh iad. Trí chreideamh a thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith dá dtimpeallú ar feadh seacht lá. Trí chreideamh nár maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí. Agus céard eile céard a déarfaidh mé? Níl mo dhóthain ama agam chun cuntas a thabhairt ar Ghidéón, ar Bharac, ar Shamsón, ar Iafta, ar Dháiví, ar Shamúéil agus ar na fáithe. Trí chreideamh a chuir siad ríochtaí faoi smacht, a shaothraigh siad an fhíréantacht, a fuair siad a raibh geallta dóibh, a dhún siad béil leon, a mhúch siad tinte craosacha, a mʼéalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, a mʼéirigh siad ó laige go láidreacht, a bhí siad cróga sa chath agus a chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach. Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad dá gcéasadh mar bhí súil acu go n-aiséireoidís chun beatha níos fearr. Dʼfhulaing cuid eile fós maslaí agus sciúrsáil, cuibhrigh agus príosún. Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad dá mbuaireamh agus dá gcrá de shíor. Rómhaith a bhí siad le fanacht i gcuideachta daoine agus dʼimigh siad chun fáin agus chuir siad fúthu i bpluaiseanna agus i bpoill faoin talamh. Ach cé gur tugadh dea-theist ar na daoine seo go léir mar gheall ar a gcreideamh, ní bhfuair siad na maitheasaí a gealladh dóibh. Óir bhí socrú níos fearr ná sin déanta ag Dia ar mhaithe linne. Is amhlaidh nach raibh siad-san le slánú iomlán a fháil ach in éineacht linne. Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin dʼfhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn. Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó a dʼfhulaing sé céasadh na Croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de rí-chathaoir Dé. Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lag-mhisneach oraibhse choíche. Ag troid in aghaidh an pheaca daoibh ní raibh oraibh seasamh go doirteadh fola fós. Agus tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: “A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lag-mhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú. Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.” Bígí buanseasmhach, mar sin, ionas go ndéanfar sibh a oiliúint; is mar chlann mhac atá Dia ag caitheamh libh. Cá bhfuil an mac nach gcuireann a athair smacht air? Mura gcuirtear oraibhse an smacht sin is dual a chur ar gach mac, ní clann mhac dlisteanach sibh ach bastaird. Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n-aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn a bheith umhal dár n-athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú? Choinnídís-sean faoi smacht sinn ar feadh tamaillín de réir mar ab áil leo féin; ach is ar mhaithe linn a dhéanann Dia é ionas go mbeimid páirteach ina naofacht féin. Nuair a chuirtear smacht orainn, ní ábhar áthais dúinn é ag an am ach ábhar dóláis. Ina dhiaidh sin, áfach, tugann an smacht an tsíocháin agus an fhíréantacht uaidh mar thoradh do na daoine a oileadh tríd. Dá bhrí sin, “teannaigí bhur lámha faona agus bhur nglúine laga agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í. Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine eile; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í; féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t-iomlán agaibh. Ná bíodh aon duine drúisiúil ná díchreidmheach oraibh ar nós Éasáú, a dhíol a cheart oidhreachta ar aon bhéile bia amháin. Mar is eol daoibh, nuair ba mhian leis an bheannacht a fháil mar oidhreacht ina dhiaidh sin diúltaíodh dó í. Óir ní bhfuair sé aon chaoi chun aithrí a dhéanamh dʼainneoin gur iarr sé le deora í. Ní hamhlaidh atá sibh tar éis teacht go dtí rudaí somhothaithe, mar atá, scamall dúdhorcha agus duifean agus speirling, blosc stoic agus glór gutha a thug ar an lucht éisteachta a impí nach labhrófaí focal eile leo mar nach bhféadfaidís cur suas leis an ordú a tugadh dóibh: “Má bhaineann ainmhí féin leis an sliabh clochfar é.” Bhí an radharc chomh scanrúil sin go ndúirt Maois: “Táim ar aon bharr amháin creatha le neart eagla.” Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach, agus comh-thionól na gcéad-ghinte a bhfuil a n-ainmneacha scríofa sna flaithis, mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar chách, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta, agus Íosa, idir-ghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil. Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó Neamh. An uair úd bhain a ghlór croitheadh as an domhan; ach anois tá an gealltanas seo a leanas tugtha aige: “Uair amháin eile bainfidh mé croitheadh ní hamháin as an domhan ach as na spéartha chomh maith.” Taispeánann an abairt “uair amháin eile” go dtógfar chun siúil na nithe a mbaintear croitheadh astu, mar gur mar sin a cruthaíodh iad, ionas go bhfanfaidh na nithe atá dochroite. Ach tá Ríocht dhochroite dá fáil againne. Dá bhrí sin bímis buíoch agus sa tslí sin tugaimis do Dhia an t-adhradh is taitneamhach leis go hurramach ómósach. Óir tine loiscneach is ea ár nDia. Bíodh grá agaibh do bhur mbráithre i gcónaí; ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan a fhios dóibh. Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt droch-íde mar tá sibh-se féin ar an aiste chéanna leo. Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais. Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.” Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?” Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a dʼfhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh. Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách. Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta Dé ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo. Tá altóir againne nach ceadmhach do lucht freastail an Teampaill ithe di. Is lasmuigh den champa a dhóitear conablaigh na n-ainmhithe a dtugann an t-ard-sagart a gcuid fola isteach san Áit Rónaofa in éiric an pheaca. Sin é an fáth ar fhulaing Íosa a pháis lasmuigh den gheata nuair ba mhian leis an pobal a naomhú lena chuid fola féin. Dá bhrí sin, téimis amach as an gcampa chuige agus fulaingímisne an aithis a tugadh dó. Níl cathair bhuanmharthanach againn anseo; is amhlaidh atáimid ag tnúth le cathair atá le teacht. Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm. Ná déanaigí dearmad ar an maith a dhéanamh agus bhur gcuid a roinnt. Óir tá na saghsanna sin íobairtí taitneamhach le Dia. Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais dá thabhairt acu do bhur n-anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse. Bígí ag guí ar ár son. Táimid cinnte de go bhfuil coinsias glan againn mar is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud. Iarraim dʼachainí róspeisialta oraibh é seo a dhéanamh ionas go mba luaithide a sheolfar ar ais chugaibh mé. Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí, go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcríoch ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Áiméan. Impím oraibh, a bhráithre, cur suas leis an bhfocal misnigh seo. Óir níl ann ach litir ghairid. Bíodh a fhios agaibh gur scaoileadh ár mbráthair, Tiomóid, as príosún. Má thagann sé chugam in am, beidh sé in éineacht liom nuair a fheicfidh mé sibh. Tugaigí mo bheannacht do bhur gceannairí agus do na Críostaithe uile. Cuireann muintir na hIodáile a mbeannacht chugaibh. Go raibh grásta Dé agaibh go léir. Áiméan. Séamas seirbhíseach Dé agus an Tiarna Íosa Críost chuig an dá threibh déag atá ar deoraíocht. Go mbeannaí Dia daoibh. Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe, mar tá a fhios agaibh nuair a thástáiltear bhur gcreideamh go ngineann sé buanseasmhacht. Agus caithfidh an bhuanseasmhacht a bheith lántorthúil sa chaoi go mbeidh sibh foirfe iomlán gan dada in easnamh oraibh. Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í. Ach iarradh sé le creideamh, gan ruainne amhrais, mar an té a bhfuil amhras air, is cosúil le tonn mhara é a shéideann an ghaoth roimpi agus a shuaitheann sí anonn is anall. Óir ná bíodh an té sin dá mheas go bhfaighidh an fear atá idir dhá chomhairle, agus atá neamhsheasmhach ar gach uile bhealach, dada ó Dhia. Maíodh an bráthair uiríseal de bhrí gur ardaíodh é, agus an fear saibhir de bhrí gur íslíodh é mar rachaidh sé ar ceal ar nós bhláth an fhéir. Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Is é an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí. Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó. Ná habradh aon duine nuair a chuirtear cathú air: “Tá Dia ag cur cathaithe orm,” mar ní féidir cathú chun oilc a chur ar Dhia agus ní chuireann sé féin cathú ar aon duine; ach cuirtear cathú ar dhuine nuair a bhréagann agus a mheallann a ainmhian féin é; agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige. A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh. Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe. Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba chéadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé. Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge, mar ní chuireann fearg an duine fíréantacht Dé i gcríoch. Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na droch-bheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n-anam a shlánú. Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith. Mar an té a éisteann leis an mbriathar agus nach ndéanann dá réir, tá sé cosúil le duine a bhreathnaíonn ar a cheannaithe i scáthán; feiceann sé é féin agus imíonn sé agus gan mhoill déanann dearmad glan céard leis ba chosúil é. Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre. An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an Chreidimh; is fánach é a chleachtadh Creidimh. Seo é fíorchleachtadh an Chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol tú féin a thruailliú. Seachain an fabhar sibh-se, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh. Mar má thagann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléasta isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air, agus má thugann sibh-se ómós don té a bhfuil an t-éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,” nach bhfuil sibh ag déanamh leathchuma, agus nach bhfuil breithiúna déanta díbh, breithiúna na mbreitheanna éagóra? Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n-oidhrí ar an Ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó? Sibh-se ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iad-san a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh? Nach iad-san a dhiamhaslaíonn an t-ainm uasal dár tíolacadh sibh? Má chomh-líonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith. Ach má dhéanann sibh leathchuma, tá peaca dá dhéanamh agaibh, agus tá sibh daortha mar choirigh ag an dlí. Óir cibé duine a choimeádann an dlí go léir ach a thuislíonn san aon phonc amháin, ciontaítear é san iomlán. Mar an té a dúirt: “Ná déan adhaltranas,” dúirt sé freisin: “Ná déan marú.” Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coir in aghaidh an dlí déanta díot. Labhraígí agus déanaigí beart dála daoine atá le dul faoi bhreith dhlí na saoirse. Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas. Cén tairbhe é, a bhráithre liom, má deir duine go bhfuil creideamh aige, ach é gan dea-oibreacha? An féidir don chreideamh é a shábháil? Má tá deartháir nó deirfiúr gan éadach agus gan cuid an lae de bhia acu, agus go ndeir duine agaibh-se leo: “Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é? Is é a fhearacht sin ag an gcreideamh é. Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha. Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agat-sa agus tá dea-oibreacha agam-sa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duit-se trí mo dhea-oibreacha. Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith. An mian leat a fhios a bheith agat, a ghliogaire, nach bhfuil aon mhaith sa chreideamh gan dea-oibreacha? Nár fíréanaíodh Abrahám ár n-athair trína dhea-oibreacha nuair a dʼofráil sé a mhac Íosác ar an altóir? Feiceann tú go raibh an creideamh i gcomhar lena dhea-oibreacha agus gur cuireadh críoch ar an gcreideamh trína dhea-oibreacha. Agus comh-líonadh an scrioptúr a deir: “Chreid Abrahám i nDia, agus áiríodh é sin ina leith mar fhíréantacht” agus tugadh ‘cara Dé’ air. Is léir daoibh gur le dea-oibreacha a fhíréanaítear duine agus nach le creideamh amháin. Ba é an dála céanna é ag Rácháb meirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh? Tá an corp marbh gan an t-anam agus ar an gcuma chéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha. A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne. Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh. Má chuirimid béalbhach i mbéal na gcapall dʼfhonn go ngéillfidh siad dúinn, bíonn a dtoirt go léir faoinár stiúir. Tóg na báid féin, dá mhéad iad, agus fiú má bhíonn siad dá séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é. Níl sa teanga ach a oiread ach ball beag, ach tá bearta móra dá maíomh aici. Féach nach beag an lasair a chuireann foraois mhór trí thine! Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur chúrsa an tsaoil trí thine, agus Ifreann dá cur ar lasadh. Is féidir don chineál daonna gach cineál ainmhí agus éin agus nathrach agus míol farraige a cheansú, agus tá sin déanta acu, ach ní féidir dʼaon duine daonna an teanga a cheansú; plá í atá ag réabadh léi agus í lán de nimh mharfach. Is léi a bheannaímid an Tiarna agus ár nAthair; agus is léi chomh maith a mhallaímid daoine cé go bhfuil siad déanta ar dheilbh Dé. Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom. An ndéanann an tobar idir fhíoruisce agus uisce goirt a sceitheadh as an aon súil? An féidir, a bhráithre liom, don chrann figí ológa a iompar nó don fhíniúin figí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíor-uisce a iompar. Cé atá eagnaí agus tuisceanach in bhur measc? Taispeánadh sé a dhea-oibreacha in umhlaíocht na heagna lena iompar fónta. Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian dhoicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne. Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, diabhlaí. Mar a mbíonn éad agus uaillmhian dhoicheallach, bíonn corrthónacht agus gach sórt drochbhirt. Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill. Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta. Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n-ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha? Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n-iarrann sibh. Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n-iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n-ainmhianta. A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin. Nó an dóigh libh gur gan fáth a deir an scrioptúr: “Bíonn sé ag tnúth le héad leis an spiorad a chuir sé a chónaí ionainn?” Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.” Géilligí dá bhrí sin do Dhia; cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh. Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibh-se atá ag cogadh le bhur n-aigne. Bígí go dearóil, ag gol is ag caoineadh. Bíodh bhur ngáire ina ghol agaibh, agus bhur lúcháir ina gruaim. Déanaigí sibh féin a ísliú os comhair an Tiarna agus ardóidh sé sibh. Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní dá chomh-líonadh a bhíonn tú ach dá dhaoradh. Níl ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin ann, agus tá cumhacht saortha agus scriosta aige-sean. Ach cé hé thusa le breith a thabhairt ar do chomharsa? Féachaigí anseo sibh-se a deir: “Rachaimid go dtí a leithéid seo de bhaile inniu nó amárach agus caithfímid bliain ann agus beimid ag trádáil ann agus ag déanamh airgid.” Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin. In ionad a rá: “Más é toil an Tiarna é, mairfimid agus déanfaimid seo nó siúd.” Ach mar atá an scéal, nach sibh atá ag maíomh le barr sotail! Is olc é gach maíomh den sórt sin. An té arb eol dó céard is ceart a dhéanamh agus nach ndéanann é, is peaca dó é. Féachaigí anseo anois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh. Chuaigh lobhadh ar bhur saibhreas agus dʼith na leamhain bhur gcuid éadaigh. Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh an mheirg orthu ina fianaise in bhur n-aghaidh agus alpfaidh sí bhur gcuid feola mar a dhéanfadh tine. Tá stór curtha i dtaisce agaibh le haghaidh na laethanta deireanacha! Féach, tuarastal na n-oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe. Chaith sibh bhur saol ar talamh le só agus le sáile; chuir sibh saill ar bhur gcroí lá an áir. Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne. Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach. Bíodh foighne agaibh-se chomh maith. Bíodh misneach agaibh in bhur gcroí mar tá teacht an Tiarna láimh linn. Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais. A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne. Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire. Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “is ea” le rá agaibh, abraigí “is ea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfaidh an daorbhreith oraibh. An bhfuil aon duine in bhur measc ag fulaingt? Guíodh sé. An bhfuil lúcháir ar dhuine éigin? Gabhadh sé duan molta. An bhfuil aon duine in bhur measc atá tinn? Cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus guídís os a chionn agus déanaidís é a ungadh le hola in ainm an Tiarna. Déanfaidh urnaí an chreidimh an t-othar a shlánú agus tógfaidh an Tiarna suas é agus má tá peacaí déanta aige maithfear dó iad. Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta. Duine daonna ab ea Éilias leis an nádúr céanna linn féin, agus ghuigh sé go dícheallach nach ndéanfadh sé aon bháisteach, agus ní dhearna sé deoir ar an talamh ar feadh trí bliana agus sé mhí. Ansin ghuigh sé arís agus thug an spéir an bháisteach agus thug an talamh a thoradh uaidh. A bhráithre liom, má théann duine agaibh ar seachrán ón bhfírinne agus duine eile dá thabhairt ar ais bíodh a fhios aige, an té a chasfaidh peacach ar ais óna sheachrán slí, go sábhálfaidh sé a anam ón mbás, agus go ndéanfaidh sé a lán peacaí a chlúdach as radharc. Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghaláit, sa Chapadóic, san Áise, agus sa mBitín, an mhuintir atá tofa de réir oirchill Dé, an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú dʼÍosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil. Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! Dʼathghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun beo-mhuiníne agus chun oidhreachta atá marthanach dothruaillithe, gan síothlú, oidhreacht atá in áirithe daoibh sna flaithis. Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré. Is údar lúcháire agaibh-se é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál, dʼfhonn go bhfaighfear fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór–rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é–ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost. Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha, agus slánú bhur n-anama dá ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh. Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú. Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí dá taispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í. Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le srac-fhéachaint a fháil orthu. Dá bhrí sin cuirigí bhur n-aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost. Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana, ach amhail is naofa eisean a ghlaoigh oraibh, bígí-se naofa in bhur n-iompar go léir, mar tá scríofa: “Bígí naofa mar go bhfuilim-se naofa.” Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta. Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha, ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim. Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibh-se i nDia. Rinne sibh bhur n-anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan. Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí. “Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir; Ach maireann briathar an Tiarna go deo.” Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh. Caithigí i leataobh uaibh, más ea, gach mailís agus calaois, gach cur i gcéill, gach formad, agus gach tromaíocht. Dála naíonán nuabheirthe, bíodh cíocras oraibh chun an fhíorbhainne spioradálta ionas go bhfásfaidh sibh dá thairbhe chun an tslánaithe, más é gur bhlais sibh gur caoin é an Tiarna. Druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í; agus tógtar sibh-se féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n-áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost. Uime sin tá seo sa scrioptúr: “Féach, tá cloch dá leagan agam i Síón, cloch chúinne thofa luachmhar. An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.” Daoibhse dá bhrí sin a chreideann, is luachmhar í, ach dóibh siúd nach gcreideann: “An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh ceann an chúinne di,” agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh. Ach is cine tofa sibh-se, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithligh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin. Níor phobal sibh tráth, ach anois is sibh pobal Dé; níor bhain a thrócaire libh tráth, ach anois tá bainte aici libh. A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam. Bíodh bhur n-iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an a fhiosraithe. Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta, más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh. Mar is é toil Dé é go ndéanfaidh sibh aineolas daoine baotha a chur ina thost leis na bearta fónta a dhéanann sibh. Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoir, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoir Dé. Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire. A sheirbhíseacha, bígí umhal do bhur máistrí, le barr urraime, agus ní dóibh siúd atá caoin cneasta amháin é ach don mhuintir gharg chomh maith. Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige. Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n-iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé. Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg. Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal. Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach dʼfhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir. Dʼiompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann dʼfhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh. Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama. Mar an gcéanna libh-se, a mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfar iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban, nuair a gheobhaidh siad radharc ar bhur n-iompar urramach geanmnaí. Nárab í an mhaise lasmuigh le fí foilt, le caitheamh ornáidí óir agus éidí galánta, bhur gcúram, ach an duine folaithe sa chroí istigh le seoid dhothruaillithe na meanman cneasta caoine, rud atá sárluachmhar i bhfianaise Dé. Na mná naofa fadó, iad-san a chuir a muinín i nDia, is mar sin a mhaisídís iad féin agus iad umhal dá gcuid fear. Sin mar a bhí ag Sárá a bhí umhal dʼAbrahám ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibh-se nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla. Mar an gcéanna libh-se, a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana Críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeidh aon bhac ar bhur n-urnaithe. Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon. Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh. “An té ar mian leis an bheatha a shantú agus fad saoil faoi shéan a bheith aige, coinníodh sé a theanga ón olc, agus a bhéal ó bhriathra éithigh. Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith; lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir. Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin, agus tugann sé cluas dá n-impí. Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc. Agus cé a dhéanfaidh díobháil daoibh má tá cíocras oraibh chun na maitheasa? Ach fiú má fhulaingíonn sibh ar son na fíréantachta, is méanar daoibh. Ná bíodh faitíos ná critheagla oraibh rompu. Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost. Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc? Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, dʼfhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad agus sa riocht sin chuaigh sé agus thug seanmóir do na spioraid a bhí i gcarcair, iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc dá tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, is é sin, ochtar ar fad. An baisteadh anois atá ag freagairt dó sin, anois, mar shamhail. Déanann sé sibh-se a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost. Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheaslámh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó. Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, dá bhrí sin, bíodh an tuiscint chéanna mar arm agaibh-se, an té a dʼfhulaing sa cholainn, gur scar sé leis an bpeaca, ionas nach mairfeadh sé an chuid eile dá shaol ar talamh de réir mhianta an duine ach de réir thoil Dé. Is leor an t-am atá thart le déanamh mar is áil leis na gintlithe, ag caitheamh a saoil le ragairne, le hainmhianta, le meisce, le carbhas, le hól agus le híoladhradh mídhleathach. Cuireann sé iontas orthu nach ritheann sibh leo isteach sa tuile chéanna drabhláis agus bíonn siad do bhur maslú. Ach tabharfaidh siad cuntas don té atá réidh le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh. Uime sin is ea a fógraíodh an dea-scéal do na mairbh, ionas go dtabharfaí breith orthu sa cholainn mar dhaoine, ach go mairfidís sa spiorad de réir Dé. Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n-urnaithe. Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí. Cuirigí fáilte gan doicheall roimh a chéile. Gach duine agaibh, de réir mar a fuair sé tíolacadh ó Dhia, bainigí feidhm as ar mhaithe lena chéile mar a dhéanfadh maoir fhónta ar ilghrásta Dé. Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn dá dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfar glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Áiméan. A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail tine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh. Ach bíodh áthas oraibh sa mhéid go bhfuil sibh páirteach i bpáis Chríost, ionas go mbeidh áthas agus lúcháir oraibh freisin nuair a fhoilseofar a ghlóir. Is méanar daoibh má thugtar aithis daoibh i ngeall ar ainm Chríost, mar go lonnaíonn Spiorad na glóire agus Spiorad Dé oraibh. Nár lige Dia go bhfulaingeodh aon duine agaibh pionós mar dhúnmharfóir, mar ghadaí, mar choirpeach, nó mar ladhrálaí. Ach más mar Chríostaí a fhulaingíonn duine pionós, ná bíodh náire air ach tugadh sé glóir do Dhia faoin ainm seo. Óir tá an uain tagtha don bhreith tosú le teaghlach Dé; agus más linne a thosaíonn sí, cén chríoch a bheidh ar an muintir nach ngéilleann do shoiscéal Dé? Agus “más ar éigean a shábhálfar an fíréan, cad a tharlóidh don éagráifeach agus don pheacach?” An mhuintir a fhulaingíonn dá bhrí sin de réir thoil Dé, déanaidís an ceart agus cuiridís cúram a n-anama ar an gCruthaitheoir dílis. Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú. Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht, ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad. Ansin nuair a fhoilseofar an tArdaoire tabharfar daoibh coróin mharthanach na glóire. Mar an gcéanna libh-se is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.” Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi lámh chumhachtach Dé ionas go n-ardóidh sé sibh i dtráth. Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh. Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n-áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir duine éigin le slogadh. Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt. Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a ath-nuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh. Glóir agus réimeas dó le saol na saol. Áiméan. Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Shilveánas, bráthair dílis, dar liom, dá thathant oraibh agus dá áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis. Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibh-se, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith. Beannaígí dá chéile le póg an ghrá. Síocháin daoibh uile atá i gCríost. Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar comhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost. Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n-aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna. Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur air-sean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta; dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n-ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga. Uime sin déanaigí bhur lándícheall an tsuáilce a chur mar bhreis le bhur gcreideamh, agus an eagna le bhur suáilce, agus an smacht leis an eagna, agus an fhoighne leis an smacht agus an chráifeacht leis an bhfoighne, agus grá bráthar leis an gcráifeacht agus an charthanacht leis an ngrá bráthar. Má tá na nithe seo agaibh agus agaibh go flúirseach, ní fhágfaidh siad gan éifeacht gan toradh sibh de bharr bhur n-aithne ar ár dTiarna Íosa Críost. An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí. Dá bhrí sin, a bhráithre, bígí níos dícheallaí fós ag daingniú bhur ngairme agus na rogha a rinneadh díbh; má dhéanann sibh amhlaidh ní baol go dtitfidh sibh choíche. Ar an tslí sin déanfar bealach isteach i Ríocht shíoraí ár dTiarna, agus ár Slánaitheora, a sholáthar go fial flaithiúil daoibh. Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe sa bhfírinne atá agaibh. Is dóigh liom gur chóir dom, fad atáim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh, mar go bhfuil a fhios agam nach fada uaim go gcuirfidh mé díom an bhoth seo faoi mar a nocht ár dTiarna Íosa Críost dom. Agus féachfaidh mé chuige go mbeidh ar bhur gcumas, tar éis dom-sa imeacht, na nithe seo a thabhairt chun cuimhne uair ar bith. Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn. Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia, an tAthair, nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa. Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí. Tuigigí an méid seo ar dtús nach dtagann aon fháistine den scrioptúr faoi chiallú an duine aonair. Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh. Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur measc-sa; déanfaidh siad-san tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an mháistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad droch-íde sa mhullach orthu féin go tobann. Leanfaidh a lán cosáin a ndrabhláis agus déanfar bealach na fírinne a tharcaisniú dá mbarr. Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd dá hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndroch-íde. Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hIfreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha; murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n-éagráifeach; má rinne sé luaithreach de chathracha Shodam agus Ghomóra agus iad a dhaoradh chun a scriosta mar shampla don mhuintir a bheadh ar tí a bheith éagráifeach; agus má dʼfhuascail sé Lót fíréanta a bhí dá chlipeadh go mór ag iompar drabhlásach na gcoirpeach, óir a raibh dá chloisteáil agus dá fheiceáil ag an bhfíréan sin agus é ag maireachtáil ina measc ó lá go lá, rinne sé a chroí cóir a chiapadh de bharr na mbeart aindleathach, tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil dá bpionósú go lá na breithe, go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach droch-mheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt dʼaingil na glóire; ach na haingil, cé gur mó iad i neart agus i gcumhacht, ní thugann siad breith mhaslach ina n-aghaidh i láthair an Tiarna. Ach is cuma iad seo nó ainmhithe éigiallta, dúile nádúrtha a shaolaítear don tseilg agus don bhás; tá siad droch-mheas úil maidir le nithe nach dtuigeann siad agus scriosfar iad san aon scriosadh leo, agus iompróidh siad urchóid mar luach saothair a n-urchóide. Is geal leo an drabhlás sa lá; máchailí agus smáil iad ag ragarnaíl ina gcollaíocht agus ag carbhas libh. Tá a súile lán dʼadhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachta ar an tsaint. Clann na mallachta! Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhósar, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc; ach fuair seisean ceartú de bharr a choirpeachta; labhair an t-asal balbh le glór daonna agus choisc sé díth céille an fháidh. Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill dá dtiomáint ag an ngála, agus tá Ifreann duairc in áirithe dóibh. Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine a mʼéalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise. Geallann siad saoirse dóibh, ach is daoir iad ag an scrios, mar cibé rud a fhaigheann an lámh uachtair ar dhuine is dó is daor é. Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n-aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús. Óir bʼfhearr dóibh-sean gan eolas a chur ar bhealach na fíréantachta ná tar éis eolas a chur air casadh i leataobh ón aithne naofa a seachadadh dóibh. Tharla dóibh mar a deir an sean-fhocal fíor: Filleann an madra ar an aiseag; agus: An chráin nuair a nítear í, luíonn sí sa lathach. Is í seo an dara litir a scríobh mé chugaibh, a chairde cléibh, agus iontu araon tá aigne íon dá múscailt agam ionaibh le rabhadh go mbeidh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n-aspail. Bíodh seo ar eolas agaibh ar dtús, go dtiocfaidh scigirí ag scigireacht sna laethanta deireanacha agus iad ag déanamh de réir a n-ainmhianta féin, agus dá rá: “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús an chruthaithe.” Déanann siad dearmad dʼaon ghnó de seo, go raibh na spéartha ann anallód, agus gur cumadh an domhan as an uisce agus tríd an uisce le briathar Dé; agus tríothu gur scriosadh an domhan mar a bhí, óir bádh é le huisce. Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad dá gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus dá gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n-éagráifeach. Ach ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin. Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfear aon dream ach go dtiocfaidh cách chun aithrí. Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loiscfear an domhan agus a bhfuil dʼoibreacha ann. Ó tharla go bhfuil gach ní le scriosadh ar an gcuma sin, cén sórt daoine ba cheart a bheith ionaibh maidir le hiompar naofa agus le cráifeacht, agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus dá bhrostú? Tríd sin a dhéanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas. Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht. Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaighidh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin. Agus tuigigí gur deis slánaithe foighne ár dTiarna. Scríobh ár ndeartháir dil Pól chugaibh freisin de réir na heagna a tugadh dó, agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léir-scrios ta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile. Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint. Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dó-san anois agus go lá na síoraíochta. Áiméan. An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha– foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne. Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeidh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost. Agus scríobhaimid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir. Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchadas ann. Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchadas, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid. Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn. Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn. Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc. Má deirimid nach ndearnamar aon pheaca bréagnaímid é agus níl a fhocal ionainn. A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann aon duine peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir. Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaí-ne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile. Agus is mar seo atá a fhios againn go n-aithnímid é, a aitheanta a choinneáil. An té a deir go n-aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin. Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann. An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean. A chairde cléibh, ní haon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus is í an tseanaithne sin an focal a chuala sibh. Ach anois is mar nua-aithne a scríobhaim chugaibh arís é, agus is fíor sin ina leith-se an agus in bhur leith-se, óir tá an dorchadas ag glanadh agus an fíorsholas ag taitneamh cheana féin. An té a deir go bhfuil sa solas agus gur fuath leis a bhráthair tá sé sin sa dorchadas i gcónaí. An té a thugann grá dá bhráthair maireann sa solas mar nach mbaintear aon tuisle as. Ach an té ar fuath leis a bhráthair tá sé sa dorchadas agus siúlann ann, agus ní fios dó cá bhfuil a thriall mar gur dhall an dorchadas a shúile. Scríobhaim chugaibhse, a chlann liom, mar gur maitheadh daoibh bhur bpeacaí trína Ainm-sean. Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta. Scríobh mé chugaibhse, a leanaí, mar gur aithnid daoibh an tAthair. Scríobh mé chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibhse, a dhaoine óga, mar gur tréan sibh, agus go maireann focal Dé ionaibh, agus gur threascair sibh an mac mallachta. Ná bígí i ngean ar an saol ná ar éadáil an tsaoil. Más áil le duine an saol níl grá an Athar ann. Mar a bhfuil sa saol–mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine–sin nithe nach den Athair iad ach den saol. Agus imíonn an saol agus a mhianta ar ceal. An té, áfach, a dhéanann toil Dé mairfidh seisean go deo. A chlann liom, is í an ré dheiridh í, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil–uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann. Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, dʼfhanfaidís i gcónaí linn. Ach dʼfhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile. Agus tá ungadh oraibhse ón Té atá Naofa agus tá an fíoreolas agaibh uile. Níor scríobh mé chugaibh dá rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mbʼfheasach sibh í, agus go mbʼeol daoibh nach den fhírinne aon bhréag. Cé atá bréagach murab é sin a shéanann gurb é Íosa an Críost? Seo é an tAinchríost, an té a shéanann an tAthair agus an Mac. Gach duine a shéanann an Mac, níl an tAthair aige ach a oiread. An té a admhaíonn an Mac, tá an tAthair freisin aige. Ach maidir libh-se, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibh-se freisin sa Mhac agus san Athair. Agus seo é an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí. Scríobh mé an méid seo chugaibh faoi lucht bhur meallta. Ach maidir libh-se, maireann fós ionaibh an t-ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní haon bhréag–mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis. Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é gur lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó. Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht. Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn! Is é an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean. A chairde cléibh, is sinne clann Dé cheana féin, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlacht-san, mar go bhfeicfimid é mar atá sé. Agus gach duine a chothaíonn an dóchas diaga seo ann féin naomhaíonn é féin faoi mar atá seisean naofa. Gach duine a dhéanann an peaca sáraíonn dlí freisin mar gur sárú dlí gach peaca. Agus tá a fhios agaibh gur foilsíodh eisean le go dtógadh na peacaí, agus gan an peaca air féin. Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air. A chlann liom, ná cuireadh aon duine amú sibh. An té a shaothraíonn an fhíréantacht, is fíréan é amhail is fíréan eisean. An té a dhéanann an peaca is den diabhal é mar gur peacach an diabhal ó thús. Is chuige seo a foilsíodh Mac Dé, go scriosfadh sé saothar an diabhail. Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh. Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair. Mar gurb é seo an teagasc a chuala sibh ó thús, grá a bheith againn dá chéile. Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin. Agus cad chuige ar mharaigh sé é? Mar gurb éagórach a shaothar féin; ba shaothar cóir áfach saothar a dhearthár. Ná bíodh aon ionadh oraibh, a bhráithre, más fuath leis an saol sibh. Is eol dúinne gur aistríodh ón mbás go beatha sinne mar go dtugaimid grá do na bráithre. An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dún-mharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dún-mharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin. Uaidh seo a aithnímid an grá, mar gur thug seisean a anam ar ár son; agus is mithid dúinne ár n-anam a thabhairt ar son na mbráithre. Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n-airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin? A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne. Is mar sin a aithneoimid gur de chlann na fírinne sinn, agus is mar sin a shuaimhneoimid ár gcoinsias ina láthair-sean, má chiontaíonn ár gcroí sinn. Óir is treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní. A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia. Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a dʼordaigh seisean dúinn. An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn. A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol. Mar seo a aithnítear an spiorad ó Dhia: gach spiorad a admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcolainn dhaonna, is ó Dhia dó. Agus gach spiorad a shéanann Íosa, ní ó Dhia dó, ach is é spiorad an Ainchríost é ar chuala sibh go raibh sé le teacht; agus atá ar an saol cheana féin. Sibh-se, áfach, a chlann liom, is ó Dhia daoibh agus tá buaite agaibh orthu siúd, mar gur treise an té atá ionaibhse ná an té atá ar an saol. Is den saol iad-san agus dá bhrí sin is ar chúrsaí saolta a thráchtann siad, agus éisteann an saol leo. Is ó Dhia dúinne. An té a aithníonn Dia éisteann linn, agus an té nach ó Dhia dó ní éisteann. Mar sin a aithnímid spiorad na fírinne thar spiorad na hearráide. A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia. An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá. Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aon-Mhac sa saol le go mairimis-ne trídsean. Seo é an grá–ní gur thugamar-na grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí. A chairde cléibh, ós fíor gur thug Dia grá dúinne nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile. Ní fhaca aon duine Dia riamh. Má thugaimid grá dá chéile maireann Dia ionainn agus is lánfhoirfe ionainn a ghrá. Mar seo a thuigimid go mairimid ann agus go maireann seisean ionainn, gur bhronn sé orainn riar dá Spiorad féin. Agus chonaiceamar agus tugaimid fianaise gur sheol an tAthair uaidh a Mhac, Slánaitheoir an tsaoil. Cibé a admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia. Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann. Seo mar atá an grá lánfhoirfe ionainn, go mbeimis lánmhuiníneach in aghaidh lá an bhreithiúnais, óir faoi mar atá seisean is amhlaidh atáimidne sa saol seo. Ní bhaineann eagla le grá, ach ruaigeann an grá foirfe an eagla amach; ionann a bheith eaglach agus a bheith ag súil le pionós agus an té a bhfuil eagla air ní lánfhoirfe a ghrá. Tugaimisne grá, mar gur thug seisean grá dúinne ar dtús. Má deir duine: “Mo ghrá-sa Dia” agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh. Agus tá an aithne seo againn uaidh: an té a thugann grá do Dhia tugadh sé grá dá bhráthair chomh maith. Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh. Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomh-líonaimid a aitheanta. Mar gurb é seo grá Dé, comh-líonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta. Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol agus is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh. Cé a sháraíonn an saol murab é an té a chreideann gurb é Íosa Mac Dé? Is é Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad. Tá triúr ann a thugann fianaise ar Neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr. Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh: an Spiorad agus an t-uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal. Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é. An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin. Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin. An té a bhfuil an Mac aige, tá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige, níl an bheatha aige. Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh-se a chreideann in ainm Mhac Dé. Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n-éisteann linn. Agus más eol dúinn go n-éisteann sé le cibé céard a agraímid air, tuigimid go bhfaighimid cinnte na hachainíocha a dʼiarramar air. Má airíonn aon duine a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh Dia dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh. Is peaca gach éagóir, ach tá peaca ann nach peaca chun báis. Tá a fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis. Is feasach dúinne gur ó Dhia sinn agus go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail. Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n-aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost. Eisean an fíor-Dhia agus an bheatha shíoraí. A chlann liom, seachnaígí sibh féin ar na híola. Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne, i ngeall ar an bhfírinne a mhaireann buan ionainn agus a mhairfidh ionainn go brách: beidh grásta agus trócaire agus síocháin i bhfírinne agus i gcarthanacht orainn ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost Mac an Athar. Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl sa bhfírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair. Ach anois achainím ar do Shoilse–ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús–go dtugaimis grá dá chéile. Agus is é seo an grá–go siúlaimis de réir a aitheanta: Seo í an aithne, mar a chuala sibh ó thús í, go siúlaimis sa ghrá. Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n-admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost. Aire daoibh, le nach gcaille sibh ar shaothraigh sibh, ach go bhfaighe sibh an lánluach. Gach duine a leanann leis ar aghaidh agus nach gcloíonn le teagasc Chríost ní shealbhaíonn Dia. An té a chloíonn leis an teagasc sealbhaíonn sé sin an tAthair agus an Mac. Má thagann aon duine chugaibh agus gan an teagasc sin aige, ná fáiltígí roimhe sa teach, agus ná beannaígí dó. Mar an té a bheannaíonn dó-san, tá sé páirteach ina chuid oilc. Cé go bhfuil mórán agam le scríobh chugaibh, bʼfhearr liom gan a chur ar pár le dúch, ach tá súil agam a theacht in bhur measc agus labhairt go díreach libh le go mba lán ár lúcháir. Beannaíonn clann do dheirféar tofa duit. Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó. A bhráthair na páirte, guím rathúnas ort in iomlán do ghnóthaí, agus sláinte, fearacht an rathúnais anama atá ort cheana féin. Bhí an-áthas orm, ar theacht do chuid de na bráithre, gur thug siad teastas ar do fhírinne, mar atá, go siúlann tú sa bhfírinne. Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann sa bhfírinne. A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir. Is inmholta a chruthóidh tú, dá seoladh siúd chun bealaigh mar is cuí do sheirbhís Dé. Mar gur ar son a ainm-sean a ghabh siad bóthar agus gan tada dá ghlacadh acu ó na págánaigh. Is mithid dúinne dá bhrí sin soláthar dá leithéidí le gur comhoibrithe sinn sa bhfírinne. Scríobh mé focal chuig an eaglais, ach an fear sin Diotrafaes ar breá leis an ceannas ní thugann sé aon aird orainn. Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad. A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t-olc ní fhaca sé Dia. Tá dea-theastas ar Dhéiméitrias ag gach aon duine agus ag an bhfírinne féin. Tugaimidne teastas freisin air agus is feasach duit gur fíor ár dteastas. Bhí mórán agam le scríobh chugat ach ní mian liom iad a chur síos le peann agus le dúch. Tá súil agam tú a fheiceáil gan mhoill agus labhróimid díreach le chéile. Síocháin ort. Beannaíonn na cairde duit. Beannaigh-se do gach duine de na cairde as a ainm. Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia, an tAthair, agus atá dá gcaomhnú dʼÍosa Críost. Go méadaí trócaire, síocháin agus grá chugaibh. A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus bʼéigean dom scríobh chugaibh dá impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh. Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n-aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost. Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid. Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a dʼfhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhrigh shíoraí thíos in Ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir. Ba é an dála céanna é ag Sodam agus Gomóra, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siad-san freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt phionós na tine síoraí. Déanann an dream seo, ámh, ar an tslí chéanna lena mbrionglóidí an cholainn a thruailliú, an t-údarás a shéanadh, agus aingil na glóire a mhaslú. Ach nuair a bhí Micheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: “Go smachtaí an Tiarna thú.” Ach an dream seo, maslaíonn siad an méid nach dtuigeann siad, agus na nithe is eol dóibh ó dhúchas dála na n-ainmhithe éigiallta, is tríothu atáthar dá scriosadh. Is mairg dóibh! Óir dʼimigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorach. Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire dá tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, dá scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh; tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbeart táir féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil Ifreann duairc i ndán dóibh go brách. Is fúthu seo a rinne Eineoc sa seachtú glúin ó Ádhamh fáistine dá rá: “Féach, tháinig an Tiarna lena mhílte míle naomh, le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh. Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n-ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.” Ach sibh-se, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost; mar dúirt siad-san libh: “Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n-ainmhianta coirpeachta féin.” Is iad sin a dhéanann deighilt, dream saoltach, gan an Spiorad acu. Ach sibh-se, a chairde cléibh, déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sár-naofa bhur gcreidimh; guígí sa Spiorad Naomh, agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí. Déanaigí áiteamh ar chuid acu, an mhuintir atá in amhras; déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn. An té sin ar féidir leis sibh a choimeád gan titim i bpeaca, agus sibh a chur gan smál i láthair a ghlóire faoi lúcháir, an t-aon Dia is slánaitheoir againn trí Íosa Críost ár dTiarna, dó-san go raibh glóir agus mórgacht agus ceannas, agus cumhacht roimh gach aois agus anois agus le saol na saol. Áiméan. Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é dʼEoin a sheirbhíseach; thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé. Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht. Eoin chun na seacht n-eaglais san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a rí-chathaoireach agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéad-ghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin, agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Áiméan. Féach, tá sé ag teacht ar néalta Neimhe, agus feicfidh gach duine lena shúile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Áiméan. “Mise an tAlfa agus an Óimige”, deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach. Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus sa bhfoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmas ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa. Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa, dá rá: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglais, go hEifeasas, go Smiorna, go Péargamas, go Tiáitire, go Sairdeas, go Filideilfia, agus go Láódacáia.” Dʼiompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoir óir, agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach. Bhí a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta, agus a shúile mar bhladhm thine, agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuilte lána. Bhí seacht réalta aige ina dheaslámh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh. Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm dá rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo; ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus Ifrinn agam. Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo. Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheaslámh, agus na seacht gcoinnleoir óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoir na seacht n-eaglais. “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n-eaglais ina dheaslámh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoir óir: Is eol dom dʼoibreacha, agus do shaothar, agus dʼfhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad. Is eol dom go bhfuil foighne agat, gur fhulaing tú ar son mʼainm gan traochadh. Ach tá seo agam i dʼaghaidh: gur thréig tú an grá a bhí agat a chéaduair. Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí. Ach tá seo i dʼfhabhar, go bhfuil an ghráin agat ar oibreacha na Nioclásach faoi mar atá an ghráin agam-sa leis. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann: Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine–cé gur saibhir thú–agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad. Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! Tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún dʼfhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua, ní baol dó dochar ón dara bás.’ “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bPéargamas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil an claíomh géar dhá fhaobhar aige: Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil rí-chathaoir Shátain; agus coinníonn tú mʼainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Antapas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan. Tá beagán agam i dʼaghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n-íosfaidís bia íobartha dʼíola agus striapachas a dhéanamh. Tá daoine agat chomh maith atá ag cloí le teagasc na Nioclásach sa tslí chéanna. Déan aithrí dá bhrí sin. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat gan mhoill agus troidfidh mé leo le claíomh mo bhéil. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios dʼaon duine ach don té a ghlacann é.’ “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTiáitire: ‘Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa: Is eol dom dʼoibreacha, agus do ghrá agus do chreideamh, agus do sheirbhís agus dʼfhoighne, agus go sáraíonn dʼoibreacha le déanaí ar dʼoibreacha a chéaduair. Ach tá sé seo agam i dʼaghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann ban-fháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha dʼíola a ithe. Thug mé cairde di chun aithrí a dhéanamh, ach ní háil léi aithrí a dhéanamh ina hadhaltranas. Féach! Caithfidh mé ar leaba phéine í agus lucht déanta striapachais léi i nduainéis mhór mura ndéana siad aithrí ina hoibreacha; agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh a fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha. An chuid agaibh-se i dTiáitire, áfach, atá fágtha, iad-san uile nár ghlac leis an teagasc seo agus nár chuir eolas ar dhiamhra Shátain mar a thugann siad orthu, ní chuirfidh mé, a deirim libh, aon ualach eile oraibh; ach coinnígí greim daingean ar a bhfuil agaibh go dtaga mé. Agus an té a bheireann bua agus a choimeádann mʼoibreacha go dtí an deireadh, tabharfaidh mé údarás dó ar na ciníocha, mar a fuair mise ó mʼathair, agus déanfaidh sé iad a rialú le slat iarainn, faoi mar a bheadh soithí cré dá mbascadh; agus tabharfaidh mé dó réalta na maidine. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’ “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdeas: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom dʼoibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú. Dúisigh agus neartaigh a bhfuil fágtha agus ar tí báis, óir ní bhfuair mé dʼoibreacha foirfe os comhair mo Dhé. Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort. Ach tá beagán agat i Sairdeas, daoine nár shalaigh a n-éidí; agus siúlfaidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é. An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair mʼathar agus os comhair a aingeal. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’ “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine: Is eol dom dʼoibreacha. Féach! Chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir dʼaon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú mʼfhocal agus níor shéan tú mʼainm. Féach! Tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit. De bhrí gur choinnigh tú focal mʼfhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh. Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfaidh aon duine do choróin. An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm chathair mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas as Neamh, ó mo Dhia, agus mʼainm nua féin. An té a bhfuil cluas air le héisteacht, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’ “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Láódacáia: ‘Mar seo a deir an tÁiméan, an finné dílis fírinneach, céadtús chruthúnas Dé. Is eol dom dʼoibreacha, nach fuar thú agus nach te. Och nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach. Óir deir tú: “Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm”; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéalach, bocht, dall, gan éadach. Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeidh tú saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus ungadh le do shúile a ungadh chun go mbeidh radharc agat. An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí. Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus mé ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aige-sean faram-sa. An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo rí-chathaoir, faoi mar a bhí an bua agam-sa agus gur shuigh mé taobh le mʼathair ina rí-chathaoir-sean. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’” Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus bʼiúd doras oscailte ar Neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé dá rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.” Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí rí-chathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin. Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na rí-chathaoireach ar dhealramh na smaragaide. Bhí ceithre rí-chathaoir fichead mór-thimpeall na rí-chathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna rí-chathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann. Gabhann amach ón rí-chathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na rí-chathaoireach, agus is iad-san seacht spiorad Dé. Agus os comhair na rí-chathaoireach tá mar a bheadh farraige ghloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an rí-chathaoir, agus mór-thimpeall na rí-chathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar. Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt. Agus bíonn sé sciathán ar gach ceann de na ceithre dhúile bheo, agus iad lán de shúile mór-thimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná dʼoíche ach ag rá: “Is naofa, naofa, naofa, an Tiarna Dia Uilechumhachtach; an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.” Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa rí-chathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa rí-chathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na rí-chathaoireach dá rá: “A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.” Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa rí-chathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala; agus chonaic mé aingeal tréan ag fógairt de ghlór ard: “Cé hé ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?” Ach níor fhéad aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoin talamh an scrolla a oscailt, ná féachaint air. Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air. Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! Bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n-osclódh sé an scrolla agus a sheacht séala.” Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an rí-chathaoir agus na ceithre dhúil bheo, agus na seanóirí; bhí seacht n-adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile. Agus tháinig sé agus thóg sé an scrolla as deaslámh an té a bhí ina shuí sa rí-chathaoir. Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dhúil bheo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis–urnaithe na naomh is ea iad sin. Chan siad iomann nua dá rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus dʼfhuascail tú daoine do Dhia le dʼfhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine, agus rinne tú díobh ríocht agus sagairt dár nDia, agus rialóidh siad ar talamh.” Ansin sa bhfís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na rí-chathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte. Agus is é a bhí dá rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.” Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus sa bhfarraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, dá rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa rí-chathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.” Agus dúirt na ceithre dhúil: “Áiméan.” Agus shléacht na seanóirí agus rinne siad adhradh. Ansin sa bhfís dom, nuair a dʼoscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dhúil bheo dá rá de ghlór mar thoirneach: “Tar.” Dʼfhéach mé agus bʼiúd an t-each bán, agus bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith. Nuair a dʼoscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil dá rá: “Tar.” Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh, chun go maródh daoine a chéile; agus tugadh claíomh mór dó. Nuair a dʼoscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil dá rá: “Tar.” Dʼfhéach mé agus bʼiúd an t-each dubh, agus scálaí ina lámh ag a mharcach. Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dhúil bheo dá rá: “Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.” Nuair a dʼoscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo dá rá: “Tar.” Dʼfhéach mé, agus bʼiúd an t-each báiteach bán agus “An Bás” ab ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún. Nuair a dʼoscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n-anamacha uile úd a maraíodh ar son Bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad. Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?” Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin. Nuair a dʼoscail sé an séú séala, dʼfhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil, agus thit réaltaí Neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann figí a chaora geimhridh uaidh nuair a chroitheann cóch gaoithe é. Agus bhailigh an spéir léi mar scrolla ag filleadh ar a chéile agus cuireadh gach sliabh agus gach oileán as a n-ionad. Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhna, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc charraigeacha na gcnoc, agus iad dá rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: “Titigí orainn agus folaígí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa rí-chathaoir agus ar fhearg an Uain; óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?” Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain dá gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann. Ansin chonaic mé aingeal eile ag gabháil suas ó éirí gréine agus séala le Dia beo aige, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar na ceithre aingeal ar ar cuireadh de chúram dochar a dhéanamh do thalamh agus do mhuir, agus dúirt sé: “Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.” Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael. Cuireadh an séala ar dhá mhíle dhéag de threibh Iúdá, ar dhá mhíle dhéag de threibh Réúbaen, ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghád, ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar, ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilí, ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise, ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár, ar dhá mhíle dhéag de threibh Zeabalan, ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef, ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin. Ina dhiaidh sin bʼiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir dʼaon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na rí-chathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha. Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: “Slánú dár nDia a shuíonn sa rí-chathaoir agus don Uan!” Bhí na haingil go léir ina seasamh mór-thimpeall na rí-chathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n-aghaidh os comhair na rí-chathaoireach ag adhradh Dé dá rá: “Áiméan. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Áiméan.” Ansin labhair duine de na seanóirí agus dúirt sé liom: “Iad seo atá gléasta in éidí geala, cé hiad féin agus cad as ar tháinig siad?” Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá a fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iad-san an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain. Uime sin tá siad os comhair rí-chathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus dʼoíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa rí-chathaoir, beidh sé ina measc dá gcosaint; ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg. Óir, an tUan atá i lár baill ag an rí-chathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.” Nuair a dʼoscail an tUan an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis. Ansin chonaic mé seacht dtrumpa dá dtabhairt do na seacht n-aingeal a bhí ina seasamh os comhair Dé. Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na rí-chathaoireach. Agus chuaigh deatach na túise mar aon le hurnaithe na naomh go léir in airde ó lámh an aingil a bhí os comhair Dé. Ansin thóg an t-aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. Dʼéirigh roistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún. Ansin phrapáil na seacht n-aingeal leis na seacht dtrumpa chun iad a shéideadh. Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir. Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach sa bhfarraige. Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíolta beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long. Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus ar na toibreacha fíor-uisce. “Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n-uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh. Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna. Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda Neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar talamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí aingeal.” Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin. Agus dʼoscail sé an poll duibheagáin agus mʼéirigh as an bpoll deatach mar dheatach as béilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill. Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpeanna na talún. Dúradh leo gan dochar a dhéanamh dʼfhéar na talún, ná dʼaon fhás ná dʼaon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n-éadan. Ná níor tugadh de chead dóibh iad a mharú, ach a bheith dá bpianadh ar feadh cúig mhí, agus cealg a bpéine mar chealg scairpe nuair a chuireann sí i nduine í. Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu. Ba chuma iad na lócaistí, le féachaint orthu, le capaill feistithe chun catha; ar a gceann bhí coróin mar a bheadh dʼór, agus a gceannaithe mar a bheadh ceannaithe daoine; bhí gruaig orthu mar ghruaig ban, agus fiacla acu mar fhiacla leon. Bhí lúireacha orthu mar lúireacha iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha. Tá eireaball orthu cosúil le scairp agus cealg ann; agus is san eireaball atá a gcumhacht chun a bheith ag pianadh na ndaoine ar feadh cúig mhí. Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar ‘Abadón’ mar ainm air san Eabhrais agus ‘Apalluón’ nó ‘Scriostóir’ sa Ghréigis. Tá mairg a haon imithe léi. Féach, seo dhá mhairg eile le teacht fós. Ansin shéid an séú haingeal a thrumpa, agus chuala mé an glór ag teacht ó cheithre chorr na haltóra óir a bhí os comhair Dé, agus é dá rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige: “Scaoil na ceithre aingeal atá faoi chuibhrigh láimh le habhainn mhór na hEofraite.” Agus scaoileadh leis na ceithre aingeal a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna. Agus ba é líon na ndíormaí marc-shlua –chuala mé a líon–dhá oiread deich míle de dheich míle fear. Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i mʼfhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n-each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala. Ba leis na trí phlá sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal. Óir tá cumhacht na n-each ina mbéal agus ina n-eireaball. Tá a n-eireabaill mar nathracha nimhe, agus cinn orthu, agus is leo a dhéanaid dochar. Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil. Ní mó ná sin a rinne siad aithrí ina ndúnmharuithe ná ina n-asarlaíocht ná ina gcuid striapachais ná gadaíochta. Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine, agus bhí scrolla beag ar oscailt aige ina lámh. Chuir sé a chos dheas ar an bhfarraige agus a chos chlé ar an talamh, agus ghlaoigh sé de ghlór ard mar leon ag búireadh. Agus nuair a ghlaoigh, labhair na seacht dtoirneach lena nglór ar leith féin. Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis dá rá: “Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.” Agus an t-aingeal a chonaic mé ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh, dʼardaigh sé a lámh chun na bhflaitheas agus mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta, ach sna laethanta a nglaofaidh an seachtú haingeal, nuair a bheidh sé ar tí a thrumpa a shéideadh, ansin beidh rúndiamhair Dé arna comh-líonadh faoi mar a dʼfhógair sé dá sheirbhísigh, na fáithe.” Ansin an guth a chuala ó na flaithis labhair sé liom arís, agus dúirt sé liom: “Ar aghaidh leat, tóg an scrolla atá ar oscailt i lámh an aingil atá ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh.” Chuaigh mé chun an aingil dá rá leis an scrolla beag a thabhairt dom. Agus dúirt sé liom: “Tóg agus slog é, agus cuirfidh sé casadh searbh ar do ghoile, ach beidh sé milis mar mhil i do bhéal.” Thóg mé an scrolla beag, más ea, ó lámh an aingil agus shlog mé é, agus bhí sé milis mar mhil i mo bhéal, agus nuair a bhí sé ite agam tháinig casadh searbh ar mo ghoile. Ansin dúradh liom: “Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha agus teangacha agus a lán ríthe.” Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é dá rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd; ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead. Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinnéithe é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí. Is iad-san an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasann os comhair Thiarna an domhain. Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú. Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeidh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo. Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad. Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire–ar a dtugtar go fíorúil Sodam, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith; agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh; agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháithe seo áitritheoirí an domhain.” Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mboinn, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu. Agus chuala siad guth tréan ó na flaithis dá rá leo: “Tagaigí anseo aníos!” Agus chuaigh siad suas chun na bhflaitheas i néal agus a naimhde ag faire orthu. Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas. Tá an dara mairg imithe léi. Féach, tá an tríú mairg ag teacht gan mhoill. Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus bʼiúd guthanna tréana sna flaithis dá rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.” Agus an ceathrar seanóirí ar fhichid a bhí ina suí ina rí-chathaoireacha os comhair Dé, chaith siad iad féin ar a mbéala agus thug siad adhradh do Dhia dá rá: “Beirimid buíochas leat, a Thiarna, a Dhia Uilechumhachtaigh, an té atá ann agus a bhí mar gur ghlac tú chugat do mhórchumhacht agus go ndeachaigh tú i mbun rialaithe. Ghabh fearg na ciníocha, ach tháinig fraoch dʼfheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh, uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe, agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do dʼainm, idir bheag agus mhór, uain scriosta lucht scriosta an domhain.” Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán cloch sneachta. Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta dhéag ar a ceann. Bhí gin aici ina broinn, agus mʼéigh sí ina híona agus ina pianta linbh. Ansin thaibhsigh an dara comhartha sa spéir, féach, dragan mór dearg le seacht gceann agus deich n-adharc agus seacht gcoróin ar a chinn. Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith dʼfhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é. Agus rug sí gin mhic atá chun na ciníocha go léir a rialú le slat iarainn; agus sciobadh a mac suas chun Dé agus chun a rí-chathaoireach. Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá. Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhicheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan. Dʼfhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath, ach níor rug siad bua, agus ní bhfuarthas a n-ionad sna flaithis feasta. An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an ‘Diabhal’ agus ‘Sátan’, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis. Agus chuala mé guth tréan sna flaithis dá rá: “Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh dá gcúisiú os comhair Dé de lá agus dʼoíche. Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n-anam thar an mbás. Uime sin, bíodh lúcháir oraibhse a fhlaitheasa, agus sibh-se a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.” Nuair a chonaic an dragan gur teilgeadh chun na talún é, chuaigh sé sa tóir ar an mbean a rug an ghin mhic. Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n-eitleodh sí léi amach sa bhfhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfí cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha. Sceith an nathair nimhe uisce, mar abhainn, as a bhéal i ndiaidh na mná dʼfhonn go bhfuadódh sé le sruth í. Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus dʼoscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal. Bhí an dragan, más ea, i bhfeirg leis an mbean, agus dʼimigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa. Agus sheas sé ar bhruach na farraige. Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n-adharc agus seacht gceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n-adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn. Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa béir, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a rí-chathaoir agus a mhórchumhacht. Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch. Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch dá rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?” Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead. Dʼoscail sé a bhéal do mhaslaí in aghaidh Dé, chun a ainm a mhaslú, agus a áitreabh agus cách a bhfuil a n-áitreabh acu sna flaithis. Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine. Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé: “Má tá géibheann i ndán dʼaon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.” Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan. Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo dá cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta. Agus déanann sé comharthaí móra, dá chur faoi deara fiú amháin do thine tuirlingt ar talamh ó neamh os comhair daoine. Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair. Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh. Cuireann sé iallach ar gach duine idir bheag agus mhór, idir shaibhir agus dhaibhir, idir shaor agus dhaor, marc a bhualadh ar a ndeaslámh nó ar a n-éadan agus sin i dtreo nach bhféadfaidh aon duine ceannach ná díol gan an marc, ainm an bheithígh, nó uimhir a ainm, a bheith air. Anseo a éilítear an eagna! An té a bhfuil éirim ann, comhaireadh sé uimhir an bheithígh, óir is uimhir duine é. A 666 a uimhirsean! Rinneadh fís dom arís: bʼiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n-éadan. Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuilte lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna. Agus canann siad mar a bheadh caintic nua os comhair na rí-chathaoireach agus os comhair na gceithre dhúil bheo agus na seanóirí; níor fhéad aon duine an chaintic a fhoghlaim seachas an céad agus ceithre mhíle agus daichead a bhí ceannaithe ón saol. Siúd iad an dream nár truaillíodh le mná, mar is aontumhaigh iad. Iad-san lucht leanta an Uain cibé áit ina ngabhann sé. Ceannaíodh iad-san as an gcine daonna mar chéadtorthaí do Dhia agus don Uan, agus ní bhfuarthas bréag ina mbéal. Tá siad gan cháim. Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic Neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal. Bhí sé ag glaoch go hard dá rá: “Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíor-uisce.” Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é dá rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.” Lean aingeal eile iad, an tríú ceann, agus é ag glaoch go hard dá rá: “Má shléachtann aon duine don bheithíoch agus dá dhealbh agus a chomhartha a ghabháil chuige ar a éadan nó ar a lámh, ólfaidh seisean chomh maith cuid dʼfhíon feirge Dé arna dhoirteadh gan chumasc i gcupán a chuthaigh; déanfar é a phianadh le tine agus le ruibh os comhair na n-aingeal naofa agus an Uain. Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.” Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa. Ansin chuala an guth ó na flaithis dá rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scoirfidh siad dá saothar mar tá a n-oibreacha dá leanúint.” Ansin bhí fís agam agus bʼiúd an néal geal agus ina shuí ar an néal, neach mar mhac duine, agus coróin óir ar a cheann agus corrán géar ina lámh. Agus tháinig aingeal eile amach ón teampall, ag glaoch in ard a ghutha ar an té a bhí ina shuí ar an néal, dá rá: “Sáigh isteach do chorrán agus bain; óir tá aimsir an fhómhair tagtha agus tá fómhar an domhain seanabaí.” Ansin dʼimir an té a bhí ina shuí ar an néal a chorrán ar fhómhar an domhain agus baineadh fómhar an domhain. Ansin tháinig aingeal eile amach ón teampall sna flaithis agus corrán géar aige-sean chomh maith. Agus an t-aingeal a bhí i gceannas na tine, tháinig sé amach ón altóir agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar an té ag a raibh an corrán géar dá rá: “Sáigh isteach do chorrán géar agus bailigh crobhaingí fíniúna an domhain, óir is abaí dá chaora go léir.” Agus dʼimir an t-aingeal a chorrán ar an domhan, agus bhailigh sé fómhar fíniúna an domhain, agus theilg sé é i gcantaoir mhór fhearg Dé. Agus pasáladh an chantaoir lasmuigh den chathair, agus sceith fuil as an gcantaoir go sriana na n-each, agus sin míle sé chéad staid ó bhaile. Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontu-san a tugadh fearg Dé chun a críche. Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm–bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige ghloine, agus cruiteanna Dé acu, agus bhí siad ag canadh chaintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, dá rá: “Is éachtach agus is iontach iad dʼoibreacha, A Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chosáin, a rí na gciníocha. Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do dʼainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.” Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! Bʼiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis, agus tháinig na seacht n-aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus criosa óir faoina n-ucht. Agus thug ceann de na ceithre dhúil bheo do na seacht n-aingeal seacht soitheach óir lán dʼfhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta. Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir dʼaon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n-aingeal chun críche. Ansin chuala mé guth ard ón teampall dá rá leis na seacht n-aingeal: “Imígí agus doirtigí seacht soitheach fhearg Dé ar an domhan.” Agus dʼimigh an chéad aingeal agus dhoirt sé a shoitheach ar an talamh; agus tháinig drochneascóid nimhneach ar na daoine ar a raibh marc an bheithígh agus a shléachtadh le hómós dá dhealbh. Dhoirt an dara haingeal a shoitheach ar an bhfarraige agus rinne fuil mar a bheadh fuil chorpáin di, agus fuair gach míol beo dá bhfuil sa bhfarraige bás. Dhoirt an tríú haingeal a shoitheach ar na haibhneacha agus ar na toibreacha uisce agus rinneadh fuil díobh. Agus chuala mé aingeal na n-uiscí dá rá: “Is cóir thú, an té atá ann, agus a bhí, ós mar seo a thug tú breith, tusa atá naofa. Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!” Agus chuala an altóir féin dá rá: “Is ea, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh, is fíor agus is cóir iad do bhreitheanna!” Dhoirt an ceathrú haingeal a shoitheach ar an ngrian, agus ceadaíodh dise na daoine a loscadh le tine, agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó. Dhoirt an cúigiú haingeal a shoitheach ar rí-chathaoir an bheithígh, agus luigh dorchadas ar a ríocht, agus chogain daoine a dteanga le barr péine, agus mhaslaigh siad Dia na bhflaitheas de bharr a bpianta agus a neascóidí ach ní dhearna siad aithrí ina n-oibreacha. Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar abhainn mhór na hEofraite, agus chuaigh an t-uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir. Agus chonaic mé trí spiorad neamh-ghlana, mar fhrogaí, ag teacht ó bhéal an dragain agus ó bhéal an bheithígh agus ó bhéal an fháidh bhréige– spioraid deamhan iad a bhíonn ag déanamh comharthaí, agus téann siad amach chun ríthe an domhain go léir dá dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh. “Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachaidh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfear a náire.” Agus chruinnigh siad iad chun na háite ar a dtugtar ‘Harmagadón’ san Eabhrais. Dhoirt an seachtú haingeal a shoitheach ar an aer agus tháinig an guth tréan as an teampall ón rí-chathaoir, dá rá: “Tá sé curtha i gcríoch!” Agus tharla tintreacha agus tormáin, agus toirneacha; agus tharla crith mór talún nach raibh a leithéid ann ó tháinig daoine ar an domhan, bhí an crith talún úd chomh tréan sin. Rinne trí chuid den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, dʼfhonn go dtabharfaí cupán fíona de chuthach fhearg Dé le hól di. Theith gach oileán agus ní raibh fáil ar na sléibhte. Agus thit clocha móra sneachta, chomh trom le tallann, anuas ó neamh ar na daoine. Agus mhaslaigh na daoine Dia de bharr phlá na gcloch sneachta, óir ba rómhór mar phlá iad. Ansin tháinig ceann de na seacht n-aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom dá rá: “Gabh i leith! Taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuilte lána. Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.” Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n-adharc. Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán dʼuafáis agus de shalachair a striapachais. Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa: Rúndiamhair: “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.” Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil fhinnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé. Agus dúirt an t-aingeal liom: “Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá dá hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n-adharc.” “An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagán agus tá sé ar bhóthar a léir-scrios ta. Agus iad siúd dʼáitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht. Éilíonn sé seo ceann lán dʼeagna. Na seacht gceann, seacht gcnoc iad-san ar a bhfuil a suíochán ag an mbean, agus seachtar ríthe leis; tá cúigear díobh-san tite, tá duine díobh faoi réim, agus duine eile gan teacht fós; nuair a thiocfaidh sé, ní mór an mhoill a bheidh air. Agus an beithíoch, a bhí ann, agus nach bhfuil, eisean an t-ochtú duine, cé go bhfuil sé ar an seachtar, agus tá sé ar bhóthar a léir-scrios ta. Agus na deich n-adharc a chonaic tú, deichniúr ríthe iad nár ghabh ríocht fós, ach tá cumhacht le fáil acu ar feadh aon uaire amháin mar ríthe le cois an bheithígh. Táid dʼaon mhéin agus ag toirbhirt a nirt agus a gcumhachta don bheithíoch. Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iad-san an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.” Lean sé air ag caint liom: “Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha. Agus na deich n-adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine, óir chuir Dia ina gcroí a mhian féin a dhéanamh, a bheith dʼaon mhéin, agus a ríocht a thoirbhirt don bheithíoch nó go gcomhlíonfar briathra Dé. Agus an bhean a chonaic tú, ise an chathair mhór, í siúd a bhfuil údarás aici ar ríthe an domhain.” Ina dhiaidh seo i bhfís chonaic mé aingeal eile ag teacht anuas ó na flaithis, agus údarás mór aige, agus lonraigh an domhan lena ghlóir. Ghlaoigh sé in ard a ghutha dá rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, agus lóiste gach ainmhí neamhghlain uafair; óir dʼól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais. Rinne ríthe an domhain striapachas léi Agus mʼéirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.” Ansin chuala guth eile ó na flaithis dá rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeidh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeidh cuid dá plánna le hiompar agaibh. Óir shroich a cionta na flaithis agus thug Dia a héagóracha chun cuimhne. Díolaigí an comhar léi; cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi. An cupán a mheasc sí, meascaigí dise é le dúbailt tomhais. De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is ban-ríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’ Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna bás agus doilíos agus gorta, agus loscfar í le tine. Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.” Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin; agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad: “Is mairg duit, is mairg, a chathair mhór, a Bhablóin, a chathair thréan, óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.” Beidh ceannaitheoirí an domhain dá caí agus dá caoineadh mar nach gceannaíonn aon duine aon lasta leo feasta– lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluachaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair; ná aon chainéal, ná spíosraí, ná musc, ná miorr, ná túis; ná fíon, ná ola, ná plúr mín, na cruithneacht, ná stoc, ná caoirigh, ná capaill, ná carbaid, ná daoir, ná anamacha daoine. “Tá fómhar mór mhiangas dʼanama éalaithe uait. Tá imeacht gan teacht déanta ag do shólaistí agus ag do ghalántacht go léir.” Ceannaitheoirí na nithe seo, an lucht a rinne saibhreas tríthi, beidh siad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide agus iad ag caoi agus ag olagón, dá rá: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid, agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Óir in aon uair amháin scriosadh an saibhreas sin uile.” Agus gach captaen farraige, agus cách a sheolann ar muir, agus mairnéalaigh, agus an dream a shaothraíonn a mbeatha ar farraige, sheas siad i bhfad amach agus chaoin siad go hard nuair a chonaic siad deatach a tóiteáin dá rá: “An raibh leithéid eile na cathrach móire ann?” Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais; in aon uair amháin scriosadh í. A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.” Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach sa bhfarraige í dá rá: “Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir dʼaon iarracht, gan fáil uirthi feasta. Agus ní chloisfear a thuilleadh ionat ceol na gcruitirí, ná na gcantairí, ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí. Ní bheidh ceardaí aon cheirde, le fáil ionat a thuilleadh; ná ní bheidh glór an mhuilinn le clos ionat feasta. Ná ní shoilseoidh solas lóchrainn ionat a thuilleadh; ná ní bheidh guth fir ná mná céile le cloisteáil ionat feasta. Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain; agus mealladh na ciníocha go léir le dʼasarlaíocht. Fuarthas inti fuil na bhfáithe agus na naomh go léir agus a bhfuil úd uile a básaíodh ar talamh.” Ina dhiaidh sin chuala mé mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis dá rá: “Aililiú! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart. Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.” Ghlaoigh siad arís: “Aililiú! Éiríonn a deatach uaithi ar feadh na síoraíochta.” Agus chaith an ceathrar seanóirí ar fhichid agus na ceithre dhúil bheo iad féin ar an talamh agus shléacht siad do Dhia a bhí ina shuí sa rí-chathaoir dá rá: “Áiméan. Aililiú.” Agus tháinig guth ón rí-chathaoir amach dá rá: “Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibh-se ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.” Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuilte lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad dá rá: “Aililiú! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim. Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó. Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachar arna hullmhú féin. Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach” óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín. Agus dúirt an t-aingeal liom: “Scríobh: Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.” Ansin dúirt sé liom: “Focail fhíora Dé iad-san.” Agus chaith mé mé féin ag a chosa dá adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leat-sa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.” Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus bʼiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar ‘Dílis’ agus ‘Fírinneach’, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt. Bladhm thine a shúile, agus ar a cheann tá mórán mionn ríoga, agus tá ainm aige scríofa nach eol dʼaon duine ach dó féin amháin. Tá sé gléasta in éide a tumadh i bhfuil, agus is é ainm a ghoirtear air ‘Briathar Dé.’ Agus bhí sluaite Neimhe dá leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan. Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh. Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: ‘Rí na Ríthe’ agus ‘Tiarna na dTiarnaí.’ Ansin chonaic mé an t-aingeal ina sheasamh ar an ngrian, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha agus dúirt sé leis na héin go léir ar eitilt i mbuaic Neimhe: “Tagaigí agus cruinnígí chun fleá mhór Dé, chun go n-íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil ceann-phort, agus feoil na laochra, agus feoil na n-each, agus feoil a marcach, agus feoil gach aon duine idir shaor is dhaor, idir bheag agus mhór.” Agus chonaic mé an beithíoch, agus ríthe an domhain, agus a sluaite arna dtóstal chun cogadh a fhearadh ar an marcach agus ar a shlua-san. Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh. Maraíodh an chuid eile le claíomh mharcach an eich, an claíomh úd a bhí ag síneadh óna bhéal. Agus fuair na héin go léir a sáith dá bhfeoil. Ansin chonaic mé an t-aingeal ag tuirlingt ó na flaithis, agus eochair an duibheagáin ina lámh aige, agus slabhra mór. Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhrigh é ar feadh míle bliain, agus chaith sé é don duibheagán, agus dʼiaigh sé air, agus bhuail sé séala os a chionn i dtreo nach meallfadh sé na ciníocha arís nó go gcomhlíonfaí an míle bliain. I gcionn an aga sin ní mór é a scaoileadh ar feadh tamaillín. Agus chonaic mé na rí-chathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son Bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n-éadan ná ar a lámh. Tháinig an t-anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost. Níor tháinig an t-anam sa chuid eile de na mairbh nó go raibh an míle bliain istigh. É sin an chéad aiséirí. Is beannaithe agus is naofa an té atá páirteach sa chéad aiséirí. Ní bhaineann cumhacht an dara bás leo, ach beidh siad mar shagairt le Dia agus le Críost agus rialóidh míle bliain fairis. Ar chomh-líonadh an mhíle bliain, scaoilfear Sátan as a ghéibheann, agus amach leis ag mealladh na gciníocha i gceithre hairde an domhain, idir Ghóg agus Mhágóg, chun iad a thionól chun catha; is mar ghaineamh na trá a líon slua. Ghabh siad suas thar chlár na talún, agus chuir siad léigear ar champa na naomh agus ar an muirnín cathrach. Ach tháinig tine ó Dhia anuas ó na flaithis agus dʼalp iad. Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad dá gciapadh de lá agus dʼoíche ar feadh na síoraíochta. Ansin chonaic mé rí-chathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n-ionad níos mó. Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na rí-chathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, is é sin, leabhar na beatha. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n-oibreacha. Agus thug an fharraige uaithi a raibh de mhairbh aici, agus an Bás agus Ifreann a raibh do mhairbh iontu; tugadh breith orthu, gach duine de réir a n-oibreacha. Agus teilgeadh an Bás agus Ifreann isteach sa linn tine. An linn tine sin an dara bás. Agus má bhí aon duine nach bhfuarthas a ainm i leabhar na beatha teilgeadh é sa linn tine. Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta. Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachar i gcomhair a fir chéile. Agus chuala mé guth tréan ón rí-chathaoir dá rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru. Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an sean-saol thart.” Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa rí-chathaoir: “Féach, tá gach aon ní dá dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.” Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcríoch. Mise an tAlfa agus an Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha. An té a bhéarfaidh bua, beidh na nithe seo mar oidhreacht aige, agus beidh mise i mo Dhia aige, agus beidh seisean ina mhac agam. Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dún-mharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndán dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. Is é sin an dara bás.” Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus dʼagaill sé mé dá rá: “Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuachar, céile an Uain.” Agus rug sé leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó Neamh, ó Dhia, agus glóir Dé aici. Ba chosúil a lonradh le cloch rólómhar, mar chloch sheaspair ar ghile an chriostail. Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael; bhí trí gheata ar an taobh thoir, trí gheata ar an taobh thuaidh, trí gheata ar an taobh theas, agus trí gheata ar an taobh thiar. Agus dhá chloch déag bhoinn faoi mhúr na cathrach, agus orthu-san dhá ainm déag dháréag aspal an Uain. Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas. Tá an chathair arna leagan amach ina cearnóg, comhfhad comhleithead. Thomhais sé an chathair lena shlat; dhá mhíle dhéag staid; a fad, a leithead agus a hairde mar a chéile. Agus thomhais sé a múr: céad agus ceithre bhan-lámh is daichead de réir tomhas fir, mar a bhí ag an aingeal. Agus ba de sheaspar a tógadh an múr, agus bʼór glan an chathair, geal mar ghloine. Bhí gach sórt cloch lómhar mar mhaise ar chlocha boinn mhúr na cathrach. An chéad chloch bhoinn, seaspar; an dara ceann, saifír; an tríú ceann, agáit; an ceathrú ceann, smaragaid; an cúigiú ceann, oinisc; an séú ceann, rúibín; an seachtú ceann, crisilít; an t-ochtú ceann, beiril; an naoú ceann, tópás; an deichiú ceann, criseapráis; an t-aonú ceann déag, iasaint; an dara ceann déag, aimitis. Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí dʼaon phéarla amháin. Bʼór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach. Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici. Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann. Siúlfaidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici. Ní dhúnfar a geataí sa lá–agus oíche ní bheidh ansiúd. Tabharfar glóir agus onóir na gciníocha isteach inti. Ní rachaidh aon ní neamh-ghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht ná éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar beatha an Uain. Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó rí-chathaoir Dé agus an Uain. Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoraidh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann. Ní bheidh aon ní faoi mhallacht feasta, ach beidh rí-chathaoir Dé agus an Uain sa chathair, agus adharfaidh a sheirbhísigh é, agus beidh a ghnúis le feiceáil acu, agus beidh a ainm ar chlár a n-éadain. Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta. Agus dúirt sé liom: “Briathra dílse fírinneacha iad seo. Dia, Tiarna spioraid na bhfáithe, sheol sé a aingeal chun a thaispeáint dá sheirbhísigh na nithe nach foláir a tharlú gan mhoill. Is ea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fáistine an leabhair seo.” Mise, Eoin, a chuala agus a chonaic na nithe seo. Nuair a chuala agus a chonaic mé, chaith mé mé féin ag cosa an aingil a dʼfhoilsigh na nithe seo dom chun é a adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leat-sa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.” Agus dúirt sé liom: “Ná cuir séala ar bhriathra fháistine an leabhair seo mar tá an uain in achomaireacht. Fear na héagóra, déanadh sé éagóir fós; agus fear an striapachais, leanadh sé dá striapachas; fear na córa, cleachtadh sé an chóir fós; agus an naomh, leanadh sé dá naofacht.” “Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar. Mise an tAlfa agus an Óimige, an té atá ar tosach agus ar deireadh, an tús agus an chríoch.” Is méanar dóibh siúd a níonn a n-éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair. Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dún-mharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é. “Mise, Íosa, a sheol mʼaingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.” Deir an Spiorad agus an nuachar: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige. Tugaim rabhadh anois do gach duine a chloiseann briathra fháistine an leabhair seo. Má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia sa mhullach air na plánna atá scríofa sa leabhar seo. Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuid-sean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo. An té a thugann fianaise ar na nithe seo, deir sé: “Is ea, táim ag teacht gan mhoill.” Áiméan. Tar, a Thiarna Íosa. Grásta an Tiarna Íosa go raibh leis na naoimh go léir. Áiméan.