I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí. Dúirt Dia: «Bíodh solas ann,» agus bhí an solas ann. Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas. Thug Dia «lá» ar an solas agus «oíche» ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin. Dúirt Dia: «Bíodh firmimint i lár na n-uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.» Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh. Thug Dia «neamh» ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin. Dúirt Dia: «Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.» Agus bhí sin amhlaidh. Agus thug Dia «tír» ar an talamh tirim, agus «farraigí» ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin. Dúirt Dia: «Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.» Agus bhí sin amhlaidh. Thug an talamh an fásra uaidh: lusraí lena síol de réir a gcineáil, crainn toraidh lena síol ina dtoradh, de réir a gcineáil. Chonaic Dia gur mhaith sin. Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin. Dúirt Dia: «Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta. Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.» Agus bhí sin amhlaidh. Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna. Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh, chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin. Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin. Dúirt Dia: «Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.» Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n-uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin. Bheannaigh Dia iad á rá: «Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.» Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin. Dúirt Dia: «Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.» Agus bhí sin amhlaidh. Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin. Dúirt Dia: «Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.» Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad. Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: «Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.» Dúirt Dia: «Féach! Thugas daoibh gach uile lus le síol dá bhfuil ar chlár na talún, agus gach uile chrann le síol ina dtoradh; iadsan a bheidh ina mbia agaibh. Mar bhia ag na hainmhithe allta go léir, ag éanlaith an aeir go léir, agus ag na péisteanna go léir a bhogann ar talamh tugaim glas gach fáis.» Agus bhí sin amhlaidh. Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin. Críochnaíodh neamh agus talamh agus a gcóiriú go léir ar an gcuma sin. Ar an seachtú lá chríochnaigh Dia an obair a rinne sé. Scoir sé ar an seachtú lá den obair go léir a rinne sé. Bheannaigh agus naomhaigh Dia an seachtú lá mar scoir sé an lá sin den obair go léir a rinne sé sa chruthú. Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh, Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad. ní raibh aon fhás fiáin fós ar talamh, ná aon lus fiáin fós ag péacadh, mar níor chuir an Tiarna Dia aon fhearthainn fós ar an talamh agus ní raibh duine ann a shaothródh an talamh. Bhí, más ea, fíoruisce ag brúchtaíl aníos ón talamh agus ag uisciú dromchla na talún go léir. Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé. Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc. Bhí abhainn ag sní as Éidin amach ag uisciú an ghairdín, agus roinneadh ansiúd í agus rinne ceithre abhainn di. Píseon a thugtar ar an gcéad abhainn díobhsan, agus is í sin a ghabhann timpeall tír Havalá go léir mar a bhfuil an t-ór. Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix. Gíohón a thugtar ar an dara habhainn agus is í a ghabhann timpeall tír Chúis go léir. An Tigris a thugtar ar an tríú habhainn agus sníonn sí lastoir den Aisír. An Eofrataes an ceathrú habhainn. Thóg an Tiarna Dia an duine agus chuir i ngairdín Éidin é chun é a shaothrú agus aire a thabhairt dó. Thug an Tiarna Dia aithne don duine á rá: «Tá saorchead agat toradh a ithe de gach crann sa ghairdín, ach toradh de chrann fhios na maitheasa agus an oilc, ní íosfaidh tú mar an lá a íosfaidh tú de thoradh an chrainn sin, gheobhair bás, gheobhair sin.» Agus dúirt an Tiarna Dia: «Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.» Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t-ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine. Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í. Dúirt an duine ansin: «Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m' fheoilse í. Tabharfar bean (ís-seá) uirthi Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.» Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh. Bhíodar araon lomnocht, an fear agus a bhean, ach gan aon náire orthu. Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: «An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?» Dúirt an bhean leis an nathair nimhe: «Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe: ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: 'ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás'.» Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean: «Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin! Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n-osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.» Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d' ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d' ith sé é. Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d' fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin. Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín. Ach ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: «Cá bhfuil tú?» ar sé leis. D' fhreagair sé: «Chuala mé do ghuth sa ghairdín agus bhí eagla orm mar go raibh mé nocht, agus chuaigh mé i bhfolach.» «Cé dúirt leat,» ar seisean, «go raibh tú nocht? An ag ithe a bhí tú den chrann a d' aithin mé duit gan ithe de?» «An bhean a thug tú dom mar chéile,» arsa an fear, «ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d' ith mé é.» Agus dúirt an Tiarna Dia leis an mbean: «Cad é seo atá déanta agat?» D' fhreagair an bhean: «Mheall an nathair mé agus d' ith mé.» Dúirt an Tiarna Dia leis an nathair: «De bhrí go ndearna tú an rud seo go raibh mallacht ort thar an eallach go léir, thar na hainmhithe allta go léir; beidh tú ag sní ar do bholg agus ag ithe cré, gach lá de do shaol. Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.» Dúirt sé leis an mbean: «Méadóidh mé go mór ar do thinneas ag breith clainne. Béarfaidh tú clann agus tinneas ort. Beidh mian chun do chéile ort ach beidh sé i gceannas ort.» Dúirt sé leis an bhfear: «De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhna, agus gur ith tú de thoradh an chrainn ar aithin mé duit gan a ithe: Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn. Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de, gach lá de do shaol. Sceacha agus feochadáin a thabharfaidh sé duit, agus íosfaidh tú luibheanna an bháin. Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.» Thug an fear Éabha ar a bhean mar gurb í máthair na mbeo go léir í. Rinne an Tiarna Dia éadaí as seithí don fhear agus dá bhean agus chuir siad orthu féin iad. Ansin dúirt an Tiarna Dia: «Féach! Tá an duine arna dhéanamh cosúil linn féin leis an bhfios maitheasa agus oilc atá aige. Le heagla go sínfeadh sé a lámh chomh maith agus toradh a stoitheadh de chrann na beatha, agus é a ithe agus maireachtáil go deo» Uime sin dhíbir an Tiarna Dia as gairdín Éidin é chun an talamh as ar tógadh é a shaothrú. Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint. Luigh Ádhamh lena bhean Éabha agus ghabh sí gin agus rug mac, Cáin. «Fuaireas mac,» ar sí, «le cúnamh an Tiarna.» Agus rug sí an dara mac Áibil, deartháir Cháin. Aoire i bhfeighil caorach a ba ea Áibil, ach ag saothrú na talún a bhíodh Cáin. Faoi chionn tamaill thug Cáin cuid de thorthaí na talún mar íobairt don Tiarna, agus thug Áibil mar an gcéanna cuid de chéadghinte a thréada agus dá saill. D' fhéach an Tiarna le fabhar ar Áibil agus ar a íobairt ach níor fhéach sé le fabhar ar Cháin ná ar a íobairtsean. Líon Cáin le fearg agus chuir púic air féin. Chuir an Tiarna ceist ar Cháin: «Cén fáth,» ar sé, «a bhfuil fearg ort agus púic? Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?» «Téanam amach,» arsa Cáin le hÁibil a dheartháir. Fad bhí siad amuigh, d' iompaigh Cáin ar Áibil a dheartháir agus mharaigh sé é. Ansin dúirt an Tiarna le Cáin: «Cá bhfuil Áibil do dheartháir?» «Níl a fhios agam,» ar sé. «An mise coimeádaí mo dhearthár?» «Cad tá déanta agat?» arsa an Tiarna. «Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh. Beidh mallacht ort feasta agus tú ar díbirt ón talamh seo a d' oscail a bhéal agus a ghlac fuil do dhearthár ó do láimh. Nuair a shaothróidh tú an talamh ní thabharfaidh sé feasta dá dhícheall duit. Beidh tú i do theifeach agus i d' fhánaí ar talamh.» Dúirt Cáin leis an Tiarna: «Tá mo phionós thar mo chumas iompair. Seo thú inniu do mo dhíbirt ón talamh seo; rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis; beidh mé i mo theifeach agus i m' fhánaí ar talamh agus an té thiocfaidh orm maróidh sé mé.» «Cibé más ea,» arsa an Tiarna leis, «a mharóidh Cáin, déanfar é a dhíolt air faoi sheacht.» Agus chuir an Tiarna marc ar Cháin ionas nach maródh aon duine a thiocfadh air é. Ansin d' imigh Cáin leis ó láthair an Tiarna agus chuir sé faoi i dtír Nód, soir ó Éidin. Luigh Cáin lena bhean agus ghabh sí gin, agus rug sí Eineoc. Thóg sé cathair agus thug sé ainm a mhic Eineoc ar an gcathair. Bhí Íorád mar mhac ag Eineoc, agus ag Íorád bhí Machúael mar mhac; ghin Machúael Matúisiael, agus ghin Matúisiael Láimic. Phós Láimic beirt bhan; bhí Ádá mar ainm ar bhean acu, agus Zilleá ar an mbean eile. Rug Ádá Iábál, an té ónar shíolraigh an lucht cónaithe i mbothanna a bhfuil eallach acu. Iúbál a ba ainm dá dheartháir, agus is uaidhsean a shíolraigh an dream go léir a sheinneann an chruit agus an phíb. Dála Zilleá, rug sí Túbál Cáin. Uaidhsean a shíolraigh gaibhne gach miotail, idir phrás is iarann. Agus ba í Námá deirfiúr Túbál Cáin. Dúirt Láimic lena mhná: «A Ádá agus a Zilleá, éistigí le mo ghlór! A mhná Láimic, tugaigí cluas do mo ráite béil! Mharaigh mé fear de bharr mé a ghonadh agus ógánach de bharr mé a bhualadh. Déantar Cáin a dhíolt faoi sheacht, ach Láimic faoi sheacht seachtód.» Luigh Ádhamh lena bhean arís, agus rug sí mac ar ar thug sé Séat, mar, a dúirt sí, «Bhronn Dia leanbh eile orm in áit Áibil mar gur mharaigh Cáin é.» Rugadh mac do Shéat agus thug sé Eanóis mar ainm air. Eisean an chéad duine a ghlaoigh ar ainm an Tiarna. Leabhar na nginealach ó Ádhamh anseo: An lá a chruthaigh Dia Ádhamh, rinne sé é ar chosúlacht Dé. Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t-ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad. Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d' aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air. Mhair Ádhamh ocht gcéad bliain tar éis Séat a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas. Nuair a bhí Séat céad agus a cúig bliana d' aois ghin sé Eanóis, agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Mhair Séat naoi gcéad agus dosaen bliain ar fad; ansin fuair sé bás. Nuair a bhí Eanóis nócha bliain d' aois, ghin sé Céanán, agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Mhair Eanóis naoi gcéad agus a cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás. Nuair a bhí Céanán deich mbliana agus trí fichid, ghin sé Mahalalael. Mhair Céanán ocht gcéad agus a daichead bliain tar éis Mahalalael a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Mhair Céanán naoi gcéad agus a deich mbliana ar fad; ansin fuair sé bás. Nuair a bhí Mahalalael cúig bliana agus trí fichid ghin sé Iárad. Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a tríocha bliain tar éis Iárad a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a nócha cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás. Nuair a bhí Iárad céad agus a seasca dó bliain d' aois, ghin sé Eineoc agus mhair sé ocht gcéad bliain tar éis Eineoc a ghiniúint, agus ghin sé mic agus iníonacha. Mhair Iárad naoi gcéad agus seasca dó bliain ar fad; ansin fuair sé bás. Nuair a bhí Eineoc cúig bliana agus trí fichid ghin sé Matúsalach. Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Mhair sé trí chéad bliain tar éis Matúsalach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Mhair Eineoc trí chéad agus a seasca cúig bliana ar fad. Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Ansin d' imigh sé as radharc daoine, óir rug Dia leis é. Nuair a bhí Matúsalach céad agus a hochtó seacht bliain d' aois ghin sé Láimic. Mhair Matúsalach seacht gcéad agus a hochtó dó bliain tar éis Láimic a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. Mhair Matúsalach naoi gcéad agus a seasca naoi mbliana ar fad; ansin d' éag sé. Nuair a bhí Láimic dhá bhliain agus ceithre fichid, ghin sé mac agus thug sé Naoi air, mar a dúirt sé: «Seo duine a thabharfaidh sólás dúinn ón talamh, ar ar chuir an Tiarna a mhallacht, agus sinn i mbun ár saothair agus ár n-oibre.» Mhair Láimic cúig céad agus a nócha cúig bliain tar éis Naoi a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Mhair Láimic seacht gcéad agus seachtó seacht bliain ar fad; ansin fuair sé bás. Nuair a bhí Naoi cúig chéad bliain d' aois ghin sé Séam, Hám agus Iáfat. Nuair a thosaigh na daoine ar dhul i líonmhaire ar chlár na talún agus gur rugadh iníonacha dóibh, chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná. Dúirt an Tiarna: «Ní foláir gan mo spiorad a fhágáil faoi tháire i gcónaí sa duine, mar nach bhfuil ann ach feoil; ní bheidh ach céad agus a fiche bliain d' fhad saoil aige feasta.» Bhí fathaigh ar an talamh an uair sin, agus níos déanaí ná sin, nuair a rinne mic Dé céileachas le hiníonacha na ndaoine agus gur rugadarsan clann dóibh. Sin iad laochra an tseansaoil, na fir mhórchlú. Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t-olc. Ghabh aithreachas an Tiarna de bhrí go ndearna sé an duine ar an talamh agus ghoill sé air ó chroí. Agus dúirt an Tiarna: «Scriosfaidh mé de dhroim na talún an duine a chruthaigh mé, agus mar aon leis an duine na hainmhithe, na péisteanna agus éanlaith an aeir, óir is aithreach liom a ndéanamh.» Bhí gnaoi an Tiarna ar Naoi. Dála Naoi anseo: Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia. Agus ghin Naoi triúr mac, Séam, Hám agus Iáfat. Truaillíodh an talamh i bhfianaise Dé agus líonadh é d' fhoréigean. D' fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh. Dúirt Dia le Naoi: «Chinn mé deireadh a chur leis an uile fheoil, óir tá an talamh lán d' fhoréigean dá mbarr. Féach, scriosfaidh mé iad agus an talamh mar aon leo. Déan áirc duit féin de chrann gófar; déan seomraí inti agus cuir brat pice uirthi laistigh agus lasmuigh. Seo é an tomhas ar a ndéanfaidh tú í: Fad na háirce trí chéad banlámh; a leithead caoga banlámh, agus a hairde deich mbanlámh fichead. Déan díon don áirc agus é banlámh ina stuaic. Cuir doras na háirce ina taobh; déan trí boird inti: bord íochtair, bord láir agus bord uachtair. Féach, tabharfaidh mé díle liom agus seolfaidh mé na huiscí ar an talamh chun an uile fheoil faoin spéir ina bhfuil anáil na beatha a scrios; caillfear a bhfuil ar talamh. Ach daingneoidh mé mo chonradh leatsa. Téighse isteach san áirc, tú féin, do chlann mhac, do bhean, agus mná do mhac in éineacht leat. Agus an uile dhúil bheo agus an uile fheoil, tabhair leat cúpla de gach cineál díobh isteach san áirc le coimeád beo farat; fireann agus baineann ní foláir iad a bheith. An éanlaith de réir a gcineáil, ainmhithe uile na talún de réir a gcineáil, péisteanna uile na talún de réir a gcineáil, rachaidh cúpla díobh isteach san áirc in éineacht leat le coimeád beo. Agus tabhair leat chomh maith gach sort bia dá n-itear agus cuir i dtaisce é agus beidh sé mar bhia agatsa agus acusan.» Rinne Naoi é sin, rinne sé ar ordaigh an Tiarna dó. Ansin dúirt an Tiarna le Naoi: «Gabh isteach san áirc, tusa agus do theaghlach go léir, óir is tú amháin den ghlúin seo, i mo bhreithse, a fheicim atá fíréanta. Beir leat de na hainmhithe glana seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál; agus de na hainmhithe neamhghlana cúpla, fireannach agus baineannach; agus d' éanlaith an aeir chomh maith seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál, d' fhonn a gcineál a choimeád beo ar chlár na talún. Óir faoi chionn seacht lá seolfaidh mé uiscí ar talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche; agus scriosfaidh mé gach dúil bheo dá ndearna de chlár na talún.» Agus rinne Naoi ar ordaigh an Tiarna dó. Bhí Naoi sé chéad bliain nuair a tháinig na huiscí díleann ar an talamh. Chuaigh Naoi agus a chlann mhac agus a bhean agus mná a mhac in éineacht leis isteach san áirc ag teitheadh ó uiscí na díleann. Na hainmhithe glana agus neamhghlana, an éanlaith agus gach a sníonn ar talamh, chuaigh dhá cheann de gach cineál díobh, fireann agus baineann isteach san áirc le Naoi, de réir mar d' ordaigh Dia do Naoi. Agus tar éis seacht lá tháinig uiscí na díleann ar an talamh. Sa bhliain sé chéad d' aois Naoi, sa dara mí, agus sa seachtú lá déag den mhí sin an lá sin féin phléasc toibreacha uile an duibheagáin mhóir, agus osclaíodh comhlaí uisce neimhe. Bhí sé ag fearthainn ar an talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche. An lá sin féin is ea a chuaigh Naoi isteach san áirc lena mhic Séam, Hám agus Iáfat, agus triúr ban a mhac, agus in éineacht leo gach ainmhí de réir a gcineáil, an t-eallach go léir de réir a gcineáil, gach péist a shníonn ar talamh de réir a gcineáil, an éanlaith go léir de réir a gcineáil, gach éan de gach sórt. Chuaigh isteach san áirc le Naoi cúpla ar chúpla de gach feoil ina bhfuil anáil na beatha. Chuaigh isteach, más ea, fireannach agus baineannach den uile chineál is feoil, mar a d' ordaigh Dia dó. Agus dhún an Tiarna an doras ar Naoi. Mhair an díle daichead lá ar an talamh. Mhéadaigh ar na huiscí agus d' ardaíodar an áirc agus tógadh suas os cionn na talún í. Bhorr agus d' at na huiscí go tréan agus bhí an áirc ar snámh ar uachtar na n-uiscí. D' ardaigh agus d' ardaigh na huiscí ar talamh i dtreo gur folaíodh na sléibhte arda go léir faoin spéir. D' éirigh an t-uisce cúig bhanlámh déag suas thar na sléibhte a d' fholaigh sé. D' éag an uile fheoil dár chorraigh ar talamh idir éanlaith agus eallach, agus ainmhithe allta agus na dúile go léir a shníonn ar talamh, agus na daoine go léir. Agus an uile ní ar talamh tirim ina raibh anáil na beatha trína pholláirí, fuair sé bás. Scrios [an Tiarna] an uile dhúil bheo dá raibh ar chlár na talún daoine agus ainmhithe, péisteanna agus éanlaith an aeir; scuab sé de dhroim na talún iad agus níor fágadh ach Naoi agus a raibh fairis san áirc. Ar feadh céad go leith lá bhí an lámh in uachtar ag na huiscí ar an talamh. Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí. Dúnadh toibreacha an duibheagáin agus comhlaí uisce neimhe: coisceadh an fhearthainn ó neamh. Chúlaigh na huiscí ón talamh de réir a chéile; faoi chionn céad go leith lá bhí na huiscí tráite. Sa seachtú mí, ar an seachtú lá déag den mhí sin, luigh an áirc ar shléibhte Ararat. Bhí na huiscí ag trá leo go dtí an deichiú mí; agus sa deichiú mí, ar an gcéad lá den mhí, nocht mullaí na sleibhte. Faoi chionn daichead lá d' oscail Naoi an fhuinneog a bhí déanta aige san áirc agus scaoil uaidh amach an fiach dubh. D' imigh seisean leis agus bhí ag guardal thart go dtí gur thriomaigh na huiscí den talamh. Ansin scaoil sé colm uaidh amach féachaint ar thráigh na tuilte de dhroim na talún. Ach ní bhfuair an colm aon áit ar a leagfadh sé a chos agus d' fhill sé ar ais air san áirc, mar bhí na huiscí ar uachtar na talún ar fad fós. Chuir [Naoi] a lámh amach, rug greim air agus thug ar ais isteach san áirc é. Tar éis moill seacht lá eile ansin, scaoil sé an colm amach as an áirc arís. Agus d' fhill an colm ar ais air tráthnóna, agus féach! bhí craobh úr olóige ina ghob. Thuig Naoi ansin go raibh na huiscí tráite ón talamh. D' fhan sé seacht lá eile, mar sin, agus scaoil an colm uaidh arís; agus níor fhill sé air a thuilleadh. Sa bhliain sé chéad agus a haon d' aois Naoi, ar an gcead mhí, ar an gcéad lá den mhí is ea a triomaíodh na huiscí den talamh, agus d' oscail Naoi comhla na háirce, agus d' fhéach amach. Bhí clár na talún tirim! Sa dara mí, ar an seachtú lá fichead den mhí, bhí an talamh tirim. Agus dúirt Dia le Naoi: «Amach leat as an áirc! tú féin agus do chlann mhac, agus mná do mhac mar aon leat! Beir leat amach a bhfuil farat d' ainmhithe, an uile ní d' fheoil idir éanlaith agus ainmhithe agus phéisteanna a shníonn ar talamh. Téidís i líonmhaire ar talamh; bíodh toradh orthu agus síolaidís ar talamh.» Tháinig Naoi amach mar sin agus a chlann mhac, a bhean agus mná a mhac. Agus na hainmhithe allta go léir, agus an t-eallach go léir, an éanlaith go léir, agus na péisteanna go léir a shníonn ar talamh, amach leo as an áirc, cineál ar chineál. Agus rinne Naoi altóir don Tiarna, agus thoirbhir sé mar íobairt dhóite ar an altóir a rogha féin de na hainmhithe glana agus den éanlaith ghlan. Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: «Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís. Fad a bheidh an talamh ann, ní rachaidh stad arís ar shíolchur ná ar fhómhar, ar fhuacht ná ar theas, ar shamhradh ná ar gheimhreadh, ar lá ná ar oíche.» Bheannaigh an Tiarna Naoi agus a chlann mhac agus dúirt sé leo: «Bíodh an rath oraibh, téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh. Bíodh scéin agus eagla romhaibh ar na hainmhithe allta go léir, ar éanlaith an aeir go léir, ar gach a shníonn ar talamh, agus ar iasc na farraige go léir; faoi bhur lámha a cuireadh iad go léir. Gach dúil bheo ina bhfuil lúth, bídís agaibh mar bhia, chomh maith leis na luibheanna glasa. Tugaim gach ní daoibh, ach ná hithigí feoil ina bhfuil an t-anam, sé sin an fhuil. Éileoidh mé cuntas ar fhuil bhur n-anama; éileoidh mé é sin ó gach ainmhí agus ó gach duine. Éileoidh mé cuntas ar anam gach duine óna chomhdhuine. Cibé a dhoirtfidh fuil duine is le duine a dhoirtfear a fhuil, óir is ar dheilbh Dé a rinneadh an duine. Ach sibhse, bígí torthach agus téigí i líonmhaire; bíodh an rath go raidhseach oraibh ar an talamh agus bíodh smacht agaibh air.» Dúirt Dia le Naoi agus lena chlann mhac: » Féach, daingním mo Chonradh leatsa agus le do shíol i do dhiaidh; agus mar an gcéanna le gach uile dhúil bheo dá bhfuil faraibh, an éanlaith, an t-eallach, agus gach ainmhí allta atá faraibh, a dtáinig amach as an áirc, a bhfuil beo ar talamh. Daingním mo Chonradh libh; go deo arís ní scriosfar an uile fheoil le huiscí díleann, ná ní bheidh go deo arís díle ann chun an domhan a scrios.» Agus dúirt Dia: «Seo é comhartha an Chonartha a dhéanaim idir mé féin agus sibhse agus gach dúil bheo atá faraibh ar feadh na nglún go léir le teacht. Cuirim mo bhogha sna néalta i gcomhartha an Chonartha idir mise agus an talamh. Nuair a chruinneoidh mé na néalta os cionn na talún agus go bhfeicfear an bogha sna néalta, cuimhneoidh mé ar an gConradh atá idir mise agus sibhse, agus gach dúil bheo den uile fheoil; agus ní dhéanfaidh díle go deo arís de na huiscí chun an uile fheoil a scrios. Nuair a bheidh an bogha sna néalta, féachfaidh mé air agus cuimhneoidh mé ar an gConradh síoraí atá idir Dia agus an uile dhúil bheo den uile fheoil dá bhfuil ar talamh.» Dúirt Dia le Naoi: «É seo comhartha an Chonartha a dhaingnigh mé idir mé agus an uile fheoil dá bhfuil ar talamh.» Ba iad Séam, Hám agus Iáfat clann mhac Naoi a tháinig as an áirc; ó Hám a shíolraigh Canán. Ba iadsan clann mhac Naoi agus is é a síol a leath ar fud an domhain go léir. Saothróir talún Naoi agus ba é an chéad duine é a phlandaigh fíonghort. D' ól sé cuid den fhíon agus fad bhí an mheisce air, bhí sé nochta ina bhoth. Chonaic Hám, an té ónár shíolraigh Canán, a athair agus é nochta agus dúirt sé é lena bheirt dearthár lasmuigh. Ansin thóg Séam agus Iáfat brat, chuir ar a slinneáin é, agus isteach leo i ndiaidh a gcúil agus d' fholaíodar baill nochta a n-athar. Bhí a n-aghaidh iompaithe uaidh i dtreo nach bhfacadar baill nochta a n-athar. Nuair a tháinig Naoi chuige féin ón meisce fhíona agus go bhfaca sé cad a rinne an mac a ba óige leis, dúirt sé: «Go raibh mallacht ar Chanán! Beidh sé ina dhaor na ndaor ag a dheartháireacha.» Lean sé air: «Go raibh beannacht ar Shéam ón Tiarna Dia. Go raibh Canán aige ina dhaor. Go méadaí Dia Iáfat! Go lonnaí sé i mbothanna Shéam. Go raibh Canán aige ina dhaor.» Mhair Naoi trí chéad go leith bliain tar éis na díleann. 28b Mhair sé naoi gcéad go leith bliain ar fad agus ansin fuair sé bas. Seo anois sliocht chlann Naoi, Séam, Hám agus Iáfat. Rugadh clann mhac dóibh tar éis na díleann. Clann Iáfat: Gómar agus Mágóg agus Iáván agus Túbál agus Meisic agus Tíoras. Clann Ghómar: Aisceanaz agus Rífeat agus Togarmá. Clann Iáván: Eilíseá agus Tairsís agus Citím agus Dodáiním. Uathusan a leath na daoine amach ar oileáin na nginte. [Sin iad clann mhac Iáfat] de réir a dtíortha, agus a dteangacha faoi leith, de réir a dtreibheanna agus a gciníocha. Clann mhac Hám: Cúis agus Miosráím agus Pút agus Canán. Clann mhac Chúis: Sabá agus Havalá agus Sabtá agus Rámá agus Sabtacá. Clann mhac Rámá: Seabá agus Deadán. Ghin Cúis Niomrod, an chéad fhear ar talamh a ndearnadh flaith de. Fiagaí éachtach a ba ea é i láthair an Tiarna, agus uime sin a deir an seanfhocal: «Fiagaí éachtach i láthair an Tiarna mar Niomrod.» Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár. Ón tír sin a tháinig Aisiúr a thóg Nínivé agus Rahobot Ír agus Cálach, agus Reisen idir Nínivé agus Cálach; cathair mhór í sin. Ghin Miosráím muintir Lúd agus Anám agus Laháb agus Naftúch agus Patrús agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór. Ghin Canán Síodón a chéad mhac, agus Héat, agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh, na hArvadaigh, na Zamáraigh, agus na Hamátaigh. Ina dhiaidh sin, leath treibheanna na gCanánach amach. Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise. Sin iad clann Hám de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha. Rugadh clann chomh maith do Shéam, an té ónar shíolraigh clann Éibir ar fad, agus sinsear a dhearthár Iáfat. Clann Shéam: Éalam agus Aisiúr agus Arpaicsead, agus Lúd agus Arám. Clann Arám: Úz agus Húl agus Geitir agus Mais. Ghin Arpaicsead Seálach, agus ghin Seálach Éibir. Agus rugadh beirt mhac do Éibir; tugadh Roinnt ar an gcéad duine mar gur lena linn a roinneadh an talamh, agus tugadh Ioctán ar a dheartháir. Ghin Ioctán Almódád agus Seilif agus Hazarmávat agus Iárach agus Hadórám agus Úzál agus Dicleá, agus Óbál agus Abamáél agus Seabá agus Óifir agus Havalá agus Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir. Bhí cónaí orthu sa dúiche ó Mhéiseá i dtreo Shafar, an tír chnocach lastoir. Sin iad clann mhac Shéam de réir a dtreibheanna agus a dteangacha, de réir a gcríoch agus a gciníocha. Sin iad treibheanna chlann Naoi de réir a síol agus a gciníocha. Uathusan a leath na ciníocha ar fud an domhain tar éis na díleann. Labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir. Agus ag teacht anoir dóibh thángadar ar mhachaire i dtír Shionár agus chuireadar fúthu ann. Agus dúradar lena chéile: «Téanam agus déanaimis brící agus tugaimis tine dóibh» brící a bhíodh acu in áit cloch agus pic in áit moirtéil «Téanam,» ar siad, «agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.» Ansin tháinig an Tiarna anuas go bhfeicfeadh sé an chathair agus an túr a thóg na daoine daonna. «Féach,» arsa an Tiarna, «aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích. Téanam, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.» Agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne ar fad, agus scoireadar de thógáil na cathrach. Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir. Seo iad sliocht Shéam: Nuair a bhí Séam céad bliain d' aois ghin sé Arpaicsead dhá bhliain tar éis na díleann. Mhair Séam cúig chéad bliain tar éis Arpaicsead a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. Nuair a bhí Arpaicsead cúig bliana déag ar fhichid ghin sé Seálach. Mhair Arpaicsead trí bliana agus ceithre chéad tar éis Seálach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha eile. Nuair a bhí Seálach deich mbliana fichead d' aois ghin sé Éibir. Mhair Seálach trí bliana agus ceithre chéad tar éis Éibir a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Nuair a bhí Éibir ceithre bliana déag ar fhichid ghin sé Roinnt. Mhair Éibir ceithre chéad agus a tríocha bliain tar éis Roinnt a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Nuair a bhí Roinnt deich mbliana fichead d' aois ghin sé Reú. Mhair Roinnt naoi mbliana agus dhá chéad tar éis Reú a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Nuair a bhí Reú dhá bhliain déag ar fhichid ghin sé Sarúg. Mhair Reú seacht mbliana agus dhá chéad tar éis Sarúg a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Nuair a bhí Sarúg deich mbliana fichead d' aois ghin sé Náchór. Mhair Sarúg dhá chéad bliain tar éis Náchór a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Nuair a bhí Náchór naoi mbliana fichead d' aois ghin sé Tearach. Mhair Náchór naoi mbliana déag agus céad tar éis Tearach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. Nuair a bhí Tearach deich mbliana agus trí fichid ghin sé Abrám agus Náchór agus Hárán. Seo sliocht Thearach: Ghin Tearach Abrám, Náchór agus Hárán. Ghin Hárán Lót. D' éag Hárán i láthair a athar ina thír dhúchais, Úr na gCaildéach. Phós Abrám agus Náchór. Sáraí a b' ainm do bhean Abrám agus Milceá a b' ainm do bhean Náchór iníon Hárán, athair Milceá agus Isceá. Bhí Sáraí aimrid agus í gan leanbh. Thug Tearach leis Abrám a mhac agus Lót mac Hárán mac a mhic, agus Sáraí bean a mhic, bean Abrám, agus amach leo le chéile ó Úr na gCaildéach ag triall ar thír Chanán. Ach nuair a thángadar go Hárán chuireadar fúthu ann. Bhí cúig bliana agus dhá chéad d' fhad saoil ag Tearach; ansin fuair sé bás i Hárán. Dúirt an Tiarna le hAbrám: «Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d' athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit. Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d' ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine. Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort. Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort. Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile An domhain iad féin a bheannú.» D' imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh Lót in éineacht leis. Bhí Abrám cúig bliana déag is trí fichid nuair a d' fhág sé Hárán. Agus thug sé leis Sáraí a bhean, agus Lót mac a dhearthár, agus a raibh de mhaoin cnuasaithe acu agus a raibh de dhaoir ina seilbh acu i Hárán. D' imíodar leo ar an mbealach go Canán. Nuair a thánadar go Canán ghabh Abrám tríd an tír go tearmann Sheicim, go Dair Mhóire. Agus bhí na Canánaigh sa tír an uair úd. Thaispeáin an Tiarna é féin d' Abrám agus dúirt: «Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.» Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó. Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna. Agus bhog Abrám leis ag dul i dtreo an Neigib i gcónaí. Tharla gorta sa tír, agus chuaigh Abrám ó dheas go dtí an Éigipt chun cónaí ann mar go raibh an gorta ag luí go trom ar an tír. Agus é ar tí dul isteach san Éigipt dúirt Abrám lena bhean Sáraí: «Féach anois, tá a fhios agam gur sciamhach an bhean tú le féachaint ort. Nuair a fheicfidh na hÉigiptigh thú, déarfaidh siad: 'Sin í an bhean,' agus maróidh siad mise ach déanfaidh siad anacal ortsa. Abair leo gur tú mo dheirfiúr i dtreo go rithfidh go maith liom de do chionn-sa agus go ndéanfaí anacal orm ar do shonsa.» Agus nuair a chuaigh Abrám isteach san Éigipt chonaic na hÉigiptigh go raibh an bhean an-sciamhach. Nuair a chonaic flatha Fhorainn í, mholadar í i láthair Fhorainn agus tugadh an bhean isteach i bpálás Fhorainn. Agus chaith seisean go maith le hAbrám ar a son agus fuair sé caoirigh agus eallach, agus asail, daoir fir agus mná, agus láracha asail, agus camaill. Chráigh an Tiarna Forann is a theaghlach le plánna troma mar gheall ar Sháraí bean Abrám. Ghlaoigh Forann chuige ar Abrám dá bhrí sin agus dúirt: «Cad é seo a rinne tú orm? Cén fáth nár inis tú gurbh í do bhean í? Cén fáth a ndúirt tú: 'Is í mo dheirfiúr í,' i dtreo go ndearna mé mo chuid féin di? Sea anois, sin í do bhean agat! Beir leat í agus imigh!» D' ordaigh Forann buíon fear ina chúram agus chuireadar chun siúil é, é féin agus a bhean agus a raibh aige. Tháinig Abrám ón Éigipt isteach sa Neigib lena bhean agus a raibh aige agus Lót fairis. Bhí Abrám an-saibhir le heallach, le hairgead agus le hór. Ar aghaidh leis de réir a chéile ón Neigib go Béitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth ar dtús idir Béitéil agus Háí mar ar thóg sé altóir roimhe sin. Ghair Abrám ar ainm an Tiarna ansiúd. Agus Lót a bhí ag taisteal fara Abrám, bhí tréada agus eallach agus bothanna leis féin aige i dtreo nár fhéad an talamh iad araon le chéile a chothú mar bhí an iomad maoine acu chun cónaí le chéile. Tharla aighneas dá bhrí sin idir aoirí thréad Abrám agus aoirí thréad Lót (bhí na Canánaigh agus na Pirizigh ina gcónaí sa tír an uair sin). Dúirt Abrám más ea le Lót: «Ná bíodh aon aighneas idir m' aoirí-sé agus d' aoirí-sé, mar is bráithre sinn. Má ghabhann tusa deiseal, rachadsa tuathal; má ghabhann tusa tuathal rachadsa deiseal.» D' ardaigh Lót a shúile agus chonaic go raibh gleann na hIordáine arna uisciú go fónta i ngach treo baill chomh fada le Zoar agus é amhail gairdín an Tiarna nó tír na hÉigipte ba sular scrios an Tiarna Sodom agus Gomorá é sin. Roghnaigh Lót gleann na hIordáine dó féin; ghluais Lót soir agus scaradar le chéile ar an gcuma sin. Chuir Abrám faoi i dtír Chanán; chuir Lót faoi i measc cathracha an ghleanna agus d' aistrigh sé a bhoth i gcóngar Shodom. Drochdhaoine a ba ea muintir Shodom agus peacaigh mhóra in aghaidh an Tiarna. Dúirt an Tiarna le hAbrám tar éis do Lót scaradh leis: «Féach uait ón áit ina bhfuil tú ó thuaidh, ó dheas, soir agus siar. An talamh go léir a fheiceann tú tabharfaidh mé duit é agus do do shíol go brách. Déanfaidh mé do shíol mar an luaithreach ar an talamh i dtreo má fhéadann daoine na cáithníní luaithe ar an talamh a chomhaireamh, ansin féadfaidh siad do shíolsa a chomhaireamh! Éirigh agus siúil an tír ó cheann ceann agus ó thaobh taobh, mar tabharfaidh mé duit é.» D' aistrigh Abrám a bhoth dá bhrí sin agus tháinig chun cónaí taobh le Dair Mhamrae, ag Heabrón agus thóg sé altóir don Tiarna ann. Bhí Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásar agus Cadarláómar rí Ealám agus Tiodál rí na nGóím i réim agus d' fhear siad cogadh ar Bheara rí Shodom, ar Bhirseá rí Ghomorá, ar Shineáb rí Admá, ar Shiméibir rí Zabóím, agus ar rí Bhéala (is é sin le rá Zoar). Thángadar seo go léir le chéile i nGleann Shidím (Muir an tSáile, is é sin). Bhíodar dhá bhliain déag faoi ghéillsine ag Cadarláómar, ach an tríú bliain déag do chuireadar suas de. Sa cheathrú bliain déag tháinig Cadarláómar agus na ríthe a bhí i gcomhar leis agus bhuadar ar na Rafáím ag Aistearót Carnaím, ar na Zuzaím i Hám, na Héimím i machaire Chiriátáim, agus na Horaigh i Sléibhte Shaeír chomh fada le machaire Éil Párán ar imeall an fhásaigh. Ansin d' fhilleadar agus thángadar go Tobar an Bhreithiúnais (Cáidéis, is é sin), agus leagadar lámh ar chríocha uile na nAmáiléiceach agus ar na hAmóraigh a chónaigh i Hazazon Támár. Ansin rí Shodom agus rí Ghomorá, agus rí Admá, agus rí Zabóím, agus rí Bhéala (is é sin le rá Zoar), chuadar amach agus chuireadar cath i nGleann Shidím ar Chadarláómar rí Ealám, Tiodál rí na nGóím, Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásár; ceathrar rí in aghaidh cúigir. Bhí a lán log pice i nGleann Shidím, agus ag teitheadh do ríthe Shodom agus Ghomorá, thit chuid díobh isteach iontu agus theith an chuid eile chun na gcnoc. Sciob an namhaid leo maoin uile Shodom agus Ghomorá agus a lón uile agus d' imíodar leo. Rugadar leo chomh maith Lót mac dearthár Abrám bhí cónaí air i Sodom agus a mhaoin uile, agus d' imíodar leo. Tháinig duine d' fhuíoll an áir go hAbrám an tEabhrach a raibh cónaí air ag Dair Mhamrae an tAmórach, deartháir Eisciol agus Áinéar; bhíodarsan i gcomhar le hAbrám. Ar gclos d' Abrám gur gabhadh a bhráthair gaoil, chuir sé tionól ar a raibh oilte ar airm dá mhuintir a rugadh ina theach, trí chéad agus ochtar déag, agus chuaigh ar a dtóir chomh fada le Dán. D' ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc. Thug sé leis ar ais an chreach go léir, agus thug ar ais a bhráthair Lót agus a mhaoin agus na mná agus na daoine. Nuair a d' fhill sé tar éis dó an cath a bhriseadh ar Chadarláómar agus ar na ríthe a bhí i gcomhar leis, chuaigh rí Shodom amach ina choinne i nGleann Sheávae (Gleann an Rí is é sin). Agus thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le Dia ró-ard é. Chuir sé a bheannacht air á rá: «Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún. Moladh le Dia ró-ard mar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.» Agus thug Abrám deachú den uile ní dó. Ansin dúirt rí Shodom le hAbrám: «Tabhair domsa na daoine, ach bíodh an mhaoin agat féin.» Ach dúirt Abrám le rí Shodom: «Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún, ní ghlacfaidh mé oiread agus snáithe ná iall bróige, ná ní thógfaidh mé aon phioc de do chuid; ní bheidh sé le rá agat: 'Rinne mé fear saibhir d' Abrám.' Ní thógfaidh mé aon ní ach ar ith mo chuid fear agus cion an triúir a ghabh liom Ainéar, Eisciol agus Mamrae; bíodh a gcion féin acusan.» Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: «Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.» «A Thiarna Dia liom,» arsa Abrám, «cad a thabharfaidh tú dom? Táim fós gan chlann? Féach,» arsa Abrám ansin, «níor thug tú aon sliocht orm i dtreo go mbeidh daor a rugadh i mo theach féin ina oidhre orm.» Agus féach! tháinig briathar an Tiarna chuige gan mhoill: «Ní hé an fear seo a bheidh ina oidhre ort. Beidh mac a ghinfear ó do leasracha féin ina oidhre ort.» Agus thug sé leis amach é agus dúirt: «Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,» ar sé ansin, «a bheidh do shíol.» Agus chreid seisean an Tiarna agus mheas an Tiarna é sin mar fhíréantacht aige. «Mise an Tiarna,» ar sé leis, «a thug tú amach as Úr na gCaildéach, chun go dtabharfainn an tír seo duit mar oidhreacht.» «A Thiarna Dia liom,» ar sé, «cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?» «Tabhair dom,» ar sé, «bearach trí bliana, minseach trí bliana, reithe trí bliana, colúr, agus colm óg.» Thug sé iadsan go léir chuige; ghearr sé ina dhá leath gach ceann acu agus chuir sé leath ar thaobh agus leath ar an taobh eile os a chomhair sall, ach nár ghearr sé na héin. Nuair a bhíodh éanlaith chreiche ag teacht anuas ar na conablaigh, chuireadh Abrám an ruaig orthu. Le luí na gréine thit tromchodladh ar Abrám agus bhuail scéin é. Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: «Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain. Ach déanfaidh mise breithiúnas chomh maith ar an gcine faoina mbeidh siad i ndaoirse, agus tiocfaidh siad amach ina dhiaidh sin le mórán maoine. Maidir leat féin, imeoidh tú chun d' aithreacha i síocháin; beidh aois mhór agat ag dul faoin gcré duit. Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.» Tar éis don ghrian dul faoi dá bhrí sin agus gur thit an dorchadas, chonacthas foirnéis dheataigh tine agus lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte úd. Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: «Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes, mar a gcónaíonn na Céinigh agus na Cinizigh agus na Cadmónaigh agus na Hitigh, agus na Pirizigh, agus na Rafáím, na hAmóraigh agus na Canánaigh, agus na Giorgáisigh agus na Iabúsaigh.» Níor rug Sáraí bean Abrám aon chlann, más ea, do Abrám, ach bhí ionailt Éigipteach aici darbh ainm Hágár. Dúirt Sáraí le hAbrám: «Féach, níor lig Dia dom clann a iompar. Gabh isteach dá bhrí sin chun m' ionailte; b' fhéidir go bhfaighinn clann tríthi.» Thug Abrám cluas do ghlór Sháraí. Tar éis cónaí a bheith ar Abrám deich mbliana i dtír Chanán, rug Sáraí léi Hágár a hionailt Éigipteach agus thug d' Abrám í mar bhean. Luigh sé le Hágár agus ghabh sí gin, agus a luaithe a bhí a fhios aici go raibh gin á hiompar aici, níor fhan aon mheas aici ar a máistreás. Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: «An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m' ionailt duit i d' ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.» Ach dúirt Abrám le Sáraí: «Féach, tá d' ionailt faoi do smacht féin. Déan do rogha rud léi!» Chrom Sáraí ar í a chiapadh dá bhrí sin agus theith sí uaithi. Fuair aingeal an Tiarna í cois tobar uisce san fhásach, an tobar ar an mbealach go Siúr. «A Hágár, a ionailt Sháraí,» ar sé, «cá has ar tháinig tú agus cá bhfuil do thriall?» «Táim ag teitheadh ó mo mháistreás Sáraí,» ar sí. Dúirt aingeal an Tiarna léi: «Fill ar do mháistreás agus géill di.» Agus dúirt aingeal an Tiarna léi chomh maith: «Cuirfidh mé an rath ar do shíol i dtreo nach bhféadfar iad a áireamh le barr líonmhaire.» Agus dúirt aingeal an Tiarna léi: «Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac, agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air, mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha. Asal fiáin fir a dhéanfaidh sé, a dhorn in aghaidh gach duine agus dorn gach duine ina aghaidh, agus é ag spairn lena bhráithre go léir.» Thug Hágár ainm ar an Tiarna a labhair léi: «Is tú Dia na Físe,» mar ar sí, «nach áit é seo ina bhfaca-sa go dearfa chomh maith an té a fheiceann mise.» Uime sin a tugadh Tobar Lachaí Roí (an Bheo a Fheiceann mé) ar an tobar; tá sé idir Cáidéis agus Báiread. Rug Hágár mac d' Abrám agus thug Abrám Ísmeáél ar an mac a rug Hágár. Bhí Abrám sé bliana agus ceithre fichid d' aois nuair a rug Hágár Ísmeáél d' Abrám. Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d' aois thaispeáin an Tiarna é féin d' Abrám agus dúirt leis: «Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé, agus déanfaidh mé Conradh idir mé agus tú agus cuirfidh mé rath thar na bearta ort.» Shléacht Abrám go talamh, agus dúirt Dia leis: «Is leatsa atá mo Chonradh, agus beidh tú i d' athair ar mhórán ciníocha. Ní thabharfar Abrám mar ainm ort feasta, ach tabharfar Abrahám ort, óir tá athair ar mhórán ciníocha á dhéanamh agam díot. Cuirfidh mé rath thar cuimse ort, agus déanfaidh mé ciníocha díot agus tiocfaidh ríthe ar do shíol. Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh. Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.» Agus dúirt Dia le hAbrahám: «Ó do thaobhsa de, coimeádfaidh tú mo Chonradh, tú féin agus do shliocht i do dhiaidh ó ghlúin go glúin. Is é seo an Conradh liomsa a choimeádfaidh tú idir mise agus tusa agus do shliocht i do dhiaidh: Déantar timpeallghearradh ar gach uile leanbh mic de bhur gcuid; déanaigí feoil bhur bhforchraicinn a thimpeallghearradh agus is é sin a bheidh ina chomhartha don Chonradh atá eadrainn. Nuair a bheidh siad ocht lá d' aois caithfear timpeallghearradh a dhéanamh ar gach gin mhic ó ghlúin go glúin, cibé acu a bhéarfar i do theach iad nó a cheannófar iad ó choigríoch nach de do shíolsa. Ní foláir iad a thimpeallghearradh, iad siúd a bhéarfar i do theach, agus iad siúd a cheannófar le d' airgead. Beidh mo Chonradh in bhur bhfeoil mar chonradh síoraí. An fireannach gan timpeallghearradh, nár gearradh a fhorchraiceann timpeall, gearrfar amach óna phobal é; bhris sé mo Chonradh.» «Maidir le Sáraí do bhean,» arsa Dia le hAbrahám, «ní thabharfaidh tú Sáraí uirthi, ach Sárá a bheidh mar ainm uirthi. Cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus bronnfaidh mé mac ort uaithi; cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus beidh sí ina máthair ar chiníocha; beidh ríthe ciníocha ag cineadh uaithi.» Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: «An mbéarfar mac don té atá céad bliain d' aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d' aois?» «Ó, mhuise,» arsa Abrahám le Dia, «go maire Ísmeáél féin i d' fhianaise.» «Ní hé sin é,» arsa Dia, «ach béarfaidh do bhean Sárá mac agus tabharfaidh tú Íosác mar ainm air. Daingneoidh mé mo Chonradh leis ina Chonradh síoraí.i. mé a bheith i mo Dhia aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh. D' éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de. Ach Íosác a bhéarfaidh Sárá duit an taca seo an bhliain seo chugainn, is leis a dhaingneoidh mé mo Chonradh.» Nuair a bhí deireadh ráite ag Dia le hAbrahám suas leis uaidh. Ísmeáél a mhac agus na daoir go léir a rugadh ina theach nó a ceannaíodh le hairgead, gach fireannach is é sin dá theaghlach, thóg Abrahám iad agus rinne timpeallghearradh ar fheoil a bhforchraicinn an lá ceannann céanna mar a dúirt an Dia leis. Agus bhí Abrahám nocha naoi mbliana nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn. Bhí Ísmeáél a mhac trí bliana déag d' aois nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn. Rinneadh timpeallghearradh ar Abrahám agus ar a mhac Ísmeáél an lá céanna sin, agus rinneadh timpeallghearradh fairis ar na fir go léir dá theaghlach, iad siúd a rugadh ina theach agus iad siúd a ceannaíodh ó choigríoch. Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae. D' fhéach sé suas agus b' shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu. «A thiarna,» ar sé, «más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil. Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann. Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.» «Déan mar a deir tú,» ar siad. Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá. «Faigh,» ar sé, «agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.» Agus rith Abrahám chun an tréada agus rug sé leis lao breá méith agus thug don searbhónta é agus d' ullmhaigh seisean é faoi dheifir. Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann. Agus chuireadar ceist air: «Cá bhfuil do bhean Sárá?» «Tá sí sa bhoth,» ar sé. «Fillfidh mé ort,» arsa an t-aoi, «sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.» Bhí Sárá ag cúléisteacht ag doras na botha taobh thiar de. Anois bhí Abrahám agus Sárá aosta agus iad anonn go maith sna blianta, agus bhí scortha dá cúrsaí ag Sárá. Ansin gháir Sárá léi féin á rá: «An amhlaidh a bheidh sólás agam le m' fhear céile anois agus mé thar aois leanbh a iompar, agus eisean aosta chomh maith?» Ach d' fhiafraigh an Tiarna d' Abrahám: «Cén fáth ar gháir Sárá á rá: 'An amhlaidh dáiríre a bheidh leanbh agam anois i mo sheanaois?' An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.» «Níor gháir mé,» arsa Sárá ag séanadh a birt mar go raibh eagla uirthi. «Ní fíor duit,» ar sé, «mar gháir tú.» Chuir na fir chun bóthair agus tháinig i radharc Shodom agus Abrahám in éineacht leo ag taispeáint na slí dóibh. Dúirt an Tiarna leis féin: «An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh, ós rud é go mbeidh Abrahám ina chine mór cumasach agus ciníocha an domhain á mbeannú féin tríd? [Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d' fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d' Abrahám a bhfuil geallta aige dó.» Ansin dúirt an Tiarna: «Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom! Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n-aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.» D' imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d' fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna. Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: «An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach? Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti? Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d' fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?» D' fhreagair an Tiarna: «Má fhaighim leathchéad fíréan i Sodom; sa chathair, ansin déanfaidh mé an áit go léir a chaomhnú ar a son.» «Seo mé,» arsa Abrahám á fhreagairt, «agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach. Abair go bhfuil cúigear in easnamh ar an leathchéad, an scriosfaidh tú an chathair go léir de dheasca cúigir?» «Ní dhéanfaidh mé,» ar sé, «ní scriosfaidh mé má fhaighim cúigear is daichead inti.» Agus labhair sé leis arís: «Abair,» ar sé, «gur daichead a gheofar inti.» «Ní dhéanfaidh mé,» ar seisean, «ar son daichead.» «Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom,» ar sé ansin, «agus labhróidh mé arís. Abair gur tríocha a gheofar inti.» D' fhreagair seisean: «Ní dhéanfaidh mé, má fhaighim tríocha ann.» «Tá sé de dhánaíocht ionam,» arsa Abrahám ansin, «labhairt leis an Tiarna. Abair gur fiche a gheofar inti.» «Ní scriosfaidh mé í, ar son fichead.» Ansin dúirt sé: «Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.» D' fhreagair sé: «Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.» Nuair a bhí deireadh ráite aige le hAbrahám, d' imigh an Tiarna leis, agus d' fhill Abrahám abhaile. Shroich an dá aingeal Sodom an tráthnóna sin, agus bhí Lót ina shuí ag geata Shodom. Nuair a chonaic Lót iad, d' éirigh sé chun bualadh leo agus shléacht go talamh rompu. «A mhaithe,» ar sé, «iarraim oraibh teacht i leataobh go teach bhur searbhónta, agus an oíche a chaitheamh ann, agus bhur gcosa a ionladh. Ar maidin ansin ní miste daoibh éirí go moch agus cur chun bóthair arís.» «Ní dhéanfaimid,» ar siadsan, «ach an oíche a chaitheamh ar an tsráid.» Ach d' áitigh sé go dian orthu agus chasadar abhaile leis agus chuadar isteach ina theach. Chóirigh sé béile dóibh, bhácáil arán slim dóibh agus d' itheadar bia. Ach sula ndeachadar a luí, tháinig timpeall an tí fir na cathrach go léir idir óg agus aosta i Sodom, an pobal go léir gan easnamh fir. Agus ghlaodar ar Lót á rá: «Cá bhfuil na fir a tháinig chugat anocht? Seol amach chugainn iad chun go mbainfimis sásamh astu.» Chuaigh Lót amach sa doras chucu, agus dhún an doras ina dhiaidh, agus dúirt: «A bhráithre, impím oraibh gan aon ní chomh holc sin a dhéanamh. Féach, tá beirt iníon agam nár luigh le fear. Ligigí dom iad a thabhairt chugaibh amach agus déanaigí leo mar is mian libh. Ach maidir leis na fir seo, ná déanaigí aon ní leo, óir tháinig siadsan faoi dhíon mo thíse.» «Druid siar!» ar siadsan leis agus leanadar orthu á rá: «Níl anseo ach duine iasachta thar tír isteach, agus b' áil leis a bheith ina bhreitheamh! Is measa an íde a thabharfaimid ortsa anois na orthusan!» Agus ansin bhrúdar go dian ar Lót agus dhruid siad i gcóngar an dorais chun é a bhriseadh. Ach shín an bheirt a lámha amach agus tharraing siad Lót chucu isteach, agus dhún an doras. Agus an mhuintir a bhí ag an doras, bhaineadar radharc na súl díobh go léir idir óg agus aosta i dtreo gur theip orthu an doras a aimsiú. Agus dúirt na fir le Lót: «An bhfuil aon duine eile anseo agat? Do chleamhnaithe, do mhic, d' iníonacha, agus do dhaoine muinteartha go léir sa chathair, beir leat ón áit iad. Óir táimid ar tí an áit seo a scrios mar is éachtach é an liú atá éirithe in aghaidh a mhuintire agus shroich sé i láthair an Tiarna, agus chuir an Tiarna sinn chun é a scrios.» Amach le Lót dá bhrí sin agus dúirt lena chleamhnaithe a bhí chun a iníonacha a phósadh: «Téanam,» ar sé, «fágaimis an áit seo mar tá an Tiarna ar tí an chathair seo a scrios.» Ach mheas a chleamhnaithe gur ag magadh a bhí sé. Le breacadh an lae bhí na haingil ag brostú Lót agus á rá: «Éirigh, beir leat do bhean agus do bheirt iníon anseo, nó bascfar thú nuair a imreofar pionós ar an gcathair seo.» Ach bhí sé ag déanamh moille agus rug na fir ar láimh air féin agus ar a bhean agus ar a bheirt iníon mar go raibh trua ag an Tiarna dó. Sheoladar amach é agus d' fhágadar lasmuigh den chathair é. Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: «Rith le d' anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.» «Uch, ná habraigí é sin, a fhlatha,» arsa Lót leo. «Féach, fuair do shearbhónta fabhar i do láthair agus thaispeáin tú trócaire mhór dom nuair a shaor tú on mbás mé. Ach ní fhéadfainn teitheadh chun na gcnoc le heagla go mbéarfadh an anachain orm agus go gcaillfí mé. Féach anois an chathair sin thall, tá sí cóngarach go leor chun teitheadh chúici agus níl aon toirt inti. Lig dom teitheadh ansiúd nach beag í? agus tiocfaidh mé slán le m' anam.» Dúirt sé leis: «Féach, deonaím an fabhar seo duit chomh maith, nach scriosfaidh mé an chathair a luaigh tú. Brostaigh ort! Teith inti isteach mar nach dtig liom aon ní a dhéanamh go mbainfir amach an chathair sin.» Uime sin a tugadh Zoar (Beag) mar ainm ar an gcathair. Bhí an ghrian éirithe de dhroim talún nuair a ghabh Lót isteach i Zoar. Ansin d' fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna. Dhíothaigh sé na cathracha sin, agus an gleann go léir, agus lucht na gcathracha go léir, agus a raibh ag fás ar an talamh. Ach, d' fhéach bean Lót siar agus rinneadh gallán salainn di. Agus chuaigh Abrahám go moch ar maidin chun na háite inar sheas sé i láthair an Tiarna. D' fhéach sé uaidh síos i dtreo Shodom agus Gomorá agus an ghleanna mar a rith sé, agus chonaic sé an deatach ag éirí on talamh, mar dheatach ó fhoirnéis. Sin mar a bhí nuair a scrios Dia cathracha an ghleanna agus gur chuimhnigh sé ar Abrahám agus gur shaor sé Lót ón díothú nuair a dhíothaigh sé na cathracha mar ar chónaigh Lót. D' imigh Lót amach as Zoar agus chuir sé faoi sna cnoic fara a bheirt iníon mar bhí eagla air fanacht i Zoar. Mhair sé in uaimh é féin agus a bheirt iníon. Agus dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: «Tá ár n-athair anonn san aois, agus níl fear sa dúiche chun céileachas a dhéanamh linn mar a dhéantar ar fud an domhain mhóir. Téanam, cuirimis ar meisce le fíon é agus luímis leis agus beidh sliocht orainn ónár n-athair.» Chuireadar an t-athair ar meisce le fíon an oíche sin, más ea, agus chuaigh an té ba shine isteach agus luigh sí lena hathair cé nár bhraith sé í ag teacht chun luí leis ná ag imeacht arís. Lá arna mhárach dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: «Féach, luigh mé aréir le d' athair; cuirimis ar meisce le fíon arís anocht é; ansin téighse isteach chuige agus luigh leis. Ar an tslí sin, beidh sliocht orainn ónár n-athair.» Chuireadar an t-athair ar meisce le fíon arís an oíche sin, más ea, agus d' éirigh an té a ba óige agus isteach léi agus luigh leis cé nár bhraith sé í chuige ná uaidh. Ghabh beirt iníon Lót clann óna n-athair ar an gcuma sin. Rug an té ba shine mac ar a dtug sí Móáb; agus eisean sinsear Móábach an lae inniu. Agus rug an té ab óige mac ar dtug sí Bein Amaí; agus eisean sinsear Beiné Amón an lae inniu. D' imigh Abrahám ón ait sin go dúiche an Neigib agus chuir faoi idir Cáidéis agus Siúr agus tamall á chaitheamh aige i nGearár. Is é a dúirt Abrahám faoina chéile Sárá: «Is í mo dheirfiúr í,» agus chuir Aibímeilic rí Ghearár fios ar Shárá agus ghabh chuige féin í. Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: «Tá an bás chugat,» ar sé leis, «de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.» Ach ní raibh aon chaidreamh fós ag Aibímeilic uirthi agus dúirt sé: «A Thiarna, an marófá an mhuintir atá gan chionta, chomh maith? Nach ndúirt sé féin: 'Is í mo dheirfiúr í' agus dúirt sí féin: 'Is é mo dheartháir é.' Rinne mé é seo le hionracas croí agus le glaine lámh.» Ansin dúirt Dia leis san fhís: «Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m' aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi. Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.» D' éirigh Aibímeilic go moch ar maidin agus ghlaoigh chuige ar a shearbhóntaí go léir agus d' inis na nithe sin go léir dóibh; bhuail eagla mhór na fir. Agus ghlaoigh Aibímeilic chuige ar Abrahám chomh maith agus dúirt leis: «Cad a rinne tú orainn? Cén éagóir a rinneamar ort go dtarraingeofá a leithéid de pheaca mór orm féin agus ar mo ríocht? Rinne tú liom faoi mar nár chóir.» Ansin d' fhiafraigh Aibímeilic d' Abrahám: «Cad a bhí á thaibhreamh duit go ndearna tú an rud seo?» «Rinne mé é,» arsa Abrahám, «mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná. Agus fairis sin is deirfiúr dom í go deimhin, iníon do m' athair, ach nach iníon do mo mháthair í; agus tugadh dom í mar chéile. Nuair a thug Dia orm imeacht liom ó theach m' athar dúirt mé léi: 'Tá gar is féidir duit a dhéanamh dom: cibé áit ina mbeidh ár dtriall, abair i mo thaobhsa: Is é mo dheartháir é.'» Ansin fuair Aibímeilic caoirigh agus eallach agus daoir fir agus mná agus bhronn iad ar Abrahám agus thug sé Sárá a bhean ar ais dó. Dúirt Aibímeilic: «Sin iad mo chríocha os do chomhair; cuir fút mar ar mian leat.» Agus dúirt sé le Sárá: «Féach, thug mé míle píosa airgid do do dheartháir. Is éiric duit é i súile a bhfuil in éineacht leat; [sin deireadh an ghnó].» Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh. Óir is amhlaidh a dhún an Tiarna an uile bhroinn i dteach Aibímeilic de bharr Shárá bean Abrahám. Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé. Agus ghabh Sárá gin agus rug sí mac d' Abrahám ina sheanaois ag an am a gheall Dia dó. Íosác an t-ainm a thug Abrahám ar an mac a rugadh dó, an mac a rug Sárá dó. Rinne Abrahám timpeallghearradh ar a mhac Íosác nuair a bhí sé ocht lá d' aois faoi mar a d' ordaigh Dia dó. Bhí Abrahám céad bliain d' aois nuair a rugadh a mhac Íosác dó. Ansin dúirt Sárá: «Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.» Lean sí uirthi: «Cé déarfadh le hAbrahám go dtabharfadh Sárá cíoch do chlann! Ach tá mac tugtha agam dó ina sheanaois.» D' fhás an leanbh agus baineadh den chíoch é, agus rinne Abrahám fleá mhór an lá a baineadh Íosác ó dheol. Bhí Sárá ag faire ar mhac Hágár, an tÉigipteach mná, an mac a rug sí d' Abrahám, ag súgradh [lena mac Íosác]. Dúirt sí le hAbrahám: «Tiomáin chun siúil an daoirseach seo agus a mac, óir ní bheidh mac na daoirsí i bpáirt chun na hoidhreachta le mo mhacsa Íosác. Ghoill an chaint sin go mór ar Abrahám de bharr a mhic, ach dúirt Dia leis: «Ná bíodh ceist an ógánaigh agus na daoirsí ag goilliúint ort; cibé rud a deir Sárá leat a dhéanamh, déan rud uirthi, mar is trí Íosác a mhairfidh d' ainm i do shíol. Ach déanfaidh mé cine de mhac na daoirsí mar an gcéanna mar gurb é do shíolsa é.» D' éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d' ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D' imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba. Nuair nach raibh braon uisce fagtha sa tseithe chuir sí an leanbh uaithi faoi thor. Ansin d' imigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: «Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.» Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora. Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: «Cad tá ort, a Hágár?» a d' fhiafraigh sé; «ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé. Éirigh, tóg an leanbh agus coinnigh greim docht láimhe air, mar déanfaidh mé cine mor de.» Ansin d' oscail Dia súile Hágár agus chonaic sí tobar uisce, agus d' imigh agus líon an tseithe d' uisce agus thug deoch don leanbh. Agus bhí Dia leis an leanbh agus d' fhás sé agus chuir faoi san fhásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead. I bhfásach Párán a chuir sé faoi agus fuair a mháthair bean dó ó thír na hÉigipte. Um an dtaca sin tháinig Aibímeilic agus Fíocol, a thaoiseach airm, agus dúirt le hAbrahám: «Bíonn Dia leat i ngach ní a dhéanann tú. Mionnaigh dar Dia dá bhrí sin anseo domsa nach ndéanfaidh tú calaois ormsa ná ar mo chlann ná ar mo shliocht, ach ó bhios-sa cineálta leatsa go mbeidh tusa chomh cineálta céanna liomsa agus leis an bhfearann ina bhfuil tú le seal.» «Déanfad,» arsa Abrahám, «mionnaim sin duit.» Agus rinne Abrahám gearán le hAibímeilic i dtaobh tobair a ghabh searbhóntaí Aibímeilic le láimh láidir. «Ní eol dom,» arsa Aibímeilic, «cé rinne é seo. Níor luaigh tú féin aon ní liom faoi, ná níor chuala mise focal faoi go dtí inniu.» Thug Abrahám caoirigh agus eallach leis ansin agus bhronn ar Aibímeilic iad agus rinneadar conradh le chéile. Chuir Abrahám seacht bhfóisc den tréad i leataobh. «Cad is ciall leis na seacht bhfóisc seo á gcur i leataobh agat?» a d' fhiafraigh Aibímeilic d' Abrahám. D' fhreagair seisean: «Ní foláir duit na seacht bhfóisc seo a ghlacadh ó mo láimh mar fhianaise gur mise a thochail an tobar seo.» Uime sin a tugadh Béar Seaba (Tobar an Mhionna) ar an áit mar gur mhionnaíodar araon ann. Nuair a bhí an conradh déanta acu i mBéar Seaba dá réir sin, chuir Aibímeilic agus Fíocol, an taoiseach airm, chun siúil agus d' fhilleadar ar thír na bhFilistíneach. Phlandaigh Abrahám crann tamaraisce i mBéar Seaba agus ghlaoigh ansiúd ar ainm an Tiarna, Dia síoraí. Agus d' fhan Abrahám tamall fada i dtír na bhFilistíneach. Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: «A Abrahám, a Abrahám,» ar sé. «Anseo dom,» ar seisean. «Tóg leat do mhac,» arsa Dia leis, «d' aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.» D' éirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t-adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis. Ar an tríú lá thóg Abrahám a shúile agus chonaic sé an áit i bhfad uaidh. Ansin dúirt Abrahám lena shearbhóntaí: «Fanaigíse anseo leis an asal; rachaidh mise agus an gasúr ansiúd sall; déanfaimid adhradh agus ansin filleadh oraibh.» Thóg Abrahám adhmad na híobartha dóite, agus chuir ar muin a mhic Íosác é; agus rug leis ina láimh an tine agus an scian agus chuir siad araon chun siúil le chéile. Dúirt Íosác lena athair Abrahám: «A dhaid,» ar sé. «Anseo dom!» arsa Abrahám. «Seo é an tine,» ar sé, «agus an t-adhmad, ach cá bhfuil an t-uan d' íobairt dhóite?» D' fhreagair Abrahám: «Cuirfidh Dia féin an t-uan ar fáil don íobairt dhóite,» agus ar aghaidh leo araon le chéile. Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t-adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad. Shín Abrahám a lámh amach, agus rug greim ar an scian chun a mhac a mharú. Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: «A Abrahám, a Abrahám.» Dúirt sé: «Anseo dom.» Dúirt sé: «Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d' aonmhac, dom.» Ansin d' ardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus d' ofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic. Thug Abrahám «Soláthar ón Tiarna» ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: «Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.» Agus ghlaoigh aingeal an Tiarna ar Abrahám athuair ó neamh: «Mhionnaigh mé dar mise féin focail an Tiarna iad seo ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, d' aonmhac féin, dom, dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde. Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.» D' fhill Abrahám ansin ar a shearbhóntaí agus d' imíodar le chéile go Béar Seaba, agus chuir Abrahám faoi i mBéar Seaba. Tamall ina dhiaidh sin fuair Abrahám scéala gur rug Milceá chomh maith clann dá dheartháir Náchór. Úz a chéadghin, Búz a dheartháir, agus Camúél athair Arám, agus Ceisid agus Chazó agus Pioldáis agus Idleáf agus Batúél ba é Batúél athair Ribeacá. Sin iad an t-ochtar clainne a rug Milceá do Náchór, deartháir Abrahám. Bhí leannán leapa aige leis darbh ainm Reúmá, agus rug sí clann: Teabach agus Gacham agus Tachais agus Mácá. Mhair Sárá céad agus a fiche seacht mbliana; ba é sin an líon blianta saoil a fuair Sárá: agus d' éag Sárá i gCiriát Arba, nó Heabrón, i dtír Chanán, agus chuaigh Abrahám isteach ag caí Sárá agus á caoineadh. Ansin d' éirigh Abrahám ó láthair a phúire agus dúirt sé le clann Héat: «Is coimhthíoch agus deoraí mé in bhur measc: tugaigí seilbh dom ar ionad adhlactha in bhur measc, go ndéanfaidh mé mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl.» D' fhreagair clann Héat Abrahám: «Éist linn, a thiarna,» ar siad leis. «Is tú taoiseach Dé inár measc. Cuir do mharbh i dtogha ár dtuamaí; ní dhiúltóidh aon duine againn a thuama duit ná ní choiscfidh ort do mharbh a adhlacadh.» D' éirigh Abrahám ina sheasamh ansin agus shléacht sé go talamh do mhuintir na tíre, do chlann Héat, agus labhair sé leo: «Más toil libh,» ar sé leo, «go ndéanfainn mo mharbh a adhlacadh ó amharc mo shúl, éistigí liom agus déanaigí idirghuí ar mo shon le hEafrón mac Zochar, d' fhonn go dtabharfadh sé dom an uaimh atá aige i Macpaelá: tá sé ar imeall a fhearainn. Tugadh sé dom í in bhur bhfianaise ar an iomlán is fiú í, chun í a bheith agam mar ionad adhlactha.» Tharla Eafrón a bheith ina shuí i measc chlann Héat agus thug Eafrón an Hiteach freagra ar Abrahám i gcomhchlos chlann Héat agus na ndaoine go léir a ghabh geata a chathrach isteach. «Cuir uait, a thiarna,» ar sé, «agus éist liom. Bronnaim an fearann ort agus an uaimh atá ann; tugaim in aisce duit é i bhfianaise chlann mo mhuintire. Déan do mharbh a adhlacadh.» Ansin shléacht Abrahám i láthair mhuintir na tíre. Dúirt sé le hEafrón i gcomhchlos mhuintir na tíre: «Más mar sin [is mian leat]. Ach éist liom. Tabharfaidh mé a luach duit ar an bhfearann seo; tóg uaim é agus cuirfidh mé mo mharbh ann.» Thug Eafrón freagra ar Abrahám: «A thiarna,» ar sé, «éist liom. Paiste talún is fiú ceithre chéad seicil airgid, cad é sin idir mise agus tusa? Déan do mharbh a adhlacadh.» Rinne Abrahám an margadh ar bhreith béil Eafrón, agus thomhais Abrahám d' Eafrón an tsuim airgid a luaigh sé i gcomhchlos chlann Héat, ceithre chéad seicil airgid is é sin, de réir an tomhais a chleacht na ceannaithe. An fearann úd Eafrón i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, an fearann agus an uaimh ann, agus na crainn go léir san fhearann, an dúiche go léir ó cheann ceann, cuireadh i seilbh dhílis Abrahám é, i bhfianaise chlann Héat agus os comhair na ndaoine go léir a ghabh trí gheata a chathrach isteach. Ansin rinne Abrahám Sárá, a bhean, a adhlacadh san uaimh i bhfearann Macpaelá lastoir de Mhamrae (Heabrón is é sin) i dtír Chanán. Chuir clann Héat an fearann agus an uaimh a bhí ann i seilbh dhílis Abrahám le bheith aige mar ionad adhlactha. Bhí Abrahám ina sheanduine, anonn go maith sna blianta, agus bhí beannacht an Tiarna air ina chúrsaí go léir. Dúirt Abrahám leis an sinsear ar shearbhóntaí a theaghlaigh, an té a bhí i bhfeighil a raibh de mhaoin aige: «Cuir do lámh faoi mo cheathrú agus cuirfidh mé faoi bhrí na mionn thú, dar an Tiarna, Dia neimhe agus talún, gan bean a fháil do mo mhac ó iníonacha na gCanánach a bhfuil cónaí orm ina measc ach, ina ionad sin, dul ag triall ar mo thír dhúchais agus ar mo mhuintir féin chun bean a fháil do mo mhac Íosác.» D' fhreagair an searbhónta é: «B' fhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom chun na dúiche seo; ansin cad a dhéanfainn? An gcaithfinn ansin do mhac a bhreith ar ais chun na tíre as ar tháinig tú?» «Ná beir mo mhac ansiúd ar ais ar aon chúinse, féach!» arsa Abrahám. «An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach m' athar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: 'Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo'; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin. Muran toil leis an mbean tú a leanúint, beidh tú saor ón mionn seo liomsa; ach ná beir mo mhac leat ar ais ansiúd.» Chuir an searbhónta a lámh faoi cheathrú Abrahám, a thiarna, dá bhrí sin agus thug sé mionn dó go ndéanfadh sé an méid sin. Rug an searbhónta deich gcinn de chamaill a mháistir leis agus a rogha de gach sórt de thogha maoine a mháistir agus chuir sé chun bóthair i dtreo Arám na nAibhneacha, go cathair Náchór. Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair. Agus dúirt sé: «A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, bí faram inniu, iarraim ort, agus bí cineálta le mo mháistir Abrahám. Seo i mo sheasamh anseo mé láimh leis an tobar fíoruisce agus iníonacha mhuintir na cathrach ag teacht amach ag triall ar uisce. An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: 'Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,' agus a fhreagróidh: 'Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,' go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.» Is ar éigean a bhí na focail sin ráite aige nuair a tháinig Ribeacá amach agus crúsca ar a gualainn aici. Ba í iníon Bhatúél mac Mhilceá bean dheartháir Abrahám, Náchór. Ógbhean le barr sceimhe a ba ea í agus maighdean nach raibh cuid ag fear di. Chuaigh sí síos chun an tobair, líon a crúsca agus tháinig aníos. Rith an searbhónta ina treo ansin agus dúirt: «Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca le do thoil.» «Bíodh deoch agat, a thiarna,» ar sí á fhreagairt agus lig sí an crúsca anuas ar a géag gan mhoill agus thug deoch dó. Tar éis di an deoch a thabhairt do, dúirt sí: «Tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith go n-óla siad a sáith.» Scaoil sí a raibh d' uisce ina crúsca isteach san umar ansin go deifreach agus rith léi go dtí an tobar arís ag triall ar uisce, agus tharraing sí dóthain a chamall go léir. Bhí sé siúd gan focal as ag faire uirthi, féachaint an raibh bail ón Tiarna ar a aistear nó nach raibh. Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha. «Cé hé do athair?» ar sé. «Abair, le do thoil! Agus an bhfuil slí i dteach d' athar dúinn chun an oíche a chaitheamh ann?» D' fhreagair sí é: «Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,» ar sí, agus lean sí uirthi: «Tá raidhse tuí agus foráiste againn agus áit lóistín.» Shléacht an fear ansin agus d' adhair sé an Tiarna á rá: «Moladh leis an Tiarna, Dia do mháistir Abrahám! óir níor stad sé ach ag déanamh cineáltais agus maitheasa do mo mháistir. Sheol an Tiarna mé caol díreach go teach ghaolta mo mháistir!» Rith an ógbhean léi ansin agus d' inis gach ar tharla do theaghlach a máthar. Bhí deartháir ag Ribeacá arbh ainm dó Lábán, agus bhrostaigh seisean amach chun an tobair mar a raibh an fear. A luaithe a chonaic sé an fáinne agus na bráisléid a bhí á gcaitheamh ag a dheirfiúr, agus gur chuala sé a ndúirt Ribeacá a dheirfiúr: «A leithéid seo ar sé liom,» chuaigh sé go dtí an fear; agus, féach! bhí seisean ina sheasamh lena chamaill ag an tobar. «Tar isteach,» ar sé, «tusa a bheannaigh an Tiarna; cad a ba áil leat i do sheasamh anseo amuigh? óir tá an teach i gcóir duit agus áit do do chamaill.» Chuaigh an fear isteach; scoir Lábán na camaill agus thug dó tuí agus foráiste do na camaill agus uisce chun a chosa agus cosa a chompánach a ionladh. Leagadar bia os a chomhair, ach dúirt sé: «Ní bhlaisfidh mé greim nó go mbeidh mo theachtaireacht inste agam.» «Abair leat,» arsa [Lábán]. «Searbhónta Abrahám mise,» ar sé. «Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail. Sárá, bean mo mháistir, rug sí mac dó ina seanaois; thug sé a bhfuil aige dósan. Chuir mo mháistir mise faoi bhrí na mionn á rá: 'Ní bhfaighidh tú bean do mo mhac ó iníonacha na gCanánach, a bhfuil cónaí orm ina measc. Ach ina ionad sin, rachaidh tú go teach m' athar agus go dtí mo mhuintir féin agus bean a fháil do mo mhac.' Dúirt mé le mo mháistir: 'B' fhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom.' Ach d' fhreagair sé: 'An Tiarna, a siúlaim ina fhianaise, seolfaidh sé a aingeal farat d' fhonn go n-éireodh do bhóthar leat agus gheobhaidh tú bean do mo mhac ó mo mhuintir agus ó theach m' athar. Mar seo a bheidh tú saor ó dheasca mo mhionna: rachaidh tú go dtí mo mhuintir; agus má dhiúltaíonn siad duit í, beidh tú saor ó dheasca mo mhionna.'» «Tháinig mé inniu dá réir sin go dtí an tobar agus dúirt mé: 'A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, taispeáin dom an bhfuil do bhail á cur agat ar an ród ar a dtriallaim. Seo mé i mo sheasamh ag an tobar fíoruisce: an ógbhean dá bhrí sin a thiocfaidh amach ag triall ar uisce agus a ndéarfaidh mé léi: Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca, le do thoil, agus a déarfaidh: Bíodh deoch agat, agus tarraingeoidh mé uisce do do chamaill chomh maith gurab í sin an bhean a roghnaigh an Tiarna do mhac mo mháistir.' Sula raibh deireadh ráite agam liom féin, ba sheo amach Ribeacá agus a crúsca ar a gualainn; síos léi chun an tobair agus tharraing. ' Tabhair dom deoch le do thoil,' arsa mise léi. Lig sí a crúsca dá gualainn gan mhoill agus dúirt: 'Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith.' D' ól mé deoch dá bhrí sin agus thug sí deoch do na camaill leis. Chuir mé ceist uirthi: 'Cé hé d' athair?' ' Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,' ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha. Ansin shléacht mé agus d' adhair mé an Tiarna, agus mhol mé an Tiarna, Dia mo mháistir Abrahám, a threoraigh mé le barr cineáltais chun iníon bhráthair mo mháistir a thoghadh dá mhac. Anois mar sin, más mian libh a bheith dílis ionraic le mo mháistir, insigí dom é; agus mura bhfuil sibh, abraigí ionas go gcasfainn deiseal nó tuathal.» D' fhreagair Lábán agus Batúél: «Ón Tiarna é seo! ní féidir linne sea ná ní hea a rá leat. Sin í Ribeacá os do chomhair. Tóg leat í agus imigh agus bíodh sí mar bhean ag mac do mháistir, faoi mar a dúirt an Tiarna.» Arna chlos sin do shearbhónta Abrahám, shléacht sé go talamh agus d' adhair sé an Tiarna. Thóg sé amach seoda óir agus airgid agus éadaí agus thug do Ribeacá iad; thug sé ornáidí luachmhara dá deartháir agus dá máthair chomh maith. Bhí bia agus deoch aige féin agus ag a chomhluadar agus chaitheadar an oíche ansiúd. Ar n-éirí dóibh ar maidin dúirt sé: «Scaoiligí ar ais chun mo mháistir mé.» Dúirt an deartháir agus an mháthair: «Fanadh an ógbhean farainn tamall, deich lá ar a laghad; ní miste di imeacht ansin.» «Ná cuirigí moill orm,» ar sé leo, «mar is é an Tiarna a chuir bail ar m' aistear. Scaoiligí liom ag triall ar mo mháistir.» «Glaofaimid ar an ógbhean,» ar siad, «agus cuirfimid ceist uirthi.» Agus ghlaodar ar Ribeacá agus chuireadar ceist uirthi: «An rachaidh tú leis an bhfear seo?» «Déanfaidh mé,» ar sí. Scaoileadar chun siúil dá bhrí sin Ribeacá a ndeirfiúr agus a buime, agus searbhónta Abrahám agus a chuid fear. Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi: «A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort! Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht! Go raibh seilbh ag do shíol Ar gheataí a naimhde.» Ansin d' éirigh Ribeacá agus a hionailtí agus chuaigh ar muin na gcamall agus lean an fear: rug an searbhónta Ribeacá leis ar an tslí sin agus d' imigh. Bhí Íosác ag cur faoi sa Neigib agus é tagtha um an dtaca sin go dtí fásach Thobar an Bheo a Fheiceann. Le fuineadh an lae chuaigh Íosác amach ag siúl sna bánta; d' ardaigh sé a shúile agus d' fhéach uaidh agus chonaic camaill chuige. Agus d' ardaigh Ribeacá a súile agus nuair a chonaic sí Íosác tháinig anuas dá camall agus dúirt leis an searbhónta: «Cé hé an fear úd thall ag siúl an bháin inár dtreo?» «Siúd é mo mháistir,» arsa an searbhónta á freagairt. Thóg sí an fial ansin agus chuir thar a ceannaithe é. D' inis an searbhónta do Íosác gach a raibh déanta aige. 68 Rug Íosác Ribeacá leis isteach ina bhoth, rinne a chuid féin di, agus thug grá di. Fuair Íosác sólás ar an gcuma sin tar éis bhás a mháthar. Phós Abrahám an dara bean darbh ainm Catúrá, agus rug sí clann dó: Zimreán agus Iocseán agus Madán agus Midián agus Isbeác agus Siúach. Ba é Iocseán athair Shéabá agus Dadán. Ba iad clann Dadán: na hAisiúraím agus na Latúisím agus na Leumaím. Agus is iad clann Mhidián: Éafá agus Éifir agus Hanoch agus Aibídeá agus Ealdá. Clann Chatúrá iadsan go léir. Thug Abrahám a raibh aige do Íosác, ach thug Abrahám tabhartais do chlann a leannán chomh maith agus lena linn féin chuir sé chun siúil iad ona mhac Íosác, soir i dtreo na tíre lastoir. Bhí céad seachtó cúig bliana d' fhad saoil ag Abrahám. Chuaigh sé in éag agus tháinig an bás air i bhfómhar a sheanaoise agus é ina sheanduine fadsaolach agus cruinníodh chun a mhuintire é. D' adhlaic a chlann mhac Íosác agus Ísmeáél é in uaimh Mhacpaelá i bhfearann Eafrón mac Zóchar an Hiteach, lastoir do Mhamrae, an fearann a cheannaigh Abrahám ó chlann Héat. Adhlacadh Abrahám ansiúd le hais Sárá a bhean. Tar éis bháis d' Abrahám, chuir Dia a bheannacht ar a mhac Íosác, agus bhí cónaí ar Íosác i gcomharsanacht Thobar an Bheo a Fheiceann. Seo síos sliocht Ísmeáél, mac Abrahám, an mac a rug Hágár an tÉigipteach, ionailt Shárá, dó. Seo iad ainmneacha mhac Ísmeáél de réir oird a nginte: Nabáiót céadghin Ísmeáél, agus Caedár, agus Adbael agus Miobsám agus Mismeá agus Dúmá agus Masá, agus Hadad agus Teamá agus Iatúr agus Náifís agus Céadamá. Sin iad clann mhac Ísmeáél agus a n-ainmneacha de réir a mbailte agus a láithreacha lonnaithe: dáréag taoiseach ar a gcomhlíon treibheanna. Mhair Ísmeáél céad agus a tríocha seacht mbliana. Ansin chuaigh sé in éag, tháinig an bás air, agus cruinníodh chun a mhuintire é. Bhí cónaí air sa dúiche idir Havalá agus Siúr lastoir den Éigipt ar an mbealach chun na hAsaíre. Bhíodh sé ag spairn lena bhráithre go léir. Seo scéala Íosác mac Abrahám inár ndiaidh. Ghin Abrahám Íosác. Bhí Íosác daichead bliain nuair a phós sé Ribeacá, iníon Bhatúél an t-Arámach as Padan Arám, agus deirfiúr Lábán an tArámach. Agus ghuigh Íosác chun an Tiarna ar son a mhná mar go raibh sí aimrid; agus d' éist an Tiarna lena ghuí agus ghabh sí toircheas. Bhí na leanaí ag imreas ina broinn, agus dúirt sí: «Más mar sin atá, cad ab áil liom a bheith beo?» Chuaigh sí i gcomhairle leis an Tiarna dá bhrí sin, agus dúirt an Tiarna léi: «Tá dhá náisiún i do bhroinn; Cinfidh dhá chine naimhdeacha uait; Beidh náisiún díobh ina mháistir ar an gceann eile, Agus déanfaidh an sinsear freastal ar an sóisear.» Nuair a tháinig a hionú, sea bhí cúpla ina broinn. An duine ba thúisce acu a saolaíodh, bhí sé rua agus é amhail is a bheadh a chorp fillte i mbrat fionnaidh; uime sin thugadar Éasau air. Ansin rugadh a dheartháir agus greim lena láimh aige ar sháil Éasau; uime sin thugadar Iacób air. Bhí Íosác trí fichid bliain nuair a rugadh iad. Nuair a d' fhás na buachaillí suas, rinne fiagaí oilte d' Éasau, fear tuaithe. Ba dhuine ciúin é Iacób, áfach agus, d' fhanadh sé sa bhaile sna bothanna. B' fhearr le hÍosác Éasau mar go bhfuair sé blas ar an tseilg; ach b' fhearr le Ribeacá Iacób. Lá dá raibh brachán á bhruith ag Iacób, tháinig Éasau isteach ón machaire agus é stiúgtha leis an ocras. Agus dúirt Éasau le Iacób: «Lig dom cuid den bhrachán rua sin a ithe. Táim stiúgtha» uaidh sin a fuair sé an t-ainm Eadóm. «Reic liom do cheart sinsearachta ar dtús más ea,» arsa Iacób. «Cén tairbhe domsa mo cheart sinsearachta,» arsa Éasau, «agus an bás ag snámh orm?» «Mionnaigh dom ar dtús é!» arsa Iacób. Thug Éasau a mhionn dó ansin agus dhíol a cheart sinsearachta le Iacób. Ansin thug Iacób arán agus brachán lintile do Éasau; d' ith seisean agus d' ól agus d' imigh leis. Sin a raibh de mheas ag Éasau ar a cheart sinsearachta. Bhí gorta sa tír ceann eile seachas é siúd a bhí le linn Abrahám agus chuaigh Íosác go Gearár, go hAibímeilic rí na bhFilistíneach. Thaispeáin an Tiarna é féin dó agus dúirt: «Ná téigh síos go dtí an Éigipt ach fan sa tír a inseoidh mé duit. Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n-athair Abrahám. Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin. Óir bhí Abrahám umhal do mo ghlór agus rinne sé mo réir, chomhlíon sé m' aitheanta agus mo reachtanna agus mo dhlíthe.» D' fhan Íosác i nGearár dá bhrí sin. Nuair a chuir muintir na háite ceist air faoina bhean, d' fhreagair sé: «Is í mo dheirfiúr í,» mar bhí eagla air a rá: «Is í mo bhean í,» le faitíos go gcuirfidís é féin chun báis ar son Ribeacá de bharr feabhas a scéimhe. Tharla, agus tamall fada caite aige ann, gur fhéach Aibímeilic, rí na bhFilistíneach, amach trí fhuinneog agus go bhfaca sé Íosác ag láínteacht lena bhean Ribeacá. Chuir Aibímeilic fios ar Íosác: «Ní foláir nó gurb í do bhean í! Conas mar sin a d' fhéad tú a rá: 'Is í mo dheirfiúr í'?» «Mar go raibh eagla orm,» arsa Íosác leis, «go marófaí mé ar a son.» «Céard é seo atá déanta agat linn?» arsa Aibímeilic. «B' fhurasta a tharlú go rachadh duine dár muintir chun luí le do bhean agus ansin bheadh coir tugtha sa mhullach agat orainn.» Ansin thug Aibímeilic ordú dá mhuintir go léir: «Aon duine a leagfaidh lámh ar an bhfear seo nó ar a bhean, cuirfear chun báis é.» Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean, agus rinne fear saibhir de agus mhéadaigh ar a mhaoin i gcónaí go dtí go raibh sé an-ghustalach ar fad. Bhí táinte agus tréada agus a lán searbhóntaí aige i dtreo go dtáinig formad ar na Filistínigh leis. Na toibreacha fíoruisce go léir a thochail daoir a athar le linn Abrahám a athair, chaith na Filistínigh cré isteach iontu agus dhún iad. Agus dúirt Aibímeilic le hÍosác: «Imigh leat uainne, mar is cumhachtaí go mor tú ná sinne.» D' fhág Íosác an áit sin agus chuir suas a bhoth i nGleann Ghearár agus chuir faoi ann. Agus thochail Íosác arís na toibreacha fíoruisce a rinne daoir a athar Abrahám, ach a dhún na Filistínigh tar éis bhás Abrahám, agus thug sé na hainmneacha céanna orthu agus a thug a athair. Nuair a thochail daoir Íosác sa ghleann agus go bhfuaireadar tobar fíoruisce, tháinig aoirí Ghearár chun imris le haoirí Íosác á rá: «Linne an t-uisce.» Thug sé Éisic (Aighneas) dá bhrí sin ar an tobar mar go ndearnadar aighneas leis. Ansin thochail siad tobar eile, agus bhí aighneas eatarthu faoi sin leis, agus thug sé Sitneá (Eascairdeas) air. D' fhág sé an áit sin agus thochail sé tobar eile agus ní raibh aon imreas faoin gceann seo, agus thug sé Rachóbót (Fairsinge) air á rá: «Thug an Tiarna fairsinge dúinn anois agus beidh an rath orainn sa dúiche.» Chuaigh sé as sin go Béar Seaba. Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt: «Mise Dia d' athar Abrahám. Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol, Ar son mo shearbhónta Abrahám.» Thóg sé altóir don Tiarna ansiúd agus ghlaoigh ar ainm an Tiarna. Chuir sé suas a bhoth ann agus thochail daoir Íosác tobar ann. Agus tháinig Aibímeilic ar a thuairisc ó Ghearár agus Achuzat a chomhairleoir agus Fíocol a thaoiseach airm in éineacht leis. Dúirt Íosác leo: «Cad a ba áil libh teacht chugam ós fuath libh mé agus gur chuir sibh chun siúil uaibh mé?» D' fhreagraíodar: «Ba léir dúinn go raibh an Tiarna leat, agus dúramar: Bíodh mionn eadrainn, agus déanaimis conradh le chéile, sinne agus tusa, nach ndéanfaidh tusa aon dochar dúinn, faoi mar nach ndearnamarna riamh aon díobháil duit ach bhíomar i gcónaí cineálta leat agus chuireamar chun siúil tú faoi shíocháin. Anois tá beannacht an Tiarna ort.» Rinne sé fleá dóibh ansin agus chaitheadar bia agus deoch. D' éiríodar go moch ar maidin agus ghlacadar mionn a chéile. Ansin d' fhag Íosác slán acu agus d' imíodar uaidh faoi shíocháin. An lá ceannann céanna tháinig daoir Íosác chuige le scéala an tobair a thochail siad. «Thángamar ar uisce,» ar siad. Thug sé Sibeá (Mionn) ar an tobar dá bhrí sin agus tá Béar Seaba ar an gcathair go dtí an lá atá inniu ann. Nuair a bhí Éasau daichead bliain phós sé Iúidit iníon Bhéirí an Hiteach, agus Básamat iníon Éalon an Hiteach. Ghoill an bheirt bhan seo ar chroí ar Íosác agus ar Ribeacá. Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. «A mhic,» ar sé leis, agus d' fhreagair seisean: «Anseo dom.» Dúirt sé ansin: «Féach go ndeachaigh mé in aois agus nach bhfuil fios lá mo bháis agam. Gabh chugat do chuid airm dá bhrí sin, do bholgán agus do bhogha agus imigh amach faoi na bánta agus faigh seilg dom. Déan béile bia blasta dom mar is maith liom agus tabhair chugam é go n-íosfaidh mé agus mo bheannacht a chur ort roimh bhás dom.» Chuala Ribeacá an chaint sin á rá ag Íosác lena mhac Éasau. Nuair a chuaigh Éasau amach faoi na bánta dá bhrí sin ar thóir seilge dá athair, dúirt Ribeacá lena mac Iacób: «Chuala mé d' athair ag caint le do dheartháir Éasau anois beag agus á rá leis: ' Tabhair seilg chugam agus déan béile bia blasta dom. Ansin íosfaidh mé agus cuirfidh mé mo bheannacht ort i láthair an Tiarna roimh bhás dom.' Éist liom dá bhrí sin a mhic, agus déan mar a deirim leat. Téigh go dtí an tréad agus beir leat dhá mheannán mhaithe chugam i dtreo go ndéanfainn béile bia blasta díobh mar is maith le d' athair. Agus tabharfaidh tú chun d' athar é i dtreo go n-íosfaidh sé agus a bheannacht a chur ort roimh bhás dó.» Dúirt Iacób lena mháthair Ribeacá: «Féach, tá mo dheartháir Éasau lán d' fhionnadh, ach tá mo chneas-sa mín. Má tharlaíonn go mbainfidh m' athair liom, sílfidh sé mé a bheith ag magadh faoi, agus is ní beannacht ach mallacht a thabharfaidh mé sa mhullach orm féin.» «Bíodh an mhallacht sin ormsa, a mhic,» arsa a mháthair leis, «ach éist le mo ghlór, imigh leat agus tabhair chugam iad siúd.» D' imigh sé ag triall ar an dá mheannán dá bhrí sin agus thug chun a mháthar iad agus rinne sise an béile bia blasta a thaitin le hÍosác. Ansin thóg Ribeacá an t-éadach is fearr a bhí sa teach aici leis an mac ba shine Éasau agus chuir iad ar Iacób an mac ba óige; agus chlúdaigh sí a ghéaga agus mín a mhuiníl le seithí na meannán. Ansin shín sí chun a mic Iacób an bia blasta agus an t-arán a bhí ullamh aici. Chuaigh sé i láthair a athar: «A athair,» ar sé. «Anseo dom,» ar seisean, «agus cé hé thú féin, a mhic?» D' fhreagair Iacób: «Mise Éasau do chéadghin; rinne mé mar a dúirt tú. Éirigh aniar, agus ith den tseilg a thug mé chugat go gcuirfidh tú do bheannacht orm.» Dúirt Íosác lena mhac: «Nach gasta a fuair tú í, a mhic!» D' fhreagair sé: «Ba é an Tiarna do Dhia a chas i mo threo í.» Ansin dúirt Íosác le Iacób: «Tar i leith chugam, a mhic, go leagfaidh mé lámh ort agus go mbeidh a fhios agam an tú dáiríre mo mhac Éasau nó nach tú.» Dhruid Iacób suas taobh le hÍosác a athair, agus leag seisean lámh air agus dúirt: «Guth Iacóib é an guth, ach lámha Éasau iad na lámha.» Níor aithin sé é mar go raibh fionnadh ar a lámha mar lámha Éasau, agus chuir sé a bheannacht air. «An tú dáiríre mo mhac Éasau?» ar sé, agus d' fhreagair sé: «Is mé sin.» «Más ea,» arsa Íosác, «tabhair chugam le hithe an tseilg a fuair mo mhac, go gcuirfidh mé mo bheannacht ort.» Thug sé chuige í agus d' ith sé; agus thug sé fíon chuige agus d' ól sé. Ansin dúirt a athair Íosác leis: «Tar i leith chugam a mhic, agus tabhair dom póg.» Tháinig sé i leith chuige agus thug póg dó. Fuair sé mos agus boladh a chuid éadaigh agus bheannaigh é agus dúirt: «An boladh atá ó mo mhac, is cosúil é leis an mboladh ó ghort torthúil ar a bhfuil beannacht ón Tiarna. Go dtuga Dia duit de dhrúcht neimhe, agus de mhéith na talún, flúirse arbhair agus fíona! Go ndéana náisiúin seirbhís duit agus go sléachta ciníocha go talamh duit! Bí i gceannas ar do bhráithre; go sléachta mic do mháthar go talamh duit! Go raibh mallacht ar gach duine a chuirfidh mallacht ort; go raibh beannacht ar gach duine a chuirfidh beannacht ort!» Is ar éigean a bhí deireadh ag Íosác ag beannú Iacóib agus Iacób imithe amach óna athair Íosác nuair a tháinig Éasau a dheartháir isteach ón bhfiach. Rinne seisean leis bia blasta a chóiriú agus thug leis chun a athar é. Agus dúirt sé lena athair: «Éirigh aniar, a athair, agus ith den tseilg a thug do mhac leis agus ansin tabhair dom do bheannacht.» D' fhiafraigh a athair Íosác de: «Cé hé thú féin?» D' fhreagair sé: «Mise do mhac, do chéadghin Éasau.» Bhuail taom de bhallchrith Íosác agus dúirt: «Cérbh é siúd mar sin,» ar sé, «a chuaigh ag fiach agus a fuair seilg agus a thug chugam í agus gur ith mé í go léir sula dtainig tú? Chuir mé mo bheannacht air, sea, agus is air a fhanfaidh mo bheannacht!» Nuair a chuala Éasau an chaint sin lig sé liú ard cráite as á rá in ard a ghutha: «Ó a athair liom, cuir do bheannacht ormsa, sea ormsa, chomh maith.» D' fhreagair sé: «Tháinig do dheartháir trí chealg agus sciob sé leis do bheannacht.» Dúirt Éasau: «Nach maith mar atá sé tuillte aige Iacób a bheith mar ainm air. Seo an dara huair aige ag fáil buntáiste orm. Sciob sé leis mo cheart sinsearachta, agus seo anois é ag baint mo bheannachta díom.» Agus ar sé: «Ar choimeád tú aon bheannacht domsa?» Thug Íosác freagra ar Éasau: «Féach! rinne mé tiarna de os do chionn; thug mé a bhráithre uile mar shearbhóntaí dó; thug mé arbhar agus fíon mar chothú dó; cad eile a fhágann sin le déanamh duitse, a mhic?» Dúirt Éasau lena athair: «An amhlaidh nach bhfuil agat ach an t-aon bheannacht amháin, a athair? Cuir beannacht ormsa, chomh maith, a athair liom.» [Níor labhair Íosác focal], ach scread Éasau in ard a chinn agus bhris a ghol air. D' fhreagair a athair Íosác é ansin mar leanas: «Is fada ó mhéith na talún a bheidh d' áit lonnaithe, agus is fada ón drúcht ó neamh thuas. Mairfidh tú de bhíthin do chlaímh, agus déanfaidh tú fónamh do do dheartháir. Ach nuair a bhainfidh tú saoirse amach, cuirfidh tú a chuingsean de do mhuineál.» Thug Éasau fuath do Iacób de bharr na beannachta lenar bheannaigh a athair é, agus dúirt Éasau leis féin: «Is gearr uainn an lá ina mbeidh m' athair á chaoineadh againn, agus ansin maróidh mé mo dheartháir Iacób.» Insíodh do Ribeacá an ní a dúirt Éasau an mac ba shine agus chuir sise fios ar Iacób an mac ab óige, agus dúirt leis: «Féach, tá do dheartháir Éasau ag iarraidh sásamh a bhaint asat agus tú a mharú. Anois mar sin a mhic ó, éist le mo ghlór: Éirigh, teith go Lábán mo dheartháir i Hárán agus fan tamall ina fhochair go dtráfaidh fearg do dhearthár, agus go ndéana sé dearmad dá bhfuil déanta agat ina aghaidh; ansin cuirfidh mé fios ort agus tabharfaidh mé ar ais thú on áit sin. Cén fáth go gcaillfinn sibh araon san aon lá amháin?» Dúirt Ribeacá ansin le hÍosác: «Táim cortha den saol de bharr iníonacha Héat. Má phósann Iacób ceann d' iníonacha Héat, mar iad seo, duine de mhná na tíre seo, cén tairbhe dom a bheith beo feasta?» Asin ghlaoigh Íosác ar Iacób agus bheannaigh é agus thug an t-ordú seo dó: «Ná pós bean de mhná na gCanánach. Imigh leat soir go Padan Arám go teach Bhatúél, athair do mháthar, agus tóg ón áit sin duine d' iníonacha Lábán, deartháir do mháthar, mar bhean duit féin. Go mbeannaí Dia Uilechumhachtach thú agus go gcuire sé an rath ort agus sliocht iomadúil i dtreo go ndéana baicle ciníocha díot. Go gcuire sé beannacht Abrahám ort féin agus ar do shliocht i do theannta i dtreo go bhfaighidh tú seilbh ar an bhfearann ina bhfuil tú anois, fearann a thug sé d' Abrahám.» Chuir Íosác Iacób chun siúil agus d' imigh Iacób go Padan Arám, go Lábán mac Bhatúél an tArámach, deartháir Ribeacá, máthair Iacób agus Éasau. Chonaic Éasau gur chuir Íosác a bheannacht ar Iacób agus gur sheol sé go Padan Arám é chun bean a fháil ann, agus á bheannú dó gur thug sé ordú: «Ná pós bean de mhná na gCanánach»; agus gur ghéill Iacób dá athair agus dá mháthair agus go ndeachaigh sé go Padan Arám. Tuigeadh dó dá bhrí sin nár thaitin mná na gCanánach le hÍosác a athair, agus chuaigh sé go hÍsmeáél agus phós sé bean eile de bhreis ar na mná a bhí aige, Machalat iníon le hÍsmeáél mac Abrahám, deirfiúr Nabáiót. D' fhág Iacób Béar Seaba agus thug aghaidh ar Hárán. Tháinig sé go dtí áit áirithe agus chaith sé an oíche ann mar go raibh an ghrian imithe faoi. Thóg sé cloch de na clocha a bhí ansiúd agus chuir faoina cheann í agus luigh síos mar a raibh sé. Rinneadh taibhreamh dó: dréimire ina sheasamh ar an talamh agus a bharr ag sroicheadh neimhe, agus bhí aingil Dé suas agus anuas air. Agus bhí an Tiarna ansiúd ina sheasamh os a chionn agus dúirt: «Mise an Tiarna, Dia Abrahám, d' athair, agus Dia Íosác. Tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht an talamh ar a bhfuil tú i do luí. Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin. Féach! táim taobh leat agus cosnóidh mé thú cibé áit a ngabhfaidh tú agus seolfaidh mé ar ais chun na tíre seo thú, mar ní scarfaidh mé leat nó go ndéanfaidh mé a bhfuil geallta agam duit.» Ansin dhúisigh Iacób as a chodladh agus dúirt: «Tá an Tiarna san áit seo, tá sin, agus ní raibh a fhios agam é.» Bhí eagla air agus dúirt: «Nach uaimhneach an áit é seo! Céard eile é seo ach teach Dé! Is é geata na bhflaitheas é.» D' éirigh Iacób go moch ar maidin dá bhrí sin, agus thóg an chloch a bhí faoina cheann agus chuir ina seasamh í mar ghallán cuimhneacháin, agus dhoirt ola uirthi. Thug sé Béitéil mar ainm ar an áit; Lúz a bhí mar ainm ar an mbaile roimhe sin. Thug Iacób móid ansin á rá: «Má bhíonn Dia liom agus mé a choimeád slán ar an turas seo ar a dtriallaim, agus bia le hithe a thabhairt dom, agus éadach le caitheamh, i dtreo go bhfillfidh mé slán folláin ar theach m' athar, ansin beidh an Tiarna ina Dhia agam, agus an chloch seo a chuir mé ina seasamh mar ghallán cuimhneacháin, beidh sí ina teach Dé, agus tabharfaidh mé duit deachú dá mbronnann tú orm.» Chuaigh Iacób ar aghaidh agus tháinig sé go dtí tír mhuintir an Oirthir. D' fhéach sé agus ba shiúd tobar sna bánta agus trí thréad caorach ina luí lena ais, mar ba as an tobar sin a thugtaí uisce do na caoirigh. Cloch mhór a ba ea í siúd a bhí ar bhéal an tobair. Chruinnítí na tréada go léir ansiúd agus bhaintí an chloch de bhéal an tobair chun deoch a thabhairt do na caoirigh; ansin chuirtí an chloch ar ais ina háit ar bhéal an tobair. Dúirt Iacób leis na haoirí: «A bhráithre, cad as daoibh?» «As Hárán dúinn,» ar siad. Chuir sé ceist orthu ansin: «An bhfuil aithne agaibh ar Lábán, mac Náchór?» «Tá aithne againn air,» ar siad. «An bhfuil an scéal go maith aige?» ar sé leo. «Tá,» ar siad, «agus sin í a iníon Ráchael ag teacht leis na caoirigh.» Dúirt sé leo: «Tá sé fós ina lá mór maith; níl sé in am na tréada a sheoladh isteach; tugaigí uisce do na caoirigh, agus seolaigí amach chun féaraigh arís iad.» «Ní féidir dúinn é,» ar siad, «go dtí go gcruinnítear na tréada go léir agus go mbaintear an chloch de bhéal an tobair; ansin tabharfaimid deoch do na caoirigh.» Le linn dó a bheith ag caint leo, seo chucu Ráchael le caoirigh a hathar, mar is í ba aoire orthu. A luaithe a chonaic Iacób Ráchael iníon Lábán, deartháir a mháthar, agus caoirigh Lábán, deartháir a mháthar, chuaigh sé suas agus bhain an chloch de bhéal an tobair agus thug uisce do thréad Lábán deartháir a mháthar. Ansin phóg Iacób Ráchael agus bhris a ghol air. D' inis sé do Ráchael gurbh é bráthair a hathar é, agus mac Ribeacá. Rith sí léi á insint sin dá hathair. Nuair a chuala Lábán an scéala faoi Iacób, mac a dheirféar, rith sé chuige, rug barróg air, phóg go dil díocra é agus thug leis abhaile é. D' inis Iacób dó gach ar tharla. Dúirt Lábán leis: «Is tú mo chnámh agus m' fheoil féin, is tú sin!» Agus d' fhan sé mí in éineacht leis. Ansin dúirt Lábán le Iacób: «An amhlaidh a chaithfidh tú fónamh domsa in aisce ós tú mo bhráthair? Inis dom cén tuarastal atá uait.» Bhí beirt iníon ag Lábán; Léá a ba ainm don té ba shine agus Ráchael a ba ainm don té a ba óige. Ní raibh aon phreab i súile Léá, ach bhí Ráchael sciamhach dealraitheach, agus bhí Iacób tite i ngrá le Ráchael. D' fhreagair sé: «Oibreoidh mé duit ar feadh seacht mbliana ar son Ráchael an iníon is óige agat.» «Is fearr dom í a thabhairt duitse ná do dhuine deoranta,» arsa Lábán. «Fan faram.» Rinne Iacób seirbhís ar feadh seacht mbliana ar son Ráchael, ach ba gheall le cúpla lá an aimsir sin dar leis le barr a ghrá do Ráchael. Ansin dúirt Iacób le Lábán: «Tabhair dom mo bhean, mar tá mo théarma caite anois agus ba mhaith liom luí léi.» Chruinnigh Lábán muintir na háite go léir le chéile agus bhí fleá mhór acu. Le titim na hoíche fuair sé a iníon Léá agus thug chun Iacóib í agus luigh seisean léi. (Thug Lábán a dhaoirseach Zilpeá mar ionailt dá iníon Léá.) Ar maidin, féach, is í Léá a bhí ann. Dúirt Iacób le Lábán: «Céard é seo atá déanta agat orm? Nach ar son Ráchael a rinne mé seirbhís duit? Cén fáth dá bhrí sin gur mheall tú mé?» D' fhreagair Lábán: «An sóisear a thabhairt le pósadh, roimh an sinsear, sin beart nach gnáth a dhéanamh sa tír seo. Críochnaigh seachtain seo na bainise, agus tabharfaidh mé duit an ceann eile chomh maith ar son seirbhís a dhéanamh dom ar feadh seacht mbliana eile.» Rinne Iacób rud air agus chríochnaigh sé an tseachtain agus thug Lábán a iníon Ráchael dó mar bhean. Thug Lábán a dhaoirseach Bileá mar ionailt dá iníon Ráchael. Luigh Iacób le Ráchael chomh maith, agus ghráigh sé Ráchael níos mó na Léá. Chaith sé seacht mbliana eile ag déanamh seirbhíse do Lábán. Chonaic an Tiarna go raibh faillí á déanamh ar Léá, agus d' oscail sé a broinn, ach d' fhan Ráchael aimrid. Ghabh Léá gin agus rug sí mac agus thug sí Reúbaen mar ainm air, «Mar,» a dúirt sí, «d' fhéach an Tiarna ar mo léan, agus beidh grá ag m' fhear dom anois.» Agus ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: «Chuala an Tiarna go raibh faillí á déanamh orm, agus thug sé an mac seo dom chomh maith»; agus thug sí Simeon air. Ghabh sí gin arís agus rug sí mac, á rá: «Ós rud é gur rug mé triúr mac dó, aontófar m' fhear liom an uair seo»; thug sí Léiví dá réir sin mar ainm air. Ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: «An uair seo molfaidh mé an Tiarna.» Thug sí Iúdá dá réir sin mar ainm air. Ní raibh a thuilleadh clainne uirthi ansin. Nuair a chonaic Ráchael nach raibh aon chlann bronnta aici féin ar Iacób, tháinig éad uirthi lena deirfiúr agus dúirt sí lena fear: «Tabhair clann dom nó gheobhaidh mé bás.» Las Iacób le fearg in aghaidh Ráchael agus dúirt sé: «An bhfuilimse in áit Dé? Eisean a dhiúltaigh toradh ar do bhroinn.» Agus dúirt sise: «Féach m' ionailt Bileá; luigh léise i dtreo go mbéarfaidh sí clann ar mo ghlúine; tríthise beidh clann agamsa mar an gcéanna.» Thug sí a hionailt Bileá dó mar bhean dá bhrí sin, agus luigh Iacób léi. Ghabh Bileá gin agus rug sí mac do Iacób. Ansin dúirt Ráchael: «Thug Dia breith chóir orm; sea, d' éist sé le mo ghuí agus thug sé mac dom.» Thug sí Dán mar ainm air dá bhrí sin. Ghabh ionailt Ráchael, Bileá, gin arís agus rug an dara mac do Iacób. Ansin dúirt Ráchael: «Throid mé troid Dé le mo dheirfiúr agus rug mé bua.» Thug sí Naftáilí mar ainm air dá bhrí sin. Nuair a chonaic Léá go raibh deireadh aici féin ag breith clainne, fuair sí Zilpeá a hionailt agus thug do Iacób í mar bhean. Rug Zilpeá ionailt Léá mac do Iacób. Ansin dúirt Léá: «Cad é mar chonách!» Uime sin thug sí Gád mar ainm air. Rug Zilpeá ionailt Léá an dara mac do Iacób. Ansin dúirt Léá: «Cad é mar aoibhneas dom! Déarfaidh na mná gurb aoibhinn dom.» Thug sí Áiséar air dá réir sin. Ghabh Reúbaen amach le linn fómhar na cruithneachta agus fuair sé mandráic sa ghort agus thug chun a mháthar Léá iad. Dúirt Ráchael le Léá: «Tabhair dom cuid de mhandráic do mhic le do thoil.» Ach d' fhreagair Léá: «Nach leor leat m' fhear a bhreith leat, a rá is gur mian leat mandráic mo mhic a bhreith leat mar an gcéanna.» «Más ea,» arsa Ráchael, «luífidh sé leat anocht ar son mhandráic do mhic.» Nuair a d' fhill Iacób ón ngort an oíche sin, chuaigh Léá amach ina choinne á rá: «Caithfidh tú teacht isteach chugamsa mar thug mé mandráic do mhic mar íocaíocht ort.» Luigh sé léi dá bhrí sin an oíche sin. D' éist Dia le Léá agus ghabh sí gin agus rug sí an cúigiú mac do Iacób. Dúirt Léá: «Thug Dia mo thuarastal dom mar gur thug mé m' ionailt do m' fhear.» Thug sí Íosácár air dá réir sin. Ghabh Léá gin arís agus rug sí an séú mac do Iacób. Ansin dúirt Léá: «Bhronn Dia spré mhaith orm. Tabharfaidh m' fhear onóir dom anois mar gur rugas seisear mac dó.» Thug sí Zabúlun mar ainm air dá réir sin. Rug sí iníon ina dhiaidh sin ar a dtug sí Díneá mar ainm. Chuimhnigh an Tiarna ansin ar Ráchael mar an gcéanna; d' éist sé léi agus d' oscail sé a broinn. Ghabh sí gin agus rug sí mac agus dúirt: «Rug Dia mo náire chun siúil.» Thug sí Iósaef mar ainm air, á rá: «Go dtuga an Tiarna mac breise dom.» Nuair a rug Ráchael Iósaef, dúirt Iacób le Lábán: «Scaoil chun siúil mé i dtreo go rachaidh mé chun mo bhaile féin agus mo thíre féin. Tabhair dom mo mhná a ndearna mé seirbhís duit ar a son, agus mo chlann agus scaoil liom, mar is eol duit an obair a rinne mé duit.» Ach dúirt Lábán leis: «Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon. Abair cén tuarastal atá uait agus tabharfaidh mé duit é.» D' fhreagair seisean é: «Tá a fhios agat féin cén sort seirbhíse a rinne mé duit, agus conas d' éirigh le do stoc faoi mo réirse. Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?» «Cad a thabharfaidh mé duit?» arsa [Lábán]. «Ní gá duit aon ní a thabhairt dom,» arsa Iacób; «má dhéanann tú mar a mholaim, cothóidh mé do thréad arís duit agus déanfaidh mé iad a aoireacht. Rachaidh mé trí do thréad go léir inniu. Tóg as gach caora dhubh (nó ballach nó breac) ar na caoirigh agus gach gabhar ballach nó breac ar na gabhair; bíodh an méid sin agam mar thuarastal. Freagróidh mo mhacántacht ar mo shon ina dhiaidh seo; nuair a thagann tú chun mo thuarastal a iniúchadh, gach gabhar nach bhfuil ballach ná breac agus gach caora nach bhfuil dubh a gheofar ar mo chuidse, tuigtear gur goideadh iad.» «Tá go maith,» arsa Lábán. «Bíodh mar a deir tú.» Ach an lá sin féin thug Lábán chun siúil na poic a bhí ballach nó breac, agus na minseacha a bhí ballach nó breac gach ceann a raibh aon ruainne bán orthu agus gach caora dhubh; chuir sé faoi chúram a chlann mhac iad, agus chuir sé aistear trí lá idir é féin agus Iacób; bhí Iacób ag aoireacht na coda eile de thréad Lábán. Ansin chruinnigh Iacób slata glasa de chrann poibleoige, almóinne, agus plána; scumhaigh sé stríocaí bána orthu agus nocht sé bán na slat. Chuir sé na slata a scumhaigh sé os comhair na gcaorach sna gáitéirí nó sna humair uisce mar a dtagadh na caoirigh chun uisce a ól. Chúpláladh na tréada nuair a thagaidís chun uisce. Chúpláladar dá bhrí sin os comhair na slat agus rugadar óga a bhí riabhach, ballach agus breac. Maidir leis na caoirigh, chuir Iacób i leataobh iad agus thug sé aghaidh na dtréad ar a raibh ballach nó dubh de thréad Lábán; agus chuir sé a thréad féin ar leithrigh agus níor chuir sé le tréad Lábán iad. Nuair a bhíodh balcairí an tréada ag cúpláil, chuireadh Iacób na slata sna humair mar a bhféadfaidís iad a fheiceáil i dtreo go ndeanfaidís cúpláil os comhair na slat. Ach nuair is locarthaigh a bhíodh i gceist, ní chuireadh sé ann iad; ar an gcaoi sin fuair Lábán na locarthaigh agus fuair Iacób na balcairí. D' éirigh Iacób saibhir thar na bearta agus bhí tréada líonmhara, agus daoir agus daoirseacha agus camaill agus asail ina sheilbh aige. Chuala Iacób go raibh clann mhac Lábán á rá: «Thóg Iacób leis a raibh ag ár n-athair; tá an saibhreas seo cnuasta aige ó mhaoin ár n-athar.» Chonaic Iacób nach raibh gnaoi Lábán air faoi mar a bhíodh. Ansin dúirt an Tiarna le Iacób: «Fill ar thír do shinsear agus ar do mhuintir féin agus beidh mise farat.» Chuir Iacób dá bhrí sin fios ar Ráchael agus ar Léá chun na mbánta mar a raibh a thréada agus dúirt sé leo: «Is léir dom nach bhfuil gnaoi bhur n-athar orm feasta faoi mar a bhíodh, ach bhí Dia m' athar faram. Tá a fhios agaibhse go bhfuil seirbhís déanta agam do bhur n-athair le barr mo nirt. Ach rinne bhur n-athair calaois orm agus d' athraigh mo thuarastal deich n-uaire; ach níor lig Dia dó dochar a déanamh dom. Cibé uair a deireadh sé: 'Bíodh na cinn bhreaca agat mar thuarastal,' is óga breaca a bheireadh an tréad go léir; agus cibé uair a deireadh sé: 'Bíodh na cinn bhallacha agat mar thuarastal,' is óga ballacha a bheireadh an tréad go léir. Ar an gcaoi sin bhain Dia a stoc de bhur n-athair agus thug domsa iad. Tharla i séasúr na cúplála gur ardaigh mé mo shúile i dtaibhreamh a bhí á dhéanamh dom agus go bhfaca mé gur fireannaigh bhreaca, bhallacha agus riabhacha a bhí ag reitheadh na mbaineannach. Ansin dúirt aingeal Dé liom sa taibhreamh: 'A Iacóib!' ' Anseo dom,' arsa mise. Ansin dúirt sé: 'Ardaigh do shúile agus féach: na fireannaigh go léir atá ag reitheadh baineannach an tréada, táid ballach, breac, nó riabhach óir chonaic mé a bhfuil á dhéanamh ag Lábán ort. Mise Dia Bhéitéil, mar ar chuir tú ola ar an ngallán agus mar ar thug tú móid dom. Éirigh anois agus fág an tír seo agus fill ar do thír dhúchais.'» Dúirt Ráchael agus Léá ansin: «An bhfuil aon fháltas nó aon oidhreacht fágtha dúinne i dteach ár n-athar? Nach meas coimhthíoch atá aige orainn á rá is gur dhíol sé sinn agus gur chaith sé an mhaoin go léir a fuair sé orainn? An mhaoin go léir a thóg Dia ónár n-athair, is linne í ar ndóigh agus lenár gclann. Déan dá réir sin gach ar ordaigh Dia duit.» D' éirigh Iacób agus chuir sé a chlann agus a mhná ar muin camall agus thiomáin sé a airnéis go léir roimhe amach, an mhaoin go léir agus an airnéis úd leis a ghnóthaigh sé i bPadan Arám, agus thug aghaidh ar thír Chanán agus ar a athair Íosác. Agus Lábán imithe ag bearradh a chuid caorach, ghoid Ráchael íola tí a hathar. Bhuail Iacób bob ar Lábán an tArámach mar nár thug sé aon leid dó go raibh sé ar tí teitheadh. Theith sé lena a raibh aige agus d' imigh leis agus ghabh sé thar an Abhainn ag déanamh ar Shliabh Ghileád. Trí lá ina dhiaidh sin insíodh do Lábán gur theith Iacób. Chuir sé tionól ar a bhráithreacha dá bhrí sin, agus chuaigh sa tóir air ar feadh seacht lá, agus tháinig suas leis ar Shliabh Ghileád. Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: «Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.» Nuair a tháinig Lábán suas leis bhí a bhoth curtha suas ag Iacób sna sléibhte; agus chuir Lábán agus a bhráithre a mboth suas i Sliabh Ghileád. «Céard é seo a rinne tú orm,» arsa Lábán le Iacób, «ag déanamh calaoise orm agus ag sciobadh m' iníonacha leat mar chimí claímh? Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna. Níor lig tú dom fiú póg a thabhairt do mo mhic agus do m' iníonacha. Ba amaideach an beart uait é. Tá sé ar mo chumas agam dochar a dhéanamh duit ach dúirt Dia d' athar liom aréir: 'Ná habair aon ní ar aon chúinse le Iacób.' Fág gur imigh tú le barr síreachta i ndiaidh teach d' athar, cén fáth, ámh, ar ghoid tú mo dhéithe?» D' fhreagair Iacób Lábán: «Bhí eagla orm mar gur mheas mé go mbainfeá d' iníonacha díom le láimh láidir. Ach an té a bhfaighfear do dhéithe ina sheilbh, ní mhairfidh sé beo. Iniúch a bhfuil agam i láthair do bhráithre agus tóg aon ní is leat.» Ní raibh a fhios ag Iacób gur ghoid Ráchael iad. Chuaigh Lábán dá bhrí sin isteach i mboth Iacóib agus i mboth Léá agus i mboth an bheirt ionailt, ach ní bhfuair sé iad. Tháinig sé amach as both Léá agus chuaigh sé isteach i mboth Ráchael. Ach bhí na híola tógtha ag Ráchael agus curtha in úim an chamaill agus bhí sí ina suí orthu. D' iniúch Lábán a raibh sa bhoth ach gan aon ní a fháil. Ansin dúirt [Ráchael] lena hathair: «Ná bíodh fearg ar mo thiarna mar nach dtig liom éirí i do láthair, mar táim dála na mban anois agus arís.» Chuardaigh sé dá bhrí sin ach ní bhfuair sé na híola. Tháinig fearg ar Iacób ansin agus thug sé scalladh teanga do Lábán: dúirt Iacób le Lábán: «Cén choir nó cén peaca a rinne mé go bhfuil tú sa tóir orm chomh dian sin? Níor fhág tú aon ní de m' aistrithe gan a chuardach; an bhfuair tú aon ní a bhaineann le do theach féin? Cuir anseo é más ea os comhair mo bhráithrese agus do bhráithrese i dtreo go dtabharfaidís breith eadrainn araon. Tá fiche bliain caite agam farat; níor chaill do chaoirigh a n-uain ná do ghabhair a meannáin i gcaitheamh an ama sin, ná níor ith mé aon cheann de reithí do thréada. Aon chuid de do thréad a ndearna ainmhithe allta ablach díobh, níor thug mé ar ais chugat iad ach a bheith thíos leo mé féin. D' éiligh tú orm iad cibé acu sa lá nó san oíche a rinneadh an slad. Shearg an brothall sa lá mé agus chiap an fuacht san oíche mé, agus d' fhág an codladh slán ag mo shúile. Tá fiche bliain caite agam i do theach: rinne mé seirbhís duit ar feadh ceithre bliana déag ar son do bheirt iníon, agus sé bliana ar son do thréada, agus d' athraigh tú mo thuarastal deich n-uaire. Mura mbeadh Dia m' athar, agus Dia Abrahám, agus Gaol Íosác a bheith ar mo thaobh, bhíos curtha chun siúil beo bocht agat. D' fhéach Dia ar mo thuirse agus ar shaothar mo lámh agus thug sé breith ort aréir.» Ansin d' fhreagair Lábán: «Na hiníonacha seo,» ar sé, le Iacób, «is iníonacha liomsa iad; agus an chlann, is clann liomsa iad; agus na tréada, is tréada liomsa iad; agus gach a bhfeiceann tú, is liomsa iad. Ach cad a d' fhéadfainn a dhéanamh inniu le m' iníonacha nó leis an gclann a d' iompar siad? Téanam anois agus déanaimis conradh, mise agus tusa; agus bíodh sé ina fhinné idir mé agus tú.» Thóg Iacób cloch agus chuir ina seasamh í mar ghallán cuimhneacháin. Dúirt Iacób lena bhráithre: «Cruinnigí clocha,» agus chruinníodar roinnt cloch agus rinneadar carn. D' itheadar béile ansiúd ar an gcarn. Thug Lábán Iagar Sáhadútá (Carn na bhFinnéithe) air ach thug Iacób Galaed (Carn na Fianaise). Dúirt Lábán: «Bíodh an carn seo ina fhinné idir mé agus tú inniu.» Uime sin a thug sé Galaed air, agus [ar an ngallán] Miozpá (Láthair Faire), mar a dúirt sé: «Bíodh an Tiarna ina fhear faire eadrainn nuair a scarfaimid ó radharc a chéile. Má dhéanann tú leatrom ar m' iníonacha nó má ghlacann tú mná eile seachas m' iníonacha, cuimhnigh air, tá Dia ina fhinné eadrainn, fág nach mbeidh aon duine farainn.» Dúirt Lábán le Iacób: «Sin é an carn agus sin é an gallán a chuir mé eadrainn. Is finné é an carn agus is finné é an gallán, nach rachaidh mise thar an gcarn seo i d' aghaidh-sé agus nach rachaidh tusa thar an gcarn seo ná an gallán seo i m' aghaidhse. Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n-aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.» Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác, agus d' ofráil Iacób íobairt ar an sliabh agus ghlaoigh ar a bhráithre chun an bhéile. D' itheadar an béile agus chaitheadar an oíche go léir ar an sliabh. D' éirigh Lábán go moch ar maidin lá arna mhárach agus thug póg dá gharchlann agus dá iníonacha agus chuir a bheannacht orthu; ansin chuir sé chun bóthair abhaile. Agus Iacób ar an tslí ar aghaidh, bhuail aingil ó Dhia leis, agus ar a bhfeiceáil do Iacób dúirt sé: «Seo é campa Dé!» agus thug sé Machanáim mar ainm ar an áit. Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm, á ordú dóibh: «Seo mar a déarfaidh sibh le mo mháistir Éasau: 'Seo mar a deir Iacób: D' fhan mé ar deoraíocht go dtí seo le Lábán, agus tá seilbh faighte agam ar eallach agus asail agus tréada, agus ar dhaoir agus daoirseacha. Tá scéala á chur agam ina thaobh seo go dtí mo mháistir le súil go bhfaighinn fabhar i do radharc.'» D' fhill na teachtairí ar Iacób á rá: «Chuamar go dtí do dheartháir Éasau, agus tá sé ar an mbealach chugat cheana féin agus ceithre chéad fear leis.» Bhuail eagla agus corrabhuais mhór Iacób agus roinn sé an mhuintir a bhí fairis agus a thréada agus a tháinte agus a chamaill ina dhá mbaicle á rá: «Má thagann Éasau ar bhaicle acu agus iad a scrios, tiocfaidh an bhaicle eile, a fhágfar, slán.» Dúirt Iacób: «A Dhia m' athar Abrahám, agus a Dhia m' athar Íosác, a Thiarna a dúirt liom: 'Fill ar do thír féin agus ar do ghaolta, agus cuirfidh mé conách ort,' ní fiú mé aon phioc den chineáltas buan ná den dílseacht a thaispeáin tú do do shearbhónta. Óir ní raibh agamsa ach mo bhata nuair a ghabh mé thar an Iordáin anseo, agus anois is líon dhá bhaicle mé. Saor mé, impím ort, ó láimh mo dhearthár, ó láimh Éasau, mar is eagal liom é; is baol go n-ionsóidh sé sinn agus sinn go léir a dhíothú, na leanaí agus a máithreacha chomh maith. Gheall tú féin dom: 'Cuirfidh mé bail ort agus déanfaidh mé do shliocht chomh líonmhar le gaineamh na trá nach féidir a áireamh ar a líonmhaire.'» Ansin d' fhan Iacób thar oíche san áit sin agus roghnaigh sé bronntanas dá dheartháir as a raibh aige dhá chéad minseach agus fiche pocán, dhá chéad caora agus fiche reithe, tríocha camall bleacht agus a mbromaigh, daichead bó agus deich dtarbh, fiche asal baineann agus deich stail. Chuir sé a shearbhóntaí ina bhfeighil, gach tréad leis féin, agus dúirt sé lena shearbhóntaí: «Gabhaigí ar aghaidh romham agus fágaigí slí idir gach tréad agus an ceann ina dhiaidh.» Thug sé ordú don chéad duine: «Nuair a bhuailfidh mo dheartháir Éasau leat agus go bhfiafróidh sé: 'Cé leis tú? Cá bhfuil do thriall? Cé leis an táin seo romhat?' is é freagra a thabharfaidh tú: 'Le do shearbhónta Iacób. Is bronntanas iad seo a seoladh chun mo thiarna Éasau. Tá Iacób féin ag teacht inár ndiaidh.'» Thug sé an t-ordú céanna don dara duine agus don tríú agus do chách a bhí i ndiaidh na dtréad: «Sin é atá le rá agaibh nuair a chasfar Éasau oraibh,» ar sé. «Agus abraigí: 'Tá do shearbhónta Iacób féin ag teacht inár ndiaidh chomh maith.'» Óir a dúirt sé leis féin: «Déanfaidh mé muintearas leis trí bhronntanas a chur chuige roimh ré; nuair a bhuailfidh mé leis béal ar bhéal, b' fhéidir go nglacfaidh sé liom le fabhar.» Ghabh an bronntanas ar aghaidh roimhe dá bhrí sin, agus d' fhan sé féin sa champa an oíche sin. D' éirigh Iacób an oíche sin féin agus thug leis a bheirt bhan, a bheirt ionailt, a leanbh is deichniúr agus ghabh thar áth an Iaboc. Rug sé orthu agus sheol sé thar abhainn anonn iad agus sheol sé a mhaoin go léir anonn chomh maith. Agus fágadh Iacób ina aonar; agus bhí fear ag iomrascáil leis go breacadh an lae. Nuair a chonaic an fear go raibh ag dul de é a chloí, bhuail sé buille ar Iacób i log a chromáin agus cuireadh cromán Iacób as alt san iomrascáil leis. «Scaoil liom,» ar sé, «mar tá an lá ag breacadh.» «Ní scaoilfidh mé,» arsa Iacób á fhreagairt, «mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.» D' fhiafraigh sé ansin: «Cad is ainm duit?» «Iacób,» ar sé. «Ní Iacób a bheidh ort feasta,» ar sé, «ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.» Chuir Iacób ceist air ansin: «Inis dom, le do thoil, cad is ainm duit.» Ach dúirt seisean: «Cén fáth m' ainm a fhiafraí díom?» Agus thug sé a bheannacht dó ansin. Thug Iacób dá bhrí sin Panúéil ar an áit, «mar,» ar sé, «chonaic mé Dia gnúis le gnúis agus mairim beo.» D' éirigh an ghrian air agus é ag dul thar Panúéil agus coiscéim bhacaí ann de bharr a chromáin. Uime sin go dtí an lá inniu féin ní itheann na hIosraelaigh féithleog an chromáin atá i log na ceathrún mar gur bhuail sé buille ar Iacób i log a cheathrún i bhfeithleog an chromáin. D' ardaigh Iacób a shúile agus d' fhéach uaidh agus seo Éasau chuige le ceithre chéad fear. Scaip sé na leanaí ar Léá, ar Ráchael agus ar an mbeirt ionailt. Chuir sé an bheirt ionailt agus a leanaí ar tosach, agus Léá agus a leanaí ina ndiaidh, agus Ráchael agus Iósaef ar deireadh. Ghabh sé féin rompu amach agus shléacht sé go talamh seacht n-uaire sular tháinig sé i láthair a dhearthár. Ach rith Éasau ina choinne, theann lena ucht é, chaith é féin ar a mhuineál, phóg é agus na deora leis. Ar ardú a shúl do Éasau, chonaic sé na mná agus na miondaoine. «Cé hiad seo i do theannta?» ar sé. «An chlann a bhronn Dia ar do shearbhónta,» arsa Iacób. Ansin tháinig na hionailtí agus a gclann i láthair agus shléachtadar. Ansin tháinig Léá i láthair mar an gcéanna lena clann agus shléachtadar go léir. Ar deireadh tháinig Iósaef agus Ráchael i láthair agus shléachtadar. Dúirt Éasau: «Cén chiall atá agat leis na sluaite go léir a casadh orm?» «Chun dea-mhéin a thuilleamh i láthair mo mháistir, iadsan,» a fhreagair Iacób. «Ach, a bhráthair,» arsa Éasau, «tá mo dhóthain agamsa. Coinnigh duit féin a bhfuil agat.» «Cuir uait,» arsa Iacób, «má tá fabhar faighte agam i do láthair, glac leis an mbronntanas seo ó mo láimh. Óir, de dhéantús na fírinne, tháinig mé i radharc do ghnúise amhail is dá mba i ngnúis Dé, ach ghlac tú chugat mé le dea-mhéin. Glac leis an mbronntanas a thug mé chugat dá bhrí sin; bhí Dia fial liom agus tá mo dhóthain agam.» D' áitigh sé air sa tslí sin agus ghlac sé leis. «Cuirimis chun siúil agus ar aghaidh linn,» arsa Éasau ansin, «agus treoróidh mé thú.» Ach arsa Iacób leis: «Tá a fhios ag mo mháistir go bhfuil na leanaí leice agus nach mór dom a bheith cáiréiseach leis na tréada agus leis na táinte nuabheirthe. Má thiomáintear ró-dhian iad ar feadh oiread agus lá, gheobhaidh an stoc go léir bás. Imíodh mo mháistir ar aghaidh, lena thoil, roimh a shearbhónta, agus leanfaidh mé é go mall réidh, de réir mar a oireann don stoc atá á dtiomáint agam agus do na leanaí, go dtí go dtiocfaidh mé suas le mo mháistir i Saeír.» Ansin dúirt Éasau: «Lig dom cuid den mhuintir atá i mo theannta a fhágáil farat.» D' fhreagair seisean: «Cén gá atá leis sin? Níl uaim ach do dhea-mhéin a thuilleamh, a mháistir.» Lean Éasau ar aghaidh dá bhrí sin an lá sin ar an mbealach go dtí Saeír. Agus shroich Iacób Sucót agus thóg teach dó féin agus rinne sé scáileáin dá airneis; uime sin a fuair an áit an t-ainm Sucót (Scáileáin). Tháinig Iacób slán folláin go cathair Sheicim i dtír Chanán ar theacht dó as Padan Arám, agus shuigh sé a champa os comhair na cathrach. Agus an láthair ar ar chuir sé suas a bhoth cheannaigh sé í ar chéad bonn airgid ó chlann Hamór, athair Sheicim. Thóg sé altóir ansiúd ar ar thug sé «Éil, Dia Iosrael». Díneá, an iníon a rug Léá do Iacób, ghabh sí amach ar thuairisc mhná na dúiche sin. Leag Seicim, mac Hamór, an Hiveach, taoiseach na dúiche sin, súil uirthi, d' fuadaigh í agus d' éignigh í, agus choill a clú. Ach líon a anam de shearcghrá do Dhíneá, iníon Iacóib, thit sé i ngrá leis an ógbhean agus labhair léi go cineálta. Dúirt sé lena athair Hamór dá bhrí sin: «Faigh an cailín óg seo dom; teastaíonn uaim í a phósadh.» Chuala Iacób conas mar a coilleadh clú a iníne Díneá, ach bhí a chlann faoi na bánta lena airnéis agus ní dúirt Iacób focal nó gur fhilleadar. Chuaigh Hamór athair Sheicim amach chun labhairt le Iacób. Clann mhac Iacóib, nuair a d' fhill siad on bhféarach agus gur chualadar an scéala, bhí míchéadfa agus fearg orthu, mar gur mhaslaigh Seicim Iosrael ag éigniú iníon Iacóib, coir nárbh fhéidir scaoileadh léi. «Tá anam mo mhic Seicim lán de mhian bhur n-iníne,» arsa Hamór leo, «lig dó í a phósadh, impím oraibh. Déanaigí cleamhnais linn: tugaigí dúinne bhur n-iníonacha, agus tógaigí ár n-iníonacha chugaibh féin. Fanaigí linn agus beidh an tír faoi bhur réir le cónaí ann, nó le gabháil trid, nó le sealbhú.» Dúirt Seicim le hathair agus le deartháireacha an chailín: «Má thuillim bhur ndea-mhéin, tabharfaidh mé daoibh aon ní a iarrfaidh sibh. Iarraigí oiread mar spré agus coibhche orm agus is áil libh; tabharfaidh mé daoibh cibé rud a iarrfaidh sibh; ach ligigí dom an cailín óg a phósadh.» Ansin thug clann mhac Iosrael freagra ar Sheicim agus ar a athair Hamór, freagra cealgach mar gur thruailligh sé a ndeirfiúr Díneá. «Ní féidir linn a leithéid a dhéanamh,» ar siad leo, «ár ndeirfiúr a thabhairt le pósadh d' fhear nach bhfuil timpeallghearrtha, mar ba aithis duinn é. Réiteoimid libh ar aon choinníoll amháin sibh a theacht ar aon dul linne agus gach fireannach agaibh a thimpeallghearradh. Ansin tabharfaimid ar n-iníonacha daoibh, agus tógfaimid bhur n-iníonacha chugainn féin, agus déanfaimid cónaí in bhur measc agus déanfaidh aon chine amháin dínn araon. Ach mura n-éisteann sibh linn, agus timpeallghearradh a ghlacadh, ansin tógfaimid ár n-iníon agus imeoimid linn.» Thaitin a gcuid cainte le Hamór agus le mac Hamór, Seicim. Ní dhearna an t-ógfhear aon mhoill ach an rud úd a dhéanamh, mar ba mhór a ghean d' iníon Iacóib. Ba é leis an té ba mhó onóir i dteaglach a athar ar fad é. Chuaigh Hamór agus Seicim go geata a gcathrach agus labhraíodar le fir a gcathrach: «Tá na fir seo muinteartha linn,» ar siad, «cuiridís fúthu sa tír seo farainn, agus bíodh cead a gcos acu ann, mar féach tá an tír fairsing go leor dóibh. Glacaimis a n-iníonacha le pósadh agus tugaimis ár n-iníonacha doibhsean. Ach ní bheidh na fir seo sásta cur fúthu farainn agus a bheith in aon phobal amháin linne ach ar an gcoinníoll seo amháin: go ndéanfar timpeallghearradh ar gach fireannach inár measc, a ndála féin. A stoc, a maoin, agus a n-eallach go léir, nach linn iad ach aontú leo agus iad a lonnú inár measc?» Ghéill gach duine a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach do Hamór agus dá mhac Seicim; rinneadh timpeallghearradh ar gach fireannach a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach. Ar an tríú lá agus iad siúd tinn fós, thóg beirt mhac Iacóib, Simeon agus Léiví, deartháireacha Dhíneá, a gclaímhte agus isteach leo sa chathair gan fhios agus mharaíodar na fireannaigh go léir. Mharaíodar Hamór agus a mhac Seicim le faobhar claímh; thógadar Díneá as teach Sheicim agus d' imíodar leo. Tháinig clann Iacóib ar an ár agus chreachadar an chathair, mar gur truaillíodh a ndeirfiúr. Thug siad leo a dtréada agus a dtáinte, agus a n-asail, agus a raibh le fáil sa chathair agus faoin tuath. A maoin go léir, a miondaoine agus a mná go léir, a raibh sna tithe, ghabhadar iad go léir agus d' fhuadaíodar leo iad mar chreach. Ansin dúirt Iacób le Simeon agus Léiví: «Tá dochar déanta agaibh dom, mar go bhfuilim de bhur mbarr i m' ábhar fuatha ag áitritheoirí na tíre, na Canánaigh agus na Pirizigh. Táimse ar bheagán slua; má chruinníonn siad le chéile i m' aghaidh agus tabhairt fúm, scriosfar mé, mise agus mo theaghlach.» Is é freagra a bhí acu air: «An íde striapaí atá le tabhairt ar ár ndeirfiúr?» Dúirt Dia le Iacób: «Éirigh agus imigh leat suas go Béitéil, agus cuir fút ann, agus déan altóir ann don Dia a thaispeáin é féin duit agus tú ag teitheadh ó do dheartháir Éasau.» Dúirt Iacób lena theaghlach agus le cách a bhí ina theannta: «Cuirigí uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus déanaigí sibh féin a íonghlanadh agus cuirigí malairt éadaigh oraibh féin. Éirimis ansin agus téimis suas go Béitéil chun go dtógfainn altóir ann do Dhia, an té a d' éist liom nuair a bhíos i gcruachás agus a bhí faram i ngach treo dár ghabh mé.» Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim. Chuireadar chun bóthair agus bhuail scéin ó Dhia na cathracha go léir máguaird i dtreo nach ndeachadar sa tóir ar chlann Iacóib. Tháinig Iacób go Lúz Béitéil is é sin i dtír Chanán, é féin agus an mhuintir go léir a bhí fairis. Thug sé altóir ansiúd agus thug sé Éil Béitéil ar an áit mar gur ansiúd a thaispeáin Dia é féin dó agus é ar teitheadh óna dheartháir. Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin. Thaispeáin Dia é féin arís eile do Iacób tar éis dó filleadh ó Phadan Arám agus bheannaigh sé é. Dúirt Dia leis: «Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.» Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin. Agus dúirt Dia leis: «Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht. An talamh seo a thug mé d' Abrahám agus d' Íosác, tugaim duit é; agus tabharfaidh mé an talamh seo do do shliocht i do dhiaidh.» Ansin d' imigh Dia uaidh suas. Chuir Iacób gallán cuimhneacháin ina sheasamh san áit inar labhair sé leis, gallán cloiche. Thoirbhir sé deoch ofrála air agus dhoirt sé ola air. Thug Iacób dá réir sin Béitéil ar an áit inar labhair Dia leis. D' fhágadar Béitéil agus nuair a bhíodar tamall fós ó Eafrát, tháinig ionú Ráchael, agus bhí pianta diana linbh uirthi. Agus sna híona crua di dúirt an bhean ghlún léi: «Ná bíodh eagla ort, mar tá mac eile anseo agat.» Nuair a bhí sí ar an dé deiridh agus í ag fáil bháis, thug sí Mac Mo Dhóláis air, ach thug a athair Biniáimin air. Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil. Agus thóg Iacób lia os a leacht, agus sin é lia leacht Ráchael atá ann fós inniu. Ar aghaidh le hIosrael, agus chuir suas a bhoth lastall de Mhigdeal Éidir. Agus le linn dó a bheith ina chónaí sa dúiche sin luigh Reúbaen le Bileá, leannán a athar, agus ní gan fhios do Iosrael é. Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun. Clann Ráchael: Iósaef agus Biniáimin. Clann Bhileá, ionailt Ráchael: Dán agus Naftáilí. Clann Zilpeá, ionailt Léá: Gád agus Áiséar. Sin iad an chlann mhac a rugadh do Iacób i bPadan Arám. Shroich Iacób teach a athar Íosác i Mamrae, Ciriat Arba is é sin nó Heabrón, mar ar lonnaigh Abrahám agus Íosác. Bhí céad agus ceithre fichid bliain slán ag Íosác nuair a shíothlaigh sé. Fuair sé bás agus cruinníodh chun a mhuintire é, agus é anonn sna blianta agus a ré caite. Rinne a bheirt mhac, Iacób agus Éasau, é a adhlacadh. Seo inár ndiaidh sliocht Éasau, Eadóm is é sin: Phós Éasau mná de chuid Chanán: Ádá iníon Éalón an Hiteach, agus Oholabámá iníon Aná, mac Zibeon an Hórach, agus Básamat iníon Ísmeáél, deirfiúr Nabáiót. Rug Ádá Eilífeaz d' Éasau, agus rug Básamat Reúél. Rug Oholabámá Ieúis, agus Ialám agus Corach. Sin iad clann mhac Éasau a rugadh dó i dtír Chanán. Thug Éasau leis a mhná agus a chlann mhac agus iníonacha agus líon a thí go léir, agus a thréada, agus a tháinte go léir agus an mhaoin go léir a bhí cruinnithe aige i dtír Chanán; d' imigh sé i gcéin óna dheartháir Iacób. Óir bhí an iomad maoine bailithe acu chun fanacht le chéile. Níorbh fhéidir don dúiche ina rabhadar ag lonnú ann iad araon a chothú le líonmhaire a dtréad. Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm. Is iad seo sliocht Éasau, sinsear na nEadómach i Sliabh Shaeír. Seo iad ainmneacha clann mhac Éasau: Eilífeaz mac Ádá, bean Éasau, agus Reúél mac Bhásamat, bean Éasau. Ba iad clann Eilífeaz: Téamán Ómár, Zafó, Gatám agus Canaz. Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau. Seo iad clann mhac Reúél: Nachat agus Zarach, Seamá agus Mizeá. Is iadsan clann mhac Bhásamat, bean Éasau. Seo iad clann mhac Oholabámá, iníon Aná, mac Zibeon: rug sí dó Ieúis, Ialám agus Corach. Seo iad taoisigh chlann mhac Éasau: Clann mhac Eilífeaz, céadghin Éasau: an taoiseach Téamán, an taoiseach Ómár, an taoiseach Zafó, an taoiseach Canaz, an taoiseach Corach, an taoiseach Gatám, an taoiseach Amailéic. Iadsan taoisigh Eilífeaz i dtír Eadóm; iadsan mic Ádá. Seo iad clann mhac Reúél, mac Éasau: an taoiseach Nachat, an taoiseach Zarach, an taoiseach Seamá, an taoiseach Mizeá; iadsan taoisigh Reúél i dtír Eadóm; iadsan mic Bhásamat, bean Éasau. Seo iad clann mhac Oholabámá bean Éasau: an taoiseach Ieúis, an taoiseach Ialám, an taoiseach Corach. Iadsan na taoisigh a rug Oholabámá, iníon Aná bean Éasau. Sin iad clann mhac Éasau, agus sin iad a dtaoisigh. Sin é Eadóm. Seo síos sliocht Shaeír an Hórach, dúchasaigh na tíre: Lótán, Seobál, Zibeon, Aná, Diseon, Éisir, agus Diseán; iadsan taoisigh na Hórach clann Shaeír i dtír Eadóm. Ba iad Hoirí agus Héamám clann Lótán, agus ba í Timneá deirfiúr Lótán. Seo iad clann Seobál: Alván, Mánachat, Éabál, Seafó agus Ónám. Seo iad clann Zibeon: Aiá agus Aná an tAná úd a d' aimsigh na toibreacha teo san fhásach agus é ag aoireacht asail a athar Zibeon. Seo iad clann Aná: Diseón agus Oholabámá iníon Aná. Seo iad clann Dhiseón: Hemdeán, Eisbeán, Itreán agus Carán. Seo iad clann Éisir: Bileán, agus Záván agus Acán. Seo iad clann Dhiseán: Úz agus Arán. Seo iad taoisigh na Hórach: an taoiseach Lótán, an taoiseach Seobál, an taoiseach Zibeon, an taoiseach Aná, an taoiseach Diseón, an taoiseach Éisir, an taoiseach Diseán. Sin iad taoisigh na Hórach de réir a dtreibheanna i dtír Shaeír. Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sula dtáinig aon rí Iosraelach i réim. Bhí Beala mac Bheor ina rí ar Eadóm agus Dineábá a ba ainm dá chathair. D' éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh. D' éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh. D' éag Huiseám, agus Hadad mac Badad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh, agus Aivit a ba ainm dá chathair. D' éag Hadad agus tháinig Samlá, ó Mhasraecá, i réim ina dhiaidh. D' éag Samlá, agus tháinig Seáúl ó Rachobót ar an Eofrataes ina dhiaidh. D' éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh. D' éag Bálchánán mac Acbór agus tháinig Hadad i réim ina dhiaidh, agus Páú a ba ainm dá chathair. Mihéataibil iníon Mhatraed, iníon Mhé Záháb, a ba ainm dá bhean. Seo iad ainmneacha taoisigh Éasau de réir a dtreibheanna agus a gcríoch ó ainm: an taoiseach Timneá, an taoiseach Alvá, an taoiseach Iataet, an taoiseach Oholabámá, an taoiseach Éalá, an taoiseach Píonon, an taoiseach Canaz, an taoiseach Téamán, an taoiseach Mibzeár, an taoiseach Maigdiél, an taoiseach Íorám. Sin iad taoisigh Eadóm, de réir a n-áitreabh sa tír ba leo; sé Éasau sinsear Eadóm. Mhair Iacób sa tír inar chuir a athair faoi, i dtír Chanán. Seo scéal Iósaef. Bhí Iósaef seacht mbliana déag d' aois. Mar go raibh sé óg fós, bhí sé ag aoireacht an tréada i dteannta a dheartháireacha, le clann mhac Bhileá agus Zilpeá, mná a athar. Thug Iósaef drochthuairisc orthu dá n-athair. Ba mhó an cion a bhí ag Iosrael ar Iósaef ná ar aon duine eile dá chlann mar gurbh é mac a sheanaoise é, agus rinne sé cóta le muinchillí fada dó. Nuair a chonaic a dheartháireacha gur mhó an cion a bhí ag a n-athair air ná ar aon duine eile dá chlann, thugadar fuath dó agus ní fhéadfaidís oiread is focal muinteartha a labhairt leis. Rinneadh taibhreamh do Iósaef, más ea, agus d' inis sé dá dheartháireacha é, agus ba mhóide a bhfuath dó. «Éistigí,» ar sé, «leis an taibhreamh a rinneadh dom. Sea, bhíomar ag ceangal punann sa ghort. Agus an phunann seo agamsa, d' éirigh sí ina seasamh díreach; agus na punanna seo agaibhse, chruinníodar timpeall agus shléachtadar do mo phunannsa.» Dúirt a dheartháireacha leis: «An amhlaidh atá tú chun a bheith i do rí orainn? Nó an amhlaidh atá tú chun a bheith i do thiarna orainn?» Is mó fós an fuath a thug siad dó de bharr a thaibhreamh agus a chuid cainte. Rinneadh taibhreamh eile dó agus d' inis sé dá dheartháireacha é: «Féach! bhí taibhreamh eile agam,» ar sé. «Ba shiúd iad an ghrian agus an ghealach agus aon réalta dhéag ag sléachtadh dom.» D' inis sé dá athair agus dá dheartháireacha é agus thug a athair scalladh dó: «Cad é mar thaibhreamh a taibhríodh duit!» ar sé, «an amhlaidh a bheidh mise agus do mháthair agus do dheartháireacha ag teacht agus ag sléachtadh go talamh duit?» Bhí a dheartháireacha in éad leis, ach rinne a athair a mhachnamh ar an scéal. D' imigh a dheartháireacha chun tréad a n-athar a chur ar féarach in aice le Seicim. Dúirt Iosrael le Iósaef: «Nach bhfuil do dheartháireacha ag aoireacht an tréada i Seicim? Téanam anois agus seolfaidh mé chucu thú.» «Teacht,» ar sé leis. «Imigh leat anois,» ar sé leis, «agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.» Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim. Bhuail fear leis agus é ar seachrán sna bánta agus d' fhiafraigh an fear de: «Cad tá tú a lorg?» «Táim ar lorg mo dhearthaireacha,» ar sé. «Inis dom, le do thoil, cá bhfuil siad ag aoireacht a dtréada.» «Tá siad imithe leo,» arsa an fear, «mar chuala mé iad á rá: 'Téimis go Dotán.'» D' imigh Iósaef i ndiaidh a dheartháireacha ansin agus fuair sé iad i nDotán. Chonaiceadar i bhfad uathu é agus sula dtáinig sé ina gcóngar rinneadar cogar ceilge é a mharú. «Seo chugainn,» a dúradar le chéile, «fear na dtaibhreamh. Téanaigí, maraímis é agus caithimis i bpoll éigin é; déarfaimid gur alp ainmhí allta é, agus feicfimid cad a tharlóidh dá chuid taibhreamh.» Chuala Reúbaen an chaint sin agus shaor sé é óna lámha á rá: «Ná maraímis é. Ná doirtigí aon bhraon fola,» arsa Reúbaen leo; «caithigí isteach sa pholl seo san fhásach é, ach ná himrígí lámh dhearg air» mar sin is ea a labhair sé agus é ar intinn aige é a shaoradh óna lamha agus a thabhairt ar ais dá athair. Nuair a tháinig Iósaef i láthair a dheartháireacha dá bhrí sin, bhaineadar a chóta de, an cóta leis na muinchillí fada a bhí á chaitheamh aige, agus rugadar air agus chaitheadar i bpoll é. Bhí an poll folamh gan aon uisce ann. Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu. Ansin dúirt Iúdá lena dheartháireacha: «Cén tairbhe dúinn ár ndeartháir a mharú agus a chuid fola a fholach? Téanam díolaimis leis na hÍsméiligh é, ach ná leagaimis lámh air. Is é ár ndeartháir é, ár bhfeoil féin.» Agus ghéill a dheartháireacha dó. Tharla gur ghabh ceannaithe Midiánacha an treo agus tharraingíodar Iósaef aníos as an bpoll agus dhíoladar é ar fiche seicil airgid leis na hÍsméiligh, agus thugadarsan Iósaef go dtí an Éigipt. Nuair a d' fhill Reúbaen chun an phoill agus nach raibh tásc ná tuairisc ar Iósaef sa pholl, stróic sé a chuid éadaigh agus d' fhill ar a dheartháireacha agus dúirt: «Tá an buachaill ar iarraidh, agus mise, cá rachaidh mé?» Thógadar cóta Iósaef ansin, mharaíodar gabhar agus thumadar an cóta san fhuil. Sheoladar an cóta leis na muinchillí fada ar ais le tabhairt dá n-athair, leis an teachtaireacht: «Fuaireamar é seo; féach an é cóta do mhic é nó nach é.» D' aithin an t-athair é agus dúirt: «Is é cóta mo mhic é! D' alp ainmhí allta é! Tá Iósaef stollta ó chéile gan aon amhras.» Stróic Iacób a chuid éadaigh ansin, chuir sé brat íochtair róin air féin, agus chaoin sé a mhac ar feadh mórán laethanta. Tháinig a chlann mhac agus a chlann iníonacha go léir chuige le sólás a thabhairt dó, ach ní ghlacfadh sé sólás ar bith, á rá: «Ní dhéanfaidh mé. Rachaidh mé síos ag sileadh na ndeor go Seól fara mo mhac.» Sin mar a chaoin a athair é. Faoin am seo bhí sé díolta san Éigipt ag na Midiánaigh le Póitífear, feidhmeannach le Forann agus captaen an gharda. Tharla faoin am seo gur fhág Iúdá a dheartháireacha agus go ndeachaigh sé síos chun fanacht tamall le hAdullámach darbh ainm Híorá. Chonaic Iúdá ansiúd iníon Chanánaigh darbh ainm Seúa; phós sé í agus luigh léi. Ghabh sí gin agus rug sí mac agus thug sí Éar mar ainm air. Ghabh sí gin arís agus rug sí mac agus thug sí Ónán air. Ghabh sí gin arís eile agus rug sí mac agus thug sí Séalá mar ainm air; nuair a rugadh eisean bhí sí i gCizíb. Fuair Iúdá bean darbh ainm Támár dá chéadghin Éar. Ach Éar, céadghin Iudá, coirpeach olc a ba ea é i láthair an Tiarna, agus mharaigh an Tiarna é. Ansin dúirt Iúdá le hÓnán: «Gabh chugat bean do dhearthár agus déan mar is dual do dheartháir céile léi agus tóg clann do do dheartháir.» Ach bhí a fhios ag Ónán nach leis féin aon chlann a ghinfí; agus nuair a théadh sé isteach chun mná a dhearthár scaoileadh sé a shíol uaidh ar an talamh chun nach dtabharfadh sé sliocht dá dheartháir. Agus ba fhuath leis an Tiarna a ndearna Ónán agus mharaigh sé eisean mar an gcéanna. Ansin dúirt Iúdá le Támár, bean a mhic: «Fill abhaile ar d' athair mar bhaintreach agus fan go bhfásfaidh mo mhac Séalá» mar is é a bhí ina aigne aige: «Ní foláir féachaint chuige nach bhfaighidh sé bás dála a dheartháireacha.» D' imigh Támár dá bhrí sin agus chuir fúithi i dteach a hathar. Faoi chionn tamaill fhada, fuair Seúa bean Iúdá bás; agus nuair a bhí sólás a chaointe faighte ag Iúdá, chuaigh sé suas go Timneá go dtí lucht bearrtha na gcaorach agus a chara Híorá an tAdullámach lena chois. Fuair Támár scéala: «Tá athair do chéile ar an tslí suas go Timneá ag bearradh a chuid caorach,» agus chuir sí uaithi a héide baintrí, chuir fial uimpi féin agus shuigh, agus í folaithe go maith, mar a scarann an bóthar go hÉanaím ón mbothar go Timneá. Bhí Séalá fásta faoin am sin, ach mar sin féin níor tugadh dó í mar bhean. Nuair a chonaic Iúdá í, shíl sé gur striapach í mar bhí a haghaidh folaithe aici. Ghabh sé suas chuici ar thaobh an bhóthair agus dúirt: «Téanam agus luigh liom.» Ní raibh a fhios aige gurbh í bean a mhic í. «Cad a thabharfaidh tú dom,» ar sí, «ar son céileachas a dhéanamh liom?» «Cuirfidh mé meannán chugat ón tréad,» ar sé. «Tá go maith,» ar sí, «ar choinníoll go bhfágfaidh tú geall agam go dtí go gcuirfidh tú chugam é.» «Cén geall a fhágfaidh mé agat?» ar sé. «Do shéala, do chorda agus an bata atá i do ghlaic,» ar sí. Thug sé di iad, luigh léi, agus ghabh sí gin uaidh. Ansin d' éirigh sí, d' imigh léi, bhain di an fial, agus chuir a héide baintrí uimpi arís. Agus chuir Iúdá an meannán lena chara an tAdullámach chun an geall a fhuascailt ó láimh na mná; ach ní bhfuair sé í. D' fhiafraigh sé de mhuintir na háite: «Cá bhfuil an striapach choisricthe a bhíodh ar thaobh an bhóthair ag Éanaím?» D' fhreagraíodar: «Ní raibh aon striapach ansiúd.» D' fhill sé ar Iúdá agus dúirt: «Ní bhfuair mé í; agus dúirt muintir na háite nach raibh aon striapach choisricthe ann.» «Bíodh aici mar sin,» arsa Iúdá, «chun nach ndéanfaí ceap magaidh dínn; chuireas an meannán seo chuici, ach níor éirigh leat í a fháil.» Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: «Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.» Dúirt Iúdá: «Tugtar amach í agus loisctear í!» Nuair a bhí sí á breith amach, chuir sí scéala chun athair a céile: «An té ar leis na nithe seo is uaidh a toirchíodh mé.» Agus dúirt sí: «Féach, le do thoil, cé leis an séala, an corda agus an bata seo?» D' aithin Iúdá iad agus a dúirt: «Tá sise fíréanta seachas mar atáimse; mar nár thug mé í do mo mhac Séalá mar chéile is ea a tharla sé seo.» Agus níor luigh sé léi níos mó. Nuair a tháinig a hionú fuarthas cúpla ina broinn. Nuair a bhí sí ina luí seoil chuir ceann acu a lámh amach, rug an bhean ghlún ar an láimh agus chas snáithín craorag uirthi á rá: «É seo is túisce a tháinig amach.» Ach tharraing seisean a lámh ar ais, agus seo amach lena dheartháir ar dtús. Dúirt sí ansin: «Cad í mar bhearna a rinne tú duit féin!» Tugadh Bearna air dá bhrí sin. Tháinig a dheartháir amach ansin ina dhiaidh agus snáithín craorag ar a láimh agus tugadh Zearach air. Tugadh Iósaef síos chun na hÉigipte. Cheannaigh Póitífear, feidhmeannach le Forann, agus captaen an gharda, é ó na hIsméiligh a thug síos ann é. Bhí an Tiarna le Iósaef agus d' éirigh leis ina ghnóthaí go léir, agus bhí cónaí air i dteach a mháistir, an tÉigipteach, agus nuair a chonaic a mháistir go raibh an Tiarna le Iósaef, agus conas mar a chuir an Tiarna a bhail ar gach ní dar ghabh sé i láimh, bhí lé aige le Iósaef agus rinne seisean fónamh dó; agus chuir a mháistir i bhfeighil a theaghlaigh é agus chuir sé gach ní aige faoina chúram. Ón lá a chuir sé i bhfeighil a theaghlaigh é, agus i bhfeighil a mhaoine go léir, chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach an Éigiptigh ar son Iósaef. Chuir an Tiarna a bheannacht ar a mhaoin go léir istigh agus amuigh. D' fhág sé Iósaef dá bhrí sin i mbun a mhaoine go léir, agus leis-sean ar láimh, ní raibh de chúram air féin ach an bia a chaitheadh sé. Bhí Iósaef córach dathúil, agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: «Luigh liom.» Ach d' eitigh seisean agus dúirt sé le bean a mháistir: «Féach! de bhrí go bhfuilimse aige, ní chuireann aon ní dá dtarlaíonn sa teach aon mhairg ar mo mháistir; tá gach a bhfuil aige curtha aige faoi mo láimh. Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d' fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?» Cé go labhraíodh sí le Iósaef ó lá go lá, ní aontódh sé luí léi ná géilleadh di. Lá áirithe chuaigh Iósaef chun an tí i mbun a chúraimí agus ní raibh aon duine de fhoireann an tí ansiúd istigh. Rug an bhean ar bhrat air agus dúirt: «Luigh liom.» Ach d' fhág sé a bhrat ina láimh agus theith uaithi as an teach amach. Nuair a chonaic sí gur fhág sé a bhrat aici ina láimh agus gur theith sé ón teach, ghlaoigh sí ar a searbhóntaí agus dúirt sí leo: «Féach air sin! Thug sé Eabhrach chugainn chun masla a thabhairt dúinn! Tháinig sé isteach chugam chun luí liom, ach liúigh mé in ard mo chinn, agus nuair a chuala sé mo liú agus mo bhéic, d' fhág sé a bhrat agam agus theith agus d' éalaigh ón teach.» Choinnigh sí an brat ansiúd lena taobh go dtí gur tháinig a mháistir abhaile, agus d' inis sí an scéal céanna dó: «An daor Eabhrach a thug tú dúinn,» ar sí, «tháinig sé isteach chugam do mo mhaslú. Ach a luaithe a ligeas liú asam, in ard mo chinn, d' fhág sé a bhrat agam agus theith on teach amach.» Nuair a chuala a mháistir na focail a labhair a bhean leis: «Mar sin a rinne do shearbhónta liom,» las sé le fearg. Ghabh máistir Iósaef é agus chuir é sa charcair ina gcoimeádtaí príosúnaigh an rí, agus d' fhan sé ansiúd faoi ghlas. Ach bhí an Tiarna fara Iósaef: bhí sé cineálta leis agus fuair fabhar dó i láthair an phríomhshéiléara. Chuir an priomhshéiléir na príosúnaigh eile go léir sa charcair faoi chúram Iósaef; bhí sé i bhfeighil gach gnó a bhí ar siúl ann. Níor bhac an príomhshéiléir le haon rud a bhí faoi chúram Iósaef mar bhí an Tiarna fairis; agus bhí conách an Tiarna ar gach rud a dhéanadh sé. Tamall ina dhiaidh seo chiontaigh cornaire rí na hÉigipte agus a bháicéir in aghaidh a máistir, rí na hÉigipte. Bhí fearg ar Fhorann lena bheirt oifigeach, an príomhchornaire agus an príomhbháicéir. Chuir sé iad ar láimh i dteach chaptaen an gharda mar a raibh Iósaef faoi ghlas. Chuir captaen an gharda Iósaef ina bhfeighil ag fónamh dóibh, agus chaitheadar tamall i ngéibheann. Rinneadh taibhreamh dóibh araon san aon oíche amháin a thaibhreamh féin lena chiall féin do chornaire agus do bháicéir rí na hÉigipte a bhí faoi ghlas i gcarcair. Nuair a tháinig Iósaef chucu ar maidin chonaic sé go rabhadar gruama, agus chuir sé ceist ar an dá oifigeach a bhí fairis i ngéibheann i dteach a mháistir: «Cén fáth an ghruaim seo oraibh inniu?» «Rinneadh taibhrimh dúinn,» ar siad, «agus níl fear a mínithe againn.» Agus dúirt Iósaef leo: «Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.» D' inis an príomhchornaire a thaibhreamh do Iósaef: «Ag taibhreamh dom,» ar sé, «chonaic mé fíniúin os mo chomhair. Bhí trí géaga ar an bhfíniúin; a luaithe a sceith sí bhí sí faoi bhláth agus rinne caora aibí dá crobhaingí. Bhí corn Fhorainn i mo láimh. Stoith mé na fíniúna agus d' fháisc mé an súlach astu isteach i gcorn Fhorainn.» Ansin dúirt Iósaef leis: «Seo an chiall atá leis: Trí lá na trí géaga. Faoi chionn trí lá, scaoilfidh Forann saor thú agus cuirfidh sé ar ais i do phost thú; agus sínfidh tú a chorn chun Fhorainn mar a dhéantá cheana agus tú i do chornaire aige. Ach cuimhnigh ormsa nuair a bheidh an scéal go maith agat agus cuir de chomaoin orm le do thoil, mé a lua le Forann d' fhonn mé a scaoileadh amach as an teach seo. Óir fuadaíodh mé an chéad lá ó thír na nEabhrach, agus ní dhearna mé aon ní as an tslí anseo ach chomh beag a thuillfeadh carcair dom.» Nuair a chonaic an príomhbháicéir a fhabhraí a bhí an chiall úd, dúirt sé le Iósaef: «Bhí taibhreamh agamsa mar an gceanna: bhí trí ciseáin aráin ar mo cheann; sa chiseán uachtair bhí gach sórt sólaist bruite a thaitin le Forann, ach bhí éanlaith an aeir á n-alpadh as an gciseán a bhí ar mo cheann.» D' fhreagair Iósaef: «Is é seo an chiall atá leis: Trí lá na trí ciseáin. Faoi chionn trí lá tabharfaidh Forann cead do chinn gan cheann duit, agus crochfaidh sé ar chrann thú agus íosfaidh an éanlaith do chuid feola de do chnámha.» Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach. Chuir sé an cornaire ar ais ina phost mar chornaire, chun a chorn a shíneadh chun Fhorainn; chroch sé an príomhbháicéir. Sin mar a bhí mínithe ag Iósaef dóibh. Ach an príomhchornaire, níor chuimhnigh sé ar Iósaef, ach rinne dearmad air. Dhá bhliain shlána ina dhiaidh sin, rinneadh taibhreamh d' Fhorann. Bhí sé ina sheasamh ag an Níl. Seo aníos chuige ón Níl seacht mba slíoctha méithe, agus chromadar ar iníor i measc na luachra. Agus seo seacht mba eile gránna loma aníos ón Níl ina ndiaidh; ghabhadar sall agus sheasadar taobh leis na ba eile ar bhruach na Níle. D' ith na ba gránna loma na seacht mba slíoctha méithe. Dhúisigh Forann ansin. Thit a chodladh air arís agus rinneadh taibhreamh eile dó: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin agus gach dias díobh faoi bharr blátha agus toraidh. Agus seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir agus shlugadar na seacht ndiasa a bhí faoi bharr blátha agus toraidh. Dhúisigh Forann; taibhreamh a bhí aige. Bhí buairt ar Fhorann ar maidin agus chuir sé fios ar lucht asarlaíochta agus feasa uile na hÉigipte; d' inis Forann a thaibhreamh dóibh, ach ní raibh aon duine a d' fhéadfadh é a mhiniú d' Fhorann. Ansin labhair an príomhchornaire le Forann: «Ní foláir dom mo chionta a thabhairt chun cuimhne inniu. Bhí fearg ar Fhorann lena shearbhóntaí agus chuir sé mise agus an príomhbháicéir i ngéibheann i dteach chaptaen an gharda. Rinneadh taibhreamh an oíche chéanna dúinn araon, domsa agus dósan, agus bhí a chiall féin do gach duine ina thaibhreamh féin. Bhí Eabhrach óg inár bhfochair, daor le captaen an gharda. D' insíomar ár dtaibhrimh dó agus mhínigh sé ár dtaibhrimh dúinn, agus d' inis sé do gach duine againn ciall a thaibhrimh féin. Tharla dúinn díreach de réir an mhínithe a thug sé dúinn; cuireadh mise ar ais i mo phost, ach crochadh an fear eile.» Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn. Dúirt Forann le Iósaef: «Rinneadh taibhreamh dom, agus níl aon duine a d' fhéadfadh é a mhíniú; ach tá sé cloiste agam fútsa, nuair a insítear taibhreamh duit, gur féidir duit é a mhiniú.» D' fhreagair Iósaef Forann: «Níl sin ionam. Is é Dia a thabharfaidh freagra fabhrach ar Fhorann.» Dúirt Forann le Iósaef dá bhrí sin: «Sa taibhreamh dom, seo mé i mo sheasamh ar bhruach na Níle. Seo aníos as an Níl seacht gcinn de bha slíoctha méithe agus chromadar ar iníor i measc na luachra. Seo seacht mba eile aníos ina ndiaidh, truáin loma ghránna, nach bhfaca a leithéid riamh i dtalamh na hÉigipte ar fad. Agus d' alp na ba loma gránna na seacht mba slíoctha méithe. Ach nuair a bhíodar ite acu, níorbh fhéidir le haon duine a rá go rabhadar ite acu, mar bhíodar fós chomh lom is a bhíodar riamh. Ansin dhúisigh mé. Rinneadh taibhreamh eile dom: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin, agus iad faoi bhláth toraidh ach seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha, loiscthe ag an ngaoth anoir. Shlug na seacht ndiasa seargtha na seacht ndiasa fónta. D' inis mé an taibhreamh do lucht na hasarlaíochta ach ní raibh fear a mhínithe dom ina measc.» Dúirt Iósaef le Forann: «Is mar a chéile iad taibhrimh Fhorainn. D' fhoilsigh Dia d' Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh. Seacht mbliana na seacht mba breátha, agus seacht mbliana na seacht ndiasa fónta; an taibhreamh //céanna ceannann atá i gceist. Na seacht mba truánacha loma a tháinig aníos ina ndiaidh, seacht mbliana iadsan dála na seacht ndiasa arbhair seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir; beidh seacht mbliana gorta ann. Tá an cás mar a dúirt mé le Forann; thaispeáin Dia d' Fhorann céard atá sé ar tí a dhéanamh. Tiocfaidh seacht mbliana mórfhlúirse ar fud críocha na hÉigipte go léir. Ach tiocfaidh seacht mbliana gorta ina ndiaidh agus ní bheidh cuimhne ar an bhflúirse go léir i gcríocha na hÉigipte; creimfidh an gorta an tír. Beidh an gorta úd a leanfaidh chomh dian sin ar fad nach mbeidh cuimhne ag aon duine ar an bhflúirse a bhí sa tír. Is é cúis gur tháinig an taibhreamh faoi dhó go Forann mar go bhfuil an cúrsa cinnte cheana féin ag Dia, agus tá an-fhonn ar Dhia é a chur i gcrích. Ba chóir d' Fhorann duine críonna ciallmhar a thoghadh agus a chur i bhfeighil thír na hÉigipte. Cuireadh Forann chuige dá bhrí sin agus ceapadh sé feidhmeannaigh os cionn na tíre agus gearradh sé cáin den chúigiú cuid ar thír na hÉigipte le linn seacht mbliana na flúirse. Déanaidís bia go léir na mblianta maithe le teacht a chruinniú agus an t-arbhar a chur i dtaisce in ainm Fhorainn mar bhia sna cathracha, agus coinnídís é. Beidh an bia sin mar chúl taca ag an tír i gcaitheamh na seacht mbliana gorta atá le luí ar thalamh na hÉigipte. Ní mhillfear ar an gcuma sin an tír de dheasca an ghorta.» D' aontaigh Forann agus a fheidhmeannaigh go léir lena ndúirt sé. Ansin dúirt Forann lena fheidhmeannaigh: «Cá bhfaighimis fear mar é seo a bhfuil spiorad Dé ann?» Agus dúirt Forann le Iósaef: «Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa. Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d' orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.» «Féach!» arsa Forann le Iósaef, «déanaim rialtóir díot ar chríocha uile na hÉigipte,» agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl. Chuir sé ina shuí é sa charbad is fearr aige seachas a charbad féin agus bhíodh na daoine roimhe ag cur na ngártha in airde: «Ar bhur nglúine.» Rinneadh rialtóir de ar chríocha uile na hÉigipte sa tslí sin. «Mise Forann,» arsa Forann le Iósaef, «agus níl cead cos ná lámh ag aon duine ar fud críocha na hÉigipte ach de réir do tholasa.» Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte. Deich mbliana fichead a bhí Iósaef nuair a tháinig sé i láthair Fhorainn rí na hÉigipte. Agus chuaigh Iósaef amach ó láthair Fhorainn agus ghabh ar fud críocha uile na hÉigipte. I gcaitheamh na seacht mbliana flúirse, thug an talamh fómhar fial uaidh, agus chruinnigh sé gach a raibh de bhia i mblianta na flúirse i dtír na hÉigipte agus chuir i dtaisce é sna cathracha; chuir sé an bia ó na dúichí ina dtimpeall i dtaisce i ngach cathair. Agus thaiscigh Iósaef raidhse mhór arbhair mar ghaineamh na trá, go dtí go ndeachaigh de é a thomhas mar go raibh a thoirt thar tomhas. Rugadh beirt mhac do Iósaef roimh bhliain an ghorta: Ásanat iníon Phóitífeara, sagart On, a bhronn air iad. Thug Iósaef Manaise ar a chéadghin; «mar,» ar sé, «thug Dia orm dearmad a dhéanamh ar mo chruatan go léir agus ar theaghlach m' athar.» Thug sé Eafráim ar an dara mac; «mar,» ar sé, «chuir Dia an rath orm i dtír mo chiaptha.» Na seacht mbliana flúirse a bhí i dtír na Éigipte, thángadar chun críche, agus thosaigh na seacht mbliana gorta ar theacht mar a bhí ráite ag Iósaef. Bhí gorta i ngach tír ach bhí arán ar fáil ar fud thír na Éigipte go léir. Nuair a luigh an gorta ar chríocha na Éigipte go léir, ghlaoigh na daoine ar Fhorann ag iarraidh aráin; agus dúirt Forann leis na hÉigiptigh go léir: «Téigí go Iósaef, agus déanaigí mar a déarfaidh sé libh.» Nuair a leath an gorta ar fud na tíre go léir, d' oscail Iósaef na taiscí go léir, agus dhíol an t-arbhar leis na hÉigiptigh mar go raibh an gorta dian i dtír na Éigipte. Agus tháinig daoine ó cheithre hairde na cruinne go dtí an Éigipt chun arbhar a cheannach ó Iósaef, mar go raibh an gorta dian ar fud an domhain ar fad. Chuala Iacób go raibh arbhar ar díol san Éigipt agus dúirt sé lena chlann mhac: «Cad a ba áil libh féachaint ar a chéile? Is clos dom, féach!» ar sé, «go bhfuil arbhar san Éigipt; téigí ansiúd síos agus ceannaigí arbhar ann dúinn ionas go mairfimid agus nach bhfaighimid bás.» D' imigh deichniúr de dheartháireacha Iósaef síos chun arbhar a cheannach san Éigipt. Ach níor chuir Iacób Biniáimin, deartháir Iósaef, lena dheartháireacha. «Ní foláir,» ar sé, «gan aon ní a thitim amach dó.» Tháinig clann Iosraél dá réir sin, fara daoine eile a bhí ag déanamh an turais chéanna, chun arbhar a cheannach mar go raibh gorta i dtír Chanán. Ba é Iósaef a bhí i gceannas ar an tír agus is é a bhí ag díol le gach a dtáinig. Agus tháinig deartháireacha Iósaef agus shléachtadar síos go talamh dó. Nuair a chonaic Iósaef a dheartháireacha, d' aithin sé iad, ach ní dhearna sé ach caitheamh leo mar a dhéanfadh le daoine deoranta agus labhairt leo go borb: «Cad as daoibh?» ar sé. «Ó thír Chanán,» ar siad, «a thángamar chun bia a cheannach.» Sea, d' aithin Iósaef a dheartháireacha, ach níor aithin siadsan é. Chuimhnigh Iósaef ar na taibhrimh a bhí aige ina dtaobh agus dúirt sé: «Spiairí sibh,» ar sé, «agus chun faisnéis a fháil ar bhaill laga na tíre a tháinig sibh.» «Ní hea ar aon chor,» ar siad, «ach is chun bia a cheannach a tháinig do shearbhóntaí. Clann an aon fhir amháin sinn go léir, agus daoine macánta; ní spiairí do shearbhóntaí.» «Ní fíor sin,» ar sé leo, «ach is chun baill laga na tíre a fháil amach a tháinig sibh.» D' fhreagraíodar: «Dháréag dearthár, clann an aon fhir amháin i dtír Chanán, is ea sinne, do shearbhóntaí; agus féach tá an sóisear fós anois fara ár n-athair, agus tá duine nach maireann.» Ach d' fhreagair Iósaef iad: «Tá an scéal mar a dúirt mé; is spiairí sibh. Seo é an promhadh a chaithfidh sibh a shásamh: dar anam Fhorainn, ní fhágfaidh sibh an áit seo mura dtaga an deartháir is óige agaibh anseo. Seolaigí duine daoibh féin ag triall ar bhur ndeartháir; fanfaidh an chuid eile agaibh i ngéibheann i dtreo go ndéanfaí bhur scéal a phromhadh féachaint an lucht fírinne sibh nó nach ea; agus murab ea, dar anam Fhorainn, is spiairí sibh go cinnte.» Ansin chaith sé iad go léir isteach i bpríosún ar feadh trí lá. Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: «Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé; más dream macánta sibh, fanadh deartháir agaibh sa charcair ina bhfuil sibh agus téadh an chuid eile le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach. Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugamsa, i dtreo go bhfíorófaí bhur scéal agus sibh a dhul slán ón mbás.» Rinneadar amhlaidh. Ansin dúradar le chéile: «Go deimhin féin tá ár ndeartháir á agairt orainn! Chonaiceamar a bhuaireamh anama agus é ag impí orainn agus gan aon aird againn air. Uime sin a tháinig an buaireamh seo orainn.» D' fhreagair Reúbaen: «Nach ndúirt mise libh gan coir a dhéanamh in aghaidh an bhuachalla? Ach thug sibh an chluas bhodhar dom agus seo anois a fhuil á hagairt orainn!» Ní raibh a fhios acu gur thuig Iósaef iad, mar bhí teanga labhartha eatarthu. D' iompaigh seisean i leataobh agus ghoil; ansin d' fhill orthu agus labhair leo; agus thóg sé Simeon uathu agus chuir cuibhreacha air os comhair a súl. D' ordaigh Iósaef ansin a gcléibh a líonadh d' arbhar agus airgead gach duine a chur ar ais ina mhála agus lón bóthair a thabhairt dóibh. Rinneadh amhlaidh dóibh. Ansin chuireadar a n-ualach arbhair ar a gcuid asal agus d' imíodar leo. Nuair a d' oscail duine díobh a mhála chun bia a thabhairt dá asal mar a rabhadar chun fanacht thar oíche, chonaic sé a chuid airgid i mbéal an mhála. Dúirt sé lena dheartháireacha: «Cuireadh mo chuid airgid ar ais! Seo é i mbéal mo mhála!» Thit an lug ar an lag acu ansin: d' fhéachadar ar a chéile agus scéin orthu: «Ceard é seo a rinne Dia linn?» ar siad. Nuair a d' fhilleadar ar a n-athair Iacób, i dtír Chanán, d' eachtraíodar dó gach ar tharla dóibh. «An té is tiarna ar an tír,» ar siad, «labhair sé go borb linn á mheas gur lucht braite ar a thír sinn. Ach dúramar leis: 'Daoine macánta sinne agus ní spiairí; tá dháréag dearthár againn ann, mic ár n-athar; tá duine againn nach maireann agus tá an sóisear fós anois fara ár n-athair i dtír Chanán.' Ansin dúirt an té is tiarna ar an tír linn: 'Ar an gcuma seo a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh: fágaigí deartháir agaibh anseo liomsa agus imígí libh le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach. Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugam; ansin is ea a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh agus scaoilfidh mé bhur ndeartháir chugaibh, agus féadfaidh sibh bheith ag margáil sa tír.'» Ag folmhú a málaí dóibh, seo spagaí airgid gach duine ina mhála. Nuair a chonaiceadar féin agus an t-athair na spagaí airgid, tháinig scanradh orthu agus dúirt Iacób, an t-athair, leo: «Tá mo chlann mhac á bhfuadach uaim agaibh! Tá Iósaef caillte, tá Simeon caillte, agus anois ní foláir libh Biniáimin a bhreith libh; nach orm a thit an crann!» Ansin dúirt Reúbaen lena athair: «Cead agat mo bheirt mhac a chur chun báis mura dtabharfaidh mé ar ais chugat é; fág fúmsa é agus tabharfaidh mé ar ais chugat é.» Ach d' fhreagair sé: «Ní rachaidh mo mhac síos libh, mar tá a dheartháir marbh agus níl ach eisean amháin fágtha. Dá mbainfeadh aon tubaiste dó ar an aistear atá beartaithe agaibh, sheolfadh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.» agus Biniáimin Leo Nuair a bhí an t-arbhar a thugadar leo ón Éigipt caite acu, dúirt an t-athair leo: «Imígí ar ais agus ceannaigí beagán bia duinn.» «An fear úd,» arsa Iúdá leis, «thug sé rabhadh sollúnta dúinn: 'Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.' Má scaoileann tú ár ndeartháir inár dteannta, rachaimid síos agus ceannóimid bia duit. Ach mura scaoileann tú leis, ní rachaimidne síos mar dúirt sé siúd: 'Ní ligfear isteach i mo láthair sibh, gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.'» «Cad a ba áil libh,» arsa Iosrael, «a bheith do mo chiapadh mar sin agus a rá leis siúd go raibh deartháir eile agaibh?» D' fhreagraíodar é: «Cheistigh sé siúd sinn go mion inár dtaobh féin agus i dtaobh ár muintire, á rá: 'An maireann bhur n-athair? An bhfuil deartháir eile agaibh?' Sin é an fáth a dtugamar an t-eolas dó. Conas a bheadh a fhios againn ar aon chor go ndéarfadh sé: 'Tugaigí bhur ndeartháir anuas libh'?» Dúirt Iúdá lena athair Iosrael: «Scaoil an buachaill liomsa, agus cuirimis chun bóthair agus imímis linn chun nach bhfaighimis bás ach maireachtáil beo sea sinne agus tusa agus ár muirear go léir chomh maith. Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách. Ach go deimhin féin mura mbeadh an mhoill seo, bheimis ar ais arís um an dtaca seo.» Ansin dúirt Iosrael an t-athair leo: «Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne. Tugaigí a dhá oiread airgid libh; tugaigí ar ais an t-airgead a cuireadh i mbéal bhur málaí. B' fhéidir gur dearmad é. Tugaigí libh bhur ndeartháir agus seo libh ar ais chuige siúd. Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.» Thóg na fir an tabhartas ansin: thugadar a dhá oiread airgid leo agus Biniáimin. Chuireadar chun bóthair agus síos leo go dtí an Éigipt agus isteach i láthair Iósaef. Nuair a chonaic Iósaef Biniáimin faru dúirt sé lena reachtaire: «Beir leat iad seo chun an tí, agus maraigh mart agus cóirigh bia, mar beidh bia acu seo liom um nóin.» Rinne seisean rud ar Iósaef agus thug na fir go teach Iósaef; tháinig eagla orthusan mar go rabhadar á mbreith go teach Iósaef agus dúradar: «Táthar dár dtabhairt ann de bharr an airgid a cuireadh ar ais inár málaí arbhair an chéad uair; tabharfaidh siad fúinn; ionsóidh siad sinn agus déanfaidh siad daoir dínn agus gabhfaidh siad ár n-asail mar an gcéanna.» Suas leo dá bhrí sin chun reachtaire Iósaef agus labhair siad leis ar thairseach an tí: «A thiarna,» ar siad, «thángamar anuas an chéad uair chun bia a cheannach. Nuair a shroicheamar mar a rabhamar chun fanacht thar oíche, d' osclaíomar ár málaí agus b' shiúd airgead gach duine i mbéal a mhála, gan pioc de in easnamh; thugamar linn arís é dá bhrí sin, agus thugamar a thuilleadh airgid linn anuas chomh maith chun bia a cheannach. Ní eol dúinn cé chuir ár gcuid airgid inár málaí arbhair.» «Síocháin daoibh; ná bíodh eagla oraibh,» ar sé. «Is é bhur nDia agus Dia bhur n-athar a chuir an mhaoin in bhur málaí arbhair daoibh. Fuaireas bhur n-airgead slán iomlán.» Thug sé Simeon amach chucu ansin. Thug an fear isteach i dteach Iósaef iad ansin agus thug uisce chucu; níodar a gcosa; thug sé siúd foráiste dá n-asail; chóiríodarsan a dtabhartas agus iad ag feitheamh le Iósaef a theacht um nóin, mar dúradh leo go rabhadar chun bia a chaitheamh ansiúd. Nuair a tháinig Iósaef abhaile thugadar isteach chuige an tabhartas a bhí acu agus shléachtadar go talamh dó. Agus chuir sé ceist orthu conas mar a bhí acu, agus dúirt: «An bhfuil bhur n-athair ar fónamh? an seanfhear a luaigh sibh? An maireann sé fós?» «Tá do shearbhónta, ár n-athair, ar fónamh,» ar siad, «agus maireann sé fós»; agus chromadar a gceann agus rinneadar umhlaíocht dó. D' fhéach seisean suas ansin agus chonaic a dheartháir Biniáimin, mac a mháthar; «An é seo,» ar sé, «an deartháir is óige agaibh, an té a luaigh sibh liom? Go soirbhí Dia duit, a mhic.» Ansin amach le Iósaef láithreach mar gur tháinig tocht ar a chroí nuair a chonaic sé a dheartháir, agus bhí na deora ag bagairt air. Isteach leis ina sheomra agus ghoil sé ansiúd. Ansin nigh sé a aghaidh agus tháinig amach; ansin, agus greim ar a chroí aige, dúirt sé: «Dáiltear an bia.» Dáileadh a chuid air leis féin agus orthusan leo féin; agus na hÉigiptigh a chaith bia leo, dáileadh orthu leo féin mar ní féidir leis na hÉigiptigh bia a chaitheamh le hEabhraigh is gráin dearg leo é sin. Cuireadh chun boird iad os a chomhair, an sinsear de réir a shinsearachta agus an sóisear de réir a shóisearachta; d' fhéach na fir ar a chéile le hionadh agus le alltacht. Dáileadh bia orthu ansin ina chodanna ó bhord Iósaef, ach an chuid a cuireadh chun Biniáimin ba mhó faoi chúig í na cuid aon duine eile díobh. D' óladar fíon ina theannta go rabhadar súgach. Ansin thug [Iósaef] ordú dá reachtaire: «Líon málaí na bhfear,» ar sé, «de bhia, oiread agus is féidir dóibh a iompar, agus cuir airgead gach duine i mbéal a mhála; agus cuir mo chorn, an ceann airgid, i dteannta airgead a arbhair, isteach i mbéal mhála an té is óige acu.» Rinne sé mar a dúirt Iósaef leis. Lá arna mhárach le breacadh an lae seoladh na fir chun siúil agus a n-asail leo. Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: «Bí amuigh,» ar sé, «agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: 'Cad chuige daoibh an t-olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?] Nach as seo a ólann mo thiarna, agus nach leis a dhéanann sé fáistine? Is olc an beart é sin déanta agaibh!'» Nuair a tháinig seisean suas leo labhair sé mar sin leo. Dúradar leis: «Cen fáth go labhraíonn tú mar sin, a mháistir? I bhfad ó do shearbhóntaí a leithéid de bheart a dhéanamh! Féach an t-airgead a fuaireamar i mbéal ár málaí, thugamar ar ais chugat é ó thír Chanán. Conas, más ea, a ghoidfimis airgead ná ór ó theach do thiarna? Má fhaightear ag aon duine de do shearbhóntaí é, cuirtear chun báis é, agus bímis féin inár ndaoir agat, a mháistir.» «Breith bhur mbéil féin oraibh, más ea,» ar sé, «an té ag a bhfaighfear é, beidh sé ina dhaor agam; ach rachaidh an chuid eile agaibh saor.» Ansin leag gach duine a mhála ar an talamh gan mhoill agus d' oscail gach duine a cheann féin. Rinne sé iad a chuardach, ag dul ón sinsear go dtí an sóisear agus fuarthas an corn i mála Bhiniáimin. Stróic siad a gcuid éadaigh, chuir gach duine a ualach ar a asal agus ar ais leo chun na cathrach. Nuair a shroich Iúdá agus a dheartháireacha teach Iósaef, bhí sé ansiúd fós; shléachtadar síos go talamh roimhe. Dúirt Iósaef leo: «Cad é seo atá déanta agaibh? Nach bhfuil a fhios agaibh gur fear feasa mo leithéidse?» «Cad tá le rá againn leat, a thiarna?» arsa Iúdá, «cén chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá ciontacht do shearbhóntaí nochta ag Dia féin. Anois, más ea, seo sinn mar dhaoir agat, a thiarna, sinne chomh maith leis an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh.» «Nár lige Dia go ndéanfainn a leithéid! Ní bheidh ina dhaor agam ach an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh. Maidir libhse, téigí ar ais slán folláin chun bhur n-athar.» Ansin chuaigh Iúdá suas chuige agus dúirt: «A thiarna, impím ort, lig do do shearbhónta focal a chur i do chluais le do thoil; agus ná las le fearg chun do shearbhónta, óir is cosúil le Forann féin tusa. Chuir tú ceist, a thiarna, ar do shearbhóntaí: 'An bhfuil athair nó deartháir agaibh?' Agus dúramar le d' onóir: 'Tá athair againn, seanfhear, agus deartháir óg a rugadh dó ina sheanaois; tá a dheartháirsean tar éis bháis agus níl fágtha ach eisean de chlann a mháthar; agus tá cion ag a athair air.' Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: 'Tugaigí chugam anuas é go bhfeicfidh mé le mo shúile cinn é.' Ansin dúramar le d' onóir: 'Ní féidir don mhac a athair a fhágáil mar má fhágann sé a athair ansin, gheobhaidh a athair bás.' Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: 'Mura dtaga an deartháir is óige agaibh anuas in éineacht libh ní fheicfidh sibh mo ghnúis níos mó.' Nuair a d' fhilleamar ar ár n-athair, do shearbhónta, d' insíomar dó a raibh ráite agat, a thiarna. Agus nuair a dúirt ár n-athair: 'Imígí arís agus ceannaigí beagán bia dúinn,' dúramar: 'Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.' Ansin dúirt do shearbhónta, m' athair, linn: 'Tá a fhios agaibh gur rug mo bhean beirt mhac dom; nuair a scar mé le duine acu, dúirt mé: Stolladh, sea agus alpadh é; agus ní fhaca mé riamh ó shin é. Má thógann sibh an ceann seo uaim chomh maith, seolfaidh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.' Má thagaimse dá bhrí sin chun do shearbhónta, m' athair, agus gan an buachaill inár dteannta, ós rud é go bhfuil a chroí istigh sa bhuachaill, titfidh an t-anam as nuair a fheicfidh sé nach bhfuil an buachaill inár dteannta; agus seolfaidh do shearbhóntaí síos go Seól ár n-athair, do shearbhónta, agus a cheann liath faoi ualach bróin. Chuaigh do shearbhónta, más ea, i mbannaí leis an mbuachaill i láthair m' athar, á rá: 'Mura dtuga mé ar ais chugat é, bíodh a mhilleán sin ormsa ar feadh mo shaoil i láthair m' athar.' Anois dá bhrí sin, impím ort, lig do do shearbhónta fanacht ina dhaor ag mo thiarna, agus scaoil an buachaill ar ais lena dheartháireacha. Conas a d' fhéadfainnse dul ar ais ag triall ar m' athair agus gan an buachaill i mo theannta? Ní ligfeadh eagla dom a bheith ag faire ar an ainnise a thiocfadh sa mhullach ar m' athair.» Níor fhéad Iósaef smacht a choimeád air féin a thuilleadh os comhair a raibh ag friotháil air; ghlaoigh sé in ard a chinn agus dúirt: «Cuirigí gach aon duine chun siúil ó mo láthair.» Ní raibh aon duine i láthair dá bhrí sin nuair a bhí Iósaef á chur féin in aithne dá dheartháireacha. Ghoil sé os ard agus chuala na hÉigiptigh é agus chuala teaghlach Fhorainn é. «Mise Iósaef,» arsa Iósaef lena dheartháireacha, «agus an maireann m' athair fós?» Ach níor fhan focal freagra dó ag a dheartháireacha le barr uafáis ina láthair. Dúirt Iósaef ansin lena dheartháireacha: «Druidigí i leith chugam, le bhur dtoil»; agus nuair a dhruideadar leis dúirt sé: «Mise bhur ndeartháir Iósaef a dhíol sibh le breith chun na hÉigipte. Anois, más ea, ná bíodh buaireamh ná fearg oraibh libh féin toisc mé a reic anseo, mar sheol Dia mise romhaibh chun sibh a choinneáil beo. Óir tá an gorta sa tír le dhá bhliain agus tá cúig bliana eile le teacht nach gcuirfear síol agus nach mbainfear fómhar. Chuir Dia mise romhaibh chun fuíoll sleachta a choimeád beo ar talamh daoibh, sea agus tarrtháil a dhéanamh ar a lán daoibh. Ní sibhse dá bhrí sin a sheol anseo mé ach Dia, agus chuir sé mé i riocht a bheith i m' athair ag Forann agus i mo thiarna ar a theaghlach go léir agus i m' uachtarán ar chríocha na hÉigipte go léir. Brostaigí agus téigí abhaile chun m' athar agus abraigí leis: 'Deir do mhac Iósaef leat: Rinne Dia tiarna díom ar chríocha na hÉigipte go léir; tar chugam anuas agus ná déan aon mhoill: Beidh cónaí ort i ndúiche Ghoisin, agus beidh tú i mo chóngar tú féin agus do chlann agus clann do chlainne, do tháinte agus do thréada agus do mhaoin go léir; agus cothóidh mé ansiúd thú mar go bhfuil cúig bliana gorta le teacht fós, agus nach áil liom go luífeadh an ghannchúis ort féin ná ar do theaghlach ná ar do chuid.' Agus anois feiceann sibh le bhur súile cinn sibhse agus mo dheartháir Biniáimin gur liomsa an béal seo ag caint libh. Ní foláir daoibh a insint do m' athair cad é gradam atá agam san Éigipt agus gach a bhfuil feicthe agaibh. Brostaigí agus tugaigí m' athair anseo anuas.» Ansin chaith sé é féin ar bhráid Bhiniáimin a dheartháir agus ghoil sé agus ghoil Biniáimin ar a bhráidsean. Agus phóg sé a dheartháireacha go léir agus a dheora ag sileadh orthu, agus ansin labhair a dheartháireacha leis. Bhain an scéal nua go raibh deartháireacha Iósaef tagtha pálás Fhorainn amach, agus b' áthas le Forann é a chlos, agus ba é an dála céanna é ag a theaghlach. Dúirt Forann le Iósaef: «Abair le do dheartháireacha: 'Déanaigí mar leanas: Cuirigí ualaí ar bhur mbeithígh iompair agus ar ais libh go tír Chanán. Agus tugaigí libh anseo bhur n-athair agus bhur dteaghlaigh agus tagaigí ar ais chugam. Tabharfaidh mé togha thalamh na hÉigipte daoibh agus beidh méith na talún mar bhia agaibh.' Agus tabhair an t-ordú seo dóibh chomh maith: 'Déanaigí mar leanas: Tugaigí cóistí libh ó thír na hÉigipte do bhur miondaoine agus do bhur mná agus tugaigí bhur n-athair libh, agus tagaigí! Is cuma daoibh faoi bhur maoin, mar is libhse togha maoine thír na hÉigipte go léir.'» Rinne clann Iosrael mar a dúradh leo agus thug Iósaef cóistí dóibh, mar a d' ordaigh Forann, agus lón bóthair. Thug sé dhá fhallaing shaoire an duine dóibh, ach thug sé cúig fhallaing shaoire agus trí chéad seicil airgid do Bhiniáimin. Agus seo leanas ar chuir sé chun a athar: deich n-asal agus ualaí d' ollmhaitheasaí na hÉigipte orthu; deich láir agus ualaí orthu d' arbhar agus d' arán agus de bhia agus de lón d' aistear a n-athar. Ansin chuir sé a dheartháireacha chun siúil, agus is é focal deireanach a bhí aige dóibh ag imeacht: «Ná bíodh aon aighneas eadraibh ar an tslí.» D' fhágadar an Éigipt dá bhrí sin agus bhaineadar amach tír Chanán agus a n-athair Iacób. Agus dúradar leis: «Maireann Iósaef i gcónaí agus is rialtóir é ar chríocha uile na hÉigipte.» Agus tháinig suaitheadh croí air mar ní chreidfeadh sé iad. Ach nuair a d' insíodar dó gach a ndúirt Iósaef leo, agus nuair a chonaic sé na cóistí a chuir Iósaef faoina dhéin, tháinig Iacób an t-athair chuige féin. Agus dúirt Iosrael: «Is leor sin! Maireann Iósaef mo mhac i gcónaí; rachaidh mé ar a thuairisc roimh bhás dom!» Chuir Iosrael chun bóthair dá bhrí sin lena raibh aige agus tháinig sé go Béar Seaba. D' ofrail sé íobairtí do Dhia a athar Íosác ansiúd. Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: «A Iacóib, a Iacóib!» «Anseo dom,» ar sé. Dúirt sé leis ansin: «Mise Dia, Dia d' athar; ná bíodh eagla ort dul síos chun na hÉigipte, óir déanfaidh mé cine mor ansiúd díot. Rachaidh mise féin síos chun na hÉigipte leat agus tabharfaidh mé aníos arís thú; agus is é lámh Iósaef a dhúnfaidh do shúile.» Ansin d' fhág Iacób Béar Seaba agus rinne clann mhac Iosrael a n-athair Iacób, a miondaoine agus a mná a iompar sna cóistí a sheol Forann faoina dhéin. Thugadar leo na tréada agus an mhaoin a bhí cruinnithe acu i dtír Chanán agus thángadar chun na hÉigipte Iacób agus a shliocht go léir a mhic agus mic a mhac, a iníonacha agus iníonacha a mhac; thug sé a shliocht uile leis isteach san Éigipt. Seo iad anois ainmneacha chlainne Iosrael a tháinig go dtí an Éigipt, Iacób agus a chlann mhac: Reúbaen céadghin Iacób agus a chlann mhac: Hanóc agus Palú agus Heazron agus Cairmi. Clann mhac Shimeon: Iamúél agus Iáimím agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí. Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí. Clann Iúdá: Éar agus Ónán agus Séala agus Bearna agus Zearach (ach d' éag Éar agus Ónán i dtír Chanán); agus b' iad Heazron agus Hámúl clann Bhearnan. Clann Íosácár: Tólá agus Puvá agus Iób agus Siomron. Clann Zabúlun: Seirid agus Éalón agus Iachlael. Is iadsan clann Léá a rug sí do Iacób i bPadan Arám, mar aon lena hiníon Díneá; triúr agus tríocha duine ar fad an líon mac agus iníonacha a bhí aige. Clann Ghád: Zifeón agus Haigí, Siúiní agus Eazbon, Éirí agus Aróidí, agus Airéilí. Clann Áiséar: Imneá agus Isveá agus Isví agus Beiríá agus a ndeirfiúr Searach. Clann Bheiríá: Heibir agus Mailcíél. (Iadsan clann Zilpeá a thug Lábán dá iníon Léá, rug sí iad do Iacób seisear déag). Seo iad clann Ráchael bean Iacóib: Iósaef agus Biniáimin. Agus rugadh do Iósaef san Éigipt ó Ásanat iníon Phóitífeara sagart On: Manaise agus Eafráim. Clann Bhiniáimin: Beala agus Beicir agus Aisbéal agus Géará agus Námán agus Éichí agus Róis agus Mupaím agus Hupaím agus Ard. Iadsan an chlann mhac a rug Ráchael do Iacób ceathrar déag ar fad. Clann Dhán: Huisím. Clann Naftáilí: Iachzael agus Gúiní agus Iéizir agus Siléim. Iadsan clann Bhileá a bhronn Lábán ar a iníon Ráchael; rug sí iadsan do Iósaef seachtar ar fad. Ba é líon mhuintir Iacóib go léir a chuaigh isteach san Éigipt dá shliocht féin, gan mná a chlainne a chur san áireamh seisear agus trí fichid ar fad. Rugadh mic do Iósaef san Éigipt, beirt mhac; ba é líon theaghlach Iacóib ar fad a chuaigh isteach san Éigipt, deichniúr agus trí fichid. Chuir [Iosrael] Iúdá ar aghaidh roimhe go dtí Iósaef chun go dtiocfadh seisean ina gcoinne i nGoisin. Nuair a shroicheadar Goisin, ghabh Iósaef a chóiste agus seo leis in airicis a athar Iosrael i nGoisin. Tháinig sé ina láthair agus chaith é féin ar a bhráid agus bhí na deora ag sileadh leis ar a bhráid ar feadh i bhfad. Dúirt Iosrael le Iósaef: «Níor chás liom bás a fháil anois de bhrí go bhfaca mé do ghnúis agus go bhfuil a fhios agam gur beo duit fós.» Labhair Iósaef ansin lena dheartháireacha agus le muintir a athar: «Rachaidh mé suas go Forann,» ar sé, «agus tabharfaidh mé an scéal nua dó. Déarfaidh mé leis: 'Mo dheartháireacha agus muintir m' athar a bhí i dtír Chanán, tá siad tagtha chugam. Aoirí iad agus bíonn siad ag féaracht stoic; agus thugadar leo a dtréada agus a dtáinte agus a maoin go léir.' Nuair a chuirfidh Forann fios oraibh agus a fhiafróidh sé: 'Cén ghairm bheatha atá agaibh?' abraigí leis: ' Aoirí tréad sinne, do shearbhóntaí, onár n-óige go dtí anois féin, sinne agus ár n-aithreacha.' Ar an gcuma seo ceadófar daoibh fanacht i dtír Ghoisin,» mar tá an ghráin dearg ag na hÉigiptigh ar gach aoire. D' imigh Iósaef ansin agus dúirt le Forann: «Tá m' athair agus mo dheartháireacha tagtha ó thír Chanán lena dtréada agus lena dtáinte agus lena maoin go léir; tá siad anois i ndúiche Ghoisin.» Bhí cúigear dá dheartháireacha tugtha leis aige agus chuir sé i láthair Fhorainn ansin iad. «Cen ghairm bheatha atá agaibh?» arsa Forann lena dheartháireacha. Agus dúradar le Forann: «Is aoirí do shearbhóntaí dála ár n-aithreacha romhainn.» Leanadar ar aghaidh agus dúradar le Forann: «Thángamar chun cur fúinn tamall sa tír seo, mar níl aon fhéarach do thréada do shearbhóntaí mar tá an gorta go dian i dtír Chanán; agus anois impímid ort, lig do do shearbhóntaí fanacht tamall i dtír Ghoisin.» Ansin dúirt Forann le Iósaef: «Tá d' athair agus do dheartháireacha tagtha chugat. Sin é talamh na hÉigipte romhat mar a shíneann; cuir d' athair agus do dheartháireacha chun cónaí sa chuid is fearr den talamh. Cuiridis fúthu i dtír Ghoisin, agus más eol duit aon chumasaigh orthu, cuir i bhfeighil mo stoic féin iad.» Ansin thug Iósaef Iacób a athair leis agus chuir i láthair Fhorainn é, agus chuir Iacób a bheannacht ar Fhorann. Agus d' fhiafraigh Forann de Iacób: «An iomaí bliain a áiríonn tú de fhad saoil agat?» Dúirt Iacób le Forann: «Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m' aithreacha ina síorthaisteal.» Agus chuir Iacób a bheannacht ar Fhorann agus d' imigh amach ó láthair Fhorainn. Ansin bhunaigh Iósaef a athair agus a dheartháireacha, agus thug seilbh dóibh, i dtír na hÉigipte, sa chuid is fearr den talamh, i ndúiche Ramasaes mar a d' ordaigh Forann. Agus chuir Iósaef cóir chothaithe ar a athair, ar a dheartháireacha, agus ar theaghlach uile a athar de réir líon a muirir. Ní raibh aon bhia sa tír ar fad mar go raibh an gorta chomh dian sin go raibh tír na hÉigipte agus tír Chanán in anbhainne le hocras. A raibh d' airgead le fáil i dtír na hÉigipte agus i dtír Chanán, chruinnigh Iósaef é mar mhalairt ar an arbhar a bhí á cheannach agus thug an t-airgead go léir leis go pálás Fhorainn. Agus nuair a bhí an t-airgead go léir caite i dtír na hÉigipte agus i dtír Chanán tháinig na hÉigiptigh go léir go dtí Iósaef á rá: «Tabhair bia duinn! Cad chuige go bhfaighimis bás os comhair do shúl? Óir tá ár gcuid airgid caite.» D' fhreagair Iósaef: «Tugaigí libh bhur n-eallach agus tabharfaidh mé bia daoibh mar mhalairt ar bhur n-eallach má tá bhur gcuid airgid ídithe.» Thugadar a n-eallach dá réir sin chun Iósaef agus thug Iósaef arán dóibh mar mhalairt ar chapaill, ar tháinte, ar thréada agus ar asail; chothaigh sé le bia iad an bhliain sin mar mhalairt ar a n-airnéis go léir. Nuair a bhí an bhliain sin thart, thángadar chuige arís an bhliain dar gcionn agus dúradar leis: «Ní cheilfimid ort é, a rí; tá ar gcuid airgid go léir caite; is lenár dtiarna an airnéis go léir; níl fagtha i láthair ár dtiarna ach ár gcorp agus ár dtailte. Cad chuige go bhfaighimis bás os comhair do shúl sinne agus ár dtailte? Bímis féin agus ár dtailte agat dá bhrí sin mar cheannach ar bhia; beimidne lenár dtailte mar dhaoir ag Forann. Ach tabhair dúinn síol le cur chun nach bhfaighimis bás ach go mairfimis agus nach bhfágfaí an talamh ina fhásach.» Cheannaigh Iósaef talamh uile na hÉigipte ar an tslí sin d' Fhorann; óir dhíol na hÉigiptigh go léir a dtailte mar gur luigh an gorta orthu. Fuair Forann an talamh go léir. Maidir leis an bpobal, rinne sé daoir díobh ó cheann ceann na hÉigipte. Talamh na sagart amháin a d' fhág sé gan ceannach, mar d' fhaigheadh na sagairt liúntas ar leith ó Fhorann agus mhaireadar ar an liúntas a thug Forann dóibh; níor dhíoladar a dtailte dá bhrí sin. Ansin dúirt Iósaef leis an bpobal: «Tá sibh féin agus bhur dtailte, mar a fheiceann sibh, ceannaithe anois agam d' Fhorann. Seo daoibh síol dá bhrí sin le cur sa talamh. Ach nuair a thiocfaidh an fómhar tabharfaidh sibh an cúigiú cuid d' Fhorann agus coimeádfaidh sibh na ceithre coda eile mar shíol do bhur n-ithir, mar bhia daoibh féin agus do bhur dteaghlaigh, agus mar chothú do bhur miondaoine.» D' fhreagraíodar: «Shábháil tú ár n-anam; beimid inár ndaoir ag Forann, le do thoil, a thiarna.» Rinne Iósaef reacht faoi thalamh na hÉigipte agus tá sé i bhfeidhm fós sa lá atá inniu ann: an cúigiú a bheith ag Forann. Talamh na sagart amháin nár tháinig i seilbh Fhorainn. D' fhan Iosrael i dtír na hÉigipte i ndúiche Ghoisin, agus fuaireadar seilbh air agus bhí an rath orthu agus chuadar i líonmhaire go mór. Mhair Iacób seacht mbliana déag i dtír na hÉigipte; ba é fad saoil Iacóib agus blianta a ré ná céad agus daichead a seacht mbliana. Nuair a bhí an bás ag druidim le hIosrael, ghlaoigh sé chuige a mhac Iósaef agus dúirt sé leis: «Má fuair mé fabhar i do láthair, cuir, impím ort, do lámh faoi mo cheathrú agus geall go mbeidh tú go dílis fírinneach liom. Ná hadhlaic mé san Éigipt, ach sín sa chré mé le mo shinsir. Tóg ón Éigipt amach mé agus adhlaic mé san aon tuama leo.» D' fhreagair seisean: «Déanfaidh mé mar a dúirt tú.» Ach lean sé air: «Tabhair do mhionn dom,» agus thug sé sin dó. Ansin lig Iosrael é féin siar ar an adhairt. Dúradh le Iósaef tamall ina dhiaidh seo: «Bhuail taom tinnis d' athair.» Thug sé leis a bheirt mhac Manaise agus Eafráim. Nuair a dúradh le Iacób: «Féach, tá do mhac Iósaef tagtha chugat,» chruinnigh Iosrael a neart agus d' éirigh aniar sa leaba. Agus dúirt Iacób le Iósaef: «Thaispeáin Dia Uilechumhachtach é féin dom i Lúz i dtír Chanán agus chuir a bheannacht orm á rá: 'Féach! cuirfídh mé an rath ort agus méadóidh mé do shliocht, agus déanfaidh mé baicle ciníocha díot agus tabharfaidh mé an tír seo do do shliocht i do dhiaidh mar shealús go síoraí.' Anois an bheirt mhac a rugadh duit i dtír na hÉigipte sula dtáinig mise chugat san Éigipt, is liomsa iad; beidh Eafráim agus Manaise agam mar mhic ar aon dul le Reúbaen agus Simeon. Ach cibé clann a ghinfear uait ina ndiaidh, is leat féin iad; agus beidh ainmneacha a ndeartháireacha orthu sa mhéid a bhaineann le hoidhreacht. Ar m' aistear dom ó Phadan Arám bhí sé de dhólás agam go bhfuair Ráchael bás i dtír Chanán, agus sinn tamall fós ó Eafrát. Rinne mé í a adhlacadh ansiúd ar an mbóthar go hEafrát, i mBeithil.» Nuair a chonaic Iosrael mic Iósaef, dúirt sé: «Ce hiad sin?» «Sin iad,» arsa Iósaef lena athair, «mo mhic-sé, a bhronn Dia anseo orm.» Agus dúirt seisean: «Tabhair anseo i leith chugam iad, le do thoil, go gcuirfidh mé mo bheannacht orthu.» Bhí scáthshúilí ar Iosrael leis an aois i dtreo nach raibh radharc aige orthu. Thug Iósaef níos cóngaraí dó iad dá bhrí sin agus phóg sé an bheirt agus ghlac chuige ina ucht iad. Agus dúirt Iosrael le Iósaef: «Ní raibh aon súil agam go bhfeicfinn do ghnúis arís, ach seo é Dia á dheonú dom do chlann a fheiceáil chomh maith.» Ansin thóg Iósaef an bheirt mhac óna ghlúine chuige féin, agus shléacht sé go talamh. Agus rug Iósaef orthu araon, ar Eafráim ina láimh dheas i dtreo go raibh sé ar chlé Iosrael, agus ar Mhanaise ina láimh chlé i dtreo go raibh sé ar dheis Iosrael; agus thug sé in aice leis iad. Shín Iosrael a lámh dheas uaidh amach agus leag í ar cheann an té a ba óige, Eafráim; agus a lámh chlé ar cheann Mhanaise, agus a lámha á gcur thar a chéile aige ba é Manaise an té ba shine. Ansin chuir sé a bheannacht ar Iósaef á rá: «Dia ar shiúil m' aithreacha Abrahám agus Íosác ina radharc, Dia a bhí mar aoire agam ar feadh mo shaoil go léir go dtí seo, An t-aingeal a d' fhuascail mé ó gach olc, go mbeannaí sé na buachaillí seo! Go maire mo ainmse iontu, agus ainm m' aithreacha Abrahám agus Íosác. Go dté siad i líonmhaire agus in iomadúlacht ar chlár na cruinne.» Nuair a chonaic Iósaef a athair ag leagan a láimhe deise ar cheann Eafráim, baineadh stad as. Rug sé greim ar láimh a athar chun í a chur ó cheann Eafráim go ceann Mhanaise. Dúirt Iósaef lena athair: «Ní mar sin is ceart, a athair, é seo an chéadghin; leag do lámh dheas ar a cheann seo.» Ní dhearna an t-athair rud air, ach dúirt: «Tá a fhios agam, a mhic ó, tá a fhios sin. Beidh seisean leis ina phobal mór, agus beidh sé tábhachtach. Ach is tábhachtaí ná é a bheidh an deartháir is óige agus beidh a shliocht ina mbaicle ciníocha.» Chuir sé a bheannacht orthu an lá sin á rá: «Gura beannacht sibh in Iosrael! Go ndeire siad: ' Go gcuire Dia an bhail chéanna ort le hEafráim agus le Manaise!'» Ar an tslí sin thug sé an tosach do Eafráim ar Mhanaise. Ansin dúirt Iosrael le Iósaef: «Féach, táim ar tí bás a fháil! Ach beidh Dia libhse agus tabharfaidh sé ar ais go tír bhur sinsear sibh. Maidir liom féin, bronnaim ort Seicim, de bhreis ar do dheartháireacha, é siúd a bhain mé de na hAmóraigh le mo chlaíomh agus le mo bhogha.» Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: «Cruinnigí le chéile go n-inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh. Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí; éistigí le hIosrael bhur n-athair. A Reúbaen, is tú mo chéadghin mo neart, céadtoradh m' fhearúlachta. Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht, gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach, mar gur ghabh tú suas chun leaba d' athar, agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón! Deartháireacha Simeon agus Léiví, agus chuireadar a ndobhearta i gcrích. Ná bíodh m' anam páirteach ina gcomhairlí; nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar, óir mharaíodar daoine le teann feirge agus speireadar daimh le barr buile. Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael. A Iúdá, molfaidh do dheartháireacha thú; beidh do lámh ar bhráid do naimhde agus sléachtfaidh clann mhac d' athar duit. Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt? Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine. Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin agus searrach a lárach dá stoc. Níonn sé a éide i bhfíon agus a chulaith i bhfuil na gcaor; beidh a shúile dearg le fíon agus a dhéada bán le bainne. Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige; beidh sé ina fhoscadh ag loingeas agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón. Asal tréan é Íosácár ina luí i measc cróite caorach; tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe, agus gur thaitneamhach é an dúiche; chrom sé a ghualainn don ualach, agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin. Beidh Dán ina bhreitheamh ar a phobal, mar cheann de threibheanna Iosrael. Beidh Dán ina nathair nimhe ar an mbóthar agus ar an gcosán ina nathair adharcach, a bheireann greim ar speir an chapaill agus go dtiteann a mharcach i ndiaidh a chúil. Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia. Déanfaidh foghlaithe foghail ar Ghád, ach déanfaidh seisean foghail agus tóir orthu. Is saibhir é arán Áiséar agus déanfaidh sé soláis a sholáthar do bhord an rí. Is eilit ar scaoileadh léi Naftáilí agus oisíní gleoite á mbreith aici. Craobh thorthúil é Iósaef, craobh thorthúil le hais an tobair, agus a géascaí ag síneadh thar an mballa. Thug na saighdeoirí faoi le fíoch, scaoileadar faoi le binib, agus luíodar go dian air, ach bhris neach tréan a mbogha agus scaradh cuislí a lámh ona chéile ag láimh Neach Tréan Iacóib, ag ainm Charraig Iosrael, ag Dia d' athar a chabhraíonn leat, ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú, le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos, le beannachtaí cíoch agus broinne, le beannachtaí arbhair agus bláthanna, le beannachtaí na gcnoc cianaosta, le beannachtaí na sléibhte síoraí; go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef, agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha. Faolchú craosach é Biniáimin; alpann sé a chreach ar maidin, agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.» Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n-athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith. Ansin thug sé treoracha dóibh. «Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,» ar sé. «Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m' aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach, san uaimh i bhfearann Mhacpaelá lastoir de Mhamrae i dtír Chanán, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha. Ansiúd a adhlacadh Abrahám agus Sárá a bhean; ansiúd a adhlacadh Íosác agus a bhean Ribeacá; ansiúd a rinne mé Léá a adhlacadh san fhearann agus san uaimh ann, is é sin, a ceannaíodh ó na Hitigh.» Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d' imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é. Ansin chaith Iósaef é féin anuas ar a athair, agus shil deora ar a aghaidh agus phóg é. Ansin d' ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú. Chaitheadar daichead lá leis an ngnó, mar go dtógann sé daichead lá an balsamú a dhéanamh. Agus chaoin na hÉigiptigh é ar feadh deich lá agus trí fichid. Nuair a bhí an tréimhse chaointe air thart, labhair Iósaef le teaghlach Fhorainn: «Má táim i bhfabhar in bhur láthair,» ar sé, «cuirigí an teachtaireacht seo i gcluais Fhorainn, le bhur dtoil: Chuir m' athair faoi bhrí na mionn mé. ' Táimse ar tí báis,' ar sé, ' tá uaigh agam a d' oscail mé féin dom féin i dtír Chanán; ní foláir duit mé a adhlacadh ansiúd.' Lig dom dul suas mar sin anois, impím ort, agus m' athair a chur. Ansin fillfidh mé.» D' fhreagair Forann: «Imigh leat suas agus déan d' athair a adhlacadh mar a chuir sé d' iallach ort a mhionnú dó.» D' imigh Iósaef suas dá bhrí sin chun a athair a adhlacadh agus chuaigh in éineacht leis searbhóntaí uile Fhorainn agus seanóirí uile a theaghlaigh, agus seanóirí uile thír na hÉigipte; agus, chomh maith leo, teaghlach uile Iósaef, agus a dheartháireacha, agus teaghlach a athar, ach gur fágadh a leanaí, a dtréada, agus a dtáinte i dtír Ghoisin. Ghabh carbaid agus marcshlua suas leis chomh maith, agus ba mhór go léir an tsochraid í. Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá. Nuair a chonaic muintir na háite, na Canánaigh, an caoineadh in Urlár Buailte Átád, dúradar: «Nach dian an caoineadh é seo ag na hÉigiptigh!» Uime sin thugadar Móinéar na nÉigipteach ar an ait tá sé lastall den Iordáin. Rinne a chlann mhac leis mar a d' ordaigh sé dóibh. Óir thug a mhic é go tír Chanán agus rinneadar é a adhlacadh san uaimh san fhearann i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha. Tar éis dó a athair a adhlacadh, d' fhill Iósaef ar an Éigipt mar aon lena dheartháireacha agus ar ghabh suas leis chun a athair a adhlacadh. Nuair a chonaic deartháireacha Iósaef go raibh a n-athair marbh, dúradar: «B' fhéidir gurb amhlaidh a thabharfaidh Iósaef fuath dúinn agus cúiteamh a éileamh san urchóid go léir a rinneamar air.» Chuireadar teachtaireacht dá bhrí sin go dtí Iósaef á rá: «Roimh bhás dó, thug d' athair an t-ordú seo: ' Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.' Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia d' athar.» Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis. Tháinig a dheartháireacha uathu féin agus shléachtadar dó agus dúirt: «Seo sinne inár searbhóntaí agat!» Ach d' fhreagair Iósaef: «Ná bíodh eagla oraibh! An amhlaidh atáimse in áit Dé? Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i m' aghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois. Ná bíodh eagla oraibh dá bhrí sin; cothóidh mé féin sibhse agus bhur muirear.» Ar an gcuma sin thug sé misneach agus sólás dóibh. Chónaigh Iósaef san Éigipt mar sin agus teaghlach a athar ina fhochair. Mhair Iósaef céad agus a deich mbliana. Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef. Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: «Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d' Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.» Ansin chuir Iósaef clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: «Nuair a thiocfaidh Dia ag triall oraibh, tugaigí mo chnámha libh ón áit seo gan teip.» Fuair Iósaef bás agus é céad agus a deich mbliana d' aois; agus rinneadar é a bhalsamú agus a chur i gcónra san Éigipt. Siad seo ainmneacha clann mhac Iosrael a tháinig go dtí an Éigipt le Iacób agus a theaghlach féin le gach duine díobh. Reúbaen, Simeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Zabúlun agus Biniáimin, Dán agus Naftáilí, Gád agus Áiséar. Deichniúr agus trí fichid ar fad sliocht Iacóib; bhí Iósaef cheana féin san Éigipt. Ansin cailleadh Iósaef agus a dheartháireacha go léir, agus an ghlúin sin uile. Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír. Tháinig rí nua i réim san Éigipt, gan aon aithne aige ar Iósaef. Agus dúirt seisean lena mhuintir: «Muintir seo Iosrael, féachaigí conas mar a sháraíonn siad sinn i líonmhaire agus i neart. Téanaigí agus bímis glic leo d' fhonn nach méadódh ar a líon, agus, má thagann cogadh orainn, nach dtaobhóidís lenár naimhde agus troid inár n-aghaidh agus éalú as an tír.» Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d' Fhorann. Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael. Chuireadar iallach ar mhuintir Iosrael dá bhrí sin seirbhis an éigin a dhéanamh, agus d' fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu. Ansin labhair rí na hÉigipte le mná cabhartha na nEabhrach bhí Sifreá mar ainm ar bhean acu, agus Púá ar an mbean eile. «Nuair a bhíonn sibhse,» ar sé, «ag déanamh curam mná cabhartha do mhná na nEabhrach, agus nuair a fheiceann sibh iad ar a leaba seoil, más mac a bhíonn ann maraígí é; más iníon, bíodh a hanam aici.» Ach bhí eagla Dé ar na mná cabhartha agus ní dhearnadar mar a d' ordaigh rí na hÉigipte dóibh ach ligeadar do na leanaí mic maireachtáil. Ghlaoigh rí na hÉigipte chuige ar na mná cabhartha dá bhrí sin agus d' fhiafraigh díobh: «Cad chuige daoibh é seo a dhéanamh agus na mic a choimeád beo?» «Mar nach bhfuil na mná Eabhracha mar na mná Éigipteacha,» arsa na mná cabhartha le Forann. «Ach tá fuinneamh iontu agus bíonn beirthe acu sula dtagann an bhean chabhartha chucu.» Bhí Dia go maith do na mná cabhartha, agus lean na daoine orthu ag dul i líonmhaire agus chuadar i neart go mór. De bhrí go raibh eagla Dé ar na mná cabhartha, bhronn sé sliocht orthu. Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: «Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.» Bhí duine de threibh Léiví agus phós sé bean de shliocht Leiví. Ghabh an bhean gin agus rug sí mac, agus nuair a chonaic sí gur bhunóc bhreá é, chuir sí i bhfolach é ar feadh trí mhí. Nuair a chuaigh di é a choimead faoi cheilt a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir an leanbh ann, agus chuir i measc na n-eileastram ar bhruach na habhann é. Sheas a dheirfiúr i leataobh tamall féachaint cad a dhéanfaí leis. Agus tháinig iníon Fhorainn anuas chun í féin a fholcadh san abhainn agus bhí a hionailtí ag spaisteoireacht ar bhruach na habhann. Chonaic sí an cléibhín i measc na n-eileastram agus chuir sí a hionailt ag triall air. D' oscail, d' fhéach, agus chonaic an leanbh fir, agus bhí an leanbh ag gol; bhí trua aici dó agus dúirt: «Leanbh le duine de na hEabhraigh é seo!» Ansin dúirt a dheirfiúr le hiníon Fhorainn: «An rachaidh mé agus buime a ghairm ó i measc na mban Eabhrach chun an leanbh a oiliúint duit?» «Déan,» arsa iníon Fhorainn léi, agus d' imigh an cailín agus ghlaoigh ar mháthair an linbh. Agus dúirt iníon Fhorainn léi: «Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.» Thóg an bhean an leanbh agus d' oil. Agus d' fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, «mar,» ar sí, «gur tharraing mé as an uisce é.» Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir. D' fhéach sé anseo agus ansiúd agus nuair nach bhfaca sé aon duine, mharaigh sé an tÉigipteach agus chuir a chorp i bhfolach sa ghaineamh. Tháinig sé ar ais lá arna mhárach agus b' sheo beirt Eabhrach ag troid le chéile. Dúirt sé leis an té a bhí san éagóir: «Cén fáth gur bhuail tú do chomhthíreach?» «Agus cé a cheap thusa,» ar seisean leis, «i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?» Tháinig scanradh ar Mhaois: «Ní foláir,» ar sé leis féin, «nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.» Nuair a chuala Forann ina thaobh, rinne sé iarracht ar Mhaois a mharú, ach theith Maois ó Fhorann agus d' fhan sé i dtír Mhidián. Shuigh sé láimh le tobar. Agus anois bhí mórsheisear iníonacha ag sagart Mhidián agus thángadar agus tharraingíodar uisce agus líonadar na humair chun uisce a thabhairt do thréad a n-athar. Tháinig aoirí agus thiomáin ar shiúl iad, ach d' éirigh Maois agus d' fhóir orthu agus thug deoch dá dtréad. Nuair a thángadar mar a raibh Reúél, an t-athair, dúirt seisean: «Nach luath atá sibh ar ais inniu!» «Shaor Éigipteach sinn,» ar siad, «ó lámha na n-aoirí agus, fairis sin, tharraing sé uisce dúinn agus thug deoch don tréad.» Agus dúirt seisean lena iníonacha: «Cá bhfuil mo dhuine? Cén fáth é a fhágáil ansiúd? Iarraigí air teacht agus bia a chaitheamh linn.» Bhí Maois sásta cur faoi i bhfochair an duine seo agus thug seisean Zipiorá a iníon mar bhean dó. Rug sí mac agus thug sé Géirsiom mar ainm air, «mar,» ar sé, «is deoraí (gér) mé i dtír iasachta.» Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé. D' éist Dia lena gcnead agus chuimhnigh Dia ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób. D' fhéach Dia ar chlann Iosrael agus ba eol dó [a gcruachás]. Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé. Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d' fhéach sé agus b' shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó. «Caithfidh mé dul i leataobh,» arsa Maois, «agus an radharc iontach seo a fheiceáil cen fáth a bhfuil an tor gan do.» Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor: «A Mhaois, a Mhaois!» «Anseo dom,» ar sé. «Ná tar níos gaire,» arsa [an Tiarna], «bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.» «Is mise,» ar sé ansin, «Dia d' athar, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib.» Agus chlúdaigh Maois a aghaidh mar nár leomhaigh sé féachaint ar Dhia. Ansin dúirt an Tiarna: «Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta. Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach. Anois tá scread chlann Iosrael tagtha chugam agus chonaic mé an leatrom a imríonn na hÉigiptigh orthu. Téanam mar sin agus cuirfidh mé ag triall ar Fhorann thú chun go dtabharfá mo phobal, clann Iosrael, as an Éigipt amach.» Dúirt Maois le Dia: «Cé hé mise a rá is go rachainn ag triall ar Fhorann agus clann Iosrael a thabhairt ón Éigipt amach?» «Beidh mise leat,» ar sé, «agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.» Ansin dúirt Maois le Dia: «Má théim go clann Iosrael agus a rá leo: 'Dia bhur n-aithreacha a chuir mise chugaibh,' agus go bhfiafraíonn siad díom: 'Cén t-ainm atá air?' céard a déarfaidh mé leo?» Dúirt Dia le Maois: «Is mé an te atá ann,» agus lean sé air: «agus abair é seo le clann Iosrael: 'An té atá ann is é a sheol chugaibh mé.'» Agus dúirt Dia arís le Maois: «Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: 'An Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.' Sin é m' ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m' ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. «Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: 'An Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt; agus chinn mé sibh a thabhairt amach as cruatan na hÉigipte agus isteach i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.' Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: 'An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.' Tá a fhios agamsa áfach nach scaoilfidh rí na hÉigipte libh gan lámh thréan a luí air. Sínfidh mé mo lámh ámh agus buailfidh mé an Éigipt leis na hiontais a dhéanfaidh mé inti. Ansin scaoilfidh sé libh. Agus cuirfidh mé an pobal seo faoi dhea-mheas i measc na nÉigipteach i dtreo nach folamh a bheidh sibh ag imeacht daoibh nuair a imeoidh sibh. Lorgóidh gach bean ornáidí airgid agus óir agus éidí ar a comharsa agus ar an mbean a bheidh ag cur fúithi ina teach agus cuirfidh sibh iad ar bhur mic agus ar bhur n-iníonacha; creachfaidh sibh na hÉigiptigh ar an gcuma sin.» Ansin dúirt Maois: «Ach abair nach gcreidfidh siad mé agus nach n-éistfidh siad le mo ghlór, agus go ndéarfaidh siad: 'Níor thaispeáin an Tiarna é féin duit'?» D' fhiafraigh an Tiarna de: «Cad é sin i do láimh agat?» «Slat,» arsa Maois. «Caith ar an talamh í,» arsa an Tiarna, agus chaith sé ar an talamh í agus rinneadh nathair nimhe di, agus chúb Maois uaithi. «Cuir do lámh amach,» arsa an Tiarna leis, «agus beir ar eireaball uirthi» agus chuir sé a lámh amach agus rug uirthi agus rinneadh slat arís di ina láimh «i dtreo go gcreidfidís go ndearna an Tiarna, Dia a n-aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, é féin a thaispeáint duit.» Labhair an Tiarna arís: «Cuir do lámh i do bhrollach.» Chuir seisean a lámh ina bhrollach, agus nuair a tharraing sé amach í, bhí sí faoi bhrat lobhra chomh geal le sneachta. «Cuir do lámh ar ais i do bhrollach,» ar sé. Agus chuir sé a lámh ar ais ina bhrollach agus nuair a tharraing sé amach í, b' shiúd í slán arís mar an chuid eile dá chneas. «Mura gcreidfidh siad thú,» arsa an Tiarna, «ná geilleadh don chéad chomhartha géillfidh siad don dara ceann. Ach mura ngéillfidh siad do cheachtar den dá chomhartha, ná eisteacht le do ghlór, ní foláir duit taoscán uisce a thógáil on Níl agus é chaitheamh ar an talamh tirim; agus an t-uisce a thógfaidh tú ón Níl, déanfar fuil de ar an talamh tirim.» «Ach, a Thiarna liom,» arsa Maois leis an Tiarna, «ní duine dea-labhartha mé aon lá de mo shaol go dtí seo, ná ó labhair tú le do sheirbhíseach; is mall mo chaint agus is righin mo theanga.» «Ce chruthaigh béal an duine?» arsa an Tiarna leis, «cé dhéanann balbh é nó bodhar nó radharcach nó dall? Nach mise, an Tiarna? Imigh anois mar sin; beidh mise mar thaca le do bhéal agus múinfidh mé duit a mbeidh le rá agat.» Ach dúirt seisean: «Seol duine éigin eile, le do thoil a Thiarna.» Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Mhaois agus dúirt sé: «Nach bhfuil Árón an Léivíteach do dheartháir agat? Is eol dom é a bheith soilbhir. Tá sé chugat agus nuair a fheicfidh sé thú beidh áthas croí air. Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat. Labhróidh sé thar do cheann leis an bpobal; agus beidh seisean mar bhéal agatsa, agus beidh tusa mar dhia aige-sean á spreagadh. Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.» D' imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: «An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?» Agus dúirt Iatró le Maois: «Imigh faoi shíocháin.» Agus dúirt an Tiarna le Maois i Midián: «Imigh ort ar ais go dtí an Éigipt; an mhuintir go léir a bhí ar do thí chun do mharaithe tá siad tar éis bháis.» Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh. Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal. Agus déarfaidh tú le Forann: 'Mar seo a deir an Tiarna: Iosrael mo chéadghin. Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!'» San aistear dó tháinig an Tiarna an treo chuige mar a raibh sé ag cur faoi ar feadh na hoíche agus thug sé iarracht ar é a mharú. Ansin thóg Zipiorá breochloch agus bhain an forchraiceann dá mac agus chuir sí le baill ghiniúna Mhaois é: «Is fear fuilteach agam thú, is ea sin,» ar sí leis. Lig sé dó ansin. Is ansin is ea a dúirt sí «fear fuilteach thú» de bharr an timpeallghearrtha. Dúirt an Tiarna le hÁrón: «Imigh isteach san fhásach i gcoinne Mhaois.» Agus d' imigh sé agus bhuail leis ag sliabh Dé agus phóg é. Agus d' inis Maois d' Árón a ndúirt an Tiarna leis agus é a sheoladh uaidh agus na comharthaí go léir a d' ordaigh sé dó a dhéanamh. Ar aghaidh le Maois agus Árón ansin agus chruinníodar seanóirí chlann Iosrael go léir le chéile. Agus d' inis Árón a ndúirt an Tiarna le Maois agus rinne sé na comharthaí os comhair an phobail. Chreid an pobal agus bhí lúcháir orthu mar gur thug an Tiarna cuairt ar chlann Iosrael agus go bhfaca sé a gcruachás, agus chromadar a gceann agus rinneadar adhradh. Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: «Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: 'Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.'» Ach dúirt Forann: «Cé hé an Tiarna seo go n-éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.» «Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,» ar siad; «tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.» Dúirt rí na hÉigipte leo: «A Mhaois agus a Árón, cad chuige daoibh an pobal a bhreith óna saothar. Téigí i mbun bhur gcuid oibre!» Agus lean Forann air: «Seo iad pobal na tíre dulta i líonmhaire agus an áil libh saoire a thabhairt dóibh ona saothar?» An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir: «Ná tugaigí tuí don phobal feasta chun na brící a dhéanamh, rud a dhéanadh sibh téidís agus cruinnídís tuí dóibh féin. Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: 'Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.' Cuirtear breis oibre ar na fir seo i dtreo go gcaithfidh siad luí léi agus gan a bheith ag cur spéise i mbriathra baotha.» Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: «Seo mar a deir Forann: 'Ní thabharfaidh mé tuí daoibh. Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.'» Amach leis an bpobal ar fud chríocha na hÉigipte ag bailiú coinlíní le haghaidh tuí. Luigh na saoistí orthu á rá: «Comhlíonaigí bhur saothar, bhur dtasc lae, faoi mar nuair a bhí soláthar tuí ann daoibh.» Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: «Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?» Maoir chlann Iosrael, chuadar go Forann agus rinneadar gearán: «Cad chuige a gcaitheann tú mar sin le do shearbhóntaí?» ar siad. «Níl aon tuí á soláthar do do shearbhóntaí, ach liútar éitear orainn: 'Déanaigí brící!' Agus seo anois do shearbhóntaí á sciúrsáil, ach [is ar] do mhuintir féin an locht.» «Díomhaointeas agus a thuilleadh den díomhaointeas atá oraibh,» ar sé. «Uime sin a deir sibh: 'Téanaigí agus déanaimis íobairt don Tiarna.' Imígí libh dá bhrí sin agus téigí i mbun bhur saothair. Ní bhfaighidh sibh tuí ar bith, ach caithfidh sibh an líon céanna brící a chur ar fáil.» Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: «Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.» Ar an tslí amach dóibh ó láthair Fhorainn bhuail siad le Maois agus Árón a bhí ag feitheamh leo; agus dúradar leo: «Go bhféacha an Tiarna anuas oraibh agus go dtuga sé breith oraibh mar chuir sibh olc ar Fhorann agus ar a shearbhóntaí chugainn, agus tá claíomh curtha ina láimh agaibh chun sinn a mharú.» Agus d' fhill Maois arís ar an Tiarna: «Cad chuige duit, a Thiarna,» ar sé, «caitheamh chomh dian sin le do phobal? Cad chuige duit mé a sheoladh uait riamh? Óir ó tháinig mé go Forann agus gur labhair mé leis i d' ainmse, is olc an íde atá á himirt aige ar an bpobal seo, gan tusa á bhfuascailt ar aon chor.» Ach dúirt an Tiarna le Maois: «Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.» Labhair Dia le Maois: «Mise an Tiarna. Thaispeánas mé féin d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób faoin ainm ' Dia Uilechumhachtach'; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m' ainm féin ' an Tiarna.' Dhaingnigh mé mo chonradh leo go dtabharfainn dóibh tír Chanán, an tír ina rabhadar ina ndeoraithe. D' éist mé chomh maith le cneadaíl chlann Iosrael atá i ndaoirse ag na hÉigiptigh agus chuimhnigh mé ar mo chonradh. Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: 'Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais. Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d' fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach. Agus seolfaidh mé sibh isteach sa tír a gheall mé a thabhairt d' Abrahám, agus d' Íosác agus do Iacób; tabharfaidh mé daoibh é mar shealús. Mise an Tiarna.'» Labhair Maois amhlaidh sin le clann Iosrael, ach thugadar an chluas bhodhar dó le heaspa misnigh agus le crá na daoirse. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Isteach leat! Abair le Forann, rí na hÉigipte, a ligean do chlann Iosrael dul óna thír amach.» Ach labhair Maois agus dúirt le béal an Tiarna: «Féach murar éist clann Iosrael liom, conas, más ea, a éistfidh Forann liom agus tutbhéalaíocht orm?» Ach labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus d' ordaigh sé dóibh araon dul go Forann, rí na hÉigipte, agus clann Iosrael a thabhairt amach as tír na hÉigipte. Seo leanas cinn a dteaghlaigh. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc agus Palú agus Haezron agus Cairmi; sin iad sliocht Reúbaen. Clann Shimeon: Iamúél agus Iáimín agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí: sin iad sliocht Shimeon. Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d' fhad saoil ag Léiví. Clann mhac Ghéirseon: Libní agus Simí de réir a gclann. Agus seo iad clann mhac Chohát: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Bhí céad agus a tríocha trí bliana d' fhad saoil ag Cohát. Seo iad clann mhac Mhararaí: Mailí agus Múisí. Sin iad sliocht Léiví de réir a nginealach. Ghabh Amrám Iócabad deirfiúr a athar mar bhean agus rug sí Árón agus Maois dó. Bhí céad agus a tríocha seacht mbliana d' fhad saoil ag Amrám. Seo iad clann mhac Izeár: Corach agus Neifig agus Zicrí. Clann mhac Uizíél: Míseáél agus Ealzáfán agus Sitrí. Phós Árón Eilíseaba iníon Amaíneádáb, deirfiúr Naiseon; agus rug sí dó Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. Seo iad clann Chorach: Aisír agus Ealcáná agus Aibíásáf; sin iad sliocht na gCorachach. Eileázár mac Árón ghabh sé iníon Phúitíél mar bhean agus rug sí Pineachás dó. Sin iad ceapa clanna na Léivíteach de réir a dteaghlach. Siúd iad an tÁrón agus an Maois a ndúirt an Tiarna leo: «Tabhair clann Iosrael as tír na hÉigipte ina sluaite faoi eagar.» Iadsan, an Maois céanna seo agus an tÁrón céanna, a labhair le Forann, rí na hÉigipte, faoi chlann Iosrael a thabhairt amach as an Éigipt. An lá a labhair an Tiarna le Maois i dtír na hÉigipte, dúirt sé leis mar leanas: «Mise an Tiarna. Abair le Forann, rí na hÉigipte, a bhfuil á rá agam leat.» Ach dúirt Maois le béal an Tiarna: «Tá tutbhéalaíocht orm. Conas mar sin go n-éisteodh Forann liomsa?» Dúirt an Tiarna le Maois: «Féach! déanfaidh mé dia díot d' Fhorann agus beidh Árón do dheartháir mar fháidh agat. Caithfidh tú féin gach a n-ordóidh mé duit a insint dó agus déarfaidh Árón le Forann clann Iosrael a ligean as a thír. Déanfaidh mise croí Fhorainn a chruachan agus comharthaí agus míorúiltí a chur i ngníomh i dtír na hÉigipte. Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais. Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.» Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo. Bhí Maois ceithre fichid bliain d' aois agus Árón trí bliana agus ceithre fichid nuair a labhraíodar le Forann. Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: «Nuair a déarfaidh Forann libh: 'Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,' ní foláir duitse a rá le hÁrón: 'Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.'» Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin go Forann agus rinneadar mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh. Chaith Árón a shlat síos ar bhéala Fhorainn agus a shearbhóntaí agus rinneadh nathair nimhe di. Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna. Chaith gach duine díobh a shlat uaidh ar an talamh agus rinneadh nathair nimhe di. Ach shlog slat Árón slata na ndraíodóirí. Ach bhí croí Fhorainn cruaite agus ní éisteodh sé leo faoi mar a dúirt an Tiarna. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Tá croí Fhorainn ina chloch. Diúltaíonn sé ligean don phobal imeacht. Éirigh go Forann ar maidin agus é ag dul chun an uisce, agus fan leis ar bhruach na habhann agus tabhair leat i do láimh an tslat a ndearnadh nathair nimhe di. Abair leis mar seo: 'Sheol an Tiarna, Dia na nEabhrach, mise chugat á rá: Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt dom san fhásach; féach, níor thug tú aon toradh orm fós. Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de. Gheobhaidh na héisc san abhainn bás agus bréanfaidh an t-uisce agus beidh an ghráin ag na hÉigiptigh ar uisce a ól aisti.'» Dúirt an Tiarna le Maois: «Abair le hÁrón: 'Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n-aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.'» Rinne Maois agus Árón mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh. D' ardaigh sé a shlat i bhfianaise Fhorainn agus i bhfianaise a shearbhóntaí, agus bhuail sé an t-uisce a bhí san abhainn agus rinneadh fuil dá raibh d' uisce san abhainn. Fuair an t-iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir. Ach rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna lena gcleasa draíochta; agus d' fhan croí Fhorainn crua mar a bhí agus, faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna, ní éisteodh sé leo. D' fhill Forann agus d' imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo. Rinne na hÉigiptigh go léir poill a thochailt ar feadh na habhann chun uisce a fháil le hól mar nárbh fhéidir leo uisce na habhann a ól. Ghabh seacht lá thart tar éis don Tiarna an abhainn a bhualadh. Ansin labhair an Tiarna le Maois: «Imigh isteach go Forann agus abair leis mar seo: 'Mar seo a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom. Ach má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht, féach cuirfidh mé brat froganna mar phlá ar do chríocha go léir. Beidh an Níl ar snámh le froganna; tiocfaidh siad suas isteach i do theach agus i do sheomra leapa agus i dtithe do shearbhóntaí agus do mhuintire, isteach i do oighinn agus i do losaidí. Siúlfaidh siad aníos ort féin agus ar do mhuintir, ar do shearbhóntaí go léir.'» Dúirt an Tiarna le Maois: «Abair le hÁrón: 'Sín amach do lámh agus an tslat inti os cionn na n-aibhneacha, os cionn na gcanálacha agus os cionn na linnte agus tabhair froganna thar chríocha na hÉigipte.'» Agus shín Árón a lámh os cionn uiscí na hÉigipte agus tháinig na froganna aníos agus chlúdaíodar talamh na hÉigipte go léir. Ach rinne na draíodóirí mar an gcéanna le barr draíochta agus thugadar froganna ar thalamh na hÉigipte. Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: «Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.» Dúirt Maois le Forann: «Bíodh an chaoi seo agat chun breith amuigh orm! Nuair a ghuífidh mé ar do shonsa agus ar son do shearbhóntaí agus ar son do phobail cén uair atá le socrú agam chun na froganna a imeacht uaitse agus ó do phobal agus ó do thithe agus iad a fhagáil sa Níl amháin?» «Amárach,» ar seisean. «Bíodh mar a deir tú,» arsa Maois, «i dtreo go mbeadh a fhios agat nach bhfuil aon neach mar an Tiarna ar nDia. Imeoidh na froganna uait féin agus ó do thithe agus ó do sheirbhísigh agus ó do phobal; ní fhágfar iad ach sa Níl.» Ghabh Maois agus Árón amach ó láthair Fhorainn agus rinne Maois achainí chun an Tiarna i dtaobh na bhfroganna a sheol sé sa mhullach ar Fhorann. Rinne an Tiarna de réir mar d' iarr Maois; cailleadh na froganna sna tithe, sna clóis, agus sna machairí. Bailíodh le chéile ina gcruacha iad agus bhí an talamh bréan acu. Ach a luaithe a tuigeadh d' Fhorann go raibh cairde faighte aige, chruaigh sé a chroí agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Abair le hÁrón: 'Sín amach do shlat os cionn luaithreach na talún i dtreo go ndéanfar corrmhíola de ar fud chríocha na hÉigipte go léir.'» Rinneadar amhlaidh: shín Árón amach a lámh leis an tslait agus bhuail luaithreach na talún agus luigh corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch; rinneadh corrmhíola de luaithreach uile na talún ar fud chríocha na hÉigipte go léir. Rinne na draíodóirí iarracht, le barr draíochta, corrmhíola a dhéanamh, ach chuaigh díobh. Tháinig na corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch. Agus dúirt na draíodóirí le Forann: «Lámh Dé é seo!» Ach chruaigh croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Éirigh go moch ar maidin agus fan le Forann agus é ag dul amach chun an uisce. Abair leis: 'Seo mar a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom. Ach mura ligeann tú do mo mhuintir imeacht, cuirfidh mé saithe míoltóg ort féin agus ar do shearbhóntaí agus ar do mhuintir agus isteach i do thithe; agus líonfar tithe na nÉigipteach le saithí míoltóg, agus mar an gcéanna leis an talamh féin ar a bhfuil siad ina seasamh. Ach an lá sin, ní thabharfaidh mé an cor céanna ar thír Ghoisin, mar a bhfuil cónaí ar mo phobal; ní bheidh aon mhíoltóga ann, i dtreo go mbeidh fhios agat go bhfuilimse, an Tiarna, i lár na talún. Déanfaidh mé deighilt idir mo phobalsa agus do phobalsa; amárach a tharlóidh an comhartha seo.'» Rinne an Tiarna amhlaidh: tháinig saithí móra míoltóg isteach i dteach Fhorainn agus i dtithe a shearbhóntaí agus, i gcríocha na hÉigipte go léir, scriosadh an talamh leis na míoltóga. Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: «Imígí agus déanaigí íobairt do bhur nDia, ach laistigh de na críocha seo!» Ach dúirt Maois: «Níor chóir sin a dhéanamh, mar is ainmhithe is diamhasladh leis na hÉigiptigh a mharú a dhéanfaimidne a íobairt don Tiarna ár nDia. Má íobraímid os comhair súile na hÉigipteach ofrálacha is gráin leo, nach ngabhfaidh siad de chlocha orainn? Caithfimid aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia mar a d' ordaigh sé dúinn.» «Ligfidh mé daoibh,» arsa Forann, «dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!» Ansin dúirt Maois: «Seo mé ar mo shlí amach uait, agus guífidh mé chun an Tiarna go n-imeoidh na saithí míoltóg ó Fhorann agus óna shearbhóntaí agus óna phobal amárach; ach ná himríodh Forann cealg arís agus gan ligean don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.» D' imigh Maois amach ó láthair Fhorainn agus ghuigh chun an Tiarna. Rinne an Tiarna mar a d' iarr Maois agus thóg sé na saithí míoltóg d' Fhorann, agus dá shearbhóntaí agus dá phobal; níor fhan ceann. Ach chruaigh Forann a chroí an uair seo chomh maith agus níor lig sé don phobal imeacht. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Imigh isteach go Forann agus abair leis: 'Mar seo a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom. Má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht ach greim a choimeád orthu go fóill, féach luífidh lámh an Tiarna le plá róthrom ar do stoc sa mhachaire, ar do chapaill, ar d' asail, ar do tháinte agus ar do thréada. Ach déanfaidh an Tiarna difir idir stoc Iosrael agus stoc na hÉigipte; ní chaillfear aon ní de chuid chlann Iosrael.'» Bhí an t-am socair ag an Tiarna á rá: «Amárach a chuirfidh an Tiarna an bhagairt sin i bhfeidhm ar fud na tíre.» Agus lá arna mhárach chomh maith a chuir; cailleadh stoc na nÉigipteach go léir, ach níor cailleadh aon chuid de stoc chlann Iosrael. Rinne Forann fiafraí agus féach ní raibh beithíoch de chuid na nIosraelach marbh. Ach chruaigh croí Fhorainn arís agus níor lig sé don phobal imeacht. Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: «Tógaigí croibh súiche ón bhfoirnéis agus caitheadh Maois in airde san aer iad i radharc Fhorainn. Déanfar smúit mhin de os cionn talamh na hÉigipte go léir agus déanfar neascóidí de ag briseadh amach ar dhaoine agus ar ainmhithe ar fud chríocha na hÉigipte go léir.» Thógadar súiche ón bhfoirnéis agus sheas os comhair Fhorainn. Chaith Maois in airde san aer é agus rinneadh neascóidí de ag sceith ina bpocháin ar dhuine agus ar ainmhí. Níor fhéad na draíodóirí aghaidh a thabhairt ar Mhaois de bharr na neascóidí mar bhí neascóidí ar na draíodóirí mar a bhí ar na hÉigiptigh go léir. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, níor thug sé cluas dóibh. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Éirigh go moch ar maidin agus téigh i láthair Fhorainn agus abair leis: 'Seo duit teachtaireacht an Tiarna, Dia na nEabhrach: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt a ofráil dom; mar an uair seo seolfaidh mé mo phlánna go léir sa mhullach ort féin, agus ar do shearbhóntaí, agus ar do mhuintir, i dtreo go mbeidh a fhios agat nach bhfuil mo leithéid eile ar domhan ar fad. Oir b' fhéidir dom mo lámh a shíneadh agus tusa agus do mhuintir a bhualadh le plá agus tú a scrios de dhroim na talún. Ach is chuige seo a lig mé duit maireachtáil: chun mo chumhacht a thaispeáint duit i dtreo go bhfoilseofaí m' ainm os comhair an tsaoil. Tá tú go teanntásach fós le mo phobal agus ní áil leat scaoileadh leo. Féach! um an dtaca seo amárach seolfaidh mé clochshneachta anuas ar an talamh chomh tiubh sin nach raibh a leithéid riamh san Éigipt ón lá a bunaíodh í go dtí inniú féin. Cuir do theachtairí uait láithreach agus cruinnigh isteach slán faoi dhíon d' eallach agus a bhfuil ar na bánta agat; óir gach duine agus gach ainmhí a bheidh lasmuigh gan é a thabhairt isteach abhaile, titfidh an clochshneachta orthu agus caillfear iad.'» An dream i measc shearbhóntaí Fhorainn a raibh eagla orthu roimh bhagairt an Tiarna, thugadar a stoc agus a ndaoir isteach sna tithe; ach an dream nár thug aon aird ar bhagairt an Tiarna, d' fhágadar a ndaoir agus a stoc amuigh. Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Sín do lámh i dtreo neimhe i dtreo go dtitfidh clochshneachta ar fud chríocha na hÉigipte, ar na daoine, ar na beithígh agus ar a bhfuil de ghlasraí ag fás san ithir ar fud thír na hÉigipte.» Ansin shín Maois a shlat i dtreo neimhe agus scaoil an Tiarna toirneach agus clochshneachta. Bhuail tintreach an talamh agus d' fhear an Tiarna clochshneachta ar thalamh na hÉigipte. Thit an clochshneachta agus bhí tintreach tríd gan staonadh i dtreo nach raibh a leithéid de chlochshneachta trom i gcríocha na hÉigipte ó rinneadh naisiún di an chéad lá. Threascair an clochshneachta a raibh amuigh idir dhuine agus bheithíoch, ar fud chríocha na hÉigipte; threascair sé na barraí go léir sna goirt agus d' fhág na crainn go léir ar lár sna páirceanna. I dtír Ghoisin amháin, mar a raibh clann Iosrael, is ea nár thit an clochshneachta. Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: «Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir. Guígí chun an Tiarna: tá ár ndóthain againn den toirneach agus den chlochshneachta; ligfidh mé libh agus ní bheidh a thuilleadh moille anseo oraibh.» D' fhreagair Maois é: «A luaithe a fhágfaidh mé an chathair, sínfidh mé mo lámha i dtreo an Tiarna; stadfaidh an toirneach agus beidh deireadh leis an gclochsneachta, i dtreo go mbeidh a fhios agat gur leis an Tiarna an domhan. Ach maidir leat féin agus le do shearbhóntaí, is maith is eol dom nach bhfuil eagla an Tiarna ár nDia oraibh go fóill.» Loiteadh an líon agus an eorna mar bhí an eorna ag eascar agus an líon ina gheamhar; ach níor loiteadh na barraí déanacha, an chruithneacht ná an seagal. Amach le Maois dá bhrí sin ó Fhorann agus ón gcathair agus shín sé a lámha i dtreo an Tiarna; chuaigh stad ar an toirneach agus ar an gclochshneachta; níor thit báisteach a thuilleadh ar an talamh. Ach nuair a chonaic Forann go raibh an bháisteach agus an clochshneachta agus an toirneach thart, pheacaigh sé arís, chruaigh sé a chroí, é féin agus a shearbhóntaí. Cruadh croí Fhorainn dá réir sin agus, faoi mar a dúirt an Tiarna trí bhéal Mhaois, níor lig sé do chlann Iosrael imeacht. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Isteach leat i láthair Fhorainn mar is mise a chruaigh a chroí agus croíthe a shearbhóntaí i dtreo go dtaispeánfainn na comharthaí seo liom ina measc: agus i dtreo go n-eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.» Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: «Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: 'An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom. Óir má dhiúltaíonn tú ligean do mo phobal imeacht, féach seolfaidh mise lócaistí isteach i do chríocha amárach; agus clúdóidh siad aghaidh na talún i dtreo nach bhfaighidh aon duine radharc ar an talamh; alpfaidh siad a bhfuil fágtha agat tar éis an tsneachta agus alpfaidh siad gach crann leat dá bhfásann ar na bánta. Líonfaidh siad do thithe agus tithe do shearbhóntaí go léir agus tithe na nÉigipteach go léir; ní fhaca d' aithreacha ná do shinsir a leithéid ón gcéad lá a chuireadar fúthu sa tír.'» Ansin d' iompaigh sé ar a sháil agus amach leis ó Fhorann. Dúirt a shearbhóntaí le Forann ansin: «An fada a bheidh an fear seo ina chúis tranglaim againn? Lig don phobal imeacht go ndéanfaidh siad íobairt don Tiarna, a nDia. Nach bhfeiceann tú fós an íde atá imithe ar an Éigipt?» Tugadh Maois agus Árón ar ais go Forann dá bhrí sin agus dúirt sé leo: «Imígí, déanaigí íobairt don Tiarna, bhur nDia. Ach cé tá le himeacht?» «Tabharfaimid linn ár n-óga agus ár liatha,» arsa Maois. «Tabharfaimid linn ár gclann mhac agus iníonacha, ár dtréada agus ar dtáinte, mar sí féile an Tiarna againn í.» «Bíodh an Tiarna faraibh go brách, má scaoilimse libh féin agus le bhur miondaoine,» arsa Forann leo. «Féach, tá drochfhuadar fúibh! Ní mar sin a bheidh! Téadh na fir agaibh, agus déanaidís íobairt don Tiarna. Sin é atá uaibh.» Agus tiomáineadh ó láthair Fhorainn iad. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Sín do lámh amach os cionn talamh na hÉigipte chun na lócaistí a thabhairt i dtreo go dtiocfaidh siad anuas ar thalamh na hÉigipte agus gach glasra ar an talamh, gach a d' fhág an clochshneachta, a alpadh.» Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí. Leath na lócaistí ar thalamh na hÉigipte go léir agus luíodar ina screamh chomh trom sin ar chríocha na hÉigipte go léir nach bhfacthas saithí chomh tiubh leo riamh roimhe sin, agus nach ndéanfar go deo arís! Óir chlúdaíodar dromchla na talún ar fad i dtreo go raibh an talamh dubh leo; agus d' itheadar a raibh fágtha ag an gclochshneachta de ghlasraí san ithir agus de thorthaí ar na crainn; níor fhan aon ní glas, crann ná luibh sa bhán, ar fud chríocha na hÉigipte ar fad. Chuir Forann fios le teann deabhaidh ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: «Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna, bhur nDia, agus in bhur n-aghaidh féin. Maithigí dom mo pheaca mar sin, den turas seo amháin, le bhur dtoil agus impígí ar an Tiarna, bhur nDia, an phlá bháis seo a chur díom.» Chuaigh Maois amach dá bhrí sin ó Fhorann agus ghuigh sé chun an Tiarna. Ansin chuir an Tiarna casadh sa ghaoth sa tslí gur shéid sí chomh tréan sin ón iarthar gur sciob sí léi na lócaistí agus iad a bhreith léi go Muir na nGiolcach. Níor fágadh oiread agus lócaiste i dtír na hÉigipte ar fad. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael imeacht. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Sín amach do lámh i dtreo neimhe i dtreo go mbeidh dorchacht ar thalamh na hÉigipte, dorchacht a ba fhéidir a mhothú.» Agus shín Maois amach a lámh i dtreo neimhe agus b' sheo dorchacht thiubh ar thalamh na hÉigipte go léir ar feadh trí lá. Ní fhaca fear fear ná níor bhog duine óna stáitse ar feadh trí lá; ach bhí solas ag clann Iosrael mar a rabhadarsan. Chuir Forann fios ar Mhaois ansin agus dúirt: «Imígí agus déanaigí íobairt don Tiarna. Ní miste bhur miondaoine a dhul libh, ach caithfidh bhur dtréada agus bhur dtáinte fanacht anseo.» D' fhreagair Maois: «Ní foláir duit sás íobairtí agus ofrálacha uileloiscthe don Tiarna ar nDia a ligean linn chomh maith. Caithfidh ár stoc dul linn chomh maith; ní fhágfaimid crúb inár ndiaidh; mar ní foláir dúinn ár n-ofrálacha don Tiarna ár nDia a dhéanamh astu, agus ní eol dúinn féin cén íobairt atá le déanamh againn don Tiarna go sroichfimid an áit.» Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus dhiúltaigh sé ligean dóibh imeacht. Dúirt Forann leis ansin: «Fág mo radharc! Seachain! Ná tar i mo láthair arís óir an lá a dhéanfaidh tú, marófar thú.» «Breith do bhéil féin é!» arsa Maois. «Ní thiocfaidh mé i do láthair go deo arís.» Dúirt an Tiarna le Maois: «Tá aon phlá amháin eile agam le cur ar Fhorann agus ar an Éigipt; ligfidh sé daoibh imeacht as seo ina dhiaidh sin; nuair a ligfidh sé daoibh imeacht tiomáinfidh sé chun siúil ar fad sibh. Labhair anois i gcomhchlos an phobail á rá leo go n-iarrfadh gach fear ar a chomharsa, agus gach bean ar a comharsa-sa, seoda airgid agus óir.» Thug an Tiarna fabhar don phobal i súile na nÉigipteach; agus Maois féin, ba dhuine mór le rá é i gcríocha na hÉigipte, i súile shearbhóntaí Fhorainn agus an phobail. Dúirt Maois: «Seo mar a deir an Tiarna: Rachaidh mé thart ar fud na hÉigipte i lár na hoíche. Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh. Beidh racht olagóin chomh tréan sin ar fud na hÉigipte ar fad nár chualathas a leithéid riamh roimhe sin agus nach ndéanfar go brách arís. Ach ní thabharfaidh oiread agus madra sceamh ar aon duine de chlann Iosrael sa chás go mbeidh a fhios agaibh conas mar a dhéanann an Tiarna idirdhealú idir mhuintir na hÉigipte agus chlann Iosrael. Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: 'Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!' Ansin imeoidh mé amach.» Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Ní éisteoidh Forann leat i dtreo go méadófar ar mo mhíorúiltí i dtír na hÉigipte.» Rinne Maois agus Árón na míorúiltí seo go léir i láthair Fhorainn, ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael dul amach as a chríocha. Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón i gcríocha na hÉigipte: «Bíodh an mhí seo agaibh ar thús bhur míonna agus ina chéad mhí den bhliain agaibh. Labhraígí le comhthionól Iosrael go léir agus abraigí: Ar an deichiú lá den mhí seo, tógadh gach fear uan ón tréad, ceann do gach clann, uan do gach líon tí. Má bhíonn an líon tí róbheag chun an t-uan a ithe, caithfidh an fear dul i gcomhar lena chomharsa béal dorais de réir mar a éilíonn líon na ndaoine. Ag comhaireamh líon ite an uain caithfidh sibh goile gach duine a mheas. Ní foláir an t-uan agaibh a bheith gan mháchail, fireann agus in aois bliana; is cuma an meannán nó uan caorach a thógfaidh sibh. Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n-uain idir dhá sholas tráthnóna. Ansin tógfaidh siad cuid den fhuil agus cuirfidh siad í ar dhá ursain agus ar fhardoras na dtithe ina mbíonn sé á ithe acu. Íosfaidh siad an fheoil an oíche sin arna róstadh ar thine; beidh arán gan ghabháile agus luibheanna searbha mar anlann léi. Ná hithigí aon chuid de amh ná bruite in uisce, ach rósta ar thine idir cheann agus chosa agus ionathar. Ná fágaigí aon fhuílleach de gan ithe go maidin; a mbeidh gan ithe go maidin, loiscigí é [agus ní bhrisfidh sibh cnámh ann]. Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é. Gabhfaidh mé trí thír na hÉigipte an oíche sin agus buailfidh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte idir dhuine agus ainmhí; imreoidh mé daorbhreith ar dhéithe uile na hÉigipte; mise an Tiarna! Beidh an fhuil ina comhartha agaibh ar na tithe ina bhfuil sibh. Nuair a fheicfidh mé an fhuil gabhfaidh mé tharaibh agus ní thitfidh aon phlá oraibh do bhur scrios nuair a bhuailfidh mé talamh na hÉigipte. Beidh an lá seo agaibh mar lá cuimhneacháin, agus ní foláir daoibh é a cheiliúradh mar shollúin don Tiarna. Ní foláir daoibh é a fhógairt ina lá féile ó ghlúin go glúin go deo. Caithfidh sibh arán gan ghabháile a ithe ar feadh seacht lá. An chéad lá cuirigí an ghabháile go léir as bhur dtithe amach; mar cibé duine a íosfaidh arán ina bhfuil gabháile, ón gcéad lá go dtí an seachtú lá, teascfar amach ó Iosrael é. Agus an chéad lá beidh comhthionól naofa agaibh agus comhthionól naofa mar an gcéanna ar an seachtú lá. Ná déantar aon scaob oibre na laethanta sin, ach gur féidir daoibh cibé rud a íosfaidh gach duine a chóiriú. Ní foláir féile an Aráin gan Ghabháile a cheiliúradh mar gur ar an lá ceannann céanna sin a thug mé bhur sluaite amach as críocha na hÉigipte; uime sin déanfaidh sibh an lá seo a cheiliúradh ó ghlúin go glúin; is reacht nach gclaonfar é sin. Sa chéad mhí, tráthnóna an cheathrú lá déag den mhí agus uaidh sin go dtí tráthnóna an aonú lá fichead, íosfaidh sibh arán gan ghabháile. Ar feadh seacht lá ní bheidh teacht ar ruainne gabháile in bhur dtithe, mar má itheann aon duine arán ina bhfuil gabháile, teascfar amach ó chomhthionól Iosrael an duine sin, bíodh sé ina dheoraí nó ina dhúchasach. Níl cead agaibh aon arán ina bhfuil gabháile a ithe; cibé áit ina mbíonn sibh, caithfidh sibh arán slim a ithe.» Ghairm Maois chuige seanóirí Iosrael go léir agus dúirt leo: «Seo libh agus tógaigí uain ón tréad daoibh féin de réir bhur líon tí agus maraígí an t-uan Cásca. Gabhaigí craobh hiosóipe in bhur láimh, tumaigí í san fhuil atá san umar agus buailigí an fhuil ón umar ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, ná téadh duine agaibh thar dhoras a thí amach go maidin. Óir gabhfaidh an Tiarna thar bráid chun na hÉigiptigh a mharú; agus nuair a fheicfidh sé an fhuil ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, rachaidh an Tiarna thar bhur ndoras agus ní ligfidh sé don scriostóir dul isteach in bhur dtithe d' fhonn bhur mbásaithe. Coimeádfaidh sibh an searmanas seo mar reacht daoibh féin agus do bhur gclann go brach. Nuair a shroichfidh sibh an tír atá ag an Tiarna á thabhairt daoibh, mar a gheall sé, ní foláir daoibh an searmanas seo a chomhlíonadh. Agus nuair a chuirfidh bhur gclann an cheist chugaibh: 'Cad is ciall leis an searmanas seo agaibh?' déarfaidh sibh: 'Is é íobairt Chásca an Tiarna é mar ghabh sé thar thithe chlann Iosrael san Éigipt, nuair a mharaigh sé na hÉigiptigh ach gur chaomhnaigh sé ár dtithe.'» Agus chrom na daoine a gceann agus rinneadar ómós. D' imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d' Árón is ea a rinneadar. I lár na hoíche bhuail an Tiarna gach céadghin i dtír na hÉigipte, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin an chime sa charcair agus gach céadghin de chuid an eallaigh. D' éirigh Forann agus a shearbhóntaí go léir agus na hÉigiptigh go léir san oíche agus tharla uaill olagóin san Éigipt mar ní raibh teach gan marbh ann. Chuir sé fios ar Mhaois agus ar Árón san oíche agus dúirt leo: «Éirígí láithreach, sibh féin agus clann Iosrael, agus amach libh ó mo mhuintirse; imigí agus déanaigí íobairt don Tiarna mar a d' iarr sibh. Beirigí libh bhur dtréada agus bhur dtáinte mar a d' iarr sibh, agus buailigí bóthar! agus cuirigí beannacht ormsa chomh maith!» Bhí na hÉigiptigh ag tathant ar an bpobal brostú agus imeacht as an tír gan mhoill mar gan sin a dúradar «tá an bás againn!» Thug an pobal an taos leo gan gabháile a bheith curtha ann, agus a losaidí ceangailte ina mbrait ar a nguaillí acu. Bhí rud déanta ag clann Iosrael ar Mhaois chomh maith, mar d' iarradar seoda airgid agus óir agus éadaí ar na hÉigiptigh. Thug an Tiarna oiread sin fabhair don phobal i súile na nÉigipteach gur ligeadar leo gach ar iarradar. Chreachadar na hÉigiptigh ar an gcuma sin. Chuir clann Iosrael chun siúil ó Ramasaes go Sucót sé chéad míle fear díobh dá gcois, seachas mná agus miondaoine. Ghabh a lán daoine de gach sórt ina dteannta, agus a lán stoic idir thréada agus tháinte. Bhácáladar builíní den taos slim a thugadar leo as an Éigipt; bhí an taos gan ghabháile mar gur tiomáineadh as an Éigipt iad agus gan d' uain acu fanacht, agus gan lón bóthair a sholáthar dóibh féin. Ceithre chéad agus deich mbliana fichead an fad a bhí caite ag clann Iosrael san Éigipt. An lá ceannann céanna ar a raibh an ceithre chéad agus deich mbliana fichead slán, d' imigh sluaite uile an Tiarna amach as tír na hÉigipte. Rinne an Tiarna faire an oíche úd chun iad a thabhairt amach as an Éigipt; ní foláir dá bhrí sin do chlann Iosrael go léir ó ghlúin go glúin, faire a dhéanamh in onóir an Tiarna an oíche úd. Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón: «Seo é reacht na Cásca: Ná hitheadh aon eachtrannach aon chuid di; ach aon daor a ceannaíodh ar airgead ní miste é a ithe coda di, ach é a bheith timpeallghearrtha. Ní ceadmhach d' aon deoraí ná d' aon fhear tuarastail aon chuid di a ithe. Itear an t-uan san aon teach amháin; ná tógtar aon chuid den fheoil lasmuigh den teach; ná brisigí aon chnámh ann. Ní foláir do chomhthionól uile Iosrael an Cháisc a cheiliúradh. Má bhíonn eachtrannach in bhur measc agus fonn air an Cháisc in onóir an Tiarna a cheiliúradh faraibh, déantar timpeallghearradh ar gach fireannach dá mhuintir, agus ansin tagadh sé agus ceiliúradh, mar is cuma nó dúchasach ansin é. Ní ceadmhach d' aon duine gan timpeallghearradh cuid di a ithe. Beidh an dlí céanna i bhfeidhm don dúchasach agus don eachtrannach a lonnaíonn in bhur measc.» Rinne clann Iosrael go léir de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d' Árón, rinneadar sin. Agus an lá sin féin thug an Tiarna clann Iosrael amach as tír na hÉigipte ina sluaite cóirithe. Labhair an Tiarna le Maois: «Coisric dom,» ar sé, «gach céadghin; cibé a chéadosclóidh broinn i measc chlann Iosrael, idir fhear is bheithíoch, is liomsa é.» Dúirt Maois leis an bpobal: «Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte. Inniu, ar an lá seo i mí Áibíb, tá sibh ag cur chun bóthair. Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d' aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo. Ar feadh na seacht lá íosfaidh tú arán gan ghabháile, agus ar an seachtú lá beidh féile agat don Tiarna. I gcaitheamh na seacht lá sin, itear arán gan ghabháile; ná bíodh aon arán gabháilte le feiceáil agat ná radharc ar aon ghabháile ar fud do chríoch go léir. Agus tabhair fios fátha an scéil do do mhac an lá sin: 'Is de bharr a ndearna an Tiarna dom nuair a tháinig mé amach as an Éigipt é seo!' Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d' éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach. Comhlíon an reacht seo gach bliain dá bhrí sin ag an am atá beartaithe dó. «Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú go dtír na gCanánach, rud a mhionnaigh sé duit féin agus do d' aithreacha a dhéanfadh sé, agus an tír a thabhairt duit, déan gach céadghin a osclóidh broinn a choisreacan don Tiarna; mar an gcéanna le gach céadghin ó ainmhí, is leis an Tiarna na fireannaigh orthu. Gach céadghin asail, déan é a fhuascailt ar uan, nó mura ndéanann tú, bris a mhuineál. Gach céadghin mic ar do chlann mhac, déan é a fhuascailt. Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: 'Cén chiall atá leis seo?' déarfaidh tú leis: 'Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse; óir nuair a dhiultaigh Forann le barr ceanndáine ligean dúinn imeacht, mharaigh an Tiarna gach céadghin i gcríocha na hÉigipte, idir chéadghin an duine agus chéadghin an ainmhí. Uime sin íobraím don Tiarna gach fireannach a chéadosclaíonn broinn; ach gach céadghin mhic liom, fuasclaím é.' Beidh an tseirbhís mar mharc ar do láimh agat, nó mar lann ar d' éadan; óir thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn le láimh láidir.» «Nuair a lig Forann do chlann Iosrael imeacht, níor sheol Dia iad ar an mbóthar trí thír na bhFilistíneach, cé gur chóngar é, «le heagla,» a dúirt Dia, «go dteipfeadh an misneach ar an bpobal nuair a d' fheicfidís cogadh rompu, agus go bhfillfidís ar an Éigipt.» Ach threoraigh Dia an timpeall iad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach. Ghabh clann Iosrael as an Éigipt amach faoi chóiriú catha. Thug Maois cnámha Iósaef leis mar gur chuir seisean clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: «Déanfaidh Dia sibh a fhiosrú, déanfaidh sin; agus ansin ní foláir daoibh mo chnámha a bhreith ón áit seo.» Ghluaiseadar ar aghaidh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh. Ghabh an Tiarna rompu mar cholún néil sa lá ag tabhairt eolas na slí dóibh, agus mar cholún tine san oíche ag tabhairt solais dóibh, i dtreo nár chás dóibh taisteal de lá nó d' oíche. Níor theip an colún néil sa lá ná an colún tine san oíche, ach lean ar aghaidh os comhair an phobail. Agus labhair an Tiarna le Maois: «Abair,» ar sé, «le clann Iosrael filleadh agus campáil os comhair Phí Haichíorót idir Migdeol agus an fharraige, os coinne Bhálzafón. Suígí bhur gcampa sall ón áit sin cois na farraige. Óir déarfaidh Forann leis féin: 'Féach mar atá clann úd Iosrael ar seachran san fhásach; d' iaigh an fásach orthu.' Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.» Rinneadar amhlaidh. Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. «Cad é seo atá déanta againn,» ar siad, «á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?» Ghabh Forann a charbad dá bhrí sin agus thionóil sé a shlua. Thóg sé sé chéad de thogha na gcarbad agus carbaid eile na hÉigipte go léir agus foireann thofa le gach ceann. Chruaigh an Tiarna croí Fhorainn rí na hÉigipte agus chuaigh sé sa tóir ar chlann Iosrael agus iad ag cur díobh faoi thréanchosaint. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu le heachra agus le carbaid Fhorainn lena mharcshlua agus lena arm go léir; agus thángadar orthu agus a gcampa suite acu cois na farraige ag Pí Haichíorót os coinne Bhálzafón. Agus Forann ag druidim leo d' fhéach clann Iosrael ina dtimpeall, agus b' shiúd na hÉigiptigh sa tóir orthu! Tháinig scéin orthu, agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna; agus dúradar le Maois: «B' ea ann nach raibh aon uaigheanna san Éigipt a rá is gur chaith tú sinn a sheoladh amach chun bás a fháil san fhásach? Cén mhaith dúinn thú dár mbreith amach as an Éigipt? Nár phléamar é seo leat san Éigipt? ' Lig dúinn,' a dúramar, ' seirbhís a dhéanamh do na hÉigiptigh; b' fhearr dúinn bheith ag déanamh seirbhíse do na hÉigiptigh ná bás a fháil san fhásach!'» D' fhreagair Maois an pobal: «Bíodh misneach agaibh!» ar sé; «seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís. Troidfidh an Tiarna ar bhur son; ní gá daoibh ach fanacht socair.» Dúirt an Tiarna le Maois: «Cén fáth go bhfuil tú ag glaoch orm? Abair le clann Iosrael dul ar aghaidh. Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige. Agus cruafaidh mé croíthe na nÉigipteach i dtreo go rachaidh siad isteach ina ndiaidh. Gheobhaidh mé glóir de bharr Fhorainn agus a airm go léir agus a charbad agus a mharcshlua. Beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna nuair a bheidh glóir buaite agam de bharr Fhorainn agus a charbad agus a mharcshlua.» Ansin aingeal an Tiarna a bhí ar bhéala shlua Iosrael san aistear, d' fhág sé an áit sin agus tháinig ar a gcúla; agus an colún néil a bhí rompu amach tháinig sé laistiar díobh agus d' fhan ann, agus é ag teacht idir slua na hÉigipte agus slua Iosrael. Leis an néal agus an dorchadas chaitheadar an oíche gan teacht i ngiorracht dá chéile ar feadh na hoíche. Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile, agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu agus isteach leo i lár na farraige ina ndiaidh, le capaill agus carbaid agus marcshlua Fhorainn go léir. Le ham faire na maidine, d' fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach. Chuir sé rothaí na gcarbad i ngreim i dtreo gur dheacair dóibh dul chun cinn. Liúigh na hÉigiptigh: «Teithimís ó láthair na nIosraelach mar go bhfuil an Tiarna ag troid ar a son in aghaidh na nÉigipteach.» Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Sín do lámh amach os cionn na farraige i dtreo go bhfillfidh na huiscí ar ais anuas ar na hÉigiptigh ar a gcarbaid agus ar a marcshlua.» Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d' fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna. Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán. Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu. D' fhuascail an Tiarna clann Iosrael an lá sin ó na hÉigiptigh agus chonaic Iosrael na hÉigiptigh sínte marbh ar an gcladach. Chonaic Iosrael an t-éacht groí a rinne an Tiarna ar na hÉigiptigh agus thugadar ómós don Tiarna; chreideadar sa Tiarna agus i Maois a shearbhónta. Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas in onóir an Tiarna: «Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire! Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir. An Tiarna mo neart, mo dhán; eisean mo shlánú. Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é. Dia m' athar, agus móraim é! Fear faobhair an Tiarna! An Tiarna a ainm. Threascair sé carbaid Fhorainn agus a shlua san fharraige; d' fhág sé togha a mharcach báite i Muir na nGiolcach. Chlúdaigh na tuilte iad; chuadar go tóin poill mar a dhéanfadh cloch. Is glórmhar cumhacht í do dheaslámh, a Thiarna; rinne do dheaslámh, a Thiarna, smidiríní den namhaid. Le neart do mhórgachta, rinne tú lucht d' ionsaithe a threascairt; scaoil tú le fraoch d' fheirge agus d' alp sé iad mar choinleach. Le sraoth do pholláirí rinne cnocáin de na huiscí agus sheas na tonnta mar chlaí; dhlúthaigh na haigéin i gceartlár na mara. ' Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,' arsa an namhaid. ' Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.' Shéid tú anáil, agus d' iaigh an fharraige orthu. Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha. Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d' éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích? Shín tú amach do dheaslámh agus shlog an talamh iad. Threoraigh tú le teann grá an pobal a d' fhuascail tú; rinne tú eolas dóibh le do neart chun d' áitribh naofa. Ar a chlos seo dóibh, tháinig ballchrith ar na ciníocha; chuaigh áithritheoirí na Filistíne i gceas naíon. Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm; bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb; d' imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir. Tháinig scéin agus scanradh orthu; mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche; go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna; go ndeachaigh an pobal a d' fhuascail tú thar bráid. Thug tú isteach iad agus shuigh tú iad ar do shliabh féin, san áit dá ndearna tú d' áitreabh, an sanctóir a dhealbhaigh do lámha. Beidh an Tiarna i réim go deo na ndeor.» Ghabh eachra Fhorainn isteach san fharraige lena gcarbaid agus lena gcarbadóirí, ach sheol an Tiarna uiscí na farraige siar orthu; shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige. Ansin Miriám banfháidh, deirfiúr Árón, thóg sí tiompán ina láimh agus lean na mná go léir í lena dtiompáin sa rince. Chuir Miriám ceann ar an luinneog ag canadh dóibh: «Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire! chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.» Sheol Maois Iosrael ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo i bhfásach Shiúr mar ar leanadar sa siúl tríd an bhfásach ar feadh trí lá gan uisce a fháil. Nuair a shroicheadar Márá níorbh fhéidir leo uisce Mhárá a ól lena sheirbhe; uime sin a tugadh Márá ar an áit. Bhí an pobal ag monabhar in aghaidh Mhaois. «Cad tá le hól againn?» a deiridís. Ghlaoigh Maois chun an Tiarna agus thaispeáin an Tiarna crann dó; chaith Maois é sin isteach san uisce agus d' éirigh sé milis. Ansiúd a rinne [an Tiarna] statúid agus reacht dóibh; ansiúd a rinne sé iad a phromhadh. Ansin dúirt sé: «Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d' imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.» Thángadar dá bhrí sin go hÉilím mar a raibh dhá thobar déag fíoruisce agus seachtó crann pailme agus shuíodar a gcampa láimh leis. Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comhthionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil. Chrom comhthionól uile chlann Iosrael ar mhonabhar in aghaidh Mhaois agus Árón san fhásach, agus deiridís leo: «Uch gan sinn a fháil bháis ó láimh an Tiarna i gcríocha na hÉigipte agus sinn inár suí ag potaí na feola agus ag ithe aráin go lán boilg. Óir thug tú amach san fhásach seo sinn chun an comhthionól go léir a chur chun báis den ghorta.» Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Anois fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Rachaidh an pobal amach gach lá chun cuid an lae sin a chnuasach, d' fhonn iad a phromhadh féachaint an siúlfaidh siad i mbealaí mo dhlí nó nach ndéanfaidh siad. Ag cóiriú a gcnuasaigh dóibh ar an séú lá, beidh dhá oiread a gcnuasaigh lae ann.» Dúirt Maois agus Árón dá bhrí sin le pobal Iosrael go léir: «Tráthnóna an lae seo, beidh a fhios agaibh gurbh é an Tiarna a thug amach sibh ó thír na hÉigipte, agus ar maidin feicfidh sibh glóir an Tiarna, óir chuala seisean bhur monabhar ina aghaidh ní inár n-aghaidhne an monabhar, óir céard é sinne?» Dúirt Maois: «Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain óir céard é sinne? ach i gcoinne an Tiarna.» Dúirt Maois le hÁrón: «Abair le comhthionól chlann Iosrael go léir: 'Tagaigí os comhair an Tiarna óir thug sé cluas do bhur ngearáin.'» Agus Árón ag labhairt le comhthionól chlann Iosrael go léir, d' fhéachadar i dtreo an fhásaigh, agus féach, thaispeáin glóir an Tiarna í féin sa néal. Ansin labhair an Tiarna le Maois: «Chuala,» ar sé, «gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: 'Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.'» Agus is amhlaidh a bhí; an tráthnóna sin tháinig gearga aníos agus líonadar an campa go léir; agus ar maidin bhí brat drúchta timpeall an champa. Nuair a scaip an drúcht bhí an rud mín plurach, mion mar an sioc liath, ina luí ar dhromchla an fhásaigh. Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile: «Cad é seo (man hú)?» mar nárbh fhios dóibh cad é. «Sin é,» arsa Maois, «an t-arán a thug an Tiarna le hithe daoibh. Seo mar a d' ordaigh an Tiarna daoibh: 'Cruinníodh gach duine agaibh riar a cháis de, ómar an duine de réir an líon daoine atá ag gach duine ina bhoth.'» Rinne clann Iosrael amhlaidh; chruinníodar é, cuid díobh breis, cuid díobh níos lú. Nuair a thomhaiseadar é le hómar ansin, an té a chruinnigh breis ní raibh aon fhearasbarr aige; agus an té a chruinnigh níos lú ní raibh aon easnamh air. Bhí a sháith cruinnithe ag gach duine. Dúirt Maois leo: «Ná fágadh aon duine aon chuid de go maidin.» Ní dhearnadar rud ar Mhaois agus choimeád cuid acu roinnt de go maidin, ach tháinig cruimheanna ann agus boladh bréan uaidh; bhí fearg ar Mhaois chucu. Maidin i ndiaidh na maidine dhéanaidís é a chnuasach, gach duine oiread agus a d' íosfadh sé, ach le teas na gréine leádh sé. Ar an séú lá ansin chruinníodar a dhá oiread bia, dhá ómar an duine agus nuair a tháinig ceannairí an tslua agus a dúradar é sin le Maois, dúirt seisean leo: «Seo mar a d' ordaigh an Tiarna: 'Lá saoire iomlán an lá amárach, sabóid naofa don Tiarna. Bácálaigí a bhfuil le bácáil, beirigí a bhfuil le beiriú, agus a mbeidh fágtha, cuirigí i leataobh é go dtí amárach.'» Chuireadar i leataobh é go dtí lá arna mhárach mar a d' ordaigh Maois; níor éirigh sé bréan ná níor tháinig cruimheanna ann. «Ithigí inniu é!» arsa Maois leo, «mar is sabóid don Tiarna an lá inniu; ní bheidh sé le fáil ar an mbán inniu. Baileoidh sibh é sé lá, ach ar an seachtú lá, an tsabóid, ní bheidh sé ann.» Ar an seachtú lá áfach chuaigh cuid den phobal amach chun é a bhailiú ach ní bhfuaireadar aon phioc. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «An fada eile a dhiúltóidh sibh m' aitheanta agus mo dhlíthe a choimeád? Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.» Staon an pobal ó obair ar fad dá bhrí sin ar an seachtú lá. Thug teaghlach Iosrael manna air; ba chosúil le síol coiriandair é, é bán agus blas air mar a bheadh ar abhlanna a dhéanfaí le mil. Agus dúirt Maois: «Seo mar a d' ordaigh an Tiarna: 'Líon ómar de le coimeád do shliocht bhur sleachta, i dtreo go bhfeicfidh siad an bia lenar bheathaigh mé sibh san fhásach nuair a thug mé amach ó thír na hÉigipte sibh.'» Agus dúirt Maois le hÁrón: «Faigh crúsca agus cuir ómar manna ann agus cuir os comhair an Tiarna é, le coimeád do shliocht bhur sleachta.» Rinne Árón mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois agus chuir sé os comhair na Fianaise é le coimeád. Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán. (Deachú éafá is ea ómar.) Bhog comhthionól uile chlann Iosrael leo ar aghaidh óna gcampa i bhfásach Shín, céim ar chéim de réir mar d' ordaigh an Tiarna; shuíodar a gcampa i Reifídím, áit nach raibh aon uisce le hól ag an bpobal. Agus chrom an pobal ar chasaoid le Maois: «Tabhair dúinn uisce le hól!» a deiridís. D' fhreagair Maois: «Cad a b' áil libh ag casaoid liom? Cad ab áil libh ag promhadh an Tiarna?» Ach bhí íota tarta ar an bpobal agus rinneadar monabhar in aghaidh Mhaois. «Cad chuige ar thug tú amach as an Éigipt sinn?» ar siad. «An d' fhonn go gcuirfeá sinn féin agus ár gclann agus ár stoc chun báis le tart?» Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: «Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.» Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat. Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.» Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael. Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: «An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?» Ansin tháinig Amailéic agus d' ionsaigh sé Iosrael i Reifídím. Agus dúirt Maois le Iósua: «Togh buíon fear dúinn agus téigh amach chun troda le hAmailéic ar maidin amárach. Seasfaidh mise ar mhullach an chnoic agus slat Dé i mo láimh.» Rinne Iósua rud ar Mhaois agus throid le hAmailéic ach chuaigh Maois agus Árón agus Húr go mullach an chnoic. Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh le hAmailéic. Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine. Threascair Iósua Amailéic agus a mhuintir chun láir le faobhar claímh. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.» 17a Ansin thóg Maois altóir agus thug sé An Tiarna Mo Bhratach uirthi, 17b mar go ndúirt sé: «Beirigí greim ar bhratach an Tiarna óir tá an Tiarna i gcogadh le hAmailéic ó ghlúin go glúin.» Chuala Iatró, sagart Mhidián, a raibh déanta ag Dia do Mhaois agus d' Iosrael a phobal agus conas mar a thug an Tiarna Iosrael amach as an Éigipt. Tar éis í a bheith curtha chun siúil, thóg Iatró athair céile Mhaois, Zipiorá bean Mhaois agus a beirt mhac. Bhí Géirsiom ar dhuine acu mar go ndúirt sé: «Is deoraí mé i dtír iasachta»; agus bhí Eilíeizir («Dia Mo Chabhair») mar ainm ar an bhfear eile mar go ndúirt sé: «Dia m' athar mo chabhair mar d' fhuascail sé mé ó chlaíomh Fhorainn.» Agus tháinig Iatró, athair céile Mhaois, chun Maois lena bheirt mhac agus lena bhean mar a raibh a champa aige san fhásach ag sliabh Dé. «Seo chugat athair do chéile, Iatró, agus do bhean agus do bheirt mhac ina teannta,» a dúradh le Maois. Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth. Ansin d' eachtraigh Maois d' athair a chéile a ndearna an Tiarna le Forann agus leis na hÉigiptigh mar mhaithe le clann Iosrael, agus a dtainig de chruatan orthu ar an mbealach agus conas a d' fhuascail an Tiarna iad. Tháinig áthas croí ar Iatró de bharr a ndearna an Tiarna de mhaith d' Iosrael á bhfuascailt ó lámha na nÉigipteach. «Go mbeannaítear an Tiarna,» arsa Iatró ansin, «mar gur fhuascail sé sibh ó lámha na nÉigipteach, agus ó lámha Fhorainn. Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.» Ansin d' ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé. Lá arna mhárach shuigh Maois i mbun bhreithiúnas an phobail agus bhí an pobal ina seasamh ina thimpeall ó mhaidin go tráthnóna. Nuair a chonaic athair a chéile a raibh aige á dhéanamh don phobal dúirt sé: «Cad chuige an t-ualach seo go léir a ghabháil ort féin ar son an phobail? Cad a b' áil leat i do shuí leat féin agus an pobal ina seasamh i do thimpeall ó mhaidin go tráthnóna?» Thug Maois freagra ar athair a chéile: «Mar go dtagann an pobal chugam chun a gcásanna a chur faoi bhráid Dé. Nuair a bhíonn aighneas eatarthu, tagann siad chugamsa agus réitímse na heasaontais idir duine agus a chomharsa agus tugaim teagasc dóibh i dtaobh reachtanna Dé agus a bhreithiúnais.» «Ní cóir duit,» arsa athair chéile Mhaois leis, «an t-ualach seo a chur ort féin. Déanfar thú féin agus do phobal mar aon leat a thraochadh. Tá an obair róthrom duit; ní féidir duit é a dhéanamh leat féin. Déan rud orm; cuirfidh mé comhairle ort agus beidh Dia leat. Ní foláir duit seasamh i láthair Dé agus a gcúiseanna a chur faoi bhráid Dé. Múin dóibh na reachtanna agus na socruithe, agus taispeáin dóibh an cosán atá le siúl acu agus na hoibreacha atá le déanamh acu. Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr. Bídís-sean i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Cuiridís gach fadhb mhór faoi do bhráidse, ach breithnídís féin na mioncheasta, rud a fhágfaidh an scéal níos saoraidí agatsa mar go roinnfear an t-ualach leat. Má dhéanann tú amhlaidh agus go n-ordaíonn Dia amhlaidh duit, féadfaidh tú cur suas le d' ualach, agus rachaidh na daoine seo go léir abhaile faoi shíocháin.» Thug Maois aird ar chomhairle athair a chéile agus rinne sé rud air. Thogh Maois daoine cumasacha as Iosrael ar fad agus chuir i bhfeighil an phobail iad, ina gceannairí mílte, agus céadta, agus leathchéadta agus deichniúr. Bhídís i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Chuiridís na mórcheasta faoi bhráid Mhaois, ach réitídís féin na mioncheasta. Ansin lig Maois dá athair céile imeacht, agus d' imigh seisean leis chun a dhúiche féin. Ar an tríú ré nua ó tháinig clann Iosrael amach ó thír na hÉigipte, an lá sin shroicheadar fásach Shíonái. Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus nuair a shroicheadar fásach Shíonái, shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair an tsléibhe. Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: «Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael: ' Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh. Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad. Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.' Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.» D' imigh Maois leis ansin agus ghair chuige seanóirí an phobail agus chuir faoina mbráid na briathra sin go léir a d' ordaigh an Tiarna dó. Agus d' fhreagair an pobal go léir d' aonghuth: «A bhfuil ráite ag an Tiarna, comhlíonfaimid.» Agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna. Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo» (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna). Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Imigh leat chun an phobail agus coisric iad inniu agus amárach, agus nídís a n-éadaí, agus bídís ullamh i gcomhair an tríú lá. Óir ar an tríú lá tiocfaidh an Tiarna anuas ar Shliabh Shíonái os comhair an phobail go léir. Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall á rá: 'Seachnaígí agus ná téigí faoin sliabh suas ná baint lena theorainn; aon neach a bhainfidh leis an sliabh, cuirfear chun báis é. Ní leagfar lámh air ach gabhfar de chlocha ann, nó déanfar é a lámhach; ní fhágfar beo é, bíodh sé ina dhuine nó ina ainmhí.' Nuair a shéidfear dord fada ar an adharc, tagaidís aníos chun an tsléibhe.» D' imigh Maois síos ón sliabh chun an phobail dá bhrí sin agus choisric sé an pobal; agus níodar a n-éadaí. Dúirt sé leis an bpobal: «Bígí ullamh i gcomhair an tríú lá; fanaigí amach ó mhná!» Le breacadh an tríú lá, tharla toirneacha agus splancanna tintrí ar an sliabh, agus scamall tiubh agus dord an-ard trumpa; agus bhí na daoine go léir sa champa ar crith. Ansin sheol Maois an pobal amach as an gcampa le teagmháil le Dia, agus sheasadar ag bun an tsléibhe. Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb. Bhí glór na hadhairce ag dul i neart agus i neart. Labhair Maois agus d' fhreagair Dia é le toirneach. Agus thuirling an Tiarna ar Shliabh Shíonái, ar mhullach an tsléibhe. Ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois go mullach an tsléibhe agus suas le Maois. Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Imigh síos agus bagair ar an bpobal gan briseadh thar teorainn ag teacht chun radharc a fháil ar an Tiarna agus go bhfaigheadh a lán acu bás. «Na sagairt leis, an dream a thagann i gcóngar an Tiarna, déanaidís iad féin a choisreacan nó brisfidh an Tiarna sa mhullach orthu.» Agus dúirt Maois leis an Tiarna: «Ní féidir don phobal teacht Sliabh Shíonái aníos óir thug tú féin rabhadh dúinn á rá: 'Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall agus fógair é a bheith naofa.'» «Imigh síos,» arsa an Tiarna leis, «agus tabhair aníos Árón leat ag teacht aníos arís. Ach na lig do na sagairt ná don phobal dul thar a dteorainneacha ag iarraidh teacht aníos chun an Tiarna, nó brisfidh sé orthu.» Chuaigh Maois síos chun an phobail dá bhrí sin agus labhair sé leo. Labhair Dia na briathra seo go léir. Dúirt sé: «Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse. Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair. Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh. Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé, ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m' aitheanta. Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é. Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í. Caithfidh tú sé lá ag obair agus déanfaidh tú do shaothar go léir, ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre tú féin ná do mhac, ná d' iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon. Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é. Tabhair do d' athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit. Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan. Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.» Bhuail scéin is critheagla an pobal go léir leis na toirneacha, agus na tintreacha, agus glór an trumpa, agus deatach an tsléibhe agus sheasadar i bhfad siar. «Labhair féin linn,» a dúradar le Maois, «agus éistfimid leat; ach ná labhraíodh Dia linn, nó caillfear sinn.» Agus dúirt Maois leis an bpobal: «Ná bíodh eagla oraibh óir tháinig an Tiarna d' fhonn sibh a phromhadh, agus go mbeadh a eagla os comhair bhur súl agaibh agus nach ndéanfadh sibh peaca.» D' fhan an pobal i bhfad siar dá bhrí sin agus dhruid Maois leis an scamall tiubh dorcha mar a raibh an Tiarna. Dúirt an Tiarna le Maois: «Abair é seo le clann Iosrael: Chonaic sibh féin gur labhair mé libh ó neamh. Ní dhéanfaidh sibh déithe airgid ná déithe óir le cur ina seasamh le mo thaobh, ná ní dhéanfaidh sibh a leithéid daoibh féin. Altóir chré a thógfaidh sibh dom agus déanfaidh sibh bhur íobairtí loiscthe agus síochána ó bhur dtréada agus ó bhur dtáinte, a ofráil dom uirthi. Cibé áit ina mbeidh cuimhne ar m' ainm á dhéanamh, tiocfaidh mé chugat le beannacht duit. Más altóir chloiche a dhéanfaidh tú dom, ní thógfaidh tú í de chlocha snoite; óir má bhíonn uirlis agat á himirt uirthi, beidh sí a truailliú agat. Ní ar chéimeanna a rachaidh tú suas chun m' altora d' fhonn nach nochtfaí do nochtacht. «Seo iad na cinnte a chuirfidh tú rompu: Nuair a cheannóidh tú daor Eabhrach, déanfaidh sé seirbhís sé bliana duit, ansin sa seachtú bliain, imeoidh sé leis saor gan aon fhiacha air. Más singil a thagann sé, imeoidh sé singil; más pósta a thagann sé, imeoidh a bhean amach leis. Má thugann a mháistir bean dó agus go mbronnann sí clann mhac agus iníonacha air, bainfidh an bhean agus an chlann leis an máistir, agus imeoidh sé leis féin amháin. Ach má deir an daor go follas: Tá cion agam ar mo mháistir, ar mo bhean, agus ar mo chlann. Ní áil liom imeacht saor. Ansin tabharfaidh a mhaistir chun Dé é, á threorú chun an dorais nó na tairsí. Cuirfidh a mháistir poll ina chluais le meana, agus beidh sé ag fónamh dó lena shaol. Má dhíolann fear a iníon mar dhaoirseach, ní imeoidh sí saor dala an daoir fir. Mura dtaitníonn sí lena máistir a d' áirithigh dó féin í, ansin ligfidh sé í a fhuascailt; ní bheidh aon cheart aige í a dhíol le pobal deoranta, mar go raibh sé mídhílis di. Más dá mhac a d' áirithigh sé í, cuirfidh sé cóir iníne uirthi. Má ghabhann sé bean eile chuige, ní laghdóidh sé ar a bia, a deoch ná a cearta céile. Má dhiúltaíonn sé na trí rudaí sin di, ní miste di imeacht léi, saor, in aisce. Cibé a bhuaileann duine agus go bhfaigheann sé bás, ní foláir é a chur chun báis. Murar fhan sé in eadarnaí air, ach gur sheol Dia ina lámha é, ansin ainmneoidh mé duit áit a bheidh ina thearmann dó. Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d' aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m' altóir chun a mharaithe. An té a bhuailfidh a athair nó a mháthair, ní foláir é a chur chun báis. An té a fhuadaíonn fear cibé acu a dhíolann sé é nó go bhfaightear ina sheilbh é ní foláir é chur chun báis. An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis. Má bhíonn aighneas idir daoine agus go mbuaileann fear fear eile le cloch nó lena dhorn, agus nach bhfaigheann an fear sin bás, ach go dtugann sé an leaba air féin, rachaidh an té a bhuail é saor má éiríonn [an fear leonta] arís agus go siúlann sé fiú lena bhata. Ní foláir dó an t-am a chuaigh amú air a chúiteamh leis agus a bheith ina chúram go mbíonn sé slán folláin. Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach, agus go bhfaigheann an duine bás faoina láimh, caithfidh sé an éiric a dhíol. Ach má mhaireann an duine lá nó dhó, ní chaithfidh sé aon éiric a dhíol, óir is é chuid cheannaigh é. Má leonann lucht imris bean throm agus go scarann sí lena gin, ach nach mbíonn deasca uirthi, díoladh an ciontach an éiric a éileoidh a céile; díoladh sé ar bhreith na mbreithiúna. Ach má leanann deasca, ansin tabharfaidh tú anam ar anam, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois, do ar dhó, goin ar ghoin, buille ar bhuille. Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach sa tsúil, agus í a chur ó mhaith, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na súile. Má bhaineann sé fiacail as a dhaor nó as a dhaoirseach, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na fiacaile. Má leonann damh fear nó bean go marfach, gabhtar de chlocha sa damh, agus ná hitear a fheoil, ach ní bheidh an t-úinéir ciontach. Ach má bhí sé de nós ag an damh sá lena adharc roimhe sin, agus gur tugadh rabhadh dá úinéir ach nár choimeád sé faoi smacht é, agus go mairíonn sé fear nó bean, gabhtar de chlocha sa damh agus cuirtear a úinéir chun báis leis. Má éilítear éiric air, ansin díoladh sé ar son a anama cibé rud a éileofar air. Más i mac nó in iníon fir a chuireann an damh a adharc, is í an riail chéanna a chuirfear i bhfeidhm ina leith. Más i ndaor nó i ndaoirseach a chuireann an damh adharc, íocadh an t-úinéir tríocha seicil lena máistir agus gabhtar de chlocha sa damh. Má fhagann duine poll ar oscailt, nó má osclaíonn duine poll agus gan clúid a chur air, agus go dtiteann damh nó asal ann, déanadh úinéir an phoill cúiteamh. Tugadh sé airgead don úinéir, agus bíodh an conablach aige féin. Má leonann damh damh eile, agus go bhfaigheann sé bás, caithfidh na húinéirí an damh beo a dhíol agus a phraghas a roinnt; roinnidís an conablach leis. Nó más eol go raibh sé de nos ag an damh sá lena adharc roimhe sin, agus nár choimeád a úinéir faoi smacht é, íocadh a úinéir damh ar dhamh, agus bíodh an conablach aige. Má ghoideann fear damh nó caora, agus é a mharú agus a dhíol, íocadh sé cúig dhamh ar dhamh agus ceithre chaora ar chaora. 21:37 1 Má ghabhtar gadaí ag briseadh isteach, agus go mbuailtear buille marfach air, ní bheidh aon éiric fola ann dó; 2 más tar éis bhreacadh an lae é, beidh éiric ann dó. Ach tá cúiteamh iomlán le déanamh, agus mura bhfuil aon mhaoin aige, ní foláir é a dhíol d' fhonn íoc as ar ghoid sé. 3 Má fhaightear an t-ainmhí a goideadh ina bheatha aige, cibé acu damh nó asal nó caora é, íocadh sé faoi dhó. Nuair a chuireann duine a stoc ar féarach i bpáirc nó i bhfíonghort, nó go ligeann sé dá ainmhithe fosaíocht i bpáirc duine eile, déanadh sé cúiteamh [ar son an fhéaraigh a hitheadh den pháirc. Ach má cheadaigh sé an pháirc go léir a ithe, déanadh sé cuiteamh] de réir an toraidh is fearr a bhí riamh ar pháirc nó ar fhíonghort an duine ar a ndearna sé an éagoir. 4 5 Nuair a leathann tine agus go gcuireann sí driseacha faoi bharr lasrach agus go ndónn sí stácaí arbhair nó an t-arbhar ina sheasamh, an té is cúis leis an tine, déanadh sé cúiteamh iomlán. 6 Má thugann duine airgead nó maoin do dhaoine eile le taisceadh, agus go ngoidtear as a theach é, díoladh an gadaí as faoi dhó. 7 Mura mbeirtear ar an ngadaí, caithfidh úinéir an tí mionn a thabhairt i láthair Dé nár leag sé lámh ar mhaoin a chomharsan. 8 I gcás gach feall ar iontaoibh, maidir le damh nó asal nó caora, nó éadach, nó aon ní a fuarthas caillte dá nduradh faoi ' seo é', tagadh cúis na beirte os comhair Dé; an té ar a dtabharfaidh Dia daorbhreith, caithfidh sé dúbailt a íoc leis an duine eile. 9 Má chuireann duine asal nó damh nó caora nó aon ainmhí faoi chúram duine eile, agus go bhfaigheann sé bás nó go leontar é nó go bhfuadaítear, gan finné, 10 socróidh mionn dar an Tiarna eatarthu beirt, féachaint ar leag sé lámh ar chuid a chomharsan. Glacadh an t-úinéir a mbíonn fágtha, agus ní dhéanfaidh an duine eile cúiteamh. 11 Má ghoidtear uaidh é, déanadh sé cúiteamh leis an úinéir. 12 Má stollann ainmhithe allta é, tugadh sé an fuíoll leis mar fhianaise agus ní dhéanfaidh sé cúiteamh ar son an stollta. 13 Má bhíonn ainmhí ar iasacht ag duine ó dhuine eile, agus go leontar é nó go bhfaigheann sé bás gan an t-úinéir i láthair, caithfidh an duine eile cúiteamh iomlán a dhéanamh. 14 Má bhíonn an t-úinéir i láthair, ní dhéanfaidh sé cuiteamh; más ar íoc a bhí sé, ar son an íoca a tháinig sé. Má mheallann duine maighdean nach bhfuil pósta, agus luí léi, ní foláir dó a coibhche a íoc agus glacadh léi mar bhean. 15 16 Má dhiúltaíonn a hathair glan í ligean leis, íocadh sé cothrom coibhche na maighdean. Ná fág a beo ag bandraoi. 17 18 Aon duine a luífidh le hainmhí cuirtear chun báis é. 19 Aon duine a dhéanfaidh íobairt d' aon dia eile ach an Tiarna, scriostar faoin mbang é. 20 Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte. 21 Ná ciap baintreach ná dílleachta. 22 Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin. 23 Adhnfaidh m' fhearg agus maróidh mé sibh leis an gclaíomh, agus fágfar bhur mná gan chéile agus bhur gclann gan athair. 24 Má thugann tú iasacht airgid d' aon bhochtán de mo phobal le d' ais, ná himir cleas an úsaire air agus ná héiligh ús uaidh. 25 Má thogann tú riamh brat duine mar gheall tabhair ar ais dó é roimh luí na gréine; 26 óir sin a bhfuil aige d' éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann? Agus má ghlaonn sé orm, tabharfaidh mé cluas dó, mar is truachroíoch mé. 27 Ná tabhair masla do Dhia ná mallacht do rialtóir ar do phobal. Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d' urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith. 28 29 Déan mar an gcéanna le d' eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é. 30 Beidh sibh in bhur ndaoine coisricthe domsa; uime sin ná hithigí feoil a stollfaidh na hainmhithe allta san fhásach; caithigí chun na madraí í. Ná scaoil scéal bréagach. Ná tabhair lámh chúnta do dhrochdhaoine le fianaise urchóideach. Ná gabh ar thaobh an mhóráirimh i gcúis éagórach agus ná claon leis an slua agus fianaise a thabhairt in aghaidh na córa. Ná claon an bhreith ar son an bhochtáin i gcúis dlí. Má bhuaileann tú le damh nó le hasal do namhad ag dul amú, tabhair ar ais chuige é. Má fheiceann tú asal fear d' fhuatha ar lár faoina ualach, in áit é a sheachaint, téigh i gcabhair air á thógáil. Ná déan éigean ar chearta aon bhochtáin libh ina chaingean. I bhfad uait aon chúis bhréagach, agus ná cuir chun báis an fíréan ionraic óir ní scaoilfidh mise saor an ciontach. Ná glac breab, óir dallann breab daoine géara, agus milleann sí cúis na n-ionraic. Ná déan leatrom ar an deoraí; is aithnid duit croí an deoraí, óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte. Cuir d' fhearann ar feadh sé bliana, agus cruinnigh a fhómhar, ach an seachtú bliain fág ina bhranar é gan saothrú, i dtreo go bhféadfaidh bochta do phobail bia a fháil uaidh, agus go bhféadfaidh na hainmhithe allta a bhfuílleach a bheith acu mar bhia. Déan mar an gcéanna leis an bhfíonghort agus leis an doire ológ. Ar feadh sé lá déan do chuid oibre, ach ar an seachtú lá scoir di i dtreo go mbeidh sos ag d' asal agus ag do dhamh, agus go mbeidh sámhnas ag mac do dhaoirsí agus ag an eachtrannach. Tabhair aird ar a bhfuil ráite agam leat, agus ná haithris ainmneacha déithe eile agus nach mó a chluintear as do bhéal iad. Beidh féilte agat trí huaire sa bhliain i m' onóir. Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d' aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh. Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt. Trí huaire sa bhliain, caithfidh do chuid fear uile teacht i láthair an Tiarna Dia. Ná hofráil fuil m' íobarthaigh fara arán gabháilte, agus ná fág méith íobarthaigh mo fhéile go lá arna mhárach. Tabhair togha céadtorthaí do ithreach go teach an Tiarna, do Dhia. Ná déan meannán a bhruith i mbainne a mháthar. do Ghabháil Chanán Tabhair aird air agus éist lena ndeir sé. Ná bí easumhal dó mar ní mhaithfeadh sé a leithéid de locht, óir tá m' ainm ann. Má éisteann tú go cáiréiseach lena ghuth, agus gach a ndeirimse a dhéanamh, beidh mé i mo namhaid ag do naimhde, agus i mo eascara ag d' eascairde. Nuair a rachaidh m' aingeal romhat agus tú a thabhairt isteach chun na nAmórach agus na Hiteach, na bPirizeach agus na gCanánach, na Hiveach agus na Iabúsach, scriosfaidh mé iad. Ná sléacht dá ndéithe, ná fónamh dóibh, ná déanamh mar iad, ach scrios ar fad iad agus bris a ngalláin ina smidiríní. Déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia agus cuirfidh mé beannacht ar d' arán agus ar d' uisce agus tógfaidh mé an easláinte chun siúil uait amach. I do thír ní scarfaidh bean lena leanbh ná ní bheidh aon aimrid ann; comhlíonfaidh mé líon do laethanta. Seolfaidh mé m' uafás romhat, agus cuirfidh mé corrabhuais ar na daoine go léir a dtiocfaidh tú ina n-aghaidh, agus cuirfidh mé do naimhde go léir ag casadh agus ag teitheadh romhat. Seolfaidh mé cearnabháin romhat a thiomáinfidh an Hiveach agus an Canánach agus an Hiteach amach ó do láthair. Ní thiomáinfidh mé amach ó do láthair iad in aon bhliain amháin d' fhonn nach ndéanfadh fásach den talamh agus go rachadh na hainmhithe allta i líonmhaire oraibh. Beagán ar bheagán is ea a thiomáinfidh mé amach iad ó do láthair, go dté tú i líonmhaire agus i seilbh na talún. Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad. Ná déan conradh ar bith leo, ná lena ndéithe. Ná déanaidís cónaí i do thír le heagla go gcuirfidís d' iallach ort peaca a dhéanamh i m' aghaidh agus go dtabharfá adhradh dá ndéithe agus go deimhin ba ghaiste duit sin.» Dúirt sé le Maois: «Tar aníos go dtí an Tiarna, tú féin agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú, agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael agus sléachtaigí dó ó chéin. Maois amháin a thiocfaidh i gcóngar an Tiarna, agus ní thiocfaidh an chuid eile, agus ní thiocfaidh an pobal aníos fairis.» Tháinig Maois agus d' aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D' fhreagair an pobal go léir d' aonghuth: «Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.» Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d' éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael. Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna. Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir. Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: «Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.» Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: «Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.» Ansin ghabh Maois suas, agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael, agus chonaiceadar Dia Iosrael, agus faoina chosa bhí mar a bheadh páváil saifíre, agus í mar neamh féin ar ghile. Níor leag sé lámh ar na huaisle seo de phobal Iosrael; d' fhéachadar ar Dhia; d' itheadar agus d' óladar. Dúirt an Tiarna le Maois: «Tar aníos chugam ar an sliabh, agus fan ann fad bheidh mé ag tabhairt na leaca cloiche duit, leis an dlí agus na haitheanta, a scríobh mé lena dteagasc.» D' éirigh Maois dá bhrí sin agus a shearbhónta Iósua, agus suas faoi shliabh Dé le Maois. Dúirt sé leis na seanóirí: «Fanaigí anseo liom go bhfillfimid ar ais chugaibh; agus seo iad Árón agus Húr agaibh, agus má bhíonn caingean ag aon duine le réiteach, téadh sé chucu.» Ansin ghabh Maois faoin sliabh suas agus chlúdaigh an néal an sliabh. Luigh glóir an Tiarna ar Shliabh Shíonái; ar feadh sé lá chlúdaigh an néal é, agus ar an seachtú lá ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois ó lár an néil. Bhí dealramh ghlóir an Tiarna mar thine loiscneach ar mhullach an tsléibhe os comhair súile chlann Iosrael. Isteach i gceartlár an néil le Maois. Ghabh Maois an sliabh suas agus d' fhan ann daichead lá agus daichead oíche. Labhair an Tiarna le Maois á rá: «Abair le clann Iosrael ofráil a chur i leataobh dom; glacfaidh sibh síntiús dom ó gach duine a ndeir a chroí leis é a thabhairt. Seo é an síntiús a thógfaidh sibh uathu: ór agus airgead agus cré-umha, agus ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, agus fionnadh gabhair, agus craicne leasaithe reithe, agus craicne gabhair, agus adhmad sitím, agus ola do na lampaí, spíosraí don chriosma agus don túis dhea-bholaidh, agus clocha oinisce agus geamaí le cur san éafód agus sa lúireach. Agus déanaidís sanctóir dom go lonnaí mé ina measc. Ag déanamh an taibearnacail agus a throscáin go léir daoibh, ní foláir daoibh é a dhéanamh de réir an phatrúin a thaispeánfaidh mé duit. «Déanfaidh siad áirc d' adhmad sitím, bíodh sí dhá bhanláimh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead agus banlámh go leith ar airde. Cumhdaigh í d' ór fíre lasmuigh agus laistigh, agus cuirfidh tú múnláil óir mórthimpeall uirthi. Déanfaidh tú ceithre fháinne óir a theilgean, agus cuirfidh tú faoina ceithre cosa iad dhá fháinne ar thaobh agus dhá fháinne ar thaobh eile. Déanfaidh tú cuaillí de chrann sitím agus cumhdóidh tú iad d' ór. Cuirfidh tú na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce, chun an áirc a iompar leo. Ní foláir na cuaillí a fhágáil i bhfáinní na háirce, agus gan iad a thógáil chun siúil. Cuirfidh tú isteach san áirc an Fhianaise a thabharfaidh mé duit. Déanfaidh tú cathaoir thrócaire d' ór fíre; beidh sí dhá bhanláimh go leith ar a fad, agus banlámh go leith ar leithead. Do dhá cheann na cathaoireach déanfaidh tú dhá cheiribín óir; ór buailte a bheidh ina ndéantús. Déanfaidh tú ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus greamóidh tú iad de dhá cheann chathaoir na trócaire i dtreo gur aon phíosa léi iad. Leathadh na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go mbeidh cathaoir na trócaire faoina scáth; tabharfaidh na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n-aighthe i dtreo chathaoir na trócaire. Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce, agus isteach san áirc cuirfidh tú an Fhianaise a thabharfaidh mé duit. Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m' aitheanta uile do chlann Iosrael. «Déanfaidh tú mar an gcéanna bord d' adhmad sitím, dhá bhanláimh ar fad, banlámh ar leithead agus banlámh go leith ar airde. Cumhdóidh tú é le hór fíre agus cuirfidh tú múnláil óir mórthimpeall air. Cuirfidh tú teanntóga, lámh ar leithead, faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu. Déanfaidh tú ceithre fáinní óir dó agus na fáinní a ghreamú de na ceithre cuinní mar a mbíonn na cosa. Ní foláir na fáinní a bheith i gcóngar na dteanntóg d' fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar. D' adhmad sitím a dhéanfaidh tú na cuaillí agus cludóidh tú iad le hór, agus is leo a iomprófar an bord. Na miasa agus na humair thúise, na cuacha agus na crúscaí d' íobairtí doirte, a dhéanfaidh tú dó, d' ór fíre a dhéanfaidh tú iad. Agus ar an mbord os mo chomhair leagfaidh tú arán na láithreachta i gcónaí. «Déanfaidh tú coinnleoir d' ór fíre, agus ní foláir an coinnleoir, idir bhonn agus chrann, a bheith d' obair bhuailte, agus a chupáin, idir chailís agus bheangáin, d' aon phíosa leis. Caithfidh sé ghéag a bheith amach as a chliatháin, trí ghéag den choinnleoir as taobh de agus trí ghéag as taobh eile. Ní foláir trí cupáin a bheith ar an gcéad ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; ní foláir trí cupáin chomh maith a bheith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir. Ní foláir ceithre cupáin ar dhéanamh duilliúr na halmóinne a bheith ar an gcoinnleoir féin, gach ceann lena chailís is a bheangáin: mar seo cailís faoin gcéad dá ghéag as an gcoinnleoir amach, ceann faoin gcéad chúpla eile, agus ceann faoin gcúpla deiridh, ag teacht leis na sé géaga as an gcoinnleoir amach. Ní foláir na cailísí agus na géaga a bheith d' aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t-iomlán a bheith ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre. Ansin ní foláir duit lampaí a dhéanamh dó, seacht gcinn díobh, agus iad a chur i dtreo go gcaithfidh siad a solas uathu amach os a chomhair. Caithfidh na smóladáin agus na sileadáin a bheith d' ór fíre. Ní foláir tallann d' ór fíor a chaitheamh leis an gcoinnleoir agus lena ghréithe. Féach chuige go ndéanfaidh tú iad ar an bpatrún a taispeánadh duit ar an sliabh. «Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh. Beidh ocht mbanlámh fichead d' fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; beidh na brait uile den aon mhiosúr. Ceanglófar cúig bhrat le chéile, agus mar an gcéanna leis an gcúig bhrat eile. Cuirfidh tú lúba d' ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile. Cuirfidh tú leathchéad lúb ar an gcéad bhrat, agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith. Déanfaidh tú leathchéad nasc óir chun na brait a cheangal le chéile chun go mba aonad dlúth é an taibearnacal. «Déanfaidh tú brait d' fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; aon bhrat déag a dhéanfaidh tú. Beidh gach brat tríocha banlámh ar fhad agus ceithre bhanlámh ar leithead: bíodh an t-aon bhrat déag den aon mhiosúr. Ceanglóidh tú cúig bhrat le chéile leo féin agus na sé cinn eile leo féin; an séú ceann déanfaidh tú é a fhilleadh faoi dhó ag béal na botha. Cuirfidh tú leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an gcéad sraith díobh agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an tsraith eile. Agus déanfaidh tú leathchéad nasc cré-umha agus na naisc a chur sna lúba agus an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon. An fuíoll de bhrait na botha, leath an bhrait bhreise a bheidh fágtha, crochfar os cionn cúil an taibearnacail é. An bhanlámh bhreise ar gach taobh ar feadh brait na botha, crochfaidh sí thar chliatháin an taibearnacail, á chlúdach ón dá thaobh. Déanfaidh tú díon breise don bhoth as craicne coirtithe reithe agus leathar mín mar chlúdach air sin arís. «Déanfaidh tú frámaí d' adhmad sitím don taibearnacal, agus beidh siad ina seasamh díreach. Beidh gach fráma deich mbanlámh ar fad agus banlámh go leith ar leithead. Beidh dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; déanfaidh tú amhlaidh do gach fráma den taibearnacal. Déanfaidh tú frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas agus a n-aghaidh ar an deisceart; déanfaidh tú daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí mar seo: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir, agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir mar an gcéanna; don taobh eile den taibearnacal, an taobh thuaidh, fiche frama agus daichead moirtís airgid á gcothú, dhá mhoirtís faoi gach fráma; agus do chúl an taibearnacail, ar an taobh thiar, déanfaidh tú sé fhráma. Déanfaidh tú dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar. Déanfar na frámaí seo a cheangal le chéile ag a mbonn thíos agus mar sin suas go buaic, go dtí airde an chéad fháinne; mar sin a bheidh ag an dá fhráma a bheidh mar dhá chúinne. Beidh, dá réir sin, ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid dhá mhoirtís faoin gcéad fhráma agus mar sin de. «Déanfaidh tú trasnáin d' adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal, agus cúig cinn do na frámaí ar an taobh eile, an taobh thiar den taibearnacal. An trasnán meánach leath slí suas ar na frámaí, rachaidh sé ó cheann ceann. Cumhdaigh na frámaí d' ór agus cuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin; agus cumhdaigh na trasnáin d' ór. Tógfaidh tú an taibearnacal de réir an phatrúin de a taispeánadh duit ar an sliabh. «Déanfaidh tú fial d' ábhar gorm, agus corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh. Crochfaidh tú é ar cheithre pollaí d' adhmad sitím arna gcumhdach d' ór, le naisc óir agus iad luite i gceithre mhoirtís airgid. Crochfaidh tú an fial ó na naisc agus ansiúd ar chúl an fhéil cuirfidh tú áirc na Fianaise agus beidh an fial agat mar dheighilt idir an áit naofa agus an áit shárnaofa. Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce istigh san áit shárnaofa. Cuirfidh tú an bord taobh amuigh den fhial, agus an coinnleoir ar an taobh theas den taibearnacal, os comhair an bhoird sall. Cuirfidh tú an bord ar an taobh thuaidh. Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d' ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air. Agus déanfaidh tú cúig pollaí sitím don scáthlán, agus cumhdóidh tú iad le hór, agus beidh naisc óir orthu; déanfaidh tú cúig ceapa cré-umha a theilgean dóibh. «Déanfaidh tú altóir d' adhmad sitím, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; beidh an altóir cearnógach agus beidh sí trí bhanlámh ar airde. Déanfaidh tú beanna dá ceithre cuinní; beidh na beanna d' aon phíosa léi; cumhdóidh tú í le cré-umha. Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra. Déanfaidh tú gráta di de chliath chré-umha, agus ceithre fáinní cré-umha ag ceithre cúinní na cléithe. Cuirfidh tú í faoi fhargán na haltóra i dtreo go sínfidh an chliath leath slí suas ar an altóir. Agus déanfaidh tú cuaillí don altóir, cuaillí d' adhmad sitím agus cumhdóidh tú iad le cré-umha; cuirfear na cuaillí trí na fáinní i dtreo go mbeidh na cuaillí ar dhá thaobh na haltóra agus í á hiompar. Déanfaidh tú an altóir de chláir, agus í folamh laistigh. Dé réir mar a taispeánadh duit ar an sliabh is ea a dhéanfaidh tú í. «Déanfaidh tú faiche an taibearnacail. Ar an taobh theas den fhaiche beidh brait céad banlámh ar fad ar chliathán de, iad déanta de línéadach mín cas. Beidh a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach beidh a naisc agus a mbataí d' airgead. Mar an gcéanna ar feadh a fhaid ar an taobh thuaidh, beidh brait céad banlámh ar fad, a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach a naisc agus a mbataí d' airgead. Ar feadh leithe na faiche ar an taobh thiar beidh brait leathchéad banlamh le deich bpolla agus deich gceap. Beidh an fhaiche leathchéad banlámh ar leithead chun tosaigh ar an taobh thoir. Ar thaobh den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa. Ar an taobh eile den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa. Do gheata na faiche beidh cliath fiche banlámh ar fad, í déanta d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas agus gréasadh d' obair shnáthaide ann; beidh ceithre pholla lena gceithre ceapa aici. Beidh na pollaí go léir timpeall na faiche dlúite le chéile le bataí airgid; beidh a naisc d' airgead agus a gceapa de chré-umha. Beidh an fhaiche céad banlámh ar fad, leathchéad ar leithead, agus cúig bhanlámh ar airde; beidh a brait de línéadach mín cas agus a ceapa de chré-umha. Gréithe uile an taibearnacail, is cuma cad is feidhm dóibh, a phionnaí go léir agus pionnaí na faiche, beidh siad de chré-umha. «Tabharfaidh tú ordú do chlann Iosrael go dtabharfaidh siad duit ola ológ ghlan fháiscthe don solas i dtreo go mbeidh lampa ann le bheith ar lasadh i gcónaí. Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael. «Glac chugat de chlann Iosrael do dhearthair Árón agus a chlann mhac le bheith ina sagairt i mo sheirbhís Árón agus a chlann mhac: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. Déanfaidh tú éidí naofa do Árón do dheartháir dochum glóire agus maise. Tabharfaidh tú treoracha do chách a bhfuil éirim ann, iad siúd dá dtug mé éirim aigne, chun éidí Árón a dhéanamh dá choisreacan do mo shagartacht. Seo iad na héidí atá le déanamh acu: lúireach agus éafód agus fallaing agus ionar bróidnithe agus ceannbheart agus crios. Déanfaidh siad éidí naofa do do dheartháir Árón agus dá mhaca le fónamh dom mar shagairt. Bíodh acu don ghnó ór, ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas. «Déanfaidh siad an t-éafód d' ór agus d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas fite le barr slachta. Beidh dhá ghuailleán ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile. Agus an crios fite air a bheidh á choimeád, beidh sé den déantus céanna, d' ór, d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín. Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu; sé ainmneacha acu ar chloch díobh agus na sé ainmneacha eile ar an gcloch eile, de réir ord a mbreithe. Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fiolagráin óir. Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n-ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna. Déanfaidh tú cumhdaigh d' fhiolagrán óir, agus dhá shlabhra d' ór fíre, fite mar chorda, agus ceanglóidh tú na slabhraí fite do na cumhdaigh. «Déanfaidh tú lúireach bhreithiúnais, d' obair shlachtmhar; déanfaidh tú í ar dhéantús an éafód; d' ór agus d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas a dhéanfaidh tú í. Beidh sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead. Leagfaidh tú ceithre shraith cloch inti: sard, tópas agus carmhogal sa chéad sraith; smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith; iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith, beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Beidh siad go léir ar leaba d' fhiolagrán óir. Beidh ainmneacha chlann mhac Iosrael orthu agus a dó dhéag a líon de réir líon na n-ainmneacha orthu; beidh siad greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag. Déanfaidh tú slabhraí d' ór fíre, fite mar chorda, don lúireach. Déanfaidh tú dhá fháinne óir don lúireach agus iad a ghreamú dá dhá chúinne uachtaracha. Cuirfidh tú an dá shlabhra d' ór fite sa dá fháinne atá ar chúinní na lúirí. Ceanglóidh tú dhá cheann eile na slabhraí den dá chumhdach fiolagráin i slí is go ngreamóidh tú iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh. Déanfaidh tú dhá fháinne óir agus iad a ghreamú do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód. Déanfaidh tú dhá fháinne óir eile agus iad a ghreamú d' íochtar dhá ghuailleán an éafód chun tosaigh in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód. Caithfear an lúireach a cheangal don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo go luífidh sí ar chrios fite an éafód agus nach scarfadh an lúireach ón éafód. Ar an gcuma sin iompróidh Árón ainmneacha chlann mhac Iosrael i lúireach an bhreithiúnais ar a chroí nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa, d' fhonn iad a thabhairt chun cuimhne de shíor i láthair an Tiarna. Cuirfidh tú an tÚirím agus an Tuimím sa lúireach chun go mbeidís ar chroí Árón nuair a rachaidh sé isteach i láthair an Tiarna; ar an gcuma sin iompróidh Árón breithiúnas chlann Iosrael ar a chroí i láthair an Tiarna de shíor. «Déanfaidh tú fallaing an éafód go léir d' ábhar gorm. Beidh oscailt intí don cheann agus fáithim fite timpeall na hoscailte, dála na hoscailte i gcathéide, d' fhonn nach sracfaí í. Ar a fáithim íochtair cuirfidh tú maisiú de phomagránaití, d' ábhar gorm agus corcra agus craorag ar fháithim na fallainge timpeall, agus cloigíní óir eatarthu. Beidh siad gach re ceann, cloigín óir agus pomagránait, cloigín óir agus pomagránait, timpeall ar fháithimí na fallainge. Caithfidh Árón í nuair a dhéanfaidh sé seirbhís agus cloisfear a glór nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa i láthair an Tiarna, agus nuair a thiocfaidh sé amach, á chosaint ón mbás. «Déanfaidh tú lann d' ór fíre agus ' Naofa don Tiarna' a ghreanadh uirthi mar a ghreanfaí ar shéala. Greamóidh tú í den cheannbheart le lása glas; ar thosach na ceannbhirte a chuirfear í. Caithfidh Árón ar a éadan í agus iompróidh Árón air féin cibé lochtanna a bhíonn ar na hofrálacha naofa a chroisriceann clann Iosrael mar íobairtí naofa; beidh sí de shíor ar a éadan d' fhonn is go nglacfaí leo i láthair an Tiarna. Déanfaidh tú an t-ionar a fhí le bróidnéireacht de línéadach mín; déanfaidh tú ceannbheart de línéadach mín agus crios maisithe le hobair shnáthaide. «Agus do mhaca Árón déanfaidh tú ionair agus criosanna agus boinéid, déanfaidh tú iad mar ghlóir agus mar scéimh. Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan d' fhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt. Déanfaidh tú brístí línéadaigh chun a nochtacht a chlúdach ó áranna go sliasta síos. Beidh siad ar Árón agus ar a mhaca nuair a rachaidh siad isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a thiocfaidh siad i gcóngar na haltóra chun seirbhís a dhéanamh sa sanctóir, le heagla go dtabharfaidís ciontacht éigin anuas orthu féin agus iad a fháil bháis. Beidh sé sin ina reacht go brách dó féin agus dá shliocht ina dhiaidh. «Seo é an searmanas a mbainfidh tú feidhm as á gcoisreacan le fónamh dom mar shagairt. Tóg tarbh óg agus dhá reithe gan mháchail, agus arán slim, builíní gan ghabháile agus iad fuinte le hola, agus abhlanna gan ghabháile agus ola leata orthu. De phlúr mín cruithneachta a dhéanfaidh tú iad. Cuirfidh tú iad seo i gcliabh agus tabharfaidh tú leat sa chliabh iad, agus an tarbh agus an dá reithe chomh maith. Béarfaidh tú Árón agus a mhac leat go doras Bhoth na Teagmhála agus nífidh tú iad le huisce. Glacfaidh tú na héidí agus gléasfaidh tú Árón san ionar, agus i bhfallaing an éafód, agus sa lúireach; agus fillfidh tú uime crios fite an éafód. Cuirfidh tú an cheannbheart ar a cheann, agus an choróin naofa ar an gceannbheart. Glacfaidh tú chugat ola an ungtha agus doirtfidh tú ar a cheann í agus déanfaidh tú é a ungadh ar an gcuma sin. Ansin tabharfaidh tú leat a mhaca agus cuirfidh tú ionair orthu agus fillfidh tú criosanna umpu agus cuirfidh tú boinéid orthu, agus beidh an tsagartacht acu de bhíthin reachta shíoraí. Mar sin a oirneoidh tú Árón agus a mhaca. «Ansin tabharfaidh tú an tarbh os comhair Bhoth na Teagmhála. Leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an tairbh, agus maróidh tú an tarbh i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tógfaidh tú cuid d' fhuil an tairbh agus cuimleoidh tú le do mhéar de bheanna na haltóra í. Ansin doirtfidh tú fuílleach na fola ag bun na haltóra. Tógfaidh tú a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair agus an chnapóg saille os cionn an ae, agus an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus loiscfidh tú ar an altóir iad. Ach feoil an tairbh, agus a chraiceann, agus a otrach, loiscfidh tú le tine iad taobh amuigh den champa; ofráil pheaca í sin. «Glacfaidh tú chugat ansin ceann de na reithí, agus leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an reithe; agus maróidh tú an reithe, baileoidh tú a chuid fola agus croithfidh tú ar an altóir thart timpeall í. Ansin déanfaidh tú an reithe a roinnt ina chodanna, a ionathar agus a chosa a ní agus iad a chur leis an gceann agus na codanna, agus an reithe go léir a loscadh ar an altóir; ofráil loiscthe a bheidh inti don Tiarna; cumhracht thaitneamhach í, íobairt loiscthe don Tiarna. «Agus glacfaidh tú an reithe eile agus leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an reithe. Agus déanfaidh tú an reithe a mharú agus cuid dá fhuil a thógáil agus í a chur ar mhaothán chluas dheas Árón agus ar mhaothán chluas dheas a mhac, ar ordóg a láimhe deise, ar ordóg a gcoise deise, agus an chuid eile a chroitheadh ar an altóir thart timpeall. Ansin déanfaidh tú cuid den fhuil ar an altóir mar aon le cuid den ola ungtha a thógáil agus í a chroitheadh ar Árón agus ar a éide, ar a mhic agus ar a n-éide chomh maith; agus beidh sé féin agus a éide naofa, agus a mhic agus éide a mhac chomh maith leis. «Méith an reithe, an t-eireaball, a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair, an chnapóg saille os cionn an ae, an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus an cheathrú chlé (mar is reithe insealbhaithe atá i gceist), builín aráin agus bairín aráin fuinte le hola, agus abhlann as an gcliabh d' arán slim a bhíonn leagtha i láthair an Tiarna tógfaidh tú an méid sin agus cuirfidh tú é i lámha Árón agus i lámha a mhac; ofrálfar é mar dhleacht ar leith os comhair an Tiarna. Ansin déanfaidh tú é a ghlacadh ar ais óna lámha agus é a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt loiscthe, mar bholadh cumhra i láthair an Tiarna; beidh seo ina ofráil loiscthe in onóir an Tiarna. «Agus glacfaidh tú chugat ucht reithe insealbhaithe Árón agus é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna; beidh sin ina chuid ranna agat. Agus déanfaidh tú ucht an ofráil dhleachta a choisreacan, mar aon leis an gceathrú ó chuid ar leith na sagart, rud a ofrálfar ó reithe an insealbhaithe, óir is d' Árón agus dá mhic an méid sin. Beidh sé ag Árón agus ag a mhic mar cháin shíoraí ó chlann Iosrael; óir is é mír na sagart é, a ofrálfaidh clann Iosrael óna n-íobairtí síochána; is é a n-ofráil don Tiarna é. «Beidh éidí naofa Árón ag a mhic ina dhiaidh, le haghaidh a naomhaithe agus a n-oirnithe. An mac a bheidh ina shagart ina ionad, caithfidh sé iad ar feadh seacht lá nuair a thiocfaidh sé isteach i mBoth na Teagmhála chun fónaimh san áit naofa. «Déanfaidh tú reithe an insealbhaithe a ghlacadh chugat agus a fheoil a bhruith in áit naofa; agus íosfaidh Árón agus a mhic feoil an reithe agus an t-arán sa chliabh ag doras Bhoth na Teagmhála. Agus íosfaidh siad na nithe lena ndearnadh leorghníomh ar a son agus iad á n-oirniú agus á gcoisreacan; ach ní íosfaidh aon tuata aon chuid díobh, mar is naofa dóibh. Má fhágfar aon chuid de fheoil an oirnithe nó den arán go maidin, ansin loiscfidh tú an fuílleach le tine; ní íosfar é mar is naofa dó. Mar sin, de réir gach ar aithin mé duit, a dhéanfaidh tú le hÁrón agus lena mhaca; caithfidh tú seacht lá á n-insealbhú. «Gach lá díobh ofrálfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca ina leorghníomh; ofrálfaidh tú íobairt pheaca leis ar mhaithe leis an altóir ag déanamh leorghnímh ar a son agus déanfaidh tú í a ungadh lena coisreacan. Déanfaidh tú leorghníomh seacht lá ar son na haltóra; déanfaidh tú í a choisreacan agus beidh barr naofachta ag an altóir; agus aon duine a bhainfidh léi beidh sé naofa. «Seo a n-ofrálfaidh tú ar an altóir: dhá uan bhliana gach lá gan teip. Ofrálfaidh tú uan ar maidin agus an t-uan eile tráthnóna; leis an gcéad uan ofrálfaidh tú deachú tomhais de phlúr mín fuinte le ceathrú hín d' ola mhín, agus ceathrú hín fíona mar ofráil dí. Déanfaidh tú an t-uan eile a ofráil, tráthnóna idir dhá sholas, maille le hofráil arbhair agus a hofráil dí mar a bhí ar maidin, le bheith ina bholadh cumhra agus ina íobairt loiscthe don Tiarna. Beidh seo mar ofráil loiscthe gan stad ó ghlúin go glúin ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna; ansin is ea a theagmhóidh mé libh le labhairt leat. «Teagmhóidh mé le clann Iosrael ar an láthair sin agus beidh sí coisricthe ag mo ghlóir. Déanfaidh mé Both na Teagmhála agus an altóir a choisreacan: agus Árón chomh maith agus a mhic, déanfaidh mé iad a choisreacan le fónamh dom mar shagairt. Lonnóidh mé i measc chlann Iosrael agus is mé a bheidh acu mar Dhia. Beidh a fhios acu dá bhrí sin gur mise, an Tiarna, is Dia acu, an té a thug amach ó thír na hÉigipte iad d' fhonn go lonnóinn ina measc; mise an Tiarna, a nDia. «Déanfaidh tú altóir chun túis a loscadh uirthi; d' adhmad sitím a dhéanfaidh tú í. Beidh sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead comhfhad, comhleithead, is é sin agus dhá bhanláimh ar airde; beidh a beanna d' aon phíosa léi. Déanfaidh tú í a chumhdach d' ór fíre a barr, a cliatháin timpeall, agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi. Déanfaidh tú dhá fháinne óir di, le cur faoin múnláil ar an dá thaobh ar aghaidh a chéile; leo seo a ghreamófar na cuaillí lena n-iomprófar í. Déanfaidh tú na cuaillí d' adhmad sitím agus iad a chumhdach le hór. Cuirfidh tú an altóir suas os comhair an fhéil atá roimh áirc na Fianaise, ar aghaidh chathaoir na trócaire atá os cionn na Fianaise, san áit ina dteagmhóidh mé leat. Loiscfidh Árón túis chumhra uirthi gach maidin; nuair a bheidh na lampaí a gcóiriú aige is ea a loiscfidh. Agus idir dhá sholas tráthnóna nuair a chuirfidh Árón na lampaí suas ar ais, loiscfidh sé arís í; ní foláir na hofrálacha túise seo a loscadh i láthair an Tiarna ó ghlúin go glúin go brách. Ní ofrálfaidh tú túis gan naofacht uirthi, ná íobairt loiscthe, ná abhlann; ní dhoirtfidh tú deoch ofrála uirthi. Déanfaidh Árón leorghníomh ar a beanna uair sa bhliain; le fuil na hofrála ar son an pheaca, déanfaidh sé gnás an leorghnímh a chomhlíonadh uair sa bhliain agus beidh sin amhlaidh ó ghlúin go glúin. Tá an altóir seo sárnaofa don Tiarna.» Dúirt an Tiarna le Maois: «Nuair a dhéanfaidh tú daonaireamh ar chlann Iosrael agus iad a chlárú, íocfaidh gach duine éiric fuascailte ar a shon féin leis an Tiarna chun nach mbeadh aon phlá ina measc nuair a ríomhfaidh tú iad. Gach duine a thagann faoin daonáireamh, íocfaidh sé an tsuim seo: leath seicil de réir thomhas sheicil an tsanctóra, fiche géara is é sin, agus beidh an leath seicil sin ina ofráil don Tiarna. Gach duine a ríomhtar sa daonáireamh, atá fiche bliain nó breis, caithfidh sé an tsuim a íoc leis an Tiarna. Ní thabharfaidh an saibhir níos mó, ná an daibhir níos lú, ach an leath seicil, nuair a íocfaidh sibh an ofráil leis an Tiarna ag déanamh leorghnímh ar bhur son féin. Agus airgead seo na héirice, a gheobhaidh tú ó chlann Iosrael, cuirfidh tú é chun tairbhe seirbhíse Bhoth na Teagmhála; agus déanfaidh sé clann Iosrael a chur i gcuimhne don Tiarna, agus beidh sé mar fhuascailt ar bhur n-anamacha.» Labhair an Tiarna le Maois agus is é a dúirt: «Déanfaidh tú umar cré-umha leis ar bhonn cré-umha, mar shás ionlaithe. Agus cuirfidh tú é idir Bhoth na Teagmhála agus an altóir, agus cuirfidh tú uisce ann, lena bhféadfadh Árón agus a chlann mhac a lámha is a gcosa a ionladh. Nuair a bheidh siad ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, nó ag dul i gcóngar na haltóra chun fónaimh le hofráil a loscadh le tine don Tiarna, déanfaidh siad iad féin a ionladh le huisce, le heagla an bháis. Déanfaidh siad a lámha agus a gcosa a ionladh le heagla an bháis; beidh sé sin mar reacht acu go brách, ag Árón agus ag a shliocht ó ghlúin go glúin.» Lean an Tiarna air agus dúirt le Maois: «Tóg togha na spíosraí: cúig chéad seicil de mhiorr leachtach, a leath sin dhá chéad go leith, is é sin de chainéal cumhra, agus dhá chéad go leith de ghiolcach dhea-bholaidh, agus cúig chéad seicil de réir tomhais sheicil an tsanctóra de chaisia, agus hín d' ola ológ. Agus den méid sin déanfaidh tú criosma naofa, á chumasc mar a dhéanfadh poitigéir; criosma naofa a bheidh ann. Agus déanfaidh tú Both na Teagmhála agus áirc na Fianaise a ungadh leis, agus, mar an gcéanna, an bord agus a ghréithe go léir, an coinnleoir agus a ngabhann leis, altóir na túise, agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t-umar gona bhonn. Déanfaidh tú iad a choisreacan d' fhonn go mbeidís sárnaofa; aon ní a bhaineann leo, beidh sé naofa. Déanfaidh tú Árón agus a mhic a ungadh, agus a choisreacan, go bhfónfaidís dom mar shagairt. Déarfaidh tú le clann Iosrael: 'Beidh sé seo agaibh mar chriosma naofa liom ó ghlúin go glúin. Ní dhéanfar é a dhoirteadh ar cholainn tuataí ná ní dhéanfaidh sibh aon ola eile den aonchumasc leis; tá sé naofa agus beidh sé naofa agaibhse. Aon duine a dhéanfaidh cumasc mar é nó a chuirfidh aon bhraon de ar choimhthíoch, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.'» Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Tóg spíosraí milse: stórax agus oiniceá agus galbanum agus spíosraí cumhra agus túis ghlan an oiread céanna de gach ceann agus suaigh túis íon naofa á cumasc mar a dhéanfadh poitigéir, agus ag cur salainn inti. Meil cuid di go mín mín agus cuir cuid di seo os comhair na Fianaise i mBoth na Teagmhala, mar a dteagmhóidh mé leat; beidh sí sárnaofa agaibh. Ní dhéanfaidh sibh daoibh féin aon túis den chumasc céanna léi siúd atá le déanamh agat; bíodh sí naofa don Tiarna agat. Aon duine a dhéanfaidh a macasamhail le húsáid mar chumhrán, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: Féach! Roghnaigh mé ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá, agus líon mé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta i gcomhair dearadh agus saothar in ór agus in airgead agus i gcré-umha, i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach saghas saothar ceirde. Agus seo anois mé ag tabhairt páirtí dó Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán; agus gach duine ina bhfuil éirim, chuir mé breis di ann, i dtreo go ndéanfaidís gach ar ordaigh mé duit: Both na Teagmhála, áirc na Fianaise, cathaoir na trócaire os a cionn, agus troscán uile an taibearnacail, an bord agus a ghréithe, an coinnleoir glan lena ghréithe uile, altóir na túise, agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t-umar gona bhonn, agus na héidí dea-mhaisithe na héidí naofa d' Árón an sagart agus na héidí dá mhic i gcomhair a seirbhísí sagairt, agus an criosma agus an túis chumhra don áit naofa. Déanfaidh siad gach ar ordaigh mé duit.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair: 'Coimeádaigí mo shabóidí óir is comhartha idir mise agus sibhse an tsabóid ó ghlúin go glúin i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn sibh. Ní foláir daoibh an tsabóid a choimeád, dá réir sin; bíodh sí naofa agaibh. An té a bhriseann í, cuirfear chun báis é; aon duine a dhéanann saothar ar an tsabóid, déanfar é a ionnarbadh óna phobal. Beidh obair á déanamh ar feadh sé lá, ach ní foláir an seachtú lá a choimeád ina lá saoire ar fad, sabóid choisricthe don Tiarna. An té a dhéanann obair ar an tsabóid, ní foláir é a chur chun báis. Coimeádfaidh clann Iosrael an tsabóid, á cleachtadh ó ghlúin go glúin, mar chonradh síoraí. Is comhartha í go brách, idir mé agus clann Iosrael, go ndearna an Tiarna neamh agus talamh i sé lá, ach ar an seachtú lá gur scoir sé agus gur lig a scíth.'» Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé. Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: «Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d' imigh air.» D' fhreagair Árón: «Bainigí,» ar sé leo, «na fáinní óir de chluasa bhur mban, agus bhur mac, agus bhur n-iníonacha, agus tugaigí chugam iad.» Agus bhaineadar go léir a bhfáinní óir dá gcluasa agus thugadar go hÁrón iad. Ghlac seisean an t-ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. «Seo é do dhia, a Iosrael,» ar siad de liú, «a thug thú amach as tír na hÉigipte!» Nuair chonaic Árón an méid sin, thóg sé altóir os a chomhair, agus rinne sé forógra: «Lá féile don Tiarna an lá amárach!» D' éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d' ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d' éiríodar chun scléipe. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin. Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d' ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d' adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: 'Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.'» «Is léir dom,» arsa an Tiarna le Maois, «a cheanndáine mar phobal an pobal seo! Lig dom anois más ea agus lasfaidh m' fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.» Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: «A Thiarna,» ar sé, «cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan? Cén fáth é a thabhairt le rá do na hÉigiptigh: 'I bhfeall a rug sé amach iad, d' fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlar na cruinne'? Scaoil uait d' fhearg chuthaigh, agus scoir den drochíde seo a thabhairt ar do phobal. Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: 'Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.'» Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé. D' fhill Maois agus tháinig anuas ón sliabh agus dhá leac na Fianaise ina lámha, leaca ar a raibh scríbhinn ón dá thaobh, scríbhinn ar a n-aghaidh agus scríbhinn ar a gcúl. Obair Dé na leaca agus scríobh Dé an scríbhinn orthu agus í greanta ar na leaca. Chuala Iósua geoin an phobail agus iad ag gáraíl. «Tá gleo catha sa champa,» ar sé le Maois. D' fhreagair Maois é agus dúirt: «Ní gáir chaithréime an gháir seo, Ná olagón cloíte an gháir seo; Glór cantaireachta is ea a chluinim.» Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe. Rug sé greim ar an lao a bhí déanta acu agus loisc é, agus mheil é ina phúdar agus leath ar an uisce é agus chuir d' iallach ar chlann Iosrael é a ól. Dúirt Maois le hÁrón: «Cad a rinne an pobal seo leat a rá is go dtug tú peaca chomh mór sin sa mhullach orthu?» D' fhreagair Árón: «Ná bíodh d' fhearg, a thiarna, ar dearglasadh. Is eol duit a chlaonta chun an oilc atá an pobal seo. Dúradar liom: 'Déan dia dúinn le gabháil romhainn amach; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d' imigh air.' Dúirt mé leo dá bhrí sin: 'An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,' agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.» Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall sheas sé ag geata an champa agus dúirt: «Cé tá ar thaobh an Tiarna? Tagadh sé chugamsa!» agus chruinnigh clann Léiví go léir chuige. Agus dúirt sé leo: «Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Gabhadh gach fear díbh a chlaíomh lena ais, agus téadh sé sall agus anall ó gheata go geata ar fud an champa; agus maraíodh fear a dheartháir, fear eile a chomrádaí, fear eile a chomharsa.'» Rinne clann Léiví de réir mar a dúirt Maois leo, agus thit timpeall trí mhíle fear den phobal an lá úd. Agus dúirt Maois: «Inniu rinneabhair sibh féin a oirniú do sheirbhís an Tiarna, fear ag díol as lena mhac, fear eile lena dheartháir; dáileann sé beannacht oraibh inniu dá bhrí sin.» Lá ar na mhárach dúirt Maois leis an bpobal: «Rinne sibh peaca trom; ach rachaidh mise suas anois chun an Tiarna: b' fhéidir go n-éireodh liom leorghníomh a dhéanamh in bhur bpeaca.» Agus d' fhill Maois ar an Tiarna. «Mo bhrón,» ar sé, «rinne an pobal seo peaca trom trí dhia óir a dhéanamh. Ach anois dá mba áil leat an peaca seo dá gcuid a mhaitheamh! Ach mura ndéanann tú, ansin, impím ort, scrios mise as an leabhar atá scríofa agat.» Ach d' fhreagair an Tiarna Maois: «An té a pheacaigh i m' aghaidh is ea a scriosfaidh mé as mo leabhar. Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m' aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.» Agus sheol an Tiarna plá ar an bpobal de bharr an lao, a rinne Árón, a dhéanamh. Dúirt an Tiarna le Maois: «Fág an áit seo; imigh leat, tú féin agus an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte, agus téigh chun na tíre a mhionnaigh mé d' Abrahám, d' Íosác agus do Iacób leis na focail: 'Tabharfaidh mé do do shíol é.' Agus seolfaidh mé aingeal romhat, agus tiomáinfidh mé amach na Canánaigh, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh. Ar aghaidh leat chun na tíre mar a bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ní rachaidh mise féin in éineacht libh óir is ceanndána an pobal sibh le heagla go scriosfainn sibh ar an mbealach.» Ar chlos na cainte boirbe sin, rinne an pobal caoineadh, agus ní chaithfeadh aon duine a chuid ornáidí. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Abair le clann Iosrael: 'Is ceanndána an pobal sibh. Dá mbeinn ag dul in éineacht libh fiú nóiméad, scriosfainn sibh. Cuir uait d' ornáidí dá bhrí sin go bhfeice mé conas déileáil leat!'» Ó Shliabh Horaeb ar aghaidh dá bhrí sin, chuir clann Iosrael uathu a n-ornáidí. Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa. Cibé uair a théadh Maois amach chun na Botha, d' éiríodh an pobal go léir, agus sheasadh gach fear ag béal a bhotha agus a shúile ar Mhaois go dtí go sroicheadh sé an Bhoth. Nuair a théadh Maois isteach sa Bhoth, thagadh an colún néil anuas agus sheasadh ag doras na Botha, agus labhraíodh an Tiarna le Maois. Nuair a d' fheiceadh an pobal an colún néil ina sheasamh ag doras na Botha, d' éiridís ina seasamh agus shléachtaidís go talamh, gach fear ag béal a bhotha féin. Labhraíodh an Tiarna le Maois aghaidh ar aghaidh, mar a dhéanann fear le cara. Ansin d' fhilleadh Maois ar an gcampa, ach Iósua, mac Húr, a shearbhónta ógfhir, ní fhágadh sé an Bhoth. Dúirt Maois leis an Tiarna: «Féach, deir tú liom: 'Cuir an pobal ag bogadh ar aghaidh,' ach ní insíonn tú dom cé a chuirfidh tú in éineacht liom. Dúirt tú féin más ea: 'Is aithnid dom thú ó ainm, agus fuair tú fabhar i mo láthair.' Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d' fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.» D' fhreagair sé: «Rachaidh mo láithreacht in éineacht leat agus tabharfaidh mé suaimhneas duit.» Agus dúirt [Maois] leis: «Mura dtéann do láithreacht in éineacht liom, ná beir suas ón áit seo sinn. Óir conas a bheidh a fhios go bhfuair mé, mé féin agus do phobal, fabhar i do láthair, mura dtéann tú in éineacht linn? Leis seo a dhealófar sinn, mise agus do phobal, ó gach cine eile dá bhfuil ar dhroim na talún.» Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Déanfaidh mé díreach mar a dúirt tú; óir fuair tú fabhar i mo láthair agus is aithnid dom thú ó ainm.» Dúirt Maois: «Taispeáin dom do ghlóir, achainím ort.» Agus d' fhreagair sé: «Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m' ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom. Ach ní féidir duit mo ghnúis a fheiceáil,» ar sé «óir ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin.» Agus lean air: «Seo áit taobh liom mar ar féidir duit seasamh ar an gcarraig, agus fad a ghabhann mo ghlóir thar bráid, cuirfidh mé thú i scoilt den charraig agus clúdóidh mé thú le mo láimh go mbeidh mé imithe thar bráid. Ansin tógfaidh mé mo lámh chun siúil agus feicfidh tú mo chúl; ach mo ghnúis ní fheicfear.» Dúirt an Tiarna le Maois: «Gearr anuas dhá leac cosúil leis na chéad chinn [agus tar aníos chugamsa ar an sliabh], agus déanfaidh mé na focail a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh orthu. Bí ullamh faoi mhaidin agus tar aníos go Sliabh Shíonái le breacadh an lae; bí i láthair ansiúd fá mo choinne ar bharr an tsléibhe. Ná tagadh aon duine aníos leat, agus ná bíodh aon duine le feiceáil in aon áit ar an sliabh; níl sé ceadaithe fiú na tréada ná na táinte a bheith ag iníor os comhair an tsléibhe sin.» Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d' ordaigh an Tiarna dó. Glaoigh sé ar ainm an Tiarna. Tháinig an Tiarna anuas i bhfoirm néil, agus sheas Maois ansiúd in éineacht leis. Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d' fhógair sé: «A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht; leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n-aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.» Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh agus dúirt: «Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.» Dúirt [an Tiarna]: «Féach! táim ar tí conradh a dhéanamh. Déanfaidh mé, i láthair do phobail go léir, iontais nach ndearnadh a leithéid riamh in aon tír ná in aon náisiún. An mhuintir go léir a bhfuil tú ina measc, feicfidh siad obair an Tiarna, óir is uaimhneach é a ndéanfaidh mé tríot. Tabhair aird, más ea, ar a bhfuil á ordú agam duit inniu. Féach! tiomáinfidh mé amach romhat na hAmóraigh, agus na Canánaigh, na Hitigh agus na Pirizigh, na Hivigh agus na Iabúsaigh. Féach chuige nach ndéanann tú conradh le dúchasaigh na tíre dá rachaidh tú, nó beidh sin ina ghaiste faoi do chosa. Ní foláir daoibh a n-altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, agus a gcuaillí naofa a ghearradh anuas. Ná hadhair aon dia eile, óir An tÉadmhar is ainm don Tiarna; is Dia éadmhar é. Ná déan conradh le dúchasaigh na tíre nó, nuair a dhéanfaidh siad striapachas lena ndéithe féin agus íobairt dóibh, ba bhaol go dtabharfadh duine díobh cuireadh duit agus go n-íosfá cuid dá íobarthach; nó b' fhéidir go nglacfá mná do do mhic as a n-iníonacha, agus go ndéanfaidis sin, lena striapachas lena ndéithe féin, do mhic a mhealladh chun déanamh amhlaidh lena ndéithesean. Ná déan déithe duit féin as miotal leáite. Ceiliúir Féile an tSlimaráin; ith arán gan ghabháile mar a d' ordaigh mé duit ag an tráth ceaptha i mí Áibíb, óir i mí Áibíb tháinig sibh amach as tír na hÉigipte. «Is liomsa gach a n-osclaíonn broinn, gach fireannach is céadghin i dtréad nó i dtáin leat. Céadghin asail, fuascail é le huan, nó mura bhfuasclaíonn tú, bris a mhuineál. Fuascail gach céadghin ar do mhic. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan rud aige. «Ar feadh sé lá déanfaidh tú saothar, ach ar an seachtú lá scoirfidh tú ó obair; fiú i séasúr an treafa agus an fhómhair déanfaidh tú sin. Ceiliúir Féile na Seachtainí, Féile Chéadtorthaí fómhair na cruithneachta, agus Féile Chlabhsúr an Fhómhair i ndeireadh na bliana. Tagadh do chlann mhac uile i láthair an Tiarna Dia, Dia Iosrael, trí huaire sa bhliain. Nuair a bheidh na ciníocha díbeartha agam romhat, agus fairsinge curtha agam le do chríocha, ní shantóidh aon duine do dhúiche, má thagann tú i láthair an Tiarna do Dhia trí huaire sa bhliain. «Ná hofráil dom fuil m' íobarthaigh mar aon le harán slim; agus ná cuirtear íobarthach Fhéile na Cásca i leataobh go maidin. Tabhair tús do nús ó d' fhearann go teach an Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i bhfuil a mháthar.» Dúirt an Tiarna le Maois: «Cuir na focail sin i scríbhinn, óir is de réir na bhfocal sin atá an conradh déanta agam leatsa agus le hIosrael.» D' fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta. Nuair a tháinig Maois anuas ó Shliabh Shíonái agus é ag teacht anuas bhí dhá leac na Fianaise ina láimh ní raibh a fhios ag Maois go raibh loinnir ón gcneas ar a aghaidh mar go raibh sé ag caint leis an Tiarna. Nuair a chonaic Árón agus clann Iosrael go léir Maois agus a leithéid de loinnir ón gcneas ar a aghaidh, bhí eagla orthu dul ina ghaire. Ghair Maois chuige iad agus tháinig Árón agus ceannairí an chomhthionóil ar ais chuige agus labhair Maois leo. Ansin tháinig clann Iosrael go léir ina chóngar agus thug sé dóibh na horduithe go léir a thug an Tiarna dó ina chaint leis ar Shliabh Shíonái. Nuair a bhí deireadh ráite ag Maois leo, chuir sé brat ar a aghaidh. Ach nuair a théadh Maois isteach i láthair an Tiarna chun labhairt leis, bhaineadh sé an brat de go dtí go dtagadh sé amach arís. Agus nuair a thagadh sé amach, d' insíodh sé do chlann Iosrael na horduithe a d' fhaigheadh sé. Agus d' fheicfeadh clann Iosrael an loinnir ó aghaidh Mhaois. Ansin chuireadh Maois an brat ar ais ar a aghaidh go dtí go bhfilleadh sé chun labhartha leis. Chruinnigh Maois comhthionól uile chlann Iosrael agus dúirt leo: «Seo mar a d' ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh: Déantar saothar ar feadh sé lá; ach ar an seachtú lá, bíodh sabóid naofa, saoire shollúnta agaibh don Tiarna. Aon duine a dhéanann saothar ar bith an lá sin, cuirtear chun báis é. Ná hadhnaigí tine ar bith ar aon tinteáin de bhur gcuid ar an tsabóid.» Labhair Maois le comhthionól chlann Iosrael go léir: «Seo,» ar sé, «mar a d' ordaigh an Tiarna. Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha, ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, fionnadh gabhair, seithí coirtithe reithe, sitím, ola don solas, spíosraí don chriosma agus don túis chumhra, clocha oinisce agus clocha lómhara le luí san éafód agus sa lúireach. Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna: an taibearnacal agus a bhoth agus a dhíon, a naisc agus a fhrámaí, a bhataí snadhma, a phollaí agus a cheapa, an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í; an bord lena chuaillí agus a ghréithe agus arán na láithreachta; an coinnleoir mar an gcéanna don solas, lena mbaineann leis, na lampaí agus an ola le lasadh; altóir na túise lena cuaillí, an criosma agus an túis chumhra agus an scáthlán don doras ar an tslí isteach sa bhoth; altóir an uileloiscthe lena gráta cré-umha agus lena cuaillí agus lena gréithe go léir, an t-umar lena a bhonn; brait na faiche, a pollaí agus a ceapa, agus an fial don gheata isteach san fhaiche; pionnaí an taibearnacail agus pionnaí na cúirte agus a dtéada; na héidí dea-fhite don tseirbhís san áit naofa agus an éide naofa d' Árón an sagart, agus éidí a mhac dá seirbhís sagartachta.» Ansin d' imigh comhthionól uile chlann Iosrael ó láthair Mhaois. Agus gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, agus de sponc ina chuislinn, rud a thabhairt, thángadar lena síntiús don Tiarna le haghaidh Both na Teagmhála a dhéanamh, do na seirbhísí, agus do na héidí naofa. Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna: gach duine dár tharla aige ábhar gorm nó corcra nó craorag nó línéadach mín, nó fionnadh gabhair, nó seithí coirtithe reithe, nó seithí gabhair, thugadar leo iad. Gach duine a d' fhéad ofráil airgid nó chré-umha a dhéanamh, thugadar chun an Tiarna iad mar ofráil; agus gach duine dár tharla aige adhmad sitím d' aon tairbhe don obair, thug sé leis é; gach bean le héirim, d' fhíodar lena lámha, agus thugadar leo a raibh fite acu d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas; gach bean a raibh sé de chroí is d' éirim inti, luíodar le fí an fhionnadh gabhair; agus thug na ceannairí clocha oinisce agus seoda le luí san éafód agus sa lúireach, agus spíosraí agus ola don solas agus don chriosma agus don túis chumhra; na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d' ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar clann Iosrael é mar ofráil don Tiarna le lántoil. Agus dúirt Maois le clann Iosrael: «Féach! roghnaigh an Tiarna ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá. Líon sé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta, i gcomhair deartha ealaíonta agus saothair in ór agus in airgead agus i gcré-umha, i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach sórt saothar ceirde. Agus bhronn sé bua teagaisc airsean agus ar Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán. Líon sé iad le héirim chun gach sórt saothair a dhéanamh a dhéanfadh ceardaí, nó dearaí, nó bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas, nó fíodóir nó aon sórt saothraí nó dearaí oilte. «Balzalael agus Ohoilíáb agus gach ceardaí oilte ar ar bhronn an Tiarna an éirim agus an cumas gach a éilíodh chun an sanctóir a thógáil, déanaidís a gcuid oibre go beacht mar a d' ordaigh an Tiarna.» Ghlaoigh Maois ar Bhazalael agus ar Ohoilíáb agus ar gach duine éirimiúil dár chuir an Tiarna éirim ina aigne, agus ar gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, teacht agus an obair a dhéanamh; agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n-ofrálacha lántola, na ceardaithe oilte a bhí i mbun gach sórt oibre ar an sanctóir, d' fhágadar, gach fear a chúram féin, agus dúradar le Maois: «Tá breis thar mar is gá don obair a d' ordaigh an Tiarna dúinn a chur i gcrích á thabhairt ag na daoine.» Thug Maois treoir dá bhrí sin agus tugadh an t-ordú seo leanas ar fud an champa: «Ná déanadh aon duine, fear ná bean, aon ní eile ar mhaithe leis an mbailiúchán don sanctóir.» Toirmeascadh ar an bpobal dá bhrí sin aon ní eile a thabhairt; ba leor agus ba lánleor a raibh acu d' ábhar chun an saothar go léir a chur i gcrích. Shaothraigh na fir éirimiúla go léir i measc na n-oibrithe ar an taibearnacal. Rinne sé é de dheich mbrat de línéadach cas mín, d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, le ceiribíní fuaite le barr slachta orthu. Bhí ocht mbanlámh fichead d' fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; bhí na brait uile den aon mhiosúr. Cheangail sé cúig bhrat dá chéile agus mar an gcéanna leis na cúig cinn eile. Chuir sé lúba d' ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh, agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile. Chuir sé leathchéad lúb ar an gcéad bhrat agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith. Rinne sé leathchéad nasc óir agus cheangail na brait le chéile leis na naisc i dtreo go mba aonad dlúth é an taibearnacal. Ansin rinne sé brait d' fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; rinne sé aon bhrat déag. Bhí gach brat tríocha banlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead; bhí gach brat den aon mhiosúr. Cheangail sé cúig bhrat le chéile leo féin, agus na sé cinn eile leo féin. Chuir sé leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an gcéad sraith díobh, agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an tsraith eile. Rinne sé leathchéad nasc cré-umha chun an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon. Rinne sé díon don bhoth as craicne coirtithe reithe agus seithí gabhar. Ansin rinne sé frámaí d' adhmad sitím don taibearnacal agus iad ina seasamh díreach. Bhí gach fráma deich mbanlámh ar fad agus banlámh go leith ar leithead. Bhí dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; rinne sé amhlaidh do gach fráma den taibearnacal. Rinne sé frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas; rinne sé daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís dá dhá thionúr; agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís faoina dhá dtionúr. Don taobh eile den taibearnacail, an taobh thuaidh, rinne sé fiche fráma, agus a ndaichead moirtís airgid, dhá mhoirtís faoi gach fráma. Agus do chúl an taibearnacail ar an taobh thiar, rinne sé sé fhráma. Rinne sé dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar. Bhí [na frámaí] seo ceangailte dá chéile ag an mbonn thíos agus mar sin suas go buaic go dtí an chéad fháinne; mar sin a rinne sé leis an dá fhráma a bhí mar dhá chúinne. Bhí ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid; dhá mhoirtís faoi gach fráma. Rinne sé trasnáin d' adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal, agus cúig trasnáin do na frámaí ar an taobh eile den taibearnacal, agus cúig trasnáin do na frámaí ar chúl an taibearnacail ar an taobh thiar. Rinne sé an trasnán meánach; chuir sé ó cheann ceann é, leath slí suas ar lár na bhfrámaí. Chumhdaigh sé na frámaí d' ór agus chuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin, agus chumhdaigh na trasnáin d' ór. Rinne sé an fial d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh. Chun an fial seo a chrochadh, rinne sé ceithre pollaí d' adhmad sitím agus chumhdaigh iad le hór; bhí a naisc d' ór, agus theilg sé ceithre mhoirtís airgid dóibh. Rinne sé chomh maith scáthlán do dhoras an taibearnacail, d' ábhar gorm, corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín agus greasadh snáthaide mar mhaise air. Rinne sé cúig pollaí agus naisc ag gabháil leo chun é seo a chrochadh; chumhdaigh sé a mullaí agus a dtrasnáin d' ór; ba de chré-umha a gcúig ceapa. Rinne Bazalael an áirc d' adhmad sitím, dhá bhanláimh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead, agus banlámh go leith ar airde Chumhdaigh sé d' ór fíre í laistigh agus lasmuigh agus chuir múnlail óir mórthimpeall uirthi. Theilg sé ceithre fáinní óir don áirc agus chuir faoina ceithre cosa iad dhá fháinne ar thaobh agus dhá fháinne ar thaobh eile. Rinne sé cuaillí de chrann sitím agus chumhdaigh iad d' ór. Chuir sé na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce chun an áirc a iompar. Rinne sé cathaoir thrócaire d' ór fíre, dhá bhanláimh go leith ar fad, agus banlámh go leith ar leithead. Do dhá cheann na cathaoireach rinne sé dhá cheiribín óir bhuailte, ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus ghreamaigh iad araon ar a dhá ceann agus iad d' aon phíosa le cathaoir na trócaire. Leath na ceiribíní a sciatháin amach in airde i dtreo go raibh cathaoir na trocaire faoina scáth; thug na ceiribíní aghaidh ar a chéile agus a n-aighthe i dtreo chathaoir na trócaire. Rinne sé an bord mar an gcéanna d' adhmad sitím, dhá bhanláimh ar fad, banlámh ar leithead agus banlámh go leith ar airde. Chumhdaigh sé é le hór fíre agus chuir múnláil óir mórthimpeall air. Chuir sé teanntóga lámh ar leithead faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu. Rinne sé ceithre fáinní óir dó agus ghreamaigh na fáinní do na ceithre cúinní mar a raibh na cosa. Bhí na fáinní i gcóngar na dteanntóg d' fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar. D' adhmad sitím a rinne sé na cuaillí chun an bord a iompar agus chumhdaigh sé iad le hór. Rinne sé na gréithe don bhord d' ór fíre miasa, umair thúise, cuacha, agus crúscaí ofrála dí. Rinne sé an coinnleoir chomh maith d' ór fíre; bhí an coinnleoir idir bhonn agus chrann d' obair bhuailte, agus a chupáin idir chailís agus bheangáin d' aon phíosa leis. Bhí sé ghéag amach as a chliatháin, trí ghéag den choinnleoir as taobh de agus trí ghéag as taobh eile. Bhí trí cupáin ar an gcead ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; bhí trí cupáin chomh maith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir. Ar an gcoinnleoir féin bhí ceithre cupáin ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin: mar seo cailís faoin gcéad dá ghéag as an gcoinnleoir amach, ceann faoin gcéad chúpla eile agus ceann faoin gcúpla deiridh, ag teacht leis na sé géaga as an gcoinnleoir amach. Bhí na cailísí agus na géaga d' aon phíosa leis an gcoinnleoir, agus an t-iomlán ina aon phíosa de obair bhuailte óir fíre. Rinne sé a sheacht lampaí ansin, a smóladáin agus a shileadáin d' ór fíre. Chaith sé tallann d' ór fíre leis an gcoinnleoir agus lena ghréithe a dhéanamh. Rinne sé altóir na túise d' adhmad sitím. Bhí sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead; comhfad comhleithead is é sin, agus dhá bhanláimh ar airde; bhí a beanna d' aon phíosa léi. Rinne sé í a chumhdach d' ór fíre a barr, a cliatháin timpeall agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi. Rinne sé dhá fháinne óir di, faoin múnláil ar dhá thaobh ar aghaidh a chéile; leosan is ea a ghreamaítí na cuaillí lena n-iompraití í. Rinne sé na cuaillí d' adhmad sitím; agus chumhdaigh sé iad le hór. Rinne sé an criosma naofa leis, agus an túis ghlan chumhra, í cumasctha mar a dhéanfadh poitigéir. Rinne sé altóir an uileloiscthe d' adhmad sitím chomh maith, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; bhí sí cearnógach agus trí bhanlámh ar airde. Rinne sé beanna dá ceithre cúinní; bhí a beanna d' aon phíosa léi, agus chumhdaigh sé í de chré-umha. Rinne sé árais uile na haltóra: miasa i gcomhair a luaithrigh, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a rinne sé soithí uile na haltóra. Rinne sé gráta di de chliath chré-umha, agus chuir faoi fhargán na haltóra í i dtreo gur shín sí leath slí anuas. Rinne sé ceithre fáinní ar cheithre cúinní na cléithe cré-umha chun na cuaillí a iompar. Rinne sé cuaillí d' adhmad sitím agus chumhdaigh iad de chré-umha. Chuir sé na cuaillí trí na fáinní ar thaobhanna na haltóra chun í a iompar lena gcabhair; rinne sé an altóir de chláir agus í folamh laistigh. Rinne sé an t-umar cré-umha agus a bhonn cré-umha de scátháin na mban a bhí ag freastal ag an doras isteach go Both na Teagmhála. Rinne sé an fhaiche; ar an taobh theas den fhaiche, bhí brait céad banlámh ar fad de líneadach mín cas. Bhí a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach ba d' airgead a naisc agus a mbataí. Mar an gcéanna ar an taobh thuaidh bhí brait céad banlámh ar fad; a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach bhí na naisc agus na bataí d' airgead. Ar an taobh thiar leis bhí brait leathchéad banlámh ar dheich bpolla lena ndeich gceapa; bhí a naisc agus a mbataí d' airgead. Ar an taobh thoir chun tosaigh bhí brait leathchéad banlámh. Ar thaobh den gheata bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí i dtrí ceapa. Mar an gcéanna ar an taobh eile ón dá thaobh de gheata na faiche bhí brait cúig bhanlámh déag le trí pollaí agus trí ceapa. Bhí na brait go léir timpeall na cúirte de línéadach mín cas. Ba de chré-umha ceapa na bpollaí ach ba d' airgead a naisc agus mbataí, mar aon le cumhdach a mullaí. Ba d' airgead bataí uile pollaí na faiche. Bhí an chliath do gheata na faiche gréasta d' obair shnáthaide d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de líneadach mín cas; bhí sé fiche banlámh ar fad, agus, ar feadh a leithe, bhí sí cúig bhanlámh ar airde, ar aon dul le brait na faiche. Bhí ceithre pholla fúithi; ba de chré-umha a gceapa, d' airgead a naisc agus cumhdach a mullaí agus a mbataí d' airgead. Pionnaí uile an taibearnacail, agus na faiche mórthimpeall, ba de chré-umha iad. Seo cur síos ar na miotail a úsáideadh don taibearnacal Taibearnacal na Fianaise cur síos a rinneadh ar ordú Maois, agus a rinneadh ag na Léivítigh faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart. Rinne Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois. Mar pháirtí aige bhí Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán, ceardaí agus dearthóir agus bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas. Sé an méid óir a úsáideadh san obair obair iomlán an tsanctóra (ór a ofráladh a ba ea é): naoi dtallann fichead, agus seacht gcéad agus a tríocha seicil (de réir thomhas seicil an tsanctóra). Sé an méid airgid a cruinníodh uathu siúd den chomhthionól a áiríodh: céad tallann, agus míle seacht gcéad seachtó cúig seicil de réir seicil an tsanctóra; fiche beica an duine (leath seicil is é sin, de réir thomhas seicil an tsanctóra) i gcomhair gach duine a áiriodh sa daonáireamh a bhí fiche bliain agus breis, sé chéad agus a trí mhíle, cúig chéad go leith fear. Caitheadh an céad tallann airgid ag déanamh na gceap don sanctóir agus don fhial; céad ceap as an gcéad tallann, nó tallann an ceap. Leis an míle seacht gcéad seachtó agus cúig seicil, rinne sé na naisc do na pollaí, an cumhdach dá mullaí agus dá mbataí. Ofráladh seachtó tallann agus dhá mhíle ceithre chéad seicil de chré-umha. Leis sin rinne sé na ceapa do dhoras Bhoth na Teagmhála, an altóir chré-umha lena cliath chré-umha agus gréithe uile na haltóra, na ceapa mórthimpeall na faiche agus na ceapa do gheata na faiche, pionnaí uile an taibearnacail, agus na pionnaí go léir timpeall ar an bhfaiche. Rinne siad éidí slachtmhara do sheirbhís an tsanctóra den ábhar gorm agus corcra agus craorag [agus den línéadach cas mín]. Rinneadar na héidí naofa do Árón mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Rinneadar an t-éafód d' ór agus d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas. Bhuaileadar an t-ór ina lanna caola agus gearradh ina snáthanna é le hinleadh san ábhar gorm agus corcra agus craorag agus sa linéadach mín cas i ndearadh slachtmhar. Rinneadar guailleáin don éafód, ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile. An crios fite a bhí air á choimeád bhí sé den ábhar céanna agus den déantús céanna, d' ór, d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín, mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Dhearadar clocha oinisce agus luíodar iad i leapacha de fhiolagráin óir agus ghreanadar orthu, mar a dhéanfaí ar shéala, ainmneacha chlann Iosrael. Chuir sé iad ar ghuailleáin an éafód le bheith ina gclocha cuimhne ar chlann Iosrael, mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Rinne sé an lúireach d' obair shlachtmhar; rinne sé í ar dhéantús an éafód, d' ór agus d' ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas. Bhí sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead. Leagadar ceithre shraith cloch inti: sard, tópas, agus carmhogal sa chéad sraith; smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith; iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith; beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Bhíodar go léir luite ar leaba d' fhiolagrán óir. Bhí ainmneacha chlann Iosrael orthu, agus a dó dhéag a líon de réir líon na n-ainmneacha. Bhíodar greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag. Rinneadar dhá shlabhra d' ór fíre, fite mar chorda, don lúireach. Agus rinneadar dhá chnota d' fhiolagrán óir agus dhá fháinne óir agus chuireadar an dá fháinne ar dhá imeall na lúirí, agus chuireadar an dá shlabhra óir sa dá fháinne ag imill na lúirí. Cheanglaíodar dhá cheann eile na slabhraí don dá chnota fiolagráin i slí is gur ghreamaíodar iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh. Rinneadar dhá fháinne óir agus ghreamaíodar iad do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód. Agus rinneadar dhá fháinne óir eile agus ghreamaíodar iad d' íochtar dhá ghuailleán an éafód in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód. Cheanglaíodar an lúireach don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo gur luigh sí ar chrios fite an éafód agus nár scar an lúireach ón éafód, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ansin rinneadar fallaing an éafód go léir a fhí d' ábhar gorm. Bhí an oscailt ina lár dála muiníl chathéide; timpeall na hoscailte bhí fáithim d' fhonn nach sracfaí an fhallaing. Ar a fáithim íochtair bhí maisiú de phomagránaití, d' ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas. Rinneadar chomh maith cloigíní d' ór fíre agus chuireadar timpeall fáithime íochtaraí na fallainge iad idir na pomagránaití; bhí cloigíní agus pomagránaití, gach re ceann, timpeall fáithim íochtarach fhallaing na seirbhíse mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ansin rinneadar na hionair chomh maith, fite as línéadach mín, d' Árón agus dá mhic; agus an cheannbheart de línéadach mín agus na boinéid de líneadach mín, agus na brístí línéadaigh de línéadach mín cas, agus an crios de línéadach mín cas agus de ábhar gorm agus corcra agus craorag, maisithe le hobair shnáthaide, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Rinneadar mar an gcéanna an lann don choróin naofa, d' ór fíre agus «Naofa don Tiarna» greanta uirthi, faoi mar a dhéanfadh duine ar shéala. Ghreamaiodar lása glas dó seo á cheangal den cheannbheart lastuas, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar. Thugadar an taibearnacal go dtí Maois, agus an Bhoth agus a gréithe, a naisc, a frámaí, a bataí, a pollaí, a ceapa; an díon de sheithí coirtithe reithe agus de sheithí gabhar, agus fial na cléithe; áirc na Fianaise lena cuaillí agus lena cathaoir thrócaire; an bord lena ghréithe go léir agus arán na láithreachta; an coinnleoir d' ór fíre lena lampaí na lampaí a bhí le cur ann agus lena ghréithe go léir; an ola don solas; an altóir óir, an criosma, an túis chumhra, agus an scáthlán do dhoras na botha; an altóir chré-umha lena gráta de chré-umha, a cuaillí agus a gréithe go léir; an t-umar agus a bhonn; na brait don fhaiche, a pollaí agus a ceapa, an scáthlán do gheata na faiche, a shlabhraí agus a phionnaí; agus na gréithe go léir don tseirbhís sa taibearnacal, do Bhoth na Teagmhála; na heidí dea-dhéanta don tseirbhís san áit naofa, na héidí naofa d' Árón an sagart agus na héidí dá mhic le fónamh mar shagairt. Bhí an obair go léir déanta ag clann Iosrael sa tslánchruinne faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. D' iniúch Maois an obair go léir agus ba léir dó go raibh sé go léir déanta acu mar a d' ordaigh an Tiarna. Bheannaigh Maois iad. Labhair an Tiarna le Maois: «Ar an gcéad lá den chéad mhí,» ar sé, «déanfaidh tú taibearnacal Bhoth na Teagmhála a thógáil. Cuir ann áirc na Fianaise, agus folaigh an áirc leis an bhfial. Tabhair an bord isteach; cóirigh a bhfuil le heagrú air, agus tabhair isteach an coinnleoir agus cóirigh a lampaí. Cuir an altóir óir don túis os comhair áirc na Fianaise, agus cuir suas an scáthlán mar chomhla ar dhoras an taibearnacail. Cuir altóir an uileloiscthe os comhair dhoras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála agus cuir an t-umar idir Both na Teagmhála agus an altóir agus líon d' uisce é. Cuir suas fál na faiche mórthimpeall agus croch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche. Glac chugat an criosma ansin agus déan an taibearnacal agus gach a bhfuil ann a ungadh, agus coisric é féin agus a ghréithe go léir d' fhonn áit naofa a dheanamh de. Déan altóir an uileloiscthe a ungadh chomh maith, agus a gréithe go léir, agus coisric an altóir agus beidh sí sárnaofa feasta. Déan an t-umar agus a bhonn a ungadh agus a choisreacan. Beir leat Árón agus a mhaca go doras Bhoth na Teagmhála agus nigh le huisce iad, agus cuir na héidí naofa ar Árón agus déan é a ungadh agus a choisreacan le fónamh dom mar shagart. Beir a mhic isteach chomh maith agus cuir ionair umpu, agus déan iad a ungadh dála a n-athar, d' fhonn go ndéanfaidís fónamh dom mar shagairt. An t-ungadh seo a dhéanfaidh tú orthu, bronnfaidh sé sagartacht shíoraí orthu ó ghlúin go glúin.» Rinne Maois amhlaidh; rinne sé sa tslánchruinne mar a d' ordaigh an Tiarna dó. An chéad mhí den dara bliain, an chéad lá den mhí sin, cuireadh suas an taibearnacal, Maois a thóg an taibearnacal, a leag a cheapa, a chuir suas a fhra.maí, agus a d' ardaigh a phollaí. Leath sé an bhoth ar an taibearnacal, agus ar a bharrsan díon na botha mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ghlac sé chuige an Fhianaise agus chuir san áirc í, chuir sé na cuaillí leis an áirc agus chuir cathaoir na trócaire ina luí ar an áirc; thug sé an áirc isteach sa taibearnacal, chuir an fial folaithe i bhfearas, agus d' fholaigh sé áirc na Fianaise mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Chuir sé an bord i mBoth na Teagmhála, ar an taobh thuaidh den taibearnacal, lasmuigh den fhial, agus leag an t-arán air, cóirithe i láthair an Tiarna, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Chuir sé an coinnleoir i mBoth na Teagmhála, os comhair an bhoird ar an taobh theas den taibearnacal, agus chóirigh na lampaí i láthair an Tiarna mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Chuir sé an altóir óir i mBoth na Teagmhála os comhair an fhéil, agus loisc sé túis chumhra uirthi, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Chuir sé an scáthlán ar dhoras an taibearnacail i bhfearas. Chuir sé suas altóir an uileloiscthe ag doras thaibearnacal Bhoth na Teagmhála, agus d' ofráil sé uirthi an ofráil loiscthe agus an abhlann, mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Leag sé an t-umar idir Both na Teagmhala agus an altóir, agus líon é le huisce ionlaithe, le go nífeadh Árón agus a chlann mhac a lámha agus a gcosa leis; nuair a théidís isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a théidís i gcóngar na haltóra, nídís iad féin, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ansin chuir sé fál na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus chroch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche. Chuir Maois an clabhsúr ar an saothar amhlaidh sin. Chlúdaigh an néal Both na Teagmhála, agus líon glóir an Tiarna an taibearnaca. Níor fhéad Maois dul isteach i mBoth na Teagmhála mar gur luigh an néal uirthi agus gur líon glóir an Tiarna an taibearnacal. Gach céim dá n-aistear, aon uair a ardaítí an néal ón taibearnacal, chuireadh clann Iosrael chun siúil arís. Mura n-ardófaí an néal, d' fhanaidís gan bogadh ar aghaidh go dtí go ndéanfaí. Óir luíodh néal an Tiarna ar an taibearnacal sa lá, agus bhíodh tine ar lasadh ann san oíche, agus sin le feiceáil ag teaghlach Iosrael go léir, gach céim dá n-aistear. Ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois agus labhair leis ó Bhoth na Teagmhála á rá: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a thagann duine agaibh le hofráil don Tiarna tugaigí bhur n-ainmhí le hofráil on táin nó ón tréad. Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna. Leagadh sé lámh ar cheann an íobarthaigh le loscadh agus glacfar leis mar shás leorghnímh dó. Ansin maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a ofráil. Déanfaidh siad í a dhoirteadh ar imill na haltóra atá ag doras Bhoth na Teagmhála. Déanadh sé an t-íobarthach a fheannadh ansin agus a ghearradh ina phíosaí. Cuireadh clann Árón, na sagairt, tine ar an altóir, agus cóirídís brosna ar an tine sin. Leagadh clann Árón, na sagairt, na píosaí, agus an ceann, agus an tsaill in ord ar an mbrosna ar an tine ar an altóir. Ach a ionathar, agus a chosa, níodh sé in uisce iad agus dódh an sagart an t-iomlán ar an altóir. Beidh an t-uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna. Más ainmhí ón tréad, ceann de na caoirigh nó de na gabhair, a bheidh le hofráil aige le huileloscadh, ofráladh sé fireannach gan mháchail. Maraíodh sé é ar an taobh thuaidh den altóir, i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra. Gearradh sé ina phíosaí é, leis an gceann agus an tsaill, agus cóiríodh an sagart na píosaí, ar an mbrosna ar an tine ar an altóir. Ach a ionathar agus na cosa, níodh sé in uisce iad agus ofráladh agus dódh an sagart an t-iomlán ar an altóir. Beidh an t-uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna. Más éanlaith a bheidh le huileloscadh aige mar íobairt don Tiarna, tugadh sé a ofráil de choilm nó de ghearrcaigh cholúir. Déanadh an sagart é a ofráil ag an altóir, agus a cheann a stoitheadh de agus é sin a dhó ar an altóir. Fáisceadh sé an fhuil as ar thaobh na haltóra. Ansin baineadh sé an eagaois as agus na cleití de, agus iad a chaitheamh láimh leis an altóir ar an taobh thoir mar a gcuirtear an luaithreach. Stolladh sé ina dhá leath é, le sciathán ar gach taobh, ach ná scaradh sé an dá chuid ó chéile. Dódh an sagart ar an altóir ansin é ar an mbrosna ar an tine. Beidh an t-uileloisctheach seo ina íobairt dhóite, agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna. Más abhlann a ofrálann duine don Tiarna, bíodh a ofráil de phlúr agus doirteadh sé ola air agus cuireadh sé túis chumhra air. Tugadh sé í chun clann Árón, na sagairt. Tógadh sé dorn den phlúr agus den ola, agus an túis chumhra go léir, agus dódh an sagart an méid sin ar an altóir mar chuimhneachán, ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna. Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d' íobairtí dóite don Tiarna. Más abhlann de thaos bruite sa sorn a bhíonn le hofráil agat, bíodh inti builíní slimaráin de phlúr fuinte le hola, nó cácaí slimaráin agus ola leata orthu. Más abhlann bruite ar an ngrideall a ofrálann tú, bíodh sí de phlúr mín gan ghabháile, fuinte le hola. Bris ina píosaí í, agus doirt ola uirthi, óir is ofráil bhia í. Más abhlann bruite san oigheann do ofráil, bíodh sí de phlúr mín, bruite le hola. Tabhair leat an abhlann a ullmhaíodh ar an gcuma sin chun an Tiarna agus cuir i láthair an tsagairt í agus tabharfaidh seisean chun na haltóra í. Tógadh an sagart an chuid chuimhnithe den abhlann agus dódh sé ar an altóir í mar ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna. Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus ag a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d' íobairtí dóite don Tiarna. Níl gabháile le dul i ndéantús aon abhlainne a ofrálfaidh sibh don Tiarna, óir ní ceadmhach daoibh choíche gabháile ná mil a dhó mar ofráil don Tiarna. Ní miste iad a thabhairt chun an Tiarna mar ofráil chéadtorthaí ach nílid le dul suas mar chumhracht thaitneamhach ar an altóir. Ní foláir salann a chur mar anlann le gach abhlann a ofrálfaidh tú; ná fág salann chonradh do Dhé in easnamh ar aon abhlann; ofráil salann le gach íobairt. Más céadtorthaí a bhíonn á n-ofráil agat mar abhlann don Tiarna, ofráil, mar abhlann ó do chéadtorthaí, grán nua meilte ó dhiasa úra, agus é tíortha ag an tine. Cuir ola leis agus túis chumhra air; is abhlann é. Mar chuid chuimhnithe, dódh an sagart cuid den ghrán meilte agus den ola agus an túis chumhra go léir; is íobairt dhóite don Tiarna í. Más íobairt chomaoineach í íobairt duine, agus má ofrálann sé ainmhí ón táin, fireann nó baineann, bíodh cibé rud a ofrálann sé i láthair an Tiarna gan mháchail. Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála, agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra. Ní foláir dó cuid den íobairt chomaoineach a ofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar, an dá dhuán, an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin. Ansin dódh clann mhac Árón an chuid sin mar aon leis an íobairt uileloiscthe ar an altóir ar bhrosna na tine. Is íobairt dhóite a bheidh inti agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna. Más beithíoch ón tréad a ofrálann sé mar íobairt chomaoineach don Tiarna, ofráladh sé fireannach nó baineannach gan mháchail. Más uan a ofrálann sé, ofráladh sé é i láthair an Tiarna. Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón an fhuil ar imill na haltóra. Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna ón íobairt chomaoineach: an tsaill, an t-eireaball méith go léir á ghearradh ón bhfréamh ag cnámh an droma, an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar, an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin. Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, mar ofráil dhóite don Tiarna. Más gabhar a ofrálann sé, ofráladh sé é i láthair an Tiarna, agus leagadh sé lámh ar a cheann agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón a fhuil ar imill na haltóra. Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna an méid seo de: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar, an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé óna duáin. Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, ina ofráil dhóite mar chumhracht thaitneamhach. Leis an Tiarna an tsaill go léir. Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair: Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann d' aitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin: Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin. Tugadh sé an tarbh i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; leagadh sé a lámh ar cheann an tairbh agus maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna. Tógadh an sagart ungtha cuid d' fhuil an tairbh agus tugadh sé leis isteach i mBoth na Teagmhála í. Tumadh an sagart ungtha a mhéar san fhuil agus croitheadh sé cuid den fhuil seacht n-uaire os comhair fhial an tsanctóra i láthair an Tiarna. Ansin cuireadh an sagart beagán den fhuil ar bheanna altóir na túise cumhra i láthair an Tiarna i mBoth na Teagmhála; agus doirteadh sé an chuid eile de fhuil an tairbh ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála. Seo leanas a dtógfaidh sé de shaill tharbh íobairt an pheaca: an tsaill timpeall an ionathair agus an tsaill ar an ionathar, an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin mar a bhaintear ón ainmhí a íobraítear san íobairt chomaoineach agus ní foláir don sagart an méid sin a dhó ar altóir an uileloiscthe. Ach seithe an tairbh agus a fheoil go léir agus a cheann agus a chosa agus a ionathar agus a otrach an tarbh go léir, ní foláir é a bhreith ón gcampa amach go háit ghlan, mar a gcaitear amach an luaithreach, agus é a dhó ann ar thine bhrosna. Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach, ofráladh an comhthionól tarbh óg gan mháchail ón táin mar íobairt pheaca nuair a thagann an peaca a rinneadar chun solais. Tugtar an tarbh os comhair Bhoth na Teagmhála, agus leagadh seanóirí an chomhthionóil a lámha ar cheann an tairbh i láthair an Tiarna, agus maraítear an tarbh i láthair an Tiarna. Ansin tugadh an sagart ungtha cuid de fhuil an tairbh go Both na Teagmhála. Ansin tumadh an sagart a mhéar san fhuil agus croitheadh sé í seacht n-uaire os comhair an fhéil i láthair an Tiarna. Cuireadh sé beagán den fhuil ar bheanna na haltóra atá os comhair an Tiarna i mBoth na Teagmhála, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála. Ansin baineadh sé an tsaill go léir as an ainmhí agus dódh sé í ar an altóir. Déanadh sé leis an tarbh seo mar a rinne le tarbh an íobairt pheaca; déantar mar ar an gcéanna leis. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh ar son an phobail agus maithfear dóibh. Ní foláir dó an tarbh a bhreith amach as an gcampa agus a dhó mar a rinne leis an gcéad cheann. Íobairt pheaca ar son an chomhthionóil í seo. Má pheacaíonn uachtarán le barr neamhaire agus rud éigin de na nithe go léir atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a Dhia a dhéanamh agus é féin a fhágáil ciontach, nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé mar sin, tugadh sé leis, mar íobairt, gabhar, ceann fireann gan mháchail. Leagadh sé a lámh ar cheann an ghabhair agus maraíodh sé é mar a mharaítear an t-íobarthach le huileloscadh i láthair an Tiarna. Íobairt pheaca í seo. Ansin tógadh an sagart beagán d' fhuil an íobairt pheaca lena mhéar agus cuireadh sé ar bheanna altóir an uileloiscthe í; doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe. Agus dódh sé a shaill go léir ar an altóir dála saille an íobairt chomaoineach. Sin mar atá an sagart le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon seo á shaoradh ón bpeaca, agus maithfear dó. Má pheacaíonn duine den ghnáthphobal le barr neamhaire agus go bhfágann sé é féin ciontach mar go ndéanann sé rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé, tugadh sé leis, mar íobairt ar son an pheaca a rinne, gabhar, minseach gan mháchail. Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca agus maraíodh sé an t-íobarthach peaca mar a maraítear na huileloiscthigh. Tógadh an sagart beagán dá fhuil ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra. Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó. Más uan a thugann sé leis mar íobairt pheaca, tugadh sé leis ceann baineann gan mháchail. Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca, agus maraíodh sé é mar íobairt pheaca mar a maraítear na huileloiscthigh. Tógadh an sagart beagán d' fhuil an íobairt pheaca ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile dá fuil ag bun na haltóra. Baineadh sé an tsaill go léir aisti mar a dhéantar leis an gcaora san íobairt chomaoineach; dódh an sagart í go léir ar an altóir ar na hofrálacha uileloiscthe don Tiarna. Sin mar a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh ar son an duine agus maithfear dó. Sa chás go bpeacaíonn duine [i gceann de na cúinsí seo leanas]: Má chluineann duine an mionnú sollúnta chun fianaise a thabhairt agus go mba chóir dó teacht i láthair le fianú, mar go raibh fianaise súl aige ar an ngnó, nó eolas eile air, ach nár labhair sé amach agus go bhfuil iarsmaí a dhrochbhirt á n-iompar aige; nó má bhaineann duine le rud neamhghlan cibé rud a bhíonn ann, conablach ainmhí neamhghlain, más múinte más allta é, nó conablach cinn de na neamhghlana a shníonn agus go n-éiríonn sé neamhghlan gan fhios dó, agus go mbíonn sé ciontach; nó má bhaineann sé le neamhghlaine dhaonna, cibé sórt neamhghlaine í trína n-éiríonn duine neamhghlan, agus nach eol dó é, ach ina dhiaidh sin go bhfaigheann sé amach ina thaobh agus gur ciontach é; nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é má bhíonn duine ciontach in aon cheann de na cúinsí sin, admhaíodh sé an peaca a rinne sé, agus tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, baineannach den tread caora nó gabhar mar íobairt pheaca; agus comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh á shaoradh óna pheaca. Mura bhfuil sé d' acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Tugadh sé chun an tsagairt iad agus ofráladh seisean ar dtús an ceann don íobairt pheaca. Casadh seisean an ceann ar a mhuineál ach gan a cheann a bhaint de. Croitheadh sé cuid de fhuil an íobairt pheaca ar chliathán na haltóra, agus déanadh sé fuílleach na fola a fháscadh as ag bun na haltóra. Íobairt pheaca í seo. Tá an t-éan eile le huileloscadh mar íobairt aige ansin de réir an ghnáis. Sin é mar atá gnás an leorgnímh le comhlíonadh ag an sagart don duine ar son an pheaca a rinne sé agus maithfear dó. Mura bhfuil sé d' acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é. Tabharfaidh sé chun an tsagairt é, agus tógfaidh an sagart dorn de mar chuid chuimhnithe, agus an méid sin a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt dhóite don Tiarna. Íobairt pheaca í seo. Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo. Ní foláir dó an slad a rinne a pheaca ar na cearta naofa a aisíoc, an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis leis, agus é a thabhairt don sagart. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó le reithe an íobairt chúitimh agus maithfear dó. «Má pheacaíonn duine agus, le barr neamhaire, rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a dhéanamh, tá sé ciontach agus caithfidh sé iarsmaí a lochta a iompar. Tugadh sé chun an tsagairt, mar íobairt chúitimh, reithe gan mháchail ón tréad a bhfuil a luach le meas agatsa. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó ar son an dearmaid a rinne sé gan fhios dó féin agus maithfear dó. Íobairt chúitimh í seo; bhí an duine ciontach i láthair an Tiarna.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Má pheacaíonn duine agus go ndéanann sé feall ar an Tiarna trí chalaois a dhéanamh ar a chomharsa faoi gheall nó faoi bhannaí, nó trina chuid a choimeád uaidh nó trí leatrom a imirt air; nó má aimsíonn sé maoin a cailleadh agus go séanann sé é sin; nó má thugann sé mionn éithigh i dtaobh aon pheaca a dhéanfadh duine; má pheacaíonn sé agus go mbíonn sé ciontach dá réir sin, ní foláir dó gach ar thóg sé nó ar éiligh sé sa bhreis a chúiteamh: an geall a fágadh aige an mhaoin chaillte a fuair sé, nó aon ní a dtug sé mionn éithigh ina thaobh; ní foláir dó an mhaoin bhunaidh go léir a chúiteamh, agus an cúigiú cuid dá luach a chur de bhreis léi, agus an t-iomlán sin a aisíoc don té ar leis é ar lá a íobairt chúitimh. Tugadh sé chun an tsagairt mar íobairt don Tiarna, reithe gan mháchail ón tréad, arna mheas agat de réir tháille an íobairt chúitimh. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó i láthair an Tiarna agus maithfear dó cibé beart ina raibh sé ciontach.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Tabhair na horduithe seo leanas d' Árón agus dá chlann mhac: Seo é an gnás don íobairt uileloiscthe (an íobairt uileloiscthe, sé sin, a fhanann ar theallach na haltóra feadh na hoíche go maidin agus a dhóitear le tine na haltóra). Cuireadh an sagart a ionar lín uime agus clúdaíodh sé a chorp le línéadach. Ní foláir dó ansin luaithreach na híobartha a loisc an tine ar an altóir a thógáil as an tslí agus a chur le hais na haltóra. Baineadh sé de a éidí ansin agus cuireadh éidí eile uime, agus beireadh sé an luaithreach leis on gcampa amach go háit ghlan. An tine a dhónn an íobairt uileloiscthe ar an altóir, ná ligtear in éag í. Cuireadh an sagart brosna uirthi gach maidin. Cóiríodh sé an íobairt uileloiscthe uirthi, agus dódh sé inti saill na n-íobairtí comaoineach. Bíodh tine dhearg i gcónaí ar an altóir; ná ligtear in éag í. Seo é gnás na habhlainne: Tugadh duine de chlann mhac Árón í isteach os comhair na haltóra i láthair an Tiarna. Tógadh sé dorn de phlúr mín na habhlainne leis an ola agus an túis a cuireadh léi agus dódh sé an chuid chuimhnithe seo ar an altóir mar bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna. Itheadh Árón agus a chlann mhac an chuid eile di; ach ithidís í mar bhuilíní slimaráin in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála. An chuid a thugaim dóibh de mo íobairt loiscthe, ná bruitear í agus gabháile inti; is cuid shárnaofa í, dála an íobairt pheaca agus an íobairt chúitimh. Is ceadmhach do gach fireannach de chlann Árón an chuid seo de íobairt loiscthe an Tiarna a ithe. Dlí síoraí é seo do bhur sliocht go léir: gach duine a bhainfidh leo, beidh siad coisricthe.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Sí seo an íobairt nach foláir d' Árón agus dá chlann mhac a ofráil don Tiarna lá a n-ungtha: Deachú éafá de phlúr mín mar abhlann shíoraí, a leath ar maidin agus an leath eile tráthnóna. Ní mór é bhruith ar ghrideall agus ola a fhuineadh leis. Tabhair leat isteach ina phíosaí é agus é bruite mar abhlann agus ofráil é ina bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna. An sagart ar chlann Árón atá le hungadh ina áit, déanadh sé mar an gcéanna. Dlí síoraí é seo. Ní foláir an t-iomlán a loscadh don Tiarna. Gach abhlann a ofrálann sagart, dóitear í go léir; níl aon chuid di le hithe.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le hÁrón agus lena chlann mhac agus abair: Seo é gnás an íobairt pheaca: Maraítear íobarthach an pheaca i láthair an Tiarna san áit ina maraítear íobarthach an uileloiscthe; tá sé sárnaofa. An sagart a ofrálann an íobairt seo ar son peaca, itheadh sé í. Itear í in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála. Aon ní a bhainfidh le feoil an íobarthaigh seo, beidh sé naofa; má stealltar aon bhraon dá fhuil ar éadach, ní foláir an smál a ní in áit naofa éigin. An soitheach cré ina mbruitear an fheoil, ní foláir é a smiotadh; ach más i soitheach cré-umha a dhéantar í a bhruith, tá sin le sciúradh agus le ní le huisce. Gach fireannach sagairt, is ceadmhach dó í a ithe; tá sí sárnaofa. Na híobairtí peaca a dtugadh cuid dá bhfuil isteach i mBoth na Teagmhála chun leorghníomh a dhéanamh istigh sa sanctóir, ní ceadmhach d' aon duine aon chuid díobh a ithe. Ní foláir iad go léir a loscadh ar an tine. Seo é gnás an íobairt chúitimh: Tá sí seo sárnaofa. Maraítear íobarthach an chúitimh san áit ina maraítear na huileloiscthigh, agus croitear a chuid fola ar imill na haltóra. Ofráladh an sagart a shaill go léir: an t-eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair, an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin; dódh an sagart na píosaí sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. Íobairt chúitimh í seo. Is ceadmhach do gach fireannach sagairt í a ithe. Ní foláir í a ithe in áit naofa; tá sí sárnaofa. Is é dála an íobairt pheaca é ag an íobairt chúitimh; is ionann gnás dóibh. An sagart a dhéanann leorghníomh léi, bíodh sí aige. An sagart a ofrálann íobairt uileloiscthe ar son duine, bíodh seithe an íobarthaigh uileloiscthe a d' ofráil sé aige. Gach abhlann a bácáladh i sorn, gach abhlann bruite ar ghrideall nó in oigheann, bíodh sí ag an sagart a ofrálann í. Gach abhlann fuinte le hola, nó tur, bíodh sí ag clann Árón go léir gan idirdhealú. Seo é gnás an íobairt chomaoineach le hofráil ag duine don Tiarna: Má tá sí á hofráil le híobairt bhuíochais, ofráladh sé mar aon léi builíní slimaráin fuinte le hola, cácaí slime le hola leata orthu, agus cístí de phlúr mín fuinte go maith le hola. Tá an ofráil seo le cur leis na builíní aráin ghabháilte agus leis an íobairt chomaoineach bhuíochais. Tá ceann de na builíní as gach ofráil le cur i láthair an Tiarna mar íobairt; bíodh sin ag an sagart a chroith fuil an íobairt chomaoineach. Feoil an íobarthaigh chomaoineach bhuíochais, itear í lá a hofrála; ná fágtar aon ruainne di go maidin. Ach má bhíonn an t-íobarthach á íobairt mar ofráil mhóide nó méine, itear é lá a ofrála, agus itear an fuílleach lá arna mhárach; ach má bhíonn aon chuid d' fheoil an íobarthaigh fágtha ar an tríú lá, loisctear sa tine é. Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air. Feoil a bhaineann le haon ní neamhghlan, ná hitear í, ach loisctear sa tine í. Ní miste d' aon duine glan feoil a ithe ach an duine a íosfaidh feoil íobairt chomaoineach a ofráladh don Tiarna, agus é fós neamhghlan, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal. Má bhaineann duine le neamhghlan, duine nó ainmhí neamhghlan, nó aon ní truaillithe, agus ansin feoil íobairt chomaoineach don Tiarna a ithe, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Ná hithigí saill ar bith, saill daimh, ná caorach, ná gabhair. Saill ainmhí a gheobhaidh bás uaidh féin, nó saill ainmhí a stollfaidh ainmhithe allta, ní miste daoibh feidhm ar bith eile a bhaint aisti, ach ní ceadmhach daoibh féin í a ithe. Aon duine a itheann saill ainmhí a ofráladh ina íobairt dhóite don Tiarna, déantar é a ionnarbadh óna phobal. Cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh, ná caithigí aon sórt fola, fuil éin ná fuil ainmhí. Aon duine a chaitheann fuil d' aon sórt, déantar é a ionnarbadh óna phobal.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann mhac Iosrael agus abair: Aon duine a ofrálann íobairt chomaoineach don Tiarna, tugadh sé cuid dá íobairt mar ofráil. Tugadh sé ofráil dhóite an Tiarna, an tsaill ar an mbrollach is é sin, ina lámha féin. Tugadh sé í sin agus an brollach féin chomh maith, d' fhonn an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna. Ní foláir don sagart an tsaill a dhó ar an altóir, ach bíodh an brollach ag Árón agus ag a chlann mhac. Cuirigí an cheathrú dheas de na híobairtí comaoineach i leataobh agus tugaigí don sagart í. An cheathrú dheas an chuid is dual don mhac le hÁrón a ofrálann fuil agus saill an íobairt chomaoineach. An brollach, dá réir sin, lena ndéantar an dleacht ar leith a ofráil, agus an cheathrú a ofráiltear, tógaim ar ais iad as na híobairtí comaoineach a ofrálann clann Iosrael, agus tugaim iad d' Árón an sagart agus dá mhic; reacht síoraí é seo ag ceangal chlann Iosrael.» Sin é mar sin cuid Árón agus a mhac d' íobairtí uileloiscthe an Tiarna an lá a chuir sé i láthair an Tiarna iad le bheith ina sagairt aige. D' ordaigh an Tiarna clann Iosrael á thabhairt sin dóibh an lá a ungtar iad; reacht síoraí é seo dá sliocht ó ghlúin go glúin. Sin é dá réir sin gnás an uileloiscthe, na habhlainne, an íobairt pheaca, na n-íobairtí cúitimh agus insealbhaithe agus comaoineach. Sin é a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois ar Shliabh Shíonái nuair a d' aithin sé do chlann Iosrael a n-ofrálacha a thabhairt chun an Tiarna i bhfásach Shíonái. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Beir leat Árón agus a chlann mhac leis, agus na héidí, agus an criosma, agus an tarbh don íobairt pheaca, agus an dá reithe, agus an cliabh slimaráin. Gair an comhthionól go léir le chéile ansin ag doras Bhoth na Teagmhála.» Rinne Maois de réir mar d' ordaigh an Tiarna dó; chruinnigh an comhthionól ag doras Bhoth na Teagmhála. Agus dúirt Maois leis an gcomhthionól: «Seo mar a d' ordaigh an Tiarna a dhéanamh.» Rug Maois Árón agus a chlann mhac os a gcomhair agus nigh iad le huisce. Chuir sé an t-ionar air, chuir an crios faoina choim, chuir an fhallaing uime agus chuir an t-éafód air. Chuir sé an lúireach air agus shocraigh inti an tÚirím agus an Tuimím. Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Fuair Maois an criosma ansin agus rinne an taibearnacal agus a raibh ann a ungadh agus a choisreacan. Chroith sé cuid de seacht n-uaire ar an altóir agus rinne an altóir agus a ghréithe, agus an t-umar gona bhonn a ungadh á gcoisreacan. Ansin dhoirt sé cuid den chriosma ar cheann Árón á choisreacan leis an ungadh. Ansin rug Maois leis clann mhac Árón, chuir ionair orthu, chuir criosanna faoina gcoim, agus boinéid ar a gceann de réir mar d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ansin thug sé tarbh an íobairt pheaca i láthair, agus leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an tairbh sin. Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son. Thóg Maois an tsaill go léir a bhí timpeall an ionathair, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus a gcuid saille, agus dhóigh sé an méid sin go léir ar an altóir. Ach seithe an tairbh, a fheoil agus otrach, dhóigh sé lasmuigh den champa iad de réir mar d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ansin thug sé an reithe don íobairt uileloiscthe i láthair. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe. Mharaigh Maois é agus dhoirt a chuid fola ar imill na haltóra. Ansin rinne sé ceathrúna den reithe, dhóigh sé an ceann, na spólaí agus an tsaill. Tar éis an t-ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ansin thug sé an reithe eile i láthair, d' íobairt an insealbhaithe. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe. Ansin mharaigh Maois é, agus thóg cuid den fhuil agus chuir ar mhaothán cluaise deise Árón í, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise. Ansin tugadh clann mhac Árón i láthair agus chuir Maois cuid den fhuil ar mhaothán a gcluaise deise, ar ordóg a láimhe deise agus ar ordóg a gcoise deise. Agus dhoirt Maois an chuid eile den fhuil ar imill na haltóra. Ansin thóg sé an tsaill: an t-eireaball méith, an tsaill ar an ionathar, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus an cheathrú dheas. As an gcliabh slimaráin a bhí leagtha os comhair an Tiarna, thóg sé builín slim agus builín aráin fuinte le hola, agus cáca. Leag sé iadsan ar an tsaill agus ar an gceathrú dheas, agus chuir sé an t-iomlán i lámha Árón agus a mhac agus rinne iad a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Ansin ghlac Maois ar ais óna lámha iad agus loisc ar an altóir iad fara an íobairt uileloiscthe. Ba í seo íobairt an insealbhaithe a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna. Ba íobairt dhóite don Tiarna í. Ansin thóg Maois an brollach agus rinne é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Bhí an chuid sin de reithe an insealbhaithe ag Maois, mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ansin thóg Maois cuid den chriosma agus den fhuil a bhí ar an altóir, agus dhoirt ar Árón agus ar a éidí í, agus ar a chlann mhac agus ar a n-éidí. Choisric sé Árón agus a éidí, a chlann mhac agus a n-éidí, ar an gcuma sin. Ansin dúirt Maois le hÁrón agus lena chlann mhac: «Déanaigí an fheoil a bhruith ag doras Bhoth na Teagmhála, agus ithigí ansiúd í; agus mar an gcéanna leis an arán do íobairt an insealbhaithe atá sa chliabh faoi mar a d' ordaigh mé á rá: Itheadh Árón agus a chlann mhac é! A mbíonn fágtha den fheoil agus den arán, déanaigí é a dhó. Ar feadh seacht lá ní rachaidh sibh lasmuigh de dhoras Bhoth na Teagmhála go dtí go mbeidh téarma bhur n-insealbhaithe caite agaibh; tógfaidh bhur n-insealbhú seacht lá. D' ordaigh an Tiarna dúinn déanamh mar a rinneamar inniu ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar bhur son. Ní foláir daoibh fanacht seacht lá agus seacht n-oíche ag doras Bhoth na Teagmhála ag comhlíonadh ghnás an Tiarna; déanaigí amhlaidh agus ní baol daoibh an bás. Sin é an t-ordú a fuaireas.» Rinne Árón agus a chlann mhac gach ní a d' ordaigh an Tiarna trí Mhaois. Ar an ochtú lá, ghlaoigh Maois ar Árón agus ar a chlann mhac agus ar sheanóirí Iosrael. Dúirt sé le hÁrón: «Tóg lao d' íobairt pheaca, agus reithe don íobairt uileloiscthe; bídís araon gan mháchail, agus tabhair leat chun an Tiarna iad. Ansin abair le clann mhac Iosrael: 'Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach: damh agus reithe le marú i láthair an Tiarna agus abhlann fuinte le hola. Óir taispeánfaidh an Tiarna é féin daoibh inniu.'» Thugadar leo os comhair Bhoth na Teagmhála gach ar ordaigh Maois; tháinig an comhthionól uile i gcóngar agus sheasadar i láthair an Tiarna. Dúirt Maois: «Is é seo a d' ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh, d' fhonn go bhfoilseofaí a ghlóir daoibh.» Ansin dúirt Maois le hÁrón: «Téigh chun na haltóra agus ofráil d' íobairt pheaca, agus d' íobairt uileloiscthe agus ceiliúir ar an gcuma sin gnás an leorghnímh duit féin agus do do mhuintir. Ansin tabhair ofráil an phobail agus ceiliúir an gnás leorghnímh dóibh, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna.» Chuaigh Árón chun na haltóra agus mharaigh sé an lao mar íobairt ar son a pheaca féin. Ansin thug clann Árón an fhuil chuige; thum sé a mhéar san fhuil agus chuir cuid di ar bheanna na haltóra, agus dhoirt fuílleach na fola ag bun na haltóra. Saill an íobairt pheaca, na duáin agus an meall saille ar an ae, loisc sé ar an altóir iad mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Loisc sé an fheoil agus an tseithe lasmuigh den champa. Mharaigh Árón an t-íobarthach a bhí le huileloscadh ansin; thug a chlann mhac an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra. Ansin thugadar dó an t-íobarthach ina spólaí roinnte, a cheann chomh maith, agus dhóigh sé an t-iomlán seo ar an altóir. Nigh sé an t-ionathar agus na cosa agus dhóigh iad ar an altóir mar aon leis an uileloisctheach. Ansin thug sé ofráil an phobail i láthair. Thóg sé gabhar ofráil pheaca an phobail, mharaigh é, agus d' ofráil é ar son peaca dála an chéad chinn. Thug sé an íobairt uileloiscthe i láthair ansin agus rinne de réir an ghnáis. An abhlann a thug sé i láthair ansin; thóg sé dorn aisti agus dhóigh ar an tine é fara íobairt uileloiscthe na maidine. Ar deireadh mharaigh sé an damh agus an reithe mar íobairt chomaoineach don phobal. Shín clann Árón an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra. Saill an daimh agus an reithe an t-eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair, na duáin, an meall saille ar an ae chuir sé an méid sin go léir ar na brollaigh agus loisc é go léir ar an altóir. Rinne Árón na brollaigh agus an cheathrú dheas a ofráil mar dhleacht ar leith faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ansin d' ardaigh Árón a lámha i dtreo an phobail agus bheannaigh iad. Nuair a bhí an íobairt pheaca, an íobairt uileloiscthe, agus an íobairt chomaoineach déanta aige ar an gcuma sin, tháinig sé anuas agus chuaigh isteach i mBoth na Teagmhála le Maois. Amach leo araon ansin chun an pobal a bheannú agus d' fhoilsigh glóir an Tiarna don phobal ar fad. Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n-aghaidh. Nádáb agus Aibíchiú, beirt mhac Árón, thóg gach duine díobh a thúiseoir, chuir tine ann, túis ar an tine agus d' ofráladar i láthair an Tiarna tine mhídhleathach nach raibh ordaithe aige dóibh. Ansin phreab lasair amach ó fhianaise an Tiarna agus scrios iad, agus fuaireadar bás i láthair an Tiarna. Dúirt Maois le hÁrón: «Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ' Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.'» Níor fhan focal ag Árón. Ghlaoigh Maois ar Mhíseáél agus ar Ealzáfán, mic Uizíél uncail Árón, agus dúirt leo: «Tagaigí agus beirigí bhur mbráithre libh i bhfad ón sanctóir, ón gcampa amach.» Thángadar agus rugadar leo iad, a n-ionair fós orthu, ón gcampa amach mar a d' ordaigh Maois. Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: «Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna. Ná fágaigí doras Bhoth na Teagmhála le heagla go bhfaigheadh sibh bás; óir tá criosma an Tiarna oraibh.» Rinneadar mar a dúirt Maois. Labhair an Tiarna le hÁrón agus dúirt: «Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin. Bíodh an scéal amhlaidh chomh maith agus sibh ag dealú an naofa ón gcoitianta, an ghlan ón neamhghlan, agus nuair a bheidh na reachtanna go léir a dheachtaigh an Tiarna dóibh trí bhéal Mhaois agaibh á dteagasc do chlann Iosrael.» Dúirt Maois le hÁrón agus le hEileázár agus Íteámár, na mic leis a bhí fágtha: «Tógaigí fuílleach na habhlainne atá fágtha d' íobairtí dóite an Tiarna. Ithigí an chuid shlim di láimh leis an altóir, óir tá sí sárnaofa. Ithigí in áit naofa í, óir is í sin do cheartroinn agus ceartroinn do mhac de na híobairtí tine don Tiarna. Sin é an t-órdú a fuair mé. Ach an brollach a ofráladh agus an cheathrú a cuireadh i leataobh, ithigí in áit ghlan iad, tusa agus do chlann mhac agus d' iníonacha mar aon leat; óir sin í an chuid d' íobairtí comaoineach chlann Iosrael is dual duitse agus do do chlann mhac agus do d' iníonacha mar aon leat. An cheathrú a cuireadh i leataobh agus an brollach a ofráladh nuair a dódh an tsaill, bídís agatsa agus ag do chlann mhac mar aon leat, tar éis iad a ofráil i láthair an Tiarna mar dhleacht ar leith, de réir dlí shíoraí mar a d' ordaigh an Tiarna.» Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha: «Cén fáth,» ar sé, «nár ith sibh an t-íobarthach peaca seo san áit bheannaithe? Is rud sarnaofa é a tugadh daoibh d' fhonn go n-iompródh sibh cionta an chomhthionóil agus gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh i láthair an Tiarna. Níor tugadh a fhuil laistigh den sanctóir agus ba chóir daoibh go deimhin a fheoil a ithe sa sanctóir faoi mar a d' ordaigh mé daoibh.» Dúirt Árón le Maois: «D' ofráil siad a n-íobairt pheaca agus a n-íobairt uileloiscthe inniu, i láthair an Tiarna. Ach féach, dá mbeinnse i gceist, dá n-íosfainn an ofráil pheaca inniu, an mbeadh sin taitneamhach leis an Tiarna?» Nuair a chuala Maois an méid sin bhí sé sásta. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt leo: «Labhraigí le clann Iosrael agus abraigí: Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe de ainmhithe na talún: Aon ainmhí a scoilteann an chrúb á roinnt ina dhá leath, agus a chognaíonn an chíor. Ach orthu siúd a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb, ní ceadmhach daoibh iad seo a ithe: an camall, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb; an broc carraige, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh mar nach scoilteann sé an chrúb; agus an giorria, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb; agus an mhuc, fág go bhfuil crúb scoilte roinnte ina dhá leath aici, bíodh sí neamhghlan agaibh mar nach gcognaíonn sí an chíor. Ná hithigí a gcuid feola, ná bainigí lena gconablaigh; bídís neamhghlan agaibh. Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe: ach aon ní sna farraigí nó sna haibhneacha atá gan eite gan ghainne, dá bhfuil de mhíola idir bheag agus mhór sna huiscí, bíodh an ghráin agaibh orthu. Sea, bíodh an ghráin agaibh orthu; ná hithigí a gcuid feola agus ná bainigí lena gconablaigh. Bíodh an ghráin agaibh ar gach míol sna huiscí atá gan eite gan ghainne. Ar na héin seo iad na cinn a bhfuil an ghráin le bheith agaibh orthu ní ceadmhach iad a ithe; bíodh an ghráin orthu! an t-iolar, an bhadhb, an coirneach; an fiach, gach cineál préacháin; gach cineál cruchóige; an ostrais, an seabhac oíche, an faoileán, gach cineál seabhaic; an ceann cait, an fiach mara, an t-ulchabhán, an chearc uisce, an peileacán, an t-iolar gréagach, an chorr éisc agus an chorr bhán de gach cineál, an húpú agus an sciathán leathair. Bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach atá ceathairchosach. De na feithidí sciathánacha ceathairchosacha ní ceadmhach a ithe ach iad siúd a bhfuil cosa os cionn a dtroithe acu lena bhféadann siad léim as a gcorp. Díobh seo dá réir sin is féidir daoibh a ithe: gach cineál lócaiste, an lócaiste ceannann de gach cineál, gach cineál criogair, gach cineál dreoilín teaspaigh; ach bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach eile atá ceathairchosach. Fágfaidh na nithe sin neamhghlan sibh; aon duine a bhaineann le conablach cinn díobh, bíodh sé neamhghlan go nóin; aon duine a bhéarfaidh cuid dá gconablach leis, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Gach ainmhí ag a bhfuil crúb, ach gan í a scoilteadh, gach ainmhí nach gcognaíonn an chíor, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann leo, bíodh sé neamhghlan. Gach ainmhí spadchosach ar na hainmhithe ceathairchosacha, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann lena gconablach bíodh sé neamhghlan go nóin. An té a iompraíonn a gconablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bídís neamhghlan agaibh. Ar na míola beaga a bhíonn ag snámhaíl ar an talamh, bídís seo neamhghlan agaibh: an t-eas, an luch, gach cineál earca, an firéad, an cóa, an latáhá, an caimileon, agus an tinseámat. Bídís-sean neamhghlan agaibh i measc na míol beag; aon duine a bhaineann leo agus iad marbh, bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon rud ar bith a dtitfidh ceann marbh díobhsan air, bíodh sé neamhghlan, cibé acu soitheach adhmaid é, nó ball éadaigh, nó seithe, nó rón, nó aon earra úsáideach ar bith; ní mór é a thumadh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin; beidh sé glan ansin. Má thiteann ceann acu isteach i soitheach cré, bíodh gach a bhfuil ann neamhghlan, agus bristear é. Aon bhia inite a bhíonn ann, ar a dtiocfadh uisce, bíodh sé neamhghlan; aon deoch inchaite, is cuma cén soitheach ina mbíonn, bíodh sí neamhghlan. Aon ní ar a dtiteann cuid dá gconablach, bíodh sé neamhghlan; más oigheann, más sorn é, bristear é; óir is neamhghlan dóibh agus bídís neamhghlan agaibh. (Foinsí toibreacha agus linnte uisce, áfach, fanaidís glan;) aon ní a bhaineann le conablach díobh, bíodh sé neamhghlan. Má thiteann aon chuid dá gconablach ar shíol atá le cur, fanfaidh an síol glan. Ach má scaoiltear uisce ar an síol agus go dtiteann cuid dá gconablach ansin air, bíodh sé neamhghlan agaibh. Má chailltear ceann de na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe, bíodh an té a bhaineann lena chonablach neamhghlan go nóin. Aon duine a chaitheann cuid dá chonablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin; aon duine a iompraíonn an conablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Gach míol beag a shnámhann ar an talamh, bíodh an ghráin orthu, agus ná hitear iad. Cibé rud a bhogann ar a bholg, nó a bhogann ar cheithre cosa nó breis, na míola beaga go léir is é sin a shnámhann ar an talamh, ná hitear iad, óir is gráiniúil iad. Ná déanaigí sibh féin gráiniúil leis na míola snáfacha sin go léir; ná truailligí sibh féin leo; na truaillítear sibh tríothu. Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh. Sea, mise an Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le bheith i mo Dhia agaibh. Bígí dá bhrí sin naofa, óir is naofa mise. Sin é an dlí i dtaobh na n-ainmhithe go léir, na n-éan go léir, na ndúl beo go léir a shnámhann sna huiscí, agus na míol go léir a shnámhann ar talamh, chun an glan a idirdhealú ón neamhghlan, an dúil inchaite ón dúil dochaite.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael á rá: Má ghabhann bean gin agus go mbeireann sí mac, bíodh sí neamhghlan ar feadh seacht lá, faoi mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa. Ar an ochtú lá déantar timpeallghearradh ar a fhorchraiceann, agus caithfidh sí fanacht trí lá dhéag agus fiche eile i bhfuil a híonghlanta; ná baineadh sí le haon ní naofa, agus ná tagadh isteach sa sanctóir go dtí go mbíonn laethanta a glanta comhlíonta. Más iníon a bheireann sí, bíodh sí neamhghlan ar feadh coicíse, mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa; caithfidh sí fanacht sé lá agus trí fichid eile i bhfuil a híonghlanta. Nuair a bhíonn laethanta a híonghlanta caite, cibé acu do mhac nó d' iníon é, tugadh sí chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála, uan bliana mar íobairt uileloiscthe, agus colúr óg nó colm mar íobairt pheaca. Déanadh an sagart an ofráil seo i láthair an Tiarna, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh di, agus ansin beidh sí glan óna fuiliú. Sin é an dlí don bhean a bheireann mac nó iníon. Má bhíonn uan thar a hacmhainn, tógadh sí péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann don íobairt uileloiscthe, an ceann eile don íobairt pheaca; déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di agus beidh sí glan.» Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: «Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart. Ní foláir don sagart an galar cnis a iniúchadh. Má bhíonn an fionnadh san áit galraithe liata, agus má bhíonn an galar ag dul sa bheo, ansin go deimhin is cás lobhra é, agus tar éis a scrúdaithe caithfidh an sagart an t-othar a fhógairt neamhghlan. Ach má bhíonn an spota bán ar an gcneas agus gan de dhealramh air a bheith ag dul níos doimhne sa bheo, agus nach bhfuil an fionnadh air liata, cuireadh an sagart an t-othar ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá. Déanadh an sagart é a scrudú arís ar an seachtú lá, agus más dóigh leis go bhfuil an galar ceansaithe, gan leathadh in aon bhall eile, cuireadh sé ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá eile. Déanadh an sagart iniúchadh air arís an seachtú lá, agus má bhíonn an ball tinn gan luisne agus gan leathadh ar an gcraiceann, ansin fograíodh an sagart an duine glan. Níl ann ach gearb; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan. Ach má leathann an ghearb ar an gcraiceann tar éis don othar é féin a thaispeáint don sagart agus é a fhógairt glan, tagadh sé i láthair an tsagairt arís. Tar éis don sagart é a iniúchadh agus a dheimhniú gur leath an ghearb ar an gcraiceann, ní foláir don sagart é a fhógairt neamhghlan. Lobhra í seo. «Nuair a bhuaileann lobhra duine, tugtar chun an tsagairt é. Déanadh an sagart é a iniúchadh agus má bhíonn at bán ar an gcraiceann agus léithe san fhionnadh dá bharr, agus fiolún ag borradh, ansin is lobhra mharthanach atá ar an gcraiceann agus ní foláir don sagart é a fhógairt neamhghlan. Níl sé lena choimeád ar leithrigh; tá sé neamhghlan gan aon agó. «Ach má leathann an lobhra ar fud an chnis ar fad, má bhreacann sí cneas an othair ó cheann go bonn, go bhfios don sagart, ansin ní foláir don sagart an t-othar a iniúchadh agus má fhaigheann sé amach go gclúdaíonn an lobhra an corp ar fad, fógraíodh sé an t-othar glan. Ó tá an cneas go léir éirithe geal, tá sé glan. Ach a luaithe a fheicfear fiolún air, bíodh sé neamhghlan. Déanadh na sagairt a fhiolún a scrúdú agus an duine a fhógairt neamhghlan; tá an fiolún neamhghlan; is lobhra í. Má ghealann an fiolún arís, téadh an duine go dtí an sagart. Déanadh an sagart é a scrúdú, agus má fhaigheann sé amach go bhfuil an ball galair geal arís, fógraíodh sé an duine glan; tá sé glan. «Nuair a thagann neascóid ar chneas duine agus go leigheasann sí ach go bhfágann sí ina háit at bán nó spota le luisne bhándearg, ansin taispeánadh an duine é féin don sagart. Déanadh an sagart é a iniúchadh agus má dhealraíonn sé a bheith dulta sa bheo agus an fionnadh ag liathadh, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; is lobhra í a bhris mar neascóid. Ach arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart an fionnadh liath agus nach bhfuil sí dulta sa bheo, ach feo sa bhall galair, cuireadh sé an duine ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá. Má leathann an galar ar an gcneas ansin, fógraíodh an sagart an duine neamhghlan; lobhra atá i gceist. Ach mura bhfuil an spota ach sa bhall céanna, agus nach leathann sé, is créacht neascóide é agus fógraíodh an sagart an duine glan. «Má bhíonn dó ar chneas duine agus go dtagann neascóid ar an dó, goirín geal bándearg nó báiteach bán, ansin déanadh an sagart é a iniúchadh, agus má fhaigheann sé an fionnadh ar an ngoirín arna liathadh agus é dulta sa bheo, ansin is lobhra í a sceith sa dó. Fógraíodh an sagart an duine neamhghlan; is lobhra atá i gceist. Ar an láimh eile mura bhfaigheann an sagart, arna iniúchadh, fionnadh liath ar an ngoirín, ná é dulta sa bheo, ach é ag feo, ansin cuireadh an sagart ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá. Scrúdaiodh an sagart é ar an seachtú lá agus má bhíonn an galar leata ar an gcneas, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; lobhra atá i gceist. Ach má fhanann an spota san aon áit, gan leathadh ar an gcneas, ach a bheith ag feo, fágann sin gur séideadh ón dó é. Fógraíodh an sagart an duine glan; níl i gceist ach créacht ón dó. «Nuair a bhíonn cneá ar cheann nó ar smig fir nó mná, scrúdaíodh an sagart an chneá agus má thaibhsíonn sí a bheith dulta sa bheo agus go bhfuil an fionnadh buí agus gann, ansin fógraíodh an sagart an duine sin neamhghlan; is tine dhia atá i gceist, lobhra is é sin ar an gceann nó ar an smig. Arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart go bhfuil sí dulta sa bheo ná go bhfuil an fionnadh [buí], cuireadh sé an t-othar leis an ngalar tochais seo ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá, agus ar an seachtú lá scrúdaíodh an sagart an galar; murar leath an tine dhia agus má bhíonn sí gan fionnadh buí, agus gan í dulta sa bheo, ansin bearradh an t-othar a ghruaig, ach gan baint leis an tine dhia; agus cuireadh an sagart othar an ghalair thochais ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá eile. Ar an seachtú lá scrúdaíodh an sagart an ball tinn agus mura bhfuil sé leata ar an gcneas, agus nach bhfuil sé dulta sa bheo de réir dealraimh, ansin fógraíodh an sagart glan é; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan. Ach má leathann an tine dhia ar an gcneas tar éis a ghlanta, ansin scrúdaíodh an sagart é, agus má bhíonn an tine dhia leata ar an gcneas dáiríre, fágann sin go bhfuil an t-othar neamhghlan, agus ní gá don sagart an fionnadh buí a chuardach. Ach má bhíonn an tine dhia ceansaithe dar leis, agus go mbíonn fionnadh dubh ag fás arís uirthi, fágann sin go bhfuil an tine dhia leigheasta. Tá sé glan. Fógraíodh an sagart glan é. «Má sceitheann pucháin ar chneas fir nó mná, agus iad ina spotaí bána, déanadh an sagart iniúchadh orthu; má bhíonn na pucháin bán mílítheach, is gríos a sceith ar an gcneas; tá an t-othar glan. «Má thiteann gruaig a bhlaoisce de dhuine, bíonn sé pláitíneach, ach glan. Má thiteann an ghruaig de chlár a éadain agus dá uiseanna, bíonn maoile éadain air, ach bíonn sé glan. Ach má thagann fiolún bándearg ar a bhlaosc nó ar a éadan maol, sin lobhra ag teacht ar bhlaosc mhaol nó ar éadan maol an duine. Déanadh an sagart é a scrúdú agus má bhíonn at nó cneá bándearg ar a cheann maol nó ar a éadan maol, ar aon dul le lobhra an chnis, fágann sin go bhfuil lobhra ar an duine; tá sé neamhghlan. Fógraíodh an sagart neamhghlan é; tá lobhra chinn air. «An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: 'Neamhghlan! Neamhghlan!' Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa. «Nuair a thagann lobhra ar éadach bíodh sé d' olann nó de líon, bíodh sé ina bhall éadaigh nó ina bhrat olla nó lín, bíodh sé ina sheithe nó ina dhéantús leathair agus má thaibhsíonn glaise nó deirge san éadach seo, san ábhar, sa bhrat, sa tseithe, nó sa déantús leathair, is cás lobhra é agus taispeántar don sagart é. Déanadh an sagart an lot a scrúdú agus cuireadh sé an rud loite ar leithrigh ar feadh seacht lá. Ar an seachtú lá, má fheiceann sé go bhfuil an lot leata ar an mball éadaigh, nó ar an ábhar, ar an tseithe nó ar an déantús leathair, cibé acu a bhíonn i gceist, is lobhra thógálach a bhíonn i gceist agus tá an rud féin neamhghlan. Dódh sé an ball éadaigh, nó an t-ábhar, an brat lín nó olla, nó an déantús leathair is cuma cén sórt, ar a bhfuil an lot; óir is lobhra thógálach í a chaithfear a scrios le tine. «Ach arna scrúdú dó, má fhaigheann an sagart amach nár leath an lot ar an mball éadaigh, ar an ábhar, ar an mbrat, ná ar an déantús leathair cibé sórt é, ansin ordaíodh an sagart an rud ina bhfuil an lot a ní agus cuireadh sé ar leithrigh é ar feadh seacht lá eile; déanadh an sagart an rud loite a iniúchadh tar éis a nite. Mura ndeachaigh aon athrú ar dhath an bhaill loite, fág nár leath an galar, tá sé neamhghlan; dóigh é sa tine; tá an galar go feirc ann, cibé acu istigh nó amuigh an lot ann. «Ach má dhéanann an sagart é a iniúchadh agus go bhfaigheann sé amach go bhfuil an lot tráite tar éis a nite, gearradh sé anuas é den bhall éadaigh, den leathar, den ábhar nó den bhrat. Ach má bhíonn an lot le feiceáil arís ar an mball éadaigh céanna, ar an ábhar, ar an mbrat, nó ar an déantús leathair, is cuma céard é, fágann sin go bhfuil an galar beo agus ní foláir duit tine a chur lena bhfuil loite. Ach an ball éadaigh, an t-ábhar, an brat, an déantús leathair is cuma céard é, lenar scar an lot nuair a níodh é, nítear arís é, agus bíodh sé glan. Sin é an dlí mar le lobhra i mball éadaigh lín nó olla, ábhar nó brat nó déantús leathair is cuma céard é, sa chás go bhfuil siad le fógairt glan nó neamhghlan.» Dúirt an Tiarna le Maois: «Bíodh sé seo mar dhlí don lobhar lá a ghlanta: Tugtar chun an tsagairt é. Téadh an sagart ón gcampa amach. Má fhaigheann an sagart amach, arna iniúchadh, go bhfuil an lobhar leigheasta ón ngalar lobhrach, ordaíodh an sagart an méid seo leanas a bhreith i gcomhair íonghlanadh an duine: dhá éan ghlana bheo, adhmad céadrais, ábhar craorag agus craobh íosóipe. Ordaíodh an sagart ceann de na héin a mharú i soitheach cré os cionn uisce reatha. Ansin beireadh sé leis an t-éan beo, an t-admhad céadrais, an t-ábhar craorag, agus an chraobh íosóipe, agus tumadh sé an méid sin agus an t-éan beo faróthu, i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha. Agus craitheadh sé seacht n-uaire í ar an té atá le híonghlanadh óna lobhra, agus fógraíodh sé glan é, agus scaoileadh sé saor faoi na bánta an t-éan beo. An té a bhíonn á ghlanadh, níodh sé a chuid éadaigh, bearradh sé a ghruaig go léir, níodh sé é féin, agus bíodh sé glan. Ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin, ach ní foláir dó fanacht seacht lá lasmuigh dá bhoth. Ar an seachtú lá bearradh sé a ghruaig go léir idir cheann, mhalaí agus fhéasóg; bearradh sé a ghruaig on bpréamh. Tar éis dó a chuid éadaigh agus é féin a ní, bíodh sé glan. «Ar an ochtú lá beireadh sé leis dhá uan fhireanna agus fóisc gan mháchail, trí dheachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus log ola. An sagart a bhíonn ag comhlíonadh ghnás an ghlanta, tugadh sé an té atá le glanadh agus a ofrálacha os comhair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála. Tógadh sé ceann de na huain agus ofráladh sé é mar íobairt leorghnímh, é sin agus an log ola. Déanadh sé an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna leo seo. Maraíodh sé an t-uan ar an láthair sin san áit naofa mar a maraítear na híobarthaigh pheaca agus uileloiscthe. An íobairt leorghnímh seo, dála an íobairt pheaca, baineann sí leis an sagart; tá sí sárnaofa. Tógadh an sagart fuil na híobartha seo, agus cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té a bhíonn á ghlanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise. Ansin tógadh an sagart an log ola agus doirteadh sé cuid de ar bhois a láimhe clé. Tumadh sé méar dá láimh dheas san ola i mbois a láimhe clé agus croitheadh sé an ola seacht n-uaire lena mhéar i láthair an Tiarna. Ansin cuireadh sé cuid den ola a fhanfaidh ar a bhois ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, agus ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise anuas is é sin ar fhuil an íobairt leorghnímh. Fuílleach na fola i mbois a láimhe cuireadh an sagart é ar cheann an té atá le glanadh. Mar sin a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh i láthair an Tiarna. Ansin ofráladh an sagart an íobairt pheaca agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh ar son an té atá le glanadh. Maraíodh sé ina dhiaidh sin íobarthach an uileloiscthe, agus íobraíodh an sagart an íobairt uileloiscthe agus an abhlann ar an altóir. Nuair a bheidh gnás an leorghnímh comhlíonta ag an sagart dó ar an gcuma sin, bíodh sé glan. «Má bhíonn sé bocht agus gan an méid sin go léir ar a achmhainn, tógadh sé aon uan fireann amháin don íobairt leorghnímh; tá sin le tabhairt i láthair leis an dleacht ar leith a ofráil, chun gnás an leorghnímh a cheiliúradh don duine; ní gá dó a bhreith leis ach deachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus an log ola, agus dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir más acmhainn dó iad ceann d' íobairt pheaca, agus ceann eile don uileloscadh. Ar an ochtú lá ní foláir dó iad a thabhairt chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna ar son a ghlanta. Tógadh an sagart an t-uan don íobairt leorghnímh agus an log ola agus cuireadh sé i láthair an Tiarna iad leis an dleacht ar leith a ofráil. Ansin maraíodh sé an t-uan don íobairt leorghnímh; tógadh an sagart cuid de fhuil an íobairt leorghnímh agus cuireadh sé í ar mhaothán cluaise an té atá le glanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise. Ansin doirteadh an sagart cuid den ola ar bhois a laimhe clé, agus croitheadh sé cuid den ola atá ar a láimh chlé seacht n-uaire lena mhéar i láthair an Tiarna. Cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, ar ordóg á láimhe deise, ar ordóg a choise deise, mar a rinne le fuil an íobairt leorghnímh. An chuid eile den ola a fhanfaidh ar a bhois, cuireadh sé é ar cheann an té atá le glanadh, ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar a shon i láthair an Tiarna. Agus dála an dá cholm nó an dá ghearrcach colúir, más acmhainn dó iad, déanadh sé íobairt pheaca le ceann díobh agus íobairt uileloiscthe leis an gceann eile mar aon le habhlann, de réir a acmhainne. Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh ag an sagart i láthair an Tiarna ar son an duine atá le glanadh. «Sin é an dlí maidir le duine a bhfuil lobhra air agus a bhfuil na hofrálacha glanta thar a acmhainn.» Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón, agus dúirt: «Nuair a shroichfidh sibh tír Chanán, atá á thabhairt agam daoibh mar shealús, agus go leagann mo lámh lobhra ar theach i bhur bhfearann dílis, tagadh an sealbhóir le rabhadh chun an tsagairt: 'Dealraíonn go bhfuil sórt éigin galair i mo theach.' Tugadh an sagart ordú ansin an teach a fholmhú roimh an sagart a dhul ag iniúchadh an ghalair le heagla go bhfógrófaí neamhghlan a mbíonn sa teach. Ansin ní foláir don sagart dul agus an teach a iniúchadh, agus má aimsíonn sé ina iniúchadh paistí glasa nó cróna galair ar na ballaí, agus iad ag dul faoi chneas, ansin téadh an sagart lasmuigh de dhoras, ón teach amach, agus dúnadh sé an teach ar feadh seacht lá. Filleadh an sagart faoi chionn seacht lá, agus iniúchadh; agus má bhíonn an galar leata ar bhallaí an tí, tugadh an sagart ordú na clocha ina bhfuil an galar a thógáil agus a chaitheamh in áit neamhghlan lasmuigh den chathair. Cuireadh sé an teach go léir á scríobadh laistigh, agus an screamh a scríobfar de, caitear í in áit neamhghlan lasmuigh den chathair. Ansin leagtar clocha eile in áit na gcloch úd agus plástráiltear brat nua plástair ar an teach. «Má bhriseann an galar amach arís tar éis na clocha a thógáil chun siúil agus an teach a scríobadh agus a athphlástráil, tagadh an sagart á iniúchadh; má fheiceann sé gur leath an galar, ciallaíonn sin go bhfuil lobhra thógálach sa teach; tá sé neamhghlan. Ní foláir an teach a scartáil, idir chlocha agus admhad agus phlástar, agus iad seo a iompar go háit neamhghlan lasmuigh den chathair. «Aon duine a théann isteach sa teach agus é dúnta, bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon duine a chodlaíonn ann, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus aon duine a itheann sa teach, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní. Ach má thagann an sagart agus an teach a iniúchadh agus a fheiceáil nár leath an galar sa teach tar éis a phlástrála, ansin fógraíodh an sagart an teach a bheith glan, óir tá an galar leigheasta. «Do ghlanadh an tí, tógadh sé dhá éan bheaga, adhmad céadrais, ábhar craorag agus craobh íosóipe; maraíodh sé ceann de na héin i soitheach cré os cionn uisce reatha, agus tógadh sé an t-adhmad céadrais, an chraobh íosóipe, agus an t-ábhar craorag, agus an t-éan beo, agus tumadh sé an méid sin agus an t-éan beo faróthu i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha agus croitheadh sé seacht n-uaire ar an teach í. Tar éis dó an teach a ghlanadh le fuil an éin, leis an uisce reatha, leis an éan beo, leis an adhmad céadrais, leis an gcraobh íosóipe, agus leis an ábhar craorag, scaoileadh sé leis an éan beo saor faoi na bánta ón gcathair amach. Nuair a bhíonn gnás an ghlanta comhlíonta ar an gcuma seo don teach, bíodh sé glan. «Sin é an dlí do gach cás lobhra agus tine dhia, do lobhra éadaigh agus tithe, do at nó do mhéirscre nó do ghearb, á shocrú cathain is glan agus is neamhghlan dóibh. Sin é dlí na lobhra.» Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: «Labhair le clann mhac Iosrael agus abair leo: Nuair a tharlaíonn sileadh ó chorp fir, is neamhghlan é an sileadh sin. Fad a mhaireann an sileadh is mar seo leanas an dlí dá neamhghlaine: cibé acu a choisceann a chorp an sileadh nó nach ndéanann, bíodh sé neamhghlan. An leaba ar a luíonn an fear, agus aon suíochán ar a suíonn sé, bíodh sé neamhghlan. Aon duine a bhaineann lena leaba, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin, agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon duine a shuíonn ar shuíochán ar ar shuigh fear an tsilte, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon duine a bhaineann le corp fir dá dtarlaíonn an sileadh, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin, agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Má chaitheann fear an tsilte seile ar dhuine atá glan, ní foláir dósan a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon diallait ina suíonn fear an tsilte, bíodh sí neamhghlan. Iadsan go léir a bhaineann le haon ní a bhíonn faoi, bídís neamhghlan go nóin. Aon duine a iompraíonn a leithéid, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Iadsan go léir a mbaineann fear an tsilte leo gan a lámha a ní, nídís a gcuid éadaigh, agus nídís iad féin agus bídís neamhghlan go nóin. Gach soitheach cré a mbaineann fear an tsilte leis, bristear é; agus gach soitheach adhmaid déantar é a shruthlú le huisce. Nuair a bhíonn an té óna mbíonn an sileadh leigheasta, fanadh sé seacht lá i mbun a ghlanta. Ansin níodh sé a chuid éadaigh, agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce reatha, agus bíodh sé glan. Ar an ochtú lá tugadh sé leis dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir, agus tagadh sé i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tugadh sé don sagart iad. Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar a cheann i láthair an Tiarna ar an gcuma sin ar son a shilte. Nuair a sceitheann fear a shíol, déanadh sé a chorp go léir a ionladh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon bhall éadaigh nó leathair a mbainfidh an sceith síl leis, ní foláir é a ní le huisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Má luíonn fear le bean agus go sceitheann síol, déanaidís araon iad féin a ionladh, agus beidh siad neamhghlan go nóin. Nuair a sceitheann bean a fuil agus go sileann sí óna corp, maireadh an neamhghlaine óna cúrsaí míosa ar feadh seacht lá; aon duine a bhainfidh léi, bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon leaba ar a luífidh sí agus í mar seo, bíodh sí neamhghlan; aon stól ar a suífidh sí, bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon duine a bhainfidh lena leaba, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon duine a bhainfidh le haon stól ar ar shuigh sí déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Má bhíonn aon ní ar an leaba nó ar an stól ar ar shuigh sí, agus go mbaineann duine leis, bíodh sé neamhghlan go nóin. Má luíonn aon fhear léi, tógfaidh sé an neamhghlaine uaithi. Bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá. Aon leaba ar a luífidh sé, bíodh sí neamhghlan. Má sceitheann bean fuil ar feadh a lán laethanta lasmuigh dá cúrsaí míosa, nó má bhíonn breis faid lena cúrsaí, bíodh an neamhghlaine chéanna ag roinnt léi, le linn an sceite, agus a bheadh le linn a cúrsaí míosa. Aon leaba ar a luífidh sí fad a mhaireann an sceith seo, gurb é an dála céanna aici agus ag an leaba ar a luíonn sí le linn a cúrsaí míosa. Aon stól ar a suífidh sí, bíodh sé neamhghlan dála neamhghlaine a cúrsaí. Aon duine a bhaineann leis na nithe sin, bíodh sé neamhghlan; déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce, agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Nuair a thriomaíonn a sceith, fanadh sí seacht lá, agus ansin bíodh sí glan. Ar an ochtú lá faigheadh sí dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir agus tugadh sí léi chun an tsagairt iad ag doras Bhoth na Teagmhála. Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di i láthair an Tiarna ar an gcuma sin, ar son an sceite a d' fhág neamhghlan í. Seachnaigí clann Iosrael ar a neamhghlaine, le heagla go bhfaighidís bás dá barr, mar go dtruailleoidís mo thaibearnacal atá ina measc. Sin é an dlí do fhear an tsilte agus d' fhear sceite a shíl agus go mbíonn sé neamhghlan dá bharr; don bhean is neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa; do fhear nó do bhean le sileadh, agus d' fhear a luíonn le bean neamhghlan. Tar éis bhás bheirt mhac Árón, nuair a d' ofráladar tine neamhdhleathach i láthair an Tiarna agus gur cailleadh iad, labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire. Seo mar atá Árón le dul isteach sa sanctóir le tarbh óg do íobairt pheaca agus le reithe do uileloscadh. Cuireadh sé ionar de línéadach coisricthe air féin, gléasadh sé é féin i línéadach, agus cuireadh sé crios línéadaigh faoina choim, agus ceannbheart línéadaigh ar a cheann. Tar éis dó é féin a ionladh le huisce, cuireadh sé na héidí naofa seo air féin. «Faigheadh sé dhá phocán gabhair d' íobairt pheaca agus reithe do íobairt uileloiscthe ó chomhthionól chlann Iosrael. Ofráladh Árón an tarbh mar íobairt pheaca ar a shon féin agus ceiliúradh sé gnás an leorghnímh ar a shon féin agus ar son a theaghlaigh. Tugadh Árón an dá phocán leis ansin agus cuireadh sé iad i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála. Cuireadh sé an dá phocán ar cranna, ceann don Tiarna agus an ceann eile do Azázael. An pocán ar a dtitfidh crann an Tiarna, tugadh sé i láthair é agus ofráladh sé é mar íobairt pheaca, ach an pocán ar a dtitfidh crann Azázael, cuirtear i láthair an Tiarna é, agus an t-anam ann, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh air agus é a sheoladh isteach san fhásach go hAzázael. Ofráladh Árón an tarbh mar íobairt pheaca dó féin, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh dó féin agus dá mhuintir; maraíodh sé an tarbh mar íobairt pheaca dó féin. Tógadh sé túiseoir lán de sméaróidí dearga ón altóir os comhair an Tiarna, agus dhá chrobh de thúis mhín chumhra, agus tugadh sé thar fial isteach é, agus cuireadh sé an túis ar an tine i láthair an Tiarna agus folaíodh sé le seamall túise cathaoir na trócaire atá ar an bhFianaise, le heagla an bháis. Ansin tógadh sé cuid d' fhuil an tairbh agus croitheadh sé í lena mhéar ar thosach chathaoir na trócaire; ní foláir dó an fhuil seo a chroitheadh seacht n-uaire lena mhéar os comhair chathaoir na trócaire. «Ansin maraíodh sé an pocán d' íobairt pheaca an phobail, agus tugadh sé a fhuil thar fial isteach. Déanadh sé dála fhuil an tairbh leis an bhfuil seo, agus croitheadh sé í ar chathaoir na trócaire agus os comhair na cathaoireach sin. Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh aige don sanctóir ar son neamhghlaine chlann Iosrael, dá gcionta agus dá bpeacaí go léir; sin é leis mar nach foláir dó a dhéanamh do Bhoth na Teagmhála a fhanann faru i lár a neamhghlaine. Ná fanadh aon duine i mBoth na Teagmhála ón uair a ghabhann sé isteach sa sanctóir ag déanamh leorghnímh go dtagann sé amach. Nuair a bhíonn leorghníomh déanta aige dó féin, agus dá theaghlach agus dá mhuintir, agus do chomhthionól Iosrael go léir, tagadh sé amach agus téadh sé go dtí an altóir atá os comhair an Tiarna agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh uirthi. Tógadh sé cuid d' fhuil an tairbh agus an phocáin agus cuireadh sé í ar bheanna na haltóra timpeall. Croitheadh sé cuid den fhuil seacht n-uaire ar an altóir lena mhéar; sin mar atá sí le glanadh agus le naomhú aige, le híonghlanadh agus le scaradh ó neamhghlaine iomadúil chlann Iosrael. «Nuair a bheidh gnás an leorghnímh don sanctóir, do Bhoth na Teagmhála, agus don altóir, comhlíonta aige, tugadh sé an pocán eile, an ceann beo, i láthair. Leagadh Árón a dhá láimh ar cheann an phocáin bheo, agus admhaíodh sé coireanna uile chlann Iosrael os a chionn, agus a gcionta go léir, agus a bpeacaí go léir; agus leagadh sé sa mhullach air iad. Agus iadsan go léir leagtha sa cheann air, seoladh sé amach faoin bhfásach é ar láimh ag fear a bhíonn ullamh chuige sin; agus iompróidh an pocán ualach a gcoireanna go léir leis amach faoin bhfásach. «Ansin tiocfaidh Árón isteach i mBoth na Teagmhála tar éis dó an gabhar a sheoladh faoin bhfásach. Baineadh sé de an éide lín a chuir sé uime ag dul isteach sa sanctóir, agus fágadh sé ansiúd í. Déanadh sé é féin a ionladh in áit choisricthe, agus ansin cuireadh sé na héidí uime arís, agus gabhadh sé amach arís chun a íobairt uileloiscthe féin agus íobairt uileloiscthe a phobail a ofráil, agus leorghníomh a dhéanamh ar a shon féin agus ar son an phobail; ní foláir dó saill an íobairt pheaca a loscadh ar an altóir. An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin. An tarbh agus an gabhar a ofráladh mar íobairt pheaca, ar tugadh a gcuid fola isteach sa sanctóir do ghnás an leorghnímh, beirtear lasmuigh den champa iad mar a bhfuil a gcraiceann, a bhfeoil, agus a n-otrach le loscadh. An té a dhónn iad, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin. «Bíodh sé seo mar dhlí síoraí agaibh: Ar an deichiú lá den seachtú mí, déanaigí troscadh, agus scoirigí den obair, idir thíorthaíoch agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc. Óir is é seo an lá ar a ndéanfar gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son, d' fhonn sibh a ghlanadh. Glanfar sibh ó bhur bpeacaí go léir i láthair an Tiarna. Bíodh sé ina shaoire shabóide shollúnta agaibh agus déanaigí troscadh. Dlí sioraí é seo. «Sagart arna ungadh agus arna insealbhú chun fónaimh in áit a athar nach foláir an gnás leorghnímh a chomhlíonadh. Cuireadh sé uime an línéadach agus na héidí naofa, agus comhlíonadh sé leorgníomh an tsanctóra naofa, Bhoth na Teagmhála agus na haltóra. Ansin ceiliúradh sé gnás an leorghnímh thar ceann na sagart agus mhuintir an chomhthionóil uile. Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.» Rinneadh mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le hÁrón agus lena chlann agus le clann Iosrael agus abair leo: Seo daoibh briathar an Tiarna, á ordú: Aon duine de theaghlach Iosrael a mharaíonn damh nó uan nó gabhar sa champa nó lasmuigh de, ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal. Ar an gcuma sin, na hainmhithe is mian le clann Iosrael a mharú faoin tuath, tabharfar go dtí an sagart iad, don Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála; déanfaidh siad iad a mharú ina n-íobairtí comaoineach don Tiarna. Croitheadh an sagart an fhuil ar altóir an Tiarna atá ag doras Bhoth na Teagmhála; agus dódh sé an tsaill agus taitneoidh a boladh cumhra leis an Tiarna. Ná déanfaidis a n-íobairtí a ofráil a thuilleadh do na saitirí dá ndearnadar striapachas tráth. Dlí síoraí é seo acu féin agus ag a sliocht ó ghlúin go glúin. «Abair leo chomh maith: Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a ofrálann íobairt uileloiscthe, nó íobairt eile, gan í a thabhairt go doras Bhoth na Teagmhála, chun í a ofráil don Tiarna, gearrtar amach óna phobal é. Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d' aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é. Óir san fhuil atá anam na feola; thug mé daoibh í le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son bhur n-anam ag an altóir; mar is í an fhuil a dhéanann leorghníomh ar son an anama. Uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caitheadh aon duine agaibh fuil, ná aon deoraí ag cur faoi in bhur measc. Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a bheireann sa tseilg ar éan nó ar ainmhí is ceadmhach a ithe, déanadh sé a fhuil a dhoirteadh agus a chlúdach le cré. Óir fuil gach feola is anam di; uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caithigí fuil aon fheola mar is í a fuil anam gach feola agus aon duine a chaithfidh í, gearrfar amach óna phobal é. Aon dúchasach nó deoraí a itheann ainmhí a fuair bás uaidh féin nó a stoll ainmhithe allta, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce; beidh sé neamhghlan go nóin; ansin beidh sé glan. Ach mura ndéanann sé a éadach ná a chorp féin a ní, bíodh deasca a lochta air.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Mise an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe. Géilligí do mo reachtanna agus coimeádaigí mo dhlíthe, agus mairigí dá réir. Mise an Tiarna bhur nDia. Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna. Ní ceadmhach d' aon duine agaibh druidim le bean gharghaoil leis an bhfolach a bhaint dá nochtacht. Mise an Tiarna. Ná bain an folach de nochtacht d' athar, nochtacht do mháthar is é sin; sí do mháthair í, ná bain an folach dá nochtacht. Ná bain an folach de nochtacht bhean d' athar; is í nochtacht d' athar í. Ná bain an folach de nochtacht do dheirféar, cibé acu iníon do d' athair í, nó do do mháthair. Cibé acu a shaolaítear í sa teach céanna nó a mhalairt, ná bain an folach dá nochtacht. Ná bain an folach de nochtacht iníon do mhic ná d' iníne; sí do nochtacht féin a nochtachtsan. Ná bain an folach de nochtacht iníon bhean d' athar a gineadh ó d' athair. Is deirfiúr duit í; ná bain an folach dá nochtacht. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d' athar; óir sí feoil d' athar í. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr do mháthar, óir sí feoil do mháthar í. Ná bain an folach de nochtacht dheartháir d' athar; ná druid, sé sin, lena bhean; sí d' aintín í. Ná bain an folach de nochtacht do bhean mhic; ós í bean do mhic í, ná bain an folach dá nochtacht. Ná bain an folach de nochtacht bhean do dhearthár, óir sí nochtacht do dhearthár í. Ná bain an folach de nochtacht mná agus a hiníne chomh maith; ná beir leat iníon a mic ná a hiníne chun an folach a bhaint dá nochtacht. Siad d' fheoil féin iad; ba chorbadh sin. Ná beir leat ar do chomhluadar ban bean agus a deirfiúr agat san am céanna, chun an folach a bhaint dá nochtacht seo fad mhaireann sí siúd. Ná druid le bean chun luí léi agus í neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa. Ná luigh go collaí le bean do chomharsan; d' fhágfadh sin neamhghlan thú. Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna. Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil. Ná luigh le haon ainmhí; d' fhágfadh sin neamhghlan thú. Ná fanadh bean le hainmhí chun luí leis. Ba bhréan an beart é. Ná déanaigí sibh féin a thruailliú le haon nós díobh sin, óir na ciníocha a dhíbir mé chun slí a thabhairt daoibh, is leosan a rinneadar iad féin a thruailliú. Truaillíodh an talamh; d' agair mé a choir air agus níorbh fholáir dó a dhúchasaigh a sceith de. Ach coinnigí mo reachtanna agus mo dhlíthe agus ná déanaigí idir dhúchasach agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc aon cheann de na nithe gráiniúla sin. Óir rinne an mhuintir a mhair sa tír romhaibhse na nithe gráiniúla sin go léir, agus truaillíodh an talamh. Má thruaillíonn sibhse é, nach ndéanfaidh sé sibh a sceith de mar a rinne leis an gcine a bhí ann romhaibh? Óir aon duine a dhéanann rud gráiniúil díobh sin, is cuma céard é, aon duine a dhéanann a leithéid, ní foláir é a ionnarbadh óna phobal. Coimeádaigí mo rialacha; ná géilligí do na nósanna gránna a bhí i dtreis sula dtáinig sibh; ansin ní dhéanfaidh siad sibh a thruailliú. Mise an Tiarna bhur nDia.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le comhthionól chlann Iosrael go léir agus abair leo: Bigí naofa, óir táimse, an Tiarna bhur nDia, naofa. Bíodh urraim ag gach duine díbh dá athair agus dá mháthair. Coimeádaigí mo shabóidí; mise an Tiarna bhur nDia. Ná hiompaígí chun na n-íol, agus ná dealbhaigí déithe de mhiotal. Mise an Tiarna bhur nDia. Má ofrálann sibh íobairt chomaoineach don Tiarna, déanaigí sibh féin taitneamhach, agus ansin ofrálaigí amhlaidh sin í. Ní foláir í a ithe an lá céanna, nó lá arna mhárach; a mbeidh fágtha an tríú lá ní foláir é a loscadh. Má itear aon chuid di ar an treas lá, is ofráil ghráiniúil í, ní ghlacfar léi. Aon duine a itheann í, bíodh deasca a pheaca air, mar go mbíonn naofacht an Tiarna truaillithe aige; gearrtar amach óna phobal an duine sin. Ag baint an fhómhair de bhur n-ithir, ná bainigí go deireadh an cheann fearainn. Ná bailigh diasa an fhómhair. Ní mó ná sin ba chóir duit d' fhiniúin a lomadh, ná na caora a thit i do fhíonghort a chnuasach. Fág ag an mbocht agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí goid ná calaois ná feall ar bhur gcomharsa. Ná tugaigí leabhar éithigh dar m' ainm agus ainm do Dhé a thruailliú. Mise an Tiarna. Ná déan leatrom ná slad ar do chomharsa. Ná coinnigh tuarastal an fhostaí thar oíche go maidin. Ná cuir mallacht ar an mbalbhán, ná ceap tuisle ar chosán an daill, ach bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna. Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa. Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna. Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin. Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna. Coimeádaigí mo reachtanna. Ná scaoiligí bhur n-eallach chun dáir le malairt chineáil. Ná cuir síol measctha i d' ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar umat. Má luíonn fear le bean agus a chuid féin a dhéanamh di, nuair is leannán daoirsí le duine eile í, gan cheannach gan saoirse, bíodh seisean freagrach sa bhradaíocht ar chearta, ach ná cuirtear chun báis é mar nach raibh sise saor. Tugadh sé íobairt chiontachta chun an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; reithe an íobairt chiontachta. Le reithe seo an íobairt chiontachta déanadh an sagart, thar ceann an duine i láthair an Tiarna, gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son an pheaca a rinne sé; agus maithfear dó an peaca a rinne sé. Nuair a thiocfaidh sibh isteach sa tír agus gach sórt crann toraidh a chur, bíodh meas forchraicinn agaibh ar an toradh; bíodh sé amhail rud gan timpeallghearradh agaibh ar feadh trí bliana, agus ná hithigí é. An ceathrú bliain beidh an toradh go léir naofa, ofráil chéadtorthaí don Tiarna. An cúigiú bliain ní miste daoibh a dtoradh a ithe agus a bhfómhar a chnuasach daoibh féin. Mise an Tiarna do Dhia. Ná hithigí aon fheoil ina mbíonn fuil. Ná cleachtaigí asarlaíocht ná draíocht. Ná bearraigí bhur bhfolt ina chuar ar bhur n-uiseanna timpeall, agus ná gearraigh imill d' fhéasóige. Ná ciorraígí bhur gcorp nuair a chailltear duine, agus ná cuirigí breacadh ar bith orthu. Mise an Tiarna. Ná déan striapach de d' iníon agus í a thruailliú, le heagla go rachadh an tír le striapachas agus go mbeadh sé ar snámh le corbadh. Coimeádaigí mo shabóidí agus bíodh urraim agaibh do mo shanctóir. Mise an Tiarna. Ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí, mar go dtruailleoidís sibh. Mise an Tiarna bhur nDia. Éirigh i do sheasamh don cheann liath agus bíodh urraim agat don duine aosta, agus bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna. Nuair a chuireann deoraí faoi faraibh in bhur ndúiche, ná cuirigí isteach air. An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnais dlí, i dtomhas faid ná meáchain ná toirte; bíodh bhur scálaí agus bhur meáchain cóir; bíodh bhur n-éafá cóir, agus bíodh bhur hín cóir. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as tír na hÉigipte. Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna; leanaigí iad. Mise an Tiarna.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le clann Iosrael: Aon duine de chlann Iosrael nó aon deoraí dá gcuireann fúthu in Iosrael, a thugann aon duine dá leanaí do Mhoilic, cuirtear chun báis é; gabhadh muintir na tíre cloch ar chloch air. Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m' ainm naofa ar an gcuma sin. Má thugann muintir na tíre an tsúil chaoch ar aon slí don duine sin agus é ag tabhairt leanbh leis do Mhoilic, agus gan é a chur chun báis, tabharfaidh mé aghaidh air féin agus ar a threibh, agus gearrfaidh mé amach ona bpobal iad é féin agus cách a leanann é ag déanamh striapachais i ndiaidh Mhoilic. Má théann duine i muinín spioraid na marbh nó na ndraíodóirí, a dhéanamh striapachais ag géilleadh dóibh, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é. Coisricigí sibh féin dá bhrí sin agus bígí naofa óir is mise an Tiarna bhur nDia. Coimeádaigí mo dhlíthe agus leanaigí iad, óir is mise an Tiarna a dhéanann naofa sibh. Uime sin: Aon duine a chuireann mallacht ar athair nó ar mháthair, cuirtear chun báis é; ó chuir sé mallacht ar a athair nó ar a mháthair, bíodh a fhuil ar a mhullach féin. Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é an t-adhaltrach fir agus an t-adhaltrach mná chomh maith. Fear a luíonn le bean a athar, bhain sé an folach de nochtacht a athar. Cuirtear iad araon chun báis; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin. Fear a luíonn le bean a mhic: cuirtear iad araon chun báis. Thruaillíodar a chéile; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin. Fear a luíonn le fear eile mar a dhéanfadh le bean: rinneadar coir ghráiniúil le chéile; cuirtear chun báis iad; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin. Fear a ghabhann chuige bean agus a hiníon: sin corbadh. Loisctear le tine iad, eisean agus iadsan; ná bíodh aon chorbadh in bhur measc. Fear a luíonn le hainmhí: cuirtear chun báis é agus maraítear an t-ainmhí chomh maith. Bean a dhruideann le hainmhí chun luí leis: maraítear an bhean agus an t-ainmhí. Ní foláir iad a mharú; bíodh a bhfuil sa mhullach orthu féin. Fear a ghabhann a dheirfiúr, iníon a mhathar nó iníon a athar, chuige mar bhean: Má fheiceann sé a nochtacht agus go bhfeiceann sise a nochtachtsan, is táire é. Cuirtear chun báis os comhair an phobail iad; bhain sé an folach de nochtacht a dheirféar agus bíodh iarsmaí a dhrochbhirt air. Fear a luíonn le bean le linn a cúrsaí agus a bhaineann an folach dá nochtacht: Nocht sé foinse a fola agus bhain sí an folach d' fhoinse a fola. Déantar iad araon a ionnarbadh óna bpobal. Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d' athar ná dheirfiúr do mháthar, óir sin duine ag nochtadh a fheola féin; bíodh deasca a gcoire orthu. An fear a luíonn le bean a uncail: Bhain sé an folach de nochtacht a uncail. Bíodh deasca a gcoire orthu, agus bás gan sliocht dóibh. An fear a ghabhann bean a dhearthár chuige mar chéile: Sin col. Bhain sé an folach de nochtacht a dhearthár. Bás gan sliocht dóibh. Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann. Ná leanaigí nósanna an náisiúin atá á ndibirt agam romhaibh; chleachtaidís na nithe úd go léir agus uime sin tháinig an ghráin agam orthu. Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo. Uime sin ní foláir daoibh an t-ainmhí glan a scaradh ón neamhghlan, an t-éan neamhghlan ón nglan. Ná truailligí sibh féin le hainmhithe ná le héin, ná le haon ní dá snámhann ar an talamh dár chuir mé i leataobh le bheith neamhghlan agaibh. Bígí naofa domsa, óir is naofa mise, an Tiarna, agus chuir mé i leataobh sibh ó na ciníocha le go mba liomsa sibh. Aon fhear nó bean is asarlaí nó draíodóir, cuirtear chun báis iad; gabhtar de chlocha, cloch ar chloch, orthu. Bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.» Dúirt an Tiarna le Maois: «Labhair leis na sagairt, clann Árón, agus abair leo gan aon duine díobh á thruailliú féin trí dhul i ngar marbháin dá theaghlach, seachas na gaolta is gaire dhó a mháthair nó a athair nó a mhac nó a iníon, nó a dheartháir. Ní miste dó dul faoi neamhghlaine ar son a dheirféar más ógh í; is gairid é a gaol leis mar go bhfuil sí fós gan céile fir. Ná déanadh sé é féin a thruailliú ar son [deirféar] pósta; d' fhágfadh sin neamhghlan é. Ná cleachtaidís bearradh baithise agus ná gearraidís imill a bhféasóige agus ná ciorraidís a gcorp. Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin. Ná gabhaidís chucu mar cheile bean a thruailligh an striapachas, ná bean ar scar a fear léi; óir tá an sagart naofa dá Dhia. Bíodh sé coisricthe agat mar go n-ofrálann sé bia do Dhé. Bíodh sé naofa agat, óir táimse, an Tiarna, a naomhaíonn thú, naofa. Má thruaillíonn iníon sagairt ar bith í féin le striapachas, truaillíonn sí a hathair agus ní foláir í a loscadh le tine. «An sagart a chinneann ar a bhráithre, ar doirteadh an criosma ar a cheann agus a insealbhaíodh, ná mothallaíodh sé a fholt agus ná stolladh sé a chuid éadaigh. Ná téadh sé i ngar corpáin; ná déanadh sé é féin neamhghlan fiú ar son a athar ná a mháthar. Ná gabhadh sé amach ón áit bheannaithe agus ná truaillíodh sé sanctóir a Dhé; óir iompraíonn sé coisreacan a Dhé air féin, an coisreacan a rinneadh air le hola. Mise an Tiarna. «Bean atá fós ina maighdean ní foláir dó a ghabháil chuige mar chéile. Bean atá ina baintreach, nó scartha óna céile, nó truaillithe ag striapachas, ná pósadh sé, ach maighdean dá mhuintir féin bíodh aige mar bhean. Ná truaillíodh sé a shliocht i measc a mhuintire, óir is mise an Tiarna a naomhaíonn é.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le hÁrón: Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin má bhíonn iomard air, ná tagadh sé agus bia a Dhé a ofráil. Ná tagadh aon duine i ngar ar a bhfuil iomard mar dhaille nó coiscéim bhacaí, nó atá ciorraithe nó míchumtha, nó leonta ó chois nó ó láimh, nó atá ina chruiteachán nó ina fhíothal, ná aon duine ar a bhfuil máchail radhairc nó craicinn, nó cneá shilidh, ná atá coillte. Aon duine de shliocht Árón an sagart, ná tagadh sé agus íobairtí loiscthe an Tiarna a ofráil má bhíonn aon iomard air; ná tagadh sé i láthair chun bia a Dhé a ofráil má bhíonn iomard air. Is ceadmhach dó bia a Dhé a ithe, idir shárnaofa agus naofa, ach ná tagadh sé i ngar don fhial agus ná druideadh sé leis an altóir mar go bhfuil iomard air; ná truaillíodh sé na nithe naofa agam; óir is mise an Tiarna a naomhaigh iad.» D' inis Maois an méid sin d' Árón agus dá mhic, agus do chlann Iosrael go léir. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le hÁrón agus lena chlann iad féin a naomhú trí íobairtí naofa chlann Iosrael, agus gan iad a thruailliú m' ainm; ar mo shonsa déanaidís é a naomhú; mise an Tiarna. Abair é seo leo: Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin, má thagann sé i ngar na n-íobairtí naofa a choisric clann Iosrael don Tiarna agus neamhghlaine air, déantar an duine sin a dhíbirt ó mo láthair. Mise an Tiarna. Aon duine de shliocht Árón ar a mbíonn lobhra nó sileadh cneá, ná hitheadh sé na nithe naofa go nglantar é. Aon duine a bhaineann le rud a fágadh neamhghlan ag corpán, nó duine a chailleann síol, nó a dhéantar neamhghlan trí bhaint le snáfach éigin, nó le duine eile a d' fhág air a neamhghlaine féin, cibé sórt í sea, aon duine a raibh caidreamh den sórt sin aige, bíodh sé neamhghlan go nóin, agus ná hitheadh sé na nithe naofa gan a chorp a ní le huisce. Tar éis don ghrian dul faoi, bíodh sé glan agus ní miste dó na nithe naofa a ithe ós iad is beatha dó. Ainmhí a fuair bás uaidh féin, nó a stoll ainmhithe allta, ná hitheadh sé é; d' fhágfadh sin neamhghlan é. Mise an Tiarna. Coimeádaidís mo rialacha, agus ná gabhadh aon chiontacht iad; má bhriseann siad iad, gheobhaidh siad bás; is mise an Tiarna a naomhaíonn iad. Na hitheadh coimhthíoch na nithe naofa; agus ná hitheadh aoi sagairt iad ná fostúch leis. Ach má bhíonn daor a cheannaigh sé ag sagart, ní miste don daor sin iad a ithe, dála an té a rugadh ina theach; óir caitheann siadsan a bhia féin. Má phósann iníon sagairt coimhthíoch, ná hitheadh sí an roinn naofa a cuireadh i leataobh. Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é. Má itheann duine rud naofa gan fhios, déanadh sé é a aisíoc leis an sagart agus cúigiú dá luach de bhreis leis. Ná truaillídís na híobairtí naofa a chuir clann Iosrael i leataobh don Tiarna; d' fhágfadh sé coir orthu iad sin a ithe, rud a d' éileodh íobairt leorghnímh; óir is mise an Tiarna a naomhaigh na híobairtí seo.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair é seo le hÁrón, lena chlann mhac, agus le clann Iosrael: Nuair a dhéanann aon duine de theaghlach Iosrael nó aon duine de na deoraithe in Iosrael, ofráil a thabhairt ar son móide nó mar íobairt dheonach le hofráil don Tiarna mar íobairt uileloiscthe, ní mór dó, má tháthar le glacadh leis, fireannach gan mháchail a ofráil, damh nó caora nó gabhar. Ná híobraígí aon ní ar a bhfuil máchail óir ní ghlacfaí leis ar bhur son. Nuair a ofrálann duine íobairt chomaoineach don Tiarna, mar chomhlíonadh móide nó mar íobairt dheonach, bíodh an t-ainmhí más den tréad nó den táin é foirfe má tháthar chun glacadh leis; bíodh sé gan mháchail. Ainmhí dall, bacach, nó ciorraithe, ainmhí le neascóidí le tochas nó le gearba, ná hofrálaigí don Tiarna é. Ná leagaigí aon ruainne d' ainmhí den sórt sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide. Ná hofrálaigí don Tiarna aon ainmhí le margairlí brúite, briste, gearrtha anuas nó gonta; ná déanaigí amhlaidh in bhur dtír féin agus ná glacaigí lena leithéid ó lámha deoranta le hofráil mar bhia do bhur nDia. Ainimh í a máchail a d' fhágfadh nach nglacfaí leo ar bhur son.» Labhair an Tiarna le Maois, agus dúirt: «Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. Ach ná maraigh an mháthair, más bó más caora, ar an aon lá lena hóg. Má ofrálann sibh íobairt bhuíochais don Tiarna, ofrálaigí í ar mhodh inghlactha. Ní foláir í a ithe an lá céanna gan aon chuid di a choimeád go maidin. Mise an Tiarna. «Coimeádaigí m' aitheanta agus déanaigí dá réir. Mise an Tiarna. Ná truailligí m' ainm naofa d' fhonn go naomhófaí mé i measc chlann Iosrael; mise an Tiarna a naomhaíonn sibh. Mise a thug amach sibh ó thalamh na hÉigipte le bheith mar Dhia agaibh. Mise an Tiarna.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: (Sollúna an Tiarna dá nglaonn tú iad, is tionóil naofa iad.) Seo iad m' fhéilte sollúnta! Déanaigí saothar ar feadh sé lá, ach bíodh an seachtú lá ina lánsaoire, ina lá comhthionóil naofa nach ndéanfar saothar ar bith. Cibé ait ina mbíonn cónaí oraibh, sabóid don Tiarna é seo. Seo iad féilte sollúnta an Tiarna, na tionóil naofa dá ngairfidh sibh clann Iosrael ar an lá ceaptha. An ceathrú lá déag den chéad mhí, idir dhá nóin, sin é Cáisc an Tiarna. An cúigiú lá déag den mhí chéanna féile an tSlimaráin ag an Tiarna; ithigí arán slim ar feadh seacht lá. An chéad lá bíodh tionól naofa agaibh, gan aon saothar trom a dhéanamh. Ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna ar feadh seacht lá; bíodh comhthionól naofa agaibh an seachtú lá, gan aon obair a dhéanamh.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a théann sibh isteach sa tír atá á thabhairt agam daoibh, agus a fhómhar a bhaint, tugaigí céadphunann bhur bhfómhair go dtí an sagart. Cuireadh sé i láthair an Tiarna í mar dhleacht ar leith, d' fhonn go nglacfaí libh. Amárach na sabóide a dhéanfaidh an sagart an ofráil seo. An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. Sé a bheidh in abhlann an lae sin, dhá dheachú de phlúr mín fuinte le hola, íobairt uileloiscthe a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. An ofráil dí, bíodh sí d' fhíon, ceathrú hín. Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh. Ón lá tar éis na sabóide, ón lá a thug sibh libh punann na hofrála dleachta, comhairigí seacht lánseachtainí. Comhairigí leathchéad lá go dtí an lá tar éis an seachtú sabóid, ansin ofrálaigí abhlann de ghrán úr don Tiarna. Tugaigí libh ó bhur dtithe, le cur i láthair mar dhleacht ar leith, dhá bhuilín fuinte as dhá dheachú dephlúr mín bruite le gabháile; céadtorthaí don Tiarna iadsan. Fara an arán, ofrálaigí seacht n-uan bliana gan mháchail, tarbh óg agus dhá reithe, mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar aon le habhlann agus íobairt dí, agus íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. Ofrálaigí pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca, agus dhá uan bhliana fhireanna mar íobairt chomaoineach. Cuireadh an sagart i láthair an Tiarna iad mar dhleacht ar leith, mar aon le harán na gcéadtorthaí. Is nithe naofa don Tiarna iadsan agus an dá uan agus fillidís ar an sagart. Bíodh comhthionól agaibh an lá céanna sin, comhthionól naofa; ní dhéanfaidh sibh aon saothar trom. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht, cibé áit ina mbeidh cónaí oraibh. Nuair a bhainfidh sibh fómhar bhur bfearainn, ná bainigí go ceann fearainn ar fad é, agus ná cnuasaigí na diasa tar éis an fhómhair. Fágaigí ag an mbochtán agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair: An chéad lá den seachtú mí, bíodh sé ina shaoire shollúnta agaibh, cuimhneachán fógartha ag séideadh an trumpa, comhthionól naofa. Ná déanaigí obair throm, ach ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «An deichiú lá den seachtú mí Lá an Leorghnímh agaibh. Bíodh comhthionól naofa agaibh. Déanaigí troscadh agus ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna. Ná déanaigí aon obair an lá sin, óir is é Lá an Leorghnímh é, ina bhfuil gnás an leorghnímh le comhlíonadh ar bhur son i láthair an Tiarna bhur nDia. Aon duine nach ndéanann troscadh an lá sin, déantar é a ionnarbadh óna phobal; aon duine a dhéanann obair an lá sin scriosfaidh mé ó lár a phobail é. Ná déanaigí aon sórt oibre; is reacht síoraí é sin do bhur sliocht, cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh. Bíodh sé seo ina shabóid saoire shollúnta agaibh, agus déanaigí troscadh. Tráthnóna an naoú lá den mhí, uaidh sin go dtí an tráthnóna dár gcionn, bíodh sé ina shabóid agaibh.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: An cúigiú lá déag den seachtú mí seo féile na dTaibearnacal don Tiarna, agus maireadh sé seacht lá. Lá comhthionóil naofa an chéad lá; ná déanaigí aon obair throm an lá sin. Ar feadh seacht lá ofrálaigí íobairtí dóite don Tiarna; ar an ochtú lá bíodh comhthionól naofa agaibh agus déanaigí íobairt dhóite don Tiarna. Ceiliúradh clabhsúir é. Ná déanaigí aon obair throm an lá sin. Sin iad féilte cinnte an Tiarna atá le fógairt agaibh mar thráthanna tionóil naofa chun íobairtí dóite a ofráil don Tiarna, agus uileloiscthigh agus abhlanna, íobairtí agus ofrálacha dí, de réir ghnás gach lae, seachas sabóidí an Tiarna, agus bhur dtabhartais, agus seachas na nofrálacha móide agus deona go léir a dhéanann sibh don Tiarna. Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, nuair a bheidh torthaí na talún cnuasaithe agaibh, déanaigí féile an Tiarna a cheiliúradh ar feadh seacht lá. Bíodh an chéad lá agus an t-ochtú lá ina lánsaoire. An chéad lá, togaigí torthaí de thogha na gcrann, géaga pailme, craobha crann duilleach, saileoga an tsrutháin, agus déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia ar feadh seacht lá. Déanaigí feile a cheiliúradh don Tiarna ar an gcuma sin ar feadh seacht lá gach bliain. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht. Ceiliúraigí í sa seachtú mí. Mairigí faoi scáthláin ar feadh seacht lá; maireadh gach Iosraelach dúchais faoi scáthláin, i dtreo go mba eol do bhur sliocht gur chuir mé d' iallach ar chlann Iosrael maireachtáil faoi scáthláin nua a thug mé amach iad as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna, bhur nDia.» Thug Maois tuairisc ar fhéilte sollúnta an Tiarna do chlann Iosrael ar an gcuma sin. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Ordaigh do chlann Iosrael ola ghlan ológ a thabhairt chugat don lóchrann chun go mbeadh solas ar lasadh ann i gconaí. Lasmuigh de fhial na Fianaise, i mBoth na Teagmhála, bíodh Árón i bhfeighil an tsolais seo. Bíodh sé ar lasadh ansiúd i láthair an Tiarna ó nóin go maidin gan teip. Reacht síoraí é sin do bhur sliocht. Coimeádadh Árón na soilse i gcóir ar an gcoinnleoir d' ór glan i láthair an Tiarna i gcónaí. «Gabh chugat roinnt plúir mhín agus bruith dhá bhairín déag de, dhá dheachú d' éafá i ngach ceann. Ansin leag iad ina dhá rang, sé cinn an rang, ar an mbord glan atá i láthair an Tiarna. Cuir túis ghlan le gach rang. Sin é an bia a ofrálfar mar chuimhneachán don Tiarna ina ofráil dhóite. Cuirtear in ord i láthair an Tiarna iad gach sabóid gan teip; cuireadh clann Iosrael ar fáil iad trí chonradh síoraí. Bainidís le hÁrón agus lena chlann mhac agus ithidís iad in áit naofa, óir is roinn shárnaofa aige iad d' íobairtí dóite an Tiarna, dleacht síoraí.» Bhí fear ann arbh Iosraelach mná a mháthair agus arbh Éigipteach a athair. Tháinig sé óna theach amach agus chuaigh faoin gcampa i measc chlann Iosrael agus chrom sé mac na hIosraelaí ar aighneas le hIosraelach sa champa. Ansin thug mac na hIosraelaí diamhasladh don Ainm agus mhallaigh é. Thugadar go Maois é (Sealomaít iníon Dibrí de threibh Dán ainm a mháthar). Chuireadar i gcarcair é go nochtfaí toil an Tiarna dóibh. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann. Ansin abair le clann Iosrael: Aon duine a mhallaíonn a Dhia, iompraíodh sé ualach a pheaca. An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é. An té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é. An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; anam ar anam. Má dhéanann duine a chomharsa a leonadh, déantar leis a ndearna sé, briseadh ar bhriseadh, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail. Déantar ciorrú air dála an chiorraithe a rinne sé. An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; agus an té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é. Bíodh an t-aon bhreith agaibh ar dhúchasach agus ar dheoraí; óir is mise an Tiarna bhur nDia.» Nuair a bhí an méid sin ráite ag Maois le clann Iosrael, thugadar an té a rinne an mallú as an gcampa amach agus ghabhadar de chlocha ann. Rinne clann Iosrael mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois ar an gcuma sin. Labhair an Tiarna le Maois ar Shliabh Shíonái, agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a rachaidh sibh isteach san fhearann atá á thabhairt agam daoibh, bíodh sabóid sosa ag an bhfearann don Tiarna. Cuir síol i d' ithir ar feadh sé bliana, agus bearr d' fhiniúin agus cnuasaigh a toradh. Ach an seachtú bliain, bíodh sabóid shollúnta sosa, sabóid don Tiarna, ag d' fhearann; ná cuir d' ithir, agus ná bearr d' fhiniúin, ná bain fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora de d' fhiniúin gan bearradh. Bíodh sí ina bliain sosa ag an bhfearann. Beidh sabóid an fhearainn féin ina cothú agat féin agus ag do dhaoir, idir fhir agus mhná, ag do fhear tuarastail, agus ag an deoraí a chónaíonn leat. Bíodh a fómhar go léir mar chothú ag d' eallach chomh maith agus ag an stoc ar do thalamh. Comhair seacht seachtaine de bhlianta, sé sin aga seacht faoi sheacht de bhlianta; naoi mbliana agus daichead a bheidh sna seacht seachtaine de bhlianta. Ar an deichiú lá den seachtú mí cuir an trumpa á shéideadh; ar Lá an Leorghnímh cuirigí an trumpa á shéideadh ar fud na críche. Fogair an leathchéadú bliain naofa, agus fógraigí saoirse do lucht áitribh na tíre go léir; bíodh sí seo ina bliain iubhaile agaibh; filleadh gach duine agaibh ar a dhúchas, gach duine ar a mhuintir féin. Bíodh an leathchéadú bliain sin ina bliain iubhaile agaibh; ná cuirigí síol, ná bainigí fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora d' fhiniúin gan bearradh. Bíodh an iubhaile naofa agaibh agus caithigí cnuas an mhachaire. I mbliain seo na hiubhaile filleadh gach duine agaibh ar a shealúchas dúchais. Má dhéanann tú aon rud a dhíol le do chomharsa nó a cheannach uaidh, ná sáraigh an fear thall. Má dhéanann tú ceannach ó do chomharsa, cuirtear san áireamh líon na mblianta ón iubhaile; de réir líon na mblianta toraidh, déanadh sé an margadh leat. Dá mhéad é líon na mblianta, is ea is mó an praghas a thabharfaidh tú; dá laghad é líon na mblianta is ea is mó an lascaine; óir is líon áirithe fómhar atá á ndíol aige. Ná déanadh aon duine agaibh éagóir ar a chomharsa, ach bíodh eagla oraibh roimh bhur nDia. Mise an Tiarna bhur nDia. Déanaigí dá bhrí sin de réir mo dhlíthe agus coimeádaigí mo reachtanna; agus cleachtaigí iad, agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách. Tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh, agus íosfaidh sibh bhur sáith agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách. Sa chás go bhfiafródh sibh cad a íosfaimid an seachtú bliain seo gan síol a chur ná fómhar a bhailiú, d' ordaigh mé mo rath a bheith oraibh sa séú bliain i gconaí i dtreo go mbeadh dóthain trí bliana de thoradh inti. Beidh an seantoradh fós á ithe agaibh agus sibh ag cur san ochtú bliain; sea agus beidh an seantoradh á ithe agaibh fós sa naoú bliain agus sibh ag feitheamh le fómhar na bliana sin. Ná díoltar an talamh amach go deo, óir is liomsa an talamh agus níl ionaibhse ach lucht deoraíochta agus aíochta agamsa. An talamh go léir in bhur seilbh, beidh ceart fuascailte air. Má luíonn an bochtanas ar do dheartháir agus go gcaitheann sé a oidhreacht a dhíol, tagadh an gaol is gaire dó chuige agus déanadh sé a mbíonn díolta ag a dheartháir a fhuascailt. Mura mbíonn fear a fhuascailte aige, ach go dtagann speilp air féin, agus go mbíonn sás a fhuascailte aige, déanadh sé líon na mblianta den díshealbhú a bhíonn gan caitheamh aige a áireamh, agus an tsuim ar son an fhaid a bhíonn le dul a íoc leis an té a cheannaigh, agus a shealúchas a fháil ar ais ar an gcaoi sin. Ach mura mbíonn go leor maoine aige chun é a fháil ar ais uaidh féin, ansin fanadh a mbíonn díolta aige i seilbh an té a cheannaigh go bliain na hiubhaile; i mbliain na hiubhaile ní foláir dósan é a scaoileadh agus fillfeadh sé siúd ar a shealúchas. Má dhíolann duine teach cónaithe i gcathair chaisil, beidh ceart fuascailte aige air go ceann bliana tar éis é a dhíol. Ní mhairfidh a cheart fuascailte thar bhliain. Mura bhfuasclaítear é laistigh de bhliain slán, bíodh an teach seo sa chaiseal de sheilbh dhílis shíoraí ag an té a cheannaigh agus ag a shliocht; ní scaoilfear leis sa iubhaile. Ach na tithe sna sráidbhailte gan caiseal umpu, áirítear iad le talamh na dúiche timpeall; bainfidh ceart fuascailte leo agus ní foláir don té a cheannaigh scaoileadh leo sa iubhaile. Ach maidir le cathracha na Léivíteach, beidh ceart fuascailte acu chun aon sealúchais leo sna cathracha go brách. Mura gcuireann Léivíteach a cheart fuascailte i bhfeidhm, tagadh an ceannaitheoir amach sa iubhaile as an teach a díoladh agus filleadh sé ar a theach féin, ar an mbaile ina bhfuil ceart seilbhe aige. Óir na tithe i gcathracha na Léivíteach is leo iad i measc chlann Iosrael. Agus an talamh beatha coimín timpeall ar na cathracha seo, ní féidir é a dhíol mar is leo é go brách. Má éiríonn do bhráthair atá farat dealbh, agus nach féidir leis é féin a chothú farat, ní foláir duit é a chothú mar a dhéanfá deoraí nó aoi, agus maireadh sé fós farat. Ná héiligh ús ná ioncamas uaidh; bíodh eagla do Dhé ort agus lig do do dheartháir maireachtáil farat. Ná tabhair iasacht airgid ar ús dó, agus ná tabhair bia dó ag súil le breis. Mise an Tiarna bhur nDia a thug amach sibh as tír na hÉigipte chun talamh Chanán a thabhairt daoibh agus a bheith i mo Dhia agaibh. Má éiríonn do bhráthair taobh leat dealbh agus é féin a dhíol leat, ná leag saothar daoir air. Bíodh sé amhail fear tuarastail nó deoraí agat, agus oibríodh sé duit go bliain na hiubhaile. Ansin imíodh sé uait, é féin agus a chlann agus filleadh sé ar a mhuintir féin agus gabhadh sé seilbh arís ar a mhaoin dhúchais. Óir is searbhóntaí liomsa iadsan agus thugas ón Éigipt amach iad agus níl siad le reic mar dhaoir. Ná bí i do mháistir dian air, ach bíodh eagla do Dhé ort. Maidir leis na daoir idir fhir is mhná a bheidh agat, tagaidís ó na ciníocha i do thimpeall; ceannaigh daoir agus daoirseacha uathusan. Ní miste daoibh chomh maith iad a cheannach ó i measc na gcoimhthíoch a chónaíonn in bhur measc agus óna gclann a chonaíonn in bhur measc agus a saolaíodh ar bhur dtailte. Bíodh seilbh agaibh orthusan. Ní miste daoibh iad a fhágáil le huacht ag bhur gclann mhac in bhur ndiaidh le bheith ina seilbh go brách. Bídís-sean mar dhaoir agaibh, ach ná bígí in bhur máistrí diana ar bhur mbráithre, clann Iosrael. Má éiríonn coimhthíoch nó deoraí in bhur measc saibhir agus bhur mbráthair taobh leis a fháil dealbh agus é féin a reic leis siúd, leis an gcoimhthíoch nó leis an deoraí in bhur measc nó le duine dá mhuintir siúd, tar éis a reaca beidh ceart fuascailte aige agus féadann bráthair leis é a fhuascailt. Is féidir do dheartháir a athar, do mhac dearthár a athar, nó do dhuine dá mhuintir féin é a fhuascailt; má thagann speilp air féin, is féidir dó é féin a fhuascailt. I gcomhairle le fear a cheannaithe, déanadh sé líon na mblianta ó bhliain a dhíolta go bliain na hiubhaile a áireamh; ní foláir méid na táille fuascailte a mheas de réir líon sin na mblianta; déantar an t-am a bhíonn tugtha aige dá mháistir a thomhas de réir tuarastal fostaí. Má bhíonn a lán blianta le dul fós, ansin ní foláir dó, de réir líon na mblianta, cuid dá phraghas reaca a aisíoc ar son a fhuascailte. Mura mbíonn ach an beagán blianta le dul go dtí bliain na hiubhaile, ní foláir dó táille a fhuascailte a mheas leis de réir líon na mblianta seirbhíse atá dlite uaidh. Déantar an meastachán amhail is dá mba fhear ar tuarastal é ó bhliain go bliain. Féach chuige nach mbítear dian ar an bhfear. Mura ndéantar é a fhuascailt ar aon slí díobh sin scaoiltear saor é i mbliain na hiubhaile, é féin agus a chlann in éineacht leis. Óir is searbhóntaí liomsa clann seo Iosrael; is searbhóntaí iad a thug mé amach as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia. Coimeádaigí mo shabóidí agus tugaigí onóir do mo shanctóir. Mise an Tiarna. Má mhaireann tú de réir mo dhlíthe, agus má choimeádann tú m' aitheanta agus iad a chomhlíonadh, tabharfaidh mé an fhearthainn is gá daoibh in am agus i dtráth; tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh agus crainn an mhachaire a gcnuas. Mairfidh bualadh bhur n-arbhair go fómhar an fhíona; mairfidh fómhar an fhíona go cur an tsíl. Íosfaidh sibh bhur sáith aráin, agus mairfidh sibh in bhur dtír beag beann ar chách. Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír. Rachaidh sibh sa tóir ar bhur naimhde agus titfidh siad de rinn bhur gclaímh. Rachaidh cúigear agaibh sa tóir ar chéad agus céad agaibh sa tóir ar dheich míle; agus titfidh bhur naimhde de rinn bhur gclaímh. Cuirfidh mé spéis ionaibh agus déanfaidh mé rathúil líonmhar sibh agus daingneoidh mé mo chonradh libh. Íosfaidh sibh bhur sáith d' fhómhar na bliana caite agus caithfidh sibh an sean amach chun slí a dhéanamh don nua. Cuirfidh mé suas mo bhoth in bhur measc, agus ní bheidh an ghráin agam oraibh. Mairfidh mé in bhur measc; beidh mé i mo Dhia agaibh, agus beidh sibh mar phobal agam. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as talamh na hÉigipte d' fhonn nach mbeadh sibh in bhur ndaoir acu a thuilleadh. Bhris mé an chuing lenar ceanglaíodh sibh, agus d' fhág mé ag siúl ceannard sibh. Mura n-éisteann sibh liom, agus gach ceann de na haitheanta seo a chomhlíonadh, má dhiúltaíonn sibh do mo dhlíthe agus más beag oraibh mo reachtanna, agus má bhriseann sibh mo chonradh trí fhaillí a dheanamh i m' aitheanta, ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é. Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n-eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh. Mura n-éisteann sibh liom dá ainneoin sin, déanfaidh mé sibh a phionósú arís faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí. Brisfidh mé bhur neart uabhair; fágfaidh mé bhur spéir ina iarann agaibh agus bhur dtalamh ina phrás. Meilfidh sibh bhur neart in aisce; ní thabharfaidh bhur dtalamh a thoradh uaidh, ná bhur gcrainn a gcnuas. Má chuireann sibh i m' aghaidh agus gan éisteacht liom, leagfaidh mé na plánna sin oraibh mar phionós faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí. Scaoilfidh mé ainmhithe allta fúibh, agus déanfaidh siad slad ar bhur leanaí agus creach ar bhur n-eallach agus díothú ar bhur líon nó go mbeidh bhur mbóithre tréigthe. Mura ndéanann an méid sin sibh a iompú ar ais chugam, ach go mbíonn sibh fós ag cur i m' aghaidh, cuirfidh mise chomh maith mé féin in bhur n-aghaidhne, agus buailfidh mé le pionós faoi sheacht sibh de bharr bhur bpeacaí. Seolfaidh mé an claíomh in bhur n-aghaidh ag díolt an chonartha; má chruinníonn sibh ar scáth a chéile in bhur gcathracha, seolfaidh mé plá in bhur measc agus tabharfar ar láimh do bhur naimhde sibh. Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t-arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh. Agus mura n-éisteann sibh liom dá ainneoin sin, ach cur i m' aghaidh, cuirfidh mé in bhur n-aghaidh le fraoch feirge, agus leagfaidh mé pionós faoi sheacht oraibh de bharr bhur bpeacaí. Íosfaidh sibh feoil bhur mac féin agus íosfaidh sibh feoil bhur n-iníonacha féin. Scriosfaidh mé bhur n-áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n-altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n-íol marbh; beidh an ghráin ag m' anam oraibh. Fágfaidh mé bhur gcathracha ina bhfothracha; scartálfaidh mé bhur sanctóirí; ní bholóidh mé cumhracht libh a thaitneoidh liom. Scriosfaidh mise, sea mise féin, an talamh i dtreo go gcuirfidh sé alltacht ar bhur naimhde a chuirfidh fúthu ann. Scaipfidh mé sibh i measc na gciníocha agus nochtfaidh mé an claíomh ar bhur sála; millfear bhur gcríocha agus déanfar fásach de bhur gcathracha. Beidh a shabóidí ag bhur bhfearann ansin gan amhras agus é bánaithe agus sibhse i gcríocha bhur naimhde. Beidh suaimhneas agus sabóidí ansin gan amhras ag an bhfearann. Fad a fhágfar bánaithe é, beidh suaimhneas aige, rud nach raibh aige le linn bhur sabóidíse nuair a bhí cónaí oraibh ann. Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir. Titfidh siad muin mairc a chéile faoi mar bheidís ag teitheadh ó chlaíomh, ach gan aon tóir orthu. Ní bheidh sé de chumas ionaibh seasamh in aghaidh bhur naimhde. Scriosfar sibh i measc na gciníocha agus slogfaidh críocha bhur naimhde sibh. A mbeidh fágtha díbh, seargfaidh siad i gcríocha a naimhde de bharr a bpeacaí; de bharr peacaí a n-aithreacha chomh maith, seargfaidh siad ar aon dul leo. Ach má admhaíonn siad a bpeacaí agus peacaí a n-aithreacha trína ndearnadar feall i m' aghaidh, sea agus trínar chuireadar i mo choinne, i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí, ansin cuimhneoidh mé ar mo chonradh le Iacób, agus ar mo chonradh le hÍosác, agus ar mo chonradh le hAbrahám; agus cuimhneoidh mé ar an tír. Arna thréigean acusan, coimeádfaidh an talamh a shabóidí agus é bánaithe gan iad. Ach ní foláir dóibh leorghníomh a dhéanamh ina bpeaca, ó ba bheag orthu mo reachtanna agus ba fhuath leo mo dhlíthe. Ní bheidh deireadh déanta, áfach. Nuair a bheidh siad i dtír a naimhde, ní thabharfaidh mé cúl leo ná ní bheidh an ghráin agam orthu i slí is go scriosfainn ar fad iad agus go mbrisfinn mo chonradh leo; óir is mise an Tiarna a nDia. Cuimhneoidh mé, ar a son, ar an gconradh a rinne mé lena sinsir a thug mé amach ó thír na hÉigipte os comhair na gciníocha d' fhonn go mbeinn i mo Dhia acu, mise, an Tiarna.» Seo iad na reachtanna, na gnásanna, na dlíthe a bhunaigh an Tiarna idir é féin agus clann Iosrael ar Shliabh Shíonái trí láimh Mhaois. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a mhóidíonn duine luach pearsan don Tiarna agus gur mian leis a mhóid a chomhlíonadh, ansin bíodh leathchéad seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin mar luach agat ar fhear idir fiche agus trí fichid bliain; bíodh deich seicil fichead mar luach agat ar bhean; bíodh fiche seicil mar luach agat ar bhuachaill idir cúig agus fiche bliain, agus deich seicil ar chailín. Bíodh cúig sheicil airgid mar luach agat ar bhuachaill idir mí agus cúig bliana, agus trí sheicil ar chailín. Bíodh cúig sheicil déag mar luach agat ar fhear ó thrí fichid amach, agus deich seicil ar bhean. Má bhíonn an duine róbhocht chun do luacháil a íoc, tugadh sé an té a bhíonn i gceist i láthair an tsagairt, agus déanadh an sagart luach a leagan de réir acmhainne an té a thug an mhóid. Más ainmhí a bhíonn i gceist a d' oirfeadh mar ofráil don Tiarna, aon ainmhí den sórt sin a thugann duine don Tiarna, beidh sé coisricthe. Ná déanadh sé é a mhalartú, ná a mhalairt a chur ina áit ceann maith in ait droch-chinn, droch-cheann in áit an chinn mhaith. Má mhalartaíonn sé ainmhí ar ainmhí eile, bídís araon coisricthe. Más ainmhí neamhghlan a bhíonn i gceist, nach n-oirfeadh a ofráil don Tiarna, ní foláir dó é a chur i láthair an tsagairt, cibé rud é. Cuireadh seisean luach air, á mheas a bheith go maith nó go holc. Mar a mheasann tusa an sagart é, sin mar a bheidh sé. Más mian leis an duine é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach. Nuair a dhéanann duine a theach a choisreacan don Tiarna, déanadh an sagart a luach a shocrú, á mheas go hard nó go híseal. Seastar le breith an tsagairt ar a luach. Ach más mian leis an té a choisric a theach é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach agus bíodh sé ar ais aige. Má dhéanann duine gort dá oidhreacht athartha a choisreacan don Tiarna, déan a luach a mheas de réir a thorthúlachta, leathchéad seicil airgid an t-ómar eorna. Má dhéanann sé an gort a choisreacan bliain na hiubhaile, seasadh sé leis an lánluach seo agat. Má dhéanann sé é a choisreacan tar éis bhliain na hiubhaile, déanadh an sagart an luach in airgead a mheas de réir an líon blianta fós go dtí an chéad iubhaile eile, agus déantar do luacháil a laghdú dá réir. Más mian leis an té a choisric, an gort a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú leis an luach, agus fanadh an gort aige féin. Mura ndéanann sé é a fhuascailt ach é a dhíol leis an bhfear thall, tá deireadh leis an gceart fuascailte; agus nuair a shaortar an gort bliain na hiubhaile, déanann ní coisricthe don Tiarna arís de, ar aon dul le talamh faoi bhang; faigheann an sagart seilbh air. Má choisriceann duine gort a cheannaigh sé, gort nach aon chuid dá sheilbh oidhreachta, don Tiarna, ansin déanadh an sagart a luach a mheas as sin go bliain na hiubhaile, agus díoladh an duine suim a luacha an lá sin mar dhéanfadh ar rud coisricthe don Tiarna. I mbliain na hiubhaile fillfidh an gort ar an díoltóir, an duine ar leis é de sheilbh oidhreachta. Déantar gach luacháil de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará an seicil. Níl sé de chead ag aon duine céadghin a n-ainmhithe a choisreacan, óir mar chéadghin is leis an Tiarna é ó cheart; cibé acu damh nó caora é is leis an Tiarna é. Más ainmhí neamhghlan é, ní miste é a cheannach ar ais, ar an luach ar ar mheas tú é ach cúigiú leis; mura ndéantar é a fhuascailt, díoltar é ar an luach ar ar mheas tú é. Aon ní a leagann duine faoi bhang don Tiarna, ní féidir é a dhíol ná é a fhuascailt aon chuid dá shealúchas, duine nó ainmhí, nó gort dá oidhreacht. Aon rud a chuirtear faoi bhang, is rud sárnaofa é agus baineann sé leis an Tiarna. Aon duine daonna a chuirtear faoi bhang, atá le scrios ó láthair daoine, ní féidir é a fhuascailt, ní foláir é a chur chun báis. Deachúna uile na talún, más de thoradh na talún más de chnuas na gcrann, is leis an Tiarna iad; tá siad naofa don Tiarna. Más mian le duine cuid dá dheachú a fhuascailt, cuireadh sé a cúigiú léi. Gach deachú tréada agus tána, gach deichiú ainmhí dá ngabhann faoi bhachall an aoire, bíodh sé naofa don Tiarna. Ná bíodh aon togha ná díogha na malartú. Má dhéantar malartú, déantar idir mhalairt ainmhí agus mhalartach a choisreacan don Tiarna, gan cead fuascailte.» Sin iad na haitheanta a d' aithin an Tiarna do Mhaois thar ceann chlann Iosrael ar Shliabh Shíonái. Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt: «Déanaigí daonáireamh ar chomhthionól uile chlann Iosrael de réir chlann agus fine athartha, ag cur ainm gach fireannaigh, ceann ar cheann, san áireamh. Gach fear in Iosrael os cionn fiche bliain agus é ar a chumas airm a iompar, déansa agus Árón iad a áireamh agus a ainmniú do láthair chatha. Agus bíodh duine as gach treibh, ceann a fhine athartha, ag cabhrú libh sa ghnó seo. «Seo iad ainmneacha bhur lucht cúnta: Do Reúbaen, Eilíozúr mac Shidéúr. Do Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiríseadái. Do Iúdá, Nachson mac Amaíneádáb. Do Íosácár, Natanael mac Zúár. Do Zabúlun, Eilíáb mac Haelon. Do mhic Iósaef: do Eafráim, Eilíseámá mac Aimíohúd; agus do Mhanaise, Gamailíéil mac Phadázúr. Do Bhiniáimin, Aibíodan mac Ghideoiní. Do Dhán, Aichíeizir mac Aimíseadái. Do Áiséar, Paigíéil mac Ocrán. Do Ghád, Eiliásáf mac Dheúael. Do Naftáilí, Aichíora mac Aenán.» Oirearca an chomhthionóil iadsan, ceannairí a dtreibheanna dúchais, treoraithe shluaite Iosrael. Rug Maois agus Árón na daoine seo, ar luadh a n-ainmneacha, leo agus ar an gcéad lá den dara mí thionóladar an comhthionól go léir. Rinne clann Iosrael go léir a nginealach a chur isteach de réir fine agus clainne, agus áiríodh ainm gach fir fiche bliain nó breis, ceann ar cheann. Rinne Maois daonáireamh orthu i bhfásach Shíonái mar a d' ordaigh an Tiarna dó. Nuair a bhí ginealach mhuintir Reúbaen, céadghin Iosrael, curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis, ceann ar cheann, a raibh ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Reúbaen daichead sé mhíle cúig céad. Nuair a bhí ginealach mhuintir Shímeon curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Shímeon caoga naoi míle trí chéad. Nuair a bhí ginealach mhuintir Ghád curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Ghád daichead cúig mhíle sé chéad agus a caoga. Nuair a bhí ginealach mhuintir Iúdá curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Iúdá, seachtó ceathair míle sé chéad. Nuair a bhí ginealach mhuintir Íosácár curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Íosácár, caoga ceathair míle ceithre chéad. Nuair a bhí ginealach mhuintir Zabúlun curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Zabúlun caoga seacht míle ceithre chéad. Maidir le clann Iósaef: Nuair a bhí ginealach mhuintir Eafráim curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Eafráim daichead míle cúig céad. Nuair a bhí ginealach mhuintir Mhanaise curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Mhanaise tríocha dó míle dhá chéad. Nuair a bhí ginealach mhuintir Bhiniáimin curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Bhiniáimin tríocha cúig mhíle ceithre chéad. Nuair a bhí ginealach mhuintir Dhán curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d' aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Dhán, seasca dó míle seacht gcéad. Nuair a bhí ginealach mhuintir Áiséar curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Áiséar daichead a haon mhíle cúig céad. Nuair a bhí ginealach mhuintir Naftáilí curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar. Ba é a líon siúd ar threibh Naftáilí caoga trí mhíle ceithre chéad. Sin iad na fir a áiríodh ag Maois agus ag Árón agus ag ceannairí Iosrael, dáréag díobh, gach duine díobh ag seasamh do theaghlach a shinsear. Áiríodh de réir fine agus clainne gach fear de chlann Iosrael a bhí fiche bliain nó breis agus é ar a chumas airm a iompar. Ba é an líon iomlán sé chead agus a trí mhíle cúig céad agus caoga. Ach níor cuireadh na Léivítigh agus a dtreibh shinsearachta san áireamh. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Ná háirimh treibh Léiví ámh, agus ná déan daonáireamh orthu i measc phobal Iosrael. Cuir na Léivítigh i mbun taibearnacal na Fianaise chun aire a thabhairt dá ghréithe agus do gach a mbaineann leis. Déanaidís an taibearnacal agus a ghréithe go léir a iompar, agus fónamh dó, agus a gcampa a chur suas ina thimpeall. Nuair a bhíonn an taibearnacal le gluaiseacht, is iad na Léivítigh a chaithfidh é a bhaint óna chéile agus nuair a bhíonn sé le cur suas arís, is iad na Léivítigh a chaithfidh é chur suas. Aon duine eile a thagann ina ghaire, cuirtear chun báis é. Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ina champa féin, agus gach duine faoina bhratach féin. Ach déanadh na Léivítigh a mbothanna a chur suas timpeall taibearnacal na Fianaise, i dtreo nach dtitfidh fraoch na feirge ar chomhthionól uile chlann Iosrael. Bíodh na Léivítigh i bhfeighil thaibearnacal na Fianaise.» Rinne clann Iosrael díreach mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Rinneadar rud air. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: «Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ag a bhrat féin, faoi bhratach theaghlach a shinsearachta. Cuiridís suas a mbothanna mórthimpeall thaibearnacal na Fianaise fad áirithe uaidh amach. Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb, agus seachtó ceathair míle sé chéad fear ar a ríomh, faoina cheannas. Le campáil taobh leis: treibh Íosácár. Mar cheann ar chlann Íosácár: Natanael mac Zúár, agus caoga ceathair míle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. Treibh Zabúlun. Mar cheann ar chlann Zabúlun: Eilíáb mac Haelon, agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas. Is é líon tionóil iomlán champa Iúdá ar a ríomh, céad ochtó sé mhíle ceithre chéad. Siad atá le bheith ar tosach ag scor campa. «Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr, agus daichead sé mhíle cúig céad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. Le campáil taobh leis: treibh Shímeon. Mar cheann ar chlann Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiriseadái, agus caoga naoi míle trí chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. Treibh Ghád. Mar cheann ar chlann Ghád: Eiliásáf mac Dheúael, agus daichead cúig mhíle sé chéad agus caoga fear, ar a ríomh, faoina cheannas. Is é líon tionóil iomlán champa Reúbaen ar a ríomh, céad agus caoga haon mhíle ceithre chéad agus a caoga. Siad atá le bheith sa dara háit ag scor campa. «Ansin gluaiseadh Both na Teagmhála agus campa na Léivíteach i lár na gcampaí eile. Bíodh eagar a ngluaiste ar aon dul le heagar a gcampála, gach duine in ord faoina bhrat féin. «Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud, agus daichead míle cúig céad fear ar a ríomh, faoina cheannas. Le campáil taobh leis: treibh Mhanaise. Mar cheann ar chlann Mhanaise: Gamailíéil mac Phadázúr, agus tríocha dó míle dhá chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. Treibh Bhiniáimin. Mar cheann ar chlann Bhiniáimin: Aibíodan mac Ghideoiní, agus tríocha cúig mhíle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. Is é líon tionóil iomlán Eafráim, ar a ríomh, céad agus a hocht míle agus céad. Siad atá le bheith sa tríú háit ag scor campa. «Ar an taobh thuaidh: bratach champa Dhán faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Dhán: Aichíeizir mac Aimíseadái, agus seasca dó míle seacht gcéad fear ar a ríomh, faoina cheannas. Lé campáil taobh leis: treibh Áiséar. Mar cheann ar threibh Áiséar: Paigiéil mac Ocrán, agus daichead a haon mhíle fear, ar a ríomh, faoina cheannas. Ansin treibh Naftáilí: mar cheann ar chlann Naftáilí: Aichíora mac Aenán, agus caoga trí mhíle ceithre chéad fear faoina cheannas. Is é líon tionóil iomlán champa Dhán, ar a ríomh, céad caoga seacht míle sé chéad. Siad a bheidh ar deireadh ag scor campa, brat ar bhrat.» Ba é sin líon chlann Iosrael nuair a rinneadh an daonáireamh de réir teaghlach sinsearachta. Ba é líon iomlán an champa uile, cóirithe ina gceannasaíochtaí faoi leith, sé chéad agus a trí mhíle cúig céad agus a caoga fear. Ach níor áiríodh na Léivítigh i measc chlann Iosrael de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Rinne clann Iosrael de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois; sin mar a shuíodar a gcampa, faoi eagar a mbrat. Sin mar scoireadar campa, gach duine lena mhuintir féin de réir fine. Seo iad sliocht Árón agus Mhaois nuair a labhair an Tiarna le Maois ar Shliabh Shíonái. Seo iad ainmneacha chlann Árón: Nádáb an chéadghin agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. Sin iad ainmneacha chlann Árón, na sagairt ungtha a d' oirnigh sé le fónamh i mbun dualgais na sagartachta. Ach fuair Nádáb agus Aibíchiú bás i láthair an Tiarna nuair a d' ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna i bhfásach Shíonái. Níor fhágadar sliocht. Dá bhrí sin fágadh faoi Eileázár agus Íteámár fónamh mar shagairt faoina n-athair Árón. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Tionól treibh Léiví agus cuir ar fáil iad do Árón an sagart, le freastal air. Comhlíonaidís na dualgais atá dlite de agus dlite den chomhthionól go léir os comhair Bhoth na Teagmhála ina seirbhís don taibearnacal. Bíodh gréithe uile Bhoth na Teagmhála ina gcúram, agus déanaidís na dualgais go léir atá dlite de chlann Iosrael ina seirbhís don taibearnacal a ghabháil chucu féin. Tabhair na Léivítigh d' Árón agus dá mhic mar thoirbheartaigh; tugadh clann Iosrael dó iad. Cláraigh Árón agus a chlann mhac agus déanaidís a ndualgais sagairt a chomhlíonadh; ach má thagann aon duine eile i ngar, cuirtear chun báis é.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Roghnaigh mé féin na Léivítigh as clann Iosrael in áit gach céadghin a osclaíonn an bhroinn i measc chlann Iosrael; liomsa na Léivítigh dá bhrí sin. Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.» Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái agus dúirt: «Déan clann Léiví a áireamh de réir teaghlaigh shinsearachta agus de réir fine; ní foláir gach fireannach míosa nó breis a chomhaireamh.» Rinne Maois iad a áireamh mar a dúirt an Tiarna ag déanamh de réir a orduithe. Seo iad ainmneacha chlann Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí. Seo iad ainmneacha shliocht Ghéirseon de réir fine: Libní agus Simí. Clann Chohát de réir fine: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Clann Mharáraí de réir fine: Mailí agus Múisí. Sin iad sleachta Léiví de réir a dteaghlaigh shinsireachta. Ó Ghéirseon shíolraigh sleachta na Libníoch agus na Simíoch; sin iad sleachta Ghéirseon. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d' aois nó breis san áireamh, seacht míle cúig céad. Shuigh sleachta Ghéirseon a gcampa ar chúl an taibearnacail laistiar. Ba é Eiliásáf mac Láéil ceann theaghlach Ghéirseon. Sé cúram a bhí ar chlann Ghéirseon i mBoth na Teagmhála, an taibearnacal, an Bhoth lena brait, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála, na brait ag crochadh timpeall na faiche, an chliath do dhoras na faiche atá timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus na téada go léir ba ghá don ghnó seo. Ó Chohát shíolraigh sleachta na nAmrámach, sleachta na nIzeárach, sleachta na Heabrónach, agus sleachta na nUizíéalach. Sin iad sleachta na gCohátach. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d' aois nó breis san áireamh, ocht míle sé chéad. Bhí siadsan i bhfeighil an tsanctóra. Shuigh sleachta Chohát a gcampa ar an taobh theas den taibearnacal. Ba é Ealzáfán mac Uizíéil ceann teaghlaigh chlanna Chohát. Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi. Ba é Eileázár, mac Árón an sagart, taoiseach cheannairí na Léivíteach. Bhí sé i gceannas orthu siúd go léir a bhí i bhfeighil an tsanctóra. Ó Mharáraí shíolraigh sleachta na Mailíoch agus na Múisíoch; sin iad sleachta Mharáraí. Ba é a líon iomlán, ag cur na bhfireannach go léir mí d' aois nó breis san áireamh, sé mhíle dhá chéad. Ba é Zúiríéil mac Aibíocháil ceann teaghlaigh chlanna Mharáraí, agus shuíodar a gcampa ar an taobh thuaidh den taibearnacal. Bhí clann Mharáraí i bhfeighil chreat an taibearnacail, na bataí, na cuaillí, na ceapa agus a ghréithe go léir agus a ngabhann leo, agus cuaillí na faiche mórthimpeall lena gceapa agus a bpionnaí agus a dtéada. Siad a shuigh a gcampa ar an taobh thoir, os comhair an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála, i dtreo éirí gréine, Maois agus Árón agus a chlann mhac a bhí i bhfeighil ghnásanna an tsanctóra thar ceann chlann Iosrael. Aon duine eile a thiocfadh i ngar, bhí sé le cur chun báis. Ba é líon iomlán na Léivíteach mí d' aois nó breis, a d' áirigh Maois agus Árón de réir fine mar a d' ordaigh an Tiarna dhá mhíle agus fiche. Dúirt an Tiarna le Maois: «Déan daonáireamh ar gach céadghin fir ar chlann Iosrael mí d' aois agus breis á n-áireamh ó ainm. Ansin déan na Léivítigh a thoirbhirt domsa, mise an Tiarna, in áit gach céadghine de chlann Iosrael; ar an gcaoi chéanna tabharfaidh tú a n-eallach in áit gach céadghin eallaigh le clann Iosrael.» Rinne Maois dá bhrí sin daonáireamh ar gach céadghin mhic ar chlann Iosrael mar a d' ordaigh an Tiarna. Ba é líon iomlán na gcéadghinte mí d' aois agus breis, fiche dó míle dhá chéad agus seachtó trí. Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Tóg na Léivítigh in áit gach céadghine ar chlann Iosrael, agus eallach na Léivíteach in áit a n-eallaigh. Liomsa féin na Léivítigh; mise an Tiarna. Mar fhuascailt ar son an dá chéad agus seachtó trí céadghin ar chlann Iosrael atá de bhreis ar líon na Léivíteach, tóg cúig sheicil an ceann, de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará sa seicil. Tabhair an t-airgead seo d' Árón agus dá mhic mar dhíolaíocht as fuascailt an líon breise seo.» Thóg Maois an t-airgead fuascailte seo thar ceann na breise nár fhuascail na Léivítigh. Thóg sé airgead céadghin chlann Iosrael, míle trí chéad agus seasca cúig sheicil, de réir sheicil an tsanctóra. Thug Maois an t-airgead fuascailte d' Árón agus dá mhic de réir órdú an Tiarna mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: «Déan daonáireamh ar na Léivítigh sin atá de shliocht Chohát de réir fine agus clainne; áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain a d' fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála. Seo iad dualgais chlann Chohát i mBoth na Teagmhála: tá na nithe sárnaofa ina gcúram. Nuair a scoirtear campa téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus togaidís anuas fial an scáthláin, agus clúdaídís áirc na Fianaise leis. Cuiridís brat de leathar mín anuas air seo agus leathaidís éadach lánchorcra ar an iomlán. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim san áirc. Leathaidís brat corcra ar bhord arán na láithreachta agus leagaidís air na miasa, na túisteáin, na cuacha agus crúscaí na n-íobairtí dí; leagtar arán na síorofrála air chomh maith. Leathaidís brat craorag anuas orthu sin agus clúdaídís an t-iomlán faoi leathar mín. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim sa bhord. «Ansin tógaidís éadach corcra agus clúdaídís an coinnleoir solais lena lampaí agus a smóladáin agus a shileadáin agus na crúscaí ola a ghabhann leis. Cuiridís é féin agus a ghréithe go léir faoi chlúdach de leathar mín agus leagaidís é ar an mbarra. «Leathaidís éadach corcra ar an altóir óir agus leagaidís clúdach de leathar mín air sin. Cuiridís na cuaillí i ngreim ann ansin. Tógaidís na gréithe eile go léir a úsáidtear i seirbhís an tsanctóra, agus leagaidís ar éadach corcra iad go léir agus clúdaídís iad le brat de leathar mín agus cuiridís lena chéile ar an mbarra iad. «Tógaidís an luaithreach den altóir agus leathaidís éadach corcra uirthi, agus leagaidís air sin gréithe uile na haltóra, a úsáidtear sa tseirbhís liotúirge, mar atá na miasa tine, na gabhla, na liacha, na báisiní agus soithí uile na haltóra. Leathaidís brat de leathar mín ar an méid sin go léir agus cuiridís na cuaillí i ngreim ann. Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t-ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát. «Agus Eileázár mac Árón an sagart, bíodh sé i bhfeighil na hola don solas, na túise cumhra, na habhlainne síoraí, agus an chriosma; tugadh sé aire don taibearnacal uile agus do gach a bhfuil ann, don sanctóir agus dá mbaineann leis.» Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: «Na gearraigí amach treabhchas sliocht Chohát ó líon na Léivíteach. Ach déanaigí mar seo leo i dtreo go mairidís agus go dtiocfaidís slán ón mbás nuair a rachaidh siad i ngar do na nithe sárnaofa: téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus leagaidís a ghnó agus a shaothar ar gach duine díobh. Ar an gcaoi sin ní miste dóibh dul isteach ach gan súil a leagan fiú ar feadh nóiméid ar na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Ghéirseon de réir fine agus clainne; áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála. Seo iad dualgais sleachta Ghéirseon, a bhfeidhmeanna agus a n-ualaí. Iompraídís brait an taibearnacail, Both na Teagmhála lena dhíon agus an clúdach de leathar mín a théann air, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála, brait na faiche agus an chliath don doras chun na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, na téada agus a mbaineann leo, agus gach rud atá riachtanach. Bíodh an méid sin go léir faoina gcúram. Dualgais uile chlann Ghéirseon a n-ualaí agus a gcúraimí déantar iad a chomhlíonadh faoi threoir Árón agus a mhac; féachaigí chuige nach ndéanann siad faillí ina bhfuil le hiompar acu. Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht na nGéirseonach i mBoth na Teagmhála. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí. «Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Mharáraí de réir fine agus clainne; áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála. Seo iad an t-ualach agus na cúraimí go léir atá le comhlíonadh acu i mBoth na Teagmhála: creat an taibearnacail lena mhaidí snaidhme, a phollaí agus a cheapa; na pollaí timpeall na faiche lena gceapa, a bpionnaí, a dtéada, agus gach a ngabhann leo. Déanaigí liosta dá n-ainmneacha leis na hualaí a chaithfidh gach duine a iompar. Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht Mharáraí. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí go léir i mBoth na Teagmhála.» Rinne Maois agus Árón agus ceannairí an chomhthionóil daonáireamh ar chlann Chohát de réir clainne agus fine; áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála. Ba é líon a dtreabhchas dhá mhíle seacht gcéad agus a caoga fear. Ba é sin líon treabhchais Chohát, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo, agus a d' áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois. Rinneadh daonáireamh ar chlann Ghéirseon de réir clainne agus fine; áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála. Ba é líon a gclann agus a bhfiní dhá mhíle sé chéad agus a tríocha fear. Ba é sin líon treabhchais Ghéirseon, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo agus a d' áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna. Rinneadh daonáireamh ar fhiní chlann Mharáraí de réir fine agus clainne: áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d' aois a d' fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála. Ba é líon a bhfiní trí mhíle dhá chéad fear. Ba é sin líon treabhchais Mharáraí a d' áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois. Ba é líon iomlán na Léivíteach a d' áirigh Maois agus Árón agus ceannairí Iosrael na fir go léir idir tríocha agus leathchéad a d' fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt nó ualaí a iompar i mBoth na Teagmhála ocht míle cúig chéad agus a hochtó fear. Ar ordú an Tiarna trí Mhaois, rinneadh an daonáireamh ag leagan a dhualgais agus a ualaigh ar gach fear; áiríodh iad mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Ordaigh do chlann Iosrael gach lobhar agus gach duine óna bhfuil sileadh, nó atá truaillithe trí bhaint le corpán, a chur as an gcampa amach. Cuirigí as an gcampa amach iad idir fhir agus mhná, agus coinnigí ón gcampa iad, i dtreo nach dtruailleodh clann Iosrael ar an gcaoi sin an campa ina mairim ina measc.» Rinne clann Iosrael amhlaidh; chuireadar as an gcampa amach iad. Rinne clann Iosrael mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le clann Iosrael: Má dhéanann fear nó bean aon cheann de na peacaí trína bhfeallann duine ar an Tiarna, tá an duine sin ciontach. Déanadh sé an peaca a rinne sé a admháil agus an tsuim iomlán dá bhfuil sé freagrach a aisíoc, agus cúigiú de bhreis léi; déanadh sé an t-aisíoc leis an té ar a ndearna sé an éagóir. Ach mura mbíonn gaol ag an duine lena bhféadfaí an t-aisíoc san éagoir seo a dhéanamh, filleann an t-aisíoc atá ag dul don Tiarna ar an sagart, de bhreis ar an reithe leorghnímh lena ndéanann an sagart leorghníomh ar son an chiontaigh. Óir de gach rud a choisriceann clann Iosrael agus a thugtar chun an tsagairt, tá ceart aige chun na coda a chuirtear ar leithrigh. Cibé rud a choisriceann duine is leis féin é; cibé rud a thugann duine don sagart, is leis an sagart é.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair: «Má théann bean duine ar fán agus go mbíonn sí mídhílis dó, má luíonn fear eile léi gan fhios dá céile, agus má thruaillíonn sí í féin gan fhios ar an gcuma seo, gan aon fhinné ina coinne, agus nach mbeirtear uirthi sa ghníomh, agus ansin taom éada a theacht ar an gcéile agus go dtagann éad air faoina bhean a thruailligh í féin: nó arís má bhuaileann taom éada é agus go dtagann éad air faoina bhean fiú amháin agus gan í tar éis a truaillithe, ní foláir don fhear a bhean a thabhairt os comhair an tsagairt, agus ofráil deachú éafá min eorna a dhéanamh. Ná doirteadh sé ola uirthi, agus ná cuireadh sé túis chumhra uirthi, óir is ' abhlann éada' í seo, abhlann chuimhneacháin i gcuimhne ar locht. Tugadh an sagart an bhean i láthair ansin, agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í. Tógadh sé uisce coisricthe ansin i soitheach cré agus cuireadh sé san uisce roinnt smúite a thógfaidh sé d' urlár an taibearnacail. Tar éis don sagart an bhean a chur i láthair an Tiarna, scaoileadh sé le folt a cinn agus cuireadh sé an abhlann chuimhneacháin (an abhlann éada is é sin) ina lámha. Bíodh uisce an tseirfin, an sás mallachta, ina láimh féin. Cuireadh sé an bhean ansin faoi bhrí na mionn. Abradh sé léi: 'Mura fíor gur luigh fear leat agus go ndeachaigh tú ar fán agus gur thruailligh tú thú féin agus tú faoi údarás d' fhear céile, ansin ná déanadh uisce seo an tseirfin, sás na mallachta, aon dochar duit. Ach más fíor go ndeachaigh tú ar fán agus tú faoi údarás d' fhear céile, agus gur thruailligh tú thú féin ag roinnt do leapa le fear seachas do chéile' ag an bpointe seo cuireadh an sagart faoi deara don bhean mionn na mallachta a thabhairt agus abradh sé léi ' go ndéana an Tiarna mallú agus mionn díot i measc an phobail ag seargadh do shliasta agus ag at do bhoilg. Go dté uisce seo na mallachta isteach i do chliabhlach, go n-ata sé do bholg agus go searga sé do shliasaid!' Freagraíodh an bhean: 'Amen, Amen!' Breacadh an sagart na mallachtaí seo i leabhar agus níodh sé glan iad in uisce an tseirfin. Cuireadh sé faoi deara don bhean ansin uisce an tseirfin agus na mallachta a ól agus rachaidh an t-uisce mallachta isteach inti agus beidh sé searbh istigh inti. Tógadh an sagart abhlann an éada as láimh na mná agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í le comharthaí sóirt ofrála, agus tugadh sé chun na haltóra í. Tógadh sé dorn den abhlann mar chuid chuimhneachán agus dódh sé ar an altóir é. Ansin cuireadh sé faoi deara don bhean an t-uisce a ól. Tar éis dó é a chur d' iallach uirthi é a ól, más fíor gur thruailligh sí í féin agus gur fheall sí ar a fear, ansin beidh an t-uisce mallachta a théann inti searbh go cinnte; atfaidh a bolg agus seargfaidh a sliasaid agus beidh sí ina hábhar gránach i measc a muintire. Ach murar thruailligh sí í féin agus go bhfuil sí glan, ansin rachaidh sí slán agus beidh clann uirthi. Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir, nó nuair a bhuaileann taom éada fear agus go dtagann éad air faoina bhean. Nuair a thugann fear bean mar sin i láthair an Tiarna, cuireadh an sagart an gnás seo i bhfeidhm uirthi go hiomlán. Beidh an fear gan chiontacht, ach, ní foláir don bhean pionós a peaca a iompar.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le clann Iosrael: Más mian le fear nó le bean móid a thabhairt, móid an naizírigh, is é sin, trína gcuirtear duine ar leith don Tiarna, diúltaíodh sé d' fhíon agus do dheoch chrua, ná hóladh sé fínéagar fíona ná dí crua, ná hóladh sé súlach fíniúna, agus ná hitheadh sé caora fíniúna, úr ná triomaithe. Fad a mhaireann a mhóid ná caitheadh sé aon ní a thagann ón bhfíniúin, fiú an glas-súlach nó an deascadh. Fad a bhíonn sé faoi cheangal na móide ná baineadh rásúr lena cheann; nó go mbíonn ré a choisricthe don Tiarna slánaithe, bíodh sé naofa agus ligeadh sé dá chuid gruaige bheith ag fás léi ar a cheann. Fad a bhíonn sé coisricthe don Tiarna ná téadh sé i ngar do chorpán. Ná déanadh sé é féin neamhghlan ar son athar ná máthar, ar son dearthár na deirféar, má chailltear iad; tá a choisreacan dá Dhia ar a cheann aige. Ó thús deireadh a naizíreachta is duine é atá coisricthe don Tiarna. Má thiteann an t-anam as duine go tobann ina láthair agus go bhfágtar neamhghlan a cheann coisricthe ní foláir dó a cheann a bhearradh lá a ghlanta; bearradh sé a cheann ar an seachtú lá. Ar an ochtú lá tugadh sé dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála. Ofráladh an sagart ceann díobh mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt loiscthe, agus comhlíonadh sé ansin gnás an leorghnímh ar son na truaillitheachta a luigh air de bharr an chorpáin. Déanadh sé a cheann a choisreacan an lá céanna; agus déanadh sé é féin a choisreacan don Tiarna i gcaitheamh a naizíreachta ar fad, agus tugadh sé uan fireann bliana mar íobairt leorghnímh. Ní chuirfear an t-am caite cheana san áireamh, mar gur truaillíodh a naizíreacht. Seo é an gnás atá le leanúint ag naizíreach nuair a bheidh tréimhse a naizíreachta comhlíonta. Tugtar é go doras Bhoth na Teagmhála agus déanadh sé a ofráil don Tiarna: mar íobairt loiscthe uan fireann bliana gan mháchail; mar íobairt chomaoineach, reithe gan mháchail, agus cliabh de bhuilíní slimaráin de phlúr mín fuinte le hola agus de chácaí gan ghabháile le hola leata orthu, mar aon leis na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo. Cuireadh an sagart na nithe sin i láthair an Tiarna agus ofráladh sé an íobairt pheaca agus an íobairt loiscthe dó. Ofráladh an naizíreach an íobairt chomaoineach leis an reithe agus leis an slimarán sa chliabh, agus ofráladh an sagart an abhlann agus an íobairt dhoirte mar an gcéanna. Ansin bearradh an naizíreach a cheann coisricthe ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tógadh sé gruaig a chinn choisricthe agus leagadh í ar an tine atá faoin íobairt chomaoineach. Ansin tógadh an sagart slinneán an reithe, nuair a bhíonn sé bruite, agus builín slimaráin ón gcliabh, agus cáca gan ghabháile, agus leagadh sé ar lámha an naizírigh iad tar éis dó a ghruaig choisricthe a bhearradh. Déanadh sé an chuid sin a ofráil don Tiarna mar dhleacht ar leith; is cuid naofa don sagart í, mar aon leis an mbrollach a ofráladh agus leis an gceathrú a cuireadh i leataobh. Ní miste don naizíreach fíon a ól ina dhiaidh sin. Sin é an gnás don naizíreach a thug móid. Má mhóidigh sé, seachas [a cheann gruaige], ofráil phearsanta don Tiarna seachas cibé rud eile a bheadh ar a acmhainn ní foláir dó an mhóid a thug sé a chomhlíonadh de bhreis ar cibé rud a éilíonn an gnás ar son a ghruaige.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le hÁrón agus lena chlann mhac: 'Seo mar a bheannóidh sibh clann Iosrael. Abraigí leo: Go mbeannaí an Tiarna thú agus go gcumhdaí sé thú. Go dtaitní gnúis an Tiarna ort agus go raibh sé caoin leat. Go nochta an Tiarna a ghnúis duit agus go dtuga sé síocháin duit.' Sin mar atá m' ainm le gairm ar chlann Iosrael acu, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu.» An lá a bhí deireadh ag Maois ag cur an taibearnacail suas, rinne sé é a ungadh agus a choisreacan agus a throscán go léir chomh maith, mar aon leis an altóir agus a gréithe. Nuair a bhí sé go léir ungtha agus coisricthe aige rinne ceannairí Iosrael ofráil; ba iadsan ceann na dteaghlach sinsearachta, ceannairí na dtreibheanna a bhí i gceannas an daonáirimh. Thugadar a n-ofrálacha i láthair an Tiarna, sé charbad iata agus dhá dhamh déag carbad do gach dhá cheannaire agus damh an duine. D' ofráladar iad os comhair an taibearnacail. Dúirt an Tiarna ansin le Maois: «Glac iad seo uathu agus cuirtear ar leithrigh iad do sheirbhís Bhoth na Teagmhála. Tabhair do na Léivítigh iad, do gach duine do réir mar a éileoidh a dhualgais.» Ghlac Maois na carbaid dá bhrí sin agus na daimh agus thug do na Léivítigh iad. Thug sé dhá charbad agus ceithre dhamh do chlann Ghéirseon i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu. Agus do chlann Mharáraí, ceithre charbad agus ocht ndamh i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart. Ach do chlann Chohát níor thug sé oiread agus ceann, mar na nithe naofa a cuireadh faoina gcúram is ar a nguaillí a bhí siad le hiompar. Ansin rinne na ceannairí ofráil do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í; d' ofráil na ceannairí a n-ofráil os comhair na haltóra. Dúirt an Tiarna le Maois: «Ofrálaidís a n-ofrálacha, ceannaire díobh gach lá i ndiaidh a chéile, do thíolacadh na haltóra.» Ar an gcéad lá sé Nachsón mac Amaíneádáb de threibh Iúdá a thug an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín airgid de mheachan seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lán de thúis; tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Nachsón mac Amaíneádáb. Ar an dara lá sé Natanael mac Zúár ceann Íosácár a thug an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lán de thúis; tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Natanael mac Zúár. Ar an tríú lá sé Eilíáb mac Haelon ceann chlann Zabúlun a thug an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lán de thúis; tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíáb mac Haelon. Ar an gceathrú lá sé Eilíozúr mac Shidéúr ceann chlann Reúbaen a thug an ofrail; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad seo araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lán de thúis; tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíozúr mac Shidéúr. Ar an gcúigiú lá sé Sealuimíéil mac Zúiríseadái ceann chlann Shímeon a thug an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctora is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lán de thúis; tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Shealuimíéil mac Zúiríseadái. Ar an séú lá sé Eiliásáf mac Dheúael, ceann chlann Ghád a thug an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lan de thúis; tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eiliásáf mac Dheúael. Ar an seachtú lá sé Eilíseámá mac Aimíohúd ceann chlann Eafráim, a thug an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lán de thúis; tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíseámá mac Aimíohúd. Ar an ochtú lá sé Gamailiéil mac Phadázúr ceann chlann Mhanaise a thug an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lán de thúis; tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Ghamailiéil mac Phadázúr. Ar an naoú lá sé Aibíodan mac Ghideoiní ceann chlann Bhiniáimin a thug an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; as óir deich seicil lan de thúis; tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aibíodan mac Ghideoiní. Ar an deichiú lá sé Aichíeizir mac Aimíseadái ceann chlann Dhán a thug an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lán de thúis; tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíeizir mac Aimíseadái. Ar an aonú lá déag sé Paigíéil mac Ocrán a rinne an ofráil; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lan de thúis; tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán; agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Phaigíéil mac Ocrán. Ar an dara lá déag sé Aichíora mac Aenán ceann chlann Naftáilí a rinne an íobairt; sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann; mias óir deich seicil lán de thúis; tarbh óg reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe; pocán gabhair don íobairt pheaca, agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíora mac Aenán. Ba iad seo na hofrálacha a rinne ceannairí Iosrael do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í: dhá phláta déag airgid, dhá bháisín déag airgid, dhá mhias déag óir; mheáigh gach pláta airgid céad agus a tríocha seicil, agus gach báisín seachtó seicil; agus bhí dhá mhíle ceithre chéad seicil seicil an tsanctóra d' airgead sna soithí sin ar fad. Mheáigh an dá mhias déag óir lán de thúis deich seicil seicil an tsanctóra an ceann, agus bhí céad agus a fiche seicil d' ór sna báisíní sin ar fad. Seo é líon iomlán na n-ainmhithe don uileloscadh: dhá tharbh déag, dhá reithe dhéag, dhá uan fireanna bliana, lena n-abhlanna; dhá phocán déag d' íobairt pheaca. Agus líon iomlán na n-ainmhithe don íobairt chomaoineach: ceithre tharbh fichead, trí fichid reithe, trí fichid pocán gabhair, trí fichid uan bliana fireann. Ba iadsan na hofrálacha do thíolacadh na haltóra tar éis í a ungadh. Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le hÁrón: 'Nuair a dhéanfaidh tú na lampaí a chóiriú, ní foláir do na seacht lampaí a solas a chaitheamh amach os comhair an choinnleora.'» Rinne Árón amhlaidh. Chóirigh sé na lampaí le solas a chaitheamh os comhair an choinnleora mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ba d' ór buailte an coinnleoir, idir chrann agus bheangáin ba d' ór buailte iadsan chomh maith. Rinneadh an coinnleoir de réir an phatrúin a thaispeáin an Tiarna do Mhaois. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Scar na Léivítigh ó chlann Iosrael agus íonaigh iad. Seo mar atá siad le híonú agat: Croith íonuisce orthu, agus bearraidís a gcorp ar fad agus nídís a gcuid éadaigh. Beidh siad glan ansin. Faighidís tarbh óg ansin leis an abhlann de phlúr mín measctha le hola a ghabhann leis, agus faigh-se tarbh óg eile d' íobairt pheaca. Ansin tabhair na Léivítigh os comhair Bhoth na Teagmhála, agus gair le chéile comhthionól uile chlann Iosrael. Nuair a bhéarfaidh tú na Léivítigh i láthair an Tiarna, leagadh clann Iosrael a lámha orthu. Ofráladh Árón na Léivítigh ansin mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna thar ceann chlann Iosrael. As sin amach beidh siad tíolactha do sheirbhís an Tiarna. «Leagadh na Léivítigh ansin a lámha ar cheann na dtarbh, agus déan-sa ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt loiscthe don Tiarna. Sin mar atá an gnás leorghnímh ar son na Léivíteach le comhlíonadh. Tar éis duit na Léivítigh a chur faoi bhráid Árón agus a chlann mhac, ofráil don Tiarna iad mar dhleacht ar leith. Sin mar atá na Léivítigh le cur i leataobh ón gcuid eile de chlann Iosrael i dtreo go mba liomsa iad. Tosóidh na Léivítigh ansin ar a seirbhís i mBoth na Teagmhála. «Ní foláir duit iad a ghlanadh agus a ofráil mar dhleacht ar leith, óir tugadh dom go hiomlán mar thoirbheartaigh iad ó i measc chlann Iosrael, agus tá siad le bheith ina n-áit siúd a d' oscail an bhroinn, na céadghinte; rinne mé mo chuid féin díobh as clann Iosrael go léir. Óir is liomsa gach céadghin ar chlann Iosrael, idir fhear agus ainmhí; an lá a mharaigh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte, rinne mé iad a choisreacan dom féin, agus anois thóg mé na Léivítigh in áit gach céadghin ar chlann Iosrael. Thug mé na Léivítigh d' Árón agus dá mhaca mar thoirbheartaigh de chlann Iosrael; déanfaidh siad seirbhís i mBoth na Teagmhála thar ceann chlann Iosrael, agus comhlíonfaidh siad gnás an leorghnímh ar son chlann Iosrael i dtreo nach mbuailfeadh aon phlá iadsan má rachadh aon chuid de chlann Iosrael i ngar don sanctóir.» Sin mar a rinne Maois agus Árón agus comhthionól uile chlann Iosrael leis na Léivítigh, go cruinn beacht mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois i dtaobh na Léivíteach; sin mar a rinne clann Iosrael leo. Ghlan na Léivítigh iad féin ó pheaca, agus nigh siad a gcuid éadaigh; d' ofráil Árón iad mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Ansin chomhlíon Árón gnás an leorghnímh thar a gceann á nglanadh. Ansin ghabh na Léivítigh isteach chun a seirbhís a dhéanamh i mBoth na Teagmhála ag fónamh d' Árón agus dá mhaca. Rinneadh leis na Léivítigh de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois ina dtaobh. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Baineann sé seo leis na Léivítigh. Ó aois a cúig fichead amach, ní foláir do na Léivítigh dul isteach chun a gcúram a chomhlíonadh ag freastal i mBoth na Teagmhála. Ó aois leathchéad amach níl aon cheangal ar Léivíteach freastal agus ná déanadh sé freastal a thuilleadh, ach déanadh sé fónamh dá bhráithre i mBoth na Teagmhála, chun an tseirbhís a chinntiú; ach ná déanadh sé féin áon seirbhís a thuilleadh. Féach chuige gurb í sin an riail do sheirbhís na Léivíteach.» Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái an chéad mhí den dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt: «Coimeádadh clann Iosrael an Cháisc san am atá ceaptha di. An ceathrú lá déag den mhí seo, idir dhá sholas tráthnona, an t-am atá ceaptha daoibh í a choimeád. Ní foláir daoibh í a cheiliúradh de réir gach dlí agus gnás a bhaineann léi.» D' ordaigh Maois do chlann Iosrael dá bhrí sin an Cháisc a choimeád. Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh. Bhí fir áirithe a bhí neamhghlan mar gur bhaineadar le corpán agus nárbh fhéidir dóibh an Cháisc a cheiliúradh an lá sin. Thángadar go Maois agus go hÁrón an lá sin féin, agus dúirt siad leis: «Táimid fágtha neamhghlan mar gur bhaineamar le corpán; cén fáth a bhfuiltear a chosc orainne ofráil a dhéanamh don Tiarna ag an am cuí in éineacht leis an gcuid eile de chlann Iosrael?» D' fhreagair Maois iad: «Fanaigí mar a bhfuil sibh go gcluine mé cad é an t-ordú a thabharfaidh an Tiarna fúibh.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le clann Iosrael: 'Má bhíonn aon duine agaibhse nó de bhur sliocht neamhghlan mar gur bhain sé le corpán, nó má bhíonn sé ar aistear i gcéin, is féidir dó Cáisc a choimeád don Tiarna mar sin féin. Coimeádaidís í ar an dara mí, ar an gceathrú lá déag, idir dhá sholas tráthnóna; caithidís an t-uan le harán slim agus le luibheanna searbha; ná fágtar aon chuid de go maidin, agus ná bristear aon chnámh ann; coimeádaidís an Cháisc seo ar aon dul díreach le gnás na Cásca. Ach an té atá glan agus nach bhfuil ar aistear, ach nach gcoimeádann an Cháisc san am céanna, gearrtar an duine sin amach óna phobal, mar nár ofráil sé ofráil an Tiarna ag an am a bhí ceaptha; bíodh ualach a pheaca ar an té sin. Má bhíonn coimhthíoch ag cur faoi in bhur measc agus go gcoimeádann an Cháisc don Tiarna, ní foláir dó í a choimeád de réir reacht agus gnás na Cásca. Bíodh an t-aon reacht amháin in bhur measc do dheoraí agus do dhúchasach mar an gcéanna.'» An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine. D' fholaigh an néal é gan stad dá réir sin, agus é faoi chló tine san oíche. Nuair a d' ardaíodh an néal ón mboth, chuireadh clann Iosrael chun siúil; cibé áit ina luíodh an néal, ansiúd a shuíodh clann Iosrael a gcampa. Faoi ordú an Tiarna a chuireadh clann Iosrael chun bóthair agus faoi ordú uaidh a shuídís campa. Fad a luigh an néal ar an taibearnacal, d' fhanadar sa champa. Má luíodh an néal tamall fada de laethanta ar an taibearnacal, ghéilleadh clann Iosrael do threoir an Tiarna agus ní scoiridís campa. Ach sa chás nach luíodh an néal ach beagán laethanta os cionn an taibearnacail, shuídís campa faoi ordú an Tiarna agus scoiridís campa faoi ordú an Tiarna. Nuair nach luíodh an néal ach thar oíche go maidin, chuiridís chun siúil nuair a d' ardaíodh sé lá arna mhárach. Nó, nuair a d' fhanadh sé lá agus oíche iomlán, ní bhogaidís go dtí go n-ardaíodh sé. Ar uaire luíodh sé ar feadh dhá lá, nó mí, nó níos faide; dá fhad a d' fhanadh an néal os cionn an taibearnacail, d' fhanadh clann Iosrael sa champa san áit chéanna agus nuair a d' ardaíodh sé chuiridís chun siúil. Faoi ordú an Tiarna shuídís campa, faoi ordú an Tiarna a scoiridís campa. Choinnídís aithne an Tiarna de réir ordú an Tiarna trí Mhaois. Labhair an Tiarna le Maois: «Déan dhá thrumpa, déan d' airgead buailte iad. Bain feidhm astu ag gairm an chomhthionóil agus ag scor an champa. Nuair a shéidfear iad araon cruinníodh an comhthionól chugat ag doras Bhoth na Teagmhála. Nuair nach séidfear ach ceann, ansin ná cruinníodh i do thimpeall ach an lucht ceannais, ceannairí threibheanna Iosrael. Nuair a ghabhann gáir chatha leis an séideadh, cuireadh na campaí lastoir chun siúil. Nuair a dhéanfar an dara séideadh agus go mbíonn gáir chatha leis, cuireadh na campaí laisteas chun siúil. Chun an campa a scor, ní foláir gáir chatha a dhul leis an séideadh; ach chun an comhthionól a chruinniú, déantar an trumpa a shéideadh gan gháir chatha. Siad na sagairt, clann Árón, a shéidfidh na trumpaí; dlí síoraí é seo daoibh féin agus do bhur sliocht. «Nuair a rachaidh sibh chun cogaidh in bhur dtír féin in aghaidh namhad a bhíonn ag déanamh leatroim oraibh, ní foláir daoibh an trumpa a shéideadh leis an ngáir chatha: 'Cuimhneofar oraibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus déanfar sibh a fhuascailt ó bhur naimhde!' In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n-íobairtí loiscthe agus bhur n-íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.» Sa dara bliain, sa dara mí, ar an bhfichiú lá den mhí sin, d' ardaigh an néal ó thaibearnacal na Fianaise. Chuir clann Iosrael chun siúil faoi eagar aistir, ó fhásach Shíonái. Luigh an néal i bhfásach Phárán. Seo iad an mhuintir a chuir chun bealaigh ar dtús faoi ordú an Tiarna trí bhéal Mhaois: ar tosach bhí bratach champa chlann Iúdá faoi chóiriú catha. I gceannas ar a slua bhí Nachsón mac Amaíneádáb; i gceannas ar threibh chlann Íosácár faoi chóiriú catha bhí Natanael mac Zúár; i gceannas ar threibh chlann Zabúlun faoi chóiriú catha bhí Eilíáb mac Haelon. Nuair a tógadh anuas an taibearnacal, chuir clann Ghéirseon agus clann Mharáraí chun bealaigh ag iompar an taibearnacail. Ansin chuir bratach champa chlann Reúbaen chun bealaigh faoi chóiriú catha; i gceannas ar shlua Reúbaen bhí Eilíozúr mac Shidéúr; i gceannas threibh chlann Shímeon faoi chóiriú catha bhí Sealuimíéil mac Zúiríseadái; i gceannas threibh chlann Ghád faoi chóiriú catha bhí Eiliásáf mac Dheúael. Ansin chuir clann Chohát chun bealaigh agus na nithe naofa ar iompar acu (bhí an taibearnacal curtha suas roimh iad a theacht). Ansin tháinig bratach champa chlann Eafráim faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Eilíseámá mac Aimíohúd; i gceannas ar shlua threibh chlann Mhanaise bhí Gamailíéil mac Phadázúr; i gceannas ar shlua threibh chlann Bhiniáimin bhí Aibíodan mac Ghideoiní. Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái; i gceannas ar threibh chlann Áiséar faoi chóiriú catha bhí Paigíéil mac Ocrán; i gceannas ar threibh chlann Naftáilí faoi chóiriú catha, bhí Aichíora mac Aenán. Ba é sin eagar máirseála chlann Iosrael faoi chóiriú catha. Chuireadar chun bóthair dá bhrí sin. Dúirt Maois le Hobáb mac Reúael, an Midiánach, athair a chéile: «Táimid ag cur chun bóthair go dtí an tír a ndúirt an Tiarna faoi: 'tabharfaidh mé daoibh é'. Tar linn agus déanfaimid do leas, óir gheall an Tiarna sonas do chlann Iosrael.» «Ní rachaidh mé faraibh,» ar sé, «imeoidh mé chun mo thíre agus mo mhuintire féin.» «Ná himigh uainn,» arsa Maois, «mar tá a fhios agat cár féidir dúinn ár gcampa a shuíomh san fhásach; agus beidh tú mar shúile againn. Má thagann tú inár gcoimhdeacht, beidh tú páirteach i ngach beannacht sonais lena mbeannóidh an Tiarna sinn.» Chuir siad chun siúil ó shliabh an Tiarna agus rinne siad taisteal trí lá. Ghabh áirc chonradh an Tiarna ar an aistear trí lá seo ag lorg áit lonnaithe dóibh. Agus bhí néal an Tiarna os a gcionn sa lá cibé uair a d' fhágadar an campa. Nuair a chuireadh an áirc chun bóthair deireadh Mhaois: «Éirigh, a Thiarna, agus go raibh scaipeadh ar do naimhde! Agus an dream a bhfuil fuath acu duit, Go dteithidís lena n-anam romhat.» Agus nuair a stopadh sí, deireadh sé: «Fill, a Thiarna, Ar na mílte ar mhílte d' Iosraelaigh.» Bhí an pobal ag cnáimhseán i dtaobh a gcruatan faoi éisteacht an Tiarna, agus arna gclos don Tiarna d' adhain a fhearg agus las lasair an Tiarna ina measc agus loisc sé imeall den champa. Ansin rinne an pobal achainí ar Mhaois agus ghuigh sé chun an Tiarna agus chuaigh an tine in éag. Tugadh Tabaerá ar an áit mar gur loisc lasair an Tiarna ina measc. An daoscarshlua a bhí i measc an phobail, bhuail miangas iad, agus chrom clann Iosrael chomh maith ar lógóireacht arís: «Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn?» ar siad. «Cad é iasc, mar is cuimhin linn, a d' ithimís in aisce san Éigipt! agus cúcamair, agus mealbhacáin, agus cainninn, agus oinniúin, agus gairleoga. Ach anois níl géarú goile againn agus gan ach manna os comhair ár súl againn.» Anois bhí an manna mar shíol coiriandair, agus dealramh bdellium air. Ghabhadh an pobal timpeall agus chruinnídís é, agus mheilidís i muilte é, nó bhrúidís le tuairgnín é; dhéanaidís é a bhruith ansin i bpotaí, agus dhéanaidís cístí de. Bhí blas air mar a bheadh ar chístí bruite le hola. Nuair a thiteadh an drúcht ar an gcampa san oíche, thiteadh an manna in éineacht leis. Chuala Maois an pobal ag lógóireacht, gach clann i mbéal a botha, agus adhnadh fearg an Tiarna go tréan, agus bhí suaitheadh mór ar Mhaois dá bharrsan. Dúirt Maois leis an Tiarna: «Cén fáth go bhfuil do shearbhónta agat á chrá? Cén fáth nach bhfuil do ghnaoi orm, ach tú ag cur ualach an phobail seo go léir sa mhullach orm? An mise a ghin an mhuintir seo go léir? An mise a thug ar an saol iad a rá is go ndéarfá liom: 'Beir leat i d' ucht iad mar a dhéanfadh buime le leanbh cíche chun na tíre a mhionnaigh tú a thabharfá dá n-aithreacha'? Cá bhfuil feoil le fáil agamsa le tabhairt don mhuintir seo go léir nuair a thagann siad chugam agus na deora leo á rá: 'Tabhair dúinn feoil le hithe!'? Ní féidir domsa an pobal seo go léir a iompar liom féin amháin; tá an t-ualach ró-throm dom. Más mar sin is mian leat plé liom, maraigh mé ar an toirt! Uch gan do ghnaoi a bheith orm agus gan mé a fheiceáil truamhéile mar seo le mo shúile cinn!» Dúirt an Tiarna le Maois: «Cruinnigh dom seachtó de sheanóirí Iosrael, daoine is eol duit is sinsir ar an bpobal agus is scríobhaithe acu. Beir leat iad go Both na Teagmhála agus seasaídís ansiúd farat. Tiocfaidh mé anuas chun labhairt leat ansiúd agus tógfaidh mé cuid den spiorad atá ortsa agus cuirfidh mé orthu siúd é. Iompróidh siad mar sin cuid d' ualach na muintire seo in éineacht leat agus ní bheidh ort é a iompar leat féin amháin a thuilleadh. Abair leis an bpobal: 'Coisricigí sibh féin don lá amárach, agus beidh feoil le hithe agaibh, óir rinne sibh lógóireacht i gcomhchlos don Tiarna á rá: Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn? Nár bhreá an saol a bhí againn san Éigipt! Uime sin tabharfaidh an Tiarna feoil le hithe daoibh. Ní ar feadh lae amháin, nó dhá lá, nó cúig lá, nó deich lá, nó fiche lá, a íosfaidh sibh í, ach ar feadh mí iomlán, go dtí go gcuirfidh sí masmas oraibh agus go mbeidh an ghráin agaibh uirthi, mar gur shéan sibh an Tiarna atá in bhur measc agus go ndearna sibh lógóireacht ina láthair á rá: Cad ab áil linn teacht amach as an Éigipt ar aon chor?'» Dúirt Maois: «Sé líon an phobail i mo thimpeall, sé chéad míle troitheach, agus deir tú: 'Tabharfaidh mé feoil le hithe dóibh ar feadh mí iomlán!' Dá marófaí na tréada agus na táinte go léir dóibh, ar leor sin dóibh? Dá mbaileofaí a bhfuil d' iasc san fharraige dóibh, ar leor sin dóibh?» «Ar giorraíodh lámh an Tiarna?» arsa an Tiarna le Maois, «feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.» Chuaigh Maois amach dá bhrí sin agus d' inis don phobal cad dúirt an Tiarna; agus chruinnigh sé seachtó de sheanóirí an phobail agus thug leis agus chuir timpeall na Botha iad. Ansin tháinig an Tiarna anuas sa néal agus labhair leis agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht. ach ní dhearnadar sin arís. D' fhan beirt fhear sa champa Ealdad a ba ainm do dhuine díobh agus Méadad a ba ainm don duine eile. Luigh an spiorad orthu; cé nach ndeachadar go dtí an Bhoth cláraíodh a n-ainmneacha leis an gcuid eile. Chromadar ar fháidheoireacht sa champa. Rith an fear óg leis an scéala go Maois: «Féach! seo Ealdad agus Méadad ag fáidheoireacht sa champa!» Ansin dúirt Iósua mac Nún, duine tofa dá chuid a bhíodh ag fónamh do Mhaois: «A Mhaois, a thiarna, cuir cosc leo!» Ach dúirt Maois leis: «An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad, agus nár chuir an Tiarna a spiorad orthu go léir!» Ansin d' fhill Maois, agus seanóirí Iosrael lena chois, ar an gcampa. Ghabh gaoth amach ón Tiarna agus thiomáin sé gearga isteach ón bhfarraige agus thug anuas iad láimh leis an gcampa. Bhíodar ina luí ansiúd aistear lae, abair, ón gcampa, ina thimpeall ón dá thaobh, agus iad dhá bhanláimh ar airde ar an talamh. D' fhan an pobal ar a gcois an lá agus an oíche sin go léir, agus lá arna mhárach chomh maith, ag cruinniú gearg; deich n-ómar an cnuasach is lú a rinne aon duine. Ansin leathadar amach dóibh féin timpeall an champa iad. Bhí an fheoil fós faoina bhfiacla, gan cogaint, nuair a d' adhain fearg an Tiarna in aghaidh an phobail, agus bhuail an Tiarna an pobal le plá rómhór. Uime sin tugadh Ciobrót Hatavá («Uaigheanna an Mhiangais») ar an áit mar is ansiúd a d' adhlacadar an dream a ghéill dá miangas. Chuir an pobal chun siúil ó Chiobrót Hatavá go Hazaerót; agus shuíodar a gcampa i Hazaerót. Rinne Miriám, agus Árón chomh maith léi, monabhar in aghaidh Mhaois i dtaobh na mná Cuisíteach a phós sé; óir phós sé Cuisíteach mná. Dúradar: «An trí Mhaois amháin a labhair an Tiarna? Nár labhair sé trínne chomh maith?» Chuala an Tiarna é sin. Anois bhí Maois sárumhal, bhí sé ar an duine ba umhla ar talamh. Labhair an Tiarna de gheit le Maois le hÁrón agus le Miriám: «Tagadh an triúr agaibh amach,» ar sé, «go Both na Teagmhála.» Chuadar a dtriúr, agus thuirling an Tiarna ina cholún néil agus sheas ag doras na Botha. Ghlaoigh sé ar Árón agus ar Mhiriám agus tháinig siad chun tosaigh. Dúirt an Tiarna: «Éistigí anois le mo bhriathra: Más fáidh aon duine in bhur measc, Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis; Labhraím leis in aisling. Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta; Mo theach is baile dó; Labhraím leis béal ar bhéal, Go soiléir gan tomhaiseanna, Agus feiceann sé cló an Tiarna. «Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?» Las bladhm feirge an Tiarna ina gcoinne. D' imigh sé leis. Chomh luath agus a d' imigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus d' fhéach uirthi; b' shiúd í ina lobhar. Dúirt Árón le Maois: «Fóir orainn, a thiarna! Ná hagair orainn peaca a rinneamar le baois ach ina bhfuilimid ciontach. Ná bíodh sí mar árrachtach ag teacht ó bhroinn a mháthar agus leath a chuid feola lofa.» Ghuigh Maois go hard chun an Tiarna: «A Dhia,» ar sé, «leigheas í le do thoil, impím ort!» Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.» Cuireadh Miriám ar leithrigh dá bhrí sin amach ón gcampa ar feadh seacht lá agus níor chuir an pobal chun bealaigh gur tugadh Miriám isteach arís. Ansin d' imigh na daoine ó Hazaerót agus shuíodar campa i bhfásach Phárán. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Seol amach fir, fear as gach treibh, chun tír Chanán atá á thabhairt agam do chlann Iosrael a spiúnadh. Seol ceannaire gach treibhe.» Faoi ordú an Tiarna dá bhrí sin sheol Maois iad ó fhásach Phárán; ba cheannairí ar chlann Iosrael na fir seo go léir; is iad seo a n-ainmneacha: Thar ceann treibh Reúbaen, Seamua mac Zacúr. Thar ceann treibh Shímeon, Seáfát mac Hóraí. Thar ceann treibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna. Thar ceann treibh Íosácár, Igeal mac Iósaef. Thar ceann treibh Eafráim, Hóiséa mac Nún. Thar ceann treibh Bhiniáimin, Pailtí mac Ráfú. Thar ceann treibh Zabúlun, Gaidíéil mac Shóidí. Thar ceann treibh Iósaef, thar ceann treibh Mhanaise, Gaidí mac Shúsaí. Thar ceann treibh Dhán, Aimíael mac Ghamaillí. Thar ceann treibh Áiséar, Satúr mac Mhíocáéil. Thar ceann treibh Naftáilí, Nachbaí mac Vofsaí. Thar ceann treibh Ghád, Geúéil mac Mhácaí. Sin iad ainmneacha na ndaoine a sheol Maois uaidh ag taiscéaladh na tíre. Ansin thug Maois an t-ainm Iósua ar Hóiséa mac Nún. Chuir Maois uaidh iad chun taiscéaladh a dhéanamh ar Chanán. «Téigí suas isteach san Neigib,» ar sé leo, «agus as sin go dtí na hardáin; faighigí amach cén sórt tíre é, agus cén sórt iad lucht a áitrithe, an tréan nó lag dóibh, an tiubh nó gann dóibh; an talamh maith nó drochthalamh atá fúthu; cén sórt bailte atá acu, an bhfuilid gan chosaint nó an caisil iad; an bhfuil an ithir féin saibhir nó bocht, faoi choillte nó a mhalairt. Bíodh misneach agaibh agus tugaigí cuid de thorthaí na tíre ar ais libh.» Ba é séasur na bhfíniúna luatha é. Chuadar suas dá bhrí sin, chun an tír a bhrath, ó fhásach Zin go dtí Rachob agus Bealach Hamát. Ghabhadar ó thuaidh fan an Neigib go dtí Heabrón mar a raibh cónaí ar chlann Anac, Aichíomán agus Séisea agus Talmai (bunaíodh Heabrón seacht mbliana roimh Zoan san Éigipt). Thángadar go dtí Gleann Eisciol agus ghearradar craobh fíniúna ann le crobhaing caor; thug beirt acu leo í ar chuaille eatarthu; thugadar leo chomh maith pomagránaití agus figí. Tugadh Gleann Eisciol («Crobhaing») ar an áit ón gcrobhaing a ghearr clann Iosrael anuas ansiúd. Tar éis daichead lá d' fhilleadar óna dtaiscéaladh ar an tír. Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh. Mar seo a dúradar: «Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh. Dream cumhachtach iad siúd a chónaíonn ann áfach; tá cóir chosanta ar a mbailte agus tá siad an-mhór; agus, sea, chonaiceamar sliocht Anac ann. Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.» Bhí Cálaeb ag gríosú na ndaoine i láthair Mhaois agus dúirt: «Ar aghaidh linn gan mhoill agus gabhaimís seilbh ar an tír seo; is féidir dúinn é a smachtú.» Ach dúirt na daoine a chuaigh suas fairis: «Ní féidir dúinn máirseáil i gcoinne na ndaoine seo; is treise iad ná sinne.» Ansin chromadar ar thromaíocht le clann Iosrael ar an tír a bhí braite acu: «An tír a ndeachamar ag taiscéaladh air, is tír é a alpann lucht a áitrithe. Bhí toirt ainspianta i ngach fear dá bhfacamar ann. Chonaiceamar, chonaiceamar sin, fathaigh ann (clann Anac, sliocht na bhfathach) agus ba gheall le dreoilíní teaspaigh sinn féin, dar linn, agus bhíodarsan den tuairim gur míoltóga sinn.» Ansin thóg an comhthionól uile gáir in ard a gcinn agus bhí na daoine ag lógóireacht ar feadh na hoíche ar fad. Chrom clann Iosrael go léir ag monabhar in aghaidh Mhaois agus Árón, agus dúirt an comhthionól uile leo: «Uch nach bhfuaireamar bás i dtír na hÉigipte! nó ar a laghad nach bhfuaireamar bás san fhásach seo! Cad ab áil leis an Tiarna dár dtabhairt isteach sa tír seo d' fhonn go dtitimís de rinn claímh agus go ngabhfaí ár mná agus ár miondaoine mar chreach? Nárbh fhearr dúinn filleadh ar an Éigipt?» Dúradar le chéile ansin: «Ceapaimís ceannaire agus fillimís ar an Éigipt.» Ansin chaith Maois agus Árón iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla os comhair chruinniú chomhthionól chlann Iosrael go léir. Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna, beirt de lucht braite na tíre, stróic siad a n-éadaí, agus dúradar le comhthionól chlann Iosrael go léir: «An tír a ghabhamar á thaiscéaladh, is tír mhaith é, tír fhónta. Má bhíonn an Tiarna sásta linn, seolfaidh sé isteach sa tír seo sinn agus tabharfaidh sé dúinn é. Is tír é ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.» Ag caint ar ghabháil de chlocha orthu a bhí an comhthionól go léir nuair a thaispeáin glóir an Tiarna í féin ag Both na Teagmhála do chlann Iosrael. Dúirt an Tiarna le Maois: «An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d' ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc? Buailfidh mé le plá iad agus fágfaidh mé gan oidhreacht iad; agus déanfaidh mé cine nua díotsa, cine is mó agus is treise ná iad.» D' fhreagair Maois an Tiarna agus dúirt: «Tá sé cloiste ag na hÉigiptigh cheana féin, go dtug tusa an pobal seo, trí do chumhacht féin, amach óna measc. Tá sin ráite cheana féin acu le muintir na tíre seo. Tá a fhios acu cheana féin go bhfuil tusa, a Thiarna, i lár an phobail seo, agus go dtaispeánann tú thú féin dóibh gnúis le gnúis; gurb é do néalsa, a Thiarna, a stadann os a gcionn, agus go dtéann tú rompu mar cholún néil sa lá agus mar cholún tine san oíche. Má mharaíonn tú an mhuintir seo anois d' aon iarracht, déarfaidh na ciníocha a chuala i do thaobh: ' Níor fhéad an Tiarna an mhuintir seo a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dóibh, agus dá bhrí sin rinne sé ár orthu san fhásach.' I bhfad uait anois é, impím ort. Taispeáin do chumhacht anois de réir na mbriathra a labhair tú: ' Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n-aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.' Ó lánmhaire do bhuanghra dá bhrí sin, maith peaca an phobail seo, faoi mar atá maite agat don phobal seo ón Éigipt go dtí seo.» Ansin dúirt an Tiarna: «Maithim dóibh mar a iarrann tú. Ach, dar mo bheo agus dar glóir an Tiarna a líonann an domhan uile, an mhuintir seo go léir a chonaic mo ghlóir agus na hiontais a rinne mé san Éigipt agus san fhásach, agus a rinne mé a phromhadh faoi dheich cheana féin gan géilleadh do mo ghlór ní fheicfidh duine díobh an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n-aithreacha; ní fheicfidh duine den dream a chaith drochmheas liom é. Ach tá malairt spioraid i mo shearbhónta Cálaeb. De bhrí go ndearna sé rud orm go beacht, tabharfaidh mé isteach é sa tír ina ndeachaigh sé agus beidh seilbh ag a shliocht air. (Tá an tAmailéiceach agus an Canánach ag cur fúthu sa mhachaire). Casaigí ar bhur sáil amárach agus filligí ar ais ar an bhfásach i dtreo na Mara Súf.» Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón: «An fada a bheidh an mhuintir chlaon seo ag monabhar i m' aghaidh? Chuala mé na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i m' aghaidh. Abair leo: 'Dar mo bheo sé an Tiarna atá ag caint tabharfaidh mé íde oraibh díreach de réir na bhfocal a dúirt sibh i mo láthair. Titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo; sea de líon bhur bhfear go léir a áiríodh sa daonáireamh ó aois fiche bliain agus breis, a rinne gearán i m' aghaidh, mionnaim nach rachaidh duine isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn mar áitreabh daoibh, ach Cálaeb mac Iafuna agus Iósua mac Nún. Agus bhur leanaí a dúirt sibh a d' fhuadófaí mar chreach, tabharfaidh mé isteach iad chun aithne a chur ar an talamh ba bheag oraibhse. Ach maidir libhse, titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo agus beidh bhur gclann ina n-aoirí san fhásach ar feadh daichead bliain, ag iompar ualach bhur mídhílseachta go sínfear an duine deireanach díbh marbh san fhásach. Ar feadh daichead lá bhí an tír á bhrath agaibh; seasóidh gach lá do bhliain; ar feadh daichead bliain déanfaidh sibh ualach bhur bpeacaí a iompar agus beidh a fhios agaibh cad is brí le mé a shéanadh.' Mise an Tiarna a labhair. Sin í an íde a thabharfaidh mé go cinnte ar an mhuintir chlaon seo go léir a rinne comhcheilg i m' aghaidh. Anseo san fhásach seo déanfar díth orthu go dtí go dtiteann an duine deireanach marbh ann.» Na fir a sheol Maois chun an tír a bhrath, agus a chrom tar éis filleadh dóibh ar mhuintir Iosrael a ghríosú chun cnáimhseála in aghaidh an Tiarna lena ndrochthuairisc ar an tír, na fir seo a thug an drochthuairisc ar an tír, bhuail an phlá marbh iad os comhair an Tiarna. Níor fágadh beo de lucht braite na tíre ach Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna. D' inis Maois na focail seo do chlann Iosrael go léir agus ba mhór í a lógóireacht. Ansin d' éiríodar go moch agus chuireadar chun bealaigh i dtreo arda na sléibhte á rá: «Seo anseo sinn, cuirimís chun bealaigh i dtreo na háite sin ó dúirt an Tiarna linn gur pheacaíomar.» D' fhreagair Maois: «Cad ab áil libh ag diúltú d' ordú an Tiarna? Ní bheidh aon ní agaibh dá thairbhe. Ná gabhaigí suas mar níl an Tiarna in bhur gcoimhdeacht, agus ná scriosadh bhur naimhde sibh. Sin é an tAmailéiceach agus an Canánach os bhur gcoinne agus titfidh sibh de rinn a gclaímh mar gur thug sibh droim le lorg an Tiarna agus níl an Tiarna in bhur gcoimhdeacht.» Ach le barr dánaíochta chuireadar chun bealaigh suas chun arda na sléibhte cé nár fhág áirc chonradh an Tiarna ná Maois an campa. Ansin an tAmailéiceach agus an Canánach a bhí ag cur fúthu sna hardáin sin, thángadar anuas agus bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu síos amach go Hormá. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair é seo le clann Iosrael: 'Nuair a shroichfidh sibh an tír mar a bhfuil sibh le cur fúibh, agus atá á thabhairt agam daoibh, agus go ndéanann sibh, mar chumhracht a thaitneoidh leis an Tiarna de rogha an tréada nó na tána, ofráil dhóite don Tiarna mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é, nó mar ofráil dheonach, nó ar ócáid féile sollúnta de bhur gcuid, ní foláir don ofrálaí, mar bhronntanas uaidh féin don Tiarna, a bhreith leis mar abhlann, deachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín ola; agus ní foláir duit íobairt dhoirte fíona a dhéanamh, ceathrú hín do gach uan, chomh maith leis an uileloisctheach nó an íobairt. I gcás reithe, ní foláir duit dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le trian hín ola a bheith agat mar abhlann, agus íobairt dhoirte de thrian hín fíona, le bheith ina bholadh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna. Sa chás gur tarbh a bhíonn á ofráil agat mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é nó mar íobairt chomaoineach don Tiarna, ní foláir, chomh maith leis an tarbh, trí dheachú éafá de phlúr mín measctha le leath hín ola a ofráil mar abhlann, agus ní foláir duit leath hín fíona a ofráil mar íobairt dhoirte, íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. Ní foláir déanamh mar sin le gach tarbh nó reithe, le gach uan nó meannán fireann. Cibé líon íobarthach a bhíonn agaibh le híobairt, déanaigí mar sin le gach ceann díobh cibé a líon. Déantar mar sin ag gach dúchasach nuair a dhéanann sé íobairt dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna. Aon duine deoranta a bhíonn ag cur faoi in bhur measc, nó i measc bhur sleachta, más áil leis íobairt dhóite a dhéanamh, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, déanadh sé mar a dhéanann sibhse; déanadh an comhthionól amhlaidh chomh maith. Ní bheidh ach an t-aon reacht amháin daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc. Reacht síoraí é seo a cheanglóidh bhur sliocht i gcónaí: i láthair an Tiarna, is ionann tusa agus an coimthíoch; ná bíodh ach an t-aon reacht amháin, an t-aon dlí amháin, daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc.» ' Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a rachaidh sibh isteach sa tír a bhfuilim do bhur dtabhairt ann, ní foláir daoibh roinn a ofráil don Tiarna nuair bheidh arán na tíre á chaitheamh agaibh. Cuirigí i leataobh bairín mar ofráil de chéadthoradh bhur dtaois; cuirigí i láthair é mar ofráil ó bhur n-urlár buailte. Ní foláir daoibh cuid de thús bhur dtaois a chur i leataobh don Tiarna; déantar amhlaidh ag sliocht bhur sleachta. Má theipeann ort, trí neamhaire, maidir le haon cheann de na haitheanta a thug an Tiarna do Mhaois (sé atá i gceist ná gach aon ordú riamh a leag an Tiarna oraibh trí Mhaois ón lá a thug sé a aitheanta daoibhse agus ar aghaidh go dtí bhur sliocht), mar seo atá le déanamh: Más neamhaire an chomhthionóil uile a bhíonn i gceist, déanadh an comhthionól uile íobairt uileloiscthe de tharbh óg, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, mar aon lena abhlann agus lena íobairt dhoirte de réir gnáis; agus ofráiltear pocán gabhair mar íobairt pheaca. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh do chomhthionól uile chlann Iosrael, agus tabharfar maithiúnas dóibh, mar ba trí neamhaire é. Nuair a bhíonn a n-ofráil tugtha acu mar íobairt dhóite don Tiarna, agus go mbíonn a n-íobairt pheaca curtha i láthair an Tiarna acu chun leorghníomh a dhéanamh ar son a neamhaire, tabharfar maithiúnas do chomhthionól chlann Iosrael ar fad, agus don choimhthíoch ag cur faoi ina measc, óir rinne an pobal go léir peaca trí neamhaire. Más duine aonair a pheacaíonn trí neamhaire, ofráladh sé meannán baineann bliana mar íobairt pheaca. Ní foláir don sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh i láthair an Tiarna don duine a chuaigh ar seachrán agus a pheacaigh trí neamhaire; nuair a bhíonn gnás an leorghnímh comhlíonta dó, maithfear dó, cibé acu dúchasach, duine de chlann Iosrael é, nó deoraí ag cur faoi ina measc. Ná bíodh ach an t-aon dlí amháin in bhur measc don té a pheacaíonn le neamhaire. Ach an té a pheacaíonn d' aonghnó, más dúchasach, más coimhthíoch, tugann sé masla don Tiarna féin. Déantar an duine sin a ghearradh amach óna phobal; tá briathar an Tiarna tarcaisnithe aige agus a aithne briste aige. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ar fad; leanann a pheaca sa mhullach air.» Fad a bhí clann Iosrael san fhásach, fuarthas fear ag bailiú brosna ar an tsabóid. An dream a rug air ag bailiú brosna, thugadar leo é os comhair Mhaois agus Árón agus an chomhthionóil go léir. Coimeádadh i ngéibheann é mar nach raibh sé socair fós cén pionós a bhí le cur air. Dúirt an Tiarna le Maois: «Ní foláir an duine seo a chur chun báis; ní foláir don chomhthionól go léir gabháil de chlocha ann lasmuigh den champa.» Rug an comhthionól go léir leo é lasmuigh den champa agus ghabhadar de chlocha ann go dtí go raibh sé marbh, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo scothóga a chur ar fháithimí a mbrat ó ghlúin go glúin, agus ribín corcra a chur ar an scothóg ag an bhfáithim. Bíodh an scothóg agaibh dá bhrí sin le féachaint uirthi le haitheanta uile an Tiarna a chur i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad más ea agus ná leanaigí mianta bhur gcroí agus bhur súl a thuilleadh, óir sheoladar sibh ar bhealach an striapachais. Cuirfidh an rud seo m' aitheanta go léir i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad agus bígí coisricthe do bhur nDia. Mise an Tiarna, bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte d' fhonn go mbeinn mar Dhia agaibh; mise an Tiarna bhur nDia.» Corach mac Izeár, mac Chohát, mac Léiví, agus Dátán agus Aibíorám mic Eilíáb agus Ón mac Pheilit mic le Reúbaen a ba ea Eilíáb agus Peilit ghabhadar cabhair fear chucu agus d' eiríodar amach in aghaidh Mhaois, agus mar aon leo dhá chead caoga de chlann Iosrael, ceannairí sa chomhthionól, fir a bhí oirearc sna féilte sollúnta, lucht dea-cháile. Chruinníodar seo le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón agus dúradar leo: «Tá sibh dulta thar fóir! Tá an comhthionól go léir coisricthe, gach duine riamh díobh, agus maireann an Tiarna ina gcoimhdeacht. Cad ab áil libh dá bhrí sin do bhur gcur féin os cionn chomhthionól an Tiarna?» Arna chlos sin do Mhaois chaith sé é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla agus dúirt le Corach agus lena lucht leanúna go léir: «Ar maidin amárach, nochtfaidh an Tiarna cé is leis, agus cé hé an duine coisricthe a scaoilfidh sé ina chóngar. An té a scaoilfidh sé ina chóngar, sin é an té a thogh sé. Sé seo atá le déanamh agaibh: tógaigí túiseoirí Chorach agus a lucht leanúna go léir; cuirigí tine iontu agus cuirigí túis iontu i láthair an Tiarna amárach. Sé an té atá coisricthe a thoghfaidh an Tiarna. Tá sibh dulta thar fóir, a mhaca Léiví.» Dúirt Maois le Corach: «Tugaigí cluas dom anois, a mhaca Léiví. An beag libh é go ndearna Dia Iosrael sibh a dheighilt ó chomhthionól Iosrael do bhur mbreith ina chomharsanacht féin, le seirbhís a dhéanamh i dtaibearnacal an Tiarna, agus le seasamh os comhair an chomhthionóil seo ag comhlíonadh na ngnásanna ar a son? Ghlaoigh sé ort le bheith taobh leis, tú féin agus do chomhbhráithre, clann Léiví, in éineacht leat, agus seo thú anois ag tnúth leis an tsagartacht chomh maith. Uime sin is in aghaidh an Tiarna féin a rinne tú féin agus do lucht leanúna go léir an tóstal; cad é Árón go ndéanfadh sibh monabhar ina aghaidh?» Ghlaoigh Maois chuige ar Dhátán agus ar Aibíorám clann Eilíáb. D' fhreagraíodar: «Ní thiocfam! Nár leor sinn a thabhairt ó thír ina raibh bainne agus mil ina slaoda le bás a fháil san fhásach seo, agus gan a bheith ag iarraidh bheith i do thiarna orainn anois? Agus tharais sin, níor thug tú sinn isteach in aon tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda ann, ná níor bhronn tú aon tailte ná fíonghoirt mar oidhreacht orainn. An amhlaidh is dóigh leat gur dall atá na daoine seo? Ní thiocfam.» Tháinig fraoch feirge ar Mhaois agus dúirt sé leis an Tiarna: «Ná tabhair aon aird ar a n-ofráil. Níor ghlac mé fiú le hasal uathu, ní mó ná sin a rinne mé dochar d' aon duine acu.» Dúirt Maois le Corach: «Tar féin agus do lucht leanúna go léir os comhair an Tiarna amárach tusa agus iadsan agus Árón chomh maith. Tugadh gach duine agaibh a thúiseoir leis, cuireadh sé túis ann, agus beireadh sé a thúiseoir i láthair an Tiarna dhá chéad caoga túiseoir; tú féin agus Árón chomh maith, beireadh gach duine agaibh a thúiseoir leis.» Thóg gach fear a thúiseoir más ea, chuir tine ann, agus chuir túis ar an tine. Bhíodar ina seasamh ag doras Bhoth na Teagmhála agus Maois agus Árón in éineacht leo. Ansin nuair a bhí an comhthionól go léir cruinnithe ag Corach in aghaidh na beirte ag doras Bhoth na Teagmhála, foilsíodh glóir an Tiarna don chomhthionól go léir. Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: «Scaraigí ón bpobal seo, mar go bhfuilimse chun iad a scrios ar an toirt.» Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: «A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?» D' fhreagair an Tiarna: «Abair é seo,» ar sé, «leis an gcomhthionól: 'Druidigí glan amach ó chóngar áitreabh Chorach (agus Dhátán agus Aibíorám).'» D' éirigh Maois ina sheasamh ansin agus chuaigh go Dátán agus Aibíorám, agus lean seanóirí Iosrael é. Dúirt sé leis an gcomhthionól: «Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.» Dhruideadar amach dá bhrí sin ó chóngar áitreabh Chorach. Bhí Dátán agus Aibíorám tagtha amach agus iad ina seasamh i mbéal a mbothanna, agus a mná agus a mic agus a leanaí beaga in éineacht leo. Labhair Maois: «Leis seo,» ar sé, «beidh a fhios agaibh gur sheol an Tiarna féin mé chun na hoibreacha seo a dhéanamh, agus nach de mo rogha féin é: má fhaigheann na daoine seo bás de bhás coiteann, nó más í cinniúint gach duine a bhuaileann iad, ansin níor sheol an Tiarna mé. Ach má dhéanann an Tiarna rud éigin nua glan, má osclaíonn an talamh a chraos agus iad a shlogadh, iad féin agus gach a mbaineann leo, i dtreo go dtéann siad síos ina mbeatha go Seól, ansin beidh fhios agaibh gur shéan na fir seo an Tiarna.» Ní raibh ach a dheireadh sin uile ráite aige nuair a scoilt an talamh ar leathadh fúthu, d' oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad, agus líon a dtithe mar aon leo, agus lucht Chorach, agus a sealúchas uile. Chuadar síos ina mbeatha go Seól, iad féin agus gach ar bhain leo; dhún an talamh orthu agus bhíodar sciobtha ó lár an chomhthionóil. Theith na hIosraelaigh go léir a bhí ina dtimpeall roimh a liú; óir, a dúradar: «Ná slogadh an talamh sinn!» Tháinig lasair anuas ón Tiarna agus loisc sé an dá chead caoga fear ag ofráil na túise. Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair le Eileázár mac Árón an sagart na túiseoirí a thógáil as an ngríosach agus an tine neamhdhleathach seo a scaipeadh ar fud an bhaill, óir tá túiseoirí seo na bpeacach coisricthe in éiric a n-anamacha. Ós rud é gur ofráladar os comhair an Tiarna iad agus gur coisriceadh iad, déantar an miotal iontu a bhualadh amach ina bhileoga mar chumhdach don altóir. Beidh siad ansin ina sampla do chlann Iosrael.» Thóg Eileázár an sagart na túiseoirí cré-umha a d' iompar an dream a loisceadh, agus buaileadh amach ina mbileoga iad mar chumhdach don altóir, lé bheith ina sampla do chlann Iosrael á chur i gcuimhne dóibh nach ceadmhach d' aon duine nach sagart agus nach de shíol Árón, teacht i ngaobhar an Tiarna le túis a dhó, le heagla gurb é dála Chorach agus a chomplachta ba chríoch dó, faoi mar a dúirt an Tiarna le hEileázár trí bhéal Mhaois. Lá arna mhárach bhí comhthionól uile chlann Iosrael ag monabhar in aghaidh Mhaois agus in aghaidh Árón, á rá: «Tá an bás tugtha agat sa mhullach ar phobal an Tiarna!» Agus an comhthionól go léir ag cruinniú le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón, d' fhéachadarsan i dtreo Bhoth na Teagmhála, agus b' shiud é an néal á chlúdach agus glóir an Tiarna á thaispeáint. Chuaigh Maois agus Árón go doras Bhoth na Teagmhála, agus labhair an Tiarna le Maois: «Druid glan amach ón gcomhthionól seo; táim ar tí iad a scrios ar an toirt.» Agus chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla. Ansin dúirt Maois le hÁrón: «Tóg do thúiseoir, cuir tine ón altóir ann, agus leag túis air, agus brostaigh leis go dtí an comhthionól chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh; óir tá fraoch na feirge sceite anuas ón Tiarna agus tá an phlá sa siúl.» Rinne Árón rud ar Mhaois, agus rith faoin gcomhthionól, agus féach bhí an phlá sa siúl ina measc. Chuir sé an túis isteach agus chomhlíon sé gnás an leorghnímh ar son an phobail. Ansin sheas sé idir na beo agus na mairbh, agus stad an phlá. Ba é líon na ndaoine a mharaigh an phlá sin, ceithre mhíle dhéag agus seacht gcéad seachas iad siúd a fuair bás de bharr Chorach. Agus d' fhill Árón ar Mhaois ag doras Bhoth na Teagmhála; bhí an phlá thart. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Labhair le clann Iosrael agus abair leo craobhacha a thabhairt duit, craobh thar ceann gach teaghlaigh athartha; tugadh na ceannairí le chéile dosaon craobh thar ceann a dteaghlach athartha. Scríobh ainm gach duine ar a chraobh agus scriobh ainm Árón ar chraobh Léiví; óir beidh craobh do cheann gach teaghlaigh athartha. Ansin cuir iad i mBoth na Teagmhála, os comhair na Fianaise, mar a dteagmhaím leat. An té a dtiocfaidh bláth ar a chraobh, sin é an té atá tofa agam; sin mar a chuirfidh mé deireadh leis na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i d' aghaidh.» Labhair Maois le hIosrael agus thug a gceannairí go léir craobh an duine dó, dosaon craobh ar fad thar ceann na dteaghlach athartha; bhí craobh Árón i measc na gcraobhacha. Leag Maois iad i mBoth na Teagmhála i láthair an Tiarna. Lá arna mhárach ghabh Maois isteach i mBoth na Fianaise agus b' shiúd í craobh Árón, thar ceann theaghlach Léiví, ag péacadh cheana féin. Bhí bachlóga curtha amach aici, agus bláthanna tagtha uirthi, agus almóinní aibí uirthi. Thug Maois leis na craobhacha go léir ó láthair an Tiarna amach go clann Iosrael go léir; rinneadar iad a spiúnadh agus thóg gach duine a chraobh féin leis. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m' aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.» Rinne Maois mar a d' ordaigh an Tiarna; mar a d' ordaigh an Tiarna is ea a rinne sé. Dúirt clann Iosrael le Maois: «Tá deireadh linn! Tá an bás chugainn! Tá an bás chugainn go léir! Aon duine a théann i ngar do thaibearnacal an Tiarna le hofráil, gheobhaidh sé bás. An é an bás atá i ndán dúinn go léir?» Ansin dúirt an Tiarna le hÁrón: «Tusa agus do chlann mhac agus do theaghlach go léir a iompróidh ualach na bpeacaí in aghaidh an tsanctóra; tusa agus do chlann mhac a iompróidh ualach na bpeacaí a bhaineann le bhur sagartacht. Tagadh do bhráithre de chraobh Léiví, craobh d' athar, in éineacht leat chomh maith; aontaídís leat agus déanaidís fónamh duit, duit féin agus do do chlann mhac, agus tú os comhair Bhoth na Fianaise. Tá siad le fónamh duitse agus do sheirbhís uile na Botha. Ar choinníoll nach dtagann siad i ngar do na soithí naofa ná don altóir, ní baol dóibh an bás ach oiread leat féin. Aontaídís leat, agus déanaidís cúram Bhoth na Teagmhála i gcomhair sheirbhís uile na Botha; ná tagadh aon duine eile gan údarás in bhur ngaobhar. Bígí féin i bhfeighil an tsanctóra agus i bhfeighil na haltóra, agus ní thiocfaidh an cuthach go deo arís sa mhullach ar chlann Iosrael. Agus siúd iad bhur mbráithre, na Léivítigh, tógtha agam as chlann Iosrael mar thabhartas duit; mar thoirbheartaigh, is leis an Tiarna iad le fónamh ag Both na Teagmhála. Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.» Dúirt an Tiarna le hÁrón ansin: «Chuir mé féin tú i bhfeighil gach dleacht dá n-ofráiltear dom. Gach ní a choisriceann clann Iosrael tugaim mar chuid ranna duit iad, agus do do mhaca, de réir reachta shíoraí. Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca. Ní miste duit na nithe sárnaofa sin a ithe, agus ní miste do gach fireannach iad a ithe; bídís naofa agat. Is leat mar an gcéanna cibé ní a chuirtear i leataobh d' ofrálacha chlann Iosrael a chuirtear i láthair mar dhleacht; tugaim é sin duitse agus do do mhic agus do d' iníonacha, trí reacht síoraí. Ní cás do gach duine glan i do theach é a ithe. Togha na hola, togha an fhíona agus na cruithneachta, na céadtorthaí a bhronnann siad ar an Tiarna, tugaim duit iad. Céadfhómhar a n-ithreach a thugann siad go dtí an Tiarna, bídís agatsa. Gach duine glan i do theach ní cás dó é a ithe. A mbíonn faoi bhang in Iosrael, bíodh sé agat. Gach céadghin de dhúile beo más fear, más ainmhí, a thabharfar chun an Tiarna, bíodh sé agatsa. Gach céadghin fir, áfach, agus gach céadghin ainmhí neamhghlain, ní foláir duit iad a fhuascailt. In aois míosa a fhuasclóidh tú iad ar chostas cúig sheicil, de réir seicil an tsanctóra, fiche géará is é sin. Ach céadlao bó, céaduan caorach, nó céadmheannán gabhair, ná fuascail; tá siadsan naofa. Ní foláir duit a gcuid fola a chroitheadh ar an altóir agus a saill a dhó mar ofráil dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna. Leatsa an fheoil, mar aon leis an mbrollach a cuireadh i láthair mar dhleacht ar leith, agus an cheathrú dheas. Gach a gcuireann clann Iosrael de na nithe naofa i leataobh don Tiarna, tugaim duitse agus do do mhic agus do d' iníonacha de réir reachta shíoraí. Conradh salainn é seo go brách i láthair an Tiarna, duit féin agus do do shliocht i do dhiaidh.» Dúirt an Tiarna le hÁrón: «Ní bheidh aon oidhreacht agat ina bhfearann, ná ní bheidh seilbh agat ar aon chuid de ina measc. Mise do chuid ranna agus d' oidhreacht i measc chlann Iosrael. Thug mé, thug sin, do chlann Léiví mar oidhreacht na deachúna go léir in Iosrael ar son na seirbhíse lena ndéanann siad seirbhís i mBoth na Teagmhála. Ná tagadh clann Iosrael i ngaobhar Bhoth na Teagmhála feasta; bheadh peaca ina ualach orthu agus gheobhaidís bás. Le Léiví a bhaineann seirbhís Bhoth na Teagmhála, agus iompróidh na Léivítigh ualach a bpeaca. Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir: Ná bíodh aon oidhreacht ag na Léivítigh i measc chlann Iosrael. An deachú a chuireann clann Iosrael i leataobh don Tiarna, tá sí á tabhairt agam do na Léivítigh mar oidhreacht. Uime sin a dúirt mé leo go mbeidh siad gan oidhreacht i measc chlann Iosrael.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair leis na Léivítigh: 'Nuair a ghlacann sibh an deachú ó chlann Iosrael, an deachú a chaithfidh siad a dhíol libh agus atá á tabhairt agam daoibh ní foláir daoibh cuid de a chur i leataobh don Tiarna, deachú den deachú. Beidh sí seo in áit na hofrála is dual uaibh, mar an t-arbhar ón urlár buailte agus an nuafhíon ón gcantaoir. Déanfaidh sibhse chomh maith dá bhrí sin roinn a ofráil don Tiarna as gach deachú a ghlacfaidh sibh ó chlann Iosrael. Tugaigí an chuid a ofrálann sibh i leataobh don Tiarna d' Árón an sagart. Cuirigí an chuid is dual de gach tabhartas a gheobhaidh sibh i leataobh don Tiarna. Cuirigí an chuid naofa i leataobh ó thogha na nithe seo go léir.' Abair leo: 'Nuair a bhíonn an togha curtha i leataobh, bíodh na tabhartais seo go léir (i gcás na Léivíteach) in áit toradh an urláir bhuailte agus an chantaoir fíona. Ní cás daoibh iad a ithe in aon áit, sibh féin agus bhur muintir; sé seo bhur luach saothair ar son bhur seirbhíse i mBoth na Teagmhála. Ní bheidh ualach aon pheaca oraibh dá bharr seo, a luaithe a bhíonn an chuid is fearr ofrálta agaibh; ní mó ná sin a bheidh na nithe a choisric clann Iosrael á dtruailliú agaibh, agus ní bhfaighidh sibh bás.'» Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt: «Seo reacht den dlí a d' aithin an Tiarna. Inis é seo do chlann Iosrael: ní foláir dóibh bó dhearg, gan locht gan mháchail, nár iompair riamh an chuing, a thabhairt chugat. Tugaigí d' Eileázár an sagart í, agus tugtar lasmuigh den champa í le marú ina láthair. Tógadh Eileázár an sagart cuid dá fuil ar a mhéar agus croitheadh sé an fhuil seo seacht n-uaire i dtreo dhoras Bhoth na Teagmhála. Loisctear an bhó ansin ina láthair, idir sheithe agus fheoil, agus fhuil, sea agus otrach chomh maith. Ansin faigheadh an sagart adhmad céadrais, íosóip, agus ábhar craorag agus caitheadh sé iad ar lasair na bó á loscadh. Ansin níodh an sagart a éide agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce; ní miste dó filleadh ar an gcampa ina dhiaidh sin, ach bíodh sé neamhghlan go nóin. An té a loisc an bhó, ní mór dó a éide a ní agus a chorp a ionladh in uisce, agus a bheith neamhghlan go nóin. Bailíodh duine atá glan luaithreach na bó, agus caitheadh sé in áit ghlan é lasmuigh den champa. Ní foláir é a choimeád i gcomhair chomhthionól chlann Iosrael le huisce na neamhghlaine a dhéanamh; is íobairt scriosta peaca í. An té a bhailigh luaithreach na bó, níodh sé a éide agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bíodh seo ina reacht síoraí do chlann Iosrael agus don choimhthíoch ag cur faoi in bhur measc. «An té a bhaineann le corpán mairbh ar bith, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá. Déanfaidh sé é féin a ionladh leis na huiscí seo ar an tríú agus ar an seachtú lá, agus beidh sé glan. Ach mura ndéanann sé é féin a íonghlanadh ar an tríú agus an seachtú lá, ní bheidh sé glan. An té a bhaineann le corpán mairbh, is cuma cé hé, agus nach ndéanann é féin a íonghlanadh, truaillíonn sé taibearnacal an Tiarna. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ó Iosrael, mar nár ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; bíonn sé neamhghlan; leanann a neamhghlaine de. «Seo é an dlí sa chás go bhfaigheann duine bás i mboth: aon duine a théann isteach sa bhoth, nó aon duine a bhíonn istigh ann cheana, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá. Ar an gcuma chéanna, gach soitheach oscailte nár iadh clab ná clúid air, bíodh sé neamhghlan. Aon duine a bhaineann le fear a maraíodh le claíomh lasmuigh sa mhachaire, nó le fear a cailleadh, nó le cnámharlach duine, nó le huaigh, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá. «Ar mhaithe leis an té atá neamhghlan ar an gcuma seo, tógtar cuid de luaithreach an íobairt pheaca a loisceadh; cuirtear fíoruisce leis i soitheach. Ansin faigheadh duine íonghlan craobh íosóipe agus tumadh san uisce agus croitheadh ar an mboth é, agus ar na soithí agus ar na daoine go léir atá istigh ann, agus ar an té a bhain leis an gcnámharlach, nó le corp an mhairbh is cuma an bás de ghoin nó bás uaidh féin a fuair sé nó leis an uaigh. Agus croitheadh an t-íonghlan ar an neamhghlan an tríú agus an seachtú lá, agus an seachtú lá beidh a ghlanadh curtha i gcrích aigesean. Ní foláir don neamhghlan a chuid éadaigh a ní agus é féin a ionladh in uisce agus beidh sé glan um nóin. Mura ndéanann duine neamhghlan é féin a ghlanadh, gearrtar amach ón gcomhthionól é, óir thruailleodh sé sanctóir an Tiarna. Níor ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; tá sé neamhghlan. «Bíodh seo ina dhlí síoraí acu: an té a chroitheann uisce na neamhghlaine, níodh sé a chuid éadaigh, agus an té a bhainfidh le huisce na neamhghlaine, bíodh sé neamhghlan go nóin. Aon rud a mbainfidh an neamhghlan leis, bíodh sé neamhghlan, agus aon duine a bhainfidh leis sin arís, bíodh sé neamhghlan go nóin.» An chéad mhí tháinig clann Iosrael, an comhthionól go léir, isteach i bhfásach Zin. Chuir na daoine fúthu i gCáidéis. Ansiúd a fuair Miriám bás agus a adhlacadh í. Ní raibh uisce ann don chomhthionól, agus chuireadar go léir le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón. Thug an pobal a ndúshlán faoi Mhaois: «Uch gan sinn a fháil bháis,» ar siad, «mar a fuair ár mbráithre bás i láthair an Tiarna! Cad ab áil libh ag tabhairt comhthionól an Tiarna amach san fhásach seo, díreach d' fhonn go bhfaighimís bás anseo sinn féin agus ár n-eallach? Cén fáth ar sheol sibh amach as an Éigipt sinn le teacht chun na háite danartha seo? Ní aon áit é d' arbhar, ná do fhigí, do fhíniúna ná do phomagránaití agus níl aon uisce le hól ann.» Ansin d' imigh Maois agus Árón ón gcomhthionól agus tháinig go doras Bhoth na Teagmhála. Chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh, agus thaispeáin gloir an Tiarna í féin dóibh. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.» Thóg Maois an chraobh ó láthair an Tiarna mar a d' ordaigh sé dó. Ansin ghair Maois agus Árón an comhthionól le chéile os comhair na carraige agus dúirt leo: «Éistigí anois a lucht na ceannairce! An dtabharfaimid uisce ina shruth as an gcarraig seo daoibh?» D' ardaigh Maois a lámh agus bhuail sé an charraig faoi dhó leis an tslat, agus tháinig uisce amach ina thuile agus d' ól an comhthionól agus a n-eallach deoch. Ansin dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: «De bhrí nár chreid sibh go bhféadfainn mé féin a naomhú os comhair súile chlann Iosrael, ní threoróidh sibh an pobal seo isteach sa tír atá á thabhairt agam dóibh.» Sin iad uiscí Mhiríbeá (Conspóide) mar a raibh clann Iosrael ag conspóid leis an Tiarna agus gur thaispeáin sé gur naofa é ina measc. Sheol Maois teachtairí ó Cháidéis: «Do rí Eadóm. Teachtaireacht ó do bhráthair Iosrael. Is maith is eol duit an cruatan go léir a luigh orainn; chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d' fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir. Ghlaomar chun an Tiarna; d' éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche. Lig dúinn gabháil trí do thír. Ní rachaimid trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin gan casadh ar dheis ná ar chlé go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.» Ach d' fhreagair Eadóm é: «Ná gabh trí mo chríochasa nó tiocfaidh mé amach chun tú a ionsaí.» Dúirt clann Iosrael leis: «An bóthar mór a gheobhfaimid; má ólaimid aon chuid de d' uisce, mise féin nó m' eallach, díolfaidh mé as. Lig dom gabháil tríd an tír de chois, sin uile.» D' fhreagair Eadóm: «Ní dhéanfaidh sibh,» agus tháinig Eadóm amach ina n-aghaidh le slua mór agus le tréan-neart. Dhiúltaigh Eadóm cead slí trína chríocha d' Iosrael, ar an gcuma sin, agus chas Iosrael i leataobh uaidh. Chuireadar chun bothair ó Cháidéis agus tháinig comhthionól chlann Iosrael go léir go Sliabh Hor. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón ag Sliabh Hor ar theorainn chríocha Eadóm. «Ní foláir,» ar sé, «Árón a chruinniú chun a mhuintire; óir níl sé le dul isteach sa tír a thug mé do chlann Iosrael, óir rinne sibh ceannairc i m' aghaidh ag uiscí Mhiríbeá. Beir leat Árón agus a mhac Eileázár agus tabhair suas go Sliabh Hor iad. Ansin bain a éidí d' Árón agus cuir ar a mhac Eileázár iad; cruinneofar Árón chun a mhuintire agus gheobhaidh sé bás ansiúd.» Rinne Maois mar a d' ordaigh an Tiarna. Chuadar suas go Sliabh Hor i radharc an chomhthionóil uile. Bhain Maois a éidí d' Árón agus chuir ar Eileázár a mhac iad. Agus fuair Árón bás ansiúd ar bharr an tsléibhe. Ansin tháinig Maois agus Eileázár anuas ón sliabh. Nuair a chonaic an comhthionól go léir go raibh Árón tar éis bháis, chaoin teaghlach Iosrael Árón ar feadh deich lá fichead. Rí Arád, an Canánach a bhí ag cur faoi sa Neigib, chuala sé go raibh Iosrael ag teacht trí bhealach Atáraím. D' ionsaigh sé Iosrael agus ghabh sé roinnt priosúnach. Ansin mhóidigh Iosrael an mhóid seo don Tiarna: «Má thugann tú an mhuintir seo ar láimh dom, cuirfidh mé a gcathracha go léir faoi bhang.» D' éist an Tiarna le guth Iosrael agus thug na Canánaigh ar láimh dóibh; chuireadar faoi bhang iad, iad féin agus a gcathracha. Tugadh Hormá (Bang) ar an áit seo. D' fhágadar Sliabh Hor ar feadh bhealach Mhuir Shúf, ag gabháil timpeall chríocha Eadóm. Bhris ar an bhfoighne ag an bpobal ar an tslí. Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: «Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach? Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.» Ansin sheol Dia nathracha tintí i measc an phobail, agus chuireadar a gcealg sa phobal, agus fuair a lán in Iosrael bás. Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: «Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d' aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.» Ghuigh Maois ar son an phobail. Dúirt an Tiarna le Maois: «Déan nathair thintí agus cuir ar chuaille í, agus gach duine ina gcuirfear cealg, nuair a fhéachfaidh sé uirthi, mairfidh sé.» Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í, agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d' fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh. Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus shuíodar a gcampa in Obot. Ansin chuadar ó Obot agus shuíodar a gcampa in Ívé Abáraím san fhásach taobh le Móáb i dtreo éirí gréine. Chuireadar chun bealaigh uaidh sin agus shuíodar a gcampa i nGleann Zeirid. Chuireadar chun bealaigh uaidh sin agus shuíodar a gcampa lastall den Arnón. Tosaíonn an gleann fásaigh seo i gcríocha na nAmórach. Óir sí an Arnón teorainn Mhóáb, idir Móáb agus na hAmóraigh. Deirtear uime sin i Leabhar Chogaí an Tiarna: Váhaeb i Súfá, agus gleannta Arnón, agus sleasa na ngleannta a ritheann síos go láthair Ár, agus a chromann thar teorainn Mhóáb? agus ar aghaidh leo as sin go Béar Is faoin tobar ansiúd a dúirt an Tiarna le Maois: «Cruinnigh an pobal le chéile agus tabharfaidh mé uisce dóibh.» Ansin is ea a chan Iosrael an laoi: «Sceith, a thobar! Canaigí dó! Na prionsaí a thochail, agus ceannairí an phobail a bhain, lena slat agus lena mbataí.» agus ón bhfásach go Matáná. Agus ó Mhatáná go Nachailíéil, agus ó Nachailíéil go Bámót, agus ó Bhámót go dtí an gleann a shíneann go críocha Mhóáb i dtreo mullach Phisceá atá ar imeall an fhásaigh. Ansin chuir Iosrael teachtairí go Síochon rí na nAmórach, á rá: «Lig dom gabháil trí do chríocha; ní rachaimid ar seachrán trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.» Ach ní ligfeadh Síochon d' Iosrael gabháil trína chríocha. Thionóil sé a chuid fear ar fad agus amach leis san fhásach in aghaidh Iosrael agus tháinig go Iáhaz, agus chuir cath ar Iosrael. Chuir Iosrael chun báis é de ghion claímh agus ghabh seilbh ar a chuid tailte ón Arnón go dtí an Iaboc, chomh fada le clann Amón, óir ba gharbh í teorainn chlann Amón. Ghabh Iosrael na cathracha seo go léir agus chuir Iosrael fúthu i gcathracha uile na nAmórach, i Heisbeon agus in gach baile dá chuid. Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón. Uime sin canann baird: «[Misneach, a Heisbeon! Tusa atá dea-thógtha ar bhonn daingean!] A chathair Shíochon! Óir tháinig tine as Heisbeon, lasair as chathair Shíochon. D' alp sí Ár Mhóáb, agus shlog sí arda Arnón. Liach ortsa, Móáb! Tá deireadh libh a phobal Chamóis. Rinne sé teifigh dá mhaca, agus cimí dá iníonacha, cimí ag Síochon, rí na nAmórach. Scrios Heisbeon na leanaí chomh fada le Díobon, na mná chomh fada le Nofach, [na fir] chomh fada le Maedabá.» Chuir Iosrael fúthu ansin i dtír na nAmórach. Chuir Maois uaidh lucht taiscéalaithe ar Iazaer, agus ghabh Iosrael seilbh air féin agus ar na bailte go léir a bhí faoi, agus chuir sé na hAmóraigh go léir a bhí ann as seilbh. Ansin chasadar agus ghabhadar an bóthar i dtreo Bháiseán. Tháinig Óg rí Bháiseán amach ina n-aghaidh lena mhuintir go léir chun cath a chur ag Eidreí. Ach dúirt an Tiarna le Maois: «Ná bíodh eagla ort roimhe, óir tá sé tugtha agam i do láimh, é féin agus a mhuintir agus a thír. Déan leis mar a rinne tú le Síochon, rí na nAmórach, a mhair i Heisbeon.» Bhriseadar air dá bhrí sin, agus ar a mhic agus ar a mhuintir: níor fágadh fear inste scéil díobh. Ghabhadar seilbh ar a chríocha. Ansin chuir clann Iosrael chun siúil agus shuíodar a gcampa i machairí Mhóáb, lastall den Iordáin, os comhair Ireachó. Chonaic Bálác mac Zipeor gach a raibh déanta ag Iosrael leis na hAmóraigh. Agus tháinig scéin ar Mhóáb roimh an bpobal seo ar a líonmhaire; bhí eagla ar Mhóáb roimh chlann Iosrael. Dúirt sé le seanóirí Mhidián: «Seo an mathshlua seo ag crinneadh gach ní inár dtimpeall mar a chrinnfeadh damh féar na mbánta.» Ba é Bálác mac Zipeor rí Mhóáb an t-am sin. Sheol sé teachtairí ag gairm Balám mac Bheór, i bPatór ar an Abhainn, i dtír chlann Amau, á rá: «Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún; tá curtha fúthu acu ar mo thairseach. Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin b' fhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.» Chuir seanóirí Mhóáb agus seanoirí Mhidián chun siúil agus na sintiúis don asarlaíocht acu, agus thángadar go Balám agus thug dó teachtaireacht Bhálác. «Fanaigí anseo thar oíche,» ar sé leo, «agus tabharfaidh mé freagra ar ais chugaibh de réir mar a déarfaidh an Tiarna liom.» D' fhan prionsaí Mhóáb le Balám. Tháinig Dia go Balám agus dúirt: «Cé hiad na fir seo ag fanúint farat?» D' fhreagair Balám Dia: «Bálác mac Zipeor rí Mhóáb, chuir sé an teachtaireacht seo chugam: ' Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún. Tar agus cuir do mhallacht orthu dom; ansin b' fhéidir go bhféadfainn cath a chur orthu agus iad a thiomáint amach.'» Dúirt Dia le Balám: «Ná téigh leo. Na cuir mallacht ar an muintir seo óir tá siad beannaithe.» D' éirigh Balám lá arna mhárach agus dúirt leis na taoisigh a chuir Bálác chuige: «Téigí ar ais go dtí bhur dtír féin óir ní ligfeadh an Tiarna dom dul libh.» D' éirigh taoisigh Mhóáb dá bhrí sin agus d' fhilleadar go Bálác agus dúradar: «Ní toil le Balám teacht linn.» Sheol Bálác a thuilleadh prionsaí, níos líonmhaire agus níos céimiúla ná an chéad dream. Thángadar go Balám agus dúradar leis: «Seo teachtaireacht ó Bhálác mac Zipeor: 'Ná diúltaigh, impím ort, teacht chugam. Caithfidh mé onóracha leat agus déanfaidh mé cibé rud a déarfaidh tú liom. Tar agus cuir mallacht ar an muintir seo dom.'» Ach d' fhreagair Balám teachtaí Bhálác: «Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d' ór agus d' airgead dom, ní fhéadfainn aithne an Tiarna mo Dhia a shárú in aon ní beag ná mór. Ach fanaigí féin leis anseo thar oíche, le bhur dtoil, agus gheobhaidh mé amach cad eile atá ag an Tiarna le rá liom.» Tháinig Dia go Balám i gcaitheamh na hoíche, agus dúirt leis: «Nár tháinig na fir seo ag glaoch ort? Éirigh agus téigh leo. Ach ná déan aon ní thar mar a déarfaidh mé leat.» D' éirigh Balám ar maidin agus chuir an diallait ar a láir asail agus chuir chun siúil le taoisigh Mhóáb. Las fearg an Tiarna de bharr a imeachta, agus sheas aingeal sa tslí air ar an mbealach á bhac. Bhí sé ar muin a asail agus a bheirt shearbhónta in éineacht leis. Chonaic an t-asal aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar, agus claíomh nocht ina láimh, agus d' imigh an t-asal i leataobh ón mbóthar agus seo leis trí na bánta. Ach bhuail Balám an t-asal á chur ar ais ar an mbóthar. Ansin sheas aingeal an Tiarna ar chosán cúng idir na fíniúna, le balla ar a dheis agus balla ar a chlé. Chonaic an t-asal aingeal an Tiarna agus dhruid sé le balla agus bhrúigh sé cos Bhalám i gcoinne an bhalla agus bhuail Balám arís é. Ar aghaidh le haingeal an Tiarna ansin agus sheas in áit a bhí chomh cúng nach raibh aon slí chun gabháil thart ar dheis ná ar chlé. Nuair a chonaic an t-asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata. Ansin d' oscail an Tiarna béal an asail agus dúirt sé le Balám: «Cad tá déanta agam ort, a rá is gur bhuail tú mé trí huaire mar seo?» Dúirt Balám leis an asal: «Tá tú ag déanamh ceap magaidh díom! Nár bhreá liom claíomh a bheith agam i mo ghlaic, mar go mbeifeá marbh agam faoin am seo!» Dúirt an t-asal le Balám: «Nach mise d' asal? Nach orm a rinne tú marcaíocht ó d' óige go dtí seo? I gcaitheamh an ama sin go léir ar theip mé riamh ort ag freastal ort?» «Ní dhearna tú,» ar sé. Ansin d' oscail an Tiarna súile Bhalám. Chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar agus claíomh nocht ina láimh, agus chrom sé síos agus thit ar a bhéal agus ar a fhiacla. Dúirt aingeal an Tiarna leis: «Cad a b' áil leat ag bualadh d' asail trí huaire mar sin? Seo mise féin tagtha do do chosc mar is claon é do bhealach romham. Chonaic an t-asal mé agus chas i leataobh mar sin uaim trí huaire. Ba mhaith an mhaise duit gur chas sé i leataobh nó bheifeá marbh agam faoin am seo, fág go scaoilfinn a anam leis.» Ansin dúirt Balám le haingeal an Tiarna: «Rinne mé peaca. Ní raibh a fhios agam go raibh tú i do sheasamh sa tslí orm. Anois más ea, má tá tú i bhfearg liom, rachaidh mé ar ais.» D' fhreagair aingeal an Tiarna Balám: «Téigh in éineacht leis na fir seo, ach ná habair aon ní ach mar a déarfaidh mé leat.» D' imigh Balám ar aghaidh dá bhrí sin le taoisigh Bhálác. Nuair a chuala Bálác go raibh Balám tagtha, chuaigh sé amach ina choinne i dtreo Ár Mhóáb ag teorainn an Arnón, ar an imeall is sia ó bhaile den teorainn. Dúirt Bálác le Balám: «Nár chuir mé teachtairí ag glaoch ort? Cén fáth nár tháinig tú chugam? An amhlaidh a mheas tú nach bhféadfainn, b' fhéidir, onóir a chaitheamh leat?» D' fhreagair Balám Bálác: «Seo anseo anois agat mé! An bhfuil cead cainte ar bith agam leat anois? An focal a chuireann Dia i mo bhéal, sin é nach foláir dom a labhairt.» D' imigh Balám ansin in éineacht le Bálác agus thángadar go Ciriat Huzót. Mharaigh Bálác eallach agus caoirigh, agus thug sé codanna do Bhalám agus do na taoisigh a bhí in éineacht leis. Lá ar na mhárach rug Bálác Balám suas go Bámót Bál agus ón áit sin bhí radharc aige ar an gcuid ba chongaraí den phobal. Dúirt Balám le Bálác: «Tóg seacht n-altóirí anseo dom agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.» Rinne Bálác mar a d' iarr Balám agus d' ofráil Bálác agus Balám tarbh agus reithe ar gach altóir. Dúirt Balám ansin le Bálác: «Seas láimh le d' íobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; b' fhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.» Ar aghaidh leis go barr maolchnoic. Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus dúirt Balám leis: «Dheasaigh mé na seacht n-altoirí agus d' ofráil mé tarbh agus reithe ar gach altóir díobh ina n-íobairt loiscthe.» Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: «Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.» Chuaigh Balám ar ais chuige agus b' shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Ansin reac sé a laoi agus dúirt: «Thug Bálác leis mé ó Arám, rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir. ' Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom, agus déan aoir ar Iosrael.' Conas is féidir dom mallacht a chur ar an te nár chuir Dia mallacht air? Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an te nach ndearna Dia aoir air? Feicim é ó bharr na sléibhte, agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é: Pobal ag maireachtáil leo féin, nach n-áiríonn iad féin ar na ciníocha. Cé d' fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh? Cé d' fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh? Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa! Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.» Dúirt Bálác le Balám: «Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!» D' fhreagair Balám: «Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?» Dúirt Bálác leis: «Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.» Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n-altóirí ansiúd agus d' ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir. Duirt Balám le Bálác: «Seas taobh le d' íobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.» Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: «Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.» Chuaigh Balám ar ais chuige agus b' shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: «Cad dúirt an Tiarna?» Ansin reac Balám a laoi agus dúirt: «Éirigh, a Bhálác, agus éist! Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor. Ní duine é Dia go n-inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ' sea' a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh? Seo mise le hordú orm beannacht a thabhairt; beannacht a thabharfaidh [mé] agus ní dhéanfaidh mé a chur ar ceal. Ní fhaca mé urchóid in Iacób. Níor luigh mé súil ar chruatan in Iosrael. Tá an Tiarna a nDia faru, Tugann Dia as an Éigipt amach iad; is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann. Níl briocht in Iacób; ná tuar asarlaíochta in Iosrael. Fág go ndeir daoine le Iacób, agus go ndeir siad le hIosrael: 'Cén t-iontas a rinne Dia?' seo pobal, amhail banleon ag éirí, ar tinneall mar leon ar tí léim, agus nach luíonn go n-alpann a chreach, agus go slogann fuil ar mharaigh sé.» Dúirt Bálác le Balám: «Ná cuir mallacht orthu, más sea, ach ná cuir beannacht ach chomh beag.» D' fhreagair Balám Bálác: «Ná dúirt mé leat, cibé rud a deir an Tiarna, go gcaithfidh mé rud a dhéanamh air?» «Téanam más ea,» arsa Bálác le Balám, «béarfaidh mé go láthair eile thú. B' fhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.» Rug Bálác Balám go barr Pheór atá go hard os cionn an fhásaigh. Ansin dúirt Balám le Bálác: «Tóg seacht n-altóirí anseo dom, agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.» Rinne Bálác mar a d' iarr Balám agus d' ofráil tarbh agus reithe ar gach altóir. Nuair a chonaic Balám gur thoil leis an Tiarna beannacht a chur ar Iosrael, níor imigh sé, faoi mar a rinne roimhe sin, ar thóir tuartha, ach thug a aghaidh ar an bhfásach. D' ardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air agus chan sé a laoi, agus dúirt: «Céalmhaine Bhalám mac Bheór, céalmhaine an té ar gruama é a radharc, céalmhaine an té a chluineann briathar Dé. Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil; faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile. Nach álainn iad do bhothanna, a Iacóib! nach álainn iad d' áitribh, a Iosrael. Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin, nó luibhghoirt ar insí abhann, nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna, nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí! [Tá laoch ag eascar as a síol agus ag rialú ar chiníocha gan áireamh.] Is mó ná Agag a rí, agus uaisleofar a mhórgacht. Tugann Dia as an Éigipt amach é; is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann. Alpann sé conablach a naimhde, agus déanann sé mionramh dá gcnámha agus tollann iad lena shaigheada. Chúb sé chuige, agus luigh, mar leon, mar bhanleon. Cé leomhfadh é chur ina shuí? Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe; gura mallaithe lucht bhur mallaithe.» Tháinig reacht feirge ar Bhálác le Balám. Bhuail sé a bhosa ar a chéile agus dúirt le Balám: «Chuir mé fios ort chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo anois beannacht curtha faoi thrí agat orthu! Imigh ort abhaile. Gheall mé onóir a chaitheamh leat go cinnte, ach tá sin bainte díot ag an Tiarna.» Thug Balám freagra ar Bhálác: «Ná dúirt mé leis na teachtairí a chuir tú chugam: ' Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d' ór agus d' airgead dom, ní fhéadfainn briathar an Tiarna a shárú agus rud a dhéanamh as mo stuaim féin, cibé acu maith nó olc é; a ndeir an Tiarna, sin é a déarfaidh mé.' Anois ó táim ag filleadh ar mo mhuintir féin, lig dom rabhadh a thabhairt duit faoi cad a dhéanfaidh an mhuintir seo le do mhuintirse anseo amach.» Ansin chan sé a laoi, agus dúirt: «Céalmhaine Bhalám mac Bheór, céalmhaine an té ar gruama é a radharc, céalmhaine an té a chluineann briathar Dé, agus ar fios dó eolas an Té is Airde. Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil; faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile. Feicim é ach ní anois é; faighim radharc air ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona. Cuirtear Eadóm as seilbh, agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad, agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh. Ceansaíonn Iacób a naimhde, agus scriosann sé na teifigh ó Ár.» Ansin d' fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt: «Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha, ach dísceofar a shliocht go brách.» Ansin d' fhéach sé ar na Céinigh agus chan a laoi, agus dúirt: «Ba dhaingean é do theach, a Cháin, agus do nead suite go hard sa charraig. Ach is le Beór an nead, agus an fada a bheidh tú sciobtha i do chime ag Aisiúr?» [Ansin d' fhéach sé ar Óg] agus chan sé a laoi agus dúirt: «Tá lucht na farraige ag tóstal lastuaidh, longa ó chóstaí Chitím. Cránn siad Aisiúr, cránn siad Éibir. Déanfar eisean chomh maith a dhísciú go brách.» Ansin d' éirigh Balám, agus d' imigh leis abhaile. D' imigh Bálác leis chomh maith. Chuir Iosrael fúthu i Sitím, agus chrom na daoine ar striapachas a dhéanamh le hógmhná Mhóáb. Thugadarsan cuireadh don phobal go féastaí a ndéithe, agus chaith an pobal an bia agus shléachtadar dá ndeithe. Ghabh Iosrael faoi chuing Bhál Peór ar an gcuma sin agus las fraoch feirge an Tiarna ina n-aghaidh. Dúirt an Tiarna le Maois: «Tóg ceannairí uile an phobail, agus caith le faill i lár an lae ghéigil ghil i bhfianaise an Tiarna iad; ansin iompóidh cuthach feirge an Tiarna ó Iosrael.» Dúirt Maois leis na breithiúna in Iosrael: «Ní foláir do gach duine agaibh iad siúd dá mhuintir a chuaigh faoi chuing Bhál Peór a chur chun báis.» Seo fear de chlann Iosrael ag gabháil an treo agus an bhean Mhidiánach á tabhairt isteach ina theaghlach aige, os comhair súile Mhaois agus chomhthionól uile chlann Iosrael agus iad ag lógóireacht ag doras Bhoth na Teagmhála. Píneachás mac Eileázár mhic Árón, an sagart, nuair a chonaic sé é sin, d' éirigh sé, d' fhág an comhthionól, agus rug ar shleá, agus chuaigh ar tí an Iosraelaigh isteach sa seomra cúil agus sháigh sé an tsleá go feirc sa bhléin iontu araon, an tIosraelach fir agus an bhean. Stad an phlá a bhuail clann Iosrael ar an gcaoi sin. Bhí ceithre mhíle fichead marbh den phlá cheana féin, dá ainneoin sin. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Píneachás, sagart, mac Eileázár mhic Árón, chuir sé mo chuthach de chlann Iosrael, óir is aige amháin a bhí dúthracht mar mo dhúthrachtsa; uime sin níor scrios mé clann Iosrael de bharr mo dhúthrachta. Fógair é seo dá bhrí sin: 'Seo mé ag bronnadh mo chonradh mar chúiteamh airsean; agus beidh sé in chonradh sagartachta síoraí aigesean agus ag a shliocht dá éis, óir bhí dúthracht aige i mbun a Dhé, agus rinne sé leorghníomh do phobal Iosrael.'» An tIosraelach a maraíodh an té úd is é sin a maraíodh leis an mbean Mhidiánach Zimrí mac Sálú a ba ainm dó, ceannaire ar theaghlach sinseartha de chuid Shímeon. An Midiánach mná a maraíodh, Cozbaí iníon Zúr taoiseach sleachta, teaghlach sinseartha i Midián a ba ainm di. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Buair na Midiánaigh agus buail iad. Óir bhuair siad thú lena gcluain i ngnó Pheór, agus i ngnó Chozbaí a siúr, iníon taoisigh i Midián, an bhean a maraíodh an lá a bhuail an phlá de bharr Pheór.» Tar éis na plá labhair an Tiarna le Maois agus le hEileázár mac Árón, an sagart, agus dúirt: «Déan daonáireamh de réir sleachta ar chomhthionól chlann Iosrael go léir gach fear fiche bliain d' aois agus breis agus é ar a chumas airm a iompar.» Labhair Maois agus Eileázár an sagart leis na daoine ar mhachairí Mhóáb i ngar don Iordáin sall ó Ireachó. Rinneadar an t-áireamh (faoi mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois agus do chlann Iosrael ag teacht dóibh on Éigipt): Fir fiche bliain d' aois agus breis: Reúbaen céadghin Iosrael: clann Reúbaen: do Hanóc, sliocht Hanóc; do Phalú, sliocht Phalú; do Haezron, sliocht Haezron; do Chairmi, sliocht Chairmi. Sin iad sleachta Reúbaen. Daichead trí mhíle seacht gcéad agus a tríocha fear a líon. Clann Phalú: Eilíáb. Clann Eilíáb: Namúael, agus Dátán agus Aibíorám. An bheirt seo Dátán agus Aibíorám, daoine ar a raibh meas ag an bpobal, is iad a thug dúshlán Mhaois agus Árón; bhaineadar le lucht leanúna Chorach a thug dúshlán an Tiarna. D' oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad díthíodh Corach agus a lucht leanúna nuair a d' alp an tine dhá chéad go leith fear. Ba rabhadh iad. Níor scriosadh ámh clann Chorach. Clann Shímeon de réir sleachta: do Namúael, sliocht Namúael; do Iáimín, sliocht Iáimín; do Iáicín, sliocht Iáicín. Do Zearach, sliocht Zearach; do Sheáúl, sliocht Sheáúl. Sin iad sleachta Shímeon. Dhá mhíle fichead agus dá chéad fear a líon. Clann Ghád de réir sleachta: do Zifeón, sliocht Zifeón; do Haigí, sliocht Haigí; do Shiúiní, sliocht Shiúiní; do Oznaí, sliocht Oznaí; do Éirí, sliocht Éirí; do Aród, sliocht Aród; do Aíréilí, sliocht Aíréilí. Sin iad sleachta chlann Ghád. Daichead míle cúig céad fear a líon. Clann Iúdá: Éar agus Ónán: cailleadh Éar agus Ónán i dtír Chanán. Clann Iúdá de réir sleachta; do Shéalá, sliocht Shéalá; do Bhearna, sliocht Bhearnan; do Zearach, sliocht Zearach. Seo iad clann Bhearnan: do Heazron, sliocht Heazron; do Hámúl, sliocht Hámúl. Sin iad sleachta chlann Iúdá. Seachtó cúig mhíle agus cúig céad fear a líon. Clann Íosácár de réir sleachta: do Thólá, sliocht Thóla; do Phuvá, sliocht Phuvá; do Iáisiúb, sliocht Iáisiúb; do Shiomron, sliocht Shiomron. Sin iad sleachta chlann Íosácár. Seasca ceathair míle trí chéad fear a líon. Clann Zabúlun de réir sleachta: do Sheirid, sliocht Sheirid; do Éalón, sliocht Éalon; do Iachlael, sliocht Iachlael. Sin iad sleachta Zabúlun. Trí fichid míle cúig céad fear a líon. Clann Iósaef de réir sleachta: Manaise agus Eafráim. Clann Mhanaise: do Mháicír, sliocht Mháicír; ba é Máicír athair Ghileád. Do Ghileád, sliocht Ghileád. Seo iad sleachta Ghileád: do Íeizir, sliocht Íeizir; do Héilic, sliocht Héilic; do Aisriéil, sliocht Aisriéil; do Sheicim, sliocht Sheicim; do Shimíodá, sliocht Shimíodá; do Héifir, sliocht Héifir. Ní raibh aon mhac ach iníonacha ag Zalofachád, mac Héifir; seo iad ainmneacha iníonacha Zalofachád Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá. Sin iad sleachta Mhanaise; caoga dó míle seacht gcéad fear a líon. Seo iad clann Eafráim de réir sleachta: do Shiútala, sliocht Shiútala; do Bheicir, sliocht Bheicir; do Thachan, sliocht Thachan. Seo iad clann Shiútala. Do Éarán, sliocht Éarán. Sin iad sleachta Eafráim. Tríocha dó míle cúig céad fear a líon. Ba iadsan clann Iósaef de réir sleachta. Clann Bhiniáimin de réir sleachta: do Bheala, sliocht Bheala; do Aisbéal, sliocht Aisbéal; do Aichíorám, sliocht Aichíorám. Do Sheafúfám, sliocht Sheafúfám; do Húfám, sliocht Húfám. Ba iad Ard agus Námán clann Bheala; do Ard, sliocht Ard; do Námán, sliocht Námán. Sin iad clann Bhiniáimin de réir sleachta. Daichead cúig míle sé chéad fear a líon. Clann Dhán de réir sleachta: do Shiúchám, sliocht Shiúchám. Sin iad clann Dhán de réir sleachta. Seasca ceathair míle ceithre chéad fear líon iomlán sleachta Shiúchám. Clann Áiséar de réir sleachta: do Imneá, sliocht Imneá; do Isví, sliocht Isví; do Bheiríá, sliocht Bheiríá. Do chlann Bheiríá: do Héibir, sliocht Héibir; do Mhailcíéil, sliocht Mhailcíéil. Séarach a ba ainm d' iníon Áiséar. Sin iad sleachta Áiséar. Caoga trí mhíle ceithre chéad fear a líon. Clann Naftáilí de réir sleachta: do Iachzael, sliocht Iachzael; do Ghúiní, sliocht Ghúiní. Do Iéizir, sliocht Iéizir; do Shiléim, sliocht Shiléim. Sin iad sleachta Naftáilí, de réir sleachta. Daichead cúig mhíle cúig céad fear líon chlann Naftáilí. Deichniúr ar fhichid, ar sheacht gcéad, ar mhíle, ar shé chéad míle, líon iomlán chlann Iosrael. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt leis: «Tá an talamh le roinnt mar oidhreacht orthu seo de réir líon na ndaoine cláraithe. Do threabhchas líonmhar, tabhair oidhreacht mhór; do threabhchas beag, oidhreacht bheag; bíodh an oidhreacht a thabharfar do gach treibh de réir a líon cláraithe. Ní foláir roinnt na talún a dhéanamh áfach ar cranna; faigheadh gach duine a oidhreacht de réir líon na n-ainmneacha i dtreibheanna na bpatrarc. Tá oidhreacht na dtreibheanna le roinnt ar cranna, gach dream le cuid a fháil de réir a lín beag, nó mór.» Seo iad de réir fine na Léivítigh a claraíodh: do Ghéirseon, fine Ghéirseon; do Chohát, fine Chohát; do Mharáraí, fine Mharáraí. Seo iad sleachta na Léivíteach; sliocht Libní, sliocht Haebrón, sliocht Mhailí, sliocht Mhúisí, sliocht Chorach. Ba é Cohát athair Amrám. Ba é Ióceibid iníon Léiví, a rugadh dó san Éigipt, ainm bhean Amrám; agus rug sí d' Amrám Árón agus Maois agus Miriám a ndeirfiúr. Ba é Árón athair Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár, agus Íteámár. Cailleadh Nádáb agus Aibíchiú nuair a d' ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna. Cláraíodh trí mhíle fichead fireannach ar fad d' aois mí nó breis; níor áiríodh iad le clann Iosrael mar nach bhfuaireadar oidhreacht i measc chlann Iosrael. Sin iad na fir a ríomhaigh Maois agus Eileázár an sagart a rinne an daonáireamh seo ar chlann Iosrael ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó. Ní raibh orthu fear díobh siúd a chláraigh Maois agus Árón sagart, nuair d' áiríodar clann Iosrael i bhfásach Shíonái. Óir dúirt an Tiarna ina dtaobh-san: «Geobhaidh siad bás san fhásach.» Níor fágadh fear díobh seachas Cálaeb mac Iafuna, agus Iósua mac Nún. Tháinig chun tosaigh iníonacha Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mháicír, mac Mhanaise; bhain sé le sleachta Mhanaise, mac Iósaef. Ba iad seo ainmneacha a iníonacha: Machlá agus Noá, agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá. Sheasadar i láthair Mhaois agus Eileázár an sagart, agus i láthair na gceannairí agus an chomhthionóil ag doras Bhoth na Teagmhála, agus dúirt: «Fuair ár n-athairne bás san fhásach; níor bhain sé leis an dream a bhí i gcogar ceilge in aghaidh an Tiarna, complacht Chorach; fuair sé bás de bharr a pheaca féin gan clann mhac air. Cén fáth go gcaillfí ainm ár n-athar ar a fhine? Ó bhí sé gan mhac, tabhair sealúchas éigin dúinne i measc a bhráithre gaoil.» Chuir Maois a gcúis i láthair an Tiarna. Dúirt an Tiarna le Maois: «Tá an ceart ag iníonacha Zalofachád; tabhair seilbh dóibh ar oidhreacht i measc bhráithre gaoil a n-athar, agus fág oidhreacht a n-athar fúthu. Agus abair le clann Iosrael: 'Má fhaigheann duine bás gan mhac, ansin téadh a oidhreacht chun a iníne. Mura mbíonn iníon aige, téadh a oidhreacht chun a dheartháireacha. Mura mbíonn deartháireacha aige, téadh a oidhreacht chun deartháireacha a athar. Mura mbíonn deartháireacha ag a athair, téadh a oidhreacht chun an té is goire gaol dó ar a fhine; bíodh sí aige. Bíodh sin mar reacht agus mar dhlí ag clann Iosrael, mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.'» Dúirt an Tiarna le Maois: «Suas leat faoin sliabh seo Abáraím agus féach uait ar an bhfearann atá tugtha agam do chlann Iosrael. Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir. Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i m' aghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh m' ordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.» (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.) Dúirt Maois leis an Tiarna: «Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil, fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.» Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Tóg Iósua mac Nún, fear ina lonnaíonn an spiorad, agus leag do lámha air; ansin beir leat é i láthair Eileázár, an sagart, agus i láthair an chomhthionóil go léir, agus tabhair d' orduithe dó ina láthair. Roinn cuid de d' údarás leis d' fhonn go ngéillfeadh comhthionól uile chlann Iosrael dó. Seasadh sé i láthair Eileázár an sagart, agus déanadh seisean ceistiú ina thaobh i láthair an Tiarna de réir ghnás an Úirím. De réir a fhocail a rachaidh siad amach, agus de réir a fhocail a thiocfaidh siad isteach sea eisean agus clann Iosrael fairis, an comhthionól go léir.» Rinne Maois mar a d' ordaigh an Tiarna. Rug sé leis Iósua agus chuir é faoi bhráid Eileázár agus an chomhthionóil go léir. Leag sé a lámha air agus thug orduithe dó mar a d' aithin an Tiarna trí Mhaois. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Tabhair an t-ordú seo leanas ó bhéal do chlann Iosrael. ' An ofráil dom, mo bhia d' íobairt uileloiscthe, an chumhracht a thaitníonn liom, féachaigí chuige go dtugann sibh chugam é in am tratha.' Abair leo: Seo iad na híobairtí loiscthe nach foláir daoibh a ofráil don Tiarna: Dhá uan bhliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe shíoraí gach lá. Ní foláir daoibh an chéad uan a ofráil ar maidin, an dara ceann um eadra nóna, mar aon le habhlann de dheachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín den ola is fíre. Sin í an íobairt uileloiscthe shíoraí a bunaíodh ar Shliabh Shíonái, mar chumhracht thaitneamhach, mar íobairt dhóite don Tiarna. Mar íobairt dí ag gabhail leis, bíodh ceathrú hín an t-uan; ní foláir an íobairt dí de dheoch chrua don Tiarna a dhoirteadh sa sanctóir. Ní foláir duit an dara huan a ofráil mar íobairt uileloiscthe um eadra nóna; déan dála na maidine maidir le habhlann agus le híobairt dí léi seo, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Ar an tsabóid ní foláir duit dhá uan bhliana gan mháchail a ofráil, agus dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola mar abhlann, mar aon leis an íobairt dí a ghabhann leo. Tá íobairt uileloiscthe na sabóide le hofráil gach sabóid mar aon leis an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an íobairt dí a ghabhann léi. I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n-uan bliana gan mháchail. Le gach tarbh bíodh abhlann de thrí dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola; le gach reithe, abhlann de dhá dheachú de phlúr mín measctha le hola; le gach uan, abhlann de dheachú de phlúr mín measctha le hola. Íobairt uileloiscthe í seo, cumhracht thaitneamhach agus íobairt dhóite don Tiarna. Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín d' uan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana. Chomh maith leis an íobairt uileloiscthe shíoraí, ní foláir pocán gabhair a ofráil don Tiarna, mar íobairt pheaca, agus a íobairt dí a ghabháil leis. An ceathrú lá déag den chéad mhí Cáisc an Tiarna, agus is lá féile an cúigiú lá déag den mhí seo; itear arán slim ar feadh seacht lá. Ar an gcéad lá bíodh tionól sollúnta, agus ná déanaigí aon obair throm, ach ofrálaigí íobairt dhóite mar uileloscadh don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n-uan fireann bliana gan mháchail. Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, gabhadh leo trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe, agus deachú an ceann don seacht n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son. Ní foláir an meid sin a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na maidine, rud is íobairt uileloiscthe shíoraí. Ní foláir daoibh íobairt a dhéanamh mar sin gach lá ar feadh na seacht lá; is bia í, íobairt dhóite, agus cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Tá sí le hofráil de bhreis ar an íobairt uileloiscthe agus ar an íobairt dí a ghabhann léi. Ar an seachtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh, gan aon obair throm á dhéanamh. Lá na gcéadtorthaí, nuair a ofrálann sibh bhur n-abhlann de ghrán nua don Tiarna, in bhur bhFéile Seachtainí, bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm. Ofrálaigí íobairt uileloiscthe, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n-uan fireann bliana; mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil léi bíodh trí dheachú d' éafá do gach tarbh, dhá dheachú don reithe, agus deachú do gach ceann de na seacht n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith [don íobairt pheaca], chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son. Ní foláir an méid seo a dhéanamh de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an abhlann a ghabhann léi. Bídís agaibh gan mháchail mar aon lena n-íobairtí dí. Ar an gcéad lá den seachtú mí, bíodh tionól sollúnta agaibh, ná déanaigí aon obair throm. Sé lá séidte na stoc agaibh é. Ofrálaigí mar íobairt loiscthe, mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh óg, reithe agus seacht n-uan fireann bliana gan mháchail. Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil léi bíodh trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe, agus deachú do gach ceann de na seacht n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son. Ní foláir an méid sin go léir a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na ré nua agus a habhlann, an íobairt uileloiscthe shíoraí agus a habhlann, agus na híobairtí dí a ghabhann leo de réir dlí cumhracht thaitneamhach, ofráil dhóite don Tiarna. Ar an deichiú lá den seachtú mí seo, bíodh tionól sollúnta agaibh; déanaigí troscadh agus ná déanaigí aon obair throm. Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar chumhracht thaitneamhach: tarbh óg, reithe, seacht dtogha uain bhliana fhireanna gan mháchail. Leo mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, bíodh trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe, agus deachú an ceann do na seacht n-uain. Ní foláir pocán gabhair a ofráil don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt pheaca d' fhéile an leorghnímh, agus ar an íobairt uileloiscthe lena n-abhlann agus lena n-íobairtí dí. Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí obair throm agus ceiliúraigí féile don Tiarna ar feadh seacht lá. Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe, ofráil dhóite, agus mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: trí tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail. Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil leo, bíodh trí dheachú d' éafá an ceann don trí tharbh déag, dhá dheachú an ceann don dá reithe, agus deachú an ceann don cheithre uan déag. Bíodh pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí. Ar an dara lá: dhá tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí. Ar an tríú lá: aon tarbh déag óg, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí. Ar an gceathrú lá: deich dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí. Ar an gcúigiú lá: naoi dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí. Ar an séú lá: ocht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail; na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí agus na n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí. Ar an seachtú lá: seacht dtarbh, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana, gan mháchail; na habhlanna agus na híobairtí dí a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí, agus na n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí. Ar an ochtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm, ach ofrálaigí íobairt uileloiscthe, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh, reithe, seacht n-uan fireann bliana gan mháchail; na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo mar atá dlite de réir líon na dtarbh, na reithí, agus na n-uan. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo go léir le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí. Sin a bhfuil le déanamh agaibh don Tiarna ar bhur bhféilte sollúnta; de bhreis ar bhur n-ofrálacha móide agus deona, bhur n-íobairtí uileloiscthe, bhur n-abhlanna agus bhur n-íobairtí dí agus bhur n-íobairtí comaoineach.» D' inis Maois do chlann Iosrael go beacht gach ar ordaigh an Tiarna dó. Labhair Maois le ceannairí threibheanna chlann Iosrael agus dúirt: «Seo mar a d' ordaigh an Tiarna: Nuair a thugann duine móid, nó nuair a thugann sé geall faoi bhrí na mionn, ná briseadh sé a fhocal; cibé rud a gheall sé le focal béil, comhlíonadh sé é. Má thugann bean móid don Tiarna, nó má thugann sí a briathar gill ina hóige agus í fós i dteach a hathar, agus má chluineann seisean i dtaobh na móide nó an ghill lenar cheangail sí í féin, gan aon ní a rá léi, ansin bíodh an mhóid a thug sí, cibé sórt í, bailí agus bíodh an geall a thug sí, cibé sórt é, bailí. Ach má chuireann a hathair ina coinne an lá a chluineann sé ina taobh, ní bheidh aon mhóid a thug sí bailí, ná aon gheall lenar cheangail sí í féin. Maithfidh an Tiarna di mar gur chuir a hathair ina coinne. Má phósann sí agus í faoi cheangal móide nó focail éaganta gill a thug sí, agus má chluineann a fear ina thaobh gan aon ní a rá léi an lá a chluineann, ansin bíodh a móideanna bailí agus bíodh na geallta a thug sí bailí. Ach an lá a chluineann an fear é, má chuireann sé ina choinne os ard, ansin cuirfidh sé an mhóid a thug sí, nó an focal éaganta gill lenar cheangail sí í féin, ar ceal. Maithfidh an Tiarna di é. Ach móid baintrí, nó mná scartha, nó aon gheall a thug sí, tá siad bailí. Má thug sí móid i dteach a fir, nó má thug sí geall faoi bhrí na mionn, agus gur chuala a fear faoi, gan aon ní a rá léi, agus gan cur ina choinne, ansin bíodh a móideanna go léir bailí is bíodh gach geall lenar cheangail sí í féin bailí. Ach má chuireann a fear ar ceal iad an lá a chluineann sé iad, ní bheidh brí ag focal a béil, móid ná geall. Ó chuir a fear ar ceal iad, maithfidh an Tiarna di iad. Aon mhóid nó mionn a luíonn ar bhean, is féidir dá fear é a dhaingniú nó é a chealú. Ach mura mbíonn rud éigin ráite aige faoi cheann lae, ciallaíonn seo go bhfuil a móid, cibé sórt í, nó a geall, cibé sórt é, á dhaingniú aige. Tugann sé bailíocht dóibh mura ndeir sé rud éigin an lá a chuala sé fúthu. Ach más níos sia ná sin tar éis iad a chlos a chuireann sé ar ceal iad, ansin bíodh ualach pheaca a mhná air.» Sin iad na reachtanna a d' aithin an Tiarna do Mhaois i dtaobh mar atá idir fear agus a bhean, agus idir athair agus a iníon fad tá sí óg agus ag maireachtáil faoi dhíon a hathar. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Déan clann Iosrael a dhíolt ar na Midiánaigh. Ansin cruinneofar chun do mhuintire thú.» Dúirt Maois leis an bpobal: «Gabhadh cuid agaibh airm chugaibh, d' fhonn cogadh a chur ar an Midiánach agus díoltas an Tiarna a imirt ar an Midiánach. Seolaigí míle fear as gach treibh d' Iosrael chun an chatha.» Ar an gcuma sin fuarthas, ó shluaite Iosrael, dhá mhíle dhéag fear le harm troda, míle ó gach treibh. Sheol Maois chun cogaidh iad míle as gach treibh agus Píneachás mac Eileázár an sagart leo ag iompar na soithí naofa agus na dtrumpaí chun an gháir a thógáil. D' fhearadar cogadh ar Mhidián mar a d' ordaigh an Tiarna agus chuireadar gach mac máthar chun báis. Mharaíodar chomh maith, de bharr ar an ár, rithe Mhidián Eiví, Reicim, Zúr, Húr agus Reaba, cúig rí Mhidián. D' imríodar bás de rinn claímh leis ar Bhalám mac Bheór. Ghabh clann Iosrael mná agus miondaoine Mhidián ina gcimí, agus rugadar leo mar chreach a dtáinte, a dtréada agus a maoin go léir. Chuireadar tine leis na cathracha go léir inar chónaíodar, agus lena n-áitribh go léir. Rugadar leo a gcreach go léir, a raibh gafa acu idir dhuine agus bheithíoch, agus thugadar idir chimí agus bhraid agus chreach, go Maois agus go Eileázár an sagart agus go comhthionól chlann Iosrael go léir sa champa ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin, sall ó Ireachó. Chuaigh Maois agus Eileázár an sagart, agus ceannairí uile an chomhthionóil amach lasmuigh den champa ina gcoinne. Bhí fearg ar Mhaois le ceannasaithe an airm, ceannairí na mílte, agus ceannairí na gcéadta, a d' fhill ón bhfeachtas míleata sin. Chuir Maois an cheist: «Cén fáth a ndearna sibh anacal anama ar na mná go léir?» «Féach,» ar sé, «is iadsan an dream ceannann céanna a thug ar chlann Iosrael, trí chomhairle Bhalám, dul amú agus an Tiarna a shéanadh i ngnó úd Pheór, agus sin é mar a bhuail an phlá comhthionól an Tiarna. Cuirigí chun báis dá bhrí sin gach leanbh mic ar na miondaoine. Cuirigí chun báis chomh maith gach bean a luigh le fear. Déanaigí anacal anama ar gach ógbhean nár luigh le fear, agus tógaigí chugaibh féin iad. Maidir libh féin, aon duine agaibh a mharaigh fear nó a bhain le corpán, lonnaíodh sé lasmuigh den champa ar feadh seacht lá; déanaigí sibh féin agus bhur gcimí a íonghlanadh ar an tríú agus ar an seachtú lá; íonghlanaigí chomh maith bhur n-éidí gach ball éadaigh de leathar nó de rón gabhair, agus gach ní déanta d' adhmad.» Dúirt Eileázár an sagart leis na saighdiúirí a tháinig abhaile ón bhfeachtas seo: «Reacht den dlí,» ar sé, «is ea é seo a d' aithin an Tiarna do Mhaois. Ach an t-ór, an t-airgead, an cré-umha, an t-iarann, an stán agus an luaidhe gach rud a sheasann tine, ní foláir é a chur tríd an tine agus beidh sé glan, ach ní foláir é a ghlanadh leis le huisce an ghlanta. Cibé rud nach seasfadh tine, ní foláir daoibh é a chur trí uisce. Nígí bhur gcuid éadaigh ar an seachtú lá agus beidh sibh glan ansin. Ní miste daoibh filleadh ar an gcampa ansin.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Déan-sa, tú féin agus Eileázár an sagart, agus ceannairí theaghlaigh athartha an chomhthionóil, an chreach a ríomhadh idir dhuine agus ainmhí. Ansin roinn an chreach ina dhá leath idir lucht troda an fheachtais agus an chuid eile den chomhthionól. Cuir i leataobh mar chuid ranna don Tiarna as roinn na muintire a chuaigh amach ag troid san fheachtas, ceann as gach cúig céad cime agus damh agus asal agus caora. Tóg iadsan as an leathroinn is dual dóibh agus tabhair iad do Eileázár an sagart mar íobairt don Tiarna. As an leath atá ag dul do chlann Iosrael tóg ceann as gach caoga cime, agus damh, agus asal agus caora agus ainmhí ar bith eile, agus tabhair iad do na Léivítigh ar a bhfuil cúram thaibearnacal an Tiarna.» Rinne Maois agus Eileázár an sagart mar a d' aithin an Tiarna do Mhaois. Anois ba é seo méid na creiche a d' fhan den bhraid a ghabh na saighdiúirí: sé chéad seachtó cúig mhíle de mhionairnéis, seachtó dó míle eallach, seasca haon míle asal, agus, de chimí, tríocha dó míle bean ar fad nár luigh le fear. Agus an leath ba chion na muintire a ghlac páirt sa chogadh seo é: trí chéad tríocha seacht míle cúig céad de mhionairnéis dar chuid an Tiarna trí chéad seachtó cúig, tríocha sé mhíle eallach dar chuid an Tiarna seachtó dó, tríocha míle cúig céad asal dar chuid an Tiarna seasca haon, sé mhíle dhéag cime dar chuid an Tiarna tríocha dó. Thug Maois do Eileázár an sagart an chuid a cuireadh i leataobh don Tiarna de réir treoracha an Tiarna do Mhaois. Maidir leis an leath ba dhual do chlann Iosrael, rud a chuir Maois ar leithrigh ó chuid na gcogthach, is é seo an méid a bhí sa leath leis an gcomhthionól: trí chead tríocha seacht mhíle cúig céad de mhionairnéis, tríocha sé mhíle eallach, tríocha míle cúig céad asal, sé mhíle dhéag cime. As an leath seo, cion chlann Iosrael, thóg Maois ceann as gach caoga cime agus ainmhí, agus thug iad do na Léivítigh ar a raibh cúram thaibearnacal an Tiarna, de réir treoracha an Tiarna do Mhaois. Ceannasaithe na sluaite a throid, ceannairí na mílte agus ceannairí na gcéadta, thángadar go Maois agus dúradar le Maois: «Chomhairigh do searbhóntaí na saighdiúirí faoina gceannas; níl fear ar iarraidh uainn. Thugamar dá bhrí sin mar ofráil don Tiarna na seoda óir a fuaireamar slabhraí rí agus géag, fáinní, cluasáin, agus dealga chun go ndéanfaí gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar ár son i láthair an Tiarna.» Ghlac Maois agus Eileázár an sagart leis an ór seo, leis na seoda seo, uathu. Agus an t-ór go léir a d' ofráladar don Tiarna sé méid a bhí ann sé mhíle dhéag, seacht gcéad agus caoga seicil; na ceannairí míle agus na ceannairí céad, is iad a bhronn. Rug gach saighdiúir a chreach féin leis. Ach thóg Maois agus Eileázár an sagart an t-ór ó na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus thugadar leo isteach i mBoth na Teagmhála é mar chuimhneachán ar chlann Iosrael i bhfianaise an Tiarna. Bhí táinte móra de bha breátha ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád. Chonaiceadar anois gurb an-áit do stoc dúiche Iazaer agus dúiche Ghileád. Chuaigh más ea clann Ghád agus clann Reúbaen go dtí Maois agus Eileázár an sagart agus go dtí ceannairí an chomhthionóil agus dúradar leo: «Dúiche Atárot agus Díobon agus Iazaer agus Nimreá agus Heisbeon agus Eileálae agus Seabám agus Neabó agus Beon, an dúiche a ghabh an Tiarna i bhfianaise chomhthionól Iosrael, is breá an talamh é do thógail stoic, agus tá stoc ag do shearbhóntaí. Más fiú sinn do chairdeas,» ar siad, «tabhair an talamh seo i seilbh do shearbhóntaí; ná cuir d' iallach orainn dul thar Iordáin.» Dúirt Maois le clann Ghád agus clann Reúbaen: «Tá bhur mbráithre ag dul chun cogaidh an bhfuil sibh sásta fanacht mar a bhfuil sibh? Cad ab áil libh ag cur drochmhisneach ar chlann Iosrael dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh? Sin é mar a rinne bhur n-aithreacha nuair a sheol mé iad ó Cháidéis Bairnéa d' fhonn an tír a bhrath. Ghabhadar suas go Gleann Eisciol agus thaiscéaladar an tír, ach d' fhágadar clann Iosrael gan de mhisneach acu dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh. Uime sin las fraoch feirge an Tiarna an lá sin agus mhionnaigh sé mar leanas: ' Ambasa nach bhfaighidh aon fhear den dream a tháinig amach as an Éigipt, atá fiche bliain nó breis, radharc ar an tír a gheallas d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób. Óir níor leanadar mé go dílis seachas Cálaeb mac Iafuna an Cinizeach agus Iósua mac Nún mar leanadar seo an Tiarna go dílis.' Las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh Iosrael agus chuir sé le fán iad san fhásach ar feadh daichead bliain, go dtí gur díothaíodh an ghlúin a pheacaigh i láthair an Tiarna. Seo sibhse anois ag éirí in áit bhur n-aithreacha, a chraobh de cheap na bpeacaí ag cur le fraoch feirge lasánta an Tiarna in aghaidh Iosrael! Má iompaíonn sibh agus gan é a leanúint, fágfaidh sé níos sia fós san fhásach iad, agus tabharfaidh sibh díth ar an bpobal seo ar fad.» Thángadar ina chóngar agus dúradar: «B' áil linn cróite a thógáil anseo dár dtréada agus cathracha dár miondaoine; ach tógfaimid féin airm inár lámha le dul ar aghaidh roimh chlann Iosrael go dtí go dtabharfaimid iad chun na háite atá in áirithe dóibh; fanfaidh ár miondaoine sna cathracha daingne, slán ó mhuintir na tíre. Ní fhillfimid ar ár mbaile go mbeidh gach duine de chlann Iosrael i seilbh a oidhreachta. Óir beimidne gan oidhreacht leosan ar an taobh eile den Iordáin nó níos sia ar aghaidh, mar is anseo, lastoir den Iordáin, a bhaineamar amach ár n-oidhreacht.» Dúirt Maois leo ansin: «Má dhéanann sibh de réir bhur mbriathra, agus arm a thógáil in bhur lámha le dul ar aghaidh sa chath roimh an Tiarna, agus má ghabhann gach duine agaibh a iompraíonn arm thar an Iordáin roimh an Tiarna, nó go dtiomáinfidh sé a naimhde go léir amach roimhe, ansin, nuair a bheidh an tír ar a láimh ag an Tiarna, ní miste sibh a fhilleadh; beidh sibh saor ó bhur ndualgas don Tiarna agus do Iosrael; agus beidh an tír seo mar sheilbh oidhreachta agaibh i láthair an Tiarna. Ach mura ndéanann sibh amhlaidh, beidh peaca á dhéanamh agaibh in aghaidh an Tiarna, agus is deimhin go dtiocfaidh bhur bpeaca oraibh. Déanaigí cathracha dá bhrí sin do bhur miondaoine agus cróite do bhur dtréada; ach déanaigí beart leis de réir bhur mbriathra.» Dúirt clann Ghád agus clann Reúbaen le Maois: «Déanfaidh do shearbhóntaí mar a ordaíonn tú, a thiarna. Fanfaidh ár miondaoine, ár mná, ár dtréada, agus ár dtáinte go léir ansiúd i gcathracha Ghileád, ach do shearbhóntaí, gach fear le harm cogaidh ina láimh, rachaidh siad sall chun catha roimh an Tiarna amach mar a d' ordaigh tú, a thiarna.» Ansin thug Maois treoracha ina dtaobh do Eileázár an sagart, do Iósua mac Nún, agus do cheannairí theaghlaigh athartha threibheanna Iosrael. Dúirt Maois leo: «Má ghabhann gach fear a iompraíonn arm de chlann Ghád agus de chlann Reúbaen thar an Iordáin libh chun troid roimh an Tiarna amach, nuair a bheidh an tír faoi smacht agaibh, ansin tugaigí tír Ghileád ina seilbh. Ach mura dtéann siad anonn faoi airm libh, ansin ní foláir dóibh a n-oidhreacht a bheith in bhur measc i dtír Chanán.» D' fhreagair clann Ghád agus clann Reúbaen: «Déanfaimid ar ordaigh an Tiarna do do shearbhóntaí. Rachaimid anonn faoi airm go tír Chanán roimh an Tiarna amach, ach ní foláir daoibh seilbh a fhágáil againn ar ár n-oidhreacht lastall den Iordáin.» Thug Maois dóibh do chlann Ghád agus do chlann Reúbaen agus do leath-threibh Mhanaise mac Iósaef riocht Shíochón rí na nAmórach, ríocht Óg rí Bháiseán, an fearann agus a chathracha agus a chríocha, agus cathracha na duíche timpeall. Thóg clann Ghád Díobon agus Atárot agus Aróéir, agus Atrot Siófán agus Iazaer agus Iogbahá, agus Béit Nimreá agus Béit Harán, cathracha daingne, agus cróite dá dtréada. Thóg clann Reúbaen Heisbeon agus Eileálae agus Ciriátáím agus Neabó agus Bál Meón (athraíodh a n-ainmneacha seo) agus Sibmeá. Thugadar ainmneacha ar na cathracha a thógadar. Chuaigh clann Mháicír, mac Mhanaise, go Gileád. Ghabhadar seilbh air agus thiomáineadar amach na hAmóraigh a bhí ansiúd. Thug Maois Gileád do Mháicír, mac Mhanaise, agus chuir sé faoi ann. Chuaigh Iáír, mac Mhanaise, agus ghabh Bailte Hám agus thug Bailte Iáír orthu óna ainm féin. Chuaigh Nobach agus ghabh Canát agus na bailte ina thimpeall agus thug Nobach, a ainm féin, air. Seo iad céimeanna chlann Iosrael ar mbealach amach as an Éigipt ina sluaite faoi cheannas Mhaois agus Árón. Bhreacadh Maois i scríbhinn na háiteanna óna dtosaídís nuair a chuiridís chun bealaigh faoi ordú an Tiarna. Seo iad a gcéimeanna de réir na n-áiteanna ónar thosaíodar. D' fhágadar Ramasaes an chéad mhí. Ba ar an gcúigiú lá déag den chéad mhí, an lá tar éis na Cásca, a chuir clann Iosrael chun bealaigh go caithréimeach os comhair súile na nÉigipteach go léir. Bhí na hÉigiptigh ag adhlacadh ar mharaigh an Tiarna dá muintir féin, gach céadghin leo; bhí breith tugtha ag an Tiarna ar a ndéithe. Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó Ramasaes agus shuíodar a gcampa i Sucót. Ansin chuireadar chun bealaigh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh Chuireadar chun bealaigh ó Éatám agus d' fhilleadar go Pí Haichíorót atá soir ó Bhálzafón, agus shuíodar a gcampa i Migdeol. Chuireadar chun bealaigh ó Phí Haichíorót agus ghabhadar thar farraige isteach san fhásach; tar éis aistear trí lá a dhéanamh i bhfásach Éatám, shuíodar a gcampa i Márá. Chuireadar chun bealaigh ó Mhárá agus shroicheadar Éilím; bhí deich dtobar fíoruisce agus seachtó crann pailme in Éilím agus shuíodar a gcampa ann. Chuireadar chun bealaigh ó Éilím agus shuíodar a gcampa ag Muir na nGiolcach. Chuireadar chun bealaigh ó Mhuir na nGiolcach agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shín. Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shín agus shuíodar a gcampa i nDofcá. Chuireadar chun bealaigh ó Dhofcá agus shuíodar a gcampa in Álúis. Chuireadar chun bealaigh ó Álúis agus shuíodar a gcampa i Rifídím mar nach raibh aon uisce ag an bpobal le hól ann. Chuireadar chun bealaigh ó Rifídím agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shíonái. Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shíonái agus shuíodar a gcampa i gCiobrot Hatavá. Chuireadar chun bealaigh ó Chiobrot Hatavá agus shuíodar a gcampa i Hazaerot. Chuireadar chun bealaigh ó Hazaerot agus shuíodar a gcampa i Ritmeá. Chuireadar chun bealaigh ó Ritmeá agus shuíodar a gcampa i Riomon Peiriz. Chuireadar chun bealaigh ó Riomon Peiriz agus shuíodar a gcampa i Libneá. Chuireadar chun bealaigh ó Libneá agus shuíodar a gcampa i Riosá. Chuireadar chun bealaigh ó Riosá agus shuíodar a gcampa i gCahaelátá. Chuireadar chun bealaigh ó Chahaelátá agus shuíodar a gcampa ag Sliabh Sheifir. Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Sheifir agus shuíodar a gcampa i Harádá. Chuireadar chun bealaigh ó Harádá agus shuíodar a gcampa i Macaelot. Chuireadar chun bealaigh ó Mhacaelot agus shuíodar a gcampa i dTáchat. ' Chuireadar chun bealaigh ó Tháchat agus shuíodar a gcampa i dTárach. Chuireadar chun bealaigh ó Thárach agus shuíodar a gcampa i Mitceá. Chuireadar chun bealaigh ó Mhitceá agus shuíodar a gcampa i Haismioná. Chuireadar chun bealaigh ó Haismioná agus shuíodar a gcampa i Mosaerót. Chuireadar chun bealaigh ó Mhosaerót agus shuíodar a gcampa i mBeiné Iacán. Chuireadar chun bealaigh ó Bheiné Iacán agus shuíodar a gcampa i Hor Haigidgeád. Chuireadar chun bealaigh ó Hor Haigidgeád agus shuíodar a gcampa in Iotbátá. Chuireadar chun bealaigh ó Iotbátá agus shuíodar a gcampa in Abroná. Chuireadar chun bealaigh ó Abroná agus shuíodar a gcampa in Eizion Geibir. Chuireadar chun bealaigh ó Eizion Geibir agus shuíodar a gcampa i bhfásach Zin, Cáidéis is é sin. Chuireadar chun bealaigh ó Cháidéis agus shuíodar a gcampa i Sliabh Hor, ar imeall chríoch Eadóm. Ghabh Árón an sagart suas Sliabh Hor faoi ordú an Tiarna agus fuair sé bás ansiúd sa daicheadú bliain tar éis d' Iosrael teacht as an Éigipt, sa chúigiú mí agus ar an gcéad lá den chúigiú mí sin. Bhí Árón céad agus a fiche trí bliain d' aois nuair a d' éag sé ar Shliabh Hor. An Canánach, rí Arád, a chónaigh sa Neigib i dtír Chanán, chuala sé i dtaobh clann Iosrael a theacht. Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Hor agus shuíodar a gcampa i Zalmoná. Chuireadar chun bealaigh ó Zalmoná agus shuíodar a gcampa i bPúnon. Chuireadar chun bealaigh ó Phúnon agus shuíodar a gcampa in Obot. Chuireadar chun bealaigh ó Obot agus shuíodar a gcampa in Ié Abáraím i gcríocha Mhóáb. Chuireadar chun bealaigh ó Iím agus shuíodar a gcampa i nDíobon Gád. Chuireadar chun bealaigh ó Dhíobon Gád agus shuíodar a gcampa in Almon Dibleátáím. Chuireadar chun bealaigh ó Almon Dibleátáím agus shuíodar a gcampa i Sléibhte Abáraím, sall ó Neabó. Chuireadar chun bealaigh ó Shléibhte Abáraím agus shuíodar a gcampa i machairí Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall. Shuíodar a gcampa láimh leis an Iordáin idir Béit-ha-Isimiot agus Ábael-ha-Sitím ar mhachairí Mhóáb. Labhair an Tiarna le Maois ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó, agus dúirt: «Abair le clann Iosrael: 'Nuair a ghabhann sibh thar an Iordáin isteach i dtír Chanán, ansin ní foláir daoibh an mhuintir go léir atá ina gcónaí sa tír a thiomáint amach romhaibh, agus a gclocha greanta go léir a scrios, agus a ndealbha leáite a scrios, agus a n-áiteanna arda go léir a scartáil. Gabhaigí seilbh ar an tír agus cuirigí fúibh ann, óir thug mé an tír daoibh mar shealúchas. Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D' fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d' fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n-oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha. Mura dtiomáineann sibh dúchasaigh na tíre amach romhaibh, ansin iad siúd a fhágfaidh sibh ann, beidh siad mar dhealga in bhur súile agus mar bhioranna in bhur gcliatháin; ciapfaidh siad sibh sa tír ina mbeidh cónaí oraibh, agus tabharfaidh mé oraibhse an íde a mheasas a thabhairt orthusan.'» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Tabhair an t-ordú seo leanas do chlann Iosrael: 'Nuair a rachaidh sibh isteach i dtír Chanán, seo iad na críocha a bheidh mar oidhreacht agaibh; seo é tír Chanán á rianú ag a theorainneacha: Sínfidh deisceart bhur gcríoch ó fhásach Zin ar theorainn Eadóm. Tosóidh teorainn theas bhur dtíre ag imeall Mhuir an tSalainn thoir agus casfaidh sí ó dheas i dtreo Ard na Scairpeanna agus trasna go Zin agus ag stad laisteas de Cháidéis Bairnéa; rachaidh sí as sin i dtreo Hazar Adár agus ar aghaidh go Azmon. Casfaidh an teorainn ó Azmon i dtreo Shileán na hÉigipte agus stadfaidh sí ag an Muir. Beidh an Mhuir Mhór ar bhur bhfeorainn agus is í a bheidh mar theorainn thiar agaibh. Sé seo a bheidh mar theorainn thuaidh agaibh: tarraing líne duit féin ón Muir Mhór go Sliabh Hor; ansin ó Shliabh Hor tarraing líne go Bealach Hamát, agus beidh deireadh na teorann ag Zadád. As sin sínfidh an teorainn ar aghaidh go Ziofron agus beidh deireadh léi ag Hazar Éarnán. Sin í bhur dteorainn thuaidh. Ansin cinntígí bhur dteorainn thoir ó Hazar Éanan go Seafám. Rachaidh an teorainn ó dheas ó Sheafám go Ribleá lastoir de Áín. Níos sia ó dheas fanfaidh sí lastoir de Mhuir Chinirit. Ansin leanfaidh an teorainn an Iordáin agus beidh deireadh léi ag Muir an tSalainn. Sin é agaibh bhur dtír lena theorainneacha mórthimpeall.'» Ansin thug Maois ordú do chlann Iosrael á rá: «Sin é an tír atá le roinnt ar cranna agaibh, an tír a d' aithin an Tiarna a thabhairt do na naoi dtreibheanna go leith; óir treibh chlann Reúbaen gona bhfiní sinseartha, agus treibh chlann Ghád gona bhfiní sinseartha, tá a n-oidhreacht faighte acu cheana féin; mar an gcéanna le leath threibh Mhanaise. Tá a n-oidhreacht faighte ag an dá threibh go leith sin cheana féin lastall den Iordáin ar aghaidh Ireachó sall, soir i dtreo éirí gréine.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Seo iad ainmneacha na dtaoiseach a roinnfidh an fearann oraibh mar oidhreacht: Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún; tógaigí taoiseach as gach treibh chun an fearann a roinnt mar oidhreacht. Seo iad ainmneacha na bhfear sin: Do threibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna. Do threibh chlann Shímeon, Seamúéil mac Aimíohúd. Do threibh Bhiniáimin, Eilídeád mac Chisleon. Do threibh chlann Dhán, mar thaoiseach, Bucaí mac Ioglaí. Do chlann Iósaef: do threibh chlann Mhanaise, mar thaoiseach, Hainíéil mac Éafod. Do threibh chlann Eafráim, mar thaoiseach, Camúéil mac Shifteán. Do threibh chlann Zabúlun, mar thaoiseach, Eilíozáfán mac Pharnác. Do threibh chlann Íosácár, mar thaoiseach, Pailtíéil mac Azán. Do threibh chlann Áiséar, mar thaoiseach, Aichíhiúd mac Shealomaí. Do threibh chlann Naftáilí, mar thaoiseach, Padahael mac Aimíohúd.» Sin iad na fir dár ordaigh an Tiarna tír Chanán a roinnt mar oidhreacht ar chlann Iosrael. Labhair an Tiarna le Maois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall agus dúirt: «Ordaigh do chlann Iosrael cathracha le cónaí iontu, agus talamh féaraigh timpeall na gcathracha, a thabhairt do na Léivítigh as an oidhreacht ina seilbh; tugaigí an méid sin do na Léivítigh. Bíodh na cathracha mar bhaile acu agus an féarach máguaird acu dá n-eallach, dá stoc, agus dá n-ainmhithe go léir. Féarach na gcathracha máguaird a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, síneadh sé míle banlámh ó bhallaí na cathrach amach ar gach taobh. Lasmuigh den chathair déanaigí dhá mhíle banlámh a thomhas lastoir, agus dhá mhíle banlámh laisteas, agus dhá mhíle banlámh laistiar, agus dhá mhíle banlámh lastuaidh, agus an baile i lár baill; bíodh sin ina thalamh féaraigh ag na cathracha seo. Ar na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, beidh sé chathair thearmainn, mar a gceadóidh sibh don lámh dhearg teitheadh; agus ina dteannta tugaigí dhá chathair agus daichead eile. Tugaigí ocht gcathair agus daichead ar fad do na Léivítigh mar aon lena dtalamh féaraigh. Maidir leis na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh as sealúchas chlann Iosrael, ón muintir ag a bhfuil breis tugaigí breis, agus ón muintir ag a bhfuil níos lú, tugaigí níos lú. Tugadh gach duine cathracha dá chuid do na Léivítigh de réir méid na hoidhreachta a fuair sé féin.» Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: «Abair é seo le clann Iosrael: Nuair rachaidh sibh thar Iordáin trasna go tír Chanán, ansin roghnaígí cathracha le bheith ina gcathracha seo mar thearmainn agaibh ón díoltach fola i dhéanann marú gan bheartú dídean. Bíodh na cathracha seo mar thearmannn agaibh ón díoltach fola i dtreo nach mbásófaí an marfóir gan é thabhairt chun breithe os comhair an chomhthionóil. Na cathracha seo a thabharfaidh sibh, bídís ina sé cathracha tearmainn. Tabharfaidh sibh trí chathair lastall den Iordáin agus trí chathair i dtír Chanán le bheith ina gcathracha tearmainn. Beidh na sé cathracha seo mar thearmann ag clann Iosrael agus ag an gcoimhthíoch agus ag an deoraí atá ag cur faoi ina measc, i dtreo gur féidir don té a dhéanann marú cinniúnach teitheadh iontu. Ach más amhlaidh a bhuail sé an duine le huirlis iarainn agus gur mharaigh; is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis. Má bhuail sé é le cloch, sás a mharaithe, ina láimh agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é; ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis. Nó más amhlaidh a bhuail sé é le harm maide, sás a mharaithe, agus gur mharaigh, is dúnmharfóir é. Ní foláir an dúnmharfóir a chur chun báis. Cuireadh an díoltach fola féin an dúnmharfóir chun báis. Nuair a bhuaileann sé leis, cuireadh sé chun báis é. Má thug an marfóir drochíde le barr fuatha ar an duine, nó má chaith sé urchar marfach gan choinne leis chun é a leagan ar lár, nó má bhuail sé buille dhorn marfach air le holc, ansin ní foláir an té a bhuail an buille a chur chun báis; is dúnmharfóir é; ní foláir don díoltach fola é a chur chun báis nuair a bhuaileann sé leis. Ach más trí chinniúint a thug sé drochíde ar an duine, gan mhailís, nó má chaith sé urchar leis agus gan a bheith i luíochán air, nó má scaoil sé cloch sás a mharaithe anuas air gan é a fheiceáil agus gur mharaigh sé é amhlaidh sin, chomh fada is nach raibh olc aige dó nó drochrún aige chuige, ansin ní foláir don chomhthionól breith a thabhairt de réir na rialacha seo idir an té a rinne an marú agus an díoltach fola, agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t-ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás. Má théann an marfóir aon uair thar teorainneacha na cathrach tearmainn dár theith sé, agus go bhfaigheann an díoltach fola greim air lasmuigh de theorainneacha a chathrach tearmainn, ní cás don díoltach é a mharú gan cion a fhola air. Óir ní foláir don mharfóir fanacht ina chathair thearmainn go bhfaighe an t-ardsagart bás; tar éis bhás an ardsagairt tá cead ag an marfóir filleadh ar an áit ina bhfuil a mhaoin. Bíodh feidhm dlí agus reachta ag na treoracha sin agaibhse agus ag bhur sliocht cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh. i gcás gach marú is ar fhianaise finnéithe nach foláir an marfóir a chur chun báis; ní chuirfear aon duine chun báis ar fhianaise duine aonair. Ná glacaigí éiric ar son anam marfóra a daoradh chun báis; ní foláir é a chur chun báis. Agus ná glacaigí éiric ar son duine a theith chun cathrach tearmainn ach ar mian leis filleadh agus maireachtáil sa bhaile roimh bhás don ardsagart. Ná truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh. Truaillíonn fuil an talamh agus níl leorghníomh ann don talamh ar son na fola a dhoirtear ann ach fuil an té a dhoirt é. Na truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh, a mairimse ina chrioslach; óir mairimse, an Tiarna, i measc chlann Iosrael.» Ansin tháinig cinn finí shliocht chlann Ghileád mac Mháicír mac Mhanaise, sliocht de chlann Iósaef, chun tosaigh agus labhraíodar le Maois agus leis na taoisigh, cinn finí chlann Iosrael, agus dúradar: «D' ordaigh an Tiarna duit, a uasail, an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael. Agus d' ordaigh an Tiarna duit, a uasail, oidhreacht ar ndearthár Zalofachád a thabhairt dá iníonacha. Anois má phósann siadsan duine as treibh eile de chlann Iosrael bainfear a maoin d' oidhreacht ár n-aithreacha. Cuirfear breis le maoin na treibhe lena mbainfidh siad, agus laghdófar ar an maoin a roinneadh orainne. Nuair a thiocfaidh iubhaile chlann Iosrael ansin cuirfear a n-oidhreacht sin le hoidhreacht na treibhe lena mbainfidh siad ansin, agus bainfear í d' oidhreacht threibh ár n-aithreacha.» Ar ordú an Tiarna thug Maois an bhreith seo do chlann Iosrael; dúirt sé: «Tá an ceart ag treibh chlann Iósaef. Seo é breith an Tiarna i gcás iníonacha Zalofachád: 'Pósaidís a rogha, ach pósaidís laistigh de shliocht threibh a n-athar. Níl oidhreacht chlann Iosrael le hathrú ó threibh go treibh, óir tá gach fear ar chlann Iosrael le cloí le hoidhreacht threibh a aithreacha. Agus gach iníon ag a bhfuil oidhreacht i dtreibh de chlann Iosrael, ní foláir di pósadh i bhfine de threibh a hathar, i dtreo go mbeidh oidhreacht a aithreacha ag gach duine de chlann Iosrael. Ná hathraítear aon oidhreacht ó threibh go treibh eile; cloíodh gach treibh de chlann Iosrael lena n-oidhreacht féin.'» Rinne iníonacha Zalofachád mar a d' aithin an Tiarna do Mhaois. Phós Machlá, Tirzeá, agus Hoglá, agus Milceá, agus Noá, iníonacha Zalofachád, mic deartháireacha a n-athar. Ós rud é gur phósadar i bhfiní chlann Mhanaise mhic Iósaef, d' fhill a n-oidhreacht ar threibh fhine a n-athar. Sin iad na haitheanta agus na dlithe a d' aithin an Tiarna do chlann Iosrael trí Mhaois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó. Am Log Tá aistear aon lá dhéag ó Horaeb go Cáidéis Bairnéa ar bhealach Shliabh Shaeír.) Ba ar an daicheadú lá, ar an gcéad lá den aonú mí dhéag, a labhair Maois le clann Iosrael de réir gach treoir a fuair sé dóibh ón Tiarna. Bhí an lámh uachtair faighte aige ar Shíochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon, agus ar Óg rí Bháiseán a chónaigh in Aisteárot agus in Eidreí. Ansiúd i dtír Mhóáb, lastall den Iordáin, chuir Maois chun an dlí seo a mhíniú. Dúirt sé: «Dúirt an Tiarna ár nDia linn ag Horaeb: 'Tá moill bhur ndóthain déanta agaibh ar an sliabh seo. Ar aghaidh libh ón áit seo, cuirigí chun bealaigh, agus imigí libh go harda na nAmórach, go dtí an mhuintir a chuireann fúthu san Arabá, sna hardáin agus sna hísleáin, sa Neigib agus san fheorainn; isteach libh i dtír Chanán agus sa Liobáin, chomh fada leis an Abhainn Mhór, an Eofrataes. Sin é an tír a fhágaim fúibh; téigí isteach agus gabhaigí seilbh ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n-aithreacha, d' Abrahám, d' Iosác agus do Iacób agus dá sliocht dá n-éis.' «Ansin is ea a dúirt mé: 'Téann díom sibh a iompar liom féin. Rathaigh an Tiarna bhur nDia sibh i dtreo gur geall le réaltaí neimhe le háireamh sibh. Agus tá an Tiarna Dia bhur sinsear chun sibh a rathú faoi mhíle sa bhreis agus a bheannacht a chur oraibh mar a gheall sé daoibh. Conas a d' fhéadfainn, liom féin amháin, sibhse agus bhur n-imris a iompar mar ualach? Tugaigí chugam saoithe, lucht gaoise agus taithí, as gach treibh ar leith, agus déanfaidh mé ceannairí oraibh díobh.' D' fhreagair sibh mé: 'Is maith an beart atá á mholadh agat dúinn.' Roghnaigh mé ar an gcuma sin daoibh ceannairí treibheanna, lucht tuisceana agus taithí, agus chuir mé i gceannas oraibh iad ceannairí mílte, ceannairí céadta, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr, agus scríobhaithe do bhur dtreibheanna. Leag mé cúram ar bhur mbreithiúna an uair sin: 'Éistigí leis na caingne idir bhur mbráithre agus tugaigí breith chóir idir duine agus a bhráthair nó an coimhthíoch a chónaíonn fairis. Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.» Thug mé treoracha daoibh an uair úd do gach a mbeadh le déanamh agaibh. «D' fhágamar Horaeb agus shroicheamar an fásach mór uafar a chonaic sibh. Ar aghaidh linn go harda na nAmórach mar a d' aithin an Tiarna dúinn, agus bhaineamar amach Cáidéis Bairnéa. Ansin is ea a dúirt mé libh: 'Tá sibh tagtha chun arda na nAmórach a thug an Tiarna ár nDia dúinn. Sin é an tír seo tugtha ar láimh daoibh ag an Tiarna bhur nDia; isteach libh, gabhaigí seilbh air mar a d' aithin an Tiarna Dia bhur n-aithreacha daoibh; ná bíodh eagla oraibh ná easpa misnigh.' Ansin tháinig sibh go léir chugam á rá: 'Seolaimis romhainn lucht braite na tíre; tabharfaidh siad scéala chugainn cén bealach ar a bhfuilimid le gabháil suas agus cad iad na cathracha ina dtriallfaimid.» Comhairle mhaith dar liom í siúd agus roghnaíos dáréag daoibh, fear as gach treibh. Thugadar-san aghaidh ar na hardáin; thángadar chomh fada le Gleann Eisciol agus rinneadar é a thaiscéaladh. Rinneadar cuid de thorthaí na tíre a chnuasach agus a thabhairt anuas chugainn; is é scéala a thugadar chugainn: 'Tír thorthúil é an tír a thug an Tiarna ár nDia dúinn.' Níorbh áil libh gabháil isteach ann mar sin féin agus rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia. Rinne sibh monabhar in bhur mbothanna á rá: 'Le barr fuatha dúinn a thug an Tiarna amach as tír na hÉigipte sinn, d' fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh, agus a scrios ar an gcuma sin! Cá bhfuil ár dtriall? Chuir ár mbráithre féin lagmhisneach orainn: «Is mó agus is airde iad na daoine ná sinne,» ar siad, «tá a gcathracha ábhalmhór le ballaí a shroicheann chun neimhe; chonaiceamar clann Anácaím ann chomh maith.» ' Agus dúirt mé libh: 'Ná bíodh scéin ná eagla oraibh rompu. Beidh an Tiarna bhur nDia ag gabháil romhaibh amach agus é féin ag troid ar bhur son, faoi mar a rinne ar bhur son san Éigipt os comhair bhur súl. Fuair tú radharc air leis san fhásach; conas mar a d' iompair an Tiarna Dia thú, faoi mar a dhéanfadh athair a mhac, an bealach go léir a ghabh sibh go dtí gur bhain sibh amach an áit seo.' Ach dá ainneoin sin uile níl creideamh agaibh sa Tiarna, bhur nDia, an té sin a ghabh romhaibh ar an tslí le háit champála a fháil daoibh, agus é sa tine san oíche ag soilsiú an chosáin daoibh, agus sa néal sa lá. «Chuala an Tiarna bhur gcuid cainte, agus mhionnaigh sé le fearg: ' Ní fheicfidh fiú duine de na daoine seo, den ghlúin chlaon seo, an tír shaibhir a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n-aithreacha, seachas Cálaeb mac Iafuna. Feicfidh seisean é. Dósan agus dá shliocht, tabharfaidh mé an talamh ar ar leag sé cos, óir lean sé an Tiarna go beacht!' Bhí an Tiarna i bhfearg liomsa leis de bhur mbarrsa, agus dúirt: 'Ní rachaidh tusa ansiúd isteach ach chomh beag. Iósua mac Nún, do shearbhónta, is ea a rachaidh isteach; tabhair misneach dó óir is é a chuirfidh Iosrael i seilbh na tíre. Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu. Ach maidir libhse, iompaígí agus siar libh faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf.' «Ansin d' fhreagair sibh mé: 'Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia. Rachaimid suas agus troidfimid mar a d' ordaigh an Tiarna ár nDia dúinn.' Ghabh gach duine agaibh a arm catha chuige agus in airde faoi na harda libh le flosc. Ach dúirt an Tiarna liom: 'Abair leo: Ná téigí suas ag troid nílimse faraibh le heagla go mbeadh an bua ag bhur naimhde oraibh.' Dúirt mé sin libh, ach ní éisteodh sibh liom, ach ceannairc á dhéanamh in aghaidh ordú an Tiarna, agus dul suas faoi na harda le barr dánaíochta. Na hAmóraigh, an mhuintir a chónaíonn sa dúiche shléibhteach sin, amach leo in bhur n-aghaidh mar shaithe beach, agus chuadar sa tóir oraibh agus phleancadar sibh i Saeír agus ar aghaidh go Hormá. Agus ar fhilleadh daoibh, shil sibh deora i láthair an Tiarna; ach níor éist an Tiarna le bhur nglór ná níor thug sé cluas daoibh. Is iomaí sin lá, is iomaí sin, a d' fhan sibh i gCáidéis. «Chasamar ansin agus ar aghaidh linn faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf mar a d' ordaigh an Tiarna dom. Is iomaí lá a bhíomar ar seachrán thart fá Shliabh Shaeír. Ansin dúirt an Tiarna liom: 'Tá sibh fada bhur ndóthain ar fán ar na hardáin seo. Ó thuaidh libh. Agus tabhair an t-ordú seo don phobal: Tá sibh ar tí gabháil trí chríocha bhur mbráithre gaoil, clann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír. Tá eagla orthu romhaibh, ach bígí aireach. Ná déanaigí iad a ghriogadh. Óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá dtailte daoibh, aon phioc fiú oiread agus leithead tráchta, mar thug mé Sliabh Shaeír do Éasau mar shealúchas. Díolaigí iad le hairgead as cibé bia a íosfaidh sibh; agus díolaigí iad le hairgead as cibé uisce a ólfaidh sibh. Chuir an Tiarna bhur nDia a bheannacht ort i mbun do ghnothaí go léir; choimeád sé a shúil oraibh agus sibh ag gabháil tríd an bhfásach fairsing seo; bhí an Tiarna do Dhia in do choimhdeacht an daichead bliain sin; ní raibh aon ní riamh de dhíth ort.' «Ghabhamar thar ár mbráithre gaoil, clann Éasau, a bhfuil cónaí orthu i Saeír, feadh bhealach an Arabá agus ó Éalat agus Eizion Geibir. Ansin chasamar agus ar aghaidh linn i dtreo fhásach Mhóáb. Agus dúirt an Tiarna liom: 'Ná déan ionsaí ar Mhóáb ná é a ghriogadh chun catha, óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá thailte daoibh, óir thug mé Ár mar shealúchas do chlann Lót.' (Mhair na hÉimím ansiúd tráth cine mór líonmhar, agus iad chomh hard leis na hAnácaím. Dála na nAnácaím, tugtaí na Rafáím orthu chomh maith, ach is Éimím a thugadh na Móábaigh orthu. Bhí cónaí ar na Hóraigh leis i Saeír tráth, ach chuir clann Éasau as seilbh iad; dhíothaigh siad as a slí iad, agus lonnaíodar ina n-áit, faoi mar a rinne Iosrael ina dtír féin, an oidhreacht a thug an Tiarna dóibh.) «Ghabhamar, dá bhrí sin, thar sileán Zeirid. ' Ar aghaidh libh! Agus thar sileán Zeirid.' Anois mhair ár seachrán ó d' fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d' fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh. Luigh lámh an Tiarna orthu lena scrios ón gcampa go dtí gur cailleadh iad go léir. Nuair a bhí gach uile fhear cogaidh sciobtha ag an mbás ó lár an phobail, dúirt an Tiarna liom: ' Inniu féin rachaidh tú thar teorainn Mhóáb ag Ár, agus déanamh ar theorainn chlann Amón. Ná déanaigí ionsaí orthu ná iad a ghriogadh; óir ní thabharfaidh mé aon phioc de thailte chlann Amón daoibh, mar thug mé é mar shealúchas do chlann Lót.' (Tugtar leis tír na Rafáím air; mhair na Rafáím ann tráth, ach tugann na hAmónaigh Zamzuimím orthu; cine mór líonmhar iad agus iad chomh hard leis na hAnácaím; ach dhíothaigh an Tiarna as a slí iad, agus chuir na hAmónaigh as seilbh iad agus lonnaíodar ina n-áit, faoi mar a rinne sé na Hóraigh a dhíothú as a slí roimh chlann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír, i dtreo gur chuireadar as seilbh iad agus gur chuireadar fúthu ina n-áit agus go bhfuil siad ann go dtí an lá inniu. Ba é an scéal céanna é leis na hÁivím a bhí ag cur fúthu i mbailte an tslí go léir go Gazá; tháinig na Caftoraím ó Chaftor, agus rinneadar iad a dhíothú agus cur fúthu ina n-áit.) ' Scoirigí campa agus ar aghaidh libh, agus thar sileán Arnón libh. Seo é Síochon, an tAmórach, rí Heisbeon, agus a fhearann á chur agam faoi do láimh; crom ar sheilbh a ghabháil; cuir cath air! Táim ag cromadh inniu féin ar scéin agus ar eagla romhat a chur ar an uile chine faoi stua neimhe; cách a chluinfidh torann do theachta tiocfaidh critheagla agus uafás orthu romhat.' Chuir mé teachtairí dá bhrí sin ó fhásach Chadaemót go Síochon rí Heisbeon le teachtaireacht síochána á rá: «Is áil liom dul trí d' fhearann. Ní dhéanfaidh mé ach gabháil feadh an bhealaigh, gan claonadh ar dheis ná ar chlé. Cibé bia a íosfaidh mé, díol liom ar airgead, agus íocfaidh mé as cibé uisce a olfaidh mé. Ná déan ach a cheadú dom gabháil ar aghaidh de chois, faoi mar a rinne clann Éasau liom a bhfuil cónaí orthu i Saeír, agus na Móábaigh a bhfuil cónaí orthu in Ár, go dté mé thar an Iordáin go dtí an tír atá á thabhairt dúinn ag an Tiarna ár nDia.' «Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d' fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d' fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu. Agus dúirt an Tiarna liom: 'Seo mé ag cromadh ar Shíochon agus a fhearann á thabhairt agam faoi do réir. Cuir chun a ghabhála; gabh seilbh ar a fhearann.' Ansin mháirseáil Síochon agus a mhuintir go léir amach inár n-aghaidh chun catha a chur i Iáhaz. Thug an Tiarna ár nDia ar láimh dúinn é; bhriseamar air féin ar a chlann mhac agus ar a mhuintir go léir. Ansin ghabhamar a chathracha go léir agus chuireamar na cathracha go léir faoi bhang, mar aon lena bhfir, a mná agus a leanaí; ní dhearnamar anacal, ach ar an stoc a thugamar linn mar chreach agus ar an mbraid ó na cathracha a ghabhamar. Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn. Níor fhág sibh gan baint léi ach dúiche chlann Amón amháin, insí uile abhann Iaboc, is é sin, agus cathracha an ardáin, agus cibé áit a choisc an Tiarna ár nDia orainn. «Ansin chasamar i dtreo Bháiseán agus ghabhamar suas ann. Agus tháinig Óg rí Bháiseán amach inár n-aghaidh, é féin agus a mhuintir go léir, chun cath a chur in Eidreí. Ach dúirt an Tiarna liom: 'Ná bíodh eagla ort roimhe, óir thug mé é féin agus a mhuintir go léir agus a fhearann ar láimh duit; tabhair an íde chéanna air a thug tú ar Shíochon rí na nAmórach a mhair i Heisbeon.' Thug an Tiarna, más ea, Óg rí Bháiseán agus a mhuintir uile ar láimh dúinn chomh maith agus phleancamar é go dtí nár fágadh fear inste scéil. Ghabhamar a chathracha go léir an uair sin níor fhágamar cathair dá gcuid nár ghabhamar trí fichid cathair, dúiche uile Argob, ríocht Óg i mBáiseán. Caisil dhaingne iadsan uile le ballaí arda, geataí, agus cuaillí gan trácht ar bhailte na bPirizeach a bhí an-líonmhar. Chuireamar faoi bhang iad mar a rinneamar le Síochon rí Heisbeon; chuireamar idir chathair is fhear agus bhean agus pháiste go léir faoi bhang. Ach thugamar stoc agus spré na gcathracha sin linn mar chreach. Ghabhamar an uair úd, dá réir sin, fearann an dá rí Amórach lastall den Iordáin, ó Ghleann an Arnón go Sliabh Haermón (tugann na Síodónaigh Sirion, ach na hAmóraigh Siníor, ar Hearmón); cathracha uile an ardáin, Gileád go léir, agus Báiseán go léir chomh fada le Salacá agus Eidreí, príomhchathracha Óg i mBáiseán. (Bá é Óg rí Bháiseán an duine deireanach d' fhuíoll na Rafáím; ba leaba iarainn a leaba, agus nach í atá le feiceáil i Raba na nAmónach? í naoi mbanlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead, de réir bhanlámh fir.) «Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha. Do leaththreibh Mhanaise thug mé an chuid eile de Ghileád, Báiseán go léir, ríocht Óg. (Tugtar tír na Rafáím ar dhúiche Argob go léir, agus ar Bháiseán go léir. Ó ghabh Iáir mac Mhanaise dúiche Argob go léir ar aghaidh go teorainneacha na nGisiúrach, agus na Macátach, thug sé a ainm do na bailte sin ar a dtugfar go fóill Bailte Iáir.) Do Mhácaír thug mé Gileád. Do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh thug mé an dúiche a shíneann ó Ghileád go dtí Gleann Arnón, agus lár an choma mar theorainn, agus chomh fada suas le habhainn an Iaboc, an teorainn le clann Amón. An tArabá agus an Iordáin na teorainneacha síos ó Chineirit síos go Muir Arabá, Muir an tSalainn, faoi bhun sleasa Phisceá lastoir. «Thug mé an t-ordú seo daoibh an uair sin: 'Thug an Tiarna bhur nDia an tír seo in bhur seilbh daoibh; ní foláir do bhur lucht gaile go léir airm a ghlacadh agus dul anonn ar cheann bhur mbráithre, clann Iosrael. Bhur mná, bhur miondaoine, agus bhur stoc (tá a fhios agam go bhfuil a lán stoic agaibh) iadsan amháin atá le fanacht in bhur ndiaidh sna cathracha a thug mé daoibh nó go socraí an Tiarna bhur mbráithre faoi mar a shocraigh sé sibhse, agus go bhfaighe siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna, bhur nDia, á thabhairt dóibh ar an taobh eile den Iordáin; fillfidh sibh ansin, gach duine chun an fhearainn a thug mé dó.' Ansin thug mé an t-ordú seo do Iósua: 'Chonaic tú le do shúile cinn a bhfuil déanta ag an Tiarna leis an dá rí seo; tabharfaidh an Tiarna an íde chéanna ar na ríochtaí go léir a dtriallfaidh sibh chucu. Ná bíodh eagla oraibh rompu; tá an Tiarna féin, bhur nDia, ag troid ar bhur son.' «Rinne mé achainí ar an Tiarna faoin am seo: ' A Thiarna Dia,' arsa mise, ' níl ach tús déanta agat ag nochtadh do mhórgachta agus do chumhachta do do sheirbhíseach, óir cén dia ar neamh nó ar talamh ar féidir leis éachtaí agus fearta mar do chuidse a dhéanamh? Lig anonn mé le do thoil chun an fearann fónta thar Iordáin a fheiceáil, fearann fónta an ardáin agus na Liobáine.' Ach de bhur mbarr-sa bhí an Tiarna i bhfearg liom, agus ní thabharfadh sé aird orm. ' Cuir uait!' arsa an Tiarna liom. ' Ná luaigh é sin liom a thuilleadh. Gabh suas ar mhullach Phisceá, agus féach uait siar, agus ó thuaidh, agus ó dheas agus soir; bain radharc do shúl as, óir ní rachaidh tú thar an Iordáin seo. Tabhair do threoracha do Iósua; tabhair misneach agus fuinneamh dó; óir eisean is ea a rachaidh sall ar cheann a phobail agus is é a thabharfaidh seilbh dóibh ar an tír ar a bhfaighidh tú radharc.' D' fhanamar dá bhrí sin sa ghleann sall ó Bhéit Peór. «Anois, más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, á thabhairt daoibh. Ná cuirigí aon bhreis lena n-ordaím daoibh, agus ná bainigí uaidh, ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna bhur nDia go beacht mar a ordaím daoibh iad. Chonaic sibh le bhur súile cinn cad a rinne an Tiarna i mBál Peór; óir dhíothaigh an Tiarna bhur nDia ó bhur measc lucht leanta uile Bhál Peór. Ach sibhse a chloígh leis an Tiarna bhur nDia, maireann sibh fós inniu. Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d' aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air. Coimeádaigí iad agus leanaigí iad, agus taispeánfaidh siad bhur n-eagna agus bhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dlíthe seo go léir, déarfaidh siad: 'Nach eagnaí agus nach tuisceanach an dream an cine mór seo!' Agus cén cine mór atá ann a bhfuil a ndéithe chomh gar dóibh agus atá an Tiarna ár nDia dúinne ach glaoch air? Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu? «Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta. An lá a sheas tú i Horaeb i láthair an Tiarna do Dhia, dúirt an Tiarna liom: 'Cruinnigh an pobal i mo thimpeall go gcloisfidh a gcluasa mo bhriathra d' fhonn go bhfoghlaimeoidís conas eagla a bheith acu romham gach lá dá gcaithfidh siad ar an saol, agus go múinfidís sin dá gclann.' Tháinig sibh i ngar agus sheas ag bun an tsléibhe; las an sliabh le tine go crioslach nimhe, agus é faoi bhrat dorchadais, néil agus scamaill. Ansin labhair an Tiarna libh ó lár na tine; fuaim na bhfocal do chuala sibh, ach cló ní fhaca sibh; ní raibh ann ach guth. Nocht an Tiarna a chonradh daoibh, agus d' ordaigh daoibh é choimeád na Deich nAitheanta, is é sin, a scríobh sé ar dhá chlár cloiche. D' ordaigh an Tiarna dom an uair sin dlíthe agus reachtanna a theagasc daoibh, a leanfadh sibh sa tír a bhfuil sibh le dul anonn á shealbhú. «Bígí aireach i mbeart dá bhrí sin. Ós rud é nach bhfaca sibh aon chló an lá a labhair an Tiarna libh i Horaeb ó lár na tine, féachaigí chuige nach ndéanann sibh claonbheart agus íomhá shnoite a dhéanamh daoibh féin de chló dúile ar bith, cibé acu i gcosúlacht fir nó mná é, nó i gcosúlacht aon ainmhí ar talamh, nó aon éin a eitlíonn san aer, nó i gcosúlacht aon dúile a shníonn ar talamh, nó aon éisc sna huiscí atá faoi thalamh. Nuair a thógann tú do shúile chun nimhe, agus go bhfeiceann tú an ghrian, an ghealach, na réaltaí agus eagar uile neimhe ná mealltar thú agus sléachtadh dóibh agus fónamh dóibh. D' fhág an Tiarna do Dhia iadsan faoi na ciníocha uile faoin spéir; ach maidir libhse, rug an Tiarna leis amach ón bhfoirnéis iarainn sibh, as an Éigipt, le bheith ina phobal aige féin, féin, rud atá sibh fós inniu. «Bhí an Tiarna i bhfearg liom de bhur gcionnsa, agus mhionnaigh nach rachainn thar an Iordáin anonn, ná nach rachainn isteach san fhearann fónta atá á thabhairt mar oidhreacht daoibh ag an Tiarna bhur nDia. Sea, caithfidh mise bás a fháil sa tír seo gan dul thar an Iordáin anseo; ach rachaidh sibhse anonn agus gabhfaidh sibh seilbh ar an bhfearann fónta úd. Seachnaígí dá bhrí sin agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne an Tiarna bhur nDia libh, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcosúlacht aon ní dár choisc an Tiarna bhur nDia oraibh. Tine amplach é an Tiarna bhur nDia, agus Dia éadmhar. Nuair a ghinfear clann agus clann clainne daoibh, agus go mbíonn tamall fada caite agaibh sa tír, má dhéanann sibh claonbhearta, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcló nó a chéile, ag cur olc ar an Tiarna agus fearg air, an lá sin glaofaidh mé ar neamh agus ar thalamh le fianaise a thabhairt in bhur n-aghaidh; rachaidh sibh ar ceal gan mhoill ón tír a bhfuil sibh ag dul thar an Iordáin á shealbhú. Ní fada a mhairfidh sibh ann; rachaidh sibh i ndísc ar fad. Cuirfidh an Tiarna scaipeadh oraibh i measc na gciníocha, agus ní fhágfar ach fuíoll suarach díbh i measc na bpobal dá dtiomáinfidh an Tiarna sibh. Déanfaidh sibh fónamh ansiúd do dhéithe adhmaid agus cloiche, saothar lámh daonna, nach bhfuil ar a gcumas aon ní a fheiceáil, a chlos, a ithe, ná a bholadh a fháil. Ach lorgóidh tú an Tiarna do Dhia ón áit sin, agus má lorgaíonn tú é ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, gheobhaidh tú é. I do chruachas duit, tiocfaidh gach a ndúirt mé sa mhullach ort, ach i gcríoch na laethe fillfidh tú ar an Tiarna do Dhia, agus géillfidh tú dá ghlór. Óir is Dia trócaireach an Tiarna do Dhia; ní thréigfidh sé thú, ná thú a scrios, ná ní dhéanfaidh dearmad ar an gconradh a rinne sé le bhur n-aithreacha faoi bhrí na mionn. «Óir, cuir an cheist seo dá bhrí sin chun na n-aos a d' imigh tharainn agus a bhí romhat, ón lá a chruthaigh Dia an duine ar talamh: An raibh briathar riamh chomh maorga ó cheann ceann neimhe? Ar chualathas riamh a leithéid? Ar chuala aon chine riamh guth Dé [bheo] ag labhairt ó chroí na tine, mar a rinne tusa, agus iad a mhaireachtáil? Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt. Thaispeáin sé an méid sin daoibh, d' fhonn go mbeadh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia dáiríre agus nach bhfuil Dia ann ach é. Lig sé duit a ghuth a chlos ó neamh do do theagasc; lig sé duit a thine mhór a fheiceáil ar talamh, agus ó chroí na tine chuala tú a bhriathar. De bhrí gurbh ansa leis do shinsir agus gur thogh sé sliocht ina ndiaidh, agus gur thug sé as an Éigipt amach thú, gan ceilt ar a láthar na ar a mhórchumhacht, ag díbirt náisiún ba mhó agus ba threise ná thú féin romhat amach, agus thug sé isteach ina bhfearann siúd thú lena thabhairt duit mar oidhreacht, rud atá go dtí inniu féin; tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é. Coimeád a reachta agus a aitheanta dá bhrí sin mar a thugaim duit iad inniu i dtreo go mbeidh conách ort féin agus ar do shliocht, agus saol fada agat sa tír atá á thabhairt duit go brách ag an Tiarna do Dhia.» Am agus Log mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fháil, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go cinniúnach, agus gan é i bhfaltanas leis roimhe sin; le teitheadh i gcathair díobhsan, d' fhéadfadh sé a anam a bhreith leis. Ba iad seo iad: do na Reúbaenigh, Beizir san fhásach ar an ardchlár; do na Gádaigh, Rámot i nGileád; do na Manaisigh, Gólán i mBáiseán. Seo é an dlí a leag Maois roimh chlann Iosrael; seo iad na hachtanna agus na dlíthe agus na reachtanna a d' ordaigh Maois do chlann Iosrael ar theacht as an Éigipt dóibh, agus iad lastall den Iordáin sa ghleann láimh le Béit Peór i bhfearann Síochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon; bhris Maois agus clann Iosrael airsean ar theacht as an Éigipt dóibh, agus ghabhadar seilbh ar a fhearann agus ar fhearann Óg rí Bháiseán dhá rí na nAmórach a lonnaigh thoir lastall den Iordáin, ó Aroéir ar an ardán os cionn ghleann an Arnón go Sliabh Shirion, Hearmón is é sin agus ar an Arabá go léir lastoir den Iordáin, go Muir an Arabá faoi bhun shleasa Phisceá. Thionóil Maois Iosrael go léir chuige agus dúirt leo: «A Iosrael, éist leis na dlíthe agus leis na reachtanna a labhraím in bhur gcomhchlos inniu. Foghlaimígí iad agus comhlíonaigí iad le barr cúraim. Rinne an Tiarna ár nDia conradh linn ar Shliabh Horaeb. Ní lenár n-aithreacha a rinne an Tiarna an conradh seo, ach linne, sinne atá anseo beo gach duine againn anseo inniu. Labhair an Tiarna gnúis le gnúis libh ar an sliabh ó chroí na tine, agus sheas mise lena linn sin ar fad idir an Tiarna agus sibhse chun briathar an Tiarna a fhógairt daoibh, óir bhí eagla na tine oraibh, agus ní dheachaigh sibh suas faoin sliabh. Dúirt sé: ' Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse. Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair. Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh. Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé, ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m' aitheanta. Ná luaigh ainm Dé le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsaid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é. Coimeád an tsabóid agus naomhaigh í, mar a d' ordaigh an Tiarna do Dhia duit. Caithfidh tú sé lá ag obair agus ag déanamh do shaothair go léir, ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre tú féin, ná do mhac ná d' iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do dhamh, ná do asal, ná aon cheann de do ainmhithe, ná an deoraí faoi do dhíon, i dtreo go mbeidh sos ag do dhaor agus ag do dhaoirseach do dhála féin. Cuimhnigh go raibh tú féin i do sheirbhíseach i dtír na hÉigipte agus go dtug an Tiarna do Dhia amach as siúd thú le láimh láidir agus le géag ar tinneall; uime sin d' aithin an Tiarna do Dhia duit an tsabóid a choimeád. Tabhair do d' athair agus do do mháthair onóir mar a d' aithin an Tiarna do Dhia duit i dtreo go mba fhada iad do laethe agus go mbeadh an rath ort sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit. Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan. Ná santaigh bean do chomharsan; ná bí ag tnúth lena theach ná lena ghort, lena dhaor ná lena dhaoirseach, lena dhamh ná lena asal, ná le haon ní dá chuid.' «Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad. «Nuair a chuala sibh an glór seo ag teacht as an dorchadas, agus an sliabh go léir trí thine, tháinig sibh chugam, ceannairí bhur dtreibheanna agus bhur seanóirí, agus dúirt sibh: 'Féach, thaispeáin an Tiarna ár nDia a ghlóir dúinn agus a mhórgacht agus chualamar a ghlór ó chroí na tine. Chonaiceamar inniu gur féidir do Dhia, labhairt leis an duine, agus an duine a fhanacht beo. Cén fáth go bhfaighimis bás anois? Óir loiscfidh an tine mhór seo sinn; má chloisimid glór an Tiarna ár nDia an dara huair ní baol ná go dtitfidh an t-anam asainn. Óir cén duine daonna den uile fheoil a chloisfeadh glor Dé bheo ag labhairt ó chroí na tine mar a rinneamar, agus a d' fhéadfadh fanacht beo? Druidse leis, dá bhrí sin, agus éist lena bhfuil le rá ag an Tiarna ár nDia, agus inis dúinne gach a ndéarfaidh an Tiarna ár nDia leat; éistfimid leis agus déanfaimid dá réir.' Chuala an Tiarna a ndúirt sibh liom, agus dúirt liom: 'Chuala mé caint uile an phobail seo leat; is maith mar a dúradar gach a bhfuil ráite acu. Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m' eaglasa agus ar m' aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach! Imigh leat agus abair leo: Filligí ar bhur mbothanna. Ach fansa anseo i do sheasamh taobh liom, agus inseoidh mé duit na haitheanta go léir agus na dlíthe agus na reachtanna go léir atá le teagasc agat dóibh, agus atá le comhlíonadh acu sa tír atá á thabhairt agam ina seilbh.' «Féachaigí chuige dá bhrí sin go ndéanfaidh sibh de réir mar a d' aithin an Tiarna ár nDia daoibh. Ná claonaigí ar dheis na ar chlé ón gcosán. Cloígí leis an mbealach go léir a d' aithin an Tiarna daoibh agus beidh an bheatha agaibh, agus beidh an rath oraibh, agus beidh fad saoil agaibh sa tír a bheidh in bhur seilbh. «Seo iad dá bhrí sin an aithne, na dlíthe, agus na reachtanna d' aithin an Tiarna bhur nDia dom a mhúineadh daoibh i dtreo go gcomhlíonfadh sibh iad san fhearann dá dtéann sibh anonn chun a shealbhaithe. Má bhíonn eagla an Tiarna do Dhia ort, ar an gcuma sin, gach lá de do shaol, agus má choimeádann tú na dlíthe agus na nósanna go léir a leagaim ort, beidh fad saoil agat, agat féin agus ag do mhac agus ag mac do mhic. Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. «Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t-aon Tiarna. Gráigh an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán, ó do anam go hiomlán, agus ó do neart go hiomlán. Na briathra seo a ordaím duit inniu, bídís greanta ar do chroí. Déan iad a theagasc go dúthrachtach do do chlann, agus iad a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit. Ceangail iad mar chomhartha ar do láimh, agus mar lann ar d' éadan. Scríobh iad ar ursaineacha do thí agus ar do gheataí. «Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú isteach sa tír a mhionnaigh sé do d' aithreacha, d' Abrahám, d' Íosác agus do Iacób a thabharfadh sé daoibh, mar aon le cathracha móra maithe nach tú a thóg, agus tithe lán de ollmhaitheasaí de gach sórt nach tú a sholáthraigh, agus toibreacha doimhne nach tú a thochail, fíonghoirt agus crainn ola nach tú a phlandaigh nuair a bheidh na nithe sin caite agat agus do sháith agat, seachain agus ná déan dearmad ar an Tiarna a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse. Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort, déan seirbhís dó agus mionnaigh dar a ainm. Ná lean déithe eile, déithe na ndaoine máguaird oraibh. Óir an Tiarna do Dhia a chónaíonn in bhur measc, is Dia éadmhar é; d' fhéadfadh a fhearg lasadh i d' aghaidh agus tú a scrios de chlár na cruinne. Ná déan promhadh ar an Tiarna bhur nDia, mar rinne sibh leis ag Masá. Coimeád le barr cúraim aitheanta an Tiarna bhur nDia, agus na reachtanna agus na dlíthe a d' ordaigh sé duit. Déan an chóir agus an mhaith i láthair an Tiarna i dtreo go rithfidh leat agus go rachaidh tú isteach agus seilbh a ghabháil ar an talamh fónta a mhionnaigh an Tiarna a thabharfaidh sé do d' aithreacha, agus do naimhde go léir á dtiomáint amach aige romhat; sin mar a gheall an Tiarna. «Nuair a chuirfidh do mhac ceist ort san am atá le teacht: 'Cad is ciall leis na haitheanta agus na dlíthe agus na reachtanna a d' aithin an Tiarna ár nDia daoibh?' abair le do mhac: 'Ba dhaoir le Forann sinn tráth san Éigipt, agus thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn le láimh láidir; agus thaispeáin an Tiarna comharthaí agus iontais mhóra uafara in aghaidh na hÉigipte agus Fhorainn agus a theaghlaigh go léir os comhair ár súl. Thug sé as siúd amach sinn d' fhonn sinn a thabhairt isteach agus an tír a thabhairt dúinn, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé dár n-aithreacha. D' aithin an Tiarna dúinn na dlíthe seo go léir a chomhlíonadh agus eagla an Tiarna ár nDia a bheith orainn, ar mhaithe linn féin i gcónaí, sa chaoi go gcoimeádfadh sé beo sinn mar a rinne go dtí an lá inniu féin. Sé is fíréantacht dúinn: na haitheanta seo uile a chomhlíonadh os comhair an Tiarna ár nDia faoi mar a d' aithin sé dúinn.' «Nuair a sheolfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a thógáil air, agus a scriosfaidh sé a lán ciníocha romhat, na Hitigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, seacht gcine is mó agus is treise ná sibh féin, agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu. Ná déan cleamhnas leo; ná tabhair iníon leat do mhac díobh, agus ná tóg iníon leo do mhac leat. Óir chlaonfaidís do mhac, ó bheith dom leanúint-sé, chun seirbhís do dhéithe eile; agus ansin lasfadh fearg an Tiarna i d' aghaidh, agus scriosfadh sé thú ar an toirt. Ach seo í an íde a thabharfaidh sibh orthu: scartálaigí a n-altóirí, agus brisigí a n-íomhánna, agus gearraigí anuas a gcuaillí naofa agus cuirigí tine lena n-íola snoite. Óir is pobal tú atá coisricthe don Tiarna do Dhia; is tú a thogh an Tiarna do Dhia as na ciníocha uile ar chlár na cruinne le bheith i do phobal ar leith aige féin. «Níor thug an Tiarna grá daoibh, ná níor thogh sé sibh de bhrí gur líonmhaire sibh ná pobal ar bith eile, óir ba sibh an pobal ba shuaraí de na pobail go léir. Is le barr a ghrá daoibh agus toisc go bhfuil an Tiarna ag comhlíonadh an mhionna a mhionnaigh sé do bhur n-aithreacha, a thug an Tiarna amach sibh le láimh láidir agus a d' fhuascail sé sibh ó theach na daoirse, agus ó chumhacht Fhorainn rí na hÉigipte. Bíodh a fhios agat dá bhrí sin gur Dia dáiríre an Tiarna do Dhia, Dia dílis a choimeádann a chonradh agus a bhuanghrá ar feadh míle glúin ina leith siúd a ghránn é agus a chomhlíonann a aitheanta, ach a agraíonn é lena mbéal ar lucht a fhuatha agus scriosann iad. Is beag an mhoill air an té a thugann fuath dó a scrios; agraíonn sé lena bhéal air é. Coimeád, dá bhrí sin, go beacht, na haitheanta agus na reachta agus na dlíthe a ordaímse duit inniu. «Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d' aithreacha. Tabharfaidh sé grá duit, beannacht duit agus méadóidh sé do líon. Cuirfidh sé a bheannacht ar thoradh do bhroinne agus ar thoradh do thalún d' arbhar, do fhíon, agus d' ola, an bhreis ar do tháin bó agus ar do thréad caorach, sa tír a mhionnaigh sé do do shinsir a thabharfadh sé duit. Beidh beannacht ort thar an uile phobal; ní bheidh fireann ná baineann aimrid i measc do mhuintire ná i measc do stoic. Coimeádfaidh an Tiarna gach galar i bhfad uait; ní chiapfaidh sé thú le haon cheann de phlánna urchóideacha na hÉigipte as eol duit, ach leagfaidh sé iad ar an dream ar fuath leo thú. Scrios dá bhrí sin na ciníocha go léir a chuirfidh an Tiarna faoi do láimh; ná bíodh trua ná taise agat dóibh; ná déan seirbhís dá ndéithe mar gur ghaiste duit sin. «Má bhuaileann sé isteach i do chroí a rá: 'Is líonmhaire na ciníocha seo ná mé; conas a chuirfinn as seilbh iad?' ná bíodh eagla ort rompu, ach cuimhnigh cad a rinne an Tiarna do Dhia le Forann agus leis an Éigipt go léir, na cathuithe móra a chonaic tú le do shúile cinn, na comharthaí, na hiontais, an lámh láidir agus an ghéag ar tinneall lenar thug an Tiarna do Dhia amach thú; sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na ciníocha go léir a bhfuil eagla ort rompu. Mar bharr air sin seolfaidh an Tiarna cearnabháin ina measc chun an dream a fhanann i bhfolach uait a scrios. Ná bíodh aon eagla ort rompu, óir tá an Tiarna do Dhia in bhur measc, agus is mór agus is uafar an Dia é. Scriosfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha seo romhat de réir a chéile. Ní rithfidh leat iad a scrios d' aon iarracht le heagla go n-éireodh na hainmhithe allta rólíonmhar duit. Ach tabharfaidh an Tiarna do Dhia ar láimh duit iad, agus ciapfaidh sé iad nó go scriosfar iad. Tabharfaidh sé a ríthe ar láimh duit agus déanfaidh tú a n-ainmneacha a scrios ó faoin spéir; fear ní fhéadfaidh seasamh i d' aghaidh nó go mbeidh siad go léir scriosta agat. Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é. Ná tabhair aon ní gráiniúil isteach i do theach, nó tiocfaidh tú féin leis faoin mbang a dhála sin; bíodh fuath agus gráin agat dá leithéid óir tá sé faoi bhang. «Na haitheanta go léir a ordaím duit inniu, ní foláir duit iad a choimeád agus a chomhlíonadh, d' fhonn go mbeadh an bheatha agaibh agus go rachadh sibh i líonmhaire agus dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n-aithreacha. Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d' fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá. D' umhlaigh sé thú agus d' fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d' aithreacha, d' fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé. Ní dheachaigh caitheamh ar an éadach ar do dhroim, ná níor tháinig at ar do chosa, i gcaitheamh an daichead bliain sin. Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d' oilfeadh fear a mhac. Coinnigh dá bhrí sin aitheanta an Tiarna do Dhia, agus lean a chosáin agus bíodh urraim agat dó. Óir tá an Tiarna do Dhia do do thabhairt isteach i dtír fhónta, tír sruthán agus toibreacha, agus foinsí ag brúchtaíl aníos i ngleannta agus ar shléibhte, tír chruithneachta agus eorna, fíniúna agus figí agus pomagránaití, tír ológ agus ola agus meala, tír ina mbeidh arán gan ghannchúis le hithe agat gan aon ní in easnamh ort ann, tír arb iarann a chlocha agus ar féidir leat copar a bhaint as a shléibhte. Íosfaidh tú agus beidh do sháith agat agus beannóidh tú an Tiarna do Dhia ar son an fhearainn fhónta a thug sé duit. «Bí ar d' aire agus ná déan dearmad ar an Tiarna do Dhia le faillí a dhéanamh ina aitheanta, a reachtanna agus a dhlíthe de réir mar a ordaím duit inniu. Nuair a bheidh bia ite agat agus go mbeidh tú lán, agus nuair a thógfaidh tú tithe móra agus conaí iontu, nuair a thiocfaidh breis ar do tháinte agus ar do thréada, agus breis ar do airgead agus ar d' ór agus breis ar do mhaoin go léir, ná tagadh uaill i do chroí. Ná déan dearmad ansin ar an Tiarna do Dhia a thug amach thú as tír na hÉigipte, as teach na daoirse; a threoraigh thú tríd an bhfásach mór uafásach seo, dúiche nathracha tintí agus scairpeanna, agus tarta; a thug uisce as an gcarraig chrua san áit róthirim seo; a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do d' aithreacha, d' fhonn go n-úmhlódh sé thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála. Seachain agus ná habair i do chroí istigh: 'Is é mo chumas féin agus neart mo láimhe a ghnóthaigh an saibhreas seo dom.' Cuimhnigh ar an Tiarna do Dhia óir is é a thug an cumas seo duit agus a ghnóthaigh an saibhreas seo duit; agus choimeád sé ar an gcaoi sin an conradh a mhionnaigh sé do d' aithreacha, mar a dhéanann fós inniu. Má dhéanann tú dearmad ar an Tiarna do Dhia, má leanann tú déithe eile agus seirbhís a dhéanamh dóibh agus iad a adhradh, tóg uaimse anois é, bí deimhin de go scriosfar sibh. Scriosfar sibh dála na gciníocha atá le díothú romhaibh ag an Tiarna, toisc gan éisteacht le glór an Tiarna bhur nDia. «Éist, a Iosrael! Tá tú ar tí dul thar an Iordáin inniu, chun ciníocha is mó agus is treise ná thú féin a chur as seilbh agus cathracha móra atá daingnithe go hard na spéire a ghabháil. Árrachtaigh mhóra arda clann seo Anácaím mar is eol duit; chuala tú an nath ina dtaobh: 'Cé a d' fhéadfadh seasamh in aghaidh chlann Anác?' Bí deimhin de dá bhrí sin inniu gurb é an Tiarna féin, do Dhia, a rachaidh romhat, mar thine loiscneach; scriosfaidh sé iad agus cloífidh sé romhat iad; déanfaidh tú iad a dhíbirt dá bhrí sin agus a mharú gan mhoill faoi mar a gheall an Tiarna duit. Ná habair i do chroí tar éis don Tiarna do Dhia iad a dhíbirt romhat: 'Is de bharr mo fhíréantachta féin a chuir an Tiarna i seilbh na tíre seo mé,' tráth is gur de bharr a gcoirpeachta atá an Tiarna ag díbirt na gciníocha sin romhat. Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do d' aithreacha d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób. Bí lándeimhin de, más ea, nach de bharr do fhíréantachta atá an fearann fónta seo á thabhairt duit mar shealúchas ag an Tiarna do Dhia, óir is ceanndána an pobal thú. «Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna. Fiú ag Horaeb, ghriog tú an Tiarna agus bhí an Tiarna i bhfearg leat chomh mór sin go raibh sé ullamh sibh a mhilleadh. Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. D' fhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól. Thug an Tiarna an dá chlár chloiche dom, agus inscríbhinn ó mhéar Dé orthu, agus na briathra go léir orthu a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó lár na tine lá an Tionóil. Agus ag deireadh an daichead lá agus an daichead oíche, tar éis dó an dá chlár chloiche, cláir an chonartha, a thabhairt dom, dúirt an Tiarna liom: 'Fág an áit seo agus imigh leat síos go tapa, óir an pobal a thug tú amach as an Éigipt, tá feall déanta acu. Ba bheag an mhoill orthu claonadh ón tslí a d' aithin mé dóibh; tá íol de mhiotal leáite déanta acu dóibh féin.' Ansin lean an Tiarna air agus dúirt liom: 'Chonaic mé an pobal seo, agus cad é mar phobal ceanndána iad! Lig dom iad a mhilleadh, agus a n-ainm a scrios ó faoi neamh, agus náisiún is treise agus is mó ná iad a dhéanamh díot.' Chas mé agus síos liom ón sliabh arís agus bhí an sliabh faoi bharr lasrach agus bhí dhá chlár an chonartha i mo lámha. D' fhéach mé uaim, agus b' shiúd sibhse agus peaca déanta agaibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia; bhí lao de mhiotal leáite déanta agaibh daoibh féin; níorbh fhada an mhoill oraibh claonadh ón tslí a d' aithin an Tiarna daoibh. Rug mé greim dá bhrí sin ar an dá chlár agus chaith mé síos le mo dhá láimh iad agus bhris os bhur gcomhair iad. Ansin thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla i láthair an Tiarna; dála na huaire roimhe sin, chaith mé daichead lá agus daichead oíche mar sin gan greim bia a ithe, ná bolgam uisce a ól, ar son an pheaca go léir a rinne sibh ag déanamh cionta is fuath leis an Tiarna, agus á ghriogadh chun feirge. Ba eagal liom an cuthach agus an fraoch feirge a spreag an Tiarna chomh mór sin i bhur n-aghaidh, go raibh fonn air sibh a scrios. Ach d' éist an Tiarna liom an uair sin leis. Bhí an Tiarna i bhfeirg le hÁrón chomh maith, agus réidh le hé a scrios, agus ghuigh mé ar son Árón chomh maith. Ansin thóg mé an saothar peaca, an lao a bhí déanta agaibh, agus rinne mé é a loscadh agus a bhriseadh ina smidiríní, agus a mheilt ina luaithreach mín, agus a luaithreach a chaitheamh sa sruthán a shníonn ón sliabh anuas. «Chuir sibh fearg chomh maith ar an Tiarna ag Tabaerá agus ag Masá agus ag Ciobrot Hatavá. Agus nuair ab áil leis an Tiarna go bhfágfadh sibh Cáidéis Bairnéa, á rá: 'Suas libh agus gabhaigí seilbh ar an tír a thug mé daoibh,' ansin rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia; níor chreid sibh ann ná níor éist sibh lena ghlór. Tá sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna ón lá a chuir mé aithne oraibh. «Thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla os comhair an Tiarna agus d' fhan mé mar sin ar feadh an daichead lá agus an daichead oíche sin mar dúirt an Tiarna go scriosfadh sé sibh. Ghuigh mé chun an Tiarna dá bhrí sin: 'A Thiarna Dia,' arsa mé, ' ná scrios do phobal, d' oidhreacht a d' fhuascail tú le do mhórgacht, agus a thug tú amach as an Éigipt le do láimh láidir. Cuimhnigh ar do shearbhóntaí, ar Abrahám, ar Íosác, agus ar Iacób; ná tabhair aon aird ar cheanndáine an phobail seo, ar a gcoirpeacht ná ar a bpeaca, i dtreo nach mbeadh sé á rá sa tír ónar thug tú sinn: «Toisc nárbh fhéidir don Tiarna iad a thabhairt isteach sa tír a gheall sé dóibh, agus toisc go raibh an ghráin aige orthu a thug sé amach iad, le hiad a chur chun báis san fhásach.» Ach is iad do phobal iad, agus d' oidhreacht, a thug tú amach le do neart agus do chumas agus le do ghéag ar tinneall.' «San am sin dúirt an Tiarna liom: 'Snoigh dhá chlár chloiche mar na chéad chinn agus tar aníos ar an sliabh chugam. Déan áirc adhmaid. Déanfaidh mé na briathra a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh ar na cláir agus cuirfidh tusa san áirc iad.' Rinne mé dá bhrí sin áirc den chrann sitím agus shnoigh mé dhá chlár chloiche mar na chéad chinn, agus ghabh mé suas faoin sliabh agus an dá chlár i mo láimh. Ansin d' inscríobh sé ar an dá chlár, faoi mar a rinne a inscríobh an chéad uair, na Deich nAitheanta a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó chroí na tine lá an Tionóil. Ansin thug an Tiarna dom iad. D' fhill mé ansin agus anuas liom ón sliabh agus chuir mé na cláir san áirc a bhí déanta agam, agus is ansiúd dóibh fós faoi mar a d' ordaigh an Tiarna dom. (Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó thoibreacha Bheiné Iácán go Mósaerá mar a bhfuair Árón bás; adhlacadh ansiúd é agus ghabh a mhac Eileázár a áit mar shagart. Chuadar as sin go Gudgodá agus ó Ghudgodá go Iotbátá, dúiche le srutháin uisce. Ansin is ea a roghnaigh an Tiarna treibh Léiví chun áirc chonradh an Tiarna a iompar, chun seasamh i láthair an Tiarna, chun fónamh dó, agus chun a ainm a bheannú mar a dhéanann siad go dtí inniu féin. Tá Léiví dá bhrí sin gan páirt na oidhreacht lena bhráithre; an Tiarna a oidhreacht, faoi mar a gheall an Tiarna do Dhia dó.) «D' fhan mise ar an sliabh, dála na huaire eile, daichead lá agus daichead oíche. Agus d' éist an Tiarna arís le mo ghuí agus níorbh áil leis thú a mhilleadh. Agus dúirt an Tiarna liom: 'Éirigh! Téigh ar aghaidh ar cheann an phobail seo i dtreo go rachaidís isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír a mhionnaigh mé dá n-aithreacha a thabharfainn dóibh.' «Anois, a Iosrael, cad a éilíonn an Tiarna do Dhia ort ach eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort agus siúl ina bhealaí go léir, agus grá a thabhairt dó agus seirbhís a thabhairt don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d' anam go hiomlán, agus aitheanta agus dlíthe an Tiarna, a ordaím duit inniu ar mhaithe leat, a choimeád. Is leis an Tiarna do Dhia na flaithis agus flaithis na bhflaitheas, an domhan agus gach a bhfuil ann. Is iad d' aithreacha, áfach, a ghlac an Tiarna i gcochall a chroí le barr grá; agus ina ndiaidh, thogh sé a sliocht, sibhse féin thar na ciníocha go léir mar a dhéanann inniu féin. Déanaigí dá bhrí sin bhur gcroí a thimpeallghearradh, agus na bígí ceanndána a thuilleadh. Óir is é an Tiarna bhur nDia Dia na ndéithe, agus Tiarna na dtiarnaí, an Neach mór, caithréimeach, uafar, thar gach leathchuma agus thar gach breab. Eisean a chuireann an chóir i bhfeidhm don dílleachta agus don bhaintreach; a thugann grá don deoraí agus a bhronnann air bia agus éadach. Tugaigí grá don deoraí dá bhrí sin, mar ba dheoraithe sibh féin i dtír na hÉigipte. Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort; déan seirbhís dó agus cloígh leis, agus is dar a ainm a thabharfaidh tú mionn. Eisean amháin atá le moladh agat; eisean do Dhia; ar do shonsa a rinne sé na nithe móra uafásacha seo a chonaic tú le do shúile cinn. Fág nach raibh ach deichniúr agus trí fichid díobh ann nuair a ghabh d' aithreacha ó dheas isteach san Éigipt, rinne an Tiarna do Dhia chomh líonmhar le réaltaí neimhe thú. «Bíodh grá agat dá bhrí sin don Tiarna do Dhia; coimeád a threoracha, a dhlíthe, a reachtanna agus a aitheanta i gcónaí. Bíodh a fhios agat inniu féin, gur tusa, agus nach iad bhur gclann, a fuair an teagasc; ní eol dóibh ná ní fhaca siad ceachtanna an Tiarna bhur nDia, a mhórgacht, ná neart a láimhe, ná a ghéag ar tinneall; na comharthaí agus na hiontais a rinne sé san Éigipt féin in aghaidh Fhorainn agus a chríoch go léir; a ndearna sé le sluaite na hÉigipte, lena n-eacha, agus lena gcarbaid; conas mar a scaoil sé tuilte Mhuir na nGiolcach anuas orthu nuair a bhí siad sa tóir oraibh, agus mar a scrios sé iad gan a rian a fhágáil go dtí an lá seo féin; gach a ndearna sé daoibh san fhásach sular shroich sibh an áit seo; a ndearna sé le Dátán agus le hAibíorám, clann Eilíáb an Reúbaenach conas mar a d' oscail an talamh a chraos, ansiúd a gcroílár Iosrael go léir, agus a shlog sé iad féin agus a dteaghlaigh, a mbothanna agus gach ní beo a bhí ina seilbh. Ach is sibhse, le bhur súile cinn, a chonaic na héachtaí mora go léir a rinne an Tiarna. «Ní foláir daoibh, dá bhrí sin, na haitheanta go léir a d' ordaigh mé daoibh inniu a choimeád, d' fhonn go mbeadh sé ar bhur gcumas dul isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír ar a bhfuil bhur dtriall anonn agus bhur gcuid féin a dhéanamh de, agus saol fada a bheith agaibh sa tír a mhionnaigh an Tiarna do bhur n-aithreacha a thabharfadh sé dóibhsean agus dá sliocht, tír ina mbeadh bainne agus mil ina slaoda. An fearann a bhfuil tú le dul isteach ann lena shealbhú, ní ionann é agus tír na hÉigipte óna dtáinig sibh, mar ar chuir tú do shíol agus a rinne tú é a uisciú le do chois dála garraí luibheanna. An tír a bhfuil bhur dtriall anonn ann, le seilbh a ghabháil air, is tír cnoc agus gleannta é, agus uisce ó neamh á uisciú. Tugann an Tiarna do Dhia aire don tír seo; tá súile an Tiarna do Dhia air de shíor, ó cheann ceann na bliana. Bígí cinnte de, má ghéilleann sibh go dílis do na haitheanta a ordaímse daoibh inniu agus go ngránn sibh an Tiarna, agus a sheirbhís a dhéanamh ó chroí go hiomlán, ó anam go hiomlán: ' Tabharfaidh mé fearthainn daoibh do bhur dtalamh go tráthúil, fearthainn luath agus fearthainn dhéanach, i dtreo go mbeidh fómhar arbhair, fíona, agus ola agat; tabharfaidh mé féar ar do bhánta do do stoc, agus caithfidh tú bia agus beidh do sháith agat.' Seachnaígí agus ná mealltar bhur gcroí agus na téadh sibh amú, ag seirbhís do dhéithe eile ná á n-adhradh, nó lasfaidh fearg an Tiarna in bhur n-aghaidh, dúnfaidh sé na flaithis agus ní bheidh aon fhearthainn ann; ní thabharfaidh an talamh a thoradh agus díothófar sibh gan mhoill sa tír thorthúil atá á thabhairt ag an Tiarna daoibh. «Taiscigí dá bhrí sin na focail seo liom in bhur gcroí agus in bhur n-anam; greamaigí iad mar chomhartha ar bhur láimh, agus mar lann ar chlár bhur n-éadain. Déanaigí iad a theagasc do bhur gclann agus a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit. Scríobh iad ar ursaineacha do thí agus ar do gheataí, i dtreo go mbeadh fad saoil agaibh féin is ag bhur gclann sa tír a mhionnaigh sé do bhur n-aithreacha a thabharfadh sé dóibh fad tá speir os cionn talún. Óir má dhéanann sibh na haitheanta go léir a ordaímse daoibh inniu a choimeád le barr cúraim, agus grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia, siúl ina bhealaí, agus cloí leis, ansin díbreoidh an Tiarna na ciníocha seo go léir amach romhaibh, agus cuirfidh sibh ciníocha is mó agus is cumhachtaí ná sibh as seilbh. Aon áit ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, beidh sé in bhur seilbh; sínfidh bhur gcríocha ón bhfásach agus ón Liobáin, ón abhainn, ó abhainn an Eofrataes go dtí an Mhuir Thiar. Ní fhéadfaidh duine ar bith seasamh in bhur n-aghaidh; scaipfidh an Tiarna, bhur nDia, scéin agus eagla romhaibh ar an dúiche go léir ar a leagfaidh sibh cos, faoi mar a gheall sé daoibh. Seo beannacht agus mallacht á cur agam romhaibh inniu: an bheannacht, má ghéilleann sibh d' aitheanta an Tiarna bhur nDia a ordaímse daoibh inniu; an mhallacht, mura ngéilleann sibh d' aitheanta an Tiarna bhur nDia ach claonadh ón mbealach a d' aithin mé daoibh inniu, le dul sa tóir ar dhéithe eile nárbh eol daoibh cheana. Nuair a thabharfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a ghabháil air, cuirfidh tú an bheannacht ar Shliabh Gheirizím agus an mhallacht ar Shliabh Éabál. Nach bhfuil [na sléibhte] seo ar an taobh eile den Iordáin, ar an mbealach siar i dtreo dhul faoi na gréine, i dtír na gCanánach, a chónaíonn san Arabá, os comhair Ghilgeál, láimh le Dair Mhóire. Tá sibh chun dul thar an Iordáin le dul isteach agus seilbh a fháil ar an tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh; gheobhaidh sibh seilbh air agus déanfaidh sibh cónaí ann, agus na reachtanna agus na dlíthe go léir a chuirim romhaibh inniu a chomhlíonadh le barr cúraim. «Seo iad na dlíthe agus na reachtanna nach foláir daoibh a choimeád agus a chomhlíonadh sa tír a thug an Tiarna Dia d' aithreacha duit le sealbhú, fad tá cónaí ort sa tír sin. Rialacha Déanaigí a n-altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, a gcuaillí naofa a ghearradh anuas, agus íomhánna snoite a n-íol a dhó, agus a n-ainm a scrios ón áit sin. Ní mar sin ámh atá le déanamh agaibh leis an Tiarna bhur nDia; ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd. Ansiúd a thabharfaidh sibh bhur n-ofrálacha loiscthe agus bhur n-íobairtí, bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, bhur n-ofrálacha móide agus bhur n-ofrálacha deonacha, céadtorthaí bhur dtána agus bhur dtréada. Ansiúd a íosfaidh sibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus a dhéanfaidh sibh lúcháir de bharr gach ar thoirbhir bhur lámha, sibh féin agus bhur muintir, faoi bheannacht an Tiarna do Dhia. «Ná déanaigí mar a dhéanaimid anseo inniu, gach duine ag déanamh mar is áil leis féin. Óir níor tháinig sibh fós chun an tsosa agus na hoidhreachta atá an Tiarna bhur nDia á thabhairt daoibh. Tá sibh ar tí dul anonn thar an Iordáin agus cur fúibh sa tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh mar oidhreacht; tabharfaidh sé suaimhneas daoibh ón bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mairfidh sibh slán ó bhaol. Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n-ordaím daoibh: bhur n-ofrálacha uileloiscthe agus bhur n-íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna. Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc. Seachain agus ná hofráil d' íobairtí uileloiscthe i ngach áit naofa ar a luífidh do shúil; ná hofráil d' íobairtí uileloiscthe agus ná comhlíon a n-ordaím duit ach amháin san áit a thoghfaidh an Tiarna i gceann de do threibheanna. Ní miste duit áfach mar is mian leat, feoil a mharú agus a ithe in aon bhaile leat de réir mar a dheonaíonn an Tiarna do Dhia a bheannacht duit; ní cás do ghlan agus do neamhghlan í a ithe, amhail is ba ghasail nó fia í. Ach ná hithigí an fhuil; doirt ar an talamh mar uisce í. Deachú d' arbhair, ná do fhíona, ná d' ola, ná céadghin do thána ná do thréada, ná aon ofráil mhóide dá móidíonn tú, ná aon ofráil dheonach, ná aon ofráil a thoirbhríonn tú, ní ceadmhach duit iad a ithe i do bhailte. Ní foláir duit iad a ithe os comhair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, tú féin agus do mhac agus d' iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach a chónaíonn i do bhailte; beidh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia de bharr gach ar thoirbhir do lámha. Fad is beo duit i do thír, seachain agus ná déan faillí sa Léivíteach. «Nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia do thailte a mhéadú mar a gheall sé duit, agus a déarfaidh tusa: 'beidh greim feola agam,' má bhíonn fonn feola ort, ní cás duit oiread feola agus is maith leat a ithe. Má bhíonn an áit a thoghann an Tiarna do Dhia lena ainm a chur ann rófhada ó bhaile, is ceadmhach duit ainmhí den táin nó den tréad a thug an Tiarna duit a mharú mar a d' aithin mé duit; ní cás duit oiread agus is áil leat a ithe i do bhailte. Ach ith é mar a dhéanfá gasail nó fia; ní cás do ghlan agus do neamhghlan é a ithe. Déan deimhin de nach gcaithfidh tú an fhuil, óir an fhuil an t-anam, agus ná caith an t-anam leis an bhfeoil. Ná caith í ach doirt ar an talamh í mar a dhoirtfeá uisce. Ná caith í le go mbeadh séan ort féin agus ar do chlann mhac i do dhiaidh, mar go mbeidh an chóir deanta agat i láthair an Tiarna. Ach na nithe naofa is dual uait agus d' ofrálacha móide, beir leat iad, agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna. Ofráil d' íobairtí uileloiscthe, idir fheoil agus fhuil ar altóir an Tiarna do Dhia; i d' íobairtí, ní foláir an fhuil a dhoirteadh ar altóir an Tiarna do Dhia, ach is ceadmhach duit an fheoil a ithe. Coimeád na treoracha seo go léir a thugaim duit le barr cúraim, agus lean iad, i dtreo go rithfeadh go maith i gcónaí leat féin, agus le do shliocht i do dhiaidh, agus tú ag déanamh an chirt agus na córa faoi shúile an Tiarna do Dhia. «Nuair a dheanfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha mar a bhfuil tú ag dul á ndísealbhú a dhíothú romhat, agus nuair a bheidh siad díbeartha agat agus curtha fút agat ina dtailte ina n-áit, féach chuige nach bhfaightear faill ort: ná déan aithris orthu tar éis a millte romhat, agus ná bí ag fiafraí a ndéithe, á rá: 'Cén chaoi a ndearna na ciníocha seo seirbhís dá ndéithe? d' fhonn go ndéanfainn féin leis amhlaidh.' Ná déan mar sin leis an Tiarna, do Dhia. Óir is gráin leis an Tiarna é seo uile agus is fuath leis a ndéanaidís dá ndéithe dhéanaidís fiú a gclann mhac agus iníonacha a loscadh sa tine dá ndéithe. A n-ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh. «Má éiríonn fáidh nó aislingeoir aislingí in bhur measc agus go dtairgeann sé comhartha nó iontas a dhéanamh duit, agus go dtagann an comhartha nó an t-iontas a luaigh sé leat i gcrích, agus go ndeir sé: 'Téanam agus leanaimís déithe eile' (nach eol duit) ' agus déanaimís seirbhís dóibh,' ná héist le briathra an fháidh sin ná le haislingeoir na n-aislingí sin; do bhur bpromhadh atá an Tiarna bhur nDia féachaint an ngránn sibh an Tiarna bhur nDia ó bhur gcroí go hiomlán agus ó bhur n-anam go hiomlán. An Tiarna bhur nDia atá le leanúint agaibh, roimhe atá eagla le bheith oraibh, a aitheanta atá le coimeád agaibh, dá ghlor atá sibh le géilleadh; is dó atá sibh le seirbhís a dhéanamh agus is leis atá sibh le cloí. Ach cuirtear an fáidh sin nó an t-aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d' fhuascail sibh as teach na daoirse; b' áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d' aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin. «Má dheanann do dheartháir, mac [d' athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d' iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: 'Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile' (nárbh eol duit féin ná do d' aithreacha), de na déithe leis na ciníocha máguaird ort ó chéin nó ó chóngar, ó cheann ceann na cruinne, ná géill dó, ná tabhair aird air, agus ná bíodh trua ná taise agat dó; ná déan anacal air agus ná cuir i bhfolach é, ach cuirfidh tú chun báis é; do lámhsa is túisce atá le hardú ina aghaidh á chur chun báis, agus ina dhiaidh sin, lámh an phobail go léir. Gabhfaidh tú de chlocha ann go dtí go n-imeoidh an dé as, mar gurbh áil leis thú a mhealladh ón Tiarna do Dhia, a thug thú amach as tír na hÉigipte, as teach na daoirse. Cluinfidh Iosrael go léir trácht air, agus beidh eagla orthu, agus go brách arís ní dhéanfaidh siad a leithéid de choirpeacht in bhur measc. «Má chluineann tú go bhfuil, i gceann de na cathracha a thug an Tiarna do Dhia duit le cónaí iontu, go bhfuil cladhairí áirithe de bhur gcuid féin, a ghabh amach agus a mheall lucht na cathrach á rá: 'Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile' (nárbh eol daoibh), ansin déan fiosrú i dtaobh an scéil agus fiafraí agus diancheistiú. Má chinntítear agus má dheimhnítear gur tharla rud gráiniúil dá shórt in bhur measc, ní foláir duit go cinnte an claíomh a imirt ar áitritheoirí na cathrach sin uile agus an chathair a scrios ó bhonn, agus idir áitritheoirí agus stoc go léir a mharú le faobhar claímh. Cruinnigh a maoin go léir ar lár a plásóige poiblí agus loisc le tine an chathair agus a héadáil ar fad, á hofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna do Dhia; fágtar í ina leachtán go brách, gan atógáil go deo. Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d' aithreacha ar choinníoll is é sin, go ngéillfidh tú do ghuth an Tiarna do Dhia, agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta go léir leis a ordaím duit inniu, agus go ndéanfaidh tú an ceart faoi shúile an Tiarna do Dhia. «Sibhse clann an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí sibh féin a chiorrú ná bhur n-éadan a lomadh ar aon slí ar son an mhairbh. Óir is pobal coisricthe don Tiarna do Dhia thú agus thogh an Tiarna thú le bheith i do phobal aige féin thar a bhfuil de phobail ar chlár na cruinne. «Ná hith aon ní gráiniúil. Seo iad na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe: an damh, an chaora, agus an gabhar; an fia, an ghasail, an fia fionn, an t-ibeach, an t-antalóp, an damh allta agus an chaora faille. Is ceadmhach daoibh aon ainmhí a scoilteann an chrúb go ladhrach agus a chognaíonn an chíor a ithe. Díobh siúd áfach a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb go ladhrach, ní ceadmhach daoibh iad seo leanas a ithe: an camall, an míol maí, agus an coinín, mar, fág go gcognaíonn siad an chíor, ní scoilteann siad an chrúb; bídís neamhghlan agaibh. Mar an gcéanna leis an muc fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach. Dá bhfuil beo san fharraige is ceadmhach daoibh iad seo a ithe: gach a bhfuil eití agus gainní acu, ithigí iad; ach aon ní gan eití gan ghainní ní ceadmhach daoibh iad a ithe: bídís neamhghlan agaibh. «Is ceadmhach daoibh gach éan glan a ithe, ach seo iad na héin nach ceadmhach daoibh a ithe: an t-iolar, an bhadhbh, an coirneach, an t-alpaire, gach sórt clamháin, gach sórt féich, an ostrais, an t-ulchabhán, an faoileán, gach sórt seabhaic, an ceann cait, an t-ulchabhán mór, an chearc uisce, an peileacán, an t-iolar bán, an fiach farraige, an chorr agus gach sórt corr éisc, an pilibín agus gach sórt sciatháin leathair. Gach míoltóg eiteallach, bídís neamhghlan agaibh; ná hithigí iad. Is ceadmhach daoibh gach eiteallach glan a ithe. «Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar. «Gach bliain ní foláir duit deachú de thoradh do shíl sa talamh a bhreith leat, agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú d' arbhair, do fhíona, d' ola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada d' fhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor. Má bhíonn an t-aistear rófhada duit, agus mura féidir duit nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile, ansin malartaigh an deachú ar airgead, agus beir greim docht i do láimh ar an airgead agus téigh chun na háite a thogh an Tiarna do Dhia; caith an t-airgead ar do rogha rud ansiúd daimh, nó caoirigh, nó fíon nó deoch chrua, nó cibé ní is mian leat; ith ansiúd i láthair an Tiarna do Dhia, agus bíodh lúcháir ort féin agus ar do theaghlach. Ná déan faillí ar an Léivíteach a bhfuil cónaí air i do bhailte, óir níl cuid ná oidhreacht aige leat. «Ag deireadh gach tríú bliain, tóg deachúna uile d' fhómhair don bhliain sin agus cuir i dtaisce i do bhailte. Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat. «Ag deireadh gach seachtú bliain déan fuascailt. Seo é an sórt fuascailte atá le déanamh: gach creidiúnaí a mbíonn comharsa leis faoi bhannaí aige, scaoileadh sé saor é; ní féidir dó íocaíocht a éileamh ar a chomharsa ná ar a bhráthair nuair a ghoirtear ar fhuascailt an Tiarna. Ní cás duit íocaíocht a éileamh ar an eachtrannach, ach maith cibé éileamh atá agat ar do bhráthair. Ná bíodh aon bhochtáin in bhur measc. Óir ní chuirfidh an Tiarna a bheannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, ach ar an gcoinníoll seo amháin, go dtabharfaidh tú aird ar ghlór an Tiarna do Dhia agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta uile a aithním duit inniu le barr cáiréise. Má bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú mar a gheall sé, tabharfaidh tú iasacht dá lán ciníocha, ach iasacht ní thógfaidh tú féin; beidh tú i gceannas ar a lán ciníocha, ach cine ní bheidh i gceannas ort féin. Má tá bochtán láimh leat, duine de do bhráithre in aon bhaile de do chuid sa tír atá an Tiarna á thabhairt duit, ná cruaigh do chroí agus ná dún do dhorn in aghaidh an bhochtáin bhráthar sin agat. Bí fial flaithiúil leis, agus tabhair riar a cháis ar iasacht dó. Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ' Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,' agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d' aghaidh, agus gur pheaca duit é. Tabhair rud dó, agus nuair a dhéanann tú tabhair dó le barr croí mhóir, agus cuirfidh an Tiarna a bheannacht ort dá chionn sin i ngach gnó agus i ngach cúram a ghabhann tú idir lámha. Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh. «Má dhíoltar do chomhEabhrach leat, fear nó bean, déanadh sé seirbhís duit ar feadh sé bliana; an seachtú bliain, scaoil uait saor é. Agus tú á scaoileadh saor ná lig uait beo bocht é. Tabhair maoin dó ó do thréad, ó d' urlár buailte agus ó do chantaoir fíona; faoi mar a chuir an Tiarna do Dhia a bheannacht ortsa, déan-sa déirc air. Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu. Ach má deir sé: 'Níl aon fhonn orm imeacht uait' toisc go bhfuil cion aige ort féin agus ar do theaghlach agus go bhfuil saol sona aige farat, faighse meana agus cuir trína chluais é agus isteach sa chomhla, agus bíodh sé mar dhaor agat go brách. Déan mar an gcéanna le haon daoirseach leat. Ná meas go bhfuil sé dian ort go gcaitheann tú é a scaoileadh saor; is fiú a dhá oiread le fostúch é agus tá seirbhís sé bliana déanta aige duit. Déanfaidh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort ansin i saothar uile do lámh. «Gach céadghin fhireann de do tháin agus do do thréad, déan é a choisreacan don Tiarna do Dhia; ná leag aon obair ar chéadghin do thána, agus ná bearr céadghin do thréada. Ní foláir duit é a ithe, tú féin agus líon do thí, gach bliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna. Má bhíonn aon mháchail air, má bhíonn sé bacach nó dall nó má bhíonn máchail mhór eile air, ná híobair é don Tiarna do Dhia. Ith sa bhaile é; ní cás do neamhghlan agus do ghlan é a ithe, dála ghasaile nó fia; ach ná caith an fhuil ach í a dhoirteadh ar an talamh amhail uisce. «Coimeád mí Áibíb agus coinnigh an Cháisc don Tiarna do Dhia; óir is i mí Áibíb a thug an Tiarna do Dhia thú amach as an Éigipt san oíche. Déan cáisc a íobairt don Tiarna do Dhia as do tháin nó as do thréad san áit a thoghfaidh an Tiarna mar áitreabh dá ainm. Ná hith aon arán gabháilte mar aon léi; ar feadh seacht lá ith slimarán léi, arán an chruatain, óir is le teann deabhaidh a tháinig tú amach as tír na hÉigipte; cuimhnigh dá bhrí sin, gach lá de do shaol, ar an lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte. Ar feadh seacht lá dá bhrí sin ná bíodh aon ghabháile le feiceáil in aon teach ar fud do chríoch, agus aon fheoil a dhéanfaidh tú a íobairt tráthnona an chéad lae ná déantar í a choimeád thar oíche go maidin. Ná hofráil íobairt na Cásca in aon bhaile dá dtugann an Tiarna do Dhia duit; ach san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia le bheith mar áitreabh ag a ainm is ea atá íobairt na Cásca le hofráil agat, um thráthnóna, le dul faoi na gréine, faoin am a tháinig tú amach as an Éigipt. Déan í a bhruith agus a ithe san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia; ar maidin fill ar ais agus téigh chun do bhothanna. Ar feadh sé lá, ith arán slim agus ar an seachtú lá bíodh tionól clabhsúir don Tiarna do Dhia; ná déan aon sórt oibre an lá sin. «Áirigh seacht seachtainí agus tosaigh ar na seacht seachtainí a chomhaireamh ón uair ina gcuireann tú do chorrán buana san arbhar sa ghort. Ansin déan féile na Seachtainí a cheiliúradh don Tiarna do Dhia le hofráil dheonach a thoirbhirt ó do láimh de réir bheannacht an Tiarna ort. Déan lúcháir i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm tú féin agus do mhac agus d' iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach atá ag cur faoi i do bhailte, agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach, a chónaíonn in bhur measc. Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus coimeád na reachtanna seo le barr cúraim. «Déan féile na dTaibearnacal a cheiliúradh ar feadh seacht lá nuair a bhíonn an clabhsúr agat ar bhualadh an arbhair agus ar fháscadh an fhíona. Déan lúcháir ar an bhféile seo, tú féin agus do mhac agus d' iníon, do shearbhóntaí fir agus mná, an Léivíteach, an deoraí, an dílleachta agus an bhaintreach a chónaíonn i do bhailte. Déan an fhéile a cheiliúradh don Tiarna do Dhia ar feadh seacht lá san áit a thoghfaidh an Tiarna; óir cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i do fhómhar go léir agus i saothar do lámh go léir, i dtreo go mbeidh tú lán d' áthas. «Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna, ach tugadh gach fear uaidh de réir a chumais faoi mar a chuireann an Tiarna do Dhia a bheannacht ort. «Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe. Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin. Bíodh an chóir go beacht mar sprioc agat i dtreo go mairfidh tú agus go mbeidh seilbh oidhreachta agat ar an talamh atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit. «Ná seas cuaille naofa d' aon sórt crainn láimh leis an altóir atá tú á thógáil don Tiarna; agus ná cuir suas aon ghallán, rud is fuath leis an Tiarna do Dhia. «Ná híobair don Tiarna do Dhia damh ná caora ar a bhfuil máchail, nó iomard ar bith, mar is gráin leis an Tiarna do Dhia a leithéid. Má bhíonn aon duine, fear nó bean, in bhur measc in aon cheann de na bailte atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, a dhéanann coir is fuath leis an Tiarna do Dhia agus a bhriseann a chonradh, agus a théann ag déanamh seirbhíse do dhéithe eile ag adhradh dóibh nó don ghrian nó don ghealach nó do cheann de shluaite neimhe, rud a choisc mé, agus go bhfaigheann tú faisnéis air, ansin déan an scéal a fhiosrú go beacht; más fíor é go dearfa go ndearnadh a leithéid de rud gráiniúil in Iosrael, tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha. Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin. Lámh na bhfinnéithe is túisce a ardófar ina choinne á chur chun báis; ansin lámh an phobail uile. Díbir an t-olc seo ó bhur lár ar an gcuma sin. «Má thugtar cás faoi bhráid do bhreithiúnais i mbaile leat a bhíonn róchasta duit, cás faoi mharú, faoi chearta dlí, nó faoi ionsaí, ní foláir duit imeacht leat chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, agus dul chun na sagart Léivíteach agus chun an bhreithimh a bhíonn in oifig; téigh i gcomhairle leo agus tabharfaidh siad a mbreith duit. Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit. Cloígh leis na treoracha a thugann siad duit, agus déan de réir na breithe a thabharfaidh siad duit; ná claon ar dheis nó ar chlé ón mbreith a fhógróidh siad duit. Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t-olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin. Cluinfidh an pobal go léir ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad a leithéid de dhánaíocht arís. «Nuair a théann tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, agus go ngabhann tú seilbh air agus cónaí ann, agus ansin go ndeir tú, ' Ní mór dom rí a cheapadh os mo chionn dála na gciníocha i mo thimpeall,' ní foláir duit rogha an Tiarna do Dhia de rí a cheapadh os do chionn; ní foláir duine ar do bhráithre a cheapadh os do chionn mar rí; eachtrannach nach bráthair leat ní ceadmhach duit a cheapadh os do chionn. Ná cruinníodh sé a lán each dó féin áfach, agus ná cuireadh sé iallach ar an bpobal filleadh ar an Éigipt d' fhonn méadú ar líon a eachra; óir dúirt an Tiarna libh: 'Ná filligí ar ais ar an mbealach sin go brách arís.' Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin. Nuair a bheidh sé ina shuí sa chathaoir ríoga, déanadh sé cóip den dlí seo as leabhar faoi chúram na sagart Léivíteach a scríobh dó féin i leabhar; bíodh sé láimh leis i gcónaí, agus léadh sé é gach lá dá shaol, d' fhonn go bhfoghlaimeodh sé eagla an Tiarna a Dhia ag coimeád briathra uile an dlí seo agus na reachtanna seo agus á gcomhlíonadh. Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann. «Ní bheidh aon chuid ná oidhreacht le hIosrael ag na sagairt Léivíteacha, treibh Léiví, is é sin. Mairfidh siad ar na hofrálacha bia don Tiarna agus ar na nithe is dual dó. Ní bheidh aon oidhreacht acu lena mbráithre; is é an Tiarna a n-oidhreacht, faoi mar a gheall sé dóibh. An méid seo leanas is dual do na sagairt ón muintir a ofrálann damh nó caora mar íobairt: an ghualainn, an dá phluc, agus an goile; ní foláir duit mar an gcéanna céadtorthaí d' arbhair, do fhíona agus d' ola, agus céadlomra do chaorach a thabhairt dó. Óir thogh an Tiarna do Dhia é as do threibheanna go léir le seasamh i láthair an Tiarna do Dhia, chun cúraimí na seirbhíse diaga a dhéanamh, chun ainm an Tiarna a bheannú sea eisean agus a chlann mhac ina dhiaidh go brách. «Má thagann Léivíteach as aon cheann de do bhailte in Iosrael go léir mar a bhfuil cónaí air agus ní cás dó teacht nuair is maith leis chun na háite a thoghfaidh an Tiarna, ní miste dó freastal ansiúd in ainm an Tiarna a Dhia, dála a chomh-Léivíteach a bhíonn ina seasamh ansiúd ag freastal i láthair an Tiarna. Bíodh cuid chothrom leo aige le hithe, seachas a bhfaigheann sé de bharr a oidhreachta a dhíol. «Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, ná téigh i dtaithí chleachtaí uafara na gciníocha úd. Ná faightear choíche in bhur measc aon duine a sheolann a mhac nó a iníon tríd an tine, ná aon duine a chleachtann fáistine, ná astralaí, ná ágar, ná draíodóir, ná orthaíoch, ná fear spioraid nó púcaí nó mairbh a agallamh. Cibé a dhéanann na nithe sin, is gráin leis an Tiarna é, agus is de bharr na nósanna gráiniúla seo atá an Tiarna do Dhia ag tiomáint na gciníocha seo amach romhat. Bíse dílis ar fad don Tiarna do Dhia. Óir na ciníocha seo a bhfuil tú ar tí seilbh a fháil ar a gcríocha, tugann siad aird ar asarlaígh agus lucht fáistineoireachta; ach maidir leatsa, níor cheadaigh an Tiarna do Dhia duitse a leithéid sin a dhéanamh. Ardóidh an Tiarna do Dhia suas fáidh mar mise duit ó do lár, ó do bhráithre; tugaigí aird airsean. Sin é a d' iarr tú féin ar an Tiarna do Dhia ag Horaeb, lá an Tionóil. ' Ná lig dom guth an Tiarna mo Dhia a chlos arís,' arsa tú, ' ná an tine mhór seo a fheiceáil a thuilleadh, le heagla go bhfaighinn bás.' Dúirt an Tiarna liom: 'Is maith mar a dúradar a bhfuil ráite acu. Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n-ordaím dó. An té nach dtabharfaidh aird ar na briathra a labhróidh sé i m' ainm, éileoidh mé díoltas air. Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m' ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.' Agus má deir tú i do chroí: 'Conas a aithneoimid an briathar nár labhair an Tiarna?' nuair a labhraíonn fáidh in ainm an Tiarna, mura dtagann an rud i gcrích ná chun cinn, ansin ní briathar é a labhair an Tiarna; labhair an fáidh é sin le barr dánaíochta, ní gá duit eagla a bheith ort roimhe. Marú cuir trí chathair ar leith duit féin sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit le sealbhú. Bíodh na bealaí chucu i ndea-ghléas agat agus roinn ina thrí coda achar na gcríoch a thugann an Tiarna do Dhia i do sheilbh duit sa chaoi a bhféadfaidh marfóir ar bith teitheadh chucu. Seo mar is féidir do dhuine a anam a bhreith leis ach teitheadh iontu: Má mharaíonn duine a chomharsa trí thaisme, agus gan é in earraid leis roimhe sin téann duine, abair, isteach sa choill lena chomharsa ag gearradh adhmaid; tugann sé faoi chrann leis an tua ina láimh; sleamhnaíonn an ceann den tsáfach agus buaileann sé a chomharsa agus maraíonn sé é is féidir dó teitheadh go dtí ceann de na cathracha sin agus teacht slán. Ní ceadmhach d' fhear an éiric fola dul sa tóir ar an marfóir le barr feirge, agus teacht suas leis toisc fad an bhóthair agus goin mharfach a chur ann; óir níor thuill an duine sin bás ós rud é nach raibh sé in earraid lena chomharsa roimhe sin. Seo é m' ordú duit dá bhrí sin: Cuir trí chathair ar leithrigh, agus má chuireann an Tiarna do Dhia breis le do chríocha, faoi mar a mhionnaigh sé do d' aithreacha, agus go dtugann sé duit an tír go léir a gheall sé a thabhairt do d' aithreacha ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú na haitheanta go léir a ordaím duit inniu le barr cáiréise, ag tabhairt grá don Tiarna do Dhia, agus ag leanúint de shíor ar a bhealaí ansin cuir trí chathair eile leis na trí cinn sin. Ar an gcaoi sin ní dhoirtfear fuil an neamhchiontaigh sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht; d' fhágfadh a mhalairt ciontach i ndoirteadh fola thú. «Ach má bhíonn duine i bhfíoch lena chomharsa agus go dtéann in eadarnaí faoina chionn agus go n-ionsaíonn é agus go ngoineann go marfach agus go bhfaigheann seisean bás, agus ansin go dteithfeadh sé féin i gceann de na bailte sin, cuireadh seanóirí a chathrach féin fios ar an té sin agus beiridís leo é, agus tugaidís ar láimh fhear éiric na fola é le cur chun báis. Ná bíodh trua ná taise agat dó; déan peaca doirteadh fola an neamhchiontaigh a dhíbirt as Iosrael agus ansin beidh an rath ort. «Ná cur isteach ar mharc teorann do chomharsan a shocraigh an mhuintir fadó, san oidhreacht a ghlacfaidh tú sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt i do sheilbh. «Ní leor aon fhinné amháin chun duine a dhaoradh i bpeaca nó i gcoir d' aon sórt a rinne sé; cibé coir a bhíonn i gceist is gá fianaise bheirt fhinné nó triúr chun aon chúis a dhearbhú. Má thagann finné bréige i láthair le fianaise in aghaidh duine ag cur ceannairce ina leith, ansin, an dá thaobh san aighneas seo i láthair an Tiarna, téidís faoi bhráid na sagart agus na mbreithiúna a bhíonn in oifig ag an am. Déanadh na breithiúna fiosrú go mion, agus más amhlaidh gur finné bréige an finné agus gur thug sé fianaise bhréige in aghaidh a bhráthar, ní foláir duit an íde a b' áil leis a thabhairt ar a bhráthair a thabhairt air féin. Díbir an choir seo ó bhur measc. Cluinfidh daoine eile ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad peaca den sórt sin go brách arís in bhur measc. Ná bíodh trua ná taise agat, ach bíodh anam ar anam, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois. «Nuair a rachaidh tú chun cogaidh in aghaidh do naimhde agus go bhfeicfidh tú capaill agus carbaid agus arm is mó ná d' arm féin, ná bíodh eagla ort rompu; óir tá an Tiarna do Dhia i do theannta, an té a thug amach thú as tír na hÉigipte. Nuair a thagann sibh i gcóngar an láthair chatha, tagadh an sagart os bhur gcomhair agus labhraíodh sé leis an bpobal, agus abradh sé leo: 'Tugaigí cluas dom a Iosrael! Óir tá sibh ar tí cath a chur ar bhur naimhde inniu; bíodh misneach agaibh; ná bíodh scéin ná sceimhle ná scanradh oraibh ag tabhairt fúthu. Óir tá an Tiarna bhur nDia ag dul libh chun troda ar bhur son in aghaidh bhur naimhde, agus chun an bua a bhreith daoibh.' «Ansin labhraíodh na scríobhaithe leis an bpobal mar leanas: 'An bhfuil aon duine anseo a bhfuil teach nua tógtha aige ach gan é tíolactha fós? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a dhéanfadh é a thíolacadh. An bhfuil aon duine anseo a bhfuil fíonghort plandáilte aige, ach gan sásamh bainte fós aige as a thoradh? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhainfeadh sásamh as a thoradh. An bhfuil aon duine anseo geallta le bean ach gan í tugtha leis aige? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhéarfadh leis í.' Leanadh na scríobhaithe orthu ag caint leis an bpobal agus abraidís: 'An bhfuil easpa misnigh nó beaguchtach ar aon duine anseo? Abhaile leis agus ná cuireadh sé droch-mhisneach ar a chompánaigh chomh maith.' Nuair a bhíonn deireadh ráite ag na scríobhaithe leis na daoine, ansin ceaptar ceannfoirt i gceannas ar an bpobal. «Nuair a dhruidfidh tú i gcóngar cathrach chun í a ionsaí, déan coinníollacha a thairiscint di. Má ghlacann sí le síocháin agus a geataí a oscailt romhat, ansin cuirtear iallach ar an muintir go léir inti saothar a dhéanamh duit agus fónamh duit. Ach más amhlaidh, in áit síochána, go ndéanann sí cath a chur ort, ní foláir duit í a chur faoi léigear. Nuair a thugann an Tiarna do Dhia ar do láimh duit í, ansin cuir gach fireannach inti chun báis le faobhar claímh. Ach na mná, na leanaí, an stoc, a bhfuil de mhaoin sa chathair, agus a héadáil go léir, beir leat mar chreach iad; bain sásamh as éadáil do naimhde a thug an Tiarna do Dhia duit. Sin í an íde a thabharfaidh tú ar na cathracha atá i bhfad uait, agus nach mbaineann leis na ciníocha is comharsana duit. Maidir le cathracha na gciníocha úd atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, ná déan anacal anama ar aon ní beo, ach cuir faoi bhang iad na Hitigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh, mar a d' ordaigh an Tiarna do Dhia, d' fhonn nach múinfidís daoibh na nósanna gráiniúla atá acu á gcleachtadh i seirbhís a ndéithe a leanúint agus peaca a dhéanamh mar sin in aghaidh an Tiarna bhur nDia. «Nuair a bhíonn cathair faoi léigear agat ar feadh i bhfad, agus tú á hionsaí, d' fhonn í a ghabháil, ná loit a cuid crann ag imirt faobhar tua orthu; caith a dtoradh, ach ná leag iad. An daoine daonna na crainn sa mhachaire a rá is go gcuirfeá léigear orthusan leis? Na crainn is eol duit nach crainn toraidh iad, ní cás duit iad a ghearradh agus a leagan d' fhonn sásanna léigir a dhéanamh in aghaidh na cathrach a bhíonn i gcogadh leat go dtí go dtiteann sí. «Sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit le sealbhú, má fhaightear duine a básaíodh ina luí amuigh ar an mbán, agus nach eol cé mharaigh é, tagadh bhur seanóirí agus bhur mbreithiúna agus déanaidís an fad slí idir corpán an duine bhásaithe agus na cathracha máguaird a thomhas. Ansin faigheadh seanóirí na cathrach is gaire don mharbh bodóg nár cuireadh chun oibre agus nár tharraing an chuing riamh fós. Beireadh seanóirí na cathrach an bhodóg leo chun bruacha srutháin nach dtéann i ndísc, i mball nár treabhadh agus nár síolchuireadh riamh, agus ansiúd sa ghleann brisidís muineál na bodóige. Agus tagadh clann mhac Léiví, na sagairt, i láthair mar thogh an Tiarna do Dhia iad le fónamh dó agus le beannú in ainm an Tiarna, agus is é a ngnó gach cás aighnis agus foiréigin a réiteach le breith a mbéil. Ansin níodh seanóirí uile an bhaile is gaire don mharbhán a lámha sa sruthán os cionn na bodóige ar briseadh a muineál. Agus abraidís na focail seo: 'Níor dhoirt ár lámha an fhuil seo agus ní fhaca ár súile aon ní. Leath brat do mhaithiúnais ar do phobal Iosrael a d' fhuascail tú a Thiarna, agus ná doirtear aon fhuil neamhchiontach i measc do phobail Iosrael.' Ar an tslí sin beidh brat cosanta orthu ón bhfíoch fola. Ní foláir duit gach doirteadh fola neamhchiontaí a dhíbirt ó do lár más áil leat an ceart a dhéanamh i súile an Tiarna. Cimí Ban - Ceart Clainne agus go bhfeiceann tú bean sciamhach ar na cimí agus go mbíonn dúil agat inti, ní miste duit í a ghabháil chugat mar bhean agus í a bhreith leat abhaile. Bearradh sí a ceann agus scumhadh sí a hingne agus baineadh sí di a héide cime; fanadh sí laistigh de do theach ar feadh míosa agus caoineadh sí a hathair agus a máthair ar feadh míosa gan staonadh. Ní miste duit ansin dul chuici agus do chuid féin a dhéanamh di agus bíodh sí mar bhean agat. Má tharlaíonn go n-éiríonn tú tuirseach di, tabhair cead a cinn di, gan airgead a éileamh mar cheannach uirthi; ós rud é gur bhain tú feidhm aisti, níl cead agat brabach a dhéanamh uirthi. «Má bhíonn beirt bhan ag duine, agus bean acu ina muirnín agus an bhean eile gan a bheith, agus go mbeireann an muirnín agus an bhean nach amhlaidh clann dó, agus gur leis an bhean nach muirnín an chéadghin mhic, ansin nuair a thagann an lá inar cóir dó a chuid a roinnt mar oidhreacht ar a chlann mhac, ní cóir buntáiste na céadghine a thabhairt do mhac an mhuirnín thar mhac na mná nach muirnín ós é is céadghin ó cheart; ach admhaíodh sé mar chéadghin mac na mná nach muirnín, agus tugadh sé dúbailt roinne dó dá bhfuil aige, óir is é céadtoradh a chumais é; is leis ceart na céadghine. «Má bhíonn mac ceanndána nó easumhal ag duine, gan aird aige ar ghuth athar ná máthar, agus nach dtógann aon cheann dóibh fiú nuair a chuireann siad pionós air, ansin ní foláir dá athair agus dá mháthair greim a bhreith air agus é a thabhairt amach go seanóirí na cathrach ag geataí na háite ina mbíonn cónaí air, agus a rá le seanóirí na cathrach: 'Tá an mac seo againn ceanndána easumhal, agus ní ghéillfidh sé dár nguth; déanann sé craos agus bíonn ar meisce.' Ansin déanadh a chomhchathróirí go léir é a chur chun báis de chlocha; déanaigí an t-olc seo a dhíbirt ó bhur lár. Cluinfidh Iosrael uile faoi seo, agus beidh scanradh orthu. «Má dhéanann duine coir mharfach agus go gcuirtear chun báis é agus go gcrochann tú ar chrann é, ná fanadh a chorp thar oíche ar an gcrann, ach déan é a adhlacadh an lá céanna, óir tá mallacht Dé ar dhuine a chrochtar; agus ná déan an talamh a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht a thruailliú. «Má fheiceann tú damh nó caora le do dheartháir ag dul ar seachrán, ná bí seachantach ina dtaobh; ní foláir duit iad a bhreith leat ar ais chun do dhearthár. Mura bhfuil sé láimh leat, nó murab aithnid duit é, tabhair leat abhaile é, agus coinnigh é nó go dtagann do dheartháir á lorg; tabhair dó ansin é. Déan mar an gcéanna lena asal, agus lena bhrat, agus le haon ní a chailleann do dheartháir agus go bhfaigheann tú é: ná bíodh aon seachaint sa ghnó seo. Ná bí á seachaint má fheiceann tú damh nó asal do dhearthár ag titim ar an mbóthar, ach cabhraigh leis á gcur ina seasamh arís. Ná cuireadh bean feisteas fir uirthi féin, agus ná cuireadh fear feisteas mná air féin; is gráin leis an Tiarna do Dhia an mhuintir a dhéanann na nithe sin. Má tharlaíonn tú i do shiúlta ar nead éin i gcrann nó sa talamh agus gearrcaigh nó uibheacha ann, agus an mháthair ina luí ar na huibheacha nó ar na gearrcaigh, ná tóg an mháthair leis na gearrcaigh; ach scaoil leis an máthair. Ní miste duit na gearrcaigh a bhreith leat. Ar an gcaoi sin beidh an rath ort agus fad saoil agat. Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de. Ná cuir an dara sórt síl i do fhíonghort le nach ndéanfaí coisreacan ar a thoradh go léir ar an mbarr eile a chuir tú agus ar thoradh do fhíonghoirt. Ná cuir damh agus asal faoin aon chuing threafa. Ná caith éadach leathach, éadach fite d' olann agus de líon. An fhallaing a chuireann tú umat, déan scothóga ar a ceithre cúinní. «Má phósann duine bean agus luí léi, agus ansin gur beag air í, agus go gcuireann sé mí-iompar ina leith agus í a náiriú go poiblí, á rá: 'Phós mé an bhean seo agus nuair a luigh mé léi ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais.' Ansin tugadh athair agus máthair na mná óige comharthaí a maighdeanais leo go seanóirí na cathrach ag an ngeata. Abradh athair na mná óige leis na seanóirí: 'Thug mé m' iníon don fhear seo le pósadh agus is beag air í. Tá mí-iompar á chur ina leith aige anois á rá: «Ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais ar d' iníon.» Ach seo iad comharthaí maighdeanais m' iníne.' Agus leathfaidh siad an t-éadach os comhair sheanóirí na cathrach. Ansin beireadh seanóirí na cathrach sin greim ar an bhfear úd, gabhaidís de lasca ann, agus gearraidís fíneáil céad seicil airgid air agus tugaidís iad d' athair na mná óige óir tá drochcháil tugtha aige ar mhaighdean in Iosrael, agus fanadh sí mar bhean aige agus ní bheidh cead aige í a chur uaidh lena shaol. Ach más fíor é agus má dheimhnítear nach bhfuarthas comharthaí maighdeanais na mná óige, ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t-olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin. «Má fhaightear fear ag luí le bean duine eile, cuirtear iad araon chun báis an fear a luigh leis an mbean, agus an bhean féin. Ní foláir duit an t-olc seo a dhíbirt ó Iosrael an tslí sin. «Má bhíonn maighdean geallta agus go mbuaileann fear léi sa chathair, agus go gcodlaíonn léi, beirigí iad araon libh amach go geata na cathrach sin agus cuirigí chun báis de chlocha iad an bhean óg mar nár liúigh sí ag lorg cabhrach agus í sa chathair, agus an fear mar gur thruailligh sé bean a chomharsan. Ní foláir duit an t-olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin. Ach más faoin tuath a bhuaileann fear le bean óg atá geallta agus go ndéanann sé éigean uirthi agus luí léi, ansin ná cuirtear chun báis ach an fear a luigh léi. Ná déan aon ní leis an mbean óg óir ní dhearna an bhean óg aon choir a thuillfeadh bás, mar is cuma an cás seo nó fear a ionsaí agus a mharú a chomharsan. Óir tháinig sé uirthi faoin tuath, agus ba fhéidir don bhean óg liú gan aon duine a theacht á fóirithint. Má bhuaileann fear le maighdean nach bhfuil geallta agus í a éigniú agus luí léi, agus go mbeirtear orthu, ansin tugadh an fear a luigh léi leathchéad seicil airgid d' athair na mná óige agus bíodh sí mar bhean aige mar gur thruailligh sé í agus ní féidir dó í a chur uaidh lena shaol. Ná gabhadh fear bean a athar chuige, agus ná baineadh sé beann bhrat a athar anuas di. «An té a coilleadh, nó ar baineadh a bhall fearga de, níl cead isteach aige i dTionól an Tiarna. Ná téadh bastard i dTionól an Tiarna; ná téadh duine dá shliocht go dtí an deichiú glúin i dTionól an Tiarna. Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách. Óir níor tháinig siad in bhur gcoinne le harán agus le huisce agus sibh ar an tslí amach as an Éigipt, agus d' fhostaigh siad Balám mac Bheór ó Phatór in Arám an Dá Abhainn chun mallacht a chur ort. Ach ní éisteodh an Tiarna do Dhia le Balám agus rinne an Tiarna do Dhia beannacht den mhallacht duit, mar go raibh grá ag an Tiarna do Dhia duit. Go brách fad a mhairfidh tú ná bí sa tóir ar a síocháin ná ar a gconách. Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír. Bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag an tríú glúin dá sliochtsan. «Nuair a bhíonn tú i gcogadh le do naimhde, agus go mbíonn tú i gcampa, seachain an uile olc. Má bhíonn aon fhear in bhur measc nach bhfuil glan de bharr ar tharla dó san oíche, téadh sé ón gcampa amach agus ná filleadh sé ar ais ar an gcampa. Nuair a thagann an tráthnóna níodh sé é féin le huisce, agus bíodh cead aige filleadh ar an gcampa ar dhul faoi don ghrian. Bíodh camraí agat lasmuigh den champa, agus gabh amach chucu. Bíodh sluasaid agat ar do chuid airm, agus nuair a théann tú amach ag déanamh do ghnó, déan poll leis an tsluasaid seo, agus cas timpeall agus clúdaigh do chac. Óir siúlann an Tiarna do Dhia timpeall istigh i do champa do do chosaint agus ag tabhairt do naimhde ar láimh duit. Ní foláir do champa a bheith ina áit naofa dá bhrí sin; ná feiceadh an Tiarna aon rud míchuí in bhur measc dá bhrí sin le heagla go dtabharfadh sé droim láimhe leat. An tIosraelach Cónaíodh sé farat, in bhur measc, cibé áit is mian leis ina rogha cathair leat; ná cuir isteach air. Ná bíodh striapach chultais mná ar iníonacha Iosrael, ná striapach chultais fir ar mhic Iosrael. Ná tabhair tuarastal striapaí ná pá madra go teach an Tiarna do Dhia mar fhuascailt ar aon sórt móide; is fuath leis an Tiarna do Dhia iad araon. Ná tabhair iasacht ar ús do do dheartháir, cibé acu iasacht airgid é nó bia nó aon ní eile a thuillfeadh breis. Ní miste duit ús a éileamh ar iasacht do choimhthíoch, ach ná héiligh ús ar iasacht do do dheartháir, i dtreo go gcuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i ngach a ndáileann do lámh sa tír atá tú le dul isteach ann agus a shealbhú. Má thugann tú móid don Tiarna do Dhia ná bí mall á comhlíonadh, óir éileoidh an Tiarna do Dhia ort í go cinnte, agus ba pheaca í a dhiúltú. Ach níor pheaca duit gan móid a thabhairt. Cloígh le cibé rud a théann thar do bheola, agus ní foláir duit an mhóid a thug tú de do dheoin féin le briathar do bhéil féin don Tiarna do Dhia a chomhlíonadh. Nuair a théann tú isteach i bhfíonghort do chomharsan, ní cás duit do sháith caor a chaitheamh, oiread díobh agus is mian leat, ach níl cead agat aon chaora a chur í do chliabh. Má théann tú trí arbhar do chomharsan atá ina sheasamh, ní cás duit diasa a stoitheadh le do láimh ach níl cead agat do chorrán buana a chur in arbhar do chomharsan agus é ina sheasamh. «Abair gur thóg fear bean agus phós í; ach níorbh áil leis í agus fuair sé mínáire éigin le cur ina leith; agus scríobh sé bille scartha di agus thug ina láimh di é agus chuir sé chun siúil óna theach í; d' imigh sí léi amach agus phós fear eile í. Má thagann gráin ag an bhfear eile uirthi agus go scríobhann sé bille scartha di, agus é a thabhairt ina láimh di agus í a chur chun siúil óna theach (nó má fhaigheann an fear eile seo, a phós í, bás) ní ceadmhach dá céad fhear, a chuir uaidh í, í a ghlacadh ar ais anois mar bhean ós rud é gur truaillíodh í ar an gcuma seo. Óir is fuath leis an Tiarna é sin agus ná tabhair ciontacht ar an tír a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht. «Fear nuaphósta, ná téadh sé san arm agus ná bítear ag cur cúraimí air; fágtar sa bhaile é ar feadh bliana, saor ó dhualgais, le sólás a thabhairt don bhean a ghabh sé chuige. Ná tógadh aon duine muileann ná bró i ngeall mar b' ionann sin agus anam a thógáil i ngeall. Má bheirtear ar dhuine ag fuadach duine dá bhráithre, de chlann Iosrael, cibé acu le daor a dhéanamh de nó lena dhíol, ní foláir an gadaí sin a chur chun báis. Díbir an t-olc seo ó bhur measc. I gcás taom lobhra déan gach a n-ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d' aithin mé dóibh le cáiréis. Cuimhnigh ar a ndearna an Tiarna le Miriám agus sibh ar an mbealach ón Éigipt amach. «Má bhíonn iasacht d' aon sórt á thabhairt agat do do chomharsa ná téigh isteach ina theach agus a gheall a ghabháil. Fan lasmuigh agus tugadh an té dá bhfuil an iasacht á tabhairt agat an geall amach chugat. Más bochtán é ná codail ina gheall. Nuair a théann an ghrian faoi, tabhair an geall ar ais dó i dtreo gur féidir dó codladh ina bhrat agus beannacht a chur ort; beidh sin ina ghníomh fónta agat i láthair an Tiarna do Dhia. «Ná tar i dtír ar fhostúch bocht dealbh, más bráthair duit é, más deoraí i do dhúiche é atá ag cur faoi i do bhailte. Tabhair a thuarastal dó an lá a thuillfidh sé é, sula dtéann an ghrian faoi (mar tá sé bocht agus tá dúil aige ann) le heagla go n-éifeadh sé chun an Tiarna i d' aghaidh, agus gur pheaca duit sin. Ná cuirtear aithreacha chun báis thar ceann a mac, ná mic thar ceann a n-aithreacha. Cuirtear gach duine chun báis ar son a choire féin. «Ná déan breith a chlaonadh i gcás deoraí ná dílleachta, agus ná tóg brat baintrí i ngeall. Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor san Éigipt agus go ndearna an Tiarna do Dhia thú a fhuascailt as an áit sin; uime sin a thugaim an aithne seo duit le comhlíonadh. «Nuair a bhíonn an fómhar á bhaint agat sa ghort agus go ndéanann tú dearmad ar phunann sa ghort, na téigh siar ag triall uirthi. Fág ansiúd í don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach i dtreo go ndéanfadh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort i do chúraimí go léir. Nuair a bhuaileann tú do chrann ológ, ná téigh siar arís ar na géaga. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach. Nuair a chruinníonn tú fómhar d' fhíonghoirt, ná pioc a thuilleadh é. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach. Cuimhnigh go raibh tú i do dhaor i dtír na hÉigipte; sin é an fáth go dtugaim an aithne seo duit le comhlíonadh. «Má bhíonn aighneas idir daoine agus go dtéann siad chun cúirte agus go dtugann na breithiúna breith eatarthu agus a fhógairt an ceart a bheith ag an té a bhíonn sa cheart, agus an éagóir a bheith ag an té a bhíonn san éagóir, má thuilleann an té a bhíonn san éagóir gabháil de lasc air, tugadh an breitheamh faoi deara é a chur ina luí agus gabháil de lasc air ina láthair leis an líon buillí a oireann dá choir. Is ceadmhach daichead buille a bhualadh air, ach gan dul thairis sin, le heagla go mbeadh an léasadh ródhian agus go mbeadh drochmheas agat ar do bhráthair dá bharr. «Na cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair. «Má bhíonn deartháireacha in aontíos agus go bhfaigheann duine acu bás gan mhac, ná pósadh bean an mhairbh duine deoranta lasmuigh den teaghlach; tagadh deartháir a céile chuici agus glacadh sé í mar bhean chéile agus déanadh sé dualgas deartháir céile ina leith. An chéad mhac a bhéarfaidh sí bíodh ainm an dearthár mhairbh air, d' fhonn nach scriosfaí a ainm as Iosrael. Má dhiúltaíonn an fear bean a dhearthár a ghabháil chuige, téadh sise chun na seanóirí ag an ngeata agus abradh: 'Dhiúltaigh deartháir mo chéile ainm a dhearthár a bhuanú in Iosrael. Ní áil leis dualgas deartháir céile a chomhlíonadh dom.' Ansin glaodh seanóirí a chathrach air, agus labhraidís leis; agus má chuireann sé ina gcoinne agus a rá: 'Ní áil liom glacadh léi,' ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: 'Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,' agus tabharfar mar shloinne dó ' Teach an té a Fágadh gan Chuarán'. «Má bhíonn beirt fhear ag troid agus go gcuireann bean duine díobh a ladar sa troid d' fhonn a fear a fhuascailt ó bhuillí an duine eile agus go síneann sí amach a lámh agus breith laistíos ar an duine eile, teasc an lámh di gan trua gan taise a thaispeáint. Ná bíodh dhá mheá dhifriúla i do mhála ceann trom agus ceann éadrom. Ná bíodh dhá thomhas difirúla i do theach, ceann beag agus ceann mór. Ná bíodh agat ach aon mheá amháin, í iomlán cóir, agus aon tomhas amháin, é iomlán cóir, i dtreo go mbeadh saol fada agat sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit. Óir aon duine a dhéanann nithe den sórt sin, agus a dhéanann éagóir, is fuath leis an Tiarna do Dhia é. Cuimhnigh céard a rinne Amáiléic leat agus tú ar an mbealach amach as an Éigipt. Bhuail sé leat ar an mbealach agus tar éis duit gabháil thar bráid, d' ionsaigh sé sibh i leith an chúil agus rinne eirleach ar an muintir go léir a bhí ar deireadh: nuair a bhí tú lag tnáite ní raibh eagla Dé air. Nuair a bhronnfaidh an Tiarna do Dhia síocháin duit ó do naimhde go léir máguaird ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit i do sheilbh mar oidhreacht scrios cuimhne Amáiléic ó faoi neamh; ná déan dearmad de. «Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, nuair a bheidh seilbh agat air agus tú i do chónaí ann, ní foláir duit na céadtorthaí d' fhómhar na hithreach a bhainfidh tú sa tír a thabharfaidh an Tiarna do Dhia duit a chur i leataobh; cuir i gcliabh iad agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm. Ní foláir duit dul chun an tsagairt a bhíonn in oifig ag an am agus a rá leis: 'Fógraím inniu don Tiarna mo Dhia gur tháinig mé chun na tíre a mhionnaigh an Tiarna dár n-aithreacha a thabharfadh sé dúinn.' Tógadh an sagart ansin an cliabh ó do láimh agus leagadh sé é os comhair altóir an Tiarna do Dhia. Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: 'Deoraí Aramaeigh a ba ea m' athair. D' imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de. Chráigh na hÉigiptigh sinn; chiapadar sinn agus chuireadar faoi dhaoirse dhian sinn. Ach ghlaomar chun an Tiarna, Dia ár n-aithreacha, agus chuala an Tiarna ár nglao agus chonaic ár n-ainnise, ár saothar, agus an leatrom orainn; agus thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn lena láimh thréan agus lena ghéag ar tinneall, le huafás mór, le comharthaí, agus le hiontais. Thug sé anseo isteach sinn, agus thug an tír seo dúinn, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Seo anois mé le céadtorthaí fómhar na hithreach a bhronn tusa, a Thiarna, orm.' Leag i láthair an Tiarna ansin iad agus sléacht go talamh i láthair an Tiarna do Dhia. Ansin bíodh fleá agat le gach ní fónta a thug an Tiarna, do Dhia, duit féin agus do do theaghlach, tú féin agus an Léivíteach agus an deoraí in bhur measc. «Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu, ansin abairse i láthair an Tiarna do Dhia: 'Tá an chuid choisricthe go léir curtha as mo theach agam. Sea, thug mé don Léivíteach, don deoraí, agus don dílleachta í, de réir na n-aitheanta go léir a leag tú orm; níor sháraigh mé aon aithne de do chuid, ná ní dhearna mé dearmad díobh. Níor chaith mé aon chuid den deachú agus mé ag caoineadh; níor thóg mé aon chuid di agus mé neamhghlan; níor ofráil mé aon chuid di do na mairbh. Ghéill mé do ghlór an Tiarna mo Dhia; rinne mé gach ní mar a d' ordaigh tú dom. Féach anuas ó neamh, áitreabh do ghlóire, agus cuir do bheannacht ar do phobal Iosrael, agus ar an ithir a thug tú dúinn faoi mar a mhionnaigh tú dár n-aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.' Iosrael Pobal Dé Tá an dearbhú seo déanta agat inniu faoin Tiarna: gurb é do Dhia é, ach ar choinníoll go leanfaidh tú a bhealaí, go gcoimeádfaidh tú a dhlíthe, a aitheanta, agus a reachtanna, agus go n-éistfidh tú lena ghlór. Agus tá an dearbhú seo déanta fútsa inniu ag an Tiarna: go mbeidh tú aige mar phobal ar leith leis féin, faoi mar a gheall sé duit, ach ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú a aitheanta go léir; agus go gcuirfidh sé thú os cionn na náisiún uile a rinne sé chun molta agus clú agus onóra; agus go mbeidh tusa i do phobal coisricthe don Tiarna faoi mar a gheall sé.» Thug Maois agus seanóirí Iosrael ordú don phobal: «Coimeádaigí na haitheanta uile a ordaím duit inniu. An uair a théann sibh thar Iordáin isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, cuir líoga móra ina seasamh agus cuir brat aoil orthu; agus scríobh orthu focail uile an dlí seo a luaithe a rachaidh tú sall ar do shlí isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda faoi mar a gheall an Tiarna, Dia d' aithreacha, duit. Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin, ní foláir daoibh na líoga seo a chur suas ar Shliabh Éabál mar a ordaím daoibh inniu, agus brat aoil a chur orthu. Déan altóir san áit sin don Tiarna do Dhia de chlocha nár luigh aon uirlis iarainn orthu. Tóg an altóir don Tiarna do Dhia as clocha gan cóiriú, agus ofráil íobairtí uileloiscthe uirthi don Tiarna do Dhia. Ofráil íobairtí comaoineach agus ith iad ansiúd agus bíodh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia. Scríobh briathra uile an dlí seo ar na clocha go soiléir sofheicthe.» Ansin dúirt Maois agus na sagairt Léivíteacha le hIosrael go léir: «Tabhair cluas, a Iosrael, agus éist. Inniu rinneadh pobal don Tiarna do Dhia díot. Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.» Agus thug Maois ordú don phobal an lá céanna á rá: «Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin. Agus seasaidís seo ar Shliabh Éabál don mhallacht: Reúbaen, Gád, Áiséar, Zabúlun, Dán, agus Naftáilí. Labhraíodh na Léivítigh ansin agus fógraídís in ard a gcinn do na hIosraelaigh: ' Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite rud is gráin leis an Tiarna obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Go raibh mallacht ar an té a chorraíonn marc teorann a chomharsan.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Go raibh mallacht ar an té a chuireann an dall ar seachrán slí.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Go raibh mallacht ar an té a dhéanann cantáil ar chearta an deoraí, an dílleachta, agus na baintrí.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Go raibh mallacht ar an té a luíonn le bean a athar, agus a bhaineann beann bhrat a athar anuas di.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Mallacht ar an té a luíonn le haon sórt ainmhí.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Mallacht ar an té a luíonn lena dheirfiúr, iníon a athar nó iníon a mháthar.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Mallacht ar an té a luíonn le máthair a chéile.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Mallacht ar an té a bhuaileann a chomharsa faoi choim.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Mallacht ar an té a thógann breab chun neamhchiontach a bhású.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' ' Mallacht ar an té nach ndaingníonn briathra an dlí trína gcomhlíonadh.' Agus freagraíodh an pobal go léir: 'Amen.' «Má ghéilleann tú go dílis do ghlór an Tiarna agus na haitheanta go léir dá chuid atá á n-ordú agam duit inniu a chomhlíonadh le barr cáiréise, cuirfidh an Tiarna do Dhia thú go hard os cionn náisiúin uile na cruinne. Tiocfaidh na beannachtaí uile seo leanas suas leat agus fanfaidh ort má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia. «Beidh beannacht ort sa chathair, agus beannacht ort faoin tuath. Beidh beannacht ar thoradh do choirp, ar thoradh d' ithreach, ar thoradh do airnéise, agus ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad. Beidh beannacht ar do chliabh aráin agus ar do losaid. Beidh beannacht ort ag gabháil isteach duit agus beannacht ort ag dul amach duit. Brisfidh an Tiarna i do láthair ar na naimhde a éiríonn i d' aghaidh; tiocfaidh siad ar feadh an aon bhóthair i d' aghaidh; ach gabhfaidh siad seacht mbóthar ar teitheadh uait. Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit. «Buanóidh an Tiarna thú i do phobal coisricthe dó féin, faoi mar a mhionnaigh sé duit, má choimeádann tú aitheanta an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí. Feicfidh ciníocha uile an domhain go bhfuil ainm an Tiarna ort agus beidh eagla orthu romhat. Cuirfidh an Tiarna conách mór ort, i dtoradh do choirp, sa bhreis ar do bhólacht, agus i dtoradh d' ithreach sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d' aithreacha a thabharfadh sé duit. Osclóidh an Tiarna a chiste breá, na speartha, duit, le fearthainn a thabhairt duit i dtráth do do thalamh, agus beannacht a chur ar shaothar uile do lámh. Cuirfidh tú mórán ciníocha faoi smacht, ach ní bheidh tú féin faoi smacht ag cine. Ní eireaball a dhéanfaidh an Tiarna díot, ach ceann; ní in íochtar a bheidh tú choíche, ach in uachtar, má ghéilleann tú d' aitheanta an Tiarna do Dhia, a ordaím duit inniu, á gcoimeád le barr cúraim, gan claonadh ar dheis ná ar chlé ó aon cheann de na hoibreacha a ordaím duit inniu trí aon déithe eile a leanúint agus fónamh dóibh. «Ach mura ngéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia, agus gan a reachtanna ná a aitheanta go léir a ordaím duit inniu a chomhlíonadh, tiocfaidh na mallachtaí uile seo leanas suas leat agus béarfaidh siad ort. Beidh mallacht ort sa chathair agus mallacht ort faoin tuath. Beidh mallacht ar do chliabh aráin agus ar do losaid. Beidh mallacht ar thoradh do choirp, ar thoradh d' ithreach, ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad. Beidh mallacht ort ag gabháil isteach duit, agus mallacht ort ag dul amach duit. Cuirfidh an Tiarna mallachtaí agus buaireamh agus eascaine ar gach ní a thógfaidh tú idir lámha, go dtí go millfear thú agus go scriosfar thú gan mhoill de bharr éagóir do bheart do mo thréigean. Seolfaidh an Tiarna an phlá le cloí leat nó go ndíothóidh sí thú sa tír a bhfuil tú ag dul ann le seilbh a ghabháil air. Pleancfaidh an Tiarna thú leis an eitinn, leis an bhfiabhras, le séideadh, le teas, le híota, le dubh, le snas liath, agus beidh siadsan sa tóir ort go híde. Beidh na spéartha os do chionn ina bprás, agus an talamh faoi do bhonn ina iarann. Déanfaidh an Tiarna luaithreach agus gaineamh d' fhearthainn do thalún; titfidh sí ó neamh ort go scriosfar thú. «Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go mbrisfear ort os comhair do naimhde; rachaidh tú amach ar feadh an aon bhóthair ina n-aghaidh, ach gabhfaidh tú seacht mbóthar ar teitheadh uathu; beidh tú i do ábhar uafáis ag ríochtaí uile an domhain. Beidh do chonablach ina bhia ag éanlaith an aeir go léir agus ag ainmhithe na talún, gan aon duine ann chun iad a ruaigeadh. Buailfidh an Tiarna thú le neascóidí na hÉigipte, le hothras, le méirscrí agus le tochas, gan leigheas agat dóibh. Buailfidh an Tiarna thú le poc buile agus le daille agus le meabhrán aigne; agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t-ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine. Pós bean agus luífidh duine eile léi; tóg teach agus ní dhéanfaidh tú cónaí ann; plandaigh fíonghort agus ní chruinneoidh tú a thorthaí. Marófar do dhamh os comhair do shúl agus ní íosfaidh tú greim de; scuabfar d' asal uait os comhair do shúl agus ní dhéanfar é aisíoc leat; tabharfar do chaoirigh do do naimhde agus ní thiocfaidh aon duine i gcabhair ort. Tabharfar do chlann mhac agus iníonacha ar láimh do dhaoine eile, agus gach lá beidh do shúile á snoí asat ag faire amach dóibh gan neart ar bith i do láimh leis an scéal a leigheas. Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh d' ithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor. Cuirfear le buile thú de bharr a bhfeicfidh do shúile cinn. Buailfidh an Tiarna thú ar na glúine agus ar na cosa le neascóidí nach mbeidh leigheas le fáil agat orthu, ó bhonn do choise go baithis do chinn. «Seolfaidh an Tiarna thú féin agus an rí a chuirfidh tú os do chionn go cine nárbh eol duit féin ná do d' aithreacha; déanfaidh tú fónamh ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche. Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú. Scaipfir síol go flúirseach san ithir, ach is beag fómhar a chruinneoidh tú di, óir alpfaidh an lócaiste é. Déanfaidh tú fíonghoirt a phlandáil agus a shaothrú, ach ní ólfaidh tú an fíon ná ní chruinneoidh tú na caora mar go n-íosfaidh an chruimh iad. Beidh crainn ológ agat ar fud do chríoch, ach ní dhéanfaidh tú thú féin a ungadh le hola, óir gearrfar anuas do chrainn ológ. Ginfidh tú mic agus iníonacha, ach ní leat iad, óir rachaidh siad i mbraighdeanas. Do chrainn go léir agus toradh d' ithreach, beidh siad ag an lócaiste. An deoraí in bhur measc rachaidh sé céim ar chéim os do chionn, agus tusa céim ar chéim níos ísle. Beidh tú faoina smacht, ní bheidh seisean faoi do smachtsa. Eisean a bheidh ina cheann, agus tusa i d' eireaball. Tiocfaidh na mallachtaí sin go léir anuas ort, leanfaidh siad thú, agus béarfaidh siad ort go dtí go scriosfar thú mar nár ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus na haitheanta agus na reachtanna a d' ordaigh sé duit a chomhlíonadh. Beidh siadsan ina gcomhartha, agus ina n-iontas, ag tagairt duit féin agus do do shliocht go brách. «Dé bhrí nach ndearna tú seirbhís don Tiarna do Dhia le gairdeas agus le lúcháir de bharr flúirse na n-iolmhaitheasaí, ní foláir duit fónamh do na naimhde a sheolfaidh an Tiarna i do choinne, faoi ocras agus faoi thart, faoi nochtacht agus cheal gach ní. Cuirfidh sé cuing iarainn faoi do bhráid nó go scriosfar thú. Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga; náisiún is gruama dreach, gan urraim aige don sean ná taise don óg. Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d' airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú. Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit. Le linn an léigir, agus san anró a chuirfidh do naimhde ort, íosfaidh tú toradh do cholainne féin, feoil na mac agus na n-iníonacha a bhronn an Tiarna do Dhia ort. An té is cneasta agus is cineálta in bhur measc, beidh súil mhuice aige ar a bhráthair, agus fiú ar a chéile cumainn, agus ar fhuíoll a chlainne; diúltóidh sé aon chuid d' fheoil a leanaí a bheidh á hithe aige a thabhairt dóibh, óir le linn an léigir agus san anró ina gcuirfidh do naimhde thú i do bhailte go léir ní bheidh aon ní fágtha aige. An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon; ceilfidh sí orthu slánú a broinne idir a cosa agus an mac a bhéarfaidh sí, ach is d' fhonn iad a ithe; óir beidh ganntanas uafásach ann le linn an léigir agus san anró a chuirfidh do naimhde ort i do bhailte go léir. «Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d' fhonn go mba eagal leat an t-ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia, buailfidh an Tiarna le plánna uafásacha thú, tú féin agus do shliocht; sea, le plánna troma buana, agus le galair nimhneacha sheasmhacha. Seolfaidh sé ort arís galair uile na hÉigipte a ba eagal leat, agus cloífidh siad leat. Seolfaidh an Tiarna chugat chomh maith gach aicíd, gach plá nach luaitear i leabhar an dlí seo, nó go scriosfar thú. Ba líonmhar sibh mar réaltaí neimhe, ach ní fhágfar díbh ach dornán beag, óir níor ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia. Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú. Cuirfidh an Tiarna scaipeadh ort i measc na gciníocha go léir ó cheann ceann na cruinne; agus déanfaidh tú seirbhís ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche, nárbh eol duit féin ná do do shinsir. Ní bheidh suaimhneas i ndán duit i measc na gciníocha seo ná aon sos do bhonn do choise; fágfaidh an Tiarna suaitheadh ar do chroí, tuirse ar do shúile, agus gearranálaí ort. Beidh do shaol ó thosach ina ualach ort; beidh faitíos ort de lá agus d' oíche, agus tú in amhras faoi d' anam. Déarfaidh tú ar maidin: 'Uch, nach é an tráthnóna é!' agus tráthnóna: 'Uch, nach bhfuil sé ina mhaidin!' de bharr an scanradh a bheidh ar do chroí agus na radhairc a fheicfidh tú le do shúile cinn. Tabharfaidh an Tiarna ar ais don Éigipt i longa thú, aistear a gheall mé duit nach ndéanfá go deo arís. Beidh fonn oraibh ansiúd sibh féin a reic le bhur naimhde mar dhaoir agus mar dhaoirseacha, ach ní cheannóidh aon duine sibh.» Sin iad briathra an chonartha a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois a dhéanamh le clann Iosrael i dtír Mhóáb i dteannta an chonartha a rinne sé leo ag Horaeb. Athchuimhneamh na cathuithe móra a chonaic do shúile cinn, na comharthaí agus na hiontais mhóra úd; ach go dtí an lá atá inniu ann, níor thug an Tiarna croí daoibh le tuiscint, ná súile le feiceáil, ná cluasa le clos. Threoraigh mé san fhásach sibh ar feadh daichead bliain; ní dheachaigh caitheamh ar bhur gcuid éadaigh umaibh ná dreo ar do chuaráin faoi do chosa. Níor ith sibh arán; níor ól sibh fíon ná braon crua, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna bhur nDia. Nuair a shroich sibh an áit seo tháinig Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán amach chun cath a chur inár n-aghaidh, ach bhriseamar orthu. Ghabhamar a dtír agus thugamar é mar oidhreacht do threibh Reúbaen agus do threibh Ghád agus do leath-threibh Mhanaise. «Coimeádaigí dá bhrí sin briathra an chonartha seo agus comhlíonaigí iad, agus rithfidh libh i ngach ní dá ndéanfaidh sibh. Tá sibh uile in bhur seasamh anseo inniu i láthair an Tiarna bhur nDia taoisigh bhur dtreibheanna, bhur seanóirí, bhur scríobhaithe, fir Iosrael go léir, bhur miondaoine, bhur mná, an deoraí i do champa idir fhear gearrtha conaidh duit agus fhear tarraingthe uisce agus tá tú ar tí dul i gconradh faoi mhionnaí leis an Tiarna do Dhia, conradh atá an Tiarna do Dhia a dhéanamh leat inniu, le pobal leis féin a dhéanamh díot inniu, agus Dia a dhéanamh de féin duit, faoi mar a gheall sé duit féin agus a mhionnaigh sé do d' aithreacha d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób. «Ní libh féin amháin a dhéanaim an conradh faoi mhionnaí inniu, ach leis siúd nach bhfuil anseo linn inniu chomh maith céanna leis siúd atá ina sheasamh anseo linn i láthair an Tiarna ár nDia. «Tá aithne agaibh orthu siúd ar chónaíomar ina measc san Éigipt, iad siúd ar ghabhamar trína dtailte, na ciníocha ar ghabhamar tríothu, agus chonaic sibh a ngráiniúlachtaí agus na híola adhmaid agus cloiche agus airgid agus óir a bhí acu ina measc. Ná bíodh fear ná bean ná clann ná treibh in bhur measc a iompaíonn a chroí inniu ón Tiarna ár nDia chun imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe na gciníocha sin. Ná bíodh aon fhréamh in bhur measc a bhéarfadh toradh nimhneach searbh. Tar éis dó briathra an chonartha mhionnaithe seo a chlos, má bheannaíonn a leithéid sin de dhuine é féin ina chroí á rá: 'Ní cás dom déanamh de réir dhánaíocht mo chroí agus beidh mé slán; cuireann tuile uisce an teitheadh ar an tart,' ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh. Scarfaidh an Tiarna ó threibheanna Iosrael go léir é le haghaidh drochíde de réir mhallachtaí an chonartha atá scríofa i leabhar an dlí seo. «An ghlúin le teacht, an chlann a éiríonn suas in bhur ndiaidh, agus an coimhthíoch a thagann ón imigéin, feicfidh siad plánna na tíre úd agus na galair a leagfaidh an Tiarna air, agus liúfaidh siad: 'Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.' Déarfaidh na ciníocha go léir de liú: 'Cén fáth ar thug an Tiarna an íde seo ar an tír? Cad is ciall le mórbhruth seo a fheirge?' Déarfaidh daoine ansin: 'Mar gur thréigeadar conradh an Tiarna, Dia a n-aithreacha, an conradh a rinne sé leo nuair a thug sé amach iad as tír na hÉigipte; mar go ndeachadar agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus adhradh dóibh cé gur dhéithe iad nárbh aithnid dóibh agus nár thug seisean dóibh. Uime sin las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh na tíre seo, agus thug air na mallachtaí go léir atá scríofa sa leabhar seo. Stoith an Tiarna iad as a dtír le barr feirge agus cuthaigh agus straidhne, agus chaith amach i dtír eile iad, mar a bhfuil siad inniu.' «Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d' fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh. «Nuair a thiocfaidh na nithe seo go léir sa mhullach ort, an bheannacht agus an mhallacht a chuir mé romhat, má thugann tú chun cuimhne iad i measc na náisiún go léir, mar a dtiomáinfidh an Tiarna do Dhia thú, agus go n-iompaíonn tú chun an Tiarna do Dhia, tú féin agus do chlann, agus go ngéilleann tú dá ghlór san uile ní a ordaím duit inniu, ó do chroí go hiomlán agus ó d' anam go hiomlán, ansin tabharfaidh an Tiarna do Dhia do chonách ar ais, agus beidh trua aige duit agus cruinneoidh sé thú arís ó na pobail go léir mar ar scaip an Tiarna do Dhia thú. Má bhíonn fán fada ar aon chuid agaibh go himill na cruinne cruinneoidh an Tiarna do Dhia fiú ón áit sin thú, agus tabharfaidh sé leis as sin thú, agus tabharfaidh ar ais thú chun na tíre a bhí i seilbh d' aithreacha d' fhonn go mbeadh seilbh agatsa leis air, agus cuirfidh sé conách agus rath ort seachas mar a bhí ar d' aithreacha. Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d' anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat. Cuirfidh an Tiarna do Dhia na mallachtaí sin go léir sa mhullach ar d' eascairde agus ar do naimhde a rinne géarleanúint ort. Géillfidh tú do ghlór an Tiarna agus coimeádfaidh tú na haitheanta go léir dá chuid a ordaímse duit inniu. Cuirfidh an Tiarna do Dhia conách bláfar ar shaothar do lámh go léir, ar thoradh do choirp, ar thoradh do airnéise, agus ar thoradh do thalún. Óir tabharfaidh an Tiarna gean do do chonách arís mar a rinne le d' aithreacha, má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus a aitheanta a choimeád agus na reachtanna leis atá scríofa sa leabhar seo a dhlí, agus má chasann tú chun an Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d' anam go hiomlán. «Óir an dlí seo a aithním duit inniu níl sé thar do chumas ná gan breith agat air. Ní ar neamh atá sé agus nár mhór duit a rá: 'Cé rachaidh suas ar neamh dúinn lena bhreith anuas chugainn, chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?» Ní mó ná sin is thar lear atá agus nár mhór duit a rá: 'Cé rachaidh thar lear dúinn agus é a thabhairt chugainn chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?» Ní amhlaidh atá; tá an briathar an-ghar duit; tá sé i do bhéal agus i do chroí agat le comhlíonadh. «Seo beatha agus rath, bás agus urchóid á gcur agam romhat inniu. Má ghéilleann tú d' aitheanta an Tiarna do Dhia a ordaímse duit inniu, má ghránn tú an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí, agus a aitheanta, a reachtanna agus a orduithe a choimeád, ansin beidh an bheatha agat, agus beidh síol ort, agus cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort sa tír a bhfuil tú ag dul ann lena shealbhú. Ach má chlaonann do chroí, má dhiúltaíonn tú éisteacht agus go mealltar thú chun adhradh do dhéithe eile agus seirbhís dóibh, fógraím daoibh inniu go scriosfar sibh, go scriosfar sin; is gearr é bhur seal sa tír a bhfuil tú ag dul thar Iordáin isteach ann á shealbhú. Glaoim ar neamh agus ar thalamh chun fianaise a bhreith in bhur n-aghaidh inniu: Chuir mé romhat bás nó beatha, beannacht nó mallacht. Beir an bheatha de rogha dá bhrí sin, i dtreo go mairfidh tú féin agus do shliocht, i ngrá an Tiarna do Dhia, ag géilleadh dá ghlór agus ag cloí leis; óir sin é is beatha duit, agus is air a bhraitheann fad do ré sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d' aithreacha, d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób, a thabharfadh sé dóibh.» Gnó Iósua «Táim céad agus a fiche bliain d' aois inniu,» ar sé; «ní féidir dom dul agus teacht mar ba mhaith liom a thuilleadh. Tá sé ráite ag an Tiarna liom: 'Ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.' Rachaidh an Tiarna féin, do Dhia, anonn romhat; scriosfaidh sé na náisiúin seo romhat; díbreoidh tú as seilbh iad; rachaidh Iósua chomh maith anonn ar cheann do shlua mar a dúirt an Tiarna. Tabharfaidh an Tiarna an íde chéanna orthu a thug sé ar Shíochon agus ar Óg, ríthe na nAmórach, agus ar a gcríocha nuair a scrios sé iad. Tabharfaidh an Tiarna ar láimh daoibhse iad agus déanfaidh sibh leo go beacht de réir gach aithne dár ordaigh mé daoibh. Bíodh neart ionaibh, agus misneach agaibh; ná bíodh eagla ná scanradh oraibh rompu; óir is é an Tiarna do Dhia a théann libh; ní theipfidh sé ort, ná ní fheallfaidh ort.» Ansin ghlaoigh Maois ar Iósua agus dúirt leis i bhfianaise Iosrael go léir: «Bíodh neart ionat, agus misneach agat; tá tú ag dul isteach leis an bpobal seo sa tír a mhionnaigh an Tiarna dá n-aithreacha a thabharfadh sé dóibh; tabharfaidh tú ina seilbh dóibh é. Sé an Tiarna é féin a threoróidh thú; beidh sé i do theannta; ní theipfidh sé ort ná ní fheallfaidh ort; ná bíodh eagla ná beaguchtach ort.» Scríobh Maois an dlí seo agus thug é do na sagairt, clann Léiví, an mhuintir a d' iompraíodh áirc chonradh an Tiarna, agus do sheanóirí Iosrael. Thug Maois an aithne seo dóibh: «Ag deireadh gach seacht mbliana, ag an am ceaptha don fhuascailt, ag féile na dTaibearnacal, nuair a thagann Iosrael go léir i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé, léigh an dlí seo go léir i gcomhchlos Iosrael uile. Cruinnigh an pobal, idir fhir agus mhná agus mhiondaoine agus dheoraí i do bhailte, d' fhonn go gcluinfidh siad agus go bhfoghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia, agus go gcoimeádfaidh siad agus go gcomhlíonfaidh siad focail uile an dlí seo. A gclann nach eol dóibh fós é, cluinfidh siad é agus foghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia i gcaitheamh bhur ré sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin lena shealbhú.» Dúirt an Tiarna le Maois: «Féach, tá an t-am ag druidim leat nuair a chaithfidh tú bás a fháil; glaoigh ar Iósua agus tagaigí i láthair i mBoth na Teagmhála go dtuga mé a threoracha dó.» Tháinig Maois agus Iósua i láthair i mBoth na Teagmhála. Agus thaispeáin an Tiarna é féin sa taibearnacal i gcolún néil, agus sheas an colún néil ag doras na Botha. Dúirt an Tiarna le Maois: «Is gearr go gcodlóidh tú le d' aithreacha. Ansin éireoidh an pobal seo agus rachaidh siad le striapachas ar thóir déithe deoranta na tíre ina bhfuil siad le cur fúthu ina measc. Tréigfidh siad mé agus brisfidh siad an conradh seo a rinne mé leo. Lasfaidh m' fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: 'Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?' Ceilfidh mé mo ghnúis orthu, ceilfidh mé sin, an lá úd toisc na hurchóide go léir a rinneadar ag iompú chun déithe eile. «Scríobh an laoi seo más ea agus múin í do chlann Iosrael; cuir ina mbéal í ionas go mba fhinné dom í an laoi seo in aghaidh chlann Iosrael. Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n-aithreacha, agus go n-íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh. Nuair a thiocfaidh cith urchóidí agus tubaistí sa mhullach orthu, tabharfaidh an laoi seo fianaise ina n-aghaidh, óir mairfidh sí beo i mbéal a sleachta. Óir inniu féin, sula dtugaim isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, is eol dom cad tá á thaibhreamh dóibh ina n-aigne.» An lá ceannann céanna sin scríobh Maois an laoi seo agus mhúin í do chlann Iosrael. Thug [an Tiarna] treoracha do Iósua mac Nún agus dúirt: «Bíodh neart ionat, agus misneach agat; óir tá tú le clann Iosrael a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, agus beidh mé féin i do theannta.» Nuair a bhí deireadh déanta ag Maois ag scríobh briathra an dlí seo amach go críoch i leabhar, thug sé an t-ordú seo do na Léivítigh a d' iompraíodh áirc chonradh an Tiarna: «Tóg leabhar seo an dlí agus cuir taobh le háirc chonradh an Tiarna do Dhia é. Bíodh sé ansiúd mar fhinné i d' aghaidh, óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis! «Cruinnigí i mo thimpeall seanóirí bhur dtreibheanna, agus bhur scríobhaithe, d' fhonn go labhróinn na focail seo ina gcluasa agus go nglaofainn neamh agus talamh mar fhinnéithe ina n-aghaidh. Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d' aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t-olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.» Ansin i gcomhchlos thionól iomlán Iosrael d' aithris Maois focail na laoi seo siar amach go dúnadh. Éistigí, a spéartha, go labhraí mé! éisteadh an talamh le briathra mo bhéil. Go dtite mo theagasc mar an fhearthainn; go sile mo ghlór mar an drúcht mar an fhearthainn bhog ar an bhféar bláith, agus mar cheathanna ar lusra an bháin. Óir fógróidh mé ainm an Tiarna. Cuirigí in iúl mórgacht ár nDé! Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar, mar is fíréan iad a bhealaí go léir. Dia dílis é gan éagoir; eisean an Chóir féin agus an Ceart. Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim; ál fealltach cam iad. An mar sin a dhíolann sibh an comhar leis an Tiarna? Nach baoth éaganta an pobal sibh! Nach é d' athair é a chruthaigh thú, a dhealbhaigh thú agus a bhunaigh thú? Cuimhnigh ar na laethanta a bhí, agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin. Cuir ceist ar d' athair agus tabharfaidh sé fios duit agus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú. Nuair a bhronn an Té is Airde a n-oidhreacht ar na ciníocha, nuair a roinn sé clann Ádhaimh, leag sé síos a dteorainneacha de réir líon chlann [Dé]. Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna, agus Iacób an oidhreacht a thit air. Fuair sé sa díthreabh é, i bhfásach uallairte an fhiántais. Cumhdaíonn sé é, oileann é agus cosnaíonn mar mhac imreasan a shúile. Mar iolar ag faire a neide, ar foluain os cionn a ghearrcach, leathann sé a sciatháin le breith air agus cuireann a eiteoga leis mar theannta. An Tiarna amháin a threoraí, níl aon dia deoranta fairis. Tugann sé arda na cruinne dó le marcaíocht tharstu, agus beathaíonn sé é le toradh na sléibhte; tugann sé mil ón gcarraig le deol dó, agus ola ón gcarraig scáil; gruth ón mbólacht, bainne ón tréad, bia saibhir ón bhféarach, reithí do phór Bháiseán, agus gabhair, bia saibhir de dhias na cruithneachta, agus fuil na finiúna glan mar dheoch. [Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe. Ghriogadar é chun éada le déithe deoranta; chuireadar fearg air le nithe granna. Rinneadar íobairt do dheamhain nach Dia, do dhéithe nárbh aithnid dóibh riamh, núíosaigh an lae inné, nárbh eagal lena n-aithreacha riamh. (Níor chuimhin leat an Charraig a ghin thú, agus rinne tú dearmad den Dia a ba athair agat.) Chonaic an Tiarna é seo agus le barr feirge chaith sé uaidh a chlann mhac agus iníonacha. «Déanfaidh mé mo ghnúis a fholach orthu,» ar sé, agus feicfidh mé cén chríoch a bheidh orthu. Óir is ál fealltach iad, clann gan dílseacht iontu.» Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia; ghriogadar mé lena n-íola. Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal, Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim. Las tine as mo fhearg, agus dófaidh sí go híochtar Sheól; alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir, loiscfidh sí máithreacha na sléibhte. Déanfaidh mé urchóidí a chruachadh orthu, agus is leo a chaithfidh mé mo shaigheada go léir. Beidh sciobóil ghorta mar airm agam; galar agus eitinn mar nimh. Seolfaidh mé fiacla géara na n-ainmhithe allta agus nimh na n-athracha talmhaí ina n-aghaidh. Lasmuigh déanfaidh an claíomh eirleach ar a gclann, agus laistigh beidh an scéin i réim. Ní mhairfidh ógfhear nó ógbhean, an leanbh cíche ná an seanduine liath. «Ba chóir dom iad a scaipeadh i gcéin,» a déarfainn «agus iad a scrios ó chuimhne daoine,» mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad, le heagla go dtabharfadh a n-eascairde breith bhréagach, le heagla go ndéarfaidís: «Tá an lá lenár neart! Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!» Is náisiún gan chomhairle iad! Níl aon tuiscint acu! Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo, bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh. Conas a d' fhéadfadh duine an teitheadh a chur ar mhíle agus beirt ar dheich míle, murar dhíol a gCarraig iad agus gur thug an Tiarna ar láimh iad? Óir níl a gcarraigsean mar ár gCarraigne; ní himpígh ár naimhde. Óir is d' fhiniúin Shodom dá bhfiniúin agus ó dhoirí Ghomorá. Caora nimhe a gcaora, crobhaingí searbha a gcrobhaingí. Nimh nathracha a bhfíon, agus goimh dhanartha asp. Ach eisean, nach seoid luachmhar chánach agam é arna cumhdach i mo chiste? Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin. (Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail, agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.) Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht, agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor. Fiafróidh sé ansin: «Cá bhfuil a ndéithe? an charraig inar chuireadar muinín, an té a d' ith saill a n-íobairtí, agus a d' ól fíon a n-íobairtí dí? Éiridís-sean agus déanaidís tarrtháil ort! Bídís-sean mar dhíon ort! Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh). Sea, ardaím mo lámh chun neimhe, agus mionnaím dar mo bheo go deo: Nuair a bheidh faobhar ar mo chlaíomh lonrach, agus go dtéim i mbun cúis na córa, déanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde, agus díolfaidh mé an comhar le lucht m' fhuatha. Cuirfidh mé meisce fola ar mo shaigheada, agus slogfaidh mo chlaíomh feoil ina chraos fuil na gcrólíoch agus na gcimí, agus cloigne cheannairí an namhad.» [A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh. Tháinig Maois agus [Iósua] mac Nún agus d' aithris siad focail na laoi sin go léir i gcomhchlos an phobail. Nuair a bhí an clabhsúr ag Maois ag aithris na mbriathra sin go léir do chlann Iosrael uile, dúirt sé leo: «Gabhaigí chugaibh i gcochall bhur gcroí na briathra go léir a d' aithin mé daoibh inniu; ní foláir daoibh a ordú do bhur gclann briathra uile an dlí seo a choimeád le barr cúraim. Óir ní aon ghnó suarach a bheidh á dhéanamh agaibh, mar is é bhur mbeatha é, agus dá bhíthin beidh fad saoil agaibh sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin anonn lena shealbhú.» Labhair an Tiarna le Maois an lá sin féin agus dúirt sé leis: «Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael. Faigh bás ar an gcnoc ar a rachaidh tú agus cruinnítear chun do mhuintire thú, faoi mar a fuair Árón do dheartháir bás ar Shliabh Hor agus a cruinníodh chun a mhuintire é. Óir rinne sibh feall ar iontaoibh liom i measc chlann Iosrael an uair úd ag Miríbeat Cáidéis, i bhfásach Zin; mar níor thaispeáin sibh mo naofacht i measc chlann Iosrael. Ní fheicfidh tú an tír ach i gcéin uait; ní féidir duit dul ann, isteach sa tír sé sin atá á thabhairt agam do chlann Iosrael.» Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó. Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d' éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc. Tusa a ghráigh na haithreacha, is i do láimh atá na naoimh go léir. Thiteadar ag do chosa, agus chuadar ar aghaidh go mear faoi do threoir. (Leag Maois dlí orainn.) Tá comhthionól Iacóib ag dul i seilbh a oidhreachta. Bhí rí in Isiriún, nuair a thionóil ceannairí an phobail, agus go raibh treibheanna uile Iacóib le chéile. Go maire Reúbaen agus nár fhaighe bás, go maire chomh maith a bheagán slua. Dúirt sé mar leanas faoi Iúdá: Éist, a Thiarna, le glor Iúdá, agus beir ar ais chun a mhuintire é, go gcosnaí a lámha a chearta, agus go dtaga i gcabhair air in aghaidh a naimhde. Dúirt sé faoi Léiví: Tabhair do Léiví do Úirím, agus do Thuimím don té dá dtug tú gean, tar éis duit é a phromhadh ag Masá, agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá, Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: «Ní fhaca mé iad.» Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean. Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d' altóir. A Thiarna, beannaigh a mhaoin agus glac le saothar a lámh. Basc leasracha a naimhde agus a eascairde, ionas nach n-éireoidh siad arís. Dúirt sé faoi Bhiniáimin: An té is ionúin leis an Tiarna, tá cónaí air gan bhaol ina fharraid. Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go lá agus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte. Dúirt sé faoi Iósaef: Go mbeannaí an Tiarna a fhearann, le togha dhrúcht neimhe, agus le togha an duibheagáin atá ag cúbadh thíos, le togha thorthaí na gréine, agus fhómhar trom gach míosa, le togha thoradh na gcnoc ársa, agus le flúirse ó na sléibhte ciana, le togha thoradh na talún agus a bhfuil ann, le gean an té a lonnaigh sa Tor. Go bhfása an ghruaig go tiubh ar mhullach cheann Iósaef, an té a coisriceadh i measc a bhráithre. Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir. Adharca daimh allta a adharca agus leosan sánn sé na pobail go léir go himill an domhain. Is mar sin leis na mílte ar mhílte d' Eafráim, is mar sin le mílte Mhanaise. Dúirt sé faoi Zabúlun: Bíodh lúcháir ort, a Zabúlun, ag taisteal duit i gcéin, agus ortsa, a Íosácár, i do bhothanna. Déanann siad íobairtí conáigh, ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí; óir blaiseann siad saibhreas na mara, agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh. Dúirt sé faoi Ghád: Beannacht ar an té a fhágann a dhóthain slí ag Gád! Luíonn sé mar bhanleon; stoll sé géag, ceannaithe, agus baithis. Thogh sé an chéad roinn dó féin, mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd. Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal; aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna, chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad. Dúirt sé faoi Dhán: Coileán leoin é Dán, ag lingeadh ó Bháiseán. Dúirt sé faoi Naftáilí: A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair, agus lán de bheannachtaí an Tiarna, bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh. Dúirt sé faoi Áiséar: Go raibh beannacht thar na mic ar Áiséar; gurb é muirnín a bhráithre é. agus tumadh sé a chosa in ola! Bíodh do bholtaí d' iarann agus de phrás agus do neart comhfhad le do ré. Níl aon neach mar Dhia, Isiriún; tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha; agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht. Sé Dia síoraí do thearmann. Anseo thíos sé an lámh shíoraí é ag tiomáint an namhad romhat; eisean a deir: «Scrios iad.» Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin; toghtar tobar Iacóib mar thír arbhair agus fíona; sileann neamh féin an drúcht anuas Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d' fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim. Ansin d' imigh Maois ó mhachairí Mhóáb agus ghabh Sliabh Neabó suas go mullach Phisceá, sall ó Ireachó, agus thaispeáin an Tiarna an tír ar fad dó: Gileád go Dán, Naftáilí go léir, dúiche Eafráim agus Manaise, tír Iúdá go léir go dtí an Fharraige Thiar, an Neigib agus fairsinge Ghleann Ireachó, cathair na gcrann pailme, go Zoar. Dúirt an Tiarna leis: «Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób, á rá: 'Tabharfaidh mé do do shíol é.' Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.» Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d' achtaigh an Tiarna, agus rinne sé é a adhlacadh sa ghleann, i dtír Mhóáb, sall ó Bhéit Peór; ach go dtí an lá inniu féin ní fios d' aon duine cá bhfuil a uaigh. Bhí Maois céad agus a fiche bliain d' aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite. Chaoin clann Iosrael Maois ar feadh tríocha lá ar bhánta Mhóáb; ansin bhí deireadh le caoineadh agus le holagón do Mhaois. Líonadh Iósua mac Nún le spiorad na heagna mar leag Maois a lámha air. Ghéill clann Iosrael dó agus rinneadar de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Mhaois. Níor éirigh in Iosrael ó shin fáidh mar Mhaois, an té a ba aithin don Tiarna gnúis le gnúis. Cad é comharthaí agus iontais a chuir an Tiarna faoi deara dó a déanamh i dtír na hÉigipte in aghaidh Fhorainn agus a shearbhóntaí agus a thíre go léir! Nár láidir í an lámh, agus nár mhór agus nárbh uafasach iad na héachta a nocht Maois os comhair Iosrael go léir! Tar éis bháis do Mhaois óglach an Tiarna, dúirt an Tiarna le Iósua mac Nún, feidhmeannach Mhaois: «Tá Maois m' óglach tar éis bháis. Éirigh dá bhrí sin agus thar an Iordáin seo anonn leat, thú féin agus an pobal seo go léir, agus isteach leat sa tír atá á thabhairt agam dóibhsean, do chlann Iosrael. Gach fód ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, tabharfaidh mé daoibh é, mar a gheall mé do Mhaois. Ón bhfásach agus ón Liobáin anseo go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes, dúiche na Hiteach go léir chomh fada leis an bhFarraige Mhór laistiar, sin iad na críocha a bheidh agaibh. Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d' aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort. Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n-aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht. Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach thar na bearta agat, agus féach chuige le cáiréis go ndéanfaidh tú beart de réir an dlí go léir a d' ordaigh Maois m' óglach duit; ná cas ar dheis ná ar chlé uaidh, i dtreo go mbeidh an t-ádh leat cibé treo baill ina rachaidh tú. Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d' oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t-ádh i do bhóthar. Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.» Ansin thug Iósua ordú d' oifigigh an phobail á rá: «Gabhaigí tríd an gcampa agus tugaigí an t-ordú seo don phobal: ' Ullmhaígí lón daoibh féin. Faoi cheann trí lá rachaidh sibh thar Iordáin anseo ar an tslí isteach chun seilbh a fháil ar an tír atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt daoibh in bhur seilbh.'» Agus dúirt Iósua leis na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leath-threibh Mhanaise: «Cuimhnigí ar ar ordaigh Maois óglach an Tiarna daoibh á rá: 'Tá áit suaimhnis á sholáthar ag an Tiarna bhur nDia daoibh agus tabharfaidh sé an talamh seo daoibh.' Bhur mná, bhur miondaoine, bhur n-airnéis, fanfaidh siad san fhearann a thug Maois daoibh, taobh thall den Iordáin; ach gach fear in bhur measc a iompraíonn airm, rachaidh siad anonn faoi airm os comhair bhur mbráithre agus cabhróidh siad leo, nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.» D' fhreagraíodar Iósua á rá: «Déanfaimid gach ar ordaigh tú dúinn; rachaimid cibé áit a seolfaidh tú sinn. Rinneamar rud ar Mhaois i ngach gnó, agus déanfaimid rud ortsa mar an gcéanna; go raibh an Tiarna do Dhia leatsa faoi mar a bhí le Maois, sin uile! Aon duine a dhéanfaidh ceannairc in aghaidh ordú uait, agus nach ngéillfidh do do bhriathra, cibé rud a ordaíonn tú, cuirfear chun báis é. Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach agat.» Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: «Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.» Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann. Tugadh scéala go rí Ireachó: «Féach, tá fir tagtha anseo anocht ó Iosrael chun an tír a bhrath.» Ansin chuir rí Ireachó scéal go Rácháb á rá: «Tabhair amach na fir a tháinig chugat, agus a chuaigh i do theach isteach, mar is chun an tír go léir a bhrath a thángadar.» Ach bhí an bheirt glactha chuici ag an mbean agus ceilte aici; dúirt sí dá bhrí sin: «Sea, tháinig fir chugam go deimhin, ach níorbh eol dom cárbh as dóibh agus nuair a bhí an geata le dúnadh le titim na hoíche, d' imíodar leo amach. Ní fheadar cár ghabh na fir; téigí sa tóir orthu go tapa mar béarfaidh sibh orthu.» Ach thug sí suas ar dhíon an tí iad agus chuir i bhfolach iad faoi ghasa lín a bhí leagtha ina sraitheanna aici ar an díon. Chuaigh na fir sa tóir orthu ar feadh na slí chun na Iordáine chomh fada leis na háthanna. A luaithe a d' imigh an tóir amach, dúnadh an geata. Sula ndeachaigh an dream eile a luí, tháinig sí aníos ar an díon chucu agus dúirt sí leis na fir: «Tá a fhios agam gur thug an Tiarna an tír daoibh agus gur bhuail scanradh sinn romhaibh, agus gur thit an lug ar an lag ar dhúchasaigh na tíre romhaibh. Óir chualamar conas mar a thriomaigh an Tiarna uiscí Mhuir na nGiolcach romhaibh nuair a tháinig sibh as an Éigipt amach, agus cad a rinne sibh le beirt rí na nAmórach thar Iordáin thall, Síochon agus Óg; scrios sibh iad faoin mbang. A luaithe a chualamar an scéal, thit an lug ar an lag againn, agus níor fhan misneach ag aon duine de bhur mbarr; óir sé an Tiarna bhur nDia, is Dia ar neamh thuas agus ar talamh thíos. Anois dá bhrí sin, tugaigí an leabhar dom dar an Tiarna, ós rud é go raibh mise dílis cineálta libhse go mbeidh sibhse leis dílis cineálta le líon tí m' athar agus tugaigí geall cinnte dom, go ndéanfaidh sibh anacal ar m' athair agus ar mo mháthair, ar mo dheartháireacha agus ar mo dheirfiúracha, agus ar gach aon duine a bhaineann leo, agus go dtabharfaidh sibh slán ón mbás sinn.» Ansin d' fhreagair na fir í: «Ár n-anam in áit bhur n-anam, mura sceitheann tú ar an réiteach eadrainn; beimid cineálta dílis leat nuair a bhronnfaidh an Tiarna an fearann orainn.» Ansin lig Rácháb síos iad ar théad ón bhfuinneog mar bhí an teach buailte le balla na cathrach ach í ina conaí laistigh den bhalla. Dúirt sí leo: «Suas libh faoi na sléibhte chun éalú ón tóir atá oraibh. Téigí i bhfolach ar feadh trí lá go bhfillfidh an tóir agus ansin imígí libh.» D' fhreagair na fir: «An mionn a chuir tú d' iallach orainn a mhionnú duit, ní luífidh sé orainn ach ar na coinníollacha seo: Féach nuair thiocfaimidne isteach sa tír déansa an coirdín craorag seo a cheangal den fhuinneog ónar scaoil tú anuas sinn; ní foláir duit d' athair agus do mháthair agus muintir d' athar ar fad a thabhairt leat isteach i do theach. Má théann aon duine thar thairseacha do thí amach sa tsráid, beidh a chuid fola sa mhullach air féin, ach beimidne neamhchiontach; ach má leagtar lámh ar aon duine a bheidh farat sa teach, beidh a chuid fola sa mhullach orainne. Ach má sceitheann tú ar an ngnó seo againne, ansin beimid saor ón mionn a chuir tú d' iallach orainn a thabhairt duit.» Agus dúirt sí: «Bíodh mar a deir sibh.» Scaoil sí leo agus d' imíodar. Cheangail sí an coirdín craorag den fhuinneog. Chuireadar chun siúil agus suas leo faoi na sléibhte, agus d' fhanadar ansiúd trí lá go dtí gur fhill an tóir tar éis dóibh an dúiche go léir a chuardach ach gan iad a fháil. Ansin tháinig an bheirt anuas ó na sléibhte agus anall thar abhainn leo agus thángadar go Iósua mac Nún agus d' insíodar dó gach ar tharla dóibh. Dúradar le Iósua: «Tá an tír go léir tabhartha faoinár láimh ag an Tiarna, agus tá ballchrith ar a gcónaíonn ann le heagla romhainn.» Go luath ar maidin d' éirigh Iósua agus scoir an campa agus ar aghaidh leis ó Shitím agus muintir Iosrael go léir fairis. Shroicheadar bruach na Iordáine agus shuíodar campa ann roimh dhul anonn. Faoi chionn trí lá ghabh na hoifigigh tríd an gcampa agus thug na treoracha seo don phobal: «Nuair a fheicfidh sibh áirc chonradh an Tiarna bhur nDia agus na sagairt Léivíteacha á hiompar, ní foláir daoibh imeacht ó bhur stáitse agus í a leanúint i dtreo go mbeadh a fhios agaibh cén treo ina bhfuil sibh le dul mar nár ghabh sibh an tslí seo riamh cheana. Ach bíodh spás timpeall dhá mhíle banlámh idir sibh féin agus an áirc; ná téigí ina gaire.» Dúirt Iósua leis an bpobal: «Naomhaígí sibh féin, óir déanfaidh an Tiarna míorúiltí in bhur measc amárach.» Agus dúirt Iósua leis na sagairt: «Tógaigí in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh libh roimh an bpobal.» Agus thógadar in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh leo roimh an bpobal. Dúirt an Tiarna le Iósua: «Inniu féin tosóidh mé ar thú a mhóradh i radharc Iosrael go léir d' fhonn go mbeadh a fhios acu go mbeidh mé faratsa faoi mar a bhíos fara Maois. Agus tabhairse an t-ordú seo do na sagairt a iompraíonn áirc an chonartha: 'Nuair a shroichfidh sibh bruach uiscí na Iordáine stadaigí in bhur seasamh sa Iordáin féin.'» Agus dúirt Iósua le clann Iosrael: «Druidigí i leith agus éistigí le briathra an Tiarna bhur nDia.» Dúirt Iósua: «Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh. Féach, tá áirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, le gabháil thar Iordáin romhaibh amach. Toghaigí dáréag fear gan mhoill, dá bhrí sin, as treibheanna Iosrael, fear as gach treibh. Na sagairt le háirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, a luaithe a leagfaidh siad boinn a gcos ar uiscí na Iordáine, stopfaidh uiscí na Iordáine ina gcúrsa, agus stadfaidh na huiscí uachtair in aon mheall amháin ar a gcúrsa anuas.» Nuair a scoir na daoine campa chun gabháil thar Iordáin, thug na sagairt áirc an chonartha leo roimh an bpobal amach. A luaithe a shroich lucht iompair na háirce an Iordáin agus gur bhain cosa na sagart a bhí á hiompar le himeall na n-uiscí bíonn an Iordáin ag cur thar a bruacha go léir le linn an fhómhair stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó. Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir. Nuair a bhí an pobal go léir gafa thar Iordáin anonn, dúirt an Tiarna le Iósua: «Roghnaigh dáréag fear as an bpobal, fear as gach treibh, agus tabhair an t-ordú seo dóibh: 'Tógaigí dhá chloch déag ón áit seo, ó leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart agus tugaigí anonn libh iad, agus fágaigí iad san áit ina gcuirfidh sibh fúibh anocht.'» Ansin ghlaoigh Iósua ar an dáréag a roghnaigh sé as clann Iosrael, fear as gach treibh, agus dúirt sé leo: «Ar aghaidh libh roimh áirc an Tiarna bhur nDia go lár na Iordáine, agus tógadh gach duine agaibh cloch ar a ghualainn, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael, chun cuimhneachán a dhéanamh air seo in bhur measc; nuair a chuirfidh bhur gclann ceist oraibh sna blianta le teacht: 'Cad é an chiall atá agaibh leis na clocha seo?' déarfaidh sibhse leo: 'Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d' imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.'» Rinne clann Iosrael mar a dúirt Iósua leo; thógadar dhá chloch déag as leaba na Iordáine ag freagairt do líon treibheanna Iosrael, mar a dúirt an Tiarna le Iósua; thugadar anonn chun an champa iad agus leagadar ansiúd iad. Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d' iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann. Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir agus nuair a bhí an pobal go léir dulta anonn, ghabh áirc an Tiarna anonn, agus na sagairt ag ceann an phobail. Ghabh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leath-threibh Mhanaise anonn faoi airm roimh chlann Iosrael amach mar a d' ordaigh Maois dóibh. Ghabh timpeall daichead míle fear díobh faoi airm chatha thar abhainn anonn chun cogaidh, roimh an Tiarna, i dtreo mhachairí Ireachó. An lá úd rinne an Tiarna gaiscíoch de Iósua i súile Iosrael go léir; bhí eagla orthu roimhe faoi mar a bhí roimh Mhaois gach lá dá shaol. Dúirt an Tiarna le Iósua: «Ordaigh do na sagairt atá ag iompar áirc na Fianaise teacht aníos as an Iordáin.» Thug Iósua an t-ordú do na sagairt dá bhrí sin: «Tagaigí aníos as an Iordáin.» 18a Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d' fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó. 19 Maidir leis an dá chloch déag a tógadh as an Iordáin, chuir Iósua ina seasamh iad i nGilgeál. 20 Ansin dúirt sé le clann Iosrael: «Nuair a chuirfidh bhur gclann ceist ar a n-aithreacha sna laethanta le teacht: 'Cén chiall atá leis na clocha seo?' 21 abraigí leo: 'Gabh clann Iosrael thar an Iordáin seo cos tirim'; 22 mar thriomaigh an Tiarna bhur nDia uiscí na Iordáine romhaibh, nó go raibh sibh gafa thairsti, mar a rinne an Tiarna bhur nDia le Muir na nGiolcach a thriomaigh sé romhainn nó go rabhamar gafa thairsti, 23 i dtreo go mbeadh a fhios ag muintir an domhain uile a thréine atá lámh an Tiarna, agus go mbeadh urraim agaibh féin go deo don Tiarna bhur nDia.» Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael. Um an dtaca sin dúirt an Tiarna le Iósua: «Déan sceana breochloiche agus déan clann Iosrael a thimpeallghearradh arís den dara huair.» Rinne Iósua sceana breochloiche agus thimpeallghearr sé clann Iosrael ar Chnoc na bhForchraiceann. Sé cúis gur thimpeallghearr Iósua iad ná seo: na fireannaigh go léir ar an bpobal a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, fuaireadar bás san fhásach ar an tslí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt amach. An mhuintir go léir a tháinig amach do timpeallghearradh iad; ach an méid daoine a rugadh san fhásach ar a slí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt, níor timpeallghearradh iadsan. Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n-aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Is iad a gclann dá bhrí sin, an mhuintir a thóg sé ina n-áit, a thimpeallghearr Iósua; bhíodarsan gan timpeallghearradh mar nár timpeallghearradh iad ar an tslí. Nuair a bhí timpeallghearradh déanta ar an bpobal ar fad, d' fhanadar mar a raibh acu sa champa nó gur chneasaíodar. Agus dúirt an Tiarna le Iósua: «Inniu féin rinne mé aithis na hÉigipte a dhíbirt uaibh.» Uime sin tugadh Gilgeál ar an áit go dtí an lá atá inniu ann. Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó. Amárach na Cásca, an lá sin díreach, d' itheadar cuid de thorthaí na tíre, cístí gan ghabháile agus arbhar tíortha. As sin ar aghaidh, ón uair a d' itheadar cuid de thorthaí na tíre, níor thit an manna a thuilleadh; bhí clann Iosrael gan mhanna as sin amach, ach d' itheadar torthaí thír Chanán an bhliain sin. Nuair a bhí Iósua i ngar do Ireachó, d' ardaigh sé a shúile, chonaic fear ina sheasamh ansiúd os a chomhair, agus claíomh nocht ina láimh aige. Shiúil Iósua ina threo agus dúirt leis: «An ar ár dtaobhna atá tú, nó ar thaobh ár naimhde?» D' fhreagair sé: «É seo eile,» ar sé, «is mé captaen arm an Tiarna. Táim ag teacht anois?» Thit Iósua ar a bhéal agus ar a fhiacla chun talún agus d' adhar é agus dúirt leis: «Cad iad orduithe mo Thiarna dá shearbhónta?» D' fhreagair captaen arm an Tiarna Iósua: «Bain do chuaráin de do chosa, óir is naofa é an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh.» Agus rinne Iósua rud air. Bhí Ireachó daingnithe le barr cúraim in aghaidh chlann Iosrael; níor ghabh aon duine amach, níor ghabh aon duine isteach. Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: «Anois tá Ireachó agus a rí agus a ghaiscígh mhóra á dtabhairt ar láimh agam duit. Téigí timpeall na cathrach, a laochra gaile, gabhaigí timpeall na cathrach aon uair amháin. Déan amhlaidh ar feadh sé lá. Iompróidh mórsheisear sagart seacht dtrumpaí d' adharca reithe os comhair na háirce; ar an seachtú lá máirseálfaidh sibh timpeall na cathrach seacht n-uaire agus séidfidh na sagairt na trumpaí. Nuair a sheinnfidh siad dord fada ar an adharc reithe, a luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, ní foláir don phobal go léir gáir thréan chatha a chur astu, agus titfidh balla na cathrach ar lár gan mhoill; ansin ionsóidh an pobal an chathair gach duine ag sá roimhe.» Ghlaoigh Iósua mac Nún ar na sagairt agus dúirt leo: «Tógaigí áirc an chonartha agus iompraíodh seachtar sagart seacht dtrumpa d' adharca reithe roimh áirc an Tiarna.» Dúirt sé leis an bpobal: «Gluaisigí romhaibh agus timpeallaigí an chathair agus téadh an t-urgharda roimh áirc an Tiarna.» Rinneadh gach rud mar a d' ordaigh Iósua don phobal: ghabh an seachtar sagart ar aghaidh ag iompar na seacht dtrumpaí adhairce reithe roimh an Tiarna, agus shéideadar a dtrumpaí; ina ndiaidh tháinig áirc chonradh an Tiarna. Ghabh an t-urgharda ar aghaidh roimh na sagairt leis na trumpaí agus tháinig an cúlgharda ar chúl na háirce; bhí na trumpaí dá séideadh gan stad. Thug Iósua an t-ordú seo leanas don phobal: «Ná déanaigí gáir agus ná bíodh gíocs asaibh ná focal as bhur mbéal go dtí an lá a déarfaidh mé libh: 'Tógaigí an gháir chatha.' Ansin tugaigí gáir.» Ghabh áirc an Tiarna timpeall na cathrach de réir a orduithe; ní dhearna sí an timpeall ach aon uair amháin; ansin d' fhilleadar ar an gcampa agus chaitheadar an oíche ann. D' éirigh Iósua go moch ar maidin agus thóg na sagairt leo áirc chonradh an Tiarna. Ghabh na seacht sagairt ar aghaidh roimh áirc an Tiarna ag iompar na seacht dtrumpa adhairce reithe ag séideadh na dtrumpaí gan stad; ghabh an t-urgharda rompu amach, agus an cúlgharda i ndiaidh áirc an Tiarna agus na trumpaí á séideadh gan stad. An dara lá mháirseáladar timpeall na cathrach aon uair amháin agus d' fhilleadar ar an gcampa. Rinneadar amhlaidh sé lá. Ar an seachtú lá d' éiríodar go moch ar bhreacadh an lae agus mháirseáladar seacht n-uaire timpeall na cathrach ar an tslí chéanna: ar an lá sin amháin a mháirseáladar seacht n-uaire. An seachtú huair, nuair a shéid na sagairt na trumpaí, dúirt Iósua leis an bpobal: «Tugaigí an gháir, óir thug an Tiarna an chathair daoibh. Ní foláir an chathair agus gach a bhfuil ann a thíolacadh faoi bhang an Tiarna; ná déantar anacal anama ach ar Rácháb an striapach í féin agus líon a tí mar gur cheil sí na teachtairí a sheolamar. Seachnaígí sibh féin ar na nithe tíolactha faoin mbang agus ná beirigí libh aon ní atá faoin mbang; d' fhágfadh sin campa uile Iosrael faoin mbang céanna agus thabharfadh sé buaireamh sa mhullach air. An t-airgead agus an t-ór go léir, na gréithe cré-umha agus iarainn go léir, tá siad tíolactha don Tiarna agus ní foláir iad a chur i gciste an Tiarna.» Lig an pobal gáir astu agus séideadh na trumpaí. Nuair a chuala an pobal glór an trumpa, ligeadar gáir thréan chatha astu is thit na ballaí ar lár ar an bpointe boise. Thug an pobal faoin gcathair ar an toirt, gach duine ag sá roimhe, agus ghabhadar an chathair. Scriosadar a raibh sa chathair ar fad le faobhar claímh fir agus mná, óg agus aosta, fiú na daimh, na caoirigh agus na hasail. Dúirt Iósua leis an mbeirt a rinne an tír a bhrath: «Isteach libh i dteach na striapaí agus tugaigí libh amach as an bhean agus gach a mbaineann léi mar a mhionnaigh sibh di.» Chuaigh na fir óga a rinne an spiaireacht isteach agus thugadar amach Rácháb agus a hathair agus a máthair agus a deartháireacha agus gach duine a bhain léi; thugadar amach a fine go léir agus d' fhágadar iad slán folláin lasmuigh de champa Iosrael. Chuireadar an chathair agus a raibh inti trí thine, seachas an t-airgead agus an t-ór agus na gréithe cré-umha agus iarainn. Chuireadar iadsan i gciste theach an Tiarna. Ach Rácháb an striapach, agus líon tí a hathar, agus gach ar bhain léi, thug Iósua anacal anama dóibh agus tá cónaí uirthi in Iosrael go dtí an lá inniu féin, mar gur fholaigh sí na teachtairí a sheol an Tiarna chun Ireachó a bhrath. Um an dtaca sin chuir Iósua faoi bhrí an mhionna seo iad: Go raibh mallacht ar an té a éireoidh agus a thógfaidh an chathair seo (Ireachó) arís; ar a chéadghin a luífidh a bonn, agus an mac is óige leis a iompróidh a geataí. Bhí an Tiarna fara Iósua agus leath cáil Iósua faoin tír ar fad. Ach sháraigh clann Iosrael an bang go héagórach. Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach de threibh Iúdá, leag sé lámh ar rud a tháinig faoin mbang, agus las fearg an Tiarna i gcoinne na nIosraelach. Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: «Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.» Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath. D' fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: «Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.» Ghabh timpeall trí mhíle den phobal suas dá bhrí sin, ach chuir muintir Háí an teitheadh orthu. Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach. Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann. «Uch, a Thiarna Dia,» arsa Iósua, «cad a ba áil leat an mhuintir seo a thabhairt thar Iordáin ar aon chor d' fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh le scrios? Nárbh fhearr dúinn bheith sásta agus cur fuinn lastall den Iordáin! Cad tá le rá agam nuair atá a ndroim tugtha ag Iosrael lena naimhde? Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n-aghaidh agus scriosfaidh siad ár n-ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d' ainm mhóir?» D' fhreagair an Tiarna Iósua: «Bí i do sheasamh! Cad ab áil leat a bheith caite mar sin ar do bhéal agus ar d' fhiacla? Rinne Iosrael peaca; sháraíodar an conradh a d' ordaigh mé dóibh; thógadar nithe a bhí curtha faoin mbang; rinneadar iad a ghoid, a cheilt agus a chur ina mála. Sin é an fáth nach féidir le clann Iosrael seasamh in aghaidh a naimhde; thugadar droim lena naimhde mar go bhfuil siad féin tagtha faoin mbang. Ní fhanfaidh mé faraibh a thuilleadh mura ndéanfaidh sibh a bhfuil faoin mbang a dhíbirt as bhur measc. Éirigh agus naomhaigh an pobal agus abair leo: 'Naomhaígí sibh féin i gcomhair an lae amáraigh; mar deir an Tiarna Dia Iosrael: «Tá nithe atá faoin mbang in bhur measc féin; ní féidir daoibh choíche seasamh in aghaidh bhur naimhde nó go ndéanann sibh a bhfuil faoin mbang a scrios as bhur measc.» Tagaigí i láthair dá bhrí sin ar maidin treibh ar threibh; agus an treibh ar a dtitfidh crann an Tiarna tagaidís i láthair fine ar fhine; agus an fine ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair teaghlach ar theaghlach; agus an teaghlach ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair duine ar dhuine. An té a ghabhfar, agus ní atá faoin mbang ina sheilbh aige, loisctear sa tine é, é féin agus a bhfuil aige, mar gur sháraigh sé conradh an Tiarna agus go ndearna sé rud náireach in Iosrael.'» D' éirigh Iósua go moch ar maidin agus thug Iosrael leis treibh ar threibh agus thit an crann ar threibh Iúdá. Thug sé leis finí Iúdá agus thit an crann ar fhine Zearach. Thug sé leis fine Zearach teaghlach ar theaghlach agus thit an crann ar theaghlach Zaibdí. Ansin thug sé leis teaghlach Zaibdí, duine ar dhuine, agus thit an crann ar Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach. Ansin dúirt Iósua le hÁcán: «Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.» Thug Ácán freagra ar Iósua: «Pheacaigh mé, pheacaigh sin, in aghaidh an Tiarna Dia Iosrael, agus seo mar rinne mé: Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t-airgead in íochtar.» Chuir Iósua teachtairí uaidh agus ritheadar seo chun na botha. Bhí an fhallaing i bhfolach sa bhoth agus an t-airgead thíos fúithi. Thógadar ón mboth iad agus thugadar i láthair Iósua agus seanóirí Iosrael iad, agus leagadar os comhair an Tiarna iad. Ácán mac Zearach, an t-airgead agus an fhallaing agus an barra óir, a mhic agus a iníonacha, a dhaimh, a asail, a chaoirigh, a bhoth agus a raibh aige rug Iósua, agus clann Iosrael go léir ina theannta, iadsan go léir leis go Gleann an Mhí-Áidh (Ácór). «Cad ina thaobh,» arsa Iósua, «gur thug tú mí-ádh sa mhullach orainn? Go dtuga an Tiarna mí-ádh sa mhullach ort féin inniu!» Agus ghabh Iosrael go léir air de chlocha; loisceadar le tine iad agus ghabhadar de chlocha orthu. Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin. Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: «Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam. Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.» Ansin d' éirigh Iósua agus a lucht cogaidh go léir chun ionsaí a dhéanamh ar Háí. Thogh Iósua tríocha mile gaiscíoch agus sheol uaidh iad i gcoim na hoíche, leis na horduithe seo: «Féach, téigí i luíochán ar an gcathair i leith a cúil, ach ina cóngar; bígí ar bhur n-aire. Rachaidh mise agus a bhfuil de dhaoine i mo theannta faoi dhéin na cathrach; nuair a thiocfaidh siadsan amach inár gcoinne mar a rinneadar an chéad uair, teithfimid uathu. Rachaidh siadsan sa tóir orainn agus meallfaimid ón gcathair iad agus iad á rá: 'Tá siad ag teitheadh uainn mar a rinneadar an uair dheireanach.' Teithfimidne rompu, más ea, agus tiocfaidh sibhse as bhur luíochán agus gabhfaidh sibh an chathair, óir tabharfaidh an Tiarna bhur nDia ar láimh daoibh í. Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a d' ordaigh mé daoibh.» Sheol Iósua chun siúil iad dá bhrí sin, agus chuadar chun an láthair luíocháin idir Béitéil agus Háí, laistiar de Háí. Chaith Iósua an oíche sin i measc an phobail. D' éirigh Iósua go moch ar maidin, chuir sé tionól ar an bpobal agus chuir sé féin agus seanóirí Iosrael chun siúil roimh an bpobal i gcoinne Háí. Ghabh na fir chogaidh go léir ina theannta suas os comhair na cathrach agus shuíodar a gcampa lastuaidh de Háí agus gleann idir iad agus Háí. Thug sé leis timpeall cúig mhíle fear agus chuir i luíochán iad idir Béitéil agus Háí, laistiar den chathair. Sin mar a suíodh an slua campa an phobail lastuaidh den chathair agus lucht an luíocháin laistiar di; chaith Iósua an oíche sin sa ghleann féin. Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair. Lig Iósua agus clann Iosrael go léir orthu go rabhthas á gcloí acu agus theitheadar i dtreo an fhásaigh. Glaodh ar a raibh sa chathair chun dul sa tóir orthu agus nuair a chuadar sa tóir ar Iósua d' fhágadar an chathair féin gan chosaint. Níor fágadh fear i Háí (ná i mBéitéil) nár ghabh amach ar thóir Iosrael; d' fhágadar an chathair ar leathadh agus leanadar Iosrael. Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: «Sín an ga atá i do láimh i gcoinne Háí óir táim ar tí í a thabhairt i do láimh duit.» Agus shín Iósua an ga a bhí ina láimh aige i gcoinne na cathrach. A luaithe a shín sé a lámh d' éirigh lucht an luíocháin go mear as a láthair agus ritheadar ar aghaidh agus isteach sa chathair leo; ghabhadar í agus chuireadar trí thine í gan mhoill. Nuair a d' fhéach muintir Háí siar chonaiceadar an deatach ag éirí ón gcathair chun na spéire; ní raibh breith acu ar theitheadh mar seo ná mar siúd, mar an mhuintir a theith i dtreo an fhásaigh, d' fhilleadar ar ais ar an tóir. Nuair a chonaic Iósua agus clann Iosrael go léir go raibh an chathair gafa ag lucht an luíocháin, agus deatach na cathrach ag éirí in airde, d' iompaíodar ar ais agus d' ionsaíodar muintir Háí. Tháinig an dream eile amach as an gcathair ina n-aghaidh chomh maith i dtreo go rabhadar teanntaithe ag na hIosraelaigh, cuid díobh seo ar thaobh agus an chuid eile ar an taobh eile. Thugadar fúthu go dtí nár fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil díobh, ach gur gabhadh rí Háí ina bheatha agus gur tugadh go Iósua é. Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d' fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d' imríodar faobhar claímh uirthi. Ba é líon na ndaoine a thit an lá sin, idir fhir agus mhná, dhá mhíle dhéag. De mhuintir Háí iad uile. Níor tharraing Iósua ar ais an lámh lenar shín sé an ga nó gur scrios sé lucht Háí go léir. Níor thug clann Iosrael leo mar chreach as an gcathair sin ach a heallach agus a héadáil de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Iósua. Loisc Iósua Háí agus d' fhág ina fothrach follamh í go brach, mar atá sí inniu féin. Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d' ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu. agus an Dlí á Léamh ann faoi mar a d' ordaigh Maois óglach an Tiarna do chlann Iosrael de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois, «altóir de chlocha nár snoíodh agus nár luigh aon uirlis iarainn riamh orthu»; agus d' ofráladar íobairtí dóite uirthi don Tiarna agus íobairtí comaoineach chomh maith. Ansiúd ar na clocha scríobh Iósua, i láthair phobal Iosrael, cóip den dlí a scríobh Maois. Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a d' ordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael. Ina dhiaidh sin léigh Iósua briathra uile an dlí, na beannachtaí agus na mallachtaí, de réir mar atá scríofa i leabhar an dlí. Ní raibh focal dár aithin Maois nár léigh Iósua do chomhthionól chlann Iosrael go léir idir mhná agus leanaí, agus dheoraithe ag cur fúthu ina measc. agus na Gibeónaigh rinneadar comhaontú le chéile chun troda in aghaidh Iósua agus chlann Iosrael. Nuair a chuala muintir Ghibeón an íde a thug Iósua ar Ireachó agus ar Háí, bheartaíodar dul i mbun cneamhaireachta. D' imíodar agus fuaireadar lón agus thugadar leo seanmhálaí ar a n-asail agus seanseichí fíona a bhí pollta ach iad deisithe; ar a gcosa bhí seanchuaráin chaite le cliatha iontu, agus an t-éadach a bhí orthu bhí sé dreoite; an t-arán go léir a bhí acu bhí sé briosc agus snas air. Chuadar go Iósua sa champa i nGilgeál agus dúradar leis-sean agus le muintir Iosrael: «Thángamar ón gcoigríoch; déanaigí conradh linn más eá.» Ach dúirt muintir Iosrael leis na Hivigh: «B' fhéidir go bhfuil cónaí oraibh inár measc. Conas mar sin a d' fhéadfaimís conradh a dhéanamh libh?» «Seirbhísigh duitse sinn,» ar siad le Iósua. «Agus cé hé sibh féin?» arsa Iósua, «agus cad as daoibh?» «Thángamar, do shearbhóntaí, ón imigéin,» ar siad, «de bharr clú an Tiarna do Dhia. Mar chualamar tuairisc air féin agus ar a ndearna sé san Éigipt; agus ar a ndearna sé leis an mbeirt rí Amórach a bhí lastall den Iordáin, Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán a bhí ag cur faoi in Aisteárót. Dúirt ár seanóirí agus muintir ár dtíre go léir linn: 'Tógaigí lón libh don aistear, agus téigí ina n-airicis agus abraigí leo: «Seirbhísigh daoibh sinne: seo anois, déanaigí conradh linn.» ' Siúd é ár n-arán. Bhí sé te fós nuair a thógamar linn ónár dtithe é mar lón bóthair an lá a chuireamar chun siúil chun teacht in bhur láthair; ach anois féach go bhfuil sé briosc agus snas air. Bhí na seithí fíona seo nua nuair a líonamar iad; féach tá siad pléasctha; tá ar gcuid éadaigh agus ár gcuaráin caite tar éis an aistir chomh fada sin atá curtha dínn againn.» Chaith na ceannairí an bia a rinneadar a thairiscint gan comhairle an Tiarna a lorg. Rinne Iósua síocháin agus conradh leo ag dul i mbannaí lena n-anam, agus dhaingnigh an pobal é sin faoi bhrí na mionn. Trí lá tar éis an conradh a dhéanamh leo fuarthas amach gur comharsana iad agus go raibh cónaí orthu i measc chlann Iosrael. Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte.i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím. Níor ionsaigh clann Iosrael iad mar gur mhionnaigh ceannairí an phobail dar an Tiarna Dia Iosrael ach rinne an comhthionól go léir monabhar in aghaidh na gceannairí. Ach dúirt na ceannairí leis an gcomhthionól go léir: «Thugamar mionn dóibh dar an Tiarna Dia Iosrael agus ní féidir dúinn baint leo anois. Mar seo a dhéanfaimid: anacal anama a dhéanamh orthu le heagla go ndéanfaí é a agairt orainn le fearg de bharr na mionn a thugamar dóibh.» Agus lean na ceannairí orthu: «Déanaigí anacal orthu, agus bídís ina ngiollaí brosna agus uisce ag an gcomhthionól go léir.» Rinne an comhthionól rud ar na ceannairí. Chuir Iósua fios ar [mhuintir Ghibeón] agus d' fhiafraigh sé díobh: «Cad ab áil libh dár mealladh á rá go raibh cónaí oraibh i bhfad ó bhaile uainn nuair is anseo inár measc atá cónaí oraibh? Tá mallacht oraibh anois dá bhrí sin agus beidh cuid agaibh in bhur sclábhaithe, in bhur ngiollaí brosna agus uisce i dteach mo Dhé go deo.» Sé freagra a thugadar ar Iósua: «Rinneamar amhlaidh mar go rabhamarna, do searbhóntaí, lándeimhin de gur ordaigh an Tiarna, do Dhia, do Mhaois, a ghiolla, an tír seo go léir a thabhairt daoibh agus a bhfuil ina gcónaí ann a scrios romhaibh; agus de réir mar a bhí sibh ag druidim linn tháinig scanradh inár mbeatha orainn romhaibh. Anois, féach, táimid faoi do bhois; déan linn mar is ceart agus is cóir a dhéanamh linn dar leat.» Sé a rinne sé leo ná iad a shaoradh ó lámha chlann Iosrael; agus níor mharaíodar iad. Ach ón lá sin amach rinne Iósua giollaí brosna agus uisce díobh don chomhthionól agus chuir de cheangal orthu, go dtí an lá atá inniu ann, freastal ar altóir an Tiarna cibé ball ba rogha leis. Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo. Bhí sceimhle air dá bharrsan mar go raibh Gibeón chomh breá de chathair le ceann de chathracha an rí féin, í níos mó na Háí agus a saoránaigh go léir ina bhfir chogaidh. Ansin chuir Adonaízidic rí Iarúsailéim scéala chun Hóhám rí Heabrón, Pireám rí Iarmút, Iáfia rí Láicís agus Deibír rí Eaglón. «Taobhaigí liom,» ar sé, «agus tagaigí i gcabhair orm; déanaimís Gibeón a scrios mar go ndearna sí síocháin le Iósua agus le clann Iosrael.» Na cúig ríthe Amóracha.i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n-airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d' ionsaíodar é. Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: «Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n-aghaidh.» Ghabh Iósua féin suas ó Ghilgeál dá réir sin, agus a lucht cogaidh go léir fairis, agus na gaiscígh go léir. Dúirt an Tiarna le Iósua: «Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.» Mháirseáil Iósua ó Ghilgeál ar feadh na hoíche dá bhrí sin agus tháinig sé orthu aniar aduaidh. Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá. D' fhear an Tiarna clocha móra sneachta ón spéir anuas sa mhullach orthu agus iad ag teitheadh le fána ó Bhéit Horon ar feadh na slí go hAzaecá, agus mharaigh sin iad; is mó a fuair bás de bharr na gclocha sneachta ná de rinn claímh chlann Iosrael. Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: «A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.» Agus d' fhan an ghrian socair agus an ghealach ina stad, Nó go raibh díoltas déanta ag an bpobal ar a naimhde. Nach bhfuil seo scríofa i Leabhar na bhFíréan? D' fhan an ghrian ina stad i lár na spéire agus chuir moill ar a dul faoi ar feadh lae iomláin, geall leis. Ní raibh lá mar é riamh ná ó shin i leith nuair a ghéill an Tiarna do ghuth duine mar bhí an Tiarna ag troid ar son Iosrael. D' fhill Iósua agus Iosrael go léir fairis ar ais ar an gcampa i nGilgeál. Theith an cúigear rí úd agus chuadar i bhfolach in uaimh Mhacaedá. Tugadh scéala chun Iósua: «Fuarthas an cúigear rí agus iad i bhfolach in uaimh Mhacaedá.» «Cuirigí,» arsa Iósua, «leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi. Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.» Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne. D' fhill an pobal go léir slán folláin ar champa Iósua i Macaedá, agus níor leomhaigh aon duine iarracht a dhéanamh in aghaidh chlann Iosrael. Ansin dúirt Iósua: «Osclaigí béal na huaimhe agus tugaigí an cúigear rí úd amach chugam.» Rinneadar amhlaidh agus thugadar an cúigear rí úd amach as an uaimh chuige.i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicis, agus rí Eaglón. Nuair a bhíodarsan tugtha amach go Iósua acu, ghair Iósua ar fhir Iosrael go léir agus dúirt le taoisigh na bhfear cogaidh a throid ina theannta: «Druidigí isteach agus cuirigí bhur gcosa ar bhráide na ríthe seo.» Ansin dhruideadar isteach leo agus leag a gcosa ar a mbráide. Lean Iósua air: «Ná bíodh eagla ná beaguchtach oraibh; bíodh misneach agaibh agus neart ionaibh mar sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na naimhde go léir a throidfidh in bhur n-aghaidh.» Ansin bhuail Iósua an buille báis orthu agus mharaigh iad agus chroch iad ar chúig crainn, agus fágadh crochta ar na crainn iad go tráthnóna. Le dul faoi na gréine, ar ordú Iósua, thógadar anuas de na crainn iad agus chaitheadar isteach san uaimh iad mar a ndeachadar i bhfolach. Chuireadar leacacha móra ag béal na huaimhe, agus tá siad ansiúd go dtí an lá inniu féin. Ghabh Iósua Macaedá an lá céanna agus d' imir sé faobhar claímh ar an gcathair agus ar a rí. Chuir sé iad go léir faoin mbang, agus gach duine beo a bhí inti, gan ligean le haon duine. Thug sé an íde chéanna ar rí Mhacaedá agus a thug ar rí Ireachó. Ghabh Iósua ar aghaidh ansin ó Mhacaedá go Libneá agus sluaite Iosrael go léir fairis agus d' ionsaigh sé Libneá. Thug an Tiarna í seo ar láimh d' Iosrael chomh maith, í féin agus a rí; d' imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti, gan duine beo a fhágáil inti; agus thugadar an íde chéanna ar a rí agus a thugadar ar rí Ireachó. Ghluais Iósua ar aghaidh ó Libneá go Láicís agus sluaite Iosrael go léir fairis; chuir sé léigear uirthi agus d' ionsaigh í. Agus thug an Tiarna Láicís ar láimh d' Iosrael agus ghabhadar í ar an dara lá; d' imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti mar a rinneadar le Libneá. Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo. Ghluais Iósua ar aghaidh agus sluaite Iosrael go léir fairis ó Láicís go hEaglón; chuireadar léigear uirthi agus d' ionsaíodar í. Ghabhadar í an lá céanna agus d' imríodar faobhar claímh uirthi. Chuir sé gach duine inti faoin mbang an lá sin mar a rinne le Láicís. Ansin ghluais Iósua ar aghaidh ó Eaglón go Heabrón agus sluaite Iosrael go léir fairis. D' ionsaíodar í, ghabhadar í agus d' imríodar faobhar claímh uirthi féin, ar a rí agus ar gach láthair a bhain léi, agus ar gach duine inti; agus, faoi mar a rinne sé le hEaglón, níor fhág sé fear inste scéil inti; chuir sé faoin mbang í le gach dúil bheo inti. Ansin chas Iósua i leataobh in aghaidh Dheibír, agus sluaite Iosrael go léir fairis, agus d' ionsaigh sé í. Ghabh sé í féin agus a rí agus na láithreacha go léir a bhain léi; d' imríodar faobhar claímh orthu agus chuireadar gach dúil bheo inti faoin mbang; níor fhág sé fear inste scéil. Thug sé an íde chéanna ar Dheibír agus ar a rí agus a thug ar Heabrón agus a thug ar Libneá agus ar a rí. Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a d' ordaigh an Tiarna, Dia Iosrael. Chloígh Iósua iad ó Cháidéis Bairnéa go Gazá, dúiche uile Ghoisin chomh fada le Gibeón. Ghabh Iósua na ríthe sin go léir agus a bhfearainn d' aon iarracht amháin mar go raibh an Tiarna, Dia Iosrael, ag troid ar son Iosrael. Ansin d' fhill Iósua, agus sluaite Iosrael go léir fairis, ar an gcampa ag Gilgeál. Nuair a chuala Iáibín rí Házór na nithe sin chuir sé scéala fúthu go Ióbab rí Mhádón agus go rí Shimreon agus go rí Aicseáf, agus go dtí na ríthe sna hardáin thuaidh agus sa ghleann laisteas de Chinearót agus sna hísleáin agus sna leitreacha siar ó Dhór; go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá. Chuireadar chun bealaigh lena sluaite go léir, iad líonmhar mar ghaineamh na trá, le capaill agus carbaid gan áireamh. Tháinig na ríthe seo go láthair choinne agus chomhdhála agus shuíodar a gcampaí le hais a chéile ag uiscí Mhaeróm chun troid in aghaidh Iosrael. Dúirt an Tiarna le Iósua: «Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n-each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.» Tháinig Iósua agus a ghaiscígh go léir gan choinne orthu ag uiscí Mhaeróm, agus thugadar fúthu. Thug an Tiarna ar láimh d' Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh. Rinne Iósua leo mar a d' ordaigh an Tiarna; ghearr sé speireacha a n-each agus dhóigh sé a gcarbaid. D' fhill Iósua ansin agus ghabh sé Házór agus d' imir faobhar claímh ar a rí. Bhí ceannas ag Házór ar na ríochtaí sin go léir tráth. Chuireadar chun báis de rinn claímh gach dúil bheo inti, agus iad faoin mbang. Níor fágadh duine inti le hanáil na beatha ann agus ansin loisc sé Házór. Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d' imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d' ordaigh Maois óglach an Tiarna. Níor loisc Iosrael aon chathair díobh siúd go léir ar a dtulaigh, seachas Házór amháin a chuir Iósua trí thine. Thug muintir Iosrael leo mar chreach éadáil agus eallach na gcathracha sin; d' imríodar faobhar claímh ar gach daonnaí, agus scriosadar iad go léir; níor fhágadar fiú duine agus anáil na beatha ann. Gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois a óglach, thug seisean mar ordú do Iósua, agus chuir Iósua i gcrích é, gan faillí a dhéanamh ar aon ní dár ordaigh an Tiarna do Mhaois. Fuair Iósua seilbh ar an tír sin go léir, na hardáin, an Neigib go léir, agus fearann uile Ghoisin, na hísleáin, an tArabá, ardáin agus ísleáin Iosrael. Ó Shliabh Hálác a éiríonn i dtreo Shaeír chomh fada le Bál Gád in nGleann na Liobáine faoi scáth Hearmón, ghabh sé na ríthe go léir, threascair iad agus bhásaigh iad. Chuir Iósua cogadh ar na ríthe sin go léir ar feadh i bhfad. Ní dhearna cathair síocháin le clann Iosrael ach na Hivigh a mhair i nGibeón; i gcath a fuaireadar an lámh uachtair ar an gcuid eile go léir. Ba é deonú an Tiarna a gcroíthe a chruadh chun go rachaidís chun catha in aghaidh Iosrael d' fhonn go gcuirfí gan taise faoin mbang iad agus go scriosfaí iad mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Ansin tháinig Iósua agus scrios sé na hAnácaím ó na hardáin, ó Heabrón, ó Dheibír, ó Anáb, ó ardáin Iúdá go léir agus ó ardáin Iosrael go léir; chuir sé iad féin agus a gcathracha faoin mbang. Níor fágadh aon Anácaím i bhfearainn chlann Iosrael ach ag Gazá, Gat, agus Aisdeod. Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d' Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír. Siad seo ríthe na tíre a chloígh clann Iosrael agus ar ghabhadar seilbh ar a gcríocha lastall den Iordáin agus i dtreo an oirthir, ó shileán Arnón go Sliabh Hearmón, agus an tArabá ar fad lastoir: Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón agus com an ghleanna san áireamh thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach; agus soir thar an Arabá go Muir Chinearót ar thaobh, agus go Muir an Arabá, Muir an tSalainn, i dtreo Bhéit Isimiot chomh fada le spoir shliabh Phisceá ar an taobh theas; Óg rí Bháiseán, duine d' iarmhar na Rafáím, a bhí ag cur faoi in Aisteárót agus in Eidreí; bhí sé i gceannas ar Shliabh Hearmón agus ar Shalacá agus ar Bháiseán go léir go teorainn na nGeasúrach agus na Mácátach, agus ar leath Ghileád go teorainn Shíochon rí Heisbeón. Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise. Seo iad ríthe na dúiche a chloígh Iósua agus clann Iosrael laistiar den Iordáin ó Bhál Gád i nGleann na Liobáine go Sliabh Hálác, in airde i dtreo Shaeír; agus bhronn Iósua a bhfearainn ar threibheanna Iosrael mar chuid roinne: sna hardáin agus na hísleáin; san Arabá agus ar na sleasa; san fhásach agus sa Neigib, i gcríocha na Hiteach, na nAmórach, na gCanánach, na bPirizeach, agus na Iabúsach: rí Ireachó, duine; rí Háí le hais Bhéitéil, duine; rí Iarúsailéim, duine; rí Heabrón, duine; rí Iarmút, duine; rí Láicís, duine; rí Eaglón, duine; rí Gheizir, duine; rí Dheibír, duine; rí Gheidir, duine; rí Hormá, duine; rí Arád, duine; rí Libneá, duine; rí Adulám, duine; rí Mhacaedá, duine; rí Bhéitéil, duine; rí Thapúach, duine; rí Héifir, duine; rí Afaec, duine; rí Laiseárón, duine; rí Mhádón, duine; rí Házór, duine; rí Shimearón, duine; rí Aicseáf, duine; rí Thánac, duine; rí Mhigideo, duine; rí Cheidis, duine; rí Iocnán i gCairmeil, duine; rí Dhór ar shleasa sléibhte Dhór, duine; rí Ghóím sa Ghailíl, duine; rí Thirzeá, duine. Líon iomlán na ríthe sin: triúr déag ar fhichid. Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: «Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil. Seo é an fearann atá fós le gabháil: Críocha uile na bhFilistíneach, agus dúiche uile na nGeasúrach; Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach, agus críocha na nGeabalach agus an Liobáin go léir soir ó Bhál Gád ag bun Sliabh Hearmón go Bealach Hamát. An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d' ordaigh mé duit. Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]» Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón; na cathracha go léir a bhí ag Síochon rí na nAmórach a rialaigh i Heisbeón chomh fada le teorainn na nAmónach, agus Gileád agus dúiche na nGeasúrach agus na Mácátach, Sliabh Hearmón go léir agus Báiseán go léir go Salacá; i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad. Níor dhíbir na hIosraelaigh na Geasúraigh ná na Mácátaigh; tá Geasúr agus Mácát ina gcuid d' Iosrael go dtí an lá inniu féin. Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n-oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo. Thug Maois oidhreacht do threibh chlann Reúbaen de réir a bhfiní. Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir, le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón, Iahaz, Caedaemót agus Maefat, Ciriataím, Suibmeá agus Zeirit Seahar ar ardáin an ghleanna; Béit Peór ar shleasa Phisceá, agus Béit Isimiot, cathracha an ardchláir go léir, is é sin, agus ríocht uile Shíochon rí na nAmónach, a rialaigh i Heisbeón; chloígh Maois eisean, agus taoisigh Mhidián Eiví, Reicim, Zúr, Húr, agus Reaba, prionsaí le Síochon a bhí ag cur fúthu sa tír. Maidir le Balám mac Bheór, an fear feasa, mharaigh clann Iosrael le faobhar claímh é fara an muintir eile ar a ndearnadar eirleach. Shín fearann na Reúbaenach dá réir sin go dtí an Iordáin, a theorainn. Ba í sin oidhreacht na Reúbaenach de réir a bhfiní, leis na cathracha agus a mbailte máguaird. Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní chomh maith do threibh Ghád. Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá, agus ó Heisbeón go Rámat Mizpe agus Batonaím, agus ó Mhachanaím go dúiche Lidibir, agus sa ghleann: Béit Hárám, Béit Nimreá, Sucót, agus Záfaón, an chuid eile de ríocht Shíochon rí Heisbeón. Ba í an Iordáin an teorainn go híochtar Muir Chinearat ar an taobh thoir den Iordáin. Sin í oidhreacht chlann Ghád de réir a bhfiní, leis na cathracha agus lena mbailte máguaird. (Do leath-threibh Mhanaise.) Thug Maois oidhreacht de réir a bhfiní do leath-threibh Mhanaise. Shín a bhfearann ó Mhachanaím thar Bháiseán go léir, ríocht Óg rí Bháiseán go léir; coilíneachtaí uile Iáír i mBáiseán, trí fichid cathair. Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní. Sin mar a roinn Maois na fearainn ar bhánta Mhóáb, lastall den Iordáin os coinne Ireachó. Do threibh Léiví amháin níor thug Maois aon oidhreacht; an Tiarna, Dia Iosrael, a n-oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo. Laistiar den Iordáin Rinneadh an roinnt don naoi dtreibh go leith ar cranna mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Thug Maois a n-oidhreacht féin don dá threibh go leith lastall den Iordáin, ach níor thug sé aon oidhreacht ina measc do chlann Léiví. Dhá threibh a ba ea clann Iósaef, Manaise agus Eafráim; níor tugadh aon chuid den fhearann do na Léivítigh ach cathracha áirithe le cónaí iontu, agus an talamh féaraigh ina dtimpeall dá n-eallach agus dá maoin. Ag roinnt an fhearainn dóibh rinne clann Iosrael mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Tháinig dream de chlann Iúdá go Iósua ag Gilgeál, agus dúirt Cálaeb mac Iafuna, an Cinizeach, leis: «Tá fhios agat cad dúirt an Tiarna le Maois, óglach Dé, i gCáidéis Bairnéa mar gheall ortsa agus ormsa. Bhí mé daichead bliain d' aois nuair a sheol Maois ó Cháidéis Bairnéa mé chun an tír seo a bhrath, agus thug mé tuairisc dó le barr dílseachta. Ach mo bhráithre a ghabh suas liom, chuireadar lagmhisneach ar an bpobal, ach rinne mé féin rud ar an Tiarna go beacht. Mhionnaigh Maois an lá úd á rá: 'An talamh ar ar leag tú bonn do choise, bí deimhin de go mbeidh sé ina oidhreacht agat féin agus ag do chlann go brach, óir rinne tú rud ar an Tiarna mo Dhia go beacht.' Féach, choinnigh an Tiarna i mo bheatha mé ón lá úd go dtí seo, de réir mar a gheall sé. Tá cúig bliana agus daichead ann ó thug an Tiarna an gealltanas sin do Mhaois agus Iosrael fós ag taisteal tríd an bhfásach. Seo mé cúig bliana agus ceithre fichid d' aois anois. Táim chomh laidir céanna inniu agus a bhí mé an lá a sheol Maois uaidh mé; tá mo neart anois chun troda, chun dul ar eachtra agus filleadh, mar a bhí an uair ud. Tabhair dom más ea na hardáin a gheall an Tiarna dom an uair úd. Chuala tú an uair úd go raibh na hAnacaím ag cur fúthu ansiúd, agus gur mhór agus gur dhaingean iad a gcathracha. Má bhíonn an Tiarna faram, tiomáinfidh mé amach iad mar a dúirt an Tiarna.» Chuir Iósua a bheannacht ar Chálaeb mac Iafuna agus thug Heabrón dó mar oidhreacht. Uime sin d' fhan Heabrón i seilbh oidhreachta Chálaeb mac Iafuna an Cinizeach mar go ndearna sé rud ar an Tiarna, Dia Iosrael, go beacht. Ciriat Arba a bhí mar ainm ar Heabrón roimhe sin. Ba é an fear seo Arba an gaiscíoch ba mhó ag na hAnacaím. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír. An chuid a fuair treibh chlann Iúdá de réir a bhfiní, shín sé ó dheas go teorainn Eadóm, ó fhásach Zin go Cáidéis siar ó dheas. Thosaigh a dteorainn theas ó íochtar Mhuir an tSalainn, ag an mbá a bhfuil a aghaidh ó dheas, agus shín laisteas de Bhealach Acraibím, ar aghaidh trí Zin agus suas laisteas de Cháidéis Bairnéa, thar Heizreón, ar aghaidh go hAdár, agus chas as sin go Carcá; ghabh ar aghaidh thar Azmón, tháinig amach ag sileán na hÉigipte, agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige. Sin é a bheidh agaibh mar theorainn theas. Lastoir Muir an tSalainn an teorainn go béal na Iordáine. Ghabh an teorainn seo suas go Béit Hoglá, chuaigh ar aghaidh lastuaidh de Bhéit Arabá, agus shroich Lia Bhohan mac Reúbaen. Chuaigh an teorainn suas go Deibír ó Ghleann Ácór agus ó thuaidh i dtreo an fháinne cloch os comhair Bhealach Adumaím atá ar an taobh theas den ghleann; ghabh an teorainn ar aghaidh go huiscí Éan Seimis, agus stad ag Éan Rogael. Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím. Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím). Chuaigh an teorainn timpeall Bhálá siar go Sliabh Shaeír; ghabh sí thar shlios thuaidh Sliabh Iáraím (.i. Casálón); síos léi go Béit Seimis agus thar Timneá; shín sí go gualainn an tsléibhe lastuaidh de Eacrón; chas an teorainn ansin i dtreo Shicearón, ghabh thar Sliabh Bhálá; ar aghaidh léi amach go Iabnael agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige. An Fharraige Mhór agus a feorainn an teorainn thiar. Sin é anois an teorainn timpeall an fhearainn a bronnadh ar chlann Iúdá de réir a bhfiní. Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna.i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois). Thiomáin Cálaeb triúr mac Anac amach aisti: Séisea, Aichímeán, agus Talmai, sliocht Anac. Ghabh sé suas as sin in aghaidh lucht áitribh Dheibír, ar a dtugtaí Ciriat Saefar tráth. Dúirt Cálaeb ansin: «Tabharfaidh mé m' iníon Acsá mar bhean don té a chloífidh agus a ghabhfaidh Ciriat Saefar.» Ba é fear a ghabh í ná Oitníéil mac Canaz, deartháir Chálaeb; thug Cálaeb a iníon Acsá dó le pósadh. Nuair a tháinig sí go dtí a fear, ghriog seisean í chun gort a iarraidh ar a hathair. Phreab sí dá hasal agus d' fhiafraigh Cálaeb di: «Cad tá uait?» D' fhreagair sise: «Tabhair bronntanas dom; ós rud é gur dhíbir tú mé go dtí an fásach, an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce.» Agus thug Cálaeb na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha di. Ba é sin oidhreacht threibh chlann Iúdá de réir a bhfiní. Seo iad na cathracha le treibh chlann Iúdá is sia ó dheas i dtreo teorainn Eadóm sa Neigib: Cabzael, Éidir, Iágúr, Cíneá, Dimeoná Adádá, Ceidis, Házór, Itneán, Zif, Teilim, Beálót, Házór Hadatá, Ciríót Heizreon (.i. Házór), Amám, Seamá, Móládá, Hazar Gadá, Heismeon, Béit Peilit, Hazar Siúál, Béar Seaba, Bizióitiá, Bálá, Iím, Eizim, Eilteolad, Ceisíl, Hormá, Zicleag, Madmaná, Sansaná, Labáót, Silchím, Aín, agus Rimeon. Naoi gcathair fichead ar fad lena mbailte. Sna hísleáin: Eisteáól, Zorá, Aisneá, Zánóa, Éan Gainím, Tapua, Éanám, Iarmút, Adullám, Sócó, Azaecá, Seáraí, Aidíteaím, Gadaerá, Gadaerotáím; ceithre chathair déag lena mbailte. Zeanán, Hadáiseá, Migdeal Gád, Dileán, Mizpe, Ioctael, Láicís, Bozcat, Eaglón, Cabón, Lachmán, Citlís, Gadaerót, Béit Dágón, Námá, Macaedá. Sé chathair déag lena mbailte. Libneá, Eitir, Áiseán, Ifteách, Aisneá, Nizib, Ceíleá, Aiczíb, Máraeiseá. Naoi gcathair lena mbailte. Eacrón lena bhailte agus a shráidbhailte. Ó Eacrón go muir, a bhfuil ar thaobh Aisdeod, lena bhailte. Aisdeod lena bhailte agus a shráidbhailte máguaird. Gazá lena bhailte agus a shráidbhailte máguaird chomh fada le sileán na hÉigipte; an Fharraige Mhór an teorainn. Sna hardáin: Seáimír, Iaitír, Sócó, Daná, Ciriat Saná (.i. Deibír), Anáb, Eistimeo, Áiním, Goisin, Holon, Giolo; aon chathair déag lena mbailte. Aráb, Dúmá, Eiseán, Iánúm, Béit Tapúach, Afaecá, Humtá, Ciriat Arba (.i. Heabrón), Zíór; naoi gcathracha lena mbailte. Máón, Cairmeil, Zíf, Iútá, Iazrael, Iocdám, Zanóach, Caín, Gibeá, Timneá; deich gcathracha lena mbailte. Halhúl, Béit, Zúr, Gadór, Márát, Béit Anót, Eilteacon; sé chathair lena mbailte. Ciriat Bál (.i. Ciriat Iáraím), agus Rabá; dhá chathair lena mbailte. San fhásach: Béit Arabá, Midín, Sacácá, Nibseán, Cathair an tSalainn, Éan Geidí; sé chathair lena mbailte. Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin. An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t-ardchlár suas go fásach Bhéitéil, chuaigh sí ó Bhéitéil go Lúz agus ar aghaidh i dtreo theorainn na nAircíoch ag Atárót. Síos léi ansin agus siar go teorainn na nIaflaetach chomh fada le críocha Bhéit Horon íochtaraigh, ansin go Geizir agus go ceann scríbe ag an bhfarraige. Sin í an oidhreacht a fuair muintir Iósaef, Manaise agus Eafráim. Maidir le fearann chlann Eafráim de réir a bhfiní: ba é Atárót Adár go Béit Horon uachtarach teorainn a n-oidhreachta lastoir. Shroich sí ceann scríbe ag an bhfarraige? Micmeatát lastuaidh; chas an teorainn soir go Tanát Sileo, agus ar aghaidh thairis lastoir go Iánóchá. Ghabh sí síos ansin ó Iánóchá go hAtárót agus go Nárá, theagmhaigh le Ireachó agus shroich ceann scríbe ag an Iordáin. Ghabh an teorainn siar ó Thapúach go sileán Cháná agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige. Ba é sin oidhreacht chlann Eafráim de réir a bhfiní, chomh maith leis na bailte a coinníodh do chlann Eafráim laistigh d' oidhreacht chlann Mhanaise na bailte sin go léir lena sráidbhailte máguaird. Níor díbríodh na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir; tá cónaí orthu in Eafráim go dtí an lá inniu, ach tá cuing na daoirse orthu. Fuair Manaise a chuid ar cranna mar gurbh é céadghin Iósaef é; do Mhácaír, céadghin Mhanaise, agus athair Ghileád, tugadh Gileád agus Báiseán, mar ba dhual do fhear faobhair. Tugadh don chuid eile de threibh Mhanaise oidhreacht de réir a bhfiní do chlann Aibíeizir, do chlann Héilic, do chlann Aisríéil, do chlann Sheicim, do chlann Héifir, do chlann Shimídeá; ba shin iad síol chlann mhac Mhanaise mac Iósaef, de réir a bhfiní. Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mhácaír, mac Mhanaise, ní raibh aon mhac aige ach iníonacha darbh ainm Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá. Thángadar seo go dtí Eileázár an sagart agus go dtí Iósua mac Nún agus na ceannairí. «D' ordaigh an Tiarna do Mhaois,» ar siad, «oidhreacht a thabhairt dúinn i measc ár mbráithre.» Tugadh oidhreacht dóibh dá bhrí sin i measc bráithre a n-athar de réir mar a d' ordaigh an Tiarna. Ar an tslí sin fuair Manaise deich ranna seachas dúiche Ghileád agus Báiseán lastall den Iordáin, mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád. Ar thaobh Áiséar ba é Micmeatát os comhair Sheicim teorainn Mhanaise; ghabh sí ó dheas ansin go Iaisíb ag tobar Thapúach. Le Manaise dúiche Thapúach, ach le clann Eafráim baile Thapúach féin ar an teorainn le Manaise. Ghabh an teorainn síos ansin go sileán Cháná (ba le treibh Eafráim na bailte laisteas den sileán seachas iad siúd a bhí acu i measc bailte Mhanaise; lastuaidh den sileán a bhí críocha Mhanaise) agus shroich ceann scríbe ag an bhfarraige. Ó dheas bhí Eafráim; ó thuaidh bhí Manaise, agus an fharraige mar theorainn acu araon; shíneadar chomh fada le hÁiséar thuaidh agus Íosácár thoir. In Íosácár agus in Áiséar bhí ag Manaise: Béit Seán agus a shráidbhailte máguaird; Ibleám agus a shráidbhailte, lucht Dhór agus a shráidbhailte, lucht Éan Dór agus a shráidbhailte, lucht Thánác agus a shráidbhailte, lucht Mhigideo agus a shráidbhailte, agus trian Neifit. De bhrí nár fhéad clann Mhanaise greim a fháil ar na cathracha sin, lean na Canánaigh orthu ina gcónaí sa dúiche sin. Nuair a chuaigh clann Iosrael i neart, chuireadar na Canánaigh faoi chuing na daoirse, ach gan iad a dhíbirt ar fad. Labhair teaghlach Iósaef le Iósua á rá: «Cén fáth nár thug tú dom ach aon chuid amháin, aon roinn amháin, mar oidhreacht, agus gur líonmhar iad mo mhuintir mar gur bheannaigh an Tiarna mé go dtí seo?» D' fhreagair Iósua: «Más pobal líonmhar sibh, suas libh chun na foraoise agus déanaigí talamh a ghlanadh i gcríocha na bPirizeach agus na Rafáím mar go bhfuil ardáin Eafráim róchúng daoibh.» D' fhreagair treibh Iósaef: «Ní leor dúinn na hardáin, ach tá carbaid iarainn ag na Canánaigh go léir atá ag cur fúthu sna machairí, acu siúd i mBéit Seán agus sna sráidbhailte máguaird, agus acu siúd i Machaire Izréil.» Dúirt Iósua ansin le teaghlach Iósaef, le hEafráim agus le Manaise: «Pobal mór sibh, agus pobal an-tréan; ní i dtaobh le haon roinn amháin a bheidh sibh; beidh na hardáin in bhur seilbh, agus ní mór daoibh iad a ghlanadh mar tá siad faoi bhrat crann; beidh siad go léir in bhur seilbh ó cheann ceann, ach [ní] féidir daoibh na Canánaigh a dhíbirt de bharr a gcarbad iarainn agus a nirt.» Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir. Bhí seacht dtreibheanna fós ar chlann Iosrael a bhí gan oidhreacht a fháil. Ansin dúirt Iósua le clann Iosrael: «An fada eile an t-am a chuirfidh sibh amú agus gan dul isteach agus seilbh a thógáil ar an bhfearann a thug an Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, daoibh? Toghaigí triúr as gach treibh, agus déanfaidh mé iad a sheoladh síos agus suas faoin tír d' fhonn go scríobhfaidís tuairisc air le haghaidh é a roinnt agus filleadh orm. Ní foláir daoibh an talamh a roinnt ina seacht ranna agus Iúdá ag fanacht ina dhúiche féin theas agus teaghlach Iósaef ina dhúiche féin thuaidh. Déanaigí an fearann a roinnt faoi seacht in bhur dtuarascáil agus tuairisc a thabhairt anseo chugamsa i dtreo go gcuirfinn ar cranna é anseo daoibh i láthair an Tiarna, ár nDia. Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n-oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.» Chuir na fir chun bealaigh. Dúirt Iósua leo siúd a bhí le tuairisc a scríobh ar an tír: «Déanaigí an tír a iniúchadh ó cheann ceann agus tuairisc a scríobh air, agus filligí ansin orm. Cuirfidh mé ar cranna daoibh é anseo i láthair an Tiarna i Sileo.» Rinne na fir an tír a iniúchadh ó cheann ceann, agus scríobhadar tuairisc air, baile ar bhaile, i seacht ranna, agus d' fhilleadar ar Iósua sa champa i Sileo. Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh. Thit a roinn féin le treibh Bhiniáimin de réir finí, agus tharla gur idir treibh Iúdá agus treibh Iósaef a bhí an roinn talún a thit leo. Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan. Ghabh an teorainn ó dheas as sin i dtreo Lúz, go slios Lúz Béitéil anois ansin síos go Atarót Adár ar an sliabh laisteas de Bhéit Horon Íochtarach. Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar. Ar an taobh theas ghabh an teorainn ó imeall Chiriat Iáraím i dtreo [Ghaisin], agus go foinsí Uiscí Neaftóach. Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael. Chas sé ó thuaidh ansin agus ar aghaidh go hÉan Seimis agus as sin go dtí na clocháin chruinne sall ó Ard Adumaím. Ar aghaidh léi ansin go Ceitif os comhair an Arabá, agus síos go dtí an tArabá agus go Lia Bhohan mac Reúbaen. Ghabh sí as sin ó thuaidh thar ghualainn Bhéit Hoglá. Stad an teorainn ag bá thuaidh Mhuir an tSalainn, ag bun na Iordáine theas. Sin í an teorainn theas. An Iordáin féin an teorainn thoir. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin, agus na teorainneacha a chinntigh í mórthimpeall, ceann ar cheann. Seo iad cathracha threibh chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní: Ireachó, Béit Hoglá, Éimic Cizíz, Béit Arabá, Zamáraím, Béitéil, Áivím, Párá, Ofrá, Cafar Ámónaí, Oifní, Geaba dhá chathair déag lena sráidbhailte; Gibeón, Rámá, Beaerót, Mizpe, Cifíreá, Mozá, Reicim, Irpéil, Taralá, Zaelá, Haeilif, Iarúsailéim, Gibea, Ciriat Iáraím ceithre cathracha déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní. Ar Shimeon a thit an dara crann, ar threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní; bhí a n-oidhreacht i lár oidhreacht threibh Iúdá. Fuaireadar mar chuid ronna: Béar Seaba, Seaba, Móládá, Hazar Siúál, Bálá, Eizim, Eilteólad, Batúl, Hormá, Zicleag, Béit Marcábot, Hazar Súsá, Béit Labáót, Seárúchan trí cathracha déag lena sráidbhailte. Aín, Rimeon, Eitir, Aiseán ceithre cathracha lena sráidbhailte. Leosan gabhann na sráidbhailte go léir timpeall ar na cathracha sin chomh fada le Bálat Béar agus Rámá an Neigib. Sin í oidhreacht threibh chlann Shimeon de réir a bhfiní. Cuid de thailte threibh Iúdá a tugadh mar oidhreacht do threibh chlann Shimeon, mar bhí roinn threibh Iúdá rómhór dóibh; sin é an fáth gur laistigh d' oidhreacht chlann Iúdá a fuair clann Shimeon a n-oidhreacht féin. Thit an tríú crann ar threibh Zabúlun de réir a bhfiní. Shín a dtailte oidhreachta chomh fada le Sáraíd. Ghabh a dteorainn siar in airde go Maral, cneas le Daibisit ar dtús agus ansin leis an gcom sall ó Iocnán; Ghabh an teorainn soir i dtreo éirí gréine ó Sháraíd go teorainn Chioslot Tábor, ansin i dtreo Dhobrat agus ansin suas go Iáifia. Ghabh sí ar aghaidh soir ansin i dtreo éirí gréine go Gát Héifir agus go hÍt Cázaín; bhain sí amach Rimeon, agus chas i dtreo Néá. Ag gabháil ó thuaidh ansin di chas sí i dtreo Hanaton agus stad ag machaire Ifteachael. Mar aon leis sin bhí Catá, Nahalál, Simreon, Idealá agus Beithil dhá chathair déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Zabúlun, de réir a bhfiní na cathracha sin agus a sráidbhailte. Thit an ceathrú crann ar Íosácár, ar threibh Íosácár de réir a bhfiní. Ar a dtailte bhí Izréil, Casulót, Siúnaem, Hafáraím, Síón, Anácharát, Raibít, Ciseon, Eibiz, Reimit, Éan Gainím, Éan Hadá, Béit Pazaz. Ghabh a dteorainn cneas le Tábór agus Seachazaímeá agus Béit Seimis, agus stad ag an Iordáin sé cathracha déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Íosácár de réir a bhfiní na cathracha lena sráidbhailte. Thit an cúigiú crann ar threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní. Ina bhfearann bhí Healcat, Haili, Beitin, Aicseáf, Alam Meilic, Amád, Miseál; ar an taobh thiar shroich sé Cairmeil agus srutháin Libneát. Ar an taobh eile ghabh sé soir go Béit Dágón, shín chomh fada le Zabúlun agus Gleann Ifteachael, ó thuaidh go Béit Éimic agus Níéil; as sin ar aghaidh go Cábúl. Ar an taobh thuaidh bhain Eibreon, Rachob, Hamón, Cáná agus as sin go Síodón Mhór leis. Ghabh an teorainn ansin i dtreo Rámá, agus shroich daingean na Tuíre agus Hósá agus stad ag an bhfarraige. Machalab, Aiczíb, Umá, Afaec, Rachob dhá chathair fichead lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht threibh chlann Áiséar de réir a bhfiní na cathracha sin lena sráidbhailte. Thit an séú crann ar chlann Naftáilí, ar chlann Naftáilí de réir a bhfiní. Shín a gcríocha ó Heilif agus ó Dhair Zanainím go hAdámaí Neicib, go Iabnael, agus ar aghaidh go Lacúm, agus stad siad ag an Iordáin. Ghabh an teorainn thiar go hAznót Tábór agus as sin go Hucoc, cneas le Zabúlun laisteas agus le hÁiséar laistiar, agus le Iúdá lastoir ag an Iordáin. Seo iad na cathracha daingne: Zidím, Zéar, Hamat, Racat, Cineirit, Adámá, Rámá, Házor, Ceidis, Eidreí, Éan Házór, Íreon, Migdeál Éil, Horaem, Béit Anát, Beit Seimis naoi gcathair déag lena sráidbhailte. Sin í oidhreacht chlann Naftáilí de réir a bhfiní, na cathracha lena sráidbhailte. Thit an seachtú crann ar chlann Dhán de réir a bhfiní. Bhain lena bhfearann oidhreachta: Zorá, Eisteáól, Ír Seimis, Sealaibín, Aiálón, Itleá, Eileon, Timneá, Eacrón, Eilticé, Gibiteon, Bálát, Iahud, Beiné Barac, Gat Rimeon, Mé Iarcón, Racón agus an dúiche sall ó Iopa. Ach chuir lucht dhúiche chlann Dhán ina n-aghaidh, agus ghabh clann Dhán ó thuaidh dá bhrí sin agus d' ionsaíodar Leisim; ghabh siad é agus d' imir faobhar claímh air. Thóg siad seilbh ar an gcathair agus chuir fúthu inti, agus d' athraigh siad a hainm ó Leisim go Dán, i gcuimhne a sinsir, Dán. Sin í oidhreacht threibh chlann Dhán de réir a bhfiní, na cathracha sin lena sráidbhailte. B' shin deireadh le cranna á gcur chun an tír a roinnt mar sheilbh oidhreachta. Thug clann Iosrael oidhreacht ina measc do Iósua mac Nún. Thug siad dó, ar ordú an Tiarna, a rogha cathair, Timneár Searach in ardáin Eafraim. Rinne sé an chathair sin a atógáil agus chuir faoi inti. Sin iad na hoidhreachtaí a rinne Eileázár sagart, Iósua mac Nún, agus ceann gach fine a dháileadh ar cranna ar na treibheanna i Sileo i láthair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála. B' shin é an clabhsúr acu ar roinnt na críche. Dúirt an Tiarna le Iósua: «Labhair leis na hIosraelaigh agus abair leo: ' Ainmnígí na cathracha tearmainn ar ar labhair mé libh trí Mhaois; cathracha inar féidir le marfóir a dhéanann marú gan bheartú nó trí thaisme dídean a fháil; beidh na cathracha seo mar thearmann agaibh ón díoltach fola. Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc. Má bhíonn an díoltach fola sa tóir air, ná tugaidís an marfóir ar láimh dó, mar gur mharaigh sé a chomharsa trí thaisme, gan aon fhaltanas a bheith aige leis roimhe sin. Fanadh an marfóir sa chathair sin nó go seasa sé a thriail os comhair an chomhthionóil, go bhfaighe an t-ardsagart in oifig bás; tá cead ansin ag an marfóir filleadh ar a chathair féin agus ar a bhaile féin, ar an gcathair as ar theith sé.'» Roghnaíodar Ceidis sa Ghailíl in ardáin Naftáilí, agus Seicim in ardáin Eafráim, agus Ciriat Arba (Heabrón is é sin) in ardáin Iúdá. Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise. Sin iad na cathracha a cuireadh i leataobh do mhuintir Iosrael go léir, agus don deoraí ina chónaí ina measc, mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fhail, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go ciniúnach; agus a anam a bhreith leis ón díoltach fola go seasfadh sé a thriail os comhair an chomhthionóil. Ansin tháinig ceannairí finí na Léivíteach go hEileázár sagart agus go Iósua mac Nún, agus go ceannairí finí threibheanna Iosrael Bhíodarsan ag Sileo i dtír Chanán. Dúirt siad leo: «D' ordaigh an Tiarna trí Mhaois cathracha a thabhairt dúinn le cónaí iontu, agus an talamh timpeall orthu mar fhéarach dár n-eallach.» Dá réir sin de bharr ordú an Tiarna, thug clann Iosrael na cathracha seo inár ndiaidh agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh as a n-oidhreacht. Caitheadh cranna ar son chuid finí na gCohátach. Thit trí chathair déag de chuid treibheanna Iúdá, Shimeon, agus Bhiniáimin leis na Léivítigh a chin ó chlann Árón an sagart. An chuid eile de chlann Chohát, fuair siad ar cranna, fine ar fhine, deich gcathair ó threibheanna Eafráim, Dhán agus leath-threibh Mhanaise. Fuair clann Ghéirseon ar cranna, fine ar fhine, trí chathair déag ó threibheanna Íosácár, Áiséar, Naftáilí agus an leath de threibh Mhanaise a chuir faoi i mBáiseán. Fuair clann Mharáraí ar cranna, fine ar fhine, dhá chathair déag de threibh Reúbaen, Ghád agus Zabúlun. Thug clann Iosrael na cathracha seo agus an talamh féaraigh a ghabh leo do na Léivítigh faoi mar a d' ordaigh an Tiarna trí bhéal Mhaois. De threibh Iúdá agus de threibh Shimeon thugadar na cathracha seo a luafaimid ó ainm inár ndiaidh; sliocht Árón a fuair iad seo, fine de chuid na gCohátach a bhain le treibh Léiví mar gur orthu a thit an chéad chrann. Thugadar dóibh Ciriat Arba (Arba athair Anac), Heabrón is é sin, in ardáin Iúdá, agus an talamh féaraigh ina thimpeall. Ach thugadar garraithe agus sráidbhailte na cathrach seo ina sheilbh do Chálaeb mac Iafuna. Thugadar do chlann Árón, an sagart, Heabrón, cathair thearmainn do mharfóirí, agus an talamh féaraigh ina thimpeall; thugadar freisin Libneá lena thalamh féaraigh, agus Iaitír lena thalamh féaraigh, Eistimeo lena thalamh féaraigh, Holon lena thalamh fearaigh, Deibír lena thalamh féaraigh, Aín lena thalamh féaraigh, Iutá lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh naoi gcathracha de chuid an dá threibh sin. Ansin de threibh Bhiniáimin, Gibeón lena thalamh féaraigh, Geaba lena thalamh féaraigh, Anatót lena thalamh féaraigh, Almón lena thalamh féaraigh ceithre cathracha. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag sliocht Árón, na sagairt, trí cathracha déag lena dtalamh féaraigh. Maidir le finí chlann Chohát, na Léivítigh eile de chlann Chohát, thit cathracha leo do threibh Eafráim. Tugadh dóibh Seicim, an chathair thearmainn don mharfóir, lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, agus Geizir lena thalamh féaraigh, agus Ciobzaím lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh ceithre cathracha; de threibh Dhán, Eilticé, lena thalamh féaraigh, Gibiteon lena thalamh féaraigh, Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh ceithre cathracha. De leath-threibh Mhanaise, Tánác lena thalamh féaraigh, agus Ibleám lena thalamh féaraigh dhá chathair. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag an chuid eile d' fhiní chlann Chohát, deich gcathracha ar fad lena dtalamh féaraigh. Tugadh do shliocht Ghéirseon, d' fhiní Léivíteach, de leath-threibh Mhanaise, an chathair thearmainn don mharfóir Golán i mBáiseán, lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh dhá chathair. De threibh Íosácár Diseon lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh, Iarmút lena thalamh féaraigh, Éan Gainím lena thalamh féaraigh ceithre cathracha. De threibh Áiséar Miseal lena thalamh féaraigh, Abdón lena thalamh féaraigh, Healcat lena thalamh féaraigh, Rachob lena thalamh féaraigh ceithre cathracha. De threibh Naftáilí, Ceidis, an chathair thearmainn don mharfóir sa Gailíl, lena thalamh féaraigh, Hamat Dór lena thalamh féaraigh, agus Cartán lena thalamh féaraigh trí cathracha. Ba é an líon cathracha ar fad a bhí ag na Géirseonaigh, de réir a bhfiní, trí chathair déag lena dtalamh féaraigh. Tugadh do shliocht Mharáraí, an chuid eile de na Léivítigh, ceithre cathracha lena dtalamh féaraigh, de threibh Zabúlun, Iocnám, lena thalamh féaraigh, Cartá lena thalamh féaraigh, Rimeon lena thalamh féaraigh, Nahalál lena thalamh féaraigh ceithre cathracha. De threibh Reúbaen, lastall den Iordáin, Beizir lena thalamh féaraigh, Iaház lena thalamh féaraigh, Cidéamót lena thalamh féaraigh, Maefát lena thalamh féaraigh ceithre cathracha. De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh, Heisbeon lena thalamh féaraigh, Iazaer lena thalamh féaraigh ceithre cathracha ar fad. Ba é an líon cathracha a tugadh, fine ar fhine, do shliocht Mharáraí, a raibh fágtha d' fhiní na Léivíteach is é sin, dhá chathair déag. Ba é an líon cathracha i gcríocha chlann Iosrael a bronnadh ar na Léivítigh, ocht gcathair agus daichead lena dtalamh féaraigh. Ghabh a talamh féaraigh máguaird le gach cathair díobhsan; mar sin a bhí ag gach cathair díobh. Ar an gcaoi sin bhronn an Tiarna ar Iosrael an talamh go léir a mhionnaigh sé dá n-aithreacha a thabharfadh sé dóibh; ghabhadar seilbh air agus chuireadar fúthu ann. Thug an Tiarna síocháin dóibh ar gach teorainn faoi mar a mhionnaigh sé dá n-aithreacha; níor éirigh le hoiread agus namhaid dá gcuid an fód a sheasamh ina n-aghaidh, mar gur chuir an Tiarna a naimhde go léir faoina mbois. Oiread agus gealltanas de na gealltanais fhónta go léir a thug an Tiarna do theaghlach Iosrael, níor theip; comhlíonadh gach ceann. Chuir Iósua fios ar na Reúbaenaigh, ar na Gádaigh agus ar leath-threibh Mhanaise. Dúirt sé leo: «Tá gach ní a d' ordaigh Maois, óglach an Tiarna, daoibh curtha i gcrích agaibh; agus gach aon ordú a thug mise daoibh, thug sibh cluas do mo ghlór maidir leo. Níor thréig sibh bhur mbráithre le linn an fheachtais fhada seo, go dtí an lá seo féin, ach chomhlíon sibh go beacht orduithe an Tiarna, bhur nDia. Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin. Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.» Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d' imíodar leo abhaile. Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu agus dúirt leo: «Tá sibh ag filleadh abhaile lena lán maoine, le mórchuid eallaigh, le hairgead agus ór, le cré-umha agus iarann agus le flúirse éidí. Déanaigí creach seo bhur naimhde a roinnt ar bhur mbráithre chomh maith.» D' imigh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leaththreibh Mhanaise abhaile arís. D' fhág siad clann Iosrael i Sileo i dtír Chanán, agus d' fhill ar ais ar dhúiche Ghileád, na tailte a bhain leo, mar ar chuir siad fúthu de réir mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh ó bhéal Mhaois. Nuair a shroich siad na ciorcail chloch ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, altóir mhór thaibhseach. Fuair na hIosraelaigh gaoth an fhocail faoi seo: «Féach,» a deirtí, «thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ar theorainn thír Chanán, in aice na gciorcal cloch ag an Iordáin, ar thaobh thailte na nIosraelach.» Arna chlos sin dóibh, thionól pobal Iosrael go léir ag Sileo le fonn cogadh a chur orthu. Sheol clann Iosrael chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leath-threibh Mhanaise i dtír Ghileád, Píneachás sagart, mac Eileázár, agus, mar aon leis, deichniúr ceannairí, ceannaire agus ceann fine as gach treibh in Iosrael; ba cheann fine ar chlanna Iosrael gach duine díobh. Nuair a tháinig siad chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leaththreibh Mhanaise i dtír Ghileád, is é a dúirt siad seo leo: «Mar seo a deir comhthionól uile an Tiarna libh: 'Cén chealg í seo a rinne sibh in aghaidh Dia Iosrael? Cad ab áil libh ag casadh i leataobh ón Tiarna inniu, ag tógáil altóra agus ag déanamh ceannairce inniu in aghaidh an Tiarna? Nár leor an peaca ag Peór, peaca nach bhfuil glanta ar fad dínn fós d' ainneoin na plá a tháinig dá bharr ar chomhthionól an Tiarna go léir? De bhrí gur chas sibh i leataobh ón Tiarna a leanúint inniu, agus ceannairc a dhéanamh inniu in aghaidh an Tiarna, beidh seisean i bhfearg le comhthionól Iosrael go léir amárach. An amhlaidh go bhfuil bhur bhfearann truaillithe? Tagaigí anall, más ea, go fearann an Tiarna mar a bhfuil Both an Tiarna ina seasamh anois, agus faighigí oidhreacht daoibh féin inár measc; ach ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna, agus ná déanaigí lucht ceannairce dínne chomh maith, le haltóir a thógáil daoibh féin seachas altóir an Tiarna ár nDia. Nuair a rinne Ácán mac Zearach feall ar iontaoibh maidir leis an mbang, nár tháinig fearg an Tiarna ar chomhthionól Iosrael go léir? Ní hé féin amháin a scriosadh de bharr a pheaca.'» Ansin mar fhreagra ar chinn finí Iosrael dúirt na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise: «Dia na ndéithe, an Tiarna, Dia na ndéithe, is maith atá a fhios ag an Tiarna, agus bíodh a fhios ag Iosrael chomh maith: má rinneamar ceannairc nó feall in aghaidh an Tiarna, ná déanadh sé anacal orainn inniu; nó má thógamar altóir chun casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint, agus íobairtí uileloiscthe agus abhlanna agus íobairtí comaoineach a ofráil uirthi, go ndéana an Tiarna féin é a agairt orainn! Ach le fírinne, rinneamar é le heagla go ndéarfadh bhur gclannsa lá éigin lenár gclannna: 'Cén bhaint atá agaibhse leis an Tiarna, Dia Iosrael? Nach ndearna an Tiarna teorainn den Iordáin idir sinne agus sibhse, a chlann Reúbaen agus a chlann Ghád? Níl cuid agaibh sa Tiarna.' Ar an gcaoi sin d' fhéadfadh bhur gclannsa a chosc ar ár gclann-na seirbhís a thabhairt don Tiarna. Dúramar dá bhrí sin: 'Tógaimís altóir anois, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí, ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n-íobairtí uileloiscthe agus ár n-abhlanna agus ár n-íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: «Níl cuid agaibh sa Tiarna.» ' Mheasamar dá ndéarfaí a leithéid sin linn féin nó lenár sliocht lá éigin le teacht, go ndéarfaimís: 'Féach, an macasamhail seo d' altóir an Tiarna a rinne ár n-aithreacha, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí, ach le bheith ina finné idir sibhse agus sinne.' I bhfad uainne ceannairc a dhéanamh in aghaidh an Tiarna, nó casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint trí altóir a thógáil d' íobairt uileloiscthe nó d' abhlanna, nó d' íobairt chomaoineach, seachas altóir an Tiarna, ár nDia, a sheasann os comhair a bhotha!» Nuair a chuala Píneachás sagart agus ceannairí an chomhthionóil, cinn finí Iosrael, a bhí in éineacht leis, na focail a dúirt clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise, d' aontaíodar leo le fonn. Ansin dúirt Píneachás mac Eileázár sagart le clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise: «Tá a fhios againn go dianmhaith anois go bhfuil an Tiarna inár measc, mar ní dhearna sibh an feall seo ar an Tiarna; tá clann Iosrael, más ea, fuascailte agaibh ó láimh an Tiarna.» Ansín d' fhág Píneachás sagart, mac Eileázár, agus na ceannairí slán ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád agus d' fhill ó thír Ghileád ar thír Chanán agus ar chlann Iosrael agus thug tuairisc dóibh. Thaitin an tuairisc seo le clann Iosrael, agus ghabh siad buíochas leis an Tiarna, agus bhí deireadh acu le caint ar chogadh a chur orthu, agus ar an tír inar chuir clann Reúbaen agus clann Ghád fúthu a chreachadh. Thug clann Reúbaen agus clann Ghád [Finné] mar ainm ar an altóir, «Mar,» ar siad, «beidh sí ina finné eadrainn gurb é an Tiarna is Dia.» I bhfad ina dhiaidh sin, nuair a bhí suaimhneas tugtha ag an Tiarna d' Iosrael ó chiapadh a naimhde go léir ina dtimpeall, agus Iósua féin ina sheanduine anonn go maith sna blianta, chuir Iósua tionól ar Iosrael go léir, ar a seanóirí, a dtaoisigh, a mbreithiúna agus a bhfeidhmeannaigh, agus dúirt sé leo: «Seanduine mise anois, anonn go maith sna blianta. Chonaic sibhse féin le bhur súile cinn na nithe sin go léir a rinne an Tiarna ár nDia leis na ciníocha seo go léir. An Tiarna bhur nDia a throid ar bhur son. Dháil mé oraibh, mar oidhreacht do bhur dtreibheanna, na ciníocha atá fós gan cloí chomh maith leo sin go léir a scrios mé idir an Iordáin agus an Fharraige Mhór thiar. Déanfaidh an Tiarna bhur nDia iad a thiomáint amach romhaibh, agus iad a dhíbirt ó bhur láthair, agus gheobhaidh sibh seilbh ar an talamh mar a gheall an Tiarna bhur nDia daoibh. Seasaigí an fód dá bhrí sin agus déanaigí agus comhlíonaigí a bhfuil scríofa i leabhar dlí Mhaois, gan claonadh ar dheis uaidh, ná ar chlé, ná caidreamh a dhéanamh leis na ciníocha atá fágtha fós in bhur measc, ná ainmneacha a ndéithe a lua, ná mionnú dar iad, ná fónamh dóibh, ná sléachtadh rompu. Ach bígí dílis don Tiarna bhur nDia mar a bhí sibh go dtí an lá seo féin. Óir dhíbir an Tiarna ciníocha móra tréana romhaibh agus níorbh fhéidir d' aon duine an fód a sheasamh in bhur n-aghaidhse go dtí inniu féin. Cuireann duine agaibh an teitheadh ar mhíle, mar is é an Tiarna bhur nDia a throideann ar bhur son, faoi mar gheall sé daoibh. Déanaigí deimhin de, más ansa libh bhur n-anam, grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia. Má bhíonn sibh mídhílis agus caidreamh a dhéanamh le fuíoll na gciníocha a fágadh anseo in bhur measc, agus cleamhnais a dhéanamh leo i dtreo go bpósfaidh sibh a gcuid ban agus go bpósfaidh siadsan bhur gcuidse, bíodh a fhios agaibh go dearfa nach leanfaidh an Tiarna bhur nDia air ag díbirt na gciníocha seo romhaibh; beidh siad mar ghaiste agus mar shlogaide agaibh, mar sciúirse ar bhur maotháin agus mar dhealg in bhur súile go dté sibh ar ceal ón tír fhónta seo a thug an Tiarna daoibh. «Ní foláir domsa anois bealach na cré go léir a ghabháil. Déanadh gach mac máthar díbh a admháil ó chroí agus ó anam, nár theip ar oiread agus gealltanas de na gealltanais go léir a thug an Tiarna bhur nDia in bhur dtaobh; comhlíonadh iad go léir, gan ceann a theip. Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh. Má bhriseann sibh an conradh a d' éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.» Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé. Ansin dúirt Iósua leis an bpobal uile: «Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Bhí cónaí ar bhur n-aithreacha taobh thall den Abhainn anallód Tearach, is é sin, athair Abrahám agus Náchór agus rinneadar fónamh do dhéithe eile. Ansin thóg mé bhur n-athair Abrahám ón taobh eile den Abhainn anall, á threorú trí thír uile Chanán. Mhéadaigh mé a shliocht agus thug mé Íosác do. Thug mé Iacób agus Éasaú d' Íosác. Thug mé sléibhte Shaeír le sealbhú d' Éasaú, ach chuaigh Iacób agus a chlann síos chun na hÉigipte. Ansin chuir mé uaim Maois agus Árón, gur chráigh mé an Éigipt leis na héachtaí a rinne mé ina measc; agus ina dhiaidh sin thug mé sibhse amach. Thug mé bhur n-aithreacha amach as an Éigipt agus tháinig sibhse chun na Farraige; chuaigh na hÉigiptigh sa tóir ar bhur n-aithreacha le carbaid agus le marcshlua nó gur shroicheadar Muir na nGiolcach. Nuair a ghlaoigh siad ar an Tiarna ansiúd, chuir sé scamall dorcha idir sibh agus na hÉigiptigh agus thug ar an muir teacht anuas sa mhullach orthu agus iad a bhá. Chonaic sibh a ndearna mé ar an Éigipt le bhur súile cinn féin, agus mhair sibh san fhásach ar feadh i bhfad. Thug mé ina dhiaidh sin sibh go críoch na nAmórach, cine a bhí lonnaithe ar an taobh thall den Iordáin. Throid siadsan libh agus thug mé ar láimh daoibh iad ionas gur ghlac sibh seilbh ar a dtír mar gur scrios mé romhaibh iad. Ansin is ea a d' eirigh Bálác mac Zipeor, rí Mhóáb, gur chuir sé cogadh ar Iosrael. Chuir sé fios ar Bhalám mac Bheór á iarraidh air mallacht a chur oraibh. Ach ní éistfinn le Balám agus is amhlaidh a bheannaigh sé sibh, agus mar sin shaor mé óna láimh sibh. Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh. Chuir mé an cearnabhán chun tosaigh oraibh a ruaig an dá rí Amóracha romhaibh amach; níorbh é do chlaíomh ná do bhogha a rinne é sin. Thug mé daoibh dúiche nár shaothraigh sibh féin inti, agus cathracha nach sibh a thóg iad, bíodh go gcónaíonn sibh iontu anois; itheann sibh toradh fíonghort agus garrán ológ nár phlandaigh sibh féin.' «Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n-aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna. Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n-aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.» Dúirt an pobal ansin á fhreagairt: «Nár lige Dia go dtréigfimís an Tiarna chun fónamh do dhéithe eile! Nach é an Tiarna ár nDia a thug sinne agus ár sinsir aníos as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse agus a rinne na héachtaí sin inár bhfianaise, agus a chumhdaigh sinn san uile shlí a ndeachamar, agus i measc na gciníocha go léir trínar ghabhamar? Agus rud eile dhe, is é an Tiarna a thiomáin romhainn na ciníocha sin go léir, mar aon leis na hAmóraigh a raibh cónaí orthu sa tír. Uime sin a dhéanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.» Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: «Ní féidir daoibh fónamh don Tiarna, óir is Dia naofa é; is Dia éadmhar é nach maithfidh daoibh bhur gcionta ná bhur bpeacaí. Má thréigeann sibh an Tiarna chun fónamh do dhéithe coimhthíocha, iompóidh seisean oraibh agus déanfaidh sé dochar daoibh agus díothóidh sé sibh tar éis a ndearna sé de mhaith daoibh.» Dúirt an pobal le Iósua: «Ní hea! Is don Tiarna a dhéanfaimid fónamh.» Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: «Is finnéithe sibh in bhur n-aghaidh féin go bhfuil an Tiarna tofa agaibh chun fónamh dó.» Agus dúirt siadsan: «Is finnéithe sinn.» «Cuirigí uaibh más ea,» ar seisean, «na déithe coimhthíocha atá agaibh agus tugaigí bhur gcroí don Tiarna, Dia Iosrael.» D' fhreagair an pobal Iósua: «Is don Tiarna ár nDia a dhéanfaimid fónamh, agus is dá ghuth siúd a bheimid umhal.» Uime sin rinne Iósua conradh leis an bpobal an lá sin, agus leag sé síos reachtanna agus foraitheanta dóibh ag Seicim. Agus scríobh Iósua na briathra sin i leabhar dhlí Dé. Agus thóg sé gallán mór agus chuir sé ina sheasamh ansin é faoin dair a bhí i sanctóir an Tiarna. Agus dúirt Iósua leis an bpobal go léir: «Féach! Beidh an gallán seo mar fhianaise inár n-aghaidh, óir chuala sé na briathra go léir a labhair an Tiarna linn; uime sin beidh sé ina fhinné in bhur n-aghaidh má shéanann sibh bhur nDia.» Scaoil Iósua na daoine ar shiúl uaidh ansin agus d' fhill gach duine ar a oidhreacht féin. Tar éis na nithe sin d' éag Iósua mac Nún seirbhíseach an Tiarna nuair a bhí deich mbliana agus céad slán aige. Rinneadar é a adhlacadh san oidhreacht a fuair sé i dTimneát Searach atá in ardáin Eafráim lastuaidh de Shliabh Gháis. Rinne Iosrael fónamh don Tiarna i gcaitheamh shaol Iósua, agus shaol na seanóirí a mhair níos déanaí ná é, agus a raibh eolas acu ar na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael. Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de. Ansin d' éag Eileázár mac Árón agus adhlacadh é i nGibeá, cathair a mhic, Píneachás, cathair a tugadh dó in ardáin Eafráim. Tar éis bháis do Iósua chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna, á fhiafraí: «Cé acu againn is túisce a rachaidh in aghaidh na gCanánach le hionsaí a dhéanamh orthu?» D' fhreagair an Tiarna: «Bíodh Iúdá ar an gcéad duine a rachaidh suas; féach tá an tír tugtha ar láimh agam dó.» Ansin dúirt Iúdá lena dheartháir Simeon: «Téanam liomsa isteach sa dúiche a dáileadh orm, d' fhonn go gcuirfimís cath ar na Canánaigh; rachaidh mise ansin in éineacht leatsa isteach sa dúiche a dáileadh ortsa.» Mhairseáil Simeon in éineacht leis dá bhrí sin. Ghabh Iúdá suas mar sin agus thug an Tiarna na Canánaigh agus na Pirizigh ar láimh dóibh; chuireadar an ruaig ar dheich míle fear ag Beizic. Tharla siad ar Adónaí Beizic i mBeizic; chuireadar cath air agus bhriseadar ar na Canánaigh agus ar na Pirizigh. Theith Adónaí Beizic, ach chuadar sa tóir air, rugadar air agus bhaineadar ordóga a lámh agus a chos de. Ansin dúirt Adónaí Beizic: «Deichniúr rí agus trí fichid, agus ordóga lámh agus a gcos gearrtha díobh, bhídís faoi mo bhord ag bailiú bruscair an bhia; chúitigh Dia liomsa de réir mar a rinne mé le daoine eile.» Tugadh go Iarúsailéim é, agus fuair sé bás ansiúd. (Thug clann Iúdá faoi Iarúsailéim agus ghabhadar é. Chuir siad muintir na cathrach chun báis agus an chathair trí thine.) Ina dhiaidh sin ghabh clann Iúdá síos chun catha a chur ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu sna hardáin, sa Neigib agus sna hísleáin. Agus d' ionsaigh Iúdá na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Heabrón Ciriat Arba a ba ainm do Heabrón anallód agus chloíodar Séisí agus Aichímeán agus Talmai. Ghabhadar as sin ar aghaidh i gcoinne mhuintir Dheibír Ciriat Seifir a thugtaí ar Dheibír roimhe sin. Dúirt Cálaeb: «An té a dhéanfaidh Ciriat Seifir a ionsaí agus a ghabháil, tabharfaidh mé Acsá m' iníon mar bhean dó.» Agus ba é Oitníéil mac Canoz, deartháir a ba óige ná Iósua, a ghabh é agus thug sé dó Acsá a iníon mar bhean. Nuair a tháinig sí chuige, thathain [sé uirthi] gort a lorg ar a hathair. Phreab sí anuas dá hasal agus d' fhiafraigh Cálaeb di: «Cad tá uait?» «Tabhair aisce dom; os rud é gur dhíbir tú mé go dúiche an Neigib, tabhair dom toibreacha éigin uisce freisin,» ar sí leis. Agus thug Cálaeb di na toibreacha uachtaracha agus na toibreacha íochtaracha. Ghabh clann Hobab an Céineach, athair céile Mhaois, suas le clann Iúdá ó chathair na bPailmeacha go fásach Iúdá sa Neigib i gcóngar Arád, ach d' imíodar agus chuireadar fúthu leis [na hAmailéicigh]. Chuir Iúdá chun bealaigh ansin lena dheartháir Simeon agus bhriseadar ar na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Zafat agus chuireadar an áit faoin mbang; uime sin a tugadh Hormá ar an gcathair. [Níor] ghabh Iúdá Gazá lena thailte, ná Aiscileon lena thailte, ná Eacrón lena thailte. Bhí an Tiarna le Iúdá agus ghabh sé na hardáin ach theip air an mhuintir a bhí ag cur fúthu sa mhachaire a chloí mar bhí carbaid iarainn acu. Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as. Ach theip ar chlann Bhiniáimin na Iabúsaigh a bhí ina gcónaí i Iarúsailéim a dhíbirt; tá na Iabúsaigh mar sin ina gcónaí le clann Bhiniáimin go dtí an lá inniu in Iarúsailéim. Ghabh teaghlach Iósaef suas mar an gcéanna i gcoinne Bhéitéil, agus bhí an Tiarna leo. Rinne teaghlach Iósaef Béitéil a thaiscéaladh Lúz a thugtaí ar an gcathair roimhe sin. Chonaic an lucht taiscéalta fear ag teacht amach ón gcathair. «Má thaispeánann tú an tslí isteach sa chathair dúinn,» ar siad leis, «déanfaimid anacal anama ort.» Agus thaispeáin sé an tslí isteach sa chathair dóibh agus d' imríodar faobhar claímh ar mhuintir na cathrach, ach ligeadar don fhear agus dá chlann go léir imeacht. D' imigh an fear úd leis go críocha na Hiteach agus bhunaigh sé cathair ar ar thug sé Lúz; sin é is ainm di go dtí an lá inniu. Níor dhíbir Manaise lucht Bhéit Seán lena shráidbhailte, ná lucht Thánác lena shráidbhailte, na lucht Dhór lena shráidbhailte, ná lucht Ibleam lena shraidbhailte, na lucht Mhigideo lena shráidbhailte, ach sheas na Canánaigh an fód sna líomatáistí sin. Nuair a chuaigh na hIosraelaigh i dtreise, chuireadar cuing na daoirse ar na Canánaigh, ach níor chuireadar an ruaig orthu. Ná níor dhíbir Eafráim na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i nGeizir, ach mhair na Canánaigh i nGeizir ina measc. Ná níor dhíbir Zabúlun lucht Chitreon ná lucht Nahalol. D' fhan na Canánaigh i measc Zabúlun, ach cuireadh faoi chuing na daoirse iad. Níor dhíbir Áiséar lucht Acó amach, ná lucht Shíodón, ná lucht Achláb, ná lucht Aiczíb, ná lucht Aifíc, ná lucht Rachob. Mhair na hÁiséaraigh i measc na gCanánach, a bhí ag cur fúthu sa dúiche mar nár dhíbir siad iad. Ná níor dhíbir Naftáilí lucht Bhéit Seimis agus lucht Bhéit Anát, ach chuireadar fúthu i measc na gCanánach a bhí ina gcónaí sa dúiche; ach b' éigean do lucht Bhéit Seimis agus Bhéit Anát dul faoi chuing na daoirse dóibh. Thiomáin na hAmóraigh clann Dhán ar gcúl chun na n-ardán agus ní ligfidís dóibh teacht anuas ar na hísleáin. Sheas na hAmóraigh an fód ag Har Heireas agus ag Aiálón agus ag Sealbaím. Ach nuair a luigh lámh theaghlach Iósaef go trom orthu, cuireadh faoi chuing a ndaoirse iad. Gabhann críocha na [nEadómach] ó Ard Acraibím go dtí an Charraig agus as sin suas. Ghabh aingeal an Tiarna suas ó Ghilgeál go Bocaím, agus dúirt: «Thug mé aníos ón Éigipt thú agus sheol mé isteach sa tír seo thú a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n-aithreacha. Dúirt mé: 'Ní bhrisfidh mé mo chonradh libh go brách. Agus ó bhur thaobhsa de, ná déanaigí aon chonradh le muintir na tíre seo; scriosaigí a n-altoirí.' Ach níor ghéill sibh do m' orduithe. Cad é seo a rinne sibh? Deirim anois dá bhrí sin, ní thiomáinfidh mé amach romhaibh iad. Beidh siad agaibh mar ghéarleanúinteoirí, agus beidh a ndéithe mar ghaiste daoibh.» Nuair a labhair aingeal an Tiarna mar sin le clann Iosrael go léir chrom an pobal go léir ar osna agus ar olagón. Thugadar Bocaím (Lucht Olagóin) ar an áit sin agus rinneadar íobairtí don Tiarna ansiúd. Ansin scaoil Iósua leis an bpobal agus d' imigh clann Iosrael leo, gach duine díobh go dtí a oidhreacht féin, chun seilbh a ghabháil ar an talamh. Rinne an pobal seirbhís don Tiarna i gcaitheamh saol Iósua go léir agus i gcaitheamh saol na seanóirí go léir a mhair i ndiaidh Iósua a chonaic na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael. D' éag Iósua mac Nún, seirbhíseach an Tiarna, agus é céad agus a deich mbliana d' aois. Rinneadar é a adhlacadh san fhearann oidhreachta a fuair sé i dTimneat Heireas in ardáin Eafráim, lastuaidh de Shliabh Gháis. Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n-aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d' Iosrael. Rinne clann Iosrael an t-olc i bhfianaise an Tiarna go ndearnadar fónamh do na Bálaím. Thréigeadar an Tiarna, Dia a sinsear, a threoraigh amach as tír na hÉigipte iad, agus leanadar déithe eile, déithe de chuid na gciníocha ina dtimpeall. D' adhradar na déithe sin agus ghriogadar an Tiarna chun feirge. De bhrí gur thréigeadar an Tiarna agus go ndearnadar fónamh do Bhál agus do na hAisteárót, bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael; thug sé suas do lucht creiche iad agus rinne siadsan iad a chreachadh. Rinne sé iad a reic lena naimhde ina dtimpeall, agus níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh ina n-aghaidh. Cibé uair a ghluaisidís chun catha bhíodh an Tiarna ina n-aghaidh á gclipeadh de réir mar a bhí geallta aige dóibh agus de réir mar a mhionnaigh sé dóibh, ionas go rabhadar faoi shrathair na hainnise. Mar sin féin, chuir an Tiarna breithiúna i réim dóibh a shaor iad ó lucht a gcreachta. Más ea, ní éistfidís lena mbreithiúna, ach is amhlaidh a chuadar le striapachas i ndiaidh déithe eile agus shléachtadar dóibh. Ba róbheag an mhoill orthu casadh i leataobh ón mbealach a ghabh a sinsir, an bealach a ghabhadar de réir orduithe an Tiarna; níor leanadar a samplasan. Nuair a cheapadh an Tiarna breithiúna dóibh, bhíodh sé i bhfochair an bhreithimh, agus shaoradh sé óna naimhde iad fad mhaireadh an breitheamh beo. Óir bhíodh trua ag an Tiarna dóibh as ucht a n-uchlán agus iad á gcrá agus á gciapadh ag lucht a mbuartha. Nuair a d' fhaigheadh an breitheamh bás, ámh, d' fhillidís ar a seanbhéasa, ionas gur seacht measa a iompraídís iad féin ná a n-aithreacha; leanaidís déithe eile, ag fónamh agus ag sléachtadh dóibh, ní thugaidís cúl lena ndrochghníomhartha ná lena gceanndánacht. Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus dúirt sé: «Ós rud é go ndearna an pobal seo mo chonradh a leag mé ar a sinsir a bhriseadh agus nár ghéilleadar do mo ghlór, ní dhéanfaidh mé dá bhrí sin aon cheann de na ciníocha a d' fhág Iósua sa tír nuair a d' éag sé a dhíbirt rompu.» Ba d' fhonn Iosrael a thriail le cabhair na gciníocha ud é sin, féachaint an leanfaidís ar bhealach an Tiarna faoi mar a rinne a sinsir tráth nó nach ndéanfaidís. Lig an Tiarna do na ciníocha sin fanacht mar a rabhadar; níor chuir sé an ruaig orthu le teann deabhaidh, ná níor thug ar láimh do Iósua iad. Seo iad na ciníocha a cheadaigh an Tiarna a fhanacht sa tír d' fhonn Iosrael a thriail tríothu, iad sin go léir in Iosrael is é sin nach raibh aon taithí acu ar chogadh i gCanán. (Ar mhaithe le glúine chlann Iosrael é sin, d' fhonn ceird an chogaidh a mhúineadh dóibh, dóibh siúd ar a laghad nach raibh taithí acu ar chogadh roimhe sin): cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát. Bhí sé d' fheidhm leo Iosrael a thriail féachaint an gcoimeádfaidís na haitheanta a thug an Tiarna dá sinsir ó bheal Mhaois. Chuir clann Iosrael fúthu dá bhrí sin i measc na gCanánach, na Hiteach, na nAmórach, na bPirizeach, na Hiveach, na Iabúsach; phósadar iníonacha na gciníocha seo, thugadar a n-iníonacha féin le pósadh dá mic, agus rinneadar fónamh dá ndéithe. Oitníéil Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael, agus thug sé ar láimh iad do Chúisean Riseátaím, rí Eadóm. Bhí pobal Iosrael faoi dhaoirse ag Chúisean Riseátaím ar feadh ocht mbliana. Ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus d' ardaigh an Tiarna fuasclóir do chlann Iosrael, Oitníéil mac Canaz, deartháir ab óige ná Cálaeb. Tháinig spiorad an Tiarna air, agus rinne breitheamh de in Iosrael. Chuaigh sé chun cogaidh agus thug an Tiarna Cúisean Riseátaím, rí Eadóm, ar láimh dó, agus bhí an lámh in uachtar aige ar Chúisean Riseátaím. Nuair a fuair Oitníéil mac Canaz bás, Bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh daichead bliain. rinne pobal Iosrael an t-olc i bhfianaise an Tiarna. Neartaigh an Tiarna Eaglón rí Mhóáb in aghaidh Iosrael, mar go dearnadar an t-olc i bhfianaise an Tiarna. Chruinnigh sé chuige na hAmónaigh agus na hAmailéicigh, ghabh chun catha in aghaidh Iosrael agus bhris orthu, agus ghabh sé cathair na bPailmeacha. Bhí pobal Iosrael go léir faoi dhaoirse ag Eaglón rí Mhoáb ar feadh ocht mbliana déag. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna, agus ardaigh an Tiarna fuasclóir dóibh, Éahúd mac Ghéará, an Biniáimineach, ciotóg. Cheap clann Iosrael é lena gcáin a thabhairt d' Eaglón rí Mhóáb. Rinne Éahúd claíomh dhá fhaobhar dó féin, é banlámh ar fad, agus chuir i bhfearas é ar a shliasaid dheas faoina chuid éadaigh. Chuir sé an cháin faoi bhráid Eaglón rí Mhóáb. Fear an-chothaithe a ba ea Eaglón. Nuair a bhí an cháin curtha i láthair Eaglón aige, d' imigh sé leis an muintir a d' iompair an cháin. Ach d' fhill sé féin ar ais ó Íola Ghilgeál, agus dúirt: «Tá teachtaireacht rúin agam duit, a rí.» «Ciúnas,» a d' fhógair an rí agus amach leis na giollaí go léir óna láthair. Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. «Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,» arsa Éahúd. D' éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán. Ansin shín Éahúd a chiotóg agus tharraing a chlaíomh óna shliasaid dheas agus rop sé ina bholg siúd é. Lean an dornchla an lann isteach agus dhún an méithreas ar an lann mar nár tharraing sé an claíomh as a bholg; tháinig an cainniúr amach. Chuaigh Éahúd amach sa phóirse ansin, dhún doirse an tseomra uachtair air, agus chuir an glas orthu. Nuair a bhí sé imithe, tháinig na giollaí agus d' fhéachadar; bhí an glas ar dhoirse an tseomra uachtair. «Ag déanamh a ghnó ar chúl an tseomra fhionnuair,» ar siad leo féin, «atá sé.» D' fhanadar agus d' fhanadar go dtí go rabhadar i bponc ceart; ansin, mar nár oscail sé doirse an tseomra uachtair, fuaireadar an eochair agus d' osclaíodar iad. Ba shiúd a dtiarna marbh ar an urlár. D' éirigh Éahúd fad bhíodar ag feitheamh. Ghabh sé thar na hÍola agus tháinig slán go Saíreá. Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu. Dúirt sé leo: «Leanaigí mise óir rinne an Tiarna bhur namhaid Móáb a thabhairt ar láimh daoibh.» Lean siad é dá bhrí sin, agus ghabh áthanna na Iordáine in aghaidh na Móábach gan a ligean do chaonaí dul sall. Mharaíodar an uair sin timpeall deich míle Móábach; laochra tréana cumasacha iad uile; níor fágadh fear inste scéil díobh. Fuair Iosrael lámh in uachtar ar Mhóáb an lá sin, agus bhí suaimhneas sa tír ansin ar feadh ceithre fichid bliain. Ina dhiaidh sin, tháinig Seamgar mac Anát. Chloígh sé sé chéad Filistíneach le brod damh; d' fhuascail seisean Iosrael freisin. Nuair a d' éag Éahúd, chrom clann Iosrael arís ar an olc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna. Thug an Tiarna ar láimh iad do Iábaín rí Chanán a bhí i réim i Házór. Ba é Síseará a cheannaire airm, agus bhí cónaí airsean i Haroisit-ha-Góím. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain. Faoin am seo bhí Deabórá banfháidh, céile Laipídeot, ina breitheamh in Iosrael. Shuíodh sí faoi phailm Dheabórá idir Rámá agus Béitéil in ardáin Eafráim agus thagadh clann Iosrael chuici chun a gcaingne a réiteach. Chuir sí fios ar Bhárác mac Aibíonoam ó Cheidis i Naftáilí agus dúirt leis: «Seo é ordú an Tiarna Dia Iosrael duit: 'Tionóil do chuid fear ag Sliabh Tábór agus beir leat fiche míle as treibh Naftáilí agus as treibh Zabúlun. Déanfaidh mise Síseará ceann feadhna arm Iábaín a mhealladh amach i d' aghaidh ar bhruach abhann Chiseon lenaa charbaid agus lena shluaite, agus tabharfaidh mé ar láimh duit é.'» D' fhreagair Bárác í: «Má théann tusa liom, rachaidh mé; mura dtéann tú liom, ní rachaidh mé [mar nach eol dom conas an lá a thoghadh ar a dtabharfadh aingeal an Tiarna an bua dom].» «Rachaidh mé leat, más ea,» ar sí, «ach ón tslí ina bhfuil tú ag dul ina bhun, ní hé do ghlóirse a thiocfaidh as, óir tabharfaidh an Tiarna an lámh in uachtar ar Shíseará do bhean.» Ansin d' éirigh Deabórá ina seasamh agus d' imigh go Ceidis i dteannta Bhárác. Thionóil Bárác Zabúlun agus Naftáilí go Ceidis; lean deich míle fear ar a shála agus gabh Deabórá ina theannta. Bhí scartha ag Heibir an Céineach leis na Céinigh, sliocht Hobab, athair céile Mhaois; bhí a bhoth curtha suas aige ag Dair Zánanaím i gcóngar Cheidis. Nuair a chuala Síseará go raibh a champa ag Bárác mac Aibíonoam ar Shliabh Tábór, chuir sé fios ar a charbaid go léir naoi gcéad carbad iarainn, agus ar na sluaite go léir a bhí aige, ó Haroisit-ha-Góím go bruach Chiseon. Dúirt Deabórá le Bárác: «Bí i do shuí! Óir seo é an lá ina bhfuil an Tiarna ag tabhairt an lámh in uachtar duit ar Shíseará! Nach bhfuil an Tiarna ag gabháil romhat amach?» Síos le fána Shliabh Tábór le Bárác de ruathar agus deich míle fear ar a shála. Chuir an Tiarna an teitheadh ar Shíseará agus ar a charbaid agus ar a shluaite go léir le faobhar claímh roimh ionsaí Bhárác. Phreab Síseará anuas dá charbad agus theith sé de chois. Lean Bárác sa tóir ar na carbaid agus ar na sluaite go Haroisit-ha-Góím; thit arm Shíseará go léir de rinn claímh; níor fagadh fear inste scéil. Theith Síseará de chois go both Iáéil, bean Heibir an Céineach, óir bhí síocháin idir Iábaín rí Házór agus Heibir an Céineach. Tháinig Iáéil amach i gcoinne Shíseará agus dúirt leis: «Tar anseo, a thiarna, agus fan anseo faramsa; ná bíodh eagla ort.» D' fhan sé ina both dá bhrí sin agus chludaigh sí é le súsa. Dúirt sé léi: «Tabhair dom deoch bheag uisce le do thoil mar tá tart orm.» D' oscail sí seithe bainne dá bhrí sin, thug deoch dó agus chlúdaigh arís é. Ansin dúirt sé léi: «Seas ag béal na botha agus má thagann aon duine agus ceist a chur ort: 'An bhfuil aon duine anseo?' abair: 'Níl.'» Ach rug Iáéil bean Heibir ar phionna botha, thóg tuairgnín ina láimh, agus dhruid leis go socair; thiomáin sí an pionna isteach ina uisinn go ndeachaigh sé i dtalamh agus é ina luí ansiúd ina chodladh de bharr a thuirse. Sin mar a d' éag sé. Tháinig Bárác ansin agus é sa tóir ar Shíseará. Chuaigh Iáéil amach ina choinne agus dúirt leis: «Tar, agus taispeánfaidh mé duit an fear atá uait.» Chuaigh sé isteach ina both dá bhrí sin; bhí Síseará ina luí ansiúd marbh agus an pionna botha ina uisinn. Threascair an Tiarna Iábaín rí Chanán os comhair chlann Iosrael an lá sin. Luigh clann Iosrael níos troime agus níos troime ar Iábaín rí Chanán go dtí gur scriosadar Iábaín rí Chanán. Chan Deabórá agus Bárác mac Aibíonoam laoi an lá úd: Scaoil laochra in Iosrael a bhfolt le gaoth Agus tháinig an pobal i láthair le flosc. Molaigí an Tiarna dá bharrsan. Éistigí, a ríthe! Tugaigí cluas a thaoiseacha! Canfaidh mé don Tiarna, Mórfaidh mé an Tiarna, Dia Iosrael. A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír, Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm, Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh, Agus d' imigh scamaill ina mbáisteach. Leáigh na sléibhte os comhair an Tiarna, Os comhair an Tiarna, Dia Iosrael. I laethanta Sheamgar mac Anát, I laethanta Iáéil, Tugadh cúl leis an mbóthar mór; Ghabh lucht taistil na cúlchosáin. Bhí [sráidbhailte] Iosrael marbh, marbh gan anam, Nó gur tháinig tú ar an bhfód, a Dheabórá, Gur tháinig tú ar an bhfód mar mháthair in Iosrael. An mhuintir ar dhual dóibh seasamh do Dhia Ní raibh focal astu. As cúig cathracha, níor tháinig oiread agus sciath, Gan oiread agus sciath as daichead míle in Iosrael! Preabann an croí ionam do cheannairí Iosrael, Agus don mhuintir a sheas an fód go calma. Molaigí an Tiarna dá bharrsan! A lucht falaireachta ar asail chróna, Le diallaití saibhre fúibh, Agus sibhse atá ag gabháil na mbóithre, Canaigí laoi le gártha lúcháire an phobail, Agus iad cruinnithe ag na láithreacha uisce. Maíonn siad as beannachtaí an Tiarna ansiúd, As beannachtaí a réimis in Iosrael. (Mhairseáil pobal an Tiarna síos chun na ngeataí.) Múscail, múscail, a Dheabórá, Múscail, múscail, agus abair amhrán. Éirigh, a Bhárác, agus bíodh misneach agat; Déan géibheannaigh de lucht do ghéibhnithe, A mhic Aibíonoam! Mháirseáil Iosrael síos chun na ngeataí, Mháirseáil pobal an Tiarna síos mar laochra chun troda ar a shon. Tá taoisigh Eafráim sa ghleann; Tá bhur mbráithre Biniáimin ag gabháil le bhur ndíormaí. Chuir na ceannairí chun siúil ó Mhácaír Agus ó Zabúlun lucht iompartha slat an cheannais. Tá flatha Íosácár i dteannta Dheabórá; Tá Naftáilí sa ghleann le Bárác agus á leanúint le teann deabhaidh. I measc srutháin Reúbaen, Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach. Cad ab áil libh ag moilliú i measc na gcróite Ag éisteacht le píobaireacht i measc na dtréad? (I measc srutháin Reúbaen, Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.) D' fhan Gileád thar Iordáin. Cad ab áil le Dán a bheith i measc loingeas na gcoimhthíoch? Shuigh Áiséar go sochma ar fheorainn na farraige, Ag cur faoi go síochánta ag a chalaí. Chuir treibh Zabúlun a n-anam i bhfiontar, Agus Naftáilí chomh maith ar na hardáin. Tháinig na ríthe agus chuadar sa treas; Ansin throideadar, ríthe úd Chanán, Ag Tánác, agus uiscí Mhigideo; Ach níor thugadar aon chreach airgid leo. Throid na réaltaí ó uachtar neimhe; Chuireadar cath ar Shíseará óna gcúrsaí. Scuab tuile Chiseon chun siúil iad, An tuile naofa, tuile Chiseon; Treascair, a anam liom, treascair le fuinneamh; Tá tine chreasa ón talamh faoi chrúba na n-each, Agus iad ag gabháil sna feilimintí siúil. «Mallacht ar Mhaeróz,» arsa aingeal an Tiarna. Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann, Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna, I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon. Gura beannaithe Iáéil i measc na mban; Bean Heibir, an Céineach; I measc na mban go léir a chónaíonn i mbothanna Gurab í is mó beannacht. D' iarr sé uisce agus thug sí dó bainne; Thug sí gruth dó i gcorn flaithiúil. Shín sí a lámh agus rug ar an bpionna Agus ina deasláimh rug greim ar thuairgnín an oibrí. Bhuail sí buille ar Shíseará agus bhrúigh a phlaosc; Bhasc sí a uisinn agus chuir an pionna tríthi. Thit sé agus síneadh ar lár faon ag a cosa é. Thit sé chun láir agus lántalún agus bhí sé ansiúd ina chnap. Tá sí ag gliúcaíl ag an bhfuinneog, Máthair Shíseará, agus ag féachaint tríd an gcrannaíl. «Cén mhoill atá ar a charbad ag teacht? Cén fáth a bhfuil a eachra faoina gcarbaid chomh mall?» Tugann an té is mó gaois ar a mná uaisle freagra, Freagra a dhéanann sí a aithris di féin. «Nach bhfuil siad cheana féin ag bailiú, ar ndóigh, agus ag roinnt na creiche? Ógbhean nó beirt do gach laoch; Fallaing, nó dhá fhallaing dhaite do Shíseará; Carbhat, dhá charbhat le bróidnéireacht domsa!» Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain. Rinne clann Iosrael an t-olc i bhfianaise an Tiarna; thug an Tiarna ar láimh iad do Mhidián ar feadh seacht mbliana. Luigh Midián go trom ar Iosrael. Bhain clann Iosrael feidhm as pluaiseanna sléibhe agus uaimheanna agus daingin chun teacht slán ó Mhidián. Nuair a chuireadh Iosrael síol, thagadh Midián fara Amáiléic agus treibheanna an Oirthir, agus d' ionsaídís iad; shuídís a longfort ina gcríocha, agus scriosaídís toradh na talún ar fud na tíre go himill Ghazá, gan beatha ar bith a fhágáil ag Iosrael, caora, ná damh, ná asal. Mar thagaidís chomh tiubh le lócaistí lena n-eallach agus lena mbothanna; níorbh fhéidir a líon féin ná líon a gcamall a áireamh, i dtreo go gcreachaidís an dúiche ina ngabhaidís. Bhí Iosrael i gcruachás agus i ngátar, de bharr Mhidián; agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna ag lorg cabhrach. Nuair a ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna de bharr Mhidián, chuir an Tiarna fáidh go clann Iosrael, agus dúirt sé leo: «Seo mar a deir an Tiarna: 'Sheol mé aníos ón Éigipt sibh, agus thug mé amach as teach na daoirse sibh; d' fhuascail mé sibh ó láimh na nÉigipteach, agus ó láimh lucht bhur ngéarleanúna go léir: dhíbir mé romhaibh iad, agus thug mé daoibh a gcuid tailte. Agus dúirt mé libh: «Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.» Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.» ' Tháinig aingeal an Tiarna agus shuigh sé faoin gcrann darach in Ofrá a bhain le Ióáis, an tAibíezreach. Bhí a mhacsan Gideón ag bualadh cruithneachta sa chantaoir fhíona d' fhonn í a cheilt ar Mhidián, agus thaibhsigh aingeal an Tiarna dó go ndúirt leis: «Tá an Tiarna leat, a ghaiscígh chalma!» Dúirt Gideón leis: «Má tá an Tiarna linn, a uasail, cén fáth, más ea, ar tharla na nithe seo uile dúinn? Agus cá bhfuil na héachtaí go léir a d' inis ár n-aithreacha dúinn, á rá: 'Nár thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn?' Ach anois tá droim laimhe tugtha ag an Tiarna linn agus táimid tugtha isteach i láimh Mhidián aige.» Leis sin, d' iompaigh an Tiarna chuige á rá: «Éirigh amach i do neart agus saor Iosrael ó chumhacht Mhidián! Nach mise féin a chuireann uaim thú?» D' fhreagair seisean: «A Thiarna, conas a thiocfaidh liomsa Iosrael a shaoradh? Is é mo fhinese an fine is laige i Manaise, agus is mise is lú cumas i dteaghlach m' athar.» Dúirt an Tiarna leis: «Beidh mise leat, agus buailfidh tú Midián amhail is nach mbeadh iontu ach aon duine amháin.» «Má fuair mé gean uait,» arsa Gideón leis, «tabhair dom comhartha gur tusa féin atá ag labhairt liom. Guím thú gan imeacht as seo nó go dtiocfaidh mé chugat arís agus go dtabharfaidh mé m' íobairt chugat, agus go gcuirfidh mé i do láthair í.» Agus d' fhreagair seisean: «Fanfaidh mé go dtiocfaidh tú ar ais.» D' imigh Gideón abhaile ansin agus d' ullmhaigh meannán agus builíní aráin gan ghabháile as éafá plúir. Chuir sé an fheoil i gciseán agus an t-anraith i gcorcán agus thug sé chuige iad mar a raibh sé faoin dair. Nuair a dhruid sé leis, dúirt Dia leis: «Beir leat an fheoil, agus na builíní gan ghabháile, agus cuir ar an gcarraig seo iad, agus doirt an t-anraith orthu.» Rinne sé amhlaidh. Leis sin shín aingeal an Tiarna barr na slaite a bhí ina láimh, gur bhain leis an bhfeoil agus leis na builíní gan ghabháile. Phreab tine as an gcarraig ansin agus loisc an fheoil agus na builíní gan ghabháile, agus leis sin sceinn aingeal an Tiarna as amharc. Thuig Gideón ansin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann agus dúirt sé: «Faraor, a Thiarna Dia! Chonaic mé aingeal an Tiarna gnúis le gnúis!» Ach dúirt an Tiarna leis: «Síocháin leat! Ná bíodh eagla ort, ní bhfaighidh tú bás.» Thóg Gideón altóir don Tiarna san áit sin, agus thug sé Síocháin É An Tiarna mar ainm uirthi. Tá sí ina seasamh ansiúd fós in Ofrá na nAibíezreach. Dúirt an Tiarna leis an oíche sin: «Faigh gamhain ramhar d' athar, an dara ceann. Leag anuas an altóir do Bhál atá ag d' athair, agus gearr anuas an cuaille naofa taobh léi. Tóg altóir chloch dea-chumtha don Tiarna do Dhia ar bharr an fharragáin seo. Ansin faigh an gamhain ramhar, an dara ceann, agus íobair é mar íobairt dhóite le hadhmad an chuaille a bheidh gearrtha anuas agat.» Thogh Gideón deichniúr dá ghiollaí agus rinne mar a dúirt an Tiarna leis. Ach le barr eagla roimh a theaghlach féin agus muintir an bhaile é sin a dhéanamh leis an lá, rinne sé é leis an oíche. Nuair a d' éirigh muintir an bhaile ar maidin lá arna mharach, féach! bhí altóir Bhál leagtha anuas, an cuaille naofa a bhí taobh léi scriosta, agus an gamhain ramhar eile ofráilte ina íobairt dhóite ar an altóir eile a tógadh. «Cé rinne é seo?» ar siad lena chéile. Cheistíodar agus rinneadar iniúchadh, agus dúradar: «Sé Gideón mac Ióáis a rinne é seo!» Ansin dúirt muintir an bhaile le Ióáis: «Tabhair amach do mhac, mar ní foláir é a chur chun báis, mar gur leag sé anuas altóir Bhál, agus gur ghearr sé anuas an cuaille naofa a bhí taobh leis.» Ach dúirt Ióáis leis an muintir go léir a bhí cruinnithe ina aghaidh: «An bhfuil fonn oraibh aighneas a dhéanamh ar mhaithe le Bál, agus seasamh leis? (Aon duine a dhéanfaidh aighneas ar mhaithe le Bál, cuirtear chun báis é roimh mhaidin.) Más dia é, déanadh sé a chuid aighnis dó féin, ós rud é gur scriosadh a altóir.» Tugadh Iarubál ar Ghideón an lá sin, mar dúradar: «Ní foláir do Bhál aighneas a dhéanamh ina choinne, ós rud é gur scrios sé a altóir.» Ansin chruinnigh Midián agus Amáiléic, agus muintir an Oirthir go léir le chéile; ghabhadar thar an Iordáin agus shuíodar a longfort i nGleann Izréil. Tháinig spiorad an Tiarna ar Ghideón: shéid sé ar an adharc agus d' fhreagair Aibíezir go léir a ghlaoch. Chuir sé teachtairí ar fud Mhanaise go léir chomh maith agus d' fhreagair siadsan é. Chuir sé teachtairí go hÁiséar, go Zabúlun, agus go Naftáilí agus amach leo sin chuige chomh maith. Dúirt Gideón le Dia: «Má tá sé beartaithe agat dáiríre Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú, féach, seo lomra olla á leathadh agam ar an urlár buailte. Má bhíonn drúcht ar an lomra amháin, agus an t-urlár go léir tirim, ansin beidh a fhios agam go ndéanfaidh tú Iosrael a fhuascailt le neart mo láimhe, mar a dúirt tú.» Agus is amhlaidh a bhí. D' éirigh sé go moch lá arna mhárach, agus d' fháisc an lomra agus bhain lán coirn de dhrúcht as an lomra. Ansin labhair Gideón arís le Dia: «Ná bí i bhfearg liom má labhraím arís eile! Lig dom aon triail amháin eile fós a dhéanamh leis an lomra. Bíodh an lomra amháin tirim, agus bíodh drúcht ar an urlár go léir ina thimpeall.» Rinne Dia amhlaidh an oíche sin; d' fhan an lomra amháin tirim agus bhí drúcht ar an talamh go léir ina thimpeall. D' éirigh Iarubál (Gideón is é sin) an-mhoch, agus rinne a lucht leanúna go léir amhlaidh, agus shuíodar a longfort ag Éan Harod; bhí longfort Mhidián lastuaidh díobh, sa chom faoi bhun shliabh Mhóire. Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: «Tá an iomad slua farat le go dtabharfainn Midián faoina láimh, le heagla go maífeadh Iosrael astu féin i m' aghaidh, á rá: 'Neart mo láimhe féin a d' fhuascail mé.' Tabhair an fógra seo dá bhrí sin don phobal anois: 'Téadh aon duine a bhfuil scéin nó eagla air, abhaile.'» Chuir Gideón ar a dtriail iad: chuaigh fiche míle abhaile agus d' fhan deich míle. Dúirt an Tiarna le Gideón: «Tá an iomad fear agat fós. Tabhair go himeall an uisce iad agus déanfaidh mé iad a chur ar a dtriail ansiúd duit. Má deirim faoi dhuine: 'Tá sé seo le dul i do theannta,' téadh an té sin i do theannta. Agus má deirim faoi dhuine: 'Níl sé siúd le dul i do theannta,' ná téadh an té sin i do theannta.» Thug Gideón síos go himeall an uisce iad agus dúirt an Tiarna: 'Gach duine a dhéanann an t-uisce a leadhbadh lena theanga, dála an mhadra, cuir i leataobh é; gach duine a théann ar a ghlúine ag ól, cuir ar an taobh eile é.» Ba é líon na ndaoine a leadhb lena dteanga ag cur a lámh lena mbéal, trí chéad fear; chuaigh an chuid eile go léir ar a nglúine ag ól an uisce. Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: «Leis an trí chéad fear a rinne an leadhbadh, déanfaidh mé sibh a fhuascailt, agus tabharfaidh mé an lámh in uachtar duit ar Mhidián. Téadh an chuid eile go léir ar ais, gach duine chun a thí féin.» Thóg [Gideón] a raibh de chrúscaí agus d' adharca ag an bpobal, agus chuir sé na hIosraelaigh eile go léir chun siúil, gach duine go dtí a bhoth féin, gan ach an trí chéad a choimeád aige féin. Bhí longfort Mhidián sa chom laistíos de. I gcaitheamh na hoíche céanna dúirt an Tiarna leis: «Bí i do shuí, agus síos leat go dtí an longfort, mar thug mé ar láimh duit é. Ach más eagal leat tabhairt faoi, beir do ghiolla Purá síos leat ar dtús, agus éist lena bhfuil á rá acu; cuirfidh sin misneach ort, agus ansin déanfaidh tú ionsaí ar an longfort.» D' imigh sé síos dá bhrí sin le Purá a ghiolla go dtí urphoist shaighdiúirí an longfoirt. Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire. Nuair a shroich Gideón, bhí fear ag insint dá chomrádaí faoi bhrionglóid: «Taibhríodh taibhreamh dom,» ar sé; «féach! ghabh builín eorna de ruathar trí longfort Mhidián; shroich sé an bhoth, bhuail í, leag í, agus chuir tóin in airde í.» D' fhreagair a chomrádaí: «Ní foláir nó gurb é sin claíomh Ghideón mac Ióáis, an tIosraelach; tá Midián agus an slua go léir tugtha ina láimh ag Dia dó.» Nuair a chuala Gideón an bhrionglóid á hinsint agus á ciallú, chaith sé é féin ar a ghlúine. Ansin d' fhill sé ar longfort Iosrael agus dúirt: «Bígí in bhur suí: mar tá longfort Mhidián curtha faoinár láimh ag an Tiarna.» Ansin roinn Gideón an trí chéad fear ina dtrí díormaí, chuir adharc i láimh gach duine díobh, agus crúsca folamh agus lóchrann i ngach crúsca. Dúirt sé leo: «Fairigí mise agus déanaigí mar a dhéanaimse. Nuair a thiocfaidh mé go himeall an longfoirt, déanaigí díreach mar a dhéanfaidh mise. Nuair a shéidfidh mé ar an adharc, mé féin agus an dream a bheidh faram, ansin séidigí sibhse leis ar an adharc ar gach taobh den longfort agus cuirigí gáir suas: 'Don Tiarna agus do Ghideón.'» Tháinig Gideón agus an céad fear a bhí ina theannta go himeall an longfoirt ag tús faire na meánoíche, nuair a bhí foireann nua faire ceaptha. Shéideadar ar a n-adharca agus bhriseadar na crúscaí a bhí ina lámha. Shéid na trí díormaí ar a n-adharca, agus bhriseadar a gcrúscaí; rugadar greim ar na lóchrainn ina gciotóga agus ar na hadharca le séideadh ina ndeasóga; agus chuireadar gáir suas: «(Claíomh) don Tiarna agus do Ghideón!» Sheas gach duine ina láthair féin timpeall an longfoirt. [Dhúisigh] lucht an longfoirt go léir agus theitheadar agus iad ag liúirigh. Fad a bhí an trí chéad ag séideadh a n-adharc, chuir an Tiarna claíomh gach duine in aghaidh a chéile sa longfort. Theitheadar go léir chomh fada le Béit Siteá i dtreo Záratán, go himeall Ábael Machólá os comhair Thabát. Tionóladh fir Iosrael le chéile ó Naftáilí, ó Áiséar, agus ó Mhanaise go léir, agus chuadar sa tóir ar Mhidián. Chuir Gideón teachtairí trí ardáin Eafráim á rá: «Tagaigí anuas i gcoinne Mhidián, agus gabhaigí na huiscí orthu as seo go Béit Bárá, agus an Iordáin chomh maith.» Tháinig muintir Eafráim go léir dá bhrí sin agus ghabhadar na huiscí as sin go Béit Bárá, agus an Iordáin. Ghabhadar dhá thaoiseach Mhidián, Oraeb agus Zéib; mharaíodar Oraeb ag Carraig Oraeb agus Zéib ag Cantaoir Zéib. Chuadar sa tóir ar Mhidián, agus thugadar cinn Oraeb agus Zéib go Gideón lastall den Iordáin. Dúirt muintir Eafráim le [Gideón]: «Cad ab ail leat leathchuma mar seo a dhéanamh orainn; agus gan glaoch orainn nuair a chuaigh tú chun cogaidh le Midián?» Rinneadar casaoid ghéar ina aghaidh, ach d' fhreagair sé iad: «Cad tá déanta agamsa seachas agaibhse? Nach fearr ceannóga finiúna Eafráim ná fómhar fíona Aibíeizir? Thug Dia taoisigh Mhidián, Oraeb agus Zeib, ar láimh daoibh. Cad a ba fhéidir domsa a dhéanamh seachas sibhse?» Ansin chuaigh a bhfearg ar ceal ar chlos na bhfocal sin. Tháinig Gideón go dtí an Iordáin agus chuaigh thairsti sall, ach bhí sé féin agus a thrí céad comrádaí sa tóir tuirseach tnáite. Dúirt sé dá bhrí sin le muintir Shucót: «Tugaigí roinnt builíní aráin do mo lucht leanúna, le bhur dtoil, mar tá siad traochta agus táimse sa tóir ar Zeaba agus Zalmuná, ríthe Mhidián.» D' fhreagair taoisigh Shucót: «Arán a thabhairt do d' arm? An ea go bhfuil greim agaibh cheana féin ar Zeaba agus ar Zalmuná?» Agus dúirt Gideón: «Tá go maith mar sin! Nuair a thabharfaidh an Tiarna Zeaba agus Zalmuná ar láimh dom, déanfaidh mé bhur bhfeoil a stolladh le deilgneach fásaigh agus le seacha.» Chuaigh sé as sin go Panúéil agus d' iarr sé an rud céanna orthu; thug muintir Phanúéil freagra air mar a rinne muintir Shucót. Agus d' fhreagair sé muintir Phanúéil: «Nuair a fhillfidh mé faoi bhua, scriosfaidh mé an túr seo.» Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n-arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fagtha ar fad d' arm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár. Ghabh Gideón suas ar feadh bealach na gcarbhán lastoir de Noba agus Iogbahá agus d' ionsaigh sé an t-arm gan choinne. Theith Zeaba agus Zalmuná, chuaigh sé sa tóir orthu, ghabh dhá rí Mhidián, Zeaba agus Zalmuná, agus [scrios] sé an t-arm go léir. Ansin d' fhill Gideón mac Ióáis ón gcath trí Mhám Heireas. Ghabh sé fear óg de mhuintir Shucót, agus cheistigh é agus scríobh seisean síos dó ainmneacha taoisigh agus seanóirí Shucót, seachtar seachtód ar fad. Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: «Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: 'Arán a thabhairt do d' arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?'» Ansin ghabh sé seanóirí na cathrach, agus fuair sé deilgneach fásaigh agus sceacha agus [stoll] sé muintir Shucót leo. Scrios sé túr Phanúéil agus chuir sé ár mhuintir na cathrach. Ansin dúirt sé le Zeaba agus Zalmuná: «Cér leis ar chosúil na fir a mharaigh sibh ag Tábór?» «Cosúil leat féin,» ar siad; «ba gheall le mac rí gach duine díobh ar a iompar.» D' fhreagair Gideón: «Ba dheartháireacha dom iad, clann mo mháthar féin; dar an Tiarna beo, dá ndéanfadh sibh anacal anama orthu, ní chuirfinn chun báis sibh.» Ansin d' ordaigh sé do Ieitir an mac ba shine aige: «Éirigh agus cuir chun báis iad!» Ach níor tharraing an mac a chlaíomh; ní raibh sé de mhisneach aige; ní raibh ann ach ógánach. Ansin dúirt Zeaba agus Zalmuná: «Éirigh féin agus maraigh sinn; óir tá neart fir de réir mar atá an fear sin.» Ansin d' éirigh Gideón féin agus mharaigh Zeaba agus Zalmuná, agus ghearr anuas na stuanna a bhí ar mhuiníl a gcamall. Dúirt muintir Iosrael le Gideón ansin: «Bí i gceannas orainn thú féin agus do chlann mhac, agus mac do mhic chomh maith, mar d' fhuascail tú sinn as láimh Mhidián.» Dúirt Gideón leo: «Ní bheidh mise i gceannas oraibh, ná ní bheidh mo mhac i gceannas oraibh; beidh an Tiarna i gceannas oraibh.» Dúirt Gideón leo: «Tá achainí agam oraibh; tugadh gach duine agaibh na fáinní as a chreach dom» bhí fáinní óir á gcaitheamh ag an dream a cloíodh mar ba Ísméiligh iad. D' fhreagair siad: «Tabharfaimid agus fáilte.» Leath sé brat ansin agus chaith gach duine díobh na fáinní as a chreach ar an mbrat. Ba é meáchan na bhfainní óir a d' éiligh sé ná míle seacht gcéad seicil óir, seachas na toirc, agus na siogairlíní agus na héidí corcra a chaitheadh ríthe Mhidián, agus na stuanna a bhíodh timpeall ar mhuiníl a gcuid camall. Rinne Gideón éafód de seo go léir agus chuir é ina chathair féin, in Ofrá. Ina dhiaidh rinne Iosrael go léir striapachas ina leith agus ba ghaiste do Ghideón agus dá mhuintir é. Fuair Iosrael an lámh in uachtar ar Mhidián ar an gcuma sin, agus níor ardaíodar a gceann arís, agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain, fad a mhair Gideón. Chuaigh Iarubál mac Ióáis i leataobh chun cónaithe ina theach féin. Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Gideón, dá shíolrach féin, mar bhí mórán ban aige. Bhí bean luí aige i Seicim agus rug sí sin mac dó chomh maith, ar ar thug sé Aibímeilic. Bhí seanaois faoi shéan ag Gideón mac Ióáis; d' éag sé agus adhlacadh é i dtuama a athar, Ióáis, in Ofrá na nAibíeizreach. Tar éis bháis do Ghideón chrom clann Iosrael ar striapachas a dhéanamh i ndiaidh na mBál, agus ghlacadar le Bál Beirít mar dhia. Níor chuimhin le hIosrael a thuilleadh an Tiarna a nDia a d' fhuascail iad óna naimhde go léir ina dtimpeall. Ba bheag é a mbuíochas do theaghlach Iarubál (.i. Gideón) ar son a ndearnadar de mhaith d' Iosrael. Chuaigh Aibímeilic mac Iarubál go Seicim, go bráithre a mháthar, agus dúirt leosan agus le fine uile theaghlach a mháthar: «Cuirigí an cheist seo, le bhur dtoil, chun ceannairí Sheicim: 'Cé acu is fearr daoibh, deichniúr agus trí fichid, clann Iarubál ar fad, a bheith i gceannas oraibh nó aon duine amháin?' Cuimhnigí leis gur cnámh de bhur gcnámh agus feoil de bhur bhfeoil mise.» Labhair bráithre a mháthar mar sin faoi le ceannairí uile Sheicim, agus tháinig lé acu le hAibímeilic, «Mar,» a dúradar leo féin, «is bráthair dúinn é.» Thugadar seachtó seicil airgid dó as teampall Bhál Bheirít, agus bhain Aibímeilic feidhm as sin mar thuarastal do scraistí gan mhaith a lean é. D' imigh sé leis ansin go teach a athar in Ofrá, agus mharaigh a bhráithre, clann mhac Iarubál, deichniúr agus trí fichid díobh ar an aon leac. Ach d' éalaigh Iótám an mac a ba óige le Iarubál, mar bhí sé imithe i bhfolach. Chruinnigh ceannairí uile Sheicim agus Bhéit Mileo i gceann a chéile agus cheapadar Aibímeilic ina rí taobh le dair an cholúin i Seicim. Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: «Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n-éistfidh Dia libhse. Chuaigh na crainn amach tráth Chun rí a ungadh dóibh féin Agus dúradar leis an gcrann olóige: ' Bíse i do rí orainn!' Dúirt an crann olóige leo, ámh: ' An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?' Agus dúirt na crainn leis an gcrann figí: ' Tar thusa, agus bí i do rí orainn.' Dúirt an crann figí leo, ámh: ' An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhilseacht Agus mo dhea-thoradh Chun a bheith i réim ar na crainn?' Agus dúirt na crainn leis an bhfiniúin: ' Tar thusa agus bí i do rí orainn.' Ach d' fhreagair an fhiniúin iad: ' An amhlaidh a thréigfidh mise m' fhíon A chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoine D' fhonn bheith i réim ar na crainn?' Ansin dúirt na crainn go léir leis an dris: ' Tar thusa agus bí i do rí orainn.' Ach dúirt an dris leis na crainn: ' Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin, Tagaigí ar scáth mo ghéag; É sin nó tagadh tine as an dris Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.' «Dá réir sin, más le dea-intinn agus le hionracas a rinne sibh rí d' Aibímeilic, agus má bhí sibh go cóir cothrom le Iarubál agus lena theaghlach, agus má chúitigh sibh leis de réir mar a thuill a bheartasan throid m' athair ar bhur son, chuir sé a anam i bhfiontar, agus d' fhuascail sé sibh ó láimh Mhidián; ach seo sibhse inniu agus ceannairc déanta agaibh in aghaidh theaghlach m' athar, a sheachtó mac básaithe agaibh ar an aon leac, agus Aibímeilic, mac a dhaoirsí, ceaptha mar rí agaibh ar cheannairí Sheicim mar gur gaol daoibh féin é más le dea-intinn agus le hionracas a phléigh sibh inniu le Iarubál, agus lena chlann, a deirim, gur chúis lúcháire agaibh é Aibímeilic, agus sibhse aigesean. Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n-ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n-ídí sí Aibímeilic.» Theith Iótám leis ansin, agus d' éalaigh go Béar agus chuir faoi ansiúd le heagla roimh Aibímeilic a bhráthair. Bhí Aibímeilic i réim in Iosrael ar feadh trí bliana. Ansin sheol Dia drochspiorad aighnis idir Aibímeilic agus ceannairí Sheicim, agus rinne ceannairí Sheicim ceannairc in aghaidh Aibímeilic. Is mar sin a bhí d' fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú. Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d' Aibímeilic. Tháinig Gál mac Eibid agus a ghaolta isteach i Seicim agus thug ceannairí Sheicim a n-iontaobh leis. Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d' itheadar, d' óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic. Dúirt Gál mac Eibid: «Cé he Aibímeilic, seachas sinne, muintir Sheicim, a rá is go ndéanfaimis fónamh dó? Nár chirte do mhac Iarubál agus Zabul, a leagáid, fónamh do mhuintir Hamór, athair Sheicim? Cén fáth go mbeimis inar ndaoir aige? Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: 'Méadaigh d' arm agus tar amach.'» Nuair a chuala Zabul rialtóir na cathrach focail Ghál mac Eibid d' adhain a fhearg. Chuir sé teachtairí go hAibímeilic in Arúmá á rá: «Féach, tá Gál mac Eibid agus a ghaolta tagtha go Seicim agus tá an chathair a griogadh acu i d' aghaidh. Tar féin agus do lucht leanúna dá bhrí sin i gcoim na hoíche agus téigh in eadarnaí orthu sna bánta. Ansin le héirí gréine ar maidin, éirigh amach go tapa agus tabhair faoin gcathair. Nuair a thiocfaidh Gál agus a chuid fear i d' aghaidh cuir an cluiche air de réir mar a oirfidh.» Chuir Aibímeilic agus a lucht leanúna go léir chun bealaigh dá bhrí sin i gcoim na hoíche, agus chuadar in eadarnaí ar Sheicim ina gceithre díormaí. Ghabh Gál mac Eibid amach agus mhoilligh ag béal gheata na cathrach; agus d' éirigh Aibímeilic agus a lucht leanúna as láithreacha eadarnaí. Nuair a chonaic Gál na fir dúirt sé le Zabul: «Féach, seo fir anuas ó mhullach na sléibhte.» «Is ann is dóigh leat,» arsa Zabul leis, «gur fir iad scáthanna na sléibhte.» «Seo fir,» arsa Gál arís, «ag teacht anuas ó Imleacán na Tíre, agus díorma eile ag teacht ó Dhair na nAsarlaithe.» «Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?» arsa Zabul leis, «tusa, a dúirt, ' Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?' Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!» Ghabh Gál amach, dá bhrí sin, ar cheann slua cheannairí Sheicim agus chuir cath ar Aibímeilic. Chuir Aibímeilic an ruaig air, agus theith sé roimhe, agus maraíodh a lán a treascraíodh sular bhféidir dóibh geataí na cathrach a shroicheadh. D' fhill Aibímeilic ansin ar Arúmá agus dhíbir Zabul Gál agus a ghaolta agus choisc orthu maireachtáil i Seicim. Lá arna mhárach chuaigh na fir amach sna goirt, agus chuala Aibímeilic ina thaobhsan. Thug sé leis a chuid fear, roinn iad ina dtrí díormaí agus chuaigh in eadarnaí sna goirt. Nuair a chonaic sé na fir ag teacht as an gcathair, d' ionsaigh sé iad agus dhíothaigh iad. Ghabh Aibímeilic agus an díorma a bhí in éineacht leis ar aghaidh go láithreacha ag béal gheata na cathrach, ach d' ionsaigh an dá dhíorma eile na fir go léir sna goirt agus chuireadar a n-ár. Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti. Nuair a chuala ceannairí Thúr Sheicim é sin, chuadar chun tearmainn i lusca theampall Éil Beirít. Nuair a chuala Aibímeilic go raibh ceannairí Thúr Sheicim go léir cruinnithe ansiúd, ghabh sé Sliabh Zalmón suas lena chuid fear go léir. Ansin rug sé greim ar thua, ghearr anuas gabháil bhrosna, d' ardaigh agus chuir ar a ghualainn é. Agus dúirt sé leis an muintir a bhí in éineacht leis: «Déanaigí aithris ar a bhfuil déanta agamsa, agus déanaigí sin go tapa.» Ghearr gach duine díobh a ghabháil bhrosna dá bhrí sin, agus lean Aibímeilic agus leag ar an lusca é, agus chuireadar an lusca trí thine ar a mullach. Díscíodh muintir Thúr Sheicim uile chomh maith, timpeall míle fear agus bean. Ansin chuaigh Aibímeilic in aghaidh Théibéiz agus chuir léigear air agus ghabh é de ruathar. Ach bhí túr daingean sa chathair agus theith muintir na cathrach go léir, idir fhir agus mhná, chun dídine ann; d' iadar an doras agus chuadar in airde ar dhíon an túir. Tháinig Aibímeilic chun an túir, agus d' ionsaigh é. Nuair a bhí sé ag déanamh ar dhoras an túir chun é a chur trí thine, chaith bean éigin bró uachtair mhuillinn anuas sa mhullach air agus bhris a bhlaosc. Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: «Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d' fhonn nach ndéarfaí fúm: 'Mharaigh bean é!'» Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás. Nuair a chonaic saighdiúirí Iosrael go raibh Aibímeilic ar lár, d' imíodar leo, gach duine chun a thí féin. Rinne Dia ar an gcuma sin an choir a rinne Aibímeilic in aghaidh a athar, nuair a mharaigh sé a sheachtó deartháir, a agairt air. Agus thug Dia coirpeacht uile mhuintir Sheicim ar ais sa mhullach orthu féin agus tháinig mallacht Iótám mac Iarubál orthu chomh maith. Tar éis Aibímeilic, d' éirigh Tólá mac Phúá mac Dhódó, chun Iosrael a fhuascailt. Ba de threibh Íosácár é agus bhí cónaí air i Seámaír i sléibhte Eafráim. Ba bhreitheamh in Iosrael é ar feadh trí bliana fichead; d' éag sé ansin agus cuireadh é i Seámaír. Ina dhiaidhsean, d' eirigh Iáír ó Ghileád, agus ba bhreitheamh in Iosrael é ar feadh dhá bhliain fhichead. Bhí deich mac fichead aige a dhéanadh marcaíocht ar dheich n-asal fichead; bhí deich gcathair fichead acu ar a dtugtar Longfoirt Iáír go dtí an lá inniu; tá siad i dtír Ghileád. D' eag Iáír agus cuireadh é i gCámón. Rinne pobal Iosrael an t-olc arís i bhfianaise an Tiarna. D' fhónadar do na Bálaím agus do na hAisteárót, do dhéithe Arám agus do dhéithe Shíodón, do dhéithe Mhóáb agus do dhéithe na nAmónach agus do dhéithe na bhFilistíneach; thréigeadar an Tiarna agus níor fhónadar dó a thuilleadh. Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé ar láimh iad do na Filistínigh agus do na hAmónaigh, agus ón mbliain sin ar aghaidh rinneadarsan cos ar bolg agus géarleanúint ar feadh ocht mbliana déag ar chlann Iosrael ar chlann Iosrael go léir a bhí ag cur fúthu lastall den Iordáin i gcríocha na nAmórach atá i nGileád. Tháinig na hAmónaigh freisin thar Iordáin anall chun troid in aghaidh Iúdá agus Bhiniáimin agus teaghlach Eafráim, agus bhí Iosrael i gcruachás agus in éigean. Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna agus dúradar: «Pheacaíomar i d' aghaidh, mar gur thréigeamar ár nDia agus gur fhónamar do na Bálaím.» D' fhreagair an Tiarna clann Iosrael: «Nár fhuascail mé sibh ó na hÉigiptigh, na hAmóraigh, na hAmónaigh, na Filistínigh, na Síodónaigh, Amáiléic agus Midián, nuair a rinne siadsan cos ar bolg oraibh agus gur ghlaoigh sibh orm? Dá ainneoin sin, thréig sibh mise agus rinne sibh fónamh do dhéithe eile; uime sin ní dhéanfaidh mé fuascailt oraibh arís. Imígí agus glaoigí ar na déithe is rogha libh! Déanaidís-sean sibh a fhuascailt in am an ghátair!» D' fhreagair clann Iosrael an Tiarna: «Pheacaíomar! Déan do rogha rud linn, ach fuascail sinn, impímid ort, inniu féin!» Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh. Thionóil na hAmónaigh agus shuíodar a longfort i nGileád. Chruinnigh clann Iosrael agus shuíodar a longfort i Mizpeá. Ansin dúirt na daoine, ceannairí Ghileád, le chéile: «Cé chuirfidh ceann ar an gcath in aghaidh na nAmónach? Bíodh seisean i gceannas ar an muintir go léir atá ag cur fúthu i nGileád.» Gaiscíoch tréan a ba ea Iaftá an Gileádach, ach ba mhac striapaí é. Ba é Gileád athair Iaftá. Bhí clann mhac ag bean Ghileád chomh maith, agus nuair a d' fhás clann a mhná, thiomáineadar Iaftá amach, agus dúradar leis: «Ní bheidh aon chuid agat i dteach ár n-athar, mar is mac mná deoranta thú.» Theith Iaftá óna bhráithre agus chuir faoi i dtír Thób. Bhailigh scraistí gan mhaith ina thimpeall agus théidís ag creachadh in éineacht leis. Tar éis tamaill chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael. Nuair a chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael chuaigh seanóirí Ghileád ag triall ar Iaftá chun é a bhreith leo ó thír Thób. Dúradar le Iaftá: «Tar agus gabh ceannas orainn i dtreo go gcuirfimís cogadh ar na hAmónaigh.» Ach dúirt Iaftá le seanóirí Ghileád: «Nach sibhse a thug fuath dom agus a thiomáin as teach m' athar amach mé? Cad a b' áil libh ag teacht chugam anois agus sibh i gcruachás?» Agus dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: «Sin é díreach an fáth gur chasamar ort anois; tar linn; cuir cogadh ar na hAmónaigh agus bí i do cheann orainn, i do cheann ar a bhfuil ina gconaí i nGileád.» D' fhreagair Iaftá seanóirí Ghileád: «Má thugann sibh ar ais abhaile mé le troid leis na hAmónaigh, agus go dtugann an Tiarna an lámh in uachtar dom orthu, an mbeidh mé i mo cheann oraibh?» Dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: «Go raibh an Tiarna ina fhinné eadrainn! Go raibh mallacht orainn mura ndéanfaimid mar a dúirt tú!» Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna. Ansin chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach á rá leis: «Cad é an t-aighneas seo eadrainn a rá is gur tháinig tú chugam chun cogaidh a chur ar mo thír?» D' fhreagair rí na nAmónach teachtairí Iaftá: «Mar, nuair a bhí Iosrael ag teacht as an Éigipt, ghabhadar seilbh ar mo thírse ón Arnón go dtí an Iaboc, agus go dtí an Iordáin. Tabhair ar ais é go síochánta anois, dá bhrí sin.» Chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach leis an bhfreagra: «Mar seo a deir Iaftá: Níor ghabh Iosrael tír Mhóab ná tír na nAmónach, ach nuair a tháinig Iosrael aníos ón Éigipt, chuaigh siad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach agus shroicheadar Cáidéis. Ansin chuir Iosrael teachtairí go rí Eadóm á rá: 'Lig dúinn gabhail trí do thír, le do thoil'; ach ní éistfeadh rí Eadóm. Chuireadar teachtairí go rí Mhóáb chomh maith, ach ní bheadh sé sásta. D' fhan Iosrael i gCáidéis dá bhrí sin. Ansin ghabhadar tríd an bhfásach agus timpeall ar thír Eadóm agus ar thír Mhóáb nó go rabhadar lastoir de chríocha Mhóáb. Shuigh an pobal a longfort taobh thall den Arnón, gan dul thar theorainn Mhóáb, mar is í an Arnón féin teorainn Mhóáb. Ansin chuir Iosrael teachtairí go dtí Síochon rí na nAmórach a bhí i réim i Heisbeon, agus dúirt Iosrael leis: 'Lig dúinn, le do thoil, gabháil trí do thalamh go dtí ár dtír féin.' Ach ní ligfeadh Síochon d' Iosrael gabháil trína chríocha; chruinnigh sé a mhuintir ó léir le chéile dá bhrí sin, shuíodar a longfort i Iáhaz, agus chuir sé cath ar Iosrael. Thug an Tiarna Dia Iosrael Síochon agus a mhuintir go léir ar láimh d' Iosrael; bhris Iosrael orthu agus ghabh seilbh ar chríocha uile na nAmórach ó Arnón go Iaboc agus ó fhásach go Iordáin. Má dhíbir an Tiarna Dia Iosrael na hAmóraigh ó Arnón go Iaboc, roimh a phobal Iosrael, an ndéanfaidh do leithéidse sinn a chur as seilbh anois? Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí. An fearr d' fhear thú ná Bálác mac Zipeor rí Mhóab? Ar thug seisean dúshlán Iosrael riamh? Ar chuir sé cogadh riamh orthu? Fad a bhí Iosrael ag cur fúthu i Heisbeon agus ina shráidbhailte, nó in Aroéir agus ina shráidbhailte nó in aon cheann de na cathracha ar bhruach na Iordáine (ar feadh trí chéad bliain), cad ina thaobh nár ghnóthaigh sibh na háiteanna sin ar ais i gcaitheamh an ama sin? Maidir liomsa, ní dhearna mé aon choir i bhur n-aghaidh, ach tá sibhse ag déanamh éagóra orm trí bheith ag cur cogaidh orm. Tugadh an Tiarna, an breitheamh, breith inniu idir clann Iosrael agus na hAmónaigh.» Níor thug rí na nAmónach aon aird ar an teachtaireacht a chuir Iaftá chuige. Tháinig spiorad an Tiarna ar Iaftá agus ghabh sé sin trí Ghileád anonn agus trí Mhanaise gur shroich sé Mizpeá i nGileád agus ghluais sé ó Mhizpeá i nGileád ar chúl na nAmónach. Agus thug Iaftá móid don Tiarna agus is é a dúirt sé: «Má thugann tú na hAmónaigh suas dom is leis an Tiarna go dearfa an té is túisce a thiocfaidh i mo dháil as doirse mo thí agus mé ag casadh abhaile go caithréimeach tar éis cath a chur ar na hAmónaigh agus déanfaidh mé an duine sin a ofráil ina íobairt uileloiscthe.» Ghabh Iaftá sall chun catha in aghaidh na nAmónach mar sin agus thug an Tiarna isteach ina láimh iad. Rinne sé iad a chiapadh ó Aroéir geall leis go Minít (fiche cathair) agus go hÁbael Carámaím gur chuir a n-ár agus a n-eirleach i dtreo gur cloíodh na hAmónaigh ag clann Iosrael. Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin. Nuair a chonaic sé í stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: «Uch, a iníon ó, cad é mar bhrón a chuireann tú orm! Mo mhairg gur thusa is cúis le mo chumha. Óir thug mé gealltanas don Tiarna agus ní thig liom dul siar ar mo mhóid.» Agus dúirt sise leis: «A athair, má thug tú gealltanas don Tiarna, déan de réir na móide a rinne tú, ó d' imir an Tiarna díoltas thar do cheann ar do naimhde, ar na hAmónaigh.» Lean sí uirthi agus dúirt lena hathair: «Déantar an méid seo ar mo shonsa: lig dom imeacht uait agus dhá mhí a chaitheamh ar na sléibhte chun go gcaoinfidh mé m' óghacht i bhfochair mo chompánach.» D' fhreagair seisean: «Imigh leat,» agus lig sé uaidh í go ceann dhá mhí. D' imigh sí mar sin, í féin agus a compánaigh, agus chaoin sí a hóghacht ar na sléibhte. Agus i gceann dhá mhí, tháinig sí ar ais chun a hathar agus rinne seisean léi de réir na móide a bhí tugtha aige. Níor chuir sí aithne riamh ar fhear. Rinne nós de in Iosrael go dtéadh cailíní óga Iosrael gach bliain chun iníon Iaftá, an Gileádach, a chaoineadh ar an sliabh ar feadh ceithre lá sa bhliain. Tionóladh fir Eafráim, agus chuadar sall i dtreo Záfón, agus dúradar le Iaftá: «Cén fáth a ndeachaigh tú sall chun catha leis na hAmónaigh gan a iarraidh orainne dul leat? Cuirfimid do theach trí thine ar do mhullach.» D' fhreagair Iaftá iad: «Bhí brú mór orm féin agus ar mo mhuintir; bhí na hAmónaigh ag luí go crua orainn. Ghlaoigh mé oraibh teacht, ach níor fhuascail sibh mé as a lámha. Nuair a chonaic mé nach dtiocfadh sibh i gcabhair orm, chuir mé m' anam i bhfiontar agus chuir mé chun bóthair in aghaidh na nAmónach, agus thug an Tiarna ar láimh dom iad. Cén fáth a bhfuil sibhse ag teacht inniu chun cogadh a chur orm?» Ansin chruinnigh Iaftá sluaite Ghileád go léir agus chuir cath ar Eafráim, agus chuir sluaite Ghileád an teitheadh ar Eafráim mar go raibh siadsan á rá: «Níl ionaibh ach lucht tréigthe Eafráim, a Ghileádacha, i lár Eafráim agus Mhanaise!» Ghabh na Gileádaigh áthanna na Iordáine ar na hEafráimigh. Ansin nuair a deireadh aon teifeach ó Eafráim: «Scaoil anonn mé!» deireadh fir Ghileád: «An as Eafráim duit?» Nuair a deireadh sé: «Ní hea,» deiridís leis: «Abair sibolet más ea,» agus deireadh sé: «Suibolet,» mar nach bhfeadfadh sé an focal a fhoghrú i gceart. Ansin ghabhaidís é agus chuiridís chun báis é ag áthanna na Iordáine. Cailleadh dhá mhile agus daichead d' fhir Eafráim an uair sin. Bhí Iaftá ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh sé bliana. Ansin d' éag Iaftá an Gileádach agus adhlacadh é ina chathair féin, Mizpeá i nGileád. Ina dhiaidhsean bhí Ibzeán ó Bheithil ina bhreitheamh in Iosrael. Bhí deichniúr is fiche mac aige agus deichniúr agus fiche iníon. Thug sé a iníonacha le pósadh lasmuigh dá fhine, agus thug deichniúr is fiche brídeog isteach chun a chlann mhac. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh seacht mbliana. Ansin fuair Ibzeán bás agus adhlacadh é i mBeithil. Bhí Éalón as Zabúlun ina bhreitheamh in Iosrael ina dhiaidh. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh deich mbliana. Ansin d' éag Éalón as Zabúlun agus adhlacadh é in [Éalón] i dtír Zabúlun. Bhí Abdón mac Hilléil ó Phireátón ina bhreitheamh ina dhiaidh. Bhí daichead mac agus tríocha mac mic aige agus dhéanaidís marcaíocht ar seachtó asal. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh ocht mbliana. Ansin d' éag Abdón mac Hilléil agus adhlacadh é i bPireátón i dtír Eafráim in ardáin na nAmailéiceach. Chrom clann Iosrael ar an olc a dhéanamh arís i bhfianaise an Tiarna, agus thug an Tiarna ar láimh iad do na Filistínigh ar feadh daichead bliain. Bhí fear ó Zorá de threibh Dhán darbh ainm Mánóach, agus bhí a bhean aimrid, gan aon chlann uirthi. Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin don bhean seo agus dúirt sé léi: «Féach, tá tú aimrid, gan chlann (ach gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac). Bí ar d' aire le barr cúraim dá bhrí sin as seo amach, agus ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar féach, gabhfaidh tú gin agus bearfaidh tú mac. Ná luíodh rásúr ar a cheann mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó bhroinn a mháthar; eisean a chuirfidh tús le fuascailt Iosrael ó láimh na bhFilistíneach.» D' imigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: «Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó. Ach dúirt sé liom: 'Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.'» Ansin rinne Mánóach achainí chun an Tiarna agus dúirt: «A Thiarna, tagadh, impím ort, an giolla Dé a chuir tú cheana, chugainn arís; agus múineadh sé dúinn céard atá le déanamh againn leis an mac nuair a shaolófar é.» D' éist an Tiarna le glór Mhánóach agus tháinig aingeal Dé arís chun na mná agus í ina suí sa ghort, gan Mánóach a céile ina teannta. Rith sí le teann deabhaidh agus dúirt lena fear: «Féach, an fear a tháinig chugam an lá eile, thaibhsigh sé arís dom.» D' éirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: «An tú an té a labhair leis an mbean seo?» «Is mé,» ar sé. Ansin dúirt Mánóach: «Anois, nuair a chomhlíonfar do bhriathra, cén sort riail bheatha a bheidh ag an ógánach agus conas a dhéanfaidh sé é féin a iompar?» Agus dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: «Na nithe a choisc mé ar an mbean seo, seachnaíodh [seisean] chomh maith. Ná blaiseadh [sé] aon ní de thoradh na fíniúna, agus ná hóladh sé aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hitheadh sé aon ní neamhghlan; déanadh sé de réir na n-orduithe go léir a thug mé don bhean seo.» Dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: «Fan farainn, le do thoil, nó go n-ullmhóimid meannán duit,» mar nach raibh a fhios ag Mánóach gurbh é aingeal an Tiarna é. Dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: «Fiú amháin má fhanaim faraibh, ní íosfaidh mé bhur mbia; ach más mian libh íobairt uileloiscthe a dhéanamh, ofráil í don Tiarna.» Ansin dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: «Cad is ainm duit, i dtreo go dtabharfaimís ómós duit nuair a chomhlíonfar do bhriathra?» D' fhreagair aingeal an Tiarna é: «Cad a ba áil leat ag fiafraí m' ainm díom, mar is iontach é.» Ansin thóg Mánóach an meannán leis an abhlann agus d' ofráil é mar uileloscadh ar an gcarraig don Tiarna, an té a dhéanann iontais a chur i gcrích. Nuair a bhí an bhladhm ag dul in airde chun na bhflaitheas ón altóir, ghabh aingeal an Tiarna suas i lasracha na haltóra os comhair súl Mhánóach agus a mhná, agus thiteadar ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh. Níor thaispeáin aingeal an Tiarna é féin a thuilleadh do Mhánóach agus dá bhean; thuig Mánóach as sin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann. Ansin dúirt Mánóach lena bhean: «Gheobhaimid bás, gheobhaimid, mar chonaiceamar Dia.» Ach dúirt a bhean leis: 'Dá mba mhian leis an Tiarna sinn a chur chun báis, ní ghlacfadh sé íobairt uileloiscthe ná abhlann ónár lámha, ní thaispeánfadh sé na nithe seo go léir dúinn, ná ní inseodh sé a leithéidí seo dúinn.» Rug an bhean mac agus thug sí Samsón air. D' fhás an leanbh, agus chuir an Tiarna a bheannacht air, agus thosaigh spiorad an Tiarna ar é a spreagadh i Longfort Dhán idir Zorá agus Eisteáól. Chuaigh Samsón síos go Timneá agus luigh a shúil ansiúd ar cheann d' iníonacha na bhFilistíneach. D' fhill sé ar ais ansin agus d' inis é sin dá athair agus dá mháthair. «Chonaic mé,» ar sé, «ceann d' iníonacha na bhFilistíneach i dTimneá. Faighigí dom í le bheith mar bhean agam.» Dúirt a athair agus a mháthair leis: «An bhfuil aon bhean ar iníonacha do ghaolta, nó do chine go léir, a rá is go gcaitheann tú dul agus bean a fhail i measc na bhFilistíneach gan timpeallghearradh?» D' fhreagair Samsón a athair: «Faigh í seo dom, faigh sin! Mar taitníonn sí go mór liom.» Ní raibh a fhios ag a athair ná ag a mháthair gur ón Tiarna a tháinig sé sin go léir; óir bhí seisean ag lorg iarraim cúis chugat chun na bhFilistíneach, mar bhí na Filistínigh i gceannas ar Iosrael an t-am úd. Chuaigh Samsón síos go Timneá ansin (lena athair agus lena mháthair). Ag druidim le fíonghoirt Thimneá dó, chonaic sé leon óg ag teacht faoina dhéin agus é ag glamaíl. Tháinig spiorad an Tiarna go tréan air agus stoll sé an leon ó chéile mar a dhéanfadh duine le meannán; ach níor inis sé dá athair ná dá mháthair céard a rinne sé. Ghabh sé síos ansin agus labhair sé leis an mbean agus thaitin sí go mór leis. D' fhill Samsón go luath ina dhiaidh sin chun í a phósadh. Chuaigh sé i leataobh chun conablach an leoin a fheiceáil, agus, féach! bhí saithe beach i gcabhail an leoin, agus roinnt meala. Scríob sé cuid den mhil amach ina láimh agus d' ith í ag gabháil an bhóthair. Nuair a d' fhill sé ar a athair agus ar a mháthair, thug sé roinnt dóibhsean freisin; d' ith siadsan leis an mhil, ach níor inis sé dóibh gur thóg sé í ó chonablach an leoin. Ghabh a athair síos ansin go dtí an bhean, agus rinneadar féile do Shamsón ansiúd ar feadh seacht lá, mar ba nós le fir óga. Ach nuair a fuaireadar radharc air, thoghadar deichniúr comrádaí ar fhichid chun fanacht ina theannta. Ansin dúirt Samsón leo: «Cuirim tomhas chugaibh. Má bhíonn an freagra agaibh dom agus a fháil amach céard é laistigh de sheacht lá na féile, tabharfaidh mé tríocha brat de línéadach mín, agus tríocha éide aonaigh daoibh. Ach mura féidir daoibh teacht ar an bhfreagra dom, tabharfaidh sibhse ansin tríocha brat de línéadach mín agus tríocha éide aonaigh domsa.» «Cuir do thomhas chugainn!» ar siad leis, «táimid ag éisteacht.» Dúirt sé leo dá bhrí sin: «As an iteoir, tháinig rud le hithe; As an tréan, tháinig an milis.» Ar feadh trí lá chuaigh díobh an tomhas a réiteach. Ar an gceathrú lá dúradar le bean Shamsón: «Meall d' fhear chun réiteach an tomhais a thabhairt dúinn, nó dófaimid thú féin agus teach d' athar. An chun sinn a chreachadh a thug tú cuireadh anseo dúinn?» Ansin chrom bean Shamsón ar na deora a shileadh ina láthair a rá: «Ní grá atá agat dom ar ndóigh, ach fuath. Chuir tú tomhas chun mo mhuintire, ach níor bhac tú fiú leis an bhfreagra a insint dom.» Agus dúirt sé léi: «Féach, níor inis mé é fiú do m' athair ná do mo mháthair, agus an amhlaidh a d' inseoinn duitse é?» Bhí sí ag sileadh na ndeor os a chomhair ar feadh na seacht lá a mhair a bhféile, agus ar an seachtú lá d' inis sé an freagra di mar gur lean sí uirthi chomh dian sin. Ansin d' inis sise freagra an tomhais dá muintir. Ar an seachtú lá sula ndeachaigh Samsón isteach i seomra na lanúine, dúirt fir na cathrach leis: «Cad is milse ná mil? Cad is tréine ná leon?» D' fhreagair sé: «Gan treabhadh le mo bhodóg Ní bhfaigheadh sibh fios mo thomhais.» Ansin tháinig spiorad an Tiarna air go tréan agus chuaigh sé síos go hAiscileon agus mharaigh deichniúr is fiche de mhuintir an bhaile, thug leis a gcreach, agus thug a n-éidí aonaigh dóibh siúd a réitigh an tomhas. D' fhill sé ar a athair ansin agus cuthach feirge air. Tugadh bean Shamsón dá chomrádaí, an té a sheas leis. Tamaillín ina dhiaidh sin, i bhfómhar an arbhair, chuaigh Samsón ar ais ar thuairisc a mhná agus meannán aige di. «Rachaidh mé isteach ina seomra chun mo mhná,» ar sé. Ach ní ligfeadh a hathair isteach é. Agus dúirt sé: «Bhí mé deimhin de go raibh tú bréan ar fad di; thug mé í do do chomrádaí dá bhrí sin. Nach dathúla an deirfiúr is óige ná í? Tóg ise ina háit, le do thoil.» Dúirt Samsón leo: «Níl le déanamh agam anois chun sásamh a bhaint amach ó na Filistínigh ach díobháil a dhéanamh dóibh.» D' imigh Samsón leis dá bhrí sin agus rug ar thrí chéad sionnach; fuair sé lóchrainn, chuir na sionnaigh eireaball le heireaball agus chuir lóchrann idir gach dhá eireaball. Las sé na lóchrainn ansin agus scaoil leis na sionnaigh isteach i ngoirt arbhair na bhFilistíneach agus chuir idir phunanna agus arbhar gan baint trí thine, agus na fíniúna agus na crainn ológ chomh maith. «Cé rinne é seo?» arsa na Filistínigh. Sé freagra a fuaireadar: «Samsón, cliamhain fhear Thimneá, mar gur thóg seisean a bhean ar ais uaidh agus gur thug í dá chomrádaí ina ionad.» Tháinig na Filistínigh aníos agus loisceadar í féin agus a [teaghlach] le tine. Dúirt Samsón leo: «Más mar sin a dhéanann sibh sibh féin a iompar, ar mo leabhar nach scoirfidh mé nó go ndéanfaidh mé mé féin a agairt oraibh.» Ansin thug sé fúthu ó thalamh agus thug ár agus eirleach orthu; síos leis ansin chun na pluaise i gCarraig Éatám agus d' fhan ansiúd. Tháinig na Filistínigh aníos ansin agus shuíodar a longfort in Iúdá; rinneadar ionradh ar Leichí. Ansin dúirt muintir Iúdá leo: «Cad a ba áil libh ag tabhairt fogha fúinne?» «Thángamar aníos,» ar siad, «chun greim a fháil ar Shamsón, agus an cor céanna a thabhairt air agus a thug seisean orainne.» Ansin chuaigh trí mhíle d' fhir Iúdá síos go dtí an phluais i gCarraig Éatám, agus dúradar le Samsón: «Nach bhfuil fhios agat go bhfuil na Filistínigh i gceannas orainn? Cad é seo, más ea, atá déanta agat orainn?» Dúirt sé leo: «Thug mé an cor céanna orthu agus a thug siadsan ormsa.» Agus dúradar leis: «Thángamar anuas chun tú a chur i gcuibhreacha agus tú a thabhairt ar láimh do na Filistínigh.» Dúirt sé leo: «Tugaigí mionn nach maróidh sibh féin mé.» D' fhreagair siad: «Ní mharóimid; níl uainn ach thú a chur i gcuibhreacha agus a thabhairt suas dóibh; ní baol go maróimidne thú.» Cheanglaíodar é le dhá théad nua, agus thug siad aníos ón gCarraig é. Ag teacht i gcongar Leichí dó, rith na Filistínigh chuige agus na gártha maíte á gcur suas acu; ach tháinig spiorad an Tiarna go tréan airsean, agus rinne mar a bheadh snáithe dóite lín de na téada a bhí ar a ghéaga, agus leáigh na cuibhreacha dá lámha. Tharla cnámh géill úr asail ansiúd dó; shín sé a lámh agus rug greim air, agus leag míle fear ar lár leis. Ansin dúirt Samsón: «Le cnámh géill asail rinne mé iad a phleancadh, Le cnámh géill asail rinne mé míle fear a threascairt.» Nuair a bhí sin ráite aige, chaith sé uaidh an chnámh, agus sin é an fáth ar tugadh Rámat Leichí (Cnoc an Chnámh Géill) ar an áit. Bhí an-tart air, agus ghlaoigh sé ar an Tiarna agus dúirt leis: «Tusa féin a dheonaigh an fhuascailt iontach seo trí láimh do shearbhónta; an bás de thart atá i ndán dom anois agus titim isteach i lámha na muintire gan timpeallghearradh?» Ansin chuir an Tiarna scoilt sa log sa talamh ansiúd i Leichí, agus tháinig uisce as. D' ól Samsón, d' fhill a mhisneach air, agus tháinig neart arís ann. Tugadh Éan Hacórae ar an tobar sin dá bharrsan; tá sé ansiúd i Leichí go dtí an lá seo féin. Bhí Samsón ina bhreitheamh in Iosrael le linn na bhFilistíneach ar feadh fiche bliain. Chuaigh Samsón as sin go Gaza; luigh a shúil ar striapach ansiúd agus chuaigh sé isteach chuici. Fuair fir Ghazá an scéala: «Tá Samsón tagtha.» Thángadar timpeall na háite agus d' fhanadar i luíochán air ar feadh na hoíche go léir ag geata na cathrach. Ní raibh cor astu ar feadh na hoíche go léir, á rá leo féin: «Fanaimís go breacadh an lae; maróimid ansin é.» D' fhan Samsón sa leaba, ámh, go meánoíche; d' éirigh sé ansin meánoíche, rug ar chomhlaí geataí na cathrach agus ar a dhá ursain, bhain dá lúdracha iad, boltaí agus uile, d' ardaigh ar a ghuaillí iad, agus thug leis iad go mullach an chnoic os comhair Heabrón, [agus d' fhág ansin iad]. Thit sé i ngrá ina dhiaidh sin le bean i nGleann Shóraec, arbh ainm di Dilíleá. Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: «Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d' fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.» Dúirt Dilíleá le Samsón: «Inis dom, le do thoil, cá has a dtagann do neart éachtach, agus cad ba ghá le thú a chuibhriú agus thú a smachtú.» D' fhreagair Samsón: «Dá gceanglófaí mé le seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh, ansin chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.» Ansin thug taoisigh na bhFilistíneach chuici seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh agus rinne sí é a chuibhriú leo. Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, agus liúigh sí: «Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!» Ach bhris sé na sreanga bogha mar a bhrisfeadh snáithe barraigh nuair a bhaineann an tine leis. D' fhan foinse a nirt ina rún dá réir sin. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: «Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom. Inis dom, le do thoil, cad ba ghá le thú a chuibhriú.» D' fhreagair sé í: «Dá gceanglófaí mé le téada nua nár úsáideadh riamh, ansin chaillfinn mo neart, agus bheinn mar aon fhear eile.» Ansin fuair Dilíleá téada nua agus rinne sí é a chuibhriú leo, agus liúigh sí: «Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!» Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, ach bhris sé na téada a bhí ar a ghéaga mar a dhéanfadh snáth. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: «Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom go dtí seo. Inis dom anois cad ba ghá le tú a chuibhriú.» Dúirt sé léi: «Dá ndéanfá seacht ndual gruaige mo chinn a fhí faoin inneach agus an biorán a shocrú go daingean, chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.» Chuir sí chun suain é, d' fhigh sí seacht ndual gruaige a chinn san inneach, dhaingnigh an biorán agus liúigh sí: «Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!» Dhúisigh sé as a chodladh, agus tharraing amach idir ábhar agus bhiorán. Dúirt Dilíleá leis: «Conas is féidir duit a rá go bhfuil grá agat dom nuair nach bhfuil iontaoibh agat asam? Rinne tú magadh fúm anois trí huaire agus níor inis tú cá has a dtagann an neart éachtach atá agat.» Lean sí uirthi go dian lá i ndiaidh an lae lena ceisteanna chuige, gan aon sos a thabhairt dó, go dtí go raibh sé bréan go bás den scéal. Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: «Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, d' éireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.» Thuig Dilíleá ansin go raibh a rún go léir scaoilte aige léi; chuir sí fios ar thaoisigh na bhFilistíneach agus thug an teachtaireacht seo dóibh: «Tagaigí aon turas amháin eile, mar scaoil sé a rún go léir liom.» Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus an t-airgead ina lámha. Chuir sí chun suain ina hucht é, agus chuir fios ar fhear agus bhearr sé na seacht ndual dá cheann. Ansin chrom sí ar spochadh as agus theip ar a chumas. Liúigh sí: «Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.» Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: «Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.» Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna. Ghabh na Filistínigh é, bhaineadar na súile as agus thug leo síos go Gazá é. Chuireadar slabhraí cré-umha faoi agus chaith sé an t-am ag casadh an mhuilinn sa phríosún. An ceann gruaige a bhí bearrtha, chrom sé ar fhás arís. Chruinnigh taoisigh na bhFilistíneach chun íobairt mhór a ofráil dá ndia Dágón, agus chun lúcháir a dhéanamh. Dúradar: «Thug ár ndia Samsón ár namhaid ar láimh dúinn.» A luaithe a chonaic an pobal a ndia, chuireadar na gártha suas ina onóir, agus mholadar é in ard a ngutha: «Thug ár ndia ár namhaid ar láimh dúinn, An té sin a chreach ár dtír, agus a mharaigh an oiread sin dínn.» Liúdar ansin le barr áthais agus dúradar: «Cuirigí fios ar Shamsón d' fhonn go ndéanfadh sé cleasa dúinn.» Cuireadh fios ar Shamsón as an bpríosún agus rinne sé cleasa dóibh. Chuireadar d' iallach air seasamh idir na colúin. Dúirt Samsón leis an ngiolla a raibh greim láimhe aige air: «Lig dom mo lámha a chur ar na colúin atá ag cothú an tí, chun go luífinn ina gcoinne.» Bhí an teach lán d' fhir agus de mhná; bhí taoisigh uile na bhFilistíneach ann, agus bhí timpeall trí mhíle fear agus bean ag faire ón díon ar Shamsón ag déanamh cleas. Ghlaoigh Samsón ar an Tiarna agus dúirt: «A Thiarna Dia, cuimhnigh orm, impím ort; tabhair neart dom arís an uair seo amháin, a Dhia, d' fhonn go ndéanfaí díoltas ar na Filistínigh ar son cinn de mo dhá shúil.» Rug Samsón ansin ar an dá cholún láir ar a raibh an teach ag brath, agus chuir a mheáchan go léir ina gcoinne, a dheasóg i gcoinne cinn acu agus a chiotóg i gcoinne an chinn eile. Scread sé: «Bíodh an bás agam in éineacht leis na Filistínigh.» Sháigh sé ansin lena neart go léir agus thit an teach ar na taoisigh agus ar an muintir go léir a bhí ann. Ba mhó a mharaigh sé dá réir sin ina bhás, ná a mharaigh sé ina bheatha. Tháinig a bhráithre agus muintir uile a athar anuas agus thugadar leo é. Thugadar aníos é agus chuireadar é idir Zorá agus Eisteáól i dtuama Mhánóach, a athair. Bhí sé ina bhreitheamh in Iosrael ar feadh fiche bliain. In ardáin Eafráim bhí fear darbh ainm Míceáhú. Dúirt sé lena mháthair: «An t-aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin fógraím go sollúnta go ndéanfaidh mé an t-airgead seo a choisreacan de mo dheoin don Tiarna chun íomhá ghreanta (agus íol de mhiotal leáite) a dhéanamh tá an t-airgead geal sin agamsa; mise an té a thóg é; tugaim ar ais anois duit é.» D' fhreagair a mha.thair: «Go mbeannaí an Tiarna mo mhac!» agus thug Mi.ceáhú an t-aon chéad déag seicil ar ais di. Ansin thóg a mháthair an t-aon chéad déag seicil airgid agus thug sí don ghabha geal é, agus rinne seisean íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) de, agus cuireadh i dteach Mhíceáhú í. Rinne Míceá scrín di, agus éafód agus taráfaím, agus cheap sé mac leis le bheith mar shagart aige. Sna laethanta sin ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach duine mar ba rogha leis. Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta. D' fhág an fear seo Beithil in Iúdá ag lorg áit chónaithe. Ar a shiúlta tháinig sé go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá. D' fhiafraigh Míceá de: «Cá has a dtagann tú?» D' fhreagair seisean: «Léivíteach mé as Beithil in Iúdá. Táim ag imeacht romham agus ag lorg áit ina bhféadfainn cur fúm.» Dúirt Míceá leis: «Fan anseo liomsa; bí i d' athair agus i do shagart agam, agus tabharfaidh mé deich seicil sa bhliain duit, agus bia agus éadach,» agus thathain sé go dian ar an Léivíteach. D' aontaigh an Léivíteach fanacht i dteach an fhir, agus bhí an t-ógánach aige mar mhac leis féin. Chuir Míceá an Léivíteach i mbun a chúraim; rinneadh sagart do Mhíceá den fhear óg agus d' fhan sé ina theach. Dúirt Míceá: «Tá a fhios agam go mbeidh rath ón Tiarna orm anois mar go bhfuil an Léivíteach seo mar shagart agam.» San am sin ní raibh aon rí in Iosrael. Agus san am sin bhí treibh Dhán ag lorg dúiche oidhreachta le cónaí ann, mar go dtí sin ní raibh aon tailte oidhreachta faighte acu i measc treibheanna Iosrael. Sheol muintir Dhán cúigear laoch as a dtreibh go léir, ó Zorá go Eisteáól, chun an tír a thaiscéaladh agus a thuairisc a fháil. Dúradar leo: «Imígí agus faighigí tuairisc na tíre!» Tháinig an cúigear go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá agus chaitheadar an oíche ann. Agus iad láimh le teach Mhíceá, d' aithníodar guth an Léivítigh óig; d' iompaíodar ina threo, agus dúradar leis: «Cé thug anseo thú? Cad tá tú a dhéanamh anseo? Cén gnó atá anseo agat?» D' fhreagair sé: «Rinne Míceá a leithéid seo dom. Tugann sé tuarastal dom agus is sagart aige mé.» Dúradar leis ansin: «Téigh i gcomhairle leis an Tiarna, le do thoil, agus faigh amach dúinn an rithfidh linn sa turas seo ar a bhfuilimid ag triall.» Dúirt an sagart leo: «Imígí faoi shíocháin; tá súil an Tiarna oraibh ar an turas seo.» D' imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh]. D' fhilleadar ansin ar a ngaolta i Zorá agus in Eisteáól, agus nuair a d' fhiafraíodarsan díobh: «Cén tuairisc atá agaibh?» d' fhreagraíodar: «Bímis inár suí! Téimis ina gcoinne mar tá an tír feicthe againn agus tá sé an-torthúil. Ach sibhse cad ab áil libh ansin i bhur staic? Cuirigí chun bóthair gan mhoill agus gabhaigí seilbh ar an tír. Nuair a shroichfidh sibh é, beidh pobal gan chosaint romhaibh. Tá an dúiche fairsing; níl aon ní faoin spéir in easnamh ar an áit atá curtha faoi bhur smacht ag Dia.» Chuir sé chéad fear de threibh Dhán chun bóthair ó Zorá agus ó Eisteáól, agus airm chogaidh acu. Chuadar suas agus shuíodar a longfort i gCiriat Iáraím i Iúdá. Uime sin a thugtar Longfort Dhán mar ainm ar an áit sin ó shin. Tá sé siar ó Chiriat Iáraím. Chuadar as sin go hardáin Eafráim agus thángadar go teach Mhíceá. Ansin labhair an cúigear a chuaigh chun dúiche Láis a thaiscéaladh agus dúirt lena mbráithre: «An bhfuil fhios agaibh go bhfuil éafód agus taráfaím agus íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) sna tithe seo? Déanaigí machnamh dá bhrí sin ar a bhfuil le déanamh agaibh.» Chasadar i leataobh ansin agus chuadar go teach an Léivítigh óig in áitreabh Mhíceá, agus chuir siad a thuairisc. Agus an sé chéad fear de threibh Dhán faoi airm chogaidh ina seasamh ag tairseach an gheata, chuaigh an cúigear a rinne an tír a thaiscéaladh ar aghaidh isteach sa teach, thógadar leo an íomhá ghreanta, an t-éafód agus an taráfaím (agus an t-íol de mhiotal leáite); bhí an sagart idir an dá linn ina sheasamh ansiúd ar thairseach an gheata leis an sé chéad fear faoi airm chogaidh. Nuair a chuaigh na fir úd isteach i dteach Mhíceá agus gur thógadar leo an íomhá ghreanta, an t-éafód, an taráfaím (agus an t-íol de mhiotal leáite), dúirt an sagart leo: «Cad tá ar siúl agaibh?» Dúradar leis: «Bí i do thost! Cuir do lámh thar do bhéal agus téanam linn, agus bí i d' athair agus i do shagart againn. An fearr duit a bheith i do shagart do theaghlach aon duine amháin, nó a bheith i do shagart do threibh agus d' fhine in Iosrael?» Bhí áthas croí ar an sagart; thóg sé an t-éafód, an taráfaím agus an íomhá ghreanta agus d' imigh leis i lár na buíne. D' iompaíodar dá bhrí sin agus d' imíodar leo, agus [na mná], na miondaoine, an t-eallach, agus an chreach rompu amach acu. Nuair a bhíodar imithe tamall ó theach Mhíceá, glaodh ar na comharsana i gcóngar theach Mhíceá, agus chuadar sa tóir ar mhuintir Dhán. Nuair a liúdar orthu, chas muintir Dhán ar a sáil agus dúradar le Míceá: «Cad tá ort ag teacht sa tóir orainn le dream mar seo?» D' fhreagair sé: «Thóg sibh libh an dia a rinne mé dom féin, agus thóg sibh an sagart chomh maith. Tá sibhse ag imeacht libh, agus cad atá fágtha agamsa? Cén chaoi a bhféadfadh sibh ceist a chur: 'Cad tá ort?'» D' fhreagair muintir Dhán: «Ná bíodh focal eile le clos againn uait le heagla go dtiocfadh fearg ar dhaoine leat agus tabhairt fút, agus go gcaillfí thú féin agus go gcaillfí do theaghlach uile chomh maith.» D' imigh muintir Dhán leo ansin agus nuair a chonaic Míceá go rabhadar róthréan dó, chas sé ar a sháil agus chuaigh abhaile. Thug muintir Dhán leo an rud a rinne Míceá agus an sagart a d' fhónadh dó, agus mháirseáladar in aghaidh Láis, pobal síochánta gan drochiontaoibh. Rinneadar ár agus eirleach orthu agus chuireadar an chathair trí thine. Ní raibh aon duine a thiocfadh i gcabhair ar an gcathair mar go raibh sí i bhfad ó Shíodón, gan aon bhaint aici leis na hArámaigh. Bhí sí sa ghleann a bhaineann le Béit Rachób. Rinneadar an chathair a atógáil agus chuireadar fúthu inti. Thugadar Dán ar an gcathair, i gcuimhne Dhán a n-athair, mac a rugadh d' Iosrael, fág gur Láis a thugtaí ar dtús ar an gcathair. Chuir muintir Dhán an íomhá ghreanta suas dóibh féin. Bhí Iónátán mac Ghéirseom mac Mhaois agus a chlann mhac ina sagairt ag treibh Dhán go dtí an lá inar tugadh pobal na tíre ar deoraíocht. An íomhá ghreanta a rinne Míceá chuireadar i scrín dóibh féin í agus d' fhan sí ansiúd fad a bhí teach Dé i Sileo. agus an Cogadh le Biniáimin Tháinig taom feirge uirthi leis agus d' imigh sí léi go teach a hathar i mBeithil in Iúdá agus d' fhan ann timpeall ceithre mhí. Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas. Chuir athair a chéile, athair na hógmhná, d' iallach air fanacht fairis, agus d' fhan fairis trí lá; d' itheadar, d' óladar agus chaitheadar an oíche ann. Ar an gceathrú lá, d' éiríodar go moch, agus d' ullmhaigh an Léivíteach chun bóthair, ach dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: «Bíodh greim bia agat chun tú féin a neartú don bhóthar! Is féidir duit imeacht ina dhiaidh sin.» Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: «Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!» Nuair a d' éirigh seisean chun imeachta, thathain athair a chéile air arís agus chaith sé oíche eile ann. An cúigiú maidin, d' éirigh sé go moch chun imeachta, ach dúirt athair na hógmhná leis: «Bíodh greim bia agat le tú a neartú agus fan go nóin.» Agus d' itheadar araon le chéile. Nuair a d' éirigh an fear agus a bhean luí agus a ghiolla chun imeachta, dúirt athair a chéile, athair na hógmhná, leis: «Féach, tá sé anonn go maith sa lá agus ag druidim le tráthnóna; fan anseo anocht agus bí go súgach. Is féidir leat éirí go moch do do thuras ar maidin amárach agus filleadh abhaile.» Ach ní fhanfadh an fear thar oíche; d' éirigh sé agus chuir chun bóthair, agus tháinig i radharc Iabús (Iarúsailéim is é sin). Bhí dhá asal lena ndiallaití aige agus a bhean luí in éineacht leis. Nuair a bhíodar i ngiorracht do Iabús bhí sé anonn go maith sa lá agus dúirt an giolla lena mháistir: «Téanam, casaimis i leataobh anois agus téimis isteach i gcathair seo na Iabúsach, agus caithimis an oíche inti.» Dúirt a mháistir leis: «Ní chasfaimid i leataobh isteach i gcathair choimhthíoch, daoine nach mbaineann le pobal Iosrael, ach ar aghaidh linn go Gibeá.» Lean sé air ansin agus dúirt lena ghiolla: «Téimis ar aghaidh agus bainimis amach áit éigin díobhsan Gibeá nó Rámá agus caithfimis an oíche ann.» D' imíodar leo, dá bhrí sin, agus ar aghaidh leo ar a n-aistear. Ag druidim le Gibeá i mBiniáimin dóibh bhí an ghrian ag dul faoi. Chuadar i leataobh ansiúd chun dul isteach an oíche a chaitheamh i nGibeá. Chuaigh an Léivíteach isteach agus shuigh i lár cearnóige poiblí na cathrach, mar nár thug aon duine bheith istigh dó ina theach chun an oíche a chaitheamh ann. Ach seanduine a bhí ag teacht abhaile tráthnóna óna obair sna goirt, tháinig sé an treo. B' as ardáin Eafráim dó, duine deoranta ag cur faoi i nGibeá; Biniáiminigh iad muintir na háite. D' ardaigh sé a shúile agus chonaic an taistealaí ina shuí ansiúd i gcearnóg phoiblí na cathrach; dúirt an seanduine: «Cá bhfuil do thriall? Agus cá has ar tháinig tú?» D' fhreagair seisean é: «Táimid ar an mbóthar ó Bheithil in Iúdá go hiargúl ardáin Eafráim, áit arb as dom. Chuas go Beithil in Iúdá, agus anois táim ag filleadh abhaile; ach níor thug aon duine cuireadh chun a thí dom, cé go bhfuil tuí agus foráiste againn dár n-asail, agus arán agus fíon dom féin, do do shearbhónta mná anseo, agus do ghiolla turais do shearbhóntaí; níl aon ní de dhíth orainn.» Dúirt an seanduine ansin: «Fáilte romhat! Féachfaidh mise chun a bhfuil uait, ach ná caith an oíche sa chearnóg.» Thug sé chun a thí é, agus thug bia do na hasail. Nigh na taistealaithe a gcosa, ansin d' ith agus d' ól. Fad a bhíodar go súgach ag béile, féach, tháinig cuid d' fhir na cathrach, scraistí, timpeall an tí; bhuaileadar ar an doras agus dúradar leis an seanduine, fear an tí: «Cuir amach an fear a tháinig isteach i do theach i dtreo go ndéanfaimis leis mar is tnúth linn.» Ansin chuaigh fear an tí amach chucu agus dúirt leo: «Ná déanaigí, a dhaoine muinteartha, an choir ghráiniúil sin, impím oraibh. Is aoi agam an fear seo, ná déanaigí beart chomh náireach sin. Féach, seo maighdean iníne liom (agus a bhean luí), tabharfaidh mé amach chugaibh anois í. Déan bhur gcuid féin di agus déan mar is mian libh léi, ach ná déanaigí beart chomh náireach in aghaidh an fhir seo.» Ní éisteodh na fir leis. Rug an Léivíteach ar a bhean luí dá bhrí sin agus chuir amach chucu í. Luíodar léi agus mhaslaíodar í ar feadh na hoíche go maidin. Le breacadh an lae scaoileadar léi. Leis an láchan tháinig an ógbhean agus thit ag tairseach tí an fhir lenar fhan a céile, agus bhí sí ansiúd go raibh sé ina lá geal. D' éirigh a fear ar maidin agus d' oscail doras an tí; ag teacht amach dó le leanúint ar aghaidh ar a aistear, féach! ba shiúd í a bhean luí caite ansiúd ag doras an tí agus a lámha ar an tairseach. Dúirt sé léi: «Bí i do sheasamh, ní foláir dúinn imeacht,» ach freagra ní bhfuair sé. Ansin d' ardaigh sé ar dhroim a asail í, agus chuir chun bóthair abhaile. Nuair a shroich sé a theach, fuair sé scian, rug ar a bhean luí agus roinn í, ball ar bhall, ina dhá chuid déag; ansin scaip sé í ar fud críocha uile Iosrael. [Thug sé na treoracha seo dá theachtairí: «Seo mar a déarfaidh sibh leis na hIosraelaigh go léir: 'Ar tharla nó an bhfaca aon duine riamh a leithéid sin ón lá a tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte go dtí an lá seo féin? Machnaígí air, téigí i gcomhairle faoi, agus tugaigí bhur mbreith.'»] Gach duine a chonaic, dúradar: «Ní dhearnadh ná ní fhacthas riamh a leithéid ó tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte.» Thionóil clann Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, agus tír Ghileád, agus chruinnigh an chuallacht go léir mar aon chun an Tiarna i Mizpeá. Taoisigh an phobail ar fad, agus treibheanna Iosrael go léir, ceithre chéad míle troitheach a láimhseálfadh claíomh, thángadar chun an tionóil seo de phobal Dé. (Chuala clann Bhiniáimin go raibh pobal Iosrael imithe suas go Mizpeá.) Dúirt pobal Iosrael: «Inis dúinn conas a rinneadh an choir seo.» D' fhreagair an Léivíteach, fear na mná a maraíodh, agus dúirt leo: «Tháinig mé féin agus mo bhean luí go Gibeá, a bhaineann le Biniáimin, chun an oíche a chaitheamh ann. D' éirigh fir Ghibeá i mo choinne; thimpeallaíodar an teach ina raibh mé san oíche; bhí fonn mo mharaithe orthu, agus d' éigníodar mo bhean luí agus fuair sí bás. Thug mé liom mo bhean luí ansin agus ghearr ina piosaí í agus chuir í ar fud fearann oidhreachta Iosrael go léir, mar go bhfuil coir ghrainiúil náireach déanta ag na fir úd in Iosrael. Sibhse go léir cruinnithe anseo, a phobal Iosrael, tugaigí bhur mbreith agus cinnigí bhur gcomhairle ar an toirt.» D' éirigh an pobal go léir ina seasamh le chéile agus dúradar: «Ní rachaidh aon duine againn ar ais go dtí a bhoth, ná ní fhillfidh aon duine againn ar a bhaile. Mar seo a dhéanfaimid le Gibeá: Beidh crannchur againn ina thaobh; toghfaimid deichniúr as gach céad as gach treibh d' Iosrael, agus céad as gach míle, agus míle as gach deich míle, chun lón a sholáthar don phobal, [dóibh siúd a rachaidh agus] díoltas a imirt ar Ghibeá le Biniáimin ar son na coire náirí go léir a rinneadar in Iosrael.» Tháinig fir Iosrael go léir le chéile bonn ar bhonn i gcoinne na cathrach sin. Chuir treibheanna Iosrael teachtairí ar fud treibh uile Bhiniáimin á rá: «Cad é an choir í seo atá déanta in bhur measc? Tugaigí suas na fir úd, na scraistí i nGibeá, d' fhonn go gcuirfimis chun báis iad, agus an t-olc a dhíbirt as Iosrael.» Ach ní éisteodh muintir Bhiniáimin le glór a mbráithre, clann Iosrael. Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile as a gcathracha go Gibeá chun catha a chur ar chlann Iosrael. Thionóil na Biniáiminigh as a gcathracha ar an lá sin, fiche sé míle duine a láimhseálfadh claíomh, seachas áitritheoirí Ghibeá (a chruinnigh seacht gcéad laoch tofa). Bhí orthusan seacht gcéad laoch, ar comhdheas acu deas agus clé, a bhféadfadh gach fear díobh cloch a chaitheamh as a chrann tabhaill le ribe gan iomrall. Ba é líon chlann Iosrael a thionóil, seachas Biniáimin, ceithre chéad míle fear a láimhseálfadh claíomh; trodairí le taithí iad go léir. Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: «Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?» D' fhreagair an Tiarna: «Téadh Iúdá suas ar dtús.» Ghabh clann Iosrael amach ar maidin agus shuíodar a gcampa os comhair Ghibeá. Chuaigh slua Iosrael ar aghaidh ansin le cath a chur ar Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar ina gcoinne láimh le Gibeá. Rinne clann Bhiniáimin ruathar ó Ghibeá agus leag ar lár dhá mhíle fichead de shlua Iosrael an lá sin. D' imigh clann Iosrael agus rinne olagón i bhfianaise an Tiarna go tráthnóna; ansin chuaigh siad i gcomhairle leis an Tiarna; d' fhiafraíodar: «An rachaimid chun cogaidh arís le clann ár ndearthár, Biniáimin?» D' fhreagair an Tiarna: «Téigí ar aghaidh ina gcoinne.» Tháinig misneach arís chun arm Iosrael agus chóiríodar iad féin in eagar arís san áit chéanna ina ndearnadar an lá roimhe sin. Thug clann Iosrael fogha faoi chlann Bhiniáimin an dara lá; ach thug Biniáimin ruathar fúthu as Gibeá arís an dara lá agus leag ar lár ocht míle déag de chlann Iosrael; ba throdairí le taithí ar chlaíomh a láimhseáil na fir sin go léir. Ansin ghabh clann Iosrael go léir, an t-arm ar fad, suas go Béitéil agus rinneadar olagón. Shuíodar ansiúd i bhfianaise an Tiarna agus rinneadar troscadh ar feadh an lae go léir go tráthnóna agus d' ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i bhfianaise an Tiarna. Ansin chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna. Bhí áirc chonradh Dé ansiúd an t-am sin, agus bhí Píneachás mac Eileázár, mac Árón, ag fónamh di an uair sin. D' fhiafraíodar: «Ar chóir dúinn dul chun catha arís in aghaidh ar mbráithre, clann Bhiniáimin, nó gan dul?» D' fhreagair an Tiarna: «Téigh ina gcoinne; óir tabharfaidh mé an lámh uachtair duit orthu amárach.' ' Chuir Iosrael fir i luíochán timpeall ar Ghibeá. Ar an tríú lá ghluais clann Iosrael in aghaidh chlann Bhiniáimin, agus chóiríodar iad féin in eagar os comhair Ghibeá dála na n-uaireanta eile. Rinne clann Bhiniáimin ruathar in aghaidh an tslua agus mealladh ón gcathair iad. Chromadar ansin ar chuid den mhuintir a bhí ar na bóithre suas go Béitéil agus go Gibeón a threascairt agus a mharú dála na n-uaireanta eile; mharaíodar ansiúd, amuigh faoin tuath, timpeall deichniúr ar fhichid d' arm Iosrael. Dúirt clann Bhiniáimin leo féin: «Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn, mar a rinneadar cheana.» Ach sé dúirt arm Iosrael: «Teithimis rompu, agus meallaimis ón gcathair iad ar feadh na mbóithre. Ansin fágfaidh arm Iosrael a láithreacha agus cóireoidh siad iad féin in eagar catha ag Bál Támár; idir an dá linn, déanfaidh na hIosraelaigh atá i luíochán lastiar de Gheaba ruathar.» Deich míle fear, tofa as Iosrael go léir, d' ionsaíodar Gibeá, agus ba dhian é an cath a fearadh. Ní raibh a fhios ag clann Bhiniáimin cén tubaiste a bhí ag bagairt orthu. Chuir an Tiarna Biniáimin i raon madhma roimh Iosrael, agus ar an lá sin mharaigh clann Iosrael fiche cúig mhíle agus céad fear de Bhiniáimin; fir a d' fhéad claíomh a láimhseáil iad go léir. Thuig clann Bhiniáimin ansin go raibh buaite orthu. Chuaigh arm Iosrael ar gcúl roimh Bhiniáimin mar go raibh muinín acu as an dream a bhí curtha i luíochán acu in aghaidh Ghibeá. Bhrúcht an lucht luíocháin amach go tapa, agus thugadar faoi Ghibeá, agus d' imríodar faobhar claímh ar lucht na cathrach go léir. Ba é an comhartha a bhí socair idir arm Iosrael agus an lucht luíocháin, go gcuirfidís scamall mór deataigh suas ón gcathair, agus go gcasfadh clann Iosrael a bheadh i lár an chatha ar a sála. Thosaigh Biniáimin ar dtús le timpeall deichniúr ar fhichid de chlann Iosrael a mharú; dúradar leo féin: «Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn mar a rinneadar cheana, tá siad sin.» Ach nuair a thosaigh an comhartha, an scamall deataigh, ag éirí ón gcathair, d' fhéach Biniáimin siar agus chonaic siad an chathair ar fad ag dul in airde mar uileloscadh chun na bhflaitheas. Ansin chas arm Iosrael ar a sála agus thit an lug ar an lag ag arm Bhiniáimin, mar chonaiceadar go raibh an tubaiste sa mhullach orthu. Chúlaíodar os comhair arm Iosrael agus thugadar aghaidh ar an bhfásach, ach chuaigh an t-arm sa tóir orthu; tháinig an dream eile as an gcathair agus thug fúthu gan choinne agus rinne ár orthu i leith a gcúil. Thimpeallaíodar Biniáimin; rinneadar tóir gan taise gan trócaire orthu, agus bhascadar iad lastoir os comhair Gheaba. Thit ocht míle dhéag de Bhiniáimin, laochra cróga iad uile. Chas an fuílleach agus theitheadar i dtreo an fhásaigh agus Charraig Rimeon. Treascraíodh cúig mhíle fear díobh ar na bóithre, agus ansin cuireadh tóir orthu go Geaba agus maraíodh dhá mhíle díobh. Maraíodh ar fad an lá úd fiche cúig mhíle fear de Bhiniáimin a d' fhéadfadh claíomh a láimhseáil, laochra cróga iad uile. Ach d' éalaigh sé chéad fear chun an fhásaigh, go Carraig Rimeon, agus d' fhanadar ansiúd ar feadh ceithre mhí. D' fhill fir Iosrael agus thug faoi chlann Bhiniáimin arís agus d' imir faobhar claímh orthu, idir fhear agus ainmhí, agus gach a bhfuaireadar; chuireadar gach baile dar ghabhadar i mBiniáimin trí thine. Thug fir Iosrael an mionn seo i Mizpeá: «Ní tabharfaidh aon duine againn a iníon le pósadh do Bhiniáimin.» Chuaigh an pobal go Béitéil agus d' fhan ann go tráthnóna, ina suí i láthair Dé ag osnaíl agus ag gol go géar. Dúradar: «A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth a mbeadh sé i ndán d' Iosrael ceann dá threibheanna a chailleadh inniu?» Lá arna mhárach, d' éirigh an pobal go moch agus thógadar altóir ann, agus d' ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Dúirt clann Iosrael ansin: «Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?» Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá. Bhí trua ag clann Iosrael do Bhiniáimin a mbráthair agus dúradar: «Tá treibh gearrtha chun siúil d' Iosrael inniu. Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha díobh, mar thugamar mionn dar an Tiarna nach dtabharfaimid aon duine dár n-iníonacha féin dóibh le pósadh?» Ansin chuireadar an cheist: «Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?» Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól, mar nuair a ríomhadh an pobal ní raibh duine de lucht áitribh Iáibéis Gileád ann. Ansin sheol an comhthionól dhá mhíle déag dá dtogha gaiscíoch ann, agus d' ordaigh dóibh: «Imígí agus déanaigí ár agus eirleach ar lucht áitribh Iáibéis Gileád, mná agus leanaí agus uile. Seo mar a chaithfidh sibh a dhéanamh: Cuirigí na fir go léir agus gach bean a luigh le fear faoin mbang, [ach déanaigí anacal ar na maighdeana.» Rinneadar mar a ordaíodh dóibh.] Fuaireadar ceithre chéad maighdean óg nár aithin agus nár luigh le fear i measc lucht áitribh Iáibéis Gileád; thugadar iad go dtí an longfort i Sileo atá i dtír Chanán. Ansin chuir an comhthionól go léir teachtairí le tairiscint síochána chun clann Bhiniáimin a bhí ag Carraig Rimeon. D' fhill Biniáimin an uair sin agus thugadar dóibh na mná ó Iáibéis Gileád ar a ndearnadh anacal; ach ní raibh a ndóthain go léir ann. Bhí trua ag an bpobal do Bhiniáimin mar go raibh bearna briste ag an Tiarna i dtreibheanna Iosrael. Ansin dúirt seanóirí an chomhthionóil: «Conas a gheobhaimid mná dá bhfuil fágtha ó tá mná Bhiniáimin scriosta?» Agus dúradar: «Conas a chaomhnóimid [iarmhar] do Bhiniáimin d' fhonn nach scriosfaí treibh as Iosrael? Ní féidir dúinn féin ár n-iníonacha a thabhairt dóibh le pósadh.» Óir bhí an mionn seo tugtha ag clann Iosrael: «Go raibh mallacht ar aon duine a thabharfaidh bean do Bhiniáimin.» «Ach, féach!» ar siad, «tá féile leis an Tiarna a chomórtar gach bliain i Sileo.» (Tá an baile seo lastuaidh de Bhéitéil, soir ón mórbhóthar a ghabhann ó Bhéiteil go Seicim, agus ó dheas ó Labóná.) Sé treoir a thugadar do chlann Bhiniáimin: «Téigí i luíochán sna fíonghoirt agus déanaigí faire; nuair a thiocfaidh iníonacha Shileo amach chun rince ina mbaiclí le chéile, tagaigí sibhse amach chomh maith as na fíonghoirt agus sciobadh gach duine agaibh bean dó féin as iníonacha Shileo agus imíodh gach duine go tír Bhiniáimin. Má thagann a n-aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: 'Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.'» Rinne clann Bhiniáimin amhlaidh; thoghadar bean an duine as na rinceoirí a d' fhuadaíodar; ansin chuireadar chun bóthair, d' fhilleadar ar a n-oidhreacht, thógadar a mbailte arís, agus chuireadar fúthu iontu. D' imigh clann Iosrael leo as an áit ansin, gach duine ar ais chun a threibhe agus a fhine féin; d' fhill gach duine ó Shileo ar a oidhreacht féin. Sna laethanta úd ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach fear mar ab áil leis féin. Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d' imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac. Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann. D' éag Eilímeilic, fear céile Náoimí agus fágadh ise agus a beirt mhac. Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin. Ansin fuair Machlón agus Cilión bás, agus fágadh an bhean gan mac den bheirt, gan fear. Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d' airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh. Ansin d' imigh sí féin agus a beirt bhan mic ón áit ina raibh cónaí orthu, agus chuir siad chun bóthair ar ais go tír Iúdá. Dúirt Náoimí lena beirt bhan mic: «Ar ais libh, gach duine agaibh, go teach a mháthar. Go raibh an Tiarna lách dílis libh faoi mar a bhí sibhse leis an muintir atá sa chré, agus liomsa. Go ndeonaí an Tiarna go bhfaighfidh sibh baile, gach duine agaibh beirt, le céile fir ina theach.» Agus phóg sí iad, ach chromadarsan ar ghol go fuíoch. «Fillfimid leat,» ar siad, «fillfimid sin, go dtí do mhuintirse.» Ach dúirt Náoimí: «Ní mór daoibh dul ar ais, a iníonacha liom. Cad ab áil libh teacht liomsa? An bhfuil clann mhac fós i mo bhroinn le bheith mar fhir chéile agaibh? Filligí, a iníonacha; imígí libh mar táimse róaosta le pósadh ar ais. Fiú dá ndéarfainn go bhfuil dóchas agam fear a fháil anocht féin, agus clann mhac breise a bheith orm, an mbeadh sibh sásta fanacht nó go bhfásfaidís? An bhfanfadh sibh gan pósadh chuige sin? Ná déanaigí, a ógmhná, mar go ngoillfeadh sé go mór orm ar bhur son-sa gur tógadh lámh an Tiarna i mo choinne.» Bhris a ngol arís orthu agus ghoileadar go fuíoch. Ansin phóg Orpá máthair a céile [agus d' imigh uaithi chun a muintire féin]; ach chloígh Rút léi go dlúth. Dúirt Náoimí [le Rút] ansin: «Féach i leith orm anois. Siúd í bean do dhearthár imithe ar ais chun a muintire féin agus chun a dé féin. Imighse leat chomh maith agus lean bean do dhearthár.» Ach d' fhreagair Rút: «Ná bí ag tathant orm imeacht uait agus filleadh gan a bheith feasta i do chuideachta: óir cibé áit a rachaidh tusa, is ann a rachaidh mise, agus cibé áit a mbainfidh tusa fút, is ann a bhainfidh mise fúm; siad do mhuintirse is muintir domsa, agus is é do Dhia is Dia domsa. Fód do bháis, fód mo bháis-sé, agus láthair m' adhlactha. Go ndéana an Tiarna seo agus siúd liom, agus a thuilleadh fós, dá scarfadh fiú an bás ó chéile sinn!» Nuair a thuig Náoimí go raibh sí meáite ar dhul léi, ní dúirt sí a thuilleadh. Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. «An í seo Náoimí?» a deireadh na mná. Dúirt sí leo: «Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom. Oir d' imigh mé liom sách agus thug an Tiarna abhaile mé seang. Cad ab áil libh ag tabhairt Náoimí orm dá bhrí sin, mar thug an Tiarna fianaise i m' aghaidh, agus rinne an tUilechumhachtach mé a chiapadh?» D' fhill Náoimí mar sin ó thír Mhóáb agus Rút bean a mic, an Móábach mná ina teannta; agus thángadar go Beithil i dtús fómhar na heorna. Bhí fear gaoil ag Náoimí de thaobh a fir, fear an-saibhir de shliocht Eilímeilic agus Boaz ab ainm dó. Dúirt Rút an Móábach mná le Náoimí: «Lig dom dul amach sna goirt chun na diasa a bhailiú i ndiaidh duine éigin a mbeadh lé aige liom.» «Imigh leat, a iníon ó,» ar sise léi. D' imigh sí léi agus bhí sí ag bailiú na ndias i ndiaidh na mbuanaithe sna goirt agus tháinig sí go cuid Bhoaz, d' fhine Eilímeilic, den ithir. Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: «Go raibh an Tiarna libh,» ar sé. D' fhreagair siadsan: «Go mbeannaí an Tiarna thú féin.» Ansin dúirt Boaz leis an seirbhíseach a bhí aige i bhfeighil na meithle: «Cér díobh an cailín seo?» D' fhreagair saoiste na meithle: «Sin í an cailín Móábach a tháinig ar ais le Náoimí ó thír Mhóáb, agus dúirt sí: 'Lig dom le do thoil na diasa a dhíolaim agus a bhailiú i measc na bpunann i ndiaidh na meithle.' Tháinig sí más ea agus tá sí ar a cosa gan stad ó mhaidin go moch.» Dúirt Boaz le Rút: «Éist liom anois, a iníon ó, agus tuig é seo uaim: ná téighse a dhíolaim in aon ghort eile. Ná fág an áit seo ach lean go dlúth mo mheithealsa. Bíodh do shúil agat ar an gcuid sin den ghort a bhíonn á bhaint acu agus bí ina ndiaidh aniar. Tá ordú tugtha agam do mo sheirbhísigh gan cur isteach ort. Má bhíonn tart ort, buail síos chun na soithí agus ól deoch as ar tharraing na giollaí.» Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: «Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?» D' fhreagair Boaz: «Insíodh dom go hiomlán an uile ní dá ndearna tú ar son mháthair do chéile ón uair a fuair d' fhear bás; mar a d' fhág tú d' athair agus do mháthair agus do thír dhúchais i do dhiaidh agus gur tháinig tú go muintir nárbh aithnid duit roimhe seo. Go gcúití an Tiarna do shaothar leat, agus go dtuga an Tiarna Dia Iosrael luach saothair iomlán duit ós rud é gur tháinig tú ag lorg dídine faoi scáth a sciathán.» Ansin dúirt sí: «Nach lách atá tú liom, a mháistir, mar thug tú sólás dom agus labhair tú go séimh liomsa, do bhanseirbhíseach, dá shuaraí mé, agus gan mé ar chomhchéim le duine de do bhanseirbhísigh.» Am dinnéir dúirt Boaz léi: «Tar agus ith smut den arán seo agus tum do ghreim san fhíon.» Shuigh Rút leis an meitheal, agus rinne Boaz [carnán] grán dóite di agus d' ith sí a sáith de agus bhí fuílleach aici. Ansin d' éirigh sí arís chun díolama agus thug Boaz ordú dá ghiollaí: «Ligigí di díolaim i measc na bpunann féin agus ná cuirigí isteach uirthi. Agus tarraingígí roinnt diasa as na punanna agus fágaigí ansiúd roimpi iad le bailiú agus ná bígí á ceartú.» Rinne sí díolaim mar sin sa ghort go tráthnóna. Ansin rinne sí a cnuasach a bhualadh agus bhí timpeall éafá eorna ann. Thug sí léi é agus d' imigh isteach sa chathair; thaispeáin sí a cnuasach do mháthair a céile. Leag sí os a comhair chomh maith an bia a bhí fágtha tar éis di féin a sáith a ithe agus thug di é. Dúirt máthair a céile léi: «Cá raibh tú ag díolaim inniu? Cá raibh tú ag obair? Go raibh beannacht ar an té a thóg ceann duit!» Ansin d' inis Rút do mháthair a céile cé leis a ndearna sí an díolaim, agus dúirt: «Boaz is ainm don té a raibh mé ag obair leis inniu.» Dúirt Náoimí le bean a mic: «Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.» Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: «Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.» Labhair Rút an Móábach mná ansin: «Dúirt sé liom chomh maith,» ar sí, «' lean ar shála mo mheithle go dtí go mbeidh m' fhómhar go léir bainte acu.'» Agus dúirt Náoimí le Rút baintreach a mic: «Is fearr duit dul amach lena mheithealsan in áit dul go gort eile mar ar bhaol go gcuirfí isteach ort.» D' fhan sí le meitheal Bhoaz dá bhrí sin ag díolaim go dtí go raibh an clabhsúr acu ar fhómhar na heorna agus na cruithneachta. Bhí sí ag cur fúithi le máthair a céile. Ansin dúirt Náoimí máthair a céile léi: «A iníon ó, nach é mo ghnó féachaint chuige go gcuirfidh tú fút go socair sásta. Anois nach gaol dúinn Boaz a raibh tú i bhfochair a mheithle? Féach beidh sé ag cáitheadh na heorna anocht ar an urlár buailte. Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige. Nuair a luífidh sé, fair ar an áit ina luífidh agus téigh isteach agus bain an brat dá chosa agus luighse féin ansiúd. Inseoidh sé duit céard a bheidh le déanamh agat.» D' fhreagair sí: «Déanfaidh mé gach a bhfuil ráite agat.» Ghabh sí síos chun an urláir bhuailte agus rinne rud ar mháthair a céile go beacht. Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd. I lár na hoíche dhúisigh an fear, d' fhéach ina thimpeall agus ba shiúd an bhean ina luí ag a chosa. Dúirt sé léi: «Cé hí thú féin?» D' fhreagair sí: «Mise Rút do bhanseirbhíseach. Leath beann do bhrait ar do bhanseirbhíseach, óir tá ceart fuascailte agat orm.» «Go gcuire an Tiarna a bheannacht ort, a iníon ó,» arsa Boaz, «mar gur mó an cineáltas seo de do chuid ná ar ghabh roimhe, mar ní dheachaigh tú ar thóir ógánach saibhir ná daibhir. Ná bíodh aon eagla ort más ea, a iníon ó; déanfaidh mé díreach mar a iarrfaidh tú óir tá a fhios ag muintir mo chathrach go léir a fheabhas de bhean thú. Anois fág gur fíor go bhfuil ceart fuascailte agam ort, tá fear ann ar gaire é a ghaol leat. Fan anseo anocht, agus más mian leis ar maidin amárach a cheart fuascailte ort a chur i bhfeidhm, bíodh aige agus fuasclaíodh sé thú. Ach mura mian leis sin a dhéanamh, dar an Tiarna beo, déanfaidh mé féin thú a fhuascailt. Luigh síos anois go maidin.» Luigh sí ag a chosa dá bhrí sin go maidin, ach d' éirigh [Boaz] roimh an tráth a d' aithneodh daoine a chéile, «mar,» ar sé, «ní foláir a cheilt gur tháinig an bhean seo chun an urláir bhuailte.» Ansin dúirt sé léi: «Tabhair leat an brat atá á chaitheamh agat agus leath amach é.» Leath sí roimhe é agus chuir seisean sé thomhas eorna ann, agus d' ardaigh uirthi é. D' imigh sí léi isteach sa chathair ansin. Nuair a shroich sí máthair a céile, d' fhiafraigh sise: «Conas a bhí agat, a iníon ó?» Ansin d' inis sí gach a ndearna an fear di. Lean sí uirthi: «Agus thug sé na sé thomhas plúir seo dom,» ar sí, «agus dúirt sé liom: 'Déan deimhin de nach folamh a rachaidh tú ar ais chun máthair do chéile.'» D' fhreagair sise: «Fan, a iníon ó, go bhfeice tú conas mar a bheidh, mar ní rachaidh aon suaimhneas ar an bhfear nó go gcuirfidh sé nithe i gcrích inniu féin.» Chuaigh Boaz go dtí an geata agus shuigh sé ansiúd, agus seo chuige an gaol gairid ar ar labhair sé. Dúirt Boaz: «Gabh i leith, a chara, agus suigh taobh liom,» agus tháinig sé agus shuigh. Ansin rinne sé deichniúr de sheanóirí na cathrach a thoghadh agus dúirt leo: «Suígí síos anseo,» agus shuíodar. Ansin dúirt sé leis an bhfear gaoil: «Náoimí, an bhean a d' fhill ar ais ó thír Mhóáb, tá sí ag díol an phaiste talún a bhí ag Eilímeilic ár ngaol. Shíleas nár mhiste é sin a insint duit agus a rá leat: Ceannaigh é i bhfianaise na muintire atá ina suí anseo, agus i bhfianaise seanóirí mo phobail. Más mian leat do cheart fuascailte air a chur i bhfeidhm, fuascail é. Mura ndéanann tú, inis dom é agus beidh a fhios agam, mar seachas tusa, níl aon duine eile chun é a fhuascailt ach mise; ach tá an tosach agat orm.» Dúirt sé: «Táim sásta é a fhuascailt.» Ansin lean Boaz air: «An lá a cheannóidh tú an paiste talún ó láimh Náoimí, ceannóidh tú [Rút] chomh maith, an Móábach, baintreach an mhairbh, agus ar an gcuma sin tabharfaidh tú a ainm ar ais dá oidhreacht.» Ansin dúirt an té a raibh an ceart fuascailte aige: «Ní féidir dom feidhm a bhaint as mo cheart fuascailte dá réir sin gan m' oidhreacht féin a chur i bhfiontar. Cuirse féin mo cheart fuascailte i bhfeidhm ós rud é nach féidir domsa é a dhéanamh.» Ba é an nós é sa seansaol in Iosrael i ngnóthaí fuascailte nó malartaithe, d' fhonn margadh a dhaingniú, go mbainfeadh duine a chuarán de, agus é a thabhairt don duine eile, agus ba mar sin a dhéantaí an daingniú in Iosrael i láthair finnéithe. Nuair a dúirt an gaol ba ghaire le Boaz: «Ceannaigh duit féin é,» bhain sé a chuarán de. Ansin dúirt Boaz leis na seanóirí agus leis an bpobal uile: «Finnéithe sibh inniu air gur cheannaigh mé ó láimh Náoimí gach ar bhain le Eilímeilic, le Cilión agus le Machlón; mar an gcéanna gur cheannaigh mé Rút an Móábach, baintreach Mhachlón le bheith mar bhean agam, chun ainm an mhairbh a choimeád buan ar a oidhreacht d' fhonn nach dteipfeadh ainm an mhairbh i measc a bhráithre ná ag geata a bhaile dúchais. Finnéithe air sin sibhse.» Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: «Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil. Agus go raibh do theaghlach mar theaghlach Pheiriz (a rug Támár do Iúdá) de bharr na clainne a thabharfaidh an Tiarna duit ón mbean óg seo.» Thóg Boaz Rút leis mar sin agus bhí sí mar bhean aige. Agus nuair a luigh siad le chéile, bhronn an Tiarna gin uirthi, agus rug sí mac. Agus dúirt na mná le Náoimí: «Moladh leis an Tiarna nár fhág [an marbh] gan bráthair gaoil inniu chun a ainm a bhuanú in Iosrael. Tabharfaidh an leanbh misneach duit agus beidh sé mar theannta agat i do sheanaois, óir is í bean do mhic a rug é, an té ar mo é do ghrá di na do sheachtar mac.» Agus thóg Náoimí an leanbh agus chuir ina hucht é, agus bhí ina buime aige. Agus thug mná na comharsanachta ainm air. «Saolaíodh mac do Náoimí,» a dúradar, agus thugadar Óbaed air. Ba eisean athair Ieise, athair Dháiví. Seo iad sliocht Pheiriz: ghin Peiriz Heazrón; ghin Heazrón Rám; ghin Rám Amaineádáb; ghin Amaineádáb Nachsón; ghin Nachsón Salmón; ghin Salmón Boaz; ghin Boaz Óbaed; ghin Óbaed Ieise, agus ghin Ieise Dáiví. Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach. Bhí beirt bhan aige; Hanná a ba ainm do dhuine díobh agus Pinineá a ba ainm do dhuine eile. Bhí clann ar Phinineá, ach ní raibh ar Hanná. Théadh an fear seo suas gach bliain as a chathair féin chun adhradh agus chun íobairt a ofráil do Thiarna na Slua i Sileo. Bhí beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás, mar shagairt leis an Tiarna ansiúd. An lá a dhéanadh Ealcáná íobairt thugadh sé scaireanna do Phinineá a bhean agus dá clann mhac agus iníonacha go léir. Bíodh gurbh ionúin leis Hanná, ní thugadh sé ach scair amháin di, toisc gur dhruid an Tiarna a broinn. A comhleacaí mná, bhíodh sí ag caitheamh achasán léi, ag spochadh aisti, á chasadh léi gur dhruid an Tiarna a broinn. Mar sin a bhí, bliain i ndiaidh na bliana; gach uair dá dtéadh Hanná suas go teach an Tiarna, bhíodh Pinineá ag caitheamh achasán léi. Bhíodh Hanná ag gol dá bharrsan agus ní chaitheadh sí greim bia. Ansin dúirt Ealcáná a fear léi: «A Hanná, cad chuige a bhfuil tú ag gol? Cad chuige nach bhfuil tú ag ithe? Cad chuige go bhfuil tú dubhach? Nach fearr mise agat na deichniúr mac?» Nuair a bhí bia agus deoch caite acu i Sileo, d' éirigh Hanná agus sheas sí os comhair an Tiarna. Bhí Éilí an sagart ina shuí ina chathaoir láimh le hursain theampall an Tiarna. Bhí sí an-bhuartha agus ghuigh sí an Tiarna agus na deora léi go goirt. Thug sí móid á rá: «A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.» Lean sí uirthi ag guí i láthair an Tiarna agus bhí Éilí ag breathnú ar a béal, mar bhí Hanná ag labhairt ina croí agus a beola ag corraí ach gan aon ghlór le cloisteáil. Shíl Éilí dá bhrí sin go raibh sí ar meisce agus dúirt sé léi: «An fada a bheidh tú ar meisce? Cuir uait do chuid fíona.» D' fhreagair Hanná: «Ní amhlaidh atá agam, a mháistir,» ar sí, «ach is bean mé ar a bhfuil an-doilíos croí. Níor ól mé fíon ná deoch chrua ach bhí m' anam á dhoirteadh amach agam i láthair an Tiarna. Ná bí á cheapadh gur bean táir mé; mar i rith an achair is amhlaidh a bhí mé ag cásamh le barr bróin agus buairimh.» D' fhreagair Éilí ansin: «Imigh faoi shíocháin, agus go dtuga Dia Iosrael duit ar iarr tú air.» Agus dúirt sise: «Go bhfaighe do bhanóglach fabhar i do láthair.» Ansin d' imigh an bhean léi; [d' fhill sí ar an halla], d' ith bia, agus ní raibh cuma ghruama uirthi níos mó. D' éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d' fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi. Ghabh sí gin, agus in am agus i dtráth rug sí mac agus thug Samúéil mar ainm air, toisc, ar sí «gur iarr mé ar an Tiarna é.» An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an íobairt bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna. Ach ní dheachaigh Hanná, mar dúirt sí lena fear: «Nuair a bhainfear an leanbh den chíoch, tabharfaidh mé liom ansin é agus cuirfear i láthair an Tiarna é, agus fanfaidh sé ansiúd go brách.» Dúirt Ealcáná a fear ansin léi: «Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.» D' fhan an bhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é. Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg. Ansin mharaíodar an tarbh, agus thugadar an leanbh do Éilí. Dúirt sí «A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna. Seo é an leanbh á bhí a iarraidh agam, agus dheonaigh an Tiarna dom an rud a d' iarr mé air. Uime sin thug mé suas don Tiarna é lena shaol. Tá sé tugtha suas don Tiarna.» [D' fhag sí] ansiúd ag an Tiarna é. Ansin ghuigh Hanná mar leanas: «Tá mórtas croí orm sa Tiarna. Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna. Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde, Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe. Níl aon neach naofa mar an Tiarna níl aon neach seachas thú Níl carraig mar ár nDia. Cuir uait an chaint, an chaint uaibhreach sin. Ná bíodh sotal ag sceith as do bhéal, Mar Dia an eolais é an Tiarna Agus meánn seisean na bearta. Briseadh bogha na dtréan, Ach chuir an mhuintir lag an neart mar chrios fúthu. Reic an sách é féin ar arán, Ach tá cothú maith arís ar an seang. Tá seachtar clainne ag an aimrid, Ach tá máthair an áil mhóir tréigthe. Tugann an Tiarna beatha agus bás. Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos; Fágann an Tiarna duine saibhir, duine eile daibhir. Leagann ar lár agus ardaíonn in airde. Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan. Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir. Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna; Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n-aghaidh sna flaithis. Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne; Bronnann sé neart ar a rí Agus breis cumhachta ar a ungthach.» D' imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d' fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart. Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d' ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh agus ropadh sé sa choire nó sa phota é agus thugadh an sagart leis a dtugadh an forc aníos. Mar sin a dhéanaidís leis na hIosraelaigh go léir a thagadh ansiúd go Sileo. Thagadh giolla an tsagairt aníos fiú sula mbeadh an tsaill dóite agus deireadh leis an té a bhíodh ag déanamh na híobartha: «Tabhair feoil don sagart le róstadh; ní thógfaidh sé feoil bhruite uait, ach feoil amh.» Dá ndéarfadh an duine: «Dóidís an tsaill, ar dtús, agus ansin tóg cibé rud is mian leat,» deireadh sé, «Cuir uait! Tabhair dom anois é, nó neachtar acu, tógfaidh mé liom é le láimh láidir.» Ba pheaca gráiniúil do na hógánaigh é sin i súile an Tiarna, óir bhí tarcaisne á tabhairt acu don íobairt a bhí á déanamh don Tiarna. Bhí Samúéil ag freastal i láthair an Tiarna, agus bhí éafód línéadaigh faoina choim ar an mbuachaill. Dhéanadh a mháthair cóta beag dó gach bliain agus thugadh sí chuige é nuair a thagadh sí aníos lena fear chun an íobairt bhliantúil a ofráil. Ansin thugadh Éilí a bheannacht d' Ealcáná agus a bhean á rá: «Go mbronna an Tiarna clann ort ón mbean seo in áit an mhic a thug sí suas don Tiarna.» Ansin théidís abhaile. D' fhiosraigh an Tiarna Hanná: toirchíodh í agus rug sí triúr mac agus beirt iníon. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag fás aníos os comhair an Tiarna. Cé go raibh Éilí an-aosta faoin am seo, fuair sé fios gach ní a bhí á dhéanamh ag a chlann mhac ar Iosrael go léir (agus go mbídís ag luí leis na mná a bhíodh ag freastal ag doras Bhoth na Teagmhála). Dúirt sé leo: «Cad chuige a bhfuil nithe mar sin ar siúl agaibh? Cluinim faoi bhur ndrochbhearta ón bpobal seo go léir. Mo náire, a mhaca, ní aon scéalta fónta fúibh a chluinim á scaipeadh ag pobal an Tiarna. Má pheacaíonn fear in aghaidh fir eile, tá Dia aige mar idirghabhálaí; ach má pheacaíonn sé in aghaidh an Tiarna, cé dhéanfaidh idirghuí ar a shon?» Ach thugadar an chluas bhodhar dá n-athair, mar ba é toil an Tiarna iad a chur chun báis. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag dul ar aghaidh i bpearsa agus i ngrásta i láthair an Tiarna agus i láthair daoine. Tháinig giolla Dé go hÉilí agus dúirt leis: «Deir an Tiarna: 'Nár nocht mé mé féin do theaghlach d' athar agus iad i ndaoirse ag muintir Fhorainn san Éigipt? Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m' altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d' athar a thug mé m' íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir. Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d' ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n-ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael? Uime sin agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d' athar i m' fhianaise go brách, anois, áfach sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu. Féach, tá na laethanta ag teacht nuair a smiotfaidh mé do neart agus neart theaghlach d' athar i dtreo nach bhfágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach. Caithfidh tú súil éadmhar namhad ar an maith go léir a dhéanfar d' Iosrael, ach ní fhágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach go brách. An duine agaibh nach scriosfaidh mé ó m' altóir, fanfaidh sé lena shúile a dhalladh agus lena mhisneach a chreimeadh; ach scriosfar an bhreis ar do theaghlach le claíomh [na bhfear]. Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna. Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m' intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m' ungthaigh go brách. Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá: Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d' fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.'» Bhí an gasúr Samúéil ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí. Is annamh a bhíodh focal ón Tiarna sna laethanta sin, agus is annamh a d' fheictí físeanna. Tharla lá amháin go raibh Éilí ina luí ina sheomra féin. Bhí radharc na súl ag teip air i dtreo nach raibh sé in ann dada a fheiceáil. Ní raibh lóchrann Dé imithe as fós, agus bhí Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé. Ansin ghlaoigh an Tiarna: «A Shamúéil!» D' fhreagair seisean: «Seo anseo mé,» agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.» Ach dúirt seisean: «Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.» D' imigh sé mar sin, agus luigh síos. Ghlaoigh an Tiarna arís. «A Shamúéil!» D' éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.» Agus d' fhreagair seisean: «Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.» Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós. Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D' éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: «Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.» Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr. Dúirt sé le Samúéil: «Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: 'Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.'» D' imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin. Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: «A Shamúéil! A Shamúéil!» D' fhreagair Samúéil: «Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.» Ansin dúirt an Tiarna le Samúéil: «Táim ar tí beart a dhéanamh in Iosrael a chuirfidh cigilteas ar dhá chluais gach duine a chluinfidh é. Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh. Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad. Uime sin, mionnaím do theaghlach Éilí nach ndéanfaidh íobairt ná ofráil cúiteamh i gcoirpeacht theach Éilí go brách.» D' fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d' oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí, ach ghlaoigh Éilí air agus dúirt: «A Shamúéil, a mhic.» «Seo anseo mé,» ar seisean. «Cén teachtaireacht a thug sé duit?» arsa Éilí, «ná ceil orm é. Go ndéana Dia seo agus siúd leat, agus a thuilleadh fós, má cheileann tú aon ní orm dá ndúirt sé leat.» D' inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: «Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.» D' fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d' aon fhocal dá chuid titim ar lár. Thuig Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, go raibh Samúéil ceaptha ina fháidh don Tiarna. Agus bhíodh an Tiarna á thaispeaint féin arís i Sileo mar go dtaispeánadh sé é féin do Shamúéil i Sileo trí bhriathar an Tiarna. [Tharla gur thionóil na Filistínigh an uair sin chun troid in aghaidh Iosrael] agus chuaigh Iosrael amach chun catha in aghaidh na bhFilistíneach agus shuíodar a gcampa láimh le hEibin Eizir, agus a gcampa ag na Filistínigh ag Afaec. Agus ghabh briathar Shamúéil amach go hIosrael go léir. [Ach bhí Éilí an-aosta, agus lean a chlann mhac orthu lena gcoirpeacht in aghaidh an Tiarna.] Chóirigh na Filistínigh iad féin chun catha in aghaidh Iosrael; troideadh go dian, agus bhris na Filistínigh ar Iosrael agus maraíodh timpeall ceithre mhíle dá n-arm ar pháirc an áir. Nuair a d' fhill na fir ar an gcampa, dúirt seanóirí Iosrael: «Cad chuige ar chuir an Tiarna an teitheadh orainn inniu roimh na Filistínigh? Tugaimis áirc chonradh an Tiarna linn ó Shileo d' fhonn go dtiocfadh sé inar measc agus sinn a fhuascailt ó chumhacht ár naimhde.» Uime sin chuir na daoine fios go Sileo agus thugadar leo ón áit sin áirc chonradh Thiarna na Slua, an té atá suite ar na ceiribíní; agus tháinig beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás in éineacht le háirc chonradh Dé. Nuair a tháinig áirc chonradh an Tiarna isteach sa champa, lig Iosrael go léir gáir mhór astu, a bhain macalla as an talamh. Nuair a chuala na Filistínigh an gháir agus an gheoin, dúradar: «Cad is cúis leis an ngáir mhór seo i gcampa na nEabhrach?» Nuair a fuair siad amach gurbh amhlaidh a bhí áirc an Tiarna tagtha go dtí an campa, bhuail eagla na Filistínigh agus dúirt siad: «Tá dia tagtha isteach sa champa. Is mairg dúinn!» ar siad. «Níor tharla a leithéid cheana. Is mairg dúinn! Cé a shaorfaidh sinn ó láimh an dé chumhachtaigh seo? Eisean an dia a bhuail na hÉigiptigh le gach sórt plá san fhásach! Ach bíodh misneach agaibh, a Fhilistíneacha, agus bígí fearúil, ar eagla go mbeadh sibh in bhur ndaoir ag na hEabhraigh, faoi mar a bhí siadsan agaibhse! Bíodh sponc ionaibh agus troidigí.» Throid na Filistínigh dá réir sin, agus cloíodh Iosrael agus theith gach fear acu chuig a bhoth féin. Rinneadh ár agus eirleach orthu agus thit tríocha míle troitheach de na hIosraelaigh. Gabhadh áirc Dé freisin agus maraíodh Hofnaí agus Píneachás. Theith Biniáimineach ón láthair chatha, agus shroich Sileo an lá céanna, agus a chuid éadaigh stróicthe agus luaithreach ar a cheann. Nuair a tháinig sé, bhí Éilí ina shuí ina chathaoir láimh leis an ngeata ag faire an bhóthair mar bhí sé ar ballchrith le himní faoi áirc Dé. Nuair a tháinig an fear seo chun na cathrach leis an scéala, tógadh liú ar fud na cathrach. Chuala Éilí an gheoin agus d' fhiafraigh sé: «Cad a chiallaíonn an liúireach seo go léir?» Bhrostaigh an fear isteach agus thug sé an scéala d' Éilí. Bhí Éilí ocht mbliana nóchad; bhí a shúile calctha agus é gan radharc. Dúirt an fear le hÉilí: «Tháinig mé ón gcath; theith mé ón gcath inniu.» «Cad a tharla, a mhic?» arsa Éilí. D' fhreagair an teachtaire: «Chuir na Filistínigh an teitheadh ar Iosrael. Briseadh go tubaisteach ar an arm; mar bharr ar an donas, tá Hofnaí agus Píneachás, do bheirt mhac, marbh agus tá áirc Dé gafa.» Nuair a luaigh sé áirc Dé, thit Éilí siar dá chathaoir ag an ngeata; briseadh a mhuineál agus fuair sé bás, óir bhí sé aosta, trom. Bhí daichead bliain caite aige mar bhreitheamh ar Iosrael. Bhí bean a mhic, Píneachás, ag iompar clainne agus a hionú ag druidim léi. Nuair a chuala sí gur gabhadh áirc Dé agus go raibh athair a céile agus a céile féin araon marbh, luigh sí síos agus lámhnaigh mar gur tháinig tinneas linbh uirthi. Nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, dúirt na mná a bhí ina seasamh timpeall uirthi: «Ná bíodh eagla ort! Rug tú mac!» Ach níor thug sí aon fhreagra orthu agus ní raibh aon aird aici orthu. Thug sí Í Cávód ar an leanbh á rá: «Tá an ghlóir (cávód) imithe ó Iosrael,» ag cuimhneamh di ar ghabháil áirc Dé, ar athair a céile, agus ar a fear. Dúirt sí: «D' imigh an ghlóir ó Iosrael, óir gabhadh áirc Dé.» Nuair a ghabh na Filistínigh áirc Dé, thugadar leo í ó Eibin Eizir go hAisdeod. Thugadar leo áirc Dé agus d' iompraíodar isteach i dteampall Dhágón í, agus chuireadar síos í láimh le Dágón. D' éirigh muintir Aisdeod go luath lá arna mhárach [agus chuadar go teampall Dhágón]; ba shiúd Dágón béal faoi ar an urlár os comhair áirc an Tiarna. D' ardaíodar Dágón agus chuir siad ar ais ina áit é. Ach nuair a d' éiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón. Sin é an fáth nach ndéanann sagairt Dhágón ná aon duine eile a théann isteach i dteampall Dhágón, cos a leagan ar thairseach Dhágón in Aisdeod go dtí an lá inniu féin. Luigh lámh an Tiarna go trom ar phobal Aisdeod agus chuir scéin orthu le neascóidí ar fud Aisdeod agus a chríocha. Nuair a chonaic muintir Aisdeod conas mar a bhí, dúradar: «Ná fanadh áirc Dhia Iosrael inár measc mar tá a lámh ag luí go trom orainn féin agus ar Dhágón ár ndia.» Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: «Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?» D' fhreagair siadsan: «Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.» Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd. Ach nuair a bhí sí tugtha ansiúd, luigh lámh an Tiarna go trom ar an gcathair sin agus tháinig scéin agus sceimhle ar na daoine; bhuail neascóidí muintir na cathrach, idir óg agus aosta, mar go raibh an Tiarna á gciapadh mar sin. Sheoladar áirc Dé go hEacrón, ach nuair a shroich áirc Dé Eacrón, rinne muintir Eacrón liú: «Thugadar áirc Dhia Iosrael chugainn d' fhonn an bás a thabhairt orainn féin agus ar ár muintir.» Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: «Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir» óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd. An mhuintir nach bhfuair bás, bhris neascóidí amach orthu agus bhí an liú ón gcathair ag dul suas chun neimhe. Bhí áirc an Tiarna i gcríocha na bhFilistíneach ar feadh seacht mí. Ansin chuir na Filistínigh fios ar a sagairt agus ar a n-asarlaithe agus d' fhiafraíodar díobh: «Céard a dhéanfaimid le háirc an Tiarna? Insígí dúinn conas í a chur ar ais chun a háite féin!» D' fhreagair siad: «Má chuireann sibh áirc Dhia Iosrael ar shiúl, ná cuirigí ar shiúl folamh í; ní foláir daoibh ofráil chiontachta a íoc leis. Ansin leigheasfar sibh agus beidh a fhios agaibh cad chuige nach gcasfadh a lámh uaibh.» D' fhiafraíodar ansin: «Cén ofráil chiontachta ar chóir dúinn a íoc leis?» D' fhreagair siad: «Dé réir líon flatha na bhFilistíneach, cúig neascóid óir agus cúig luch óir mar bhí an t-aon phlá oraibh idir fhlatha agus uile. Ní foláir daoibh dá réir sin dealbha a dheanamh de bhur neascóidí agus dealbha de na lucha atá ag creimeadh bhur dtíre, agus glóir a thabhairt do Dhia Iosrael. Ansin b' fhéidir go mbogfaidh sé a lámh díbh féin, de bhur ndéithe, agus de bhur dtír. Cad ab áil libh ag cruachan bhur gcroí, faoi mar a chruaigh na hÉigiptigh agus Forann a gcroí? Tar éis dó magadh fúthu, nár scaoileadar leis an bpobal agus nár imíodarsan? Cóirigí carr nua dá bhrí sin agus dhá loilíoch nach ndeachaigh riamh faoin gcuing. Gabhaigí na ba faoin gcarr agus tugaigí a laonna abhaile uathu. Ansin tógaigí áirc an Tiarna, leagaigí ar an gcarr í, agus cuirigí na dealbha óir atá á n-íoc agaibh dó mar ofráil chiontachta i gcófra lena hais. Ansin scaoiligí léi agus ligigí di imeacht léi. Bíodh súil agaibh uirthi; má théann sí an bóthar suas i dtreo a dúiche féin, go Béit Seimis, ansin eisean a rinne an urchóid mhór seo dúinn; ach mura dtéann, ansin beidh a fhios againn nárbh í a lámh a luigh orainn, ach gur de thaisme a d' éirigh sé seo dúinn.» Rinne na daoine amhlaidh. Thugadar leo an dá loilíoch, agus ghabhadar faoin gcarr iad, agus dhún ar a laonna sa bhaile. Leagadar áirc an Tiarna ansin ar an gcarr, leis an gcófra, na lucha óir agus dealbha na neascóidí. Ghabh na ba caol díreach i dtreo Bhéit Seimis, ar feadh an bhóthair, iad ag géimneach ar an tslí gan casadh ar dheis ná ar chlé. Lean flatha na bhFilistíneach iad chomh fada le teorainneacha Bhéit Seimis. Bhí muintir Bhéit Seimis ag baint fómhar na cruithneachta sa ghleann: d' ardaíodar a súile agus chonaiceadar an áirc agus chuir an radharc sin lúcháir orthu. Tháinig an carr isteach i ngort Iósua ó Bhéit Seimis, agus stad sé ansin. Bhí gallán ansiúd agus bhris na daoine adhmad an chairr agus d' ofráil siad na ba mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. Thóg na Léivítigh áirc an Tiarna anuas, agus an cófra, leis na dealbha óir ann, a bhí ina haice, agus leag siad an meid sin go léir ar an ngallán. D' ofráil muintir Bhéit Seimis ofrálacha uileloiscthe, agus d' íobair íobairtí, an lá sin don Tiarna. Nuair a chonaic cúigear flatha na bhFilistíneach é sin, d' fhill siad ar Eacrón an lá céanna. Ba iad seo na neascóidí óir a d' íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón; mar an gcéanna le dealbha na luch de réir líon cathracha Filistíneacha uile na gcúig flatha, idir chathracha daingne agus bhailte gan chosaint. An gallán mór ar ar leagadar áirc an Tiarna, is finné é go dtí an lá inniu i ngort Iósua ó Bhéit Seimis. Mharaigh sé cuid de mhuintir Bhéit Seimis mar gur fhéachadar isteach in áirc an Tiarna; mharaigh sé deichniúr agus trí fichid díobh. Rinne an pobal olagón mar gur bhuail an Tiarna chomh dian iad. Dúirt muintir Bhéit Seimis ansin: «Cé a fhéadfaidh seasamh i láthair an Tiarna an Dia naofa seo? Cé chuige a rachaidh sé suas uainne?» Chuireadar teachtairí go dtí muintir Chiriat Iáraím ansin á rá: «Sheol na Filistínigh áirc an Tiarna ar ais; tagaigí anuas agus tugaigí suas libh chugaibh féin í.» Thainig muintir Chiriat Iáraím agus thugadar áirc an Tiarna leo suas, agus chuireadar isteach i dteach Aibíneádáb ar an gcnoc í, agus rinneadar mac Eileázár a choisreacan chun aire a thabhairt d' áirc an Tiarna. Ón lá a socraíodh an áirc i gCiriat Iáraím, ghabh tamall fada thart, fiche éigin bliain, agus bhí teaghlach Iosrael go léir ag tnúth leis an Tiarna. Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: «Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.» Ansin chuir clann Iosrael uathu na Bálaím agus na hAisteárót agus d' fhónadar don Tiarna amháin. Ansin dúirt Samúéil: «Cruinnígí Iosrael uile le chéile i Mizpeá, agus guífidh mé an Tiarna ar bhur son.» Thionóil Iosrael go léir dá bhrí sin i Mizpeá, agus tharraing siad uisce agus dhoirt siad ansiúd é i láthair an Tiarna. Rinne siad troscadh an lá sin agus d' fhógair siad: «Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna.» Agus bhí Samúéil ina bhreitheamh ar chlann Iosrael i Mizpeá. Nuair a chuala na Filistínigh go raibh clann Iosrael cruinnithe i Mizpeá, chuaigh flatha na bhFilistíneach suas in aghaidh Iosrael. Nuair a chuala clann Iosrael é sin tháinig eagla orthu roimh na Filistínigh. Dúirt clann Iosrael le Samúéil: «Glaoigh gan stad ar an Tiarna ár nDia chun sinn a shaoradh ó chumhacht na bhFilistíneach» Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d' ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air. Nuair a bhí Samúéil ag ofráil na híobartha dóite, dhruid na Filistínigh ina n-aice chun catha a chur ar Iosrael, ach rinne an Tiarna tréanghlór toirní an lá sin ar na Filistínigh agus chuir sceimhle orthu, agus theitheadar roimh Iosrael. Chuaigh muintir Iosrael amach ó Mhizpeá sa tóir ar na Filistínigh agus bhíodar á n-eirleach chomh fada le Béit Cár. Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir («Cloch na Cabhrach») uirthi á rá: «Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!» Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad. Na cathracha a bhain na Filistínigh d' Iosrael, fuair Iosrael ar ais iad, ó Eacrón go Gat, agus d' fhuascail Iosrael a gcríocha ó chumhacht na bhFilistíneach. Bhí síocháin chomh maith idir Iosrael agus na hAmóraigh. Bhí Samúéil ina bhreitheamh ar Iosrael gach lá dá shaol. Théadh sé gach bliain ar cuaird go Béitéil, go Gilgeál agus go Mizpeá. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael sna háiteanna sin go léir. D' fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna. Nuair a chuaigh Samúéil in aois, cheap sé a bheirt mhac ina mbreithiúna ar Iosrael. Bhí Ióél mar ainm ar a chéadghin agus Aibiá ar an dara fear; ba bhreithiúna iad i mBéar Seaba. Ach níor lean a chlann mhac ina choiscéimeanna; ghabhadar an cosán claon chun airgid; ghlacaidís breabanna, agus thugaidís claonbhreith. Chruinnigh seanóirí uile Iosrael i gceann a chéile agus tháinig siad go dtí Samúéil i Rámá. «Féach,» ar siad leis, «tá tusa sean, agus ní leanann do chlann mhac i do choiscéimeanna. Déan rí a cheapadh dúinn chun sinn a rialú ar nós na gciníocha go léir.» Níor thaitin sé le Samúéil go ndúirt siad: «Tabhair rí dúinn chun sinn a rialú,» agus ghuigh sé chun an Tiarna. Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: «Tabhair aird ar ghlór na ndaoine agus ar a ndeir siad leat. Óir ní duitse a dhiúltaigh siad, ach domsa a bheith i mo rí orthu. Gach a ndearnadar ormsa ón lá a thug mé amach as an Éigipt iad go dtí inniu féin thugadar droim láimhe liomsa agus rinneadar seirbhís do dhéithe eile tá na nithe sin go léir á ndéanamh acu ortsa. Géill dá nglór dá bhrí sin; ach ní foláir duit rabhadh sollúnta a thabhairt dóibh, agus bealaí an té a bheidh ina rí orthu a theagasc dóibh.» D' inis Samúéil a raibh ráite ag an Tiarna do na daoine a bhí ag iarraidh rí air. Dúirt sé: «Seo iad na bealaí a bheidh ag an té a bheidh ina rí oraibh: tógfaidh sé bhur gclann mhac agus ceapfaidh sé iad mar charbadóirí agus mar mharcshlua aige féin, agus ceapfaidh sé iad le rith os comhair a charbaid amach. Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad. Tógfaidh sé bhur n-iníonacha le bheith ina gcumhránaithe agus ina gcócairí, agus ina mbáicéirí. Tógfaidh sé togha bhur ngort agus bhur bhfíonghort agus bhur ngort ológ, agus tabharfaidh sé dá sheirbhísigh iad. Tógfaidh sé deachú de bhur ngrán agus de bhur bhfíonghoirt agus tabharfaidh sé í dá mhaoir agus dá oifigigh. Tógfaidh sé bhur searbhóntaí fear agus ban, agus togha bhur n-eallaigh agus bhur n-asal, agus cuirfidh sé i mbun oibre dó féin iad. Tógfaidh sé deachú de bhur gcaoirigh agus beidh sibhse in bhur ndaoir aige. An lá sin glaofaidh sibh amach os ard mar gheall ar an rí a thoghfaidh sibh daoibh féin, ach ní éisteoidh an Tiarna libh an lá sin.» Ach dhiúltaigh an pobal aon aird a thabhairt ar a raibh á rá ag Samúéil, agus dúirt siad: «Ní hea! Teastaíonn uainn rí a bheith orainn, i dtreo go mbeimidne cosúil leis na ciníocha eile go léir agus go mbeidh ár rí dár rialú agus ina thaoiseach orainn ag troid ár gcathanna dúinn.» D' éist Samúéil lena raibh le rá ag an bpobal agus d' aithris sé i gcluasa an Tiarna é. Agus dúirt an Tiarna le Samúéil: «Tabhair aird ar a nglór agus déan rí a cheapadh dóibh.» Agus ansin dúirt Samúéil le fir Iosrael: «Filleadh gach duine agaibh ar a chathair féin.» Bhí duine de mhuintir Bhiniáimin darbh ainm Cís, mac Aibíéil, mac Zarór, mac Bhacórat, mac Aifía; Biniáimineach ba ea é agus fear an-saibhir. Bhí mac aige darbh ainm Sól, fear óg dathúil a bhí i mbláth a mhaitheasa. Ní raibh fear níba dhathúla ná é i measc na nIosraelach go léir; bhí airde an chinn aige ar an gcuid eile den phobal. Chuaigh asail Chís, athair Shóil, ar strae, agus dúirt Cís lena mhac Sól: «A mhic, tabhair leat duine de na seirbhísigh, agus cuir chun bóthair; imigh leat a chuardach na n-asal.» Gabh siad trí ardáin Eafráim, agus trí chríoch Sháilíseá, ach ní bhfuair siad na hasail. Ghabh siad trí chríoch Sheáilím, ach ní raibh siad ann. Ghabh siad trí chríoch Bhiniáimin, ach ní bhfuair siad iad. Nuair a tháinig siad go dúiche Zúf, dúirt Sól leis an seirbhíseach a bhí in éineacht leis: «Téanam, téimis ar ais nó cuirfidh m' athair de a imní faoi na hasail agus cromfaidh sé ar bheith imníoch fúinne.» D' fhreagair seisean: «Féach, tá giolla Dé sa chathair seo, agus is duine é atá faoi dhea-cháil; tagann gach a ndeir sí i gcrích. Téimis ansiúd, más ea, agus b' fhéidir go mbeidh ar a chumas sinn a threorú san aistear atá romhainn.» Ansin dúirt Sól lena sheirbhíseach: «Ach má théimid ann céard is féidir dúinn a thabhairt chun an duine? Tá an t-arán inár málaí caite, agus níl aon bhronntanas le tabhairt againn chun an ghiolla Dé. Céard atá againn?» D' fhreagair an seirbhíseach Sól arís: «Féach,» ar sé, «tá ceathrú seicil airgid anseo agam. Tabharfaidh mé don ghiolla Dé é agus tabharfaidh sé eolas na slí dúinn.» (Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: «Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,» mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.) Ansin dúirt Sól lena shearbhónta: «Is maith a dúirt tú é! Téanam agus ar aghaidh linn!» Agus d' imíodar go dtí an chathair ina raibh an giolla Dé. Ag gabháil an chnoic suas dóibh, go dtí an chathair, casadh orthu cailíní óga a bhí ag dul amach ag tarraingt uisce, agus dúradar: «An bhfuil fear na bhfíseanna anseo?» D' fhreagair na cailíní: «Tá. Tá sé díreach romhaibh. Brostaigí. Tá sé díreach tagtha isteach sa chathair mar beidh íobairt ar an ardionad ag an bpobal inniu. Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.» Ghabhadar suas chun na cathrach, dá bhrí sin, agus ag dul an geata isteach dóibh, chonaic siad Samúéil ag teacht amach ina dtreo agus é ar an tslí suas don ardionad. Bhí foilsiú tugtha ag an Tiarna do Shamúéil an lá sular tháinig Sól, á rá: «Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.» Nuair a chonaic Samúéil Sól, dúirt an Tiarna leis: «Sin é an fear a dúirt mé leat! Sin é an té a bheidh ag rialú mo phobail.» Dhruid Sól le Samúéil sa gheata agus dúirt: «Inis dom, más é do thoil é, cá bhfuil teach fhear na bhfíseanna?» D' fhreagair Samúéil Sól: «Mise fear na bhfíseanna. Gabh suas romham don ardionad. Íosfaidh sibh bia liomsa inniu. Scaoilfidh mé uaim thú ar maidin amárach agus inseoidh mé duit a bhfuil ar d' intinn agat. Na hasail úd a chuaigh ar strae trí lá ó shin, ná cuiridís aon imní ort, óir fuarthas iad. Agus cé a bhfuil gach is díol dúile in Iosrael i ndán dó, mura duitse agus do theaghlach uile d' athar?» D' fhreagair Sól: «Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m' fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?» Ansin rug Samúéil Sól agus a shearbhónta isteach sa halla agus chuir iad ina suí mar a raibh onóir acu thar an gcuid eile a fuair cuireadh; bhí deichniúr ar fhichid nó mar sin díobhsan ann. Dúirt Samúéil leis an gcócaire: «Tabhair leat amach an chuid a thug mé duit, a ndúirt mé leat faoi: 'Cuir i leataobh é!'» Thug an cócaire an chos agus an t-eireaball méith leis dá bhrí sin, agus leag os comhair Shóil á rá: «Féach, tá an chuid a coimeádadh á chur romhat. Ith é sin mar coimeádadh duit é go dtí an t-am a cinneadh le go n-íosfá é in éineacht leis an dream a fuair cuireadh!» D' ith Sól bia dá bhrí sin an lá sin in éineacht le Samúéil. Thángadar anuas ón ardionad go dtí an chathair. [Cóiríodh leaba do Shól ar dhíon an tí agus chuaigh sé a chodladh inti.] Le breacadh an lae ghlaoigh Samúéil ar Shól ar dhíon an tí: «Bí i do shuí,» ar sé, «go seolfaidh mé ar do bhealach thú.» D' éirigh Sól agus chuadar beirt, é féin agus Samúéil, amach ar an tsráid. Nuair a bhí siúlta acu síos go himeall na cathrach, dúirt Samúéil le Sól: «Abair leis an searbhónta gabháil romhainn amach, ach fansa féin mar a bhfuil tú go fóill go n-inseoidh mé briathar Dé duit.» Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: «Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht. Nuair a imeoidh tú uaimse inniu, buailfidh tú le beirt fhear ag tuama Ráchael ar imeall Bhiniáimin i Zealzach, agus déarfaidh siad leat: 'Na hasail a bhí á lorg agat, fuarthas iad; is cuma le d' athair anois faoi na hasail, ach tá imní air fúibhse, á rá leis féin: «Céard atá le déanamh agam faoi mo mhac?» ' Ar aghaidh leat ón áit sin agus tiocfaidh tú go Dair Thábór, mar a mbuailfidh tú le triúr fear ar a slí suas chun Dé i mBéitéil; beidh trí mheannán á n-iompar ag duine díobh, trí bhuilín aráin ag duine eile, agus seithe fíona ag an tríú duine. Beannóidh siad duit agus tabharfaidh siad dhá builín aráin duit nach foláir duit a ghlacadh uathu. Ansin rachaidh tú go Gibeá Dé (mar a bhfuil garastún na bhFilistíneach). Ag teacht chun na cathrach sin ansiúd duit, buailfidh tú le buíon fáithe ag teacht anuas ón ardionad agus cruit, bodhrán, feadóg, agus lir rompu amach; beidh buile na bhfáithe orthu. Ansin luífidh spiorad an Tiarna ort féin agus rachaidh tusa freisin ar buile fáidh leo, agus déanfaidh fear eile díot. Nuair a chuirfear na comharthaí sin i gcrích duit, beir ar an bhfaill mar tá Dia leat. Gabh romham síos go Gilgeál; rachaidh mise ansiúd níos déanaí le híobairtí loiscthe agus comaoineach a ofráil. Fan seacht lá go dtiocfaidh mé chugat, agus a thaispeáint duit céard atá le déanamh agat.» A luaithe a thug Sól cúl le Samúéil le himeacht uaidh chuir an Tiarna croí eile ina chliabh agus cuireadh na comharthaí sin go léir i gcrích an lá sin. Nuair a thángadar go Gibeá, casadh buíon fáithe leis; luigh spiorad Dé go tréan air agus tháinig buile na bhfáithe air ina measc. An mhuintir go léir a raibh aithne acu air, nuair a chonaiceadar é, ag fáidheoireacht leis na fáithe, dúradar le chéile: «Cad a d' éirigh do mhac Chís? An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?» Agus dúirt duine ón áit: «Agus cér díobh iad?» Uaidh sin a tháinig an nath: «An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?» Nuair a bhí an racht fáidheoireachta curtha de ag Sól, chuaigh sé ar ais [isteach sa teach], agus d' fhiafraigh a uncail de féin agus dá shearbhónta: «Cá ndeachaigh sibh?» D' fhreagair sé: «Ag lorg na n-asal, agus nuair a chonaiceamar nach bhféadaimis iad a fháil, chuamar go Samúéil.» Dúirt uncail Shóil ansin: «Inis dom, más ea, céard a dúirt Samúéil libh.» Dúirt Sól lena uncail: «Ní dhearna sé ach a rá go bhfuarthas na hasail,» agus níor inis sé focal dó dá ndúirt Samúéil faoi ghnó na ríogachta. Ghlaoigh Samúéil ar an bpobal go léir le chéile chun an Tiarna i Mizpeá, agus dúirt le clann Iosrael: «Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Thug mé Iosrael aníos as an Éigipt agus shaor mé sibhse ó chumhacht na nÉigipteach, agus na ríochtaí go léir a bhí do bhur gciapadh.' Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: 'Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.' Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.» Thug Samúéil treibheanna Iosrael go léir i láthair agus thit an crann ar Bhiniáimin. Ansin thug sé treibh Bhiniáimin i láthair, fine ar fhine, agus thit an crann ar fhine Mhatraí; ansin [ar deireadh thug sé fine Mhatraí i láthair ina nduine agus ina nduine] agus thit an crann ar Shól mac Chís. Chuadar á lorg ach ní raibh sé le fáil in aon áit. Chuir siad ceist ar an Tiarna arís: «Ar tháinig an fear úd anseo?» «Siúd é i bhfolach sa bhagáiste é,» arsa an Tiarna. Ritheadar chuige mar sin, agus thugadar amach as sin é agus nuair a sheas sé i measc an tslua bhí airde an chinn aige orthu go léir. Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: «An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.» Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: «Fad saoil don rí!» Mhínigh Samúéil cearta agus dualgais an rí don phobal agus bhreac i leabhar iad agus chuir sé an leabhar sin i láthair an Tiarna. Scaoil sé an pobal uaidh ansin, gach duine abhaile chun a thí féin. Chuaigh Sól freisin abhaile chun a thí i nGibeá, agus chuaigh an bhuíon gaiscíoch ar chorraigh Dia a gcroí in éineacht leis. Ach bhí scraistí áirithe a dúirt: «Conas a d' fhéadfadh an duine seo sinn a shaoradh?» Bhí drochmheas acu air agus níor thugadar aon bhronntanas dó. Ach níor labhair sé focal. [Timpeall mí ina dhiaidh sin], ghabh Nácháis an tAmónach suas agus chuir léigear ar Iáibéis Gileád. Dúirt muintir Iáibéis go léir le Nácháis: «Déan conradh linn agus beimid faoi do réir.» Ach is é a dúirt Nácháis an tAmónach leo: «Déanfaidh mé conradh libh ar an gcoinníoll seo amháin.i. go mbainfidh mé an tsúil dheas as gach duine agaibh; tabharfaidh mé an tarcaisne sin d' Iosrael go léir.» Dúirt seanóirí Iáibéis leis: «Tabhair cairde seacht lá dúinn i dtreo go gcuirfimid teachtairí ar fud críocha Iosrael, agus mura dtagann aon duine i gcabhair orainn, rachaimid anonn chugaibh.» Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a d' insíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón. Bhí Sól ag filleadh ón ngort i ndiaidh a dhamh. Dúirt Sól: «Cad tá orthu? Cén fáth a bhfuil an pobal ag lógóireacht?» D' insíodar dó a raibh ráite ag na fir ó Iáibéis. Luigh an Spiorad Naomh go tréan ar Shól ar chlos na bhfocal sin agus tháinig fraoch feirge air. Rug sé ar sheisreach damh, ghearr ina spólaí iad, agus sheol sé ó cheann ceann Iosrael iad trí lámha teachtairí, á rá: «An té nach máirséalfaidh le Sól agus le Samúéil, sin í an íde a thabharfar ar a dhaimh!» Tháinig sceimhle roimh an Tiarna ar an bpobal ansin agus mháirseáladar go léir amach d' aonbhuíon. Rinne sé iad a iniúchadh ag Beizic; bhí trí chéad míle de chlann Iosrael ann agus tríocha míle fear ó Iúdá. Dúirt siad ansin leis na teachtairí a bhí tagtha: «Abraigí le muintir Iáibéis Gileád: 'Tiocfar i gcabhair oraibh amárach faoin am a mbeidh teas sa ghrian.'» D' imigh na teachtairí agus thugadar an scéala sin go muintir Iáibéis agus chuir sin lúcháir orthu. Dúirt muintir Iáibéis [le Nácháis]: «Rachaimid anonn chugaibh amárach, agus ní miste daoibh bhur rogha rud a dhéanamh linn.» Lá arna mhárach roinn Sól an slua ina thrí dhíorma; ropadar isteach sa champa le faire na maidine agus bhíodar ag déanamh áir ar na hAmónaigh go corp an lae. Cuireadh a leithéid sin de scaipeadh ar fhuíoll an áir nár fagadh beirt díobh le chéile. Dúirt na daoine le Samúéil ansin: «Cé a dúirt ' An mbeidh Sól ina rí orainn?' Tugtar anseo chugainn iad le cur chun báis.» Ach d' fhreagair Sól: «Ní chuirfear aon duine chun báis inniu, óir rinne an Tiarna fuascailt ar Iosrael inniu.» Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: «Téanaigí go Gilgeál agus déanaimis an ríocht a dhearbhú arís ann.» Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d' fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D' ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir. Dúirt Samúéil le hIosrael go léir: «Féach! rinne mé gach ar iarr sibh orm go dílis agus cheap mé rí oraibh. As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m' óige go dtí an lá inniu. Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m' aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d' aon duine? Ar bhain mé a asal d' aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.» «Ní dhearna tú éagóir ná leatrom orainn,» ar siad, «ná níor ghlac tú le breab ó aon duine.» Dúirt sé leo: «Nach finné é an Tiarna in bhur n-aghaidh, agus nach finné é a ungthach inniu nach bhfuair sibh aon ní ar chúl mo ghlaice?» «Sea, is finné é,» ar siad. Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: «An Tiarna, an té a cheap Maois agus Árón, agus a thug bhur sinsir amach as an Éigipt, [is finné é]. Fanaigí socair in bhur seasamh ansin dá bhrí sin nó go ndéanfaidh mé áiteamh libh i láthair an Tiarna agus go gcuirfidh mé i gcuimhne daoibh na héachtaí slánaithe go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe libh féin, agus ar mhaithe le bhur sinsir. Nuair a tháinig Iacób isteach san Éigipt [agus go ndearna na hÉigiptigh leatrom orthu], ghlaoigh bhur sinsir ar an Tiarna agus sheol sé Maois agus Árón chucu. Thugadarsan bhur sinsir as an Éigipt amach agus chuireadar chun cónaithe san áit seo iad. Ansin rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, agus reic seisean iad isteach i lámha Shíseará, taoiseach airm Házór. Agus chomh maith i lámha na bhFilistíneach agus rí Mhóáb a bhí ag troid ina n-aghaidh. Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: 'Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.» Ansin sheol an Tiarna Iarubál, Bárác, Iaftá agus Samúéil. D' fhuascail sé sibh ó chumhacht bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mhair sibh gan bhaol. Nuair a chonaic sibh Nácháis rí na nAmónach ag teacht do bhur n-ionsaí, dúirt sibh liom: 'Ní hea, ní foláir rí a bheith ag rialú orainn,' cé gurbh é an Tiarna bhur nDia ba rí oraibh. Anois más ea, seo é an rí a thogh sibh (agus a d' iarr sibh). Cheap an Tiarna rí oraibh. Má thugann sibh urraim agus ómós don Tiarna agus géilleadh dá ghlór, agus gan ceannairc a dhéanamh i n-aghaidh aithne an Tiarna, agus má leanann sibh féin agus an rí atá ag rialú oraibh, an Tiarna bhur nDia, beidh gach ní ina cheart. Ach in ionad géilleadh do ghlór an Tiarna, má dhéanann sibh ceannairc in aghaidh a aithne, beidh a lámh in bhur n-aghaidh agus in aghaidh bhur [rí]. Fanaigí in bhur seasamh ansin dá bhrí sin agus fairigí an t-iontas mór a dhéanfaidh an Tiarna os comhair bhur súl. Nach é seo fómhar na cruithneachta againn inniu? Guífidh mé chun an Tiarna agus seolfaidh sé toirneach agus fearthainn; tuigigí agus feicigí a ghráiniúla de bheart a rinne sibh i láthair an Tiarna nuair a d' iarr sibh rí daoibh féin.» Ghuigh Samúéil chun an Tiarna ansin agus sheol an Tiarna toirneach agus fearthainn an lá sin, agus bhí an pobal go léir lán d' urraim don Tiarna agus do Shamúéil. Agus dúirt an pobal go léir le Samúéil: «Guigh an Tiarna do Dhia ar mhaithe le do shearbhóntaí, d' fhonn nach bhfaighimis bás, óir, mar bharr ar ár bpeacaí go léir, rinneamar an choir seo rí a iarraidh dúinn féin.» Agus dúirt Samúéil leis an bpobal: «Ná bíodh eagla oraibh. Rinne sibh na cionta seo go léir; ach ná casaigí i leataobh ó bheith ag leanúint an Tiarna, ach déanaigí seirbhís don Tiarna ó chroí go hiomlán. Ná casaigí i leataobh ar thóir íol baoth nach féidir dóibh cabhair ná fuascailt a thabhairt mar gur baoth iad. Óir ní chaithfidh an Tiarna a phobal i leataobh ar son a ainm éachtaigh, mar ba é toil an Tiarna a phobal féin a dhéanamh díbh. Maidir liomsa, gura fada uaim peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna trí scor de bheith ag guí ar bhur son agus do bhur dteagasc i slí an chirt agus na córa. Tugaigí urraim don Tiarna agus déanaigí seirbhís dó go dílis ó chroí go hiomlán, mar cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé in bhur measc. Ach má leanann sibh oraibh le bhur gcoirpeacht, ídeofar sibh féin agus bhur rí.» Bhí Sól? bliain d' aois nuair a thosaigh a réim agus bhí sé i réim dhá bhliain agus? ina rí ar Iosrael. Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin. Scrios Iónátán an garastún Filistíneach a bhí i nGibeá, agus thuig na Filistínigh [go raibh na hEabhraigh éirithe amach]. Shéid Sól an trumpa ó cheann ceann na tíre á rá: «Bíodh cluas le héisteacht ar na hEabhraigh!» Agus chuala Iosrael go léir an scéala gur scrios Sól garastún na bhFilistíneach, agus go raibh Iosrael anois in earraid leis na Filistínigh. Tháinig an pobal go léir le chéile go Sól ag Gilgeál. Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan. Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha. Ghabh [a thuilleadh díobh] thar áthanna na Iordáine anonn go Gád agus Gileád. Bhí Sól fós i nGilgeál agus bhí a lucht leanúna go léir ar ballchrith. D' fhan sé seacht lá, an fad a shocraigh Samúéil, ach níor tháinig Samúéil go Gilgeál, agus bhí an t-arm ag tréigean Shóil agus ag scaipeadh. Dúirt Sól más ea: «Tugaigí chugam an íobairt uileloiscthe agus na híobairtí comaoineach,» agus d' ofráil sé an íobairt uileloiscthe. Nuair a bhí ofráil na híobartha uileloiscthe déanta aige, seo chuige Samúéil agus chuaigh Sól amach le casadh leis agus beannú dó, ach dúirt Samúéil leis: «Cad tá déanta agat?» D' fhreagair Sól: «Chonaic mé an t-arm do mo thréigean, agus á scaipeadh, agus ní raibh tusa tagtha faoin lá a ceapadh, ach bhí na Filistínigh ag tionól i Micmeáis. Dúirt mé liom féin: 'Tá na Filistínigh ar tí mé a ionsaí ag Gilgeál, agus níor impigh mé fabhar an Tiarna.' Níorbh fholáir liom beart a dhéanamh agus d' ofráil mé an íobairt uileloiscthe mé féin.» D' fhreagair Samúéil Sól: «Is baoth an beart a rínne tú. Níor chuir tú an t-ordú a thug an Tiarna do Dhia duit i gcrích; óir dhaingneodh an Tiarna do fhlaitheas ar Iosrael go brách. Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d' ordaigh an Tiarna duit.» D' éirigh Samúéil agus d' imigh leis ó Ghilgeál go Gibeá Bhiniáimin. Chomhair Sól an mhuintir a bhí in éineacht leis, timpeall sé chéad fear. D' fhan Sól, a mhac Iónátán, agus an slua a bhí in éineacht leis i nGibeá Bhiniáimin, agus bhí na Filistínigh i gcampa ag Micmeáis. Tháinig lucht creiche amach as campa na bhFilistíneach i dtrí dhíorma; chas díorma díobh i dtreo Ofrá go tír Sheúol; díorma eile i dtreo Bhéit Horón, agus an tríú díorma i dtreo na teorann atá ag féachaint anuas ar Ghleann Zabóím i dtreo an fhásaigh. Ní raibh oiread agus aon ghabha amháin i dtír Iosrael go léir, le heagla, a dúirt na Filistínigh leo féin, go ndéanfadh na hEabhraigh claimhte nó sleánna. Ach théadh na hIosraelaigh go léir síos go dtí na Filistínigh chun faobhar a chur ar gach céachta agus matóg, tua agus brod. Ba é an costas ná dhá thrian seicil ar chéachtaí agus ar mhatóga, agus trian seicil ar fhaobhar a chur ar thuanna, agus ar bhroid a dheisiú. 22a Lá catha [Mhicmeáis] ní raibh duine ar bith d' arm Shóil agus Iónátán a raibh claíomh ná sleá ina láimh seachas Sól agus a mhac Iónátán. 22b Ghabh buíon Filistíneach i dtreo Bhealach Mhicmeáis. Dúirt Iónátán mac Shóil le fear iompair a airm lá: «Téanam anonn go dtí an garastún Filistíneach [sa bhealach],» ach ní dúirt sé aon ní lena athair. Bhí Sól in imeall Ghibeá, ina shuí faoin gcrann pomagránaite atá [ag an urlár buailte]. Bhí timpeall sé chéad fear ina chuideachta. Bhí Aichíá mac Aichiteob, deartháir Í Cávód, mac Phíneachás, mac Éilí, sagart an Tiarna i Sileo, ann agus an t-éafód á chaitheamh aige. Ní raibh a fhios ag an slua go raibh Iónátán imithe. Bhí splinc charraige ar thaobh agus splinc charraige ar an taobh eile den bhealach trína raibh Iónátán ag iarraidh dul anonn go dtí an garastún Filistíneach. Bhí Bózaez ar cheann acu agus Seine ar an gceann eile. Tá an chéad splinc ag gobadh amach ar an taobh thuaidh os comhair Mhicmeáis, agus an dara ceann laisteas os comhair Gheaba. Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: «Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b' fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d' aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.» Dúirt fear iompair a airm: «Déan mar a chuireann do chroí in iúl duit. Maidir liomsa, tá mo chroí leat.» Ansin dúirt Iónátán: «Féach, rachaimid anonn go dtí na daoine seo, agus ligfimid dóibh sinn a fheiceáil. Má deir siad linn: 'Fanaigí mar a bhfuil sibh go dtéimidne chugaibh,' fanfaimid mar a bhfuilimid gan dul suas chucu. Ach má deir siad: 'Tagaigí aníos chugainn,' rachaimid suas mar bheidh sé sin ina chomhartha gur thug an Tiarna inár lámha dúinn iad.» Ligeadar araon do gharastún na bhFilistíneach iad a fheiceáil; dúirt na Filistínigh: «Seo amach na hEabhraigh as na poill ina raibh siad i bhfolach.» Chuir lucht an gharastúin forrán ansin ar Iónátán agus ar fhear iompair a airm: «Tagaigí aníos chugainn,» ar siad, «tá rud éigin le rá againn libh.» Dúirt Iónátán lena fhear iompair airm: «Lean suas mé; thug an Tiarna ar láimh Iosrael iad.» Ghabh Iónátán suas ar lámhacán, agus a fhear iompair airm ina dhiaidh. Thiteadar siúd roimh Iónátán agus tháinig a fhear iompair airm ina dhiaidh, agus mharaigh sé iad. Sa chéad ár a chuir Iónátán agus a fhear iompair airm thit timpeall fiche fear i bhfad leathiomaire in acra talún. Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine. Chonaic farairí Shóil i nGibeá Bhiniáimin an campa á scaipeadh i ngach treo. Dúirt Sól ansin leis an dream a bhí ina theannta: «Comhairigí anois agus féachaigí cé atá imithe uainn.» Rinneadh an comhaireamh agus bhí Iónátán agus fear iompair a airm in easnamh. Dúirt Sól ansin le hAichíá: «Tabhair an [t-éafód] anseo» mar eisean a d' iompraíodh an [t-éafód] i láthair Iosrael. Fad a bhí Sól ag caint leis an sagart d' éirigh an callán i gcampa na bhFilistíneach níos measa agus níos measa, agus dúirt Sól leis an sagart; «Tarraing siar do lámh.» Ansin chuir Sól agus an mhuintir a bhí in éineacht leis iad féin in eagar agus chuadar chun an chatha; ansiúd bhí gach duine ag díriú a chlaímh ar a chéile agus bhí sé ina chíor thuathail. Fiú na hEabhraigh a chuaigh i seirbhís na bhFilistíneach roimhe sin, agus a ghabh suas leo go dtí an campa, ghabhadar leis na hIosraelaigh a bhí le Sól agus le Iónátán. Na hIosraelaigh go léir a bhí i bhfolach in ardáin Eafráim, nuair a chuala siad go raibh na Filistínigh ag teitheadh, chuadar go dian sa tóir orthu sa chath. D' fhuascail an Tiarna Iosrael an lá sin agus ghabh an troid anonn thar Bhéit [Horón]. Chuir [Sól troscadh dian] i bhfeidhm an lá sin agus chuir an pobal faoi mhionn á rá: «Mallacht ar an té a íosfaidh greim bia roimh thráthnóna, sula ndéanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde.» Níor bhlais aon duine den phobal greim. [Bhí cíor mheala ar an talamh ar an mbán,] ach nuair a tháinig na daoine chomh fada léi, [cé go raibh an tsaithe imithe,] níor chuir aon duine lámh chun a bhéil, le heagla an mhionna. Ach níor chuala Iónátán a athair ag cur an phobail faoi bhrí an mhionna, agus shín sé barr an bhata a bhí ina ghlaic agus thum sa chíor é agus chuir a lámh chun a bhéil, agus tháinig preab ina shúile. Ansin labhair duine den phobal: «Chuir d' athair,» ar sé, «an pobal go docht faoi bhrí mionna á rá go mbeadh mallacht ar an té a d' íosfadh greim inniu» (agus bhí lagaíocht ar an bpobal). D' fhreagair Iónátán: «Rinne m' athair dochar don tír; féach nach mó an phreab atá i mo shúile anois mar gur ith mé an bhéalóg mheala sin? Agus, dála an scéil, nárbh fhearr go mór é dá n-íosfadh an pobal a ndóthain inniu as an gcreach a thógadar óna naimhde? Ní mor an t-ár a cuireadh ar na Filistínigh.» Phleancadar na Filistínigh an lá sin ó Mhicmeáis go hAiálón nó go raibh an pobal tnáite traochta. Ansin thugadar faoin gcreach agus rugadar ar chaoirigh, daimh agus laonna, agus mharaíodar ansiúd ar an talamh iad agus d' alpadar iad fuil agus uile. Chuala Sól an scéal sin: «Féach,» ar siad, «tá an pobal ag déanamh peaca in aghaidh an Tiarna ag ithe idir fhuil agus uile.» D' fhreagair sé: «Rinne sibh feall; déanaigí cloch mhór a bhurláil [anseo i leith] chugam.» Lean sé air ansin: «Imígí faoin slua agus abraigí leo: 'Tugadh gach duine agaibh a dhamh nó a chaora agus maraídís anseo iad, gan peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna le bheith á n-ithe fuil agus uile.'» Thug gach duine den phobal a dhamh leis an oíche sin agus mharaíodar ansiúd iad. Thóg Sól altóir don Tiarna; ba í sin an chéad altóir a thóg sé don Tiarna. Dúirt Sól ansin: «Téimis síos i gcoim na hoíche agus déanaimis tóir agus creach ar na Filistínigh go breacadh an lae; ná fágaimis fear inste scéil.» «Déan mar is áil leat,» ar siad. Ach dúirt an sagart: «Téimis faoi dhéin Dé anseo.» Lorg Sól comhairle ar Dhia: «An rachaidh mé síos ar thóir na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú ar láimh d' Iosrael iad?» Ach freagra níor thug sé dó an lá sin. Ansin dúirt Sól: «Tagaigí anseo, a cheannairí uile an phobail; agus déanaigí a scrúdú agus a iniúchadh conas a tharla an peaca seo inniu. Dar an Tiarna beo a thugann an bua d' Iosrael, fiú más do Iónátán mo mhac a tharla sé, cuirfear chun báis é, cuirfear sin.» Ach ní raibh fear ar an bpobal ar fad a thabharfadh freagra air. Dúirt sé ansin le hIosrael go léir: «Seasaigí sibhse ar thaobh amháin, agus seasóidh mise agus mo mhac Iónátán ar an taobh eile.» Dúirt an pobal le Sól: «Déan mar is áil leat.» Dúirt Sól ansin: «A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth nár thug tú freagra ar do shearbhónta inniu? Más ormsa agus ar mo mhac Iónátán atá an locht, a Dhia Iosrael, tabhair Úirím; más ar phobal Iosrael atá an locht, tabhair Tuimím.» Thit an crann ar Shól agus Iónátán agus d' imigh an pobal saor. Dúirt Sól: «Caith an crann idir mise agus mo mhac Iónátán.» Thit an crann ar Iónátán. Dúirt Sól le Iónátán ansin: «Inis dom a bhfuil déanta agat.» «Ní dhearna mé,» arsa Iónátán, «ach béalóg mheala a ithe de bharr mo bhata a bhí i mo ghlaic agam. Seo anseo mé anois réidh don bhás.» Dúirt Sól: «Go ndéana Dia seo agus siúd liom, agus a thuilleadh de bhreis air, mura bhfaigheann tú bás, a Iónátán.» Ach dúirt an pobal le Sól: «An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d' Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.» Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é. Bheartaigh Sól scor den tóir ar na Filistínigh, agus d' fhill na Filistínigh ar a ndúiche féin. Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige]. Rinne sé ghníomhartha gaile agus gaisce. Bhuaigh sé ar na hAmailéicigh agus d' fhuascail sé Iosrael ó lámha lucht a scriosta. Ba iad Iónátán agus Ísví agus Mailcíosú clann mhac Shóil. Siad na hainmneacha a bhí ar a bheirt iníon: Méarab ar an sinsear agus Míceal ar an sóisear. Aichíonoam a bhí ar a bhean, iníon Aichímeáz. Aibnéar mac Néar a ba ainm dá thaoiseach airm; uncail do Shól eisean. Mic do Aibiéil ab ea Cís athair Shóil agus Néar athair Aibnéar. Bhí cogadh fíochmhar ar siúl in aghaidh na bhFilistíneach i gcaitheamh ré Shóil ar fad. Aon tréanfhear nó gaiscíoch dá bhfeicfeadh sé, ghlacadh sé chun a sheirbhíse féin é. Dúirt Samúéil le Sól: «Mise an té a sheol an Tiarna chun tú a ungadh i do rí ar Iosrael, a phobal. Tabhair cluas dá réir sin do bhriathra an Tiarna. Seo mar a deir Tiarna na Slua: 'Déanfaidh mé díoltas ar son a ndearna Amáiléic ar Iosrael nuair a chuir sé ina gcoinne agus iad ar an mbealach aníos as an Éigipt. Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.'» Rinne Sól an pobal a thionól agus á áireamh i dTaláím, dhá chéad míle coisí, agus deich míle d' fhir Iúdá. Tháinig Sól go cathair Amáiléic agus chuaigh in eadarnaí sa ghleann. Agus dúirt Sól leis na Céinigh: «Seo libh síos! Imígí, fágaigí bhur mbailte i measc na nAmáiléiceach le heagla go scriosfainn sibhse mar aon leo, óir bhí sibh cineálta le clann Iosrael go léir nuair a thángadar ón Éigipt aníos.» Scar na Céinigh dá bhrí sin ó na hAmáiléicigh. Scrios Sól na hAmáiléicigh dá bhrí sin, ó Havalá go Siúr, atá lastoir den Éigipt. Ghabh sé Agag rí Amáiléic ina bheatha, agus chuir na daoine go léir chun báis le faobhar claímh faoin mbang. Ach rinne Sól agus an pobal anacal ar Agag agus ar thogha na gcaorach agus an eallaigh, na mart ramhar agus na n-uan, agus gach rud fónta; níorbh áil leis iadsan a chur faoin mbang; níor chuireadar faoin mbang ach gach suarachán agus gach truán. Tháinig briathar an Tiarna go Samúéil: «Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d' fhág mo lorg, agus rinne faillí i m' orduithe.» Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna. Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál. Nuair a tháinig Samúéil mar a raibh Sól dúirt Sól leis: «Go raibh beannacht ort faoin Tiarna! Chomhlíon mé orduithe an Tiarna.» Ach d' fhreagair Samúéil: «Céard is ciall más ea leis an méileach caorach seo i mo chluasa agus an bhúireach damh seo i m' éisteacht?» «Thugadar leo iad ó na hAmáiléicigh,» arsa Sól, «mar go ndearna an pobal anacal ar thogha na gcaorach agus na ndamh lena n-ofráil don Tiarna, do Dhia-sa; chuireamar an chuid eile faoin mbang.» Ansin dúirt Samúéil le Sól: «Fan! Inseoidh mé duit cad a dúirt an Tiarna liom aréir.» «Abair leat,» ar seisean. Dúirt Samúéil: «Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael agus sheol an Tiarna ar mhisean thú á rá: 'Imigh agus leag na peacaigh úd, na hAmáiléicigh, faoin mbang agus troid ina n-aghaidh nó go scriosfar iad.' Cad chuige mar sin nár gheill tú do ghlór an Tiarna? Cad chuige ar thug tú ruathar ar an gcreach agus an rud is olc i bhfianaise an Tiarna a dhéanamh?» D' fhreagair Sól Samúéil: «Ní amhlaidh a bhí; ach ghéill mé do ghlór an Tiarna, agus chuaigh mé ar an misean ar ar sheol an Tiarna mé; thug mé Agag rí na nAmáiléiceach liom agus leag mé na hAmáiléicigh faoin mbang. Ach thug an pobal leo ón gcreach togha na gcaorach agus na ndamh a bhí faoin mbang le híobairt don Tiarna do Dhia i nGilgeál.» Ach d' fhreagair Samúéil: «An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n-éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí. Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc. Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht. Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna, thug seisean an diúltú duitse mar rí.» Dúirt Sól le Samúéil: «Pheacaigh mé óir sháraigh mé aithne an Tiarna agus d' orduithese, mar gurbh eagal liom an pobal agus gur ghéill mé dá nglór. Maith dom mo pheaca anois le do thoil; fill ar ais liom agus adhrfaidh mé an Tiarna.» Ach dúirt Samúéil le Sól: «Ní fhillfidh mé leat, mar gur thug tú droim le briathar an Tiarna; thug an Tiarna droim leatsa chomh maith mar rí ar Iosrael.» Nuair a bhí Samúéil ag casadh uaidh ar a sháil, rug Sól ar fhabhra a bhrait agus stróic é. Dúirt Samúéil leis: «Tá ríocht Iosrael stróicthe uait inniu ag an Tiarna agus tugtha aige do chomharsa duit, is fearr d' fhear ná thú. Ach dá ainneoin sin, ní inseoidh Glóir Iosrael bréag ná ní rachaidh ar gcúl ina fhocal; mar ní duine é le go rachadh sé ar gcúl ina fhocal.» «Pheacaigh mé,» arsa [Sól], «ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.» Lean Samúéil Sól ar ais más ea agus rinne Sól an Tiarna a adhradh. Ansin dúirt Samúeil: «Tugaigí Agag rí Amáiléic chugam,» agus tháinig Agag chuige [in aghaidh a chos]. «Is searbh an deoch é an bás,» ar sé. Dúirt Samúéil: «Mar a d' fhág do chlaíomh mná gan chlann, Fágfar do mháthair gan chlann i measc na mban.» Ansin rinne Samúéil Agag a choscairt ina ablach i láthair an Tiarna i nGilgeál. Chuaigh Samúéil go Rámá, agus chuaigh Sól suas chun a thí i nGibeá le Sól. Ní fhaca Samúéil Sól arís go dtí lá a bháis; chuir Sól an-bhuaireamh ar Shamúéil, agus b' aithreach leis an Tiarna gur cheap sé Sól ina rí ar Iosrael. Dúirt an Tiarna le Samúéil: «Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d' adharc d' ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.» D' fhreagair Samúéil: «Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!» Agus dúirt an Tiarna: «Tabhair bearach leat, agus abair: 'Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.' Tabhair cuireadh chun na híobartha do Ieise, agus taispeánfaidh mise duit cad a bheidh le déanamh agat. An té a ainmneoidh mé duit, déanfaidh tú é a ungadh dom.» Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: «An mar chara a thagann tú?» Agus dúirt seisean: «Is ea, mar chara. Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna. Déanaigí sibh féin a choisreacan agus tagaigí liom chun na híobartha.» Choisric sé Ieise agus a chlann mhac agus thug cuireadh chun na híobartha dóibh. Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: «Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.» Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: «Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.» Ansin ghlaoigh Ieise chuige ar Aibíonádáb agus thug os comhair Shamúéil é, agus dúirt seisean: «Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.» Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: «Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.» Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: «Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.» D' fhiafraigh sé ansin de Ieise: «An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?» «Tá mac eile fós agam,» ar seisean, «an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.» Dúirt Samúéil le Ieise: «Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.» Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: «Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.» Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d' fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d' éirigh sé agus d' imigh go Rámá. Thréig spiorad an Tiarna Sól agus bhuair drochspiorad ón Tiarna é. Dúirt a ghiollaí le Sól: «Sin drochspiorad ón Tiarna do do bhuaireamh. Tugadh an tiarna seo againn ordú do na giollaí atá ag freastal ort duine oilte ar an gcruit a lorg; nuair a bheidh an drochspiorad ón Tiarna do do chiapadh, seinnfidh sé an chruit duit agus tiocfaidh biseach ort.» Dúirt Sól lena ghiollaí: «Faighigí dom fear a sheinneann go maith agus tugaigí anseo chugam é!» D' fhreagair ógánach díobh: «Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.» Chuir Sól teachtairí go Ieise dá bhrí sin á rá: «Cuir chugam Dáiví do mhac atá leis na caoirigh.» Fuair Ieise [cúig] bhuilín aráin, seithe fíona agus meannán agus chuir go Sól iad le Dáiví a mhac. Tháinig Dáiví go Sól ar an tslí sin, agus chuaigh ar seirbhís chuige. Bhí an-chion ag Sól air, agus ceapadh Dáiví ina fhear iompair airm dó. Chuir Sól scéala chun Ieise ansin: «Lig do Dháiví bheith ar seirbhís agam, mar fuair sé gean mo chroí.» Aon uair a thagadh an drochspiorad ó Dhia ar Shól, bheireadh Dáiví ar a chruit ina láimh; agus sheinneadh; ansin théadh Sól chun suaimhnis, thagadh biseach air, agus d' imíodh an drochspiorad uaidh. Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite chun catha; chruinníodar le chéile i Sócó, baile in Iúdá, agus shuíodar a gcampa idir Sócó agus Azaecá in Eifis Daimím. Chruinnigh Sól agus fir Iosrael chomh maith agus shuíodar a gcampa i nGleann Éileá agus chóiríodar iad féin in eagar catha in aghaidh na bhFilistíneach. Sheas na Filistínigh ar shliabh ar thaobh agus na hIosraelaigh ar shliabh ar an taobh eile agus gleann eatarthu. Thainig gaiscíoch eadrána, darbh ainm Góla as Gat, amach as campa na bhFilistíneach; bhí sé sé bhanlámh go leith ar airde. Bhí cafarr práis ar a cheann, lúireach mar chosaint air agus bhí cúig mhíle seicil de mheáchan práis sa lúireach sin. Bhí buataisí práis ar a chosa agus ga práis thar a ghuaillí. Bhí sáfach a shleá mar bhíoma fíodóra, agus sé chéad seicil de mheáchan iarainn mar cheann ar an tsleá sin. Bhí giolla roimhe amach ag iompar a scéithe. Sheas sé os comhair sluaite Iosrael agus d' fhógair dóibh in ard a chinn agus a ghutha: «Cad ab áil libh amach do bhur gcur féin in eagar catha? Nach Filistíneach mise agus nach sibhse daoir Shóil? Toghaigí fear díbh féin agus tagadh sé anuas i mo aghaidh. Má ritheann leis comhrac liom agus mé a mharú, ansin beimidne inár ndaoir agaibhse; ach má bhuaimse air, agus é a mharú, beidh sibhse in bhur ndaoir againne, ag déanamh seirbhíse dúinn.» Lean an Filistíneach air: «Tugaim dúshlán sluaite Iosrael inniu; cuiridís fear chugam le comhrac aonair a dhéanamh liom.» Nuair a chuala Sól agus Iosrael go léir na focail sin ón bhFilistíneach thit an lug ar an lag acu agus tháinig scéin orthu. Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta]. D' imigh an triúr mac ba shine le Ieise agus leanadar Sól chun cogaidh. Seo iad ainmneacha an triúr mac a chuaigh chun cogaidh Eilíáb an chéadghin, Aibíonádáb an dara mac agus Seamá an tríú mac. Dáiví an sóisear; lean an triúr ba shine Sól. (Bhíodh Dáiví ar a sheal ag déanamh seirbhíse do Shól agus ag aoireacht caoirigh a athar i mBeithil. Thagadh an Filistíneach ina láthair agus sheasadh sé ansiúd gach maidin agus trathnóna ar feadh daichead lá.) Dúirt Ieise le Dáiví a mhac: «Beir leat an t-éafá seo de ghrán tíortha agus na deich mbuilíní seo go dtí do dheartháireacha, agus brostaigh ort go campa do dheartháireacha, agus beir leat na deich gcáiseanna seo leo go dtí a n-oifigeach míle; cuir tuairisc sláinte do dheartháireacha agus tabhair comhartha éigin ar ais uathu. Tá siad le Sól agus leis na hIosraelaigh go léir i nGleann Éileá, ag troid in aghaidh na bhFilistíneach.» D' éirigh Dáiví go moch ar maidin, d' fhág aoire i bhfeighil na gcaorach, d' ardaigh leis an lón, agus d' imigh mar a d' ordaigh Ieise dó. Tháinig sé go dtí an longfort agus an slua ag dul amach chun a láithreacha troda, agus an gháir chatha á cur in airde acu. Chóirigh Iosrael agus na Filistínigh iad féin in eagar catha ar aghaidh a chéile amach. D' fhág Dáiví a aistrithe faoi chúram gharda an bhagáiste, agus rith go dtí an líne chatha agus tháinig chun a dheartháireacha ag cur a dtuairisce. Fad a bhí sé ag caint leo, seo aníos ó shluaite na bhFilistíneach, an gaiscíoch (darbh ainm Góla, an Filistíneach ó Ghat); labhair sé mar a dhéanadh cheana agus chuala Dáiví é. A luaithe a chonaic fir Iosrael an fear seo, theitheadar uaidh agus scéin ina gcroí. Dúirt fir Iosrael: «An bhfaca tú an fear seo ag teacht aníos anois? Tá sé ag teacht chun dúshlán Iosrael a thabhairt. An té a mharóidh é, tabharfaidh an rí mórchuid maoine dó, agus a iníon le pósadh, agus tabharfaidh sé saoirse Iosrael do theaghlach a athar.» Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: «Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d' Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?» Thug an slua an freagra céanna air á rá: «Sin é an luach saothair a thabharfar don té a mharóidh é.» Eilíáb, an deartháir ba shine aige, chuala sé é ag caint leis na fir agus tháinig fearg air le Dáiví agus dúirt: «Cad a thug thusa anseo anuas? Cé a d' fhág tú i bhfeighil an chúpla caora úd san fhásach? Is eol dom d' uabhar agus an t-olc i do chroí; tháinig tú ó dheas chun faire ar an gcath.» D' fhreagair Dáiví: «Cad é seo anois atá déanta agam? Cad a bhí ann ach focal?» Chas sé uaidh más ea le labhairt le duine eile, agus chuir sé an cheist chéanna air; agus fuair sé an freagra céanna ó gach duine. Ach éisteadh le caint Dháiví agus rinneadh í a aithris do Shól agus chuir seisean fios air. «Ná bíodh drochmhisneach ar aon duine mar gheall air,» arsa Dáiví le Sól, «rachaidh do shearbhónta anseo chun troda leis an bhFilistíneach seo.» Dúirt Sól le Dáiví: «Ní féidir duitse dul chun troda i gcoinne an Fhilistínigh seo; níl ionat ach ógánach, agus is laoch gaile eisean óna óige.» Dúirt Dáiví le Sól: «Bhíodh do shearbhónta i bhfeighil a chaorach dá athair, agus nuair a thagadh leon nó beithir agus uan a sciobadh ón tréad théinn sa tóir air, bhuailinn chun láir é, agus bhaininn as a bhéal é; dá dtabharfadh sé aghaidh orm, bhéarfainn ar mheigeall air agus bhuailfinn chun láir é agus mharóinn. Mharaigh do shearbhónta idir leoin agus bheithreacha, agus tabharfar an íde chéanna leo ar an bhFilistíneach seo gan timpeallghearradh ós rud é gur thug sé a dhúshlán le sluaite Dé bheo.» Lean Dáiví air: «An Tiarna a d' fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.» Dúirt Sól le Dáiví: «Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!» Chuir Sól a éide chatha féin ar Dháiví; chuir cafarr práis ar a cheann agus chuir lúireach práis uime. Chroch sé a chlaíomh os cíonn a éide [ar Dháiví]. Ach cheal taithí ar na fearais sin, níorbh fhéidir le Dáiví siúl leo. «Ní féidir dom siúl leo seo,» arsa Dáiví le Sól, «cheal taithí orthu.» Bhain Dáiví de arís ansin iad. Rug sé greim ar a bhachall dá bhrí sin, thogh cúig clocha sleamhna as leaba an tsrutháin agus chuir chuige ina mhála nó ina sparán aoire iad; d' imigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige. Bhí an Filistíneach ag teacht agus ag druidim le Dáiví agus a ghiolla scéithe roimhe amach. D' fhéach an Filistíneach agus chonaic Dáiví agus bhuail drochmheas air é, mar nach raibh ann ach ógánach, buachaill naíonta dealraitheach. Dúirt an Filistíneach le Dáiví: «An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m' aghaidh le bataí?» Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin. Dúirt an Filistíneach le Dáiví: «Gabh anseo i leith chugam agus tabharfaidh mé d' fheoil d' éanlaith an aeir agus d' ainmhithe an mhachaire.» Ach d' fhreagair Dáiví an Filistíneach: «Tá tú ag teacht i m' aghaidh le claíomh agus le sleá agus le ga, ach táimse ag teacht i d' aghaidhse in ainm Tiarna na Slua, Dia airm Iosrael, ar thug tú a dhúshlán. Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d' éanlaith an aeir agus d' ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael, agus go mbeidh a fhios ag an gcomhthionól seo ar fad nach le claíomh ná le sleá a dhéanann an Tiarna fuascailt, mar is leis an Tiarna an cath agus tabharfaidh sé sibhse isteach inár lámhana.» A thúisce a chorraigh arm na bhFilistíneach agus a dhruid chun tosaigh chun aghaidh a thabhairt ar Dháiví, [scar] Dáiví leis an líne chatha agus rith i gcoinne an Fhilistínigh. Chuir Dáiví a lámh ina mhála, thóg cloch as, agus chaith as a chrann tabhaill í gur bhuail an Filistíneach i gclár a éadain; ghabh an chloch trí chlár a éadain agus thit sé ar a bhéal ar an talamh. Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví. Rith Dáiví ansin go dtí an Filistíneach, sheas os a chionn, rug greim ar a chlaíomh siúd, tharraing as a thruaill é, agus mharaigh é agus bhain an ceann de leis. Nuair a chonaic na Filistínigh go raibh a gcuradh marbh, theitheadar. Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón. Nuair a d' fhill clann Iosrael ón tóir ar na Filistínigh, chreachadar a gcampa. Rug Dáiví ceann an Fhilistínigh leis agus thug sé go Iarúsailéim é; ach choinnigh sé a airm ina bhoth féin. Nuair a chonaic Sól Dáiví ag dul in aghaidh an Fhilistínigh dúirt sé le hAibnéar: «A Aibnéar, cé leis an t-ógánach seo?» «Dar do bheo, a rí,» arsa Aibnéar, «nach eol dom.» «Faigh amach,» arsan rí, «cé leis an slataire.» Ag filleadh do Dháiví tar éis ár na bhFilistíneach rug Aibnéar leis é agus thug os comhair Shóil é, agus ceann an Fhilistínigh ina láimh. «Cé leis thú, a fhir óig?» d' fhiafraigh Sól de; d' fhreagair Dáiví: «Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.» Ach a raibh deireadh ráite aige le Sól bhí anam Iónátán snaidhmthe le hanam Dháiví agus thug Iónátán grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin. Ghlac Sól lena ais é, an lá sin agus ní ligfeadh sé dó filleadh ar theach a athar. Rinne Iónátán conradh le Dáiví go dtabharfadh sé grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin. Bhain Iónátán de an fhallaing a bhí uime agus thug do Dháiví é; mar an gcéanna lena éide chatha, agus fiú a chlaíomh, a bhogha agus a chrios. Cibé uair a ghabhadh Dáiví amach, agus cibé cúram a chuireadh Sól air, ritheadh leis, agus chuir Sól i gceannas na saighdiúirí é. Bhí gean ag an bpobal air agus ag oifigigh Shóil chomh maith. Nuair a bhí siad ar an mbealach abhaile agus Dáiví ag filleadh tar éis dó an Filistíneach a mharú, tháinig na mná amach as cathracha Iosrael go léir in airicis an rí, Sól, iad ag canadh agus ag rince agus ag seinm tiompán, agus gléasanna ceoil agus ag tógáil gártha áthais. Is é a bhí á chanadh ag na mná agus iad ag rince: «Mharaigh Sól a mhílte, agus Dáiví a dheicheanna de mhílte.» Tháinig cuthach ar Shól agus ghoill an chaint sin air. Agus dúirt sé: «Chuir siad na deicheanna de mhílte i leith Dháiví agus níor chuir siad i mo leithse ach na mílte. Níl de dhíth air anois ach an ríocht.» Agus bhí Sól ag faire go géar ar Dháiví ón lá sin amach. Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól agus thug Sól amas lena shleá air á rá leis féin: «Déanfaidh mé é a ghreamú den bhalla,» ach d' éalaigh Dáiví uaidh faoi dhó. Bhí eagla ar Shól roimh Dháiví mar go raibh an Tiarna leis-sean ach é imithe ó Shól. Dhíbir Sól óna láthair é dá réir sin agus rinne sé taoiseach míle de. Ghabhadh sé isteach agus amach ar cheann an tslua. Bhí ag rith le Dáiví ina chúraimí go léir, agus bhí an Tiarna leis. Agus nuair a chonaic Sól go raibh rith an rása leis, tháinig scéin air roimhe. Ach bhí gean ag Iosrael go léir agus ag Iúdá ar Dháiví, mar gurbh é a dtaoiseach é ina n-eachtraí go léir. Ansin dúirt Sól le Dáiví: «Seo í an iníon is sine agam, Méarab; tabharfaidh mé duit í mar bhean; ach ní foláir duit seirbhís a dhéanamh dom go cróga agus cathanna an Tiarna a throid» mar is é a shocraigh Sól ina aigne: «Nárab í mo lámhsa a leagfaidh ar lár é, ach lámh na bhFilistíneach.» D' fhreagair Dáiví Sól á rá: «Cé hé mise, agus cé hiad mo mhuintir, agus teaghlach m' athar in Iosrael a rá go mbeinn i mo chliamhain ag an rí?» Ach nuair a tháinig a t-am le Méarab iníon Shóil a thabhairt do Dháiví is do Aidriéil ó Mhaholá a tugadh í mar bhean. Ansin thit Míceal, iníon le Sól, i ngrá le Dáiví. Insíodh é sin do Shól agus thaitin sé leis. Dúirt sé leis féin, «Sea, tabharfaidh mé dó í, agus beidh sí ina gaiste dó agus buailfidh lámh na bhFilistíneach é.» Dúirt Sól dá bhrí sin an dara huair le Dáiví: «Beidh tú i do chliamhain agam.» Thug Sól ordú dá ghiollaí mar leanas dá bhrí sin: «Labhraigí le Dáiví os íseal agus abraigí: 'Féach, tugann an rí gean duit agus tá cion ag a shearbhóntaí go léir ort; bí i do chliamhain ag an rí más ea.'» Dúirt giollaí Shóil na nithe sin go léir i gcogar le Dáiví; agus d' fhreagair Dáiví: «An dóigh libh go bhfuil sé breá bog agamsa a bheith i mo chliamhain ag an rí agus mé gan mhaoin gan cháil.» Ansin dúirt giollaí Shóil leis siúd: «A leithéid seo a dúirt Dáiví.» D' fhreagair Sól: «Abraigí le Dáiví: 'Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.'» Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach. Thug a ghiollaí an scéala seo do Dháiví agus bhí lúcháir air a mheas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Sula raibh an t-am tagtha d' éirigh Dáiví agus chuir chun bealaigh, é féin agus a chuid fear, agus mharaigh sé dhá chéad de na Filistínigh. Thug Dáiví a dhá gcéad forchraiceann leis agus chomhair ansiúd i láthair an rí iad, ionas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Ansin thug Sól a iníon Míceal dó mar bhean. Thuig Sól go dianmhaith ansin go raibh an Tiarna le Dáiví, agus go raibh cion ag [teaghlach Iosrael go léir] air, agus ba mhóide a eagla roimh Dháiví agus rinne de namhaid buan do Dháiví. Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air. Dúirt Sól lena mhac Iónátán agus lena shearbhóntaí go léir nárbh fholáir Dáiví a mharú. Ach bhí an-chion ag Iónátán mac Shóil ar Dháiví agus thug Iónátán rabhadh do Dháiví á rá: «Tá m' athair Sól ag iarraidh thú a mharú. Bí ar d' fhaichill, mar sin, maidin amárach; gabh i bhfolach in áit uaigneach éigin. Agus gabhfaidh mise amach agus fanfaidh mé i gcomhluadar m' athar sa ghort mar a mbeidh tusa agus labhróidh mé le m' athair fút. Má fhaighim fios an scéil inseoidh mé duit é.» Mhol Iónátán Dáiví dá athair, Sól, dá bhrí sin agus dúirt leis: «Ná déanadh an rí peaca in aghaidh a shearbhónta, Dáiví, mar ní dhearna seisean peaca i d' aghaidh, agus gach a ndearna sé, chuaigh sé go mór i dtairbhe duitse. Chuaigh sé i mbaol a anama nuair a mharaigh sé an Filistíneach, agus nuair a thug Dia bua mór d' Iosrael go léir. Chonaic tú féin é, agus bhí lúcháir ort. Cén fáth mar sin go ndéanfá peaca in aghaidh fola neamhchiontaí agus Dáiví a mharú gan chúis?» Agus thug Sól aird ar a ndúirt Iónátán agus thug Sól mionn á rá: «Dar an Tiarna beo, ní mharófar é.» Ghlaoigh Iónátán ar Dháiví agus d' inis sé an méid sin dó. Ansin thug Iónátán Dáiví leis go dtí Sól agus bhíodh sé ag freastal air faoi mar bhíodh roimhe sin. Bhí sé ina chogadh arís agus chuaigh Dáiví amach agus throid in aghaidh na bhFilistíneach; rinne sé ár agus eirleach orthu agus theitheadar roimhe. Ansin ghabh drochspiorad ón Tiarna greim ar Shól agus é ina shuí ina theach agus a shleá ina láimh aige; bhí Dáiví ag seinm na cruite. Rinne Sól iarracht ar Dháiví a ghreamú den bhalla lena shleá, ach sceinn sé as an tslí ó Shól i dtreo gur sháigh seisean a shleá sa bhalla. Theith Dáiví agus tháinig slán. An oíche chéanna úd chuir Sól dream go teach Dháiví chun é a fhaire d' fhonn é a mharú maidin lá arna mhárach. Ach dúirt Míceal bean Dháiví leis: «Mura n-éalaíonn tú le d' anam anocht, marófar thú amárach.» Ansin scaoil Míceal Dáiví síos ón bhfuinneog, agus theith sé leis agus d' éalaigh. Fuair Míceal an taráfaím, an íomhá, ansin agus leag ar an leaba é, chuir mothall d' fhionnadh gabhair ar a cheann, agus leag brat air á cheilt. Nuair a sheol Sól lucht a ghafa go Dáiví, dúirt sí: «Tá sé tinn.» Ach chuir Sól a ghiollaí ar ais chun Dáiví a fheiceáil á rá: «Tugaigí chugam aníos ar a leaba é ionas go maróinn é!» Chuadar isteach dá bhrí sin agus ansiúd rompu ar an leaba bhí an taráfaím agus an mothall d' fhionnadh gabhair ar a cheann! Ansin dúirt Sól le Míceal: «Cén fáth ar mheall tú mar seo mé agus ligean do mo namhaid imeacht agus éalú leis?» D' fhreagair Míceal Sól á rá: «Dúirt sé liom: 'Lig dom imeacht, cén fáth thú a mharú?'» Theith Dáiví agus d' éalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus d' inis sé dó gach a ndearna Sól air. D' imigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin. Tháinig an scéala go Sól: «Tá Dáiví sna botháin i Rámá.» Chuir Sól giollaí chun Dáiví a ghabháil. Nuair a chonaic siad cuallacht na bhfáithe ag fáidheoireacht agus Samúéil ansiúd i gceannas orthu, tháinig spiorad Dé ar ghiollaí Shóil agus rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. Nuair a fuair Sól an scéala sin chuir sé giollaí eile uaidh, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. Ansin chuir Sól giollaí eile fós den tríú huair, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. Chuaigh sé féin go Rámá ansin, agus tháinig sé go tobar [an urláir bhuailte ar an gcnocán maol] agus d' fhiafraigh: «Cá bhfuil Samúéil agus Dáiví?» D' fhreagair duine éigin: «Féach, tá siad sna botháin i Rámá.» D' imigh sé leis ón áit sin go dtí na botháin i Rámá agus tháinig spiorad Dé airsean chomh maith agus, ar an mbealach do, bhí sé ag fáidheoireacht nó gur shroich sé na botháin i Rámá. Chaith seisean leis a chuid éadaigh de agus bhí sé ag fáidheoireacht chomh maith i láthair Shamúéil agus d' fhan sé ansiúd sínte ar an talamh agus é nocht ar feadh an lae agus na hoíche sin. Uaidh sin an nath: «An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?» Theith Dáiví ó na botháin i Rámá, agus tháinig sé agus labhair sé le Iónátán: «Cad a rinne mé as an tslí? Cén cion atá orm, agus cén choir a rinne mé in aghaidh d' athar a rá go bhfuil sé ar thóir m' anama?» D' fhreagair seisean é: «Cuir uait agus ná bí den tuairim sin. Ní mharóidh sé thú. Féach, ní dhéanann m' athair aon ní, le tábhacht ná gan tábhacht, gan é chur faoi mo bhráid. Cén fáth a gceilfeadh m' athair é seo orm? Ní fíor é.» Ach thug Dáiví mionn arís agus dúirt: «Is maith is eol do d' athair go bhfuil an-chion agatsa orm, agus deir sé leis féin: 'Ná bíodh a fhios seo ag Iónátán nó goillfidh sé air.' Ach dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, níl ach coiscéim idir mise agus an bás.» Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: «Cad a theastaíonn uait a dhéanfainn duit?» D' fhreagair Dáiví: «Féach, amárach an Ré Nua agus ba dhual domsa a bheith ag bord leis an rí; ach ligse dom dul i bhfolach sna goirt go tráthnóna (an tríú lá). Má thugann d' athair faoi deara mé a bheith as láthair, caithfidh tú a rá: 'D' impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó brostú leis go Beithil, a bhaile féin, mar go bhfuil an íobairt bhliantúil don fhine go léir á ceiliúradh ansiúd.' Má deir sé: 'Tá go maith,' tá do shearbhónta slán; ach má thagann fearg air, bíodh a fhios agat go bhfuil an t-olc beartaithe aige. Bí cineálta dílis dá bhrí sin le do shearbhónta, mar d' aontaigh tú thú féin leis de bhrí chonartha in ainm an Tiarna. Ach má táim ciontach, cuirse féin chun báis mé cad ab áil leat do mo bhreith go dtí d' athair?» D' fhreagair Iónátán: «Cuir uait, ná bí den tuairim sin. Dá mbeinnse cinnte de go raibh m' athair meáite ar olc a thabhairt sa mhullach ort, nach n-inseoinn sin duit?» Ansin d' fhiafraigh Dáiví de Iónátán: «Cé a inseoidh dom é má thugann d' athair freagra dolba ort?» «Téanam,» arsa Iónátán le Dáiví, «téimis amach faoi na bánta.» D' imíodar araon amach faoi na bánta. Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: «Go raibh an Tiarna Dia Iosrael ina fhinné! Déanfaidh mé m' athair a thriail an taca seo amárach (nó an tríú lá); má bhíonn gach ní ina cheart maidir le Dáiví agus nach gcuirim sin in iúl dó, ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m' athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m' athair. Má mhairim fós, taispeáin dom cineáltas buan an Tiarna féin; má fhaighim bás ná diúltaigh do chineáltas féin do mo theaghlach go brách. Nuair a scriosfaidh an Tiarna gach namhaid de chuid Dháiví de dhroim na talún, ná scriostar ainm Iónátán ó theaghlach Dháiví, [nó éileoidh an Tiarna cuntas ar Dháiví]» [Thug] Iónátán an mionn sollúnta arís do Dháiví dar a ghrá dó mar gur ghráigh sé é mar a rinne a anam féin. Dúirt Iónátán leis: «Amárach an Ré Nua; braithfear ar iarraidh thú mar go mbeidh do shuíochán follamh. Arú amárach ámh, tógfar an-cheann de thú a bheith ar iarraidh, agus ní foláir duit dul chun na háite ina ndeachaigh tú i bhfolach lá an bhirt, agus fanacht taobh leis an gcarnán cloch ansiúd. Maidir liomsa, scaoilfidh mé trí saigheada cliathánach leis mar a dhéanfainn le sprioc. Ansin cuirfidh mé mo ghiolla uaim á rá: 'Téigh agus faigh na saigheada.' Má deirim leis an ngiolla: 'Féach! tá na saigheada ar an taobh seo duit, beir leat iad,' ansin ní miste duit teacht, mar beidh sé sábháilte agat agus ní bheidh aon chúis eagla agat dar an Tiarna beo. Ach má deirim leis an ógánach: 'Féach! tá na saigheada romhat amach.' Ansin bailigh leat mar beidh an Tiarna é féin do do chur chun siúil. Maidir leis an margadh a rinneamar lena chéile, mise agus tusa, sea, tá an Tiarna ina fhinné eadrainn go brách.» Chuaigh Dáiví i bhfolach sna bánta; tháinig an Ré Nua agus shuigh an rí síos chun bia a ithe. Shuigh an rí mar ba ghnáth leis sa chathaoir ag an mballa; [shuigh] Iónátán os a chomhair, agus shuigh Aibnéar taobh le Sól, ach bhí ionad Dháiví follamh. Ach ní dúirt Sól aon ní an lá sin, mar shíl sé: «Tharla rud éigin dó; tá sé neamhghlan, tá sin go cinnte.» Ach an dara lá, an lá tar éis na Ré Nua, bhí áit Dháiví fós follamh. Agus dúirt Sól le Iónátán a mhac: «Cad ina thaobh nár tháinig mac Ieise chun an bhéile inné ná inniu?» D' fhreagair Iónátán Sól: «D' impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó dul go Beithil: ' Lig dom dul,' ar sé, ' mar tá íobairt na fine againn sa chathair agus d' ordaigh mo dheartháir dom a bheith i láthair. Má réitíonn tú le m' iarratas más ea, lig dom imeacht agus mo dheartháireacha a fheiceáil.' Sin é faoi deara dó gan teacht go bord an rí.» Tháinig racht feirge ar Shól ansin le Iónátán agus dúirt sé leis: «A mhic na mná táire crosta! nach eol dom go bhfuil tú i gcomhar le mac Ieise, chun d' aithise féin agus aithise nochtacht do mháthar! Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.» Ansin d' fhreagair Iónátán Sól, a athair: «Cén fáth é a chur chun báis,» ar sé, «céard atá déanta aige?» Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis. D' éirigh Iónátán ón mbord agus fraoch feirge air agus níor chaith sé aon bhia an dara lá sin den Ré Nua, mar gur ghoill cás Dháiví air mar gur mhaslaigh a athair é. Maidin lá arna mharach ghabh Iónátán amach sna bánta chun na coinne a bhí aige le Dáiví, agus giolla óg ina theannta. Dúirt sé lena ghiolla: «Rith agus faigh na saigheada atá le caitheamh agam,» agus fad a bhí an giolla ag rith chaith sé saighead roimhe amach. Nuair a shroich an giolla an áit inar chaith Iónátán an tsaighead, ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla agus dúirt: «Nach bhfuil an tsaighead romhat amach?» Ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla arís: «Brostaigh, corraigh ort, ná déan moill.» Bhailigh giolla Iónátán na saigheada agus tháinig ar ais chun a mháistir. Ní raibh tuairim dá laghad ag an ngiolla i dtaobh cad a bhí i gceist; ag Iónátán agus ag Dáiví amháin a bhí fios an scéil. Thug Iónátán a airm dá ghiolla ansin agus dúirt leis: «Imigh leat agus beir leat don chathair iad.» Nuair a d' imigh an giolla d' éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin. 42 Dúirt Iónátán ansin le Dáiví: «Imigh faoi shíocháin. Maidir leis an mionn a mhionnaigh an bheirt againn in ainm an Tiarna, go raibh an Tiarna ina fhinné idir thusa agus mise, idir do shliochtsa agus mo shliochtsa go brach.» 43 D' éirigh [Dáiví] ina sheasamh ansin agus d' imigh sé leis, agus d' fhill Iónátán ar an gcathair. Tháinig Dáiví ansin go Nob go dtí Aichímeilic, sagart. Tháinig Aichímeilic amach go hurramach in airicis Dháiví agus dúirt: «Cén fáth a bhfuil tú i d' aonar agus gan aon duine leat?» D' fhreagair Dáiví Aichímeilic sagart: «Thug an rí ordú dom agus dúirt liom: 'Ná bíodh aon eolas ag aon duine faoin ngnó ar a bhfuilim do do chur, ná faoin ordú atáim a thabhairt duit.' Maidir le mo shaighdiúirí, tá coinne déanta agam leo ina leithéid seo d' áit. Idir an dá linn, céard atá ar láimh anseo agaibh? Tabhair dom cúig bhuilín nó cibé rud atá ar fáil.» D' fhreagair an sagart Dáiví: «Níl aon arán coiteann ar láimh agam; níl ann ach arán naofa ar choinníoll gur staon do chuid fear ó mhná.» D' fhreagair Dáiví an sagart: «Bí deimhin de go bhfuil mná coiscthe orainn faoi mar a bhíonn i gcónaí nuair a théim ar eachtra; tá a gcuid coinnithe naofa ag mo shaighdiúirí. Cé gur aistear coiteann é seo, tá a gcuid naofa inniu go cinnte.» Thug an sagart an t-arán naofa dó dá bhrí sin mar nach raibh d' arán ann ach arán na láithreachta a thógtar ó láthair an Tiarna le harán te a chur ina áit an lá a thógtar é. Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é. Dúirt Dáiví ansin le hAichímeilic: «Nach bhfuil aon sleá ná claíomh ar láimh anseo agat? Níor thug mé mo chlaíomh ná m' airm liom mar go raibh práinn le gnó an rí.» «Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,» arsa an sagart, «féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.» «Níl a leithéid eile ann,» arsa Dáiví. «Tabhair dom é.» D' imigh Dáiví leis an lá sin, agus theith ó Shól, agus tháinig go hÁicís rí Ghat. Agus dúirt searbhóntaí Áicís leis-sean: «Nach é seo Dáiví, rí na tíre? Nach ina thaobh a chanaidís le chéile ag rince dóibh: ' Mharaigh Sól a mhílte, Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte'?» Rinne Dáiví a mhachnamh ar na focail seo ina chroí, agus tháinig scanradh air roimh Áicís rí Ghat. Dhéanadh sé é féin a iompar go haisteach ina láthair, agus nuair a leagaidís lámha air ligeadh sé air a bheith ar buile. [Bhuaileadhl sé ar chomhlaí an gheata agus ligeadh prioslaí lena fhéasog síos. Dúirt Áicís lena shearbhóntaí: «Féach, tá an fear seo as a mheabhair! Cén fáth ar thug sibh chugamsa é? An amhlaidh nach bhfuil go leor gealt agam a rá is go bhfuil an duine seo á thabhairt agaibh chugam le bheith ag geamaíocht i mo láthair? An bhfuil sé le bheith ar mo theaghlach?» D' imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuaigh i bhfolach in uaimh Adulám. Chuala a dheartháireacha agus muintir a athar go léir é sin agus chuadar síos ansiúd chuige. Lucht anó agus gátair, agus fiach, agus aon duine a raibh gearán aige, chruinníodar go léir chuige, agus bhí sé mar cheannaire acu. Bhí timpeall ceithre chéad fear ina theannta. Chuaigh Dáiví ón áit sin go Mizpeá i Móáb agus dúirt sé le rí Mhóáb: «Lig do m' athair agus do mo mháthair fanacht in éineacht libh nó go mbeidh a fhios agam cad tá i ndán dom ag Dia.» D' fhág sé ag rí Mhóáb iad agus d' fhanadar aige i rith an ama a bhí Dáiví sa daingean. Ansin dúirt an fáidh Gád le Dáiví: «Ná fan sa daingean; imigh leat agus gabh isteach i dtír Iúdá.» D' imigh Dáiví leis dá bhrí sin agus chuaigh isteach i bhforaois Heirit. Chuala Sól ansin go bhfacthas Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis. Bhí Sól i nGibeá, ina shuí faoin gcrann tamaraisce ar an ardán, a shleá ina láimh agus a oifigigh ina seasamh ina thimpeall. «A fheara Bhiniáimin, éistigí liom,» arsa Sól lena oifigigh a bhí ina seasamh ina thimpeall; «an dtabharfaidh mac Ieise páirceanna agus fíonghoirt daoibh go léir, agus an ndéanfaidh sé ceannairí míle, agus ceannairí céad díbh go léir, a rá is go bhfuil sibh uile i gcogar ceilge i m' aghaidh? Nuair a rinne mo mhac conradh le mac Ieise, níor thug aon duine eolas dom faoi; ní raibh trua ag aon duine agaibh dom, ná níor thug scéal dom nuair a ghriog mo mhac mo shearbhónta i m' aghaidh le bheidh ina namhaid agam mar atá anois.» Ansin labhair Doéig an tEadómach; bhí sé ina sheasamh ansiúd taobh le hoifigigh Shóil; «Chonaic mé mac Ieise,» ar sé, «ag teacht go Nob, go hAichímeilic mac Aichiteob. D' iarr seisean comhairle an Tiarna dó, agus thug lón bóthair dó, agus claíomh Ghóla an Filistíneach.» Ansin chuir an rí fios ar an sagart Aichímeilic mac Aichiteob agus a mhuintir go léir, sagairt Nob. Thángadar go léir go dtí an rí. Dúirt Sól: «Éist liom anois, a mhic Aichiteob.» D' fhreagair seisean: «Anseo dom, a thiarna.» Agus dúirt Sól leis: «Cén fáth a ndearna sibh comhcheilg i m' aghaidh, thú féin agus mac Ieise, ag tabhairt aráin agus claímh dó, agus ag iarraidh comhairle Dé dó, i slí is go ndéanfadh sé ceannairc i m' aghaidh agus a bheith ag faire na faille orm, rud atá anois?» D' fhreagair Aichímeilic an rí: «Cé hé i measc do shearbhóntaí go léir atá chomh dílis le Dáiví, cliamhain an rí, captaen ar gharda do chosanta, agus fear atá faoi ghradam i do theaghlach? An é inniú an chéad uair riamh agam ag lorg comhairle Dé dó? I bhfad uaim a leithéid! Ná cuireadh an rí aon ní i leith a shearbhónta ná i leith a mhuintire go léir, mar bhí do shearbhónta dall ar fad ar an ngnó go léir.» Ach d' fhreagair an rí: «Cuirfear chun báis thú, cuirfear sin go cinnte, a Aichímeilic, thú féin agus do mhuintir go léir.» Agus dúirt an rí leis an díorma garda a bhí ína seasamh ina thimpeall: «Ar aghaidh libh agus cuirigí sagairt an Tiarna chun báis, mar gur thug siadsan freisin lámh chúnta do Dháiví; bhí a fhios acu go raibh sé ar teitheadh ach níor insíodar dom é.» Ach níorbh áil le searbhóntaí an rí lámh dhearg a imirt ar shagairt an Tiarna. Ansin dúirt an rí le Doéig: «Ar aghaidh leat agus imir faobhar ar na sagairt.» Agus ar aghaidh le Doéig an tEadómach agus d' imir sé faobhar ar na sagairt, agus mharaigh sé cúigear agus ceithre fichid díobh siúd a chaith an t-éafód lín an lá sin. Agus Nob, cathair na sagart, d' imir Sól claíomh uirthi, agus chuir chun báis le faobhar claímh idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin, eallach agus asail agus chaoirigh. Ach d' éalaigh duine de chlann mhac Aichímeilic mac Aichiteob darbh ainm Aibíátár, agus theith sé leis chun Dáiví, agus dúirt Aibíátár le Dáiví gur mharaigh Sól sagairt an Tiarna. «Bhí a fhios agam an lá sin,» arsa Dáiví le hAibíátár, «nuair a bhí Doéig an tEadómach ann, go sceithfeadh seisean orm go cinnte le Sól. Mise is cionsiocair le bás gach duine de do mhuintirse go léir. Fan faramsa! Ná bíodh eagla ort! An té atá ar tí d' anamasa, tá sé ar tí m' anamasa chomh maith! Beidh tú slán ó bhaol faramsa.» Thainig scéala go Dáiví: «Tá na Filistínigh ag troid in aghaidh Cheíleá, agus tá siad ag creachadh na n-urlár buailte.» Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: «An rachaidh mé agus cath a chur ar na Filistínigh seo?» D' fhreagair an Tiarna Dáiví: «Téigh agus cuir cath ar na Filistínigh agus fuascail Ceíleá.» Ach dúirt lucht leanúna Dháiví leis: «Seo sinne agus scéin orainn anseo in Iúdá. Nach mó go mór a bheidh an scéal amhlaidh má théimid go Ceíleá chun cath a chur ar na Filistínigh?» Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d' fhreagair an Tiarna: «Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.» Chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna go Ceíleá dá bhrí sin, agus chuireadar cath ar na Filistínigh, agus thugadar leo a n-eallach mar chreach, agus bhriseadar go tubaisteach orthu. D' fhuascail Dáiví áitritheoirí Cheíleá ar an gcuma sin. Nuair a theith Aibíátár mac Aichímeilic go dtí Dáiví, tháinig sé síos go Ceíleá agus éafód ina ghlac. Nuair a insíodh do Shól go raibh Dáiví imithe go Ceíleá, dúirt Sól: «Tá sé tugtha i mo láimh ag Dia dom, óir chuir sé é féin i dteannta nuair a chuaigh sé isteach i gcathair ar a bhfuil geataí agus boltaí.» Ghairm Sól a phobal go léir chun cogaidh le dul síos go Ceíleá le léigear a chur ar Dháiví agus ar a lucht leanúna. Bhí a fhios ag Dáiví, ámh, go raibh urchóid á beartú ag Sól ina aghaidh agus dúirt sé le hAibíátár an sagart: «Tabhair an t-éafód anseo.» Ansin dúirt Dáiví: «A Thiarna, a Dhia Iosrael, tá scéal cinnte faighte ag do sheirbhíseach go bhfuil Sól ag beartú teacht go Ceíleá chun an chathair a scrios de mo bharrsa. (An dtabharfaidh muintir Cheíleá mise suas dó?) An dtiocfaidh Sól anuas mar a chuala do shearbhónta? A Thiarna, a Dhia Iosrael, inis do do shearbhónta, impím ort.» D' fhreagair an Tiarna: «Déanfaidh.» Ansin d' fhiafraigh Dáiví: «An ndéanfaidh muintir Cheíleá mise agus mo lucht leanúna a thabhairt suas do Shól?» Agus d' fhreagair an Tiarna: «Déanfaidh.» Ansin d' imigh Dáiví agus a lucht leanúna, timpeall sé chéad fear, agus chuireadar chun bóthair ó Cheíleá agus d' imíodar cibé treo inarbh fhéidir leo. Nuair a chuala Sól gur éalaigh Dáiví ó Cheíleá, d' éirigh sé as an eachtra. D' fhan Dáiví san fhásach, sna daingin, ar na sléibhte i bhfásach Zíf. Níor chuaigh aon stad ar Shól ó lá go lá, ach á chuardach, ach níor thug Dia ar láimh dó é. Bhí eagla ar Dháiví mar go raibh Sól tagtha amach ar tí a mharaithe. Bhí Dáiví an uair sin i Hoiris i bhfásach Zíf. Chuir Iónátán mac Shóil chun bóthair agus tháinig go dtí Dáiví i Hoiris agus thug misneach dó in ainm Dé. «Ná bíodh aon eagla ort,» ar sé leis, «mar ní bhfaighidh Sól m' athair greim ort; tusa a bheidh i do rí ar Iosrael, agus mise a bheidh taobh leat; is eol do Shól m' athair é sin freisin.» Rinne an bheirt acu conradh i láthair an Tiarna. D' fhan Dáiví i Hoiris, agus chuaigh Iónátán abhaile. Chuaigh cuid de mhuintir Zíf suas go Sól i nGibeá. «Nach bhfuil Dáiví,» ar siad, «i bhfolach inár measc i ndaingin Hoiris ar Shliabh Haicíleá, laisteas de Ieisímeon? Tar anuas, más ea a rí, cibé uair ar bith is mian le do chroí teacht. Is é ár ngnó é a thabhairt ar láimh don rí.» «Go gcuire an Tiarna a bheannacht oraibh, de bharr teacht i gcabhair orm,» arsa Sól. «Imígí anois agus déanaigí deimhin de níos mó fós; faighigí amach cá dtéann rian a chos agus coinnigí cuimhne air, mar deirtear liom go bhfuil sé lán de ghliceas. Faighigí faisnéis bheacht ar na háiteanna folaigh go léir ina dtéann sé i bhfolach, agus filligí orm nuair a bheidh sibh cinnte. Rachaidh mé chugaibh ansin agus má bhíonn sé sa dúiche, rachaidh mé sa tóir air ar fud finí uile Iúdá.» D' imíodar leo dá bhrí sin agus chuadar go Zíf roimh Shól. Idir an dá linn bhí Dáiví agus a chuid fear i bhfásach Mháón, san Arabá, laisteas de Ieisímeon. Agus chuaigh Sól agus a chuid fear ar a thóir. Fuair Dáiví scéala faoi, agus síos leis chun na carraige atá i bhfásach Mháón. Nuair a chuala Sól é sin lean sé Dáiví isteach i bhfásach Mháón. Ghabh Sól agus a chuid fear feadh taobh den sliabh, agus ghabh Dáiví agus a chuid fear feadh an taoibh eile. Bhí Dáiví ag brostú air ag iarraidh éalú ó Shól, agus bhí Sól agus a chuid fear ag iarraidh Dáiví agus a chuid fear a shárú agus a ghabháil ar an gcuma sin. Ansin tháinig teachtaire go dtí Sól á rá: «Tar gan mhoill, mar tá fogha tugtha ag na Filistínigh faoin tír.» D' fhill Sól dá bhrí sin ón tóir a bhí á dhéanamh aige ar Dháiví agus chuaigh in aghaidh na bhFilistíneach. Sin é an fáth a dtugtar Carraig an Éalaithe ar an áit sin. D' imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuir faoi i ndaingin Éan Geidí. 24:1 2 Nuair a d' fhill Sól ó thóir na bhFilistíneach, dúradh leis: «Tá Dáiví anois i bhfásach Éan Geidí.» 3 Ansin roghnaigh Sól trí mhíle fear tofa as Iosrael go léir, agus thug sé leis iad chun Dáiví agus a lucht leanúna a lorg taobh thoir de Charraigeacha na nGabhar Fiáin. 4 Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais. 5 Agus dúirt a lucht leanúna le Dáiví: «Is é seo an lá a ndúirt an Tiarna leat ina thaobh: 'Féach, tabharfaidh mé do namhaid isteach i do láimh duit, chun go mbeidh tú in ann do rogha rud a dhéanamh leis.'» D' éirigh Dáiví ina sheasamh agus ghearr sé an t-íochtar anuas de chlóca Shóil gan fhios dó. 6 Ina dhiaidh sin tháinig aiféala ar Dháiví mar gur bhain sé an t-íochtar anuas de chlóca Shóil 7 agus dúirt sé lena lucht leanúna: «Nár lige an Tiarna go ndéanfainn an rud seo le mo thiarna, ná go sínfinn mo lámh amach ina aghaidh, ós é fear ungtha an Tiarna é.» 8 Agus leis na briathra sin thug Dáiví ar a lucht leanúna gan Sól a ionsaí. D' éirigh Sól ansin agus amach leis as an bpluais agus d' imigh sé leis. 9 Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: «A Thiarna, a rí!» Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus d' umhlaigh dó. 10 Dúirt Dáiví le Sól ansin: «Cén fáth a dtugann tú aird ar dhaoine a deir: 'Tá sé ar aigne ag Dáiví dochar a dhéanamh duit'? 11 Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: 'Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.' 12 Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t-íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d' aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú. 13 Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort. 14 (Seanfhocal le sinsireacht é: 'Tagann an urchóid ón duine urchóideach,' ach ní leagfaidh mise lámh ort.) 15 Cé ina dhiaidh ar tháinig rí Iosrael amach? Cé air a bhfuil tú sa tóir? Ar mhadra marbh? Ar dhreancaid? 16 Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.» 17 Nuair a bhí deireadh ráite ag Dáiví le Sól, dúirt Sól: «An é sin do ghuthsa, a Dháiví, a mhic?» Agus ghoil Sól os ard. 18 «Is ionraice thusa ná mise,» ar sé le Dáiví, «óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc. 19 Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé. 20 Óir má bheireann duine ar a namhaid, an ligfidh sé slán uaidh é? Go gcúití an Tiarna go maith leat a ndearna tú dom inniu. 21 Agus anois, féach, tá a fhios agam go mbeidh tú cinnte i do rí, agus go mbeidh ríocht Iosrael go daingean i do lámha. 22 «Mionnaigh dom anois dar an Tiarna nach ndéanfaidh tú mo shliocht i mo dhiaidh a dhíothú agus nach scriosfaidh tú m' ainm as teaghlach m' athar.» 23 Mhionnaigh Dáiví sin go léir do Shól, agus d' imigh Sól abhaile agus chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna ar ais go dtí an daingean. Fuair Samúéil bás agus chruinnigh Iosrael go léir le chéile chun é chaoineadh. Adhlacadh é ina theach i Rámá. D' imigh Dáiví leis ansin agus ghabh síos go fásach Mháón. Tharla go raibh fear i Máón a raibh a ghnó i gCairmeil. Bhí sé an-saibhir; bhí trí mhíle caora aige agus míle gabhar. Bhí sé ag bearradh a chuid caorach i gCairmeil. Nábál a ba ainm don fhear agus Aibíogáil dá bhean. Bhí an bhean éirimiúil sciamhach, ach bhí an fear tuathalach drochbhéasach. Cálaebach a ba ea é. Nuair a chuala Dáiví san fhásach go raibh Nábál ag bearradh a chuid caorach, chuir sé deichniúr ógánach chuige á rá leo: «Téigí suas go Cairmeil, tugaigí cuairt ar Nábál agus beannaigí dó i m' ainm. Agus labhraigí mar leanas [le mo dheartháir]: 'Síocháin duit agus síocháin do do theaghlach, agus síocháin do gach a mbaineann leat! Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí d' aoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil. Cuir ceist ar d' ógánaigh agus inseoidh siad sin duit. Go raibh do ghnaoi dá bhrí sin ar na hógánaigh seo, mar is ar lá féasta a thángamar. Tabhair, le do thoil, cibé ní cóir atá agat ansin do do shearbhóntaí agus do Dháiví do mhac.» ' Tháinig ógánaigh Dháiví agus dúradar é sin go léir le Nábál in ainm Dháiví agus ansin d' fhanadar. D' fhreagair Nábál seirbhísigh Dháiví: «Dáiví cé he féin? Cé hé mac Ieise? Is iomaí seirbhíseach atá ag éalú óna máistirí na laethanta seo! An dtógfaidh mise m' arán agus m' fhíon agus an fheoil a mharaigh mé do mo mheitheal bhearrtha agus sin a thabhairt do dhaoine nach eol dom cad as dóibh?» Chas ógánaigh Dháiví ar a sáil agus d' fhilleadar an bealach a thángadar agus rinneadar an méid sin go léir a aithris do Dháiví. Ansin dúirt Dáiví lena chuid fear: «Ceanglaíodh gach duine a chlaíomh air féin!» Agus cheangail gach duine a chlaíomh air féin; agus cheangail Dáiví a chlaíomh air féin chomh maith. Lean timpeall ceithre chéad fear Dáiví agus d' fhan dhá chéad leis an mbagáiste. Thug duine de na seirbhísigh an scéala go hAibíogáil, bean Nábál. «Chuir Dáiví,» ar sé, «teachtairí ón bhfásach chun ceiliúradh dár máistir, ach thug sé aghaidh a chaoraíochta orthu. Anois bhí na fir seo an-mhaith dúinn; níor chuireadar isteach orainn agus níor chailleamar aon ní i rith an ama go léir a bhíomar ina gcomharsanacht. Ba sciath dídine dúinn iad de lá agus d' oíche le linn dúinn a bheith ag aoireacht ár gcaorach ina n-aice. Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d' aon duine focal a rá leis.» Ansin tháinig fuadar faoi Aibíogáil; fuair sí dhá chéad builín, dhá sheithe fíona, chuig caora feannta deasaithe, cúig thomhas de ghrán tíortha, céad crobhaing rísíní, dhá chéad císte figí, agus leag sí ar asail iad. Agus dúirt sí lena giollaí: «Ar aghaidh libh romham amach. Beidh mise ar bhur sála.» Ach níor inis sí aon ní dá fear, Nábál. Agus í ag marcaíocht ar a hasal le fána faoi speirín sléibhe, seo chuici anuas ina treo Dáiví agus a chuid fear, agus bhuail sí leo. Is é a bhí ráite, más ea, ag Dáiví: «Ba obair in aisce agam, go cinnte, a bheith ag cosaint mhaoin an fhir úd san fhásach! Níor cailleadh aon phioc dá raibh aige, ach féach gur olc a chúitigh sé an mhaith liom. Go ndéana Dia seo agus siúd agus a thuilleadh fós le Dáiví má fhágaim oiread agus fear dá mbaineann leis beo faoi mhaidin!» A luaithe a chonaic Aibíogáil Dáiví, tháinig sí anuas dá hasal faoi dheifir, chaith í féin ar a béal os comhair Dháiví, agus chrom chun talún. Chaith sí í féin ag a chosa agus dúirt: «Cuir an milleán seo ormsa amháin, a thiarna. Tabhair cluas do do bhanóglach, le do thoil, agus éist le focail do bhanóglaigh. Ná bíodh aon aird agat ar Nábál an drochmhianaigh, mar is cuma a nádúr nó a ainm; tuathalachán a ainm agus is tuathalach a mheon. Ach ní fhaca mise, do bhanóglach, na saighdiúirí a chuir mo thiarna. Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar d' anam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n-imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t-olc in aghaidh mo thiarna. Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin. Maith a cionta do do bhanóglach agus déanfaidh an Tiarna ríshliocht daingean a dheonú do mo thiarna, mar tá mo thiarna ag troid cathanna an Tiarna, agus ní bheidh urchóid le fáil ort i gcaitheamh do shaoil go léir. Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill. Nuair a bheidh gach ní cóir atá geallta aige fút déanta ag an Tiarna do mo thiarna, nuair a bheidh tú ceaptha i do thaoiseach ar Iosrael aige, ná bíodh aon chúis cháisimh ná aifeála ar mo thiarna de bharr fuil a dhoirteadh gan ghá, ná éiric a bhaint amach le do láimh féin. Nuair a thaispeánfaidh an Tiarna a fhéile do mo thiarna, ansin cuimhnigh ar do bhanóglach.» Dúirt Dáiví le hAibíogáil: «Is beannaithe an Tiarna Dia Iosrael a chuir thú i mo threo inniu! Gura beannaithe d' eagna, agus gura beannaithe thú féin, de bharr mé a chosc inniu ó choir na fola, agus ó éiric a bhaint amach le mo láimh féin! Ach dar an Tiarna Dia Iosrael a mhaireann beo, agus a choisc mé ó dhíobháil a dhéanamh duit, mura mbeadh tú a bhrostú amach i mo choinne, dar m' fhocal, ní bheadh oiread agus fear fágtha beo ag Nábál faoi mhaidin.» Ansin ghlac Dáiví óna láimh a raibh tugtha aici chuige agus dúirt sé léi: «Imigh leat abhaile faoi shíocháin; féach, thug mé cluas duit, agus rinne mé mar a d' iarr tú.» D' fhill Aibíogáil ar Nábál, agus bhí fleá ar siúl aigesean ina theach, fleá mar a mbeadh ag rí. Bhí Nábál meidhreach súgach agus toisc é a bheith ar a chaoil ní dúirt sí focal leis go raibh sé ina lá. Ar maidin lá arna mhárach nuair a bhí an deoch curtha de ag Nábál, d' inis a bhean an scéal go léir dó. Thit an lug ar an lag ag Nábál, rinneadh staic de mar chloch. Timpeall deich lá ina dhiaidh sin bhuail an Tiarna Nábál, agus cailleadh é. Nuair a fuair Dáiví scéala báis Nábál, dúirt sé: «Moladh leis an Tiarna a rinne an aithis a fuair mé ó láimh Nábál a agairt, agus a choisc a shearbhónta ón olc; tá drochbhearta Nábál tugtha sa mhullach air féin ag an Tiarna.» Ansin chuir Dáiví scéala cleamhnais go hAibíogáil. Nuair a tháinig searbhóntaí Dháiví go hAibíogáil i gCairmeil, dúradar: «Chuir Dáiví sinne chugat chun tú a fháil mar bhean dó féin.» D' éirigh sise agus chrom go humhal chun talún: «Seo bhur mbanóglach agaibh,» ar sí, «mar dhaoirseach le cosa searbhóntaí mo thiarna a ní.» D' éirigh Aibíogáil ansin go deifreach, chuaigh ar muin asail, agus a cúigear ionailt ina coimhdeacht, agus lean sí teachtairí Dháiví agus bhí aige mar bhean. Thóg Dáiví Aichíonoam ó Izréil chomh maith mar bhean, agus bhíodar araon aige mar mhná céile. Míceal, iníon Shóil, bean Dháiví, bhí sí tugtha ag Sól do Phailtí, mac Laís, ó Ghailím. Ansin tháinig muintir Zíf go Sól i nGibeá á rá: «Nach bhfuil Dáiví,» ar siad, «i bhfolach ar Shliabh Haicíleá lastoir de Ieisímeon?» D' imigh Sól dá bhrí sin agus síos leis go fásach Zíf agus trí mhíle fear tofa as Iosrael aige chun Dáiví a chuardach i bhfásach Zíf. Shuigh Sól a champa ar Shliabh Haicíleá atá le hais an bhóthair lastoir de Ieisímeon. Bhí Dáiví ag cur faoi san fhásach faoin am seo agus chonaic sé go raibh Sól ag teacht ansiúd ar a thóir. Chuir Dáiví lucht braite amach, dá bhrí sin, agus fuair amach go cinnte go raibh Sól tagtha. Chuir Dáiví chun siúil agus tháinig chun na háite ina raibh a champa suite ag Sól. Chonaic sé mar a raibh Sól agus Aibneár mac Néar, ceannasaí an airm, ina luí. Bhí Sól ina luí istigh sa champa agus na saighdiúirí ina mbothanna ina thimpeall. Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: «Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?» ar sé. D' fhreagair Aibísí: «Mise; rachaidh mise leat.» D' imigh Dáiví agus Aibísí leo sa dorchadas dá bhrí sin chun an airm agus fuaireadar Sól ansiúd ina chodladh sa champa, a shleá sáite sa talamh ag a cheann agus Aibneár agus an t-arm ina luí timpeall air. Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: «Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.» Ach d' fhreagair Dáiví Aibísí: «Ná maraigh é! Óir cé d' fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint? Dar an Tiarna beo,» arsa Dáiví, «déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin. Nár lige an Tiarna go sínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna! Ach tóg leat an tsleá anois atá ag a cheann, agus an crúsca uisce, agus imímís linn.» Thóg Dáiví an tsleá agus an crúsca uisce a bhí taobh le ceann Shóil agus d' imigh leis. Ní bhfuair aon duine radharc súl ná clos cluas ar ar tharla, ná níor dhúisigh aon duine; bhíodar go léir ina gcodladh mar thit codladh trom ón Tiarna orthu. Ghabh Dáiví anonn go dtí an taobh eile agus stad sé ar bharr an chnoic i bhfad ó bhaile; bhí spás mór eatarthu. Ansin ghlaoigh Dáiví ar an arm agus ar Aibneár mac Néar á rá: «A Aibneár, nach dtabharfaidh tú freagra orm?» «Cé tá ag glaoch ar an rí?» arsa Aibneár. D' fhreagair Dáiví Aibneár: «Nach fear thú féin? Cá bhfuil do shamhail in Iosrael? Cén fáth nach ndearna tú do thiarna, an rí, a ghardáil, más ea? Tháinig duine den phobal isteach chun do thiarna, an rí, a mharú. Ní maith mar a rinne tú. Dar an Tiarna beo, tá an bás tuillte agaibh go léir mar nach ndearna sibh bhur dtiarna, fear ungtha an Tiarna, a ghardáil. Féach, cá bhfuil sleá an rí anois, agus an crúsca uisce a bhí taobh lena cheann?» D' aithin Sól guth Dháiví, agus dúirt: «An é sin do ghuth, a Dháiví, a mhic?» «Is é; is é mo ghuth é, a rí, a thiarna liom,» arsa Dáiví. «Cén fáth,» ar sé, «a bhfuil mo thiarna sa tóir ar a shearbhónta? Cad tá déanta agam? Cén choir ina bhfuilim ciontach? Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: 'Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.' Ná lig do m' fhuilse titim ar thalamh i gcéin ó lathair an Tiarna! Óir tá rí Iosrael tagtha amach ar thóir [m' anama] dála duine a bheadh ag fiach na patraisce ar na sléibhte.» D' fhreagair Sól: «Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.» Agus d' fhreagair Dáiví: «Seo sleá an rí anseo. Tagadh duine de na saighdiúirí anall agus beireadh sé leis í. Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna. Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.» Ansin dúirt Sól le Dáiví: «Go raibh beannacht ort, a Dháiví, a mhic! Is iomaí éacht a dhéanfaidh tú agus beidh rith an rása leat.» Ansin d' imigh Dáiví leis agus d' fhill Sól ar a áit féin. Rith sé le Dáiví: «Marófar mé lá breá éigin díobh seo le láimh Shóil. Ní fearr rud a dhéanfainn ná éalú liom go tír na bhFilistíneach; ansin, le barr drochmhisnigh, scoirfidh Sól den tóir orm ó cheann ceann Iosrael agus beidh mé slán uaidh.» Bhuail Dáiví bóthar dá bhrí sin, agus d' imigh sé, é féin agus an sé chéad fear a bhí ina choimhdeacht, síos go hÁicís, mac Mháóc, rí Ghat. Chuir Dáiví faoi ag Gat le hÁicís, é féin agus a chuid fear, a chlann féin le gach duine díobh, agus a bheirt bhan le Dáiví.i. Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil. Nuair a fuair Sól scéala gur theith Dáiví go Gat, scoir sé den tóir air. Dúirt Dáiví le hÁicís: «Má fuair mé fabhar i do láthair, tabhair áit lonnaithe dom i gceann de bhailte na tíre. Cén fáth a mairfeadh do shearbhónta sa chathair ríoga i do theannta?» An lá sin thug Áicís Zicleag dó agus dá bharrsan is le rí Iúdá Zicleag go dtí an lá inniu. Is é an fad a d' fhan Dáiví i gcríocha na bhFilistíneach, bliain agus ceithre mhí. Théadh Dáiví agus a chuid fear amach ag tabhairt fogha faoi na Gisiúraigh agus na Girzigh agus na hAmáiléicigh, mar sin iad na treabhchais a áitríonn an dúiche a shineann ó [Thealam] i dtreo Shiúr chomh fada leis an Éigipt. Rinne Dáiví an dúiche a chreachadh agus níor fhág fear ná bean ina mbeatha, ach thug na caoirigh agus an t-eallach, na hasail, na camaill, agus na héidí mar chreach, agus thug leis ar ais go hÁicís iad. D' fhiafraíodh Áicís: «Cia ar a ndearna tú an fhoghail inniu?» D' fhreagraíodh Dáiví: «In aghaidh Neigib na gCéineach.» Níor thug Dáiví fear ná bean riamh beo ar ais leis le scéala a thabhairt go Gat, «Le heagla,» a dúirt sé leis féin, «go sceithfidís orainn á rá: 'Rinne Dáiví a leithéid seo.'» Mar sin a bhí ag Dáiví i rith an ama go léir a bhí sé i ndúiche na bhFilistíneach. Bhí muinín ag Áicís as Dáiví; «Tá fuath agus gráin a mhuintire féin, Iosrael, tuillte aige dó féin,» a mheas sé, «agus beidh sé ina shearbhónta agam go brách.» Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite sna laethanta úd chun dul chun catha le hIosrael. Agus dúirt Áicís le Dáiví: «Bíodh a fhios agat go rachaidh tusa freisin agus do chuid fear ar an slógadh liom.» D' fhreagair Dáiví Áicís: «Tá go maith! Beidh a fhios agat cad is féidir le do sheirbhíseach a dhéanamh.» Agus dúirt Áicís le Dáiví: «An-mhaith! Ceapfaidh mé thú mar gharda cosanta orm le do shaol.» Bhí Samúéil tar éis bháis, agus chaoin Iosrael go léir é agus d' adhlacadar é i Rámá, a chathair féin. Bhí na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha ag Sól as an tír. Chruinnigh na Filistínigh le chéile agus shuíodar a gcampa i Siúnaem; agus chuir Sól tionól ar Iosrael go léir agus shuíodar a gcampa i nGiolboa. Nuair a chonaic Sól sluaite na bhFilistíneach, tháinig scanradh air agus bhí sé ar ballchrith. Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe. Ansin dúirt Sól lena ghiollaí: «Faighigí asarlaí mná dom le dul chuici agus a comhairle a fháil.» D' fhreagair a ghiollaí. «Tá asarlaí in Éan Dór.» Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t-aistear chun na mná. «Taispeáin dom,» ar sé, «a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.» D' fhreagair an bhean é: «Tá a fhios agat, ar ndóigh, cad a rinne Sól, conas mar atá na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha as an tír aige. Cad a ba áil leat, más ea, ag cur gaiste i bhfearas do m' anam leis an mbás a thabhairt orm?» Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: «Dar an Tiarna beo,» ar sé, «ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.» Ansin dúirt an bhean: «Cé thabharfaidh mé aníos chugat?» «Tabhair Samúéil aníos chugam,» ar sé. Ansin chonaic an bhean Samúéil agus scread sí in ard a cinn, agus dúirt le Sól: «Cén fáth gur chuir tú dallamullóg orm? Is tú Sól!» Dúirt an rí léi: «Na bíodh eagla ort! Cad a fheiceann tú?» «Feicim spiorad ag éirí aníos as an talamh,» ar sí le Sól. «Cén dealramh atá air?» ar sé léi. «Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.» Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d' umhlaigh dó. Ansin dúirt Samúéil le Sól: «Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?» «Tá suaitheadh mór orm,» arsa Sól, «mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.» D' fhreagair Samúéil á rá: «Cén fáth ceist a chur ormsa nuair a thréig an Tiarna thú agus go bhfuil sé ar thaobh [do chomharsan]? Tá déanta ag an Tiarna leat faoi mar gheall sé ó mo bhéalsa a dhéanfadh. Sciob sé an flaitheas as do ghlac agus thug é do do chomharsa, Dáiví, de bhrí nár ghéill tú do ghuth an Tiarna agus nár chuir tú fíoch a fheirge in aghaidh Amáiléic i gcrích. Uime sin a thugann an Tiarna an cor seo ort anois. Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.» Tháinig tocht ar Shól agus thit sé chun láir agus lántalún. Chuir a ndúirt Samúéil scéin air, agus bhí a neart tréigthe mar nár ith sé greim ar feadh an lae agus na hoíche sin go léir. Tháinig an bhean go Sól ansin, agus nuair a chonaic sí an scanradh a bhí air, dúirt sí: «Féach, rinne do bhanóglach rud ort; chuir mé m' anam i bhfiontar, agus chomhlíon mé gach ar ordaigh tú dom. Déansa, dá bhrí sin, rud ar do bhanóglach. Leagfaidh mé beagán bia romhat, agus ith é agus bíodh neart éigin ionat ag dul ar d' aistear.» Ach ní dhéanfadh; «Ní íosfaidh mé greim,» ar sé. Ach lean na giollaí orthu, agus an bhean chomh maith leo, ag tathant air, agus ghéill sé dóibh. D' éirigh sé ón talamh, agus shuigh ar an leaba. Bhí gamhain biata sa teach ag an mbean; mharaigh sí é ar an toirt; fuair sí plur agus d' fhuin é agus bhruith builíní slimaráin as; leag sí an bia os comhair Shóil agus a ghiollaí agus d' itheadar é, agus d' éiríodar agus d' imíodar leo an oíche sin. Thionóil na Filistínigh a sluaite go léir in Afaec, agus bhí a gcampa suite ag Iosrael ag an tobar atá in Izréil. Bhí taoisigh na bhFilistíneach ag gabháil thar bráid ina gcipí céad agus míle, agus Dáiví agus a chuid fear ag teacht ina ndiaidh in éineacht le hÁicís. D' fhiafraigh taoisigh na bhFilistíneach: «Cad a thug na hEabhraigh seo anseo?» D' fhreagair Áicís taoisigh na bhFilistíneach: «Nach é seo Dáiví, searbhónta Shóil, rí Iosrael, atá le [bliain nó dhó] anois i mo choimhdeacht. Ní bhfuair mé locht air ón lá a ghabh sé liom go dtí inniu féin.» Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. «Cuir ar ais é,» arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, «agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n-iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo? Nach é seo an Dáiví a gcanaidís ina thaobh ag rince dóibh: ' Mharaigh Sól a mhílte, Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte'?» Chuir Áicís fios ar Dháiví agus dúirt sé leis: «Dar an Tiarna beo, bhí tú dílis, agus, dar liomsa, níl ann ach an ceart thú a dhul in éineacht liom ar an slógadh, mar nach bhfuair mé aon locht ort ón lá a ghabh tú liom go dtí inniu féin. Ach níl na taoisigh sásta leat. Fill ar ais anois, agus déan amhlaidh go síochánta, agus ná cuir olc ar thaoisigh na bhFilistíneach.» «Cad tá déanta agam?» arsa Dáiví le hÁicís, «cén locht a fuair tú orm ón lá a chuaigh mé isteach i do sheirbhís go dtí anois féin a rá is go bhfuiltear a chosc orm troid in aghaidh naimhde mo thiarna, an rí?» D' fhreagair Áicís agus dúirt le Dáiví: «Tá a fhios agam, ar ndóigh, go bhfuil tú chomh glan ó mhilleán le haingeal ó Dhia i mo shúilese; ach dúirt taoisigh na bhFilistíneach: 'Ná téadh sé amach linn chun catha.' Bí i do shuí dá bhrí sin go moch ar maidin, thú féin agus searbhóntaí do thiarna a tháinig in éineacht leat. Bígí in bhur suí go moch ar maidin agus nuair a bheidh sé geal go leor, buailigí bóthar.» Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin go luath ar maidin, é féin agus a chuid fear, ar a slí ar ais go tír na bhFilistíneach. Ach chuaigh na Filistínigh suas go hIzréil. Faoin am ar shroich Dáiví agus a chuid fear Zicleag, ar an tríú lá, bhí ionradh déanta ag na hAmailéicigh ar an Neigib agus ar Zicleag. Ghabhadar Zicleag de ruathar agus chuireadar trí thine é, agus ghabhadar na mná agus a raibh ann, idir bheag agus mhór ina mbránna, gan aon duine a mharú, ach na bránna a ghabháil agus imeacht leo. Nuair a shroich Dáiví agus a mhuintir an áit fuaireadar an chathair dóite go talamh, agus a mná agus a gclann mhac agus iníonacha fuadaithe ina mbránna. Ansin chaoin Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis in ard a gcinn go dtí go rabhadar chomh lag sin nárbh fhéidir leo caoineadh a thuilleadh. Beirt bhan Dháiví, Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil baintreach Nábál ó Chairmeil, bhíodar gafa ina mbránna. Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia. Dúirt Dáiví le hAibíátár mac Aichímeilic an sagart: «Tabhair chugam an t-éafód»; agus thug Aibíátár an t-éafód go Dáiví. Ansin chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: «An rachaidh mé sa tóir ar an gceithearn seo? An mbéarfaidh mé orthu?» D' fhreagair sé: «Téigh sa tóir orthu; béarfaidh tú orthu go cinnte agus déanfaidh tú na bránna a fhuascailt, déanfaidh tú sin.» Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin leis an sé chéad fear a bhí ina theannta agus shroicheadar sileán Bhasór (agus d' fhan an chuid eile ina ndiaidh). Lean Dáiví air sa tóir ansin le ceithre chéad fear, ach d' fhan dhá chéad ina ndiaidh mar go rabhadar róthraochta chun dul thar sileán Bhasór. Fuaireadar Éigipteach sna bánta agus thugadar go Dáiví é. Thugadar arán dó agus d' ith sé é, agus uisce le hól dó. Thugadar blúire de cháca figí dó agus dhá chrobhaing rísíní; d' ith sé an méid sin agus tháinig misneach arís chuige mar ní raibh greim aráin ná deoch uisce caite aige le trí lá agus trí oíche. Ansin chuir Dáiví ceist air: «Cé leis thú?» ar sé, «agus cad as duit?» «Éigipteach óg mé,» ar sé, «daor le hAmailéiceach; d' fhág mo mhaistir ina dhiaidh mé mar gur buaileadh breoite mé trí lá ó shin. Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.» Dúirt Dáiví leis: «An dtreoroidh tú síos chun na ceithirne seo mé?» D' fhreagair sé: «Mionnaigh dom dar Dia nach maróidh tú mé, ná mé a thabhairt i láimh mo mháistir, agus treoróidh mé síos chun na ceithirne seo thú.» Nuair a threoraigh sé síos é, b' shiúd iad ansiúd agus iad scaipthe ar fud na dúiche ar fad ag ithe agus ag ól agus ag rince de bharr na creiche móire a bhí tógtha acu as tír na bhFilistíneach agus as tír Iúdá. Bhí Dáiví á dtreascairt ó chlapsholas go tráthnona lá arna mhárach agus chuir sé iad faoin mbang. Níor tháinig aon duine slán ach ceithre chéad óglach a léim ar muin camall agus a theith. D' fhuascail Dáiví na bránna go léir a ghabh na hAmailéicigh; d' fhuascail Dáiví a bheirt bhan chomh maith. Ní raibh aon ní ar iarraidh, beag ná mór, mic ná iníonacha, creach ná aon ní dár fuadaíodh. Thug Dáiví gach rud ar ais. Ghabh Dáiví na tréada agus na táinte chomh maith agus thiomáin an pobal an t-eallach seo roimhe. «Seo creach Dháiví,» a liúdar. Ansin tháinig Dáiví go dtí an dá chéad a bhí rothraochta chun é a leanúint, an mhuintir a fágadh ag sileán Bhasór. Chuadarsan amach in airicis Dháiví agus na bhfear a bhí ina choimhdeacht, agus nuair tháinig Dáiví i gcóngar na ndaoine bheannaigh sé dóibh. Ach na cladhairí agus na bithiúnaigh go léir ar na fir a d' imigh amach le Dáiví, dúradar: «Ní dheachadar inár dteannta, agus ní thabharfaimid dóibh dá bhrí sin aon chuid den chreach a d' fhuasclaíomar, ach gur féidir le gach fear a bhean agus a chlann a bhreith leis agus imeacht.» Ach dúirt Dáiví: «Ná déanaigí aon ní dá short, [tar éis a bhfuil] déanta ag an Tiarna dúinn; chosain sé sinn agus thug sé inár láimh dúinn an cheithearn a rinne foghail orainn. Cé réiteodh libh air sin? Is cuma roinn an té a chuaigh síos chun an chatha nó roinn an té a d' fhan leis an mbagáiste. Is ionann an roinn a gheobhaidh siad.» Ón lá sin amach rinne sé reacht agus dlí de sin in Iosrael, rud atá i bhfeidhm go dtí inniu féin. Nuair a tháinig Dáiví go Zicleag, chuir sé cuid den chreach go seanóirí Iúdá, a chairde, á rá: «Seo bronntanas daoibh as an gcreach a baineadh de naimhde an Tiarna»; do mhuintir Bhéitéil, do mhuintir Rámót sa Neigib, do mhuintir Iaitir, do mhuintir Aroéir, do mhuintir Shiofmót, do mhuintir Isteamoa, do mhuintir Rácál, don mhuintir i gcathracha Iarachmael, don mhuintir i gcathracha na gCéineach, don mhuintir i Hormá, don mhuintir i mBór Áiseán, don mhuintir in Atác, don mhuintir i Heabrón, agus do na háiteanna go léir a thaithíodh Dáiví agus a chuid fear. Chuir na Filistínigh cath ar Iosrael agus theith sluaite Iosrael ó na Filistínigh agus imríodh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa. Lean na Filistínigh go dian ar Shól agus ar a mhic agus mharaíodar Iónátán agus Aibíonádáb agus Mailcíosú, mic Shóil. Ghéaraigh ar an gcath in aghaidh Shóil; fuair na saighdiúirí faill air, agus ghoin na saighdiúirí go trom é. Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: «Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.» Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air. Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis. D' éag Sól, dá réir sin, agus a thriúr mac agus a ghiolla airm, agus a chuid fear go léir, le chéile an lá céanna. Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d' fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu. Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a bheirt mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa. Theascadar an ceann de, agus bhaineadar a éide chatha anuas de, agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n-íola agus dá bpobal. Chuireadar a éide chatha i dteampall Aisteárót, agus ghreamaíodar a chorp de bhalla Bhéit Seán. Ach nuair a chuala laochra Iáibéis Gileád cad a bhí déanta ag na Filistínigh le Sól, chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus mháirseáladar i gcaitheamh na hoíche ar fad agus bhaineadar coirp Shóil agus a mhac anuas de bhalla Bhéit Seán, agus thugadar leo iad go Iáibéis agus dhódar ansiúd iad. Ansin thóg siad a gcnámha agus rinne iad a adhlacadh faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá. Nuair a bhí Sól tar éis bháis, d' fhill Dáiví ó ár na nAmailéiceach agus chaith dhá lá i Zicleag. Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó. «Cá has ar tháinig tú?» d' fhiafraigh Dáiví de. «D' éalaigh mé as campa na nIosraelach,» ar sé. «Cad a tharla? Inis dom,» arsa Dáiví leis. D' fhreagair sé: «Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.» Ansin d' fhiafraigh Dáiví den óglach a thug an scéala: «Conas tá a fhios agat go bhfuil Sól agus a mhac Iónátán marbh?» «Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,» d' fhreagair an t-óglach, «agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian. D' fhéach sé siar agus chonaic mise agus ghlaoigh orm, agus d' fhreagair mé: 'Anseo dom.' ' Cé hé thú féin?' ar sé liom. ' Amailéiceach,' arsa mise. Dúirt sé ansin liom: 'Seas os mo chionn agus maraigh mé mar tá speabhraídí tagtha orm cé go bhfuil an t-anam ionam ar fad fós.' Sheas mé os a chionn dá bhrí sin agus mharaigh mé é, mar bhí a fhios agam nach mairfeadh sé agus é ar lár. Ansin thóg mé an choróin a bhí ar a cheann, agus an bhraisléad a bhí ar a ghéag agus thug mé anseo go dtí mo thiarna iad.» Ansin rug Dáiví ar a chuid éadaigh agus stróic sé iad. Na fir go léir a bhí ina chuideachta, rinne siad an rud céanna. Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu. Ansin dúirt Dáiví leis an óglach a thug an scéala chuige: «Cad as duit?» «is mac duine dheoranta, Amailéiceach mé,» ar sé. Dúirt Dáiví: «Conas nárbh eagal leat do lámh a shíneadh chun ungthach an Tiarna a scrios?» Ansin ghlaoigh Dáiví ar dhuine dá shaighdiúirí: «Gabh i leith,» ar sé; «treascair é.» Bhuail agus mharaigh. «Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,» arsa Dáiví, «mar thug do bhéal féin fianaise i d' aghaidh, á rá: 'Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.'» Ansin chaoin Dáiví Sól agus a mhac Iónátán leis an gcaoineadh seo leanas. Dúirt sé é a mhúineadh, dá ghruama é, do chlann Iúdá. Féach, tá sé scríofa i Leabhar na bhFiréan. Mar seo a dúirt sé: «Uchón, tá glóir Iosrael ar lár ar d' ardáin! Cad é mar a d' éag na gaiscígh! Ná hinsigí é i nGat Agus ná foilsígí é i sráidibh Aiscileon. Nó beidh lúcháir ar iníonacha na bhFilistíneach, Agus mórtas ar iníonacha na foirne gan timpeallghearradh. A Shléibhte Ghiolboa, Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh. A bhánta fill! Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich. Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh, Ach le fuil na gcréachtach agus saill na laoch. Níor chas bogha Iónátán ar ais Ná níor fhill claíomh Shóil follamh. Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe! Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh! Ba mhire iad ná na hiolair. Ba láidre ná na leoin. A iníonacha Iosrael caoinigí Sól, A ghléas sibh go caithiseach le héadaí craoraga, A chuir dealga óir Ar bhur bhfeisteas. Conas a d' éag na gaiscígh I lár an chatha? A Iónátán, is é do bhás a chloígh mé! 26a Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó. Ba thú mo lao is m' ansacht. Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin. 26b Conas a d' éag na gaiscígh? Conas a theip an trealamh catha?» Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: «An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?» d' fhiafraigh sé. D' fhreagair an Tiarna é: «Téigh suas.» «Go cé acu a rachaidh mé?» d' fhiafraigh Dáiví. D' fhreagair sé: «Go Heabrón.» Ghabh Dáiví suas dá bhrí sin lena bheirt bhan, Aichíonoam ó Izréil agus Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil. Thug Dáiví an mhuintir a bhí in éineacht leis suas chomh maith, gach fear lena mhuirear féin, agus chuireadar fúthu i mbailte Heabrón. Tháinig muintir Iúdá ann, agus rinneadar Dáiví a ungadh ina rí ar theaghlach Iúdá. D' insíodar do Dháiví gur adhlaic muintir Iáibéis Gileád Sól. Chuir Dáiví teachtaireacht go muintir Iáibéis Gileád. «Go raibh beannacht oraibh ón Tiarna,» ar sé, «toisc go ndearna sibh an cineáltas seo do Shól, bhur dtiarna, agus gur adhlaic sibh é. Anois go raibh an Tiarna féin cineálta dílis libhse. Déanfaidh mise freisin an mhaith a rinne sibh a chúiteamh libh. Bíodh fuinneamh in bhur ngéaga mar sin agus bíodh misneach agaibh! Tá Sól bhur dtiarna tar éis bháis, ach rinne teaghlach Iúdá mise a ungadh le bheith i mo rí orthu!» Aibnéar mac Néar, taoiseach airm Shóil, rug sé Ís Bál mac Shóil leis agus thug sé anonn go Machanáím é. Rinne sé rí de ar Ghileád, ar na hAisiúraigh, ar Izréil, ar Eafráim agus ar Bhiniáimin agus ar Iosrael go léir. Bhí Ís Bál mac Shóil daichead bliain d' aois nuair a rinneadh rí ar Iosrael de; bhí sé dhá bhliain i gcoróin. Teaghlach Iúdá amháin a lean Dáiví. Seacht mbliana agus sé mhí a bhí Dáiví i Heabrón ina rí ar Iúdá. Ghluais Aibnéar mac Néar agus lucht leanúna Ís Bál amach ó Mhachanáím go Gibeón. Ghluais Ióáb mac Zarúá agus lucht leanúna Dháiví amach chomh maith agus bhuaileadar le chéile ag Linn Ghibeón. Stad siad ansiúd, dream díobh ar thaobh den linn, agus an dream eile ar taobh eile. Dúirt Aibnéar le Ióáb: «Tagadh na hóglaigh chun tosaigh agus bíodh comhrac acu os ár gcomhair.» «Déanaidís,» arsa Ióáb. Tháinig siad chun tosaigh dá bhrí sin, agus rinneadh iad a áireamh dháréag ó Bhiniáimin do Ís Bál mac Shóil, agus dháréag de lucht leanúna Dháiví. Rug gach duine díobh ar cheann ar a chéile comhraic agus rop a chlaíomh ina chliathán: thiteadar go léir ar an aon láthair. Tugadh Gort na [gCliathán] ar an áit dá bharrsan. Tá sé i nGibeón. Tharla cath fíochmhar an lá sin féin, agus bhris lucht leanúna Dháiví ar Aibnéar agus ar shluaite Iosrael. Bhí triúr mac Zarúá ann Ióáb, Aibísí agus Asáhael. Bhí Asáhael chomh luathchosach le heilit fhiáin. Chuaigh Asáhael sa toir ar Aibnéar, gan casadh ar dheis ná ar chlé agus é sa tóir ar Aibnéar. Chas Aibnéar siar air: «A Asáhael,» ar sé, «an tú atá ann?» D' fhreagair seisean: «is mé.» «Cas ar do dheis nó ar do chlé,» arsa Aibnéar leis, «agus beir ar dhuine de na saighdiúirí agus tabhair leat a éadáil.» Ach ní scoirfeadh Asáhael den tóir air. Labhair Aibnéar aris le hAsáhael: «Éirigh as an tóir orm, murab áil leat go leagfainn ar lár thú. Ansin conas d' fhéadfainn féachaint san aghaidh ardo dheartháir Ióáb arís?» Ach níorbh áil leis casadh i leataobh agus bhuail Aibnéar sa bholg é le sáfach a shleá i dtreo gur tháinig an tsleá amach trína dhroim thiar. Thit sé ansiúd agus fuair bás ar an bhfód sin. Gach aon duine a tháinig mar ar thit Aibnéar, agus mar a bhfuair sé bás, stadadar. Ach lean Ióáb agus Aibísí sa tóir ar Aibnéar agus le fuineadh néil nóna shroicheadar Sliabh Amá atá roimh Ghía ar an mbealach go fásach Ghideón. Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile ina gcipe dlúth ar chúl Aibnéar agus sheasadar an fod ar mhullach Shliabh Amá. Ghlaoigh Aibnéar ar Ióáb ansin agus dúirt: «An bhfuil an claíomh le bheith ag slogadh leis go deo?» ar sé. «Nach bhfuil a fhios agat gur tubaisteach an chríoch a bheidh air seo? An fada go ndéarfaidh tú leis na daoine seo stad de bheith ag tóraíocht ar a mbráithre?» «Dar an Tiarna beo,» arsa Ióáb, «mura mbeadh gur labhair tú, ní scoirfeadh an dream seo den tóir ar a mbráithre go maidin.» Ansin shéid Ióáb a stoc agus stad na saighdiúirí go léir gan dul sa tóir ar Iosrael a thuilleadh ná troid leo. Bhí Aibnéar agus a chuid fear ag imeacht leo tríd an Arabá ar feadh na hoíche sin go léir, agus ghabhadar thar an Iordáin, agus leanadar orthu an mhaidin sin gur tháinig siad go Machanáím. D' fhill Ióáb ón tóir ar Aibnéar, agus nuair a bhí a dhíorma go léir cruinnithe aige, bhí naonúr déag chomh maith le hAsáhael ar iarraidh ó lucht leanúna Dháiví, ach bhí trí chéad agus trí fichid de Bhiniáimin, muintir Aibnéar, marbh ag lucht leanúna Dháiví. D' ardaíodar leo Asáhael agus rinneadar é a adhlacadh i dtuama a athar i mBeithil. Bhí Ióáb agus a chuid fear ag taisteal leo i gcaitheamh na hoíche, agus gheal an lá agus iad ag teacht go Heabrón. Mhair an chogaíocht, más ea, idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví; bhí Dáiví ag dul i neart agus i neart, ach bhí teaghlach Shóil ag dul i laige agus i laige. Rugadh clann mhac do Dháiví i Heabrón; a chéadghin Amnón, ó Aichíonoam as Izréil; a dhara mac Cileáb ó Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil; an tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Thalmaí rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít; an cúigiú mac Seafateá mac Aibíotal; an séú mac Itreám ó Eaglá bean Dháiví. Rugadh iadsan do Dháiví i Heabrón. Fad a bhí an cogadh idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví ar siúl, ghabh Aibnéar gach ceannas ar theaghlach Shóil. Tharla go raibh leannán le Sól, darbh ainm Rizpeá iníon Aiá, agus gur thóg Aibnéar chuige í. Dúirt Ís Bál le hAibnéar: «Cad ab áil leat luí le leannán m' athar?» Chuir caint seo Ís Bál cuthach feirge ar Aibnéar. «An ceann madra as Iúdá mé,» ar sé. «Seo mé anois ar mo dhícheall ar mhaithe le teaghlach Shóil, d' athair, a dheartháireacha, agus a chairde, gan tú a thabhairt i lámha Dháiví, agus anois seo tú do mo lochtú i dtaobh mná! Go ndéana Dia a leithéid seo le hAibnéar, agus a thuilleadh de bhreis air, mura gcuire mé i gcrích do Dháiví gach ar mhionnaigh an Tiarna a dhéanfadh sé dhó an ríocht a bhaint de theaghlach Shóil agus ríchathaoir Dháiví a chur os cionn Iosrael agus Iúdá, ó Dhán go Béar Seaba.» Ní raibh sé de mhisneach ag Ís Bál focal a rá le hAibnéar mar go raibh eagla air roimhe. Chuir Aibnéar teachtairí go Dáiví [i Heabrón] á rá: «Cé leis an tír? Déan do chonradh liom agus tabharfaidh mé mo chabhair duit chun Iosrael uile a thabhairt ar do thaobh.» «Tá go maith,» arsa Dáiví, «déanfaidh mé conradh leat. Ach leagfaidh mé aon acht amháin ort; ní scaoilfear isteach i mo láthair thú mura dtugann tú leat Míceal, iníon Shóil, agus tú ag teacht i mo láthair.» Chuir Dáiví teachtairí ansin go Ís Bál, mac Shóil: «Tabhair ar ais dom mo bhean Míceal a bhuaigh mé le céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach.» Chuir Ís Bál fios uirthi dá bhrí sin á breith ó Phailtiéil mac Laís. Chuir a fear chun bóthair ina teannta agus lean í agus na deora leis chomh fada le Bachuraím. Ansin dúirt Aibnéar leis: «Imigh leat ar ais,» agus rinne. Chuaigh Aibnéar i gcomhairle le seanóirí Iosrael: «is fada anois sibh,» ar sé, «ag iarraidh Dáiví a bheith ina rí oraibh. Cuirigí i gcrích anois é más ea. Thug an Tiarna gealltanas do Dháiví á rá: 'Le neart láimhe mo sheirbhísigh Dáiví, déanfaidh mé mo phobal Iosrael a shaoradh ó lámha na bhFilistíneach agus ó lámha a naimhde go léir.'» Labhair Aibnéar chomh maith le muintir Bhiniáimin, agus chuaigh sé ansin go Heabrón, lena raibh socair ag Iosrael agus teaghlach Bhiniáimin go léir a rá le Dáiví. Tháinig Aibnéar agus fiche fear ina theannta go Dáiví i Heabrón, agus bhí féasta ag Dáiví in onóir Aibnéar agus a chomplachta. Dúirt Aibnéar ansin le Dáiví: «Ní mór dom a bheith ag cur díom; táim chun Iosrael go léir a chruinniú go dtí mo thiarna, an rí. Déanfaidh siad conradh leat agus beidh tú i do rí ar mhian do chroí.» Scaoil Dáiví Aibnéar uaidh dá bhrí sin agus d' imigh sé gan aon duine a chur isteach air. Bhí lucht leanúna Dháiví ag filleadh le Ióáb tar éis ruathair, agus bhí creach mhór á tabhairt acu leo. Ní raibh Aibnéar in éineacht le Dáiví ag Heabrón mar gur scaoil Dáiví leis, agus d' imigh sé go síochánta. Nuair a tháinig Ióáb agus an t-arm go léir a bhí in éineacht leis, dúradh le Ióáb: «Bhí Aibnéar mac Néar ar thuairisc an rí, agus scaoil sé leis agus d' imigh sé faoi shíocháin.» Chuaigh Ióáb ansin go dtí an rí: «Cad tá déanta agat?» ar sé. «Tháinig Aibnéar chugat agus ar lig tú dó imeacht gan cur isteach air? Cén fáth? Nach bhfuil aithne agat ar Aibnéar mac Néar? Tháinig sé chun bob a bhualadh ort, chun gach cor a chuireann tú díot a fháil amach agus fios do ghnóthaí go léir a fháil.» D' imigh Ióáb ó láthair Dháiví agus chuir sé teachtairí i ndiaidh Aibnéar agus thugadarsan leo ar ais é ó Thobar Siorá gan fhios do Dháiví. Nuair a d' fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb. Nuair a chuala Dáiví ina thaobh ina dhiaidh sin, dúirt sé: «Táimse agus mo ríocht neamhchiontach go deo i bhfuil Aibnéar mhic Néar i láthair an Tiarna. Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!» (Dhúnmharaigh Ióáb, agus a dheartháir Aibísí, Aibnéar mar gur mharaigh seisean a ndeartháir Asáhael sa chath ag Gibeón.) Dúirt Dáiví ansin le Ióáb agus leis na saighdiúirí go léir a bhí ina theannta: «Stróicigí bhur gcuid éadaigh, cuirigí sacéadach umaibh, agus déanaigí caoineadh os comhair Aibnéar.» Shiúil Dáiví i ndiaidh an chróchair. Rinneadar Aibnéar a adhlacadh i Heabrón, agus ghoil an rí go hard ar uaigh Aibnéar agus ghoil an pobal go léir chomh maith. Mar seo leanas a chaoin an rí Aibnéar: «Ar dhual d' Aibnéar bás an amadáin? Ní raibh cuibhreach ar a lámha ná slabhra ar a chosa. Thit tú faoi mar a thitfeadh duine faoi láimh na gcoirpeach.» Agus chaoin an pobal go léir aris é. Bhí an pobal go léir ag iarraidh a áiteamh ar Dháiví bia a chaitheamh agus é fós ina lá, ach thug Dáiví mionn á rá: «Go ndéana Dia a leithéid seo agus a thuilleadh fós liom má bhlaisim arán nó aon rud eile go rachaidh an ghrian faoi!» Thug na daoine go léir é sin faoi deara agus thaitin sé leo, dála gach rud eile dá ndearna an rí, agus a thaitin leis an bpobal go léir, go deimhin. Thuig an pobal agus thuig Iosrael go léir an lá sin nach raibh baint ag an rí le bás Aibnéar mac Néar. Dúirt an rí lena oifigigh: «Nach eol daoibh gur thit prionsa agus fear mór le rá in Iosrael inniu? Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t-olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!» Nuair a chuala Ís Bál, mac Shóil, gur maraíodh Aibnéar i Heabrón, thit an lug ar an lag aige, agus tháinig scéin ar Iosrael go léir. Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin; theith muintir Bhaerót go Giotáím agus maireann siad ann ó shin mar áitritheoirí deoranta). Bhí mac ag Iónátán mac Shóil a raibh cosa bacacha faoi. Bhí sé cúig bliana d' aois nuair a tháinig an scéala faoi Shól agus Iónátán ó Izréil. D' ardaigh a mhuime léi é, ach ag teitheadh di faoi dheifir, thit sé agus d' fhág sin bacach é; Meirí Bál a ba ainm dó. Chuir Raecáb agus Báná, clann Rimeon ó Bhaerót, chun bealaigh. Shroicheadar teach Ís Bál i mbrothall an lae nuair a bhí a chnámha á síneadh aige um mheán lae. Bhí bean an dorais ag cáthadh cruithneachta ach tháinig múisiam codlata uirthi. Shleamhnaigh Raecáb agus Báná a dheartháir thairsti isteach. Isteach leo mar a raibh [Ís Bál] ina luí ar a leaba ina sheomra codlata. Bhuail siad é, agus mharaigh, agus bhain an ceann de. Thugadar leo an ceann agus thaistil siad bealach an Arabá ar feadh na hoíche, agus thugadar ceann Ís Bál go Dáiví i Heabrón. «Seo duit,» ar siad leis an rí, «ceann Ís Bál, mac Shóil, do namhaid, an té a bhí ar thóir d' anama. Rinne an Tiarna mo thiarna, an rí, a agairt ar Shól agus ar a shliocht inniu.» Ach d' fhreagair Dáiví Reacáb agus Báná a dheartháir á rá: «Dar an Tiarna beo, a d' fhuascail mé ó gach gábh, an fear a mheas go raibh scéala maith á thabhairt aige chugam, nuair a d' inis sé dom go raibh Sól marbh, rug mé greim air agus mharaigh mé é i Zicleag; sin é an luach saothair a fuair sé ar son a dhea-scéil. Nuair is ropairí a mharaigh fear ionraic ina theach féin, agus é sínte ar a leaba, nach mó go mór atá sé de dhualgas orm éiric a chuid fola a éileamh uaibhse, agus sibh a scrios de chlár na cruinne?» Ansin thug Dáiví ordú dá shaighdiúirí agus chuireadar chun báis iad; ghearradar a lámha agus a gcosa díobh agus chrochadar iad láimh le Linn Heabrón. Thógadar ceann Ís Bál agus rinneadar é a adhlacadh in uaigh Aibnéar i Heabrón. Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. «Féach,» ar siad, «sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara. San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: 'Is tusa a bheidh i d' aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.'» Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael. Bhí Dáiví tríocha bliain d' aois nuair a rinneadh rí de agus d' fhan sé i gcoróin ar feadh daichead bliain. Bhí sé seacht mbliana agus sé mhí i Heabrón ina rí ar Iúdá, ansin bhí sé trí bliana agus tríocha i Iarúsailéim ina rí ar Iosrael agus Iúdá go léir. Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: «Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.» (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.) Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví. Dúirt Dáiví an lá sin: «Cibé a bhuailfidh an Iabúsach agus a rachaidh an seoladán suas [gheobhaidh sé a luach saothair].» Maidir leis na daill agus na bacaigh, thug Dáiví fuath a anama dóibh. (Uaidh sin an seanfhocal: «Ní rachaidh na daill agus na bacaigh isteach sa Teampall.») Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach. Chuaigh Dáiví i neart agus i neart agus bhí an Tiarna, Dia na Slua, ina chuideachta. Chuir Híorám rí Thuíre toscairí go dtí Dáiví le crainn chéadrais, saoir adhmaid agus chloiche, agus thógadar rítheach do Dháiví. Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ina rí ar Iosrael ag an Tiarna agus go raibh a réim á móradh aige ar son a phobail Iosrael. Tar éis teacht ó Heabrón dó, ghlac Dáiví le leannáin agus le mná eile in Iarúsailéim, agus rugadh a thuilleadh mac agus iníonacha dó. Seo iad ainmneacha na clainne a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobán, Nátán, Solamh, Ibcheár, Eilíseúa, Neifig, Eilíseámá, Eilíádá, Eilifeálat. Nuair a chuala na Filistínigh gur ceapadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir, ghabhadar go léir suas ar a thóir. Arna chlos sin, chuaigh Dáiví síos go dtí an dúnfort. Nuair a tháinig na Filistínigh, chuireadar cóiriú oscailte orthu féin i nGleann Rafáím. Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: «An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach, an dtabharfaidh tú i mo láimh dom iad?» D' fhreagair an Tiarna: «Ionsaigh iad! Déanfaidh mé na Filistínigh a thabhairt i do láimh duit go dearfa.» Chuaigh Dáiví go Bál Parázaím agus bhuaigh sé ansiúd orthu. Dúirt Dáiví: «Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.» Uime sin a tugadh Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin. D' fhág na Filistínigh a n-íola ansiúd agus thug Dáiví agus a chuid fear leo iad. Tháinig na Filistínigh aníos arís agus chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím. Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna agus d' fhreagair sé: «Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall ar a gcúl agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim. Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann, ansin ar aghaidh leat mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.» Rinne Dáiví mar a d' ordaigh an Tiarna dó; chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go Bealach Gheizir. Thionóil Dáiví sluaite tofa Iosrael go léir, tríocha míle fear. Chuir Dáiví chun bealaigh agus d' imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin. Leagadar áirc Dé ar charr nua, agus thugadar leo í ó theach Aibíonádáb atá ar an gcnoc. Bhí Uzá agus Aichíó, clann mhac Aibíonádáb, ag tiomáint an chairr nua. [Bhí Uzá ag siúl] taobh le háirc Dé agus Aichíó ag gabháil roimpi. Bhí Dáiví agus teaghlach Iosrael ag rince os comhair an Tiarna le barr dúthrachta, ag cantain le cruiteanna, le cláirseacha, le bodhráin, le castainéid, agus le ciombail. Nuair a thángadar go hurlár buailte áirithe, shin Uzá a lámh chun áirc an Tiarna agus choinnigh socair í mar go raibh na daimh ag tuisliú. D' adhain fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus bhuail Dia ar an toirt é mar gur bhain sé leis an áirc lena láimh, agus fuair sé bás ansiúd taobh le háirc an Tiarna. Bhí Dáiví míshásta mar gur bhris fearg an Tiarna amach ina aghaidh Uzá, agus tugtar Bearna Uzá ar an áit go dtí an lá inniu. Bhí eagla an Tiarna ar Dháiví an lá sin: «Conas,» ar sé, «arbh fhéidir le háirc an Tiarna teacht chugamsa?» Shocraigh Dáiví gan an áirc a thabhairt isteach i nDúnfort Dháiví ach thug sé i leataobh í go teach Obaed Eadóm ó Ghat. D' fhan áirc an Tiarna i dteach Obaed Eadóm ó Ghat ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar Obaed Eadóm agus ar a theaghlach go léir. Tháinig scéala go Dáiví rí gur chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach Obaed Eadóm agus ar gach ar bhain leis de bharr áirc an Tiarna. D' imigh Dáiví dá bhrí sin agus thug sé áirc Dé leis aníos ó theach Obaed Eadóm go Dúnfort Dháiví le barr lúcháire. Nuair a bhí lucht iompair áirc an Tiarna imithe sé choiscéim, rinne sé damh agus caora ramhar a íobairt. Bhí Dáiví ag rince an méid a bhí ina chorp os comhair an Tiarna, agus éafód lín á chaitheamh aige. Thug Dáiví agus teaghlach Iosrael go léir áirc an Tiarna aníos le gártha agus le séideadh an stoic. Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí. Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus d' fhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus d' ofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna. Nuair a bhí deireadh na n-íobairtí dóite agus na n-íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví bheannaigh sé an pobal in ainm Tiarna na Slua. Ansin roinn sé ar an bpobal uile, ar shlua iomlán Iosrael, idir fhir agus mhná, cáca aráin an duine agus sciar dátaí agus císte rísíní. D' imigh an pobal go léir ansin, gach duine chun a thí féin. Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: «Nach breá an cháil,» ar sí, «a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.» D' fhreagair Dáiví Míceal: «Don Tiarna a bhí mé ag rince. [Dar an Tiarna beo], an té a thogh mise roimh d' athair agus roimh a theaghlach go léir le taoiseach a dhéanamh díom ar Iosrael, pobal an Tiarna, déanfaidh mé rince os comhair an Tiarna agus mé féin a ísliú níos mó fós. Beidh mé gan mheas i do shúilese, ach beidh deamheas orm ina súile siúd, na cailíní a luann tú.» Go lá a báis bhí Míceal iníon Shóil gan chlann. A luaithe a bhí an rí socair ina theach agus go raibh suaimhneas aige óna naimhde go léir ina thimpeall, dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: «Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!» Dúirt Nátán leis an rí: «Imigh agus déan an uile ní is áil le do chroí, óir tá an Tiarna leat.» An oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán: «Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: 'Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí? Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth. Le linn mo chuid taistil go léir le pobal uile Iosrael, an ndúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal: «Cén fáth nár thóg tú teach céadrais dom?'» Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: 'Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal. Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse. Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí san áit sin agus ní chuirfear isteach orthu arís; ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na lucht foréigin orthu, mar a bhíodh an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot. Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n-adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas. (Eisean a thógfaidh teach do m' ainmse, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.) Beidh mé i m' athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna. Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat. Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.'» D' inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví. Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: «Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, gur threoraigh tú an fad seo mé? Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia). Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat, nuair a rinne tú féin do shearbhónta a roghnú, a Thiarna Dia? Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a d' fhoilsigh tú é seo do do shearbhónta. Uime sin is mór é thú, a Thiarna Dia; níl aon neach mar thú, níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin. An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal? De do phobal Iosrael rinne tú do phobal daingean féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá ina Dhia acu feasta. Anois, a Thiarna Dia, coinnigh i gcónaí an gealltanas a thug tú do do shearbhónta agus dá theaghlach, agus déan mar a dúirt tú. Beidh d' ainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: 'Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.' Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair, ós tusa, Tiarna na Slua, Dia Iosrael, a d' fhoilsigh seo do do shearbhónta á rá: 'Tógfaidh mé teaghlach duit'; dá bhrí sin tá sé de mhisneach ag do sheirbhíseach an phaidir seo a chur suas chugat. Sea, a Thiarna Dia, is tusa Dia go deimhin, is fíor iad do bhriathra agus thug tú an gealltanas breá seo do do shearbhónta. Deonaigh, mar sin, teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfidh sé go deo i do láthair, óir is tusa a labhair, a Thiarna Dia, agus le do bheannachtsa beidh teaghlach do shearbhónta beannaithe go deo.» Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad, agus bhain sé [smacht ar an bpríomhchathair] de na Filistínigh. Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d' iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d' íoc cáin leis. Chloígh Dáiví Hadad Eizir mac Rachob rí Zóbá agus é ar an mbealach ag iarraidh a chumhacht a leathnú thar an Abhainn. Ghabh Dáiví míle seacht gcéad carbadóir agus fiche míle troitheach; ghearr Dáiví speireacha seisreacha na gcarbad, ach céad díobh. Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá, ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh. Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Aram na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d' íocadar cáin le Dáiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé. Thóg Dáiví na sciatha óir a bhíodh á n-iompar ag cosantóirí Hadad Eizir agus thug leis iad go Iarúsailéim. Thug Dáiví rí dlús mór cré-umha ó Bheatach agus Baerotaí, bailte le Hadad Eizir. Nuair a chuala Toí rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir go léir, chuir sé a mhac Iórám go dtí Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air; ba namhaid é Hadad Eizir do Thoí. Thug Iórám leis gréithe óir agus airgid agus cré-umha. Rinne Dáiví rí iad seo go léir a choisreacan don Tiarna mar a bhí déanta aige leis an airgead agus leis an ór a bhí faighte aige ó na náisiúin go léir a bhí curtha faoi chois aige Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic agus ó Hadad Eizir mac Rachob, rí Zóbá. Bhain Dáiví cáil amach dó féin ar an gcuma sin. Ar fhilleadh dó, chloígh sé na hEadómaigh, ocht míle déag díobh, i nGleann an tSalainn. Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé. Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad. Bhí Dáiví ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir. Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina sheanchaí. Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Saráiá ina rúnaí. Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt. D' fhiafraigh Dáiví: «An bhfuil aon duine fágtha de theaghlach Shóil i dtreo gurbh fhéidir dom bheith cineálta leis ar son Iónátán?» Bhí searbhónta de theaghlach Shóil, darbh ainm Zíbeá, agus ghlaodar air chuig Dáiví: «An tú Zíbeá?» arsan rí leis. «Faoi do réir,» ar sé. Dúirt an rí: «Nach bhfuil duine éigin de theaghlach Shóil fágtha le go dtaispeánfainn cineáltas Dé dó?» D' fhreagair Zíbeá an rí: «Tá mac le Iónátán, duine a bhfuil cosa bacacha faoi.» Dúirt an rí leis: «Cá bhfuil sé?» Dúirt Zíbeá leis an rí: «Tá cónaí air i dteach Mhácaír mac Aimíéil i Ló Dabár.» Chuir Dáiví rí fios air agus thug é ó theach Mhácaír mhic Aimíéil i Ló Dabár. Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. «Meirí Bál!» arsa Dáiví. «Táim faoi do réir,» ar sé. Dúirt Dáiví leis: «Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d' athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d' athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.» Thug Meirí Bál ómós dó: «Céard é do shearbhónta,» ar sé, «a rá go mbeadh do ghnaoi ar mhadra marbh mar mise.» Ghlaoigh an rí ansin ar Zíbeá, searbhónta Shóil, agus dúirt leis: «Thug mé do mhac do mháistir gach ar bhain le Sól agus lena theaghlach go léir. Ní foláir duitse an talamh a shaothrú dó, thú féin agus do chlann mhac agus do dhaoráin; ní foláir duitse an fómhar a bhaint chun bia a sholáthar do chlann do mháistir. Ach Meirí Bál, mac do mháistir, beidh a bhéilí i gcónaí aige ag bord liom féin.» Bhí cúigear mac déag ag Zíbeá agus fiche daorán. Dúirt Zíbeá leis an rí: «Déanfaidh do shearbhónta gach ar ordaigh mo thiarna an rí dá shearbhónta.» Bhíodh Meirí Bál dá bhrí sin ag suí chun boird le Dáiví, mar dhuine de chlann mhac an rí. Bhí mac óg ag Meirí Bál darbh ainm Míceá. Rinne searbhóntaí do Mheirí Bál de gach duine a raibh cónaí air i dteach Zíbeá. Bhí cónaí ar Mheirí Bál i Iarúsailéim mar shuíodh sé i gcónaí ag bord an rí. Bhí dhá chois bhacacha faoi. Fuair rí na nAmónach bás ina dhiaidh sin, agus tháinig Hánún a mhac i gcoróin ina dhiaidh. Dúirt Dáiví leis féin: «Beidh mé chomh dílis céanna do Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair domsa.» Chuir Dáiví a sheirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a ghabh seirbhísigh Dháiví isteach i dtír na nAmónach, dúirt na taoisigh Amónacha le Hánún a máistir: «An dóigh leat gur d' fhonn onóir a thabhairt do d' athair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a spíonadh agus a scrios?» Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad. Nuair a insíodh an scéal do Dháiví, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir. «Fanaigí in Ireachó,» arsan rí, «go bhfása bhur bhféasóg aris, agus tagaigí ar ais ansin.» Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear. Nuair a chuala Dáiví é sin sheol sé amach Ióáb leis na saighdiúirí singile agus leis na curaidh. Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag béal an gheata, ach d' fhan Aramaeigh Zóbá agus Rachob, muintir Thób agus Mhácá, leo féin sa mhachaire. Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla, thogh sé cuid de rogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech. Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí, agus chóirigh iad in aghaidh na nAmónach. Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, cabhraighse liom,» ar sé, «ach má bhíonn na hAmónaigh rothréan duitse, rachaidh mé i gcabhair ortsa. Bíodh misneach agat agus seas an fód ar son ár bpobail agus cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.» Chuaigh Ióáb agus an mhuintir a bhí in éineacht leis i ngleic leis na hAramaeigh ach theitheadarsan uaidh. Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh theitheadar féin mar an gcéanna ó Aibísí agus isteach leo sa chathair. D' fhill Ióáb ansin ón gcogadh in aghaidh na nAmónach agus tháinig ar ais go Iarúsailéim. Ar fheiceáil do na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chruinníodar go léir le chéile. Chuir Hadad Eizir teachtairí go dtí na hAramaeigh a bhí taobh thall den Abhainn agus bhailigh chuige iad. Thángadar go Haelám agus Seobác ceann feadhna arm Hadad Eizir a dtreorú. Nuair a d' insíodar é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile, agus ghabh thar an Iordáin agus tháinig go Haelám. Chuir na hAramaeigh cóiriú catha orthu féin in aghaidh Dháiví agus chuaigh i ngleic leis. Theith na hAramaeigh ó Iosrael, agus mharaigh Dáiví seacht gcéad dá bhfoirne carbaid agus daichead míle marcach; threascair sé Seobác a gceann feadhna freisin agus fuair sé bás ar an toirt. Nuair a chonaic na ríthe go léir a thug géillsine do Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinneadar síocháin le hIosrael, agus ghéilleadar dóibh. B' eagal leis na hAramaeigh cabhrú leis na hAmónaigh a thuilleadh. Ar theacht na bliana úire, an t-am is gnách le ríthe dul ag cogaíocht, chuir Dáiví Ióáb amach agus a sheirbhísigh féin agus pobal Iosrael ar fad in éineacht leis. Rinne siad ár ar na hAmónaigh agus chuir siad Rábá faoi léigear. Ach d' fhan Dáiví in Iarúsailéim. Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil. Chuir Dáiví tuairisc na mná seo agus dúradh leis: «Ar ndóigh sin í Baitseaba, iníon Eilíám, bean Úiríá an Hiteach.» Ansin sheol Dáiví teachtairí amach lena tabhairt chuige. Tháinig sí chuige agus luigh sé léi; bhí a fuil mhíosta tagtha agus í direach tar éis í féin a ghlanadh. D' imigh sí abhaile arís ansin. Ghabh an bhean gin agus chuir sí scéala chuig Dáiví: «Tá mé ag iompar clainne.» Ansin chuir Dáiví teachtaireacht ag triall ar Ióáb. «Seol Úiríá an Hiteach chugam.» Sheol Ióáb Úiríá chuig Dáiví láithreach. Nuair a tháinig Úiríá ina láthair chuir Dáiví tuairisc Ióáb agus an airm agus chúrsaí an chogaidh air. Ansin dúirt Dáiví le hÚiriá: «Gabh síos chun do thí agus bíodh spraoi agat.» D' fhág Úiríá an pálás agus cuireadh bronntanas ón rí ina dhiaidh. Ach chodail Úiríá lasmuigh de dhoras an pháláis le garda cosanta a mháistir; ní dheachaigh sé síos chun a thí féin. Tugadh an scéala seo chuig Dáiví: «Ní dheachaigh Úiríá síos chun a thí féin,» a dúirt siad leis. Chuir Dáiví ceist ar Úiríá: «Nach bhfuil aistear fada curtha díot agat? Cén fáth nach ndeachaigh tú síos chun do thí?» Dúirt Úiríá le Dáiví: «Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar d' anam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.» Dúirt Dáiví ansin le hÚiríá: «Fan anseo inniu chomh maith, agus amárach ligfidh mé chun siúil thú.» D' fhan Úiríá in Iarúsailéim dá bhrí sin, an lá sin, agus lá arna mhárach. Lá arna mhárach thug Dáiví cuireadh do bheith ag ithe agus ag ól ina chuideachta agus chuir sé ar meisce é. Nuair a tháinig an tráthnóna chuaigh Úiríá amach agus luigh sé ar a thocht in éineacht le garda cosanta a mháistir; ach ní dheachaigh sé síos chun a thí féin. An mhaidin ina dhiaidh sin scríobh Dáiví litir chuig Ióáb agus sheol sé le hÚiríá í. Is é a scríobh sa litir: «Cuir Úiríá i bhfíorthosach an chruachatha, agus ansin tarraingigí féin siar ar a chúl, ionas go ndéanfar é a threascairt agus a mharú.» Bhí an chathair faoi léigear ag Ióáb, agus chuir sé Úiríá in ionad arbh eol do na fir throda a bheith go fíochmhar. Thug muintir na cathrach rúid amach agus rinne ionsaí ar Ióáb; maraíodh cuid den arm agus cuid de sheirbhísigh Dháiví ina measc; agus maraíodh Úiríá an Hiteach i gcuideachta na cuideachta. Chuir Ióáb tuairisc iomlán ar an gcath go dtí Dáiví. Thug sé an treoir seo don teachtaire: «Nuair a bheidh scéal an chatha ar fad inste agat don rí, má thagann fearg ar an rí, agus go ndeir sé leat: 'Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach don chathair ag cur an chatha? Nach raibh a fhios agaibh go gcaithfidís libh ó na ballaí? Cé mharaigh Aibímeilic mac Iarubál? Nach ann a chaith bean bró mhuilinn anuas air ó na ballaí agus a mharaigh é i dTéibéiz? Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach do na ballaí?' abairse ansin: 'Tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh chomh maith.'» D' imigh an teachtaire leis, agus ar theacht dó, d' inis sé do Dháiví gach a raibh ordaithe ag Ióáb dó a rá. Dúirt an teachtaire le Dáiví: «Fuair a gcuid fear buntáiste orainn agus thángadar amach inár gcoinne ar an bpáirc, ach thiomáineamar ar gcúl iad go dtí béal an gheata. Ach ansin chrom na saighdiúirí ar chaitheamh le do sheirbhísigh ó na ballaí; cailleadh cuid de sheirbhísigh an rí, agus tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh freisin.» Dúirt Dáiví leis an teachtaire: «Abair é seo le Ióáb: 'Ná cuireadh an gnó seo buairt ar do chroí, óir slogann an claíomh fear uair, agus fear eile uair eile. Tabhair ruathar níos treise faoin gcathair agus scrios í.' Tabhair misneach mar sin dó.» Nuair a chuala bean Úiríá go raibh Úiríá a fear tar éis bháis, chaoin sí a fear. Nuair a bhí an caoineadh thart chuir Dáiví fios uirthi chun í a thabhairt chun a thí; bhí sí mar bhean aige, agus rug mac dó. Ach níor thaitin a raibh déanta ag Dáiví leis an Tiarna. Chuir an Tiarna Nátán fáidh chuig Dáiví. Tháinig sé chuige agus is é a dúirt sé: «Bhí beirt fhear san aon bhaile amháin, fear saibhir agus fear bocht. Bhí tréada agus táinte ag an bhfear saibhir, flúirse díobh. Ní raibh ag an bhfear bocht ach uan baineann, aon cheann beag amháin a cheannaigh sé. Bheathaigh sé í agus d' fhás sí suas leis féin agus lena chlann, ag ithe a chuid aráin, ag ól as a chupán, ag codladh ar a bhrollach; ba chuma nó a iníon féin leis í. Nuair a tháinig taistealaí ag lorg lóistín, níorbh áil leis an bhfear saibhir an strainséir a bhí tagtha chuige a chothú as a thréada agus as a tháinte féin, ach ina ionad sin rug sé ar uan an bhochtáin agus d' ullmhaigh é mar bhéile dá chuairteoir.» Tháinig taom feirge ar Dháiví in aghaidh an fhir: «Dar an Tiarna beo,» ar seisean le Nátán, «tá an bás tuillte ag an bhfear a rinne é sin. Caithfidh sé an t-uan a aisíoc faoi cheathair, as ucht a leithéid a dhéanamh agus sin gan trua gan taise.» Ansin dúirt Nátán le Dáiví: «is tusa an fear. Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: 'D' ungaigh mé thú i do rí ar Iosrael, agus d' fhuascail mé thú as láimh Shóil. Thug mé teach do mháistir duit agus mná do mháistir i d' ucht duit; thug mé teaghlach Iosrael duit agus teaghlach Iúdá, agus dá mba nár leor sin, thabharfainn oiread eile duit. Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach. Ar an ábhar sin ní bheidh an claíomh go brách i bhfad ó do theaghlach, ó léirigh tú go bhfuil drochmheas agat ormsa agus ó ghlac tú bean chéile Úiríá an Hiteach mar bhean chéile agat féin.' «Seo mar a deir an Tiarna: 'Déanfaidh mé d' aimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo. Ghníomhaigh tusa faoi rún; gníomhóidh mise os comhair Iosrael ar fad agus faoi sholas na gréine.'» Dúirt Dáiví le Nátán: «Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna.» Ansin dúirt Nátán le Dáiví: «Chomh fada agus a bhaineann leis an Tiarna, tugann sé maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú. Ach ó thug tú barr masla don Tiarna tríd an ngníomh seo, gheobhaidh an leanbh a ghin tú bás.» Leag an Tiarna a lámh ar an leanbh a rug bean chéile Úiríá do Dháiví agus tháinig tinneas trom air. Ansin chuaigh Nátán abhaile. Rinne Dáiví achainí chun Dé ar son an linbh; rinne sé troscadh dian; chuaigh sé isteach abhaile agus chaith an oíche ar an talamh lom. Tháinig oifigigh a theaghlaigh agus sheas siad thart timpeall air; d' iarradar air éirí ón talamh, ach dhiúltaigh sé agus ní ghlacfadh sé bia ar bith leo. Ar an seachtú lá, fuair an leanbh bás. Bhí eagla ar fheidhmeannaigh Dháiví a insint dó go raibh an leanbh marbh. «Fad a bhí an leanbh beo,» ar siad, «bhímis ag áiteamh leis, ach ní éistfeadh sé linn. Conas, más ea, a d' fhéadfaimis a rá leis go bhfuil an leanbh marbh? B' fhéidir go ndéanfadh sé díobháil éigin dó féin.» Ach thug Dáiví faoi deara go raibh a fheidhmeannaigh ag cogarnaíl le chéile agus thuig sé go raibh an leanbh marbh. «An bhfuil an leanbh marbh?» arsa Dáiví leis na feidhmeannaigh. D' fhreagair siad: «Tá. Tá sé marbh.» D' éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d' ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d' iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é. Dúirt a fheidhmeannaigh leis: «Cad ina thaobh go bhfuil seo á dhéanamh agat? Fad a mhair do leanbh, bhí tú ag troscadh agus ag caoineadh, ach nuair a fuair an leanbh bás, d' éirigh tú agus chaith tú bia.» «Fad a mhair an leanbh,» d' fhreagair sé, «rinne mé troscadh agus caoineadh mar go raibh mé á rá liom féin: 'Cá bhfios nach mbeadh trua ag an Tiarna dom agus go mairfeadh mo leanbh.' Ach anois, ó tá sé marbh, cén fáth a ndéanfainn troscadh? An féidir liom é a thabhairt ar ais arís? Rachaidh mise chuige, ach ní féidir dósan teacht ar ais chugamsa.» Chrom Dáiví ar shólás a thabhairt dá bhean Baitseaba, agus chuaigh isteach chuici agus luigh léi. Ghabh sí gin, agus rug sí mac ar ar thug sí Solamh. Bhí grá ag an Tiarna dó, agus d' inis sé é sin trí bhéal Nátán fáidh. Thug sé dá bhrí sin Muirnín an Tiarna air de bharr an Tiarna. Chuir Ióáb cath ar Rabá na nAmónach agus ghabh sé [daingean an uisce]. Ansin chuir Ióáb teachtairí go Dáiví agus dúirt: «Rinne mé ruathar ar Rabá agus ghabh mé daingean an uisce. Cruinnigh an chuid eile den arm, más ea, suigh do champa i gcoinne na cathrach, agus tóg í d' fhonn nach ngabhfainnse an chathair agus m' ainm féin a thabhairt uirthi.» Chruinnigh Dáiví an pobal go léir le chéile agus chuaigh go Rabá, agus throid ina coinne agus ghabh í. Ansin bhain sé an choróin de cheann a rí; bhí tallann óir de mheáchan inti; bhí cloch luachmhar suite inti agus cuireadh ar cheann Dháiví í. Thug sé leis creach mhór amach as an gcathair. Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piocóidí agus tuanna iarainn, agus bhain sé feidhm astu ag déanamh brící. Thug sé an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d' fhill Dáiví agus an t-arm ar fad go Iarúsailéim. Mar seo a bhí ina dhiaidh sin. Bhí deirfiúr álainn ag Aibseálóm mac Dháiví darbh ainm Támár. Thit Amnón mac Dháiví i ngrá léi. Bhí Amnón chomh cráite faoina dheirfiúr Támár gur éirigh sé tinn; ba mhaighdean í agus shíl Amnón nárbh fhéidir dó aon ní a dhéanamh léi. Ach bhí cara ag Amnón, darbh ainm Iónádáb, mac Shimeá, deartháir Dháiví. Fear an-chliste a ba ea Iónádáb. «A mhic an rí,» ar sé leis, «cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n-inseoidh tú dom?» Dúirt Amnón leis: «Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.» Dúirt Iónádáb leis: «Luigh síos ar do leaba agus lig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfaidh d' athair ar cuairt chugat abair: 'Tagadh mo dheirfiúr Támár agus tugadh sí rud éigin le hithe dom, déanadh sí an bia a ullmhú os comhair mo shúl le go bhfeicfinn é, agus go n-íosfainn é as a láimh.'» Luigh Amnón síos dá bhrí sin agus lig sé air a bheith tinn. Nuair a tháinig an rí ar a thuairisc, dúirt Amnón leis an rí: «Tagadh mo dheirfiúr Támár agus déanadh sí cáca nó dhó os mo chomhair le go n-íosfainn as a láimh.» Chuir Dáiví teachtaireacht go Támár: «Téigh go teach do dhearthár Amnón, agus ullmhaigh bia dó.» Chuaigh Támár dá bhrí sin go teach a dearthár Amnón, mar a raibh sé ina luí. Fuair sí taos, d' fhuin é, agus rinne cácaí os comhair a shúl, agus bhruith sí na cácaí. Ansin thóg sí an t-oigheann, agus scaoil amach os a chomhair iad, ach dhiúltaigh sé greim a ithe. «Imíodh gach aon duine amach uaim,» arsa Amnón, agus d' imíodar. Ansin dúirt Amnón le Támár: «Tabhair an bia isteach sa seomra laistigh le go n-íosfainn as do láimh.» Rug Támár ar na cácaí a bhruith sí agus thug léi isteach iad go dtí a deartháir Amnón sa seomra laistigh. Agus í ag tabhairt an bhia ina chóngar, rug sé greim uirthi agus dúirt léi: «Tair agus luigh liom, a shiúr.» «Stad, a bhráthair liom,» ar sí, «ná héignigh mé! Ní dhéantar a leithéid in Iosrael. Ná déan an choir ghránna sin. Cá rachainn ag iompar m' aithise? Agus maidir leat féin, bheifeá i d' óinmid gan náire in Iosrael. Imigh leat, impím ort, agus labhair leis an rí; ní dhiúltóidh sé mé a thabhairt duit.» Ach ní éistfeadh sé léi; fuair sé an lámh in uachtar uirthi; d' éignigh sé í, agus luigh léi. Tháinig gráin mhór ag Amnón ansin di; an ghráin a bhí aige di, ba thréine í ná an grá a bhí aige roimhe sin di. Dúirt Amnón léi: «Bí i do shuí agus imigh leat.» «Ní dhéanfaidh mé, a dheartháir,» ar sí, «ba mhó de choir mé a chur chun siúil ná an ceann eile a rinne tú i m' aghaidh.» Ach ní thabharfadh sé cluas di. Ghlaoigh sé ar an óglach a bhí ag freastal air: «Cuir an bhean seo amach as mo radharc uaim,» ar sé, «agus cuir an bolta ar an doras ina diaidh.» (Bhí fallaing le muinchillí fada á caitheamh aici, mar sin é a chaitheadh iníonacha an rí sa seansaol roimh phósadh dóibh.) Chuir an t-óglach amach í agus chuir an bolta ar an doras ina diaidh. Chuir Támár luaithreach ar a ceann, stróic sí an fhallaing fhada a bhí uirthi, agus d' imigh léi ag gol in ard a cinn ar an tslí di. Dúirt a deartháir Aibseálóm léi: «An raibh do dheartháir Amnón ina luí leat? Socair anois, a dheirfiúr; sé do dheartháir é. Ná cuireadh sé seo buairt ar do chroí.» Ach d' fhan Támár go dubhach brónach i dteach a dearthár, Aibseálóm. Nuair a chuala Dáiví rí an scéal go léir, tháinig an-fhearg air; [ach ní raibh aon fhonn air díobháil a dhéanamh dá mhac Amnón mar go raibh cion aige air; ba é a chéadghin é]. Ach ní raibh focal maith ná drochfhocal ag Aibseálóm le hAmnón; mar bhí an ghráin ag Aibseálóm ar Amnón mar gur éignigh sé a dheirfiúr Támár. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí a mheitheal bearrthóirí ag Aibseálóm ag Bál Házór atá láimh le hEafráim, thug Aibseálóm cuireadh do chlann mhac an rí go léir. Tháinig Aibseálóm chuig an rí agus dúirt: «Tá an mheitheal bhearrtha ag do shearbhónta; an mbeadh an rí agus a fheidhmeannaigh sásta teacht le do shearbhónta?» D' fhreagair an rí agus dúirt le hAibsealóm: «Ní dhéanfaimid, a mhic; níor chóir dúinn go léir teacht agus bheith inár n-ualach ort.» Cé go raibh Aibseálóm ag tathant air, ní rachadh sé ach chuir a bheannacht leis. Lean Aibseálóm air: «Mura dtiocfaidh tusa, lig do mo dheartháir Amnón dul linn ar a laghad.» «Cén fáth,» arsa an rí leis, «a rachadh seisean leat?» Ach lean Aibseálóm air ag tathant air go dtí gur lig sé d' Amnón agus do chlann mhac an rí go léir dul leis. D' ullmhaigh Aibseálóm fleá ríoga, agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: «Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: 'Buailigí Amnón,' maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!» Thug giollaí Aibseálóm an íde a d' ordaigh Aibseálóm ar Amnón. Phreab clann mhac an rí go léir ina suí ansin agus léim ar a miúileanna agus theith leo. Fad a bhíodar ar an mbóthar chuala Dáiví an ráfla: «Mharaigh Aibseálóm clann mhac an rí gan fear inste scéil a theacht slán.» D' éirigh an rí, stróic a chuid éadaigh, agus luigh ar an talamh. Stróic a raibh dá fheidhmeannaigh ag freastal air a gcuid éadaigh chomh maith. Ach labhair Iónádáb mac Shimeá, deartháir Dháiví: «Ná síleadh mo thiarna,» ar sé, «gur mharaigh siad na fir óga go léir, clann mhac an rí. Níl marbh ach Amnón amháin, mar bhí an bhagairt sin le léamh ar aghaidh Aibseálóm ón lá a d' éignigh Amnón a dheirfiúr Támár. Ná bíodh sé á thaibhreamh do mo thiarna an rí go bhfuil clann mhac an rí go léir marbh. Níl marbh ach Amnón amháin.» Agus theith Aibseálóm. D' ardaigh an fear faire a shúile agus chonaic díorma mór chuige le fána bhóthar Bhachúraím. [Tháinig sé lena rá leis an rí: «Chonaic mé fir chugainn le fána bhóthar Bhachúraím] ar thaobh an tsléibhe.» Dúirt Iónádáb leis an rí: «Seo chugainn clann mhac an rí; tá críoch an scéil faoi mar a dúirt do shearbhónta.» Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a tháinig clann mhac an rí agus rinneadar caoineadh agus olagón in ard a ngutha; ghoil an rí agus a fheidhmeannaigh go géar chomh maith. Theith Aibseálóm, ámh, agus tháinig go Talmai, mac Aimíohúd, rí Ghisiúr, agus d' fhan sé ansiúd ar feadh trí bliana. Bhí an rí ag caoineadh a mhic i gcaitheamh an ama sin go léir. Ní raibh olc ina chroí ag an rí in aghaidh Aibseálóm a thuilleadh nuair a tháinig sé chuige féin tar éis bhás Amnón. Thug Ióáb mac Zarúá faoi deara go raibh croí an rí ag caitheamh i ndiaidh Aibseálóm arís. Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: «Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá; téigh go dtí an rí agus abair a leithéid seo leis,» agus chuir Ióáb a raibh le rá aici ina béal. Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: «Fóir orm, a rí!» «Cad tá ort?» arsa an rí léi. «Mo chreach, is baintreach mé; tá mo chéile tar éis bháis. Bhí beirt mhac ag d' ionailt, agus d' éirigh eatarthu amuigh sa ghort gan fear a n-idirghabhála ann. Bhuail duine díobh an duine eile agus mharaigh é. Anois tá an fine go léir éirithe i gcoinne d' ionailte: 'Tabhair ar láimh an fear a mharaigh a dheartháir,' a deir siad; ' beidh a anam againn in éiric anam an té a mharaigh sé, agus millfimid an t-oidhre chomh maith.' Múchfaidh siad ar an gcuma sin cibé síol atá fágtha ar mo theallach agus ní fhágfaidh siad ainm ná sliocht ag m' fhear céile ar chlár na cruinne.» «Téigh abhaile,» arsa an rí ansin leis an mbean, «agus tabharfaidh mé féin orduithe i dtaobh do cháis.» Dúirt an bhean ó Theacóá leis an rí: «A thiarna rí! Go raibh an chiontacht ormsa agus ar mo mhuintir! Go raibh an rí agus a ríchathaoir gan locht!» «Tabhair chugam an fear a rinne bagairt ort,» a dúirt an rí, «agus ní leagfaidh sé lámh go deo arís ort.» Dúirt sí ansin: «Glaodh an rí, lena thoil, ar ainm an Tiarna, a Dhia, d' fhonn nach ndéanfadh an díoltasaí fola a thuilleadh marú agus mo mhac a mhilleadh.» «Dar an Tiarna beo,» ar sé, «ní thitfidh ribe de ghruaig do mhic chun na talún.» Ansin dúirt an bhean: «Lig do d' ionailt rud éigin eile a rá le mo thiarna an rí.» «Lean ort,» ar sé. «Cén fáth más ea,» arsa an bhean, «a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh. Tá an bás i ndán dúinn go léir; is cuma sinn nó uisce a doirteadh ar an talamh nach féidir a bhailiú le chéile aris; ní mó ná sin a ardaíonn Dia duine ón mbás. Déanadh [an rí] mar sin seift ar son an té a díbríodh le nach bhfanfadh sé i bhfad i gcéin uaidh ar deoraíocht. Is é cúis faoinar tháinig mé le labhairt ar an ábhar seo le mo thiarna an rí, mar gur chuir daoine eagla orm, agus rith sé le d' ionailt: 'Labhróidh mé leis an rí; b' fhéidir go ndéanfadh an rí mar a iarrfaidh a ionailt air. Mar déanfaidh an rí rud orm agus déanfaidh sé a ionailt a fhuascailt ó lámha an té a ghearrfadh mise agus mo mhac mar aon liom amach ó oidhreacht Dé. Go ndéana briathra mo thiarna an rí,' a dúirt mé liom féin, ' mé a chur chun suaimhnis. Mar tá mo thiarna an rí ar aon dul le haingeal Dé ag scagadh olc agus maith.' Go raibh an Tiarna do Dhia leat!» Thug an rí freagra uirthi á rá: «Ná seachain aon cheist atáim a chur chugat, le do thoil.» «Cuireadh mo thiarna an rí a cheist chugam,» ar sí. «Nach bhfuil lámh Ióáb ar do chúl sa ghnó seo go léir?» d' fhiafraigh an rí. D' fhreagair an bhean agus dúirt: «Chomh cinnte agus atá tú i do bheatha, a thiarna liom agus a rí, níl dul as ar dheis nó ar chlé ó na nithe a dúirt mo thiarna an rí liom. Sea, is é d' óglach Ióáb a d' iarr é seo orm; chuir sé na focail seo go léir i mbéal d' ionailte. D' fhonn athrú treo a chur ar do chúrsaí a rinne do shearbhónta Ióáb mar sin; ach tá eagna mar atá ag aingeal Dé ag mo thiarna; tá fios gach a dtarlaíonn ar talamh aige.» Dúirt an rí le Ióáb ansin: «Ceart go leor! Bíodh d' achainí agat! Imigh agus tabhair leat ar ais an t-ógánach Aibseálóm!» Chaith Ióáb é féin ar a bhéal ar an talamh, thug ómós don rí, agus bheannaigh é. «A thiarna liom, agus a rí,» arsa Ióáb, «tá a fhios ag do shearbhónta anois go bhfuil fabhar faighte aige i do láthair, a thiarna rí, mar go ndearna an rí faoi mar a d' iarr a shearbhónta air.» Chuir Ióáb chun bealaigh agus tháinig go Gisiúr agus thug Aibseálóm ar ais go Iarúsailéim. Ach dúirt an rí: «Maireadh sé leis féin, ina theach féin; fanadh sé as mo radharc!» Chuir Aibseálóm faoi leis féin ina theach féin dá bhrí sin, agus níor tháinig sé i láthair an rí. Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail air ó mhullach a chinn go bonn a choise. Nuair a bhearradh sé de a cheann gruaige rud a dhéanadh sé ag deireadh gach bliana; bhearradh sé ansin é mar go mbíodh sé róthrom dó mheádh sé an ghruaig, dhá chéad seicil de thomhas an rí. Rugadh triúr mac agus iníon d' Aibseálóm; Támár a b' ainm dá iníon agus ba sciamhach an bhean í. Chaith Aibseálóm dhá bhliain in Iarúsailéim gan teacht i láthair an rí. Ansin chuir Aibseálóm fios ar Ióáb lena thabhairt féin i láthair an rí, ach ní thiocfadh Ióáb chuige. Chuir sé fios air an dara huair, ach ní thiocfadh Ióáb chuige. Dúirt sé lena ghiollaí dá bhrí sin: «Féach, tá gort Ióáb taobh le mo ghortsa, agus tá eorna aige ann. Imígí agus cuirigí trí thine é.» Chuir giollaí Aibseálóm gort Ióáb trí thine. D' éirigh Ióáb agus d' imigh leis go dtí a theach go hAibseálóm. «Cén fáth,» ar sé, «gur chuir do ghiollaí mo ghort trí thine?» D' fhreagair Aibseálóm á rá le Ióáb: «Féach, chuir mé scéala chugat: 'Tar anseo chugam d' fhonn go gcuirfidh mé thú go dtí an rí leis an teachtaireacht seo: Cén fáth ar tháinig mé ar ais ó Ghisiúr? B' fhearr dom a bheith ann fós! Lig dom anois dul isteach i láthair an rí; má táim ciontach, cuireadh sé chun báis mé.'» Chuaigh Ióáb chuig an rí agus thug an teachtaireacht dó. Chuir seisean fios ar Aibseálóm agus tháinig sé go dtí an rí, chrom go talamh ina láthair agus chaith é féin ar a bhéal os a chomhair. Agus thug an rí póg d' Aibseálóm. Ina dhiaidh sin fuair Aibseálóm carbad agus eachra agus leathchéad fear le rith roimhe. D' éiríodh Aibseálóm go moch, agus sheasadh sé le taobh bhóthar an gheata. Aon uair a thagadh duine le cúis le cur faoi bhreith an rí, ghlaodh Aibseálóm air agus deireadh: «Cén chathair arb as duit?» D' fhreagraíodh seisean: «As a leithéid seo de threibh in Iosrael do shearbhónta.» Deireadh Aibseálóm leis: «Tá d' éileamh ceart agus cóir, ach níl aon fhear ionaid ceaptha ag an rí le héisteacht leat.» Agus leanadh Aibseálóm air: «Uch nach gceapfaí mé i mo bhreitheamh sa tír! Ansin aon duine a mbeadh cúis nó caingean aige, d' fhéadfadh sé teacht chugamsa agus gheobhadh sé ceart uaim.» Nuair a thagadh duine chuige le hómós a thabhairt dó, shíneadh sé amach a lámh, bheireadh greim air agus phógadh é. Is mar sin a dhéanadh Aibseálóm leis na hIosraelaigh go léir a thagadh chuig an rí ag tagra a gcirt, agus mheall Aibseálóm croí fhir Iosrael ar an tslí sin. Tar éis ceithre bliana dúirt Aibseálóm leis an rí: «Lig dom dul go Heabrón chun an mhóid a thug mé don Tiarna a chomhlíonadh; mar nuair a bhí mé i nGisiúr in Arám, thug do shearbhónta an mhóid seo: 'Má thugann an Tiarna ar ais go Iarúsailéim mé,' arsa mise, ' tabharfaidh mé ómós don Tiarna i Heabrón.'» Dúirt an rí leis: «Imigh faoi shíocháin!» agus d' imigh sé leis agus tháinig go Heabrón. Chuir Aibseálóm teachtairí ar fud treibheanna Iosrael go léir á rá: «A luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, abraigí: 'Tá Aibseálóm ina rí i Heabrón!'» Chuaigh dhá chéad fear le hAibseálóm ó Iarúsailéim; bhí cuireadh acu, agus thángadar gan urchóid ina gcroí ná eolas ar bith acu. Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n-íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart. Tháinig teachtaire chuig Dáiví agus dúirt leis: «Tá lé ag fir Iosrael le hAibseálóm anois.» Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: «As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.» D' fhreagair oifigigh an rí: «Féach, táimidne, do shearbhóntaí, réidh le déanamh de réir cibé ní a bheartóidh mo thiarna, an rí.» D' imigh an rí agus a theaghlach go léir ina dhiaidh agus d' fhág sé deichniúr leannán i bhfeighil an pháláis. D' imigh an rí de chois agus a mhuintir go léir ina dhiaidh agus stad siad ag an teach deiridh. Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí. Dúirt an rí le hIotaí an Giteach: «Cén fáth a bhfuil tusa ag teacht linne? Fill ar ais agus fan in éineacht leis an rí mar is coimhthíoch thú, agus deoraí ó do thír féin chomh maith. Níor tháinig tú ach inné, agus an amhlaidh a thabharfainn ar guardal inniu thú inár dteannta, agus gan fhios agam féin cén treo? Fill ar ais, tabhair do mhuintir leat agus [go raibh an Tiarna] buanchineálta dílis leat.» D' fhreagair Iotaí an rí: «Dar an Tiarna beo, agus dar anam mo thiarna an rí, cibé áit ina mbeidh mo thiarna an rí, más beo, más marbh dó, is ann a bheidh do shearbhónta chomh maith.» «Ar aghaidh leat tharainn, más ea,» arsa Dáiví le hIotaí. Ghabh Iotaí an Giteach ar aghaidh lena chuid fear go léir agus na miondaoine go léir a lean é. Rinne an tuath go léir caoineadh agus olagón agus na daoine ag gabháil thar bráid. Sheas an rí i nGleann Chidreon agus mháirseáil na daoine go léir thairis i dtreo an fhásaigh. Bhí Zádóc ansiúd agus na Léivítigh go léir ag iompar áirc chonradh Dé. Leagadar áirc Dé ansiúd ar an talamh os comhair Aibíátár nó gur ghabh an pobal go léir thart amach as an gcathair. Dúirt an rí ansin le Zádóc: «Tabhair áirc Dé ar ais isteach sa chathair. Má fhaighim fabhar i súile an Tiarna, tabharfaidh sé ar ais mé agus tabharfaidh sé radharc arís dom uirthi féin agus ar a háit lonnaithe. Ach má deir sé: 'Ní gean liom thú,' seo mé agus déanadh sé liom mar is rogha leis.» Dúirt an rí le Zádóc an sagart: «Féach, fillse agus Aibíátár ar ais faoi shíocháin chun na cathrach leis an mbeirt mhac agaibh, Aichímeáz do mhac féin agus Iónátán mac Aibíátár. Fanfaidh mise i réitigh an fhásaigh go bhfaighidh mé gaoth an fhocail uaibhse.» Thug Zádóc agus Aibíátár áirc Dé ar ais go Iarúsailéim agus d' fhanadar ann. Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach. Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: «A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.» Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann. Dúirt Dáiví leis: «Má théann tú ar aghaidh liom, beidh tú i d' ualach orm; ach má fhilleann tú ar an gcathair agus a rá le hAibseálóm: 'Beidh mé i mo shearbhónta agat, a rí; bhí mé tráth i mo shearbhónta ag d' athair, ach anois beidh mé i mo shearbhónta agatsa,' beidh ar do chumas beartas Aichítifeil a shárú dom. Nach mbeidh na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansiúd i do theannta? Aon scéal a gheobhaidh tú ón bpálás, inis é do Zádóc agus d' Aibíátár, na sagairt. Agus féach, tá a mbeirt mhac, Aichímeáz mac Zádóc, agus Iónátán mac Aibíátár, in éineacht leo; seolfaidh sibh gach scéala a gheobhaidh sibh chugamsa lena gcabhairsean.» D' fhill Húisí, cara Dháiví, ar ais chun na cathrach díreach agus Aibseálóm ag teacht isteach in Iarúsailéim. Nuair a bhí Dáiví imithe tamall gairid thar mhullach an tsléibhe, tháinig Zíbeá, searbhónta Mheirí Bál, ina araicis le dhá asal, diallaití orthu agus ualach orthu de dhá chéad builín aráin, céad crobhaing rísíní, céad de thorthaí an tsamhraidh, agus seithe fíona. Dúirt an rí le Zíbeá: «Cá rachaidh tú leo sin?» D' fhreagair Zíbeá: «Do theaghlach an rí le marcaíocht orthu na hasail; do na saighdiúirí le hithe an t-arán agus na torthaí samhraidh; le hól ag an mhuintir a éireoidh lag san fhásach an fíon.» «Agus cá bhfuil mac do mháistir?» arsan rí. D' fhreagair Zíbeá an rí: «Féach, d' fhan sé in Iarúsailéim, mar a deir sé: 'Tabharfaidh teaghlach Iosrael ríocht m' athar ar ais dom inniu.'» Ansin dúirt an rí le Zíbeá: «Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.» Dúirt Zíbeá: «Umhlaím duit. Gura fiú mé d' fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!» Nuair a tháinig Dáiví a fhad le Bachúraím, amach le fear den sliocht céanna ónar shíolraigh clann Shóil. Simeí mac Ghéará ab ainm dó. Agus ag teacht dó bhí sé ag mallachtaigh leis agus ag caitheamh cloch le Dáiví rí agus lena chuid oifigeach go léir, cé go raibh an t-arm ar fad agus na gaiscígh uile thart timpeall ar an rí, ar dheis agus ar chlé. Seo mar a bhí sé ag mallachtaigh: «Beir as, beir as, a fhir na fola, a chladhaire! Bhain an Tiarna díoltas asat i bhfuil theaghlach Shóil ar ghlac tú a fhlaitheas ort féin, agus tá an Tiarna tar éis an flaitheas céanna a thabhairt i láimh Aibseálóm do mhac. Seo chugat anois uair na cinniúna, a fhir na fola.» Dúirt Aibísí mac Zarúá leis an rí: «An bhfuilimid chun ligean don mhadra marbh seo bheith ag mallachtaigh ar mo thiarna, an rí? Lig dom dul anonn agus an ceann a bhaint de.» Ach d' fhreagair an rí: «Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: 'Cuir mallacht ar Dháiví,' cén ceart atá ag aon duine a rá: 'Cad chuige a ndearna tú seo?'» Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: «Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis. B' fhéidir go mbreathnódh an Tiarna ar [m' anró] agus an mhaith a chur i mo threo in éiric a mhallachta inniu.» Chuir Dáiví agus a chuid fear chun bealaigh mar sin. Ach lean Simeí air ar feadh an tsléibhe ar a aghaidh anonn ag mallachtaigh ar an mbealach agus ag caitheamh cloch agus cré leis. Shroich an rí agus an mhuintir go léir a bhí in éineacht leis [an Iordáin] agus an-tuirse orthu, agus ligeadar a scíth ansiúd. Tháinig Aibseálóm lena lucht leanúna go léir de chlann Iosrael isteach in Iarúsailéim; bhí Aichítifeil ina theannta. Nuair a tháinig Húisí an tAircíoch, cara Dháiví, i láthair Aibseálóm, dúirt sé: «Fad ar shaol an rí! Fad ar shaol an rí!» Agus dúirt Aibseálóm le Húisí: «An mar sin atá ag do dhílseacht do do chara? Cén fáth nár imigh tú le do chara?» Agus dúirt Húisí le hAibseálóm: «Ní mar sin atá. Ach an té a thogh an Tiarna agus an pobal seo agus muintir Iosrael go léir is aigesean a bheidh mise, agus is leis-sean a fhanfaidh mé. Agus thairis sin, cé dó a ndéanfainn seirbhís? Cé eile ach dá mhac? Déanfaidh mé seirbhís duitse faoi mar a rinne mé do d' athair.» Agus dúirt Aibseálóm le hAichítifeil: «Déan do mhachnamh go maith; cad tá le déanamh againn?» Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: «Luigh leis na leannáin dá chuid a d' fhág d' athair i bhfeighil a thí; ansin beidh a fhios ag Iosrael go léir go mbeidh an ghráin ag d' athair ort, agus beidh breis misnigh ag do lucht tacaíochta go léir.» Shuíodar both dá bhrí sin d' Aibseálóm ar dhíon an tí agus ghabh Aibseálóm isteach chun leannáin a athar i bhfianaise Iosrael go léir. Sna laethanta úd ba gheall le dul i muinín oracail Dé féin dul i muinín chomhairle Aichítifeil. Sin é an meas a bhí ar gach comhairle a thugadh Aichítifeil ag Dáiví agus ag Aibseálóm chomh maith céanna. Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: «Lig dom dhá mhíle fear a thoghadh agus rachaidh mé sa tóir ar Dháiví anocht féin. Tiocfaidh mé suas leis agus tuirse agus lagmhisneach air; cuirfidh mé scanradh air agus teithfidh an mhuintir go léir atá ina theannta. Ní dhéanfaidh mé ach an rí féin a threascairt, agus tabharfaidh mé an pobal go léir ar ais chugat mar a thiocfadh brídeog abhaile chun a fear céile. Níl tú sa tóir ach ar anam aon duine amháin, agus beidh an chuid eile den phobal faoi shíocháin.» Thaitin an chomhairle sin le hAibseálóm agus le seanóirí Iosrael go léir. Ansin dúirt Aibseálóm: «Glaoigh ar Húisí an tAircíoch chomh maith, agus tugaimis cluas dá bhfuil le rá aige.» Nuair a tháinig Húisí go hAibseálóm, dúirt Aibseálóm leis: «Sin mar a deir Aichítifeil; an ndéanfaimid mar a deir sé? Mura ndéanfaimid, abair rud éigin tú féin.» Ansin dúirt Húisí le hAibseálóm: «An chomhairle a thug Aichítifeil an turas seo, ní maith í.» Lean Húisí air: «Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d' athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d' athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm. Féach, anois féin tá sé imithe i bhfolach in uaimh éigin nó i mball éigin eile. Má thiteann cuid dár muintir sa chéad ionsaí, an té a chloisfidh sin déarfaidh sé go bhfuil ár déanta ar an muintir a leanann Aibseálóm. Ansin titfidh an lug ar an lag fiú ag lucht an chroí mar leon. Tá a fhios ag Iosrael go léir gur gaiscíoch é d' athair agus gur laochra iad an dream atá ina theannta. Sé mo chomhairlese duit: Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba a thionól i do thimpeall, agus iad chomh líonmhar le gaineamh na trá: agus tú féin a dhul chun catha chomh maith. Tiocfaimid air cibé áit ina bhfuil sé le fáil; titfimid sa mhullach air faoi mar a thiteann an drúcht ar an talamh gan eisean ná aon duine ina chuideachta a fhágáil beo. Má theitheann sé isteach i gcathair, tabharfaidh Iosrael go léir téada chun na cathrach sin agus déanfaimid í a tharraingt isteach sa ghleann go dtí nach mbeidh oiread agus púróg di le fáil.» Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: «Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,» óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin. Dúirt Húisí leis na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansin: «Thug Aichítifeil a leithéid seo agus a leithéid siúd de chomhairle d' Aibseálóm agus do sheanóirí Iosrael, ach mar seo agus mar siúd a chomhairligh mise dóibh a dhéanamh. Cuirigí scéala go Dáiví gan mhoill dá bhrí sin agus abraigí leis: 'Ná cuir fút anocht i réitigh an fhásaigh, ach gabh anonn chomh tapa agus is féidir leat nó scriosfar an rí agus an t-arm go léir in éineacht leis.'» Bhí Iónátán agus Aichímeáz ag feitheamh ag Tobar an Úcaire; bhí banseirbhíseach le dul chucu agus rabhadh a thabhairt dóibh, agus bhí siadsan le rabhadh a thabhairt don rí Dáiví mar ní ligfeadh an eagla dóibh go bhfeicfí ag dul isteach sa chathair iad. Chonaic ógánach iad ámh agus d' inis an scéal d' Aibseálóm. D' imigh an bheirt leo go tapa agus thángadar go teach fir i mBachúraím; bhí tobar aigesean ina chlós agus síos leo ann. Fuair an bhean brat agus leath sí é ar bhéal an tobair, agus chroith arbhar meilte air gan aon ní a fhágáil le feiceáil. Tháinig searbhóntaí Aibseálóm chun na mná sa teach: «Cá bhfuil Aichímeáz agus Iónátán?» ar siad. D' fhreagair an bhean: «D' imíodar leo ar aghaidh i dtreo an uisce.» Rinne siad cuardach dóibh ach nuair nach bhfuair siad iad d' fhill siad ar Iarúsailéim. Tar éis dóibh imeacht, tháinig na fir amach as an tobar agus d' imíodar leo le rabhadh don rí Dáiví. «Imigh leat,» ar siad le Dáiví, «agus gabh anonn thar uisce gan mhoill, mar thug Aichítifeil a leithéid seo de chomhairle i do thaobh.» Chuir Dáiví agus a lucht leanúna go léir chun bóthair agus chuadar anonn thar Iordáin; faoi mhaidin ní raibh duine fágtha nach raibh imithe anonn thar Iordáin. Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d' imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar. Bhí Dáiví tagtha chomh fada le Machanáím, ach ar ghabh Aibseálóm thar Iordáin agus fir Iosrael in éineacht leis. Chuir Aibseálóm Amásá i gceannas an airm ar fad in áit Ióáb. Mac le duine darb ainm Itreá an tÍsméileach a bhí pósta le Aibíogáil iníon [Ieise], deirfiúr Zarúá, máthair Ióáb, ab ea an tAmásá seo. Shuigh Iosrael agus Aibseálóm a longfort i gcríocha Ghileád. Nuair a shroich Dáiví Machanáím, thug Siobaí mac Nácháis ó Rabá na nAmónach, Mácaír mac Aimiael ó Ló Dabár, agus Bairzilí an Gileádach ó Rogailím thugadarsan tochtanna, báisíní, crúscaí cré, cruithneacht, eorna, min, grán, pónairí, lintilí, mil, gruth, caoirigh, cáis agus daimh, go Dáiví agus a lucht leanúna le hithe. «Mar,» a dúradar, «tá ocras agus tuirse agus tart ar an slua san fhásach.» Ansin chuir Dáiví tionól ar na sluaite a bhí ina theannta, agus cheap ceannairí mílte agus ceannairí céadta orthu. Rinne Dáiví an t-arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: «Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.» Ach d' fhreagair na fir: «Ná téighse amach. Má chuirtear an teitheadh orainn, is cuma leo fúinn; agus má mharaítear leath againn, is cuma leo fúinn. Ach tusa! is fiú deich míle dínn thusa! Dá bhrí sin is fearr thusa a bheith ullamh le fóirithint orainn ón gcathair.» Dúirt an rí leo: «Déanfaidh mé mar is fearr is dóigh libh.» Sheas an rí mar sin láimh leis an ngeata nuair a ghluais na saighdiúirí amach ina gcéadta agus ina mílte. Thug an rí ordú do Ióáb, d' Aibísí agus d' Iotaí: «Ná bígí dian ar an ógánach Aibseálóm, ar mo shonsa.» Ghabh na sluaite amach go páirc an chatha ar an gcuma sin in aghaidh Iosrael agus fearadh an cath i bhForaois Eafráim. Bhris lucht leanúna Dháiví ar arm Iosrael, agus rinneadh ár agus eirleach an lá sin, agus thit fiche míle fear; agus leath an cath ar fud na dúiche go léir, agus shlog an fhoraois níos mó an lá sin ná mar a mharaigh an claíomh. Tharla d' Aibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi. Chonaic duine éigin é seo agus thug sé an scéal do Ióáb: «Féach! chonaic mé Aibseálóm,» ar seisean, «agus é ar crochadh ó chrann darach.» Dúirt Ióáb leis an té a thug an scéala dó: «Agus má chonaic tú é, cén fáth nár leag tú ar lár ar an toirt é? Thabharfainnse féin, le fonn, deich seicil airgid duit, agus crios chomh maith.» «Fág go mbraithfinn meáchan míle seicil airgid ar mo ghlaic ní shínfinn mo lámh in aghaidh mhac an rí. Óir thug an rí i gcomhchlos dúinne, ordú duitse, d' Aibísí agus d' Iotaí: 'Déanaigí anacal anama ar Aibseálóm ar mo shonsa.' Ach dá ndéanfainn feall, agus m' anam a chur i mbaol níl aon ní i bhfolach ar an rí ní ardófá méar ar mhaithe liom.» Ansin dúirt Ióáb leis: «Ní bheidh mé ag meilt ama mar seo leat,» agus rug sé ar thrí shleá ina láimh agus sháigh sé i gcroí Aibseálóm iad agus é beo fós ansiúd ar an gcrann darach. Ansin tháinig deichniúr ógánach, lucht iompair airm Ióáb timpeall ar Aibseálóm, agus bhuail siad é agus mharaigh. Ansin shéid Ióáb an stoc agus d' fhill na saighdiúirí ar ais ón tóir ar Iosrael mar gur choisc Ióáb iad. Thógadar Aibseálóm leo agus chaitheadar síos isteach i bpoll mór san fhoraois é agus thógadar carn mór os a leacht. Agus theith Iosrael go léir, gach duine chun a bhaile féin. Agus é fós ina bheatha, rinne Aibseálóm an gallán atá i nGleann an Rí a roghnú agus a chur ina sheasamh i gcuimhne air féin. «Táim gan mac,» ar sé, «a choimeádfadh cuimhne m' ainm beo.» Bhí a ainm tugtha aige ar an ngallán, agus tugtar Gallán Aibseálóm air go dtí an lá inniu féin. Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: «Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.» Ach dúirt Ióáb: «Ní bheifeá i do theachtaire dea-scéala inniu; ach beidh tú lá éigin eile; ach ní bheidh dea-scéala agat dó inniu, mar tá mac an rí marbh.» Ansin dúirt Ióáb leis an gCúiseach: «Imigh leat agus inis don rí a bhfaca tú.» D' umhlaigh an Cúiseach do Ióáb agus rith leis. Ach lean Aichímeáz mac Zádóc air: «Cibé a tharlóidh,» ar sé le Ióáb, «caithfidh mise rith i ndiaidh an Chúisigh.» «Cad ab áil leat ag rith, a mhic ó? Ní bheidh aon ní agat de bharr do scéala.» «Cibé a tharlóidh,» ar sé, «caithfidh mé rith.» «Rith leat, más ea,» arsa Ióáb. Ansin rith Aichímeáz leis bealach an mhachaire agus fuair sé an tosach ar an gCúiseach. Bhí Dáiví ina shuí idir an dá gheata. Bhí an fear faire tar éis dul suas go dtí díon an gheata, ag an mballa; ag ardú a shúl dó d' fhéach sé agus chonaic fear ag rith leis féin. Scairt an fear faire agus d' inis sé sin don rí. Dúirt an rí: «Má tá sé leis féin, tá scéala le hinsint aige.» Nuair a dhruid an fear níos cóngaraí fós agus é á bhaint as na bonna, chonaic an fear faire fear eile ag rith; agus scairt an fear faire [ar bharr] an gheata: «Seo fear eile chugainn ag rith leis féin!» D' fhreagair an rí: «Tá scéala aige sin chomh maith.» «Is dóigh liom go ritheann an chéad fhear mar a ritheann Aichímeáz mac Zádóc,» arsan fear faire. «Fear maith eisean,» arsan rí, «agus tá dea-scéala leis.» Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: «Bail ó Dhia ort!» ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. «Moladh leis an Tiarna, do Dhia,» ar sé, «mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.» «An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?» d' fhiafraigh an rí. «Nuair a sheol Ióáb uaidh do shearbhónta, chonaic mé círéib mhór, ach níl a fhios agam cad a bhí i gceist.» Dúirt an rí: «Téigh i leataobh agus seas ansin.» Chuaigh sé i leataobh agus d' fhan ina sheasamh. Ansin tháinig an Cúiseach i láthair. «Dea-scéala do mo thiarna an rí!» arsa an Cúiseach. «Rinne an Tiarna thú a fhuascailt inniu ó láimh gach duine a rinne ceannairc i d' aghaidh.» «An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?» d' fhiafraigh an rí den Chúiseach. D' fhreagair sé siúd: «An bhail atá ar an ógánach sin, go raibh sé ar naimhde mo thiarna an rí, agus orthu siúd uile a rinne d' aimhleas lena gceannairc.» Tháinig ballchrith ar an rí. Chuaigh sé suas chuig an seomra os cionn an gheata agus bhris an gol air. Ar seisean agus é ag caoineadh: «A Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom, a Aibseálóm, a mhic liom, faraor gan mise marbh i d' áit, a Aibseálóm, a mhaicín, a mhaicín.» 19:1 2 Tugadh scéala chuig Ióáb: «Tá an rí ag caoineadh Aibseálóm agus ag mairgneach faoi.» 3 Agus d' iompaigh bua an lae sin chun dóláis do na saighdiúirí go léir, óir fuair siad amach an lá sin go raibh an rí ag caoineadh a mhic. 4 Agus d' fhill na saighdiúirí abhaile go fáilí an lá sin, mar a dhéanann saighdiúirí le barr náire, nuair a theitheann siad ón gcath. 5 Chuir an rí brat ar a ghnúis agus bhí ag gol go fuíoch: «A Aibseálóm, a mhic liom, a Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom.» 6 Ansin chuaigh Ióáb isteach sa teach chun an rí agus dúirt: «Tá náire shaolta á cur agat ar do shearbhóntaí go léir inniu agus gur shaor siad ón mbás inniu thú féin agus do chlann mhac agus iníonacha, agus do mhná agus do leannáin chomh maith; 7 óir tugann tú grá don mhuintir a thugann fuath duit, agus fuath don mhuintir a thugann grá duit. Thaispeain tú inniu gur bheag é do mheas ar cheannairí nó ar shearbhóntaí; mar is léir dom anois dá mbeadh Aibseálóm beo inniu agus sinn uile marbh, go mbeifeá sásta. 8 Bí i do shuí, más ea, agus bí amuigh agus tabhair misneach do do shaighdiúirí; mar mura ndéanann tú, tugaim an leabhar dar an Tiarna nach bhfanfaidh fear farat anocht. Agus is measa a rachaidh sin de thubaiste duit ná gach ar tháinig sa mhullach ort ó d' óige go dtí seo.» Theith Iosrael go léir, gach fear chun a bhaile féin. 9 D' éirigh an rí ansin, agus chuaigh agus shuigh ina chathaoir ag an ngeata. Chuala na saighdiúirí go léir an scéala gan mhoill. «Tá an rí,» ar siad, «ina chathaoir ag na ngeata.» Agus chruinnigh an pobal go léir i láthair an rí. 10 Bhí cách i measc treibheanna Iosrael go léir ag aighneas: «D' fhuascail an rí sinn,» a deiridís, «ó chumhacht ar naimhde; shaor sé sinn ó lámha na bhFilistíneach; agus anois cuireadh an teitheadh air féin roimh Aibseálóm. 11 Agus sin é Aibseálóm, an té a rinneamar a ungadh mar rí orainn, agus é marbh sa chath. Cén fáth, más ea, gan aon ní á rá agaibh faoin rí a thabhairt ar ais?» 12 Nuair a fuair an rí gaoth an fhocail faoina raibh á rá ar fud Iosrael, chuir sé Dáiví rí scéala go dtí na sagairt Zádóc agus Aibíátár: «Abraigí le seanóirí Iúdá: 'Cén fáth gur sibhse a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile? 13 Sibhse mo bhráithre, sibhse m' fhuil agus m' fheoil féin; cén fáth, más ea, gur sibh a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?' 14 Agus abraigí le hAmásá chomh maith: 'Nach tú m' fhuil agus m' fheoil féin? Go ndéana Dia seo agus siúd eile liom mura tú a bheidh mar cheann feadhna agam as seo amach in áit Ióáb.'» 15 Agus mheall sé chuige croí fhir Iúdá go léir, agus iad ar aon aigne; chuireadar teachtaireacht go dtí an rí á rá: «Fill ar ais, thú féin agus do shearbhóntaí go léir.» 16 D' fhill an rí ar ais dá bhrí sin go dtí an Iordáin. Agus tháinig Iúdá go Gilgeál le bualadh leis an rí chun é a thionlacan anall thar Iordáin. 17 Bhrostaigh Simeí mac Ghéará an Biniáimineach ó Bhachúraím anuas le fir Iúdá le bualadh le Dáiví rí. 18 Bhí míle fear ó Bhiniáimin in éineacht leis. Zíbeá, searbhónta theaghlach Shóil, agus a chúigear mac déag, agus fiche seirbhíseach, shroich siad an Iordáin roimh an rí, 19 agus rinne siad cion fir ag iompar teaghlach an rí anall thar áth, agus ag déanamh cibé rud ba mhian leis. Ag gabháil thar Iordáin don rí, chaith Simeí mac Ghéara é féin ag a chosa 20 agus dúirt leis an rí: «Ná cuireadh mo thiarna éagóir i mo leith; ná cuimhnigh ar an gcoir a rinne do shearbhónta an lá a d' fhág mo thiarna an rí Iarúsailéim. Caitheadh an rí as a aigne í. 21 Óir is eol do do shearbhónta gur pheacaigh sé; seo anseo mé dá réir sin inniu, ar an gcéad duine de theaghlach Iósaef ar fad ag teacht anuas agus ag bualadh le mo thiarna an rí.» 22 Ansin labhair Aibísí mac Zarúá amach: «Nach gcuirfear Simeí chun báis de bhrí gur chuir sé a mhallacht ar ungthach an Tiarna?» 23 «Céard é seo atá eadrainn, a mhaca Zarúá,» arsa Dáiví, «a rá is go mbeadh sibh inniu mar namhaid agam? Arbh fhéidir aon duine a chur chun báis in Iosrael ar a leithéid seo de lá? Nach inniu is eol dom go dearfa gur rí mé ar Iosrael?» 24 Dúirt an rí le Simeí: «Ní chuirfear chun báis thú,» agus thug sé a mhionn dó. Ghabh Meirí Bál mac Shóil síos chomh maith in araicis an rí. Níor chuir seisean coisbheart ar chois leis, níor bhearr a fhéasóg, ná níor nigh a chuid éadaigh ón lá d' fhág an rí go dtí gur fhill sé ar ais faoi shíocháin. 25 26 Nuair a tháinig sé ó Iarúsailéim in araicis an rí, d' fhiafraigh an rí de: «Cén fáth nár tháinig tú liom, a Mheirí Bál?» 27 «A thiarna, mo rí,» ar sé, «mheall mo sheirbhíseach mé; mar dúirt do shearbhónta leis: 'Cuir an diallait ar an asal dom, go rachaidh mé in airde air agus imeacht leis an rí,' mar tá do shearbhónta bacach. 28 Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit. 29 Ní raibh tuillte ó láimh mo thiarna an rí ag muintir m' athar ar fad ach an bás; ach dá ainneoin sin, chuir tú do shearbhónta i measc na muintire a shuíonn chun ithe ag do bhord féin. Cén ceart atá agamsa a thuilleadh fós a lorg ar an rí?» 30 «Cad ab áil leat ag trácht a thuilleadh ar do ghnóthaí?» arsan rí. «Tá sé socair agam go roinnfear an talamh idir thú agus Zíbeá.» 31 «Bíodh sé go léir aigesean,» arsa Meirí Bál leis an rí, «ón uair gur tháinig mo thiarna an rí abhaile slán folláin.» 32 Tháinig Bairzilí an Gileádach anuas ó Rogailím agus d' fhan sé in éineacht leis an rí á thionlacan thar an Iordáin. 33 Bhí aois mhór ag Bairzilí; bhí sé ceithre fichid bliain, agus is é a sholáthraigh bia don rí le linn dó a bheith i Machanáím mar gurbh fhear an-saibhir é. 34 «Tar liomsa,» arsan rí le Bairzilí, «agus déanfaidh mé soláthar do [do sheanaois] in Iarúsailéim in éineacht liomsa.» 35 Ach dúirt Bairzilí leis an rí: «An iomaí bliain atá fágtha fós agam le caitheamh a rá is go rachainn suas go Iarúsailéim leis an rí? 36 Táim ceithre fichid bliain d' aois anois; an n-aithneoinn só thar anó? An bhfaighimse, do shearbhónta, blas ar bhia nó ar dheoch? An dtabharfainn cluas fós do ghuth na bhfear nó na mban ag canadh? Cén fáth a mbeadh do shearbhónta ina ualach breise ar mo thiarna an rí? 37 Ní dhéanfaidh do shearbhónta ach dul thar Iordáin anonn beagán leis an rí; cén fáth go dtabharfadh an rí a leithéid de luach saothair dom? 38 Lig do do shearbhónta, le do thoil, filleadh ar ais le bás a fháil i mo chathair féin, taobh le huaigh m' athar agus mo mháthar. Ach seo é do shearbhónta Ciomchám; téadh seisean anonn le mo thiarna an rí; déan leis mar is dóigh leat is ceart.» 39 Dúirt an rí: «Téadh Ciomchám liom dá bhrí sin; cuirfidh mé cóir air mar is mian leat, agus aon ní a lorgóidh tú déanfaidh mé dó ar do shonsa.» 40 Ghabh an pobal go léir thar Iordáin ansin, agus ghabh an rí chomh maith; thug an rí póg do Bhairzilí agus chuir a bheannacht air, agus d' fhill seisean ar a bhaile féin. 41 Chuaigh an rí ar aghaidh go Gilgeál agus d' fhan Ciomchám in éineacht leis. Rinne muintir Iúdá go léir, agus leath mhuintir Iosrael chomh maith, an rí a thionlacan ar an tslí. Ansin tháinig fir Iosrael go léir go dtí an rí. D' fhiafraíodar den rí: «Cén fáth ar sciob ár mbráithre, fir Iúdá, chun siúil thú agus an rí agus a theaghlach a thabhairt thar Iordáin, agus fir Dháiví go léir in éineacht leis?» 42 43 Thug fir Iúdá go léir freagra ar fhir Iosrael; «Mar gur gaire é gaol an rí linne. Cén fáth mar sin a bhfuil fearg oraibh ina thaobh seo? Ar chaitheamar bia ar chostas an rí? Ar thug sé bronntanas ar bith dúinn?» 44 D' fhreagair fir Iosrael fir Iúdá: «Tá deich gcuid againn sa rí; agus is sinsearaí sinn ná sibhse chomh maith. Cén fáth ar thug sibh tarcaisne dúinn? Nach sinn is túisce a labhair faoinár rí a thabhairt ar ais?» Ach ba fhíochmhaire caint fhir Iúdá ná caint fhir Iosrael. Tharla go raibh ropaire ansiúd darbh ainm Seaba mac Bhicrí, Biniáimineach; shéid sé an stoc agus dúirt: «Níl cuid againn i nDáiví, Níl oidhreacht againn i mac Ieise; téadh cách chun a bhotha, a Iosrael.» Agus thréig fir Iosrael go léir Dáiví agus lean siad Seaba mac Bhicrí; ach lean fir Iúdá go dlúth den rí ar an mbealach ón Iordáin go Iarúsailéim. Agus tháinig Dáiví go dtí a phálás i Iarúsailéim. Agus thóg sé an deichniúir leannán a d' fhág sé i bhfeighil an pháláis agus chuir sé i dteach faoi gharda iad. Rinne sé soláthar bia agus beatha dóibh, ach níor luigh sé leo a thuilleadh. Bhíodar faoi ghlas go lá a mbáis, ag maireachtáil amhail baintreacha. Dúirt an rí le hAmásá: «Cuir gairm ar fhir Iúdá chugam faoi cheann trí lá agus bíse féin anseo chomh maith.» D' imigh Amásá ansin chun fir Iúdá a chruinniú, ach mhoilligh sé thar an am a cheap Dáiví dó. Ansin dúirt Dáiví le hAibísí: «Is mó is baol dúinn Seaba mac Bhicrí ná Aibseálóm riamh; beir leat lucht cosanta do thiarna agus téigh sa tóir air le heagla go mbainfeadh sé amach cathracha daingne agus éalú uainn.» Leanadar seo Aibísí: Ióáb, na Ceiréitigh, na Peiléitigh agus na gaiscígh go léir, agus iad ag imeacht leo ó Iarúsailéim ar thóir Sheaba mac Bhicrí. Nuair a bhí siad ag an ngallán mór i nGideón bhuail siad ceann ar aghaidh le hAmásá. Bhí a éide ar Ióáb, agus crios lasmuigh air sin timpeall a choime agus claíomh ina thruaill ar crochadh lena shliasaid; ag dul ar aghaidh dó thit an claíomh amach. Dúirt Ióáb le hAmásá: «An bhfuil tú ar fónamh, a bhráthair?» Agus rug Ióáb ar fhéasóg ar Amásá lena dheasóg lena phógadh. Níor thóg Amásá aon cheann den chlaíomh i láimh Ióáb agus bhuail Ióáb é sa bholg leis agus scaoil sé a ionathar ar fud an bhaill, gan buille eile a bhualadh. Cailleadh mar sin é. Bhrostaigh Ióáb agus Aibísí ar aghaidh sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí. Sheas saighdiúir de chuid Ióáb le hais Amásá: «An té atá ar thaobh Ióáb,» ar sé, «agus an té a sheasann le Dáiví, leanadh sé Ióáb.» Bhí Amásá ansiúd sa chosair chró i lár an bhóthair, agus gach duine a thagadh an treo, stadadh sé nuair a d' fheiceadh sé é. Nuair a chonaic an saighdiúir go stadadh gach duine, tharraing sé Amásá leis ón mbóthar mór isteach sa ghort agus leath brat air. Nuair a tógadh den bhóthar é, chuaigh gach duine ar aghaidh i ndiaidh Ióáb sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí. Ghabh Seaba ar aghaidh trí threibheanna Iosrael go léir go hÁbael Béit Mácá; chruinnigh na Bicrígh go léir agus lean siad isteach é. [Tháinig na fir go léir a bhí le Ioáb] agus chuir siad léigear air in Ábael Béit Mácá. Thóg siad port cré in aghaidh na cathrach, ansiúd i gcoinne na múrtha, agus chrom siad ar na ballaí a thuargan agus a leagan. Ansin ghlaoigh bean chiallmhar ón gcathair á rá: «Éistigí, éistigí! Abraigí le Ióáb: 'Tar i leith go labhróidh mé leat.'» Agus tháinig sé ina treo. Dúirt an bhean: «An tú Ióáb?» «Is mé,» ar sé. Dúirt sí leis: «Tabhair cluas dá bhfuil á rá ag do bhansearbhónta.» «Táim ag éisteacht,» ar sé. Ansin dúirt sí: «Deiridís fadó: 'Ná déanaidís ach comhairle a lorg in Ábael,' agus is mar sin a shocraídís a ngnó. Duine de lucht na síthe agus na dílseachta mise in Iosrael; tá tusa ag iarraidh cathair is máthair-chathair in Iosrael a scrios; cén fáth a ndéanfá oidhreacht an Tiarna a shlogadh?» «Go mba fada, agus go mba rófhada uaimse scrios nó slogadh a dhéanamh! Ní amhlaidh atá, ach go bhfuil duine ó ardáin Eafráim darb ainm Seaba mac Bhicrí a rinne ceannairc in aghaidh an rí Dáiví; tabhair an duine sin amháin ar láimh dúinn, agus imeoidh mé ón gcathair.» Agus dúirt an bhean le Ióáb: «Tá go maith, más ea. Caithfear a cheann thar balla chugat.» Chuaigh an bhean [ar ais isteach sa chathair agus labhair] le barr céille leis an bpobal go léir. Bhaineadar an ceann de Sheaba mac Bhicrí agus chaitheadar amach go Ióáb é. Shéid seisean an stoc ansin agus scaipeadar leo ón gcathair, gach duine chun a bhaile féin. Bhí Ióáb i gceannas arm Iosrael go léir; bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach; bhí Adorám i bhfeighil an tsaothair éigeantaigh, agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina chroinicí; ba é Seavá an rúnaí, agus sagairt ab ea Zádóc agus Aibíátár, ba shagart ag Dáiví freisin é Íreá an Iáíreach. Bhí gorta ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile le linn Dháiví. Chuaigh Dáiví a lorg comhairle ar an Tiarna agus dúirt an Tiarna: «Tá ciontacht fola ar Shól agus ar a theaghlach mar gur mharaigh sé na Gibeónaigh.» Ghlaoigh an rí dá bhrí sin ar na Gibeónaigh. Níorbh de chlann Iosrael iad na Gibeonaigh ach iarmhar de na hAmóraigh; mhionnaigh clann Iosrael go ndéanfaidís anacal orthu, ach le barr díograise ar son chlann Iosrael agus Iúdá rinne Sól iarracht ar iad a scrios. «Céard a dhéanfaidh mé daoibh?» arsa Dáiví leis na Gibeónaigh, «agus conas a dhéanfaidh mé cúiteamh, d' fhonn go gcuirfeadh sibh beannacht ar oidhreacht an Tiarna?» D' fhreagair na Gibeónaigh: «Ní cúrsaí airgid ná óir atá i gceist idir sinne agus Sól agus a theaghlach; ná ní hé ár ngnóna aon duine in Iosrael a chur chun báis.» «Abraigí céard atá uaibh,» ar sé, «a dhéanfainn daoibh.» Dúirt siad leis an rí: «An té a rinne sinn a scrios agus a bheartaigh sinn a dhíothú i dtreo nach bhfágfaí duine dínn beo in aon bhall i gcríocha Iosrael, déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.» «Tabharfaidh mé ar láimh iad,» arsan rí. Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil. Ach thóg an rí beirt mhac Rizpeá iníon Aiá, an bheirt a rug sí do Shól, Armonaí agus Meirí Bál; agus cúigear mac Mhéarab iníon Shóil, an cúigear a rug sí do Aidríéil mac Bhairzilí an Macholach. Thug sé iad i lámha na nGibeónach agus chroch siadsan iad ar an sliabh os comhair an Tiarna. Ídíodh an seachtar acu le chéile. Cuireadh chun báis iad i gcéad laethanta an fhómhair, i dtus fhómhar na heorna. Fuair Rizpeá iníon Aiá éadach róin agus leath ar an gcarraig di féin é ó thús fhómhar na heorna nó gur thit an fhearthainn ón spéir air; níor lig sí d' éanlaith an aeir luí air sa lá, ná d' ainmhithe an mhachaire san oíche. Insíodh do Dháiví cad a rinne Rizpeá iníon Aiá, leannán Shóil. D' imigh Dáiví agus thóg sé cnámha Shóil agus a mhic Iónátán ó thaoisigh Iáibéis Gileád a ghoid iad ón gcearnóg i mBéit Seán mar ar chroch na Filistínigh iad an lá a bhris na Filistínigh ar Shól i nGiolboa. Thug Dáiví cnámha Shóil agus cnámha a mhic Iónátán ón áit sin agus chruinnigh le chéile cnámha na muintire a crochadh. Agus rinne siad cnámha Shóil, agus cnámha a mhic Iónátán [agus cnámha na muintire a crochadh], a chur i gcríocha Bhiniáimin i Zéalá, i dtuama a athar, Cís. Rinne siad gach ar ordaigh an rí, agus ansin thug Dia cluas dá n-achainíocha ar son na tíre. Rinne na Filistínigh cogadh arís eile in aghaidh Iosrael. Ghabh Dáiví agus a bhuíon síos agus [shuigh siad a longfort ag Gob] agus chuir cath ar na Filistínigh. [Ansin d' éirigh Dodó mac Ióais], de shliocht Ráfá, agus sleá trí chéad seicil chré-umha aige, agus claíomh nua ar iompar aige agus é lán de mhuinín go maródh sé Dáiví. Ach tháinig Aibísí mac Zarúá i gcabhair air, threascair an Filistíneach agus mharaigh. Ansin d' áitigh lucht leanúna Dháiví air á rá: «Ná téigh chun catha riamh arís linn,» ar siad, «d' fhonn nach múchfá lóchrann Iosrael.» Ina dhiaidh sin bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh ag Gob. Sé sin an uair a mharaigh Sibeacaí an Huiseátach Saf, de shliocht Ráfá. Bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh ag Gob. Agus mharaigh Ealchánán mac Iáír, ó Bheithil, Góla an Giteach ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá. Agus bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhear ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Ráfá eisean chomh maith. Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeí, deartháir Dháiví, é. Ba de shliocht Ráfá ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon. Dúirt Dáiví focail na laoi seo leis an Tiarna nuair a shaor an Tiarna é as láimh a naimhde go léir agus as láimh Shóil. Is é a dúirt sé: An Tiarna mo charraig, mo dhaingean; Sé mo Dhia m' fhuasclóir. Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é, mo sciath, agus adharc mo shlánaithe, mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir. Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean. Glaoim ar an Tiarna, moladh go deo leis, agus fuasclaítear mé ó mo naimhde. Ghabh tonnta an bháis i mo thimpeall, agus bhris tuilte urchóide i m' aghaidh. Cuireadh téada Sheól mar chuibhreach orm agus gaistí an bháis ar tinneall romham. Ghlaoigh mé ar an Tiarna as mo ghátar; d' éigh mé chun mo Dhé. Chuala sé mo ghlór óna theampall, agus thug sé cluas do mo ghlao. Luaisc agus chrith an talamh; tháinig creathán ar mháithreacha na spéire tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge. Ghabh gal suas ó pholláirí a shróine, agus óna bhéal tine íditheach a las sméaróidí dearga. Chlaon sé na spéartha agus thuirling sé, agus scamall dubh faoina chosa. In airde ar cheirib leis agus d' eitil, agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe. Rinne sé forscáth ina thimpeall den dorchadas. Agus both de na huiscí dubha, na scamaill thiubha. Roimhe amach d' adhain splanc, casair agus caora tintí. Rinne an Tiarna toirneach ó na spéartha agus ba chlos glór an té is airde. Theilg sé a shaigheada agus scaip iad; scaoil leis an tintreach agus chuir an teitheadh orthu. Nochtadh grinneall an bhfarraigí, agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne, de bharr bhagairt an Tiarna agus borradh ghal a pholláirí. Shín sé a lámh chugam ó na harda agus sciob sé mé as na huiscí doimhne. D' fhuascail sé mé ó mo namhaid tréan, uathu siúd a thug fuath dom, mar go raibh siad róláidir dom. Thángadar sa mhullach orm lá mo thubaiste, ach ba é an Tiarna mo thaca; d' fhuascail sé mé agus scaoil sé saor mé; tháinig sé i gcabhair orm, mar tá grá aige dom. Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m' fhíréantachta; déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh, mar choinnigh mé slite an Tiarna, agus níor thug mé cúl go mailíseach le mo Dhia. Tá a bhreitheanna go léir os comhair mo shúl, ná níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim. Táim gan choir ina fhianaise agus sheachain mé an peaca. Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m' fhíréantachta, de réir m' ionracais ina láthair. Is dílis tú le lucht na dílseachta agus is neamhurchóideach thú leis an muintir gan urchóid. Is glan tú le lucht na glaine croí, ach cuireann tú cor in aghaidh an chaim. Fuasclaíonn tú an mhuintir umhal, ach tá do shúile ar lucht an uabhair lena n-ísliú. Is tú féin, a Thiarna, mo lóchrann, agus soilsíonn mo Dhia mo dhorchadas. Brúchtaim thar an mbarbacán le do chabhair, agus le cabhair Dé léimim thar balla. Dia seo againn, tá a shlí gan cháim; níl fochall i bhfocal an Tiarna; is sciath é don mhuintir go léir a théann faoina dhídean. Cé eile is Dia ann ach an Tiarna? Cé eile is carraig ach Dia seo againne? Sé an Dia seo crios mo nirt, a d' fhág mo chosán gan bhaol. Rinne sé mo chosa mar chosa an fhia, agus dhaingnigh mo bhoinn ar na harda. Oileann sé mo lámha don chath, i dtreo go lúbfadh mo ghéaga bogha cré-umha. Thug tú dom do sciath fuascailte, agus is díon agam do chathéide. Rinne tú réiteach fairsing do mo bhoinn fum agus níor shleamhnaigh mo chosa. Téim sa tóir ar mo naimhde agus scriosaim iad, gan filleadh ar ais go mbíonn siad ídithe. Leagaim ar lár iad agus ní éiríonn siad; titeann siad agus bíonn siad faoi mo chosa. Óir chuir tú neart mar chrios fúm don chath, agus lúb tú lucht m' ionsaithe síos fúm. Chuir tú d' iallach ar mo naimhde a gcúl a thabhairt liom; an mhuintir arbh fhuath leo mé, scrios mé iad. D' fhéach siad ach ní raibh fear a dtarrthála ann; ghlaoigh siad chun an Tiarna, ach fágadh iad gan freagra. Meilim iad chomh mín le smúit na talún, pasálaim is brúim iad mar a bheadh láib na sráideanna. Déanann tú mé a fhuascailt ó chine na ceannairce agus mé a chur ar cheann na náisiún. Pobal nárbh eol dom, tá siad anois ag seirbhís dom. Tagann eachtrannaigh ag lútáil chugam. A luaithe a chluineann siad mo ghlór, géilleann siad dom. Cailleann eachtrannaigh a misneach agus tagann siad amach as a ndaingin ar ballchrith. Dé bheatha, a Thiarna. Gura beannaithe mo charraig. Go mórtar mo Dhia, carraig mo shlánaithe, Dia a rinne díoltas dom, a threascair ciníocha fúm, a shaor mé ó mo naimhde, a d' ardaigh mé os cionn lucht m' ionsaithe, a d' fhuascail mé ó fhear an éigin. Dá bharr sin déanfaidh mé thú a mhóradh, a Thiarna, i measc na gciníocha, agus moladh a chanadh do d' ainm. Tugann sé an bua go raidhsiúil dá rí; taispeánann a bhuanghrá dá ungthach, do Dháiví agus dá chomharbaí go brách. Seo iad briathra deireanacha Dháiví: Oracal Dháiví, mac Ieise, oracal an fhir a ardaíodh go hard, ungthach Dhia Iacóib, cantaire duanta Iosrael. Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa, tá a bhriathar ar mo theanga. Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó, is cuma é nó gile na maidine le héirí gréine agus an spéir gan scamall ag glioscarnach ar fhéar an bháin tar éis báistí. Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d' fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom? An mhuintir aindiaga is cuma iad nó deilgneach an fhásaigh, nach mbailítear choíche le láimh duine: ach an té a bhaineann leo, gabhann sé chuige iarann nó crann sleá agus ansin dóitear ar fad iad sa tine. Seo iad ainmneacha na ngaiscíoch a bhí ag Dáiví: Ís Bál an Hacmonach, ceannaire an triúir; d' imir sé a thua chatha ar ocht gcéad agus mharaigh sé iad le chéile. Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó mac Achochaí. Bhí seisean le Dáiví [ag Pas Damaín] nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ansiúd agus a chúlaigh clann Iosrael rompu. Sheas seisean an fód agus bhí sé ag treascairt na bhFilistíneach go dtí gur éirigh a lámh chomh curtha sin gur cheangail sé í den chlaíomh. Thug an Tiarna bua mór chun críche an lá sin; d' fhill an t-arm i ndiaidh Eileázár, ach ba chun creiche amháin a rinneadar sin. Ina dhiaidh sin bhí Seamá mac Áigé an Harárach. Thionóil na Filistínigh ag Leichí mar a raibh gort lán de lintilí. Theith an t-arm roimh na Filistínigh. Ach sheas seisean an fód i lár an ghoirt, chosain é, agus mharaigh na Filistínigh. Chuir an Tiarna bua mór i gcrích ar an gcuma sin. Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos agus thángadar timpeall aimsir an fhómhair go Dáiví san uaimh in Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím. Bhí Dáiví ansin sa dún, agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil. Agus dúirt Dáiví le tnúth: «Uch, nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile atá le taobh an gheata!» Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna. «Gura fada uaim, a Thiarna,» ar sé, «é seo a ól! An ólfainn fuil na ndaoine a chuir a n-anam i mbaol ar eachtra?» Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch. Ba é Aibísí deartháir Ióáb agus mac Zarúá ceannaire an tríochad. Eisean a d' imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad. Ba mhó cáil é ná an tríocha, agus rinneadh captaen orthu de, ach ní raibh dul aige ar an triúr. Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann. Agus mharaigh sé Éigipteach, fear dealraitheach; bhí sleá ina láimh ag an Éigipteach, ach ghabh Banáiá síos chuige agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh é lena shleá féin. Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóideá a thuill cáil dó féin i measc an tríochad. Ba mhó cáil é na an tríocha, ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda féin. Duine den tríocha ab ea Asáhael deartháir Ióáb. Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil. Seamá ó Harod. Eilíceá ó Harod. Heiliz ó Phalat. Íorá mac Icéis ó Theacóá. Aibíeizir ó Anatót. Sibeacaí ó Huiseá. Zalmón ó Achot. Maharaí ó Natofá. Héilib mae Bháná ó Natofá. Iotaí mac Ríbí ó Ghibeá de threibh Bhiniáimin. Banáiá ó Phioráton. Hidí ó ghleannta Gháis. Aibíalbón ó Bhéit Arabá. Azmávat ó Bhachúraím. Eiliachbá ó Shálbón. Clann Iáiséin Iónátán. Seamá ó Harar. Aichíám mac Sheárár ó Harár. Eilífilit mac Achasbaí ó Bhéit Mácá. Eilíám mac Aichítifeil ó Ghíolo. Heazro ó Chairmeil. Páraí ó Arab. Igeál mac Nátán ó Zóbá. Bánaí an Giteach. Zeilic an tAmónach. Nacharaí ó Bhaerót a d' iompar airm Ióáb mac Zarúá. Íreá ó Iaitir. Gáraeb ó Iaitir. Úiríá an Hiteach Seachtar agus tríocha ar fad. Las fearg an Tiarna arís in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví ina n-aghaidh. «Téigh,» ar sé, «agus déan daonáireamh ar Iosrael agus ar Iúdá.» Dúirt an rí le Ióáb agus leis na hoifigigh shinsir den arm a bhí in éineacht leis: «Imígí libh anois i measc treibheanna Iosrael ó Dhán go Béar Seaba agus déanaigí daonáireamh; is mian liom a fhios a bheith agam cad é líon an phobail.» Dúirt Ióáb leis an rí: «Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?» Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus d' imigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael. Ghabhadar thar Iordáin agus thosaíodar le hAroéir agus leis an gcathair atá i lár an ghleanna, agus ar aghaidh go Gád agus Iazaer. Chuadar as sin go Gileád agus go Cáidéis i dtír na Hiteach; ansin chuadar go Dán, agus ó Dhán timpeall go Síodón. Thángadar ansin go daingean na Tuíre agus go cathracha uile na Hiveach agus na gCanánach, agus ag sroicheadh ceann cúrsa i Neigib Iúdá ag Béar Seaba. Tar éis dóibh gabháil tríd an tír go léir d' fhilleadar ar Iarúsailéim faoi cheann naoi mí agus fiche lá. Thug Ióáb figiúir an daonáirimh don rí: ocht gcéad míle fear troda, lucht claíomh a tharraingt, a bhí in Iosrael agus cúig céad míle in Iúdá. Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. «Tá peaca trom déanta agam,» ar sé leis an Tiarna. «Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.» Nuair a d' éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá: «Téigh agus abair le Dáiví: seo mar a deir an Tiarna: 'Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.'» Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus d' inis sé sin dó. «Cé acu is fearr leat,» ar seisean, «trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.» Dúirt Dáiví le Gád: «Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.» Mar sin thogh Dáiví an phlá. Aimsir fhómhar na cruithneachta a bhí ann. Chuir an Tiarna plá ar Iosrael ón maidin go dtí an uair a bhí leagtha amach agus rinne aicíd léirscrios ar an bpobal, agus ó Dhán go Béar Seaba fuair seachtó míle acu bás. Shín an t-aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: «Is leor sin! Fóill ar do láimh!» Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach. Nuair a chonaic Dáiví an t-aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: «Is mise a pheacaigh,» ar sé, «is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.» Chuaigh Gád go Dáiví an lá sin agus dúirt leis: «Gabh suas agus tóg altóir don Tiarna ar urlár buailte Arauná an Iabúsach.» Ar fhocal Ghád, ghabh Dáiví suas ar ordú an Tiarna. Nuair a d' fhéach Arauná síos agus go bhfaca sé an rí agus a oifigigh ag céimniú ina threo, chuaigh sé ar aghaidh agus chrom chun talún in ómós don rí. «Cén fáth ar tháinig mo thiarna an rí chun a shearbhónta?» a d' fhiafraigh Arauná. D' fhreagair Dáiví: «Chun an t-urlár buailte a cheannach uait le haltóir a thógáil don Tiarna ionas go staonfadh an phlá den phobal.» Dúirt Arauná le Dáiví: «Tógadh mo thiarna an rí é, agus íobraíodh sé a rogha. Seo iad na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí agus na cuingeacha mar adhmad. Tugann Arauná iad sin go léir don rí. Agus go nglaca an Tiarna, do Dhia, leat,» arsa Arauná. Ach dúirt an rí le hArauná: «Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, ach díolfaidh mé as le hairgead. Ní dhéanfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm a ofráil don Tiarna mo Dhia.» Thug Dáiví dá bhrí sin caoga seicil airgid ar an urlár buailte agus ar na daimh. Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d' ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ansin d' éist an Tiarna leis na hachainíocha ar son na tíre agus casadh an phlá ar shiúl ó Iosrael. Ceilg Dúirt a shearbhóntaí leis: «Faightear ógbhean éigin do mo thiarna an rí agus déanadh sí freastal ar an rí agus tugadh sí aire dó agus luíodh sí ar d' ucht agus coimeádfaidh sin mo thiarna an rí te.» Rinne siad ógbhean sciamhach a chuardach ar fud críocha Iosrael agus fuair siad Aibíseag ó Shiúnaem agus thug siad chun an rí í. Bhí barr scéimhe ag an ógbhean agus thug sí aire don rí agus d' fhreastail air, ach níor luigh an rí léi. Tháinig éirí in airde ar Adoiníá mac Haigít agus mheas sé go mbeadh sé féin ina rí. Fuair sé seisreach agus carbad dá bhrí sin agus caoga fear le rith roimhe. Ní dhearna a athair trasnáil air riamh á fhiafraí de: «Cén fáth a ndearna tú a leithéid seo?» Fear an-dathúil ab ea é agus rug a mhathair é i ndiaidh Aibseálóm. Chuaigh sé i gcomhairle le Ióáb mac Zarúá agus leis an sagart Aibíátár, agus leanadarsan é agus chabhraíodar leis. Ach Zádóc an sagart agus Banáiá mac Iahóideá, agus Nátán fáidh, agus Simeí agus a chomrádaithe, gaiscígh Dháiví, níor thugadar a dtacaíocht d' Adoiníá. Lá dá raibh Adoiníá ag íobairt caorach agus damh agus gamhna biata ag Gallán an tSleamhnáin atá taobh le Tobar an Úcaire, thug sé cuireadh dá bhráithre go léir, clann an rí, agus a raibh d' fhir Iúdá ag seirbhís don rí, ach níor thug sé cuireadh do Nátán fáidh, ná do Bhanáiá ná do na gaiscígh ná do Sholamh a dheartháir. Ansin dúirt Nátán le Baitseaba, máthair Sholaimh: «Nár chuala tú go ndearnadh rí d' Adoiníá mac Haigít gan fhios do Dháiví, ár dtiarna? Glac mo chomhairlese anois más ea más mian leat d' anam féin agus anam Sholaimh do mhic a thabhairt slán. Gabh isteach ar an toirt go Dáiví rí agus abair leis: 'Nár mhionnaigh tú, a thiarna rí, do do bhansearbhónta á rá: «Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir»? Conas, mar sin, go bhfuil Adoiníá ina rí?' Agus fad a bheidh tú ag caint leis an rí, tiocfaidh mise isteach i do dhiaidh agus tabharfaidh mé tacaíocht do do chaint.» Isteach le Baitseaba go dtí an rí mar a raibh sé ina sheomra (bhí an rí an-aosta agus bhí Aibíseag ó Shiúnaem ag freastal air). Chrom Baitseaba chun talún ag déanamh ómóis don rí, agus dúirt an rí: «Céard is mian leat?» «A thiarna,» ar sí, «mhionnaigh tú do do bhansearbhónta dar an Tiarna do Dhia: 'Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir.' Agus féach seo é Adoiníá anois ina rí cé gur gan fhios duitse é, a thiarna rí. Rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, don sagart Aibíátár, agus do Ióáb an ceann feadhna; ach d' fhág sé Solamh do shearbhónta gan chuireadh. Is ortsa anois atá a súile ag gach duine in Iosrael chun go n-ainmneofá comharba ar mo thiarna an rí. Mura ndeanfaidh tú, sé a tharlóidh, nuair a bheidh mo thiarna an rí ina chodladh lena shinsir, ná go gcuirfear é seo i leith mo mhic Solamh, agus i mo leithse, mar choir.» Agus í fós ag caint leis an rí tháinig an fáidh Nátán isteach. «Seo é Nátán fáidh,» ar siad leis an rí. Agus nuair a tháinig sé isteach i láthair an rí chrom sé chun talún os comhair an rí. «A thiarna rí liom,» arsa Nátán, «an mar seo, más ea, a bheartaigh tú: 'Adoiníá a bheidh ina rí i mo dhiaidhse: eisean atá le suí i mo ríchathaoir'? Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d' Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: 'Fad saoil don rí Adoiníá.' Ach níor thug sé cuireadh domsa, do shearbhónta, ná do Zádóc an sagart, do Bhanáiá mac Iahóideá ná do do shearbhónta Solamh. An le cead mo thiarna, an rí, a rinneadh é sin? An amhlaidh nár inis tú don mhuintir atá dílis duit cé tá le suí i gcathaoir mo thiarna an rí i gcomharbacht air?» Ansin labhair Dáiví rí: «Glaoigh chugam ar Bhaitseaba,» ar sé. Agus tháinig sise i láthair an rí agus sheas os a chomhair. Thug an rí mionn agus dúirt: «Dar an Tiarna beo, an té a d' fhuascail mé ó gach gábh, cuirfidh mé i gcrích inniu féin an ní a mhionnaigh mé duit dar an Tiarna Dia Iosrael á rá: 'Solamh do mhac a bheidh ina rí i mo dhiaidh agus a shuífidh i mo ríchathaoir i m' áit.'» Ansin chrom Baitseaba chun talún in ómós don rí: «Go maire mo thiarna Dáiví rí, go brách,» ar sí. Dúirt Dáiví ansin: «Glaoigí chugam ar Zádóc an sagart, ar Nátán fáidh, agus ar Bhanáiá mac Iahóideá,» agus thángadarsan i láthair an rí. «Tugaigí libh garda bhur dtiarna,» arsa an rí, «agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é. Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: 'Fad saoil do Sholamh rí!' Ansin leanaigí aníos é agus tagadh sé agus suíodh sé i mo ríchathaoir agus beidh sé ina rí i m' ionadsa, óir eisean an té a cheap mé mar rialtóir ar Iosrael agus ar Iúdá.» D' fhreagair Banáiá mac Iahóideá an rí: «Amen,» ar sé, «agus go gcuire an Tiarna chomh maith [Amen le focail] mo thiarna an rí. Go raibh an Tiarna le Solamh faoi mar a bhí sé le mo thiarna an rí, agus go méadaí sé a ríchathaoir níos mó fiú ná mar a bhí ríchathaoir mo thiarna Dáiví rí!» Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón. Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d' ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: «Fad saoil do Sholamh rí!» Lean na daoine go léir suas é le ceol píob agus liúireach agus gártha a chuir an talamh ar crith. Chuala Adoiníá agus na haíonna a bhí in éineacht leis an gheoin agus iad ag deireadh a mbéile. Nuair a chuala Ióáb glór an stoic dúirt sé: «Cén gheoin chorraíola í seo sa chathair? Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. «Tar isteach,» arsa Adoiníá, «is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.» «Níl,» ar sé leis, «mar rinne ár dtiarna, Dáiví rí, rí de Sholamh. Chuir an rí Zádóc an sagart leis, agus Nátán fáidh, agus Banáiá mac Iahóideá, agus na Ceiréitigh agus na Peiléitigh; chuir siad ar muin mhiúil an rí é; agus rinne Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ag Gíohón; agus ghabhadar suas ón áit sin le gártha áthais agus tá an chathair anois ina cíor thuathail; sin í an gheoin a chuala sibh. Agus, mar rud eile, tá Solamh ina shuí sa chathaoir ríoga, agus de bhreis air sin, rinne oifigigh an rí gairdeas lenár dtiarna Dáiví rí leis na focail: 'Go ndéana do Dhia ainm Sholaimh níos glórmhaire fiú ná d' ainmse agus go móra sé a ríchathaoir fiú thar do ríchathaoir féin!' Agus chrom an rí a cheann sa leaba agus dúirt sé: 'Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael, a dheonaigh duine de mo shliocht a shuí i mo ríchathaoir inniu agus mé a fheiceáil le mo shúile cinn.'» Ansin tháinig scéin ar a raibh ar cuireadh ag Adoiníá agus d' éiríodar agus d' imíodar leo, gach duine díobh ag tabhairt a bhóthair féin air féin. D' éirigh Adoiníá chomh maith, agus, le barr eagla roimh Sholamh, rith sé leis agus rug ar bheanna na haltóra. Tugadh an scéala go dtí Solamh rí: «Féach, tá eagla ar Adoiníá roimh Sholamh rí; tá greim aige ar bheanna na haltóra agus é á rá: 'Tugadh Solamh rí a mhionn dom ar dtús nach maróidh sé a shearbhónta le faobhar claímh.'» «Má iompraíonn sé é féin go hionraic,» a d' fhreagair Solamh, «ní thitfidh ribe dá chuid gruaige chun talún; ach má fhaightear mailíseach é, cuirfear chun báis é.» Chuir Solamh rí fios air dá bhrí sin agus thugadar anuas ón altóir é. Agus tháinig sé agus rinne sé ómós do Sholamh rí. Dúirt Solamh leis: «Gabh abhaile.» Nuair a bhí Dáiví ag saothrú an bháis leag sé an cúram seo ar a mhac Solamh: «Táim ag dul ar shlí na fírinne. Bíodh misneach agat agus iompair thú féin go fearúil. Cuir orduithe an Tiarna do Dhia i gcrích, lean a shlite agus comhlíon a dhlíthe, a aitheanta, a nósanna, a reachtanna faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois. Ar an dóigh sin beidh an rath ar gach rud a dhéanfaidh tú agus a ghlacfaidh tú ar láimh, agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: 'Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n-iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n-anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.' «Rud eile dhe, tá a fhios agat cad a rinne Ióáb mac Zarúá liom, agus cad a rinne sé le beirt cheannaire arm Iosrael, Aibnéar mac Néar agus Amásá mac Ieitir; conas mar a dhúnmharaigh sé iad; conas mar a rinne sé díoltas le linn síochána ar son fola a doirteadh le linn cogaidh; conas mar a smear sé crios mo choime agus cuaráin mo chos le fuil neamhchiontach. Bíodh sé de chiall agat gan ligean dá cheann liath dul síos go Seol faoi shíocháin. Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta. Tá Simeí mac Ghéará, an Biniáimineach ó Bhachúraím, i do theannta chomh maith. Chuir seisean mallacht mhillteach orm an lá a chuir mé chun bealaigh go Machanáím; ach tháinig sé anuas faoi mo dhéin ag an Iordáin agus mhionnaigh mé dó dar an Tiarna á rá: 'Ní imreoidh mé an claíomh go marfach ort.' Ach ná scaoilse leis gan phionós; mar is duine ciallmhar thusa agus beidh a fhios agat conas plé leis agus a cheann liath a chur síos go Seol faoi dhoirteadh fola.» Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví. Bhí daichead bliain caite aige ina rí ar Iosrael, seacht mbliana acu i Heabrón agus trí bliana tríochad i Iarúsailéim. Shuigh Solamh ar ríchathaoir Dháiví, a athair, agus bunaíodh a ríocht go daingean. Chuaigh Adoiníá mac Haigít go Baitseaba máthair Sholaimh [agus chrom le hómós di]. «An turas síochánta é seo agat?» a d' fhiafraigh sí. D' fhreagair sé: «Sea, turas síochánta.» «Tá rud éigin le rá agam leat,» ar sé léi ansin. «Abair leat,» ar sí. «Tá a fhios agat,» ar sé, «gur chóir go dtitfeadh an ríocht liomsa, agus go raibh súil ag Iosrael go léir go mbeinnse i mo rí; ach ghabh an ríocht tharam agus thit sí le mo dheartháir mar gur dó a cheap an Tiarna í. Tá aon achainí amháin agam ort; ná tabhair an t-eiteach dom.» «Abair leat,» ar sise leis. Lean sé air: «Iarr ar Sholamh rí, le do thoil, Aibíseag ó Shiúnaem a thabhairt dom mar bhean.» «Ceart go leor,» arsa Baitseaba, «labhróidh mé leis an rí ar do shon.» Chuaigh Baitseaba go Solamh rí le labhairt leis ar son Adoiníá. D' éirigh an rí roimpi ag teacht di agus chrom in ómós di; shuigh sé ansin ina ríchathaoir agus tugadh cathaoir isteach do mháthair an rí, agus shuigh sí ar a dheis. «Tá aon achainí bheag amháin agam ort,» ar sí, «agus ná tabhair an t-eiteach dom.» Dúirt an rí léi: «Cuir d' achainí chugam, a mháthair, mar ní thabharfaidh mé an t-eiteach duit.» «Tugtar,» ar sí, «Aibíseag ó Shiúnaem d' Adoiníá do dheartháir mar bhean.» D' fhreagair Solamh rí a mháthair: «Cad faoi deara duit Aibíseag ó Shiúnaem a lorg d' Adoiníá mar bhean? Tá sé chomh maith agat an ríocht a lorg dó chomh maith; mar sé mo dheartháir is sine é, agus tá Aibíátár an sagart agus Ióáb mac Zarúá ar a thaobh.» Ansin mhionnaigh Solamh rí dar an Tiarna á rá: «Go ndéana Dia a leithéid siúd liom, agus a thuilleadh fós,» ar sé, «mura dtugann Adoiníá a anam in éiríc na bhfocal sin! Dar an Tiarna beo, an té sin a chuir mé go daingean i ríchathaoir Dháiví m' athair, agus a thug ríshliocht [dó] mar a gheall sé, cuirfear Adoiníá chun báis inniu féin.» Sheol Solamh rí Banáiá mac Iahóideá á threascairt, agus fuair sé bás. Agus maidir le hAibíátár an sagart, dúirt an rí leis: «Imigh leat go hAnatót go dtí do thailte. Mar tá an bás tuillte agat, ach ní chuirfidh mé chun báis anois thú mar gur iompair tú áirc an Tiarna os comhair Dháiví m' athair agus go raibh páirt agat in anró m' athar go léir.» Bhain Solamh sagartacht an Tiarna d' Aibíátár agus chomhlíon sé ar an gcuma sin briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé in aghaidh theaghlach Éilí i Sileo. Nuair a fuair Ióáb an scéala mar thug Ióáb a thacaíocht d' Adoiníá cé nár thug d' Aibseálóm theith sé go both an Tiarna agus rug greim ar bheanna na haltóra. Insíodh do Sholamh rí: «Theith Ióáb go both an Tiarna; tá sé ansiúd le taobh na haltóra.» [Ansin chuir Solamh scéala go Ióáb: «Cén fáth ar theith tú chun na haltóra?» D' fhreagair Ióáb: «Bhí eagla orm romhat.»] Ansin chuir Solamh Banáiá mac Iahóideá uaidh á rá: «Imigh agus treascair é!» Chuaigh Banáiá dá bhrí sin go both an Tiarna. «Ar ordú an rí,» ar sé, «tar amach!» «Ní dhéanfaidh mé,» ar seisean, «gheobhaidh mé bás anseo.» Thug Banáiá scéala ar ais chun an rí: «A leithéid seo a dúirt Ióáb, agus sin é an freagra a thug sé orm.» «Déan mar a dúirt sé,» d' fhreagair an rí, «treascair é agus déan é a adhlacadh, agus glan díomsa agus de theaghlach m' athar an chiontacht ar son na fola a dhoirt Ióáb gan chúis. Fillfidh an Tiarna a bhearta fola ar mhullach a chinn féin air mar, gan fhios do m' athair Dáiví, d' ionsaigh sé agus chuir chun báis le faobhar claímh Aibnéar mac Néar, ceannasaí airm Iosrael, agus Amásá, mac Ieitir, ceannasaí airm Iúdá. Go bhfille a bhfuil sa mhullach ar Ióáb agus ar a shliocht go brách, ach go raibh síocháin ón Tiarna go brách ar Dháiví, ar a shliocht, ar a ríora, agus ar a ríchathaoir.» Ghabh Banáiá mac Iahóideá suas ansin, threascair Ióáb agus chuir chun báis é; adhlacadh é ina theach féin san fhásach. Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár. Chuir an rí fios ar Shimeí ansin agus ghairm chuige féin é. «Tóg teach duit féin in Iarúsailéim,» ar sé leis, «agus tar chun cónaithe ann agus ná corraigh in aon bhall as an áit sin. An lá a rachaidh tú amach agus gabháil thar Ghleann Chidreon, bíodh a fhios agat go cinnte go bhfaighidh tú bás; beidh do chuid fola ar do cheann féin.» «Tá go maith,» arsa Simeí leis an rí, «déanfaidh do shearbhónta mar a dúirt an rí.» Agus mhair Simeí tamall fada in Iarúsaileim. Ach faoi cheann trí bliana, tharla gur theith beirt dhaorán le Simeí go hÁicís, mac Mhácá, rí Ghat. Fuair Simeí scéala: «Tá do dhaoráin i nGat.» D' éirigh Simeí agus chuir an diallait ar a asal agus d' imigh go hÁicís i nGat ar lorg a dhaorán. D' imigh sé leis agus thug a dhaoráin ar ais ó Ghat. Insíodh do Sholamh go ndeachaigh Simeí ó Iarúsailéim go Gat agus go raibh sé tagtha ar ais. Chuir an rí fios ar Shimeí agus dúirt leis: «Nár chuir mé d' iallach ort mionn a thabhairt dar an Tiarna, agus nár thug mé rabhadh sollúnta duit á rá: 'An lá a imeoidh tú agus a rachaidh tú in aon bhall ar bith eile, bí cinnte go bhfaighidh tú bás gan aon agó'? Agus dúirt tú liom: 'Tá go maith. Géillim duit.' Cén fáth, dá bhrí sin, nár choimeád tú mionn an Tiarna agus an t-ordú a thug mé duit?» Lean an rí air agus dúirt le Simeí: «Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m' athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d' urchóid sa mhullach ort féin. Ach go raibh beannacht ar Sholamh rí, agus go raibh ríchathaoir Dháiví daingean os comhair an Tiarna go brách.» Ansin thug an rí orduithe do Bhanáiá mac Iahóideá agus ghabh sé amach agus threascair sé Simeí agus fuair sé bás. Agus d' fhág sin an ríocht go daingean i lámha Sholaimh. Solamh Saoi Bhí an pobal ag ofráil íobairtí fós sna hardionaid mar nach raibh aon teach tógtha fós d' ainm an Tiarna. Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid. Théadh an rí go Gibeón le híobairtí a dhéanamh ann, mar is ann a bhí an t-ardionad a ba mhó tábhacht; d' ofráladh an rí míle íobairt dhóite ar an altóir sin. I nGibeón nocht an Tiarna é féin i mbrionglóid oíche do Sholamh. Dúirt Dia: «Cibé rud is mian leat a fháil uaim, iarr orm é.» D' fhreagair Solamh: «Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m' athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu. Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, m' athair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí. Tá do shearbhónta i measc an phobail seo atá tofa agat, pobal atá chomh hiomadúil sin nach féidir a líon a áireamh ná a mheas. Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a d' fhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?» Ábhar sásaimh ab ea é don Tiarna gur iarr Solamh a leithéid seo. Dúirt an Tiarna leis: «Dé bhrí gurb é seo an rud a d' iarr tú agus nach fad saoil duit féin a d' iarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt, déanaim duit ar an toirt mar a d' iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh. Sea go deimhin, agus an rud nár iarr tú, bronnfaidh mé ort chomh maith é: saibhreas agus glóir, nach raibh a leithéid ag aon rí eile riamh (i gcaitheamh do shaoil). Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, d' athair.» Dhúisigh Solamh. Féach, brionglóid ab ea é! Ansin d' fhill sé ar Iarúsailéim agus sheas sé os comhair áirc chonradh an Tiarna, agus d' ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach, agus bhí fleá aige dá shearbhóntaí go léir. Ansin tháinig beirt mheirdreach go dtí an rí agus sheasadar ina láthair. Dúirt duine de na mná: «A thiarna liom, táimse agus an bhean seo ag cur fúinn san aon teach amháin; rugadh mac domsa agus ise sa teach. Ansin tharla, ar an tríú lá tar éis breith mo linbh dom, gur rug an bhean seo mac chomh maith; agus bhíomar linn féin, gan aon duine eile farainn sa teach ach lán na beirte againn amháin sa teach. Ansin, aon oíche amháin, fuair mac na mná seo bás mar gur luigh sí air. Agus d' éirigh sí meán oíche, agus thóg mo mhacsa ó mo chliathán agus d' ionailt ina codladh, agus chuir chuici ina hucht é agus chuir a mac marbh chugamsa i m' uchtsa. Nuair a d' éirigh mé (ar maidin) chun an chíoch a thabhairt do mo leanbh, b' shin é ansiúd marbh é. Ach d' fhéach mé air go cáiréiseach ar maidin, agus níorbh é an mac a rugadh dom ar aon chor é.» Ach labhair an bhean eile: «Éitheach,» ar sise, «liomsa an leanbh beo, leatsa an marbh.» «Ní mar sin atá,» arsa an chéad bhean, «leatsa an marbh, liomsa an leanbh beo.» Sin mar a bhíodar ag aighneas i bhfianaise an rí. Ansin labhair an rí agus dúirt: «Deir bean acu: 'An leanbh beo mo mhacsa; tá do mhacsa marbh,' agus deir an bhean eile: 'Éitheach! Do mhacsa an marbh; liomsa an leanbh beo.' Tabhair chugam claíomh,» arsa an rí agus tugadh claíomh i láthair an rí. «Roinnigí an leanbh beo ina dhá chuid,» arsa an rí, «agus tugaigí a leath do bhean acu agus a leath don bhean eile.» Ansin, an bhean ar léi an leanbh beo, labhair sí leis an rí mar bhí a croí á shnoí inti le trua dá mac: «Tabhair di an leanbh beo, le do thoil, a thiarna,» ar sí, «agus ná déan é a mharú ar aon chor.» Ach dúirt an bhean eile: «Ná bíodh sé agamsa ná agatsa, ach roinn é.» Ansin thug an rí a bhreith: «Tabhair an leanbh beo don chéad bhean,» ar sé, «agus na maraigh é ar aon chor; ise a mháthair.» Chuala Iosrael go léir an bhreith a thug an rí, agus thugadar urraim don rí mar gur thuigeadar go raibh eagna Dé ann chun an ceart a riar. Bhí Solamh ina rí ar Iosrael go léir agus b' iad seo a oifigigh: Azairiá mac Zádóc an sagart; Eilíochoraf agus Aichíá, clann Shíseá, na rúnaithe; Iahóiseáfát mac Aichíliúd an t-annálaí. (Banáiá mac Iahóideá ceannasaí an airm; Zádóc agus Aibíátár, sagairt); Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí; Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh. Bhí dháréag reachtaire ag Solamh, d' Iosrael go léir, agus is iad a sholáthraigh bia don rí agus dá theaghlach; chaith gach duine díobh soláthar a dhéanamh do mhí sa bhliain. Seo iad a n-ainmneacha:? mac Húr in ardáin Eafráim; mac Dheicir i Mácaz, i Seálbaím, i mBéit Seimis, agus in Aiálón go Béit Hánán. mac Heisid in Arubót; leis-sean a ghabh Sócó agus fearann Héifir go léir. mac Aibíonádáb, dúiche Dhór go léir; bhí Táfat iníon Sholaimh aige mar chéile. Báná mac Aichíliúd i dTánác agus i Migideo chomh fada le Iocmám, agus Béit Seán go léir laistíos de Izréil, ó Bhéit Seán go hAbael Machólá atá láimh le Zaratán. mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis. Aichíneádáb mac Ideo i Machanáím. Aichimeáz i Naftáilí; bhí seisean pósta le Básamat iníon Sholaimh. Báná mac Húiseá in Áiséar agus i mBeálót. Iahóiseáfát mac Pharúach in Íosácár. Simeí mac Éalá i mBiniáimin. Geibir mac Uirí i dtír Ghileád, tír Shíochon rí na nAmórach agus Óg rí Bháiseán. Ina dteanntasan bhí reachtaire i dtír Iúdá. ABN: 4:19, 5:7, 5:8, 5:2, 5:3, 5:4, 5:5, 4:20, 5:1, 5:6, 5:9 Bhí Iúdá agus Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá; bhí bia agus deoch acu agus mhaireadar go sasta. Leath Solamh a chumhacht thar na ríochtaí go léir ón Abhainn go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. Thug siad cíos chuig Solamh agus rinne siad seirbhís dó gach lá dá shaol. 5:1 5:2 Ba é seo lón lae Sholaimh: tríocha tomhas plúir mhín agus trí fichid mine; 5:3 deich ndamh biata, fiche damh féaraigh, céad caora chomh maith le fianna agus eilití agus ruabhoic, agus cuacha biata. 5:4 Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird. 5:5 Agus mhair Iúdá agus Iosrael gan bhaol ó Dhán go Béar Seaba, gach duine faoi scáth a fhíniúna agus a chrann figí, fad a mhair Solamh. 5:6 Bhí [ceithre] mhíle mainséar agus dhá mhíle dhéag capall ag Solamh dá charbaid. 5:7 Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh. 5:8 Rinneadar freisin an eorna agus an easair a sholáthar don eachra agus do na capaill iompair san áit inar ghá sin, gach duine díobh ar a sheal. 5:9 Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh agus croí chomh fairsing le gaineamh na trá. 5:10 Sháraigh eagna Sholaimh eagna mhuintir an Oirthir go léir agus eagna na hÉigipte. 5:11 Ba eagnaí é ná aon duine eile, ba eagnaí é ná Éatán an tEazráchach, agus ná Héamán ná Calcol ná Darda, clann mhac Mháchól. Leath a cháil i measc na gciníocha go léir máguaird. 5:12 Chum sé trí mhíle seanfhocal, agus ba mhíle agus a cúig líon a dhuanta. 5:13 Thrácht sé thar chrainn ón gcéadar sa Liobáin go dtí an íosóip a fhásann ar an mballa; thrácht sé thar ainmhithe agus thar éin, thar phéisteanna agus thar iasc. 5:14 Tháinig daoine ó gach cine chun éisteacht le heagna Sholaimh, agus ó ríthe uile an domhain a chuala faoina eagna. 5:15 Chuir Híorám rí na Tuíre toscaireacht ag triall ar Sholamh nuair a chuala sé gur ungadh é ina rí i gcomharbacht ar a athair mar ba chara riamh é Híorám do Dháiví. 16 Agus sheol Solamh an teachtaireacht seo go dtí Híorám: 17 «Tá a fhios agat nach raibh ar chumas Dháiví m' athair teach a thógáil d' ainm an Tiarna a Dhia, mar go raibh cogadh á chur ag a naimhde air ó gach taobh nó gur bhrúigh an Tiarna faoina chois iad. 18 Ach tá suaimhneas tugtha dom ag an Tiarna mo Dhia ar gach taobh, gan namhaid agam ná tubaiste. 19 Tá sé beartaithe agam dá bhrí sin teach a thógáil d' ainm an Tiarna mo Dhia, faoi mar a dúirt an Tiarna le Dáiví m' athair ' Do mhac, an té a chuirfidh mé ina shuí i do ríchathaoir i d' áit, eisean a thógfaidh an teach do m' ainm.' 20 Cuir céadair na Liobáine á ngearradh dom; déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse, agus díolfaidh mise tuarastal do shearbhóntaíse leat de réir cibé ráta a shocróidh tusa. Níl aon duine againne chomh hoilte ar leagan crann agus atá na Síodónaigh, mar is eol duit.» 21 Nuair a chuala Híorám a raibh ráite ag Solamh, bhí gliondar air, agus dúirt: «Moladh leis an Tiarna inniu,» ar sé, «a thug mac eagnaí do Dháiví le bheith i gceannas ar an gcine mór seo.» 22 Agus chuir Híorám scéala go dtí Solamh: «Fuair mé do theachtaireacht; táimse sásta a bhfuil uait de chrainn chéadair agus cufróige a sholáthar. 23 Tabharfaidh [do] shearbhóntaí síos chun na farraige iad ón Liobáin, agus cuirfidh mé á dtarraingt ar cheann téide ar farraige iad go dtí cibé áit a déarfaidh tú; leagfaidh mé ansiúd iad agus beidh siad agatsa. Maidir leatsa, déanfaidh tú lón a sholáthar do mo theaghlach de réir mar a iarrfaidh mé.» 24 Rinne Híorám a raibh d' adhmad céadair agus cufróige ag teastáil ó Sholamh a sholáthar dó, 25 agus thug Solamh fiche míle tomhas cruithneachta do Híorám mar bhia dá theaghlach, agus fiche míle tomhas d' ola ghlan. Thug Solamh an méid sin do Híorám bliain i ndiaidh na bliana. 26 Thug an Tiarna eagna mar a gheall sé do Sholamh. Bhí cairdeas idir Híorám agus Solamh agus rinneadar conradh lena chéile beirt. 27 Rinne Solamh rí meitheal saothair éigeantaigh a thobhach ar Iosrael go léir; tríocha míle fear líon na meithle. 28 Chuir sé iad seo chun na Liobáine ar a n-uain, deich míle sa mhí. Chaithidís mí sa Liobáin agus dhá mhí sa bhaile. Bhí Adoiníreám i gceannas na meithle. 29 Bhí seachtó míle de lucht iompair agus ceithre fichid míle de lucht gearrtha cloch ag Solamh sna sléibhte, 30 agus, ina dteanntasan, saoistí na bhfeidhmeannach a bhí i bhfeighil na hoibre, trí mhíle trí chéad díobh i gceannas na bhfear a bhí i mbun na hoibre. 31 Ar ordú an rí bhaineadar clocha móra suaitheantasacha chun máithreacha an Teampaill a leagan le clocha gearrtha. 32 Rinne saoir Sholaimh agus saoir Híorám agus na Gibligh an t-adhmad agus na clocha do thógáil an Teampaill a ghearradh agus a bhailiú. Sa bhliain ceithre chéad agus a hochtó tar éis do na hIosraelaigh teacht amach as an Éigipt, sa cheathrú bliain de réimeas Sholaimh ar Iosrael, i mí Zif, an dara mí is é sin, thosaigh sé ar Theampall an Tiarna a thógáil. An Teampall a thóg Solamh don Tiarna, bhí sé trí fichid banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus cúig bhanlámh fichead ar airde. Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an Teampaill agus deich mbanlámh ar leithead ar feadh fhad an Teampaill. Rinne sé fuinneoga don Teampall le frámaí agus [cliatha]. Thóg sé breis le taobh bhalla an Teampaill (timpeall bhallaí an Teampaill), timpeall an halla agus an tsanctóra istigh, agus rinne sé seomraí cliathánacha timpeall ar fad. Bhí an stór íochtarach cúig bhanlámh ar leithead, an ceann láir sé bhanlámh, agus an tríú ceann seacht mbanlámh, mar bhí taobhrianta curtha leis an Teampall lasmuigh aige i dtreo nach mbeadh na cearchaillí i ngreim i mballaí an Teampaill. (Tógadh an Teampall de chlocha a gearradh sa choiréal i dtreo nach raibh fuaim casúir ná tua ná uirlis iarainn le clos sa Teampall fad bhí sé á thógáil.) Bhí an doras chun an stóir íochtaraigh ag cúinne deas an Teampaill, agus bhí staighre suas chun an stór láir agus ón stór láir arís go dtí an tríú stór. Thóg sé an Teampall, chríochnaigh é, agus chuir díon air le fraitheacha agus cláracha d' adhmad céadair. Chuir sé an bhreis ar feadh fhad an Teampaill go léir, bhí [gach stór] cúig bhanlámh ar airde agus bhí siad greamaithe den Teampall le bíomaí céadair. Tháinig briathar an Tiarna chun Solaimh: «An teach seo atá á thógáil agat? má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m' aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d' athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh. Agus déanfaidh mé cónaí i measc chlann Iosrael agus ní thréigfidh mé Iosrael mo phobal.» Thóg Solamh an Teampall agus chríochnaigh é amhlaidh sin. Chuir sé líneáil d' adhmad céadair laistigh le ballaí an Teampaill, á gclúdach le hadhmad laistigh ó urlár an Teampaill go dtí fraitheacha an dín, agus leag sé cláir chufróige ar urlár an Teampaill. An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t-ionad sárnaofa. Bhí daichead banlámh i dtomhas an Teampaill an halla, os comhair an tsanctóra laistigh. Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad. Sa chuid is faide isteach den Teampall d' ullmhaigh sé an sanctóir istigh le áirc chonradh an Tiarna a chur ann. Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d' ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d' adhmad céadair. Rinne Solamh an Teampall a chumhdach laistigh le hór fíre, agus chuir sé slabhraí óir trasna os comhair an tsanctóra agus rinneadar é a chumhdach le hór. Rinne sé an Teampall go léir a chumhdach le hór, an Teampall go léir bun barr (agus chumhdaigh sé altóir an tsanctóra istigh go léir le hór). Rinne sé dhá cheiribín d' adhmad olóige sa sanctóir. Bhí an chéad cheiribín deich mbanlámh ar airde. Bhí sciathán den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad, agus an sciathán eile den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad; bhí sé deich mbanlámh ó rinn sciatháin go dtí rinn sciatháin eile. Bhí deich mbanlámh chomh maith i dtomhas an cheiribín eile; bhí an tomhas céanna, agus an déanamh céanna, acu araon. Deich mbanlámh airde ceiribín díobh, agus ba mhar a chéile é ag an gceann eile. Chuir sé na ceiribíní i lár an tseomra inmheánaigh; bhí a sciatháin ar leathadh ionas gur bhain sciathán cinn acu le balla, agus gur bhain sciathán cinn eile leis an mballa eile; agus gur theagmhaigh an dá sciathan eile lena chéile i lár an tseomra. Chuir sé cumhdach óir ar na ceiribíní. Rinne sé ballaí an teampaill go léir sa seomra istigh agus amuigh a bhreacadh le híomhánna greanta de cheiribíní, de chrainn phailme, agus de chnotaí; agus rinne sé urlár an Teampaill a chumhdach le hór sa seomra istigh agus amuigh. Don bhealach isteach sa sanctóir rinne sé doirse d' adhmad olóige, le [hursaineacha cúigshleasacha], agus dhá chomhla d' adhmad olóige. Rinne sé íomhánna de cheiribíní, de chrainn phailme agus de chnotaí, agus rinne sé iad a chumhdach le hór agus leath sé ór ar na ceiribíní agus ar na crainn phailme. Rinne sé ursaineacha cearnógacha d' adhmad olóige ar an gcuma chéanna don bhealach isteach sa halla, agus an dá chomhla d' adhmad cufróige; bhí dhá easna ag ceangal comhla díobh, agus dhá easna ag ceangal na comhla eile. Rinne sé ceiribíní, crainn phailme, agus cnotaí a ghreanadh orthu agus chuir sé cumhdach óir orthu, ag leathadh an óir go cothrom ar an saothar greanta. Thóg sé balla na cúirte istigh le trí chúrsa de chloch ghearrtha, agus cúrsa de bhíomaí céadair. Sa cheathrú bliain, i mí Zif, leagadh máithreacha an Teampaill. San aonú bliain déag, i mí Búl, an t-ochtú mí sé sin, críochnaíodh an Teampall go léir go cruinn díreach mar a dearadh agus a beartaíodh é. Bhí sé seacht mbliana á thógáil. Maidir lena phálás féin, bhí Solamh trí bliana déag á thógáil nó go raibh críoch curtha aige ar a rítheach go léir. Thóg sé Áras Chrainn Fhoraois na Liobáine; bhí sé céad banlámh ar fhad, leathchéad banlámh ar leithead, tríocha banlámh ar airde, agus é tógtha ar thrí shraith colún d' adhmad céadair le mullaí céadair ar na colúin. Bhí cumhdach d' adhmad céadair ar an gcuid uachtarach de chomh fada leis na cláir lastuas de na colúin (cúig cinn agus daichead díobh ar fad, cúig cinn déag i ngach sraith). Bhí trí shraith de fhardoirse, cúig cinn agus daichead díobh ar fad, cúig cinn déag i ngach sraith sé sin ar aghaidh a chéile ar thrí thaobh. Bhí na doirse agus na hursaineacha de dhéanamh dronuilleannach ar aghaidh a chéile ar thrí thaobh. Rinne sé Halla na gColún, leathchéad banlámh ar fhad agus tríocha banlámh ar leithead? agus póirse os a chomhair amach. Rinne sé chomh maith Halla na Ríchathaoireach mar a dtugadh sé breith, Halla na Breithe sé sin; bhí painéal d' adhmad céadair air ó urlár go fraitheacha. Ba den déantús céanna a theach, a áras cónaithe féin sa chúirt eile isteach ón Halla. Rinne Solamh chomh maith teach ar aon dul leis an Halla seo d' iníon Fhorainn a bhí aige mar bhean. Bhí na foirgnimh seo go léir de chlocha luachmhara a snaíodh de réir tomhais agus a gearradh le sábha ar a n-aghaidh agus ar a gcúl, agus sin ó bhonn go bunlach (agus lasmuigh chomh fada leis an gcúirt mhór). Bhí a máithreacha de chlocha luachmhara, clocha móra, clocha a thomhais ocht mbanlámh nó deich. Agus in airde orthu bhí clocha luachmhara a gearradh de réir tomhais, agus adhmad céadair. Bhí trí shraith de chlocha gearrtha timpeall ar an gcúirt mhór lasmuigh; agus sraith de bhíomaí céadair; bhí sin leis an chúirt inmheánach Theampall an Tiarna agus póirse an Teampaill. Chuir Solamh rí fios ar Híorám agus thug leis ón Tuír é. Ba mhac baintrí de threibh Naftáilí é, lán de thuiscint agus an-eolgaiseach i mbun déantúis chré-umha. Tháinig sé chuig Solamh agus rinne an obair seo go léir dó: Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún. Rinne sé dhá mhullach de chré-umha teilgthe do bharr na gcolún; bhí mullach díobh cúig bhanlámh ar airde, agus an ceann eile cúig bhanlámh. Agus [rinne sé dhá] fhíolagrán mar chumhdach ar mhúnláil an dá mhullach ar na colúin, fíolagrán do mhullach agus fíolagrán eile don mhullach eile. ABN: 18, 19, 20, 21 18 Rinne sé pomagránaití chomh maith, dhá shraith díobh timpeall gach fíolagráin, 19 ceithre chéad díobh ar fad, 21 Ar chuma blátha a bhí na mullaí ar bharr na gcolún. greamaithe den mhúnláil chrochta ar chúl an fhíolagráin; bhí dhá chéad pomagránait timpeall ar mhullach, agus an líon céanna timpeall ar an mullach eile. 22 Sheas sé na colúin os comhair phóirse an tsanctóra; chuir sé colún ar dheis ar ar thug sé Iáicín, agus colún ar chlé ar ar thug sé Boaz. 23 Ba shin an clabhsúr ar shaothar na gcolún. 24 Ansin rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne. 25 Timpeall uirthi go léir faoina ciumhais bhí cnapáin; ghabhadar timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh; bhí na cnapáin ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile. 26 Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n-aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n-aghaidh siar, trí cinn agus a n-aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n-aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthu sin, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile. 27 Bhí sí dorn ar tiús, agus ba ar chuma ciumhais cupáin a bhí a ciumhais, mar bhláth lile. Bhí lán dhá mhíle folcadán inti. 28 Rinne sé deich seastán cré-umha; bhí gach seastán ceithre bhanlámh ar fhad, ceithre bhanlámh ar leithead, agus trí bhanlámh ar airde. 29 Mar seo a tógadh iad: bhí creatlach fúthu agus trasnáin ar an gcreatlach. 30 Ar thrasnáin an chreatlaigh bhí leoin, agus tairbh, agus ceiribíní, agus ar bharr an chreatlaigh bhí teannta; thíos faoi na leoin agus na daimh bhí fleasca fiartha. 31 Bhí ceithre roth cré-umha agus ceithre fhearsaid chré-umha faoi gach seastán, agus ag na cúinní bhí teanntaí don bháisín, agus teilgeadh iad sin le fleasca ar a gcliatháin. 32 Ba é tomhas a bhéil, ón mball inar tháinig na teanntaí le chéile go dtí a bharr, banlámh go leith. Bhí a bhéal cruinn, ar aon dul le taca faoi áras, agus ar an mbéal bhí íomhánna greanta. Ní cruinn a bhí na trasnáin, ach dronuilleogach. 33 Bhí na ceithre roth faoi na trasnáin, agus bhí fearsaidí na rothaí d' aon phíosa leis na seastáin, agus ba bhanlámh go leith airde gach rotha. 34 Ar dhéanamh rothaí carbaid a bhí na rothaí; teilgeadh idir fhearsaid, agus fhonsa, agus spócaí, agus mhol. 35 Bhí ceithre theannta ag ceithre chúinne gach seastáin, agus ba d' aon phíosa na teanntaí agus na seastáin. 36 Ar bharr an tseastáin bhí taca, déanamh cruinn air, agus é leathbhanlámh ar airde; ar bharr an tseastáin bhí a theanntaí agus a thrasnáin d' aon phíosa leis. 37 Ar dhromchla a theanntaí agus a thrasnáin, rinne sé ceiribíní agus leoin agus crainn phailme a ghreanadh, de réir mar a bhí slí do gach ceann, agus fleasca ina dtimpeall. 38 Mar sin is ea a rinne sé na deich seastáin; teilgeadh iad go léir mar a chéile, an tomhas céanna agus an cruth céanna. 39 Agus rinne sé deich mbáisíní cré-umha; bhí lán daichead folcadán i ngach báisín; bhí ceithre bhanlámh i dtomhas gach báisín, báisín do gach seastán de na deich gcinn. 40 Chóirigh sé na báisíní, cúig cinn ar thaobh deas an Teampaill agus cúig cinn ar a thaobh clé, agus chuir sé an mhuir ar thaobh deas an Teampaill, sa chúinne thoir theas. 41 Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna: 42 an dá cholún, an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún; an dá shraith fíolagráin leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach; 43 an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fíolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fíolagráin ina dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach); 44 na deich seastáin agus na deich mbáisíní ar na seastáin; 45 an aon mhuir agus an dá dhamh déag faoin muir; 46 na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Ba de chré-umha líofa na gréithe seo go léir a rinne Híorám do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna. 47 Rinne sé iad trí [ghaineamhtheilgean] i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Záratán. 48 D' fhág Solamh na hárais go léir gan meá, mar bhí an oiread sin díobh ann; níor tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha. 49 Chuir Solamh na gréithe go léir a rinne sé i dTeampall an Tiarna: an altóir óir, an bord óir do bhuilíní na láithreachta; 50 na coinnleoirí d' ór fíre, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé os comhair an tsanctóra; na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn agus an teanchair, d' ór; 51 na cuacha, na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, agus na túisteáin, d' ór fíre; ceapa doirse d' ór do dhoirse an tsanctóra, an áit shárnaofa is é sin, agus do dhoirse halla an Teampaill. 52 Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Solamh a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall an Tiarna. Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví. Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh i mí Éatáiním le linn na féile (an seachtú mí, sé sin) agus thug na sagairt an áirc suas leo, agus Both na Teagmhála, mar aon leis na soithí naofa go léir a bhí istigh ann. D' ofráil an rí Solamh agus Iosrael ar fad íobairtí os comhair na háirce, caoirigh agus daimh gan áireamh gan chuimse. D' iompair na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní. San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní spréite amach mar scáth os cionn na háirce agus a pollaí. Bhí siad sin chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit naofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh. 9 Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte. 10 Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu. 11 Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, líonadh Teampall an Tiarna leis an néal. 12 De bharr an néil níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais freastail; bhí Teampall an Tiarna líonta de ghlóir an Tiarna. 13 Dúirt Solamh ansin: «Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh. 14 Is ea go deimhin, tá áit chónaithe tógtha agam duit, Áit duit chun cónaí ann go brách.» 15 Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh. 16 Dúirt sé: «Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m' athair nuair a dúirt sé: 17 Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as an Éigipt, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m' ainm ann, ach roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.» 18 Ba é mian croí m' athar Dáiví teach a thógáil d' ainm an Tiarna, Dia Iosrael. 19 Ach dúirt an Tiarna: 'Is é mian do chroí teach a thógáil do m' ainm, agus is maith uait sin a bheith i do chroí: 20 ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d' fheoil féin, a thógfaidh an teach do m' ainm.' 21 Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m' athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael, faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam d' ainm an Tiarna, Dia Iosrael, 22 agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna lenár sinsir nuair a thug sé amach as tír na hÉigipte iad.» Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas 23 24 agus dúirt: «A Thiarna, Dia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas, ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus buanghrách le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do bhealaí le hiomlán a gcroí. 25 Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m' athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu. 26 Agus anois, a Thiarna, Dia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m' athair, á rá: 'Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair ar ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n-iompar agus siúl os mo chomhair mar a rinne tusa féin.' 27 Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m' athair. 28 Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre [i measc an chine dhaonna] ar talamh? Féach! ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa? 29 Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu. 30 De lá agus d' oíche bíodh do shúile ag tabhairt aire don teach seo, an áit seo faoina ndúirt tú féin: 'Is ansin a bheidh m' ainm.' Éist leis an nguí a ofrálfaidh do shearbhónta i dtreo na háite seo. 31 Agus éist le hachainí do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuífidh siad i dtreo na háite seo. Sea éist i d' áras ar neamh, agus nuair a chloisfidh tú, tabhair maithiúnas! 32 «Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan, agus go nglaonn an chomharsa mallacht [sa mhullach air], agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d' altóra sa Teampall seo, 33 éistse sna flaithis agus déan beart, agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta. 34 Nuair a bhéarfaidh an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d' aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d' ainm a mholadh, agus idirghuí agus impí a dhéanamh chugat, sa teach seo, 35 tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith a bpeaca do do phobal Iosrael, agus tabhair ar ais iad chun na tíre a thug tú dá sinsir. 36 Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d' aghaidh, má dhéanann siad guí i dtreo na háite seo, agus d' ainm a mholadh, agus [go n-umhlaíonn] tú iad agus go ndéanann siad aithrí ina bpeaca, 37 tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith peaca do shearbhóntaí agus do phobail Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht. 38 «Má bhíonn gorta sa tír, nó plá nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaiste, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail seo léigear [ar gheata] dá gcathair; má bhíonn fiabhras nó galar; 39 má thagann doilíos croí ar aon duine (nó ar phobal Iosrael go léir) agus go ndéanann sé impí nó achainí, agus go síneann sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo, 40 tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d' áitreabh; tabhair maithiúnas agus déan beart; cúitigh le cách de réir a iompair go léir mar is duit amháin is eol croí gach duine de shíol fir 41 ionas go mbeidh urraim acu duit an dá lá déag agus an fhaid a mhairfidh siad sa tír a thug tú dar sinsir. 42 «Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d' ainm 43 mar cloisfear trácht thar d' ainm, thar do láimh thréan, agus thar do ghéag ar tinneall má thagann sé agus guí a dhéanamh i dtreo an Teampaill seo, 44 tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d' áitreabh, agus deonaigh gach a n-iarrfaidh an strainséir agus é ag glaoch chugat, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d' ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d' ainm ar an Teampall seo a thóg mé. 45 «Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d' ainm, agus guí chun an Tiarna, 46 tabhair cluas ó na flaithis dá n-impí agus dá n-achainí, agus seas leo. 47 «Má pheacaíonn siad i d' aghaidh mar níl duine beo nach ndéanann peaca agus go dtiocfaidh fearg ort chucu agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfar chun siúil iad mar dhaoir go tír a namhad i gcéin nó i gcóngar; 48 má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: 'Pheacaíomar, rinneamar an t-olc agus an peaca,' 49 agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a naimhde, an mhuintir a rug leo ina ndaoir iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n-aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d' ainm, 50 tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d' áitreabh (agus éist lena n-achainí agus lena n-impí agus seas leo). 51 Agus maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne, agus na cionta go léir lenar chiontaíodar i d' aghaidh, agus deonaigh go mbainfidh siad amach fabhar lucht a gcloíte ionas go mbeadh trua acu dóibh, 52 óir is iad do phobal iad, agus d' oidhreacht a thug tú amach as an Éigipt, as lár an fhoirnéis iarainn úd.» «Bíodh do shúile ar leathadh i gcónaí d' impí do shearbhónta agus do phobail Iosrael, agus tabhair cluas dóibh i gcónaí nuair a ghlaofaidh siad ort. 53 54 Mar is tusa a roghnaigh iad ó phobail na cruinne go léir mar oidhreacht agat féin, mar a d' fhógair tú trí Mhaois do shearbhónta, nuair thug tú ár sinsir ón Éigipt amach, a Thiarna Dia.» 55 Nuair a bhí an achainí agus an urnaí seo go léir curtha ag Solamh i láthair an Tiarna, d' éirigh sé dá ghlúine mar a raibh sé lena lámha sínte suas amach chun na bhflaitheas aige os comhair altóir an Tiarna, 56 agus sheas sé agus chuir sé a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir in ard a ghutha á rá: 57 «Moladh leis an Tiarna a thug suaimhneas dá phobal Iosrael de réir gach ar gheall sé; níor theip ar oiread agus ceann de na nithe fónta go léir a gheall sé trí bhéal Mhaois a shearbhónta. 58 Go raibh an Tiarna ár nDia inár dteanntana mar a bhí sé i dteannta ár sinsear; ná tréigeadh sé choíche sinn agus ná caitheadh sé i leataobh sinn. 59 Go n-iompaí sé ár gcroí chuige féin ionas go leanfaimid a bhealaí go léir agus a aitheanta a choimeád, agus a dhlíthe agus na reachtanna a thug sé dár sinsir. 60 Go raibh na briathra seo de mo chuid, lena ndearna mé urnaí os comhair an Tiarna, i bhfianaise an Tiarna mo Dhia, de lá agus d' oíche, agus go seasa sé lena shearbhónta, agus go seasa sé lena phobal Iosrael de réir mar éileofar lá i ndiaidh lae; 61 ionas go mbeidh a fhios ag ciníocha na cruinne go léir gurb é an Tiarna is Dia ann dáiríre, agus nach bhfuil ann ach é. 62 Go raibh bhur gcroí go hiomlán dá réir sin leis an Tiarna ár nDia, agus go gcoimeáda sibh a dhlíthe agus go gcomhlíona sibh a aitheanta dála an lae inniu.» Ansin d' ofráil an rí agus Iosrael go léir íobairtí i bhfianaise an Tiarna. 63 64 D' ofráil Solamh dhá mhíle fichead damh agus céad agus fiche míle caora mar íobairtí comaoineach don Tiarna. Mar sin a rinne an rí agus clann Iosrael go léir Teampall an Tiarna a choisreacan. 65 An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d' ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n-íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n-íobairtí comaoineach a choinneáil. 66 Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t-am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá]. 67 Ar an ochtú lá chuir sé an pobal chun siúil; d' fhágadarsan slán agus beannacht ag an rí agus d' imíodar abhaile agus a gcroí lán de lúcháir agus d' áthas de bharr an chineáltais go léir a thaispeáin an Tiarna do Dháiví agus dá phobal Iosrael. Nuair a bhí deireadh déanta ag Solamh ag togáil Theampall an Tiarna, agus an pháláis, agus gach ar mhian leis a thógáil, thaispeáin an Tiarna é féin arís do Sholamh faoi mar a thaispeáin sé é féin dó i nGibeón. Dúirt an Tiarna leis: «D' eist mé le d' urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m' ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe. Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d' athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna, daingneoidh mé do ríchathaoir os cionn Iosrael go deo, faoi mar a gheall mé do Dháiví d' athair á rá: 'Ní bheidh tú riamh gan fear i ríchathaoir Iosrael.' Ach má iompaíonn sibh féin uaim agus gan mé a leanúint, nó bhur gclann mhac, agus nach gcoimeádfaidh sibh na haitheanta ná na reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh, ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m' ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir. Agus maidir leis an Teampall seo, déanfar leachtán de; cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid; ligfidh siad fead agus déarfaidh siad: 'Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo ar an tír agus ar an Teampall seo?' Agus sé freagra a gheobhaidh siad: 'Mar gur thréig siad an Tiarna a nDia a thug a sinsir amach as tír na hÉigipte, agus gur ghlac siad chucu déithe eile agus gur thug siad ómós agus seirbhís dóibh; sin é an fáth ar thug an Tiarna an drochíde sin go léir orthu.'» Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh an dá fhoirgneamh a thógáil, Teampall an Tiarna agus a phalás féin, (thug Híorám rí na Tuíre oiread adhmaid chéadair agus chufróige agus óir agus ab áil leis, do Sholamh) thug Solamh fiche cathair i dtír na Gailíle do Híorám. Ach nuair a tháinig Híorám ón Tuír chun na cathracha a thug Solamh dó a iniúchadh, ní raibh sé sásta leo. «Cén sórt cathracha iad sin a thug dom, a bhráthair?» ar sé. Agus go dtí an lá inniu féin tugtar «Tír Cábúl» (Gan Mhaith) orthu. Chuir Híorám céad agus fiche tallann airgid chun an rí. Seo cur síos ar an saothar éigeantach a rinne Solamh a thobhach do thógáil Teampall an Tiarna, a phálás féin, an Mileo, balla Iarúsailéim, Hazór, Migideo, Geizir (ghabh Forann rí na hÉigipte suas agus ghabh sé Geizir, chuir sé trí thine é agus bhásaigh a raibh de Chanánaigh ina gcónaí ann; ansin thug sé an chathair mar spré dá iníon, bean Sholaimh. Rinne Solamh Geizir a atógáil), Béit Horon Íochtarach, agus Bálat agus Támár san fhásach in Iúdá. agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach arbh áil le Solamh a thógáil in Iarúsailéim, sa Liobáin, agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas. Gach ar mhair de na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh de chlann Iosrael iad; a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár éirígh le clann Iosrael a chur faoin mbang; chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing daoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin. Ach níor chuir Solamh aon duine de mhuintir Iosrael faoi dhaoirse; iadsan a bhí aige mar shaighdiúirí, mar oifigigh, mar cheannfoirt, mar chaptaein, mar cheannairí carbad, agus mar thaoisigh marcshlua. Seo iad na maoir a bhí ar na saoistí a bhí i mbun saothar Sholaimh: cúig chéad go leith i bhfeighil na ndaoine a bhí gafa leis an obair. Tar éis d' iníon Fhorainn dul ó Dhúnfort Dháiví go dtí an teach a thóg Solamh di féin, ansin a thóg sé an Mileo. D' ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach trí huaire sa bhliain ar an altóir a thóg sé don Tiarna, agus dhódh sé túis don Tiarna, agus choinnigh sé slacht ar an Teampall. Thóg Solamh rí cabhlach ag Eizión Geibir i gcóngar Éalat ar bhruach na Mara Rua i dtír Eadóm. Don chabhlach seo chuir Híorám fir dá chuid a bhí eolgaiseach ar chúrsaí mara chun seirbhís a dhéanamh le fir Sholaimh. Chuadar go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad agus fiche tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é. Nuair a leathnaigh clú Sholaimh, maidir le hainm an Tiarna, amach fad le banríon Sheabá, tháinig sí ag triall air chun é a phromhadh le ceisteanna crua. Thug sí cóisir ollmhór léi go Iarúsailéim, camaill faoi ualach spíosraí agus na múrtha óir agus liaga lómhara. Ar theacht chun Solaimh di, labhair sí leis go neamhbhalbh agus bhí freagra ag Solamh ar gach ceist dár chuir sí; ní raibh ceann ar bith acu ródhiamhair don rí le freagra a thabhairt di. Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige, bia a bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompair na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d' ofráladh sé i dTeampall an Tiarna, baineadh stangadh aisti, agus dúirt sí leis an rí: «Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin faoi do chúraimí agus faoi do chríonnacht! Nó gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár inis siad a leath dom; sáraíonn tú le críonnacht agus le saibhreas, an tuairisc a chuala mé. Nach méanar do do mhná céile! Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht! Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d' Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.» Bhronn sí céad fiche tallann óir ansin ar an rí agus lear mór spíosraí agus liaga lómhara. Níor tháinig saibhreas spíosraí riamh ina dhiaidh sin a bhí inchurtha leo siúd a bhronn banríon Sheabá ar Sholamh rí. Agus cabhlach Híorám a thug ór ó Óifír, thug sé chomh maith lastaí mora d' adhmad almug agus de liaga lómhara. Den adhmad almug rinne an rí teanntaí do Theampall an Tiarna, agus don phálás ríoga, agus lireanna agus cruiteanna do na ceoltóirí; níor tháinig a thuilleadh den adhmad almug sin ó shin, ná ní fhacthas aon chuid de go dtí an lá seo féin. Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi, agus bronntanais le barr a fhéile ríoga féin chomh maith. Ansin d' imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí. Sé chéad agus a seasca sé thallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana, seachas a dtagadh chuige mar cháin ón lucht trádála agus mar bhrabús na gceannaithe, agus ó ríthe na hAráibe go léir, agus ó rialtóirí na tíre. Rinne Solamh rí dhá chéad sciath mhór d' ór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath. Agus rinne sé trí chéad sciath bheag d' ór ceárta, agus chuaigh trí mhíoná óir i ngach sciath, agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine. Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite. Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach, agus bhí ceann lao ar chúl na cathaoireach; bhí taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon le taobh na dtacaí agus dhá leon déag ar na céimeanna, leon ag dhá cheann gach céime de na sé céimeanna. Ní dhearnadh a leithéid riamh in aon ríocht eile. Ba d' ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d' ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d' airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh. Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin. Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna. Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí isteach, agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí an scéal bliain i ndiaidh na bliana. Bhailigh Solamh carbaid agus capaill le chéile; bhí míle ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag capall. Bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim. D' fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán. Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ón Éigipt agus ó [Chilicia], agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chilicia ar phraghas cinnte. Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar shé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú trí ghníomhairí an rí go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna. Thug Solamh rí grá do chuid mhór ban ón gcoigrích, ní amháin d' iníon Fhorainn ach do mhná de na Móábaigh, na hAmónaigh, na hEadómaigh, na Síodónaigh, na Hitigh, na ciníocha úd faoina ndúirt an Tiarna le clann Iosrael: 'Na téigí chucu agus ná tagadh siadsan chugaibh, nó is cinnte go n-iompóidh siad bhur gcroí chun a ndéithe féin.» Ach bhí cion as cuimse ag Solamh orthu. Bhí seacht gcéad bean aige a bhí ar chéim ríoga agus trí chéad leannán. Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví. D' éirigh sé ceanúil ar Aisteárat, bandia na Síodónach, agus ar Mhiolcom uafás na nAmónach. Rinne Solamh an t-olc i súile an Tiarna agus níor lean sé an Tiarna lena chroí go hiomlán, mar a rinne Dáiví, a athair. Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim. Rinne sé amhlaidh dá mhná coigríocha go léir a d' ofráladh túis agus íobairtí dá ndéithe. Bhí fearg ar an Tiarna le Solamh de bhrí gur iompaigh sé a chroí ón Tiarna, Dia Iosrael, a thaispeáin é féin dó faoi dhó, agus a chros air ansin déithe eile a leanúint. Ach níor chuir sé ar ordaigh an Tiarna i gcrích. Dúirt an Tiarna dá bhrí sin le Solamh: «Ós mar seo atá do ghníomhartha agus nach gcomhlíonann tú mo chonradh ná mo reachtanna, a cheangail mé ort, bainfidh mé an ríocht díot go cinnte dearfa, agus bronnfaidh mé ar dhuine de do shearbhóntaí í. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, áfach, ní dhéanfaidh mé é sin le linn do shaoil féin, ach bainfidh mé de do mhac í. Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.» D' ardaigh an Tiarna namhaid in aghaidh Sholaimh, Hadad an tEadómach; de ríshliocht Eadóm eisean. Nuair a chloígh Dáiví Eadóm chuaigh Ióáb, ceannasaí an airm, chun na mairbh a adhlacadh agus chuir sé gach fear agus fireannach in Eadóm chun báis. D' fhan Ióáb agus Iosrael go léir ansiúd ar feadh sé mhí nó go raibh gach fireannach in Eadóm curtha chun báis acu. Ach theith Hadad, agus Eadómaigh eile a bhí ag seirbhís dá athair, chun na hÉigipte; ní raibh i Hadad ach buachaill ag an am sin. Chuir siad chun bealaigh ó Mhidián agus ar theacht go Párán thug siad roinnt fear ó Phárán leo, agus ar aghaidh go dtí an Éigipt, go Forann, rí na hÉigipte. Thug seisean teach dó, agus coinmhe, agus fearann dó féin. Thug Forann gean a chroí do Hadad agus thug sé deirfiúr a chéile mar bhean dó, deirfiúr na Céad Mhná, Tachpanaes. Agus rug deirfiur Thachpanaes mac dó, Ganubat, agus rinne Tachpanaes é seo a chur ó dhiúl i dteach Fhorainn; agus oileadh Ganubat i dteach Fhorainn i measc clann mhac Fhorainn. Ach nuair a fuair Hadad scéala agus é san Éigipt go raibh Dáiví imithe chun suain lena shinsir, agus go raibh Ióáb, ceannasaí an airm marbh, dúirt Hadad le Forann: «Lig dom imeacht agus filleadh ar mo thír féin.» Ach dúirt Forann leis: «Cad a bhí de dhíth ort faramsa a rá is go bhfuil tú anois ag iarraidh filleadh ar do thír féin?» «Ní raibh aon ní,» ar sé, «ach lig dom imeacht.» D' ardaigh Dia namhaid eile dó, Razón mac Eiliádá. Theith seisean óna mháistir Hadad Eizir rí Zóbá. Bhailigh roinnt fear ina thimpeall agus rinne ceannaire buíon foghlaithe de (ach rinne Dáiví ár orthu). Chuaigh siad go dtí an Damaisc agus chuir siad faoi ann agus rinne rí ar an Damaisc de. Bhí sé namhdmhar le hIosrael fad a mhair Solamh agus bhíodh sé ag déanamh na hurchóide dála Hadad; b' fhuath leis Iosrael agus bhí sé i gceannas na Síre. Mac do Nabát, Eafráimeach ó Zaraedá, ab ea Iarobám; Zarúá ab ainm dá mháthair, agus baintreach ab ea í. Bhí sé ag déanamh seirbhíse do Sholamh, ach rinne sé ceannairc. Seo mar a rinne sé an cheannairc: Bhí Solamh ag tógáil an Mhileo agus ag iamh na bearnan i nDúnfort Dháiví, a athair. Bhí céimíocht ag an ógfhear Iarobám agus nuair a chonaic Solamh a dhícheallaí a bhí sé, chuir sé i bhfeighil shaothar lucht daoirse theach Iósaef go léir é. Lá dá ndeachaigh Iarobám amach as Iarúsailéim, casadh an fáidh Aichíá ó Shileo air ar an mbóthar; bhí fallaing nua ar Aichíá, agus bhí an bheirt acu leo féin i lár na tuaithe. Rug Aichíá ar an bhfallaing nua a bhí air féin agus stróic sé ina dhá stiall déag í. Dúirt sé le Iarobám: «Beir leat deich stiall faoi do choinne féin, óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia Iosrael: 'Táim ag dul a stróiceadh na ríochta ó lámha Sholaimh agus tabharfaidh mé deich dtreibh duitse. (Coinneoidh sé aon treibh amháin ar son Dháiví, mo shearbhónta, agus ar son Iarúsailéim an chathair atá tofa agam as treibheanna uile Iosrael) mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d' Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair. Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád m' aitheanta agus mo dhlíthe. Stoithfidh mé an ríocht as láimh a mhic, áfach, agus tabharfaidh mé duitse í, deich dtreibh. Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m' fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m' ainm. Béarfaidh mé tusa liom, agus rialóidh tú ar oiread agus is mian leat, agus beidh tú i do rí ar Iosrael. Má éisteann tú le m' orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m' aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit, agus ar an gcuma sin déanfaidh mé sliocht Dháiví a umhlú, ach ní go deo é.'» Rinne Solamh iarracht ar Iarobám a mharú, ach d' éalaigh seisean leis agus theith chun na hÉigipte go Síseac rí na hÉigipte, agus d' fhan sé san Éigipt go bhfuair Solamh bás. An chuid eile de stair Sholaimh, a imeachtaí go léir, agus a eagna nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Ghníomhartha Sholaimh. Mhair réimeas Sholaimh in Iarúsailéim ar Iosrael go léir daichead bliain. Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air. A luaithe a chuala Iarobám mac Nabát an scéala agus é fós san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí, d' fhill sé ón Éigipt. Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí, (agus chuir siad fios ar Iarobám agus tháinig sé féin agus comhthionól Iosrael go léir) agus dúradar le Rachabám: «Chuir d' athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d' athar, agus a chuing throm orainn agus déanfaimid seirbhís duit.» Dúirt sé leo: «Imígí libh ar feadh trí lá, agus ansin tagaigí ar ais chugam.» Agus d' imigh na daoine leo. Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. «Cén freagra,» ar sé, «ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?» Dúirt siad leis: «Déan freastal ar an bpobal seo inniu, agus bí mar a bheadh seirbhíseach acu, labhair go lách leo, agus beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.» Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh a d' fhás suas leis féin agus a bhí ina sheirbhís. «Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt don mhuintir seo a dúirt liom: 'Bog dínn an chuing a leag d' athair orainn'?» ar sé leo. Agus d' fhreagair an dream óg a d' fhás suas leis: «Tabhair an freagra seo don mhuintir úd a dúirt: 'Chuir d' athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú duinn' abair é seo leo: 'Is raimhre mo lúidín ná coim m' athar. Leag m' athair ualach trom oraibh Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m' athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.'» An tríú lá tháinig (Iarobám agus) an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d' ordaigh an rí á rá: «Tagaigí chugam arís an treas lá.» Níor thug an rí aon aird ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó, ach thug freagra garbh ar an bpobal, agus labhair leo de réir chomhairle na n-ógfhear agus dúirt: «Leag m' athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m' athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.» Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag an Tiarna ionas go gcomhlíonfadh sé an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát. Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d' fhreagair an pobal an rí: «Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!» Agus d' imigh Iosrael leo chun a mbothanna. Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann mhac Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá. Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir na hIosraelaigh go léir chun báis de chlocha é; ansin bhrostaigh Rachabám agus phreab ina charbad agus theith go Iarúsailéim. Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin. Nuair a chuala Iosrael go léir go raibh Iarobám ar ais, ghlaodar air chun an chomhthionóil agus rinneadar rí de ar Iosrael go léir. Níor fhan aon duine dílis do theaghlach Dháiví ach treibh Iúdá amháin. Ghabh Rachabám suas go Iarúsailéim agus chuir sé tionól ar theaghlach Iúdá go léir, agus ar threibh Bhiniáimin, céad agus ochtó míle de thogha na ngaiscíoch, ionas go gcuirfí cath ar theaghlach Iosrael agus go mbuafaí an ríocht ar ais do Rachabám mac Sholaimh. Ach tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá an giolla Dé, agus dúirt: «Abair é seo le Rachabám, mac Sholaimh, rí Iúdá, le teaghlach Iúdá go léir agus le Biniáimin, agus leis an gcuid eile den phobal: Mar seo a deir an Tiarna: 'Ná téigí suas agus ná troidigí in aghaidh bhur mbráithre, pobal Iosrael. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.'» (Agus d' éisteadar go léir le briathar an Tiarna, agus d' imíodar leo abhaile arís de réir bhriathar an Tiarna.) Ansin thóg Iarobám Seicim in ardáin Eafráim agus chuir faoi ann. Ansin d' fhág sé an áit sin agus dhaingnigh sé Panúéil. Agus dúirt Iarobám ina chroí istigh: «Dá réir seo, fillfidh an ríocht seo chun teaghlach Dháiví. Má leanann an pobal seo ag dul suas chuig Teampall an Tiarna in Iarúsailéim chun íobairtí a ofráil, iompóidh croí an phobail ar ais athuair chun a dtaoisigh Rachabám, rí Iúdá, agus cuirfidh siad chun báis mé (agus fillfidh siad ar Rachabám, rí Iúdá).» Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: «Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.» Chuir sé ceann díobh ina sheasamh i mBéitéil (agus an ceann eile i nDán, agus ba pheaca sin) agus chuaigh mórshiúl den phobal an bealach ar fad go Dán ar bhéala an chinn eile. Bhunaigh sé teampall na n-ardionad agus cheap sé daoine ó ghnáththeaghlaigh mar shagairt, daoine nár de shliocht Léiví iad. Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d' ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n-ardionad a bhí bunaithe aige. Ar an gcúigiú lá déag den ochtú mí, an mhí a thogh sé d' aon ghnó, chuaigh sé suas chun na haltóra a bhí déanta aige i mBéitéil. Bhunaigh sé féile do chlann Iosrael agus chuaigh suas chun na haltóra chun túis a íobairt. Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil. Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: «A altóir, a altóir,» ar sé, «seo mar a deir an Tiarna: 'Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n-ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.'» Agus thug sé comhartha san am céanna: «Seo é an comhartha,» ar sé, «gur labhair an Tiarna: 'Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.'» Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: «Gabhaigí é.» Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais. Agus phléasc an altóir agus scaipeadh an luaithreach ón altóir, de réir an chomhartha a thug an giolla Dé ar ordú an Tiarna. Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: «Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.» Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin. Ansin dúirt an rí leis an ngiolla Dé: «Tar liom abhaile agus caith bia agus tabharfaidh mé luach saothair duit.» Ach d' fhreagair an giolla Dé an rí: «Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo, mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: 'Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.'» Thug sé bóthar eile air féin agus níor fhill sé an tslí a ghabh sé ag teacht go Béitéil. Agus bhí seanfháidh ina chónaí i mBéitéil, agus tháinig a chlann mhac á rá leis gach a ndearna an giolla Dé an lá sin i mBéitéil, agus na briathra a labhair sé leis an rí d' insíodar iadsan leis dá n-athair. «Cén bealach a ghabh sé?» d' fhiafraigh a n-athair díobh. Agus thaispeáin a chlann mhac [dó] an bealach a ghabh an giolla Dé a tháinig ó Iúdá. «Cuirigí an diallait ar an asal dom,» ar sé lena chlann mhac; chuireadar an diallait ar an asal dó dá bhrí sin agus chuaigh sé ar a mhuin. Lean sé an giolla Dé, agus fuair é ina shuí faoi scáth crann darach. «An tusa,» ar sé, «an giolla Dé a tháinig ó Iúdá?» «Is mé,» a d' fhreagair sé. «Tar abhaile liom,» ar sé, «agus caith bia.» «Ní féidir liom filleadh ar ais leat,» ar sé, «(ná dul isteach abhaile leat) ná bia ná deoch a chaitheamh anseo leat, mar fuair mé ordú ón Tiarna: 'Ná hith greim aráin agus ná hól deoch uisce ansiúd agus ná fill an bothar ar ar tháinig tú.'» D' fhreagair an fear eile: «Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: 'Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.'» Ach ba bhréag a d' inis sé dó. Chuaigh an giolla Dé ar ais leis agus chaith sé bia agus deoch ina theach. Agus ina suí chun boird dóibh tháinig briathar an Tiarna chun an fháidh a thug ar ais é, agus labhair sé os ard leis an ngiolla Dé a tháinig ó Iúdá: «Mar seo a deir an Tiarna,» ar sé: «' Dé bhrí go raibh tú easumhal d' ordú an Tiarna agus nár chomhlíon tú na treoracha a thug an Tiarna do Dhia duit, ach teacht ar ais agus bia agus deoch a chaitheamh san áit inar choisc sé bia agus deoch ort, ní shroichfidh do chorp tuama do shinsear.'» Nuair a bhí bia agus deoch caite aige, chuir an fáidh an diallait ar an asal dó, agus [chas sé timpeall agus d' imigh leis]. Ar an mbothar dó bhuail leon leis sa tslí agus mharaigh sé é. Fágadh a chorp sínte faon ar an mbóthar; d' fhan an t-asal ina sheasamh ansiúd taobh leis, agus d' fhan an leon ina sheasamh ag an gcorp chomh maith. Chonaic daoine a bhí ag gabháil thar bráid an corp sínte ar an mbóthar agus an leon chomh maith ina sheasamh ag taobh an choirp, agus d' imíodar agus d' insíodar ina thaobh sa chathair ina raibh cónaí ar an seanfháidh. Agus nuair a chuala an fáidh, a chuir d' iallach ar an bhfear filleadh ar ais, ina thaobh, dúirt sé: «Sé an giolla Dé é, a bhí easumhal d' ordú an Tiarna! Thug an Tiarna suas don leon é, agus rinne seisean é a stolladh agus a mharú, de réir an bhriathair a labhair an Tiarna leis.» Agus dúirt sé lena chlann mhac: «Cuirigí an diallait ar an asal dom,» agus chuireadar. D' imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t-asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t-asal stollta ag an leon. Thóg an fáidh corp an ghiolla Dé agus chuir ar a asal é agus thug ar ais é chun na cathrach ina raibh cónaí air lena chaoineadh agus lena adhlacadh. Chuir sé an corp ina uaigh féin, agus chaoineadar é á rá: «Mo bhrón! mo bhráthair.» Nuair a bhí sé curtha aige dúirt sé lena chlann mhac: «Nuair a gheobhaidh mé bás, cuirigí mé san uaigh ina bhfuil an giolla Dé curtha. Sínigí mo chnámha taobh lena chnámhasan. Óir an briathar a ghlaoigh sé ar ordú an Tiarna in aghaidh altóir Bhéitéil, agus in aghaidh scrínte uile na n-ardionad i gcathracha na Samáire, tiocfaidh sé chun críche go cinnte.» Níor éirígh Iarobám as a dhrochnósanna i ndiaidh an imeachta sin, ach lean sé air ag ceapadh daoine den choitiantacht arís ina sagairt do na hardionaid. Duine ar bith ar mhian leis é, choisric Iarobám é le bheith ina shagart do na hardionaid. Ar an gcaoi sin rinneadh teaghlach coiriúil de theaghlach Iarobám i dtreo gur scriosadh ar fad é de chlár na talún. San am sin buaileadh tinn Aibíá mac Iarobám. Agus dúirt Iarobám lena bhean: «Téanam, le do thoil! Cuir bréagriocht ort féin ionas nach n-aithneoidh aon duine gur tú bean Iarobám, agus téigh go Sileo. Tá an fáidh Aichíá ansiúd, an té a dúirt go mbeinnse i mo rí ar an bpobal seo. Téigh chuige agus beir leat deich mbuilín agus roinnt cístí agus crúiscín meala, agus inseoidh sé duit cad a imeoidh ar an leanbh.» Rinne bean Iarobám amhlaidh, chuir chun bóthair, chuaigh go Sileo agus tháinig go teach Aichíá. Ní raibh aon radharc ag Aichíá mar go raibh a shúile caoch ón tseanaois. Ach dúirt an Tiarna leis: «Tá bean Iarobám ar an tslí chugat ag lorg oracail ort i dtaobh a mic mar go bhfuil sé breoite. Déarfaidh tú a leithéid seo léi. Nuair a thiocfaidh sí ligfidh sí uirthi féin gur bean eile í.» Nuair a chuala Aichíá a coiscéim ag an doras, dúirt sé: «Tar isteach, a bhean Iarobám; cén fáth a ligean ort gur duine éigin eile thú? Tá drochscéal agam duit: Téigh go Iarobám agus abair leis: 'Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: D' ardaigh mé ó lár an phobail thú agus rinne mé ceannaire díot ar mo phobal Iosrael. Stiall mé an ríocht ó theaghlach Dháiví agus thug mé duitse í; ach ní raibh tú mar mo shearbhónta Dáiví, a choimeád m' aitheanta agus a lean mé óna chroí go hiomlán, gan ach an ceart amháin á dhéanamh aige i mo láthairse. Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d' imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom. Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha. Aon duine de mhuintir Iarobám a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad; mar tá labhartha ag an Tiarna.' «Éirigh dá bhrí sin agus imigh abhaile. A luaithe a leagfaidh tú cos leat sa chathair gheobhaidh an leanbh bás. Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael. Ardóidh an Tiarna rí dó féin ar Iosrael a dhéanfaidh teaghlach Iarobám a scrios. (Inniu an lá. Agus cad eile anois?) Cuirfidh an Tiarna Iosrael ar crith dála na giolcaí san uisce, agus stoithfidh sé Iosrael as an tír fhónta a thug sé dá sinsir, agus scaipfidh sé thar an Eofrataes iad mar gur ghriogadar an Tiarna chun feirge leis na cuaillí naofa a rinneadar. Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.» Ansin d' éirigh bean Iarobám agus d' imigh léi agus tháinig go Tirzeá, agus a luaithe a chuir sí cos thar tairseach, bhí an leanbh marbh. Rinne Iosrael go léir é a adhlacadh agus a chaoineadh, de réir bhriathar an Tiarna, a labhair sé ó bhéal a shearbhónta, an fáidh Aichíá. An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d' fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael. Bhí Iarobám i réim dhá bhliain agus fiche agus chuaigh sé chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Nádáb i gcomharbacht air. Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair. Agus rinne [sé] an t-olc i bhfianaise an Tiarna, ag cur míchéadfa air lena pheacaí thar mar a rinne a shinsir leis na peacaí go léir a rinneadar, mar thógadarsan ardionaid dóibh féin, agus galláin, agus cuaillí naofa ar gach sliabh ard agus faoi gach crann craobhach. Bhí fiú striapacha naofa fir sa tír. Rinne sé aithris ar na nósanna bréana a bhí ag na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám, tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim; thug sé leis seoda Theampall an Tiarna agus seoda an pháláis ríoga; thug sé leis gach rud, fiú na sciatha óir go léir a rinne Solamh. Ina n-áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheataí pháláis an rí. Aon uair a théadh an rí isteach i dTeampall an Tiarna, d' iompraíodh na gardaí iad, agus thugaidís ar ais chun seomra an gharda iad ina dhiaidh sin. An chuid eile de stair Rachabám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Bhí Rachabám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré. Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví; agus tháinig a mhac Aibíám i gcomharbacht air. San ochtú bliain déag de réimeas Iarobám mac Nabát tháinig Aibíám i gcoróin ar Iúdá. Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Mácá, iníon Aibseálóm, ab ainm dá mháthair. Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear. Dá ainneoin sin, ar son Dháiví, a athair, thug an Tiarna a Dhia lóchrann dó in Iarúsailéim, chinntigh mac ina dhiaidh agus dhaingnigh Iarúsailéim. Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d' ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach). (Bhí Aibíám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré.) An chuid eile de stair Aibíám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Bhí cogadh idir Aibíám agus Iarobám. Ansin chuaigh Aibíám chun suain lena shinsir, agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcoróin ina áit. San fhichiú bliain de réimeas Iarobám rí Iosrael tháinig Ásá i gcoróin ar Iúdá, agus rialaigh sé bliain agus daichead in Iarúsailéim. Mácá iníon Aibseálóm b' ainm dá mháthair. Rinne Ásá an ceart i láthair an Tiarna mar a rinne a athair Dáiví. Dhíbir sé ón tír na striapacha naofa fir agus scuab sé chun siúil na híola go léir a rinne a shinsir. Bhain sé dínit na ríonmháthar fiú dá mháthair mar go ndearna sí dealbh ghráiniúil de Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh sé i nGleann Chidreon í. Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá dílis go hiomlán don Tiarna i gcaitheamh a shaoil. Chuir sé isteach i dTeampall an Tiarna na tabhartais a thíolaic a athair, agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe. Bhí Ásá agus Báiseá rí Iosrael ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir. Ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá d' fhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá. Thóg Ásá leis ansin a raibh fágtha d' airgead agus d' ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí. Chuir an rí Ásá an t-iomlán i lámha a shearbhóntaí, sheol sé iad go Bein Hadad mac Thabrimeon mac Heizión, rí Arám, a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht: «Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir m' athairse agus d' athairse. Féach tá bronntanas óir agus airgid á chur agam chugat. Téigh agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríochasa.» D' aontaigh Bein Hadad leis an rí Ásá agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Ábael Béit Mácá agus Cinearót ar fad agus dúiche Naftáilí go léir. Nuair a chuala Báiseá é sin, scoir sé de bheith ag daingniú Rámá agus d' fhill ar Thirzeá. Ansin thionóil an rí Ásá Iúdá go léir, gan eisceacht a dhéanamh d' aon duine. Thógadar chun siúil na clocha agus an t-adhmad lena raibh Báiseá ag daingniú Rámá, agus leis sin go léir dhaingnigh an rí Ásá Geaba i mBiniáimin, agus Mizpeá. An chuid eile de stair Ásá, a ghaisce go léir, agus a imeachtaí ar fad (agus na cathracha a thóg sé), nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ina sheanaois, ámh, bhí na cosa ag goilliúint air. Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear. Tháinig Iahóiseáfát, a mhac, i gcomharbacht air. Tháinig Nádáb mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa dara bliain de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain ina rí ar Iosrael. Rinne sé an t-olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú. Rinne Báiseá mac Aichíá de theaghlach Íosácár comhcheilg ina aghaidh agus threascair Báiseá é ag Gibeatón, cathair leis na Filistínigh a bhí faoi léigear ag Nádáb agus ag Iosrael go léir. Mharaigh Báiseá Nádáb agus tháinig i gcomharbacht air sa tríú bliain de réimeas Ásá rí Iúdá. A luaithe agus a tháinig sé i gcoróin, bhásaigh sé teaghlach Iarobám ar fad, gan anacal a dhéanamh ar oiread agus duine beo, ach iad go léir a ídiú, díreach faoi mar a thairngir briathar an Tiarna a labhair sé trína shearbhónta Aichíá ó Shileo, de bharr peacaí Iarobám agus na bpeacaí inar threoraigh sé Iosrael chun peacú agus de bhrí gur ghriog sé an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge. An chuid eile de stair Nádáb, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? (Bhí Ásá agus Báiseá ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.) Sa tríú bliain de ré Ásá rí Iúdá, tháinig Báiseá, mac Aichíá, i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá, agus mhair a ré ceithre bliana fichead. Rinne sé an t-olc i láthair an Tiarna agus rinne sé aithris ar Iarobám agus ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú. Tháinig briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá chun Iéahú mac Hanáiní á rá: «D' ardaigh mé as an deannach thú agus chuir mé thú mar cheannaire ar mo phobal Iosrael, ach lean tú sampla Iarobám agus threoraigh tú mo phobal Iosrael chun peacaí a dhéanamh a ghriogann mé chun feirge. Scuabfaidh mé Báiseá agus a theaghlach chun siúil, más ea; cuirfidh mé an chríoch chéanna ar do theaghlach agus a cuireadh ar theaghlach Iarobám mac Nabát. Aon daoine de mhuintir Bháiseá a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad.» An chuid eile de stair Bháiseá, a imeachtaí, agus a ghaisce, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Ansin chuaigh Báiseá chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i dTirzeá, agus tháinig a mhac Éala i gcomharbacht air mar rí. Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d' olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin. Sa séú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Éala mac Bháiseá i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá agus mhair a réimeas dhá bhliain. Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá, tháinig Zimrí isteach, leag ar lár é, agus mharaigh é sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, agus ghabh an choróin ina áit. Nuair a tháinig sé i réim, a luaithe a shuigh sé sa ríchathaoir, bhásaigh sé teaghlach Bháiseá go léir, níor fhág sé fear dá ghaolta ná dá chairde beo. Scrios Zimrí teaghlach Bháiseá go léir de réir bhriathar an Tiarna a labhair sé ó bheal an fháidh Iéahú, de bharr peacaí Bháiseá go léir, agus peacaí Éalá, a mhac, a pheacaíodar, agus na bpeacaí inar threoraigh siad Iosrael, agus iad ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n-íola baotha. An chuid eile de stair Éalá, agus a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Zimrí i gcoróin ar Iosrael i dTirzeá, ar feadh seacht lá. Bhí an pobal i longfort os comhair Ghibeatón, cathair leis na Filistínigh. Nuair a fuarthas an scéala sa longfort: «Rinne Zimrí comhcheilg in aghaidh an rí agus mharaigh sé an rí chomh maith» d' fhógair Iosrael go léir Omraí a gceann feadhna ina rí ar Iosrael an lá céanna sa longfort. Scoir Omraí, agus Iosrael go léir mar aon leis, den léigear ar Ghibeatón, agus chuireadar léigear ar Thirzeá. Nuair a chonaic Zimrí go raibh an chathair gafa chuaigh sé isteach i ndún phálás an rí, chuir an pálás trí thine sa mhullach air féin agus fuair bás, de bharr na bpeacaí a rinne sé ag déanamh an oilc i láthair an Tiarna, ag déanamh aithris ar Iarobám, agus an pheaca inar threoraigh sé Iosrael. An chuid eile de stair Zimrí, an chomhcheilg a rinne sé, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Rinneadh dhá pháirtí de mhuintir Iosrael ansin; lean leath an phobail Tibní mac Ghíonat le rí a dhéanamh de, agus an leath eile Omraí. Fuair an páirtí a lean Omraí an lámh in uachtar ar an bpáirtí a lean Tibní. Fuair Tibní bás, agus rinneadh rí de Omraí. San aonú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Omraí i gcoróin ar Iosrael agus bhí sé i réim ar feadh dhá bhliain déag. Bhí sé sé bliana i réim i dTirzeá. Ansin cheannaigh sé sliabh (na Samáire) ó Sheimir ar dhá thallann airgid agus thóg sé cathair air agus thug sé an tSamáir uirthi ó Sheimir, an té ar leis an sliabh. Rinne Omraí an t-olc i bhfianaise an Tiarna, agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta. Rinne sé aithris chruinn ar Iarobám mac Nabát agus ar na peacaí inar threoraigh sé Iosrael, ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n-íola baotha. An chuid eile de stair Omraí, a imeachtaí, agus a ghaisce, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Ansin chuaigh Omraí chun suain lena shinsir agus cuireadh é sa tSamáir. Tháinig a mhac Acháb i gcomharbacht air. Tháinig Acháb mac Omraí i gcoróin ar Iosrael san ochtú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé ina rí ar Iosrael sa tSamáir ar feadh dhá bhliain agus fiche. Rinne Acháb mac Omraí an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta. Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh. Thóg sé altóir do Bhál i dteampall Bhál a thóg sé dó sa tSamáir. Chuir Acháb cuaille naofa ina sheasamh chomh maith, agus rinne sé coireanna eile ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, thar mar a rinne ríthe uile Iosrael a ghabh roimhe. Is lena linn a d' atóg Híéil ó Bhéitéil Ireachó. Dhíol sé a chéadghin, Aibíorám, mar cháin ag leagan a mháithreacha, agus Sagúb, an mac ab óige leis, ag tógáil a gheataí, faoi mar a thairngir an Tiarna trí Iósua mac Nún. An Triomach Tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: «Imigh leat as an áit seo, gabh soir agus téigh i bhfolach i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin. Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.» Rinne sé mar a dúirt an Tiarna leis; d' imigh sé agus d' fhan sé i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin. Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus d' óladh sé uisce an tsrutháin. Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír. Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: «Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.» D' éirigh sé agus d' imigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt: «Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.» Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: «Ar mhiste leat,» ar sé, «blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.» «Dar an Tiarna do Dhia beo,» a d' fhreagair sí, «níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.» Ach dúirt Éilias léi: «Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac. Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael: ' Ní bheidh an próca mine ídithe, ní bheidh an crúiscín ola folamh, nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna fearthainn ar aghaidh na talún.'» D' imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d' ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta. Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias. Tamall ina dhiaidh sin bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann. Dúirt an bhean le hÉilias: «Cad é atá agat i m' éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?» «Tabhair dom do mhac,» ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d' iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d' fhág sé ina luí ar a leaba féin é. Ghlaoigh sé go hard ar an Tiarna: «A Thiarna, a Dhia liom, an é is toil leat buaireamh a chur ar an mbaintreach atá ag tabhairt aire dom trí bhás a mic?» Shín sé é féin ar an leanbh trí huaire agus é ag glaoch go hard ar an Tiarna: «A Thiarna, a Dhia liom, impím ort go dtaga an t-anam isteach sa leanbh seo arís.» Thug an Tiarna cluas d' urnaí Éilias agus tháinig an t-anam isteach sa leanbh athuair agus bhí sé beo. Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é. «Féach,» arsa Éilias, «tá do mhac beo.» D' fhreagair an bhean: «Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.» Tar éis tamaill fhada tháinig briathar an Tiarna chun Éilias sa tríú bliain: «Imigh leat agus téigh i bhfianaise Acháb; táim ar tí fearthainn a dháileadh ar an tír.» D' imigh Éilias leis le dul i bhfianaise Acháb. De bhrí gur ghoill an gorta go trom ar an tSamáir chuir Acháb fios ar Obaidiá, reachtaire an pháláis, agus fear a raibh an-urraim aige don Tiarna. Nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, rug Obaidiá céad fáidh leis agus chuir i bhfolach iad, leathchéad díobh sa turas, agus bheathaigh sé iad le harán agus le huisce. Dúirt Acháb le hObaidiá: «Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.» Roinneadar an tír eatarthu don chuardach; d' imigh Acháb bóthar amháin leis féin, agus d' imigh Obaidiá bóthar eile leis féin. Ar an tslí d' Obaidiá, b' sheo chuige ina choinne Éilias: d' aithin sé é agus chrom chun talún agus dúirt: «Nach tú, a thiarna, Éilias?» «Is mé sin,» a d' fhreagair sé, «agus imigh leat agus abair le do mháistir: 'Tá Éilias anseo, féach!'» Ach dúirt Obaidiá: «Cén peaca a rinne mé a rá is go gcuirfeá do shearbhónta i láimh Acháb le go marófaí mé? Dar an Tiarna do Dhia beo, níl aon chine ná ríocht nár chuir mo thiarna tóir ort ann; agus nuair a deiridís: 'Níl sé anseo,' chuireadh sé an ríocht nó an náisiún faoi mhionn nach raibh tú faighte acu. Agus anois deir tú liom: 'Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!' A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige. Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine d' fháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce. Agus anois deir tú liom: 'Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!' Maróidh sé mé!» D' fhreagair Éilias: «Dar Tiarna beo na Slua, dá ndéanaim seirbhís, seasóidh mé ina fhianaise inniu.» D' imigh Obaidiá ar lorg Acháb agus thug sé an scéala dó, agus d' imigh Acháb ansin in airicis Éilias. Nuair a chonaic Acháb Éilias, dúirt sé leis: «Ansin duit, a sciúirse Iosrael!» «Ní mise sciúirse Iosrael, ní mise sin, ach thusa agus teaghlach d' athar, mar thréig sibh (aitheanta) an Tiarna agus lean sibh na Bálaím. Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.» Chuir Acháb tionól ar chlann Iosrael uile agus bhailigh sé na fáithe le chéile ar Shliabh Chairmeil. Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: «Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.» Ní raibh focal as an bpobal. Ansin dúirt Éilias leo: «Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann. Tugtar dhá tharbh chugainn; toghadh siadsan ceann amháin dóibh féin, déanaidís codanna de agus cuiridís ar an gconnadh é ach gan tine ar bith a lasadh faoi. Ullmhóidh mise an tarbh eile agus cuirfidh mé ar an gconnadh é gan tine ar bith a lasadh faoi. Glaoigí ar ainm bhur ndé agus glaofaidh mise ar ainm an Tiarna; an dia a fhreagróidh le tine, is é is Dia dáiríre ann.» D' fhreagair an pobal go léir: «Tá go maith.» Dúirt Éilias ansin le fáithe Bhál: «Toghaigí tarbh agus tosaígí mar is líonmhaire sibhse. Glaoigí ar ainm bhur ndé; ach ná lasaigí tine faoi.» Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d' ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. «A Bhál,» a ghlaodar, «tabhair freagra orainn!» Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu. Tháinig an meán lae agus bhí Éilias ag magadh fúthu: «Glaoigí níos airde,» ar seisean, «mar is dia é; tá sé gafa nó cruógach, nó imithe ar thuras, nó b' fhéidir gur ina chodladh atá sé agus nach mór é a dhúiseacht.» Ar an ábhar sin ghlaodar níos airde fós agus shádar iad féin mar ba nós leo le claimhte agus le sleánna nó go raibh an fhuil ina slaoda leo. Chuaigh an meán lae thart agus bhí siad ag radaireacht leo nó gur tháinig tráth ofrála na habhlainne, ach guth ná freagra ná aird ar bith níor tugadh orthu. Ansin dúirt Éilias leis an bpobal go léir: «Tagaigí níos cóngaraí dom,» agus dhruid an pobal go léir láimh leis. Dheisigh sé altóir an Tiarna a bhí leagtha ar lár. Ghlac Éilias dhá chloch déag, ag freagairt d' uimhir na dtreibheanna de chlann mhac Iacóib ar tháinig briathar úd an Tiarna chucu: «Iosrael a ghairfear díbh!» agus rinne sé altóir in ainm an Tiarna de na clocha. Timpeall na haltóra thochail sé díog a bhí mór go leor le dhá mhiosúr síl a choinneáil. Ansin chóirigh sé an connadh, rinne codanna den tarbh agus leag ar an gconnadh é. Ansin dúirt sé: «Líonaigí ceithre phróca d' uisce agus doirtigí ar an íobairt uileloiscthe agus ar an gconnadh é.» Rinne siad amhlaidh. Dúirt sé: «Déanaigí an dara huair é,» agus rinne. Dúirt sé: «Déanaigí an tríú huair é,» agus rinne. Bhí an t-uisce ag rith timpeall na haltóra agus bhí an díog féin lán d' uisce. Ag tráth ofrála na habhlainne sheas Éilias fáidh chun tosaigh: «A Thiarna, a Dhia Abrahám, Íosác agus Iosrael,» ar seisean, «tabhair le fios dóibh inniu gur tusa is Dia in Iosrael agus gur mise do shearbhónta, agus go ndéarna mé na rudaí seo uile ar ordú uaitse. Freagair mé, a Thiarna, freagair mé, ionas go mbeidh a fhios ag an bpobal seo gur tusa, a Thiarna, is Dia agus go bhfuil tú ag iompó a gcroí ar ais chugat!» Ansin thit tine an Tiarna agus loisc sé an íobairt uileloiscthe agus an connadh agus ligh sí suas an t-uisce sa díog. Nuair a chonaic an pobal uile é sin, thiteadar ar a n-aghaidh agus ghlaodar: «Is é an Tiarna is Dia ann; is é an Tiarna is Dia ann.» Dúirt Éilias: «Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d' aon duine díobh éalú.» Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad. Dúirt Éilias le hAcháb: «Gabh ar ais agus bí ag ithe agus ag ól, mar cluinim tormán na fearthainne.» Nuair a d' imigh Acháb ar ais le bia agus deoch a chaitheamh, chuaigh Éilias suas go barr Chairmeil, d' umhlaigh sé go talamh agus chuir a aghaidh idir a ghlúine. «Gabh suas anois,» ar sé lena sheirbhíseach, «agus féach amach i dtreo na farraige.» Chuaigh sé suas agus d' fhéach sé. «Níl rud ar bith ann,» ar seisean. «Gabh ar ais seacht n-uaire,» arsa Éilias. An seachtú huair dúirt an seirbhíseach: «Tá scamall ann anois, chomh beag le láimh duine, ag éirí as an bhfarraige.» Dúirt Éilias: «Imigh suas agus abair le hAcháb: 'Ullmhaigh an carbad agus téigh síos, sula gcuire an fhearthainn cúl ort.'» Agus leis sin d' éirigh an spéir dorcha le scamaill agus le síon agus tháinig batharnach bháistí. Léim Acháb isteach ina charbad agus thriall sé ar Izréil. Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil. Nuair a d' inis Acháb do Ízeibil a raibh déanta ag Éilias agus conas mar a chuir sé na fáithe go léir chun báis le faobhar claímh, chuir Ízeibil teachtaireacht go hÉilias a rá: «Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom mura mbíonn an íde chéanna tugtha agam ar d' anamsa agus a tugadh ar anam duine acu um an dtaca seo amárach!» Tháinig scéin air agus d' éirigh sé agus rith lena anam. Tháinig sé go Béar Seaba, a bhaineann le Iúdá, agus d' fhág sé a sheirbhíseach ansiúd. Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d' iarr go bhfaigheadh bás. «A Thiarna,» ar sé, «tá mo sháith agam. Beir leat m' anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.» Ansin luigh sé síos agus thit a chodladh air faoin tor aitinn. Ach, féach, chorraigh aingeal é agus dúirt: «Éirigh agus ith!» D' amharc sé thart agus siúd ag a cheann toirtín a bruitheadh ar leaca te agus crúiscín uisce. D' ith sé agus d' ól sé agus ansin luigh sé síos arís. Tháinig aingeal an Tiarna ar ais chuige an dara huair, chorraigh é agus dúirt: «Éirigh agus ith nó beidh an t-aistear ró-fhada duit.» D' éirigh sé mar sin, agus d' ith sé agus d' ól sé, agus neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé daichead lá agus daichead oíche nó gur shroich sé Horaeb, sliabh Dé. Agus chuaigh sé isteach san uaimh ansiúd agus chaith an oíche ann. Agus tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: «Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?» D' fhreagair sé: «Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar d' altóirí, agus gur chuireadar d' fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m' anama, ar tí mo mharaithe.» Ansin fuair sé an focal: «Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.» Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún. I ndiaidh an chrith talún, tháinig tine. Ach ní raibh an Tiarna sa tine. I ndiaidh na tine, tháinig fuaim chogair bhig. Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe. Tháinig guth chuige á rá: «Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?» D' fhreagair sé: «Tá mé lán de dhúthracht gan staonadh ar son Tiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú], gur leagadar d' altóirí, agus gur chuireadar d' fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m' anama, ar tí mo mharaithe.» Dúirt an Tiarna leis: «Imigh leat agus gabh ar ais an bóthar céanna go fásach na Damaisce. Tar éis teacht duit déan Hazáéil a ungadh ina rí ar Arám; agus Iéahú mac Nimsí a ungadh ina rí ar Iosrael, agus Eilíseá mac Sheáfát ó Ábael Machólá a ungadh ina fháidh le teacht i do dhiaidh. Cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Hazáéil, cuirfidh Iéahú chun báis iad; agus cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Iéahú cuirfidh Eilíseá chun báis iad. Ach déanfaidh mé anacal anama ar sheacht míle in Iosrael, gach glúin nár feacadh do Bhál, gach béal nár phog é.» D' imigh sé ón áit sin agus tháinig ar Eilíseá mac Sheáfát agus é ag treabhadh; bhí dhá dhamh déag sa chuingir aige agus é féin leis an dara ceann déag. Chuaigh Éilias thart i ndeas dó agus chaith a chlóca anuas air. D' fhág sé an chuingir agus rith sé ar thóir Éilias. «Lig dom m' athair agus mo mháthair a phógadh,» ar sé; «agus ansin leanfaidh mé thú.» D' fhreagair Éilias: «Gabh ar ais; óir an ndearna mé rud ar bith duit?» Thiontaigh Eilíseá i leataobh óna lorg, ghlac sé an chuingir agus mharaigh iad, agus leis na cuingeacha mar ábhar tine, bhruith sé feoil na ndamh; ansin thug sé do na fir í agus d' itheadar. D' éirigh sé ansin agus lean Éilias agus bhí ina shearbhónta aige. Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar. Chuir sé teachtairí isteach sa chathair go dtí Acháb rí Iosrael, á rá leis: «Mar seo a deir Bein Hadad: ' Is liomsa do chuid airgid agus óir; is liomsa togha do mhná agus do leanaí.'» D' fhreagair rí Iosrael: «De réir mar a deir tú, a thiarna mo rí, is leatsa mise agus a bhfuil agam.» D' fhill na teachtairí agus dúradar: «Mar seo a deir Bein Hadad: 'Seo é an t-ordú a chuir mé chugat: «Tabhair dom do chuid airgid agus óir, do mhná agus do leanaí.» Bí cinnte de go gcuirfidh mé mo ghiollaí chun do theach agus tithe do shearbhóntaí a chuardach an t-am seo amárach agus go bhfaighidh siad greim ar gach a dtaitneoidh [leo] agus go dtabharfaidh siad leo iad.'» Chuir rí Iosrael tionól ar sheanóirí uile na tíre agus dúirt: «Is léir daoibh anois mar atá an fear seo ag adhaint trioblóide; chuir sé fios ar mo mhná agus ar mo leanaí, ar mo chuid airgid agus óir, agus níor dhiúltaigh mé dó.» Agus dúirt na seanóirí agus an pobal ar fad leis: «Ná tabhair aon aird air agus ná déan rud air.» D' fhreagair sé teachtairí Bein Hadad mar leanas dá bhrí sin: «Abraigí le mo thiarna an rí: 'Gach ar iarr sibh ar do shearbhónta ar dtús, déanfaidh mé; ach é seo eile, ní féidir dom a dhéanamh.'» Agus d' imigh na teachtairí ar ais leis an bhfreagra. Ansin chuir Bein Hadad an teachtaireacht seo chuige: «Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd liom má bhíonn a dhóthain luaithrigh sa tSamáir le go bhfaigheadh gach duine de mo lucht leanúna lán doirn de.» Ach sé freagra a thug rí Iosrael air: «Sé deir [an seanfhocal]: 'Ní don té a chuireann a éide chatha uime is dual maíomh, ach don té a bhaineann de í.'» Nuair a chuala Bein Hadad an teachtaireacht sin agus é ag ól leis na ríthe faoi na scáthláin, dúirt sé lena chuid fear: «Chun bhur láithreacha libh!» agus chuadar chun a láithreacha in aghaidh na cathrach. Tháinig fáidh ansin ar an bhfód ar lorg Acháb rí Iosrael. «Mar seo a deir an Tiarna,» ar sé: «' An bhfaca tú an t-arm mór seo? Féach, cuirfidh mé faoi do láimh é inniu féin, agus beidh a fhios agat gur mise an Tiarna.'» «Cén cuidiú a bheidh agam?» a d' fhiafraigh Acháb. D' fhreagair an fáidh: «Cuidiú óglaigh uachtaráin na gcúigí, a deir an Tiarna.» «Cé atá le tús a chur leis an gcath?» a d' fhiafraigh Acháb. D' fhreagair sé: «Tusa féin.» Ansin thionóil sé óglaigh uachtaráin na gcúigí bhí dhá chéad tríocha a dó díobh ann. Ina ndiaidhsean thionóil sé muintir Iosrael go léir, seacht míle díobh. Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis. Ghabh óglaigh uachtaráin na gcúigí amach ar dtús. Chuir Bein Hadad [lucht braite] amach agus thugadar scéala dó: «Tá fir tagtha amach ón tSamáir.» Dúirt sé: «Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.» Rinneadar ruathar ón gcathair amach dá bhrí sin, óglaigh uachtaráin na gcúigí agus an t-arm ina ndiaidh, agus threascair gach fear a chéile comhraic. Theith Arám agus lean Iosrael iad. D' éalaigh Bein Hadad ar each le marcshlua. Ansin ghabh rí Iosrael amach agus ghabh idir eachra agus charbaid agus rinne ár is eirleach ar Arám. Ansin chuaigh an fáidh suas go rí Iosrael agus dúirt leis: «Tar, bíodh misneach agat, agus meáigh go maith cad tá le déanamh agat, mar tiocfaidh rí Arám aníos i do choinne arís san earrach.» Dúirt searbhóntaí rí Arám leis: «Déithe sléibhte a ndéithe; sin é an fáth gur thréine iad ná sinne; cuirimis cath orthu sna hísleáin, agus is cinnte go mbuafaimid orthu. Ní mór duit déanamh mar seo: na ríthe go léir a chur óna gceannasaíocht agus ceannairí a chur ina n-áit; agus cruinnigh arm mar é siúd a chaill tú lena chomhlíon d' eachra agus de charbaid. Ansin troidfimid ina gcoinne sna hísleáin agus buafaimid orthu go cinnte.» Thug sé cluas dóibh agus rinne de réir a gcomhairle. San earrach chruinnigh Bein Hadad na hArámaigh agus ghabh suas go hAfaec chun troid in aghaidh Iosrael. Bhí clann Iosrael chomh maith cruinnithe agus lón acu agus ghabhadar amach ina gcoinne. Shuigh clann Iosrael a gcampa os a gcomhair agus iad mar a bheadh dhá thréad bheaga gabhar ann, ach an dúiche go léir ar snámh le hArámaigh. Tháinig giolla Dé i láthair agus dúirt le rí Iosrael: «Mar seo a deir an Tiarna: 'De bhrí go ndúirt Arám gur dia sléibhte é an Tiarna, agus nach dia ísleán, tabharfaidh mé an slua mór seo go léir i do láimh agus beidh a fhios [agat] gur mise an Tiarna.'» Agus bhíodar suite i gcampa ar aghaidh a chéile ar feadh seacht lá. Ar an seachtú lá fearadh an cath agus rinne clann Iosrael ár ar na hArámaigh, céad míle troitheach san aon lá amháin. Theith an chuid eile isteach i gcathair Afaec, ach thit na ballaí anuas ar an bhfiche seacht míle a bhí fágtha. Theith Bein Hadad freisin agus fuair dídean i seomra cúil sa chathair. «Féach!» arsa a shearbhóntaí leis, «chualamar gur ríthe trócaireacha iad ríthe theaghlach Iosrael. Cuirimis sacéadach faoinar gcoim agus téada ar ár gceann agus téimis amach go rí Iosrael; b' fhéidir go ndéanfadh sé anacal anama ort.» Chuireadar sacéadach faoina gcoim dá bhrí sin, agus téada ar a gceann agus chuadar amach go rí Iosrael agus dúradar: «Deir do shearbhónta Bein Hadad: 'Déan anacal anama orm.'» «An beo dó fós más ea?» ar sé, «is é mo bhráthair é.» Bhí na daoine ag tnúth le tuar agus thógadar suas go tapa uaidh é agus dúradar: «Sea, bráthair duit Bein Hadad.» Dúirt Acháb: «Imígí agus tugaigí anseo é.» Ansin tháinig Bein Hadad amach chuige agus chuir Acháb faoi deara dó teacht aníos isteach ina charbad. Dúirt Bein Hadad: «Tabharfaidh mé ar ais na cathracha a thóg m' athairse ó d' athairse, agus bíodh cead agat margaí a chur suas duit féin sa Damaisc mar a rinne m' athair sa tSamáir.» Dúirt Acháb: «Scaoilfidh mé leat ar na coiníollacha sin,» agus rinne sé conradh leis agus scaoil saor é. Ar ordú an Tiarna dúirt duine de bhráithreas na bhfáithe le compánach dá chuid: «Buail mé!» ach dhiúltaigh an fear é a bhualadh. Dúirt sé leis ansin: «De bhrí nár ghéill tú d' ordú an Tiarna, a luaithe a fhágfaidh tú mé maróidh leon thú.» A luaithe a d' imigh sé uaidh, bhuail leon leis agus mharaigh sé é. D' imigh an fáidh leis agus fuair duine eile agus dúirt leis: «Buail mé,» agus bhuail an fear é agus ghoin agus chréacht é. D' imigh an fáidh ansin agus sheas ar an mbóthar ag feitheamh leis an rí, é i mbréagriocht agus cafairrín ar a shúile. Nuair a bhí an rí ag gabháil thar bráid ghlaoigh sé chuige á rá: «Bhí do shearbhónta ag triall ar lár an chatha agus, féach!, d' iompaigh saighdiúir agus thug fear chugam agus dúirt: 'Fair an fear seo. Má éalaíonn sé ar aon tslí, díolfaidh tú as le d' anam féin, nó díolfaidh tú tallann airgid.' Ach fad bhí do shearbhónta gafa le cúram agus cúram eile, d' éalaigh an fear leis.» Dúirt rí Iosrael: «Sin í an bhreith ort, más ea. Tú féin a thug í.» Ansin shrac an fear an cafairrín gan mhoill dá shúile agus d' aithin rí Iosrael é mar dhuine de na fáithe. Dúirt sé leis an rí: «Mar seo a deir an Tiarna: 'Ó lig tú saor an té a bhí faoi mo bhang, tabharfar d' anam ar a anam, do mhuintirse ar a mhuintirsean.'» D' imigh rí Iosrael leis abhaile agus tháinig go dtí an tSamáir agus pus agus breall air. Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire. Dúirt Acháb le Nábót: «Tabhair dom d' fhíonghort chun go mbeadh sé agam mar luibhghort, mar tá sé cóngarach do mo theach. Tabharfaidh mé fíonghort níos fearr duit air, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé a luach duit in airgead.» Ach d' fhreagair Nábót Acháb: «Nár lige an Tiarna go dtabharfainn oidhreacht mo shinsear duit!» Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: «Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.» Luigh sé ar a leaba agus d' iompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe. Tháinig Ízeibil a bhean chéile chuige. «Cén fáth a bhfuil oiread drochmhisnigh ort agus nach n-íosfá?» ar sise. Dúirt sé: «Bhí mé ag caint le Nábót ó Izréil. Arsa mise leis: 'Tabhair dom d' fhíonghort ar airgead, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé fíonghort eile duit mar mhalairt air.' Ach dúirt seisean: 'Ní thabharfaidh mé m' fhíonghort duit.'» Ansin dúirt Ízeibil a bhean: «Is breá an rí ar Iosrael thusa, gan amhras! Éirigh agus ith leat; bíodh misneach ort; gheobhaidh mise féin fíonghort Nábót ó Izréil duit.» Scríobh sí litreacha in ainm Acháb, más ea, agus chuir sí a shéala orthu agus chuir sí iad chuig na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí san aon chathair le Nábót. Scríobh sí sna litreacha: «Fógraigí troscadh agus cuirigí Nábót chun tosaigh ar an bpobal. Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: 'Mhallaigh tú Dia agus an rí.' Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.» Rinne muintir a chathrach, na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí ina chathair, an rud a d' ordaigh Ízeibil dóibh, mar a bhí scríofa sna litreacha a sheol sí chucu. D' fhógair siad troscadh agus chuir siad Nábót chun tosaigh ar an bpobal. Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: «Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.» Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é. Ansin chuireadar teachtaireacht chuig Ízeibil: «Maraíodh Nábót le clocha!» Nuair a chuala Ízeibil gur maraíodh Nábót le clocha, dúirt sí le hAcháb: «Éirigh! Glac seilbh ar an bhfíonghort nach dtabharfadh Nábót ó Izréil duit ar airgead mar ní beo do Nábót feasta ach marbh!» Nuair a chuala Acháb go raibh Nábót marbh, d' éirigh sé le dul síos chuig fíonghort Nábot ó Izréil le seilbh a ghlacadh air. Tháinig briathar an Tiarna chuig Éilias an Tisbíoch: «Éirigh agus imigh leat síos go gcasfar Acháb rí Iosrael ort sa tSamáir. Tiocfaidh tú air i bhfíonghort Nábót; tá sé imithe síos le seilbh a ghlacadh air. Abair leis: 'Seo mar a deir an Tiarna: Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] agus is é an Tiarna a deir é san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.'» Dúirt Acháb le hÉilias: «Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.» D' fhreagair Éilias: «Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh. Féach! tabharfaidh mé an t-olc sa mhullach ort, agus déanfaidh mé scrios iomlán ort. Gearrfaidh mé gach mac máthar dá shliocht daor nó saor chun siúil ó Acháb. Tabharfaidh mé an íde chéanna ar do theaghlach agus a thug mé ar theaghlach Iarobám mac Nabát, agus ar theaghlach Bháiseá mac Aichíá, de bhrí gur chuir tú fearg orm agus gur sheol tú Iosrael ar bhóthar an pheaca. (Lena chois sin labhair an Tiarna na focail seo in aghaidh Ízeibil: 'Íosfaidh na madraí Ízeibil i gcríocha Izréil.') An chuid sin de chlann Acháb a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad, agus an chuid a gheobhaidh bás faoin tuath, íosfaidh éanlaith an aeir iad.» Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t-olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile. D' iompair sé é féin ar bhealach gráiniúil agus lean sé íola, faoi mar a dhéanadh na hAmóraigh a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. Nuair a chuala Acháb na focail sin, stróic sé a chuid éadaigh agus chuir sacéadach lena chneas agus rinne sé troscadh; chodlaíodh sé sa sacéadach agus shiúladh sé de choiscéim mhall. Ansin tháinig briathar an Tiarna go hÉilias an Tisbíoch: «Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.» Bhí cairde trí bliana gan aon chogaíocht idir Arám agus Iosrael. Ansin sa tríú bliain thug Iahóiseáfát rí Iúdá turas ar rí Iosrael. Dúirt rí Iosrael lena oifigigh: «An bhfuil a fhios agaibh go mbaineann Rámot Gileád linne? Ach mar sin féin ní chuirimid cor asainn chun é bhaint as lámha rí Arám.» Dúirt sé le Iahóiseáfát: «An dtiocfaidh tú liom chun troda ag Rámot Gileád?» D' fhreagair Iahóiseáfát rí Iosrael: «Táimse chomh hullamh leat féin, mo mhuintir le do mhuintirse, agus m' eachra le d' eachra.» Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: «Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.» Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. «Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?» ar sé. «Téigh,» ar siad, «tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.» Ach dúirt Iahóiseáfát: «An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?» D' fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: «Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.» «Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,» arsa Iahóiseáfát. Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: «Tabhair Míocáia mac Imleá chugainn gan mhoill.» Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair. Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Canáná dó féin. «Seo mar a deir an Tiarna,» ar sé, «' Déanfaidh tú na hArámaigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.'» Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: «Gluais go Rámot Gileád,» ar siad, «agus treise ort! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.» An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: «Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.» Ach d' fhreagair Míocáia: «Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.» Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: «A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?» D' fhreagair sé: «Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!» Ach dúirt an rí: «An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?» Ansin labhair Míocáia: «Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte, mar chaoirigh gan aoire. Agus dúirt an Tiarna: 'Níl máistir orthu seo; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.'» Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Ná dúirt mé leat nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc?» Lean Míocáia air: «Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé. Dúirt an Tiarna: 'Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?' Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd. Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: 'Déanfaidh mise é a mhealladh,' ar sé. ' Conas?' arsa an Tiarna. ' Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.' ' Meallfaidh tú é,' arsa an Tiarna, ' rithfidh leat. Téigh agus déan é.' Féach anois más ea mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d' fháithe go léir anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d' aghaidh.» Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: «Conas a d' fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?» «Sin rud a gheobhaidh tú amach,» d' fhreagair Míocáia, «an lá a theithfidh tú isteach i seomra cúil le dul i bhfolach.» Dúirt rí Iosrael: «Gabhaigí Míocáia, agus tugaigí ar láimh é d' Ámon, rialtóir na cathrach, agus don Phrionsa Ióáis, agus abraigí: 'Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.'» Dúirt Míocáia: «Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.» (Agus dúirt sé: «Éistigí, a chiníocha go léir.») Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád. Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d' éidí rí ortsa.» Chuaigh rí Iosrael sa chath faoi bhréagriocht. Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): «Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.» Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: «Sin é, ar ndóigh, rí Iosrael,» agus d' iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát a gháir chatha suas agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d' éiríodar as an tóir air. Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach. «Iompaigh timpeall,» arsa an rí lena chairbtheach, «agus beir leat as an gcath mé, mar táim gonta.» Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; coimeádadh an rí ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hArámaigh nó go bhfuair sé bás tráthnóna, agus fuil a chréachta ag sní ar urlár an charbaid. Le fuineadh néil nóna ghabh an gháir tríd an slua: «Gach fear chun a chathrach féin; gach fear chun a dhúiche féin; [tá an rí marbh]!» Chuadar chun na Samáire agus rinneadar an rí a adhlacadh sa tSamáir. Níodar an carbad ag Linn na Samáire; mar a níodh na striapacha iad féin, agus ligh na madraí a chuid fola de réir an bhriathair a labhair an Tiarna. An chuid eile de stair Acháb, a imeachtaí go léir, an teach eabhair a thóg sé, agus na cathracha go léir a thóg sé, nach bhfuil siadsan go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Ansin chuaigh Acháb chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air. Tháinig Iahóiseáfát mac Ásá i gcoróin ar Iúdá sa cheathrú bliain de réimeas Acháb rí Iosrael. Bhí Iahóiseáfát cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Silchí ab ainm dá mhathair. 43 Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna. 44 Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus d' ofráladh an pobal íobairtí agus túis fós ar na hardionaid. 45 Bhí cairdeas idir Iahóiseáfát agus rí Iosrael. 46 An chuid eile de stair Iahóiseáfát, an gaisce a rinne sé, na cogaí a throid sé, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 47 A raibh fágtha de na striapacha naofa fir a mhair le linn a athar Ásá, scuab sé chun siúil as an tír iad. 48 Ní raibh aon rí ar Eadóm (ach fear ionaid) agus 49 rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir. 50 Ansin dúirt Achaizíá mac Acháb le Iahóiseáfát: «Lig do mo shearbhóntaíse dul le do shearbhóntaíse sa loingeas,» ach ní aontódh Iahóiseáfát. 51 Agus chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear; tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air. 52 Tháinig Achaizíá mac Acháb i gcoróin Iosrael sa tSamáir sa seachtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát rí Iosrael, agus bhí sé i réim in Iosrael ar feadh dhá bhliain. 53 Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé sampla a athar agus a mháthar, agus Iarobám mac Nabát a sheol Iosrael ar bhealach an pheaca. 54 Rinne sé seirbhís do Bhál agus thug adhradh dó agus ghriog sé an Tiarna Dia Iosrael chun feirge díreach faoi mar a rinne a athair. Tar éis bháis do Acháb, rinne Móáb ceannairc in aghaidh Iosrael. Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: «Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.» Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: «Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: 'An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?' Mar seo a deir an Tiarna: 'An leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.'» Agus d' imigh Éilias leis. D' fhill na teachtairí ar an rí, agus dúirt sé leo: «Cén fáth ar tháinig sibh ar ais?» «Tháinig fear inár gcoinne,» ar siad leis, «agus dúirt sé linn: 'Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.'» «An té seo a bhuail libh agus a dúirt an méid sin,» ar sé leo, «cén sórt duine é?» «Bhí fallaing róin á caitheamh aige, agus crios leathair ar a choim,» ar siad leis. «Ba é sin Éilias an Tisbíoch,» ar sé. Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: «A ghiolla Dé, deir an rí ' Tar anuas.'» D' fhreagair Éilias an ceannaire caogad: «Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear.» Ansin tháinig tine ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga. Chuir an rí ceannaire eile caogad lena chaoga fear chuige, agus ghabh seisean suas chomh maith agus dúirt leis: «A ghiolla Dé, seo é ordú an rí: 'Tar anuas gan mhoill.'» D' fhreagair Éilias iad: «Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear «Agus tháinig tine Dé anuas ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga. Ansin chuir an rí an tríú ceannaire caogad lena chaoga. Agus ghabh an tríú ceannaire caogad suas agus chaith é féin ar a ghlúine os comhair Éilias agus d' impigh air á rá: «A ghiolla Dé, go raibh luach éigin i do shúilese ar m' anamsa agus ar anam an chaoga searbhónta seo. Tháinig tine anuas ó neamh agus scrios sí an bheirt cheannaire caogad eile lena gcaogaidí; ach bíodh luach éigin ar m' anamsa i do shúile.» Ansin dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias: «Téigh síos leis, ná bíodh eagla ort roimhe.» D' éirigh sé dá bhrí sin agus ghabh síos go dtí an rí ina theannta, agus dúirt sé leis: «Seo mar a deir an Tiarna: 'Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.'» Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá. An chuid eile de stair Achaizíá, a imeachtaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Seo mar a tharla nuair a rug an Tiarna Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin: D' imigh Éilias agus Eilíseá ó Ghilgeál agus dúirt Éilias le hEilíseá: «Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Béitéil.» Ach d' fhreagair Eilíseá: «Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,» agus chuadar síos go Béitéil. Agus bráithreachas na bhfáithe i mBéitéil, thángadar amach go hEilíseá, agus dúradar leis: «An bhfuil a fhios agat go dtógfaidh an Tiarna do mháistir chun siúil ó do chúram inniu?» «Sea, tá a fhios agam,» ar sé. «Ceapaigí bhur suaimhneas.» Dúirt Éilias leis: «Fan anseo, a Eilíseá, le do thoil, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Ireachó.» Ach d' fhreagair sé: «Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,» agus chuadar ar aghaidh go Ireachó. Agus bráithreachas na bhfáithe in Ireachó, thángadar go hEilíseá agus dúradar leis: «An bhfuil a fhios agat go dtógfaidh an Tiarna do mháistir chun siúil ó do chúram inniu?» «Sea, tá a fhios agam,» ar sé. «Ceapaigí bhur suaimhneas.» Dúirt Éilias le hEilíseá: «Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá. Níl an Tiarna do mo chur ach go dtí an Iordáin.» D' fhreagair sé áfach: «Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú.» Agus chuaigh an bheirt acu ar aghaidh le chéile. Bhí caoga duine de bhráithreachas na bhfáithe á leanúint, agus stad siad tamall maith uathu nuair a sheas an bheirt acu cois na Iordáine. Rug Éilias ar a fhallaing, chorn sé suas í agus bhuail sé an t-uisce; scar an t-uisce deas agus clé agus chuaigh an bheirt acu anonn de chosa tirime. Nuair a bhíodar ar an taobh thall, dúirt Éilias le hEilíseá: «Iarr cibé atá uait a dhéanfainn duit, sula mbaintear uait mé.» D' fhreagair Eilíseá: «Bíodh do spiorad faoi dhó mar oidhreacht agam, le do thoil.» «Is deacair d' iarratas a thabhairt duit,» arsa Éilias. «Má fheiceann tú mé agus mé do mo thabhairt ar shiúl uait, beidh sé agat mar a d' iarr tú; mura bhfeiceann, ní bheidh sé amhlaidh.» Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin. Chonaic Eilíseá sin agus scairt sé: «A athair, a athair liom! Carbad Iosrael agus a eachra!» Chaill sé radharc air ansin, agus rug sé ar a chuid éadaigh agus stróic sé ina dhá leath iad. Thóg sé suas fallaing Éilias a thit uaidh, chuaigh ar ais agus sheas ar bhruach na Iordáine. Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t-uisce. «Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?» a scairt sé. Bhuail sé an t-uisce agus scar an t-uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn. Chonaic bráithreachas na bhfáithe (in Ireachó) uathu é, agus dúradar: «Tá spiorad Éilias luite ar Eilíseá,» agus thángadar ina araicis agus chromadar chun talún ina láthair. «Féach, tá caoga fear tréan i dteannta do shearbhóntaí anois,» ar siad leis; «lig dóibh imeacht, le do thoil, chun do mháistir a chuardach; b' fhéidir gurb amhlaidh a d' ardaigh spiorad an Tiarna in airde leis é agus é a chaitheamh anuas ar chnoc éigin nó síos i ngleann éigin.» Ach dúirt sé: «Ná cuirigí aon duine uaibh.» Ach bhíodar ag tathant air gur chuireadar náire air nó go ndúirt sé: «Cuirigí.» Chuireadar caoga fear dá bhrí sin agus bhíodar á lorg ar feadh trí lá ach gan é a fháil. Ansin thángadar ar ais go hEilíseá a d' fhan in Ireachó agus dúirt sé leo: «Nár dhúirt mé libh gan dul?» Dúirt muintir na cathrach le hEilíseá: «Féach, is taitneamhach an ball í an chathair seo, mar is léir do mo thiarna, ach tá an t-uisce bréan agus tá an ithir neamhthorthúil.» «Tugaigí crúiscín nua chugam,» ar sé, «agus cuirigí roinnt salainn ann.» Thugadar chuige é. Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: «Mar seo a deir an Tiarna: 'Rinne mé an t-uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.'» D' éirigh an t-uisce folláin agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu mar a dúirt Eilíseá a bheadh. Ghabh sé suas go Béitéil ón áit sin, agus fad a bhí sé ar an mbealach suas, tháinig buachaillí beaga amach as an gcathair agus bhíodar ag déanamh fonóid faoi á rá: «Suas leat, a phlaitínigh! Suas leat, a phlaitínigh!» Chas sé timpeall agus d' fhéach orthu agus chuir mallacht orthu in ainm an Tiarna. Tháinig dhá bheithir bhaineanna amach as an gcoill agus stolladar beirt agus daichead de na buachaillí. Chuaigh sé as sin go Sliabh Chairmeil, agus d' fhill ar ais as sin go dtí an tSamáir. Tháinig Iahórám mac Acháb i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir san ochtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát, rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain déag i réim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna, cé nach mar a rinne a athair agus a mháthair, mar chuir sé gallán Bhál a rinne a athair as an tslí. Lean sé áfach den pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát pobal Iosrael, agus níor scar sé leis. Ba thógálaí caorach é Méisa rí Mhóáb agus dhíoladh sé céad míle uan agus an lomra ó chéad míle reithe le rí Iosrael mar cháin. Nuair a fuair Acháb bás, rinne rí Mhóáb ceannairc in aghaidh rí Iosrael. Ghluais Iahórám gan mhoill ón tSamáir amach agus thionóil sé Iosrael go léir. Ansin chuir sé scéala go dtí (Iahóiseáfát) rí Iúdá: «Tá ceannairc déanta ag rí Mhóáb i m' aghaidh. An rachaidh tú liom chun cath a chur ar Mhóab?» «Déanfaidh mé,» d' fhreagair sé; «táimse chomh hullamh leatsa, mo chuid fear le do chuidse, m' eachra le d' eachra.» Ansin d' fiafraigh sé: «Cén bealach a ghabhfaimid?» D' fhreagair Iahórám: «Trí fhásach Eadóm.» Chuir siad chun bóthair dá bhrí sin, rí Iosrael, rí Iúdá, agus rí Eadóm. Ghabhadar timpeall mór ar feadh seacht lá go dtí nach raibh uisce fágtha do na saighdiúirí ná do na beithígh iompair a lean iad. Ansin dúirt rí Iosrael: «Mo léan, tá glaoite ag an Tiarna ar an triúr rí seo, lenár dtabhairt i láimh Mhóáb.» Ach dúirt rí Iúdá (Iahóiseáfát): «An bhfuil aon fháidh leis an Tiarna anseo trína bhféadfaimis dul i gcomhairle leis an Tiarna?» D' fhreagair duine de shearbhóntaí rí Iosrael: «Tá Eilíseá mac Sheáfat anseo, an té a scaoileadh an t-uisce ar lámha Éilias.» Dúirt (Iahóiseáfát) [rí Iúdá]: «Tá briathar an Tiarna leis.» Ghabhadar síos chuige dá bhrí sin rí Iosrael, (Iahóiseáfát) [rí Iosrael], agus rí Eadóm. Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: «Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d' athar agus do mháthar.» D' fhreagair rí Iosrael: «Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.» D' fhreagair Eilíseá: «Dar Tiarna beo na Slua, an té dá bhfónaim, mura mbeadh go bhfuil urraim agam do Iahóiseáfát, rí Iúdá, ní thabharfainn aon aird ort ná fiú féachaint i do threo. Anois tabhair chugam ceoltóir.» Agus a luaithe a sheinn an ceoltóir, luigh lámh an Tiarna air, agus dúirt sé: «Mar seo a deir an Tiarna: 'Déanfaidh mé díog ar dhíog den chom seo,' mar deir an Tiarna: 'Ní fheicfidh sibh gaoth ná baisteach, ach líonfar an com seo d' uisce, agus ólfaidh sibh féin agus bhur saighdiúirí agus bhur mbeithígh iompair deoch as.» Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht. Gabhfaidh sibh gach cathair dhaingean (agus gach cathair thofa) de ruathar, leagfaidh sibh gach crann folláin, dúnfaidh sibh gach tobar fíoruisce, agus scriosfaidh sibh gach gort maith le clocha.» Maidin lá arna mhárach ag tráth íobartha na habhlainne, tháinig uisce ina dtreo ó Eadóm, agus líonadh an dúiche d' uisce. Nuair a chuala Móáb go léir go raibh na ríthe tagtha aníos ag cur catha orthu, cuireadh tionól ar gach duine a bhí in ann arm a iompar idir óg is aosta, agus cuireadh in eagar catha iad ar an teorainn. Ar maidin, nuair a d' éiríodar, bhí an ghrian ag taitneamh ar an uisce, agus thaibhsigh an t-uisce dearg mar fhuil uathu do na Móábaigh. «Fuil é seo,» ar siad, «ní foláir nó gur throid na ríthe eatarthu féin agus gur mharaíodar a chéile. Ar aghaidh chun na creiche, a Mhóáb, más ea!» Ach nuair a shroich siad longfort Iosrael, d' éirigh na hIosraelaigh ina gcoinne agus thug siad fogha faoi na Móábaigh agus theith siadsan rompu, agus (ag dul ar aghaidh dóibh) rinneadar ár agus eirleach ar na Móábaigh. Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil. Nuair a chonaic rí Mhóáb go raibh an cath á bhriseadh air, bhailigh sé seacht gcéad de lucht iompair claímh féachaint an bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh amach agus dul go rí [Arám], ach theip air. Ansin thóg sé an mac ba shine aige, a rídhamhna, agus d' ofráil é mar íobairt ar bhalla na cathrach. Bhuail taom tréan feirge iad in aghaidh Iosrael agus chúlaigh siadsan uaidh, agus d' fhill siad ar a dtír féin. Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. «Tá do shearbhónta, m' fhear céile, marbh,» ar sí, «agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.» Dúirt Eilíseá léi: «Céard a dhéanfaidh mé duit? Céard atá sa teach agat, inis dom?» «Níl sa teach ag do shearbhónta ach crúiscín ola,» d' fhreagair sí. Ansin dúirt sé léi: «Téigh amach agus faigh iasacht crúscaí ó do chomharsana, crúscaí folmha, agus go leor díobh. Nuair a thiocfaidh tú ar ais, dún an doras ort féin agus ar do chlann mhac, agus doirt an ola isteach sna crúscaí seo go léir agus cuir gach ceann i leataobh de réir mar a bheidh sé lán.» D' imigh sí léi ansin agus dhún an doras uirthi féin agus ar a clann mhac; agus shíneadar na crúscaí chuici agus lean sí uirthi ag doirteadh na hola iontu. Nuair a bhí na crúscaí lán, dúirt sí lena mac: «Sín chugam crúsca eile.» «Níl ceann eile ann,» ar sé léi. Ansin stad an ola. D' imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d' fhreagair sé: «Imigh agus díol an ola agus díol d' fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.» Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin. Dúirt sí lena fear céile: «Féach, táim cinnte gur fear naofa le Dia an fear seo a bhíonn ag síorthaisteal an bealach seo againne. Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.» Lá dá dtáinig sé, isteach leis sa seomra in airde agus chuaigh sé a luí. Dúirt sé le Géichizí a shearbhónta: «Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn.» Ghlaoigh sé uirthi agus tháinig sí agus sheas os a chomhair. Dúirt Eilíseá: «Abair é seo léi: 'Féach, rinne tú an cúram seo go léir dínne, cad is féidir dúinn a dhéanamh duit? An bhfuil aon ní ar mhaith leat a déarfaí ar do shon leis an rí nó le ceann feadhna an airm?'» Ach d' fhreagair sí: «I measc mo mhuintire féin a mhairimse.» «Cad is féidir a dhéanamh ar a son seo, más ea?» a d' fhiafraigh sé. D' freagair Géichizí: «Leoga, níl mac ar bith aici, agus tá a fear céile aosta.» Dúirt Eilíseá: «Cuir fios uirthi.» Ghlaoigh an searbhónta uirthi agus sheas sí ag an doras. «Bliain ón am seo,» ar seisean, «beidh mac i do bhaclainn agat.» «Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d' ionailt.» Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t-earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi. Nuair a bhí an leanbh fásta chuaigh sé amach lá chuig a athair a bhí in éineacht leis na buanaithe. Ar seisean lena athair: «Ó mo cheann, mo cheann!» D' iarr an t-athair ar dhuine de na searbhóntaí é a iompar chuig a mháthair. Thóg seisean suas é agus d' iompair chuig a mháthair é. Bhí an gasúr ar a glúine aici go meán lae agus fuair sé bás ansin. Chuaigh sí in airde staighre agus d' fhág ina luí é ar leaba Eilíseá, giolla Dé. Dhún sí an doras air agus d' imigh amach. Chuir sí fios ar a fear agus dúirt: «Cuir duine de na searbhóntaí chugam le ceann de na hasail. Caithfidh mé brostú liom go dtí an giolla Dé agus ar ais arís.» «Cad ab áil leat chuige inniu?» a d' fhiafraigh sé, «níl sé ina ré nua ná ina shabóid.» Ach d' fhreagair sí: «Tá gach ní ina cheart.» Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: «Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.» Chuir sí chun bóthair agus tháinig go dtí an giolla Dé ar Shliabh Chairmeil. Nuair a chonaic seisean uaidh í dúirt sé le Géichizí, a shearbhónta: «Féach, seo chugainn ár Siúnaemach! Rith gan mhoill ina coinne agus cuir ceist uirthi: 'An bhfuil tú ar fónamh? An bhfuil d' fhear céile ar fónamh? An bhfuil an leanbh ar fónamh?'» D' fhreagair sí: «Tá.» Nuair a tháinig sí go dtí an giolla Dé ansiúd ar an sliabh, rug sí greim ar a chosa. Tháinig Géichizí lena brú i leataobh, ach dúirt an giolla Dé: «Lig di mar tá buaireamh ina croí, agus cheil an Tiarna orm é gan é a rá liom.» Ansin dúirt sí: «Ar iarras mac ar mo thiarna? Nár dhúirt mé: 'Ná meall mé'?» «Cuir do chrios thar do choim,» ar sé ansin le Géichizí, «agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.» Ansin dúirt máthair an linbh: «Dar an Tiarna beo agus dar do bheo féin, ní imeoidh mé uait.» Agus d' éirigh sé dá bhrí sin agus lean í. Ghabh Géichizí ar aghaidh rompu agus leag an bata ar aghaidh an linbh, ach ní raibh glór as ná rian den dé ann. Chuaigh sé ar ais mar sin go hEilíseá, agus dúirt leis: «Níor mhúscail an leanbh.» Nuair a tháinig Eilíseá isteach, fuair sé an leanbh ina luí marbh ar a leaba. Ar dhul isteach dó, dhún sé an doras, gan ach an bheirt acu istigh, agus ghuigh sé chun an Tiarna. Ansin chuaigh sé suas ar an leaba agus shín é fein ar an leanbh béal le béal, súile le súile, lámha le lámha. Le linn dó a bheith sínte air, tháinig teas i gcorp an linbh. Ansin d' éirigh sé agus shiúil anonn agus anall sa teach; chuaigh sé suas ar an leaba athuair agus shín é féin ar an leanbh [seacht n-uaire]. Ansin lig an leanbh sraoth as agus d' oscail sé a shúile. Chuir sé fios ar Géichizí ansin: «Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn,» ar sé leis agus ghlaoigh sé uirthi. Nuair a tháinig sí chuige sé a dúirt sé: «Tóg suas do mhac.» Chuaigh sí isteach agus chaith í féin ag a chosa ag umhlú síos go talamh dó. Ansin thóg sí suas a mac agus d' imigh amach. Tháinig Eilíseá go Gilgeál agus gorta sa tír. Bhí bráithreachas na bhfáithe ina suí os a chomhair agus dúirt sé lena shearbhónta: «Cuir síos an coire mór agus beirigh praiseach do bhráithreachas na bhfáithe.» Ghabh duine díobhsan amach faoi na bánta ag bailiú luibheanna, agus tharla fíniúin fhiáin air agus phrioc sé lán a ultaigh de chaora fiáine di. Ansin tháinig sé agus ghearr sé go mion isteach sa choire praisí iad gan a fhios aige cad iad. Ansin scaoileadar an phraiseach amach do na fir le hithe, ach a luaithe a bhlaiseadar í, liúdar: «A ghiolla Dé, tá an bás sa choire,» agus níorbh fhéidir leo é a ithe. «Tugaigí min dom más ea,» arsa Eilíseá. Agus chaith sé sa choire í, agus dúirt: «Scaoiligí amach chucu seo í, agus ithidís í.» Agus ní raibh aon nimh sa choire. Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. «Tabhair don phobal é le hithe,» arsa Eilíseá. D' fhreagair a sheirbhíseach: «Conas is féidir liom é seo a roinnt ar chéad duine?» «Tabhair don phobal é le hithe,» ar seisean go daingean, «óir seo mar a deir an Tiarna: 'Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.'» Roinn sé orthu é. D' ith siad agus bhí fuíoll fágtha acu, mar a dúirt an Tiarna. Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ard mheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar. I ruathar dá gcuid thug na hArámaigh cailín beag as Iosrael ina príosúnach leo agus bhí sí ag freastal ar bhean chéile Námán. Agus dúirt sí lena máistreás: «Uch nach leis an bhfáidh sa tSamáir atá mo mháistir, is cinnte go leigheasfadh sé óna lobhra é.» Ansin chuaigh Námán chun a thiarna, agus dúirt leis: «Dúirt an cailín ó thír Iosrael a leithéid seo agus a leithéid siúd.» Dúirt rí Arám leis: «Imigh leat agus cuirfidh mise litir chuig rí Iosrael.» D' imigh sé agus thug sé leis deich dtallann airgid agus sé mhíle seicil óir agus deich n-éide aonaigh. Thug sé an litir chun rí Iosrael. Dúradh inti: «Nuair a gheobhaidh tú an litir seo, bíodh a fhios agat gur chuir mé Námán, mo shearbhónta, ag triall ort, chun go leigheasfá ón lobhra é.» Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: «An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.» Ar a chloisteáil d' Eilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: «Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.» Dá bhrí sin tháinig Námán lena chapaill agus lena charbad agus stad sé ag doras theach Eilíseá. Chuir Eilíseá teachtaire chuige á rá: «Imigh leat agus nigh thú féin seacht n-uaire sa Iordáin; agus cneasóidh do chorp agus beidh tú glan athuair.» Tháinig fearg ar Námán agus d' imigh sé leis á rá: «Shíl mé go dtiocfadh sé amach chugam, go ndéanfadh sin, agus go seasfadh sé amuigh ag glaoch ar ainm an Tiarna a Dhia, agus a lámh a shíneadh os cionn an bhaill agus an lobhar a leigheas. Nach fearr iad an Abáná agus an Farpar, aibhneacha na Damaisce, ná a bhfuil d' uiscí in Iosrael chun go nífinn mé féin iontu agus go nglanfaí mé.» Dá bhrí sin thiontaigh sé agus d' imigh agus é ar buile. Tháinig a shearbhónta chuige agus dúirt leis: «A athair, dá n-iarrfadh an fáidh ort rud éigin deacair a dhéanamh, is cinnte go ndéanfá é. Nach móide is ceart duit a bhfuil ráite aige leat anois a dhéanamh: 'Nigh thú féin agus beidh tú glan'?» Ansin chuaigh sé síos agus thum é féin seacht n-uaire sa Iordáin de réir chomhairle ghiolla Dé. Agus leigheasadh a chneas mar a bheadh cneas naíonáin ann agus bhí sé glan. Ansin d' fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. «Anois a aithním,» ar seisean, «nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.» Ach d' fhreagair seisean: «Dar an Tiarna beo dá ndéanaim seirbhís, ní thógfaidh mé aon ní.» Agus bhí Námán ag tathant air ach ní dhéanfadh. Ansin dúirt Námán: «Ós rud é nach dtógfaidh tú, tugtar, le do thoil, ualach dhá mhiúil de chré do do shearbhónta; mar as seo amach ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile d' aon dia ach don Tiarna. Ach aon ní amháin agus go maithe an Tiarna do do shearbhónta é nuair a théann mo mháistir go teampall Rimeon le hadhradh a dhéanamh ann, luíonn sé ar mo ghéag agus cromaim síos i dteampall Rimeon [nuair a dhéanann seisean]. Go maithe an Tiarna an beart seo do shearbhónta.» D' fhreagair sé: «Imigh faoi shíocháin!» Ach nuair a bhí Námán imithe tamall beag, dúirt Géichizí, searbhónta Eilíseá, leis féin: «Is bog a scaoil mo mháistir leis an Arámach seo mar nár ghlac sé lenar ofráil sé dó. Dar an Tiarna beo, rithfidh mé ina dhiaidh agus gheobhaidh mé rud éigin uaidh.» D' imigh Géichizí i ndiaidh Námán. Nuair a chonaic Námán é ag rith ina dhiaidh, phreab sé as a charbad le bualadh leis, agus dúirt: «An bhfuil gach ní ina cheart?» Agus d' fhreagair seisean: «Tá gach ní ina cheart. Chuir mo mháistir chugat mé lena rá: 'Tháinig beirt ógánach de bhráithreachas na bhfáithe chugam anois díreach ó ardáin Eafráim; tabhair dóibh tallann airgid, le do thoil (agus dhá éide aonaigh).'» «Tóg dhá thallann, le do thoil (agus dhá éide aonaigh),» a d' fhreagair Námán, agus bhí á dtathant air, agus cheangail sé dhá thallann airgid i dhá mhála (le dhá éide aonaigh) agus leag iad ar bheirt dá shearbhóntaí a d' iompair iad roimh Géichizí. Nuair a shroich sé Oifil, thóg sé uathu iad agus chuir i leataobh ina theach iad. Ansin lig sé na fir chun siúil agus d' imíodar. D' imigh sé féin isteach agus sheas os comhair a mháistir, agus dúirt Eilíseá: «Cá raibh tú, a Ghéichizí?» D' fhreagair seisean: «Ní raibh do shearbhónta in aon bhall.» Ach dúirt Eilíseá leis: «Nach raibh mé ansiúd ó chroí nuair a d' fhág duine éigin a charbad le bualadh leat? [Os rud é gur] ghlac tú an t-airgead, ní miste duit anois garraithe a [cheannach leis], agus gairdíní ológ, agus caoirigh, agus eallach, agus daoráin agus daoirseacha. Ach leanfaidh lobhra Námán díot féin agus de do shliocht go brách.» Agus d' imigh Géichizí óna láthair ina lobhar, chomh geal le sneachta. Dúirt bráithreachas na bhfáithe le hEilíseá: «Féach, tá an áit ina bhfuil cónaí orainn taobh leat róchúng dúinn. Téimis chun na Iordáine, agus gearradh gach duine againn sail ann agus déanaimis áit chónaithe dúinn féin ann.» D' fhreagair sé: «Téigí!» Ansin dúirt duine díobh: «Ar mhiste leat dul le do shearbhóntaí?» «Rachaidh mé,» ar sé, agus chuaigh sé leo. Nuair a tháinig siad chun na Iordáine ghearradar anuas crainn ach ag gearradh saile do dhuine díobh, thit ceann iarainn a thua isteach san uisce. «Mo léan, a mháistir,» ar sé, «agus ba ar iasacht leis a bhí sé!» «Cár thit sé?» d' fhiafraigh an giolla Dé de, agus thaispeáin sé an áit dó. Ansin ghearr sé slapar agus chaith isteach ansiúd é agus chuir an t-iarrann ar snámh. «Tóg amach é,» ar sé, agus shín an fear a lámh agus thóg é. Bhí rí Arám i gcogadh le hIosrael. Chuaigh sé i gcomhairle lena oifigigh agus dúirt: «Déanaigí [ionsaí] ina leithéid seo d' áit.» Ach chuir giolla Dé scéala go rí Iosrael: «Seachain agus ná téigh thar an áit sin, mar tá na hArámaigh chun [ionsaí] a dhéanamh ann.» Chuir rí Iosrael dá réir sin díorma fear chun na háite a luaigh giolla Dé. Agus bhíodh sé ag tabhairt rabhaidh do rí Iosrael ar an gcuma sin agus bhíodh seisean san airdeall, agus tharla sin breis agus uair nó dhó. Bhí seo ag cur an-bhuaireamh aigne ar rí Arám, agus ghlaoigh sé ar a fheidhmeannaigh agus dúirt: «Inis dom cé acu againn atá dár [mbrath] le rí Iosrael.» «Níl aon duine againn, a thiarna mo rí,» arsa duine dá fheidhmeannaigh, «ach is é Eilíseá, an fáidh in Iosrael, a fhoilsíonn do rí Iosrael gach a ndeir tú i do sheomra codlata.» «Imígí agus faighigí amach cá bhfuil sé,» arsa an rí, «i dtreo go gcuirfinn lucht a ghafa ar a thóir.» Agus fuair sé scéala: «Tá sé anois i nDotán.» Chuir sé capaill agus carbaid agus slua mór ansiúd uaidh agus thángadar i gcoim na hoíche agus thimpeallaíodar an chathair. Lá arna mhárach rinne giolla Dé mochóirí agus amach leis. B' shiúd díorma saighdiúirí le capaill agus carbaid timpeall na cathrach. «Mo léan, a mháistir, cad tá le déanamh againn?» arsa a shearbhónta. D' fhreagair sé: «Ná bíodh eagla ort! Óir is mó atá linne ná mar atá leosan.» Ansin rinne Eilíseá urnaí: «A Thiarna,» ar sé, «oscail a shúile agus tabhair radharc dó, impím ort.» D' oscail an Tiarna súile a shearbhónta agus chonaic sé an sliabh, féach, agus é clúdaithe le capaill agus le carbaid tine timpeall ar Eilíseá. Nuair a bhí na hArámaigh ag druidim leis ghuigh Eilíseá chun an Tiarna: «Buail an dream seo, guím thú, le daille,» agus bhuail sé le daille iad de réir mar a d' impigh Eilíseá. Ansin dúirt Eilíseá leo: Ní hé seo an bóthar, ná ní hí seo an chathair; lean mise agus treoróidh mé sibh chun an fhir atá sibh a lorg,» agus threoraigh sé chun na Samáire iad. Ach a rabhadar tagtha isteach sa tSamáir dúirt Eilíseá: «A Thiarna, oscail súile an dreama seo i dtreo go mbeidh radharc acu.» Agus d' oscail an Tiarna a súile agus bhí radharc acu, agus ba shiúd i lár na Samáire iad. Nuair a chonaic rí Iosrael iad, dúirt sé le hEilíseá: «An gcuirfidh mé chun báis iad, an gcuirfidh mé, a athair liom?» D' fhreagair sé: «Ná maraigh iad. An gcuirfeá chun báis an mhuintir [nár] ghabh tú le do chlaíomh agus le do bhogha? Tabhair arán agus uisce dóibh le go gcaithfidís bia agus deoch agus dul ar ais go dtí a máistir.» Chóirigh sé béile breá dóibh agus nuair a bhí bia agus deoch caite acu scaoil sé chun siúil iad agus chuadar ar ais chun a máistir. Níor tháinig na hArámaigh ag creachadh críocha Iosrael as sin amach. Tharla ina dhiaidh sin gur chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir agus go ndeachaigh sé suas agus léigear a chur ar an tSamáir. Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d' iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid. Agus nuair a bhí rí Iosrael ag gabháil thart ar bhalla na cathrach, ghlaoigh bean, in ard a cinn air: «Fóir orm, a thiarna, mo rí.» «Go bhfága an Tiarna gan fóirithint thú,» ar seisean, «cá bhfaighinnse leigheas do cháis? Ón urlár buailte nó ón gcantaoir fhíona?» Ansin d' fhiafraigh an rí: «Cad tá ort?» D' fhreagair sí: «Dúirt an bhean seo liom: 'Tabhair suas do mhac le hithe againn inniu, agus íosfaimid mo mhacsa amárach.' Rinneamar mo mhac a bheiriú dá réir sin agus a ithe. Lá arna mhárach dúirt mé léi: 'Tabhair suas do mhac le hithe againn,' ach tá a mac i bhfolach aici.» Nuair a chuala an rí focail na mná, stróic sé a chuid éadaigh; ós rud é go raibh sé ag siúl ar an mballa chonaic an pobal go raibh sacéadach, féach, lena chneas laistigh. «Go ndéana Dia a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom,» ar sé, «má fhanann ceann Eilíseá mac Sheáfát ar a ghuaillí inniu!» Bhí Eilíseá ina shuí ina theach agus na seanóirí ina suí ina thimpeall. Chuir an rí teachtaire óna láthair ach sular shroich sé, dúirt Eilíseá leis na seanóirí: «An bhfeiceann sibh mar a thug an dúnmharfóir úd ón mbroinn orduithe an ceann a scothadh díom? Féach, nuair a thiocfaidh an teachtaire, dúnaigí an doras air; coinnigí an doras dúnta air. Nach bhfuil truip choiscéim a mháistir le cloisteáil ina dhiaidh?» Ag caint fós leo dósan, shroich [an rí]. «Is léir,» ar sé, «gur ón Tiarna an mí-ádh seo. Cén fáth a mbeadh muinín agam fós as an Tiarna?» Dúirt Eilíseá: «Éistigí le briathar an Tiarna; mar seo a deir an Tiarna: 'Um an dtaca seo amárach, beidh tomhas den phlúr is míne á dhíol ar sheicil, agus dhá thomhas eorna ar sheicil, ag geata na Samáire.'» Ach d' fhreagair an feidhmeannach, a bhí mar theannta ag an rí, an giolla Dé: «Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir, arbh fhéidir é seo a theacht i gcrích?» «Feicfidh tú é le do shúile cinn,» arsa Eilíseá, «cé nach n-íosfaidh tú greim de.» Bhí ceathrar ag an mbealach chun an gheata mar lobhair ab ea iad agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin: «Cad ab áil linn inár suí anseo ag feitheamh leis an mbás? Má bheartaímid dul isteach sa chathair, agus an gorta inti, gheobhaimid bás inti; má fhanaimid inár suí anseo, gheobhaimid bás chomh maith. Téanam, téimis anonn go longfort na nArámach. Má thugann siad anacal anama dúinn mairfimid; má chuireann siad chun báis sinn, ní bheidh ach deireadh linn.» Le titim na hoíche mar sin d' éiríodar agus chuireadar chun bóthair i dtreo longfort na nArámach; ach nuair a thángadar go himeall an champa ní raibh caonaí ann. Mar thug an Tiarna ar na hArámaigh ina longfort fuaim carbad agus capall agus geoin armála móire a chloisteáil; agus dúradar le chéile: «Féach! rinne rí Iosrael na ríthe Hiteacha a fhostú le troid inár n-aghaidh, agus ríthe na hÉigipte le sinn a ionsaí.» D' éalaíodar leo dá bhrí sin le titim na hoíche agus theitheadar agus d' fhágadar ansin a mbothanna, a gcapaill, agus a n-asail; d' fhágadar an longfort díreach mar a bhí sé agus theitheadar lena n-anam. Nuair a tháinig na lobhair úd go himeall an champa, chuadar isteach i mboth agus chaitheadar bia agus deoch agus thugadar airgead agus ór agus éidí leo as, agus d' imíodar leo agus chuireadar i bhfolach iad. Ansin d' fhilleadar agus isteach leo i mboth eile agus chreachadar é agus d' imíodar agus chuireadar an chreach i bhfolach. Ansin dúradar le chéile: «Níl sé ceart againn! Seo lá dea-scéil agus seo sinn gan focal asainn! Má fhanaimid go maidin, is cinnte go ndéanfar díoltas orainn; téanam dá bhrí sin; téimis agus tugaimis an dea-scéala go pálás an rí.» D' imíodar leo ansin agus ghlaoigh siad ar ghardaí gheataí na cathrach agus dúirt leo: «Chuamar go longfort na nArámach. Ní raibh duine beo le feiceáil ná le cloisteáil ann, ach na capaill ceangailte, agus na hasail ceangailte, agus na bothanna fágtha mar a bhíodar.» Scaip gardaí na ngeataí an dea-scéala de liú, agus fógraíodh laistigh den phálás é. D' éirigh an rí gan é fós ina lá agus dúirt lena fheidhmeannaigh: «Inseoidh mé daoibh cad tá déanta ag na hArámaigh orainn. Tá fhios acu go bhfuil an gorta ag luí orainn, agus dá bharr sin d' fhágadar an longfort agus chuadar i bhfolach faoin tír á rá leo féin: 'Nuair a thiocfaidh siad amach as an gcathair, déanfaimid iad a ghabháil ina mbeatha agus rachaimid isteach sa chathair.'» D' fhreagair duine dá fheidhmeannaigh, «Tógtar cúig cinn de na capaill atá fágtha fós againn gheobhadh an dream atá fágtha anseo bás chomh maith ar aon dul leis an slua mór eile d' Iosrael a fuair bás cheana féin agus cuirimis dream ar aghaidh leo agus feicidís.» Thógadar dhá chuingir carbaid agus chuir an rí i ndiaidh sluaite Arám iad á rá: «Téigí agus feicigí.» Leanadar a lorg chomh fada leis an Iordáin, agus, féach! bhí éidí agus fearais a chaith na hArámaigh uathu le teann deabhaidh caite ar feadh an bhealaigh go léir. D' fhill an lucht braite leis an scéala sin don rí. Ansin ghabh na daoine amach agus rinneadar longfort na nArámach a chreachadh. Bhí tomhas den phlúr is míne ar díol ar sheicil agus dhá thomhas eorna ar sheicil mar a dúirt an Tiarna a bheadh. An feidhmeannach a bhí mar theannta ag an rí, bhí sé ceaptha aige mar chaptaen ar gharda an gheata, ach shatail na daoine air i mbéal an gheata agus fuair sé bás faoi mar a thairngir an giolla Dé nuair a tháinig an rí anuas chuige. (Nuair a dúirt an giolla Dé leis an rí: «Beidh dhá thomhas eorna ar díol ar sheicil, agus tomhas den phlúr is míne ar sheicil um an dtaca seo amárach ag geata na Samáire,» d' fhreagair an feidhmeannach an giolla Dé: «Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir arbh fhéidir é sin a theacht i gcrích?» Agus dúirt seisean: «Feicfidh tú é le do shúile cinn, ach ní íosfaidh tú greim de.» Agus sin é a tharla dó. Shatail na daoine air i mbéal an gheata agus fuair sé bás.) Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: «Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna tá sé ag teacht ar an tír cheana féin ar feadh seacht mbliana.» D' éirigh an bhean agus rinne mar a dúirt an giolla Dé léi: d' imigh sí lena líon tí agus chuir fúithi ar feadh seacht mbliana i dtír na bhFilistíneach. Nuair a bhí na seacht mbliana caite d' fhill an bhean ó thír na bhFilistíneach agus chuaigh lena héileamh faoina teach agus faoina talamh a chur faoi bhráid an rí. Bhí an rí ag caint le Géichizí, searbhónta an ghiolla Dé, á rá: «Inis dom na héachtaí go léir a rinne Eilíseá.» Agus fad a bhí sé ag insint don rí conas mar a d' ardaigh Eilíseá an leanbh ó mhairbh, siúd í an bhean ar ardaigh Eilíseá a mac ón mbas agus í ag cur a héilimh faoina teach agus faoina talamh faoi bhráid an rí. «A thiarna mo rí,» arsa Eilíseá, «sin í an bhean cheannann chéanna, agus sin é a mac a d' ardaigh Eilíseá ó mhairbh.» Cheistigh an rí an bhean agus d' inis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: «Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a d' fhág sí an tír go dtí anois.» Tháinig Eilíseá go dtí an Damaisc agus bhí Bein Hadad rí Arám tinn. Dúradh leis: «Tá an giolla Dé tagtha anseo.» Dúirt an rí ansin le Hazáéil: «Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.» D' imigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: «Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: 'An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?'» D' fhreagair Eilíseá: «Téigh agus abair leis: 'Tearnóidh tú cinnte,' ach d' fhoilsigh an Tiarna dom go bhfaighidh sé bás cinnte.» Ansin d' éirigh a cheannaithe teann, agus stán sé air nó go dtáinig náire air agus ghoil an giolla Dé. «Cén fáth,» arsa Hazáéil, «go bhfuil mo thiarna ag gol?» D' fhreagair sé: «Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n-ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.» «Ach,» arsa Hazáéil, «cad é do shearbhónta? Níl ann ach madra le haon ní mór mar sin a dhéanamh.» «I bhfís ón Tiarna,» arsa Eilíseá, «chonaic mé thú i do rí ar Arám.» D' fhág sé slán ag Eilíseá agus d' fhill ar a mháistir, agus d' fhiafraigh seisean de: «Cad dúirt Eilíseá?» D' fhreagair sé: «D' inis sé dom go ndéanfá téarnamh cinnte.» Lá arna mhárach fuair sé blaincéad agus thum in uisce é agus leath ar a cheann é agus fuair sé bás ar an gcuma sin agus tháinig Hazáéil i gcoróin ina áit. Sa chúigiú bliain de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael, tháinig Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá i gcoróin. Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé ocht mbliana ina rí in Iarúsailéim. Lean sé sampla ríthe Iosrael, mar a rinne teaghlach Acháb, mar ba iníon le hAcháb a bhí aige mar bhean. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna. Ach ní scriosfadh an Tiarna Iúdá ar son Dháiví, a shearbhónta, mar gur gheall sé go dtabharfadh sé lóchrann go brách dó féin agus dá chlann mhac [ina láthair]. Lena linn rinne Eadóm ceannairc ó cheannas Iúdá, agus cheapadar rí dá gcuid féin. Ansin ghabh Iahórám anonn go Záír lena charbaid go léir. D' éirigh sé san oíche, agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach a bhí ina thimpeall, ach theith a arm abhaile. Tá cuing Iúdá caite díobh ag Eadóm ar an gcuma sin go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc an t-am sin chomh maith. An chuid eile de stair Iahórám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ansin chuaigh Iahórám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é lena shinsir i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air mar rí. Sa dara bliain déag de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael tháinig Achaizíá mac Iahórám i gcoróin ar Iúdá. Bhí Achaizíá dhá bhliain agus fiche nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá, iníon Omraí rí Iosrael, ab ainm dá bhean. Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb agus rinne an t-olc i bhfianaise an Tiarna, faoi mar a rinne teaghlach Acháb, lena raibh sé i gcleamhnas. Ghabh sé amach le Iórám mac Acháb le cogadh a chur ar Hazáéil rí Arám i Rámot Gileád, ach ghoin na hArámaigh Iórám. D' fhill Iórám rí ar Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iórám mac Acháb mar go raibh sé breoite. Ghlaoigh Eilíseá ar dhuine de bhráithreachas na bhfáithe: «Cuir crios faoi do choim,» ar sé, «beir an crúiscín ola seo i do láimh, agus téigh go Rámot Gileád. Nuair a shroichfidh tú an áit sin, lorg Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí. Téigh isteach agus abair leis éirí agus imeacht óna chomrádaithe, agus tabhair isteach i seomra cúil é. Ansin faigh an crúiscín ola agus doirt ar a cheann é, agus abair: 'Seo é briathar an Tiarna: Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.' Ansin oscail an doras agus teith leat le teann deabhaidh.» Chuir an t-ógánach, an fáidh, chun bóthair go Rámot Gileád, agus nuair a shroich sé, fuair sé oifigigh shinsearacha an airm ina suí le chéile. «Tá teachtaireacht agam duit, a thaoisigh,» ar sé. «Do cé acu againn go léir?» arsa Iéahú. «Duitse, a thaoisigh,» d' fhreagair sé. D' éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t-ógánach an ola ar a cheann á rá: «Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: 'Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael. Déan teaghlach Acháb do mháistir a scrios, agus déanfaidh mé fuil mo shearbhóntaí na fáithe agus searbhóntaí an Tiarna go léir a agairt ar Ízeibil. Scriosfar clann Acháb go léir. Déanfaidh mé gach fireannach de shliocht Acháb, cibé acu saor nó daor, in Iosrael, a scrios. Agus tabharfaidh mé an cor céanna ar shliocht Acháb le sliocht Iarobám mac Nabát agus sliocht Bháiseá mac Aichíá. Maidir le Ízeibil, íosfaidh na madraí í i nduiche Izréil; ní dhéanfaidh aon duine í a chur.'» Ansin d' oscail sé an doras agus d' éalaigh leis. Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. «An bhfuil gach ní ina cheart?» d' fhiafraigh siad de. «Cad a thug an ghealt seo chugat?» «Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,» ar sé. «Scéal thairis,» ar siad. «Téanam agus inis dúinn.» «A leithéid seo, a dúirt sé,» ar sé; «seo mar a deir an Tiarna: 'Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.'» Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: «Sé Iéahú an rí!» Rinne Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí comhcheilg in aghaidh Iórám. (Bhí Iórám agus Iosrael go léir um an dtaca sin ag cosaint Rámot Gileád in aghaidh Hazáéil rí Arám; ach bhí Iórám tar éis filleadh go hIzréil le leigheas a fháil ar na créachtaí a thug na hArámaigh air nuair a bhí sé ag troid le Hazáéil rí Arám.) «Más mar sin a bhraitheann sibh,» arsa Iéahú, «ná héalaíodh aon duine ón gcathair leis an scéal a bhreith go hIzréil.» Ansin chuaigh Iéahú isteach ina charbad agus d' imigh go hIzréil mar a raibh Iórám ina luí; bhí Achaizíá rí Iúdá tagtha anuas ar thuairisc Iórám. An fear faire ar an túr in Izréil, chonaic sé díorma Iéahú chuige agus dúirt: «Feicim díorma fear,» ar sé. Thug Iórám ordú: «Cuir eachlach ina gcoinne agus fiafraíodh sé díobh: 'An síocháin bhur ngnó?'» Chuaigh eachlach i gcoinne Iéahú dá bhrí sin agus dúirt: «Deir an rí: 'An síocháin bhur ngnó?'» Agus d' fhreagair Iéahú: «Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.» Agus thug an fear faire scéala: «Shroich an teachtaire iad ach níl sé ag filleadh ar ais.» Ansin sheol sé eachlach eile agus tháinig chucu agus dúirt: «Deir an rí: 'An síocháin bhur ngno?'» Agus d' fhreagair Iéahú: «Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.» Agus thug an fear faire scéala arís: «Shroich sé iad, ach níl sé ag filleadh. Agus tá an tiomáint ar aon dul le tiomáint Iéahú mac Nimsí mar go dtiomáineann sé mar fhear buile.» «Gabhaigí mo charbad,» arsa Iórám, agus gabhadh a charbad dó. Ansin chuaigh Iórám rí Iosrael agus Achaizíá rí Iúdá amach i gcoinne Iéahú, gach duine díobh ina charbad. Bhuaileadar leis i ngort Nábót an tIzréileach. Nuair a chonaic Iórám Iéahú d' fhiafraigh sé de: «An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?» D' fhreagair sé: «Cén tsíocháin a d' fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.» Ansin d' iompaigh Iórám timpeall agus theith sé á rá: «Feall, a Achaizíá!» Ach tharraing Iéahú a bhogha le lán a nirt agus d' aimsigh Iórám idir an dá shlinneán; chuaigh an tsaighead trí chroí an rí, agus thit sé ar lár ina charbad. Dúirt Iéahú le Bidcear a chaptaen: «Tóg é agus caith isteach i ngort Nábót an tIzréileach é. Cuimhnigh nuair a bhí tú féin agus mise ag marcaíocht le chéile ar chúl Acháb, a athair, gur fhógair an Tiarna an bhreith seo air: ' Seo mo mhionn: Chonaic mé fuil Nábót agus fuil a chlann mhac inné sé an Tiarna atá ag caint déanfaidh mé é a chúiteamh leatsa sa ghort céanna.' Tóg suas é mar sin agus caith isteach i ngort Nábót é de réir bhriathar an Tiarna.» Nuair a chonaic Achaizíá rí Iúdá a raibh ar siúl, theith sé leis i dtreo Bhéit Hagán, ach chuaigh Iéahú ar a thóir agus dúirt: «Treascair eisean chomh maith.» [Ghoineadar é] ina charbad ag ardán Ghúr atá i gcóngar Ibleám agus theith sé go Migideo mar a bhfuair sé bás. Thug a shearbhóntaí i gcarbad é go Iarúsailéim agus chuireadar ina thuama lena shinsir é i nDúnfort Dháiví. San aonú bliain déag de réimeas Iórám mac Acháb a tháinig Achaizíá i gcoróin ar Iúdá. Nuair a tháinig Iéahú go Izréil, chuala Ízeibil faoi, agus mhaisigh sí a súile, agus chóirigh a ceann agus bhí ag féachaint amach an fhuinneog. Ag teacht an geata isteach do Iéahú dúirt sí: «An síocháin do ghnó, a Zimrí, a fhir mharaithe do mháistir?» D' fhéach Iéahú in airde i dtreo na fuinneoige, agus dúirt: «Cé tá liom? Cé tá?» agus d' fhéach dhá choillteán nó trí anuas air. «Caith anuas í,» ar sé. Agus chaitheadar anuas í agus scaip a fuil ar na ballaí agus ar na capaill, agus shatail siad faoina gcrúba í. Ghabh sé isteach ansin agus chaith bia agus deoch agus dúirt: «Féachaigí chun na mná mallachta sin anois agus déanaigí í a adhlacadh mar is iníon rí í.» Ach nuair a chuadar á hadhlacadh, ní bhfuaireadar ach a cloigeann, a cosa agus a dearnana. Thángadar ar ais dá bhrí sin leis an scéala sin go Iéahú, agus dúirt sé: «Sin é briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé ó bhéal Éilias an Tisbíoch: 'Íosfaidh na madraí feoil Ízeibil i gcríocha Izréil. Beidh conablach Ízeibil mar aoileach ar an ithir (i gcríocha Izréil) i dtreo nach bhféadfaidh aon duine a rá: Ba í seo Ízeibil.'» Bhí deichniúr mac agus trí fichid ag Acháb sa tSamáir, agus scríobh Iéahú litir agus sheol í go dtí an tSamáir, go huachtaráin na cathrach, go dtí na sinsir agus go lucht altrama chlann Acháb, á rá: «Nuair a gheobhaidh sibh an litir seo, ós rud é go bhfuil clann mhac bhur máistir in bhur dteannta, agus go bhfuil carbaid agus eachra, cathracha daingne agus airm agaibh, toghaigí an té is fearr agus is cumasaí de chlann mhac bhur máistir, agus cuirigí i ríchathaoir a athar é, agus troidigí ar son ríshliocht bhur máistir.» Bhuail scéin agus scanradh iad. «Féach,» ar siad, «níor fhéad an dá rí an fód a sheasamh ina aghaidh, agus conas a d' fhéadfaimisne, más ea?» Dá bhrí sin sheol reachtaire an pháláis, agus rialtóir na cathrach, na sinsir agus an lucht altrama scéala go dtí Iéahú: «Searbhóntaí de do chuid sinne; déanfaimid cibé rud a ordóidh tú dúinn; ní dhéanfaimid rí d' aon duine; déan mar is áil leat.» Scríobh sé litir eile chucu á rá: «Má tá sibh liom, agus má tá sibh sásta mo réir a dhéanamh, tugaigí libh cinn chlann mhac bhur máistir agus tagaigí chugamsa anseo in Izréil um an dtaca seo amárach.» (Bhí deichniúr mac agus trí fichid leis an rí á n-oiliúint ansiúd ag taoisigh na cathrach.) Nuair a shroich an litir sin iad, thógadar clann mhac an rí agus chuireadar chun báis iad, an deichniúr agus trí fichid go léir, agus chuireadar a gcinn i gciseáin agus sheoladar chuige in Izréil iad. Tháinig an teachtaire le scéala go Iéahú: «Thugadar leo,» ar sé, «cinn chlann mhac an rí.» «Fág ina dhá gcarn iad,» ar seisean, «ag an mbealach chun an gheata go maidin.» Ansin, ar maidin, ghabh sé amach, sheas, agus dúirt leis an bpobal go léir: «Tá sibh saor ó chion; rinne mé comhcheilg in aghaidh mo mháistir, ceart go leor, agus mharaigh mé é. Ach cé chuir iad seo go léir chun báis? Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin nach rachaidh focal amú dá bhfuil ráite ag an Tiarna in aghaidh shliocht Acháb. Tá gach a ndúirt sé trína shearbhónta Éilias déanta ag an Tiarna.» Ansin mharaigh Iéahú gach ar mhair de shliocht Acháb in Izréil, a mhaithe go léir, a dhlúthchairde agus a shagairt, gan duine díobh a fhágáil ina bheatha. Chuir sé chun bóthair ansin go dtí an tSamáir. Ar an tslí dó tharla sé le bráithre Achaizíá rí Iúdá ag Béit Éicid na nAoirí: «Cé hé sibh féin?» a d' fhiafraigh sé. «Sinne bráithre Achaizíá,» ar siad, «agus táimid ar ár mbealach síos ar thuairisc chlann mhac an rí agus chlann mhac na banríona.» «Gabhaigí ina mbeatha iad,» ar sé. Agus ghabhadar ina mbeatha iad agus chuir sé chun báis iad ag an umar ag Béit Éicid, beirt agus daichead díobh, gan fear inste scéil a fhágáil. D' fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: «An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?» «Tá,» d' fhreagair Iahónádáb. «Má tá,» arsa Iéahú, «tabhair dom do lámh.» Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad. «Tar liom,» ar sé, «agus feic mo dhúthracht ar son an Tiarna,» agus thiomáin sé leis ina charbad é. Nuair a chuaigh sé isteach sa tSamáir chuir sé chun báis ar fhan beo de shliocht Acháb sa tSamáir; scrios sé iad de réir mar a dúirt an Tiarna le hÉilias a tharlódh. Ansin chruinnigh Iéahú an pobal go léir agus dúirt: «Rinne Acháb beagán seirbhíse do Bhál, ach déanfaidh Iéahú mórán. Glaoigí chugam dá bhrí sin ar fháithe Bhál ar a mhóidíní go léir, agus ar a shagairt; ná bíodh aon duine in easnamh mar tá íobairt mhór le hofráil agam do Bhál. Má bhíonn aon duine ar iarraidh, caillfidh sé a anam dá bharr.» Cleas ab ea é seo ag Iéahú le móidíní Bhál a scrios. Agus dúirt Iéahú: «Cruinnigí tionól naofa do Bhál!» Agus thugadar fógra cruinnithe. Chuir Iéahú teachtairí ar fud Iosrael agus tháinig lucht adhartha Bhál go léir, agus níor fhan oiread agus duine gan teacht. Isteach leo i dteampall Bhál agus líonadh teampall Bhál ó cheann ceann. Ansin dúirt Iéahú le coimeádaí na n-éidí: «Tabhair amach na héidí do lucht adhartha Bhál go léir,» agus thug sé amach na héidí dóibh. Chuaigh Iéahú ansin isteach i dteampall Bhál le Iahónádáb mac Raecáb agus dúirt le lucht adhartha Bhál: «Cuardaigí agus déanaigí deimhin de nach bhfuil aon searbhónta leis an Tiarna anseo in bhur measc, ach lucht adhartha Bhál amháin.» Ansin ghabh [sé] isteach le hofrálacha agus íobairtí loiscthe a ofráil. Bhí ceithre fichid fear curtha lasmuigh ag Iéahú á rá leo: «An té a ligfidh d' aon duine den mhuintir a thabharfaidh mé in bhur lámha éalú, díolfaidh sé as lena anam.» A luaithe dá bhrí sin a bhí an íobairt loiscthe ofráilte aige dúirt Iéahú leis an ngarda agus leis na hoifigigh: «Isteach libh agus cuirigí chun báis iad; ná scaoiligí le haon duine.» Agus chuaigh an garda agus na hoifigigh isteach agus chuireadar iad go léir chun báis go dtí gur bhaineadar amach sanctóir theampall Bhál. Thógadar an [cuaille naofa] as teampall Bhál agus dhódar é. Scriosadar [altóir] Bhál agus scriosadar teampall Bhál chomh maith, agus rinneadar camraí de agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu féin. Sin mar a scrios Iéahú Bál as Iosrael. Ach níor thug sé cúl leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael, na laonna óir i mBéitéil agus i nDán. Dúirt an Tiarna le Iéahú: «Ós rud é go ndearna tú go maith a raibh taitneamhach i mo láthair, agus gur chuir tú i gcrích gach ar bheartaigh mé i mo chroí in aghaidh theaghlach Acháb, beidh do shliocht ina suí i ríchathaoir Iosrael síos go dtí an ceathrú glúin.» Ach níor lean Iéahú dlí an Tiarna, Dia Iosrael, go dílis ná óna chroí go hiomlán; níor thug sé cul leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael. Um an dtaca sin chrom an Tiarna ar Iosrael a shnoí; fuair Hazáéil an lámh in uachtar orthu ar fud críocha Iosrael go léir lastoir den Iordáin; críocha Ghileád go léir, na Gádaigh, na Reúbaenaigh, na Manaisigh, óAroéir atá láimh le Gleann Arnón, Gileád agus Báiseán. An chuid eile de stair Iéahú, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Ansin chuaigh Iéahú chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa tSamáir; tháinig a mhac Iahóácház i gcomharbacht air. Bhí Iéahú ocht mbliana fichead i réim ar Iosrael sa tSamáir. Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach. Ach Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, deirfiúr Achaizíá, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach ó Atailiá sa suanlios, agus níor maraíodh é. D' fhan sé sé bliana aici i bhfolach i dTeampall an Tiarna agus Atailiá i gceannas na tíre. Sa seachtú bliain chuir Iahóideá fios ar cheannfoirt na gCairianach agus na bhfear faire, agus thug sé chuige féin iad i dTeampall an Tiarna. Rinne sé conradh leo agus tar éis dó iad a chur faoi mhionn thaispeáin sé mac an rí dóibh. Thug sé an t-ordú seo dóibh: «Seo mar atá le déanamh agaibh: téadh trian díbh, an mhuintir a bheidh gan dualgas ar an tsabóid, ar garda ar phálás an rí (agus trian eile ag geata Shúr, agus trian ag an ngeata ar chúl na ngardaí, agus téigí ar garda ar phálás an rí), agus téadh an dá thrian eile agaibh a bheidh ar dualgas ar an tsabóid ar garda ar Theampall an Tiarna (le hais an rí), agus seasaidís timpeall an rí agus a airm i láimh gach fir; cuirtear chun báis aon duine a thabharfaidh iarracht ar bhrú tharaibh isteach. Bígí le hais an rí ag gabháil amach agus ag teacht isteach dó.» Rinne na ceannfoirt gach ní mar a d' ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor den gharda ar an tsabóid agus iad siúd a bhí ag dul ar garda ar an tsabóid, agus tháinig siad chuig Iahóideá an sagart. Ghléas an sagart na ceannfoirt le gathanna agus le sciatha an rí Dáiví a bhí i dTeampall an Tiarna. Bhí na gardaí ina seasamh, agus arm i láimh gach duine acu, ó choirnéal theas an Teampaill go dtí an coirnéal thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall. Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d' ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: «Go maire an rí!» Nuair a chuala Atailiá gártha (an gharda agus) an phobail, tharraing sí ar an Teampall, áit a raibh na daoine. Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: «Feall! Feall!» Ansin d' ordaigh Iahóideá an sagart do na hoifigigh airm: «Beirigí libh í taobh amuigh den áit naofa agus cuirigí chun báis leis an gclaíomh duine ar bith a leanfaidh í.» «Óir ní foláir,» a mheabhraigh an sagart dóibh, «gan í chur chun báis i dTeampall an Tiarna.» Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, trí Gheata na gCapall, is ann a cuireadh chun báis í. Rinne Iahóideá conradh idir an Tiarna agus an rí agus an pobal, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna; idir an rí agus an pobal mar an gcéanna. Ansin chuaigh muintir na tuaithe go léir go teampall Bhál agus scrios siad é; rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n-altóirí. Agus chuir an sagart fir faire ar garda ar Theampall an Tiarna. Thug sé leis na ceannfoirt, na Cairianaigh, na fir faire agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo óTheampall an Tiarna trí gheata na ngardaí isteach i bpálás an rí, agus shuigh sé i gcathaoir na ríthe. Bhí lúcháir mhór ar mhuintir na tuaithe go léir. D' fhan an chathair ciúin, agus chuir siad Atailiá chun báis i bpálás an rí. Bhí Ióáis seacht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin. 12:1 2 Rinneadh rí de Ióáis sa seachtú bliain de réimeas Iéahú, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair. 3 Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna gach lá dá shaol mar go raibh Iahóideá an sagart á theagasc. 4 Níor scriosadh na hardionaid, áfach; lean na daoine orthu ag íobairt agus ag ofráil túise ar na hardionaid. 5 Dúirt Ióáis leis na sagairt: «An t-airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t-airgead as na cánacha pearsanta (an t-airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t-airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna 6 glacadh na sagairt leis, ó gach duine dá lucht aitheantais, agus déanaidís an Teampall a dheisiú de réir mar a fheicfear a bheidh sin riachtanach.» 7 Ach faoin tríú bliain fichead de réimeas Ióáis rí, ní raibh aon deisiú déanta ag na sagairt ar an Teampall. 8 Uime sin chuir Ióáis fios ar Iahóideá agus ar na sagairt eile. «Cén fáth nach bhfuil an Teampall á dheisiú agaibh?» d' fhiafraigh sé. «Ná tógaigí a thuilleadh airgid dá bhrí sin ó bhur lucht aitheantais ach é a thabhairt suas ar son deisiú an Teampaill.» 9 D' aontaigh na sagairt dá bhrí sin gan a thuilleadh airgid a thógáil ó na daoine, agus nach iad a thuilleadh a chaithfeadh an Teampall a dheisiú. 10 Ansin fuair Iahóideá an sagart cófra, chuir poll ina chlab agus chuir é le taobh [án cholúin] ar dheis ar an tslí isteach i dTeampall an Tiarna; chuireadh na sagairt a bhí i bhfeighil an dorais an t-airgead go léir a thugtaí go dtí Teampall an Tiarna isteach ann. 11 Nuair a d' fheicidís go raibh a lán airgid sa chófra, thagadh rúnaí an rí agus an t-ardsagart agus dhéanaidís an t-airgead i dTeampall an Tiarna a leá agus a thomhas. 12 Nuair a bhíodh sé tomhaiste thugaidís an t-airgead do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna, agus chaithidís é ar na siúinéirí agus ar na tógálaithe a bhíodh ag obair ar Theampall an Tiarna, 13 ar na saoir agus ar na gearrthóirí cloch; chaithidís chomh maith é ag ceannach adhmaid agus cloch gearrtha chun Teampall an Tiarna a dheisiú, agus ag díol as costais deisiú an Teampaill go léir. 14 Ní dhearnadh báisíní airgid, ná smóladáin, ná miasa, ná trumpaí, ná soithí óir ná airgid, as an airgead a toirbhríodh do Theampall an Tiarna, 15 mar tugadh é go léir do na fir oibre agus bhaineadarsan feidhm as ag deisiú Teampall an Tiarna. 16 Níor éilíodh cuntas ón muintir dár tugadh an t-airgead le caitheamh ar na fir oibre mar go rabhadar ionraic i mbun a ngnó. 17 An t-airgead a ofráladh mar éiric ar choir, nó mar chúiteamh i bpeaca, níor tugadh é do Theampall an Tiarna; leis na sagairt ab ea é sin. 18 Um an dtaca sin chuaigh Hazáéil rí Arám suas agus throid sé in aghaidh Ghat agus ghabh é agus ansin chrom sé ar ullmhú d' ionsaí ar Iarúsailéim. 19 Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d' ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D' imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim. 20 An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 21 Rinne a oifigigh ceannairc agus comhcheilg agus mharaigh siad Ióáis i dteach Mhileo, ar an mbealach síos go Sileá. 22 Ba iad a shearbhóntaí Iózácár mac Shimeát agus Iahózábat mac Shiomaer a threascair agus a mharaigh é. Rinneadar é a adhlacadh i nDúnfort Dháiví lena shinsir agus tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air. Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé air leis na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, gan éirí astu. Las fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé suas gan sos iad do chumhacht Hazáéil rí Arám agus Bhein Hadad mac Hazáéil. Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d' éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael. (Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a d' fhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin. Ach níor éiríodar as na peacaí inar threoraigh Iarobám Iosrael, ach leanadar orthu agus fágadh an cuaille naofa sa tSamáir.) Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d' arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte. An chuid eile de stair Iahóácház, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air. Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus níor staon sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, ach lean sé orthu. An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Ansin chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus shuigh Iarobám ina ríchathaoir. Adhlacadh Ióáis sa tSamáir le ríthe Iosrael. Nuair a bhuail tinneas a bháis Eilíseá, ghabh Ióáis rí Iosrael síos chuige, agus chrom ar ghol ina láthair á rá: «A athair liom, a athair liom, a charbaid Iosrael lena eachra!» Dúirt Eilíseá leis: «Faigh bogha agus saigheada,» agus fuair sé bogha agus saigheada. Ansin dúirt sé leis an rí: «Tarraing an bogha,» agus tharraing. Chuir Eilíseá a lámha thar lámha an rí. «Oscail an fhuinneog thoir,» ar sé, agus d' oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: «Scaoil an tsaighead,» agus scaoil. Dúirt sé ansin: «Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.» Ansin dúirt Eilíseá: «Tóg na saigheada,» agus thóg sé iad. Ansin dúirt sé le rí Iosrael: «Buail an talamh,» agus bhuail sé trí huaire é, agus ansin stad sé. Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. «Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,» ar sé, «agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.» Fuair Eilíseá bás, agus adhlacadh é. Bhíodh díormaí Móábach ag déanamh ionraidh ar an tír gach [bliain]. Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa. Bhí Hazáéil rí Arám ag déanamh géarleanúna ar Iosrael i gcaitheamh ré Iahóácház ar fad. Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d' iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós). Fuair Hazáéil rí Arám bás, agus tháinig Bein Hadad i gcomharbacht air. Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael. Sa dara bliain de réimeas Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael rinneadh rí ar Iúdá d' Amaiziá mac Ióáis. Bhí sé cúig bliana fichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadaín ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus a shinsear Dáiví. Rinne sé aithris ar a athair Ióáis i ngach slí. Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí sna hardionaid. Nuair a bhí greim daingean aige ar an ríocht, chuir sé chun báis na hoifigigh úd a mharaigh a athair, an rí. Níor chuir sé chun báis clann na ndúnmharfóirí, afach, de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: «Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac, ná mic ar son a n-aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.» Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin. Ansin chuir Amaiziá teachtairí go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú rí Iosrael á rá: «Tar agus bíodh triail againn as a chéile!» Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: «Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: 'Tabhair d' iníon le pósadh do mo mhac,' ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid. Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?» Ach ní éisteodh Amaiziá agus ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá. Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile. Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá mac Ióáis mac Achaizíá, ag Béit Seimis, agus [thug sé] leis é go Iarúsailéim; scartáil sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad. Thug sé leis an t-airgead agus an t-ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna, agus i gcistí phálás an rí, agus gialla chomh maith, agus ansin d' fhill ar an tSamáir. An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a throid sé le hAmaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Agus chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Iarobám i gcomharbacht air. Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael. An chuid eile de stair Amaiziá, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Rinneadh comhcheilg ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é. Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví lena shinsir. Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d' aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá. Eisean a d' atóg Éalat agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir. Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí. Rinne sé an t-olc i súile an Tiarna agus níor scar sé le haon pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir. Óir chonaic an Tiarna a ghéire a bhí cruachás Iosrael, gan aon duine daor ná saor le teacht i gcabhair ar Iosrael. Ach gheall an Tiarna nach scriosfadh sé ainm Iosrael ó chlar na cruinne agus d' fhuascail sé iad le láimh Iarobám mac Ióáis. An chuid eile de stair Iarobám, a imeachtaí go léir, a ghaisce, na cogaí a d' fhear sé, (conas mar a bhuaigh sé an Damaisc agus Hamát i Iáidí), nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Ansin chuaigh Iarobám chun suain lena shinsir. Rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig Zacairiá i gcomharbacht air. Sa seachtú bliain déag de réimeas Iarobám rí Iosrael thánig Azairiá mac Amaiziá i gcoróin ar Iúdá. Bhí sé sé bliana déag d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain déag is daichead ina rí in Iarúsailéim. Iacoiliá, ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna ar fad, faoi mar a rinne a athair, Amaiziá. Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. Ach leag an Tiarna a lámh ar an rí agus rinneadh lobhar de go lá a bháis, agus mhair sé i dteach leis féin. Bhí Iótám, mac an rí, i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar an tír. An chuid eile de stair Azairiá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ansin chuaigh Azairiá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i nDúnfort Dháiví, agus tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air. San ochtú bliain déag ar fhichid de réimeas Azairiá rí Iúdá thanig Zacairiá mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir ar feadh sé mhí. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne a shinsir. Níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. Rinne Sealúm mac Iáibéis comhcheilg ina aghaidh agus chuir chun báis é ag Ibleám, agus thanig i gcoróin ina dhiaidh. An chuid eile de stair Zacairiá, tá sé scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael. Tharla sin de réir mar a gheáll an Tiarna do Iéahú: «Beidh do chlann mhac ina suí i ríchathaoir Iosrael go dtí an ceathrú glúin.» Agus is mar sin a bhí. Thánig Sealúm mac Iáibéis i gcoróin sa naoú bliain tríochad de réimeas Uizíá rí Iúdá agus bhí sé mí i gcoróin sa tSamáir. Ansin ghabh Manachaem mac Gháidí suas ó Thirzeá, chuaigh isteach sa tSamáir, mharaigh Sealúm mac Iáibéis inti, agus tháinig i gcoróin ina áit. An chuid eile de stair Shealúm, an chomhcheilg a rinne sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael. Is ag an am seo a chreach Manachaem Tapsach, a chuir sé gach duine ann chun báis, agus a chreach sé a dhúiche go léir óThirzeá ar aghaidh de bhrí nár oscail sé a gheataí dó; chreach sé an chathair agus rop sé claíomh i mbroinn gach mná a bhí ag iompar. Sa naoú bliain tríochad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Manachaem mac Gháidí i gcoróin ar Iosrael. Bhí sé deich mbliana i réim sa tSamáir. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. [Lena linn] rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d' fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga. Rinne Manachaem an t-airgead sin a thobhach ar Iosrael, ar gach flaith, leathchéad seicil an duine, le tabhairt do rí na hAsaíre. D' imigh seisean ar ais ansin agus níor fhan sa tír. An chuid eile de stair Mhanachaem, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Ansin chuaigh Manachaem chun suain lena shinsir. Tháinig Pacaichiá i gcomharbacht air. Sa chaogadú bliain de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Pacaichiá mac Mhanachaem i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé dhá bhliain i réim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna; níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d' fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air. An chuid eile de stair Phacaichiá, a imeachtaí go léir, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael. Sa dara bliain caogad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Peacach mac Ramailiá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir; agus bhí sé fiche bliain i réim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna; níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír. Rinne Hóiséa mac Éalá comhcheilg ansin in aghaidh Pheacach mac Ramailiá. Rinne sé an rí a dhúnmharú agus tháinig i gcomharbacht air (san fhichiú bliain de réimeas Iótám mac Uizíá). An chuid eile de stair Pheacach, agus a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? Sa dara bliain de réimeas Pheacach mac Ramailiá rí Iosrael tháinig Iótám mac Uizíá i gcoróin ar Iúdá. Bhí sé cúig bliana fichead d' aois nuair a thánig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúiseá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir mar a rinne a athair Uizíá roimhe. Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí agus túise ar na hardionaid. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna. An chuid eile de stair Iótám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? San am sin chrom an Tiarna ar Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá a chur i gcoinne Iúdá. Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear, agus tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air. Sa seachtú bliain déag de réimeas Pheacach mac Ramailiá thánig Áchaz mac Iótám i gcoróin ar Iúdá. Bhí Áchaz fiche bliain d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus mhair a réimeas ar feadh sé bliana déag i Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia dála Dháiví a athair. Lean sé sampla ríthe Iosrael agus thug ar a mhac féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. D' ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid, ar na cnoic agus faoi gach crann craobhach. Ansin is ea a thánig Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá rí Iosrael chun Iarúsailéim a ionsaí. Chuireadar léigear [air] ach níorbh fhéidir dóibh é a ghabháil. (San am sin, ghabh rí [Eadóm] Éalat ar ais d' Eadóm; thiomáin sé fir Iúdá ó Éalat agus ghabh na hEadómaigh seilbh air agus tá siad ag cur fúthu ann go dtí an lá inniu.) Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: «Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.» Thóg Áchaz a raibh d' airgead agus d' ór le fáil i dTeampall an Tiarna agus i gciste phálás an rí agus chuir é mar bhronntanas go rí na hAsaíre. Thug rí na hAsaíre cluas dó agus ghluais in aghaidh na Damaisce agus ghabh í. Dhíbir sé muntir na cathrach go Cír agus chuir Reizín chun báis. Nuair a chuaigh Áchaz rí chun na Damaisce le bualadh le Tigleat Pileisir rí na hAsaíre chonaic sé an altóir a bhí sa Damaisc. Agus chuir Áchaz rí tomhais na haltóra, cuspa di, agus sonraí a déantúis, go dtí Úiriá sagart. Agus thóg Úiriá sagart an altóir, agus rinne sé í go beacht de réir na dtreoracha go léir a chuir Áchaz rí ón Damaisc sular tháinig Áchaz rí ar ais ón Damaisc. Nuair a d' fhill an rí ón Damaisc, d' iniúch sé í, dhruid léi agus ghabh in airde uirthi. Dhóigh sí a íobairt dhóite agus a abhlann; dhoirt sé a ofráil dí, agus chroith fuil a ofráil chomaoineach ar an altóir. An altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna, thóg sé chun siúil í ó thosach an Teampaill, mar a raibh sí idir an altóir [nua] agus Teampall an Tiarna, agus chuir ar an taobh thuaidh den altóir [nua] í. Thug Áchaz rí an t-ordú seo do Úiriá an sagart: «Dóigh as seo amach ar an altóir mhór íobairt dhóite na maidine, abhlann an tráthnóna, íobairt uileloiscthe an rí agus a abhlann, agus íobairt uileloiscthe phobail na tíre go léir, agus a n-abhlann, agus a n-ofráil dí. Croith uirthi fuil na n-íobairtí dóite go léir agus fuil na n-ofrálacha go léir. Maidir leis an altóir chré-umha, beidh sí fúm féin le haghaidh oracal.» Rinne Úiriá sagart gach ní a d' ordaigh Áchaz do. Ghearr Áchaz rí creatlaigh na seastán chun siúil, bhain na trasnáin agus na miasa anuas díobh; thóg an mhuir chré-umha anuas de na daimh a bhí á hiompar agus leag í ar bhonn cloiche. Le hurraim do rí na hAsaíre, thóg sé chun siúil ó Theampall an Tiarna seomra an fháiltithe a bhí tógtha ansiúd, agus an iontráil ríoga lasmuigh. An chuid eile de stair Áchaz, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air. Sa dara bliain déag de réimeas Áchaz rí Iúdá tháinig Hóiséa mac Éalá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir agus bhí sé naoi mbliana i réim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus ríthe eile Iosrael a ghabh roimhe. Chuir Sealmaineisir rí na hAsaíre cogadh ar Hóiséa agus ghéill seisean dó agus thug cáin dó. Ach rug rí na hAsaíre ar Hóiséa ag déanamh fill air; bhí teachtairí curtha aige go dtí Só, rí na hÉigipte, gan an cháin a thabhairt do rí na hAsaíre mar a rinne na blianta roimhe sin. Uime sin ghabh rí na hAsaíre é agus chuir faoi chuibhreach i gcarcair é. Ansin rinne rí na hAsaíre ionradh ar an tír ar fad; tháinig sé chuig an tSamáir agus chuir sé léigear uirthi ar feadh trí bliana. Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach. Tharla sin de bhrí gur pheacaigh clann Iosrael in aghaidh an Tiarna a nDia, a thug slán amach iad as críocha na hÉigipte, ó smacht Fhorainn, rí na hÉigipte. Thug siad adhradh do dhéithe eile, lean siad nósanna na gciníocha a bhí curtha as a seilbh ag an Tiarna roimh chlann Iosrael (agus na nósanna ar chuir ríthe Iosrael tús leo). Dúirt clann Iosrael nithe éagóra in aghaidh an Tiarna a nDia. Cibé áit inar chuir siad fúthu, ó thúr faire go cathair dhaingean, thóg siad ardionaid dóibh féin. Chuir siad suas colúin agus cuaillí naofa dóibh féin ar gach cnoc ard agus faoi gach crann craobhach. D' ofrálaidís íobairtí túise (ar na hardionaid go léir) mar a dhéanadh na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna rompu. Rinneadar gníomhartha coiriúla agus ghriogadar an Tiarna chun feirge. D' adhradar íola cé go ndúirt an Tiarna leo: «Ná déanaigí amhlaidh.» Mar sin féin thug an Tiarna an rabhadh seo d' Iosrael agus do Iúdá trí bhéal na bhfáithe agus an lucht físe go léir: «Filligí ó bhur ndrochshlite agus coinnigí m' aitheanta agus mo reachtanna de réir an dlí iomláin a leag mé amach do bhur n-aithreacha agus a thug mé daoibh trí mo shearbhóntaí, na fáithe.» Ach ní éistfeadh siad; bhí siad níos stuacaí ná a sinsir a bhí gan creideamh sa Tiarna a nDia. Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d' éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd. Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál. Chuir siad d' iallach ar a gclann mhac agus iníonacha gabháil trí thine; chleacht siad fáidheoireacht agus piseoga agus rinne siad iad féin a reic le holc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge. Mar gheall air sin bhí an Tiarna i bhfeirg le hIosrael agus chaith sé uaidh iad. Níor fágadh ach treibh Iúdá amháin. Ach níor choimeád Iúdá freisin aitheanta an Tiarna, a nDia, ach aithris a dhéanamh ar na nósanna ar chuir Iosrael tús leo. Chaith an Tiarna sliocht Iosrael go léir i leataobh; leag ar lár iad, agus thug i lámha lucht a gcreachta iad go dtí ar deireadh gur thiomáin sé uaidh iad. Nuair a stoll sé Iosrael ó theaghlach Dháiví, rinne siad rí de Iarobám mac Nabát. Agus sheol Iarobám Iosrael ó lorg an Tiarna agus threoraigh iad isteach i gcoir mhór. Rinne clann Iosrael aithris ar na peacaí go léir a rinne Iarobám, gan éirí astu, nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu. Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha. Nuair a chuir siad fúthu ar dtús ann, níor thug siad ómós don Tiarna, agus dá bhrí sin sheol an Tiarna leoin ina measc agus mharaigh siadsan cuid acu. Duradh ansin le rí na hAsaíre: «Na ciníocha a thug tú leat agus a chuir tú chun cónaí i gcathracha na Samáire, ní eol dóibh dlí Dhia na tíre, agus sheol seisean leoin ina gcoinne agus tá siadsan á marú mar nach eol dóibh dlí Dhia na tíre.» Thug rí na hAsaíre ordú uaidh ansin: «Cuirigí ar ais ansiúd duine de na sagairt a dhíbir [mé] ón áit sin agus téadh sé chun cónaí ann, agus múineadh sé dóibh dlí Dhia na tíre.» Tháinig duine de na sagairt a díbríodh ón tSamáir chun cónaí i mBéitéil dá bhrí sin, agus mhúin sé dóibh conas an Tiarna a adhradh. Ach rinne gach cine a íola féin, agus chuir iad i scrínte na n-ardionad a bhí déanta ag na Samáraigh; rinne gach cine é sin sna cathracha inar lonnaíodar. Rinne muintir na Bablóine Sucót Banót, muintir Chút Néargál, muintir Hamát Aisímeá, muintir Avá Nibcheaz agus Tartác; agus rinne muintir Shafarvaím a gclann a dhó in onóir Adraimeilic agus Anaimeilic, déithe Shafarvaím. Ach thug siad ómós don Tiarna chomh maith, agus cheap siad sagairt as a muintir féin do na hardionaid le híobairtí a dhéanamh ar a son i scrínte na n-ardionad. Thug siad ómós don Tiarna, agus rinne siad fónamh dá ndéithe féin san am céanna de réir nósanna na dtíortha as ar ionnarbadh iad. Leanann siad na seanghnásanna fós inniu. Níor thug siad urraim don Tiarna, ná níor lean siad a reachtanna ná a ghnásanna, ná an dlí ná na haitheanta a leag an Tiarna ar shliocht Iacóib dár thug sé an t-ainm Iosrael. Rinne an Tiarna conradh leo agus thug an t-ordú seo dóibh: «Ná tugaigí ómós do dhéithe coigríocha, ná cromaigí síos rompu, ná déanaigí seirbhís ná íobairt dóibh. Tugaigí ómós don Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le géag ar tinneall; cromaigí síos roimhe agus déanaigí íobairt dó. Leanaigí a reachtanna agus a ghnásanna, an dlí agus na haitheanta a scríobh sé daoibh, agus atá le comhlíonadh agaibh i gcónaí go beacht. Ná tugaigí ómós d' aon déithe eile, agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne mé libh; ná bíodh urraim agaibh do dhéithe coigríocha ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.» Ach níor thugadar cluas dó, ach a seanghnásanna a leanúint. Thug na náisiúin úd ómós don Tiarna dá bhrí sin. Ach rinneadar seirbhís dá n-íola greanta chomh maith; is é an scéal céanna ag a sliocht agus ag sliocht a sleachta fós inniu tá siad ag déanamh mar a rinne a sinsir rompu. Tús Réimeas Hiziciá Bhí sé cúig bliana fichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibí iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear. Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi. As an Tiarna Dia Iosrael a bhí a mhuinín aige, i dtreo nach raibh aon duine mar é i measc ríthe Iúdá go léir ina dhiaidh, ná i measc ar ghabh roimhe. Chloígh sé go dílis leis an Tiarna, gan casadh uaidh choíche, ach ag coimeád na n-aitheanta a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois. Bhí an Tiarna ina theannta agus bhí an rath air cibé áit ar a raibh a thriall. D' éirigh sé amach in aghaidh rí na hAsaíre agus d' eitigh fónamh dó. Eisean a luigh ar na Filistínigh síos go Gazá agus bhánaigh a gcríocha ó thúr faire go cathair dhaingean. Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi. Ghabh sé í tar éis trí bliana. Gabhadh an tSamáir sa séú bliain de réimeas Hiziciá, an naoú bliain de réimeas Hóiséa rí Iosrael. Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach. Tharla sin mar nár ghéill siad do ghlór an Tiarna a nDia, agus gur sháraigh siad a chonradh, agus nár thug siad cluas do gach ar ordaigh Maois, searbhónta an Tiarna, agus go raibh siad easumhal dó. Sa cheathrú bliain déag de réimeas Hiziciá, tháinig Sanaichéiríb rí na hAsaíre agus d' ionsaigh sé cathracha daingne Iúdá agus ghabh sé iad. Ansin chuir Hiziciá rí Iúdá teachtaireacht go rí na hAsaíre i Láicís. «Rinne mé coir; cas i leataobh uaim; cuirfidh mé suas le cibé pionós a leagfaidh tú orm.» Agus d' éiligh rí na hAsaíre trí chéad tallann airgid agus tríocha tallann óir ar Hiziciá rí Iúdá. Agus thug Hiziciá a raibh d' airgead i dTeampall an Tiarna agus i gcistí phálás an rí dó. Ansin is ea a bhain Hiziciá an t-ór de chomhlaí agus d' ursaineacha Theampall an Tiarna, an t-ór a chuir (Hiziciá) rí Iúdá mar chumhdach orthu, agus thug é do rí na hAsaíre. Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire. Chuir sé fios ar an rí agus chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá reachtaire an pháláis, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, amach chuige. Dúirt an príomhchornaire leo: «Abair le Hiziciá: 'Mar seo a deir an rí mór, rí na hAsaíre: Cad as a bhfuil an mhuinín seo go léir agat? An dóigh leat go bhfuil focail bhaotha chomh maith le straitéis agus cumhacht mhíleata? Cé as a bhfuil do sheasamh a rá is go bhfuil sé de dhánaíocht ionat ceannairc a dhéanamh i m' aghaidh? Is léir go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt anois, an ghiolcach bhriste sin, bata a phriocann agus a ghoineann lámh an té a luíonn uirthi mar sin atá ag Forann rí na hÉigipte le gach duine a bhíonn ag brath air. B' fhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair? Cuir geall anois, más ea, le mo mháistir, rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit más féidir leat dhá mhíle marcach a fháil le dul ar a muin. Cén chaoi arbh fhéidir leat oiread agus aon chaptaen amháin den lucht is táire de shearbhóntaí mo mháistir a chloí a rá is go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt d' eachra agus do charbaid? Agus thairis sin, an bhfuilimse tagtha aníos chun an áit seo a ionsaí agus a scrios gan barántas ón Tiarna? Dúirt an Tiarna féin liom: Gluais i gcoinne na tíre sin agus déan é a scrios.'» Ansin dúirt Eiliácaím mac Hilcíá agus Seabná agus Ióách leis an bpríomhchornaire: «Labhair as Aramais le do thoil le do shearbhóntaí mar tuigimid í; ná labhair linn as teanga Iúdá i gclos na ndaoine ar na ballaí.» Ach dúirt an príomhchornaire leo: «An dóigh leat gur le hé seo a rá le do mháistir nó leatsa a chuir mo mháistir mise anseo? Ní hea ach leis na daoine ar na ballaí, a bhfuil sé i ndán dóibh a gcac féin a ithe, agus a mún féin a ól bhur ndála féin.» Ansin sheas an príomhchornaire agus dúirt in ard a chinn agus a ghutha i dteanga Iúdá: «Éistigí le briathar an rí mhóir, rí na hAsaíre. Mar seo a deir an rí: 'Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh mar ní bheidh ar a chumas sibh a fhuascailt as mo ghreim. Ná cuireadh Hiziciá ina luí oraibh a bheith ag brath ar an Tiarna lena rá libh: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt go cinnte agus ní thabharfar an chathair seo i lámha rí na hAsaíre.' Ná héistigí le Hiziciá, mar seo mar a deir rí na hAsaíre: 'Déanaigí síocháin liom, agus géilligí dom, agus íosfaidh gach duine agaibh toradh a fhíniúna féin, agus toradh a chrann figí féin, agus ólfaidh gach duine agaibh uisce as a umar féin, nó go dtaga mé agus sibh a bhreith liom go tír mar bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort, tír ológ agus meala, i dtreo nach bás ach beatha a bheidh i ndán daoibh. Ná héistigí le Hiziciá agus é ag cur an dallamullóg oraibh á rá: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt. A ndearna aon dia d' aon chine a thír a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre? Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafarvaím agus Haena, agus Íveá? [Cá bhfuil déithe thír na Samáire?] Ar fhuascail siad an tSamáir as mo ghreim? Cé acu déithe de dhéithe na dtíortha go léir a d' fhuascail a dtíortha as mo lámha, go bhféadfadh an Tiarna Iarúsailéim a fhuascailt as mo lámha?'» Ach bhí an pobal ina dtost gan focal astu, mar thug an rí ordú, á rá: «Na tugaigí freagra air!» Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n-éidí stróicthe, agus d' inis dó céard a dúirt an príomhchornaire. Nuair a chuala Hiziciá rí é sin, stróic sé a éidí agus chlúdaigh é féin le héadach róin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna. Chuir sé Eiliácaím, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus seanóirí na sagart, agus iad gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz. Dúirt siad leis: «Mar seo a deir Hiziciá: 'Lá anró an lá seo, lá pionóis agus aithise. Tá leanaí i mbéal a mbreithe, ach níl sé de neart ag a máithreacha iad a thabhairt ar an saol. Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.'» Nuair a tháinig searbhóntaí an rí Hiziciá go Íseáia, d' fhreagair seisean: «Abraigí le bhur máistir: 'Mar seo a deir an Tiarna: Ná bíodh eagla oraibh roimh na briathra a chuala sibh ná roimh na maslaí a chaith seirbhísigh rí na hAsaíre liom. Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.'» D' fhill an príomhchornaire agus fuair rí na hAsaíre ag troid in aghaidh Libneá mar bhí sé cloiste aige gur fhág an rí Láicís. Chuir Sanaichéiríb teachtairí ag triall ar Hiziciá a rá: Fuair an rí scéala faoi Thiorhácá rí Chúis: «Tá sé chugat chun cath a chur ort.» «Abraigí an méid seo le Hiziciá rí Iúdá: 'An Dia ar a bhfuil tú ag brath, ná mealladh sé thú á rá: Ní thiocfaidh Iarúsailéim faoi smacht rí na hAsaíre. Tá a fhios agat faoi seo cad a rinne ríthe na hAsaíre le gach tír á gcur faoin mbang? An dóigh, mar sin, go dtiocfaidh tusa slán? Gózán, Hárán, Reizif, muintir Eidin a bhí i dTeil Asár ar fuasclaíodh iadsan ag na déithe a bhí ag na ciníocha sin a scrios mo shinsir? Cá bhfuil rí Hamát, agus rí Arpád, agus rí chathair Shafarvaím, agus rí Haena, agus Íveá?'» Ghlac Hiziciá an litir as lámha na dteachtairí agus léigh sé í. Chuaigh sé suas chuig Teampall an Tiarna ansin agus leath sé an litir amach os comhair an Tiarna. Agus dúirt Hiziciá an urnaí seo i láthair an Tiarna: «A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá i do shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribíní, is tusa amháin Dia ríochtaí uile an domhain; is tusa a rinne neamh agus talamh. Claon do chluas, a Thiarna, agus éist. Oscail do shúile, a Thiarna, agus feic. Éist le briathra Shanaichéiríb A chuir sé a mhaslú Dé bheo. «Is fíor, a Thiarna, gur dhíothaigh ríthe na hAsaíre na náisiúin (agus a dtíortha). Chaith siad a ndéithe isteach sa tine, mar nár dhéithe ar bith iad sin, ach saothar lámh daonna, déanta as adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin scriosadh iad. Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.» Ansin chuir Íseáia mac Ámóz scéala chuig Hiziciá. Dúirt sé: «Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: 'Chuala mé an achainí a rinne tú orm faoi Shanaichéiríb rí na hAsaíre.' Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de: ' Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thú an ógh, iníon Shión; croitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim. Cé dó ar thug tú masla agus tarcaisne? Cé hé ar ardaigh tú do ghlór ina aghaidh Agus ar fhéach tú suas air le huaill do shúl? Aon Naofa Iosrael! Thug tú aithis don Tiarna trí do theachtairí; dúirt tú: Le mo shluaite carbad ghabh mé suas ar bheanna na sléibhte, ar bheanna buaice na Liobáine. Ghearr mé anuas na céadair is airde ann, tógha a chufróg. Ghabh mé isteach ina ascaillí cúil agus i ndoimhne a fhoraoise. Thochail mé toibreacha agus d' ól mé uiscí coigríocha. Thiormaigh sruthanna na hÉigipte faoi thrácht mo chos. Ar chuala tú? Fadó a chinn mé air agus bheartaigh mé ó na cianta a bhfuil á chur i gcrích anois agam. Ba é do ghnó na cathracha daingne a leagan ar lár ina bhfothracha. Tá a lucht cónaithe fágtha gan neart, faoi uafás agus faoi mhearbhall. Is cuma iad nó lusra an bháin, nó féar leochaileach, nó féar ar dhíon tí nó i móinéar á shuaitheadh [ag an ngaoth anoir]. Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú, nuair a ghabhann tú amach agus isteach. De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne, agus gur chuala mo chluas uaill d' uabhair, cuirfidh mé m' fháinne ar do shrón, agus mo bhéalbhach i do bhéal, agus cuirfidh mé d' iallach ort filleadh ar ais ar an mbóthar ar ar tháinig tú. Agus beidh sé seo mar chomhartha agat: i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin, agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán. Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain, saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh. An t-iarmhar a fhágfar de theaghlach Iúdá, cuirfidh sé fréamha úra amach thíos agus torthaí thuas. Óir rachaidh iarmhar amach as Iarúsailéim agus fuíoll áir ó Chnoc Shíón. Dúthracht an Tiarna a chuirfidh é sin i gcrích.' «Seo mar a deir an Tiarna faoi rí na hAsaíre: ' Ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, Ná ní scaoilfidh sé saighead léi, Ná ní sheasfaidh ina coinne le sciath, Ná ní thógfaidh múr léigir ina haghaidh. Fillfidh sé an bealach a tháinig, ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, a deir an Tiarna. Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt, ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.'» An oíche cheannann chéanna ghabh aingeal an Tiarna amach agus bhásaigh sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Go moch lá arna mhárach nuair a bhí sé in am éirí, b' shiúd ansin iad go léir faon marbh. Scor Sanaichéiríb a champa agus d' imigh; d' fhill sé abhaile agus chuir sé faoi i Nínivé. Agus tharla agus é ag adhradh i dteampall a dhé féin Niosroc, gur mharaigh a mhic féin, Adraimeilic agus Seaireizir, é le faobhar claímh agus theith siad go tír Ararat. Tháinig a mhac Éasarchadon i gcomharbacht air. Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: «Mar seo a deir an Tiarna: 'Cuir eagar ar do chúraimí, mar gheobhaidh tú bás gan téarnamh.'» D' iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé an ghuí seo chun an Tiarna: «Cuimhnigh, impím ort, mar a d' iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.» Agus ghoil Hiziciá go fuíoch. Sula raibh an chúirt mheánach fágtha ag Íseáia tháinig focal an Tiarna chuige: «Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: 'Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Tabharfaidh mé cúig bliana déag d' fhad saoil duit. Déanfaidh mé thusa agus an chathair seo a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chosaint ar mo shon féin agus ar son mo shearbhónta Dáiví.'» Dúirt Íseáia: «Tugtar ceirín figí anseo, agus [tógtar agus cuirtear leis an neascóid é le go leigheasfaí] an rí.» Dúirt Hiziciá le hÍseáia: «Cén comhartha a inseoidh dom go leigheasfaidh an Tiarna mé agus go mbeidh mé ag dul suas go Teampall an Tiarna faoi cheann trí lá?» «Seo é an comhartha ón Tiarna,» arsa Íseáia, «go ndéanfaidh sé mar atá ráite aige; arbh fhearr leat an scáth a dhul deich gcéim i bhfad, nó a dhul deich gcéim ar gcúl?» «Is furasta don scáth dul deich gcéim i bhfad,» arsa Hiziciá; «téadh sé ar gcúl, más ea, deich gcéim.» Ghlaoigh an fáidh Íseáia ansin chun an Tiarna agus thug seisean an scáth deich gcéim ar gcúl [ar chéimeanna] Áchaz. San am sin chuir Marodac Baladán mac Bhaladán rí na Bablóine teachtairí le litreacha agus bronntanas go Hiziciá mar gur chuala sé faoina thinneas [agus faoina leigheas]. Chuir sin gliondar ar Hiziciá agus thaispeáin sé a theach taisce go léir do na teachtairí, an t-airgead, an t-ór, na spíosraí, an ola luachmhar, a stóras airm chomh maith, agus gach rud a bhí ina thithe stóir. Ní raibh aon ní ina phálás ná ina chríocha go léir nár thaispeáin Hiziciá dóibh. Ansin tháinig an fáidh Íseáia go dtí Hiziciá rí agus d' fhiafraigh de: «Cad dúirt na fir seo, agus cad as ar thángadar?» D' fhreagair Hiziciá: «Thángadar ón imigéin, ón mBablóin.» Dúirt sé: «Cad a chonaic siad i do phálas?» «Chonaic siad gach rud atá i mo theach,» arsa Hiziciá. «Níl aon ní i mo stórais nár thaispeáin mé dóibh.» Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá: «Éist le briathar an Tiarna: 'Féach, tiocfaidh na laethanta nuair a sciobfar chun siúil go dtí an Bhablóin gach rud atá i do phálás, gach rud a chruinnigh do shinsir go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní,' arsa an Tiarna. ' Déanfar cuid de do chlann mhac a rugadh duit a bhreith chun siúil agus a roghnú le bheith ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.'» Dúirt Hiziciá le hÍseáia: «An focal seo leis an Tiarna a d' fhógair tú, is maith é,» mar bhí sé á rá leis féin: «Nach cuma é? fad atá síocháin le mo ré agus sinn saor ó bhaol.» An chuid eile de stair Hiziciá, a chrógacht go léir, conas mar a thóg sé an linn agus an tollán leis an uisce a thabhairt isteach sa chathair, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Manaise i gcomharbacht air. Bhí Manaise dhá bhliain déag d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana déag agus daichead i réim in Iarúsailéim. Heifzí Bá ab ainm dá mháthair. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. Thog sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do Bhál agus rinne cuaille naofa mar a rinne Acháb rí Iosrael agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh. Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: «In Iarúsailéim a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m' ainm.» Thóg sé altóirí do shluaite uile na spéire i dhá chúirt Theampall an Tiarna. Chuir sé d' iallach ar a mhac gabháil trí thine. Chleacht sé fáistineoireacht agus draíocht agus thug sé isteach lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna á ghriogadh chun feirge. An íomhá ghreanta d' Aiséará a rinne sé, chuir sé suas í sa teach a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: «Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, tabharfaidh mé áit lonnaithe do m' ainm go brách. Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad go beacht gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir a d' ordaigh mo shearbhónta Maois dóibh.» Ach níor éist siad agus mheall Manaise iad le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael. Ansin labhair an Tiarna ó bhéal a shearbhóntaí na fáithe: «Ós rud go ndearna Manaise rí Iúdá na coireanna gráiniúla seo agus go ndearna sé nithe níos gráiniúla ná gach a ndearna na hAmóraigh a bhí roimhe, agus gur thug sé ar Iúdá féin peaca a dhéanamh lena chuid íol, seo mar a deir an Tiarna, rí Iosrael: 'Féach! tabharfaidh mé a leithéid de thubaiste ar Iarúsailéim agus ar Iúdá go gcuirfidh sé gigilt ar chluais gach duine a chluinfidh faoi. Sínfidh mé an dorú tomhais céanna ar Iarúsailéim agus ar an tSamáir agus an dorú pluma céanna le teaghlach Acháb. Déanfaidh mé Iarúsailéim a sciomradh faoi mar a dhéanfadh duine mias a sciomradh, agus a bhualadh béal faoi tar éis a sciomartha. Caithfidh mé uaim iarmhar m' oidhreachta, agus tabharfaidh mé iad i lámha a naimhde á chur d' iallach orthu bheith mar chreach agus mar éadáil ag a naimhde go léir, mar rinne siad an t-olc i m' fhianaise agus d' adhain siad m' fhearg ón lá a tháinig a sinsir amach as an Éigipt go dtí inniu féin.'» Dhoirt Manaise an oiread sin d' fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t-olc i bhfianaise an Tiarna. An chuid eile de stair Mhanaise, a imeachtaí go léir, na coireanna a rinne sé, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é i ngairdín a pháláis, gairdín Uzá; agus tháinig a mhac Ámón i gcomharbacht air. Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i réim in Iarúsailéim. Misilimit, iníon Hárúz ó Iotbá, ab ainm dá mháthair. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair. Rinne sé aithris ar a athair i ngach slí, agus é ag fónamh do na híola dar fhóin a athair, agus ag adhradh dóibh. Thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear, agus níor lean sé bealach an Tiarna. Rinne oifigigh Ámón comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh é ina phálás. Ach mharaigh muintir na tuaithe gach duine a rinne comhcheilg in aghaidh an rí Ámón, agus d' fhógair siad Ióisíá a mhac ina rí ina dhiaidh. An chuid eile de stair Ámón, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Adhlacadh é i dtuama a athar i gairdín Uzá, agus tháinig a mhac Ióisíá i gcomharbacht air. Bhí Ióisíá ocht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim. Idídeá, iníon Adáiá ó Bhozcat, ab ainm dá mháthair. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé. San ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí chuir an rí Seáfán mac Azailiá mac Mheisiulám, an rúnaí, go Teampall an Tiarna. «Téigh go Hilcíá, an t-ardsagart,» ar sé leis, «agus abair leis an t-airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus é siúd a chruinnigh gardaí na tairsí ón bpobal, [a leá]. Tugtar ansin é do shaoistí na n-oibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna le go gcaithfidís é ar an lucht oibre atá i mbun Teampall an Tiarna a dheisiú, ar na siúinéirí, is é sin, agus ar na tógálaithe, agus ar na saoir, agus chomh maith ar adhmad agus cloch ghearrtha a cheannach do dheisiú an Teampaill. Ach ní iarrfar orthu cuntas a thabhairt ar an airgead a thabharfar dóibh, mar tá siad ionraic ó bheart.» Dúirt Hilcíá, an t-ardsagart, le Seáfán, an rúnaí: «Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna.» Agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán agus léigh seisean é. Chuaigh Seáfán an rúnaí go dtí an rí agus seo mar a d' aithris sé dó: «Rinne do shearbhóntaí,» ar seisean, «an t-airgead a bhí sa Teampall a leá, agus thug siad é do na saoistí ar na hoibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna.» Ansin d' inis Seáfán, an rúnaí, don rí: «Tá Hilcíá, an sagart, tar éis leabhar a bhronnadh orm,» agus léigh Seáfán os ard i láthair an rí é. Nuair a bhí a raibh i leabhar an dlí cloiste ag an rí stróic sé a chuid éadaigh. Ansin thug an rí an t-ordú seo leanas do Hilcíá, an sagart, d' Aichíceám mac Sheáfán, d' Acbór mac Mhícáiá, do Sheáfán, an rúnaí, agus d' Asáiá, searbhónta an rí: «Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin agus thar ceann an phobail i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Ní foláir nó is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n-aghaidh de bhrí nach raibh ár n-aithreacha umhal d' fhocail an leabhair seo agus nár chuir siad gach rud i gcrích atá scríofa ann.» Chuaigh Hilcíá, an sagart, agus Aichíceám, agus Seáfán, agus Asáiá go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealúm mac Thicveá mac Harchas, coimeádaí na n-éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim, sa bhaile nua), agus chuir siad an scéal faoina bráid. D' fhreagair sí iad: «Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: 'Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh: Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, agus mé ag cur gach a ndeirtear sa leabhar a léigh rí Iúdá i gcrích; mar thréig siad mise agus dhóigh siad túis do dhéithe eile do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m' fhearg ar lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhúchadh. Agus abraigí le rí Iúdá a chuir sibh le dul i gcomhairle leis an Tiarna: Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: [Comhlíonfar] na focail a chuala sibh. Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d' éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit sé an Tiarna atá ag caint. Dá bhrí sin déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shuaimhneas chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo.'» Thugadar an freagra sin leo ar ais go dtí an rí. Ansin chruinnigh an rí chuige féin seanóirí Iúdá agus Iarúsailéim go léir. Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus fháithe agus an pobal ar fad idir uasal agus íseal. Léigh sé amach in éisteacht a gcluas gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna. Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D' aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh. Thug an rí ordú don ardsagart Hilcíá, [don leasardsagart], agus do ghardaí na tairsí, na soithí a rinneadh do Bhál, d' Aiséará agus do shluaite uile na spéire a chur amach as Teampall an Tiarna; agus dhóigh sé iad lasmuigh de Iarúsailéim i ngoirt an Chidreon, agus thug a luaithreach go Béitéil. Chuir sé chun siúil na sagairt bhréige a cheap ríthe Iúdá agus a bhíodh ag ofráil íobairtí ar na hardionaid i mbailte Iúdá, agus i gcomharsanacht Iarúsailéim; agus chomh maith leo, iad siúd a bhíodh ag dó túise do Bhál, don ghrian, don ghealach, do na plainéid agus do shluaite uile na spéire. Thug sé an tAiséará amach as Teampall an Tiarna, lasmuigh de Iarúsailéim, go Gleann Chidreon, agus dhóigh sé é i nGleann Chidreon, agus rinne luaithreach de agus chaith a chuid luaithrigh ar uaigheanna na cosmhuintire. Leag sé tithe na striapacha naofa fir a bhí i dTeampall an Tiarna mar a mbíodh na mná ag fí brat d' Aiséará. Thug sé isteach na sagairt go léir as cathracha Iúdá agus thruailligh sé na hardionaid mar a ndódh na sagairt sin túis, ó Gheaba go Béar Seaba. Scartáil sé scrín na satairí a bhí ag geata Iósua, rialtóir na cathrach, a bhí ar do chlé ag dul geata na cathrach isteach. Níor tháinig sagairt na n ardionad, ámh, suas go haltóir an Tiarna in Iarúsailéim, ach d' ithidís arán gan ghabháile i dteannta a gcomhshagart. Thruailligh sé an fhoirnéis i nGleann Bein Hionnom i dtreo nárbh fhéidir d' aon duine a mhac nó a iníon a chur tríd an tine in ómós do Mhoilic. Chuir sé ar shiúl na capaill a bhí tíolactha ag ríthe Iúdá don ghrian ag an tslí isteach go Teampall an Tiarna, in aice le seomra Natan Meilic, an coillteán, ar an taobh istigh, agus dhóigh sé carbad na gréine. Na haltóirí ar an díon (ar sheomra uachtair Áchaz) a rinne ríthe Iúdá, agus na haltóirí a thóg an rí Manaise i dhá chúirt Theampall an Tiarna, leag an rí anuas iad agus rinne smidiríní díobh ar an láthair agus chaith a luaithreach isteach i nGleann Chidreon. Thruailligh an rí na hardionaid os comhair Iarúsailéim laisteas do Chnoc na nOlóg; Solamh rí Iosrael a thóg iadsan do Aisteartae, gráiniúlacht na Síodónach, do Chamóis gráiniúlacht Mhóáb, agus do Mhiolcom gráiniúlacht na nAmónach. Rinne sé bruscar de na colúin naofa, ghearr anuas na cuaillí naofa, agus chlúdaigh na háiteanna ar ar sheas siad le cnámha daoine. Agus maidir leis an altóir ag Béitéil, an t-ardionad a thóg Iarobám mac Nabát an té a threoraigh Iosrael isteach sa pheaca, scartáil sé an altóir sin agus an t-ardionad agus rinne sé smidiríní dá clocha; agus bhris ina smúit iad. Agus dhóigh sé an cuaille naofa. Nuair a d' fhéach Ióisíá ina thimpeall chonaic sé na tuamaí ansiúd ar thaobh an chnoic; chuir sé fios ar na cnámha as an tuamaí agus dhóigh iad ar an altóir, agus thruailligh í de réir bhriathar an Tiarna a d' fhógair an giolla Dé [nuair a bhí Iarobám ina sheasamh ag an altóir le linn na féile. Nuair a d' fhéach Ióisíá ina thimpeall, chonaic sé tuama an ghiolla Dé] a thairngir na nithe sin. «Cén leacht é sin thall os mo chomhair?» ar sé. D' fhreagair muintir na cathrach é: «Sin é tuama an ghiolla Dé a tháinig ó Iúdá agus a thairngir na nithe sin a rinne tusa leis an altóir (i mBéitéil).» «Ligigí dó,» arsa an rí, «agus ná cuireadh aon duine isteach ar a chnámha.» Níor chuir siad isteach ar a chnámha ach iad a fhágáil ansiúd mar aon le cnámha an fháidh ón tSamáir. Scrios Ióisíá chomh maith scrínte na n-ardionad a bhí i gcathracha na Samáire a thóg ríthe Iosrael, agus lenar ghriog siad an Tiarna chun feirge; thug sé an íde chéanna orthusan agus a thug sé ar an gceann i mBéitéil. Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n-ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d' fhill sé go Iarúsailéim. Thug an rí an t-ordú seo don phobal go léir: «Ceiliúraigí Cáisc in onóir an Tiarna bhur nDia, mar atá scríofa i leabhar an chonartha.» Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc ó laethanta na mbreithiúna a bhí ag rialú Iosrael, ná le linn réimeas na ríthe go léir a bhí ar Iosrael ná ar Iúdá. Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc riamh in onóir an Tiarna i Iarúsailéim ach amháin san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí. Scuab Ióisíá chun siúil leis an lucht asarlaíochta agus feasa, na déithe teallaigh agus na híola agus na gráiniúlachtaí go léir a bhíodh le feiceáil i dtír Iúdá agus in Iarúsailéim; rinne sé é sin go léir d' fhonn briathra an dlí go léir a bhí scríofa sa leabhar a fuair an sagart Hilcíá i dTeampall an Tiarna a chur i bhfeidhm. Níor iompaigh aon rí dar ghabh roimhe chun an Tiarna mar a rinne seisean ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, agus ó neart go hiomlán, le barr dílseachta do dhlí uile Mhaois; ná níor tháinig a leithéid de rí riamh ina dhiaidh. Ach níor mhaolaigh ar fhraoch feirge an Tiarna a bhí ar lasadh in aghaidh Iúdá de bharr a raibh de ghriogadh déanta ag Manaise faoi. Dúirt an Tiarna: «Tiomáinfidh mé Iúdá as mo radharc chomh maith, faoi mar a rinne mé le hIosrael agus caithfidh mé i leataobh an chathair seo a thogh mé, Iarúsailéim, agus an Teampall a ndúirt mé faoi: 'Ansin a lonnóidh m' ainm.'» An chuid eile de stair Ióisíá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Lena linn ghabh Forann Neaco, rí na hÉigipte, an bealach go dtí rí na hAsaíre ag abhainn an Eofrataes. Chuaigh Ióisíá rí ina choinne ach mharaigh Forann Neaco é sa chéad ionsaí ag Migideo. Thug a shearbhóntaí a chorp i gcarbad leo ó Mhigideo, agus thugadar é go Iarúsailéim, agus chuireadar é ina thuama féin. Agus thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinneadar é a ungadh agus a fhógairt ina rí i gcomharbacht ar a athair. Bhí Iahóácház trí bliana fichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim. Hamaútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a shinsir. Chuir Forann Neaco i gcuibhreacha é ag Ribleá i ndúiche Hamát (agus é ina rí in Iarúsailéim) agus chuir cáin céad tallann airgid agus tallann óir ar an tír. Rinne Forann Neaco rí de Eiliácaím mac Ióisíá in áit Ióisíá a athair, agus d' athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug sé Iahóácház leis agus thug chun na hÉigipte é mar a bhfuair sé bás. Dhíol Iahóiácaím an t-airgead agus an t-ór le Forann, ach níorbh fholáir dó ar dtús cáin a thobhach ar an tír d' fhonn an t-airgead a sholáthar a d' éiligh Forann. Rinne sé an t-airgead agus an t-ór a thobhach ar mhuintir na tíre, ar gach duine de réir a mhaoine le díol le Forann Neaco. Bhí Iahóiácaím cúig bliana agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Zibídeá, iníon Pheadáiá ó Rúmá, ab ainm dá mháthair. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a shinsir. Lena linn rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine ionradh, agus bhí Iahóiácaím ag tabhairt ómóis dó ar feadh trí bliana, ach ansin d' iompaigh sé uaidh agus rinne ceannairc ina aghaidh. Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d' Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d' Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe. Tharla sé seo go léir do Iúdá de bharr [fhearg] an Tiarna; bheartaigh seisean iad a chaitheamh as a radharc de bharr pheacaí Mhanaise agus gach a ndearna sé, agus chomh maith de bharr gach a raibh d' fhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna. An chuid eile de stair Iahóiácaím, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ansin chuaigh Iahóiácaím chun suain lena shinsir agus tháinig Iahóiácaín i gcomharbacht air. Níor fhág rí na hÉigipte a thír féin arís mar bhí gach dúiche a bhain le rí na hÉigipte ó ghleann na hÉigipte go habhainn an Eofrataes gafa ag rí na Bablóine. Bhí Iahóiácaín ocht mbliana déag d' aois ag teacht i gcoróin dó, agus bhí sé trí mhí ina rí in Iarúsailéim. Nachuisteá, iníon Ealnátán ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair. Rinne sé an t olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a athair roimhe. San am sin mháirseáil sluaite Nabúcadnazar rí na Bablóine in aghaidh Iarúsailéim agus rinne siad an chathair a thimpeallú. Tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine é féin chun an chathair a ionsaí fad a bhí sí faoi léigear ag a mhuintir. Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t-ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar. Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna. Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre. Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine. Na daoine gradamacha go léir, seacht míle acu, na gaibhne agus na ceardaithe, míle acu, agus gach duine acu in ann arm a iompar, thug rí na Bablóine an t-iomlán leis ar deoraíocht chun na Bablóine. Mar chomharba ar Iahóiácaín cheap rí na Bablóine Matainiá a uncail ina rí, agus d' athraigh sé a ainm go Zidicíá. Bhí Zidicíá bliain agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Hamútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne Iahóiácaím. Tharla sin in Iarúsailéim agus in Iúdá de bharr fhearg an Tiarna i dtreo gur chaith sé i leataobh óna láthair iad ar deireadh. Rinne Zidicíá ceannairc in aghaidh rí na Bablóine. Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí, ar an deichiú lá den mhí, tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi lán nirt le hionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim. Shuigh sé a champa ar aghaidh na cathrach amach agus thóg sé túir léigir ina timpeall. Bhí an chathair faoi léigear go dtí an t-aonú bliain déag de réimeas Zidicíá rí. Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal, rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn [d' éalaigh an rí] amach faoi choim na hoíche agus an lucht troda uile ina theannta tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair agus rinne sé a bhealach ionsar an Arabá. Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas leis ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é. Ghabh na Caildéigh an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é, agus thug seisean breith air. Chuir siad mic Zidicíá chun báis os a chomhair; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug leo chun na Bablóine é faoi thromgheimhle. Sa chúigiú mí, ar an seachtú lá den mhí ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim. Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine. Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí a bhí thart ar Iarúsailéim. Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte. D' fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort. Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha leo go dtí an Bhablóin. Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na smóladáin, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d' úsaidtí i seirbhís an Teampaill, na túisteáin agus na babhlaí. Thug captaen an gharda leis a raibh déanta d' ór mar ór, agus a raibh déanta d' airgead mar airgead. Maidir leis an dá cholún, an t-aon mhuir agus na seastáin, a rinne Solamh do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontusan go léir a thomhas. Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde agus bhí mullach cré-umha air; trí bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena fhíolagrán. Ghabh captaen an gharda Saráiá an t-ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí. Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, cúigear de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm, a bhí i bhfeighil arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair. Thug Nabúzaradán, captaen an gharda, iad sin leis agus thug iad chun rí na Bablóine i Ribleá. Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin. Agus maidir leis an muintir a d' fhan i dtír Iúdá, a d' fhág Nabúcadnazar rí na Bablóine ina dhiaidh, cheap sé Gadailiá mac Aichíceám mac Sheáfán mar rialtóir orthu. Nuair a chuala ceannairí na ndíormaí [faoin tuath] agus a gcuid fear gur cheap rí na Bablóine Gadailiá mar rialtóir, tháinig siad lena gcuid fear chuige i Mizpeá.i. Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, agus Saráiá mac Thanchuimit an Natofátach, agus Iázainiá mac an Mhácátaigh. Thug Gadailiá mionn dóibhsean agus dá gcuid fear á rá: «Ná bíodh eagla oraibh roimh na Caildéigh; cuirigí fúibh sa tír, agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine; agus rithfidh libh go seoidh.» Ach sa seachtú mí, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá mac Eilíseámá, de shliocht na ríthe, agus deichniúr fear leis, agus mharaigh sé Gadailiá agus na Giúdaigh, agus na Caildéigh a bhí ina theannta i Mizpeá. Ansin chuir an dream go léir, idir bheag agus mhór, agus ceannairí na ndíormaí, chun bóthair chun na hÉigipte le heagla roimh na Caildéigh. Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaín rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an seachtú lá fichead den mhí, rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaín rí Iúdá [agus scaoil sé] ón bpríosún é. Bhí sé lách cneasta leis agus thug cathaoir dó a bhí os cionn cathaoireacha na ríthe eile a bhí in éineacht leis sa Bhablóin. Chuir Iahóiácaín a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí. Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, fad a mhair sé. Ó Ádhamh go hIosrael Céanán, Mahalael, Iárad, Eineoc, Matúsalach, Láimic, Naoi, Séam, Hám, Iáfat. Clann Iáfat: Gómar, Mágóg, Mádai, Iáván, Tubál, Meisic, Tíoras. Clann Ghómar: Aisceanaz, Dífeat, Tógarmá. Clann Iáván: Eilíseá, Tairsís, Citím, Dodánaím. Clann mhac Hám: Cúis, Miosráím, Pút, Canán. Clann mhac Chúis: Seabá, Havalá, Sabtá, Rámá, Sabtaca. Clann mhac Rámá: Seabá, Deadán. Ghin Cúis Niomrod, an chéad fhear ar talamh a ndearnadh flaith de. Ghin Miosráím muintir Lúd agus Anám agus Laháb agus Naftúch, agus Patrús, agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór. Ghin Canán Síodón a chéad mhac agus Héat, agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh, na hArvádaigh, na Zamáraigh, na Hamátaigh. Clann mhac Shéam: Éalám, Aisiúr, Arpaicsead, Lúd, Arám, Úz, Húl, Geitir, Meisic. Ghin Arpaicsead Seálach, agus ghin Seálach Éibir. Rugadh beirt mhac do Éibir; tugadh Roinnt ar an gcéad duine mar gur lena linn a roinneadh an talamh, agus tugadh Ioctán ar a dheartháir. Ghin Ioctán Almódád, Seilif, Hazarmávat, Iárach, Hadórám, Úzál, Dicleá, Éabál, Abmael, Seabá, Óifir, Havalá, Ióbáb; clann Ioctán iadsan go léir. Séam, Arpaicsead, Seálach. Éibir, Roinnt, Reú. Sarúg, Náchór, Tearach. Abrám is é sin Abrahám. Clann mhac Abrahám: Íosác agus Ísmeáél. Seo iad a sliocht: Nabáiót céadghin Ísmeáél; ansin Céadár, agus Abdael, agus Miobsám, agus Mismeá agus Dúmá agus Masá, agus Hadad, agus Taemá, agus Iatúr agus Náifís agus Céadamá. Sin iad clann mhac Ísmeáél. Clann mhac Chatúrá, leannán Abrahám: rug sí clann mhac dó: Zimreán, Iocseán, Madán, Midián, Isbeác, Siúach. Clann mhac Iocseán: Seabá agus Dadán. Clann mhac Mhidián: Éafá, Éifir, Hanoch, Aibídeá, Ealdá. Clann Chatúra iadsan go léir. Ghin Abrahám Íosác. Clann mhac Íosác: Éasau agus Iosrael. Clann mhac Éasau: Eilífeáz, Reúél, Ieúis, Ialám, Córach. Clann mhac Eilífeáz: Téamán, Ómár, Zeifí, Gatám, Canaz, Timneá, Amailéic. Clann mhac Reúél: Nachat, Zearach, Seamá, Mizeá. Clann mhac Shaeír: Lótán, Seobál, Zibeon, Aná, Diseon, Éizir, Diseán. Clann mhac Lótán: Hoirí agus Homám. Ba í Timneá deirfiúr Lótán. Seo iad clann mhac Sheobál: Alván, Mánachat, Éabál, Seifi, Ónám. Clann mhac Zibeon: Aiá agus Aná. Clann Aná: Diseon. Clann mhac Dhiseon: Hamrán, Eisbeán, Itreán, Carán. Clann mhac Éizir: Bileán, Záván, Ácan. Clann mhac Dhiseán: Úz agus Arán. Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sular tháinig aon rí Iosraelach i réim: Beala mac Bheór, agus Dineábá a ba ainm dá chathair. D' éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh. D éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh. D' éag Húiseám; agus Hadad mac Bheadad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh. Aivít a ba ainm dá chathair. D' éag Hadad agus tháinig Samlá ó Mhasraeca i réim ina dhiaidh. D' éag Samlá agus tháinig Seáúl ó Rachóbót ar an Eofrataes ina dhiaidh. D' éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh. D' éag Bálchánán agus tháinig Hadad i réim ina dhiaidh. Páí ab ainm dá chathair. Mihéataibil iníon Mhatraed iníon Mhé Záháb ab ainm dá bhean. D' éag Hadad; ansin ba iad taoisigh Eadóm: an taoiseach Timneá, an taoiseach Alvá, an taoiseach Iataet, an taoiseach Oholabámá, an taoiseach Éalá, an taoiseach Píonón, an taoiseach Canaz, an taoiseach Téamán, an taoiseach Mibzeár, an taoiseach Maigdíél, an taoiseach Iórám. Sin iad taoisigh Eadóm. Seo iad clann mhac Iosrael: Reúbaen, Simeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Zabúlun, Dán, Iósaef, Biniáimin, Naftáilí, Gád, Áiséar. Clann mhac Iúdá: Éar, Ónán, Séalá. Rug Bat Seúa an Canánach mná iadsan dó. Chuir Éar céadghin Iúdá fearg ar an Tiarna agus mharaigh an Tiarna é. Rug bean a mhic Támár, Bearna agus Zearach dó. Bhí cúigear mac ar fad ag Iúdá. Clann mhac Bhearnan: Heazrón agus Hámúl. Clann mhac Zearach: Zimrí, Éatán, Héamán, Calcol, Dára; cúigear ar fad. Clann mhac Cairmí: Ácár, a thug tubaiste sa mhullach ar Iosrael de bharr an bang a aithisiú. Clann Éatán: Azairiá. Clann mhac Heazrón: saolaíodh dó: Iarachmael, Rám, Calúbaí. Ghin Rám Amaíneádáb, athair Nachsón, taoiseach chlann Iúdá. Ghin Nachsón Salmá, ghin Salmá Boaz. Ghin Boaz Obaed, ghin Obaed Ieise. Ghin Ieise Eilíáb, a chéadghin, Aibíonádáb a dhara mac, Simeá a thríú mac, Natanael a cheathrú mac, Radaí a chúigiú mac, Ozam a shéú mac, Dáiví a sheachtú mac. Ba iad a ndeirfiúracha Zarúá agus Aibiogáil. Ba iad clann mhac Zarúá: Aibísí, Ióáb, Asáhael, triúr. Rug Aibiogáil Amásá; Ieitir an tÍsmeáélach athair Amásá. Ghin Cálaeb mac Heazrón Azúbá, Íseá agus Iríót. Clann mhac [Azúbá]: Iéisir, Seobáb, Ardón. Nuair a d' éag Azúbá, phós Cálaeb Eafrát a rug mac dó, Húr. Ghin Húr Úirí agus ghin Úirí Bazalael. Ansin phós Heazrón iníon Mhácaír, athair Ghileád; bhí sé trí fichid bliain nuair a phós sé í, agus ghin sí Sagúb. Ghin Sagúb Iáír a bhí i gceannas ar thrí chathair agus fiche i ndúiche Ghileád. Ghabh Gisiúr agus Arám, Havat Iáír, Canát agus a shráidbhailte, trí fichid baile uathu. [Bhain seo uile le] Mácaír athair Ghileád. Tar éis bháis Heazrón phós Cálaeb Eafratá, bean Heazrón a athair, agus rug sí dó Aischiúr athair Theacóá. Bhí clann mhac ag Iarachmael an mac ba shine ag Heasrón: Rám a chéadghin, Búná, Oirin, Oizim, Aichía. Bhí bean eile, Atárá, ag Iarachmael. Ise máthair Ónám. Clann mhac Rám céadghin Iarachmael: Máz, Iáimín, Éicir. Clann mhac Ónám: Seamaí, Iádá. Clann mhac Sheamaí: Nádáb, Aibísiúr. Aibícháil ab ainm do bhean Aibísiúr. Rug sí dó Achbán agus Móilíd. Clann mhac Nádáb: Sailid, Apáím. D' éag Sailid gan oidhre. Clann mhac Apáím: Ísí. Clann mhac Ísí: Séiseán. Clann mhac Shéiseán: Achlaí. Clann mhac Iádá, deartháir Sheamaí: Ieitir, Iónátán. D' éag Ieitir gan oidhre. Clann mhac Iónátán: Peilit agus Zázá. Ba iadsan clann mhac Iarachmael. Ní raibh aon chlann mhac ag Séiseán ach iníonacha. Bhí daor Éigipteach aige darbh ainm Iarchá. Thug Séiseán a iníon mar bhean do Iarchá a dhaor. Rug sí Ataí dó. Ghin Ataí Nátán. Ghin Nátán Zábád. Ghin Zábád Eaflál; ghin Eaflál Obaed. Ghin Obaed Iéahú. Ghin Iéahú Azairiá. Ghin Azairiá Heiliz. Ghin Heiliz Eileasá. Ghin Eileásá Sasmái. Ghin Sasmái Sealúm. Ghin Sealúm Iacaemiá. Ghin Iacaemiá Eliseámá. Clann mhac Chálaeb deartháir Iarachmael: Máiréiseá a chéadghin, athair Zíf. Clann mhac Mháiréiseá: Heabrón. Clann mhac Heabrón: Córach, Tapuach, Reicim, Seáma. Ghin Seáma Racham, athair Iorcám. Ghin Reicim Seamái. Ba é Máón mac Sheamái. Ghin Máón Béit Zúr. Rug Éafá, leannan Chálaeb, Hárán, Mózá, Gázaez. Ghin Hárán Gázaez. Clann mhac Iádái: Reigim, Iótám, Géiseán, Peilit, Éafá, Seáf. Rug Mácá, leannán Chálaeb, Seibir agus Tircheaná. Rug sí freisin Seáf athair Mhadmanná, agus Seavá, athair Mhacbaená agus athair Ghibeá; Acsá iníon Chálaeb. Iadsan clann mhac Chálaeb. Clann mhac Húr, céadghin Eafrátá: Seobál athair Chiriat Iáraím, Salmá athair Bhéitlihim, Háraef, athair Bhéit Gádaer. Bhí clann mhac eile ar Sheobál athair Chiriat Iáraím: Haroe, leath Mhanuchót, agus finí Chiriat Iáraím: Itrígh, Púitigh, Siumátaigh, agus Miosráigh. A sliochtsan na Zorátaigh agus na hEisteaólaigh. Clann mhac Shalmá: Béitlihim, Natófátaigh, Atrót, Béit Ióáb, leath na Mánachatach, na Zoraigh, clann na scríobhaithe a bhí ag cur fúthu i Iabaez, na Tiorátaigh, Simeátaigh, Súcátaigh. Sin iad na Ceinigh a tháinig ó Hamat; a sliochtsan teaghlach Réacáb. Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil. An tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Talmai rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít; an cúigiú mac Safaitiá mac Aibíteál; an séú mac Itreám óna bhean Eaglá. Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim. Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin; Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit, Noga, Neifig, Iáifia, Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr. Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár. Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan, Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan, Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan, Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan, Ámón a mhacsan, Ióisíá a mhacsan. Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac. Clann mhac Iahóiácaím: Iacoiniá a mhac, Zidicíá a mhacsan. Clann Iacoiniá an cime: Seailtíéil a mhac; Mailcíreám, Padáiá, Seanazar, Iacaimiá, Hóiseámá, Nadaibiá. Clann mhac Phadáiá: Zarubáibil, Simeí. Clann mhac Zarubáibil: Misiulám agus Hanainiá; deirfiúr dóibh Sealoimít. [Clann mhac Mhisiulám] Haisiubá, Óihil, Biriciá, Hasaidiá, Iúiseab Heisid; cúigear. Clann mhac Hanainiá; Palaitiá, Íseáia a mhacsan; Rafáiá a mhacsan, Arnán a mhacsan, Obaidiá a mhacsan, Seacainiá a mhacsan. Clann mhac Sheacainiá: Seamaiá. Clann mhac Sheamaiá: Hatúis, Igeal, Báiriá, Nairiá, Seáfát; seisear. Clann mhac Nairiá; Eilióaenai, Hizcía, Aizríocám; triúr. Clann mhac Eilióaenai: Hódaiviá, Eiliáisíb, Paláiá, Acúl, Ióchánán, Daláiá, Anáiní, seachtar. Clann mhac Iúdá: Bearna, Heazrón, Cairmí, Húr, Seobál. Ghin Reáiá mac Sheobál Iachat; ghin Iachat Achúmai agus Lachad. Sin iad finí na Zorátach. Seo iad clann mhac Eatám: Izréil, Ismeá, Iodbáis. Hazalalpóiní ab ainm dá ndeirfiúr. Ghin Panúéil Gador; ghin Eizir Húiseá. Iadsan clann mhac Húr, céadghin Eafrátá, athair Bhéitlihim. Bhí beirt bhan ag Aischiúr, athair Theacóá, Healá agus Nárá. Rug Nárá dó: Achuzám, Héifir, na Timnigh agus na hAchaisteáraigh. Iadsan clann mhac Nárá. Clann mhac Healá: Zeirit, Zochar, Eatnán. Ghin Cóz Anúb, Hazobaebá, agus finí Acharchael mac Hárum. Thuill Iabaez onóir thar a dheartháireacha, agus thug a mháthair Iabaez air, «mar,» ar sí, «thug mé ar an saol é in anacair.» Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: «Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le m' ais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.» Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé. Ghin Calúb, deartháir Shiúchá, Meichír. Ghin seisean Eisteon. Ghin Eisteon Béatráfá, Pásaech, agus Titineá athair Iornácháis. Sin iad fir Reacá. Clann mhac Chanaz: Oitníéil agus Saráiá. Clann mhac Oitníéil: Hatat agus Meonotai. Ghin Meonatai Ofrá agus ghin Saráiá Ióáb, athair Ghaeharáisím, agus ba cheardaithe iadsan. Clann mhac Chálaeb mac Iafuna: Írú, Éalá, Nám; clann mhac Éalá: Canaz. Clann mhac Iahallalael: Zíf, Zífeá, Tíriá, Asarael. Clann mhac Eazrá: Ieitir, Meirid, Éifir, Iálón. Ansin rug [a bhean] Miriám, Seamaí, agus Isbeach, athair Eistimeoa. Rug a bhean Iúdách Ieirid athair Ghador, Heibir athair Shócó, agus Iacúitíéil athair Zánóa. Sin iad clann mhac Bhitiá, iníon Fhorainn a phós Meirid. Clann mhac bhean Hóidíá, deirfiúr Nacham: athair Cheíleá an Garmach agus Eistimeoa an Mácátach. Clann mhac Shimeon: Amnón Rinneá, Bein Hánán, Tíleón. Clann mhac Isí: Zóchaet agus Bein Zóchaet. Clann mhac Shéileá mac Iúdá: Éar athair Laecá, Ladá athair Mháiréiseá, finí lucht déanta línéadaigh ag Béit Aisbéa, Iócaím, muintir Chozaebá; Ióáis agus Sárof a chuaigh go Móáb le mná a fháil [roimh filleadh go Béitlihim]. (Sin mar a bhí fadó.) Ba chriadóirí iadsan agus mhaireadar i Natáím agus i nGadaerá. D' fhan siad leis an rí ansiúd ag obair ina cheardlann. Clann mhac Shimeon: Namúéil, Iáimín, Iáraíb, Zearach, Seáúl; Sealúm a mhac; Miobsám a mhacsan; Mismeá a mhacsan. Clann mhac Mhismeá: Hamúéil a mhac; Zacúr a mhacsan; Simeí a mhacsan. Bhí sé mhac déag ag Simeí agus seisear iníon ach ní raibh a lán clainne ag a dheartháireacha, agus níor mhéadaigh líon a bhfiní mar a tharla do mhic Iúdá. Chuireadar fúthu i mBéar Seaba, Móládá, Hazar Siúál, Bilheá, Eizim, Tólád, Batúéil, Hormá, Zicleag, Béit Marcábót, Hazar, Súsaím, Béit Birí, Seáraím. Ba iadsan a gcathracha go dtí réimeas Dháiví. Ba iad seo a sráidbhailte: Éatám, Aín, Rimeon, Toicin, Áiseán, cúig bailte, leis na sráidbhailte go léir timpeall na mbailte sin chomh fada le Bál. Ba iadsan a n-áiteanna lonnaithe, agus dáileadh iad de réir a bhfiní ar leith sa seanchas. Meiseóbáb, Iamlaec, Ióiseá mac Amaiziá, Ióéil, Iéahú mac Ióisibiá, mac Shearáiá, mac Asíél, Eiliónaenaí, Iácobá, Íseocháiá, Asáiá, Aidíéil, Íosaímiéil, Banáiá, Zízeá mac Shifí, mac Allón, mac Iadáiá, mac Shimrí, mac Sheamaiá. Tháinig na fir a ainmníodh ansin lena gclann agus lena muintir, chuadar i líonmhaire agus leathadar amach. Ag lorg féaraigh dá dtréada bhogadar leo ó bhealach [Ghearár] go hoirthear an ghleanna; fuair siad féarach breá méith ansiúd; bhí fairsinge ann, é socair síochánta. Bhí sliocht Hám ina gcónaí ann rompu. Tháinig [na Simeonaigh] ansiúd, agus iad cláraithe ó ainm, i réimeas Hizicíá, rí Iúdá. Scriosadar a mbothanna agus na háitribh a fuaireadar rompu. Chuir siad iad faoi bhang atá i bhfeidhm fós inniu agus chuir siad fúthu ina n-áit mar go raibh féarach ann dá dtréada. Cuid acu, cúig céad fear de shliocht Shimeon, shroich siad Sliabh Shaeír; Palatiá, Neairiá, Rafáiá, agus Uizíéil, clann mhac Isí, a bhí i gceannas orthu. Bhriseadar ar a raibh fágtha d' fhuíoll áir na nAmailéiceach agus tá siad ina gcónaí ann go dtí inniu féin. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael. Ba eisean an chéadghin, ach de bhrí gur thruailligh sé leaba a athar, tugadh a cheart céadghine do chlann mhac Iósaef mac Iosrael. Chaill sliocht Reúbaen ceart na céadghine, óir d' éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha mar tháinig flaith ar a shliocht ach d' fhan ceart na céadghine ag Iósaef. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc Palú, Heazrón, Cairmi. Clann mhac Ióéil: Seamaiá a mhac; Góg a mhacsan; Simeí a mhacsan; Míceá a mhacsan; Reáiá a mhacsan; Bál a mhacsan; Béará a mhacsan, an té a thug Tigleat Pileisir rí na hAsaíre i ndeoraíocht; flaith de na Reúbaenaigh ab ea é. A ghaolta de réir finí, in ord de réir gaoil: Ieíael an taoiseach, Zacairiá, Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil. Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón. Shín a thailte soir go dtí an fásach ar an taobh seo den Eofrataes mar bhí a lán tréada acu i dtír Ghileád. Le linn Shóil chuir siad cogadh ar na Hagraígh. Fuair siad an lámh in uachtar orthu agus fuair siad seilbh ar a mbothanna ar fud na dúiche go léir lastoir de Ghileád. Mhair clann Ghád ina gcóngar ag cur fúthu i dtír Bháiseán chomh fada le Salacá: Ióéil, an taoiseach, Seáfám an dara duine, ansin Ianaí agus Seáfát i mBáiseán. A ngaolta de réir finí: Míocáéil, Misiulám, Seaba, Iórai, Iacán, Zía, Eibir; seachtar. Seo iad clann mhac Aibíochail: Bein Húraí, Bein Ioróach, Bein Gileád, Bein Míocáéil, Bein Isíseaí, Bein Iachdó, Bein Búz. Aichí mac Aibdíéil mac Ghúnaí ceann a gclainne. Chuir siad fúthu i nGileád, i mBáiseán agus ina bhailte fearainn agus ar fud tailte féaraigh Sheárón ó cheann ceann. Le linn Iótám rí Iúdá (agus Iarobám rí Iúdá) dáileadh iad de réir a gceap faoi leith. Clann Reúbaen, clann Ghád, leaththreibh Mhanaise, cuid dá ngaiscígh, lucht iompartha scéithe agus claímh, agus láimhsithe bogha, le taithí ar chogaíocht, daichead a ceathair míle seacht gcéad seasca díobh ullamh chun seirbhíse chuir siad cogadh ar na Hagraígh, ar Iatúr, ar Náifís agus ar Nódáb. Tháinig [Dia] i gcabhair orthu ina gcoinne agus tugadh na Hagraígh agus a lucht tacaíochta go léir ar láimh dóibh; óir bhíodar ag guí chun Dé ag troid dóibh, agus de bhrí go raibh muinín acu as, d' éist sé lena nguí. Thugadar leo óna n-eallach: caoga míle camall, dhá chéad go leith míle caora, dhá mhíle asal agus céad míle fear, óir, de bhrí go raibh Dia i bhfeighil an chatha, leagadh a lán ar lár. Chuir siad fúthu ina n-áit siúd go dtí an deoraíocht. Chuir sliocht leath-threibh Mhanaise fúthu sa dúiche idir Báiseán agus Bál Hearmón, Sainír agus Sliabh Hearmón. Bhíodar an-líonmhar. Seo iad cinn a bhfiní: Éifir, Ísí, Eilíéil, Aizríéil, Irimia, Hódaiviá, Iachdiéil. Gaiscígh thréana iadsan, fir cháiliúla, cinn a bhfiní Ach chiontaíodar in aghaidh Dhia a sinsear, agus rinneadar striapachas le déithe ciníocha na tíre a scrios Dia rompu. Uime sin spreag Dia Iosrael fíoch Púl rí na hAsaíre, agus Tigleat Pileisir rí na hAsaíre, agus rinne sé iad a sciobadh leis Reúbaen, Gád agus leath-threibh Mhanaise, agus rug sé leis iad go dtí Halach, Hábór, Hárá, agus abhainn Ghózán. Tá siad ansin go dtí inniu féin. Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí. 5:27 5:28 Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón, Uizíéil. 5:29 Clann Amrám: Árón, Maois agus Miriám. Clann Árón: Nádán, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. 5:30 Ghin Eileázár Píneachás. Ghin Píneachás Aibíseúa. 5:31 Ghin Aibíseúa Bucaí. Ghin Bucaí Uizí. 5:32 Ghin Uizí Zaraichiá. Ghin Zaraichiá Maráiót. 5:33 Ghin Maráiót Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb. 5:34 Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Aichímeaz, 5:35 Ghin Aichímeáz Azairiá. Ghin Azairiá Ióchánán. 5:36 Ghin Ióchánán Azairiá eisean a bhí ag fónamh mar shagart sa Teampall a thóg Solamh in Iarúsailéim. 5:37 Ghin Azairiá Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb. 5:38 Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Sealúm. 5:39 Ghin Sealúm Hilcíá. Ghin Hilcíá Azairiá. 5:40 Ghin Azairiá Saráiá. Ghin Saráiá Iahózádác. 5:41 Chaith Iahózádác dul ar deoraíocht nuair a sheol an Tiarna Iúdá agus Iarúsailéim chun deoraíochta i lámha Nabúcadnazar. 6:1 Clann mhac Léiví: Géirseom, Cohát, Maráraí. 2 Seo iad ainmneacha chlann mhac Ghéirseom: Libní agus Simeí. 3 Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón, Uizíéil. 4 Clann mhac Mharáraí: Mailí agus Múisí. Sin iad finí Léiví de réir a sinsear. 5 Maidir le Géirseom: Libní a mhac, Iachat a mhacsan, Zimeá a mhacsan, 6 Ióách a mhacsan, Ideo a mhacsan, Zearach a mhacsan, Iataraí a mhacsan. 7 Clann mhac Chohát: Amaíneádáb a mhacsan, Corach a mhacsan, Aisír a mhacsan, 8 Ealcáná a mhacsan, Eibiásáf a mhacsan, Aisír a mhacsan, 9 Tachat a mhacsan, Úiríéil a mhacsan, Uizíá a mhacsan, Seáúl a mhacsan. 10 Clann mhac Ealcáná: Amásai agus Aichímeot. 11 Ealcáná a mhacsan, Sófaí a mhacsan, Nachat a mhacsan, 12 Eilíáb a mhacsan, Iarochám a mhacsan, Ealcáná a mhacsan. 13 Clann mhac Ealcáná: Samúéil a chéadghin, Aibíá a dhara mac. 14 Clann mhac Mharáraí: Mailí, Libní a mhac, 15 Simeí a mhacsan, Haigíá a mhacsan, Asáiá a mhacsan. 16 Seo iad an mhuintir a chuir Dáiví i bhfeighil na cantaireachta i dTeampall Dháiví tar éis don áirc teacht ann go seasta. 17 Ba é a ndualgas cúram a dhéanamh den chantaireacht os comhair taibearnacal Bhoth na Teagmhála nó gur thóg Solamh Teampall an Tiarna in Iarúsailéim; de réir na rialacha a ceapadh dóibh is ea a rinne siad a gcúram. 18 Seo iad na fir a rinne seirbhís, agus a mic: De chlann mhac Chohát: Haemán an cantaire, mac Ióéil, mac Shamúéil, 19 mac Ealcáná, mac Iarochám, mac Eilíéil, mac Thóach, 20 mac Zúf, mac Ealcáná, mac Mhachat, mac Amasai, 21 mac Ealcáná, mac Ióéil, mac Azairiá, mac Zafainiá, 22 mac Thachat, mac Aisír, mac Eibiásáf, mac Chorach, 23 mac Izeár, mac Chohát, mac Léiví, mac Iosrael. 24 Sheas a dheartháir Ásáf ar dheis: Ásáf mac Bheiriciá, mac Shimeá, 25 mac Mhíocáéil, mac Bháiséiá, mac Mhíocáéil, 26 mac Eitní, mac Zearach, mac Adáiá, 27 mac Éatán, mac Zimeá, mac Shimeí, 28 mac Iachat, mac Ghéirseom, mac Léiví. 29 Ar chlé bhí clann mhac Mharáraí: Éatán mac Chisí, mac Aibdí, mac Mhallúc, 30 mac Haisibiá, mac Amaiziá, mac Hilcíá, 31 mac Aimzí, mac Bháiní, mac Sheimir, 32 mac Mhailí, mac Mhúisí, mac Mharáraí, mac Léiví. 33 Bhí a ndeartháireacha na Léivítigh tíolactha go hiomlán do sheirbhís thaibearnacal Theampall an Tiarna. 34 Árón agus a chlann mhac a dhéanadh na hofrálacha a dhó ar altóir an uileloiscthe agus ar altóir na túise; ní raibh de churam orthu ach na nithe rónaofa, agus seirbhís an leorghnímh d' Iosrael de réir gach ar ordaigh Maois searbhónta an Tiarna. 35 Seo iad clann mhac Árón: Eileázár, Píneachás a mhac, Aibíseúa a mhacsan, 36 Bucaí a mhacsan, Úizí a mhacsan, Zaraichiá a mhacsan, 37 Maráiót a mhacsan, Amairiá a mhacsan, Aichítiúb a mhacsan, 38 Zádóc a mhacsan, Aichímeáz a mhacsan. 39 Seo iad a n-áitribh de réir teorainneacha a dtailte: Do chlann mhac Árón d' fhine na gCohátach (mar is orthu a thit an crann), 40 thug siad Heabrón i dtír Iúdá, agus a fhéarach máguaird; 41 ach thug siad páirceanna agus sráidbhailte na cathrach seo do Chálaeb mac Iafuna. 42 Do chlann mhac Árón, thug siad na cathracha tearmainn: Heabrón, Libneá agus a thalamh féaraigh, Iaitir, Eistimeo, lena thalamh féaraigh, 43 Híléin lena thalamh féaraigh, Deibír lena thalamh féaraigh, 44 Áiseán lena thalamh féaraigh, Béit Seimis lena thalamh féaraigh. 45 Ó threibh Bhiniáimin thug siad Geaba lena thalamh féaraigh, Ailimit lena thalamh féaraigh, Anatót lena thalamh féaraigh; fuair a bhfiní trí chathair déag ar fad. 46 Tugadh ar cranna don chuid eile de na Cohátaigh, deich gcathracha ó fhiní na treibhe, ón leath-threibh, leath Mhanaise. 47 Tugadh trí chathair déag do na Géirseomaigh de réir a bhfiní, as treibh Íosácár, as treibh Áiséar, as treibh Naftáilí agus as treibh Mhanaise i mBáiseán. 48 Tugadh dhá chathair déag do na Maráraígh de réir a bhfiní, as treibh Reúbaen, as treibh Ghád, agus as treibh Zabúlun. 49 Thug clann Iosrael na cathracha sin lena dtalamh féaraigh do na Léivítigh. 50 Thug siad dóibh chomh maith, de chur crann, na cathracha a ainmníodh uathu as treibh Iúdá, as treibh Shimeon, agus as treibh Bhiniáimin. 51 Tugadh freisin d' fhiní de chlann Chohát cathracha dá gcuid féin de threibh Eafráim. 52 Tugadh dóibh na cathracha tearmainn: Seicim lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, Geizir lena thalamh féaraigh, 53 Iocmám lena thalamh féaraigh, Béit Horon lena thalamh féaraigh, 54 Aiálón lena thalamh féaraigh, Gat Rimeon lena thalamh féaraigh; 55 as leath-threibh Mhanaise: Ánaer lena thalamh féaraigh, Bileám lena thalamh féaraigh, don chuid eile d' fhiní chlann Chohát. 56 Tugadh do shliocht Ghéirseom as leath-threibh Mhanaise: Gólán i mBáiseán lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh; 57 agus as treibh Íosácár: Ceidis lena thalamh féaraigh, Dábarat lena thalamh féaraigh. 58 Rámot lena thalamh féaraigh agus Ánaem lena thalamh féaraigh; 59 as treibh Áiséar: Máiseál lena thalamh féaraigh, agus Abdón lena thalamh féaraigh, 60 Húcoc lena thalamh féaraigh, agus Rachob lena thalamh féaraigh; 61 as treibh Naftáilí: Ceidis sa Ghailíl lena thalamh féaraigh, Hamón lena thalamh féaraigh, Ciriátaím lena thalamh féaraigh. 62 Don chuid eile de na Maráraígh, tugadh as treibh Zabúlun, Rimeonó lena thalamh féaraigh, Tábór lena thalamh féaraigh; 63 agus thar Iordáin ag Ireachó, lastoir den Iordáin, as treibh Reúbaen: Beizir san fhásach lena thalamh féaraigh, Iahzá lena thalamh féaraigh, 64 Cidéamót lena thalamh féaraigh, agus Maefát lena thalamh féaraigh; 65 as treibh Ghád: Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, Machanaím lena thalamh féaraigh, 66 Heisbeón lena thalamh féaraigh, agus Iazaer lena thalamh féaraigh. Clann mhac Íosácár: Tólá, Púvá, Iáisiúb, Siomrón; ceathrar. Clann mhac Thólá: Uizí, Rafáiá, Íríéil, Iachmai, Íobsám, Samúéil, cinn finí Thólá. Le linn Dháiví ba é a líon fiche dó míle sé chéad gaiscíoch groí, de réir a gcraobh ghinealaigh. Clann mhac Uizí: Iozraichiá. Clann mhac Iozraichiá: Míocáéil, Obaidiá, Ióéil, Ísíá; cúigear taoiseach ar fad; bhí acu, de réir gaoil agus fine, líon slua de thríocha sé mhíle, mar bhí a lán ban agus leanaí acu. Bhí gaolta acu i measc finí Íosácár go léir, ochtó seacht míle gaiscíoch groí agus iad go léir i gceap na haon chraoibhe. Biniáimin: Beala, Beicir, Idíael; triúr. Clann mhac Bheala: Eazbón, Uizí, Uizíael, Irímeot agus Írí; cúigear, cinn finí, laochra tréana; áiríodh iad fiche dó míle tríocha ceathair de réir ginealaigh. Clann mhac Bheicir: Zimíreá, Ióáis, Eilíeizir, Eilióaenaí, Omraí, Iréamót, Aibíá, Anatót, Álaimit. Ba clann mhac le Beicir iadsan go léir. Ba cheap aontaithe de réir gaoil iad, fiche míle dhá chéad fear, cinn a bhfiní, laochra tréana. Clann mhac Idíael: Bileán. Clann mhac Bhileán: Ieúis, Biniáimin, Éahúd, Canáná, Zaetán, Tairsís, Aichíosáchar. Rinne cinn finí de na mic seo go léir le hIdíael, laochra tréana, seacht míle dhéag dhá chéad fear réidh chun cogaidh. Siúipím agus Huipim. Clann mhac Ír: Huisim; a mhacsan Achaer. Clann mhac Naftáilí: Iachzael, Gúiní, Iéizir, Sealúm. Ba iadsan clann Bhileá. Clann mhac Mhanaise: Aisríael, a rug a leannán Aramach; rug sí Mácaír athair Ghileád. Fuair Mácaír bean do Huipim agus Shiuipím. Mácá ab ainm dá dheirfiúr. Ainm an dara duine díobh ab ea Zalofachád. Bhí iníonacha ag Zalofachád. Rug Mácá, bean Mhácaír, mac ar ar thug sí Péiris; Seiris ab ainm dá dheartháir. Úlám agus Ráicim a mhic. Clann mhac Úlám: Badán. Ba iadsan clann mhac Ghileád mac Mhácaír, mac Mhanaise. Rug a dheirfiúr Hamomaileit Íseod, Aibiézir agus Machlá. Bhí clann mhac ag Simíodá: Aichián, Seicim, Licí, Ainíám. Clann mhac Eafráim: Siútalach, Beirid a mhac, Tachat a mhacsan, Eileádá a mhacsan, Tachat a mhacsan, Zábád a mhacsan, Siútelach a mhacsan; Eizir agus Eileád. Mharaigh muintir Ghat [a bhí ag cur fúthu sa tír] iad mar gur thángadar anuas chun foghail a dhéanamh ar a n-eallach. Chaoin Eafráim a n-athair iad ar feadh mórán laethanta agus tháinig a dheartháireacha chun sólás a thabhairt dó. Ansin chuaigh Eafráim chun a mhná agus ghabh sí gin agus rug sí mac, agus thug sí Béiríá (.i. Mí-Ádh) mar ainm air, «mar,» a dúirt sí, «i mo theachsa bíonn mí-ádh ar dhuine.» Bhí iníon aige darbh ainm Séará agus is í a thóg Béit Horon Íochtarach agus Uachtarach, agus Uzaen Séará. Reafach a mhac; Reisif a mhacsan, Tealach a mhacsan, Tachan a mhacsan, Ladán a mhacsan, Aimíohúd a mhacsan, Eilíseamá a mhacsan, Nún a mhacsan, Iósua a mhacsan. Ba iad a dtailte agus a n-áitribh: Béitéil agus a bhailte máguaird, Nárán lastoir, Geizir agus a bhailte máguaird laistiar, Seicim agus a bhailte máguaird, Aiá agus a bhailte máguaird. Bhí Béit Seán, Tánác, Migideo agus Dór, lena mbailte ar leith máguaird, i lámha chlann mhac Mhanaise. Ansin a mhair clann mhac Iósaef mac Iosrael. Clann mhac Áiséar: Imná, Isvá, Isví, Beiríá agus a ndeirfiúr Sarach. Clann mhac Bheiríá: Héibir agus Mailcíéil; eisean athair Bhiorzáit. Ghin Héibir Iaflaet, Siómaer, Hótám, agus a ndeirfiúr Siúá. Clann mhac Iaflaet: Pásac, Bimeál, Aisveát; sin iad clann mhac Iaflaet. Clann mhac Sheimir [a dheartháir]: Rogá, Iachubá, Arám. Clann mhac Héilim, a dheartháir: Zófach, Imneá, Séilis, agus Ámál. Clann mhac Zófach: Súach, Hairneifir, Siúál, Béirí, Imreá, Beizir, Hód, Seamá, Silseá, Íotrán agus Béará. Clann Ieitir: Iafuna, Pispeá, agus Ará. Clann mhac Ulla: Árach, Hainíéil agus Riziá. Ba de chlann Áiséar iad sin go léir, cinn finí laochra tofa tréana, ceannairí ar fhlatha. Áiríodh ar an gceap craoibhe seo fiche sé míle fear réidh chun cogaidh. Ghin Biniáimin Beala, a chéadghin, Aisbéal an dara mac, Aichíorám an tríú mac, Nóchá an ceathrú mac, Ráfá an cúigiú mac. Bhí clann mhac ag Beala: Adár, Géará, Aibíhiúd, Aibíseúa, Námán, Achóach, Géará, Seafúfán, agus Húrám. Seo iad clann mhac Éachúd (ba chinn fine iadsan den lucht cónaithe i nGeaba, agus tugadh ar deoraíocht iad go Mánáchat): Námán, Aichíá, Géará eisean a rug ar deoraíocht iad ghin sé Uzá agus Aichíchiud. Ghin sé Seacharaím i mbánta Mhóáb tar éis dó a mhná Húisím agus Bárá a chur i leataobh. Rug a chéad bhean eile mic dó: Ióbáb, Zibiá, Méiseá, Malcám, Ieúz, Saiciá, Mirmeá. Ba iadsan a chlann mhac, cinn fine. Rug Húisím clann mhac dó chomh maith: Aibítiúb agus Ealpál. Clann mhac Ealpál: Éibir, Miseám, Seimid, an té a thóg Ónó agus Lod lena bhailte máguaird, Beiríá agus Seama. Ba iadsan cinn fine na muintire a bhí ina gcónaí i nAiálón agus a ruaig lucht Ghat. A dheartháir: Seáiseac; agus Iréamót. Zabaidiá, Arád, Eidir, Míocáéil, Ispeá, Ióchá ba iadsan clann mhac Bheiríá. Zabaidiá, Misiulám Hizcí, Háibir, Ismearai, Izlíá, Ióbáb ba iadsan clann mhac Ealpál. Iacaím, Zicrí, Zaibdí, Eilioaenaí, Zilleatai, Eilíéil, Adáiá, Baráiá, Simreát ba iadsan clann mhac Shimeí. Ispeán, Éibir, Eilíéil, Abdón, Zicrí, Hánán, Hanainiá, Éileám, Antoitía, Ifdeiá, Panúéil ba iadsan clann mhac Sheáiseac. Seimsearaí, Seachariá, Atailiá, Iaraisiá, Éilíá, Zicrí ba iadsan clann mhac Iarochám. Ba iadsan na cinn fine, ceannairí, in ord de réir gaoil. Bhí cónaí orthu i Iarúsailéim. Bhí cónaí i nGibeón ar Aibí Gibeón, agus Mácá ab ainm dá bhean. Abdón a chéadghin; ansin Zúr, Cís, Bál, [Néar], Nádáb, Gadór, Aichió, Zeicir, Micleot eisean athair Shimeá. Mhair siadsan freisin taobh lena ngaolta in Iarúsailéim in éineacht lena ngaolta. Ghin Néar Cís, ghin Cís Sól, ghin Sól Iónátán, Mailcíosú, Aibíonádáb agus Eisbeál. Meirí Bál mac Iónátán; agus ghin Meirí Bál Míceá. Clann mhac Mhíceá: Píteon, Meilic, Tairéa, Áchaz. Ghin Áchaz Iahóadá. Ghin Iahóadá Álaimit, Azmávat, agus Zimrí. Ghin Zimrí Mózá. Ghin Mózá Bineá; Ráfá a mhac; Eileásá a mhacsan: Ázael a mhacsan. Bhí seisear mac ag Ázael darbh ainm: Aizríceám, [Bocarú,] Ísmeáéil, Seairiá, Obaidiá agus Hánán. Ba chlann mhac le Ázael iadsan go léir. Clann mhac Éisic a dheartháir: Úlám a chéadghin, Ieúis a dhara mac, Eilífilit a thríú mac. Ba ghaiscígh thréana iad clann Úlám, agus saigheadóirí. Bhí sliocht mór orthu féin, agus ar a sliochtsan arís, céad go leith díobh. Ba de chlann Bhiniáimin iad go léir. Áiríodh Iosrael go léir de réir a gcraobha ginealaigh, agus tá siadsan scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá nuair a tugadh iad ar deoraíocht go dtí an Bhablóin de bharr a mídhílse. Ba iad an chéad dream a chuir fúthu arís ina dtailte agus ina gcathracha ná na hIosraelaigh, na sagairt, na Léivítigh, agus freastalaithe an Teampaill. Bhí cuid de mhuintir Iúdá, Bhiniáimin, Eafráim, agus Mhanaise ina gcónaí in Iarúsailéim: Útaí mac Aimíohúd, mac Omraí, mac Imrí, mac Bháiní, de chlann Pheiriz mac Iúdá. De na Síolónaigh: Asáiá an chéadghin agus a chlann mhac. De chlann mhac Zearach: Iúéil agus a ngaolta: sé chéad nócha. De chlann Bhiniáimin: Sallú mac Mhisiulám, mac Hódaiviá, mac Hasanuá, Ibniá mac Iarochám, Éalá mac Uizí, mac Mhicrí, Misiulám mac Shafaitiá, mac Reúél, mac Ibníá. Bhí naoi gcéad caoga sé dá ngaolta ann, iad áirithe de réir a gcraobha ginealaigh. Ceann fine ab ea gach duine díobhsan ar a mhuintir féin. De na sagairt: Iadaiá, Iahóiáraíb, Iáicín, Azairiá mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichítiúb, reachtaire theach Dé; Adáiá mac Iarochám, mac Phaischiúr, mac Mhilcía; Másai mac Aidíél, mac Iachzaerá, mac Mhisiulám, mac Mhisiléimit, mac Iméir. Bhí míle seacht gcéad agus a seasca laoch tréan dá ngaolta ann, cinn fine, a ghabh de láimh dualgais Theampall Dé. Ar na Léivítigh: Seamaiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, de shliocht Mharáraí; Bacbacar, Heiris, Gálál, Matainiá mac Mhíceá, mac Zicrí, mac Ásáf; Obaidiá mac Sheamaiá, mac Ghálgal, mac Iadútún, agus Beiriciá mac Ásá, mac Ealcáná a chuir fúthu i mbailte na Natófátach. Lucht faire an gheata: Sealúm, Acúb, Talmón, Aichímeán, agus a ngaolta. Tá Sealúm an ceannasaí ina láthair fós ag geata an rí lastoir. Ba iadsan lucht faire gheataí champaí na Léivíteach. Bhí Sealúm mac Chórae, mac Eibiásáf, mac Chorach, agus a ghaolta na Corachaigh, den chlann chéanna, freagrach i seirbhís an liotúirge; ba iad a choimhéadadh tairseacha na Botha faoi mar a choimhéadadh a sinsir campa an Tiarna agus a d' fhairidís an tslí isteach ann. Bhí Píneachás mac Eileázár i gceannas orthu tráth, agus bhí an Tiarna lena ais. Bhí Zacairiá mac Mhisilimiá ina gharda ar an ngeata ar an mbealach isteach i mBoth na Teagmhála. Daoine tofa ab ea na gardaí geata go léir ag na tairseacha; bhí dhá chéad agus dháréag díobh ann. Áiríodh iad de réir ginealach ina mbailte. Daingníodh iad i mbun a gcúraim ag Dáiví agus Samúéil an fáidh, de bharr a ndílseachta. Bhíodar féin agus a gclann mhac i bhfeighil gheataí Theampall an Tiarna, teach na Botha. Bhí gardaí na ngeataí ar na ceithre sleasa thoir, thiar, thuaidh agus theas. Thagadh a ngaolta ó na bailte le bheith i bpáirt leo ar feadh seachtaine ó am go ham. Mhaireadh na ceithre príomhghardaí féin go seasmhach ann. Ba iadsan na Léivítigh a bhí freagrach i seomraí agus i seoda theach Dé. Chaithidís an oíche i dtimpeallacht theach Dé agus é de dhualgas orthu é a fhaire agus a oscailt gach maidin. Bhíodh cuid acu i bhfeighil gréithe na seirbhíse; níorbh foláir dóibh iad a chomhaireamh nuair a thógtaí amach iad agus nuair a chuirtí ar ais isteach iad. Bhíodh a thuilleadh acu i bhfeighil an troscáin agus na soithí naofa go léir, na mine míne, an fhíona, na hola, na túise, na spíosraí. Ba shagairt an mhuintir a d' ullmhaíodh meascán na spíosraí. Maititiá, duine de na Léivítigh, céadghin Shealúm, Corachach, leagadh de dhualgas air, de bharr a dhílseachta, na habhlanna, a bhruití san oigheann, a ofráil. Bhí sé de dhualgas ar chuid dá ngaolta, Cohátaigh, na builíní a leagan amach ina sraitheanna sabóid ar shabóid. Ba iadsan na cantairí, cinn finí na Léivíteach; mhairidís i seomraí an Teampaill nuair nach mbídís ar dualgas, mar bhídís ar dualgas de lá agus d' oíche. Ba iadsan cinn finí na Léivíteach in ord de réir gaoil. Bhí cónaí ar na ceannairí seo in Iarúsailéim. Bhí cónaí i nGibeón ar Aibí Gibeón agus ar Ieíéil; Mácá ab ainm dá bhean seo. Abdón a chéadghin, ansin Zúr, Cís, Bál, Néar, Nádáb, Gador, Aichió, Zacairiá, Micleot eisean athair Shimeám. Mhair siadsan freisin taobh lena ngaolta i Iarúsailéim in éineacht lena ngaolta. Ghin Néar Cís, ghin Cís Sól, ghin Sól Iónátán, Mailcíosú, Aibíonádáb agus Eisbeál. Meirí Bál mac Iónátán. Ghin Meirí Bál Míceá. Clann mhac Mhíceá: Píteon, Meilic, Tairéa, [Áchaz]. Ghin Áchaz Iará; ghin Iará Álaimit, Azmávat, agus Zimrí. Ghin Zimrí Mózá. Ghin Mózá Bineá; Rafáiá a mhac; Eileásá a mhacsan, Ázael a mhacsan. Bhí seisear mac ag Ázael darbh ainm: Aizríceám, Bocarú, Ísmeáéil, Seairiá, Obaidiá agus Hánán. Ba chlann mhac le hÁzael iadsan go léir. Chuir na Filistínigh cogadh ar Iosrael; theith fir Iosrael ó na Filistínigh agus rinneadh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa. Lean na Filistínigh go dian sna sála ar Shól agus a mhic agus mharaigh siad Iónátán, Aibíonádáb agus Mailcíosú, mic Shóil. Cuireadh an cath go crua ar Shól, fuair na saigheadóirí faill air agus thit sé faoi ghona na saigheadoirí. Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: «Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh agus bheith ag fonóid fúm.» Ach bhí eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh dá bhrí sin agus chaith sé é féin air. Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis. D' éag Sól dá réir sin, é féin agus a thriúr mac agus a ghiolla airm agus a theaghlach go léir in éineacht. Nuair a chonaic muintir Iosrael go léir a bhí sa ghleann gur theith [an t-arm] agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d' fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus ghabhadar seilbh orthu. Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a chlann mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa. Lomadar é agus rugadar a cheann agus a éide chatha leo agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n-íola agus dá bpobal. Chuireadar a éide chatha i dteampall a ndé, agus thairneáil siad a cheann in airde i dteampall Dhágón. Nuair a chuala [lucht áitrithe] Ghileád go léir cad a rinne na Filistínigh le Sól, chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus rugadar leo coirp Shóil agus a mhac, agus thugadar go Iáibéis iad, agus chuireadar a gcnámha faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá. Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi in áit treoir a lorg ón Tiarna. Chuir an Tiarna chun báis é dá bhrí sin agus thug an ríocht i láimh Dháiví, mac Ieise. Dáiví Rí San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna do Dhia leat: 'Is tusa a bheidh i d' aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar mo phobal Iosrael.'» Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna, agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael, de réir bhriathar an Tiarna trí bhéal Shamúéil. Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim, Iabús is é sin mar a raibh na Iabúsaigh, áitritheoirí na tíre. Dúirt lucht áitrithe Iabús le Dáiví: «Ní éireoidh leat teacht anseo isteach.» Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, dúnfort Dháiví is é sin. Dúirt Dáiví: «An té is túisce a bhuailfidh Iabúsach ar lár, déanfar taoiseach agus ceannaire de.» Ba é Ióáb mac Zarúá a ba thúisce a ghabh suas agus a ndearnadh taoiseach de. Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus is mar sin a fuair sé an t-ainm dúnfort Dháiví. Thog sé balla timpeall na cathrach ansin agus an Mileo chomh maith leis an mballa mórthimpeall. Rinne Ióáb an chuid eile den chathair a athnuachan. Chuaigh Dáiví i neart agus i neart mar bhí Tiarna na Slua ina chuideachta. Seo iad na príomhghaiscígh, iad siúd a chuaigh chun cinn i gcumhacht lena linn agus a rinne rí de, le hIosrael go léir, de réir bhriathar Dé i dtaobh Iosrael. Seo é an liosta de ghaiscígh Dháiví: Iáisiobám Hacmónach, ceannaire an tríocha taoiseach. Eisean a d' imir a thua chatha ar thrí chéad agus mharaigh iad ar an toirt. Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó an tAchóchach. Bhí seisean le Dáiví ag Pas Daimín nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ann. Bhí gort lán d' eorna ansiúd. Theith na saighdiúirí ó na Filistínigh. Sheas siad an fód i lár an ghoirt agus rinne siad é a chosaint agus rinne siad na Filistínigh a threascairt. Thug an Tiarna bua mór chun críche ar an gcuma sin. Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos go dtí Dáiví ag an gcarraig láimh le hUaimh Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím. Bhí Dáiví ansin sa dún agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil. Dúirt Dáiví le tnúth: «Uch nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile; tá sé le taobh an gheata.» Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna. «Gura fada uaim, a Thiarna,» ar sé, «é seo a ól. An ólfainn fuil na bhfear seo? Mar chuadar i mbaol anama á bhreith leo.» Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch. Ba é Aibísí, deartháir Ióáb, ceannaire an tríochad. Eisean a d' imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad. Ba mhó cáil é ná an tríocha agus rinne captaen de orthu, ach ní raibh dul aige ar an triúr. Banáiá mac Iahóiádá, laoch ó Chabzael, fear déanta móréachtaí, threascair sé dhá churadh ó Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann. Ba eisean freisin an té a mharaigh an tÉigipteach, fear mór groí cúig bhanlámh ar airde. Bhí sleá mar bhíoma fíodóra ina láimh ag an Éigipteach; ghabh sé síos ina choinne agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh eisean léi. Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóiádá a thuill cáil dó féin i measc an tríocha gaiscíoch. Ba mhó cáil é ná an tríocha ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda. Na gaiscígh chróga: Asáhael deartháir Ióáb. Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil. Seamót ó Harod. Heiliz an Palónach. Íreá mac Icéis ó Theacóá. Aibíeizir ó Anatót. Sibeacaí ó Huiseá. Iolaí ó Achó. Maharaí ó Natófá. Héilid mac Bháná ó Natófá. Iotai mac Ríobaí ó Ghibeá de threibh Bhiniáimin. Banáiá ó Phioráton. Húrai ó ghleannta Gháis. Aibíéil ó Bhéit-ha-Arabá. Azmárat ó Bhachúraím. Eiliachbá ó Sheálbon. Biné-háisim ó Ghizeon. Iónátán mac Sheágae ó Harár. Aichíám mac Shácár ó Harár. Eilífilit mac Úr. Héifir ó Mhacaerá. Aichíá an Palónach. Heazró ó Chairmeil. Nárai mac Eazbái. Ióéil deartháir Nátán. Miobchár mac Haigrí. Nacharaí ó Bhéarot a d' iompraíodh airm Ióáb mac Zarúá. Íreá ó Iaitír. Gáraeb ó Iaitír. Úiríá an Hiteach. Zábád mac Achlái. Aidíneá mac Shízeá, an Reúbaenach, ceannaire na Reúbaenach, agus ar an Tríocha. Hánán mac Mhácá. Ióiseáfát an Mitneach. Uizíá ó Aistearót. Seámá agus Ieíéil, clann mhac Hótám an tAroéireach. Idíéil mac Shimrí, agus Ióchá a dheartháir, an Tízeach. Eilíéil an Machavach. Iríobai agus Ióisaiviá, clann mhac Ealnám. Itmeá an Móábach. Eilíéil, Obaed, Iásaíéil ó Zobá. Sin iad na fir a ghabh le Dáiví ag Zicleag agus é fós díbeartha ó láthair Shóil mac Chís; ba ghaiscígh iad, lámh ar gcúl sa chath; Saigheadóirí iad ar chomhdheas dóibh deas agus clé leis an mbogha, agus le clocha nó saigheada. De ghaolta Shóil an Bhiniáimineach: Aichíeizir an taoiseach, Ióáis, beirt mhac Sheamá ó Ghibeá, Ízíael agus Peilit, mic Azmávat, Barácá agus Iéahú ó Anatót, 4 Ismáiá ó Ghibeón, laoch ar an tríocha agus ceannaire os a gcionn; 5 Irimia, Iachaizíéil, Ióchánán, Iózábád ó Ghadaerót; 6 Ealúzai, Írímeot, Bailiá, Seamariá, Seafatiá ó Hairíf; 7 Ealcáná, Isíá, Azarael, Ióeizir, Iáisiobám, Corachaigh; 8 Ióaelá, Zabadiá, clann mhac Iarochám ó Ghadór. 9 Ghabh Gadaigh áirithe le Dáiví sa daingean san fhásach. Ba laochra groí iad, oilte ar sciath agus ga. Ba leoin iad ar dhealramh, agus ba gheall le fianna iad ar na sléibhte le luas. 10 Eizir an taoiseach, Obaidiá an tánaiste, Eilíáb an tríú duine, 11 Mismeaná an ceathrú, Irimia an cúigiú, 12 Atai an séú, Eilíael an seachtú, 13 Ióchánán an t-ochtú, Ealzábád an naoú, 14 Irimia an deichiú, Macbanai an t-aonú duine déag. 15 Ba cheannairí airm na Gadaigh sin, agus gach duine díobh i gceannas, an té ba shuaraí i mbun céad duine, an té ba mhó i mbun míle. 16 Sin iad an dream a ghabh thar an Iordáin sa chéad mhí agus í ag cur thar a bruacha go léir, agus a chuir an teitheadh ar gach duine a raibh cónaí orthu ar a bruacha thoir agus thiar. 17 Tháinig cuid de chlann Bhiniáimin agus de chlann Iúdá chomh maith chuig Dáiví sa dún. 18 Chuaigh Dáiví ina gcoinne agus dúirt sé leo: «Má tháinig sibh chugam mar chairde le cabhrú liom, táim lánullamh ó chroí aontú libh; ach más d' fhonn mé a bhrath le mo naimhde, cé nach bhfúil aon urchóid ar mo lámha, ansin go gcoimeáda Dia ár sinsear súil oraibh agus go dtuga daorbhreith oraibh.» 19 Ansin tháinig an spiorad de ruathar ar Amásai, ceannaire an tríochad, agus dúirt sé: «Leatsa sinn, a Dháiví! Agus táimid leat, a mhic Ieise! Síocháin faoi dhó duit, agus síocháin do do lucht cúnta. Óir tá cabhair do Dhé chugat.» Ghlac Dáiví leo ansin, agus rinne oifigigh díobh ar a shaighdiúirí. 20 Ghabh cuid de chlann Mhanaise le Dáiví agus é ag dul chun catha in aghaidh Shóil. Ach níor thug sé aon chabhair dóibh siúd mar chuaigh taoisigh na bhFilistíneach i gcomhairle le chéile agus chuireadar chun siúil é. «Dá dtugadh sé cúl linn agus gabháil le Sól, a mháistir,» ar siad, «bheadh ár gceann i mbaol.» 21 Bhí sé ar a bhealach go Zicleag nuair a ghabh an mhuintir seo leanas de chlann Mhanaise leis: Adná, Iózábád, Ídíéil, Míocáéil, Iózábád, Eilíhiú, Zileatai, ceannairí míle i Manaise. 22 Ba thaca iadsan do Dháiví agus dá shluaite, mar gur churaí calma iad go léir, agus rinneadh oifigigh san arm díobh. 23 Bhí cabhair fear ag teacht chun Dáiví in aghaidh an lae i dtreo gur tháinig fás faoina longfort go ndearnadh longfort ábhalmhór de. Seo, de réir an rolla, áireamh na laochra ullamh chun catha a ghabh le Dáiví i Heabrón chun ríocht Shóil a sheachadadh dó de réir ordú an Tiarna: 24 25 Clann Iúdá ag iompar scéithe agus ga: sé mhíle ocht gcéad laoch faoi arm catha; 26 de chlann Shimeon: seacht míle céad laoch cróga i gcath; 27 de chlann Léiví: ceithre mhíle sé chéad, 28 seachas Iahóideá a bhí i gceannas chlann Árón, le trí mhíle seacht gcéad díobhsan, 29 agus Zádóc, laoch óg cróga, agus beirt cheannasaí fichead de fhiní a athar; 30 de chlann Bhiniáimin: trí mhíle de ghaolta Shóil, a raibh a bhformhór go dtí sin i seirbhís theaghlach Shóil; 31 de chlann Eafráim: fiche míle ocht gcéad de laochra cróga, fir a raibh cáil orthu i measc a bhfiní; 32 de leath-threibh Mhanaise: ocht míle déag a ainmníodh d' aonghnó le dul agus Dáiví a fhógairt ina rí; 33 de chlann Íosácár, fir a thuig tráth agus antráth, agus cathain agus conas ba cheart d' Iosrael beart a dhéanamh: dhá chéad taoiseach agus a ngaolta go léir faoina gceannas; 34 de chlann Zabúlun: caoga míle fear ullamh chun seirbhíse, réidh chun catha, le hairm chogaidh de gach sort, lucht teann tacaíochta aige; 35 de chlann Naftáilí: míle oifigeach, agus tríocha seacht míle fear faoi airm, le sciath agus ga; 36 de chlann Dhán: fiche ocht míle sé chéad, réidh chun catha; 37 de chlann Áiséar: daichead míle fear, ullamh chun seirbhíse, réidh chun catha. 38 Ón Olliordáin: céad agus a fiche míle fear de chlann Reúbaen, Gád, agus leaththreibh Mhanaise, le hairm chogaidh de gach sórt. 39 Tháinig na fir chogaidh seo go léir go Heabrón in eagar catha agus é d' aidhm agus de chuspóir acu Dáiví a fhógairt ina rí ar Iosrael; bhí an chuid eile d' Iosrael chomh maith meáite ar rí a dhéanamh de Dháiví. 40 D' fhan siad ansiúd le Dáiví ag ithe agus ag ól ar feadh trí lá. Bhí ullmhúchán déanta ag a ngaolta dóibh. 41 Tháinig ina theanntasan, a ngaolta ó chomh fada i gcéin le hÍosácár, Zabúlun, agus Naftáilí, le bia ar asail agus ar chamaill, ar mhiúileanna, agus ar dhaimh thug siad leo raidhse mine, cácaí figí, crobhaingí rísíní, fíon, ola, daimh agus caoirigh; mar bhí lúcháir in Iosrael. Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus le gach ceannasaí. Dúirt Dáiví le comhthionól uile Iosrael: «Más mian libh é, agus más é toil an Tiarna ár nDia é, seolfaimid teachtairí go dtí ar ngaolta eile ar fud críocha Iosrael go léir, agus go dtí na sagairt agus na Léivítigh sna cathracha agus sna tailte féaraigh ina gcóngar chomh maith, á iarraidh orthu gabháil linn. Ansin tabharfaimid áirc ár nDé linn mar rinneamar faillí inti le linn Shóil.» D' aontaigh an comhthionól go léir leis sin mar gur tuigeadh dóibh gurb é an ceart é a dhéanamh. Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile ó Shíochór na hÉigipte go Bealach Hamát d' fhonn áirc Dé a thabhairt ar ais ó Chiriat Iáraím. Chuaigh Dáiví agus Iosrael go léir suas go Bálá, go Ciriat Iáraím in Iúdá chun áirc Dé, ar a dtugtar ainm an Tiarna atá ina shuí ar na ceiribíní, a thabhairt aníos ón áit sin. Leag siad áirc Dé ar charr nua i dteach Aibíonádáb. Bhí Uzá agus Aichió ag tiomáint an chairr, agus bhí Dáiví agus Iosrael go léir ag rince os comhair Dé ar a ndícheall, ag gabháil amhrán le ceol na lirí, na gcruiteanna, na mbodhrán, na gciombal, agus na dteampán. Nuair a thángadar chomh fada le hurlár buailte na Bunsaí, shín Uzá a lámh uaidh amach le greim a bhreith ar an áirc mar go raibh na daimh ag tuisliú. Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus leag sé ar lár é mar gur chuir sé lámh ar an áirc, agus fuair sé bás ansiúd i láthair Dé. Bhí Dáiví míshásta mar gur bhladhm an Tiarna i bhfearg in aghaidh Uzá; agus tugtar an Bhladhm-in-aghaidh-Uzá ar an áit ó shin. Bhí eagla ar Dháiví an lá sin roimh Dhia. «Conas a thabharfainn áirc Dé liom abhaile?» ar sé. Níor thug Dáiví an áirc leis abhaile go cathair Dháiví dá bhrí sin, ach thug sé í go teach Obaed Eadóm an Gatach. D' fhan áirc Dé le muintir Obaed Eadóm, ina theach, ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar mhuintir Obaed Eadóm agus ar a raibh aige. Chuir Híorám rí na Tuíre teachtairí go Dáiví le hadhmad céadair agus saoir chloiche, agus saoir adhmaid, le pálás a thógáil dó. Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ag an Tiarna mar rí ar Iosrael, agus go raibh a réimeas á mhóradh ar mhaithe lena phobal Iosrael. Ghlac Dáiví a thuilleadh ban chuige i Iarúsailéim agus ghin sé a thuilleadh mac agus iníonacha. Seo iad ainmneacha na leanaí a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobáb, Nátán, Solamh, Ibcheár, Eilíseúa, Eilpilit, Noga, Neifig, Iáifía, Eilíseámá, Beiliádá, agus Eilífilit. Nuair a chuala na Filistínigh gur ungadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir mháirseáil siad go léir amach ar a thóir. Chuala Dáiví ina thaobhsan agus ghabh sé amach ina gcoinne. Nuair a tháinig na Filistínigh chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím. Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia á rá: «An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú i mo lámha dom iad?» D' fhreagair an Tiarna é: «Ionsaigh iad! Tabharfaidh mé i do lámha duit iad.» Ghabh siad suas go Bál Parázaím dá bhrí sin agus bhuaigh Dáiví orthu ansiúd. Dúirt Dáiví: «Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad le mo chabhair, faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.» Tugadh, dá bhrí sin, Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin. D' fhág na Filistínigh a n-íola ansiúd agus d' ordaigh Dáiví iad a dhó, rud a rinneadh. Tháinig na Filistínigh arís agus chuir siad cóiriú oscailte catha orthu féin sa ghleann. Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia agus d' fhreagair Dia é: «Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim. Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann balsaim, ar aghaidh le d' ionsaí mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.» Rinne Dáiví mar a d' ordaigh an Tiarna dó, agus chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go dtí Bealach Gheizir. Leath cáil Dháiví ar fud na gcríoch go léir, agus líon an Tiarna gach cine le heagla roimhe. Thóg Dáiví tithe dó féin i gcathair Dháiví agus d' ullmhaigh sé áit d' áirc an Tiarna, agus thóg both di. Ansin dúirt Dáiví: «Ní ceadmhach ach do na Léivítigh áirc Dé a iompar, óir thogh an Tiarna iad le háirc an Tiarna a iompar agus le fónamh dó go brách.» Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile in Iarúsailéim chun áirc Dé a thabhairt suas chun na háite a bhí ullamh aige di. Chruinnigh Dáiví le chéile clann Árón agus clann Léiví; de chlann Chohát: Úiríéil an taoiseach agus a chéad gaol agus fiche; de chlann Mharáraí: Asáiá an taoiseach agus a dhá chéad gaol agus fiche; de chlann Ghéirseom: Ióéil an taoiseach agus a chéad gaol agus tríocha; de chlann mhac Eilízáfán: Seamaíá an taoiseach agus a dhá chéad gaol; de chlann Heabrón: Eilíéil an taoiseach agus a cheithre fichid gaol; de chlann mhac Uizíéil: Aimíonádáb an taoiseach agus a dháréag gaol ar chéad. Chuir Dáiví fios ar na sagairt Zádóc agus Aibíátár agus ar na Léivítigh Úiriéil, Asáiá, Ióéil, Seamáiá, Eilíéil agus Aimíonádáb. Dúirt sé leosan: «Sibhse cinn finí na dteaghlach Léivíteach; naomhaígí sibh féin agus bhur ngaolta agus tugaigí áirc an Tiarna, Dia Iosrael, suas chun na háite atá ullamh agam di. Is de bhrí nach raibh sibh ann an chéad uair a bhladhm an Tiarna ár nDia inár n-aghaidh, mar ní dheachamar faoina déin sa tslí is dual.» Naomhaigh na sagairt agus na Léivítigh iad féin le háirc an Tiarna, Dia Iosrael, a bhreith suas. D' iompair na Léivítigh áirc Dé agus a cuaillí ar a nguaillí faoi mar a d' ordaigh Maois de réir bhriathar an Tiarna. Agus dúirt Dáiví le cinn urra na Léivíteach a ngaolta a cheapadh mar chantairí chun geantraí a sheinm ar a ngléasanna ceoil, ar chláirseacha, ar chruiteanna agus ar chiombail. Ansin cheap na Léivítigh Héamán mac Ióéil; Ásáf mac Bheiriciá, duine dá ghaolta; Éatán mac Chúiseáiá, duine dá ngaolta de chlann Mharáraí; agus ina dteanntasan, sa chéad ghrád eile, a ngaolta: Zacairiá mac Iaizíéil, Simíreámót, Íchíéil, Uiní, Eilíáb, Banáiá, Másaeiá, Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, lucht faire an gheata. Na cantairí Héamán, Ásáf, agus Éatán bhí siadsan leis na ciombail chré-umha a bhualadh; Zacairiá, Iáizíéil, Simíreámót, Ichíéil, Uiní, Eilíáb, Másaeiá, Banáiá bhí siadsan leis an gcruit eochrach a sheinm; Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, Azaiziá bhíodarsan leis an mbuille a ghabháil agus an lir ochtávach a sheinm. Canainiá ceannaire ceoil na Léivíteach, a bhí oilte ar an gceol, bhí sé le dul i gceannas air. Bhí Beiriciá agus Ealcáná le bheith i bhfeighil gheata na háirce. Bhí na sagairt Seabainiá, Ióiseáfát, Natanael, Amásai, Zacairiá, Banáiá, Eilíeizir, leis an stoc a shéideadh roimh áirc Dé; bhí Obaed Eadóm agus Íchiá le bheith i bhfeighil gheataí na háirce. D' imigh Dáiví agus seanóirí Iosrael agus na ceannairí míle le háirc chonradh an Tiarna a bhreith ó theach Obaed Eadóm faoi lúcháir mhór. De bhrí go raibh Dia ag cabhrú leis na Léivítigh a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, d' ofráil siad seacht dtarbh agus seacht reithe. Bhí éide de línéadach mín ar Dháiví mar a bhí ar na Léivítigh go léir a bhí ag iompar na háirce, ar an cantairí agus ar Chanainiá, an té a bhí i gceannas ar cheol na gcantairí. Chaith Dáiví an t-éafód lín freisin. Thug Iosrael go léir áirc chonradh an Tiarna aníos le gártha, le séideadh na hadhairce agus na stoc, le bualadh na gciombal, agus le téada cruite agus cláirsí ar crith. Nuair a bhí áirc chonradh an Tiarna ag gabháil isteach i gcathair Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví ag rince agus ag ábhacht os comhair an Tiarna; fuair sí drochmheas air ina croí. Thug siad áirc an Tiarna isteach agus chuir siad í sa bhoth a bhí réitithe ag Dáiví di; agus d' ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i láthair Dé. Nuair a bhí deireadh na n-íobairtí dóite agus na n-íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví, bheannaigh sé an pobal in ainm an Tiarna. Ansin roinn sé ar na hIosraelaigh go léir, idir fhir agus mhná, builín aráin an duine, píosa feola, glac dátaí, agus císte rísíní. Cheap Dáiví cuid de na Léivítigh ina ministirí os comhair áirc an Tiarna leis an Tiarna, Dia Iosrael, a impí, a ghlóiriú, agus a mholadh: Ásáf i gceannas, Zacairiá sa dara háit, ansin [Uizíéil], Simíreámót, Íchíéil, Maititiá, Eilíáb, Banáiá, Obaed Eadóm, Íéil. An chláirseach agus an chruit a bhí le seinm acusan; bhí Ásáf leis na ciombail a bhualadh. Bhí na sagairt Banáiá agus Iachaizíéil leis an adharc a shéideadh gan stad os comhair áirc chonradh an Tiarna. An lá sin rinne Dáiví, fear molta an Tiarna thar chách, an t-amhrán molta seo a chur faoi chúram Ásáf agus a ghaolta: Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí go hard ar a ainm. Foilsígí a oibreacha i measc na gciníocha! Canaigí dó, seinnigí dó, Insígí a éachtaí go léir! Bíodh mórtas oraibh mar gheall ar a ainm naofa, Agus bíodh lúcháir chroí ar an muintir atá sa tóir ar an Tiarna. Bíodh tóir agaibh ar an Tiarna agus ar a neart, Lorgaígí a ghnúis gan stad. Bíodh cuimhne agaibh ar na hiontais a rinne sé, Ar na héachtaí a rinne sé, agus ar bhreitheanna a bhéil. A cheap Iosrael, a sheirbhíseach, A chlann mhac Iacóib a thogh sé! Eisean, an Tiarna, ár nDia; Tá a údarás os cionn na cruinne go léir. Is cuimhin leis a chonradh go síoraí, Agus a bhriathar ceannais ar feadh na mílte glún, An conradh a rinne sé le hAbrahám, An mionn a mhionnaigh sé le hÍosác, Agus a dhaingnigh sé le Iacób ina reacht daingean, Agus le hIosrael ina chonradh síoraí, Á rá: «Duitse a thabharfaidh mé tír Chanán, Mar oidhreacht athartha.» Nuair ba bheag é a líon, Ina ndeoraithe ann gan aird, Ag dul ó chine go cine, Ó ríocht anseo go pobal ansiúd, Níor lig sé d' aon duine luí orthu, Ach smachtaigh sé ríthe ar a son. «Ná bainigí le mo lucht ungtha,» ar sé, «Ná déanaigí dochar do mo fháithe!» Canaigí don Tiarna, a thíortha uile; Fógraígí a shlánú ó lá go lá. Insígí faoina ghlóir i measc na gciníocha! Agus faoina éachtaí i measc na bpobal go léir. Óir is mór é an Tiarna, agus tá sé le moladh go hard. Agus tá urraim ag dul dó thar na déithe go léir. Níl sna déithe go léir ach neamhní, Ach rinne an Tiarna féin na spéartha. Tá glóir agus mórgacht ina láthair, Cumhacht agus lúcháir ina áit féin. Tugaigí glóir agus cumhacht Mar cháin don Tiarna, a theaghlacha pobal; Tugaigí an ghlóir is dual dá ainm, don Tiarna! Beirigí amach an ofráil agus tugaigí os a chomhair í. Adhraigí an Tiarna ina chúirt naofa. Bí-se, a chruinne go léir, ar crith roimhe. Rinne sé an domhan daingean dobhogtha; Bíodh lúcháir ar na flaithis, agus aoibhneas ar talamh! Abraigí i measc na gciníocha: «Sé an Tiarna is Ri!» Go lige an fharraige, agus a bhfuil inti, búir aisti; Bíodh lúcháir ar na goirt agus ar a bhfuil iontu. Cuireadh crainn na coille gáir áthais suas, i bhfianaise an Tiarna mar tá sé ag teacht a rialú na cruinne. Beirigí buíochas leis an Tiarna mar is maith é; Maireann a bhuanghrá go brách! Abraigí: «Tarrthaigh sinn, a Dhia ár slánaithe; Cruinnigh le chéile sinn agus fuascail sinn ó lár na gciníocha; Ionas go gceiliúrfaimis d' ainm naofa, Agus go mbeadh mórtas orainn do do mholadh. Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael, ó shíoraíocht go síoraíocht.» Ansin dúirt an pobal go léir «Amen» agus mhol siad an Tiarna. D' fhág Dáiví Ásáf agus a ghaolta ansiúd os comhair áirc chonradh an Tiarna le seirbhís bhuan a dhéanamh os comhair na háirce mar a d' éiligh gach lá; agus Obaed Eadóm lena ochtar gaol agus trí fichid; cuireadh Obaed Eadóm, mac Iadútún, agus Hosá i bhfeighil an gheata. D' fhág sé Zádóc an sagart agus a shagairt ghaoil os comhair thaibearnacal an Tiarna ar an ardionad i nGibeón, le híobairtí uileloiscthe a ofráil gan stad maidin agus tráthnóna ar altóir an uileloiscthe agus le gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna, an dlí a leag sé ar Iosrael, a chomhlíonadh. Bhí Héamán agus Iadútún ina dteannta agus an chuid eile díobh siúd a toghadh agus a ainmníodh le Dia a mholadh, «mar maireann a bhuanghrá de shíor». Bhí Héamán agus Iadútún i bhfeighil na stoc agus na gciombal agus na n-uirlisí don cheol a bhí ag gabháil le hiomainn mholta Dé. Cuireadh clann mhac Iadútún i bhfeighil an gheata. Ansin d' imigh an pobal go léir leo, gach duine chun a thí féin, agus d' fhill Dáiví abhaile le beannacht a chur ar a theaghlach féin. A luaithe a bhí Dáiví socair ina theach, dúirt sé leis an bhfáidh Nátán: «Féach! táimse ag cur fúm i dteach céadair, ach tá áirc chonradh an Tiarna faoi dhíon botha.» Dúirt Nátán le Dáiví: «Déan gach uile ní is áil le do chroí, óir tá Dia leat.» Ach an oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán: «Imigh leat agus abair le mo shearbhónta Dáiví: 'Seo mar a labhraíonn an Tiarna: Ní tusa an té atá le teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí. Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé Iosrael amach go dtí an lá inniu, ach ag gabháil ó bhoth go both, ó dhíon go díon. Le linn mo chuid taistil go léir le hIosrael go léir, ar dhúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal: Cén fáth nár thóg tú teach céadair dom?' Seo an rud is gá duit á rá le mo shearbhónta Dáiví: 'Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thug mé ón talamh féaraigh thú agus ó ghiollacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal. Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An dream is mó ar talamh, ní mó a gclú ná an clú a thabharfaidh mé duitse. Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí ina n-áit féin agus ní chuirfear isteach orthu arís, ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na drochdhaoine orthu mar a bhíodh an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh mé do naimhde go léir a chloí; [déanfaidh mé mór thú]; déanfaidh an Tiarna teaghlach díot. Agus nuair a bheidh deireadh le do ré agus go gcaithfidh tú dul ar shlí do shinsear, ardóidh mé do shíol i do dhiaidh, mac leat féin, agus daingneoidh mé a fhlaitheas. Eisean a thógfaidh teach dom, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo. Beidh mé i m' athair aige, agus eisean ina mhac agam; ní tharraingeoidh mé mo bhuanghrá uaidh, mar a rinne mé leis an bhfear a chuaigh romhat. Déanfaidh mé é a chaomhnú go deo i mo theach agus i mo ríocht, agus beidh a ríchathaoir go daingean go deo.'» D' inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví. Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: «Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, chun gur threoraigh tú an fad seo mé? Ach ní leor leat an fad seo, a Dhia, agus déanann tú do gheallúintí a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn. Taispeánann tú mar a bheadh líne shleachta agus is é an Tiarna, Dia, atá á gheallúint. Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat de bharr mar a thug tú onóir do do shearbhónta? Tú féin a rinne do shearbhónta a roghnú. Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a d' fhoilsigh tú na nithe móra seo atá le teacht. Níl aon neach mar thú a Thiarna, agus níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin. An bhfúil pobal eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, á mhóradh féin agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha roimh do phobal a d' fhuascail tú ón Éigipt? De do phobal Iosrael rinne tú do phobal féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá i do Dhia acu feasta. Anois, a Thiarna, an gealltanas a rinne tú, le do shearbhónta agus lena theaghlach, bíodh sé daingean go deo, agus déan mar a dúirt tú. Bíodh sé daingean socair go mbeidh d' ainm in ardchéim go deo, agus déarfaidh daoine: 'Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael; sé is Dia ag Iosrael.' Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair, óir is tusa, tusa féin, a d' fhoilsigh do do sheirbhíseach go dtógfá teaghlach dó; dá bhrí sin bhí sé de mhisneach ag do shearbhónta an phaidir seo a chur suas chugat. Sea, a Thiarna, is Dia thú go deimhin, agus rinne tú an gealltanas fónta seo do do sheirbhíseach. Deonaigh mar sin teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfeadh sé go deo i do láthair. Óir gach ar a gcuireann tú do bheannacht, bíonn beannacht air go deo.» Ina dhiaidh sin bhris Dáiví ar na Filistínigh agus chloígh iad. Ghabh sé Gat agus na bailte máguaird ó lámha na bhFilistíneach. Bhris sé freisin ar Mhóáb, agus thug Móáb géillsine do Dháiví agus d' íoc cáin leis. Chloígh Dáiví Hadad Eizir rí Zóbá agus é ar an mbealach chun a chumhacht a leathnú thar abhainn an Eofrataes. Ghabh Dáiví míle carbad, seacht míle carbadóir, agus fiche míle troitheach uaidh. Ghearr Dáiví speireacha seisreacha na gcarbad, ach céad díobh a choimeád sé. Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh. Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Arám na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d' íocadar cáin leis. Thugadh an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé. Thóg Dáiví na sciatha óir a bhíodh á n-iompar ag cosantóirí Hadad Eizir agus thug leis iad go Iarúsailéim. Thug Dáiví dlús mór cré-umha ó Thibeat agus ó Chún, cathracha le Hadad Eizir; de sin a rinne Solamh an mhuir chré-umha, agus na colúin chré-umha, agus na soithí cré-umha. Nuair a chuala Tóú rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir rí Zóbá go léir, chuir sé a mhac Hadórám go Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air, mar gur mhinic é Hadad Eizir ag troid le Tóú. Chuir sé gréithe óir, airgid agus cré-umha de gach sort chuige. Rinne Dáiví rí iadsan go léir a choisreacan don Tiarna mar aon leis an airgead agus leis an ór a rinne sé a thobhach ó na náisiúin go léir a bhí curtha faoi chois aige: Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic. Chloígh Aibísí mac Zarúá na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, ocht míle dhéag díobh. Chuir sé garastúin in Eadóm agus tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thugadh an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé. Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad, ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir. Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm, agus Iahóiseáfát mac Aichíliúd ina sheanchaí. Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Seavsea ina rúnaí. Bhí Banáiá mac Iachóiádá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví sa chéad áit lena thaobh. Fuair Nácháis rí na nAmónach bás ina dhiaidh sin agus tháinig a mhac i gcoróin ina áit. Dúirt Dáiví leis féin: «Beidh mé chomh cineálta céanna le Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair liomsa.» Chuir Dáiví seirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a tháinig seirbhísigh Dháiví go Hánún i dtír na nAmónach lena dteachtaireacht chomhbhróin, dúirt ceannairí na nAmónach le Hánún: «An dóigh leat gur d' fhonn onóir a thabhairt do d' athair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a scrios, agus a spíonadh?» Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad, agus d' imigh siad leo. Nuair a insíodh do Dháiví faoinar tharla do na fir, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir: «Fanaigí i Ireachó,» arsan rí, «go bhfása bhur bhféasóg arís agus tagaigí ar ais ansin.» Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin ginte ag Dáiví dóibh, sheoladar míle tallann airgid le carbaid agus carbadóirí a fhostú ó Aramaeigh na Measpatáime Uachtaraí, Mácá agus Zóbá. D' fhostaigh siad tríocha dó míle carbad, agus rí Mhácá agus a chuid fear, agus tháinig siadsan agus shuigh siad a longfort os comhair Mhaedabá; maidir leis na hAmónaigh, chruinníodar le chéile as a gcathracha agus ghluaiseadar ar aghaidh chun catha. Nuair a chuala Dáiví é sin sheol sé amach Ióáb leis na saighdiúirí singil agus leis na curaidh. Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag an mbealach isteach sa chathair, ach d' fhan na ríthe a tháinig ó chéin leo féin sa mhachaire. Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla le chéile, roghnaigh sé cuid de thogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech. Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí agus cóiríodh iad in aghaidh na nAmónach. «Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, tarsa i gcabhair orm,» ar sé, «ach má bhíonn na hAmónaigh róthréan duitse, rachaidh mise i gcabhair ortsa. Bíodh misneach agat agus seasaimis an fód ar son ár bpobail agus ar son cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.» Chuaigh Ióáb agus an mhuintir a bhí in éineacht leis i ngleic leis na hAramaeigh, ach theitheadarsan uaidh. Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh, theitheadar féin leis ó Aibísí, deartháir Ióáb, agus isteach leo ina gcathair. Ansin d' fhill Ióáb ar ais go Iarúsailéim. Nuair a chonaic na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chuireadar teachtairí uathu agus thionóladar na hAramaeigh ó lastall den abhainn, le Seofac, ceann feadhna arm Hadad Eizir, á dtreorú. Nuair a insíodh é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile agus ghabh thar an Iordáin, tháinig suas leo, agus ghabh láthair taobh leo. Chóirigh Dáiví a shluaite in eagar catha os comhair na nAramaech agus chuadarsan i ngleic leis. Ach theith na hAramaeigh ó Iosrael agus mharaigh Dáiví seacht míle dá bhfoirne carbad, agus daichead míle troitheach; mharaigh sé Seofac a gceann feadhna chomh maith. Nuair a chonaic géillsinigh Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinne siad síocháin le Dáiví, agus ghéill dó. Níorbh áil leis na hAramaeigh ansin a thuilleadh cabhrach a thabhairt do na hAmónaigh. Ar theacht na bliana úire, an t-am is gnách le ríthe dul ar fheachtas, threoraigh Ióáb na saighdiúirí amach agus chreach tír na nAmónach agus d' imigh agus chuir léigear ar Rabá. D' fhan Dáiví in Iarúsailéim. Ghabh Ióáb Rabá, agus rinne sé a scartáil. Bhain Dáiví an choróin de cheann Mhiolcom, agus fuair amach gur mheáigh sí tallann óir. Bhí cloch luachmhar suite inti as a ndearnadh ornáid do cheann Dháiví. Thug sé leis creach mhór as an gcathair. Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piceanna, agus le tuanna iarainn. Thug Dáiví an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d' fhill Dáiví agus an t-arm ar fad go Iarúsailéim. Ina dhiaidh sin, bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh i nGeizir. Sin é an uair a mharaigh Suibeacai an Huiseátach Suipí, de shliocht na Rafáím. Cloíodh na Filistínigh. Bhris cogaíocht amach arís eile leis na Filistínigh agus mharaigh Ealchánán mac Iáír Lachmaí, deartháir Ghóla an Giteach, ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá. Bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhéar ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Rafa eisean chomh maith. Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeá, deartháir Dháiví, é. Ba de shliocht Rafa ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon. D' éirigh Sátan ina sheasamh in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví le daonáireamh a dhéanamh ar Iosrael. Dúirt Dáiví dá bhrí sin le Ióáb agus le hoifigigh shinsearacha an airm: «Imígí libh agus déanaigí daonáireamh ar Iosrael, ó Bhéit Seaba go Dán, agus tugaigí cuntas chugam i dtreo gurbh eol dom an líon iomlán.» Dúirt Ióáb: «Go gcuire an Tiarna an rath faoi chéad ar do phobal! Nach seirbhísigh le mo thiarna iad go léir, a thiarna, mo rí? Cén fáth a ndéanfadh mo thiarna an fiosrú seo? Cén fáth a dtabharfaí ciontacht ar Iosrael?» Ach chuir an rí an t-ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus d' imigh Ióáb leis agus ghabh trí Iosrael go léir agus ansin d' fhill ar Iarúsailéim. Thug Ióáb figiúir an daonáirimh do Dháiví: in Iosrael go léir bhí milliún agus céad míle fear tarraingthe claímh, agus in Iúdá ceithre chéad seachtó míle fear tarraingthe claímh. Ba ghráin le Ióáb ordú an rí chomh mór sin nach ndearna sé aon áireamh ar Léiví ná ar Bhiniáimin. Ach bhí Dia míshásta leis an iompar seo agus bhuail sé Iosrael. Ansin dúirt Dáiví le Dia: «Pheacaigh mé go trom á dhéanamh seo. Ach anois, impím ort an choir seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Bhí mé an-amaideach.» Ansin labhair an Tiarna le Gád, fear feasa Dháiví á rá: «Imigh agus abair le Dáiví: 'Seo mar a deir an Tiarna: Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.'» Chuaigh Gád dá bhrí sin go Dáiví agus dúirt leis: «Seo mar a deir an Tiarna: 'Bíodh do rogha agat: trí bliana de ghorta, nó trí mhí de scrios faoi lámha do naimhde agus claíomh do namhad á ropadh ionat, nó trí lá faoi chlaíomh an Tiarna agus plá sa tír ar feadh trí lá agus aingeal an Tiarna ag déanamh léirscrios ar chríocha Iosrael go léir.' Socraigh anois cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.» Dúirt Dáiví le Gád: «Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitfinn i lámha an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, ná i lámha daoine.» Chuir an Tiarna plá ar Iosrael, agus fuair seachtó míle d' fhir Iosrael bás. Ansin chuir an Tiarna an t-aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d' fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: «Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!» Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach. D' ardaigh Dáiví a shúile agus chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh idir neamh agus talamh, agus claíomh nocht ina láimh aige sínte amach i dtreo Iarúsailéim. Ansin Dáiví agus na seanóirí, agus iad gléasta in éadach róin, thit siad ar a mbéal agus ar a bhfiacla. Dúirt Dáiví le Dia: «Nach mise a thug an t-ordú an pobal a áireamh? Mise a pheacaigh; is mise a rinne an drochrud seo. Ach na daoine seo, an tréad seo, cad tá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa, a Thiarna mo Dhia, agus ar mo chlann; ach téadh do phobal slán ón bplá.» Dúirt aingeal an Tiarna ansin le Gád: «Ní foláir do Dháiví dul suas agus altóir a thógáil don Tiarna ar urlár buailte Ornán an Iabúsach.» Ghabh Dáiví suas dá bhrí sin de réir bhriathar Ghád, an briathar a labhair sé in ainm an Tiarna. Bhí Ornán ag bualadh cruithneachta, agus chas sé ar a sháil agus chonaic an t-aingeal agus chuaigh sé i bhfolach, é féin agus a cheathrar mac a bhí in éineacht leis. Nuair a bhí Dáiví ag teacht chuige, d' fhéach Ornán síos agus chonaic Dáiví; d' fhág sé an t-urlár buailte, agus thug sé ómós do Dháiví agus a cheann crom chun talún. Ansin dúirt Dáiví le hOrnán: «Tabhair dom láthair an urláir bhuailte le haltóir a thógáil ann don Tiarna tabhair dom é ar a luach iomlán i dtreo go gcasfaí an phlá ar shiúl ón bpobal.» Ansin dúirt Ornán le Dáiví: «Tóg é, agus déanadh mo thiarna, an rí, mar is áil leis. Seo duit na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí mar adhmad, agus an chruithneacht mar abhlann. Bídís go léir agat.» Ach dúirt Dáiví rí le hOrnán: «Ní dhéanfaidh mé amhlaidh ach ceannóidh mé uait é ar a lánluach. Ní thógfaidh mé don Tiarna an rud is leatsa; ní ofrálfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm.» Thug Dáiví dá bhrí sin sé chéad seicil óir meáite d' Ornán ar an láthair. Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d' ofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus d' fhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe, agus thug sé ordú don aingeal agus chuir sé a chlaíomh ina thruaill. Nuair a chonaic sé gur fhreagair an Tiarna é ar urlár buailte Ornán an Iabúsach, d' ofráil Dáiví íobairt dó ansiúd. Taibearnacal an Tiarna a rinne Maois san fhásach, agus altóir an uileloiscthe, bhíodar an uair sin san ardionad i nGibeón. Ach ní raibh sé ar a chumas ag Dáiví dul isteach i láthair Dé ansiúd le dul i gcomhairle leis, le barr eagla roimh chlaíomh aingeal an Tiarna. Ansin dúirt Dáiví: «Anseo a bheidh teach an Tiarna, Dia; anseo a bheidh altóir an uileloiscthe d' Iosrael.» Thug Dáiví ordú na daoine deoranta go léir a bhí ag cur fúthu i dtír Iosrael a chruinniú le chéile; agus chuir sé lucht gearrtha cloch ag soláthar cloch gearrtha le haghaidh tógáil theach Dé. Rinne Dáiví freisin soláthairtí móra iarainn a bhailiú le chéile le tairní a dhéanamh do chomhlaí na ndoirse agus tuislí; agus bhailigh sé níos mó cré-umha ná mar d' fhéadfaí a mheá, agus bíomaí céadair gan áireamh, mar thug na Síodónaigh agus na Tuírigh freisin raidhse céadair chuig Dáiví. Ansin dúirt Dáiví: «Fear óg gan taithí na mblianta is ea mo mhac Solamh, agus an teach atá le tógáil don Tiarna, ní foláir é a bheith an-taibhseach agus clú agus ainm in airde a bheith air i ngach tír. Déanfaidh mé ullmhú ina chomhair dá bhrí sin.» Rinne Dáiví más ea, go leor ullmhúcháin roimh éag dó. Chuir sé fios ar a mhac Solamh ansin agus leag de chúram air teach a thógáil don Tiarna Dia Iosrael. «A mhic,» arsa Dáiví le Solamh, «bhí mé meáite i mo chroí ar theach a thógáil d' ainm an Tiarna mo Dhia. Ach tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: 'Dhoirt tú a lán fola agus d' fhear tú cogaí móra; ní thógfaidh tú teach do m' ainm mar gur dhoirt tú an oiread sin fola ar an talamh i mo láthair. Ach, féach, rugadh mac duit. Beidh seisean ina fhear síochána, agus tabharfaidh mé síocháin dó ó na naimhde go léir atá ina thimpeall; mar Solamh (mac na síochána) is ainm dó agus tabharfaidh mé síocháin agus suaimhneas d' Iosrael lena linn. Tógfaidh sé teach do m' ainm; beidh sé mar mhac agam agus beidh mise mar athair aige, agus daingneoidh mé a chathaoir rí in Iosrael go brách.' Go raibh an Tiarna leat anois, a mhic, agus go gcuire sé an rath ort, ag tógáil tí don Tiarna do Dhia, mar a dúirt sé i do thaobh. Agus fairis sin go dtuga sé eagna agus tuiscint duit, i dtreo, nuair a chuirfidh sé i bhfeighil Iosrael thú, go gcoimeádfaidh tú dlí an Tiarna do Dhia. Rithfidh leat ansin má chomhlíonann tú le barr cúraim na reachtanna agus na dlíthe a leag an Tiarna ar Mhaois d' Iosrael. Bíodh fuinneamh agus misneach agat! Ná bíodh eagla ná meatacht ort! Dá [bhoichte] mé, tá céad míle tallann óir curtha i leataobh agam, milliún tallann airgid, agus oiread umha agus iarainn nach féidir a thomhas, le toirt. Tá adhmad agus clocha curtha i dtaisce agam agus ní mór duit cur leo. Tá a lán oibrithe agat: lucht gearrtha cloch, saoir, siúinéirí, ceardaithe de gach sórt atá oilte ar shaothar óir agus airgid agus cré-umha agus iarainn. Corraigh ort dá bhrí sin agus bí ag obair agus go raibh an Tiarna leat!» D' ordaigh Dáiví do cheannairí uile Iosrael cabhrú le Solamh a mhac á rá: «Nach bhfúil an Tiarna bhur nDia in éineacht libh? Nach bhfúil síocháin tugtha aige daoibh máguaird ar gach taobh? Mar thug sé lucht áitribh na tíre faoi mo bhois dom, agus tá an tír ar fad tugtha faoi smacht an Tiarna agus a phobail. Dírigí bhur gcroí agus bhur n-aigne ar an Tiarna bhur nDia a lorg. Éirígí agus tógaigí sanctóir an Tiarna bhur nDia i dtreo gur féidir libh áirc chonradh an Tiarna agus soithí naofa Dé, a bhreith isteach i dteach a thógfar d' ainm an Tiarna.» Nuair a bhí Dáiví ina laethe lána liatha, cheap sé Solamh a mhac ina rí ar Iosrael. Chruinnigh sé taoisigh Iosrael go léir le chéile, agus na sagairt agus na Léivítigh. Áiríodh na Léivítigh go léir a bhí tríocha bliain d' aois nó níos mó agus ba é a líon ná tríocha hocht míle fear. Bhí ceithre mhíle fichead díobhsan i bhfeighil sheirbhís theach an Tiarna; ba scríobhaithe agus breithiúna sé mhíle díobh; bhí ceithre mhíle díobh i bhfeighil na ngeataí, agus ceithre mhíle díobh ag moladh an Tiarna leis na gléasanna ceoil a chuir [Dáiví] á ndéanamh chuige sin. Ansin roinn Dáiví iad ina ranganna de réir chlann Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí. Clann mhac Géirseon: Ladán agus Simeí. Clann Ladán: Ichíéil sa chéad áit, Zeatám agus Ióéil: triúr ar fad. Clann mhac Shimeí: Sealmót, Haizíéil agus Hárán: triúr. Ba iad sin cinn finí Ladán. Clann mhac Shimeí: Iachat, Zíneá, Ieúis, Beiríá; ba iadsan clann mhac Shimeí, ceathrar ar fad. Ba é Iachat an sinsear, Zízeá an dara duine; ansin de bhrí nach raibh clann mhac mhór ag Ieúis agus ag Beiriá, áiríodh iadsan mar aon fhine amháin. Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón agus Uizíéil: ceathrar. Clann mhac Amrám: Árón agus Maois. Cuireadh Árón ar leithligh leis na nithe rónaofa a choisreacan é féin agus a chlann mhac go brách le túis a dhó i láthair an Tiarna, seirbhís a dhéanamh dó, agus beannacht a thabhairt ina ainm go brách. Áiríodh clann Mhaois, giolla Dé, ar threibh Léiví. Clann mhac Mhaois: Géirseom agus Eilíeizir. Clann mhac Ghéirseom: Seabúéil an sinsear. Clann mhac Eilíeizir: Rachaibiá an sinsear; ní raibh aon mhac eile ag Eilíeizir, ach bhí clann mhór ar Rachaibiá. Clann mhac Izeár: Sealoimít an sinsear. Clann mhac Heabrón: Iríá an sinsear, Amairiá an dara mac, Iachaizíéil an tríú mac, agus Iacamám an ceathrú mac. Clann mhac Uizíéil: Míceá an sinsear agus Isíá an dara mac. Clann mhac Mharáraí: Mailí agus Múisí. Clann mhac Mhailí: Eileázár agus Cís. D' éag Eileázár gan oidhre mic, ach iníonacha, agus phós a ngaolta clann mhac Chís iadsan. Clann mhac Mhúisí: Mailí, Éidir agus Iaraemót: triúr acu. Ba iadsan clann Léiví de réir a bhfiní, cinn a bhfiní, mar a ríomhadh iad ó ainm ina nduine agus ina nduine; aon duine a bhí fiche bliain d' aois nó breis, bhí dualgas air i mbun seirbhís Theampall an Tiarna. Óir dúirt Dáiví: «Thug an Tiarna Dia Iosrael síocháin dá phobal agus tá sé ag cur faoi in Iarúsailéim go brách. Níl sé de cheangal ar na Léivítigh an taibearnacal ná aon ní a ghabhann le freastal air a iompar a thuilleadh.» Óir na Léivítigh a áiríodh, de réir focail deiridh Dháiví, bhí siad fiche bliain agus ós a chíonn «Sé an dualgas atá orthu ná cabhrú le clann Árón i mbun seirbhís Theampall an Tiarna, agus a bheith i bhfeighil na gcúirteanna agus na seomraí, agus gach ní naofa a ghlanadh; sé a ndualgas freastal ar Theampall an Tiarna. Tá sé mar chúram orthu freisin lámh chúnta a thabhairt le harán an taispeántais, leis an bplúr don ofráil arbhair, leis na habhlanna aráin gan ghabháile, leis an arán bruite ar an ngrideall agus leis an arán lena bhfúil ola measctha, agus le cúrsaí tomhais agus meáchana de gach sórt. Ní mór dóibh a bheith i láthair gach maidin, agus tráthnóna chomh maith, ag moladh agus ag móradh an Tiarna, agus nuair a bhíonn ofrálacha loiscthe á n-ofráil don Tiarna ar an tsabóid, ar an ré nua, nó ar shollúntas líon áirithe díobh is é sin de réir mar a shocródh an riail. Dualgas seasmhach orthu é sin i láthair an Tiarna. I bhfeighil Theampall an Tiarna dóibh, leanaidís gnásanna Bhoth na Teagmhála, gnásanna an tsanctóra agus gnásanna a ngaolta, clann Árón.» Seo iad na ranna atá ar chlann mhac Árón: Clann mhac Árón: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. D' éag Nádáb agus Aibíchiú roimh a n-athair, gan clann a fhágáil, i dtreo go ndearnadh sagairt de Eileázár agus d' Íteámár. Rinne Dáiví iad a eagrú ina ranna de réir a ndualgais seirbhíse le cabhair Zádóc, mac le hEileázár, agus Aichímeilic mac le hÍteámár. Bhí níos mó ceannairí ar chlann mhac Eileázár ná ar chlann mhac Íteámár; rinneadh dá réir sin sé roinn déag de chinn finí chlann Eileázár agus ocht gcinn díobh siúd de chlann Íteámár. Rinneadar an dá dhream acu a eagrú ar cranna mar bhí feidhmeannaigh choisricthe, feidhmeannaigh le Dia, ar chlann Eileázár agus ar chlann Íteámár chomh maith. Rinne duine de na Léivítigh, an scríobhaí Seamaiá mac Natanael, iad a scríobh síos i láthair an rí agus a mhaithe, agus Zádóc an sagart agus Aichímeilic mac Aibíátár agus chinn finí na sagart agus na Léivíteach. Cuireadh gach fine de chlann mhac Eileázár agus de chlann mhac Íteámár ar cranna ar a n-uair. Thit an chéad chrann ar Iahóiáraíb, an dara ceann ar Iadaiá, an tríú ceann ar Háirim, an ceathrú ceann ar Shoirím, an cúigiú ceann ar Mhailciá, an séú ceann ar Mhíáimin, an seachtú ceann ar Hacóz, an t-ochtú ceann ar Aibíá, an naoú ceann ar Iéisiúa, an deichiú ceann ar Shacainiá, an t-aonú ceann déag ar ar Eiliáisíb, an dara ceann déag ar Iácaím, an tríú ceann déag ar Húpá, an ceathrú ceann déag ar Ís Bál, an cúigiú ceann déag ar Bhilgeá, an séú ceann déag ar Iméar, an seachtú ceann déag ar Héizír, an t-ochtú ceann déag ar Haipizéar, an naoú ceann déag ar Phataichiá, an fichiú ceann ar Ichizcéil, an t-aonú ceann fichead ar Iáicín, an dara ceann fichead ar Ghámúl, an tríú ceann fichead ar Dhaláiá, an ceathrú ceann fichead ar Mháiziá. Ba iadsan na fir, mar a claraíodh iad de réir a ndualgas ar leith, a raibh sé de chúram orthu dul isteach i dTeampall an Tiarna de réir mar a shocraigh Árón, a sinsear, dóibh, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna Dia Iosrael dó. Maidir leis an gcuid eile de chlann Léiví: de chlann Amrám, Siúbáéil; de chlann Shiúbáéil, Iadaiá. De Rachaibiá, de chlann mhac Rachaibiá: Isíá an sinsear. De na hIzeáraigh: Sealómót; de chlann mhac Shealómót, Iáchat. De chlann Heabrón, Iríá an sinsear, Amairiá, an dara duine, Iachaizíéil an tríú duine, Iacamám an ceathrú duine. Clann mhac Uizíéil, Míceá. Clann mhac Mhíceá, Seámair. Deartháir Mhíceá, Ísía. De chlann Ísía, Zacairiá. De chlann Mharáraí, Mailí agus Múisí. De chlann Iáizíá, Banó. Clann mhac Mharáraí: Iáizíá, Banó, Seoham, Zacúr agus Ibrí. De Mhailí, Eileázár a bhí gan mhac. De Chís, clann mhac Chís: Iarachmael. Clann Mhúisí: Mailí, Éidir agus Iaraemót. Ba iadsan clann Léiví de réir a bhfiní. Dála a ngaolta, clann Árón, cuireadh na finí seo, idir shinsear agus shóisear, ar cranna i láthair an rí Dáiví: Zádóc, Aichímeilic agus cinn finí na sagart agus na Léivíteach. Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu. De chlann Ásáf: Zacúr, Iósaef, Natainiá, Aisearaelá. Bhí clann Ásáf faoi threoir Ásáf, a rinne fáidheoireacht faoi threoir an rí. De Iadútún: clann mhac Iadútún: Gadailiá, Zeirí, Íseáia, [Simeí], Haisaibiá, Maititiá; bhí seisear díobh faoi threoir Iadútún, a n-athair, a rinne fáidheoireacht le tionlacan na cruite ag moladh agus ag móradh an Tiarna. De Haemán: clann mhac Haemán: Buicíá, Matainiá, Uizíéil, Seabúéil, Iaraemót, Hanainiá, Hanáiní, Eilíátá, Giodailtí, Romaimtí Eizir, Iosbacáiseá, Malóití, Hóitír, Machaizíót. Clann mhac Haemán an fáidh iadsan go léir. Ba iad a shéideadh an stoc mar thionlacan le briathra Dé. Bhronn Dia ceathrar mac déag agus triúr iníon ar Haemán. Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n-athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán, an méid díobh a bhí oilte le canadh don Tiarna, cláraíodh iad lena ngaolta; ba é líon na ndaoine a cláraíodh ná dhá chéad agus ochtó a hocht. Cuireadh a dtéarmaí dualgais ar cranna dóibh go léir, idir shóisear agus shinsear, idir mháistir agus dhalta. Ba é an chéad duine ar ar thit an crann an tÁsáfach, Iósaef; an dara duine, Gadailiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An tríú duine, Zacúr. An ceathrú duine, Ízrí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An cúigiú duine, Natainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An séú duine, Buicíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An seachtú duine, Aisearaelá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An t-ochtú duine, Íseáia, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An naoú duine, Matainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An deichiú duine, Simeí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An t-aonú duine déag, Azarael, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An dara duine déag, Haisaibíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An tríú duine déag, Seabúéil, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An ceathrú duine déag, Maititiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An cúigiú duine déag, Iaraemót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An séú duine déag, Hanainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An seachtú duine déag, Iosbacáiseá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An t-ochtú duine déag, Hanáiní, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An naoú duine déag, Malóití, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An fichiú duine, Eilíátá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An t-aonú duine fichead, Hóitír, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An dara duine fichead, Giodailtí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An tríú duine fichead, Machaizíót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. An ceathrú duine fichead, Romaimtí Eizir, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. Maidir le rangú lucht faire na ngeataí: De na Corachaigh: Misilimiá mac Chórae, duine de chlann mhac [Eibi]ásáf. Bhí clann mhac ag Misilimiá: Zacairiá an chéadghin, Idíael an dara mac, Zabaidiá an tríú, Iaitníéil an ceathrú, Éalám an cúigiú, Iahóchánán an séú, Eiliohóaenaí an seachtú. Bhí clann mhac ag Obaed Eadóm: Seamaiá an chéadghin, Iahózábád an dara mac, Ióách an tríú mac, Sácár an ceathrú, Natanael an cúigiú, Aimíéil an séú, Íosácár an seachtú, Peulataí an t-ochtú; chuir Dia an rath air go dearfa. Rugadh clann mhac dá mhac Seamaiá freisin a bhí i gceannas ar a bhfiní mar ba ghaiscígh chumasacha iad. Clann mhac Sheamaiá: Oitní, Rafael, Obaed, Ealzábád agus a [bhráithre] Eilíhiú agus Samaicíá, gaiscígh thréana. Ba chlann mhac le hObaed Eadóm iadsan go léir. Bhíodarsan agus a gclann mhac agus a mbráithre cumasach tréan, oilte dá gcúram. Beirt agus trí fichid d' Obaed Eadóm. Bhí clann mhac agus bráithre ag Misilimiá; ochtar déag gaiscíoch. Bhí clann mhac ag Hosá duine de chlann Mharáraí; Simrí an chéad duine, mar, cé narbh é an chéadghin é, rinne a athair taoiseach de. Hilcíá an dara duine, Tabailiá an tríú duine, Zacairiá an ceathrú duine. Bhí triúr déag ar fad de chlann mhac agus de bhráithre ag Hosá. Bhí a ndualgais féin ar na ranna seo de lucht faire na ngeataí, ag freagairt do na dualgais a bhí ar a ngaolta a bhí i seirbhís Theampall an Tiarna. Cuireadh gach geata ar cranna dóibh, idir fhiní sinsearacha agus fhiní sóisearacha. Thit an crann don gheata thoir ar Shilimiá; ba chomhairleoir críonna é a mhac Zacairiá: nuair a cuireadh ar cranna é, thit an crann don taobh thuaidh airsean. Thit an crann don taobh theas ar Obaed Eadóm, agus don stóras ar a chlann mhac. Thit an crann don iarthar agus do Gheata an Chip ar Lár ar an mbóthar thuaidh, ar Shiuipím agus ar Hosá. Bhí an faire ar uanaíocht: ar an taobh thoir, seisear [sa lá]; ar an taobh thuaidh, ceathrar sa lá; ar an taobh theas, ceathrar sa lá; ag an stóras, beirt ar gach taobh; don Pharbár: ceathrar ag an mbóthar, beirt ag an bParbár. Ba iadsan ranna lucht faire na ngeataí i measc na gCorachach agus na Maráraíoch. Bhí na Léivítigh, [a ngaolta], i gceannas ar an muintir a bhí i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna agus i bhfeighil stór na n-ofrálacha deonacha. Clann mhac Ladán, clann Ghéirseon ó thaobh Ladán, bhí na hIchíéiligh mar chinn finí acu, ar fhiní Ladán an Géirseonach. Bhí na hIchíéiligh, Zeátám agus Ióéil a dheartháir, i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna. Maidir leis na hAmrámaigh, na hIzeáraigh, na Heabrónaigh, na hUizíéiligh: ba é Seabúéil mac Ghéirseom, mac Mhaois, an príomhfheidhmeannach a bhí i gceannas na gcistí. Ba iad a ghaolta ó thaobh Eilíeizir: Rachaibiá a mhac; Íseáia a mhacsan; Iórám a mhacsan; Zicrí a mhacsan; Sealomót a mhacsan. Bhí an Sealomót céanna agus a ghaolta i bhfeighil cistí na n-ofrálacha a thíolaic Dáiví rí, agus na cinn fine, agus na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus na hoifigigh shinsearacha eile. (Rinneadar cuid den chreach chogaidh a thíolacadh le teach an Tiarna a mhaisiú.) Bhíodar freisin i bhfeighil gach ar thíolaic Samúéil fáidh, agus Sól mac Chís, Aibnéar mac Néar, agus Ióáb mac Zarúá. Bhí Sealomót agus a ghaolta i bhfeighil gach ar tíolacadh. Maidir leis na hIzeáraigh: Ceapadh Canainiá agus a chlann mhac i mbun dualgas seachtrach d' Iosrael, mar oifigigh, agus mar bhreithiúna. Agus leis na Heabrónaigh: Ceapadh Haisibiá agus a ghaolta, míle seacht gcéad fear cumasach, le hIosrael a chosaint laistiar den Iordáin chomh fada agus a bhain le fónamh don Tiarna agus le seirbhís don rí. Agus leis na Heabrónaigh: Iríá an taoiseach. Sa daicheadú bliain de réimeas Dháiví, rinneadh iniúchadh ar ghinealach na bhfiní Heabrónach, agus aimsíodh fir chumasacha leo ag Iazaer i nGileád. Cheap Dáiví rí dhá mhíle seacht gcéad fear cogaidh, gaolta le hIríá agus cinn finí, mar mhaoir ar na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leaththreibh Mhanaise, i gcúraimí uile Dé agus an rí. Clann Iosrael: A n-áireamh. Na cinn finí, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, a scríobhaithe, chomhlíonaidís sin a ndualgais i measc an phobail. Ghlacadh na ranna páirt i ngnóthaí uile an rí. Bhíodh ceann díobh ar dualgas ar feadh mí, gach mí den bhliain. Bhí fiche ceathair míle fear i ngach roinn. Bhí Iáisiobám mac Zaibdíéil i gceannas na chéad roinne i gcomhair an chéad mhí. Bhí sé i bhfeighil roinne de cheithre mhíle fichead. Ba de shliocht Pheiriz é agus bhí sé ina thaoiseach ar na hoifigigh go léir a bhí ceaptha don chéad mhí. Bhí Dódai an tAchóchach i gceannas an dara roinn i gcomhair an dara mí. Bhí sé i bhfeighil roinne de cheithre mhíle fichead fear. Ba é Banáiá mac Iahóideá, an t-ardsagart, oifigeach an tríú roinn i gcomhair an tríú mí. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. Ba é an Banáiá seo curadh an tríochad, agus ba é a bhí i gceannas an tríochad agus a roinne. Aimízeábád a mhac. Sa cheathrú háit, i gcomhair an ceathrú mí, bhí Asáhael, deartháir Ióáb. Tháinig a mhac Zabaidiá i gcomharbacht air. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. Sa chuigiú háit, i gcomhair an cúigiú mí, bhí Seamút, an tIzeárach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. Sa séú háit, i gcomhair an séú mí, bhí Íreá mac Icéis ó Theacóá. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. Sa seachtú háit, i gcomhair an seachtú mí, bhí Héiliz an Palónach duine de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. San ochtú háit, i gcomhair an ochtú mí, bhí Sibeacai ó Huiseá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. San naoú háit, i gcomhair an naoú mí, bhí Aibíeizir ó Anatót, an Biniáimineach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. Sa deichiú háit, i gcomhair an deichiú mí, bhí Maharai ó Natófá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. San aonú háit déag i gcomhair an aonú mí déag, bhí Banáiá ó Phiorátón, de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. Sa dara háit déag i gcomhair an dara mí déag, bhí Healdai ó Natófá, de shliocht Oitníéil. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear. Uachtaráin ar threibheanna Iosrael: Eilíeizir mac Zicrí an príomhoifigeach ag na Reúbaenaigh; Seafaitiá mac Mhácá do na Simeonaigh. Haisibiá mac Chamuéil do na Léivítigh; Zádóc do na hÁrónaigh; Eilíhiú, deartháir le Dáiví, do na Iúdaigh; Omraí mac Mhíocáéil do na hÍosácáraigh. Ismeá mac Obaidiá do na Zabúlunaigh; Irímeot mac Aizríéil do na Naftáilígh. Hóiseá mac Azaiziá do na hEafráimigh. Ióéil mac Phadáiá do leaththreibh Mhanaise. Ideo mac Zacairiá do leath-threibh Mhanaise i nGileád. Iasaíéil mac Aibnéar do Bhiniáimin. Azarael mac Iarochám do Dhán. Ba iadsan uachtaráin threibheanna Iosrael. Níor áirigh Dáiví an mhuintir a bhí faoi fiche bliain d' aois, mar gur gheall an Tiarna go ndéanfadh sé Iosrael chomh líonmhar le réaltaí na spéire. Chuir Ióáb mac Zarúá tús le daonáireamh, ach níor thug sé chun críche é. Tháinig fraoch feirge ar Iosrael dá bharrsan agus níor shroich an t-áireamh an líon atá le fáil in Annála Dháiví rí. Bhí Azmávat mac Aidiéil ina mhaor ar thaiscí an rí; bhí Iónátán mac Uiziá ina mhaor ar na taiscí faoin tuath, sna cathracha, sna bailte, agus sna caisil; bhí Eizrí mac Chalúb ina mhaor ar lucht saothraithe na talún ag obair sna goirt; bhí Simeí ó Rámá ina mhaor ar na fíonghoirt; bhí Zaibdí ó Sheafam ina mhaor ar an muintir sna fíonghoirt a bhí i bhfeighil na siléar; bhí Bál Hánán ó Gheadaer ina mhaor ar na crainn olóige agus siceamair, ar na hísleáin; bhí Ióáis ina mhaor ar na stórais ola; bhí Sitrai ó Sheárón ina mhaor ar na táinte ar féarach i Seárón; bhí Seáfát mac Adlái ina mhaor ar na tréada sna gleannta; bhí Óibíl an tÍsméileach ina mhaor ar na camaill; bhí Ichdeiá ó Mhaeranót ina mhaor ar na hasail; bhí Iázoíz an Hagrach ina mhaor ar na tréada. Ba mhaoir ar mhaoin Dháiví iad sin go léir. Ba chomhairleoir é Iónátán uncail Dháiví, fear stuama agus scríobhaí. Bhí sé féin agus Ichiéil mac Hacmónaí i bhfeighil mhic an rí. Ba é Aichítifeil comhairleoir an rí, agus ba é Huiseá an tArcach cara an rí. Tháinig Iahóideá mac Bhanáiá agus Aibíátár in áit Aichítifeil. Bhí Ióáb i gceannas ar arm an rí. Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha. Ansin sheas Dáiví rí ar a chosa deiridh agus dúirt: «A ghaolta agus a mhuintir liom, tugaigí cluas dom. Bhí sé bhuailte isteach i mo chroí teach socair a thógáil d' áirc chonradh an Tiarna, agus mar stól do chosa ár nDé. Rinne mé ullmhúchán don tógáil, ach dúirt an Tiarna liom: 'Ní thógfaidh tú teach do m' ainm mar gur curadh cogaidh thú agus gur dhoirt tú fuil.' Ach mar sin féin, thogh an Tiarna Dia Iosrael mise, thar theaghlach uile m' athar, le bheith i mo rí ar Iosrael go deo. Thogh sé Iúdá mar thaoiseach, agus mo fhine-se laistigh de theaghlach Iúdá; agus thar chlann mhac m' athar, thug sé mise mar rí d' Iosrael go léir le barr deamhéine. Agus thogh sé mo mhac Solamh thar mo chlann mhac go léir mar bhronn an Tiarna a lán mac orm le suí ar ríchathaoir an Tiarna i gceannas Iosrael. Dúirt sé liom: 'Solamh do mhac a thógfaidh mo theach agus mo chúirteanna dom, óir thogh mé é le bheith mar mhac agam, agus beidh mise mar athair aigesean. Daingneoidh mé a fhlaitheas go brách, má choimeádann sé m' aitheanta agus m' orduithe mar atá siad inniu.' I láthair Iosrael go léir anois, dá bhrí sin, agus i láthair chomhthionól an Tiarna, agus in éisteacht ár nDé, comhlíonaigí agus faighigí tuiscint ar aitheanta uile an Tiarna bhur nDia, i dtreo go mbeidh an tír bhreá thorthúil seo in bhur seilbh agus go bhfágfaidh sibh mar oidhreacht é ag bhur gclann in bhur ndiaidh go brách. Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d' athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d' aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách. Déan do mhachnamh anois ar conas a thogh an Tiarna thú le teach a thógáil don sanctóir. Bí laidir agus déan amhlaidh.» Thug Dáiví ansin do Sholamh, a mhac, an plean do phóirse an Teampaill, dá fhoirgnimh, dá chistí, dá sheomraí uachtair, dá sheomraí cúil, agus don seomra i gcomhair chathaoir na trócaire; thug sé cur síos dó freisin ar a raibh beartaithe aige do chúirteanna theach an Tiarna, do na seomraí ina thimpeall, do chistí theach Dé, agus do chistí na n-ofrálacha deonacha; agus do ranna na sagart agus na Léivíteach, agus do na dualgais liotúirge i dTeampall an Tiarna, do ghréithe uile na seirbhíse i dTeampall an Tiarna; don mheáchan óir do na soithí óir go léir do gach seirbhís, don mheáchan airgid do na soithí airgid do gach seirbhís, don mheáchan óir do na coinnleoirí óir agus dá lóchrainn, don mheáchan óir do gach coinnleoir agus dá lóchrainn, don mheáchan airgid don choinnleoir airgid agus dá lóchrainn, de réir mar ba ghá do gach coinnleoir sa tseirbhís, don mheáchan óir do gach bord i gcomhair arán an taispeántais, don airgead do na boird airgid, don ór fíre do na gabhla, na miasa, na cupáin; do na cuacha óir agus do mheáchan gach cinn díobh; do na cuacha airgid agus do mheáchan gach cinn díobh; don mheáchan óir fhíre d' altóir na túise; thug sé dó chomh maith a phlean do charbad óir na gceiribíní a leathann a sciatháin os cionn áirc chonradh an Tiarna bhí sé sin go léir de réir mar a bhí scríofa ag an Tiarna faoi lena láimh féin d' fhonn go ndéanfadh sé an obair go léir dár thug sé na pleananna soiléir. Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: «Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d' ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích! Seo agat ranna uile na sagart agus na Léivíteach do dhualgais theach Dé go léir. Gach duine a bhfuil fonn air agus cumas d' aon saghas ann, cabhróidh sé leat san obair seo go léir. Tá na hoifigigh agus an pobal ar fad ar do chomhairle go hiomlán.» Dúirt Dáiví rí ansin leis an gcomhthionól go léir: «Solamh mo mhac, an té sin amháin a roghnaigh Dia thar chách, tá sé óg ar bheagán taithí, agus is mór é an saothar; óir ní do dhuine an pálás seo, ach don Tiarna Dia. Rinne mé soláthar do theach mo Dhé chomh maith agus ab fhéidir; chuir mé breis óir leis an ór, airgead leis an airgead, cré-umha leis an gcré-umha, iarann leis an iarann, adhmad leis an adhmad, agus oinics, agus clocha luite; agus antamón, agus clocha ioldathacha, agus clocha lómhara de gach sórt, agus marmar. Agus ina theanntasan, de bhreis ar gach ar sholáthraigh mé don teach naofa, tá ciste de mo chuid féin agam d' ór agus d' airgead, agus, de bharr mo dhúthrachta do theach mo Dhé, tabharfaidh mé é do theach mo Dhé trí mhíle tallann óir d' ór Óifír, agus seacht míle tallann airgid athleáite, le ballaí na bhfoirgneamh a chumhdach. Cibé ór atá agaibh, agus cibé airgead atá agaibh, nó cibé saothar ó láimh an cheardaí atá agaibh, cé acu agaibh a dhéanfaidh é a thógáil ina láimh agus a thíolacadh go deonach don Tiarna?» Ansin cinn na bhfiní, taoisigh na dtreibheanna, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus maoir ghnóthaí an rí, rinne siad a n-ofrálacha deonacha. Thugadar i gcomhair sheirbhís theach Dé, chúig mhíle tallann agus deich míle dáireach óir, deich míle tallann airgid, ocht míle déag tallann cré-umha, céad míle tallann iarainn. An té a raibh clocha lómhara aige, thug sé iad do chiste theach an Tiarna, le bheith faoi chúram Ichíéil an Géirseonach. Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n-ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d' ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d' áthas. Mhol Dáiví an Tiarna i láthair an chomhthionóil ar fad agus dúirt: «Gura beannaithe thú, a Thiarna, Dia Iosrael ár sinsear, go brách na breithe. Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách. Is uaitse saibhreas agus onóir, agus is tú a rialaíonn gach ní; tá neart agus cumhacht i do láimh; ar do láimhse atá méid agus cumas a thabhairt do chách. Beirimid buíochas leat anois a Dhia linn, agus molaimid glóir d' ainm. Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d' acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort. Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag. A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair d' ainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir. Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t-ionracas; d' ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d' áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn. A Thiarna, Dia ár sinsear, Abrahám, Íosác agus Iosrael, cumhdaigh an tnúth agus na smaointe seo i gcroí do phobail go brách agus treoraigh a gcroí chugat féin. Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d' aitheanta, do reachtanna, agus d' fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d' ullmhaigh mé duit a thógáil.» Dúirt Dáiví ansin leis an gcomhthionól go léir: «Molaigí an Tiarna bhur nDia!» Agus mhol an comhthionól go léir an Tiarna, Dia a sinsear, agus chuaigh siad ar a nglúine le hómós a thabhairt don Tiarna agus don rí. Lá arna mhárach d' ofráil siad ofrálacha agus íobairtí uileloiscthe don Tiarna míle tarbh, míle reithe, míle uan, mar aon lena n-íobairtí dí, agus le híobairtí ar son Iosrael go léir. D' itheadar agus d' óladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán d' áthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus d' ungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus d' ungadar Zádóc ina shagart. Shuigh Solamh i ríchathaoir an Tiarna mar rí in áit Dháiví a athair. Bhí an rath air agus ghéill Iosrael go léir dó. Thug na taoisigh go léir, agus na curaidh go léir, agus clann mhac Dháiví, a ngéillsine do Sholamh rí. Thug an Tiarna cáil thar barr do Sholamh i bhfianaise Iosrael go léir, agus bhronn air ríúlacht nach raibh ag aon rí eile ar Iosrael riamh roimhe. Bhí Dáiví mac Ieise ina rí ar Iosrael ar fad. Bhí sé daichead bliain i réim ar Iosrael; bhí sé seacht mbliana i réim i Heabrón, agus tríocha trí bliana in Iarúsailéim. D' éag sé ansin i mbláth sonais a aoise, lán de laethanta, de shaibhreas, agus d' onóir. Tháinig a mhac Solamh i gcomharbacht air. Stair Dháiví rí, ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa in Annála Shamúéil an físí, in Annála Nátán an fáidh, agus in Annála Ghád an físí, mar aon le tuairisc ar a réimeas, ar a ghaisce, ar na cora cinniúna a bhuail é féin agus Iosrael agus flaithis na dtíortha eile go léir? Dhaingnigh Solamh mac Dháiví é féin ar a ríchathaoir. Bhí an Tiarna a Dhia lena ais agus mhóraigh sé é go héachtach. Labhair Solamh ansin le hIosrael go léir, le ceannairí míle agus le ceannairí céad, leis na breithiúna, agus le flatha Iosrael agus le cinn na bhfiní. Ansin chuaigh Solamh, agus an comhthionól go léir in éineacht leis, go dtí an t-ardionad i nGibeón, mar a raibh Both Theagmhála Dé a rinne Maois, giolla Dé, san fhásach. Ach bhí áirc Dé tugtha ag Dáiví ó Chiriat Iáraím go dtí an áit a bhí ullamh aige di, mar bhí both curtha suas aige di in Iarúsailéim. An altóir chré-umha a rinne Bazalael mac Úirí mac Húr, bhí sí ansiúd os comhair thaibearnacal an Tiarna. Chuaigh Solamh agus a chomhthionól ansiúd. Ghabh Solamh suas ansiúd ar an altóir chré-umha, a bhí taobh le Both na Teagmhála, i bhfianaise an Tiarna, agus d' ofráil míle ofráil uileloiscthe uirthi. Thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh an oíche sin agus dúirt: «Cibe rud is main leat a fháil uaim iarr orm é.» D' fhreagair Solamh Dia: «Thaispeáin tú barr cineáltais go buan do Dháiví, m' athair; agus rinne tú rí díomsa i gcomharbacht air. A Thiarna, a Dhia, tá an gealltanas a thug tú do Dháiví m' athair comhlíonta anois mar rinne tú rí díom ar phobal atá chomh líonmhar le deannach na talún. Tabhair dom anois eagna agus tuiscint le mo phobal a threorú óir cé a d' fhéadfadh pobal chomh mór leis seo a rialú?» Dúirt Dia le Solamh: «De bhrí gurb é seo a bhí i do chroí agus a d' iarr tú, agus nach saibhreas, ná stór, ná onóir, ná bás do naimhde, ná fiú fad saoil, ach eagna agus tuiscint duit féin, le mo phobal ar ar chuir mé thú mar rí a rialú, uime sin tá eagna agus tuiscint á mbronnadh ort. Tabharfaidh mé duit chomh maith, saibhreas agus maoin agus onóir, nach raibh a leithéid ag aon duine de na ríthe a bhí ann romhat agus nach mbeidh ag aon duine i do dhiaidh.» D' imigh Solamh leis ón ardionad i nGibeón, ó Bhoth na Teagmhála, agus tháinig go Iarúsailéim. Bhí sé ina rí ar Iosrael. Bhailigh sé fórsa carbad agus capall. Bhí ceithre chéad déag carbad aige agus dhá mhíle déag capall, agus bhuanaigh sé iad sna cathracha carbad agus leis an rí in Iarúsailéim. D' fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán. Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ó Chilicia agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chicilia ar phraghas cinnte. Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar sé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna trí ghníomhairí an rí. 1:18 Bheartaigh Solamh ar theach a thógáil d' ainm an Tiarna agus ceann eile dó féin agus dá chúirt. Cheap Solamh seachtó míle fear leis na hualaí a iompar agus ochtó míle fear le clocha a bhaint ar na sléibhte, agus trí mhíle sé chéad le maoirseacht a dhéanamh orthu. 2:1 2 Chuir Solamh an teachtaireacht seo go Húrám rí na Tuíre: «Déan liomsa mar a rinne tú le Dáiví m' athair, agus gur sheol tú céadair chuige le teach a thógáil ina gcónódh sé. 3 Táim ag tógáil tí anois d' ainm an Tiarna mo Dhia lena thíolacadh dó le túis spíosraí cumhra a dhó os a chomhair agus le harán an taispeántais a ofráil i gcónaí, agus le híobairtí a loscadh maidin agus tráthnóna, ar na sabóidí agus ar an ré nua, agus ar shollúntais an Tiarna, ár nDia, mar atá ceaptha go deo d' Iosrael. 4 Teach mór a bheidh sa teach atáim a thógáil, mar is mó ár nDia ná na déithe go léir. 5 Ach cé ar féidir leis teach a thógáil dó ón uair nach féidir leis na flaithis, ná flaithis na bhflaitheas, é a chuimsiú? Agus maidir liomsa, cad chuige a dtógfainnse teach dó ach mar áit ina ndófainn túis os a chomhair? 6 Cuir chugam dá bhrí sin fear oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, agus ar éidí corcra, craoraga, agus ar éidí gorma, agus ar cheird an ghreanta chomh maith. Níor mhór dó oibriú le mo cheardaithe oilte anseo in Iarúsailéim agus in Iúdá, an mhuintir a sholáthraigh m' athair Dáiví. 7 Cuir chugam adhmad céadair, cufróige, agus algum ón Liobáin, mar tá fhios agam go bhfuil do shearbhóntaí oilte ar leagan crann sa Liobáin. Déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse. 8 Déanfaidh siad raidhse adhmaid a ullmhú dom, mar is teach ábhalmhór an teach atá le tógáil agam. 9 Tabharfaidh mé fiche míle tomhas de chruithneacht mheilte, fiche míle tomhas eorna, fiche míle tomhas fíona agus fiche míle tomhas ola do do shearbhóntaí i mbun na gcrann a leagan ar son do shearbhóntaí a [chothú] an méid sin.» 10 D' fhreagair Húrám rí na Tuíre i litir a chuir sé go Solamh: «Le barr grá dá phobal a rinne an Tiarna rí díot ós a gcionn.» Agus lean Húrám air: 11 «Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a rinne neamh agus talamh, a thug mac eagnaí do Dháiví, a bhfuil tuiscint agus ciall aige, agus a thógfaidh teach don Tiarna agus ceann eile dó féin agus dá chúirt. 12 Tá ceardaí oilte á chur agam chugat freisin, Húrám Áibí, 13 mac mná de chuid na nDánach ach fear ón Tuír mar athair aige. Tá sé oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, cloiche, adhmaid, agus ar éidí corcra, gorma, craoraga, agus ar línéadach mín, agus ar gach sórt greanadh a dhéanamh, agus ar aon phatrún a iarrtar air a chur i gcrích. Cuirtear i mbun oibre é le do cheardaithe féin agus le ceardaithe mo thiarna, Dáiví, d' athair. 14 Cuireadh mo thiarna dá bhrí sin an chruithneacht, an eorna, an ola, agus an fíon a luaigh sé, chun a shearbhóntaí. 15 Agus maidir linne, déanfaimid cibé adhmad is gá duit ón Liobáin a ghearradh agus a thabhairt chugat ar cheann téide ar muir go Iopá le gur féidir duit féin é a thabhairt as sin go Iarúsailéim.» 16 Rinne Solamh áireamh ar na daoine deoranta go léir a raibh cónaí orthu i dtír Iosrael de réir an daonáirimh a rinne Dáiví a athair orthu. Ba é an líon a fuarthas ná céad agus caoga trí mhíle sé chéad. 17 Cheap sé seachtó míle díobh le hualaí a iompar, ochtó míle le clocha a bhaint ar na sléibhte, agus trí mhíle sé chéad le maoirseacht a dhéanamh agus a dheimhniú go n-oibreodh na daoine. Thosaigh Solamh ansin ar theach an Tiarna a thógáil in Iarúsailéim ar Shliabh Mhóiriá mar a raibh fís ag Dáiví a athair. Sin é an áit a bhí ceaptha ag Dáiví, urlár buailte Ornán an Iabúsach. Thosaigh sé ag tógáil an dara mí den cheathrú bliain dá réimeas. Seo iad na tomhais a bhí ag Solamh do thógáil theach Dé: trí fichid banlámh ar fad banlámh den seanchaighdeán agus fiche banlámh ar leithead. Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad, ar feadh leithead an Teampaill, agus bhí sé céad agus a fiche banlámh ar airde. Rinne sé é a chumhdach laistigh le hór fíre. Rinne sé an halla mór a líneáil le cufróg agus a chumhdach le hór fíre agus a mhaisiú le pailmeacha agus le slabhraí. Mhaisigh sé an halla le clocha luachmhara an-áille. Ór Parváím an t-ór. Rinne sé an halla go léir na fraitheacha, na tairseacha, na ballaí, agus na doirse a chumhdach leis an ór. Ghrean sé ceiribíní ar na ballaí. Ansin thóg sé an áit shárnaofa; bhí sé fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an halla mhóir, agus fiche banlámh ar leithead. Rinne sé é a chumhdach le sé chéad tallann d' ór fíre. Mheáigh na tairní óir caoga seicil. Chumhdaigh sé na seomraí uachtair freisin le hór. Rinne sé dhá cheiribín de mhiotal saothraithe san áit shárnaofa agus chumhdaigh sé iad le hór. Leath sciatháin na gceiribíní fiche banlámh, cúig bhanlámh i bhfad gach sciatháin díobh, agus aon sciathán amháin de gach ceann díobh ag baint le balla an halla, agus an sciathán eile ag baint le sciathán an cheiribín eile. Cúig bhanlámh i bhfad aon sciathán amháin cheiribín agus é ag baint le balla na halla; an dara sciathán cúig bhanlámh ar fhad agus é ag baint le sciathán an cheiribín eile. Fiche banlámh a shín sciatháin na gceiribíní. Sheas siad ar a gcosa agus a n-aghaidh ar halla an Teampaill. Rinne sé an fial d' éadach corcra, craorag, dearg, agus de líon mín. Ghrean sé ceiribíní air. Os comhair an halla, rinne sé dhá cholún tríocha cúig banlamh ar airde agus ar bharr gach cinn díobh mullach de chuig bhanlámh. Sa sanctóir istigh rinne sé triopaill agus chuir sé ar bharr na gcolún iad; rinne sé céad pomagránait agus ghreamaigh de na triopaill iad. Chuir sé suas na colúin os comhair halla an Teampaill, ceann ar dheis, agus ceann ar chlé. Thug sé Iácaín ar an gcolún ar dheis agus Boaz ar a pháirtí ar chlé. Rinne sé altóir chré-umha, fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus deich mbanlámh ar airde. Rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne. Timpeall uirthi go léir thíos fúithi, bhí ainmhithe mar a bheadh daimh; ghabh siad timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh, agus na daimh ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile. Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n-aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n-aghaidh siar, trí cinn agus a n-aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n-aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthusan, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile. Bhí sí dorn ar tiús agus ba ar chuma ciumhais cupáin a bhí a ciumhais, mar bhláth. Bhí lán trí mhíle folcadán inti. Rinne sé deich mbáisíní agus leag cúig cinn díobh ar dheis, agus cúig cinn ar chlé, le haghaidh an íobartaigh don uileloscadh a ní ansiúd; ba do na sagairt le hionladh inti an mhuir. Rinne sé na deich gcoinnleoirí óir mar a bhí leagtha síos agus chuir sé suas iad i halla an Teampaill, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé. Rinne sé deich gcinn de bhoird, agus chuir i halla an Teampaill iad, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé. Rinne sé céad babhla óir. Rinne sé cúirt na sagart, agus an chúirt mhór, agus geataí na cúirte agus chumhdaigh sé na geataí le cré-umha. Chuir sé an mhuir ar dheis beagán sa chúinne thoir ó dheas den Teampall. Rinne Húrám na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Thug sé an obair go léir a rinne sé don rí Solamh i gcomhair Theampall Dé chun críche: an dá cholún, an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún, an dá shraith fhiolagráin ag cumhdach an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún; an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fiolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fiolagráin in dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach); na [deich] seastáin agus na deich mbáisíní ar na seastáin; an aon mhuir agus an dá dhamh dhéag faoin muir; na luaithreáin, na sluaistí, na gabhla agus na gréithe go léir a ghabh leo siúd a rinne Húrám Áibí de chré-umha líofa do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna. Rinne an rí iad seo trí ghaineamhtheilgean i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Zaraedá. Rinne Solamh an oiread sin de na gréithe sin go léir nár tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha a chuaigh iontu. Rinne Solamh na gréithe go léir a bhí i dTeampall Dé: an altóir óir, na boird do bhuilíní na láithreachta, na coinnleoirí lena lóchrainn d' ór fíre le lasadh os comhair an tsanctóra mar a ordaíodh; na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn, agus an teanchair, d' ór fíre; na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, na túisteáin, d' ór fíre; doras an Teampaill, na doirse inmheánacha don áit shárnaofa, agus doirse halla an Teampaill, d' ór fíre. Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Dáiví a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall Dé. Ansin chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael agus taoisigh na dtreibheanna agus cinn finí phobal Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, cathair Dháiví. Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh sa seachtú mí le linn na féile. Agus tháinig seanóirí Iosrael ar fad agus thug na Léivítigh suas an áirc; thug siad an áirc suas agus Both na Teagmhála agus na soithí naofa a bhí inti; d' iompair na sagairt agus na Léivítigh leo suas iad. Solamh rí agus pobal uile Iosrael a bhí bailithe le chéile in éineacht leis os comhair na háirce, rinne siad caoirigh agus daimh gan líon gan áireamh a íobairt. Thug na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní. San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní ar leathadh mar scáth os cionn na háirce agus a cuaillí. 9a Bhíodarsan chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit shárnaofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh. 9b Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu féin. ABN: 9a, 10, 9b, 11a, 13b, 11b, 12, 13a Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá chlár a chuir Maois inti i Horaeb, áit a ndearna an Tiarna conradh leis na hIosraelaigh nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte. 11a Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, 11b Na sagairt go léir a bhí i láthair, cibé ord lenar bhain siad, bhí siad tar éis iad féin a naomhú. Na cantairí Léivíteacha go léir, Ásáf, Héamán, Iadútún, agus a gclann mhac agus a ndeartháireacha, sheas siad lastoir den altóir, agus iad gléasta i línéadach mín ag seinm ciombal, cláirseach agus cruiteanna, agus céad agus a fiche sagart ag comhsheinm leo ar an stoc. 13a Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna d' aonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna: «Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shior.» 13b líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna. De bharr an néil seo níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais; bhí Teampall Dé lán de ghlóir an Tiarna. Dúirt Solamh ansin: «Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh. Sea go deimhin, tá teach cónaithe tógtha agam duit, áit ina ndéanfá cónaí ann go brách.» Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh. Dúirt sé: «Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m' athair, nuair a dúirt sé: ' Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as tír na hÉigipte, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m' ainm ann, ná níor roghnaigh mé aon fhear le bheith ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael; ach gur roghnaigh mé Iarúsailéim le go lonnódh m' ainm ann agus gur roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.' Ba é mian croí m' athar Dáiví teach a thógáil d' ainm an Tiarna, Dia Iosrael. Ach dúirt an Tiarna le Dáiví m' athair: 'Is é mian do chroí teach a thógáil do m' ainm, agus is maith uait sin; ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d' fheoil féin, a thógfaidh an teach do m' ainm.' Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m' athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam don Tiarna, Dia Iosrael, agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna le clann Iosrael.» Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha uaidh amach. Bhí léibheann cré-umha déanta ag Solamh agus é leagtha i lár na cúirte aige; bhí sé cúig bhanlámh ar fhad, cúig bhanlárnh ar leithead, trí bhanlámh ar airde, agus leag sé sa chúirt é; agus ghabh sé in airde air; ansin chuaigh sé ar a ghlúine i láthair chomhthionól Iosrael go léir agus shín sé a lámha i dtreo na bhflaitheas agus dúirt: «A Thiarna, a Dhia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus cineálta le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do chosán le hiomlán a gcroí. Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m' athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu. Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví á rá: 'Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair i ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n-iompar agus siúl ar chosán mo dhlí mar a rinne tusa féin os mo chomhair.' Comhlíon más ea anois, a Thiarna, Dia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta Dáiví m' athair. Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre i measc an chine dhaonna ar talamh? Mhuise ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa? Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat. De lá agus d' oíche bíodh do shúile ag tabhairt aire don teach seo, an áit seo inar gheall tú a dhéanfá teach do d' ainm. Éist leis an nguí a dhéanfaidh do shearbhónta san áit seo. Éist le hachainíocha do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuíonn siad san áit seo. Sea, éist leo ó d' áras ar neamh, agus nuair a éistfidh tú tabhair maithiúnas! «Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan agus go [nglaonn] an chomharsa mallacht sa mhullach air, agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d' altóra sa Teampall seo, éistse ó na flaithis agus déan beart agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta. Má bheireann an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d' aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d' ainm a mholadh, agus idirghuí a dhéanamh chugat, sa teach seo, tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith a bpeaca do do phobal Iosrael, agus tabhair ar ais iad chun na tíre a thug tú dóibh féin agus dá sinsir. «Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d' aghaidh, má dhéanann siad guí san áit seo, agus d' ainm a mholadh, agus go n-umhlaíonn tú iad agus go ndéanann siad aithrí mar gheall ar a bpeacaí, tabhair cluas dóibh ó na flaithis, agus maith a bpeaca do do shearbhóntaí agus do do phobal Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht. «Má bhíonn gorta sa tír, nó plá, nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaist, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail léigear ar gheata cathrach dá gcuid; má bhíonn fiabhras nó galar; má thagann brón agus doilíos croí ar aon duine nó ar do phobal Iosrael go léir agus go ndéanfadh sé impí nó achainí agus go sínfeadh sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo, tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d' áitreabh; tabhair maithiúnas agus cúitigh le cách de réir a iompair go léir, mar is eol duit gach croí óir, is duit amháin is eol croí gach duine ionas go mbeidh urraim acu duit agus go siúlfaidh siad ar do chosáin fad mhairfidh siad sa tír a thug tú dár sinsir. «Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d' ainm, agus do láimhe tréine, agus do ghéige sínte amach má thagann sé agus guí a dhéanamh sa Teampall seo, tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d' áitreabh, agus deonaigh gach a n-iarrfaidh an strainséir, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d' ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d' ainm ar an Teampall seo a thóg mé. «Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d' ainm agus guí chugat, tabhair cluas ó na flaithis dá n-impí agus dá n-achainí agus seas leo. «Má pheacaíonn siad i d' aghaidh mar níl duine beo nach ndéanann peaca agus go dtiocfaidh fearg ort leo agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfaí chun siúil iad mar dhaoir go tír i gcéin nó i gcóngar; má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: 'Pheacaíomar, rinneamar an t-olc agus an peaca,' agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a ndeoraíochta, mar ar tugadh ar díbirt iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n-aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d' ainm, tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d' áitreabh, éist lena n-achainí agus lena n-impí agus seas leo: maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne. «Bíodh do shúile ar leathadh, a Dhia liom, agus tabhair cluas i gcónaí don urnaí a ofrálfar suas ón áit seo. Agus anois: «Éirigh, a Thiarna, a Dhia, agus isteach leat i do áit suaimhnis, tusa agus áirc do chumhachta. Tá an slánú um do shagairt mar éide, agus cuireann d' fhéile lúcháir ar d' fhíréin. A Thiarna, a Dhia, ná hiompaigh ó ghnúis d' ungthaigh; cuimhnigh ar do chineáltas buan le Dáiví do shearbhónta.» Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall. Níor fhéad na sagairt dul isteach i dteach an Tiarna óir líon glóir an Tiarna teach an Tiarna. Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: «Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.» Ansin d' ofráil an rí agus an pobal go léir íobairt i láthair an Tiarna. D' ofráil Solamh rí dhá mhíle fichead damh, céad agus a fiche míle caora, agus rinne an rí agus an pobal Teampall an Tiarna a thíolacadh ar an gcuma sin. Sheas na sagairt ina n-ionaid féin, agus mhol na Léivítigh an Tiarna ar na huirlisí a rinne Dáiví le comhsheinm le cainticí an Tiarna: «Óir maireann a bhuanghrá de shíor.» Ghabh siad na hiomainn mholta a chum Dáiví. Taobh leo bhí na sagairt ag séideadh an stoic, agus Iosrael go léir ina seasamh. Rinne Solamh rí lár na cúirte os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; d' ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n-íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a rinne Solamh róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus na spólaí méithe a iompar. Rinne Solamh ansin an fhéile a cheiliúradh ar feadh seacht lá, in éineacht le hIosrael go léir, ó bhealach Hamát go gleann na hÉigipte, ina chomhthionól mór. Ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta acu, óir cheiliúir siad coisreacan na haltóra seacht lá agus an fhéile seacht lá. Ar an tríú lá fichead den seachtú mí chuir sé an pobal uaidh abhaile, agus iad faoi lúcháir agus áthas croí de bharr an chineáltais go léir a thaispeáin an Tiarna do Dháiví, do Sholamh agus d' Iosrael a phobal. Bhí deireadh déanta ag Solamh ansin ag tógáil Theampall an Tiarna agus an pháláis, agus bhí críoch curtha aige ar gach ar mhian leis ina chroí a dhéanamh i dteach an Tiarna agus ina theach féin. Ansin thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh san oíche agus dúirt sé leis: «D' éist mé le d' urnaí. Thogh mé an áit seo dom féin mar theach íobartha. Nuair a dhúnfaidh mé na spéartha i dtreo nach dtiocfaidh báisteach, nó nuair a ordóidh mé don lócaist an tír a scriosadh, nó nuair a scaoilfidh mé plá faoin bpobal, má dhéanann an pobal ar a nglaoitear m' ainm iad féin a umhlú agus guí chugam agus mo ghnúis a lorg, agus casadh óna gcosáin choiriúla, tabharfaidh mé cluas dóibh ó neamh, agus maithfidh mé a bpeaca agus cneasóidh mé a dtír. Beidh mo shúile ar oscailt agus mo chluasa ar tinneall don urnaí a dhéantar san áit seo anois agus feasta. Anois agus feasta tá an teach seo tofa agus coisricthe agam le go mbeadh m' ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe. Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair mar a rinne Dáiví d' athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna, daingneoidh mé do ríchathaoir, de réir an chonartha a rinne mé le Dáiví d' athair á rá: 'Ní bheidh tú choíche gan fear le suí i ríchathaoir Iosrael.' Ach má iompaíonn sibh uaim, agus nach gcoimeádfaidh sibh m' aitheanta agus mo reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh, ansin déanfaidh mé [Iosrael] a stoitheadh as an talamh a thug mé dóibh, agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m' ainm, agus déanfaidh mé seanfhocal agus nath de i measc na gciníocha go léir. Agus maidir leis an Teampall seo atá chomh maorga sin anois, cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid agus déarfaidh siad: 'Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo don tír agus don Teampall seo?' Agus sé freagra a gheobhaidh siad: 'Mar gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a thug amach iad as tír na hÉigipte, agus gur ghlac siad chucu déithe eile agus gur thug siad ómós agus seirbhís dóibh; sin é an fáth ar thug an Tiarna an drochíde sin go léir orthu.'» Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh Teampall an Tiarna agus a theach féin a thógáil, d' atóg sé na cathracha a thug Húrám dó, agus lonnaigh sé Iosraelaigh iontu. Ansin chuaigh Solamh go Hamát Zóbá agus ghabh é. D' atóg sé Tadmor san fhásach agus na cathracha stóir go léir a bhí tógtha aige i Hamát. D' atóg sé Béit Horon Uachtarach agus Béit Horon Íochtarach, cathracha daingne le ballaí, geataí, agus sparraí, agus Bálat, agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach ní arbh áil le Solamh a thógáil i Iarúsailéim, sa Liobáin agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas. Gach ar mhair de na Hitigh, na hAmóraigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh Iosraelaigh iad; a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár chuir na hIosraelaigh faoin mbang, chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing dhaoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin. Ach níor chuir Solamh aon duine de chlann Iosrael faoi dhaoirse saothair; ba iadsan a bhí aige mar shaighdiúirí, mar oifigigh, mar cheannairí carbad, agus mar mharcshlua. Sin iad na maoir a bhí ar na saoistí a bhí i mbun shaothar Sholaimh: dhá chéad go leith a bhí i gceannas na ndaoine. Thug Solamh iníon Fhorainn ó chathair Dháiví go dtí an teach a thóg sé di, mar dúirt sé: «Ní chuirfidh mo bheansa fúithi i dteach Dháiví, rí Iosrael, mar tá na háiteanna inar tháinig áirc an Tiarna naofa.» Ansin d' ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe don Tiarna ar an altóir a thóg sé don Tiarna os comhair an phóirse, mar a d' éiligh dualgas gach lae, ag ofráil de réir aithne Mhaois do na sabóidí, na réanna nua, na trí féilte bliantúla féile an aráin gan ghabháile, féile na seachtainí, agus féile na dtaibearnacal. Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d' éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d' ordaigh Dáiví giolla Dé. Níor chlaonadar in aon slí óna raibh ordaithe ag an rí do na sagairt agus do na Léivítigh, fiú, maidir le gnó na gcistí. Ar an gcuma sin nuair a bhí Teampall an Tiarna go léir tógtha, bhí crích curtha le saothar Sholaimh go léir, saothar nach raibh ann ach beartas á ullmhú go dtí an lá ar leagadh cloch bhoinn Theampall an Tiarna. Chuaigh Solamh ansin go hEizión Geibir agus go hÉalát ar bhruach na farraige i dtír Eadóm. Chuir Húrám longa faoi stiúir a chuid fear féin chuige, agus mairnéalaigh eolgaiseacha. Chuadarsan le muintir Sholaimh go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad go leith tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é. Nuair a leath clú Sholaimh amach fad le banríon Sheabá tháinig sí ag triall air go Iarúsailéim chun é a phromhadh le ceisteanna crua. Thug sí ollsaibhreas léi, camaill faoi ualach spíosraí, na múrtha óir agus líoga lómhara. Ar theacht go Solamh di, labhair sí leis go neamhbhalbh, agus bhí freagra ag Solamh ar gach ceist dár chuir sí; ní raibh ceann ar bith acu róchasta le míniú ag Solamh. Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige, bia an bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail, agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompartha na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d' ofráladh sé i dTeampall an Tiarna baineadh stangadh aisti, agus dúirt sí leis an rí: «Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin fút agus faoi do chríonnacht! Go dtí gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár insíodh dom faoi leath do chríonnacht éachtach dáiríre; sáraíonn tú an tuairisc a chuala mé. Nach méanar do do mhná céile! Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht. Moladh leis an Tiarna do Dhia a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar a ríchathaoir thú mar rí [in ainm] an Tiarna do Dhia. De bhrí go bhfuil grá bithbhuan ag an Tiarna do Iosrael, agus gur mian leis é chothú go brách, rinne sé rí díotsa chun an dlí agus an ceart a riar.» Bhronn sí céad fiche tallann óir ar an rí agus lear mór spíosraí agus líoga lómhara. Ní raibh riamh spíosraí mar iad siúd a thug banríon Sheabá do Sholamh rí. Ar an tslí chéanna, na searbhóntaí úd Húrám agus Sholaimh a bhí ag tabhairt óir ó Óifír, thug siad leo adhmad algum agus líoga lómhara. Rinne an rí cláir urláir do Theampall an Tiarna agus don phálás ríoga, agus cruiteanna agus cláirseacha don lucht ceoil, den adhmad algum; ní fhacthas a leithéid riamh roimhe sin i dtír Iúdá. Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi seachas a raibh tugtha chun an rí aici a thabhairt ar ais. Ansin d' imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí. Sé chéad agus a seasca sé tallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana, seachas a dtagadh chuige ón lucht trádála agus ceannaithe, agus a dtagadh d' ór agus d' airgead go Solamh ó ríthe na hAráibe agus ó rialtóirí na tíre. Rinne Solamh rí dhá chéad sciath d' ór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath. Agus rinne sé trí chéad sciath beag d' ór ceárta agus chuaigh trí chéad seicil óir i ngach sciath agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine. Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite. Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach agus bhí uan óir ar a cúl, agus taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon ina seasamh le taobh na dtacaí, agus dhá leon déag ina seasamh ansiúd, leon ag dhá cheann gach céime de na sé ceimeanna. Ní dhearnadh a leithéid de ríchathaoir riamh in aon ríocht eile. Ba d' ór soithí óil Sholaimh go léir, agus ba d' ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d' airgead, mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh. Théadh longa an rí go Tairsís in éineacht le searbhóntaí Húrám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus bábúin. Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna. Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí, agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí bliain i ndiaidh na bliana. Bhí ceithre mhíle mainséar ag Solamh dá chapaill agus dá charbaid, agus dhá mhíle dhéag marcach; bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim. Bhí sé i gceannas ar na ríthe go léir ón Eofrataes go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. D' fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán. Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ó Chilicia agus ó na tíortha eile go léir chomh maith. An chuid eile de stair Sholaimh ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa i Stair Nátán an fáidh, i dtairngreacht Aichíá ó Shileo, agus i bhfíseanna Ideo an físí faoi Iarobám mac Nabát. Mhair réimeas Sholaimh, in Iarúsailéim, ar Iosrael go léir, daichead bliain. Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air. Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí. Nuair a chuala Iarobám mac Nabát an scéal bhí sé san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí d' fhill sé ón Éigipt. Chuir siad fios air agus ghlaoigh siad air agus tháinig sé agus [an comhthionól] go léir in éineacht leis, agus dúirt siad le Rachabám: «Chuir d' athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d' athar, agus a chuing atá go trom orainn, agus déanfaimid seirbhís duit.» Dúirt sé leo: «Tagaigí ar ais chugam faoi cheann trí lá.» D' imigh na daoine leo. Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. «Cén freagra,» ar sé, «a mholfadh sibh ba chóir dom a thabhairt ar an muintir seo?» «Má bhíonn tú cneasta leis an bpobal seo,» ar siad, «agus má bhíonn tú lách leo, agus má bhíonn tú cóir leo, beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.» Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh, a d' fhás suas leis féin, a bhí ina sheirbhís. «Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt ar an muintir seo a dúirt liom: 'Bog dínn an chuing a leag d' athair orainn'?» Agus d' fhreagair an dream óg a d' fhás suas leis agus dúirt leis: «Tabhair an freagra seo ar an muintir úd a dúirt: 'Chuir d' athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú dúinn' abair é seo leo: 'Is raimhre mo lúidín ná coim m' athar. Leag m' athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m' athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.'» An tríú lá tháinig Iarobám agus an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d' ordaigh an rí á rá: «Tagaigí chugam arís an treas lá.» Thug an rí freagra garbh orthu gan aon aird a thabhairt ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó. Labhair Rachabám leo de réir chomhairle na n-ógfhear agus dúirt: «Leag m' athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m' athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.» Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag Dia ionas go gcomhlíonfadh an Tiarna an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát. Nuair a chonaic Iosrael go léir nár thug an rí aon aird orthu, d' fhreagair an pobal an rí: «Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael, gach duine agaibh. Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!» Agus d' imigh Iosrael go léir leo chun a mbothanna. Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá. Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir clann Iosrael chun báis de chlocha é; ansin níor mhór do Rachabám preabadh ina charbad agus teitheadh go Iarúsailéim. Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin. Ghabh Rachabám suas go Iarúsailéim agus chuir sé tionól ar theaghlach Iúdá agus ar Bhiniáimin, céad agus a hochtó míle de thogha na ngaiscíoch, ionas go gcuirfí cath ar theaghlach Iosrael agus go mbuafaí a ríocht ar ais do Rachabám. Ach tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá, an giolla Dé, agus dúirt: «Abair é seo le Rachabám, mac Sholaimh, rí Iúdá, agus leis na hIosraelaigh go léir in Iúdá agus i mBiniáimin: Mar seo a deir an Tiarna: 'Ná téigí chun troda in aghaidh bhur mbráithre. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.'» D' éisteadar le briathar an Tiarna agus d' fhilleadar in ionad máirseáil in aghaidh Iarobám. Chuir Rachabám faoi in Iarúsailéim agus thóg sé cathracha daingne in Iúdá. D' atóg sé Beithil agus Éatám agus Teacóá agus Béit Zúr agus Sócó agus Adulám agus Gat agus Máraeiseá agus Zíf agus Adóraím agus Láicís agus Azaecá agus Zorá agus Aiálón agus Heabrón, cathracha daingne in Iúdá agus i mBiniáimin. Dhaingnigh sé na dúnta agus chuir ceannasaithe iontu agus stórais bhia agus ola agus fíona. Chuir sé sciatha agus gathanna sna cathracha go léir agus neartaigh sé go mór iad le Iúdá agus Biniáimin a choimeád faoi smacht. D' fhág na sagairt agus na Léivítigh go léir na háiteanna ina raibh siad ar fud Iosrael agus thángadar chun cónaithe in aice leis. Thréig na Léivítigh a dtailte féaraigh agus a ngabháltais agus tháinig siad go Iúdá agus Iarúsailéim, mar dhíbir Iarobám agus a mhic iad as sagartacht an Tiarna, agus cheap sé a shagairt féin do na hardionaid, do na bocánaigh, agus do na laonna a rinne sé. Baill de threibheanna Iosrael, daoine a bhí tíolactha ar fad do sheirbhís an Tiarna Dia Iosrael, lean siad iad agus tháinig siad go Iarúsailéim le híobairt a dhéanamh don Tiarna, Dia a sinsear. Chuireadarsan le neart ríocht Iúdá agus bhí siad ina dtaca ag Rachabám mac Sholaimh ar feadh trí bliana, mar lean sé sampla Dháiví agus Sholaimh ar feadh trí bliana. Ghlac Rachabám mar chéile, Machalat, iníon Irímiot mac Dháiví, agus Aibiochaíl iníon Eilíáb mac Ieise. Rug sí clann mhac dó: Ieúis, Seamairiá agus Záham. Ina diaidh sin ghlac sé Mácá iníon Aibseálóm mar chéile agus rug sí Aibíá, Atai, Zízeá, agus Sealomaít. Thug Rachabám grá do Mhácá iníon Aibseálóm thar a mhná agus a leannáin go léir. Bhí, dála an scéil, ocht mbean déag aige agus trí fichid leannán, agus bhí ochtar mac ar fhichid aige agus trí fichid iníon. Cheap Rachabám Aibíá mac Mhácá ina cheann fine, mar thaoiseach ar a bhráithre, mar gur mhian leis rí a dhéanamh de. Rinne sé a ghnó go críonna agus scaip sé cuid dá chlann mhac ar fud críocha Iúdá agus Bhiniáimin go léir agus sna cathracha daingne go léir agus thug sé lón go leor dóibh. Ach théadh sé i gcomhairle lena lán déithe de chuid a bhan. Agus a luaithe a bhí a údarás ríoga bunaithe go daingean, rinne sé féin agus Iosrael go léir chomh maith dlí an Tiarna a thréigean. Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim mar go rabhthas mídhílis don Tiarna; bhí dhá chéad déag carbad agus trí fichid míle marcach, agus líon gan áireamh ón Éigipt ina theannta Libiaigh, Suicím agus Aetópaigh. Ghabh sé cathracha daingne Iúdá agus tháinig chomh fada le Iarúsailéim. Thionól Rachabám agus ceannairí Iúdá láimh le Iarúsailéim nuair a bhí Síseac ag bagairt, agus tháinig an fáidh Seamaiá chucu agus dúirt sé leo: «Mar seo a deir an Tiarna: 'Thréig sibhse mise, agus dá bhrí sin d' fhág mise sibhse i láimh Shíseac.'» Ansin d' umhlaigh ceannairí Iúdá agus an rí iad féin agus dúirt: «Is cóir é an Tiarna.» Nuair a chonaic an Tiarna gur umhlaíodar iad féin, tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá. «Rinne siad iad féin a umhlú,» dúirt sé, «agus ní dhéanfaidh mé iad a scriosadh. Fóirfidh mé orthu ar ball beag. Ní luífidh mo fhearg ar Iarúsailéim trí láimh Shíseac. Beidh siad ina ndaoir aige mar sin féin i dtreo go dtuigfidís a bhfuil idir seirbhís domsa agus seirbhís do ríochtaí na dtíortha iasachta.» Tháinig Síseac rí ná hÉigipte aníos más ea in aghaidh Iarúsailéim, agus thug sé leis na seoda ó Theampall an Tiarna agus na seoda ón bpálás ríoga; thug sé gach rud leis, fiú na sciatha óir go léir a rinne Solamh. Ina n-áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheata pháláis an rí. Aon uair a théadh an rí chun an Teampaill, d' iompraíodh na gardaí iad, agus thugaidís ar ais chun seomra an gharda iad ina dhiaidh sin. De bhrí gur umhlaigh sé é féin, d' iompaigh fearg an Tiarna uaidh agus níor scrios sé ar fad é. Bhí an scéal go maith acu in Iúdá. Dhaingnigh Rachabám a fhlaitheas in Iarúsailéim agus bhí faoi réim ann. Bhí Rachabám bliain agus daichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael go léir a thogh an Tiarna lena ainm a lonnú ann. Námá, an tAmónach mná, ab ainm dá mháthair. Rinne sé an t-olc mar nár luigh sé ó chroí le tóraíocht an Tiarna. An chuid eile de stair Rachabám ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa in Annála Sheamaiá an fáidh, agus Ideo an físí, faoi eagrú na Léivíteach agus faoin tsíorchogaíocht idir Rachabám agus Iarobám? Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví, a athair, agus tháinig a mhac Aibíá i gcomharbacht air. San ochtú bliain déag de réimeas an rí Iarobám, tháinig Aibíá i gcoróin ar Iúdá. Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Miocáiá ab ainm dá mháthair, iníon Úiríéil ó Ghibeá. Bhí Aibíá ag cogaíocht le Iarobám. Chuaigh Aibíá chun catha le slua trodairí cróga, ceithre chéad míle fear tofa, agus chuir Iarobám a ocht gcéad míle de fhir thofa, gaiscígh chalma, in eagar ina aghaidh. Sheas Aibíá ar Shliabh Zamáraím in ardáin Eafráim. «A Iarobám agus a Iosrael go léir,» ar sé, «nach bhfuil a fhios agaibh gur thug an Tiarna flaitheas Iosrael do Dháiví agus dá shliocht go brách trí chonradh dosháraithe? Ach dá ainneoin sin rinne Iarobám mac Nabát, searbhónta do Sholamh mac Dháiví, ceannairc in aghaidh a mháistir. Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne. Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh. Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, d' fhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith! Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail. Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é. Féach, tá an Tiarna linn, ar ár dtosach againn; féach a shagairt leis na stoic ar tí iad a shéideadh leis an ngáir chatha a chur suas i bhur n-aghaidh. A chlann Iosrael, ná troidigí in aghaidh an Tiarna, Dia ár sinsear, mar ní rithfidh libh.» Chuir Iarobám buíon i luíochán timpeall laistiar le hiad a ionsaí i leith a gcúil; bhí a shluaite ar bhéala Iúdá dá bhrí sin agus an luíochán ar a gcúla. D' fheach Iúdá ina dtimpeall agus chonaic siad lucht ionsaithe rompu amach agus ina ndiaidh. Ghlaoigh siad ar an Tiarna agus shéid na sagairt na stoic. Chuir sluaite Iúdá a ngáir chatha suas, agus nuair a rinne siad amhlaidh, bhris an Tiarna ar Iarobám agus ar Iosrael go léir roimh Aibíá agus Iúdá. Theith clann Iosrael roimh Iúdá agus thug Dia ar láimh dóibh iad. Rinne Aibíá agus a shluaite ár agus eirleach orthu; thit cúig céad míle d' fhir thofa Iosrael marbh ar pháirc an áir. Cloíodh clann Iosrael an uair sin agus bhí an lá le Iúdá ar an gcuma sin mar go raibh muinín acu as an Tiarna, Dia a sinsear. Chuaigh Aibíá sa tóir ar Iarobám agus ghabh cathracha áirithe uaidh, Béitéil lena shráidbhailte, Iseáná lena shráidbhailte, agus Eafrón lena shráidbhailte. Níor fhéad Iarobám a chumhacht a ghnóthú ar ais le linn Aibíá, agus threascair an Tiarna é agus d' éag sé. Ach chuaigh Aibíá i neart; thóg sé ceathrar ban déag chuige féin agus ghin sé beirt mhac ar fhichid agus seisear iníonacha déag. An chuid eile de stair Aibíá, a bhearta agus a ghníomhartha, nach bhfuil sin go léir scríofa i scéala an fháidh Ideo? 13:23 Ansin chuaigh Aibíá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcomharbacht air. Bhí an tír faoi shíocháin ar feadh deich mbliana lena linn. Rinne Ásá an ceart agus an chóir i bhfianaise an Tiarna a Dhia. 14:1 2 Chuir sé deireadh leis na haltóirí deoranta agus leis na hardionaid, leag sé anuas na colúin agus ghearr anuas na cuaillí naofa, 3 agus d' áitigh sé ar Iúdá an Tiarna a nDia a thóraíocht agus idir dhlí agus aithne a chomhlíonadh. 4 Dhíbir sé na hardionaid agus na haltóirí túise as gach cathair in Iúdá. Bhí síocháin sa ríocht faoina réim. 5 D' atóg sé cathracha daingne Iúdá, mar bhí an tír faoi shíocháin gan aon chogadh na blianta sin mar dheonaigh an Tiarna síocháin dó. 6 «Déanaimis na cathracha seo a atógáil,» ar sé le Iúdá, «agus cuirimis ballaí agus túir, geataí agus sparraí, timpeall á gcosaint. Fágfar an tír seo fúinn mar lorgamar an Tiarna ár nDia; lorgamar é agus thug sé síocháin dúinn ar gach taobh.» Rinneadar an tógáil dá bhrí sin agus bhí an rath orthu. 7 Bhí arm de thrí chéad míle fear ó Iúdá le sciatha agus gathanna ag Ásá; agus dhá chéad ochtó míle fear ó Bhiniáimin a d' iompair sciath agus a láimhseáil bogha; gaiscígh thréana iadsan go léir. Tháinig Zearach an Cúiseach le harm milliún fear agus trí chéad carbad amach ina gcoinne agus tháinig sé chomh fada le Máraeiseá. 8 9 Chuaigh Ásá amach ina gcoinne agus chuir cóiriú catha ar a shluaite i nGleann Zafátá ag Máraeiseá. 10 Ghlaoigh Ásá chun an Tiarna a Dhia: «A Thiarna,» ar sé, «ní féidir le haon duine ach tusa seasamh leis an lag in aghaidh an láidir. Cabhraigh linn, a Thiarna ár nDia, mar tá muinín againn asat, agus is i d' ainmse atáimid ag dul in aghaidh an tslua seo. A Thiarna, is tú ár nDia; fágadh an duine gach ní fútsa.» 11 Bhris an Tiarna ar na Cúisigh roimh Ásá agus Iúdá, agus theith na Cúisigh. 12 Chuir Ásá agus a lucht leanúna tóir orthu chomh fada le Gearár. Thit na Cúisigh ar lár i dtreo nár fágadh fear inste scéil mar treascraíodh iad roimh an Tiarna agus a shlua. Chruinníodar a lán creiche, 13 agus chloíodar na cathracha go léir timpeall ar Ghearár mar bhí eagla an Tiarna orthusan. Chreach siad iad go léir mar bhí a lán éadála iontu. 14 D' ionsaíodar freisin bothanna lucht an eallaigh agus thugadar leo raidhse caorach agus camall; agus ansin d' fhilleadar ar Iarúsailéim. Tháinig spiorad Dé ar Azairiá mac Ódaed agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: «Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh. Is iomaí lá a chaith Iosrael gan Dia fírinneach, gan sagart le teagasc a thabhairt, gan dlí. Ach d' iompaigh siad chun an Tiarna Dia Iosrael as a n-anachain; lorg siad é agus fuair siad é. San am sin, ní raibh síocháin ag aosánach ar bith, mar bhí trioblóidí ina mílte sa mhullach ar áitritheoirí na gcríoch. Smiotadh iad; rinne náisiún náisiún a threascairt, agus cathair cathair eile, mar rinne Dia iad a chiapadh le gach sort anó. Ach maidir libhse, bíodh misneach agaibh, ná ligigí do bhur lámha dul i laige, mar gheobhaidh sibh luach bhur saothair.» Nuair a chuala Ásá na focail sin agus an fháistine sin (le hÓdaed an fáidh), tháinig misneach chuige agus dhíbir sé na híola gráiniúla ó thír Iúdá agus Bhiniáimin, agus ó na cathracha a ghabh sé in ardáin Eafráim, agus dheisigh sé altóir an Tiarna a sheas os comhair phóirse an Tiarna. Thionóil sé Iúdá agus Biniáimin go léir, agus muintir Eafráim, Mhanaise agus Shimeon a bhí ag cur fúthu ina dteannta, mar ghabh líon mór daoine anonn chuige ó Iosrael nuair a chonaic siad go raibh an Tiarna, a Dhia, ina theannta. Thángadar le chéile in Iarúsailéim sa tríú mí den chúigiú bliain déag de réimeas Ásá. D' ofráladar mar íobairt don Tiarna an lá sin as an gcreach a ghabhadar: seacht gcéad damh agus seacht míle caora. Agus rinne siad conradh go lorgfaidís an Tiarna, Dia a sinsear, lena gcroí go hiomlán agus lena n-anam go hiomlán, agus cibé duine nach lorgfadh an Tiarna Dia Iosrael, go gcuirfí chun báis é, cibé acu óg nó aosta é, fear nó bean. Thug siad mionn os ard don Tiarna le gártha agus le séideadh stoc agus adharc. Chuir an mionn a thugadar le lánchroí lúcháir ar Iúdá go léir. Rinne siad an Tiarna a thóraíocht le dúthracht chroí agus fuair siad é agus thug sé síocháin dóibh ar gach taobh. Bhain Ásá rí dínit na ríonmháthar dá mháthair Mácá mar go dearna sí dealbh ghráiniúil do Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh í i nGleann Chidreon. Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá gan locht i gcaitheamh a shaoil go léir. Chuir sé isteach i dTeampall Dé na tabhartais a thíolaic a athair agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe. Go dtí an cúigiú bliain tríochad de réimeas Ásá, ní raibh aon chogadh. Sa séú bliain tríochad de réimeas Ásá ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá d' fhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá. Thóg Ásá leis ansin an t-airgead agus an t-ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí agus sheol iad go Bein Hadad rí Arám a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht: «Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir m' athair agus d' athairse. Féach, táim ag cur airgid agus óir chugat. Tar agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríocha.» D' aontaigh Bein Hadad agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Abael Máím agus cathracha stóir Naftáilí go léir. Nuair a chuala Báiseá é sin, scor sé de bheith ag daingniú Rámá agus d' éirigh as an ngnó sin. Thionóil Ásá rí Iúdá go léir agus thug siad chun siúil na clocha agus an t-adhmad lena raibh Báiseá ag tógáil, agus leis an méid sin dhaingnigh sé Geaba agus Mizpeá. Ansin a tháinig Hanáiní an físí go hÁsá rí Iúdá agus dúirt leis: «De bhrí nach raibh muinín agat as an Tiarna do Dhia, ach as rí Arám, sleamhnóidh arm rí Arám as do láimh. Nárbh arm mór le hiliomad carbad agus marcach iad na Cúisigh agus na Libiaigh? Ach de bhrí gur chuir sibh bhur muinín sa Tiarna, nár tugadh ar láimh daoibh iad? Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.» Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin. Tá stair Ásá ó thús deireadh scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael. Bhuail drochghalar Ásá sna cosa an naoú bliain tríochad dá réimeas, agus ghéaraigh ar an ngalar. Ach ina ghalar ní dheachaigh sé i muinín an Tiarna ach i muinín dochtúirí. Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir, d' éag sé san aonú bliain is daichead dá réimeas. Chuireadar é sa tuama a d' ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d' adhnadar béileach mhór thine ina onóir. Tháinig Iahóiseáfát a mhac i gcomharbacht air agus dhaingnigh sé a cheannas ar Iosrael. Chuir sé buíonta saighdiúirí i gcathracha daingne Iúdá go léir, agus cheap sé ceannairí i dtír Iúdá agus sna bailte in Eafráim a ghabh a athair Ásá. Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím, chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael. Dhaingnigh an Tiarna, dá bhrí sin, an ríocht ina ghreim, agus thug Iúdá go léir cáin do Iahóiseáfát, agus bhí saibhreas agus maoin go flúirseach aige. Bhí misneach ina chroí le siúl i gcosáin an Tiarna agus scrios sé arís na hardionaid agus na cuaillí naofa i Iúdá. Sa tríú bliain dá réimeas chuir sé a fheidhmeannaigh: Bein Haíl, Obaidiá, Zacairiá, Natanael agus Míocáiá le teagasc a thabhairt i gcathracha Iúdá. Ghabh na Léivítigh seo leanas leosan: Seamaiá, Natainiá, Zabaidiá, Asáhael, Simíreámót, Iahónátan, Adoiníá, Tóibíá agus Tób Adóinía. Léivítigh iadsan, agus in éineacht leo bhí na sagairt Eilíseámá agus Iahórám. Rinne siad teagasc in Iúdá agus leabhar dhlí an Tiarna acu agus chuaigh siad timpeall cathracha uile Iúdá ag teagasc an phobail. Thit eagla an Tiarna ar ríochtaí uile na gcríoch i gcóngar Iúdá agus ní dhearna siad cogadh ar Iahóiseáfát. Thug cuid de na Filistínigh bronntanais go dtí Iahóiseáfát agus airgead mar cháin; thug na hArabaigh féin seacht míle seacht gcéad reithe agus seacht míle seacht gcéad pocán gabhair. Chuaigh Iahóiseáfát i neart agus i neart. Thóg sé daingin agus cathracha stóir in Iúdá; bhí lón mór aige i gcathracha Iúdá. Bhí buíon saighdiúirí gaiscígh ghroí, in Iarúsailéim. Seo mar a rangaíodh iad de réir finí: de Iúdá, mar cheannairí míle: Adná an ceannaire le trí chéad míle curadh calma; faoina cheannas-san Iahóchánán an ceannaire le dhá chéad agus a hochtó míle fear; faoina cheannas-san Amásá mac Zicrí, óglach i seirbhís an Tiarna, le dhá chéad míle curadh calma. De Bhiniáimin: Eiliádá gaiscíoch calma, le dhá chéad míle fear iompartha bogha agus scéithe; faoina cheannas-san Iahózábád le céad agus a hochtó míle armtha chun cogaidh. Sin iad na fir a bhí ag déanamh seirbhíse don rí seachas an mhuintir a chuir an rí san cathracha daingne ar fud Iúdá ar fad Bhí Iahóiseáfát faoi bhláth maoine agus onóra, agus rinne sé cleamhnas le hAcháb. Tar éis roinnt blianta thug sé turas ar Acháb sa tSamáir. Mharaigh Acháb líon mór caorach agus damh dó féin agus dá lucht leanúna lena áiteamh air Rámot Gileád a ionsaí. Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: «An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?» D' fhreagair Iahóiseáfát: «Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.» Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: «Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.» Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. «Ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí,» d' fhiafraigh sé díobh, «nó éirí as?» «Téigh,» ar siad, «mar tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.» Ach dúirt Iahóiseáfát: «An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?» D' fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: «Tá aon duine amháin eile lenar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh tairngreacht fhónta aige domsa, ach drochchinn i gcónaí; Míocáia mac Imleá an duine sin.» «Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,» arsa Iahóiseáfát. Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: «Tabhair Míocáia mac Imleá chugam gan mhoill.» Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair. Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Chanáná dó féin. «Seo mar a deir an Tiarna:» ar sé, «' Déanfaidh tú na hAramaeigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.'» Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: «Gluais leat go Rámot Gileád,» ar siad, «agus beir bua. Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.» An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: «Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.» Ach d' fhreagair Míocáia: «Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh mo Dhia, sin é an briathar a labhróidh mé.» Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: «A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?» D' fhreagair sé: «Gluaisigí agus beirigí bua! Tabharfar in bhur lámha iad.» Ach dúirt an rí: «An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?» Ansin labhair Míocáia: «Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte mar chaoirigh gan aoire, agus dúirt an Tiarna: 'Níl maistir orthu; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.'» Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Nár dhúirt mé nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc.» Lean Míocáia air: «Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar dheis agus ar a chlé. Dúirt an Tiarna: 'Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?' Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd. Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: 'Déanfaidh mise é a mhealladh,' ar sé. ' Conas?' arsa an Tiarna. D' fhreagair sé: 'Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.' ' Meallfaidh tú é,' arsa an Tiarna, ' rithfidh leat. Téigh agus déan é.' Féach anois, más ea, mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d' fháithe anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d' aghaidh.» Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: «Conas a d' fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?» «Sin rud a gheobhaidh tú amach,» d' fhreagair Míocáia, «an lá a theithfidh tú i seomra cúil le dul i bhfolach.» Dúirt rí Iosrael: «Gabhaigí Míocáia agus tugaigí ar láimh é d' Ámón, rialtóir na cathrach, agus don phrionsa Ióáis, agus abraigí: 'Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.'» Dúirt Míocáia: «Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.» (Agus dúirt sé: «Éistigí, a chiníocha go léir.») Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád. Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d' éidí rí ortsa.» Chuir rí Iosrael bréagriocht air féin agus chuaigh isteach sa chath. Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: «Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.» Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: «Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,» agus d' iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n-ionsaí air, agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d' éiríodar as an tóir. Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim, agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach: «Iompaigh timpeall,» arsa an rí lena charbadóir, «agus beir leat as an gcath mé mar táim gonta.» Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; choimeád an rí é féin ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hAramaeigh go tráthnóna; agus d' éag sé le fuineadh an lae. D' fhill Iahóiseáfát rí Iúdá abhaile slán folláin go Iarúsailéim. Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: «Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan? Tá maitheas éigin ionat mar sin féin mar go bhfuil na cuaillí naofa scriosta as an tír agat, agus tá do chroí dírithe agat ar thóraíocht Dé.» Tar éis tamaill a chaitheamh in Iarúsailéim, thug Iahóiseáfát cuaird ar a phobal ó Bhéar Seaba go hardáin Eafráim, lena dtabhairt ar ais chuig an Tiarna, Dia a sinsear. Cheap sé breithiúna ar fud na tíre i gcathracha daingne Iúdá go léir ceann ar cheann. Dúirt sé leis na breithiúna: «Machnaigí ar bhur ndualgais, mar níl sibh le breith a thabhairt in ainm daoine, ach in ainm an Tiarna; agus bíonn seisean in éineacht libh agus sibh ag tabhairt breithe. Bíodh eagla an Tiarna oraibh anois; tugaigí aire dá mbíonn idir lámha agaibh, mar níl aon bhaint ag an Tiarna ár nDia le calaois ná leathchuma ná le breaba a ghlacadh.» Cheap Iahóiseáfát Léivítigh agus sagairt agus cinn finí Iosraelacha in Iarúsailéim le breith a thabhairt in ainm an Tiarna agus caingne a réiteach. Bhí [a gcúirt acu] in Iarúsailéim, agus thug Iahóiseáfát na treoracha seo leanas dóibh: «Comhlíonaigí bhur ndualgais le heagla an Tiarna, go dílis dúthrachtach. Cibé aighneas a chuirfear faoi bhur mbráid ó bhur mbráithre atá ag cur fúthu ina gcathracha is cuma an ceist faoi éiric fola é nó faoin dlí, nó faoi aithne nó ordú, nó reacht ní foláir daoibh iad a theagasc sna cúrsaí sin i dtreo nach mbeidh siad ciontach i láthair an Tiarna, agus nach dtiocfaidh a fhearg oraibh féin agus ar bhur mbráithre. Déanaigí amhlaidh agus ní bheidh sibh ciontach. Beidh Amairiá an t-ardsagart i gceannas agaibh ar chúraimí an Tiarna go léir, agus Zabaidiá mac Ismeáéil, reachtaire theaghlach Iúdá, i gcúraimí an rí. Beidh na Léivítigh agaibh mar scríobhaithe. Bíodh misneach agaibh agus cuirigí na treoracha sin i gcrích, agus beidh an Tiarna ansiúd leis an rath a chur oraibh.» Ina dhiaidh sin tháinig na Móábaigh, na hAmónaigh, agus cuid de na [Méúnaigh] chun cogadh a chur ar Iahóiseáfát. Tháinig daoine le teachtaireacht go dtí Iahóiseáfát: «Tá slua mór ag teacht i do choinne ó Eadóm ón taobh eile den fharraige; tá siad ag Hazazón Támár,.i. Éan Geidí, cheana féin.» Tháinig scéin ar Iahóiseáfát agus chinn sé dul i muinín an Tiarna; d' fhógair sé troscadh ar Iúdá ar fad. Chruinnigh Iúdá le chéile chun cabhair a lorg ar an Tiarna; tháinig siad ó gach cathair i Iúdá ar lorg an Tiarna. Ag an gcomhthionól seo de mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim i dTeampall an Tiarna, sheas Iahóiseáfát os comhair na cúirte nua, agus dúirt: «A Thiarna, a Dhia ár sinsear, nach tusa an Dia a chónaíonn sna flaithis? Nach bhfuil tusa i gceannas ar ríochtaí na gciníocha go léir? Tá a leithéid de chumhacht agus de neart i do lámhasa nach féidir le haon duine cur i do choinne. Nach tusa ár nDia a dhíbir áitritheoirí na tíre seo amach roimh Iosrael do phobal, agus a thug é go brách do shliocht Abrahám, do chara? Chuir siadsan fúthu ann agus thóg siad sanctóir do d' ainm ann, á rá: 'Má bhuaileann tubaiste sinn cogadh nó daorbhreith, nó galar, nó gorta seasfaimid os comhair an Teampaill seo agus os do chomhairse, mar tá d' ainm sa Teampall seo. Agus glaofaimid ort as umar ár n-aimléise agus tabharfaidh tú cluas agus éisteacht dúinn.' Seo chugainn anois muintir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír; nuair a bhí Iosrael ag teacht amach as an Éigipt níor cheadaigh tú d' Iosrael iad a ionsaí; chas Iosrael i leataobh agus níor scrios siad iad ach seo mar atá díolaíocht á déanamh acu anois, ag teacht dár dtiomáint amach as na tailte a thug tú dúinn mar oidhreacht. Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n-aird go léir ortsa!» Bhí Iúdá go léir ina seasamh i láthair an Tiarna, a n-aosóga, a mná agus a leanaí. Tháinig spiorad an Tiarna i lár an chomhthionóil ar Iachazíéil mac Zacairiá, mac Bhanáiá, mac Ieíéil, mac Mhatainiá an Léivíteach, duine de chlann Ásáf; dúirt sé: «Éistigí, a fheara uile Iúdá, agus sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim, agus tusa a rí Iahóiseáfát! Mar seo a deir an Tiarna libh: 'Ná bíodh eagla oraibh agus ná cuireadh an mathshlua mór seo drochmhisneach oraibh! Ní libhse an cath seo ach le Dia. Cuirigí chun bóthair ina gcoinne amárach! Féach! tá siad ag teacht Ard Zíz aníos agus tiocfaidh sibh orthu i lúib an ghleanna lastoir de fhásach Iarúael. Ní bheidh oraibh troid sa chath seo; téigí chun bhur láithreacha, seasaigí an fód, agus feicigí an bua atá i ndán daoibh ag an Tiarna. A Iúdá agus a Iarúsailéim, ná bíodh scéin ná drochmhisneach oraibh! Gluaisigí amach ina gcoinne amárach agus beidh an Tiarna in bhur dteannta.'» Ansin chrom Iahóiseáfát a cheann agus a aghaidh chun talún agus chaith Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim iad féin ar a mbéala in ómós don Tiarna. Ansin sheas na Léivítigh, na Cohátaigh agus na Corachaigh, leis an Tiarna, Dia Iosrael, a mholadh, in ard a gcinn agus a ngutha. D' éirigh siad go moch ar maidin agus d' imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: «Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.» Chuaigh sé i gcomhairle leis an bpobal ansin agus chuir sé cantairí an Tiarna, ina n-éidí beannaithe, ag ceann an tslua lena mholtaí a chanadh, agus á rá: «Molaigí an Tiarna, mar maireann a bhuanghrá de shíor.» Nuair a chrom siad ar a laoithe mórtha agus molta, rinne an Tiarna luíochán ar fhir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír a bhí tagtha chun Iúdá a ionsaí, agus cuireadh an teitheadh orthu. Thug fir Amón agus Mhóáb fogha faoi mhuintir Shliabh Shaeír lena scriosadh faoin mbang, ach ní dhearnadar ach cuidiú le díthiú a chéile, nuair a bhí muintir Shaeír scriosta acu. Nuair a shroich muintir Iúdá an áit óna bhfuil radharc ar an bhfásach agus gur thug siad aghaidh ar an mathshlua, féach, ní raibh ach corpáin gan anam sínte ar an talamh; níor fágadh fear inste scéil. Tháinig Iahóiseáfát ansin agus a shluaite lena gcreachadh agus fuair siad mórchuid eallaigh agus maoine agus éadaí agus seod; bhailíodar thar mar ab fhéidir leo a bhreith leo; bhí an chreach chomh mór sin go rabhadar trí lá á cruinniú. Ar an gceathrú lá thionóil siad i nGleann na Beannachta mar ar bheannaíodar an Tiarna go dearfa; uime sin atá an t-ainm Gleann na Beannachta á thabhairt ar an áit go dtí inniu féin. Ansin d' fhill muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir, faoi cheannas Iahóiseáfát, ar ais go Iarúsailéim faoi lúcháir; óir bhí ábhar lúcháire faoina naimhde faighte acu ón Tiarna. Thángadar go Iarúsailéim, agus go Teampall an Tiarna, le ceol cláirsí agus cruite agus stoic; agus tháinig eagla Dé ar ríochtaí uile na dtíortha iasachta nuair a chuala siad conas mar a throid an Tiarna in aghaidh naimhde Iosrael. Bhí ríocht Iahóiseáfát faoi shíocháin mar gur thug a Dhia síocháin dó ar a theorainneacha uile máguaird. Sin mar a bhí ag Iahóiseáfát i gcoróin Iúdá. Bhí sé cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Shilchí ab ainm dá mháthair. Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna. Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus ní raibh a gcroí fós dírithe ag an bpobal ar Dhia a sinsear. An chuid eile de stair Iahóiseáfát, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa in Annála Iéahú mac Hanáiní atá cóipeáilte i Leabhar Ríthe Iosrael. Ina dhiaidh sin rinne Iahóiseáfát rí Iúdá conradh le hAchaizíá rí Iosrael, a chuir ar bhóthar a aimhleasa é. Rinne sé comhar leis ag tógáil long le dul go Tairsís agus thóg siad na longa in Eizión Geibir. Rinne Eilíeizir mac Dhódaváhú ó Mháraeiseá tairngreacht in aghaidh Iahóiseáfát á rá: «De bhrí go ndearna tú conradh le hAchaizíá,» ar sé, «tá do shaothar millte ag an Tiarna.» Scriosadh na longa agus níor éirígh leo riamh seoladh go Tairsís. Chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsear, agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air. Bhí [seisear] deartháireacha ag Iahórám, clann mhac Iahóiseáfát: Azairiá, Ichíéil, Zacairiá, Azairiáhú, Míocáéil, Seafaitiá; clann mhac Iahóiseáfát rí Iúdá iadsan go léir. Bhronn a n-athair a lán bronntanas airgid, óir agus seod agus cathracha daingne in Iúdá orthusan, ach bhronn sé an choróin ar Iahórám mar gurbh é an chéadghin. Nuair a tháinig Iahórám i gcoróin i ndiaidh a athar agus gur dhaingnigh sé a ghreim uirthi, chuir sé a dheartháireacha go léir chun báis le faobhar claímh, agus cuid d' oifigh Iosrael chomh maith leo. Bhí Iahórám dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i réim in Iarúsailéim. Lean sé sampla ríthe Iosrael mar a bhí déanta ag sliocht Acháb, mar go raibh sé pósta le hiníon Acháb. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna. Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách. Lena linn rinne Eadóm ceannairc in aghaidh Iúdá agus cheapadar rí dá gcuid féin. Ansin ghabh Iahórám sall lena cheannairí agus lena charbaid. D' éirigh sé san oíche agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach, a bhí ina thimpeall. Chaith Eadóm díobh cuing Iúdá ar an gcuma sin agus tá siad saor go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc in aghaidh a cheannais an t-am céanna mar gur thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear. Thóg sé ardionaid in ardáin Iúdá, agus thug ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis agus chuir sé Iúdá ar seachrán. Tháinig litir chuige ó Éilias fáidh á rá: «Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví d' athair: 'De bhrí nár lean tú sampla Iahóiseáfát d' athair, ná Ásá rí Iúdá, ach sampla ríthe Iosrael, agus gur thug tú ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis, faoi mar a thug teaghlach Acháb ar Iosrael a bheith mídhílis, agus gur mharaigh tú, as do theaghlach féin, do dheartháireacha ab fhearr d' fhir ná thú féin, féach, [buailfidh] an Tiarna le tubaiste mhór [thú féin] agus do mhuintir agus do shliocht agus do chuid ban agus do mhaoin go léir. Tiocfaidh galair [gháifeacha] ort féin, agus galar cliabhraigh chomh géar sin go sceithfidh tú d' ionathar le himeacht aimsire.'» Mhúscail an Tiarna fearg na bhFilistíneach, agus na nArabach atá láimh leis na Cúisigh, in aghaidh Iahórám. D' ionsaigh siad Iúdá agus rinne ionradh air agus thugadar leo an mhaoin go léir a fuair siad, a bhain le teaghlach an rí, agus a chlann mhac, agus a chuid ban, i dtreo nach raibh mac fágtha aige ach Achaizíá, an té ab óige. Ansin threascair an Tiarna le galar doleighiste sa chliabhrach é. Lean sé de breis agus bliain agus nuair a bhí dhá bhliain caite agus é ar an dé deiridh thit a ionathar amach as le déine an ghalair, agus fuair sé bás i ngéarphian. Níor las an pobal tine dó murab ionann agus a athair. Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i gcoróin in Iarúsailéim. D' imigh sé ar shlí na fírinne gan aon duine á chaoineadh agus chuireadar é i gcathair Dháiví, cé nárbh i dtuamaí na ríthe é. Rinne muintir Iarúsailéim rí d' Achaizíá, an mac ab óige aige, ina áit, mar go raibh na mic a ba shine go léir marbh ag an díorma a bhris isteach sa champa leis na hArabaigh. Sin mar a tháinig Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá i gcoróin. Bhí Achaizíá dhá bhliain agus [fiche] d' aois nuair a tháinig sé chun corónach agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá iníon Omraí ab ainm dá mháthair. Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb, mar gur thug a mháthair drochchomhairle dó. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne teaghlach Acháb, mar tar éis bhás a athar ba iadsan a bhí mar chomhairleoirí aige, rud a raibh sé thíos leis. Ar a gcomhairlesean, ghabh sé amach le Iahórám mac Acháb le cogadh a chur ar Hazáéil rí Arám ag Rámot Gileád; ghoin na [hArámaigh] Iahórám, agus d' fhill sé go Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iahórám mac Acháb mar go raibh sé tinn. Ba é toil an Tiarna é Achaizíá a scriosadh tríd an turas seo ar thuairisc Iahórám. Nuair a tháinig sé ansiúd chuaigh sé amach le Iahórám le bualadh le Iéahú mac Nimsí an té a bhí ungtha ag an Tiarna le teaghlach Acháb a scriosadh. Agus Iéahú ag cur na daorbhreithe ar theaghlach Acháb i bhfeidhm, bhuail sé le flatha Iúdá agus le nianna Achaizíá a bhí i seirbhís an rí agus chuir chun báis iad. Ní raibh aon duine fágtha i dteaghlach Achaizíá cumasach go leor le rialú. Ansin chuaigh sé sa tóir ar Achaizíá agus fuarthas é agus é i bhfolach sa tSamáir agus tugadh é go Iéahú agus cuireadh chun báis é. Ach rinneadar é a adhlacadh. «Ba mhac le Iahóiseáfát é,» ar siad, «a bhí ag lorg an Tiarna le lánchroí.» Nuair a fuair Atailiá, máthair Achaizíá, amach go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad de theaghlach Iúdá ar an toirt. Ach Iahóiseaba, iníon an rí, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach i suanlios. Rinne Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, agus bean Iahóideá an sagart (deirfiúr do Achaizíá freisin) é a chur i bhfolach ó Atailiá, i dtreo nár mharaigh sí é. D' fhan sé sé bliana ina dteannta, é i bhfolach i dTeampall an Tiarna agus Atailiá i gceannas na tíre. Sa seachtú bliain tháinig misneach do Iahóideá agus chuir sé fios ar na ceannairí céad, Azairiá mac Iarochám, Ismeáéil mac Iahóchánán, Azairiá mac Obaed, Másaeiá mac Adáiá agus Eilíseáfát mac Zicrí agus rinne conradh leo. Ghabh siad amach ar fud Iúdá ag cruinniú na Léivíteach le chéile ó chathracha uile Iúdá agus ag cruinniú cinn finí Iosrael; thángadar go Iarúsailéim. Rinne an comhthionól go léir conradh leis an rí i dTeampall an Tiarna. «Seo agaibh mac an rí,» arsa Iahóideá, «bíodh sé ina rí faoi mar a gheall an Tiarna faoi shliocht Dháiví! Seo mar atá le déanamh agaibh: tagadh trian díbh, sagairt Léivítigh agus gardaí an gheata, isteach don tsabóid; bíodh trian díbh ag an bpálás ríoga, trian ag Geata na Dúshraithe, agus an pobal go léir i gcúirt Theampall an Tiarna. Ná téadh aon duine isteach i dTeampall an Tiarna ach na sagairt agus na Léivítigh ar dualgas, mar tá siad coisricthe agus tá cead dul isteach acu. Ní mór don phobal aitheanta uile an Tiarna a choimeád. Seasadh na Léivítigh timpeall an rí, agus a arm i láimh gach fir; aon duine a dhéanfaidh iarracht ar dhul isteach sa Teampall, cuirtear chun báis é. Bígí le hais an rí ag teacht isteach agus ag gabháil amach dó.» Rinne na Léivítigh agus Iúdá go léir gach ní mar a d' ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad gach duine acu, a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor dá ndualgas ar an tsabóid agus iad siúd a bhí le dul ar dualgas ar an tsabóid; óir níor scaoil Iahóideá le haon cheann de na hoird. Thug Iahóideá na gathanna agus na sciatha le Dáiví rí, idir bheag agus mhór, a bhí i dTeampall an Tiarna, do na ceannairí céad mar airm. Chóirigh sé an pobal go léir mar gharda ar an rí, agus a arm i láimh gach duine acu, ó choirneál theas an Teampaill go dtí an coirneál thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall. Thug sé leis amach mac an rí ansin, chuir sé an choróin air agus thug an fhianaise dó; agus d' fhógair siad ina rí é. D' ung Iahóideá agus a chlann mhac é agus chuir siad gáir suas: «Fad saoil don rí!» Nuair a chuala Atailiá geoin an phobail ag rith chun an rí agus á mhóradh, tharraing sí ar Theampall an Tiarna áit a raibh na daoine. Nuair a chonaic sí an rí ansiúd ina sheasamh taobh lena cholún ag an mbealach isteach, agus na cinn feadhna agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, agus na cantairí ag cur ceann ar an gceiliúradh lena n-uirlisí ceoil, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: «Feall! Feall!» Ansin ghlaoigh Iahóideá ar na hoifigigh airm agus dúirt leo: «Beirigí libh amach idir na ranganna í agus aon duine a leanann í, cuirtear chun báis leis an gclaíomh é!» Óir bhí sé ráite ag an sagart: «Ná cuirigí chun báis í i dTeampall an Tiarna.» Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, i mbéal Gheata na gCapall, cuireadh chun báis ansiúd í. Rinne Iahóideá conradh idir é féin agus an rí agus an pobal ar fad, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna. Chuaigh an pobal go léir ansin go teampall Bhál agus scrios siad é. Rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n-altóirí. Cheap Iahóideá lucht faire ar Theampall an Tiarna faoi údarás na sagart Léivíteach. Thug Dáiví Teampall an Tiarna do na sagairt Léivíteacha seo mar chuid ranna, le go n-ofrálfaidís íobairtí uileloiscthe an Tiarna mar atá ordaithe i ndlí Mhaois, le spleodar agus le cantain, de réir rialacha Dháiví. Chuir sé lucht faire ag geataí Theampall an Tiarna i dtreo nach rachadh aon duine a bhí neamhghlan ar aon tslí isteach. Thug sé leis na ceannairí céad, na maithe, rialtóirí an phobail agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo síos ó Theampall an Tiarna. Ghabhadar isteach sa phálás trí [stua meánach] an Gheata Uachtair, agus shuíodar an rí sa chathaoir ríoga. Bhí lúcháir ar mhuintir na tuaithe, ach d' fhan an chathair ciúin. Bhí Atailiá curtha chun báis le faobhar claímh. Bhí Ióáis seacht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair. Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna an dá lá dhéag agus an fad a mhair Iahóideá an sagart. Fuair Iahóideá beirt bhan dó agus bhí clann mhac agus iníonacha aige. Ina dhiaidh sin bheartaigh Ióáis Teampall an Tiarna a dheisiú. Chruinnigh sé na sagairt agus na Léivítigh agus dúirt sé leo: «Téigí amach go cathracha Iúdá agus bailigí go leor airgid ó Iosrael go léir ionas go bhféadfaí Teampall bhur nDé a dheisiú ó bhliain go bliain, agus déanaigí é seo go tapa.» Ach rinne na Léivítigh moill. Chuir an rí fios ar Iahóideá a gceannasaí agus dúirt leis: «Cén fáth nár éiligh tú ar na Léivítigh an cháin a leag Maois, searbhónta an Tiarna, ar chomhthionól Iosrael do Bhoth na Fianaise, a thobhach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim? Rinne clann mhac Atailiá na coirpeachta dochar do Theampall an Tiarna agus bhronn siad ofrálacha coisricthe uile Theampall an Tiarna ar na Bálaím.» D' ordaigh an rí dóibh cófra a dhéanamh agus é a chur lasmuigh de gheata Theampall an Tiarna. Fógraíodh ansin ar fud Iúdá agus Iarúsailéim an cháin a leag Maois searbhónta Dé ar Iosrael san fhásach, a thabhairt chun an Tiarna. Tháinig na maithe agus an pobal go léir lena gcánacha le barr lúcháire agus bhíodar á gcaitheamh isteach sa chófra go dtí go raibh deireadh íoctha. Nuair a thugadh na Léivítigh an cófra go dtí oifigigh riartha an rí, agus go bhfeicidís go raibh a lán airgid ann, thagadh rúnaí an rí agus ionadaí an ardsagairt agus d' fholmhaídís an cófra agus bheiridís leo é agus chuiridís ar ais ina áit féin é. Rinne siad amhlaidh lá i ndiaidh an lae agus chruinníodar suim mhór airgid. Thug an rí agus Iahóideá ar láimh é do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna. An lucht tuarastail, na saoir chloiche agus adhmaid, luigh siad le deisiú Theampall an Tiarna. Bhí gaibhne iarainn agus cré-umha freisin ag athchóiriú an Teampaill. A luaithe a bhí tús déanta ag maoir an tsaothair chuaigh an deisiú chun cinn faoina dtreoir. Dheisigh siad Teampall an Tiarna i dtreo go raibh sé chomh maith agus a bhí riamh agus neartaigh siad an foirgneamh. Nuair a bhí deireadh déanta, thug siad an fearasbarr airgid go dtí an rí Iahóideá agus rinneadh leis gréithe do Theampall an Tiarna, soithí don liotúirge agus do na híobairtí uileloiscthe, loingíní túise, agus árais óir agus airgid. Bhí íobairtí uileloiscthe á n-ofráil gan stad i dTeampall an Tiarna fad a mhair Iahóideá. Ach chuaigh Iahóideá in aois agus i laethanta lána liatha, agus d' éag. Bhí sé céad agus a tríocha bliain nuair a d' éag sé. Rinne siad é a adhlacadh i gcathair Dháiví leis na ríthe mar go ndearna sé seirbhís fhónta do Dhia agus dá Theampall in Iosrael. Tar éis bhás Iahóideá tháinig prionsaí Iúdá le hómós a thabhairt don rí, agus ghlac an rí lena gcomhairle. Thréigeadar Teampall an Tiarna, Dia a sinsear, agus d' adhradar na cuaillí naofa agus na híola. Tháinig fraoch feirge sa mhullach ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim mar gheall ar an gcoir sin. Ach ina dhiaidh sin agus uile chuir [Dia] fáithe chucu chun iad a sheoladh ar ais chun an Tiarna, ach ní éistfidís lena dteachtaireacht siúd, nuair a cháin siad iad. Ansin ghabh spiorad Dé seilbh ar Zacairiá mac Iahóideá an sagart. D' éirigh sé ina sheasamh os comhair an phobail agus dúirt leo: «Seo mar a deir Dia: 'Cad chuige a sáraíonn sibh aitheanta an Tiarna, agus gur miste sibh é? Tá sibh tar éis an Tiarna a thréigean; tá sibhse do bhur dtréigean aigesan anois.'» Rinneadar uisce faoi thalamh ina aghaidh agus ar fholáireamh an rí chlochadar é i gclós Theampall an Tiarna. Ar an gcaoi sin rinne an rí Ióáis dearmad den bhuanghrá a bhí ag Iahóideá athair Zacairiá dó, ach mharaigh sé a mhac. Nuair a bhí seisean ag fáil bháis, dúirt sé: «Go bhfeice an Tiarna é seo agus go mbaine sé díoltas amach!» Faoi cheann bliana chuir arm Arám cogadh ar Ióáis. Tháinig siad fad le Iúdá agus le Iarúsailéim, chuireadar prionsaí an phobail chun báis agus sheoladar an chreach ar ais go dtí rí na Damaisce. Bíodh gur tháinig arm Arám ar bheagán slua, thug an Tiarna arm an-mhór suas dóibh, toisc gur thréigeadarsan an Tiarna, Dia a sinsear. Thugadar an íde a bhí tuillte aige ar Ióáis, agus d' fhágadar ina ndiaidh é, agus é gortaithe go mór. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh in éiric bhás mhac Iahóideá an sagart agus mharaíodar é ina leaba. Is mar sin a fuair sé bás; agus chuireadar é i gcathair Dháiví ach níor chuireadar é i dtuamaí na ríthe. Ba iad lucht na comhcheilge: Zábád mac Shimeát, an tAmónach mná, agus Iahózábád mac Shimrít, an Móábach mná. Maidir lena chlann mhac, leis an gcáin throm a gearradh, le hathchóiriú Theampall Dé, tá cuntas orthusan go léir scríofa sa Ghluais ar Leabhar na Ríthe. Tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air. Bhí Amaiziá cúig bliana fichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadán ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níor le croí gan locht é. A luaithe a bhí greim daingean aige ar a ríocht, chuir sé chun báis na feidhmeannaigh úd a mharaigh a athair, an rí. Ach níor chuir sé a gclann chun báis de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: «Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac ná mic ar son aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.» Ansin chruinnigh Amaiziá fir Iúdá le chéile agus d' eagraigh sé iad ina bhfiní, faoi cheannas ceannairí míle agus ceannairí céad do Iúdá agus do Bhiniáimin go léir. Rinne sé daonáireamh ar an muintir a bhí fiche bliain d' aois nó os a chionn, agus fuair amach go raibh trí chéad míle fear tofa, réidh chun cogaidh, oilte ar shleá agus ar sciath. D' fhostaigh sé freisin céad míle laoch gaile ó Iosrael ar chéad tallann airgid. Tháinig an giolla Dé chuige agus dúirt: «Ná lig d' arm Iosrael máirseáil le do chois, a rí, mar níl an Tiarna le hIosrael ná le haon duine ó Eafráim. Óir má thagann siad, is cuma cé chomh calma agus a bheidh tú sa chath, déanfaidh Dia thú a threascairt os comhair do naimhde, mar ag Dia atá cumas cothaithe nó treascartha.» Dúirt Amaiziá leis an ngiolla Dé: «Cad a dhéanfaimid faoin gcéad tallann a thug mé d' arm Iosrael?» D' fhreagair an giolla Dé: «Is féidir don Tiarna i bhfad níos mó ná sin a thabhairt duit.» Ansin scaoil Amaiziá uaidh an t-arm a tháinig ó Eafráim, agus chuir abhaile iad. Tháinig fearg mhór orthusan le Iúdá agus d' imigh siad leo abhaile agus iad ar deargbhuile. Ach tháinig misneach chuig Amaiziá agus threoraigh sé a shaighdiúirí amach go Gleann an tSalainn, agus scrios sé deich míle fear de mhuintir Shaeír. Ghabh fir Iúdá deich míle díobh ina mbeatha agus rug iad go léir go barr na carraige agus chaitheadar thar faobhar na faille iad agus rinneadh smidiríní díobh go léir. Ansin an díorma fear a chuir Amaiziá ar ais gan ligean dóibh dul leis sa chath, rinne siad ionsaí anois ar chathracha Iúdá, ón tSamáir go Béit Horon, agus mharaigh siad trí mhíle fear iontu agus ghabhadar a lán creiche. Nuair a d' fhill Amaiziá tar éis ár na nEadómach, thug sé déithe mhuintir Shaeír leis agus chuir suas iad mar dhéithe dó féin, agus chrom síos ina n-onóir agus thug ofrálacha dóibh. Bhí fearg ar an Tiarna le hAmaiziá agus chuir sé fáidh chuige a dúirt leis: «Cén fáth a ndeachaigh tú i muinín déithe na ndaoine seo, déithe nach bhféadfadh a muintir féin a fhuascailt ó do lámhasa?» Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: «Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!» Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: «Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.» Ghlac Amaiziá comhairle ansin agus chuir sé teachtaireacht go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú, rí Iosrael, á rá: «Tar agus bíodh triail againn as a chéile!» Chuir Ióáis rí Iosrael scéala ar ais go hAmaiziá rí Iúdá: «Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: 'Tabhair d' iníon le pósadh do mo mhac,' ach rinne ainmhithe allta na Liobáine an feochadan a shatailt faoina gcosa agus iad ag gabháil thar bráid. Deir tú: 'Féach ormsa, an té a chloígh Eadóm,' agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scriosadh?» Ach ní éisteodh Amaiziá; ba de dheonú Dé é sin d' fhonn iad a thabhairt i lámha a naimhde, mar gur chuaigh siad i muinín déithe Eadóm. Ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá. Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile. Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá, mac Ióáis, mac Achaizíá, ag Béit Seimis agus thug sé leis é go Iarúsailéim; scrios sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad. Thug sé leis an t-airgead agus an t-ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna agus Obaed Eadóm mar aon leo, agus cistí phálás an rí agus gialla chomh maith; ansin d' fhill ar an tSamáir. Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház, rí Iosrael. An chuid eile de stair Amaiziá, ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael? Ón uair a d' iompaigh Amaiziá ón Tiarna, bhí comhcheilg ar siúl ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís, ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é. Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i gcathair Dháiví lena shinsir. Thogh muintir Iúdá go léir Uiziá agus gan é ach sé bliana déag d' aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá. Eisean a thóg Éalót agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir. Bhí Uiziá sé bliana déag nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé dhá bhliain caogad i réim in Iarúsailéim. Iacoiliá ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a athair Amaiziá. Rinne sé an Tiarna a lorg le dúthracht fad a mhair Zacairiá, duine a bhí dulta chun cinn in eagla Dé. Fad a bhí an Tiarna á thóraíocht aige, chuir Dia an rath air. Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d' atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach. Tháinig Dia i gcabhair air in aghaidh na bhFilistíneach agus in aghaidh na nArabach a raibh cónaí orthu i nGúr Bál, agus in aghaidh na Méúnach. Thug na hAmónaigh cáin d' Uiziá agus leath a cháil go teorainneacha na hÉigipte féin mar gur mhéadaigh go mór ar a neart. Thóg Uiziá túir in Iarúsailéim ag Geata an Chúinne, ag Geata an Ghleanna, agus ag an Uillinn, agus dhaingnigh sé iad. Thóg sé túir san fhásach, agus thochail sé a lán sistéal mar go raibh an oiread sin tréad aige sna hísleáin agus ar an ardchlár; bhí lucht saothraithe talún agus fíniúna aige ar na cnoic agus ar an talamh méith; ba gheal lena chroí an talamh. Bhí arm seasmhach aige freisin, saighdiúirí réidh chun cogaidh, roinnte ina ndíormaí de réir áirimh Ieíéil, scríobhaí, agus Mhásaeiá, clárthóir, agus faoi cheannas Hanainiá, duine de cheannasaithe an rí. Dhá mhíle sé chéad líon iomlán chinn finí na gcuradh calma seo. Faoina gceannas-san bhí arm oilte de thrí chéad agus a seacht míle cúig céad, fórsa tréan cogaidh agus taca láidir don rí in aghaidh a naimhde. Rinne Uiziá sciatha, sleánna, cafairr, lúireacha, boghanna, agus clocha láimhe a sholáthar don arm ar fad. Thóg sé innill in Iarúsailéim, innill a cheap saineolaithe, agus chuir ar na túir agus ar na cúinní iad le saigheada agus clocha móra a dhiúracadh. Leath a cháil i bhfad i gcéin; bhí an neart sin go léir ann mar gur gheall le míorúilt a bhfuair sé de chabhair. Ach de réir mar a tháinig neart ann, bhorr an t-uabhar ina chroí, rud a mhill é. D' fheall sé ar an Tiarna, a Dhia. Chuaigh sé isteach i halla Theampall an Tiarna le túis a dhó ar altóir na túise. Ach chuaigh Azairiá an sagart isteach ina dhiaidh, le ceithre fichid de shagairt an Tiarna, fir chalma; chuireadar in aghaidh Uiziá rí agus dúradar leis: «Ní hé do ghnósa, a Uiziá, túis a dhó don Tiarna, ach gnó na sagart, clann Árón, daoine atá coisricthe ina chomhairsean. Fág an sanctóir! Rinne tú feall; an ghlóir a thagann ón Tiarna, Dia, ní leat a thuilleadh í.» Tháinig fraoch feirge ar Uiziá, agus an túisteán ina láimh le túis a dhó. Ach fad a bhí an cuthach feirge sin air leis na sagairt bhris lobhra amach ar a éadan i láthair na sagart, i dTeampall an Tiarna ansiúd le hais altóir na túise. D' fhéach Azairiá, an t-ardsagart, agus na sagairt go léir ina threo agus chonaic siad an lobhra ar a éadan; thiomáineadar amach go tapa é, agus bhí deifir amach air féin, mar gur bhuail an Tiarna é. Bhí Uiziá rí ina lobhar go lá a bháis agus mhair sé i dteach leis féin gan cead isteach aige i dTeampall an Tiarna, de bharr a lobhra. Bhí a mhac Iótám i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar phobal na tíre. An chuid eile de stair Uiziá, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa ag an bhfáidh Íseáia mac Ámóz. Ansin chuaigh Uiziá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i reilig na ríthe, mar dúradar: «Is lobhar é.» Tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air. Bhí Iótám cúig bliana fichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúisiá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, de réir mar rinne a athair Uiziá roimhe ach gan dul isteach i sanctóir an Tiarna. Bhí an pobal fós, ámh, ar chosáin na coiriúlachta. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna agus rinne sé a lán tógála ar bhalla Oifil. Thóg sé cathracha chomh maith ar ardáin Iúdá, agus dúnta agus túir sna foraoiseacha sléibhe. Chuir sé cath ar rí na nAmónach agus chloígh iadsan. Thug na hAmónaigh céad tallann airgid dó an bhliain sin agus deich míle tomhas cruithneachta agus deich míle tomhas eorna. Ba í sin an tsuim nár mhór do na hAmónaigh a dhíol, rud a rinneadar an dara bliain agus an tríú bliain. Chuaigh Iótám i neart mar ghabh sé an cosán díreach i láthair an Tiarna a Dhia. An chuid eile de stair Iótám, a chogaí go léir, agus a bhearta, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá? Bhí sé cúig bliana fichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i gcathair Dháiví; tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air. Bhí Áchaz fiche bliain d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia, dála Dháiví a athair, ach lean sé sampla ríthe Iosrael, agus rinne sé fiú íomhánna miotail a theilgean do na Bálaím. D' ofráil sé túis i nGleann Mhac Hiniom agus thug ar a mhic féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. D' ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid, ar na cnoic agus faoi gach crann craobhach. Uime sin thug an Tiarna a Dhia suas é do chumhacht rí na nArámach; bhris seisean air, agus ghabh sé líon mór dá phobal ina mbránna agus rug leis go dtí an Damaisc iad. Tugadh ar láimh do rí Iosrael é freisin agus rinne seisean ár agus eirleach ar a shluaite. Mharaigh Peacach mac Ramailiá céad agus a fiche míle fear, curaidh chalma iad uile, san aon lá amháin in Iúdá; toisc gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a tharla sin dóibh. Zicrí, gaiscíoch ó Eafráim, mharaigh sé Másaeiá, mac an rí, agus Aizríceám, reachtaire an pháláis, agus Ealcáná, tánaiste an rí. Ghabh na hIosraelaigh dhá chéad míle dá ngaolta, mná agus mic agus iníonacha; ghabh siad a lán creiche uathu chomh maith agus thug siad an chreach leo chun na Samáire. Bhí fáidh leis an Tiarna ann darbh ainm Obaed agus ghabh sé amach i gcoinne an airm ar a slí ar ais go dtí an tSamáir agus dúirt: «Bhí an Tiarna, Dia bhur sinsear, i bhfearg le Iúdá agus thug sé ar láimh daoibh iad dá bhrí sin, ach rinne sibhse ár orthu, lena leithéid de fhíoch gur shroich sé chun na bhflaitheas. Agus anois tá sé mar sprioc agaibh cuing na daoirseachta a chur ar mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim, idir fhir agus mhná. Nach bhfuil peacaí do bhur gcuid féin oraibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia? Éistigí liom anois: scaoiligí saor na bránna a ghabh sibh ó bhur ngaolta mar tá fraoch feirge an Tiarna sa mhullach oraibh.» Taoisigh áirithe d' Eafráim, Azairiá mac Iahóchánán, Beiriciá mac Mhisiléamót, Ichizcíá mac Shealum, agus Amásá mac Hadlái, sheas siad an fód in aghaidh na muintire a bhí ag filleadh ón bhfeachtas agus dúirt siad leo: «Ní thabharfaidh sibh na bránna anseo isteach nó beimid ciontach i bhfianaise an Tiarna. Tá sé i gceist agaibh cur lenár bpeacaí agus lenár gciontacht; ach is trom í ár gciontacht cheana agus tá fraoch feirge an Tiarna ag bagairt ar Iosrael.» D' fhág an t-arm dá bhrí sin na bránna agus an chreach ansiúd i láthair na dtaoiseach agus an chomhthionóil go léir. Ainmníodh daoine ar leith agus d' éirigh siadsan agus thug aire do na bránna; aon chuid acu a bhí gan éadach, thug siad éadach ón gcreach dóibh; thug siad éadaí agus cuaráin dóibh, bia agus deoch; agus chuir ola orthu; chuir siad na daoine leonta ina measc ar muin asal agus thug ar ais iad go dtí a ngaolta in Ireachó, cathair na bpailmeacha. Ansin d' fhill siad go dtí an tSamáir. Chuir Áchaz rí fios ar ríthe na hAsaíre le teacht i gcabhair air. Rinne Eadóm ionradh arís agus bhris siad ar Iúdá, agus thug siad bránna leo. Bhí na Filistínigh ag creachadh na gcathracha ar na hísleáin agus i Neigib Iúdá. Ghabh siad Béit Seimis, Aiálón, Gadaerót, Sócó lena bhailte máguaird, Timneá lena bhailte máguaird, Gimzeo lena bhailte máguaird, agus chuir siad fúthu iontu. Rinne an Tiarna Iúdá a umhlú de bharr Áchaz rí Iosrael mar go ndearna sé faillí ar Iúdá agus feall ar an Tiarna. Tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre ina choinne, chuir léigear air ach theip air é a chloí. Thóg Áchaz cuid den mhaoin i dTeampall an Tiarna agus i bpálás an rí agus na dtaoiseach agus thug mar cháin do rí na hAsaíre é, ach ní bhfuair sé aon ní uaidh dá thairbhe. Ina chruachas dó, d' éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz: d' ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: «De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.» Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael. Rinne Áchaz cuid de ghréithe Theampall Dé a bhailiú le chéile, agus a thuilleadh díobh a bhriseadh. Dhún sé doirse Theampall an Tiarna agus chuir sé suas altóirí dó féin ag cúinne gach sráide in Iarúsailéim. Rinne sé ardionaid le túis a ofráil do dhéithe eile i ngach cathair in Iúdá, agus ar an tslí sin rinne sé an Tiarna, Dia a shinsear, a ghriogadh chun feirge. An chuid eile dá stair, a bhearta go léir, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael? Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa chathair, in Iarúsailéim, cé nár cuireadh é i dtuamaí ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air. Tháinig Hiziciá i gcoróin agus é cúig bliana fichead agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibíá iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear. Sa chéad bhliain dá réimeas, sa chéad mhí, d' oscail sé doirse Theampall an Tiarna agus dheisigh iad. Thug sé isteach na sagairt agus na Léivítigh agus thionóil iad sa chearnóg thoir. Dúirt sé leo: «Éistigí liom, a Léivíteacha! Déanaigí sibh féin a naomhú anois agus coisrigí Teampall an Tiarna, Dia ár sinsear, agus caithigí an salachar amach as an áit bheannaithe. Óir bhí ár sinsir mídhílis agus rinne siad an t-olc i bhfianaise an Tiarna, ár nDia; rinne siad é a thréigean agus a n-aghaidh a iompú ón áit a ndearna an Tiarna a bhaile féin de, agus thug siad a gcúl leis. Rinne siad fiú amháin doirse an phóirse a dhúnadh, na lóchrainn a mhúchadh, gan túis a dhó ná íobairtí dóite a ofráil san áit atá coisricthe do Dhia Iosrael. Uime sin tháinig fearg an Tiarna sa mhullach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim, agus rinne sé ceap uafáis agus iontais agus gáire fonóide díobh faoi mar is léir do bhur súile cinn. Sin é an fáth, féach!, ar thit ár sinsir le faobhar claímh, agus ar fuadaíodh ár gclann mhac agus iníonacha chun deoraíochta. Tá sé beartaithe agam anois conradh a dhéanamh leis an Tiarna, Dia Iosrael, i dtreo go gcasfaí fraoch a fheirge uainn. A chlann ó, ná bígí faillítheach, óir thogh an Tiarna sibh le seasamh ina láthair, le freastal air, le seirbhís a thabhairt dó, agus le túis a ofráil dó.» Ansin chuaigh na Léivítigh chun oibre: Machat mac Amásai agus Ióéil mac Azairiá, de chlann Chohát; de chlann Mharáraí: Cís mac Aibdí agus Azairiá mac Iahalalael; de chlann Ghéirseon: Ióách mac Zimpeá agus Éidin mac Ióách; de chlann Eilízeáfán: Simrí agus Ieúéil; de chlann Ásáf: Zacairiá agus Matainiá; de chlann Héamán: Iachúéil agus Simeí; de chlann Iadútún: Seamaiá agus Uizíéil. Chruinníodar a mbráithre agus naomhaíodar iad féin, agus ghabhadar isteach de réir threoracha an rí faoi mar a d' ordaigh an Tiarna, chun Teampall an Tiarna a ghlanadh. Chuaigh na sagairt isteach ar fad i dTeampall an Tiarna lena ghlanadh agus thug siad amach aon ní neamhghlan a fuair siad i sanctóir an Tiarna, go cúirt Theampall an Tiarna; thóg na Léivítigh ansin é agus thugadar leo amach é go Gleann Chidreon. Thosaigh siad ar an naomhú seo ar an gcead lá den chéad mhí, agus ar an ochtú lá b' fhéidir dóibh dul isteach i bpóirse an Tiarna; chaith siad ocht lá ag naomhú Theampall an Tiarna, agus bhí deireadh déanta ar an séú lá déag den chéad mhí. Chuaigh siad isteach ansin go Hiziciá an rí agus dúirt siad: «Tá Teampall an Tiarna ar fad glanta againn, altóir an uileloiscthe lena ghréithe go léir, bord builíní na fianaise lena ghréithe go léir. Na gréithe go léir a chaith Áchaz i leataobh le linn a réimis mhídhílis, chuireamar ar ais iad agus rinneamar iad a choisreacan. Tá siad anois, féach!, os comhair altóir an Tiarna.» D' éirigh Hiziciá go moch agus chruinnigh sé oifigigh na cathrach agus chuaigh suas go Teampall an Tiarna. Thug siad leo seacht dtarbh, seacht reithe, seacht n-uan, agus seacht bpocán, mar íobairt pheaca don ríocht don sanctóir agus do Iúdá. Dúirt an rí ansin leis na sagairt, clann Árón, iad a ofráil ar altóir an Tiarna. Mharaigh siad na tairbh agus thug na sagairt an fhuil leo agus dhoirt í ar an altóir. Ansin mharaigh siad na reithí agus doirteadh a bhfuil ar an altóir; ansin mharaigh siad na huain agus doirteadh a bhfuil ar an altóir. Ansin tugadh na pocáin don íobairt pheaca go dtí an rí agus go dtí an comhthionól agus leag siad a lámha orthu. Mharaigh na sagairt iad agus rinne siad íobairt pheaca ar an altóir lena bhfuil mar leorghníomh ar son Iosrael go léir. Óir d' ordaigh an rí an íobairt uileloiscthe agus an íobairt pheaca a dhéanamh ar son Iosrael go léir. Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t-ordú dáiríre trí bhéal a fháithe. Nuair a bhí na Léivítigh ina n-ionad, le huirlisí Dháiví agus na sagairt lena stoic, d' ordaigh Hiziciá an íobairt uileloiscthe a ofráil ar an altóir. Nuair a thosaigh an íobairt uileloiscthe, cuireadh ceann ar iomann don Tiarna freisin; séideadh na stoic, agus uirlisí Dháiví rí Iosrael ag comhcheol leo. Rinne an comhthionól go léir adhradh, agus na cantairí ag canadh, agus na stoic á séideadh, agus mhair sin nó go raibh an íobairt uileloiscthe thart. Nuair a bhí an íobairt thart, chrom an rí agus gach duine a bhí ina theannta síos agus thug siad ómós. D' ordaigh an rí Hiziciá agus na taoisigh do na Léivítigh an Tiarna a mholadh i mbriathra Dháiví agus Ásáf an físí. Chan siad moltaí le dúthracht agus le lúcháir agus chrom siad síos agus thug siad ómós. Labhair Hiziciá arís agus dúirt: «Rinne sibh sibh féin a choisreacan don Tiarna; tagaigí i leith. Tugaigí íobairtí comaoineach agus molta go Teampall an Tiarna.» Thug an comhthionól íobairtí comaoineach agus molta, agus thug lucht chroí mhóir íobairtí dóite. Ba é líon na n-íobartach do na híobairtí dóite ná seachtó tarbh, céad reithe, dhá chéad uan; mar íobairt uileloiscthe don Tiarna iadsan go léir. Rinneadh sé chéad tarbh agus trí mhíle caora a choisreacan. Ní raibh go leor sagart ann ámh, agus níorbh fhéidir dóibh na híobairtí uileloiscthe go léir a fheannadh; chabhraigh na Léivítigh leo dá bhrí sin nó gur críochnaíodh an obáir agus gur naomhaíodh sagairt eile; bhí na Léivítigh níba ionraice croí á naomhú féin ná na sagairt. Seachas sin go léir bhí ofrálacha dóite de choda méithe na n-íobairtí comaoineach, agus iliomad íobairtí dí ag gabháil leis na híobairtí uileloiscthe. Rinneadh liotúirge Theampall an Tiarna a athnuachan ar an gcuma sin. Rinne Hiziciá agus an pobal go léir lúcháir de bharr a raibh déanta ag Dia don phobal, á spreagadh chun gnímh chomh gasta sin. Chuir Hiziciá scéala go Iosrael agus go Iúdá go léir, agus scríobh sé litreacha go Eafráim agus Manaise, á iarraidh orthu teacht go Teampall an Tiarna in Iarúsailéim le Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael. Bhí sé beartaithe ag an rí agus ag a thaoisigh agus ag an gcomhthionól go léir in Iarúsailéim an Cháisc a cheiliúradh sa dara mí, mar nárbh fhéidir í a cheiliúradh an tráth ceart mar nár naomhaigh go leor sagart iad féin agus nár chruinnigh an pobal in Iarúsailéim. D' aontaigh an rí agus an comhthionól go léir leis an socrú sin. Cinneadh ar fhógra a dhéanamh ar fud Iosrael ó Bhéar Seaba go Dán, ag glaoch ar an bpobal teacht go Iarúsailéim le Cáisc a chomóradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael, mar is beag a lean na treoracha a bhí leagtha síos. D' imigh teachtairí ó Iarúsailéim le litreacha ó lámha an rí agus a fheidhmeannach ó cheann ceann Iosrael agus Iúdá. Bhí orduithe acu ón rí á rá: «A chlann Iosrael, filligí ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Íosác, agus Iosrael, d' fhonn go gcasfadh sé arís ar an iarmhar díbh a d' éalaigh ó láimh ríthe na hAsaíre. Ná bígí ar aon dul le bhur sinsir, agus bhur ngaolta, nach raibh dílis don Tiarna, Dia a n-aithreacha, i dtreo go ndearna sé scrios orthu, mar a fheiceann sibh. Ná bígí stuacach anois mar a bhí bhur sinsir; géilligí don Tiarna, agus tagaigí chun a shanctóra, an sanctóir a choisric sé go síoraí; déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia le go gcasfaidh fraoch a fheirge uaibh. Má fhilleann sibh ar an Tiarna gheobhaidh bhur ngaolta agus bhur gclann fabhar i láthair lucht a ngafa agus fillfidh siad ar an tír seo. Óir is grámhar trócaireach é an Tiarna bhur nDia; má fhilleann sibh air ní iompóidh sé a ghnúis uaibh.» Ghabh na teachtairí ó chathair go cathair, trí thír Eafráim agus Mhanaise agus ar aghaidh go Zabúlun; ach bhíothas ag magadh agus ag déanamh fonóide fúthu, ach go raibh sé d' umhlaíocht i mbeagán ó Áiséar, ó Mhanaise agus ó Zabúlun, teacht go Iarúsailéim. Ach bhí lámh Dé ghníomhach in Iúdá, á dtabhairt ar aon chroí le hordú an rí agus a fheidhmeannach a chomhlíonadh, mar a bhí ordaithe ag briathar an Tiarna. Tháinig slua mór le chéile in Iarúsailéim le féile an aráin gan ghabháile a cheiliúradh sa dara mí. Chuir comhthionól mór chun oibre ag tógáil na n-altóirí a bhí in Iarúsailéim agus na n-altóirí dóite túise go léir agus á gcaitheamh isteach i nGleann Chidreon. Mharaigh siad an t-uan Cásca ar an gceathrú lá déag den dara mí. Cuireadh náire ar na sagairt agus ar na Léivítigh, agus naomhaigh siad iad féin agus bhí ar a gcumas íobairtí dóite a thabhairt isteach i dTeampall an Tiarna. Chuaigh siad sna hionaid a bhí ceaptha dóibh de réir dlí Mhaois, giolla Dé. Dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó lámha na Léivíteach, mar bhí a lán sa chomhthionól nár naomhaigh iad féin. Cuireadh mar chúram ar na Léivítigh an t-uan Cásca a mharú do gach duine nach raibh glan go leor chun an t-íobartach a choisreacan don Tiarna. Mar a tharla, níor naomhaigh formhór na ndaoine iad féin, a lán ó Eafráim, ó Mhanaise, ó Íosácár agus ó Zabúlun. D' ith siad an Cháisc gan na rialacha a bhí leagtha síos a chomhlíonadh. Ach rinne Hiziciá idirghuí ar a son, á rá: «Go maithe an Tiarna, le barr maitheasa, a choir d' aon duine a dhíríonn a chroí ar Dhia, an Tiarna, Dia a shinsear, a thóraíocht, fág go bhfuil an naofacht a éilítear don sanctóir in easnamh air.» Thug an Tiarna cluas do Hiziciá agus thug sé an pobal slán. Rinne na hIosraelaigh in Iarúsailéim féile an aráin gan ghabháile a cheiliúradh ar feadh seacht lá le barr lúcháire; bhí na Léivítigh agus na sagairt ag moladh an Tiarna de lá agus d' oíche ar a gcroídhícheall. Thug briathra Hiziciá misneach do na Léivítigh go léir agus thaispeáin siadsan a oilte a bhí siad i seirbhís an Tiarna, agus ar feadh seacht lá d' ith siad a gcuid den fhéile agus d' ofráil siad íobairtí comaoineach le moladh don Tiarna, Dia a sinsear. Ansin bheartaigh an comhthionól go léir le chéile an fhéile a cheiliúradh ar feadh seacht lá eile, agus rinneadar seacht lá lúcháire díobh. Óir thug Hiziciá rí Iúdá míle tarbh agus seacht míle caora mar íobairtí don chomhthionól, agus thug na feidhmeannaigh míle tarbh agus deich míle caora don chomhthionól. Agus naomhaigh na sagairt iad féin ina sluaite. Rinne tionól uile Iúdá lúcháir, idir shagairt agus Léivítigh, agus an tóstal go léir a tháinig ó Iosrael, na teifigh ó Iosrael agus iad siúd a raibh cónaí orthu i Iúdá. Bhí ardáthas ar dhaoine in Iarúsailéim mar ó aimsir Sholaimh, mac Dháiví rí Iosrael, ní raibh a leithéid in Iarúsailéim. D' éirigh na sagairt agus na Léivítigh ina seasamh ansin agus bheannaíodar an pobal. Éisteadh lena nglór agus chuaigh a n-urnaí suas chun a áitribh naofa ar neamh. Nuair a bhí sin go léir thart, d' imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d' fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin. D' athbhunaigh Hiziciá oird na sagart agus na Léivíteach, gach duine ina ord ceart de réir a dhualgas, sagairt agus Léivítigh, maidir le híobairtí dóite, le híobairtí comaoineach, le seirbhís liotúirgeach, le moladh agus le buíochas, laistigh de gheataí champa an Tiarna. Chuir an rí cuid dá mhaoin féin i leataobh do na híobairtí dóite: d' íobairtí doíte na maídíne agus an tráthnóna, d' íobairtí dóite na sabóide, na ré nua agus na bhféilte sollúnta, mar atá scríofa i ndlí an Tiarna. Agus d' ordaigh sé don mhuintir a bhí ina gcónaí in Iarúsailéim an chuid a bhí dlite dóibh a thabhairt do na sagairt agus do na Léivítigh, d' fhonn go ndéanfaidís iad féin a thíolacadh do dhlí an Tiarna. A luaithe a fógraíodh an t-ordú os ard chruinnigh na hIosraelaigh céadtorthaí an arbhair, an fhíona, na hola, na meala, agus thorthaí na talún, agus thug siad isteach deachúna de gach ní go fial. Agus muintir Iosrael agus Iúdá a chónaigh i gcathracha Iúdá, thug siad isteach deachú den eallach agus de na caoirigh, agus de na nithe naofa a bhí tíolactha don Tiarna a nDia, agus rinneadar iad a leagan ina gcairn ansiúd. Sa tríú mí chrom siad ar na cairn a charnadh, agus bhí deireadh déanta acu sa seachtú mí. Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael. Agus cheistigh Hiziciá na sagairt agus na Léivítigh faoi na cairn. D' fhreagair Azairiá, an t-ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: «Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.» Ansin thug Hiziciá ordú dóibh seomraí a ullmhú i dTeampall an Tiarna agus rinneadar amhlaidh. Ansin thug siad isteach na bronntanais, na deachúna agus nithe coisricthe le coimeád in áit shábháilte. Ba é an Léivíteach Cónainiá an feidhmeannach a bhí i gceannas orthu, agus Simeí, a dheartháir, sa dara háit. Ceapadh Ichíéil, Azaiziá, Nachat, Asáhael, Irímeot, Iózábád, Eilíéil, Ísmiciá, Machat, agus Banáiá, mar mhaoir faoi cheannas Chónainiá agus a dhearthár Simeí, trí ordú ón rí Hiziciá agus Azairiá, reachtaire theach Dé. Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n-íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh. Bhí Éidin, Miniáimin, Iéisiúa, Seamaiá, Amairiá agus Seacaniá ag cabhrú leis go dílis i gcathracha na sagart, lena gcuid a roinnt ar a mbráithre de réir a n-ord, cé acu tabhachtach nó a mhalairt. Ina theannta sin eagraíodh de réir fine, na fir go léir [deich mbliana fichead] nó os a chionn, a théadh go Teampall an Tiarna ar uanaíocht lae, leis na dualgais liotúirgeacha a bhain lena n-ord a chur i ngíomh. Eagraíodh na sagairt freisin de réir finí; agus na Léivítigh fiche bliain agus os a chionn de réir a ndualgas agus a n-ord. Cuireadh eagar freisin ar chlann uile na sagart, a mná, a mic, agus a n-iníonacha, ar mhaithe leis an gcomhthionól ar fad, mar bhí sé de dhualgas orthu iad féin a naomhú go dílis trí mheán na nithe naofa. Maidir leis na sagairt, clann Árón, a bhí ag cur fúthu sna tailte coimín a bhain lena gcathracha, nó sna cathracha féin, ceapadh daoine ar leith ó ainm d' fhonn a gcuid a thabhairt do gach fear de na sagairt agus do gach duine de na Léivítigh a cláraíodh. Chuir Hiziciá na socruithe sin i bhfeidhm ar fud Iúdá. Rinne sé an ceart agus an mhaith agus an beart dílis i súile an Tiarna, a Dhia. Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus d' éirigh leis. Tar éis na mbearta dílse seirbhíse seo, tharla ionradh Shanaichéiríb, rí na hAsaíre. Rinne sé ionradh ar Iúdá, shuigh a champa os comhair na gcathracha daingne agus d' ordaigh iad a ghabháil de ruathar. Thuig Hiziciá go raibh Sanaichéiríb tagtha agus é meáite ar Iarúsailéim a ionsaí; bheartaigh sé féin agus a thaoisigh agus a churaidh na foinsí uisce a bhí lasmuigh den chathair a stopadh; chabhraigh oifigigh an airm leis, agus bhailigh a lán daoine le chéile agus stopadar na foinsí go léir, agus an sileán a bhí ag gabháil tríd an talamh á rá: «Cén fáth a bhfaigheadh ríthe na hAsaíre flúirse uisce nuair a thiocfaidh siad?» Chrom Hiziciá ar a shuíomh a dhaingniú; dheisigh sé na bearnaí sa bhalla, thóg sé túir air, agus thóg sé balla nua lasmuigh de. Dhaingnigh sé an Mileo i gcathair Dháiví. Rinne sé raidhse airm agus sciatha. Cheap sé ceannasaithe i bhfeighil an phobail, agus bhailigh sé le chéile iad sa chearnóg ag geata na cathrach agus labhair leo mar leanas á misniú: «Bíodh neart agus misneach agaibh! Ná cuireadh rí na hAsaíre agus an mathshlua atá in éineacht leis eagla ná uafás oraibh, óir is treise an té atá inár dteannta ná an té atá ina theanntasan. Níl leis siúd ach lámh feola, ach tá an Tiarna ár nDia linne, le cabhair a thabhairt dúinn agus lenár gcathanna a throid.» Thug focail Hiziciá rí Iúdá misneach don phobal. Ina dhiaidh seo nuair a bhí Sanaichéiríb rí na hAsaíre ag cur léigir ar Láicís lena shluaite go léir, chuir sé a shearbhóntaí go Iarúsailéim, go Hiziciá rí Iúdá agus go dtí na Iúdaigh go léir a bhí in Iarúsailéim, le teachtaireacht: «Mar seo a deir Sanaichéiríb rí na hAsaíre: 'Cad as a bhfuil sé de mhuinín agaibh fanacht in Iarúsailéim agus é faoi léigear? Nach bhfuil Hiziciá do bhur gcur amú? Nach bhfuil sé do bhur ndaoradh chun báis de ghorta agus de thart nuair a deir sé: «Déanfaidh an Tiarna ár nDia sinn a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre»? Nach hé an Hiziciá seo an té a scuab a ardionaid chun siúil agus a thug mar ordú do Iúdá agus Iarúsailéim: «Ná déanaigí adhradh ach os comhair an aon altóra agus ná hofrálaigí túis ach uirthi amháin»? Nach bhfuil a fhios agaibh cad tá déanta agamsa agus ag mo shinsir le muintir na dtíortha eile go léir? An raibh sé ar chumas déithe aon chine sna tíortha sin a gcríocha a shaoradh uaimse? Cén dia de na déithe sin go léir leis na ciníocha a chuir m' athair faoin mbang, a d' fhéad a phobal a shaoradh ó mo ghreim, á rá is go bhféadfadh bhur nDia sibhse a fhuascailt ó mo ghreim? Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, ná cuireadh sé dallamullóg oraibh ar an tslí seo. Ná géilligí dó! Óir níor fhéad dia aon chine ná aon ríochta a phobal a fhuascailt ó mo ghreim ná ó ghreim mo shinsear. Nach lú go mór ná sin a fhéadfaidh bhur nDia sibh a fhuascailt ó mo ghreim!'» Bhí a shearbhóntaí ag leanúint orthu ag cáinseoireacht faoin Tiarna Dia agus faoina shearbhónta Hiziciá, nuair a scríobh [Sanaichéiríb] litir ag aithisiú agus ag bréagnú Dia Iosrael: «Ní dhéanfaidh Dia Hiziciá a phobal a fhuascailt ó mo ghreim díreach faoi mar nár fhuascail déithe na gciníocha i dtíortha eile a bpobal ó mo ghreim.» Liúigh siad na nithe sin in ard a ngutha i dteanga Iúdá le pobal Iarúsailéim ar na ballaí d' fhonn iad a bhuaireamh agus eagla a chur orthu, agus go ngabhfaidís an chathair ar an tslí sin. Labhraíodar faoi Dhia Iarúsailéim amhail is dá mba cheann de dhéithe phobail eile an domhain é, agus is saothar lámha daoine iadsan. Sa chruachás sin dóibh, ghuigh an rí Hiziciá agus an fáidh Íseáia mac Ámóz agus ghlaoigh siad chun na bhflaitheas. Chuir an Tiarna aingeal uaidh amach a chuir chun báis na curaidh go léir, agus na ceannairí agus na hoifigigh i gcampa rí na hAsaíre. D' fhill sé agus náire shaolta air, abhaile ar a thír féin. Chuaigh sé isteach i dteampall a dhé, agus threascair cuid dá chlann mhac féin é le faobhar claímh. Rinne an Tiarna Hiziciá agus áitritheoirí Iarúsailéim a fhuascailt ó chumhacht Shanaichéiríb rí na hAsaíre agus ó chumhacht a naimhde go léir, ar an tslí sin, agus thug sé síocháin dóibh ar gach taobh. Thug a lán daoine tabhartais chun an Tiarna in Iarúsailéim, agus bronntanais do Hiziciá rí Iúdá; tar éis ar tharla, bhí ardmheas ar Hiziciá i measc na náisiún go léir. Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Ghuigh sé chun an Tiarna agus d' éist sé leis agus thug comhartha dó. Ach ní dhearna Hiziciá aon chúiteamh ar son a ndearnadh dó; d' at a chroí le huabhar agus tháinig fraoch na feirge sa mhullach air féin, ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim. Rinne Hiziciá é féin a umhlú i dtaobh uabhar a chroí, agus rinne áitritheoirí Iarúsailéim mar an gcéanna, i dtreo nár tháinig fearg an Tiarna sa mhullach orthu le linn Hiziciá. Bhí saibhreas agus clú go raidhsiúil ag Hiziciá. Thóg sé cistí dó féin i gcomhair a chuid airgid agus óir agus cloch lómhar, agus spíosraí, agus sciath, agus seod de gach sórt. Bhí tithe stóir aige dá fhómhar arbhair, fíona agus ola; cróite dá eallach de gach cineál, agus banracha dá chaoirigh. Sholáthraigh sé [asail] agus tréada agus táinte dó féin chomh maith. Thug Dia maoin dó go raidhsiúil. Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t-uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá. Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach. An chuid eile de stair Hiziciá, agus a dhea-bhearta, tá siad scríofa i bhfís an fháidh Íseáia mac Ámóz, i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael. Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus chuireadar é ar an ard ar an tslí suas go tuamaí mhic Dháiví. Thug Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim onóir dó ina thórramh. Agus tháinig Manaise a mhac i gcomharbacht air. Bhí Manaise dhá bhliain déag d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé cúig bliana agus caoga i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael. Thóg sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do na Bálaím, agus rinne cuaillí naofa, agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh. Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: «Beidh m' ainm in Iarúsailéim go brách.» Thog sé altóirí do shluaite uile na spéire i dhá chúirt Theampall an Tiarna. Chuir sé iallach ar a chlann mhac gabháil tríd an tine i nGleann Bhein Hionom. Chleacht sé fáistineoireacht, draíocht agus piseoga, agus phléigh sé le lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge. An íomhá ghreanta d' íol a rinne sé, chuir sé suas í sa Teampall a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: «Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, is ea a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m' ainm go brách. Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir, na reachtanna agus na bhforálacha, a thug mé trí Mhaois.» Mheall Manaise Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael. Labhair an Tiarna le Manaise agus lena phobal, ach níor thug siad aird air. Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é. Nuair a bhí sé i gcruachás d' impigh sé ar an Tiarna a Dhia a bheith cineálta leis agus d' umhlaigh sé é féin i láthair Dhia a shinsear. Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d' éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna. Thóg sé balla seachtrach ansin do chathair Dháiví sa ghleann laistiar de Ghíohón, ar aghaidh go dtí Geata an Éisc; ghabh sé timpeall an Oifil, agus chuir sé go mór lena airde. Cheap sé freisin ceannairí airm i ngach cathair dhaingean de chuid Iúdá. Ansin thóg sé chun siúil na déithe iasachta agus an t-íol ó Theampall an Tiarna, agus na haltóirí go léir a thóg sé ar shliabh Theampall an Tiarna agus in Iarúsailéim, agus chaith amach as an gcathair iad. D' atóg sé altóir an Tiarna agus d' ofráil sé íobairtí síochána agus buíochais uirthi, agus d' ordaigh sé do Iúdá seirbhís a dhéanamh don Tiarna, Dia Iosrael. Lean na daoine orthu ag íobairt ar na hardionaid, ámh, ach don Tiarna a nDia amháin. An chuid eile de stair Mhanaise, a urnaí chun a Dhé, agus focail na bhfísithe a labhraíodh leis in ainm an Tiarna, Dia Iosrael, tá siad le fáil in Annála Ríthe Iosrael. A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe]. Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus d' adhlacadar ina phálás é, agus tháinig a mhac Ámón i gcoróin ina áit. Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i gcoróin in Iarúsailéim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair. D' ofráil sé íobairtí agus ómós do na híola go léir a rinne Manaise a athair. Níor umhlaigh sé i láthair an Tiarna, mar a d' umhlaigh Manaise a athair, ach bá é an tÁmón céanna seo a chuir chomh mór sin le ciontacht [Iúdá]. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh siad é ina theach. Ach rinne muintir na tuaithe iad siúd a rinne comhcheilg in aghaidh an rí, Ámón, a chur chun báis agus d' fhógair siad a mhac Ióisíá ina rí ina áit. Bhí Ióisíá ocht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé. San ochtú bliain dá réimeas, agus é fós ina ógánach, chrom sé ar Dhia Dháiví, a shinsear, a lorg, agus sa dara bliain déag chrom sé na hardionaid, na cuaillí naofa, agus na híola de mhiotal leáite, a scriosadh as Iúdá agus as Iarúsailéim. Scartáladh altóirí na mBálaím ina fhianaise; leag sé anuas na haltóirí túise a bhí os a gcionn, agus rinne sé smidiríní de na cuaillí naofa, de na híomhánna greanta, agus de na híola de mhiotal leáite; rinne sé luaithreach díobh agus leath sé an luaithreach sin ar uaigheanna na ndaoine a rinne íobairt dóibh. Loisc sé cnámha a sagart ar na haltóirí agus ar an gcuma sin ghlan sé Iúdá agus Iarúsailéim. Rinne sé amhlaidh chomh maith i gcathracha Mhanaise, Eafráim agus Shimeon, agus fiú i Naftáilí, agus sna dúichí bánaithe máguaird. Bhris sé na haltóirí agus na cuaillí naofa, rinne luaithreach de na híola, agus scartáil na haltóirí túise ar fud thír Iosrael. Ansin d' fhill sé ar Iarúsailéim. San ochtú bliain déag dá réimeas, d' fhonn an tír agus an Teampall a ghlanadh, chuir sé Seáfán mac Azailiá, agus Másaeiá rialtóir na cathrach, agus Ioach mac Ioachaz an callaire, le Teampall an Tiarna a Dhia a ghlanadh. Chuaigh siadsan go Hilcíá an t-ardsagart agus thug siad dó an t-airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus a bhailigh na Léivítigh, gardaí na tairsí, ó Mhanaise agus ó Eafráim, agus ó iarmhar uile Iosrael agus ó Iúdá agus ó Bhiniáimin go léir, agus ó áitritheoirí Iarúsailéim. Thug siad é do shaoistí na n-oibreacha a bhain le Teampall an Tiarna agus d' úsáid saoistí oibreacha an Teampaill é leis an Teampall a chóiriú agus a dheisiú. Thug siad é do na saoir adhmaid agus chloiche le cloch ghearrtha a cheannach, agus adhmad do chúplaí agus do chearchaillí na bhfoirgneamh ar lig ríthe Iúdá dóibh titim ar lár. Rinne na fir a gcuid oibre go dílis; cuireadh i gceannas orthu: Iachat agus Obaidiá, Léivítigh de chlann Mharáraí; agus Zacairiá agus Misiulám, de chlann Chohát, mar mhaoir ar an obair; agus Léivítigh a raibh gach duine díobh oilte ar an gceol liotúirgeach; a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí. Nuair a bhí an t-airgead a tugadh go Teampall an Tiarna á thógáil amach acu, fuair Hilcíá an t-ardsagart leabhar dhlí an Tiarna a tugadh trí Mhaois. Ansin dúirt Hilcíá le Seáfán an rúnaí: «Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna,» agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán. Thug Seáfán an leabhar go dtí an rí agus seo mar d' aithris sé dó: «Tá na beartais go léir a leag tú ar do shearbhóntaí á gcur i gcrích acu. Rinne siad an t-airgead go léir a bhí i dTeampall an Tiarna a leá agus a thabhairt suas do na maoir agus do shaoistí na n-oibreacha.» Ansin dúirt Seáfán an rúnaí leis an rí: «Thug Hilcíá an sagart leabhar dom,» agus léigh Seáfán sliocht as i láthair an rí. Nuair a chuala an rí briathra an dlí, stróic sé a chuid éadaigh, agus ansin thug sé an t-ordú seo leanas do Hilcíá, d' Aichíceám mac Sheáfán, d' Abdón mac Mhíocá, do Sheáfán an rúnaí, agus d' Asáiá, searbhónta an rí: «Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin, agus thar cheann a bhfuil fágtha in Iosrael agus in Iúdá, i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Óir is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n-aghaidh de bhrí nár chomhlíon ár sinsir briathar an Tiarna agus gach a bhfuil scríofa sa leabhar seo a chleachtadh.» Chuaigh Hilcíá agus teachtairí an rí go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealum mac Thócat mac Hasrá, coimeádaí na n-éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim sa bhaile nua), agus cuir siad an scéal faoina bráid. D' fhreagair sí: «Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: 'Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh: Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, na mallachtaí go léir, is é sin, atá scríofa sa leabhar a léadh i láthair rí Iúdá; mar thréig siad mise agus rinne siad íobairt do dhéithe eile, do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m' fhearg le lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhuchadh. Agus abraigí le rí Iúdá a chuir sibh le dul i gcomhairle leis an Tiarna: Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: [Comhlíonfar] na focail a chuala tú. De bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair Dé nuair a chuala tú cad a bhagair sé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe; de bhrí gur umhlaigh tú thú féin os mo chomhair, agus gur stróic tú do chuid éadaigh, agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit sé an Tiarna atá ag caint. Déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shíocháin chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo agus ar a bhfuil ina gcónaí ann.'» Thug siad an freagra sin leo go dtí an rí. Ansin chruinnigh an rí chuige féin seanóirí Iúdá agus Iarúsailéim go léir. Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus Léivítigh agus an pobal go léir idir uasal agus íseal. Léigh sé amach i gcomhchlos dóibh, gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna. Sheas an rí ina ionad féin agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, agus briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin a chur i gcrích. Thug sé a ionad féin ansiúd do gach duine in Iarúsailéim nó i mBiniáimin. Chloígh áitritheoirí Iarúsailéim ar fad le conradh a nDé, Dia a sinsear. Scuab Ióisíá chun siúil gach gráinniúlacht a bhí ar fud na gcríoch go léir a bhain le clann Iosrael. Rinne sé deimhin de i gcaitheamh a shaoil ar fad go ndearna gach duine in Iosrael seirbhís don Tiarna a nDia. Níor theip orthu an Tiarna, Dia a sinsear, a leanúint. Rinne Ióisíá Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna in Iarúsailéim, agus mharaíodar an t-uan Cásca ar an gceathrú lá déag den chéad mhí. Cheap sé na sagairt arís i mbun a gcúraimí agus thug misneach dóibh le dualgais Theampall an Tiarna a chomhlíonadh. Ansin dúirt sé leis na Léivítigh a raibh a n-eagna ar fáil d' Iosrael go léir agus a bhí coisricthe don Tiarna: «Cuirigí an áirc naofa sa Teampall a thóg Solamh mac Dháiví, rí Iosrael. Ní gá daoibh í a iompar ar bhur nguaillí a thuilleadh. Tugaigí seirbhís anois don Tiarna bhur nDia agus dá phobal Iosrael. Déanaigí sibh féin a chóiriú de réir bhur n-ord in bhur bhfiní de réir threoracha scríofa Dháiví rí Iosrael agus a mhic Solamh. Agus seasaigí san áit naofa de réir eagar bhur bhfiní sinseartha, faoi réir bhur mbráithre, na tuataí; bíodh cuid i bhfine ag na Léivítigh. Maraigí an t-uan Cásca, agus naomhaigí sibh féin, agus bígí faoi réir bhur mbráithre le déanamh de réir bhriathar an Tiarna a labhraíodh trí bhéal Mhaois.» Chuir Ióisíá ar fáil do na tuataí, mar íobartaigh Chásca do gach duine a bhí i láthair, tríocha míle uan agus meannán ó na tréada, agus trí mhíle tarbh. Ba as sealúchas an rí an méid sin. Rinne a fheidhmeannaigh soláthar do na híobairtí deonacha ar son an phobail, na sagart agus na Léivíteach. Thug na hardfheidhmeannaigh dhá mhíle sé chéad uan agus meannán agus trí chéad tarbh mar íobartaigh Chásca do shagairt Theampall an Tiarna, Hilcíá, Zacairiá, agus Ichíéil. Cónainiá agus Simeí agus Natanael a dheartháir, agus Haisibiá agus Ichíéil agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, thug siad cúig mhíle uan agus meannán agus cúig céad tarbh mar íobartaigh Chásca do na Léivítigh. Socraíodh ord na seirbhíse, leis na sagairt ina n-áit féin agus na Léivítigh ina n-oird de réir mar a d' ordaigh an rí. Mharaíodar an Cháisc, agus dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó na Léivítigh, agus rinne na Léivítigh na híobartaigh a fheannadh. Chuir siad an ofráil dhóite i leataobh lena tabhairt d' fhiní sinseartha na dtuataí de réir mar a dhéanadh gach dream a n-ofráil don Tiarna faoi mar atá scríofa i leabhar Mhaois. Rinne siad mar an gcéanna leis na tairbh. Rinne siad an Cháisc a róstadh leis an tine de réir mar a bhí leagtha síos; agus bhruith siad an bia naofa i gcoirí, i bpotaí, i gcorcáin, agus d' iompair iad ar an toirt chun na dtuataí go léir. Ina dhiaidh sin chóirigh siad an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, mar bhí na sagairt, clann Árón, gafa go hoíche ag ofráil na híobairte dóite agus na spolaí méithe. Sin é an fáth ar chóirigh na Léivítigh an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, clann Árón. Bhí na cantairí, clann Ásáf, ina n-áit, de réir rialacha Dháiví; níor ghá d' Ásáf, do Héamán, do Iadútún, físí an rí, ná do lucht faire na ngeataí a ndualgais a fhágáil, mar rinne a ngaolta, na Léivítigh, gach ní a chóiriú dóibh. Eagraíodh seirbhís liotúirgeach an Tiarna an lá sin leis an gCáisc a cheiliúradh agus le híobairtí dóite a ofráil ar altóir an Tiarna, de réir ordú an rí Ióisíá. Cheiliúir clann Iosrael a bhí i láthair an uair sin an Cháisc agus féile an aráin gan ghabháile ar feadh seacht lá. Níor ceiliúradh Cáisc mar í in Iosrael ó laethanta Shamúéil an fáidh; níor cheiliúir aon rí de chuid Iosrael riamh Cáisc mar í siúd a cheiliúir Ióisíá leis na sagairt agus na Léivítigh agus lena raibh i láthair de Iúdá agus d' Iosrael go léir agus le háitritheoirí Iarúsailéim. Rinneadh an Cháisc sin a cheiliúradh san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá. Nuair a bhí gach ní a bhain le cóiriú an Teampaill curtha i gcrích ag Ióisíá, ghabh Neaco rí na hÉigipte suas chun troid ag Cairceimis ar bhruach an Eofrataes. Nuair a ghluais Ióisíá amach le bac a chur air, chuir seisean teachtairí chuige á rá: «Cén t-aighneas atá eadrainne, a rí Iúdá? Ní chun tusa a ionsaí a tháinig mé inniu; le ríshliocht eile atáim i gcogadh, agus d' ordaigh Dia dom brostú. Ná bí ag cur isteach a thuilleadh ar an Dia atá i mo theanntasa, nó déanfaidh sé thú a scriosadh.» Ach [lean] Ióisíá air ag tabhairt a dhúshláin faoi; bhí sé meáite ar chath a chur air agus ní éisteodh sé le briathra Neaco ó bheal Dé féin. Chuir sé cath air i Má Mhigideo. D' aimsigh na saigheadóirí Ióisíá rí, agus dúirt an rí lena lucht leanúna: «Beirigí libh mé! Táim tromghonta.» Thóg a lucht leanúna amach as a charbad féin é agus chuir i gceann eile é agus thug ar ais go Iarúsailéim é, mar a bhfuair sé bás, agus adhlacadh é i dtuamaí a shinsear. Chaoin Iúdá agus Iarúsailéim go léir Ióisíá. Chum Irimia caoineadh do Ióisíá, caoineadh a dhéanann cantairí fear agus ban a reacadh fós inniu nuair a chaoineann siad Ióisíá; nós in Iosrael é sin anois; tá na caointe scríofa sna hOlagóin. An chuid eile de stair Ióisíá, a dhea-oibreacha de réir gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna, a imeachtaí ó thús deireadh, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá. Thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinne siad rí de in Iarúsailéim i gcomharbacht ar a athair. Bhí Iahóácház trí bliana fichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim. Bhain rí na hÉigipte an choróin de in Iarúsailéim agus leag sé cáin de chéad tallann airgid agus tallann óir ar an tír. Ansin rinne rí na hÉigipte rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim d' Eiliácaím, deartháir Iahóácház, agus d' athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug Neaco a dheartháir Iahóácház leis agus thug go dtí an Éigipt é. Bhí Iachóiácaím cúig bliana agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim i Iarúsailéim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna a Dhia. Rinne Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ionsaí air, chuir geimhleacha air, agus thug leis go dtí an Bhablóin é. Thug Nabúcadnazar leis go dtí an Bhablóin chomh maith cuid de ghréithe Theampall an Tiarna agus chuir ina phálás sa Bhablóin iad. An chuid eile de stair Iahóiácaím, na nithe náireacha a rinne sé, agus a fuarthas amach faoi, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá. Tháinig Iahóiácaín a mhac i gcomharbacht air. Bhí Iahóiácaín ocht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí bliana agus deich lá i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna. In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim. Bhí Zidicíá bliain agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i réim, agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna, a Dhia. Níor umhlaigh sé é féin i láthair Irimia an fáidh a labhair ó bhéal an Tiarna féin. Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D' éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael. Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheith mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim. An Tiarna, Dia a n-aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe. Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta. Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó. Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin. Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir. Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht. Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: «Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.» Chun go gcomhlíonfaí an focal úd a dúirt an Tiarna trí bhéal Irimia, an chéad bhliain dá raibh Cíoras i gcoróin na Peirse, spreag an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse i dtreo gur chuir sé fógra amach ar fud a ríochta go léir agus gur chuir sé é i scríbhinn freisin, mar leanas: «Seo mar a deir Cíoras rí na Peirse: 'An Tiarna, Dia neimhe, thug sé ríochtaí uile an domhain dom agus chuir sé do chúram orm teach a thógáil dó in Iarúsailéim in Iúdá. Duine ar bith dá phobal atá in bhur measc, go raibh an Tiarna a Dhia leis! Téadh sé suas!'» Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais rí na Peirse, i dtreo go gcomhlíonfaí briathar an Tiarna ó bhéal Irimia, mhúscail an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse le forógra a thabhairt agus é a fhoilsiú ar fud a ríochta go léir: «Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: 'Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá. Cibé dá mhuintir go léir atá in bhur measc, go raibh a nDia leo! Téidís suas go Iarúsailéim in Iúdá le Teampall an Tiarna, Dia Iosrael, a thógáil; eisean an Dia atá in Iarúsailéim. Gach duine d' iarmhar a phobail, cibé áit ina bhfuil sé ag cur faoi, tagadh muintir a dhúiche i gcabhair air le hairgead, agus le hór, le maoin agus le heallach, agus le tabhartais dheonacha do Theampall Dé atá in Iarúsailéim.'» Ansin cinn fine Iúdá agus Bhiniáimin, na sagairt agus na Léivítigh, agus go deimhin gach aon duine dár spreag Dia an spiorad iontu, chuireadar chun imeachta chun Teampall an Tiarna a atógáil in Iarúsailéim. Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt. Thóg Cíoras rí amach soithí Theampall an Tiarna a thug Nabúcadnazar leis ó Iarúsailéim agus a thíolaic sé do theampall a dhé. Chuir Cíoras rí na Peirse iad i lámha Mhitreadát an cisteoir, agus chomhair seisean amach do Shéisbeazar flaith Iúdá iad. Seo é a líon: míle mias óir, míle mias airgid, naoi dtúisteán fichead, deich mbáisín fichead óir, ceithre chéad agus a deich mbabhla airgid agus míle soitheach eile. Ba é líon na soithí go léir d' ór agus d' airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t-iomlán sin ar fad leis nuair a d' fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim. B' iad seo muintir an chúige a d' fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d' fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin. Tháinig siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Saráiá, Raeláiá, Mordacaí, Bilseán, Miospár, Bigví, Rachúm, Báná. Liosta na bhfear de phobal Iosrael: clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó; clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó; clann mhac Árach, seacht gcéad seachtó a cúig; clann mhac Phachat Móáb, clann mhac Iéisiúa agus Ióáb, dhá mhíle ocht gcéad agus a dó dhéag; clann mhac Éalám, míle dhá chéad agus a caoga ceathair; clann mhac Zatú, naoi gcéad daichead a cúig; clann mhac Zacái, seacht gcéad agus a seasca; clann mhac Bháiní, sé chéad daichead a dó; clann mhac Bhaebái, sé chéad fiche a trí; clann mhac Azgád, míle dhá chéad fiche a dó; clann mhac Adoiníceám, sé chéad a seasca a sé; clann mhac Bhigví, dhá mhíle caoga a sé; clann mhac Áidín, ceithre chéad caoga a ceathair; clann mhac Átaer, Hiziciá is é sin, naocha a hocht; clann mhac Bhaezái, trí chéad tríocha a trí; clann mhac Iórá, céad agus a dó dhéag; clann mhac Háisium, dhá chéad fiche a trí; clann mhac Ghiobár, naocha a cúig; clann mhac Bheithile, céad agus a fiche trí; fir Natofá, caoga a sé; fir Anatót, céad fiche a hocht; clann mhac Azmávat, daichead a dó; clann mhac Chiriatáraím, Chipíreá agus Bhaerót, seacht gcéad daichead a trí; clann mhac Rámá agus Gheaba, sé chéad fiche a haon; fir Mhicmeás, céad fiche a dó; fir Bhéitéil agus Háí, dhá chéad fiche a trí; clann mhac Neabó, caoga a dó; clann mhac Mhaigbís, céad caoga a sé; clann mhac Éalám eile, míle dhá chéad caoga a ceathair; clann mhac Háirim, trí chéad agus a fiche; clann mhac Lod, Háidíd, agus Ónó, seacht gcéad fiche a cúig; fir Ireachó, trí chéad daichead a cúig; clann mhac Shaná, trí mhíle sé chéad agus a tríocha. Na sagairt: clann mhac Iadaiá, teaghlach Iéisiúa is é sin, naoi gcéad seachtó a trí; clann mhac Iméir, míle caoga a dó; clann mhac Phaischiúr, míle dhá chéad agus a daichead seacht; clann mhac Háirim, míle agus a seacht déag. Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair. Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad fiche a hocht. Lucht faire na ngeataí: clann mhac Shealúm, clann mhac Átaer, clann mhac Thalmon, clann mhac Acúb, clann mhac Haitíteá, clann mhac Sheobái; céad tríocha a naoi ar fad. Na tíolacthaigh: clann mhac Zícheá, clann mhac Hasúpá, clann mhac Thabáót, clann mhac Chéaros, clann mhac Shuíahá, clann mhac Phádón, clann mhac Labáná, clann mhac Hagábá, clann mhac Acúb, clann mhac Hágáb, clann mhac Sheamlaí, clann mhac Hanán, clann mhac Ghidéil, clann mhac Ghachar, clann mhac Ráiá, clann mhac Reizín, clann mhac Nacódá, clann mhac Ghazám, clann mhac Uzá, clann mhac Phásaech, clann mhac Bhaesai, clann mhac Asná, clann mhac Mheúiním, clann mhac Nifísím, clann mhac Bhacbúc, clann mhac Hacúfá, clann mhac Harchúr, clann mhac Bhazlút, clann mhac Mhichídéá, clann mhac Harsá, clann mhac Bharcós, clann mhac Shíseará, clann mhac Theamach, clann mhac Nizíach, clann mhac Haitífeá. Clann mhac dhaoir Sholaimh: clann mhac Shotai, clann mhac Hasoifeirit, clann mhac Pharúdá, clann mhac Iálá, clann mhac Dharcón, clann mhac Ghidéil, clann mhac Sheafatiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Ámaí. Líon iomlán na dtíolacthach, agus chlann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad naocha a dó. Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adán, Iméir ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir: clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá sé chéad caoga a dó. Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí fear a phós ceann d' iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm. Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláir a gcraobh sinseartha ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh. Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím. Ba é líon an chomhthionóil go léir ná daichead dó míle trí chéad agus a seasca, seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobhsan ar fad; bhí dhá chéad cantairí idir fhir agus mhná ina dteannta freisin. Bhí seacht gcéad tríocha a sé chapall acu, agus dhá chéad daichead a cúig mhiúil; bhí ceithre chéad tríocha cúig camaill acu, sé mhíle seacht gcéad agus a fiche asal. Nuair a shroich siad Teampall an Tiarna in Iarúsailéim, rinne cinn finí áirithe ofrálacha deonacha do Theampall an Tiarna, lena atógáil ar a sheanláthair. Rinne siad ofráil de réir a n-acmhainne, seasca a haon míle drachma óir, cúig mhíle míoná airgid agus céad éide sagairt, ar mhaithe leis an gciste naofa. Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim; agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh, agus na hIosraelaigh eile, ina mbailte féin. Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, chruinnigh an pobal go léir le chéile mar aon in Iarúsailéim. Ansin chrom Iéisiúa mac Iózádác agus a chomhshagairt Zarubáibil mac Sheailtíéil lena ghaolta, ar altóir Dhia Iosrael a atógáil, le híobairtí dóite a ofráil uirthi, faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois giolla Dé. Thóg siad an altóir ar a seanláthair d' ainneoin an eagla a bhí orthu roimh phobail na tíre, agus d' ofráil siad íobairtí dóite uirthi, íobairtí uileloiscthe, ar maidin agus tráthnóna. Rinne siad féile na dTaibearnacal a cheiliúradh de réir mar atá scríofa leis an líon íobairtí dóite laethúil atá ceaptha ag an reacht le haghaidh an lae; i dteannta na síoríobartha uileloiscthe, d' ofráil siad na híobairtí ceaptha [do na sabóidí], d' fhéilte na ré nua, agus do na sollúntais atá naofa don Tiarna, agus na híobairtí deonacha a bhí á ndéanamh ag daoine ar leith don Tiarna. Ón gcéad lá den seachtú mí chrom siad ar íobairtí loiscthe a ofráil don Tiarna. Ach bhí bunchloch shanctóir an Tiarna fós gan leagan. Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse. Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d' fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d' aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna. D' aontaigh Iéisiúa agus a chlann mhac agus a bhráithre, mar aon le Caidmíéil, [Bionúi agus Hódavá], dul i bhfeighil na muintire a bhí ag obair ar Theampall an Tiarna. Nuair a bhí bunchloch shanctóir an Tiarna leagtha ag na saoir, tháinig na sagairt in éidí míne lín le stoic, agus na Léivítigh, clann Ásáf, le ciombail, d' fhonn an Tiarna a mholadh de réir reachtanna Dháiví rí Iosrael. Mhol siad agus mhóraigh siad an Tiarna, «Óir is maith é, agus is seasmhach go deo é a bhuanghrá d' Iosrael.» Agus chan an pobal go léir moltaí an Tiarna in ard a gcinn is a ngutha mar go raibh buncloch Theampall an Tiarna leagtha. A lán de na sagairt agus de na Léivítigh agus de na cinn finí, an seandream a chonaic lena súile cinn an Teampall [eile roimhe seo ar a mháithreacha] ghoil siad go hard ach chuir mórán eile na gártha áthais suas. Níorbh fhéidir leis an bpobal na gártha áthais a aithint ó gháir na lógóireachta, mar chuir an pobal gáir chomh hard suas gur chualathas i bhfad ó bhaile í. Nuair a chuala naimhde Iúdá agus Bhiniáimin go raibh Teampall á thógáil, ag na deoraithe a d' fhill, don Tiarna, Dia Iosrael, tháinig siad go Zarubáibil [agus go Iéisiúa] agus go cinn na bhfiní, agus dúirt siad: «Ba mhaith linn tógáil in bhur dteannta, mar adhraimid bhur nDia bhur ndála féin, agus tá íobairt á déanamh againn chuige ó aimsir Éasar Hadón rí na hAsaíre a thug anseo sinn.» D' fhreagair Zarubáibil, Iéisiúa, agus na cinn finí eile Iosraelacha iad: «Ní cóir go rachadh sibhse i bpáirt linn ag tógáil Teampaill dár nDia; dúinne amháin is dual dul i mbun tógála don Tiarna, Dia Iosrael, faoi mar a d' ordaigh Cíoras rí na Peirse dúinn.» Ansin chrom muintir na tuaithe ar mhuintir Iúdá a chur óna thuilleadh tógála a dhéanamh trí dhrochmhisneach agus eagla a chur orthu. Mhealladar comhairleoirí le cur ina gcoinne agus lena gcur dá dtreoir. Mar sin a bhí an scéal le linn réimeas Chíorais rí na Peirse, agus anuas go dtí réimeas Dháire rí na Peirse. I dtús réimeas Zearxaes rinne siad gearán scríofa in aghaidh áitritheoirí Iúdá agus Iarúsailéim. Le linn Artaxarxaes, scríobh Mitreadát, Tábael agus a gcomhghleacaithe eile litir ghearáin [in aghaidh Iarúsailéim] go hArtaxarxaes rí na Peirse. Bhí téacs na litreach san Aramais agus in aibítir na hAramaise. Ansin scríobh Rachúm an rialtóir agus Simseai an rúnaí an litir seo leanas go hArtaxarxaes ag gearán faoi Iarúsailéim Rachúm an rialtóir, Simseai an rúnaí, a gcomhghleacaithe eile, na breithiúna, na gobharnóirí, na feidhmeannaigh Pheirseacha, muintir Uruc, agus na Bablóine agus Shúsa na hÉalámaigh is é sin agus na dreamanna eile a sheol Asurbanapal Mór amach agus a bhunaigh sé sa tSamáir agus sa chúige thar Eofrataes. Seo cóip den litir a sheoladar: D' Artaxarxaes rí, beatha agus sláinte ó do shearbhóntaí ón gcúige thar Eofrataes: Sa mhéid gur chóir faisnéis a thabhairt don rí go bhfuil na Giúdaigh a tháinig aníos ó do thírse go Iarúsailéim ag tógáil na cathrach ceannairce agus urchóide úd, agus ar a ndícheall ag cóiriú na mballaí agus go bhfuil na clocha boinn deisithe cheana féin; agus sa mhéid gur chóir faisnéis a thabhairt don rí dá dtógfaí an chathair úd arís agus go ndeiseofaí a ballaí, go ndiúltódh siad cáin a íoc, nó custaim, nó taillí iompair, agus go ndítheoidís údarás an rí; agus sa mhéid nach dóigh linn gur chóir dúinn a bheith ag faire ar an rí á mhaslú, de bhrí go n-ithimid salann an rí; uime sin cuirimid an fhaisnéis seo chun an rí i dtreo go ndéanfar cuardach i gcartlann do shinsear, agus go bhfaighfear amach inti gur cathair cheannairce an chathair seo, cúis tranglaim do ríthe agus do chúigí, agus cúib ghoir chianaosta easumhlaíochta; dá bharrsan is ea a scriosadh an chathair seo. Tá sé á chur in iúl againn don rí, má atógtar an chathair seo arís, agus go ndeiseofar a ballaí, gur gearr eile a bheidh greim agat ar aon chríocha sa chúige thar Eofrataes. Sé freagra a thug an rí orthu na seo: Do Rachúm an rialtóir, do Shimseai an rúnaí, agus dá gcomhghleacaithe eile atá ag cur fúthu sa tSamáir agus sa chuid eile den chúige thar Eofrataes, beatha agus slainte! Sa mhéid gur tiontaíodh agus gur léadh dom an litir a sheol sibh chugam, agus go ndearnadh iniúchadh, de réir mar a d' ordaigh mé, go bhfuarthas amach go n-éiríodh an chathair seo amach in aghaidh ríthe, agus go síoltaí ceannairc agus comhcheilg inti, agus go mbíodh ríthe cumhachtacha i réim in Iarúsailéim agus ceannas acu ar an gcúige thar Eofrataes go léir, agus go ndéanaidís cánacha agus custaim agus táillí a thobhach, ní foláir daoibh cosc a fhógairt ar shaothar na bhfear seo gan mhoill; níl an chathair sin le hatógáil go dtí go ndéanfaidh mise fógra fúithi. Ná déanaigí faillí sa ghnó seo d' fhonn nach ndéanfaí a thuilleadh díobhála do chúis an rí. A luaithe a léadh an chóip de litir Artaxarxaes i láthair Rachúm an rialtóir agus Shimseai an runaí agus a gcomhghleacaithe, bhrostaigh siad leo go dtí na Giúdaigh in Iarúsailéim, agus chuireadar d' iallach orthu le teann foréigin scor dá gcuid oibre. Cuireadh stop leis an obair ar Theampall Dé in Iarúsailéim ar an gcuma sin. Bhí sí ina stad mar sin go dtí an dara bliain de réimeas Dháire rí na Peirse. Ansin chrom na fáithe Hagaí agus Zacairiá mac Ideo ar fháidheoireacht do na Giúdaigh a bhí in Iúdá agus Iarúsailéim in ainm Dhia Iosrael a bhí ina dteannta. Ansin thosaigh Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar Theampall Dé in Iarúsailéim a thógáil; bhí fáithe Dé in éineacht leo ag tabhairt misnigh dóibh. Ansin is ea a tháinig Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, agus Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe chucu agus cheistíodar iad: «Cé thug údarás daoibh an Teampall seo a thógáil agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?» Chuireadar ceist orthu chomh maith: «Cad is ainm don mhuintir atá i mbun na tógála seo?» Ach bhí súile a nDé dírithe ar sheanóirí na nGiúdach agus níor chuir siad cosc leo nó go gcuirfí tuairisc go Dáire agus go dtiocfadh freagra oifigiúil ar ais i litir uaidh i dtaobh an ghnó. Cóip den litir a chuir Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes agus Seatar Bózanaí agus a chomhghleacaithe, na feidhmeannaigh sa chúige thar Eofrataes, go dtí Dáire rí: chuireadar tuairisc chuige a ghabh mar leanas: Do Dháire rí! Síocháin! Bíodh a fhios ag an rí go ndeachamar go críocha Iúdá, go Teampall Dé Mhóir; tá sé á thógáil de gharbhóga móra cloch, agus tá síleáil d' adhmad á cur leis na ballaí; tá an obair á déanamh le barr cáiréise, agus tá sí ag dul chun cinn le fuinneamh a ngéag. Chuireamar ceist ar na seanóirí: «Cé a thug údarás daoibh an Teampall seo a thógail agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?» D' fhiafraíomar díobh freisin cad ab ainm dóibh le go mbeadh a fhios agat; ar an tslí sin d' éirigh linn liosta a dhéanamh den mhuintir atá ag maoirseacht ar an muintir sin. Sé freagra a thug siad orainn: «Searbhóntaí do Dhia neimhe agus talún sinne; tá Teampall á atógáil againn a bhí ina sheasamh mórán blianta go dtí le déanaí; rí mór ar Iosrael a thóg agus a chríochnaigh é. Ach chuir ár sinsir fearg ar Dhia neimhe agus thug seisean ar láimh iad do Nabúcadnazar an Caildéach, rí na Bablóine, agus scrios seisean an Teampall agus rinne sé na daoine a ionnarbadh go dtí an Bhablóin. Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais, ámh, rinne Cíoras rí forógra an Teampall seo Dé a atógáil. Agus na soithí óir agus airgid le Teampall Dé a thóg Nabúcadnazar ón Teampall in Iarúsailéim agus a thug sé leis go dtí an teampall sa Bhablóin, thóg Cíoras rí iad ón teampall sa Bhablóin agus thug ar ais iad do dhuine darbh ainm Séisbeazar, fear a cheap sé ina ghobarnóir. Dúirt sé leis: 'Tóg na soithí seo; tabhair ar ais iad don sanctóir in Iarúsailéim agus tógtar Teampall an Tiarna ar a láthair bhunaidh.' Tháinig an Séisbeazar céanna dá bhrí sin agus leag sé clocha boinn Theampall Dé in Iarúsailéim; tá sé á thógáil acu riamh ó shin, ach níl deireadh déanta fós.» Déantar, dá bhrí sin, le cead an rí, cuardach i gcartlanna an rí sa Bhablóin, féachaint an fíor é gur eisíodh forógra ó Chíoras rí an Teampall seo Dé in Iarúsailéim a atógáil. Cuireadh an rí a thoil in iúl dúinn i dtaobh an ghnó seo. Ar ordú an rí Dáire rinneadh cuardach sna cartlanna sa Bhablóin mar a raibh na cáipéisí i dtaisce; agus fuarthas in Eacbatana, an dúnfort i gcúige na Méide, scrolla ar a raibh scríofa: «Cuntas: Sa chéad bhliain de réimeas an rí Cíoras, thug Cíoras rí forógra: Teampall Dé in Iarúsailéim: Déantar an Teampall a atógáil mar áit ina n-ofrálfar íobairtí agus ina dtabharfar ofrálacha [le dó]. Bíodh sé trí fichid banlámh ar fad agus trí fichid banlámh ar leithead. Bíodh trí chúrsa de gharbhóga cloch ann, agus cúrsa adhmaid; íoctar an costas as ciste an rí. Na soithí óir agus airgid, le Teampall Dé, a thóg Nabúcadnazar ón sanctóir in Iarúsailéim, agus a thug sé leis go dtí an Bhablóin, tugtar ar ais iad, i dtreo go ndéanfar gach ní a thabhairt ar ais go dtí an sanctóir in Iarúsailéim agus go gcuirfear isteach i dTeampall Dé arís iad.» «Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin, fágaigí faoi ghobharnóir Iúdá agus faoi sheanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil ar a sheanláthair. Agus tugaim foláireamh daoibh gur mar seo a chúideoidh sibh le seanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil: díoltar an costas go hiomlán gan mhoill leis na fir seo as an gcáin ríoga, is é sin, as cíos an chúige thar Eofrataes. Agus cibé rud a bheidh de dhíth orthu do na híobairtí dóite do Dhia neimhe tairbh óga, reithí, uain, nó cruithneacht, salann, fíon, ola tugtar dóibh é le haghaidh an lae, gan teip de réir mar a éileoidh sagairt Iarúsailéim, i dtreo go n-ofrálfaidís íobairtí taitneamhacha do Dhia neimhe agus go nguífidís fad saoil don rí agus dá chlann mhac. Tá an reacht seo á dhéanamh agam chomh maith: má sháraíonn aon duine an forógra seo, déantar cearchaill a staitheadh as a theach, déantar é a chéasadh uirthi, agus déantar carn aoiligh dá theach. An Dia a chuir a ainm chun lonnaithe ann, go dtreascra sé aon rí nó aon dream a mbeidh sé de dhánaíocht iontu é seo a shárú agus Teampall Dé in Iarúsailéim a scrios! Mise, Dáire, a thug an forógra seo. Déantar é a chomhlíonadh go beacht!» Ansin rinne Tatanaí, rialtóir an chúige thar Eofrataes, Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe, gach ar ordaigh an rí Dáire a chomhlíonadh go beacht. D' éirigh go seoidh le seanóirí Iarúsailéim i mbun a dtógála agus misneach acu de bharr fáidheoireachta Hagaí an fáidh agus Zacairiá mac Ideo. Thug siad an tógáil chun críche de réir ordú Dhia Iosrael agus ordú Chíorais agus Dháire (agus Artaxarxaes rí na Peirse). Críochnaíodh an Teampall seo ar an tríú lá fichead de mhí Adár, sa séú bliain de réimeas Dháire rí. Rinne pobal Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, agus an chuid eile de na deoraithe a d' fhill, coisreacan an Teampaill seo a chomóradh faoi lúcháir. Do choisreacan Theampaill seo Dé d' ofráil siad céad tarbh, dhá chéad reithe, ceithre chéad caora, agus dá phocán déag mar íobairt pheaca thar ceann Iosrael go léir, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael. Ansin cheap siad na sagairt de réir a n-ord, agus na Léivítigh de réir a ranganna, chun freastal a dhéanamh i dTeampall Dé in Iarúsailéim, mar atá scríofa i Leabhar Mhaois. Cheiliúir na deoraithe a d' fhill an Cháisc ar an gceathrú lá déag den chéad mhí. Bhí na sagairt agus na Léivítigh tar éis iad féin a íonghlanadh in éineacht; bhí siad uile glan agus mharaigh siad an t-uan Cásca thar ceann na ndeoraithe go léir a d' fhill, thar ceann a mbráithre na sagairt agus thar a gceann féin. D' ith an mhuintir seo leanas an Cháisc: na hIosraelaigh go léir a d' fhill óna ndeoraíocht, agus iad siúd go léir a scar le truaillitheacht a gcomharsana máguaird agus a ghabh leo ag adhradh an Tiarna, Dia Iosrael Cheiliúir siad féile an tSlimaráin ar feadh seacht lá le háthas croí, mar thug an Tiarna ábhar lúcháire dóibh, mar gur bhog sé croí rí na hAsaíre le misneach a thabhairt dóibh i mbun a saothair ar Theampall an Tiarna, Dia Iosrael. Tar éis na n-imeachtaí sin, i réimeas Artaxarxaes rí na Peirse, ghabh Eazrá mac Sharáiá, mac Azairiá, mac Hilcíá, mac Shealúm, mac Zádóc, mac Aichítiúb, mac Amairiá, mac Mharáiót, mac Zarachiá, mac Uizí, mac Bhucaí, mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t-ardsagart ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan. Chuaigh líon áirithe Iosraelach, sagairt, Léivítigh, cantairí, gardaí geata, agus tíolacthaigh suas go Iarúsailéim sa seachtú bliain de réimeas Artaxarxaes rí. Tháinig sé siúd go Iarúsailéim ar an gcúigiú mí; ba í an seachtú bliain de réimeas an rí í, mar bheartaigh seisean imeacht ón mBablóin ar an gcéad lá den chéad mhí, agus shroich sé Iarúsailéim ar an gcéad lá den chúigiú mí; bhí lámh chneasta a Dhé leis go dearfa. Óir bhí Eazrá luite ó chroí le staidéar a dhéanamh ar dhlí an Tiarna agus lena chleachtadh, agus lena aitheanta agus a fhorálacha a theagasc d' Iosrael. Seo cóip den cháipéis a thug Artaxarxaes rí d' Eazrá an sagart agus an scríobhaí a bhí oilte go sainiúil ar théacs aitheanta an Tiarna agus ar a dhlíthe ag baint le hIosrael. Artaxarxaes, rí na ríthe, don sagart Eazrá, scríobhaí dhlí Dé neimhe, [síoth agus síocháin!]. Seo iad m' orduithe: aon duine i mo ríocht de phobal Iosrael, dá sagairt nó dá Léivítigh, a roghnóidh dá thoil féin, dul suas go Iarúsailéim, níl a bhac air dul leat. Óir tá tusa do do sheoladh ag an rí agus ag a sheachtar comhairleoirí le hiniúchadh a dhéanamh ar Iúdá agus ar Iarúsailéim de réir dhlí do Dhé atá i do sheilbh, agus freisin leis an airgead agus leis an ór a bhreith leat, a d' ofráil an rí agus a chomhairleoirí go deonach do Dhia Iosrael, atá ag cur faoi in Iarúsailéim, agus chomh maith céanna a bhfaighidh tú d' airgead agus d' ór i gcúige na Bablóine go léir, mar aon leis na hofrálacha deonacha a rinne an pobal agus na sagairt do Theampall bhur nDé atá in Iarúsailéim. Leis an airgead seo ceannaigh go fonnmhar, tairbh, reithí agus uain agus na habhlanna agus na hofrálacha dí a ghabhann leo; agus íobair iad ar altóir Theampall do Dhé atá in Iarúsailéim. An fearasbarr óir agus airgid, caith é mar is áil leat féin agus le do bhráithre de réir thoil do Dhé. Leag na soithí a tugadh duit i gcomhair seirbhís Theampall do Dhé i bhfianaise do Dhé in Iarúsailéim. Aon rud eile a bhíonn de dhíth ar Theampall do Dhé, a tharlóidh a bheidh á chur ar fáil agat, déan é a sholáthar le cabhair chiste an rí. Agus mise, Artaxarxaes rí, tugaim an t-ordú seo do chisteoirí uile an chúige thar Eofrataes: Cibé rud a iarrfaidh Eazrá, scríobhaí dhlí Dhia neimhe, ceadaigí é ar an toirt, gan agaibh mar theorainn ach céad tallann airgid, céad tomhas cruithneachta, céad dabhach fíona, céad dabhach ola, agus an oiread salainn agus a éilítear. Ní foláir gach a n-ordaíonn Dia neimhe a chur i gcrích le díograis ar mhaithe le Teampall Dhia neimhe, le heagla go dtiocfadh fraoch a fheirge ar ríocht an rí agus a mhac. Bíodh a fhios agaibh chomh maith go bhfuil cosc ar cháin nó custaim nó táillí a leagan ar shagairt nó ar Léivítigh, ar chantairí nó ar ghardaí geata, ar thíolacthaigh nó ar shearbhóntaí Theampall Dé. Agus maidir leatsa, a Eazrá, de réir eagna do Dhé atá i do sheilbh, ceap scríobhaithe agus breithiúna a riarfaidh an chóir ar mhuintir uile an chúige thar Eofrataes, orthu siúd go léir is é sin arb eol dóibh dlí do Dhé; an mhuintir nach eol dóibh é, déan é a theagasc dóibh. Má dhiúltaíonn aon duine do dhlí do Dhé agus is é sin leis dlí an rí cuirtear an daorbhreith i bhfeidhm air go dian bás nó ionnarbadh, gabháil maoine nó carcair. Moladh leis an Tiarna, Dia ár sinsear, a spreag croí an rí ar an gcuma sin chun Teampall an Tiarna in Iarúsailéim a mhóradh, agus a ghnóthaigh domsa gnaoi an rí agus a chomhairleoirí agus feidhmeannach róchumhachtach an rí. Tháinig misneach orm féin mar go raibh gnaoi an Tiarna mo Dhia orm, agus chruinnigh mé ceannairí Iosrael le chéile le dul suas in éineacht liom. Seo iad na cinn finí a chuir chun bealaigh ón mBablóin i mo theannta le linn Artaxarxaes rí, agus seo iad a nginealaigh: De chlann mhac Phíneachás: Géirseom; de chlann mhac Íteámár: Daníéil; de chlann mhac Dháiví: Hatúis, mac Sheacainiá; de chlann mhac Pharóis: Zacairiá, lenar cláraíodh céad go leith fear; de chlann mhac Phachat Móáb: Eilíhéanaí mac Zaraichiá, agus dhá chéad fear ina theannta; de chlann mhac [Zatú]: Seacainiá mac Iachaizíéil agus trí chéad fear ina theannta; de chlann mhac Áidín: Eibid mac Iónátán agus leathchéad fear ina theannta; de chlann mhac Éalám: Isiá mac Atailiá agus seachtó fear ina theannta; de chlann mhac Sheafatiá: Zabaidiá mac Mhíocáéil agus ceithre fichid fear ina theannta; de chlann mhac Ióáb: Obaidiá mac Ichíéil agus dhá chéad agus ochtar fear déag ina theannta; de chlann mhac [Bháiní]: Sealóimít mac Ióisifiá agus céad trí fichid fear ina theannta: de chlann mhac Bhaebái: Zacairiá mac Bhaebái, agus ochtar ar fhichid ina theannta; de chlann mhac Azgád: Ióchánán mac Hacátán agus deichniúr agus céad ina theannta; de chlann mhac Adoiníceám: sóisir na clainne darbh ainm: Eilífilit, Ieíéil, agus Seamaiá, agus trí fichid fear ina dteannta; de chlann mhac Bhigví: Útaí mac Zabúd, agus trí fichid fear ina theannta. Chruinnigh mé iad go bruach na habhann a shníonn go hAhavá agus shuíomar campa ansiúd ar feadh trí lá. Rinne mé iniúchadh orthu agus chonaic mé tuataí agus sagairt ina measc, ach gan aon Léivítigh. Chuir mé Eilíeizir, Airíéil, Seamaiá, Ealnátán, Iáiríb, Ealnátán, Nátán, Zacairiá agus Misiulám, dream tuisceanach agus sheol mé iad go hIdeo ceannasaí shanctóir Chásaifiá; d' inis mé dóibh an teachtaireacht a bhí le tabhairt acu do Ideo agus dá bhráithre a bhí ag cur fúthu i sanctóir Chásaifiá.i. searbhóntaí a sholáthar dúinn do Theampall ár nDé. Ansin, a bhuí le gnaoi ár nDé a bhí orainn, chuir siad chugainn fear éirimiúil, de chlann Mhailí mhic Léiví mhic Iosrael, Séiribiá lena chlann mhac agus lena ghaolta, ochtar déag ar fad; agus Haisibiá chomh maith agus Isiá ina theannta de chlann mhac Mharáraí, agus a gclann mhac fiche fear; agus seachas sin dhá chéad agus a fiche tíolacthach de na tíolacthaigh a cheap Dáiví agus a fheidhmeannaigh le freastal ar na Léivítigh. Cláraíodh an mhuintir sin go léir ó ainm. D' fhógair mé troscadh ansiúd, ansiúd cois abhann Ahavá, d' fhonn go ndéanfaimis sinn féin a umhlú os comhair ar nDé agus go n-iarrfaimis air go n-éireodh ár mbóthar linn féin, lenár gclann agus lenár maoin. Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: «Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.» Rinneamar troscadh dá bhrí sin, á impí sin ar Dhia agus thug sé cluas dár n-impí. Thogh mé dháréag de na príomhshagairt, Séiribiá agus Haisibiá agus deichniúr dá ngaolta mar aon leo; thomhais mé amach chucu an t-airgead, an t-ór, na soithí, agus na hofrálacha a thoirbhir an rí agus a chomhairleoirí agus a mhaithe, agus na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair, do Theampall ár nDé. Thomhais mé amach ina lámha chucu: sé chéad go leith tallann airgid, céad soitheach airgid ab fhiú [dhá thallann], céad tallann óir, fiche mias óir ab fhiú míle dáireach, agus dhá áras de chré-umha mín geal a bhí chomh luachmhar le hór. Dúirt mé leo: «Tá sibhse coisricthe don Tiarna; tá na soithí seo naofa; ofrálacha deonacha don Tiarna, Dia bhur sinsear, an t-ór agus an t-airgead. Tugaigí aire dóibh agus coinnigí slán iad nó go dtomhaisfidh sibh iad i láthair na bpríomhshagart, na Léivíteach agus chinn finí Iosrael in Iarúsailéim i seomraí Theampall an Tiarna.» Ghlac na sagairt agus na Léivítigh cúram an airgid, an óir agus na soithí, a tomhaiseadh, orthu féin, lena dtabhairt go Iarúsailéim go Teampall ar nDé. Ar an dara lá déag den chéad mhí d' fhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó róbálaithe. Bhaineamar amach Iarúsailéim agus d' fhanamar ann ag ligean ar scíthe ar feadh trí lá. Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t-ór agus an t-airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi. Bhí an t-iomlán ann idir líon agus mheáchan. Breacadh meáchan gach ní ar phár. Um an dtaca sin rinne an mhuintir a d' fhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a d' fhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t-iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. Cuireadh na treoracha a thug an rí in iúl d' fheidhmeannaigh an rí agus do ghobharnóirí an chúige thar Eofrataes, agus ansin thugadarsan cabhair don phobal agus do Theampall an Tiarna. Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: «Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh ach fuair siad mná i measc na mban deoranta sin dóibh féin agus dá gclann mhac; tá an cine naofa cumasctha le bunadh na dtíortha; sa bheart fill seo, is iad na huachtaráin agus na feidhmeannaigh a bhí i dtús cadhnaíochta.» Nuair a chuala mé an scéal seo, stróic mé mo chuid éadaigh agus m' fhallaing; stoith mé gruaig mo chinn agus m' fhéasóige, agus shuigh mé síos le barr anbhainne. Agus gach n-aon a chuir briathra Dé Iosrael ar ballchrith, chruinnigh siad i mo thimpeall toisc mídhílseacht seo na ndeoraithe a d' fhill. Ach maidir liomsa, bhí mé i mo shuí ansiúd in anbhainne go tráth íobairt an tráthnóna. Um thráth íobairt an tráthnóna, d' éirigh mise, Eazrá, as an toirchim ina raibh mé, agus lig mé mé féin fúm ar mo ghlúine agus mo chuid éadaigh agus m' fhallaing stróicthe. Shín mé mo lámha amach chun an Tiarna mo Dhia agus dúirt: «A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m' aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis. Ó laethanta ar sinsear i leith is mór í ár gciontacht; agus i ngeall ar ár n-urchóidí tugadh sinn féin, ár ríthe agus ár sagairt, isteach i lámha ríthe tíortha eile, agus tugadh suas don chlaíomh sinn, don bhraighdeanas, don chreach agus don náire. Agus is amhlaidh atá an scéal inniu. Ach anois, go tobann, tá an Tiarna ár nDia tar éis bheith fabhrach linn; d' fhág sé fuíoll áir againn agus thug sé tearmann dúinn ina áit naofa; sin mar a thug Dia cáil solais dár súile agus cáil faoisimh ónár mbraighdeanas. Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim. Ach anois céard atá le rá againn, a Dhia, tar éis an chineáltais seo, agus gur thréigeamar d' aitheanta? Na haitheanta a d' aithin tú trí do shearbhóntaí na fáithe á rá: 'An tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air, is tír é atá neamhghlan mar gur thruailligh na ciní dúchasacha é leis na gráiniúlachtaí lenar shalaigh siad é ó cheann ceann. Uime sin ná tugaigí bhur iníonacha mar mhná chéile dá mic, agus ná tógaigí a n-iníonachasan mar mhná do bhur mic féin; ná bíodh mairg oraibh faoina síocháin ná faoina gconách siúd, i dtreo go rachadh sibh féin i neart, go n-íosfadh sibh togha torthaí na tíre agus go bhfagfadh sibh é mar oidhreacht ag bhur sliocht go brách.' «Agus anois tar éis ar bhain dúinn de bharr ár ndrochghníomhartha agus ár mórchiontachta cé go ndearna tusa, a Dhia, ár gcionta a mheas níos éadroime ná mar is cóiriúil iad agus gur fhág tú an fuíoll áir seo anseo againn an mbrisfimidne d' aitheanta arís agus cleamhnais a dhéanamh arís leis na ciníocha a chleachtann a leithéid de ghráiniúlacht? Nach gcuirfeadh sin an oiread sin feirge ort go ndéanfá sinn a scriosadh i slí nach bhfágfaí fuíoll áir ná fear inste scéil? A Thiarna, a Dhia Iosrael, de bharr d' fhíréantachta, fágadh fuíoll áir againn a tháinig slán mar atá anseo inniu; seo sinn anois i do láthair faoi ualach ár bpeacaí, agus dá bharrsan ní féidir d' aon duine seasamh i do láthair.» Fad a bhí Eazrá ag guí agus ag admháil peacaí le deora agus é faon ar lár os comhair Theampall an Tiarna, chruinnigh slua mór Iosraelach ina thimpeall idir fhir agus mhná agus leanaí, agus iad ag gol go goirt. Ansin labhair Seacainiá mac Ichíéil de chlann Éalám amach agus dúirt le hEazrá: «Rinneamar feall ar ár nDia agus phósamar mná deoranta de phór dúchasach na tíre; ach dá ainneoin sin, tá dóchas éigin ann d' Iosrael fós. Déanaimis conradh lenár nDia, ár mná seo go léir agus an chlann a rugadh dóibh a chur i leataobh de réir do chomhairle-sé agus a gcomhairle siúd a chreathnaíonn roimh aithne ár nDé. Déanaimis de réir an dlí. Éirigh! Is é do chúramsa é, ach beimidne le d' ais. Bíodh misneach agat! Ar aghaidh leat!» Ansin d' éirigh Eazrá agus chuir d' iallach ar na príomhshagairt agus ar na Léivítigh agus ar na hIosraelaigh go léir mionn a thabhairt go ndéanfaidís mar a dúradh; thug siad an mionn. Ansin d' imigh Eazrá leis óna ionad os comhair Theampall an Tiarna agus chuaigh isteach i seomra Iahóchánán mac Eiliáisíb mar ar [fhan sé an oíche sin] gan arán ná uisce a chaitheamh, mar bhí sé ag caoineadh feall na ndeoraithe. Eisíodh fógra in Iúdá agus in Iarúsailéim do na deoraithe go léir a d' fhill, á rá leo cruinniú le chéile in Iarúsailéim, agus aon duine nach dtiocfadh laistigh de thrí lá ba é sin rabhadh na gceannairí agus na seanóirí go ndéanfaí a mhaoin go léir a ghabháil agus é féin a dhíbirt ó chomhthionól na ndeoraithe. Dá bharrsan tháinig muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir le chéile in Iarúsailéim laistigh de thrí lá; ba é an naoú mí é, agus an fichiú lá den mhí. Chruinnigh an pobal go léir sa chearnóg os comhair Theampall an Tiarna. Bhí siad ar ballchrith de bharr na hócáide agus de bharr tulca báistí. Ansin d' éirigh Eazrá an sagart ina sheasamh agus dúirt: «Rinne sibh feall mar gur phós sibh mná deoranta, agus chuir sibh le ciontacht Iosrael. Ach anois beirigí buíochas leis an Tiarna, Dia bhur sinsear, agus déanaigí a réir; scaraigí le pór na tíre agus le bhur mná deoranta.» D' fhreagair an comhthionól go léir d' aonghuth in ard a gcinn: «Mar sin atá; is é ár ndualgas déanamh mar a deir tú! Ach tá mórán daoine anseo agus is é séasúr na báistí é agus ní féidir dúinn fanacht amuigh faoin spéir. Ní gnó lae nó dhó é seo, mar pheacaigh a lán againn ar an tslí seo. Déanadh ár gceannairí ionadaíocht don chomhthionól go léir; tagadh an mhuintir inár gcathracha a thóg mná deoranta chucu ar am ceaptha agus seanóirí agus breithiúna ó gach cathair ina gcoimhdeacht, nó go gcuirfear dínn fraoch feirge ár nDé i dtaobh an ghnó seo.» Níor chuir aon duine ina choinne sin ach Iónátán mac Asáhael agus Iachzaiá mac Thicveá, le tacaíocht ó Mhisiulám agus ó Sheabataí an Léivíteach. Rinne na deoraithe de réir an mholta sin. [Thogh] Eazrá an sagart mar chúntóirí, cinn na bhfiní de gach teaghlach, agus gach duine díobh luaite ó ainm. Shuigh siad le breith a thabhairt ar na cásanna faoi leith ar an gcéad lá den deichiú mí, agus faoin gcéad lá den chéad mhí bhí cás na bhfear go léir a thóg mná deoranta pléite acu. Seo iad ainmneacha na bhfear de shliocht na sagart a fuarthas a phos mná deoranta: Ar chlann mhac Iéisiúa mac Iózádác agus i measc a ghaolta: Másaeiá, Eilíeizir, Iáiríb agus Gadailiá. Thug siad a mbriathar gill go gcuirfidís a mná ar shiúl agus d' ofráil siad reithe mar íobairt pheaca mar leorghníomh ina gciontacht. Ar chlann mhac Iméir: Hanáiní agus Zabaidiá; ar chlann mhac Háirim: Másaéiá, Éilíá, Seamaiá, Ichíéil agus Uizíá; ar chlann mhac Phaischiúr: Eilióaenaí, Másaéiá, Ísmeáéil, Natanael, Iózábád agus Ealásá; ar na Léivítigh: Iózábád, Simeí, Caeláiá Cilíeá is é sin Pataichiá, Iúdá agus Eilíeizir; ar na cantairí: Eiliáisíb [agus Zacúr]; ar ghardaí na ngeataí: Sealúm agus Teilim agus Úirí. Ar na hIosraelaigh: ar clann mhac Pharois: Raimiá, Ízíá, Mailcíveá, Míováimin, Eileázár, Mailcíveá agus Banáiá; ar chlann mhac Éalám: Matainiá, Zacairiá, Ichíéil, Aibdí, Iréamót agus Éilíá; ar chlann mhac Zatú: Eilióaenaí, Eiliáisíb, Matainiá, Iréamót, Zábád agus Aizízeá; ar chlann Bhaebaí: Iahóchánán, Hanainiá, Zabaí agus Atlái; [ar chlann Bhigví]: Misiulám, Malúc, Iadáiá, Iáisiúb, Seál agus Iréamót; ar chlann Phachat Móáb: Adná, Calál, Banáiá, Másaeiá, Matainiá, Bazalael, Bionúi agus Manaise; ar chlann mhac Háraim: Éilíeizir, Isíveá, Mailcíveá, Seamaiá, Simeon, Biniáimin, Malúc agus Samairiá; ar chlann mhac Háisiúm: Matanaí, Matatá, Zábád, Eilífilit, Iréama, Manaise agus Simeí; ar chlann mhac Bháiní: Madaí, Amrám, Úéil, Banáiá, Béidiá, Calúihí, Vainiá, Maraemót, Eiliáisíb, Matainiá, Matanaí agus Iásaú; ar chlann mhac Bhionúi: Simeí, Seilimiá, Nátán agus Adáiá; [ar chlann mhac Zacaí]: Seáisaí, Seárái, Azarael, Seilimiá, Samairiá, Sealúm agus Amairiá, agus Iósaef; ar chlann mhac Neabó: Ieíéil, Maititiá, Zábád, Zibíneá, Iadaí, Ióéil, Banáiá. Bhí siadsan go léir pósta le mná deoranta; chuir siad ar shiúl iad, [idir mhná agus chlann]. Briathra Nihimiá mac Hacailiá. I mí Cisléu san fhichiú bliain [de réimeas Artaxarxaes rí], agus mé i ndúnfort Shúsá, tháinig chugam duine de mo ghaolta, Hanáiní, le daoine áirithe ó Iúdá. Chuir mé ceist orthu i dtaobh na nGiúdach, an t-iarmhar a fuasclaíodh ó dheoraíocht, agus i dtaobh Iarúsailéim. «An mhuintir a tháinig slan ón deoraíocht,» d' fhreagair siad, «agus atá ar ais ansiúd sa chúige, tá siad i gcruatan agus faoi leatrom náireach, tá ballaí Iarúsailéim ar lár agus a geataí loiscthe ag tine.» Nuair a chuala mé na focail sin, shuigh mé síos agus bhris mo ghol orm, agus chaoin mé lá i ndiaidh an lae agus mé ar troscadh agus ag guí i láthair Dhia neimhe. Agus dúirt mé: «A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann d' aitheanta, tabhair cluas go grinn agus súil go géar do ghuí do shearbhónta, an ghuí atá á déanamh agam chugat anois de lá agus d' oíche ar mhaithe le clann Iosrael, do shearbhóntaí; admhaím na peacaí a rinneamarna, clann Iosrael, i d' aghaidh; pheacaigh mise agus pheacaigh teaghlach m' athar. Is coiriúil coirpeach a pheacaíomar i d' aghaidh, gan na haitheanta, na dlíthe ná na gnásanna a leag tú ar do shearbhónta Maois a chomhlíonadh. Cuimhnigh, impím ort, ar an bhfoláireamh a thug tú do Mhaois do shearbhónta: 'Má bhíonn sibh mídhílis, déanfaidh mé sibh a scaipeadh i measc na gciníocha; ach má fhilleann sibh agus m' aitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le m' ainm a lonnú ann.' «Siad seo do shearbhóntaí, do phobal, an mhuintir a d' fhuascail tú le do mhórneart agus do láimh thréan. A Thiarna tabhair cluas d' urnaí do shearbhónta agus d' urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d' ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.» Ba chornaire ag an rí mé an uair úd. I mí Níosán, san fhichiú bliain de réimeas an rí, Artaxarxaes, bhí a chuid fíona os a chomhair; thóg mé suas an fíon agus thug mé don rí é; [roimhe sin] ní raibh mé riamh faoi bhrón ina láthair. Dúirt an rí liom mar sin: «Cén fáth a bhfuil aghaidh bhrónach ort os rud é nach bhfuil tú tinn? Ní foláir nó go bhfuil dólás éigin ar do chroí.» Tháinig eagla mhór orm ansin agus dúirt mé leis an rí: «Gura fada buan an rí! Cén fáth nach mbeadh aghaidh bhrónach orm nuair atá conamar déanta den chathair mar a bhfuil mo shinsir curtha agus a geataí loiscthe le tine?» «Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?» arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin agus dúirt mé leis á fhreagairt: «Mura miste leat é agus má tá lé ar bith agat liomsa, do sheirbhíseach, ba bhreá liom é dá gcuirfeá go dtí Iúdá mé chun na cathrach sin mar a bhfuil mo shinsir curtha, chun í a atógáil.» D' fhiafraigh an rí díom ansin agus an bhanríon ina suí taobh leis: «Cá fhad a bhainfidh do thuras asat agus cathain a fhillfidh tú?» D' aontaigh an rí mé a chur ann agus d' inis mé dó cá fhad a bheinn as láthair. Dúirt mé leis chomh maith: «Mura miste le do mhórgacht é, tugtar litreacha dom le haghaidh gobharnóirí an chúige thar Eofrataes, á rá leo ligean dom dul slán trína gcríocha go dtí Iúdá; agus litir eile le haghaidh Ásáf, coimeádaí na bhforaoiseacha ríoga, á rá leis adhmad a thabhairt dom chun geataí a dhéanamh do dhúnfort an Teampaill agus le haghaidh ballaí na cathrach agus don teach a ndéanfainn féin cónaí ann.» Ghéill an rí do m' iarratas mar bhí lámh mhaith mo Dhé ag tacaíocht liom. Tháinig mé ansin go dtí gobharnóirí an chúige thar Eofrataes agus thug mé litreacha an rí dóibh. Bhí oifigigh airm agus marcshlua ón rí i mo choimhdeacht. Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael. Tháinig mé go Iarúsailéim dá bhrí sin agus d' fhan mé socair ann ar feadh trí lá. Ansin d' éirigh mé san oíche, mé féin agus cúpla fear eile, agus gan é ráite agam le haon duine cad a bhuail Dia isteach i mo chroí a dhéanamh ar mhaithe le Iarúsailéim, agus gan agam d' ainmhithe ach an beithíoch a bhí do m' iompar. Ghabhas Geata an Ghleanna amach dá bhrí sin agus thar Thobar an Dragúin go dtí Geata an Aoiligh. Rinne mé ballaí Iarúsailéim [agus na bearnaí iontu] a iniúchadh, agus, chomh maith, a geataí dóite. Chuaigh mé ar aghaidh ansin go dtí Geata an Tobair agus go Linn an Rí, ach ní raibh bealach do mo bheithíoch iompair thairis sin. Ansin san oíche ghabh mé an gleann suas agus mé ag iniúchadh an bhalla agus chas mé ar ais agus Geata an Ghleanna isteach arís, agus d' fhill mé mar sin. Ní raibh a fhios ag na hoifigigh cár chuaigh mé ná cad a bhí ar siúl agam; ní raibh aon ní fós ráite agam leis na Giúdaigh ná na sagairt, ná na huaisle, ná na hoifigigh, ná le haon dream eile ar a mbeadh cúram na hoibre. Dúirt mé leo ansin: «Feiceann sibh an cruachás ina bhfuilimid: tá Iarúsailéim ar lár agus a geataí dóite. Téanaigí, tógaimis ballaí Iarúsailéim agus ná bímis faoi náire mar seo a thuilleadh.» Agus d' inis mé dóibh conas mar a bhí lámh chineálta Dé mar thaca liom chun na maitheasa, agus d' aithris mé dóibh a ndúirt an rí liom. «I mbun oibre linn!» ar siad, «agus ar aghaidh leis an tógáil!» agus chrom siad ar an obair fhónta le fonn. Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an daor Amónach agus Geisim an tArabach mar gheall air seo, rinneadar magadh agus fonóid fúinn agus d' fhiafraíodar: «Céard atá ar siúl agaibh, an bhfuil ceannairc in aghaidh an rí á beartú agaibh?» Ach thug mé freagra orthu: «Cuirfidh Dia neimhe agus talún an rath orainn! Táimidne, a shearbhóntaí, ag dul i mbun tógála; níl cuid ná ceart ná seoid chuimhne agaibhse in Iarúsailéim.» Ansin chrom Eiliáisíb an t-ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael. Fir Ireachó a thóg taobh leo, agus [taobh leosan] Zacúr mac Imrí. Clann mhac Hasaná a thóg Geata an Éisc; leagadar síos a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. Taobh leosan rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz deisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá mac Mhiséazabael deisiú; taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú cé gur dhiúltaigh a dtaoisigh a gceann a chromadh do chuing saothair a dtiarnaí. Rinne Ióiádá mac Phásae agus Misiulám mac Bhasóidiá [geata na roinne nua] a dheisiú; leagadar a ursana, ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. Taobh leosan rinne Malaitiá ó Ghibeón, agus Iádón ó Mhaeronot deisiú, agus fir Ghibeón agus Mhizpeá ar son gobharnóirí an chúige thar Eofrataes. Taobh leosan rinne Úizíéil, ball de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú; taobh leis-sean rinne Hanainiá de chuallacht na gcumhróirí deisiú; rinne siad Iarúsailéim a dhaingniú chomh fada le [Balla na Cearnóige]; taobh leosan rinne Rafáiá mac Húr, rialtóir ar leath dhúiche Iarúsailéim, deisiú; taobh leosan rinne Iadáiá mac Harúmaf deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Hatúis mac Haisibniá deisiú; rinne Mailcíveá mac Háirim agus Haisiúb mac Phachat Móáb an chéad chuid eile a dheisiú ar aghaidh go Túr na Sorn; taobh leis-sean rinne Sealúm mac Hallóchéis, uachtarán ar leath dhúiche Iarúsailéim, agus a chlann [mhac] deisiú. Rinne Hánún agus áitritheoirí Zánóach Geata an Ghleanna a dheisiú; d' athchóirigh siad é, leag síos a ursana agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí, agus dheisigh siad míle banlámh den bhalla suas go dtí Geata an Aoiligh. Mailcíveá mac Raecáb, uachtarán dhúiche Bhéit-hac-Ceirim, dheisigh sé Geata an Aoiligh, [é féin agus a chlann mhac]; ghreamaigh sé a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d' athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D' atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví. Nihimiá mac Azbúc, uachtarán leath dhúiche Bhéit Zúr, rinne sé deisiú chomh fada leis an mball ar aghaidh thuamaí Dháiví, na linne tacair, agus Theach na Laoch; taobh leis-sean, rinne na Léivítigh deisiú: Rachúm mac Bháiní; taobh leis-sean rinne Haisibiá, uachtarán ar leath dhúiche Cheíleá, deisiú ar son a dhúiche féin; taobh leis-sean rinne a mbráithre deisiú; Bávaí mac Haenádád, uachtarán ar leath dhúiche Cheíliá; taobh leis-sean rinne Éizir mac Iéisiúa, uachtarán Mhizpeá, stráice eile a dheisiú ar aghaidh ard na hArmlainne i dtreo na hUilleann. Taobh leis-sean rinne Bárúc mac Zabaí stráice eile a dheisiú ón Uillinn chomh fada le doras theach Eiliáisíb an t-ardsagart; taobh leis-sean rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz stráice eile a dheisiú ó dhoras theach Eiliáisíb go dtí a cheann eile; taobh leis-sean rinne na sagairt faoin tuath máguaird deisiú; taobh leo-san rinne Biniáimin agus Haisiúb deisiú ar aghaidh a dtithe féin; taobh leo-san rinne Azairiá mac Mhásaeiá mac Anainiá deisiú in aice a thí féin; taobh leis-sean rinne Bionúi mac Haenádád stráice eile a dheisiú ó theach Azairiá go dtí an Uillinn, agus ar aghaidh go dtí an cúinne. Rinne Pálál mac Úzaí deisiú ar aghaidh an chúinne, agus an túr atá ag gobadh amach os cionn phálás uachtarach an rí agus atá ina sheasamh i gclós an phríosúin. Taobh leis-sean rinne Padáiá mac Pharois deisiú (agus bhí na tíolacthaigh ag cur fúthu in Oifil) chomh fada le Geata an Uisce, i dtreo an oirthir, agus ar aghaidh an túir ghobaigh. Taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú ar stráice eile ar aghaidh an túir mhóir ghobaigh agus chomh fada le balla Oifil. Ó Gheata na nEach amach rinne na sagairt deisiú, gach duine acu ar aghaidh a thí féin. Taobh leo-san rinne Zádóc mac Iméir deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Seamaiá mac Sheacainiá, garda an Gheata Thoir, deisiú. Taobh [leis-sean] rinne Hanainiá mac Sheilimiá agus Hánún séú mac Záláf stráice eile a dheisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá deisiú ar aghaidh a áit chónaithe; taobh [leis-sean] rinne Mailcíveá, de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú chomh fada le háras na dtíolacthach agus na gceannaithe, ar aghaidh Gheata na Faire, go seomra uachtair an chúinne. Rinne na gaibhne óir agus na ceannaithe a bhfuil idir seomra uachtair an chúinne agus Geata na gCaorach a dheisiú. Nuair a chuala Sanballat go raibh na ballaí á n-atógáil againn, tháinig fraoch agus cuthach feirge air. Rinne sé fonóid faoi na Giúdaigh 3:33 3:34 agus dúirt i láthair a ghaolta agus maithe na Samáire: «Cén fuadar atá faoi na truáin Ghiúdacha seo? [An bhfuil siad le tosú?] An dóigh leo nach bhfuil ann ach gnó lae acu? An dóigh leo gur féidir dóibh anam a chur arís sna clocha seo, na clocha dóite seo, a sciob siad ó na cnocáin luaithrigh?» 3:35 Bhí Tóibíá an tAmónach taobh leis, agus dúirt sé: «Tógaidís leo! má phreabann sionnach ar a mballa, leagfaidh sé na clocha anuas!» 3:36 Féach, cad é drochmheas atá orainn, a Dhia linn! Tabhair a n-asacháin sa mhullach orthu féin! Cuir táir orthu i dtír éigin ina dtiomáinfear iad ar deoraíocht. 3:37 Ná ceil a gciontacht agus ná scrios a bpeaca as do radharc, óir ghriog siad chun feirge thú os comhair lucht na tógála. 3:38 Bhíomar ag atógáil an bhalla idir an dá linn, agus ba ghearr go raibh sé leath slí suas timpeall ar fad mar go raibh fonn oibre ar na daoine. 4:1 Nuair a fuair Sanballat, Tóibíá, na hArabaigh, na hAmónaigh, agus na hAisdeodaigh tuairisc go raibh deisiú ballaí Iarúsailéim ag dul chun cinn agus go raibh na bearnaí á n-iamh de réir a chéile, tháinig an-fhearg orthu, 2 agus rinneadar comhcheilg teacht le chéile agus Iarúsailéim a ionsaí agus cur as do mo bheartas. 3 Ansin ghuíomar chun ár nDé agus chuireamar buíon ar garda ina n-aghaidh de lá agus d' oíche [d' fhonn an chathair a chosaint]. 4 Ach chrom Iúdá ar ghearán: «Tá neart an lucht iompair ag teip agus is mór a bhfuil de luaithreach ann fós; ní chuirfimid críoch leis an mballa go deo.» 5 Agus deireadh ár naimhde: «Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.» 6 Thug Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ina gcóngar rabhadh dúinn deich n-uaire ina dtaobh, á rá: «Tá siad chugainn as gach ball ina bhfuil cónaí orthu.» 7 [Chuamar] inár láithreacha catha dá bhrí sin thíos ar chúl an bhalla mar a raibh fairsinge; d' eagraigh mé na daoine de réir fine, agus claimhte sleánna agus boghanna acu. 8 Thug mé faoi deara [an eagla a bhí orthu] agus d' éirigh mé i mo sheasamh agus dúirt mé leis na huachtaráin, na maoir, agus leis an bpobal eile go léir: «Ná bíodh eagla oraibh rompu! Cuimhnigí ar an Tiarna, mar is mór é agus is díol urraime é; troidigí ar son bhur ngaolta, bhur gclann mhac agus iníonacha ar son bhur mban agus bhur mbaile.» 9 Nuair a fuair ár naimhde amach go raibh rabhadh faighte againn, agus gur chuir Dia a bplean amú, [d' imíodar leo] agus chuamar go léir ar ais, gach duine i mbun a shaothair ar an mballa. 10 Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá, 11 a bhí ag tógáil an bhalla. Bhíodh [airm ag] an lucht iompair chomh maith, i dtreo go ndéanadh gach duine díobh a ghnó lena leathláimh agus a arm ina leathláimh eile. 12 Agus gach saor i mbun tógála bhíodh a chlaíomh ina chrios aige. Bhíodh fear an stoic le m' ais. 13 Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: «Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí. 14 Cibé áit ina gcloisfidh sibh an stoc á shéideadh, cruinnigí inár dtimpeall, agus troidfidh ár nDia thar ár gceann.» 15 Chuamar ar aghaidh leis an obair mar sin (agus airm i lámha leath na bhfear) ó bhreacadh an lae go glioscarnach na réaltaí. 16 Ansin dúirt mé leis an bpobal: «Caitheadh gach fear agus a sheirbhíseach an oíche in Iarúsailéim agus ar an tslí sin beidh siad ag faire dúinn san oíche agus ag obair sa lá.» 17 Ní dhearna aon duine againn, mé féin ná mo ghaolta ná mo sheirbhísigh ná baill mo gharda phearsanta, ár gcuid éadaigh a bhaint dínn aon uair, ach a airm [i láimh gach duine]. Ansin chrom na gnáthdhaoine agus a gcuid ban ag gearán go géar agus go garg in aghaidh a gcomhGhiúdach. Dúirt cuid acu: «Tá d' iallach orainn ár mic agus ar n-iníonacha [a mhalartú] chun go leor arbhair a fháil le hithe agus le teacht slán.» Dúirt cuid eile acu: «Tá d' iallach orainn ár dtailte, ár bhfíonghoirt agus ár dtithe a chur i ngeall le harbhar a fháil le linn an ghorta.» Dúirt a thuilleadh fós acu: «Chaitheamar iasacht airgid a fháil, agus dul i mbannaí chuige sin lenár dtailte agus lenar bhfíonghoirt chun cáin an rí a íoc; agus cé gur d' aon mhianach ar bhfeoilne agus feoil ar mbráithre, agus go bhfuil ár gclann-na chomh maith lena gclannsan, caithfimidne ár mic agus ár n-iníonacha a reic mar dhaoir; rinneadh cuid dár n-iníonacha a éigniú! Ach níl breith againn ar aon leigheas a chur ar an scéal, mar tá daoine eile anois i seilbh ár dtailte agus ár bhfíonghort agus ár maoine.» Nuair a chuala mé an gearán agus an chaint sin, bhí an-fhearg orm. Rinne mé mo mhachnamh ar an scéal agus ansin chuir mé ceartú ar na huachtaráin agus ar na feidhmeannaigh á rá: «Cad é ualach atá á chur ag gach duine agaibh ar a bhráthair!» Ghairm mé comhthionól mór le chéile le plé leo. Dúirt mé leo: «Ár gcomhGhiúdaigh a díoladh le strainséirí, rinneamar iad a fhuascailt chomh fada agus a b' fhéidir dúinn, ach seo sibhse anois ag reic bhur mbráithre le go ndéanfaí iad a dhíol ar ais linne!» Bhíodar ina dtost agus níor fhan focal le rá acu. Lean mé orm dá bhrí sin: «Is olc an rud é seo atá ar siúl agaibh. Nár chóir daoibh siúl ar chosán eagla Dé agus fonóid na gciníocha, ár naimhde, a sheachaint? Thugas-sa agus mo ghaolta agus mo sheirbhísigh iasacht airgid agus arbhair dóibh chomh maith. Ach maithimis na fiacha sin. Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.» «Déanfaimid cúiteamh,» d' fhreagair siad, «ní éileoimid a thuilleadh orthu; déanfaimid rud ort.» Chuir mé fios ar na sagairt agus thug mé faoi deara dóibh mionn a thabhairt go ndéanfaidís beart de réir a mbriathar. Ansin chroith mé amach urlach m' fhallainge á rá: «Go ndéana Dia amhlaidh sin agus go gcroithe sé amach as a theach agus as a shealúchas, aon duine nach gcoimeádann an gheallúint seo; go gcroitear amach mar sin é agus go bhfagtar follamh é!» Agus d' fhreagair an comhthionól go léir «Amen» agus mhol siad an Tiarna. Choimeád an pobal an gheallúint sin. Agus thairis sin, ón lá a ceapadh mé mar ghobharnóir orthu i dtír Iúdá, ón bhfichiú bliain de réimeas Artaxarxaes go dtí an dara bliain déag ar fhichid, níor chaith mé féin ná mo ghaolta arán an ghobharnóra. Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm. Agus lean mé orm ag obair ar an mballa seo leis i rith an ama, cé nach raibh aon talamh agam; bhí mo shearbhóntaí go léir freisin páirteach san obair. Shuíodh leathchéad fear ag mo bhord, Giúdaigh (agus ceannairí), gan trácht orthu siúd a thagadh chugainn ó na ciníocha máguaird. Dheantaí damh, sé cinn de chaoirigh breátha, agus éanlaith, a réiteach don bhord ar mo chostas féin gach lá; agus thugtaí deich seithe mar raidhse fíona chugam gach lá. Ach mar sin féin níor éiligh mé riamh costas beatha an ghobharnóra mar go raibh go leor ualaigh le hiompar cheana féin ag an bpobal seo. Cuimhnigh, a Dhia, ar mhaithe liom, ar a bhfuil déanta agam ar son an phobail seo. Nuair a chuala Sanballat, Tóibíá agus Geisim an tArabach agus ár naimhde eile go raibh an balla atógtha agam, gan bearna fágtha ann cé nach raibh na comhlaí curtha agam ar na geataí fós chuir Sanballat agus Geisim teachtaireacht chugam: «Tar agus buail linn i gceann de na bailte i nGleann Ónó.» Bhí urchóid éigin beartaithe acu dom. Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: «Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.» Chuir siad fios orm ceithre huaire ar an tslí sin, agus thug mé an freagra céanna orthu. Chuir Sanballat, ar an intinn chéanna, a sheirbhíseach chugam den chúigiú huair le litir oscailte. Seo mar a bhí scríofa inti: «Tá sé ina scéal reatha i measc na gciníocha, de réir mar a deir Geisim, go bhfuil ceannairc á beartú agatsa agus ag na Giúdaigh, agus gur chuige sin atá tú ag tógáil an bhalla, agus go bhfuil tú féin le bheith i do rí; gur thug tú treoracha d' fháithe a fhógairt ar mhaithe leat in Iarúsailéim: 'Tá rí ag Iúdá.' Cloisfidh an rí na ráflaí seo go luath i dtreo go mb' fhearr duit teacht, más ea, agus cúrsaí a phlé linn.» Chuir mé freagra ar ais chuige ar an méid sin: «Maidir lena bhfuil ráite agat, níor tharla aon ní dá leithéid; cumadóireacht as barr do chinn féin é go léir.» Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: «Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.» Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam. Thug mé cuaird ar Sheamaiá mac Dhaláiá mac Mhahaetabael mar go raibh cosc air teacht chugam. Dúirt sé: «Buailimis le chéile i dTeampall Dé, i ndiamhra an tsanctóra; Dúnaimis doirse an tsanctóra, Óir tá siad ag teacht ar tí do mharaithe, Tá siad ag teacht ar tí do mharaithe anocht.» Ach d' fhreagair mé: «An dteithfeadh mo leithéidse? An rachadh fear de mo sheasamhsa isteach sa sanctoir lena anam a shabháil? Ní rachaidh mé!» Thuig mé agus chonaic mé nach amhlaidh a chuir Dia é le hé sin a rá, ach gur fhógair sé an t-oracal sin orm mar go raibh Tóibíá [agus Sanballat] á dhíol, le go ndéanfainn é sin le barr scanradh, agus go ndéanfainn peaca le go bhféadfaidís mo cháil a mhilleadh agus fonóid a dhéanamh fúm. Cuimhnigh, a Dhia, ar Thóibíá agus ar Shanballat de bharr a ndearna siad; agus ar Nóaidiá an banfháidh agus ar na fáithe eile a bhí ag iarraidh scanradh a chur orm. Bhí an balla réidh dá bhrí sin faoi cheann dhá lá déag agus daichead, ar an gcúigiú lá fichead d' Ealúl. Nuair a chuala ár naimhde ina thaobh, agus go bhfaca na ciníocha máguaird é, chuir sé alltacht orthu; bhí drochmheas acu ar ár naimhde agus d' admhaíodar gur le cabhair ár nDé a cuireadh an obair i gcrích. I rith an ama chéanna seo bhí a lán de mhaithe Iúdá ag cur litreacha go tiubh go Tóibíá, agus bhí litreacha óThóibíá ag teacht chucu; mar bhí mórán in Iarúsailéim faoi ghéillsine mionn dó mar ba chliamhain é do Sheacainiá mac Árach, agus bhí a mhac Iahóchánán pósta le hiníon Mhisiulám mac Bheiriceá. Bhídís fiú ag maíomh a dhea-ghníomhartha os mo chomhair féin, agus chuiridís tuairisc ar mo chuid cainte ar ais chuige. Agus lean Tóibíá air ag cur litreacha chugam le scanradh a chur orm. Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh). Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth. Dúirt [mé] leo: «Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.» Ba mhór agus b' fhairsing í an chathair ach ba bheag é a líon daoine, gan aon tithe nua tógtha. Bhuail mo Dhia isteach i mo cheann ansin tionól a chur ar na huachtaráin, ar na feidhmeannaigh, agus ar an bpobal d' fhonn áireamh a dhéanamh ar na daoine de réir finí. D' aimsigh mé clár ginealach na muintire úd a d' fhill den chéad iarracht agus seo mar a fuair mé scríofa ann: Seo iad muintir an chúige a d' fhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, d' fhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin. D' fhill siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Azairiá, Ráimiá, Nachamánaí, Mordacaí, Bilseán, Mispirit, Bigví, Nahúm, Báná. Liosta na bhfear do phobal Iosrael: clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó; clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó; clann mhac Árach, sé chéad caoga a dó; clann mhac Phachat Móáb, sé sin clann mhac Iéisiúa agus Ióáb, dhá mhíle ocht gcéad agus a hocht déag; clann mhac Éalám, míle dhá chéad caoga a ceathair; clann mhac Zatú, ocht gcéad agus daichead a cúig; clann mhac Zacái, seacht gcéad agus a seasca; clann mhac Bhionúi, sé chéad agus daichead a hocht; clann mhac Bhaebái, sé chéad fiche a hocht; clann mhac Azgád, dhá mhíle trí chéad fiche a dó; clann mhac Adoiniceám, sé chéad seasca a seacht; clann mhac Bhigví, dhá mhíle seasca a seacht; clann mhac Áidín, sé chéad caoga a cúig; clann mhac Átaer, Hiziciá is é sin, nócha a hocht; clann mhac Háisium, trí chéad fiche a hocht; clann mhac Bhaezái, trí chéad fiche a ceathair; clann mhac Háirif, céad agus a dó dhéag; fir Ghibeón, cúigear agus nócha; fir Bheithile agus Natofá, céad agus a hochtó cúig; fir Anatót, céad fiche a hocht; fir Bhéit Azmávat, daichead a dó; fir Chiriat Iáraím, Chipíreá agus Bhaerót, seacht gcéad daichead a trí; fir Rámá agus Gheaba, sé chéad fiche a haon; fir Mhicmeás, céad fiche a dó; fir Bhéitéil agus Háí, céad fiche a trí; fir Neabó, caoga a dó; clann Éalám eile, míle dhá chéad caoga a ceathair; clann mhac Háirím, trí chéad agus a fiche; fir Ireachó, trí chéad daichead a cúig; fir Lod, Háidíd agus Ónó, seacht gcéad fiche a haon; clann mhac Shaná, trí mhíle naoi gcéad agus a tríocha. Na sagairt: clann mhac Iadaiá, teaghlach Iéisiúa is é sin, naoi gcéad seachtó a trí; clann mhac Iméir, míle caoga a dó; clann mhac Phaischiúr, míle dhá chéad daichead a seacht; clann mhac Háirim, míle agus a seacht déag. Na Léivítigh: clann mhac Iéisiúa, Chaidmíéil, Bhionúi agus Hoidiá, seachtó a ceathair. Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad daichead a hocht. Lucht faire na ngeataí: clann mhac Shealúm, clann mhac Átaer, clann mhac Thalmon, clann mhac Acúb, clann mhac Haitíteá, clann mhac Sheobái, céad tríocha a hocht. Na tíolacthaigh: clann mhac Zícheá, clann mhac Hasúpá, clann mhac Thabáót, clann mhac Chéaros, clann mhac Shuíahá, clann mhac Phádón, clann mhac Labáná, clann mhac Hagábá, clann mhac Shealmaí, clann mhac Hanán, clann mhac Ghidéil, clann mhac Ghachar, clann mhac Ráiá, clann mhac Reizín, clann mhac Nacódá, clann mhac Ghazám, clann mhac Uzá, clann mhac Phásaech, clann mhac Bhaesai, clann mhac Mheúiním, clann mhac Nifísím, clann mhac Bhacbúc, clann mhac Hacúfá, clann mhac Harchúr, clann mhac Bhazlút, clann mhac Mhicídeá, clann mhac Harsá, clann mhac Bharcós, clann mhac Shíseará, clann mhac Theamach, clann mhac Níziach, clann mhac Haitífeá. Clann mhac dhaoir Sholaimh: clann mhac Shotai, clann mhac Shoifeirit, clann mhac Pharúdá, clann mhac Iálá, clann mhac Dharcón, clann mhac Ghidéil, clann mhac Sheafaitiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Amón. Líon iomlán na dtíolacthach agus clann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad nócha a dó. Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adón, Iméir ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir: clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá sé chéad daichead a dó. Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí fear a phós ceann d' iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm. Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláracha a gcraobh sinseartha, ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh. Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím. Ba é líon an chomhthionóil go léir ná daichead dó míle trí chéad agus a seasca, seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobh ar fad; bhí dhá chéad daichead a cúig cantairí idir fhir agus mhná acu freisin. 68a Bhí [seacht gcéad tríocha a sé chapall acu, agus dhá chéad daichead a cúig miúil,] 68b ceithre chéad tríocha a cúig camaill, sé mhíle seacht gcéad agus a fiche asal. 69 Thug cinn finí áirithe ofrálacha deonacha don tógáil. Thug an gobharnóir míle drachma óir, leathchéad babhla, tríocha éide sagairt, agus cúig céad [míoná airgid] don chiste. 70 Agus thug cinn finí fiche míle drachma óir agus dhá mhíle míoná airgid don chiste tógála. 71 Sé an t-iomlán a thug an chuid eile den phobal ná fiche míle drachma óir, dhá mhíle míoná agus seasca a seacht éide sagairt. 72 Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim, agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh agus na hIosraelaigh eile ina mbailte féin. Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, 1 chruinnigh an pobal mar aon duine amháin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce amach. D' iarr siad ar Eazrá an scríobhaí leabhar dhlí Mhaois a d' aithin an Tiarna d' Iosrael a thabhairt amach. Thug Eazrá an sagart leabhar an dlí amach go dtí an comhthionól d' fhir agus de mhná agus de dhaoine óga a d' fhéadfadh é a thuiscint. An chéad lá den seachtú mí a bhí ann. Agus ansin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce léigh sé giotaí as i láthair na bhfear agus na ndaoine óga a d' fhéadfadh é a thuiscint ó mhaidin go dtí meán lae. D' éist na daoine go léir go haireach le leabhar an dlí. Agus bhí Eazrá an scríobhaí ina sheasamh ar ardán adhmaid a tógadh le haghaidh na hócáide. Taobh leis, ar a dheis, sheas Maititiá, Seama, Anáiá, Úiríá, Hilcíá agus Másaeiá; agus ar a chlé Padáiá, Míseáéil, Mailcíveá, Háisium, Haisbeadáná, Zacairiá agus Misiulám. Agus d' oscail Eazrá an leabhar i radharc an phobail uile mar bhí sé in airde os a gcionn go léir. Agus nuair a d' oscail sé é, d' éirigh an pobal go léir ina seasamh. Ansin thug Eazrá moladh don Tiarna, Dia mór, agus d' ardaigh an pobal go léir a lámha agus d' fhreagair siad: «Amen! Amen!» agus chrom siad síos agus shléacht siad go talamh roimh an Tiarna. Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá Léivítigh ab ea iadsan mhínigh siad an dlí don phobal, agus d' fhan an pobal go léir ina seasamh. Léigh Eazrá giotaí as leabhar an dlí, agus thug aistriú agus míniú orthu don phobal ionas go dtuigfidís a raibh á léamh. Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: «Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.» Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí. Ansin dúirt sé leo: «Imígí libh, ithigí an tsaill agus ólaigí fíon milis agus cuirigí cuid díobh chun an té nach bhfuil aon ní ullamh aige. Óir tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brón oraibh óir is é áthas an Tiarna bhur neart.» Agus chiúnaigh na Léivítigh an pobal go léir á rá: «Bígí ar bhur suaimhneas; is lá coisricthe é seo; ná bíodh brón oraibh.» Agus d' imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh. An dara lá chruinnigh cinn finí an phobail ar fad agus na sagairt agus na Léivítigh timpeall Eazrá an scríobhaí le staidéar a dhéanamh ar bhriathra an dlí. Agus fuair siad scríofa sa dlí a d' aithin an Tiarna trí Mhaois: «Tá clann Iosrael le maireachtáil i scáthláin le linn féile an tseachtú mí.» A luaithe a chuala siad é sin, [d' fhógair] siad ina gcathracha go léir agus in Iarúsailéim: «Téigí faoi na sléibhte agus tugaigí libh géaga de chrainn olóige, píne agus mirtil agus pailme agus de chrainn chraobhacha eile le scáthláin a dhéanamh mar atá scríofa sa leabhar.» Chuaigh an pobal amach agus thug leo iad agus rinne scáthláin dóibh féin, gach duine ar dhíon a thí féin, agus ina gclósanna, agus i gclósanna Theampall Dé, ar chearnóg Gheata an Uisce agus ar chearnóg Gheata Eafráim. Rinne comhthionól iomlán na muintire a d' fhill ó dheoraíocht scáthláin agus chuaigh chun cónaithe iontu; ní dhearna clann Iosrael riamh a leithéid ó laethanta Iósúa mac Nún go dtí an uair sin. Bhí lúcháir mhór ann. Lá i ndiaidh an lae ó thús deireadh, léadh Eazrá sleachta as leabhar dhlí Dé. Cheiliúir siad an fhéile ar feadh seacht lá, agus ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta de réir mar a bhí ordaithe. Ar an gceathrú lá fichead den mhí seo chruinnigh clann Iosrael le chéile le troscadh a dhéanamh in éadach róin agus luaithreach ar a gceann. Rinne an pór Iosraelach iad féin a dheighilt ón muintir dheoranta go léir; sheasaíodar ansiúd ag admháil a bpeacaí agus coireanna a sinsear. Bhí cách ina seasamh i láthair chuí agus bhíodar ag léamh sleachta as leabhar dhlí an Tiarna a nDia ar feadh ceathrún den lá; bhíodar ag admháil a bpeacaí ar feadh ceathrún eile den lá, agus ag adhradh an Tiarna a nDia. Bhí Iéisiúa Bionúi, Caidmíéil, Seabainiá, Búiní, Séiribiá, Báiní agus Canáiní ag glaoch os ard chuig an Tiarna a nDia; agus dúirt na Léivítigh Iéisiúa, Caidmíéil, Báiní, Haisibniá, Séiribiá, Hóidíá, Seabainiá agus Patachiá: «Éirígí agus beannaígí an Tiarna bhur nDia trí shaol na saol. Moladh leat, a Thiarna ár nDia, Trí shaol na saol! Moladh le d' ainm glórmhar A sháraíonn gach moladh agus móradh. Tusa amháin is Tiarna; Rinne tusa na flaithis, flaithis na bhflaitheas, lena gcóiriú go léir, An talamh agus a torthaí go léir, Na farraigí agus a bhfuil ina gcrioslach. Chuir tú anam sna nithe sin go léir; Agus cromann sluaite na bhflaitheas os do chomhair. A Thiarna, is tú an Dia A thogh Abrám, A thug as Úr na gCaildéach amach é, Agus a thug Abrahám mar ainm air. Fuair tú dílis ó chroí os do chomhair é; Rinne tú conradh leis Go dtabharfa dó tír an Chanánaigh, An Hivigh agus an Amóraigh, An Phirizigh, an Iabúsaigh, an Ghiorgáisigh, Dó féin agus dá shliocht. Chomhlíon tú do ghealltanas, Óir is cóir é thú. Chonaic tú cruachás ár sinsir san Éigipt; Chuala tú a nglao le hais Mhuir na nGiolcach; Rinne tú éachtaí agus míorúiltí in aghaidh Fhorainn, In aghaidh a shearbhóntaí go léir agus mhuintir uile a thíre; Óir bhí a fhios agat a theanntásaí a bhí siad leo. Thuill tú cáil duit féin a mhaireann fós inniu. Dheighil tú an mhuir rompu; Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir. Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán, Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe. Mar cholún néil threoraigh tú iad sa lá Agus mar cholún tine san oíche, Leis an mbealach rompu a shoilsiú, An bealach a bhí acu le triall. Tháinig tú anuas ar Chnoc Shíonái, Agus labhair tú leo ó na flaithis. Thug tú dóibh treoracha córa, Dlíthe cinnte, Reachtanna agus aitheanta maithe. Thug tú eolas dóibh ar do shabóid naofa; Shocraigh tú aitheanta (agus reachtanna) agus dlí dóibh, Trí Mhaois do shearbhónta. Thug tú arán ó neamh dóibh lena n-ocras a shásamh. Agus thug tú na caisí uisce ón gcarraig dóibh dá dtart. D' ordaigh tú dóibh gabháil isteach, Agus seilbh a thógail ar an talamh A mhionnaigh tú a thabharfá dóibh. Ach d' éirigh siadsan agus ár sinsir uaibhreach, Agus le barr ceanndáine chuir siad suas do d' aitheanta. Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontais A rinne tú dóibh. D' éirigh siad ceanndána, Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse. Ach is Dia maithiúnais thú, Lán de chineáltas agus de thrócaire, Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá; Níor thréig tú iad. Nuair a rinne siad lao dóibh féin De mhiotal leáite agus go ndúirt siad: ' Sin é bhur nDia a thug sibh aníos as an Éigipt,' Agus gur thugadar diamhasla duit go mór, Le barr trócaire ní dhearna tú iad a thréigean san fhásach; An colún néil a threoraigh iad sa lá Níor fhág sé iad, Ná an colún tine san oíche, Leis an mbealach a bhí rompu a shoilsiú dóibh. Thug tú do dhea-spiorad dóibh lena dteagasc, Agus níor dhiúltaigh tú manna dá mbéala. Thug tú uisce lena dtart a mhúchadh. Chothaigh tú iad ar feadh daichead bliain san fhásach; Ní raibh aon ní de dhíth orthu; Ní dheachaigh caitheamh ar a gcuid éadaigh, Ná at ar a gcosa. Thug tú dóibh ríochtaí agus pobail, Agus bhronn tú gach feorann orthu; Ghabh siad seilbh ar chríocha Shíochon rí Heisbeon, Agus ar chríocha Óg rí Bháiseán. Chuir tú an rath ar a sliocht Mar a bheadh réaltaí nimhe Agus threoraigh tú isteach iad Sa tír a dúirt tú lena sinsir a ghabháil agus a shealbhú. Chuaigh a sliocht isteach agus ghabh an tír, Agus threascair tú rompu Na Canánaigh, áitritheoirí na tíre, Agus thug tú ar láimh dóibh iad, Idir ríthe agus phobal na tíre, Le déanamh leo mar ab áil leosan. Ghabh siad cathracha daingne, Agus tailte méithe; Fuair siad seilbh ar thithe a bhí lán d' ollmhaitheasaí, Ar thaiscumair thochailte, ar fhíonghoirt, agus ar luibhghoirt ológ, Ar chrainn torthaí go flúirseach. Chaitheadar bia, agus bhíodar sáitheach lán; Bhí orthu rian na dea-choda a thug tú dóibh go flaithiúil. Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d' aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d' fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra). Uime sin rinne tú iad a thabhairt i lámha naimhde, Agus rinne siadsan géarleanúint orthu. i laethanta a ngéarleanúna ghlaoigh siad ort Agus thug tú cluas dóibh ó na flaithis. Le barr trócaire thug tú slánaitheoirí dóibh A d' fhuascail iad ó lámha a naimhde. Ach a luaithe a bhí síocháin acu rinne siad peaca arís os do chomhair. Rinne tú iad a thabhairt i lámha a naimhde agus luigh siadsan orthu go danartha. Ach d' iompaigh siad, ghlaoigh chugat arís Agus thug tú cluas dóibh ó neamh. An minic a dhéanfaidh tú iad a fhuascailt le teann trócaire? Thug tú rabhadh dóibh lena dtabhairt ar ais chun do dhlí; Ach bhorr an t-uabhar iontu, agus níor chomhlíon siad d' aitheanta; Pheacaigh siad in aghaidh d' orduithe, Na horduithe a bhronnann an bheatha ar fhear a gcomhlíonta; Chroith siad a nguaillí go stuacach, Agus chruaigh a muineál le stailc, agus níor ghéill siad. Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad. Ach, le barr grá, níor chuir tú deireadh leo, Níor thréig tú ar fad iad, Mar is Dia lách cineálta thú. Anois, dá bhrí sin, a Dhia linn, A Dhia mhór na cumhachta agus na heagla, Atá dílis do do chonradh agus buanseasmhach i do ghrá, Nára beag leat an ainnise go léir A tharla dúinne, dár ríthe, agus dár dtaoisigh, dár sagairt, dár bhfáithe, (dár sinsir), agus dár muintir go léir Ó ré ríthe na hAsaíre go dtí inniu féin. Bhí tú cóir i ngach ní dár tharla dúinn, Óir rinne tusa beart na dílse, Ach sinne beart na coirpeachta. Ár ríthe, ár n-uachtaráin, ár sagairt, ar sinsir, Níor choinnigh siad do dhlí, Ná níor thug siad aird ar aon aithne ná aon rabhadh Dá dtug tú dóibh. Fad bhí siad ina ríocht Agus i lár na flúirse a bhronn tú orthu, Sa tír mhór fhairsing A leath tú rompu, Níor éirígh siad as a ndrochghníomhartha. Seo sinn inár ndaoir inniu Anseo sa tír a thug tú dár sinsir, Le sásamh a bhaint as a thorthaí agus as a nithe fónta; Daoir sinn! Na ríthe a cheap tú os ár gcionn de bharr ar bpeacaí, Is ar mhaithe leo a thugann an tír a thorthaí méithe uaidh. Is acusan freisin atá cumas ar ár gcorp agus ar ár n-eallach. Nach orainn atá an leatrom géar.» Dá bharr sin go léir rinneamar conradh daingean ar phár, agus chuir ár gceannairí go léir, ár Léivítigh, agus ár sagairt, a n-ainm faoi shéala na cáipéise; 10:1 2 ar an gcáipéis shéalaithe bhí na hainmneacha seo: Nihimiá mac Hacailiá, Zidiciá, 3 Saráiá, Azairiá, Irimia, 4 Páischiúr, Amairiá, Mailcíveá, 5 Hatúis, Seabainiá, Malúc, 6 Háirim, Maraemót, Obaidiá, 7 Dainéil, Gineatón, Bárúc, 8 Misiulám, Aibíá, Míováimin, 9 Máiziá, Bilgí, Seamaiá; 10 sin iad na sagairt. Ansin na Léivítigh: Iéisiúa mac Azainiá, Bionúi de chlann mhac Haenádád, Caidmíéil, 11 agus a ngaolta Seabainiá, Hóidíá, Cilíteá, Paláiá, Hánán, 12 Míceá, Rachób, Haisibiá, 13 Zacúr, Séiribiá, Seabainiá, 14 Hóidiá, Báiní, Biníniú. 15 Uachtaráin an phobail: Parois, Pachat Móáb, Éalám, Zatú, Báiní, 16 Buiní, Azgád, Baebái, 17 Adoiníá, Bigví, Áidín, 18 Átaer, Hiziciá, Azúr, 19 Hóidiá, Háisium, Baezái, 20 Háiríf, Anatót, Naebái, 21 Maigpíáis, Misiulám, Héizír, 22 Miséazabael, Zádóc, Iadúa, 23 Palaitiá, Hánán, Anáiá, 24 Hóiséa, Hanainiá, Haisiúb, 25 Halóichéis, Pilcheá, Seobaec, 26 Rachúm, Haiseabná, Másaeiá, 27 Aichíá, Hánán, Ánán, 28 Malúc, Hairím, Báná. 29 Agus an chuid eile den phobal, na sagairt, agus na Léivítigh, na gardaí geata, na cantairí, na tíolacthaigh, agus gach duine a scar le bunadh na dtíortha le cloí le dlí Dé; a mná, a gclann mhac agus iníonacha, agus gach duine a bhí tagtha go blianta na tuisceana 30 aontaíonn siad lena ngaolta, agus lena n-uachtaráin, agus gabhann siad orthu de bhrí mionna agus mallachta siúl i gcosán dhlí Dé a tugadh trí Mhaois searbhónta Dé, agus aitheanta uile an Tiarna, ár dTiarna, agus a ghnásanna agus a reachtanna, a chomhlíonadh. 31 De bheachtnithe: Ní thabharfaimid ar n-iníonacha le posadh do phór an tíre, ná ní thógfaimid a n-iníonacha mar mhná dár mic. 32 Má thugann muintir na tíre earraí nó bia ar bith le díol ar an tsabóid, ní cheannóimid aon ní uathu ar shabóid ná ar fhéile. Ní éileoimid [torthaí ar an talamh] gach seachtú bliain agus maithfimid gach fiacha. 33 Tógaimid orainn na dualgais seo leanas: An tríú cuid de sheicil a thabhairt in aghaidh na bliana ar son riachtanais liotúirge Theampall an Tiarna, 34 d' arán na láithreachta, don abhlann bhuan, don íobairt uileloiscthe bhuan, do na híobairtí ar na sabóidí, ar fhéilte na ré nua, ar na sollúntais cheaptha; 35 do na bianna tíolactha, do na híobairtí peaca le leorghníomh a dhéanamh thar ceann Iosrael, do sheirbhísí uile Theampall ár nDé, is é sin. 41 Maidir le soláthairtí adhmaid le dó ar altóir ár nDé faoi mar atá scríofa sa dlí, chuireamar ar cranna é idir sagairt agus Léivítigh agus pobal, agus shocraíomar go ndéanfadh gach teaghlach ar a uain iad a sheachadadh go Teampall an Tiarna ár nDe tráthanna áirithe gach bliain. 36 Ina theannta sin: céadtorthaí ár n-ithreach, agus céadtorthaí torthaí gach crainn a thabhairt gach bliain go Teampall ár nDé, 37 agus céadghin mic ár gclainne, agus céadghin ár n-eallaigh, faoi mar atá scríofa sa dlí do na sagairt ar dualgas i dTeampall an Tiarna céadghin ár dtáinte agus ár dtréada. 40 mar gur go dtí na seomraí sin a thugann na hIosraelaigh agus na Léivítigh a síntiúis arbhair agus fíona agus ola, agus gur iontu a choimeádtar soláthairtí don sanctóir, do na sagairt ar dualgas, do na gardaí geata agus do na cantairí. 39 Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste, 38 Tabharfaimid freisin togha ár mine, toradh gach crainn, fíon nua agus ola, chun na sagart, go seomraí Theampall ár nDé; agus go dtí na Léivítigh deachúna na talún; baileoidh na Léivítigh féin na deachúna ónár mbailte go léir faoin tuath. 42 Ní dhéanfaimid faillí go deo arís ar Theampall ár nDe. Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte. Chuir an pobal a mbeannacht ar gach duine a bhí toiltineach cur faoi in Iarúsailéim. Seo iad ceannairí an chúige a chuir fúthu in Iarúsailéim agus a chuir fúthu i mbailte Iúdá. Clann Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, na tíolacthaigh, agus clann mhac dhaoir Sholaimh, cuir siad fúthu ar an gcuma sin ina mbailte cuí, gach duine ina shealúchas féin. Chuir cuid de shliocht Iúdá agus de shliocht Bhiniáimin fúthu in Iarúsailéim. De shliocht Iúdá: Atáiá mac Úizíá, mac Zacariá, mac Amairiá, mac Sheafatiá, mac Mhahalael, de shliocht Pheiriz, Másaeiá, mac Bhárúc, mac Chol Hoize, mac Hazáiá, mac Adáiá, mac Ióiáiríb, mac Zacairiá, de shliocht Shéalá. Ba é líon iomlán sliocht Pheiriz a bhí ag cur fúthu in Iarúsailéim ná ceithre chéad seasca a hocht fear inghníomha. Seo iad sliocht Bhiniáimin: Salu mac Mhisiulám, mac Ióéid, mac Phadáiá, mac Chóláiá, mac Mhásaeiá, mac Ítíéil, mac Isiá, agus a ghaolta, fir inghníomha, naoi gcéad ochtar agus fiche díobh. Bhí Ióéil mac Zicrí i gceannas orthu, agus Iúdá mac Hasanúá ina thánaiste i bhfeighil na cathrach. De na sagairt: Iadaiá mac Ióiáiríb, mac Sharáiá, mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichitiúb, reachtaire Theampall Dé, agus a ghaolta a bhí i bhfeighil liotúirge an Teampaill, ocht gcéad agus beirt agus fiche; Adáiá mac Iarochám, mac Phalailiá, mac Aimzí, mac Zacairiá, mac Phaischiúr, mac Mhailcíveá, agus a ghaolta, cinn finí, dhá chéad agus beirt agus daichead; Amasaí mac Azarael, mac Achzaí, mac Mhisiléamót, mac Iméir, agus a ghaolta, fir inghníomha, céad ochtar ar fichid. Bhí Zaibdíéil mac Hagadól i gceannas orthu. De na Léivítigh: Samáiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, mac Bhúiní; Seabataí agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, a bhí i bhfeighil na hoibre lasmuigh ar Theampall Dé. Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n-iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún. Ba é líon iomlán na Léivíteach sa chathair naofa ná dhá chéad agus ceathrar ar ochtó. Gardaí na ngeataí: Acúb agus Talmón, agus a ngaolta, a dhéanadh faire ag na geataí: céad agus beirt agus seachtó. Bhí cónaí ar na tíolacthaigh in Oifil; bhí Zícheá agus Gispeá i gceannas ar na tíolacthaigh; bhí Uizí mac Bháiní, mac Haisibiá, mac Mhatainiá, mac Mhíceá, i gceannas ar na Léivítigh in Iarúsailéim; bhain seisean le clann Ásáf a bhí i bhfeighil cheol an liotúirge i dTeampall Dé. Bhí reacht ríoga ann i dtaobh na gcantairí agus leag sé síos rialacha faoina ndualgas a bheith i láthair ó lá go lá. Bhí Pataichiá mac Mhiséazabael, de chlann Zearach, mac Iúdá, i gceannas ar gach ar bhain leis an bpobal in ainm an rí. Chuir an chuid eile de chlann Iosrael fúthu i mbailte Iúdá, gach duine ina oidhreacht féin, agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte, i Iéisiúa, i Moládá, i mBéit Peilit, i Hazar Seúál, i mBéar Seaba agus ina shráidbhailte, i Zicleag, i Maconá, agus ina shráidbhailte, in Éan Rimeon, i Zorách, i Iarmút, i Zanoa, in Adulám agus ina shráidbhailte, i Láicís agus faoin tuath ina thimpeall, in Azaecá agus ina shráidbhailte; chuir siad fúthu ar an tslí sin ó Bhéar Seaba go Gleann Hionnom. Chuir cuid de shliocht Bhiniáimin fúthu i nGeba, i Micmeas, in Avá, i mBéitéil agus ina shráidbhailte, in Anátót, i Nob, in Anainiá, i Hazór, i Rámá, i nGiotaím, i Háidíd, i Zaboím, i Naballát, 35a i Lod, in Ónó, agus i nGleann na gCeardaithe. 35b Chuir gasraí áirithe Léivíteach fúthu in Iúdá chomh maith le i mBiniáimin. Seo iad na sagairt agus na Léivítigh a d' fhill le Zarubáibil mac Sheailtíéil agus le Iéisiúa: Saráiá, Irimia, Eazrá, Amairiá, Malúc, Hatúis, Seacainiá, Rachum, Maraemot, Ideo, Gineatói, Aibíveá, Míováimin, Máidiá, Bilgeá, Seamáiá; agus Ióiáirib, Iadaiá, 7 Salú, Ámóc, Hilcíá, Iadáiá. 10 Ba iadsan ceannairí na sagart agus a ngaolta i laethanta Iéisiúa. ABN: 7, 8, 9, 10, 11 Agus na Léivítigh: Iéisiúa, Bionnúi, Caidmíéil, Séiribiá, Iúdá, Matainiá é seo lena ghaolta a bhí i gceannas ar na hiomainn bhuíochais, ach go raibh Bacbuiciá, Unó, agus a ngaolta ina n-oird ar leith ann mar mhalairt cóir. 11 Ghin Iéisiúa Ióiácaím, ghin Ióiácaím Eiliáisíb, ghin Eiliáisíb Ióiádá, 12 ghin Ióiádá Iónátán, ghin Iónátán Iadúa. 13 Le linn Ióiácaím ba iad seo cinn finí na sagart: fine Sharáiá, Maráiá; fine Irimia, Hanainiá; 14 fine Eazrá, Misiulám; fine Amairiá, Iahóchánán; 15 fine Mhalúicí, Iónátán; fine Sheabainiá, Iósaef; 16 fine Háirím, Adná; fine Mhaeráiót, Healcaí; 17 fine Ideo, Zacairiá; fine Ghineatón, Misiulám; 18 fine Aibíá, Zicrí; fine Mhiniáimín?; fine Mhoaidiá, Pioltái; 19 fine Bhilgeá, Seamúa; fine Sheamaiá, Iahónátán; 20 fine Ióiáiríb, Matanaí; fine Iadaiá, Uizí; 21 fine Shalaí, Calaí; fine Ámóc, Éibir; 22 fine Hilcíá, Haisibiá; fine Iadaiá, Natanael. 23 (Maidir leis na Léivítigh) le linn Eiliáisíb, Ióiádá, Ióchánán, Iadúa, scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha cinn finí na sagart, síos go réimeas Dháire, an Peirseach. 24 Clann mhac Léiví: scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha na gcinn finí, ach gan dul thar am Ióchánán mac mic Eiliáisíb. 25 Cinn finí na Léivíteach: Haisibiá, Séiribiá, Iéisiúa, [Bionúi,] Caidmíéil; agus a ngaolta mar mhalairt cóir d' iomainn mholta agus buíochais, de réir reachtanna Dháiví, giolla Dé, iad buíon ar bhuíon.i. 26 Matainiá, Bacbuiciá agus Obaidiá. Bhíodh na gardaí geata, Misiulám, Talmón agus Acúb, ag faire ag na stórais le hais na ngeataí. 27 Sin mar a bhí acu le linn Ióiácaím mac Iéisiúa, mac Iózádác, agus Nihimiá an gobharnóir, agus Eazrá, sagart agus scríobhaí. Nuair a bhí balla Iarúsailéim le coisreacan, cuireadh fios ar na Léivítigh, cibé ball a raibh cónaí orthu, teacht go Iarúsailéim d' fhonn go ndéanfaí an coisreacan a cheiliúradh le hiomainn bhuíochais, le ceol ciombail, cláirsí agus cruite. 28 29 Tháinig clann na gcantairí le chéile ón tuath timpeall Iarúsailéim, ó shráidbhailte na Natofátach, 30 ó Bhéit Gilgeál, ó dhúichí Gheaba agus Azmávat, mar bhí sráidbhailte tógtha ag na cantairí dóibh féin ar fud Iarúsailéim ar fad. 31 Rinne na sagairt agus na Léivítigh iad féin a ghlanadh, ansin an pobal, na geataí agus an balla. 32 Thug mé faoi deara ansin do cheannairí Iúdá teacht ar bharr an bhalla, agus d' eagraigh mé dhá chór mhóra le buíochas a bhreith agus dul ar mhórshiúl. Ghabh an chéad cheann deiseal ar feadh bharr an bhalla i dtreo Geata an Aoiligh. 33 Lean Hóiseaiá agus leath ceannairí Iúdá iadsan, 34 agus Azairiá, Eazrá, Misiulám, 35 Iúdá, Miniáimín, Seamaiá agus Irimia; 36 buíon iadsan a roghnaíodh ó na sagairt agus bhí stoic á n-iompar acu; ansin Zacairiá mac Iónátán, mac Sheamaiá, mac Mhatainiá, mac Mhíocáiá, mac Zacúr, mac Ásáf, 37 lena ghaolta Seamaiá, Azarael, Milealaí, Gilealaí, Mái, Natanael, Iúdá, Hanáiní, agus uirlisí ceoil Dháiví, giolla Dé, á n-iompar acu. Shiúil Eazrá rompu amach. 38 Ghabhadar díreach rompu ar aghaidh ag Geata an Tobair taobh leis na céimeanna suas go dúnfort Dháiví, ar feadh barr an bhalla agus suas ard phálás Dháiví go Geata an Uisce ar an taobh thoir. 39 Ghabh an dara cór buíochais tuathal; lean mé féin é, agus leath an phobail, ar feadh barr an bhalla, lastuaidh de Thúr na Sorn, agus chomh fada le [balla na Cearnóige], 40 ansin thar Gheata Eafráim, (thar an SeanGheata,) Geata an Éisc, agus Túr Hananael, chomh fada le Geata na gCaorach. Stad siad ag Geata [na Faire]. 41 Chuaigh an dá chor buíochais ansin chun a n-ionaid i dTeampall Dé. Bhí leath na bhfeidhmeannach in éineacht liomsa, 42 agus na sagairt Eiliácaím, Másaeiá, Miniáimín, Míocáiá, Eilióaenaí, Zacairiá, agus Hanainiá ag iompar stoc; 43 Másaeiá freisin agus Seamaiá, Eileázár, Uizí, Iahóchánán, Mailcíveá, Éalám agus Eizir. Chan na cantairí faoi threoir Iazraichiá a gceannaire. 44 Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil. 45 Ceapadh fir ansin le bheith i gceannas na seomraí do na stóir, do na hofrálacha, na céadtorthaí agus na deachúna, d' fhonn go mbaileoidís isteach iontu na sciaranna úd ó na bailte fearainn a dheonaigh an dlí do na sagairt agus do na Léivítigh. Óir ba ábhar áthais ag Iúdá na sagairt agus na Léivítigh i mbun a ndualgas. 46 Iadsan a cheiliúradh liotúirge a nDé agus a dhéanadh cúraimí an íonghlanta agus na cantairí agus na gardaí geata mar aon leo de réir reachtanna Dháiví agus a mhic Solamh. 47 Óir ón seansaol, ó laethanta Dháiví agus Ásáf, bhíodh cuallachtaí cantairí ann agus cainticí molta agus buíochais á ngabháil do Dhia. 48 I laethanta Zarubáibil agus Nihimiá dá réir sin bhíodh a sciar cuí le haghaidh an lae á thabhairt ag Iosrael go léir do na cantairí agus do na gardaí geata. Chuiridís a gcuid naofa i leataobh do na Léivítigh, agus chuiridís-sean a gcuid i leataobh do chlann Árón. Bhíodar ag léamh as leabhar Mhaois don phobal um an dtaca sin agus fuair siad scríofa ann: «Ní bheidh cead isteach go deo i gcomhthionól Dé ag an Amónach ná ag an Móábach de bhrí nár thángadar in araicis chlann Iosrael le harán agus le huisce. D' fhostaigh siad Balám ina n-aghaidh le mallacht a chur orthu ach rinne ár nDia beannacht den mhallacht.» A luaithe a chuala an pobal an dlí, dheighil siad gach aon duine de phór deoranta ó Iosrael. Ceapadh Eiliáisíb an sagart roimhe sin ina reachtaire ar sheomraí Theampall ár nDé. Bhí gaol aige le Tóibíá, agus chóirigh sé seomra fairsing dósan, seomra ina mbíodh na habhlanna, an túis, na soithí, na deachúna arbhair, ola agus fíona á gcoimeád acu roimhe sin; ba é a bhí i gceist leis na nithe sin ná an chuid a bhí dlite do na Léivítigh, na cantairí, na gardaí geata, agus do na sagairt. Fad a bhí sé seo go léir ar siúl bhí mé féin as baile ó Iarúsailéim, mar sa dara bliain tríochad de réimeas Artaxarxaes rí na Bablóine chuaigh mé d' fhios an rí. Ach tar éis tamaill d' iarr mé cead imeacht air, agus d' fhill mé ar Iarúsailéim. Ansin is ea a chuala mé an choir ghránna a rinne Eiliáisíb do Thóibíá, gur chóirigh sé seomra dó i gcúirt Theampall Dé. Chuir sin an-fhearg orm. Chaith mé urra tí Thóibíá go léir as an seomra, thug ordú an seomra a ghlanadh, agus chuir soithí Theampall Dé agus na habhlanna agus an túis ar ais. Fuair mé amach freisin nach raibh a gcuid á tabhairt go rialta do na Léivítigh, agus go raibh na Léivítigh féin agus na cantairí ar a raibh dualgas an liotúirge imithe leo abhaile go dtí a dtailte. Chuir mé ceartú ar na feidhmeannaigh «Cén fáth a bhfuil Teampall Dé tréigthe?» d' fhiafraigh mé. Agus chruinnigh mé na [Léivítigh] le chéile arís agus chuir mé i bhfeighil a gcúram iad. Ansin thug Iúdá go léir an deachú den arbhar, den fhíon agus den ola, go dtí na stórais. Mar reachtairí ar na stórais cheap mé Seilimiá an sagart, Zádóc an scríobhaí, agus Padáiá, Léivíteach, agus, mar chúntoirí, Hánán mac Zacúr, mac Mhatainiá, mar gur síleadh go raibh siad iontaofa; ba é a ngnó a gcuid a thabhairt dá ngaolta. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá mbarr seo; ná scrios chun siúil an beart dúthrachta a rinne mé do Theampall mo Dhé agus dá liotúirge. Sna laethanta úd chonaic mé daoine in Iúdá ag pasáil na gcantaoirí fíona ar an tsabóid agus a thuilleadh ag breith na bpunann arbhair leo agus á gcur ar asail, agus mar an gcéanna le fíon, fíniúnacha, figí agus gach sort ualaigh lena dtabhairt isteach in Iarúsailéim ar an tsabóid. [Thug mé foláireamh dóibh gan an bia] a dhíol. Tuírigh freisin a raibh cónaí orthu sa chathair, bhídís ag breith éisc agus gach sórt soláthair isteach le díol ar an tsabóid le muintir Iúdá in Iarúsailéim. Thug mé casaoid do mhaithe Iúdá á rá: «Cad é mar mhí-iompar é seo agaibh ag truailliú lá na sabóide! Nach mar sin díreach a rinne bhur sinsir, i dtreo gur thug Dia an ainnise seo go léir orainn féin agus ar an gcathair seo! An mian libh cuthach eile feirge a thabhairt ar an gcathair le truailliú na sabóide?» Díreach roimh an tsabóid nuair a bhí scáilí an dorchadais ag titim ar gheataí Iarúsailéim, thug mé ordú na comhlaí a dhúnadh, agus dúirt mé: «Na hosclaígí arís iad nó go mbeidh an tsabóid thart.» Chuir mé cuid de mo sheirbhísigh ag faire ag na geataí i dtreo nach n-iomprófaí aon ualach isteach ar an tsabóid. Uair nó dhó chaith ceannaithe, agus mangairí gach sórt earra, an oíche lasmuigh de Iarúsailéim. Ach bhagair mé orthu: «Cén fáth a bhfuil sibh ag caitheamh na hoíche le taobh an bhalla? Má dhéanann sibh amhlaidh arís, díolfaidh sibh as uaimse!» As sin amach níor tháinig siad ar an tsabóid a thuilleadh. D' ordaigh mé do na Léivítigh iad féin a ghlanadh agus teacht agus na geataí a fhaire i dtreo go gcoimeádfaí an tsabóid naofa. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá bharr seo freisin agus, de réir méid do bhuanghrá, bí trócaireach liom. Chonaic mé freisin an t-am úd Giúdaigh a phós mná ó Aisdeod, ó Amón agus ó Mhóáb. Maidir le leanaí, labhair leath acu teanga Aisdeod nó teanga cheann de na ciníocha eile, ach gan teanga Iúdá ar a gcumas. Rinne mé ceartú orthu agus chuir mallachtaí orthu; bhuail mé a lán acu agus staith mé a ngruaig agus thug faoi deara dóibh mionn a thabhairt dar Dia á rá: «Ná tugaigí bhur n-iníonacha le pósadh dá mic, agus ná tógaigí a n-iníonacha le bheith mar mhná ag bhur mic ná agaibh féin. Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta. An gcaithfimidne cur suas lena chloisteáil go bhfuil sibhse freisin ag déanamh na coire móire sin, agus ag fealladh ar bhur nDia trí mhná deoranta a phósadh?» Ba chliamhain do Shanballat an Horónach, mac le Iahóiádá, mac Eiliáisíb, agus dhíbir mé as mo radharc é. Cuimhnigh orthu siúd, a Dhia liom, mar gur thruailligh siad an tsagartacht agus conradh na sagart agus na Léivíteach. Ghlan mé díobh gach blas deoranta dá bhrí sin; leag mé síos treoracha do na sagairt agus do na Léivítigh, agus bheachtaigh mé dualgas gach duine, agus rinne mé socruithe faoi sholáthar an adhmaid ar uaire áirithe agus faoi na céadtorthaí. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, ar mhaithe liom. 1a Sa dara bliain de réimeas Aisiuéaróis Mhóir, ar an gcéad lá de Níosán, rinneadh taibhreamh do Mhordacaí mac Iáír, mac Shímeí, mac Chís, de threibh Bhiniáimin. 1b Giúdach ab ea eisean, agus bhí cónaí air i gcathair Shúsa; fear tábhachtach ab ea é agus bhí ardghradam aige i gcúirt an rí. 1c Duine ab ea é de na cimí a thug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis ó Iarúsailéim mar aon le Iachóiniá rí Iúdáia. 1d Seo é a thaibhreamh: Féach! Bhí glórtha agus clampar, toirneach agus creathanna talún agus callóid ar fud na cruinne. 1e Agus féach! Tháinig dhá dhragún mhóra amach agus iad réidh chun catha a chur ar a chéile agus ba mhór í a mbúir. 1f Nuair a chualathas a nglór réitigh gach cine iad féin chun cogadh agus cath a chur ar chine na bhfíréan. 1g Agus b' shin é lá an dorchadais agus an dainséir, lá na hanacra agus na hanbhainne, nuair a bhí eagla agus suaitheadh ina luí ar an talamh. 1h Tháinig buaireamh mór ar chine na bhfíréan go léir, le heagla roimh na hoilc a bhí ag bagairt orthu, agus bhí coinne acu leis an mbás; ansin ghlaoigh siad chun Dé. 1i Agus as a nglao rinneadh mar a bheadh abhainn mhór, tulca uisce, as tobar beag. 1j D' éirigh an ghrian gona lánsoilse, agus ardaíodh lucht na huirísle agus shlog siad lucht na caithréime. 1k Ar fheiceáil an taibhrimh sin do Mhordacaí, d' éirigh sé agus rinne a mhachnamh ar an scéal agus bhí sé ar a dhícheall ar feadh an lae go hoíche ag iarraidh a fháil amach cad ba chiall leis. 1l Bhí cónaí ar Mhordacaí sa chúirt in éineacht le Bigteán agus Teiris beirt de choillteáin an rí a bhí ag faire na cúirte. 1m Chuala sé ag caint iad, agus rinne sé fiosrú ar a bpleananna agus fuair amach go raibh sé á bheartú acu lámh dhearg a imirt ar an rí Aisiuéaróis; d' inis sé don rí fúthu. 1n Rinne an rí an bheirt choillteán a cheistiú go géar; d' admhaíodar a gcion agus cuireadh chun báis iad. 1o Bhreac an rí féin tuairisc ar na nithe sin ar phár ina annála agus scríobh Mordacaí síos a chuimhne ina dtaobh chomh maith. 1p Ansin cheap an rí Mordacaí in ardghradam sa chúirt agus bhronn tíolacthaí air de bharr a ndearna sé. 1q Ach Hámán mac Hamadátá an Búgaech, bhí meas mór ag an rí air agus bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh díobháil a dhéanamh do Mhordacaí de bharr beirt choillteán an rí. Aisiuéaróis agus Vaistí sna laethanta sin agus an rí Aisiuéaróis ina shuí ina ríchathaoir i Súsa, sa tríú bliain dá réimeas, rinne sé fleá agus féasta dá fhlatha agus dá fheidhmeannaigh, do cheannasaithe airm na bPeirseach agus na Méideach, agus do ghobharnóirí na gcúigí. Nocht sé do chách ar an gcuma sin saibhreas a ríochta glórmhaire, agus taibhse agus poimp a mhórgachta lá i ndiaidh lae ar feadh céad agus ceithre fichid lá. Nuair a bhí an tréimhse sin thart, rinne an rí fleá dá raibh ag cur fúthu i ndúnfort Shúsa, idir uasal agus íseal, ar feadh seacht lá i gcúirt phálás an rí. Bhí cuirtíní bána agus gorma ar crochadh ann le cordaí míne lín agus snáithe corcra ó fháinní airgid agus ó cholúin mharmair; bhí toilg óir agus airgid cóirithe ar urlár de pharfaraí, de mharmar, de néamhann, agus de chlocha lómhara. Dáileadh deoch orthu as soithí éagsúla óir agus flúirse den fhíon ríoga de réir féile an rí. Ar ordú an rí ámh, ní raibh an t-ól éigeantach, óir d' ordaigh sé do reachtairí a theaghlaigh a rogha cóir a chur ar gach aoi. Rinne an bhanríon Vaistí fleá mar an gcéanna do na mná i bpálás an rí Aisiuéaróis. Ar an seachtú lá nuair a bhí an rí súgach ag an bhfíon, thug sé ordú don seachtar coillteán a bhí ag freastal ar phearsa an rí Aisiuéaróis.i. Mahúmám, Bizteá, Harbóná, Bigteá, Abagtá, Zéatar agus Carcas an bhanríon Vaistí faoina coróin ríoga a thabhairt i láthair an rí chun a scéimh a thaispeáint don phobal agus do na gobharnóirí, mar ba sciamhach an bhean í. Ach dhiúltaigh an bhanríon Vaistí teacht i láthair faoi mar a d' ordaigh an rí ó bhéal a choillteán. Tháinig fearg agus cuthach buile ar an rí, agus chuaigh sé i gcomhairle leis na saoithe [dlí] mar ba é an nós é cúraimí an rí a chur i gcomhairle saoithe dlí agus breithiúnais. Ghairm sé chuige Cairseaná, Séatár, Admátá, Tairsís, Meiris, Marsaná, agus Mamúcán, seachtar gobharnóirí na Peirse agus na Méide, a raibh bheith istigh i láthair an rí acu agus a raibh tús áite acu ar chomhairle an rí. D' fhiafraigh sé: «Cad tá le déanamh leis an mbanríon Vaistí, de réir an dlí, mar nár chomhlíon sí ordú an rí Aisiuéaróis ó bhéal na gcoillteán.» D' fhreagair Mamúcán i láthair an rí agus na ngobharnoirí: «Ní ar an rí amháin a rinne Vaistí an bhanríon éagóir, ach ar a bhfuil de ghobharnóirí agus de chiníocha i gcúigí uile an rí Aisiuéaróis. Óir cluinfidh na mná go léir faoina ndearna an bhanríon agus spreagfaidh sin iad le drochmheas a bheith acu ar a bhfir chéile mar déarfaidh siad: 'Thug an rí Aisiuéaróis ordú don bhanríon Vaistí teacht ina láthair, ach níor tháinig.' Cluinfidh mná gobharnóirí uile na Peirse agus na Méide faoi fhreagra na banríona inniu féin, agus beidh an sórt céanna cainte acu le gobharnóirí an rí, agus beidh drochmheas agus fearg inár dtimpeall ina dtuile. Ar an ábhar sin, más toil leis an rí é, eisíodh an rí forógra, agus scríobhtar é i ndlíthe do-athraithe na bPeirseach agus na Méideach, gan Vaistí a theacht i láthair an rí go brách arís; agus tugadh an rí a gradam ríoga do bhean níos fearr ná í. Déantar an forógra seo a thabharfaidh an rí á fhógairt ó cheann ceann a ríochta fairsinge, agus tabharfaidh na mná go léir urraim dá bhfir chéile, idir uasal agus íseal.» Thaitin an chomhairle sin leis an rí agus leis na gobharnóirí agus rinne an rí rud ar Mhamúcán. Chuir sé litreacha go dtí cúigí uile a ríochta i scríbhinn gach cúige agus i dteanga gach cine á ordú gach fear a bheith i gceannas ar a theaghlach féin (agus a labhairt i dteanga a chine féin). Tamall ina dhiaidh sin, nuair a mhaolaigh ar fhearg an rí, chuimhnigh Aisiuéaróis ar Vaistí agus ar an rud a rinne sí, agus an forógra a tugadh ina haghaidh. Ansin dúirt a lucht freastail leis an rí: «Déantar cailíní áille óga a chuardach don rí, agus ceapadh an rí oifigigh i ngach cúige dá ríocht leis na maighdeana áille óga go léir a bhailiú le chéile go háras na mban i ndúnfort Shúsa, faoi smacht Héagai, coillteán an rí, agus coimeádaí na mban, agus tugtar dóibh cóir a maisithe; agus bíodh an mhaighdean is áil leis an rí ina banríon in áit Vaistí.» Thaitin an chomhairle sin leis an rí agus rinne sé dá réir. Bhí an uair úd, i ndúnfort Shúsa, Giúdach darbh ainm Mordacaí mac Iáír, mac Shimeí, mac Chís, de threibh Bhiniáimin; tugadh eisean chun siúil ó Iarúsailéim i measc na gcimí a thug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis mar aon le Iachóiniá rí Iúdáia. Thog sé Hadasá, Eistir is í sin, iníon deartháir athar leis, nuair a chaill sí a hathair agus a máthair; ba ainnir álainn sciamhach í agus ghabh Mordacaí chuige mar iníon í tar éis bháis dá hathair agus dá máthair. Nuair a foilsíodh forógra an rí, cruinníodh mórán maighdean go dúnfort Shúsa agus cuireadh faoi chúram Héagai iad; tugadh Eistir freisin go pálás an rí agus cuireadh í faoi chúram Héagai, coimeádaí na mban; thaitin an ainnir leis agus bhí dáimh aige léi. Ba ghairid an mhoill air cóir a maisithe agus a beatha a thabhairt di, agus seachtar ionailt tofa as teaghlach an rí; agus thug sé tosaíocht in áras na mban dise agus dá bantracht. Níor nocht Eistir ámh cér díobh í ná cárbh as di ó dhúchas, óir d' ordaigh Mordacaí di gan sin a insint. Théadh Mordacaí ag siúl gach lá os comhair cúirt na mban chun go bhfaigheadh sé amach conas a bhí ag Eistir nó cad a bhainfeadh di. Dé réir rialacha na mban, níorbh fholáir do gach ainnir bliain a chaitheamh á maisiú féin, mar atá, sé mhí le hola miorra agus sé mhí le cumhráin agus uinnimintí ban, sula dtiocfadh a huain chun dul isteach go dtí an rí Aisiuéaróis, mar a bhí beartaithe. Nuair a théadh sí isteach chun an rí mar sin, thugtaí do gach ainnir cibé ní a d' iarrfadh sí le tabhairt léi as áras na mban go háras an rí. Théadh sí isteach tráthnóna agus thagadh amach arís maidin lá arna mhárach go háras eile ban a bhí i gcúram Seaisgeaz, an coillteán a bhí ag an rí i bhfeighil na mban leapa. Ní thagadh sí chun an rí arís ina dhiaidh sin mura mbainfeadh seisean taitneamh ar leith aisti agus fios a chur uirthi as a hainm. Dála Eistir, iníon Aibíochaíl, deartháir athar do Mhordacaí, an cailín úd a ghabh sé chuige mar iníon dó féin, tháinig a seal le dul isteach go dtí an rí; níor iarr sí aon ní, thar mar a bhí socair ag Héagai, coillteán an rí agus coimeádaí na mban. Ní raibh aon duine dá bhfaca í nár thug gean di. Tugadh Eistir isteach ina phálás go dtí an rí Aisiuéaróis sa deichiú mí, ar a dtugtar Taebaet, sa seachtú bliain dá réimeas. Thug an rí grá d' Eistir thar na mná go léir, agus ba mhó a chion agus a ghean uirthi ná ar na maighdeana eile go léir, ionas gur chuir sé an choróin ríoga ar a ceann, agus go ndearna banríon di in ionad Vaistí. Rinne an rí ansin fleá mhór,.i. fleá Eistir, dá ghobharnóirí agus dá fheidhmeannaigh go léir; agus thug sé saoire do na cúigí agus bhronn tíolacthaí go fial orthu mar ba dhual do rí. [Nuair a aistríodh Eistir dála na gcailíní eile go dtí an dara háras,] níor nocht sí fós cér díobh í ná cárbh as di ó dhúchas, de réir mar a d' ordaigh Mordacaí, óir chomhlíon sí a orduithe faoi mar a dhéanadh nuair a bhí sí faoina chúram. Um an dtaca sin, le linn do Mhordacaí a bheith ina shuí ag geata an rí, tháinig olc ar bheirt de choillteáin an rí, Bigteán agus Teiris, ó lucht faire an dorais agus rinne siad ceilg chun an rí Aisiuéaróis a bhású. Fuair Mordacaí gaoth an fhocail agus thug an scéal d' Eistir an bhanríon, agus d' inis sise don rí é in ainm Mhordacaí. Rinneadh an chúis a fhiosrú ina dhiaidh sin, agus deimhníodh gur mar sin a bhí. Crochadh an bheirt ar chroch agus breacadh síos na cúrsaí sin ar phár i Leabhar na gCroinicí i láthair an rí. Tamall ina dhiaidh sin thug an rí Aisiuéaróis ardú céime do Hámán mac Hamadátá, Agágach, thug gradam breise dó, agus thug tosaíocht dó ar a chomhghleacaithe go léir, agus thug ordú nár mhór do gach duine a bhí ag geata an rí glúin a fheacadh agus urraim a thaispeaint do Hámán. Ach níor fheac Mordacaí glúin na níor thug urraim dó. D' fhiafraíodh feidhmeannaigh an rí a bhí ag an ngeata de Mhordacaí: «Cad chuige duit ordú an rí a shárú?» Agus ó tharla go mbídís á rá sin leis gach lá, agus gan aird ar bith aige orthu, d' insíodar an scéal do Hámán, óir ba mhian leo a fheiceáil an seasfadh Mordacaí an fód, óir d' inis sé dóibh gur Giúdach é féin. Nuair a thug Hámán faoi deara nach bhfeacadh Mordacaí glúin dó agus nach dtugadh sé urraim dó, tháinig fraoch feirge air. Ba scorn leis más ea lámh a leagan ar Mhordacaí amháin, mar cuireadh in iúl do cén cine gur díobh é. Bheartaigh sé na Giúdaigh go léir a bhí scaipthe ar fud ríocht Aisiuéaróis a scriosadh mar gurbh iad muintir Mhordacaí iad. Sa chéad mhí, Níosán is é sin, sa dara bliain déag de réimeas Aisiuéaróis, caitheadh púr (.i. an crann) i láthair Hámán don lá agus don mhí, agus thit an crann ar an dara mí déag, Adár is é sin. Ansin dúirt Hámán le hAisiuéaróis an rí: «Tá cine áirithe scaipthe go fada fairsing i measc na gciníocha eile i gcúigí uile do ríochta; ní ionann a ndlíthe agus dlíthe aon chine eile, ní choimeádann siad dlíthe an rí, agus ní oireann sé don rí cur suas leo. Más áil leis an rí é, tugadh sé ordú iad a dhíothú, agus díolfaidh mise deich míle tallann airgid le riarthóirí an rí le cur sa chiste ríoga.» Ansin bhain an rí an fáinne séala dá mhéar agus thug do Hámán mac Hamadátá an tAgágach, namhaid na nGiúdach é. Dúirt an rí le Hámán: «Bíodh an t-airgead agat, agus na daoine chomh maith agus déan do rogha rud leo.» Ansin, ar an tríú lá déag den chéad mhí, glaodh ar scríobhaithe an rí agus scríobhadh síos na horduithe a thug Hámán do ghobharnóirí an rí, do cheannasaithe gach cúige, agus do thaoisigh gach cine; do gach cúige ina scríbhinn féin agus do gach cine ina dteanga féin; síníodh an forógra in ainm an rí Aisiuéaróis, agus buaileadh séala air le fáinne an rí. Cuireadh litreacha le teachtairí go cúigí uile an rí, agus d' ordaigh siad scrios agus ár agus díothú ar na Giúdaigh go léir, idir óg agus aosta, idir mhná agus mhiondaoine, in aon lá amháin, an tríú lá déag den dara mí déag, Adár is é sin, agus a maoin a ghabháil mar chreach. 13a Mar leanas a ghabh an litir: «Beatha agus sláinte ón rí mór Aisiuéaróis do ghobharnóirí an céad fiche a seacht gcúige a shíneann ón Ind go dtí an Aetóip agus do na ceannasaithe dúiche atá fúthu. 13b De bhrí go bhfuair mé ceannas ar mhórán ciníocha agus gur thug mé an domhan go léir faoi mo smacht, bheartaigh mé gan mí-úsáid a bhaint as mo mhórchumhacht, ach a bheith i gcónaí tuisceanach lách, saol socair síochánta a chinntiú do mo ghéillsinigh, agus an tsíocháin a bhfuil cách ag tnúth léi a bhuanú i dtreo go mbeadh an tsibhialtacht faoi réim agus cead a gcos ag cách ó cheann ceann na ríochta. 13c Ar an ábhar sin d' fhiafraigh mé de mo chomhairleoirí conas ab fhearr a d' fhéadfaí an cuspóir sin a chur i gcrích; bhí, ar na comhairleoirí, duine áirithe darbh ainm Hámán, fear saorbhreathach, a rug barr eagna agus dílse leis ón gcuid eile ar fad, agus atá i dtánaiste gradam don rí féin. 13d D' inis seisean dúinn go raibh cine namhdúil áirithe scaipthe i measc treibheanna uile an domhain agus go raibh dlíthe acu a bhí bunoscionn le gach cine eile, agus go raibh siad de shíor ag cur suas do reachtanna na ríthe, agus ag cur bac ar an sórt rialtais atá á bhunú againn ar mhaithe leis an maith choiteann. 13e De bhrí gur tuigeadh dúinn go raibh an mhuintir leithleasach seo, leo féin, de shíor ag cur i gcoinne an chine dhaonna go léir, agus ag baint feidhm as dlíthe urchóideacha ag cur suas dár reachtanna, agus ag cur coireanna uafásacha i gcrích i dtreo go bhfuil ár ríocht i mbaol titim, 13f ordaímid: An mhuintir a ainmníodh daoibh i litreacha Hámán an té sin a ceapadh i bhfeighil ár ngnóthaí agus is dara athair dúinn déantar iadsan go léir, mar aon lena mná agus lena miondaoine, a dhíothú agus a scriosadh de chlár na cruinne le faobhar claímh a naimhde, gan trua gan taise ar an gceathrú lá déag den dara mí déag, Adár is é sin, den bhliain seo féin; 13g caithfear, ar an gcuma sin, an dream seo a bhí namhdúil, agus atá amhlaidh fós, síos go hifreann le láimh láidir, in aon lá amháin, agus beidh ár rialtas slán faoi shíocháin bhuan as sin amach.» Foilsíodh téacs an doiciméid sin do na ciníocha go léir, le fogairt mar dhlí i ngach cúige, le go mbeidís go léir ullamh don lá úd. D' imigh na teachtairí faoi dheithneas a chomhlíonadh ordú an rí; foilsíodh an forógra ar dtús i ndúnfort Shúsa. Luigh an rí agus Hámán le carbhas agus le hól, ach bhí cathair Shúsa go buartha. Nuair a fuair Mordacaí fios na nithe sin, stróic sé a chuid éadaigh, agus chuir sacéadach agus luaithreach air féin. Ansin d' imigh sé amach trí lár na cathrach ag gol go géar in ard a ghutha, nó go dtáinig sé go geata an rí; níor chead d' aon duine dul geata an rí isteach agus sacéadach air. A luaithe a foilsíodh forógra an rí in aon chúige, bhí olagón i measc na nGiúdach, agus troscadh, lógóireacht agus caoineadh, agus luigh mórán daoine i sacéadach agus i luaithreach. Nuair a tháinig a bantracht agus a coillteáin leis an scéala go dtí an bhanríon Eistir, tháinig an-bhuaireamh uirthi; chuir sí éadaí go Mordacaí le cur air in áit an tsacéadaigh, ach dhiúltaigh sé dóibh. Ansin chuir Eistir fios ar Hatác, coillteán a cheap an rí le freastal uirthi, agus d' ordaigh sí dó dul go Mordacaí agus fios fátha an scéil a fháil uaidh. Chuaigh Hatác ag triall ar Mhordacaí dá bhrí sin agus fuair sé ar fhaiche na cathrach é os comhair gheata an rí. D' inis Mordacaí dó gach ar tharla, agus mar a thug Hámán gealltanas suim mhór airgid a íoc le ciste an rí ar son na Giúdaigh a dhíothú. Thug sé dó mar an gcéanna cóip den fhorógra, a foilsíodh i Súsa ag fógairt a scriosta, lena taispeáint d' Eistir á cur san eolas: agus chuir sé teachtaireacht chuici dul go dtí an rí chun achainí a dhéanamh chuige agus cúis a cine a phlé. 8a «Cuimhnigh,» ar sé léi, «ar d' uirísle tráth, nuair d' ith tú as mo láimh féin. Ós rud é gur iarr Hámán, an té is tánaiste don rí, go gcuirfí chun báis sinn, 8b glaoigh ar an Tiarna agus labhair leis an rí ar ár son agus fuascail ón mbás sinn.» D' fhill Hatác, agus d' inis d' Eistir céard a dúirt Mordacaí. Ansin labhair Eistir le Hatác arís agus thug sí an teachtaireacht seo leanas dó le haghaidh Mhordacaí: «Is eol do sheirbhísigh uile an rí, agus do mhuintir na gcúigí, má théann aon duine, fear nó bean, isteach go dtí an rí ina chúirt inmheánach, gan fios a bheith curtha air, nach bhfuil ann dó ach an t-aon phionós amháin an bás, mura ndéanann an rí an tslat óir a shíneadh ina threo agus anacal anama a dhéanamh air. Agus níor cuireadh fios orm teacht i láthair an rí le deich lá fichead anois.» Insíodh do Mhordacaí a ndúirt Eistir, agus d' ordaigh Mordacaí an freagra seo a thabhairt ar ais chuici: «Ná bíodh aon phioc dá mhearbhall ort go rachaidh tú slán ach chomh beag le haon Ghiúdach eile cé go bhfuil tú i bpálás an rí. Má fhanann tú i do thost gan focal asat, ar uair seo na faille, gheobhaidh na Giúdaigh saoirse agus fuascailt ó aird éigin eile, agus déanfar tusa agus teaghlach d' athar a scriosadh. Agus cá bhfios nach d' aonghnó, dá leithéid seo d' fhaill, a tháinig tú i gcoróin?» Dúirt Eistir leo ansin an freagra seo a thabhairt chuig Mordacaí: «Imighse anois agus cruinnigh na Giúdaigh go léir atá i Súsa, agus déanaigí troscadh ar mo shon, gan bia ná deoch a chaitheamh de lá ná d' oíche ar feadh trí lá. Agus déanfaidh mise troscadh mar an gcéanna le mo bhantracht, agus rachaidh mé isteach go dtí an rí ansin, bíodh go bhfuil sé in aghaidh an dlí, agus más é an bás atá i ndán dom, bás a gheobhaidh mé.» 17a Ansin thug Mordacaí chun cuimhne oibreacha iontacha an Tiarna, agus chuir sé a achainí chuige á rá: 17b A Thiarna, a Thiarna, a Rí a rialaíonn an uile ní, tá an uile ní faoi do smacht, agus níl aon duine leis an bhfód a sheasamh i d' aghaidh, más toil leat Iosrael a fhuascailt. 17c Rinne tú neamh agus talamh, agus gach iontas faoin spéir. Is tú Tiarna an uile ní, agus níl aon duine le seasamh i d' aghaidh ós tú an Tiarna. 17d Is eol duit an uile ní, agus is maith is eol duit, a Thiarna, nach le barr díomais ná uabhair, ná éirí in airde, a rinne mé mar a rinne agus gur dhiúltaigh mé cromadh síos do Hámán an díomais. Óir phógfainn fiú boinn a chos le fonn, ar mhaithe le fuascailt Iosrael; 17e Ach rinne mé é seo, d' fhonn nach gcuirfinn glóir dhuine os cionn glóir Dé; Agus ní chromfaidh mé d' aon duine ach duitse, mo Thiarna, agus ní le barr díomais é. 17f Agus anois, a Thiarna Dia, A Rí, a Dhia Abrahám, caomhnaigh do phobal! óir táthar ar ár dtí lenár scriosadh, agus leis an oidhreacht a bhain leat ó thús a mhilleadh. 17g Ná déan faillí i do chuid féin, an chuid a d' fhuascail tú duit féin as tír na hÉigipte. 17h Éist le m' achainí, agus déan trócaire ar d' oidhreacht, agus déan lúcháir dár ndobrón, le go mairfimid agus go molfaimid d' ainm, a Thiarna; agus ná scrios béal na muintire a ghabhann do mholtaí. Urnaí Eistir D' imigh Mordacaí leis ansin agus rinne de réir treoracha uile Eistir. Ar an tríú lá, nuair a scoir sí dá hurnaí, bhain sí di a feisteas troscaidh, agus chóirigh í féin in éidí a glóire. 1a Ansin, faoi mhaise niamhrach, ghlaoigh sí ar Dhia a thugann aire don uile dhuine agus a shlánaíonn cách, agus thug sí beirt ionailt léi ansin; luigh sí mar thaca go leochaileach ar dhuine díobh, agus lean an duine eile í ag iompar a triopaill. Bhí sí, mar a bheadh ag luí ar ghéag na hionailte go neamhchúiseach, ach dáiríre ba amhlaidh nach raibh sé de neart ina corp í a iompar; bhí an ionailt eile ina diaidh ag coimeád eireabaill fhairsing a gúna ón talamh a scuabadh. 1b Bhí luisne an róis ina leaca le barr snó; bhí grá agus lúcháir ina gnúis; ach bhí an croí á shnoí inti le heagla. 1c Chuir sí doras i ndiaidh dorais di go dtí gur tháinig sí i láthair an rí. Bhí seisean ina shuí ina ríchathaoir agus é gléasta i lánéide a mhórgachta, ag glioscarnach le loinnir an óir agus na liag lómhar; ba scanrúil an radharc é! 1d D' ardaigh sé a cheann agus loinnir na mórgachta ina ghnúis, agus d' fhéach uirthi le fraoch feirge. Thit an lug ar an lag ag an mbanríon; d' iompaigh a lí, agus lig sí a ceann ar a hionailt a bhí mar thaca aici. 1e Ach ansin bhog Dia croí an rí, agus thug spiorad níos cneasta dó. Phreab sé as a chathaoir agus eagla an domhain air agus rug ina dhá láimh uirthi nó gur tháinig sí chuici féin, agus bhí sé á muirniú lena chaint chneasta: 1f «Céard atá ort, a Eistir,» ar sé, «is mise do dheartháir; bíodh misneach agat; ní baol duit, ní bhfaighidh tú bás; don choitiantacht amháin an dlí seo linn. Tar anseo chugam.» Agus d' ardaigh sé an tslat órga agus leag ar a muineál í, agus rug barróg uirthi agus dúirt: «Labhair liom.» 2a «A thiarna,» ar sí, «chonaic mé thú mar a bheadh aingeal Dé ann, agus tháinig scanradh croí orm le heagla roimh do ghlóir. Óir is ábhar iontais thú, a thiarna, agus tá do ghnúis lán de chneastacht.» 2b Agus le linn di a bheith ag caint mar sin, thit sí i laige; bhí suaitheadh ar an rí agus bhí a lucht freastail go léir ar a ndícheall ag iarraidh í a thabhairt chuici féin. «Cad tá uait, a Eistir,» arsan rí, «agus cén achainí atá agat [orm]? Fiú más é leath mo ríochta féin é, gheobhaidh tú uaim é.» D' fhreagair Eistir: «Lá de mo shaol an lá seo; más toil leis an rí é, dá bhrí sin, tagadh sé féin agus Hámán go dtí an fhleá a ullmhóidh mé inniu.» Dúirt an rí: «Tugaigí Hámán anseo go tapa le go ndéanfaimis rud ar Eistir.» Tháinig an rí agus Hámán chun na fleá a d' ullmhaigh Eistir. Ag ól an fhíona dóibh, dúirt an rí arís le hEistir: «Inis dom céard atá uait; tabharfaidh mé duit é. Inis dom cén achainí atá agat orm; fiú más é leath mo ríochta é, tabharfar duit é.» «Seo é m' iarratas agus m' achainí,» arsa Eistir, «má tá gean an rí orm, agus más toil leis an rí m' iarratas a dheonú dom, agus géilleadh do m' achainí, tagadh an rí agus Hámán chugam amárach chun na fleá a leagfaidh mé rompu, agus déanfaidh mé rud air amárach.» D' imigh Hámán amach ón rí an lá sin é go subhach somheanmnach. Ach nuair a chonaic sé Mordacaí ag geata an rí, agus gan é ag éirí ná fiú ag corraí ina láthair, tháinig taom feirge air le Mordacaí. Chuir sé smacht air féin ámh; d' fhill abhaile, agus chuir fios ar a chairde agus ar Zeiris, a bhean chéile; chuir Hámán síos dóibh ar a shaibhreas taibhseach agus ar a chlann líonmhar, agus ar gach céim ní ba airde ná a chéile a bhronn an rí air ionas gur thug sé tosaíocht dó ar fhlatha agus ar fheidhmeannaigh eile an rí. «Agus rud eile de,» ar seisean, «níor lig Eistir an bhanríon d' aon fhear eile ach domsa amháin teacht chun na fleá agus tá cuireadh agam féin agus ag an rí uaithi arís don lá amárach. Ach cad é sin go léir domsa fad a fheicim Mordacaí an Giúdach ina shuí ag geata an rí.» Ansin dúirt a bhean Zeiris agus a chairde go léir leis: «Gléastar croch leathchéad banlámh ar airde, agus iarr ar an rí amárach Mordacaí a chrochadh uirthi. Ansin isteach leat chun na fleá i bhfochair an rí gan mairg ar bith.» Thaitin an chomhairle sin le Hámán, agus chuir sé an chroch á gléasadh. Níor thit néal codlata ar an rí an oíche sin. Chuir sé fios dá bhrí sin ar Leabhar na nÉachtaí, na hAnnála, lena léamh dó. Agus fuarthas scríofa ann conas mar a sceith Mordacaí ar Bhigteán agus ar Theiris, beirt de choillteáin an rí a bhí i bhfeighil an dorais, agus a bheartaigh lámha a leagan ar an rí Aisiuéaróis. «Cén gradam nó cén chéim a bronnadh ar Mhordacaí dá bharrsan?» d' fhiafraigh an rí. D' fhreagair na feidhmeannaigh a bhí ag freastal air: «Ní dhearnadh aon ní ar a shon.» Ansin d' fhiafraigh an rí: «Cé tá ar dualgas sa chúirt?» Bhí Hámán faoin am sin tagtha isteach i gcúirt sheachtrach phálás an rí le hiarraidh ar an rí Mordacaí a chrochadh ar an gcroch a bhí gleasta aige féin dó. D' fhreagair feidhmeannaigh an rí: «Tá Hámán ina sheasamh amuigh sa chúirt.» «Tugaigí isteach é!» arsan rí. Tháinig Hámán isteach, más ea, agus dúirt an rí leis: «Céard ba chóir a dhéanamh leis an té ar mian leis an rí onóir a thabhairt do?» «Cé eile ach mise,» arsa Hámán leis féin, «ar mhian leis an rí onóir a thabhairt dó?» Agus thug sé freagra dá réir sin ar an rí: «Más mian leis an rí onóir a thabhairt do dhuine, cuirtear fios ar éide ríoga a chaith an rí agus ar each a bhí faoin rí leis an ornáid ríoga ar a cheann; agus tugtar an éide ríoga agus an t-each i lámha duine de na flatha is uaisle de mhuintir an rí; agus cóiríodh seisean an té is mian leis an rí a onórú agus seoladh sé ar mhuin an eich é trí fhaiche na cathrach agus fógra á thabhairt roimhe: 'Seo mar a dhéanfar leis an té ar mian leis an rí é a onórú!'» Ansin dúirt an rí le Hámán: «Déan deifir más ea anois agus beir leat an éide agus an t-each, mar a dúirt tú, agus déan díreach mar a dúirt tú le Mordacaí an Giúdach a shuíonn ag geata an rí. Ná déan faillí in aon ní dá ndúirt tú.» Fuair Hámán an éide agus an t-each dá bhrí sin, ghléas sé Mordacaí agus sheol sé ar mhuin an eich é, trí fhaiche na cathrach agus é á fhógairt roimhe: «Seo mar a dhéanfar leis an té ar mian leis an rí é a onórú!» D' fhill Mordacaí ar gheata an rí ansin, ach bhrostaigh Hámán abhaile, brat ar a cheann agus gan aon mhisneach fágtha aige. D' inis Hámán dá bhean Zeiris agus dá chairde gach ar bhain dó. Ansin dúirt a chairde agus a bhean Zeiris leis: «Baineadh tuisle asat, a bhuí le Mordacaí; má tharlaíonn sé go mbaineann sé leis an gcine Giúdach, ní bhfaighidh tú an ceann is fearr go brách air, ach titfidh tú agus titfidh tú arís go cinnte óir tá Dia beo lena ais.» Ansin tháinig coillteáin an rí, agus iad siúd fós ag caint leis, agus rugadar leo go deifreach é go dtí an fhleá a d' ullmhaigh Eistir. Chuaigh an rí agus Hámán isteach chun na fleá le hEistir an bhanríon agus ar an dara lá dúirt an rí arís le hEistir, agus iad ag ól fíona: «Cén t-iarratas atá agat, a bhanríon Eistir? Gheobhaidh tú é. Cén achainí atá agat? Fiú más é leath mo ríochta féin é, níl agat é ach é a lorg.» Leis sin d' fhreagair an bhanríon Eistir: «Má tá lé agat liom, a rí, agus más toil le do mhórgacht é, iarraim coimirce m' anama mar iarratas, agus coimirce anama mo mhuintire mar achainí. Óir daoradh sinn mise agus mo mhuintir chun ár scriosta agus ár marfa agus ár millte. Mura mbeadh i gceist ach sinn a reic inár ndaoir agus inár ndaoirseacha, ní osclóinn mo bhéal ina thaobh; ach mar atá an scéal, tá sé thar chumas an ghéarleantóra an dochar a dhéanfar don rí a leasú.» Labhair an rí Aisiuéaróis ansin agus d' fhiafraigh sé den bhanríon Eistir: «Cé hé an fear úd a bhfuil de dhánaíocht ann a leithéid a dhéanamh agus cá bhfuil sé?» D' fhreagair Eistir: «Siúd é an géarleantóir! an namhaid! Hámán na hurchóide!» Tháinig sceimhle agus scéin ar Hámán i láthair an rí agus na banríona. D' éirigh an rí ón bhfleá agus fraoch feirge air agus amach leis i ngairdín an pháláis; ach d' fhan Hámán ansiúd le hanacal anama a impí ar an mbanríon Eistir, mar ba léir dó go raibh olc beartaithe ag an rí ina aghaidh. Nuair a d' fhill an rí ar ais ó ghairdín an pháláis go halla na fleá fíona, bhí Hámán caite ar an tolg mar a raibh Eistir. «Cad é seo!» arsan rí. «An bhfuil sé ar tí an bhanríon a éigniú os comhair mo shúl i mo theach féin?» Is ar éigean a bhí na focail as a bhéal nuair a cuireadh púicín an bháis ar Hámán. Ansin dúirt Harbóna, duine de na coillteáin a bhí i láthair ag freastal ar an rí: «Maith mar a tharla! An chroch leathchead banlámh ar airde a ghléas Hámán do Mhordacaí, an té a thug anam an rí slán lena thuairisc thráthúil tá sí réidh ina theach.» «Croch uirthi sin é,» arsan rí. Chrochadar Hámán dá bhrí sin ar an gcroch a ghléas sé féin do Mhordacaí, agus chuaigh fearg an rí chun suain. An lá ceannann céanna thug an rí Aisiuéaróis teach Hámán, géarleantóir na nGiúdach, don bhanríon Eistir. Agus tháinig Mordacaí i láthair an rí mar chuir Eistir in iúl don rí cén gaol a bhí eatarthu. An fáinne séala a thug an rí do Hámán, bhain sé de arís é, agus thug é do Mhordacaí, agus chuir Eistir Mordacaí i gceannas ar theach Hámán. Ansin labhair Eistir arís leis an rí. Chaith sí í féin ag a chosa á impí air go géar goirt deorach an t-olc a bheartaigh Hámán agus a scéim urchóideach in aghaidh na nGiúdach a chur ar ceal. Shín an rí an tslat ríoga óir chuig Eistir, agus d' éirigh sí agus sheas os comhair an rí: «Más toil leis an rí é agus má tá lé aige liom, más ceart é m' iarratas dar leis, agus más gean leis mé, deonaíodh sé ordú a chur ar phár ag aisghairm na litreacha a chum Hámán mac Hamadátá, an tAgágach, d' fhonn na Giúdaigh go léir a dhíothú i ngach cúige de chúigí an rí. Mar conas a d' fhéadfainn a bheith ag faire ar an olc agus ar an urchóid go léir atá i ndán do mo mhuintir? Conas a thiocfadh liom a bheith ag faire ar mo chine á ndíothú?» Ansin dúirt an rí Aisiuéaróis leis an mbanríon Eistir agus le Mordacaí an Giúdach: «Féach! thug mé teach Hámán d' Eistir, agus crochadh é féin ar an gcroch de bhrí gur bheartaigh sé lámha a leagan ar na Giúdaigh. Scríobhaigí mar is rogha libh i dtaobh na nGiúdach, in ainm an rí, agus cuirigí séala ar an scríbhinn le fáinne an rí; óir ní féidir ordú scríofa in ainm an rí agus seálaithe le fáinne an rí a chur ar ceal.» Cuireadh fios ar scríobhaithe an rí ar an toirt ba é an tríú mí é, mí Síveán, agus an tríú lá fichead den mhí agus scríobhadh orduithe de réir mar a dheachtaigh Mordacaí, do na Giúdaigh, do na cúigigh, do na gobharnóirí agus do lucht ceannais na gcúigí go léir ón Ind go dtí an Aetóip céad fiche a seacht gcúige do gach cúige ina scríbhinn féin, agus do gach cine ina theanga féin, agus do na Giúdaigh ina scríbhinn agus ina dteanga féin. Bhí na horduithe scríofa in ainm an rí Aisiuéaróis agus séalaithe le fáinne an rí, agus seoladh iad le heachlaigh ar muin each ó ghraíonna an rí féin. Cheadaigh an rí do na Giúdaigh de réir na n-orduithe sin, cibé cathair ina raibh cónaí orthu, cruinniú le chéile chun iad féin a chosaint, agus aon fhórsa armtha ó aon chine nó ó aon chúige a dhéanfadh ionsaí orthu a dhíothú agus a scrios agus a mhilleadh, mná agus leanaí agus uile, agus a maoin a chreachadh; 12a Mar seo a ghabh téacs litir na n-orduithe: 12b Beatha agus sláinte ón rí mór Aisiuéaróis do chúigígh na gcéad fiche a seacht gcúige a shíneann ón Ind go dtí an Aetóip, do ghobharnóirí na gcúigí agus dár ngéillsinigh dhílse go léir. 12c Is iomaí duine agus is uabhride iad a mhéad a thugtar onóir dóibh trí chineáltas a bpátrún. Agus ní leor leo urchóid a dhéanamh dár ngéillsinigh, ach de bhrí nach féidir leo a dteaspach a iompar, déanann siad iarracht ar cheilg a dhéanamh in aghaidh a bpátrún féin. 12d Ní hé amháin go scriosann siad mothú an bhuíochais ó chroí an duine, ach scuabtar ar aghaidh iad ag gártha molta an dreama atá dall ar an maith, i dtreo gur dóigh leo go rithfidh leo breithiúnas Dé, ar fuath leis an t-olc, a sheachaint, cé gur léir i gcónaí do Dhia gach ní. 12e Is minic mórán do lucht an údaráis freagrach a bheag nó a mhór i bhfuil neamhchiontach a dhoirteadh agus páirteach i dtubaistí doleigheasta, mar gur chuir siad a ngnóthaí i gcúram a gcairde agus gur ghéill siad dá gcomhairle-sean; 12f mar go meallann an dream úd dea-thoil an lucht ceannais leis na hargóintí cealgacha a shníonn ó íochtar a gcoirpeachta. 12g Is féidir é sin a thabhairt faoi deara gan dul i muinín stair tréimhsí níos ársa dá ndearnamar tagairt; ní gá ach súil a chaitheamh ar a bhfuil os bhur gcomhair, ar na cionta a rinne sraith scraistí d' fheidhmeannaigh shuaracha. 12h As seo amach déanfaimid ár ndícheall síocháin agus suaimhneas na ríochta a riar ar chách; 12i mar déanaimid na leasuithe is gá agus tabharfaimid breith ar gach a gcuirfear faoinár mbráid le barr tuisceana. 12j Hámán mac Hamadátá, Macadónach, fear gan braon d' fhuil Pheirseach ná aon chaidreamh ar bith aige lenár gcineáltas, chuireamar fáilte roimhe 12k agus dháileamar chomh fial sin air an daonnacht sin lena bpléimid le gach cine, gur tugadh ár n-athair air, agus go mbíodh gach duine go forleathan ag umhlú dó amhail is gurbh é tánaiste na cathaoireach ríoga é. 12l Ach theip air srian a choimeád lena uabhar agus thug sé faoi idir ríocht agus anam a sciobadh uainn. 12m Le barr calaoise agus cneámhaireacha d' iarr sé Mordacaí, an té a d' fhuascail sinn agus a rinne an mhaith i gcónaí dúinn, agus Eistir ár gcéile gan cháim sa ríocht, agus a gcine go léir chomh maith, a scriosadh. 12n Shíl sé go bhfágfadh sé gan dídean sinn ar an gcuma sin agus go ndéanfadh sé impireacht na Peirse a chur i lámha na Macadónach. 12o Ach tuigtear dúinn anois nach coirpigh iad na Giúdaigh a bheartaigh an scraiste ródhamanta a scriosadh, ach go bhfuil siad faoi réir dlíthe sárchóra, 12p agus gurb iad clann an té is airde iad, Dia beo uilechumhachtach, an té a stiúir an ríocht i gcónaí le togha eagair dúinne agus dár sinsir. 12q Is maith mar a dhéanfaidh sibh dá bhrí sin ach gan beart a dhéanamh de réir na litreacha a sheol Hámán mac Hamadátá, óir tá a n-údar, agus a theaghlach go léir, mar aon leis, crochta ag geataí Shúsa; óir d' imir Dia, rialtóir na n-uile, go tapa air an pionós a thuill sé. 12r Cuirigí cóipeanna den litir seo in airde i ngach áit phoiblí; tugaigí céad do na Giúdaigh a nósanna féin a chleachtadh; agus tagaigí i gcabhair orthu i dtreo gur féidir leo iad féin a chosaint ar aon duine a dhéanfadh ionsaí orthu an lá a roghnaíodh ar dtús lena gciapadh, an tríú lá déag is é sin den dara mí déag, mí Adár is é sin. 12s Óir ní lá léirscriosta a rinne Dia uilechumhachtach den lá sin dá chine tofa, ach lá lúcháire. 12t Dá bhrí sin déanaigíse, a Ghiúdacha, an lá seo a cheiliúradh go lúcháireach, mar lá ar leith féile i measc bhur sollúnacha, 12u i dtreo go mbeidh sé anois agus as seo amach, daoibhse agus do Pheirsigh dhílse, ina cheiliúradh ar bhur bhfuascailt, agus don dream a dhéanann comhcheilg inár n-aghaidh, ina chuimhneachán ar a scrios. 12v Gach baile agus gach tír i gcoitinne nach leanfaidh na treoracha seo, scriosfar é gan taise gan trócaire le faobhar agus tine; beidh sé doshiúlta ag daoine agus beidh an ghráin dhearg ag na hainmhithe allta agus na héin féin air go brách.» bhí feidhm leis na horduithe ón lá céanna ar fud cúigí an rí Aisiuéaróis ar fad an tríú lá déag den dara mí déag, mí Adár is é sin. Bhí cóip den reacht sin le foilsiú mar dhlí i ngach cúige, agus fograíodh é do na ciníocha go léir, i dtreo go mbeadh na Giúdaigh ullamh, an lá a bhí ceaptha, le díoltas a imirt ar a naimhde. Chuir na heachlaigh chun bealaigh ar mhuin each, a bhíodh in usaid i seirbhís an rí, le teann deabhaidh agus luais ar ordú an rí. Foilsíodh an reacht freisin i ndúnfort Shúsa. Ghabh Mordacaí amach ó láthair an rí agus é feistithe i rífhallaing de ghorm is bán, le coróin mhór óir ar a cheann, agus brat de línéadach mín corcra uime; chuir cathair Shúsa na gártha áthais suas. Bhí na Giúdaigh faoi ghile agus áthas, faoi aiteas agus faoi onóir. I ngach cúige agus i ngach cathair dár shroich ordú agus reacht an rí, bhí áthas agus aoibhneas ar na Giúdaigh agus fleá agus féile acu. Agus rinneadh a lán de na ginte a thimpeallghearradh agus d' iompaíodar ina nGiúdaigh le heagla roimh na Giúdaigh. Tháinig ordú agus reacht an rí i bhfeidhm ar an tríú lá déag den dara mí déag, mí Adár, agus an lá ar a raibh súil ag naimhde na nGiúdach le hiad a scriosadh, bhí a mhalairt de thoradh air; b' iad na Giúdaigh a scrios a naimhde. Chruinnigh na Giúdaigh le chéile ina mbailte ar fud cúigí uile an rí Aisiuéaróis d' fhonn lámh a leagan ar an uile dhuine a bhí ar tí urchóid a dhéanamh dóibh, agus níor fhéad aon duine an fód a sheasamh in n-aghaidh mar bhí scéin ar an bpobal go léir rompu. Thug lucht ceannais na gcúigí, na satraipí, na gobharnóirí, agus na feidhmeannaigh ríoga lámh chúnta do na Giúdaigh le heagla roimh Mhordacaí, mar ba chumhachtach é Mordacaí i dteaghlach an rí agus bhí a cháil leata ar fud na gcúigí go léir; bhí cumhacht Mhordacaí ag borradh agus ag fás i gcónaí. D' imir na Giúdaigh faobhar claímh ar a naimhde go léir, á scriosadh agus á marú, agus rinne siad a rogha rud leis an muintir a thug fuath dóibh. I ndúnfort Shúsa féin chuir na Giúdaigh cúig céad fear chun báis, agus go háirithe Pairseandátá, Dalfón, Aspátá, Pórátá, Adailiá, Airíodátá, Parmaisteá, Airíosaí, Airíodaí, agus Iazátá, deichniúr mac Hámán mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach; ach creach níor ghabhadar. Cuireadh an líon a maraíodh i ndúnfort Shúsa in iúl don rí an lá céanna. Agus dúirt an rí leis an mbanríon Eistir: «Mharaigh na Giúdaigh cúig céad fear agus deichniúr mac Hámán chomh maith i ndúnfort Shúsa. Cad é nach bhfuil déanta acu dá réir sin i gcúigí eile an rí! Cén t-iarratas atá agat anois? Tabharfaidh mé duit é. Cén achainí eile atá agat? Níl agat ach é a rá agus gheobhaidh tú é.» Agus dúirt Eistir: «Más toil leis an rí é, bíodh sé de chead ag na Giúdaigh i Súsa déanamh de réir reacht an lae inniu amárach chomh maith. Agus crochtar deichniúr mac Hámán ar an gcroch.» D' ordaigh an rí go ndéanfaí amhlaidh agus eisíodh an reacht i Súsa, agus crochadh deichniúr mac Hámán. Chruinnigh na Giúdaigh i Súsa le chéile ar an gceathrú lá déag de mhí Adár agus bhásaigh siad trí chéad fear i Súsa, ach gan lámh a leagan ar an gcreach. Chruinnigh na Giúdaigh eile a bhí ag cur fúthu i gcúigí an rí lena n-anam a chosaint agus fáil réidh lena naimhde. Chuireadar seachtó cúig míle dá n-eascairde chun báis, ach níor leag siad lámh ar an gcreach. Ba é sin an tríú lá déag de mhí Adár, agus cheapadar a suaimhneas ar an gceathrú lá déag agus rinne siad lá fleá agus aoibhnis de. Ach na Giúdaigh a bhí i Súsa, chruinníodar le chéile ar an tríú lá déag agus ar an gceathrú lá déag agus ba ar an gcúigiú lá déag a scoireadar agus a bhí lá fleá agus aoibhnis acu. Uime sin a dhéanann na Giúdaigh, a chónaíonn sna sráidbhailte agus atá ag cur fúthu sna bailte gan bhallaí, lá aoibhnis agus fleá agus saoire den cheathrú lá déag de mhí Adár, agus lá ar a gcuireann siad togha spólaí chun a chéile. 19a Ach iad siúd atá ag cur fúthu sna cathracha, is ar an gcúigiú lá déag den mhí a bhíonn an lá aoibhnis acu agus a chuireann siad spólaí chun a chéile. Chuir Mordacaí na nithe sin go léir ar phár agus sheol sé litreacha chuig na Giúdaigh go léir i gcúigí uile an rí Aisiuéaróis, i gcéin agus i gcóngar, á ordú dóibh an ceathrú lá déag agus an cúigiú lá déag de mhí Adár a cheiliúradh mar fhéile ó bhliain go bliain, mar gur ar na laethanta sin a fuair na Giúdaigh fuascailt óna naimhde agus a rinneadh gáire dá ngol, agus saoire dá gcaoineadh; agus na laethanta sin a bheith ina laethanta fleá agus aoibhnis, agus saoire, agus ina laethanta le spólaí a sheoladh chun a chéile, agus déirc a thabhairt do na boicht. Bhí tús curtha ag na Giúdaigh leis na cleachtaithe sin, agus anois ghealladar go leanfaidís leo, faoi mar a scríobh Mordacaí chucu ina dtaobh: «Rinne Hámán an tAgágach, mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach go léir, ceilg ina n-aghaidh lena scriosadh, agus chaith sé an púr, an crann is é sin, chun a scriosta agus a millte. Ach nuair a tháinig Eistir i láthair an rí, thug seisean ordú i scríbhinn go bhfillfeadh an scéim dhanartha a bhí beartaithe aige in aghaidh na nGiúdach sa mhullach air féin, agus go gcrochfaí ar an gcroch é féin agus a chlann mhac. Uime sin a tugadh Púirím ar na laethanta sin, ón bhfocal púr.» De bharr ar scríobhadh sa litir sin, agus a bhfaca siad féin, agus ar tharla dóibh, dhearbhaigh na Giúdaigh agus ghabhadar orthu agus ar a sliocht, agus ar chách a ghabh leo, an dá lá sin a cheiliúradh gan teip gach bliain de réir mar a bhí scríofa agus ag an am a bhí ceaptha; agus go gcoimeádfaí cuimhne ar na laethanta sin agus go ndéanfaí iad a chomóradh ó ghlúin go glúin i ngach teaghlach agus cúige agus cathair; agus nach ndéanfaí faillí ar laethanta sin Phúirím go brách i measc na nGiúdach, agus nach rachadh bá ar a gcuimhne i measc a sleachta. Ansin scríobh an bhanríon Eistir, iníon Aibíochaíl, agus Mordacaí, an Giúdach, go lánúdarásach ag daingniú an dara litir seo faoi Phúirím. Seoladh litreacha chuig na Giúdaigh go léir sa chéad fiche a seacht gcúige de ríocht Aisiuéaróis i mbriathra síochána agus fírinne, á ordú dóibh laethanta seo Phúirím a cheiliúradh an tráth is dual, mar a leag Mordacaí an Giúdach agus an bhanríon Eistir síos do na Giúdaigh, agus mar a ghabh siadsan orthu féin agus ar a sliocht, idir dhualgais troscaidh agus chaointe. Rinne reacht na banríona Eistir an gnás seo Phúirím a shocrú agus cuireadh ar phár é. Rinne an rí Aisiuéaróis cáin a thobhach ón tír agus ó oileáin na mara. Éachtaí a chumhachta is a chumais, agus tuairisc iomlán ar an ardghradam a bhronn an rí ar Mhordacaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe na Méide agus na Peirse? [Insítear freisin] go raibh Mordacaí an Giúdach i dtánaiste don rí Aisiuéaróis, ionas go raibh a ainm in airde i measc na nGiúdach, agus go raibh ardmheas air ag na sluaite dá bhráithre mar nach raibh uaidh ach leas a phobail féin agus gur síocháin dá chine go léir a chúram. 3a Agus dúirt Mordacaí: «Bhí lámh Dé sna gnóthaí sin go léir. 3b Is cuimhin liom an taibhreamh a rinneadh dom i dtaobh na nithe seo go léir, agus níl aon phioc díobh nár tháinig chun críche: 3c an tobar beag dá ndearnadh abhainn, agus solas, agus grian agus tulca uisce; Eistir an abhainn, an té a phós an rí agus a ndearna sé banríon di. 3d Hámán agus mé féin an dá dhragan. 3e Iad siúd a d' aontaigh le chéile le hainm na nGiúdach a scrios, iadsan na ciníocha. 3f Mo chinese, Iosrael, an cine aonair a ghlaoigh ar Dhia, agus a fuasclaíodh. Sea, d' fhuascail an Tiarna a phobal; shaor an Tiarna sinn ó na hurchóidí sin go léir; rinne Dia comharthaí agus éachtaí thar mar a tharla riamh i measc na gciníocha. 3g Cheap sé dhá chinniúint, aon chinniúint amháin do phobal Dé, agus malairt cinniúna do na ciníocha eile go léir. 3h Tháinig an dá chinniúint chun críche ar an uair agus ar an uain agus ar lá na breithe i láthair Dé do na ciníocha go léir. 3i Chuimhnigh Dia mar sin ar a phobal agus chosain sé a oidhreacht. 3j Beidh na laethanta seo dá bhrí sin, an ceathrú lá déag agus an cúigiú lá déag de mhí Adár, acu mar laethanta tionóil agus áthais agus aoibhnis i láthair Dé, ó ghlúin go glúin agus go brách i measc a phobail Iosrael.» 11v1 Sa cheathrú bliain de réimeas Ptoilimí agus Cleópatra, thug Dóisitéas fear a dhearbhaigh gur sagart agus Léivíteach é féin agus a mhac Ptoilimí an litir romhainn faoi Phúirím [go dtí an Éigipt]. Dhearbhaigh siad go raibh sí bailí agus gur tiontaíodh í ag Lisimeachas mac Ptoilimí de chuallacht Iarúsailéim. Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t-olc. Rugadh seachtar mac agus triúr iníonacha dó. Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige. Bhí ghnáth lena chlann mhac dul agus fleá a bheith acu i dteach a chéile ar a n-uain; agus chuiridís teachtairí chun a ndeirfiúracha le cuireadh dóibh chun bia agus deoch a chaitheamh leo. Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d' éiríodh sé go moch ar maidin agus d' ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: «Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?» Mar sin a rinne Iób i gcónaí. Tharla aon lá amháin, gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna, agus tháinig an Sátan mar an gcéanna ina measc. Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Cá has a dtáinig tú?» D' fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: «Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.» Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t-olc.» Agus d' fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: «An gan fáth atá eagla Dé ar Iób? Nach ndearna tú féin fál ina thimpeall agus i dtimpeall a thí agus i dtimpeall a bhfuil aige ar gach taobh? Bheannaigh tú saothar a lámh agus mhéadaigh a mhaoin sa tír. Sín amach do lámh, más ea, agus leag í ar a bhfuil aige, agus is deimhin go ndéanfaidh sé thú a mhaslú le do bhéal.» Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Féach, an uile ní dá bhfuil aige, tá sé faoi do smacht; ach air féin amháin ná leag do lámh.» Agus leis sin chuaigh an Sátan amach as láthair an Tiarna. Lá dá raibh a chlann mhac agus iníonacha ag ól fíona i dteach an dearthár ba shine acu, tháinig teachtaire ag triall ar Iób, agus dúirt leis: «Bhí an damhra ag treabhadh agus na hasail bhaineanna ag iníor ina ngaire agus rinne na Saibéanaigh ruathar orthu gur sciobadar leo iad, agus mharaíodar na seirbhísigh le faobhar claímh; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.» Le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: «Thit tine le Dia ó neamh agus dhóigh an tréad agus na seirbhísigh, á loscadh go hiomlán; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.» Agus le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: «Rinne na Caildéigh trí bhuíon díobh féin agus thugadar ruaig chreiche faoi na camaill gur sciobadar leo iad, agus chloíodar na seirbhísigh le faobhar a gclaímh, agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.» Agus fad a bhí seisean fós ag caint tháinig duine eile mar an gcéanna a dúirt: «Bhí do chlann mhac agus iníon ag ithe agus ag ól i dteach an dearthár ba shine acu, agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.» D' éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d' umhlaigh sé é féin síos á rá: «Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar, Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís. An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim. Moladh le hainm an Tiarna.» Sna nithe sin uile níor pheacaigh Iób ná níor labhair go tarcaisneach in aghaidh Dé. Agus tharla lá eile gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna agus tháinig an Sátan ina láthair mar an gcéanna ina measc. Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Cá has a dtáinig tú?» D' fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: «Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.» Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é; tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t-olc. Cloíonn sé leis an bhfíréantacht i gcónaí; saothar in aisce agat ab ea mé a ghriogadh ina aghaidh lena scriosadh.» Ansin d' fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: «Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama. Ach sín do lámh anois agus bain lena chnámh agus lena fheoil, agus caithfidh sé mallacht san aghaidh ort, caithfidh sin.» Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: «Féach! tá sé faoi do chumhacht; ach caomhnaigh a anam, sin uile!» Agus d' imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn. Thóg seisean slige leis chun é féin a scríobadh agus suigh sé sa luaithreach. Ansin dúirt a bhean leis: «An gcloíonn tú fós le d' fhíréantacht? Cuir do mhallacht ar Dhia agus faigh bás!» «Labhraíonn tú dála na mban baoth,» ar sé léi; «glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t-olc chomh maith?» San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal. Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, d' fhág gach duine díobh an baile Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do. Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n-éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe). Shuigh siad ar an talamh taobh leis ar feadh seacht lá agus seacht n-oíche, gan focal a labhairt leis mar ba dhobrónach an radharc acu é. Mallacht ar Lá a Bhreithe Seo mar a dúirt sé: Scrios ar an lá a rugadh mé Agus ar an oíche a dúirt: «Gineadh mac.» Gura dorchadas an lá sin! Nár chuire Dia in Airde aon spéis ann! Nár lonraí solas air. Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é! Go luí na scamaill air, Agus go scanraí urú an lae é! Go bhfaighe dorchadas tiubh greim ar an oíche úd, Nár [chuirtear] í le laethe na bliana, Nár áirítear i le líon na míonna! Bíodh an oíche úd gruama, Nár thaga gáir áthais ina gaire! Go gcuire mallachtóirí an lae a mallacht uirthi, Agus an mhuintir atá réidh Leiviatan a mhúscailt! Gura dorcha iad réaltaí a camhaoire; Ná bíodh toradh ar a fuireach le solas; Nár fheice sí fabhraí na maidine! Uch nár dhún sé comhlaí na broinne orm Agus nár cheil an brón ar mo shúile. Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn, Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti? Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom, Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl? Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth, Mar aon le ríthe agus le comhairleoirí na cruinne, A thóg dóibh féin na láithreacha a bhí bánaithe, Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh, Agus a líonadh a dtithe le hairgead; Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann], Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas. Ansiúd a scoireann na hurchóidigh dá n-urchóid Agus ansiúd a bhíonn lucht tuirse faoi shuaimhneas. Bíonn na cimí ar a suaimhneas le chéile, Gan guth an tseiléara le clos a thuilleadh. Is cuma uasal agus íseal ansiúd, Agus tá an daor saor óna mhaistir. Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt? Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama, An drong a shantaíonn an bás ach gan é a theacht Agus gur mó a dtóir air ná ar chiste folaithe; An drong a bhíonn ag rince le corp lúcháire, Agus iad ag déanamh gairdis nuair a shroicheann siad an uaigh; Cad chuige a dtugtar an solas don duine a bhfuil a shlí i bhfolach, Agus ar thóg Dia fál ina thimpeall? Mar bhia tagann chugam m' osnaíl Agus scaoiltear le m' uchláin ina dtuile. An rud is baol liom, tagann sé i gcrích orm; An rud is eagal liom, titeann sé sa mhullach orm. Níl agam suaimhneas ná síoth, Níl agam sos, ach buaireamh i mo dháil. Ansin d' fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt: Má leomhann duine focal á rá leat, an gcuirfidh tú suas leis? Ach cé a d' fhéadfadh fanacht ina thost? Féach! nach iomaí duine a cheartaigh tú! Do lámha laga thug tú neart. Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle; Neartaigh tú na glúine laga. Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d' fhoighne. Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat. Nach bhfuil muinín agat as d' fhíréantacht Agus dóchas agat as do bheatha ionraic? Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh? Cár milleadh lucht na córa? Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar. Scriosann anáil Dé iad, Agus milleann racht dá fhearg iad. [Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin; Bristear fiacla na gcoileán leoin. Cailltear an seanleon d' uireasa creiche, Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin. Fuair mé focal, más ea, faoi choim, Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin. I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche, Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain, Tháinig scéin orm agus critheagla, Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith. Shleamhnaigh leoithne thar m' aghaidh Agus d' éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh. Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló; Bhí scáil os comhair mo shúl. Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin: «An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé? An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora? Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin; Agus faigheann sé locht ar a aingil féin. Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan! Scriostar iad idir maidin agus nóin; Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil. Staitear [pionna] a mbotha Agus faigheann siad bás d' uireasa eagna.» Cuir do ghlao suas anois; an bhfuil aon duine le freagra a thabhairt ort? Cé acu do na [haingil] chuig a gcasfaidh tú? Maraíonn an faltanas an t-amadán Agus básaíonn an formad an duine baoth. Nuair a chonaic mé duine ceanndána, Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill: «Is fada a bheidh an conách óna chlann; brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála. Beidh cíocras air chun a fhómhair, Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd. Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.» Óir ní eascrann urchóid ón ithir, Ná ní phéacann anró as an talamh, Ach sé an duine a ghineann anró dó féin, Mar a eitlíonn na badhbha in airde. Uime sin is chun Dé a ghairmfinn Agus is dó a nochtfainn mo chúis; (Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.) Dáileann sé fearthainn ar an talamh Agus seolann uiscí ar na bánta. Ardaíonn sé na daoine ísle Agus tógann lucht an bhróin go buaic an áthais. Cuireann sé bearta na gcealgairí amú, I dtreo nach ritheann le hiarrachtaí a lámh. Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais, Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí. Bíonn dorchadas rompu sa lá Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae. Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh. Fágann sin dóchas ag an dearóil, Agus a chlab dúnta ag an éagóir. Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia; Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh, Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht; Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú. Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid, Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat. Fuasclóidh sé ón mbás thú in am an ghorta, Agus ón gclaíomh in am an chogaidh. Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga, Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé. Déanfaidh tú gáire [faoin tiormach agus faoin sioc], Agus ní bheidh eagla ort roimh ainmhithe allta. Beidh conradh agat le clocha an ghoirt, Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin. Beidh a fhios agat go bhfuil do bhoth slán, Agus fiosróidh tú do chró agus ní bheidh aon ní ar iarraidh. Feicfidh tú do shíol ag síolrú, Agus do shliocht mar fhéar an bháin. Rachaidh tú isteach i d' uaigh i bhfómhar aibí do bhlianta, Mar a bhíonn ag an bpunann arbhair sa chruach i dtráth. Féach, rinneamar é seo a iniúchadh; mar sin atá; Éist leis; tabhair aird go maith air. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: Uch gan mo dhoilíos á mheá, Agus gan m' anró go léir a chur sa mheá le chéile. Ba throime é ná gaineamh na trá Sin é a chuir mo bhriathra le buile. Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m' aghaidh. An ligeann an t-asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar? Nó an damh búir os cionn a choda? An n-itear bia leamh gan salann? Nó an bhfuil blas ar ghealacán uibh? Diúltaíonn m' anam a shuaimhneas a cheapadh; tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh. Uch nach gcomhlíontar m' achainí! Agus nach ndeonaíonn Dia mo dhóchas dom! Go mba thoil le Dia mé a bhascadh, Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh. Bheadh sé fós mar shólás agam Agus bheinn daingean i bpian gan taise Nár shéan mé briathra an té is Naofa. Ach cén neart atá ionam le feitheamh? Cad tá i ndán dom le go mbeinn foighneach? An é neart na gcloch mo neart? An cré-umha í m' fheoil? Níl cabhair fágtha ionam, Agus d' imigh gach tuiscint uaim dá réir sin. Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas, tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh. Is fealltach iad mo chairde mar an tuile, Mar leaba na dtuilte a ghabh thart; Bíonn siadsan ag borradh leis an leac oighir, Nuair a théann an sneachta i bhfolach iontu. Nuair a thagann an teas, téann siad in éag; Sa bhrothall téann siad ar ceal. Téann na carbháin as a mbealach á lorg, Imíonn siad faoin bhfásach, agus cailltear iad. Bíonn carbháin Théamá ag súil leo, Agus is astu a bhíonn a muinín ag buíonta Sheaba. Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu; Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu. A rá is go bhfuil sibh anois gan mhisneach, Go bhfeiceann sibh uafás agus go bhfuil scéin oraibh. An ndúirt mé libh: «Tugaigí dom!» Nó: «Tugaigí breab ar mo shon as bhur maoin!» Nó: «Fuasclaigí mé ó láimh an namhad.» Nó: «Saoraigí mé ó ghreim na dtíoránach!»? Tugaigí teagasc dom, agus beidh mé i mo thost; Taispeánaigí dom cá ndeachaigh mé amú. Nach bríomhar iad briathra ionraice! Ach cén tairbhe ceartú uaibhse? An fiú libh focail a cháineadh, Focail éadóchais a imíonn le gaoth? Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh, Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh. Ach féachaigí orm, anois, le bhur dtoil. Ar ndóigh ní inseoidh mé bréag le bhur mbéal! Filligí orm anois agus ná déantar éagóir! Sea, filligí, tá mo chúis fós gan breith. An bhfuil éitheach i mo bhéal? Nach n-aithneodh mo charball blas an mhí-áidh? Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh? Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais? Mar dhaor a shantaíonn an scáth, Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair. Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge gur gearradh amach dom oícheanta buartha. I mo luí dom deirim: «Cá huair a thiocfaidh an lá?» Ar m' éirí dom deirim arís: «Cá huair a thiocfaidh an oíche?» Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche. Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air; Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis. Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra, Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas. Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála; Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís. An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó. Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh. Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal, Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól. Ní thagann sé abhaile arís, Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh. Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga, Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh. Beidh mé ag cáiseamh agus m' anam faoi dhoilíos. An mé an Mhuir nó an Ollphiast A rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram? Má deirim: «Tabharfaidh mo leaba faoiseamh dom, Agus déanfaidh mo tholg mo phian a bhogadh,» Ansin cuireann tú scéin orm le brionglóidí Agus scanradh le físeanna, I dtreo gur fearr le m' anam folathachtadh, Agus an bás féin ná [caidreamh le] mo chnámha Nuair a rachaidh mé in éag, ní thiocfaidh anam ionam go brách. Lig dom féin, mar níl i mo ré ach puth. Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de? Nó go dtógfá ceann de? Go ndéanfá fiosrú air gach maidin Agus é a thriail gach nóiméad? Cá fhad go dtógfair díom do shúile Agus ligean dom mo sheile a shlogadh? Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé? Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige. D' fhreagair Bildead ó Shiúach ansin agus dúirt: An rachaidh aon stad ar an gcaint sin agat? Agus ar an ngaoth mhór sin ó do chlab? An gclaonann Dia an ceart? An bhfiarann an tUilechumhachtach an chóir? Má pheacaigh do chlann ina aghaidh Thug sé suas faoi smacht a gcoirpeachta iad. Má théann tú faoi choimirce Dé, Agus achainí a dhéanamh chuig an Uilechumhachtach, Má bhíonn tú íon ionraic, Ansin músclóidh sé ar do shon, Agus deiseoidh sé áitreabh d' fhíréantachta. Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit, Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí. Cuir ceist ar an nglúin a d' imigh romhat, Agus tabhair aird ar sheanchas a sinsear Fás aon lae sinne, gan aon eolas; Níl inár ré ar talamh ach scáil Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat, Agus briathra mar seo á rá ó chroí: An bhfásann an phaipir gan bhogach? An mbláthaíonn geitirí gan uisce? Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise, Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra. A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé, Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal Níl ina mhuinín ach tráithnín, Agus ina mhisneach ach líon damhán alla. Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé. Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé. ABN:15, 18, 16, 17, 19 Bláthaíonn sé mar phlanda faoin ngréin, Agus sceitheann a phéacaí ar fud a luibhghoirt. Ach tá a fhréamha in achrann i gcarnán cloch, Agus tá [cónaí air] i measc na gcarraigeacha. Fuadaigh as a leaba é, Agus séanfaidh sin go bhfaca sí riamh é. Tiormaíonn [an ghrian] é, féach, Agus fásfaidh a thuilleadh ón talamh. Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan, Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh. Beidh cár gáire ort athuair Agus beidh lúcháir ar do bheola. Beidh náire mar bhrat ar lucht d' fhuatha Agus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá; Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé? Dá mb' áil leis conspóid a dhéanamh leis Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air. Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis? Eisean a d' aistrigh na sléibhte gan fhios dóibh; Agus déanann sé iad a threascairt ina fhraoch. Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad, Ionas go gcritheann a colúin go léir. Eisean a thugann ordú don ghrian ionas nach n-éiríonn sí, Agus a chuireann na réaltaí i bhfolach. Eisean amháin a leath na spéartha amach, Agus a shatail ar thonnta na mara. Eisean a rinne an Camchéachta agus Slat an Rí, An Treighdín agus Réaltaí Lána an Deiscirt. Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimse Agus iontais thar áireamh. Féach! Gabhann sé tharam, agus ní fheicim é; Gluaiseann sé thar bráid, agus ní thugaim faoi deara é. Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc? Cé a déarfaidh leis: «Cad tá á dhéanamh agat»? Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloí Agus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil. Nach lú ná sin fós a d' fhéadfainnse freagra a thabhairt air, Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh? Fág go bhfuilim sa cheart, ní fhéadfainn freagra a thabhairt. Óir an té a chúisím, is é freisin is breitheamh. Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé, Ní chreidim go n-éistfeadh sé le mo bhriathar. Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,] Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis. Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingt Agus a líonann mé le dobrón. Más neart atá i gceist siúd é an tUilechumhachtach! Más cúirt bhreithiúnais, cé dhéanfaidh é a sheirbheáil? Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé; Dá mbeinn gan choir, d' áiteodh sé coir orm. Mé a bheith neamhchiontach ní bheadh a fhios sin agam. Chaithfinn uaim m' anam féin. ABN: 21, 29, 22-28, 30. Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim: Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach. Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann, Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh. Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach; Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna. Nó murab eisean, cé heile? Is mire mo laethanta ná teachtaire reatha; Teitheann siad, ní fheiceann siad aon sonas. Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí, Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg. Má deirim: «Déanfaidh mé dearmad de mo ghearán, Cuirfidh mé malairt cuntanóis orm féin, agus beidh mé gealgháireach»; Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm, Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach. Is mise a dhaorfaí, Cad ab áil liom ag obair in aisce? Dá nífinn mé féin le huisce sneachta, Agus mo lámha a ghlanadh le buac, Ansin do thumfá mé sa cheachair, Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé. Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air, Agus go bpléifí ár gcúis le chéile. Níl aon idirghabhálaí eadrainn, A leagfadh a lámh orainn araon. Baineadh sé díom a shlat, Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú; Ach labhroidh mé ansin gan eagla roimhe, Ní mar sin a thaibhsím dom féin ar aon chor. Is beag orm mo bheo. Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán, Labhróidh mé ó shearbhas m' anama. Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m' aghaidh. An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach? An bhfuil súile daonna i do cheann? An bhfuil radharc agat mar atá ag an duine? An bhfuil do ré mar ré an duine dhaonna? Agus do bhlianta mar bhlianta an duine? A rá is go bhfuil tú sa tóir ar mo pheaca, Agus ar lorg mo choire, Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh. Do lámha a chum agus a cheap mé, Agus an gcasfaidh tú agus mé a scrios dá éis sin? Cuimhnigh go ndearna tú mé den chré Agus an ndéanfaidh tú cré arís díom? Nár dhoirt tú amach mé mar bhainne Agus nár théachtaigh tú mé mar dhéanfá cáis? Chuir tú brat craicinn agus feola tharam, Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga; Bhronn tú beatha agus buanghrá orm Agus caomhnaigh tú m' anam le barr cúraim. Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí, Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat: Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil orm Agus gan mo choir a mhaitheamh dom. Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta. Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon, Agus déanann tú iontais nua i m' aghaidh. ABN: 17c, 16, 17a, 17b 17a Tugann tú finnéithe nua i mo choinne 17b Agus méadaíonn tú do mhíshásamh liom. 17c Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom. Cén fáth gur thug tú ón mbroinn mé? Uch nár éag mé, gan súil a leagan orm, Agus bheith amhail is nach raibh mé ann riamh, Do mo bhreith ó bhroinn go huaigh. Nach suarach iad laethanta mo bheatha? Lig dom le go mbeadh greas aoibhnis agam, Sula n-imím, imeacht gan teacht, Go tír an dorchadais agus scáil an bháis, Go tír a bhfuil a ghruaim mar dhorchadas tiubh, Scáil an bháis gan eagar, Arb dorchadas tiubh a ghile Agus nach bhfeiceann solas na beatha. Ansin d' fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt: Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht? An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart? An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost? An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú? Agus an ndéarfaidh tú: «Is íon é mo theagasc, Agus an bhfuilim glan i do radharc?» Uch nach labhródh Dia Agus a bhéal a oscailt chugat, Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat. An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach? Is airde é ná na spéartha! Cad tá ar do chumas? Is doimhne é ná Seól! Cad tá ar eolas agat? Is faide é a thomhas ná an domhan, Is fairsinge é ná an fharraige. Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm, Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis? Is eol dó a pheacúla atá an duine; Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi. Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol. Má chuireann tú do chroí in ord, Agus do lámha a leathadh chun Dé Má bhíonn an t-olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é, Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth Ansin ardóidh tú do cheann agus gan máchail air, Agus beidh tú daingean, gan eagla ort. Déanfaidh tú dearmad de d' ainnise, Gan de chuimhne agat air ach mar an tuile a ghabh thart. Beidh do shaol níos gile na meán lae, Agus déanfar láchan dá dhorchadas. Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat; Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte. Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort, Ach a lán ar thóir do ghnaoi. Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: Sibhse gan amhras lucht na tuisceana, Agus gheobhaidh an eagna bás libhse! Ach tá tuiscint agamsa chomh maith libh, Agus níl an tosach agaibh orm, Agus, ó luaigh mé é, cé dó nach eol sin? Is ceap magaidh mé do mo chairde, Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra! Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh. An té atá ar a shuaimhneas níl ach drochmheas aige ar an ainnise, Agus sonc don té a fuair barrthuisle. Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh. Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú! Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú; Nó labhair leis an talamh, agus inseoidh sé duit, Agus tabharfaidh iasc na farraige eolas duit. Céard é ina measc seo go léir nach eol dó Gurb é lámh Dé a rinne é seo go léir? Tá anam gach dúile beo ina ghlaic, Agus anáil anama an chine dhaonna. Nach ndéanann an chluas na briathra a phromhadh Agus an carball an bia a bhlas? Leis an tseanaois a ghabhann an eagna Agus an chríonnacht le síneadh na mblianta. Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht, Is aige atá comhairle agus tuiscint. Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán; Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó; Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc; Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh. ABN: 15, 23, 24, 25, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22 Tá neart ann agus teacht aniar; Is leis an dul amú agus an cur amú; Fágann sé comhairleoirí ag siúl cosnochta Agus breithiúna ina n-amadáin. Scaoileann sé crios na ríthe Agus ceanglann brat íochtair faoina gcoim. Fágann sé sagairt ag siúl cosnochta Agus leagann ar lár na huaisle. Ní fhágann sé focal ag na soilbhire, Agus sciobann ar shiúl gaois na seanóirí. Maslaíonn sí flatha Agus coilleann ceandáine na dtréan. Nochtann sé rúin as an dorchadas, Agus tugann an scáil dhorcha chun solais. Mórann sé náisiúin agus ansin déanann iad a threascairt; Cuireann sé an rath ar chiníocha agus ansin déanann iad a mhilleadh. Sciobann sé ar shiúl tuiscint lucht ceannais na tíre, Agus fágann iad ar guardal i bhfásach gan treoir; Bíonn siad ag únfairt sa dorchadas gan solas Agus fágann sé iad ag longadaíl mar a bheadh duine ar meisce. Féach! Chonaic mé é sin go léir le mo shúile cinn! Chuala mo chluas é, agus thug mé aird air. An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin; Níl an tosach agaibh orm! Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B' áil liom áiteamh le Dia. Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir! Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta! Ba chríonna an mhaise daoibh é! Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán, Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal: An ndéanfaidh sibh cúis Dé a chothú le héitheach, Agus bréag a insint ar a shon. An mbeidh sibh ag déanamh leathchuma ar a shon? An mbeidh sibh mar abhcóidí aige? An mbeidh an scéal ar fónamh nuair a dhéanfaidh sé sibh a phromhadh? An meallfaidh sibh eisean, mar a mheallfaí daoine? Déanfaidh sé sibh a cheartú gan amhras, Má dhéanann sibh leathchuma faoi cheilt. Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh? Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh? Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí, Agus freagraí cré bhur bhfreagraí! Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin, Is cuma cad a thiocfaidh as dom! Cuirfidh mé m' anam i gcúl mo dhoirn, Agus rachaidh mé sa seans leis! Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair. Sé a bheidh mar shlánú agam, Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair. Tugaigí aird ar a bhfuil le rá agam, Agus cluas ghéar do mo bhriathra: Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt, Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán. Cé rachaidh chun aighnis liom? Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag. Deonaigh dhá achainí dom, sin uile, Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis. Bog díom do lámh, Agus ná bím ar crith le heagla romhat! Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort! Nó cead cainte domsa agus freagairse mé! Cé mhéad coir agus peaca a rinne mé? Inis dom mo locht agus m' éagóir. Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise Agus gan ach meas namhad agat orm? An ndéanfaidh tú duilleog ghaoithe a chiapadh, Agus dias chríon a thóraíocht? Óir scríobhann tú nithe searbha i m' aghaidh, Agus greamaíonn tú cionta m' óige díom; Cuireann tú mo chosa i gceap, Agus faireann tú mo bhealaí go léir, Agus tugann tú aird ar rian mo chos. [Tá mo shaol] go léir ag creimeadh mar chríonach, mar bhrat ite ag leamhain. Fear a rugadh ó bhean, Nach raibh fad saoil aige ach mórchuid anró, A eascrann mar bhláth agus a fheonn, Agus a imíonn mar scáil gan fanacht An ar a leithéid sin a leagann tú do shúil Agus a thugann tú le breith a thabhairt air os do chomhair? Uch nach gcailltear an glan Ar mhalairt slí leis an neamhghlan! Ós rud é go bhfuil a laethanta ríofa, Agus líon a mhíonna ag brath ortsa, Agus a theorainn do-ghafa leagtha síos agat dó, Ná féach ina threo, ach lig dó féin, Go gcomhlíona sé a lá dála an bhuachaill aimsire. ABN: 6, 13-17, 7-12,18 Bíonn dóchas ann i gcónaí do chrann, Má ghearrtar anuas é, cuirfidh sé bachlóga amach arís, Agus ní theipfidh a phéaca. Fiú má théann a fhréamha in aois sa talamh, Agus go n-éagfaidh a stocán sa talamh, Péacfaidh sé le boladh an uisce, Agus eascróidh géaga as dála phlanda nua. Ach téadh an duine in éag, agus fanann ina staic; Imíodh an dé as fear, agus cá bhfuil sé? D' fhéadfadh uiscí na farraige dul ar ceal, An sruthán dul i ndísc agus i dtiormacht, Ach luíodh an duine san uaigh, agus ní éireoidh sé arís. Go dté na spéartha ar ceal ní mhúsclóidh sé, Agus ní eireoidh sé as a chodladh. Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól! Agus mé a cheilt nó go dté d' fhearg thar bráid! Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm! Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D' fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm. Ghlaofá orm ansin, agus thabharfainn freagra ort, Agus bheifeá ag tnúth le radharc a fháil ar shaothar do lámh. Óir dhéanfá mo chéimeanna a ríomhadh Agus ní bheifeá ag faire mo locht. Bheadh mo choireanna faoi shéala i mála, Agus chuirfeá folach ar mo pheaca. Mar a thiteann sliabh le fána, Agus a chorraítear carraig as a láthair, Mar a chaitheann na huiscí na clocha, Mar a scuabann an tuile luaithreach na talún leis, Sin mar a scriosann tú dóchas an duine. Déanann tú é a threascairt go brách, agus imíonn sé leis; Cuireann tú athrú cló air, agus seolann tú uait é. Baineann a chlann mhac onóir amach, ach is gan fhios dó é! Leagtar ar lár iad, ach ní eol dó sin. Níl ag cur tinnis air ach a chorp féin, Níl d' ábhar olagóin ag a anam ach é féin. Iób á Dhaoradh as a Bhéal Féin Ar chóir do dhuine gaoismhear freagairt le heolas baoth? Agus a bholg a líonadh le gaoth anoir? An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeacht Agus le briathra gan tairbhe? Sea, tá eagla Dé á cur ar shiúl agat Agus tá urraim á diúltú agat dó. D' urchóid a spreagann do ráite béil, Agus is gean leat teanga na gcleasaithe. Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa, Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d' aghaidh. An tú céadghin an chine dhaonna? Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte? Ar chuala tú rún Dé? Ar ghlac tú an eagna chugat féin amháin? Cén t-eolas atá agatsa nach bhfuil againne? Cén intlíocht atá agat nach bhfuil againne freisin? Tá an ceann liath agus an críonna inár measc, Agus aos acu thar mar atá ag d' athair. An beag ort na sóláis ó Dhia? Agus an focal a labhraíonn go cneasta leat? Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú? Agus go bhfuil faghairt i do shúile? A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal. Céard é an duine go mbeadh sé íon? Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta? Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc. Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil, Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce? Éist liom, tá ceacht agam duit, Agus inseoidh mé duit cad a chonaic mé: Cad deir lucht gaoise, Agus nár cheil a sinsir, Ar dóibh amháin a tugadh an talamh, Agus nár ghabh aon deoraí ina measc: I gcaitheamh a ré go léir, Tá an t-urchóideach á chiapadh Agus tá blianta an tíoránaigh arna ríomhadh. Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh. ABN: 21, 31, 22-30, 32. Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas; Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó, Agus a bheith ina bhia ag badhbha. Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige, Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe. Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé, Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt. Thug sé ruathar ceanndána faoi le sciath ramharbhocóideach. Bhí brat blonaige ar a cheannaithe Agus sprochaillí saille ar a cheathrúna. Chuir sé faoi i gcathracha scriosta Agus lonnaigh i dtithe tréigthe, A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha. Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin, Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh. Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl. Ná téadh sé i muinín a thoirt; Tá breall air, níl aon tathag ann. Feofaidh a ghéaga roimh a n-am; Ní bheidh a chraobha glas. Ligfidh sé dá thorthaí titim agus gan iad abaí, dála na bhfíniúna, Agus caithfidh sé uaidh a bhláth dála na holóige: Óir níl an rath ar chuideachta na n-urchóideach, Agus loscfar bothanna na breibe le tine. Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid, Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana! Nach ainnis an lucht sóláis sibh! An mbeidh deireadh le bladhgar briathar? Nó cad a ghoill ort gur fhreagair tú mé? D' fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa, Dá mbeadh d' anamsa in áit m' anamasa. An ndéanfainn thú a chiapadh le focail? Nó mo cheann a chroitheadh ort? Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéil Agus ní dhiúltóinn sólás mo bheola. Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos; Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé. Anois ghoin mo chara cumainn mé Agus ciapann mo chuideachta go léir mé. D' éirigh sé mar fhinné i mo choinne, Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m' aghaidh. Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m' aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm. Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinne Agus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach; Tá rith an rása leo i m' aghaidh. Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach, Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach. ABN: 11, 17, 12-16, 18. Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé. Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom. Rinne sé a sprioc díom. Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom. Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise; Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh. Briseann sé mé mant ar mhant, Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch. D' fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceann Agus sádh mo cheann sa lathach. Tá mo cheannaithe craorag le neart goil, Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl. Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom, Agus gur íon í mo phaidir. Ná clúdaigh m' fhuil, a chré, Agus ná bíodh áit suaimhnis ag m' olagón. Anois féin, féach, tá m' fhinné ar neamh, Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas. Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam; Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair. Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan. Óir tá blianta mo shaoil arna n-áireamh, Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht. Tá mo spiorad le scrios, Tá mo laethanta caite, An uaigh atá i ndan dom. Tá lucht fonóide i mo thimpeall, Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam. Ceap, más ea, urra orm i do láthair; Cé rachaidh i mbannaí orm? Chuir tú an tuiscint i bhfolach óna gcroí, Uime sin ní ligfidh tú an bua leo. Dála an duine a thugann cuireadh chun bia dá chairde, Agus súile a chlainne gan preab iontu, Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha; Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air. Tá mo shúile á gcaochadh le gruaim, Agus is geall le scáil mo ghéaga. Cuireann sé seo uafás ar dhaoine ionraice, Agus déanann an neamhurchóideach casaoid in aghaidh an éagóraigh. Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí. Ach, tagaigí arís, sibh go léir, agus tugaigí fúm! Agus ní bheidh saoi le fáil agam in bhur measc! Tá mo ré thart! Tá mo phleannanna sáraithe, Agus mianta uile mo chroí! Dá fhad í an oíche, a deir siad, tagann an lá; Tá an solas láimh linn chun an dorchadas a ruaigeadh. Níl súil agam ach le Seól mar bhaile, Agus bualadh fúm sa dorchadas. Tugaim athair ar an morgadh, Agus máthair agus deirfiúr ar an gcruimh. Cá bhfuil mo dhóchas, más ea, Agus cé d' fhéadfadh aon [aoibhneas] a fheiceáil i mo chomhair? An dtiocfaidh siad seo síos liom go Seól? Nó an sínfear iad síos in éineacht liom sa pholl? Ansin d' fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt: An gcuirfidh tú srian go deo le do theanga? An gcaithfimid éisteacht, agus gan labhairt go pras? Cén fáth nach bhfuil ach meas madra agat orainn, Agus gur cuma leat sinn nó [ainmhí éigiallda] A stollann é féin le barr feirge? An gcaithfear an tír a bhánú ar do shon Agus an charraig a chur as a leaba? Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh, Agus lasair a thine a dhul in éag. Lagófar an solas ina bhoth Agus múchfar an lampa os a chionn. Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh, Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é. Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é, Agus siúlann sé i measc na sás. Béarfaidh gaiste ar sháil air Agus greamóidh sé sa dol. Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh, Agus gaiste roimhe ar an gcosán. Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála. Beidh an gorta aige mar [pháirtí] Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh. Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí, Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh. Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte. Agus tabharfar é i láthair rí na n-uafás. ABN: 14, 18, 15-17, 19 Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon, Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas. Seargfaidh a fhréamha laistíos, Agus feofaidh a chraobha lastuas. Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal, Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche. Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é. Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine, Ná comharba air ina áit chónaithe. Cuirfidh a chríoch uafás ar an domhan thiar, Agus scéin ar an domhan thoir. B' áit chónaithe choirpigh an áit seo go dearfa, Áitreabh duine nárbh eol dó Dia. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: An fada a bheidh sibh do mo chiapadh Agus do mo bhascadh le focail? Thug sibh tarcaisne dom deich n-uaire Agus mhaslaigh sibh mé go mínáireach. Fág go ndeachaigh mé amú, Nach bhfanann mo locht faram féin? [Labhair mé focail gan tairbhe, Ba trí dhearmad a labhair mé, agus le barr aineolais.] Má bhíonn sibh uaibhreach liom, Agus argóint i mo choinne a dhéanamh de mo náire, Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall. Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm. Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam. Chuir sé bac ar mo bhóthar agus ní féidir dom gabháil thairis. Chuir sé an dorchadas ina bhrat ar mo chosán. D' fhuadaigh sé mo ghlóir, Agus bhain an choróin de mo cheann. Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé. Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh. D' adhain sé a fhearg i m' aghaidh, Agus d' áirigh sé mé mar namhaid dó. Tháinig a fhorsaí i m' aghaidh in éineacht, Thug siad ruathar fúm, Agus chuir léigear ar mo bhoth. Thréig mo bhráithre mé, Agus scar mo lucht aitheantais liom ar fad. D' imigh mo ghaolta agus mo chairde cumainn chun siúil uaim, Agus rinne m' aíonna i mo theach dearmad orm. Is strainséar mé dar le mo bhanseirbhísigh; Níl ionam ach duine deoranta dar leo. Glaoim ar mo sheirbhíseach, ach freagra ní thugann sé; Ní foláir dom dul ag tathant air. Is bréan le mo bhean an anáil asam, Agus is gráin le mo bhráithre cíche mé. Tá drochmheas ag na leanaí féin orm; Nuair a thagaim i láthair labhraíonn siad i mo choinne. Is fuath le mo chairde cléibh mé, Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d' iompaigh siad i m' aghaidh. Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann, Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal. Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom, Óir threascair lámh Dé mé. Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé? Nach bhfuil bhur sáith de m' fheoil ite agaibh? Mo mhairg nár scríobhadh síos mo bhriathra, Nár inscríobhadh iad ar scrolla, Nár greanadh iad, le peann iarainn agus le luaidhe, Ar charraig go brách. Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh. Dá bhfeicfinn é ar scaradh le mo chneas, Dá bhfaighinn radharc ar mo Dhia agus mé díchollaithe, An té a d' fheicfinn, bheadh sé ar mo thaobh, An té a bhfeicfeadh mo shúile é, ní bheadh sé eascairdiúil liom. Tá mo leasracha á gcnaí! Sibhse a deir: «Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?» Bíodh eagla oraibh féin anois roimh an gclaíomh, Mar adhanfar fraoch na feirge in aghaidh na hurchóide, Le go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil breithiúnas ann dáiríre. Ansin d' fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt: Tá fonn ar mo smaointe freagra a thabhairt ar an méid sin; Agus ní ionadh mé a bheith do mo shuaitheadh go mífhoighneach; Is beag orm an teagasc a fuaireas, Ach thug spiorad as mo thuiscint freagra orm: Is eol [dom] seo ó na cianta, Ó cuireadh an duine ar talamh: Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh. ABN: 5, 11, 6-10, 12 Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéir Agus go sroichfeadh a cheann na néalta, Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha; Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: «Cá bhfuil sé?» Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche. An tsúil a chonaic é, ní luífidh sí air a thuilleadh, Agus ní bhfaighfear radharc air níos mó ina áit dhúchais. Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc. Tá lúth na hóige ag borradh ina chnámha, Ach luífidh sé leis sa chré Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal, Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga. Níor mhian leis scaoileadh léi Ach moill a chur uirthi ina bhéal. Ach téann athrú ar a chuid bia ina ghoile, Déanann nimh nathrach de ina bholg. An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag; Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg. Déanann sé nimh nathrach a dhiúl; Is í teanga na nathrach nimhe a mharóidh é. Ní fhéachfaidh sé ar aibhneacha ola, Ar shlaoda meala agus ime. Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair; Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine. Óir réab sé botháin na mbocht, Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin. Níorbh fhéidir saint a chroí a shásamh, Agus anois [ní shábhálfaidh a thoice é]. Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla, Agus anois ní bheidh a chonách buan. Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall. Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air. (Nuair a líon sé a bholg?) Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air, Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp. Má theitheann sé ón arm iarainn, Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é. Tiocfaidh an crann amach trína dhroim, Agus an rinn trí mháilín a dhomlais. Tá stór uafas i ndán dó. Agus tá an dorchadas go léir ar a thí. Tá tine gan bhoilg lena alpadh; Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth. Nochtfaidh na flaithis a urchóid, Agus éireoidh an talamh ina choinne. Scuabfaidh díle a theach ar shiúl, Mar thuile lá na feirge. Sin é cuid roinne an urchóidigh ó láimh Dé Agus oidhreacht a uaille ó Dhia. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: Tugaigí cluas ghéar do mo ráite, Agus bíodh an méid seo mar shólás agaibh uaimse. Tugaigí cead cainte domsa chomh maith Agus nuair a bheidh deireadh ráite agam, ar aghaidh le bhur bhfonóid. An in aghaidh an duine atáimse ag gearán? Cén fáth nach mbeadh mífhoighne orm? Tugaigí aird orm, agus cuirfear déistean oraibh, Agus ní bheidh focal asaibh. Ní gá dom ach cuimhneamh agus tagann uafás orm, Agus bím ar ballchrith. Cén fáth gur buan iad na coirpigh Agus go méadaíonn a maoin le himeacht na mblianta? Cuirtear bun faoina gclann ina láthair, Agus faoina ngaolta agus faoina sliocht os comhair a súl. Tá a dtithe slán, gan eagla; Ní orthusan a bhagraíonn Dia a shlat. Doireann a dtarbh, agus bíonn an rath air, Beireann a mbó lao, agus ní marbhghamhain. Ligeann siad dá naíonáin súgradh mar na huain, Agus dá leanaí damhas [mar na fianna]. Canann siad le ceol tiompáin agus cláirsí, Agus bíonn siad ag rangás le poirt na feadóige. ABN: 12, 30, 31, 13-29, 32 Caitheann siad a ré faoi lúcháir, Agus téann siad síos go Seól faoi shíocháin. Ach is iadsan a deir le Dia: «Imigh uainn! Ní áil linn eolas a chur ar do bhealaí! Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?» «Ní ar a láimh féin atá a gconách, Agus is fada ó Dhia comhairle na gcoirpeach» An minic a mhúchtar lampa na gcoirpeach? Nó a thagann an tubaiste sa mhullach orthu? An roinneann sé pianta ina racht feirge? An cuma iad nó diasa á séideadh ag an ngaoth, Nó cáith a scuabadh ag an stoirm? Deir sibh: «Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.» Déanadh sé díoltas air féin d' fhonn go mbeadh a fhios aige! Go bhfeice a shúile féin a scrios, Agus go n-ola sé fearg an Uilechumhachtaigh! Óir cén mhairg dó a theach ina dhiaidh, Nuair atá líon a mhíonna thart? «Cé a d' fhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia, Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?» Faigheann duine bás i mbarr a chumais, Agus é go sona sásta ar fad, A cheathrúna ramhar méith, Agus smior a chnámh gan seascadh. Faigheann duine eile bás agus é searbh ó chroí, Gan aon aoibhneas riamh a bhlaiseadh. Luíonn siad le chéile sa chré, Agus brat cruimheanna orthu. Is maith is eol dom bhur smaointe Agus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i m' aghaidh, Óir deir sibh: «Cá bhfuil teach an fhlatha? Agus cá bhfuil an both inar lonnaigh an coirpeach?» Nár chuir sibh riamh ceist ar lucht taisteal na slí? Nó ar bhain sibh míchiall as séadchomharthaí? «Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis; Scuabtar ar shiúl é lá na feirge» Cé a chuirfidh a bhealaí ina leith aghaidh ar aghaidh, Cé a dhéanfaidh a bhearta a chúiteamh leis? Déantar é a iompar chun na huaighe, Agus cuirtear faire ar a leacht. Is milis leis fóda an ghleanna; Leanann an saol mór é ina shochraid (Agus gabhann slua gan áireamh roimhe amach). Cén chiall mar sin atá le bhur sólás baoth? Maidir le bhur bhfreagraí, níl fágtha iontu ach bréag! Cúitíonn Dia An féidir d' aon duine tairbhe a dhéanamh do Dhia Le go ndéanfadh an t-eagnaí tairbhe dó? An aon bhuntaiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta? Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta? An de bharr do dhúthrachta a chuireann sé pionós ort Agus a théann sé chun breithiúnais leat? Nach mór í d' urchóid, Agus nach bhfuil do choireanna gan teorainn? Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre, Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht. Níor thug tú deoch uisce don tuirseach, Agus dhiúltaigh tú arán don ocrach. ABN: 7, 9-14, 8, 18, 15-17, 19 Ach is ag an tréan atá seilbh ar an talamh, Agus tá cónaí ar an gcumasach ann. Lig tú na baintreacha uait folamh Agus bhasc tú géaga na ndílleachtaí. Uime sin tá gaistí i do thimpeall Agus uafás tobann do do sceimhliú. Dorchaíodh do sholas agus dalladh thú, Agus tá an díle do do bhá. Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe [Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde? Ach deir tú: «Cén t-eolas atá ag Dia? Agus an féidir leis breith a thabhairt tríd an dorchadas? Tá na néalta mar bhrat tiubh dó agus ní féidir leis feiceáil, Agus siúlann sé ar stua na speire. An gcloífidh tusa leis an seanchosán, A ghabh na hurchóidigh? Sciobadh iadsan ar shiúl in antráth, Agus scaoileadh abhainn thar a láithreacha boinn. Dúradar le Dia: «Imigh uainn!» Agus «Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?» Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí, Agus is cian uaidh comhairle na n-urchóideach.» Feiceann na fíréin an méid sin agus bíonn áthas orthu, Agus bíonn na neamhchiontaigh ag fonóid fúthu: «Scriosadh a [réim] go dearfa, Agus loscadh a gconách le tine!» Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agat Agus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit. Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil, Agus taiscigh a theagasc i do chroí Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos, Díbir an urchóid ó do bhoth, Agus caith an t-ór sa luaithreach, Agus ór Óifír ar ghrinneall na habhann; Ansin beidh an tUilechumhachtach agat mar ór, Nó mar airgead ina charnáin. Beidh an tUilechumhachtach agat mar ábhar lúcháire, Agus ardóidh tú do ghnúis chun Dé. Guífidh tú chuige, agus éistfidh sé leat, Agus comhlíonfaidh tú do mhóide. Má bheartaíonn tú cúrsa, rithfidh leat, Agus lonróidh solas ar do bhealaí. Óir leagann sé ar lár lucht na mbriathar uallach, Agus slánaíonn sé lucht na súl uiríseal. Fuasclaíonn sé an neamhchiontach, Agus tiocfaidh [tusa] slán trí ghlaine do lámh. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt sé: Is ceannairceach mo chasaoid fós inniu, Cé go bhfuil mo lámh ag luí ar m' osnaíl. Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é, Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh. Chuirfinn mo chás in iúl os a chomhair Agus bheadh clab orm le hargóintí. D' fhoghlaimeoinn gach focal cosanta a labhródh sé, Agus thuigfinn gach a ndéarfadh sé liom. An rachadh sé chun aighnis liom le lán a chumais? Ní dhéanfadh! Níorbh fholáir dó éisteacht a thabhairt dom. Is duine ionraic a bheadh ag argóint leis Agus bhuafainn mo chás go dearfa. Féach! Má ghabhaim soir, níl sé ann; Nó siar, ní bhfaighim radharc air. Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air; Má chasaim ó dheas, ní fheicim é. Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as. Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna, Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh. Níor chlaon mé ó aithne a bheola, Agus thaiscigh mé briathra a bhéil. Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d' fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é. Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige. Uime sin, tá uafás orm ina láthair; Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe. Scaip Dia mo mhisneach, Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm. Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air, Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé. Cén fáth nach bhfuil a thaisce tráthanna féin ag an Uilechumhachtach? Agus cén fáth nach bhfeiceann lucht a aitheantais a laethanta? Tógann na [coirpigh] marcanna teorann chun siúil; Fuadaíonn siad idir chaoirigh agus [aoire]. Tiomáineann siad asal an dílleachta chun siúil, Agus tógann siad damh na baintrí mar gheall. Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra, Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach. Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n-asal fiáin, Agus ocras a gclainne [á ngriogadh] Chun bia a lorg sna steipeanna loma. Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile, Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh. Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach, Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht. Fliuchtar go craiceann iad ó fhearthainn na sléibhte, Agus le heaspa fothana, síneann siad le taobh carraige. ABN: 8, 10, 11, 12, 9, 14a, 14b, 15, 14c, 16, 13, 17 Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall. Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh, Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia. Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna. Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin. Bíonn osnaíl na mbásachán le cloisteáil ón gcathair, Agus screadann an duine gonta ó chroí. Ach ní thugann Dia cluas [dá nglao]. Is cuma iad nó naimhde an tsolais; Ní eol dóibh a bhealaí, Agus seachnaíonn siad a chosáin. 14a Éiríonn an dunmharfóir roimh lá, 14b Leis an mbocht agus an dealbh a mharú. 14c Téann an gadaí timpeall san oíche, Bíonn an t-adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir, Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm, Agus cuireann sé brat thar a aghaidh. Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas. Sa lá téann siad i bhfolach; Ní eol dóibh siúd an solas. Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha, Mar is eol dóibh a huafáis. Deir sibh: «Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n-uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce. Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána. Dá scrúdódh Dia an peacach, Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.» Mhaslaigh sé an bhean aimrid nár iompair leanbh, Agus ní raibh sé cneasta leis an mbaintreach. Ach cuirtear fad le laethanta an tíoránaigh, Agus beireann sé bua le barr nirt, Nuair a chailleann sé a mhuinín ina bheatha, Tugtar dó socracht agus taca. Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí, D' ardófaí iad ar feadh tamaillín, agus ansin theipfidís. Thitfidís ar lár, agus threigfidís ar nós na leamhaí buí, D' fheofaidís ar nós diasa arbhair. Muran mar sin atá, cé a chruthóidh gur thugas m' éitheach, Nó cé a thaispeánfaidh nach fíor iad mo ráite? Ansin d' fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt: Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]! Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda. An bhfuil áireamh ar líon a shluaite, Ar tháinig aon duine slán óna [luíocháin]? Arbh fhéidir d' aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic? Níl an ghealach féin geal, Ná na realtaí glan ina láthair. Nach lú ná sin an duine, nach bhfuil ann ach cruimh, Agus mac an duine, nach bhfuil ann ach péist. Ansin d' fhreagair Iób, agus dúirt: ABN: 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 1, 2, 3, 4 Nach breá an chabhair a thug tú don lag! Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith! Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach! Agus an misneach don lagmhisniúil. Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite? Agus cé leis an spiorad a tháinig uait? Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos, Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh. Tá Seól tarrnocht os a chomhair, Agus Abadón gan bhrat. Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolús Agus a chroch an chruinne ar neamhní. Cheangail sé na huiscí ina néalta, Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n-ualach. Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré], Agus leath sé a néal thairsti. Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n-uiscí, Ag an teorainn idir solas agus dorchadas. Tagann creathán ar cholúin na spéire, Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt. Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht, Agus threascair sé Ráhab lena éirim. Shoilsigh a anáil na spéartha, Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh. Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí! Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair! Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta? Agus lean Iób air lena aitheasc agus dúirt: Dar Dia beo a bhain díom mo cheart, Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m' anam, Fad tá an dé ionam, Agus spiorad Dé i mo pholláirí, Ní labhróidh mo bheola focal éithigh go brach Ná ní thiocfaidh bréag as mo bhéal! Gura fada uaim a admháil go bhfuil tú sa cheart! Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé m' ionracas. Seasaim ar fhód m' fhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé. Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil. Droch-chríoch ar m' eascara, dála an urchóidigh, Agus ar mo namhaid, dála an éagráifigh. Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó, Agus ag ardú a anama chun Dé? An n-éistfidh Dia lena ghlao Nuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air? An é an tUilechumhachtach is gean leis? An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé? A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé, Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt. Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad, Ní chuirfeadh sibh bhur n-anáil amú ar bhriathra baotha. Sé seo atá i ndán ag Dia don choirpeach, Agus an oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ar an tíoránach. Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh; Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia. Déanfaidh an bás an mhuintir a bheidh fágtha a adhlacadh, Agus ní dhéanfaidh a mbaintreacha olagón. Cruinníodh sé airgead mar luaithreach, Agus cnuasaíodh sé éadach mar chré. Bíodh aige! Ach is duine cóir a chaithfidh, Agus roinnfear a chuid airgid ar an muintir ionraic. Thog sé nead damhán alla dó féin, Agus seantán fhear faire. Luíonn sé síos saibhir, ach ní bheidh sé amhlaidh arís, Nuair a dhúiseoidh sé beidh gach ní imithe. Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile, Agus fuadóidh stoirm é san oíche. Ardóidh an ghaoth anoir ón talamh é, agus béarfaidh sí léi é, Sciobfaidh sí é óna áit chónaithe. Déanfar sprioc lámhaigh de gan trua ná taise; Caithfidh sé teitheadh ó lucht a bhagartha. Buailfear bosa nuair a leagfar ar lár é, Agus beifear ag drannadh air ó gach aird. Tá mianach ann don airgead Agus tine ann leis an ór a ghlanadh. Tógtar iarann as an talamh, Agus tagann copar ón gcloch leáite. Cuireann an duine deireadh le dorchadas. Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladh Síos go híochtar agus go grinneall. Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt, In áiteanna atá gan teannta don chois, Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine. An talamh as a dtagann an t-arán, Déantar é a chreachadh laistíos le tine. Is leaba saifírí a chlocha, Agus ór is luaithreach aige. ABN: 6, 9, 10-13, 7, 8, 14 Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche, Agus ní fhaca súil na baidhbhe í. Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin, Ná níor leag an leon a chosa air. Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch, Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn. Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha, Agus é ag faire amach do gach sort seoide. Cuardaíonn sé foinsí na n-aibhneacha, Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach. Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáil Agus cá bhfuil teacht ar an tuiscint? Ní eol don duine an bealach chuici, Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo. Deir an duibheagán: «Níl sí ionamsa,» Agus an fharraige: «Níl sí faramsa.» Ní féidir í a cheannach ar ór, Ná díol aisti le meáchan airgid. Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír, Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire. Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi, Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi. Ní fiú cuireal ná criostal a lua I gcóimheas léi ní fiú péarla an t-iascach. Tópás na hAetóipe ní ionann agus í, Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre. Ach inis dom, cad as don eagna? Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil? Tá sí i bhfolach ó shúile na mbeo go léir, Agus ceilte ar éanlaith an aeir. Deir Abadón agus an Bás: «Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.» Ag Dia amháin is fios a cosán, Agus dó is eol a háit lonnaithe. Mar tá radharc aige go imill na cruinne, Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir. Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth, Agus a thomhais sé toirt na n-uiscí, Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach, Agus cosán le leanúint don toirneach, Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas; Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í. Agus dúirt sé leis an duine: «Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t-olc a sheachaint is ea an tuiscint.» Lean Iób air lena aitheasc ansin agus dúirt: Uch nach bhfuil an scéal agam mar a bhí sna míonna atá thart, Agus sna laethanta ina raibh Dia i mo chúram. Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn, Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas, Mar a bhí mé i laethanta mo shéin, Nuair a chuir Dia fál timpeall mo bhotha; Nuair a bhí an tUilechumhachtach fós faram, Agus mo chlann i mo thimpeall; Nuair a bhí mo chosa á ní le huachtar, Agus ola ina slaoda ó na carraigeacha! Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach, Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh, Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh, Agus d' éirigh na seanóirí ina seasamh. Scoir na flatha den chaint. Agus leag méara ar a mbeola. D' éist glór na dtaoiseach, Agus níor bhog a dteanga ón gcarball. Nuair a chuala an chluas mé, chuir sí a beannacht orm, Agus nuair a chonaic an tsúil mé thug sí fianaise orm. Óir d' fhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé, Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta. Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháis Agus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí. Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat; Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart. Ba shúile mé don dall, Agus cosa don bhacach. Ba athair mé don bhochtán, Agus d' iniúch mé cúis an duine anaithnid. Bhris mé giall an éagóraigh Agus sciob mé a chreach óna fhiacla. Dúirt mé liom féin: «Gheobhaidh mé bás faoi onóir; Rachaidh mo laethanta i líonmhaire dála an chrann pailme, Agus mo fhréamha leata i dtreo na n-uiscí, Agus an drúcht ag luí ar mo dhuilliúr san oíche. Ní rachaidh mo cháil ar gcúl, Agus beidh neart úr sa bhogha i mo láimh.» D' éisteadh daoine liom go foighneach, Agus thugaidís cluas do mo chomhairle gan focal astu. Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís, Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann. Bhídís ag feitheamh liom mar a bheidís leis an mbáisteach. Agus d' osclaídís a mbéal mar a dhéanfaidís don bháisteach dhéanach. Dá ngairfinn fúthu, ní chreidfidís; Dá réiteoinn, ní chuirfidís ina choinne. Dhéanainnse a gcúrsa a roghnú, agus shuínn mar thaoiseach; Agus bhínn mar rí i measc a shluaite, Agus mar shólásaí do lucht an chaointe. Ach is ceap magaidh mé anois Ag na sóisir, ag dream is óige ná mé féin, Nárbh fhiú liom a n-aithreacha A chur i bhfeighil mo thréad le mo mhadraí. Cén tairbhe dom neart a lámh, Mar ní raibh aon lúth fágtha sa dream úd Le gannchúis agus le gorta! Bhídís ag cogaint fréamha luíonna an fhásaigh, Agus na leamhaí buí agus duilliúr na dtor; Ní raibh de bhia acu ach fréamh an aitinn. Tiomáineadh ó chomhluadar daoine iad; Tógadh liú ina n-aghaidh dála an ghadaí; Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta, In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige. Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor, Agus ag brú ar a chéile sna neantóga. Síol gan uaisleacht gan mheas, Scriosadh iad as an tír. Sin iad an dream anois a bhfuilim mar ábhar amhrán acu! Táim i mo sceith béil acu. Tá an ghráin acu orm agus seachnaíonn siad mé. Ní scorn leo seile a chaitheamh san aghaidh orm. De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé, Chaitheadar an béalbhach as a mbéal. Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne, Agus ag caitheamh asachán [liom], Agus ag céimniú go bagrach i m' aghaidh. Tá bac ar mo chosáin go léir acu le mé a scrios; Ritheann leo agus níl aon duine lena gcosc. Tagann siad ar aghaidh mar a bheadh trí bhearna leathan, Agus basctar mé faoin mbruscar. Scaoileadh uafáis liom, Agus séideadh m' onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth, Agus d' imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal. Tá m' anam ag leá uaim, Agus greim ag laethanta péine orm. Bíonn doitheacha i mo chnámha san oíche; Bíonn pianta do mo chreimeadh gan sos. Rug [Dia] ar bhrat orm le teann nirt, Agus fuair greim ar bhóna m' fhallainge. Chaith sé sa dríb mé Agus is cuma mé nó lathach is luaithreach. Glaoim ort gan freagra a fháil; Seasaim os do chomhair, ach ní thógann tú ceann díom. D' éirigh tú cruálach ag plé liom, Agus buaileann tú mé le neart do láimhe. Ardaíonn tú ó thalamh mé le hiompar ag an ngaoth, Agus suaitheann tú mé i súil na stoirme. Tá a fhios agam gur go dtí an bás atá tú do mo bhreith, Agus go teach cruinnithe na mbeo go léir. Ach ar leag mise lámh riamh ar na boicht Agus iad ag glaoch ag lorg fóirithinte óna dtubaiste? Ghoil mé go deimhin ar son lucht an tsaoil bhrónaigh, Agus chaoin mé cás an bhochtáin. Bhí mé ag súil leis an maith, ach sé an t-olc a tháinig. Bhí mé ag súil leis an solas, ach sé an dorchadas a thit. Tá suaitheadh ar mo chroí, gan suaimhneas air choíche, Agus é gach lá ag iompar a ualach bróin. Gabhaim timpeall go dubhach, gan [sólás ar fáil dom]. Seasaim sa chomhthionól, ach is le glaoch ar chabhair. Is bráthair don seacál mé, Agus comrádaí don ostrais. Dhúigh mo chraiceann orm Agus tá mo chnámha á loscadh ag fiabhras. Tá mo chruit i dtiúin don olagón, Agus m' fheadóg do ghlór lucht an chaointe. Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean. Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh? Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis? Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide? Nach bhfeiceann sé mo bhealaí Agus nach n-áiríonn sé mo choiscéimeanna? An raibh mé cois ar chois leis an mbreag? Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise? Déanadh sé mé a mheá sa mheá ionraic, Agus bíodh m' fhíréantacht ar eolas ag Dia! Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach, Nó má lean mo dhúil mo shúil, Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac, Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar; Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl! Má mealladh mé riamh ag bean, Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan, Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile, Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa. Ba pheaca drúise é sin, Coir le [díolt ag an dlí], Coir a d' adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón. Agus a dhófadh m' fhómhar go léir. Dá ndiúltóinn do cheart mo dhaoráin Nó mo dhaoirsí, nuair a bhíodar ag aighneas liom, Cad a dhéanfainn nuair a d' éireodh Dia? Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú? An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin? Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar? Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air? Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí? Ar chaith mé mo chuid bia liom féin, Gan cuid a thabhairt don dílleachta? Óir bhí [Dia] mar athair agam do m' oiliúint ó m' óige, Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar. An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach, Nó fear bocht gan bhrat, Agus gan é do mo bheannú ó chroí, Agus lomra mo chaorach á théamh? Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata? Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán, Agus go stractar mo ghéag as alt! Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta. Ar chuir mé mo mhuinín san ór? Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: «Is tú mo thaca.» Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine? Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac? Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir, Nó niamh na gealaí ina cúrsa, Ar mealladh mo chroí os íseal Is gur chaith mé póg ó mo láimh leo? Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí Mé a shéanadh Dé in airde. Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad, An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é? Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh, Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do. Nár dhúirt lucht mo bhotha: «An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?» Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid; Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí]. ABN: 32, 38, 39, 40a, 40b, 33, 34, 35, 36, 37, 40c Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]? Agus ar chuir mé m' urchóid i bhfolach i mo chliabh? An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach? Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé. Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne, Caithfidh mé ar mo ghualainn é, Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin; Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol, Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis. Má ghlaoigh mo chuid talún i m' aghaidh, Agus go raibh gach clais ar snámh le deora, Má ith mé a thoradh gan díol as, Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe, 40a Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht, 40b Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna. 40c (Sin críoch ar bhriathra Iób.) Réamhrá: Aitheasc a hAon Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart. Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia]. Fad a bhíodarsan ag caint le Iób, bhí foighne ag Eilíhiú mar ba shine iad ná eisean. Ach nuair a chonaic Eilíhiú nár fágadh focal le freagairt i mbéal an triúir, tháinig rabharta feirge air. Agus ansin d' fhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt: Táim ar bheagán blianta Agus sibhse in bhur seanóirí, Uime sin bhí eagla agus ceann faoi orm Mo smaointe a nochtadh. Dúirt mé: «Labhraíodh na blianta Agus cuireadh an aois mhór an eagna in iúl!» Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine, Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint. Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht, Ná ní hiad na seanóirí is géire breith. Deirim, dá bhrí sin, «Tugaigí cluas dom! Bíodh cead cainte agamsa freisin le m' eagna a fhógairt!» Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra, Agus cluas agam do bhur ráite gaoise; Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt, Bhí aird agam oraibh. Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhreagnú; Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt. Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna, Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc]. Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d' argóint; Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa. Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu, Ná freagra ina mbéal. D' fhan mé nó gur éisteadar, Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá. Beidh rud éigin le rá agamsa anois! Déanfaidh mise anois m' eolas a fhógairt. Féach! táim lán de chaint! Agus tá an spiorad i mo bholg do m' éigniú. Tá mo bholg mar fhíon nua ag lorg poill sceite, Agus ag pléascadh seithe nuaghlan fíona. Níl d' fhaoiseamh agam ach labhairt, Osclóidh mé mo bhéal agus tabharfaidh mé freagra. Ní bheidh lé agam le haon duine, Ná ní bheidh mé ag bladar le fear ar bith. Nílim oilte ar an mbladar Nó is gearr go gcuirfeadh mo chruthaitheoir deireadh liom. Éist le mo bhriathra, a Iób, Agus tabhair cluas do m' fhocail go léir! Féach, nuair a osclóidh mé mo bhéal, Agus go mbeidh mo theanga ag gearradh na bhfocal de mo charball, Fogróidh mo chroí briathra eagnaí Agus labhróidh mo bheola le lándáiríre. ABN: 3, 5, 6, 4, 7 Spiorad Dé a rinne mé, Agus sé a anáil a chuir anam ionam. Bréagnaigh mé, más féidir duit; Réitigh fód do sheasaimh romham. Féach ní [dia] mise, ach duine mar thú féin. Dealbhaíodh mise as an gcré, do dhála féin. Ná cuireadh eagla romham aon mhairg ort, Ní luífidh mise go trom ort. Dúirt tú i gclos mo chluas Chuala mé na focail féin uait «Táim gan cháim, gan pheaca; Táim ionraic, saor ó urchóid. Tá sé ag fáil leithscéalta i m' aghaidh, Agus do m' áireamh mar namhaid. Chuir sé mo chosa i gceap, Agus faireann sé mo bhealaí go léir.» Níl an ceart agat sa mhéid sin, a deirim leat, Óir is mó Dia ná an duine. Cad ab áil leat ag gearán faoi Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal. Labhraíonn Dia ar dtús ar shlí Agus ansin ar shlí eile, cé nach dtugtar faoi deara é: Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche, Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain, Agus iad ina sámhchodladh ina leaba. Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais, Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis, D' fhonn an duine a iompú óna dhrochbhearta, Agus deireadh a chur lena dhíomas. Déanann sé a bheo a chosaint ar an uaimh, Agus a anam a shábháil ó Sheól. Déanann sé an duine a cheartú le pianta ar a leaba, Nuair a bhíonn creathán gan stad ina chnámha, Agus bia ag cur masmas dearg air; Agus gráin ó chroí aige ar shóláis; Agus a fheoil á creimeadh os comhair do shúl; Agus a chnámha le feiceáil ag gobadh go nocht óna gclúid; Agus a anam ag druidim leis an uaimh, Agus a bheo le [teach na marbh]. Ansin bíonn aingeal láimh leis, Idirghabhálaí, aon ar mhílte, Lena dhualgas a chur in iúl dó, Le bheith cneasta leis, agus a rá: «Fuascail é ó thitim san uaimh, Fuair mé geall ar a shon»; Bíonn a chneas arís i mbláth na hóige; Agus filleann sé arís ar laethanta a chumais. Guíonn sé chun Dé agus tugann seisean aird air; Agus feiceann sé a ghnúis agus lúcháir air, Agus fógraíonn sé don saol scéal a shaortha; Canann sé an chaithréim seo os comhair daoine: «Pheacaigh mé, agus thréig mé cosán na fíréantachta, Ach ní dhearna [Dia] díoltas orm. D' fhuascail sé m' anam ó dhul síos san uaimh, Agus beidh mo shaol faoi sholas.» Déanann Dia na nithe seo go léir Arís agus arís eile don duine. Fuasclaíonn sé a anam ón uaimh, Le go mbeadh solas na beatha ag taitneamh air. A Iób, éist liom, agus bíodh aird agat orm! Bí i do thost, tá a thuilleadh le rá agam! Má tá aon ní le rá agat, freagair mé! Labhair amach, mar is fonnmhar a admhóinn thú a bheith gan choir. Mura bhfuil, tabhair cluas dom; Bí i do thost fad a bheidh mise ag teagasc na heagna duit. Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt: Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe, Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais. Óir déanann an chluas briathra a phromhadh, Mar a dhéanann an carball bia a bhlas. Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart; Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir. Dúirt Iób: «Táimse fíréanta, Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom. Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom, Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.» An bhfuil a lán de leithéid Iób ann, A shlogann an sciolladh mar uisce? Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilc Agus a shiúlann le hurchóidigh? Mar nár dhúirt sé: «Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.» Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna; Is fada ó Dhia an choirpeacht Agus an éagóir ón Uilechumhachtach. Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha, Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó. Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir, Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith; Cé chuir an chruinne faoina chúram Agus an saol mór ina iontaoibh? Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin, Agus a anáil a bhailiú chuige féin, Gheobhadh gach feoil bás, Agus d' fhillfeadh an duine ar an gcré. Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo, Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam: An mbeidh duine gur fuath leis an ceart i gceannas? An ndéanfaidh tú breitheamh na dtréan a dhaoradh? An té a thabharfadh «suarachán» ar a rí, Agus «coirpeach» ar thaoiseach, Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile. Faigheann siad bás i bprapadh na súl; Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche, Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir; Óir tá súil aige ar iompar an duine, Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann. Níl dorchadas ná scáil bháis ann, Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach. Óir ní dhearna sé coinne d' aon duine Le dul i láthair Dé i mbreithiúnas. Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh, Agus cuireann dream eile ina n-áit. Tá fios a mbeart aige, Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche. Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta, Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil. «D' iompaíodar óna sheirbhís,» a deir tú, «Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir, I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin. D' fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?» Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine, Agus saorann sé fiú an t-aindiaga ó ghreim na hainnise. Má deir duine le Dia: «Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart. Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é! Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.» Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú, Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna? Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh, Abair céard atá ar eolas agat. An mhuintir thuisceanach go léir, Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom: «Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób, Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.» Ach déanfar Iób a phromhadh go ceann scríbe, Mar go bhfreagraíonn sé mar a dhéanfadh urchóidigh. Óir cuireann sé ceannairc mar bhreis lena pheaca, Ag [caitheamh amhrais faoin gcoir inár measc] Agus ag tabhairt masla ar mhasla do Dhia. Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt: An dóigh leat gur chóir duit A rá: «Táimse fíréanta i láthair Dé»? Agus ceist a chur air: «Cad é sin duitse? Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?» Tabharfaidh mise freagra ort féin Agus ar do chairde chomh maith. Féach suas chun na spéartha, agus feic; Spiúnaigh na néalta go hard os do chionn. Má pheacaíonn tú, conas a sháraíonn tú é? Más líonmhar iad do chionta cén dochar a dhéanann tú dó? Má bhíonn tú fíréanta, cad a bhronnann tú air? Agus cad a fhaigheann sé ó do láimh? Do chomharsa a bhíonn thíos le d' urchóid, Agus is leis an duine daonna a bhaineann do dheabhearta. Glaonn daoine os ard de bharr géarleanúintí, Agus bíonn siad ag cáiseamh de bharr forneart an tréin. Ach ní deir aon duine: «Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir, An té a thugann fóirithint san oíche, Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne. Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.» Glaonn siadsan, ach ní thugann sé freagra, De bharr dhíomas na n-urchóideach. Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar, Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara. Deir tú: «Ní fheiceann sé mé; Tá mo chás curtha faoina bhraid, ach ní mór dom feitheamh fós!» Nó: «Ní chuireann a fhearg pionós i bhfeidhm, Ná ní dhealraíonn sé gur eol dó ceannairc na ndaoine.» Is le barr baoise a osclaíonn Iób a bhéal, Agus le teann aineolais a labhraíonn sé chomh fadálach sin. Lean Eilíhiú air ag caint agus dúirt: Bí foighneach go fóill, agus taispeánfaidh mé duit, Óir tá breis le rá agam ar son Dé. Beidh argóintí liom ag teacht ón imigéin Agus mé á dheimhniú go bhfuil mo cruthaitheoir sa cheart. Níl bréag i mo ráite, bí deimhin de, Tá duine atá foirfe ina chuid eolais ag plé leat. Ní dhiúltaíonn Dia don té atá glan ó chroí; Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta. Tugann sé a chuid don bhocht, Agus cosnaíonn cearta an fhíréin. Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach, Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích, Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad, Go daingean i mbraighdeanas an anró. Fógraíonn sé a mbearta dóibh, Agus peacaí an uabhair a rinne siad. Cuireann sé cogar ina gcluais, Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí. Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air, Bíonn an rath ar dheireadh a saoil, Agus a mblianta deiridh go sochma. Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad, Agus buaileann an bás iad gan choinne. Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothú Agus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad. Faigheann siad bás ina n-óige, Nó caitheann siad saol náireach; Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n-ainnise, Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan. Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin; Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn, Agus sólais mhéithe ar do bhord. Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh; Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí. Seachain agus ná mealladh maoin thú, Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú. Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht, Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag. Ná satail ar na daoine nach aithnid duit D' fhonn do ghaolta a chur ina n-áit. Seachain agus ná claon leis an olc, Mar sin é is cúis dáiríre le d' anró. Féach! tá Dia á mhóradh lena neart, Cé is teagascóir mar é? Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige? Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: «Rinne tú éagóir»? Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha; Bhí siad go minic ina n-ábhar molta ag daoine. Is soiléir iad don saol mór, Agus tá radharc orthu ón imigéin. Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n-eolas; Níl áireamh ar líon a bhlianta. Eisean a chuireann srian leis an mbáisteach Agus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo; Bíonn na scamaill á sceitheadh Ina dtuilte ar an gcine daonna. ABN; 28, 31, 29, 30, 32 Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún? Leathann sé a cheo ina thimpeall, Agus clúdaíonn sé barr na gcnoc. Leosan a dhéanann sé na pobail a chothú, Agus a dháileann sé bia go fial. Cnuasaíonn sé an tintreach ina mhám, Agus tugann treoir di i leith na sprice. Tugann an toirneach rabhadh é bheith ag teacht; Faigheann an fhearg an lámh in uachtar ar an urchóid. Suaitheann sé seo mo chroí féin, Agus preabann sé anonn ionam. Éist le glór a ghutha, Agus leis an tormán a thagann as a bhéal. Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire, Agus sroicheann sí go himeall na cruinne. Búireann a ghuth ina diaidh, Agus torann maorga a thoirní. Ní chuireann sé srian lena [thintreach], Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh. Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha, Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé. Óir deir sé leis an sneachta: «Tit ar an talamh!» Agus leis an tulca báistí: «Treise ort!» Cuireann sé an clabhsúr ar shaothar gach duine, I dtreo gurb eol do chách a oibreacha. Téann gach ainmhí ar ais ina bpluais, Agus i bhfolach ina bpruchóg. Tagann an t-anfa óna áras theas, Agus tugann an ghaoth aduaidh an fuacht léi. Sí anáil Dé a thugann an leac oighir, Agus fágann sin na linnte lána téachta. Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta; Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach. Treoraíonn sé féin a gcúrsa timpeall, Agus stiúraíonn sé a n-athruithe sa séasúr. Géilleann siad dá orduithe go beacht Ar fud an domhain mhóir, Cibé acu a [sheolann sé iad] d' fhonn ciníocha na cruinne a phionósú, Nó d' fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích. Éist leis sin uile, a Iób! Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir! An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú, Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh? An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú, Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t-iontas seo? Tusa a mbíonn d' éadach te le do chneas, Agus an talamh ina chnap faoin ngaoth aneas, An féidir leat cabhrú leis stua na spéire a leathadh Agus é chomh crua le scáthán de mhiotal leáite? Múin dúinn cad tá le rá againn Mar nach féidir dúinn ár gcás a chur in iúl toisc an dorchadais. An gcuirfear in iúl gur mian liom labhairt? An ndéanfar duine a shlogadh nuair a labhróidh sé? Téann an solas ar ceal ar uaire Ar chúl na scamall dorcha; Ach tagann an ghaoth agus scuabann ar shiúl iad, Agus leathann gile ón aird thuaidh. Tá maorgacht eaglach uime ag Dia; Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn. Is éachtach é a chumhacht agus a chothroime Agus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt. Ní ionadh gurb eagal le daoine é, Agus go bhfuil urraim ag an muintir chiallmhar croí dó. A Chéad Aitheasc: Eagna an Chruthaitheora Cé hé seo atá ag dorchú mo bheartas Le focail gan stuaim gan éifeacht? Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom! Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne? Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach! Cé chinntigh a tomhais, mar is eol duit sin, ar ndóigh? Agus cé shín an dorú ar a fad? Cad air a bhfuil ceapa a colúin ina luí? Agus cé a chuir a cloch chúinne ina leaba, Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir, Agus clann Dé go léir ag glao le háthas? Cé a d' iaigh an mhuir isteach le comhlaí, Nuair a bhrúcht sí amach as an mbroinn? Nuair a chuir mé an néal mar éide uirthi, Agus an scamall dubh mar bhindealán uimpi. Chuir mé teorainn léi, Agus shocraigh mé barraí agus doirse di. Agus dúirt mé: «An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo; Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.» Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol? Ar thaispeáin tú a háit d' fháinne an lae? Chun go mbéarfadh sé greim ar imill an domhain Agus go ndéanfaí na héagráifigh a chroitheadh as, Agus sa chaoi go dtugtar a chruth chun léire mar a bhuailtear cló ar chré le séala, Agus go ndéantar é a dhathú mar bhrat, Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh, Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh. An ndeachaigh tú síos i ndoimhne na farraige? Agus ar shiúil tú i ndiamhra an aigéin? Ar nochtadh duit doirse an éaga Nó an bhfaca tú geataí scáil an bháis? Ar mheas tú leithead na talún? Inis, más fios duit, a fairsinge dom. Cá bhfuil an tslí chun áit an tsolais? Agus dála an dorchadais, cá háit a bhfuil sé? Nach tusa a thugann leat chun a fhearannais é? Nach agatsa atá fios na slí chun a thísean? Is duitse is eol, ó rugadh an uair sin thú, Agus ós mór é líon do bhlianta. Ar ghabh tú isteach i dtaiscí an tsneachta? Nó an bhfaca tú stórais an chloch shneachta Atá a taisciú agam le haghaidh uain na hanacra, I gcomhair lá an chatha agus an chogaidh? Cá bhfuil an bealach go gabhal na tintrí Mar a scaipeann sí a lasair ar fud an domhain? Cé ghearr canáil don tuile Agus bealach don toirneach? Le go dtitfeadh uisce ar fhearann gan áitreabh daoine, Ar an bhfásach atá gan duine ann, I dtreo go sásaítear an díthreabh uaigneach, Agus go n-eascrann an féar glas ón talamh a bhí tirim. An bhfuil athair ag an mbáisteach? Nó cé a ghin na cruinneaga drúchta? Cén bhroinn as a dtagann an leac oighir? Nó cé ghineann sioc liath na spéire, Nuair a chruann na huiscí ina gcarraig, Agus a théachtann dromchla na bóchna? An féidir duit an Treighdín a ghléasadh ina fhearas, Nó a cuibhreach a bhaint de Shlat an Rí? An dtig leat réalta na maidine a sheoladh ar a cúrsa ráithe ar ráithe, Nó an Camchéachta is a chuingir a threorú ar a mbealach? An eol duit reachta na spéire? An féidir duit a réim a shuíomh ar talamh? An dtig leat do ghuth a ardú chun na néalta, Agus iallach a chur ar na tuilte teanntaithe uisce [do thoil a dhéanamh]? An dtiocfaidh na splancanna tintrí ag géilleadh do do bhriathar Agus a rá: «Anseo dúinn!»? Cé a chuir an eagna sna néalta, Nó a thug tuiscint do mo scamall cumhdaigh? Cé a d' fhéadfadh na néalta a áireamh le críonnacht? Cé a d' fhéadfadh seithí uisce na bhflaitheas a chur ar leathmhaing, Nuair a dhlúthaíonn an smúit ina dlúmh, Agus a chruann na fóid le chéile ina mbalc? An féidir duit a chreach a fhiach don leon, Nó goile na leon óg a shásamh, Agus iad ina luí ina bpluais Nó i luíochán ina mothar? Cé a dhéanann soláthar don bhadhbh, Nuair a scréachann a gearrcaigh chun Dé Agus a [scrogaill sínte] in airde acu le hocras? An eol duit conas a bheireann an gabhar sléibhe a mheannán? Ar thug tú faoi deara na heilití ag breith? An eol duit an iomaí mí a bhíonn siad ag tórmach? An eol duit cathain a bheireann siad? Cúbann siad chucu ag breith a lao Agus saolaítear a n-óg dóibh [gan scáth san fhásach]. Nuair a bhíonn toirt agus neart sna laonna, Imíonn siad leo, gan filleadh ar ais orthu. Cé a scaoil leis an asal fiáin? Cé a bhain an laincis den ghlamaire mear? Thug mé an fásach dó mar dhúchas, Agus na machairí salainn mar áit lonnaithe. Is beag air trácht na cathrach, Agus ní éisteann le glaonna tiománaí. Na sléibhte raon an fhéaraigh a thaistealann sé, Agus is ansiúd a lorgann sé aon ní glas. An bhfuil an damh allta sásta oibriú duit, Nó an oíche a chaitheamh ag do mhainséar? An féidir duit é a cheangal sa scríob le téada Nó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh? An féidir duit a bheith ag brath air de bharr a nirt éachtaigh, Agus ligean dó do thromshaothar a dhéanamh? An féidir duit a bheith ag brath air go bhfillfidh sé, Agus do ghrán a thabhairt chun d' urlár buailte? An bhfuil aon dul ag sciathán na hostraise Ar chlúmh an chorr éisc agus an tseabhaic? Óir ligeann sí a huibheacha uaithi ar an talamh, Agus fágann ansiúd le gor ag an gcré iad, Gan cuimhneamh air go satlódh cos orthu, Nó go mbrúfadh ainmhí allta iad. Is garg a bhíonn sí lena gearrcaigh, amhail is nár léi iad; Is cuma léi más saothar in aisce a saothar. Óir rinne Dia ar bheagán céille í, Agus níor thug aon chuid di sa tuiscint. Ach nuair a bhíonn sí ag breith chuici féin agus go mbaineann sí feidhm as a hairde, Is féidir di gáire faoin each agus a mharcach. An tusa a thugann a chumas don each, Agus a chuireann an mhaing scuabach mar bhrat ar a mhuineál? An tusa a chuireann ag léim é mar an dreoilín teaspaigh? Nach mór an scanradh é a sheitreach maorga! Bíonn sé ag crúbáil sa ghleann le bród as a neart. Téann sé i ngleo an chatha le pramsáil íogair. Gáireann sé faoin scéin, gan mairg ar bith air; Ní thugann sé a chúl leis an gclaíomh. Bíonn an bolgán saighead ag cleatráil ar a dhroim, Agus an tsleá lonrach, agus an ga. Cuireann sé na mílte de go mear le fraoch is cufach; Nuair a shéidtear an stoc ní féidir cosc a chur leis. Le gach séideadh den stoc, deir sé: «Hupsaí!» Faigheann sé boladh an chatha i bhfad i gcéin, Agus cloiseann liúireach na dtaoiseach agus an gheoin. An le comhairle d' eagnasa a éiríonn an seabhac sa spéir, Agus a leathann sé a sciatháin don turas ó dheas? An le hordú uaitse a eitlíonn an t-iolar in airde Agus a dhéanann sé a nead sna harda? Lonnaíonn sé agus neadaíonn ar an gcarraig, I ndaingean clochach na haille. Bíonn sé ag faire na seilge ón áit sin, Agus a shúile á spíonadh i bhfad uaidh. Déanann a ghearrcach fuil a shúrac; Mar a mbíonn na corpáin, ansiúd a bhíonn sé. Ansin dúirt an Tiarna le Iób: An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia? Ansin d' fhreagair Iób an Tiarna: Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa? Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin. Aon uair amháin a labhair mé, agus ní [labhróidh mé] athuair. Arís eile ní dhéanfaidh mé a thuilleadh. Ansin d' fhreagair an Tiarna Iób as an anfa gaoithe agus dúirt: Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí. An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d' fhonn thú féin a chur sa chóir? An bhfuil neart Dé i do láimhse, An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean? Gabh chugat do dhínit agus do mhaorgacht más ea! Cuir umat do ghlóir is do loinnir! Scaoil le fraoch d' fheirge, Ísligh gach uaibhreach le silleadh do shúl. Treascair gach díomasach le silleadh do shúl, Agus leag ar lár na hurchóidigh ar an bhfód ina bhfuil siad. Adhlaic le chéile sa chré iad, Agus iaigh sa charcair íochtarach iad, gan focal as a mbéal. Beidh mise ar an gcéad duine ansin lena admháil, Gur féidir do do lámh dheas féin an bua a bhreith duit. Féach Bahaemót! rinne mé é mar aon leat; Itheann sé féar mar an damh Nach aige atá an neart ina leasracha, Agus an cumas i bhfeithleoga a bhoilg! Tá a eireaball chomh teann le crann céadair, Agus tá féithleoga a cheathrúna go daingean le chéile. Is cuma nó píopaí práis a chnámha, Agus is cuma a ghéaga nó sparaí iarainn. Eisean sárshaothar Dé, Ach bhagair a chruthaitheoir an claíomh air, Á chosc ó arda na sléibhte, Mar a mbíonn na hainmhithe allta go léir ag súgradh. Luíonn sé dá bhrí sin faoin loiteog, Agus téann i bhfolach i measc ghiolcach an bhogaigh; Faigheann sé scáth ó dhuilliúr na loiteoige, Agus fothain ó shaileoga an tsrutháin. Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air. Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis. Cé a bhéarfaidh air ina uachais, Nó a chuirfidh bacán ar a chaincín? 40:25 An féidir duit an Leiviatan a tharraingt amach ar dhubhán? Nó dorú a chur timpeall a theanga? 40:26 An féidir duit fáinne a chur ar a shrón Nó dubhán a chur trína ghiall? 40:27 An ndéanfaidh sé mórchuid impí chugat? Nó an meallfaidh sé thú le bladar? 40:28 An ndéanfaidh sé margadh leat A bheith ina dhaor agat go brách? 40:29 An ndéanfaidh tú peata de mar a dhéanfá d' éan Nó é a chur ar iall do do chailíní? 40:30 An ndéanfaidh na cumainn iascairí é a dhíol Agus ansin é a roinnt ar na ceannaitheoirí? 40:31 An ndéanfaidh tú a sheithe a chlúdach le bacáin, Nó a cheann le gathanna? 40:32 Ní gá duit ach baint leis, Agus ní dhéanfaidh tú dearmad ar a chomhrac, ná dul sa seans arís. 41:1 Ba bhaoth é do dhóchas go deimhin, Mar dhéanfadh fiú radharc air duine a threascairt. 2 Nuair a mhúsclaítear é, éiríonn sé fíochmhar, Ní féidir d' aon duine dul i ngleic leis. 3 Cé a d' fhéadfadh é ionsaí agus teacht slán? Ní fhéadfadh neach faoin spéir. 4 Ní bheidh mé i mo thost faoina ghéaga, Ná faoina neart éachtach, ná a chló gan cháim. 5 Cé a d' fhéadfadh béal a chóta a oscailt Nó ropadh trína lúireach dhúbailte? 6 Cé a d' fhéadfadh comhlaí a aghaidh a oscailt? Tá uafás mórthimpeall a fhiacal. 7 Is cuma nó sraith sciath a dhroim, Agus séala cloch á n-iadh. 8 Táid i ngar dá chéile, I dtreo nach dtéann aer eatarthu. 9 Táid i ngreim ina chéile, I dtreo go bhfuil siad go dlúth ina n-aonad. 10 Nuair a ligeann sé sraoth, bladhmann solas uaidh, Agus bíonn a shúile mar dheargadh an dá néal. 11 Tagann lóchrainn lonracha as a bhéal, Agus preabann mar a bheadh spréanna tine as. 12 Tagann gal óna pholláirí Mar a bhíonn ó choire ar fiuchadh ar an tine. 13 Cuireann a anáil sméaróidí trí thine, Agus tagann lasair as a bhéal. 14 Tá an neart ag lonnú ina mhuineál, Agus tá an t-uafás ag damhsa os a chomhair. 15 Dlúthaíonn a sprochaillí feola le chéile, Agus bíonn siad daingean dobhogtha air. 16 Tá a chroí chomh teann le cloch, Chomh daingean leis an mbró íochtair. 17 Nuair a éiríonn sé tagann scéin ar na [tonnta], Agus téann na [madhma] féin ar gcúl. 18 Dá mbuailfeadh an claíomh é, ní chuirfeadh sé as dó, Ná an tsleá, ná an ga, ná an bhunsach. 19 Is cuma leis iarann nó dias, práis nó adhmad críon. 20 Ní chuireann saighead an teitheadh air, Agus is cuma leis clocha láimhe nó brobanna tuí. 21 Is cuma leis bata nó giolcach, Agus gáireann sé faoi fhead na bunsaí. 22 Tá sligí géara faoi thíos, Agus gluaiseann sé thar an gceachair mar bhráca. 23 Cuireann sé an duibheagán ar fiuchadh mar choire, Agus an fharraige ag brúchtaíl mar phota cumhráin. 24 Fágann sé cosán glioscarnach ina dhiaidh, Agus bíonn mar a bheadh lomra geal ar na huiscí. 25 Níl a leithéid eile ar talamh, Créatúr gan eagla. 26 Féachann sé sa tsúil ar gach ní uaibhreach, Agus is rí é ar mhic an díomais. D' fhreagair Iób an Tiarna agus dúirt: Tá a fhios agam gur féidir leat gach ní a dhéanamh, Agus nach bhfuil smaoineamh ar bith caillte ort. «Cé hé seo a cheileann comhairle Le briathar gan eolas?» Uime sin a dúirt mé nithe nár thuig mé, Nithe ró-iontacha narbh eol dom iad. Éist, le do thoil, agus labhróidh mé; «Cuirfidh mise ceist, agus tabhairse dom an t-eolas.» Ní raibh agam ort ach clos tráchta, Ach anois chonaic mo shúile cinn thú. Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin, Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach. Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: «Tá fraoch feirge orm i d' aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób. Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.» D' imigh Eilífeaz óThéamán, Bildead ó Shiúach, agus Zófár ó Namát, leo d' fhonn déanamh mar a d' ordaigh an Tiarna, agus ghlac an Tiarna le guí Iób. Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób. A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó. Bheannaigh an Tiarna Iób i ndeireadh a shaoil thar mar a rinne i dtosach, ionas go raibh ceithre mhíle déag caora agus sé mhíle camall agus míle cuingir damh, agus míle asal baineann aige. Agus bhí seachtar mac agus triúr iníon aige. Thug sé Imíomá ar an gcéad iníon, Cizíá ar an dara hiníon, agus Ceirin Hapúc ar an tríú hiníon. Agus ní raibh le fáil sa tír uile mná chomh sciamhach le hiníonacha Iób. Agus thug a n-athair oidhreacht dóibh i measc a ndeartháireacha. 16a Agus mhair Iób ina dhiaidh sin nó go raibh sé céad agus daichead bliain, go bhfaca a chlann féin agus clann a chlainne go dtí an ceathrú glúin. 16b Agus mar sin d' éag Iób sa deireadh agus é ina sheanóir agus anonn sna blianta lána. Fíorshonas ach a bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna, agus a dhéanann machnamh air de lá agus d' oíche. Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé. Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh! ach mar cháith a scaiptear le gaoth. Ionas nach seasfaidh na héagráifigh sa bhreithiúnas ná na peacaigh i gcomhthionól na bhfíréan. Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n-éagráifeach ar ceal. Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadh agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht? Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh: «Réabaimis ó chéile a gcuibhreacha agus caithimis uainn a ngeimhle!» An té atá ar neamh, déanann sé gáire: déanann an Tiarna díol magaidh díobh. Labhraíonn sé ansin leo go feargach; cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh: «Chuir mise mo rí féin i réimeas ar Shíón, ar mo shliabh naofa.» Foilseoidh mé reacht an Tiarna. «Is tú mo mhac,» a dúirt an Tiarna liom, «inniu is ea a ghin mé thú. Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit. Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn; brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.» Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe; aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne. 11a Déanaigí fónamh don Tiarna le heagla agus tugaigí ómós dó go creathnach, 11b sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar ceal nuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann. Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann. 1 Salm Dháiví an uair a theith sé óna mhac Aibseálóm. 2 A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde! Tá mórán daoine ag éirí amach i m' éadan! 3 Is iomaí duine a deir mar gheall orm: «Níl slánú ar bith dó i nDia.» 4 Ach is tú, a Thiarna, mo sciath; mo ghlóir a thógann mo cheann. 5 Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ard tugann sé freagra orm óna shliabh naofa. 6 Chuaigh mé a luí agus chodail mé; agus dhúisigh mé toisc gur chosain an Tiarna mé. 7 Ní eagal liom na mílte daoine atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall. 8a Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8b A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir! 1 Do stiúrthóir an chóir; le gléasanna téad. Salm le Dáiví. 2 Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta. D' fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach. 3 A fheara, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire, agus sibhse ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach? 4 Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga: éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air. 5 Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí, déanaigí machnamh in bhur leaba. 6 Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh. 7 Is iomaí duine á rá: «Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn? Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.» 8 Is mó a chuir tusa d' aoibhneas i mo chroí ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona. 9 Rachad a luí faoi shuaimhneas: déanfad codladh go sámh, óir is tú amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé. 1 Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví. 2 Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna, agus éist le m' osna. 3 Claon chun glór mo ghuí, a Rí liom is a Dhia! 4 Óir is chugatsa a chuirim m' urnaí, a Thiarna; éisteann tú liom ar maidin. Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin, cuirim chugat mo ghuí. 5 Ní Dia tú lenarb áil an urchóid: ní mhaireann an t-olc leat. 6 Ní sheasfaidh an scaothaire an fód os comhair do shúl. 7 Is gráin leat lucht oibrithe an oilc; scriosann tú lucht éithigh. Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteach agus an cealgaire claon. 8 Rachadsa cheana i do theachsa trí líonmhaire do thrócaire; cromfaidh mé i do theampall naofa le heagla romhat, a Thiarna. 9 Treoraigh mé a Thiarna, i d' fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham. 10 Níl an fhírinne le fáil ina mbéal; tá cealg ina gcroí. Is uaigh ar leathadh a gcraos; is mealltach a dteanga. 11 Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna; go dteipe ar a mbearta; cuir an ruaig orthu de dheasca a gcionta óir d' éirigh siad i d' éadan. 12 Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat; gairdídís go brách; caomhnaigh an dream lenarb áil d' ainm chun go ndéana siad gairdeas ionat. 13 Óir beannóidh tú an fíréan, a Thiarna; beidh do chineáltas amhail sciath ina thimpeall. 1 Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n-ocht dtéad. [Salm le] Dáiví. 2 A Thiarna, ná lochtaigh mé i d' fhearg agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam. 3 Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé; slánaigh mé, óir tá mo chorp á chiapadh, 4 agus tá m' anam á chéasadh go géar, ach tusa, a Thiarna, cá fhad?? 5 Fill, a Thiarna, fuascail m' anam agus saor mé as ucht do bhuanghrá. 6 Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh; cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh? 7 Tá tuirse orm de dheasca m' osnaíola, ním mo leaba le mo dheora gach oíche; fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn. 8 Tá mo shúil á snoí le dobrón: chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir. 9 Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide, óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil. 10 Thug an Tiarna aird ar m' achainí; tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí. 11 Beidh náire is mórbhuaireamh ar mo naimhde uile. Cuirfear ar gcúl go tobann faoi náire iad. 1 Amhrán éagaointeach (Siggayon) de chuid Dáiví a chan sé don Tiarna mar gheall ar Chuis an Biniáimineach. 2 A Thiarna, a Dhia liom, is tú mo dhídean; saor mé ar mo ghéarleantóirí agus fuascail mé, 3 sula mbeiridís ar m' anam mar leon, do mo sciobadh leo gan fear mo tharrthála ann. 4 A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo, má rinne mé urchóid le mo lámha, 5 má thug mé an t-olc in aghaidh na maitheasa do mo chara, má chreach mé mo namhaid gan chúis 6 go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm, go ngabha sé de chosa i m' anam, is go leaga sé m' oineach sa luaithreach. 7 Éirigh, a Thiarna, le corp feirge: éirigh in aghaidh buile mo namhad (a Dhia liom), dúisigh, ó d' fhógair tú breithiúnas. 8 Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall: bí i do shuí os a gcionn in airde. 9 Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha. Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m' fhíréantachta agus de réir an ionracais atá ionam. 10 Cuir deireadh le hurchóid na n-éagráifeach agus daingnigh na fíréin; os tú a thriaileann croí agus áranna, a Dhia na fíréantachta. 11 Is é Dia mo sciath is mo dhídean a shaorann lucht an chroí dhírigh. 12 Breitheamh ceart cóir é Dia, Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae. 13 Mura leasaíonn siad, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh; teannfaidh sé agus díreoidh sé a bhogha; 14 tá uirlisí marfacha gléasta aige agus saigheada mar chaora tine. 15 Bhí an t-urchóideach torrach ar an olc ghabh sé an mhioscais agus shaolaigh an feall. 16 D' oscail sé clais agus thochail í ach thit sé sa pholl a rinne sé. 17 Fillfidh a mhioscais ar a bhaithis féin: ar a cheann féin a fhillfidh a fheall. 18 Molfaidh mé an Tiarna as ucht a fhíréantachta: ceolfaidh mé don Tiarna, an Neach is Airde. 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar an «gittith». Salm Dháiví. 2 A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d' ainm ar fud na cruinne! Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha 3 as béal naíonán agus leanaí cíche. Bhunaigh tú daingean in aghaidh d' eascairde d' fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí. 4 Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar an ré agus na réaltaí a rinne tú 5 cad is duine ann go dtógfá ceann de? ná mac an duine go ndéanfá cúram de? 6 Rinne tú beagán níos lú ná dia é gur chuir tú barr glóire agus gradaim air. 7 Thug tú ceannas ar oibreacha do lámh dó agus chuir tú gach aon ní faoina chosa, 8 idir chaoirigh agus eallaí agus eile agus ainmhithe uile an mhachaire, 9 éanlaith an aeir agus iasc na mara agus a ngluaiseann ar raonta na farraige. 10 A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d' ainm ar fud na cruinne! 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Muth Labben». Salm le Dáiví. 2 Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán, inseoidh mé do mhóréachtaí go léir. Salm 9a 3 Déanfaidh mé lúcháir agus gairdeas ionat, canfaidh mé Salm do d' ainm, a Neach is Airde, 4 toisc gur cuireadh mo naimhde ar gcúl; thuisligh siad agus cailleadh iad i d' fhianaise. 5 Óir phléigh tú mo chúis go cothrom, i do shuí duit ar an mbinse i do bhreitheamh cóir. 6 Lochtaigh tú na ciníocha, dhamnaigh tú na héagráifigh; scrios tú a n-ainm go brách na breithe. 7 Tá na naimhde arna gcloí, arna milleadh go deo; leag tú a gcathracha ar lár; chuaigh a gcuimhne ar ceal. 8 Tá an Tiarna faoi réim go brách; shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas. 9 Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir, agus ceart do na ciníocha go cothrom. 10 Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois, ina dhaingean in am na hiaróige; 11 Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionat óir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna. 12 Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón: foilsígí a éachtaí do na náisiúin; 13 Óir chuimhnigh an díoltasaí fola orthu, ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht. 14 Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d' ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé, 15 d' fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir ag doirse iníne Síón agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú. 16 Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d' fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa. 17 Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir: tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin. 18 Rachaidh na peacaigh ar ais go Seól na náisiúin uile a rinne dearmad de Dhia. 19 Óir ní dhéanfar dearmad de lucht an ghátair i gcónaí; ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht in éag. 20 Éirigh, a Thiarna! ná lig an bua leis an duine: tugtar breith ar na ciníocha i d' fhianaise. 21 Scanraigh an croí iontu, a Thiarna; bíodh a fhios acu nach bhfuil iontu ach daoine. Selah Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh? Salm 9b Téann an t-éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé. Óir maíonn an t-éagráifeach as mianta a chroí: déanann an santach diamhasla agus diúltaíonn don Tiarna. Deireann an drochdhuine le díomas: «Ní dhéanfaidh sé díoltas.» Deir sé ina intinn: «Níl Dia ar bith ann!» Éiríonn an bóthar leis i gcónaí agus is fada óna aigne do bhreitheanna. Is beag aige a naimhde uile. Deir sé ina chroí: «Ní chorrófar mé: Ní bhainfidh míshéan dom go brách.» Bíonn a bhéal lomlán de mhallachtaí agus fós de chealg is de bhréaga: bíonn urchóid is mioscais faoina theanga. Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte: dúnmharaíonn sé an neamhchiontach ina ionad folaigh. Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca. Fanann sé faoi cheilt ar nós leoin ina uachais, fanann sé i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise: beireann sé ar an ainniseoir agus tugann ina líon é. Cromann sé chun léim a thabhairt agus titeann an t-anbhann le treise a lámh. Deir sé ina chroí: «Ní cuimhin le Dia; folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.» Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia! agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise. Cad chuige don choirpeach drochmheas a chaitheamh le Dia, á rá ina chroí: «Ní imreoidh sé díoltas»? Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta. Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh, agair a n-urchóid orthu go ndéanfar a milleadh. Is é an Tiarna is rí go brách na breithe; rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann. Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht; daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh, a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d' fhulaing éigean ionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta. Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m' anam: «Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.» Salm 10 Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha; táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang, á gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht. Ón uair a scriostar na fothaí cad is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh. Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine. Féachann an Tiarna an fíréan is an t-ainfhíréan, is fuath leis fear an fhoréigin. 6a Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh. 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar chláirseach na n-ocht dtéad. Salm Dháiví. 2 Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne. Salm 11 3 Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach. 4 Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach, gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach; 5 gach dream a deir: «Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?» 6 «Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,» arsa an Tiarna. «Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.» 7 Briathra glana iad briathra an Tiarna, airgead athleáite a scar le slaidhreadh, airgead a triaileadh is a glanadh faoi sheacht. 8a Is tú a Thiarna, a dhéanfaidh cúram dínn: déanfaidh tú ár gcosaint ar an nglúin seo go brách. 8b Tá triall na n-éagráifeach inár dtimpeall do gach leith agus daoscar na ndaoine faoi mheas ag clann Ádhaimh. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. 2 Cá fhad, a Thiarna, a fhágfaidh tú i ndíchuimhne mé? Cá fhad a choinneoidh tú d' aghaidh i bhfolach orm? Salm 12 3 Cá fhad a mhairfidh m' anam á bhuaireamh agus cathú i mo chroí i gcaitheamh an lae? Cá fhad a choimeádfaidh mo namhaid faoina réir mé? 4 Féach orm agus freagair mé a Thiarna, a Dhia liom. Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm, 5 sula ndéarfaidh mo namhaid go bhfuair sé an bua orm, sula ndéanfaidh m' eascairde lúcháir toisc gur thit mé. 6a Chuir mise mo dhóchas i do bhuanghrá daingean, beidh áthas ar mo chroí de bharr do shlánaithe, 6b agus molfaidh mé an Tiarna, mar go raibh sé fial liom. Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t-amadán ina chroí: «Níl aon Dia ann.» Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann. Salm 13 Breathnaíonn an Tiarna ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia. Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanann an mhaith: níl oiread is duine. An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna. Beidh an dream sin ar crith le heagla, óir tá Dia leis an bhfíréan. Ba mhian libh dóchas an bhochtáin a mhilleadh, ach is é an Tiarna a dhídean. Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach! Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal, beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael. Salm le Dáiví. A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth? Cé lonnóidh ar do shliabh naofa? Salm 14 An té a shiúlann gan cháim; an té a dhéanann fíréantacht agus a labhraíonn go díreach óna chroí; an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga; an té nach ndéanann olc dá chomharsa is nach dtugann masla don duine thall; an té ar beag aige an drochdhuine agus ar mór aige lucht eagla an Tiarna; an té nach ngabhann siar ar a bhriathar bíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin; nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht, ' s nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh. An té a dhéanfaidh amhlaidh ní bhainfear dá threoir é go brách. Mictam Dháiví. Caomhnaigh mé a Thiarna, is ort a thriallaim. Salm 15 Deirim leis an Tiarna: «Is tú mo Dhia. Níl maith ar bith agam cés moite díotsa.» Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroí do na daoine dílse a mhaireann ina thír. An dream ar rogha leo a mhalairt de Dhia tiocfaidh tuilleadh mór fós de bhuartha anuas orthu. Ní thoirbhreoidh mé fuil a ndeochíobairt ar aon chor ná ní chluinfear a n-ainmneacha go brách ar mo bheola. Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta; agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh. Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille: is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé. Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom, agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche. Coimeádaim an Tiarna de shíor i m' intinn: agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche. Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m' anam; agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas. Óir ní fhágfaidh tú m' anam i measc na marbh ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil. Taispeánfaidh tú slí na beatha dom; tá lúcháir go fial i do láthair agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách. Urnaí Dháiví. Éist le cúis chóir, a Thiarna; tabhair aird ar mo ghlór; tabhair cluas do m' urnaí nach dtagann as béal bréagach. Salm 16 Gurab uaitse a gheobhaidh mé breithiúnas; feiceann tusa an fhírinne. Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam. Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine; sheachnaigh mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil. Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite, ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh. Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm: claon do chluas agus éist le mo bhriathar. Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna, a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe. Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile; folaigh mé faoi scáth do sciathán ar na peacaigh a imríonn éigean orm. Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta; a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais. Éiríonn siad i m' éadan, bailíonn siad i mo thimpeall, táid ag faire na faille d' fhonn mé a leagan ar lántalamh. Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche, le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht. Éirigh ina n-aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna; saor m' anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh. Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí. Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise. 1 Do stiúrthóir an chóir. Dáiví, giolla an Tiarna, a dúirt briathra an amhráin seo leis an Tiarna an uair a shaor an Tiarna é ó chumhacht a naimhde uile agus ó láimh Shóil. Dúirt sé: 2 Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú, Salm 17 3 mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir. Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom, mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún. 4 Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh, agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde. 5 Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeall agus scanraigh tuilte na hurchóide mé. 6 Chrioslaigh cuibhreacha Sheól mé, chuaigh mé in achrann i líonta an éaga. 7 Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar, agus d' iarr mé cúnamh ar mo Dhia Chuala sé mo ghlór ina theampall, agus ráinig mo ghlao a chluasa. 8 Chrith an talamh agus suaitheadh é agus corraíodh fothaí na sléibhte toisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge. 9 D' éirigh deatach as polláirí a shróine, agus tine dheargloiscneach as a bhéal, ionas gur adhnadh leis sméaróidí dearga. 10 D' ísligh sé na spéartha agus thuirling sé, agus néal dubh dorcha faoina chosa. 11 Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribín agus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe. 12 Chuir sé uime an dorchacht mar éadach, uiscí dorcha is dlúthnéalta ba phuball dó. 13 As an ngile agus na néalta a bhí uime tháinig clocha sneachta agus splancacha tine. 14 Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha, agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh. 15 Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad, agus chaith a chaora tine gur threascair iad. 16 Bhí foinsí na farraige le feiceáil agus nochtadh fothaí na cruinne de thoradh do bhagartha, a Thiarna, de thoradh sí gaoithe do chuid feirge. 17 Shín sé anuas agus rug orm, agus tharraing as na tuilte móra mé. 18 Shaor sé mé ón namhaid a bhí róláidir dom ó lucht m' fhuatha ba threise ná mé. 19 D' ionsaíodar mé lá mo thubaiste, ach tharla an Tiarna ina thaca dom. 20 Sheol sé amach in áit fhairsing mé, do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom. 21 Chúitigh an Tiarna m' fhíréantacht liom; thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh, 22 toisc gur choinnigh mé slite an Tiarna is nár imigh mé uaidh ar seachrán. 23 Bhí a bhreithiúnais go léir os mo choinne, is níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim. 24 Ach mhair mé gan cháim ina láthair, agus choimeádas mé féin ón gcoirpeacht. 25 Agus chúitigh an Tiarna m' fhíréantacht liom de réir glaine mo lámh ina láthair. 26 Is dílis tú don duine dílis, is ionraic tú leis an duine ionraic. 27 Is glan tú le lucht na glaine, agus glic le lucht an ghlicis. 28 Óir saorfaidh tú lucht na huirísle ach umhlóidh tú lucht an díomais. 29 Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann, mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht. 30 Is tríotsa a bhearnaím na sluaite; le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla. 31 Tá slí Dé gan mháchail, tá briathar an Tiarna arna phromhadh. Is é is sciath go dearfa do chách a thriallann chuige. 32 Óir cé eile is Dia ann ach an Tiarna? Cé eile is carraig ann seachas ár nDia? 33 An Dia a chrioslaigh mé le calmacht agus a rinne mo bhealach sábháilte; 34 a thug luas na heilite do mo chosa agus a chuir i mo sheasamh go daingean ar na harda mé. 35 D' oil sé mo lámh chun cogaidh is mo chuisle chun bogha práis a theannadh. 36 Thug tú dom sciath do shlánaithe agus choinnigh do dheaslámh go daingean mé. 37 Réitigh tú an tslí do mo chéimeanna, ionas nár shleamhnaigh mo chosa. 38 Chuaigh mé sa tóir ar mo naimhde: tháinig mé suas leo, agus níor chas mé go ndearna mé a scriosadh. 39 Rinne mé a mbualadh ionas nach bhféadfaidís éirí agus thit siad ar lár faoi mo chosa. 40 Chrioslaigh tú le neart mé chun catha, agus threascair tú an dream a bhí i m' éadan. 41 Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhde agus mhill tú an drong a thug fuath dom. 42 Scairt siad ní raibh fear a dtarrthála ann: bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna. 43 Ar nós na luaithe roimh an ngaoth a mheil mé iad, á gcosaráil amhail salachar na sráide. 44 Tharrthaigh tú mé ó choimhlintí an phobail agus chuir tú os cionn na náisiún mé; rinne pobal nárbh eol dom fónamh dom, 45 an túisce ba chlos dóibh ghéill siad. Tháinig na heachtrannaigh ag lútáil liom, 46 mheathlaigh na náisiúin iasachta: tháinig siad as a ndaingne go critheaglach. 47 Go maire an Tiarna! gura beannaithe mo charraig! go raibh Dia mo shlánaitheoir á mhóradh; 48 an Dia a bhain díoltas amach dom agus a chuir na ciníocha faoi mo smacht, 49 a rinne mo shaoradh ó mo naimhde agus a d' ardaigh mé os cionn m' eascairde, agus a sciob mé ó lucht an éigin. 50 Ar an ábhar sin tabharfaidh mé moladh duit i measc na náisiún, a Thiarna: agus canfaidh mé Salm do d' ainm; 51 óir thug tú cathréimeanna do do rí, agus nocht tú do ghrá do d' ungthach, do Dháiví agus dá shliocht go brách. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 3 Insíonn na laethanta an scéal dá chéile agus tugann na hoícheannta an t-eolas dá chéile. 4 Ní chluintear caint ná canúint ná briathar 5 cé go ngabhann a nglór i ngach uile thír agus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne. Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian 6 a thagann mar nuachar amach as a sheomra ag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha. 7 Tá a thriall amach as teorainn na spéire agus a iomchuairt thart chun na teorann eile, agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith. 8 Tá dlí an Tiarna gan cháim: athbheonn sé an t-anam. Is iontaofa í fianaise an Tiarna, a thugann eagna don fhíréan. 9 Is díreach iad forálacha an Tiarna: cuirid áthas ar an gcroí; is glan í aithne an Tiarna, soilsíonn sí na súile. 10 Is íon í eagla an Tiarna, maireann sí go deo; is fíor iad reachtanna an Tiarna, táid uile go cóir. 11 Is mó is so-mhianaithe iad ná ór, ná mínór dá ghlaine; agus is milse iad ná mil, ná mil ar sileadh ón gcíor. 12 Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh. 13 Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint? ná leag orm mo pheacaí folaigh. 14 Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar sula bhfaighe sé mo bhua; Ansin is ea a bheidh mé gan smál agus saor ó thrompheaca. 15 Go raibh briathra uile mo bhéil agus smaointe mo chroí taitneamhach leatsa, a Thiarna, a charraig liom, is a shlánaitheoir. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 2 Go n-éiste an Tiarna leat lá an bhuairimh: go gcumhdaí ainm Dia Iacóib thú! Salm 19 3 Go gcuire sé cúnamh chugat ón sanctóir agus go dtuga sé taca duit as Síón. 4 Go mba cuimhin leis d' ofrálacha go léir: go mba taitneamhach leis d' íobairtí uileloiscthe. 5 Go dtuga sé mianta do chroí duit, go gcomhlíona sé do bhearta go léir. 6 Go ndéanaimid lúcháir as ucht do bhua, agus gairdeas in ainm ár nDé. Go ndeonaí an Tiarna d' achainíocha go léir duit. 7 Is deimhin liom anois go bhfuil an bua tugtha ag an Tiarna dá ungthach; go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofa le gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe. 8 Bíonn dóchas droinge i gcarbaid agus dóchas droinge eile in eachra; cuirimidne, áfach, ár ndóchas in ainm an Tiarna, ár nDia. 9 Treascrófar iad siúd agus titfidh siad; seasfaimidne an fód go daingean. 10 Tabhair an bua don rí, a Thiarna, agus éist linn nuair a ghlaoimid ort. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 2 Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna, cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh! Salm 20 3 Thug tú mian a chroí go deimhin dó, is níor eitigh tú air achainíocha a bhéil. 4 Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe, agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann. 5 D' iarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol air a mhairfidh go brách ó aois go haois. 6 Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh. Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air. 7 Rinne tú ábhar beannachta go brách de; cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air. 8 Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna: toisc bhuanghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh. 9 Béarfaidh do lámh ar d' eascairde go léir: béarfaidh do dheaslámh ar an dream a thugann fuath duit. 10 Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thine an uair a thaibhseoidh do ghnúis. Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad, agus déanfaidh an tine a slogadh. 11 Scriosfaidh tú a sliocht den talamh agus a gclann as líon na ndaoine. 12 Bíodh go mbeartóidís an t-olc i do choinne nó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo, 13 Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthu agus teannfaidh tú do bhogha ina n-éadan. 14 Éirigh, a Thiarna, i do neart: canfaimid agus ceiliúrfaimid do chumhacht. 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Eilit na Maidine». Salm le Dáiví. 2 A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé? Is fada tú ó m' achainí agus ó bhriathra mo chneadaí. Salm 21 3 Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá: Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas. 4 Ar a shon sin, is naofa thú, a Thiarna, agus tú i d' ábhar molta ag Iosrael. 5 Ionatsa a chuir ár n-aithreacha a ndóchas: bhí muinín acu asat agus shaor tú iad. 6 Nuair a ghlaoigh siad ort sábháladh iad: is ort a bhí a seasamh is níor chaill tú orthu. 7 Péist is ea mise; ní duine mé: táim i mo sceith béil ag na daoine agus i m' ábhar aithise ag an bpobal. 8 Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm: croitheann siad a gceann agus pus orthu: 9 «Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é: saoradh seisean é, más air atá a ghreann.» 10 Is tú a thug amach as an mbroinn mé agus a thug dóchas dom is mé ar chíocha mo mháthar. 11 Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe: ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia. 12 Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha; bí i m' aice, óir níl aon chabhair eile agam. 13 Is iomaí sin tarbh atá i mo thimpeall, tá tréantairbh Bháiseán thart orm. 14 Leathann siad a gcraos i mo choinne mar leon amplach agus é ag búiríl. 15 Doirtear amach mé mar uisce, tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile. Is cosúil mo chroí le céir arna leá i lár mo chléibh. 16 Shearg mo scornach mar shlige cré-umha, is tá mo theanga ag ceangal de mo charball: leagann tú i luaithreach an bháis mé. 17 Tá mórán madraí i mo thimpeall ' s táim crioslaithe ag gasra bithiúnach. Tollann siad mo lámha agus mo chosa; 18 féadaim mo chnámha go léir a chomhaireamh. Baineann siad lán a súl asam go sásta. 19 Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthu agus caitheann siad crainn ar mo chóta. 20 Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna; mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh. 21 Déan m' anam a fhuascailt ón gclaíomh agus mo bheatha ó ghreim an mhadra. 22 Saor mé ó bhéal an leoin agus m' anam bocht ó adharca na ndamh allta. 23 Fógróidh mé d' ainm do mo bhráithre, molfaidh mé thú i lár do phobail. 24 Molaigí an Tiarna, a mhuintir lenarb eagal é: tugaigí clú dó, a shliocht Iacóib go léir, tugaigí urraim dó, a shíol Iosrael ar fad; 25 de bhrí nár bheag air an bochtán agus nár scorn leis riamh a ainnise. Níor cheil sé riamh a ghnúis air ach d' éist leis an uair a ghlaoigh sé air. 26 De do thairbhe-se a thugaim moladh sa mhórthionól; comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthair an dreama ar a mbíonn a eagla. 27 Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad; molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna. Go maire bhur gcroí go brách! 28 Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne, cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna, agus adhrfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise. 29 Is leis an Tiarna an ceannas: rialaíonn sé na náisiúin 30 agus adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise: cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach. 31 Nuair nach beo don duine feasta beidh a shliocht ag fónamh dó ' s ag tabhairt tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht. 32 Foilseoidh siad a dhílse do phobal nár saolaíodh fós, á chur i gcéill dóibh gurb eisean a rinne an ní seo. Salm le Dáiví. Is é an Tiarna m' aoire: ní bheidh aon ní de dhíth orm. Salm 22 Cuireann sé féin i mo luí mé i móinéar féir ghlais. Seolann sé ar imeall an uisce mé mar a bhfaighim suaimhneas. Seolann sé ar shlí na fíréantachta mé mar gheall ar a ainm. Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom. Cóiríonn tú bord chun béile dom i láthair mo naimhde. Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupa ag cur thairis. Leanfaidh cineáltas is buanghrá mé gach lá de mo shaol; i dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe. Salm le Dáiví. Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire, an domhan ar fad agus a maireann ann. Salm 23 Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é. Cé a rachaidh suas cnoc an Tiarna? Cé a bheidh ina sheasamh ina ionad naofa? An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige: an té ar beag air nithe gan tairbhe agus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa. Beidh beannacht an Tiarna ar an té sin agus luach saothair ó Dhia, a shlánaitheoir. A leithéid sin a bhíonn á lorg: a bhíonn ar thóir Dia Iacóib. Ardaigí bhur lindéir, a gheataí, agus tógtar na doirse cianaosta go dtaga Rí na glóire isteach! Cé hé an Rí seo na glóire? An Tiarna atá láidir, tréan; an Tiarna atá tréan i gcogadh. Ardaigí bhur lindéir, a gheataí, agus tógtar na doirse cianaosta go dtaga Rí na glóire isteach! Cé hé an Rí seo na glóire? Is é an Tiarna é, Dia na slua, sin é Rí na gloire. Le Dáiví. Is chugat a thógaim m' anam, a Thiarna: Salm 24 Is ionat a chuirim mo dhóchas, nár dhéantar mo náiriú, a Dhia; ná maíodh mo naimhde a mbua orm. Ní náireofar a gcuireann a ndóchas ionat ach an dream a fheallann gan ábhar ar iontaoibh. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna, agus déan do chosáin a mhúineadh dom. Déan mo threorú i d' fhírinne, tabhair teagasc dom, óir is tú mo Dhia agus mo shlánaitheoir. Is ortsa a bhím ag feitheamh feadh an lae ABN: 5., 7c, 6, 7a, 7b, 8 Bí ag cuimhneamh, a Thiarna, ar do thrócaire agus ar an ngrá a thaispeáin tú riamh. 7a Ná cuimhnigh ar chionta m' óige 7b ach amháin ar do bhuanghrá féin. 7c mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna. Is grásmhar agus is ionraic é an Tiarna, taispeánann sé an tslí do na peacaigh. Díríonn sé dream na huirísle san fhíréantacht agus múineann a shlí don duine cneasta. Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarna dá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne. Ar mhaithe le d' ainmse, a Thiarna, maith dom mo pheaca, óir is mór é. Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna? Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó. Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonas agus gheobhaidh a shliocht an talamh. Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh. Bíonn mo shúile ar an Tiarna de shíor óir scaoilfidh seisean mo chosa as an líon. Iompaigh i leith orm le trócaire, óir táimse i m' aonarán angarach. Tabhair faoiseamh don chroí atá cráite agus beir mé slán ón anacair. Tabhair do d' aire mo bhrón is mo bhuairt agus maith dom mo pheacaí go léir. Féach a líonmhaire atá mo naimhde, a bhfuil fuath thar fóir acu dom. Déan m' anam a chosaint, agus fuascail mé; nár náirítear mé toisc mo thriall a bheith ort. Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t-ionracas mé, óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna. A Dhia, saor Iosrael ar a chúngaigh go léir! Le Dáiví. Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh. Salm 25 Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil; scrúdaigh m' áranna agus mo chroí; Óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl, agus bím ag siúl de réir d' fhírinne. Ní bhím i bhfochair lucht éithigh ná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí. Is gráin liom tionól na n-urchóideach, agus ní shuím i bhfarradh na n-éagráifeach. Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna, agus gabhaim mórthimpeall d' altóra. Bíonn altú buíochais á chanadh agam, agus d' éachtaí go léir á n-aithris agam. Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d' áras, don áit a gcónaíonn do ghlóir. Ná sciob mé chun siúil leis na peacaigh ná m' anam le lucht doirte fola; Is dream iad a mbíonn an urchóid ina lámha acu, agus is lomlán a ndeaslámh de bhreabanna. Ach caithimse mo shaol go hionraic: fuascail mé agus nocht dom do thrócaire. Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh; molfaidh mé an Tiarna sna tionóil. Le Dáiví. Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú, cé a chuirfidh eagla orm? Is é an Tiarna daingean m' anama; cé a chuirfidh ar crith mé? Salm 26 Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúm d' fhonn mo chlú a mhilleadh, is iad m' eascairde a thiteann ar lár; baintear tuisle as mo naimhde. Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinne ní bheidh eagla ar mo chroí. Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh orm beidh dóchas agam ann. Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ' s go bhfeicfidh mé a theampall. Óir cuirfidh sé i bhfolach ina bhoth mé in am na buartha; folóidh sé faoi dhídean a phailliúin mé, ardóidh ar charraig mé. Ardófar mo cheann ar ball thar mo naimhde i mo thimpeall, go n-ofrálfaidh mé ina bhothsan istigh íobairt an áthais. Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna. Éist, a Thiarna, le mo ghlór nuair a ghlaoim ort, freagair, agus fóir orm. Dúirt mo chroí i do thaobhsa: «Bí ag lorg a ghnúise.» Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna, ná folaigh d' aghaidh orm. Ná cuir do ghiolla uait i bhfeirg; is tú mo chúnamh. Ná teilg uait mé is ná tréig mé: a Dhia mo shlánaithe! Má thréigeann fiú m' athair is mo mháthair mé, glacfaidh an Tiarna liom. Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna, cuir sa bhóthar réidh mé, d' ainneoin mo naimhde; agus ná tabhair suas mé a Dhia, do thoil m' eascairde. D' éirigh finnéithe falsa i m' éadan, agus lucht an fhoréigin. Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo. Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna. Le Dáiví. Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n-éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh. Salm 27 Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh ort a iarraidh do chúnaimh, ' s mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna, i dtreo do shanctóra naofa. Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n-urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t-olc ina gcroí. Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomhartha agus mioscais a n-ainbheart. Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh: déan an comhar a dhíol leo. Óir is beag acu gníomhartha an Tiarna agus saothar a lámh. Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad. Moladh leis an Tiarna toisc gur éist sé le glór mo ghuí. Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath: tá dóchas mo chroí ann. Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí agus canaim amhrán dó. Is é an Tiarna neart a phobail, is é dídean shábháilte a ungthaigh é. Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do d' oidhreacht, á gcothú agus á n-iompar go brách. Salm le Dáiví Tugaigí don Tiarna, a chlann mhac Dé, tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht! Salm 28 Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm; tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa. Tá glór an Tiarna ar an uisce, tá Dia na glóire ag toirneach, tá an Tiarna os cionn na n-uiscí móra. Tá glór an Tiarna go cumasach, tá glór an Tiarna go maorga. Briseann glór an Tiarna na céadrais, briseann sé céadrais na Liobáine. Cuireann sé an Liobáin ag léim ar nós gamhna agus Sirión ar nós ógdhaimh allta. Adhnann glór an Tiarna splancacha tine: croitheann glór an Tiarna an fásach, cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith. Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh, agus fágann sé an choill gan duilliúr, agus cluintear «Glóir!» ó gach aon neach ina theampall. Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann. Tá an Tiarna ina rí go brách. Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal; beannóidh sé a phobal le síocháin. a Tharrtháil ón mBás Salm 29 3 D' iarr mé cunamh ort, a Thiarna, agus rinne tú mo leigheas, a Dhia. 4 Thug tú m' anam as an uaigh, a Thiarna, shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl. 5 A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó, gabhaigí buíochas lena ainm naofa. 6 Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire; ach maireann a chineáltas ó aois go bás. Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin. 7 Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne: «Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.» 8 Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé, ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé. 9 Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé, chun Dé a chuir mé m' achainí. «Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl? 10 An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?» 11 Éist, a Thiarna, go trócaireach; tar, a Thiarna, i gcabhair orm. 12 Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna; bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé, 13 i dtreo go seinnfidh m' anam do mholtaí gan staonadh. A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 2 Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn; nár dhéantar mo náiriú go brách. Saor mé de réir d' fhíréantachta, Salm 30 3 éist liom agus brostaigh chun m' fhuascailte! Bí i do charraig choimirce dom: i do dhaingean do mo chosaint is do mo tharrtháil. 4 Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal; seol mé agus treoraigh mé as ucht d' ainm. 5 Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham, óir is tú mo dhídean, a Thiarna. 6 Do do láimhse a thiomnaím m' anam, óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna. 7 A Dhia na fírinne, is fuath leat lucht adhartha íol gan éifeacht, ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna. 8 Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá óir chuir tú spéis i m' anacair agus chuidigh tú le m' anam ina chúngaigh. 9 Níor thug tú suas do mo namhaid mé, ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing. 10 Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna, óir tá mé i gcúngach. Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse: agus m' anam is mo chroí. 11 Tá mo bheatha á snoí le brón agus mo bhlianta le hosnaíl. Táim ar díth mo nirt le buaireamh; tá mo chnámha á gcnaí. 12 Rinne ábhar aithise díom do mo naimhde go léir. Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé: is cúis uamhain mé do mo chairde. An dream a chastar sa tsráid orm, teitheann siad uaim. 13 Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de, nó le soitheach a briseadh. 14 Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán, agus imeagla i mo thimpeall. Cograíonn siad lena chéile i m' aghaidh: beartaíonn siad mo bhás. 15 Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna, deirim: «Is tú mo Dhia.» 16 Tá m' anam ag brath ort, saor mé ón namhaid is ó chách ar mo thóir. 17 Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla; tabhair slán mé i do ghrá. 18 Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort; go gcuirtear náire ar na hurchóidigh. Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad; 19 go mbalbhaítear a mbéal bréagach, a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne. 20 Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat don dream lenarb eagal tú, a thugann tú don mhuintir a thriallann ort i bhfianaise na hÁdhamchlainne. 21 Folaíonn tú iad i do láthairse ó chúlghearradh daoine. Coimeádann tú slán i do bhoth iad ó chlampar teangacha. 22 Moladh leis an Tiarna a nocht dom móriontas a ghrá i gcathair dhaingean. 23 Dúirt mé tráth agus scaoll orm: «Díbríodh as do radharc mé.» Ach d' éist tú le glór mo ghuí nuair a ghlaoigh mé ort. 24 Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile; caomhnaíonn sé na dílsigh. Ach díolann sé an comhar go hiomlán le lucht an díomais. 25 Bígí láidir! bíodh misneach in bhur gcroí agaibh, a dhaoine uile a bhfuil bhur ndóchas sa Tiarna. Mascail Dháiví. Is méanar dár maitheadh a choir; dár folaíodh a pheaca; Salm 31 an té nach gcuireann an Tiarna cion ina leith, ' s nach bhfuil cealg ina chroí. Bhí mé i mo thost, agus chríon mo chnámha; bhínn ag osnaíl gach lá, Óir gach uile lá agus oíche ba throm orm do lámh. Go deimhin, bhí mo neart á thrá mar a bheadh le teas an tsamhraidh. Ach cheana, d' admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m' urchóid. Dúirt mé: «Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.» Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom. Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin, in am an éigin. Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móra ní thiocfaidh siad i ngar dó. Is tú m' áit fholaigh, a Thiarna, do m' fhuascailt ó m' anacair; cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm. Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé an tslí is triallta duit. Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit; coimeádfaidh mé súil ort. Ná bígí mar an each ná an mhiúil, gan chiall gan tuiscint. Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iad ní thiocfaidh siad i do chóngar. Is líonmhar iad dóláis na n-éagráifeach, ach tá trocaire agus grá ag an té a mbíonn a dhóchas sa Tiarna. Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna, a fhíréana uile. Déanaigí aoibhneas agus áthas a lucht an chroí dhírigh. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana: is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice. Salm 32 Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit; déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach. Canaigí amhrán urnua dó; canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó. Óir is dílis é briathar an Tiarna, agus is fírinneach a oibreacha go léir. Carann sé an chóir agus an ceart agus líonann sé an talamh dá bhuanghrá. Lena bhriathar a rinneadh na flaithis: le hanáil a bhéil na realtaí go léir. Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal, agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce. Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile; bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó. Labhair sé agus rinneadh gach aon ní. D' ordaigh sé agus ráinig siad ann. Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath agus beartas na náisiún ar neamhní. Maireann comhairle an Tiarna go brách agus a smaointe ó aois go haois. Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia: an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin. Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamh agus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir. Amharcann sé óna ionad cónaithe ar gach aon neach dá maireann ar talamh an té a chum a gcroíthe go léir agus a thugann a mbearta go léir dá aire. Ní neart a shlua a thugann bua do rí; ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch. Ní hé an t-each a bhéarfaidh an bua; ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh. Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá, chun a n-anam a shaoradh ón mbas agus iad a bheathú le linn gorta. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna; is é siúd ar gcabhair agus ár sciath; is ann a ghairdíonn ár gcroí, is iontaoibh linn a ainm naofa. Go dtaga do bhuanghrá orainn, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat. 1 [Salm de chuid] Dáiví nuair a lig sé air bheith as a mheabhair i bhfianaise Aibímeilic nuair a chuir seisean an ruaig air. 2 Beannóidh mé an Tiarna i dtólamh beidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí. Salm 33 3 Bíonn m' anam ag déanamh mórtais as an Tiarna: éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu. 4 Móraigí an Tiarna mar aon liom: tugaimis adhradh dá ainm in éineacht. 5 Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d' éist sé liom agus d' fhuascail sé ó m' eagla go léir mé. 6 Féachaigí chuige agus loinnir oraibh ' s na bíodh luisne na náire in bhur leicne. 7 Nuair a scairt an t-ainniseoir seo d' éist an Tiarna, agus shaor sé óna chúngaigh go léir é. 8 Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt. 9 Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna: is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean. 10 A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh; ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é. 11 Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga: ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna. 12 Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liom go múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh. 13 Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha? agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas? 14 Coinnigh do theanga ón olc agus do bhéal ó bhriathra éithigh. 15 Seachain an t-olc agus déan an mhaith; bí ag lorg na síochána agus lean di. 16 Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin agus tugann sé aird ar a n-achainí. 17 Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilc d' fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh. 18 Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air: fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad. 19 Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach. 20 Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan, ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é; 21 cosnaíonn sé a chnámha go léir; ní bhrisfear oiread is aon cheann amháin acu. 22 Tiománfaidh an t-olc an t-éagráifeach chun a bháis, agus daorfar lucht fuatha an fhíréin. 23 Fuasclaíonn an Tiarna anamacha a shearbhóntaí: ní dhaorfar a dtéann faoina choimirce. [Salm le] Dáiví. Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde: cuir cath ar a mbíonn ag troid liom. Salm 34 Gabh chugat do sciath agus do lúireach, agus éirigh do mo chúnamh. Beartaigh an ga agus [an tsleá] in aghaidh lucht mo thóraíochta. Abair le m' anam, a Thiarna: «Is mise do shlánú.» Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dream atá ar tí mo mharaithe. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire lucht beartaithe oilc i m' aghaidh. Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthu amhail cáith roimh an ngaoth; go raibh a slí go sleamhain dúdhorcha agus aingeal Dé ar a dtí. Leathadar a líon dom gan chúis: rinneadar uaigh dom gan ábhar. Go dtaga orthu díothú gan choinne; go gceaptar iad féin sa líon a chuir siad i bhfolach romham. Go dtite siad sa chlais. Déanfaidh m' anamsa lúcháir sa Tiarna: déanfaidh mé gairdeas ina shlánú. Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán: «Cé is cosúil leat, a Thiarna, an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear, an duine dealbh ón tíoránach?» Éiríonn finnéithe bréige i m' éadan do mo cheistiú ach mé aineolach. Díolann siad an t-olc in aghaidh na maithe liom: tá m' anam go brónach. Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm; chiapas m' anam le troscadh. Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn ar dheartháir liom nó cara; mar dhuine a bheadh ag caoineadh a mháthar, bhí mé crom le cumha. Ach anois, ó tá mé san fhaopach cruinníonn siad faoi áthas. Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh, ' s iad ag tromaíocht gan scíth orm. Bíonn siad ag magadh fúm gan stad gan staonadh, is a bhfiacla ag díoscán i m' aghaidh. Cá fhad a bheidh tú ag amharc orthu, a Thiarna? Tar agus fóir orm! Déan m' anam a fhuascailt óna n-ionsaithe; m' anam ó na leoin. Tabharfaidh mé buíochas duit sa mhórdháil; molfaidh mé thú sa slua. An dream atá ina naimhde gan chúis dom, nár dhéana siad gairdeas umam. Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth, nár chaocha siad a súile orm. Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre: cumann siad cealg ina n-aghaidh. Deir siad, agus a mbéal ar leathadh acu: «Há, há! Nach bhfacamar féin é!» Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost; ná bí i bhfad uaim, a Thiarna! Múscail! agus brostaigh chun mo chosanta a Dhia liom; a Thiarna bí liom. Tabhair breith orm de réir do chirt, a Thiarna; ná maídís a mbua orm, a Dhia. Ná smaoinidís ina gcroí: «Tá buaite againn!» Ná habraidís: «Shlogamar siar é!» An dream lenarb áil mo dhochar, go raibh náire is míchlú orthu! Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis lucht maíte i m' éadan. Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte, agus abraidís gan sos: «Moladh leis an Tiarna lenarb áil sonas a sheirbhísigh!» Agus foilseoidh mo theanga d' fhíréantacht agus do mholadh ar feadh an lae. 1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna. 2 Labhraíonn an urchóid leis an bpeacach i ndiamhair a chroí. Ní choimeádann sé eagla Dé os comhair a shúl. Salm 35 3 Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í. 4 Tá urchóid agus cealg ina bhéal níl ciall aige don mhaith. 5 Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheacht ina luí ar a leaba dó. Gabhann sé i slí nach maith agus ní shéanann sé an t-olc. 6 Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna, agus do dhílse na néalta. Tá d' fhíréantacht mar shléibhte Dé: 7 do bhreithiúnas mar an duibheagán. Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch. 8 A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá! Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ort go ngabhann faoi scáth do sciathán. 9 Líontar le méitheas do thí iad tugann tú deoch dóibh as abhainn d' aoibhneas, 10 óir is leatsa atá foinse na beatha; agus i do sholas-sa a fheicimid an solas. 11 Bíodh grá agat de shíor do lucht d' adhartha, agus cothromas do lucht an chroí dhírigh. 12a Ná gabhadh an díomasach de chosa orm: ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé. 12b Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide; tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí. [Salm le] Dáiví. Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair; ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide; Salm 36 óir dreofaidh siad go luath ar nós an fhéir agus feofaidh siad amhail luibheanna glasa. Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith, agus mairfidh tú sa tír go sábháilte. Má thugann tú taitneamh don Tiarna tabharfaidh seisean duit mian do chroí. Taobhaigh do shlí leis an Tiarna; cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart i dtreo go n-éireoidh d' fhíréantacht mar sholas agus d' ionracas mar ghrian an mheán lae. Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis: ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan, ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht ABN: 7, 14c, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14a, 14b, 15 Cuir uait an fraoch agus an fíoch; ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar; Óir dísceofar lucht déanta an oilc agus gheobhaidh lucht na foighne an talamh. Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine Féach a ionad! ní ann dó feasta. Ach beidh seilbh an talaimh ag na hísle beidh a n-aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis. Beartaíonn an t-urchóideach in aghaidh an fhíréin: baineann díoscán as a fhiacla ina choinne. Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi, óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht. 14a Tarraingíonn na héagráifigh an claíomh; 14b teannann siad an bogha a threascairt an duine ionraic. 14c a threascairt lucht an ghátair agus na mbocht. Tollfaidh a gclaíomh a gcroí féin agus brisfear a mbogha ina bhloghanna. Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n-éagráifeach; óir brisfear ar chumhacht na n-éagráifeach agus beidh an Tiarna ina chúl taca ag an bhfíréan. Ar an Tiarna atá cúram na neamhurchóideach, agus mairfidh a n-oidhreacht go brách. Ní thabharfar a náire in am na tubaiste, agus líonfar iad in am an ghorta. Rachaidh na héagráifigh go léir ar ceal mar aon le naimhde an Tiarna. Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaire agus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh. Ní aisíocann an t-éagráifeach a iasacht, ach tugann an fíréan uaidh go flaithiúil. Beidh an talamh ag lucht beannaithe an Tiarna, ach dísceofar an dream a mhallaigh sé. Stiúrann an Tiarna coiscéimeanna an duine agus déanann slí an té is geal leis sábháilte. Má thuislíonn sé ní leagfar ar lár é, ós é an Tiarna é féin a thaca. Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta, ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigean ná a shliocht ag iarraidh a gcoda. Bíonn sé fial i gcónaí; tugann sé iasacht uaidh, agus beannófar a shliocht dá éis. Seachain an t-olc, déan an mhaith agus mairfidh tú go buan mar a bhfuil tú. Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n-urchóideach a scriosadh. Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimh agus mairfidh siad ann go brách. Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagna agus canann a theanga an ceart; bíonn dlí a Dhé ina chroí, ní bhíonn a chosa ag imeacht uaidh. Bíonn an t-urchóideach ag faire an fhíréin agus fonn a mharaithe air. Ní fhágfaidh an Tiarna faoina smacht é, ná ní dhaorfaidh é nuair a thabharfaidh sé breith air. Fan leis an Tiarna; bí dílis dó agus tabharfaidh sé ardú céime duit, go mbronnfaidh ort seilbh na talún; agus feicfidh tú díothú na n-urchóideach. Chonaic mé an t-urchóideach go huaibhreach ina sheasamh amhail céadras na Liobáine. Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe; chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil. Féach an fíréan, tabhair do d' aire an duine ionraic, óir beidh sliocht ag fear na síochána; ach dísceofar na peacaigh uile le chéile; déanfar sliocht na n-éagráifeach a scriosadh. Ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan, is é a ndídean é in am na trioblóide. Tiocfaidh an Tiarna i gcabhair orthu lena bhfuascailt; sábhálfaidh sé iad ó na hurchóidigh de bhrí gurb ann atá a ndóchas. Salm Dháiví. Mar chuimhneachán. Salm 37 2 A Thiarna, ná lochtaigh mé i d' fhearg; ná déan mo smachtú i do chuthach. 3 Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionam agus tháinig do lámh anuas orm. 4 Ní slán do mo cholainn de dheasca d' fheirge níl folláine i mo chnámha de thoisc mo pheaca. 5 Óir d' éirigh mo chionta os mo chionn agus luíonn siad ina n-ualach róthrom orm. 6 Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathu de dheasca mo dhíchéille féin. 7 Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa; triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae. 8 Tá mo leasracha arna líonadh d' othras, níl folláine ar bith i mo cholainn. 9 Tá mé traochta; tá mé brúite as cuimse, is mé ag cneadaíl le céasadh mo chroí. 10 Is feas duit, a Thiarna, mo mhianta, níor ceileadh ort m' osnaí ach oiread. 11 Tá mo chroí ag preabadh; d' imigh mo neart uaim, agus tá solas mo shúl tar éis teip orm. 12 Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé, agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim, mar gheall ar mo chréachtaí. 13 An dream ar a bhfuil fonn mo mharaithe cuireann siad ribe romham an dream a iarrann mo dhochar agus mo mhilleadh, beartaíonn siad feall i mo choinne ar feadh an lae. 14 Is cosúil mé le bodhrán nach gcluineann le balbhán nach n-osclaíonn a bhéal; 15 amhail duine nach gcluineann dada ar bith ' s nach bhfuil oiread agus focal ina phluc aige. 16 Óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna, is tú a thabharfaidh freagra, a Dhia liom. 17 Óir deirim: «An dream a bhíonn ag maíomh orm an uair a shleamhnaíonn mo chos uaim, nár dhéana siad gairdeas mar gheall orm.» 18 Óir táimse ar tí titim faoi láthair; bíonn mo bhrón as mo chomhair de ghnáth. 19 Admhaím mo chion is mo pheaca; is buartha go fíor mé dá dheasca. 20 Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábhar agus is líonmhar lucht m' fhuatha gan fáth, 21 a thugann an t-olc uathu i gcúiteamh na maithe agus a chuireann i m' aghaidh toisc go leanaim den mhaith. 22 Ná tréig mé, a Thiarna, a Dhia liom! ná bíse i bhfad uaim choíche! 23 Brostaigh, a Dhia, chun mo chúnaimh, a Thiarna, is tú mo shlanú. 1 Do stiúrthóir an chóir,.i. do «Iduthun». Salm le Dáiví. 2 Dúirt mé: «Tabharfaidh mé aire do mo shlite sula ndéana mé peaca le mo theanga. Cuirfidh mé srian le mo bhéal nuair a bheidh an t-éagráifeach os mo choinne.» Salm 38 3 Bhí mé balbh agus d' fhan mé i mo thost, bhí éad orm de dheasca a rathúnais. 4 Bhí mo chroí go te ionam istigh; las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom, agus leis sin labhair mo theanga. 5 Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil. 6 Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d' fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála 7 agus gabhann an duine seacha mar scáil. Gal gaoithe a shaibhreas go léir; ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé. 8 Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna? is ionat atá mo dhóchas ar fad. 9 Saor mé ó mo chionta go léir, ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán. 10 Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéal de bhrí gur tusa faoi deara é. 11 Tóg uaim anois do sciúirse; tá mé cloíte ag buillí do láimhe. 12 An uair a smachtaíonn tú an duine le hachasán i ngeall ar a pheaca leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis; níl in aon neach ar bith ach puth anála. 13 Éist le mo ghuí agus le m' urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m' oilithreach ar nós m' aithreacha go léir. 14 Lig dom, go bhfaighe mé aoibhneas sula dté mé faoi dheoidh ar ceal coiteann. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. A Salm 39 3 Tharraing sé mé as díog na díthe, as láib an bhogaigh; chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig agus dhaingnigh mo choiscéimeanna. 4 Chuir sé amhrán nua i mo bhéal: duan dár nDia. Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu, agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu. 5 Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige. 6 Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb' áil liom a n-insint nó a n-áireamh rachadh a gcomhaireamh díom. 7 Íobairt ná ofráil níor thoil leat, ach d' oscail tú mo chluasa. Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait; 8 ach féach, dúirt mé: «Seo ag teacht mé! i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm 9 go ndéanfainn do thoilse. A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí.» 10 Rinne mé d' fhíréantacht a fhógairt sa chomhdháil mhór. Cosc níor chuir mé le mo bhéal mar is eol duit, a Thiarna. 11 Níor fholaigh mé d' fhíréantacht i mo chroí ach d' fhógair mé do chabhair dhílis; níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinne ar an gcomhdháil mhór. A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil uaim go brách. Go ndéana do bhuanghrá agus d' fhírinne mo chaomhnú choíche. 12 13 Tá mórán olc i mo thimpeall, oilc gan áireamh. Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chionta nach bhfeicim dada; ní lia ribí mo chinn ná iad agus teipeann mo mhisneach orm. 14 Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom. 15 Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neach ar a bhfuil fonn mo mharaithe; go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh. 16 Go ndalltar le náire an drong a deir liom: «Há! há!» 17 Go ndéana a mbíonn ar do lorg ríméad agus gairdeas ionat. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: «Moladh leis an Tiarna!» 18 Cé gur dealbh agus gur dearóil mise déanann an Tiarna cúram díom. Is tú mo chabhair agus m' fhuascailteoir; ná moilligh, a Dhia liom. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. 2 Is méanar don té ar cúram leis an dealbh is an daibhir; saorfaidh an Tiarna é in am na buartha. Salm 40 3 Coimeádfaidh sé beo é, tabharfaidh sé séan dó ar talamh agus ní thabharfaidh sé suas é do thoil a eascairde. 4 Tabharfaidh sé neart dó ar leaba a thinnis agus déanfaidh a leigheas le linn a bhreoiteachta. 5 Is é a dúirt mise: «Déan trócaire orm, a Thiarna, slánaigh m' anam de bhrí gur pheacaíos ort.» 6 Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais: «Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?» 7 Tagann siad do m' fhéachaint le caradas bréige; scaipeann siad a mbréaga fúm amuigh le caint mhailíseach. 8 Bíonn m' aos fuatha ag cogarnach le chéile i m' éadan; bíonn siad ag machnamh ina gcroí ar an tubaiste a bhain dom. 9 «Tháinig galar gáifeach air,» a deir siad le chéile, «an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.» 10 Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín agus a d' itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m' éadan! 11 Ach tusa, a Thiarna, bíodh trua agat dom; déan mo thógáil arís go ndíolfaidh mé an comhar leo. 12 Ansin beidh a fhios agam go bhfuil lé agat liom nuair nach ndéanfaidh m' eascairde a mbua a mhaíomh orm. 13 Má dhéanfaidh tú trua dom tabharfaidh tú slán mé agus cuirfidh tú i mo sheasamh i do láthair go brách mé. 14 Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael go brách. Moladh leis ó aois go haois. Amen. Amen. Saint chun Dé agus chun a Theampaill Salm 41 3 Tá cíocras chun Dé ar m' anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé. 4 Is iad mo dheora is bia dom de lá agus d' oíche nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae: «Cá bhfuil do Dhia?» 5 Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile. 6 Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é. 7 Tá m' anam go buartha istigh ionam, is ort a bhím ag cuimhneamh ó thír na Iordáine, ó Hearmón, agus fós ó Shliabh Mizeár. 8 Glaonn na duibheagáin ar a chéile le torann do chuid easanna. Tagann do thonnta agus do thuilte go léir ina gcaisí anuas orm. 9 Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghrá orm de lá agus canfaidh mé ceadal san oíche do Dhia mo bheo. 10 Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá? 11 Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: «Cá bhfuil do Dhia?» 12 Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é. Salm 42 Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia). Óir is tú mo dhídean, a Dhia, cén fáth ar theilg tú uait mé? Cén fáth a bhfuilim ag triall go dobrónach agus mo namhaid do mo chiapadh? Cuir chugam do sholas agus d' fhírinne, go ndéana siad mo threorú do mo thionlacan faoi dhéin do chnoic naofa, faoi dhéin do phailliúin. Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom! Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é. 1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach. 2 Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia, agus d' inis ár n-aithreacha féin dúinn na hoibreacha a rinne tú fadó, na héachtaí a rinne tú lena linn. Salm 43 3 Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinn gur phlandaigh tú ár sinsir ina n-ionad. 4 Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamh níorbh é a gcuisle féin a shaor iad ach do dheaslámh féin is do chuisle agus gile do ghnúise, mar b' iad do ghrá iad. 5 Is tú mo rí agus mo Dhia a thug barr agus bua do Iacób. 6 Is tríotsa a chloíomar ár naimhde gur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i d' ainm. 7 Óir ní i mo bhogha a chuir mé mo dhóchas, ná níorbh é mo chlaíomh a thug saor mé, 8 ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinn agus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn. 9 Bhímis ag maíomh as Dia i dtólamh agus ag tabhairt moladh do d' ainm de shíor. Selah 10 Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúil agus ní ghabhann tú amach lenár sluaite. 11 Tugann tú orainn cúlú roimh ár naimhde agus déanann lucht ár bhfuatha slad orainn. 12 Thug tú suas sinn mar chaoirigh chun ár maraithe. Chuir tú scaipeadh orainn ar fud na gciníocha. 13 Dhíol tú do phobal in aisce, agus ní bhfuair tú dada de bharr a ndíolta. 14 Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana, cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall, 15 ceap aithise i mbéal na gciníocha agus ceap magaidh i measc na náisiún. 16 Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíor agus luisne na náire i mo leiceann 17 de bharr ghlór an scigire agus an sciolladóra de dheasca an namhad agus an díoltasaí. 18 Tháinig na nithe seo uile orainn anuas siúd is nach ndearnamar dearmad ort, is nach rabhamar mídhílis do do chonradh 19 ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl, ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait, 20 bíodh gur bhrúigh tú in áit na hainnise sinn agus gur fholaigh tú le scáil an bháis sinn. 21 Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDé nó dá leathaimis ár lámha chun dé eile, 22 nach mbeadh a fhios sin ag Dia? Óir is eol dó rúndiamhra an chroí. 23 Ar do shonsa tugtar ár n-ár ar feadh an lae agus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású. 24 Múscail! Cad é an codladh sin ort, a Thiarna? Bí i do dhúiseacht! ná diúltaigh dúinn de shíor! 25 Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainn agus nach cuimhin leat ár n-ainnise is ár n-ansmacht? 26 Óir leagadh ar lár sinn sa luaithreach agus buaileadh ár gcorp ar an talamh. 27 Éirigh i do sheasamh agus cabhraigh linn agus fuascail sinn as ucht do thrócaire. 1 Do stiúrthóir an chóir. Le fonn an cheadail «Na lilí?». Mascil chlann Chorach. Amhrán grá. 2 Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga. Salm 44 3 Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huile agus doirteadh an grásta amach ar do bheola toisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú. 4 Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh: faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeach ar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt. 5 [Teann do bhogha] le do dheasláimh chumasach. 6 Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat. Tá naimhde an rí ar díth a meanman. 7 Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche; ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta. 8 Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais. Is uime sin a rinne Dia do Dhia féin thú a ungadh le hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh. 9 Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d' éadaí; seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha. 10 Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta, agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír. 11 Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom; cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d' athar. 12 Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d' áilleacht; eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó. 13 Tiocfaidh muintir na Tuíre le tabhartais chugat ' s beidh lucht rachmais an phobail ag iarraidh do pháirte. 14 Tá iníon an rí gléasta le róbaí órmhaisithe, 15 agus seoltar chun an rí í faoi éadaí ildathacha. Seoltar dá héis chuige a maighdeana coimhdeachta. 16 Déantar a dtionlacan le háthas is gairdeas nuair a ghabhann siad isteach in áras an rí. 17 In ionad do shinsear beidh clann mhac de do chuid féin agat; ceapfaidh tú ina bhflatha iad ar fud chríocha na cruinne. 18 Beidh cuimhne ar d' ainm go brách de bharr an dáin seo agus molfaidh na ciníocha thú go brách na breithe. 1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn «Na Maighdeana?» Amhrán. 2 Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é: is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n-anacra. Salm 45 3 Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamh agus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara, 4 fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh ' s ag fiuchadh, agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta. [Tá Tiarna na Slua inar bhfochair: is daingean dúinn Dia Iacóib.] Selah 5 Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde. 6 Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae. 7 Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí, toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh. 8 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair, is daingean dúinn Dia Iacóib. 9 Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh. 10 Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine. 11 «Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.» 12 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair, is daingean dúinn Dia Iacóib. Selah 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach. 2 Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile; glaoigí ar Dhia le gártha gairdis! Salm 46 3 Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach, ina ardrí os cionn na cruinne. 4 Cuireann sé ciníocha faoinár smacht agus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa. 5 Is uaidh a fuaireamar ár n-oidhreacht; oidhreacht Iacóib dá dtugann sé grá. 6 Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic. 7 Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó; seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó! 8 Is é Dia rí na cruinne go léir; seinnigí agus canaigí go hoilte dó! 9 Tá Dia ina rí ar na náisiúin; tá sé ina shuí ar a ríchathaoir naofa. 10 Cruinníonn taoisigh na gciníocha i gceann a chéile; i bhfochair phobal Dhia Abrahám. Óir is le Dia lucht rialaithe na cruinne; is aige atá an chumhacht go hiomlán. 1 Amhrán. Salm chlann Chorach. 2 Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór é i gcathair ár nDé. Salm 47 3 Is álainn an cnoc é a shliabh naofa, áthas an domhain uile. Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt cathair an ArdRí. 4 Chruthaigh Dia i lár a dúnta bheith ina dhaingean sábháilte. 5 Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéile gur ionsaigh siad in éineacht. 6 Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu; rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill. 7 Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach, amhail tinneas clainne; 8 mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadh loingeas Thairsís. 9 Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar i gcathair ár nDé; i gcathair Thiarna na slua a dhaingnigh Dia go deo. 10 Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia, i gceartlár do theampaill. 11 Leathann do mholadh, ar nós d' ainm, a Thiarna, go críocha na cruinne. Is lán do dheaslámh d' fhíréantacht; 12 gairdíonn Cnoc Shíón. Tá áthas ar iníonacha Iúdá de bharr do bhreithiúnais. 13 Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall comhairigí a túir. 14 Breathnaigí a rampair chosanta; scrúdaigí a dúnfoirt, go n-inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht: 15 is mar sin dár nDia. Is é ár nDia é go brách na breithe agus ár dtreoraí go deo. Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach. Salm 48 2 Éistigí, a chiníocha go léir, tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne, 3 íseal agus uasal in éineacht, saibhir agus daibhir le chéile. 4 Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara; is lán mo chroí de thuiscint. 5 Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal, sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach. 6 Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall 7 dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas agus a mhaíonn as méid a maoine? 8 Ní thig le haon duine é féin a fhuascailt ná éiric a anama a dhíol le Dia; 9 is ródhaor aige éiric a anama. 10 Ní thig leis síorbheatha a cheannach le súil nach bhfeice sé an uaigh. 11 Feiceann sé an saoi agus an daoi ar lár agus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh. 12 Tuamaí is dídean dóibh go brách, a n-árais chónaithe ó ghlúin go chéile cé go mbíodh a n-ainm in airde sa tír. 13 Óir ní buan é séan an duine; is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal. 14 Slí na baothmhuiníne a slí siúd, críoch na droinge lenarb áil a maoin. Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe 15 mar a ndéanfaidh an bás a n-aoireacht agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad. Imeoidh a dtaibhse ar maidin; san uaigh a bheidh a n-áras acu feasta. 16 Ach saorfaidh Dia m' anamsa ar ifreann an uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé. 17 Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir; má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh. 18 Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis, ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis. 19 Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé «maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht» 20 rachaidh sé i bhfochair a shinsear nach bhfeicfidh an solas go brách. 21 Óir ní buan é séan an duine; is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal. Salm Ásáf. Labhair an Tiarna is é Dia na ndéithe é agus ghair sé chuige an chruinne. Salm 49 As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe; Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost. Gluaisfidh tine chraosach roimhe amach agus anfa gaoithe ina thimpeall. Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamh go dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal: «Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthair a cheangail mo chonradh le híobairt.» Foilsíonn na flaithis a fhíréantacht óir is é Dia é féin is breitheamh. «Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé, tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael; óir is mise is Dia ann do Dhiasa. Ní de bharr d' íobairtí a cháinim thú: bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor. Ní ghlacfaidh mé le tarbh ó do theach ná le pocaide gabhair de do thréada. Óir is liom ainmhithe uile na coille agus na mílte beithíoch ar mo shléibhte. Is aithnid dom éanlaith an aeir agus is liom a ngluaiseann sa mhachaire. Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é, óir is liom an domhan agus a bhfuil ann. An dóigh leat go n-ithimse feoil tarbh? An measann tú go n-olaimse fuil gabhar? Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia díol do mhóideanna leis an Té is Airde. Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.» Ach is é a deir Dia leis an bpeacach: «Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairt agus lán béil a dhéanamh de mo chonradh? Ó tharla gur fuath leat mo dhlí agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra? Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leis agus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais. Tugann tú do bhéal don olc agus cumann tú bréaga le do theanga. Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit, tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin. Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost? An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é? Táim do do cheartú agus do do chúisiú. Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé; sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann; an té a ghabhann buíochas mar íobairt, is é sin an té a thugann urraim dom; agus don té a mhaireann gan cháim taispeánfaidh mé slánú Dé.» 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví, 2 an uair a tháinig Nátán fáidh chuige tar éis do [Dháiví] peaca a dhéanamh le Baitseaba. 3 Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá: cealaigh mo choir as iomad do thrua. Salm 50 4 Nigh go huile mé ó mo chion, agus déan mo pheaca a ghlanadh díom. 5 Óir aithním mo chionta go maith agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí. 6 Is ortsa amháin a pheacaigh mé; an ní is olc i do láthair a rinne mé. Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith agus go dtugann tú breithiúnas gan locht. 7 Ach féach gur rugadh faoi chion mé agus gur gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé. 8 Féach, is geal leat an croí dílis, agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom. 9 Croith orm hiosóip agus glanfar mé; nigh mé agus is gile mé ná an sneachta. 10 Lig dom an gairdeas agus an t-áthas a chloisteáil, agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú. 11 Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí agus cealaigh mo chionta go léir. 12 Cruthaigh ionam croí glan, a Dhia, agus cruthaigh spiorad daingean as an nua ionam. 13 Ná díbir amach as do radharc mé agus ná beir do naomhspiorad uaim. 14 Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe agus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom. 15 Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat. 16 Saor mé ó choir na fola, a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir, agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas. 17 A Thiarna, oscail mo bheola, agus fógróidh mo bhéal do mholadh. 18 Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá. 19 M' íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch; ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal. 20 Bí fial le Síón, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna, ionas go dtógfaí ballaí Iarúsailéim as an nua. 21 Glacfaidh tú ansin le híobairtí na fíréantachta, le hofrálacha agus le híobairtí uileloiscthe: ansin ofrálfar mairt chugat ar d' altóir. 1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví 2 nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: «Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.» 3 Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais, a ghaiscígh na hurchóide? Salm 51 4 Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae, agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar, a chealgaire ghlic. 5 Is ansa leat an t-olc ná an mhaitheas, an t-éitheach ná an fhírinne. 6 Is áil leat an uile chaint dhíobhálach, a theanga na camastaíola. 7 Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo. 8 Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu; beidh siad ag gáire faoi, á rá: 9 «Sin é an fear nár mhian leis go mbeadh Dia ina dhaingean aige, ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoine agus a neart ina choirpeacht.» 10 Ach bímse mar úrchrann olóige in áras Dé; ' s tá mo dhóchas i ndilghrá Dé go brách agus choíche. 11 Tabharfaidh mé buíochas duit go deo de bharr a ndearna tú, agus fógróidh mé feabhas d' ainmse i bhfianaise na bhfíréan. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Mahalat». Mascil Dháiví. Salm 52 2 Deir an t-amadán ina chroí: «Níl aon Dia ann.» Tá siad truaillithe; déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann. 3 Breathnaíonn an Dia ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia. 4 Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile, níl neach ann a dhéanfadh an mhaith, níl oiread is duine. 5 An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Ní ghlaonn siad ar Dhia. 6 Beidh siad ar crith le heagla gan aon chúis eagla acu. Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe; tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh. 7 Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach! Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael. 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví 2 nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól á rá leis: «Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.» 3 Slánaigh mé a Dhia, le d' ainm; déan mo chúis a agairt le do neart. Salm 53 4 Éist, a Dhia, le m' urnaí, tabhair cluas do bhriathra mo bhéil. 5 Óir d' éirigh lucht an díomais amach i m' éadan, agus tá daoine gan trua ar thóir m' anama; níl aird dá laghad acu ar Dhia. Selah 6 Féach! tá Dia ag teacht i gcabhair orm; tá an Tiarna ag coinneáil an dé ionam. 7 Fillfidh an t-olc ar mo naimhde; díothaigh iad as ucht do dhílse. 8a Déanfaidh mé íobairt duit, a Thiarna, go fonnmhar, agus molfaidh mé d' ainm toisc gur maith é. 8b Óir d' fhuascail tú ón uile thrioblóid mé ionas go bhfaca mé mo naimhde á dtreascairt. 1 Do siúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví. 2 Tabhair cluas do m' urnaí, a Dhia: ná téigh i bhfolach ó m' achainí. Salm 54 3 Tabhair aire dom agus éist le mo ghuí, óir tá mé cloíte ag an mbuairt. 4 Táim ar crith de bharr gártha an namhad agus ansmacht na n-urchóideach; óir tarraingíonn siad an t-olc anuas orm; bíonn siad do mo chiapadh le neart a bhfeirge. 5 Tá mo chroí arna chloí ionam istigh: titeann eagla an bháis orm. 6 Tagann sceimhle is scanradh orm anuas, tá mé i mo stalc ag an uamhan. 7 «Mo thrua,» a deirim, «gan sciatháin an choilm agam; d' eitleoinn liom faoi shuaimhneas.» 8 Is amhlaidh a rachainn in imigéin go ndéanfainn cónaí san fhásach. 9 Theithfinn gan mhoill ar lorg fothana ón stoirm is ón spéirling; 10 ó anfa clúmhillteach mo namhad, ó thonn tuile a dteangacha. Óir ní fheicimse aon ní sa chathair ach imreas is éigean; 11 siúlann siad ballaí na cathrach de lá agus d' oíche. Is lán í d' olc agus d' urchóid; 12 Tá an peaca ina lár. Ní scarann an foréigean ná an feall lena sráideanna choíche. 13 Dá mba namhaid é an té a thug aithis dom d' fhéadfainn cur suas leis. Dá mba eascara a d' éirigh i m' éadan rachainn i bhfolach uaidh. 14 Ach tusa! mo dhlúthchara féin is mo chaomhchompánach a rinne an ní seo! 15 Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé. 16 Go gcastar an bás go tobann orthu; go dté siad beo san uaigh síos. Óir cónaíonn an urchóid ina n-árais agus i gceartlár a gcroí. 17 Ach glaofaidh mise ar Dhia agus saorfaidh an Tiarna mé. ABN: 17, 18a, 18b, 19, 18c, 20 18a Ar maidin, meán lae, is tráthnóna 18b beidh mé ag caí is ag caoineadh. 18c ach cluinfidh Dia mo ghlór. 19 Fuasclóidh sé m' anam go sítheach ón gcath seo a chuirim óir is iomaí sin duine a throideann liom 20 Éistfidh sé liom agus cloífidh iad; (tá sé ann ón tsíoraíocht), óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor, ná ní eagal leo Dia. Selah 21 Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde; briseann sé a chonradh. 22 Is sleamhaine a bhriathra ná im, ach tá cogadh ina chroí. Is boige a bhriathra ná ola, ach is claímhte arna nochtadh iad. 23 Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách. 24 Ach seolfaidh tusa síos iad, a Thiarna, go poll an bháis; ní bhfaighidh lucht fola agus fill ach leath a laethanta. Is ort atá mo sheasamh, a Thiarna. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Yonat Elem Rehoqim». Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat. Salm 55 2 Bí trócaireach liom, a Dhia, óir déantar leatrom orm; imrítear ansmacht orm in aghaidh an lae. 3 Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí, is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach. 4 Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh, 5 ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair. As Dia atá mo mhuinín gan eagla, Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom? 6 Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí; níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom. 7 Tionólann siad le chéile in oirchill orm; téann siad ar mo lorg le fonn mo mharaithe. 8 [Cúitigh] a n-urchóid leo, a Dhia, déan na ciníocha a chloí i do chuthach. 9 Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán; tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal; nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar? 10 Cuirfear mo naimhde ar gcúl an uair a ghlaofaidh mé ort, óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom. 11 As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair, 12 as Dia atá mo mhuinín gan eagla; cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom? 13 Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit; toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia, 14 toisc gur tharrthaigh tú m' anam ón mbás agus choinnigh tú mo chosa ó thuisliú, ionas go siúlfainn i bhfianaise Dé, is go mbainfinn aoibhneas as solas na mbeo. 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Ná scrios». Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól. 2 Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agat óir is ort atá tarraingt m' anama. Ar scáth do sciathán atá mo thriall nó go dtéann an anachain seo tharam. Salm 56 3 Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde: ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor. 4 Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse. 5 Tá m' anam ina luí i measc leon a d' alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos. Is sleánna agus saigheada a bhfiacla, is cosúil a dteanga le géarchlaíomh. 6 Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir! 7 Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa; rinneadar mé a ísliú. Thochail siad clais romham amach; ach thit siad féin inti. 8 Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean. Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí. 9 Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach is a chruit! Músclóidh mé féin an maidneachan. 10 Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna: molfaidh mé thú i measc na náisiún. 11 Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas agus do dhílse chun na spéartha. 12 Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir. 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Ná Scrios». Mictam Dháiví. 2 An í an fhíréantacht a fhógraíonn sibh a lucht na cumhachta? an é an ceartbhreithiúnas a thugann sibh ar chlann na ndaoine? Salm 57 3 Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroíthe agus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh. 4 Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar; lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad. 5 Is cosúil a nimh le nimh nathrach nimhe; le nimh na nathrach a chalcann a cluasa 6 d' eagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóra nó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta. 7 Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia; stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna. 8 Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána, go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air. 9 Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de, amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian. 10 Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon. 11 Beidh ríméad ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltas agus nífidh sé a chosa i bhfuil na n-urchóideach. 12 Déarfar: «Dar go deimhin gheobhaidh an fíréan luach saothair; tá Dia ann go dearfa a thugann breithiúnas ar talamh.» 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Ná scrios». Mictam Dháivi nuair a chuir Sól fir uaidh a dhéanamh faire ar a theach d' fhonn é a mharú. 2 Fuascail mé ó mo naimhde, a Dhia, cosain mé ar a n-éiríonn i m' éadan. Salm 58 3 Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóide agus saor mé ó lucht doirte fola. 4 Féach! téann siad in oirchill ar m' anam; déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne; gan choir gan chion uaimse, a Thiarna, 5 tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa. Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat! 6 Dia Iosrael thú, agus Tiarna na Slua. Éirigh agus smachtaigh na ciníocha, ná bíodh trua agat do lucht fill agus comhcheilge. Selah 7 Filleann siad gach tráthnóna ar nós madraí ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach. 8 drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu, agus iad ag fiafraí dá chéile: «Cé a chluinfidh sinn?» 9 Bíonn tusa, a Thiarna, ag gáire fúthu, is beag leat na náisiúin go léir. 10 Is duitse a thabharfaidh mé moladh óir is tú mo Dhia is mo dhaingean. 11 Go dtaga mo Dhia i gcabhair orm lena bhuanghrá agus dearcfaidh mé go buach ar mo naimhde. 12 Ná lig dóibh, sula mbainfeadh dearmad de mo phobal; déantar a dtreascairt is a leagan ar lár, a Thiarna, ós tú is sciath dúinn! 13 In éiric pheacaí a mbéal is a mbruas, i gcúiteamh a mallachtaí is a mbréag go mbeirtear orthu ina n-uabhar. 14 Scrios iad le corp feirge, a Thiarna, scrios iad nó go rachaidh siad ar ceal. Bíodh a fhios acu go bhfuil Dia i réim ar Iacób agus ar chríocha na cruinne. Selah 15 Filleann siad gach tráthnona ar nós madraí ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach; 16 gabhann siad anonn is anall ar thóir bia, ag drannaíl dóibh mura bhfaigheann siad a sáith. 17 Comórfaidh mise do chumhacht le cantaireacht agus gairdeoidh mé i do bhuanghrá le breacadh lae; óir ráinig tú i do dhaingean agamsa agus i do dhídean dom ar uair na hanacra. 18 Mo neart thú! is duitse a chanfaidh mé, óir is tú, a Thiarna, mo dhaingean, an Dia a thálann a bhuanghrá orm. 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Lile an Dlí». Mictam le Dáiví. Le foghlaim. 2 Nuair a ghabh sé amach i gcoinne Arám Naharaím agus Arám Zóbá nuair a tháinig Ióáb ar ais gur threascair sé Eadóm i nGleann an tSalainn 12, (fear). 3 Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn; bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís. Salm 59 4 Chroith tú an talamh agus scoilt tú é. Déan a chréachtaí a leigheas óir tá sé ar crith. 5 Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain, thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn. 6 Thug tú comhartha don dream lenarb eagal tú ionas go dteithfidís as raon an bhogha, Selah 7 agus go ndéanfaí d' aos grá a shaoradh. Fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn. 8 Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé: «Roinnfidh mé Seicim go ríméadach agus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas. 9 Is liom tír Ghileád, is liom Manaise; is é Eafráim clogad mo chinn, is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat; 10 is é Móáb mo bháisín níocháin. Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg, agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.» 11 Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta? Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé? 12 Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia, ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite? 13 Tabhair cúnamh dúinn in éadan ar naimhde óir is díomhaoin é cúnamh ón duine. 14 Déanfaimid gaisce le cunamh ó Dhia óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde. 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. [Salm] le Dáiví. 2 Éist le mo ghlao, a Dhia; tabhair cluas do m' urnaí! Salm 60 3 Glaoim ort ó chríocha na cruinne nuair a chliseann mo chroí. Ar charraig nach bhfuil breith agam uirthi, cuir mé in airde, a Dhia, 4 Óir is tú mo dhún is mo dhaingean in aghaidh an namhad. 5 Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuball go brách na breithe, chun go bhfaighe mé díon agus dídean faoi scáth do sciathán. Selah 6 Óir d' éist tú le mo mhóideanna, a Dhia; thug tú dom oidhreacht an dreama arb eagal leo d' ainm. 7 Cuir fad le saol an rí; go maire sé choíche! 8 Go raibh a réim go brách na breithe i bhfianaise Dé. Cuir trócaire ghrámhar agus dílse uait amach, á chaomhnú, 9 agus molfaidh mé d' ainm go brách; díolfaidh mé mo mhóideanna gach aon lá. 1 Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm [le] Dáiví. 2 I nDia amháin atá m' anam ar a shuaimhneas; is uaidh a thagann mo chúnamh. Salm 61 3 Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean; ní dhéanfar mo bhogadh. 4 Cá fhad a thabharfaidh sibh faoi dhuine, sibh go léir d' fhonn a bhriste, mar dhúmas gur bhalla fíorsceabhach é, nó fál ar tí titim? 5 Beartaíonn siad ar mo leagan ar lár; is áil leo an t-éitheach. Bíonn an bheannacht ina mbéal de shíor agus an mhallacht ina gcroí. Selah 6 Bí ar do shuaimhneas i nDia amháin, a anam liom, óir is ann atá mo dhóchas. 7 Is é mo charraig é, mo shlánú agus mo dhaingean; ní dhéanfar mo bhogadh. 8 Is i nDia atá mo shlánú is mo ghlóir; is carraig chumhachtach agus díon dom é. 9 Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal; ligigí rún bhur gcroí leis. Is é Dia ár ndídean. Selah 10 Níl san Ádhamhchlann ach puth anála, níl sna huaisle ach bréag; nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile ná an phuth anála féin. 11 Ná bíodh bhur ndóchas san ansmacht ná bhur maíomh san fhoghail. Má dhéantar bhur maoin a mhéadú ná santaigí in bhur gcroí í. 12 Aon uair amháin a labhair Dia, dhá ní a chuala mé; gur le Dia an chumhacht, a Thiarna, 13 agus gur leatsa an buanghrá, agus go ndíolann tú an comhar le gach aon neach de réir a shaothair. 1 Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá. 2 A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá íota tharta ar m' anam chugat. Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh túr tirim gan uisce. Salm 62 3 Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofa d' fhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht. 4 De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá, canfaidh mo bheola do mholadh. 5 Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú agus ardóidh mé mo lámha i d' ainmse. 6 Líonfar m' anam mar a líonfaí le fleá é, agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú. 7 I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort, bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche; 8 óir ráinig tú i do chúntóir agam, agus gairdím faoi scáth do sciathán. 9 Tá m' anam ag cloí go dlúth leat, agus coinníonn do dheaslámh suas mé. 10 An dream atá ar tí m' anama chun a scriosta, rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún. 11 Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iad agus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu. 12 Is i nDia a dhéanfaidh an rí gairdeas, agus beidh áthas ar a mionnaíonn dar eisean, ach cuirfear béal lucht éithigh ina thost. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. 2 Éist le mo ghlor is mé ag gearán, a Dhia; cosain mo bheo ar eagla an namhad. Salm 63 3 Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna, ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide. 4 Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar chlaíomh agus scaoileann a mbriathra nimhe amhail saigheada; 5 scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan, ' s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla. 6 Beartaíonn siad a ndrochbhearta go diongbháilte ' s iad i gcogar le chéile go folaitheach, á rá lena chéile: «Cé a fheicfidh sinn: 7 cé a fhéadfaidh ár gcionta a thóraíocht?» Ach an té sin a thóraíonn an aigne, arb eol dó rúndiamhra an chroí 8 scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne. 9 A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh, agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu. 10 Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin, inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia, agus tuigfidh siad gníomhartha Dé. 11 Gairdeoidh an fíréan sa Tiarna, rachaidh sé ag triall air faoi dhóchas agus beidh lucht an chroí chneasta ag déanamh mórtais. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán. 2 Is duit is dleacht ár moladh i Síón, a Dhia. Is duit a chomhlíonfar ár móid, Salm 64 3 ós tú a éisteann lenár nguí. Ortsa atá triall gach aon neach 4 lena eire urchóide. Luíonn ár lochtanna go trom orainn ach tugann tusa maithiúnas dúinn. 5 Is méanar don té a roghnaíonn tú, á ghlaoch chun do chúirteanna. Sásófar le flúirse do thí sinn, le hionad naofa do theampaill. 6 Déanann tú éachtaí i d' fhíréantacht dúinn, a Dhia ár slánaithe. Dóchas críocha uile na cruinne thú agus na bhfarraigí imigéiniúla. 7 Daingníonn tú na sléibhte le do neart ar do chrioslú le cumhacht. 8 Maolaíonn tú fothram na farraige agus torann na dtonnta agus gleo na gciníocha. 9 Lucht cónaithe chríocha na cruinne, is eagal leo d' éachtaí. Cuireann tú áthas ar imill imchiana an Oirthir is an Iarthair. 10 Thug tú cuairt ar an talamh, á huisciú, gur mhéadaigh tú a maoin. Sceitheann abhainn Dé thar bruacha d' fhonn arbhar a sholáthar di. 11 Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh, ag tabhairt uisce dá claiseanna. Déanann tú a bogadh le ceathanna; beannaíonn tú a geamhair. 12 Chuir tú barr ar an mbliain le d' fhéile agus tá do chéimeanna ar sileadh le méathras 13a agus féaraigh an fhásaigh faoi bhláth. Tá na cnoic arna gcrioslú le gairdeas 13b agus na móinéir ag cur thar maoil le tréada. Tá na gleannta faoi bhrat arbhair; tógann siad gártha agus canaid le háthas. Don stiúrthóir. Amhrán. Salm. Gairdigí i láthair Dé, a thíortha uile, Salm 65 canaigí Salm le hurraim dá ainm. Tugaigí moladh agus glóir dó; Abraigí le Dia: «Nach éachtach iad d' oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair. Umhlóidh an domhan uile i d' fhianaise agus canfaidh siad Salm do d' ainm.» Selah Téanaigí agus féachaigí oibreacha Dé na héachtaí a rinne sé idir daoine. Rinne sé talamh tirim den mhuir ionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn; déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin. Rialaíonn sé lena chumhacht go brách; bíonn a shúile ag faire na náisiún sula n-éireodh lucht ceannairce ina éadan. Beannaígí dár nDia, a chiníocha, go gcluintear a mholadh os ard, Óir is é a thug beatha dár n-anam agus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú. Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn, mar a thriailtear an t-airgead sa tine. Sheol tú isteach sa líon sinn gur leag tú tromualach anuas orainn. Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainn go ndeachamar trí thine is trí uisce; ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn. Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom; leatsa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna na móideanna a gheall mé ó bhéal duit agus a chan mo theanga le linn mo bhuartha. Ofrálfaidh mé caoirigh méithe uileloiscthe mar aon le deatach reithí dóite; ofrálfaidh mé damhra agus gabhair duit. Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh, go n-inseoidh mé a ndearna sé do m' anam. Ghlaoigh mé os ard air le mo bhéal agus rinne mé a mholadh le mo theanga. Dá gcothóinn an urchóid i mo chroí ní éistfeadh an Tiarna liom. Ach d' éist mo Dhia go dearfa; thug sé aire do ghlór mo ghuí. Moladh le Dia nár eitigh mé ar m' achainí, agus nár tharraing a bhuanghrá uaim. 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Salm. Amhrán. 2 Bí trócaireach linn, a Thiarna, agus beannaigh sinn; taispeáin dúinn solas do ghnúise. Salm 66 3 Chun go n-aithneofaí do shlí ar talamh agus do shlánú i measc na náisiún go léir. 4 Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú. 5 Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht, [Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas]; treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah 6 Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú. 7 Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach; agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn. 8 Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinn agus gurab eagal le críocha na cruinne é! 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán. 2 Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhde agus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó. Salm 67 3 Mar a scaiptear an deatach is amhlaidh a scaipfear iad; mar chéir a leátar i láthair na tine rachaidh na peacaigh ar neamhní i bhfianaise Dé. 4 Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé, déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach. 5 Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm, déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta; gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair. 6 Athair na ndílleachtaí agus caomhnóir na mbaintreach; is é sin Dia ina áras naofa. 7 Is é Dia a thugann teallach don aonarán uaigneach; seolann sé na braighdeanaigh chun saoirse agus sonais, ach fágann sé lucht ceannairce i dtalamh gan uisce. 8 A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach, nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith. Selah 9 Bhí néalta neimhe ag díle báistí i bhfianaise Dé i bhfianaise Dé is Dia do Iosrael. 10 D' fhear tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d' oidhreacht; thug tú beatha do do phobal agus iad ar an ngorta. 11 Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair. 12 Tugann an Tiarna an briathar uaidh; is líonmhar an slua iad lucht inste dea-scéala: 13 «Cuirtear ruaig is raon maidhme ar ríthe na sluaite agus tá an bhantracht sa bhaile ag roinnt na creiche. 14 Bíodh go bhfuil sibhse in bhur luí i measc chróite na gcaorach tá sciatháin an choilm arna gclúdach le hairgead agus a chleití ag drithliú le ruithne an óir, 15 San uair a scaip an tUilechumhachtach na ríthe agus leag sé ar lár iad mar shneachta ar Shalmón.» 16 Is maorga na sléibhte iad sléibhte Bháiseán; is sléibhte beannacha iad sléibhte Bháiseán. 17 Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha, ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras? Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách. 18 Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann; tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa. 19 Ghabh tú in airde agus braighdeanaigh mar aon leat agus ghlac tú le tíolacthaí ó dhaoine, a Thiarna fiú amháin ó lucht ceannairce i d' áras, a Dhia. 20 Moladh leis an Tiarna ó lá go chéile, an Dia a thugann taca dúinn; is é ar slánaitheoir é. Selah 21 Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne; tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn. 22 Déanfaidh Dia go dearfa cloigeann a naimhde a bhascadh; baithis mhongach an té a chéimníonn gan staonadh ina chionta. 23 Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad; tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara, 24 chun go dtomfaidh tú do chosa i bhfuil do naimhde agus go mbeidh a gcuid féin díobh ag teangacha do mhadraí. 25 Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia; mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa; 26 na cantairí i dtús an tslua, na cruitirí ar deireadh, na cailíní ina lár istigh ag seinm ar thiompáin. 27 Molaigí an Tiarna i gcomhthionóil shollúnta; molaigí bhur nDia, a shliocht chlann Iosrael. 28 Siúd é Biniáimin an té is óige i dtosach an tslua agus siúd iad flatha Iúdá ag gluaiseacht ina sluaite; mar aon le flatha Zabúlun agus flatha Naftáilí. 29 Cruinnigh do chumhacht, a Dhia, nocht dúinn do neart, an chumhacht sin a d' oibrigh tú a Dhia, ar ár son. 30 As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde, bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat. 31 Bí ag bagairt ar ainmhithe allta na ngiolcach, táinte na dtarbh agus laonna na gciníocha; sléachtaidís go humhal duit le bronntanais airgid; cuir scaipeadh ar na ciníocha a bhfuil a ndúil sa chogadh. 32 Tiocfaidh na flatha ag triall ort ón Éigipt agus sínfidh an Aetóip a lámha chun Dé. 33 Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne, seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna Selah 34 atá ina shuí ar néalta neimhe os ar gcionn in airde; ardaíonn sé a ghlór agus is cumasach an glór é. 35a Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Dé a bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha. 35b Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa; is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal. Moladh le Dia! Don stiúrthóir. Leis an bhfonn «Na Lilí». [Salm] Dháiví. Tarrthaigh mé, a Dhia; tá na huiscí go bun na gcluas orm. Salm 68 2 Táim do mo shlogadh i láib an duibheagáin, gan cos i dtaca agam. 3 Chuaigh mé thar foras i ndoimhne na mara; táim do mo bhá ag na tonnta. 4 D' éirigh mé cortha de bheith ag glaoch; tá mo scornach tirim. Tá radharc mo shúl ag meath orm agus mé ag feitheamh le mo Dhia. 5 Ní lia ribí mo chinn ná lucht m' fhuatha gan fáth. An drong lér mian mo mhilleadh sáraíonn siad mé go héagórach. An amhlaidh a thabharfaidh mé ar ais an ní nár ghoid mé? 6 Is eol duit mo bhaois, a Dhia; is léir duit mo chionta. 7 Nára cúis náire mé do d' aos muiníne, a Thiarna Dia na slua. Nára cúis anbhá mé dá mbíonn ag feitheamh leat, a Dhia Iosrael. 8 Ar do shonsa a d' fhulaing mé aithis agus bhí luisne na náire i mo ghnúis. 9 Is strainséir mé ag mo bhráithre féin; is coigríoch mé ag clann mo mháthar. 10 Tá mé ar lasadh le dúthracht do do theach; is orm a thit aithisí lucht do cháinte. 11 Nuair a chiap mé m' anam le troscadh chaith siad achasán liom dá chionn. 12 Agus an uair a chuir mé sacéadach orm is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu. 13 Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm, agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin. 14 Chugatsa a chuirim m' urnaí, a Thiarna, ar uair na faille, a Dhia. Éist liom de réir do mhórthrócaire agus do chúnaimh gan teip. 15 Tóg as an láib mé d' eagla mo bháite; saor mé ó m' eascairde. Saor mé ó dhuibheagán na mara 16 sula n-éirí na tonnta orm. Nár shloga an fharraige siar mé; nár dhúna an poll orm. 17 Freagair mé as ucht do bhuanghrá, a Thiarna, iompaigh chugam de réir do mhórthrócaire. 18 Ná folaigh do ghnúis ar do ghiolla; freagair mé go luath mar go bhfuilim faoi bhuairt. 19 Tar i ngar do m' anam agus fuascail mé; saor mé mar gheall ar mo naimhde. 20 Is eol duit m' aithis is mo náire, tá m' eascairde go léir i do láthair. 21 Is briste mo chroí de chionn aithise ionas gur fágadh mé go faonlag fann. Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é; le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil. 22 Thugadar domlas le hithe dom agus fínéagra le hol dom i mo thart. 23 Go raibh a mbord ina dhol chun a gceaptha agus a bhfleánna ina ngaiste dá gcairde. 24 Go ndalltar a súile ionas nach bhfeice siad; go raibh crith cos is lámh orthu go brách. 25 Go lige tú do racht amach orthu. Go mbeire orthu teas do dhíbheirge. 26 Go bhfágtar a gcampa ina uaigneas; go bhfágtar a n-áitribh gan neach iontu. 27 Óir chuir siad tóir ar an té a bhuail tú, agus chuir créacht leis na créachtaí a thug tú dó. 28 Cuir urchóid i gcionn a n-urchóide, agus nár thaga siad choíche chun d' fhíréantachta. 29 Scriostar as leabhar na mbeo iad agus ná scríobhtar a n-ainmneacha i measc na bhfíréan! 30 Maidir liomsa, cé gur daibhir dobrónach mé, déanfaidh do chúnamh mé a thógáil, a Dhia. 31 Molfaidh mé ainm Dé le hamhrán agus mórfaidh mé é le breith buíochais. 32 Is mó a thaitneoidh sin leis an Tiarna ná damhra le hadharca agus crúba. 33 Féachaigí, a lucht na huirísle, agus gairdigí; bíodh tógáil croí oraibh, a lucht chuardaithe an Tiarna. 34 Óir éisteann an Tiarna leis na bochta; ní thugann sé droim láimhe dá bhraighdeanaigh. 35 Go mola na spéartha agus an talamh é; an mhuir agus a maireann inti. 36 Óir déanfaidh Dia Síón a shaoradh agus atógfaidh sé cathracha Iúdá. 37 Déanfar cónaí iontu, beifear á sealbhú: beidh siad ina n-oidhreacht ag sliocht a sheirbhíseach, ina n-áitreabh ag lucht a ainm a ghráú. 1 Don stiúrthóir. [Salm] Dháiví. Mar chuimhneachán. 2 Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom. Salm 69 3 Go raibh náire agus ceann faoi ar an dream a bhfuil mo bheo agus m' anam uathu. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh. 4 Go ngabha ar ais faoi mhearbhall an drong a deir liom: «Há, há!» 5 Go ndéana a mbíonn do d' iarraidh ríméad agus gairdeas. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: «Moladh le Dia!» 6 Ós dealbh dearóil mé, tar chugam, a Dhia. Is tú mo chabhair is m' fhuascailteoir, ná moilligh, a Thiarna! Ortsa, a Thiarna, atá mo thriall; nár dhéantar mo náiriú go deo. Salm 70 Fuascail mé i d' fhíréantacht agus saor mé; claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé. Bí agam i do charraig dhídine, i do dhúnfort daingean do mo tharrtháil; óir is tú mo charraig is mo dhún. Fuascail mé as láimh an urchóidigh, as greim an ainbheartaigh agus an aintiarna. Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna; a Dhia, is tú mo dhóchas ó m' óige. Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé, ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean; ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí. Ba ábhar iontais mé ag mórán daoine ach is tú mo chúntóir cumasach. Is lán mo bhéal de do mholadh agus de do ghlóir ar feadh an lae. Ná caith uait mé i ndeireadh m' aoise; ná fág mé liom féin nuair a mheathfaidh mo bhrí orm. Óir bím i mbéal mo naimhde; téann lucht mo bhraite i gcomhairle le chéile á rá: «Tá sé tréigthe ag Dia; téigí ar a thóir agus beirigí air, óir níl aon neach ann lena shaoradh.» A Dhia, ná bíse i bhfad uaim; déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom. Go gcuirtear trína chéile is go gcloítear a bhfuil ar tí m' anama. Go gclúdaítear le míchlú agus náire an drong ar mian leo mo dhochar. Ach beidh dóchas agamsa go brách agus cuirfidh mé le do mholadh in aghaidh an lae. Fógróidh mo bhéal d' fhíréantacht agus do chúnamh ó lá go chéile óir ní fios dom a líon ná a n-áireamh. Fógróidh mé móréachtaí an Tiarna; d' fhíréantachtsa amháin a fhoilseoidh mé. Thug tú teagasc dom ó m' óige, a Dhia, agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo. I mo sheanóir liath dom anois, ná déan mé a thréigean, a Dhia, chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seo agus do chumas dá bhfuil le teacht. Síneann d' fhíréantacht chun na bhflaitheas, a Dhia, is éachtach iad na nithe a rinne tú. A Dhia, cé is comhionann leatsa? Leag tú orm iomad de thrombhuarthaí ach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom. Tógfaidh tú as broinn na talún mé; Tabharfaidh tú gradam agus sólás ar ais dom. Déanfaidh mé ceol duit ar an gcláirseach, dá bhrí sin, as ucht do dhilghrá dom, a Dhia. Seinnfidh mé freisin ar an gcruit duitse, a Neach Naofa Iosrael. Déanfaidh mo bhruasa lúcháir agus mé ag canadh duit mar aon le m' anam atá ceannaithe agat. Beidh mo theanga ag trácht ar d' fhíréantacht i gcaitheamh an lae ar fad, toisc gur cuireadh nuar agus náire ar an drong atá ar tí mo dhíobhála. [Salm] Sholaimh. Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí, agus d' fhíréantacht ar mhac an rí; Salm 71 chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobal agus cothrom do dhaoine bochta. Go n-iompraí na sléibhte síocháin don phobal agus na cnoic fíréantacht. Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail; go saora sé clann na mbocht, agus go mbrú sé lucht daorsmachta. Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach; ó aois go haois; mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais; mar cheathanna ar an talamh. Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linn nó go meathfaidh an ghealach. Go raibh a réim ó mhuir go muir; ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne. Titfidh a naimhde ina láthair; lífidh siad an luaithreach. Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí, ag triall air le tabhartais. Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seaba bronntanais chuige. Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair; déanfaidh gach cine fónamh dó. Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air; agus an donán gan chúnamh. Beidh trua aige don lag is don bhocht, agus sábhálfaidh an duine dealbh. Saorfaidh sé a n-anam ón bhfeall is ón bhforéigean; óir is luachmhar leis a bhfuil. Go maire sé i bhfad is go mbronntar air ór na hAráibe. Beifear ag guí ar a shon i gcónaí; á bheannachadh ar feadh an lae. Go raibh flúirse arbhair sa tír go mullach na sléibhte. Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáin agus lucht na gcathracha faoi bhláth mar fhéar ar an talamh. Go moltar a ainm go brách, fad a bheidh an ghrian ann. Is tríd a bheannófar gach treibh; beidh gach cine á mholadh. Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, an tAon amháin a dhéanann éachtaí. Go moltar a ainm glórmhar go brách; go líona a ghlóir an talamh. Amen! Amen! Críochnaítear leis seo moltaí Dháiví. Salm Ásáf. Nach maith atá Dia don dream díreach; an Tiarna dá bhfuil glan ó chroí. Salm 72 Ach is beag nár sciorr mo chosa uaim; is beag nár shleamhnaigh mo chéimeanna; Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde, ag faire dom ar shéan na n-éagráifeach. Ní bhíonn siad siúd á gcrá ná á gciapadh; is slán a gcorp agus is sleamhain. Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithe ná ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile. Uime sin, is é an t-uabhar a muince, agus folaíonn an foréigean iad amhail éadach. Bíonn a gcroí ag cur thar maoil le mioscais; brúchtann smaointe a n-intinne amach. Bíonn siad ag fonóid is ag labhairt go mailíseach agus beartaíonn siad an t-ansmacht go huaibhreach. Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéal agus triallann a dteanga ar fud an talaimh. Dá bhrí sin bíonn an pobal á moladh agus slogann siad a mbíonn á rá acu. Agus deir siad: «Cá bhfios do Dhia? An amhlaidh is eol don Té is Airde?» Féach! sin é dála na bpeacach; téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht. Nach díomhaoin dom mo chroí a bheith glan agam agus mo lámha a ní san ionracas, agus mé bheith do mo chrá ar feadh an lae agus do mo smachtú gach aon ré solais! Dá ndéarfainn: «Labhróidh mé mar iad siúd,» bheinn ag tréigean dúchas do chlainne. Rinne mé machnamh d' fhonn go dtuigfinn an ní seo, ach chuaigh sé thar m' acmhainn a dhéanamh, nó go ndeachaigh mé i sanctóir Dé is gur thugas do m' aire a gcríoch dhéanach. Chuir tú i slí shleamhain iad go dearfa agus thug orthu titim chun a n-aimhleasa. Féach mar a thit siad le halt na haon uaire; chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh. Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseacht cuirfidh tú a samhailtí ar ceal, a Thiarna. Toisc go raibh m' aigne á spreagadh chun feirge le linn do mo chroí bheith á chiapadh, bhí mé amaideach, baoth, neamhthuisceanach; ba chuma nó beithíoch mé i d' fhianaise. Mar sin féin bím i d' fhochair de shíor agus beireann tú ar dheasláimh orm. Déanfaidh tú mo threorú le do chomhairle agus glacfaidh tú chun na glóire faoi dheoidh mé. Cé atá agam ar neamh ach tú; agus má bhím leatsa ní áil liom a bhfuil ar talamh. Bíodh go gcliseann mo cholainn is mo chroí rinne carraig mo chléibh de Dhia; is é mo chuid é go síoraí suthain. An drong a thréigeann thú rachaidh siad ar ceal; scriosann tú a n-imíonn uait le striapachas. Is fearr liomsa bheith i ngar do Dhia agus mo dhóchas a chur sa Tiarna, mo Dhia, ionas go n-inseoinn d' éachtaí go léir i ndoirse iníon Shíón. Mascil Ásáf. Cad fáth ar chaith tú uait go brách sinn, a Dhia? Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce? Salm 73 Cuimhnigh ar do chomhthionól a bhunaigh tú fadó; ar an gcine a cheannaigh tú mar oidhreacht duit féin, ar Shliabh Shíón mar a ndearna tú áras do chónaithe. Tabhair d' aghaidh ar na fothracha a scriosadh ar fad, ar an dochar a rinne an namhaid san ionad naofa. Tá do naimhde ag búiríl i lár do thionóil agus chuir siad a meirgí mar chraobh choscair in airde. Is cosúil iad le coillteoirí ag beartú a mbiailí; tuairgníonn siad le tuanna adhmad snoite na ndoirse agus déanann siad sceanairt díobh le casúir is le ceapoird. Chuir siad do shanctóir faoi bharr dearglasrach. Thruailligh siad agus leag d' áit chónaithe go húir. Dúirt siad ina gcroí istigh: «Scriosaimis ar fad iad; cuirimis trí thine a bhfuil de scrínte Dé sa tír.» Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl fáidh ann feasta ná níl aon neach inár measc arb eol dó cá fhad. Cá fhad a bheidh an t-eascara go tarcaisneach, a Dhia; an dtabharfaidh an namhaid masla do d' ainm go brách? Cad fáth a n-iompaíonn tú do lámh uainn, a Thiarna? Cad fáth a bhfolaíonn tú do dheaslámh i do bhrollach? Is é Dia mo Rí leis na cianta cairbreacha; an té a dhéanann slánú i lár an talaimh. Is tú a scoilt an mhuir le do chumhacht agus a bhris ina mbloghanna cinn na n-arrachtach san uisce. Is tú a rinne conamar de chinn an Leiviatan gur thug tú ina bhia é do ainmhithe allta an fhásaigh. Is tú a chuir foinsí agus caisí ag brúchtaíl; is tú a dhiúg na haibhneacha tuilte. Is leat an lá agus is leat an oíche; is tú a shocraigh an ghrian is an ghealach. Is tú a chinn críocha uile na cruinne; is tú a dhealbhaigh an samhradh is an geimhreadh. Cuimhnigh, a Thiarna, ar an namhaid fonóideach; tugann pobal gan chiall tarcaisne do d' ainm. Ná tabhair anam do choilm don bhadhbh, a Thiarna; ná déan dearmad go deo ar anam na mbocht. Tabhair aire do do chonradh óir is lomlán d' éigean uaimheanna agus diamhra uile na tíre. Ná lig don té faoi leatrom filleadh faoi náire; go raibh an dealbh agus an daibhir ag tabhairt moladh do d' ainm. Éirigh, a Dhia, agus tagair do chúis; cuimhnigh mar a mhaslaíonn an t-éagráifeach gach lá thú. Ná tabhair i ndíchuimhne callán do naimhde agus glamaíl d' eascairde ag méadú de shíor. 1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn «Ná Scrios». Salm Ásáf. Amhrán. 2 Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia; gabhaimid buíochas leat; agraímid d' ainm agus déanaimid d' éachtaí a fhógairt. Salm 74 3 «An uair a shocróidh mé féin tabharfaidh mé breith de réir an chirt. 4 Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil ann is mé a dhaingnigh a cholúin. 5 Deirim le lucht bladhmainn: 'Scoirigí de bhur mbladhmann'; agus leis na hurchóidigh: 'Ná maígí bhur neart, 6 ná déanaigí gaisce as bhur neart, ná labhraigí go dolba dána.» 7 Óir ní ón aird anoir ná aniar, ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith; 8 is é Dia féin an breitheamh; umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann. 9 Tá cupán d' fhíon dearg ag an Tiarna; spíosraí ann is an cúr ag cur thar maoil. Doirtfear amach é agus déanfar a dhiúgadh; diúgfaidh urchóidigh uile an talaimh é. 10a Maidir liomsa: déanfaidh mé gairdeas go deo; canfaidh mé Salm do Dhia Iacóib. 10b Brisfidh mé cumhacht lucht an oilc agus ardófar na fíréin i gcumhacht. 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada cheoil. Salm Ásáf. Amhrán. 2 Tá aithne ar Dhia in Iúdá; tá a ainm in airde in Iosrael. Salm 75 3 I Sailéim atá a bhoth agus i Síón a áras cónaithe. 4 Is ann a bhris sé na saigheada lonracha an sciath is an claíomh is an trealamh troda. Selah 5 Is solasmhar maorga thú, a Thiarna; is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí]. 6 Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh, codlaíonn siad ina dtoirchim suain; tá lucht na lámh láidir gan taca. 7 A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrach rinneadh staic de charbaid agus d' eachra. 8 Is uafásach tú! cé a sheasfaidh i d' éadan; nuair a bhíonn racht róbhuile ort? 9 Nuair a thug tú breithiúnas ó neamh ghabh critheagla an talamh agus thost sé. 10 Nuair a d' éirigh Dia a thabhairt breithiúnais, a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah 11 Déanfaidh fraoch an duine féin thú a mholadh; déanfaidh fuíoll a chuid feirge crios duit. 12a Díolaigí bhur móideanna leis an Tiarna bhur nDia 12b an té a bhaineann an t-anam as taoisigh gur uafásach le ríthe na cruinne é. 1 Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm Ásáf. 2 Glaoim ar Dhia os ard; glaoim os ard i dtreo go n-éistfidh sé. Salm 76 3 Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha; Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche, agus diúltaíonn m' anam don sólás. 4 Ligim osnadh is mé ag smaoineamh ar Dhia; ar mo mharana dom is lag liom mo mheanma. Selah 5 Baineann tú codladh na hoíche de mo shúile; ní fhéadaim labhairt le méad mo bhuartha. 6 Smaoiním ar na laethanta a d' imigh; is cuimhin liom na blianta fadó. 7 Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche; scrúdaím mé féin ó spiorad. 8 An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí; an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta? 9 An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn; an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách? 10 Ar thug Dia a thrua i ndíchuimhne; ar bhuaigh an fhearg ar an taise aige? Selah 11 Dúirt mé: «Is é mo laige a mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.» 12 Bím ag cuimhneamh ar oibreacha an Tiarna; ar na hiontais a rinne tú fadó. 13 Bím ag smaoineamh ar do ghníomhartha go léir; déanaim machnamh ar d' éachtaí móra. 14 Is naofa do shlí, a Thiarna; cén Dia atá chomh mór lenár nDia-na? 15 Is tú an Dia a dhéanann éachtaí; thaispeáin tú do chumhacht do na ciníocha. 16 Le do chuisle do cheannaigh tú do phobal; clann Iacóib agus fós clann Iósaef. Selah 17 Thug na huiscí dá n-aire thú, a Dhia; Thug siad dá n-aire thú agus ghlac siad eagla, agus chrith na duibheagáin le barr sceimhle. 18 Bhí na scamaill ag stealladh uisce anuas; bhí na spéartha ag caitheamh toirní go torannach; agus do shaigheada ag scinneadh de gach leith dínn. 19 Bhí do thoirneach ag tormáil mórthimpeall agus do splancacha ag soilsiú an tsaoil. Corraíodh an talamh agus chrith sé. 20 Bhí do shlí ar fud na farraige agus do chosáin sna huiscí móra bíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil. 21 Sheol tú do phobal mar thréad le láimh Mhaois agus Árón. Mascil Ásáf. Éist, a phobal, le mo theagasc; claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil. Salm 77 Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidí agus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire. Na nithe ba chlos dúinn agus ab eol dúinn féin, a d' inis ár n-aithreacha dúinn, nach cóir iad a cheilt ar a sliocht ach a insint don ghlúin atá le teacht Móréachtaí an Tiarna agus a chumhacht agus na míorúiltí móra a rinne sé nuair a d' eisigh sé reachtanna do Iacób, nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael. D' ordaigh sé mar aithne dár n-aithreacha an dlí seo a mhúineadh dá gclann ionas go mb' eol don chéad ghlúin eile é, agus don dream nár saolaíodh fós, agus go n-inseoidís siúd dá gclann féin é ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia, gan oibreacha Dé a dhearmad ach a aitheanta a choimeád de shíor, sula mbeidís mar a n-aithreacha rompu ina nglúin easumhal ceanndána; glúin gan seasmhacht ina gcroí nach raibh dílis do Dhia ina meanma. Bhí clann Eafráim gléasta leis an mbogha ach thugadar dá mboinn é lá an chatha. Níor choinnigh siad a gconradh le Dia níorbh áil leo siúl de réir a dhlí. Rinne siad dearmad ar a ndearna sé agus ar na hiontais a nocht sé dóibh. Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinsear i dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan. Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad; chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa. Threoraigh sé le néal iad de lá agus le tine i gcaitheamh na hoíche. Scoilt sé na carraigeacha san fhásach, mhúch sé a dtart le flúirse uisce nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraig is gur bhrúcht an t-uisce ina thuilte. Ach lean siad leo ag peacú ina éadan; thug siad dúshlán an Té is Airde san fhásach; chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí; d' iarr siad bia air d' fhonn a mianta a shásamh. Labhraíodar in aghaidh Dé, á rá: «An dtig le Dia bord a ghléasadh san fhásach? Is fíor nuair a bhuail sé an charraig gur bhrúcht an t-uisce ina thuilte; ach an féidir dó arán a thabhairt dúinn nó feoil a sholáthar dá phobal?» Arna chlos sin don Tiarna ghabh fearg é agus fadaíodh tine in aghaidh Iacóib. Líon sé le fearg in aghaidh Iosrael de bhrí nár chreid siad i nDia agus nár chuir siad a ndóchas ina chúnamh. D' aithin sé do néalta neimhe agus d' oscail sé doirse na spéire; d' fhear sé anuas orthu manna le hithe agus bhronn sé bia ó neamh orthu. D' ith an duine arán na n-aingeal óir thug sé flúirse bia dóibh. Chuir sé an ghaoth anoir ó neamh chucu agus mhúscail an ghaoth aneas lena chumhacht. D' fhear sé orthu feoil mar dheannach agus éanlaith mar ghaineamh na trá. Lig sé anuas i lár a gcampa iad ar gach taobh thart timpeall a mbothanna. D' itheadar a sáith, dá bhrí sin, óir thug sé dóibh gach a raibh uathu. Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibh agus an bia ina mbéal go fóill nuair a d' éirigh fraoch Dé ina n-éadan, is gur leag sé ar lár a dtréanfhir, is gur threascair sé fíorscoth Iosrael. Dá ainneoin sin uile pheacaigh siad agus níor chreid siad a éachtaí iontacha gurb uime a scrios sé a laethanta agus a chuir deireadh lena ré go tobann. Nuair a thugadh sé a n-ár bhídís á lorg ag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht. Chuimhnídís gurbh é Dia a gcarraig ' s gurbh é an Dia is Airde a d' fhuascail iad. Ní bhídís ach á bhladaráil lena mbéal agus ag insint bréag lena dteanga, óir ní raibh siad dílis ó chroí dó ná ní dhearna siad a chonradh a chomhlíonadh. Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu. Ba cuimhin leis nach raibh iontu ach daoine; anáil a ghabhann seacha gan casadh. Nach minic a bhí siad easumhal dó san fhásach, go ndearna siad a chrá san uaigneas. Chuir siad cathú ar Dhia arís eile agus chiap Neach Naofa Iosrael. Níor chuimhin leo feasta a ghníomhartha ná an lá a shaor sé óna naimhde iad, nuair a d' oibrigh sé a éachtaí, san Éigipt, a mhíorúiltí ar mhachaire Zoan; nuair a rinne sé fuil dá n-aibhneacha ionas nach bhféadfaidís an t-uisce a ól. Chuir sé cuileoga chucu a d' alp iad, agus froganna ina scaotha á milleadh. Thug sé a bhfómhar don chruimh, agus toradh a saothair don lócaiste. Mhill sé a bhfíniúna le clocha sneachta agus mhill a gcrainn bhána leis an sioc. Bhuail sé a n-airnéis le clocha sneachta agus a gcaoirigh le caora tine. Lig sé amach orthu racht a fheirge, a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa; slua de thimirí na tubaiste, go ndearna sé slí dá dhíbheirg. Níor scaoil sé saor ón mbás iad ach rinne sé a mbualadh leis an bplá. Bhuail sé gach céadghin san Éigipt; céadthoradh a nirt i gcampa Hám. Sheol sé a phobal mar chaoirigh, rinne a dtreorú mar thréad san fhásach. Sheol sé slan iad gan eagla gur bádh a naimhde san fharraige. Sheol sé isteach ina thír naofa iad chun an tsléibhe a bhuaigh a dheaslámh féin. Chaith sé na ciníocha rompu amach, agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu; thug sé ar threibheanna Iosrael baint fúthu ina mbothanna siúd. Dá ainneoin sin uile thriail agus shaighdigh siad an Dia is Airde, agus dhiúltaigh dá aitheanta. Thug siad droim láimhe leis mar a rinne a n-aithreacha; ba chosúil iad le bogha ar fiar. Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite. Chuala Dia agus d' éirigh chun feirge, gur dhiúltaigh go hiomlán d' Iosrael. Thréig sé a phailliún i Sileo mar a raibh cónaí air i measc na ndaoine. Thug sé a neart i ndaorbhroid agus a dtaibhse i láimh a naimhde. Thug sé a phobal féin don chlaíomh le teann feirge in aghaidh a oidhreachta. Dódh a n-ógánaigh ina mbeatha; níor chuala a maighdeana laoi na bainise; Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh; agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh. Is ansin a dhúisigh an Tiarna mar dhuine a dhúisíonn as a chodladh, mar ghaiscíoch a bheadh ar meisce de dheasca fíona. Bhuail sé a naimhde i ndiaidh a gcúil agus d' fhág sé faoi náire go deo iad. Dhiúltaigh sé do bhoth Iósaef agus ní dhearna sé rogha de threibh Eafráim. Ach rinne sé rogha de threibh Iúdá; Sliabh Shíón dár thug sé grá. Thóg sé a scrín i gcosúlacht neimhe; mar an talamh a bhunaigh sé go brách. Agus thogh sé Dáiví a ghiolla; á thabhairt ó chróite na gcaorach. Thug sé ó chúram na gcaorach é a dhéanamh aoireacht a phobail, Iacób, agus Iosrael, a oidhreacht féin. Bheathaigh sé le croí gan cháim iad, agus threoraigh iad go ciallmhar críonna. Salm Ásáf. A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thír agus rinne siad truailliú ar do theampall naofa; scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di. Salm 78 Thugadar mar an gcéanna corpáin do sheirbhíseach chun bheith ina mbia ag éanlaith an aeir agus feoil do chuid naomh d' ainmhithe allta na tíre. Dhoirt siad a gcuid fola amhail uisce mórthimpeall Iarúsailéim; agus ní raibh duine le fáil a chuirfeadh san uaigh iad. Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana; is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall. Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo? Cá fhad a bheidh d' fhormad ar lasadh mar thine? Lig amach do racht ar na ciníocha; ar na ríochtaí nach bhfuil admháil acu ar d' ainm. Óir is amhlaidh a d' alp siad Iacób; agus rinne siad a áras cónaithe a scriosadh. Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear; go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoill mar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite. A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh; cuidigh linn ar mhaithe le glóir d' ainm féin. Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht d' ainm. Cad fáth a ndeir na ciníocha: «Cá bhfuil a nDia?» Gura follas do na ciníocha os comhair ár súl go mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh. Go dtaga i do láthair osnaí bróin na bpríosúnach; agus go saora tú le do chumhacht an dream a daoradh chun báis. Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana; an aithis urghránna a chas siad leatsa. Ach sinne, do phobal agus caoirigh do pháirce, tabharfaimid buíochas duit go brách na breithe; agus foilseoímid do mholadh ó ghlúin go chéile. 1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn «Na Lilí». Salm Ásáf. 2 Éist linn, a aoire Iosrael, a sheolann Iósaef mar thréad. I do shuí ar na ceiribíní duit bí ag taitneamh Salm 79 3 ar Eafráim agus Biniáimin agus Manaise. Corraigh do chumhacht, a Thiarna; a Thiarna, tar chugainn dár sábháil. 4 Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh. 5 A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile, ar a shon go bhfuil do phobal ag guí? 6 Bheathaigh tú iad le harán na ndeor; agus thug tú flúirse deor dóibh le hól. 7 Rinne tú ceap magaidh dínn dár gcomharsana; agus bíonn ár naimhde ag fonóid fúinn eatarthu féin. 8 Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh. 9 Thug tú fíniúin amach as an Éigipt; dhíbir tú na ciníocha gur phlandaigh tú í. 10 Rinne tú an ithir a réiteach di; chuir sí a fréamhacha agus líon sí an tír. 11 Folaíodh na sléibhte faoina scáth; agus céadrais Dé faoina géaga. 12 Shín sí a craobhacha chun na mara; agus leath sí a bachlóga chun na habhann. 13 Cad chuige duit a ballaí a bhriseadh; go stoitheann gach aon neach a ghabhann thar bráid í? 14 Creachann torc fiáin na coille í agus alpann ainmhithe allta an mhachaire í. 15 Cas ar ais, a Dhia na slua, breathnaigh anuas ó neamh, agus féach, 16 tabhair cuairt ar an bhfíniúin seo agus caomhnaigh í, óir phlandaigh do dheaslámh féin í. 17 An dream a thug tine di agus a ghearr anuas í go scriosa bagairt do ghnúise iad. 18 Go raibh do lámh ar fhear do dheasláimhe. ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin. 19 Feasta, ní thréigfimid go brách thú; athbheoigh sinn agus glaofaimid ar d' ainm. 20 Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar dár saoradh. 1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn «Na Cantaoirí Fíona». Le hÁsáf. 2 Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart; tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacóib. Salm 80 3 Cromaigí ar an gceol agus buailigí an tiompán, an bhinnchruit chaoin agus an chláirseach. 4 Séidigí an stoc le linn na gealaí úire, nuair is lán don ghealach, lá na féile. 5 Óir is bunreacht in Iosrael é; is reacht é de reachtanna Dia Iacóib 6 a d' achtaigh an dlí seo do Iósaef nuair a ghabh sé amach in aghaidh na hÉigipte. 7 Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé: «Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualach agus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh. 8 Ghlaoigh tú orm in am an bhuairimh agus shaor mé thú; thug mé freagra ort as néal na doininne; rinne mé do thástáil ag uiscí Mhiríbeá. Selah 9 Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh; monuar nach n-éisteann tú liom, a Iosrael! 10 Ná bíodh aon dia deoranta in bhur measc; ná déanaigí dia eachtrannach a adhradh. 11 Mise an Tiarna, bhur nDia, a sheol sibh as tír na hÉigipte; oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é. 12 Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór; níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom. 13 Thug mé suas iad do mhianta a gcroí; chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh. 14 Dá mb' áil le mo phobal éisteacht liom; dá siúlfadh Iosrael i mo shlite, 15 chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill; agus dhéanfainn a n-eascairde a threascairt. 16 Bheadh lucht fuatha an Tiarna ag lútáil leis; ach bheidís faoi bhroid go brách. 17 Bheathóinn [Iosrael] le scoth na cruithneachta; agus líonfainn é le mil as an gcarraig.» Salm Ásáf. Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe. Salm 81 «Cá fhad a thabharfaidh sibh breith go héagórach; agus lé agaibh le cúis na n-éagráifeach? Selah Cosnaígí an daibhir agus an dílleachta; déanaigí ceart don dealbh agus don dearóil. Fuasclaígí a bhfuil faoi ansmacht agus ainnise; sabhálaigí ó láimh na n-éagráifeach iad.» Bíonn siad ag útamáil gan tuiscint sa dorchacht; agus fothaí na talún á mbogadh. Is é rud a dúirt mé: «Is déithe sibh; clann an Té is Airde sibh uile. Éagfaidh sibh, mar sin féin, ar nós daoine; agus titfidh sibh mar a thitfeadh prionsa ar bith.» Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh; óir is leat na ciníocha go léir. 1 Amhrán. Salm Ásáf. 2 Ná bí i do thost, a Dhia; ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin. Salm 82 3 Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair; agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn. 4 Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail; chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá. 5 Dúirt siad: «Déanaimis a scriosadh mar phobal; go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.» 6 Déanann siad cogar le chéile d' aon intinn; déanann siad cor agus conradh i do choinne. 7 Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil; pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár, 8 Geabal agus Amón agus Amáiléic; na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre, 9 Chuaigh an Asaír mar an gcéanna i gcomhar leo; a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót. Selah 10 Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián; le Síseará agus Iábaín cois Chiseon; 11 an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór, a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh. 12 Tabhair oidhe Oraeb agus Zéab ar a bhflatha, oidhe Zéaba agus Zalmuná ar a dtaoisigh 13 an drong a dúirt: «Gabhaimis seilbh ar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.» 14 Cuir scaipeadh orthu, a Dhia, mar lóchán; nó mar cháith ag imeacht le gaoith. 15 Mar a loisceann an tine an choill, mar a loisceann an lasair na sléibhte, 16 cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann; cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm. 17 Folaigh a n-éadan le náire; nó go n-iarrfaidh siad d' ainm, a Thiarna. 18 Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n-éaga siad faoi tháir agus tharcaisne! 19 Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna; an Té is Airde os cionn an domhain go léir. 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Na Cantaoirí Fíona». Salm le clann Chorach. 2 Nach álainn go dearfa d' áras, a Thiarna na slua! Salm 83 3 Ag meirtniú le méin do m' anam, santaíonn sé cúirteanna an Tiarna. Gairdíonn mo chroí is mo cholainn, i nDia an Dia bithbheo. 4 An gealbhan féin, fuair sé teach; fuair an fháinleog nead di féin mar a gcuirfeadh sí a hál ag d' altóirí; a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia. 5 Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach; beidh siad do do mholadh de shíor. 6 Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart; an dream a mbíonn do shlite ina gcroí. 7 Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin, feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é; líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é. 8 Téann siad ó neart go neart; feicfidh siad Dia na ndéithe i Síón. 9 A Thiarna na slua, éist le mo ghuí; tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah 10 Féach, a Dhia, ár sciath; agus breathnaigh ar aghaidh d' ungthaigh féin. 11 B' fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B' fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach. 12 Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Dia a bhronnann orainn grásta agus glóir. Ní eitíonn sé maitheas ar bith ar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim. 13 A Thiarna (a Dhia) na slua, is aoibhinn don té a bhfuil a dhóchas ionat. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach. 2 Bhí tú fabhrach le do thalamh, a Thiarna; d' athraigh tú chun feabhais cinniúint Iacóib. Salm 84 3 Mhaith tú a gcoir do do phobal agus d' fholaigh tú a bpeacaí go léir. 4 Chuir tú cosc le d' fhearg ar fad; chuir tú suas de do chonfadh buile. 5 Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir; agus ná bí i bhfaltanas linn feasta. 6 An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách, nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch? 7 Nach dtabharfaidh tú aiseag ár mbeatha dúinn chun go ndéanfaidh do phobal lúcháir ionat? 8 Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire, agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe. 9 Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d' iompaigh chuige ó chroí. 10 Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe; chun go gcónódh a ghlóir inár dtír. 11 Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht; phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile. 12 Eascróidh an dílseacht as an talamh; agus breathnóidh an fhíréantacht ó neamh. 13 Cuirfidh an Tiarna an séan orainn; agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh. 14 Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach; agus an slánú i slí a choiscéimeanna. Achainí Dháiví. Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom, óir tá mé go dearóil dealbh. Salm 85 Déan m' anam a chosaint óir is dílis mé; fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat. Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna, óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae. Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh, óir is chugat a thógaim m' anam, a Thiarna. Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort. Éist le m' urnaí, a Thiarna; tabhair aire do ghlór mo ghuí. Is ortsa a ghlaoim lá mo bhuartha; de bhrí go n-éisteann tú liom. Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna; ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha. Na ciníocha go léir a rinne tú, tiocfaidh siad do d' adhradh, a Thiarna; agus déanfaidh siad d' ainm a fhógairt. Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha; is tú amháin is Dia ann. Múin do shlí dom, a Thiarna; i dtreo go siúlfainn i d' fhírinne; agus déan mo chroí a dhíriú, i dtreo gurab eagal liom d' ainm. Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia; agus molfaidh mé d' ainm go brách. Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm; sciob tú m' anam leat ó dhuibheagán ifrinn. D' éirigh lucht díomais i m' éadan, a Dhia, tá drong gan trua ar thoir m' anama, drong nach bhfuil aird acu ortsa. A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d' fhírinne: Féach orm agus bíodh trua agat dom. Tabhair neart do do ghiolla, a Thiarna, agus cúnamh do mhac do bhanóglaigh. Tabhair dom comhartha do cheana go bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú, toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna. Salm chlann Chorach. Amhrán. Is ionúin leis an Tiarna a chathair suite sna sléibhte. Salm 86 Is ansa leis an Tiarna doirse Shíón na bothanna uile Iacóib. Maítear nithe glórmhara i do thaobh, a chathair Dé! «Áireoidh mé Ráhab agus an Bhablóin ar lucht mo adhartha. Beidh Filistía agus an Tuír agus an Aetóip á n-áireamh ina gclann aici. Agus beifear á rá faoi Shíón: Sí is máthair dó seo is dó siúd.'» Is é an Tiarna, an Té is Airde, a bhunaigh go daingean í. Scríobhfaidh an Tiarna i leabhar na bpobal: «Rugadh iad uile san áit sin.» Ag rince dóibh beidh siad ag canadh: «Níl foinse agam nach bhfuil ionatsa.» 1 Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn «Mahalat». Mascil Heman an dúchasach. 2 A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá; bím ag caoineadh istoíche os do chomhair. Salm 87 3 Go dtaga mo ghuí ag triall ort; claon do chluas chun mo ghlóir. 4 Óir tá m' anam lánualaithe le buarthaí; tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh. 5 Áirítear mé ar an drong a ghabhann sa pholl; agus ráinig mé mar neach gan neart; 6 mar dhuine ina aonar i measc na marbh, amhail an t-ár ina luí san uaigh, atá imithe as do chuimhne go brách, agus atá scartha le do chúram caomhnaitheach. 7 Chuir tú go domhain san uachais mé, in íochtar an duibheagáin dhorcha. 8 Luíonn do dhíbheirg go trom orm; tá mé báite faoi do thonnta go léir. 9 Chuir tú mo chairde i bhfad uaim; thug tú orthu déistin a ghlacadh liom. Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú; 10 tá mo shúile ag meirtniú le téann buartha. Bím ag éamh ort gach aon lá, a Thiarna; is chugat a shínim mo lámha. 11 An ndéanfaidh tú éachtaí do na mairbh? an éireoidh na neamhbheo do do mholadh? 12 An bhfógrófar do ghrá san uaigh, nó do dhílseacht i measc na marbh? 13 An bhfoilseofar d' éachtaí sa dorchacht; agus d' fhíréantacht i dtír na díchuimhne? 14 Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna, is chugat a thagann m' urnaí ar maidin. 15 Cad chuige duit m' anam a ruaigeadh? cad fáth a bhfolaíonn tú d' aghaidh orm? 16 Tá mé i m' ainniseoir, i riocht bháis ó m' óige; scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart. 17 Tháinig do dhíbheirg orm anuas, agus rinne do sceimhle mo scriosadh. 18 Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile; tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht. 19 Sciob tú uaim mo chara agus mo chomharsa; is í an dorchacht mo chompánachsa feasta. 1 Mascil Ethan an dúchasach. 2 Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin. Salm 88 3 Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách, agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh. 4 «Cheangail mé conradh,» [a dúirt tú,] «leis an té a roghnaigh mé; dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach: 5 ' Socróidh mé do shliocht go brách, agus bunóidh mé do ríchathaoir go deo.'» 6 Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna; tá d' fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh. 7 Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas? 8 Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh; is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall. 9 A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat? Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot. 10 Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige; is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta. 11 Bhuail tú cos ar Ráhab go ndearna tú bloghanna de; agus scaip tú d' eascairde le do chuisle chumhachtach. 12 Is leat na flaithis, is leat an talamh; is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann. 13 Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart; molann Tábór agus Hearmón d' ainm le corp áthais. 14 Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna, is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta. 15 Cóir agus ceart atá mar bhonn do do ríchathaoir; gabhann buanghrá agus dílseacht romhat amach. 16 Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais; siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna. 17 Déanann siad gairdeas i d' ainm feadh an lae; agus déantar a móradh as ucht d' fhíréantachta. 18 Is tú, a Thiarna, dealramh a gcumhachta; agus is trí do chaoinchineáltas a ardaítear ár neart. 19 Óir is é an Tiarna is sciath dár gcosaint; agus is é Neach Naofa Iosrael is rí orainn. 20 Labhair tú tráth i bhfís á rá le do chairde naofa «Thug mé cabhair do ghaiscíoch; d' ardaigh mé fear tofa den phobal. 21 Fuair mé Dáiví, mo ghiolla; rinne mé a ungadh le m' ola naofa 22 d' fhonn go mbeadh mo lámh leis de shíor; agus go mbeadh mo chuisle ag neartú leis. 23 Ní mheallfaidh an namhaid go brách é, ná ní dhéanfaidh an t-urchóideach foréigean air, 24 ach treascróidh mé a naimhde ina láthair; agus buailfidh mé lucht a fhuatha. 25 Beidh mo dhílse agus mo chineáltas ina fhochair; agus is i m' ainmse a ardófar a neart. 26 Leathfaidh mé a lámh os cionn na mara agus a dheaslámh os cionn na n-aibhneacha. 27 Glaofaidh sé orm: 'Is tú m' athair; is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.' 28 Ceapfaidh mé ina chéadghin mic é; an té is airde i measc ríthe na cruinne. 29 Coinneoidh mé mo chineáltas go deo dó; agus seasfaidh mo chonradh go daingean leis. 30 Socróidh mé a shliocht go síoraí agus a ríchathaoir mar laethanta na bhflaitheas. 31 Má thréigeann a chlann mhac mo dhlí, mura siúlann siad de réir mo phroiceaptaí, 32 más amhlaidh a sháraíonn siad m' fhorálacha, nó más amhlaidh a bhriseann siad m' aitheanta, 33 agróidh mé a gcion orthu leis an tslat; agus agróidh mé a gcoir orthu leis an lasc, 34 ach ní bhainfidh mé mo bhuanghrá de go deo; ná ní rachaidh mé siar ar mo bhriathar. 35 Ní bhrisfidh mé mo chor ná mo cheangal; ná ní bhréagnóidh mé briathar mo bhéil. 36 Aon uair amháin a mhionnaigh mé; dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví. 37 Mairfidh a shliocht go brách; beidh a chathaoir mar an ngrian i m' fhianaise; 38 mairfidh sí go buan mar an ngealach, ina finné fíordhílis ar neamh.» Selah 39 Ach theilg tú uait le déistin is le corp feirge an té a d' ung tú féin. 40 Bhris tú do chonradh le do ghiolla; agus thruailligh tú a choróin sa deannach. 41 Leag tú a mhúrtha go léir; agus d' fhág tú a dhún ina fhothrach. 42 Creachann a ngabhann an tslí é ionas go bhfuil sé ina chúis aithise dá chomharsana. 43 D' ardaigh tú deaslámh a naimhde; chuir tú áthas ar a eascairde go léir. 44 Mhaolaigh tú faobhar a chlaímh; is níor thug tú an bua dó sa chath. 45 Chuir tú cosc lena ghlóir-réim; leag tú a ríchathaoir ar lár. 46 Ghiorraigh tú laethanta a óige; agus d' fhág tú faoi náire shaolta é. 47 Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach an go brách é? Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine? 48 Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol; an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear? 49 Cé hé an duine beo nach bhfeicfidh an bás, nó cé a thabharfaidh a anam ó chumhacht na huaighe? 50 Cá bhfuil do chomaoineacha cianaosta, a Thiarna a mhionnaigh tú do Dháiví dar brí do dhílseachta? 51 Cuimhnigh, a Thiarna, ar an aithis a casadh le do sheirbhísigh; agus mar a iompraím i mo bhrollach maslaí uile na gciníocha 52a na maslaí lena maslaíonn do naimhde mé a Thiarna, lena dtugann siad tarcaisne do chomharba do ungthaigh. 52b Moladh go deo leis an Tiarna; Amen agus Amen! Achainí Mhaois, giolla Dé. A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin. Salm 89 Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte, sular rugadh an talamh agus an chruinne, is tú Dia gan tús gan deireadh. Déanann tú deannach arís den duine á rá: «Ar ais libh, a Ádhamhchlann.» Óir níl míle bliain i d' fhianaise ach mar an lá a d' imigh tharainn inné, nó mar a bheadh faire na hoíche. Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling, nó mar fhéar úrghlas na maidine. Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sé baintear é agus feonn sé um thráthnóna. Táimid dár gcnaí go dearfa le d' fhearg; scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge. Chuir tú ár n-urchóidí os do choinne, ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise. Gabhann ár laethanta tharainn is tú i bhfeirg linn; cuirtear deireadh lenár mblianta amhail osna. Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn. Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge; cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile? Múin dúinn giorra shaoil an duine chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí. Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach? Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna. Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn, go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo. Déan lúcháireach sinn i ndíol ar imir tú de bhuairt orainn; i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t-olc. Taispeáin do bhearta do do sheirbhísigh; agus do chlú is do chumhacht do do chlann. Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainn agus go soirbhí tú saothar ár lámh; sea, go soirbhí tú saothar ár lámh! An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde, a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh, Salm 90 deir sé leis an Tiarna: «Mo dhídean is mo dhaingean tú; mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.» Saorfaidh seisean thú ar ghaiste an fhoghlaera, ós é atá [ar tí do mhillte]. Déanfaidh sé díon duit lena eiteoga, agus rithfidh tú chuige faoina sciatháin. Ní eagal duit uamhan na hoíche, ná an tsaighead a scaoiltear sa lá, ná an phlá a thriallann sa dorchacht, ná an sciúirse a mhilleann um nóin Ar a shon go dtitfeadh míle le d' ais, agus deich míle ar do dheis, ní thiocfaidh sé i do ghaobhar ná i do ghaire, óir is sciath duit agus is lúireach a dhílse. Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall, chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach. Óir is tú a dúirt: «A Thiarna, mo dhídean tú!» agus a rinne caiseal den Neach is Airde. Ní thiocfaidh aon urchóid i d' aice, ná aon phlá i gcóngar do bhotha, Óir thug sé ordú dá aingil i do thaobh: tú a chosaint i do shlite go léir. Iompróidh siad thú lena lámha sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche. Satlóidh tú ar an leon is ar an nathair; gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragan. De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh, agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m' ainm. Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: «Táim i d' fhochair.» Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha. Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó; agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó. 1 Salm. Amhrán le haghaidh na Sabóide. 2 Is maith é buíochas a thabhairt don Tiarna, agus ceol a dhéanamh do d' ainm, a Neach is Airde, Salm 91 3 d' fhonn do bhuanghrá a fhógairt ar maidin, agus do dhílse i dtráthanna na hoíche, 4 le ceol na cruite agus na cláirsí; mar aon le ceadal na lire. 5 Óir chuir do ghníomhartha áthas orm, a Thiarna; déanaim gairdeas in oibreacha do lámh. 6 Nach éachtach iad d' oibreacha, a Thiarna! nach domhain iad go dearfa do smaointe! 7 Ní aithníonn fear na díchéille, ná ní thuigeann an t-amadán an ní seo. 8 Cé go n-eascraíonn na héagráifigh mar fhéar, agus go mbíonn na hainbheartaigh faoi bhláth, 9 níl i ndán dóibh ach léirscrios go brách; ach is tusa, a Thiarna, an Neach is Airde de shíor. 10 Óir scriosfar do naimhde, sea do naimhde, a Thiarna, agus scaipfear na hurchóidigh go léir. 11 Thug tú dom neart an daimh allta, agus dhoirt tú ola úr orm anuas. 12 D' fhéach mo shúile go buach ar mo naimhde; chuala mo chluasa dea-scéala a dtreascartha. 13 Beidh na fíréin faoi bhláth mar chrann pailme; fásfaidh siad mar chéadras na Liobáine. 14 Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh, beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé. 15 Tabharfaidh siad toradh uathu fiú amháin nuair is críon dóibh, agus iad go húrghlas i gcónaí, 16 a fhoilsiú a fhíréanta is atá an Tiarna; mo charraig é, gan mí-ionracas ar bith ann. Tá an Tiarna ina rí is é gléasta le glóir; chlúdaigh sé é féin le neart; chrioslaigh sé é féin le cumhacht. Bhunaigh sé an domhan go dobhogtha. Salm 92 Tá do chathaoir arna daingniú ó na cianta; tá tú ann ón tsíoraíocht, a Thiarna. Thóg na tuilte a nglór, a Thiarna; thóg na tuilte a nglór go torannach; thógadar a nglór go tolgach tréan. Is cumhachtaí ná glór na n-iluiscí, ná tonnta na mara móire, an Tiarna os a gcionn in airde. Is dearfa go deimhin do reachtanna; is do do theachsa is cuí an naofacht, a Thiarna, go brách na breithe. A Thiarna Dia, is leatsa an díoltas; a Dhia, a dhíoltasaí, bí do do thaispeáint féin dúinn. Salm 93 Éirigh! tabhair breithiúnas ar an talamh; tabhair a ndíol do lucht an díomais. Cá fhad a mhaífidh na héagráifigh, a Thiarna; cá fhad a mhaífidh siad a mbua? Ag gaotaireacht dóibh is ag labhairt go díomasach, bíonn na hainbheartaigh ag maíomh go mórtasach. Gabhann siad de chosa i do phobal, a Thiarna, agus déanann siad d' oidhreacht a chiapadh. Maraíonn siad an bhaintreach is an strainséir, agus tugann siad ár an dílleachta. Agus deir siad: «Ní fheiceann an Tiarna é; ní thugann Dia Iacóib dá aire é.» Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh! An té a chruthaigh an chluas, an ea nach gcluinfidh sé? agus an té a chum an tsúil, an ea nach bhfeicfidh sé? An té a smachtaíonn na náisiúin nach n-agróidh sé? an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige? Is eol don Tiarna smaointe an duine; is eol dó nach bhfuil iontu ach puth anála. Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna; an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí. Tugann tú faoiseamh dó in aimsir a thrioblóide, nó go dtochlaítear clais don urchóideach. Óir ní thréigfidh an Tiarna a phobal; ní thabharfaidh sé droim láimhe lena oidhreacht, nó go mbéarfar breithiúnas de réir an chirt; agus go leanfaidh lucht an chroí dhírigh go léir é. Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n-ainbheartach do mo chosaint ar lucht déanta an oilc? Murach an Tiarna a theacht i gcabhair orm, ní fada go mbeadh m' anam ag lonnú i log an chiúnais. Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim, is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé. Nuair is líonmhar iad buarthaí mo chroí, cuireann do shóláis aoibhneas ar m' anam. An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat, an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais? Tugann siad fogha faoi anam an fhíréin, agus daorann siad an neamhchiontach chun báis. Bíodh acu! sé an Tiarna mo dhaingean agus sé Dia carraig mo dhídine. Tabharfaidh sé a n-urchóid sa mhullach orthu, agus scriosfaidh iad lena mailís féin; millfidh an Tiarna ár nDia iad. Téanam agus canaimis don Tiarna; déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe. Salm 94 Druidimis ina láthair le haltú buíochais; déanaimis pléaráca do le hamhráin mholta. Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna; is rí mór é os cionn na ndéithe go léir. Is ina lámha atá duibheagáin na cruinne, agus is leis mar an gcéanna na hardsléibhte. Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í; agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim. Téanam, go n-adharfaimis agus go sléachtfaimis; feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn. Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a pháirce agus caoirigh a láimhe. Á, dá n-eistfeadh sibh inniu lena ghlór: «Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá, nó an lá úd ag Masá san fhásach mar a ndearna bhur n-aithreacha mo phromhadh, do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta. Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin agus dúirt mé: 'Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.' Ar an ábhar sin mhionnaigh mé i m' fhearg nach rachaidís i mo shuaimhneas isteach go brách.» Canaigí amhrán úr don Tiarna; canaigí don Tiarna,a thíortha go léir. Salm 95 Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm; fógraígí a shlánú ó lá go lá. Insígí a ghlóir i measc na gciníocha; agus a éachtaí i measc na náisiún. Is mór é an Tiarna; is díol molta é; is díol eagla thar na déithe go léir é. Ní dada iad déithe na gciníocha; ach is é an Tiarna a rinne na flaithis. Is leis an ghlóir agus an gradam; tá cumhacht agus taibhse ina shanctóir. Tugaigí don Tiarna, a chlanna na gciníocha; tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht. tugaigí don Tiarna an ghlóir is dual dá ainm; tugaigí bhur dtabhartais libh isteach ina chúirteanna. Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa; bí ar crith ina láthair a dhomhan uile. Fógraígí do na ciníocha: «Tá an Tiarna ina Rí.» shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe; tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin. Bíodh áthas ar neamh agus ar talamh; tugadh an mhuir agus a bhfuil inti a nglór. Bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil ann; tógadh crainn uile na coille gártha áthais i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht; atá ag teacht a rialú na cruinne. Rialóidh sé an domhan go cothrom, agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine. Is é an Tiarna is rí, gairdíodh an talamh; bíodh lúcháir ar na hinsí go léir. Salm 96 Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir. Gabhann tine roimhe amach ar a shlí dó, agus í ag loscadh a naimhde de gach leith. Soilsíonn a splancacha an chruinne; creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil. Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarach i bhfianaise Thiarna na cruinne. Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht; feiceann na náisiúin go léir a ghlóir. Go raibh náire ar lucht adhartha na n-íomhánna, a bhíonn ag maíomh as a n-íola gan tairbhe; umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise. Cloiseann Síón agus líonann sí d' áthas, agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna. Óir is tú an Tiarna go dearfa in ardréim os cionn na cruinne, agus os cionn na ndéithe go léir. Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t-olc; déanann sé anamacha a naomh a chosaint, á bhfuascailt ó láimh na n-éagráifeach. Tá solas á nochtadh don fhíréan, agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana; agus tugaigí buíochas dá ainm naofa. Salm. Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin. Salm 97 D' fhoilsigh an Tiarna a shlánú; nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin. Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílse do theaghlach Iosrael. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé. Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile, agus nochtaigí bhur n-áthas dó. Canaigí Salm don Tiarna leis an gcruit agus le fuaim na cláirsí. Tógaigí gártha le fuaim stoic agus adhairce don Tiarna, ár Rí. Bíodh an mhuir agus a bhfuil inti ag búiríl, an domhan agus a maireann ann. Bíodh na haibhneacha ag bualadh a mbos; déanadh na sléibhte sult, i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht a rialú na cruinne. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir, agus na ciníocha go cothrom. Salm 98 Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh. Is mór é an Tiarna i Síón; tá sé i réim os cionn na gciníocha uile. Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach; is naofa é agus [lán de chumhacht]. Is tú an Rí a thugann grá don fhíréantacht. Bhunaigh tú cothromas agus ceart agus cóir; agus chuir tú i bhfeidhm iad in Iacób. Móraigí an Tiarna, ár nDia; umhlaígí i láthair a stóil choise; de bhrí gur naofa é an Tiarna. Bhí Maois agus Árón ar líon a shagart. Bhí Samúéil orthu siúd a ghaireadh ar a ainm. Ghairidís ar an Tiarna agus d' éisteadh sé leo. Is leo a labhair sé as colún an néil. Rinneadar a thoil agus choinníodar a dhlí, na haitheanta a thug sé dóibh. Thug tú freagra orthu, a Thiarna, ár nDia, agus bhí tú i do Dhia so-mhaitheach dóibh, cé go ndearna tú a bpeacaí a agairt orthu. Móraigí an Tiarna, ár nDia, agus umhlaígí ar a Shliabh Naofa; óir is naofa é an Tiarna, ár nDia. Salm buíochais. Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile; Salm 99 fónaigí don Tiarna go lúcháireach. Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais. Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann. Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn. Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce. Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh. Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí. Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm. Nach maith é go deimhin an Tiarna; maireann a bhuanghrá go brách. Is dílis é ó ghlúin go chéile. Salm [le] Dáiví. Canfaidh mé faoi dhílse agus fíréantacht duitse, a Thiarna. Salm 100 Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail; cathain a thiocfaidh tú? Siúlfaidh mé le croí gan cháim i lár mo thí. Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl aon ní suarach. Is gráin liom slí na n-urchóideach; ní bheidh páirt agam leo. Beidh an croí calaoiseach i bhfad uaim; ní aithneoidh mé an t-olc. Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis. Beidh súil agam le fíréin na tíre a bheith in aontíos liom. An té a shiúlann sa tslí gan máchail, is é a dhéanfaidh fónamh dom. Ní dhéanfaidh fear na ceilge choíche cónaí i mo theachsa. Ní mó ná sin a ligfidh mé don bhréagaire fanacht in éineacht liom. Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin peacaigh na tíre; agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna lucht déanta an oilc. 1 Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite. 2 A Thiarna, éist le mo ghuí; agus go dtaga mo ghlór ag triall ort. Salm 101 3 Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna, an uair a bhím do mo bhuaireamh. Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort; éist liom go luath agus freagair mé. 4 Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach; tá mo chnámha ar loscadh amhail tine. 5 Tá mo chroí arna chríonadh mar fhéar; rinne mé dearmad ar mo bhia a ithe. 6 Bím ag caí agus ag gol go fuíoch; bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann. 7 Is cosúil mé le peileacán san fhásach, le hulchabhán i measc na bhfothracha. 8 Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh, mar éan ar dhíon tí ina aonar. 9 Bíonn m' eascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn m' ainm ina eascaine ag mo naimhde. 10 Óir ithim luaithreach mar a ithim arán; agus meascaim mo dheoch le deora, 11 de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé. 12 Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir. 13 Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe; maireann d' ainm ó ghlúin go glúin. 14 Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón, óir is mithid duit trua a dhéanamh di, toisc gur tháinig a hionú isteach. 15 Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha; agus is trua leo fiú amháin a fothracha. 16 Beidh eagla ar na ciníocha roimh d' ainm, a Thiarna; agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir. 17 Nuair a athnuafaidh an Tiarna Síón, nuair a thaispeánfaidh sé a ghlóir, 18 claonfaidh sé ansin chun urnaithe na ndealbh; agus ní eiteoidh sé a n-achainíocha chuige. 19 Scríobhtar an ní seo le haghaidh na glúine atá le teacht; moladh pobal nár rugadh fós an Tiarna. 20 «D' fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde; bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh. 21 i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach; agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis» 22 D' fhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón, agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim, 23 nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile; chun go ndéana siad fónamh don Tiarna. 24 D' ídigh sé mo neart sa tslí; rinne sé mo laethanta a ghiorrú. 25 Deirim: «A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil, ná sciob mé leat i lár mo laethanta, ós tú a mhaireann go brách na breithe.» 26 Bhunaigh tú an talamh ar dtús; is iad na flaithis saothar do lámh. 27 Rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa; rachaidh siad uile in aois mar bhall éadaigh. Malartaíonn tú iad ar nós éadaigh agus athraítear iad; 28 ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta. 29 Mairfidh clann do sheirbhíseach go buan; agus beidh a sliocht i do láthair go brách. [Salm le] Dáiví. Beannaigh an Tiarna, a anam liom; go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa. Salm 102 Beannaigh an Tiarna, a anam liom; ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile. Maitheann sé do chionta go léir duit; agus leigheasann sé d' easláintí uile. Fuasclaíonn sé d' anam ón uaigh; corónaíonn sé le buanghrá is le trua thú. Líonann sé do shaol le nithe fónta; déantar d' óige a athnuachan mar a bheadh iolar. Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm; tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht. Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois; agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael. Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de cheansacht. Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh; ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn. Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn; ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn. Óir ní airde neamh os cionn talaimh ná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é. Ní faide an t-oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn. Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe. Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach. Is cosúil ré an duine le féar; bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire. Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe, agus ní fios dá ionad féin é feasta. Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraí don dream ar a mbíonn a eagla, agus a fhíréantacht do chlann a gclainne nuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis, agus go ndéanann siad de réir a thola. Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh; agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní. Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna a dhéanann a réir go cumasach, agus a bhíonn go humhal dá bhriathar. Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna, a lucht fónaimh a dhéanann a thoil. Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna i ngach uile áit dá bhfuil faoina réir. Beannaigh an Tiarna, a anam liom. Beannaigh an Tiarna, a anam liom! A Thiarna Dia, is rómhór tú go dearfa; tá tú éadaithe i maorgacht agus maise; Salm 103 tá tú gléasta le solas mar le fallaing. Leath tú na spéartha mar bhrat botha; thóg tú d' áras os cionn na díleann. Bíonn na néalta agat mar charbad ag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe. Déanann tú teachtairí de na gaotha, agus timirí den tine lasrach. Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn; ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe. Chlúdaigh tú leis an aigéan é mar le brat ionas gur fholaigh na huiscí na sléibhte. Theith siad nuair a rinne tú a gcáineadh; ghabh eagla iad roimh thorann do thoirní. D' éirigh na sléibhte agus d' ísligh na gleannta chun an ionaid a cheap tú dóibh. Chuir tú teorainn leo nár chead dóibh dul thairsti, sula bhfolaidís an talamh as úire. Cuireann tú toibreacha ag brúchtadh isteach sna haibhneacha; agus sníonn siad idir na sléibhte. Tugann siad deoch d' ainmhithe an mhachaire; agus múchann na hasail allta a dtart iontu. Cónaíonn éanlaith an aeir ar a mbruacha; agus iad ag ceiliúradh i measc na gcraobhacha. Uiscíonn tú na sléibhte ó d' áras cónaithe; líontar an talamh de thoradh do shaothair. Cuireann tú an féar ag fás don bhólacht, agus luibheanna ar mhaithe leis an duine chun go mbaine sé arán as an talamh, agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d' fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán. Tá crainn an Tiarna lán de shúlach; na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin. Is iontu a dhéanann na héin a neadacha; agus neadaíonn an chorr bhán sa chrann giúise. Na sléibhte is dídean do na gabhair allta; agus bíonn na broic i bhfolach sna creaga. Rinne tú an ghealach chun na séasúir a fhógairt; is eol don ghrian tráth a turnaimh. Leathann tú an dorchacht go mbíonn ina oíche, agus go mbíonn ainmhithe uile na coille ar a seilg Na coileáin leoin ag búiríl chun a gcreiche, is iad ag éileamh a gcoda ar Dhia. Bailíonn siad leo le héirí na gréine, go dtéann siad ina luí ina bpluaiseanna. Gabhann an duine amach chun a oibre ag saothrú leis go dtí an tráthnóna. Nach líonmhar iad d' oibreacha, a Thiarna! rinne tú gach aon ní le heagna; is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat. Féach an fharraige is í ar leathadh go fairsing is ag cur thar maoil le créatúir gan áireamh, dúile beo, idir bheag agus mhór. Is uirthi a sheolann an loingeas; agus an Leiviatan a rinne tú le bheith ag súgradh inti. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort; chun iad a bheathú in am trátha. Cruinníonn siad le chéile a dtugann tú dóibh; leathann tú do lámh agus líontar iad. Má fholaíonn tú d' aghaidh bíonn siad buartha, má bhaineann tú an anáil díobh éagann siad, agus casann siad ar an luaithreach as úire. Nuair a chuireann tú do spiorad uait cruthaítear iad; agus athnuann tú aghaidh na talún. Go maire glóir an Tiarna go brách! go raibh lúcháir ar an Tiarna faoina ndearna sé! Le sileadh súile cuireann sé an talamh ar crith; má leagann sé barr méire ar na sléibhte, tiocfaidh toit astu! Beidh mé ag canadh don Tiarna fad a mhairfidh mé; molfaidh mé mo Dhia fad is beo dom. Go mba taitneamhach leis briathra mo bheil; is sa Tiarna a dhéanfaidh mé gairdeas. Go scriostar na peacaigh as an talamh; agus go dté na hurchóidigh ar ceal. Beannaigh an Tiarna, a anam liom. Alleluia! Altaígí don Tiarna, glaoigí ar a ainm; foilsígí a ghníomhartha do na náisiúin. Salm 104 Bígí ag canadh dó, déanaigí a mholadh; insígí a éachtaí go léir. Déanaigí mórtas as a ainm óir is naofa é; gairdigí, a lucht iarrtha, an Tiarna. Breathnaígí an Tiarna agus a chumhacht; lorgaígí a ghnúis de shíor. Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé; ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil. A shliocht Abrahám, a lucht fónaimh féin! a chlann Iacóib dá ndearna sé rogha! Is é an Tiarna féin ár nDia a bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne. Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách, ar a ghealltanas go dtí míle glúin, an conradh a cheangail sé le hAbrahám, an mionn a mhionnaigh sé do Íosác. Dhaingnigh sé ina reacht é do Iacób, ina chonradh d' Iosrael go brách, á rá leis: «Tabharfaidh mé Canán duit, chun bheith mar oidhreacht agat féin.» An uair ba thearc a líon, glac bheag díobh, ina gcoimhthígh sa tír, ag imeacht ó chine go cine dóibh, is iad ag fánaíocht ó ríocht go ríocht. Níor lig sé d' aon neach cos ar bolg a dhéanamh orthu; ach rinne bagairt ar ríthe ar a son. «Ná leomhadh sibh baint le m' ungthaigh; ná déanaigí dochar do m' fháithe.» Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin, agus gur mhill sé an t-arán ar fad orthu, is amhlaidh a bhí fear curtha rompu aige, mar a bhí, Iósaef, a díoladh i ndaorbhroid. Ceanglaíodh a chosa le cuibhreacha; crioslaíodh a mhuineál le hiarann, go dtí gur comhlíonadh a fháistine; is gur dhearbhaigh briathar an Tiarna é. Chuir an rí dá fhios agus d' fhuascail é; rinne taoiseach na gciníocha é a shaoradh. Cheap sé ina thiarna ar a theaghlach é, ina mhaor ar a mhaoin go léir, d' fhonn a mhaithe a mhúineadh mar ba mhian leis, agus saoithe a dhéanamh dá sheanóirí. Tháinig Iosrael isteach san Éigipt dá éis sin; agus bhain Iacób faoi i dtír Hám. Mhéadaigh sé a phobal go mór, go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad. D' athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal, agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh. Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu, agus Árón, an duine a roghnaigh sé. D' oibrigh siad a chomharthaí ina measc, agus a iontais i bhfearann Hám. Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé, ach níor thug siad aird ar a bhriathar. Rinne sé fuil dá n-uiscí i dtreo is gur mharaigh sé a n-iasc. Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna, fiú amháin i seomraí a ríthe. Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga, agus de mhíolta ar fud na tíre. Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne; agus tine chraosach trína gcríocha go léir. Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí; agus threascair sé crainn uile a gcríocha. Labhair sé agus tháinig na lócaistí, agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh. Shlog siad a raibh de luibheanna sa tír, agus d' ith siad toradh a dtalaimh. Bhuail sé gach céadghin ina bhfearann, céadtoradh a nirt go léir. Sheol sé amach iad le hór is le hairgead, gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna. Bhí áthas ar na hÉigiptigh nuair a d' imigh siad óir bhí uamhan agus eagla orthu rompu. Leath sé néal ina dtimpeall á gclúdach, agus tine a thug solas dóibh san oíche. Chuir sé gearra goirt chucu ar a n-iarratas; agus líon sé le bia ó neamh iad. Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t-uisce ina shlaoda; agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach. Óir ba chuimhin leis a bhriathar naofa a thug sé d' Abrahám, a ghiolla. Agus sheol sé a phobal amach le gairdeas; agus a mhuintir thofa le gártha áthais. Agus thug sé dóibh críocha na gciníocha; agus ghabh siad a raibh saothraithe ag na náisiúin, i dtreo go gcoimeádaidís a reachtanna; agus go gcomhlíonaidís a dhlíthe. Alleluia. Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é; toisc go maireann a bhuanghrá go brách. Salm 105 Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt? cé a chraolfaidh a mholtaí go léir? Is méanar don dream a choinníonn an ceart, agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor. Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom, as ucht do ghrá do do phobal. Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh; go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat, go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail; is go ndéana mé mórtas mar aon le d' oidhreacht. Pheacaíomar ar nós ar sinsir; rinneamar an t-olc agus an t-éigeart. Níor thug ár n-aithreacha san Éigipt aon aird ar bith ar d' éachtaí. Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá; thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua. Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm, d' fhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh. Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí; agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad. Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad; agus scaoil sé iad as greim a naimhde. D' fholaigh an tuile a gcéilí comhraic; níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu. Ansin is ea a chreid siad a bhriathra; gur ghabh siad ag canadh a mholtaí. Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí; agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle. Ligeadar srian lena mianta san fhásach; chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas. Lig sé a n-achainí leo; ach chuir sé seirg-ghalar ar a n-anam. Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna, agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna. D' oscail an talamh agus shlog sé Dátán, agus d' fholaigh sé Aibíorám is a mhuintir. Fadaíodh tine i measc a mbuíne; agus loisc na lasracha na meirligh. Dhealbhaigh siad lao ag Horaeb; rinne siad íol d' ór leáite a adhradh. Rinne siad Dia na glóire a mhalartú ar íomhá tairbh a mhaireann ar fhéar. Rinne siad dearmad ar Dhia a shlánaigh iad, agus a rinne éachtaí móra dóibh san Éigipt, a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám, agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua. Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin, murach Maois, an té a roghnaigh sé a dhul roimhe sa bhearna d' fhonn a fhearg a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh. Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis; níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar. Ach bhídís ag cásamh ina mbothanna, agus ní éistfidís le glór an Tiarna. D' ardaigh sé a lámh agus mhionnaigh dóibh go leagfadh sé ar lár iad san fhásach, go scaipfeadh sé a síol i measc na náisiún a scaoileadh ar fud na cruinne. D' umhlaigh siad ansin do Bhál Peór, agus d' ith siad íobairtí na marbh. Spreag siad é chun feirge lena ngníomhartha, agus buaileadh iad ansin leis an bplá. D' éirigh Píneachás gur imir sé breithiúnas, gurb amhlaidh a cuireadh cosc leis an bplá. Measadh sin mar fhíréantacht dó dá bharr go dtí an uile ghlúin go brách na breithe. Chuir siad fearg air ag uiscí Mhiríbeá; agus smachtaigh sé Maois dá dheasca. Óir chuir siad a chroí chun seirbhe, ionas gur labhair sé briathra míchríonna. Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothú de réir mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh. Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha, go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim. Thug siad fónamh d' íola na náisiún, gurb uime sin a cuireadh ó rath iad. Óir d' íobair siad a macra féin, agus a n-iníonacha féin do na deamhain. Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach, fuil a mac is a n-iníonacha, a d' íobair siad do íola Chanán gur truaillíodh an tír le fuil. Trochlaíodh iad lena n-oibreacha féin; agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha. Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail; ghlac sé déistin lena oidhreacht féin. Thug sé faoi smacht na náisiún iad, agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad. Rinne a naimhde cos ar bolg orthu, agus fágadh faoi smacht a lámh iad. Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad, ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna, agus leag a n-urchóid féin ar lár iad. Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh, nuair a chuala sé a nglao. Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh. Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá, agus fuair sé trócaire dóibh ó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh. Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia; bailigh le chéile sinn as measc na náisiún go dtugaimis buíochas do d' ainm naofa, is go ndéanaimis do mholadh a chanadh. Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, ó aois go haois go brách. Agus go gcana na daoine go léir: Amen! Amen! Alleluia! Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é, toisc go maireann a bhuanghrá go brách. Salm 106 Abradh amhlaidh an dream ar shlánaigh an Tiarna iad, an dream a shlánaigh sé ó láimh an namhad, agus a chruinnigh sé ó thíortha i gcéin, anoir, aniar, aneas agus aduaidh. Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh; níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe. Bhí ocras agus tart as cuimse orthu, go raibh siad i ndeireadh a n-anama. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna n-anacraí, agus sheol sé ar an mbóthar díreach iad ionas gur aimsigh siad cathair chónaithe. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá, as ucht na n-iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann, de bhrí gur shásaigh sé an t-anam tartmhar, agus gur líon sé de nithe fónta an t-anam ocrach. Bhí siad ina suí sa duifean agus sa dorchacht, i gcuibhreacha na hainnise agus an iarainn, toisc go ndeachaigh siad in easumhlaíocht ar Dhia, agus gur neamhshuim leo comhairle an Neach is Airde. D' ísligh sé a gcroí le buairt; thuisligh siad; ní raibh aon neach lena dtarrtháil. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar, agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh. Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad; agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n-iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann. Óir rinne sé smionagar de na doirse práis agus réab sé na sparraí iarainn ó chéile. Buaileadh breoite iad de dheasca a bpeacaí; bhíodar á gcrá de dheasca a gcionta. Ba ghráin leo an uile shórt bia; agus dhruid siad le doirse an bháis. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh. Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas; agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n-iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann. Ofrálaidís a n-íobairtí buíochais, agus fógraídís a éachtaí go háthasach. Sheol cuid acu an mhuir i loingeas; a thrádáil ar an aigéan imleathan, mar a bhfaca siad oibreacha an Tiarna, agus na héachtaí a dhéanann sé san fharraige. Óir labhair sé agus mhúscail sé an t-anfa, agus thóg sé mórthonnta na mara. Suas go haer leo agus síos leo go grinneall, gur theip ar a meanma ina n-anbhroid. Bhí siad ag tuisliú is ag titim amhail lucht meisce, mar dhaoine a bhí i mbarr a gcéille. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar; agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh. Chiúnaigh sé an t-anfa is an doineann; agus chuir tonnta na mara ina dtost. Ghabh áthas iad as ucht an chiúnais; agus sheol sé iad sa chuan ba mhian leo. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá, as ucht na n-iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann. Tugaidís moladh dó i gcomhthionól an phobail; déanaidís a mhóradh i seanad na sean. Rinne sé fásach de shruthanna; talamh tirim de thoibreacha uisce; riasca salainn de thalamh torthúil mar gheall ar urchóid a lucht áitrithe. Agus rinne sé locha uisce den fhásach; toibreacha uisce den talamh tur tirim. Agus chuir sé lucht an ocrais ag lonnú ann; agus bhunaigh siad ann cathair ináitrithe. Chuir siad síol ann agus phlandaigh siad fíniúna; agus thug an talamh barr ar fheabhas dóibh. Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht; níor lig sé dá dtréada dul i laghad. Ach caitheann sé dímheas le flatha; agus ligeann ar seachrán slí iad san fhásach. Agus téann siad i laghad agus i laige; de thoisc iomad a n-olc is a n-angar. Ach tógann sé na boicht as a n-ainnise, go ndéanann a dteaghlaigh chomh líonmhar le tréada. Feiceann na fíréin agus déanann siad gairdeas, agus cuirtear an uile urchóid ina tost. Tabharfaidh an t-eagnaí na nithe seo dá aire; agus beidh tuiscint aige ar bhuanghrá an Tiarna. Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean; canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí. Salm 107 Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach asgus a chruit; músclóidh mé féin an maidneachan. Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna; molfaidh mé thú i measc na náisiún. Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas, agus do dhílse chun na spéartha. Éirigh in airde os cionn na bhflaitheas, a Dhia; bíodh do ghlóir os cionn an domhain uile. Ionas go ndéanfaí d' aos grá a shaoradh, fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn. Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé: «Roinnfidh mé Seicim go ríméadach agus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas. Is liom tír Ghileád, is liom Manaise; is é Eafráim clogad mo chinn. Is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat; Is é Móáb mo bháisín níocháin. Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg; agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.» Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta? Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé? Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia; ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite? Tabhair cúnamh dúinn in éadan ár naimhde, óir is díomhaoin é cúnamh ón duine. Déanfaimid gaisce le cúnamh ó Dhia, óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde. Salm 108 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. A Dhia, dá dtugaim moladh ná bí i do thost, óir tá béal na n-éagráifeach agus na bhfealltach ar leathadh i m' aghaidh. Labhraíonn siad liom i mbriathra éithigh, timpeallaíonn siad mé le briathra an fhuatha; tugann siad fúm gan fáth. I ndíol mo ghrá dóibh bíonn siad do mo chúiseamh; ach bímse ag guí. Díolann siad liom an t-olc in aghaidh na maitheasa, an fuath in aghaidh an ghrá. Gríosaigh fear na hurchóide ina choinne; agus seasadh an cúisitheoir ar a dheis. Nuair a thugtar breith air go ndéantar a dhaoradh; agus go raibh a achainí in aistear. Gura tearc iad laethanta a shaoil; agus go nglaca neach eile a chúram. Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair; agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach. Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce; agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas. Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige; agus go mille strainséirí toradh a shaothair. Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dó ná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí. Go ndéantar a shliocht a mhilleadh, agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin. Cuimhníodh an Tiarna ar urchóid a aithreacha agus nár scriostar peaca a mháthar amach. Go raibh siad i bhfianaise an Tiarna de shíor; go staithe sé a gcuimhne ó fhréamh as an talamh. Toisc nárbh áil leis trócaire a dhéanamh ach go ndearna géarleanúint go bás ar an ainniseoir agus an dearóil, agus gur mharaigh sé fear an chroí chráite. An mhallacht ina raibh a dhúil go dtaga sí anuas air; gura fada uaidh an bheannacht nárbh áil leis. Go raibh sé gléasta i mallachtaí mar a bheadh in éadach; go dté siad isteach ina bhaill bheatha amhail uisce agus isteach ina chnámha amhail ola. Go raibh siad mar chulaith á chlúdach, mar chrios a bheadh á chrioslú de shíor. Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m' anam. Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht d' ainm; agus fóir orm le feabhas do bhuanghrá. Óir táimse go dearóil dealbh; agus tá mo chroí á chrá istigh ionam. Leáim as mar scáil fhada an tráthnóna scuabtar chun siúil mé mar an lócaiste. Tá mo ghlúine ag imeacht uaim le troscadh; agus mo cholainn á snoí agus á caitheamh. Ráinig mé i m' ábhar scige ag gach aon neach; agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann. Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom; saor mé de réir do bhuanghrá. Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámhsa. gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo. Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh; go ndéantar mo naimhde a náiriú agus go ndéana do ghiolla gairdeas. Go n-éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne; agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing. Gabhfaidh mé buíochas leis an Tiarna os ard; tabharfaidh mé moladh dó i measc an tslua. Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáin lena shábháil ó lucht a dhaortha. Salm Dháiví. D' fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: «Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.» Salm 109 Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta as Síón amach. Bí ag rialú i measc do naimhde. Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d' óige]. Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air: «Is sagart tú go brách de réir ord Mheilcizidic.» Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis; déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge. Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin, déanfaidh sé carn de chonablaigh; brisfidh sé cinn urra go fada fairsing. Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair; agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann. Salm Aibítreach Salm 110 Is éachtach iad oibreacha an Tiarna, inscrúdaithe do chách a charann iad. Is oirirc ollásach iad a oibreacha, agus maireann a fhíréantacht go brách. Tugann sé orainn cuimhneamh ar a éachtaí; is trócaireach grámhar é an Tiarna. Beathaíonn sé an mhuintir ar a mbíonn a eagla; cuimhneoidh sé de shíor ar a chonradh. D' fhoilsigh sé cumhacht a bheart dá phobal, nuair a thug sé dóibh oidhreacht na náisiún. Is dílis agus is cóir iad a oibreacha; is daingean iad a aitheanta go léir. Maireann siad go buan agus go brách; rinneadh iad le fíréantacht is le fírinne. Rinne sé a phobal a fhuascailt, agus bhunaigh sé a chonradh go brách. Is naofa a ainm agus is creathnach. Is é tús na heagna eagla Dé is ciallmhar iad lucht a adhartha; mairfidh a mholadh go brách. Salm Aibítreach Salm 111 Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh; is beannaithe clann an duine ionraic. Beidh maoin is maitheas ina theaghlach; mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche. Bíonn ina sholas sa dorchacht don dea-dhuine; is trócaireach é, is fial, is ionraic. Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid; riarann sé a ghnó go ceart onórach. Ní chorrófar an fíréan choíche; mairfidh a chuimhne go brách na breithe. Ní chuirfidh drochscéala eagla air; is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas. Is dílis daingean a chroí gan eagla; feicfidh sé a naimhde á dtreascairt. Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair; maireann a fhéile go brách agus choíche. Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar. Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh. Alleluia. Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna; molaigí ainm an Tiarna! Salm 112 Moladh le hainm an Tiarna i láthair na huaire agus choíche! Ó éirí go luí na gréine, go raibh ainm an Tiarna á mholadh! Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile, agus a ghradam os cionn na bhflaitheas. Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia; atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde? Cromann sé ó na harda anuas chun féachaint ar neamh agus ar talamh. Tógann sé an t-íseal aníos as an deannach; ardaíonn sé den charn aoiligh an duine dealbh, á chur ina shuí i bhfochair a phrionsaí, ar aon chéim le prionsaí a phobail. Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh; go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas. Alleluia. Nuair a tháinig Iosrael as an Éigipt amach, teaghlach Iacóib ón bpobal barbartha, Salm 113A rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá, agus tharla Iosrael ina ríocht aige. Chonaic an mhuir agus theith sí; agus chas an Iordáin ar ais. Ghabh na sléibhte ag léimneach amhail reithí, agus na cnocáin ar nós uan óg. Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú? Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais? Cad fáth a léimeann sibh, a shléibhte amhail reithí, agus a chnocána, ar nós uan óg? Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna; creathnaigh i láthair Dhia Iacóib, a chlaochlaigh an charraig ina linn, agus an aill ina foinse uisce. Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne, ach do d' ainmse is dleacht an moladh as ucht do bhuanghrá agus d' fhírinne. Salm 113B Cad fáth a ndeir na ciníocha «Cá bhfuil a nDia?» Is ar neamh atá ár nDiana; gach uile ní is áil leis, déanann sé é. Ór agus airgead a n-íolasan, agus saothar láimhe an duine. Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt; tá súile acu ach ní fheiceann siad dada. Tá cluasa orthu ach ní chluineann siad dada; tá sróna acu ach ní bhfaigheann siad boladh. Tá lámha acu ach ní láimhsíonn siad aon ní; tá cosa acu ach ní thig leo siúl; ní thagann aon ghlór óna scornach. Is ionann cás do lucht a ndéanta agus do chách a chuireann a ndóchas iontu. Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna; is é is cabhair agus is sciath dóibh. Tá dóchas chlann Árón sa Tiarna is é is cabhair agus is sciath dóibh. Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann; is é is cabhair agus is sciath dóibh. Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn; beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón. Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna, idir mhion agus mhór in éineacht. Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh, sibhse agus bhur gclann go léir. Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibh ón té a rinne neamh agus talamh. Is leis an Tiarna amháin na flaithis; ach thug sé an talamh don duine. Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna, ná an drong a ghabhann síos san uaigh. Ach tabharfaimidne moladh don Tiarna, anois agus go brách na breithe. A Salm 114-115 toisc gur chrom sé chugam a chluas, nuair a ghaireas air. Bhí dola an bháis i mo thimpeall, agus pianpháis na huaighe; casadh anró agus anacair i mo threo. Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna. «A Thiarna, fóir ar m' anam!» Is ceansa an Tiarna agus is cóir; is trócaireach é ár nDia. Caomhnaíonn sé an dream gan chealg; bhí mé ar lár agus shaor sé mé. Glac do shuaimhneas arís, a anam liom, mar roinn an Tiarna go maith leat. Óir sciob sé m' anam ón mbás, agus mo shúile ó dheora, agus mo chosa ó thuisliú. Beidh mé ag siúl i láthair an Tiarna; i bhfearann na mbeo. Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé: «Tá mé buartha go mór.» Nuair a dúirt mé le corp eagla: «Is bréagach gach aon neach.» Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna ina ndearna sé dom? Glacfaidh mé cupán an tslánaithe, gairfidh mé ainm an Tiarna. Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna i bhfianaise a phobail. Is luachmhar i láthair an Tiarna bás a fhíréan. Is mise do ghiolla, a Thiarna, sea, is mac do chailín aimsire; scaoil tú mo chuibhreacha. Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit; gairfidh mé ainm an Tiarna. Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna i bhfianaise a phobail, i gcúirteanna áras an Tiarna i gceartlár Iarúsailéim. Alleluia. Molaigí an Tiarna, a chiníocha uile; moladh na náisiúin go léir é. Salm 116 Óir is daingean é go deimhin, a bhuanghrá dúinn; maireann a dhílseacht go brách. Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é; agus go maireann a bhuanghrá go brách. Salm 117 Bíodh teaghlach Iosrael á rá: «Maireann a bhuanghrá go brách.» Bíodh teaghlach Árón á rá: «Maireann a bhuanghrá go brách.» Abradh an dream lenarb eagal an Tiarna: «Maireann a bhuanghrá go brách.» Ghair mé ar an Tiarna i mo chruachás; d' fhreagair sé agus shaor sé mé. Tá an Tiarna i m' fhochair; ní baol dom. Cad a dhéanfaidh an duine dom? Tá an Tiarna i m' fhochair ag cuidiú liom; beidh mo naimhde romham faoi tháir. Is fearr dul i muinín an Tiarna ná i muinín an duine. Is fearr dul i muinín an Tiarna ná i muinín na bhflatha. Thimpeallaigh na ciníocha go léir mé; threascair mé in ainm an Tiarna iad. Chruinnigh siad thart i mo thimpeall; threascair mé in ainm an Tiarna iad. Chruinnigh siad i mo thimpeall mar bheacha, ina mbladhaire amhail tine i measc driseog; threascair mé in ainm an Tiarna iad. Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn; ach chuidigh an Tiarna liom. Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach; is é a thug slán mé. Cluintear gártha lúcháire is caithréime i mbothanna na bhfíréan. «D' oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan; is i a dheaslámh a d' ardaigh mé. D' oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan.» Ní éagfaidh mé, mairfidh mé; agus inseoidh mé a mhóréachtaí. Cé gur smachtaigh an Tiarna go dian mé, níor dhaor sé chun báis mé. Osclaígí dom doirse na fíréantachta; rachaidh mé isteach a thabhairt buíochais. Seo agaibh doras an Tiarna trína rachaidh na fíréin isteach. Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom; agus gur tú mo shlánaitheoir. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di. Is é an Tiarna a rinne an ní seo, agus is éachtach linn é. Is é seo an lá a rinne an Tiarna; bíodh áthas is gliondar orainn. Fóir orainn, achainímid, a Thiarna; a Thiarna, go n-éirí linn! Is beannaithe in ainm an Tiarna an té atá le teacht. Beannaímid sibh as teach an Tiarna. Sé an Tiarna Dia ár solas. Gabhaigí ar aghaidh i mórshiúl le craobhacha go beanna na haltóra. Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat; móraim thú, a Dhia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é; maireann a bhuanghrá go brách. Aleph Is aoibhinn a mbíonn a slí gan mháchail, a shiúlann i ndlí an Tiarna. Salm 118 Is aoibhinn dá gcoimeádann a fhorálacha, á lorg ó lanchroí. An mhuintir nach ndéanann urchóid; ach a shiúlann ina shlite. Thug tú do phroiceapta dúinn go gcomhlíonfaí go beacht iad. Nár mhéanar mo shlite a bheith go daingean, d' fhonn do reachtanna a choimeád. Ní dhéanfar mo náiriú nuair a ghéillfidh mé do d' aitheanta uile. Molfaidh mé thú le dílseacht chroí ag foghlaim d' fhoraitheanta dom. Déanfaidh mé de réir do reachtanna; ná tréig mé ar fad. Beth Conas a mhairfidh an t-ógánach go glan, ach le d' aitheanta a chomhlíonadh? Iarraim thú le mo chroí go hiomlán; nár imí mé ó d' aitheanta. Cuirim do bhriathar i bhfolach i mo chroí; sula ndéanfainn peaca ort. Is beannaithe atá tú, a Thiarna; múin do reachtanna dom. Is amhlaidh a d' admhaigh mé le mo bhruasa foraitheanta uile do bhéil. Gairdím i slí d' fhorálacha amhail san uile shaibhreas. Déanfaidh mé machnamh ar do theagasc; agus breithneoidh mé do shlite. Tabharfaidh mé taitneamh do do reachtanna; ní dhéanfad dearmad ar do bhriathra. Gimel Bí go maith le do ghiolla le go mairfidh mé, agus go gcoimeádfaidh mé do bhriathra. Oscail mo shúile chun go bhfeicfidh mé iontais uile do dhlí. Táim i mo dheoraí ar talamh; ná ceil orm d' aitheanta. Bíonn m' anam ag meirtniú de shíor, is é ag tnúth le d' fhoraitheanta. Lochtaigh tú na huaibhrigh agus na mallachtaigh a chuaigh ar seachrán ó d' aitheanta. Tóg uaim tarcaisne agus aithis toisc go nglacaim le do theagasc. Cé go dtéann prionsaí i ndáil chomhairle i m' éadan, bím ag machnamh ar do reachtanna. Óir is iad d' fhorálacha m' aoibhneas; is iad do reachtanna mo chomhairleoirí. Daleth Tá m' anam ar lár sa luaithreach; athbheoigh mé le do bhriathar. Mhínigh mé mo shlite, agus d' éist tú liom; múin do reachtanna dom. Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt, agus déanfaidh mé machnamh ar d' iontais. Bíonn m' anam ag sileadh deor le neart bróin; tabhair misneach dom le do bhriathar. Coinnigh mé ó shlí na hearráide, agus tabhair dom do dhlí. Rinne mé rogha de shlí na fírinne; chuir mé d' aitheanta os mo chomhair. Bím ag cloí de shíor le d' fhorálacha; ná clis orm, a Thiarna. Rithfidh mé ar shlí d' aitheanta; nuair a cheansóidh tú mo chroí. Hé Múin dom slí do reachtanna, a Thiarna; agus comhlíonfaidh mé go cruinn iad. Déan mo theagasc d' fhonn do dhlí a chomhlíonadh agus a choimeád ó chroí. Treoraigh mé ar chosán d' aitheanta, óir is ann atá mo thaitneamh. Claon mo chroí i leith d' fhorálacha; agus ná claon chun sainte é. Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas; déan mo bheochan trí do shlíse. Cuir le do ghealltanas do do ghiolla; le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat. Coinnigh i bhfad uaim an aithis is eagal liom, óir is aoibhinn iad d' fhoraitheanta. Féach, is mian liom do phroiceapta; tabhair dom an bheatha i d' fhíréantacht. Vau Go dtaga do bhuanghrá orm, a Thiarna, agus do chabhair de réir do ghealltanais. Tabharfaidh mé freagra ar lucht mo cháinte; toisc gur muinín liom do bhriathar. Focal na fírinne ná bain as mo bhéal; cuirim mo dhóchas i d' fhoraitheanta. Agus coimeádfaidh mé do dhlí de shíor, go brách na breithe. Siúlfaidh mé i slí na saoirse, mar táim ar lorg do theagaisc. Inseoidh mé d' fhorálacha i láthair ríthe; ní bheidh cotadh ar bith orm. Is i d' aitheanta a bheidh mo thaitneamh ós dóibh a thugaim grá. Agus tógfaidh mé mo lámha chun d' aitheanta; déanfaidh mé machnamh ar do reachtanna. Zain Bí ag cuimhneamh ar do bhriathra do do ghiolla; lenar thug tú dóchas dom. Is é mo shólás le linn mo bhuartha, gurb é do bhriathar a bheoigh mé. Maslaíonn lucht an díomais mé go díocasach: ach ní chlaonaim ó do dhlí. Cuimhním ar do bhreitheanna ársa, a Thiarna; agus tugann siad sólás dom. Gabhann fearg mé de bharr na bpeacach a bhíonn ag tréigean do dhlí. Bíonn do reachtanna ina n-amhrán agam, in áit mo dheoraíochta. Cuimhním ar d' ainm de shiúl oíche, a Thiarna; agus coimeádaim do dhlí. Is amhlaidh a chuirfidh sé seo le mo chlú, gur choinnigh mé do phroiceapta. Heth Dúirt mé, a Thiarna, gurb í mo chuid do bhriathra a choimeád. Guím thú ó mo chroí go hiomlán: déan trócaire orm de réir mar gheall tú. Rinne mé mo shlite a mheas, agus d' fhill mé ar d' fhorálacha. Bhrostaigh mé is ní dhearna mé moill, chun d' aitheanta a chomhlíonadh. Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé; níor dhearmad mé do dhlí. Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh, mar gheall ar d' fhoraitheanta córa. Is cara mé do chách ar a mbíonn do eagla, agus a choimeádann do phroiceapta. Tá an talamh lán de do bhuanghrá, a Thiarna; múin dom do reachtanna. Teth Chaith tú go maith le do ghiolla, a Thiarna, de réir do bhriathair. Múin dom eagna agus eolas; tá mo dhóchas i d' aitheanta. Sular crádh mé chuaigh mé ar seachrán; ach anois coimeádaim do bhriathar. Is maith tú, is fial tú agus is flaithiúil; múin dom do reachtanna. Beartaíonn na díomasaigh cealg i mo choinne; ach comhlíonaimse do phroiceapta. Ramhraigh a gcroí ar nós blonaige; faighimse mo thaitneamh i do dhílseacht. Is méanar dom go raibh mé do mo chrá; ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna. Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilse ná na mílte d' ór agus d' airgead. Iód Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé; múin dom d' aitheanta a fhoghlaim. Feicfidh d' aos eagla agus gairdeoidh siad, toisc gur muinín liom do bhriathar. Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d' fhoraitheanta; agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé. Bíodh do bhuanghrá ina ábhar sóláis dom, mar a gheall tú do do ghiolla. Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé, óir is aoibhinn liom do dhlí. Go gclise ar na huaibhrigh atá do mo chrá gan ábhar agus mé ag machnamh ar do phroiceapta. Go n-iompaítear chugam an dream lenarb eagal tú, a thugann aire do d' fhorálacha. Go raibh mo chroí go foirfe i do reachtanna, ionas nach bhfaighinn mo náiriú. Caph Bíonn m' anam ag tnúth le do shlánú; cuirim mo dhóchas i do bhriathar. Meathann mo shúile le dúil i do ghealltanas; cathain a tabharfaidh tú sólás dom? Cé gur cosúil mé le buidéal leathair sa deatach, níor dhearmad mé do reachtanna. Cá líon laethanta do ghiolla? Cathain a chiontóidh tú mo ghéarleantóirí? Thochail na huaibhrigh claiseanna dom, in aghaidh do dhlí. Is fíor iad do phroiceapta uile fóir orm; déantar mo chrá gan chúis. Cé gur beag nár cuireadh deireadh liom ar talamh, níor thréig mé d' aitheanta. Tabhair an bheatha dom de réir do thrócaire; agus coimeádfaidh mé d' fhorálacha. Lamed Maireann do bhriathar go brách, a Thiarna, chomh daingean le neamh. Maireann d' fhírinne go dtí an uile ghlúin, mar an talamh a bhunaigh tú. Maireann siad go buan de réir do reachtanna; fónann gach aon ní duit. Murach gurb aoibhinn liom do dhlí, gheobhainn bás i m' ainnise. Go deo ní dhéanfaidh mé dearmad ar do phroiceapta, óir is leo a thug tú beatha dom. Is leat mé; déan mé a tharrtháil, toisc go lorgaim do phroiceapta. Tá na peacaigh ag fanacht liom d' fhonn mo mhillte; ach tugaim d' fhorálacha do m' aire. Is eol dom go bhfuil críoch le gach foirfeacht; ach gur fada fairsing í d' aithne. Mem A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna; is ábhar machnaimh dom de shíor é. Rinne d' aithne níos críonna ná m' eascairde mé; óir bíonn sí in éineacht liom de shíor. Is críonna mé ná lucht mo mhúinte go léir, toisc go machnaím ar d' fhorálacha. Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí; óir comhlíonaim do phroiceapta. Tugaim ar mo chosa gach drochshlí a sheachaint, d' fhonn do bhriathra a choimeád. Ní chlaonaim i leataobh ó d' fhoraitheanta; ós tú a mhúin mé. Is milse do bhriathra le mo charball; ná mil le mo bhéal. Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta; is gráin liom gach drochshlí. Nun Is lóchrann do mo chosa do bhriathar; is solas do mo chosán é. Mhionnaigh mé agus bheartaigh mé i m' aigne, d' fhoraitheanta a choimeád. Tá mé buartha go mór, a Thiarna; beoigh mé le do bhriathar. Glac le hofrálacha mo bhéil, a Thiarna; agus múin dom d' fhoraitheanta. Bíonn mo bheo i mbaol i gcónaí ach ní dhearmadaim do dhlí. Chuir na peacaigh gaiste i mo bhealach; ach níor thréig mé do phroiceapta. Is iad d' fhorálacha mo oidhreacht go brách; cuireann siad áthas ar mo chroí. Chlaon mé mo chroí chun do reachtanna a chomhlíonadh go beacht agus go brách. Samek Is fuath liom an teanga liom leat; ach is geal liom do dhlí. Is tú mo chaomhnóir agus mo sciath; cuirim mo dhóchas i do bhriathar. Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide; coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé. Seas liom de réir d' fhocail agus mairfidh mé; ná teipeadh ar mo dhóchas. Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé; coimeádfaidh mé do reachtanna go deo. Is beag ort a n-imíonn ó do reachtanna; toisc gur bréagach a mbeartas. Is salachar leat peacaigh uile na cruinne; is uime a charaim d' fhorálacha. Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat; agus is eagal liom do reachtanna. Ayin Chleachtaigh mé an ceart agus an chóir; ná tabhair suas do lucht leatroim mé. Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis, sula dtreascraí na huaibhrigh mé. Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh, agus i bhfírinne do bhriathair. Déan le do ghiolla de réir do bhuanghrá, agus múin dom do reachtanna. Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom, ionas gurab eol dom d' fhorálacha. Is mithid duit gníomhú, a Thiarna, óir sáraíodh do dhlí. Ar an ábhar sin is ansa liom d' aitheanta, ná an t-ór is mine. Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile, toisc gur fuath liom gach bréagshlí. Pe Is iontach iad go dearfa do fhorálacha; is uime sin a choimeádaim iad. Tugann foilsiú do bhriathair solas dom, agus teagasc do lucht aineolais. Bíonn mo bhéal ar leathadh ag osnaíl dom agus mé ag tnúth le d' aitheanta. Iompaigh chugam agus taispeáin dom do thrua, mar a dhéanann tú do do chairde. Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair; ná gabhadh an urchóid forlámhas orm. Déan mo shaoradh ar ansmacht na ndaoine; agus coimeádfaidh mé do phroiceapta. Soilsíodh solas do ghnúise ar do ghiolla; agus múin dom do reachtanna. Chaoin mé uisce mo chinn toisc nár coimeádadh do dhlí. Sade Is fíréanta tú go deimhin, a Thiarna; agus is ceart do bhreithiúnas. Chuir tú d' fhorálacha i bhfeidhm go cóir agus go daingean diongbháilte. Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta, mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar. Tástáladh do bhriathar go dearfa agus is geal le do ghiolla é. Is beag is fiú mé féin, agus is suarach; ní dhearmadaim do phroiceapta. Is fíréantacht shíoraí í d' fhiréantachtsa; agus is daingean é do dhlí. Tháinig anuas orm diachair agus dochraide; faighim m' aoibhneas i d' aitheantasa. Is fíréanta iad d' fhorálacha go deo; tabhair teagasc dom agus mairfidh mé. Qof Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna; coimeádfaidh mé do reachtanna. Glaoim ort; déan mé a tharrtháil; agus coinneoidh mé d' fhorálacha. I moiche na maidine bím ag glaoch ort; cuirim mo dhóchas i do bhriathar. Bím ag faire i gcaitheamh na hoíche, ag déanamh mo mharana ar do bhriathar. Éist liom, a Thiarna, de réir do bhuanghrá; beoigh mé de réir d' aithne. Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom, agus iad i bhfad ó do dhlí. Ach tá tusa i ngar dom, a Thiarna; agus is dílis iad d' aitheanta. Is fadó a d' aithin mé ar d' fhorálacha gur dhaingnigh tú iad go brách. Resh Féach ar m' angar agus fuascail mé toisc nár dhearmad mé do dhlí. Déan mo chúis a phlé agus slánaigh mé; déan mo bheochan le do bhriathar. Is fada an slánú ó na peacaigh, toisc nach cúram leo d' fhoraitheanta. Is líonmhar iad do thrócairí, a Thiarna; beoigh mé de réir d' fhoraitheanta. Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha; ní chlaonaim ó do phroiceapta. Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé, toisc nár choimeád siad do bhriathar. Féach! is geal liom do phroiceapta, a Thiarna; coinnigh beo mé le do bhuanghrá. Is í an bhuaine buaic do bhriathair; maireann do reachtanna go brách. Sin Déanann flatha géarleanuint orm gan fáth; ach is eagal liom do bhriathra. Déanaim gairdeas de bharr do bhriathair mar dhuine a fhaigheann creach. Is fuath liom an t-éitheach agus is gráin liom é; i aoibhinn liom do dhlí. Seacht n-uaire in aghaidh an lae a thugaim moladh duit as ucht do cheartbhreithiúnas. Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú; ní bhíonn aon cheap tuisle rompu. Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna; agus comhlíonaim d' aitheanta. Bíonn m' anam ag coimeád do fhorálacha; tugaim grá thar cuimse dóibh. Coimeádaim do phroiceapta agus d' orduithe; bíonn mo shlite uile i d' fhianaise. Tau Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna; tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair. Go dtaga mo ghuí i do láthair; fuascail mé de réir d' fhocail. Go dtuga mo bhruasa moladh duit; nuair a mhúinfidh tú do reachtanna dom. Go gcana mo theanga do bhriathar; óir is cóir iad d' aitheanta. Go raibh do lámh i m' aice chun cuidiú liom; toisc gur thogh mé do theagasc. Santaím do shlánú, a Thiarna; agus is aoibhinn liom do dhlí. Go maire m' anam agus go mola sé thú; agus go gcabhraí do reachtanna liom. Táim ar seachrán mar chaora fháin; bí do mo lorg; óir níor dhearmad mé riamh d' aitheanta. Amhrán Oilithreach. Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh; agus d' éist sé liom. Salm 119 A Thiarna, saor m' anam ar an mbéal urchóideach, agus ar an teanga chealgach. Cad a imreoidh sé ort d' fhonn an comhar a íoc leat, a theanga chealgach? Saigheada géara an churaidh chalma, agus sméaróidí dearga. Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach; i bpubaill Chéadar. Is fada atá m' anam ag lonnú leis an dream ar fuath leo an tsíocháin. Nuair a labhraim ar son na síochána, tugann siad fúm gan fáth. Amhrán Oilithreach. Tógaim mo shúile chun na sléibhte. Cad as do mo chúnamh? Salm 120 Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh, a rinne neamh agus talamh. Nár lige sé duit tuisliú go deo; nár dhéana do gharda codladh. Féach! ní thitfidh sámhchodladh ná suan ar gharda Iosrael. Is é an Tiarna do gharda is do dhídean, agus é ar do dheis. Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae, ná an ré istoíche. Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú; coimeádfaidh sé d' anam. Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit, anois agus choíche. Amhrán oilithreach. Le Dáiví. Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: «Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.» Salm 121 Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin i do dhoirse, a Iarúsailéim. Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil go dlúth is go daingean. Is chuici suas a ghabhann na treibheanna, treibheanna an Tiarna, d' fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael, agus buíochas don Tiarna. Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais, cathaoir do theaghlach Dháiví. Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn; gura slán a dtugann taitneamh duit. Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha, agus flúirse i do phálás. Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte, síocháin go raibh ionat. Ar son teach an Tiarna, ár nDia, iarraim do leas. Amhrán Oilithreach. Chugat a thógaim mo shúile; chugatsa a chónaíonn ar neamh. Salm 122 2 Mar shúile na ndaor ag faire ar lámha a dtiarna; mar shúile an chailín aimsire ag faire ar lámha a máistreása, 3 bíonn ár súile ag faire an Tiarna, ár nDia, nó go ndéana sé trócaire. 4 Déan trócaire orainn, a Thiarna, déan trócaire; óir fuaireamar ár ndóthain den dímheas. 5 De dhímheas lucht an díomais agus an tsaibhris is dóthanach ár n-anam. Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. Murach an Tiarna a bheith inár leith; abradh Iosrael anois: Salm 123 Murach an Tiarna a bheith inár leith, nuair a tugadh fúinn, is amhlaidh a shlogfaí beo beathach sinn. Nuair a bhladhmfadh a mbuile inár n-aghaidh, d' éireodh an díle os ár gcionn, agus shlogfadh an tuile sinn. Sea, scuabfadh na tonnta chun siúil sinn, go ndéanfadh ár mbá. Moladh leis an Tiarna nár thug sinn inár gcreach dá bhfiacla. Sciobadh ár n-anam amhail éan as líon na bhfoghlaeirí. Go deimhin, briseadh an líon; agus d' imíomar slan. Tá ár gcúnamh in ainm an Tiarna a rinne neamh agus talamh. Amhrán Oilithreach. An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu, is cosúil le Sliabh Shíón iad sliabh nach féidir a bhogadh, ach a sheasfaidh go brách. Salm 124 Ar nós na gcnoc is na sléibhte thart timpeall Iarúsailéim, bíonn an Tiarna thart ar a phobal, anois agus choíche. Óir ní fhanfaidh ríshlat na n-éagráifeach ar fhearann na bhfíréan, sula ndéanfadh na fíréin a lámha a iompú chun oilc. Déan maith, a Thiarna, do dhaoine fónta, agus do lucht an chroí dhírigh. Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíola is ar lucht déanta an oilc. Síocháin go raibh ar Iosrael. Amhrán Oilithreach. Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais, ba chosúil le lucht aislinge sinn. Salm 125 Líon ár mbéal le gáire, agus ár dteanga le gairdeas. Bhíothas á rá ansin i measc na gciníocha: «Rinne an Tiarna go héachtach dóibh.» Rinne an Tiarna na héachtaí dúinn; bhí áthas orainn go deimhin. Cuir sonas orainn arís, a Thiarna, mar shruthanna sa Neigib. An dream a chuireann síol le deora, bainfidh siad an fómhar faoi ghairdeas. Ag sileadh deor dóibh gabhann siad amach, ag iompar síl chun a scaipthe. Ag teacht ar ais dóibh tagann siad faoi áthas, agus a bpunanna á n-iompar acu. Amhrán Oilithreach. Le Solamh. Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire. Salm 126 Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh. Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne. Mar shaigheada i láimh an ghaiscígh, is mar sin do chlann na hóige. Is aoibhinn go deimhin don fhear, a líon a thruaill leis na saigheada sin, óir ní bhfaighidh an té sin náire, agus é ag aighneas lena naimhde sa gheata. Amhrán Oilithreach. Is aoibhinn do chách lenarb eagal an Tiarna, agus a shiúlann ina shlite. Salm 127 Íosfaidh tú toradh de shaothair féin; beidh tú go sona séanmhar. Beidh do bhean chéile mar fhíniúin thorthúil, i gceartlár do thí. Beidh do chlann mar bhuinneáin crainn olóige, mórthimpeall do bhoird. Is amhlaidh a bheannófar an duine ar a mbíonn eagla an Tiarna. Go mbeannaí an Tiarna thú amach as Síón; gach uile lá de do shaol. Go bhfeice tú clann do chlainne agus séan ar Iarúsailéim. Síocháin go raibh ar Iosrael. Amhrán Oilithreach. Is minic a crádh mé ó m' óige; abradh Iosrael anois: Salm 128 Is minic a crádh mé ó m' óige, ach ní dhearnadh mo threascairt. Bhí fir chéachta ag réabhadh ar mo dhroim; rinne siad a gclaiseanna fada. Ach ghearr an Tiarna fíréanta cordaí na n-éagráifeach. An dream ar fuath leo Síón, go gcuirtear ar gcúl iad faoi náire. Gura cosúil iad le féar ar dhíon tí, a sheargann sula sceitheann sé; nach líonann an buanaí a lámh leis, ná an fear ceangail a bhrollach. Agus nach ndéarfaidh lucht taistil na slí «Bail ó Dhia ar an obair! Beannaímid sibh in ainm an Tiarna; anois agus choíche!» Amhrán Oilithreach. As na duibheagáin a ghlaoim ort, a Thiarna; éist, a Thiarna, le mo ghuí. Salm 129 Go n-éiste do chluasa go haireach le mo ghlór ag impí ort. Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán? Ach is leat na peacaí a mhaitheamh; ionas go riarfaí go humhal duit. Tá muinín ag m' anam as an Tiarna; ar a bhriathar atá mo sheasamh. Is foighní m' anam ag feitheamh leis an Tiarna, ná lucht faire leis an maidin. Bíonn lucht faire ag faire leis an maidin, agus Iosrael leis an Tiarna, de bhrí gur ag an Tiarna atá an trócaire, agus an fhuascailt fhairsing. Agus is é a dhéanfaidh Iosrael a fhuascailt óna gcionta go léir. Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna; níl mo shúile go huaibhreach. Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra, a théann thar m' acmhainn. Salm 130 Ach mar naíonán [a bhainfí de dhiúl], thug mé m' anam chun suaimhnis. Mar naíonán i mbaclainn a mháthar, atá m' anam istigh ionam. A Iosrael, cuir do dhóchas sa Tiarna, anois agus choíche. Amhrán Oilithreach. Cuimhnigh, a Thiarna, ar Dháiví, agus ar a bhfuair sé de dhua agus de dhochraide, Salm 131 ar an mionn a mhionnaigh sé don Tiarna, ar a mhóid do Neach cumhachtach Iacóib: «Ní rachaidh mé faoi dhíon mo thí; ná ní luífidh mé ar an leaba a cóiríodh dom. Ní thabharfaidh mé suan do mo shúile; ná codladh do rinn mo rosc nó go bhfaighidh mé ionad don Tiarna, teach cónaithe do Neach cumhachtach Iacóib.» Chualamar trácht air, féach, in Eafrát; agus fuaireamar é ar mhachairí Iár. «Téimis isteach ina áras; agus adhraimis ag stóilín a chos.» Gabh isteach in áit do shuaimhnis, a Thiarna, tú féin agus áirc do mhaorgachta. Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt; go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach. Ar mhaithe le Dáiví do sheirbhíseach, ná diúltaigh don té a d' ung tú. Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví, briathar daingean nach rachaidh sé siar air: «Is é mac do cholainne féin a chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga. Má choimeádann do chlann mo chonradh, agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh, beidh a gclann siúd freisin go brách ina suí ar do chathaoir ríoga.» Óir roghnaigh an Tiarna Síón; is é ba rogha leis mar áras dó féin. Is é seo áit mo shuaimhnis go brách; bainfidh mé fum ann óir is ann atá mo thaitneamh. Beannóidh mé le flúirse bia é; tabharfaidh mé a sáith dá dhaoine bochta. Gléasfaidh mé a shagairt le slánú, agus beidh a chuid fíréan ag canadh go meidhreach. 17a Tiocfaidh bláth ann ar bhuinneán Dháiví; réiteoidh mé lóchrann do m' ungthach. 17b Clúdóidh mé a naimhde le náire, ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam. Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. Féach! nach maith agus nach aoibhinn é go mbeadh bráithre ina gcónaí le chéile. Salm 132 Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann, agus a shil ar an bhféasóg a shil anuas ar fhéasóg Árón, go himeall a fhallainge. Is cosúil le drúcht Hearmón é agus é ag titim anuas ar Shliabh Shíón. Is ann a thug an Tiarna beannacht, agus beatha go brách. Amhrán Oilithreach. Téanaigí agus molaigí an Tiarna, a sheirbhíseacha uile an Tiarna a bhíonn in bhur seasamh i dteach an Tiarna, i gcúirteanna theach ár nDé. Salm 133 Tógaigí bhur lámha chun an tsanctóra; agus déanaigí an Tiarna a mholadh. Go mbeannaí an Tiarna amach as Síón thú; is é a rinne neamh agus talamh. Alleluia. Molaigí ainm an Tiarna; molaigí é, a lucht fónaimh an Tiarna, Salm 134 a bhíonn in bhur seasamh i láthair an Tiarna, i gcúirteanna áras ár nDé. Molaigí an Tiarna toisc gur maith é an Tiarna; canaigí Salm dá ainm toisc gur grámhar é; Óir roghnaigh an Tiarna Iacób, agus Iosrael ina sheilbh dó féin. Óir is eol dom gur mór é an Tiarna, ina Dhia os cionn na ndéithe go léir. Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh, ar muir agus in íochtar na farraige. Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n-ionaid taisce. Bhuail sé céadghin na hÉigipte, idir dhaoine agus bheithígh in éineacht. Rinne sé comharthaí agus tuartha i gceartlár do thíre, a Éigipt in aghaidh Fhorainn is a lucht fónaimh go léir. Bhuail sé a lán de na ciníocha; agus mharaigh sé ríthe cumhachtacha Síochon, rí na nAmórach agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, agus ríthe Chanán go léir. Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht, mar oidhreacht do Iosrael, a phobal. Maireann d' ainm de shíor, a Thiarna, agus do chuimhne ó ghlúin go chéile. Óir déanfaidh an Tiarna a phobal a chosaint; agus glacfaidh sé trua dá lucht fónaimh. Ór agus airgead íola na gciníocha, saothar lámh na ndaoine. Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt; tá súile acu ach ní fheiceann siad dada; tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid; ná níl puth anála ina mbeola. Is cosúil leo féin lucht a ndéanta; agus a gcuireann a ndóchas iontu. A theaghlach Iosrael, tabhair moladh don Tiarna; a theaghlach Árón, tabhair moladh don Tiarna; a theaghlach Léiví, tabhair moladh don Tiarna; a lucht adhartha an Tiarna, tabhair moladh dó. Moladh leis an Tiarna as Síón; tá cónaí air in Iarúsailéim! Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é, agus go maireann a bhuanghrá go brách. Salm 135 Tugaigí buíochas do Dhia na ndéithe, óir maireann a bhuanghrá go brách. Tugaigí buíochas do Thiarna na dtiarnaí, óir maireann a bhuanghrá go brách. Is é an t-aon neach amháin é a dhéanann móréachtaí, óir maireann a bhuanghrá go brách. Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna, óir maireann a bhuanghrá go brách. Rinne sé an talamh a leathadh ar na huiscí, óir maireann a bhuanghrá go brách. Eisean a rinne na soilse móra, óir maireann a bhuanghrá go brách. Chuir sé an ghrian i gceannas an lae, óir maireann a bhuanghrá go brách; an ré is na réaltaí i gceannas na hoíche, óir maireann a bhuanghrá go brách. Bhuail sé céadghin na nÉigipteach, óir maireann a bhuanghrá go brách. Agus threoraigh sé Iosrael as a measc, óir maireann a bhuanghrá go brách. Le cumhacht a láimhe agus neart a chuisle, óir maireann a bhuanghrá go brách. Roinn sé an Mhuir Rua ina dhá cuid, óir maireann a bhuanghrá go brách. Agus thug ar Iosrael siúl anonn trína lár, óir maireann a bhuanghrá go brách. Threascair sé Forann agus a shlua sa mhuir, óir maireann a bhuanghrá go brách; agus sheol a phobal tríd an bhfásach, óir maireann a bhuanghrá go brách. Bhuail sé na ríthe móra, óir maireann a bhuanghrá go brách; agus mharaigh sé na ríthe cumhachtacha, óir maireann a bhuanghrá go brách; Síochon, rí na nAmórach, óir maireann a bhuanghrá go brách; agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, óir maireann a bhuanghrá go brách. Agus thug sé a bhfearann mar oidhreacht, óir maireann a bhuanghrá go brách; mar oidhreacht do Iosrael a sheirbhíseach, óir maireann a bhuanghrá go brách. Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách. Agus rinne sé ár bhfuascailt ónár naimhde, óir maireann a bhuanghrá go brách. Bronnann sé bia ar a maireann sa cholainn, óir maireann a bhuanghrá go brách. Gabhaigí buíochas le Dia na bhflaitheas, óir maireann a bhuanghrá go brách. Cois sruthanna na Bablóine a shuíomar ag sileadh deor, ag cuimhneamh dúinn ar Shíón. Salm 136 Ar shaileoga na tíre sin chrochamar ár gcruiteanna. Óir an drong a rinne bránna dínn, d' iarr siad amhráin orainn, agus an drong a bhíodh dár gciapadh, d' iarr siad lúcháir orainn: «Scaoiligí chugainn,» a deiridís, «amhrán d' amhráin Shíón.» Conas a chanfaimis amhrán an Tiarna i dtír na gcoimhthíoch? Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim, go gcrapa mo dheaslámh! Go gceanglaí mo theanga de mo charball, mura gcuimhním ort, mura gcuire mé Iarúsailéim mar bharr m' aoibhnis uile. Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: «Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.» A iníon na Bablóine, nach tú an scriosaire! Is méanar don té a dhíolfaidh leatsa na dochair a d' imir tú orainne an té a bhéarfaidh ar do leanaí á mbascadh in éadan na carraige! Le Dáiví. A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí; óir d' éist tú le briathra mo bhéil. Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n-aingeal; Salm 137 agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa. Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse, a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút]. D' éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort; agus chuir tú le neart m' anama. Molfaidh ríthe uile na cruinne thú, a Thiarna, nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil. Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna: «Nach éachtach í glóir an Tiarna!» Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t-íseal; ach breathnaíonn sé an t-uaibhreach i bhfad uaidh. Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide, tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m' eascairde. Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh; agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh. Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom. Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna; ná caith dímheas ar shaothar do lámh. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé. Salm 138 más luí dom, más suí dom, is eol duit é; is eol duit mo rún is mé i bhfad uait. Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú; is eol duit mo shlite go léir. Sula gcluintear focal ar mo theanga, a Thiarna, is eol duit ar fad é. Imdhruideann tú ar chúl is ar bhéal mé; agus leagann tú do lámh orm de shíor. Is ró-iontach, ró-uasal liom an t-eolas seo; agus téann sé thar m' acmhainn a thuiscint. Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad? ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair? Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham; má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin. Má ghabhaim umam sciatháin na maidine, agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige, ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh; agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh. Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé, agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam, ní dorcha leatsa an dorchacht: is comhsholas duit lá agus oíche. Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé; agus a d' fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé. Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis; de bhrí gurb éachtach iad d' oibreacha. B' eol duit go hiomlán m' anamsa; níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat, nuair a cumadh os íseal mé, gur múnlaíodh i mbroinn na talún mé. Chonaic do shúile mo ghníomhartha; óir scríobhadh iad uile i do leabhar; agus cinneadh dom mo laethanta go léir, sular tháinig ceann amháin acu ann. Nach diamhrach liom do chomhairlí, a Thiarna; má dhéanaim a gcomhaireamh ní thig liom a n-áireamh; ní lia gaineamh na trá ná iad; dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill. Is mairg, a Dhia, nach scriosann tú na hurchóidigh; is mairg nach n-imíonn uaim fir na fola. Óir déanann siad ceannairc i d' aghaidh go fealltach; agus tugann do naimhde mionna éithigh. Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna; nach déistin liom a n-éiríonn i d' éadan? Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu; dar liomsa is deargnaimhde dom iad. Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí; déan mo thástáil, agus féach mo smaointe. Féach an bhfuil drochslí á siúl agam; agus seol mé ar shlí na síoraíochta. 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 2 Fuascail mé a Thiarna, ón drochdhuine; cosain mé ar fhear an fhoréigin, Salm 139 3 ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí, a mbíonn aighneas á mhúscailt de shíor acu. 4 Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair; agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola. 5 Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam. 6 Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham; leath siad líon agus téada romham; chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah 7 Deirim leis an Tiarna: «Mo Dhia thú!» Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí. 8 A Thiarna Dia, is tú mo chabhair chumhachtach; cumhdaíonn tú mo cheann lá an chatha. 9 Ná géill, a Thiarna, do mhianta na n-urchóideach; nár éirí lena mírúin mhailíseacha. Selah 10 Tógann an drong atá thart timpeall orm a gceann; go dtreascraí mailís a mbruas féin iad. 11 Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas; go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad, i dtreo is nach n-éirí siad arís. 12 Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga; tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin. 13 Is eol dom go ndéanfaidh an Tiarna, ceart is cóir don duine bocht ' s don duine dealbh. 14 Tabharfaidh na fíréin buíochas do d' ainm; agus mairfidh lucht an ionracais i do láthair. Salm le Dáiví. Glaoim ort, a Thiarna, fóir orm gan mhoill; éist le mo ghlór nuair a ghlaoim ort. Salm 140 Go n-éirí m' urnaí mar thúis i d' fhianaise; go raibh ardú mo lámh mar íobairt tráthnona. Cuir glas ar mo bhéal, achainím ort, a Thiarna; bí ag faire mar an gcéanna ar dhoras mo bhruas. Ná claon mo chroí chun oilc ar bith ná chun drochbhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide; nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta. Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m' urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart. Caithfear a mbreithiúna go léir le haill; beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra. Mar charraig a scoiltear ina smionagar ar an talamh, scaipfear a gcnámha ag béal na huaighe. Ortsa, a Thiarna, a Dhia liom, atá mo shúile; ortsa atá mo thriall, ná fág m' anam gan dídean. Cosain mé ar an ngaiste a chuir siad i bhfearas romham; saor mé ar ribí lucht déanta na hurchóide. Go gceaptar na héagráifigh go léir ina líonta féin; ach deonaigh go dtaga mise slán sábháilte uathu. 1 Mascil Dháiví nuair a bhí sé san uaimh. Urnaí. 2 Glaoim os ard ar an Tiarna; achainím os ard ar an Tiarna. Salm 141 3 Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise; agus nochtaim m' anacra ina láthair. 4 Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam, b' eol duit féin mo shlí. Sa tslí ina bhfuil mo shiúl cuireadh gaiste i bhfolach romham. 5 Breathnaím ar mo dheis agus feicim nach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom. Níl bealach éalaithe agam; ní chuireann aon neach spéis i m' anam. 6 Is ort a ghlaoim, a Thiarna; deirim: «Is tú mo dhídean; a bhfuil agam i dtír na mbeo.» 7 Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao; óir tá mé i gcorrach na haimiléise. Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna, óir is treise iad siúd ná mé. 8 Seol mé amach as an gcarcair seo chun go dtabharfaidh mé buíochas do d' ainm. Tionólfaidh na fíréin i mo thimpeall toisc go roinnfidh tú go flaithiúil fial liom. Salm Dháiví. Éist le m' urnaí, a Thiarna; éist le m' achainí as ucht do dhílse, freagair mé as ucht d' fhíréantachta. Salm 142 Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d' fhianaise. Óir chuaigh an namhaid sa tóir orm; threascair sé m' anam go huir; thug sé orm fanacht sa dorchacht ar nós daoine atá marbh le fada. Dá bhrí sin tháinig meath ar mo mheanma; agus chalcaigh mo chroí istigh ionam. Is cuimhin liom na laethanta fadó; déanaim machnamh ar d' oibreacha go léir. Bím ag smaoineamh ar shaothar do lámh agus sínim mo sciatháin amach chugat; mar thalamh spalptha bíonn m' anam ag tnúth leat. Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d' aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh. Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin, óir is ionat a chuirim mo dhóchas. Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam, óir is chugatsa a thógaim m' anam. Fuascail mé ó m' eascairde, a Thiarna; óir chuir mé mé féin faoi do choimirce. Múin dom do thoil a dhéanamh, óir is tú mo Dhia, a Thiarna. Go ndéana do dhea-spiorad mé a sheoladh, isteach sa talamh comhréidh. Cosain mo bheo as ucht d' ainm, a Thiarna; i d' fhíréantacht saor m' anam ón anacair. Déan mo naimhde a dhíothú as ucht do chineáltais; agus cuir ó mhaith a mbíonn ag déanamh cos ar bolg orm; óir is mé do sheirbhíseach, a Thiarna. [Salm] Dháiví. Moladh leis an Tiarna, mo charraig, a oileann mo lámha chun catha; agus fós mo mhéara chun cogaidh. Salm 143 Is é siúd mo ghrá agus mo dhaingean; is é mo dhún é agus m' fhuascailteoir; mo sciath é ina gcuirim mo dhóchas; cuireann sé ciníocha faoi mo smacht. A Thiarna, cad é an duine go dtógfá ceann de, nó mac an duine go mbeadh meas agat air? Is cosúil an duine le puth anála; agus a ré le scáil a ghabhann thart. Ísligh do spéartha agus tuirling; bain leis na sléibhte agus déanfaidh siad deatach. Teilg amach uait na splancacha agus scaip iad; scaoil uait do shaigheada á dtreascairt. Sín do lámh uait anuas le mé a shaoradh is a fhuascailt ó na tuilte agus ó láimh na n-eachtrannach, a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu, agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu. Canfaidh mé amhrán nua duit, a Dhia; seinnfidh mé ar chláirseach na ndeich dtéad duit. Óir is tú a thugann an bua do ríthe; agus a thug tarrtháil ar Dháiví, do ghiolla. Tabhair saor ó chlaíomh an oilc mé; sábháil ó láimh na n-eachtrannach mé, a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu, agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu. Gura cosúil ár gclann mhac le húrchrainn, agus iad ag fás ina n-óige; gura cosúil ar n-iníonacha le colúin chúinne, arna snoí mar cholúin an teampaill. Go raibh ár sciobóil ag cur thar maoil le gach toradh, agus ár dtréada ag breith ina mílte, agus ina ndeicheanna de mhílte inár bpáirceanna. Go raibh ár mbólacht trom torrach le laonna; ná raibh ár múrtha briste bearnach; ná raibh deoraíocht, ná raibh círéib ná clampar inár sráideanna. Is méanar don mhuintir arb amhlaidh dóibh; an mhuintir a bhfuil an Tiarna ina Dhia acu. Salm Aibítreach Salm 144 Molfaidh mé thú in aghaidh an lae; agus molfaidh mé d' ainm trí shaol na saol. Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é; ní féidir a mhórgacht a mhionransú. Fógrófar d' oibreacha ó ghlúin go glúin agus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna. Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta; agus inseofar d' éachtaí iontacha. Labhrófar faoi do bhearta uafásacha; beifear ag caint faoi do chumhacht is do chumas. Cuimhneofar ar líonmhaireacht do mhaitheasa; agus déanfar d' fhíréantacht a chanadh go háthasach. Is cineálta an Tiarna agus is trócaireach, mall chun feirge, agus lán de thrua. Is grámhar an Tiarna le gach aon neach; tá trua aige do gach dúil dá ndearna sé. Ceiliúrfaidh d' oibreacha uile thú, a Thiarna; agus beannóidh do dhaoine dílse thú. Canfaidh siad glóir-réim do ríochta; agus foilseoidh siad uile do chumhacht, ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoine agus niamhracht agus glóir-réim do ríochta. Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol, agus do cheannas go brách na breithe. Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir. Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim; agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár. Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa; agus tugann tú bia dóibh in am trátha. Osclaíonn tú do lámh go fialmhar; agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas. Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir. Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air, dá ngaireann air go fírinneach ó chroí. Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n-éamh agus fóireann orthu. Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó; ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir. Go gcana mo bhéal moladh an Tiarna agus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa; go brách agus go síoraí suthain. Alleluia. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom. Salm 145 Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo; molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé. Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha, ná sa duine trí nach dtagann slánú. Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré agus téann a bhearta ar ceal an uair sin. Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib; a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia, an té a rinne neamh agus talamh, an fharraige, agus gach a bhfuil iontu. An té a sheasann lena bhriathar de shíor; agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois. Is é a thugann bia don ocrach. Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh. ABN: 7, 8a, 8b, 9a, 9b, 8c, 9c, 10 8a Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan; 9a Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch; 9b déanann sé tacaíocht don dílleachtaí is don bhaintreach. 9c ach cuireann sé slí na bpeacach trína chéile. Beidh an Tiarna i réim go brách, ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin. ucht Atógáil Iarúsailéim Alleluia. Molaigí an Tiarna toisc gur maith é; canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é; is dósan is dual ár moladh. Salm 146-7 Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim; tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile. Leigheasann sé lucht an chroí bhriste; agus déanann a gcréachtaí a cheangal. Socraíonn sé líon na réaltaí; ainmníonn sé ina gceann is ina gceann iad. Is mór é ár nDia agus is mór é a neart; níl teorainn ar bith lena eagna. Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle; agus leagann sé ar lár na hurchóidigh. Canaigí don Tiarna le buíochas; seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia, an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta; agus a thugann an fhearthainn don talamh. Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte; agus luibheanna chun fónamh don duine. Tugann sé a gcuid do na beithígh; agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air. Ní hé neart an eich is aoibhinn leis; ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis. Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe; don dream ar muinín leo a thrócaire. Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim; tabhair moladh do do Dhia, a Shíón. Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse; agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat. Rinne sé síocháin i do chríocha; agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit. Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh; agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh. Scaipeann sé sneachta amhail olann; croitheann sé cuisne amhail luaithreach. Leathann sé a leac oighir ina blúirí; cé a fhéadann a fhuacht a fhulaingt? Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá; agus a ghaoth a choscairt an tsneachta. D' fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób; a reachtanna agus a fhoraitheanta d' Iosrael. Ní dhearna sé amhlaidh d' aon chine eile; níor nocht sé a reachtanna dóibh. Alleluia. Molaigí an Tiarna ó na flaithis, molaigí é sna spéartha! Molaigí é, a aingle Dé, Molaigí é, a shluaite go léir! Molaigí é, a ghrian is a ghealach, molaigí é, a réaltaí lonracha! Molaigí é, a fhlaitheasa is airde, agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas! Molaidís ainm an Tiarna, le hordú uaidh a cruthaíodh iad. Shocraigh sé go brách iad; thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal. Molaigí an Tiarna ón talamh, a mhíolta mhóra agus a dhuibheagána go léir! A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána, a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar, a shléibhte agus a chnoca uile, a chranna toraidh agus a chéadrasa! A ainmhithe allta agus clóis, a phéisteanna agus a éanlaith an aeir! A ríthe agus a náisiúna na cruinne, a fhlatha an domhain is a bhreithiúna! A ógánacha agus a chailíní, a sheanóirí agus a leanaí le chéile, molaigí ainm an Tiarna! óir is é amháin is airde, agus sáraíonn a ainm neamh agus talamh in éineacht. D' ardaigh sé neart a phobail; bíonn a naoimh uile á mholadh; molann clann Iosrael é, an pobal atá ina fhogas. Alleluia! Alleluia. Canaigí amhrán nua don Tiarna; moltar é i gcomhthionól na bhfíréan. Déanadh Iosrael gairdeas faoina gcruthaitheoir; bíodh ríméad ar chlann Shíón faoina Rí. Molaidís a ainm le rince; déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit. Óir tugann an Tiarna taitneamh dá phobal; tugann sé an bua do lucht na huirísle. Bíodh gairdeas ina nglóir ag na fíréin; canaidís le lúcháir ina leapacha. Bíodh mórmholtaí Dé ina mbéal acu; agus claíomh an dá fhaobhar ina láimh. D' fhonn díoltas a agairt ar na ciníocha, agus diansmacht a chur ar na náisiúin, D' fhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha, agus a n-uaisle i ngeimhleacha iarainn, D' fhonn breithiúnas a chur i bhfeidhm mar a ceapadh dóibh; is í an ghlóir seo atá i ndán dá naoimh uile. Alleluia. Molaigí Dia ina ionad naofa! Molaigí é i bhfirmimint a chumhachta! Molaigí é as ucht a éachtaí! Molaigí é as ucht a chumhachta ollmhóire! Molaigí é le séideadh an stoic! Molaigí é leis an gcruit agus leis an gcláirseach! Molaigí é le teampán is le rince! Molaigí é le téada ceoil is leis an bpíb! Molaigí é le clagarnach na gciombal! Molaigí é le ciombail chlingíneacha! An uile dhúil bheo dá bhfuil ann, moladh sé an Tiarna! Alleluia. Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael: Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc; le go dtuigfí briathra ciallmhara; Le go bhfaighfí oiliúint in iompar críonna, san fhíréantacht, sa chóir, agus sa cheart. Le críonnacht a thabhairt don saonta, agus eolas agus tuiscint don óg; Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna Éisteadh an t-eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige, agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach. Tús na heagna eagla Dé; is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc. Comhairle ón Saoi Beidh siadsan mar choróin ghrásta ar do cheann agus mar thorc ar do bhráid. Má bhíonn peacaigh do do mhealladh, a mhic ó, ná géill dóibh. Má deir siad: «Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola; tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh; Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól, iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe. Gheobhaimid maoin de gach sórt, agus líonfaimid ár dtithe le creach. Fág do chuid roinne fúinne; ní bheidh againn go léir ach an t-aon sparán.» A mhic, ná gabh an bealach leo, agus ná leag do chos ar a gcosán. (Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.) Is fánach é an líon a leathadh agus an t-éan ag faire. Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán; orthu féin a dhéanann siad eadarnaí. Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir; sciobann an foréigean an t-anam ón dream ar leo é. Glaonn an eagna os ard ar na sráideanna, agus cuireann a gáir suas i bhfaichí an mhargaidh; Éann sí ar bharr na mballaí, agus labhraíonn ag geataí na cathrach: «A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas? Tugaigí aird ar mo rabhadh; déanfaidh mé smaointe mo chroí a roinnt libh, agus mo theachtaireacht a chur in bhur láthair. De bhrí gur ghlaoigh mé oraibh agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht, gur shín mé mo lámh agus nár thug aon duine aird orm; De bhrí nár thóg sibh ceann d' aon chomhairle do mo chuid, agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim, Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachás agus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh, Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme, agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh. Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil; lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm. Óir bhí fuath acu don eolas, agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo. Ní ghlacfaidís le comhairle uaim, agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim. Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin. Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta, agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin. An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma, beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.» A mhic, má ghlacann tú le mo bhriathra, má thaisceann tú m' aitheanta i do chroí, Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna, agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana, Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas, má scairteann tú ar an tuiscint, Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe, Tuigfidh tú ansin cad is eagla an Tiarna ann, agus cuirfidh tú aithne ar Dhia. Óir is é an Tiarna féin a thugann an eagna, agus is as a bhéal a thagann an grinneolas agus an tuiscint. Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin; is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta. Cosnaíonn sé cosáin na córa; cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó. Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir, an ceart agus bealach na fíréantachta. Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach, agus gur geal le d' anam an t-eolas, Beidh an chríonnacht mar gharda ort agus an tuiscint i do chúram, Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide, agus ar lucht na claonteanga, Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachta d' fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais; Orthú siúd ar geal leo an t-olc a dhéanamh, ar gean leo an chamastaíl, Ar casta iad a gcosáin agus nach siúlann ach ar bhealaí cama. Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta, ón strainséir mná lena briathra bladair; Threig sise céile a hóige agus rinne dearmad ar chonradh Dé. Tá a teach ag fiaradh chun báis, agus a cosáin ag seoladh chun na dtaisí. Ní fhilleann aon duine a théann ina treo, ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha. Leanfaidh tú, más ea, cosán lucht na córa, agus cloífidh tú le bealaí na bhfíréan. Óir beidh an mhuintir ionraic i seilbh na tíre, agus beidh sé mar bhaile ag an muintir neamhurchóideach. Scriosfar na peacaigh de dhroim na talún, agus scuabfar lucht an fhill ar shiúl aisti. Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic, agus coinníodh do chroí greim ar m' aitheanta. Óir bronnfaidh siadsan fad saoil ort, blianta breise saoil agus sonas go fial. Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú, ceangail faoi do bhráid iad, agus scríobh ar chláracha do chroí iad. Beidh fabhar agus dea-cháil ort dá bharrsan, i láthair Dé agus daoine. Bíodh muinín agat as an Tiarna, agus ná bíodh iontaoibh agat as do thuiscint féin; Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh. Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc. Beidh sin ina íocshlainte do do cholainn agus ina fhaoiseamh do do chnámha. Tabhair onóir don Tiarna le do mhaoin go léir, agus le céadtorthaí d' fhómhair go léir. Ansin líonfar do sciobóil go béal agus beidh maol ar do dhabhcha le fíon. Ná déan díspeagadh ar smachtú ón Tiarna, agus ná bí míshásta le ceartú uaidh. Óir ceartaíonn an Tiarna an té dá dtugann sé grá, faoi mar a dhéanann athair lena mhuirnín mic. Is méanar don té a aimsíonn an eagna, agus don té a fhaigheann greim ar an tuiscint, Is mó an sochar a ghabhann léi ná leis an airgead agus is mó a tairbhe ná an t-ór. Is luachmhaire í na péarlaí, níl ní a shantófá is inchurtha léi. Ina deasláimh tá fad saoil, agus ina ciotóg maoin agus saibhreas. Bealaí aoibhnis a bealaí, agus níl ina treo ach síocháin. Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe, agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi. Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna, agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha. Bhrúcht na duibheagáin le barr a eolais, agus fearann na scamaill an drúcht ar an talamh. Cloigh, a mhic ó, le heagna stuama agus le críonnacht, ná scaoil as do radharc iad. Beidh siad mar bheatha ag d' anam, agus mar ornáid faoi do bhráid. Tabharfaidh tú do bhóthar ort gan bhaol, agus ní bhainfear tuisle as do chosa. Ní bheidh eagla ort i do shuí duit, agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit. Ná bíodh eagla ort roimh an uafás tobann, ná roimh ionsaí ó lucht na hurcóide; Óir is é an Tiarna a bheidh agat mar urra, agus a shaorfaidh do chéimeanna ón ngaiste. A mhic, ná coinnigh an mhaith ón té dar dual í nuair is féidir leat í a chur i ngníomh. Ná habair le do chomharsa: «Imigh leat agus fill arís; tabharfaidh mé duit amarach é» nuair atá sé faoi do láimh. Ná beartaigh olc in aghaidh do chomharsan, agus é ag maireachtáil go sochma i mbéal do dhorais. Na déan achrann gan ábhar le duine nach ndearna aon dochar duit. Ná bí ag éad le lucht ansmachta agus ná déan aithris orthu. Óir is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach; is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún. Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine, ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan. Tugann sé tarcaisne do tharcaisneoirí, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na huirísle. Onóir is oidhreacht ag lucht na heagna, ní bhíonn ach an táire mar chuid ag amadáin. Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn. Aitheanta córa a thugaim daoibh agus ná tréigigí mo theagasc. Ba mhac mise freisin le hais m' athar, agus ba aonmhac muirneach mé ag mo mháthair. Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: «Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m' aitheanta agus mairfidh tú beo. Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint; ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil. Na tréig í agus coimeádfaidh sí slan thú; tabhair grá di agus cosnóidh sí thú. Tús na heagna, an eagna a ghnothú: faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat. Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit; tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí. Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann, agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.» Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra, agus mairfidh tú an céad. Múinfidh mé slí na heagna duit, treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha. Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna; nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat. Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é; cosain é ós é do bheatha é. Ná leag cos leat ar chosán na n-urchóideach; ná siúl bealach na gciontach. Seachain é, ná gabh an treo sin; tabhair cul leis, gabh thairis. Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh; fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu; Sí an urchóid is bia acu, agus an lámh láidir an fíon a ólann siad. Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae. Tá bealach na n-urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu. Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic, agus éist go cúramach le briathra mo bhéil. Ná scaoil as do radharc iad, coinnigh i gcochall do chroí iad. Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad, agus is sláinte iad don cholainn ar fad. Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí, óir is ann atá foinsí na beatha. Tabhair cúl leis an mbéal mealltach, agus seachain an comhrá claon. Féachadh do shúile díreach romhat, agus bíodh d' amharc romhat amach. Bíodh an cosán faoi do chosa réidh, agus do shlite go léir daingean. Ná claon ar dheis ná ar chlé, seachain do chos ar an olc. A mhic, tabhair aird ar m' eagna, agus tabhair cluas go géar do mo chuid cainte. Le go mbeadh críonnacht agus eolas do do chosaint, agus iad mar gharda ar do bheola. [Ná tóg aon cheann de bhean bhaoth,] óir tá mil ar sileadh le beola an strainséir mná seo agus is míne a beola ná ola. Ach níl de thoradh orthu ach mar a bheadh mormónta searbh, chomh géar le claíomh dhá fhaobhar. Gabhann a cosa síos chun an bháis, agus seolann a céimeanna síos chun Seól; In áit bealach na beatha a leanúint, gabhann sí bealaí fáin gan stuaim. Éist liomsa anois, [a mhic], agus ná scar le briathra mo bhéil. Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi; agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí, Nó imeoidh d' onóir le daoine eile agus blianta do shaoil le duine gan trócaire, Agus cothófar coimhthígh ar do chuid, rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha, Agus déanfaidh tú osna i ndeireadh do shaoil, nuair a bheidh do cholainn is d' fheoil caite; Agus déarfaidh tú: «Nach agam a bhí fuath don smacht! agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú. Níor éist mé le glór mo mháistrí, ná níor thug mé cluas do mo lucht teagaisc. Táim anois in umar na haimléise i bhfianaise an chomhthionóil go léir.» Ól uisce as do thaiscumar féin, agus fíoruisce as do thobar féin. [Ná] lig do do thoibreacha sceitheadh amú, ná do do shrutháin sníomh trí na sráideanna. Fágtar fút féin amháin iad, agus ní faoi strainséirí san am céanna. Go raibh beannacht ar fhoinse do thobair! agus bíodh suáilceas agat i gcomhluadar na mná a phos tú i d' óige, Eilit chórach, fia maisiúil; [bíodh sise mar chuideachta agat;] bíodh a cíochasan mar shólás agat i gcónaí, agus a grásan i gcónaí do do chuibhreach. Cén fáth, a mhic, go meallfadh bean dheoranta thú, agus go mbéarfá barróg ar bhrollach strainséir mná? Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna, agus faireann sé a shlite go léir. Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin. Faigheann sé bás cheal smachta, agus téann sé amú le barr baoise. A mhic, má chuaigh tú in urrús le do chomharsa, má chuaigh tú i mbannaí le strainséir, Má chuir do chuid cainte i ngreim thú, má chuir briathra do bhéil faoi chuibhreach thú, Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailt ós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan: téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara. Ná lig codladh ar do shúile, ná suaimhneas ar d' fhabhraí. Fuascail thú féin mar a dhéanfadh eilit ó ghaiste, nó éan ó láimh an fhoghlaera. A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat. Níl aon duine le hordú a thabhairt dó, saoiste ná máistir; Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh, agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar. An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir? cathain a éireoidh tú ón suan? Bíodh beagán suain, beagán codlata agat; fill do lámha, ábhar, ar mhaithe le socracht, Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí, agus an ghannchúis, dála an [déirceora]. An scraiste, an t-urchóideach, gabhann sé thart agus grabhas air; Luíonn sé súil, scríobann lena chois, agus tugann comharthaí sóirt lena mhéar. Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc, agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige. Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan; déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas. Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna, agus is gráin lena chroí seacht gcinn: Súil an uabhair, teanga an éithigh, lámha a dhoirt fuil neamhchiontach, Croí a bheartaíonn cealga, cosa a bhrostaíonn chun an oilc, Finné bréige ag spalpadh éithigh, agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre. A mhic, coinnigh aithne d' athar, agus ná tréig teagasc do mháthar. Teann le do chroí i gcónaí iad, agus ceangail faoi do bhráid iad. Ag siúl duit, treoróidh siad thú; i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire; i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat. Is lóchrann í an aithne seo agus is solas é an teagasc; is modh beatha an ceartú agus an smacht, Le thú a chosaint ar an drochbhean, ar theanga shéimh na mná deoranta. Ná cuir dúil do chroí ina scéimh, agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí; Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin, ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach. An féidir le duine tine a iompar ar a ucht gan a chuid éadaigh a dhul trí thine? Nó an féidir le duine siúl ar ghríosach gan a chosa a dhó? Mar sin a bhíonn ag an té a luíonn le bean a chomharsan; ní rachaidh aon duine a bhainfidh léi slán gan phionós. Is beag é an milleán a chuireann daoine ar an ngadaí a dhéanann goid lena bholg a líonadh agus ocras air. Ach, má bheirtear air, ní foláir dó cúiteamh faoi seacht, agus maoin a thí go léir a thabhairt suas. Ach níl splinc céille ag an adhaltrach; déan mar é, agus scriosfaidh tú thú féin. Ní bhíonn dá bharr aige ach buillí agus achasáin, agus tarcaisne nach rachaidh ar ceal. Cuireann éad fear le fraoch feirge, agus bíonn sé gan trua gan taise lá an díoltais. Ní ghlacfaidh sé le cúiteamh, ná ní shásófar é dá mhéad a bhronnann tú air. Coinnigh greim ar mo bhriathra, a mhic, agus cuir m' aitheanta i dtaisce duit féin. Comhlíon m' aitheanta agus mairfidh tú beo; coinnigh mo theagasc mar mhac imreasan do shúile. Ceangail de do mhéireanna iad agus scríobh ar chlár do chroí iad. Abair leis an eagna: «Is tú mo shiúr,» agus tabhair do «chara dil» ar an tuiscint, Le thú a chosaint ar an mbean drúisiúil, ón strainséir mná le briathra bladair. D' fhéach [sí] ó fhuinneog a tí, amach ar an tsráid, [Féachaint] an raibh i measc na bhfear óg gan taithí aon ógánach éaganta. Seo an tsraid síos anois é, le hais a cúinne, agus ag gabháil an chosáin chun a tí, Idir dhá sholas, um thráthnona, faoi choim na hoíche agus sa dorchadas. Ach, féach, seo bean faoina dhéin, gléasta mar striapach agus calaois ina croí. Báirseach gan iontaoibh í, nach dtéann suaimhneas ar a cosa sa bhaile. Bíonn sí san airdeall ar an tsráid, sa mhargadh, agus ag gach cúinne. Beireann sí greim air agus pógann é, agus deir sí leis lena gnúis mhínáireach: «Bhí íobairtí le hofráil agam, agus chomhlíon mé mo mhóide inniu. Uime sin tháinig mé amach i do choinne, agus mé sa tóir ort; agus fuair mé thú. Chóirigh mé mo leaba le brait, agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt. Chroith mé miorra, aloes, agus cainéal mar chumhráin ar mo leaba. Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin; bíodh suáilceas an ghrá againn. Óir níl m' fhear céile sa bhaile, ach é imithe ar aistear fada. Thug sé mála airgid leis; fillfidh sé abhaile leis an lánré.» Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach, agus áitíonn air lena plámás séimh. Leanann sé í de gheit, faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe, Nó mar a rachadh fia i ngaiste, nó go gcuirfí saighead ina ionathair; Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribe gan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair. Éist liom anois, [a mhic], agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil: Ná lig do do chroí dul amú ina bealaí, agus ná bí ag faoileáil ar a cosáin. Óir is iomaí fear a leag sí ar lár, agus thug sí íde ar na gaiscígh go léir. Sé a teach an bealach go Seól agus an tslí síos go cúirteanna an bháis. Nach nglaonn an eagna? Nach n-ardaíconn an tuiscint a glór? Seasann sí ar na hardáin, le hais an bhóthair; ar na cosáin atá a stáitse, Ag na geataí os comhair na cathrach; glaonn sí go hard ar an mbealach chun na ngeataí: «Oraibhse atá mé ag glaoch, a fheara; ar chlann na ndaoine atá mé ag lámh. A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh]. Éistigí, mar tá nithe uaisle le rá agam; agus as mo bheola tiocfaidh an ceart. Fógróidh mo bhéal an fhírinne; agus is fuath le mo bheola an urchóid. Is ceart iad briathra uile mo bhéil, níl cor ná cam iontu. Is díreach iad don té a thuigeann, agus is ceart iad don té a aimsíonn an t-eolas. Glac le smacht uaimse in áit an airgid, agus le heolas in áit togha an óir. Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí, agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í. Mise, an Eagna, tá cónaí orm sa chríonnacht; aimsím eolas agus éirím; Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas. (Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;) is fuath liom uabhar, díomas, cosán an oilc agus an béal bréagach. Is tríomsa a rialaíonn ríthe, agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa. Is tríomsa a riarann flatha agus a rialaíonn uaisle an domhan. Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom, agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé. Tá maoin agus onóir agamsa, saibhreas buan agus conách. Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre, agus mo fhómhar ná togha an airgid. Siúlaim i mbealach na fíréantachta, i mbealaí na córa, Ag dáileadh maoine ar an muintir a ghránn mé, agus ag líonadh a dtaiscí. Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód. I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé, i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin. Ní raibh na duibheagáin fós ann, ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé. Sular cuireadh na sléibhte ina n-áit, sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise; Sula ndearna sé talamh nó tír, nó fóid thosaigh an domhain. Bhí mise ann nuair a bhí sé ag daingniú na bhflaitheas thuas, agus ag rianú bun na spéire ar dhromchla an duibheagáin, Agus ag socrú na scamall lastuas, agus ag daingniú foinsí an duibheagáin, Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne. Bhí mé lena thaobh mar cheardaí oilte ag cur áthais air ó lá go lá, agus ag súgradh ina láthair gan stad, Agus ag déanamh spraoi ar fud an domhain mhóir, agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine. «Anois, a chlann mhac, eistigí liomsa; is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí. Éistigí le teagasc agus bígí eagnaí; ná déanaigí faillí air: Is méanar don fhear a éisteann liomsa, ag faire gach lá ag mo gheataí, ag feitheamh ag mo dhoirse. Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha, agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna. Ach an té dhéanann díobháil domsa, leonann sé a anam féin; agus an mhuintir a thugann fuath domsa, tugann siad grá don bhás.» Tá a teach tógtha ag an Eagna, agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici. Tá sí tar éis a mairt a mharú a cuid fíona a ullmhú, agus a bord a chóiriú. Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici, le glaoch amach ó arda na cathrach: «Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!» agus le lucht na díchéille deir sí: «Téanaigí, ithigí mo chuid aráin, agus ólaigí an fíon atá ullamh agam. Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh; siúlaigí ar bhealach na tuisceana.» An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne; an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó. Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort, ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit. Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós. Tús na heagna eagla an Tiarna; agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa. Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa, agus cuirfear blianta le fad do shaoil. Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis. Bean ghliogair an óinseach; tá sí leanbaí, aineolach. Suíonn sí ag doras a tí; suíonn sí i gcathaoir ar na harda os cionn na cathrach. Glaonn sí orthu siúd atá ag gabháil thar braid agus iad i mbun cúraimí an lae: «An fear baoth casadh sé i leataobh anseo!» agus deir sí leis an amadán: «Is milis é an t-uisce a goideadh; is milis é an t-arán a itear faoi choim.» Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo, go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól. Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic. Ní bhíonn an rath ar mhaoin mhíchnuasta; ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás. Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia, ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh. Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint, ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin. Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh, ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair. Tá beannachtaí an Tiarna ar cheann an fhíréin, ach tá an foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh. Beidh cuimhne ar an bhfíréan faoi bheannacht, ach lobhfaidh ainm an urchóidigh. Géilleann croí an eagnaí do theagasc ach tá tubaiste i ndán don chabaire baoth. An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do; ach an té leanann na casáin chama, béarfar air. An té a luíonn súil, adhnann sé aighneas, [ach an té a cheartaíonn go dána, déanann sé síocháin]. Is fionse beatha é béal an fhíréin, ach bíonn foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh. Gineann fuath achrann, ach cuireann an grá brat thar gach cóir. Bíonn an eagna le fáil i mbéal an tuisceanaigh; ach an bata ar dhroim an duine éaganta. Cuireann lucht na heagna an t-eolas i dtaisce; ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth. A mhaoin is cathair dhaingean ag an duine saibhir; ach milleann a mbochtaine na bochtáin. Tuilleann a thuarastal beatha don fhíréan; ní bhíonn ach [an bás] mar luach saothair ag an urchóideach. An té a ghéilleann don smacht, tá sé ar chosán na beatha; ach an té a dhiúltaíonn don cheartú téann sé amú. Cuireann béal [lucht na córa] gobán ar an bhfuath; is amadán é fear na tromaíochta. Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh; is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga. Togha an airgid ghil í teanga an fhíréin; ní fiú tráithnín aigne an urchóidigh. Beathaíonn béal an fhíréin mórán daoine, ach faigheann amadáin bás le díth céille. Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas, agus ní chuireann seisean dólás léi. Is geal leis an amadán an t-olc a dhéanamh; ach teacht ar an eagna is gean le fear na gaoise. An rud is eagal leis an urchóideach, tiocfaidh sé sa mhullach air; ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas. Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach; ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách. Dála an fhínéagra leis na fiacla, nó an deataigh leis na súile, sin mar bhíonn ag an leadránaí leis an té a sheol é. Tugann eagla an Tiarna fad saoil, ach déanfar blianta an urchóidigh a chiorrú. Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan, ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh. Dún daingean é an Tiarna d' fhear na beatha fíréanta, níl ann ach scrios do lucht an oilc a dhéanamh. Ní chuirfear an fíréan go deo as a láthair, ach ní bheidh áit lonnaithe go brách ag an urchóideach. As béal an fhíréin tagann eagna, ach gearrfar teanga na calaoise ar shiúl. Tá an chneastacht ar sileadh le beola an fhíréin, ach calaois le beola an urchóidigh. Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir. Tagann an t-uabhar ar dtús, ansin an náire; tá an eagna ar fáil i measc na n-uiríseal. Déanann a n-ionracas na hionraice a stiúradh, ach scriosann a bhfeall na feallairí. Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge, ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás. Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach, ach baineann a urchóid féin an t-urchóideach dá bhonna. Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt, ach cuireann a n-ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle. Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin, ach téann muinín lucht na haindiagachta amú. Saortar an fíréan ón tubaiste, ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad. Scriosann an t-aindiaga a chomharsa lena theanga, ach saortar na fíréin le barr eolais. Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair; nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas. Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan, ach scartáiltear í trí bhéal na n-urchóideach. Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa; fanann an duine tuisceanach ina thost. Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin. Teipeann pobal cheal treorach; ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí. An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air; an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte. Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear]; [níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim]. Fónann an fial dó féin; ach goineann an duine cruálach é féin. Saothraíonn an t-urchóideach beatha bhaoth; an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige. An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige; níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide. Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán. Déan deimhin de, ní rachaidh an t-urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt. Is cuma nó fáinne óir i bpus muice, bean bhreá gan stuaim. Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan; téann dóchas na n-urchóideach amú. Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin; bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé. Éireoidh an fial saibhir; an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch. Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t-arbhar i dtaisce; ach beannacht ar an té a dhíolann é. An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar; ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo. An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé; ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas. An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht; beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí. Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan; ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am]. Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh, nach mó ná sin a gheobhaidh an t-urchóideach agus an peacach! An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas; an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é. Bíonn gnaoi an Tiarna ar an duine cóir, ach daorann sé fear na ndrochbheart. Ní dhaingníonn an urchóid aon duine, ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách. Coróin a fir bean mhaith, ach is fochall ina chnámha bean gan náire. Is ionraic iad smaointe an fhíréin; ach is fealltach iad comhairlí na n-urchóideach. Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh; ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol. Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo; ach seasóidh teach an fhíréin go daingean. Moltar duine ar fheabhas a chéille; ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí. Is fearr fear gan ghradam [a dhéanann a ghnó féin], ná fear le héirí in airde a bhíonn gan arán. Tugann an fíréan aire dá chuid stoic, ach is cruálach í trocaire an urchóidigh. Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún; níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha. Scriostar túr daingean na n-urchóideach, ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean. Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t-urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste. Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é; filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin. I súile an amadáin is ceart é a chosán; éisteann an t-eagnaí le dea-chomhairle. Ní dhéanann an t-amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint; ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d' achasán. An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir; níl san fhinné bréagach ach calaois. Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí. Maireann beola fírinneacha go brách; ach is gairid é saol na teanga bréagaí. Tá feall i gcroí lucht beartaithe oilc; ach tá lúcháir ag lucht síocháin a chur i gcrích. Níl aon olc i ndán don fhíréan, ach bíonn trioblóidí sa mhullach ar na hurchóidigh. Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne. Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n-amadán a mbaois. Údarás is dual don láimh bhríomhar; ach saothar éigeantach is dual don leisciúil. Cuireann an imní ualach ar chroí an duine; ach cuireann an dea-fhocal áthas air. Tugann an fíréan cúl leis an urchóid; ach treoraíonn cosán na n-urchóideach iadsan amú. Ní bheidh aon ní don phota ag an bhfear díomhaoin; ach beidh saibhreas luachmhar ag an bhfear dícheallach. Lonnaíonn an bheatha ar chosán na córa; ach treoraíonn slí na hearráide chun an bháis. Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú. Caitheann an fear maith bia fónta, toradh briathra a bhéil; ach is ar an bhforéigean a chothaítear goile na bhfeallairí. An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air. Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair; ach bíonn an saothrach sáitheach. Is fuath leis an bhfíréan an bhréag, ach bíonn an t-urchóideach ag cúlchaint agus ag tarcaisniú. Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha; milleann an urchóid an peacach. Ligeann fear gan mhaoin air a bheith saibhir, agus ligeann fear eile lena lán maoine air a bheith dealbh. Fuasclaíonn a mhaoin an saibhir, ach níl [sás a ghill] ag an daibhir. [Lonraíonn] lóchrann an fhíréin, ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh. Leanann aighneas stuacacht na n-éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna. Teipfidh an saibhreas éanuaire; ach beidh maoin ag an té a chnuasaíonn beagán ar bheagán. Goilleann an dóchas a théann i bhfad ar an gcroí; ach an mhian a shásaítear, déanann crann na beatha di. An té ar beag air an briathar, millfidh sé é féin; ach beidh luach a shaothair ag fear comhlíonta na n-aitheanta. Foinse beatha is ea teagasc an tsaoi, lena seachnaítear gaistí an bháis. Tugtar gean don léirthuiscint, ach is guaisiúil í slí na bhfeallairí. Ní dhéanann an duine críonna beart gan eolas, ach déanann an t-amadán a bhaois a fhógairt os ard. Tugann drochtheachtaire an tubaiste ar dhaoine, ach tugann teachtaire dílis íocshláinte. Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht, ach onóir don té a ghlacann le ceartú. Is milis leis an anam an mhian a chomhlíontar; ach is fuath le hamadáin droim a thabhairt leis an urchóid. An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis. Bíonn an mí-ádh sa tóir ar an bpeacach, ach bíonn an rath mar luach saothair ag an bhfíréan. Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach. Tagann bia go flúirseach ó ithir an bhoicht, ach scuabann an éagóir ar shiúl é. An té a choigleann an tslat, fuathaíonn a mhac; an té a bhíonn fial ag ceartú, bíonn grá aige dó. Caitheann an fíréan a sháith, ach bíonn goile an urchóidigh follamh. Tógann an [eagna] teach di féin, ach déanann an bhaois é scartáil lena lámha féin. An té a shiúlann ar chosán na fíréantachta, bíonn eagla an Tiarna air; ach an té ar claon iad a bhealaí, is beag é a mheas air. Bíonn slat an uabhair i mbéal an amadáin, ach is díon iad a bheola don duine críonna. Gan damh gan farae; le neart daimh tagann fómhar fial. Ní insíonn finné fírinneach bréag; ach tagann éitheach ón bhfinné bréagach le gach anáil. Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna; tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana. Seachain comhluadar an amadáin, ach cloígh le beola críonna. Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta; cuireann baois na mbaoth daoine amú. Déanann Dia fonóid faoi na hurchóidigh, ach bíonn a ghnaoi ar na fíréin. Is eol don chroí a bhrón féin, agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir. Scriosfar teach an urchóidigh, ach beidh áitreabh an fhíréin faoi bhláth. Tá cosán ann a shamhlaíonn díreach do dhuine ach níl de chríoch air ach slí an bháis. Sa gháire féin bíonn cumha chroí, agus sé an dobrón is críoch don lúcháir. Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin, agus an fear cóir le fómhar a bheart. Géilleann an duine saonta do gach scéal, ach ní thugann an duine críonna léim an daill. Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t-amadán gan smacht gan aire. Déanann an duine teasaí bearta baotha, ach bíonn foighne ag fear na tuisceana. Bíonn seilbh ag na hamadáin ar an mbaois, ach bíonn eolas mar choróin ag lucht na gaoise. Cromann an t-olc roimh an mhaith, agus déanann an t-urchóideach amhlaidh ag geataí na bhfíréan. Is fuath fiú lena chomharsa féin an bochtán; ach bíonn fuílleach cairde ag an saibhir. Peacach an té ar beag leis a chomharsa; ach is méanar don té ar trua leis an bochtán. Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta? Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa. Bíonn toradh ar gach saothar; níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis. Coróin na ngaoismhear a ngaois, an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha. Sábhálann finné fírinneach daoine ón mbás; is fealltóir an bréagaire. Ábhar teann muiníne ag duine is ea eagla an Tiarna; beidh sé mar thearmann ag a chlann. Foinse beatha is ea eagla an Tiarna, lena seachnaíonn duine gaistí an bháis. Mathshlua daoine is glóir ag rí; bíonn flaith faon nuair a bhíonn sé gan daoine. Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge; is [measa ná baoth] an fear lasánta. Cuireann an croí socair anam san fheoil, ach creimeann an fhearg na cnámha. Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán; ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó. Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar. Lonnaíonn an eagna i gcroí fhear na tuisceana ach [níl fiú aithne uirthi] i gcroí lucht na baoise. Déanann an tsuáilce cine a mhóradh, ach is tarcaisne ar aon náisiún an peaca. Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste, ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach. Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl, ach músclaíonn briathra borba cuthach. Riarann teanga na n-eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n-amadán. Tá súile an Tiarna i ngach treo, agus faire acu ar olc agus maith. Crann beatha í teanga shéimh, ach briseann an urchóid inti an croí. Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar, ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú. Tá mórán maoine i dteach an fhíréin, ach leanann buairt cnuasach an choirpigh. Scaipeann beola na saoithe eolas; ní mar sin le croí na n-amadán. Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin. Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh, ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht. Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán; an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo. Tá Seól agus Abadón ar leathadh roimh an Tiarna, nach mó ná sin atá croíthe na ndaoine! Ní maith leis an scigire é a cheartú, agus ní bhíonn caidreamh aige ar lucht na heagna. Gabhann gealgháire le háthas croí, ach briseann cumha chroí an misneach. Eolas is sprioc ag aigne an duine thuisceanaigh, ach baois an bia a bhíonn i mbéal na n-amadán. Is drochlá gach lá ag fear na buairte, ach is fleá gach lá ag an gcroí suairc. Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarna ná an builín mór agus buairt dá réir. Is fearr de bhéile luibheanna agus grá leo ná mart méith agus gráin leis. Adhnann an duine lasánta achrann, ach réitíonn an duine sochma aighneas. Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí, ach is ród réidh cosán [na ndícheallach]. Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair. Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois, ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach. Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú, ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí. Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth! Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha, agus seachnaíonn sé Seól laistíos. Leagann an Tiarna teach na n-uaibhreach ar lár, ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí. Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh, ach is [gean leis] caint na neamhchiontach. An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige. Déanann an fíréan machnamh ina chroí [ar bhearta fónta], ach sníonn mailís as béal lucht na hurchóide. Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh, ach tugann sé cluas d' urnaí an fhíréin. Cuireann súilfhéachaint chineálta áthas ar an gcroí, agus cuireann dea-scéala neart sna cnámha. An té a thugann cluas ghéar do cheartú folláin, beidh fáilte roimhe i gcomhluadar na saoithe. An té a dhiúltaíonn don smacht, níl meas aige air féin; an té a éisteann le ceartú faigheann sé breis tuisceana. Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna; gabhann an umhlaíocht roimh an onóir. Déanann croí an duine an beartú; ach sé an Tiarna a thugann an freagra. Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin, ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn. Fág do shaothar go léir faoin Tiarna, agus cuirfear do phleananna go léir i gcrích. Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith, agus an t-urchóideach le haghaidh lá na tubaiste. Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach, bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós. Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t-olc le heagla an Tiarna. Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna, déanann sé cairde fiú dá eascairde. Is fearr an beagán agus an chóir ná an mórán agus an éagóir. Beartaíonn duine a chúrsa ina chroí ach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna. Tagann oracail ó bhéal an rí, ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith. Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma; is é a rinne na meáchana uile sa mhála. Is gráin le ríthe an t-olc a dhéanamh, mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir. Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta; bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir. Teachtaire báis fearg rí, ach déanfaidh an t-eagnaí í a cheansú. Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí, agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi. Is fearr an eagna a aimsiú ná an t-ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead. Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo. Gabhann uabhar roimh thubaiste; agus éirí in airde roimh threascairt. Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n-íseal ná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh. Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar; is méanar don té a mbíonn a mhuinín aige as an Tiarna. Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí; cuireann milse briathar le meallacacht ráite. Is foinse beatha an ghaois don té a bhfuil sí ina sheilbh ach is í an bhaois crá na n-amadán. Múineann croí an eagnaí gliceas dá bhéal, agus cuireann sé le meallacacht a bhriathar. Is cuma nó cior mheala briathra séimhe; is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp. Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine, ach níl de chríoch leis ach an bás. Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó, agus a chraos ocrach á ghriogadh. Beartaíonn an t-alfraits olc, agus is cuma nó tine loiscneach briathra a bhéil. Síolann an cealgaire aighneas, agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile. Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán, agus meallann é ar bhóthar nach fónta. Tá urchóid á taibhreamh d' fhear sméidte na súl, agus tá an t-olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin. Coróin ghlóire é an ceann liath agus beatha fhíréanta a thuilleann í. Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan; agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil. Ar an ucht a chaitear na cranna, ach ón Tiarna a thagann an réiteach. Is fearr crústa tur agus síocháin, ná teach fleá agus ceannairc. Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac; beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta. Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann. Éisteann an t-urchóideach le béal mailíseach, agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin. Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós. Sliocht a sleachta coróin na sean; a n-athair glóir na clainne. Ní oireann béal soilbhir don bhaoth, ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa. Buachloch breab dar le fear a bronnta; ritheann leis cibé slí a chasann sé. An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá; ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid. Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach, ná mar a fhágann céad buille ar an amadán. Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc, cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin. B' fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileán ná ar amadán i mbun a bhaoise. An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith, ní dhíbreoidh sé an t-olc óna theach. Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n-adhntar an t-achrann. An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh, is gráin leis an Tiarna iad araon. Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall? Is cara cara i gcónaí, ach is d' uain na hainnise a shaolaítear deartháir. An fear gan chiall tugann sé gill agus téann i mbannaí lena chomharsa. An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí]; fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde. Ní bhíonn sonas i ndán d' fhear an chroí chlaoin; titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí. Cúis bhróin dá athair an baothán mic; níl lúcháir i ndán d' athair amadáin. Oideas fónta an croí meidhreach; seirgeann na cnámha le heaspa misnigh. Glacann an t-urchóidí breab faoi scáth brait, leis an gcóir a chur dá treoir. Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe, ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne. Ábhar dóláis dá athair mac baoth, agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é. Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan, ach is measa fós an t-uasal a bhualadh. Tá eolas ag an té ar féidir leis smacht a chur ar a theanga; coimeádann an fear tuisceanach smacht air féin. Bíonn cáil na heagna fiú ar an amadán má choimeádann sé a bhéal dúnta; nuair nach mbíonn focal as, meastar go bhfuil sé cliste. An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis agus cuireann [comhairle d' aon sórt] fearg air. Ní hé an machnamh is geal leis an amadán, ach bheith ag tabhairt a thuairime os ard. Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith; agus leanann an easonóir an masla. Uiscí doimhne iad briathra an duine, tuile bhrúchtach, foinse eagna. Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach, ná an fíréan a fhágáil ar díth córa. Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh. Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola. Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora, agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile. An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí, is deartháir é don scriosadóir. Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó. A mhaoin is cathair thréan don saibhir; is balla ard í, dar leis. Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios, ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir. Baois agus náire is ea freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús. Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar, ach cé a d' fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh? Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas, agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais. Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine, agus tugann sé i láthair na bhflatha é. Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl, nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air. Cuireann an crann críoch le haighnis, agus déanann réiteach idir aighneasóirí cumhachtacha. Is geall le cathair láidir deartháir a fhaigheann cúnamh dearthár; is cuma [cairde] nó barraí caisleáin. Nuair a bhíonn goile duine lán is trí shaothar a bhéil féin toradh a bhéil féin is sáith aige. Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh. An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna. Achainíocha a bhíonn ar bhéal an bhochtáin, ach boirbeacht a thagann mar fhreagra ón saibhir. [Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir. Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite. Ní maith í an díograis gan an machnamh; an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí. A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta. Méadaíonn cairde le méadú maoine, ach tréigeann a aon chara an bochtán. Ní rachaidh an finné bréige gan phionós, agus ní rachaidh fear na mbréag slán. Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial; is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais. Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán, nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh. Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige. An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin; an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas. Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós, agus scriosfar an té a spalpann éitheach. Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas, agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha. Cuireann ciall srian le fearg duine, agus is glóir dó scaoileadh le coir. Is geall le glam leoin fearg rí, ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi. Scriosann amadán mic a athair; is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná. Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar, ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna. Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin. An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein; an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás. An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé. Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas; ná cuir romhat é mhilleadh ar fad. Díolfaidh fear an drochmhianaigh as; scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat]. Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach. Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan. Bíonn súil le dílseacht ó dhuine, agus is fearr bochtán ná bréagaire. Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air. Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias, ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil. Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t-aineolaí san airdeall; ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige. An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil, is mac gan náire é agus ábhar masla. Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic, más d' fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é. Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart; alpann craos an urchóidigh an t-olc. Tá [an bata] ullamh do scigirí, agus léasadh do dhroim na n-amadán. Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua; níl aon chiall ag an té a mheallann sé. Is geall le glam leoin fearg rí, agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin. Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint, ach beidh gach amadán ag achrann. Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir; beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó. Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh; níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach. Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis, ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne? An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim, is méanar dá chlann ina dhiaidh. An rí a shuíonn ina shuí breithimh, scagann sé gach olc lena shúile. Cé ar féidir leis a rá: «Ghlan mé mo chroí, táim saor ó mo pheaca?» Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall; is gráin leis an Tiarna iadsan araon. Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh, an olc nó an maith a bheidh a bhearta. An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann, is é an Tiarna a rinne iad araon. Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile; bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat. «Níl aon mhaith ann, níl sin,» a deir an ceannaí ach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin. Tá an t-ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar. Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir; bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh. Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois, ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin. Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar. Déanann an cardálaí rúin a nochtadh; ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte. Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh. An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús, ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh. Ná habair: «Déanfaidh mé an t-olc a chúiteamh»; ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort. Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan; ní maith iad na meánna fealltacha. Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine; conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint? Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: «Tá sé tíolactha.» agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide. Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh, agus tiomáineann an roth tharstu. Sé spiorad an duine lampa an Tiarna, ag spiúnadh doimhneas a chroí. Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint, agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach. A neart féin glóir na n-ógánach, ach an ceann liath maise na seanóirí. Is maith an leigheas ar an olc buillí créachtaithe; agus glanann buillí an t-ionathar. Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce; iompaíonn sé é cibé treo is toil leis. D' fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin, ach meánn an Tiarna an croí. An ceart is an chóir a dhéanamh, is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith. Súile uaibhreacha agus croí díomasach, is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca. Téann smaointe an duine dhícheallaigh chun sochair dó; an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach. Gnothú maoine le teanga bhréagach, gal soip é agus baol báis. Déanfaidh foréigean na n-urchóideach iad a scriosadh, mar nach áil leo an ceart a dhéanamh. Is cam é casán an chiontaigh, ach is íon é iompar an duine ionraic. Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn. Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine; ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh. Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir; foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan. Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine, agus basctar na héagráifigh de dheasca a n-urchóide. An té a thugann cluas bhodhar d' éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis. Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain, agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge. Is lúcháir don fhíréan an ceart a chur i bhfeidhm, ach is uafás é do na hurchóidigh. An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana, ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna. Beidh an mhuintir a bhfuil dúil acu sa só, gan mhaoin; agus an té atá tugtha don fhíon agus don ola ní bheidh sé saibhir. Tá an t-urchóideach mar gheall leis an bhfíréan, agus an feallaire leis an ionraic. Is fearr cur fút san fhásach ná le báirseach cancrach mná. Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna, ach déanfaidh an t-amadán é a alpadh. An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas, beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige. Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh, agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh. An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga, seachnaíonn sé tubaiste. Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar. Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin, mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh. Bíonn saint gan staonadh ar fhear an oilc, ach ní théann aon stad ar an bhfíréan ach ag dáileadh gan doicheall. Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n-urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í. Déanfar an finné bréige a mhilleadh, ach tabharfar cluas i gcónaí d' fhocail an duine ghéilliúil. Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach; déanann an fíréan a bhearta féin a mheá. Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna. Déantar an t-each a ghléasadh le haghaidh lá an chatha, ach is é an Tiarna a bheireann bua. Tá dea-cháil le roghnú thar bhreis maoine, agus is fearr dea-mheas ort ná airgead nó ór. Casann an saibhir ar an daibhir; sé an Tiarna a rinne iad go léir. Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as. Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarna ná saibhreas, onóir agus fad saoil. Tá dealga agus gaistí ar chosán an urchóidigh; an té a thugann aire do féin, déanfaidh sé é féin a sheachaint orthu. Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó; agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é. Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán, agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó. An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige; air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh. Tá beannacht i ndán don duine cineálta, mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán. Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t-aighneas leis, agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán. Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan, agus is cara don rí fear na cainte caoine. Déanann súile an Tiarna an t-eolas a fhaire, ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí. «Tá leon lasmuigh,» a deir an leisceoir! «Marófar sa tsráid mé!» Cuithe domhain béal mná deoranta; an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti. Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh; ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as. Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air; tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh. Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim. Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí, agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola. Tá [do chosán] á thaispeáint agam duit inniu le go mbeadh do mhuinín agat as an Tiarna. Nach bhfuil [deich gcaibidil fichead] de chomhairlí agus de ghaois scríofa agam duit, Le go mbeifeá in ann an fhírinne a léiriú, agus lucht do cheistithe a fhreagairt le briathra stuama? Ná creach an bochtán mar gur bochtán é, agus ná ciap aon duine atá á bhuaireamh i ngeata na cathrach; Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt, agus ídeoidh sé lucht a n-ídithe. Ná déan muintearas leis an té atá tugtha don fhearg, agus ná bíodh caidreamh agat ar fhear drochmhianaigh, Le heagla go bhfoghlaimeofá a bhealaí, agus go mbéarfaí ort i ngaiste. Ná bí ar dhuine díobh siúd a thugann gill, agus a théann in urrús le fiacha. Mura mbíonn sás d' fhuascailte agat, tógfaidh siad an leaba a bheidh fút. Ná haistrigh cloch ársa theorann, a leag do shinsir ina leaba. An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó? déanfaidh sé freastal ar ríthe; ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh. Má shuíonn tú ag bord le flaith, tabhair faoi deara go cúramach céard atá leagtha romhat. Cuir scian chun do scornaí, má tá luí le craos agat. Ná cuir dúil ina shólais, mar níl siad iontaofa mar bhia. Ná caith do dhúthracht ag cnuasach maoine, agus ná bain le [breis bhradaigh]. Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi, fásfaidh sciatháin uirthi, dála an iolair a eitlíonn chun na spéire. Ná caith béile le duine gortach agus ná bíodh dúil agat ina shólais, Ba gheall le [hanfa] ina scornach é agus le seirbhe ina chraos; «Bí ag ithe agus ag ól,» a deir sé leat, ach ní ó chroí é. Déanfaidh tú cibé beagán a íosfaidh tú a aiseag, agus rachaidh do bhladar amú. Ná cuir caint amú ar amadán, mar nach dtuigfidh sé ciall do ráite. Ná haistrigh an chloch ársa theorann, agus ná déan bradaíocht ar thalamh dílleachtaí. Óir is tréan é a bhfuasclóir, agus déanfaidh sé a gcúis a thagairt i d' aghaidh. Cuir do chroí sa teagasc, agus tabhair cluas do bhriathra na gaoise. Nara leasc leat smachtú linbh; ní trúig bháis dó buille bata. Buail buille bata air agus déanfair a anam a fhuascailt ó Sheól. A mhic, má tá do chroí-se ciallmhar, ansin beidh lúcháir ar mo chroí féin; Beidh mé féin meidhreach meanmnach nuair a sceithfidh do bhéal briathra córa. Ná bíodh do chroí in éad le peacaigh, ach bí go teann gach lá faoi eagla an Tiarna; Óir tiocfaidh an lá amárach, agus ní rachaidh do dhóchas amú. Éist liom, a mhic, agus bíodh ciall agat, agus stiúraigh do chroí i slí [na gaoise]. Ná taobhaigh lucht na síormheisce, ná craosairí gnáth na feola. Óir lomann an pótaire is an craosaire iad féin, agus ní fhágann an mhíogarnach ach balcaisí ar dhroim duine. Éist leis an athair a ghin thú, agus ná bíodh drochmheas agat ar do mháthair ina seanaois. Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach, mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint. Beidh lúcháir, ar ndóigh, ar athair an fhíréin; an té a ghineann mac ciallmhar, beidh áthas air dá bharr. Gura tú ábhar lúcháire d' athar agus suáilceas na mná a d' iompair thú! Tabhair dom do chroí, a mhic, agus bíodh do shúile ar mo chomhairle: Cuithe domhain an striapach, agus tobar cúng í an bhean dheoranta. Bíonn sí ag faire amach dála an bhithiúnaigh, agus is iomaí fear ar a mbuaileann sí bob. Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan? cé dó is dán an t-aighneas, agus an gearán? agus buillí ó gach taobh? agus scamall sa tsúil? Do mhéiseálaithe fíona a bhíonn ag tnúth de shíor le fíon dea-chumaisc. Ná bí tógtha le fíon nuair is dearg é, nuair a bhíonn sé ag spréacharnach sa chorn, ná nuair a shníonn sé siar go socair. Ar deireadh snapann sé mar a dhéanfadh nathair, agus tá cealg ann mar atá san nathair nimhe. Feicfidh do shúile nithe aisteacha, agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí. Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin, amhail duine ina shuan ar an stiúir. «Buaileadar mé, an ea?» déarfaidh tú, «ach níor gortaíodh mé; ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní; cathain a dhúiseoidh mé?? Beidh deoch eile uaim.» Ná bí in éad le hurchóidigh, ná ag tnúth lena gcuideachta. Foréigean atá á bheartú ina gcroí acu, agus mailís atá ina mbéal acu. Le heagna a thógtar teach agus le tuiscint a bhunaítear é. Le barr eolais a líontar stórais, le maoin de gach sórt idir luachmhar agus tharraingteach. Is fearr an críonna ná an tréan, fear na gaoise ná fear [an ghaisce]. Dea-threoir a bhuann cath, agus is le meitheal chomhairleoirí an chaithréim. Tá an eagna ró-ard don amadán agus ní bhíonn smid as ag geata na cathrach. An té atá ag beartú an oilc, tabharfar fear clampair air. Níl ach an peaca á thaibhreamh do na hamadáin; is gráin le daoine an scigire. Má chailleann tú do mhisneach, ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana. Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis; tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe. Má deir tú: «Ach féach, ní raibh a fhios againn,» an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint, agus an té a bhreithníonn an t-anam gan eolas? déanfaidh sé an t-aisíoc is dual do bhearta duine. Ith mil, a mhic, mar is maith í; is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar. Sé an dála céanna é ag eagna do d' anam, bíodh a fhios agat; má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárach agus ní rachaidh do dhóchas amú. Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin, agus ná déan a theach a chreachadh. Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís; ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt. Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort; nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort, Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta, agus go n-iompódh sé a fhearg uaidh. Ná cuireadh lucht an oilc caduaic ort, agus ná bí in éad le drochdhaoine. Óir níl aon ní i ndán don drochdhuine agus múchfar lóchrann an urchóidigh. Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí, agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh. Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas, agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon? Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith: Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas. An té a deir: «Tá tú neamhchiontach,» leis an gciontach, ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin. Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu, agus beidh beannacht orthu. An té a thugann freagra ionraic, pógann sé do bheola, geall leis. Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán, agus déan do phrapáil ar an machaire; imigh leat ansin agus tóg do theach. Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar, agus ná meall daoine le briathra do bhéil. Ná habair: «Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa; déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.» Ghabh mé thar ghort an leisceora, agus thar fhíonghort an duine gan chiall. Féach, bhí brat de dheilgneach air, é clúdaithe le neantóga agus a bhalla cloch leagtha ar lár. Rinne mé mo mhachnamh agus mé ag breathnú air agus d' fhoghlaim mé an ceacht seo ón radharc: «Néal beag codalta, múisiam beag, agus na lámha a fhilleadh ar a chéile le scíth a ligean, Ansin beidh an bhochtaine le d' ais mar bhithiúnach agus an ghannchúis mar robálaí.» Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh. Rún a cheilt glóir Dé, ach é a ransú go grinn glóir ríthe. Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh, níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh. Scag an dríodar ón airgead agus tiocfaidh sé amach glan. Díbir na hurchóidigh ó láthair an rí agus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht. Ná bíodh mustar ort i láthair an rí, agus ná seas in áit na bhflatha, Óir is fearr go ndéarfaí: «Gabh anseo aníos,» ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa. An rud a chonaic do shúile, ná sceith é go róthobann sa chúirt. Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh má bhréagnaíonn do chomharsana thú? Tagair do chúis le do chomharsa, ach ná sceith rún duine eile, Le heagla go ndéanfaidh an té a chluinfeadh thú é a chasadh leat, agus go gcaillfeá do chlú go léir. An focal i luí gaidhte, is cuma é nó úlla óir i leaba airgid. Fáinne óir nó ornáid d' ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann. Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta; cuireann sé misneach i gcroí a mháistir. Scamaill is clocha, ach gan braon fearthainne, sin mar atá ag fear na ngealltanas mór gan comhlíonadh. Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne; briseann béal bán cnámh. Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di, ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag. Téigh go hannamh go teach do chomharsan, le heagla go n-éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit. Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan. Is cuma nó fiacail lofa nó cos leonta fear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair; bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann. Is cuma nó fínéagra a chur i gcréacht amhráin a chasadh do chroí duairc. Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n-ithe dó; nó tart, tabhair braon le n-ól dó. Beidh sméaróidí tine á gcarnadh agat ar a cheann sa tslí sin, agus déanfaidh an Tiarna é a chúiteamh leat. Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh, agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí. Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn. Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim, dea-scéala ón gcoigríoch. Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh, an fíréan a chúbann roimh an urchóideach. [Ní maith í póit mheala, ná géilleadh do bhladar.] An fear gan smacht air féin, is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta. Ní oireann sneachta don samhradh, ná báisteach don fhómhar, agus ní mó ná sin a oireann onóir don amadán. Dála an ghealbhain a éalaíonn agus na fáinleoige a sceinneann, ní luíonn an mhallacht nach dual ar a sprioc. Lasc don each, srian don asal agus bata do dhroim na n-amadán. Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise, le heagla go rachfá i gcosúlacht leis. Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise le heagla go measfadh sé go raibh aige gaois. An té a chuireann amadán ar theachtaireacht, (gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh. Chomh guagach le cosa an bhacaigh ar sileadh leis gan tairbhe, sin mar atá seanfhocal i mbéal na n-amadán. Is cuma nó cloch a cheangal go teann de chranntabhaill, onóir a thabhairt d' amadán. Is cuma nó tor droighin i láimh an mheisceora seanfhocal i mbéal amadán. Is cuma nó áirseoir a ghoineann gach duine a ghabhann an treo, an té a fhostaíonn amadán [nó meisceoir]. Is cuma nó madra a fhilleann ar a aiseag an t-amadán a fhilleann ar a bhaois. An bhfeiceann tú duine atá ciallmhar dar leis féin? Is mó an dóchas atá ann don amadán na dósan. «Tá leon ar an mbóthar,» a deir an leisceoir, «tá leon sna sráideanna.» Dála na comhla a chasann ar a tuislí, casann an leisceoir ina leaba. Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias ach tá sé róthraochta le hé a bhreith chun a bhéil. Is ciallmhaire an leisceoir dar leis féin ná seachtar fear a d' fhreagródh le stuaim. Is cuma nó breith ar chluasa mhadra fáin dul sáite in achrainn na gcomharsana. Dála na geilte a chaitheann sméaróidí tine saigheada agus bás, Sin é mar atá ag an té a mheallann a chomharsa agus a deir ansin: «Ní raibh ann ach seó!» Cheal brosna téann an tine in éag; cheal cúlchainteora, téann aighneas chun suain. Gualach don ghríosach, brosna do thine, agus fear achrainn le haighneas a adhaint. Is geall le sólais bhlasta focail an chúlchainteora, sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile. Is cuma nó gléas airgid ar áras cré beola sleamhna le croí claon. An fear fuatha, bíonn aige beola mealltacha; agus an feall go domhain istigh. Ná bíodh muinín agat as nuair a labhraíonn sé go lách, óir tá seacht ngráiniúlacht ina chliabhlach. Fág go rachadh an fuath i bhfolach faoin gcalaois, déanfar a urchóid a nochtadh i láthair an tionóil. An té a thochlann poll, titeann sé ann, agus filleann an chloch ar an té a bhaineann an chéad chasadh aisti. Is gráin leis an mbéal bréagach an fhírinne, agus is scriostóir é an béal bán. Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach, mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá. Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é; déanadh an strainseir é, ach ná déanadh do bheola féin. Is trom í an chloch agus tá meáchan sa ghaineamh, ach is troime ná iad araon ciapadh ó amadán. Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid? Is fearr ceartú os ard ná grá faoi cheilt. Créachta gan ghoimh a thugann cara; is iomadúil iad póga eascarad. Is beag ar an sáitheach mil, ach is milis leis an ocrach gach searbh. Is cuma nó éan ar fán óna nead fear atá ar fán óna bhaile. Baineann ola na comhairle an ceo den chroí, ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam. Ná tréig do chara, ná cara d' athar; ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste. Is fearr comharsa i mbéal an dorais ná deartháir i bhfad ó bhaile. «Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí, le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe. Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as. Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir, bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh. An té a chuirfidh a bheannacht os ard ar a chomharsa i mochóirí na maidine, áireofar é a bheith ag mallachtú. Is cuma nó sconna ar sileadh gan staonadh lá baistí, báirseoir mná; Is geall le bheith ag smachtú na gaoithe, nó ag fáil greim deasóige ar an ola, bheith ag iarraidh í a chosc. Iarann a chuireann faobhar ar iarann; agus cuireann fear faobhar ar fhear eile. An té a shaothraíonn an crann fígí, íosfaidh sé a thoradh; an té a thugann aire dá mháistir, tabharfar onóir dó. [Faoi mar nach ionann ceannaithe aon bheirte], ní ionann croíthe na ndaoine. Ní bhíonn Seól ná Abadón riamh sásta ná ní bhíonn súile an duine sásta riamh ach chomh maith. Don airgead an breogán, agus don ór an sorn, agus fear le briathra lucht bladair a mheas. Brúigh an t-amadán sa mhoirtéar le tuairgnín, (fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis. Bíodh staid do thréada ar eolas agat go maith, agus tabhair aire mhaith do do tháinte. Ní buan maoin, agus an maireann saibhreas ó aois go haois? Nuair a imeoidh an féar, go dtiocfaidh an t-athfhás, agus go mbailítear an foráiste ón sliabh, Ní foláir go soláthróidh na huain brat duit, agus na gabhair cíos do ghort, Agus bainne na ngabhar do sháith bia do do theaghlach, agus beatha do do bhanseirbhísigh. Teitheann an t-urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon. Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí; ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige. An bochtán a luíonn ar na bochtáin, is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n-ithe. Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh; ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n-aghaidh. Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann, ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní. Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht, ná fear saibhir na mbealaí claon. Mac gaoismhear a choimeádann an dlí, ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair. An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach. An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí. An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilc titfidh sé isteach ina chuithe féin. Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais. Is críonna é an saibhir, dar leis féin, ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann. Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir; nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach. Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air. Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí, ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air. Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach, drochrialtóir ar phobal bocht. An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é; an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil. An té ar a bhfuil fuil duine eile, beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó. Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu. Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún, ach raidhse bochtaine ag an té a leanann beartais bhaotha. Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic, ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós. Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine; ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin. An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas; ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é. An té a cheartaíonn duine eile gheobhaidh sé níos mó fabhair ar deireadh ná fear an bhladair. An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir: «Ní aon éagóir é sin!» is comrádaí do bhithiúnach é. Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air. An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é; ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt. An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche; ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air. Nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach, ach nuair a théann siad ar ceal, téann breis ar na fíréin. An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh. Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal; nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl. An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair; ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid. Daingníonn rí a thír lena cheartas, ach milleann an feallaire é. An té a thugann bladar dá chomharsa, leathann sé líon faoina chosa. Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach. Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht. ní chuireann a leithéid d' eolas as don urchóideach. Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha, ach cuireann saoithe srian le fearg. Téadh saoi chun argóna le daoi, ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis. Is fuath le lucht fola an fear gan cháim, ach [is mór le] daoine ionraice a bheo. Scaoileann an t-amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air. Má éisteann rialtóir le héitheach, beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí. Castar an bochtán agus an t-úsaire ar a chéile; cuireann an Tiarna léas ina súile araon. Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas, bunófar a ríchathaoir go brách. Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair. Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca; ach feicfidh na fíréin ar lár iad. Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit; cuirfidh sé áthas ar do chroí. San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian; ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí. Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor; fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu. An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach? tá níos mó dóchais ann d' amadán ná dósan. An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige, eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh. Adhnann an fear drochmhianaigh achrann, agus is cúis mhór peaca fear na feirge. Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t-uiríseal ó chroí onóir amach. Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin; cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann. Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna. Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir, ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart. Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach; agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí. Briathra Ágúr Táimse, ní foláir, ródhúr le bheith daonna níl tuiscint duine agam. Níor foghlaim mé eagna, ná ní bhfuair mé aithne ar an Aon Naofa. Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit! Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne; is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce. Ná cuir lena bhriathra, ar eagla go lochtódh sé thú agus go dtaispeánfadh sé gur bréagadóir thú. Dhá ní a iarraim ort, ná ceil orm iad sula bhfaighe mé bás: Coinnigh i bhfad uaim an t-éitheach agus an bhréag; ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas, ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom, Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: «An Tiarna? cé hé féin?» Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé. Ná déan daor a ghearán lena mháistir, le heagla go gcuirfeadh sé mallacht ort agus go mbeadh thiar ort dá bharr. Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n-athair, agus nach gcuireann beannacht ar a máthair. Agus pór atá glan, dar leo féin, ach nár níodh fós as a mbrocamas. Tá pór na súl uaibhreach ann, le mór níos fiú i ngach tógáil súile. Tá pór ann le claímhte mar fhiacla, agus sceana mar ghialla acu, Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne; agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine. Tá beirt iníon ag an lia, «Tabhair, tabhair,» a ghlaonn siad. Tá trí nithe nach féidir a shasamh, agus ceithre cinn nach ndeir riamh: «Is leor sin»: Seól, an bhroinn aimrid, an talamh nach féidir a sháitheadh le huisce, agus an tine nach ndeir riamh: «Is leor sin.» An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í. Tá trí nithe a théann díom a thuiscint, agus ceithre cinn nach mbainim ciall astu: Bealach iolair sa spéir, bealach nathrach ar an gcarraig, bealach loinge i lár na mara, agus bealach fir le maighdean. Seo é bealach an adhaltraigh mná: itheann sí bia agus glanann a béal agus deir: «Ní dhearna mé aon ní as an tslí.» Baineann trí nithe crith as an talamh, agus tá ceithre cinn nach féidir leis cur suas leo: Daor nuair is rí, daoi nuair is sáitheach, Bean thréigthe, nuair a phósann, agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása. Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach, ach is acu atá togha na gaoise: Na seangáin, treibh gan neart iad, ach sa samhradh déanann siad deimhin dá soláthar: Na coiníní carraige, treibh gan chosaint iad, ach cuireann siad fúthu sna carraigeacha. Na lócaistí, níl rí orthu, ach máirseálann siad go léir faoi dhea-eagar. An t-earc luachra, d' fhéadfá greim a fháil air i do láimh, ach gnáthaíonn sé páláis ríthe. Tá trí nithe ann le céim mhaorga, agus ceithre cinn go deimhin le hiompar stáidiúil: An leon, an gaiscíoch ar na hainmhithe, nach dtugann cúl le haon ní; An coileach ag starrfach i measc na gcearc, an pocán, taoiseach an tréada, agus an rí [ag aitheasc] a phobail. Má bhí sé de bhaois ionat dul le mire, agus go bhfuil aiféala anois ort, buail bos ar do bhéal; Óir déantar cuigeann le maistriú, tagann fuil as an tsrón nuair a bhrúitear í, agus tagann aighneas as an bhfearg nuair a adhntar í. Briathra Lamúéil rí Mhasá, a mhúin a mháthair dó. Céard é seo, a mhic? Céard é seo, a mhic mo bhroinne? Céard é seo, a mhic mo mhóideanna? Ná caith do neart go léir le mná, ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo. Ní dual do ríthe, a Lamúéil, ní dual do ríthe fíon a ól, ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua. Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh, agus satailt ar chearta na n-ainniseoirí. Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis, agus fíon don chroí atá lán de dhomlas; Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste, agus ná cuimhnídís ar a n-ainnise a thuilleadh. Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin, agus ar son chearta cách atá treigthe. Labhair féin! tabhair breith chóir! cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh. (Dán Aibítreach san Eabhrais) Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir, agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr. Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó ar feadh a saoil. Lorgann sí olann agus líon, agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha. Is geall le hárthach ceannaí í agus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin. Déanann sí mochóirí roimh lá agus tugann bia dá teaghlach, agus riarann a gcúraimí ar a cuid ionailtí. Déanann sí gort a iniúchadh agus é a cheannach; cuireann sí fíonghort lena mbíonn saothraithe aici lena lámha. Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim, agus taispeánann fuinneamh a géag. Feiceann sí gur maith is fiú é a saothar agus ní mhúchtar a lampa san oíche. Coinníonn sí an coigeal ina láimh agus beireann a méireanna ar an bhfearsad. Caitheann sí go fial leis an duine dearóil, agus tugann sí déirc don duine bocht. Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach, mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir. Déanann sí a cuilteanna féin, agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi. Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach, nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre. Déanann sí braillíní a fhí agus a dhíol, agus tugann sí criosanna don cheannaí. Bíonn neart agus dínit mar bhrat uimpi, agus ní cás di gáire faoin lá amárach. Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim; agus tá teagasc caoin ar a beola. Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach, ní chaitheann sí bia an díomhaointis. Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di; canann a fear céile moladh di: «Rinne mórán ban éachtaí atá le moladh ach sáraíonn tusa iad go léir.» Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht; is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh. Tugaigí di toradh a saothair, agus moladh a gníomhartha í ag geataí na cathrach. Briathra Chóheilit, mac Dháiví atá ina rí in Iarúsailéim. Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois! Cén tairbhe do dhuine an saothar uile a dhéanann sé faoi luí na gréine? Imíonn glúin amháin as agus tagann ceann eile ina háit ach fanann an domhan ann go deo. Éiríonn an ghrian ach téann sí faoi arís agus brostaíonn sí léi chun na háite ar éirigh sí as. Séideann an ghaoth ó dheas agus casann sí ó thuaidh ansin; siúd léi timpeall arís agus arís eile agus leanann sí dá timchuairt gan stad. Ritheann na haibhneacha go léir isteach san fharraige ach ní líontar í choíche; mar sin féin coinníonn na haibhneacha orthu ag déanamh ar a gceann cúrsa go brách. Tá gach uile ní lán leimhe agus ní féidir leis an duine trácht a dhéanamh orthu; ní bhíonn an tsúil sásta lena bhfeiceann sí ná an chluas sásta lena gcloiseann sí. An ní a bhí ann tráth, is é a bheidh ann go brách; an ní a rinneadh cheana, is é a dhéanfar arís; mar níl aon ní nua ann faoi luí na gréine. Fiú amháin an ní a ndeirtear faoi: «Féach, is rud nua é seo,» bhí sé ann romhainn anallód. Ní chuimhnítear anois ar na glúine a bhí ann fadó; ná ní bheidh cuimhne ar na glúine atá le teacht ag na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh. Bhí mise, Cóheilit, i mo rí ar Iosrael in Iarúsailéim agus le barr eagna chuir mé m' intinn ag obair chun cuardach agus taighde a dhéanamh i dtaobh an uile ní a dhéantar faoi na spéartha diansaothar dólásach é seo a leag Dia ar dhaoine chun iad a chrá. Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe. Óir, ní féidir an cam a dhíriú ná an ní nach bhfuil ann a chomhaireamh. Arsa mise liom féin ansin: «Féach, táimse tar éis níos mó den eagna a chnuasach ná duine ar bith díobh siúd a bhí ina rialtóirí ar Iarúsailéim romham agus is mór ar fad an taithí atá faighte agam ar an eagna agus ar an eolas.» Mar sin féin, nuair a chuir mé m' intinn ag obair chun an eagna agus an t-eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d' aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe. Óir, dá mhéad í ár n-eagna is ea is mó ár gcrá agus dá leithne é ár n-eolas is ea is géire ár bpianpháis. Arsa mise liom féin: «Seo anois, féachfaidh mé an lúcháir ort; bain aoibhneas as an bpléisiúr.» Agus féach, baois ba ea é seo freisin. Is é a dúirt mé i dtaobh an gháire; díth céille, agus i dtaobh na lúcháire: Cén tairbhe í? Is amhlaidh a d' fhéach mé de thoradh mo chuid machnaimh le mo chorp a shásamh le fíon ach go mbeadh m' intinn do mo stiúradh le barr eagna; bhí mé tar éis an amaidí a ghabháil chugam féin chomh maith le súil go bhfeicfinn céard ab fhearr do dhaoine a dhéanamh le linn gearrthéarma a saoil abhus faoin spéir. Thug mé faoi oibreacha móra a dhéanamh. Thóg mé tithe agus phlandaigh mé fíonghort dom féin. Rinne mé garraithe agus páirceanna agus chuir mé gach cineál de chrainn toraidh iontu. Rinne mé linnte uisce chun fáschoill de chrainn óga a uisciú. Cheannaigh mé sclábhaithe, idir fhir agus mhná, de bhreis ar na sclábhaithe teallaigh a bhí agam. Bhí níos mó eallaigh agus caorach i mo sheilbh agam, leis, thar mar a bhí, ag aon duine eile a bhí in Iarúsailéim romham. Chruinnigh mé dom féin freisin airgead agus ór agus saibhreas ríthe agus cúigí. D' fhostaigh mé amhránaithe, idir fhir agus mhná, agus bhí sáile shaolta agus mórán ban luí agam chomh maith. Dá bharr sin uile bhí mé níos cumhachtaí agus níos saibhre ná aon duine ar bith díobh siúd a bhí in Iarúsailéim romham. Agus cibé ar bith ní a shantaigh mo shúile, níor choimeád mé uathu é ná níor cheil mé aon phléisiúr ar bith orm féin. Is ea, go deimhin; bhain mé taitneamh as mo chuid saothair go léir agus is mar sin amháin a cúitíodh mo dhua uile liom. D' iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine. Agus cad a fhéadfaidh comharba an rí a dhéanamh? Dada thar a bhfuil déanta cheana. Agus thug mé faoi staidéar a dhéanamh ar an eagna agus ar an díth céille agus ar an amaidí. 14 Chonaic mé gur tairbhí an eagna ná an amaidí faoi mar is tairbhí an solas ná an dorchadas. 15 Tá súile ina cheann ag an saoi; is sa dorchadas, ámh, a shiúlann an daoi. Ach is eol domsa go bhfuil an chinniúint chéanna i ndán dóibh beirt. 16 Arsa mise liom féin mar sin: «Más í cinniúint an daoi mo chinniúntse freisin, cad chuige go mbeinnse chomh heagnaí sin ar fad? Cén tairbhe dom é?» Agus is é a dúirt mé: «Baois is ea é seo chomh maith. 17 Óir ní choinneofar buanchuimhne ar an saoi ach oiread agus a choinneofar ar an daoi; mar sna laethanta atá le teacht déanfar dearmad orthu araon gan mhoill. Faraor, conas is féidir go sciobann an bás an saoi agus an daoi leis le chéile!» 18 Dá thairbhe sin uile, ba ghráin liom an saol seo mar chuir an saothrú uile a dhéantar faoi luí na gréine déistean orm; óir níl sa mhéid sin go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe. Ba ghráin liom go deimhin an saothrú go léir a rinne mé faoi luí na gréine toisc go gcaithfinn a thoradh a fhágáil ag an duine a thiocfadh i mo dhiaidh. 19 20 Agus cé aige a bhfuil a fhios an mbeidh seisean ina shaoi nó ina dhaoi? Ach mar sin féin is faoina chúram sin a bheidh toradh an tsaothraithe go léir a rinne mise chomh cliste sin abhus faoi luí na greine. Baois is ea é seo leis. 21 Ar an ábhar sin tháinig racht éadóchais orm faoin saothrú go léir a bhí déanta agam abhus faoi luí na gréine. 22 Óir aon duine ar bith a oibríonn go saothrach le heagna agus le heolas agus le gaois, bíonn air toradh a shaothair a fhágáil mar oidhreacht ag duine eile nach bhfuil faic dá dhua faighte aige. Baois agus olc mór is ea é seo. 23 Mar cén tairbhe a bhaineann duine as a chuid saothair uile agus as an dianmhachnamh a chaitheann sé leis abhus faoi luí na gréine? 24 Óir, bíonn a laethanta uile lán dóláis agus a chuid saothair lán dobróin; fiú amháin san oíche ní fhaigheann sé suaimhneas croí. Baois is ea é seo chomh maith. 25 Níl aon ní ann is fearr do dhuine ná ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as a shaothar. Go deimhin, chonaic mé gur ó láimh Dé a thagann sé seo freisin. 26 Mar cé hé ar féidir dó ithe ná ól ar neamhchead dó? 27 Óir bronnann Dia eagna agus eolas agus aoibhneas ar an té atá taitneamhach leis ach cuireann sé mar chúram ar an drochdhuine maoin a chruinniú agus a chruachadh ach tabharfar ar ball í do dhuine eile a bhfuil Dia buíoch dó. Tá a ionú féin ag gach uile ní agus tá a thráth ann don uile ghnó faoin spéir: tráth breithe, tráth báis, tráth curtha síl, tráth bainte fómhair, tráth maraithe, tráth leighis, tráth leagtha, tráth tógála, tráth goil, tráth gáire, tráth caointe, tráth rince, tráth scaipthe cloch, tráth bailithe cloch, tráth beirthe barróg, tráth séanta barróg, tráth cuardaigh, tráth caillte, tráth coimeádta, tráth caite, tráth stróicthe, tráth fuála, tráth tosta, tráth cainte, tráth grá, tráth fuatha, tráth cogaidh, tráth síochána. Cén tairbhe a bhaineann duine as an dúthracht a chaitheann sé lena chuid oibre? Chonaic mé an saothar a thug Dia don chine daonna le déanamh. Gach uile ní a dhéanann Dia, oireann sé dá thráth féin; ach bíodh gur chuir sé ar chumas an duine machnamh a dhéanamh ar imeacht an ama ina iomláine, ní féidir leis an duine an obair a dhéanann Dia ó thús go deireadh a thuiscint. Is eol dom nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh agus saol sona sásta a chaitheamh fad is beo dó. Go deimhin, má éiríonn le duine ithe agus ól a dhéanamh agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair go léir, is tabhartas ó Dhia é. Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe. An ní atá ann anois, bhí sé ann roimhe seo; agus an ní a bheidh ann, bhí sé ann cheana agus bíonn Dia ag síorathnuachan na nithe a bhí ann tráth dá raibh. Rud eile dhe, chonaic mé go raibh an éagóir in áit na córa agus an t-aincheart in áit an chirt abhus faoi luí na gréine. Arsa mise liom féin: «Tabharfaidh Dia breithiúnas ar an dea-dhuine agus ar an droch-dhuine araon, mar tá a ionú féin ag gach gnó agus gníomh ansin.» Arsa mise liom féin arís: «Maidir leis an gcine daonna, tá Dia tar éis iad a thástáil go cinnte agus a thaispeáint nach bhfuil iontu uathu féin ach ainmhithe.» Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir tá an t-aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní. Téann siad go léir go dtí an áit chéanna; is den luaithreach iad uile agus iompóidh siad uile ina luaithreach arís. Cé ar eol dó an dtéann spiorad an duine suas nó an dtéann spiorad an ainmhí síos sa talamh? Dá bharr sin uile chonaic mé nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh ina chuid oibre, mar is é sin a chinniúint. Óir cé a thabharfaidh dó na nithe a thitfidh amach ina dhiaidh a fheiceáil? Ina theannta sin chonaic mé an t-ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh. Mar sin de mheas mé gur mhó ba mhéanar do na mairbh a bhí faoi shuan ná do na beo a raibh a saol rompu go fóill. Ach an té nár rugadh fós agus nach bhfaca na hoilc a dhéantar abhus faoi luí na gréine is mó is méanar dósan ná do cheachtar acu. Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe. Snaidhmeann an t-amadán a lámha ina chéile agus ní bhíonn an rath air. Ach is fearr lán glaice le suaimhneas ná lán máma le saothar agus le tóraíocht gaoithe. Agus chonaic mé an bhaois eile seo abhus faoi luí na greine: fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. «Cé ar a shon,» ar seisean, «a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?» Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce. Is fearr dís ná duine; mar faigheann siad tuarastal maith ar a saothar. Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil. Rud eile de, má chodlaíonn beirt le chéile, bíonn siad te teolaí. Ach conas is féidir don duine aonair é féin a choimeád te? Thairis sin arís mar a mbuafaí ar an duine aonair, is féidir don dís an fód a sheasamh. Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh. Is fearr ógánach bocht ach é a bheith críonna ná seanrí baoth nach nglacfaidh le comhairle níos mó, fiú amháin más amhlaidh a tháinig sé ó charcair go coróin agus gur rugadh bocht é ina ríocht siúd. Chonaic mé na beo go léir a shiúlann faoi luí na gréine ag taobhú leis an ógánach sin a bhí ina chomharba ar an seanrí. Ní raibh áireamh ar líon na ndaoine uile a bhí faoina smacht ach mar sin féin ní bheidh sé ina ábhar áthais do na daoine, a thiocfaidh ina dhiaidh. Go deimhin baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe. Bí ar d' aire nuair a théann tú go dtí teach Dé; is fearr dul ann chun éisteacht go humhal ná íobairt a dhéanamh ar nós na n-amadán nach dtuigeann go bhfuil siad ag déanamh an oilc. 4:17 5:1 Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal. 2 Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte. 3 Nuair a thugann tú móid do Dhia, ná cuir a comhlíonadh ar cairde mar ní thaitníonn amadáin leis. Comhlíon a bhfuil móidithe agat. 4 Is fearr duit gan móid a thabhairt ná í a thabhairt ach gan í a chomhlíonadh. 5 Ná lig do do bhéal a thabhairt ort peaca a dhéanamh agus ná habair i láthair teachtaire Dé: «Dearmad ba ea é.» Cad chuige a gcuirfeá fearg ar Dhia le do chuid cainte agus go millfeadh sé obair do lámh? 6 Óir as an iomad taibhreamh tagann baois agus barraíocht baothchainte. Maidir leatsa, áfach, bíodh eagla ort roimh Dhia. Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t-ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu. 7 8 Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe. An té a ghráíonn an t-airgead ní bhíonn a shá de aige choíche agus an té a ghráíonn an saibhreas ní bhfaighidh sé aon sochar as baois is ea é seo chomh maith. 9 10 Nuair a mhéadaíonn an saibhreas tagann méadú ar líon na gcaiteoirí freisin. Mar sin de cén tairbhe é don té ar leis é ach lán a shúl a bhaint as? 11 Is go suaimhneach sámh a chodlaíonn an fear oibre cibé acu a bhíonn beagán nó mórán ite aige ach cuireann ollmhaoin an duine shaibhir codladh na hoíche amú air. 12 Tá olc scannalach ann a chonaic mé féin abhus faoi luí na gréine: saibhreas á thaisceadh ag an duine ar leis é chun a dhíobhála féin; 13 agus an saibhreas sin á chailleadh trí fhiontar míámharach éigin agus gan dada le fáil ag an mac a ghin sé. 14 Mar a tháinig sé amach as broinn a mháthar, is amhlaidh sin a imeoidh sé arís; chomh tarnocht agus a tháinig sé agus gan dada aige de bharr a shaothair a fhéadfaidh sé a thabhairt leis. 15 Is scannalach an t-olc seo chomh maith: go n-imeoidh sé go díreach mar a tháinig sé; agus cén tairbhe a fhaigheann sé nuair is in aisce a bhíonn a chuid saothair go léir. 16 Agus rud eile dhe, caitheann sé a laethanta uile i ndorchadas agus bíonn sé lán dobróin agus breoiteachta agus feirge. 17 Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint. 18 Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin. 19 Ní bheidh sé ag machnamh go brúite ar ghiorra a shaoil mar coinneoidh Dia gafa é ag aoibhneas a chroí. Tá olc eile ann a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus luíonn sé go trom ar dhaoine: duine dá dtugann Dia saibhreas agus maoin agus gradam agus gan aon ní de dhíth air dá bhféadfadh sé dúil a chur iontu ach nach ligeann Dia dó aoibhneas a bhaint astu mar gur strainséir a bhaineann aoibhneas astu; baois is ea é seo agus plá léanmhar. Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é. Óir, d' ainneoin gur in aisce a thagann an marbhleanbh isteach sa saol agus go n-imíonn sé leis sa dorchadas nó go mbíonn a ainm folaithe ann, agus bíodh nach bhfeiceann sé an ghrian agus nach mbíonn eolas aige ar aon rud, is fearr an bhail a bhíonn air ná ar an duine úd. Dá mairfeadh duine míle bliain faoi dhó ach gan aon rath a theacht air nach dtéann an bheirt acu go dtí an áit chéanna? Saothraíonn an duine ar mhaithe lena bholg ach ní shásaítear a ghoile riamh. Cén buntáiste atá ag an eagnaí ar an amadán nó ag an duine bocht féin a thuigeann conas é féin a iompar i láthair daoine. Is fearr glacadh lena bhfeiceann do shúil ná dul ar thóir do mhéine baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe. Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin. Dá líonmhaire iad na briathra a labhraítear is ea is mó í an bhaois. Cén tairbhe a bhaineann an duine as? Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe? Is fearr dea-ainm ná dea-ola agus lá báis ná lá breithe. Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin. Is fearr gol ná gaire mar is fearrde an croí gnúis ghruama. Bíonn croí an eagnaí i dteach an chaointe agus croí an amadáin i dteach an tsuilt. Is fearr éisteacht le cáineadh eagnaí ná le hamhrán amadáin. Tá gáire an ghamail cosúil le brioscarnach brosna faoi chorcán; baois is ea é seo chomh maith. Óir déanann ansmacht amadán den eagnaí agus truaillíonn breab an croí. Is fearr deireadh scéil na a thosach agus is fearr an fhoighne ná an t-uabhar. Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg. Ná habair: «Cén fáth a raibh an seansaol níos fearr ná an saol atá ann anois?» Óir, níor chríonna an mhaise duit a leithéid de cheist a chur. Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian. Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu. Breathnaigh ar obair Dé; cé hé ar féidir dó a bhfuil camtha aige a dhíriú? Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh. Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d' ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d' ainneoin a chuid mailíse. Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin? Ná bí ró-olc ná ró-amaideach ach oiread. Cén fáth a bhfaighfeá bás anabaí? Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach. De bharr a chuid eagna is láidre an t-eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach. Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor. Rud eile de, ná tabhair aird ar gach focal a labhraítear ar eagla go gcloisfeá do shearbhónta do do cháineadh. Óir is maith atá a fhios agat gur cháin tú féin daoine eile go minic. Rinne mé na nithe seo uile a thástáil le barr eagna, á rá: «Is rún dom an eagna a fháil» ach bhí sé thar m' acmhainn. Gach ní dar tháinig ann is fada uainn é agus is é atá go domhain diamhair; cé hé ar féidir dó é a thuiscint? Leag mé m' intinn ar an eagna agus ar an gcruinnmheastóireacht faoi chúrsaí an tsaoil a thuiscint agus a thaighde agus a thóraíocht agus d' aithin mé gur díth céille í an mhailís agus gur deargbhuile í an amaidí. Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach. Féach, a deir Cóheilit, tar éis dom an cheist a chíoradh, céim ar chéim, chun réiteach a fháil uirthi ar deireadh thiar fuair mé é seo amach eolas, dar ndóigh, a bhí á lorg agam le fada ach go raibh teipthe orm é a fháil aon fhear macánta amháin a fuair mé i míle fear ach theip orm go fiú aon dea-bhean amháin a fháil sa líon céanna ban. Féach, is é seo an t-aon ní amháin a fuair mé amach: is díreach a rinne Dia na daoine ach is iomaí cleas a tharraingíonn siad chucu féin. Cé atá cosúil leis an eagnaí? Cé heile a thuigeann an chiall atá le rud ar bith? Soilsíonn eagna an duine a ghnúis, agus athraítear dúire a aghaidhe. Is é a deirimse: comhlíon ordú an rí agus sin mar gheall ar do mhóid dhiaga dhílseachta. Ná déan deifir chun imeacht as a láthair agus ná bíodh lámh agat in aon drochghnó; cibé é ní is toil leis, is é a dhéanann sé. Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis «Céard atá tú a dhéanamh?» An té a choimeádann a aithne, ní dhéanfar díth ná dochar dó agus is eol do chroí an eagnaí an t-am agus an modh ceart chun nithe a dhéanamh. Óir tá a am agus a mhodh oibre féin ag gach beart agus bíonn ainnise an duine ag luí go trom air. Mar níl a fhios aige céard a tharlóidh; agus cé hé ar féidir dó a insint dó conas a bheidh an scéal? Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t-olc lucht a dhéanta. Chonaic mé é sin go léir nuair a leag mé m' intinn ar a ndéantar abhus faoi luí na gréine, nuair a smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa. Ansin chonaic mé lucht míghníomha á gcur le barr toirtéise: agus nuair a thagadh na daoine ón áit naofa, mholtaí an lucht mí-ghníomha sa chathair mar a ndearna siad a ndrochbhearta. Baois is ea é seo go deimhin. Is é an chúis a spreagtar an duine chun olc a dhéanamh, toisc nach gcuirtear daorbhreith i gcrích go luath ar dhrochbhearta; óir, d' ainneoin go ndéanann an peacach drochghníomh céad uair, bíonn saol fada aige. Mar sin féin is eol dom an nath seo: éireoidh go maith leo siúd a bhfuil eagla Dé orthu go díreach toisc a eagla a bheith orthu; ní éireoidh go maith leis an bpeacach ach, ar nos scáile, ní bheidh saol fada aige toisc nach bhfuil eagla Dé air. Seo baois a tharlaíonn ar talamh: tá daoine ionraice ann a gcaitear leo faoi mar ba dhrochdhaoine iad agus tá drochdhaoine ann a gcaitear leo faoi mar ba dhaoine ionraice iad. Deirimse gur baois is ea é seo go deimhin. Molaimse mar sin an t-aoibhneas; óir níl aon ní fónta eile ann don duine abhus faoi luí na greine ach bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh aoibhnis, agus go bhfanfaidh sé seo leis ina chuid saothair ar feadh laethanta na beatha a thugann Dia dó abhus faoi luí na gréine. Nuair a leag mé m' intinn ar an eagna a fháil agus ar na gnóthaí uile a bhíonn ar siúl ar talamh a scrudú, 17 d' aithin mé nach féidir leis an duine an obair go léir a dhéanann Dia abhus faoi luí na gréine a thuiscint, 18 fiú amháin mura gcodlaíonn sé lá ná oíche. 16 19 Dá mhéad dá saothraíonn sé ag cuardach na tuisceana dó, ní bhfaighidh sé í; fiú amháin má mheasann an saoi féin go bhfuil sí aige, ní eireoidh leis fios fátha an scéil a aimsiú choíche. Rinne mé dianmhachnamh i mo chroí istigh ar an scéal seo go léir agus aithním go bhfuil na fíréin agus na saoithe agus a n-oibreacha uile ar láimh Dé. Ach ní eol don duine an fabhar nó fuath atá ann dó; níl ciall ar bith le ceachtar acu, dar leis. Óir, is í an t-aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n-ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt. I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t-aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d' urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh. Óir tá ábhar dóchais fós ag an té atá i gcomhluadar na mbeo uile go fóill; mar is fearr madra beo ná leon marbh. Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad. Tá deireadh lena ngrá agus lena bhfuath agus lena gcuid iomaíochta le fada an lá ní bheidh baint ná páirt acu choíche arís lena ndéantar abhus faoi luí na gréine. Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin. Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche. Bíodh saol breá agat i gcuideachta na mná céile, a bhfuil grá agat di, ar feadh laethanta uile na beatha díomhaoine a thugann Dia duit abhus faoi luí na gréine, dá bhaoithe féin iad. Óir is é sin an luach saothair atá i ndán duit as ucht a ndéanann tú abhus faoi luí na greine. Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall. Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t-aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna. Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann. Seo sampla eile fós den eagna a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus is díol suntais é, dar liom. Is amhlaidh a bhí cathair bheag ann tráth agus gan morán áitritheoirí inti. Rinne rí cumhachtach áirithe ionsaí uirthi; chuir sé faoi imshuí í agus thóg sé sásanna móra léigir ina haghaidh. Fuarthas saoi bocht inti, áfach, ach d' ainneoin gur shábháil sé an chathair lena eagna níor choinnigh aon duine cuimhne ar an bhfear bocht ina dhiaidh sin. Ar an ábhar sin is é a dúirt mé: Is fearr eagna ná neart. Mar sin féin déantar neamhní d' eagna an fhir bhoicht agus ní éistear lena bhriathra. Is fearr a éistear le ciúinbhriathra na saoithe ná le callaireacht cheannaire amadán. Is fearr an eagna ná airm chogaidh; ach d' fhéadfadh aon bhotún amháin mórán maitheasa a mhilleadh. Truaillíonn cuileoga marbha soitheach d' ola chumhra; mar an gcéanna is láidre beagán baoise ná eagna agus onóir. Casann croí an tsaoi deiseal agus croí an daoi tuathal. Fiú amháin ag siúl an bhóthair dó, bíonn an daoi ar easpa céille agus tugann sé amadán ar gach duine eile. Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra. Tá olc áirithe ann a chonaic mé abhus faoi luí na greine botún is ea é a bhfuil an rialtóir ciontach leis: an t-amadán ina ardoifigeach agus lucht an tsaibhris sna poist is ísle. Chonaic mé sclábhaithe ar muin capall agus prionsaí ag siúl ar an mbóthar mar sclábhaithe. An té a dhéanann poll, tharlódh go dtitfeadh sé féin isteach ann; an té a leagann fál, thiocfadh dó go mbainfeadh nathair greim as. An té a bhaineann clocha, d' fhéadfadh sé go ngortófaí leo é; an té a ghearrann adhmad, seans go gcuireann sé é féin i mbaol. Má bhíonn an tua maol agus nach gcuirtear faobhar uirthi roimh ré, caithfear breis fuinnimh a úsáid; ach is í an eagna a chuirfidh rath ar chách. Má bhaineann nathair greim as duine sula gcuirtear faoi dhraíocht í, ní bhfaighidh an mealltóir nathrach aon táille. Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh. Baois is ea tosach a chuid cainte, deargbhuile a deireadh. Bíonn an t-amadán ag glagaireacht leis de shíor ach ní eol d' aon duine céard atá le teacht; óir cé hé ar féidir dó a rá cad a tharlóidh ina dhiaidh. Cuireann saothar an amadáin tuirse air mar ní eol dó an bóthar chun an bhaile mhóir. Mairg duit, a thír a bhfuil leanbh ina rí ort, agus a mbíonn do phrionsaí ag caitheamh fleá ar maidin. Is méanar duit, a thír, ar de shliocht uasal do rí agus nach gcaitheann do phrionsaí fleá go meisciúil ach in am is i dtráth chun a neart a chothú. De dheasca na leisce tugann an maide mullaigh uaidh; nuair a bhíonn na lámha díomhaoin, bíonn braon anuas sa teach. Caitear fleá ar son an tsuaircis agus cuireann an fíon gliondar ar na beo ach is é an t-airgead a chuireann gach uile rud díobh ar fáil. Ná cuir mallacht ar an rí fiú i do chroí istigh; ná mallaigh lucht an tsaibhris ach oiread fiú i do sheomra codlata; óir b' fhéidir go n-iompródh éanlaith an aeir do bhriathra chucu agus go n-inseodh dúil sciathánach éigin an scéal. Caith do chuid aráin ar na huiscí, mar tar éis mórán laethanta gheobhaidh tú ar ais é. Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún. Má bhíonn na néalta lán báistí, fearfaidh siad anuas ar an talamh í; má leagtar crann ó dheas nó ó thuaidh, luífidh sé mar a dtitfidh sé. An té a bhíonn ag faire na gaoithe, ní chuirfidh sé síol choíche agus an té a bhíonn ag iniúchadh na scamall, ní bhainfidh sé fómhar go deo. Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t-anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní. Dá bhrí sin cuir an síol ar maidin agus um thráthnóna ná bíodh do lámh díomhaoin; mar níl a fhios agat cé acu den dá shíolchur a thabharfaidh toradh uaidh nó an mbeidh an rath céanna orthu araon. Nach breá an ní é an solas! Nach aoibhinn do na súile an ghrian a fheiceáil! Dá mhéad bliain dá maireann duine baineadh sé taitneamh astu go léir, agus cuimhníodh sé gurb iomaí lá dorchadais a bheidh ann. Baois is ea gach ní dá bhfuil le teacht! Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d' óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir. Caith an bhuairt amach as do chroí, Díbir an phian ó do chorp. Óir is baois í an óige agus aois na gruaige duibhe. Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d' óige, sula dtaga na drochlaethanta, agus go ndruide blianta na seanaoise leat, a ndéarfaidh tú fúthu: «Ní bhainim aon sásamh astu»; sula ndorchaítear ar an ngrian agus ar sholas an lae, ar an ngealach agus ar na réaltaí, agus sula bhfille na néalta tar éis na fearthainne; nuair a bhíonn coimeádaithe an tí ar crith agus na fir láidre cromtha síos; nuair a stadann na meilteoirí mná den obair de bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag díobh ann; nuair nach bhfeictear níos mó an bhantracht a bhíodh ag féachaint amach an fhuinneog; nuair a dhúntar doirse na sráide agus go dtéann glór an mhuilinn in isle brí; nuair a bhíonn guth na héanlaithe [ina thost] agus nach gcloistear na héin cheoil níos mo; nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh arda agus scanradh air siúl sa tsraid; nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláth agus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallach agus caor na cupraisce gan éifeacht; óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraí agus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna; sula ngearrtar an corda airgid agus go ndéantar smidiríní den bhabhla óir; sula mbristear an crúiscín ag an tobar agus go scaoiltear an roth ar an bhfuarán; sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í. Baois na baoise, a deir Cóheilit; níl in aon ní ach baois. I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal. D' fhéach Cóheilit le briathra taitneamhacha a fháil agus an fhírinne a chur síos le barr cruinnis. Broid is ea briathra na saoithe agus is cosúil le tairní dea-dhaingnithe an díolaim seanráite a thug an t-aon aoire amháin uaidh. Lena chois sin, a mhic, seachain thú féin! Níl aon teorainn leis na leabhair a scríobhtar agus tuirsíonn mórán staidéir an cholainn. Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine. Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é. Laoi na laoithe do Sholamh. Pógadh sé mé de phóga a bhéil óir is fearr do ghrá ná fíon. Is maith é cumhracht d' ola, ola dhoirte d' ainm a d' fhág na cailíní i ngean leat. Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis. Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin. Tú ár n-áthas, tú ár n-aoibhneas. Mórfaimid do ghrá thar fhíon. Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit. Más dubh mé, is sciamhach, a mhná Iarúsaileim; mar bhotha céadair, mar bhéalscátha Sholaimh. Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn, is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé. Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm, d' fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé, faoi deara faillí m' fhíonghoirt féin. Inis dom, a ghrá mo chroí, Cá gcuireann tú do thréad ar féarach, Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad; i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardach trí thréada do chomharsana? Murab eol duit, a bhean thar mhná, lean lorg na gcaorach; cuir do mheannáin ar féarach in aice bhoth na dtréadaithe. Mo chapaill faoi charbad Fhorainn, is mar sin liom tú, a chara. Is breá do ghruanna d' ainneoin fáinní cluas, agus do mhuineál d' ainneoin muincí. Déanfaimid muince óir duit agus cnaipí airgid inti. Nuair atá an rí [ag a bhord], tá mo nard ag tabhairt a chumhrachta. Miorr cumhra liom mo ghrá i sparán ar mo bhrollach. Gas coifir liom mo ghrá as fíonghort Thobar Gheidí. Nach álainn tú, a rún, nach álainn! do shúile is coilm iad. Nach álainn tú, a ghrá; is aoibhinn go deimhin. I lár dhuilliúr ár leapa. Crann céadrais díon ár dtí, adhmad píne ár dtroscán. Lus an chroimchinn beag ar mhá mé, seileastar bocht i ngleann. Seileastar idir driseacha mo rúnsa idir mná. Crann úll thar chrainn na coille mo ghrása thar fir. Faoina scáth suím, mar ba mhian liom; milis le mo bhéal a ulla. Thug sé go teach an fhíona mé; grá a mheirge orm. Neartaigí le cácaí rísín mé; Cuirigí brí ionam le húlla, Mar tá galar an ghrá orm. A lámh chlé faoi mo cheann, a lámh dheas tharm anall. Agraím oraibh, a mhná Iarúsailéim, dar fia agus eilití na má, Ná corraigí, ná músclaígí mo rún go dtograí sí féin. Éist! mo ghrá! Chugainn é thar bharr na gcnoc ag léim na ngleannta. Cosúil mo ghrá le heilit nó le fia óg ag léim. Sin é lasmuigh anois é, ag féachaint isteach an fhuinneog, Ag faire agus ag glinniúint. Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom. Seo é mo ghrá ag labhairt liom: Seo anois tá an geimhreadh thart, tá an bháisteach glanta feasta, tá an tír seo againne faoi bhláth, tháinig aimsir scoite na bhfíniúna; tá an fearán ag durdáil amuigh, figí glasa ar an gcrann, cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith. Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom. Mo cholm i scailp na haille, i bhfolach i bpluaiseanna, dá bhfeicfinn do ghnúis, dá gcluinfinn do ghuth! óir is binn é do ghuth, is álainn í do ghnúis. Beirigí ar na sionnaigh, na sionnaigh bheaga dúinn, do mhill an fíonghort, ár bhfíonghort faoi bhláth. Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise, i measc na mbláthanna chuir sé a thréad, Go séide lá go scaipe scáth, fill? bí cosúil, a ghrá, le heilit, nó le hoisín na bhfia ar Chnoc [Tairngire]. Ar mo leaba dom i gcoim oíche a loirg mé grá m' anma, a loirg mé agus ní bhfuair. Éireoidh mé, cuardóidh mé, tríd an mbaile, trí na sráideanna, lorgfaidh mé grá mo chroí. Má loirg, ní bhfuair. Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile: «An bhfaca sibh grá mo chroí?» Ní fada a ghabh mé tharstu gur theagmhaigh grá mo chroí liom. Rugas greim air nach scaoilfidh mé go dtabharfaidh mé isteach é i dteach mo mháthar i seomra mo bhuime. Agraím oraibh, a iníona Iarúsailéim, dar fia agus eilití na má, ná corraigí, ná músclaígí mo rún, go dtograí sí féin. Cad é seo aníos ón bhfásach, mar a bheadh crann deataigh as miorr agus túis agus uilechumhracht na siopaí? Sin é coiste Sholaimh, trí fichid laoch thart air, ó shárlaochra Iosrael; fear claímh gach laoch díobh ó thaithí an chogaidh; a chlaíomh ar a shliasaid i gcoinne bhaol na hoíche. Do rinne Solamh rí suí breithimh dó féin d' adhmad na Liobáine. Cosa airgid faoi, scáth óir os a chionn, adhairt chorcra ann, éabann dá fholach. Tagaigí go bhfeice sibh, a iníona Iarúsailéim, Solamh rí gona mhionn rí a chuir a mháthair air lá a phósta, lá áthais a chroí. Nach álainn tú, a rún, nach álainn! do shúile is coilm iad. Laistiar de do chaille folt mar thréad gabhar anuas Cnoc Ghileád. D' fhiacla mar thréad lomtha aníos as an loch nite, cúpla uan ag gach caora agus gan caora díobh seasc. Snáth craorag do bheola, do chomhrá ró-aoibhinn. Leathbhró ghránúill do ghrua laistiar de do chaille. Túr Dháiví do mhuineál, daingean cosanta, míle sciath ar crochadh air, éide chatha na gcuradh. Do dhá chíoch mar dhá oisín, cúpla aon eilite, ag innilt i measc bláthanna. Go séide lá, go scaipe scáth rachaidh mé go cnoc an mhirr, go tulach na túise. Álainn tú ar fad, a rún; atá tú gan cháim. Tar as an Liobáin, a bhrídeach, tar as an Liobáin isteach. Féach anuas ó mhullach Amáná, ó mhullach Sheinír agus Hearmón, ó fhásach na leon, ó shliabh na liopard. Shaobh tú mo chiall, a shiúr, a bhrídeach, shaobh tú mo chiall, le silleadh ó shúil leat, le haon seoid de do chuibhreach brád. Nach aoibhinn do ghrá, a shiúr, a bhrídeach, nach blasta do ghrá ná fíon, nach cumhra iad do chumhrachtaí ná spíosraí an domhain! Béilín meala, a bhrídeach, mar an criathar ag sileadh; mil agus bainne faoi do theanga go cinnte; boladh cumhra ar d' éadach mar chumhracht na Liobáine. Gort i lios tú, a shiúr, a bhrídeach, gort i ráth, tobar i gcomhad. Gránúlla go tiubh ann agus togha gach toraidh ó shruthanna an tobair. Spiocnard agus cróch ann, giolcach chumhra agus cainéal, gach crann i bhfuil roisín, miorr agus fóifíneach, agus togha gach cumhrachta. Tobar i ngort aníos as an talamh, nó sruth as an Liobáin. Éirigh a ghaoth aduaidh, gluais, a ghaoth aneas, séidigí trí mo ghairdín go leatha a chumhrachtaí. Tagadh mo ghrá isteach ina ghort, blaiseadh sé togha gach toraidh ann. Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m' fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn. I mo chodladh dom, tá mo chroí ina dhuiseacht; cluinim mo ghrá ag an doras: «Oscail dom, a shiúr, a rún, mo cholúr gan éalang, óir is báite mo cheann i ndrúcht, is fliuch m' fholt ón oíche.» Ach, táim tar éis baint díom; an gá dom cur orm arís? Tá mo chosa nite agam; an gcaithim a sailiú arís?» Shín mo ghrá a lámh isteach i bpoll na heochrach; chorraigh mo chroí i mo chléibh. D' éiríos féin go n-osclóinn do mo ghrá. Bhain miorr fliuch le mo láimh, fíormhiorr le mo mhéar, ó bhacán an ghlais. D' osclaíos do mo ghrá bhí mo ghrá imithe; bhain sin an t-anam asam. Loirg mé é agus ní bhfuair, ghlaoigh níor fhreagair sé. Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile. Bhuail siad mé, agus ghoin, srac siad díom mo bhrat, lucht faire an bhaile. Achainím oraibh, a iníona Iarúsailéim, má fhaigheann sibh mo ghrá cad a inseoidh sibh dó uaimse? Go bhfuil galar an ghrá orm. Cad iad buanna do ghrá-sa, a phlúr na mban. Cad iad buanna do ghrá-sa go n-iarrann tú an achainí sin orainn? Dearg agus bán do mo ghrá; d' aithneófá i measc mílte é. A cheann mar ór leáite, a dhlaoithe mar an phailm, chomh dubh leis an bhfiach. A shúile mar an colm ar bhéal coire uisce á ní féin as bainne i [gCoire na Mara]. A ghiall mar spíosraí, ceapach luibheanna cumhra. A bheola mar bhláthanna, ag sileadh mirr chumhra. Buinní óir ar a lámha go n-iliomad flannchloch. A chabhail mar an t-éabann bán, agus í breac le saifírí. Galláin mharmair a chosa ar fhothaí óir ag seasamh. Cosúil é leis an Liobáin, togha na gcrann céadrais. Is é an binneas a fhriotal, is mealltacht é uile. Sin é mo ghrá, sin é mo shearc, a iníona Iarúsailéim. Cá ndeachaigh do ghrá uait, a phlúr na mban, cén treo a d' iompaigh do ghrá, agus lorgfaimid leat é? Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá, go ceapacha na spíosraí, lena thréad a chur ar féarach agus blátha a chruinniú. Le mo ghrása mise, agus liomsa mo ghrá; i measc na mbláthanna chuir sé a thréad. Álainn tú, a rún, mar Thirzeá, breá mar Iarúsailéim, chomh huafar le cathshlua. Iompaigh uaim do shúile, nó sáróidh tú mé leo. Folt mar thréad gabhar anuas Cnoc Ghileád. D' fhiacla mar thréad caorach aníos as an loch nite, cúpla uan ag gach caora, gan caora díobh seasc. Leathbhro ghránúill do ghrua laistiar de do chaille. Trí fichid banríon, ceithre fichid leannán, cailíní gan áireamh Ach is túisce liomsa ise, mo cholm gan cháim; is í is túisce lena máthair, is í rogha a buime í. Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di, banríon nó leannán nár mhol í: «Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae, gealach ar áille, grian ar loinnir, chomh huafar le cathshlua?» Chuas síos i ngort na gcnónna, go bhfeicfinn fás an ghleanna go bhfeicfinn an raibh an fhíniúin ag eascairt, nó an gránúll ag borradh. Sular thuig mé seo mé, de mhian mo chroí, [i gcarbad le taobh] mo phrionsa. Fill, fill, a Shiúlamach, fill, fill, go bhfeicfimid thú. Eisean 7:1 2 Nach breá iad do chosa i mbróig, a iníon rí; lorgaí mar chlocha muince dea-dhéanta ó láimh an tsaoir! 3 D' imleacán mar chuach fíona, ní folamh é choíche. Brú mar charn cruithneachta, fál bláthanna air. 4 Do dhá chích mar dhá oisín, cúpla aon eilite. 5 Do mhuineál mar thúr eabhair, do shúile mar locháin Heisbeon faoi gheata Bhat Rabaím. Do shrón mar thúr sa Liobáin ag faire i dtreo na Damaisce. 6 Do cheann mar Chnoc Chairmeil, folt ar dhath an chorcra; cheangail tú rí lena thriopaill. 7 Is álainn tú, is aoibhinn, a shearc, a mhilse. 8 Ard maorga mar chrann pailme tú, do chíocha mar chrobhaing. 9 «Suas an phailm liom,» arsa mise; «béarfaidh mé greim ar a géaga.» Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna, boladh úll ar d' anáil. 10 Togha fíona do phóga ag dul go blasta síos an scornach trí bheola agus fiacla. Le mo ghrá-sa mise, agus mise a mhiansan. 11 12 Tar liom, a ghrá, amach ar na bánta. Codlóimid i measc bláthanna coifir. 13 Moch maidine don fhíonghort, d' fhios ar eascair an fhíniúin, ar oscail a bláthanna, ar bhorr an gránúll. Is ann a thabharfad grá duit. 14 Geanúll ag tabhairt a bholadh, togha agus rogha chun ár láimhe. Sean agus nua a thaisc mé duitse, a ghrá. Cé a thabharfadh go mba deartháir liom thú a dhiúil cíocha mo mháthar, go bpógfainn thú mar a mbuailfinn leat gan náire na ndaoine. Sheolfainn liom isteach thú i dteach mo mháthar a mhúin mé; thabharfainn duit fíon cumhra, sú mo ghránúll. A lámh chlé faoi mo cheann, A lámh dheas tharm anall. Agraím oraibh a mhná Iarúsailéim gan mo rún a chorraí ná a mhúscailt go dtograí sí féin. Cé hí seo aníos ón bhfásach ar ghualainn a grá? Eisean Cuir mar shéala ar do bhrollach mé, mar fháinne ar do láimh. Óir ní láidre an bás ná an grá, ní doichte an tÉad na Tír an Bháis. Is tine dhóite é, sárlasair. Díle uisce ní mhúchfadh an grá, ná tuile abhann ní scuabfadh chun siúil é. An té thairgfeadh a chuid den saol ar ghrá, tarcaisne a gheobhadh sé. Tá deirfiúr againn atá beag, í fós gan chíocha. Cad a dhéanfaimid lenár ndeirfiúr an lá a mbeidh sí á hiarraidh? Más balla í tógfaimid túr airgid ar a mullach. Más geata í, daingneoimid le clár céadrais í. Is balla mé agus mo chíocha mar thúir air, Ach leis an bhfear siúd tá mo shíocháin déanta. Bhí fíonghort ag Solamh i bpobal líonmhar. Chuir sé an fíonghort ar cíos, míle bonn ón duine ar a thoradh. Sin é an fíonghort domsa: seo dhuit do mhíle bonn, a Sholaimh, agus dhá chéad thairis dá lucht coimeádta. Tusa sa ghort tá na cairde ag éisteacht cluinim do ghuth. Rith chugam, a ghrá mar eilit, nó mar oisín na bhfia, ar chnoic chumhra. Fáistiní ó roimh an gCogadh Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá. Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: «Thóg mé agus d' oil mé clann mhac, ach d' éirigh siad amach i mo choinne. Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.» Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d' iompaigh siad uaidh i leith. Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís, agus an feall ar siúl agaibh fós? Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad; ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann: créachtaí, fearbacha, cneánna oscailte nach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu, ná cógais ola. Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe, bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí; díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom. Ta iníon Shíón fágtha mar bheadh bothán faire i bhfíonghort, mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar, mar bheadh cathair faoi léigear. Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail. Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá! «Nach cuma liomsa bhur n-íobairtí gan áireamh?» a deir an Tiarna. «Tá mé dóthanach de reithí loiscthe agus de shaill na ngamhna, níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair. Nuair a thagann sibh i mo láthair, cé a d' iarr oraibh urlár mo thí a shiúl? Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam; cuireann an toit atá uathu déistin orm. Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil? ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó. Bhur réanna nua agus bhur n-oilithreachtaí, is gráin liom iad i m' anam istigh. Is ualach orm iad agus tá mé tuirseach á n-iompar. Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola. Nígí, glanaigí sibh féin. Tógaigí bhur n-urchóid as mo radharc. Éirigí as an olc a dhéanamh! Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh, lorgaigí an rud cóir, cuirigí in éadan ansmachta, tugaigí a cheart don dílleachta, agraigí cúis na baintrí. Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad. Má thoilíonn sibh a bheith umhal, íosfaidh sibh de thoradh na talún; ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc, is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.» Tá béal an Tiarna tar éis labhairt. Conas a rinne striapach di, an chathair dhílis? Síón, a bhí lán de dhílseacht, mar a raibh an ceart ina chónaí, níl intí anois ach lucht dúnmharfa. Tá d' airgead i ndiaidh athrú ina shal, tá uisce trí do chuid fíona. Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche. Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua, Neach Láidir Iosrael: «Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic, bainfidh mé sásamh as mo naimhde. Iompóidh mé mo lámh i do choinne, glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis, agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad. Cuirfidh mé do bhreithimh ar ais mar bhí siad cheana, do chomhairleoirí mar bhí siad anallód. As sin amach, glaofar cathair na córach ort, an chathair fhíréanta.» Déanfar Síón a athcheannach le hionracas, agus le ceart an dream dá muintir a iompóidh ar ais. Lucht ceannairce agus peacaigh, brisfear i dteannta a chéile iad agus an dream a thréigeann an Tiarna, rachaidh siad in éag. Sea, beidh náire oraibh de bharr na gcrann teiribinte a bhfuil bhur sólás iontu, agus beidh ceann faoi oraibh de bharr na ngairdíní a chuireann cluain oraibh. Óir beidh sibh cosúil le teiribint a bhfuil a duilliúr feoite agus le gairdín nach bhfuil uisce leis níos mó. Déanfar barrach den duine teann agus lasóg dá shaothar. Loiscfear iad i dteannta a chéile agus ní bheidh duine ann lena múchadh. Fís Íseáia mhic Ámóz i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim. Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é; is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: «Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.» Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna. Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal, agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó. A theaghlach Iacóib, tagaigí, agus siúlaimis i solas an Tiarna! Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal, do mhuintir Iacóib; tá an tír lán le lucht feasa, agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach; agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh. Tá a ndúiche lán airgid agus óir agus níl deireadh go deo lena dtaiscí; tá a ndúiche lán de chapaill agus níl deireadh lena gcarbaid; tá a dtír lán de dhéithe bréige? Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin; os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin. Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine; ná maith dóibh é. Imigh leat i measc na n-ailteanna, gabh i bhfolach sa láib, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh. Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin. Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann, i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais, i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh, i gcoinne chéadras na Liobáine go léir agus chrann darach Bháiseán go léir, i gcoinne na sléibhte buacacha ar fad agus na gcnocán ard ar fad, i gcoinne na dtúr ard uile agus na mbábhún crioslaithe uile i gcoinne loingeas Thairsís go léir agus a n-earraí luachmhara go léir? Ísleofar an t-uabhar daonna, tabharfar béim síos do dhíomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin, agus caithfear síos na déithe bréige go léir. Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh. An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n-adhradh, nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraig agus i scoilteanna na n-ailteanna ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh. Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh, nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí. Cén luach a chuirfí síos dó? Sea, féach, tá an Tiarna Dia na Slua, ag dul an uile chrann taca a bhaint de Iarúsailéim agus de Iúdá, (taca aráin agus taca uisce); gaiscíoch, ceithearnach, breitheamh agus fáidh, fear feasa, seanóir, ceann feadhna, ceannasaí, comhairleoir, draoi agus ceard. «Tabharfaidh mé ógánaigh mar phrionsaí dóibh, agus beidh siad faoi réir ag lucht baoise.» Tá na daoine ag déanamh leatroim ar a chéile agus sin idir comharsana; an gasúr ag caitheamh sotail leis an seanduine, agus an daoscar leis an uasal, ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar: «Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn, agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.» Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin: «Ní fear leighis mise, níl arán ná brat i mo theach; ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.» Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir. A sotal féin, is fianaise ina n-éadan é, déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom. Is trua a gcás, mar rinne siad a gcreachadh féin. Abraigí: «Is méanar don fhíréan, mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha; Is mairg don ainbheartach, tá an t-olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.» A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra agus faoi anfhorlann ag mná. A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat. Tá an Tiarna ag dul suas chuig a chathaoir bhreithiúnais, tá sé ina sheasamh chun a phobal a chiontú. Tá an Tiarna ag daoradh seanóirí agus prionsaí a phobail. «Is sibhse a chreachann an fíonghort agus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe. Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh, agus aghaidh na mbochtán a bhrú?» Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua. Dúirt an Tiarna: «De bharr dhíomais iníonacha Shíón, mar go siúlann siad lena gceann suas agus iad ag caitheamh catsúile, mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim, ag baint ceoil as a bhfáinní coise, Fágfaidh an Tiarna a gcloigeann gearbach agus a náire tarnocht.» Sa lá sin, tabharfaidh an Tiarna chun siúil fáinní múrnáin, corráin, síogairlíní, bráisléid, caillí, filléid, cóiriú gruaige, slabhairíní coise, criosanna, boscaí cumhráin agus briochtaí, fáinní, sróiníní, éadach luachmhar, fallaingeacha, cábaí, sparáin, scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn. In ionad an chumhráin, lofacht; in ionad creasa, súgán; in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha, agus mar éide mhaiseach, éadach róin; in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg. Titfidh do chuid fear leis an gclaíomh, agus do ghaiscígh sa choimheascar. Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní; agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht. Agus béarfaidh seachtar ban greim ar aon fhear amháin, an lá sin: «Gheobhaimid bia dúinn féin,» a déarfaidh siad, «agus cuirfimid éadaí orainn féin; ach lig dúinn d' ainm a thabhairt orainn féin, tóg dínn cúis ár náire.» Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael. An dream a mhairfidh de Shíón, fuíoll áir Iarúsailéim tabharfar naoimh orthu uile agus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim. Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe, tiocfaidh an Tiarna a chónaí i ngach uile chuid de Shliabh Shíón agus orthu siúd a thagann le chéile ann, ina néal agus ina dheatach de lá, agus d' oíche, ina chaor thine luisneach. Óir os a chionn ar fad, beidh glóir an Tiarna ina léibheann agus ina both chun scáth a thabhairt sa lá in aghaidh an teasa, agus chun bheith ina tearmann agus ina dídean in éadan báistí agus stoirme. Canaim thar ceann mo chara duan a ghrá dá fhíonghort. Bhí fíonghort ag mo chara ar chnocán torthúil. Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha, agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann, thóg sé túr faire ina lár, agus thochail cantaoir ann leis. Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh, ach thug sé fiachaora dó. Agus anois, a phobal Iarúsailéim agus a mhuintir Iúdá, tugaigí breithiúnas idir mé féin agus an fíonghort seo liom. Cad a d' fhéadfainn a dhéanamh ar son m' fhíonghoirt nach bhfuil déanta agam? Bhí mé ag dréim le caora fíona. Cén fáth na fiachaora amháin? Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois cad tá mé chun a dhéanamh le m' fhíonghort: an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach, an balla a leagan chun go satlófar air. Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air. Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é, agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann. Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar. Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír. Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa: «Is iomaí teach a leagfar! Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu; deich n-acraí d' fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin, agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.» Is mairg dóibh siúd a mbíonn tóir acu ó mhaidin moch ar an bpóit, agus a shuíonn déanach san oíche ag súmaireacht fíona. Níl ar a n-aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n-aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh. Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíocht de cheal tuisceana, a n-uaisle stiúgtha ag an ocras, agus an slua spalptha le tart. Sea, leathfaidh Seól a chraos, osclóidh sé a bhéal as miosúr, agus síos ann leis an gcólp ghalánta, agus iad ag liúireach le lúcháir! Ísleofar an duine, agus an daonnaí, tabharfar céim síos dó agus beidh ceann faoi ar lucht díomais. Ardófar Tiarna na Slua as ucht ceart a bhreithiúnais, agus foilseofar naofacht an Dé Naofa trína fhíréantacht. Beidh uain ag iníor mar bheadh siad ar thalamh féaraigh, beithígh bheathaithe agus mionnáin ag innilt i measc na bhfothracha. Is mairg dóibh siúd a tharraingíonn creach orthu féin le teaghrán eallaigh, agus an peaca mar bheadh tarraingeáil chairte orthu! Iad siúd a deir: «Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.» Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht! Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin, agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic! Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta, agus do na laochra a mheascann an bhiotáille! Is mairg a scaoileann saor an ciontach ar bhreab, ach a bhaineann a cheart den duine cóir! Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael. Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill. Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin, ligfidh fead air ó imeall an domhain, agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach. Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach, ná duine atá ceanntrom ná codlatach; a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acu ná iall a chuid cuarán briste. Tá faobhar i gceart ar a shaigheada agus tá na boghanna uile rite aige; is crua ná scileach crúba a chuid capall, agus rothaí a charbad ar nós guairneán gaoithe. Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de. Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim. Gairm Íseáia bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d' eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte. Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile: «Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua. Tá an talamh lán dá ghlóir.» Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach. Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua. Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir. Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt: «Seo, cuimleadh í seo le do bheola, tá do pheaca scriosta, tá d' urchóid clúdaithe.» Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá: «Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?» D' fhreagair mise: «Seo anseo mise, cuir mise!» Dúirt sé liom: «Imigh agus abair leis an bpobal seo: ' Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint, breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil. Déan croí an phobail seo trom, déan a gcluasa bodhar, dall a gcuid súl, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, go gcloisfeadh a gcluasa, go dtuigfeadh a gcroí, go n-iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.'» Arsa mise: «Cá fhad, a Thiarna?» D' fhreagair sé mé: «Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad, na tithe gan duine daonna, an tuath tréigthe, agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as. Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre, agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.» Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil. Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: «Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.» Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth. Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: «Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire, agus déarfaidh tú leis: Aire dhuit, ná bíodh imní ort, ná eagla; ná bíodh do chroí anbhann, de bharr an dá ghal soip úd, as siocair Arám, Eafráim agus mac Ramailiá, a bheith ag beartú thú a mhilleadh, á rá: Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur ann agus chun a ghabháil dúinn féin, agus déanfaimid rí ann de mhac Thaibéal.' Mar seo a deir an Tiarna Dia: ' Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh. 8a Is í an Damaisc ceann Arám, agus Reizín, ceann na Damaisce; 8b Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta, beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos. ABN: 8a, 9a, 8b, 9b 9a is í an tSamáir ceann Eafráim, agus mac Ramailiá ceann na Samáire. 9b Ach mura seasann sibhse liomsa, níl seasamh i ndán daoibh.'» Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt: «Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.» D' fhreagair Áchaz: «Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.» Ansin dúirt sé: «Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví, an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin? Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air. Bleacht agus mil a chothóidh é go dtí go mbeidh a fhios aige diúltú don olc agus an mhaith a roghnú. Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc agus an mhaith a roghnú, beidh an tír úd ina díthreabh, agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí. Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal agus ar theaghlach d' athar laethe nár tháinig a leithéid ón am a scar Eafráim le Iúdá (rí na hAsaíre). Sa lá sin, ligfidh an Tiarna fead ar na mioltóga as bun abhann na hÉigipte, agus ar na beacha ó thír na hAsaíre, chun go dtiocfaidís go léir a thuirling ar na haltáin chrochta agus ar scailpeacha na gcarraigeacha, ar sceacha agus ar thalamh féaraigh. Sa lá sin, beidh an Tiarna ag bearradh le rásúr a fruilíodh taobh thall den Abhainn (rí na hAsaíre); an ceann agus fionnadh an choirp, go fiú an fhéasóg is ea lomfaidh sé. Sa lá sin, tógfaidh gach duine aon bhó amháin agus dhá chaora, agus de bharr flúirseacht an táil, bia bleachta agus mil a chothóidh a bhfuil fágtha sa tír. Sa lá sin, gach áit a bhfuil míle fíniúin, arbh fhiú míle píosa airgid iad, ní bheidh ann ach driseacha agus sceacha. Beidh gá le bogha agus le saigheada ag dul isteach ann, óir driseacha agus sceacha a bheidh sa talamh ar fad. Na sléibhte a romhraíodh le rámhainn, ní rachaidh aon duine iontu níos mo, le heagla roimh na driseacha agus na sceacha; fearann eallaigh a bheidh ann, agus réimse do chaoirigh.» Dúirt an Tiarna liom: «Tóg séala mór agus scríobh air i ngnáthlitreacha: Machaer Seálál Hais Baz. Ansin faigh finnéithe dom atá inmhuinín: an sagart Úiriá agus Zacairiá, mac Ibiricia.» Chuaigh mé i leith an bhanfháidh. Ghabh sí agus shaolaigh mac. Dúirt an Tiarna liom: «Tabhair Machaer Seálál Hais Baz mar ainm air, óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ' daidí' na ' mamaí' a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.» Labhair an Tiarna liom arís agus dúirt: «As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d' uiscí Shileo a shileann go suaimhneach, agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín agus mac Ramailiá, cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinne uiscí tréana domhaine na hAbhann (rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán). Sceithfidh sí as a grinneall agus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad; beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.» Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh; éistigí, a chiníocha i gcéin, ceanglaígí oraibh bhur n-airm, ach scriosfar sibh, ceanglaígí oraibh bhur n-airm, ach scriosfar sibh. Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne. Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom, nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadh ó shlí an phobail seo a leanúint. «Ná tabhair comhcheilg ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air; an ní is eagal leo, ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan. Tiarna na Slua, is é nach mór a naomhú; roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan. Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim. Agus bainfear tuisle as mórán díobh, titfidh siad agus brisfear iad; rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.» Tá an tiomna faoi chlúdach, an teagasc faoi shéala agam i gcroí mo dheisceabal. Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas. Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón. Agus beidh siad á rá libh: «Fiafraígí de na taibhsí agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil; cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh, chun teagasc agus tiomna a fháil.» Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh. Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia; ag amharc in airde dóibh nó ag breathnú síos ar an talamh, níl ann ach anbhroid agus dorchadas, gruamacht na hanbhuaine, agus ní fheicfidh siad ach an oíche. San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san am atá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl na gciníocha. 23 An ea nach mbíonn gruamacht mar a mbíonn anbhuain? 1 An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas, chonaic siad solas mór; agus ar mhuintir na tíre gruama tá solas ag lonrú. 2 Chuir tú go mór lena n-áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair, mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach. 3 Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí, agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián. 4 Óir gach coisbheart catha, agus gach fallaing a tumadh san fhuil, tá siad loiscthe, tá siad dóite le tine. 5 Óir rugadh leanbh dúinn, tugadh mac dúinn; tá an tiarnas ar a ghualainn, agus is é ainm atá air: «Comhairleoir iontach», «Dia láidir», «Athair síoraí», «Prionsa na síochána». 6 Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích. Caitheann an Tiarna focal le Iacób agus titeann sé ar Iosrael. 7 8 Pobal iomlán Eafráim agus muintir na Samáire, aithníonn siad é. Dúirt siad ina ndíomas agus i sotal a gcroí: 9 «Tá na brící tar éis titim, tógfaimid le clocha gearrtha; tá na seiceamair leagtha, cuirfimid céadrais ina n-áit.» 10 Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo, tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic: 11 Arám thoir agus na Filistínigh thiar, alpann siad Iosrael go cíocrach. Ach níl a fhearg síothlaithe; tá a lámh sínte amach i gcónaí. 12 Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua; 13 mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh d' Iosrael, pailm agus giolcach in aon lá amháin. 14 (Seanóir agus móruasal sin é an ceann; fáidh na bhfíseanna bréagacha, is é sin an t-eireaball.) 15 Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae, agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán. 16 Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n-ógánaigh, ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha. Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad, tá a gcaint seafóideach. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí. 17 Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin. 18 Fearg Thiarna na Slua is í chuir an tír trí thine, agus is cuma nó breosla an pobal. Níl duine acu a thugann anacal dá bhráthair, 19a Gearrann siad ar dheis, agus tá ocras orthu fós; slogann siad ar chlé, agus níl siad sásaithe. 19b gach aon ag alpadh feoil a chomharsan. ABN: 19b, 19a 20 Alpann Manaise Eafráim, agus Eafráim Manaise, agus tá an bheirt acu in éadan Iúdá. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí. Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra, do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide, a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil, agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart, a dhéanann na baintreacha a chreachadh agus a dhéanann slad ar na dílleachtaí. Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh? Níl agaibh ach umhlú síos i measc na gcimí, nó titim i measc na marbh. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí. Is mairg don Asaír, don tslait sin mo chorraí, an bata atá á bheartú agam le barr feirge! In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide. Ach níorbh é sin an rún a bhí aige féin, ní amhlaidh don bhreith a thug sé ina chroí. Ní raibh ina chroí siúd ach fonn díscithe, an iomad náisiún a stróiceadh ó chéile. Bhí sé ag rá: «Nach cuma nó ríthe mo cheannairí go léir? Nach ionann iad Calno agus Cairceimis? Nach ionann Hamát agus Arpád? nó an tSamáir agus an Damaisc? Mar a d' aimsigh mo lámh ríochtaí na n-íol, a ba líonmhaire dealbh ná Iarúsailéim agus an tSamáir, mar a rinne mé leis an tSamáir agus lena cuid íol, nach amhlaidh fós a chaithfidh mé le Iarúsailéim agus lena dealbha?» Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána. Óir dúirt sé: «Le neart mo láimhe a rinne mé é, agus le mo ghaois, mar is mé atá críonna: chuir mé críocha náisiún ar ceal, agus rinne mé slad ar a stór. Chaith mé a lucht cónaithe ar a mbéal faoi sa láib D' aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé, saibhreas na gciníocha. Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh, bhailigh mé chugam an talamh ar fad, agus níor greadadh sciathán, níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.» An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe? Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe? Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í, agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é. Is é sin an fáth a gcuirfidh Tiarna na Slua meath ar a chuid gaiscíoch; faoina rachmas thíos beidh dóiteán ag dó mar a dhónn tine. De sholas Iosrael déanfar tine. agus bladhaire dá Neach Naofa, ag loisceadh agus ag alpadh a dhriseacha agus a sceacha in aon lá amháin; maise na foraoise agus na ngairdíní, ciorróidh sé idir chorp agus anam, beidh sí cosúil leis an othar atá ag meath. Fuílleach chrainn na foraoise b' fhurasta a gcuntas, scríobhfadh páiste síos iad. Sa lá sin, fuílleach Iosrael agus ar tháinig slán de theaghlach Iacóib, ní bheidh siad ag brath níos mó ar an té a bhuaileann iad, ach beidh siad ag brath go fírinneach ar an Tiarna, Neach Naofa Iosrael. Fillfidh fuílleach, fuílleach Iacóib, ar an Dia láidir. Óir dá mb' ionann do phobal, a Iosrael, agus gaineamh na farraige, ní fhillfidh díobh ach fuílleach. Tá a léirscrios socraithe, rud a fhágfaidh an fhíréantacht ag cur thar maoil. Óir an léirscrios atá socraithe aige, cuirfidh an Tiarna i gcrích é ar fud na tíre ar fad. Is é sin an fáth a labhraíonn Tiarna na Slua mar seo: «A phobal liom, a bhfuil do chónaí i Síón, ná bíodh eagla ort roimh an Asaír a bhuaileann thú le bata, agus a thógann an tslat i do choinne. Óir tamaillín beag fós agus beidh deireadh leis an bhfíoch, scriosfaidh m' fheargsa iad. Os a chionn siúd craithfidh Tiarna na Slua an lasc, mar a rinne nuair a threascair sé Midián ag carraig Horaeb, agus nuair a shín sé a shlat in aghaidh na farraige agus a thóg í os cionn bealach na hÉigipte. Tá sé ag déanamh anall orainn bealach Rimeon, Sa lá sin, tá sé ag teacht thar Áiat, ag dul trasna Mhigreon; i Micmeás tá a scuaine iompair fágtha i loc aige. Anall leo ón talamh thall, i nGeaba atá siad ar ceathrúin oíche. Tá Rámá ar bhall amháin creatha, Gibeá Sól ag imeacht ina tháinrith; A Bhat Gailím, liúraigh leat! A Laiseá, éist léi! Tabhair freagra uirthi, a Anatót! Tá Madmaená ag teicheadh, muintir Ghéibím ar a seachnadh. An lá seo féin déanfaidh sé sos i Nob. Bagróidh sé a lámh ar shliabh iníon Shíón, ar chnocán Iarúsailéim. Féach, seo an Tiarna Dia na Slua ag teascadh na ngéag lá huafás. Tá barra na gcrann á ngearradh, agus na bilí is bródúla á leagan. Tá ceartlár na foraoise ag titim leis an tua; tá an Liobáin agus a glóir ag turnamh. Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise, agus gas ag teacht óna fhréamh; tá spiorad an Tiarna ag lonnú air, spiorad na heagna agus na tuisceana, spiorad na comhairle agus na cumhachta, spiorad an eolais agus eagla an Tiarna. (In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.) Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta, ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil. Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t-anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t-urchóideach. Is í an chóir bréid cheangail a choime, agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga. Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan, an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair; tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht agus gasúr óg á mbuachailleacht. Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais, agus a gceanna beaga in aon ál le chéile; tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart. Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra, ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh. Díth ná dochar ní dhéantar níos mó ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir, óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiama mar a líonann an fharraige leis an lán mara. Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha. Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir. Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige. Cuirfidh sé comhartha in airde le haghaidh na náisiún, agus baileoidh sé ar díbríodh as Iosrael le chéile; cruinneoidh sé muintir scaipthe Iúdá ó cheithre arda an domhain. Beidh deireadh ansin le héad Eafráim, agus brúfar naimhde Iúdá síos; ní bheidh Eafráim in éad le Iúdá feasta, ná Iúdá ina namhaid ag Eafráim níos mó. Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach, i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir; beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas agus clann Amón ag géilleadh dóibh. Agus triomóidh an Tiarna camas mhuir na hÉigipte, agus sínfidh amach a lámh os cionn na hAbhann; le neart a anála roinnfidh sé ina seacht srutháin í, agus beifear ag siúl trasna tirimchosach, sa dóigh go mbeidh clochán ann faoi choinne fuílleach a phobail, ar mhair beo i ndiaidh deoraíocht na hAsaíre, díreach mar bhí faoi choinne Iosrael nuair a tháinig siad aníos as an Éigipt. Déarfaidh tú an lá sin: «Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá d' fhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom. An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.» Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach as toibreacha an tslánaithe. Déarfaidh sibh an lá sin: «Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí air ina ainm! Fógraígí a éachtaí don phobal, meabhraígí gurb oirirc dá ainm. Canaigí don Tiarna, óir tá iontais déanta aige; ní mór iad a fhoilsiú ar fud an domhain iomláin. Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.» In aghaidh na Bablóine Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde, crochaigí suas an ghairm slua. Bagraígí lámh orthu i leith chun go dtaga siad go geataí na n-uaisle. Tá ordú tugtha agam do mo chuid óglach beannaithe; tá mé ag glaoch le teann feirge ar mo laochra, agus is iad atá cíocrach chun caithréime. Éistigí! Torann ar na sléibhte mar bheadh slua ollmhór ag callán. Éistigí! Búirthíl na ríochtaí agus na náisiún i dtionól. Is é Tiarna na Slua atá ag gairm slógadh chun catha. Tá siad ag teacht ó thír i gcéin, ó chianchríocha na spéire, an Tiarna agus feidhmeannaigh a fheirge, chun an talamh ar fad a chreachadh. Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna; tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n-uilechumhacht. Dá bharr sin tá na lámha uile ar sileadh, agus croí an uile dhuine go fann; tá scéin orthu agus scaoll, tá siad i bpriacail ar nós mná seolta. Tá siad ag breathnú ar a chéile agus a ngnúiseanna lasta le náire. Tá lá an Tiarna chugaibh go cruálach, le fraoch agus le fearg loiscneach, chun fásach a dhéanamh den tír agus na peacaigh a theascadh as. Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta, ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh; tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di, ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó. Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis. Déanfaidh mé daoine níos gainne ná scoth an óir, níos teirce ná ór Óifír. Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha, go mbogfaidh an talamh as a áit, le barr buile Thiarna na Slua, sa lá a spréachfaidh a fhearg. Ansin, mar a bheadh fia á sheilg, mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh, tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin, agus teithfidh chun a dhúiche féin. Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é; gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh. Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl, déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná. Seo, tá mé ag gríosú na Méideach ina n-aghaidh, gur cuma leo airgead agus gur táir leo ór. Tá na gasúir á mbascadh agus na girseacha á mbrú. Toradh na broinne ní trua leo, ná níl trócaire ina súil d' aon mhac máthar. An Bhablóin, péarla na ríochtaí, seod agus práinn na gCaildéach, beidh sí ar nós Shodom agus Ghomorá nuair a threascair Dia iad. Ní bheidh cónaí ansin níos mó, ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo. Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh, ná na haoirí a dtréada ann i gcró. Beidh a ngnáthóga ag na hainmhithe allta ann, agus beidh a cuid tithe lán d' ulchabháin. Beidh cónaí ar éanlaith an aeir ansin, agus na púcaí ag rince ina lár. Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile ina hárais, agus na madraí allta ina páláis sháile? Tá a haimsir ar na gaobhair, ní chuirfear a laethe ar cairde. Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib. Tiocfaidh na ciníocha faoina gcoinne agus déanfaidh siad iad a thionlacan ar ais ionsar a n-áit dúchais, agus fostóidh teaghlach Iosrael iad mar sclábhaithe agus searbhóntaí dóibh féin ar thalamh an Tiarna. Tógfaidh siad mar bhraighdeanaigh iad siúd ag a raibh siad ina mbraighdeanaigh, agus beidh smacht acu ar lucht a mbrúite. An lá a dtabharfaidh an Tiarna faoiseamh duit tar éis do chrá agus do chorraíola, agus tar éis na daoirse déine a raibh tú daortha ann, crochfaidh tú suas an t-amhrán seo mar aoir ar rí na Bablóine: Féach mar tá deireadh leis an aintiarna! Féach mar tá deireadh lena dhíomas! Tá bata na n-urchóideach briste ag an Tiarna, agus slat ríoga na bhflatha, an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmhar le buillí agus le béimeanna, a smachtaíodh na náisiúin le fraoch, á gciapadh gan sos. Tá an talamh uile ag ligean a scíthe faoi shuaimhneas; gáireann sé amach a racht áthais. Na crainn ghiúise féin, tá lúcháir orthu as do chás, tá agus ar chéadrais na Liobáine: «Óir thit tusa ar lár,» arsa siad, «ní thagann aon duine aníos dár leagan.» Tá Seól thíos corraithe faoi do chionn chun teacht ag fáiltiú romhat. Dúisíonn sé taisí na sean in onóir duit, a raibh ina dtaoisigh ar talamh; cuireann sé suas as a suíocháin ríoga ríthe na náisiún ar fad. Seo mar chuireann an t-iomlán acu forrán ort: «Tusa freisin, tá tú scriosta mar atáimidne; rinneadh leat mar rinneadh linn féin.» Tá do phoimp caite síos go Seól, mar aon le ceol do chuid cláirseach; na péisteanna atá mar leaba fút agus na cnumhóga ina gclúdach os do chionn. Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha, a sholas na solas agus a mhic na maidine! Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú, tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir! Bhítheá á rá leat féin i do chroí: «Dreapfaidh mé go barr na bhflaitheas; os cionn réaltaí Dé a thógfaidh mé mo chathaoir ríoga. Suífidh mé ar an sliabh mar a mbailíonn na déithe i ndáil chomhairle in iargúil an tuaiscirt i gcéin. Rachaidh mé suas go barr na néalta dubha, beidh mé cosúil leis an Té is airde. Ach féach, tá tú caite síos go Seól, go híochtar an duibheagáin féin.» Iad siúd a fheiceann thú, breathnaíonn siad ort, stánann ort agus déanann a machnamh: «An é sin an fear a chuireadh an domhan ar crith, a leagadh na ríochtaí ar lár, a rinne fásach den talamh agus fothracha de na bailte, agus nár scaoil cime as braighdeanas riamh?» Ríthe uile na náisiún, tá siad ina luí faoi ghradam, gach aon ina thuama féin. Ach tusa, tá tú caite amach as d' uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró. Ní bheidh cuid ar bith leo siúd agat san adhlacadh. Óir tá do thír féin scriosta agat, agus do mhuintir díothaithe. Ní bheidh iomrá go deo arís ar ál sin na n-urchóideach. Cuirigí eirleach in áirithe dá chlann mhac i gcúiteamh ar mhírún a n-athar. Ná héirídís go deo arís chun an domhan a ghabháil ina seilbh, chun aghaidh na talún a chlúdach lena líon. «Éireoidh mé suas ina n-éadan briathar Thiarna na Slua agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí briathar an Tiarna. Déanfaidh mé fearann don ghráinneog aisti, agus riasc. Scuabfaidh mé í le scuab an scriosta briathar Thiarna na Slua.» Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: «Cinnte! Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach. An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích: An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin, í a bhascadh ar mo shléibhte. Sleamhnóidh a cuing díbh, sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.' Is é seo an beart ar cinneadh air in éadan na talún go hiomlán; is í seo an lámh atá sínte amach in éadan na náisiún. Ó chinn Tiarna na Slua ar a bheart, cé a leomhfadh a chur ar ceal? Má shíneann sé amach a lámh, cé a thabharfadh air í a tharraingt chuige isteach? An bhliain a bhfuair Áchaz rí bás a tugadh an fháistine seo: Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir, de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh, óir as pór na péiste tiocfaidh nathair, agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach. Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh, agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte. Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocras agus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh. Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair! Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir! Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán. Cén freagra a thabharfar ansin do theachtairí an chine sin? An méid seo, gurb é an Tiarna a bhunaigh Síón ina háit, agus is ann a gheobhaidh dearóile a mhuintire dídean. Fáistine i dtaobh Mhóáb. An oíche a ndearnadh creach ar Ár, fágadh Móáb ina thost; an oíche ar creachadh Cír, fágadh Móáb ina thost. Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha; sna sráideanna tá éadach róin orthu, agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh. Sna cearnóga tá gach aon ag olagón agus an gol ag briseadh orthu. Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin, chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint. Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith, agus a anam ag creathnú. Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb, agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar. Och! fána Lúichít suas atá a dtriall agus iad ag caoineadh. Ar bhealach Horonáím tá siad ag gol go coscarthach. Och! uiscí Nimrím, is sceirdiúil an áit í; tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha, lusra níl ann níos mó. Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déanta agus a bhfuil a maoin á hiompar acu thar Sruthán na Saileach anonn. Och! déanann an liúireach cuairt chríoch Mhóáb; fhad le hEaglaím tá a uailleach le cloisint, a uailleach fad le Béar Éilím. Och! tá uiscí Dhímeon ina dtuilte fola; ach tá tubaistí le teacht fós ar Dhímeon, leon ar fhuíoll air Mhóáb agus ar iarmhar na tíre sin. Cuirigí uain mar bhronntanas chuig rialtóir na tíre, ón gCarraig ar thaobh na díthreibhe go sliabh iníon Shíón. Ag cleitearnach anonn is anall mar a bheadh nead scolamán tréigthe, is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb cois áthanna an Arnón. «Tabhair comhairle dúinn, tabhair breith ar ár gcas. Sín amach do scáth mar bheadh coim na hoíche ann i lár an lae ghil. Cuir iad siúd atá scaipthe i bhfolach, ná déan brath ar an teifeach. Lig dóibh cur fúthu i do theach, muintir scaipthe sin Mhóáb; bí i do thearmainn acu i gcoinne an chreachadóra. Nuair a bheidh deireadh leis an ansmacht, críoch leis an gcreachadóireacht, agus lucht chosarbolg imithe as an tír, is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas, agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht, i mboth Dháiví, breitheamh ar mór leis an ceart agus ar luath chuige cíocras na córach.» Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb, uabhar as miosúr, uaillmhian agus borr agus bród, mórtas tóin gan taca. Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb. Tá siad go léir ag caoineadh le chéile. i ndiaidh cístí rísín Chír Harasait tá siad ag mairgneach go cráite. Óir tá tailte Heisbeon faoi chrann smola agus fíniúin Shibmeá, a mbeireadh a gcrobhaingí bua ar thiarnaí na náisiún. Shroiseadh siad fhad le Iazaer, bhíodh siad spréite amach chomh fada leis an bhfásach; bhí a gcraobhacha ag leathadh amach thar farraige anonn. Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer, i ndiaidh fíniúin Shibmeá; silfidh mé mo dheora oraibh go fras a Heisbeon agus a Eileálae. Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíona chualathas gáir chatha; tá an t-áthas agus an lúcháir imithe as gort agus garraí. Sna fíonghoirt níl ceol ná liú áthais le cloisint; níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí, tá an húrla-hárla ina thost. Dá bharr sin, ar son Mhóáb tá mo chliabh mar chláirseach ar crith, agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait. Saothar in aisce ag Móáb a theacht chun teampaill, á thraochadh féin ag scrínte na n-ardán; a dhul isteach ina shanctóir a ghuí, níl gar ann dó. Gurb é sin an focal a labhair an Tiarna i gcoinne Mhóáb fadó. Ach anois deir sé: «I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d' ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.» Fáistine i gcoinne na Damaisce. Tá an Damaisc chun scor mar chathair, ní bheidh ann ach carnán fothrach. Beidh a cuid bailte tréigthe go deo, agus tréada ag iníor ina n-áit; luífidh siad síos iontu gan duine lena ruaigeadh. Tá Eafráim ag dul a dhúnphort a chailliúint, agus an Damaisc a réimeas; caithfear le fuílleach Arám mar a chaithfear le glóir chlann Iosrael. Briathar Thiarna na Slua. Sa lá sin beidh claochlú ar ghlóir Iacóib; beidh a shaill go trua tairteolach. Amhail nuair a tharraingíonn an buanaí gabháil den arbhar chuige, agus go mbaineann a lámh na diasa; amhail nuair a bhíonn na ceannóga á gcnuasach i ngleann Rafáím. Níl fágtha ach an cnuasach; amhail nuair a bhuailtear crann olóige, a dó nó a trí de chaora fágtha ar a bharr, a ceathair nó a cúig ar ghéaga an chrainn. Briathar an Tiarna, Dia Iosrael. Sa lá sin breathnóidh an duine ar a Chruthaitheoir agus casfaidh a shúile i dtreo Neach Naofa Iosrael. Ní bhreathnóidh sé níos mó i leith na n-altóirí, déantús a lámh féin, ná ní amharcfaidh ar an rud a rinne a mhéara féin. na cuaillí coisricthe agus galláin na gréine. Sa lá sin, beidh do bhailte tréigthe mar a bhí bailte mhuintir [Amór agus Hiv,] a fágadh nuair a bhí clann Iosrael ag teacht. Díthreabh a bheidh iontu, mar go ndearna tú dearmad ar Dhia do shlánaithe, agus nár choinnigh tú cuimhne ar Charraig do nirt. Óir plandaíonn tú plandáil in onóir d' Adóinis, cuireann tú slapair de chuid na coigríche inti; an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat, agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht; ach beidh an fómhar millte lá an léin, agus an phian gan leigheas. Och: búiríl na sluaite ollmhóra, búiríl mar a bheadh búiríl na mórmhara, tuargaint na náisiún ag tuargaint mar a bheadh tuargaint an lán mara. Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme. Um thráthnóna, scéin ar fad; roimh mhaidin níl siad ann níos mó. Is í seo cinniúint ár gcreachadóirí, is é is dán don dream a rinne slad orainn. Chugatsa atáim, a thír na sciathán seabhránach, ar an taobh thall d' aibhneacha Chúis, tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige, ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n-uiscí. Imígí libh, a theachtairí meara, chun cine na scafairí griandaite, chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall, cine cumhachtach caithréimeach, sa tír a shileann na haibhneacha. A mhuintir an domhain uile, a áitreabhacha na talún go léir, breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde; éistigí, tá an stoc á shéideadh. Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom: «Ón áit a bhfuil mo chónaí, tá mé ag breathnú uaim go socair, le linn loinnir agus ruithne teasa, le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.» Roimh fhómhar an fhíona, agus aimsir na mbachlóg thart, nuair a aibíonn an bláth chun caor, gearrtar na péacáin leis an gcorrán, déantar beangáin a scoitheadh agus a theascadh. Fágfar ansin iad go léir le haghaidh éin chreiche na sléibhte agus ainmhithe allta na talún. Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh, agus na hainmhithe allta an geimhreadh. Ag an am sin tabharfar bronntanais chuig Tiarna na Slua ó chine na scafairí griandaite, ón náisiun a raibh eagla rompu riamh anall, ón gcine cumhachtach caithréimeach sa tír a shileann na haibhneacha; tabharfar iad chuig an áit ina lonnaíonn ainm Thiarna na Slua, ar shliabh Shíón. Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte. Dreasóidh mé na hÉigiptigh in éadan a chéile, beidh siad ag troid bráthair in aghaidh bráthar, cara in aghaidh carad, baile in aghaidh baile, ríocht in aghaidh ríochta. Beidh mearbhall ar an Éigipt, mar cuirfidh mé a gcomhairle trí chéile; beidh siad ag lorg faisnéise ó dhéithe bréige agus ó dhraoithe, ó lucht feasa agus asarlaíochta. Tá mé chun an Éigipt a thabhairt isteach i lámha aintiarna, agus beidh réimeas ag rí danartha orthu. Seo é briathar Thiarna Dia na Slua. Rachaidh uiscí na mara i ndísc, beidh an abhainn spalptha tirim, beidh boladh bréan ó na díogacha, agus srutháin na Níle ag titim agus ag triomú. Seargfaidh na feagacha agus na giolcacha, agus gach a bhfásann ar bhruacha na Níle. Críonfaidh plandaí na Níle go léir, siabfar ar shiúl agus ní fheicfear iad níos mó. Beidh na hiascairí ag mairgneach agus lucht caite duan sa Níl ag caoineadh; lucht spréite eangacha ar an uisce, beidh siad ag olagón. Bainfear siar as lucht saothraithe an lín, as lucht cardála fós agus lucht fite an éadaigh bháin. Beidh alltacht ar na sníomhadóirí agus beaguchtach ar lucht ceirde ar fad. Amadáin chríochnaithe iad, prionsaí Zoan; na comhairleoirí is críonna atá ag Forann, tá siad dobhránta. Conas a leomhann sibh a rá le Forann: «Dalta de chuid na saoithe is ea mise, de shliocht na seanríthe anallód»? Cá bhfuil siad, na saoithe seo agaibh? Amach leo anois agus léiríodh siad duit a bhfuil socraithe ag Tiarna na Slua a bhfuil i ndán aige don Éigipt. Amadáin iad prionsaí Zoan; tá prionsaí Nof á mealladh féin. Tá an Éigipt ar seachrán acu, ag ceannairí seo a cuid cúigí. Chuir an Tiarna isteach iontu meadhrán agus mearbhall intinne. Tá an Éigipt ag tuisleadh acu i ngach rud a dhéanann sí, mar a bheadh fear meisce ag tuisleadh ina chuid orla. Ní bheidh dada san Éigipt gur féidir leo a dhéanamh, le ceann ná le heireaball, le pailm ná le giolcach. Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu. Beidh dúiche Iúdá ina hábhar uamhain ag an Éigipt. Gach uair a luafar leo í, tiocfaidh eagla orthu de bharr na seifte atá ceaptha ag Tiarna na Slua ina gcoinne. Sa lá sin, beidh cúig bailte i dtír na hÉigipte agus teanga Chanán á labhairt acu, a thabharfaidh mionn dar Tiarna na Slua; beidh Cathair na Gréine ar cheann acu. Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann. Beidh siad ina gcomhartha agus ina bhfianaise do Thiarna na Slua i dtír na hÉigipte. Nuair a ghlaofaidh siad ar an Tiarna in am an leatroim, cuirfidh sé slánaitheoir chucu á gcosaint agus á bhfuascailt. Agus cuirfidh an Tiarna é féin in aithne do na hÉigiptigh agus admhóidh siad é agus déanfaidh umhlóid dó le híobairtí agus le hofrálacha. Déanfaidh siad móideanna don Tiarna agus comhlíonfaidh iad. Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad. Sa lá sin, beidh bealach mór ann ón Éigipt go dtí an Asaír. Tiocfaidh an Asaír chun na hÉigipte, agus an Éigipt chun na hAsaíre. Beidh an Éigipt agus an Asaír ag adhradh Dé le chéile. 24a Sa lá sin, beidh beannacht ar Iosrael, mar aon leis an Éigipt agus an Asaír, a dtriúr, i lár na talún. 24b Beannóidh Tiarna na Slua iad, á rá: «Bíodh beannacht ar mo phobal, an Éigipt, ar an Asaír, déantús mo lámh, agus ar Iosrael, m' oidhreacht.» An bhliain ar tháinig an tArdoifigeach go hAisdeod, arna chur uaidh ag Sargon, rí na hAsaíre, d' ionsaigh sé Aisdeod agus ghabh é. San am sin, bhí an Tiarna tar éis labhairt trí mhinistreacht Íseáia mhic Ámóz. Dúirt sé leis: «Gabh agus scaoil an t-éadach róin atá thart ar do choim agat agus bain na cuaráin de do chosa.» Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht. Ansin dúirt an Tiarna: «Díreach mar bhí mo sheirbhíseach Íseáia ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht ar feadh trí bhliain, ina chomhartha agus ina mhana don Éigipt agus do Chúis, is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht. Agus beidh eagla agus náire oraibh as Cúis, a raibh bhur muinín ann, agus as an Éigipt, a raibh sibh chomh teann sin aisti. Agus déarfaidh muintir an chósta anseo: 'Féach ar tharla don té a raibh muinín againn ann agus a ndeachaigh muid chuige ar lorg cabhrach agus dídine ar rí na hAsaíre. Cén bealach éalaithe atá againn anois?'» Fáistine i dtaobh an mhachaire cois na farraige. Gairfean chugainn ar nós séideáin ag scuabadh an deiscirt, ag teacht isteach as an bhfásach, isteach as tír an uafáis is scáfar an fhís a fuair mé tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. «Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.» Is uime sin atá mo chorróga ar bhall amháin creatha; fuair na freanga greim orm, mar bheadh freanga mná seolta; tá mé róbhuartha le cloisint, róscanraithe le feiceáil. Tá mearbhall ar mo chroí; tá scaoll orm de bharr an chreatha; an clapsholas a raibh mé ag dréim leis, is cúis chearthaí dom é. Tá an bord á chóiriú agus á chlúdach le héadach; táthar ag ithe agus ag ól? Suas libh, a cheanna feadhna! Smearaigí bhur sciath. Óir seo an rud a dúirt an Tiarna liom: «Gabh agus cuir fear i mbun faire, fógraíodh sé an méid atá le feiceáil aige. Feiceann sé marcshlua, marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt, marcaigh ar asail, marcaigh ar chamaill. Tá sé ag airdeall, ag airdeall go haireach.» Scairt an fear faire ansin: «Ar thúr na faire, a Thiarna, tá mé i mo sheasamh an lá ar fad, agus oíche in aghaidh na hoíche i mbun mo gharda. Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.» Agus tháinig an freagra ar ais: «Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.» A phobal liom atá do do bhualadh i do choirce ar an láithreán buailte, an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael, is é atá á fhógairt agam duit. Fáistine i dtaobh Eadóm. Táthar ag glaoch orm as Saeír: «A fhir fhaire, cá fada fós an oíche? A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?» Is é freagra an fhir fhaire: «Chugainn an mhaidin, agus an oíche arís ina diaidh. Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí; ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh. Fáistine fá choinne an mhachaire. A bhuíonta fáin na nDéadánach, arb é scrobarnach an mhachaire is ceathrúin oíche daoibh, tugaigí uisce libh in airicis lucht an íota; a mhuintir Théamá, amach libh le bia ar chionn na dteifeach. Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh, ó fhaobhar an chlaímh, ón mbogha agus é lúbtha, agus ó bhroid an chatha. Is ea, labhair an Tiarna liom mar seo: «Bliain amháin eile, a háireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, agus beidh críoch le glóir agus le neart Chéadár. De líon lucht na mboghanna, de ghaiscígh chlann Chéadár, is beag a bheidh fágtha, óir is é an Tiarna, Dia Iosrael, a dúirt é.» Fáistine in aghaidh Ghleann Hionnom. Cad tá ort go bhfuil tú imithe suas ar fad ar bharr na dtithe, a chathair an challáin, a bhaile na círéibe, agus tú lán de ghairdeas? Ní coscar claímh do choscar, ná ní sa chath a thit do chuid marbh; tá do cheannfoirt uile i ndiaidh a thabhairt do na boinn, ina bpríosúnaigh gan bogha a lúbadh. An chuid is cróga agaibh, tá siad ina bpríosúnaigh, tar éis gur theith siad i bhfad ar shiúl. Is ar an ábhar sin a deirim: «Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt; ná bígí ag brú sóláis orm i ndíothú iníon mo mhuintire.» Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn, agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é. Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan, táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh. Tá Éalám ag breith chuige a bholgán saighead, agus Arám ag dul sa diallait; tá Cír ag baint an chumhdaigh dá sciath. An chuid is áille de do ghleannta, tá siad breac le carbaid; tá an marcshlua in ionad os coinne na ngeataí. Bhí do shúil an lá sin le harmlann Áras na Foraoise. Agus sin críoch le cosaint Iúdá. Bhreathnaigh sibh chomh líonmhar agus bhí na bearnaí i múr chathair Dháiví. Cheap sibh uiscí na Linne Íochtair. Rinne sibh tithe Iarúsailéim a chuntas, agus leag sibh cuid acu chun an múr a dhaingniú. I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúr faoi choinne uisce na Seanlinne. Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoir ná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t-iomlán fadó riamh. Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh. Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult, mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt, feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh: «Ithimis agus ólaimis, mar beidh an bás againn amárach.» Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua: «Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo, go dtí go bhfaighe sibh bás,» a deir an Tiarna Dia na Slua. Seo mar a deir an Tiarna Dia na Slua: «Imigh leat chuig an feidhmeannach seo, chuig Seabná, maor an pháláis, agus abair leis: ' Cén ceart nó cén gnó atá agat anseo go bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann, ag gearradh amach tuama ar an ard, ag snoí seomra duit féin sa charraig?' Féach, steallfaidh an Tiarna amach thú d' aon steall amháin; tá sé ag dul i ngleic agus i ngreim leat. Corann agus cornann sé thú i do chorna, agus caitheann i do cheirtlín thú i dtír leitheadach amach. Is ann a gheobhaidh tú bás, agus is ann a fhágfar na carbaid a bhfuil tú chomh teann astu; tusa atá i do chúis náire do theaghlach do thiarna.» Brisfidh mé as do phost thú, as d' ionad stróicim thú anuas; agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach, Eiliácaím mac Hilciá. Tá mé chun a ghléasadh i d' ionarsa, chun é a fheistiú le do shursaing, agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh, agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim, agus ag teaghlach Iúdá. Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn; má osclaíonn sé, ní dhúnfar; má dhúnann, ní osclófar. Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean: déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar. Beidh maoin theaghlach a athar ar fad crochta as idir shíol agus shliocht na mionghréithe go léir, idir choirn agus chrúisciní. Sa lá sin briathar Thiarna na Slua tabharfaidh sé uaidh, an tairne sin a cuireadh i bhfostú san áit dhaingean. Ropfar amach é agus titfidh sé. Agus an t-ualach iomlán atá ag crochadh as, brisfear é, óir tá an Tiarna tar éis labhairt. Fáistine i dtaobh na Tuíre. Caoinigí, a longa Thairsís, mar tá bhur longfort scriosta. Ar a mbealach ó thír Chitím is ea chuala siad an scéala. Déanaigí mairgneach, a mhuintir an chósta, a cheannaithe Shíodóine, a mbíodh bhur bhfeidhmeannaigh ag taisteal na bhfarraigí agus na bóchna móire. Arbhar na Níle agus fómhar na hAbhann a rinne a saibhreas, agus bhíodh sí ag díol leis an domhan mór. Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón, óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir: «Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh; níl clann mhac agam le tógáil ná iníonacha le hoiliúint.» Nuair a gheobhaidh siad an tuairisc san Éigipt, beidh siad ar crith de bharr chinniúint na Tuíre. Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad, bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta. An é sin bhur gcathair ghriothalánach, a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall, a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad i., chun cónaí a dhéanamh i gcéin? Cé a cheap an beart seo i gcoinne Tuír na gcoróineacha, a mbíodh a ceannaithe ina bprionsaí, agus a trádálaithe ar mhóruaisle na talún? Is é Tiarna na Slua a bheartaigh, chun díomas a scéimhe a ísliú, chun toicithe na talún a chaitheamh síos. Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís, níl an calafort ann níos mó! Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraige agus chroith sé a cuid ríochtaí; thug sé an t-ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán. Dúirt sé: «Ná bíodh lúcháir ort níos mó, a mhaighdean ar a ndearnadh éigean, a iníon Shíodóine! Dá n-éireofá agus triall anonn go Citím; thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.» Féach an tír seo dár dhual longa! Thóg na Caildéigh a dtúir léigir. Leag siad a cuid daingean agus d' fhág ina ballóg í. Caoinigí, a longa Thairsís, mar tá bhur longfort scriosta! Tarlóidh sé an lá sin go ndéanfar dearmad ar an Tuír go cionn deich mbliana agus trí scór. Ach nuair a thiocfaidh rí eile i gcoróin, i gcionn deich mbliana agus trí scór, beidh an Tuír cosúil le striapach an amhráin: Tóg do chláirseach, déan cuairt na cathrach, a striapach bhocht thréigthe! Seinn go binn, croch suas do cheol, spreag cuimhne ort sna daoine arís! Mar sin i gcionn deich mbliana agus trí scór tiocfaidh an Tiarna ar a chuairt chuig an Tuír. Tosóidh sí arís ar chúiteamh a cuid striapachais a fháil. Deanfaidh sí striapach di féin le ríochtaí an domhain uile ar dhroim talún. Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta. An Breithiúnas idir chléir agus thuath, idir uasal agus íseal, máistreás agus searbhónta, díoltóir agus ceannaitheoir, iasachtóir agus iasachtaí, creidiúnaí agus féichiúnaí. Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh; sladaithe agus deargshladaithe a bheidh, mar a d' ordaigh an Tiarna. Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí, tá an domhan ag meath agus in ísle brí, tá neamh agus talamh ag meath. Tá an talamh truaillithe faoi chosa a cuid áitreabhach, óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna, choill an conradh síoraí. Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talún agus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta. Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite, agus gan ach beagán den chine daonna fágtha. Tá an fíon faoi bhrón, an fhíniúin ag meath, agus lucht an ghliondar croí ag osnaíl. Tá deireadh le meadhar na mbodhrán, agus críoch le callán lucht gairdis; tá deireadh le meadhar na gcláirseach. Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol, agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille. Tá cathair an neamhní ar lár, tá gach teach dúnta agus níl dul isteach iontu. Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona; tá deireadh leis an uile lúcháir, tá an t-áthas díbeartha ón tír. Níl fágtha sa chathair ach léirscrios, tá an geata briste ina chonamar. Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad, i gcás na gciníocha uile, mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu, mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta. Gáireann daoine amach in ard a gcinn, liúnn siad le barr áthais; canann siad mórgacht an Tiarna ó chois na farraige thiar. Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna, agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael. Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: «Glóir don Fhíréan!» Ach deirimse: «Is leor, is leor sin! Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall, ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!» Scéin agus clais agus gaiste is ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh! Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh, agus bunsraith na talún ar crith. An té a theitheann ó thorann na scéine, Tá an talamh briste ina smionagar, tá an talamh á scoilteadh agus á scáineadh, tá an talamh ag crith agus ag creathnú. Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann, tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann; is trom é an t-ualach air a chuid peacaí, titeann sé gan éirí i ndán dó. An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir, agus abhus ar talamh ríthe na talún. Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais, caithfear isteach sa charcair iad agus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós. Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian, óir déanfar rí de Thiarna na Slua ar shliabh Shíón in Iarúsailéim agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí. A Thiarna, is tú mo Dhia; móraim thú agus ceiliúraim d' ainm; mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích, comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh, chuir go fíréanta agus go fírinneach. Óir d' fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo. Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit; uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat. Mar is tearmann thú don dearóil, tearmann don dealbh in am a ghátair; dídean ón stoirm agus scáth ón teas, mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh. Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach, ceansóidh tú gleo lucht an díomais; mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill, cuirfear ceol na mborb ina thost. Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta; agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin a bhí ag clúdach na gciníocha go léir, agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile; cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir; tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é. Déarfar an lá sin: «Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn»; óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo. Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin, mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh; agus síneann sé amach a lámha ansin, mar a shíneann snámhadóir amach iad chun snámha. Ach tugann an Tiarna béim síos dá uabhar le gach bang dá ndéanann sé. Do bhábhúin arda uaibhreacha scriosann sé iad, leagann sé iad, caitheann sé síos iad sa láib. An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá: «Tá baile daingean againn; leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean. Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta, an té a sheasann lena ghealltanas, atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin, óir is asatsa atá a mhuinín. Bíodh bhur muinín as an Tiarna go deo, óir is é an Tiarna an charraig shíoraí; d' ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda, muintir an dúnfoirt daingin, leagann sé iad, leagann iad ar lár, caitheann sé síos iad sa láib; cosa na n-úiríseal agus na mbochtán, siúlann siad orthu ina gcoiscéim.» Is díreach bealach an fhíréin, réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan. Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d' ainm agus do chuimhne tnúthán ár n-anama. Bíonn m' anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir. Má thugtar fabhraíocht don urchóideach, ní fhoghlaimíonn sé ionracas. i dtír na córa, déanann sé urchóid; ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna. A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad. A Thiarna, is tú a thugann síocháin dúinn, óir caitheann tú linn de réir mar tá tuillte againn. A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d' ainmse amháin. Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís. Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó, mar tá siad smachtaithe scriosta agat agus tá a gcuimhne curtha ar ceal. Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é; tabhair glóir don phobal, cuir fairsinge le críocha na tíre go léir! A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg; anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn. Mar bhean ag iompar, ag lúbarnach is ag screadach i dtinneas clainne, is amhlaidh dúinn féin, a Thiarna, os do chomhair; ghabh muid gin, tá muid i bpriacal mar bheimis ag saolú; ach níor thug muid spiorad an tslánaithe ar an saol, níl áitritheoirí á mbreith don domhan níos mó. Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth. Imigh, a phobal liom, gabh isteach i do sheomraí agus dún na doirse i do dhiaidh. Gabh i bhfolach seal nóiméid go dtí go dté an fhearg thart. Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n-urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó. An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige. An lá sin, canaigí an fíonghort taitneamhach! Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air; bím de shíor ag coinneáil uisce leis ar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr; de lá agus d' oíche bím á chaomhnú. Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir! Sin nó cead acu dul ar mo choimirce agus síocháin a dhéanamh liom. Is mairg nach ndéanann siad síocháin liom! Sna laethe atá le teacht cuirfidh Iacób péacáin amach, tiocfaidh bláth agus toradh ar Iosrael; líonfaidh sé aghaidh na talún le torthaí. An é gur leadhb Dia é mar a leadhb sé lucht a leadhbtha? Ar bhásaigh é mar a bhásaigh sé lucht a bhásaithe? Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt; chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann. Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n-altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh óir tá an chathair dhaingean ina fásach, tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann. Is ann a thagann an tréad ag iníor, is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha. Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh. An lá sin, déanfaidh an Tiarna an grán a bhualadh ó shruth na hAbhann go caise na hÉigipte, agus baileofar sibh aon ar aon, a chlann Iosrael. An lá sin, séidfear an stoc mór agus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíre agus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte, agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim. Foláireamh faoi choinne na Samáire Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna, mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach, mar bheadh díle d' uiscí tréana ag cur thar bruach; agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár. Satlófar faoi chosa iad, coróin dhíomasach sin phótairí Eafráim agus bláth feoite a háilleachta agus a huabhair, in airde mar atá siad os cionn an ghleanna mhéith. Mar bheadh fige luath i dtús an tsamhraidh: an té a fheiceann é, stoitheann é agus ní luaithe ina láimh é ná tá sé slogtha aige. An lá sin, coróin ghlóire a bheidh i dTiarna na Slua, mionn ríoga álainn i gcomhair fuílleach a phobail; anáil an chirt a bheidh ann faoin té atá i gcathaoir an bhreithiúnais, agus anáil na calmachta faoi lucht ruaigthe an namhad ón ngeata. Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas. Óir tá na boird go léir clúdaithe le horla, oiread agus ball glan amháin níl le fáil. «Cé atá sé ag iarraidh a chur ar an eolas, an fáidh seo? Cé dhó ab áil leis a shoiscéalaíocht a mhíniú? Do pháistí, an ea, nua-choiscthe ón mbainne, do leanaí atá á mbaint den chíoch? Níl aige ach: ' Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd.'» Is ea cinnte, is le beola stadacha agus i dteanga eachtrannach atá sé ag dul a labhairt leis an bpobal seo, pobal ar dhúirt sé leo uair: «Seo scíth daoibh! Tabhair scíth don duine tuirseach! Is é seo an suaimhneas!» Ach níorbh áil leo éisteacht. Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo: «Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,» sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim, go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar. Éistigí le briathar an Tiarna, a lucht na hábhachta, atá ag rialú an phobail seo in Iarúsailéim! Deir sibh: «Tá conradh déanta againn leis an mBás, agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach. Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart, ní shroichfidh sé fad linne; mar tá dídean faighte againn sa bhréag, agus sa chealg fuaireamar foscadh.» Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: «Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé. Agus is í an chóir a bheas ina dorú ingir agam agus an fhíréantacht mar leibhéal agus mé á leagan. Ach scuabfaidh an clochshneachta dídean na mbréag leis agus cartfaidh na huiscí bhur bhfoscadh chun siúil»; brisfear bhur gconradh leis an mBás, agus bhur réiteach le Seól ní sheasfaidh. Nuair a thagann rabharta an aimhlis, brúfaidh sé síos lena thoirt sibh; gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh. Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt, tiocfaidh de lá agus d' oíche; agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh. Beidh an leaba róghairid le síneadh uirthi, agus an clúdach róchaol chun tú féin a shoipriú ann. Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d' éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích agus is ait an gníomh é! chun a shaothar a shaothrú agus is aduain an saothar sin! Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht, ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh; óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomlán á fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua. Tugaigí cluas agus éistigí le mo ghlór, bígí aireach agus tugaigí libh a bhfuil á rá agam. An é nach ndéanann an treabhdóir dada seachas treabhadh, seachas an talamh a bhriseadh agus a fhuirseadh? An amhlaidh, nuair a bhíonn sé cothrom aige, nach gcraitheann sé lus mín air, nach gcuireann sé coimín, agus cruithneacht agus eorna ina dhiaidh sin, agus an spealt ar an imeall amuigh? An té a mhúineann an riail sin dó, iséa Dhiaé atá á theagasc. Agus ar ndóigh, ní bhuailtear an lus mín le carr sleamhnáin, ná coimín le roth cairte; ach buailtear an lus mín le slat agus coimín le súiste. Ná ní dhéantar arbhar an aráin a bhrú go hiomlán; an té a thiomáineann rothaí na cairte air, buaileann sé amach é, ach ní dhéanann sé a bhrú. Ó Thiarna na Slua an méid sin freisin; is iontach é le haghaidh comhairle agus is cumasach a chríonnacht. Och, a Airéal, a Airéal, a chathair ba longfort do Dháiví. Cuir bliain i gceann bliana, tagadh na féilte thart ina gcúrsa; ansin cuirfidh mé Airéal i ngéibheann, beidh éagaoin ann agus éagnach. Beidh tú i d' Airéal agam go dearfa, i do thóiteán tine; suífidh mé campa i do choinne mar a rinne Dáiví, cuirfidh mé túir léigir thart timpeall ort, tógfaidh mé claíocha léigir i d' éadan. Beidh tú leagtha ar lár do ghlór ag labhairt ón talamh agus do chaint ag teacht go húiríseal ón láib. Tiocfaidh do ghlór as an talamh aníos mar bheadh glór taibhse ann, agus do chaint as an láib ina gíogarnach. 5a Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansin 5b agus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha. 5c Agus go tobann, gan choinne, beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua, le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór, le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach Mar bhrionglóid agus mar fhís de chuid na hoíche do shluaite na gciníocha agus iad ag cur cogaidh ar Airéal. Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe, músclaíonn sé agus a bholg folamh; nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól, músclaíonn sé go fannlag agus é spallta; is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníocha a chuireann comhrac ar shliabh Shíón. Bígí bómánta agus dobhránta, bígí dall agus caoch; bígí ar meisce, ach ní le fíon, ag tuisliú, ach ní le tréan póite. Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suain a dhoirteadh sa mhullach oraibh; thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe, agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe. Tá fís agus fáistine mar bheadh na focail i leabhar séalaithe agaibh anois. Tabhair a leithéid sin de leabhar do dhuine a bhfuil léamh aige agus abair leis: «Léigh sin.» Is é a fhreagraíonn sé: «Ní féidir liom, mar tá an leabhar faoi shéala.» Nó tabhair an leabhar do dhuine nach bhfuil léamh aige agus abair leis: «Léigh sin.» Is é a fhreagra: «Níl léamh agam.» Deir an Tiarna: «De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu, mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.» Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain d' fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna, ag beartú a gcealga sa dorchadas agus á rá: «Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?» Bunoscionn atá cúrsaí agaibh! An ionann an criadóir agus a chuid cré? An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta: «Ní dá dhéanamh siúd mise»? nó don bpota a rá faoin bpotaire: «Níl ceird ar bith aige»? Achar gairid fós, agus is gairid é, go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín, agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis. An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh, agus as lár an dúcháin agus an dorchadais tiocfaidh radharc i súile na ndall. Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís, agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael, mar ní ann don aintiarna níos mó, tá críoch le fear na fonóide, agus tá lucht drochfhuadair á ndísciú go léir: an dream seo a chiontaíonn duine le focal, a chuireann gaiste i mbealach an bhreithiúin sa gheata, a chuireann cúis chóir ó mhaith le fianaise bhréige. Dá thairbhe sin, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia theaghlach Iacóib, an té a rinne Abrahám a fhuascailt: «Ní bheidh náire ar Iacób feasta, ní bheidh sé bán san aghaidh níos mó, óir feicfidh sé saothar mo lámh ina láthair agus déanfaidh sé m' ainmse a naomhú. Beidh Neach Naofa Iacóib á naomhú, beidh eagla roimh Dhia Iosrael. Tiocfaidh lucht an mhearbhall intinne chun tuisceana, agus rachaidh lucht manráin le foghlaim.» Is mairg do chlann na ceannairce! briathar an Tiarna é seo. Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é, ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m' anáilse fúithi, ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu. Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt, gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal, ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainn agus foscadh ar scáth na hÉigipte. Ina hábhar náire agaibh a bheidh an dídean sin Fhorainn, foscadh scáth na hÉigipte ina chúis mearbhaill daoibh; cé go bhfuil a thaoisigh tar éis teacht go Zoan, agus a theachtairí imithe fhad le Hánaes. Tá féiríní ar iompar acu siúd uile chuig pobal nach fearrde iad é, nach dtabharfaidh cabhair ná cúnamh dóibh ach náire agus masla. Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas. Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaine is fearann don leon baineann, do leon na búiríola, don nathair nimhe agus don dragan eiteogach, a saibhreas ar dhroim asal acu, a dtaiscí ar chruit chamall acu, agus iad á n-iompar chuig pobal nach fearrde iad é. Óir tá cabhair na hÉigipte díomhaoin agus baoth; is é sin an fáth a dtugaim mar ainm uirthi: Ráhab na leisce. Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo, scríobh ar scrolla é, chun go mbeidh sé san am atá le teacht ina fhianaise bhuan: Is pobal míréireach iad seo, is clann bhréagach, clann nach áil leo éisteacht le reacht an Tiarna. Deir siad le lucht físe: «Ná bíodh físeanna agaibh». agus leis na fáithe: «Ná tuaraigí an ceart dúinn». «Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn; fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí; as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.» Ar an ábhar sin a deir Neach Naofa Iosrael: «De bhrí gur beag libh an rabhadh seo, agus go bhfuil bhur muinín sa chamastaíl agus san fheall, agus gurb iad is crann taca agaibh, léireofar daoibh an cion seo a bheith mar a bheadh balla ard agus gág anuas ann, bolg amach air agus é i ríocht titim, a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl, a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.» Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael: San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh, sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart, ach níorbh áil libh.» Dúirt sibh: «Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!» Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh! «I gcarbaid mheara a theithfimid!» Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh! Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt, bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle, go dtí nach mbeidh fágtha díbh ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin, mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe. Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis. Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt. Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú. Cloisfidh do chluasa an focal seo i do dhiaidh: «Seo an bealach, leanaigí é», cuma ar dheis nó ar chlé a chasfaidh sibh. Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; «Gread leat!» a déarfaidh tú leo. Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t-arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan. Na daimh agus na hasail a threabhann an talamh, beidh coirce blasta le hithe acu, a ndearnadh cáitheadh air le sluasaid agus le cáiteog. Agus ar gach sliabh ard agus gach cnoc mór beidh srutháin uisce agus sreabha lá an áir nuair a thitfidh na dúnfoirt. Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n-uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí. Breathnaigí! Tá ainm an Tiarna ag teacht ó chríoch i gcéin, is loiscneach a fhearg, is trom an t-ualach atá air. tá a bheola ag cur thar maoil le cuthach, agus a theanga ina tine chraosach. Tá a anáil mar thuile in abhainn, a thiocfadh go muineál ar dhuine. Tá sé ag teacht chun na náisiúin a chriathrú i gcriathar an mhillte, chun béalbhach a chuid srianta a chur le giall na gciníocha. ABN: 28, 30, 31, 32a, 29, 32b, 33 Beidh bhur gceolsa, áfach, mar bheadh oíche chinn féile ann, agus aoibhneas ar chroí gach aon. Ar nós an té a bhuaileann bóthar le ceol na bhfeadóg ar a bhealach ionsar shliabh an Tiarna, ionsar charraig Iosrael, Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir, agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe, i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí, i séideán báistí agus clochshneachta. Óir is é glór an Tiarna a chuirfidh coiscriú ar an Asaír, agus í faoi bhuillí a bhata. 32a gach buille den bhata agus den phionós a leagfaidh an Tiarna uirthi. 32b le bodhráin agus le cláirseacha agus le damhsaí? Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann. Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna. Ina dhiaidh sin féin, tá an Tiarna seiftiúil go leor chun an tubaiste a chur faoi deara freisin; ní dual dó dul siar ar a fhocal, ach éireoidh sé amach in éadan baicle na n-urchóideach, ina gcoinne siúd a chuidíonn le lucht na míghníomhartha. Daoine is ea na hÉigiptigh agus ní déithe; is feoil a gcuid each agus ní spiorad; agus nuair a shínfidh an Tiarna amach a lámh, bainfear tuisle as fear an chuidithe agus titfidh an fear ar cuidíodh leis ina theannta, agus caillfear iad go léir le chéile. Sea, is mar seo a dúirt an Tiarna liom: Mar a bheadh leon nó coileán leoin ag gnúsacht os cionn a chreiche, agus na haoirí á ngairm amach líon a slua ina choinne, gan scáth a theacht air lena scairteach, ná scaoll lena gcallán, is amhlaidh a thiocfaidh Tiarna na Slua anuas chun catha ar shliabh Shíón agus ar a chnocán ard. Ar nós mar bhíonn éanlaith ar foluain, is amhlaidh a dhéanfaidh Tiarna na Slua cumhdach ar Iarúsailéim, á cumhdach agus á baint as braighdeanas, ag ligean léi agus á scaoileadh saor. Filligí ar an té atá séanta agus dúshéanta agaibh, a chlann Iosrael. Sea, an lá sin caithfidh gach duine uaidh na híola airgid agus na híola óir atá dealbhaithe agaibh le bhur lámha ciontacha. Rachaidh an Asaír síos roimh chlaíomh nach ón duine é agus alpfar é le claíomh nach daonna; teithfidh sé ar aghaidh an chlaímh agus déanfar sclábhaithe dá chuid óglach. Tréigfidh sé a dhúnfort le tréan eagla agus fágfaidh a thaoisigh an meirge le barr scéine. Fáistine é seo ón Tiarna féin a bhfuil tine ar lasadh aige i Síón agus foirnéis aige in Iarúsailéim. Is é an ceart is bun le ríogacht an rí agus an chóir le flaitheas na bhflatha; is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa, amhail srutháin uisce i dtalamh tirim, amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta. Ní bheidh sram ansin ar na súile a fheiceann, beidh na cluasa a chloiseann ar bior, beidh croí lucht luathintinne ag cleachtadh críonnachta agus teanga na dtrudairí ag labhairt go héasca agus go soiléir; ní thabharfar uasal feasta ar an amadán, ná ní bheidh clú na cneastachta ar an gcaimiléirí. Óir bíonn an t-amadán ag stealladh amaidí agus a chroí ag meabhrú an oilc, chun an urchóid a chur i gcrích, chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna, chun an t-ocrach a fhágáil agus a bholg folamh agus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air. Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe; bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga, fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile; ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta, agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm. A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh, éistigí le mo ghlór; a iníonacha na rómhuiníne, tugaigí cluas do mo chaint! I gcionn bliana agus corradh beidh sibh ar crith, a mhná na rómhuiníne, óir meathfaidh barr na fíniúna; fómhar ní bheidh ann ar aon chor. Bígí ar crith, a mhná an tsócúil, bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach; bainigí díbh, nochtaigí sibh féin, fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh! Buailigí bhur n-ucht i ndiaidh na dtailte taitneamhacha, i ndiaidh na fíniúna a bhí torthúil, i ndiaidh dúiche mo mhuintire mar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás, i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir ann sa chathair chaithréimeach. Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad. Doirtfear orainn as an nua an Spiorad ón aird thuas; déanfar gairdín den fhásach ansin agus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach. Beidh an ceart ag lonnú san fhásach, agus an gairdín ina áit chónaithe ag an gcóir; an tsíocháin a bheidh mar thoradh ar an gcóir, agus is é is tairbhe don cheart suaimhneas agus sábháilteacht go deo. Lonnóidh mo phobal in áitreabh síochána, i dtithe iontaofa, in ionaid chónaithe shócúlacha, - leagfar an choill agus tabharfar béim síos don chathair. Is méanar daoibh ansin agus sibh ag cur síl le hais gach srutháin, agus an damh agus an t-asal a scaoileadh agaibh saor amach. Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin. A Thiarna, bí ceansa linn, is leatsa atá ár súil. Bí i do lámh shábhála againn gach maidin, slánaigh sinn in aimsir trioblóide. Le torann do theacht teitheann na ciníocha, nuair a éiríonn tú, as go brách leis na náisiúin; scuabtar suas a gcreach mar a scuabfadh lócaistí í, tugtar áladh uirthi ar nós áladh de chuid na míolta sin. Tá an Tiarna in airde, mar tá a chónaí san aird thuas; líonann sé Síón le ceart agus le cóir. Is é cúl taca na haimsire é; an eagna agus an t-eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn, is í eagla an Tiarna is taisce dó. Éist mar tá fir chalma ag glaoch ar chabhair os ard, na teachtaí a cuireadh ag lorg síochána, tá siad ag gol go léanmhar. Tá na bealaí móra tréigthe, níl aon duine ag taisteal na mbóithre. Tá an conradh briste, agus drochmheas ar na finnéithe, ní thugtar aird ar an duine a thuilleadh. Tá an tír ag mairgneach agus ag meath; tá an Liobáin feoite le náire. Is geall le gaineamhlach Seárón; tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha. «Anois,» arsa an Tiarna, «táimse ag éirí, anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin. Caith is ea a ghabh sibh sa bhroinn, agus conlach a chuirfidh sibh ar an saol; tiocfaidh gaoth mar a bheadh tine ann chun sibh a alpadh. Beidh na ciníocha á ngoradh go dtí go bhfágtar ina luaithreán iad, mar a bheadh dealgacha á ngearradh agus á gcur sa tine. Sibhse atá i bhfad i gcéin, éistigí lena bhfuil déanta agam; agus a mhuintir anseo in aice liom, admhaígí mo chumhacht.» Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: «Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?» An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic, agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra, a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú, a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t-olc beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc. Feicfidh do shúile an rí seo ina áilleacht, dearcfaidh siad ar dhúiche chianchríochach; meabhróidh tú an rud a b' uafás croí duit: Cá bhfuil sé siúd a bhíodh ag cuntas? Cá bhfuil an té a dhéanadh an meá? Cá bhfuil fear comháirimh na seod? Go deo arís ní fheicfidh tú an cine barbartha, cine na hurlabhra doiléire dothuisceana, cine na briotaíola gan bhrí. Dearc ar Shíón, cathair ár gcuid féilte, luíodh do shúile ar Iarúsailéim, í ina háitreabh daingean, ina both nach dual di aistriú, nach stoithfear a cuaillí, nach mbrisfear a cordaí choíche. Is ann is álainn don Tiarna inár bhfianaise, ceantar aibhneacha agus sruthán craobhach, mar nach dtriallann soitheach rámha ar bith, mar nach seolann aon árthach arrachtach; ABN: 21, 23a, 22, 23b, 24 Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir, is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir. 23a tá a théada scaoilte, ní choinníonn siad an crann seoil níos mó, ní chrochann siad an comhartha in airde. 23b Roinnfear creach agus éadáil mhór ansin; go fiú na bacaigh, déanfaidh siad slad. Níl áitreabhach a déarfaidh choíche arís: «Tá mé breoite»; an pobal a lonnóidh ann, maithfear dóibh a gcionta go léir. Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n-éiste sibh; a phobala, tugaigí aire; éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann, an domhan cláir agus a shliocht go léir! Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad, tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir; tá siad curtha faoi gheasa a millte aige, tá siad tugtha suas aige don ár. Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach, agus boladh ag éirí óna gcoirp; tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte; tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí. Óir tá mo chlaíomh ar maos sna spéartha? Féach, tá sé ag tuirlingt ar Eadóm, ar an gcine atá daortha damhnaithe agam. Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil, tá sé bealaithe le blonag, le fuil na n-uan agus na ngabhar, le geir cheathrún na reithí. Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozrá agus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm. Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta, in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan. Tá a dtalamh siúd múchta le fuil, agus a gcréafóg á leasú le geir. Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón. Beidh srutháin thír Eadóm arna n-iompú ina bpic agus a créafóg ina cloch ruibhe; tá an dúiche in aon dóiteán pice amháin. Oíche nó lá ní théann múchadh uirthi, tá an toit ag dul suas uaithi de shíor; beidh ina fásach ó ghlúin go glúin, duine daonna ní ghabhfaidh tríthi go deo. Beidh sí ina gnáthóg ag an mbonnán buí agus ag an ngráinneog; beidh cónaí ann ag an scréachóg agus ag an bhfiach dubh; sínfidh an Tiarna dorú an éagrutha léi, agus leibhéal na foilmhe. Beidh [a n-áit chónaithe ag na púcaí inti]; ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó, ní ghairfear ríthe inti feasta agus beidh a taoisigh go léir ina neamhní. Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas, agus driseacha agus feochadáin ina dúnta; beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta, mar áitreabh ag ulchabháin. Casfaidh cait allta le faolchúnna inti, agus beidh na púcaí ansin ag glaoch ar a chéile; is inti a rachaidh an chailleach oíche ar ceathrúin, ar lorg suaimhnis di féin. Déanfaidh an nathair a nead inti agus béarfaidh a cuid uibheacha; is inti a rachaidh sí ar gor agus a ligfidh amach a hál; is inti fós a bhaileoidh na seabhaic le chéile, 16a Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí; oiread agus ceann amháin níl in easnamh! 16b Óir is é a bhéalsan a d' ordaigh é, agus a spioradsan a thug le chéile iad. 16c gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis. ABN: 16c, 16a, 16b Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige. is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú. Beidh seilbh acu uirthi go deo, beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin. Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol. Maise na Liobáine tugtar dó, scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin; beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo agus scéimh an Dé seo againne. Déanaigí láidir na lámha atá faonlag agus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh; abraigí le lucht an chroí mhearaithe: «Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh. Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh; Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.» Déanfar a súile do na daill an uair sin agus réiteofar cluasa na mbodhar; beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir. Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach agus srutháin i bhfearann an triomaigh; déanfar linn den talamh spallta agus toibreacha uisce de thír an tarta. Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí, beidh siad ina mothar cíbe agus giolcach? Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad. Ní bheidh leon ar bith ansin feasta ná aon chreachadóir d' ainmhí allta; ach an dream atá i ndiaidh a bhfuascailte, is iad a shiúlfaidh é, agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é. Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas, agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann; tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl. Sa cheathrú bliain déag de réimeas an rí Hiziciá, thug Sanaichéiríb, rí na hAsaíre, faoi dhúnbhailte Iúdá agus ghabh sé iad. Ó Láicis chuir rí na hAsaíre an tArdoifigeach mar aon le slua mór saighdiúirí ag triall ar Hiziciá rí in Iarúsailéim. Thóg siad ionad in aice le sileán na Linne Uachtair ar an mbóthar go Gort an Úcaire. Chuaigh reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf an callaire, chuaigh siad amach ina airicis. Dúirt an tArdoifigeach leo: «Abraigí le Hiziciá gurb í seo teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre: Cad is bun leis an muinín seo agat? An dóigh leat gur fiú focail bhaotha comhairle agus laochas chun cogaidh? Cé air a bhfuil tú ag brath anois gur éirigh tú amach i m' éadan? Ar an Éigipt? Más ea, tá tú ag brath ar shifín briste nach ndéanann ach lámh aon duine atá ag baint taca as a tholladh is a threaghdadh. Mar sin atá ag Forann, rí na hÉigipte, le daoine a chuireann a muinín ann. Déarfaidh sibh liom, b' fhéidir: 'Is sa Tiarna ár nDia atá ar muinín,' ach nár leis siúd na hardáin bheannaithe agus na haltóirí a thóg Hiziciá chun siúil, á rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: 'Is os comhair na haltóra seo amháin a sléachtfaidh sibh.' Seo anois, cuir an geall seo le mo thiarna rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit ach tú marcaigh a chur ar fáil dóibh. An gcuirfidh tú suas fiú don duine is lú de shearbhóntaí mo thiarna, agus tú ag brath ar an Éigipt le haghaidh carbad agus marcach? Rud eile fós, an dóigh leat gur gan fhios agus ar neamhchead don Tiarna atá mé i ndiaidh a theacht chun an tír seo a ionsaí agus a scrios? Ní amhlaidh; ach an Tiarna féin a dúirt liom: 'Gabh suas i gcoinne na tíre sin agus scrios í!'» Dúirt Eiliácaím, Seabná agus Ióách leis an Ardoifigeach: «Má is é do thoil é, labhair linn do sheirbhísigh in Aramais, óir tuigimid í; ná labhair linn in Eabhrais in éisteacht an phobail atá ar na ballaí.» Ach dúirt an tArdoifigeach leo: «An le do thiarna agus leatsa a chuir mo thiarnasa uaidh mé le seo á rá? Ní hea, ach leis na daoine seo atá ina suí ar na ballaí agus gur dual dóibh a gcac féin a ithe agus a mún féin a ól bhur ndála féin?» Ansin d' éirigh sé ina sheasamh agus scairt sé amach in ard a chinn in Eabhrais: «Éistigí le teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre! Seo iad focail an rí: Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh! Ní bheidh sé in ann sibh a shábháil. Ná bíodh muinín agaibh as an Tiarna ar chomhairle Hiziciá, agus é á rá: Tiocfaidh an Tiarna ár dtarrtháil cinnte, ní ghéillfear an chathair seo suas do rí na hAsaíre. Ná héistigí le Hiziciá, óir seo iad focail rí na hAsaíre: Déanaigí síocháin liomsa, géilligí domsa agus beidh gach duine agaibh ag ithe toradh a fhíniúna féin agus a chrann figí féin, agus ag ól uisce a umair féin, go dtí go dtaga mise chun sibh a thabhairt go tír cosúil le bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort. Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, á rá: 'Sábhálfaidh an Tiarna sibh.' An bhfuil dia ar bith de dhéithe na náisiún a bhí in ann a thír a shábháil ar rí na hAsaíre? Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafaravaím? Cá bhfuil déithe thír na Samáire? Ar shábháil siad an tSamáir orm? De dhéithe na dtíortha uile, cé acu a shábháil a dtír orm? Agus cén chaoi a bhfuil an Tiarna le Iarúsailéim a shábháil?» D' fhan na daoine ina dtost gan focal astu, óir ba é a d' ordaigh an rí dóibh: «Ná tugaigí freagra air.» Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d' inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach. Ar a chlos sin dó, stróic an rí Hiziciá a chuid éadaigh, chuir éadach róin air féin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna. Chuir sé reachtaire an pháláis Eiliácaím, Seabná rúnaí agus seanóirí na sagart, iad go léir gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz. Dúirt siad leis: «Seo teachtaireacht ó Hiziciá: Lá anbhuaine is ea é seo, lá aithise agus náire. Tá na leanaí i mbéal a mbreithe agus níl an neart ann lena saolú. Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.» Nuair a bhí airí an rí Hiziciá tagtha i láthair Íseáia, dúirt seisean leo: «Déarfaidh sibh le bhur máistir: Seo é briathar an Tiarna: Ná bíodh eagla ort tar éis a bhfuil cloiste agat nuair a bhí giollaí rí na hAsaíre ag caitheamh masla liom. Tá mé chun spiorad a chur ann agus cloisfidh sé scéala a thabharfaidh ar ais chuig a thír féin é; cuirfidh mé faoi deara go dtitfidh sé leis an gclaíomh ansin. D' imigh an tArdoifigeach leis ar ais agus fuair sé rí na hAsaíre ag déanamh ionsaí ar Libneá, mar bhí cloiste aige go raibh sé tar éis Láicis a fhagáil. Ach nuair a fuair Sanaichéiríb scéala go raibh Tiorhácá, rí Chúis, ar a bhealach chun cath a chur air, chuir sé teachtairí ionsar Hiziciá an dara huair lena rá leis: «Seo mar a labhróidh sibh le Hiziciá, rí Iúdá: An Dia seo agat a bhfuil do mhuinín ann, ná cuireadh sé amú thú lena gheallúint nach dtabharfar Iarúsailéim isteach i lámha rí na hAsaíre. Chuala tú cinnte a bhfuil déanta ag ríthe na hAsaíre ar na tíortha go léir, á dtabhairt suas don léirscrios, agus an dóigh leat go dtiocfaidh tusa slán? Ar fhéad a gcuid déithe na náisiúin a chreach mo shinsir a tharrtháil Gózán, Hárán, Reizif, agus muintir Éidin a bhí i dTeil [Básár]? Cá bhfuil siad, na ríthe a bhí ar Hamát, Arpád, Safarvaím, agus ar Haena agus Íveá?» Thóg Hiziciá an litir ó lámha na dteachtairí agus léigh í. Ansin chuaigh sé suas go Teampall an Tiarna agus spréigh sé amach os comhair an Tiarna í. Agus chuir Hiziciá suas an phaidir seo i láthair an Tiarna: «A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh. Claon do chluas chugam, a Thiarna, agus éist liom; oscail do shúile, a Thiarna, agus amharc orainn. Éist le focail Shanaichéiríb a chuir sé uaidh a mhaslú Dé bheo. «Tá sé fíor, a Thiarna, gur chreach ríthe na hAsaíre na náisiúin go léir agus a gcuid tailte; chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad. Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!» Ansin chuir Íseáia mac Ámóz an teachtaireacht seo chuig Hiziciá: «Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael, de thairbhe na paidre a chuir tú suas chugam mar gheall ar Shanaichéiríb, rí na hAsaíre. Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne: Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat, an mhaighdean, iníon Shíón; craitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim. Cé dhó ar thug tú masla agus aithis? Cé ina choinne ar labhair tú in ard do chinn agus ar bhreathnaigh tú suas go sotalach? I gcoinne Neach Naofa Iosrael! Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna. Dúirt tú: Le hiomad mo charbad chuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte, ar bheanna iargúlta na Liobáine. Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais, an chuid is áille dá cufróga. Bhain mé amach an ascaill is uaigní ann agus na cluainte i lár a cuid caschoille. Thochail mé toibreacha agus d' ól mé uiscí na coigríche; thriomaigh mé le bonn mo choise srutháin na hÉigipte go léir. An ea nár chuala tú? Fadó riamh a bhí sin leagtha amach agam; sna laethe anallód a bheartaigh mé é, anois tá sé á chur i gcrích agam. Ba é ba chinniúint duitse dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair. Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh, lán uafáis agus scéine, ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa, féar bharr na dtithe agus na ngort á sheargadh ag an gaoth anoir. Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú, nuair a ghabhann tú amach agus isteach. Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois orm agus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa, cuirfidh mé fáinne i do shrón agus mo bhéalbhach le do bheola, agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais, siar an bealach a tháinig tú! Beidh sé seo ina chomhartha agat: Íosfar i mbliana grán a d' fhás ar bhranar agus an bhliain seo chugainn a bhfásann as sin arís, ach an tríú bliain, cuirigí síol agus bainigí fómhar, cuirigí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh. An fuílleach a bheidh fágtha de theaghlach Iúdá, cuirfidh sé amach fréamhacha úra thíos agus toradh ar barr. Óir as Iarúsailéim rachaidh fuíoll áir amach agus iarmhar ó shliabh Shíón. Dúthracht Thiarna na Slua a chuirfidh an méid sin i gcrích. Mar sin, seo é briathar an Tiarna i dtaobh rí na hAsaíre: Ní thiocfaidh sé sa chathair seo isteach, saighead ní scaoilfidh sé inti, sciath ní ardóidh sé ina coinne, Ní thógfaidh sé múr léigir ina haghaidh. An bealach a tháinig sé, fillfidh sé ar ais; ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo briathar an Tiarna. Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháil ar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.» An oíche chéanna sin, chuaigh aingeal an Tiarna amach agus bhuail sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Tráth dúiseachta ar maidin, bhí siad go léir sínte marbh. Scor Sanaichéiríb a champa ansin agus d' imigh sé abhaile go Nínivé agus chuir sé faoi ann. Lá amháin, agus é ag adhradh i dteampall Niosroc, an dia a bhí aige, tháinig a bheirt mhac, Adraimeilic agus Seaireizir, agus mharaigh siad é le claíomh agus d' imigh ar a seachnadh go tír Ararat. Rinneadh rí dá mhac Éasarchadón ina ionad. Sna laethanta sin, buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé le bás. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: «Seo mar a deir an Tiarna: Déan do thiomna le do theaghlach, mar tá an bás agat; níl téarnamh i ndán duit.» D' iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé suas an phaidir seo chuig an Tiarna: «Uch, a Thiarna, cuimhnigh, impím ort, mar a d' iompair mé mé féin i d' fhianaise le dílseacht agus faoi chroí mór maith, agus an rud a bhí maith i do shúile á dhéanamh agam.» Agus chaoin sé uisce a chinn. Ansin ligeadh briathar an Tiarna le hÍseáia: «Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d' urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol. Scaoilfidh mé saor thú as láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chumhdach.» D' fhreagair Íseáia: «Seo duit ón Tiarna an comhartha go ndéanfaidh sé an rud a dúirt sé. Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.» Agus d' fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos. Duan Hiziciá, rí, Iúdá, ar ócáid a leigheasta ón ngalar a bhí air. Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasa ní foláir dom imeacht liom go geataí Seól síos; is ann a choinneofar mé ar feadh a bhfanann agam de bhlianta. Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mó i dtír na mbeo, ní fheicfidh mé a thuilleadh aon duine de mhuintir an tsaoil seo. Tá m' áit chónaithe bainte dhíom, tá sí stoite ar nós an phubaill a bhíonn ag aoirí; mar a dhéanfadh fíodóir, tá mo shaol cornta suas agat, agus tú ar tí an uige a ghearradh. Ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche, agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine; tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad, ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche. Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach, tá mé ag olagón ar nós colúir; tá mo shúile á n-iompú agam i dtreo na n-ard, amharc i mo dhiaidh agus bí i d' urra agam. Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna, ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo; beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé, agus m' anam go goirt ionam istigh. Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m' anam beo i do chuideachta; is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad. Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil. Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan; is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní, óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir. Ní thugann Seól moladh duit, ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh; an dream a théann síos sa duibheagán, níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó. An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú, mar a dhéanaim féin inniu. Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann. Tá an Tiarna i ngar chun mé a shábháil; mar sin seinnfimid ceol molta ar théada laethanta uile ár saoil os comhair Theampall an Tiarna. Dúirt Íseáia: «Cuirigí ceirín figí ar an neascóid agus tiocfaidh biseach air.» ABN: 6, 21, 22, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20 Dúirt Hiziciá: «Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?» San am sin, chuir Marodac Baladán mac Bhaladán, rí na Bablóine, chuir sé litreacha agus bronntanas chuig Hiziciá, mar gur chuala sé trácht ar a bhreoiteacht agus ar a théarnamh. Ba mhór le Hiziciá sin agus thaispeáin sé do na teachtairí a státchiste, idir ór agus airgead, idir spíosra agus ola luachmhar, chomh maith lena armlann agus gach a raibh ina chuid stóras. Dada ní raibh ina phálás ná ina chríocha ar fad nár thaispeáin Hiziciá dóibh. Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d' fhiafraigh de: «Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?» D' fhreagair Hiziciá: «Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.» D' fhiafraigh Íseáia arís: «Cad a chonaic siad i do phálás?» D' fhreagair Hiziciá: «Chonaic siad gach a bhfuil i mo phálás: Níl ní ar bith i mo chuid stóras nár thaispeáin mé dóibh.» Ansin dúirt Íseáia le Hiziciá: «Éist le briathar Thiarna na Slua! Tiocfaidh na laethanta a dtabharfar ar shiúl chun na Bablóine gach a bhfuil i do phálás, gach ar chuir do shinsir i dtoll a chéile go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní, a deir an Tiarna. Cuid de do chlann mhac féin a shaolófar duit, tabharfar ar shiúl iad agus beidh siad ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.» Dúirt Hiziciá le hÍseáia ansin: «Briathar sin an Tiarna agat, is dea-scéala é.» Óir ba é a bhí ina aigne: «Beidh síocháin agus slándáil ann le mo ré féin.» Leabhar Shólás Iosrael «Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,» a deir bhur nDia. «Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.» Tá glór ag fógairt: «Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia. Líontar isteach gach gleann, agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc; déantar achréidh de na hailteanna agus míntír den gharbhchríoch. Ansin foilseofar glóir an Tiarna agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht. Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.» Deir glór: «Glaoigh!» agus deirimse ar ais: «Cad a ghlaofaidh mé?» «Tá an uile fheoil mar an féar agus a scéimh ar fad mar bhláth an mhachaire. Feonn an féar, tréigeann an bláth, nuair a shéideann anáil an Tiarna orthu. (Is ea, is é an pobal an féar.) Feonn an féar, tréigeann an bláth, ach seasann briathar ár nDé go deo.» Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón. Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim. Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: «Seo é bhur nDia.» Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart, agus a lámh ag smachtú roimhe! Tá a luach saothair leis ina sheilbh, agus a éadáil ag dul roimhe amach. Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn, á n-iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh. Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad? Cé a thabharfadh treoir do spiorad an Tiarna nó cén comhairleoir a thabharfadh teagasc dó? Cé air a d' iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas, chun eolas a chur ar bhealach na córach, chun slí na tuisceana a aimsiú? Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige! níl iontu ach deannach ar an ainsiléad. Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin. Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh, ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe. Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair; is baoth leis iad agus is lú ná neamhní. Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht? Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó? Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla, a gcuireann gabha screamh óir air, agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó. Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó, adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas. ABN: 40:20, 41:6-7, 40:21-41:5, 41:8 An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh? An ea nár insíodh daoibh é ón tús? An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan? Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe. Cuireann sé na huachtaráin ó chrích, agus breithiúna na talún ar neamhní. Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín. «Cé leis a shamhlóidh sibh mé, nó an bhfuil mo leithéid eile ann,» a deir an Neach Naofa. Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí: Cé a chruthaigh na réanna úd murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad agus a ghlaonn orthu go léir ina n-ainm? Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air. Cén fáth a ndeir tú, a Iacóib, agus a maíonn tú, a Iosrael: «Tá mo chinniúint ceilte ar an Tiarna agus mo cheart scaoilte thairis ag mo Dhia»? An ea nach bhfuil fhios agat? An ea nach eol duit é? Dia síoraí is ea an Tiarna, is é a chruthaigh críocha na talún. Ní thagann tuirse air ná traochadh agus níl léamh ar a eagna. Tugann sé neart don té atá tuirseach, cuireann fuinneamh arís sa té atá lag. Fiú an t-aos óg, bíonn siad tuirseash traochta, agus baintear tuisliú as fir óga chomh maith. Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu. Bígí in bhur dtost i mo láthair, a insí na farraige, déanadh na ciníocha a neart a athnuachan; tagadh siad chun tosaigh agus labhraíodh siad. Tagaimis le chéile i láthair an bhreithiúnais, mise agus iad. «Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear, a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé? Cé a thugann na ciníocha ar láimh dó agus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair? Déanann a chlaíomh deannach díobh agus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite. Cuireann sé an ruaig orthu agus ar aghaidh leis san sábháilte is ar éigean má bhaineann a chosa leis an mbealach. Cé hé a rinne an gníomh seo, murarb é an té a ghlaonn ar na glúine ó thosach? Mise, an Tiarna, atá i dtús ann agus a bheidh ar deireadh; is mise é!» Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad, tá an talamh ar crith ó cheann ceann; tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair. [Cuidíonn duine lena chomharsa, agus deir lena bhráthair: «Misneach!» ABN: 40:20, 41:6-7, 40:21-41:5, 41:8 Spreagann an ceardaí an gabha óir; gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona. Deir sé faoin phlátáil: «Tá sé déanta go maith.» Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.] Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla; tusa, a Iacóib, atá tofa agam, síol Abrahám, mo chara. Tusa a thug mé ó chríocha na talún agus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne; tusa ar dhúirt mé leat: «Is tú mo ghiolla, tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.» Ná bíodh eagla ort, tá mise i d' fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú. Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu, iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne. Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal, an dream a bhí ag iomaíocht leat. Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu, na céilí comhraic seo agat; dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad, an dream atá ag cur catha ort. Óir mise, an Tiarna, do Dhia, tá greim agam ar do láimh dheas; deirim leat: «Ná bíodh eagla ort, táimse ag teacht i gcabhair ort.» Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort briathar an Tiarna is é Neach Naofa Iosrael d' fhuascailteoir. Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot, é úrnua agus dhá chíor fiacal ann. Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte, déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic. Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad, cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu. Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna, beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael. Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann. Tá an teanga spallta iontu le tart. Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh, mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad. Ar na dumhcha osclóidh mé aibhneacha agus fuaráin uisce i lár na ngleannta. Déanfaidh mé lochán den ghaineamhlach agus toibreacha den talamh tirim. San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais, crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige. Sa díthreabh cuirfidh mé an t-aiteal, crann plána agus cufróg le hais a chéile. Chun go bhfeice daoine agus go n-aithní siad, chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéile gurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin, gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích. «Tugaigí bhur gcúis i láthair,» a deir an Tiarna; «déanaigí bhur bpléadáil,» a deir rí Iacóib. «Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo, agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach. Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thart go dtabharfaimis aird ar bith orthu? Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadh chun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu. Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo, chun go bhfeice muid an déithe sibh. Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona, chun go n-airí muid agus go bhfeice muid go léir é. Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar, is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.» Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé, ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm. Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu, mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil. Cé a d' fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn? fadó riamh, chun go ndéarfaí: «Tá sé ceart»? Ach ní raibh duine ar bith ann a d' fhoilsigh é, duine ar bith a d' fhógair é, duine ar bith a chuala focal uait. Bhí sé ráite agam le Síón roimh ré: «Seo chugainn iad»; bhí teachtaire dea-scéala curtha agam chuig Iarúsailéim. Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann, ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom. Ní dada iad agus iad a chur le chéile; neamhní is ea a n-oibreacha, níl ina gcuid íol ach gaoth agus baois. Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha. Glaoch ná gáir ní chuireann sé as, ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh. Ní bhriseann sé an sifín brúite, ná ní mhúchann an lasair chreathanach. Soláthraíonn sé an ceart go dílis, ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos é nó go mbeidh an ceart bunaithe ar talamh, óir tá críocha na farraige ag dréim lena reacht. Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é: Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht, rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú, agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha, chun súile na ndall a oscailt, chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas. Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m' onóir leis na híola. Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam. Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir! Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann! Tugadh siad glóir don Tiarna agus in insí na farraige déanadh siad a mholadh! Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde. «Le fada riamh bhí mé i mo thost, d' fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin? Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta, tá cneadach agus saothar anála orm. Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh agus a nduilliúr ar fad a sheargadh; déanfaidh mé locháin dá n-aibhneacha agus triomóidh mé a linnte go léir. Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.» Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu, iad siúd a bhfuil a muinín in íola, iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo: «Sibhse ár ndéithe.» Sibhse atá bodhar, éistigí anois! A dhalla, breathnaígí go bhfeice sibh! Cé atá dall, murab é mo shearbhónta é, nó cé atá chomh bodhar leis an teachtaire a chuir mé uaim? Cé atá chomh dall le fear muiníne Dé nó chomh bodhar le giolla an Tiarna? Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann, bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil! Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú. Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: «Tabhair ar ais é.» An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht? Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht? Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir agus Iosrael do lucht a scriosta? Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint, ná éisteacht lena reacht. Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air. Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: «Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d' ainm, agus is liomsa thú. Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú. Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d' fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d' fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat. Mar is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort. Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d' ionad, agus ciníocha in éiric d' anama. Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat. As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliocht agus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar. Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: 'Tabhair ar ais iad!' agus leis an Deisceart: 'Ná coinnigh seilbh orthu!' Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéin agus m' iníonacha ó chríocha na talún, cách a nglaoitear dó m' ainmse, óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad, is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.» Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu, an dream bodhar a bhfuil cluasa acu. Bailíodh na náisiúin go léir le chéile agus cruinníodh na ciníocha. Cé ina measc a d' fhoilsigh sin nó a d' fhógair é anallód? Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh, cloistear iad chun gur féidir á rá: «Tá sin fíor!' ' Is sibhse mo chuidse finnéithe briathar an Tiarna agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh. Mise, is mise an Tiarna, agus níl slánaitheoir ann ach mé féin. Is mise a rinne foilsiú agus slánú agus fógairt. Ní bheidh dia eachtrannach ar bith in bhur measc! Is sibhse mo chuid finnéithe briathar an Tiarna agus is mise Dia; ó gheal an lá is mise é. Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim; déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm? Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: «Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime. Is mise an Tiarna, bhur Neach Naofa, bhur gCruthaitheoir, a Iosrael, agus bhur Rí.» Is mar seo a deir an Tiarna, a rinne bealach mór tríd an bhfarraige, cosán thar an mbóchna thréamanta; a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois; luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite: «Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla, ná cuimhnigí ar an tseanaimsir. Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é? Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas. Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom, na mic tíre agus na hulchabháin, óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach, aibhneacha sa dúiche fhiáin, chun tart mo phobail thofa a chosc. An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin, déanfaidh siad mo mholadh a aithris! A Iacóib, ní tusa a ghlaoigh ormsa, ná [níor chuir tú aon stró ort féin] ar mo shonsa, a Iosrael! Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada, níor thug tú onóir dom le híobairtí. Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort, níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort. Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid, níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí. Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm, thuirsigh tú mé le do choireanna. Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó. Cuimhnigh siar agus tugaimis breith ar an scéal le chéile, déan do chuntas tú féin le go saortar thú ó chion. Rinne do chéad sinsear peaca, agus do theangacha labhartha, d' éirigh siad amach i mo choinne. Thruailligh do phrionsaí mo shanctóir. Dá bharr sin lig mé Iacób uaim faoi chrann smola agus Iosrael faoi ainíde agus faoi achasán. Éist anois, a Iacóib, a ghiolla liom, a Iosrael, atá tofa agam. Seo mar a deir an Tiarna a rinne thú, a dhealbhaigh ón mbroinn i leith thú agus a chabhraíonn leat: Ná bíodh eagla ort, a ghiolla liom, a Iacóib, a Isiriún atá tofa agam. Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach, uisce ina thuilte ar an talamh spalptha. Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór, mo bheannacht ar shliocht do shleachta. Fásfaidh siad ar nós féar cois uisce, mar bheadh na saileacha ar bhruach na sruthán. Déarfaidh an duine seo: 'Is leis an Tiarna mé', tabharfaidh duine eile ainm Iacóib air féin. Scríobhfaidh duine eile ar a láimh ' An Tiarna', agus sloinnfidh é féin ó Iosrael.» Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: «Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann. Cé atá inchurtha liomsa? Amach leis anseo agus labhraíodh sé; taispeánadh sé é féin agus cuireadh sé a chás i mo láthair! Cé hé a thug le fios anallód a raibh le teacht? Fógraíodh siad na rudaí atá chugainn! Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh: Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó? Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam, an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin? Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!» Lucht déanta íol iad go léir is neamhní iad agus níl aon sochar sna rudaí seo ar a bhfuil a ngnaoi. Níl radharc ná tuiscint ag a lucht freastail agus dá bharr sin beidh siad náirithe go deo. Cé a dhealbhaíonn dia nó a mhúnlaíonn íomhá gan bheith ag dréim le sochar uaidh? Is amhlaidh a bheidh náire ar fhíréin na deilbhe sin agus ceann faoi ar lucht a déanta. Bailíodh siad le chéile agus seasadh siad amach. Beidh idir uamhan agus náire orthu le chéile. Saothraíonn an gabha os cionn na tine é, cumann sé lena chasúr é agus gaibhníonn é lena láimh láidir. Nuair a thagann ocras air, imíonn a neart uaidh; mura bhfuil uisce le hól aige, tagann laige air. Tógann an saor adhmaid an tomhas, dearann sé an íomhá lena chailc, snoíonn sé í le siséal agus leanann sé an dearadh le compás. Cuireann sé crot agus ceannaithe duine dhaonna uirthi chun go dté sí a chónaí i dteampall. Bhí sé tar éis céadras a ghearradh, nó cufróg nó dair a roghnú i measc crainn na foraoise, nó b' fhéidir gur céadras a chuir sé agus gur chuir an fhearthainn ag fás é. Dar le daoine ansin nach bhfuil ann ach ábhar tine. Tógann siad cuid de le hiad féin a théamh. Dóitear cuid de le harán a dhéanamh. Ach an duine seo, dealbhaíonn sé dia as agus caitheann é féin ar a bhéal faoi os a chomhair. Leath amháin de, adaíonn sé tine leis, róstann feoil air agus itheann a dhóthain. Déanann sé a ghoradh féin chomh maith á rá: «Á, tá mé do mo ghoradh féin agus ag breathnú isteach sa tine.» Lena bhfuil fágtha déanann sé dia dó féin, íol a sléachtann sé agus a síneann sé é féin béal faoi os a chomhair, ag guí chuige agus á rá: «Saor mé, óir is tú mo dhia.» Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann. Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: «An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?» An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: «An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!» A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo, cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael. Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom; a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú. Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néal agus do chionta ar nós scamaill. Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam. A spéartha, liúirígí le háthas, mar tá an Tiarna i mbun gnímh. Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún! A shléibhte, ceolaigí le háthas, agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat! Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saor agus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael! Is amhlaidh a deir an Tiarna, d' fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom? Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rath agus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill, a sheolann na saoithe ar a gcúil uaim agus a dhéanann seafóid dá stuaim, a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: «Bíodh cónaí inti!» agus faoi bhailte Iúdá: «Tógtar iad arís!» agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil. Is mise a deir leis an Aigéan: «Bí tirim! triomóidh mé do chuid sruthanna.» Is mise a deir i dtaobh Chíorais: «Is é mo thréadaí é! déanfaidh sé mar is rún liom,» ag rá i dtaobh Iarúsailéim: «Tógtar suas arís í.» Agus i dtaobh an Teampaill: «Cuirtear ar bun é as an nua!» Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air chun na ciníocha a leagan ina fhianaise agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile; chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó. «Siúlfaidh mise romhat mé féin chun na cnapáin a dhéanamh cothrom. Déanfaidh mé smionagar de na comhlaí práis, gearrfaidh mé na barraí iarainn ó chéile. Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choim atá cnuasta i gcillíní rúin, chun go dtuige tú gur mise an Tiarna, Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d' ainm. Is ar mhaithe le mo ghiolla Iacób agus le hIosrael, mo rogha, a ghlaoigh mé i d' ainm ort, ag tabhairt gradaim duit agus gan aithne agat orm. Is mise an Tiarna; níl m' athrach eile ann; ach mise amháin, níl aon dia ann. Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam Is mise an Tiarna; níl m' athrach eile ann; ionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréine cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas. Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas, is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad. A spéartha, fearaigí anuas fíréantacht mar bheadh drúcht ann, ligeadh na néalta anuas í ina báisteach! Osclaíodh an talamh lena gabháil agus tagadh an slánú aníos ina gheamhar! Fásadh suas ina theannta sin an fhuascailt atá mise, an Tiarna, lena chruthú! An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: «Cad tá ar bun agat?» An bhfuil a shaothar chun a rá leis: «Níl lámha ar bith ort»? Is mairg a deir lena athair: «Cad é seo a ghin tú?» nó lena mháthair: «Cad é a thug tú ar an saol?» Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, an Neach Naofa, an té a mhúnlaíonn Iosrael: «An daoibhse is dleacht mé a cheistiú i dtaobh mo chlainne, nó orduithe a thabhairt dom faoi shaothar mo lámh? Is mise a rinne an talamh, is mé a chruthaigh an duine atá ina chónaí air. Mise le mo lámha féin a spréigh amach na spéartha agus tá ceannas agam ar a slua go léir. An duine seo, is mé a ghríosaigh chun bua é, tá an bealach réitithe agam roimhe. Déanfaidh sé mo chathair a atógáil agus mo dheoraithe a scaoileadh saor abhaile gan éiric gan airgead fuascailte,» a deir Tiarna na Slua. Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: «Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.» Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach, Dia Iosrael, an slánaitheoir. An dream a thug do dhúshlán, beidh mearbhall agus ceann faoi orthu; imeoidh siad leo faoi náire, lucht déanta na n-íol. Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna, tá sibh slánaithe aige go deo. Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhse ar feadh saol na saol go brách. Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna, Cruthaitheoir na spéartha, arb é Dia é, arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é, a chuir bun faoi agus nár chruthaigh in anord é ach a rinne áit chónaithe de: «Is mise an Tiarna, níl m' athrach ann. Níor labhair mé i modh rúin ná áit éigin i gcríoch dhorcha. Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib: Cuardaígí mé san éagruth. Mise, an Tiarna, labhraím ceart agus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal. Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n-íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas. Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair, gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin: Cé a d' fhógair an méid sin roimh ré, nó cé a d' fhoilsigh é ag an am? An ea nach mise, an Tiarna, a rinne? Níl aon dia eile ann ach mé féin, Dia cóir agus Fuascailteoir; níl dada eile ann ach mise amháin. Iompaigí chugamsa agus tá sibh slánaithe, a chríocha na talún uile, óir is mise Dia, agus níl m' athrach ann! Mionnaim dar mé féin; is í an fhírinne a thagann as mo bhéal, geallúint nach bhfuil dul siar uirthi: ' Os mo chomhairse cromfar gach glúin, dar mise is ea a thabharfaidh gach teanga a mionn.' Tríd an Tiarna amháin, a déarfaidh daoine, a thagann bua agus neart! Chuigesean a thiocfaidh siad agus náire orthu, iad siúd uile a thug a dhúshlán. Tríd an Tiarna is ea a bheidh bua agus glóir ag sliocht Iosrael go léir!» Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin! Tá a n-íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair, ina n-ualach anuas ar bheithígh thraochta. Cúbann siad agus cromann siad uile; gan ar a n-acmhainn a lucht iompair féin a shábháil, ag imeacht mar aon leo i mbraighdeanas iad féin. «Éistigí liom, a theaghlach Iacóib, a iarmhair uile de theaghlach Iosrael! sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh, a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith. Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé, agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh. Is é a rinne mé cheana nuair a d' iompair mé sibh; beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.» Cé leis a gcuirfidh sibh i gcomparáid agus i gcóimheas mé, cé leis a gcuirfidh sibh mé i gcomórtas agus i gcosúlacht? Tá dream ann a dhoirteann ór go fial as a sparán agus meánn siad airgead ar an ainsiléad. Fostaíonn siad orcheard chun dia a dhéanamh dóibh sléachtann siad síos agus tugann adhradh dó! Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é, cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann. As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh. An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó, óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil. Meabhraígí sin, a lucht an éirí in airde, déanaigí machnamh air agus tagaigí ar bhur gciall; cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá. Is mise Dia agus níl m' athrach ann is mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil! Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích. Scairtim ar éan creiche anoir, ar fhear na cinniúna as tír i gcéin. Ní luaithe ráite ná déanta é! Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích! Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnigh agus ar fada libh an bua gan teacht. Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é, ní bheidh moill ar mo shlánú. Deonóidh mé an slánú i Síón, ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir! Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach. Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin! Scaoil díot do chaille; tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa, siúl tríd na haibhneacha. Taispeáin tú féin tarnocht go bhfeice daoine do náire! Tá mé ar son díoltais agus ní chuirfear isteach orm. Deir ár slánaitheoir, arb é Tiarna na Slua is ainm dó Neach Naofa Iosrael: Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, a iníon na gCaildéach. Óir ní thabharfar ort níos mó choíche máistreás na ríochtaí. Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d' fhág mé smál ar m' oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom. Bhí sé ina dheilín agat: «Choíche is go brách beidh mise i mo mháistreás.» Níor mhachnaigh tú ar na rudaí seo i do chroí, ná níor chuimhnigh ar an deireadh a bheadh orthu. Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: «Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.» Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ort d' aon iarraidh agus in aon lá amháin. Caill do chlainne agus baintreachas, tiocfaidh siad ort go tobann, d' ainneoin do chuid asarlaíochta go léir agus ilchumas do dhraíochta. Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá: «Ní fheiceann aon duine mé.» Do chríonnacht agus d' eolas, is iad a mhearaigh thú. Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh: «Mise, mé féin amháin!» Ach tiocfaidh tubaiste ort nach mbeidh dul agat [a chur faoi chónaí]; titfidh matalang ort nach mbeidh tú in ann a chur díot; bainfidh míchríoch díot nach bhfuil coinne agat léi. Fan i mbun d' asarlaíochta mar sin agus d' ildraíochta, ar chaith tú do dhua leo ó d' óige i leith. B' fhéidir go mbainfidh tú tairbhe astu! B' fhéidir go spreagfaidh tú scéin fós! Ach tá tú tuirseach d' iomad do lucht comhairle. Seasadh siad amach anois le tú a shábháil, lucht chomhaireamh na spéartha, lucht scrúdaithe na réaltaí, an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosa cad tá le titim amach. Beidh siad ar nós na gcoinlíní a dhónn an tine. Ní shábhálfaidh siad a mbeo ar ghreim na lasrach. Ná ní aon ghríosach í seo chun do ghoradh a dhéanamh, ní aon teallach é le suí os a chomhair. Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d' óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil. Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht. Óir ainmníonn sibh sibh féin as an chathair bheannaithe agus ligeann sibh bhur dtaca le Dia Iosrael arb é Tiarna na Slua is ainm dó. Na rudaí a tharla, bhí siad foilsithe agam fadó, bhí siad imithe amach as mo bhéal agus fógraithe; leis sin rinne mé beart agus tháinig siad i gcrích. Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána; is geall le féithleog iarainn do mhuineál, agus tá clár d' éadain ina phrás. Is uime sin a d' fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré; sula dtarlódh siad, d' fhógair mé duit iad, ionas nach mbeifeá á rá: «M' íol is é a rinne iad; mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d' ordaigh!» Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois, nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil? Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit, rudaí folaithe nárbh eol duit, a cruthaíodh anois beag, nár chuala tú caint orthu go dtí seo, nach féidir leat á rá fúthu: «Ar ndóigh, bhí a fhios agam sin.» Níor chuala tú trácht riamh orthu, níorbh eol duit iad, ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré. Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat, agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn. Ar son m' ainm chuirinn m' fhearg ar cairde, ar mhaithe le mo chlú choinninn srian léi agus ní bhrisinn thú. Is amhlaidh a chuir mé an tine leat, ar nós airgid; chuir mé féachaint ort i bhfoirnéis na buartha. Ar mo shon féin amháin is ea dhéanaim é, óir cén chaoi a mbeadh m' ainm á thruailliú? Ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile. Éist liom, a Iacóib, a Iosrael, ós ortsa a ghlaoigh mé: Is mise an tús agus is mise fós an deireadh. Mo lámh is í a bhunaigh an talamh, mo dheaslámh a scar amach na spéartha. Ach mé a ghlaoch orthu, éiríonn siad aniar chugam in éineacht. Bailigí go léir le chéile agus éistigí; cé acu a d' inis na rudaí seo roimh ré? «Déanfaidh fear mo pháirte rud orm i gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.» Mise mé féin a labhair agus a ghlaoigh air, a thug ann é agus a chuir rath ar a bheart. Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo: «Ón tús níor labhair mé libh faoi choim, agus ón am a tharla seo tá mise ann.» «Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh, mar aon lena spiorad.» Seo mar a deir an Tiarna, d' fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit. Och, dá mba gur thug tú aire do m' aitheanta! Ar nós abhann is ea a bheadh do shonas agus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige! Mar an ngaineamh is ea bheadh do shliocht agus bheadh clann do bhroinne chomh tiubh lena ghráinní! Choíche go deo ní bheadh d' ainm stoite scriosta os mo chomhair. Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt! Ní raibh tart orthu agus iad á gcinnireacht tríd an bhfásach aige; chuir sé uisce ag scairdeadh as an gcarraig dóibh, scoilt sé an charraig agus bhrúcht an t-uisce amach aisti. «Níl síocháin ar bith,» a deir an Tiarna, «i ndán do choirpigh.» A insí na farraige, éistigí liomsa; tugaigí aire, a chiníocha i gcéin! Ghairm an Tiarna mé sa bhroinn dom, agus mé i gcoim mo mháthar luaigh sé m' ainm. Rinne sé claíomh faobhrach de mo bhéal, chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe. Saighead líofa a rinne sé díom, agus leag sé thart mé ina bholgán saighead. Dúirt sé liom: «Is tú mo ghiolla Iosrael trína saothróidh mé glóir dom féin.» Agus bhí mise á rá liom féin: «Tá mo shaothar in aisce agam, tá mo neart caite agam gan éifeacht.» Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna, agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé. Bhí maise orm i súile an Tiarna, ba é mo Dhia mo neart. Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt, an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó, le go mbailínn Iacób ar ais chuige, le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó: «Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d' Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.» Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú. Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: i dtráth mo pháirte tabharfaidh mé toradh ort, lá na fuascailte tiocfaidh mé i gcabhair ort. (Tá tú coinnithe caomhnaithe agam mar chonradh leis an bpobal.) Cuirfidh mé an tír ina ceart arís; roinnfidh mé oraibh as an nua na gabháltais scriosta; déarfaidh mé leis na cimí: «Amach libh!» agus leo siúd atá sa dorchadas: «Amach go bhfeicimid sibh!» Ar na bealaí go léir beidh siad ag iníor, ar gach dumhach ghainimh gheabhaidh siad féarach. Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce. Déanfaidh mé slí de na sléibhte uile agus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra. Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin, dream aduaidh agus dream aniar, dream eile fós ó Shíním aneas. Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh! a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais! Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir agus ag glacadh trua dá chlann dearóil. Mar bhí Síón á rá: «Tá mé tréigthe ag an Tiarna, tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.» An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche, an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne? Agus dearmad dá ndéanfadh féin, ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo! Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam, is gnách do bhallaí os comhair mo shúl. Tá lucht d' atógála chugat faoi dheifir, agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach. Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait: tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort. Ar mo bheo is é an Tiarna atá á mhionnú seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú, le cur ort ar nós feisteas brídeoige! Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat, agus do dhúiche shladta go léir róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe, agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin. Beidh siad á rá arís i d' éisteacht, an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte: «Tá an áit seo róchúng dom, déan slí dhom go socraí mé isteach!» Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: «Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?» Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad? Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia: Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníocha agus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún. Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainn agus d' iníonacha ar a ngualainn. Beidh ríthe ina n-aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas. An féidir an chreach a bhaint den ghaiscíoch, nó príosúnach an aintiarna a tharrtháil? Is ea, ach seo é freagra an Tiarna: Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin, déanfar creach an aintiarna a tharrtháil! Troidfidh mise lena dtroidfidh leat, agus sábhálfaidh mé do chlann orthu. Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d' fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib. Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair. Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach. Éadaím na spéartha le dúchan bróin, cuirim éadach róin umpu mar chlúdach. (a) Labhraíonn an Giolla An Tiarna Dia, is é a d' oscail mo chluas. Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne, níor theann mé ar gcúl. Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile. Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm, is é sin an fáth nach mothaím an masla. Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas, bhí a fhios agam nach mbeinn meallta. An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar. An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm? Tagaimis beirt i láthair, má tá. An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm? Seasadh sé chugam amach! Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom, cé a thabharfadh ciontach mé? Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh, agus iad á gcreimeadh ag leamhain. Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia. Ach sibhse uile, fadaíonn sibh tine, corraíonn sibh suas an ghríosach. Isteach libh i lasracha na tine sin agaibh agus sa ghríosach atá adhainte agaibh. Mo lámhsa a chaithfidh libh ar an dóigh sin, suífidh sibh fúibh i bpeannaid. Éistigí liom, sibhse go léir atá ar lorg an chirt, atá ag iarraidh an Tiarna. Breathnaígí an charraig as ar gearradh sibh, agus an cairéal ar tochlaíodh sibh amach as. Breathnaígí Abrahám bhur n-athair agus Sárá a thug ar an saol sibh. Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise é agus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é. Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil. Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha. Tabharfaidh mé mo cheart i láthair go tobann, tiocfaidh mo shlánú ar nós an tsolais. Tá mo lámh ar tí breith a thabhairt ar na ciníocha. Tá súil ag insí na farraige liom agus iad muiníneach as neart mo láimhe. Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig. Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh, a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoine ná anbhuain de bharr a gcuid achasán. Óir creimfidh an leamhan iad ar nós giobal éadaigh, mar bheadh olann iontu íosfaidh na péisteoga iad. Ach mo chumhachtsa chun cirt, mairfidh sí buan agus mo shlánú ó ghlúin go glúin! Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d' imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár? An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige, uiscí an Aigéin mhóir, chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige, le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna? An pobal atá saortha ag an Tiarna, tá siad ag filleadh, tá siad ag teacht go Síón ag liúireach le gairdeas. Tá aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann, áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl. Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar? Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú, a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh; agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lá roimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios. Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna? Tá an cime ar tí a scaoilte amach; ní bhfaighidh sé bás i dtóin díge agus ní bheidh ganntanas aráin air. Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom. Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: «Is tú mo phobal.» Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim! Tusa a d' ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge. Corn an mhearbhaill, d' ól tú é, d' ól tú siar é ar fad. Níl agat feasta chun tú a chinnireacht duine ar bith den chlann mhac a shaolaigh tú, ná chun tú a choinneáil suas lena láimh duine ar bith den chlann mhac a thóg tú. Tá an dá olc seo tar éis teacht ort cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort? Creach agus scrios, claíomh agus gorta, cé a thabharfadh sólás duit? Tá do mhic ina luí gan lúth ar choirnéal gach uile shráide chomh lag le heilit i mbarrach, ar meisce le fearg an Tiarna, le bagairtí do Dhé. Ar an ábhar sin, éist leis seo, a chreatúir chráite, atá ar meisce cé nach le fíon é; seo mar a deir Dia do Thiarna, do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire: Seo, tá mé á thógáil as do láimh, an cupán sin an mhearbhaill; corn mo chuid feirge, ní ólfaidh tú as níos mó. Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: «Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.» Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil. Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d' éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan. Craith díot an dusta sin! Bí i do shuí, a Iarúsailéim, a bhraighdeanaigh! Scaoil do mhuineál as a gheimhleacha, a iníon Shíón, a bhraighdeanaigh! Sea, seo mar a deir an Tiarna: Díoladh saor in aisce sibh agus ceannófar ar ais sibh gan airgead. Sea, seo mar a deir an Tiarna: Chuaigh mo mhuintir síos chun na hÉigipte anallód agus d' fhan ansin; ina dhiaidh sin d' imir an Asaír ansmacht agus foréigean orthu. Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m' ainm á mhaslú. Sin é an fáth a gcuirfidh mo mhuintir aithne ar m' ainm; tuigfidh siad, an lá sin, gur mise a deir: «Seo anseo mé!» Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: «Tá do Dhia tar éis teacht i réim.» Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór, ag liúireach le háthas in éineacht, óir is léir dóibh lena súile cinn an Tiarna ag filleadh ar Shíón. Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim! mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim. Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé. «Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin, ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan! Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin, a lucht iompair shoithigh an Tiarna! Óir ní rachaidh sibh amach faoi dheifir, ní imeoidh sibh mar bheadh teifigh ionaibh. Ar cheann bhur slua beidh an Tiarna ag máirseáil, agus ag déanamh sciath thar lorg oraibh beidh Dia Iosrael.» Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla, gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse. Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil, (bhí sé chomh loite sin ina chuma ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó) is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha; fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair. Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh: «Cé a chreidfeadh an scéal is clos dúinn, agus neart an Tiarna, cé dó a nochtadh é?» Amhail bachlóg is ea a d' fhás sé os ár gcomhair a mbeadh a fréamh i dtalamh tirim. Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinne ná scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann; ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n-aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é. Ní hea! ach ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iompar agus ár bpianta, ba iad a thromualach. Sinne, áfach, dar linn gur milleadh é, gur leag Dia lámh air agus go raibh sé cloíte. Goineadh é as ucht ár gcoireanna, bascadh é as ucht ár gcionta. Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinn agus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne. Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d' aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir. Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin, agus níor oscail sé a bhéal. Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas, mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha, níor oscail sé a bhéal. Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é; cé atá buartha faoina chríoch? Sea! Teascadh é as tír na mbeo; as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é. Tugadh uaigh dó i measc na gcoirpeach agus tuama i gcuideachta na saibhre, cé nach ndearna sé éagóir ar aon duine agus nach raibh cluain ná cealg ina bhéal. Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha. «Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air. Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite, á luchtú féin le hualach a gcionta. Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.» Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann; bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh! Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe ná clann na mná céile, a deir an Tiarna. Cuir méid le hurlár do phubaill, sín amach bratacha d' áit chónaithe, scaoil amach iad; cuir fad le do chordaí agus téagar i do sháiteáin! Óir réabfaidh tú amach as do chríocha ar dheis agus ar chlé. Cuirfidh do shliocht na ciníocha as a seilbh, agus déanfaidh áitreabh dóibh féin as cathracha tréigthe. Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d' óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais. Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile. Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t-anam cráite ionat, tá Dia ag glaoch ar ais ort. Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige? a deir do Dhia. Seal faiteadh súl a thréig mé thú, ach le barr dáimhe agus dúchais baileoidh mé chugam thú. Seal beag agus racht fraoich agus feirge orm cheil mé mo ghnúis ort. Ach tá trua agam duit anois le caoindúthracht shíoraí, a deir an Tiarna, do shlánaitheoir. Is ionann cás dom anois agus in aimsir Naoi nuair a mhionnaigh mé i dtaobh uiscí na Díleann nach sceithfeadh siad thar an talamh níos mó. Mionnaim mar an gcéanna i dtaobh na feirge a bhí orm leat agus i dtaobh na haithise a chaith mé leat. Óir féadann na sléibhte imeacht agus na cnocáin bogadh leo, ach mo chaoindúthracht duitse ní imeoidh ná mo chonradh síochána leat ní bhogfar, a deir an Tiarna, a bhfuil trua aige duit. A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás, is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogail agus do dhúshraith ar shaifírí. Déanfaidh mé binn agus buaic duit de rúibíní, geataí den chriostal duit, agus de liaga lómhara do chompal uile. Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna agus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann. Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht; i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort, i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair. Má dhéantar ionsaí ort, ní uaimse a thiocfaidh sé; an té a dhéanann ionsaí ort, caillfear é dá bharr. Seo, is mise a chruthaigh an gabha, an té a shéideann tine na gceartaí agus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo. Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála. Níl arm dá ndearna gabha a mbeidh aon mhaith leis i do choinne. Duine ar bith a chuireann cúis dlí ort, casfaidh tú an t-éitheach lena bhéal. Sin mar atá i ndán do shearbhóntaí an Tiarna; sin mar a sheasfaidh mé a gceart dóibh, briathar an Tiarna. Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce; fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí; Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as, agus fíon agus bainne gan íoc. Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví. Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha, i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin. Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith. Toisc an Tiarna, do Dhia, agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort. Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil; glaoigí air, fad atá sé i ngar. Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas. Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta, ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna. Is ard iad na spéartha os cionn na talún, agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí agus mo bhearta os cionn bhur mbearta. Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe, is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b' áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích. Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháir agus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte. Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibh agus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos. In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás, agus in áit na neantóg an miortal. Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna, beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear! Glacann an Tiarna le hEachtrannaigh a Iompaíonn Is méanar don duine a dhéanann amhlaidh agus do mhac an duine a chloíonn go docht leis: ag coinneáil na sabóide gan truailliú agus á choimeád féin ó gach droch ghníomh. Ná habradh mac an eachtrannaigh a chuaigh leis an Tiarna: «Cinnte, coinneoidh an Tiarna amach as a phobal mé.» Ná habradh an coillteán: «Níl ionamsa ach crann seasc.» Óir is mar seo a deir an Tiarna: Na coillteáin a choinníonn mo shabóidí, a théann leis an ní a thaitníonn liom agus a chloíonn go docht le mo chonradh, tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin agus laistigh de mo bhallaí, rud is fearr ná clann mhac agus iníonacha; tabharfaidh mé dóibh ainm síoraí, ainm nach gcealófar go deo. Agus clann na n-eachtrannach chomh maith, a chloígh leis an Tiarna chun fónamh dó, chun grá a thabhairt d' ainm an Tiarna agus chun bheith ina seirbhísigh aige, iad siúd uile a choinníonn an tsabóid gan truailliú agus a chloíonn go docht le mo chonradh, déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m' altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n-íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir. Seo é briathar an Tiarna Dia a chruinníonn muintir scaipthe Iosrael. Cruinneoidh mé tuilleadh fós in éindí leo siúd atá cruinnithe cheana. A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí; a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos. Ár lucht faire, tá siad ar fad dall, ní léir dóibh dada! Madaí balbha iad go léir, nach féidir leo tafann. Ag brionglóideach atá siad, ina luí fúthu, a ndúil sa chodladh. Madaí craosacha iad nach féidir a shásamh, tréadaithe nach dtuigeann dada. Téann siad go léir a mbealach féin, gach aon riamh acu ar lorg a leasa féin. «Tagaigí!» a deir siad, «tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!» Téann an fíréan in éag agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é. Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúl gan duine ar bith a thabhairt aird air. Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúl ach isteach sa tsíocháin a théann sé. Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach, iad siúd a shiúil bealach na córa. Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa, a phór an adhaltranaigh agus na striapaí. Cé faoi atá sibh ag fonóid, cé faoi an clab sin oraibh, agus cé chuige a shánn sibh amach bhur dteanga? Síol an pheaca atá ionaibh agus pór na mbréag! Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte, faoi gach crann glas ag íobairt páistí sna haltáin sléibhe, i scealpacha na gcarraig! Clocha snoite na n-altán, sin iad do chuibhreann, is iad, is iad do chuid. Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála, chucusan a thugann tú ofrálacha bia. An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid? Ar shliabh mór ard atá do leaba cóirithe agat. Is ann freisin a chuaigh tú suas a dhéanamh do chuid íobairtí. Ar chúl an dorais agus na hursan is ea a chuir tú do chloch chuimhne in airde. D' imigh tú uaim agus bhain tú díot, chuaigh tú ar an leaba fhairsing a bhí cóirithe agat. Tá conradh déanta agat leo siúd ar mhór leat a leaba, ag síorstriapachas leo agus do shúile ar an dia bréige. Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic, ag stealladh cumhrán ort féin; chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin, chuir tú iad síos go Seól fiú. Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad, níor dhúirt tú: «Tá mé ag éirí as.» Fuair tú neart agus urra as an nua, mar sin níl tú tuirseach fós. Cé a chuir an eagla agus an t-uamhan ort gur shéan tú mé, go ndearna tú dearmad orm agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom? Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile? Mar sin níl eagla ort romhamsa. Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte, agus do ghnóthaí gan rath. Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú! Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t-iomlán acu, siabfaidh anáil ar shiúl iad. Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht, agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe. Agus cloisfear glór á rá: Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach, glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: «Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n-uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite. Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé. Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal; cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge. D' imigh sé leis fiáin sna bealaí a b' áil lena chroí; chonaic mé féin iad na bealaí céanna. Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó; líonfaidh mé le suaimhneas é, é féin agus lucht a chaointe, á dhéanamh sin le briathra mo bheola: Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar! a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.» Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite, farraige nach féidir di bheith ciúin, a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe. «Níl síocháin i ndán,» a deir mo Dhia, «do lucht na hurchóide.» Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí. Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia: «Cad chuige ár dtroscadh mura bhfeiceann tusa é, ár gcrá anama, mura dtugann tú aird air?» Ach bhur laethanta troscaidh bíonn gnóthaí ar siúl agaibh, bíonn sibh ag tromaíocht ar bhur n-oibrithe go léir. Déanann sibh troscadh agus sibh ag bruíon agus ag troid agus ag bualadh dorn ar a chéile le binb. Troscadh mar atá ar siúl agaibh faoi láthair, ní hé a leithéid a gheobhaidh éisteacht thuas do bhur nglór. An é sin an troscadh is rogha liom, lá cránais den chineál seo i láthair? Duine ag cromadh a chinn mar a bheadh giolcach ann, agus é sínte ar éadach róin agus ar luaithreach, an air seo a thabharfá troscadh, agus lá taitneamhach i láthair an Tiarna? An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh; do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh, éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire. Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí. Rachaidh d' fhíréantacht romhat amach agus glóir an Tiarna i do dhiaidh. Ansin, má ghlaonn tú, tabharfaidh an Tiarna freagra ort; nuair a scairtfidh tú, déarfaidh sé: «Seo anseo mé.» Má dhíbríonn tú an leatrom as do chúrsaí, bagairt na méire agus an chaint urchóideach, má thugann tú do chuid aráin don ocrach agus a sháith don duine dearóil, éireoidh do sholas sa dorchadas agus beidh do ghruaim ina loinnir mheán lae. Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc. Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársa agus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire. Tabharfar ort fear líonta na bearna, fear cóirithe na n-áitreabh scriosta. Má scorann tú den tsabóid a bhrú faoi chois agus de do ghnóthaí a dhéanamh ar an lá beannaithe; má ghlaonn tú lá aoibhnis ar an tsabóid, agus lá urraime ar lá beannaithe an Tiarna; má thugann tú onóir dó agus gan taisteal a dhéanamh air, ná gnóthaí a dhéanamh ná dul i ndáil chomhairle; is ansin a bheidh d' aoibhneas sa Tiarna; cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre. Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, d' athair, óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt. Ní hé go bhfuil lámh an Tiarna chomh giorraithe sin nach bhfuasclaíonn, ná a chluas chomh mall nach gcloiseann. Ach is iad bhur gcionta atá ina nduibheagán idir sibh agus bhur nDia. Thug bhur bpeacaí air a aghaidh a chlúdach ionas nach gcloiseann sé sibh. Óir tá bhur lámha truaillithe le fuil agus bhur méara le cionta. Tá an bhréag ar bhur mbeola agus monabhar an éigirt ar bhur dteanga. Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt, ná ní théitear chun dlí go hionraic. Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga; gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh. Ar gor ar uibheacha nathrach atá siad, agus ag fíodóireacht líonta damhán alla; an té a itheann a n-uibheacha, faigheann sé bás, agus má bhristear ceann acu, nathair nimhe a thagann amach. Maidir lena líonta, ní dhéanfaidh siad gnó éadaigh, ná ní dhéanfar clúdach dóibh as saothar a láimhe. A saothar siúd, is é saothar an donais é agus is réidh chucu an gníomh garbh. Ritheann a gcosa chun an oilc, agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh. Bearta coiriúla is ea a mbearta, níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar. Bealach na síochána ní eol dóibh, ná níl ionracas ar bith i rian a n-imeachta. Cosáin chama atá réitithe amach acu; an té a shiúlann iad, níl síocháin i ndán dó. Dá thairbhe sin is fada an ceart uainn agus ní thagann an fhíréantacht suas linn. Bímid ag dréim leis an solas, agus seo dorchadas, le gealán gréine, agus tá muid ag siúl faoi ghruaim. Tá muid ag gliúmáil romhainn inár ndaill cois balla; mar a dhéanfadh daoine gan súile atá ár ngliúmáil. Tá muid ag tuisliú um nóin mar bheadh sa chlapsholas, tá cónaí orainn sa dorchadas ar nós na marbh. Tá muid uile ag gnúsacht mar bheadh béir ionainn, ag ochlán agus ag éagaoin ar nós colúr. Tá ár súil leis an gceart ach ní ann dó, le fuascailt, ach is fada uainn í. Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair, agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n-aghaidh. Mar is feasach sinn ar bpeacaí, agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna: an Tiarna a thréigean agus a shéanadh agus imeacht ar shiúl ónár nDia, a bheith ag beartú ansmachta agus ceannairce, agus ag monabhar bréaga inár gcroí. Caitear an ceart i leataobh agus seasann an fhíréantacht siar. Mar baineadh leagan as an iontaoibh ar fhaiche na cathrach, agus níl cead isteach ag an macántacht. Tá an t-ionracas in easnamh agus déantar slad ar fhear seachanta an oilc. Chonaic an Tiarna sin agus níor thaitin sé leis nach raibh ceart le fáil os a chomhair. Chonaic sé nach raibh aon duine ann, agus b' iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil. Mar sin rinne a lámh féin slánú dó agus ba í a fhíréantacht a chrann taca. Chuir sé an fhíréantacht air ina lúireach agus clogad an tslánaithe ar a cheann. Chuir sé éadach an díoltais uime ina léine agus chlúdaigh é féin le díbheirg mar chlóca. Cúiteoidh sé cách mar is dleacht, fearg dá naimhde agus díoltas dá eascairde. Beidh urraim d' ainm an Tiarna aniar agus dá ghlóir ó éirí na gréine. Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruach agus siorradh ón Tiarna á siabadh. Ach tiocfaidh sé go Síón mar fhuascailteoir, chuig muintir Iacóib agus a bpeacaí tréigthe acu. Briathar féin an Tiarna an méid sin! Maidir liom féin, is é seo mo chonradh leo, a deir an Tiarna: Mo spioradsa atá ag lonnú ort agus mo bhriathra atá curtha i do bhéal agam, ní imeoidh siad as do bhéal, ná as béal do shleachta, ná as béal shliocht do shleachta feasta go deo. Sin é a deir an Tiarna. Aiséirí Iarúsailéim ainneoin go bhfuil an dorchadas ag leathadh thar an talamh agus dúchan na hoíche ar na ciníocha. Os do chionnsa tá an Tiarna ag éirí agus tá a ghlóir le feiceáil anuas ort. Tá na náisiúin ag triall ar do sholas agus a ríthe ar ghile do mhaidneachain. Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall: táthar ag bailiú le chéile agus ag triall ort. Tá do chlann mhac ag teacht ó i bhfad i gcéin, d iníonacha fós agus iad á n-iompar ar an leis. Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis, beidh do chroí ag borradh ionat le tocht: óir casfar flúirse na farraige i do threo, tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort. Beidh tú ar do chlúdach le camaill ina sluaite, scoth chamaill Mhidián agus Éafá, iad siúd go léir ag triall as Seabá, ór agus túis ar iompar acu, agus iad ag fógairt moltaí an Tiarna. Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit; beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá. Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m' altóir, cuirfear maise le maise mo Theampaill. Cé hiad siúd ag seoladh leo ar nós na néalta, mar a bheadh colúir ag filleadh ar a gcró? Soithí is ea iad ag bailiú as críocha na farraige, agus longa Thairsís ar a gceann, ag iompar do chlann mhac ó i bhfad i gcéin agus a gcuid óir agus airgid in éindí leo, ar son ainm an Tiarna do Dhia agus Neach Naofa Iosrael, os é a chuir maise ort. Beidh clann na gcoimhthíoch ag tógáil do mhúrtha as an nua, agus a ríthe ag déanamh freastail ort. Óir cé gur bhasc mé thú nuair a bhí an taom feirge orm, is tú mo pháirt anois agus ghlac mé trua duit. Beidh do gheataí ar leathadh de shíor, de lá ná d' oíche ní bheidh siad dúnta, chun go dtugtar chugat saibhreas na gciníocha agus a ríthe ar téad dá gcinnireacht. Óir náisiún nó ríocht nach stríocann duit, caillfear iad, agus déanfar slad ar thíortha iomlána. Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort, giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile, chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra, agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa. Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael. In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú, i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha, déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo, cúis ghairdis ó ghlúin go glúin. Diúlfaidh tú bainne na gciníocha, diúlfaidh tú saibhreas na ríthe. Agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna is slánaitheoir duit, gurb é Neach Tréan Iacóib d' fhuascailteoir. In ionad umha, tabharfaidh mé ór chugat; in ionad iarainn, tabharfaidh mé airgead; in ionad adhmaid, umha; in ionad cloiche, iarann. Gnó do chuid reachtairí fágfaidh mé ag an tsíocháin, agus feidhm do mhaor ag an bhfíréantacht. Ní bheidh trácht ar fhoréigean i do dhúiche níos mó, ar scrios ná ar shlad i do chríocha. Goirfidh tú Saoirse do do mhúrthaí. Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa lá ná loinnir ghealaí le teacht na hoíche. Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraí agus do Dhia ina bharr maise ort. Ní rachaidh do ghrian faoi go deo arís ná urú ní thiocfaidh ar do ghealach, óir beidh an Tiarna agat mar sholas síoraí agus cuirfear críoch le laethanta do bhróin. Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir. An té is lú díobh déanfar míle de, agus cine láidir as an mbaicle bheag. Mise an Tiarna, tá mé tar éis labhairt; in am trátha cuirfidh mé i gcrích é. Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh; chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna, agus lá díoltais dár nDia; chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir. Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa, beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama; deiseoidh siad na cathracha creachta agus na ballóga atá uaigneach leis na cianta. Beidh eachtrannaigh ag buachailleacht bhur dtréada daoibh, agus coimhthígh ag saothrú bhur dtalaimh agus bhur bhfíniúna. Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé. Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh agus a maoin ar fad faoi réir agaibh. Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náire agus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann, gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féin agus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh. Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart agus is gráin liom slad agus éagóir. Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis, agus déanfaidh mé conradh síoraí leo. Beidh cáil ar a sliocht os comhair na gciníocha agus ar shliocht a sleachta i measc na náisiún. Admhóidh gach aon dá bhfeiceann iad gur cine iad atá beannaithe ag an Tiarna. «Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m' anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda. Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair, ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur, is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.» Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost, agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair, nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú. Is ann a fheicfidh na ciníocha d' fhíréantacht agus na ríthe uile do ghlóir; agus tabharfar ainm nua ort, ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin. Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna, i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé. Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin «Bean mo rúin» agus «an Céile» a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile. Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é an Saor féin a phósfaidh thusa; agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia. Ar do mhúrtha, a Iarúsailéim, tá lucht faire i gceann poist agam nach dual tost dóibh de lá ná d' oíche; Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna, níl sos i ndán daoibh agus ná tugaigí sos dósan nó go gcuire sé Iarúsailéim ar bun ina duan molta dó go deo ar talamh. Tá an Tiarna tar éis a mhionn a thabhairt dar a dheasláimh agus dar neart a ghualann: «Ní baol feasta go dtabharfaidh mé do chruithneacht mar bhia do do naimhde. Eachtrannaigh ní ólfaidh níos mó do chuid fíona ar chaith tú do shaothar leis. Ach an dream a rinne an t-arbhar a tharlú, íosfaidh siad féin é agus molfaidh siad an Tiarna. Is iad lucht cnuasaithe na gcaora fíona a bheidh ag ól i mo chúirteanna beannaithe.» Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha! Seo é fógra an Tiarna go críocha na cruinne féin: «Abraigí le hiníon Shíón: Seo chugat d' fhuascailteoir. Tá a luach saothair leis ina sheilbh agus a chúiteamh á iompar roimhe amach. Gairfear dóibh Pobal Naofa, Cion Fuascailte an Tiarna, agus duit féin a mbíonn síorthriall ort Cathair nach dtréigtear.» Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe! Cén fáth gur dearg ar fad atá do chulaith ort, ar nós éadach duine a bheadh ag satailt sa dabhach fíona? Phasáil mé an chantaoir i m' aonar; duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom. Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm, agus shiúil mé orthu i gcuthach dom; steall súlach a gcroí ar mo chulaith agus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad. Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam, agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha. Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom; agus b' iontach liom nach raibh taca le fáil. Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom, agus m' fhearg, is í a rinne taca dom. Bhasc mé na ciníocha le cuthach, shatail mé orthu le teann feirge, agus sceith mé a súlach amach ar an talamh. Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris, agus éachtaí an Tiarna a fhógairt, gach a ndearna an Tiarna ar ár son agus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael, gach ar bhronn sé orthu le barr dáimhe agus ilchomharthaí a chaoindúthrachta. Dúirt sé: «Cinnte is iad mo mhuintir iad, mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.» Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu ina dtrioblóidí go léir. Ní teachtaire ná aingeal ach é féin a scaoil saor iad. Le teann grá agus trua d' fhuascail sé féin iad; thóg sé suas agus d' iompair iad sna laethanta sin uile anallód. Ach d' éirigh siad amach ina choinne agus chuir brón ar a spiorad naofa. Is leis sin a d' iompaigh sé ina namhaid dóibh agus chuir sé cogadh orthu é féin. Ansin chuimhnigh siad ar na laethanta a bhí agus ar Mhaois a thug a mhuintir chun saoirse: Cá bhfuil an té úd a thug aníos ón muir iad féin agus tréadaí a thréada? Cá bhfuil an té a chuir isteach ann a spiorad naofa; a chuir a chumhacht ghlórmhar uaidh ag gluaiseacht ar dheasláimh Mhaois; a scoilt na huiscí ó chéile rompu chun ainm síoraí a bhaint amach dó féin; a stiúraigh iad tríd an duibheagán chomh réidh le capall ar an machaire fiáin, gan tuisliú ach oiread le heallach ag druidim síos bun gleanna, agus spiorad an Tiarna á seoladh chun suaimhnis. Is amhlaidh sin a threoraigh tú do mhuintir chun clú agus mórcháil a thuilleamh duit féin. Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach, ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí. Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce, do theasghrá agus do thrócaire chugainn? Ná seas i leataobh uainn óir is tusa ár n-athair, cé nach n-aithníonn Abrahám sinn agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó. Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d' ainm riamh anall. Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite, agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó? Fill ar ais ar son do sheirbhíseach, ar son treibheanna d' oidhreachta. Cén fáth ar sháraigh lucht an oilc do shanctóir, cén fáth ar shatail ár naimhde ar do scrín? Is fada nach beo dúinn faoi do réir, ionann agus nárbh é d' ainmse atá orainn. Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas, ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair, mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna, mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh; ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d' ainm agus ciníocha ar crith roimh do theacht. Dhéanfá éachtaí ansin nach raibh súil leo, agus nár chuala aon duine caint orthu riamh. Cluas níor chuala ná súil ní fhaca dia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann. Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí. Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin; is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne. Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe. Duine níl ann a ghlaonn ar d' ainm, ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat. óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn, agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna. Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n-athair. Sinne an chré, tusa an potaire, agus saothar do láimhe is ea sinn go léir. Ná bíodh fearg rómhór ort, a Thiarna, ná meabhraigh an urchóid de shíor! Féach orainn go léir, breathnaigh ar do mhuintir. Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh, tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach. Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b' álainn, mar a mbíodh ár n-aithreacha do do mholadh, tá sé dóite go talamh le tine, agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios. Ina dhiaidh sin, a Thiarna, an bhfuil tú chun srian a chur leat féin, chun fanacht i do thost agus sinn a smachtú thar cuimse? Bhí mé ansin le lorg ag dream nach raibh do m' iarraidh agus bhí fáil orm ag dream nach raibh do mo chuartú. Bhí mé ag rá: «Seo anseo mé, seo anseo mé,» le cine nach raibh ag glaoch ar m' ainm. Bhí mo lámha sínte amach agam an lá ar fad chuig pobal míréireach agus iad ag dul bealach nárbh fhónta, de réir a dtallann féin, ag tabhairt mo dhúshlán gan sos suas le mo bhéal, ag déanamh íobairtí i ngairdíní, ag dó túise ar altóirí bríce, ag gnáthú uaigheanna agus ag faire go maidin i gcúinní dorcha, ag ithe feoil mhuice agus súlach salachair ina gcoirí acu. «Fan mar a bhfuil tú,» a deir siad, «ná bain díom; óir is naofa ná tusa mé.» Toit i mo shrón is ea an dream seo, tine nach múchtar ar feadh an lae. Seo, tá sé scríofa os mo chomhair; ní fhanfaidh mé i mo thost nó go gcúití mé leo a n-urchóidí féin agus urchóidí a n-aithreacha, an t-iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán. Seo mar a deir an Tiarna: Nuair a bhíonn fíon úr le fáil i dtriopall caora fíniúna, deirtear: «Ná mill é; tá beannacht ann.» Déanfaidh mise mar an gcéanna ar son mo sheirbhíseach. Ní mhillfidh mé an náisiún ar fad. Tabharfaidh mé sliocht ar Iacób agus oidhrí air Iúdá a mbeidh seilbh acu ar mo shléibhte. Beidh siad mar oidhreacht acu siúd atá tofa agam, agus mar áit chónaithe ag mo sheirbhísigh. Beidh Seárón ina réimse ag tréada caorach agus Gleann Áchór ina fhéarach eallaigh, agus iad i seilbh mo mhuintire a lorgann mé. Ach sibhse atá i ndiaidh an Tiarna a thréigean, a bhfuil mo shliabh beannaithe dearmadta agaibh, a chóiríonn tábla faoi choinne dia na cinniúna, agus a leagann amach cupán fíona do dhia an áidh, tugaim suas don chlaíomh sibh agus titfidh sibh ar lár san eirleach. Óir ghlaoigh mé agus níor thug sibh freagra, labhair mé agus níor éist sibh. Ach rinne sibh rudaí a b' olc liom, agus an rud nár thoil liom, ba é bhur rogha é. Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse; beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse; beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse. Beidh mo sheirbhísigh ag ceol, agus áthas ina gcroí. Ach sibhse, beidh sibh ag éagaoin le doilíos croí, agus ag olagón le hanbhuain anama. Beidh bhur n-ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua. An té a mbeidh beannacht uaidh ar talamh, beannacht ó Dhia na fírinne a bheidh uaidh, agus an té a thabharfaidh a mhionn ar talamh, dar Dia na fírinne a mhionnóidh sé, óir ligfear amhgar an tseanama i ndearmad agus beidh sé ceilte ar mo radharc. Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó. Ach déanáigí gairdeas agus bíodh lúcháir oraibh go deo agus go brách as a bhfuil á chruthú agam, mar tá mé chun Iarúsailéim a chruthú ina lúcháir agus a muintir ina ngairdeas. Beidh lúcháir orm féin as Iarúsailéim, beidh gairdeas orm as mo mhuintir. Ní chloisfear ann choíche glór an chaointe ná glaoch ar chabhair. Ní bheidh níos mó ann naíonán nach maireann ach beagán laethanta ná seanduine nach dtugann a sheal. An té a mhaireann céad bliain, ní bheidh ann ach ógánach; agus an té nach maireann an céad, beidh sé amuigh air gur faoi chrann smola a bhí sé. Tógfaidh siad tithe agus déanfaidh siad cónaí iontu; cuirfidh siad fíniúin agus íosfaidh siad a toradh. Ní dhéanfaidh siad tógáil a bheidh mar áit chónaithe ag daoine eile; ní chuirfidh siad síol le go mbeidh daoine eile ag ithe. Óir tabharfaidh mo mhuintir saol fada leo ar nós saol na gcrann, agus is fada a bheidh mo dhaoine tofa ag baint leas as saothar a lámh. Ní bheidh siad ag sclábhaíocht in aisce ná ag saolú clainne chun a gcaillte, mar bunadh is ea iad a bhfuil beannacht ón Tiarna orthu, agus a sliocht ina ndiaidh. Is amhlaidh a thabharfaidh mé freagra sula nglao siad; agus iad fós ag caint, beidh siad cloiste agam. Beidh an mac tíre agus an t-uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d' fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom? Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t-iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar. An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d' íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n-anama ina gcuid gráiniúlachta. Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b' olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo. Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m' ainm, deir siad: «Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.» Ach is orthu féin a bheidh an náire. An ghlóraíl agus an ghlafarnach sin sa chathair, an glór ag teacht ón Teampall, glór an Tiarna is ea é agus é ag baint sásaimh as a naimhde. Bean a bhreith clainne gan tinneas agus mac a shaolú gan bheith i bpriacal! Cé a chuala trácht ar a leithéid, cé a chonaic a leithéid riamh? An saolaítear tír in aon lá amháin, an dtugtar náisiún chun breithe d' aon uain amháin? Ach níor luaithe Síón ina luí seoil ná thug sí clann mhac ar an saol! An dtabharfaidh mé chun breithe, gan an bhreith a thabhairt chun críche? a deir an Tiarna. Mise a ghin, an ndúnfaidh mé an bhroinn? a deir do Dhia. Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim, bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi! Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi, sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh! Ionas go dtálfar bhur sáith oraibh ó chíocha na sólás, ionas go mblaisfidh sibh go fonnmhar de dhiúl a glóire. Óir is mar seo a deir an Tiarna: Cuirfidh mé an tsíocháin uaim ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann, agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruacha saibhreas na gciníocha. Beidh a leanaí cíche á n-iompar ar an leis agus á luascadh ar ghlúine. Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis, mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse. (In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.) Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí, agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir. Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísigh agus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg. Óir féach, tá an Tiarna ag teacht i gcaor thine agus a charbadra ar nós guairneán gaoithe, chun a chuid feirge a scaoileadh ina fraoch, agus a aithis in aon bharr amháin lasrach. Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine, chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh, agus marófar mórán leis an Tiarna. An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní, duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta, a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna, béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu, briathar an Tiarna. Tá mé ag teacht chun ciníocha na n-uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir. Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir. Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna. Agus cuid acu, déanfaidh mé sagairt agus Léivítigh díobh dom féin, a deir an Tiarna. Óir na spéartha nua agus an talamh nua atá á gcruthú agam, díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna, is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n-ainm buan chomh maith. Mí in aghaidh na míosa le teacht na ré nua, agus seachtain in aghaidh na seachtaine lá na sabóide, tiocfaidh an cine daonna go léir ag sléachtadh i mo láthair, a deir an Tiarna. Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m' aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir. Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin. Tháinig briathar an Tiarna chuige i laethanta Ióisíá mac Amón, rí Iúdá, sa tríú bliain déag dá réim. Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí. Glao Irimia «Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort; sular rugadh thú choisric mé thú; d' ordaigh mé thú i d' fháidh do na ciníocha.» Ansin dúirt mise: «Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.» Ach dúirt an Tiarna liom: «Ná habair, ' Is leanbh mé.' Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú, agus cibé ní a ordóidh mise duit, déarfaidh tú é. Ná bíodh faitíos ort rompu, óir tá mise leat agus tusa faoi mo choimirce, is é an Tiarna a labhraíonn.» Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: «Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal. Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí, a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «rí Irimia, céard a fheiceann tú?» «Feicim slat almóinne,» arsa mise. Ansin dúirt an Tiarna liom: «Is maith a chonaic tú, óir déanaimse faire ar mo bhriathar go gcomhlíonfar é.» Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: «Céard a fheiceann tú?» Arsa mise: «Feicim pota ar fiuchadh agus a aghaidh anall ón Tuaisceart.» Ansin dúirt an Tiarna: «Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo; óir táim anois ag cur fios ar threibheanna ríochtaí uile an Tuaiscirt is é an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad, agus suífidh gach aon díobh a ríchathaoir i mbéal geataí Iarúsailéim, in aghaidh a ballaí uile maguaird, agus in aghaidh bailte uile Iúdá. Tabharfaidh mise mo bhreithiúnas ina n-aghaidh i ndíol an uile oilc a rinne siad; mar thréig siad mise chun túis a loscadh do dhéithe eile agus oibreacha a lámh féin a adhradh. Tusa, crioslaigh thú féin mar sin chun comhraic. Éirigh agus abair leo gach a n-ordaímse duit. Ná bíodh eagla ort ina bhfianaise, ar fhaitíos go gcuirfinnse eagla ort ina bhfianaise. I dtaca liomsa de, déanfaidh mise díot inniu cathair dhaingean, cuaille iarainn, agus balla práis in aghaidh na tíre seo go hiomlán, in aghaidh ríthe Iúdá, in aghaidh a prionsaí, a sagart agus mhuintir na tíre. Troidfidh siad i d' aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce is é an Tiarna a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ' Cuimhním ar dhíograis d' óige, do ghean brídeoige an t-am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh. Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair; Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as; tháinig an anachain orthu, is é an Tiarna a labhraíonn.'» Éistigí le briathar an Tiarna, a theach Iacóib, agus sibhse, a mhuintir uile theach Iosrael. Seo mar a deir an Tiarna: «Cén t-easnamh a bhraith bhur n-aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad. Ní dúirt siad riamh: 'Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?' Thug mé sibh go tír thorthúil, a ithe a torthaí agus a maitheasa; ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúiche go ndearna sibh m' oidhreacht fuafar. Níor fhiafraigh na sagairt riamh: 'Cá bhfuil an Tiarna?' Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D' éirigh na tréadaithe amach i m' aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn. Ar an ábhar sin cuirfidh mé triail arís oraibh an Tiarna a labhraíonn agus ar chlann bhur gclainne cuirfidh mé triail. Seolaigí go hoileáin Chitím nó cuirigí fios go Céadár. Meabhraígí go cúramach féachaint ar tharla a leithéid seo riamh. An malartaíonn cine a ndéithe? agus ní déithe in aon chor iad seo! Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóir ar rud gan mhaith. Bíodh uafás oraibh, a neamha; faoin ní seo bíodh uamhan oraibh crithigí le heagla an Tiarna a labhraíonn. Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce. An sclábhaí mar sin Iosrael? Nó an le haghaidh na daoirse a rugadh é, go ndéantar é a chreachadh mar seo? Bhúir na leoin air, thógadar a nguth in ard a gcinn. Rinneadar fásach dá dhúiche; tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí. Bhearr muintir Nof agus Thachpanaes fiú baithis do chinn! Nár tharraing tú é seo ort féin, mar gur thréig tú an Tiarna do Dhia? Cén mhaith duit anois do thriall ar an Éigipt, a ól uisce na Níle? Cén mhaith duit do thriall ar an Asaír, a ól uisce na hAbhann? Tá d' olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n-ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m' eagla a bheith ionat is é Tiarna na Slua a labhraíonn. Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: 'Ní bheidh mise i mo shearbhónta.' Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach. Ach phlandaigh mise thú i d' fhíniúin uasal, ceap fírinneach tríd agus tríd. Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin, a fhíniúin thruaillithe? Bíodh go nífeá thú féin i mbuac agus go dtógfá chugat mórán gallúnaí, bhraithfinn ina dhiaidh sin sal do choire is é an Tiarna Dia a labhraíonn. Conas a fhéadann tú a rá: 'Níl mise truaillithe, ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím'? Féach, lorg do chos sa ghleann, agus admhaigh céard tá déanta agat. Camall baineann anonn agus anall, déanann sí ar an bhfásach ag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach. Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir? Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg. Gheofar í [ag cúpláil]. Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga, go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart. Ach dúirt tú: 'Nach cuma? Óir táim i ngrá le strainséirí agus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.' Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air, is mar sin a bheidh ag teach Iosrael; iad uile, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt, a bhfáithe, a deir le smután adhmaid: 'Is tú m' athair,' le cloch: 'Is tú a thug ar an saol mé.' Iompaíonn siad a ndroim liomsa agus ní hé a n-aighthe; ach in am a mbuartha béiceann siad: ' Éirigh agus sábháil sinn.' Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin? Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha! Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe; ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál. Cén chúis ghearáin atá agaibh orm? D' éirigh sibh uile amach i m' aghaidh is é an Tiarna a labhraíonn. Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac; níor ghabh sibh aon cheartú; bhur gclaíomh féin, mar leon craosach, a mharaigh bhur bhfáithe. A bhaicle gan náire! Éistigí le briathar an Tiarna Dia: An raibh mise i m' fhásach do Iosrael, nó i m' fhearann dlúth dorcha? Cad chuige mar sin go n-abrann mo phobalsa: ' Tá cead ár gcos againn, ní thiocfaimid chugat feasta'? An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí, nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta? Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise laethanta gan áireamh. Nach maith is eol duit an tslí ar lorg grá! Go deimhin shiúil tú chomh eolach sin i slí na gciontach, go léiríonn do lámha lorg fola na neamhchiontach. Agus ní i gcionn tochailte a rug tú orthu siúd! Ach freagróidh tú astu seo uile go cinnte. Deir tú: 'Táimse saor ó locht, tá a fhearg iompaithe uaim.' Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ort mar go n-abrann tú: 'Níor pheacaigh mé.' Nach guagach a thugann tú faoi mhalairt chúrsa! Ach cuirfear as do dhóchas thú ag an Éigipt díreach faoi mar cuireadh thú as do dhóchas ag an Asaír. Beidh ort imeacht as an áit sin freisin agus do lámha ar do chloigeann agat, mar tá fir do dhóchais caite uaidh ag an Tiarna, agus ní dhéanfaidh tú biseach leo.» Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: «Má scarann fear lena bhean agus go n-imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? is é an Tiarna a labhraíonn. Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta. Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d' aghaidh striapaí, b' fhada uait lasadh agus náire. Ar an uair sin féin nach raibh tú ag éamh orm: ' rí athair liom, ó a chara m' óige! An leanfaidh sé dá fhearg go brách, an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?' Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir tú den pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.» Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: «An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d' imir ansin an striapach? Cheap mise: 'Tar éis di seo uile a dhéanamh fillfidh sí ormsa.' Ach níor fhill. Chonaic a deirfiúr fhealltach Iúdá é seo. Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d' imigh sise freisin agus d' imir an striapach. Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid. Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach is é an Tiarna a labhraíonn.» Agus dúirt an Tiarna liom: «Is mó d' fhíréan Iosrael mhídhílis ná Iúdá fhealltach. Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh: Fill, a Iosrael mhídhílis is é an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh strainc orm leat feasta, óir táim trócaireach is é an Tiarna a labhraíonn. Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí. Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa is é an Tiarna a labhraíonn. «Filligí a chlann mhídhílis is é an Tiarna a labhraíonn óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón. Tabharfaidh mé aoirí daoibh de réir mo chroí a bheathóidh sibh le heolas agus le tuigse. Agus nuair a líonfar agus a mhéadófar sibh sa tír, ansin an Tiarna a labhraíonn ní déarfaidh aon duine arís go deo: 'Áirc chonradh an Tiarna', ná ní bheidh smaoineamh uirthi ná cuimhne, ní bheidh caitheamh ina diaidh ná ní dhéanfar arís í. Nuair a thiocfaidh an t-am sin gairfear de Iarúsailéim: 'Ríchathaoir an Tiarna'; cruinneoidh na ciníocha uile chuici in ainm an Tiarna, agus ní shiúlfaidh siad níos mó de réir spreagadh a ndroch-chroí féin. Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n-aithreacha. Agus bhí mé ag ceapadh: Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac, agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn, an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile. Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom, agus nach n-imeofá go deo ó mo lorg. Ach fearacht bean a imíonn go fealltach óna leannán d' fheall teach Iosrael ormsa is é an Tiarna a labhraíonn.'» Tá gleo le clos ar na harda loma: Caoineadh agus impí chlann Iosrael, óir is fada amú a chuaigh siad, agus rinne dearmad ar an Tiarna a nDia. «Filligí, a mhaca mídhílse, leigheasfaidh mise bhur mídhílseacht.» «Táimid anseo, is ortsa atá ár dtriall, óir is tú an Tiarna ár nDia. Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda, mar an gcéanna le scléip na sléibhte. Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael. Shlog an rud náireach saothar ár n-aithreacha ónár n-óige anall, a dtréada agus a dtáinte, a mic agus a n-iníonacha. Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n-easonóir sinn, óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia (sinn féin agus ár n-aithreacha ónár n-óige go dtí inniu; agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).» «Más mian leat filleadh, a Iosrael, is é an Tiarna a labhraíonn Is ormsa nár mhór duit filleadh. Cuir deireadh le do ghráiniúlacht agus ní bheidh aon chall agat mé a sheachaint. Má mhionnaíonn tú: 'Go maire an Tiarna' go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.» Óir is mar seo a deir an Tiarna le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: «Glanaigí go maith bhur bhfearann branair, ná síolchuirigí i measc spíonta. Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m' fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha. Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim! Séidigí an stoc faoin tuaith, fógraígí os ard agus abraigí: ' Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!' Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón; teithigí, ná déanaigí moill! Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart, milleadh mór. Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu. Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach, caoinigí agus uailligí, mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn. An lá sin is é an Tiarna a labhraíonn clisfidh croí an rí agus croí na bprionsaí mar an gcéanna; beidh uafás ar na sagairt, beidh mearbhall ar na fáithe.» [Déarfaidh daoine] ansin, «Ó, a Thiarna Dia, nach mór a mheall tú sinn á rá: ' Beidh síocháin agaibh', ar an uair féin atá an claíomh ag ár scornach!» San am sin déarfar leis an bpobal seo agus le Iarúsailéim: «Séideann gaoth dhóiteach as na harda loma san fhásach ar iníon mo phobail, agus ní do cháitheadh ná do ghlanadh í. Tá gaoth [bhagartha] ag teacht ar m' ordú. Anois is mé féin atá ar tí breithiúnas a thabhairt orthu!» Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta, is cosúil le camghaoth a charbaid, is mire a eachra ná iolair, is mairg dúinn, táimid caillte! Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha? Óir foilsíonn guth as Dán, ag faisnéis ainnise ó shléibhte Eafráim. Fógair a theacht le Iúdá, abair é in Iarúsailéim: ' Tá [naimhde] ag teacht as an imigéin; ardaíonn siad a ngáir chatha in aghaidh bailte Iúdá. Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguaird fearacht lucht coimhéadta goirt, de bhrí go raibh sí easumhal domsa an Tiarna a labhraíonn. Thug d' iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort. Is í seo do chinniúint, agus is searbh í. Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!» Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha. Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine; déantar fásach den dúiche ar fad; scriostar mo bhothanna go tobann, mo dhídean, in imeacht nóiméid. Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil, agus guth an stoic a cloisteáil? «Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.» D' fhéach mé ar an talamh, agus ní raibh ann ach folús; ar na spéartha, agus ní raibh solas iontu. Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith; bhí na harda trí chéile ar bogadh. D' amharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann, agus theith éanlaith uile an aeir. D' amharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach, bhí a bailte uile scriosta, i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire. Óir is mar seo a deir an Tiarna: «Scriosfar an tír ar fad, cuirfidh mise críoch leis den turas deireanach; Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.» Leis an scairt: «Marcshlua agus boghdóirí» teitheann an tír ar fad; tugann dream amháin na doirí orthu, dreapann dream eile suas ar na creaga; tréigtear [an tír uile], ní fhágtar duine ann. Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d' aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad. Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann, íona na mná a bheireann a céad leanbh; is é screadaíl iníon Shíón é, a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach: «Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.» Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna]. ABN: 1, 3a, 2, 3b, 4 Ach bíodh go n-abrann siad: «Go maire an Tiarna,» ina dhiaidh sin mionnaíonn siad go bréagach. 3a A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? 3b Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n-aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh. «Is iad na miondaoine amháin nach bhfuil aon chiall acu,» arsa mise, «mar níl a fhios acu slí an Tiarna, ná reacht a nDé. Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acu agus labharfaidh mé leo, óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.» Ach bhí an chuing briste, na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin. Sin é an fáth go maraíonn leon as an bhforaois iad, go ndéanann mac tíre an fhásaigh slad orthu, go bhfuil liopard i bhfolach ag faire ar a mbailte; cibé duine a ghabhann amach astu sractar ó chéile é mar is do-áirithe a gcionta, is ag dul i méid atá a séanadh. «Cad chuige go maithfinn duit é? Thréig do chlann mhac mé, agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor. Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas. Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach. Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe, gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan. An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin an Tiarna a labhraíonn nach n-agróidh mise mo dhíoltas ar a leithéid seo de náisiún? Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí! Críochnaígí ar fad í! Bainigí anuas di a briongláin, ní leis an Tiarna iad. Go deimhin is go fealltach a d' fheall sí orm, an teach seo Iosrael an Tiarna a labhraíonn. Shéan siad an Tiarna; dúirt siad: 'Ní dhéanfaidh sé dada; ní thiocfaidh aon olc chugainn, claíomh ná gorta ní fheicfimid. Níl na fáithe ach ag cur gaoithe, níl an briathar iontu.' Ar an ábhar sin a deir an Tiarna, Dia na Slua Is mar seo a dhéanfar leo as ucht é sin a rá: déanfaidh mise m' fhocail ina thine ar do bhéal, agus an pobal seo ina bhrosna, le go loscfaidh an tine iad. Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéin a theach Iosrael is é an Tiarna a labhraíonn is náisiún dochloíte é, náisiún seanda, náisiún nach aithnid duitse a theanga, ní thuigeann tú focal a deir siad. Tá a mbolgán saighead amhail uaigh oscailte; is laochra cróga iad uile. Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t-arán, slogfaidh siad do mhic agus d' iníonacha, slogfaidh do thréada agus do shealbháin, d' fhíniúna agus do chrainn figí, scriosfaidh siad do bhailte daingne ina bhfuil do dhóchas. «Ach sna laethanta sin féin an Tiarna a labhraíonn ní scriosfaidh mé ar fad sibh. Agus nuair a déarfaidh siad: 'Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?' freagróidh tusa mar seo iad: 'Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.'» Foilsígí é seo i dteach Iacóib, fógair é in Iúdá, á rá: «Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint, ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann, cluasa agus nach gcluineann. Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? an Tiarna a labhraíonn An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu. Ach tá croí ainrianta, easumhal ag an bpobal seo; d' éirigh siad amach is maith chuige sin iad! Ní dúirt siad ina gcroí: 'Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn; tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil, coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.' Thóg bhur gcionta nithe maithe uaibh, ghiorraigh bhur bpeacaí na fabhair seo. Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail; spréann siad a líonta; fearacht éanairí cuireann siad dol, agus gabhann daoine. Mar a bheadh cliabhán ann lán d' éanlaith amhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach; d' éirigh siad mór agus saibhir dá bharr, d' éirigh siad méith agus sleamhain. Go deimhin níl teorainn leo le holcas, níl meas acu ar an gceart, ní trua leo cás an dílleachta, cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad. An é nach gcaithfidh mé nithe dá shórt a chúiteamh leo an Tiarna a labhraíonn ná mo dhíoltas a agairt ar a leithéid seo de náisiún?» Tá nithe aduafara, uafásacha á ndéanamh sa tír; tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh? Teithigí le bhur n-anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór. An gcuirfimid iníon Shíón i gcomparáid le féarach cumhra? Tagann aoirí lena dtréada ina coinne. Shuíodar a mbothanna timpeall uirthi. Tá gach fear acu ag iníor ina rogha ceapach. «Gléasaigí cath uirthi! Faoi airm! Déanaimis ionsaí uirthi i lár an lae ghil.» «rí mhairg dúinne! Tá an lá ag imeacht tharainn, tá néalta nóna ag síneadh.» «Faoi airm! Déanfaimid ionsaí faoi oíche agus scriosfaimid a páláis.» Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Gearraigí síos na crainn, tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim; is í Cathair na mBréag í, gan inti ina lár ach leatrom. Amhail mar a choinníonn tobar a uisce úr, coinníonn sise a mailís úr. Foréigean agus milleadh a bhíonn le clos inti; i mo fhianaise i gcónaí bíonn galair agus cneácha. Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim, ar eagla go n-iompóinn uait, agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí. Is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Deasc fuíoll Iosrael, deasc é mar a dhéanfá le fíniúin; mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor, cuir do lámh arís sna craobhacha.» Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann. Tá mé lán d' fhearg an Tiarna táim tuirseach de bheith á coinneáil istigh. «Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid, agus ar oireachtas na n-ógfhear in éineacht. Tógfar uile iad: an fear agus an bhean, an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta. Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe, a bhfearann agus a mná in éineacht. Sínfidh mise amach mo lámh ar dhúchasaigh na tíre seo an Tiarna a labhraíonn. Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic, ón té is lú go dtí an té is mó; an sagart agus an fáidh araon, déanann siad uile bearta bréagacha. Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail, á rá: 'Síocháin! Síocháin!', ach níl aon síocháin ann. Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n-imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu a deir an Tiarna.» Is mar seo a deir an Tiarna: «Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: 'Ní shiúlfaimid inti.' Chuir mé fir faire ar mhaithe leo: éistigí le glor an stoic! Ach dúirt siadsan: 'Ní éisteoimid.' Cluinigí mar sin, a chiníocha, bíodh a fhios agaibh, a oireachtais, céard tá i ndán dóibh. Éist, a thalaimh, táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo: de bhrí nár éist siad le mo bhriathra, agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó. Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá, nó giolcóg chumhra ón imigéin? Ní taitneamhach bhur n-ofrálacha loiscthe, ní milis liom bhur n-íobairtí. Dá bhrí sin mar seo a deir an Tiarna: ' Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seo le go dtitfidh siad orthu; an t-athair agus an mac in éineacht, an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.'» Is mar seo a deir an Tiarna: «Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh, ó chríocha imigéiniúla na talún gluaiseann náisiún mór; tá bogha agus gath i ngreim acu, tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige; tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d' aghaidhse, a iníon Shíón. Chualamar an scéala; titeann ár lámha go faonlag, rug doigh greim orainn, pian mar a bheadh ag bean le híona. Ná himígí amach faoin tuath, ná siúlaigí ar na bóithre, óir tá claíomh an namhad ann, agus scanradh ar gach aon taobh. Crioslaigh thú féin i sacéadach, ó a iníon mo dhaoine, únfairtigh thú féin i luaithreach, déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic, caoineadh róghéar. Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn. Cheap mé thú i do mheisiúnóir ar mo phobal, le go mbeadh a fhios agat agus go meisiúnófá a n-iompar. Is tréigtheoirí ceanndána iad uile, ag siúl rompu le lucht tromaíochta. Séideann na boilg go fíochmhar go ndéana an tine an luaidhe a dhó. Is díomhaoin don fhear leáite a shaothar, ní ghlantar an conamar as. Airgead diúltaithe a thugtar orthu, agus go deimhin dhiúltaigh an Tiarna dóibh!» An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna, mar seo a ghabh sé: «Téigh agus seas i ngeata Theampall an Tiarna agus fógair an teachtaireacht seo. Abair: Éistigí le briathar an Tiarna, a fheara uile Iúdá, a thagann isteach sna geataí seo chun an Tiarna a adhradh. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Leasaigí bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha agus fanfaidh mise libh san áit seo. Ná taobhaigí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna! Ach má leasaíonn sibh bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha, má chaitheann sibh go cothrom lena chéile, gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin, más ea, fanfaidh mise libh sa dúiche a thug mise anallód do bhur n-aithreacha go brách. Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe. An ndéanfaidh sibh goid, an ea, agus marú, adhaltranas, agus mionna bréige a thabhairt, agus túis a loscadh do Bhál, agus imeacht i ndiaidh déithe eile nach fios daoibh? Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m' ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile! An Teampall seo a ghairtear i m' ainmse, an bhfuil sé ina phrochóg ladrann dar libhse? Ach ní dall atá mise is é an Tiarna a labhraíonn. «Téigí anois don ionad liom a bhí i Sileo, áit ar shuigh mé m' ainm an chéad uair; féachaigí céard a rinne mé i ndíol olc mo phobail Iosrael. Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile an Tiarna a labhraíonn agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh, uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m' ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n-aithreacha, mar do rinne mé le Sileo. Teilgfidh mé as mo radharc sibh, mar a theilg mé bhur ndeartháireacha uile, síol Eafráim ar fad. «Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat. Nach bhfeiceann tú céard tá á dhéanamh acu i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim? Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile. An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n-olc an Tiarna a labhraíonn nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin? Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.» Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: «Cuirigí bhur n-ofrálacha loiscthe i gcionn bhur n-íobairtí agus ithigí an fheoil ar fad. Óir níor labhair mise ná níor thug mise aon ordú dóibh i dtaobh ofrálacha ná íobairtí an t-am ar thug mé bhur n-aithreacha as talamh na hÉigipte. Is mar seo a d' ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird orm; ach lean siad i gcomhairlí a ndrochchroí féin, dhiúltaigh aghaidh a thabhairt orm ach thug liom a gcúl. Ón lá a tháinig bhur n-aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe. Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n-aithreacha. Ar an ábhar sin déarfaidh tú na briathra seo uile leo, ach ní éistfidh siad sin leat; gairfidh tú orthu, ach ní fhreagróidh siad thú. Mar sin déarfaidh tú é seo leo: 'Seo é an cine nach n-umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D' éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal. Gearr díot do thrilse, caith uait iad. Tóg suas caoineadh ar na harda loma. Óir tharcaisnigh an Tiarna, thréig sé, ál a fhuathaíonn sé.' «Sea, rinne clann mhac Iúdá an rud nach dtaitníonn liom an Tiarna a labhraíonn chuireadar a ngráiniúlachtaí sa Teampall a ghairtear i m' ainmse, á thruailliú. Thóg siad áit ard Thoifit i nGleann Bein Hionnom, do loscadh a gclann mhac agus a n-iníonacha sa tine; rud nár ordaigh mise riamh ná níor tháinig i mo chroí. Mar sin tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn nach dtabharfar Toifit air níos mó ná Gleann Bein Hionnom, ach Gleann an Áir. Déanfar a n-adhlacah i dToifit, cheal spáis; beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann. Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.» «Nuair a thiocfaidh an t-am sin an Tiarna a labhraíonn tabharfar amach as a n-uaigheanna cnámha ríthe Iúdá, cnámha na bprionsaí, na sagart, na bhfáithe agus áitritheoirí Iarúsailéim. Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b' ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n-iarr siad comhairle orthu, agus a d' adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún. Agus béarfar bás de rogha ar bheatha leis an méid a bheidh fágtha den droch-mhuintir seo uile, cibé áit a ndíbreoidh mise iad, a deir Tiarna na Slua. «Déarfaidh tú leo: Is mar seo a deir an Tiarna: Má thiteann tú, nach féidir leat éirí arís? má théann tú amú, nach bhféadann tú fílleadh athuair? Cad chuige go leanann an pobal seo de bheith ag séanadh, i gcónaí ag séanadh? Leanann siad den seachrán agus diúltaíonn siad filleadh. D' éist mise go haireach, níl an chaint cheart acu; ní dhearna aon duine aithrí ina olc á rá: 'Céard tá déanta agam?' Mar a réabann an t-each chun catha is mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin. Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna. Nach dána an mhaise daoibh a rá: 'Táimid críonna, agus is againn atá dlí an Tiarna'? Féach, cé mar a falsaíodh é le peann bréagach na scríobhaithe. Beidh náire ar na daoine críonna, beidh mearbhail orthu agus díomá. Féach, cé mar a dhiúltaigh siad do bhriathar an Tiarna! Cén tairbhe dóibh mar sin a gcríonnacht? Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile, a bhfearainn do shealbhóirí nua, óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó, santaíonn sé an brabach mí-ionraic; an sagart agus an fáidh araon, cleachtaíonn siad caimiléireacht. Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail á rá: 'Síocháin! Siocháin!' agus níl aon síocháin ann. Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n-imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna. Ba mhaith liom dul a bhaint fómhair ann, a deir an Tiarna. Ach níl fíonchaora ar an bhfíniúin, ná figí ar an gcrann figí agus na duilleoga féin, tá siad feoite. Mar sin é óir thug mise sladairí orthu le slad a dhéanamh orthu.» Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh. Bhí súil againn le síocháin ach níor tháinig maith ar bith, le haimsir shlánaithe, ach féach an scéin! «Tá cuachaíl a n-eachra le clos ó Dhán; creathnaíonn an tuath uile le fuaim sheitreach a staileanna. Tagann siad a mhilleadh na tíre agus a bhfuil inti, na mbailte agus gach a gconaíonn iontu. Is ea, cuirim chugaibh anois péisteanna agus nathracha nimhe nach ngéilleann d' orthaí; bainfidh siad greim asaibh an Tiarna a labhraíonn [a bheidh gan leigheas].» Tá dólás orm, titeann mo chroí ionam. Éist! Tá guth iníon mo dhaoine ag éamh ó cheann ceann na tíre, «Nach bhfuil an Tiarna a thuilleadh i Síón? Nach bhfuil a Rí inti níos mó?» (Cad chuige ar bhrostaigh siad mise chun feirge lena n-íola greanta, leis na náideanna iasachta seo?) Chuaigh an fómhar tharainn, tá deireadh leis an samhradh, agus níor tugadh tarrtháil orainn! Mar gheall ar ghortú iníon mo dhaoine tá mise gortaithe freisin, is dubhach liom mo shaol, beireann eagla greim orm. Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád? Nach bhfuil aon lia ann? Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh, an leigheas seo iníon mo dhaoine? 8:23 Cé a dhéanfaidh foinse de mo cheann, agus de mo shúile tobar deor, a bhfuil de mhairbh as iníon mo dhaoine? Nach trua gan bothán fear taistil agam san fhásach, 2 go bhfágfaidh mé mo phobal, go n-imeoidh mé i bhfad uathu! Óir is adhaltranaigh iad uile, agus buíon daoine fealltacha. 1 Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna. Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara; ná taobhaigh le do dheartháir, mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir, is cúlghearrthóir dícheallach gach cara. Meallann gach aon acu a chéile, ní labhraíonn siad an fhírinne. Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá, tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo. Leatrom ar muin leatroma! cealg ar muin ceilge! Diúltaíonn siad aithne a thabhairt don Tiarna. Uime sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Féach, dearbhóidh mé anois iad sa soitheach leáite nó céard eile a dhéanfaidh mé, mar gheall ar a n-olcas? Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach; ' Síocháin', a deir duine ó bhéal lena chomharsa ach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe. An é nach n-agróidh mise na nithe seo orthu? is é an Tiarna a labhraíonn an é nach ndéanfaidh mise díoltas ar a leithéid seo de náisiún? Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann. Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch, ina huaimh seacál, déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.» Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti? Dúirt an Tiarna: «Mar seo é, mar gur thréig siad mo dhlí a chuir mé rompu agus nár umhlaigh siad do mo ghuth agus nár lean é, ach gur lean siad comhairlí a ndrochchroí féin i ndiaidh na mBálaím mar a mhúin a n-aithreacha dóibh. Mar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Anois beathóidh mé an pobal seo le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól. Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n-aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.» Seo mar a deir Tiarna na Slua: «Thusa ansin! Glaoigh ar na mná caointe! Tagaidís! Cuir fios ar na mná is fearr chuige! Tagaidís siúd! Déanaidís deifir go dtóga siad caoineadh dúinne! Go sile ár súile le deora, go sceithe ár bhfabhraí le huisce! Sea, tá an caoineadh le clos as Síón, ' Cé mar atáimid sladta! Cé mar atáimid náirithe go deo! Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáil ag teach agus treabh!'» Agus sibhse, a mhná, éistigí anois le briathar an Tiarna, gabhadh bhur gcluasa focal a bhéal. Múinigí do bhur n-iníonacha caoineadh, múinigí dá chéile olagón. Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog, agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis; ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid, na fir óga ar an bhfaiche. Tá corpáin daoine ina luí amhail aoileach ar aghaidh an mhachaire, amhail punanna i ndiaidh an bhuanaí, agus ní chruinníonn aon duine iad. Is mar seo a deir an Tiarna: «Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas! Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo: go dtuigeann agus go n-aithníonn sé mise. Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh, le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht; sea, is iontu seo atá mo dhúil an Tiarna a labhraíonn.» «Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn agus gearrfaidh mé pionós ar a bhfuil de dhaoine atá timpeallghearrtha san fheoil amháin: An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.» Éistigí a theach Iosrael, leis an mbriathar a deir an Tiarna libh. Is mar seo a deir an Tiarna: «Ná toghaigí bealaí na náisiún, ná bíodh eagla oraibh roimh chomharthaí neimhe, bíodh agus go mbíonn eagla ar na náisiúin rompu. Is neamhní é uafás na bpobal, ní mó ná crann é a leagadh san fhoraois, saothar lámh an oibrí leis an tua, ABN: 3, 4a, 9, 4b, 5, 6, 7, 8, 10 4a maisíodh ansin é le hairgead agus le hór. 4b Daingníonn siad le tairní agus le casúr iad, le nach dtitfeadh siad. Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n-iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!» Níl aon duine cosúil leatsa, a Thiarna; tá tú mór, agus is mór é d' ainm i gcumhacht. Cé hé an té nach dtabharfadh urraim duit, ó a Rí na gciníocha? Sea, is duitse is dual é seo. De bhrí nach bhfuil i measc críonna uile na gciníocha, agus ina ríochtaí uile, aon duine cosúil leatsa. Ta siad uile frí chéile brúideach agus amadánta: is díomhaoin é teagasc na náideanna seo. airgead spréite as Tairsís, agus ór as Óifír obair an tsnoíodóra agus saothar an cheardaí óir; saothar ceardaí éigin iad go huile; gléastar iad in éadach, corcra agus corcairghorm. Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt. (Inis é seo dóibh: «Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.») Is é a rinne an talamh lena chumhacht, is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas. Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne agus tugann an ghaoth as a ionad taisce. Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh. óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu. Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as. Ní cosúil leo siúd «Roinn Iacóib», óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó. Bailígí bhur gcuid! Imígí libh amach, sibhse atá faoi léigear! Óir is mar seo a deir an Tiarna: «Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo, agus cuirfidh mé i sáinn iad, féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!» Mo thrua mise de bhrí mo chréachta! Tá mo chneá gan leigheas! Dúirt mé liom féin: «Is doilíos é seo d' fhéadfaí a fhulaingt; ach anois tá mo bhoth scriosta, mo rópaí uile briste, d' imigh mo chlann mhac uaim agus níl siad ann; níl duine fágtha agam a shínfidh mo bhoth an athuair, ná a chrochfaidh na scáthéadaí taoibhe.» Is iad na tréadaithe a bhí dallaigeanta; ní dheachaigh siad ar lorg an Tiarna. Ar an ábhar sin ní raibh an rath orthu agus scaipeadh a dtréad ar fad. Scéala! Scéala chugainn! Ruathar millteach ag teacht ón tuaisceart le go ndéanfar bailte Iúdá ina bhfásach, ina n-uamha seacál. Is maith atá a fhios agat, a Thiarna, nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna. Ceartaigh sinn, a Thiarna, go mín, ní i bhfeirg, ar fhaitíos go ndéanfaí neamhní dínn. Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d' ainm, óir d' ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach. An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna: «Labhair le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim. Abair leo: Is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael: Gura mallaithe an té nach n-éisteann briathra an chonartha seo a d' ordaigh mé do bhur n-aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh, le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n-aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda mar atá sé inniu.» D' freagair mise: «Déanfaidh mé sin, a Thiarna.» Ansin dúirt an Tiarna liomsa: «Fógair é seo uile i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: Éistigí briathra an chonartha seo agus déanaigí iad. Mar an lá a thug mé bhur n-aithreacha aníos as críoch na hÉigipte, thug mise rabhadh dóibh go dúthrachtach, agus níor scoir mé den rabhadh go dtí inniu: Umhlaigí dom ghlóir. Ach níor umhlaigh siad, níor thug dom cluas; shiúil gach aon díobh i gcomhairle a dhrochchroí féin. Ar an ábhar sin chomhlíon mé ina gcoinne briathra uile an chonartha seo a d' ordaigh mé dóibh a dhéanamh, ach nach ndearna siad.» Dúirt an Tiarna liomsa: «Is follas go bhfuil feall i measc fir Iúdá agus i measc áitritheoirí Iarúsailéim. Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n-aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n-aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá. Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna tabharfaidh mé olc anois orthu nach mbeidh aon dul as acu; má ghlaonn siad orm ní éistfidh mé leo. Imíodh bailte Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim agus éimhidís ar na déithe dá loscann siad túis, ach ní cabhair iad siúd in aon chor dóibh in am a n-anó. Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe, ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí túis ag Bál. «Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; mar ní éistfidh mé leat in am a n-anó. Céard tá á dhéanamh ag mo ghrá i mo theachsa? Tá cur i gcéill ar siúl aici! An bhféadann móideanna agus feoil choisricthe do chiontacht a chur díot? An é go ndéanfaidh mise glan thú dá bharr? Crann ola breá géagach, daingean, a thug an Tiarna d' ainm ort. Faoi ghreadadh gaoithe móire cuireann sé tine lena dhuilliúr; tá a chraobhacha ar lasadh. «Agus d' fhógair Tiarna na Slua, a chuir i dtalamh thusa, olc i d' aghaidh mar gheall ar choir theach Iosrael agus theach Iúdá do mo ghríosú chun feirge, as túis a loscadh do Bhál.» D' fhoilsigh an Tiarna domsa é; cuireadh fainic orm. A Thiarna is í sin an uair ar chuir tú a gcomhcheilg ar mo shúile dom. ABN: 11:18, 12:6, 11:19 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m' aghaidh, á rá: «Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.» Ach, a Thiarna na Slua, is tú an breitheamh cóir, is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí; feicimse do dhíoltas orthu, mar is i do lámha a chuir mé mo chúis. Is mar seo a labhair an Tiarna in éadan mhuintir Anatót a iarrann mo bhás agus a bhagair orm: «Ná tairngir in ainm an Tiarna, nó éagfaidh tú faoinár lámha.» «Is mar seo a smachtóidh mise iad,» a deir Tiarna na Slua, «titfidh a n-ógánaigh leis an gclaíomh, éagfaidh a mic agus a n-iníonacha le gorta. Ní fhágfar duine díobh beo nuair a bhéarfaidh mise olc ar mhuintir Anatót i mbliain a gcuarta.» Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc? Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh, fásann agus tugann siad toradh. Tá tusa i gcónaí ar a mbéal, ach i bhfad óna gcroí. Is aithnid duitse mé, a Thiarna, tá do shúile orm; dearbhaíonn tú mo chroí atá i do lámha. Tarraing amach iad mar chaoirigh chun an áir, coinnigh iad faoi choinne lá an mharaithe. (Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n-áitritheoirí.) De bhrí go n-abrann siad: «Ní fheiceann Dia ár n-iompar.» Má ritheann tú in iomaíocht le coisithe, agus go dtraochann siad thú, conas a rachaidh tú i gcomórtas le heachra? Má tá tú míshocair i dtír na síochána, céard a dhéanfaidh tú i bhfásra borb faoi Iordán? «Feallann do dheartháireacha féin agus teach dathar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.» ABN: 11:18, 12:6, 11:19 «Thréig mé mo theach, d' fhág mé m' oidhreacht, thug mé an rud ab ionúin liom i láimh a naimhde. Tá m' oidhreacht domsa mar bheadh leon san fhoraois; búireann sí liom go fíochmhar; mar sin, fuathaím anois í. Nó an cosúil m' oidhreacht le héan breac a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh? Tagaigí, a bheithíocha allta, cruinnígí chun slogtha. Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna, shatail siad faoi chois mo chomhroinn, rinne siad m' oidhreacht shólásach ina fásach aonraic. Rinneadh aonaránach í, áit uaigneach i mo shúile. Rinneadh fásach den dúiche ar fad, agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí. Tá na scriosadóirí tagtha go gach cnocán lom san fhásach (óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann); ó cheann ceann na tíre ní bhfaigheann feoil ar bith síocháin. Cruithneacht a chuir siad i dtalamh, ach baineann siad dreas. Chuir siad iad féin chun saothair, ach ba é an saothar in aisce é. Loiceann barraí an fhómhair orthu, mar gheall ar fhearg an Tiarna.» Is mar seo a deir an Tiarna: «Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.) Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche. Agus má thabharfaidh siad dá n-aire slí mo phobail a fhoghlaim agus mionnú i m' ainmse: Go maire an Tiarna; mar a mhúin siad siúd do mo phobal mionnú faoi Bhál, ansin beidh áit acu i measc mo phobail. Ach má dhiúltaíonn aon chine éisteacht, tarraingeoidh mé as a fhréamhacha é agus scriosfaidh mé an cine sin an Tiarna a labhraíonn.» Dúirt an Tiarna é seo liom: «Imigh agus ceannaigh duit féin crios línéadaigh agus cuir faoi do chom é. Ach ná tum in uisce é.» Cheannaigh mé crios ansin mar a d' ordaigh an Tiarna dom agus chuir faoi mo chom é. Tháinig briathar an Tiarna chugam an dara huair: «Tóg an crios a cheannaigh tú agus atá faoi do chom; éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus folaigh ansin é i bpoll sa charraig.» D' imigh mé mar sin agus d' fholaigh mé ag an Eofrataes é mar a d' ordaigh an Tiarna dom. Tar éis mórán laethanta dúirt an Tiarna liom: «Éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus tóg as sin an crios a d' ordaigh mé duit a fholach ann.» D' imigh mé ansin go dtí an Eofrataes, thochail mé agus thóg an crios as an áit ar fholaigh mé é. Bhí an crios millte, gan mhaith. Ansin tháinig briathar an Tiarna chugam: «Is mar seo a deir an Tiarna: 'Sa chaoi chéanna millfidh mé uabhar Iúdá agus Iarúsailéim. An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n-adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith. Óir díreach mar a theannann an crios le com duine, is mar sin ba rún domsa teach Iúdá uile a theannadh liomsa an Tiarna a labhraíonn go mbeidís ina bpobal agam, ina nglóir, ina n-onóir, ina moladh agam. Ach níor éist siad.' «Abair leis an bpobal seo: 'Is féidir aon chrúsca a líonadh le fíon.' Agus má fhreagraíonn siad thú: 'Nach fios dúinne go deimhin gur féidir aon chrúsca a líonadh le fíon?' séard a déarfaidh tusa leo: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Líonfaidh mé anois áitritheoirí uile na tíre seo le meisce, na ríthe a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, na sagairt agus na fáithe, agus muintir uile Iarúsailéim. Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.'» Éistigí, tugaigí cluas, ná bígí uaibhreach tá an Tiarna ag labhairt. Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh. Mura n-éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n-uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas. Abair leis an rí agus leis an ríonmháthair: «Suígí in áit níos ísle, mar gur thit anuas díbh coróin bhur nglóire.» Tá bailte an Neigib druidte suas, gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine. Rugadh Iúdá uile ar shiúl, tógadh gach aon duine i mbraighdeanas. «Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dream atá ag teacht anois as an tuaisceart. Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh, an tréad as a ndéanfá mórtas? Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne? Má deir tú leat féin i do chroí: ' Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?' Is mar gheall ar mhéid d' oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit. An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairt nó an liopard a bhreacadh? Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh, tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc? Scaoilfidh mé ó chéile thú ar nós cátha a imíonn le gaoth an fhásaigh. Seo é cuid do thomhais, do thuarastal uaimse in íoc do shéanta an Tiarna a labhraíonn mar gur lig tú mise i ndearmad agus gur thaobhaigh tú le bréag. Ligfidh mise do chótaí aníos le d' aghaidh, le go mba léir do náire, d' adhaltranais, do ghártha macnasa, gráin do striapachais! Ar na cnoic faoin tuaith chonaic mé do nithe gránna. Mairg duit, a Iarúsailéim, atá go fóill neamhghlan! Cá fada duit fós ag leanúint ort mar seo?» Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia ar uair an triomaigh: «Tá Iúdá ag caoineadh, tá a bailte ag déanamh dobróin agus iad íslithe go talamh; téann éamh ó Iarúsailéim suas. Cuireann na huaisle a gcosmhuintir faoi dhéin uisce, tagann siad chun na ndabhach, agus ní bhfaigheann uisce, filleann siad gona soithí folmha. Diúltaíonn an talamh aon toradh a thabhairt, mar ní raibh fearthainn ann; tá anbhá ar na treabhdóirí agus folaíonn siad a gceann. Fiú na heilite, nach dtréigeann sí ar an réiteach a hoisín nuabheirthe, mar nach bhfuil féar ann. Tá saothar anála ar na hasail fhiáine ina seasamh dóibh ar na cnocáin loma, mar a bheadh seacáil ann; éiríonn a súile dallta d' uireasa féir.» Bíodh agus go bhfianaíonn ár n-oilc inár n-aghaidh, déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d' ainm fein! Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis, pheacaíomar i d' aghaidhse! Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael, a shlánaitheoir in am an anó, cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo, mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche? Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall, mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn? Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc, gairtear d' ainmse orainn. Ná tréig sinn! Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: «Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!» Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu. Dúirt an Tiarna liomsa: «Ná guighse ar son na ndaoine seo chun maitheasa. Má throscann siad ní éistfidh mé a n-achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.» D' fhreagair mise: «Ó, a Thiarna Dia, ag seo na fáithe á rá leo: 'Ní fheicfidh sibh an claíomh, ní bheidh gorta agaibh; geallaimse daoibh síocháin daingean san áit seo.'» Ansin dúirt an Tiarna liom: «Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m' ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d' ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh. Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna: Na fáithe a dhéanann tairngreacht i m' ainmse agus nach mé a chuir uaim iad, agus fós go n-abrann siad libh, nach mbeidh claíomh ná gorta sa tír seo: is le claíomh agus le gorta a thitfidh na fáithe céanna seo. «Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n-adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n-iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n-olc féin. «Abair an briathar seo leo: ' Sileann deora ó mo shúile de lá agus d' oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta. Má théim amach faoin tuath, féach na mairbh sínte leis an gclaíomh! Má théim isteach sa chathair, feicim an dream atá tinn le hocras; fiú na fáithe agus na sagairt, treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.'» Ar thréig tú Iúdá amach agus amach? An fuath le d' anam Síón? Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn? Bhí súil againn le síocháin ach níl maith ar bith ansin! Le ham tarrthála ach féach scanradh! A Thiarna, admhaímid ár n-olc agus éigeart ár n-aithreacha; go dearfa pheacaíomar i d' aghaidhse. Ar son d' ainmse ná diúltaigh sinn, ná tarcaisnigh ríchathaoir do ghlóire. Cuimhnigh orainn. Ná bris do chonradh linn. An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo. Dúirt an Tiarna liom: «Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m' fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo! Agus má fhiafraíonn siad díot: 'Cá rachaimid?' inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna: ' An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh; an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta; an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!' «Ceithre soirt oidhe a dháilim dóibh: an claíomh do mharú, na madraí do réabadh, éanlaith an aeir agus ainmhithe na talún do shlogadh agus do dhíothú. Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim. Cé ag a bhfuil trua duit, a Iarúsailéim, cé a dhéanann comhbhrón leat, cé a sheasann le fiafraí cén chaoi bhfuil tú? Is tú féin a thréig mise an Tiarna a labhraíonn. Thug tú cúl liom; mar sin sínim mo lámh amach i d' aghaidh le go scriosfainn thú. Tá mé tuirseach den aithreachas. Tá siad scagtha agam le gabhlán cáite i mbailte a dtíre. Bainim díobh a gclanna, díoscaim mo dhaoine óir diúltaíonn siad filleadh óna mbealaí. Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n-ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin. Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear, imíonn an spiorad aisti. Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann, fuair sí náire agus míchlú? Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde an Tiarna a labhraíonn.» Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú mé i m' fhear caismirte agus i m' fhear achrannach don tír ar fad. Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht; ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé. Nach fíor é, a Thiarna, go ndearna mé mo dhícheall fónamh duit, go ndearna idirghuí leat ar mo namhaid ABN: 11, 15a, 12, 13, 14, 15b, 16 An féidir le fear iarann a bhriseadh, iarann ón tír thuaidh, nó cré-umha? «Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste chun creiche, mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre. Tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde i dtír nach feasach duit, óir d' fhadaigh m' fhearg tine a loscfaidh thú go hiomlán.» 15a ar uair a thubaiste agus a anó? Is feasach duit go ndearna! 15b A Thiarna, cuimhnigh ormsa, coinnigh do shúil orm, agus déan mise a dhíolt ar lucht mo ghéarleanúna. Is mall í d' fhearg; ná lig i gcrích go sciobfaí chun siúil mé. Bíodh a fhios agat gur ar do shonsa a fhulaingím masla. Nuair a tháinig do bhriathra, d' ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d' ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua. Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí; mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh, óir líon tú le fearg mé. Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt, a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta? An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach a bhfuil a uisce neamhbhuan? Is mar seo a d' fhreagair an Tiarna: «Má fhilleann tú, tabharfaidh mé liom arís thú ar aimsir; agus má labhraíonn tú go huasal agus ní go suarach, beidh tú amhail mo bhéal féin. Fillfidh siadsan ortsa, ach ná fillse orthusan. Déanfaidh mise díotsa balla cumhdaigh práis in aghaidh an phobail seo. Troidfidh siad leat, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir tá mise leat chun cuidiú leat agus chun thú a shaoradh an Tiarna a labhraíonn. Saorfaidh mé thú as láimh an drochdhuine, agus fuasclóidh mé thú as crúba an neamhthrócairigh.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «Ní ghabhfaidh tú bean chugat ná ní bheidh mac ná iníon agat san áit seo. Mar is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh na mac agus na n-iníonacha a bhéarfar san áit seo, i dtaobh na máithreacha a bheireann iad agus i dtaobh na n-aithreacha a ghineann iad sa dúiche seo: Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d' éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún. Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Ná téigh isteach i dtigh an tórraimh le go ndéana tú caoi agus truamhéil leo; mar thóg mise mo shíocháin ón bpobal seo an Tiarna a labhraíonn mo shíocháin agus mo thruamhéil. Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son. Ní bhrisfear aon arán don fhear caointe á chomhfhortacht ar son na marbh: ní mó a ofrálfar cupán sóláis dó i mbás athar ná máthar. Agus ná téigh isteach i dteach an fhéasta chun suí leo, chun ithe agus ól. Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Coscfaidh mé anois in bhur radharc, in bhur laethanta féin, guth na súgachta agus na lúcháire, guth an fhir nuaphósta agus na brídeoige. Nuair a inseoidh tú na briathra seo uile don phobal seo agus a déarfaidh siadsan leatsa: 'Cén fáth ar fhógair an Tiarna an anachain uafásach seo inár n-aghaidhne? Céard é ár n-éigeart? Céard é an peaca atá déanta againn in aghaidh an Tiarna, ár nDia?' Ansin déarfaidh tú leo: 'Is ar an ábhar gur thréig bhur n-aithreacha mé an Tiarna a labhraíonn agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n-adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí. Agus rinne sibhse níos measa ná bhur n-aithreacha. Féach, siúlann gach uile dhuine agaibh de réir chomhairlí a chruachroí oilc féin agus ní éisteann liomsa. Mar sin teilgfidh mé as an tír seo sibh go tír nach aithnid daoibh féin ná do bhur n-aithreacha; déanfaidh sibh fónamh ansin do dhéithe eile, de lá agus d' oíche, agus ní thaispeánfaidh mise fabhar daoibh a thuilleadh.' «Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn nach ndéarfaidh daoine níos mó: 'Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!' ach: 'Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.' Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir. «Seolfaidh mé anois mórán iascairí an Tiarna a labhraíonn agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig. Óir tá mo shúile ar a n-imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile. Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m' oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.» Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: «Níor ghabh ár n-aithreacha d' oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe. An bhféadann duine déithe a dhéanamh dó féin? Más ea, ní déithe iad in aon chor!» «Éist anois, tabharfaidh mé orthu admháil, tabharfaidh mé orthu an uair seo mo lámh agus mo neart a admháil; agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna m' ainm.» «Tá peaca Iúdá scríofa le peann iarainn, tá sé greanta le rinn diamaint ar chlár a gcroí agus ar chorra a n-altóirí mar fhianaise ina n-éadan (a n-altóirí agus a gcuaillí coisricthe, ag gach crann craobhach, ar na cnoic arda, ar na sléibhte, amuigh faoin tuath). Tabharfaidh mé do mhaoin agus do chiste mar chreach mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre. Caithfidh tú scaradh le d' oidhreacht a thug mise duit; tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde óir d' fhadaigh mo fhearg tine a loscfaidh go brách, i dtír nach aithnid duit.» Is mar seo a deir an Tiarna: «Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine, agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola, agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna. Is cosúil é le grágán tóir san fhásach; má thagann maith ní fheiceann sé í; cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh, i bhfearann saillte atá gan áitreabh. Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarna agus arb é an Tiarna a dhóchas. Is cosúil é le crann atá lámh le huisce, agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth; ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill, mar fanann a dhuilliúr glas; ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta, mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt. Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois; cé a fhéadann é a ransú? Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin, a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompair agus de réir toradh a ghníomhartha. Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas. agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.» Is ríchathaoir ghlórmhar, suite in airde ó thosach, áit ár sanctóra. Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael! Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa, na daoine a iompaíonn uaitse sracfar ó fhréamh iad as an tír, de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo. Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte, sábháil mé agus beidh mé sábháilte, óir is tú amháin mo [dhóchas]. Féach, deir siad liom gan scor: «Cá bhfuil briathar an Tiarna? Tagadh sé i gcrích anois.» Ach maidir liomsa, níor spreag mé riamh thú chun an oilc, ní mó ba mhian liom an lá mairgneach, tá a fhios seo agatsa; ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort. Ná bí i do uafás domsa, tusa, is dídean dom i lá an oilc. Cloítear lucht mo ghéarleanúna, ach ná cloítear mise; cuirtear scéin orthusan, ach ní ormsa. Tabhair lá an oilc orthusan, scrios iad le scrios faoi dhó! Is mar seo a dúirt an Tiarna liomsa: «Imigh agus seas i nGeata Chlann an Phobail ina dtagann ríthe Iúdá isteach agus amach agus i ngeataí uile Iarúsailéim. Abair leo: 'Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a ríthe Iúdá, agus sibhse pobal uile Iúdá freisin, agus sibhse, cathróirí uile Iarúsailéim, a théann na geataí seo isteach. Is mar seo a deir an Tiarna: Más maith libh a bheith beo, ná hiompraígí ualach lá na sabóide ar chuntar ar bith agus ná tugaigí geataí Iarúsailéim isteach é. Ná hiompraígí ualach amach as bhur dtithe lá na sabóide, agus ná déanaigí obair ar bith. Naomhaígí lá na sabóide mar a d' ordaigh mise do bhur n-aithreacha. Ní chluinfidís, ní thabharfaidís aird, d' éiríodar chomh ceanndána sin nach n-éistfidís agus nach ngabhfadh teagasc. Ach má éisteann sibh go dúthrachtach liomsa an Tiarna a labhraíonn agus gan ualach a bhreith trí gheata na cathrach seo lá na sabóide, ach lá na sabóide a naomhú agus gan obair a dhéanamh ann, ansin tiocfaidh i gcrích go leanfaidh ríthe a bheidh ina suí i ríchathaoir Dháiví ag dul isteach i ngeataí na cathrach seo, ag marcaíocht ar charbaid agus eachra, iad féin agus a n-airí, in éineacht le fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim. Agus áitreofar an chathair seo go brách. Tiocfaidh siad as bailte Iúdá, as na ceantair thart ar Iarúsailéim, as tír Bhiniáimin, as an Achréidh, as na sléibhte agus as an Neigib, ag tabhairt ofráil loiscthe agus íobairtí, tabhartas bia agus túise, agus íobairtí molta i dTeampall an Tiarna. Ach mura n-éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.'» An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna: «Éirigh, imigh síos go teach an photaire; is ansin a thabharfaidh mé le cloisteáil duit a bhfuil le rá agam.» Chuaigh mé síos mar sin go teach an photaire, agus bhí sé ann ag obair ag a roth. Agus ní raibh uair dár milleadh an soitheach cré a bhí á dhéanamh ag an bpotaire nach ndearna sé arís é ina shoitheach eile, mar is nós le potairí a dhéanamh. Ansin tháinig an briathar seo ón Tiarna chugam: «rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo? an Tiarna a labhraíonn Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael. Uaireanta ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a dtarraingt aníos, a leagan, a scriosadh; ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n-oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh. Uaireanta eile, ordaím i dtaobh cine, nó ríochta, a thógáil agus a phlandú; ach má dhéanann an cine sin olc i mo radharc, agus mura n-umhlaíonn siad do mo ghuth, bíonn aithrí orm faoin maith a bhí ar intinn agam a bhronnadh orthu. Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n-aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n-imeachtaí gránna, leasaigí bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha.' Ach déarfaidh siadsan: 'Cé an mhaith caint? Is fearr linn déanamh mar is toil linn féin; tá ar intinn ag gach fear againn déanamh de réir chomhairle a dhrochchroí féin.'» «Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar. An n-imíonn sneachta na Liobáine ón gcarraig bheannach? An dtéann na huiscí maorga a bhíonn ag sní san fhuarthan i ndísc? Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise! Loscann siad a dtúis do neamhní! D' imigh a gcosa uathu ar a slí dóibh, ag gabháil na seanbhóithre, ag siúl dóibh sna cosáin chama, ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas. Déanfaidh siad a ndúiche uaigneach; déanfar ábhar fonóide di go deo; an té a rachaidh thairsti beidh uafás air agus craithfidh sé a cheann. Mar a dhéanfadh an ghaoth anoir scaipfidh mé iad roimh an namhaid. Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m' aghaidh, ar lá a dtruamhéile.» «Téanaigí,» a dúirt siad, «déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.» Tabhair cluas dom, a Thiarna, éist le céard tá á rá ag mo naimhde. Ar chuí ceart a chúiteamh le holc? (Mar tá siad ag tochailt poill do m' anam.) Cuimhnigh gur sheas mé i d' fhianaise ag labhairt ar a son, le go n-iompóinn d' fhearg uathu. Ar an ábhar sin seachaid a gclann mhac don ghorta; tabhair suas iad do bhéal an chlaímh. Go raibh a mná céile gan sliocht, go bhfágtar ina mbaintreacha iad. Go n-éaga a bhfir den phlá; go dtite a n-ógánaigh leis an gclaíomh sa chath. Go gcluintear scread maidine as a dtithe nuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu. Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse; d' fholaigh siad líonta do mo chosa. Ach, a Thiarna, tá fios a gcomhairlí uile agat, do mo mharú. Ná maith a n-éigeart, ná scrios a bpeaca amach as do radharc. Coinnigh a léirmhilleadh i gconaí i d' aigne, nuair a thiocfaidh an lá a n-agróidh tú d' fhearg orthu. Ansin dúirt an Tiarna le Irimia: «Imigh agus ceannaigh crúsca cré. Beir leat roinnt de sheanóirí an phobail agus de na sagairt. Imigh amach i dtreo Gleann Bhein Hionnom, go béal Gheata na Sligí Cré. Fógair ansin na briathra a inseoidh mise duit. Abair: 'Éistigí le briathar an Tiarna, a ríthe Iúdá agus a áitritheoirí Iarúsailéim! Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Táim ag breith a leithéid d' anachain ar an áit seo, agus cibé duine a chluinfidh é, beidh tormán ina chluasa. De bhrí gur thréig siad mise, gur thruailligh an áit seo, gur loisc túis inti do dhéithe eile nárbh aithnid dóibh féin, ná dá n-aithreacha, ná do ríthe Iúdá riamh cheana. Líon siad an áit seo le fuil neamhchiontaigh. Thóg siad áiteanna arda do Bhál san áit do loscadh a gclann mhac, rud nár aithin ná nár achtaigh mise, ná nár tháinig riamh i m' intinn. Mar sin tá na laethanta ag teacht anois an Tiarna a labhraíonn nach dtabharfar Toifit, ná Gleann Bhein Hionnom níos mó ar an áit seo, ach Gleann an Áir. Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d' éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún. Déanfaidh mé an chathair seo uaigneach, ina hábhar scige; beidh uafás ar an té a ghabhfaidh thairsti agus ligfidh sé fead iontais as faoina leithéid de thubaiste. Tabharfaidh mé orthu feoil a mac agus a n-iníonacha féin a ithe; íosfaidh siad a chéile i rith an léigir, sa chruóg lena gcúnglóidh a naimhde iad le fonn a maraithe.» Brisfidh tú an crúsca seo i radharc na bhfear atá in éineacht leat, agus déarfaidh tú leo: 'Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Brisfidh mé an pobal seo agus an chathair seo díreach mar a bhriseann duine crúsca an photaire, nach féidir a dhéanamh slán arís. Déanfar áit adhlactha de Thoifit, d' uireasa spáis. Is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé leis an áit seo an Tiarna a labhraíonn. Agus déanfaidh mé an chathair seo mar Thoifit. Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.'» Ar a theacht ar ais do Irimia as Toifit mar ar chuir an Tiarna é a fháidheoireacht, sheas sé i gcúirt Theampall an Tiarna agus dúirt leis an bpobal uile: «Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'Tabharfaidh mé ar an gcathair seo go cinnte agus ar a bailte uile máguaird an uile thubaiste dar fhógair mé, mar gur éirigh siad chomh ceanndána sin agus nach n-éistfidís le mo bhriathra.'» Anois chuala Paischiúr mac Iméar an sagart, a bhí i gceannas na bpóilíní i dTeampall an Tiarna, an tairngreacht seo á déanamh ag Irimia. D' ordaigh Paischiúr Irimia a bhualadh agus a chur sna ceapa ag Geata Bhiniáimin, geata uachtair Theampall an Tiarna. An lá dár gcionn d' ordaigh Paischiúr Irimia a thógáil as na ceapa; dúirt Irimia leis: «Ní Paischiúr an t-ainm a thugann an Tiarna ort ach Uafás. Óir is mar seo a deir an Tiarna: 'Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh. Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad. Maidir leatsa, a Phaischiúr, rachaidh tusa agus do líon tí uile i mbraighdeanas; gheobhaidh tú bás ansin agus is ann a adhlacfar thú, thú féin agus do chairde uile dár thairngir tú bréaga.'» Mheall tú mé, a Thiarna, agus cheadaigh mé mo mhealladh; rug tú bua orm; ba thú ba threise. Níl lá nach mbíonn siad ag gáire fúm, is ceap magaidh mé ag gach aon duine. Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orm a fhógairt in ard mo chinn: «Éigean agus díobháil!» Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsa agus ina ábhar magaidh ar feadh an lae. Deirinn: «Ní smaoineoidh mé air, ní labhróidh mise níos mó ina ainm.» Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí, í dúnta istigh i mo chnámha. Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc. Ní fhéadaim é a fhulaingt. Cluinim mórán do mo tharcaisniú: «Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!» Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: «Meallfar é b' fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!» Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m' ionsaithe; ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile. ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí. Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne, a ransaíonn na háranna agus an croí, feicim do dhíoltas orthu mar is duitse a d' fhoilsigh mé mo chúis. Canaigí don Tiarna, molaigí an Tiarna, óir shaor sé anam an bhoicht ó láimh lucht déanta an oilc. Gura mallaithe an lá a rugadh mé, nára beannaithe an lá a rug mo mháthair mé! Gura mallaithe an fear a thug scéala chun m' athar: «Rugadh leanbh mic duit!» á dhéanamh rólúcháireach. Bíodh an fear sin cosúil leis na bailte a scrios an Tiarna gan trócaire; go gcluine sé an scread ar maidin, agus an gháir chatha ar uair an mheán lae, de bhrí nár mharaigh sé mise sa bhroinn, go mbeadh mo mháthair ina huaigh agam fad a bheadh a broinn torrach orm. Cad chuige ar tháinig mé as an mbroinn riamh, a thabhairt aghaidh ar shaothar agus doilíos agus go gcríochnófaí mo laethanta faoi náire? An briathar a tháinig chun Irimia ón Tiarna nuair a chuir an rí Zidicíá chuige Paischiúr mac Mhailcíá in éineacht leis an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá, á rá: «Iarraimid d' achainí ort fiafraí den Tiarna ar ár son ó tharla Nabúcadnazar ag déanamh cogaidh orainn; b' fhéidir go n-oibreodh an Tiarna a mhíorúiltí uile ar ár son agus go dtabharfadh sé ar an namhaid imeacht uainn.» Dúirt Irimia leo: «Beirigí an freagra seo chuig Zidicíá: ' Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo. Agus troidfidh mé féin in bhur n-aghaidh le láimh sínte amach agus le rí láidir, i bhfearg, i mbuile agus i ndíbheirg mhór. Buailfidh mé muintir na cathrach seo, idir dhuine agus bheithíoch, le plá scanrúil: gheobhaidh siad bás. Ina dhiaidh sin an Tiarna a labhraíonn tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.' «Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis. An té an fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta nó leis an bplá; ach mairfidh an té a rachaidh amach agus a ghéillfidh do na Caildéigh atá anois ag cur léigir ar an gcathair; beidh a bheatha aige sin mar éadáil. Óir tá m' aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.'» «Le rítheaghlach Iúdá. Éistigí le briathar an Tiarna. rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ' Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m' fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil. Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d' imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh an Tiarna a labhraíonn libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean? (Smachtóidh mé sibh de réir sochar bhur ngníomhartha an Tiarna a labhraíonn.) Cuirfidh mé tine lena fhoraois; dófaidh sí an dúiche uile máguaird.'» Is é a dúirt an Tiarna: «Imigh síos go pálás rí Iúdá agus tabhair an teachtaireacht seo ansin. ' Éist le briathar an Tiarna, a rí Iúdá, a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, thusa agus do sheirbhísigh agus do mhuintir a théann na geataí seo isteach. Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo. Má dhéanann sibh amhlaidh go coinsiasach, leanfaidh ríthe atá ina suí ar ríchathaoir Dháiví orthu ag dul geataí an pháláis seo isteach, ag marcaíocht i gcarbaid agus ar eachra, iad féin a seirbhísigh agus a muintir. Ach mura n-éisteann sibh leis na briathra seo, mionnaim dar mé féin an Tiarna a labhraíonn go mbeidh an pálás seo ina fhásach. Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá: Ba Ghileád thú agamsa, Ba bheann de chuid na Liobáine thú; mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot, baile gan áitritheoir ann. Tá fir do mhillte tofa agam, ag gach uile fhear acu tá a thua; gearrfaidh siad anuas na céadair is fearr agat, agus teilgfidh sa tine iad. «' Nuair a ghabhfaidh sluaite na náisiún thar an gcathair seo, déarfaidh siad lena chéile: Cad chuige go ndearna an Tiarna é seo leis an gcathair mhór seo? Is é an freagra a thabharfar: Mar thréig siad conradh an Tiarna a nDia chun déithe eile a adhradh agus fónamh a dhéanamh dóibh.' Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é. Ach golaigí go géar ar son an té a d' imigh, óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo, ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách. «Óir is mar seo a dúirt an Tiarna i dtaobh Sealúm mac Ióisíá, rí Iúdá, a bhí ina rí i ndiaidh a athar Ióisíá agus arbh éigean dó imeacht ón áit seo: 'Ní fhillfidh sé ar an áit seo níos mó ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.'» «Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart, agus a sheomraí uachtair le héagóir, a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal, agus nach n-íocann é ar son a shaothair, a deir: 'Déanfaidh mé dom féin pálás fairsing le seomraí leathana in airde', a ghearrann fuinneoga amach ann a chumhdaíonn sé le céadar agus a phéinteálann le flanndearg. An móide de rí thú daoine eile a shárú le céadair? D' ith d' athair agus d' ól sé, mar a dhéanann tusa, ach chleacht seisean macántacht agus ceart; mar sin bhíothas go maith aige. Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh, ansin bhíothas go maith aige. Nach é sin mise a aithint? an Tiarna a labhraíonn. Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.» Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: «Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ' Uch a dheartháir!' ' Uch a dheirfiúr!' Ná caoinigí ar a shon: ' Uch, a thiarna!' ' Uch, a mhórgacht!' Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.» «Imigh suas chuig an Liobáin agus éigh, tóg suas do ghuth i mBáiseán, scread as Abáraím anall, óir do scriosadh d' aos grá uile! Labhair mise leat i do shonas, ach dúirt tú: 'Ní éistfidh mé.' Ba é seo do bhéasa ó d' óige; níor umhlaigh tú do mo ghuthsa. Séidfidh an ghaoth do thréadaithe uile go malairt féaraigh; rachaidh d' aos grá i mbraighdeanas. Go deimhin féadann náire agus ceann faoi a bheith ort anois ag smaoineamh duit ar do chionta uile. Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.» «Faoi mar a mhairim an Tiarna a labhraíonn dá mbeadh Coiniá mac Iahóiácaím rí Iúdá, ina fháinne séala ar mo dheasláimh, mar sin féin tharraingeoinn as sin é. Tabharfaidh mé thú i lámha na muintire a iarrann do bhás, i láimh an dreama a bhfuil eagla ort rompu, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, i láimh na gCaildéach. Tusa agus do mháthair a rug thú, caithfidh mé amach sibh go tír eile; ní ann a rugadh sibh ach is ann a gheobhaidh sibh beirt bás. Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.» An pota briste, beagmhaitheasach é, an fear seo Coiniá, an soitheach é gan dúil ag aon duine ann? Cad chuige ar teilgeadh amach iad, é féin agus a shliocht, ar teilgeadh iad do thír nach aithnid dóibh? Ó a thalaimh, a thalaimh, a thalaimh, éist le briathar an Tiarna! Is mar seo a deir an Tiarna «Scríobhaigí an fear seo faoin teideal: gan chlann; duine nár rug biseach lena laethanta, óir ní thiocfaidh le haon fhear dá shliocht suí i ríchathaoir Dháiví, ná rialú arís in Iúdá.» «Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m' innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán an Tiarna a labhraíonn. Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n-aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha an Tiarna a labhraíonn. Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad. Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu an Tiarna a labhraíonn. Feach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh. Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t-ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht. «Mar sin, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn nach ndéarfaidh daoine níos mó: 'Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!' ach: 'Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.'» I dtaobh na bhfáithe: Tá mo chroí istigh ionam briste, creathnaíonn mo chnámha uile; is cosúil le fear meisce mé; is cosúil le fear a chloígh fíon mé mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa; tá an tír lán d' adhaltranaigh. (Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) «Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart. Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga; i mo theach féin fuair mé a n-urchóid an Tiarna a labhraíonn. Ar an ábhar seo is sleamhain an tslí atá ag síneadh rompu; sa dorchacht mar a ndíbreofar iad is ann a thitfidh siad. Óir tabharfaidh mise olc orthu i mbliain a bhféachana an Tiarna a labhraíonn. I bhfáithe na Samáire chonaic mé nithe a chuir samhnas orm: thairngreadar trí Bhál agus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán. Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá. Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Slua i dtaobh na bhfáithe: Anois beathóidh mé iad le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól, mar is ó fháithe Iarúsailéim amach a leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche. Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd; is do bhur mealladh atá siad, aithriseann siad físeanna a gcroí féin, agus ní as béal an Tiarna; leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad, ' Gheobhaidh sibh síocháin', agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí a gcruachroí féin: ' Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.'» (Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d' éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?) Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe, briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine; ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht. «Ní mise a sheol na fáithe seo uaim, ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith; ní leo a labhair mé; ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht. An raibh siad i láthair ag mo chomhairle? Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal, agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideach agus ó olc a ngníomhartha. An Dia i ngar mise an Tiarna a labhraíonn agus nach Dia mé i bhfad uait? An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? an Tiarna a labhraíonn. «Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m' ainmse. ' Rinneadh brionglóid dom,' a deir siad, ' rinneadh brionglóid dom!' Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin? Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m' ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n-aithreacha m' ainm ar son Bhál. «An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? an Tiarna a labhraíonn. Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine an Tiarna a labhraíonn nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní? «Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe an Tiarna a labhraíonn a ghoideann mo bhriathra óna chéile. Táimse in aghaidh na bhfáithe an Tiarna a labhraíonn nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht. Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha an Tiarna a labhraíonn a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad an Tiarna a labhraíonn. «Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: 'Céard é ualach an Tiarna?' déarfaidh tú leis: 'Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.' «Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: 'Ualach an Tiarna', gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin. Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: 'Céard a d' fhreagair an Tiarna?' nó ' Céard a dúirt an Tiarna?' Ach ná leanaigí oraibh á rá: 'Ualach an Tiarna', nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia. Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: 'Cén freagra a thug an Tiarna?' nó: 'Céard a dúirt an Tiarna?' Ach má deir tú: 'Ualach an Tiarna', is ansin a deir an Tiarna: 'De bhrí go n-abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna; mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh. Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.'» Thaispeáin an Tiarna fís dom: bhí dhá chliabh fígí curtha os comhair Theampall an Tiarna amach. Tharla sé seo tar éis Nabúcadnazar, rí na Bablóine, a bhreith Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, leis i láimh as Iarúsailéim, agus uaisle uile Iúdá, in éineacht leis na gaibhne agus na ceardaithe, agus iad a bhreith don Bhablóin. Bhí fígí maithe i gcliabh amháin díobh, cosúil leis na fígí a bhíonn aibí i dtús; sa chliabh eile bhí fígí an olca, nárbh fhéidir a ithe ar a n-olcas. Ansin dúirt an Tiarna liomsa: «Céard a fheiceann tú, a Irimia?» Dúirt mise: «Fígí, na cinn mhaithe rómhaith, na droch-chinn ró-olc ionas nach féidir iad a ithe ar a n-olcas.» Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: «Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Faoi mar is maith iad na fígí seo, is amhlaidh sin a rachaidh mé i gcúram lucht deoraíocht Iúdá a sheol mé amach as an áit seo go tír na gCaildéach. Cuirfidh mé mo shúile orthu ar mhaithe leo agus tabharfaidh mé ar ais don dúiche seo arís iad. Tógfaidh mé iad agus ní leagfaidh mé anuas iad, cuirfidh mé i dtalamh iad agus ní tharraingeoidh mé aníos iad. Tabharfaidh mé croí dóibh le go n-aithneoidh siad gur mise an Tiarna. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan, óir fillfidh siad orm ó lán a gcroí. Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n-olcas go deimhin is mar seo a deir an Tiarna is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d' fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte. Déanfaidh mé díol uafáis díobh i súile ríochtaí uile na talún, chun bheith ina scannal, ina leathfhocal, ina gceap magaidh, ina mallú san uile áit a ndíbreoidh mé iad. Cuirfidh mé an claíomh, an gorta agus an phlá ina gcoinne go scriosfar iad as an talamh a thug mé dóibh féin agus dá n-aithreacha.» An briathar a tháinig go Irimia i dtaobh phobal Iúdá uile sa cheathrú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá (b' í sin an chéad bhliain de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine). D' fhógair an fáidh Irimia é i láthair phobal uile Iúdá agus i láthair mhuintir Iarúsailéim uile: «Le trí bliana agus fiche, ón treas bliain déag de réimeas Ióisíá mac Ámón, rí Iúdá, go dtí inniu, tháinig briathar an Tiarna chugamsa agus labhair mé libhse gan scor (ach níor éist sibh. Agus chuir an Tiarna chugaibh gan scor a sheirbhísigh uile na fáithe, ach níor éist sibh, ná níor thug sibh aird). Ba é a dúirt siad: 'Filligí gach aon agaibh óna dhrochshlí, agus ó olc bhur ngníomhartha, agus fanfaidh sibh ar an talamh a thug an Tiarna anallód daoibh féin agus do bhur n-aithreacha le saol na saol. (Agus ná himígí i ndiaidh déithe eile d' fhónamh dóibh agus á n-adhradh; ná brostaigí mise chun feirge le hoibreacha bhur lámh féin; agus ní dhéanfaidh mé dochar daoibh.') Ach níor éist sibh liom (an Tiarna a labhraíonn agus bhrostaigh sibh anois mé chun feirge le hoibreacha bhur lámh, chun bhur ndochair féin). Ar an ábhar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, de bhrí nár éist sibh le mo bhriathar, cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí. «Tógfaidh mé uathu gáir an tsúgartha agus na meidhre, gártha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, tormán na brón muilinn agus solas an lóchrainn. Scriosfar an tír ar fad agus beidh sí ina fásach, fad a fhanfaidh siad ina sclábhaithe i measc na gciníocha go ceann seachtó bliain. (Ach nuair a bheidh an seachtó bliain istigh, gearrfaidh mé pionós ar rí na Bablóine agus ar an gcine sin an Tiarna a labhraíonn san éigeart a rinne siad, agus pionós ar thír na gCaildéach freisin, agus déanfaidh mé fásach síoraí di.) Tabharfaidh mé ar an tír sin na briathra go léir a labhair mé ina haghaidh, an uile ní dá bhfuil scríofa sa leabhar seo.» Réamhrá (cf. cc. 46-51): Fís an Chupáin Is mar seo a labhair an Tiarna, Dia Iosrael, liomsa: «Glac an cupán fíona seo as mo láimh agus tabhair ar an uile chine chuig a gcuirfidh mise thú, ól as; ólaidís agus luascaidís agus bídís ar mearbhall mar gheall ar an gclaíomh a chuirfidh mé ina measc.» Ghlac mise an cupán as láimh an Tiarna agus thug mé ar na ciníocha uile chuig ar chuir an Tiarna mé, a ól, (Iarúsailéim agus bailte Iúdá, a ríthe siúd agus a bprionsaí a dhéanamh fásaigh agus uafáis díobh, agus magaidh agus mallaithe mar atá inniu); Forann rí na hÉigipte, mar aon lena sheirbhísigh, a uaisle agus a dhaoine uile. Na heachtrannaigh uile lena gcois (ríthe uile thír Úz); ríthe uile thír na bhFilistíneach, Aiscileon, Gazá, Eacrón agus fuílleach Aisdeod, Eadóm, Móáb, agus clann Ámón; ríthe uile Thuíre, ríthe uile Shíodón, agus ríthe na n-insí taobh thall d' fharraige, Déadán, Téamá, agus Búz, agus na Bearracháin uile, ríthe uile na hAráibe a chónaíonn san fhásach, (ríthe uile Zimrí) agus ríthe uile Éalám, agus ríthe uile Méide, ríthe uile an tuaiscirt i bhfogas agus i gcéin, ceann ar cheann; agus na ríochtaí uile atá ar chlár na talún. (Maidir le rí Shéiseac, ólfaidh seisean ar deireadh.) «Déarfaidh tú leo: 'Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Ólaigí! Bígí ar meisce! Sceithigí! Titigí, agus ná héirigí níos mó, de bharr an chlaímh atáim a chur in bhur measc.' Má dhiúltaíonn siad an cupán a ghlacadh as do láimh agus a ól, déarfaidh tú é seo leo: 'Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Is éigean daoibh ól! Ó tá mé ag tosú ar olc a thabhairt ar an gcathair ar a dtugtar m' ainm, an dóigh libh go rachaidh sibhse gan smachtú? Go deimhin ní rachaidh, óir ansin glaofaidh mé ar chlaíomh in aghaidh áitritheoirí uile na talún Tiarna na Slua a labhraíonn.' «Tairngir thusa ina n-aghaidh na briathra seo uile, agus abair leo: ' Nuallann an Tiarna ón ard, labhraíonn sé óna shanctóir naofa; béiceann os ard in aghaidh a chró caorach; ligeann gáir amhail an dream a shiúlann ar na caora. Cluineann áitritheoirí uile na talún an tormán; sroicheann sé imill imigéiniúla an domhain. Óir tá an Tiarna ag cúisiú na náisiún, ag tabhairt an uile fheoil chun breithiúnais; tugann sé don chlaíomh na hurchóidigh an Tiarna a labhraíonn.' Is mar seo a deir Tiarna na Slua: ' Féach, leathnaíonn an t-olc ó chine go cine éiríonn anfa mór ó imill imigéiniúla an domhain.' «Beidh mairbh an Tiarna sa lá sin scaipthe ó cheann ceann na cruinne. Ní chaoinfear iad; ní chruinneofar iad ná ní mó a adhlacfar iad; fanfaidh siad ar éadan na talún mar aoileach. Uailligí a thréadaithe na gcaorach, éimhigí, únfairtigí ar an talamh, a thiarnaí na dtréad, óir tá laethanta bhur n-eirligh ar láimh, fearacht na reithí is deise, titfidh sibh. Níl dídean anois ag na haoirí, níl éalú ag tiarnaí na dtréad! Éist! uaill éimhe na n-aoirí, guthanna thiarnaí na dtréad! Óir mhill an Tiarna a n-iníor, tá a gceapóga ciúine scriosta, [de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna]. Tá an leon tar éis a uachais a fhágáil, anois tá a dtír ina fhásach, de bharr an chlaímh mhillte, de bharr díbheirg fhíochmhar an Tiarna.» Gabháil agus Daoradh Irimia «Seo mar a deir an Tiarna: 'Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d' ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár. B' fhéidir go n-éistfidh siad agus go bhfillfidh gach aon duine óna dhrochshlí; má fhilleann, tiocfaidh aithreachas ormsa faoin olc atá ar intinn agam a dhéanamh orthu mar gheall ar a míghníomhartha. Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna: Mura n-éisteann sibh liomsa trí mo dhlí a chuir mé romhaibh a chomhlíonadh, trí aird a thabhairt ar bhriathra mo sheirbhíseach, na fáithe, a sheolaim chugaibh gan scor agus nár éist sibh leo, déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.'» Chuala na sagairt agus na fáithe agus an pobal uile Irimia ag rá na mbriathar sin i dTeampall an Tiarna. Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d' ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: «Go deimhin cuirfear chun báis thú. Cad chuige ar thairngir tú in ainm an Tiarna á rá: 'Beidh an Teampall seo cosúil le Sileo, agus beidh an chathair seo uaigneach agus gan áitreabhach'?» Agus bhí an pobal uile ag plódú thart ar Irimia i dTeampall an Tiarna. Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna. Ansin labhair na sagairt agus na fáithe leis na feidhmeannaigh agus leis an bpobal uile: «Tá breithiúnas báis tuillte ag an bhfear seo, óir thairngir sé in aghaidh na cathrach seo mar a chuala sibh le bhur gcluasa féin.» Ach thug Irimia freagra ar na feidhmeannaigh agus ar an bpobal uile mar seo: «Chuir an Tiarna féin mise a fháidheoireacht na mbriathra uile a chuala sibh in aghaidh an Teampaill seo agus in aghaidh na cathrach seo. Mar sin leasaigí bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t-olc a d' fhógair sé in bhur n-aghaidh, ní dhéanfaidh sé é. Maidir liomsa, féach, táim in bhur lámha. Déanaigí liom mar is maith agus is cóir libh. Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.» Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: «Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.» D' éirigh roinnt de sheanóirí na tíre ina seasamh agus labhair siad le hoireachtas uile an phobail. «Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,» a dúirt siad, «agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: 'Mar seo a deir an Tiarna: Déanfar fearann treafa de Shíón, agus carnán bruscair de Iarúsailéim, beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.' «Ar chuir Hiziciá rí Iúdá agus pobal uile Iúdá chun báis é mar gheall air sin? Nár mhó, agus eagla roimh an Tiarna orthu, a d' iarr siad fabhar air go mb' aithreach leis an t-olc a bhí fógraithe aige ina n-aghaidh? An gcuirfimidne anois an choir seo mar ualach ar ár n-anamacha?» Bhí fear eile ann freisin a thairngir in ainm an Tiarna, Úiríá mac Sheamaiá, ó Chiriat Iáraím. Thairngir seisean in aghaidh na cathrach seo agus in aghaidh na tíre seo na nithe céanna díreach agus a thairngir Irimia. Nuair a chuala Iahóiácaím an rí, mar aon lena airí agus a fheidhmeannaigh uile, a bhriathra, theastaigh uaidh é a chur chun báis. Nuair a chuala Úiríá é sin tháinig eagla air agus theith sé don Éigipt. Ach chuir Iahóiácaím an rí, Ealnátán mac Acbór agus daoine eile leis don Éigipt. Thug siad Úiríá amach as an Éigipt agus rug siad go Iahóiácaím an rí é; mharaigh seisean leis an gclaíomh é agus theilg a chorpán isteach i reilig na ndaoine coitianta. Ach sheas Irimia faoi choimirce Aichíceám mhic Sheáfán, agus níor tugadh é ar láimh don phobal le cur chun báis. I dtosach réim Zidicíá, rí Iúdá, tháinig an briathar seo go Irimia ón Tiarna. Dúirt an Tiarna é seo liomsa: «Déan duit féin rópaí agus cuing agus buail ar do mhuineál iad. Cuir scéala ansin go rí Eadóm, go rí Mhóáb, go rí na nAmónach, go rí Tuíre agus go rí na Síodóine, le béal a dteachtaí a thagann go Iarúsailéim go Zidicíá rí Iúdá. Ordaigh dóibh a rá lena máistri: 'Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Seo a ndéarfaidh sibh le bhur máistrí: Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom. Tá na tíortha seo uile tugtha agam faoi láthair i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; thug mé dhó fiú na beithígh allta le fónamh dó. Beidh na ciníocha uile umhal dó féin, dá mhac agus do mhac a mhic, nó go dtaga am cinnte a thíre féin ar a seal agus go gcuirfidh náisiúin chumhachtacha agus ríthe móra é féin i ndaoirse. Cibé cine nó ríocht nach ngéillfidh do Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus nach gcromfaidh a muineál faoi chuing rí na Bablóine, smachtóidh mise an cine sin leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a deir an Tiarna go dtuga mé ina láimh é. Mar sin, ná héistigí le bhur bhfáithe, le bhur n-asarlaithe, le bhur bhfísithe, ná le bhur ndraoithe, ná le bhur ngreasadóiri a deir libh: Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine. Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh, agus dá bharrsan tógfar ó bhur ndúiche sibh, díbreoidh mise sibh agus caillfear sibh. An cine, áfach, a chromann a mhuineál faoi chuing rí na Bablóine agus a dhéanann fónamh dó, fágfaidh mé faoi shíocháin iad ina dtír féin a deir an Tiarna saothróidh siad í agus fanfaidh siad ann.'» Labhair mé mar an gcéanna le Zidicíá rí Iúdá: «Tugaigí bhur muiníl,» dúirt mé leis, «faoi chuing rí na Bablóine; géilligí dó féin agus dá mhuintir agus mairfidh sibh. Cad chuige a n-éagfadh sibh, tú féin agus do mhuintir, leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá a bhagair an Tiarna ar an gcine nach ngéillfidh do rí na Bablóine? Ná héistigí le briathra na bhfáithe a deir libh: 'Ní bheidh sibh faoi smacht rí na Bablóine.' Is fáidheoireacht bhréige a dhéanann siad daoibh. Óir ní mise a chuir uaim iad a deir an Tiarna tairngríonn siad bréaga i m' ainm. Dá bharr sin díbreoidh mise sibh, caillfear sibh féin agus mar an gcéanna na fáithe a thairngríonn daoibh.» Ansin labhair mé leis na sagairt agus leis an bpobal uile: «Is mar seo a deir an Tiarna: 'Ná héistigí le briathra bhur bhfáithe a fháistiníonn daoibh á rá: Féach! tabharfar ar ais go luath soithí Theampall an Tiarna ón mBablóin; tairngríonn siad bréaga daoibh. Ná héistigí leo; géilligí do rí na Bablóine agus mairfidh sibh; cad chuige a bhfágfaí an chathair seo ina fásach? Dá mba fháithe iad agus dá mbeadh briathar an Tiarna leo, bheidís anois ag guí Tiarna na Slua nach dtógfaí don Bhablóin na soithí atá fágtha i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim. Óir is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh (na gcolún, na farraige, na seastán agus) na soithí eile atá fós sa chathair seo, na cinn nár rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis nuair a rug sé Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, i láimh leis ó Iarúsailéim don Bhablóin mar aon le maithe uile Iúdá agus Iarúsailéim. Is ea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, faoi na soithí atá fágtha fós i dTeampall an Tiarna, i bpálás rí Iúdá agus in Iarúsailéim: Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.'» An bhliain chéanna sin, i dtús réim Zidicíá mhic Ióisíá, rí Iúdá, an cúigiú mí den cheathrú bliain labhair Hanainiá fáidh, mac Azúr, as Gibeón, mar leanas le [Irimia] i dTeampall an Tiarna i láthair na sagart agus an phobail uile: «Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Tá cuing rí na Bablóine briste agam. Taobh istigh de dhá bhliain tabharfaidh mé liom ar ais chuig an áit seo soithí uile Theampall an Tiarna a rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis as an áit seo agus a d' iompair sé chuig an mBablóin. Tabharfaidh mé ar ais freisin Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus deoraithe uile Iúdá a chuaigh chuig an mBablóin an Tiarna a labhraíonn. Sea, brisfidh mé cuing rí na Bablóine.'» Ansin thug Irimia fáidh freagra ar an bhfáidh Hanainiá i bhfianaise na sagart agus an phobail uile a bhí i dTeampall an Tiarna. «Bíodh sé amhlaidh,» a dúirt Irimia fáidh. «Go gcomhlíona an Tiarna an tairngreacht a rinne tú, soithí Theampall an Tiarna agus na deoraithe uile a thabhairt ar ais ón mBablóin go dtí an áit seo. Ach éist anois leis an bhfocal seo a déarfaidh mise i do chluasa agus i gcluasa an phobail uile. Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra; ach an fáidh a thairngríonn síocháin, aithneofar gurb é an Tiarna go fírinneach a chuir uaidh é nuair a thiocfaidh briathra an fháidh i gcrích.» Ansin bhain Hanainiá fáidh an chuing de mhuineál Irimia fáidh agus bhris í. Labhair Hanainiá ansin i bhfianaise an phobail uile: «Seo mar a deir an Tiarna: 'Is mar seo a bhrisfidh mé i gcionn dhá bhliain, cuing Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus bainfidh mé í de mhuineál na gciníocha uile.» ' D' imigh Irimia leis ag an bpointe sin. Nuair a bhí Hanainiá fáidh tar éis an chuing, a thóg sé de mhuineál Irimia fáidh, a bhriseadh, tháinig briathar an Tiarna go Irimia: «Imigh leat go Hanainiá agus abair seo leis: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Tig leat cuingeacha maide a bhriseadh? Más ea, déanfaidh mise cuingeacha iarainn dóibh ina n-áit. Óir seo mar a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cuing iarainn a chuirim anois ar mhuineál na gciníocha seo uile le go mbeidh siad faoi chois ag Nabúcadnazar rí na Bablóine. Beidh siad faoina smacht; fiú na mbeithíoch allta, tá siad tugtha agam dó.'» Dúirt Irimia fáidh le Hanainiá fáidh: «Éist liom go haireach; a Hanainiá: níor chuir an Tiarna uaidh thú; mar gheall ortsa tá an pobal seo anois ag cur a ndóchais i mbréag. Ar an ábhar sin seo mar a deir an Tiarna: 'Tá fúm thusa a theilgean d' aghaidh na talún: éagfaidh tú i mbliana, [de bhrí gur sheanmóir tú easumhlaíocht in aghaidh an Tiarna].'» D' éag Hanainiá an bhliain chéanna sin, sa seachtú mí. Is iad seo briathra na litre a chuir Irimia fáidh ó Iarúsailéim chun na seanóirí sin a tugadh ar deoraíocht, chun na sagart, na bhfáithe agus chun an phobail uile a rug Nabúcadnazar leis ar deoraíocht ó Iarúsailéim don Bhablóin. Ba tar éis Iacoiniá an rí, an ríonmháthair, na seomróirí, maithe Iúdá agus Iarúsailéim, agus na gaibhne agus na ceardaithe a imeacht as Iarúsailéim é. Seachadadh an litir le cabhair Ealásá mac Sheáfán agus Ghamairiá mac Hilcíá a chuir Zidicíá rí Iúdá don Bhablóin go Nabúcadnazar rí na Bablóine. Mar seo a ghabh an litir: Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, leis na deoraithe uile a tugadh ar shiúl ó Iarúsailéim don Bhablóin: «Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu; cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí; tógaigí mná agus ginigí mic agus iníonacha; toghaigí mná do bhur mic; faighigí fir do bhur n-iníonacha le go mbeire siadsan, ar a seal, mic agus iníonacha; caithfidh sibh dul i líonmhaire ansin agus ní i laghad. Déanaigí leas na [tíre] inar chuir mise sibh ar deoraíocht; guígí chun an Tiarna ar a son, óir is ar a leas siúd atá seasamh bhur leasa-sa ag brath.» ach is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'Ná mealladh bhur bhfáithe sibh ná na greasadóirí atá in bhur measc; ná héistigí leis na haislingeacha a aislingíonn siad, óir tairngríonn siad daoibh go bréagach i m' ainmse. Ní mise a chuir uaim iad an Tiarna a labhraíonn.'» Óir is mar seo a deir an Tiarna: «Ní go mbeidh an seachtó bliain a deonaíodh don Bhablóin istigh, a thiocfaidh mé ar cuairt chugaibh agus a chomhlíonfaidh mé mo gheallúint daoibh, sibh a thabhairt ar ais don áit seo. Óir tá fios mo smaointe agam in bhur dtaobh an Tiarna a labhraíonn smaointe síochána agus ní oilc, a thabhairt croí agus dóchais daoibh. Ansin nuair a ghlaoifidh sibh ormsa, nuair a thiocfaidh sibh chun impí ormsa, éistfidh mé libh. Nuair a iarrfaidh sibh mé gheobhaidh sibh mé, nuair a iarrfaidh sibh mé le bhur gcroí go hiomlán. Beidh mise ar fáil agaibh an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh. B' fhéidir go n-abróidh sibh: 'Thóg an Tiarna fáithe suas dúinn sa Bhablóin', Óir is mar seo a deir an Tiarna faoin rí a shuíonn anois ar ríchathaoir Dháiví agus faoi na daoine eile a chónaíonn sa chathair seo, bhur ndeartháireacha nach ndeachaigh amach libh i mbraighdeanas. Is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Tabharfaidh mé anois an claíomh orthu, an gorta agus an phlá; déanfaidh mé cosúil le fígí lofa iad nach féidir a ithe ar a n-olcas. Leanfaidh mé iad leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá, agus déanfaidh mé díol uafáis díobh do ríochtaí uile an domhain, ina mallú, ina n-iontas, ina magadh, ina scige i measc na gciníocha uile inar dhíbir mé iad, de bhrí nár éist siad le mo bhriathra an Tiarna a labhraíonn bíodh agus gur chuir mé chucu gan scor mo sheirbhísigh, na fáithe. Níorbh áil leo ina dhiaidh sin éisteacht an Tiarna a labhraíonn.» Ach, a dheoraithe uile a chuir mé ó Iarúsailéim don Bhablóin, éistigí briathra an Tiarna: «Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, i dtaobh Acháb mhic Chóláiá agus Zidicíá mhic Mhásaeiá a thairngríonn bréaga daoibh i m' ainmse: 'Seachadfaidh mé iad i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine a mharóidh iad os comhair bhur súl. Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach. Sin oidhe an dreama a dhéanann míchlú in Iosrael, ag déanamh adhaltranais le mná a gcomharsana, ag labhairt briathra bréagacha i m' ainmse gan ordú uaimse. Tá a fhios agamsa ina dhiaidh sin; feicim, an Tiarna a labhraíonn.'» Chuir Seamaiá as Nihealám litir uaidh féin chuig an bpobal uile in Iarúsailéim, an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá agus chuig na sagairt uile á rá: «Rinne an Tiarna sagart díotsa mar chomharba Iahoideá chun riail a choinneáil i dTeampall an Tiarna; i gcás an duine atá ar mire agus a dhéanann fáidh de féin is é do dhualgas é siúd a chur sna ceapa agus i gcoiléar iarainn. Ós amhlaidh atá, cad chuige nár smachtaigh tú Irimia ó Anatót a dhéanann fáidh de féin daoibhse? Óir faoi scáth an chur i gcéill seo sheol sé teachtaireacht chugainne sa Bhablóin á rá: 'Is fada an daoirse seo. Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu, cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.'» Léigh Zafainiá sagart an litir seo os ard do Irimia fáidh. Ach tháinig briathar an Tiarna go Irimia: «Cuir an teachtaireacht seo chun na ndeoraithe uile: 'Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Sheamaiá ó Nihealám: De bhrí gur thairngir Seamaiá daoibhse agus nach mise a chuir uaim é, agus mar gur thug sé oraibh dóchas a chur anois i mbréag, ar an ábhar sin a deir an Tiarna gearrfaidh mé pionós ar Sheamaiá ó Nihealám agus ar a shliocht ina dhiaidh; fireannach amháin dá chlann ní mhairfidh beo i measc na ndaoine seo le go bhfeicfeadh an mhaith a dhéanfaidh mé ar mo phobal an Tiarna a labhraíonn de bhrí gur theagaisc sé iompú ón Tiarna.'» Geallúint do Ríocht an Tuaiscirt «Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Na briathra uile a labhair mé leat, scríobh i leabhar iad. Óir féach tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.'» Is iad seo na briathra a labhair an Tiarna i dtaobh Iosrael (agus Iúdá): «Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe, guth eagla, agus ní guth síochána é. Fiafraígí anois, meabhraígí: an mbíonn fir ag breith clainne? Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sin agus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona? Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh? Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é. «Ar an lá sin Tiarna na Slua a labhraíonn brisfidh mise an chuing dá muiníl, agus scaoilfidh mé a gcuibhreacha. Ní dhéanfaidh siad fónamh níos mó do choimhthíocha. Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh. Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, an Tiarna a labhraíonn Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air. Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú; ní chuirfidh mé críochnú ortsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú. Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Tá do chneá doleigheasta, tá do lot gan cneasú. Níl aon duine chun aire a thabhairt do do chréachtaí, níl luibh ná leigheas i ndán duit. Rinne d' aos grá uile dearmad díot, ní iarrann siad níos mó thú. Sea, bhuail mé le buille namhad thú, buille neamhthrócaireach (mar gheall ar mhéid do chiontachta agus ar iomadúlacht do pheacaí). Cad chuige a n-éagaoineann tú d' ainnise? Tá do phian doleigheasta. Rinne mé na nithe sin uile leat, mar gheall ar mhéid do chiontachta, agus ar iomadúlacht do pheacaí. Ach gach aon a shlog thusa slogfar iad féin, rachaidh lucht d' ansmachta uile i ndaoirse, creachfar lucht do chreachta, agus gach aon dár airg thusa, tabharfaidh mise mar argain iad. 17a Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat, agus leigeasfaidh mé do chréachtaí an Tiarna a labhraíonn. 17b Óir ghairidís ' An Díbeartach' díot, ' Éadáil linn ar cuma le haon duine í!' ABN: v17b, v17a Seo mar a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna, agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe; tógfar an chathair arís ar a carn féin, atógfar an daingean ar a láithreán. Tiocfaidh astu amach buíochas agus glórtha daoine a dhéanann lúcháir. Déanfaidh mé líonmhar iad, agus ní bheidh laghdú orthu; déanfaidh mé glórmhar iad, agus ní bheidh siad faoi dhímheas. Beidh a gclann mhac mar a bhí siad féin anallód, beidh a gcomhthionól go daingean i mo láthair, agus smachtóidh mé lucht leatroim orthu. Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu, as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir. Ligfidh mise dó teacht i mo láthair agus féadfaidh sé teacht i ngar dom; go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirt agus teacht i ngar domsa? an Tiarna a labhraíonn. Agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse.» Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe, briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine; ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcuire sé i gcrích agus go gcomhlíona comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é seo sna laethanta atá ag teacht. «Nuair a thiocfaidh an t-am sin a deir an Tiarna beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.» «Seo mar a deir an Tiarna: Fuair siad maithiúnas san fhásach, na daoine a chuaigh slán ón gclaíomh. Tá Iosrael ag tarraingt ar a scíth. Nocht an Tiarna [dó], ó i bhfad i gcéin: ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort. Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán. Plandóidh tú fós fíonghoirt ar shléibhte na Samáire (tá an phlandáil déanta ag lucht plandála; cnuasfaidh siad na torthaí). Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht faire ar shléibhte Eafráim: ' Éirígí! téimis suas go Síón, chun an Tiarna, ár nDia féin.' Óir seo mar a deir an Tiarna: Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib! Tógaigí gártha do cheann na náisiún! Fógraígí! Molaigí! Gáirigí: ' Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!' Féach, tabharfaidh mé ar ais iad as an tír thuaidh, agus cruinneoidh mé iad ó na críocha in imigéin; iad go léir, an dall agus an bacach, an bhean torrach agus an bhean i dtinneas clainne; tiocfaidh siad ina gcuideachta mhór ag filleadh. Is le gol a d' imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m' athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic. Éistigí briathar an Tiarna, sibhse a chiníocha! Insígí é seo do na hoileáin in imigéin: ' An té a scaip Iosrael, cruinneoidh sé é, cumhdóidh sé é mar a dhéanann aoire a thréad.' Óir d' fhuascail an Tiarna Iacób, thug slán é as láimh a bhí ní ba láidre ná é. Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna: cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach; beidh a n-anamacha mar a bheadh garraí uiscithe; ní dhéanfaidh siad brón níos mó. Is ansin a ghairdeoidh an mhaighdean sa rince, déanfaidh ógánaigh agus seanóirí [meidhir]; fillfidh mise a ndobrón i ngairdeachas; tabharfaidh mé sólás agus faoiseamh ar lorg a ndólás; sásóidh mé mo shagairt le bia blasta, agus beidh mo dhaoine sách le mo mhaitheas an Tiarna a labhraíonn. Is mar seo a deir an Tiarna: Cluineadh guth i Rámá, caoineadh agus gol géar; is í Ráchael í ag caoineadh a clainne mar nach bhfuil siad ann. Is mar seo a deir an Tiarna: Éirígí as bhur gcaoineadh, triomaígí bhur súile; déanfar bhur saothar a chúiteamh an Tiarna a labhraíonn. Tiocfaidh siad ar ais ó thír a namhad. Tá dóchas ann do do shliocht; tiocfaidh do chlann mhac ar ais dá gcríocha féin. Go deimhin cluinim éamh Eafráim: ' Smachtaigh tú mé, ghlac mé an smachtú mar tharbh óg gan smacht; beir ar ais mé, lig dom teacht ar ais; óir is tú an Tiarna mo Dhia. Sea, d' iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m' ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m' óige.' An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn. Cuir suas duit féin comharthaí bóthair, ardaigh clocha críche; tabhair suntas maith don tslí, an tslí ar imigh tú. Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael, tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa. Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis? Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh: Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.» Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: «Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ' Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!' «Cuirfidh fúthu sa tír seo, Iúdá agus a bhailte uile, na feirmeoirí agus an dream a dhéanann buachailleacht ar na tréada. Óir tugaimse suaimhneas don anam cortha agus sólás don anam doilíosach.» Agus uaidhsean: Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam, agus ba shámh é mo chodladh. «Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn agus síolchuirfidh mé teach Iosrael agus teach Iúdá le síol an duine agus le síol an bheithígh. Agus faoi mar a bhí mé ag faire orthu uair amháin, a réabadh aníos agus a bhriseadh, a chaitheamh síos, a scrios agus a mhilleadh, is mar sin a bheidh mé anois, a thógáil agus a phlandú. An Tiarna a labhraíonn.» «Sna laethanta sin ní abróidh daoine níos mó: ' D' ith na haithreacha caora searbha; agus cuireadh déistin ar fhiacla na clainne.' «Ach éagfaidh gach duine ar son a pheaca féin. Gach duine a itheann caora searbha, is ar a fhiacla féin a bheidh déistin.» «Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael (agus le teach Iúdá), ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n-aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir an Tiarna a labhraíonn. Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: 'Bíodh aithne ar an Tiarna agat!' Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó an Tiarna a labhraíonn óir maithfidh mé a n-éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.» An Tiarna a bheir an ghrian mar sholas sa lá, an ghealach agus na réaltaí mar sholas san oíche, a shuaitheann an fharraige agus a bheir ar a tonnta búirthíl, an té darb ainm Tiarna na Slua, deir sé é seo: «Dá n-imeodh na reachta daingne seo as mo radharc an Tiarna a labhraíonn ar an uair sin amháin is ea a chuirfinnse síolra Iosrael ó bheith ina chine i m' fhianaise go brách. Dá mb' fhéidir choíche neamh thuas a thomhas, agus fuaimint na talún thíos a spíonadh, is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosrael ar son gach a ndearna siad an Tiarna a labhraíonn.» «Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn a n-atógfar cathair Iarúsailéim ó Thúr Hananael go Geata an Choirnéil. Ansin sínfidh arís eile an dorú tomhais caol díreach anonn ar Chnoc Gháraeb ag déanamh ina dhiaidh sin ar Ghoá. Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.» An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna sa deichiú bliain de Zidicíá rí Iúdá, arbh í an t-ochtú bliain déag de réimeas Nabúcadnazar í. San am sin bhí Iarúsailéim faoi léigear ag arm rí na Bablóine, agus cuireadh Irimia fáidh faoi ghlas i gCúirt an Gharda a bhí i bpálás rí Iúdá, óir is ann a chuir Zidicíá rí Iúdá i bpríosún é. «Cad chuige duit,» ar sé, «ag tairngreacht mar seo, á rá: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé an chathair seo i láimh rí na Bablóine le go ngabhfaidh sé í, agus ní rachaidh Zidicíá rí Iúdá as láimh na gCaildéach, ach go deimhin tabharfar i láimh rí na Bablóine é, agus labhróidh sé leis béal ar bhéal agus feicfidh sé é gnúis le gnúis. Tógfaidh sé Zidicíá don Bhablóin agus fanfaidh sé ansin (go dtaga mise ar cuairt chuige an Tiarna a labhraíonn. Má tá go dtroidfidh sibh leis na Caildéigh ní bhéarfaidh sibh bua!)'?» Dúirt Irimia: «Tháinig briathar an Tiarna chugamsa á rá: Féach, tiocfaidh Hanamael mac Shealúm deartháir d' athar chugat agus déarfaidh: Ceannaigh duit féin mo gharraí in Anatót, óir is leat ceart a fhuascailte ar phraghas. Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: 'Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.' Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna. Mar sin cheannaigh mé an garraí ó mo chol ceathrar Hanamael as Anatót agus d' íoc leis an luach, seacht seicil déag airgid. Scríobh mé amach an cuntas agus shéalaigh é, ghlaoigh mé ar fhinnéithe agus thomhais an t-airgead sa mheá. Ansin ghlac mé scríbhinn an cheannaithe agus é séalaithe de réir an dlí mar aon lena cóip oscailte, agus thug mé scríbhinn an cheannaithe do Bharúch mac Néiria, mac Mhásaeiá, i radharc Hanamael, mo chol ceathrar, i radharc na bhfinnéithe a shínigh an scríbhinn cheannaithe agus na nGiúdach uile a tharla a bheith i gCúirt an Gharda san am. Ina láthair siúd thug mé na treoracha seo a leanas do Bharúch: ' Tóg na scríbhinní seo, an scríbhinn cheannaithe atá séalaithe mar aon lena cóip oscailte, agus cuir i soitheach cré iad, ionas go maire siad seal fada.» Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'Ceannóidh daoine garraithe agus fíniúna arís sa tír seo.' «Tar éis dom an scríbhinn cheannaithe a thabhairt do Bharúch mac Néiria ghuigh mé an Tiarna mar seo: ' Á, a Thiarna Dia, is tú a chruthaigh neamh agus talamh le do chumhacht mhór agus le do láimh sínte amach. Níl aon rud dodhéanta duitse. Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n-aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm! Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha! Rinne tú comharthaí agus iontais i dtír na hÉigipte agus mar an gcéanna inniu in Iosrael agus i measc an chine dhaonna. Rinne tú an t-ainm duit féin atá agat inniu. Thug tú amach do phobal as crích na hÉigipte le comharthaí agus le hiontais, le láimh láidir agus le géag sínte amach agus le huafás mór. Ansin thug tú an fearann seo dóibh a mhionnaigh tú a thabharfá dá n-aithreacha, fearann le bainne agus mil ina slaoda. Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a d' ordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t-olc seo uile a theacht orthu. Féach, na mótaí ag teacht i ngar don chathair le haghaidh a gabhála! Tabharfaidh an claíomh, an gorta agus an phlá an chathair i láimh na gCaildéach. An rud a dúirt tú tá sé tagtha i gcrích anois, feiceann tú é. Ach dúirt tú féin liomsa, a Thiarna Dia: Ceannaigh an garraí ar airgead i láthair finnéithe; agus anois féin tá an chathair á tabhairt i láimh na gCaildéach.' Ansin tháinig briathar an Tiarna [chugamsa]: ' Féach, is mise an Tiarna, Dia an uile dhuine: an bhfuil ní ar bith dodhéanta dom?' «Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: 'Táim ag tabhairt na cathrach seo anois i láimh na gCaildéach, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus tógfaidh seisean í. Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge. Óir is olc amháin a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá i m' fhianaise óna n-óige (óir bhrostaigh clann Iosrael go deimhin mé chun feirge lena ngníomhartha is é an Tiarna a labhraíonn). Sea, tá an chathair seo chomh mór sin ina brostú feirge agus fraoch domsa ón lá ar tógadh í go dtí inniu, go mbainfidh mé as mo radharc í, mar gheall ar na hoilc uile a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá do mo bhrostúsa, iad féin, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt agus a bhfáithe, fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim. D' iompaigh siad a gcúl liomsa agus ní hé a n-aighthe; agus tar éis dom iad a theagasc go moch agus go déanach ní éistfidís ná ní raibh aird acu ar a gceacht. Sheas siad a n-íola sa Teampall a ghairthear i m' ainmse, á thruailliú. Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n-iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i m' intinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad a thabhairt ar Iúdá peacú.' «Ach anois, agus ar an ábhar céanna sin, is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na cathrach seo faoina n-abrann tusa go dtabharfaidh an claíomh, an gorta, agus an phlá i láimh rí na Bablóine í: Cruinneoidh mise iad as na tíortha uile inar dhíbir mé iad i m' fhearg, i m' fhraoch agus i mo chuthach mór. Tabharfaidh mé ar ais don áit seo iad agus tabharfaidh mé orthu cónaí go sábháilte. Ansin beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan. Tabharfaidh mé malairt chroí dóibh agus malairt iompair, le go mbeidh mo eaglasa orthu go brách, ar mhaithe leo féin agus lena gclann ina ndiaidh. Déanfaidh mé conradh síoraí leo; ní éireoidh mé as déanamh maitheasa dóibh, agus cuirfidh mé m' urraim ina gcroí, ionas nach ndealóidh siad arís uaim. Gairdeoidh mé mar gheall ar mhaitheas a dhéanamh dóibh, agus plandóidh mé le barr dílse iad sa dúiche seo, le mo chroí agus le m' anam go hiomlán.' Óir is mar seo a deir an Tiarna: 'Faoi mar a thug mé an t-olc mór seo ar an bpobal seo, is mar sin a tabharfaidh mé orthu an uile mhaith dá ngeallaim dóibh. Ceannófar tailte fós sa tír seo faoina n-abrann tusa: Is talamh bánaithe í gan duine ná beithíoch; tugadh i láimh na gCaildéach í. Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad is é an Tiarna a labhraíonn.'» Bhí Irimia fós i bpríosún i gCúirt an Gharda nuair a tháinig briathar an Tiarna chuige an dara huair. «An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í an Tiarna a ainm deir sé é seo: Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu. Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael, i dtaobh tithe na cathrach seo agus i dtaobh phálás rí Iúdá atá le scriosadh. In aghaidh mótaí agus pailís rachaidh siad ag troid leis na Caildéigh, ach is ag líonadh na cathrach a bheidh siad le corpáin na ndaoine a leagfaidh mise ar lár i mo fheirg agus i m' fhraoch, [an dream] ar fholaigh mé m' aghaidh orthu mar gheall ar a n-olcas. Ach féach, brostóidh mise chucu biseach agus leigheas; leigheasfaidh mé iad agus cuirfidh mé in aithne dóibh iomláine na síochána agus na sábháilteachta. Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair. Glanfaidh mé iad ón uile pheaca a rinne siad i mo aghaidhse; na peacaí lenar mhaslaigh siad mise agus lenar thug cúl liom, maithfidh mé iad uile dóibh. Agus beidh Iarúsailéim ina cúis athais domsa, ina cúis maíte agus onóra i láthair a bhfuil de chiníocha ar talamh; nuair a chluinfidh siadsan an uile mhaith atá á dhéanamh agam tiocfaidh eagla agus uamhan orthu mar gheall ar an uile shéan agus síocháin a sholáthraím di.' Is mar seo a deir an Tiarna: 'San áit seo, a deir tusa: Is uaigneach é gan duine ná ainmhí; i mbailte Iúdá agus i sráideanna briste Iarúsailéim mar nach bhfuil duine ná ainmhí, cluinfear arís guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. «Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!' Is mar seo a deir Tiarna na Slua: 'San áit seo, san fhásach seo gan duine ná ainmhí agus ina bhailte uile, beidh tailte féaraigh arís, áit a gcuirfidh aoirí a dtréada ina luí. I mbailte uile na nArdán, ar an Achréidh agus sa Neigib, i ndúiche Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim agus i mbailte Iúdá, imeoidh na tréada arís faoi lámha an té a áiríonn iad. Fógraíonn an Tiarna é. Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn agus comhlíonfaidh mé an gheallúint a rinne mé do theach Iosrael agus do theach Iúdá: Sna laethanta sin agus san am sin cuirfidh mise d' fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír. Sábháilfear Iúdá sna laethanta sin agus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas. Agus is é seo an t-ainm a thabharfar ar an gcathair: An Tiarna Ár bhFíréantacht.' «Óir is mar seo a deir an Tiarna: 'Ní bheidh in easnamh ar Dháiví choíche sliochtach fireann a shuífidh i gcathaoir ríoga theach Iosrael. Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.'» Tháinig briathar an Tiarna go Irimia. «Is mar seo a deir an Tiarna: 'Dá bhféadfá mo chonradh lae a bhriseadh agus mo chonradh oíche ionas nach mbeadh lá ná oíche ina n-am féin, ansin d' fhéadfaí freisin mo chonradh le Dáiví mo shearbhónta a bhriseadh ionas nach mbeadh mac aige le rialú ina chathaoir ríoga, agus mar an gcéanna leis na sagairt Léivíteacha is searbhóntaí domsa. Mar nach féidir slua neimhe a áireamh ná gaineamh na farraige a thomhas, is mar sin a mhéadóidh mise sliocht Dháiví mo shearbhónta agus na Léivítigh, a dhéanann [mar aon leis na hoidhrí seo] freastal orm.'» Tháinig briathar an Tiarna go Irimia: «Nár thug tusa faoi deara céard deir an pobal seo: 'An dá mhuintir a thogh an Tiarna theilg sé uaidh anois iad'? Mar seo a tharcaisníonn siad mo mhuintir ionas nach náisiún níos mó iad ina láthair. Is mar seo a deir an Tiarna: 'Murar chruthaigh mise lá agus oíche agus murar reachtaigh mé ordú neimhe agus talún, más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.'» An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird: «Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Imigh agus labhair le Zidicíá, rí Iúdá. Inis é seo dó: Is mar seo a deir an Tiarna: Táim ag tabhairt na cathrach anois i lámha rí na Bablóine, agus dófaidh sé go talamh í. Agus ní imeoidh tusa uaidh ach tógfar thú go deimhin agus cuirfear ina láimh thú. Feicfidh tú rí na Bablóine gnúis le gnúis agus labharfaidh tú leis béal ar bhéal. Rachaidh tú don Bhablóin. Mar sin féin éist briathar an Tiarna, a Zidicíá, a rí Iúdá, agus ní mharófar leis an gclaíomh thú; éagfaidh tú i síocháin. Agus faoi mar a loisceadh spíosraí do d' aithreacha, na ríthe a bhí romhat in anallód, is mar sin a loiscfidh siad spíosraí duitse agus a chaoinfidh siad thú: Mo léan, a mhórgacht! Dúirt mise é is é an Tiarna a labhraíonn.'» D' inis Irimia fáidh na briathra seo uile do Zidicíá rí Iúdá, in Iarúsailéim, nuair a bhí slua rí na Bablóine ag ionsaí Iarúsailéim agus bailte Iúdá a sheas amach fós, mar atá Láicís agus Azaecá, a raibh fágtha de bhailte Iúdá gan géilleadh, mar bhí siad daingnithe. An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna tar éis don rí Zidicíá conradh a dhéanamh leis an bpobal uile in Iarúsailéim maidir le saoirse a thabhairt dá sclábhaithe: go ligfeadh gach uile dhuine a sclabhaithe uaidh, idir fhir agus mhná, má ba Eabhraigh iad, ionas nach gcoinneodh Giúdach ar bith a dheartháir i ndaoirse. Na prionsaí uile agus an pobal uile a chuaigh sa chonradh go ligfeadh gach aon duine dá sclábhaithe, idir fhir agus mhná, imeacht uaidh, agus nach gcoinneodh ina sclábhaithe iad níos mó, d' aontaigh siad agus lig saor iad. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig siad ar mhalairt aigne, thóg siad ar ais na sclábhaithe, idir fhir agus mhná, agus cuireadh faoi chuing arís mar sclábhaithe iad. Mar sin tháinig briathar an Tiarna go Irimia: «Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Rinne mé conradh le bhur n-aithreacha nuair a thug mé amach as an Éigipt iad, as teach na daoirse; dúradh ann: I gceann seacht mbliana ligeadh gach aon duine agaibh dá dheartháir Eabhrach, a díoladh libh, imeacht; tar éis sé bliana dó ina sclábhaí agat ligfidh tú dó imeacht saor uait. Ach níor éist bhur n-aithreacha, ní thabharfaidís aird. Anois, bhí intinn eile agaibh inniu agus rinne sibh an ceart i mo radharc, gach aon duine a fhógairt saoirse dá chomharsa; rinne sibh conradh i mo láthair sa Teampall a ghairtear i mo ainm. Agus ansin tháinig sibh ar mhalairt aigne agus thruailligh sibh m' ainm; thóg gach aon duine agaibh a sclábhaithe ar ais, idir fhir agus mhná, a bhí ligthe saor agaibh ar a dtoil féin, á dtabhairt faoi dhaoirse agaibh arís.' «Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: 'Níor umhlaigh sibh domsa, gach duine saoirse a fhógairt dá dheartháir agus dá chomharsa. Tá go maith mar sin is é an Tiarna a labhraíonn fógraímse daoibhse saoirse chun an chlaímh, na plá agus chun an ghorta; déanfaidh mé díol uafáis díbh don uile ríocht ar domhan. Agus na fir seo a bhris mo chonradh agus nár chomhlíon briathar an chonartha a rinneadh i mo láthairse, díolfaidh mé leo amhail an lao a ghearr siad le go dtriallfaidís idir na coda. Maidir le prionsaí Iúdá agus Iarúsailéim, leis na coillteáin agus na sagairt, agus pobal uile na tíre a chuaigh idir coda an lao, tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún. Maidir le Zidicíá rí Iúdá agus a phrionsaí, tabharfaidh mé iadsan freisin i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás, agus i láimh slua rí na Bablóine atá díreach tar éis tarraingt siar uaibh. Éist, ordóidh mise é an Tiarna a labhraíonn agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.'» An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna i laethanta Iahóiácaím mhic Ióisíá, rí Iúdá: «Imigh go clann na Raecáibíoch agus labhair leo; tabhair go Teampall an Tiarna iad, go ceann de na seomraí, agus tairg dóibh fíon le hól.» Rug mise mar sin Iázainiá mac Irimia, mac Habaizinia, mar aon lena dheartháireacha agus a chlann mhac uile: clann iomlán na Raecáibíoch liom. Thug mé go Teampall an Tiarna iad, go seomra mhic Hánán, mac Igdiliá, óglach Dé, láimh le seomra na n-oifigeach, os cionn seomra Mhásaeiá mhic Shealúm, coimeádaí an dorais. Leag mé ansin os comhair fir chlann na Raecáibíoch soithí lán d' fhíon agus cupáin, agus dúirt mé leo. «Ólaigí deoch fíona.' ' Dúirt siadsan: «Ní ólaimidne fíon, óir d' ordaigh Iónádáb mac Raecáb ár sinsear dúinn: 'Ní ólfaidh sibh fíon, sibh féin ná bhur mic go brách. Ní mó a thógfaidh sibh tithe; ní chuirfidh sibh síol, ní phlandóidh fíniúin ná ní shealbhóidh sibh áitreabh; ach déanfaidh sibh cónaí ar feadh bhur laethanta i mbothanna, ionas go mairfidh sibh i bhfad sa dúiche a mbeidh sibh in bhur n-eachtrannaigh.' D' umhlaíomar do ghuth Iónádáb mhic Raecáb, ár sinsear san uile ní dár ordaigh sé dúinn; gan fíon a ól feadh ár mbeatha, sinn féin, ár mná, ár mic, ná ár n-iníonacha, ná tithe a thógáil dúinn féin le cónaí iontu; ní mó mar atá fíniúin againn ná talamh curtha, ach cónaímid i mbothanna. D' umhlaíomar agus rinneamar de réir an uile ní dár ordaigh Iónádáb ár sinsear dúinn. Ach tharla, nuair a d' ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.' Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.» Ansin tháinig briathar an Tiarna go Irimia. «Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'Imigh agus inis do mhuintir Iúdá agus do áitritheoirí Iarúsailéim: Nach bhfaigheadh sibh teagasc agus éisteacht le mo bhriathrasa? Is é an Tiarna a labhraíonn. Comhlíonadh briathar Iónádáb mhic Raecáb nuair a d' ordaigh sé dá chlainn mhac gan fíon a ól; go dtí inniu féin ní ólann siad aon deor, ach umhlaíonn siad d' ordú a sinsir. Ach labhair mise libhse gan stad gan staonadh, ach níor éist sibh liom. Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n-adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n-aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom. Choinnigh clann mhac Iónádáb mhic Raecáb aithne a sinsir a thug sé dóibh, ach níor éist an pobal seo liomsa. Uime sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: Tabharfaidh mise ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim an uile olc dar fhógair mé ina n-aghaidh, óir labhair mé leo agus ní éistfidís, ghlaoigh mé orthu agus ní fhreagróidís.'» Dúirt Irimia ansin le clann na Raecáibíoch: «Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'De bhrí gur umhlaigh sibh d' aitheanta Iónádáb bhur n-athair agus gur choinnigh sibh an uile aithne agus go ndearna sibh gach ar ordaigh sé daoibh, mar gheall air seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael ní bheidh sliochtach fireann in easnamh ar Iónádáb mac Raecáb chun seasamh i mo láthairse go brách.'» Scrolla 605-4R.Ch. «Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu. Nuair a chluinfidh teach Iosrael an uile olc atá ar intinn agam a dhéanamh dóibh, b' fhéidir go bhfillfidh gach uile dhuine óna drochshlí, agus ansin mhaithfinnse a n-éigeart agus a bpeaca dóibh.» Chuir Irimia fios ar Bharúch mac Néiria, agus scríobh Barúch, ó bhéal Irimia, gach briathar a labhair an Tiarna leis. D' ordaigh Irimia ansin do Bharúch: «Ó táimse i bpríosún anseo ní féidir liom dul go Teampall an Tiarna; ar an ábhar sin imigh thusa agus léigh as an scrolla a scríobh tú ó mo bhéalsa, briathra uile an Tiarna in éisteacht an phobail i dTeampall an Tiarna lá an troscaidh; léigh freisin iad in éisteacht mhuintir Iúdá uile a thagann as na bailte. B' fhéidir go gcuirfeadh siad a n-urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.» Rinne Barúch mac Néiria mar a d' ordaigh Irimia fáidh dó, briathra uile an Tiarna a léamh as an scrolla i dTeampall an Tiarna. Tharla sa chúigiú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, sa naoú mí gur fógraíodh troscadh i bhfianaise an Tiarna don phobal uile in Iarúsailéim agus don phobal uile a thiocfadh go Iarúsailéim ó bhailte Iúdá. Léigh sé briathra Irimia as an scrolla; tharla seo i seomra Ghamairiá mhic Sheáfán, rúnaí, sa chúirt ab airde ag dul an Geata Nua isteach i dTeampall an Tiarna, in éisteacht an phobail uile. Nuair a chuala Miocáia mac Ghamairiá, mac Sheáfán, briathra uile an Tiarna as an scrolla, síos leis go pálás an rí agus isteach i seomra an rúnaí. Bhí na feidhmeannaigh uile ina suí ansin: Eilíseámá an runaí, Daláiá mac Sheamaiá, Ealnátán mac Acbór, Gamairiá mac Sheáfán, Zidicíá mac Hanainiá, agus na feidhmeannaigh eile go léir. D' inis Miocáia dóibh na briathra uile dár chuala sé nuair a léigh Barúch an scrolla in éisteacht an phobail. D' aontaigh na feidhmeannaigh ansin Iahúidí mac Natainiá agus Sealaimiá mac Chúisi a chur go Barúch á rá: «Tar, agus beir leat an scrolla a léigh tú in éisteacht an phobail.» Thóg Barúch mac Néiria an scrolla mar sin agus tháinig chucu. «Suigh síos,» ar siad, «agus léigh amach dúinne é.» Léigh Barúch é mar sin dóibh. Nuair a chuala siad na briathra uile tháinig scanradh ar gach fear acu agus ar siad: «Go deimhin ní mór dúinn na briathra seo uile a insint don rí.» D' fhiafraigh siad ansin de Bharúch: «Inis dúinn,» ar siad, «conas a scríobh tú na briathra seo uile.» «Dheachtaigh Irimia dom iad lena bhéal,» d' fhreagair Barúch, «agus scríobh mise le dúch iad sa scrolla seo.» Ansin dúirt na feidhmeannaigh le Barúch: «Imigh, téigh i bhfolach, thusa agus Irimia; agus ná bíodh a fhios ag aon duine cén áit a mbeidh sibh.» Leis sin amach leo go dtí an rí i gcúirt an pháláis tar éis an scrolla a chur i dtaisce i seomra Eilíseámá an rúnaí. Agus d' inis siad an scéal go léir don rí. Chuir an rí Iahúidí faoi dhéin an scrolla agus rug seisean leis é as seomra Eilíseámá an rúnaí, agus léigh amach don rí é agus do na feidhmeannaigh uile agus iad ina seasamh timpeall an rí. Bhí an rí ina shuí ina sheomra geimhridh ba é an naoú mí é agus bhí tine ar lasadh ar an teallach os a chomhair. Ní raibh uair dá mbíodh a trí nó a cheathair de cholúin léite ag Iahúidí nach ngearradh an rí iad le scian scríobhaí agus go gcaitheadh isteach sa tine ar an teallach iad nó gur dódh an scrolla ar fad sa tine ar an teallach. Thairis sin, ní raibh eagla orthu, níor réab siad a n-éadaí, an rí ná aon duine dá mhuintir dár chuala na briathra seo uile. D' iarr Ealnátán agus Daláiá agus Gamairiá ar an rí gan an scrolla a dhó, ach má iarr, ní eisteodh sé leo. D' ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d' fholaigh an Tiarna iad. Ansin tháinig briathar an Tiarna go Irimia, tar éis don rí an scrolla a dhó agus na briathra a scríobh Barúch as béal Irimia: «Glac chugat scrolla eile agus scríobh síos na briathra uile úd a bhí sa chéad scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá. Agus maidir le Iahóiácaím rí Iúdá, abair: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Dhóigh tú an scrolla seo, á rá: Cad chuige ar scríobh tú: Tiocfaidh rí na Bablóine go deimhin agus bánóidh sé an tír seo agus ní fhágfaidh duine ná ainmhí beo inti? Mar sin, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím rí Iúdá: Ní bheidh duine ar bith aige le suí ar chathaoir ríoga Dháiví; agus teilgfear a chorp marbh amach chun an teaspaigh sa lá agus chun an tseaca san oíche. Smachtóidh mise é féin agus a oidhrí agus a sheirbhísigh i ndíol a n-éigeart; orthusan, ar chathróirí Iarúsailéim agus ar mhuintir Iúdá, tabharfaidh mé na hoilc uile a d' fhógair mé ina n-aghaidh, bíodh agus nár éist siad.'» Ansin thóg Irimia scrolla eile agus thug do Bharúch mac Néiria, scríobhaí, é, agus scríobh seisean síos ansin as béal Irimia briathra uile an scrolla a dhóigh Iahóiácaím rí Iúdá, i dteannta mórán briathar eile ar an dul céanna. Rinneadh rí de Zidicíá mac Iahóiácaím i ndiaidh Choiniá mac Ióisíá; rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine, rí de i dtír Iúdá. Ach níor thug sé féin ná a mhuintir, ná pobal na tíre aon aird ar bhriathra an Tiarna a labhair sé tríd an bhfáidh Irimia. Chuir an rí Zidicíá Iahucal mac Shealaimiá agus an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá chun an fáidh Irimia, á rá: «Guigh chun an Tiarna ár nDia ar ár son.» Anois bhí cead a chos fós ag Irimia i measc an phobail; níor cuireadh fós i bpríosún é. Idir an dá linn thug slua Fhorainn an bóthar orthu as an Éigipt agus nuair a chuala na Caildéigh a bhí ag cur léigir ar Iarúsailéim an scéala d' imigh siad ón gcathair. Ansin tháinig briathar an Tiarna chuig Irimia fáidh: «Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: 'Le rí Iúdá a chuir chugamsa thú le dul i gcomhairle liom, abair é seo: An bhfuil slua Fhorainn ag teacht i gcabhair oraibh? Fillfidh siad dá dtír féin, an Éigipt. Tiocfaidh na Caildéigh arís, ionsóidh siad an chathair seo; tógfaidh siad í agus dófaidh go talamh í. Ná meallaigí sibh féin á rá: Tá na Caildéigh ag imeacht uainn faoi dheireadh. Níl siad ag imeacht. Dá mb' ea go leagfadh sibh slua uile na gCaildéach atá ag troid in bhur n-aghaidh anois agus nach mairfeadh díobh ach na fir loite, d' éireoidís arís, gach uile fhear acu ina bhoth, chun an chathair seo a dhó go talamh.'» Tharla, nuair a scoir slua na gCaildéach den léigear ar Iarúsailéim ar eagla shlua Fhorainn, gur thug Irimia aghaidh ó Iarúsailéim le dul go tír Bhiniáimin chun a shealúchas a dhealú ansin i measc a phobail féin. Bhí sé i nGeata Bhiniáimin nuair a thóg fear faire ansin darb ainm Iríá mac Shealaimiá, mac Hanainiá, Irimia fáidh i láimh. «Tá tú ag dul do thaobh na gCaildéach,» ar sé. «Ní fíor sin!» a dúirt Irimia. «Nílimse ag dul do thaobh na gCaildéach.» Ach ní éisteodh Iríá le Irimia agus thóg i láimh é go dtí na feidhmeannaigh. Bhí na feidhmeannaigh ar deargbhuile le Irimia, d' ordaigh siad é a bhualadh agus a chur faoi ghlas i dteach Iónátán rúnaí a ndearnadh príosún de. Is mar sin a d' éirigh do Irimia a bheith i gcillín faoi thalamh. Agus d' fhan sé seal fada ann. Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: «An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?» d' fhiafraigh sé. «Tá sin,» a dúirt Irimia, «tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,» ar sé. Ansin dúirt Irimia leis an rí Zidicíá: «Céard a rinne mise i d' aghaidhse, nó in aghaidh do sheirbhíseach, nó in aghaidh an phobail seo, as ar chuir tú i bpríosún mé? Cén áit anois a bhfuil do fháithe a thairngir duit á rá: 'Ní thiocfaidh rí na Bablóine in bhur n-aghaidhse, ná in aghaidh na tíre seo?' Éist anois liom, iarraim d' achainí ort, mo thiarna an rí; go nglactar go fabhrach leis an impí a dhéanaim i do láthair. Ná hordaigh mé a bhreith ar ais go teach Iónátán rúnaí, ar fhaitíos go bhfaghainn bás ansin.» Ansin d' ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d' fhan Irimia i gCúirt an Gharda. Ach chuala Seafaitiá mac Mhatán, Gadailiá mac Phaischiúr Iúcal mac Sealaimiá agus Paischiúr mac Mhailciá na briathra a bhí á rá ag Irimia leis an bpobal uile. «Is mar seo a deir an Tiarna: 'Cibé duine a fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ach cibé duine a fhágfaidh í agus a ghéillfidh do na Caildéigh mairfidh sé; tabharfaidh sé a anam leis.' Is mar seo a deir an Tiarna: 'Go deimhin tabharfar an chathair seo i láimh shlua rí na Bablóine agus gabhfar í.'» Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: «Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n-aimhleas.» «Tá sé in bhur lámha, mar is eol daoibh,» a dúirt an rí Zidicíá, «óir ní fhéadann an rí aon rud a dhéanamh in bhur n-aghaidh.» Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib. Ach chuala Eibid Meilic an tAetóipeach, duine de na coillteáin a bhí i bpálás an rí, gur chuir siad Irimia sa tobar. Nuair a bhí an rí ina shuí i nGeata Bhiniáimin, chuaigh Eibid Meilic amach as an bpálás agus labhair leis an rí: «A thiarna, a rí,» ar sé, «rinne na fir seo olc agus a leithéid de bhail a chur ar an bhfáidh Irimia; theilg siad sa tobar é, áit a bhfaighidh sé bás (den ghorta mar nach bhfuil aon arán fágtha sa chathair).» Ansin d' ordaigh an rí do Eibid Meilic an tAetóipeach: «Beir leat as seo triúr fear agus tarraing aníos Irimia fáidh as an tobar sula bhfaighe sé bás.» Thug Eibid Meilic na fir leis agus chuaigh isteach sa phálás go dtí stóras an fheistis; rug leis as sin roinnt seanbhalcaisí a lig sé síos le rópaí go Irimia sa tobar. Ansin dúirt Eibid Meilic, an tAetóipeach, le Irimia: «Is duitse na seanbhalcaisí seo, agus cuir i do ascaill iad faoi na rópaí.» Rinne Irimia sin. Tharraing siad Irimia aníos le rópaí ansin agus thóg as an tobar é. Agus d' fhan Irimia i gCúirt an Gharda. Chuir Zidicíá an rí fios agus rug sé chuige an fáidh Irimia don treas geata i dTeampall an Tiarna. «Teastaíonn focal leat uaim,» arsan rí le Irimia, «ná ceil aon ní orm.» Dúirt Irimia le Zidicíá: «Má dhéanaim foilsiú duit nach gcuirfidh tú chun báis mé go cinnte? Agus má thugaim comhairle duit, ní éisteoidh tú liom.» Ansin mhionnaigh Zidicíá an rí mar seo faoi rún do Irimia: «Mar a mhaireann an Tiarna, a thug an t-anam seo dúinn, ní chuirfidh mé chun báis thú, ná ní thabharfaidh mé thú i láimh na bhfear seo a iarrann do bhás.» Ansin dúirt Irimia le Zidicíá: «Is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: 'Má théann tú amach agus má ghéilleann tú d' oifigigh rí na Bablóine, tabharfaidh tú d' anam leat agus ní dhófar an chathair seo go talamh; mairfidh tú féin agus do chlann. Ach mura dtéann tú amach agus géilleadh d' oifigigh rí na Bablóine, ansin tabharfar an chathair seo i láimh na gCaildéach a dhófaidh go talamh í; agus ní rachaidh tusa óna lámha.'» Dúirt an rí Zidicíá le Irimia ansin: «Tá eagla orm roimh na Giúdaigh atá imithe cheana do thaobh na gCaildéach, ar fhaitíos go dtabharfaí ina lámha siúd mé agus go dtabharfaidís ainíde orm.» «Ní thabharfar dóibh thú,» d' fhreagair Irimia, «ach umhlaigh do ghuth an Tiarna a labhraimse leat. Iarraim sin d' achainí ort, agus beidh sé go maith agatsa agus mairfidh tú beo. Ach má dhiúltaíonn tú dul amach, is é seo an scéal a d' fhoilsigh an Tiarna domsa: radharc ar na mná go léir a fágadh i bpálás rí Iúdá, iad á dtreorú amach go hoifigigh rí na Bablóine agus iad ag canadh mar seo: 'Mheall siad thú; rug siad bua ort, do chairde breátha! An dtéann do chosa faoi sa láib? Siúd leo chun bóthair!' Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].» Dúirt Zidicíá ansin le Irimia: «Ná cluineadh duine ar bith eile na briathra seo nó éagfaidh tú. Má chluineann na feidhmeannaigh gur labhair mise leat agus go dtiocfaidh siad chugat agus go n-abróidh siad: 'Inis dúinn céard dúirt tú leis an rí agus céard dúirt an rí leat; ná ceil orainn aon rud, nó cuirfimid chun báis thú,' séard a déarfaidh tú leo: 'Chuir mé an achainí seo i láthair an rí: nach n-ordódh sé ar ais mé go teach Iónátán chun bás a fháil ann.» ' Agus go deimhin tháinig na feidhmeannaigh uile chuig Irimia chun é a cheistiú. D' inis sé dóibh díreach mar a d' ordaigh an rí dó. Lig siad dó ansin, mar níor cluineadh focal den chomhrá. D' fhan Irimia i gCúirt an Gharda go dtí an lá a gabhadh Iarúsailéim. Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear. San aonú bliain déag de réimeas Zidicíá, sa cheathrú mí, rinneadh bearna i múr na cathrach. [Nuair a gabhadh Iarúsailéim] mháirseáil oifigigh uile rí na Bablóine isteach agus shuigh siad sa Gheata Meánach: Naergal Searaizir, [prionsa Shin Maigir, an ceann feadhna, Nabúiseazbán an t-ardoifigeach], agus oifigigh uile rí na Bablóine. Nuair a chonaic Zidicíá rí Iúdá é sin theith sé féin agus na fir chogaidh uile as an gcathair de shiúl oíche, ag gabháil bealach ghairdín an rí tríd an ngeata idir an dá bhalla, agus [ag tabhairt aghaidh] ar an Arabá. Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air. Mharaigh rí na Bablóine clann mhac Zidicíá i Ribleá os comhair a shúl; chuir rí na Bablóine maithe uile Iúdá freisin chun báis. Ansin bhain sé na súile as Zidicíá, cheangail le slabhra é á bhreith don Bhablóin. Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim. Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach. D' fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh. Bhí an t-ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia: «Tóg é, caith leis go maith; ná déan dochar ar bith dó, ach déan dó mar is áil leis féin.» Mar sin chuir (Nabúzaradán, ceann an gharda) Nabúiseazbán, an t-ardfheidmheannach, Naergal Searaizir, an príomhoifigeach agus oifigigh uile rí na Bablóine díorma uathu, agus chuir siad fir chun Irimia a thabhairt as Cúirt an Gharda agus [thug cead a chos dó]. Mar sin chónaigh sé i measc an phobail. Nuair a bhí sé i gCúirt an Gharda tháinig briathar an Tiarna go Irimia: «Éirigh agus abair le hEibid Meilic an tAetóipeach: 'Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Féach, tugaim donas agus ní sonas ar an gcathair seo faoi mar a dúirt mé. An lá sin a thiocfaidh sé i gcríoch i d' fhianaise, saorfaidh mé thusa an lá sin is é an Tiarna a labhraíonn agus ní thabharfar thú i láimh na bhfear a bhfuil eagla ort rompu. Déanfaidh mé thú a fhuascailt go cinnte; ní thitfidh tú leis an gclaíomh; beidh d' anam mar éadáil agat, de bhrí gur chuir tú do dhóchas ionamsa an Tiarna a labhraíonn.'» An briathar a tháinig go Irimia tar éis do Nabúzaradán, ceannaire an gharda, é a fhuascailt as Rámá; is amhlaidh a thóg seisean amach é agus é ceangailte i slabhra i measc na bpríosúnach as Iarúsailéim agus Iúdá a bhí á mbreith don Bhablóin. Ansin thóg ceannaire an gharda Irimia i leataobh agus dúirt leis: «Is é an Tiarna do Dhia a d' fhógair an t-olc ar an tír seo; anois tá sé tugtha i gcrích aige. Rinne an Tiarna de réir a bhriathair, óir pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna agus níor umhlaigh dá ghuth; mar sin tháinig seo oraibh. Féach, scaoilim thú inniu ó na slabhraí atá ar do láimh. Más maith leat teacht liom don Bhablóin, tair; tabharfaidh mise aire duit. Mura maith leat teacht liom don Bhablóin, is cuma. Féach, tá an tír uile romhat, cibé áit is maith leat dul, téirigh ann. Féadfaidh tú, mar shampla, dul ar ais go Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dá ndearna rí na Bablóine rialtóir ar bhailte Iúdá, agus cónaí a dhéanamh ina fhochair i measc an phobail; nó imeacht leat go dtí do rogha áit.» Ansin thug ceannaire an gharda liúntas bia dó agus bronntanas, agus lig dó imeacht. Chuaigh Irimia ansin go Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá agus chónaigh ina fhochair, i measc na ndaoine a fágadh fós sa tír. Nuair a chuala ceannairí uile na saighdiúirí a bhí fós, iad féin agus a gcuid fear, ar fud na tuaithe, go ndearna rí na Bablóine rialtóir de Ghadailiá mac Aichíceám sa tír, agus gur thug sé faoina chúram fir, mná agus leanaí, agus bochta sin na tíre nár tugadh don Bhablóin, chuaigh siad go Gadailiá i Miozpá: Ísmeáéil mac Natainiá, Ióchánán mac Cháiréach, Saráiá mac Thanhumat, clann mhac Éafaí an Natófátach, Iazainiá mac an Mhácátaigh, iad féin agus a muintir. Mhionnaigh Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, dóibh sin agus dá muintir: «Ná bíodh eagla oraibh,» ar sé, «géilleadh do na Caildéigh; ach cónaígí sa tír agus umhlaígí do rí na Bablóine, agus rachaidh sé go maith daoibh. Maidir liom féin, déanfaidh mé cónaí anseo i Miozpá mar is mé a bheidh freagarthach do na Caildéigh nuair a thiocfaidh siad chugainn; ach, sibhse, cruinnígíse an barr fíniúna, torthaí samhraidh agus ola; líonaigí bhur soithí agus cuirigí fúibh sna bailte is rogha libh.» Mar an gcéanna, nuair a chuala na Giúdaigh uile a bhí i Móáb agus i measc na nAmónach, agus in Eadóm, gur fhág rí na Bablóine fuíoll in Iúdá, agus gur chuir sé Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, os a gcionn, d' fhill siad uile as gach aon áit ar díbríodh iad. Ar theacht ar ais go tír Iúdá dóibh, go Gadailiá i Miozpá, chruinnigh siad stór mór fíona agus torthaí samhraidh. Ansin tháinig Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an tslua a bhí fós ar fan faoin tuath, go Gadailiá i Miozpá, agus dúirt leis: «An bhfuil a fhios agatsa gur chuir Báilíos, rí na nAmónach, Ísmeáéil mac Natainiá do do mharú?» Ach ní chreidfeadh Gadailiá mac Aichíceám iad. Labhair Ióchánán mac Cháiréach fiú le Gadailiá i Miozpá os íseal, á rá: «Lig domsa imeacht, agus maróidh mé Ísmeáéil mac Natainiá, agus ní bheidh a fhios ag aon duine. Cad chuige a maróidh sé thusa? Agus go scaipfí chun fáin arís na Giúdaigh uile a chruinnigh chugat. Cad chuige a mbasófaí fuíoll Iúdá?» Ach dúirt Gadailiá mac Aichíceám le Ióchánán mac Cháiréach: «Ní dhéanfaidh tú a leithéid; óir is bréag a chuireann tú ar Ísmeáéil.» Sa seachtú mí, áfach, tháinig Ísmeáéil mac Natainiá, mac Eilíseámá, den síol ríoga, mar aon le deichniúr fear, chuig Gadailiá mac Aichíceám i Miozpá. Agus ag caitheamh béile lena chéile dóibh ansin i Miozpá, d' éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre. Agus mharaigh Ísmeáéil freisin a raibh de Ghiúdaigh a bhí ag an bhfleá, in éineacht leis na Caildéigh a tharla a bheith ansin i Miozpá (fir chogaidh iadsan). Tharla an lá tar éis marú Ghadailiá, ach gan a fhios ag duine ar bith, go dtáinig ceithre scór fear ó Sheicim, ó Shileo agus ón tSamáir, a raibh a bhféasóga bearrtha, a n-éadaí stróicthe agus a gcneas gearrtha; bhí íobairtí agus túis ina lámha á dtabhairt acu go Teampall an Tiarna. Chuaigh Ísmeáéil mac Natainiá amach as Miozpá ina n-araicis ag gol dóibh ag teacht. Nuair a casadh orthu é dúirt sé leo: «Tagaigí go Gadailiá mac Aichíceám.» Ach níor luaithe i lár na cathrach iad ná gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá iad, agus theilg isteach i dtobar iad é féin agus a chuid fear. Bhí deichniúr fear orthu, áfach, a dúirt le hÍsmeáéil: «Ná maraigh sinne; tá stór bia i dtaisce againn faoin tuaith cruithneacht agus eorna, ola agus mil.» Rinne sé anacal orthu, mar sin, agus níor mharaigh iad i measc a ndeartháireacha. An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh. Ansin rug Ísmeáéil leis an fuíoll uile den phobal a bhí i Miozpá, agus iníonacha an rí a d' fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram Ghadailiá mac Aichíceám. Chuir Ísmeáéil mac Natainiá chun bóthair go moch ar a shlí anonn go dtí na hAmónaigh. Nuair a chuala Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair faoi gach olc dá ndearna Ísmeáéil mac Natainiá, bhailigh siad a gcuid fear agus chuir chun bóthair chun Ísmeáéil mac Natainiá a ionsaí. Tháinig siad suas leis lámh leis an Linn Mhór i nGibeón. Nuair a chonaic a raibh de dhaoine i bhfochair Ísmeáéil, Ióchánán mac Cháiréach chucu agus ceannairí uile an airm in éineacht leis, bhí siad tharstu féin le teann lúcháire. An pobal uile a rug Ísmeáéil i láimh as Miozpá, d' iompaigh siad timpeall agus chuaigh anonn go Ióchánán mac Cháiréach. D' éalaigh Ísmeáéil mac Natainiá ó Ióchánán mar aon le hochtar fear agus theith go dtí na hAmónaigh. Ansin chruinnigh Ióchánán mac Cháiréach, agus ceannairí uile an airm a bhí ina fhochair, na daoine uile a thóg Ísmeáéil mac Natainiá leis as Miozpá tar éis dó Gadailiá mac Aichíceám a mharú: fir, mná agus leanaí, agus coillteáin a thug Ióchánán ar ais ó Ghibeón. Chuir siad chun bóthair agus lig scíth ag Can Cimeam in aice le Beithil. Bhí rompu déanamh ar an Éigipt i bhfad ó na Caildéigh a raibh eagla orthu rompu anois, mar gur mharaigh Ísmeáéil mac Natainiá Gadailiá mac Aichíceám dá ndearna rí na Bablóine rialtóir sa tír. Ansin tháinig ceannairí uile an airm, in éineacht le Ióchánán mac Cháiréach agus [Azairiá] mac Hóisiá, agus an pobal uile ó bheag go mór go dtí Irimia fáidh, agus dúirt siad leis: «Guímid thú éist lenár n-achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin go dtaispeána an Tiarna do Dhia dúinn an tslí inar cheart dúinn siúl agus an rud ba chóir dúinn a dhéanamh.» D' fhreagair an fáidh Irimia: «Cluinim sibh; guífidh mé go cinnte chun an Tiarna bhur nDia de réir bhur mbriathar; agus cibé ar bith ní a fhreagróidh an Tiarna bhur nDia foilseoidh mé daoibh é; ní choinneoidh mé aon ní ar gcúl uaibh.» Dúirt siadsan le Irimia: «Bíodh an Tiarna Dia ina fhinné fírinneach dílis inár n-aghaidh, mura ndéanaimid de réir na n-orduithe a thugann an Tiarna do Dhia dúinn tríotsa. Más olc maith linn é umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia chun a gcuirimid thusa, le go mbeidh an scéal go maith againn, nuair a umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia.» Tar éis deich lá tharla go dtáinig briathar an Tiarna go Irimia. Chuir seisean fios ar Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm a bhí in éineacht leis, agus an pobal uile ó bheag go mór. Dúirt sé leo: «Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, chun ar chuir sibh mise a fhoilsiú bhur n-achainí dó: ' Más toil libh fanacht go sítheach sa tír seo, tógfaidh mise suas sibh agus ní chaithfidh mé síos sibh; plandóidh mé sibh agus ní tharraingeoidh mé aníos sibh. Óir tá aiféala orm faoin olc a rinne mé oraibh. Ná bíodh eagla rí na Bablóine oraibh faoi mar atá; ná bígí i bhfaitíos roimhe a deir an Tiarna óir táimse libh do bhur bhfuascailt agus do bhur sábháil as a láimh. Glacfaidh mé trua daoibh, le go mbeidh trua aigesan daoibh agus go ligfidh sé daoibh cur fúibh in bhur ndúiche féin. Ach má deir sibh: Ní maith linn fanacht sa tír seo; agus gan umhlú do ghlór an Tiarna bhur nDia, á rá: Ní hea, ach rachaimid go tír na hÉigipte, áit nach bhfeicfimid cogadh ar bith agus nach gcluinfimid fuaim an stoic agus nach mbeidh easpa aráin orainn; is ann a dhéanfaimid cónaí. Más mar sin é, éistigí le briathar an Tiarna Dia, sibhse a fhuíoll Iúdá. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Má chuireann sibhse bhur n-aighthe go daingean ar dhul don Éigipt, agus imeacht agus dul a chónaí ann, ansin tiocfaidh i gcríoch, an claíomh, a bhfuil bhur n-eagla roimhe, go mbéarfaidh sé oraibh i dtír na hÉigipte; agus an gorta, a bhfuil eagla oraibh roimhe, go leanfaidh sé sibh don Éigipt; agus éagfaidh sibh ansin. Is mar sin a bheidh ag an uile fhear a chuirfidh a aghaidh ar dhul a chónaí don Éigipt, éagfaidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ní mhairfidh aon duine acu agus ní rachaidh caonaí slán ón olc a bhéarfaidh mise orthu. Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m' fhearg agus m' fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m' fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.'» [D' fhreagair Irimia: «A fhuíoll Iúdá, deir an Tiarna féin libh: 'Ná téigí don Éigipt.' Bíodh a fhios seo agaibh go maith: Thug mise rabhadh sollúnta daoibh inniu féin. Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: 'Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.' Agus anois d' fhoilsigh mé daoibh é, agus níor umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna bhur nDia ná d' aon ní den mhéid a d' ordaigh sé dom a rá libh. Anois, ar an ábhar sin, bíodh a fhios agaibh go cinnte go n-éagfaidh sibh leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá san áit ar mian libh dul agus cónaí a dhéanamh ann.» Ach nuair a bhí briathra uile an Tiarna a nDia, ráite ag Irimia leis an bpobal uile, ar chuir an Tiarna chucu é, is é sin na briathra seo thuas, labhair Azairiá mac Hóisiá, agus Ióchánán mac Cháiréach agus na fir uaibhreacha shéantacha sin uile le hIrimia agus dúirt: «Thug tú d' éitheach! Ní hé an Tiarna ár nDia a chuir thú á rá: 'Ná téigí don Éigipt a chónaí ann.' Ach is é Barúch mac Néiria a bhrostaíonn thú in ár n-aghaidhne i gcónaí, dár dtabhairt i láimh na gCaildéach, le go gcuirfidís chun báis sinn, nó go mbéarfaidís ina láimh don Bhablóin sinn!» Ainneoin sin, níor umhlaigh Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm agus an pobal uile do ghlór an Tiarna fanacht i dtír Iúdá. Ach rug Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm leo fuíoll uile Iúdá, a d' fhill ó gach uile chríoch inar díbríodh iad, a chónaí i dtír Iúdá, idir fhir agus mhná agus leanaí agus iníonacha an rí freisin, agus gach duine a d' fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram ag Aichíceám mac Sheáfán; thug siad leo freisin Irimia fáidh agus Barúch mac Néiria. Mar sin, ar neamhchead do ghlór an Tiarna bhain siad críoch na hÉigipte amach agus tháinig go Tachpanaes. Tháinig briathar an Tiarna go Irimia i dTachpanaes. «Tóg clocha móra i do lámha, agus i radharc mhuintir Iúdá folaigh iad i gcré [na faiche] atá ag dul isteach pálás Fhorainn i dTachpanaes. Ansin abair leo: 'Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tá mé ag cur fios ar Nabúcadnazar, rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; cuirfidh sé a ríchathaoir ar na clocha seo a d' fholaigh mé, agus leathnóidh sé a phailliún ríoga os a gcionn. Tá sé ag teacht chun tír na hÉigipte a bhualadh: An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá; an mhéid faoi choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais; an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh! «' Cuirfidh sé tine le teampaill dhéithe na hÉigipte: dófaidh sé na déithe seo nó tógfaidh leis iad; faoi mar a ghlanann tréadaí na gcaorach míolra dá bhrat, is mar sin a bhánóidh sé dúiche na hÉigipte, agus imeoidh leis gan cur ina choinne. Brisfidh sé oibilisc Theampall na Gréine ag On agus dófaidh go talamh teampaill dhéithe na hÉigipte.'» «An briathar a tháinig go Irimia le haghaidh na nGiúdach uile a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte atá ag cur fúthu ag Migdeol, Tachpanaes, Nof agus tír Phatros. «Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'Chonaic sibh an t-anró uile a thug mise ar Iarúsailéim agus ar bhailte Iúdá; inniu tá siad ina bhfothracha gan cónaí iontu. Tá sin amhlaidh mar gheall ar an uile olc a rinne siad, do mo bhrostú chun feirge, mar go ndeachaigh siad a loscadh túise agus a fhónamh do dhéithe eachtrannacha nárbh aithne dóibh féin ná daoibhse, ná do bhur sinsir. Chuir mise chugaibh mo sheirbhísigh na fáithe gan scor; chuir mise iad lena rá: Ná déanaigí an ní gráiniúil seo is fuath liomsa. Ach ní éisteoidís, ní mó a thabharfaidís aire, agus ligean dá n-oilc agus gan túis a loscadh a thuilleadh do dhéithe éachtrannacha. Mar sin, doirteadh amach mo bhruth agus m' fhearg, agus lasadh í i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, ionas go bhfuil siad ina bhfásach bánaithe go dtí an lá inniu féin.' Agus anois, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia na Slua, Dia Iosrael: 'Cad chuige a dtabharfadh sibh an t-anró céanna oraibh féin? An mian libh an uile dhuine idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin a ghearradh amach as lár Iúdá, ionas nach bhfágfar fuíoll beo agaibh, trí mise a bhrostú chun feirge le hoibreacha bhur lámha féin, ag loscadh túise do dhéithe eachtrannacha i dtír na hÉigipte, áit ar tháinig sibh a chónaí, do bhur mbascadh féin, le go mbeadh sibh mar mhallú agus mar cheap magaidh i measc ciníocha an domhain? Ar lig sibh i ndearmad cionta bhur sinsear, cionta ríthe Iosrael agus cionta a bhflatha, bhur gcionta féin agus cionta bhur mban céile a rinneadh i dtír Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim? Go dtí inniu féin níl uamhan ná aiféala orthu; níor shiúil siad i mo dhlíse ná sna reachta a chuir mé romhaibh, mar a chuir mé roimh bhur sinsir.' «Dá bhri sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'Anois cuirfidh mise m' aghaidh in bhur n-aghaidhse chun oilc, agus do dhíothú Iúdá uile. Scriosfaidh mé fuíoll Iúdá a thug a n-aighthe a dhul go tír na hÉigipte chun cónaí ansin; éagfaidh siad uile i dtír na hÉigipte; titfidh siad leis an gclaíomh nó díothófar iad leis an ngorta, ó bheag go mór éagfaidh siad leis an gclaíomh agus leis an ngorta; beidh siad ina mallú agus ina n-uafás, ina mallacht agus ina gceap magaidh. Smachtóidh mise an dream a chónaíonn i dtír na hÉigipte chomh dian céanna agus a smachtaigh mé Iarúsailéim, leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá. De fhuíoll Iúdá a chuaigh go dtí an Éigipt chun cónaí ann, ní rachaidh as agus ní mhairfidh beo aon duine chun filleadh go tír Iúdá mar a bhfuil fonn orthu cónaí aris. Ní fhillfidh aon duine díobh, ach dornán beag dídeanach.'» Ansin gach uile fhear dá raibh a fhios aige gur loisc a bhean chéile túis do dhéithe eachtrannacha, agus an uile bhean dár sheas ina bhfochair, comhthionól mór (mar aon leis na daoine uile a chónaíonn i bPatros, i dtír na hÉigipte), d' fhreagair siad Irimia, á rá: «Níl aon rún againn éisteacht leis an bhfocal seo a labhair tú linne in ainm an Tiarna, ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n-aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc. Ach ón uair ar éiríomar as túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus íobairtí dí a dhoirteadh amach di, tá easpa gach ní orainn, agus maraíodh sinn leis an gclaíomh nó leis an ngorta.» [Agus dúirt na mná] «Nuair a loscaimid túis do Bhanríon Neimhe agus nuair a dhoirtimid amach a híobairtí dí, an dóigh leat gur ag déanamh bairíní lena híomhá orthu agus ag doirteadh a híobairtí dí atáimid gan fhios dár bhfir chéile?» Ansin dúirt Irimia leis an bpobal uile, idir fhir agus mhná, iad siúd a thug an freagra sin air: «An túis a loisc sibh i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, sibh féin, bhur n-aithreacha, bhur ríthe, bhur dtaoisigh, agus muintir na tíre nár chuimhnigh an Tiarna air sin, nach é a tháinig ina intinn? Ionas nár fhéad an Tiarna bhur míghníomhartha agus bhur ngráiniúlachtaí a iompar nib fhaide; sin é an fáth a bhfuil bhur dtír inniu ina fásach, ina huafás agus ina mallacht, gan áitritheoir. Mar gur loisc sibh tús, mar gur pheacaigh sibh in aghaidh an Tiarna, agus nár umhlaigh sibh do ghuth an Tiarna, nár shiúil ina dhlí, ina reachta ná ina fhianaise sin é is cúis leis an anró atá oraibh inniu.» Dúirt Irimia ansin leis an bpobal uile, agus go háirithe leis na mná: «Éistigí le briathar an Tiarna (a Ghiúdacha uile i dtír na hÉigipte). Mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: 'Sibhse, a mhná an rud a gheall bhur mbéal, is ceart go gcriochnóidh bhur lámha go cinnte! Dúirt sibh: Comhlíonfaimid go deimhin na móideanna a thugamar chun túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus chun íobairtí dí a dhoirteadh di. Tá go maith, comhlíonaigí bhur móideanna, doirtigí bhur n-íobairtí! Ach éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a Ghiúdacha uile, a chónaíonn i dtír na hÉigipte: Tugaimse mionna faoi m' ainm mór a deir an Tiarna, nach n-ainmneofar m' ainm níos mó i mbéal aon duine ar bith de Iúdá i gcríocha uile na hÉigipte; ní déarfaidh duine: Go maire an Tiarna Dia. Féach, beidh mise ag faire os a gcionn, ní ar mhaithe leo, ach chun a n-aimhleasa; marófar an uile fhear de Iúdá atá san Éigipt, leis an gclaíomh nó leis an ngorta, go mbeidh deireadh leo. Mar sin féin, an uimhir bheag a rachaidh as an gclaíomh fillfidh siad ó chríocha na hÉigipte go tír Iúdá. Agus fuíoll Iúdá uile a chuaigh go tír na hÉigipte chun cónaí ann, aithneoidh siad ansin cé leis na focail a fhíorfar, liomsa nó leosan. Agus seo daoibh an comhartha is é an Tiarna a labhraíonn go bhfuil ar intinn agam sibh a smachtú san áit seo, le go n-aithneodh sibh go bhfuil mo fhocail bhagartha ag seasamh go deimhin in bhur n-aghaidh. Is mar seo a deir an Tiarna: Féach, tabharfaidh mé Forann Hofra rí na hÉigipte i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a bhás, díreach mar a thug mé Zidicíá rí Iúdá i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, a namhaid a d' iarr a bhás.'» An focal a labhair Irimia fáidh le Barúch mac Néiria nuair a scríobh seisean na briathra seo i leabhar ó bhéal Irimia sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá. «Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael fútsa a Bharúch: Ó dúirt tú: 'Is mairg domsa, óir chuir an Tiarna doilíos i gceann mo dhobróin! táim spíonta ó m' osnaíl, agus ní fhaighim faoiseamh ar bith!' Deir an Tiarna é seo: 'Anois, brisim síos an rud a thóg mé; an rud a phlandaigh mé, tá mé á tharraingt aníos; [buailfidh mé an domhan] go hiomlán. Agus an n-iarrann tusa nithe móra duit féin? Ná hiarr, óir tabharfaidh mé anró anois ar an uile fheoil is é an Tiarna a labhraíonn. Ach tabharfaidh mé d' anam duitse, cibé áit a rachaidh tú.'» Briathra an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na náisiún. Ar an Éigipt: In éadan slua Fhorainn Neaco, rí na hÉigipte, a bhí láimh le habhainn Eofrataes i gCairceimis nuair a bhris Nabúcadnazar rí na Bablóine orthu sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá. «Gléasaigí an chruinnsciath, agus an sciath! Tugaigí aghaidh ar an gcath! Úmaigí na heacha; sa diallait, a mharcslua! In bhur ranganna! Bhur gclogaid oraibh! Déanaigí líofa na gatha; cuirigí oraibh bhur lúireacha! Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! an Tiarna a labhraíonn. Níl slánú don té is luaithe; ní ligfear an té is cróga as; ansin sa tuaisceart, lámh le habhainn Eofrataes, faigheann siad tuisle agus titeann siad. Cé a d' éirigh suas ar nós na Níle, a bhfuil a uisce ag corraí mar thuile? Airiú, nach í an Éigipt a d' éirigh ar nós na Níle agus a huiscí ar fiuchadh mar thuile. ' Éireoidh mé,' ar sí, ' agus báfaidh mé an talamh; scuabfaidh mé chun siúil idir bhailte agus áitritheoirí! Ar aghaidh, a eachra! buailigí a charbada! ionsaígí, a fheara; a mhuintir na hAetóipe agus Phút, a ghlacann an sciath, a mhuintir Lúd, a chromann an bogha!' Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua, an lá a agróidh sé a dhíoltas slogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é, cuirfear ar meisce é lena bhfuil. Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua, sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes. Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca, a mhaighdean, a iníon na hÉigipte! Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas; níl leigheas i ndán duit. Chuala na náisiúin faoi do náire, líonann an caoineadh duit an talamh; óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh, agus thit siad araon in éineacht.» An briathar a labhair an Tiarna le Irimia fáidh nuair a chuir Nabúcadnazar chun bóthair go n-ionsóidh sé tír na hÉigipte. «Foilsígí é san Éigipt! Fógraígí i Migdeol! Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes! Abraigí: 'Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!' óir slogann an claíomh máguaird oraibh. Céard seo! Ar theith [Aipis]? Nár sheas do cheann láidir go daingean? Sea, shín an Tiarna ar shlait a dhroma é! Thit sé as a sheasamh, agus anois tá sé ar lár! Ansin ar siad lena chéile: ' Suas linn! Déanaimis ar ár ndaoine féin, go tír ar nduchais, i bhfad ó chlaíomh na díbheirge!' Tabhair an t-ainm seo ar Fhorann: Mórán Fothraim Ach Dall ar an Uain! Mar a mhairimse a deir an rí darb ainm Tiarna na Slua Go deimhin mar atá Tábór i measc na sléibhte agus Cairmeil os cionn na farraige, is mar sin a thiocfaidh sé. Déan burla duit féin chun dul ar deoraíocht, a iníon na hÉigipte, a chónaíonn go sábháilte sa bhaile! Beidh Nof ina fhásach, go huaigneach gan áitritheoir. Ba bhodóg bhreá an Éigipt, ach ghreamaigh inti creabhar ón tuaisceart. Na hamhais a bhí aici ar tuarastal, a bhí slíoctha ar nós laonna biata, thug siad do na bonna é; ní sheasann siad ach teitheann in éineacht; óir tagann orthu lá a n-ainnise, aimsir a gcuartaithe. Éist: fuaim mar a bheadh siosarnach nathair nimhe! Sea, tagann siad, líon a slua, ag tabhairt fúithi le tuanna, ar nós buanaithe connaidh, leagfaidh siad a foraois is é an Tiarna a labhraíonn. Sea, tá [siad] thar áireamh, níos líonmhaire ná na lócaistí do-áirithe. Tá iníon na hÉigipte á náiriú, á tabhairt i láimh mhuintir an tuaiscirt.» Tá sé ráite ag Tiarna na Slua, Dia Iosrael: «Smachtóidh mé anois Amón as Nó (agus Forann) agus an Éigipt agus a déithe agus a ríthe in éineacht le Forann agus iad siúd a chuir a ndóchas ann. Tabharfaidh mé é i láimh na ndaoine a iarrann a bhás, i láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus a sheirbhíseach. Ach amach anseo, áitreofar an Éigipt arís mar a bhí anallód is é an Tiarna a labhraíonn. Ach ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób ar ais arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil, ní chuirfidh aon duine eagla air. Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, an Tiarna a labhraíonn óir táimse leat. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú. Ní chuirfidh mé deireadh leatsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.» Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh in aghaidh na bhFilistíneach sular thóg Forann Gazá de ruathar. Is mar seo a deir an Tiarna: «Féach, cé mar éiríonn na huiscí ón tuaisceart; briseann siad ina dtuile thar bruach; báitear an tír agus gach a bhfuil ann, na bailte agus lucht a gcónaithe! Scairteann na fir in ard a gcinn, tá éamh le clos ó áitritheoirí uile na tíre, le tormán cruite a chuid staileanna, le toithréim a charbad, le díoscán a roilleán. Dearmadann aithreacha a gclanna; éiríonn a lámha lag. Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór. Ceann bearrtha ar Ghaza! Sost ar fud Aiscileon! Aisdeod, a bhfuil fágtha de Anácaím, cá fhad a ghearrfaidh tú thú féin? Ó, a chlaíomh an Tiarna, Cá fhad go mbeidh tú suaimhneach? Isteach leat i do thruaill, éirigh as, bí socair! Conas is féidir dó a bheith suaimhneach ó thug an Tiarna ordú dó? In éadan Aiscileon agus bord na farraige, is chucusan a d' ordaigh sé é.» I dtaobh Mhóáb: Is mar seo a deir an Tiarna na Slua, Dia Iosrael: «Is mairg do Neabó, óir tá sé airgthe; gabhadh Ciriataím, níl istigh ann ach mearbhall agus scéin. Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh! bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon: ' Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!' Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen, ní fada uait an claíomh. Éist! Scairt ó Abáraím anall: ' Creachadh! Anachain mhór!' ' Tá briste ar Mhóáb'; cluintear an guth chomh fada le Zoar. Ag dul suas fána Lúichít dóibh, caoineann siad. Ag dul síos Horónaím cluintear gol: ' Imígí! Teithigí le bhur n-anamacha! Rithigí ar nós na n-asal bhfiáin san fhásach!' Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí. Tiocfaidh an scriosadóir ar gach uile bhaile, ní rachaidh aon duine slán; creachfar an gleann, scriosfar an machaire; fógraíonn an Tiarna é! Tabhair tuama do Mhóáb, óir tá sé scriosta go hiomlán; tá a bhailte uaigneach, gan aon duine ina chónaí iontu. ( «Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!) Bhí Móáb i suaimhneas óna óige; shuigh sé ar a mhoirt; níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach; níor chuaigh riamh i mbraighdeanas; uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin, níor aistríodh a bholadh. «Mar sin tá na laethanta atá ag teacht is é an Tiarna a labhraíonn a gcuirfidh mise ruagairí chuige a dhéanfaidh é a aistriú; folmhóidh siad a shoithí agus brisfidh i smidiríní a bhuidéil. Beidh náire ar Mhóáb ansin faoi Chamóis, mar a bhí ar theach Iosrael faoi Bhéitéil a ndóchas. Conas a deir sibhse: 'Is fir chumhachtacha sinne, agus réidh chun cogaidh'? Tháinig scriosadóir Mhóáb anuas air; chuaigh togha a dhaoine óga síos chun an áir. Ní fada i gcéin anois ainnise Mhóáb; deifríonn sí ar luas a anachaine. Sibhse a chónaíonn in aice leis, golaigí ar a shon, sibhse uile arbh eol daoibh a ainm. Abraigí: 'Cé mar a briseadh an bata láidir sin, an ríshlat bhreá sin!' Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach], a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile; tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort; tá do dhaingin tógtha aige. A lucht cónaithe Aroéir, seasaigí sa tslí, déanaigí faire. Fiafraígí den teifeach, den té i mbun reatha, fiafraígí: 'Céard a tharla?' Tá Móáb briste agus náirithe. Uailligí agus éimhigí Scairtigí thar Amón anonn gur creachadh Móáb. «Tá breithiúnas tagtha freisin ar an Aichréidh, ar Holón, Iazá, Maefát, Díobón, Neabó, Béit Dibleataím, Ciriataím, Béit Gámúl, Béit Meón, Ciriót, Bozrá, agus ar bhailte uile thír Mhóáb, i bhfad agus i ngearr. Baineadh a adharc de Mhóáb, agus briseadh a ghéag an Tiarna a labhraíonn. «Cuir ar meisce é! Mhóraigh sé é féin in éadan an Tiarna; beidh Móáb ag únfairt ina sceathrach féin; beidh sé fós ina cheap magaidh. Nach raibh Iosrael ina mhagadh agatsa? Ar gabhadh é i measc gadaithe, le go mbeifeása ag croitheadh do chinn nuair a luann tú a ainm? Fágaigí na bailte, cuirigí fúibh sna creaga, a áitritheoirí Mhóáb. Foghlaimígí ón gcolm a dhéanann a nead i mbéal na haille. Chualamar faoi uabhar Mhóáb; tá sé ró-uaibhreach! A leithéid de mhóracht! de dhíomas! d' éirí in airde! de mhóiréis chroí! Is feasach domsa a theanntás an Tiarna a labhraíonn a mhaíomh díomhaoin, agus an mórtas baoth a dhéanann sé! Ar an ábhar sin uaillimse ar son Mhóáb, golaim ar son Mhóáb uile, agus caoinim fir Chír Heireas. Golaim ar do shon níos mó ná ar son Iazaer, a fhíniúin Shuibmeá; shín do chuid buinní thar farraige, an bealach ar fad go Iazaer. Tá an scriosadóir tagtha ar do thorthaí fómhair, ar thorthaí d' fhíniúna. Sciobadh gairdeachas agus lúcháir ó thír Mhóáb. Deoir níl fágtha sna cantaoirí fíona, níl an fómharaí fíona ag pasáil a thuilleadh: ar ghlórtha gealgháireacha tá múchadh tagtha. «Tá éamh Heisbeon agus Eileálae le clos i Iahaz. Téann an screadach ó Zoar go Horónaím agus Eaglat Silísia, óir tá uiscí Nimrím ag éirí uaigneach anois. Agus cuirfidh mise deireadh an Tiarna a labhraíonn le haon fhear i Móáb a ofrálann íobairt agus túis dá dhia sna háiteanna arda. Sin é an fáth a bhfuaimníonn mo chroí ar nós píobáin ar son Mhóáb, a bhfuaimníonn sé ar nós píbe ar son muintir Chír Heireas: de bhrí go ndeachaigh an saibhreas mór sin amú. Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile. Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine an Tiarna a labhraíonn. Céard é seo! Briste? Céard é seo! Móáb an ea, á chur ar gcúl go náireach? Céard é seo! Móáb a bheith ina scige, ina ábhar uafáis ag a chomharsana uile?» Óir is mar seo a deir an Tiarna: «(Féach, eitlíonn sé ar nós iolair, agus leathnóidh sé a sciatháin os cionn Mhóáb.) Tógfar i láimh na bailte, beidh seilbh ar na háiteanna daingne. («Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.) Scriosfar Móáb ó bheith ina phobal, mar gur mhéadaigh sé é féin in éadan an Tiarna. Tá an scéin, an poll, an gaiste i ndán duit, a áitreabhaigh Mhóáb an Tiarna a labhraíonn. An té a theitheann ón scéin, titfidh sé isteach sa pholl; ag dreapadh aníos as an bpoll dó tógfar sa ghaiste é. Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóáb i mbliain a chuardaithe an Tiarna a labhraíonn. Rinneadar moill faoi dhíon Heisbeon, na teifigh agus iad go traochta. Ach tháinig tine as Heisbeon, lasair as pálás Shíochon; loisc sé malaí Mhóáb, cloigeann na ndaoine ceannairceacha. Is mairg thú, a Mhóáb! A phobal Chamóis, tá sibh caillte! óir seoladh do chlann mhac chun deoraíochta, agus tógadh i láimh do chlann iníonacha. Ach cuirfidh mise Móáb ar ais ina áit féin sna laethanta atá le teacht. Is é an Tiarna a labhraíonn.» Breithiúnas Mhóáb go dtí seo. I dtaobh chlann mhac Amón. Is mar seo a deir an Tiarna: «Nach bhfuil mic ar bith ag Iosrael? Nach bhfuil oidhre ar bith aige? Cad chuige a bhfuil Miolcom ina oidhre ar Ghád agus a gcónaíonn a mhuintir siúd ina bhailte? Uime sin tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn ina dtabharfaidh mise faoi deara caismirt chogaidh a chloisteáil in aghaidh Rabat na nAmónach; beidh sí ina cairn uaigneach, dófar a hiníonbhailte go talamh. Ansin creachfaidh Iosrael lucht a chreachta siúd an Tiarna a labhraíonn. Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.] Golaigí os ard, a iníonacha Rabá! Gabhaigí sibh féin i sacéadach, caoinigí in ard bhur gcinn, siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha]. Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht, mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí. Maíonn tú as do ghleann, a chailín mhístuama! Go teann agus go dána deir tusa: ' Cé thiocfadh dom ionsaíse?' Ach tabharfaidh mise anuas ort imeagla ó gach taobh; díbreofar chun siúil thú, gach aon fhear ina shlí féin, agus gan aon duine ann chun na teifigh a chruinniú. «Ach amach anseo tabharfaidh mé ar ais liom bránna chlann mhac Amón. Is é an Tiarna a labhraíonn.» I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna: «An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán? Ar imigh a chomhairle ón [nglic]? An ndeachaigh a eagna ar neamhní? Imígí: Greadaigí! téigí i bhfolach, a áitritheoirí Dhéadán! Óir tabharfaidh mise ainnise ar Éasau, nuair a thiocfaidh mé dá fhéachaint. Má thagann lucht bainte caor chugat, ní fhágfaidh siad caora díolama; Má thagann gadaithe san oíche, sladfaidh siad go suaimhneach. Óir is mise atá ag lomadh Éasau, nochtaimse a áiteanna folaithe, go dtí nach bhféadfaidh sé é féin a cheilt. Scriosadh a shíol: tá deireadh leis! Ní [déarfaidh] oiread agus duine dá chomharsana: ' Fág do dhílleachtaí, coinneoidh mise bia leo, bíodh muinín ag do bhaintreacha asam.'» Óir is mar seo a deir an Tiarna: «An drong nach raibh ceangal orthu ól den chupán, ní mór dóibh a ól anois; agus an tusa an té a rachadh gan pionós? Ní rachaidh, mhaise: go deimhin ólfaidh tusa de! Óir mhionnaigh mise dar mé féin an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.» Fuair mé teachtaireacht ón Tiarna, seoladh teachta chun na náisiún trí chéile: «Cruinnígí! téigí in aghaidh an phobail seo! Éirígí chun catha!» Óir déanfaidh mise beag thú anois i measc na náisiún, tarcaisneach i measc daoine. Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d' airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís an Tiarna a labhraíonn. Beidh Eadóm ina fhásach; beidh uafás ar gach aon dá ngabhann an tslí, agus ligfidh fead iontais faoina leithéid de thubaiste. Amhail mar a bhí i scrios Shodom agus Ghomorá, agus sna bailte timpeall ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí ann go deo, a deir an Tiarna. «Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m' éadan. Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna atá socair aige in éadan Eadóm, an plean atá beartaithe aige in éadan áitritheoirí Théamán: Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad, ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith. Corrófar an talamh le torann a dtitime; beidh an fhuaim le cloisteáil chomh fada le Muir na nGiolcach. Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair, a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá. Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.» I dtaobh na Damaisce: «Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú. Tá an Damaisc gan mhisneach, ullmhaíonn sí chun teitheadh, tá sí ar crith, (gabhann dobrón agus doilíos í mar a bheadh bean in íona). Céard seo! An baile cáiliúil sin ina fhásach, cathair sin na meidhre? «Ar an ábhar sin titfidh a fir óga ina sráideanna, agus éagfaidh an uile fhear cogaidh aici ar an lá sin. Is é Tiarna na Slua a labhraíonn. Lasfaidh mé tine taobh istigh de bhallaí na Damaisce; slogfaidh sí páláis Bhein Hadad.» I dtaobh Chéadar agus ríochtaí Hazór a chuir Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi chois. Is mar seo a deir an Tiarna: «Éirígí! Tugaigí aghaidh ar Chéadar, scriosaigí clann mhac an oirthir! Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada; tógtar a mbratacha agus a soithí uile, agus freisin a gcuid camall. Déantar fógairt dóibh: ' Eagla ar gach uile thaobh!' Teithigí! Folaigí sibh féin chomh mear agus is féidir libh, A chathróirí Hazór! Is é an Tiarna a labhraíonn. Óir tá plean ag Nabúcadnazar in bhur n-éadan, tá comhairle ar a aigne aige in bhur n-éadan: «Éirígí! téigí in éadan cine atá go sámh, atá beo go muiníneach an Tiarna a labhraíonn nach bhfuil geataí acu ná barraí, a chónaíonn san uaigneas! Beidh a gcamaill ina n-éadáil, agus iomadúlacht a gcaorach ina gcreach.' Scaoilfidh mé leis na gaotha uile iad, na bearracháin sin, agus tabharfaidh mise anachain orthu ó gach taobh an Tiama a labhraíonn. Beidh Hazór ina bhrocais seacál, ina fhásach go brách, ní fhanfaidh aon duine ann níos mó, ní dhéanfaidh mac duine cónaí ann arís go brách.» Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh i dtaobh Éalám, i dtosach réim Zidicíá rí Iúdá. Is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Tá mé chun bogha Éalám, ceann a nirt, a bhriseadh. Tabharfaidh mé ar Éalám na ceithre gaotha ó cheithre airde neimhe, «agus scaoilfidh mé na hÉalámaigh leis na gaotha; ní bheidh cine ar bith nach dtiocfaidh díbeartaigh Éalám chucu. «Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás. Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m' fhearg bhorb féin. Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh, go gcuirfidh mé deireadh leo. 38a Suífidh mé mo ríchathaoir in Éalám, agus glanfaidh mé as rí agus uaisle an Tiarna a labhraíonn. 38b «Ach sna laethanta deireanacha tabharfaidh mé ar ais bránna Éalám. An Tiarna a labhraíonn.» agus Fuascailt Iosrael «Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ' Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)' Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart, a dhéanfaidh a tír ina fásach; ní bheidh cónaí ag duine ann feasta; thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe. Sna laethanta sin agus san am sin fillfidh clann Iosrael; tiocfaidh siad agus iad ag gol ag lorg an Tiarna a nDia féin. Iarrfaidh siad an tslí go Síón; beidh a n-aighthe sa treo sin: ' Tagaigí,' ar siad, ' ceanglaímis sinn féin don Tiarna i gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!' Ba chaoirigh ag fánaíocht mo phobalsa; chuir a dtréadaithe ar seachrán iad, d' fhág ar fán iad ar na sléibhte; d' imigh siad ó shliabh go cnoc ag ligean a mbáinseach féin i ndearmad. Cibé duine a tháinig orthu, d' ith sé iad; dúirt a naimhde: 'Ní tógtha orainn é; mar gur pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna a gcró caorach fíor agus dóchas a n-aithreacha.' Éalaígí amach as an mBablóin, gabhaigí amach as críoch na gCaildéach. Imígí! Gníomhaigí mar na gabhair fhireanna; bígí i gceann na dtréad. Féach, táimse ag déanamh comhcheangail de náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine. Tiocfaidh siad ón tír thuaidh, cuirfidh iad féin in ordú ina héadan; tógfar i láimh ansin í; tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach; ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin. Beidh Caildéa ina creach; gach aon a chreachfaidh í beidh sé sách. Déanaigí lúcháir, más áil libh! Beirigí bhur gcaithréim, a chreachadóirí m' oidhreachta! Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach! Déanaigí seitreach ar nós staile! Ach tá náire shaolta ar bhur máthair, tá míchlú ar an mbean a rug sibh; tá sí ar an náisiún is lú anois; ina fásach, ina fearann loiscthe, ina díthreabh. Fágfaidh fíoch an Tiarna gan chónaí inti; déanfar fásach folamh di. Beidh uamhan ar an té a ghabhann thar an mBablóin; ligfidh sé fead iontais le méid na hanachaine. Cuirigí sibh féin in eagar in aghaidh na Bablóine, tagaigí timpeall uirthi, sibhse uile a shíneann an bogha. Caithigí! Ná coigligí saigheada. Ardaigí an gháir chatha ina héadan ó gach taobh di. Géilleann sí! titeann a dúnta! sceitheann a múrtha! Seo é díoltas an Tiarna. Déan díoltas uirthi! Roinn léi mar a roinn sise le daoine eile. Tóg ón mBablóin an síoladóir, agus fear an chorráin san fhómhar. Éalaígí ón gclaíomh millte, déanadh gach duine ar a dhaoine féin, teitheadh gach fear dá dhúiche féin. Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. «Ar dtús, d' alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha. Uime sin mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Anois smachtóidh mise rí na Bablóine mar a smachtaigh mé rí na hAsaíre. Tabharfaidh mé Iosrael ar ais dá thalamh féaraigh; biafaidh sé ar Chairmeil agus ar Bháiseán, gheobhaidh sé a sháith ar shléibhte Eafráim agus Ghileád. Sna laethanta sin agus san am sin, lorgfar éigeart Iosrael, ní bheidh sé ann, agus peacaí Iúdá, ní bheidh siad le fáil. Óir maithfidh mise don fhuíoll a fhágfaidh mé. Éirígí suas in aghaidh thír Mharataím, téigí ina héadan agus in éadan áitritheoirí Phacód; lorgaigí iad; beartaígí an claíomh; milltear iad go hiomlán an Tiarna a labhraíonn. Déan an uile ní dár ordaigh mé duit. Tá torann catha ar fud na tíre, léirscrios millteach. Céard seo! Cé mar a briseadh i smidiríní ord buailte sin na talún uile? Céard seo! Cé mar a d' éirigh sé don Bhablóin a bheith ina huafás i measc na náisiún? [Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thú ar an uair nach raibh súil agat. Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú, mar gur thug tú dúshlán an Tiarna. D' oscail an Tiarna a armlann agus thug amach airm a dhíoltais. Óir tá obair le déanamh ag an Tiarna, Dia na Slua, i dtír na gCaildéach. Ionsaígí í, an t-iomlán agaibh le chéile; brisigí agus osclaigí a hiothlanna, cruinnígí an chreach mar charnáin arbhair. Cuirigí faoin mbang í. Ná fágtar aon ní di. Maraígí a daimh uile; síos leo go dtí an seamlas! Mairg dóibh, tá a lá tagtha, aimsir a gcuarta. Éistigí! Tagann teifigh agus daoine ar a gcoimeád amach as tír na Bablóine, a fhoilsiú díoltas an Tiarna ár nDia i Síón.» «Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael. «Uime sin titfidh na hógánaigh léi ina sráideanna, agus éagfaidh a fir throda uile ar an lá sin an Tiarna a labhraíonn. Is chugatsa atáim, a uaibhrigh! An Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn; tá do lá tagtha, aimsir do smachtaithe agamsa. Tuisleoidh an t-uaibhreach; titfidh sí; ní thógfaidh duine ar bith suas í; lasfaidh mé tine ina bailte; loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.» Is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Tá clann mhac Iosrael faoi leatrom, na daoine uile a ghabh i láimh iad, coinnníonn siad go daingean iad, ní ligeann dóibh imeacht. Ach is láidir a slánaitheoir: Tiarna na Slua is ainm dó. Is é atá ag tagairt a gcúise; tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh, ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine. Claíomh do na Caildéigh an Tiarna a labhraíonn do áitritheoirí na Bablóine, dá ceannairí agus dá saoithe! Claíomh dá fir asarlaíochta; nár fhágtar aon mheabhair acu! Claíomh dá fir chogaidh; go gcuirtear dá dtreoir iad! Claíomh dá heachra agus dá carbaid. Claíomh don slua uile eachtrannach atá ina lár; go mba cosúil le mná iad! Claíomh dá stór maoine; go n-ardaítear chun bóthair iad! [Triomach] dá foinsí; go dté siad i ndísc. Óir is í tír na n-íol í; tá siad ar buile, iad féin agus a gcuid íol. Uime sin déanfaidh cait fhiáine agus seacáil cónaí inti: beidh cónaí ag ostraisí inti. Ní áitreofar arís go brách í, ach leanfaidh sí folamh ó aois go haois. Díreach mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, mar aon leis na bailte comharsan an Tiarna a labhraíonn ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí inti arís go brách.» «Anois tá cine ag teacht ón tuaisceart, cine mór ó chríocha imigéiniúla na talún tá ríthe ag gluaiseacht; troideann siad le bogha agus ga; tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d' aghaidhse, a iníon na Bablóine. Ach tá a scéala siúd cloiste ag rí na Bablóine; titeann a lámha go faonlag; rug doigh greim air, pian mar a bheadh ar bhean in íona. Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m' éadan. Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna, atá socair aige in éadan na Bablóine, an plean atá beartaithe aige in éadan tír na gCaildéach: Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad. Ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith. Corrófar an talamh le torann gabháil na Bablóine, agus cluinfear a tuireamh i measc na náisiún.» Is mar seo a deir an Tiarna: «In aghaidh Chaildéa dúiseoidh mé spiorad adhmhillte; Seolfaidh mé lucht cáite don Bhablóin; cáithfidh siad í agus fágfaidh a dúiche folamh; óir ionsóidh siad í ó gach taobh lá an bhasctha. Ná síneadh aon bhoghdóir a bhogha! Ná siúladh aor fhear go móiréiseach faoina chóta máilleach! Ná tabhair anacal dá saighdiúirí óga! Maraígí tríothu agus tharstu, a slua uile! Titfidh na mairbh i gcríoch na gCaildéach, agus an lucht gonta ar na sráideanna. 5a Ach níl Iosrael (ná Iúdá) tréigthe ag a nDia, Tiarna na Slua. 5b Tharla seo mar go raibh tír na gCaildéach lán de pheacaí in aghaidh Aon Naofa Iosrael. ABN: v5b, v5a Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi. Bhí an Bhablóin ina cupán órga i láimh an Tiarna; chuir sí an talamh uile ar meisce; d' ól na náisiúin cuid dá fíon agus d' imigh ansin le báiní. Thit an Bhablóin go tobann, tá sí briste; nuailligí ar a son! Téigí ar lorg íoca dá créachta; b' fhéidir go ndéanfaí í a leigheas! ' Thugamar faoi leigheas na Bablóine; ach níor tháinig uirthi biseach. Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.' Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh; ardaítear é chun na spéartha. Dhearbhaigh an Tiarna ár bhfíréantacht. Tagaigí, foilsímis i Síón bearta an Tiarna ár nDia. Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! «Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall. Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine! Neartaigí an garda! cuirigí na fir faire ina láithreacha! Gléasaigí na luíocháin! Óir rinne an Tiarna beart, agus chaith sé le cathróirí na Bablóine faoi mar gheall sé. Tusa a shuíonn le hais mórán uiscí, agus a thaisceann stór agus maoin, tá do chríoch tagtha anois, agus deireadh do shladaireachta. Is dar é féin a mhionnaigh Tiarna na Slua: Dá mba é gur líon mé thú le fir mar na lócaistí ar a líonmhaire, thógfaí ina dhiaidh sin an gháir chatha i d' aghaidhse! Is é a rinne an talamh lena chumhacht; is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na flaithis lena ghrinneas. Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne, agus tugann an ghaoth as a ionad taisce. Leis sin tagann ionadh agus alltacht ar gach n-aon; deargann gach órcheardaí mar gheall ar íola a lámh, óir is bréaga a chuid íol, gan puth anála iontu. Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as. Ní cosúil leo siúd ' Roinn Iacóib', óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.» «Ba thú mo thua catha, mo arm cogaidh. Is leatsa a threascair mé na náisiúin, a leag mé na ríochtaí. Agus is leat a shín mé an t-each agus an marcach, an carbad agus an carbadóir; is leat a leag mé fear agus bean, óg agus aosta, an t-ógánach agus an cailín, is leat a bhris mé an t-aoire agus an tréad, an treabhadóir agus a sheisreach na huaisle agus na fir cheannais. «Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn. Is leatsa a dhéanaim achrann, a shliabh mhilltigh, an Tiarna a labhraíonn a mhilleann an talamh uile! Sínfidh mé amach mo lámh i d' aghaidh, agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thú agus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot. Ní thógfaidh siad cloch choirnéil díot choíche, ná cloch bhunaidh ach an oiread, óir beidh tú i do fhásach go deo an Tiarna a labhraíonn.» «Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí. Gríosaigí náisiúin chun cogaidh ina héadan; [rí] na Méide gona fhir cheannais, a thiarnaí agus na tíortha uile faoina réim. Tá an talamh á shuaitheadh agus é ar crith, mar bhí tionscnamh an Tiarna in aghaidh na Bablóine á chur i gcrích: a dhéanamh tír na Bablóine ina fásach gan daonra. Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid; tá siad ag fanacht ina ndaingin d' fheall a neart orthu; tá siad amhail mná anois. Tá a tithe cónaithe trí thine, a geataí briste ó chéile. Tá teachtaire ar leanúint teachtaire, giolla sna sála ar ghiolla chun a rá le rí na Bablóine gur gabhadh a chathair ó gach taobh; go bhfuil seilbh ar na háthanna, agus tine leis na dúnta, go bhfuil scéin ar na fir throda in éineacht. Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailte nuair a bhítear ag pasáil air; tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.» «D' ith sé mise, d' alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.» «Go gcúitítear leis an mBablóin an foréigean a rinne sí ormsa agus gach ar fhulaing mé!» a deir muintir Shíón. «Agus mo fhuil ar mhuintir Chaldéa!» a deir Iarúsailéim. Uime sin is mar seo a deir an Tiarna: «Tagraímse féin do chúis le go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon. Triomóidh mé a habhainn, fágfaidh mé a foinsí tirim. Beidh an Bhablóin ina carnán cloch, ina háit chónaithe ag seacáil ina huafás agus ina scige, gan duine ná deoraí inti. Búireann siad le chéile ar nós leon, drantaíonn ar nós coileáin leoin. An bhfuil fiabhras orthu? Ullmhóidh mise deoch dóibh agus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnach agus codlóidh siad go síoraí, ní mhúsclóidh siad go deo an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé anuas go dtí an seamlas iad, amhail uain chun a marfa, amhail reithí agus gabhair fhireanna.» «Céard seo! Ar gabhadh agus ar briseadh í siúd a bhí i mbéal an tsaoil? Céard seo! An Bhablóin ina huafás i measc na náisiún? Tháinig an fharraige aníos ar an mBablóin, téann sí faoi na tonnta tolgacha. Tá a bailte ina bhfásach, in a bhfearann loiscthe, ina ndíthreabh; ní chónaíonn duine iontu; ní thagann fear an bealach sin.» «Smachtóidh mise Béil sa Bhablóin agus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé. Ní bheidh na náisiúin a thuilleadh ag teacht chuige ina scuaine. Tá balla na Bablóine ar lár. A phobal liom, imígí amach aisti; saoradh gach duine agaibh a anam féin ó fhearg dhíscir an Tiarna Ach ná bígí go tromchroíoch! Ná scanraígí le gach scéal a bhíonn á reic ar fud na tíre: iomrá i mbliana, ceann eile an bhliain dár gcionn; tá foréigean in uachtar ar talamh agus cealaíonn tíoránach amháin tíoránach eile. Féach, tá na laethanta ag teacht a dtabharfaidh mise breithiúnas ar íola na Bablóine. Beidh náire shaolta ar a dúiche ar fad, agus a mairbh uile sínte ina lár. Ansin gairfidh neamh agus talamh agus gach a bhfuil iontu, le teann lúcháire mar gheall ar an mBablóin, óir tá na scriosadóirí ón tuaisceart ag teacht ina héadan an Tiarna a labhraíonn. Ní mór don Bhablóin titim ar a seal, mar gheall orthu siúd a maraíodh in Iosrael, mar is tríd an mBablóin a thit an oiread sin marbh ar dhroim na talún. Sibhse a chuaigh slán ón gclaíomh, imígí romhaibh, ná fanaigí ansin. Cuimhnígí ar an Tiarna san imigéin, agus tagadh Iarúsailéim in bhur n-intinn. ' Tugadh náire dúinn nuair a chualamar an scannal, d' fholaigh náire ár n-aighthe; mar ghabh eachtrannaigh isteach i sanctóir Theampall an Tiarna.' Féach, tá na laethanta ag teacht an Tiarna a labhraíonn a ndéanfaidh mise breithiúnas ar a híola, agus beidh an créachtach ag cneadach ar fud a críoch. Dá mba ea go n-éireodh an Bhablóin suas chun neimhe, nó dá neartódh sí a dúnfort buacach, ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóirí ar m' ordú anuas uirthi an Tiarna a labhraíonn. Éistigí le héamh ón mBablóin, agus tormán millteach ó thír na gCaildéach! Is é an Tiarna é ag scriosadh na Bablóine, ag sochtadh a gleo urghránna; ní miste di búirthíl a tonnta amhail uiscí móra agus fuaimneach a ngutha i bhfad. Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin, tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste. Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta; cúitíonn sé go hiomlán.» «Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.» Is mar seo a deir Tiarna na Slua: «Leagfar go talamh ballaí leathana na Bablóine, agus loiscfear le tine a geataí arda. Is saothar in aisce mar sin saothar na gciníocha is í an tine is deireadh do thiaráil na náisiún.» Seo mar a d' ordaigh Irimia fáidh do Sharáiá mac Mhásaeiá nuair a d' imigh seisean don Bhablóin ar ordú Zidicíá rí Iúdá sa cheathrú bliain dá réimeas. Anois bhí scríofa i leabhar faoi leith ag Irimia an tubaiste iomlán a thiocfadh ar an mBablóin, na briathra uile atá scríofa anseo i dtaobh na Bablóine. Dúirt Irimia mar sin le Saráiá: «Nuair a thiocfaidh tú don Bhablóin, déan cinnte de go léifidh tú amach na briathra seo go léir. Ansin déarfaidh tú: 'A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.' Nuair a bheidh an leabhar seo léite agat as ceann a chéile, ceanglóidh tú cloch de agus teilgfidh tú i lár an Eofrataes é, á rá: 'Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.'» Deireadh anseo le briathra Irimia. Athaithris ar Ghabháil Iarúsailéim Rinne sé an ní ab olc i súile an Tiarna díreach mar a rinne Iahóiácaím roimhe. Is trí fhearg an Tiarna a tharla sé seo in Iarúsailéim agus in Iúdá, gur theilg sé uaidh iad faoi dheireadh. D' éirigh Zidicíá amach in aghaidh rí na Bablóine. Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí ar an deichiú lá den mhí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine, é féin agus a shlua uile, chun ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim; shuigh sé a champa ina haghaidh agus thóg crémhótaí ina timpeall. Bhí an chathair faoi léigear go dtí an t-aonú bliain déag de réimeas Zidicíá. Sa cheathrú mí, ar an naoú lá den mhí, nuair a bhí gorta ag réabadh roimhe sa chathair, agus gan bia ar bith ann don phobal, rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn theith an lucht troda uile amach faoi choim na hoíche as an gcathair tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair agus rinne siad a mbealach ionsar an Arabá. Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas le Zidicíá ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é. Ghabh siad an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é i dtír Hamát, agus thug seisean breith air. Chuir rí na Bablóine mic Zidicíá chun báis os a chomhair agus mharaigh flatha uile Iúdá i Ribleá; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug rí na Bablóine leis chun na Bablóine é agus chuir i bpríosún é go lá a bháis. Sa chúigiú mí ar an deichiú lá den mhí ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim. Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine. Scrios na saighdiúirí Caildéacha go léir a bhí i dteannta chaptaen an gharda na ballaí go léir a bhí thart ar Iarúsailéim. Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, (an chuid is boichte den phobal agus) an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte. D' fhág captaen an gharda cuid de bhochtáin na tuaithe chun bheith ag treabhadh agus ag saothrú na bhfíonghort. Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha go léir leo go dtí an Bhablóin. Thug siad leo chomh maith na miasa, na sluaistí, na sceana, na scálaí spréite, na loingíní túise, na fearais chré-umha go léir a d' usáidtí i seirbhís an Teampaill. Thug captaen an gharda leis chomh maith na túisteáin, na babhlaí spréite, na luaithreáin, na cuacha, agus na fochupáin; a raibh déanta d' ór mar ór, agus a raibh déanta d' airgead mar airgead. Maidir leis an dá cholún, [an t-aon mhuir] an dá tharbh déag cré-umha faoin muir, agus na seastáin, a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontu go léir a thomhas. Bhí aon cholún amháin ocht mbanlámh déag ar airde, dhá bhanlámh dhéag ina thimpeall; bhí sé ceithre orlach ar thiús, agus é folamh. Bhí mullach cré-umha air; cúig bhanlámh airde an mhullaigh; timpeall an mhullaigh bhí fíolagrán agus pomagránaití, agus iad go léir de chré-umha. Ba é an scéal céanna é ag an dara colún lena phomagránaití. Bhí nócha sé pomagránait ar sileadh anuas, ag déanamh céad pomagránait ar fad timpeall ar an bhfíolagrán. Ghabh captaen an gharda Saráiá an t-ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí. Ghabh sé sa chathair coillteán a bhí i gceannas na saighdiúirí, seachtar de chomhairle an rí a fuarthas sa chathair, rúnaí cheann feadhna an airm a bhí i bhfeighil ar arm a thionól faoin tír, agus trí fichid de mhaithe na tíre a fuarthas sa chathair. Thug Nabúzaradán, captaen an gharda, iad sin leis agus thug iad chun rí na Bablóine i Ribleá. Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin. Mar seo leanas uimhir na ndaoine a díbríodh ag Nabúcadnazar thar tír amach: sa seachtú bliain, trí mhíle Giúdach agus triúr ar fhichid; san ochtú bliain déag de réimeas Nabúcadnazar, rug sé leis as Iarúsailéim ocht gcéad tríocha a dó duine; sa tríú bliain fichead de réimeas Nabúcadnazar, rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i láimh de na Giúdaigh seacht gcéad agus cúigear is daichead. Ceithre mhíle agus sé chéad, an uimhir ar fad. Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaím rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an gcúigiú lá fichead den mhí rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaím rí Iúdá agus scaoil sé ón bpríosún é. Bhí sé lách cneasta leis agus thug cathaoir dó a bhí os cionn cathaoireacha na ríthe eile a bhí in éineacht leis sa Bhablóin. Chuir Iahóiácaím a éide phríosúin i leataobh agus gach lá dá shaol chaith sé bia go rialta ag bord an rí. Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, ar feadh a shaoil fad a mhair sé. Pianpháis na Cathrach Tréigthe Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche; bíonn a gruanna báite le caisí deor; níl aon sólásaí ar bith aici i measc a cuid leannán; d' fheall a cairde go léir uirthi; is naimhde di iad anois. D' imigh Iúdá léi ar deoraíocht chun angar agus daoirse a sheachaint; cónaíonn sí i measc na náisiún ach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann; óir, tá an tóir tar éis teacht suas léi mar a bhfuil sí i gcúngrach mór. Tá bóithre Shíón ag caoi mar ní thaithítear a hionad teagmhála; tá a geataí uile bánaithe agus déanann a sagairt osnaíl; bíonn a maighdeana go léir á gcrá. Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi! Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach. Tá a mórgacht uile leáite ó iníon Shíón; ba chosúil a flatha le fianna nach raibh féarach acu níos mó; bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríoch roimh an tóir a cuireadh orthu. Is cuimhin le Iarúsailéim anois a laethanta angair agus fáin, nuair a thit a muintir lena naimhde agus gan cabhróir dá laghad acu. Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti; ábhar scige dóibh ab ea a turnamh. Pheacaigh Iarúsailéim go trom; dá dheasca sin is neamhghlan í anois; an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í; óir, chonaic siad lomnocht í; ach bíonn sise ag caoineadh de shíor agus tugann sí a cúl leo. Tá a salachar féin ar a sciortaí; níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí; ó nach tubaisteach é a turnamh! Níl sólásaí ar bith aici. «Féach, a Thiarna, ar m' ainnise; is ag mo naimhde atá an bua.» Shín a heascairde a lámha amach chun a maoinese go léir; chonaic sise na náisiúin ag réabadh isteach ina sanctóir an dream ar chros tú féin orthu do chomhthionól a thaithí. Bíonn a muintir uile ag éamh agus arán á lorg acu; malartaíonn siad a n-iarmhais ar bhia chun iad féin a neartú arís. «Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar an drochmheas a chaitear orm. Sibhse uile a thriallann thar bráid, breathnaígí agus féachaigí an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí, a chuir an Tiarna féin orm, ar lá a dhíbheirge fíochmhaire. Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámha a rug greim daingean orthu go léir; leath sé líon do mo chosa agus thug orm casadh ar ais; d' fhág sé go tréigthe mé agus mé go dona tinn ó lá go lá. Tá mo chionta ceangailte ina gcuing; fíodh le chéile iad ina lámhasan agus ardaíodh iad ar mo mhuineál; eisean ba chúis le lagú mo nirt; thug an Tiarna ar láimh dóibh mé sa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh. Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m' aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá. Sin an fáth a mbím ag caoi agus ag sileadh na súl go fuíoch Óir, is fada uaim aon sólásaí a mhúsclódh mo mheanma arís. Tá mo chlann mhac treascartha tréigthe mar is é an namhaid a rug an bua. Leathann Síón a lámha amach; níl sólásaí ar bith aici; thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóib a chomharsana a bheith naimhdeach dó; rud éigin neamhghlan ina measc is ea Iarúsailéim. Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú; éistigí, mar sin, a chiníocha uile, agus breathnaígí ar m' ainnise; tá mo mhaighdeana agus m' ógánaigh imithe uaim i mbraighdeanas. Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán; ach chlis siad go léir orm; mo shagairt agus mo sheanóirí uile, díothaíodh iadsan sa chathair, nuair a bhí siad ag cuardach bia chun iad féin a neartú arís. Féach, a Thiarna, is mise atá go hainnis; tá a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á shníomh i m' ucht mar ba mhór ar fad m' easumhlaíocht; tá an claíomh ag dísciú mo chlainne lasmuigh agus tá an Bás i réim laistigh. [Éist] le mo chuid osnaíola; níl aon sólásaí ar bith agam; chuir scéala m' anó áthas ar mo naimhde uile; ar ndóigh ba thusa ba bhun leis go léir; luathaigh an lá atá fógartha agat, nuair a bheidh siadsan mar a bhfuilimse anois. An mhailís go léir a rinne siad, go gcuirtear ar do shúile duit í; caith leo mar a chaith tú liomsa de dheasca mo chionta uile; óir, is iomaí osna atá á ligean agam agus tá mo chroí go tréithlag fann.» Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge. Scrios an Tiarna go neamhthrócaireach áitribh uile Iacóib; chreach sé go fíochmhar feargach dúnta iníon Iúdá; leag sé ar lár agus thruailligh sé an ríocht agus a flatha. Bhasc sé le fraoch feirge cumhacht uile Iosrael; níor thug sé tacaíocht a dheasláimhe in aghaidh an namhad; las sé suas in Iacób mar chraos tine a d' ídigh a raibh ina thimpeall. Theann sé a bhogha mar namhaid agus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara; rinne sé ár orthu siúd ar lán a shúl iad tráth; lig sé a racht amach mar thine ar bhoth iníon Shíón. D' iompair an Tiarna é féin mar namhaid; rinne sé Iosrael a mhilleadh; scartáil sé a caisleáin go léir; leag sé a dúnta daingne; mhéadaigh sé an éagaoin agus an t-éagnach a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá. Scrios sé an gairdín agus a bhoth; chreach sé a ionad teagmhála; i Síón chuir an Tiarna ar ceal an tionól féiliúil agus an tsabóid; le racht cuthaigh thug sé droim láimhe don rí agus don sagart araon. Rinne an Tiarna a bheag dá altóir; ghlac sé fuath dá shanctóir; chuir sé ballaí a caisleán i seilbh a naimhde nimhneacha; tógadh gártha i dteach an Tiarna mar a thógfaí ar fhéile reachtúil. Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamh de bhalla iníon Shíón; shín sé an dorú tomhais leis agus níor stad sé go raibh sé scriosta; chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhún sa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú. Tá a geataí sáite sa talamh; mar réab sé agus bhris sé a mbarraí; tá a rí agus a flatha i measc na náisiún agus níl aon dlí ann níos mó; go fiú ní bhfaigheann a cuid fáithe aon fhís ar bith ón Tiarna. Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim. Tá mo shúile tnáite le caoineadh agus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á reabadh le brón mar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin; óir tá naíonáin agus leanaí cíche ag snoí i gcearnóga na cathrach. Bíonn siad ag fiafraí dá máithreacha «Cá bhfuil an t-arán (agus an fíon)?» agus iad ag titim mar dhaoine gonta i gcearnóga an bhaile, agus an t-anam ag sceitheadh astu i mbaclainn a máithreacha. Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas? Chonaic do chuid fáithe thar do cheann físeanna folmha fealltacha; níor nocht siad duit d' urchóid, rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint; ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna ach oracail bhréagacha mhealltacha. Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d' aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: «An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ' Blas na hÁille', ' Ábhar Áthais an Domhain Mhóir'?» Osclaíonn do naimhde uile a gcraos chun tú a shlogadh; déanann siad faireach agus díoscán fiacal; «Tá sí slogtha siar againn,» deir siad, «is é seo an lá a rabhamar ag súil leis; tá sé buailte linn anois go soiléir.» Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige; an rabhadh a thug sé fadó riamh tá sé curtha i gcrích aige anois; tá sé tar éis tú a threascairt gan trua; rinne sé ábhar suilt do do naimhde díot agus chuir sé go mór lena gcumhacht. Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna, a bhalla iníon Shíón; bí ag tál na ndeor ina dtuile de lá agus d' oíche; ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin; nár thriomaí do shúile choíche. Éirigh! Glaoigh amach san oíche i dtús gach seala faireacháin! lig do racht bróin amach mar thuile i láthair an Tiarna! Ardaigh chuige do lámha ar son bheatha do leanaí óga, (atá ag titim i laige le hocras ag béal gach uile shráide). Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar cé hí ar chaith tú léi mar seo; ní féidir gurbh éigean do mhná naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe; ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe a mharú i sanctóir an Tiarna! Tá óg agus aosta ina luí ar an talamh sna sráideanna; tá m' ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titim le faobhar an chlaímh; tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge; rinne tú sléacht orthu gan trua. Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh, mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile; níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil ar lá dhíbheirge an Tiarna; an chlann a rug agus a thóg mé, dhíothaigh mo namhaid iad go léir. Mise an fear a d' fhulaing cruatan faoi shúiste a dhíbheirge. Ní sa solas ach sa dorchadas a thiomáin agus a sheol sé mé. I m' aghaidhse amháin a ardaíonn sé a lámha ar feadh an lae go léir. Tá mo chorp agus mo chraiceann tnáite aige bhris sé mo chnámha go léir. Thóg sé balla i m' aghaidh agus thimpeallaigh mé le domlas agus duainéis. Thug sé orm cónaí sa dorchadas ar nós na marbh a d' éag fadó. Thóg sé múr i mo thimpeall chun nach n-éalóinn agus chuir sé le meáchan mo shlabhra. Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach, thug sé an chluas bhodhar do m' achainí. Dhún sé na bealaí orm le clocha soghearrtha; chuir sé cor i mo bhóithre go léir. Mar bhéar i luíochán nó mar leon in eadarnaí bhí sé in oirchill orm. Chuir sé amú mé agus rinne sé ciorrú orm agus d' fhág sé treascartha tréigthe mé. Theann sé a bhogha agus chuir sé i mo sheasamh mé mar sprioc dá shaighead. Scaoil sé lán a bholgáin de shaigheada isteach i m' áranna. Ceap magaidh ab ea mé ag an bpobal go léir, mé i m' ábhar aoire acu ar feadh an lae. Líon sé mé le luibheanna searbha agus chuir sé masmas orm le mormónta. Thug sé orm gairbhéal a mheilt faoi m' fhiacla, agus chlúdaigh sé mé le luaithreach. Is fada ó mo chroí a dhíbir tú an tsíocháin sa chaoi nach cuimhin liom céard is sonas ann. Is é a deirim: «Tá mo bhuaine curtha ó chrích; tá deireadh leis an dóchas a mhúscail an Tiarna ionam.» Cuimhnigh ar m' angar agus ar mo chuid fánaíochta, ar an mormónta agus ar an domlas. Is cuimhin liomsa go sármhaith iad agus tá mo chroí spíonta istigh orm dá bharr. Ach tabharfaidh mé an smaoineamh seo chun mo chuimhne, mar is é fáth mo dhóchais é: Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc. Athnuaitear iad gach maidin; óir is daingean í a dhílseacht. «Is é an Tiarna mo chuid den saol,» a deirim, «is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.» Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis, don duine a bhíonn á lorg. Is maith an ní é fanacht go foighneach le slánú an Tiarna. Is é leas an duine an chuing a iompar le linn a óige. Agus suí go tostach ar leithrigh, nuair a chuirtear air í, agus luí síos béal faoi sa luaithreach b' fhéidir go bhfuil ábhar dóchais ann fós agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é agus masla ar mhuin masla a fhulaingt. Óir ní go síoraí seasta a shéanfaidh an Tiarna a phobal; má chránn sé féin, is truachroíoch é leis de réir iomadúlacht a bhuanghrá; mar ní óna chroí a dhéanann sé an Ádhamhchlann a chiapadh agus a chrá. Nuair a ghabhtar de chosa i gcimí uile na tíre, nuair a sháraítear cearta an duine i láthair an Té is Airde; nuair a thugtar cambhreith ar dhuine i gcúis dlí, an amhlaidh nach bhfeiceann an Tiarna é? Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é? Nach ó bhéal an Té is Airde a thagann an t-olc agus an mhaith? Cén fáth a ndéanfadh duine ar bith gearán, go háirithe an fear atá ann fós d' ainneoin a pheacaí? Scrúdaímis agus iniúchaimis ár mbéasa agus fillimis ar ais ar an Tiarna. Tógaimis ár gcroíthe agus ár lámha araon chun Dé atá sna flaithis go hard. «Tá peacaí agus ceannairc déanta againne; níor thug tú féin maithiúnas dúinn. Chuaigh tú sa tóir orainn agus feisteas feirge umat agus rinne tú sléacht orainn gan trua. D' fholaigh tú thú féin i néal ionas nach bpollfadh ár n-urnaí tríd. Rinne tú dramhaíl agus bruscar dínn i measc na náisiún. D' oscail ár naimhde go léir a mbéal inár n-aghaidh. Scanradh agus clais ghábhála is dán dúinn, léirscrios agus lot. Tá linnte uisce le mo shúile de dheasca dhíothú mo phobail ionúine. Sileann deora ó mo shúile gan stad, mar ní bhfaighidh mé faoiseamh ar bith go mbreathnóidh an Tiarna anuas ó neamh chun feachaint orm. Is crá croí dom a bhfeiceann mo shúile dá bhfuil á fhulaingt ag iníonacha uile mo chathrach. An dream a bhí ina naimhde agam gan chúis, chuaigh siad sa tóir orm mar éan. Chaith siad beo mé síos sa charcair agus dhún siad le cloch orm í. D' éirigh an t-uisce os mo chionn agus dúirt mé: 'Tá deireadh liom!' Ghlaoigh mé ar d' ainm, a Thiarna, ó íochtar na carcrach doimhne. Chuala tú mo ghuí: 'Ná tabhair an chluas bhodhar do m' éamh agus mé ag iarraidh faoisimh.' Dhruid tú i mo leith an lá a ghlaoigh mé ort agus dúirt: 'Ná bíodh eagla ort.' D' agair tusa, a Thiarna, an chúis a raibh mo bhás ag brath uirthi agus d' fhuascail tú m' anam. Chonaic tú, a Thiarna, an éagóir a rinneadh orm; seas ceart dom. Chonaic tú conas mar a lig siad a nimh amach orm, a ndrochbheartaíocht uile i m' aghaidh. Chuala tú, a Thiarna, faoina gcuid achasán, faoina ndrochiompar uile i mo choinne, faoi cháineadh agus faoi chogarnaíl lucht m' ionsaithe ar feadh an lae go léir. Bíodh siad ina suí nó ina seasamh, féach gur mise is ábhar aoire acu. Bain sásamh astu, a Thiarna, de réir a ndrochbheart; tabhair stuacacht chroí dóibh: bíodh do mhallacht orthu; le teann feirge déan iad a thóraíocht agus a scrios de dhruim na talún, a Thiarna.» Ochón! Nach murtallach a d' éirigh an t-ór! Cad é mar a d' athraigh an mínór agus mar atá clocha an tsanctóra scaipthe ag cúinne gach sráide! Clann mhac oirirc Shíón, ar fiú a gcothrom féin den ór is fearr iad, mo léan, áirítear iad mar chrúscaí cré, mar dhéantúis lámh an photaire. Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n-ucht agus tugann siad an chíoch dá gcoileáin; ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíoch le hostraisí an fhásaigh. Greamaíonn teanga an naíonáin chíche dá charball leis an tart; iarrann na leanaí arán, ach ní thugtar dóibh é. An dream nach n-itheadh ach bia beadaí, tá siad ag fáil bháis sna sráideanna; iad siúd a tógadh in éadach corcra, luíonn siad go faon ar charn dramhaíle. Is mó pionósú mo phobail ionúin ná smachtú Shodom, a scriosadh ar an toirt gan aon duine a leagan lámh uirthi. Ba ghile a flatha ná an sneachta; ba bháine iad ná bainne; ba dheirge corp iad ná an coiréal agus ba chosúil le saifír a gcló. Ach anois is duibhe a ndealramh ná súiche; ní aithnítear iad sna sráídeanna; tá an craiceann craptha ar a gcnámha; tá sé chomh seargtha le giota adhmaid. B' ámharaí iad siúd a maraíodh le claíomh ná iad siúd a fuair bás den ghorta, a bhíodh á snoí agus á n-ídiú go mall righin cheal torthaí na talún. Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh, bhruith siad a leanaí lena lámha féin; is iad a bhíodh mar bhia acu, nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios. Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach; tháinig lasair feirge fíochmhaire ann; d' adhain sé tine i Síón, a loisc a bunsraitheanna. Níor chreid ríthe an domhain mhóir ná duine ar bith dá maireann ar an saol go rachadh namhaid nó eascara dá laghad isteach trí gheataí Iarúsailéim. A mhilleán sin ar pheacaí a fáithe agus ar chionta a sagart, a dhoirt amach laistigh di fuil na bhfíréan. D' imigh siad ar fán trí na sráideanna ina ndaill; bhí siad truaillithe le fuil, sa chaoi nárbh fhéidir le haon duine baint lena mbaill éadaigh. «Greadaigí libh, a neamhghlana!» a scairteadh leo, «Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!» Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún: «Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.» Chuir an Tiarna é féin scaipeadh orthu; níor chuimhnigh sé orthu níos mó; níor tugadh urraim do na sagairt ná ómós do na seanóirí. Mheath ár súile orainn, ag feitheamh dúinn ar chabhair nár tugadh; bhíodh súil in airde againn ónár dtúir faire le náisiún nach bhféadfadh linn a shlánú dáiríre. Coinníodh lenár sála sa chaoi nárbh fhéidir siúl trínár sráideanna; bhí ár ndeireadh buailte linn agus ár laethanta caite; níorbh fhada uainn ár dturnamh. Bhí ár lucht géarleanúna níos mire ná iolair an aeir; chuaigh siad sa tóir orainn thar na sléibhte agus rinne siad luíochán romhainn san fhásach. Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é, gabhadh ina bpollghaiste é, an té a ndúramar faoi: «Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.» Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm, tusa, a chónaíonn i dtír Úz; sínfear an cupán chugatsa chomh maith; beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas. Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón; ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís; ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d' urchóide agus nochtfaidh sé do chuid peacaí. Cuimhnigh, a Thiarna, ar ar tharla dúinn; Breathnaigh agus féach ar na maslaí a thugtar dúinn. Tá ár dtailte oidhreachta i seilbh strainséirí agus ár dtithe i seilbh allúrach. Dílleachtaí is ea sinn de cheal athar; baintreacha is ea ár máithreacha. An t-uisce a ólaimid, caithfimid é a cheannach; bíonn orainn íoc as ár n-adhmad féin. Tá [cuing] ar ár muineál agus tiomáintear go róghéar sinn; nuair a bhímid traochta, ní thugtar sos dúinn. Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh, chun ár ndóthain bia a fháil. Pheacaigh ár n-aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó; is orainne a agraítear a gcionta. Tá sclábhaithe dár rialú; agus níl duine ann chun sinn a fhuascailt uathu. Is i mbaol ár n-anama a fhaighimid soláthar bia mar gheall ar shladaithe an fhásaigh. Tá beirfean inár gcraiceann faoi mar a bheimis i sorn toisc cuthach ocrais a bheith dár gciapadh. Rinneadh éigniú ar an mbantracht i Síón agus ar na maighdeana i gcathracha Iúdá. Crochadh ár bhflatha; ní thugtar ómós do sheandaoine. Bíonn na hógfhir ag oibriú na bró agus na garsúin ag tuisliú faoi ualaí adhmaid. Ní bhíonn siúl na seanóirí ar an ngeata níos mó agus tá an t-aos óg tar éis éirí as an gceol. Tá deireadh leis an áthas a bhíodh inár gcroí agus rinneadh caoineadh dár gcuid rinnceoireachta. Tá an choróin tar éis titim dár gceann; is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar. Is é fáth a bhfuil ár gcroíthe go dona tinn agus ár súile go dúdhorcha dall: toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann. Ach maireann tusa, a Thiarna, i do rí go brách; beidh do ríchathaoir ann ó ghlúin go glúin. Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deo agus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain? Cas ar ais chugat féin sinn, a Thiarna, agus fillfimid ort; athbhunaigh an réim a bhíodh againn anallód. Óir tá tú tar éis sinn a shéanadh amach agus amach, is an-mhór ar fad an fhearg a ghlac tú linn. Sa tríochadú bliain, ar an gcúigiú lá den cheathrú mí, nuair a bhí mé i measc na ndeoraithe ar bhruach na habhann Ceabár, d' oscail na flaithis agus chonaic mé físeanna ó Dhia. Ar an gcúigiú lá den mhí ba í sin an cúigiú bliain a chaith Iahóiácaím rí ar deoraíocht tháinig briathar an Tiarna chuig Eizicéil sagart, mac Bhúizí, i dtír na gCaildéach ar bhruach na habhann Ceabár. Ba ansin a tháinig lámh an Tiarna orm. D' amharc mé uaim. Bhí stoirm ghaoithe ag séideadh aduaidh, néal mór agus solas uime, tine ag spréacharnach gan stad, agus i lár na tine mar a bheadh prás ag drithliú. I lár báire chonaic mé mar a bheadh ceithre ainmhí ann agus an chuma seo a leanas orthu: bhí déanamh duine orthu, ceithre aghaidh ar gach aon cheann acu agus ceithre sciathán ar gach aon cheann. Bhí a gcosa díreach agus a gcrúba mar a bheadh crúba gamhna ann, ag drithliú mar phrás snasta. Faoina sciatháin ar na ceithre thaobh bhí lámha duine acu. Bhí a n-aghaidheanna agus a sciatháin ag an gceathrar mar seo: theagmhaigh a sciatháin lena chéile; ghluais gach ceann acu caol díreach roimhe gan claonadh óna chúrsa. Maidir le cuma a n-aghaidheanna bhí aghaidh duine ag gach ceann acu ar tosach, bhí aghaidh leoin ag an gceathrar ar dheis, aghaidh tairbh ag an gceathrar ar chlé agus aghaidh iolair ag an gceathrar ar chúl. Sin mar a bhí a n-aghaidheanna. Bhí a sciatháin spréite suas; dhá sciathán ag gach ainmhí a theagmhaigh lena chéile agus dhá sciathán a chlúdaigh a chorp. Chuaigh siad go léir díreach rompu aon áit ar thiomáin an spiorad iad, gan claonadh óna gcúrsa. Istigh i measc na n-ainmhithe bhí rud éigin a raibh cosúlacht aibhleog air, nó cosúlacht tóirsí ag preabadh anonn agus anall idir na hainmhithe; ba gheal í an tine agus tintreach ag scalladh aisti. Agus phreab na hainmhithe anonn agus anall amhail splanc thintrí. D' amharc mé ar na hainmhithe: bhí roth ar an talamh le hais gach ainmhí acu, roth amháin le hais gach ainmhí faoi leith den cheathrar. Maidir le cuma na rothaí agus a ndéanamh bhí a gcuma mar dhrithliú criosailít. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad déanta mar a bheadh roth amháin i lár rotha eile. Ag gluaiseacht dóibh d' imigh siad i dtreo aon cheann de cheithre aird gan claonadh óna gcúrsa. Dhealraigh na fleascanna bheith an-mhór nuair a d' fhéach mé orthu agus bhí súile sna fleascanna thart timpeall. Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaiseadh na rothaí lena n-ais; agus nuair a d' éiríodh na hainmhithe ón talamh d' éiríodh na rothaí ón talamh. Aon áit a dtéadh an spiorad théidís-sean, agus d' éiríodh na rothaí leo de bhrí go raibh spiorad na n-ainmhithe sna rothaí. Nuair a ghluaiseadh na hainmhithe ghluaisidís-sean, nuair a stadaidís stadaidís-sean, nuair a d' éiridís ón talamh d' éiríodh na rothaí mar aon leo, de bhrí go raibh spiorad na n-ainmhithe sna rothaí. Os cionn chloigne na n-ainmhithe bhí mar a bheadh firmimint ann, ag soilsiú mar chriostal, agus é ag déanamh stua os a gcionn. Faoin bhfirmimint seo bhí a sciatháin spréite amach i dtreo a chéile agus bhí dhá sciathán ag gach ainmhí ag clúdach a choirp. Ag imeacht dóibh, chuala mé fuaim a sciathán amhail coipeadh uiscí, amhail glór an Uilechumhachtaigh, torann clampair amhail torann slua. Ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos, agus bhí gleo ann (os cionn na firmiminte, lastuas dá gcloigne; ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos). Os cionn na firmiminte thuas bhí mar a bheadh ríchathaoir ann cosúil le saifír, agus ina shuí os cionn na ríchathaoireach seo bhí neach i gcosúlacht fir. In airde ó chosúlacht a leasraigh bhí mar a bheadh prás ag drithliú, cosúil le tine faoi iamh mórthimpeall; agus anuas ó chosúlacht a leasraigh chonaic mé mar a bheadh tine agus drithliú mórthimpeall. An drithliú seo mórthimpeall bhí sé amhail an bogha a bhíonn sa néal lá báistí. Sin mar a dhealraigh glóir an Tiarna. Agus ar a feiceáil dom shléacht mé go talamh agus chuala mé guth ag caint. «A mhic an duine,» ar sé, «éirigh i do sheasamh agus labhróidh mé leat.» Le linn dó labhairt tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé, agus chuala mé é ag caint liom. «A mhic an duine,» ar sé, «seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d' éirigh amach i m' aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n-aithreacha i m' aghaidh go dtí an lá inniu féin. Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: 'Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.' Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc. Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: 'Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.' Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad. Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad. «Ach tusa, a mhic an duine, éist lena ndeirim leat; ná bí ceannairceach mar an dream ceannairceach úd; oscail do bhéal agus caith siar a dtugaim duit.» Agus ar dhearcadh uaim, féach, bhí lámh ansin ag síneadh i mo threo agus scrolla inti. D' oscail sé é os mo chomhair agus bhí scríbhneoireacht ann ar thosach agus ar chúl, agus is é bhí [scríofa] air «caointe agus tuirimh agus marbhnaí». «A mhic an duine» ar sé, «ith mar a thairgtear duit, caith siar an scrolla seo agus imigh agus labhair le muintir Iosrael.» D' oscail mé mo bhéal agus thug sé an scrolla dom le hithe, agus dúirt: «A mhic an duine, ith an scrolla seo a thugaim duit agus sásaigh do ghoile leis.» D' ith mé é agus bhí blas na meala air i mo bhéal. Dúirt sé liom ansin: «A mhic an duine, imigh chuig muintir Iosrael agus labhair mo bhriathra leo. Níl tú do do sheoladh chuig daoine a labhraíonn teanga dothuigthe iasachta. Is chuig muintir Iosrael atáthar do do chur; ní chuig a lán ciníocha a bhfuil teanga dheacair iasachta agus caint dhoiléir acu. Go deimhin, dá seolfainn chucusan thú d' éistfidís leat. Ach ní éistfidh muintir Iosrael leat mar ní eistfidh siad liomsa. Is sotalach ceanndána iad muintir Iosrael go léir. Ach anois, beidh tusa chomh sotalach ceanndána leo féin. Déanfaidh mé do sheasmhacht amhail diamaint atá níos crua ná breochloch féin. Ná bíodh eagla ort rompu ná imní ort roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.» Dúirt sé liom fosta: «A mhic an duine, gach focal a deirim leat glac chugat féin é agus éist leis go cúramach. Imigh chuig na deoraithe de do mhuintir féin agus abair leo: 'Mar seo a deir an Tiarna Dia,' éistidís nó ná héistidís.» Thóg an spiorad in airde mé ansin agus chuala mé i mo dhiaidh clampar mór: «Moladh le glóir an Tiarna ina áit chónaithe.» Sciatháin na n-ainmhithe ag bualadh in aghaidh a chéile agus callán na rothaí lena n-ais, ba iad seo an clampar mór. Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d' imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm. Tháinig mé go Téil Áibíb chuig na deoraithe a bhí ag cur fúthu ar bhruach na habhann Ceabár. D' fhan mé ansin ina measc ar feadh seacht lá agus mé an-chorraithe. I gcionn seacht lá tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, tá tú ceaptha agam mar fhear faire do mhuintir Iosrael. Nuair a chloisfidh tú focal uaimse tabhair rabhadh dóibh thar mo cheann. Má deirim leis an drochdhuine: 'Tá an bás i ndán duit cinnte' agus gan tusa rabhadh a thabhairt dó, ná a mhí-iompar a chur ar a shúile don drochdhuine le focal na faire ionas go slánódh sé a bheatha, caillfear é de bharr a pheaca: ach éileoidh mé a fhuil ortsa. Más amhlaidh, áfach, go dtabharfaidh tú rabhadh don drochdhuine agus nach dtréigfidh sé a mhí-iompar ná a dhrochimeachtaí, caillfear é de bharr a pheaca; ach slánóidh tusa do bheatha féin. Arís, má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peaca a dhéanamh agus mise constaic a chur sa bhealach roimhe, caillfear é. De bhrí nár thug tú rabhadh dó caillfear é de bharr a pheaca, agus an fhíréantacht a chleacht sé imeoidh sí as cuimhne: ach éileoidh mé a fhuil ortsa. Más amhlaidh, áfach, go dtugann tú rabhadh don fhíréan gan peacú agus nach bpeacaíonn sé, slánófar é cinnte, de bhrí gur thug sé aird ar an rabhadh: agus beidh do bheatha féin slánaithe agat chomh maith. Tháinig lámh an Tiarna orm ansin agus dúirt sé liom: Éirigh, imigh leat isteach sa ghleann, áit a labhróidh mé leat.» D' éirigh mé agus ar aghaidh liom isteach sa ghleann agus féach, sheas glóir an Tiarna ansin dála na glóire a chonaic mé ag an abhainn Ceabár; agus shléacht mé go talamh. Ansin tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé agus labhair liom. Dúirt sé liom: «Imigh agus druid tú féin istigh i do theach. Agus tusa, a mhic an duine, cuirfear cuibhreacha ort anois, agus ceanglófar thú leo i dtreo nach mbeidh ar do chumas imeacht i measc an phobail. Tabharfaidh mé ar do theanga greamú de do charball, ionas go mbeidh tú balbh agus gan cumas agat iad a chur ar a bhfaichill, mar is ceannairceach an dream iad. Ach nuair a labhróidh mé leat osclóidh mé do bhéal agus déarfaidh tú leo: 'Mar seo a deir an Tiarna Dia.' An duine a bhfuil fonn éisteachta air éisteadh sé, agus an duine nach bhfuil ná héisteadh sé, mar is ceannairceach an dream iad.» Léigear Iarúsailéim á Thairngreacht Cuir léigear uirthi ansin, tóg balla léigir ina coinne, ardaigh móta cré ina coinne, tóg campaí ina coinne, agus dírigh reithí cogaidh ina coinne mórthimpeall. Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael. «Luigh fós ar do thaobh clé agus leag pionós mhuintir Iosrael air; de réir uimhir na laethanta a luífidh tú air, iompróidh tú a bpionós. Óir leag mise ort uimhir na laethanta de réir blianta a bpionóis, trí chéad agus nócha lá; iompróidh tú pionós mhuintir Iosrael an fad sin. Ar a gcur siúd i gcrích duit, luífidh tú síos arís, ar do thaobh deas an turas seo, agus iompróidh tú pionós mhuintir Iúdá daichead lá. Leag mé ort lá amháin in aghaidh gach bliana. Iompóidh tú d' aghaidh i dtreo léigear Iarúsailéim, nochtfaidh tú do ghéag agus tairngreoidh tú in aghaidh na cathrach sin. Agus féach, cuirfidh mé cuibhreacha ort ionas nach mbeidh ar do chumas iompú ó thaobh go taobh nó go mbeidh laethanta do léigir curtha i gcrích agat. «Tóg cruithneacht agus eorna, pónairí agus lintilí, muiléad agus coirce sléibhe; cuir san aon soitheach iad agus déan arán duit féin astu. Íosfaidh tú é ar feadh uimhir na laethanta a luífidh tú ar do thaobh, trí chéad agus nócha lá. An bia a íosfaidh tú meáfaidh sé fiche seicil an lá; uair amháin sa lá a íosfaidh tú. An t-uisce a ólfaidh tú tomhaisfidh sé an séú cuid de hín; uair amháin sa lá a ólfaidh tú. Íosfaidh tú an t-arán amhail ciste eorna, agus é á bhruith agat os a gcomhair os cionn otrach duine. An Tiarna a dúirt: 'Mar seo a chaithfidh clann Iosrael a n-arán salach a ithe i measc na gciníocha mar a ndíbreoidh mise iad.'» Ansin dúirt mise: «Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m' anam; ó m' óige aníos níor ith mé aon rud a d' éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.» Dúirt sé liom ansin: «Féach, tugaim duit otrach bó in ionad otrach duine; bruithfidh tú d' arán air sin.» Dúirt sé liom chomh maith: «Féach, a mhic an duine, scriosfaidh mé an stór aráin in Iarúsailéim; íosfaidh siad arán a mheáfar go beacht le barr duainéise, agus ólfaidh siad uisce a thomhaisfear go gortach le barr uafáis. Cuirfidh mé ar an ngannchuid aráin agus uisce iad ionas go mbeidh siad ag féachaint ar a chéile le huafás agus ag éirí spíonta óna bpionós.» «A mhic an duine, glac chugat claíomh géar, bíodh sé mar lann bearbóra agat agus scaoil thar do cheann agus do fhéasóg é; ansin glac scálaí tomhais agus roinn an ghruaig. Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean. Glacfaidh tú beagán ribí díobh seo ansin agus ceanglóidh tú i bhfilltí do róba iad. Díobh seo arís glac beagán, teilg sa tine agus dóigh inti iad; as sin a thiocfaidh an tine amach. [Abair le] muintir Iosrael uile: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo í Iarúsailéim; shuigh mé í i lár na gciníocha agus na dtíortha iasachta máguaird. Chuir sí i gcoinne mo dheasghnátha, níos measa ná mar chuir na ciníocha; chuir sí i gcoinne mo reachtanna, níos measa ná mar chuir na tíortha máguaird; óir thug sí cúl le mo dheasghnátha agus níor shiúil de réir mo reachtanna. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go bhfuil sibh níos ceannaircí ná na ciníocha máguaird, nár shiúil sibh de réir mo reachtanna agus nár chomhlíon sibh mo dheasghnátha, ach gur bheartaigh sibh de réir deasghnátha na gciníocha máguaird; uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise anuas oraibh agus daorfaidh mé sibh os comhair na gciníocha. In éiric bhur n-imeachtaí gránna déanfaidh mé oraibh nithe nach ndearna mé riamh agus nach ndéanfaidh mé choíche arís. Dá bhrí sin íosfaidh bhur n-aithreacha a mic in bhur measc agus bhur mic a n-aithreacha; cuirfidh mé breithiúnas i bhfeidhm oraibh agus scaipfidh mé an t-iarmhar i dtreo na n-uile ghaoth. Uime sin, dar mo bheatha an Tiarna Dia a labhraíonn chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n-uile uafás agus bhur n-imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire. Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean. «Mar seo a scaoilfidh mé le mo fhearg agus a ídeoidh mo chuthach orthu. Agus nuair a bheidh mo chuthach ídithe orthu tuigfidh siad ansin gur mise, an Tiarna, a labhair le barr éada. Chomh maith leis sin fágfaidh mé bánaithe sibh agus in bhur n-ábhar náire i measc na gciníocha máguaird agus os comhair cách a théann an bealach. Beidh sibh in bhur n-ábhar náire agus dímheasa, beidh sibh in bhur bhfógra uafáis do na ciníocha máguaird, nuair a ghearrfaidh mé pionóis fhíochmhara oraibh le teann feirge agus cuthaigh. Mise, an Tiarna, a labhair. Scaoilfidh mé in bhur gcoinne saigheada marfacha an ghorta, saigheada a scriosfaidh óir is d' aonturas chun sibh a scrios a scaoilfidh mé iad agus scriosfaidh mé bhur stór aráin. Seolfaidh mé gorta agus ainmhithe allta in bhur gcoinne a chreachfaidh bhur sliocht oraibh; rachaidh plá agus fuil tríbh agus cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh. Mise, an Tiarna, a labhair.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne. Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n-áiteanna arda. Bánófar bhur n-altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n-íol. Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n-íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n-altóirí. Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n-áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n-altóirí bánta [millte], bhur n-íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n-oibreacha curtha ar ceal. Titfidh daoine marbh in bhur láthair agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. «Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad. Ansin cuimhneoidh siadsan a d' éalaigh ormsa, agus iad ar díbirt i measc na gciníocha. Mar beidh a gcroí a chuaigh ar seachrán uaim go macnasach [briste agam]; beidh a súile a théann go striapúil i ndiaidh a n-íol dallta agam; agus ar fhéachaint orthu féin dóibh beidh gráin acu orthu mar gheall ar an olc a rinne siad, mar gheall ar a n-uafáis go léir. Tuigfidh siad mar sin gur mise an Tiarna; ní in aisce a dúirt mé go ndéanfainn an t-olc seo orthu.» Seo mar a deir an Tiarna Dia: «Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá. An duine atá i gcéin, éagfaidh sé den phlá; an duine atá sa chongar, titfidh sé leis an gclaíomh; agus an duine a thagann slán uathusan, éagfaidh sé leis an ngorta; mar sin a ídeoidh mé mo chuthach orthu. Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n-íol timpeall a n-altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n-íola uile. Sínfidh mé mo lámh amach ina gcoinne, creachfaidh mé agus bánóidh mé an tír uile, aon áit a bhfuil cónaí orthu, ón bhfásach go Ribleá. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia le tír Iosrael: Tá deireadh tagtha, deireadh le ceithre aird na tíre. Anois tá deireadh leat! Scaoilfidh mé le mo fhearg ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d' imeachtaí gránna uile. Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire ach tú a chúiteamh mar atá tuillte agat fad agus tá d' imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tubaiste ar mhullach tubaiste! Féach é ag teacht! Tá deireadh tagtha, tá an deireadh tagtha! Féach é ag teacht agus é chugat ina dhúiseacht. Tá do shealsa buailte leat, a áitritheoir na tíre seo; tá an uair tagtha, an lá ar láimh, lá clampair agus ní lá gairdis ar na sléibhte. Ar ball beag doirtfidh mé mo fhearg ort, ídeoidh mé mo chuthach ort agus gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat agus daorfaidh mé thú as d' imeachtaí gránna uile. Ní thaispeánfaidh mé anacal ná trócaire; gearrfaidh mé pionós ort mar atá tuillte agat fad agus tá d' imeachtaí gránna le feiceáil. Tuigfidh tú ansin gur mise, an Tiarna, a bhuaileann. «Ag seo an lá! Féach é ag teacht! Tá do shealsa buailte leat; tá an sciúirse réidh agus an díomas in ard a réime. Tá an foréigean fásta mar sciúirse na hurchóide; ní mhairfidh aon duine díobh, ná a bhflúirse, ná a rachmas; agus ní bheidh teacht ar oirearcas ina measc. Tá an uair tagtha, an lá ar láimh. Ná gairdíodh an ceannaí agus ná caoineadh an díoltóir; táthar i bhfearg leo go léir. Óir ní fhillfidh an díoltóir lena bheo ar ar dhíol sé; leanfaidh siad go léir ag peacú siúd is nach neartófar iad dá bharr. Shéid siad an trumpa agus chuir gach rud i gcóir; ach ní théann duine ar bith chun catha, óir tá mise i bhfearg leo go léir le chéile. «Tá an claíomh amuigh; tá an phlá agus an gorta istigh. An duine sa pháirc, éagfaidh sé leis an gclaíomh; an duine sa chathair, maróidh an gorta agus an phlá é. Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t-iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin. Tá an uile lámh lag, an uile ghlúin fann mar uisce. Crioslaíonn siad iad féin le sacéadach, agus iad uile ar ballchrith le huafás. Tá náire ar an uile aghaidh agus maoile ar an uile cheann. Caitheann siad a gcuid airgid sna sráideanna agus is ábhar dímheasa acu a gcuid óir. Ní fhuasclófar iad de thairbhe airgid ná óir lá feirge an Tiarna; níl ar a gcumas seo an t-ocras a shásamh ná an bolg a líonadh dóibh. Óir ba iadsan ba chionsiocair leis an urchóid acu. Bhain siad feidhm dhíomasach as a n-ornáidí áille; rinne siad a n-íomhánna urchóideacha agus a n-íola déistineacha leo. Dá bhrí sin fágfaidh mé mar ábhar uafáis acu iad. Tabharfaidh mé ar láimh iad do na coimhthígh mar chreach, do bhithiúnaigh na tíre mar éadáil; agus truailleoidh siad iad. Iompóidh mé m' aghaidh uathu, rud a fhágfaidh go dtruailleoidh siad mo chiste; rachaidh na meirligh isteach agus truailleoidh siad é. «Déan slabhra duit féin; óir tá an tír lán de choireanna fuilteacha agus an chathair lán d' fhoréigean. Tabharfaidh mé ar dhíogha na gciníocha dul i seilbh a dtithe; cuirfidh mé deireadh lena neart díomasach agus truailleofar a n-áiteanna naofa. Nuair a thiocfaidh an crá iarrfaidh siad síocháin, ach ní bheidh sí ar fáil. Tagann tubaiste ar mhullach tubaiste, ráfla ar mhullach ráfla; iarrann siad fís ar an bhfáidh; ach teipeann an dlí ar an sagart agus an chomhairle ar na sinsir. Tá an rí ag gol, tá an prionsa in anacair chroí, tá lámha mhuintir na tíre ar crith le huafás. Roinnfidh mé leo mar atá tuillte acu agus gearrfaidh mé pionós orthu de réir a mbreithiúnais féin; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.» Sa séú bliain, ar an gcúigiú lá den séú mí, agus mé i mo shuí sa bhaile agus sinsir Iúdá ina suí os mo chomhair, thit lámh an Tiarna Dia orm ansiúd. D' amharc mé uaim agus chonaic neach i riocht fir. Síos ó chló a leasraigh bhí tine le feiceáil; agus óna leasrach suas bhí cuma gheal air amhail prás snasta. Shín sé amach mar a bheadh lámh agus rug ar dhual gruaige orm, agus d' ordaigh an spiorad mé idir neamh agus talamh; agus thug go Iarúsailéim mé i bhfíseanna ó Dhia, chuig an ngeata isteach go dtí an chúirt inmheánach lastuaidh, mar a suíodh íomhá an éada agus í ag griosú chun éada. Agus féach, bhí glóir Dé Iosrael ansin mar an fhís a chonaic mé sa ghleann. Dúirt sé liom ansin: «A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.» D' ardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada. Dúirt sé liom: «A mhic an duine, an bhfeiceann tú a bhfuil ar siúl acu, na himeachtaí gránna atá ag muintir Iosrael anseo le mise a ruaigeadh i bhfad ó mo shanctóir? Ach feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.» Rug sé mé ansin go doras na cúirte; agus ar dhearcadh uaim chonaic mé poll sa bhalla. Dúirt sé liom: «A mhic an duine, tochail sa bhalla.» Ar thochailt dom chonaic mé doras. Dúirt sé liom: «Isteach leat agus féach na himeachtaí gránna atá ar siúl acu anseo.» D' imigh mé isteach agus dhearc; bhí péisteanna agus ainmhithe míofara de gach sórt, agus íola uile mhuintir Iosrael línithe ar an mballa máguaird. Ina seasamh rompu bhí seachtó de shinsir mhuintir Iosrael agus Iázainia mac Sheáfán ina measc; a cheansa ina láimh ag gach duine acu agus néal túise ag éirí as. Dúirt sé liom ansin: «A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: 'Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.'» Dúirt sé liom fosta: «Feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós ar siúl acu.» Ansin rug sé go doras gheata thuaidh theach an Tiarna mé; agus féach, bhí mná ina suí ansin ag gol ar son Tamúz. Dúirt sé liom ansin: «An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Feicfidh tú imeachtaí gránna níos measa fós.» Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n-aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir. Dúirt sé liom ansin: «An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d' imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón. Dá bhrí sin, smachtóidh mé iad le teann feirge, gan anacal gan trócaire. Glaoidís orm in ard a gcinn; ach ní thabharfaidh mé aon aird orthu.» Ghlaoigh sé ansin de ghuth ard agus mé ag éisteacht leis: «Druidigí anseo, a scriostóirí na cathrach, agus a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear agaibh.» Agus féach, tháinig seisear fear ó threo an gheata is faide ó thuaidh, a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear acu, agus bhí fear in éadach lín ina measc a raibh adharc dúigh scríobhaí ina chrios. D' imigh siad isteach agus sheas le taobh na haltóra práis. D' ardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios. Dúirt an Tiarna leis: «Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.» Chuala mé é ag rá leis an gcuid eile: «Gabhaigí tríd an gcathair ina dhiaidh agus buailigí gan anacal gan trócaire. Maraígí ar áit na mbonn idir fhir sean agus óg agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d' aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.» Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill. Dúirt sé leo ansin: «Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.» D' imigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach. Agus iad ag marú leo, agus mise fágtha liom féin, shléacht mé go talamh agus chaoin os ard: «A Thiarna Dia, an scriosfaidh tú iomlán a bhfuil fágtha d' Iosrael sa taom feirge seo i gcoinne Iarúsailéim?» Dúirt sé liom ansin: «Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d' fhuil agus an chathair lán d' urchóid; óir deir siad: 'Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.' Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.» Agus féach, an fear in éadach lín agus adharc dúigh scríobhaí ina chrios thug sé scéal leis ar ais ag rá: «Rinne mé mar a d' ordaigh tú dom.» D' amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach. Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: «Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám d' aibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.» Isteach leis agus mé ag amharc air. Bhí na ceiribíní ina seasamh ar dheisceart an Teampaill ar dhul isteach don fhear; agus líonadh an chúirt inmheánach le néal. D' éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna. Bhí fuaim sciatháin na gceiribiní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé. Nuair a d' ordaigh sé d' fhear an éadaigh lín aibhleoga a ghlacadh ón tine a bhí faoi na rothaí idir na ceiribíní, chuaigh sé isteach agus sheas in aice le roth. Shín ceiribín amháin a lámh (idir na ceiribíní) i dtreo na tine a bhí idir na ceiribíní, agus thóg aibhleoga di agus chuir i lámha fhear an éadaigh lín iad. Ghlac seisean iad agus d' imigh amach. Chonacthas [dom] go raibh mar a bheadh lámh duine faoina sciatháin ag na ceiribíní. D' amharc mé: bhí ceithre roth le hais na gceiribíní, roth le hais gach ceiribín acu; bhí cuma na rothaí mar dhrithliú criosailít. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad mar a bheadh roth i lár rotha. Ag gluaiseacht dóibh d' imigh siad i dtreo aon cheann de na ceithre threo gan claonadh óna gcursa; cibé treo a dtéadh an roth tosaigh leanadh na rothaí eile é, gan claonadh óna gcúrsa. Bhí a gcoirp agus a ndroimeanna, a lámha agus a sciatháin, agus a rothaí lán de shúile thart timpeall is é sin na rothaí a bhí ag an gceathrar. Chuala mé rothaí rothlaim a thabhairt mar ainm ar na rothaí. Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann. D' éirigh na ceiribíní san aer: ba iad na dúile a chonaic mé ag an abhainn Ceabár. Nuair a ghluaiseadh na ceiribíní, ghluaiseadh na rothaí lena n-ais; agus nuair a spréadh na ceiribíní a sciatháin le héirí suas ón talamh, ní chlaonadh na rothaí (ó bheith lena n-ais). Nuair a stadaidís stadadh na rothaí fosta; nuair a d' éirídís ón talamh d' éirídís siúd ina gcuideachta; óir bhí spiorad na ndúl sna rothaí. Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní. Spréigh na ceiribíní a sciatháin agus d' éirigh ón talamh; bhí mise ag amharc orthu agus na rothaí ag imeacht lena n-ais. Sheas siad ag an mbealach isteach ag geata thoir Theampall an Tiarna agus glóir Dhia Iosrael os a gcionn. Ba iad seo na dúile a chonaic mé faoi Dhia Iosrael ag an abhainn Ceabár agus bhí fhios agam gur cheiribíní iad. Bhí ceithre aghaidh agus ceithre sciathán ag gach ceann acu agus cosúlacht lámha duine faoi na sciatháin. Agus ba é cosúlacht a n-aghaidheanna na haghaidheanna céanna a bhfaca mé a gcosúlacht ag an abhainn Ceabár. Chuaigh gach ceann acu caol díreach ar aghaidh. Thóg an spiorad ansin mé agus rug mé go geata thoir Theampall an Tiarna, an geata a fhéachann soir. Ar an mbealach isteach ag an ngeata bhí cúigear fear is fiche agus ina measc chonaic mé Iázainia mac Azur agus Palaitia mac Bhanáiá, uachtaráin an phobail. «A mhic an duine,» arsan Tiarna, «seo lucht na drochchomhcheilge a thugann comhairle a haimhleasa don chathair seo; na daoine a deir: '[Nach bhfuil] sé in am againn tithe a thógáil? Is coire an chathair seo agus is sinne an fheoil.' Dá bhrí sin, tairngir ina gcoinne, tairngir, a mhic an duine!» Tháinig spiorad an Tiarna anuas orm agus dúirt sé liom: «Abair: 'Is mar seo a deir an Tiarna: Sin mar a mheasann sibh, a mhuintir Iosrael, mar tá fios bhur smaointe agamsa. Mhéadaigh sibh líon bhur marbh sa chathair seo, líon sibh na sráideanna le corpáin. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna: Na mairbh a leag sibh inti, is iadsan an fheoil agus is í an chathair an coire; ach tá sé ar intinn agam sibh a thiomáint amach aisti. B' eagal libh an claíomh agus tabharfaidh mé an claíomh anuas oraibh an Tiarna Dia a labhraíonn. Tiomáinfidh mé amach sibh, tabharfaidh mé suas do na coimhthígh sibh, agus gearrfaidh mé pionós oraibh. Titfidh sibh leis an gclaíomh ar thalamh Iosrael, gearrfaidh mé pionós oraibh agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Ní bheidh an chathair seo ina coire agaibh ná sibhse in bhur bhfeoil istigh; gearrfaidh mé pionós oraibh ar thalamh Iosrael, agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Níor shiúil sibh de réir mo reachtanna agus níor chomhlíon sibh mo dheasghnátha; ach chleacht sibh gnásanna na gciníocha máguaird.'» Tharla, agus mé ag tairngreacht, gur éag Palaitia mac Bhanáiá. Shléacht mé go talamh agus bhéic os ard: «A Thiarna Dia, an bhfuil sé leagtha amach agat iarmhar Iosrael a dhíothú?» Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin: «A mhic an duine, do bhráithre is é sin do dheartháireacha, fir do chine, muintir iomlán Iosrael dúirt muintir Iarúsailéim leo: 'D' imigh sibhse i bhfad ón Tiarna; is dúinne a tugadh an tír seo mar oidhreacht.' Abair, dá bhrí sin: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.' Abair, dá bhrí sin: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cruinneoidh mé sibh ó na ciníocha, cruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh agus bronnfaidh mé fearann Iosrael oraibh.' Ar theacht ansin dóibh ruaigfidh siad glan idir uafáis agus imeachtaí gránna aisti. Tabharfaidh mé aon chroí amháin dóibh, cuirfidh mé spiorad úr isteach iontu: aistreoidh mé an croí cloiche óna gcorp agus tabharfaidh mé croí feola dóibh, ionas go siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus go gcomhlíonfaidh siad mo dheasghnátha gan faillí a dhéanamh; agus beidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan. Ach i dtaobh an dreama a dtéann a gcroí sa tóir ar uafáis agus ar imeachtaí gránna, cúiteoidh mé a ngníomhartha leo féin an Tiarna Dia a labhraíonn.» Ansin spréigh na ceiribíní a sciatháin amach agus na rothaí lena n-ais, agus bhí glóir an Tiarna os a gcionn. D' éirigh glóir an Tiarna ó lár na cathrach agus sheas ar an sliabh ar oirthear na cathrach. Thóg an spiorad mé agus rug mé i bhfís ó spiorad Dé go Caildéa, chuig na deoraithe. An fhís a chonaic mé d' imigh sí ar shiúl uaim ansin, agus d' inis mé do na deoraithe ar thaispeáin an Tiarna dom. Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad. Dá bhrí sin, a mhic an duine, bailigh leat mála taistil le haghaidh deoraíochta agus imigh leat amach de lá os comhair a súl; rachaidh tú ar deoraíocht ó d' áit féin go háit eile os comhair a súl. B' fhéidir go dtuigfidh siad cé gur dream ceannairceach iad. Tabharfaidh tú do mhála taistil amach de lá os comhair a súl mar mhála taistil deoraí; agus imeoidh tú leat sa tráthnóna os a gcomhair mar a dhéanann fir a théann ar deoraíocht faoi éigean. Tochail tríd an mballa os a gcomhair agus amach leat tríd. Tógfaidh tú an mála taistil ar do ghualainn os a gcomhair agus tabharfaidh tú amach é sa dorchadas. Clúdóidh tú d' aghaidh ionas nach bhfeicfidh tú an talamh; óir rinne mé comhartha díot do mhuintir Iosrael.'» Rinne mé mar a ordaíodh dom. Thug mé mo mhála taistil amach de lá amhail mála taistil deoraí, agus um tráthnóna thochail mé tríd an mballa le mo lámha féin. Chuaigh mé amach sa dorchadas ag iompar mo mhála ar mo ghualainn os a gcomhair. Tháinig briathar an Tiarna chugam ar maidin: «A mhic an duine, nár fhiafraigh muintir Iosrael, an dream ceannairceach sin, díot cad a bhí ar siúl agat? Abair leo: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Baineann an tairngreacht seo leis an uachtarán in Iarúsailéim agus le muintir uile Iosrael atá ansin.' Abair: 'Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.' An t-uachtarán ina measc tógfaidh sé a mhála taistil ar a ghualainn sa dorchadas agus imeoidh sé leis; tochlóidh sé tríd an mballa agus rachaidh sé amach. Clúdóidh sé a aghaidh ionas nach bhfeicfidh sé an talamh lena shúile. Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin. Agus cách dá bhfuil thart air idir chúntóirí agus thrúpaí, scaipfidh mé iad le gach gaoth agus nochtfaidh mé claíomh ina ndiaidh. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a ruaigfidh mé iad ar fud na dtíortha. Ach fágfaidh mé beagán acu saor ón gclaíomh, ón ngorta agus ón bplá, ionas go n-admhóidh siad a n-imeachtaí gránna uile ar fud na gciníocha mar a dtéann siad, agus go dtuigfidh siad gur mise an Tiarna.» Lena chois sin tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, bí ar crith agus tú ag ithe do chuid aráin; bíodh eagla d' anama ort agus tú ag ól uisce. Abair le pobal na tíre: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi áitritheoirí Iarúsailéim i dtír Iosrael: Íosfaidh siad a n-arán le faitíos agus ólfaidh siad a n-uisce le huafás, toisc go mbeidh an tír ina fásach lom ó fhoréigean na n-áitritheoirí. Bánófar na cathracha cónaithe agus scriosfar an tír; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.'» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, cad é an seanfhocal úd atá agaibh i dtír Iosrael a deir: 'Éiríonn na laethanta fada agus tagann deireadh le gach fís'? Abair leo, dá bhrí sin: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuirfidh mise deireadh leis an seanfhocal seo agus ní bhainfidh siad feidhm as mar sheanfhocal níos mó in Iosrael.' Ach abair leo: 'Tá na laethanta ar láimh agus cuirfear gach fís i gcrích. Óir ní bheidh feasta i measc mhuintir Iosrael fís bhaoth ná tairngreacht bhréige. Ach mise, an Tiarna, a labhróidh an briathar agus cuirfear i gcrích é. Ní bheidh a thuilleadh cairde ann; ach, a dhream cheannaircigh, labhróidh mé an briathar agus cuirfidh i gcrích é le bhur linn an Tiarna Dia a labhraíonn.'» Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: «A mhic an duine, féach, deir muintir Iosrael: 'An fhís a fheiceann sé tá sí mórán laethanta uainn fós; tairngríonn sé faoi am i bhfad romhainn.' Dá bhrí sin, abair leo: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní chuirfear aon chuid de mo bhriathra ar cairde a thuilleadh, ach an briathar a labhraím cuirfear i gcrích é an Tiarna Dia a labhraíonn.'» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, tairngir i gcoinne fháithe Iosrael, tairngir agus abair leosan a thairngríonn as a stuaim féin: 'Éistigí le briathar an Tiarna.' Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na fáithe baotha a leanann a spiorad féin gan aon rud a fheiceáil. Tá d' fháithe amhail sionnaigh i lár fothrach, a Iosrael. «Ní dheachaigh sibh suas sna bearnaí ná níor dhaingnigh sibh muintir Iosrael, ionas go seasfaidís sa chath lá an Tiarna. Bíonn físeanna baotha agus tairngreachtaí bréige acu agus deir siad: 'Is é an Tiarna a labhraíonn'; cé nach é an Tiarna a chuireann uaidh iad; agus iad ag súil leis ina ainneoin sin go bhfíorófar a mbriathra. An amhlaidh nach baoth an fhís a chonaic sibh agus nach bréagach an tairngreacht nuair a deir sibh: 'Is é an Tiarna a labhraíonn'; nuair nár labhair mé ar chor ar bith?» Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: «Ar an ábhar gur labhair sibh go díomhaoin agus go bhfaca sibh bréaga, féach, tá mise in bhur gcoinne an Tiarna Dia a labhraíonn. Sínfidh mé mo lámh i gcoinne fáithe na bhfíseanna baotha agus na dtairngreachtaí bréige. Ní bheidh áit acu ar ardchomhairle mo phobail, ní chlárófar iad ar rolla mhuintir Iosrael, ní leagfaidh siad cos ar thalamh Iosrael, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna Dia. Óir tá mo phobal ar seachrán acu ag fogairt na síochána nuair nach bhfuil aon síocháin ann; tá brat aoil daite ar an mballa acu nuair is balla nua a thógfaidh an pobal. Abair leo siúd a dhathaíonn é le haol go dtitfidh sé. Beidh tuile bháistí ann, titfidh clocha móra sneachta, séidfidh stoirm ghaoithe; agus nuair a thitfidh an balla nach ndéarfar libh: 'Cá bhfuil an t-aol lenar dhathaigh sibh é?' Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Scaoilfidh mé stoirm ghaoithe lena réabadh agus fearg orm, scaoilfidh tuile bháistí agus cuthach orm, clocha móra sneachta agus fraoch orm. Scriosfaidh mé an balla a dhathaigh sibh le haol agus teilgfidh mé go talamh é, ionas go bhfágfar a bunsraith nocht. Titfidh sé agus caillfear sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. «Sin mar a ídeoidh mé mo fhearg ar an mballa agus orthusan a dhathaigh é le haol. Déarfaidh mé libh: Tá deireadh leis an mballa agus leo siúd a dhathaigh é, leis na fáithe sin de chuid Iosrael a thairngir faoi Iarúsailéim agus a chonaic físeanna síochána nuair nach raibh aon síocháin ann an Tiarna Dia a labhraíonn.» «Tusa, a mhic an duine, iompaigh in aghaidh iníonacha do mhuintire a thairngríonn as a stuaim féin; tairngir ina gcoinne. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na mná a fhuann rufaí ar an uile chaol láimhe, a dhéanann caillí cinn do chách idir ard agus íseal, chun anamacha a chur i sáinn. An ndéanfaidh sibhse anamacha mo phobail a chur i sáinn agus aire a thabhairt d' anamacha eile ar mhaithe libh féin? Mhaslaigh sibh mise os comhair mo phobail féin ar son dornáin eorna agus blúirí aráin, á marú siúd nár chóir a mharú agus ag cothú dream nár chóir a chothú, trí bhréaga a insint do mo phobal a dtaitníonn leo éisteacht le bréaga. «Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is beag orm bhur rufaí lena dtóraíonn sibh na hanamacha (amhail éanlaith); réabfaidh mé ó chaolta bhur lámh iad agus fuasclóidh mé na hanamacha a thóraíonn sibh amhail éanlaith. Réabfaidh mé bhur gcaillí mar an gcéanna, saorfaidh mé mo phobal uaibh agus ní bheidh siad i ngreim mar chreach agaibh feasta; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú; dá bhrí sin uile, ní fheicfidh sibh níos mó na físeanna baotha, ní dhéanfaidh sibh fáistine; fuasclóidh mé mo phobal as bhur lámha. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.» Tháinig dream de sheanóirí Iosrael chugam ansin agus shuigh os mo chomhair. Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n-urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith? Dá bhrí sin, labhair leo; abair seo leo: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cibé fear de mhuintir Iosrael a bhfuil a chroí istigh sna híola atá aige agus a bhreathnaíonn le taitneamh ar bhunchúis a urchóide agus a thagann ina dhiaidh sin chuig an bhfáidh, gheobhaidh sé freagra uaimse, an Tiarna, mar gheall ar iomad a íol', ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n-íol. «Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n-íola agus tréigigí bhur n-imeachtaí gránna uile. Cibé fear de mhuintir Iosrael nó de na coimhthígh atá ag cur fúthu in Iosrael a thugann cúl liomsa, a ghlacann chuige féin ina chroí istigh na híola atá aige, a shuíonn bunchúis a urchóide os a chomhair amach agus a thagann ina dhiaidhsean chuig fáidh ag cur mo thuairisce, freagróidh mise, an Tiarna, é de mo dheoin féin. Diúltóidh mé don fhear sin, déanfaidh mé sampla agus solaoid de, gearrfaidh mé amach é as lár mo phobail, agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael. Fulaingeoidh siad pionós agus beidh an pionós céanna ann don fháidh agus don duine a chuireann tuairisc; ionas nach seachránfaidh muintir Iosrael uaim arís agus nach dtruailleoidh siad iad féin níos mó lena gcionta, ach go mbeidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan an Tiarna a labhraíonn.'» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, dá bpeacódh tír i mo choinne trí mhídhílseacht agus go sínfinn amach mo lámh ina choinne, go mbrisfinn a stór aráin agus gorta a sheoladh chuige agus gach fear agus ainmhí ann a scrios as; dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin an Tiarna Dia a labhraíonn. Dá scaoilfinn ainmhithe allta ar fud na tíre agus go gcreachfaidís agus go mbánóidís é ionas nach mbeadh sé intaistil mar gheall ar na hainmhithe; dá mbeadh fiú an triúr seo ann, dar mo bheatha an Tiarna Dia a labhraíonn ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin agus bhánófaí an talamh. Nó dá dtabharfainn claíomh ar an tír sin agus a rá: Téadh an claíomh tríd an tír, agus go scriosfainn gach fear agus ainmhí amach as; dá mbeadh fiú an triúr seo ann, ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin, dar mo bheo is é an Tiarna a labhraíonn. Nó dá seolfainn plá chun na tíre sin agus m' fhearg a ídiú ann le fuil ionas go scriosfaí gach fear agus ainmhí ann; dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha an Tiarna Dia a labhraíonn ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin. «Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí! Ach má fhágtar aon duine ann le bhur mic agus bhur n-iníonacha a tharrtháil; nuair a thiocfaidh siad chugaibh agus nuair a fheicfidh sibh a n-iompar agus a ngníomhartha, gheobhaidh sibh sólás cúitimh as an olc a thug mé ar Iarúsailéim, as ar tharraing mé anuas uirthi. Tabharfaidh siad sólás daoibh nuair a fheiceann sibh a n-iompar agus a ngníomhartha; agus tuigfidh sibh nach gan fáth a rinne mé gach rud mar a rinne an Tiarna Dia a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine conas a sháraíonn adhmad na fíniúna aon adhmad eile ó chraobh crainn san fhoraois? An mbaintear a hadhmad le haon rud a dhéanamh as? An mbaintear bacán as le soitheach a chrochadh air? Féach ansin é! á chaitheamh ar an tine mar chonnadh. Dónn an tine dhá cheann; deargann an lár ina aibhleog; An bhfuil maith ar bith ann a thuilleadh? Nuair a bhí sé iomlán ní raibh aon mhaith ann le haon rud a dhéanamh as; anois agus é dóite gualaithe nach lú fós an mhaith atá ann? «Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dála adhmad na fíniúna i measc crainn na foraoise a thug mé don tine mar chonnadh, mar sin a chaithfidh mé áitritheoirí Iarúsailéim uaim. Iompóidh mé m' aghaidh ina gcoinne, agus cé go n-éalóidh siad ón tine slogfaidh sí beo iad fós. Tuigfidh tú gur mise an Tiarna nuair a iompóidh mé m' aghaidh ina gcoinne, agus nuair a bhánóidh mé an talamh in éiric a mídhílseachta an Tiarna Dia a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: «A mhic an duine, cuir in iúl a himeachtaí gránna do Iarúsailéim. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia le Iarúsailéim: Is de thír na gCanánach do bhunadh agus do bhreith; ba Amórach d' athair agus Hiteach do mháthair. Ar bhreith duit, ar lá do bhreithe féin, níor gearradh d' imleacán, níor níodh in uisce thú le do ghlanadh; níor sailleadh thú ná níor cuireadh i gcrios ceangail thú. Níor dhearc aon duine ort le trua duit, le haon ghníomh trócaire díobh seo a dhéanamh duit; teilgeadh amach thú ar an mblár folamh i d' ábhar déistine an lá a rugadh thú. «Ar ghabháil tharat dom agus tú a fheiceáil i do chróluí féin, dúirt mé leat agus an fhuil umat: 'Mair, agus fás amhail féar na páirce.' D' fhás tú, mhéadaigh agus tháinig ann duit; bhí do chíocha cumtha agus do ghruaig fásta, ach bhí tú lom tarnocht go fóill. Ar ghabháil tharat arís dom d' amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat an Tiarna Dia a labhraíonn agus ba liomsa thú. Ansin nigh mé thú le huisce, nigh mé fós do fhuil uait agus chuir mé ola ort. Thug mé éadach bróidnéirithe duit, bróga leathair, filéad lín agus clóca síoda. Sciamhaigh mé thú le hornáidí, le bráisléid thar chaolta do lámh agus slabhra faoi do mhuineál. Chuir mé fáinne ar do shrón, cluasfháinní ar do chluasa agus coróin niamhrach ar do cheann. Mar sin a maisíodh thú le hór agus le hairgead. Ba de líon mín agus de shíoda bróidnéirithe do chuid éadaí; plúr mín, mil agus ola a bhí mar bhia agat. D' éirigh tú an-sciamhach agus tháinig tú in inmhe banríona. Craoladh clú do scéimhe ar fud na gciníocha, óir bhí sí foirfe de thairbhe na niamhrachta a bhronn mise ort an Tiarna Dia a labhraíonn. «Ach d' éirigh tú teann as clú d' áilleachta; bhain tú feidhm as do chlú le haghaidh striapachais agus dhoirt tú do dhrúis amach ar chách a chuaigh an bealach. Ghlac tú de d' éadach agus chóirigh tú áiteanna arda le dathanna éagsúla de agus ba ansin a mheirdrigh tú; a leithéid ní raibh riamh agus ní bheidh arís. Ghlac tú fosta na seoda gleoite óir agus airgid a bhronn mise ort; rinne tú íomhánna daonna leo ionas go meirdreofá ina gcuideachta. Chlúdaigh tú iad le d' éadach bróidnéirithe agus d' ofráil tú m' ola agus mo thúis dóibh. Mar an gcéanna, an t-arán a thug mé duit, an plúr mín, an ola agus an mhil lenar chothaigh mé thú, d' ofráil tú dóibh iad mar bholadh cumhra an Tiarna Dia a labhraíonn. Lena chois sin, thug tú na mic agus na hiníonacha a rug tú domsa agus d' íobair tú dóibhsean iad lena slogadh siar. Nár leor leat do striapachas? Ach thug tú anbhás do mo pháistí agus thug tú ar láimh dóibh iad mar íobairt dhóite. Le linn d' imeachtaí gránna agus do striapachais níor chuimhin leat laethanta d' óige nuair a bhí tú lom tarnocht i do chróluí féin. «Tharla i ndiaidh d' oilc uile mairg agus mairg arís duit, an Tiarna Dia a labhraíonn gur thóg tú ardán agus ardionad duit féin ag gach crosbhóthar. Thóg tú d' ardionad ag ceann gach sráide, ag truailliú do scéimhe agus ag méadú do striapachais trí bheith do do thairiscint féin do gach duine a théadh an bealach. Mheirdrigh tú fosta leis na hÉigiptigh, do chomharsana drúisiúla; mhéadaigh tú an striapachas le mo ghríosúsa chun feirge. Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, d' fhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu. Mheirdrigh tú mar an gcéanna leis na hAsaírigh toisc tú a bheith doriartha; sea, mheirdrigh tú leo agus níorbh fhéidir do shásamh. Mhéadaigh tú do dhrúis i dtír Chanán agus sa Chaildéa, agus leis seo fós ní raibh tú sásta. «Nach lag do chroí an Tiarna Dia a labhraíonn leis na nithe seo, obair striapaí dána, a dhéanamh, ag tógáil d' ardáin ag ceann gach sráide agus d' ardionaid ag gach crosbhóthar? Ach murab ionann agus striapach ní ghlacfá airgead. Fáiltíonn banadhaltrach roimh choimhthígh in áit a céile féin. Tugtar bronntanais don striapach. Ach is tusa a thugann na bronntanais do d' aos grá uile; fostaíonn tú iad don striapachas ó gach uile aird. Ba neamhchosúil thú leis na mná eile sa striapachas duit: níor gríosaíodh tusa chun striapachais. Tú féin a d' fhostaigh nuair nár fostaíodh tusa. Ar an dóigh seo ba neamhchosúil leo siúd thú. «Uime sin, a striapach, éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur thaispeáin tú thú féin gan náire agus go bhfacthas tarnocht thú sa striapachas le do leannáin, agus mar gheall ar d' íola agus fuil do chlainne a thug tú dóibh; dá bhrí sin uile, cruinneoidh mé an t-aos grá uile lenar ghlac tú sámhas, iadsan a thaitin agus iadsan nár thaitin leat, tabharfaidh mé le chéile os do chomhair iad ó gach aird; taispeánfaidh mé dóibh thú gan chlúid, ionas go bhfeicfidh siad thú tarnocht. Tabharfaidh mé an breithiúnas ort a thugtar ar mhná a bhriseann cuing phósta agus a dhoirteann fuil, agus doirtfidh mé d' fhuil féin go héadmhar feargach. Tabharfaidh mé suas thú do do leannáin, réabfaidh siad d' ardán agus scriosfaidh d' ardionaid; bainfidh siad do chuid éadaí díot, ropfaidh siad chun siúil do sheoda breátha agus fágfaidh siad thú lom tarnocht. Gríosóidh siad slua i do choinne, clochfaidh siad thú, sáfaidh siad claíomh tríot. Dófaidh siad do thithe agus daorfaidh siad thú os comhair na sluaite ban; tabharfaidh mé ort éirí as an striapachas agus as fostú na leannán a thuilleadh. Ídeoidh mé mo chuthach ort agus imeoidh m' éad uait; ciúnóidh mé agus ní bheidh fearg orm arís. De bhrí nár chuimhin leat laethanta d' óige agus gur spreag tú fearg ionam leis na nithe seo uile; dá bhrí sin, cúiteoidh mé do ghníomhartha ar do cheann féin an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach raibh tú graosta sa bhreis ar d' imeachtaí gránna eile? «Lucht seanfhocla a chur trí chéile inseoidh siad an seanfhocal seo fútsa: Ba dual máthar di. Is fíoriníon le do mháthair thú, léisean a thug fuath dá céile agus dá clann; agus is deirfiúr le do [dheirfiúracha] thú, leosan a thug fuath dá gcéilí agus dá gclanna. Ba Hiteach do mháthair agus Amórach d' athair. Is í an tSamáir do dheirfiúr shinsir a chónaigh lena clann iníonacha ó thuaidh uait, agus is í Sodom do dheirfiúr óg, ise a chónaigh lena clann iníonacha ó dheas. Ach níor [leor leatsa] siúl de réir a ngníomharthasan ná de réir a n-imeachtaí gránna; i gceann tamaill bhig bhí tú níba thruaillithe ná iad féin. Dar mo bheatha an Tiarna Dia a labhraíonn ní dhearna Sodom féin agus a clann iníonacha mar a rinne tusa agus d' iníonacha. Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir. Ba ardnósach iad agus bhí imeachtaí gránna ar siúl acu os mo chomhair; uime sin, ar a bhfeiceáil dom scuab mé amach iad. Mar sin féin níor pheacaigh an tSamáir leath chomh mór agus a pheacaigh tusa, bhí imeachtaí níba ghránna ar siúl agat ná mar bhí acusan; go deimhin chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha trí mhéid na n-imeachtaí gránna seo agat féin. Fulaing do náire mar gur chlaon tú an breithiúnas i leith do dheirfiúracha; is córa iadsan ná tusa de bhrí gur pheacaigh tú níba ghránna ná iadsan. Sea, bíodh náire ort féin agus fulaing an náire gur chuir tú cuma na fíréantachta ar do dheirfiúracha. «Tabharfaidh mé ar ais chucu féin Sodom agus a hiníonacha, agus an tSamáir agus a hiníonacha. Tabharfaidh mé tusa ar ais chugat féin i lár báire, ionas go bhfulaingeoidh tú d' ísliú céime, go mbeidh náire ort as a ndearna tú agus go mbeidh tú i do shólás acusan. Do dheirfiúracha, Sodom agus a hiníonacha, fillfidh siad ar a ndúchas; tú féin agus d' iníonacha fillfidh sibhse ar bhur ndúchas. Nach raibh Sodom do dheirfiúr ina hábhar seanchais agat lá do dhíomais sular foilsíodh d' olc? Tá tú anois ar aon dul léi; is díol aithise thú ag iníonacha Eadóm agus a comharsana, agus ag iníonacha na bhFilistíneach máguaird a chaitheann drochmheas leat. Tá tú ag díol as do ghraostacht agus as d' imeachtaí gránna an Tiarna Dia a labhraíonn. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Sea, roinnfidh mé leat mar atá tuillte agat, tusa a mhaslaigh an gealltanas nuair a bhris tú an conradh; ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo. Cuimhneoidh tú ansin ar do ghníomhartha agus beidh náire ort nuair a ghlacfaidh mé do dheirfiúracha, an sinsear agus an t-óg, lena mbronnadh ort mar iníonacha, cé nach den chonradh leat é seo. Daingneoidh mé mo chonradh leat agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna, ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat an Tiarna Dia a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, cuir tomhas amach, inis fáthscéal do mhuintir Iosrael. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Iolar mór, mórsciathánach, fadeiteogach, le clúmh tiubh ildathach, a tháinig go dtí an Liobáin. Rug sé ar bharr an chéadrais, bhris an beangán úr ar bharr, thug leis é go tír thráchtála, agus leag síos é i gcathair cheannaithe. Ansin ghlac sé de shíol fíniúna, agus chuir in ithir thorthúil é, i gcóngar uiscí líonmhara, á chur mar chraobhóg shailí. Ghin an síol agus d' fhás ina fhíniúin, a bhí íseal agus leathan. D' fhás na géaga i dtreo an iolair agus na fréamhacha síos sa talamh. Tháinig ann dó mar fhíniúin, thug géaga uaidh agus chuir amach duilliúir. Bhí iolar mór [eile] ann, mórsciathánach, dlúthchlúmhach. Féach, chlaon an fhíniúin a fréamhacha ina threo, agus scaoil a géaga ina threo, amach ón gceapach inar síoladh í, ionas go n-uisceodh sé í. Ba in ithir thorthúil i gcóngar uiscí líonmhara a cuireadh an fhíniúin, chun géaga a fhás, chun torthaí a bhreith, agus aibiú mar fhíniúin uasal. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An mbeidh an rath uirthi seo? Nach mbrisfidh an t-iolar na fréamhacha agus na torthaí a ropadh leis, ionas go bhfeofaidh an duilliúr úr nuair a phéacfaidh sé? Ní bheidh gá le neart ná le slua lena tarraingt aníos ó na fréamhacha. Tá sí curtha ansin; an mbeidh an rath uirthi? Nach seargfaidh sí nuair a shéideann an ghaoth anoir uirthi? Nach bhfeofaidh sí san ithir inar fhás?» Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin: «Abair leis an dream ceannairceach sin: 'Nach dtuigeann sibh cad is ciall leis na nithe seo?' Inis dóibh: Féach, tháinig rí na Bablóine go Iarúsailéim; ghabh sé an rí agus na prionsaí agus thug leis iad chun na Bablóine. Ghlac sé fear de shíol na rí agus rinne conradh leis, á chur faoi bhrí na mionn. Ghabh sé cheana féin taoisigh na tíre ionas go mbeadh an ríocht uiríseal gan éirí in airde agus go bhfanfadh sí dílis don chonradh agus go mairfeadh. Ach d' éirigh [an prionsa] amach agus chuir teachtaí chun na hÉigipte, ionas go dtabharfaidís capaill agus slua fear dó. An n-éireoidh leis? An rachaidh a leithéid seo d' fhear slán? An bhfuil sé i ndán d' fhear briste an chonartha dul slán? Dar mo bheo an Tiarna Dia a labhraíonn dar mo fhocal, gheobhaidh sé bás in áit chónaithe an rí a bhfuair sé an choróin uaidh, is é sin, sa Bhablóin. Óir mhaslaigh sé a mhionn agus bhris a chonradh. Ní dhéanfaidh Forann tarrtháil air sa chogadh lena shlua neartmhar agus a mhórchuideachta, ainneoin na mótaí cré agus na mballaí léigir a thógfaí, agus an méid a mharófaí, sa tógáil. De bhrí gur mhaslaigh sé an mionn agus gur bhris an conradh a raibh sé fós faoi cheangal aige; dá bhrí sin uile, ní rachaidh sé slán. «Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, mo mhionn a mhaslaigh sé agus mo chonradh a bhris sé, cúiteoidh mé iad ar a cheann féin. Leathfaidh mé m' eangach thairis agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogaill; tabharfaidh mé liom chuig an Bhablóin é agus gearrfaidh mé pionós air ansin mar gheall ar an bhfeall a d' imir sé orm. Titfidh togha a shlua leis an gclaíomh agus scaipfear an t-iarmhar le gach gaoth; agus aithneoidh tú gur mise, an Tiarna, a labhair. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ó bharr an chéadrais, ón ngéag is airde de gearrfaidh mé maothán agus cuirfidh é ar shliabh ard beannach; ar bharr shliabh Iosrael a chuirfidh mé é. Ginfidh sé géaga agus béarfaidh toradh, agus beidh ina chéadras breá. Cónóidh gach sórt éin faoi, lonnóidh gach dúil sciathánach faoi scáth a ghéag. Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna, a leagann an crann ard, agus a thógann an ceann íseal, a sheargann an crann glas agus a bhláthaíonn an ceann críon. Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.» Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: «Cad chuige a n-aithriseann sibh an seanfhocal seo faoi thír Iosrael: D' ith a n-aithreacha caora searbha; agus tá déistin ar fhiacla na clainne? «Dar mo bheo an Tiarna Dia a labhraíonn ní bheidh an seanfhocal seo sa chaint a thuilleadh eadraibh in Iosrael. Féach, is liomsa an uile bheo, is liom anam an athar agus anam an mhic. An duine a pheacaíonn, eisean a éagfaidh. «Géilleann an fíréan don dlí agus don cheart, ní itheann sé ar na sléibhte, ní thógann sé a shúile chun íola mhuintir Iosrael, ní thruaillíonn sé bean a chomharsan, ní théann i ndáil mhná le linn a fola míosúla. Ní imríonn sé éagóir ar aon duine, ach tugann sé a gheall ar ais dá fhéichiúnaí; ní ghoideann sé, ach tugann arán don ocrach agus éadaí don nocht. Ní thugann sé uaidh ar úsaireacht, ní ghlacann sé brabús, staonann sé ón olc, tugann sé breithiúnas cóir idir duine agus duine; siúlann sé de réir mo reachtanna agus comhlíonann mo dheasghnátha go cúramach. Tá a leithéid fíréanta dáiríre agus mairfidh sé go deimhin. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn. «Ach má ghineann sé bithiúnach fuilteach de mhac nach ndéanann aon dualgas díobh seo, ach a itheann ar na sléibhte, a thruaillíonn bean a chomharsan, a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n-íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige, a thugann uaidh ar úsaireacht agus a ghlacann brabús; an mairfidh seisean? Go deimhin, ní mhairfidh. Tar éis dó na coireanna gránna seo a dhéanamh éagfaidh sé cinnte agus beidh a chuid fola air féin. «Ach má ghineann an fear seo mac a fheiceann na peacaí a rinne a athair, a ghabhann eagla agus nach ndéanann beart dá réir, nach n-itheann ar na sléibhte, nach dtógann a shúile chun íola mhuintir Iosrael, nach dtruaillíonn bean a chomharsan, nach n-imríonn éagóir ar aon duine, nach n-éilíonn geall, nach ngoideann; ach a thugann arán don ocrach agus éadaí don nocht, a staonann ón olc, nach dtugann uaidh ar úsaireacht agus nach nglacann brabús, a chomhlíonann mo dheasghnátha agus a shiúlann de réir mo reachtanna; ní éagfaidh seisean de bharr peacaí a athar, ach mairfidh sé go deimhin. Ach de bhrí gur imir an t-athair éagóir, gur chreach sé a dheartháir agus nach ndearna gar riamh i measc a mhuintire, éagfaidh sé cinnte de bharr a oilc. «Deir sibh: 'Cad chuige nach n-iompraíonn an mac peacaí an athar?' Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras. An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t-athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid. «Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé. Na peacaí go léir a rinne sé ní labhrófar leis arís orthu; as an bhfíréantacht a chleacht sé mairfidh sé. An mbainim sult as bás an drochdhuine? an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé? Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás. «Ach deir sibhse: 'Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.' Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir? Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige. Arís, má thréigeann an drochdhuine a pheacaí agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir, tabharfaidh sé a bheatha slán. De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás. Ach deir muintir Iosrael: 'Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.' A mhuintir Iosrael, nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir? Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh. Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael? Ní bhainimse sult as bás aon duine an Tiarna Dia a labhraíonn. Ar an ábhar sin guím aithrí daoibh agus beatha.» «Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael. Abraigí: ' Cad ba mháthair duit? Leon baineann i measc leon. Ina luí idir na leoin óga d' oil sí na coileáin. Thóg sí coileán acu agus d' fhás sé ina leon óg; d' fhoghlaim sé breith ar an gcreach, agus thosaigh ag alpadh fear. Thóg na ciníocha an gháir ina choinne, gabhadh ina bpoll é; agus thug siad le crucaí go tír na hÉigipte é. Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíte agus ábhar a dóchais caillte, ghlac sí coileán eile dá cuid agus thóg ina leon óg é. Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon, d' fhás ina leon óg, d' fhoghlaim sé breith ar an gcreach agus thosaigh ag alpadh fear. Scrios sé a gcaisleáin agus bhánaigh a gcathracha; scanraigh an tír agus a raibh inti ag callán a bhúiríola. Ghluais na ciníocha ansin ina choinne ó na cúigí máguaird; leathnaigh siad a n-eangach thairis; gabhadh ina bpoll é. Ghabh siad i gcarcair é le crúcaí agus rug leo é go rí na Bablóine; chuir siad i mbraighdeanas é ionas nach gcluinfí a ghlór arís ar shléibhte Iosrael.' Bhí do mháthair amhail fíniúin a cuireadh i gcóngar an uisce. D' fhás an ghéag ba láidre ina slat ríoga; d' fhás sí go han-ard os cionn na dtiúchraobhacha. Ba shofheicthe í ar a hairde agus ar mhothall a duilliúir. Ach réabadh as a fréamh í, teilgeadh ar lár í le fearg; seargadh a toradh ag an ngaoth anoir, chríon an ghéag láidir, dhóigh an tine í go léir. Tá sí athchurtha anois san fhásach, in ithir thirim thartmhar. Chuaigh tine amach ón tamhan, a dhóigh idir ghéaga agus thoradh; tá deireadh leis an gcraobh láidir, deireadh leis an tslat ríoga.'» Is tuireamh é sin agus glactar leis amhlaidh. Sa seachtú bliain, ar an deichiú lá den chúigiú mí, tháinig dream de shinsir Iosrael chun dul i gcomhairle leis an Tiarna agus shuigh síos os mo chomhair. Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, labhair le sinsir Iosrael agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: 'An chun dul i gcomhairle liom a tháinig sibh?' Dar mo bheo an Tiarna Dia a labhraíonn ní ligfidh mé daoibh dul i gcomhairle liom. An dtabharfaidh tusa breithiúnas orthu, a mhic an duine? An dtabharfaidh tú breithiúnas orthu? Inis imeachtaí gránna a n-aithreacha dóibh, agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a thogh mé Iosrael, mhionnaigh mé do shliocht mhuintir Iacóib, do mo chur féin in aithne dóibh i dtír na hÉigipte. Mhionnaigh mé dóibh: Is mise an Tiarna bhur nDia. An lá sin mhionnaigh mé dóibh go dtabharfainn liom iad as tír na hÉigipte go tír a cheap mé féin dóibh, tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti, tír a sháraíonn tíortha an domhain. Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia. Ach d' éirigh siad amach i mo choinne agus níor éist siad liom; níor chaith siad uathu na huafáis ar bhain gach duine acu lán na súl astu; níor thréig siad íola na hÉigipte ach oiread. «Shocraigh mé ansin mo dhíbeirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu i lár thír na hÉigipte. Ach d' oibrigh mé ar mhaithe le m' ainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad. Threoraigh mé iad amach as tír na hÉigipte agus isteach san fhásach. Thug mé mo reachtanna dóibh agus thaispeáin mo dheasghnátha dóibh, deasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh. Lena chois sin thug mé mo shabóidí dóibh mar chomhartha idir mise agus iadsan, ionas go mbeadh fhios acu gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn iad. Ach d' éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. «Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios. Ach d' oibrigh mé ar mhaithe le m' ainm ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad. Mhionnaigh mé dóibh fosta san fhásach nach dtreoróinn iad isteach sa tír a cheap mé dóibh, an tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti agus a sháraíonn tíortha an domhain; de bhrí gur dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha, nár shiúil siad de réir mo reachtanna, agus gur thruailligh siad mo shabóidí, óir luigh a gcroí lena n-íola. Ina dhiaidh sin agus uile ghlac mé trua dóibh; níor bhasc ná níor léirscrios mé san fhásach iad. «Dúirt mé lena gclann san fhásach: Ná siúlaigí de réir reachtanna bhur n-aithreacha, ná comhlíonaigí a ndeasghnátha, ná truailligí sibh féin lena n-íola. Is mise an Tiarna, bhur nDia. Siúlaigí de réir mo reachtanna agus comhlíonaigí mo dheasghnátha go cúramach. Naomhaígí mo shabóidí ionas go mba chomhartha iad idir mise agus sibhse, ionas go dtuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, bhur nDia. Ach d' éirigh an chlann amach i mo choinne; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, níor chomhlíon siad mo dheasghnátha go cúramach a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, thruailligh siad mo shabóidí. «Shocraigh mé ansin mo dhíbheirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu san fhásach. Ach tharraing mé siar agus d' oibrigh ar mhaithe le m' ainm, ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha, os a gcomhair siúd ar sheol mé amach iad. Lena chois sin mhionnaigh mé dóibh san fhásach go scaoilfinn i measc na gciníocha iad agus go scaipfinn iad ar fud na dtíortha; de bhrí nár chomhlíon siad mo dheasghnátha ach gur dhiúltaigh siad do mo reachtanna agus gur thruailligh siad mo shabóidí agus go raibh lán na súl á bhaint acu as íola a n-aithreacha. Uime sin, thug mé reachtanna gan tairbhe dóibh agus deasghnátha nach dtabharfadh beatha dóibh. Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna. «Dá bhrí sin, a mhic an duine, labhair le muintir Iosrael. Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mhaslaigh bhur n-aithreacha mé sa rud seo arís trí fheall a imirt orm. Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d' ofrálaidís a n-íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála. Dúirt mé leo ansin: Cad is ainm don áit ard a dtéann sibh chuige? Bámá a thugann siad air go dtí an lá inniu dá bhrí sin. Uime sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An dtruailleoidh sibhse sibh féin ar nós bhur n-aithreacha, ag dul ar seachrán i ndiaidh a nithe gránna? Má ofrálann sibh bhur mbronntanais, má íobraíonn sibh bhur gclann mhac sa tine, agus sibh féin a thruailliú le bhur n-uile íola go dtí an lá inniu féin, an bhféadaim ligean daoibh dul i gcomhairle liom? Dar mo bheo an Tiarna Dia a labhraíonn ní rachaidh sibh i gcomhairle liom. «Ní thitfidh sé amach ar chor ar bith de réir an smaoineamh seo in bhur n-aigne: 'Bímis amhail na náisiúin, amhail ciníocha na dtíortha, ag adhradh adhmaid agus cloiche.' Dar mo bheo an Tiarna Dia a labhraíonn is mise go deimhin a bheidh ina rí oraibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge. Tabharfaidh mé amach as na ciníocha sibh, cruinneoidh mé sibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge ó na tíortha inar scaipeadh sibh; agus tabharfaidh mé sibh go Fásach na Náisiún, áit a ndaorfaidh mé sibh agus sinn i láthair a chéile. Dála mar a dhaor mé bhur n-aithreacha san fhásach i dtír na hÉigipte, daorfaidh mé sibhse mar an gcéanna an Tiarna Dia a labhraíonn. Tabharfaidh mé oraibh siúl faoi mo shlat; tabharfaidh mé sibh faoi chuing an chonartha. Scagfaidh mé na ceannaircigh as bhur measc, iadsan a d' éirigh amach i mo choinne. Tabharfaidh mé amach iad as an tír ina gcónaíonn siad, ach ní bhainfidh siad tír Iosrael amach; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mura toil libh éisteacht liomsa, a mhuintir Iosrael, imígí libh, ní amháin anois ach as seo amach, gach duine agaibh faoi réir bhur n-íol féin. Ach ní thruailleoidh sibh m' ainm naofa níos mó le bhur mbronntanais agus le bhur n-íola. Óir, ar mo shliabh naofa, ar shliabh ard Iosrael an Tiarna Dia a labhraíonn riarfaidh muintir Iosrael go léir orm, gach duine acu atá sa tír. Fáilteoidh mé romhaibh ansin agus beidh mé ag súil le bhur mbronntanais, le togha bhur dtíolacthaí agus bhur n-íobairtí naofa go léir. Fáilteoidh mé romhaibh amhail roimh bholadh cumhra nuair a thabharfaidh mé sibh as na ciníocha, nuair a chruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh; agus foilseoidh mé mo naofacht ionaibh os comhair na gciníocha. Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a thabharfaidh mé go tír Iosrael sibh, an tír a mhionnaigh mé a bhronnadh ar bhur n-aithreacha. Cuimhneoidh sibh ansin ar bhur mbealaí agus ar bhur ngníomhartha lenar truaillíodh sibh; agus tabharfaidh sibh fuath daoibh féin as an uile pheaca dar chleacht sibh. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna nuair a roinnfidh mé libh ar mhaithe le m' ainm féin, agus ní de réir bhur ndrochimeachtaí ná bhur ndrochnósanna, a mhuintir Iosrael an Tiarna Dia a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: 21:1 21:2 «A mhic an duine, iompaigh ó dheas; labhair amach in aghaidh an deiscirt; tairngir in aghaidh fhoraois Neigib. 21:3 Abair le foraois Neigib: 'Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh. 21:4 Feicfidh an uile dhuine gur mise, an Tiarna, a las í; ní mhúchfar í.'» 21:5 Ansin dúirt mé: «A Thiarna Dia, tá siad ag rá fúm: 'Nach é an fáthscéalaí é?'» 21:6 Tháinig briathar an Tiarna chugam: 7 «A mhic an duine, iompaigh i dtreo Iarúsailéim, cuir do mhallacht ar an sanctóir agus tairngir in aghaidh thír Iosrael. 8 Abair le tír Iosrael: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, nochtfaidh mé mo chlaíomh as a thruaill agus maróidh mé idir fhíréan agus chiontach. 9 Tarraingeoidh mé mo chlaíomh as a thruaill leis an bhfíréan agus an ciontach a leagan, ón Neigib ó thuaidh. 10 Tuigfidh gach duine gur mise, an Tiarna, a tharraing a chlaíomh as a thruaill; ní chuirfear ar ais ann arís é.' 11 «Lig ochón asat, a mhic an duine; lig ochón cráite agus caoineadh goirt asat ina láthair siúd. 12 Agus ar do cheistiú acu: 'Cad chuige an mhairg?', freagroidh tú: 'Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche an Tiarna Dia a labhraíonn.'» 13 Tháinig briathar an Tiarna chugam: 14 «A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia. Abair: An claíomh! An claíomh! Tá faobhar agus snas ar an gclaíomh. 15 An faobhar don ár, an snas don drithliú. 15b An cúis áthais é seo againn gur dhíspeag sibh ríshlat mo mhic amhail gach sórt crainn? ABN: 15, 16, 15b 16 Snasaítear é chun úsáide; faobhraítear agus snasaítear é lena chur i láimh an mharfóra. 17 Lig uaill agus olagón asat, a mhic an duine. Tá sé i ndán do mo phobal, do phrionsaí uile Iosrael mar aon le mo phobal, atá tugtha suas don chlaíomh. Buail do cheathrú dá bhrí sin, 18 óir ní céadiarracht ar bith é seo. An bhfuil aon teorainn lena chumhacht má dhíspeagann sibh an ríshlat? an Tiarna Dia a labhraíonn. 19 A mhic an duine, tairngir agus buail bosa, titeadh an claíomh faoi dhó nó faoi thrí, claíomh seo na marbh, claíomh an áir mhóir a chiorclaíonn iad. 20 Ionas go mbeidh uamhan ina gcroí agus go dtitfidh mórshlua, tá claíomh ar tarraingt agam ag an uile gheata; é ag drithliú agus faobhar air don ár. 21 Treascair leat ar dheis agus ar chlé, faobhar ar aghaidh. 22 Buailfidh mise bosa fosta; ídeoidh mé mo fhearg. Mise, an Tiarna, a labhair.» Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: 23 24 «A mhic an duine, socraigh dhá bhealach do theacht chlaíomh rí na Bablóine; bíodh an dá bhealach ag teacht ón tír chéanna. Tóg cuaille eolais ag ceann an bhealaigh chun na cathrach; 25 socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim. 26 Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna. 27 Titeann an tuar do Iarúsailéim ina láimh dheas: ní mór dó focal spreagtha chun áir a thabhairt, gáir chatha a fhógairt, reithí cogaidh a dhíriú ar na geataí, mótaí cré agus ballaí léigir a thógáil. 28 Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad. 29 «Uime sin, is mar seo a deir an Tiarna: De bhrí gur thug sibh fianaise ar bhur gciontacht an oiread sin, gur fhoilsigh sibh bhur gcoireanna, agus gur léirigh sibh bhur bpeacaí in bhur n-uile imeachtaí; de bharr na fianaise seo gearrfar pionós oraibh. 30 Agus fútsa, a phrionsa aindiaga urchóidigh Iosrael, a bhfuil lá do phionóis báis buailte leat, 31 déarfaidh an Tiarna: Tógfar uait an turban, bainfear díot an choróin; ní fhanfaidh an saol mar atá; ardófar an t-íseal agus ísleofar an t-ard. 32 Ar lár, ar lár, ar lár a fhágfaidh mé í. Ní fhanfaidh an lorg is lú di nó go dtiocfaidh an fear ceart; is dósan a thabharfaidh mé í.» «Tusa, a mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi na hAmónaigh agus faoina masla: Abair: An claíomh, tá an claíomh ar tarraingt don ár, tá snas air chun scriosta agus chun drithlithe mar thintreach 33 34 le linn d' fhíseanna baotha agus do chomhairle le fáistiní bréige lena leagan ar mhuineál an lucht aindiaga urchóidigh a bhfuil lá a bpionóis báis buailte leo. 35 Cuir ar ais sa truaill é. Daorfaidh mé thú san áit ar cruthaíodh thú, i do thír dhúchais féin. 36 Silfidh mé mo dhíbheirg anuas ort, séidfidh mé tine mo chuthaigh i d' aghaidh, agus tabharfaidh mé suas thú i lámha lucht bhrúidiúil atá tugtha don scrios. 37 Beidh tú mar chonnadh don tine, beidh d' fhuil ag rith ar fud na tíre, ní chuimhneofar ort níos mó. Óir mise, an Tiarna, a labhair.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt ar an gcathair dhúnmharfach? Inis a himeachtaí gránna di mar sin. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá an chathair ag cur fola taobh istigh di féin leis an sprioclá a bhrostú! Tá íola á ndéanamh aici lena truailliú féin! Tá tú ciontach as an bhfuil a dhoirt tú, thruailligh tú thú féin sna híola a rinne tú. Thug tú ar do lá druidim leat, tá ceann scríbe do shaoil ar láimh. Uime sin, rinne mé ábhar masla díot os comhair na gciníocha agus ceap magaidh os comhair na dtíortha go léir. Beifear ag fonóid fút ó chian agus ó chóngar, a chathair mhíchlúiteach challánach. Féach ar phrionsaí Iosrael ionat, gach aon duine acu ar a dhícheall ag doirteadh fola. Maslaítear an t-athair agus an mháthair ionat; tugtar drochíde don chuairteoir, cuirtear ansmacht ar an dílleachta agus ar an mbaintreach. Is beag ort mo shanctóirí, truaillíonn tú mo shabóidí. Tá dream ionat a chlúmhilleann chun fuil a dhoirteadh; tá dream a itheann ar na sléibhte; dream eile atá graosta. Taispeánann siad tarnochtacht a n-aithreacha ionat; éigníonn siad na mná ionat le linn a neamhghlaine. Déanann fear acu drúis ghránna le bean a chomharsan; truaillíonn fear eile bean a mhic; an tríú fear sáraíonn sé a dheirfiúr féin, iníon a athar. Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat an Tiarna Dia a labhraíonn. «Buailim bosa, dá bhrí sin, mar gheall ar do ghnóthú neamhionraic agus an fhuil a doirteadh in bhur measc. An mbeidh tú in ann greim a choinneáil ar do mhisneach, nó do lámh a choinneáil láidir, an lá a dtabharfaidh mé chun cúitimh thú? Mise, an Tiarna, a labhair agus cuirfidh mé i gcrích é. Ruaigfidh mé thú i measc na gciníocha, scaipfidh mé thú ar fud na dtíortha agus scagfaidh mé an salachar asat. Gheobhaidh mé easonóir uait os comhair na gciníocha agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, is suarach liom muintir Iosrael: amhail prás, stán, iarann agus luaidhe sa chorcán leáite, níl iontu go léir ach sail mhiotail. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur sail mhiotail sibh uile, féach, cruinneoidh mé isteach i lár Iarúsailéim sibh. Mar a chruinnítear airgead agus prás, iarann, luaidhe agus stán sa chorcán chun tine a shéideadh orthu á leá, sin mar a chruinneoidh mé sibhse agus cuthach feirge orm; agus leáfaidh mé ann sibh. Cruinneoidh mé sibh agus séidfidh mé oraibh le tine mo chuthaigh agus leáfar sibh i lár báire. Mar a leáitear airgead i gcorcán leáite, sin mar a leáfar sibhse ina lár; agus tuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a dhoirt amach mo fhearg oraibh.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, abair léi: Is tír thú nach bhfuair folcadh ná cith fearthainne lá na feirge; a bhfuil na prionsaí istigh inti amhail leon buile a bheadh cíocrach chun na creiche. Shlog siad daoine siar, ghabh siad maoin agus seoda, d' fhág siad slua baintreach istigh inti. Bhris a sagairt mo dhlí agus thruailligh siad mo shanctóirí. Ba chuma leo rud a bheith naofa ná coitianta, níor theagasc siad an difear idir glan agus neamhghlan, rinne siad neamhshuim de mo shabóidí sa chruth go bhfuil mé maslaithe eatarthu. Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid. [Dhathaigh] a fáithe na coireanna seo le brat aoil, lena bhfíseanna baotha agus a dtairngreachtaí bréige, ag rá: 'Is mar seo a deir an Tiarna Dia'; nuair nár labhair an Tiarna ar chor ar bith. Tá éagóir agus slad ar siúl ag muintir na tíre; chráigh siad an bochtán agus an t-ainniseoir agus thug drochíde don chuairteoir gan fáth. D' iarr mé fear orthu a thógfadh balla agus a sheasfadh sa bhearna ar son na tíre sa chruth nach millfinn é; ní bhfuair mé é. Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n-iompar ar a gcinn féin an Tiarna Dia a labhraíonn.» An Dá Dheirfiúr Dhrúisiúla «A mhic an duine, bhí beirt bhan ann, iníonacha aon mháthar amháin. Chuaigh siad le striapachas san Éigipt, chuaigh le striapachas le linn a n-óige. Rugadh barróg ar a gcíocha ansin agus rinneadh muirniú ar a mbrollaigh mhaighdeanúla. Oholá ab ainm don sinsear agus Ohoilíbeá dá deirfiúr. Ba liomsa iad agus rug siad mic agus iníonacha. I dtaobh a n-ainmneacha de ba í an tSamáir Oholá agus Iarúsailéim Ohoilíbeá. «Mheirdrigh Oholá nuair ba liomsa í; shuirigh sí lena leannáin na hAsaírigh, a comharsana, laochra in éide chorcra, rialtóirí agus uaisle, iad uile ina n-ógánaigh tharraingteacha, oilte ar mharcaíocht chapall. Rinne sí a striapachas leo ba iad uile togha na nAsaíreach agus thruailligh sí í féin le híola cách a ndearna sí suirí leo. Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis. Uime sin, thug mé suas i lámha a leannán í, i lámha na nAsaíreach a ndearna sí suirí leo. D' fhág siadsan í tarnocht, ghabh siad a mic agus a hiníonacha, mharaigh siad ise leis an gclaíomh; agus d' imigh a míchlú i mbéal na mban nuair a cuireadh an breithiúnas uirthi i gcrích. «Cé go bhfaca a deirfiúr Ohoilíbeá é sin ba thruaillithe fós ise ina suirí, ba mheasa a mheirdrigh sí ná a deirfiúr. Shuirigh sí leis na hAsaírigh, idir rialtóirí agus uaisle, laochra in éide shómasach, marcaigh oilte ar chapaill, iad uile ina n-ógánaigh tharraingteacha. Chonaic mé go raibh sí mígheanmnaí, go raibh siad beirt chomh truaillithe lena chéile. Ach mhéadaigh sise a striapachas chomh luath agus a chonaic sí fir tarraingthe ar bhallaí, íomhánna na gCaildéach daite le flanndearg criosanna crioslaithe thar a gcoim agus turbain mhaisiúla ar a gcinn, iad uile cinsealach mar uaisle agus pictiúir de Bhablónaigh dar dhúchas dóibh Caildéa. Chomh luath agus chonaic sí iad splancadh í ina ndiaidh agus sheol teachtairí chucu go Caildéa. Tháinig na Bablónaigh chuici go leaba an ghrá agus thruailligh siad í lena ndrúis. Tar éis a truaillithe d' iompaigh sí uathu agus í dúdhóite leo. Mheirdrigh sí agus tharnocht sí os comhair an tsaoil mhóir sa chruth gur thug mé cúl léi go samhnasach mar a thug lena deirfiúr. Ach mhéadaigh fós ar a striapachas agus í ag cuimhneamh ar aimsir a hóige nuair a mheirdrigh sí i dtír na hÉigipte, agus nuair a shuirigh sí le leannáin a raibh a mbaill mar bhaill asal agus a síol mar shíol capall. Bhí tú ag tnúth le graostacht d' óige nuair a rug na hÉigiptigh barróg ar do bhrollach agus nuair a mhuirnigh siad d' ógchíocha. «Dá bhrí sin, a Ohoilíbeá, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, gríosóidh mé i d' éadan na leannáin ar thug tú cúl leo go samhnasach; cruinneoidh mé i do choinne iad ó gach taobh, na Bablónaigh agus na Caildéigh uile, lucht Phacód, Sheóa agus Chóa agus na hAsaírigh uile ina gcuideachta, iad go léir ina n-ógánaigh tharraingteacha, rialtóirí agus tiarnaí, uaisle agus laochra, gach duine ar mhuin capaill. Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin. Díreoidh mé m' éad ort ionas go roinnfidh siad go han-bhorb leat; bainfidh siad do shrón agus do chluasa díot agus titfidh a mbeidh fágtha leis an gclaíomh. Ropfaidh siad do mhic agus d' iníonacha agus caithfear an fuílleach sa tine. Sracfaidh siad do chuid éadaí díot agus sciobfaidh siad do sheoda leo. Mar sin a thabharfaidh mé ort éirí as an ngraostacht agus an striapachas a thug tú leat ó thír na hÉigipte. Ní fhéachfaidh tú le bá i dtreo na nÉigipteach, ní chuimhneoidh tú orthu níos mó. Óir, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé suas thú dóibhsean is gráin leat, dóibh siúd ar thug tú cúl leo le déistin. Roinnfidh siad go fuafar leat, sciobfaidh siad toradh do shaothair leo agus fágfaidh thú lom tarnocht. Léireofar do striapachas mínáireach ar an dóigh sin. Do ghraostacht agus do striapachas ar aon a thug an drochíde seo anuas ort, de bhrí gur mheirdrigh tú leis na ciníocha agus gur thruailligh tú thú féin lena n-íola. Lean tú sampla do dheirféar; dá bharr sin tabharfaidh sé a corn i do láimh. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ólfaidh tú as corn do dheirféar go domhain agus go fairsing, corn a tharraingíonn fonóid agus magadh ort le flúirse na dí. Líonfar thú le meisce agus le doilíos. Corn an uafáis agus an dóláis, corn do dheirféar, an tSamáir, ólfaidh tú, diúgfaidh tú é. [Stoithfidh tú do chuid gruaige,] réabfaidh tú do chíocha. «Mise a dúirt an Tiarna Dia a labhraíonn. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur dhearmad tú mé agus gur thug tú cúl liom, ní mór duit díol as do ghraostacht agus do striapachas.» Dúirt an Tiarna liom: «A mhic an duine, an toil leatsa breithiúnas a thabhairt ar Oholá agus ar Ohoilíbeá agus a n-imeachtaí gránna a chur ina leith? Óir rinne siad adhaltranas, tá fuil ar a lámha, rinne siad adhaltranas lena n-íola. Na páistí a rug siad domsa rinne siad íobairtí dóite dá n-íola díobh. Tuilleadh fós a rinne siad orm, thruailligh siad mo shanctóir an lá céanna agus mhill siad mo shabóidí. An uair a mharaigh siad a bpáistí mar íobairtí dá n-íola tháinig siad faoi dhéin mo shanctóra-sa an lá céanna á thruailliú. Sea, sin mar a chruthaigh siad i mo theachsa. «Níos measa fós, chuir siad fios trí theachtairí ar fhir teacht ó chian agus féach, tháinig siad. Nigh tú thú féin ar a son, dhathaigh tú do shúile, chóirigh tú thú féin le seoda; shuigh tú ar leaba shómasach a raibh tábla lena hais ar ar chuir tú mo thúis agus m' ola. Bhí ragairne an chomhluadair léi le cloisteáil os ard mar gheall ar an daoscar a tugadh isteach ón fhásach; chuir siad braisléid ar chaolta láimhe na mban agus corónacha breátha ar a gcinn. Dúirt mé ansin: Nach ndéanann na fir seo adhaltranas anois nuair a mheirdríonn siad léi? Óir chuaigh siad ina dáil amhail fir i ndáil striapaí. Ba mar seo a chuaigh siad i ndáil Oholá agus Ohoilíbeá, mná na graostachta. Ach daorfaidh na fíréin iad mar bhanadhaltranaigh agus mar bhanmharfóirí, de bhrí gur banadhaltranaigh iad agus go bhfuil fuil ar a lámha.» Deir an Tiarna Dia é seo: «Tabhair slua aníos ina gcoinne agus tabhair suas don uafás agus don chreach iad. Clochfaidh an slua iad agus coscróidh leis an gclaíomh iad; maróidh siad a mic agus a n-iníonacha agus dófaidh a dtithe. Mar sin a choscfaidh mé graostacht sa tír, ionas go nglacfaidh an uile bhean chuici féin an rabhadh gan déanamh de réir bhur ngraostachta-sa. Cúiteofar bhur ngraostacht libh agus luífidh oraibh ualach na bpeacaí a rinne sibh leis na híola. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna Dia.» Sa naoú bliain, ar an deichiú lá den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam. «A mhic an duine, scríobh síos dáta an lae inniu, inniu féin. Chuir rí na Bablóine Iarúsailéim faoi léigear inniu féin. Inis fáthscéal don dream ceannairceach seo agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuir an pota síos, Cuir síos é agus doirt uisce ann. Cuir na spólaí feola isteach, gearrthóga den chéad scoth, an tsliasaid agus an slinneán; líon é le togha na gcnámh. Glac togha an tréada, coinnigh connadh ina mholl fúithi. Tabhair ar an bpota fiuchadh leis ionas go mbruithfear na cnámha féin. «Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg don chathair fhuilteach, don phota meirgeach nach bhfuil a mheirg inghlanta! Taosc é greim ar ghreim gan crainn a chaitheamh. Óir tá a fuil ina lár fós. D' fhág sí í ar charraig lom; níor dhoirt ar an talamh lena ceilt faoin deannach. Chun mo chuthach a ghríosú, chun cúiteamh a bhaint amach, d' fhág mé a fuil ar charraig lom ionas nach i bhfolach a bheadh sí. «Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg don chathair fhuilteach! Déanfaidh mise craos tine. Coinnigh an connadh léi, las í, bruith an fheoil go maith, spíosraigh í, dóitear na cnámha. Cuir an pota folamh ansin ar na haibhleoga go dtí go mbeidh a phrás te, go loiscfidh an prás ina chaor the, go leáfar an salachar istigh, go ndófar an mheirg. «Ba in aisce a chaith mé mo neart leis: ní dhónn an mheirg throm sa tine. Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n-ídeoidh mise mo chuthach ort. Mise, an Tiarna, a labhair; fíorófar m' fhocal. Gníomhóidh mé agus ní rachaidh mé siar air; ní dhéanfaidh mé trua ná aithreachas; tabharfaidh mé breithiúnas ort de réir d' imeachtaí agus do ghníomhartha an Tiarna Dia a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam fosta: «A mhic an duine, bainfidh mé mian do shúl uait ar an toirt; ach ná bac a bheith ag mairgneach ná ag caoineadh ná ag sileadh deor. Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.» D' inis mé an scéal sin don phobal ar maidin agus d' éag mo bhean chéile um thráthnóna. Maidin lá arna mhárach chuir mé i gcrích mar a ordaíodh dom. Dúirt an pobal liom: «Nach n-inseoidh tú dúinn cad é mar a bhaineann na gnóthaí seo agat linne?» Dúirt mé leo ansin: «Tháinig briathar an Tiarna chugam: ' Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n-anama. Bhur mic agus bhur n-iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh. Déanfaidh sibh mar a rinne mise; ní chlúdóidh sibh bhur mbéal, ní íosfaidh sibh arán na ndobrónach. Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin. Beidh Eizicéil ina chomhartha daoibh. Déanaigí de réir mar rinne seisean. Nuair a thitfidh seo amach tuigfidh sibh gur mise an Tiarna Dia.' «Agus, a mhic an duine, an lá a mbainfidh mé a mic agus a n-iníonacha díobh, gurb iad a neart, a ngairdeas agus a nglóir iad, mian a súl agus dúil a n-anama; an lá sin tiocfaidh fear ar a theitheadh ag insint an scéil duit. An lá sin osclóidh do bhéal chun labhairt leis an bhfear ar a theitheadh; labhróidh tú agus ní bheidh tú balbh a thuilleadh. Beidh tú i do chomhartha dóibh agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna.» In Éadan na nAmónach «A mhic an duine, iompaigh i dtreo na nAmónach agus tairngir ina n-éadan. Abair leis na hAmónaigh: Éistigí le briathar an Tiarna Dia. Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí go ndúirt tú: 'Há! Há!' ag baint sult as truailliú mo shanctóra, as bánú thír Iosrael agus as deoraíocht mhuintir Iúdá; dá bhrí sin uile, tabharfaidh mé suas thú mar ghabháltas do mhuintir an oirthir. Suífidh siad campa istigh i do lár agus cuirfidh siad fúthu ansin; íosfaidh siad do thorthaí agus ólfaidh siad do bhainne. Déanfaidh mé páirc innilte do na camaill as Rábá agus banrach do chaoirigh as bailte Amón. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go raibh tú ag bualadh bos agus ag rince le háthas agus an t-olc istigh agat do thír Iosrael, sínfidh mé mo lámh in bhur n-éadan dá bharr. Tabharfaidh mé suas thú mar chreach do na ciníocha; réabfaidh mé as a chéile thú mar náisiún; scriosfaidh mé thú mar thír, millfidh mé thú. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt Móáb agus Saeír, féach, tá muintir Iúdá ar aon dul leis na ciníocha eile; dá bhrí sin, gearrfaidh mé trí theorainn chnocach Mhóáb agus scriosfaidh mé na cathracha sa dúiche, ábhar mórtais na tíre, Béit Isimiot, Bál Meón agus Ciriataím. Tabharfaidh mé suas í do mhuintir an oirthir, naimhde na nAmónach. Tabharfaidh mé suas í ionas go n-imeoidh na hAmónaigh as cuimhne na gciníocha. Sin mar a chuirfidh mé pionós ar Mhóáb agus tuigfidh cách gur mise an Tiarna. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur imir Eadóm díoltas ar mhuintir Iúdá agus gur pheacaigh go trom lena linn; dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan Eadóm agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch. Bánóidh mé an tír; titfidh fir leis an gclaíomh ó Théamán go Déadán. Imreoidh mé díoltas ar Eadóm le cuidiú mo phobail, Iosrael. Caithfidh siad le hEadóm de réir mo chuthach feirge agus aithneoidh cách gurb é mo dhíoltas é an Tiarna Dia a labhraíonn. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur imir na Filistínigh díoltas, díoltas mailíseach, agus gur thug siad faoi scriosadh le naimhdeas gan stad; dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan na bhFilistíneach, coscróidh mé na Ceiréitigh, agus scriosfaidh an chuid eile de lucht an chósta. Imreoidh mé díoltas mór orthu agus tabharfaidh mé drochíde fhíochmhar orthu. Nuair a leagfaidh mé mo dhíoltas orthu tuigfidh siad gur mise an Tiarna.» San aonú bliain déag, ar an gcéad lá den mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, de bhrí go ndúirt an Tuír go fonóideach i gcoinne Iarúsailéim: 'Tá geata na gciníocha briste, tá sé ar oscailt romham, beidh mo sháith agamsa anois ó tá sé scriosta,' dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Thuír, tá mise i do choinne. Tabharfaidh mé ar mhórán ciníocha éirí i do choinne nuair a choipeann an fharraige na tonnta. Réabfaidh siad ballaí na Tuíre, brisfidh siad anuas na túir inti; scríobfaidh mé an chré uaithi agus fágfaidh ina carraig nocht í. Beidh sí mar ionad triomaithe eangacha i lár na farraige. Óir mise a dúirt an Tiarna Dia a labhraíonn beidh sí ina creach ag na ciníocha. A hiníonacha ar tír mhór titfidh siad leis an gclaíomh, agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, seolfaidh mé Nabúcadnazar, rí na Bablóine, rí na ríthe, aduaidh i gcoinne na Tuíre, le capaill agus carbaid agus marcshlua le comhthionól mór daoine. Maróidh sé d' iníonacha leis an gclaíomh ar tír mhór; déanfaidh sé balla léigir i do choinne, tógfaidh sé móta cré i do choinne agus caithfidh suas sciath chosanta i do choinne. Réabfaidh sé do bhallaí lena reithe cogaidh, leagfaidh sé do thúir lena oird mhóra. Beidh a oiread capall aige go gclúdóidh an deannach thú; beidh do bhallaí ar crith agat le tormán an mharcshlua, na rothaí agus na gcarbad, agus é ag teacht isteach an geata amhail fear a thagann isteach i gcathair a cuireadh faoi chois. Satlóidh crúba a chuid capall ar do shráideanna uile, maróidh sé do mhuintir leis an gclaíomh, agus teilgfidh do cholúin ollmhóra síos go talamh. Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d' earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige. Tabharfaidh mé ar do cheol agus ar d' amhráin cosc; ní chloisfear fuaim do chláirseach níos mó. Fágfaidh mé thú i do charraig nocht, i d' ionad triomaithe eangacha; ní thógfar arís thú. Mise, an Tiarna, a dúirt an Tiarna Dia a labhraíonn. «Seo mar a deir an Tiarna Dia leis an Tuír: Nach rachaidh na hinsí ar crith le tormán do thitime, le cneadach na ndaoine gonta, agus leis an ár istigh? Ansin tiocfaidh prionsaí uile na farraige anuas óna ríchathaoireacha, bainfidh sibh díobh a gclócaí, cuirfidh uathu a n-éide bhróidnéirithe. Gléasfaidh siad iad féin agus scanradh orthu; suífidh siad ar an talamh ag crith gan stad, agus uafás orthu mar gheall ortsa. Tógfaidh siad olagón ar do shon agus déarfaidh leat: ' Níl rian díot fágtha ar na farraigí, a chathair iomráiteach, a bhí láidir tráth ar an bhfarraige, tú féin agus d' áitritheoirí a raibh an tír mhór uile scanraithe agaibh. Anois critheann na hinsí lá do thurnaimh; is cúis imní d' imeacht ag insí na farraige.' «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a scriosfaidh mé thú mar chathair agus tú a fhágáil amhail cathracha gan lucht cónaithe iontu, nuair a thabharfaidh mé an t-aigéan aníos os do chionn agus nuair a chlúdóidh na huiscí móra thú; ansin teilgfidh mé síos thú leis an dream a théann síos go Seól, mar a bhfuil muintir an tseansaoil, agus suífidh mé thú thíos in íochtar an domhain in uaigneas síoraí leis an dream a théann síos go Seól, ionas nach mbeidh áit agat choíche arís i dtír na mbeo. Déanfaidh mé uafás díot; ní mhairfidh tú níos mó. Cé go mbeifear ar do lorg ní bheidh teacht ag aon duine ort choíche arís an Tiarna Dia a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, caoin an Tuír. Abair leis an Tuír, an chathair atá suite ar bhruach na farraige agus a dhéanann gnó leis an bpobal ar a lán insí: Seo mar a deir an Tiarna: A Thuír, dúirt tusa: ' Tá mé thar a bheith sciamhach.' Shín do theorainn amach go farraige; thug na saoir do sciamh chun foirfeachta. Rinne siad do chláir uile as crainn ghiúise Shainír. Thug siad céadras ón Liobáin a dhéanfadh crann seoil duit. As daracha Bháiseán a rinne siad do rámhaí. Chuir siad do bhord le chéile le péine as Insí na Mara, agus é maisithe le heabhar. Ba línéadach mín ón Éigipt, ar a raibh obair bhróidnéirithe, do sheol agus do mheirge ar aon. Ba ghorm corcra do scáthbhrat ó insí Eilíseá. Ba de mhuintir Shíodóine agus Arvad do rámhaithe; bhí do shaoithe ar bord, a Thuír, mar lucht stiúrtha. Bhí sinsir Ghabal, agus a fir dheaslámhacha ionat, ag calcadh do shiúntaí. Bhíodh loingeas na farraige uile agus a bhfoirne mairnéalach ar cuairt trádála agat. «Bhí fir na Peirse, Lúd agus Pút, ar do shlua gaiscíoch; chrochaidís an sciath agus an ceannbheart ionat; chuiridís le do dhea-chlú. Bhí fir Arvad le do shlua ar do bhallaí máguaird agus fir Ghamád i do thúir. Chrochaidís a sciath ar do bhallaí máguaird; thug siad do scéimh chun foirfeachta. Bhí Tairsís ag trádáil leat mar gheall ar mhéid do shaibhris. Malartaíodh airgead, iarann, stán agus luaidhe ar d' earraí. Bhí Iáván, Túbal agus Meisic ag trádáil leat; mhalartaídís daoine agus soithigh phráis ar d' earraí. Mhalartaíodh muintir Bhéit Tógarmá capaill, capaill chogaidh agus miúileanna ar d' earraí. Bhí fir Dhéadán ina gceannaithe agat; bhí margaí mórán oileán faoi do réir; d' íoc siad thú le starrtha eabhair is éabainn. Bhí trádáil ag Eadóm leat mar gheall ar iomad d' earraí; dhíolaidís ar do mhargadh carmhogail, corcra, obair bhróidnéirithe, línéadach mín, coiréal agus rúibíní. Bhí trádáil ag Iúdá agus ag tír Iosrael leat fosta; dhíolaidís ar do mhargadh cruithneacht Mhinnít, [céir], mil, ola agus balsam. Bhí an Damaisc ina ceannaí agat mar gheall ar fhlúirse d' earraí agus méid do shaibhris, fíon Heilbeon agus olann bhán ó Záchar. Thug Dán agus Iáván, ó Úzál amach, iarann buailte, caisia agus calmas duit ar d' earraí. Bhí Déadán ag trádáil leat i gcídeoga capaill. Bhí an Aráib agus prionsaí uile Chéadar ag trádáil leat in uain, i reithí agus i ngabhair. Thrádáil ceannaithe Sheabá agus Rámá leat, ag malartú leat ar d' earraí togha na n-uile spíosraí, clocha luachmhara agus ór. Thrádáil Hárán, Canae, Éidin, ceannaithe Sheabá, Aisiúr agus Chilmead leat. Thrádáil siad leat in éadaí luachmhara, i gclócaí corcra ar a raibh obair bhróidnéirithe, i mbrait ildathacha agus i gcorda casta téagrach. Tháinig longa Thairsís trasna na farraige chun do mhargaidh. Bhí lasta mór lomlán ort i gceartlár na farraige. Rámhaigh do rámhaithe thú amach ar an bhfarraige mhór. Bhris an ghaoth anoir thú i gceartlár na farraige. Do shaibhreas, d' earraí, do lasta, d' fhoireann, do mhairnéalaigh, do chalcairí, do cheannaithe, do fhir chogaidh atá ar bord, agus do chomhluadar uile; rachaidh siad uile go tóin poill i gceartlár na farraige lá do longbhriste. Nuair a sheolfaidh scread na mairnéalach ina gcluasa, crithfidh muintir na gcóstaí. Tiocfaidh na rámhaithe anuas dá longa; na mairnéalaigh agus lucht farraige uile, fanfaidh siad ar an gcladach. Tógfaidh siad olagón ar do shon, ag caoineadh go géar goirt. Caithfidh siad deannach ar a gcinn, ag únfairt i luaithreach. Bearrfaidh siad a gcinn ar do shon, crioslóidh iad féin le sacéadach, caoinfidh siad ar do shon le doilíos croí go géar goirt. Tógfaidh siad olagón agus lógóireacht os do chionn, agus iad ag caoineadh ar do shon: Cé riamh a scriosadh mar a scriosadh an Tuír i lár na farraige? Nuair a tháinig do lastaí i dtír chothaigh tú a lán daoine; shaibhrigh tú ríthe an domhain le méid do mhaoine is d' earraí. Tá tú scriosta anois ag na huiscí, i ndoimhneacht na farraige móire; tá do lasta agus d' fhoireann báite mar aon leat féin. Scanraigh an chinniúint muintir na n-insí; tá uafás ar na ríthe iontu agus cuma bhuartha ar a ngnúiseanna. Tá aos trádála na gciníocha ag fonóid fút; tháinig deireadh tubaisteach leat agus ní bheidh tú ann arís choíche.'» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dúirt tú le teann mórchúise: Is dia mé, suím in ionad Dé i lár na farraige. Cé gur duine thú agus nach dia, measann tú bheith ar aon chéim le Dia. Is eagnaí thú ná Dainéil; níl aon rún ceilte ort. Le gaois agus le tuiscint ghnóthaigh tú saibhreas; chruinnigh tú ór agus airgead i do chistí. Mhéadaigh tú do stór le do chríonnacht i gcúrsaí gnó; bhorr do chroí de thairbhe do mhaoine. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Measann tú bheith ar aon chéim le Dia. Féach, tabharfaidh mé coimhthígh anuas ort, an náisiún is barbartha ar na náisiúin; tarraingeoidh siad an claíomh in aghaidh scéimh d' eagna, truailleoidh siad do ghlóir. Teilgfidh siad síos thú go Seól, agus gheobhaidh tú anbhás i gceartlár na farraige móire. An ndéarfaidh tú fós: 'Is dia mé,' i láthair lucht do mharfa? Ní hea, is duine thú agus ní dia, agus tú i lámha marfóirí! Éagfaidh tú le láimh an choimhthígh amhail duine gan timpeallghearradh. Mise a dúirt an Tiarna Dia a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: «A mhic an duine, caoin rí na Tuíre agus abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Rug tú craobh na foirfeachta leat le feabhas do ghaoise, agus le maise do scéimhe; bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t-iomlán an lá ar cruthaíodh thú. Chuir mé thú i gcuideachta ceiribín ungtha choimhdeachta; bhí tú ar shliabh naofa Dé, shiúil tú i measc na n-aibhleog dearg-the. Bhí d' iompar gan locht ón lá ar cruthaíodh thú go dtí gur tháinig an t-olc fad leat. Ba é do thrádáil ghnóthach a líon le foréigean agus le peaca thú. Chaith mé síos thú mar rud truaillithe ó shliabh Dé; theilg an ceiribín coimhdeachta amach thú as lár na n-aibhleog te. D' éirigh do chroí teann as do scéimh, thruailligh tú do ghaois mar gheall ar do niamhracht. Theilg mé síos go talamh thú, nocht mé thú os comhair ríthe ionas go mbainfidís lán na súl asat. Le hiomad do pheacaí agus caimiléireacht do ghnóthaí, thruailligh tú do shanctóirí; bhain mé tine asat le do dhó, rinne mé luaithreach díot ar an talamh os comhair gach duine a chonaic thú. Is uafás thú ag do lucht aitheantais uile; is tubaisteach an chríoch a d' imigh ort; ní bheidh tú ann arís choíche.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shíodóine agus tairngir ina héadan. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach! tá mise i do choinne, a Shíodón; foilseoidh mé mo ghlóir tríotsa, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a ghearrfaidh mé breithiúnais uirthi, agus nuair a thaispeánfaidh mé mo naofacht inti. Cuirfidh mé plá inti agus fuil ag rith ar na sráideanna. Titfidh na mairbh inti leis an gclaíomh ina timpeall ar gach taobh, agus tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna. Ní bheidh na comharsana tarcaisneacha arís mar dhris a scríobann, nó mar dhealg a stróiceann muintir Iosrael. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a bhaileoidh mé muintir Iosrael as na ciníocha ina bhfuil siad scaipthe, is mar seo a thaispeánfaidh mé mo naofacht ina measc os comhar na gciníocha. Cuirfidh siad fúthu ina dtír féin, an tír a thug mé do Iacób, mo sheirbhíseach. Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.» Sa deichiú bliain, ar an dara lá déag den deichiú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, iompaigh i dtreo Fhorainn, rí na hÉigipte, agus tairngir ina éadan agus in éadan na hÉigipte uile. Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d' aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: 'Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].' Cuirfidh mé duáin trí do ghialla agus tabharfaidh ar éisc do shruthán dul i bhfostú i do lanna. Tabharfaidh mé aníos thú as do shrutháin agus éisc uile do shruthán i bhfostú i do lanna. Caithfidh mé amach san fhásach thú, tú féin agus éisc uile do shruthán; titfidh tú ar mhachaire lom, gan do chruinniú le chéile ná do chur sa talamh. Tabharfaidh mé mar bhia thú do bheithígh an mhachaire agus d' éanlaith an aeir, ionas go dtuigfidh muintir uile na hÉigipte gur mise an Tiarna. Óir bhí tusa mar bhata giolcaí ag muintir Iosrael. Nuair a rug siad greim ort bhris tú ina lámha, agus réab a nguaillí uile; nuair a lig siad taca leat bhris tú arís agus chuir a leasracha ar crith. «Ar an ábhar sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé an claíomh anuas ort agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch. Fágfar an Éigipt ina fásach lom agus tuigfear ansin gur mise an Tiarna. De bhrí go ndúirt sé: 'Is liomsa an Níl, mise a rinne í'; dá bhrí sin tá mise i do choinne agus i gcoinne do shruthán. Fágfaidh mé an Éigipt ina fásach lom folamh ó Mhigdeol go Saené, fad le teorainn na hAetóipe. Ní rachaidh cos duine tríd, ní mó a rachaidh crúb beithígh tríd; fágfar é gan cónaí ann go ceann daichead bliain. Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha. Seo mar a deir an Tiarna Dia: i gcionn daichead bliain cruinneoidh mé na hÉigiptigh ó na ciníocha a raibh siad scaipthe ina measc. Tabharfaidh mé braighdeanaigh na hÉigipte ar ais agus socróidh mé iad i dtír Phatros, tír a ndúchais, áit a ndéanfaidh siad ríocht uiríseal. Beidh sí ar an ríocht is uirísle dá mbeidh ann agus ní bheidh smacht aici níos mó ar na ciníocha eile. Laghdóidh mé í ionas nach mbeidh sí arís i gceannas ar na ciníocha. Ní hé amháin nach mbeidh sí ina crann taca ag muintir Iosrael ach cuirfidh sí a peacaí i gcuimhne do Iosrael nuair a iarrfaidh Iosrael cuidiú uirthi. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.» Sa seachtú bliain is fiche, ar an gcéad lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, thug Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ar a shlua saothar mór a dhéanamh in aghaidh na Tuíre. Rinneadh maol gach ceann agus lomadh craiceann gach gualainne; ach ina ainneoin sin ní bhfuair sé féin ná a shlua aon bhuntáiste ón Tuír ar son an tsaothair seo ina haghaidh. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé tír na hÉigipte do Nabúcadnazar, rí na Bablóine; tabharfaidh sé leis a maoin go léir idir éadáil agus chreach mar thuarastal dá shlua. Tá mé ag tabhairt tír na hÉigipte dó mar luach a shaothair de bhrí gur oibrigh sé ar mo shonsa an Tiarna Dia a labhraíonn. «An lá sin tabharfaidh mé ar adharc eascairt as muintir Iosrael agus ligfidh mé duit do bhéal a oscailt chun labhairt leo. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Caoin:' Mairg don lá!' Óir tá an lá ar láimh, tá lá an Tiarna ar láimh; lá dorcha, scamallach a bheidh ann, deireadh ré do na ciníocha. Tiocfaidh an claíomh ar an Éigipt; beidh scanradh ar an Aetóip nuair a thitfidh na mairbh san Éigipt, nuair a bhéarfar ar shiúl a maoin agus go réabfar a bunsraith. «Muintir na hAetóipe, Pút agus Lúd, muintir na hAráibe agus na Libe, agus muintir thír an chonartha; titfidh siad ina gcuideachta leis an gclaíomh. Seo mar a deir an Tiarna: Titfidh lucht taca na hÉigipte, rachaidh a neart mórchúiseach i laige, titfidh siad inti leis an gclaíomh ó Mhigdeol go Saené an Tiarna Dia a labhraíonn. Bánófar í i measc na dtíortha a bheidh bánaithe, scriosfar a cathracha i measc na gcathracha a bheidh scriosta. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna, nuair a chuirfidh mé tine leis an Éigipt, nuair a bhrisfear a tacaí go léir. «An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht! Seo mar a deir an Tiarna Dia: Coscróidh mé sluaite na hÉigipte le láimh Nabúcadnazar, rí na Bablóine. É féin agus a shlua, an dream is barbartha amuigh, tabharfar isteach iad leis an tír a chreachadh. Tarraingeoidh siad claíomh i gcoinne na hÉigipte, agus líonfaidh siad an tír le corpáin. Triomóidh mé aibhneacha na Níle, díolfaidh an fearann le sladaithe, bánóidh an fearann le sladaithe, bánóidh mé an tír agus a bhfuil inti le cuidiú na gcoimhthíoch. Mise, an Tiarna, a dúirt. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Scriosfaidh mé fós na híola, cuirfidh mé críoch le híomhánna Nof Fágfar an Éigipt gan taoiseach, scanróidh mé tír uile na hÉigipte. Bánóidh mé Patros, cuirfidh tine le Zoan, gearrfaidh breithiúnas ar Nó. Doirtfidh mé díoltas ar Shín, daingean na hÉigipte, coscroidh mé sluaite Nó. Cuirfidh mé tine leis an Éigipt, beidh Sín faoi chlúdach scamaill, réabfar Nó as a chéile, beidh Nof i sáinn ó lá go lá. Titfidh macra Ón agus Phí Beisit, leis an gclaíomh, rachaidh mná na gcathracha i mbraighdeanas. Dorchóidh an lá i dTachpanaes nuair a bhrisfidh mé cuing na hÉigipte ansin, nuair a thiocfaidh deireadh lena neart mórchúiseach. Beidh sí faoi chlúdach scamaill, rachaidh a hiníonacha i mbraighdeanas. «Sin mar a ghearrfaidh mé breithiúnas ar an Éigipt. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.» San aonú bliain déag, ar an seachtú lá den chéad mhí, tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, bhris mé géag Fhorainn, rí na hÉigipte; ní dhearnadh é a cheangal lena leigheas, níor cuireadh bindealán air lena dhéanamh éifeachtach arís i gceann claímh. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé in aghaidh Fhorainn, rí na hÉigipte, agus brisfidh mé a ghéaga, an ceann slán agus an ceann a bhí briste cheana, agus tabharfaidh mé ar an gclaíomh titim as a láimh. Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha. Neartóidh mé géaga rí na Bablóine agus cuirfidh mé mo chlaíomh ina láimh; ach brisfidh mé géaga Fhorainn agus beidh gach aon chnead as i láthair a namhad amhail duine a goineadh go marfach. Neartóidh mé géaga rí na Bablóine ach titfidh géaga Fhorainn; agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna. Nuair a chuirfidh mé mo chlaíomh i láimh rí na Bablóine sínfidh sé amach é ar thír na hÉigipte. Ruaigfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha agus scaipfidh mé iad ar fud na dtíortha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.» San aonú bliain déag, ar an chéad lá den tríú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, abair le Forann, rí na hÉigipte, agus lena ghéillsinigh: Cad leis is cosúil tú i do mhórgacht? Le céadras sa Liobáin gan amhras, le géaga breátha, beangáin dhlútha agus stoc ard, a bharr i measc na néalta. Chothaigh na huiscí é, thug an duibheagán air fás go hard, trína aibhneacha a chur ag sní thar láthair a fhréamhaithe, a shrutháin chun crainn uile na foraoise. Uime sin d' fhás sé níb airde ná na crainn eile; mhéadaigh a bheangáin, shín a ghéaga amach de thairbhe flúirse an uisce a tháinig fad leis. Neadaíodh ina ghéaga éanlaith uile an aeir; bheireadh na hainmhithe allta uile a n-óga faoina chraobhacha; shuíodh faoina scáile daoine de gach sórt. Ba bhreá a mhéid agus fad a bheangán, chuaigh na fréamhacha síos i bhflúirse an uisce. Ní raibh céadras inchurtha leis i ngairdín Dé; ní raibh a leithéid de ghéaga ag giúis ar bith, ná a leithéid de bheangáin ag crann plána, ná a leithéid de scéimh ag aon chrann i ngairdín Dé. Rinne mé dóighiúil é lé hiomad a ghéag; bhí gach crann in éad leis in Éidin, i ngairdín Dé. «Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur fhás sé in airde agus gur bhain a bharr na néalta amach, agus gur éirigh sé teann as a airde, thug mé suas é do thaoiseach na gciníocha, leis an drochíde atá tuillte aige a thabhairt dó go dearfa. Chaith mé uaim é. Gearradh anuas é ag coimhthígh, an dream is barbartha amuigh, agus caitheadh ar leataobh é. Tá a ghéaga scaipthe ar na sléibhte agus san uile ghleann; tá a bheangáin bhriste ag líonadh gach cumair sa tír; d' imigh gach duine sa tír óna scáth agus thréig é. Tuirlingíonn éanlaith uile an aeir ar an raic; tá pluaiseanna ag na hainmhithe allta faoina chraobhacha. As seo amach ná fásadh aon chrann in airde mhór le hais na n-uiscí, ná baineadh barr aon chrainn na néalta amach, ná síneadh aon chrann dea-uiscithe a airde iomlán ina dtreo. Tá an bás i ndán dóibh uile, an réigiún in íochtar na talún mar a dtéann daoine i gcoitinne chomh maith leosan a théann síos go Seól. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ndeachaigh sé síos go Seól, thug mé ar an duibheagán caoineadh ar a shon trína aibhneacha a chosc agus a bhflúirse uisce a dhul i ndísc. Chuir mé an Liobáin faoi ghruaim ar a shon agus thug ar chrainn uile na páirce seargadh. Chuir mé na ciníocha ar crith le callán a thitime nuair a theilg mé síos é go Seól ina gcuideachta siúd a théann síos sa pholl. Sa réigiún thíos ghlac crainn uile Éidin sólás, crainn uaisle áille uile na Liobáine a chothaítí lé huisce. Na ciníocha a dhéanadh cónaí faoina scáth, chuaigh siad uile síos leis go Seól chucu siúd a bascadh leis an gclaíomh. «An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh. «Is é seo Forann agus a ghéillsinigh an Tiarna Dia a labhraíonn.» Sa dara bliain déag, ar an gcéad lá den dara mí déag, tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, caoin Forann, rí na hÉigipte, agus abair leis: Ba dhóigh leat gur leon óg thú i measc na gciníocha. Ach is crogall thú sna farraigí; brúchtann tú i d' aibhneacha, corraíonn tú na huiscí le do spága, salaíonn tú na sruthanna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Leathfaidh mé m' eangach os do chionn agus tú i gcomhluadar a lán pobal; tabharfaidh siad aníos i m' eangach thú. Fágfaidh mé ansin ar an talamh thú, teilgfidh mé amach ar an mblár folamh thú, tabharfaidh mé ar an éanlaith tuirlingt ort agus ar bheithígh an domhain thú a alpadh. Scaipfidh mé do chuid feola ar na sléibhte, agus líonfaidh mé na gleannta le do chonablach. Fliuchfaidh mé le do shruth fola an talamh fad leis na sléibhte; agus beidh na claiseanna lán díot. Nuair a scriosfaidh mé thú clúdóidh mé na spéartha, agus dorchóidh mé na réaltaí; cuirfidh mé smúid ar an ngrian le scamall agus ní thabharfaidh an ghealach a solas. Tabharfaidh mé ar shoilse uile na spéire múchadh os do chionn, agus ar an dorchadas titim anuas ar do thír an Tiarna Dia a labhraíonn. «Cuirfidh mé buaireamh croí ar a lán daoine nuair a scriosfar thú os comhair na gciníocha, tíortha nach eol duit. Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu. Óir seo mar a deir an Tiarna Dia: Tiocfaidh claíomh rí na Bablóine ort. Tabharfaidh mé ar do shlua titim le claimhte na gcumhachtach, gach duine díobh ar an dream is barbartha ar na ciníocha. Cuirfidh siad ar neamhní mórchúis na hÉigipte agus caillfear a pobal uile. Scriosfaidh mé an uile bheithíoch ar bhruach na n-uiscí móra. Ní chorróidh cos duine iad níos mó, ní chorróidh crúb beithígh iad ach oiread. Déanfaidh mé na huiscí gléghlan agus cuirfidh mé na srutháin ag rith mar ola an Tiarna Dia a labhraíonn. Nuair a bhánóidh mé tír na hÉigipte, nuair a fhágfar í ina fásach folamh, nuair a bhascfaidh mé a gcónaíonn inti, tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna. «Sín é an caoineadh a thógfar; iníonacha na gciníocha a thógfaidh é. Tógfaidh siad é ar son na hÉigipte agus ar son a pobail uile an Tiarna Dia a labhraíonn.» Sa dara bliain déag, ar an gcúigiú lá déag [den chéad mhí], tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, caoin pobal mór na hÉigipte; seol síos iad, ise agus iníonacha na gciníocha uaisle, in íochtar an domhain, chucu siúd atá imithe síos go Seól: An áille tusa ná aon duine? Gabh síos, agus luigh leis an dream gan timpeallghearradh.' «Titfidh siad i measc an dream a maraíodh leis an gclaíomh; luífidh a sluaite uile ina cuideachta. Labhróidh na gaiscígh mhóra i Seól agus a lucht cúnta léi: '[Tar] anuas agus [luigh] leis an dream gan timpeallghearradh, a thit leis an gclaíomh.' «Tá an Asaír ansin agus a comhluadar uile, a n-uaigheanna ina timpeall; tá siad go léir marbh, arna dtitim leis an gclaíomh. Tá siad curtha i bhfíoríochtar Sheól agus a slua timpeall a huaighe, gach duine acu marbh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. «Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d' imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól. Chóirigh siad leaba di i measc na marbh, lena slua uile timpeall a huaighe; gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól. Tá siad curtha ansin i lár na marbh. «Tá Meisic agus Túbál ansin agus a gcomhluadar uile agus a n-uaigheanna thart timpeall, gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh; óir bhí tír na mbeo ar uafás rompu. [Luíonn] siad le gaiscígh an tseansaoil, leosan a chuaigh síos go Seól in éide chatha, ar leagadh a gclaimhte faoina gcinn agus a sciatha ar a gcnámha; óir bhí tír na mbeo ar uafás roimh na gaiscígh seo. Brisfear thú mar sin agus luífidh tú leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a thit leis an gclaíomh. «Tá Eadóm ansin, a ríthe agus a prionsaí uile, ina luí leosan a thit leis an gclaíomh in ainneoin a ngaisce. Luíonn siad leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a chuaigh síos go Seól. «Tá prionsaí uile an tuaiscirt agus muintir na Síodóine uile ansin, imithe síos faoi náire leis na mairbh, cé gur spreag siad uafás lena gcumhacht. Luíonn siad ansin gan timpeallghearradh leosan a thit leis an gclaíomh. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól. «Feicfidh Forann iad agus glacfaidh sé sólás nuair a fheicfidh sé méid an tslua a thit leis an gclaíomh, Forann agus a shlua go léir an Tiarna a labhraíonn. Eisean a raibh tír na mbeo ar uafás roimhe, luíonn sé anois leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a thit leis an gclaíomh, Forann, agus a phobal uile. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.» An Fáidh mar Fhear Faire «A mhic an duine, labhair le do mhuintir féin agus abair leo: Má thugaim an claíomh i gcoinne tíre ar bith, toghadh pobal na tíre sin fear dá muintir féin agus cuiridís ar garda é. Má fheiceann sé an claíomh ag teacht i gcoinne na tíre, séideadh sé an trumpa leis an bpobal a chur ar a bhfaichill. Má chluineann duine fuaim an trúmpa agus nach dtugann aird air, tiocfaidh a chlaíomh suas leis agus bascfaidh é. Beidh sé freagrach ina bhás féin. Chuala sé an trumpa agus níor thug aird air; beidh sé freagrach ina bhás féin. Ach an fear a thabharfaidh aird, tabharfaidh sé a bheatha slán. «Má fheiceann an garda an claíomh ag teacht, áfach, agus nach séideann an trumpa ionas nach gcuirtear an pobal ar a bhfaichill; agus má thagann an claíomh agus teacht suas le duine amháin acu, gheobhaidh an duine seo bás de bharr a pheaca ach beidh an garda freagrach ina bhás. «A mhic an duine, tá tusa ceaptha agam mar gharda do mhuintir Iosrael; aon uair a chluineann tú focal uaimse cuir ar a bhfaichill iad thar mo cheannsa. Má deirim le drochdhuine: A dhrochdhuine, éagfaidh tú gan teip; agus nach dtugtann tusa rabhadh dó iompú ó bhealach a aimhleasa, gheobhaidh an drochdhuine sin bás de bharr a pheaca ach cuirfidh mé an fhreagracht ortsa. Ach má thugann tú rabhadh don drochdhuine iompú óna aimhleas agus nach n-iompaíonn sé, gheobhaidh sé bás de bharr a pheaca ach tabharfaidh tusa do bheatha slán. «A mhic an duine, abair le muintir Iosrael: Seo mar a labhraíonn tú de shíor: 'Tá ár bpeacaí agus ár gcionta mar ualach trom orainn agus táimid ag meath mar gheall orthu. Cad é mar a fhéadaimid maireachtáil?' Abair leo: 'Dar mo bheo an Tiarna Dia a labhraíonn ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n-iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?' «A mhic an duine, abair tusa le do phobal: Ní shaorfaidh a fhíréantacht an fíréan nuair a pheacaíonn sé; ní dhaorfaidh a pheacaí an peacach nuair a iompaíonn sé uathu; ní thig leis an bhfíréan maireachtáil le taca a fhíréantachta chomh luath agus a pheacaíonn sé. Má deirim leis an bhfíréan go mairfidh sé cinnte, agus má dhéanann sé talamh slán dá fhíréantacht agus go bpeacaíonn, ní chuimhneofar ar aon phioc dá fhíréantacht, ach éagfaidh sé sa pheaca a rinne sé. Má deirim, áfach, le peacach: 'Tá an bás i ndán duit cinnte'; agus go n-iompaíonn sé óna pheaca, agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir; má thugann an peacach ar ais an geall fiach, má thugann uaidh ar shlad sé, má chloíonn sé le reachtanna na beatha, ag seachaint an pheaca; mairfidh sé go deimhín, ní éagfaidh sé. Ní chuimhneofar níos mó ina choinne ar pheaca ar bith dá ndearna sé; rinne sé mar is ceart agus mar is cóir, mairfidh sé go deimhin. «Ach deir do phobal: 'Tá an Tiarna ag déanamh éagóra'; nuair is iad féin a dhéanann an éagóir. Nuair a thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr. Nuair a thréigeann an peacach a pheacaí le ceart agus cóir a dhéanamh, mairfidh sé dá bharr. Deir sibhse, áfach: 'Tá an Tiarna ag déanamh éagóra'; ach roinnfidh mé le gach duine agaibh de réir a bhealaí, a mhuintir Iosrael.» Sa dara bliain déag dár mbraighdeanas, ar an gcúigiú lá den deichiú mí, tháinig fear ar a theitheadh ó Iarúsailéim agus dúirt: «Tá an chathair gafa.» Tharla go raibh lámh an Tiarna orm an tráthnóna sular tháinig an fear ar a theitheadh; bhí mo bhéal oscailte aige sular tháinig an fear an mhaidin dár gcionn. Osclaíodh mo bhéal agus ní raibh mé balbh a thuilleadh. Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, deir áitritheoirí an fhásaigh i dtír Iosrael: 'Bhí Abrahám ina aonar nuair a ghabh sé oidhreacht na dúiche seo. Ach tá a lán againne ann anois agus is linne, ar ndóigh, an tír mar oidhreacht.' «Tá go maith, abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Itheann sibh feoil a bhfuil fuil inti, tógann sibh bhur súile chun bhur n-íol, agus doirteann sibh fuil; an síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún? Seasann sibh ar bhur gclaimhte, déanann sibh cionta gránna agus truaillíonn gach fear agaibh bean a chomharsan. An síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún? «Abair seo leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, na daoine atá san fhásach titfidh siad cinnte leis an gclaíomh; an fear ar an mblár folamh tabharfaidh mé do na hainmhithe allta é lena alpadh; éagfaidh lucht na ndaingean agus na bpluaiseanna leis an bplá. Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís. Ansin tuigfidh siad gur mise an Tiarna, nuair a bhánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír mar gheall ar na cionta gránna go léir a rinne siad.» «A mhic an duine, tá do mhuintir ag caint ort ar na ballaí agus ag doirse na dtithe. Deir siad lena chéile: 'Tar agus éist leis an mbriathar a ghabh amach ón Tiarna.' Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte. Féachann siad ortsa mar a bheadh [duine a chanann] amhrán grá ann á ghabháil go binn le tionlacan gléas ceoil. Éisteann siad le do bhriathra, ach ní dhéanann beart dá réir. Nuair a thiocfaidh seo i gcrích, agus tiocfaidh gan teip, tuigfidh siad go raibh fáidh ina measc.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, tairngir i gcoinne tréadaithe Iosrael. Tairngir agus abair leo, is é sin, leis na tréadaithe: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mairg do thréadaithe Iosrael a bheathaíonn iad féin! Nár chóir do thréadaithe an tréad a bheathú? Itheann sibhse an tsaill, gléasann sibh sibh féin le holann, maraíonn sibh an beithíoch biata, ach ní bheathaíonn sibh an tréad. Níor neartaigh sibh an t-easlán, níor leigheas an chaora thinn, níor cheangail sibh an bacach, níor thug ar ais an seachránaí, níor chuardaigh sibh an ceann a bhí caillte. Ba le láimh laidir throm a rialaigh sibh iad. De cheal tréadaí scaipeadh iad, ina gcreach ag na hainmhithe allta. Scaipeadh mo chaoirigh, chuaigh siad ar seachrán ar an uile shliabh agus ar an uile chnoc ard; scaipeadh mo chaoirigh ar fud an domhain gan aon duine lena lorg nó lena gcuardach. «Dá bhrí sin, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna. Dar mo bheo an Tiarna Dia a labhraíonn de bhrí go bhfuil mo chaoirigh mar chreach agus mar chothú ag na hainmhithe allta de cheal tréadaí, agus de bhrí nár bhac na tréadaithe leis na caoirigh a lorg, ach gur bheathaigh siad iad féin agus nár bheathaigh siad mo chaoirigh; dá bhrí sin uile, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé na tréadaithe chun cúitimh. Bainfidh mé na caoirigh díobh agus ní ligfidh mé dóibh mo chaoirigh a bheathú níos mó. Ní bheathóidh na tréadaithe iad féin ach oiread as seo amach; sábhálfaidh mé mo chaoirigh óna mbéal. Ní bheidh siad mar chreach le hithe acu a thuilleadh. «Óir seo mar a deir an Tiarna Dia. Cuardóidh mé féin na caoirigh agus beidh a gcúram orm féin amháin. Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an tréadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe ar fán, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Déanfaidh mé iad a fhuascailt ó cibé áit ina ndeachaigh siad ar seachrán sa cheo agus sa dorchadas. Bainfidh mé amach as na ciníocha iad, baileoidh mé ó na tíortha iad, agus seolfaidh mé isteach ina ndúiche féin iad. Beathóidh mé iad ar shléibhte Iosrael, láimh leis na toibreacha agus i ngach uile áit chónaithe sa tír. Beathóidh mé iad in innilt mhéith agus beidh a mbanrach ar shléibhte arda Iosrael. Luífidh siad síos ansin i mbanrach mhaith agus beidh féarach méith acu ar shléibhte Iosrael. Beathóidh mise féin mo chaoirigh agus tabharfaidh orthu a scíste a ligean an Tiarna Dia a labhraíonn. Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh an t-easlán ina neart. [Tabharfaidh mé aire] don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaimse.» «Maidir libhse, a thréad, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tugaim breith idir caoirigh agus caoirigh, idir reithí agus pocáin. Ní leor libh innilt ar an bhféar méith ach satlaíonn sibh ar an gcuid eile le bhur gcrúba. Ní leor libh an t-uisce glan a ól ach truaillíonn sibh an chuid eile le bhur gcrúba. Caithfidh mo chaoirigh an féarach ar ar shatail sibh le bhur gcrúba a ithe agus an t-uisce a thruailligh bhur gcrúba a ól. Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tabharfaidh mise breith idir caora mhéith agus caora thanaí. De bhrí go mbrúnn sibh an uile easlán ar leataobh le bhur ngeadáin agus le bhur shlinneáin agus go mbuaileann sibh le bhur n-adharca iad leis an ruaig a chur orthu, déanfaidh mé mo chaoirigh a fhuascailt; ní bheidh siad ina gcreach a thuilleadh. Tabharfaidh mé breith idir caora agus caora. «Cuirfidh mé aon tréadaí amháin i gceannas, is é sin, mo sheirbhíseach Dáiví, agus beathóidh sé iad. Beathóidh sé iad agus beidh ina thréadaí acu. Beidh mise, an Tiarna, i mo Dhia acu agus beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina thaoiseach orthu. Mise, an Tiarna, a labhair. Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte. [Socróidh mé iad thart ar] mo chnoc agus tabharfaidh an fhearthainn dóibh in am trátha agus beidh sí ina fearthainn beannachtaí dóibh. Tabharfaidh crainn na tuaithe a dtoradh agus an talamh a biseach, agus beidh siad gan bhaol ar a bhfód dúchais. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a scaoilfidh mé ceangal a gcuinge agus iad a fhuascailt ó lucht a ndaoirse. Ní bheidh siad ina gcreach níos mó ag na ciníocha; ní bheidh siad á n-alpadh ag ainmhithe allta na tíre. Cónóidh siad gan bhaol agus ní bheidh aon duine ina chúis imní acu choíche. Cuirfidh mé rathúnas fáis sna páirceanna dóibh ionas nach gcaillfear níos mó iad le gorta sa bhaile agus nach mbeidh orthu cur suas níos mó le masla na gciníocha. Tuigfidh siad go bhfuil mise, a nDia, ina gcuideachta, agus gurb iadsan muintir Iosrael, mo phobal féin an Tiarna Dia a labhraíonn. Is sibhse mo chaoirigh, an tréad atá ar féarach agam, agus is mise bhur nDia an Tiarna Dia a labhraíonn. Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shliabh Shaeír agus tairngir ina éadan. Abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Shliabh Shaeír, tá mé i do choinne agus sínfidh mé mo lámh amach i do choinne; fágfaidh mé i do fhásach léirscriosta thú. Bánóidh mé do chathracha agus fágfar folamh thú; tuigfidh tú gur mise an Tiarna. De bhrí gur chothaigh tú ionat féin de shíor an fhearg agus gur thug tú suas clann Iosrael don chlaíomh le linn a mí-áidh, le linn a bpíonóis deiridh; dá bhrí sin, dar mo bheo an Tiarna Dia a labhraíonn tabharfaidh mé suas chun fola thú agus leanfaidh fuil thú. De bhrí gur ciontach thú i ndoirteadh fola dearbhaím go dtiocfaidh doirteadh fola suas leat. Fagfaidh mé Sliabh Shaeír ina fhásach léirscriosta agus fágfaidh mé gan taistealaí ann ná as. Líonfaidh mé a shléibhte le corpáin; an dream a maraíodh leis an gclaíomh titfidh siad ar do chnoic, i do ghleannta agus i d' uile chumar. Fágfaidh mé thú i d' fhásach buan agus ní fhillfear ar do chathracha cónaithe. Tuigfidh tú ansin gur mise an Tiarna. «De bhrí go ndúirt tú: 'Is liomsa an dá chine agus an dá thír seo: rachaimid ina seilbh san áit ina mbíodh an Tiarna.» Dá bhrí sin, dar mo bheatha an Tiarna Dia a labhraíonn roinnfidh mé leat de réir d' fheirge agus na haingíochta céanna a bhain le do fhuath féin ina n-aghaidh. Cuirfidh mé mé féin in aithne dóibh nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ortsa. Agus beidh fhios agat gur chuala mise, an Tiarna, an uile mhasla dar thug tú in aghaidh shléibhte Iosrael, a leithéid seo: 'Bánaíodh iad, fágtar againne iad lena gcreachadh.' Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm! Seo mar a deir an Tiarna Dia: Bánóidh mé thú, rud a chuirfidh áthas croí ar an tír uile. De bhrí gur bhain tú aoibhneas as nuair a bánaíodh oidhreacht mhuintir Iosrael, déanfaidh mé amhlaidh leatsa, a Shliabh Shaeír: bánófar thú agus Eadóm uile mar an gcéanna. Tuigfidh na daoine gur mise an Tiarna.» A mhic an duine, tairngir do shléibhte Iosrael, agus abair: A Shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur mhaslaigh an namhaid sibh, á rá go fonóideach: 'Is linne anois na sléibhte cianaosta seo', tairngir uime sin agus abair: Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí gur bánaíodh, sea, agus gur scriosadh sibh ó gach taobh ionas go ndeachaigh na ciníocha eile i seilbh oraibh agus gur thosaigh cúlchaint agus scéalta mailíseacha ag dul thart i measc an phobail fúibh; dá bhrí sin, a shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta, le fásaigh loma agus cathracha bánaithe atá ina gcreach agus ina gceap magaidh ag na ciníocha máguaird: sea, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím é dar cuthach m' éada i gcoinne na gciníocha eile agus i gcoinne Eadóm uile a shealbhaigh agus a chreach mo thír-se le tréan áthais agus tarcaisne. Ar an ábhar sin tairngir mar gheall ar thír Iosrael. Abair leis na sléibhte agus leis na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhraím le cuthach éada de bhrí gur maslaíodh sibh ag na ciníocha. Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Dearbhaím go maslófar na ciníocha máguaird chomh maith libhse. «A shléibhte Iosrael, fásfaidh bhur ngéaga agus tabharfaidh sibh torthaí ar son mo mhuintire, Iosrael, a fhillfidh go luath. Sea, tá mise ar bhur son, fillfidh mé chugaibh; treabhfar agus síolfar sibh. Socróidh mé líon daoine oraibh, muintir Iosrael go hiomlán. Beidh pobal cónaithe sna cathracha arís agus atógfar na fothracha. Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna. A bhuí liomsa siúlfaidh daoine, mo mhuintir Iosrael oraibh arís; rachaidh siad i seilbh oraibh mar a n-oidhreacht, agus ní dhéanfaidh sibh slad ar a bpáistí choíche arís. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt na daoine libh: 'Is alpaire daoine sibh, déanann sibh slad ar pháistí an chine.' Ar an ábhar sin, ní alpfaidh sibh daoine níos mó: ní dhéanfaidh sibh slad ar pháistí an chine arís an Tiarna Dia a labhraíonn. Ní ligfidh mé arís daoibh masla na gciníocha a chloisteáil, ní bheidh oraibh arís éisteacht lé tarcaisne na gciníocha, ní [dhéanfaidh sibh slad arís] ar pháistí an chine an Tiarna Dia a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, nuair a chónaigh muintir Iosrael ina dtír féin thruailligh siad í lena ndrochimeachtaí. Bhí a n-iompar i mo láthairse neamhghlan mar fhuil mhíosúil mná. Scaoil mé mo chuthach leo de bharr na fola a dhoirt siad sa tír agus na n-íol lenar thruailligh siad í. Scaip mé iad i measc na gciníocha agus ruaig mé iad ar fud na dtíortha; ghearr mé breithiúnas orthu mar a thuill a n-iompar agus a mbearta. Agus anois, thruailligh siad m' ainm naofa i measc na gciníocha cibé áit a ndeachaigh siad, ionas go ndeirtear fúthu: 'Sin iad pobal an Tiarna, ach tá siad ar deoraíocht óna thír.' Ach bhí mé buartha faoi m' ainm naofa a thruailligh muintir Iosrael i measc na gciníocha mar a ndeachaigh siad. «Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m' ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh. Naomhóidh mé m' ainm mór a truaillíodh i measc na gciníocha, a thruailligh sibhse ina measc. Agus tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna an Tiarna Dia a labhraíonn nuair a naomhóidh mé mé féin ionaibh os comhair a súl. Bainfidh mé amach sibh as na ciníocha agus baileoidh sibh le chéile ó na coigríocha go léir agus tabharfaidh mé sibh abhaile chuig bhur dtír dhúchais. Croithfidh mé uisce glan oraibh agus beidh sibh glan; scagfaidh mé sibh ó bhur salachar uile agus ó bhur n-íola uile. Tabharfaidh mé croí nua daoibh fosta agus cuirfidh spiorad nua ionaibh; bainfidh mé an croí cloiche as bhur gcorp agus tabharfaidh croí feola daoibh ina áit. Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus tabharfaidh oraibh siúl de réir mo reachtanna agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go beacht. Cónóidh sibh sa tír a bhronn mé ar bhur n-aithreacha; beidh sibh in bhur bpobal agam agus beidh mise i mo Dhia agaibh. Glanfaidh mé sibh ó bhur salachar uile. Glaofaidh mé ar an arbhar, cuirfidh mé breis leis agus ní sheolfaidh mé gorta sa mhullach oraibh níos mó. Méadóidh mé toradh na gcrann agus na bpáirceanna ionas nach mbeidh masla an ghorta oraibh níos mó i measc na gciníocha. Ansin cuimhneoidh sibh ar bhur ndrochiompar agus ar bhur ndrochimeachtaí. Beidh gráin agaibh oraibh féin as bhur bpeacaí agus bhur ngníomhartha gránna. Bíodh fhios agaibh nach ar bhur sonsa a dhéanaim é seo an Tiarna Dia a labhraíonn. Bíodh náire agus imní oraibh mar gheall ar bhur n-iompar, a mhuintir Iosrael. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ghlanfaidh mé sibh ó bhur bpeacaí uile, líonfaidh mé na cathracha arís le daoine agus atógfar na fothracha. Saothrófar an talamh scriosta arís in áit é a fhágáil ina bhlár folamh os comhair cách a théann an bealach. Déarfaidh siad: 'An dúiche seo a creachadh is cuma í nó gairdín Éidin; agus na cathracha scriosta a bánaíodh agus a leagadh, tá siad daingean anois faoi líon mór daoine.' Tuigfidh na ciníocha máguaird gur mise, an Tiarna, a d' atóg na fothracha agus a d' ithchuir an fásach. Mise, an Tiarna, a labhair agus tabharfaidh mé chun críche é. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ligfidh mé do mhuintir Iosrael an gar eile seo a iarraidh orm, is é sin, a líon daoine a mhéadú amhail tréad, amhail tréad naofa, amhail tréad in Iarúsailéim ar na féilte sollúnta. Mar sin a líonfar na cathracha bánaithe le tréad daoine. Tuigfear ansin gur mise an Tiarna.» Leagadh lámh an Tiarna orm agus thug sé amach faoi luí spiorad an Tiarna mé. Chuir sé síos mé i lár gleanna a bhí lán de chnámha. Sheol sé thart mé ina measc; agus féach, bhí na múrtha acu ar an talamh ó cheann ceann an ghleanna, agus iad an-seargtha. Dúirt sé liom: «A mhic an duine, an féidir anam a theacht sna cnámha seo?» «Is agatsa atá a fhios sin, a Thiarna Dia,» arsa mise. Dúirt seisean: «Tairngir thar na cnámha seo agus abair leo: A chnámha seargtha, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na cnámha seo: Féach, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo. Leagfaidh mé féitheacha oraibh, cuirfidh mé feoil ag fás oraibh, clúdóidh mé sibh le craiceann, cuirfidh mé anam ionaibh agus beidh sibh beo; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.» De réir mar a ordaíodh dom, thairngir mé. Agus mé ag tairngreacht bhí tormán, sea, agus gliogarnaíl ann; agus tháinig na cnámha lena chéile. Nuair a d' amharc mé bhí féitheacha orthu, bhí feoil ag fás orthu agus bhí craiceann á gclúdach; ach ní raibh aon anáil iontu. Dúirt sé liom ansin: «Tairngir don anáil; tairngir, a mhic an duine, agus abair leis an anáil: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tar ó na ceithre ghaoth, a anáil, agus séid ar na marbháin seo chun go mbeidh siad beo.» Thairngir mé mar a dúradh liom agus tháinig an anáil isteach iontu. Bhí siad beo agus d' éirigh siad ina seasamh, slua ábhalmhór acu. Dúirt sé liom ansin: «A mhic an duine, is iad na cnámha seo muintir Iosrael uile. Féach, deir siad: 'Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn.' Tairngir dá bhrí sin agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a phobal liom, tá mé chun bhur n-uaigheanna a oscailt, chun sibh a thabhairt aníos as bhur n-uaigheanna, agus seolfaidh mé abhaile sibh go tír Iosrael. Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a osclóidh mé bhur n-uaigheanna, nuair a thabharfaidh mé aníos sibh as bhur n-uaigheanna, a phobal liom. Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é an Tiarna a labhraíonn.» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, glac chugat bata agus scríobh air: 'Thar ceann Iúdá agus chlann Iosrael i gcomhar leis.' Glac bata eile ansin agus scríobh air: 'Thar ceann Iósaef, bata Eafráim, agus muintir Iosrael uile atá i gcomhar leis.' Táthaigh le chéile iad in aon bhata amháin ionas go mba aon bhata amháin i do láimh iad. Nuair a deir do mhuintir leat: 'Mínigh ciall an scéil seo dúinn'; abair leo: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé chun bata Iósaef, atá i lámha Eafráim, a thógáil, agus clanna Iosrael atá i gcomhar leis; agus táthóidh mé le bata Iúdá é. Déanfaidh mé bata amháin astu ionas go mba aon iad i mo láimhse.' Nuair a bheidh na bataí ar a scríobhfaidh tú i do láimh os a gcomhair, abair leo: 'Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, glacfaidh mé chugam clann Iosrael ó na ciníocha mar a ndeachaigh siad. Baileoidh mé le chéile iad ó gach taobh agus seolfaidh mé abhaile iad chun a dtíre féin. Déanfaidh mé aon chine amháin astu sa tír ar shléibhte Iosrael, agus aon rí amháin a bheidh ina rí orthu uile. Ní bheidh dhá chine iontu a thuilleadh ná ní bheidh siad deighilte ina dhá ríocht. Ní thruailleoidh siad iad féin a thuilleadh lena n-íola agus a nithe gránna ná le haon chuid dá bpeacaí. Fuasclóidh mé iad ó na bearta fill ina raibh siad ciontach, agus glanfaidh mé iad. Beidh siadsan mar phobal agamsa agus beidh mise mar Dhia acusan. Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht. Cuirfidh siad fúthu mar ar chuir bhur n-aithreacha fúthu, sa tír a thug mé do mo sheirbhíseach, Iacób. Cónóidh siad ansin go brách, iad féin, a gclann agus clann a gclainne. Beidh mo sheirbhíseach, Dáiví, ina rí orthu go brách. Déanfaidh mé conradh síochána leo; conradh síoraí a bheidh ann. [Beannóidh] mé agus cuirfidh mé rath orthu; tógfaidh mé mo shanctóir ina measc go deo. Beidh m' áit chónaithe ina gcuideachta; beidh mé i mo Dhia acusan agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. Tuigfidh na ciníocha ansin gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn Iosrael nuair a bheidh mo shanctóir ina measc go brách.'» Tháinig briathar an Tiarna chugam: «A mhic an duine, iompaigh i dtreo Ghóg, i dtír Mhágóg, ardphrionsa Mheisic agus Thúbál, agus tairngir ina choinne. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál. Casfaidh mé thart thú agus cuirfidh mé duáin i do ghialla; tarraingeoidh mé liom thú féin agus do shlua airm uile idir chapaill agus mharcaigh, agus iad go léir i gcath éide iomlán, tóstal mór ag iompar lúireach agus cruinnsciath, agus ag beartú claimhte. Tá an Pheirs, Cúis agus Pút leo, cách lena sciath agus a chlogad; tá Gomair agus a bhuíon go léir, Béit Tógarmá agus a bhuíon ón aird is faide ó thuaidh; tá a lán ciníocha in éineacht leat. Bí réidh ullamh, tú féin agus do shluaite atá bailithe thart timpeall ort, agus bí faoi réir [agam]. «I ndiaidh mórán laethanta cuirfear tionól ort; i ndiaidh na mblianta gluaisfidh tú leat in éadan na tíre seo a tháinig slán ón gcogadh, tír inar bhailigh na daoine óna lán ciníocha ar shléibhte Iosrael a bhí riamh ina bhfásach, agus inar bhailigh siad ó na ciníocha chun cur fúthu tar éis dóibh uile teacht slán ón gclaíomh. Gluaisfidh tú romhat ag dul ar aghaidh amhail stoirm agus clúdóidh tú an tír amhail néal, tú féin, do shlua agus a lán ciníocha i do chuideachta. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá sin preabfaidh an smaoineamh isteach i do cheann agus beartóidh tú drochscéim. Déarfaidh tú: 'Ionsóidh mé tír seo na mbailte gan bhallaí; ionsóidh mé an mhuintir chiúin seo a chónaíonn ar a suaimhneas i mbailte atá gan bhallaí ná barraí ná geataí.' Ar mhaithe le héadáil agus creach a bhreith liom ionsóidh mé na háiteanna fásaigh a bhfuil cónaí ar dhaoine arís iontu, an mhuintir seo a tháinig le chéile ó na ciníocha, a tháinig i seilbh eallaigh agus earraí, a chónaíonn i gceartlár an domhain. Seabá agus Déadán, ceannaithe Thairsís agus a gcoileáin leon uile, fiafróidh siad díot: 'An ar lorg creiche a tháinig tú? Ar thionóil tú na sluaite le héadáil a ghlacadh, le hairgead agus ór a bhreith leat, le heallach agus earraí a sciobadh agus creach mhór a ghabháil?' «Tairngir, a mhic an duine, dá bhrí sin. Abair le Góg: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nach fíor go bhfuil sé [ar intinn agat cur chun bóthair] agus mo phobal Iosraél ina suí go suaimhneach? Fágfaidh tú do bhaile sna haird is faide ó thuaidh, thú féin agus a lán ciníocha leat, tóstal an-mhór, slua airm cumasach iad uile ar muin each. Ionsóidh tú mo phobal Iosrael amhail néal ag clúdach na talún. Sna laethanta déanacha spreagfaidh mé thú chun mo thír a ghabháil i dtreo go n-aithneoidh na ciníocha mé, nuair a bhainfidh mé feidhm asatsa, a Ghóg, chun mo naofacht a léiriú os a gcomhair. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ba ortsa a bhí mé a labhairt sna seanlaethanta trí mo sheirbhísigh, fáithe Iosrael, a thairngríodh ar feadh na mblianta sna laethanta sin go seolfainn thú ina n-aghaidh. Ach an lá a thabharfaidh Góg ruathar isteach i dtír Iosrael an Tiarna Dia a labhraíonn tiocfaidh fearg orm. Dearbhaím agus cuthach éada orm: 'Go deimhin beidh crith as cuimse i dtír Iosrael an lá sin.' Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh. Cuirfidh mé gach [sórt uafáis] ina bhealach an Tiarna Dia a labhraíonn beidh claíomh gach fir ag fealladh ar a chéile. Gearrfaidh mé pionós air le plá agus le doirteadh fola. Fearfaidh mé tuile bháistí agus clocha sneachta, tine agus ruibh air féin, ar a shlua agus ar na ciníocha líonmhara a bheidh leis. Mar sin a fhoilseoidh mé mo naofacht agus a chuirfidh mé mé féin in aithne dá lán ciníocha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.» «A mhic an duine, tairngir in éadan Ghóg. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál. Iompóidh mé thart thú, brúfaidh mé ar aghaidh thú, agus tabharfaidh thú ó na hairde is faide ó thuaidh ag ionsaí sléibhte Iosrael. Buailfidh mé an bogha as do láimh chlé agus tabharfaidh mé ar na saigheada titim ó do láimh dheis. Marófar thú ar shléibhte Iosrael, tú féin, do shlua uile agus na ciníocha leat. Tabharfaidh mé suas mar bhia thú d' éin chreiche de gach sórt agus d' ainmhithe allta. Titfidh tú ar an machaire lom. Mise a dúirt an Tiarna Dia a labhraíonn. Seolfaidh mé tine ar Mhagóg agus orthu san a chónaíonn faoi shuaimhneas sna hinsí, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna. Féachfaidh mé chuige go n-aithneofar m' ainm naofa i measc mo phobail, Iosrael; agus ní cheadóidh mé níos mó m' ainm naofa a thruailliú. Tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna, an Neach Naofa in Iosrael. «Féach, titfidh seo amach, tá sé ar tí titim amach an Tiarna Dia a labhraíonn. Sin é an lá ar ar labhair mé. Rachaidh an mhuintir a chónaíonn i mbailte Iosrael amach agus cuirfidh siad na hairm seo trí thine, na lúireacha agus na cruinnsciatha, na boghanna agus na saigheada, na bataí agus na sleánna. Lasfaidh an tine leo ar feadh seacht mbliana, ionas nach mbeidh orthu connadh a chuardach faoin tuath ná a ghearradh sa choill; óir beidh ábhar tine acu sna hairm. Creachfaidh siad lucht a gcreiche agus sladfaidh siad lucht a slada féin an Tiarna Dia a labhraíonn. «An lá sin tabharfaidh mé do Ghóg ionad adhlactha in Iosrael, Gleann na nAbaraím soir ón bhfarraige. Coiscfidh sé lucht taistil de bhrí go mbeidh Góg agus a shlua uile curtha ann. Gleann Hamón Góg an t-ainm a bheidh air. Glacfaidh sé seacht mí ag muintir Iosrael iad a chur agus an tír a ghlanadh. Adhlacfaidh muintir uile na tíre iad agus gheobhaidh siad onóir dá bharr an lá a thaispeánfaidh mise mo ghlóir an Tiarna Dia a labhraíonn. Beidh fir a roghnófar d' aonghnó chun dul suas síos tríd an tír á n-adhlacadh siúd a fágadh ar an talamh, agus ag glanadh na tíre. Beidh siad ag cuardach ar feadh seacht mí. Agus ar a mbealach dóibh tríd an tír, má fheiceann aon duine acu cnámha duine, cuirfidh sé comhartha in aice leo nó go gcuirfidh an lucht adhlactha iad i nGleann Hamón Góg. Hamóná ainm an bhaile san áit sin agus is mar sin a ghlanfaidh siad an tír. «A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhair le gach sórt éin agus leis an uile ainmhí sa mhachaire: Tionólaigí agus tagaigí anseo, tagaigí le chéile i gcomhair an fhéasta íobartha atá mé a ullmhú daoibh, féasta mór íobartha ar shléibhte Iosrael ina n-íosfaidh sibh feoil agus ina n-ólfaidh sibh fuil. Íosfaidh sibh feoil na ngaiscíoch agus ólfaidh fuil phrionsaí an domhain; reithí agus uain, gabhair agus tairbh iad, agus iad uile dea-chothaithe i mBáiseán. Íosfaidh sibh saill go mbeidh sibh lán, ólfaidh sibh fuil go mbeidh sibh ar meisce ag an bhféasta íobartha seo a ullmhaím daoibh. Líonfar sibh go béal ag mo thábla le capaill agus marcaigh, le gaiscígh agus le curaidh de gach sórt an Tiarna Dia a labhraíonn.» «Seo mar a léireoidh mé mo ghlóir do na ciníocha, agus feicfidh na ciníocha uile an breithiúnas a thug mé agus an lámh a leag mé orthu. Tuigfidh muintir Iosrael gur mise a dTiarna Dia ón lá sin amach. Tuigfidh na ciníocha gur seoladh muintir Iosrael i mbraighdeanas de bharr a bpeaca, de bhrí gur imir siad chomh fealltach liom gur iompaigh mé m' aghaidh uathu agus gur thug mé suas dá naimhde iad; agus gur thit siad uile leis an gclaíomh. D' imir mé leo de réir mar bhí tuillte acu mar gheall ar a bpeacaí gránna agus a gcionta agus d' iompaigh mé m' aghaidh uathu. «Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé anois chun Iacób a thabhairt ar ais ó bhraighdeanas agus chun trócaire a dhéanamh ar mhuintir Iosrael uile agus beidh éad orm faoi m' ainm naofa. Déanfaidh siad dearmad den náire agus den fheall go léir a chleacht siad liom agus iad ina suí go suaimhneach ina dtír féin gan eagla. Nuair a thabharfaidh mé abhaile iad as na ciníocha agus a bhaileoidh mé iad ó thíortha a naimhde, nuair a léireoidh mé mo naofacht tríothu os comhair a lán ciníocha, tuigfidh siad gur mise, an Tiarna, a nDia; óir chuir mé ar díbirt iad i measc na gciníocha agus ansin bhailigh mé le chéile iad ina dtír féin, gan aon duine fágtha i measc na gciníocha a thuilleadh. Ní iompóidh mé m' aghaidh uathu arís nuair a dhoirtfidh mé mo spiorad amach ar mhuintir Iosrael an Tiarna Dia a labhraíonn.» An Teampall Nua I bhfís ó Dhia thug sé leis mé go tír Iosrael agus leag síos mé ar shliabh an-ard a raibh mar a bheadh cathair ó dheas uaidh. Thug sé ansin mé agus, féach, bhí fear ann a raibh cuma práis air. Bhí corda lín agus slat tomhais ina láimh aige agus é ina sheasamh sa gheata. Dúirt an fear liom: «A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d' intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.» Féach, bhí balla thart timpeall an Teampaill ar fad lasmuigh agus i láimh an fhir bhí slat tomhais a bhí sé bhanlámh ar fad banlámh ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise a bhí i gceist. Thomhais sé leithead an bhalla, a bhí slat; agus a airde, a bhí slat. Chuaigh sé go dtí an geata thoir, chuaigh na céimeanna suas agus thomhais tairseach an gheata, a bhí slat ar a dhoimhneas; agus na taobhsheomraí, a bhí slat ar fad agus slat ar leithead; agus an spás idir na taobhsheomraí a bhí cúig bhanlámh ar leithead; agus tairseach an gheata isteach ó phóirse an gheata, a bhí slat. Ansin thomhais sé póirse an gheata, a bhí ocht mbanlámh; agus a ursaineacha, a bhí dhá bhanlámh. Bhí póirse an gheata ar an taobh istigh. Bhí trí thaobhsheomra ar gach taobh den gheata thoir; bhí na trí cinn ar aon mhiosúr; agus na hursaineacha ar gach taobh bhí siad ar aon mhiosúr. Thomhais sé leithead bhéal an gheata, a bhí deich mbanlámh; agus leithead an gheata tríd síos, a bhí trí bhanlámh déag. Bhí ráille os comhair na dtaobhsheomraí, a bhí banlámh ar gach taobh; agus bhí na taobhsheomraí sé bhanlámh ar gach taobh. Ansin thomhais sé an geata ó [chúl] taobhsheomra amháin go [cúl] taobhsheomra eile; bhí sé cúig bhanlámh is fiche ar leithead ó dhoras go doras. Thomhais sé an póirse, a bhí fiche banlámh; in aice leis an bpóirse bhí an chúirt sheachtrach. Ó dhul isteach an gheata fad leis an bpóirse istigh bhí caoga banlámh. Ar gach taobh den gheata bhí fuinneoga spréite, sna taobhsheomraí agus sna spásanna eatarthu, agus mar an gcéanna bhí fuinneoga thart timpeall an phóirse agus crainn phailme ar na hursaineacha. Thug sé isteach mé ansin sa chúirt sheachtrach a raibh seomraí ann agus pábháil thart timpeall na cúirte; tríocha seomra ar aghaidh na pábhála. An phábháil a shín leis na geataí agus a bhí ar aon fhad leo, sin an phábháil íochtarach. Thomhais sé ansin ón taobh istigh den gheata íochtarach go dtí an taobh amuigh den chúirt inmheánach, bhí sé céad banlámh soir agus ó thuaidh. Thomhais sé geata thuaidh na cúirte seachtraí ar a fhad agus ar a leithead. Bhí trí thaobhsheomra ann ar gach taobh; bhí na hursaineacha agus an póirse ar aon mhiosúr leo siúd ag an gcéad gheata, caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead. Bhí a fhuinneoga, a phóirse agus a chrainn phailme ar aon mhiosúr leo siúd ag an ngeata thoir. Bhí seacht gcéim ag dul suas chuige agus bhí a phóirse ar an taobh istigh. Sa chúirt inmheánach os comhair an gheata thuaidh bhí geata mar a bhí os comhair an gheata thoir. Thomhais sé ó gheata go geata; bhí sé céad banlámh. Thug sé ansin mé ó dheas mar a raibh geata ag oscailt ó dheas. Thomhais sé na hursaineacha agus an póirse ann; bhí siad ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse amhail fuinneoga an chinn eile; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead. Bhí seacht gcoiscéim ag dul suas chuige, bhí an póirse ar an taobh istigh agus crainn phailme ar na hursaineacha, ceann ar gach taobh. Bhí geata ó dheas sa chúirt inmheánach; thomhais sé ó gheata go geata ó dheas, bhí sé céad banlámh. Thug sé isteach mé ansin sa chúirt inmheánach tríd an ngeata theas. Thomhais sé an geata theas agus bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile. A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead. Bhí póirsí thart timpeall, cúig bhanlámh is fiche ar fad agus cúig bhanlámh ar leithead. Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha agus ocht gcéim ag dul suas chuige. Thug sé ansin go dtí [an geata thoir] mé. Thomhais sé an geata; bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile. A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead. Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar na hursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige. Thug sé go dtí an geata thuaidh mé. Thomhais sé é: bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí a thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse [ar aon mhiosúr leis na cinn éile]. Bhí fuinneoga thart timpeall air: bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead. Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige. Bhí seomra a raibh bealach isteach ann ó phóirse an gheata, áit a nídís an íobairt dhóite. I bpóirse an gheata bhí dhá thábla ar gach taobh le haghaidh marú na híobartha dóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh. Ag dul isteach ag an ngeata thuaidh bhí dhá thábla; agus ar an taobh eile den phóirse ag an ngeata bhí dhá thábla. Bhí ceithre thábla taobh istigh agus ceithre thábla taobh amuigh den phóirse; ocht dtábla ar fad ar a maraídís na híobairtí. Bhí fosta ceithre thábla de chlocha snoite do na híobairtí dóite, a bhí banlámh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead agus banlámh ar airde, ar a gcuirtí na gréithre go léir le haghaidh marú na n-íobairtí dóite agus na n-ofrálacha. Bhí crúcaí i ngreim timpeall laistigh agus leithead boise d' fhad iontu. Chuirtí feoil na híobartha ar na táblaí sin. Thug sé ansin mé isteach sa chúirt inmheánach. Bhí dhá sheomra sa chúirt inmheánach, [ceann] ag taobh an gheata thuaidh ag féachaint ó dheas agus an ceann eile ag taobh an gheata theas ag féachaint ó thuaidh. Ar seisean liom: «An seomra seo a fhéachann ó dheas is do shagairt an Teampaill é; do shagairt na haltóra an seomra a fhéachann ó thuaidh. Mic Zádóc iad, an t-aon dream de mhic Léiví a thagann i ngar don Tiarna chun freastal air.» Thomhais sé an chúirt inmheánach. Ba chearnóg í a bhí céad banlámh ar fad agus céad banlámh ar leithead; bhí an altóir os comhair an Teampaill. Thug sé ansin mé go póirse an Teampaill. Thomhais sé ursaineacha an phóirse; bhí siad cúig bhanlámh ar gach taobh. Bhí an geata isteach ceithre bhanlámh déag ar leithead agus bhí [balla] thrí bhanlámh ar gach taobh de. Bhí an póirse fiche banlámh ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead. Bhí deich gcéim ag dul suas chuige agus colúin le hais na n-ursaineacha ar gach taobh. Thug sé isteach sa halla mé. Thomhais sé na hursaineacha; bhí siad sé bhanlámh ar tiús ar thaobh amháin agus sé bhanlámh ar tiús ar an taobh éile. Bhí an bealach isteach deich mbanlámh ar leithead. Na ballaí ag dul isteach bhí siad cúig bhanlámh ar thaobh amháin agus cúig bhanlámh ar an taobh eile. Thomhais sé an halla; bhí sé daichead banlámh ar fad agus fiche banlámh ar leithead. Isteach leis. Thomhais sé na hursaineacha ag dul isteach, a bhí dhá bhanlámh; ansin an bealach isteach, a bhí sé bhanlámh ar leithead; agus na ballaí ar gach taobh ag dul isteach, a bhí seacht mbanlámh. Thomhais sé a fhad, a bhí fiche banlámh; agus a leithead thar an halla, a bhí fiche banlámh. Dúirt sé liom ansin: «Is é seo an áit is naofa.» Thomhais sé balla an Teampaill, a bhí sé bhanlámh ar tiús. Bhí na taobhsheomraí thart timpeall an Teampaill ceithre bhanlámh ar leithead. Bhí tríocha taobhsheomraí ann ar trí urlár, gach ceann os cionn a chéile. Na taobhsheomraí thart timpeall fuair siad tacaíocht ó bhallaí an Teampaill taobh amuigh ionas nach mbeidís sáite i mballa an Teampaill. Mhéadaigh ar leithead na dtaobhsheomraí ó urlár go hurlár de réir méadú na tacaíochta ar an taobh amuigh ó urlár go hurlár. Ar thaobh an Teampaill bhí staighre ag dul suas agus ba é seo an dóigh a ndeachaigh duine ón urlár in íochtar go dtí an t-urlár ar barr tríd an urlár láir. Chonaic mé ansin go raibh pábháil thart timpeall an Teampaill. Ba é bunsraith na dtaobhsheomraí é seo agus bhí slat tomhais iomlán sé bhanlámh ann. Bhí tiús cúig bhanlámh i mballa seachtrach na dtaobh sheomraí agus cúig bhanlámh sa chuid den phábháil a fágadh oscailte. Idir pábháil an Teampaill agus seomraí na cúirte bhí spás fiche banlámh ar leithead thart timpeall an Teampaill. Bhí doirse na dtaobhsheomraí ag oscailt ar ar fágadh saor den phábháil, doras ag oscailt ó thuaidh agus doras ag oscailt ó dheas. An phábháil a fágadh saor bhí sí cúig bhanlámh ar leithead thart timpeall. An foirgneamh os comhair chlós seo an Teampaill ar an taobh thiar, bhí sé seachtó banlámh ar leithead agus nócha banlámh ar fad, agus bhí tiús cúig bhanlámh i mballa an fhoirgnimh thart timpeall. Thomhais sé fad an Teampaill, a bhí céad banlámh; agus fad an chlóis agus an foirgneamh lena bhallaí, a bhí céad banlámh; agus leithead aghaidh an Teampaill agus an chlóis thoir, a bhí céad banlámh. Halla an Teampaill, an seomra inmheánach agus an póirse seachtrach, Thomhais sé fad an fhoirgnimh ar an taobh thiar ar aghaidh an chlóis agus na ballaí ar gach taobh de; bhí siad céad banlámh. bhí tairseacha acu triúr agus fuinneoga laitíse thart timpeall gach ceann acu. Thart faoin tairseach bhí an Teampall painéalta le hadhmad ón urlár go dtí na fuinneoga; ba fhuinneoga laitíse iad. Ón doras isteach go dtí an seomra inmheánach agus thart timpeall bhalla an tseomra inmheánaigh taobh amuigh agus taobh istigh, bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite, ceiribín agus crann pailme gach re ceann. Bhí dhá aghaidh ar gach ceiribín, aghaidh duine os comhair an chrainn phailme ar thaobh amháin agus aghaidh leoin os comhair an chrainn phailme ar an taobh eile, agus iad snoite thart timpeall an Teampaill ar fad. Bhí na ceiríbíní agus na crainn phailme snoite ón urlár go dtí os cionn an dorais agus ar an mballa. Bhí colúin an halla cearnógach. Os comhair an tsanctóra bhí mar a bheadh altóir adhmaid, a bhí trí bhanlámh ar airde, dhá bhanlámh ar fad agus dhá bhanlámh ar leithead. Ba d' adhmad a cúinní, a bun agus a taobhanna. Dúirt sé liom: «Seo é an tábla atá os comhair an Tiarna.» Bhí doras dúbailte ar an halla agus doras dúbailte ar an sanctóir. Bhí dhá dhuilleog ag na doirse seo, dhá dhuilleog infhillte ag gach ceann acu. Ar dhoirse an halla bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite mar a bhí ar na ballaí; agus bhí scáthlán adhmaid trasna os comhair an phóirse amuigh. Bhí fuinneoga laitíse agus crainn phailme ar gach taobh acu ar bhallaí an phóirse agus ar na taobhsheomraí ag taobh an Teampaill agus ar na scáthláin. Thug sé ó thuaidh mé isteach sa chúirt inmheánach, go dtí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí [ar an taobh thuaidh] den fhoirgneamh. Bhí siad céad banlámh ar fad, ag dul ó thuaidh, agus caoga banlámh ar leithead. In aon líne leis na fiche banlámh a bhain leis an gcúirt inmheánach agus os comhair na pábhála a bhain leis an gcúirt sheachtrach bhí áiléar os comhair áiléir, trí urlár acu. Bhí cosán isteach os comhair na seomraí a bhí deich mbanlámh ar leithead agus céad banlámh ar fad; d' oscail na doirse ó thuaidh. Na seomraí in uachtar bhí siad níba chúinge de bharr na n-áiléar a thóg níos mó spáis uathu ná mar thóg ó na seomraí i lár agus in íochtar an fhoirgnimh. Bhí siad seo roinnte i dtrí urlár agus ní raibh colúin acu mar bhí sa chúirt [sheachtrach]. Uime sin bhí siad níba chúinge siar ná na seomraí in íochtar nó sa lár. Bhí balla amuigh in aon treo leis na seomraí, os a gcoinne agus ar aghaidh na cúirte seachtraí; bhí sé caoga banlámh ar fad. Bhí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí caoga banlámh ar fad, agus na cinn ar aghaidh an Teampaill, bhí siad céad banlámh. Faoi na seomraí seo bhí bealach isteach anoir ón gcúirt sheachtrach. I dtiús bhalla na cúirte [theas] ar aghaidh na cúirte agus an fhoirgnimh, bhí seomraí. Bhí cosán rompu amach mar a bhí ó na seomraí thuaidh; bhí siad ar aon fhad agus ar aon leithead, agus an déanamh céanna orthu, doirse amach is isteach. Faoi na seomraí ar an taobh theas bhí bealach isteach i dtreo an chrosbhalla, mar a dtéann duine isteach ón taobh thoir. Dúirt sé liom: «Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n-íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh mar is áit naofa é seo. Nuair a rachaidh na sagairt isteach ann ní imeoidh siad ón áit naofa chuig an chúirt sheachtrach gan éide an liotúirge a fhágáil ansin, mar is naofa í an éide seo. Cuirfidh siad éadaí eile orthu féin sula rachaidh siad in áiteanna a bhaineann leis an bpobal.» Nuair a chríochnaigh sé tomhas an Teampaill istigh thug sé amach chuig an geata thoir mé agus thomhais sé spás an Teampaill thart timpeall. Thomhais sé an taobh thoir lena shlat tomhais; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. Thomhais sé ansin an taobh thuaidh; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. Thomhais sé an taobh theas; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. Thomhais sé an taobh thiar; bhí sé cúig chéad banlámh de réir a shlat tomhais. Thomhais sé a cheithre thaobh; bhí siad cúig chéad banlámh ar fad agus cúig chéad banlámh ar leithead. Bhí balla thart timpeall air a scar an áit naofa ón áit choitianta. Thug sé ansin mé go dtí an geata, an ceann a fhéachann soir. Féach, tháinig glóir Dhia Iosrael anoir. Tháinig fuaim leis amhail fuaim mhórán uiscí; agus shoilsigh an domhan lena ghlóir. Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh. Tháinig glóir an Tiarna isteach sa Teampall ag an ngeata thoir. Thóg an spiorad mé agus thug isteach sa chúirt inmheánach mé; agus féach, líon glóir an Tiarna an Teampall. Bhí fear ina sheasamh taobh liom agus chuala mé duine ag labhairt liom ón Teampall amach. Dúirt sé liom: «A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m' ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe, ag cur a dtairsí le hais mo thairsí agus a n-ursaineacha le hais m' ursaineacha, gan ach balla idir mé agus iad. Thruaillídís m' ainm naofa leis na nithe gránna a dhéanaidís, agus dá bhrí sin scrios mé iad go feargach. As seo amach díbreoidh siad an striapachas agus conablaigh a ríthe i bhfad ar shiúl uaim agus cónóidh mé ina measc go brách. «A mhic an duine, tabhair tuairisc an Teampaill seo do mhuintir Iosrael; dearaidís an plean ionas go mbeidh náire orthu de bharr a bpeacaí. Má bhíonn náire orthu de bharr a n-imeachtaí, taispeáin crot agus plean an Teampaill dóibh, na slite amach as agus na slite isteach ann, a dhéanamh agus a leagan amach. Cuir in iúl dóibh a dheasghnátha agus a dhlíthe agus scríobh síos dóibh é os a gcomhair ionas go gcomhlíonfaidís agus go gcleachtfaidís a [dhlíthe] agus a dheasghnátha uile. Seo é bunreacht an Teampaill: an láthair uile ar mhullach an tsléibhe agus máguaird is áit rónaofa é. Féach, sin é bunreacht an Teampaill.» Seo iad tomhais na haltóra de réir banlámh tá banlámh anseo ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise. Beidh an bun banlámh ar airde agus banlámh ar leithead; an t-imeall timpeall aon réise amháin. Seo airde na haltóra: ón mbonn ar an urlár go dtí an plionta íochtarach, dhá bhanlámh ar airde, agus banlámh ar leithead; ón bplionta is lú go dtí an plionta is mó ceithre bhanlámh ar airde agus banlámh ar leithead. Beidh leac na haltóra ceithre bhanlámh ar airde agus beidh ceithre adharc ag síneadh in airde ón leac. Beidh leac na haltóra cearnógach, dhá bhanlámh déag ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead. Beidh an plionta cearnógach fosta, ceithre bhanlámh déag ar fad agus ceithre bhanlámh déag ar leithead. Beidh an t-imeall thart air leathbhanlámh ar leithead agus a bhun banlámh thart timpeall. Beidh céimeanna na haltóra ag féachaint soir. Dúirt sé liom: «A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Seo iad na deasghnátha don altóir. An lá a thógfar í le haghaidh ofráil íobairtí dóite agus doirteadh fola, tabharfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca do na sagairt Léivíteacha de shíol Zádóc a thagann chugam chun freastal orm an Tiarna Dia a labhraíonn. Glacfaidh tú cuid den fhuil agus cuirfidh tú í ar cheithre adharc na haltóra agus ar cheithre chúinne an phlionta agus ar an imeall thart timpeall. Mar seo a ghlanfaidh tú an altóir agus a dhéanfaidh tú leorghníomh ar a son. Glacfaidh tú fosta tarbh na híobartha peaca agus dófaidh tú sa láthair cheart den Teampall taobh amuigh den sanctóir é. An dara lá ofrálfaidh tú gabhar fireann gan smál mar íobairt pheaca; agus glanfar an altóir arís mar a glanadh leis an tarbh. Agus í glanta agat ofrálfaidh tú tarbh gan smál agus reithe gan smál ón tréad. Tabharfaidh tú iad i láthair an Tiarna agus croithfidh na sagairt salann orthu agus ofrálfaidh siad don Tiarna mar íobairt dhóite iad. Ar feadh seacht lá caithfidh tú gabhar fireann a sholáthar gach lá d' íobairt pheaca; ní foláir freisin tarbh agus reithe gan smál ón tréad a ofráil. Ar feadh seacht lá déanfaidh siad leorghníomh ar son na haltóra; glanfaidh siad í agus beidh sí coisricthe. Ag deireadh an ama sin, ón ochtú lá amach, ofrálfaidh na sagairt ar an altóir bhur n-íobairtí dóite agus bhur n-íobairtí síochána; agus glacfaidh mise go cineálta libh an Tiarna Dia a labhraíonn.» Thug sé ar ais mé ansin go geata seachtrach an tsanctóra a fhéachann soir. Bhí sé dúnta. Dúirt an Tiarna liom: «Coimeádfar an geata seo dúnta. Ní osclófar é agus ní rachaidh aon duine tríd ó ghabh an Tiarna, Dia Iosrael, tríd. Dá bhrí sin coimeádfar dúnta é. Ceadófar don phrionsa amháin, áfach, suí ann lena bhéile a chaitheamh i láthair an Tiarna. Rachaidh sé isteach agus fágfaidh sé trí phóirse an gheata.» Thug sé isteach mé tríd an ngeata thuaidh go dtí aghaidh an Teampaill. D' amharc mé agus chonaic glóir an Tiarna ag líonadh Theampall an Tiarna agus shléacht mé go talamh. Dúirt an Tiarna liom: «A mhic an duine, tabhair aire, féach go grinn agus éist go cúramach lena n-insím duit faoi dheasghnátha uile Theampall an Tiarna agus a dhlíthe uile. Tabhair aire mhaith do cé ag a mbeidh cead isteach sa Teampall acu agus cé ag nach mbeidh cead isteach sa sanctóir acu. Abair le ceannaircigh mhuintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: A mhuintir Iosrael, bíodh deireadh le bhur n-imeachtaí gránna uile, ag ligean isteach i mo shanctóir coimhthígh gan timpeallghearradh ina gcroí ná ina gcorp, á thruailliú nuair a ofrálann sibh mo bhia idir shaill agus fhuil. Mar bharr ar bhur n-uile imeachtaí gránna bhris [sibh] mo chonradh. In ionad bhur ndualgais dom a chomhlíonadh sa sanctóir thug sibh cúram mo dhualgas do choimhthígh. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir. «Na Léivítigh a thréig mé agus a chuaigh ar seachrán i bhfad uaim i ndiaidh a n-íol nuair a chuaigh Iosrael ar seachrán, iompróidh siad ualach a bpeacaí féin. Beidh siad ina bhfreastalaithe sa sanctóir agam agus an cúram orthu geataí an Teampaill a ghardáil agus an Teampall féin a fhreastal. Maróidh siad an íobairt dhóite agus an ofráil don phobal, agus beidh siad i láthair chun freastal ar an bpobal. De bhrí gur fhreastail siad orthu os comhair a n-íol agus gur cheap tuisle peaca iad do mhuintir Iosrael, dá bhrí sin mhionnaigh mé ina n-aghaidh an Tiarna Dia a labhraíonn go n-iompróidh siad ualach a bpeaca. Ní bheidh cead acu triall orm arís chun gnó sagairt a dhéanamh liom, ná teacht in aice leis na nithe naofa liom ná na nithe rónaofa; ach beidh siad faoi náire ag na nithe gránna a rinne siad. Ach tabharfaidh mé cúram an Teampaill dóibh le haghaidh a fhreastail go léir agus an uile rud atá le déanamh. «Na sagairt Léivíteacha, mic Zádóc, a chomhlíon a ndualgais dom sa sanctóir nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán i bhfad uaim, beidh cead acusan triall orm chun freastal orm. Seasfaidh siad i mo láthair ag ofráil saille agus fola dom an Tiarna Dia a labhraíonn. Beidh cead isteach i mo shanctóir acu agus triallfaidh siad ar mo thábla le freastal orm; comhlíonfaidh siad mo liotúirge. Nuair a rachaidh siad isteach geataí na cúirte inmheánaí gléasfaidh siad in éide lín; ní bheidh aon olann orthu ag freastal dóibh ag geataí na cúirte inmheánaí agus istigh. Caithfidh siad turbain lín ar a gcinn agus bríste lín ar a leasrach; ní chríoslóidh siad iad féin le haon ábhar a thugann allas. Ar imeacht amach dóibh chuig pobal na cúirte seachtraí bainfidh siad díobh na héadaí ina ndearna siad freastal agus fágfaidh iad sna seomraí sa sanctóir; gléasfaidh siad in éadaí eile ar eagla go naomhóidís an pobal lena n-éadaí. Ní bhearrfaidh siad a gcinn ná ní ligfidh siad fás fada faoina bhfolt; gearrfaidh siad é go measartha. Ní ólfaidh aon sagart fíon an lá a théann sé isteach sa chúirt inmheánach. Ní phósfaidh siad baintreach ná bean a idirscaradh ach maighdean de shliocht mhuintir Iosrael. Tá cead acu baintreach a phósadh más baintreach sagairt í. Teagascfaidh siad do mo phobal rud naofa a aithint thar rud coitianta, an difear idir glan agus neamhghlan. Tabharfaidh siad breithiúnas in imreas, breithiúnas a bheidh de réir mo reachtanna; comhlíonfaidh siad mo reachtanna agus mo dheasghnátha ag m' fhéilte cinnte uile. Coinneoidh siad mo shabóidí naofa. Ní thiocfaidh siad in aice le corpáin ar eagla go ndéanfaí neamhghlan iad; ach ar son athar nó máthar, ar son mic nó iníne, ar son dearthár nó deirféar nach bhfuil pósta, tá cead acu bheith neamhghlan. Nuair a ghlanfar fear acu fanfaidh sé seacht lá; ansin an lá a dtéann sé isteach sa chúirt inmheánach chun freastal sa sanctóir, ofrálfaidh sé a íobairt pheaca an Tiarna Dia a labhraíonn. Ní bheidh aon oidhreacht acu; mise a n-oidhreacht. Ní thabharfaidh sibh aon ghabháltas dóibh in Iosrael; mise a ngabháltas. Íosfaidh siad an abhlann, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh; gach rud a chuirtear faoin mbang in Iosrael beidh sé acusan. Scoth na gcéadtorthaí de gach sórt agus an uile thabhartas de bhur n-íobairtí uile, gheobhaidh na sagairt iad. Gheobhaidh na sagairt scoth bhur dtaois chomh mhaith, ionas go mairfidh beannacht i do theach. Ní íosfaidh na sagairt aon chuid d' éan ná d' ainmhí a d' éag uaidh féin nó a stolladh ó chéile.» «Nuair a roinnfidh tú an tír mar oidhreacht trí chrannchur, cuirfidh tú roinn ar leataobh don Tiarna mar thalamh naofa, cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus [fiche] míle banlámh ar leithead. Beidh iomlán na talún seo naofa. Beidh cearnóg chúig chéad banlámh de seo don sanctóir agus spás oscailte caoga banlámh timpeall air. As an tearmann seo tomhaisfidh tú roinn cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle banlámh ar leithead ina mbeidh an sanctóir, an áit rónaofa. Beidh sé ar an gcuid naofa den tír, beidh sé ag na sagairt a fhreastalaíonn sa sanctóir agus a thriallann ar an Tiarna a dhéanamh seirbhíse dó. Beidh an áit sin ina láthair dá dtithe acu agus ina áit naofa don sanctóir. Roinn eile, cúig mhíle banlámh ar fad agus deich míle banlámh ar leithead, beidh sé mar láthair dá mbailte cónaithe ag na Léivítigh a fhreastalaíonn sa Teampall. Le hais na ranna a bhaineann leis an sanctóir tabharfaidh sibh don chathair mar ghabháltas cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad; beidh seo ag muintir Iosrael uile. «Beidh roinn ag an bprionsa ar an dá thaobh de fhearann an tsanctóra agus de ghabháltas na cathrach, ar aon teorainn le fearann an tsanctóra agus le gabháltas na cathrach siar agus soir, ar aon fhad le roinn treibhe agus ag síneadh ó theorainn thiar go teorainn thoir na tíre. Sín é a ghabháltas in Iosrael. Ní bhrúfaidh mo phrionsaí ar mo phobal níos mó; ach fágfaidh siad an chuid eile den tír do mhuintir Iosrael de réir a dtreibheanna. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Go mba leor libh é seo, a phrionsaí Iosrael! Éirígí as an láimh láidir agus as an ansmacht; cuirigí an chóir agus an fhíréantacht i bhfeidhm; ná brúigí ar mo phobal níos mó le tobhach cíosa an Tiarna Dia a labhraíonn. Bíodh scálaí cothroma agaibh, éafá cothrom agus bat cothrom. Bíodh an t-éafá agus an bat ar aon mhiosúr, ionas go gcoinneodh an bat an deichiú cuid de hoimear agus an t-éafá an deichiú cuid de hoimear. Bíodh an hoimear ina chaighdeán mar mhiosúr. Bíodh fiche géará sa seicil; agus in aon mhíoná amháin agaibh bíodh fiche seicil, cúig sheicil is fiche agus cúig sheicil déag. «Seo í an ofráil a thobhfaidh sibh, an séú cuid d' éafá ó gach hoimear cruithneachta, agus an séú cuid d' éafá ó gach hoimear eorna. An tobhach ar ola: bat ola ó gach deich mbat nó ó gach cor, atá ar aon mhiosúr le deich mbat nó le haon hoimear amháin de bhrí gurb ionann deich mbat agus hoimear. Tobhfaidh sibh caora ó gach tréad de dhá chéad ó [theaghlaigh] Iosrael; sin í an ofráil do na habhlanna, do na híobairtí dóite agus do na híobairtí síochána. Is é sin bhur leorghníomh an Tiarna Dia a labhraíonn. Tabharfaidh muintir uile na tíre an ofráil seo do phrionsa Iosrael. Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael. «Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ar an gcéad lá den chéad mhí glacfaidh tú tarbh óg gan smál agus glanfaidh tú an sanctóir. Glacfaidh an sagart cuid den fhuil ón íobairt pheaca agus doirtfidh í ar ursaineacha an Teampaill, ar cheithre chúinne phlionta na haltóra agus ar ursaineacha na ngeataí sa chúirt inmheánach. Déanfaidh tú amhlaidh ar an seachtú lá den mhí ar son an duine a pheacaigh trí neamart nó aineolas. Mar seo a dhéanfaidh tú leorghníomh don Teampall. Ar an gceathrú lá déag den chéad mhí beidh ort féile na Cásca a cheiliúradh. Ar feadh seacht lá íosfaidh cách arán gan ghabháil. An lá sin ofrálfaidh an prionsa tarbh óg mar íobairt pheaca dó féin agus do phobal uile na tíre. Ar feadh seacht lá na féile ofrálfaidh sé mar íobairt dhóite don Tiarna seacht dtarbh óga agus seacht reithe gan smál, gach lá den tseachtain; agus pocán gabhair gach lá mar íobairt pheaca. Ofrálfaidh sé mar abhlann éafá do gach tarbh, éafá do gach reithe, agus hín ola do gach éafá. «Don fhéile a thiteann ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, déanfaidh sé mar an gcéanna ar feadh seacht lá, ag soláthar d' íobairtí peaca, d' íobairtí dóite, d' abhlann agus d' ola.» «Seo mar a deir an Tiarna Dia. Dúnfar an geata thoir den chúirt inmheánach ar feadh na sé lá oibre. Osclófar é lá na sabóide agus lá na ré nua; rachaidh an prionsa isteach trí phóirse an gheata sheachtraigh agus bunóidh sé é féin ag ursaineacha an gheata. Ofrálfaidh na sagairt ansin a íobairt dhóite agus a íobairt síochána. Déanfaidh sé adhradh ag tairseach an gheata agus rachaidh sé amach, ach ní dhúnfar an doras go tráthnóna. Adhrfaidh pobal na tíre ag béal an gheata i láthair an Tiarna ar shabóidí agus ar laethanta na ré nua. Sé uan gan smál agus reithe gan smál a bheidh san íobairt dhóite a ofrálfaidh an prionsa don Tiarna lá na sabóide. Tabharfaidh sé éafá mar abhlann leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá. Lá na ré nua ofrálfaidh sé tarbh óg gan smál, sé uan gan smál agus reithe gan smál. Tabharfaidh sé éafá leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá. «Ar dhul isteach don phrionsa rachaidh sé trí phóirse an gheata isteach agus fágfaidh sé an bealach céanna. Nuair a thiocfaidh pobal na tíre i láthair an Tiarna ag na féilte sollúnta, an lucht a thiocfaidh isteach an geata thuaidh ag adhradh rachaidh siad amach an geata theas. Ní fhillfidh siad ar an ngeata trínar ghabh siad isteach ach rachaidh amach an geata atá díreach rompu. Tiocfaidh an prionsa leo, ag dul isteach agus amach mar a dhéanfaidh siadsan. Ag na féilte agus na séasúir chinnte ofrálfar éafá mar abhlann le gach tarbh, éafá le gach reithe, rogha tabhartais leis na huain agus hín ola le gach éafá. Nuair a ofrálfaidh an prionsa íobairt dheonach, bíodh sí dóite nó ina híobairt síochána, don Tiarna, osclófar an geata thoir dó agus ofrálfaidh sé a íobairt dhóite agus a íobairt síochána mar a dhéanfaidh lá na sabóide. Ar dhul amach dó, dúnfar an geata ina dhiaidh. Ofrálfaidh sé uan bliana gan smál mar íobairt dhóite don Tiarna gach lá; ofrálfaidh sé seo gach maidin. Ofrálfaidh sé chomh maith gach maidin an séú cuid d' éafá agus an tríú cuid de hín ola le meascadh leis an bplúr. Sin tabhartas don Tiarna, deasghnáth buan síoraí. Mar sin a dhéanfar an t-uan agus an íobairt bhia agus an ola a sholáthar, maidin i ndiaidh maidine mar íobairt dhóite go brách. «Seo mar a deir an Tiarna Dia. Má bhronnann an prionsa cuid dá oidhreacht ar a chlann mhac rachaidh an bronntanas i seilbh na mac agus beidh sé acu mar oidhreacht. Ach má bhronnann sé cuid dá oidhreacht ar dhuine dá sheirbhísigh beidh sí aige go bliain na saoirse amháin agus fillfidh ansin ar an bprionsa. Ní choinneoidh aon duine cuid den oidhreacht ach an chlann mhac amháin. Ní ghabhfaidh an prionsa aon chuid d' oidhreacht an phobail, á ndíbirt as seilbh go héagórach. Tabharfaidh sé oidhreacht dá chlann mhac as a mhaoin féin ionas nach ndíbreofar aon duine de mo phobal as seilbh.» Thug sé isteach mé ansin tríd an mbealach a bhí ag taobh an gheata thuaidh go dtí na seomraí sa sanctóir a bhain leis na sagairt. Chonaic mé áit ansin siar uaim ag deireadh. Dúirt sé liom: «Seo é an áit a mbruithfidh na sagairt an íobairt leorghnímh agus an íobairt pheaca, agus a mbacálfaidh siad an abhlann ionas nach mbeidh orthu iad a bhreith leo amach sa chúirt sheachtrach agus an pobal a naomhú.» Rug sé amach sa chúirt sheachtrach mé agus thug orm dul go ceithre chúinne na cúirte; agus i ngach cúinne den chúirt bhí clós. Sna ceithre chúinne den chúirt bhí ceithre chlós, a bhí daichead banlámh ar fad agus daichead banlámh ar leithead. Bhí siad ceathrar ar aon mhiosúr. Bhí balla timpeall laistigh ar gach ceann acu agus teallach ag bun gach balla. Dúirt sé liom ansin: «Seo iad na cistineacha ina mbruithfidh lucht freastail an Teampaill íobairtí an phobail.» Rug sé ar ais mé go doras an Teampaill; agus féach, bhí uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill bhí an Teampall féin ag féachaint soir. Sceith an t-uisce amach faoi bhun an taoibh theas de thairseach an Teampaill, ó dheas ón altóir. Rug sé ansin mé amach an geata thuaidh agus thug orm dul timpeall amuigh fad leis an ngeata seachtrach thoir, áit a raibh an t-uisce ag sceitheadh soir. Chuaigh an fear soir agus a shlat tomhais ina láimh agus thomhais sé míle banlámh. Thug sé orm ansin siúl tríd an uisce; chuaigh an t-uisce go murnán orm. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce athuair; chuaigh an t-uisce go glúine orm. Thomhais sé míle eile agus thug orm siúl tríd an uisce arís; chuaigh an t-uisce go leasrach orm. Thomhais sé míle eile; b' abhainn é narbh fhéidir dul tríthi. Bhí an t-uisce éirithe agus domhain go leor chun snámh ann, abhainn nárbh fhéidir dul tríthi. Dúirt sé liom: «A mhic an duine, an bhfeiceann tú?» Thug sé orm dul ar ais ar bhruach na habhann. Ar dhul ar ais dom chonaic mé a lán crann, ar gach bruach den abhainn. Dúirt sé: «Sileann an t-uisce seo soir agus téann síos isteach san Arabá; agus ar dhul isteach dó in uisce marbh na farraige déanann sé an fharraige úr. Aon áit a sileann an abhainn mairfidh gach dúil bheo a chorraíonn inti agus beidh flúirse éisc ann; de bhrí go mbíonn sláinte aon áit a dtéann an t-uisce agus go mbíonn an t-anam i ngach dúil aon áit a sileann an abhainn. Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire. Ní thiocfaidh úire sna riasca agus sna bogaigh; fágfar iadsan ina sáile. Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t-uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.» «Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef. Roinnfidh sibh é cothrom; mhionnaigh mé an tír a bhronnadh ar bhur n-aithreacha agus titfidh sé oraibh mar oidhreacht. Seo iad teorainneacha na tíre: Ar an taobh thuaidh ón bhFarraige Mhór bealach Heatlon isteach go Hamát agus ar aghaidh go Zadad, Baerótá, Sabraím ar an teorainn idir an Damaisc agus Hamát, agus go Hazaer hat Tíceon ar theorainn Haurán. Sínfidh an teorainn ón bhfarraige go Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce agus ar theorainn Hamát ó thuaidh fosta. Sin é an teorainn thuaidh. Ar an taobh thoir sínfidh an teorainn le taobh an Iordáin idir Haurán agus an Damaisc, idir Gileád agus tír Iosrael go dtí an Fharraige Thoir síos fad le Támár. Sin é an teorainn thoir. Ar an taobh theas ó Thámár ó dheas go huiscí Mhiríbeá Caidéis, fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. Sin é an teorainn theas. Ar an taobh thiar beidh an Fharraige Mhór mar theorainn fad le bealach Hamát. Sin é an teorainn thiar. Roinnfidh sibh an tír seo eadraibh, de réir treibheanna Iosrael. Roinnfidh sibh é mar oidhreacht oraibh féin agus ar na coimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus a ghin páistí in bhur measc. Beidh siadsan mar dhúchasaigh i measc chlann Iosrael; gheobhaidh siad oidhreacht le crannchur mar aon libhse i measc treibheanna Iosrael. Tabharfaidh sibh a n-oidhreacht don choimhthíoch de réir na treibhe lena gcónaíonn sé an Tiarna Dia a labhraíonn.» «Seo iad ainmneacha na dtreibheanna. Ar an taobh thuaidh bealach Heatlon go béal Hamát isteach fad le Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce os comhair Hamát, ag síneadh anoir siar, roinn amháin do Dhán. Ar aon teorainn le Dán, anoir siar, roinn amháin do Áiséar. Ar aon teorainn le hÁiséar, anoir siar, roinn amháin do Naftáilí. Ar aon teorainn le Naftáilí, anoir siar, roinn amháin do Mhanaise. Ar aon teorainn le Manaise, anoir siar, roinn amháin do Eafráim. Ar aon teorainn le hEafráim, anoir siar, roinn amháin do Reúbaen. Ar aon teorainn le Reúbaen, anoir siar, roinn amháin do Iúdá. Ar aon teorainn le Iúdá, anoir siar, tá roinn a chuirfidh sibh ar leataobh, cúig mhíle banlámh is fiche ar leithead agus ar aon fhad leis na ranna eile anoir siar. Beidh an sanctóir i lár báire. «Cuirfidh sibh ar leataobh don Tiarna cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus fiche míle banlámh ar leithead. Is do na sagairt an roinn choisricthe seo a bheidh cúig mhíle banlámh is fiche ar an taobh thuaidh, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thiar, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thoir agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad ar an taobh theas. Beidh sanctóir an Tiarna i lár báire. Is do na sagairt choisricthe é sin, do mhic Zádóc a chomhlíon a ndualgais dom agus nár imigh ar seachrán nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán, amhail na Léivítigh. Gheobhaidh siad roinn as roinn rónaofa na tíre ar aon teorainn le fearann na Léivíteach. Taobh le roinn na sagart beidh roinn ag na Léivítigh cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus deich míle ar leithead. Beidh fad iomlán chúig mhíle banlámh is fiche ann agus leithead [fiche] míle. Ní bheidh cead acu aon chuid de a dhíol nó a mhalartú; ní féidir an tseilbh a aistriú go brách mar tá sé naofa don Tiarna. «An fuílleach, cúig mhíle banlámh ar leithead agus cúig mhíle is fiche ar fad, is le haghaidh na cathrach é, le haghaidh tithe cónaithe agus páirceanna. Beidh an chathair i lár báire; agus seo mar a thomhaisfear í: ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thuaidh, ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh theas; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thoir; ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar an taobh thiar. Sínfidh páirceanna na cathrach dhá chéad agus caoga banlámh ó thuaidh, dhá chéad agus caoga banlámh ó dheas, dhá chéad agus caoga banlámh soir, agus dhá chéad agus caoga banlámh siar. Fágfar deich míle banlámh soir agus deich míle siar ar aon teorainn leis an roinn naofa; beidh a thoradh seo mar bhia ag lucht oibre na cathrach. Tiocfaidh an lucht oibre cathrach seo ó gach treibh in Iosrael á shaothrú. An roinn seo a chuirfidh tú ar leataobh beidh sí ina cearnóg, cúig mhíle banlámh is fiche ar gach taobh; is é sin an roinn naofa agus talamh na cathrach le chéile. Is don phrionsa fuílleach na roinne naofa agus thalamh na cathrach. Sínfidh sé ón gcúig mhíle banlámh is fiche den roinn naofa soir agus ón gcúig mhíle banlámh is fiche siar ar aon teorainn le ranna na dtreibheanna; is don phrionsa é. Beidh an roinn naofa agus sanctóir an Teampaill i lár baire. Mar sin, seachas sealúchas na Léivíteach agus sealúchas na cathrach atá suite taobh istigh de shealúchas an phrionsa, is don phrionsa a bhfuil suite idir talamh Iúdá agus talamh Bhiniáimin. «Seo iad na treibheanna: anoir siar, roinn amháin do Bhiniáimin. Ar aon teorainn le Biniáimin, anoir siar, roinn amháin do Shimeon. Ar aon teorainn le Simeon, anoir siar, roinn amháin do Íosácár. Ar aon teorainn le hÍosácár, anoir siar, roinn amháin do Zabúlun. Ar aon teorainn le Zabúlun, anoir siar, roinn amháin do Ghád. Ar aon teorainn le Gád ó dheas, sínfidh an teorainn ó Thámár go huiscí Mhiríbeá Cáidéis fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór. Sin í an talamh a roinnfidh sibh i measc treibheanna Iosrael mar oidhreacht dóibh agus sin iad na ranna eagsúla uirthi an Tiarna Dia a labhraíonn. «Seo iad na bealaí amach ón gcathair. Ar an taobh thuaidh, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad de réir miosúir, beidh trí gheata: geata Reúbaen, geata Iúdá, geata Léiví; ainmneofar na geataí de réir treibheanna Iosrael. Ar an taobh thoir, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Iósaef, geata Bhiniáimin, geata Dhán. Ar an taobh theas, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Shimeon, geata Íosácár, geata Zabúlun. Ar an taobh thiar, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Ghád, geata Áiséar, geata Naftáilí. Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: 'Tá an Tiarna inti.'» Dainéil agus a Thriúr Compánach Sa tríú bliain de réimeas Iahóiácaím, rí Iúdá, tháinig Nabúcadnazar, rí na Bablóine, go Iarúsailéim agus chuir léigear air. Thug an Tiarna Iahóiácaím, rí Iúdá, ar láimh dó agus cuid de shoithí theach Dé chomh maith; agus thug sé leis go Sionár iad seo, go teach a dhé féin, agus chuir sé na soithí i dtaisce a dhéithe féin. D' ordaigh an rí ansin do mháistir a choillteán, Aispeanaz, cuid de mhuintir Iosrael a thoghadh, de chlann an rí agus de na teaghlaigh uaisle, ógáin gan ainimh, álainn ina scéimh agus oilte i ngach dán, le bua eagna agus le tuiscint ar léann, agus é ar a gcumas fónamh i bpálás an rí; agus teanga na gCaildéach a mhúineadh dóibh seo. Dháil an rí orthu lón gach lae den bhia blasta ó bhord an rí agus den fhíon a d' óladh sé féin. Bhí siad le hoiliúint ar feadh trí bliana, agus, i gceann na haimsire sin, le freastal ar an rí. Ina measc seo bhí Dainéil, Hanainias, Míséil, agus Azairiá de threibh Iúdá. Thug máistir na gcoillteán ainmneacha orthu: ar Dhainéil thug sé Béiltiseazar, ar Hanainiá Seadrac, ar Mhíséil Méiseac, ar Azairiá Aibéid Neagó. Ach bheartaigh Dainéil nach dtruailleodh sé é féin le bia blasta an rí ná leis an bhfíon a bhí á ól aige; d' iarr sé, uime sin, ar mháistir na gcoillteán a cheadú dó nach dtruailleodh sé é féin. Thug Dia do Dhainéil bua fabhair agus cineáltais ó mháistir na gcoillteán. Dúirt máistir na gcoillteán le Dainéil: «Is eagal liom an rí a shocraigh bia agus deoch daoibh mar go bhfeicfeadh sé go mbeadh sibh i gcló níos measa ná na hógáin comhaois daoibh. Ba bhaol do mo cheann an rí agaibh.» Labhair Dainéil leis an stíobhard a chuir máistir na gcoillteán i bhfeighil Dhainéil, Haniainiá, Mhíséil agus Azairiá: «Promhaigh do shearbhóntaí ar feadh deich lá, impím ort; tugtar glasraí mar bhia dúinn agus uisce le hól. Déan ár gceannaithe agus ceannaithe na n-ógán a itheann bia blasta an rí a iniúchadh, agus déan le do sheirbhísigh beart de réir mar a fheicfidh tú.» Ghéill sé dóibh sa ghnó seo agus phromhaigh sé iad ar feadh deich lá. I gceann an deich lá chonacthas gurbh fhearr a ndealramh, agus gur mhó an cothú feola a bhí orthu, ná ar na hogáin uile a d' ith bia blasta an rí. Thóg an stíobhard uathu dá bhrí sin a mbia blasta agus an fíon a bhí le hól acu agus dháil orthu na glasraí. Dála an cheathrar ógánach seo, bhronn Dia orthu eolas agus clisteacht san uile fhoghlaim agus eagna; agus bhí tuiscint ag Dainéil ar fhíseanna agus ar aislingí de gach sort. Nuair a tháinig an t-am a d' ordaigh an rí iad a thabhairt ina láthair, thug máistir na gcoillteán isteach os comhair Nabúcadnazar iad. Labhair an rí leo, agus ina measc uile ní bhfuarthas neach mar Dhainéil, Hanainiá, Míséil agus Azairiá. Uime sin d' fhóin siad don rí. I ngach cúis eagna agus tuisceana dár chuir sé faoina mbráid fuair sé iad níos fearr faoi dheich ná lucht draíochta agus asarlaíochta uile a ríochta. D' fhan an scéal amhlaidh ag Dainéil go dtí an chéad bhliain de réimeas Chíorais. Sa dara bliain de réimeas Nabúcadnazar rinneadh taibhrimh do Nabúcadnazar i dtreo gur suaitheadh a spiorad agus gur thréig an codladh é. Ansin d' ordaigh an rí glaoch ar an lucht gintlíochta agus draíochta, ar na hasarlaithe agus ar na Caildéigh, chun a thaibhrimh a insint don rí. Tháinig siadsan isteach dá bhrí sin agus sheas siad i láthair an rí. Dúirt an rí leo ansin: «Chonaic mé taibhreamh agus buaireadh mo spiorad le fonn an taibhreamh a thuiscint.» D' fhreagair na Caildéigh an rí: «A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol. Inis do thaibhreamh do do shearbhóntaí agus léireoimid a chiall.» D' fhreagair an rí na Caildéigh: «Chun gurbh eol daoibh mo bheartas cinnte: mura léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall domsa, stollfar bhur mbaill óna chéile agus scartálfar bhur dtithe ó bhonn. Ach má léiríonn sibh mo thaibhreamh agus a chiall dom gheobhaidh sibh uaim tabhartais agus luaíochtaí agus iomad onóra. Léirígí dom an taibhreamh dá bhrí sin agus mínigí dom a chiall.» D' fhreagair siad athuair: «Insíodh an rí a thaibhreamh dá shearbhóntaí, agus léireoimidne a chiall.» Dúirt an rí á bhfreagairt: «Is eol dom go bhfuil sibh ag feitheamh na faille mar go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil mo bheartas do-athraithe fógartha, mura n-insíonn sibh an taibhreamh domsa, nach bhfuil ach an t-aon daorbhreith amháin i ndán daoibh. Tá sé beartaithe agaibh focail éithigh agus ráite oilc a labhairt i mo láthair go sleamhnaí an t-am thart. Insígí mo thaibhreamh dom dá bhrí sin agus beidh a fhios agam an féidir libh a chiall a léiriú dom.» D' fhreagair na Caildéigh an rí: «Níl aon duine ar talamh a d' fhéadfadh gnó seo an rí a fháil amach: agus, dá chomhartha sin, níl rí ná rialtóir ná taoiseach a d' iarr a leithéid ar dhraoi ná ar asarlaí ná ar Chaildéach. Is crua an ní é seo a lorgann an rí agus ní fhéadfadh aon duine é a léiriú don rí ach na déithe nach bhfuil a gcónaí i measc daoine.» Dá bharr seo tháinig racht feirge ar an rí agus d' ordaigh sé saoithe uile na Bablóine a scriosadh. Fógraíodh aithne seo an rí na saoithe uile a chur chun báis, agus chuathas ar thóir Dhainéil agus a chompánach chun a mbásaithe. Ach le stuaim agus le gaois d' fhreagair Dainéil Airíoc, ceannaire gharda an rí a chuaigh amach chun saoithe na Bablóine a bhású. Dúirt sé le hAiríoc, ceann feadhna an rí: «Cad ina thaobh,» ar seisean, «go bhfuil ordú chomh dian sin ón rí?» D' inis Airíoc an scéal do Dhainéil, agus isteach le Dainéil agus d' iarr ar an rí aga a thabhairt dó chun a chiall a léiriú don rí. D' fhill Dainéil ar a theach agus lig sé an scéal le Hanainiá, Míséil agus Azairiá, a chompánaigh, chun go n-impídís trócaire Dé neimhe i dtaobh na rúndiamhaire seo, i dtreo nach scriosfaí Dainéil agus a chompánaigh i dteannta shaoithe eile na Bablóine. Ansin foilsíodh an rundiamhair do Dhainéil i bhfís oíche. An sin bheannaigh Dainéil Dia neimhe. Dúirt Dainéil: Go mbeannaítear ainm Dé ó aois go haois mar gur aige atá eagna agus cumhacht. Athraíonn sé uaine agus réanna agus is é a leagann síos ríthe agus a ardaíonn ríthe, a thugann eagna do shaoithe, agus eolas dóibh siúd a bhfuil tuiscint acu. Is é a léiríonn a bhfuil domhain agus diamhair, a bhfuil a fhios aige cad atá sa dorchacht a bhfuil an solas ina chónaí fairis. Duitse, a Dhia m' aithreacha, a bheirim buíochas agus moladh Mar gur bhronn tú orm eagna agus [intleacht]; féach anois mhúin tú dom an ní ar ghuíomar thú ar a shon; léirigh tú dúinn fadhb an rí. Chuaigh Dainéil isteach go hAiríoc ar thug an rí ordú dó saoithe na Bablóine a scriosadh. Chuaigh sé chuige agus dúirt: «Ná scrios saoithe na Bablóine: tabhair mise isteach i láthair an rí agus foilseoidh mé don rí a chiall siúd.» Ansin bhrostaigh Airíoc Dainéil isteach i láthair an rí agus dúirt sé leis: «Fuair mé i measc bránna Iúdá duine a inseoidh an chiall don rí.» Labhair an rí le Dainéil (ar a dtugtaí Béiltiseazar): «An féidir leat,» ar seisean, «an taibhreamh a chonaic mé agus a chiall sin, a léiriú dom?» D' fhreagair Dainéil an rí: «An rún atá á lorg ag an rí, ní féidir le saoithe ná le draoithe, le hasarlaithe ná le fáistinigh, é a thaispeáint don rí. Ach tá Dia ar neamh a nochtann rúin agus tá sé curtha in iúl aige don rí Nabúcadnazar cad atá le teacht sna laethanta deireanacha. Seo d' aisling agus físeanna do chinn ar do leaba: «I do luí duit ar do leaba, a rí, tháinig chugat smaointe i dtaobh cad a chaithfeadh teacht chun críche níos déanaí, agus, an té a nochtann rúin, d' fhoilsigh sé duit cad tá le teacht chun críche. Maidir liomsa, ní toisc aon eagna a bheith agam seachas cách a nochtadh an rúndiamhair seo dom, ach chun go bhfoilseofaí a chiall siúd don rí agus chun gurbh eol duit smaointe do chroí. Deineadh fís duit, a rí. Féach íomhá, íomhá ollmhór, í ar bharr gile agus ina seasamh os do chomhair go haduafar le feiceáil. D' ór fíre ceann na híomhá, a hucht agus a géaga d' airgead, a bolg agus a sliasta de phrás, a cosa d' iarann agus a troithe i gcuid d' iarann, i gcuid de chré. D' fhéach tú; gearradh amach cloch, gan láimh duine a bhaint léi, agus bhuail sí an íomhá ina troithe d' iarann agus de chré agus rinne sí smidiríní díobh. Ansin smiotadh le chéile idir iarann agus chré, idir phrás agus airgead agus ór, agus rinneadh díobh mar a bheadh cáith urláir bhuailte sa samhradh, agus rug an ghaoth leis iad i dtreo nár fágadh rian díobh. Ach an chloch a bhuail an íomhá rinneadh cnoc mór di agus líon sí an talamh uile. B' shin an aisling, agus inseoimid a chiall anois i láthair an rí. «Is ortsa, a rí na rí, a bhronn Dia neimhe tiarnas, cumhacht, neart agus glóir; cibé áit ina gcónaíonn clann na ndaoine, míola na má, agus éanlaith an aeir, i do lámha is ea a chuir sé iad agus is tú a chuir sé mar rialtóir orthu; an ceann óir, tusa é sin. I do dhiaidh éireoidh ríocht eile is lú ná tú; agus an treas ríocht arís de phrás a bhainfidh amach forlámhas ar an domhan uile. Agus beidh an ceathrú ríocht ann, tréan mar iarann, an t-iarann a bhriseann agus a dhéanann mionrabh de gach ní, agus tuairgneoidh sí agus brisfidh sí iad seo uile mar an t-iarann a bhriseann gach ní. Na troithe seo a chonaic tú, cuid díobh de chré agus cuid díobh d' iarann, sin ríocht a bheidh deighilte; beidh cuid de neart an iarainn inti faoi mar a chonaic tú iarann cumaiscthe le cré agus láib. Na troithe seo, mar a bhí, cuid díobh de chré agus cuid díobh d' iarann, sin mar a bheidh an ríocht, i bpáirt go daingean, i bpáirt go faon. Mar a chonaic tú an t-iarann cumaiscthe le láib chré, is mar sin a bheidh siad i gcumasc le chéile ag síolrú daoine, ach ní chloífidh siad go daingean le chéile díreach mar nach meascann an t-iarann leis an gcré. I laethanta na ríthe seo, cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche, agus nach bhfágfar a fhlaitheas do dhream eile daoine. Smiotfaidh sé agus dítheoidh sé na ríochtaí seo uile, ach seasfaidh sé féin go brách, díreach mar a chonaic tú cloch mhór á gearradh ón gcnoc gan lámh duine ag baint léi, an chloch a rinne smidiríní den iarann, den phrás, den chré, den airgead, agus den ór. Thug an Dia Mór fios don rí cad a thiocfadh chun cinn ina dhiaidh seo. Tá an taibhreamh cinnte agus an míniú dearbh.» Thit an rí ar a bhéal agus ar a fhiacla agus thug ómós do Dhainéil agus d' ordaigh íobairt agus ofráil túise a dhéanamh dó. Dúirt an rí le Dainéil: «Is deimhin gur Dia na ndéithe bhur nDia, agus gur Tiarna ar ríthe é, foilsitheoir na rún, ó d' fhéad tusa an rún seo a nochtadh domsa.» Thug an rí onóir ard do Dhainéil agus iomad duaiseanna móra: rinne sé rialtóir de ar chúige na Bablóine uile, agus maor ar shaoithe uile na Bablóine. Rinne Dainéil achainí chun an rí ansin i dtreo gur chuir sé Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, ach d' fhan Dainéil féin i gcúirt an rí. An Triúr Compánach san Fhoirnéis Ansin ghairm Nabúcadnazar na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistisí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí chun teacht chun coisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar rí. Ansin bhí na satraip, na huachtaráin, na rialtoirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistisí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí cruinnithe le chéile do choisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar agus iad ina seasamh os comhair na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar. D' fhógair an callaire os ard: «A dhaoine de gach cine, náisiún, agus teanga, seo daoibh an t-ordú atá tugtha: cibé uair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála agus gach sort uirlise ceoil, sibh a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir atá curtha suas ag Nabúcadnazar rí. Ach má bhíonn aon duine nach dtitfidh síos agus adhradh a thabhairt, caithfear eisean láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.» Uime sin a luaithe a chuala na daoine glór na hadhairce, an píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sort uirlise ceoil, rinne siad uile, idir chiníocha náisiúin, agus theangacha, iad féin a chaitheamh síos agus adhradh a thabhairt don íomhá óir a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar. Ansin tháinig Caildéigh áirithe chun tosaigh agus rinne siad gearán go mailíseach in aghaidh na nGiúdach. Dúirt siad leis an rí Nabúcadnazar: «A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol! Thug tú ordú, a rí, gach aon duine a chloisfeadh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir; dá mbeadh aon duine nach dtitfeadh chun talún agus nach n-adhrfadh, é a chaitheamh isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair. Tá Giúdaigh áirithe a chuir tú i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó; rinne na daoine seo beag de d' orduithe, a rí; ní fhónann siad do do dhéithe ná ní adhrann siad an íomhá órga atá curtha in airde agat.» Ansin d' aithin Nabúcadnazar agus cuthach feirge air, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a bhreith chuige. Ansin thug siad iad seo i láthair an rí. Dúirt Nabúcadnazar leo: «An fíor, a Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, nach bhfónann sibh do mo dhéithe agus nach n-adhrann sibh an íomhá óir atá curtha in airde agam? Nuair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, an bhfuil sibh ullamh sibh féin a chaitheamh chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá atá déanta agam? Mura ndéanann sibh í a adhradh, caithfear sibh láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair, agus cé hé an dia a fhuasclóidh sibh ó mo láimhse?» D' fhreagair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó an rí Nabúcadnazar: «Ní gá dúinn,» arsa siad, «freagra a thabhairt ort sa ghnó seo. Is féidir sa chás sin lenár nDia, dá bhfónaimid, sinn a shaoradh ón bhfoirnéis ag spréacharnach le lasair agus ó do láimhse, a rí; agus déanfaidh sé sinn a shaoradh. Mura ndéana sé amhlaidh, bíodh a fhios agat, a rí, nach bhfónfaimid do do dhia ná nach n-adhrfaimid an íomhá atá curtha in airde agat.» Ansin líon Nabúcadnazar le fearg, agus chlaochlaigh dealramh a ghnúise i leith Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó. D' aithin sé an fhoirnéis a théamh níos teo faoi sheacht ná mar ba ghnáth agus d' ordaigh sé do thréanfhir áirithe dá shluaite Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a cheangal agus a theilgean isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair. Ansin ceanglaíodh iad agus idir mhatail agus chótaí, idir hataí agus éidí eile á gcaitheamh acu, agus teilgeadh iad isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair. Ba theann é ordú an rí agus ba the í an tine, agus dá bharr sin loisc lasair na tine ina mbeatha na fir a d' iompair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó. 24 Shiúil siad timpeall i lár na lasrach ag moladh Dé, agus ag glóiriú an Tiarna. 25 Sheas Azairiá agus ghuigh mar a leanas ag oscailt a bhéil i lár na lasrach ag rá: 26 Glóir duit, a Thiarna, Dia ár n-aithreacha, a thuilleann moladh, agus moladh go deo le d' ainm. 27 Mar is cóir thú i ngach a bhfuil déanta agat agus is fíor d' oibreacha go léir, is is díreach do shlite, is is fírinneach do bhreithiúnais. 28 Thug tú breith chóir i ngach ar sheol tú orainn agus ar chathair naofa ár n-aithreacha, Iarúsailéim. Mar san fhírinne agus sa cheart thug tú iad seo uile orainn trínár bpeacaí. 29 Sea, pheacaíomar uile agus rinneamar thú a thréigean go héagórach. Pheacaíomar go mór agus níor ghéilleamar do d' aitheanta. 30 Níor chomhlíonamar iad, ná ní dhearnamar ar ordaíodh dúinn ar mhaithe linn féin. 31 Uime sin gach ar thug tú sa mhullach orainn, gach a ndearna tú linn, tá siad seo déanta agat sa tslánchóir. 32 Thug tú sinn i lámha ár namhad, do phobal gan reacht agus do dhíogha na gcoirpeach, agus do rí ró-olc, do rí rómhailíseach thar ríthe uile an domhain. 33 Inniu ní féidir linn ár mbéal a oscailt; táir agus tarcaisne is dán do do shearbhóntaí agus do lucht d' adhartha. 34 Ná tréig sinn ar fad ar son d' aimn agus ná bris do chonradh. 35 Ná tóg ar ais uainn do thrócaire ar son Abrahám do chara, agus Íosác do shearbhónta, is Iosrael do neach naofa, 36 ar gheall tú dóibh clann chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus le gaineamh ar thrá na mara. 37 Féach, a Thiarna, is sinne is lú de na ciníocha uile, agus táimid faon inniu ar chlár na cruinne de dheasca ár bpeacaí. 38 Faoi láthair níl againn taoiseach, ná fáidh, ná prionsa, uileloscadh, ná íobairt, ná abhlann, ná túis, ná ionad chun céadtorthaí a thoirbhirt duit, 39 agus trócaire a fháil os do chomhair. Ach, le doilíos croí agus in umhlaíocht spioraid, go nglactar linn, 40 mar a ghlacfaí le huileloscadh reithí agus tarbh agus leis na mílte ar dheich mílte d' uain mhéithe; gurb amhlaidh sin dár n-íobairt inniu os do chomhair, i slí is go leanfaimid thú go hiomlán, mar níl aon náire i ndán dóibh siúd a bhfuil a muinín asatsa. 41 Anois leanaimid thú ó chroí lán; tá d' eagla orainn agus fonn radharc a fháil ar do ghnúis. 42 Ná cuir náire orainn, ach láimhsigh sinn de réir do chineáltachta agus de réir do thrócaire rómhór. 43 Fuascail sinn de réir d' oibreacha taibhseacha, agus tabhair glóir do d' ainm, a Thiarna. 44 Deargnáire ar chách a dhéanann díobháil do do shearbhóntaí; go raibh siad faoi tháir, a gcumhacht uile ar ceal, agus a neart go léir cloíte. 45 Bíodh a fhios acu gur tusa amháin is Dia agus is Tiarna, faoi ghlóir ar fud an domhain uile. 46 Anois searbhóntaí an rí a chaith isteach iad, níor staon siad ach ag cothú na tine le nafta, le pic, le barrach agus le brosna. 47 D' ardaigh an lasair naoi mbanlámh agus daichead os cionn na foirnéise in airde, 48 agus bhrúcht sí amach agus dhóigh sí a bhfuair sí de Chaildéigh timpeall na foirnéise. 49 Ach chuaigh aingeal an Tiarna síos san fhoirnéis le hAzairiá agus a chompánaigh, agus thiomáin sé an lasair spréacharnach as an fhoirnéis amach 50 i dtreo go raibh lár na foirnéise faoi mar a bheadh leoithne chumhra ghaoithe ann agus drúcht léi, agus níor theagmhaigh an lasair leo ar aon chor ná ní dhearna sí díobháil dóibh ná níor chuir cás orthu. 51 Caintic an Triúr Ógánach Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair. 91 Ansin tháinig líonrith ar an rí Nabúcadnazar agus d' éirigh sé faoi dheifir. Chuir sé ceist ar a chomhairleoirí: «Nach triúr fear i gcuibhreacha a chaitheamar isteach sa tine?» D' fhreagair siadsan an rí: «Sea go deimhin, a rí.» 92 Dúirt seisean: «Feicim, áfach, ceathrar fear gan chuibhreacha ag siúl timpeall i lár na tine gan dochar déanta dóibh, agus is cosúil le mac de chuid na ndéithe an ceathrú duine ar a dhealramh.» 93 Ansin dhruid Nabúcadnazar le béal na foirnéise ag spréacharnach le lasair agus dúirt: «A Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, a fhónann don Dia ro-ard, tagaigí amach, agus tagaigí anseo.» Ansin tháinig Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó amach as lár na tine. 94 Chruinnigh na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí le chéile agus chonaic siad nach raibh cumhacht ar bith ag an tine ar chorp na bhfear úd agus nár loisceadh folt a gcinn, nár milleadh a n-éadaí, agus nár bhain boladh na tine leo. 95 Labhair Nabúcadnazar agus dúirt go hard: «Moladh le Dia Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a chuir uaidh a aingeal, agus a d' fhuascail a shearbhóntaí a chuir a muinín ann; níor ghéill siad d' ordú an rí ach a gcorp a thabhairt suas níos túisce ná fónamh do dhia ar bith ach a nDia féin, ná é a adhradh. 96 Uime sin tugaim ordú: 'Aon phobal nó treibh nó teanga a labhróidh focal in aghaidh Dé Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a stolladh ina spólaí agus a dtithe a scartáil ó bhonn: mar níl aon dia eile a fhéadann fóirithint ar an gcuma seo.'» 97 Ansin chuir an rí Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó chun cinn i gcúige na Bablóine. Nabúcadnazar, rí, do gach pobal, treibh agus teanga dá gcónaíonn ar talamh i ngach cearn: Síocháin libh ina tuile! 3:98 3:99 Bheartaigh mé gur chóir na comharthaí agus na fearta a thug an tArd-Dia chun críche tríomsa a fhoilsiú. 3:100 Nach mór iad a chomharthaí! Nach tréan iad a fhearta! Ríocht shíoraí a ríocht! Tá a fhlaitheas ó ghlúin go glúin! 1 Bhí mise, Nabúcadnazar, go socair i mo theach agus faoi bhláth i mo phálás. 2 Rinneadh taibhreamh dom a chuir scanradh orm: i mo luí dom ar mo leaba bhuair mo smaointe agus físeanna mo chinn mé. 3 Uime sin thug mé ordú saoithe na Bablóine uile a thabhairt i mo láthair i dtreo go n-inseoidís ciall an taibhrimh dom. 4 Ansin tháinig na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh agus na fáistinigh isteach agus d' inis mé an taibhreamh dóibh, ach ní fhéadfaidís a chiall a chur in iúl dom. 5 Faoi dheireadh tháinig Dainéil isteach i mo láthair é siúd ar ar tugadh Béiltiseazar de réir ainm mo dhé, agus ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé agus d' inis mé an taibhreamh dó á rá: 6 «A Bhéiltiseazar, a cheannaire na ndraoithe, mar gurb eol dom go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat agus nach cás duit aon rún: seo é an taibhreamh a rinneadh dom agus inis a chiall dom: 7 Ba iad seo físeanna mo chinn ar mo luí dom ar mo leaba: Féach: crann i lár na talún; ba mhór a airde. 8 D' fhás an crann agus neartaigh; ráinig a bharr chun neimhe, agus bhí radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne. 9 B' álainn a dhuilliúr, ba líonmhar a thoradh. Ba ann a fuair cách cothú, Bhí sé ina scáth ag ainmhithe an mhachaire, agus lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga, agus cothaíodh an uile fheoil leis. 10 Chonaic mé i bhfíseanna mo chinn ar mo leaba: Féach! fear faire fíréan a tháinig ó neamh anuas. 11 D' fhógair sé in ard a chinn: ' Gearraigí anuas an crann, ciorraígí a ghéaga de, croithigí a dhuilliúr de, cuirigí scaipeadh ar a thoradh; teitheadh na hainmhithe óna scáth, agus an éanlaith óna ghéaga. 12 Ach fágaigí an stocán leis na fréamhacha sa talamh, agus slabhra iarainn agus práis á cheangal, i bhféar mín an mhachaire. Fliuchtar é ó dhrúcht neimhe, agus gurb é féar na talún a chuid ronna i gcuibhreann na n-ainmhithe fiáine. 13 Athraítear a chroí ó bheith ina chroí daonna; tugtar croí ainmhí dó, agus téadh seacht n-aimsir thairis. 14 Sin breith na bhfear faire agus réiteach na ceiste i bhfocal na Naomh, d' fhonn is go mbeadh a fhios ag gach aon duine beo go bhfuil flaitheas ag an té is Airde ar ríocht na ndaoine; agus go dtugann sé í don té is mian leis agus go gcuireann sé an té is uirísle ar dhaoine os a cionn.' 15 «Sin é agaibh an taibhreamh a rinneadh domsa, Nabúcadnazar rí. Agus tusa, a Bhéiltiseazar, foilsigh a chiall mar nár fhéad aon duine de shaoithe mo ríochta a chiall a fhoilsiú dom; ach féadann tusa mar tá spiorad an Naomh-Dhe ionat.» 16 Ansin bhí Dainéil ar a dtugtaí Béiltiseazar trí chéile scaitheamh agus ar mearbhall aigne. Labhair an rí agus dúirt: «Ná cuireadh an taibhreamh seo ná a chiall aon chaduaic ort, a Bhéiltiseazar.» D' fhreagair Béiltiseazar: «Go raibh an taibhreamh seo dóibh siúd a thugann fuath duit, agus a chiall do do naimhde. 17 An crann sin a chonaic tú, mór agus láidir, agus a ráinig chun neimhe, agus a raibh radharc air ó chiumhaiseanná na cruinne, 18 arbh álainn a dhuilliúr agus arbh líonmhar a thoradh, a chothaigh cách, agus a thug scáth d' ainmhithe an mhachaire, agus ar lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga 19 sin é tusa, a rí, a d' fhás agus a neartaigh. Mhéadaigh ar d' ardréim agus ráinig chun neimhe, agus do fhlaitheas go ciumhaiseanna na cruinne. 20 Agus maidir leis seo a chonaic an rí: fear faire, naomh, a tháinig anuas ó neamh agus a dúirt: 'Gearraigí anuas an crann, milligí é, ach fágaigí an stocán agus na fréamhacha sa talamh, faoi shlabhraí iarainn agus práis, i bhféar mín an mhachaire, fliuchtar é ó dhrúcht neimhe agus bíodh a chuid aige i gcuibhreann an n-ainmhithe fiáine, go dté seacht n-aimsir thairis' 21 seo í an chiall, a rí, agus reacht an té is Airde atá tagtha i bhfeidhm ar mo thiarna, an rí: 22 Díbreofar thú ó chomhluadar daoine, agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire, agus caithfidh tú féar a ithe dála an daimh; fliuchfar thú ó dhrúcht neimhe, agus rachaidh seacht n-aimsir tharat, chun go mbeidh a fhios agat gur ag an té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine, agus go dtugann sé í don té is áil leis. 23 «Agus an t-ordú seo: Fágaigí an stocán agus fréamhacha an chrainn, ciallaíonn sé go seasfaidh do ríocht duit nó go mbeidh a fhios agat gurb é Neamh a rialaíonn gach ní. 24 Glac mo chomhairle dá bhrí sin, a rí: Ruaig uait do pheacaí leis an bhfíréantacht a chleachtadh agus d' urchóidí le déirc do bhochta d' fhonn go rachadh fad ar do shíocháin.» 25 Tháinig sé sin go léir sa mhullach ar Nabúcadnazar. 26 I gceann dhá mhí dhéag bhí sé ag spaisteoireacht ar dhíon pháláis ríoga sa Bhablóin. 27 Agus dúirt an rí: «Nach í seo an Bhablóin mhór a thóg mé mar shuí ríogachta le neart mo chumhachta agus chun glóir mo mhórgachta?» 28 Sula raibh na focail sin thar a bhéal aige thit guth ó na flaithis: Is leatsa a labhraíodh, a rí Nabúcadnazar! Tá an flaitheas imithe uait! 29 Díbreofar thú ó chomhluadar daoine, agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire. Caithfidh tú féar a ithe dála an daimh, agus rachaidh seacht n-aimsir tharat, chun go mbeidh a fhios agat gur ag an Té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine, agus go dtugann sé í don té is áil leis. 30 Tháinig an briathar chun críche ar Nabúcadnazar gan mhoill. Díbríodh ó chomhluadar daoine é, agus chrom sé ar fhéar a ithe dála an daimh; fliuchadh é ó dhrúcht neimhe nó gur fhás a ghruaig mar chleiteach iolair, agus a ingne mar chrúba éin. 31 I gcríoch na laethanta úd, thóg mise, Nabúcadnazar, mo shúile chun neimhe; d' fhill mo mheabhair orm agus bheannaigh mé an Té is Airde: Mhol mé agus ghlóirigh mé é siúd a mhaireann go brách. Flaitheas síoraí a fhlaitheas. Tá a thiarnas ó ghlúin go glúin. 32 Sa mheá le náid a chuirtear áitritheoirí uile na cruinne; ar a thoil atá riaradh sluaite neimhe, agus áitritheoirí na cruinne. Ní fhéadann neach a lámh a chosc ná a rá leis: «Cad atá agat á dhéanamh? 33 Láithreach bonn d' fhill mo mheabhair orm, agus, chun glóir mo ríogachta, d' fhill orm m' onóir agus mo dhealramh. Lorg mo chomhairleoirí agus mo mhaithe mé; daingníodh i mo ríocht mé agus mhéadaigh ar mo mhórgacht a thuilleadh fós. 34 Anois, mise Nabúcadnazar molaim, móraim agus glóirím Rí neimhe, mar is fíréan iad a oibreacha go léir, agus is cóir iad a shlite uile, agus is féidir leis lucht uaibhreach iompar a ísliú. Rinne Béilseazar rí fleá mhór dá mhaithe, míle díobh,agus d' ól sé fíon os comhair an mhíle seo. Nuair a bhlais sé an fíon, d' ordaigh Béilseazar na soithí óir agus airgid a d' fhuadaigh a athair Nabúcadnazar ó Theampall Iarúsailéim a thabhairt i láthair chun go n-ólfadh an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin, deoch astu. Ansin tugadh i láthair na soithí óir agus airgid a fuadaíodh ón Teampall, Teach Dé in Iarúsailéim, agus d' ól an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin deoch astu. D' ól siad fíon agus mhol siad na déithe óir agus airgid, práis agus iarainn, adhmaid agus cloiche. Dhealraigh go tobann méara láimhe duine agus í ag scríobh ar phlástar bhalla an pháláis ríoga laistiar den choinnleoir; bhí an rí ag faire ar an láimh ag scríobh. Chlaochaigh a lí ar an rí; bhuair a smaointe é; tháinig ballchrith air agus chnag a ghlúine ar a chéile. Ghlaoigh an rí go hard go dtabharfaí draoithe, Caildéigh agus astralaithe isteach. Dúirt an rí le saoithe na Bablóine: «Cibé a léifidh an scríbhinn seo agus a léireoidh a ciall dom, cuirfear éide chorcra uime, slabhra óir ar a mhuineál, agus beidh sé ar an tríú rialtóir sa ríocht.» Bhailigh saoithe uile an rí isteach ach níor fhéad siad an scríbhinn a léamh ná a ciall a léiriú don rí. Bhí an-bhuairt ar an rí Béilseazar, agus d' athraigh a lí; agus bhí a mhaithe i gcruachás. Toisc bhriathar an rí agus a mhaithe tháinig an bhanríon go halla na fleá. Dúirt an bhanríon: «A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol! Ná buaireadh do smaointe thú, agus ná teipeadh do dhealramh. Tá aon duine amháin i do ríocht ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé. Le linn d' athar fuarthas solas, tuiscint agus eagna ann ar aon dul le heagna na ndéithe. Rinne d' athair, an rí Nabúcadnazar, ceann de ar na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh, agus ar na saoithe. Mar fuarthas sa Dainéil seo meon uaigneach agus eolas, tuiscint ar fhíseanna a mhiniú, ar thomhaiseanna a fhreagairt, agus ar fadhbanna a réiteach. Cuir gairm ar Dhainéil agus léireoidh sé an chiall duit.» Ansin tugadh Dainéil os comhair an rí, agus dúirt an rí le Dainéil: «An tusa Dainéil, de chine díbeartha Iúdá a thug m' athair, an rí, leis ó Iúdá? Chuala á rá é go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat, agus go bhfuil solas agus tuiscint agus eagna thar barr ionat. Tugadh chugam saoithe agus draoithe chun an scríbhinn seo a léamh agus a ciall a fhoilsiú dom, ach chuaigh díobh a ciall a aimsiú. Chuala mé á rá é go bhfuil ar do chumas mínithe a thabhairt agus fadhbanna a réiteach. Anois má fhéadann tú an scríbhinn seo a léamh agus a ciall a fhoilsiú dom, cuirfear éide chorcra umat, slabhra óir ar do mhuineál, agus beidh tú ar an tríú rialtóir sa ríocht.» D' fhreagair Dainéil agus dúirt sé os comhair an rí: «Bíodh do bhronntanais agat duit féin agus tabhair do thuarastail do dhaoine eile! Ach ó mo thaobhsa de, léifidh mé an scríbhinn seo don rí agus nochtfaidh mé an chiall dó. A rí, thug Dia, an Té is Airde, flaitheas agus mórgacht, glóir agus ríogacht, do Nabúcadnazar d' athair. De bhrí na mórgachta a bhronn sé air chreathnaigh an uile phobal agus chine agus theanga roimhe le heagla; mharaíodh sé mar ab áil leis; thugadh sé anacal anama mar ba mhian leis; d' ardaíodh sé an té ab áil leis, d' íslíodh sé an té ba mhian leis. Ach nuair a bhorr a chroí agus gur chruaigh a spiorad le neart uabhair, tiomáineadh óna shuí ríoga é agus baineadh a ghlóir de. Díbríodh ó chomhluadar daoine é agus chuaigh a chroí i gcosúlacht le croí na mbeithíoch; lonnaigh sé leis na hasail fhiáine; d' ith sé féar dála an daimh; fliuchadh a chorp ó dhrúcht neimhe chun go raibh a fhios aige gurb é an té is Airde a rialaíonn ríocht na ndaoine, agus go gcuireann sé an té is mian leis ina feighil. Ach tusa, a Bhéilseazar, a mhac siúd, níor umhlaigh tú do chroí cé gurbh eol duit é seo go léir; ach d' ardaigh tú thú féin in aghaidh Tiarna neimhe; tugadh soithí a thí i do láthair agus d' ól tú féin agus do mhaithe, do mhná agus do leannáin, deoch fíona astu; agus mhol tú déithe óir agus airgid, práis agus iarainn, adhmaid agus cloiche, déithe gan radharc, gan éisteacht, gan eolas; ach an Dia a bhfuil d' anáil faoina láimh, agus do shlite uile ina sheilbh, níor thug tú glóir dó. Óna láthair a seoladh an lámh seo a rianaigh an scríbhinn seo ina haonar. Is í seo an scríbhinn a scríobhadh: mené, mené, tecél, agus parsín. Seo ciall na bhfocal sin: mené: ríomhaigh Dia laethanta do ríochta agus tá sí tugtha chun críche aige. tecél: Meádh thú sa mheá agus fuarthas easpa ort. parsín: tá do ríocht deighilte agus tugtha do na Méidigh agus do na Peirsigh.» Ansin d' ordaigh Béilseazar Dainéil a éidiú i gcorcra, slabhra óir a chur ar a mhuineál, agus a fhógairt go raibh sé ar an tríú rialtóir sa ríocht. An oíche úd díreach glan dúnmharaíodh Béilseazar, an rí Caildéach, 6:1 agus ghlac Dáire, an Méideach, seilbh ar an ríocht agus é dhá bhliain agus trí fichid an uair sin. Bheartaigh Dáire céad is fiche satrap a chur os cionn a ríochta, agus iad a bheith i bhfeighil ranna a ríochta uile, 2 3 faoi cheannas triúr uachtarán Dainéil ar dhuine acu a dtabharfadh na satraip seo cuntas dóibh chun nach rachadh aon ní amú ar an rí. 4 Chinn an Dainéil céanna ar na huachtaráin agus ar na satraip tríd an spiorad éachtach a bhí ann i dtreo gur bheartaigh an rí é a chur os cionn a ríochta uile. 5 Ansin chrom na huachtaráin agus na satraip ar chúis stáit a lorg le cur i leith Dhainéil, ach níor éirigh leo cúis ná locht a aimsiú, bhí sé chomh dílis sin, ná ní bhfuarthas faillí ná dearmad le cur ina leith. 6 Ansin dúirt an mhuintir seo: «Ní bhfaighimid cúis ar bith le cur i leith an Dainéil seo, mura bhfaighimid sin i gcúrsaí dlí a Dhé.» 7 Ansin [bhrúcht] na huachtaráin agus na satraip seo isteach i láthair an rí agus labhair siad leis mar a leanas: «A rí Dáire, fad gach aon fhaid ar do shaol! 8 Uachtaráin do ríochta, ceannairí, satraip, airí agus rialtóirí táimidne uile d' aonaigne gur chóir don rí reacht a rith agus ordú mar a leanas a fhógairt: Cibé a iarrfaidh achainí ar bith ar aon Dia nó ar aon duine ach ortsa amháin ar feadh tríocha lá, é a theilgean isteach in uaimh na leon. 9 Anois, a rí, tabhair feidhm dlí don ordú agus sínigh an chairt i dtreo nach féidir athrú a dhul air de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir a chur ar ceal.» 10 Uime sin shínigh an rí Dáire an chairt agus an reacht. 11 Nuair a thuig Dainéil gur síníodh an chairt, chuaigh sé chun a thí mar a raibh fuinneoga aige ina sheomra uachtarach oscailte i dtreo Iarúsailéim; trí huaire sa lá théadh sé ar a ghlúine ag guí Dé agus á mholadh, mar ba ghnáth leis roimhe sin. 12 Ansin [bhrúcht] an mhuintir seo chuige agus fuair siad Dainéil ag guí is ag achainí i láthair a Dhé. 13 Ansin tháinig siad isteach i láthair an rí i dtaobh an reachta agus dúirt siad leis: «A rí, nár shínigh tú reacht, cibé a dhéanfadh achainí chun dé nó duine ach chugatsa amháin, a rí, ar feadh tríocha lá, go dteilgfí é in uaimh na leon.» D' fhreagair an rí: «Tá an scéal socair de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir a chur ar ceal.» 14 Ansin dúirt siad leis an rí: «An Dainéil úd, duine de na díbearthaigh ó Iúdá, níl aird aige ortsa, a rí, ná ar an reacht atá sínithe agat; trí huaire sa lá a dhéanann sé a achainí.» 15 Ar chloisteáil na mbriathra sin don rí, tháinig suaitheadh air agus bheartaigh sé Dainéil a shaoradh. Go fuineadh néil nóna rinne sé a dhícheall é a shaoradh. 16 Ansin tháinig an mhuintir seo [ina slua] chun an rí agus dúirt siad: «Bíodh a fhios agat, a rí, de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir aon reacht ná órdú a dhéanann an rí a chur ar ceal.» 17 Ansin d' ordaigh an rí Dainéil a thabhairt i láthair agus é a chaitheamh san uaimh chun na leon. Dúirt an rí le Dainéil: «Do Dhia, a bhfuil seirbhís dhílis tugtha agat dó, fuasclaíodh sé thú.» 18 Tugadh cloch agus leagadh ar bhéal na huaimhe í agus chuir an rí a shéala féin agus séala a mhaithe uirthi ionas nach rachadh athrú ar aon ní a bhain le cúis Dhainéil. 19 D' fhill an rí ar a phálás ansin agus chaith an oíche ina throscadh, gan [luí le leannán]. Thréig a chodladh é. 20 Ansin le breacadh an lae d' éirigh an rí agus bhrostaigh leis go huaimh na leon. 21 Láimh leis an uaimh ghlaoigh sé go truacánta ar Dhainéil á rá: «A Dhainéil, a shearbhónta Dé bheo, an Dia seo dá bhfónann tú go dílis, arbh fhéidir leis tú a fhuascailt ó na leoin?» 22 D' fhreagair Dainéil an rí: «A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol! 23 Tá a aingeal curtha ag Dia chugam; tá clab na leon dúnta aige, agus níl aon dochar déanta acu dom mar go bhfuarthas gan chion mé ina láthair. Agus táim gan choir leis i do láthairse, a rí.» 24 Tháinig lúcháir mhór ar an rí agus d' ordaigh sé Dainéil a thógáil as an uaimh. Tógadh Dainéil uime sin aníos as an uaimh agus fuarthas é slán folláin mar go raibh a mhuinín aige as a Dhia. 25 Ar ordú an rí, tugadh an mhuintir sin a rinne casaoid in aghaidh Dhainéil i láthair agus teilgeadh iad in uaimh na leon, iad féin, a mná agus a gclann; agus sula raibh íochtar na huaimhe sroichte acu bhí siad treascartha ag na leoin agus a gcnámha go léir smiota acu. 26 Agus scríobh an rí, Dáire, chuig an uile phobal, chine agus theanga a áitríonn san uile aird den chruinne: «Síocháin daoibh ina tuile! 27 Seo é an reacht atá agam á achtú: i m' impireacht agus i mo fhlaitheas rí go hiomlán go raibh an uile dhuine ar crith le heagla roimh Dhia Dhainéil, mar is é is Dia beo a mhaireann go deo; ní bheidh díthiú ar a fhlaitheas ná críoch ar a thiarnas. 28 Eisean a fhuasclaíonn agus a fhóireann, a dhéanann comharthaí agus míorúiltí ar neamh agus ar talamh; shaor sé Dainéil ó chumhacht na leon.» 29 Chuaigh an Dainéil céanna sin chun cinn i réimeas Dháire agus Chíorais, an Peirseach. Na Ceithre Ainmhí Dúirt Dainéil: Chonaic mé físeanna istoíche. Féach! Bhí ceithre ghaoth neimhe ag coipeadh na bóchna móire. Tháinig ceithre ainmhí mór aníos as an fharraige, gach ceann acu éagsúil lena chéile. Bhí an chéad cheann mar leon agus sciatháin iolair air. Ansin, agus mé ag féachaint air, stolladh a sciatháin de, ardaíodh ó thalamh é agus chaith sé seasamh ar dhá chois amhail duine, agus tugadh croí duine dó. Féach! Ainmhí eile, an dara ceann, agus é cosúil le béar, ardaithe ar a leathchliathán, agus trí easna ina bhéal idir a fhiacla. Dúradh leis: 'Éirigh, alp siar a lán feola.' Ina dhiaidh sin d' fhéach mé, agus b' sheo ceann eile mar liopard, agus ceithre sciathán éin ar a dhroim; bhí ceithre cheann ar an ainmhí agus tugadh tiarnas dó. Ina dhiaidh seo rinneadh físeanna oíche dom, agus féach, an ceathrú hainmhí, uafar, scéiniúil, agus róthréan; bhí aige fiacla móra iarainn, agus shlog agus stoll sé, agus phasáil sé an fuílleach faoina chosa. Bhí sé éagsúil leis na hainmhithe eile go léir a bhí roimhe. Bhí deich n-adharc air. Bhreithnigh mé na hadharca, agus féach, d' éirigh ina measc ceann eile, adhaircín, agus stoitheadh trí cinn de na chéad adharca aníos lena theacht. Agus b' sheo súile mar shúile duine san adharc seo, agus béal ag caint is ag rá nithe móra. Bhí mé ag faire: Cuireadh cathaoireacha ríoga ina n-ionad agus shuigh Sinsear na Laethanta. Bhí a éide ar lí an tsneachta, agus folt a chinn mar olann ghlan. Ba lasair thintrí a chathaoir ríoga, agus ba thine spréacharnach a rothaí. Ling sruth tine agus bhrúcht amach roimhe. Bhí míle míle ag fónamh dó agus deich míle de dheich mílte ina seasamh os a chomhair. Shuigh an chúirt i mbreithiúnas, agus osclaíodh na leabhair. «Toisc glór na nithe móra a bhí á rá ag an adharc a bheith á chloisteáil agam, d' fhéach mé, agus, ag faire dom, maraíodh an t-ainmhí, milleadh a chorp agus caitheadh i leataobh é le dó sa tine. Maidir leis na hainmhithe eile, tógadh a dtiarnas chun siúil uathu, ach níor cuireadh deireadh lena saol go ceann ré agus aimsire. Chonaic mé i bhfíseanna oíche. Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe, amhail Mac an Duine. Tháinig sé chun Sinsir na Laethanta, agus cuireadh os a chomhair é. Dó siúd tugadh tiarnas, glóir is ardfhlaitheas, go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga. Tiarnas síoraí a thiarnas, nach rachaidh ar ceal, ná ní scriosfar a ríocht. «Bhí buairt ar mo spioradsa, mise Dainéil, agus shuaith físeanna mo chinn mé. Chuaigh mé anonn chun duine díobh siúd a bhí ina sheasamh ansiúd agus d' iarr mé air an fhírinne ina thaobh seo uile a insint dom. D' fhreagair sé mé agus nocht sé ciall na nithe sin dom. ' Ceithre rí a éireoidh as an talamh na ceithre ainmhí seo. Ach is iad naoimh an Té is Airde a ghlacfaidh an ríocht agus a shealbhóidh í go deo agus go bruinne an bhrátha.' Ansin b' áil liom an fhírinne a fhoghlaim i dtaobh an cheathrú hainmhí, a bhí éagsúil leis an gcuid eile go léir, é go ró-uafar le fiacla iarainn agus croibh práis, a shlog is a stoll, agus a phasáil an fuílleach faoina chosa; agus i dtaobh na ndeich n-adharc a bhí ar a cheann, agus na hadhairce eile a d' éirigh aníos agus ar thit trí cinn díobh roimhe, an adharc a raibh súile aici agus béal ag caint is ag rá nithe móra, a dhealraigh níos mó ná a comrádaithe. Os comhair mo shúl chuir an adharc seo cogadh ar na naoimh agus chloígh iad, nó gur tháinig Sinsear na Laethanta agus gur thug breith i bhfabhar naomh an Té is Airde, agus tháinig an t-am ar ghlac na naoimh seilbh ar an ríocht. Dúirt sé: ' Maidir leis an gceathrú hainmhí: Beidh an ceathrú ríocht ar talamh, éagsúil le gach ríocht. Slogfaidh sí an domhan uile, satlóidh sí faoi chois é agus millfidh sí é. Agus maidir leis na deich n-adharc: As an ríocht seo, éireoidh deich rí agus éireoidh rí eile ina ndiaidh. Beidh sé éagsúil lenar ghabh roimhe, agus cloífidh sé trí rí. Labhróidh sé briathra in aghaidh an Té is Airde, ciapfaidh sé naoimh an Té is Airde, agus smaoineoidh sé ar na haimsirí agus ar an dlí a athrú. Tabharfar na naoimh ina lámha ar feadh ré, agus dhá ré, agus leathré. Ach suífidh an chúirt i mbreithiúnas agus bainfear a thiarnas de, le scriosadh agus le milleadh óna mháithreacha boinn. An ríocht, an tiarnas, mórgacht gach flaithis faoin spéir, tabharfar iad uile do phobal naoimh an Té is Airde. Is ríocht shíoraí a ríocht agus géillfidh agus umhlóidh gach ríocht dóibh.' «Sin finit leis an ábhar seo. Maidir liomsa, Dainéil, bhí mé suaite go mór i mo smaointe, chlaochlaigh mo lí, ach choimeád mé an gnó i m' aigne.» Sa tríú bliain de réimeas Bhéilseazar rinneadh fís domsa, Dainéil, ina diaidh siúd a rinneadh dom ar dtús. Ag faire na físe os mo chomhair dom, b' shiúd mé féin i Súsa an phríomhchathair, atá i gcúige Éalám; agus, ag faire na físe, b' shiúd mé ag geata Úlai. D' ardaigh mé mo shúile chun féachana. Féach! Reithe ina sheasamh ar bhruach na habhann. Bhí dhá adharc air; bhí an dá adharc ard, ach ceann acu níos airde ná a chéile agus ba é an ceann ab airde an dara ceann a d' éirigh suas. Chonaic mé an reithe ag sá lena adharc siar, ó thuaidh, agus ó dheas. Níor fhéad ainmhí seasamh ina aghaidh, ná níor fhéad aon ní fuascailt óna ghreim. Rinne sé mar ba mhian leis agus tháinig borradh air. Féach, seo mar a thug mé faoi deara: Tháinig pocán ón iarthar, de dhroim na talún uile ach gan baint leis an talamh, agus adharc shuntasach idir a dhá shúil. Tháinig sé chun an reithe leis an dá adharc a chonaic mé ina sheasamh ar bhruach na habhann agus chuaigh de rith ina aghaidh le teann buile. Chonaic mé é ag druidim leis an reithe agus ag dul i ngleic leis; bhí cuthach air ina aghaidh agus bhuail sé an reithe, bhris a dhá adharc, agus gan breith ag an reithe ar sheasamh ina choinne; threascair sé chun talún é agus ghabh de chosa ann, agus gan é ar chumas aon duine an reithe a shábháil óna chumhacht. Chuaigh an pocán i neart go mór, ach in iomlán a nirt, bhris an adharc mhór agus ina háit d' éirigh ceithre adharc shuaithinseach i dtreo cheithre ghaoth neimhe. As ceann díobh d' eascair adhaircín a mhéadaigh go mór i dtreo an deiscirt, an oirthir, agus i dtreo Thír na Glóire. Bhorr a thoirt go slua neimhe, agus chaith sé anuas ar an talamh cuid de shlua na réaltaí agus phasáil orthu. D' ardaigh sé é féin fiú in aghaidh Phrionsa an tSlua, chuir sé an íobairt laethúil ar ceal air agus scartáil sé ionad a shanctóra agus a shlua; [in áit na híobartha chuir sé an urchóid] agus leag sé chun láir an fhírinne; rinne an adharc bearta agus chuaigh chun cinn. Ansin chuala mé neach naofa ag labhairt agus dúirt ceann eile leis siúd a labhair: «Cén fad a mhairfidh an fhís i dtaobh na híobartha laethúla, na hurchóide a mhilleann, agus na gabhála de chosa sa sanctóir agus sa slua?» Dúirt [an chéad cheann leis]: «Ar feadh dhá mhíle trí chéad nóin agus maidin fós; ansin cuirfear an sanctóir arís i seilbh a chirt.» Ag breathnú na físe domsa, Dainéil, lorg mé a ciall agus b' sheo os mo chomhair neach mar dhuine ar a dhealramh. Chuala mé guth duine idir bruacha Úlai ag glaoch: «A Ghaibriéil, tabhair tuiscint ar an bhfís don fhear seo.» Ansin tháinig sé i ngar don bhall ina raibh mé i mo sheasamh, agus, nuair a dhruid sé liom, tháinig scanradh orm agus thit mé ar mo bhéal agus ar m' fhiacla. Ach dúirt sé: «Tuig a mhic an duine gur d' uain na críche atá an fhís.» Thit mo chodladh go trom orm agus é ag caint liom agus m' aghaidh leis an talamh. Bhain sé liom agus d' ardaigh ar mo bhoinn mé. «Cuirfidh mé in iúl duit cad a bheidh i gcrích dheireanach na feirge, óir baineann sé le huain chinnte na críche. An reithe a chonaic tú, is iad ríthe na Méide agus na Peirse a dhá adharc. Is é rí na Gréige an pocán; an adharc mhór idir a dhá shúil, sin é an chéad rí. An adharc bhriste, agus na ceithre adharc eile a d' fhás ina hionad sin ceithre ríocht a éireoidh óna phobal ach nach mbeidh a chumhacht acu. I ndeireadh a réime, in am bhrúchta a n-olc, éireoidh rí, garbh ina dhreach, sás cruacheasta a réiteach. Beidh a chumhacht tréan (ach ní dá neart féin é); millfidh sé go huafásach; agus rithfidh leis ina ghnóthaí; scriosfaidh sé treoin, agus pobal na naomh. Trína ghliceas neartóidh sé leis an bhfeall faoina láimh, agus borrfaidh sé le huabhar ina chroí. Millfidh sé a lán gan choinne, agus éireoidh sé fiú in aghaidh Prionsa na bPrionsa; ach brisfear é agus sin trí láimh nach daonna. Is fíor í fís na nónta agus na maidineacha atá inste, ach cuirse séala ar an bhfís mar baineann sí le mórán lá ó inniu.» Chaill mise, Dainéil, mo bhrí agus bhí mé breoite líon mór laethanta. Ansin d' éirigh mé agus chuaigh mé i mbun cúraimí an rí, agus alltacht orm ag an bhfís agus gan tuiscint agam uirthi. Sa chéad bhliain de réimeas Dháire, mac Áisiuéaróis, de chine na Méideach, a rialaigh ríocht na gCaildéach sa chéad bhliain dá réimeas, scrúdaigh mise, Dainéil, an scrioptúr ag ríomh líon na mblianta, de réir mar a d' fhoilsigh Dia don fháidh Irimia, ba chóir a chomhlíonadh sula mbeadh críoch le scriosadh agus milleadh Iarúsailéim seachtó bliain. Ansin d' iompaigh mé m' aghaidh ar an Tiarna Dia, á thóraíocht le guí agus le hurnaí, le troscadh, le sacéadach agus le luaithreach. Ghuigh mé chun an Tiarna mo Dhia, agus rinne mé admháil mar a leanas: «Ó, a Thiarna, a Dhia mhór na heagla, a chomhlíonann an conradh agus an buanghrá dóibh siúd a ghránn tú agus a choimeádann d' aitheanta, pheacaíomar, rinneamar éagóir, rinneamar urchóid, rinneamar brath, ag tréigean d' aitheanta agus do reachta. Níor éisteamar le do shearbhóntaí, na fáithe, a labhair i d' ainm lenár ríthe, ár bprionsaí, ár n-aithreacha, agus le pobal uile na tíre. Is leatsa an fhíréantacht, a Thiarna, ach orainne tá ceann faoi amhail atá an lá seo féin, ar mhuintir Iúdá, ar áitritheoirí Iarúsailéim, ar Iosrael uile, i mbaile agus i gcéin sna tíortha uile inar dhíbir tú iad toisc tú a bhrath mar a rinne siad. Orainne, a Thiarna, tá ceann faoi, ar ár ríthe, ar ár bprionsaí, ar ár n-aithreacha, mar gur pheacaíomar i d' aghaidh. Leis an Tiarna, ár nDia, a bhaineann trócaire agus maithiúnas mar rinneamar ceannairc ina aghaidh. Níor éisteamar le guth an Tiarna, ár nDia, á rá linn maireachtáil de réir a dhlíthe, faoi mar a chuir sé faoinár mbráid iad trína shearbhóntaí na fáithe. Sháraigh Iosrael uile do dhlí; bhailigh siad leo gan éisteacht le do ghuth. An mhallacht agus an mionn atá scríofa i ndlí Mhaois, searbhónta Dé, tá siad doirte sa mhullach orainne, mar gur pheacaíomar ina aghaidh. Chomhlíon sé na briathra a labhair sé inár n-aghaidh agus in aghaidh ár rialtóirí a rialaigh sinn; thug sé tubaiste chomh mór sin orainn nach bhfuil leithéid a ndearnadh in aghaidh Iarúsailéim déanta in aon áit faoin spéir. Mar atá scríofa i ndlí Mhaois tá an tubaiste seo go léir tagtha orainn; ach níor impíomar fabhar i láthair an Tiarna, ár nDia, agus filleadh ónár gcionta agus a géilleadh do d' fhírinne. Uime sin rinne an Tiarna faire ar an urchóid agus thug anuas orainn í; mar is fíréan é an Tiarna, ár nDia, san uile obair dá ndearna sé agus níor éisteamar lena ghuth. Anois, a Thiarna, ár nDia, a thug do phobal ó thalamh na hÉigipte amach le láimh chumhachtach agus maireann a cháil sin go dtí inniu féin tá an peaca, an urchóid, déanta againne. A Thiarna, de réir iomad do ghníomhartha fíréanta, iompaíodh d' fhearg is do chuthach ó do chathair Iarúsailéim, do shliabh naofa; mar trínár bpeacaí agus trí choireanna ar n-aithreacha, tá Iarúsailéim agus do phobal ina ábhar gáire ag cách máguaird orainn. Uime sin, éist, a Dhia, le hachainí dá shearbhónta agus lena urnaithe. Ar do shon féin, a Thiarna, go ndealraí do ghnúis ar do shanctóir tréigthe. Claon do chluas, a Dhia liom, agus éist; oscail do shúile agus feic ár n-ainnise agus an chathair ar a nglaoitear d' ainm; mar ní toisc ár ndea-oibreacha a chuirimid ár n-urnaithe i do láthair, ach toisc iomad do mhórthrócaire. A Thiarna, tabhair cluas dúinn! a Thiarna, tabhair maithiúnas! A Thiarna, tóg ceann dúinn agus déan beart! Ná moilligh ar do shon féin! a Dhia, mar tá glaoite ar d' ainm i gcabhair ar do chathair agus ar do phobal.» Labhair mé arís, agus ghuigh mé ag admháil mo pheacaí féin agus peacaí mo phobail, Iosrael, agus ag déanamh m' urnaí i láthair an Tiarna, mo Dhia, ar son shliabh naofa mo Dhé. Ag labhairt dom i mo ghuí, tháinig chugam faoi lánseol, Gaibriéil an neach a bhí feicthe agam i bhfís ar dtús ar uair íobartha na nóna. Dúirt sé liom: «A Dhainéil, seo mise: tháinig mé amach chun teacht agus tú a theagasc san eagna. I dtosach d' achainí ghabh briathar amach agus táim tagtha chun é a insint duit mar is mór mar a thugtar grá duit. Iniúch an focal, tuig an fhís: Tá seachtó seachtain beartaithe do do mhuintir agus do do chathair naofa, chun deireadh a chur leis an sárú, chun críoch a chur leis na peacaí, chun leorghníomh a dhéanamh san éagóir, chun fíréantas síoraí a thabhairt i láthair, chun fís agus fáistine a shéalú, chun ionad rónaofa a ungadh. Bíodh a fhios agat agus tuig i d' aigne, ó théann an t-ordú seo amach: ' Athchóirítear agus tógtar Iarúsailéim,' go teacht ungthaigh, prionsa, seacht seachtaine; agus ar feadh dhá sheachtain agus trí fichid beifear á thógáil arís le cearnóga agus móta ach in aimsir bhuartha. Agus tar éis an dá sheachtain is trí fichid gearrfar anuas ungthach [agus fágfar dealbh é]. Scriosfar an chathair agus an sanctóir faoi láimh an phrionsa atá le teacht. Beidh a chríoch i dtuile, agus beidh cogadh go dtí an chríoch; tá mórchuid léirscriosta ceaptha. Déanfaidh sé conradh a dhaingniú lena lán ar feadh seachtaine; agus ar feadh leath na seachtaine cuirfidh sé cosc le hofráil agus le híobairt. Ar sciathán [an Teampaill] beidh gráiniúlacht an léirscriosta, go dtí an deireadh, go ndoirtfear an chríoch chinnte ar an scriostóir.» Uain na Feirge Sna laethanta úd bhí mise, Dainéil, ag déanamh aithrí ar feadh trí seachtaine. Níor chaith mé aon sólas, ní dheachaigh feoil ná fíon i mo bhéal, ná níor chuir mé uinnimint ar bith orm féin go ceann na dtrí sheachtaine sin. Ar an gceathrú lá fichead den chéad mhí, ag seasamh dom ar bhruach na habhann móire, an Tigris is é sin, d' ardaigh mé mo shúile agus d' fhéach mé: Seo fear in éadach lín, agus crios d' ór fíre timpeall a choime; bhí a chorp mar bheiril, a cheannaithe ar dhealramh na tintrí, a shúile mar lóchrainn lasracha, a lámha agus a chosa ar lí an phráis líofa, foghar a bhriathar mar ghlór slua. Mise amháin, Dainéil, a chonaic an fhís seo, mar na fir a bhí faram, ní fhaca siad an fhís ach tháinig ballchrith mór orthu agus theith siad i bhfolach. Fágadh i m' aonar mé ag faire na físe móire seo; d' imigh mo neart, d' athraigh mo lí chun uafaireachta, agus chaill mé mo lúth. Ansin chuala mé fuaim a bhriathra agus le fuaim a bhriathra thit mé i dtámhnéal ar mo bhéal agus ar m' fhiacla ar an talamh. Féach! bhain lámh liom, agus chuir sí creathán ar mo ghlaca agus ar mo ghlúine. Agus dúirt sé liom: «A Dhainéil, dá dtugtar mórghrá, tabhair cluas do na focail a déarfaidh mé leat: seas suas mar is chugatsa a cuireadh mé anois.» Ag rá na bhfocal seo dó siúd, d' éirigh mé i mo sheasamh agus mé ar crith. Dúirt sé: «Ná bíodh eagla ort, a Dhainéil, is clos d' fhocail ón gcéad lá ar dhírigh tú d' aigne ar an tuiscint agus ar bheartaigh tú thú féin a umhlú i láthair do Dhé; agus toisc do bhriathra atáimse tagtha. Chuir prionsa ríocht na Peirse i mo choinne ar feadh lá agus fiche: ach tháinig Mícheál, ceann de na príomhphrionsaí, i gcabhair orm, agus d' fhág mé ansiúd é le prionsa ríocht na Peirse, agus tháinig mé chun a chur i dtuiscint duit cad atá le titim amach do do mhuintir i gcrích na laethanta; mar féach, seo fís eile do na laethanta sin.» Nuair a bhí na nithe sin ráite aige liom d' iompaigh mé m' aghaidh chun talún gan focal asam; agus féach, neach amhail mac duine ag baint le mo bheola; ansin d' oscail mé mo bhéal chun labhartha, agus dúirt mé leis an té a sheas os mo chomhair: «A thiarna, de dheasca na físe tháinig pianta orm agus fágadh gan neart mé. Agus conas is féidir le searbhónta do thiarna labhairt le do thiarna, mar nach bhfuil aon neart fágtha ionam agus gan anáil ionam.» Bhain an té a bhí ar dhealramh duine liom arís agus neartaigh mé. Dúirt sé: «Ná bíodh eagla ortsa, dá dtugtar mórghrá; síocháin duit! Bíodh neart agat is misneach ort!» Fad a bhí sé ag labhairt liom, bhraith mé neart ag teacht ionam agus dúirt mé: «Labhraíodh mo thiarna, mar neartaigh tú mé.» 20a Ansin dúirt sé: «An eol duit cén fáth ar tháinig mé chugat? 20b Caithfidh mé filleadh chun catha le prionsa na Peirse; nuair a bheidh mé réidh leis, féach, tiocfaidh prionsa na Gréige. ABN: 20a, 21a, 20b, 21b 21a Is d' fhonn go n-inseoinn duit cad atá scríofa i leabhar na fírinne. 21b Níl neach a throidfeadh láimh liom ina gcoinne seo ach Mícheál, bhur bprionsa, [mo thaca chun cúnamh agus cabhrú liom], ach anois nochtfaidh mé an fhírinne duit: «Féach! Éireoidh trí rí eile sa Pheirs, agus is saibhre go mór a bheidh an ceathrú duine díobh ná iad uile, agus nuair a thiocfaidh neart ann de bharr a shaibhris, corróidh sé cách in aghaidh ríocht na Gréige. Éireoidh rí tréanmhar agus rialóidh ar ríocht mhór agus déanfaidh an ní is toil leis. Nuair a bheidh sé éirithe, brisfear a fhlaitheas agus scaipfear é i dtreo ceithre ghaoth na spéire, ach ní ar mhaithe lena shliocht féin é; ní rialófar é mar a rialaigh seisean é, mar sracfar a fhlaitheas chun siúil agus tabharfar é do dhaoine eile seachas iad siúd. «Beidh rí an deiscirt cumhachtach, ach is cumhachtaí ná é fós a bheidh duine dá phrionsaí agus beidh a ríocht ina ríocht fhairsing. Tar éis roinnt blianta déanfaidh siad conradh agus tiocfaidh iníon rí an deiscirt chun rí an tuaiscirt chun réiteach a dhéanamh; ach ní mhairfidh neart a láimhe, ná ní sheasfaidh sé féin ná a phór; ach tabharfar i lámha í, í féin agus a lucht friothála, a leanbh, agus an té ar leis í. Ina uain féin, éireoidh beangán dá fréamhacha ina áit; tiocfaidh sé in aghaidh na sluaite agus rachaidh sé isteach i ndaingean rí an tuaiscirt, rachaidh i ngleic leo agus béarfaidh bua. Tabharfaidh sé leis mar chreach chun na hÉigipte a ndéithe, a n-íomhánna, a leastair luachmhara airgid agus óir, agus ar feadh roinnt blianta fanfaidh sé gan ionsaí a dhéanamh ar rí an tuaiscirt. Ach tiocfaidh sé siúd féin isteach i gcríocha rí an deiscirt, ach fillfidh sé ar a thír féin. Fearfaidh a mhic cogadh agus cruinneoidh siad líon mór de shluaite tréana, a bhrúchtfaidh agus a thuileoidh agus a sceithfidh agus a thabharfaidh an cogadh arís chomh fada lena dhaingean. Ansin, le teann feirge, tiocfaidh rí an deiscirt amach agus troidfidh le rí an tuaiscirt; cruinneoidh seisean arm mór agus tabharfar an slua ina lámha dó. Nuair a ghabhfar an slua, tiocfaidh ardú croí air, agus treascróidh sé mílte ar dheich míle, ach ní rithfidh leis. Baileoidh rí an tuaiscirt slua mór, níos líonmhaire fós ná roimhe seo, agus i gceann na n-aimsirí tiocfaidh sé ar aghaidh le harmáil mhór agus le flúirse lóin chogaidh. Sna haimsirí sin éireoidh a lán i gcoinne rí an deiscirt, agus éireoidh lucht fornirt i measc do mhuintire féin chun an fhís a chomhlíonadh ach teipfidh orthu. Tiocfaidh rí an tuaiscirt agus tógfaidh sásanna léigir, agus gheobhaidh sé seilbh ar chathair dhaingean. Ní sheasfaidh sluaite an deiscirt, ná fiú togha a shluaite, mar ní bheidh neart acu seasamh ina aghaidh. Ach an té a thiocfaidh ina choinne, déanfaidh sé leis de réir a thola, agus ní sheasfaidh neach ina aghaidh; seasfaidh sé i dTír na Glóire, agus beidh sé go léir faoina smacht. Cuirfidh sé os a chomhair teacht le tostal a ríochta uile agus tabharfaidh sé coinníollacha síochána leis agus cuirfidh i bhfeidhm iad. Tabharfaidh sé iníon ban dó lena mhilleadh; ach ní sheasóidh sé sin ná ní dhéanfaidh sé tairbhe dó. Ansin iompóidh sé in aghaidh na n-insí agus gabhfaidh a lán díobh, ach cuirfidh ceann feadhna críoch lena shotal agus caithfidh sé siar air féin é. «Tabharfaidh sé aghaidh ar dhaingne a thíre féin ansin, ach bainfear tuisle as, titfidh sé agus ní bhfaighfear é. Ina ionad tiocfaidh duine a chuirfidh éilitheoir cánach trí ghlóir na ríochta, ach i mbeagán laethanta brisfear é agus ní i radharc daoine é ná ar pháirc an chatha. «Ina ionad tiocfaidh suarachán nár tugadh mórgacht ríoga dó: rachaidh sé isteach go ciúin agus gheobhaidh sé seilbh ar an ríocht trí chaimiléireacht. Scuabfar sluaite chun siúil os a chomhair agus brisfear orthu, agus prionsa an chonartha mar chách. Ón uair a dhéanfar conradh leis, imreoidh sé cleasa; agus tiocfaidh ann le beagán buíne. Tiocfaidh sé gan choinne sna dúichí méithe den chúige, agus déanfaidh beart nach ndearna a aithreacha, ná a sheanaithreacha, ag scaipeadh creiche, slaide, agus éadála ina measc. Beartóidh sé in aghaidh na ndaingean, ach ar feadh aimsire amháin. «Músclóidh sé a neart agus a mhisneach in aghaidh rí an deiscirt le harm mór; fearfaidh rí an deiscirt cogadh ina aghaidh le slua rólíonmhar róchumhachtach, ach ní sheasfaidh sé mar síolfar cealga ina aghaidh. An dream a chaitheann a bhia blasta leis, is iad a mhillfidh é; scuabfar a arm chun siúil agus titfidh na mairbh go líonmhar. «An dá rí, beidh a n-aigne dírithe ar an olc; labhróidh siad bréaga agus iad suite ag an aon bhord; ach is in aisce é, mar is ag an uair atá beartaithe a thiocfaidh an chríoch. Fillfidh sé ar a thír le mórchuid saibhris, ach a chroí socair in aghaidh an chonartha naofa. Déanfaidh sé mar is mian leis, agus fillfidh ar a dhúiche féin. Nuair a thiocfaidh an uain chinnte fillfidh sé chun an deiscirt, ach ní hé an scéal céanna a bheidh aige an turas seo agus a bhí i gcéaduair. Mar tiocfaidh longa Chitím ina choinne, tiocfaidh eagla air agus cúlóidh sé. Fillfidh sé agus déanfaidh sé bearta le fraoch in aghaidh an chonartha naofa. Fillfidh sé agus tógfaidh sé ceann arís dóibh siúd a thréigeann an conradh naofa. «Tiocfaidh fórsaí uaidh a dhéanfaidh an Teampall is an dúnfort a thruailliú; cuirfidh siad deireadh leis an uileloscadh laethúil agus cuirfidh siad suas gráiniúlacht an léirscriosta. Lena bhriathra milse meallfaidh sé lucht briste an chonartha, ach an mhuintir arb eol dóibh a nDia, seasfaidh siad an fód agus déanfaidh siad gníomh. Déanfaidh saoithe an phobail mórán a theagasc, ach titfidh siad le claíomh agus le tine, le daoirse agus le creach, ar feadh roinnt laethanta. Nuair a thitfidh siad, cabhróidh beagán leo; ach taobhóidh a lán leo trí mhealladh. Titfidh cuid de na saoithe ionas go mbeidís scagtha glanta geal go dtí uain na críche, mar tá an aimsir chinnte le teacht fós. «Déanfaidh an rí de réir a thola, á mhóradh agus á ghloiriú féin thar gach dia; tabharfaidh sé maslaí uafásacha do Dhia na ndéithe; rithfidh leis go gcomhlíonfar an fhearg, mar tabharfar chun críche a bhfuil beartaithe. Ní bheidh aird aige ar dhéithe a aithreacha, ná ar rogha na mban, ná ar aon dia eile, mar gurb é féin a mhórfaidh sé seach cách. Ina n-ionad seo tabharfaidh sé urraim do dhia na ndaingean; tabharfaidh sé urraim, le hór agus le hairgead, le líoga luachmhara agus le seoda, do dhia nárbh eol dá aithreacha. Cuirfidh sé pobal de iasachta ag cosaint na ndúnta. Tabharfaidh sé móronóir dóibh siúd a thugann aitheantas dó; bronnfaidh sé údarás ar mhórán daoine orthu, agus é ag roinnt na gcríoch ar phraghas. «In uain na críche tabharfaidh rí an deiscirt faoi, ach tiocfaidh rí an tuaiscirt ina ruathar air mar chamfheothan gaoithe lena charbaid, lena mharcaigh, agus lena lán long, agus rachaidh sé isteach sna tíortha, gabhfaidh de ruathar tríothu agus leanfaidh air. Tiocfaidh sé isteach i dtír na Glóire agus titfidh na deicheanna de mhílte. Ní éalóidh óna lámha ach Eadóm agus Móáb, formhór críoch chlainne Amón. Sínfidh sé lámh amach in aghaidh na dtíortha, agus ní éalóidh tír na hÉigipte. Beidh forlámhas aige ar chistí óir is airgid agus ar sheoda luachmhara na hÉigipte. Beidh Libiaigh is Aetóipigh ag lútáil dó. Ach cuirfidh scéala anoir agus scéala aduaidh buairt air agus seolfaidh sé ar aghaidh le buile chun milleadh agus ciorrú a imirt ar a lán. Suífidh sé a phailliún ríoga idir an muir agus sliabh na glóire naofa; ach tiocfaidh sé chun a chríche, agus é gan cabhair ar bith ó aon duine. «San aimsir sin éireoidh Mícheál, an prionsa mór, atá i bhfeighil do mhuintire. Beidh sí ina haimsir bhuartha nach raibh a leithéid ann ó bhí cine ann i dtosach go dtí sin. Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir, gach n-aon a bhfaighfear a ainm scríofa sa leabhar. Dúiseoidh mórán dá gcodlaíonn i smúit na talún, cuid díobh chun na beatha síoraí, cuid eile chun táire agus tarcaisne síoraí. Dealróidh na saoithe mar loinnir na spéire, agus iad siúd a theagasc an fhíréantacht do mhórán mar reanna neimhe ar feadh na síoraíochta. «Ach tusa, a Dhainéil, iaigh na briathra agus cuir séala ar an leabhar go huain na críche. Rithfidh mórán anseo agus ansiúd, agus méadóidh ar an eolas.» Ansin d' fhéach mise, Dainéil, agus féach beirt eile ina seasamh, duine ar an mbruach seo agus duine ar an mbruach thall den abhainn. Dúirt [duine díobh] leis an bhfear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha: «An fada go críoch na n-iontas seo?» An fear in éadach lín a bhí os cionn uiscí an tsrutha, d' ardaigh sé a lámh dheas agus a lámh chlé chun neimhe agus mhionnaigh sé dar an té a mhaireann de shíor: «Go ceann ré, dhá ré agus leathré, agus comhlíonfar na nithe seo uile nuair a bheidh deireadh le smiotadh chumhacht na naomh.» Chuala mé, ach níor thuig mé. Ansin dúirt mé: «A thiarna liom, cad é an chríoch a bheidh leo siúd?» Dúirt sé: «Imigh leat, a Dhainéil, mar tá na briathra iata séalaithe go huain na críche. Déanfaidh a lán iad féin a ghlanadh, a scagadh, agus a ghealadh; ach déanfaidh na drochdhaoine an urchóid; ní thuigfidh na drochdhaoine; tuigfidh na saoithe. Agus ón uair a thógfar an uileloscadh buan chun siúil agus a chuirfear suas gráiniúlacht an léirscriosta, míle dhá chéad is a nócha lá. Is beannaithe an té a mhairfidh agus a thiocfaidh chun an mhíle trí chéad tríocha is a cúig lá. Ach imighse leat (go dtaga an chríoch); tóg do shuaimhneas, agus éireoidh tú chun an ionaid atá beartaithe duit i gcríoch na laethanta.» Briathar an Tiarna a labhraíodh le Hóisé, mac Bhéirí, in aimsir Uizíá agus Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus in aimsir Iarobám, mac Ióáis, rí Iosrael. Ainmneacha Fáthchiallacha D' imigh sé leis mar sin agus phós Goimir, iníon Dhiobláím, agus ghabh sise gin agus rug mac dó. «Tabhair Izréil mar ainm air,» arsa an Tiarna leis ansin, «mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael. Is i nGleann Izréil a bhrisfidh mé cumhacht Iosrael an lá sin.» Gabh sí gin arís agus rug iníon. «Tabhair Neamh-Mhuirneach mar ainm uirthi,» ar seisean leis, «mar ní díol trócaire liom teaghlach Iosrael a thuilleadh; ní hea, is amhlaidh a bheidh dearg-ghráin agam orthu feasta. (Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).» Nuair a bhí Neamh-Mhuirneach bainte den chíoch aici, ghabh sí gin arís agus rug mac. «Tabhair Coimhthíoch mar ainm air,» ar seisean ansin, «mar ní sibhse mo phobal, agus i dtaca libhse de, níl mise ann chor ar bith.» [Ní lia gaineamh na mara nach féidir a thomhas ná a chomhaireamh ná an chlann a bheidh fós ag Iosrael. Mar san áit ar gairmeadh Coimhthíoch díobh, glaofar orthu clann mhac Dé bheo. 2:1 2:2 Baileofar clann Iúdá agus clann Iosrael le chéile agus ceapfaidh siad aon cheann urra amháin dóibh féin agus tiocfaidh siad i seilbh na tíre arís, óir is lá mór a bheidh ann lá Izréil. 2:3 Abraigí mar sin le bhur ndeartháireacha: «A phobal liom, agus le bhur ndeirfiúracha: «A mhuirnín.»] Cúisigí bhur máthair, cúisigí í! Mar ní hí mo bhean chéile í a thuilleadh, ná ní mó is mise a fear. Tógadh sí comharthaí a striapachais óna haghaidh, agus suaitheantais a hadhaltranais ó lár a cíoch, 4 5 nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir di agus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í, agus déanfaidh mé fásach di, agus beidh sí ina talamh tirim, agus maróidh mé í le tart. 6 Ní bheidh trua agam dá clann, mar is clann striapachais iad. 7 Óir rinne a máthair striapachas; an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin. «Rachaidh mé ar thóir mo leannán,» ar sise, «a thugann dom m' arán agus m' uisce, m' olann agus mo líon, m' ola agus mo chuid dí.» 8 Ar an ábhar sin dúnfaidh mé an bóthar uirthi le sceacha, agus tógfaidh mé balla le nach n-aimseoidh sí an tslí. 9 Rithfidh sí ar thóir a leannán, ach ní thiocfaidh sí suas leo; lorgóidh sí iad ach ní bhfaighidh. Déarfaidh sí ansin: «Fillfidh mé ar ais arís ar mo chéad fhear, mar is fearr a bhí mé as an uair úd ná mar atá mé anois.» 10 Níor aithin sí gur mise a thug di an t-arbhar agus an t-úrfhíon agus an ola nua, agus a bhronn uirthi an fhlúirse airgid agus óir, as a ndearna siad Bálaím. 11 Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís m' arbhar ina ionú agus m' úrfhíon ina thráth; bainfidh mé di m' olann agus mo líon, a gclúdaíodh sí a nochtacht leo. 12 Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán, agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh. 13 Cuirfidh mé críoch lena lúcháir go hiomlán, lena féilte agus lena réanna nua, lena sabóidí agus lena tionóil shollúnta go léir 14 Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu: «Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.» Déanfaidh mise mothar díobh, agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch. 15 Cúiteoidh mé léi na féilte, ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaím agus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád, chun dul ar thóir a leannán, agus mise dearmadta aici ar fad! an Tiarna a labhraíonn. Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh, agus a threorú isteach san fhásach, chun labhairt léi go muirneach. 16 17 Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici, agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór. Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige, nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte. An lá sin an Tiarna a labhraíonn is é «a fhir liom» a thabharfaidh tú orm; choíche arís ní ghairfidh tú díom «a Bhál». 18 19 Glanfaidh mé ainmneacha na mBálaím dá béal, agus ní luafar a n-ainmneacha arís go deo. 20 An lá sin déanfaidh mé conradh thar do cheann, le beithígh an mhachaire agus le héanlaith an aeir, agus le péisteanna na talún. Brisfidh mé bogha agus claíomh agus gléas cogaidh, agus scuabfaidh mé iad as an tír, chun go gcodlóidh tú go suaimhneach sámh. 21 Snaidhmfidh mé liom féin thú i gcleamhnas go brách; Snaidhmfidh mé liom féin thú le ceart agus le cóir, le buanghrá agus le cineáltacht. 22 Snaidhmfidh mé liom féin thú le dílse, agus beidh aithne agat ar an Tiarna. 23 An lá sin an Tiarna a labhraíonn éistfidh mise le guí na spéartha agus éistfidh siadsan leis an talamh; 24 éistfidh an talamh leis an arbhar agus an úrfhíon agus an ola nua, agus éistfidh siad sin le hIzréil. 25 Cuirfidh mé dom féin é ina shíol sa tír; beidh grá agam arís do Neamh-Mhuirneach; déarfaidh mé le Coimhthíoch: «A phobal liom», agus déarfaidh seisean liom: «Is tú mo Dhia.» «Imigh leat arís,» arsa an Tiarna liom, «tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n-iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.» Cheannaigh mé dom féin í mar sin ar chúig sheicil déag airgid agus ómar go leith eorna. Dúirt mé léi ansin: «Beidh ort lonnú liom go ciúin go ceann mórán laethanta eile gan aon striapachas a dhéanamh agus gan tú a bheith ag aon fhear eile agus gan aon chaidreamh agamsa leat ach oiread.» Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí. Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh). Coireanna an Phobail ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású, agus goid agus adhaltranas á n-iomadú féin sa tír, agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti. Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig. Ach ina dhiaidh sin féin, ná cúisítear aon duine den choitiantacht, ná cuirtear iomardú air, óir is tusa, a shagairt, is mian liom a chúisiú. Bainfear tuisle asat i lár an lae ghil, (tuisleoidh an fáidh mar aon leat san oíche) agus dítheoidh mé do mháthair. Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t-eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith. Dá líonmhaire iad is ea is mó a pheacaíonn siad i m' aghaidh; malartóidh mise a nglóir ar an náire. Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad, agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí. Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal; óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa, agróidh mé a n-ainghníomhartha orthu. Íosfaidh siad ach ní bheidh a ndóthain acu; déanfaidh siad róstriapachas ach ní mhéadófar ar a líon, mar tá siad tar éis an Tiarna a thréigean, Is é an t-úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal. chun a saol uile a chaitheamh le drúis. Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid, agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh; go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad, agus is de dheasca striapachais a d' éirigh siad as bheith faoina nDia féin. Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí, agus dónn siad túis ar na beanna faoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint, mar gur taitneamhach a scáth. Is dá dheasca sin a théann bhur n-iníonacha le striapachas, agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas. Ach ní chúiteoidh mé a striapachas le bhur n-iníonacha, ná a gcuid adhaltranais le mná céile bhur mac; óir déanann siad san caidreamh le striapacha ar leithligh, agus ofrálann siadsan, na sagairt, íobairtí i gcuideachta meirdreach cultais. Sa tslí sin tá pobal gan chiall ag brostú leo ar aghaidh ar bhealach a bhasctha. Ach seachainse an mbeifeá féin ciontach, a Iosrael! Ná himígí go dtí Gilgeál, ná gabhaigí suas chun Béit Ávan, ná mionnaigí dar an Tiarna beo. Go deimhin, tá Iosrael chomh ceanndána le bodóg stailceach! Agus an amhlaidh go gcaithfidh an Tiarna iad a aoireacht anois mar uain i bhfásach féir? Comhpháirtí íol is ea Eafráim. Síneann siad fúthu le hais pótairí. Níl teorainn lena gcuid striapachais, ach andúil dhoshásaithe acu sa drabhlás dínáireach. Scuabfaidh an ghaoth léi iad ina sciatháin, agus náireofar iad de bharr a n-altóirí. Tugaigí aird air seo, a shagarta! Éistigí, a theaghlaigh Iosrael! A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh! Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint. Ach dol ba ea sibh i Miozpá, agus líon leata ar Thábór, agus tá poll domhain tochailte acu i Sitím. Is mise áfach an té a smachtóidh iad go léir. Is aithnid dom Eafráim, níl Iosrael folaithe uaim; ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach, agus Iosrael truaillithe. Ní ligeann a ngníomhartha dóibh filleadh ar a nDia, óir tá dúil a gcroí acu sa striapachas, agus ní aithnid dóibh an Tiarna. Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne; bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráim agus tuisleoidh Iúdá mar aon leo. Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna, ach ní bhfaighidh siad é; is amhlaidh atá sé imithe uathu. Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarna agus clann bhastard a bhreith. Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh. Séidigí an stoc i nGibeá, an buabhall i Rámá! Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan. Músclaígí Biniáimin! Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe. I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinne a bhfuilim cinnte dearfa di. Lucht aistrithe teorainneacha is ea flatha Iúdá; ligfidh mé mo racht amach orthu mar dhíle báistí. Déantar éagóir ar Eafráim, satlaítear ar an gceart, óir níor mhiste leis dul ar thóir na graostachta. Is angadh mise d' Eafráim, agus críonlobhadh do theaghlach Iúdá. Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d' imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú. Óir amhail leon a bheidh mise d' Eafráim, agus mar liopard do theaghlach Iúdá. Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n-imeoidh mé; ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í. Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n-admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:] «Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha. Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá, ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís, ionas go mairfimid os a chomhair. Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.» Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath. Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáithe agus á marú le briathra mo bhéil. Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais. Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí; agus aithne a bheith agaibh ar Dhia, is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite. Briseann siadsan an conradh ag Adám; san áit sin feallann siad orm. Cathair lucht míghníomha is ea Gileád, agus tá rian na fola uirthi. Amhail ropairí a dhéanann luíochán, bíonn slua sagart ag déanamh áir ar an mbóthar go Seicim; gan bhréag ar bith, is ainspianta a ngníomhartha! I dteach Iosrael feicim rud uafásach; mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas, agus a thruaillítear Iosrael. (Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá, nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.) Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas, nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire. Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad; bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe, agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh. Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n-olcas uile; ach tá a n-ainghníomhartha á gciorclú; ar m' aghaidh féin amach atá siad. Le teann mioscaise déanann siad sult don rí agus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin. Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine, nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh, ó fuintear an taos go dtí go n-ardaíonn sé. Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíona agus craitheann seisean lámh le scigirí. Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu, bíonn a gcroí cosúil le sorn; mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir, ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine. Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn; tá a rialtóirí á n-ídiú acu agus a ríthe uile ar lár; agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa. Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin; is cosúil le císte nár iompaíodh é. Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirt agus ní bhraitheann sé dada! Is ag dul i léithe atá a chuid gruaige agus ní heol dó é! Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh; agus ar a shon sin agus uile níl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é. Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall. Ach cibé áit a n-eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon, agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir, agus smachtóidh mé iad de réir líon a n-urchóidí. Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim! Léirscrios orthu, óir d' éirigh siad amach i m' aghaidh! Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt, ach siúd ag bréagadóireacht iad i m' aghaidh! Ní éann siad ormsa óna gcroí amach, nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha; gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona, ach bíonn siad easumhal domsa. Neartaigh mise a ngéaga, ach is ag beartú oilc i mo choinne a bhíonn siad. Téann siad i muinín [rud gan mhaith]; is cuma nó bogha scaoilte iad. Bás de rinn a gheobhaidh a bhflatha mar gheall ar shotal a gcuid cainte; agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr. Séid an stoc! Tá léirscrios, amhail badhbh, ag bagairt ar theaghlach an Tiarna. Mar bhris siad an conradh a rinne mé leo, agus níor ghéill siad do mo dhlí. Éann siad orm: «A Dhia liom»; ach is aithnid dúinne thú, a Iosrael. Tá Iosrael tar éis diúltú don Mhaith; rachaidh an namhaid sa tóir air. Rinne siad ríthe gan bhail gan bhuíochas dom; cheap siad taoisigh gan mo chead ná mo chomhairle. Dhealbhaigh siad íola dóibh féin dá gcuid airgid agus óir, agus dá dheasca sin scriosfar iad. Diúltaím don lao sin leat, a Shamáir! Tá mo chuid feirge ar dearglasadh ina gcoinne Cá fhad eile a bheidh an neamhchiontacht thar a n-acmhainn? Cad is ceart d' Iosrael a dhéanamh leis? Saor a rinne é; ní dia é. Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach. Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é. Tá Iosrael féin slogtha siar! Siúd i measc na náisiún iad anois amhail soitheach gan mhaith. Óir ghabh siad suas chun na hAsaíre. Maireann an onagair ina haonar léi féin, ach siúd Eafráim agus í ag fostú leannán! Ach fiú má fhostaíonn siad iad i measc na náisiún, cruinneoidh mise iad ar ball beag, agus is gairid go mbeidh siad ag lúbarnach faoi ualach Rí na bhflatha. Thóg Eafráim a lán altóirí sásaimh; ach is trúig pheaca dó na haltóirí sin anois. Fiú dá scríobhfainn síos dó na mílte míle de m' aitheanta, mheasfaí mar rud iasachta iad. Tá andúil acu in íobairtí fola; Ofrálann siad iad chun go mbeadh an fheoil le hithe acu! Go deimhin, ní taitneamhach leis an Tiarna iad. As seo amach coinneoidh sé cuimhne ar a n-urchóid, agus cúiteoidh sé a bpeacaí leo; rachaidh siad ar ais chun na hÉigipte. (Tá Iosrael tar éis a Chruthaitheoir a dhearmad agus páláis a thógáil. Thóg Iúdá a lán cathracha daingne chomh maith. Ach cuirfidh mise tine lena chathracha agus loiscfidh sí a pháláis.) Ná déan gairdeachas, a Iosrael, le teann lúcháire ar nós na náisiún! Óir chuaigh tú le striapachas ó do Dhia, agus ar gach urlár buailte arbhair is i dtuarastal striapachais a bhí do dhúil. Ach ní chothóidh urlár buailte ná cantaoir iad feasta, agus rachaidh dá n-úrfhíon. Ní bheidh cónaí orthu níos mó i dtír an Tiarna, mar rachaidh Eafráim ar ais chun na hÉigipte agus íosfaidh siad bia neamhghlan san Asaír. Go brách arís ní dhoirtfidh siad fíon le hurraim don Tiarna, ná ní ofrálfaidh siad íobairtí dó. Ní bheidh acu ach mar a bheadh arán dobróin, agus an uile dhuine a íosfaidh é beidh sé neamhghlan. (Óir ní bheidh ach a gcothú féin amháin ina gcuid aráin; blúire de ní ofrálfar i dteach an Tiarna.) Cad a dhéanfaidh sibh ar lá an tsollúntais, ar lá fhéile an Tiarna? Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n-oidhrí ar a n-earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte. Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! «Amadán is ea an fáidh», a deir siad, «is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.» Cinnte, ach is de dheasca bhur n-urchóide, agus bhur bhfuatha dom é. Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé is é an fáidh é. Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile, agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air. Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n-urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí. Peaca ag Bál Peór Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan, agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin. Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad! Mar a fheictear domsa é, Tuír eile is ea Eafráim atá curtha in áit ghlas fhéarmhar ach beidh uirthi a clann a ligean uaithi le marfóir. Tabhair dóibh, a Thiarna, cibé rud is mian leat; tabhair dóibh broinnte a bhéarfaidh go hanabaí agus cíocha seasca. Nochtar a n-olcas uile i nGilgeál. Go deimhin, is ann a líon mé dá bhfuath. De dheasca a ndrochghníomhartha díbreoidh mé as mo theach iad, agus ní bheidh grá agam dóibh níos mó. Ceannaircigh is ea a bhflatha uile. Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha; ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís. Fiú má éiríonn leo clann a bhreith, maróidh mise toradh muirneach a mbroinne. Caithfidh mo Dhia uaidh iad, toisc gur dhiúltaigh siad éisteacht leis, agus imeoidh siad ar fán i measc na náisiún. Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael; Ach dá líonmhaire a thorthaí, b' amhlaidh ba líonmhaire a altóirí; agus dá shaibhre a chuid talún, b' amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé. Croí dúbailte atá acu, ach tá siad ar tí a smachtaithe anois. Brisfidh an Tiarna a n-altóirí, agus scriosfaidh sé a liagáin. Go deimhin déarfaidh siad ansin: «Níl aon rí againn (mar ní eagal linn an Tiarna).» Ach cad d' fhéadfadh rí a dhéanamh ar ár son? Focail ar mhuin focal! mionnaí éithigh! conarthaí! agus is cuma riaradh an chirt acu nó an luifearnach nimhe a bhíonn ag borradh i gclaiseanna na ngort! Tá eagla a n-anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh. Tabharfar chun na hAsaíre é féin go cinnte, mar cháin [don Ardrí]. Náireofar Eafráim, bainfear lasadh as Iosrael, de dheasca na drochchomhairle a lean sé. Díothófar an tSamáir agus a rí, agus ní bheidh inti ach mar a bheadh slis ar bharr toinne. Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n-altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: «Folaigí sinn», agus leis na cnoic: «Titigí orainn.» Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca; níor éirigh siad as riamh! Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin? Tiocfaidh mé i gcoinne na gcladhairí chun iad a smachtú. Cruinneoidh mé na náisiúin ina n-aghaidh chun cimí a dhéanamh díobh in éiric an dá choir a rinne siad. Budóg dhea-riata ba ea Eafráim, ar bhreá léi bheith ag bualadh arbhair; mise a chuir cuing ar a muineál álainn. Is ea, ghléas mé Eafráim chun treafa, agus Iacób chun fuirste. Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin; bainigí fómhar an bhuanghrá; brisigí bhur bhfearann branair, óir is mithid daoibh an Tiarna a lorg nó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh. Ó tá muinín agat as do chumhacht féin agus as oll-líon do laochra, Shaothraigh sibh an t-olc; éireoidh gleo an chogaidh i measc do mhuintire, agus scriosfar do dhúnta uile, mar a scrios Sealman Béit Arabael lá an chatha, nuair a rinneadh smidiríní den mháthair agus dá clann. Tarraingeoidh Béit Éil an íde chéanna oraibhse, in éiric bhur mioscaise gan teorainn. Le lonradh lae léirscriosfar rí Iosrael. Nuair a bhí Iosrael ina naíonán, bhí grá agam dó, agus ghlaoigh mé mo mhac as an Éigipt. Ach dá mhéad dá nglaoití orthu, is amhlaidh is faide a d' éalaídís [uaim]; d' ofrálaidís íobairtí do na Bálaím, agus dhóidís túis i láthair íol. Ach ina dhiaidh sin féin is mise a mhúin siúl d' Eafráim; thógainn suas i mo bhaclainn iad, ach níor aithin siad gur mise a bhí ag tabhairt aire dóibh. Bhínn á dtarraingt chugam féin le srianta daonna, le téada grá chun iad a mhuirniú, mar a dhéanfadh duine a d' ardódh naíonán chun a leicinn; agus chromainn síos chucu chun rud le hithe a thabhairt dóibh. Ach rachaidh siad ar ais go dtí críocha na hÉigipte, agus beidh an Asaír ina rí orthu de bhrí gur dhiúltaigh siad filleadh ormsa. Réabfaidh an claíomh roimhe trína gcathracha; scriosfaidh sé a gcuid scaothairí, agus dísceoidh sé iad mar gheall ar a ndroch-chomhairle. Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim; [nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde, níl duine díobh a dhíríonn aniar. Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé. Ní ligfidh mé amach ort mo racht feirge; ní scriosfaidh mé Eafráim go deo, óir ní duine mé ach Dia. In bhur measc is mé an Té is naofa, agus ní thiocfaidh mé chugaibh le teann feirge. Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh. Tiocfaidh siad ón Éigipt mar ealta éan, agus ó chríocha na hAsaíre mar scata colm, agus treoróidh mé abhaile iad chun a dtithe féin an Tiarna a labhraíonn. Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl, agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht. (Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fós agus fanann sí dílis don Té is Naofa.) 12:1 12:2 Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe, agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir. Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois: déantar conradh leis an Asaír, agus beirtear cáin ola don Éigipt. Tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh Iosrael. Cúiteoidh sé a dhrochbhéasa le Iacób, agus agróidh sé air a ainghníomhartha. 3 4 Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir, agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia. 5 (Chuaigh sé ag coraíocht le haingeal agus bhuaigh sé air.) Ghoil sé agus d' agair sé trócaire air. Thaibhsigh an Tiarna dó i mBéit Éil agus labhair sé leis ansin. 6 (Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!) 7 Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile; ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart, agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor. 8 Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán; is breá léi éagóir a dhéanamh. 9 «Ach ina dhiaidh sin féin,» arsa Eafráim, «d' éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam, agus d' ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam, a bhféadfaí coir a thabhairt air.» 10 Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte, ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothanna faoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth. 11 Labhróidh mé leis na fáithe, agus tabharfaidh mé a lán físeanna dóibh; trí bhíthin na bhfáithe labhróidh mé parabail. 12 Gileád! is í an urchóid í! níl iontu ach calaois! I nGilgeál ofrálann siad íobairtí do thairbh! Dá bhrí sin beidh a n-altóirí cosúil le cairn chloch i gclaiseanna na ngort. 13 Theith Iacób go dtí críocha Arám; bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin, agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach. 14 Ach le cuidiú fáidh thug an Tiarna Iosrael aníos ón Éigipt, agus ba le cuidiú fáidh a caomhnaíodh é. 15 Chuir Eafráim le fearg ghéar ghoirt é áfach. Dá dheasca sin ligfidh a Thiarna dá fheallbhearta fola filleadh air, agus tabharfaidh sé tomhas a láimhe féin dó in éiric na maslaí a thug sé dó. Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine: óir ba cheannasach in Iosrael é. Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál agus tá sé ag fáil bháis. Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. «Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,» deir siad; agus pógtar laonna! Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine, nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath, nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte, nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach. Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé. Is mise a rinne aoireacht ort san fhásach, i ndúiche an triomaigh mhóir. Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith, ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí, agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa. Chaith mé leo mar a dhéanfadh leon; amhail liopard bhí mé ag faire orthu le hais an bhóthair. Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad. Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael! Cé a thiocfaidh i gcabhair ort? Cá bhfuil do rí anois chun tú féin agus do chathracha uile a shábháil? Cá bhfuil do rialtóirí, iad siúd a ndúirt tú fúthu: «Tabhair dom rí agus flatha»? Thug mé rí duit le teann feirge, ach le racht cuthaigh bainim uait é arís. Tá urchóid Eafráim á coinneáil faoi chumhdach, agus tá a peaca curtha i dtaisce. Tá tinneas clainne ag tosú di, ach is páiste díchéillí í; mar cé go bhfuil ionú a breithe ann, ní thagann sí go béal na broinne. Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di. Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.) 14:1 Scriosfar an tSamáir, mar bhí sí easumhal dá Dia. Bás le faobhar a imreofar orthu; déanfar smidiríní dá leanaí, agus réabfar a mná torracha. Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia, óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide. 2 3 Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit. 4 Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: «A Dhia linn» do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta). 5 Leigheasfaidh mé a mídhílseacht, tabharfaidh mé grá dóibh go fonnmhar, mar ní díol feirge liom iad níos mó. 6 Silfidh mé ar Iosrael mar an drúcht. Bláthóidh sí ar nós na lile, agus cuirfidh sí uaithi a fréamhacha mar a dhéanann an stóracs. 7 Caithreoidh a géagáin; áilleacht na holóige agus cumhracht an stóraics a dháilfear uirthi. 8 Lonnóidh siad faoi mo scáth arís; saothróidh siad arbhar, agus beidh fíniúna ag fás acu, a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine. 9 Cad ab áil le hEafráim d' íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa. Tuigeadh an t-eagnaí na briathra sin: bíodh grinneolas ag an saoi orthu. Óir is díreach iad bealaí an Tiarna agus gluaiseann na fíréin dá réir, ach bíonn siad ina gceap tuisle do lucht na heasumhlaíochta. 10 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Ióéil, mac Phatuéil. Tuairisc na Plá Insígí do bhur gclann é agus insíodh bhur gclann dá sliocht féin é agus insíodh a sliochtsan é do ghlúin eile fós. Cibé rud a d' fhág an gearrthóir d' alp an lócaiste é agus cibé rud a d' fhág an lócaiste d' alp an preabaire é agus cibé rud a d' fhág an preabaire d' alp an scriostóir é. Dúisígí, a mheisceoirí, agus goiligí! Déanaigí olagón faoi shú na bhfíniúna, a lucht olta an fhíona, mar nach bhfuil fliuchadh bhur mbéil de ann! Óir, tá scaoth chumhachtach gan áireamh tar éis ionradh a dhéanamh ar mo thír. Fiacla leoin a bhfiacla agus is starrfhiacla banleoin atá acu. Rinne siad léirscrios ar mo chuid fíniúna agus scéalp siad mo chrainn fígí; bhain siad an choirt go léir díobh agus leag iad; is bán iad a ngéaga anois. Caoin thú féin mar a dhéanfadh maighdean a bheadh gléasta i sacéadach ar son céile a hóige. Ní dhéantar ofráil arbhair ná íobairt dí níos mó i dteach an Tiarna. Caoinigí, a shagarta, a lucht friotháilte an Tiarna! Tá na páirceanna bánaithe agus an talamh triomaithe; óir, scriosadh an t-arbhar agus tá an t-úrfhíon ag dul i ndísc agus tá meath ag teacht ar an ola nua. Bíodh ceann faoi oraibhse, a fheirmeoirí! Déanaigí olagón, a shaothróirí fíniúna, faoin gcruithneacht agus faoin eorna mar tá fómhar na ngort millte. Tá an fhíniúin slabhctha agus an crann fígí ag meath. Tá an phomagránait agus an phailm agus an crann úll agus crainn uile na tíre seargtha agus an sult súite as croíthe na ndaoine. Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta, agus canaigí caoineadh! Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra! Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach, a fhriothálaithe mo Dhé, mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí díbeartha as teach bhur nDé. Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta! Bailígí le chéile, a sheanóirí, áitritheoirí uile na tíre, isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air. Faraor! Cad é mar lá! Óir, tá lá an Tiarna in achmaireacht agus is mar spréach ón spéir a theacht. Nár imigh an bia ar ceal os comhair ár súl? Nár díbríodh an t-áthas agus an lúcháir as teach ár nDé? Tá na síolta seargtha faoi na fóid agus na hiothlanna folamh agus na sciobóil scriosta mar gur mheath an t-arbhar. Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith. Is ortsa a ghlaoim, a Thiarna, mar tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh agus tá lasair tar éis crainn uile na tíre a dhó. Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat. Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndísc agus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh. Séidigí an stoc i Síón! Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa! Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre! Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht. Lá dorchadais agus doiléire! Lá scamall agus dúnéalta! Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidir ag leathadh thar na sléibhte; ní raibh a leithéid ann riamh ná ní bheidh a leithéid ann arís go ceann na gcianta cairbreacha. Rompu amach tá tine ag ídiú léi agus tá na lasracha ag loscadh ina ndiaidh. Sula dtagann siad bíonn an dúiche cosúil le gairdín Éidin ach is cuma nó fásach folamh í ina ndiaidh; ní théann aon ní slán uathu. Cruth capall a gcruth agus réabann siad leo ar aghaidh ar nós eachra cogaidh. Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibh déanann siad torann mar thormáil carbad nó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinligh nó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha. Tá na daoine ag cúbadh rompu le teann duainéise: iompaíonn a lí orthu uile. Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre; amhail fir chogaidh dreapann siad an balla; téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féin agus ní chlaonann siad óna raon. Ní bhuaileann siad le chéile mar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin. Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracán i ranganna gan briseadh. Ionsaíonn siad an chathair, ritheann siad ar an mballa, dreapann siad suas ar na tithe agus déanann siad a mbealach isteach trí na fuinneoga ar nós gadaithe. Tá an talamh ar crith agus na spéartha suaite rompu; tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú agus na réaltaí ag cailleadh a ngile. Ardaíonn an Tiarna a ghlór ar thosach a shlua; is do-áirithe an t-arm atá aige agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe. Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin. Cé atá in ann a fhulaingt? «Ach anois féin,» a deir an Tiarna, «filligí ormsa le lándúthracht bhur gcroí agus sibh ar troscadh agus ag gol agus ag olagón; agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.» Filligí chun an Tiarna, bhur nDia, mar tá sé truachroíoch agus trócaireach, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus is aithreachas dó an t-olc. Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arís agus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidh sa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibh le haghaidh an Tiarna bhur nDia. Séidigí an stoc i Síón! Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta! Cruinnigí an pobal, ordaígí tionól, bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile, fiú na naíonáin chíche féin. Imíodh an nuachéile as a sheomra agus an nuachar as a cailleach. Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: «Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d' oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ' Cá bhfuil a nDia siúd?'» Tháinig tocht díograise ar an Tiarna dá thír agus ghlac sé trua dá phobal. D' fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt: «Féach, tá arbhar agus úrfhíon agus ola nua á gcur chugaibh agam agus beidh bhur ndóthain díobh agaibh agus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbh arís go deo os comhair na náisiún. Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh; tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é, a thosach go dtí Muir an Oirthir agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh mar tá éachtaí oilc déanta aige. «A thalaimh, ná bíodh eagla ort feasta! Bíodh áthas ort agus gairdeas! Óir, tá éachtaí déanta ag an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibhse ach oiread, a bheithíocha an mhachaire! Mar tá tailte féaraigh na steipeanna glas arís agus na crainn trom faoi thorthaí agus an crann fígí agus an fhíniúin ag tabhairt a gcuid saibhris uathu. «A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibh ar son an Tiarna, bhur nDia. Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibh mar is é is cóir; agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh, fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó. Tá na hurláir bhuailte lán d' arbhar agus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua. Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d' ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m' arm mór a chuir mé in bhur n-aghaidh. «Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách. Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia, a chaith chomh fial sin libh (agus ní náireofar mo phobal arís go deo). Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael. Is mise an Tiarna, bhur nDia, agus níl aon Dia eile ann ach mé. Ní náireofar mo phobalsa arís go deo. Doirtfear amach an Spiorad 3:1 3:2 An uair sin doirtfidh mé mo spiorad fiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná. 3:3 Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh, fuil agus tine agus colúin deataigh. 3:4 «Dorchóidh an ghrian agus beidh an ghealach chomh dearg le fuil nuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna. 3:5 Agus cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna slánófar é. Óir fágfar fuíoll éigin slán ar Shliabh Shíón, faoi mar a dúirt an Tiarna agus in Iarúsailéim beidh iarmhar áirithe ann a nglaofaidh an Tiarna orthu. «Féach, sna laethanta sin agus ag an am sin a rathóidh mé Iúdá agus Iarúsailéim arís 4:1 4:2 cruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile agus seolfaidh mé síos iad go dtí Gleann Iahóiseáfát chun breith a thabhairt orthu ansin mar gheall ar mo phobal agus m' oidhreacht Iosrael; mar scaip siad i measc na náisiún iad agus roinn siad mo thír eatarthu féin. 4:3 Chaith siad crainn ar mo phobal agus thug siad garsún ar láimh mar mhalairt ar striapach agus dhíol siad cailín ar fhíon agus d' ól siad é. 4:4 Cad ab áil libh uaimse, a Thuír agus a Shíodón agus a dhúichí na bhFilistíneach? An amhlaidh is mian libh díoltas a imirt orm? Má imríonn sibh díoltas orm casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin go tiubh te. 4:5 Sibhse a thóg mo chuid airgid agus óir agus a d' iompair isteach in bhur dteampall féin mo chuid earraí sárluachmhara! 4:6 Sibhse a dhíol clann mhac Iúdá agus Iarúsailéim leis na Iávánaigh agus a sheol i bhfad óna dtír dhúchais féin iad! 4:7 Féach! Gríosfaidh mé iad chun teacht ón áit ina bhfuil siad díolta agaibh agus casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin 4:8 Díolfaidh mé bhur gclann mhac agus bhur n-iníonacha le muintir Iúdá agus díolfaidh siadsan iad leis na Sabaeigh, náisiún atá i bhfad ar shiúl uathu. Is é an Tiarna féin a dúirt é. 4:9 Fógraígí é seo i measc na náisiún! Ullmhaígí don chogadh! Gríosaígí na laochra! Tagadh na saighdiúirí go léir i láthair agus gluaisidís leo! 4:10 Déanaigí claimhte de bhur gcuid soc agus sleánna de bhur gcorráin bhainte. Abradh an lag: 'Is laoch mé.' 4:11 Tagaigí go tapa, a náisiúna uile na comharsanachta! Bailígí le chéile ansin! (A Thiarna, cuirse do laochra féin chugainn anuas.) 4:12 «Corraíodh na náisiúin iad féin agus tagadh siad go dtí Gleann Iahóiseáfát mar is ansin a shuífidh mé chun breith a thabhairt ar náisiúin uile na comharsanachta. 4:13 Tá an fómhar aibí cuirigí an corrán ag obair air mar sin. Tagaigí, satlaígí tá an chantaoir lán agus na dabhcha ag cur thar maoil. Is mór í a mallaitheacht go deimhin.» 4:14 Tá na sluaite tiubha bailithe le chéile i nGleann an Bhreithiúnais. Óir, tá lá an Tiarna in achmaireacht i nGleann an Bhreithiúnais. Tá an ghrian agus an ghealach ag dorchú agus na réaltaí ag cailleadh a ngile. 4:15 4:16 Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón agus cloistear a ghlór ó Iarúsailéim. Tá an spéir agus an talamh ar crith. Beidh an Tiarna ina dhídean dá phobal. beidh sé ina dhúnáras do chlann Iosrael. 4:17 «Beidh a fhios agaibh gur mise an Tiarna, bhur nDia, a chónaíonn ar Shíón, mo shliabh naofa. Beidh Iarúsailéim ina háit naofa agus ní ghluaisfidh aon eachtrannach tríthi níos mó.» An lá sin silfidh na sléibhte fíon nua; beidh leamhnacht ina slaoda ar na cnoic agus uisce ag rith i gclaiseanna uile Iúdá. Bhrúchtfaidh tobar amach as teach an Tiarna agus uisceoidh sé Gleann Sitím. 4:18 4:19 Beidh an Éigipt ina díthreabh agus Eadóm ina fhásach lom de dheasca na hainíde a d' imir siad ar chlann Iúdá nuair a dhoirt siad a gcuid fola neamhchiontaí ina dtír. 4:20 Beidh daoine ina gcónaí in Iúdá agus in Iarúsailéim ó ghlúin go glúin go deo. 4:21 «Bainfidh mé éiric a gcuid fola amach agus ní ligfidh mé aon duine díobh slán. Is ar Shíón a bheidh a áitreabh ag an Tiarna.» Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún. Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n-aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo. An Damaisc agus na Feorainn teilgfidh mé tine síos ar theach Hazáéil, a dhófaidh caisleáin Bhein Hadad; brisfidh mé barraí gheata na Damaisce agus dítheoidh mé áitritheoirí Ghleann Áivin agus rialtóir Bhéit Eidin; agus rachaidh muintir na Síre ar deoraíocht go Cír, a deir an Tiarna. Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm, teilgfidh mé tine síos ar bhalla Ghazá a dhófaidh a páláis; díbreoidh mé áitritheoirí Aisdeod agus rialtóir Aiscileon; agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh Eacrón agus bascfar an Filistíneach deireanach, a deir an Tiarna Dia. Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre, teilgfidh mé tine síos ar bhalla na Tuíre a dhófaidh go talamh a páláis. Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg, teilgfidh mé tine síos ar Théamán a dhófaidh go talamh páláis Bhozrá. Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin, lasfaidh mé tine i mballa Rabá agus dófaidh sí a páláis le gáir lá an chatha, le stoirm lá na doininne; agus rachaidh a rí ar deoraíocht, é féin agus a phrionsaí leis, a deir an Tiarna. Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Mhóáb, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm, teilgfidh mé tine síos ar Mhóáb agus dófaidh sí páláis Chiríot, éagfaidh Móáb le linn an chlampair, le linn gártha agus fuaim an trumpa; scriosfaidh mé an taoiseach óna lár agus maróidh mé gach prionsa leis, a deir an Tiarna. Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iúdá, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna agus nár choinnigh siad a aitheanta, ach gur chuir na déithe bréige a lean a n-aithreacha ar seachrán iad, teilgfidh mé tine síos ar Iúdá agus dófaidh sí páláis Iarúsailéim. Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iosrael, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán, de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáin agus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh, de bhrí go dtaithíonn an t-athair agus an mac an striapach chéanna, rud is masla do m' ainm naofa, de bhrí go luíonn siad síos ar thaobh gach altóra ar éide a cuireadh i ngeall, agus go n-ólann siad i dteach a ndé fíon na ndaoine a fíneáladh. Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu, fir a bhí chomh hard leis na céadrais agus chomh láidir leis na daracha; scrios mé a dtorthaí os cionn talún agus a bpréamhacha thíos fúithi. Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht. Thóg mé fáithe as bhur sliocht fir agus Naizírigh as bhur macra. Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael? a deir an Tiarna. Ach thug sibh ar na Naizírigh fíon a ól, agus d' ordaigh sibh do na fáithe: «Ná déanaigí tairngreacht.» Féach, brúfaidh mise síos sibh, mar a bhrúitear síos trucail lán de phunanna. Ní bheidh an reathaire in ann teitheadh, caillfidh an tréanfhear a neart, ní thabharfaidh an gaiscíoch a bheatha slán. Fear an bhogha ní sheasfaidh sé an fód, ní éalóidh an luathchosach, ní thiocfaidh an marcach as, an laoch is cróga teithfidh sé leis gan chathéide an lá sin, a deir an Tiarna. Gairm an Fháidh Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n-uile pheaca. An siúlann beirt le chéile ar an tslí gan [aithne] acu ar a chéile? An mbúireann an leon san fhoraois agus é gan seilg? An scairteann an coileán leoin óna phluais agus é gan chreach? An dtiteann éan isteach i ngaiste ar an talamh agus gan dada ann chun é a mhealladh? An bpreabann an gaiste aníos ón talamh agus gan aon rud ceaptha aige? An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis? Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe. Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d' fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh? Fógair é i bpáláis na hAsaíre agus i bpáláis na hÉigipte agus abair: «Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáire agus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sin agus an leatrom laistigh di.» «Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,» a deir an Tiarna, «ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.» Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia: «Timpeallóidh an namhaid an tír, bainfidh sé do chumhacht díot agus creachfar do pháláis.» Mar seo a deir an Tiarna: Mar a sciobann an t-aoire ó bhéal an leoin dhá chois nó leadhb de chluais, is mar sin a fhuasclófar clann Iosrael a chónaíonn sa tSamáir, agus gan ach cnaiste leapa nó trasnán de chathaoir thoilg slánaithe acu. Éistigí agus tugaigí fianaise in aghaidh theach Iacóib, a deir an Tiarna, Dia na Slua. An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta, smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith: gearrfar adharca na haltóra anuas agus titfidh siad ar lár. Scriosfaidh mé idir theach geimhridh agus theach samhraidh, bascfar na tithe eabhair agus scartálfar mórán tithe, a deir an Tiarna. Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: «Tabhair chugainn deoch go n-ólaimid.» Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht: féach, tiocfaidh na laethanta oraibh nuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí, go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh. Amach a rachaidh sibh tríd na bearnaí, gach bean agaibh caol díreach amach agus ruaigfear sibh fhad le Harmón, a deir an Tiarna. Imígí go Béit Éil agus peacaígí, go Gilgeál agus cuirigí le bhur gcoireanna; méadaígí bhur n-íobairtí gach maidin, agus bhur ndeachúna gach tríú lá; ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín, foilsígí os ard na híobairtí deonacha, mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael, a deir an Tiarna Dia. D' fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile, agus arán in easnamh in bhur mbailte; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna. Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta, agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl; thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin agus gan a chur ar chathair eile; bhí sé ag cur ar pháirc amháin agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí. Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna. Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh, bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt, mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n-ológa; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna. Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte, leag mé bhur n-óigfhir leis an gclaíomh, agus rug mé bhur n-eich uaibh, líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna. Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna. Dá bhrí sin is mar seo a roinnfidh mé leat, a Iosrael, agus toisc gurb é seo a dhéanfaidh mé ort, cuir tú féin i gcóir chun casadh ar do Dhia, a Iosrael. Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó. Éist leis an oracal seo a fhógraím i d' aghaidh; is caoineadh é, a theach Iosrael: Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos. Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: An chathair a raibh míle saighdiúir aici ní fhágfar ach céad aici; agus an chathair a raibh céad aici ní fhágfar aici ach deichniúr. Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú; ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní. Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú; ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine agus go n-alpfadh sí é agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh ar son theach Iosrael. ABN: 6, 8, 9, 7, 10 [Is mairg] dóibh siúd a dhéanann mormónta as an bhfíréantacht a chaitheann an ceart uathu ar lár; Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó. Teilgeann sé léirscrios ar an dún, sa chruth go gcreachtar an daingean. ar fuath leo an fear a chuireann ceart dlí i bhfeidhm ag an ngeata agus ar gráin leo an té a insíonn an fhírinne. Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon. Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata. Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann. Iarraigí an mhaith in áit an oilc, ionas go mairfidh sibh, agus go mbeidh an Tiarna, Dia na Slua, libh dáiríre mar a mhaíonn sibh atá sé. Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith; cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata; agus b' fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua, trua ar iarmhar Iósaef. Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna: Beidh caoineadh i ngach cearnóg baile agus mairgneach i ngach sráid: «Ochón, ochón.» Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgní agus an t-aos caointe chun olagóin, agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir, óir rachaidh mise thart in bhur measc, a deir an Tiarna. Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna. Cad é lá an Tiarna daoibh? Is dorchadas é agus ní solas; mar dhuine a d' éalódh ó leon ach gur bhuail béar leis; nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach agus a leagfadh a lámh ar an mballa ach gur rug nathair nimhe air. Nach dorchadas é lá an Tiarna agus ní solas, nach duibheagán é gan dealán ar bith ann? Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte; ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta. Bíodh go n-ofrálann sibh bhur n-íobairtí dóite agus bhur n-íobairtí bia, ní ghlacfaidh mé leo; agus diúltóidh mé d' íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith. Tógaigí uaim torann bhur n-amhrán; ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna. Ach go rithe an fhíréantacht mar uisce agus an t-ionracas mar shruth gan dísc! Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha dom ar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael? Ach anois ní miste libh Sacút bhur rí, agus Cíován bhur ndia a iompar, íomhánna a rinne sibh daoibh féin. Uime sin seolfaidh mé ar deoraíocht sibh taobh thall den Damaisc, a deir an Tiarna, arb ainm dó Dia na Slua. Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón, agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire, móruaisle scoth cine na gciníocha ar a mbíonn triall theach Iosrael. Téigí go Calna agus féachaigí, ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór, agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh; an fearr iadsan ná na ríochtaí seo? nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse? Sibhse a mheasann an drochlá a chur ar cairde, is ag luathú réim an uafáis chugaibh féin atá sibh! [Is mairg] dá luíonn ar leapacha eabhair, a shíneann iad féin ar tholga; a chothaíonn iad féin ar uain an tréada, agus ar na gamhna as na stalla; a chanann baothamhráin le fuaim na cruite, a chumann (ar nós Dháiví) nuaghléasanna ceoil; a ólann fíon i gcoirn agus a ungann iad féin leis na holaí is tofa; ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef. Beidh siad, dá bhrí sin, ar an gcéad dream ar deoraíocht; agus an mhuintir sínte ar tholga beidh deireadh lena ragairne. Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti. Agus má fhanann deichniúr fear in aon teach gheobhaidh siad bás. An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: «An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?» Freagróidh seisean: «Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.» Óir, féach, ordaíonn an Tiarna féin é; buaileann sé agus déantar smionagar den teach mór agus titeann an teach beag as a chéile. An ritheann capaill ar charraigeacha? An dtreabhtar an fharraige le daimh? le go ndéanfadh sibh nimh den cheart agus mormónta de thoradh an ionracais. Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár; «Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?» a deir sibh. Ach, féach, a theach Iosrael, a deir an Tiarna, Dia na Slua, gríosfaidh mé cine in bhur gcoinne, cine a chiapfaidh sibh isteach ó bhéal Hamát ó dheas go sileán an Arabá. An Chéad Trí Fhís Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise: «A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort. Cad é mar a mhairfidh Iacób agus é chomh beag sin?» Agus tháinig aithreachas ar an Tiarna; «Ní thitfidh sé seo amach,» a dúirt an Tiarna. Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine. Bhí an duibheagán mór dóite aici, agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi. Dúirt mise ansin: «Éirigh as, a Thiarna Dia, impím ort. Cad é mar a mhairfidh Iacób agus é chomh beag sin?» Agus ghlac an Tiarna trua; «Ní thitfidh sé seo amach ach oiread,» a dúirt an Tiarna. Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna ina sheasamh cois balla agus dorú pluma ina láimh aige. Dúirt an Tiarna liom: «A Amós, cad é a fheiceann tú?» «Dorú pluma,» arsa mise. Ansin dúirt an Tiarna liom: «Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma; ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó. Creachfar áiteanna arda Íosác; bánófar sanctóirí Iosrael nuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.» Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: «Tá Amós ag beartú comhcheilge i d' aghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó. Óir is mar seo a deir sé: 'Tá sé i ndán do Iarobám bás a fháil leis an gclaíomh, agus do Iosrael dul ar deoraíocht i bhfad ó bhaile.'» Dúirt Amaiziá le hAmós: «Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin. Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.» Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: «Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar; ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: 'Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.'» Mar sin éist le briathar an Tiarna: Deir tusa: «Ná tairngir i n-aghaidh Iosrael, ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.» Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: «Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d' fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.» Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom: cliabh de thorthaí aibí. «A Amós, cad é a fheiceann tú?» a dúirt sé. «Cliabh de thorthaí aibí,» a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó. Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin, is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn beidh na corpáin gan áireamh ann agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm. Éistigí leis seo, sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí chun bochtáin na tíre a dhíothú. Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua, ionas go ndíolfaimid arbhar, agus leis an tsabóid, ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh, agus go ndéanfaimid an t-éafá beag agus an seicil mór trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí, go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead agus an t-ainniseoir le péire cuarán, agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol? Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib. Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche aon rud dá bhfuil déanta acu. Nach dá bhrí seo a chritheann an talamh agus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann? Tá sí ag borradh ar nós na Níle agus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte? An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil. Déanfaidh mé údar bróin de bhur n-oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh. Féach, tá na laethanta chugaibh, a deir an Tiarna Dia, nuair a chuirfidh mé gorta sa tír, nach gorta bia ná dí é, ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna. Tuisleofar ó fharraige go farraige; seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air. An lá sin titfidh idir chailín deas agus bhuachaill breá i laige le tart. An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: «Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!», titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách. Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra. Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha. Dúirt sé: «Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir; maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh, ní éalóidh aon duine, ní thiocfaidh aon duine slán. Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d' iallach orthu teacht anuas. Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd. Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin, agus ní le gnaoi ach le holc chucu a choimeádfaidh mé súil orthu.» An Tiarna Dia na Slua, baineann sé leis an domhan agus leánn é, agus caoineann cách dá gcónaíonn ann; éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Níl agus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte. Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas, agus leagann a stua ar an talamh. Glaonn sé ar uiscí na farraige agus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún. Is é an Tiarna a ainm. «Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,» a deir an Tiarna. «Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír? Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúil agus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún; ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,» a deir an Tiarna. «Óir, féach, ordóidh mé teach Iosrael a chraitheadh i measc na gciníocha go léir mar a chraithfeá arbhar le criathar; ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh. Éagfaidh an uile pheacach de mo phobalsa leis an gclaíomh, iadsan a deir: 'Ní bhéarfaidh an t-olc orainne ná ní thiocfaidh sé fhad linn.'» «An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód, ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadóm agus na náisiúin uile arb é m' ainmse atá orthu a ghabháil,» a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch. «Féach, tiocfaidh na laethanta,» a deir an Tiarna, «nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí, agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir; silfidh na sléibhte fíon milis a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc. Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí. Suífidh mé ina ndúiche féin iad, agus go deo arís ní sracfar iad ón tír atá tugtha agamsa dóibh,» a deir an Tiarna, bhur nDia. Fís Obaidiá. Mar seo a deir an Tiarna faoi Eadóm; tá scéal faoi cloiste againn ón Tiarna, agus tá teachtaire seolta i measc na náisiún. «Suas linn! Ar aghaidh chun catha linn ina choinne!» «Déanfaidh mé beag thú, féach, i measc na náisiún; beidh tarcaisne ort ag daoine. Chuir uaill do chroí ar seachrán thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat, a deir i do chroí: ' Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?' Cé go n-éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,» a deir an Tiarna. «Dá dtiocfadh robálaithe chugat nó sladairí san oíche cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! nár leor mar shlad acu a ndóthain féin? Dá dtiocfadh lucht bainte caor, nach bhfágfaidís caora díolama? Cad é mar a creachadh Éasau! rinneadh slad ar a sheoda. Mheall do chomhghuaillithe go léir thú! thiomáin siad go himill do chríoch thú. Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort; chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat. ' Níl aon eagna fágtha aige.' Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna, na saoithe as Eadóm an lá sin? agus an eagna as Sliabh Éasau. Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán, i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.» «Beidh brat náire ort faoin bhforéigean a rinneadh ar do bhráthair Iósaef, agus rachaidh tú ar ceal go brách. An lá a sheas tú i leataobh an lá a rug strainséirí a mhaoin leo, agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach, agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn, ba gheall le duine díobh thú. Ach b' olc an mhaise duit gur gheal leat cás do bhráthar lá a mhí-áidh; go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá, lá a mífhortúin, agus maíomh lá na duainéise. B' olc an mhaise duit go ndeachaigh tú geata mo phobail isteach, lá a mhillte, gur gheal leat a thubaiste, lá a mhillte, agus go ndearna tú creach ar a mhaoin, lá a mhillte. B' olc an mhaise duit gur sheas tú ag gabhal an bhóthair lena theifigh a theanntú; gur thug tú fuíoll an áir ar láimh, lá a dhuainéise.» Óir tá lá an Tiarna ar an tairseach ag na náisiúin go léir; mar a rinne tú leo, déanfar leat; fillfidh do bhearta ar do mhullach. Faoi mar a d' ól tusa ar mo shliabh naofa ólfaidh na náisiúin go léir mórthimpeall; ólfaidh siad agus beidh na cosa ag imeacht uathu, agus rachaidh siad ar ceal amhail is nach raibh siad riamh ann. Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán, agus beidh siad naofa; agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin. Beidh teach Iacóib ina thine, agus teach Iósaef ina lasair; agus teach Éasau ina choinleach. Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad, agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo. Tá an Tiarna tar éis labhairt.» «Beidh seilbh ag lucht an Neigib ar Shliabh Éasau, agus ag lucht na nÍsleán ar thír na bhFilistíneach; beidh seilbh acu ar thír Eafráim, agus ar thír na Samáire, agus beidh seilbh ag Biniáimin ar Ghileád, Deoraithe an airm seo, clann Iosrael, beidh seilbh acu ar Fhéinícia, chomh fada le Zárafat. Na deoraithe ó Iarúsailéim, atá in Safárat, beidh seilbh acu ar bhailte an Neigib. Rachaidh lucht ceannais suas go Sliabh Shíón, le Sliabh Éasau a rialú, agus beidh an Tiarna i réim.» Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna, mac Aimití: «Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair oracal ina haghaidh, mar tá mallaitheacht a háitritheoirí tar éis éirí aníos os mo chomhair.» D' éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d' íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna. Ach scaoil an Tiarna gaoth láidir amach thar an bhfarraige agus d' éirigh stoirm chomh mór sin gur dhóbair don long titim as a chéile. Tháinig scanradh a n-anama ar an bhfoireann agus d' impigh gach duine díobh os ard ar a dhia féin cabhrú leo; agus, chun an long a éadromú dóibh féin, theilg siad amach san fharraige a raibh ar bord. Idir an dá linn, áfach, bhí Ióna tar éis dul síos i mbroinn na loinge agus bhí sé ina luí ansin agus é ina shámhchodladh. Tháinig an captaen chuige agus lig sé béic air: «Hóigh! An i do chodladh atá tú! Éirigh aniar agus glaoigh ar do dhia! B' fhéidir go gcuimhneoidh an dia seo agatsa orainne agus nach gcaillfear sinn.» Dúirt foireann na loinge le chéile ansin: «Téanaigí; caithimis crainn chun a fháil amach cé air a chuirfimid milleán na tubaiste seo atá tar éis teacht orainn.» Mar sin de, chaith siad crainn agus thit an crann ar Ióna. Dúirt siad leis ansin: «Inis dúinn cé is ciontach leis an mí-ádh seo a theacht orainn. Cad é an fuadar atá fútsa? Cad as duit? Céard í do thír dhúchais? Cér díobh thú?» «Eabhrach is ea mé,» an freagra a thug sé orthu, «agus is é an Tiarna, rí na bhflaitheas, an té a rinne an fharraige agus an talamh tirim, a adhraim.» Bhuail eagla a gcraicinn an fhoireann ansin agus dúirt siad leis: «Céard é seo atá déanta agat?» Bhí a fhios acu, dar ndóigh, ón scéal a d' inis sé dóibh, go raibh sé ar a theitheadh ó láthair an Tiarna. «Cad a dhéanfaimid leat,» d' fhiafraigh siad de ansin, «chun go suaimhneodh an fharraige dúinn?» Is amhlaidh a bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla i gcónaí. «Tógaigí suas mé,» ar seisean leo, «agus caithigí isteach san fharraige mé agus suaimhneoidh sí daoibh ansin. Óir is maith atá a fhios agam gur mise faoi deara an stoirm mhór seo a theacht oraibh.» Mar sin féin lean na mairnéalaigh leo ag rámhaíocht go tréan le súil go bhféadfaidís an long a thabhairt ar ais go dtí an mhórthír ach ba shaothar in aisce acu é, mar bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla fós ina n-aghaidh. Mar sin de, d' agair siad an Tiarna agus ghlaoigh siad amach os ard: «Ná cailltear sinne, a Thiarna, toisc sinn a bheith páirteach i gcinniúint an fhir seo; ná cuir inár leith gur dhúnmharaíomar duine neamhchiontach; óir, is de réir mar a thogair tú féin amháin, a Thiarna, atá na cúrsaí seo mar atá siad.» Ansin thóg siad Ióna suas agus chaith siad isteach san fharraige é. Ar an toirt suaimhníodh fraoch na farraige. Dá thoradh sin tháinig eagla nár bheag ar an bhfoireann roimh an Tiarna; d' ofráil siad íobairt dó agus thug móideanna. 2:1 Ansin shocraigh an Tiarna go ndéanfadh iasc mór Ióna a shlogadh siar ina chraos agus chaith Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg an éisc. 2 Ghuigh Ióna as bolg an éisc chun an Tiarna, a Dhia, «Nuair a bhí mé i gcruachás, scread mé ar an Tiarna, agus thug sé cluas do mo ghuí; ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ort agus d' éist tú le mo ghuth. 3 mar a leanas: 4 Theilg tú mé síos san aibhéis, i ndoimhneacht na farraige, mar ar thimpeallaigh an díle mé, agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile ag madhmadh tharam. 5 Dúirt mé liom féin, mar sin: ' Tá mé díbeartha as do láthair. Conas a gheobhaidh mé radharc arís ar do Theampall naofa?' 6 Bhí na huiscí do mo chiorclú, agus mé i mbaol mo mhúchta; bhí an duibheagán ag brú isteach orm ó gach taobh agus chuaigh mo cheann in ascar san fheamainn. 7 Síos liom go fréamhacha na sléibhte; bhí barraí fhearann an Bháis á ndaingniú orm feasta choíche. Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mé go beo beathach, a Thiarna, a Dhia liom! 8 Agus mé ag dul i laige le giorra anála, chuimhnigh mé ar an Tiarna agus tháinig m' achainí chugatsa, chomh fada le do Theampall naofa: 9 Go n-éirí lucht adhartha íol gan éifeacht as a mbaothdhílseacht dóibh. 10 I dtaca liomsa de, áfach ofrálfaidh mé íobairt duit mar aon le caintic bhuíochais; agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé. Is don Tiarna is dleacht an fhuascailt a dhéanamh.» 11 Ansin labhair an Tiarna leis an iasc agus ar an bpointe sceith sé Ióna aníos ar an talamh tirim. Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna athuair: «Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair ina haghaidh an t-oracal a thabharfaidh mé duit.» D' éirigh Ióna ach an uair seo as go brách leis go Nínivé faoi mar a d' ordaigh an Tiarna dó. Dar ndóigh, cathair as cuimse mór ba ea Nínivé; thógfadh sé trí lá ó dhuine í a thrasnú. Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t-oracal seo á fhógairt aige: «I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,» nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. D' fhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin. Nuair a chuala rí Nínivé an scéal, d' éirigh sé ina sheasamh óna ríchathaoir, bhain a fhallaing ríoga de, chuir sacéadach air féin agus shuigh síos sa luaithreach. Ansin chuir sé an forógra práinneach seo á chraoladh ar fud Nínivé: «Forógra an rí agus a mhóruaisle: Ná blaiseadh duine ná ainmhí, táin ná tréad aon ní; ná hithidís bia, ná hólaidís uisce. Cuireadh idir dhaoine agus ainmhithe sacéadach orthu féin agus glaoidís os ard ar Dhia. Tréigeadh cách a ndrochiompar agus cuiridís díobh an lámh láidir. Cá bhfios ná go ndéanfadh Dia athchomhairle agus go dtiocfadh aithreachas air agus go n-imeodh an fhearg de agus nach gcaillfí sinne?» Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í. Bhí Ióna an-mhíshásta leis seo agus tháinig fearg air. Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: «Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t-olc. Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m' anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.» «An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin?» arsa an Tiarna leis. D' imigh Ióna leis agus chuir sé faoi ar an taobh thoir den chathair. Thóg sé botháinín dó féin ann agus shuigh sé síos faoina scáth; d' fhan sé ansin chun go bhfeicfeadh sé cad a tharlódh sa chathair. Ansin shocraigh an Tiarna Dia go bhfásfadh planda suas os cionn Ióna chun fothain a thabhairt dó i dtreo go bhfaigheadh sé faoiseamh éigin óna anró. Ábhar mór áthais do Ióna ba ea an planda seo. Ach an lá dár gcionn, le breacadh an lae, shocraigh Dia go ndéanfadh péist éigin ruathar ar an bplanda agus go bhfeofadh sé. Nuair a d' éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n-éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: «Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.» Dúirt Dia leis ansin: «An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin mar gheall ar an bplanda?» «Is ceart go deimhin,» d' fhreagair Ióna, «is ea agus chomh feargach sin le bás a fháil dá bharr.» Dúirt an Tiarna: «Is trua leatsa an planda seo cé nár chuir tú aon dua ort féin leis agus nach tusa a chuir ag fás é; phéac sé aníos ó fhréamh san aon oíche amháin agus d' fheoigh sé an oíche chéanna. Agus nach ceart trua a bheith agamsa do Nínivé, an chathair mhór sin, ina bhfuil breis agus céad is fiche míle duine nach eol dóibh conas rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t-olc gan trácht ar na beithígh gan áireamh atá inti?» Briathar an Tiarna a labhraíodh le Míocá, an Móraisteach, in aimsir Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus na físeanna a chonaic sé faoin tSamáir agus faoi Iarúsailéim. Daorbhreith ar an tSamáir Óir, féach, tá an Tiarna ag teacht amach as a áit chónaithe agus anuas agus ag céimniú ar arda na cruinne. Tá na sléibhte á leá agus na gleannta á reabadh faoina chosa mar chéir os comhair na tine nó mar uisce a dhoirtear le fána ghéar. De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léir de dheasca pheaca theaghlach Iosrael. Agus céard é coir Iacóib? Nach í an tSamáir í? Agus céard é peaca theaghlach Iúdá? Nach í Iarúsailéim í? Fothrach i lár páirce is ea a dhéanfaidh mé den tSamáir, áit a chuirfear faoi fhíniúna. Caithfidh mé clocha a foirgneamh síos sa ghleann nó go nochtfar an bhunsraith. Brisfear a dealbha uile; dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine; déanfaidh mé smidiríní dá híola uile. Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iad agus déanfar tuarastal striapachais díobh arís. Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí. Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d' aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin. Ná fógraígí é seo i nGat; ná siligí deora [i mBáca]; déanaigí sibh féin a iomlasc sa deannach i mBéit Afrá! Séidigí an stoc, a áitritheoirí Shaifír! Ní bhogann áitritheoirí Zánán amach as a mbaile. Tá Béit Eizéil faoi bhrón; tógfar uait gach taca. Conas is féidir le háitritheoirí Mhárót bheith ag súil lena slánú; mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarna fad le geataí Iarúsailéim féin. Cuirigí na capaill mheara faoi na carbaid, a áitritheoirí Láicís! (Is é seo an chéad pheaca a rinne iníon Shíón; óir bhí cionta Iosrael le fáil ionatsa.) Tá do dhiúltú tugtha duitse, a Mhóraisit Gat. Tá tithe Aiczíb tar éis iompú amach ina n-ábhar meallta do ríthe Iosrael. Uair amháin eile tiocfaidh an gabhálaí chugaibh, a áitritheoirí Mháraeiseá. Scriosfar Adulám go deo ar nós ghlóir Iosrael. Bearr thú féin agus lom do chuid gruaige mar gheall ar do chlann mhac ionúin. Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh; óir imeoidh siad uait ar deoraíocht. Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é. Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht. Dá dheasca sin labhraíonn an Tiarna leo mar seo: Féach! In aghaidh na muintire seo táim ag meabhrú oilc nach dtarraingeoidh sibh bhur muineál saor uaidh; ní shiúlfaidh sibh ceann in airde feasta a dhonacht is a bheidh an uain. An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: «Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.» Sin é an fáth nach mbeidh aon duine agaibh chun dorú a leagan daoibh ar ghabháltas ar bith i gcomhthionól an Tiarna. «Ná déanaigíse praeitseáil» sin é a bpraeitseáil siúd «Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo; ní thógfar an náire chun siúil go deo.» An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib? An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna? An é sin an rud is nós leis a dhéanamh? Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sé lena phobal féin Iosrael? Mar sin féin, ní sibhse mo phobal; éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde; baineann sibh a fhallaing den duine síochánta agus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach. Díbríonn sibh bantracht mo phobail amach as a dtithe breátha agus baineann sibh dá leanaí an gradam a bhronn mise orthu. «Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo]. Ní ionad sosa daoibhse é seo!» Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthu ar rudaí suaracha. Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: «Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí» sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo. Go cinnte dearfa cruinneoidh mé Iacób go léir; baileoidh mé fuílleach Iosrael le chéile; déanfaidh mé aon bhuíon amháin díobh mar chaoirigh i loc nó mar thréad ar féarach sa chaoi go mbeidh na sluaite ann ag déanamh gleo. Ag gluaiseacht rompu amach beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh. Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd. Gabhfaidh an rí rompu; is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu. Agus dúirt mé: Éistigí, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael! Nach é bhur ndualgas é eolas a bheith agaibh ar céard is ceart? Sibhse, a bhfuil fuath agaibh don mhaith agus grá agaibh don olc, a stróiceann an craiceann de dhaoine agus a bhaineann an fheoil dá gcnámha, a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire. Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin ach ní thabharfaidh sé freagra orthu; folóidh sé a aghaidh orthu de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha. Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal. Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh; ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh; clúdóidh an dorchadas sibh agus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta. Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáithe agus dorchóidh an lá orthu. Ansin beidh náire ar na físithe agus ceann faoi ar an lucht fáistine. Clúdóidh siad a mbéal mar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó. Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht (agus de spiorad an Tiarna) agus de cheart agus de mhisneach chun a choir a thaispeáint do Iacób agus a pheaca a léiriú do Iosrael. Éistigí leis seo, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael, a bhfuil dearg-ghráin agaibh ar an gceart, a chuireann gach ní dá bhfuil cóir as a riocht, a thógann Síón le fuil agus Iarúsailéim le héigeart. De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: «Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.» Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse. Síón, Lár na Ríochta Nua Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: «Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna, go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí. Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.» Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal atá i bhfad i gcéin, agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina socanna céachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh, ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó. Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu. Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é. Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidh in ainm a dhé féin ach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche. An lá sin a deir an Tiarna, cruinneoidh mé na caoirigh bhacacha; baileoidh mé na cinn a ruaigeadh chun fáin agus na cinn ar thug mé drochíde dóibh. Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agam agus déanfaidh mé náisiún láidir den mhuintir atá tuirseach traochta. Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíón as seo amach agus go deo. Agus tusa, a thúir an tréada, a chnocáin iníon Shíón, tiocfaidh chugat ar ais an tiarnas a bhí agat tráth agus ríúlacht iníon Iarúsailéim. Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois? Nach bhfuil aon rí agat? An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoir sa chaoi gur ghabh arraingeacha thú mar bhean ina leaba luí seoil? Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón, mar bhean ina leaba luí seoil. Óir beidh ort imeacht as an gcathair anois agus cur fút faoin tuath. Rachaidh tú go dtí an Bhablóin ach slánófar ann thú. Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thú ó lámha do naimhde. Tá a lán náisiún ag cruinniú le chéile i d' aghaidh anois. Deir siad: «Go dtruaillítear í ionas go bhfeicfidh ár súile féin bascadh Shíón. Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarna agus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún; mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéile mar phunanna ar urlár buailte. Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir. [Gearr thú féin anois, a iníon chogúil] táthar tar éis léigear a chur orainn agus breitheamh Iosrael a bhualadh sa leiceann le slat. 4:14 1 Ach tusa, a Bheithil Eafrátá bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael, an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar go dtí an t-am fadó. 2 Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael. 3 Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad trí chumhacht an Tiarna agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia. Mairfidh siad go slán sábháilte mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne. 4 Beidh sé féin ina údar síochána; nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír, nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha, músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne. 5 Smachtóidh siad tír na hAsaíre le claíomh agus dúiche Niomrod le treise lainne. Fuasclóidh sé sinn ón Asaír má thagann siad isteach inár dtír, fiú má chuireann siad cos laistigh dár gcríocha. Agus beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún mar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarna nó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas. Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear; ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo. 6 7 Beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún (i measc a lán pobal), mar leon i measc ainmhithe na foraoise nó mar liopard i measc tréada caorach. Nuair a théann sé thart gabhann sé de chosa ina chreach agus stróiceann sé as a chéile í agus ní sciobfar uaidh í go deo. 8 Ardóidh tú do lámha ín aghaidh d' eascairde agus díothófar do naimhde go léir. An lá sin a deir an Tiarna dísceoidh mé na capaill atá agat agus scriosfaidh mé do chuid carbad. 9 10 Scartálfaidh mé bailte do thíre agus leagfaidh mé do dhúnta uile. 11 Bainfidh mé do chuid orthanna as do láimh agus ní bheidh aon draoi agat feasta. 12 Millfidh mé na híola agus na liagáin atá agat agus ní dhéanfaidh tú sléachtadh níos mó do dhéantús do lámh féin. 13 Stoithfidh mé do chuaillí naofa aníos as an talamh agus treascróidh mé do chuid íomhánna cloch. 14 Le confadh feirge imreoidh mé díoltas ar na ciníocha nach ngéilleann dom. Aighneas idir an Tiarna agus Iosrael Éistigí, a shléibhte, leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna; tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain. Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobail agus tá sé ag aighneas le hIosrael. «A phobal liom, céard a rinne mé ort? Cén chaoi ar chuir mé tuirse ort? Tabhair freagra orm. Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d' fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis. Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb, agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.» «Créad leis a dtiocfaidh mé os comhair an Tiarna nó a sléachtfaidh mé do Dhia neimhe? An dtiocfaidh mé os a chomhair le híobartaigh lándóite nó le laonna aon bhliana? Ar mhaith leis na mílte reithe nó deich míle de shruthanna ola? An ofrálfaidh mé dó an mac is sine liom mar chúiteamh i mo chionta, toradh mo choirp in éiric peacaí m' anama?» Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé. Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair (is den chríonnacht d' ainm a eaglú). Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin, ABN; 9, 12, 10, 11, 13 An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórach agus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin? An amhlaidh a chaithfidh mé saorbhreith a thabhairt ar lucht na scálaí éagothroma agus an mhála de mheáchain mhealltacha? a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag (is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu). Ní amhlaidh go deimhin! Ach tosóidh mé ar thú a bhualadh agus ar scaoll a chur ionat de dheasca do pheacaí. Íosfaidh tú ach ní bheidh do dhóthain agat agus beidh sceimhle ocrais i do ghoile. Cuirfidh tú nithe i dtaisce ach ní shábhálfaidh tú dada agus fiú má éiríonn leat rud éigin a shábháil fágfaidh mise ag an gclaíomh é. Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon. Choimeád tú reachtanna Omraí agus gnásanna uile theaghlach Acháb agus is í a gcomhairle siúd a lean tú. Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot agus beidh d' áitritheoirí ina gceap magaidh agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún. Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó. Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar. Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí. Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu. Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana; ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde. Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile. Óir tugann an mac easonóir dá athair agus éiríonn an iníon suas in aghaidh a máthar agus an banchliamhain in aghaidh máthar a céile agus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine. Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath; cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir agus éistfidh mo Dhia liom. Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa; fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas. Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna mar pheacaigh mé ina choinne go dtí go n-agraíonn sé mo chúis agus go seasann sé ceart dom. Treoróidh sé mé chun an tsolais agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé. Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: «Cá bhfuil do Dhia?» Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna. Tá an lá a n-atógfar do bhallaí ag teacht; an lá sin leathnófar do chríocha. An lá sin tiocfar chugat ón Asaír go dtí an Éigipt, ón Tuír go dtí an Abhainn, ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh. Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n-ábhar uafáis de dheasca a ndrochghníomhartha. Seol do phobal chun féaraigh le do bhata, an tréad atá ina oidhreacht agat, a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta. Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád mar a mbídís san am fadó. [Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt. Feicfidh na náisiúin iad agus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht. Cuirfidh siad a lámha lena mbéal agus beidh bodhaire ina gcluasa. Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe, ar nós péisteanna na talún. Tiocfaidh siad amach as a ndúnta agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia. Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d' fhuílleach d' oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá. Déanfaidh tú trócaire orainn arís; gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí agus caithfidh tú ár gcionta go léir isteach i nduibheagán na farraige. Léirigh do dhílseacht do Iacób agus do bhuanghrá d' Abrahám faoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall. Réamhrá Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce. Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer. Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo. Tá na sléibhte ar crith roimhe agus na cnoic á leá. Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan, agus gach duine dá gcónaíonn ann, Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair. Is maith é an Tiarna; dún daingean is ea é lá na buartha. Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimirce nuair a thagann an díle. Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinne agus rachaidh sé sa tóir ar a naimhde isteach sa dorchadas. Cén chomhcheilg atá á beartú agaibh ín aghaidh an Tiarna? Eisean a t-ollscriostóir. Tá deireadh leis an ansmacht go deo. Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán. Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgaire a bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna. Deir an Tiarna é seo: «Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad, coscrófar agus dísceofar iad. Cé gur smachtaigh mé thú cheana, ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó. Brisfidh mé díot anois an chuing a leag sé ort agus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.» Tá an t-ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: «Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d' ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.» 2:1 Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte agus é ag fógairt na síochána. Céiliúir do chuid féilte, a Iúdá; comhlíon do mhóideanna. Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís mar tá sé scriosta go hiomlán. 2 Tá millteoir ag teacht i do choinne, Cuir an dún faoi chosaint; déan faire ghéar ar an mbóthar; cóirigh thú féin chun catha; cruinnigh do neart go léir. 3 Tá an Tiarna ag athbheochan niamhracht Iacóib agus niamhracht Iosrael chomh maith d' ainneoin gur scrios na scriostóirí iad agus gur mhill siad a gcraobhacha. Scartáil Nínivé 4 5 Gluaiseann na carbaid go fraochta trí na sráideanna; ropann siad ó áit go háit sna cearnóga. Is cosúil le tóirsí iad agus iad ag rith anonn agus anall mar splancacha tintrí. 6 Glaonn sé ar a chuid oifigeach; imeacht tuisleach atá fúthu agus iad ar a slí chuige. Réabann siad chun cinn in aghaidh an bhalla; cheana féin tá an sceallbholg suite go daingean ina áit. 7 Tá na geataí chun na n-aibhneacha ar oscailt agus gach duine dá bhfuil sa phálás imithe chun scaoill. 8 Ardaítear an dealbh chun siúil chun í a thabhairt go tír iasachta; tá a cuid banóglach ag ligean osnaí uathu mar chorracú colm agus ag bualadh a n-ucht le teann díomá. 9 Is cuma Nínivé nó taiscumar a bhfuil an t-uisce ag rith as. «Stadaigí, stadaigí!» Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais. 10 «Sladaigí an t-airgead! Sladaigí an t-ór!» Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine. 11 Slad, creachadh, léirscrios! Croíthe á leá le heagla! Glúine ag bualadh le chéile! Áranna ar aon bharr amháin creatha! Aghaidheanna ar dhath an bháis! Cá bhfuil pluais na leon, uachais na leon óg? Nuair a d' imíodh an leon amach, d' fhanadh an leon baineann agus na coileáin istigh agus ní chuirfí isteach orthu, 12 13 Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe. 14 Féach, táimse i d' aghaidh, a deir Tiarna na Slua. Cuirfidh mé do charbaid trí thine agus ídeoidh an claíomh do leoin óga. Cuirfidh mé críoch le do chuid creachadóireachta sa tír agus ní chloisfear glór do theachtairí níos mó. Is mairg do chathair na fola, atá lomlán de chamastaíl agus líonta le creach agus nach bhfuil teorainn leis an slad a dhéanann sí, Bloscadh fuipeanna, tormáil rothaí, capaill ar cosa in airde, carbaid ar léim lúith! Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh, sleánna ag drithliú? sluaite gonta, na mílte marbh, coirp gan áireamh a bhaineann tuisle as cách! De dheasca oll-líon na ngníomhartha striapachais a rinne an striapach ghrástúil sciamhach, atá oilte ar orthanna draíochta, agus a chuir daoirse ar na náisiúin lena cuid striapachais agus ar chiníocha lena horthanna draíochta, féach, táimse i d' aghaidh, a deir Tiarna na Slua. Tógfaidh mé suas do sciortaí chomh hard le d' aghaidh agus taispeánfaidh mé do nochtacht do na náisiúin agus do náire do na ríochtaí. Caithfidh mé cac ort, náireoidh mé thú agus déanfaidh mé seó bóthair díot. Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort, teithfidh sé uait, á rá: «Tá Nínivé léirscriosta!» Cé a chaoinfidh í? Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di? An bhfuil tusa níos fearr ná an Teibh, cathair a bhí suite ar bhruach na hAbhann? (Bhí uiscí ina timpeall) Bhí an fharraige aici mar urbhalla agus na huiscí mar bhábhún. B' iad an Aetóip agus an Éigipt a neart. (Ní raibh aon teorainneacha aici.) B' iad Pút agus an Libe a comhghuaillithe. Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d' imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí. Cuirfear thusa ar meisce freisin agus beidh tú ar mearbhall céille. Caithfidh tusa tearmann a lorg ón namhaid chomh maith. Tá do dhúnta go léir cosúil le crainn fígí atá ag tabhairt fígí luatha uathu; má chroitear iad titfidh na torthaí isteach i mbéal an alpaire. Féach ar do thrupaí, níl iontu ach mná. Tá geataí do thíre ar dianleathadh roimh do naimhde, agus do bharraí comhla loiscthe ag tine. Tarraing uisce le haghaidh an léigir; neartaigh do dhúnta; satail ar an láib; pasáil an chré; beir greim ar an múnla brící. Ansin loiscfidh an tine thú; ciorróidh an claíomh thú; (ídeoidh sé thú mar a dhéanfadh an lócaiste). Déan thú féin chomh líonmhar leis an lócaiste; déan thú féin chomh hiomadúil leis an dreoilín teaspaigh. 16a Cuir le do chuid trádálaithe chun go mba líonmhaire iad ná réaltaí neimhe; 16b leathann na lócaistí a sciatháin agus eitlíonn siad leo; ABN: 16a, 17a, 16b, 17b. 17a bíodh do chosantóirí mar dhreoilíní teaspaigh agus do scríobhaithe chomh tiubh le saithe feithidí, a thuirlingíonn ar na ballaí lá fuar. Ach nuair a éiríonn an ghrian, 17b imíonn siad as radharc agus ní bhíonn a fhios ag aon duine cá mbíonn siad. Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí, (a rí na hAsaíre)! Cad é mar atá do laochra i dtoirchim suain! Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís. Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh? Oracal a fuair Habacúc, an fáidh, i bhfís. Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ort agus nach n-éistfidh tú liom nó ag éamh «Foréigean!» agus nach bhfuasclóidh tú sinn? Cad chuige nach dtaispeánann tú dom ach an urchóid amháin? Cén fáth a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom? Déantar slad agus foréigean os mo chomhair agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann. Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlí agus nach bhfeictear an chóir á déanamh choíche. Óir faigheann an drochdhuine an ceann is fearr ar an bhfíréan agus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht. Féachaigí ar na náisiúin agus breathnaígí orthu, agus bíodh ionadh agus alltacht oraibh. Óir tá obair á déanamh le bhur linn nach gcreidfeadh sibh é dá n-inseofaí daoibh é. Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam, an cine fíochmhar fraochmhar úd, a ghluaiseann thar chlár na talún chun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad. Cine uamhnach uafásach is ea iad a dtagann a ndlíthe agus a n-ardcheannas uathu féin amháin. Tá a gcapaill níos mire ná liopaird; is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe. Siúd ar aghaidh lena n-eachra ar cosa in airde; is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad, ar nós iolair a thugann ruathar anuas chun a chreach a alpadh. Chun foréigean a dhéanamh a thagann siad go léir; tá dianteas a n-aghaidheanna mar an ghaoth anoir; cruinníonn siad cimí le chéile mar ghaineamh. Is cine iad a dhéanann fonóid faoi ríthe, agus gáire faoi phrionsaí, agus beag is fiú den uile dhún. Carnann siad cré ina dtimpeall agus gabhann siad seilbh orthu. Ach ansin athraíonn an ghaoth agus titeann sí chun suaimhnis. [Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin. Nach bhfuil tú ann riamh anall, a Thiarna, A Dhia liom, m' Aon Naofa, nach bhfaigheann bás choíche? Tá an pobal seo ceaptha agat ar son an chirt; chuir tú ar bun é, a charraig, chun díoltas a imirt. Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc; ní féidir duit breathnú ar an ansmacht. Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine duine eile atá níos fíréanta ná é féin? Caitheann tú leis an gcine daonna mar éisc na mara nó mar phéisteanna gan mháistir. Beireann an pobal seo ar chách le duán; tarraingíonn siad isteach iad lena líon; cruinníonn siad le chéile iad lena saighean; ansin bíonn áthas agus lúcháir orthu. Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon, agus dónn siad túis dá saighean; mar, a bhuíochas orthu siúd, bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia. An amhlaidh, mar sin, a leanfaidh siad orthu ag folmhú a lín gan stad agus ag marú na náisiún gan trua? Seasfaidh mé ar mo thúr faire; glacfaidh mé m' ionad ar mo rampar, agus beidh mé ar m' fhaichill ansin féachaint céard a déarfaidh sé liom, nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid. Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá: «Scríobh síos an fhís; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh. Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche. Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.» Réamhrá «Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad cá fhad eile? agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.» Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir Nach n-éireoidh do chreidiúnaithe go tobann? Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú? Ansin creachfaidh siad thú. De bhrí gur chreach tú mórán ciníocha creachfaidh na náisiúin eile go léir thusa mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d' imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti. Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint. Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú; nuair a bhasc tú mórán náisiún, is é d' anam féin a chaill tú. Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballa agus tugann na bíomaí freagra orthu ón gcreatlach adhmaid. Is mairg don fhear a thógann baile le fuil agus a bhunaíonn cathair le héigeart. Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha. Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarna mar a chlúdaíonn an t-uisce grinneall na mara. Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana, agus a dhoirteann amach a chuid nimhe nó go mbíonn siad ar meisce aige le súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht. Tá tú líonta le náire in ionad na glóire. Ól tú féin chomh maith agus nocht d' fhorchraiceann. Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir. Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáin agus beidh díothú na n-ainmhithe ina ábhar scéine duit, mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d' imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti. Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige? Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: «Múscail thú féin»; agus leis an gcloch bhalbh: «Éirigh.» An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann. Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair. Guí Habacúc, an fáidh; de réir fhonn na gcaointe. Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d' éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D' ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh. Tá Dia ag teacht as Téamán, agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. Selah Folaíonn a mhaorgacht na spéartha agus líontar an talamh dá ghlóir. Is cosúil leis an solas a dhealramh; as a lámha bladhmann gathanna gealáin. Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt. Ar a aghaidh amach gabhann an phlá; tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála. Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n-áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall. Feicim bothanna Chúiseáin ar lár, agus pailliúin Thír Mhidián ar crith. An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna? An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh, go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill, nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha? Tógann tú do bhogha as a chumhdach: cuireann tú saigheada lena shreang. Selah Scoilteann tú an talamh le srutháin. Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad. Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh. Ligeann an duibheagán búir; ardaíonn sé a lámha chun neimhe. Fanann an ghrian agus an ghealach ina n-áitreabh ó sholas do shaighead eitilte agus ó loinnir do ghathanna ruithnigh. Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar; satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge. Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d' ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra, a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,] amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigin a dhíothú go danartha ina n-uachais. Pasálann tú an mhuir le do chapaill trí bhorradh na n-uiscí doimhne. Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n-ionsaithe. Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile. Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna, déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir. Is é an Tiarna Dia mo neart; tugann sé dom luathchosa eilite; cuireann sé mé ag céimniú go daingean buach ar na harda. Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha. Briathar an Tiarna a labhraíodh le Zafainiá, mac Chúisí, mhic Ghadailiá, mhic Amairiá, mhic Hiziciá, in aimsir Ióisíá, mhic Ámón, rí Iúdá. «Táim ar tí léirscrios a dhéanamh ar gach ní atá ar dhromchla an domhain, a deir an Tiarna. Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch; scriosfaidh mé éanlaith an aeir agus éisc na farraige (agus gach ábhar scannail agus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc) agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúil de dhromchla an domhain, a deir an Tiarna. Agus sínfidh mé amach mo lámh in aghaidh Iúdá agus áitritheoirí uile Iarúsailéim, agus scuabfaidh mé chun siúil gach rian de Bhál as an áit seo, mar aon le hainmneacha a sheirbhíseach agus a shagart iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom (agus na daoine a iompaíonn ón Tiarna agus nach lorgann é agus ar beag orthu é).» Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia! óir tá lá an Tiarna in achmaireacht. Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhú agus a chuid aíonna a choisreacan. «Ar lá íobartha an Tiarna smachtóidh mé na feidhmeannaigh agus clann mhac an rí agus na daoine go léir a chaitheann cultacha coimhthíocha. An lá sin smachtóidh mé na daoine go léir a léimeann thar an tairseach agus a líonann pálás a dtiarna le foréigean agus le camastaíl. An lá sin, a deir an Tiarna, cloisfear gáir ó Gheata na nIasc agus uallfartach ón mBaile Nua agus callán mór ó na cnoic. Déanaigí olagón, a áitritheoirí an Mhoirtéir; mar díothófar an lucht trádála go léir agus scuabfar chun siúil lucht meáite uile an airgid. An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn agus smachtóidh mé na daoine sin atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh agus a deir ina gcroí istigh: ' Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh, olc maith ná donaí.' Mar sin de déanfar slad ar a maoin agus léirscrios ar a dtithe. Fiú má thógann siad tithe ní chónóidh siad iontu, agus má chuireann siad fíniúna ní ólfaidh siad a bhfíon.» Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht; tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas; ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha; fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair. Lá díbheirge an lá sin, lá buartha agus angair, lá léirscriosta agus millte, lá dorchadais agus doiléire, lá scamall agus dúnéalta, lá blosctha stoc agus gártha catha in aghaidh bailte daingne agus túr ard coirnéil. Agus cuirfidh mé an oiread sin anró ar dhaoine go mbeidh siad ag amharcaíl rompu amhail daoine dalla, mar pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna scaipfear a gcuid fola mar dheannach agus a gcuid feola mar aoileach. Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain. Cruinnígí le chéile, is ea, cruinnígí le chéile, a chine gan náire, sula dtiomáintear chun siúil sibh mar an gcáith, sula dtaga fearg fhíochmhar an Tiarna oraibh, sula mbeire lá dhíbheirg an Tiarna oraibh. Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tíre, a chomhlíonann a reacht. Lorgaigí an fhíréantacht, lorgaigí an uirísle; b' fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean ar lá dhíbheirg an Tiarna. In Aghaidh na bhFilistíneach Mairg daoibh, a áitritheoirí chósta na farraige, a chine na gCréiteach. (Tá briathar an Tiarna in bhur n-aghaidh.) Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach! Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfar aon áitritheoir ar bith ionat. Déanfar bánta díot, talamh féaraigh aoirí, agus cróite caorach. Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís. «Chuala mé madaí Mhóáb agus cáineadh chlann Amón a thug aithis do mo phobal agus a rinne maíomh in aghaidh mo thíre féin, Ar an ábhar sin,» a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, «dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.» A chonách sin orthu de dheasca a n-uabhair! Mar thug siad aithis do phobal Thiarna na Slua, agus rinne siad maíomh ina aghaidh. Cuirfidh an Tiarna scanradh a n-anama orthu; mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhní agus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe, gach ceann acu ina áit féin. Agus fiú amháin sibhse, a Chúisíteacha, pollfar sibh le mo chlaíomh. Sínfidh sé a lámh amach in aghaidh an tuaiscirt agus scriosfaidh sé an Asaír agus déanfaidh sé díthreabh de Nínivé nó go mbeidh sí chomh tirim le fásach. Agus luífidh síos ina lár tréada de gach saghas ainmhithe; agus fiú amháin an cág agus an t-ulchabhán, déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche. Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach. Óir, tá an obair chéadrais millte. An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: «Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil»? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne. In Aghaidh Treoraithe an Phobail Ní éisteann sí leis an teachtaireacht; ní ghlacann sí leis an teagasc; ní chuireann sí a muinín sa Tiarna, agus ní thagann sí in ngar dá Dia. Leoin ag búiríl is ea na huaisle atá istigh inti; mic tíre choineascracha nach raibh dada le creimeadh acu ar maidin, is ea a cuid breithiúna. Bladhmairí is ea a fáithe, fir lán fill; truaillíonn a cuid sagart nithe naofa agus sáraíonn siad an dlí. Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir; ní dhéanann sé an t-éigeart riamh. Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas; le lonradh an lae ní loiceann sé riamh. Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine. «Táim tar éis na náisiúin a dhísciú; scriosadh a dtúir choirnéil. Tá a sráideanna bánaithe agam sa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu. Scartáladh a gcathracha agus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu. Deirinn liom féin: ' Beidh eagla ortsa ar a laghad romham, agus foghlaimeoidh tú ceacht; agus ní scriosfar a háitreabh, ní bhainfear as a cuimhne go deo ná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.' Ach ní mar sin a tharla. Is amhlaidh atá siad ag brostú chun a ngníomhartha uile a thruailliú.» «Ar an ábhar sin,» a deir an Tiarna, «fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada. Iompú na Náisiún Ón taobh thall d' aibhneacha na Cúise tabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé, ofrálacha chugam. «An lá sin ní náireofar thú as na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m' aghaidh. Mar tógfaidh mé as do lár ansin do chuid bladhmairí uaibhreacha; agus uaidh sin amach ní bheidh tú ag siúl timpeall go toirtéiseach níos mó ar mo shliabh naofa. Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna. Ní dhéanfaidh siad aon éigeart, ní mó ná a inseoidh siad bréaga, agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal. Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth, agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.» «Déan gairdeas, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a Iosrael; bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán, a iníon Iarúsailéim. Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas a bhí ag bagairt ort a thógáil díot agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait. Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár agus ní healaí duit eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó. An lá sin déarfar le Iarúsailéim: ' Ná bíodh eagla ort, a Shíón; ná lagtar do lámha! Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár mar laoch caithréimeach; déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort. Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá; tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais. «Ardóidh mé an tubaiste díot sa chaoi nach mbeidh ort maslaí a fhulaingt níos mó. Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadh leis na daoine go léir a d' imir ansmacht ort. Sábhálfaidh mé na bacaigh; baileoidh mé le chéile an mhuintir a ruaigeadh chun fáin agus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibh i ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti. An tráth sin, baileoidh mé sibh le chéile agus treoróidh mé féin abhaile sibh ansin. Tabharfaidh mé clú agus cáil daoibh i measc ciníocha uile an domhain, nuair a rathóidh mé sibh arís faoi bhur súile féin,» a deir an Tiarna. Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Deir an pobal seo: Níor tháinig an t-am fós chun Teampall an Tiarna a tógáil.» Ansin labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas: «An mithid daoibhse mar sin cónaí in bhur dtithe painéalta agus an teach seo ina fhothrach?» Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: «Déanaigí machnamh ar conas mar a d' éirigh libh. Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.» Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Déanaigí machnamh ar conas mar a d' éirigh libh. In airde libh ar na cnoic! Beirigí adhmad libh ar ais! Atógaigí an Teampall! Bainfidh mé taitneamh as ansin agus taispeánfaidh mé mo ghlóir ann, a deir an Tiarna. Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin. Sin é an fáth a gcoinníonn na spéartha thuas an drúcht uaibh agus a gceileann an talamh a chuid torthaí oraibh. Táim tar éis triomach a ghlaoch anuas ar an talamh, ar na cnoic, ar an arbhar, ar an úrfhíon, ar an ola, ar thorthaí uile na talún, ar na daoine agus ar na beithígh agus ar a saothar go léir!» Ansin d' éist Zarubáibil, mac Sheailtíéil, agus an t-ardsagart Iósua, mac Iózádác, agus fuílleach uile an phobail le hachainí an Tiarna, a nDia, agus le briathra an fháidh Hagaí de bhrí gur chuir an Tiarna chucu é agus go raibh eagla ar an bpobal roimh an Tiarna. Ansin labhair Hagaí, teachtaire an Tiarna, leis an bpobal de réir ordú an Tiarna, á rá: «Táimse in bhur dteannta, a deir an Tiarna.» Agus mhúscail an Tiarna misneach Zarubáibil mhic Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus misneach an ardsagairt Iósua, mhic Iózádác, agus misneach fhuílleach an phobail sa chaoi gur tháinig siad agus gur chuir siad chun oibre i dteach Thiarna na Slua, a nDia, 15a ar an gceathrú lá is fiche den séú mí. Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, 2:1 ar an aonú lá is fiche den seachtú mí, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas: 1:15b «Labhair le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, agus le fuílleach uile an phobail mar seo: Cé atá fágtha in bhur measc a chonaic an Teampall seo faoina chéadghlóir? Agus conas a fhéachann sé daoibh anois? Nach neamhní ar fad é in bhur súile? Ach dá ainneoin sin uile bíodh misneach agat, a Zarubáibil, a deir an Tiarna, agus agatsa freisin, a Iósua, a mhic Iózádác, a ardsagairt, agus agaibhse, a mhuintir uile na tíre, a deir an Tiarna. I mbun na hoibre libh anois! Óir táimse in bhur dteannta, a deir Tiarna na Slua. Is ann fós don chonradh a rinne mé libh nuair a tháinig sibh amach as an Éigipt agus tá mo spiorad in bhur measc. Ná bíodh aon eagla oraibh!' Óir is mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: 'I gceann tamaillín bainfidh mé croitheadh aon uair amháin eile as na spéartha agus as an domhan, as an bhfarraige agus as an talamh tirim. Suaithfidh mé na ciníocha uile agus tiocfaidh stórtha na náisiún go léir isteach chugaibh agus líonfaidh mé an Teampall seo le glóir, a deir Tiarna na Slua! Is liomsa an t-airgead; is liomsa an t-ór. Is é Tiarna na Slua a deir é. Sáróidh glóir nua an Teampaill seo an chéadghlóir a bhí aige, a deir Tiarna na Slua, agus is san áit seo a dháilfidh mé oraibh an tsíocháin, a deir Tiarna na Slua.'» Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gceathrú lá is fiche den naoú mí labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Hagaí mar a leanas: «Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: 'Iarr ar na sagairt breith a thabhairt ar an gceist seo: Má bhíonn píosa feola coisricthe á iompar ag duine i bpóca aráin nó le hanraith nó le fíon nó le hola nó le bia ar bith, an mbíonn sé sin coisricthe freisin?'» «Ní bhíonn ná coisricthe,» d' fhreagair na sagairt. Dúirt Hagaí ansin: «Duine atá neamhghlan toisc gur bhain sé le marbhán, má bhaineann sé le haon cheann acu sin, an mbíonn sé sin neamhghlan?» «Bíonn go deimhin,» dúirt na sagairt, á fhreagairt. Mar fhreagra air sin dúirt Hagaí: «Is é an dála céanna ag an bpobal seo é agus is é an dála céanna ag an náisiún seo é i mo láthairse, a deir Tiarna na Slua, agus is é an dála céanna ag saothar uile a lámh é agus is neamhghlan freisin cibé ofrálacha a dhéanann siad anseo. «Déanaigí machnamh anois ar a dtarlóidh ón lá seo amach. Sular cuireadh cloch ar mhuin cloiche i dTeampall an Tiarna cén bhail a bhí oraibhse? Nuair a thagadh duine go dtí carn arbhair ar chóir fiche miosúr a bheith ann, ní bhíodh ann ach deich gcinn; nuair a thagadh sé go dtí cantaoir chun caoga dabhach a tharraingt aisti, ní bhíodh inti ach fiche ceann. Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna. Déanaigí machnamh ar a dtarlóidh ón lá inniu amach (ón gceathrú lá is fiche den naoú mí, ón lá ar leagadh síos bunsraith Theampall an Tiarna), déanaigí machnamh féachaint an gcaithfidh an síol fanacht sa scioból go fóill nó an amhlaidh nach dtabharfaidh an fhíniúin agus an crann fígí agus an phomagránait agus an ológ aon toradh uathu níos mó? Ón lá seo amach cuirfidh mé mo bheannacht oraibh.» Labhraíodh briathar an Tiarna le Hagaí an athuair ar an gceathrú lá is fiche den mhí mar a leanas: «Abair le Zarubáibil, gobharnóir Iúdá: 'Bainfidh mé croitheadh as na spéartha agus as an domhan. Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan. An lá sin, a deir Tiarna na Slua, glacfaidh mé thú, a Zarubáibil, a mhic Sheailtíéil, a sheirbhísigh liom, agus déanfaidh mé mar a bheadh fáinne séala díot. Óir is tusa atá tofa agam, a deir Tiarna na Slua. Filligí ar an Tiarna «Bhí fearg mhór ar an Tiarna le bhur n-aithreacha. Dá bhrí sin abair leis an bpobal: 'Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Filligí orm, a deir Tiarna na Slua, agus fillfidh mise oraibhse, a deir Tiarna na Slua. Ná bígí cosúil le bhur n-aithreacha ar thug na fáithe tosaigh foláireamh dóibh, á rá: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Filligí ó bhur ndrochbhealaí agus ó bhur ndrochghníomhartha. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird ar bith orm, a deir an Tiarna. Cá bhfuil bhur n-aithreacha anois? Agus na fáithe, an bhfanann siadsan beo i gcónaí? Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n-aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.'» Ar an gceathrú lá is fiche den aonú mí déag, is é sin le rá, de mhí Shabát, den dara bliain de réimeas Dháire, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas: «Bhí fís agam san oíche. Is amhlaidh a chonaic mé fear ar mhuin capaill rua agus é ina sheasamh i measc na gcrann miortail a bhí sa ghleann. Taobh thiar de bhí capaill rua agus capaill dhonnrua agus capaill bhána. ' Cad iad seo, a dhuine uasail?' arsa mise. ' Taispeánfaidh mé duit cad iad,' arsa an t-aingeal a bhí ag caint liom. Ansin chuir an fear a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail isteach ar an gcomhrá agus dúirt: 'Is iad seo an dream a chuir an Tiarna amach uaidh chun dul anonn agus anall tríd an domhan.' Thug siadsan an tuairisc seo d' aingeal an Tiarna a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail, á rá: 'Táimid tar éis cuairt an domhain a thabhairt agus tá an domhan go léir faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.' Dúirt aingeal an Tiarna ansin: 'A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?' D' fhreagair an Tiarna an t-aingeal a bhí ag caint liom le briathra cneasta sólásacha. Mar sin de dúirt an t-aingeal a bhí ag caint liom: 'Fógair é seo: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Tá teasghrá éadmhar agam do Iarúsailéim agus do Shíón; ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad. Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim. Fógair é seo freisin: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Níor tháinig rath go fóill ar mo chathracha, ach tabharfaidh an Tiarna sólás do Shíón athuair agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim aon uair amháin eile.'» D' ardaigh mé mo shúile agus cad a chonaic mé ach ceithre adharc. 2:1 2:2 «Cad iad seo?» arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom. «Is iad seo na hadharca atá tar éis Iúdá agus Iosrael agus Iarúsailéim a scaipeadh,» ar seisean liom. 2:3 Ansin thaispeáin an Tiarna ceathrar gaibhne dom. 2:4 «Cad chuige a bhfuil siad seo ag teacht?» arsa mise. «Tá na hadharca úd tar éis Iúdá a scaipeadh sa chaoi nach bhfuil tógáil a chinn ag duine ar bith,» ar seisean liom, do mo fhreagairt, «ach tá na gaibhne seo tagtha chun scanradh a chur orthu; leagfaidh siad ar lár adharca na náisiún a d' ardaigh a n-adharca os cionn mhuintir Iúdá chun iad a scaipeadh.» D' ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam. 5 6 «Cá bhfuil tú ag dul?» arsa mise leis. «Chun Iarúsailéim a thomhas,» ar seisean liom, «féachaint cad é a leithead agus a fad.» 7 Ansin d' fhan an t-aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige 8 agus dúirt sé leis: «Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti. 9 ' Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,' a deir an Tiarna, ' agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.'» Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh, a deir an Tiarna, óir táim tar éis sibhse a scaipeadh faoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna. 10 11 Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin, tusa a chonaíonn sa Bhablóin; 12 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua, an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil, i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh: óir aon duine a bhaineann libhse, baineann sé le himreasc a shúile 13 Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n-aghaidh, agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu. Beidh a fhios agaibhse ansin gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé. 14 Abair amhrán agus déan gairdeas, a iníon Shíón; óir, féach, táimse ag teacht chun cónaí a dhéanamh i do lár, a deir an Tiarna. 15 Ceanglófar a lán náisiún leis an Tiarna an lá sin; beidh siad ina bpobal aige, agus cónóidh sé in bhur measc, agus aithneoidh tú gurbh é Tiarna na Slua a chuir chugat mé. 16 Ach beidh seilbh ag an Tiarna ar Iúdá, mar a chomhroinn féin sa talamh naofa, agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim athuair. 17 Bíodh gach duine ina thost i láthair an Tiarna; óir, tá sé ag éirí chun teacht amach as a áitreabh naofa. Ansin thaispeain sé dom an t-ardsagart Iósua agus é ina sheasamh os comhair aingeal an Tiarna. Bhí an tÁibhirseoir ina sheasamh ar a láimh dheas chun é a chúiseamh. Dúirt aingeal an Tiarna leis an Áibhirseoir: «Go dtuga an Tiarna achasán duit, a Áibhirseoir! Go dtuga an Tiarna, a rinne rogha de Iarúsailéim, achasán duit! Nach aibhleog a sciobadh ón tine an fear seo?» Is amhlaidh a bhí Iósua gléasta in éadaí salacha agus é ina sheasamh os comhair an aingil. Thug an t-aingeal an t-ordú seo a leanas dá lucht freastail: «Bainigí na héadaí salacha de.» Dúirt sé le Iósua ansin: «Féach, conas mar atá mé tar éis do chuid urchóide a thógáil díot agus gléasfaidh mé thú in éadaí taibhseacha.» «Cuirigí ceannbheart glan ar a cheann,» ar seisean ansin. Chuir siad an ceannbheart glan ar a cheann agus ghléas siad é sna héadaí. Lena linn sin bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh in aice láimhe. Thug aingeal an Tiarna an dearbhú seo a leanas do Iósua ansin: «Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: 'Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m' aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo. Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht. Seo í an chloch atáimse a chur ar Iósua; tá seacht ngrua ar an aon chloch amháin seo agus greanfaidh mé féin an inscríbhinn uirthi, a deir Tiarna na Slua, agus glanfaidh mé urchóid na tíre seo di in aon lá amháin. An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.'» D' fhill an t-aingeal a bhí ag caint liom agus dhúisigh sé mé mar a dhúisítear duine as a chodladh. «Cad é a fheiceann tú?» ar seisean liom. «Is é rud a fheicim,» arsa mise, «ná crann solais agus é déanta go hiomlán d' ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh. In aice leis tá dhá chrann ológ, ceann amháin ar an taobh deas de agus ceann eile ar an taobh clé.» Labhair mé ansin leis an aingeal a bhí ag caint liom, á cheistiú: «Cad iad seo, a dhuine uasail?» Mar fhreagra air sin dúirt an t-aingeal a bhí ag caint liom: «Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?» «Níl ná a fhios, a dhuine uasail,» arsa mise leis. 6a Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: 6b Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: «Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua. ABN: 6a, 10b, 11, 12, 13, 14, 6b, 7, 8, 9, 10. Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: «Nach álainn í! Nach álainn í.'» Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas: «Is iad lámha Zarubáibil a leag bunsraith an Teampaill seo, agus is iad a lámhasan freisin a thabharfaidh chun dea-chríche é. Agus beidh a fhios agat gurb é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé. 10 Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.» 10b «Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.» Labhair mé leis arís, á rá: «Cad é an chiall atá leis an dá chrann ológ seo a bhfuil ceann díobh ar dheis an chrainn solais agus an ceann eile ar a chlé.» Labhair mé leis aon uair amháin eile agus dúirt: «Cad iad an dá chraobh olóige seo a dhoirteann an ola tríd an dá phíopa óir?» «Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?» ar seisean liom. «Níl ná a fhios, a dhuine uasail,» arsa mise. Dúirt sé ansin: «Is iad seo an bheirt ungthach a bhíonn ina seasamh os comhair Tiarna an domhain uile.» D' ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach scrolla ag eitilt. «Cad é a fheiceann tú?» ar seisean liom. «Feicim scrolla ar eitilt,» arsa mise, «tá sé fiche banlámh ar fad agus deich mbanlámh ar leithead.» Dúirt sé liom ansin: «Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m' ainmse. Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m' ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.» Thaispeáin an t-aingeal a bhí ag caint liom é féin dom ansin agus dúirt: «Ardaigh do shúile agus féach ar an rud seo atá ag nochtadh chugainn amach.» «Cad é seo?» arsa mise. «Bairille is ea an rud seo atá ag nochtadh chugainn,» ar seisean. Ansin dúirt sé: «Is é seo [an t-olc] atá siad a dhéanamh ar fud na tíre uile.» Ardaíodh an clúdach luaidhe den bhairille ansin agus bhí bean ina suí istigh ann. «Is í seo an Urchóid,» ar seisean agus sháigh sé síos sa bhairille í agus theann sé an clúdach luaidhe ar a bhéal. D' ardaigh mé mo shúile ansin agus cad a chonaic mé ach beirt bhan ag nochtadh chugainn agus an ghaoth ag séideadh faoina sciatháin óir, is amhlaidh a bhí sciatháin acu cosúil le sciatháin na coirre báine. Thóg siad an bairille suas idir an talamh agus an spéir. «Cá bhfuil an bairille á thabhairt acu?» arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom. «Go dtí tír na Sionáire,» ar seisean liom, «chun teampall a thógáil dó ann. Nuair a bheidh sé ullamh dó, cuirfear síos ar a bhonn féin é.» D' ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach ceithre charbad ag nochtadh chugainn amach idir dhá shliabh. Sléibhte cré-umhaí ba ea na sléibhte seo. Bhí capaill rua faoin gcéad charbad, agus capaill dhubha faoin dara ceann, agus capaill bhána faoin tríú ceann, agus capaill bhallacha láidre faoin gceathrú ceann. Cheistigh mé an t-aingeal a bhí ag caint liom, á rá: «Cad iad seo, a dhuine uasail?» Dúirt an t-aingeal liom ansin, do mo fhreagairt: «Tá siad seo ag gabháil amach faoi cheithre hairde na cruinne tar éis dóibh a bheith ag freastal ar Thiarna an domhain uile. Tá carbad na gcapall dubh ag dul go dtí an tuaisceart agus carbad na gcapall bán ag dul go dtí an t-iarthar agus carbad na gcapall ballach ag dul go dtí an deisceart.» Tháinig siad amach go beo bríomhar agus flosc orthu chun dul anonn agus anall ar fud an domhain mhóir. «As go brách libh as seo anonn agus anall ar fud an domhain,» arsa an t-aingeal agus d' imigh siad leo ar chuairt na cruinne. Ghlaoigh sé ormsa ansin agus labhair sé liom mar a leanas: «Féach,» ar seisean, «na cinn atá ag dul i dtreo an tuaiscirt tabharfaidh siad ar spiorad [an Tiarna] tuirling ar an tuaisceart. Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas: «Glac ofrálacha ó na hiarchimí Haldae agus Tóibiá agus Iadáia agus imigh leat an lá céanna go dtí teach Ióisíá, mac Zafainiá is amhlaidh a bhí na daoine seo tar éis teacht ón mBablóin. Tóg airgead agus ór agus déan coróin agus cuir ar cheann an ardsagairt Iósua, mac Iózádác, í agus abair é seo leis: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Seo fear darb ainm ' An Beangán'; eascróidh sé mar a bhfuil sé agus tógfaidh sé Teampall an Tiarna. Is eisean go deimhin a atógfaidh Teampall an Tiarna, agus a chuirfidh air féin na suaitheantais ríoga, agus a shuífidh mar rialtóir ina ríchathaoir. Beidh sagart ar a dheis agus beidh comharaíocht chairdiúil eatarthu. Cuirfear an choróin i dTeampall an Tiarna mar thoirbhirt chuimhneacháin ar Haldae agus ar Thóibiá agus ar Iadáia agus ar Ióisíá, mac Zafainiá.» Tiocfaidh daoine atá i bhfad ar shiúl agus atógfaidh siad Teampall an Tiarna. Agus beidh a fhios agaibh gurbh é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé. Titfidh sé seo amach má éisteann sibh go haireach le guth an Tiarna bhur nDia.» Sa cheathrú bliain de réimeas Dháire rí, ar an gceathrú lá den naoú mí, is é sin le rá, de mhí Chisléu, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia. Is amhlaidh a chuir muintir Bhéit Éil feidhmeannach de chuid an rí darb ainm Searaizir uathu, i dteannta a chuid fear, chun fabhar a impí ar an Tiarna, agus chun an cheist seo a chur ar shagairt Theampall Thiarna na Slua agus ar na fáithe: «An gcaithfidh mé caoineadh agus troscadh a dhéanamh go fóill sa chúigiú mí faoi mar atá á dhéanamh agam leis an oiread sin blianta anuas?» Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom ansin mar a leanas: «Abair é seo le muintir uile na tíre agus leis na sagairt: 'Nuair a dhéanadh sibh troscadh agus caoineadh sa chúigiú agus sa seachtú mí le seachtó bliain anuas, an ar mo shonsa a dhéanadh sibh é? Agus nuair a d' itheadh agus a d' óladh sibh nach ar bhur son féin a dhéanadh sibh ithe agus ól? Nárbh iad seo na briathra a d' fhógair an Tiarna trí bhéal na bhfáithe tosaigh, nuair a bhí daoine ina gcónaí faoi rath in Iarúsailéim, agus sna bailte atá ina timpeall agus sa Neigib agus sna hÍsleáin freisin?'» Labhraíodh briathar an Tiarna ansin le Zacairia mar a leanas: «Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Tugaigí fíorbhreithiúnas uaibh; taispeánadh gach duine agaibh buanghrá agus trua dá bhráthair. Ná déanaigí foréigean ar an mbaintreach ná ar an dílleachta, ar an gcoimhthíoch ná ar an mbochtán; ná bíodh aon duine agaibh ag meabhrú oilc ina chroí in aghaidh a bhráthar.'» Ach dhiúltaigh siad éisteacht liom agus d' iompaigh siad gualainn stailceach chugam agus thug siad cluas bhodhar dom ar eagla go gcloisfidís. Rinne siad a gcroíthe chomh dáigh le diamant ar eagla go gcloisfidís an teagasc, agus an teachtaireacht a chuir Tiarna na Slua chucu lena spiorad trí bhéal na bhfáithe a bhí ann fadó. Dá dheasca sin chuir Tiarna na Slua smachtú dian orthu le neart feirge. Seo mar a tharla sé, a deir Tiarna na Slua: «Nuair a ghlaoigh mise orthu, níor éist siad liom; mar an gcéanna, nuair a ghlaoigh siadsan ormsa, níor éist mise leo. Ach scaip mé chun fáin iad i measc na náisiún uile nach raibh aithne acu orthu; agus tar éis dóibh imeacht bánaíodh an tír sa chaoi nach raibh duine ná deoraí ag gabháil anonn agus anall inti. Ar an gcuma sin rinne siad fásach folamh dá ndúiche álainn.» Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom mar a leanas: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Tá teasghrá éadmhar agam do Shíón, a mhúsclaíonn tocht díograise ionam di.» Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Fillfidh mé ar Shíón agus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim. Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim, Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.» Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arís i gcearnóga Iarúsailéim; beidh bata ag gach duine díobh ina láimh de dheasca a sheanaoise. Agus beidh cearnóga na cathrach lán de bhuachaillí agus de chailíní agus iad ag súgradh iontu.» Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Más geall le míorúilt é seo le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin, an gá gurb ionadh liomsa é?» a deir Tiarna na Slua. Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Sábhálfaidh mé mo phobal ón domhan thoir agus ón domhan thiar. Tabharfaidh mé ar ais iad chun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan go dílis agus go cóir.» Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Músclaígí bhur misneach, sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seo leis na briathra seo ó bhéal na bhfáithe atá ag déanamh tairngreachta, ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua, ionas go n-atógfaí an Teampall. Óir, roimh na laethanta seo ní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí, agus, mar gheall ar a chuid naimhde, ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuine agus é ag dul i mbun a ghnó; mar bhí mé tar éis an uile dhuine a chur in aghaidh a chomharsan. Ach anois ní chaithfidh mé le hiarmhar an phobail seo faoi mar a chaith mé leo tráth,» a deir Tiarna na Slua. «Beidh rath agus bláth ar a síol; tabharfaidh an fhíniúin a caora agus an talamh a thorthaí; fearfaidh na spéartha a ndrúcht, agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo i seilbh na maitheasaí seo go léir. Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún, a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael, sin mar a shábhálfaidh mé sibh nó go mbeidh sibh in bhur n-ábhar beannachtaí dóibh; ná bíodh aon eagla oraibh mar sin ach músclaígí bhur misneach.» Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Faoi mar a bheartaigh mé dochar a dhéanamh daoibh nuair a chuir bhur n-aithreacha fearg orm,» a deir Tiarna na Slua, «agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi, sin mar atá sé beartaithe agam athuair rath a chur ar Iarúsailéim agus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo. Ná bíodh eagla oraibh. Is iad seo na haitheanta atá le comhlíonadh agaibh: labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa; ag bhur ngeataí tugaigí fíorbhreithiúnais, a bhuanóidh an tsíocháin eadraibh; ná beartaíodh aon duine agaibh olc ina chroí in aghaidh a chomharsan; agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige; óir, is fuath liom na nithe sin go léir,» a deir an Tiarna. Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n-ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.» Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Tiocfaidh ciníocha eile fós, áitritheoirí cathracha móra. Agus rachaidh áitritheoirí cathrach amháin go ceann eile, á rá: 'Téimis láithreach chun impí a dhéanamh ar an Tiarna agus chun Tiarna na Slua a lorg. Táimse féin ag dul.' Tiocfaidh mórán ciníocha agus náisiún tréan chun Tiarna na Slua a lorg in Iarúsailéim agus chun impí a dhéanamh ar an Tiarna.» Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige, greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá: ' Lig dúinn dul in éineacht leat. óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.'» Ionradh an Tiarna Tá sé i Hamát freisin, áit atá ar a teorainn agus sa Tuír agus i Síodón, dá mhéad í a n-eagna. Tá an Tuír tar éis daingean a thógáil di féin, agus airgead a charnadh mar dheannach, agus ór a chnuasach mar lathach na sráideanna. Ach, féach! Gabhfaidh an Tiarna seilbh uirthi; brisfidh sé a cumhacht ar an bhfarraige agus loiscfear í le tine. Feicfidh Aiscileon é sin agus tiocfaidh eagla uirthi; feicfidh Gazá é chomh maith agus beidh sí ag lúbarnaíl le scéin; beidh Eacrón ar crith freisin, mar cuirfear a dóchas ó chrích. Díothófar rí Ghazá agus ní dhéanfar cónaí in Aiscileon feasta. Lonnóidh pór measctha in Aisdeod, agus buailfidh mé an t-uabhar as an bhFilistíneach. Sracfaidh mé óna bhéal an fheoil a bhfuil an fhuil inti fós, agus sciobfaidh mé a ofrálacha gráinniúla ó idir a fhiacla. Lena chois sin déanfar iarmhar dár nDia de, agus beidh sé ina chlann in Iúdá; agus beidh Eacrón cosúil le Iabúsach. Suífidh mé mo champa mórthimpeall mo thí, mar gharda in aghaidh a dtiocfaidh agus a n-imeoidh; ní ghluaisfidh aon tíoránach tríothu feasta, mar táimse tar éis bheith ag faire orthu anois le mo shúile cinn féin. Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail. Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim agus an capall catha as Iarúsailéim; agus brisfear an bogha cogaidh. Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin, agus beidh sé i réim ó mhuir go muir agus ón Abhainn go himill na cruinne. Ach maidir leatsa, ar son fhuil do chonartha liomsa, seolfaidh mé do chimí ar ais ón bpoll nach bhfuil aon uisce ann. Filligí ar an daingean, a chimí an dóchais, an lá inniu féin dearbhaím go ndéanfaidh mé cúiteamh libh faoi dhó. Óir, táim tar éis Iúdá a lúbadh dom féin mar bhogha, agus an bogha sin a ghléasadh le hEafráim mar shaighead. Beartóidh mé do chlann mhac, a Shíón, mar airm in aghaidh chlann mhac Iáván, agus déanfaidh mé claíomh gaiscígh díot. Nochtfaidh an Tiarna os a gcionn. Seinnfidh a shaighead amach mar splanc thintrí; séidfidh an Tiarna Dia an stoc, agus réabfaidh sé leis ar aghaidh ar stoirmeacha an deiscirt. Cosnóidh Tiarna na Slua iad; dísceoidh siad [a naimhde] agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill. Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán, faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon; beidh siad chomh lán le babhla íobartha chomh smeartha le cúinní altóra. An lá sin, sábhálfaidh an Tiarna, a nDia, iad, a phobal féin, mar thréad caorach. Óir beidh siad ag drithliú ar a thalamh amhail seoda corónach. Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin! Nach álainn a bheidh siad! Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana. Iarraigí fearthainn ar an Tiarna i séasúr fhearthainn an earraigh; óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne. Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibh agus cuirfidh sé féar ag fás i bpáirc an uile dhuine. Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh, agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa; bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoise agus ag tabhairt sóláis bhréige. Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorach agus iad á gcrá cheal aoire. Tá mo chuid feirge ar lasadh in aghaidh na n-aoirí agus cuirfidh mé pionós ar na treoraithe. Ach tabharfaidh Tiarna na Slua cuairt ar a thréad, ar theaghlach Iúdá, agus déanfaidh sé capall maorga cogaidh de. Is uaidh a thiocfaidh an chloch chúinne agus an pionna botha, an bogha cogaidh agus gach ceannasaí. I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu. Neartóidh mé teaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé teaghlach Iósaef. Seolfaidh mé ar ais arís iad, mar táim tar éis trua a ghlacadh dóibh, agus beidh siad amhail is nár shéan mé riamh iad; óir, is mise an Tiarna, a nDia, agus éistfidh mé lena nguí. Beidh muintir Eafráim ina ngaiscígh, agus cuirfear áthas ar a gcroí faoi mar a bheidís ag ól fíona. Feicfidh a gclann mhac é seo agus beidh lúcháir orthu mar gheall air agus déanfáidh a gcroíthe gairdeas sa Tiarna. Ligfidh mé fead orthu agus cruinneoidh mé iad le chéile; óir, táim tar éis iad a fhuascailt. Agus beidh siad chomh líonmhar agus a bhí siad riamh. Cuirfidh mé mar shíol iad i measc na náisiún; ach cuimhneoidh siad orm i dtíortha atá i bhfad i gcéin. Tógfaidh siad a gclann iontu agus fillfidh siadsan ar ais. Tabharfaidh mé abhaile ón Éigipt iad agus cruinneoidh mé iad ón Asaír. Seolfaidh mé isteach i nGileád agus sa Liobáin iad, agus fiú amháin ansin ní bhfaighfear slí go leor dóibh. Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipte agus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibh agus rachaidh an Níl ar fad i ndísc. Buailfear an t-uabhar as an Asaír agus tógfar an ríshlat ón Éigipt. Neartóidh mé sa Tiarna iad agus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm, a deir an Tiarna. Oscail do gheataí, a Liobáin, chun go loiscfidh an tine do chéadrais. Déan olagón, a chufróg; óir, tá an céadras tar éis titim, agus tá na mórchumhachtaí basctha. Déan olagón, a dharacha Bháiseán; óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár. Éist le holagón na n-aoirí; óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte. Éist le búiríl na leon óg; óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta. Mar seo a labhair an Tiarna, mo Dhia: «Beathaigh an tréad atá le marú.» Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: «Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.» Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n-aoirí dóibh. Óir, ní bheidh trua agam d' áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad. Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; «Cineáltas» a thug mé mar ainm ar cheann acu agus «Aontacht» ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú. In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith. «Ní bheathóidh mé sibh níos mó,» arsa mise. «Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.» Thóg mé mo bhachall «Cineáltas» agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal. Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna. Dúirt mé leo ansin: «Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.» Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d' airgead geal. «Caith isteach i gciste an Teampaill é,» arsa an Tiarna liom, «an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.» Ansin thóg mé an tríocha píosa d' airgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna. Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, «Aontacht», ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh. Dúirt an Tiarna liom ansin: «Faigh trealamh aoire gan chiall duit féin athuair. Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh. Mairg don aoire gan éifeacht, a thréigeann a thréad! Go mbuaile an claíomh a ghéag agus a shúil dheas chomh maith. Go searga a ghéag ar fad agus go mbaintear an radharc dá shúil dheas go hiomlán.» Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann: «Féach! Déanfaidh mé corn meisciúil de Iarúsailéim i gcomhair náisiúin uile na comharsanachta; agus ní taise do Iúdá é nuair a chuirfear Iarúsailéim faoi léigear. Ar an lá sin, déanfaidh mé cloch thógála de Iarúsailéim do na náisiúin go léir; na daoine a thugann iarracht ar í a thógáil suas, gortóidh siad iad féin go mór, agus cruinneoidh náisiúin uile an domhain ina haghaidh. «Ar an lá sin, a deir an Tiarna, cuirfidh mé alltacht ar gach uile chapall agus deargbhuile ar na marcaigh. Ach féachfaidh mé anuas le taitneamh ar theaghlach Iúdá nuair a chuirfidh mé daille ar chapaill uile na náisiún eile. Déarfaidh clann Iúdá ina gcroíthe ansin: 'Údar nirt d' áitritheoirí Iarúsailéim is ea Tiarna na Slua, a nDia.' Ar an lá sin, déanfaidh mé ciseán tine i lár coille agus tóirse lasrach i measc punann de chlanna Iúdá; loiscfidh siad náisiúin uile na comharsanachta ar dheis agus ar chlé. Ach beidh Iarúsailéim á háitriú agus í suite go daingean ina hionad féin i gcónaí. «Sábhálfaidh an Tiarna bothanna Iúdá ar dtús i dtreo nach sáróidh glóir theaghlach Dháiví agus áitritheoirí Iarúsailéim glóir Iúdá. Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach. «Ar an lá sin, tá sé beartaithe agam na náisiúin uile a thiocfaidh in aghaidh Iarúsailéim a dhísciú. «Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine. Ar an lá sin, déanfar caoineadh mór in Iarúsailéim cosúil leis an gcaoineadh a dhéantar ar son Hadad Rimeon ar mhá Mhigideo. Agus déanfaidh an tír caoineadh, gach teaghlach ar leith: muintir theaghlach Dháiví ar leith, agus a mná leo féin; muintir theaghlach Nátán ar leith, agus a mná leo féin; muintir theaghlach Léiví ar leith, agus a mná leo féin; teaghlach Shimeí ar leith, agus a mná leo féin; na teaghlaigh eile go léir, gach teaghlach ar leith, agus a mná leo féin. «Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d' áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh. «Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n-íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír. Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: 'Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.' Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht. «Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d' fhonn daoine a mhealladh. Déarfaidh gach duine díobh: 'Ní fáidh ar bith mise ach fear a shaothraíonn an talamh; óir, bhí talamh i mo sheilbh agam ó m' óige.' Agus má fhiafraítear de: 'Céard iad na créachtaí seo atá ar do chorp?' freagróidh sé: 'Is amhlaidh a fuair mé i dteach mo chairde iad.'» «Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m' aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,» a deir Tiarna na Slua. «Buail an t-aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n-uan beag. Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,» a deir Tiarna na Slua, «go gciorrófar agus go ndísceofar dhá thrian den phobal, ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann. Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m' ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: 'Is iad seo mo phobal'; agus déarfaidh siadsan: 'Is é an Tiarna ar nDia.'» Féach! Tá lá an Tiarna ag teacht agus roinnfear istigh ionat an chreach a tógadh uait. Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor. Ansin tiocfaidh an Tiarna amach agus cuirfidh sé cogadh ar na náisiúin sin faoi mar a throideann sé ar lá catha. Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas. Líonfar an gleann atá idir na cnoic ó Ghóa go dtí Iásól agus druidfear é faoi mar a tharla tar éis an chreatha talún in aimsir Uiziá, rí Iúdá. Tiocfaidh an Tiarna, mo Dhia, ansin agus a chuid naomh go léir in éineacht leis. Ar an lá sin, ní bheidh aon solas ann ar dtús, ach fuacht agus sioc. Ach lá ar leith a bheidh ann mar is eol don Tiarna; óir, ní bheidh aon difríocht ann idir lá agus oíche, mar beidh solas ann san oíche. Ar an lá sin, sceithfidh uiscí beo amach as Iarúsailéim, leath amháin díobh i dtreo na farraige thoir agus an leath eile i dtreo na farraige thiar, ní amháin sa samhradh ach sa gheimhreadh chomh maith. Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean. Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí. Ní dhéanfar scrios uirthi níos mó agus beidh daoine ina gcónaí in Iarúsailéim faoi shíocháin. Ach maidir leis na ciníocha uile a bheidh tar éis cogadh a chur ar Iarúsailéim, is í seo an phlá lena mbuailfidh an Tiarna iad: lobhfaidh a gcuid feola orthu, fiú amháin agus iad ina seasamh ar a gcosa; morgfaidh a súile ina logaill agus dreofaidh a dteanga ina mbéal. Ar an lá sin, cuirfidh an Tianna scaoll orthu. Béarfaidh gach duine greim láimhe ar a chomharsa agus ardóidh siad a lámha in aghaidh a chéile. Beidh Iúdá féin ag troid in Iarúsaléim agus cruinneofar le chéile saibhreas náisiúin uile na comharsanachta: ór agus airgead agus éadaí, go flúirseach fairsing. Agus an phlá a bhuailfidh na capaill agus na miúileanna agus na camaill agus gach beithíoch eile sna campaí seo, beidh sí cosúil leis an bplá eile úd. Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh. Má bhíonn ceann ar bith de chlanna an domhain ann nach rachaidh suas go Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh, ní thitfidh aon bháisteach orthu. Mura dtagann muintir na hÉigipte suas chun dul isteach inti, titfidh an phlá sin orthu lenar bhuail an Tiarna na náisiúin (nár tháinig suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh). Sin é an pionós a chuirfear ar an Éigipt agus ar na náisiúin go léir nach dtiocfaidh suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh. Ar an lá sin, beidh «Coisricthe don Tiarna» greanta ar chloig na gcapall; agus beidh na potaí cócaireachta atá i dTeampall an Tiarna ar aon chéim leis na babhlaí croite atá os comhair na haltóra. Thairis sin, beidh gach pota cócaireachta atá in Iarúsailéim agus in Iúdá coisricthe do Thiarna na Slua. Na daoine go léir a ofrálann íobairtí, tiocfaidh siad agus tógfaidh siad iad le haghaidh na cócaireachta. Ansin ní bheidh aon trádálaí i dTeampall an Tiarna feasta. Oracal. Briathar an Tiarna d' Iosrael trí bhéal Mhalaicí. «Tá grá agam daoibh,» a deir an Tiarna; ach deir sibhse: «Conas a ghráíonn tú sinn?» «Nach é Éasau deartháir Iacóib?» a deir an Tiarna. «Mar sin féin, tá grá agam do Iacób; agus tá col agam le hÉasau. Sin é fáth a ndearna mé díthreabh dá shléibhte agus fásach leathan dá oidhreacht.» Má deir Eadóm: «Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,» is é a deir Tiarna na Slua: «Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ' Dúiche an oilc' agus ' An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor'.» Feicfidh bhur súile cinn féin é seo agus déarfaidh sibh: «Is tréan é an Tiarna, fiú lasmuigh de theorainn Iosrael.» «Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t-ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m' ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ' Conas a mhaslaíomar d' ainm?' Trí arán truaillithe a ofráil ar m' altóir! Athfhiafraíonn sibhse ansin: 'Conas a thruaillíomar thú?' Trína rá go bhfuil bord an Tiarna inmhaslaithe! Nuair is ainmhí dall a ofrálann sibh ina íobairt dom, nach olc an mhaise daoibh é? Nuair a ofrálann sibh beithíoch atá bacach breoite dom, nach olc an mhaise daoibh é sin chomh maith? Tairg do do ghobharnóir é. An mbeidh sé sásta leat? Nó, an bhfáilteoidh sé romhat go caoin? a deir Tiarna na Slua. Is ea, mhuise, iarraigí fabhar ar Dhia anois i dtreo go ndéanfaidh sé trócaire orainn! Ach más sibhse a rinne an rud seo an bhfáilteoidh sé romhaibh go caoin? a deir Tiarna na Slua. «Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m' altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa. Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m' ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m' ainm toirbhirt ghlan; mar is mór é m' ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua. Ach tá sibhse tar éis é a thruailliú, trína rá: 'Tá bord Dé inmhaslaithe; is díol tarcaisne an bia a leagtar air.' ' A leithéid de chrá croí,' a deir sibh, agus cuireann sibh cor in bhur srón chuige go dímheasúil, a deir Tiarna na Slua. Tugann sibh ainmhí éigin chugamsa, bíodh sé bacach nó breoite, agus ofrálann sibh domsa é mar íobairt. An é go gcaithfidh mé glacadh lena leithéid sin uaibhse? a deir an Tiarna. Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n-ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m' ainm i measc na náisiún. «Anois, a shagarta, is in bhur n-aghaidhse an bhreith seo: Mura n-éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m' ainm, a deir Tiarna na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith. Féach! Táim chun bhur sliocht a dhísciú; caithfidh mé cac san aghaidh oraibh cac bhur bhféilte sollúnta féin agus tógfar sibhse chun siúil mar aon leis. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise a thug an bhreith seo in bhur n-aghaidh ionas nach seasfadh an conradh a rinne mé le Léiví níos mó, a deir Tiarna na Slua. Conradh beatha agus síochána a rinne mé leis, mar bhronn mé air iad mar aon le croí urramach ionas go dtabharfadh sé urraim dom agus go nglacfadh uamhan agus uafás é roimh m' ainm. Bhíodh fíortheagasc ina bhéal aige agus ní fhaightí bréag ar a bheola; shiúladh sé i mo chuideachta go hionraic cóir agus d' iompaíodh sé mórán daoine ón olc. Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t-eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é. «Ach i dtaca libhse de, d' imigh sibh ar fán ón mbealach ceart; bhí sibh in bhur gceap tuisle do mhórán daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc, agus chuir sibh ar neamhní an conradh a bhí déanta agamsa le Léiví, a deir Tiarna na Slua. Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.» Nach é an t-aon athair amháin atá againn go léir? Nach é an t-aon Dia amháin a chruthaigh sinn? Cén fáth, mar sin, a ndéanaimid feall ar a chéile trí chonradh ár sinsear a shárú? Rinne Iúdá feall ar iontaoibh; rinneadh gníomh gráiniúil in Iosrael agus in Iarúsailéim; óir, tá Iúdá tar éis an Teampall is ionúin leis an Tiarna a thruailliú trí bhean, a adhrann dia deoranta, a phósadh. An té a dhéanann amhlaidh, nár fhága an Tiarna sliocht ná síol aige i mbothanna Iacóib, ná ina measc siúd a ofrálann íobairt do Thiarna na Slua. Seo rud eile atá sibh a dhéanamh: bánn sibh altóir an Tiarna le frasa deor le caoineadh agus le cneadach toisc nach dtugann sé aird ar bhith ar bhur n-ofráil agus nach nglacann sé go grástúil ó bhur lámha í níos mó. Fiafraíonn sibhse, áfach: «Cad chuige sin?» De bhrí go raibh an Tiarna ina fhinné idir tusa agus an bhean a bhí mar chéile agat ó d' óige, an bhean a bhfuil tú tar éis feall a dhéanamh uirthi ainneoin gurbh í do chara cléibh agus do chéile conartha í. Nach ndearna sé aon aonad amháin a bhfuil colainn agus spiorad fite fuaite ina chéile ann? Ach deir sibhse: «Céard eile atá á lorg ag [Dia] ach sliocht diaganta?» Mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná déanadh aon duine feall ar an mbean atá mar chéile aige óna óige. Má chuireann fear a bhean chéile uaidh toisc gur gráin leis í, smearann sé a chuid éadaigh le foréigean; mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná bígí mídhílis, a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael. Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: «Conas a chuirimid tuirse air?» Trína rá: «Cibé ar bith duine a dhéanann an t-olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige»; nó: «Cá bhfuil Dia na córa?» «Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua. Ach cé a fhulaingeoidh lá a theachta? Cé a fhéadfaidh seasamh nuair a thaibhseoidh sé? Óir, is cuma é nó tine an athleádóra agus buac an úcaire. Suífidh sé síos mar athleádóir, agus mar ghlantóir airgid, agus glanfaidh sé clann mhac Léiví agus athleáfaidh sé iad mar ór nó mar airgead sa chaoi go mbeidh a dhíol d' íobróirí iontu ag an Tiarna. Ansin, beidh íobairt Iúdá agus Iarúsailéim taitneamhach leis an Tiarna faoi mar a bhí sí anallód, na blianta fada ó shin. Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m' fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n-aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n-aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua. «Go deimhin ní thagann aon athrú ormsa, an Tiarna, riamh. Ach is sibhse clann mhac Iacóib i gcónaí! Riamh anall ó laethanta bhur sinsear thréig sibh mo reachtanna agus níor choimeád sibh iad ar aon chor. Filligí ormsa agus fillfidh mise oraibh, a deir Tiarna na Slua. Ach séard a deir sibhse: 'Conas a fhillfimid?' An bhféadfadh duine calaois a dhéanamh ar Dhia? Ach is amhlaidh a dhéanann sibhse calaois ormsa. Dá ainneoin sin deir sibh: 'Conas a dhéanaimid calaois ort?' I gcúrsaí deachúna agus ofrálacha! Tá mallacht agus eascaine curtha oraibh toisc go ndéanann sibh, an pobal seo agaibhse ina iomláine, calaois orm. Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial. Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua. Fógróidh na ciníocha go léir gur méanar daoibh toisc go ndéanfar tír thaitneamhach díbh, a deir Tiarna na Slua. «Is bearránach iad na briathra a labhraíonn sibh i m' aghaidh, a deir an Tiarna. Mar sin féin, fiafraíonn sibh: 'Céard a dúramar i d' aghaidh?' Deir sibh: 'Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua? Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.'» Labhraíodh lucht adhartha an Tiarna le chéile ar an gcuma sin agus d' éist an Tiarna leo go hairdeallach. Ansin scríobhadh leabhar meabhráin os a chomhair ar son na ndaoine a thugann ómós dó agus a bhfuil ardmheas acu ar a ainm. «Ar an lá atá á reiteach agam beidh siad ina maoineach agam, a deir Tiarna na Slua, agus beidh trua agam dóibh faoi mar a bhíonn trua ag duine don mhac a bhíonn umhal dó. Ansin aithneoidh sibh aon uair amháin eile an difríocht atá idir an dea-dhuine agus an drochdhuine, idir an té a dhéanann seirbhís do Dhia agus an té nach ndéanann. 3:19 «Óir, féach, tá an lá ag teacht, agus é ar dearglasadh mar fhoirnéis, a mbeidh na scigirí uile agus lucht déanta an oilc go léir mar choinleach, agus ídeoidh an lá atá le teacht iad sa chaoi nach bhfágfaidh sé fréamh ná craobh acu, a deir Tiarna na Slua. 3:20 Ach, maidir libhse, a thugann ómós do m' ainm, éireoidh oraibh grian na fíréantachta, a bhfuil íocshláinte ina gathanna aici, agus gluaisfidh sibh amach agus sibh ag pocléimneach mar ghamhna a scaoilfí amach as stábla. 3:21 Satlóidh sibh ar dhrochdhaoine; is ea, beidh siad mar luaithreach faoi bhoinn bhur gcos ar an lá atá a réiteach agam, a deir Tiarna na Slua. «Coimeádaigí cuimhne ar dhlí Mhaois, mo sheirbhíseach; óir, is dó a thug mé dlíthe agus reachtanna ar Horaeb i gcomhair Iosrael go léir. 3:22 «Féach! Tá sé beartaithe agam an fáidh, Éilias, a chur chugaibh sula dtiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna. 3:23 3:24 Iompóidh sé croí na n-aithreacha i leith a gclainne agus croí na clainne i leith a n-aithreacha ar eagla go dtiocfainn agus mallacht a chur ar an tír.» Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám. Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram; ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón; ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái; ghin Iseái Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías; ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf; ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias; ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias; ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias; ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine. Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil; ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór; ghin Azór Sadóc; ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd; ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób; ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost. A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag. a Rugadh ó Mhuire Ógh Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: «A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.» Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: «Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,» ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn. 24a Dhúisigh Iósaef agus d' éirigh, agus rinne mar d' ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. 24b Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air. Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: «Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.» Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d' fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. D' inis siad dó: «I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh: ' Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.'» Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: «Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.» Nuair a chuala siad caint an rí, d' imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d' umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d' oscail siad a gcistí agus d' ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin. Marú na Neamhchiontach Dhúisigh Iósaef agus d' éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair san oíche agus chuaigh don Éigipt, agus is ann a bhí sé go bhfuair Héaród bás: chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: «As an Éigipt a ghlaoigh mé mo Mhac.» Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe. An uair sin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: «Chualathas glór i Rámá caoi agus iomad olagóin: Rachael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann níos mó.» Nuair a fuair Héaród bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef san Éigipt agus dúirt: «Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.» Dhúisigh Iósaef agus d' éirigh, rug leis an leanbh agus a mháthair agus chuaigh go tír Iosrael. Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: «Tabharfar Nazórach air.» Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia: «Déanaigí aithrí,» deireadh sé, «mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.» Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: «Glór duine ag éamh san fhásach: ' Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin.'» Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine, agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí. Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: «A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí, agus nárab áil libh a rá libh féin: 'Tá Abrahám mar athair againn,' óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d' Abrahám as na clocha seo. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é. Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.» Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh. Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. «Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,» ar seisean, «agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?» Dúirt Íosa leis á fhreagairt: «Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán. Lig sé dó ansin. An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: «Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.» Ansin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: «Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.» Dúirt sé á fhreagairt: «Tá sé scríofa: 'Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.'» Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: «Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ' Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.'» Dúirt Íosa leis: «Tá sé scríofa freisin: 'Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.'» Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis: «Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do m' adhradh.» Dúirt Íosa leis ansin: «Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: 'Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.'» Ansin d' fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air. Na Chéad Deisceabail D' fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: «Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím, bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin, Gailíl na gciníocha, an pobal a bhí ina suí sa dorchadas, chonaic siad solas mór, an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis, d' éirigh solas chucu.» Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: «Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.» Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. Labhair sé leo: «Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.» D' fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n-athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad. D' fhág siad an bád agus a n-athair láithreach agus lean siad é. Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail. Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad. Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin. Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt: «Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas. «Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad. «Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht. «Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad. «Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu. «Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia. «Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu. «Is méanar dóibh seo a d' fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas. «Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa. «Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh. an Sean-Dlí agus an Dlí Nua Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt. Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach. Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh. «Ná bígí ag ceapadh gur chun an dlí agus na fáithe a chur ar ceal a tháinig mé. Ní á gcur ar ceal a tháinig mé ach á gcur i gcrích. Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích. Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i ríocht na bhflaitheas. Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i ríocht na bhflaitheas. Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas. «Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: 'Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.' Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ' Ceann baoth', beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ' Amadán' leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn. Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairt d' ofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort, fág d' ofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála. An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpriosún thú. Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an cianóigín deireanach díolta agat. «Chuala sibh go ndúradh: 'Ná déan adhaltranas.' Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí. Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann. Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in ifreann. «Dúradh fós: 'Má scaoileann duine a bhean uaidh tugadh sé litir idirscartha di.' Ach is é a deirimse libh, gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas. «Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: 'Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomhlíonadh don Tiarna.' Ach is é a deirimse libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar neamh, óir is é ríchathaoir Dé é; ná dar an talamh, óir is é stól a chos é; ná dar Iarúsailéim, óir is í cathair an Rí mhóir í; ná mionnaigh dar do cheann ach chomh beag, mar ní féidir duit aon ribe amháin de a dhéanamh geal ná dubh. Is é amháin is ráite daoibh: 'Is ea, is ea.' ' Ní hea, ní hea.' Focal thar an méid sin, is ón Olc é! «Chuala sibh go ndúradh: 'Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail.' Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin; agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith. An té a chuireann d' fhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle. An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl. «Chuala sibh go ndúradh: 'Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do do namhaid.' Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir. Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna? Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna? Bígí foirfe, dá bhrí sin, faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe. Aire daoibh gan bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn sibh, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar neamh. «Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Ach tusa, ag déanamh déirce duit, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do lámh dheas, ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d' Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat. «Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréagchráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d' Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d' Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat. «Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n-éistfear leo. Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n-iarrann sibh air iad. Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d' ainm; go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu; agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin; agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc. Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibhse freisin. Ach mura maitheann sibhse do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibhse. «Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d' aghaidh, agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag d' Athair atá i láthair faoi choim. Feiceann d' Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat. «Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid. Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach á ghoid. Óir san áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin. «Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar. Ach má bhíonn do shúil tinn, beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Mar sin, má bhíonn an solas atá ionat ina dhorchadas, nach mór é an dorchadas é sin! «Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead. «Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach? «Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná iad sin? Cé agaibh a d' fhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? Agus cé an fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo. Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh? Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: 'Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?' Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile. Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith. Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amarach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid. «Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh; óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh. «Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail i do shúil féin? Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: 'Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit'; agus sin í an tsail i do shúil féin! A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar. «Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh. «Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. Nó cén duine agaibh a n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an sínfidh sé nathair nimhe chuige? Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad? «Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe. «Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach. Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é. «Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh. Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó fígí d' fheochadáin? Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí. Ní féidir don chrann maith drochthorthaí a thabhairt, ná don drochchrann torthaí fónta a thabhairt. Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é. Agus dá réir sin, is ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. «Ní hé gach aon duine a deir liom: 'A Thiarna, a Thiarna!' a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil m' Athar atá ar neamh. Déarfaidh mórán liom an lá sin: 'A Thiarna, a Thiarna, nach i d' ainmse a rinneamar tairngreacht, agus i d' ainm a chaitheamar amach na deamhain, agus fós nach i d' áinm a rinneamar mórán míorúiltí?' Ansin déarfaidh mé go lom díreach leo: 'Ní raibh aithne agam oraibh riamh. Imígí uaim, sibhse a dhéanann an t-olc!' «Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig: thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi. «Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh: thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.» Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin. Tháinig sé anuas ón sliabh agus lean sluaite móra é. Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: «A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.» Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: «Is áil, glantar thú»; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach. Dúirt Íosa leis ansin: «Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d' ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.» Tar éis dul isteach i gCafarnáum dó, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air: «A Thiarna,» ar seisean, «tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairiliseach agus é á chrá go léanmhar.» Dúirt Íosa leis: «Rachaidh mé ann á leigheas.» Ach dúirt an taoiseach céad á fhreagairt: «A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: 'Imigh!' agus imíonn, agus leis seo eile: 'Tar!' agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: 'Déan seo!' agus déanann.» Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: «Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael. Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas; ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.» Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: «Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.» Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla. agus Mórán eile á Leigheas Chuir sé a lámh ar a láimh, d' fhág an fiabhras í, d' éirigh sí agus rinne sí freastal air. Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad, chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: «Thóg sé ár n-éagruais, agus d' iompair sé ualach ár ngalar.» Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, d' ordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall. Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: «A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.» Dúirt Íosa leis: «Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.» Dúirt fear eile leis, duine de na deisceabail: «A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m' athair a adhlacadh.» Dúirt Íosa leis: «Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.» Ansin chuaigh Íosa ar bord an bháid agus lean a dheisceabail é. Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád á mhúchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh. Agus tháinig siad chuige á mhúscailt ag rá: «A Thiarna, saor sinn, tá an bás againn!» Dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?» D' éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór. Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: «Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?» Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil. Scread siad amach: «Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?» Bhí, achar éigin uathu, tréad mór muc ar féarach, agus rinne.na deamhain achainí air: «Má thiomáineann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.» Dúirt sé leo: «Amach libh.» Tháinig siad amach agus isteach leo sna muca, agus seo an tréad ar fad ina ruathar le fána isteach san fharraige gur cailleadh san uisce iad. Theith na mucaithe, chuaigh siad isteach sa chathair agus d' inis siad an scéal ar fad agus mar gheall ar na deamhnaígh. Agus seo amach muintir na cathrach go léir in airicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, d' iarr siad air a gceantar féin a fhágáil. Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin. Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: «Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.» Leis sin, dúirt cuid de na scríobhaithe leo féin: «Sin diamhasla dó.» Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: «Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí? Cé acu is fusa a rá, más ea: 'Tá do pheacaí maite'; nó a rá: 'Éirigh agus siúil'? Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh» dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: «Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.» D' éirigh seisean agus chuaigh abhaile. Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d' údarás do dhaoine. Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: «Lean mise.» D' éirigh seisean agus lean sé é. Ina shuí chun boird dó sa teach, tháinig mórán de na poibleacánaigh agus de na peacaigh agus shuigh siad isteach le hÍosa agus lena dheisceabail. Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: «Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?» Chuala sé iad agus dúirt: «Ní ag na daoine slána a bhíonn gá le lia ach ag na daoine tinne. Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: 'Trócaire is áil liom agus ní íobairt.' Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.» Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: «Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?» Dúirt Íosa leo: «An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin. Ní chuirfeadh aon duine preabán d' éadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é. Ná ní chuirtear fíon nua i seanseithí: má chuirtear, pléascann na seithí; agus sin an fíon doirte agus na seithí millte. Ach cuirtear fíon nua i seithí nua, agus bíonn siad araon slán.» Leigheas na Mná sa Slua D' éirigh Íosa agus lean é, é féin agus a dheisceabail. Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait, mar dúirt sí léi féin: «Mura ndéanaim ach mo lámh a chur lena bhrat, beidh mé slán.» Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: «Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.» Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach. Ar theacht isteach i dteach an chinn urra dó, nuair a chonaic Íosa lucht na bhfliút agus an slua ag déanamh calláin, «Imígí libh,» ar seisean, «ní marbh atá an cailín; ina codladh atá sí,» ach bhí siad ag magadh faoi. Tiomáineadh an slua amach agus ansin, tar éis dó dul isteach, rug sé ar láimh ar an gcailín, agus d' éirigh sí aniar. Agus chuaigh cáil an scéil ar fud na tíre sin go léir. agus Balbhán Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: «An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?» Dúirt siad: «Creidimid, a Thiarna.» Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: «Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.» Agus osclaíodh a súile. Agus labhair Íosa go corraiceach leo: «Aire daoibh! ná bíodh a fhios sin ag duine ar bith.» Ach ní túisce amuigh iad ná leath siad a cháil ar fud na tíre sin go léir. Ag dul amach dóibh sin, tugadh duine balbh chuige a raibh deamhan ann. Agus nuair a bhí an deamhan caite amach as, tháinig a chaint don duine balbh, agus rinne na sluaite ionadh de agus dúirt siad: «Ní fhacthas a leithéid seo in Iosrael riamh.» Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: «Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.» Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dea-scéil na ríochta, ag leigheas gach galar agus gach éagruas. Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire. Ansin dúirt sé lena dheisceabail: «Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.» Ghlaoigh sé chuige a dháréag deisceabal agus thug dóibh údarás ar na spioraid mhíghlana chun go gcaithfidís amach iad agus go leigheasfaidís gach galar agus gach éagruas. Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, Pilib agus Parthalán, Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é. Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: «Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith; ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael. Agus in bhur mbóthar daoibh, bígí á fhógairt go bhfuil ríocht na bhflaitheas in achmaireacht. Leigheasaigí lucht tinnis, tógaigí na mairbh, glanaigí na lobhair, caithigí amach na deamhain. In aisce a fuair sibh; tugaigí uaibh in aisce. Ná cuirigí chugaibh ór ná airgead geal ná airgead rua in bhur gcrios, ná tiachóg chun an bhóthair, ná an dá léine, ná cuaráin ná bata; mar tá an fear oibre i dteideal a choda. «Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil. Beannaígí romhaibh isteach ansin, agus más fiú an teach é tagadh bhur síocháin anuas air; mura fiú, filleadh bhur síocháin oraibh. Duine ar bith nach nglacfaidh sibh agus nach n-éistfidh le bhur mbriathra, gabhaigí amach as an teach nó as an gcathair sin agus croithigí an deannach de bhur gcosa. Deirim libh go fírinneach, is saoire a bheidh ag talamh Shodom agus Ghomorá lá an bhreithiúnais ná ag an gcathair sin. «Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm. Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh, agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe. Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh, mar ní sibhse a bheidh ag caint: is é Spiorad bhur nAthar a bheidh ag caint ionaibh. Tabharfaidh an deartháir a dheartháir féin suas chun báis, agus an t-athair a pháiste féin; éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí agus básóidh siad iad. Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m' ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é. Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha. «Níl an deisceabal os cionn an mháistir ná an sclábha os cionn a úinéara. Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh? Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe. «Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann. Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair. Maidir libhse, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe. Mar sin, ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibhse ná dá liacht na gealbhain! «Duine ar bith a admhóidh mise os comhair daoine, admhóidh mise eisean chomh maith os comhair m' Athar atá ar neamh. Ach duine ar bith a shéanfaidh os comhair daoine mé, séanfaidh mise eisean chomh maith os comhair m' Athar atá ar neamh. «Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh. Óir tháinig mé chun duine a chur bunoscionn lena athair agus an iníon lena máthair agus bean mhic le máthair a céile, agus is iad lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine. «An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom; agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom. An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. «An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh. «Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d' fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil. Ansin, nuair a bhí deireadh na rialacha sin tugtha ag Íosa dá dháréag deisceabal, d' fhág sé an áit sin chun dul ag teagasc agus ag seanmóir ina gcathracha. Chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin, á rá leis: «An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?» Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: «Imígí agus insígí d' Eoin a bhfuil á chloisteáil agus a fheiceáil agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.» Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: «Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth? Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad. Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ' Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.' «Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean. Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í. Óir, na fáithe uile, agus an dlí freisin, thug siad a dtairngreacht chomh fada le hEoin, agus mura miste libh mé a chreidiúint ann, is é an tÉilias a bhí le teacht é. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé! «Ach cad leis a gcuirfidh mé an ghlúin seo i gcomparáid? Tá sí cosúil leis na leanaí a bhíonn ina suí sna háiteanna margaidh agus iad ag glaoch chun a gcomrádaithe á rá: ' Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n-ucht.' «Mar tháinig Eoin agus ní raibh sé ag ithe ná ag ól, agus deir siad: 'Tá deamhan ann.' Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: 'Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.' Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.» Thosaigh sé ansin ag tabhairt achasáin do na cathracha ina ndearnadh an chuid is mó dá mhíorúiltí, i dtaobh nach ndearna siad aithrí: «Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach. Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Síodón lá an bhreithiúnais ná agaibhse. Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu. Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodom lá an bhreithiúnais ná agatsa.» San am sin labhair Íosa agus dúirt: «Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d' fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. Tá gach aon ní tugtha domsa ag m' Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó. «Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh. Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n-anamacha; óir tá mo chuing so-iompair agus m' ualach éadrom.» San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus á n-ithe. Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: «Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide.» Dúirt sé leo: «An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh? Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d' ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin. Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu? Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall. Agus dá mb' eol daoibh a chiall siúd: 'Trócaire is áil liom agus ní íobairt,' ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht. Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid. D' fhág sé an áit sin agus chuaigh isteach ina sionagóg. Bhí fear ansiúd a raibh lámh leis seargtha, agus chuir siad an cheist seo ar Íosa: «An bhfuil sé dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide?» chun go gciontóidís é. Ach dúirt sé leo: «Cén duine agaibh a mbeadh an t-aon chaora amháin aige agus go dtitfeadh sí i bpoll lá sabóide, nach mbéarfadh sé greim uirthi á tarraingt as? Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.» Ansin dúirt sé leis an duine: «Sín amach do lámh.» Shín, agus rinneadh chomh slán leis an láimh eile arís í. Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é. Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile, ach thug ordú láidir dóibh gan é chur in iúl; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: «Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, m' aonghrá ar a bhfuil gnaoi m' anama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha. Ní dhéanfaidh sé bruíon ná gáir, ná ní chluinfear a ghlór sna sráideanna. Ní bhrisfidh sé an ghiolcach leonta ná ní mhúchfaidh sé buaiceas an deataigh, nó go mbéarfaidh sé an reacht chun bua. Beidh muinín ag na ciníocha as a ainm.» Diamhasla na bhFairisíneach Agus tháinig alltacht ar na sluaite uile agus bhí siad ag rá: «An féidir gurb é an duine seo Mac Dháiví?» Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: «Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.» Bhí a fhios aige cad a bhí ina gcroí agus dúirt sé leo: «Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus níl cathair ná teaghlach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin a fhéadfaidh seasamh. Agus más é Sátan a chaitheann Sátan amach, tá sé ar deighilt ina aghaidh féin, agus dá réir sin conas a sheasfaidh a ríocht? Agus más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd a gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh. Ach más trí Spiorad Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh cheana. Nó fós, conas a d' fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a shlad gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús? Ansin creachfaidh sé a theach. An té nach bhfuil liom tá sé i m' aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann. «Mar sin, táim á rá libh go maithfear do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla; ach diamhasla in aghaidh an Spioraid, ní bhfaighfear maithiúnas ann. Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht. Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann. A sceith na bpéisteanna, conas a d' fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal? Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór. Ach deirim libh, gach focal gan bhun dá labhróidh daoine, tabharfaidh siad cuntas ann lá an bhreithiúnais, óir is as do bhriathra a shaorfar thú agus is as do bhriathra a dhaorfar thú.» Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: «B' áil linn, a Mhaistir,» ar siad, «comhartha a fheiceáil uait.» Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: «Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna fáidh. Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche. Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d' fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna. Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.» «Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus ní fhaigheann. Deir sé ansin: 'Rachaidh mé ar ais chun mo thí as ar tháinig mé amach.' Agus ar theacht dó, faigheann sé folamh é, scuabtha, maisithe. Imíonn sé ansin agus beireann sé in éineacht leis seacht spioraid eile is measa ná é féin: téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús. Sin mar a bheidh an scéal ag an drochghlúin seo freisin.» Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis. Dúirt duine éigin leis: «Feach, tá do mháthair agus do bhráithre lasmuigh ag iarraidh labhairt leat.» Agus dúirt leis an té a d' inis dó é: «Cé hí mo mháthair agus cé hiad mo bhráithre?» Agus ag síneadh a láimhe faoina chuid deisceabal, dúirt: «Féach mo mháthair agus mo bhráithre! óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil m' Athar atá ar neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.» Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: «Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d' eascair sé gan mhoill. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d' fheoigh sé de cheal fréimhe. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d' fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!» Tháinig na deisceabail chuige á rá: «Cén fáth ar i bparabail atá tú ag caint leo?» Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd. Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint. Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia: ' Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh, beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh, óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, d' éist siad le cluasa bodhránta, d' iaigh siad a súile, d' eagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.' «Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n-éisteann siad. Deirim libh go fírinneach, b' é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.» «Sibhse mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra. Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair. An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach, ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air. An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é. Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.» Chuir sé parabal eile os a gcomhair: «Is iad dála ríocht na bhflaitheas,» ar seisean, «mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d' imigh. Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin. Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: 'A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?' Dúirt sé leo: 'Namhaid éigin a rinne an méid sin.' ' Agus ar mhaith leat,' deir na sclábhaí leis, ' go rachaimis á bhailiú chun a chéile?' ' Ná déanaigí,' ar seisean, ' ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t-arbhar aníos san am céanna. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.'» Chuir sé parabal eile os a gcomhair: «Is cosúil ríocht na bhflaitheas,» ar seisean, «le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.» D' inis sé parabal eile dóibh: «Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d' fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.» Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal, agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh: «Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.» D' fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: «Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.» D' fhreagair sé iad á rá: «An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine. Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal, agus is é an diabhal an namhaid a scaipeann é. Is é deireadh an tsaoil an fómhar agus is iad na haingil na buanaithe. Amhail mar a bhailítear an cogal chun é dhó sa tine, sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil. Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t-olc, agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!» «Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d' aimsigh é d' fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin. «Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha. Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d' imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é. «Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt. Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu. Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. «Ar thuig sibh na nithe sin uile? «Thuigeamar,» ar siad leis. Dúirt sé leo: «Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.» Ansin, nuair a bhí deireadh na bparabal sin inste aige, d' fhág Íosa an áit sin; agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: «Cá bhfuair sé seo,» deiridís, «an eagna seo agus na míorúiltí? Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil Muire uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre? A shiúracha freisin, nach bhfuil siad uile inár measc? Cá bhfuair sé na nithe seo uile, mar sin?» Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: «Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.» Agus ní dhearna sé mórán míorúiltí ansiúd de dheasca a ndíchreidimh. San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa, agus dúirt sé le lucht a chúirte: «Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n-oibriú tríd.» Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir. Mar dúirt Eoin leis: «Ní ceadmhach duit í bheith agat.» Ba mhaith le Héaród é chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air. Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d' iarrfadh sí a thabhairt di. Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: «Tabhair dom anseo ar mhias,» ar sise, «ceann Eoin Baiste.» Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d' ordaigh sé an aisce a thabhairt di, agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún. Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é. Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d' Íosa. Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois. Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo. Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: «Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.» Ach dúirt Íosa leo: «Ní gá dóibh imeacht; tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.» «Ach,» ar siadsan leis, «níl anseo againne ach cúig builíní agus dhá iasc.» «Tugaigí chugam anseo iad,» ar seisean. D' ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. D' ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag. Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. Ansin chuir sé d' fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh. Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar. Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, á bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha. Sa cheathrú faire den oíche, tháinig sé chucu ag siúl ar an bhfarraige. Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: «Taibhse atá ann!» ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. Ach labhair Íosa leo láithreach: «Bíodh misneach agaibh!» ar seisean, «mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.» D' fhreagair Peadar é: «A Thiarna,» ar seisean, «más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.» Dúirt Íosa: «Tar! Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. Ach nuair a d' airigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: «A Thiarna, saor mé!» ar seisean. Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: «A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?» Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth. Agus iad seo a bhí sa bhád, d' umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: «Go dearfa, is tú Mac Dé.» Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit. Nuair a d' aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn, agus bhí siad á iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus oiread díobh agus a chuir, bhí siad iomlán. Tháinig ó Iarúsailéim ansin ag triall ar Íosa Fairisínigh agus scríobhaithe a dúirt: «Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.» «Agus cén fáth,» ar seisean leo á bhfreagairt, «a sáraíonn sibh féin aithne Dé ar son an traidisiúin seo agaibh? Óir dúirt Dia: 'Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair'; agus: 'An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air'; ach is é a deir sibhse: 'Cibé duine a deir lena athair nó lena mháthair: «Ní ar bith de mo chuidse a d' fhéadfadh dul chun sochair duitse, táim á choisreacan don Tiarna»; níl cead aige an onóir sin a thabhairt dá athair nó dá mháthair'; agus tá briathar Dé curtha ar neamhní agaibh ar son bhur dtraidisiúin. A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt: ' Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí: Is díomhaoin dóibh bheith do m' adhradh, óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.'» Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: «Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo! Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamhghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.» Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: «An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?» D' fhreagair sé iad agus dúirt: «Planda ar bith nárbh é m' Athair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamha é. Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.» Labhair Peadar leis: «Inis dúinn ciall an pharabail úd.» Dúirt Íosa: «Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é? Ní ionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siadsan neamhghlan an duine. Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí. Sin iad na nithe a dhéanann neamhghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamhghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.» Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine. Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: «Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,» ar sise, «tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.» Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: «Scaoil uait í,» ar siad, «tá sí ag glaoch inár ndiaidh.» D' fhreagair agus dúirt: «Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.» Ach tháinig an bhean agus d' fhan ar a dhá glúin ina láthair: «A Thiarna,» ar sise, «fóir orm.» D' fhreagair agus dúirt: «Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.» Dúirt sise: «Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.» Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: «Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat. Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin. D' fhág Íosa an áit sin agus bhain amach bord farraige na Gailíle. Chuaigh sé an sliabh suas agus shuigh ansin. Agus tháinig na daoine chuige ina sluaite móra, agus bhí acu leo bacaigh agus mairtínigh agus daill agus balbháin agus mórán eile, agus shín siad ag a chosa iad agus leigheas sé iad. Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael. Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: «Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.» Ach dúirt na deisceabail leis: «Cá bhfaighimis a ndóthain aráin don slua seo, agus sinn san fhásach?» Dúirt Íosa leo: «Cé mhéad builín atá agaibh? «Tá a seacht,» ar siadsan, «agus tá beagán mioniasc.» D' ordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilíní agus na héisc, d' altaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. D' ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán seacht gcléibhíní. Timpeall ceithre mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. Agus tar éis dó na sluaite a scaoileadh uaidh, chuaigh sé ar bord an bháid agus tháinig go críocha Mhagadan. Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d' iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh. Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: 'Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg'; agus ar maidin: 'Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.' Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n-aimsirí seo a bhreithniú? Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna» a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis. Ag dul go dtí an taobh eile dóibh, ba é dearmad na ndeisceabal gan aon arán a thabhairt leo. Dúirt Íosa leo: «Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.» Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: «Mar nár thugamar an t-arán linn.» Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: «Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t-arán libh? Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig builíní don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas? Nó na seacht mbuilíní don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas? Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.» Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach. Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d' fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: «Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?» Dúirt siad: «Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.» Dúirt sé leo: «Ach cé a deir sibhse mé?» Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: «Is tú an Críost, Mac Dé bheo.» D' fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: «Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d' fhoilsigh duit é ach m' Athair atá ar neamh. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m' eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.» Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost. An Chros agus an Choróin Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: «Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,» ar seisean, «agus i bhfad uait sin!» Ach d' iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: «Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d' aigne ach smaointe daoine.» Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: «Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d' fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.» Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d' éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. Labhair Peadar: «A Thiarna,» ar seisean le hÍosa, «is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d' Éilias.» Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: «Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.» Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d' uamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: «Éirígí,» ar seisean; «ná bíodh eagla oraibh.» Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: «Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,» ar seisean, «nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.» Ach chuir a dheisceabail ceist air: «Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?» Ba é freagra a thug Íosa: «Sea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís. Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.» Thuig na deisceabail ansin gur chun Eoin Baiste a bhí sé ina chomhrá leo. Ar fhilleadh chun an tslua dóibh, tháinig fear ina airicis, chuaigh ar a dhá ghlúin agus dúirt: «A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin; agus thugas chun do chuid deisceabal é ach ní fhéadfaidís é leigheas.» D' fhreagair Íosa agus dúirt: «Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.» Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t-ógánach leigheasta ón noiméad sin. Ina dhiaidh sin tháinig na deisceabail ag caint le hÍosa os íseal: «Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é chaitheamh amach?» Dúirt sé leo: «De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: 'Aistrigh as seo anonn', agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh. (An sórt seo, áfach, ní théann sé amach ach amháin trí ghuí agus trí throscadh.)» Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: «Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine, go gcuirfidh siad chun báis é agus go n-éireoidh sé an treas lá.» Agus ghabh buaireamh mór iad. Ar theacht isteach i gCafarnáum dóibh, tháinig lucht bailithe an dá dhrachma ag triall ar Pheadar agus dúirt siad leis: «Nach n-íocann bhur máistir an dá dhrachma?» ar siad. «Íocann,» ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de á rá leis: «Do bharúilse, a Shiomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin an óna gclann féin nó ó choimhthígh?» Nuair a dúirt sé gur ó choimhthígh, dúirt Íosa leis: «Dá réir sin, tá an chlann saor. Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.» Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: «Cé hé mar sin an té is mó i ríocht na bhflaitheas?» Ghlaoigh sé leanbh chuige, chuir ina sheasamh ina lár é agus dúirt: «Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche. Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i ríocht na bhflaitheas. Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m' ainm, glacann sé mise. Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b' fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige. Is mairg don domhan mar gheall ar na scannail. Is éigean na scannail a theacht, ach is mairg don duine a dtagann an scannal tríd. «Más siocair pheaca duit do lámh nó do chos, gearr anuas í agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach nó bacach ná an dá láimh nó an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh sa tine shíoraí. Agus más siocair pheaca duit do shúil, srac amach í agus caith uait í: is fearr duit bheith ar leathshúil ag dul isteach sa bheatha ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh i dtine ifrinn. «Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n-aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m' Athar atá ar neamh. «Óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a shlánú. «Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí? Agus más rud é go bhfaigheann sé í, deirim libh go fírinneach, is mó is cúis áthais leis í ná an naoi nóchad a bhí gan dul amú. Mar an gcéanna, ní hé toil i láthair bhur nAthar atá ar neamh go gcaillfí aon duine amháin de na rudaí beaga seo. «Má dhéanann do bhráthair peaca i d' aghaidh, gabh chuige á áiteamh air is gan ann ach é agus tú. Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat; ach mura n-éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d' fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat. «Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh siad ceangailte ar neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar neamh. «Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó m' Athair atá ar neamh. Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m' ainmse, bím féin ansin ina measc.» Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: «A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m' aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?» Dúirt Íosa leis: «Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód. «Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air. Agus ó tharla gan an t-íoc a bheith aige, d' ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t-íoc a dhéanamh. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: 'Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t-iomlán leat.' Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó. Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: 'Íoc a bhfuil amuigh ort!' Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: 'Bíodh foighne agat liom,' ar seisean, ' agus íocfaidh mé leat é.' Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n-íocfadh sé na fiacha. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir. Chuir an máistir fios air: 'A sheirbhísigh mhallaithe,' ar seisean, ' mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm. Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?' Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n-íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán. Sin é freisin mar a dhéanfaidh m' Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.» Ansin, nuair a bhí an méid sin ráite aige, d' fhág Íosa an Ghailíl agus tháinig go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin. Agus lean sluaite móra é agus leigheas sé iad ann. Tháinig Fairisínigh chuige agus dúirt leis, ag baint trialach as: «An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?» D' fhreagair sé agus dúirt: «Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann agus go ndúirt: 'Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.' Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.» Dúirt siad leis: «Cén fáth, más ea, ar ordaigh Maois litir idirscartha a thabhairt le linn í a scaoileadh?» «Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach,» ar seisean leo, «a thug Maois cead daoibh bhur mná a scaoileadh uaibh; ach ní mar sin a bhí ó thús. Ach deirimse libh, duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus nach de dheasca striapachais é, agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.» Dúirt na deisceabail leis: «Más amhlaidh sin atá an scéal ag an bhfear i leith na mná, is fearr gan pósadh.» Dúirt sé leo: «Ní hé gach aon duine a ghabhann an chaint sin chuige, ach an mhuintir dá bhfuil sé tugtha. Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!» Thug siad leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha orthu ag déanamh guí, ach chuir na deisceabail ceartú orthu. Dúirt Íosa: «Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo ríocht na bhflaitheas.» Chuir sé a lámha orthu agus bhuail sé roimhe ón áit sin. Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: «A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?» Dúirt sé leis: «Cén fáth a bhfiafraíonn tú díomsa faoin maith? Aon neach amháin is maith. Ach más áil leat dul isteach sa bheatha, coinnigh na haitheanta.» «Cad iad féin?» ar seisean leis. Dúirt Íosa: «Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair, agus bíodh grá agat do do chomharsa mar atá agat duit féin.» Dúirt an fear óg leis: «Choimeád mé iad sin uile: cad é an t-easnamh atá fós orm?» «Más áil leat bheith foirfe,» arsa Íosa leis, «imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh: tar ansin agus lean mise.» Nuair a chuala an fear óg an chaint sin, bhí buaireamh air agus d' imigh sé leis, mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige. Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: «Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i ríocht na bhflaitheas. Agus táim á rá libh arís: is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.» Ar a chloisteáil sin do na deisceabail, ghabh iontas mór iad agus dúirt siad: «Cé is féidir a shlánú más ea?» Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: «Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.» Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: «Sinne, féach, d' fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?» Dúirt Íosa leo: «Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael. Agus duine ar bith a d' fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m' ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht. «Beidh mórán dá bhfuil ar tosach ar deireadh agus dá bhfuil ar deireadh ar tosach. «Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt. Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad. Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh agus dúirt sé leo: 'Isteach i m' fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.' Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna. Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: 'Cad a d' fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?' Dúirt siad: 'Mar nár fhostaigh aon duine sinn.' Dúirt sé leo: 'Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.' Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: 'Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.' Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin. Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: ' An dream déanach seo,' deiridís, ' níor thug siad ach an t-aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d' fhulaing ualach an lae agus an brothall.' D' fhreagair sé duine acu á rá: 'Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom? Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?' Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.» Bhí Íosa ag dul suas go Iarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo: «Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tabharfar Mac an Duine ar láimh d' uachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe, agus daorfaidh siad sin chun báis é, agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus eireoidh sé an treas lá.» Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus d' umhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air. Dúirt sé léi: «Cad ab áil leat?» «Tá,» ar sise leis, «an bheirt mhac seo agamsa, go n-ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.» D' fhreagair Íosa: «Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,» ar seisean. «An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?» Dúirt siad leis: «Féadaimid.» Dúirt sé leo: «Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag m' Athair.» Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt dearthár. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: «Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu. Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábha daoibh; díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.» Ag dul amach as Ireachó dóibh, lean slua mór é, agus bhí an bheirt dhall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: «A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!» Bhagair an slua orthu bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: «A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!» Stad Íosa dá shiúl, ghair sé iad agus dúirt: «Cad ab áil libh mé a dhéanamh daoibh?» Dúirt siad leis: «Ár súile a oscailt dúinn, a Thiarna!» Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é. Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh ag rá leo: «Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois; scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: 'Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.'» Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh: «Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.» D' imigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh: thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu. Agus rinne na daoine, slua an-mhór díobh, a mbrait a leathadh ar an mbóthar, agus bhí cuid eile acu ag baint craobhacha na gcrann le leathadh ar an mbóthar; agus na sluaite a bhí roimhe amach agus iad seo a bhí á leanúint, bhí na gártha acu á gcur suas: «Hósana do Mhac Dháiví! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Hósana sna harda.» Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: «Cé hé seo?» deirtí. Agus deireadh na sluaite: «Is é seo Íosa, an fáidh ó Nazarat sa Ghailíl.» Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol. Agus dúirt sé leo: «Tá scríofa: 'Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa'; ach tá sibhse ag déanamh uaimh robálaithe de.» Tháinig daill chuige freisin agus bacaigh sa Teampall, agus leigheas sé iad. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus «Hósana do Mhac Dháiví!» mar gháir acu sa Teampall. Dúirt siad leis: «An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?» «Cinnte!» arsa Íosa leo, «nár léigh sibh riamh é seo: 'As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin'?» D' éalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann. Ag filleadh ar an gcathair a bhí sé go moch ar maidin agus bhí ocras air, agus nuair a chonaic sé crann fígí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: «Nár fhása aon toradh ortsa as seo amach go brách!» Agus shearg an crann fígí ar an mball. Chonaic na deisceabail é agus rinne siad ionadh de: «Cén chaoi,» ar siad, «ar shearg an crann fígí láithreach?» Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: «Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan bheith in amhras faoi, ní hé an beart seo amháin an chrann fígí a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: 'Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige', déanfar sin. Agus an uile ní a iarrfaidh sibh le barr creidimh sa ghuí, gheobhaidh sibh é.» Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: «Cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t-údarás sin duit?» Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: «Agus tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibhse, agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mé daoibh ansin cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh. Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?» Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: «Má deirimid: 'Ó neamh,' déarfaidh sé linn: 'Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?' Ach má deirimid: 'Ó dhaoine,' tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.» Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: «Níl a fhios againn.» Dúirt seisean leo mar an gcéanna: «Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.» «Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. D' agaill sé duine acu ar dtús: 'A mhic,' ar seisean, 'téighse inniu ag obair san fhíonghort.' D' fhreagair sé é: 'Tá go maith, a dhuine uasail,' ar seisean; ach ní dheachaigh. D' agaill sé an dara duine ar an gcuma chéanna, agus b' é a fhreagra seo: 'Ní dhéanfaidh mé,' ar seisean; ach ina dhiaidh sin tháinig aiféala air agus chuaigh. Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?» «An dara duine,» ar siad. Dúirt Íosa leo: «Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé. Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t-aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.» «Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíonghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch. Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil. Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile. Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh ba líonmhaire ná iad siúd, ach ba é an cor céanna a thug siad dóibh sin. Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: 'Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.' Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: 'Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,' agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh é. Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?» Dúirt siad leis: «Tabharfaidh sé drochíde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.» Dúirt Íosa leo: «Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: 'An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é'? «Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh. Aon duine a thitfidh ar an gcloch úd, áfach, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.» Uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh, nuair a chuala siad a chuid parabal, bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé, agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air. Chuir Íosa chun labhartha i bparabail leo arís: «Is iad dála ríocht na bhflaitheas,» ar seisean, «mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac. Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht. Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: 'Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.' Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta, agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad. Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair. Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: 'Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é. Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.' Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, olc agus maith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta. Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air. Dúirt sé leis: 'Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?' Ach ní raibh focal as. Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: 'Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.' Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.» D' imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint, agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: «A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile. Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?» Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: «Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,» agus shín siad déanar chuige. Dúirt sé leo: «Cé hé arb í seo a íomhá agus a inscríbhinn?» «Céasar,» ar siad leis. «Maith go leor,» ar seisean leo, «íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.» Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d' fhág siad é agus d' imigh siad leo. Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann agus chuir siad ceist air: «A Mháistir,» ar siad, «dúirt Maois: 'Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.' Bhí, inár meascna, seachtar dearthár. Phós an chéad duine acu agus fuair bás gan sliocht, ag fágáil a mhná ag a dheartháir. An dara duine mar an gcéanna agus an tríú duine, go dtí an seachtar, agus b' í an bhean féin is déanaí a fuair bás. San aiséirí, más ea, cé acu den seachtar a mbeidh sí ina bean chéile aige? Óir bhí sí acu uile.» Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: «Tá dul amú oraibh, de bhrí nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé. Óir, san aiséirí, ní bheidh fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le posadh, ach bíonn siad ar nós aingeal Dé ar neamh. Ach mar gheall ar aiséirí na marbh, nár léigh sibh a ndúirt Dia libh: ' Is mise Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib'? Ní hé Dia na marbh é ach Dia na mbeo.» Ar a chloisteáil sin do na sluaite, ghabh iontas iad faoina theagasc. Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile, agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as: «A Mháistir, cén aithne mhór sa dhlí?» Dúirt sé leis: «' Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d' anam go hiomlán agus ó d' aigne go hiomlán' is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne. Agus is cosúil léise an dara ceann: 'Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.' Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.» Le linn do na Fairisínigh bheith i dteannta a chéile, d' fhiafraigh Íosa díobh: «Cad é bhur mbarúil faoin gCríost? Cé dó ar mac é?» Dúirt siad leis: «Do Dháiví.» Dúirt sé leo: «Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid: ' Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde faoi do chosa'? «Má ghlaonn Dáiví Tiarna air, mar sin, cad a bheir ina mhac dó é?» Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá á fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach. Labhair Íosa ansin leis na sluaite agus lena dheisceabail: «Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois, agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n-oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu. Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní áil leo féin iad a bhogadh le barr méire. Déanann siad a n-oibreacha uile d' fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga; is maith leo an chéad áit sna fleánna agus na príomhshuíocháin sna sionagóga, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ' raibí' orthu. Ach ná bíodh ' raibí' á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t-aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile. Agus ná glaoigí bhur ' n-athair' ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t-aon Athair, an té atá ar neamh. Agus fós, ná bíodh ' múinteoirí' á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost. An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh. Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é. «Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad. («Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.) «Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin. «Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: 'Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.' A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t-ór féin nó an sanctóir faoi deara an t-ór a bheith naofa? Deir sibh fós: 'Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.' A dhaoine dalla, cé acu ís mo le rá, mar sin, an ofráil, nó an altóir faoi deara an ofráil a bheith naofa? Dá bhrí sin, an té a mhionnaíonn dar an altóir, mionnaíonn sé dar an altóir agus dar a bhfuil anuas uirthi. Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann, agus an té a mhionnaíonn dar neamh, mionnaíonn sé dar ríchathaoir Dé agus dar an té atá ina shuí inti. «Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí. A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar. «Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus d' ainmheasarthacht. A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfaí an taobh amuigh de glan freisin. «Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar. Sibhse mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus d' olcas. «Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan, ag rá: 'Dá mbeimisne suas in aimsir ár n-aithreacha, ní bheadh aon pháirt againn leo i bhfuil na bhfáithe a dhoirteadh.' Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a d' imir bás ar na fáithe, agus líonaigí suas tomhas bhur n-aithreacha. «A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn? Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaíoch, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair, chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir. Deirim libh go fírinneach, tiocfaidh an méid sin uile anuas ar an nglúin seo. «A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh! Féach, fágfar agaibh bhur dteach agus é go huaigneach! Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: 'Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.'» Chuaigh Íosa amach as an Teampall ag imeacht roimhe agus tháinig a dheisceabail chuige d' fhonn foirgnimh an Teampaill a thabhairt dá aire. Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: «An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.» Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: «Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.» «Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh; Agus dúirt Íosa leo á bhfreagairt: óir tiocfaidh mórán i m' ainmse ag rá: 'Mise an Críost,' agus cuirfidh siad mórán daoine amú. Cluinfidh sibh cogaí agus caint ar chogaí; seachnaígí agus ná glacaigí scéin, óir ní foláir an uile ní a theacht chun cinn, ach ní hé an deireadh fós é. Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd. Ní bheidh sa mhéid sin uile ach na harraingeacha tosaigh. Tabharfar suas chun trioblóide ansin sibh, agus chun báis, agus beidh fuath ag na náisiúin uile daoibh mar gheall ar m' ainmse. Ansin, clisfidh ar mhórán, beidh siad ag fealladh ar a chéile agus ag fuathú a chéile. Éireoidh a lán fáithe bréige agus cuirfidh siad mórán amú. De dheasca an t-olcas a bheith ag fás, fuarfaidh an grá ag a lán. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é. Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh. «Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ' urghráin úd an lomscriosta' ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa tuigeadh an té a léann ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos isteach chun a chuid a bhreith leis, agus an té a bheidh sa ghort, ná filleadh ar ais chun a bhrat a fháil. Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin! Agus bígí ag guí nach in am an gheimhridh a bheidh oraibh teitheadh ná sa tsabóid, mar beidh trioblóid mhór an uair sin ann nach raibh a leithéid riamh ann ó thus an domhain agus nach mbeidh go deo. Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin. «Má deir aon duine libh an uair sin: 'Féach, tá an Críost anseo,' nó ' Siúd é,' ná creidigí é; óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb' fheidir. Tá sé inste agam daoibh roimh ré. Má deirtear libh, mar sin: 'Siúd san fhásach é!' ná téigí amach, nó ' Seo sna seomraí cúil é,' ná creidigí é. De bhrí ar nós an splanc a éiríonn sa taobh thoir agus a bladhm le feiceáil sa taobh thiar, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile. «Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire. Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.» Ach foghlaimígí ón gcrann fígí an parabal seo: Nuair a bhíonn an ghéag go húr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht. Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche. «Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl fhios ag duine ar bith ná ag aingil na bhflaitheas, ach ag an Athair amháin. Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine; beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean. Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna. «Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb' eol don fhear tí cén t-am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh. Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine. Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth? Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó. Deirim libh go fírinneach, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é. Agus má deir an drochsheirbhíseach sin ina chroí: 'Tá mo mháistir ag déanamh moille,' agus go dtosóidh ag bualadh a chomhsheirbhíseach, agus é ag ithe agus ag ól le lucht meisce, tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na mbréagchráifeach dó. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla. «Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta. Cúigear díobh seo, bhí siad gan tuiscint agus bhí an cúigear eile ciallmhar; mar, thug na mná gan tuiscint na lampaí leo agus gan aon ola acu, ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróiciní leo chomh maith leis na lampaí. Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh. Ach glaodh i lár na hoíche: 'Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!' D' éirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí. Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: 'Tugaigí dúinn braon de bhur n-olasa, mar tá ár lampaíne in éag.' D' fhreagair lucht na céille iad: 'Le heagla,' ar siad, ' nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b' fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.' Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras. Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: 'A thiarna, a thiarna,' ar siad, ' oscail dúinn!' Ach d' fhreagair sé agus dúirt: 'Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.' Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair. «Ar nós an duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile do gach duine de réir an chumais a bhí ann agus d' fhág an tír. Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú. Mar an gcéanna d' fhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá cheann eile. Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach. Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo. Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: 'A mháistir, d' fhág tú cúig thallann ar iontaoibh agamsa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.' Labhair a mháistir leis: 'Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.' Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: 'A mháistir,' ar seisean, ' d' fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.' Labhair a mháistir leis: 'Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.' Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t-aon tallann amháin: 'A mháistir,' ar seisean, ' bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh; agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.' Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: 'Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh: ba cheart duitse mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús. Bainigí de an tallann agus tugaigí í don duine a bhfuil na deich dtallann aige, óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.' «Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire. Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair. Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: 'Tagaigí, a lucht bheannaithe m' Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain. Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m' fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.' Freagróidh na fíréin é ansin: 'A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?' Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: 'Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.' Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: 'Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal. Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do m' fheiceáil.' Agus freagróidh siad sin é ansin: 'A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?' Ansin freagróidh sé iad: 'Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.' Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.» Ansin, nuair a bhí an méid sin go léir ráite aige, dúirt Íosa lena dheisceabail: «Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.» San am sin, chruinnigh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail le chéile i gcúirt an ardsagairt arbh ainm dó Cáiafas, agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis. Dúirt siad, áfach: «Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.» Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d' ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord. Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: «Cén fáth an diomailt seo?» ar siad; «b' fhéidir é seo a dhíol go daor agus a thabhairt do na boicht.» Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm; mar bhíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh, agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh m' adhlactha a rinne sí é. Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo á fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.» Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart agus dúirt: «Cad ab áil libh a thabhairt dom agus tabharfaidh mé ar láimh daoibh é?» Chomhair siad amach chuige tríocha píosa d' airgead geal. Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é thabhairt ar láimh. Ar an gcéad lá d' fhéile an tslimaráin, tháinig na deisceabail chun Íosa ag rá: «Cárbh áil leat go n-ullmhóimis an Cháisc duit le hithe?» «Téigí isteach sa chathair,» ar seisean, «go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: 'Dúirt an Máistir a rá leat: tá m' uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.'» Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d' ullmhaigh siad an Cháisc. Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal. Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: «Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.» Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: «An mise é, a Thiarna?» D' fhreagair sé: «Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,» ar seisean, «sin é a dhéanfaidh mé a bhrath. Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B' fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.» D' fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: «An mise é, a Raibí?» Dúirt Íosa leis: «Tá sé ráite agat.» Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: «Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.» Agus thóg sé cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: «Ólaigí uile as seo, óir is í seo m' fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh. Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach den sú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n-ólfaidh mé ina fhíon nua libhse é i ríocht m' Athar.» Tar éis dóibh an t-iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg. Ansin dúirt Íosa leo: «Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall ormsa anocht, óir tá scríofa: 'Buailfidh mé an t-aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.' Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.» Dúirt Peadar leis á fhreagairt: «Siúd is go nglacfaidh cách eile scannal mar gheall ort, ní ghlacfaidh mise scannal choíche.» Dúirt Íosa leis: «Deirim leat go fírinneach, roimh ghlaoch don choileach anocht féin, séanfaidh tú mé faoi thrí.» Dúirt Peadar leis: «Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.» Agus na deisceabail eile chomh maith, dúirt siad an rud céanna. Ansin tháinig Íosa leo go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt leis na deisceabail: «Fuirigí anseo go rachaidh mé anonn ansiúd ag guí.» Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Zeibidé, agus thosaigh sé bheith buartha agus in anbhuain. Dúirt sé leo ansin: «Tá buaireamh mór ar m' anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.» Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: «A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.» Tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt le Peadar: «An ea nár fhéad sibh, mar sin, faire aon uaire a dhéanamh liom? Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.» D' imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: «A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!» Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom. D' fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís. Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: «Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t-am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh. Éirígí! bímis ag gluaiseacht! Seo chugainn fear mo bhraite.» Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail. Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: «An duine a bpógfaidh mé é,» ar seisean, «sin é é: gabhaigí é.» Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus «Sé do bheatha, a Raibí!» ar seisean, agus phóg sé é. Dúirt Íosa leis: «A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é. Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de. Ach dúirt Íosa leis an uair sin: «Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé. Nó an é is dóigh leat nach féidir dom achainí a dhéanamh ar m' Athair, a chuirfeadh ar fáil dom anois féin níos mó ná dhá léigiún déag aingeal? Conas a chomhlíonfaí na scrioptúir, más ea, a deir gur mar seo nach foláir a bheith?» An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: «An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.» Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad. An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas, an t-ardsagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile. Bhí Peadar á leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach d' fhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil. Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bréige in aghaidh Íosa d' fhonn é bhású, ach ní bhfuair siad í in ainneoin gur tháinig an-chuid d' fhinnéithe bréige i láthair. Sa deireadh, tháinig beirt i láthair agus b' é a scéal sin: «Dúirt an fear seo: 'Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.'» D' éirigh an t-ardsagart ina sheasamh agus dúirt leis: «Nach bhfuil freagra ar bith agat? Cad tá acu seo á dhearbhú ort?» D' fhan Íosa ina thost. Dúirt an t-ardsagart leis: «Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.» Dúirt Íosa leis: «Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.» Leis sin, stróic an t-ardsagart a chuid éadaigh: «Tá diamhasla déanta aige!» ar seisean; «cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh. Cad é bhur mbarúil?» Agus ba é an freagra a thug siad: «Tá an bás tuillte aige.» Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é ag rá: «Tairngir dúinn, a Chríost! Cé hé sin a bhuail thú?» Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: «Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Gailíleach.» Ach shéan seisean é os comhair cách: «Níl a fhios agam cad tá tú a rá,» ar seisean. Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: «Bhí sé seo in éineacht le hÍosa an Nazórach.» Agus shéan sé arís é le mionn: «Níl aithne agam ar an duine.» Tamall ina dhiaidh sin, tháinig na daoine a bhí i láthair agus dúirt siad le Peadar: «Go dearfa, is duine díobh sin tusa freisin, mar sceitheann do chaint ort.» Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: «Níl aithne agam ar an duine.» Agus ghlaoigh an coileach láithreach. Agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa «Roimh ghlaoch don choileach, séanfaidh tú mé faoi thrí. Agus chuagh amach agus ghoil sé go goirt. Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d' fhonn é a bhású. Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir. Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa d' airgead geal ar ais d' uachtaráin na sagart agus do na seanóirí, ag rá: «Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.» Ach dúirt siad sin: «Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.» Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d' fhág an áit, d' imigh sé leis agus chroch é féin. Thóg na hardsagairt na píosaí airgid agus dúirt siad: «Ní dleathach iad do chur i gciste an Teampaill, mar is luach fola iad.» Tar éis dóibh an scéal a phlé, cheannaigh siad leis an airgead Gort an Chriadóra mar reilig do strainséirí. Sin é a d' fhág Gort na Fola mar ainm ar an ngort sin go dtí an lá inniu féin. Ansin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: «Agus thóg siad an tríocha píosa d' airgead geal, luach an duine a measadh ag cuid de chlann Iosrael a measadh é agus thug ar Ghort an Chriadóra iad, de réir mar bheartaigh an Tiarna dom.» Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d' fhiafraigh an gobharnóir de: «An tusa Rí na nGiúdach?» Dúirt Íosa «Tá sé ráite agat.» Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt. Dúirt Pioláit leis ansin: «Nach gcluineann tú a bhfuil d' fhianaise acu á thabhairt i d' aghaidh?» Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir. Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo. Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: «Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?» mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh. Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: «Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m' fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.» Ach d' áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh. Labhair an gobharnóir leo: «Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?» «Barabas!» ar siad. Dúirt Pioláit leo: «Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?» Dúirt siad: «Céastar é!» Dúirt seisean: «Ach cén t-olc a rinne sé?» Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadadh: «Céastar é!» Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: «Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.» D' fhreagair an pobal ar fad: «Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!» Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é. Ansin rug saighdiúirí an ghobharnóra Íosa leo isteach sa phréatóiriam, agus chuir siad tionól ar an gcathlán go léir chuige. Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é: rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: «Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!» Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta. Sa tslí amach dóibh, casadh fear Cuiréanach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad d' fhiacha air seo a chros a iompar. Agus ar theacht dóibh go dtí áit ar a dtugtar Golgotá is é sin le rá, Áit an Chloiginn thug siad le hól dó fíon a raibh domlas tríd, ach ar a bhlaiseadh dó, dhiúltaigh sé a ól. Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn, agus d' fhan siad ina suí ansiúd á ghardáil. Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: «Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.» Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé. Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: «Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!» Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís: «Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann. As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: 'Is mé Mac Dé.'» Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú mar an gcéanna. Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. Agus timpeall an naoú huair, d' éigh Íosa de ghlór ard: «Élí, Élí, lamá sabachtání?» is é sin le rá: «A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?» Dúirt cuid díobh seo a bhí i láthair, ar a chloisteáil sin dóibh: «Ag glaoch ar Éilias atá sé seo,» agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó. Ach dúirt an chuid eile: «Fan go bhfeicimid an dtiocfaidh Éilias á shaoradh.» Ach gháir Íosa amach arís de ghlór ard agus lig sé uaidh a spiorad. Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha. D' oscail na tuamaí agus d' éirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan: tháinig siad amach as na tuamaí tar éis d' Íosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán. An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: «Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.» Agus bhí mórán ban ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú, iad siúd a bhí tar éis Íosa a leanúint ón nGailíl chun bheith ag freastal air: Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais agus Iósaef, agus máthair chlann Zeibidé. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Aramatáia darbh ainm Iósaef, agus é féin freisin ina dheisceabal ag Íosa; chuaigh sé seo go dtí Pioláit agus d' iarr corp Íosa air. D' ordaigh Pioláit ansin é a thabhairt dó. Thóg Iósaef an corp, d' fhill i línéadach glan é agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama d' imigh sé leis. Bhí Máire Mhaigdiléana ann agus an Mháire eile, agus iad ina suí os comhair na huaimhe. Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Pioláit agus dúirt siad: «A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: 'I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.' Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal á fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: 'Tá sé éirithe ó mhairbh,' agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.» Dúirt Pioláit leo: «Bíodh garda agaibh; seo libh, déanaigí daingean í mar is fearr is eolach sibh.» D' imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda. Íosa á Thaispeáint Féin do na Mná Agus bhí maidhm mhór talún ann, mar thuirling aingeal an Tiarna ó neamh agus tháinig ag iompú na cloiche siar agus shuigh sé uirthi. Bhí a ghnúis mar a bheadh splanc agus éadach air a bhí chomh bán le sneachta. Bhí an lucht gardála ar crith le heagla roimhe agus iad mar a bheidís marbh. Labhair an t-aingeal leis na mná agus dúirt: «Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh. Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith breathnaigí an áit a raibh sé ina luí. Agus imígí libh go tapa á insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!» D' fhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabal. Agus seo Íosa ag teacht faoina ndéin go ndúirt: «Sé bhur mbeatha!» Dhruid siad ina aice agus rug siad barróg ar a chosa ag umhlú dó. Dúirt Íosa leo ansin: «Ná bíodh eagla oraibh! Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.» Le linn dóibh sin bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus d' inis siad an scéal go léir do na hardsagairt. Chruinnigh siadsan agus na seanóirí le chéile agus tar éis an scéal a phlé, thug siad fáltas maith airgid do na saighdiúirí ag rá: «Is é a déarfaidh sibh: 'Tháinig a chuid deisceabal san oíche agus sinne inár gcodladh agus d' fhuadaigh siad é.' Agus má thagann guth an scéil seo chun an ghobharnóra, cuirfimidne comhairle air agus saorfaimid sibhse ó imní.» Ghlac siad an t-airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal á reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu. D' imigh an t-aon deisceabal déag leo go dtí an Ghailíl, go dtí an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh, agus ar a fheiceáil dóibh d' umhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu. Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: «Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.» Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé. De réir mar atá scríofa in Íseáia fáidh: «Féach, cuirim mo theachtaire romhat a ullmhóidh do bhóthar. Glór duine ag éamh san fhásach: ' Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.'» Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh. Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil a bpeacaí. Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige. Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá: «Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh. Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.» Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin. Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air. Agus tháinig glór ó na flaithis: «Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.» Go luath ina dhiaidh sin, chuir an Spiorad amach faoin bhfásach é agus bhí sé daichead lá san fhásach á phromhadh ag Sátan. Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air. Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt soiscéal Dé agus ag rá: «Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.» Bhí sé ag imeacht leis cois farraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. Dúirt Íosa leo: «Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.» D' fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. Bhuail sé ar aghaidh beagán eile agus chonaic sé Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, iad ina mbád féin ag ceartú na líonta, agus ghlaoigh sé iad láithreach. D' fhág siad a n-athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis. Chuaigh siad isteach i gCafarnáum. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach sa tsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc. Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe. Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach: «Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.» Labhair Íosa leis go bagrach: «Bí i do thost, agus gabh amach as.» Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d' imigh as. Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: «Cad é an rud é seo?» deiridís: «teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.» Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle. Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin. Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi. Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D' fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu. Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais, agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é. D' éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d' imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí. Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg, agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: «Tá cách do do chuardach.» Dúirt sé leo: «Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.» Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach. Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: «Más áil leat é,» ar seisean, «is féidir duit mé a ghlanadh.» Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: «Is áil,» ar seisean leis, «glantar thú!» D' fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é. Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill ag rá leis: «Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d' ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.» Ní túisce a d' fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird. Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, ar theacht ar ais go Cafarnáum dó, fuarthas fios go raibh sé sa teach, agus bhí an oiread sin daoine cruinnithe ann nach raibh slí ann fiú amháin timpeall an dorais, agus bhí sé ag labhairt an bhriathair leo. Tháinig daoine ag tabhairt pairilisigh chuige ar iompar idir ceathrar. Nuair nárbh fhéidir leo teacht ina ghar mar gheall ar an slua, nocht siad an díon os a chionn, agus tar éis dóibh poll a dhéanamh, lig siad síos an tsráideog a raibh an pairiliseach ina luí inti. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: «A mhic, tá do pheacaí maite.» Bhí cuid de na scríobhaithe ina suí ansiúd ag smaoineamh ina gcroí: «Cad a bheir dó seo labhairt mar sin? Is diamhasla dó é. Cé fhéadann peacaí a mhaitheamh ach amháin Dia?» Ach thuig Íosa láithreach ina spiorad go raibh an smaoineamh sin ina n-aigne agus dúirt sé leo: «Cad a bheir na smaointe sin in bhur gcroí? Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach: 'Tá do pheacaí maite,' nó a rá: 'Éirigh, tóg do shráideog, agus siúil'? Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh peacaí a mhaitheamh» dúirt sé leis an bpairiliseach: Deirim leat, éirigh, tóg do shráideog agus gabh abhaile.» D' éirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus d' imigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia á rá: «Ní fhacamar a leithéid seo riamh.» Chuaigh sé amach arís cois na farraige, agus bhí an slua go léir ag teacht chuige agus eisean á dteagasc. Agus ag dul thar bráid dó, chonaic sé Léiví mac Alfáias ina shuí in oifig an chustaim agus dúirt leis: «Lean mise.» D' éirigh seisean agus lean sé é. Agus nuair a bhí sé ag bord ina theach, bhí mórán poibleacánach agus peacach ina suí le hÍosa agus lena dheisceabail, mar bhí mórán díobh á leanúint. Nuair a chonaic scríobhaithe na bhFairisíneach go raibh sé ag ithe leis na peacaigh agus na poibleacánaigh, dúirt siad lena dheisceabail: «Cén fáth a mbíonn sé ag ithe agus ag ól le poibleacánaigh agus le peacaigh?» Ar a chloisteáil sin d' Íosa dúirt sé leo: «Ní ag na daoine atá slán a bhíonn gá le lia ach ag na daoine atá tinn. Ní fíréin a tháinig mé a ghlaoch ach peacaigh.» Bhí troscadh á dhéanamh ag deisceabail Eoin agus ag na Fairisínigh, agus tháinig daoine á rá leis: «Cén fáth a ndéanann deisceabail Eoin agus deisceabail na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?» Dúirt Íosa leo: «An féidir le hógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh le linn don fhear nuaphósta bheith leo? Fad a bhíonn an fear nuaphósta leo, ní féidir dóibh troscadh a dhéanamh. Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, agus ansin déanfaidh siad troscadh an lá sin. Ní fhuafadh aon duine preabán d' éadach gan ramhrú ar sheanbhrat: dá ndéanfadh, bhainfeadh an paiste rud éigin as an nua as an sean agus ba mhiste an stróiceadh é. Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!» Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí na goirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus iad ag siúl na slí. Dúirt na Fairisínigh leis: «Féach, cén fáth a bhfuil siad ag déanamh ruda nach dleathach sa tsabóid?» Dúirt sé leo: «Nár léigh sibh riamh faoin rud a rinne Dáiví nuair a bhí sé i ngá agus ocras air, é féin agus a chompánaigh: mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé, in aimsir Aibiatár an t-ardsagart, agus d' ith builíní na fianaise nach dleathach a ithe ach do na sagairt, agus mar a thug fós dá chompánaigh iad?» Agus dúirt sé leo: «Rinneadh an tsabóid ar son an duine, ní dhearnadh an duine ar son na sabóide; sa chaoi go bhfuil Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid féin.» Chuaigh sé isteach sa tsionagóg uair eile, agus bhí fear ann a raibh lámh leis seargtha, agus bhíodar ag faire air féachaint an leigheasfadh sé é lá na sabóide chun go gciontóidís é. Dúirt sé le fear na láimhe seargtha: «Tar i leith.» Agus dúirt sé leo: «Cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t-olc, beatha a shaoradh nó a mharú?» Ach ní raibh focal astu. Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: «Sín amach do lámh.» Shín, agus bhí a lámh slán arís. Ghabh na Fairisínigh amach, agus rinne siad comhairle láithreach leis na Héaródaigh ina aghaidh conas a mhillfidís é. Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é ó Iúdáia fós, ó Iarúsailéim, ó Idiúmáia, ón taobh thall den Iordáin, agus ó thimpeall na Tuíre agus na Síodóine, tháinig slua mór chuige, nuair a chuala siad a raibh á dhéanamh aige. Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith ullamh acu dó mar gheall ar an slua le heagla go mbeidís ag brú air. Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis. Agus nuair a d' fheiceadh na spioraid mhíghlana é, chaithidís iad féin síos roimhe agus screadadh siad amach: «Is tú Mac Dé!» Ach d' ordaigh sé go dian dóibh gan é chur in iúl. Chuaigh sé an sliabh suas agus ghlaoigh sé chuige iad seo ab áil leis féin. Tháinig siad chuige, agus cheap sé dáréag mar chompánaigh aige féin agus chun go gcuirfeadh sé uaidh iad ag seanmóir, agus údarás acu chun na deamhain a chaitheamh amach. Cheap sé an dáréag, Síomón ar ar thug sé Peadar mar ainm, Séamas mac Zeibidé agus Eoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóanaeirgis mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní, Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón an Cananáiach, agus Iúdás Isceiriót an fear a bhraith é. Chuaigh sé isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe. Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d' fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: «As a mheabhair atá sé.» Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: «Béalzabúl atá ann,» agus «Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.» Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo: «Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach? Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh. Agus má bhíonn teaghlach ar deighilt ina aghaidh féin, ní fhéadfaidh an teaghlach sin seasamh. Agus má tá Sátan éirithe amach ina aghaidh féin agus é ar deighilt, ní fhéadann sé seasamh. Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh. «Deirim libh go fírinneach, maithfear don chine daonna a gcuid peacaí agus cibé diamhaslaí a dhéanfaidh siad, ach duine ar bith a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maithiúnas le fáil aige go deo, ach tá sé ciontach i bpeaca síoraí,» mar go ndúirt siad: «Tá spiorad míghlan ann.» Ansin tháinig a mháthair agus a bhráithre, agus ina seasamh dóibh amuigh chuir siad scéala chuige ag glaoch air. Bhí slua ina suí timpeall air, agus dúirt siad leis: «Tá do mháthair agus do bhráithre amuigh do d' iarraidh.» Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Cé hiad mo mháthair agus mo bhráithre?» Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt: «Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre! Óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil Dé, sin é mo bhráthair agus mo shiúr agus mo mháthair.» Thosaigh sé ag teagasc cois na farraige uair eile, agus bhailigh slua chomh líonmhar sin chuige go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti ar farraige, agus bhí an slua go léir le hais na farraige ar an talamh. Rinne sé mórán nithe a theagasc dóibh i bparabail, agus dúirt sé leo ina chuid teagaisc: «Éistigí liom! Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair agus tháinig an éanlaith á ithe suas. Thit cuid eile den ghrán ar an gcreagán, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus d' eascair sé gan mhoill de bhrí nach raibh an ithir dhomhain aige; agus nuair d' éirigh an ghrian loisceadh é, agus toisc nach raibh fréamh aige d' fheoigh sé. Thit cuid eile den ghrán sa deilgneach, agus d' fhás an deilgneach aníos agus phlúch é, agus níor thug sé aon toradh uaidh. Ach thit gráinní eile ar an talamh maith agus thug toradh uathu ag fás suas agus ag méadú, agus bhí barr air faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.» Agus dúirt sé: «An té a bhfuil cluas chun éisteachta air, éisteadh!» Nuair a bhí sé ina aonar, iad seo a bhíodh ina thimpeall leis an dáréag, d' fhiafraigh siad de i dtaobh na bparabal. Dúirt sé leo: «Tá rúndiamhair ríocht Dé tugtha daoibhse; ach dóibh seo atá amuigh, is i bparabail a bhíonn an uile ní, chun go ' mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís, agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís, d' eagla go n-iompóidís agus go maithfí dóibh.'» Agus dúirt sé leo: «An ea nach dtuigeann sibh an parabal seo? Conas a gheobhaidh sibh fios ar na parabail uile? Síolann an síoladóir an briathar. Na daoine seo le hais an bhóthair, mar a shíoltar an briathar, is daoine iad agus nuair a chluineann siad, tagann Sátan láithreach agus tógann an briathar a shíoltar iontu. Mar an gcéanna, is iad na daoine a ghlac an síol ar an gcreagán, iad seo a ghabhann an briathar chucu le háthas láithreach nuair a chluineann siad é, ach ní bhíonn fréamh acu iontu féin ach iad neamhbhuan agus ansin, nuair a bhíonn trioblóid nó géarleanúint ann mar gheall ar an mbriathar, cliseann orthu láithreach. Daoine eile iad seo a ghlac an síol sa deilgneach: is iad siúd na daoine a chuala an briathar, ach go dtagann cúraimí an tsaoil agus mealladh an tsaibhris agus mianta i rudaí eile isteach, go bplúchann siad an briathar agus fágtar gan toradh é. Agus iad seo a ghlac an síol ar an talamh maith, is iad seo na daoine a chluineann an briathar agus a ghabhann chucu é, agus a thugann toradh uathu faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.» Dúirt sé leo: «An dtugtar lampa isteach chun go gcuirfí faoi bhéal peice é, nó faoi leaba? Nach ar chrann solais atá sé le cur? Óir níl aon ní faoi cheilt ach chun go mbeadh sé soiléir, ná aon ní ina rún ach chun go dtiocfadh sé chun solais. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine éisteadh sé!» Dúirt sé leo: «Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann. Óir an duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó, agus an duine a bhíonn gan ní bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.» Agus dúirt: «Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh, agus go gcodlódh sé féin agus go n-éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil.» Agus dúirt: «Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi? Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé á chur sa talamh, ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.» Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d' fhéad siad éisteacht leis. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal. Nuair a bhí an tráthnóna ann an lá sin, dúirt sé leo: «Téimis trasna anonn.» Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan. D' éirigh cuaifeach mór gaoithe, agus bhí na farraigí ag bualadh an bháid sa chaoi go raibh sí ag líonadh cheana féin. Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis: «A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?» Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: «Éist, bí socair!» Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?» Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin: «Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?» Tháinig siad go dtí an taobh eile den fharraige, go dtí tír na nGeiriséanach, agus ar theacht amach as an mbád dó, tháinig faoina dhéin as na tuamaí duine a raibh spiorad míghlan ann a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus ní fhéadfadh aon duine é cheangal feasta, le slabhra féin; óir is minic roimhe sin a cheanglaítí le geimhle agus le slabhraí é, ach shracadh sé na slabhraí as a chéile, agus bhriseadh sé na geimhle, agus níorbh fhéidir le haon duine é smachtú. Agus bhíodh sé de ghnáth de lá agus d' oíche sna tuamaí agus ar na sléibhte, é ag screadach agus á ghreadadh féin le clocha. Nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith agus d' umhlaigh dó, agus ag screadach de ghlór ard dúirt: «Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Cuirim ort, as ucht Dé, gan mé a chrá,» óir bhí sé á rá leis: «Gabh amach as an duine, a spioraid mhíghlain.» Agus d' fhiafraigh de: «Cad is ainm duit?» Dúirt sé leis: «Léigiún is ainm dom, óir tá mórán againn ann.» Agus bhí sé ag achainí air go crua gan iad a chur as an tír. Bhí, ansiúd ar an sliabh, tréad mór muc ar féarach, agus rinne siad achainí air: «Cuir ag triall ar na muca sinn, go dtéimis isteach iontu.» Thug sé an cead dóibh. Tháinig na spioraid mhíghlana amach agus chuaigh siad isteach sna muca; agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána, timpeall dhá mhíle díobh, isteach san fharraige agus bádh san fharraige iad. Theith na mucaithe a bhí ina bhfeighil, agus d' inis siad an scéal sa chathair agus sna feirmeacha. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad é an rud é seo a tharla. Agus tháinig siad ag triall ar Íosa agus chonaic siad an deamhnaíoch ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, an duine céanna a mbíodh an léigiún ann; agus bhí uamhan orthu. D' inis an lucht féachana dóibh cad a tharla don deamhnaíoch, agus mar gheall ar na muca. Agus thosaigh siad ag achainí ar Íosa imeacht óna gceantar. Ag dul ar bord an bháid dó, rinne an fear a mbíodh an deamhan ann achainí air bheith ina chuideachta, ach ní ligfeadh sé dó ach dúirt leis: «Imigh leat abhaile chun do mhuintire féin agus inis dóibh a bhfuil déanta ag an Tiarna duit agus mar a rinne sé trócaire ort.» Agus d' imigh sé leis agus thosaigh ag fógairt i nDeacapoil a raibh déanta ag Íosa dó, agus bhí ionadh ar chách. Ar theacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige. Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa agus rinne achainí go crua air ag rá: «Tá m' iníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.» D' imigh sé lena chois agus bhí slua mór á leanúint agus bhí siad ag plódú air. Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas, nuair a chuala sí scéala mar gheall ar Íosa, tháinig sí taobh thiar de sa slua agus bhain sí lena bhrat; mar dúirt sí: «Má bhainim lena chuid éadaigh fiú amháin, beidh mé slán.» Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán. Ach d' airigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: «Cé bhain le mo chuid eádaigh?» Dúirt a dheisceabail leis: «Feiceann tú an slua ag plódú ort, agus deir tú 'Cé bhain liom?'» Agus dhearc sé ina thimpeall féachaint cé rinne é. Ach ó thuig an bhean cad a bhí déanta inti, tháinig sí go critheaglach agus chaith í féin síos roimhe agus d' inis an fhírinne go léir dó. Dúirt sé léi: «A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.» Le linn dó bheith ag caint tháinig daoine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: «Tá d' iníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?» Ba chlos d' Íosa an comhrá agus dúirt le ceann urra na sionagóige: «Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid.» Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais. Ar theacht dóibh go dtí teach cheann urra na sionagóige, chonaic sé an callán agus na daoine ag gol agus ag olagón go hard. Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.» Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí. Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: «Talitá cúm» focal a chiallaíonn: «A chailín bhig, deirim leat, éirigh!» D' éirigh an cailín agus shiúil sí thart, mar bhí sí dhá bhliain déag. Agus bhí ionadh agus alltacht orthu. Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di. D' imigh sé as an áit sin agus tháinig sé ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é. Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: «Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha? Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?» Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: «Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.» Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas, agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh. Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc. Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana. D' ordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata arán ná tiachóg ná airgead sa chrios; ach cuaráin a chur orthu, «agus ná cuirigí dhá ionar oraibh». Agus dúirt sé leo: «Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite. Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.» Agus ar dhul amach dóibh d' fhógair siad aithrí a dhéanamh agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad. Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: «Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n-oibriú tríd.» Dúirt daoine eile: «Éilias atá ann.» Dúirt daoine eile: «Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.» Ach nuair a chuala Héaród mar gheall air, dúirt: «Eoin úd, ar bhain mé an ceann de, is é atá éirithe.» Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh. Óir dúirt Eoin le Héaród: «Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.» Bhí olc ag Héaróidias chuige agus b' áil léi é mharú ach ní fhéadfadh, óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar. Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne lae a bhreithe, do lucht a chúirte agus d' oifigigh agus do chinn phobail na Gailíle; agus tháinig iníon Héaróidias isteach agus rinne sí rince, agus thaitin sé le Héaród agus leo seo a bhí ag bord leis. Dúirt an rí leis an gcailín: «Iarr orm cibé ní is mian leat agus tabharfaidh mé duit é.» Agus thug sé a mhionn di: «Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.» Ghabh sise amach agus dúirt sí lena máthair: «Cad a iarrfaidh mé?» Dúirt sí siúd: «Ceann Eoin Baiste.» Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus d' iarr air ag rá: «Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.» Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionn agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi, agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus d' ordaigh a cheann a thabhairt isteach. D' imigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é, agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é. Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é. Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d' inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu. Dúirt sé leo: «Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall» óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu. D' imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus d' aithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu. Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh. Nuair a bhí an lá ag dul i ndéanaí, tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: «Áit uaigneach é seo, agus tá sé déanach feasta. Scaoil uait iad go rachaidís isteach sna feirmeacha agus sna bailte mórthimpeall ag ceannach rud éigin le hithe dóibh féin.» Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.» Dúirt siad leis: «An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar d' arán agus é a thabhairt dóibh le hithe?» Dúirt sé leo: «Cé mhéad builín atá agaibh? Imígí agus faighigí amach.» Ar fháil amach dóibh dúirt siad: «Tá cúig cinn, agus dhá iasc.» Agus d' ordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas, agus lig siad fúthu ina ngasraí, ina gcéadta agus ina gcaogaidí. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách. D' ith siad uile agus bhí siad sách. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc. Cúig mhíle fear an líon a d' ith na builíní. Ansin chuir sé d' fhiacha ar a dheisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall, go dtí Béatsáide, fad a bheadh sé féin ag scaoileadh an tslua uaidh. Tar éis dó iad a chur chun siúil, d' imigh sé faoin sliabh chun guí. Agus nuair a bhí sé déanach, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige agus eisean ina aonar ar tír. Ar a fheiceáil dó go raibh siad ar saothar ag na maidí rámha, mar bhí an ghaoth ina gcoinne, tháinig sé chucu, timpeall an ceathrú faire den oíche, agus é ag siúl ar an bhfarraige, agus bhí sé ar tí dul tharstu. Shíl siad gur taibhse a bhí ann agus scread siad amach, mar chonaic siad uile é agus bhíodar buartha. Ach labhair sé leo láithreach agus dúirt leo: «Bíodh misneach agaibh! mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.» Tháinig sé isteach sa bhád chucu agus thit an ghaoth. Agus tháinig alltacht thar na bearta orthu, mar níor thuig siad mar gheall ar na builíní, ach bhí a gcroí go dúr. Ar dhul trasna dóibh, bhuail siad talamh ag Geinéasaireit agus tháinig chun leaba ancaire. Agus ar theacht as an mbád dóibh, d' aithin na daoine é agus rith siad ar fud an cheantair sin ar fad, agus thosaigh siad ag breith na ndaoine a bhí tinn ar a gcuid sráideog chun na háite ar chuala siad é bheith. Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad. Na Fairisínigh agus cuid de na scríobhaithe a bhí tar éis teacht ó Iarúsailéim, chruinnigh siad le chéile chuige, agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil traidisiún na sinsear; agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis d' fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: «Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?» Dúirt sé leo: «Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa: 'Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí; is díomhaoin dóibh bheith do m' adhradh óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.' «Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupaí, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.» Agus dúirt sé leo: «Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún. Óir dúirt Maois: 'Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair'; agus: 'An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.' Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: 'Ní ar bith de mo chuidse a d' fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é', ní ligeann sibh dó feasta rud ar bith a dhéanamh dá athair nó dá mháthair, ag cur briathar Dé ar neamhní tríd an traidisiún seo agaibh a fhágann sibh ag bhur sliocht. Agus déanann sibh mórán nithe den sórt sin.» Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: «Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo. Níl aon ní lasmuigh den duine a d' fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine, éisteadh!» Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, d' fhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal. Dúirt sé leo: «Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan, de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?» (Sin mar a d' fhógair sé gach bia a bheith glan.) Dúirt sé: «An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.» Chuir sé chun siúil as sin agus d' imigh go críocha na Tuíre agus na Síodóine. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne. Óir bean a raibh a hiníon bheag agus spiorad míghlan inti, chuala sí scéala air láithreach agus tháinig sí á caitheamh féin ag a chosa. Bean Ghréagach í, Suíriféinicach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon. Dúirt sé léi: «Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.» Ach dúirt sí leis á fhreagairt: «Cinnte, a Thiarna, agus na coileáin féin a bhíonn faoin mbord, itheann siad grabhróga na leanaí.» Agus dúirt sé léi: «Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as d' iníon.» Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe. Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil. Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus d' iarr siad air a lámh a chur air. Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga, agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: «Eafatá!» focal a chiallaíonn: «Osclaítear thú.» Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart. Agus d' ordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a d' ordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad á fhógairt, agus bhí ionadh saoil orthu ag rá: «Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.» Sna laethanta sin, nuair a bhí slua mór ann arís agus gan aon ní le hithe acu, ghlaoigh sé na deisceabail chuige agus dúirt sé leo: «Tá trua agam don slua, mar tá trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon ní le hithe acu, agus má scaoilim chun siúil abhaile iad ar céalacan, buailfidh laige iad sa tslí, agus tá cuid acu a tháinig i bhfad ó bhaile.» D' fhreagair a dheisceabail é: «Cá bhféadfadh duine a ndóthain aráin a fháil dóibh seo anseo san fhásach?» D' fhiafraigh sé díobh: «Cé mhéad builín atá agaibh?» «Tá a seacht,» ar siadsan. D' ordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilíní, d' altaigh, bhris agus thug dá dheisceabail le cur os a gcomhair agus chuir siad os comhair an tslua iad, agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iadsan a chur os a gcomhair freisin. D' ith siad agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, seacht gcléibhíní. Timpeall ceithre mhíle a bhí ann, agus scaoil sé uaidh iad. Chuaigh sé ar bord an bháid láithreach, é féin agus a dheisceabail, agus tháinig go ceantar Dalmanútá. Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as. Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: «Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.» D' fhág sé iad agus ar dhul ar bord dó arís chuaigh sé go dtí an taobh eile. Rinne siad dearmad aon arán a thabhairt leo, agus ní raibh sa bhád acu leo ach aon bhuilín amháin. Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: «Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.» Agus bhí siadsan ag plé an scéil le chéile: nach raibh aon arán acu. Bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: «Cén fáth a bhfuil sibh ag plé an scéil gan arán a bheith agaibh? Nach bhfuil tuiscint agaibh fós nó meabhair? An bhfuil bhur gcroí dúr? Cé go bhfuil súile agaibh, an ea nach bhfeiceann sibh, agus cé go bhfuil cluasa agaibh an ea nach gcluineann sibh? Agus nach cuimhin libh, nuair a bhris mé na cúig builíní don chúig mhíle, cé mhéad ciseán lán de bhruscar a thóg sibh suas?» Dúirt siad: «Dhá cheann déag.» «Agus na seacht gcinn don cheithre mhíle, cé mhéad cléibhín lán de bhruscar a thóg sibh? Dúirt siad: «Seacht gcinn.» Agus dúirt sé leo: «Nach dtuigeann sibh fós?» Tháinig siad go dtí Béatsáide, agus bhí daoine a thug fear dall chuige agus rinne siad achainí air baint leis. Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air d' fhiafraigh de: «An bhfeiceann tú aon ní?» D' ardaigh seisean a shúile agus dúirt: «Feicim daoine, ach samhlaím gur crainn iad ag siúl.» Ansin leag sé a lámha ar a shúile arís agus bhreathnaigh an dall go géar agus rinneadh slán arís é agus bhí radharc glan aige ar gach uile ní. Agus chuir sé chun a thí féin é ag rá: «Ná téigh isteach sa bhaile, fiú amháin.» D' imigh Íosa agus a chuid deisceabal go dtí na bailte i gCéasaráia Philib, agus sa tslí dóibh d' fhiafraigh sé dá dheisceabail: «Cé hé a deir na daoine mise?» Dúirt siad leis: «Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.» D' fhiafraigh sé díobh: «Ach cé hé a deir sibhse mé?» Dúirt Peadar leis á fhreagairt: «Is tú an Críost.» Agus d' ordaigh sé dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine. Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá. Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó. Ach d' iompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: «Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i d' aigne ach smaointe daoine.» Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: «Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é. Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal? Óir cad a d' fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.» Agus dúirt sé leo: «Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.» Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl, agus d' éirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad. Agus chonacthas dóibh Maois mar aon le hÉilias agus iad ag comhrá leis. Agus labhair Peadar le hÍosa: «A Mháistir,» ar sé, «is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d' Éilias» mar ní raibh a fhios aige cad ba mhaith dó a rá óir tháinig uamhan orthu. Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: «Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!» Agus go tobann, ar dhearcadh dóibh ina dtimpeall, ní fhaca siad duine ar bith níos mó ach Íosa in éineacht leo ina aonar. Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh. Agus choinnigh siad an scéal chucu féin ach go mbídís ag fiafraí dá chéile cad ba chiall leis an éirí úd ó mhairbh. Agus chuir siad ceist air: «Cén fáth a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?» Dúirt sé leo: «Tagann Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus bheith faoi dhrochmheas? Ach deirim libh: tá Éilias tagtha, agus d' imir siad a dtoil air de réir mar atá scríofa mar gheall air.» Ar theacht dóibh go dtí na deisceabail, chonaic siad slua mór ina dtimpeall, agus scríobhaithe ag argóint leo. Agus an túisce a chonaic siad é, bhí an slua go léir le hiontas, agus rith siad chuige ag beannú dó. D' fhiafraigh sé díobh: «Cén argóint atá agaibh leo?» Agus d' fhreagair duine den slua é: «A Mháistir, thug mé chugat mo mhac a bhfuil spiorad balbh ann: agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. D' iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.» Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.» Thug siad chuige é, agus an túisce a chonaic an spiorad é, bhain sé rachtanna as an ógánach, agus thit sé ar an talamh á únfairt féin agus cúr lena bhéal. D' fhiafraigh Íosa dá athair: «Cá fhad atá sé seo air?» Dúirt seisean: «Ó bhí sé ina pháiste, agus bíonn sé á chaitheamh isteach sa tine go minic agus san uisce freisin chun é a mhilleadh. Ach má fhéadann tú rud ar bith a dhéanamh bíodh trua agat dúinn agus cuidigh linn.» Dúirt Íosa leis: «Má fhéadann tú! Is féidir an uile ní don té a chreideann.» Ghlaoigh athair an pháiste amach láithreach: «Creidim, tar i gcabhair ar mo dhíchreideamh.» Nuair a chonaic Íosa slua ag bailiú go tapa, labhair sé go bagrach leis an spiorad míghlan agus dúirt leis: «A spioraid bhailbh bhodhair, táim á ordú duit, gabh amach as agus ná tar ann go deo arís.» Scread sé amach, bhain sé rachtanna as go dolba, agus d' imigh amach as; agus bhí sé mar a bheadh duine marbh, sa chaoi go ndúirt a bhformhór: «Tá sé marbh.» Ach rug Íosa ar láimh air agus thóg sé suas é, agus d' éirigh sé ina sheasamh. Ar dhul isteach sa teach dó, d' fhiafraigh a chuid deisceabal de ar leithligh: «Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é a chaitheamh amach?» Agus dúirt sé leo: «Ní féidir leis an sórt seo dul amach trí ní ar bith ach amháin trí ghuí (agus trí throscadh).» Ag imeacht as an áit sin dóibh, ghabh siad tríd an nGailíl agus níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine, mar bhí sé ag teagasc a dheisceabal, a rá leo: «Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.» Ach níor thuig siad an focal, agus bhí eagla orthu ceist a chur air. Tháinig siad go dtí Cafarnáum, agus sa teach do d' fhiafraigh sé díobh: «Cad a bhí á chur trí chéile agaibh sa tslí?» Ach ní raibh focal astu, óir bhí siad ag díospóireacht le chéile, ar an tslí, féachaint cé acu ba mhó. Shuigh sé agus ghlaoigh chuige an dáréag agus dúirt leo: «Más mian le haon duine a bheith ar tosach, ní foláir dó bheith ar deireadh cách agus ina sheirbhíseach ag cách.» Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé é ina sheasamh i lár baill eatarthu, agus, ag tabhairt barróige dó, dúirt sé leo: «Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m' ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.» Dúirt Eoin leis: «A mháistir, chonaiceamar duine nach leanann sinn ag caitheamh deamhan amach i d' ainmse, agus chuireamar cosc leis mar níor lean sé inár mbuíon.» Dúirt Íosa: «Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m' ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm; óir an té nach bhfuil inár n-aghaidh, tá sé ar ár son. «Má thugann duine ar bith cupán d' fhíoruisce daoibh as ucht gur le Críost sibh, deirim libh go fírinneach nach mbeidh sé gan a thuarastal a fháil. Scannail Más siocair pheaca duit do lámh, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha i do mhairtíneach ná an dá láimh a bheith agat agus tú a dhul go hifreann, an tine nach féidir a mhúchadh (an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine). Agus más siocair pheaca duit do chos, gearr anuas í; is fearr duit dul isteach sa bheatha bacach ná an dá chois a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann (an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine). Agus más siocair pheaca duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann, an áit nach n-éagann an phiast acu agus nach múchtar an tine. Saillfear cách le tine. Is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann leamh cad a chuirfidh sibh mar anlann leis? Bíodh salann agaibh ionaibh agus bíodh síocháin eadraibh.» Ar fhagáil na háite sin dó, tháinig sé go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin, agus chruinnigh sluaite móra chuige arís agus bhí sé á dteagasc arís mar ba ghnách leis. Tháinig Fairisínigh chuige agus d' fhiafraigh siad de, ag baint trialach as: «An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh?» D' fhreagair sé agus dúirt leo: «Cad a d' ordaigh Maois daoibh?» Dúirt siadsan: «Thug Maois cead litir idirscartha a scríobh agus í a scaoileadh.» Dúirt Íosa leo: «Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach a scríobh sé an aithne sin daoibh. Ach ó thús an chruthaithe ' rinne Dia iad fireann agus baineann; mar gheall air sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu'. Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.» Cheistigh a dheisceabail é mar gheall air seo arís sa teach, agus dúirt sé leo: «Duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas ina coinne. Agus má scaoileann bean a fear uaithi agus fear eile a phósadh, déanann sí adhaltranas.» Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo: «Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.» Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad. Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d' fhiafraigh sé de: «A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?» Dúirt Íosa leis: «Cad chuige a ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. Is eol duit na haitheanta. ' Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois. Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair.'» Dúirt seisean leis: «A Mháistir, choimeád mé iad sin uile ó m' óige.» Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: «Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.» Chuir an chaint sin buaireamh air agus d' imigh sé leis go dubhach mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige. Bhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail: «Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!» Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach d' fhreagair Íosa agus dúirt leo arís: «A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé! Óir is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.» Ba mhó ná sin an t-ionadh a bhí orthu agus dúirt siad lena chéile: «Cé is féidir a shlánú, más ea?» Bhreathnaigh Íosa orthu agus dúirt: «Tá sé seo dodhéanta ag daoine ach níl ag Dia; óir tá an uile ní sodhéanta ag Dia.» Chrom Peadar ar a rá leis: «Sinne, féach, d' fhágamar an uile ní agus leanamar thusa.» Dúirt Íosa: «Deirim libh go fírinneach nach bhfuil aon duine a d' fhág teach ná deartháireacha, ná deirfiúracha, ná máthair, ná athair, ná clann, ná tailte, mar gheall ormsa agus ar an soiscéal nach bhfaighidh níos mó faoi chéad san aimsir seo anois, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, fara géarleanúintí, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht. «Tá a lán ar tosach a bheidh ar deireadh, agus a lán ar deireadh a bheidh ar tosach.» Agus bhí siad ar an tslí ag dul suas go Iarúsailéim; bhí Íosa rompu amach agus bhí ardionadh orthu, agus bhí eagla orthu siúd a bhí ag leanúint laistiar. Rug sé leis an dáréag i leataobh arís agus thosaigh sé ar a insint dóibh cad iad na nithe a bhí le titim amach dó. «Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim agus tabharfar Mac an Duine ar láimh d' uachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe. Daorfaidh siad chun báis é agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é. Agus déanfaidh siad fonóid faoi agus seilí a chaitheamh air agus é a sciúrséail agus é a chur chun báis; agus éireoidh sé arís tar éis trí lá.» Tháinig Séamas agus Eoin, clann Zeibidé; chuige á rá leis: «A Mhaistir, is mian linn go ndéanfá dúinn cibé ní a iarrfaimid ort.» Dúirt seisean leo: «Cad ab áil libh a dhéanfainn daoibh?» Agus dúirt siadsan leis: «Tabhair dúinn go suífimis, duine againn ar do dheis, agus duine againn ar do chlé, i do ghlóir.» Dúirt Íosa leo: «Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupa a ól atá á ól agamsa, agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilimse do mo bhaisteadh?» Dúirt siad leis: «Féadaimid.» Dúirt Íosa leo: «An cupa atáim a ól, ólfaidh sibh, agus leis an mbaisteadh lena bhfuilim do mo bhaisteadh, baistfear sibh; ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá sin le tabhairt, ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán.» Ar a chloisteáil sin don deichniúr thosaigh siad ar a bheith míchéadfach i dtaobh Shéamais agus Eoin. Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo: «Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu. Ach ní mar sin atá an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách. Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.» Agus tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó dó fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair. Nuair a chuala sé gurbh é Íosa an Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá: «A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!» Agus bhagair a lán daoine air a bheith ina thost, ach is ea ba mhó a scread sé: «A Mhic Dháiví, déan trócaire orm.» Stad Íosa agus dúirt: «Glaoigí anseo air.» Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis: «Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!» Chaith sé siúd de a bhrat, d' éirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa. Ansin labhair Íosa leis: «Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?» ar sé. Dúirt seisean leis: «Rabúní, mo radharc a bheith agam!» Dúirt Íosa leis: «Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.» Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí. Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh, agus dúirt sé leo: «Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair agus láithreach ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin. Scaoiligí é agus tugaigí libh é. Agus má deir aon duine libh: 'Cad atá sibh a dhéanamh?' abraigí: 'Tá gá ag an Tiarna leis. Ach cuirfidh sé ar ais anseo gan mhoill é.'» D' imigh siad leo agus fuair an searrach ceangailte ag doras, lasmuigh ar an tsráid agus scaoil siad é. Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh ansiúd leo: «Cad ab áil libh ag scaoileadh an tsearraigh?» D' fhreagair siad faoi mar a dúirt Íosa leo, agus scaoil siad leo. Agus thug siad leo an searrach go dtí Íosa agus chuir siad a mbrait anuas air agus chuaigh sé ina shuí air. Leath a lán daoine a mbrait ar an mbóthar, a thuilleadh craobhacha a bhain siad sna goirt; agus na daoine a bhí roimhe amach, agus iad siúd a bhí á leanuint, bhí na gártha acu á gcur suas: «Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna! Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Dáiví! Hósana sna harda!» Agus chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, agus isteach sa Teampall. Bhreathnaigh sé ar gach ní ina thimpeall, ach ó bhí an déanaí ann cheana féin, chuaigh sé amach go Béatáine leis an dáréag. Agus iad ag fágáil Béatáine lá arna mhárach, bhí ocras air. Nuair a chonaic sé i bhfad uaidh crann fígí agus duilliúr air, chuaigh sé féachaint an bhfaigheadh sé aon toradh air. Agus nuair a tháinig sé chuige ní bhfuair sé aon ní ach duilliúr mar níorbh é aimsir na bhfígí é. Labhair sé leis an gcrann fígí: «As seo amach go brách nár ithe aon duine toradh uaitse,» ar sé. Agus chuala a dheisceabail é. Tháinig siad ansin go Iarúsailéim. Ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall a thiomáint amach; leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht colmáin a dhíol; ná ní cheadódh sé d' aon duine árthach a bhreith leis tríd an Teampall. Agus bhí sé á dteagasc agus dúirt sé leo: «Nach bhfuil sé scríofa: 'Glaofar ar mo theachsa teach urnaithe do na ciníocha go léir'? ach rinne sibh uaimh robálaithe de.» Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc. Agus nuair a tháinig an tráthnóna d' imigh siad amach as an gcathair. Ag gabháil thar bráid dóibh lá arna mhárach, chonaic siad an crann fígí seargtha óna fhréamhacha. Chuimhnigh Peadar agus dúirt leis: «A Mháistir, an crann fígí ar ar chuir tú do mhallacht, féach! tá sé seargtha.» Dúirt Íosa leo ag freagairt: «Bíodh creideamh agaibh i nDia. Deirim libh go fírinneach, má deir aon duine leis an sliabh seo: 'Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige' agus gan aon amhras ina chroí, ach é a chreidiúint go mbeidh mar a deir sé, déanfar sin dó. Deirim libh dá bhrí sin, an uile ní a bheidh á impí agus á iarraidh agaibh, creidigí go bhfuil sé faighte agaibh, agus gheobhaidh sibh é. Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfeadh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith. (Ach mura maitheann sibhse ní mó a mhaithfidh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse.)» Tháinig siad go Iarúsailéim arís, agus ag siúl sa Teampall d' Íosa, tháinig uachtaráin na sagart, agus na scríobhaithe, agus na seanóirí agus dúirt siad leis: «Cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé thug an t-údarás sin duit chun na nithe seo a dhéanamh?» Dúirt Íosa leo: «Tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibh; tugaigí freagra orm agus inseoidh mé daoibh cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh: baisteadh Eoin, arbh ó neamh nó ó dhaoine é? Tugaigí freagra orm.» Ach rinne siad machnamh ar an scéal mar seo ina gcroí: «Má deirimid ' ó neamh', déarfaidh sé: 'Cén fáth nár chreid sibh ann?' Ach dá ndéarfaimis ' ó dhaoine'» bhí eagla orthu roimh an bpobal mar bhí meas fáidh dáiríre acu ar Eoin agus is é freagra a thug siad ar Íosa: «Níl a fhios againn.» Agus dúirt Íosa leo: «Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread, cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.» agus na Curadóirí Mallaithe Nuair a bhí an séasúr ann chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun a chion de thoradh an fhíonghoirt a fháil. Ach rug siad air, bhuail é, agus chuir chun siúil folamh é. Agus arís chuir sé seirbhíseach eile chucu; ghoin siad é sin sa cheann agus thug siad easonóir dó. Agus chuir sé duine eile; mharaigh siad eisean; agus mórán eile; bhuail siad cuid acu, mharaigh siad cuid eile. Bhí aon duine amháin aige fós, a mhac muirneach. Chuir sé é sin chucu ar deireadh, á rá: 'Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.' Ach dúirt na curadóirí úd le chéile: 'Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus beidh an oidhreacht againn.' Agus rug siad air, mharaigh é, agus chaith amach as an bhfíonghort é. Anois, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí chun báis, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile. Nár léigh sibh an scrioptúr seo: ' An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é.'» Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d' fhág siad ansin é agus d' imigh siad leo. Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint. Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: «A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?» Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: «Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.» Agus shín siad chuige é. Dúirt sé leo: «Cé hé arb é seo a íomhá agus a inscríbhinn?» «Céasar,» ar siad leis. Dúirt Íosa leo: «Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia.» Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh. Ansin tháinig chuige Sadúcaigh iad seo a shéanann an t-aiséirí a bheith ann agus chuir siad ceist air: «A Mháistir,» ar siad, «scríobh Maois dúinn: 'Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.' Sea, bhí seachtar dearthár ann. Phós an chéad duine bean agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil. Phós an dara duine an bhaintreach ansin agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna; níor fhág an seachtar aon sliocht. An bhean féin is déanaí a fuair bás. San aiséirí, nuair a éireoidh siad arís, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige, óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar?» Dúirt Íosa leo: «Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé? Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bhíonn fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le pósadh, ach bíonn siad ar nós aingil Dé ar neamh. Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: 'Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.' Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo. Tá dul amú mór oraibh.» Duine de na scríobhaithe, a bhí ag éisteacht leo ag aighneas, nuair a thug sé faoi deara a fheabhas a fhreagair Íosa iad, tháinig sé chuige agus chuir sé ceist air: «Cén chéad aithne de na haitheanta go léir?» D' fhreagair Íosa: «Seo í an chéad cheann: 'Cluin, a Iosrael, an Tiarna ár nDia is aon Tiarna ann agus gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán, agus ó d' anam go hiomlán agus ó d' aigne go hiomlán agus ó do neart go hiomlán.' Seo í an dara ceann: 'Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.' Níl aithne eile is mó ná iadsan.» Dúirt an scríobhaí leis: «Maith mar a labhair tú, a Mháistir. Dúirt tú le fírinne gur aon é agus nach bhfuil aon neach eile ann ach é. É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.» Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: «Ní fada thú ó ríocht Dé.» Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach. Fad is a bhí Íosa ag teagasc sa Teampall d' fhreagair sé agus dúirt: «Conas is féidir leis na scríobhaithe a rá gur Mac do Dháiví an Críost? Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh: ' Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.' «Glaonn Dáiví féin Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?» D' éist an slua mór leis le háthas. Dúirt sé ina theagasc: «Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin acu sna sionagóga, agus na príomhthoilg ag na fleánna; iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.» Shuigh Íosa síos os comhair an chiste agus bhí sé ag faire ar an slua ag cur airgid isteach sa chiste, agus chuir a lán de na daoine saibhre mórán isteach ann. Agus tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóg, is é sin feoirling. Ghlaoigh sé chuige a dheisceabail, agus dúirt sé leo: «Deirim libh go fírinneach gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile dár chaith ann. Óir is den iomarca a bhí acu a chaith an chuid eile isteach, ach chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol.» Ag dul amach as an Teampall dó, dúirt duine dá dheisceabail leis: «Féach, a Mháistir, cad iad mar chlocha agus cad iad mar fhoirgnimh iad seo!» Dúirt Íosa leis: «An bhfeiceann tú na foirgnimh mhóra seo? Ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.» Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg ar aghaidh an Teampaill, chuir Peadar, Séamas, Eoin agus Aindrias ceist chuige ar leithligh: «Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cén comhartha a bheidh ar na nithe sin eile a bheith ag teacht chun cinn.» Agus thosaigh Íosa ar a rá leo: «Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh. Tiocfaidh a lán daoine i m' ainmse á rá: 'Is mise é,' agus cuirfidh siad a lán daoine amú. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar ráflaí ar chogaí, ná glacaigí scéin; óir ní foláir sin a theacht chun cinn, ach ní hé deireadh fós é. Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna talún anseo agus ansiúd; beidh gortaí. Ní bheidh sa mhéid sin ach na harraingeacha tosaigh. «Féachaigí chugaibh féin. Tabharfaidh siad ar láimh sibh do na sainidríní agus buailfidh siad sibh sna sionagóga; seasfaidh sibh i láthair gobharnóirí agus ríthe mar gheall ormsa, chun fianaise a thabhairt os a gcomhair. Ní foláir ar dtús an soiscéal a fhógairt do na náisiúin go léir. Agus nuair a thabharfaidh siad leo sibh le tabhairt ar láimh, ná bígí go himníoch roimh ré féachaint cad a déarfaidh sibh, ach an rud a thabharfar daoibh an uair sin, abraigí é; óir ní sibhse a bheidh ag labhairt ach an Spiorad Naomh. Tabharfaidh an deartháir a dheartháir suas chun báis, agus an t-athair a mhac; éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí agus cuirfidh siad chun báis iad. Beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m' ainmse; ach an té a bheidh seasmhach go deireadh, slánófar eisean. «Nuair a fheicfidh sibh ' urghráin úd an lomscriosta' agus é ina sheasamh san áit nach dual tuigeadh an té a léann ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte; an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos agus ná téadh sé isteach chun rud a bhreith leis as a theach; agus an té a bheidh sa ghort, ná filleadh sé ar ais chun a bhrat a bhreith leis. Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin. Bígí ag guí nach sa gheimhreadh a tharlóidh sé. Óir beidh sna laethanta sin trioblóid nach raibh a leithéid ann ó thús an domhain, a rinne Dia, go dtí anois; agus nach mbeidh. Agus mura ngiorródh an Tiarna na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán; ach ar son na dtofach a thogh sé, ghiorraigh sé na laethanta. «Má deir aon duine libh ansin: 'Féach, tá an Críost anseo,' ' Féach, ansiúd é,' ná creidigí é. Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mba fhéidir. Sibhse, dá bhrí sin, bígí aireach. Féach, tá gach ní inste agam daoibh roimh ré. «Ach sna laethanta sin, tar éis na trioblóide sin, dorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solas, agus beidh na réaltaí ag titim ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir. Agus ansin cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre gaotha, ó imill na talún go himill neimhe. «Ach ón gcrann fígí foghlaimígí an parabal. Nuair a bhíonn an ghéag úr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht. Amhlaidh sin daoibh, nuair a fheicfidh sibh na nithe seo ag titim amach, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche. «Ach mar gheall ar an lá sin agus ar an uair, níl a fhios ag duine ar bith, fiú ag na haingil sna flaithis, ná ag an Mac, ach ag an Athair. Bígí aireach, déanaigí faire, mar níl a fhios agaibh cén uair a bheidh an t-am ann. Is é dála duine é a d' fhág a theach agus a d' imigh ar an gcoigríoch; thug sé an t-údarás dá sclábhaithe, gach duine díobh i mbun a chúraim féin; agus d' ordaigh sé don doirseoir faire a dhéanamh. Déanaigí faire, dá bhrí sin, mar ní fios daoibh cén uair a thiocfaidh tiarna an tí, um thráthnóna, i lár na hoíche, ar ghlao an choiligh, nó ar maidin. Má thagann sé gan choinne, ná faigheadh sé sibh in bhur gcodladh. An rud a deirim libhse, deirim le gach duine é: Déanaigí faire.» Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis; óir deiridís: «Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.» Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair d' ola nard dhílis mhórluaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann. Bhí daoine ann a raibh mícheádfa acu agus dúirt siad le chéile: «Cén fáth an diomailt ola seo? Ba fhéidir an ola seo a dhíol ar bhreis agus trí chéad déanar agus an t-airgead a thabhairt do na boicht.» Agus bhí siad ag casaoid léi. Ach dúirt Íosa: «Ligigí di! Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros di? Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; óir bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, agus féadann sibh maith a dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach nílimse le bheith agaibh i gcónaí. A raibh ar a cumas, rinne sí é; chuir sí ola roimh ré ar mo chorp chun a adhlactha. Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.» Agus chuaigh Iúdás Isceiriót, duine den dáréag, go dtí uachtaráin na sagart chun é a thabhairt ar láimh dóibh. Nuair a d' airigh siad é bhí áthas orthu agus gheall siad airgead a thabhairt dó; agus bhí sé ag faire ar dheis chun é a thabhairt ar láimh. Ar an gcéad lá d' fhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail leis: «Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?» Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: «Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ' Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n-ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?' Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.» D' imigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus d' ullmhaigh siad an cháisc. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig sé leis an dáréag. Agus nuair a bhí siad ina suí ag ithe, dúirt Íosa: «Deirim libh go fírinneach: tá duine agaibh atá ag ithe in éineacht liom a bhraithfidh mé.» Tháinig buaireamh orthu agus thosaigh siad ar a fhiafraí de, ina nduine is ina nduine: «An mise é?» Dúirt sé leo: «Duine den dáréag é, duine a thumann a lámh sa mhias i mo theannta. Sea, tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air; ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine! B' fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.» Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: «Tógaigí; is é seo mo chorp.» Agus thóg sé an cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus d' ól siad go léir as. Agus dúirt sé leo: «Is í seo m' fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán. Deirim libh go fírinneach, nach n-ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.» Tar éis dóibh an t-iomann a chanadh, chuaigh siad amach go Cnoc na nOlóg. Agus dúirt Íosa leo: «Glacfaidh sibh uile scannal, óir tá scríofa: 'Buailfidh mé an t-aoire agus scaipfear na caoirigh.' Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.» Ach dúirt Peadar leis: «Siúd is go nglacfaidh cách scannal, ní ghlacfaidh mise.» Agus dúirt Íosa leis: «Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.» Ach is mar sin is déine a labhair sé: «Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.» Agus dúirt siad uile an rud céanna. Tháinig siad go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt sé lena dheisceabail: «Fuirígí anseo fad a bheidh mé ag guí.» Rug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin agus thosaigh sé ar bheith go critheaglach agus in anbhuain. Agus dúirt sé leo: «Tá buaireamh mór ar m' anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire.» Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar an talamh, agus ghuigh go ngabhfadh an uair thairis, dá mb' fhéidir é, agus dúirt sé: «Abba, a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupa seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.» Agus tháinig sé agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt sé le Peadar: «A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire a dhéanamh? Bígí ag faire agus ag guí ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.» Agus d' imigh sé arís agus ghuigh sé ag rá na bhfocal céanna. Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad mar bhí a súile trom; agus ní raibh a fhios acu cén freagra a thabharfaidís air. Tháinig sé den tríú huair agus dúirt leo: «Codlaígí libh feasta, agus glacaigí bhur suaimhneas. Ní beag sin! Tá an t-am tagtha. Féach, tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh. Éirígí! Bímis ag gluaiseacht. Seo chugainn fear mo bhraite.» Sula raibh an focal as a bhéal, tháinig Iúdás, duine den dáréag agus slua lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart, agus ó na scríobhaithe, agus ó na seanóirí. Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh. «An duine a bpógfaidh mé é,» ar seisean leo, «sin é é. Gabhaigí é, agus tugaigí libh é go haireach.» Tháinig sé agus rinne anonn ar Íosa gan stad; «A Raibí,» ar seisean leis, agus phóg sé é. Leag siad siúd a lámha air agus ghabh siad é. Ach duine dá raibh ina sheasamh ansiúd, tharraing sé a chlaíomh, agus bhuail seirbhíseach an ardsagairt agus bhain an chluas de. Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: «An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn in bhur measc gach lá ag teagasc sa Teampall agus ní dhearna sibh mé a ghabháil. Ach is chun go gcomhlíonfaí na scrioptúir é.» Agus thug siad uile a gcúl leis agus theith. Fear óg a bhí á leanúint, ní raibh air ach brat línéadaigh. Rug siad air, ach lig sé an brat leo agus rith uathu agus é nocht. Sheol siad Íosa leo go dtí an t-ardsagart, agus chruinnigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile ansiúd. Lean Peadar é, i bhfad uaidh, isteach i gcúirt an ardsagairt, agus bhí sé ina shuí i measc na seirbhíseach, agus é á théamh féin leis an tine. Agus bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín uile ag lorg fianaise in aghaidh Íosa d' fhonn é chur chun báis, ach ní fhuair siad. Óir bhí a lán ag tabhairt fianaise bhréige ina choinne, ach ní raibh a bhfianaise ag réiteach. Agus d' éirigh daoine éigin agus thug siad fianaise bhréige ina aghaidh á rá: «Chualamarna é á rá: 'An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.'» Ach níor réitigh a bhfianáise fiú sa mhéid sin. Agus d' éirigh an t-ardsagart i lár baill agus chuir sé ceist chun Íosa, á rá: «Nach bhfuil aon fhreagra ar bith agat? Cad atá acu seo á dhearbhú ort?» Ach d' fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t-ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: «An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?» Dúirt Íosa leis: «Is mé; agus feicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheis na Cumhachta agus é ag teacht le scamaill na bhflaitheas.» Stróic an t-ardsagart a róbaí: «Cad is gá dúinn a thuilleadh d' fhinnéithe?» ar sé, «chuala sibh an diamhasla. Cad é bhur mbarúil?» Agus thug siad go léir de dhaorbhreith air go raibh an bás tuillte aige. Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: «Bí ag tairngreacht!» Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air. Nuair a bhí Peadar laistíos sa chúirt, tháinig duine de chailíní aimsire an ardsagairt, agus nuair a chonaic sí Peadar á théamh féin, d' fhéach sí go géar air agus dúirt leis: «Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Nazairéanach.» Ach shéan sé é, á rá: «Ní eol dom, ní thuigim cad a deir tú.» Agus d' imigh sé amach sa réamhchúirt agus ghlaoigh an coileach. Chonaic an cailín aimsire é agus thosaigh ar a rá arís leis na daoine a bhí ina seasamh timpeall: «Is duine díobh é seo.» Ach shéan sé arís. Tar éis tamaill bhig dúirt na daoine a bhí ina seasamh timpeall arís le Peadar: «Go dearfa is duine díobh sin tusa, mar is Gailíleach tú ar ndóigh.» Ach thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: «Níl aithne agam ar an duine seo a deir sibh.» Agus láithreach ghlaoigh an coileach den dara huair; agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa leis: «Roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.» Agus bhris an gol air. Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phioláit. D' fhiafraigh Pioláit de: «An tusa Rí na nGiúdach?» Dúirt sé leis á fhreagairt: «Tá sé ráite agat.» Agus chuir uachtaráin na sagart a lán ina leith. D' fhiafraigh Pioláit de arís: «Nach bhfuil aon fhreagra agat á thabhairt? Féach a bhfuil acu á gcur i do leith!» Ach níor thug Íosa freagra ar bith eile, rud a chuir ionadh ar Phioláit. Le linn na féile ba bhéas leis príosúnach, an té a lorgaídís, a scaoileadh saor. Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dúnmharú déanta acu sa cheannairc. Chuaigh an slua suas dá bhrí sin agus thosaigh siad ar a iarraidh air déanamh dóibh mar ba ghnách. D' fhreagair Pioláit iad á rá: «An mian libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nGiúdach?» Óir bhí fhios aige gur formad faoi deara do uachtaráin na sagart é a thabhairt ar láimh. Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu. Agus dúirt Pioláit leo arís á bhfreagairt: «Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?» Scread siad arís: «Céas é!» Dúirt Pioláit leo: «Ach, cén t-olc a rinne sé?» Ach is ea ba mhó a scread siad: «Céas é!» Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é. Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile. Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air. Agus thosaigh siad ar bheannú dó: «Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!» Agus bhí siad á bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó. Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air. Agus duine a bhí ag gabháil an bhóthair, ag teacht ón tuath, Síomón, Cuiréanach, athair Alastair agus Rufus, chuir siad d' fhiacha air a chros a iompar. Agus rug siad leo é go dtí an áit Golgotá a chiallaíonn Áit an Chloiginn. Agus bhí fíon, a raibh miorr tríd, á thabhairt acu dó, ach níor ghlac sé é. Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn féachaint cén balla bhéarfadh gach duine. Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é. Agus bhí inscríbhinn a chúise scríofa: «Rí na nGiúdach.» Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé. Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: «Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.» Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: «Ahá! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá! Saor thú féin! tar anuas ón gcros!» Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. «Shaor sé daoine eile,» a deiridís, «ní féidir leis é féin a shaoradh. Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.» Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin. Nuair a tháinig an séú huair, luigh dorchadas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. Agus ar an naoú huair d' éigh Íosa de ghlór ard: «Elóí, Elóí, lamá sabachthaní?» a chiallaíonn: «A Dhia, a Dhia, cén fáth ar threig tú mé?» Dúirt cuid dá raibh ina seasamh timpeall ar a chloisteáil sin dóibh: «Feach, tá sé ag glaoch ar Éilias.» Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: «Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é thógáil anuas.» Ach ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus shíothlaigh sé. Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bhun go barr. An taoiseach céad a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: «Go dearfa ba é Mac Dé an duine sin.» Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae. Bhídís seo á leanuint agus ag freastal air nuair a bhí sé sa Ghailíl. Agus bhí a lán ban eile ann a bhí tagtha suas go Iarúsailéim in éineacht leis. Agus nuair a bhí an tráthnóna cheana féin ann, ós rud é gurb é Lá an Ullmhaithe é (is é sin an lá roimh an tsabóid) tháinig Iósaef ó Aramatáia, ball creidiúnach den chomhairle, fear a bhí, é féin, ag súil le ríocht Dé; agus chuaigh sé isteach go dána go dtí Pioláit agus d' iarr corp Íosa air. Bhí ionadh ar Phioláit é a bheith marbh cheana féin, agus ghlaoigh sé chuige an taoiseach céad agus d' fhiafraigh de an raibh sé marbh cheana féin. Nuair a bhí a fhios sin aige ón taoiseach céad, cheadaigh sé an corp a thabhairt do Iósaef. Cheannaigh Iósaef línéadach agus thóg anuas den chrois é agus d' fhill sa línéadach é agus chuir é i dtuama a bhí gearrtha as carraig, agus d' iompaigh cloch mhór le béal an tuama. Bhí Máire Mhaigdiléana, agus Máire máthair Iósaef ag breathnú ar cár cuireadh é. Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh. Agus an-mhoch ar an gcéad lá den tseachtain, agus an ghrian ina suí, tháinig siad go dtí an tuama. Agus bhí siad á rá le chéile: «Cé a iompóidh an chloch siar dúinn ó bhéal an tuama?» Ach nuair a d' fhéach siad, chonaic siad go raibh an chloch iompaithe siar. Bhí sí an-mhór. Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaic siad an fear óg ina shuí ar dheis agus éide gheal air, agus tháinig scéin orthu. Ach dúirt sé leo: «Ná bíodh scéin oraibh. Íosa an Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. D' éirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é. Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: 'Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.'» Tháinig na mná amach agus theith siad ón tuama mar ghabh scanradh agus uamhan iad. Agus ní dúirt siad aon ní le haon duine; óir bhí eagla orthu. Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach. D' imigh sise agus d' inis sí é don mhuintir a bhíodh in éineacht leis, agus iadsan ag caoi agus ag gol. Ach nuair a chuala siadsan go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad. Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath. Tháinig siadsan ar ais agus d' inis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iadsan. Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d' athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe. Agus dúirt sé leo: «Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é. «Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m' ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua; tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.» Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé. Ach iad siúd, d' imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é. Ós rud é gur ghlac mórán as láimh faisnéis a ríomhadh mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc, de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar; níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail, chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu. Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d' iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di. Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna. Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta. Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta, gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó; agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise. Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise. Agus nuair a chonaic Zachairias é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air. Ach dúirt an t-aingeal leis: «Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air. Beidh áthas ort agus gairdeas, agús beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú. Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar, agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia. Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n-aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.» Agus dúirt Zachairias leis an aingeal: «Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.» Dúirt an t-aingeal leis á fhreagairt: «Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit. Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomhlíonfar ina dtrath féin.» Bhí an pobal ag feitheamh le Zachairias agus ba ionadh leo é bheith ag déanamh moille sa sanctóir. Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d' fhan balbh. Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile. Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus d' fholaigh í féin ar feadh cúig mhí, ag rá: «Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m' aithis i measc daoine a thógáil díom.» Sa séú mí, cuireadh an t-aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b' é ab ainm don mhaighdean, Muire. Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: «Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.» Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo. Ach dúirt an t-aingeal léi: «Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair, agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.» Dúirt Muire leis an aingeal: «Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d' fhear chéile?» Agus dúirt an t-aingeal á freagairt: «Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air. Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.» Dúirt Muire: «Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d' fhocail.» Agus d' imigh an t-aingeal uaithi. Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d' imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá, agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d' Eiliosaibeit. Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh, agus d' éigh sí de ghlór ard agus dúirt: «Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.» «Mórann m' anam an Tiarna, Agus dúirt Muire: agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir. Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm, agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla. Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d' ardaigh sé daoine ísle; Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. D' fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire de réir mar gheall sé dar n-aithreacha d' Abrahám agus dá shliocht go brách.» D' fhan Muire aici timpeall trí mhí, agus d' fhill abhaile. Tháinig a hionú d' Eiliosaibeit agus rug sí mac. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi. Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias. Ach labhair a mháthair agus dúirt: «Ní hea, ach glaofar Eoin air.» Agus dúirt siad léi: «Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t-ainm sin air.» Ach d' fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air. Agus d' iarr seisean cláirín agus scríobh air: «Is Eoin is ainm dó.» Agus rinne siad uile ionadh de. Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: «Cad is dán don leanbh seo, mar sin?» Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis. Agus líonadh Zachairias a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht á rá: «Moladh don Tiarna, Dia Iosrael, óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt; agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach de réir mar a labhair trí bhéal a naomhfháidh anallód mar shaoradh dúinn ónár naimhde agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn, ag déanamh trócaire mar sin ar ár n-aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa ar an mionn a mhionnaigh sé d' Abrahám ár n-athair go dtabharfadh sé dúinn, tar éis ár saortha as láimh ár naimhde, bheith ag seirbhís dó gan eagla, i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol. Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar, ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal trí mhaithiúnas a bpeacaí de chionn trócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe, chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.» Agus d' fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d' Iosrael. Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú. B' é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin, chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta. Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. Agus dúirt an t-aingeal leo: «Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile: rugadh Slánaitheoir daoibh inniu is é Críost an Tiarna é i gcathair Dháiví. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.» Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá: «Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!» Agus nuair a d' imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: «Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d' inis an Tiarna dúinn.» Agus d' imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. Agus ar a fheiceáil dóibh, d' inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. Agus cách a chuala, b' ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo. Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t-aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: «Gach fíreannach atá ina chéadghin, is rud coisricthe don Tiarna é» agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, «péire colm nó dhá ghearrcach colúir.» Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí, ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt: «Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir d' fhocail, faoi shíocháin, mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile: solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.» Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air. Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: «Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar agus gabhfaidh claíomh trí d' anam féin chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.» Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta. Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d' oíche le troscadh agus le hurnaithe. Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt. Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d' fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. Agus d' fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d' eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air. Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca. Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile; agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d' fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí. Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais, agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg. I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: «A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d' athair agus mé féin do do lorg go cráite.» Agus dúirt sé leo: «Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m' Athar nárbh fholáir dom bheith?» Ach níor thuig siad an focal a labhair sé leo. Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí. Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine. Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, faoi ardsagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zachairias san fhásach. Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh, mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh: «Glór duine ag éamh san fhásach: ' Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chasáin. Líonfar gach cumar, agus ísleofar gach sliabh agus cnocán; déanfar na camshlite díreach agus na bóithre anacra réidh, agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.'» Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: «A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht? Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: 'Tá Abrahám ina athair againn,' óir deirim libh gur féidir le Dia clann d' Abrahám a thógáil as na clocha seo. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.» Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: «Cad tá le déanamh againn, más ea?» Dúirt sé leo á bhfreagairt: «An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.» Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: «A mháistir, cad tá le déanamh againne?» Dúirt sé leo: «Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.» D' fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: «Agus cad tá le déanamh againne?» Agus dúirt sé leo: «Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.» Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mb' fhéidir gurbh é an Críost é, d' fhreagair Eoin á rá leo uile: «Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.» Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal. Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige, chuir sé an drochbheart seo i gceann an iomláin: Eoin a chur faoi ghlas i bpríosún. Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: «Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.» Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac mar a síleadh do Iósaef mac Héilí, mhic Mhatat, mhic Léiví, mhic Mheilchí, mhic Iannái, mhic Iósaef, mhic Mhataitias, mhic Ámós, mhic Náum, mhic Ioslái, mhic Nagai, mhic Máat, mhic Mhataitias, mhic Shimín, mhic Ióiséch, mhic Ióda, mhic Réasa, mhic Zoróbaibeil, mhic Shalaitiéil, mhic Néiré, mhic Mhailchí, mhic Aidí, mhic Chósam, mhic Iolmádam, mhic Éar, mhic Iasús, mhic Eiliasar, mhic Iórám, mhic Mhatat, mhic Léiví, mhic Shimeon, mhic Iúdá, mhic Iósaef, mhic Iónam, mhic Eiliácaím, mhic Mheilias, mhic Mheineá, mhic Mhatata, mhic Natam, mhic Dháiví mhic Iseái, mhic Ióbéid, mhic Bhóas, mhic Shalá, mhic Náiseon, mhic Aimineadab, mhic Aidmin, mhic Arnái, mhic Easróm, mhic Fhearas, mhic Iúdá, mhic Iacóib, mhic Íosác, mhic Abrahám, mhic Théara, mhic Nachór, mhic Sharúg, mhic Ragáu, mhic Fhailig, mhic Eibir, mhic Shalá, mhic Cháineam, mhic Arfaxad, mhic Shéam, mhic Naoi, mhic Laimich, mhic Mhatúsalá, mhic Eineoc, mhic Iarat, mhic Mhalalael, mhic Cháineam, mhic Eanós, mhic Shéat, mhic Ádhaimh, mhic Dé. Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air. Dúirt an diabhal leis: «Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.» Agus d' fhreagair Íosa é: «Tá scríofa: 'Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.'» Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire; agus dúirt an diabhal leis: «Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é. Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.» Dúirt Íosa leis á fhreagairt: «Tá scríofa: 'Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.'» Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: «Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos; óir tá scríofa: 'Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú'; agus: 'Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.'» Dúirt Íosa leis á fhreagairt: «Tá ráite: 'Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.'» Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d' fhág sé é nó go dtiocfadh an uain. Agus d' fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir. Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air. Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d' éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa: «Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor; ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.» D' fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. Agus thosaigh sé ag rá leo: «Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.» Agus thug cách fianaise air, b' ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: «Nach é mac Iósaef é seo?» Agus dúirt sé leo: «Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: 'A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.'» Ach dúirt sé: «Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir, agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun mná baintrí i Saireipte i dtír na Síodóine. Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.» Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d' fheirg, agus d' éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. Ach ghabh sé trína lár agus d' imigh leis. Chuaigh sé síos go Cafarnáum, cathair sa Ghailíl. Agus bhí sé á dteagasc lá sabóide. Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar. Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard: «Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé tú: Naomh Dé.» Agus dúirt Íosa leis go bagrach: «Bí i do thost, agus imigh amach as.» Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d' imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó. Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: «Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.» Agus leath a chlú i ngach áit ar fud na tíre. Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son. Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d' fhág an fiabhras í; agus d' éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu. Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sort galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad. Agus bhí mórán freisin, a n-imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: «Is tú Mac Dé.» Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é. Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n-imeodh sé uathu. Ach dúirt sé leo: «Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.» 43b Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia. Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit, agus chonaic sé dhá bhád ina luí ar chladach an locha; bhí na hiascairí tar éis teacht amach astu agus iad ag ní na líonta. Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d' iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád. Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: «Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.» D' fhreagair Síomón agus dúirt: «A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d' fhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.» Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta ag briseadh, agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi. Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: «Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.» Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad agus mar an gcéanna do Shéamas agus d' Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: «Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.» Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d' fhág siad gach uile ní agus lean é. I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: «A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.» Agus shín sé amach a lámh agus bhain leis, ag rá: «Is áil, glantar thú!» Agus d' fhág an lobhra é láithreach. Agus thug sé ordú dó gan a insint d' aon duine: «Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d' ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.» Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n-éagruais. Ach théadh sé féin i leataobh isteach sna fásaigh agus dhéanadh guí. Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas. Tháinig fir an treo agus iad ag iompar ar leaba duine a bhí ina phairiliseach, agus bhí siad ag iarraidh é a bhreith isteach agus é a chur ina láthair. Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa. Nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dúirt: «A dhuine, tá do pheacaí maite duit.» Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: «Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?» Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: «Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí? Cé acu is fusa a rá: 'Tá do pheacaí maite duit'; nó a rá: 'Éirigh agus siúil'? Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh deirim leat,» ar seisean leis an bpairiliseach, «éirigh, tóg leat do réleaba, agus imigh abhaile.» Agus ar an mball, d' éirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia. Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad d' uamhan agus deiridís: «Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.» Ina dhiaidh sin chuaigh sé amach agus thug faoi deara poibleacánach darb ainm Léiví, ina shuí i dteach an chustaim, agus dúirt leis: «Lean mise.» D' fhág sé gach aon ní, d' éirigh agus lean é. Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann. Agus bhí na Fairisínigh agus a gcuid scríobhaithe ag monabhar, á rá lena dheisceabail: «Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?» Agus dúirt Íosa leo á bhfreagairt: «Ní ag na daoine folláine a bhíonn gá le lia, ach ag na daoine tinne. Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a bhfuilim tagtha á nglaoch chun aithrí.» Dúirt siad leis: «Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agatsa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.» Dúirt Íosa leo: «An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainse troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta bheith leo? Ach tiocfaidh na laethanta, agus nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, ansin déanfaidh siad troscadh sna laethanta sin.» Agus dúirt sé parabal leo: «Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean. Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí. Ach fíon nua i seithí nua is cóir a chur. Agus ní áil le haon duine an nua tar éis dó an sean a ól; óir deir sé: 'Is é an sean an fíon maith.'» Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí ghoirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus á n-ithe, tar éis iad a chuimilt idir a mbosa. Dúirt cuid de na Fairisínigh: «Cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide?» Agus d' fhreagair Íosa iad á rá: «An ea nár léigh sibh faoin rud úd a rinne Dáiví nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus thóg builíní na fianaise agus d' ith, agus thug dá chompánaigh iad, siúd is nach dleathach iad a ithe ach do na sagairt amháin?» Agus dúirt sé leo: «Tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid féin.» Ansin, lá sabóide eile, chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus thosaigh ag teagasc. Bhí fear ann a raibh a lámh dheas seargtha. Bhí na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag faire go géar air féachaint an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go bhfaighidís cion le cur ina leith. Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: «Éirigh i do sheasamh os comhair chách.» D' éirigh sé ina sheasamh. Dúirt Íosa leo: «Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t-olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?» Agus ar dhearcadh timpeall orthu uile, dúirt sé leis: «Sín amach do lámh.» Shín, agus bhí a lámh slán arís. Agus líon siad siúd de bhuile, agus bhí siad ag beartú le chéile cad a d' fhéadfaidís a dhéanamh le hÍosa. Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé. Agus nuair a bhí ina lá, ghoir sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail: Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán, Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach, Iúdás mac Shéamais, agus Iúdás Isceiriót a d' iompaigh ina bhrathadóir. Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine a tháinig ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a ngalair; agus iad seo freisin a bhí á gcrá ag spioraid mhíghlana, bhí siad á leigheas. Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus á leigheas uile. Agus d' ardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt: «Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé. «Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh. «Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire. «Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine. Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe. «Ach is mairg daoibhse atá saibhir, óir tá bhur sólás faighte agaibh cheana. «Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh. «Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol. «Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe bréagacha. «Ach deirim libhse atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh, beannaígí iad seo a thugann mallacht daoibh, guígí orthu seo a dhéanann olc oraibh. An té a bhuaileann ar an leiceann tú, tabhair an leiceann eile leis chomh maith; agus an té a thógann uait do bhrat, ná coinnigh uaidh do chóta. Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é. Dé réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna. Má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Óir tugann na peacaigh féin grá dóibh seo a thugann grá dóibh. Agus má dhéanann sibh an mhaith dóibh seo a dhéanann an mhaith daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Déanann na peacaigh féin an rud céanna. Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís an oiread céanna ar ais. Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine. Bígí sibhse atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach. Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh. Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n-ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.» Agus dúirt sé parabal leo: «An féidir do dhall bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa díg? Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir. Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail atá i do shúil féin? Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: 'A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,' agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti. Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta. Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog. Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal. Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ' A Thiarna, a Thiarna,' agus nach ndéanann sibh a ndeirim? «Gach aon duine a thagann chugam agus a chluineann mo bhriathra agus a dhéanann dá réir, taispeánfaidh mé daoibh cé leis a bhfuil sé cosúil. Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sé é bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha. «An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.» Nuair a bhí a bhriathra uile críochnaithe aige i gcomhchlos don phobal, chuaigh sé isteach i gCafarnáum. Bhí taoiseach céad a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus b' ionúin leis é. Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlanú. Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, á rá: «Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó; óir tá grá aige dár náisiún agus is é a thóg an tsionagóg dúinn.» Agus d' imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: «A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí: sin é an fáth nár mheas mé gurbh fhiú mé dul chugat; ach abair an focal agus bíodh mo ghiolla leigheasta. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: 'Imigh!' agus imíonn, agus leis seo eile: 'Tar!' agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: 'Déan seo!' agus déanann.» Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: «Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.» Agus ar dhul ar ais chun an tí dóibh, fuair na teachtairí an seirbhíseach slán. Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan. Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi. Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: «Ná bí ag gol.» Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: «A fhir óig, deirim leat, éirigh!» Agus d' éirigh an marbh aniar, agus thosaigh ag caint, agus thug sé dá mháthair é. Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: «Tá fáidh mór éirithe inar measc»; agus: «Rinne Dia a phobal a fhiosrú.» Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus na tíre go léir timpeall. D' inis deisceabail Eoin na nithe sin uile dó, agus ghlaoigh Eoin beirt dá dheisceabail chuige agus chuir scéala go dtí an Tiarna á rá: «An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?» Nuair a tháinig na fir ina láthair dúirt siad: «Chuir Eoin Baiste chugat sinn á rá: 'An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?'» An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n-éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall. Agus dúirt sé leo á bhfreagairt: «Imígí agus insígí d' Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. Is méanar don té nach nglacann scannal ionamsa.» Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe, thosaigh sé ag caint leis na sluaite faoi Eoin: «Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth? Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe in éadaí míne? Iad seo a bhíonn gléasta go niamhrach agus a mhaireann go beadaí, is i bpáláis na ríthe atá siad. Ach cad a chuaigh sibh amach a fheicéail? Fáidh, an ea? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air: ' Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.' «Óir deirim libh, níl, de shliocht ban, duine is mó ná Eoin. Ach an té is lú i ríocht Dé, is mó é ná eisean. Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin. Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh. Uime sin, cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomparáid? Cad leis ar cosúil iad? Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir: ' Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.' «Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: 'Tá deamhan ann!' Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: 'Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.' Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.» Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord. Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair d' ola chumhra, agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n-ungadh leis an ola chumhra. An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: «Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.» Dúirt Íosa leis á fhreagairt: «A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.» «A Mháistir,» ar seisean, «abair.» Dúirt: «Bhí beirt i bhfiacha ag éilitheoir áirithe: bhí cúig céad déanar amuigh ar dhuine acu, agus caoga ar an duine eile. Nuair nach raibh an t-íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?» D' fhreagair Síomón agus dúirt: «An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.» Dúirt sé leis: «Thug tú an bhreith cheart.» Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: «An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad. Níor thug tú dom póg; ach í seo, ó tháinig mé isteach, níor stad sí ach ag pógadh mo chos. Níor ung tú mo cheann le hola; ach d' ung sí seo mo chosa le hola chumhra. Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí a mórchuid peacaí maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.» Agus dúirt sé léi: «Tá do pheacaí maite.» Agus iad seo a bhí ag bord leis, thosaigh siad ag rá ina n-aigne: «Cé hé seo a dhéanann fiú amháin peacaí a mhaitheamh?» Ach dúirt sé leis an mbean: «Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.» Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach a raibh seacht ndeamhain imithe aisti agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin. Nuair a bhí slua mór tagtha le chéile, agus daoine ag triall air as gach cathair, labhair sé i bhfoirm parabail: «Chuaigh an síoladóir amach ag cur a shíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid de le hais an bhóthair agus gabhadh de chosa ann, agus d' ith éanlaith an aeir é. Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, d' fheoigh, de bhrí nach raibh úrmhaire aige. Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é. Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.» Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: «An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!» Ach d' fhiafraigh a dheisceabail de cad ba chiall leis an bparabal sin. Dúirt sé: «Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ' mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.' «Is í seo ciall an pharabail: Is é briathar Dé an síol. Iad siúd le hais an bhóthair, sin iad na daoine a chuala, ansin tagann an diabhal agus tógann an briathar as a gcroí, le heagla go gcreidfidís agus go slánofaí iad, Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad. É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n-imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta. Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh. «Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas. Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais. Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.» Tháinig a mháthair agus a bhráithre ag triall air, ach níorbh fhéidir dóibh teagmháil leis mar gheall ar an slua. Insíodh dó: «Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh agus b' áil leo thú a fheiceáil.» D' fhreagair sé agus dúirt: «Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.» Tharla aon lá amháin go ndeachaigh sé ar bord báid, é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo: «Téimis trasna an locha anonn. Agus chuir siad chun farraige. Agus ag seoladh dóibh, thit seisean ina chodladh. Agus tháinig cuaifeach gaoithe anuas ar an loch; agus bhí ag líonadh orthu agus bhí siad i mbaol. Agus tháinig siad chuige á mhúscailt, ag rá: «A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!» Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle. Agus dúirt sé leo: «Cá bhfuil bhur gcreideamh?» Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: «Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?» Bhuail siad talamh i dtír na nGeirgiseánach, ón nGailíl anonn. Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí. Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: «Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.» Óir bhí Íosa á ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé á thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh. D' fhiafraigh Íosa de: «Cad é an t-ainm atá ort?» Dúirt sé: «Léigiún» óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann. Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán. Bhí, ansiúd, tréad mór muc ar féarach ar an sliabh, agus rinne na deamhain achainí air cead a thabhairt dóibh dul isteach iontu, agus thug. Tháinig na deamhain amach as an duine agus chuaigh isteach sna muca. Agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána isteach sa loch agus bádh iad. Nuair a chonaic na mucaithe an ní a tharla, theith siad, agus d' inis sa chathair é agus sna feirmeacha. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu. D' inis an lucht féachana dóibh conas a slánaíodh é siúd ina mbíodh na deamhain. Agus an pobal uile i gceantar na nGeirgiseánach, d' iarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, d' imigh sé ar ais. An fear, áfach, a raibh na deamhain imithe as, bhí sé á iarraidh air é ligean ina chuideachta. Ach scaoil sé uaidh é, ag rá: «Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.» Agus d' imigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó. Nuair a bhí Íosa tagtha ar ais, bhí fáilte ag an slua roimhe, óir bhí siad uile ag súil leis. Agus tháinig fear darb ainm Iáras, a bhí ina cheann urra ar an tsionagóg, agus chaith é féin síos ag cosa Íosa, á achainí air teacht chun a thí; óir bhí aon iníon amháin aige timpeall dhá bhliain déag, agus bhí sí ag fáil bháis. Agus ag dul ann dó, bhí na sluaite ag plúchadh air. Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í leigheas, tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach. Ach dúirt Íosa: «Cé bhain liom?» Agus nuair a shéan cách é, dúirt Peadar: «A Mháistir, tá na sluaite timpeall ort agus tá siad ag brú ort.» Ach dúirt Íosa: «Bhain duine éigin liom, óir airím go ndeachaigh brí amach uaim.» Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus d' inis i láthair chách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach. Dúirt sé léi: «A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.» Le linn dó bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: «Tá d' iníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.» Chuala Íosa é, agus labhair leis: «Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid, agus beidh sí slán.» Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d' aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín. Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: «Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.» Agus bhí siad ag fonóid faoi, agus a fhios acu gur marbh a bhí sí. Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: «A chailín, éirigh!» Agus tháinig an spiorad ar ais inti, agus d' éirigh sí láithreach; agus d' ordaigh sé rud le hithe a thabhairt di. Agus tháinig alltacht ar a tuismitheoirí; ach thug sé ordú dóibh gan a insint d' aon duine cad a tharla. Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas. Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n-easlán. Agus dúirt sé leo: «Ná tógaigí libh aon ní i gcomhair an bhóthair, bata ná tiachóg, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta an duine agaibh. Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fúibh ann agus leanaigí oraibh as sin. Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.» Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit. Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh; ag daoine eile, Éilias a bheith á thaibhsiú. ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe. Ach dúirt Héaród: «Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?» Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air. Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide. Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta. Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: «Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.» Ach dúirt sé leo: «Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.» Dúirt siad: «Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile» óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann. Dúirt sé lena dheisceabail: «Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.» Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua. D' ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar. A bhFuil i nDán do Mhac an Duine Dúirt siad á fhreagairt: «Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.» Dúirt sé leo: «Ach cé hé a deir sibhse mé? Agus dúirt Peadar á fhreagairt: «Críost Dé.» Ach d' ordaigh sé dóibh go géar gan é seo a rá le haon duine, agus dúirt: «Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.» Dúirt sé le cách: «Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, saorfaidh an duine sin é. Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal? Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra, is nár le Mac an Duine eisean nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus na n-aingeal naofa. Ach deirim libh go dearfa, tá cuid dá bhfuil anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu.» Agus timpeall ocht lá tar éis na cainte sin, rug sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí. Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d' éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach. Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis b' iad Maois agus Éilias iad agus chonacthas i nglóir iad ag caint faoina imeacht as an saol, rud a bhí le tabhairt chun críche aige in Iarúsailéim. Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach d' fhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis. Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa: «A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d' Éilias» agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá. Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d' imigh siad siúd isteach sa scamall. Agus tháinig glór as an scamall ag rá: «Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!» Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach d' fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d' aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu. Lá arna mhárach, ar theacht anuas dóibh ón sliabh, tháinig slua mór faoina dhéin. Agus bhí duine den slua d' éigh amach: «A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é, agus féach, bíonn spiorad ag breith air, agus screadann sé amach go tobann, agus baineann sé rachtaí as go mbíonn cur leis, agus is ar éigean a scarann sé leis ach á thraochadh. Agus d' iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach, agus níorbh fhéidir leo é.» D' fhreagair Íosa agus dúirt: «Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.» Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t-ógánach agus thug ar ais dá athair é. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. «Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.» Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin. Tháinig sé ina n-aigne a fhiafraí cé acu díobh ba mhó. Ach bhí a fhios ag Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroí, agus thóg sé leanbh agus chuir ina sheasamh é láimh leis, agus dúirt leo: «Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m' ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.» Labhair Eoin agus dúirt: «A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i d' ainmse agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé tú in aonbhuíon linne.» Dúirt Íosa leis: «Ná cuirigí aon chosc leis, óir an té nach bhfuil in bhur n-aghaidh, tá sé ar bhur son. Ansin, nuair a bhí an t-am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim, agus chuir sé teachtairí roimhe amach. Sa tslí dóibh sin, chuaigh siad isteach i mbaile Samárach ag ullmhú dó. Ach ní ghlacfaí san áit sin é de bhrí gur ar Iarúsailéim a bhí a thriall. Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: «A Thiarna, arbh áil leat go n-ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?» Ach d' iompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh. Agus d' imigh siad go dtí baile nárbh é. Agus ag gluaiseacht dóibh, dúirt duine éigin sa tslí leis: «Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.» Dúirt Íosa leis: «Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.» Dúirt sé le duine eile: «Lean mise. Ach dúirt seisean: «A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m' athair a adhlacadh.» Dúirt sé leis: «Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh tusa agus craobhscaoil ríocht Dé.» Dúirt duine eile fós: «Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí.» Ach dúirt Íosa leis: «Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.» Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann. Dúirt sé leo: «Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon. Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d' aon duine ar an mbóthar. Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: 'Síocháin don teach seo,' agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin. Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach. Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: 'Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.' Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí: ' Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.' Deirim libh, is saoire a bheidh ag Sodom an lá úd ná ag an gcathair sin. «Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach. Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse. Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.» Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: «A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d' ainmse.» Dúirt sé leo: «Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc. Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh. Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n-ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.» An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: «Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d' fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. Tá gach aon ní tugtha domsa ag m' Athair. Agus ní eol d' aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.» Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: «Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse. Óir deirim libh, b' áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.» D' éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: «A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?» Dúirt sé leis: «Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?» D' fhreagair sé agus dúirt: «' Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d' anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d' aigne go hiomlán'; agus ' do chomharsa mar thú féin.'» Dúirt sé leis: «Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.» Ach ó b' áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: «Agus cé hé mo chomharsa?» Thug Íosa freagra air á rá: «Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é lomadh agus é leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh. Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Mar an gcéanna do Léivíteach: ar theacht chun na háite agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. Ach, Samárach a bhí ag gabháil an bóthar, tháinig sé mar a raibh sé, agus ar a fheiceáil dó, ghabh trua é, agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de. Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: 'Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.' Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?» Dúirt sé: «An té a rinne an trócaire air.» Dúirt Íosa leis: «Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.» Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí. Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar. Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: «A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m' aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.» Dúirt an Tiarna léi á freagairt: «A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe. Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.» Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: «A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.» Dúirt sé leo: «Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar d' ainm; go dtaga do ríocht; ár n-arán laethúil tabhair dúinn gach lá; agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.» Agus dúirt sé leo: «Má bhíonn duine agaibh agus cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na hoíche á rá leis: 'A chara, tabhair trí builíní ar iasacht dom, óir tá cara dom tagtha chun mo thí as a bhóthar agus níl dada agam a chuirfinn os a chomhair'; agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: 'Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit'; deirim libh, ach mura n-éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air. Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. Cé hé an t-athair in bhur measc go n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc? Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige? Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?» Bhí deamhan á chaitheamh amach aige deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de. Ach dúirt cuid acu: «Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.» Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh. Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: «Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile. Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh. Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh. Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta. Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt. An té nach bhfuil liom tá sé i m' aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann. Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus nuair nach bhfaigheann, deir: 'Fillfidh mé chun mo thí as a dtáinig mé amach.' Agus ar theacht dó, faigheann sé scuabtha, maisithe é. Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spioraid eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.» Agus le linn do bheith ag rá an méid sin, labhair bean go hard as lár an tslua agus dúirt sí leis: «Is méanar don bhroinn a rinne thú a iompar agus do na cíocha a dheoil tú!» Ach dúirt sé: «Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.» Nuair a bhí na sluaite ag tiomsú chuige, thosaigh sé ag rá: «Is drochghlúin an ghlúin seo: tá sí ag lorg comhartha, agus comhartha ní thabharfar di ach comhartha Ióna. Óir, amhail mar bhí Ióna ina chomhartha do na Nínivéigh, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine don ghlúin seo. Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh. Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d' fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna. «Ní lasann aon duine lampa agus é chur i bpoll folaigh, ná faoi bhéal na peice, ach ar an gcrann solais, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an tsoilse. Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas. Féach chuige, mar sin, nach mbíonn an solas atá ionat ina dhorchadas. Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.» Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord. Ar a fheiceáil sin don Fhairisíneach, b' ionadh leis nach ndearna sé an t-ionladh ar dtús roimh an bproinn. Ach dúirt an Tiarna leis: «Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht. A dhaoine gan chiall, nach é an Té a rinne an taobh amuigh a rinne an taobh istigh freisin? Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta. «Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n-íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár. «Is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí. «Is mairg daoibh, mar go bhfuil sibh ar nós na dtuamaí nach bhfeictear, go mbíonn daoine ag siúl os a gcionn gan fhios dóibh féin.» Ach labhair duine de na dlíodoirí: «Ag caint mar sin duit, a Mháistir,» ar sé, «tugann tú easmailt dúinne freisin.» Ach dúirt seisean: «Agus daoibhse freisin is mairg, dlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna. Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n-aithreacha a mharaigh iad! Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n-aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil. Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: 'Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,' ionas go n-éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain, ó fhuil Áibil go dtí fuil Zachairias a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: sea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í. Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo. Agus ar dhul amach as sin dó, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag cothú na mioscaise chuige thar fóir agus á shaighdeadh chun cainte faoi iomad nithe, iad in oirchill air chun greim a fháil ar fhocal éigin as a bhéal. Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: «Seachnaígí sibh féin ar ghabháil is é sin, ar bhréagchrábhadh na bhFairisíneach. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. Agus dá bhrí sin, cibé nithe a dúirt sibh sa dorchadas, cluinfear i solas an lae iad, agus an cogar i gcluais a labhair sibh sna seomraí cúil, fógrófar é ó bharr na dtithe. Ach is libhse a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh. Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin. Nach ndíoltar cúig gealbhain ar dhá phingin? Agus fiú aon cheann amháin acu, níl ar dearmad i láthair Dé. Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain. Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liomsa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingeal Dé; ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingeal Dé. Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a mbíonn diamhasla déanta aige in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann. Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh; óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh an uair sin féin na nithe nach foláir a rá.» Dúirt duine as an slua leis: «A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.» Ach dúirt seisean leis: «A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?» Dúirt sé leo ansin: «Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.» Agus labhair sé parabal leo: «Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barraí breátha uaithi, agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: 'Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barraí?' Dúirt sé ansin: 'Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; agus déarfaidh mé le m' anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.' Ach dúirt Dia leis: 'A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d' anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?' Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.» Dúirt sé lena dheisceabail: «Sin é an fáth a n-abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach. Breathnaígí na fiacha dubha: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar, níl teach stórais acu ná scioból; agus tugann Dia bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná an éanlaith? Cé agaibh a d' fhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh bheith imníoch faoi na rudaí eile? Breathnaígí na lilí mar a fhásann siad: ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóire, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo. An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh! Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin. Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin. Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith. Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh. Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot. Óir, san áit a mbíonn bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroí freisin. «Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh, agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n-osclóidh siad láithreach dó. Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu. Agus cibé acu sa dara nó sa tríú faire a thagann sé, agus nithe a fháil amhlaidh, is dóibh siúd is méanar. Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb' eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach. Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.» Dúirt Peadar ansin: «A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?» Dúirt an Tiarna: «Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth? Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó. Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é. Ach má deir an seirbhíseach sin ina chroí: 'Is é an teacht mall ag mo mháistir é,' agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachaillí aimsire agus na gcailíní, agus ag ithe agus ag ól agus ag meisceoireacht, tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó. An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air; ach an té nárbh eol dó í agus a rinne nithe ba dhíol buillí, gabhfar de bheagán buillí air. An té ar tugadh mórán dó, beifear ag lorg mórán uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air. «Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin! Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích! An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas. Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt agus beirt le triúr; athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.» Dúirt sé freisin leis na sluaite: «Nuair a fheiceann sibh scamall ag éirí san iarthar, deir sibh láithreach: 'Tá báisteach chugainn,' agus is amhlaidh a bhíonn; agus nuair a shéideann sé aneas, deir sibh: 'Beidh teas ann,' agus bíonn. A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t-am seo i láthair a léamh? Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh? Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh tú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam tú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún tú. Deirim leat, ní thiocfaidh tú amach as sin nó go mbeidh an leathfheoirling dheireanach íoctha agat. San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile. Dúirt sé leo á bhfreagairt: «An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna. Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d' áitritheoirí Iarúsailéim? Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.» Dúirt sé an parabal seo: «Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair. Dúirt sé le curadóir na fíniúna: 'Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?' Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: 'A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis, agus b' fhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.'» Bhí sé ag teagasc i sionagóg lá sabóide. Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti á déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith. Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: «A bhean, tá tú fuascailte ó d' éagruas,» agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia. Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: «Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.» D' fhreagair an Tiarna é: «A bhréagchráifeacha,» ar sé, «nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é? Agus an bhean seo, is iníon d' Abrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?» Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d' áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce. Agus dúirt sé: «Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í? Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus d' fhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.» Agus dúirt sé arís: «Cad leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid? Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a d' fholaigh sí i dtrí peice plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.» Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim. Dúirt duine éigin leis: «A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?» Dúirt sé leo: «Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é. Tar éis d' fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: 'A Thiarna, oscail dúinn!' déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: 'Níl a fhios agam cad as daoibh!' Beidh sibh á rá ansin: 'Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.' Ach déarfaidh sé: 'Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!' Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach. Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé. Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!» Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige á rá leis: «Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.» Agus dúirt sé leo: «Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: 'Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam. Agus ní foláir dom bheith ag imeacht romham inniu agus amárach agus amanathar, óir ní cuí go gcuirfí fáidh chun báis amuigh as Iarúsailéim.' «A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh! Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: 'Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!'» Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air. Agus bhí, os a chomhair amach, fear a raibh íorpais air. Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: «An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,» ar sé, «nó an mídhleathach?» Ach d' fhan siad ina dtost. Thóg sé é agus leigheas é agus scaoil uaidh é. Agus dúirt sé leo: «An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?» Agus níorbh fhéidir dóibh freagra a thabhairt ar an méid sin. Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo: «Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú, agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: 'Tabhair áit dó seo,' agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil. Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: 'A chara, gabh níos faide suas'; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.» Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: «Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat. Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill; agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.» Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: «Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!» Dúirt sé leis: «Bhí fear ann agus dinnéar mór aige á thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán. Chuir sé a sheirbhíseach uaidh ar uair an dinnéir á rá leo seo a fuair an cuireadh: 'Tagaigí, mar tá sé reidh anois.' Agus thosaigh siad uile mar a chéile á leithscéalú féin. Dúirt an chéad duine leis: 'Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach á feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.' Dúirt duine eile: 'Tá cúig cuingireacha damh ceannaithe agam, agus táim ag dul á dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.' Agus dúirt duine eile: 'Táim tar éis pósta, agus dá bhrí sin ní fhéadaim dul.' Tháinig an seirbhíseach ar ais agus d' inis an méid sin dá mháistir. Dúirt fear an tí lena sheirbhíseach ansin, agus fearg air: 'Amach leat gan stad faoi shráideanna agus faoi chabhsaí na cathrach, agus seol isteach anseo na boicht agus na mairtínigh agus na daill agus na bacaigh.' Dúirt an seirbhíseach: 'A mháistir, tá ar ordaigh tú déanta, ach tá slí fós ann.' Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach: 'Téigh amach ar na bóithre agus le hais na bhfál, agus cuir d' fhiacha orthu teacht isteach, ionas go mbeidh mo theach lán. Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.'» Bhí sluaite móra á thionlacan, agus d' iompaigh sé agus dúirt leo: «Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú? Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá: ' Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!' Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige? Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána. A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. Óir is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann féin leamh, cad a dhéanfaidh anlann dó? Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!» Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: «Glacann an duine seo peacaigh chuige,» deiridís, «agus itheann sé ina gcuibhreann.» Agus labhair sé an parabal seo leo: «Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í? Agus nuair a fhaigheann, buaileann ar a ghuaillí í go háthasach, agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: 'Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.' Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu. «Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é? Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: 'Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.' Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.» Dúirt sé freisin: «Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige. Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: 'A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.' Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu. Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d' imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach. Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa. D' imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht mhuc. Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d' itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad. Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: 'Cá liacht de lucht tuarastail ag m' athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta! Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m' athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.' Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga. Dúirt an mac leis: 'A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.' Ach dúirt an t-athair lena sheirbhísigh: 'Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa, agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas; óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.' Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis. «Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince. Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus d' fhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun. Dúirt seisean leis: 'Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh d' athair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.' Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air. Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: 'Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde. Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.' Ach dúirt sé leis: 'A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat; ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.'» Dúirt sé lena dheisceabail freisin: «Bhí fear saibhir ann a raibh maor aige, agus gearánadh é seo leis go raibh sé ag scaipeadh a mhaoine. Chuir sé fios air agus dúirt leis: 'Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.' Ansin dúirt an maor ina aigne: 'Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc. Tá a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, ionas, nuair a bheidh mé briste as an maoirseacht, go nglacfaidh siad isteach ina dtithe mé.' Ghlaoigh sé chuige gach aon duine dá raibh i bhfiacha ag a mháistir, agus dúirt leis an gcéad duine: 'Cé mhéad atá ag mo mháistir ort?' Dúirt seisean: 'Tá céad bairille ola.' Dúirt sé leis: 'Tóg do bhille, suigh síos, agus scríobh go tapa caoga.' Ansin dúirt sé le duine eile: 'Cé mhéad atá amuigh ortsa?' Dúirt seisean: 'Tá céad ceathrú arbhair.' Dúirt sé leis: 'Tóg do bhille agus scríobh ochtó.' Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais. Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí. An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach? Agus mura raibh sibh iontaofa faoin rud a bhí ar iasacht agaibh, cé thabharfaidh daoibh an rud is libh de sheilbh dhílis? Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.» Bhí na Fairisi.nigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi. Agus dúirt sé leo: «Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé. «Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean. Ach is fusa neamh agus talamh a imeacht ná aon ghiota amháin den dlí a dhul ar lár. «Gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh óna fear, déanann sé adhaltranas. «Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn. Agus bhíodh duine bocht darbh ainm Lazaras ina luí le hais a gheata agus screamh othras air agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n-othras aige. Ach ansin fuair an duine bocht bás, agus iompraíodh ag na haingil é go hucht Abrahám. Fuair an fear saibhir bás freisin agus adhlacadh é. Agus in ifreann dó, d' ardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht. Agus ghlaoigh sé amach: 'A athair Abrahám,' ar sé, ' bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.' Ach dúirt Abrahám: 'Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá. Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.' Dúirt seisean: 'Iarraim ort más ea, a athair, é chur go dtí teach m' athar óir tá cúigear dearthár agam chun go dtabharfadh sé fios an scéil dóibh d' eagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.' Dúirt Abrahám: 'Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.' Dúirt sé: 'Ní hea, a athair Abrahám, ach má théann duine ó na mairbh chucu déanfaidh siad aithrí.' Ach dúirt sé leis: 'Mura n-éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.'» Dúirt sé lena dheisceabail: «Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad; b' é a leas go gcrochfaí cloch mhuillinn faoina mhuineál agus é theilgean san fharraige níos túisce ná thabharfadh sé scannal d' aon duine amháin de na daoine beaga seo. Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó. Agus má pheacaíonn sé i d' aghaidh seacht n-uaire sa lá agus go n-iompóidh sé chugat seacht n-uaire, ag rá: 'Tá aithreachas orm', maith dó.» Dúirt na haspail leis an Tiarna: «Méadaigh an creideamh againn.» Ach dúirt an Tiarna: «Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: 'Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!' agus dhéanfadh sé rud oraibh. «Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: 'Tar anois agus buail fút ag bord'? Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: 'Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól'? An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe? Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: 'Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d' fhiacha orainn a dhéanamh.'» Ansin, sa tslí dó go Iarúsailéim, ghabh sé feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl; agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh, agus labhair siad go hard á rá: «A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!» Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: «Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.» Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad. Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard, agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean. Labhair Íosa agus dúirt: «Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad? An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?» Agus dúirt sé leis: «Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh tú.» Nuair a d' fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: «Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í, ná ní amhlaidh a déarfar: 'Féach, tá sí anseo'; nó: 'Tá sí ansiúd'; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.» Dúirt sé fós leis na deisceabail: «Tiocfaidh an t-am ar mian libh aon lá amháin a fheiceáil de laethanta Mhac an Duine, agus ní fheicfidh sibh é. Beifear á rá libh: 'Féach, tá sé ansiúd'; nó: 'Féach, tá sé anseo!' Ná téigí ann: ná bígí ar a thóir. De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin. Ar dtús, áfach, ní foláir dó mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ón nglúin seo. Agus amhail mar a bhí i laethanta Naoi, is amhlaidh sin freisin a bheidh i laethanta Mhac an Duine; bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag gabháil fear céile nó ban céile, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc; agus tháinig an díle gur thug an bás dóibh uile. Mar an gcéanna, amhail mar a bhí i laethanta Lót: bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag ceannach, bhí siad ag díol, bhí siad ag plandáil, bhí siad ag tógáil; ach an lá ar imigh Lót amach as Sodom, fearadh tine agus ruibh ó Dhia as an spéir gur thug an bás dóibh uile. Sa chaoi chéanna a bheidh, an lá a bhfuil Mac an Duine le foilsiú. An lá sin, an té a bheidh ar bharr an tí agus a urra tí sa teach, ná téadh sé síos chun é a bhreith leis, agus mar an gcéanna an té a bheidh sa ghort, ná casadh sé ar ais. Cuimhnígí ar mhnaoi Lót! Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil. Deirim libh, beidh beirt fhear in aon leaba an oíche sin; tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beidh beirt bhan ag meilt in éineacht; tógfar bean acu ach fágfar an bhean eile. (Beidh beirt sa ghort; tógfar duine acu, ach fágfar an duine eile.)» Dúirt siad leis á fhreagairt: «Cén áit, a Thiarna?» Dúirt sé leo: «Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.» Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche: «Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige. Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá: 'Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,' ach níorbh áil leis é seal aimsire; ach sa deireadh dúirt sé ina aigne: 'Más ea féin nach bhfuil eagla Dé orm ná beann ar dhuine agam, ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.'» Agus dúirt an Tiarna: «Éistigí leis an mbreitheamh éagórach, a ndeir sé! Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d' oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás? Deirim libh, déanfaidh sé ceart go grod. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?» Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile: «Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile. Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: 'A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n-adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd. Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.' Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: 'A Dhia, glac trua dom, an peacach.' Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.» Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu. Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: «Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.» D' fhiafraigh duine ainmniúil de: «A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?» Dúirt Íosa leis: «Cad chuige go ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. Is eol duit na haitheanta: 'Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair.'» Dúirt seisean: «Choimeád mé iad sin uile ó m' óige.» Ar chloisteáil sin d' Íosa, dúirt sé leis: «Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.» Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige. Ar a fheiceáil amhlaidh d' Íosa, dúirt: «Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé! Sea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.» Agus iad seo a chuala é, dúirt siad: «Agus cé is féidir a shlánú?» Dúirt sé: «Na nithe atá dodhéanta ag daoine, tá siad sodhéanta ag Dia.» Ansin dúirt Peadar: «Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!» Dúirt sé leo: «Deirim libh go fírinneach, níl aon duine a thréig teach ná bean ná deartháireacha ná tuismitheoirí ná clann mar gheall ar ríocht Dé, nach bhfaighidh mórán uair níos mó san aimsir seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.» Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: «Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine. Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air, agus tar éis a sciúrsála, cuirfear chun báis é, agus éireoidh sé an treas lá.» Ach níor thuig siad aon chuid den mhéad sin, agus bhí an focal sin i bhfolach orthu, agus ní raibh a fhios acu cad ba chiall lena chomhrá. Bhí, agus é ag teacht i ngar do Ireachó, dall ina shuí le hais an bhóthair ag iarraidh déirce. Nuair a chuala sé an slua ag gabháil thairis, d' fhiafraigh sé cad é a bhí ar bun. Dúradh leis: «Tá Íosa an Nazórach ag dul thar bráid.» Agus d' éigh sé amach: «A Íosa, a mhic Dháiví, bíodh trua agat dom!» Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b' amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: «A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!» Stad Íosa dá shiúl, agus d' ordaigh é sheoladh chuige. Ar theacht dó ina ghar d' fhiafraigh sé de: «Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?» Dúirt seisean: «A Thiarna, mo radharc a bheith agam!» Dúirt Íosa leis: «Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.» Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia. Agus ar theacht isteach in Ireachó dó, bhí sé ag gabháil tríd. Agus fear darbh ainm Zacháias a bhí ina cheannphoibleacánach agus é saibhir, bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa. Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil. Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: «A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.» Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach. Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: «Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.» Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: «Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d' aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.» Dúirt Íosa leis: «Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d' Abrahám an duine seo freisin: óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.» Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach. Uime sin a dúirt: «Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin. Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: 'Bígí i mbun gnó go dtaga mé.' Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: 'Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.' Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d' ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t-airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach. Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: 'A thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.' Dúirt sé leis: 'Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.» Tháinig an dara duine agus dúirt: 'Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.' Dúirt sé leis sin chomh maith: 'Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.' Ach tháinig an duine eile agus dúirt: 'A thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín. Óir bhí eagla orm romhat, de bhrí gur duine dian tú; glacann tú chugat an rud nár chuir tú i dtaisce agus baineann tú an fómhar nár chuir tú a shíol.' Dúirt sé leis: 'Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol? Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.' Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: 'Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.' ' Ach, a thiarna,' ar siad sin leis, ' tá deich míoná aigesean.' ' Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige. Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.'» Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go Iarúsailéim. Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá: «Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é. Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: 'Cad chuige a bhfuil sibh á scaoileadh?' is é a déarfaidh sibh: 'Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.'» D' imigh na teachtairí agus fuair siad de réir mar a dúirt sé leo. Le linn dóibh bheith ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na húinéirí leo: «Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?» Dúirt siad: «Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,» agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin. Agus ag gluaiseacht dó, bhí siad ag leathadh a mbrat ar an mbóthar. Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d' áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu, á rá: «Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.» Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: «A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.» D' fhreagair sé agus dúirt: «Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, screadfaidh na clocha amach.» Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi, ag rá: «Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile. Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh; nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d' fhiosraithe.» Ansin, ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ag tiomáint na ndíoltóirí amach, ag rá leo: «Tá scríofa: 'Beidh mo theach ina theach urnaithe'; ach tá uaimh robálaithe déanta agaibhse de.» Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith; ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis. Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí, agus dúirt an méid seo leis: «Inis dúinn cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t-údarás sin duit?» Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Tá ceist agamsa le cur oraibhse freisin: insígí dom: An ó neamh nó ó dhaoine a tháinig baisteadh Eoin?» Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, á rá: «Má deirimid: 'Ó neamh,' déarfaidh sé: 'Cad chuige nár chreid sibh ann?' Ach má deirimid: 'Ó dhaoine,' gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.» Agus ba é freagra a thug siad, nach raibh a fhios acu cárbh as dó. Dúirt Íosa leo: «Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.» Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: «Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire. Nuair a tháinig an t-am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh. Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é. Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é ghoin agus é thiomáint amach. Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: 'Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; b' fhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.' Ach nuair a chonaic na curadóirí eisean, bhí siad ag plé an scéil le chéile: 'Is é seo an t-oidhre,' ar siad, ' maraímis é, chun go mba linn féin an oidhreacht.' Agus tar éis dóibh é a thiomáint amach as an bhfíonghort, mharaigh siad é. Dá bhrí sin, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt leo? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíonghort do dhaoine eile.» Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: «Nárab ea!» Ach bhreathnaigh sé orthu agus dúirt: «Murab ea, cad is ciall leis an rud úd atá scríofa: ' An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne di ceann an chúinne'? «Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.» Agus b' fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd. Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d' údarás an ghobharnóra. Chuir siad ceist air: «A Mháistir,» ar siad, «tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh slí Dé de réir na fírinne. An dleathach dúinn cíos a íoc le Céasar nó an mídhleathach?» Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo: «Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuíl a íomhá air agus a inscríbhinn?» Dúirt siad: «Céasar.» Dúirt sé leo: «Íocaigí le Céasar, mar sin, na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.» Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b' ionadh leo a fhreagra, d' fhan siad ina dtost. Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann agus chuir siad ceist air: «A Mháistir,» ar siad, «seo mar a d' ordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: 'Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.' Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann. An dara duine ansin, agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás. Sa deireadh, fuair an bhean féin bás. San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.» Dúirt Íosa leo: «Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile, ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile; óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is clann iad do Dhia ós clann iad don aiséirí. Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib. Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách.» Dúirt cuid de na scríobhaithe á fhreagairt: «A Mháistir, is maith a dúirt tú é!» Óir níor leomh siad as sin amach ceist ar bith a chur air. Dúirt sé leo ansin: «Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost? Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm: ' Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde mar stól faoi do chosa.' «Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?» Agus i gcomhchlos don phobal uile dúirt sé lena dheisceabail: «Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna; an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.» Ag breathnú suas dó, chonaic sé na daoine saibhre ag cur a n-ofrálacha isteach sa chiste. Agus chonaic sé baintreach dhealbh ag cur dhá leathfheoirling ann, agus dúirt: «Deirim libh go dearfa, chuir an bhaintreach bhocht seo níos mó isteach ná cách eile; óir is cuid den iomarca a bhí acu a chuir siad siúd uile isteach sna hofrálacha chun Dé, ach chuir sise isteach as a huireasa a raibh den saol aici.» Nuair a bhí daoine áirithe á rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean: «A bhfuil le feiceáil ansin agaibh tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.» D' fhiafraigh siad de ansin: «Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?» Dúirt sé: «Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m' ainmse ag rá: 'Is mise é'; agus: 'Tá an t-am in achmaireacht.' Ná téigí ina ndiaidh. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.» Dúirt sé leo ansin: «Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir. Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m' ainmse. Is é a thiocfaidh as sin daoibh, go bhféadfaidh sibh fianaise a thabhairt. Dá bhrí sin, bíodh sé de rún agaibh gan ullmhú roimh ré chun bhur gcosanta, óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú. Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh, agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m' ainmse; ach ribe de ghruaig bhur gcinn ní mhillfear. Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha. «Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht. Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti; óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh. Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo: titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche. «Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige; daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire. Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.» Agus labhair sé parabal leo: «Féachaigí an crann fígí agus na crainn eile. Nuair a bhíonn siad ag eascar, bíonn a fhios agaibh ag féachaint orthu, go bhfuil an samhradh in achmaireacht feasta. Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche. Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir. Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.» Bhíodh sé ag teagasc ar feadh an lae sa Teampall, ach san oíche théadh sé amach agus thugadh an oíche ar an gcnoc ar a dtugtar Ola-Choill. Agus ó éirí lae, bhíodh an pobal uile ag teacht chuige sa Teampall ag éisteacht leis. Bhí féile an tSlimaráin, ar a dtugtar an Cháisc, in achmaireacht. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu. Ach chuaigh Sátan isteach in Iúdás ar a nglaotar Isceiriót, a bhí ar uimhir an dáréag. D' imigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é. Agus bhí áthas orthu, agus rinne siad réiteach leis airgead a thabhairt dó. Thug sé a gheall, agus bhí ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh dóibh i leith ón slua. Tháinig lá an tSlimaráin nuair nárbh fholáir an cháisc a íobairt. Chuir sé uaidh Peadar agus Eoin: «Imígí,» ar seisean, «agus ullmhaígí dúinn an cháisc go n-ithimid í.» Dúirt siad leis: «Cárbh áil leat go n-ullmhóimis í?» Dúirt sé leo: «Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul, agus abraigí le fear an tí: 'Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n-ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?' Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra in airde staighre agus feisteas mar is cóir air; déanaigí an réiteach ansiúd.» D' imigh siad agus fuair siad de réir mar a bhí ráite aige leo, agus d' ullmhaigh an cháisc. Nuair a tháinig an uair, lig sé faoi ag bord agus na haspail mar aon leis. Agus dúirt sé leo: «Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fhulaingt dom; óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comhlíonadh ann i ríocht Dé.» Agus ghlac sé cupa, agus ar altú dó dúirt: «Tógaigí é seo agus roinnigí eadraibh é; óir deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú na fíniúna nó go mbeidh ríocht Dé tagtha.» Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: «Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.» Agus mar an gcéanna an cupa, tar éis na proinne, ag rá: «Is é an cupa seo an tiomna nua i m' fhuil atá le doirteadh ar bhur son. Féach, áfach: tá lámh fhear mo bhraite in éineacht liom ag an mbord. Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.» Agus thosaigh siad ag fiafraí dá chéile cén duine acu a bhí chun é seo a dhéanamh. D' éirigh imreas eatarthu freisin féachaint cén duine acu ba mhó le háireamh. Dúirt sé leo: «Ríthe na náisiún, bíonn siad ag rialúchán orthu, agus iad seo a mbíonn údarás acu os a gcionn, tíolaiceoirí a ghlaoitear orthu. Ach nárab amhlaidh sin daoibhse, ach an té is mó eadraibh, bíodh ar nós an té is óige, agus an té atá ina cheann, ar nós an fhir freastail. Cé acu is mó dáiríre, an té a bhíonn ag bord nó an té a bhíonn ag freastal? Nach é an té a bhíonn ag bord? Ach táimse in bhur measc ar nós an té a bhíonn ag freastal. Is sibhse an mhuintir a sheas go buan liom i mo thrialacha; agus tá ríocht agam á dáil oraibh, de réir mar dháil m' Athair orm féin í: ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus bheith in bhur suí i ríchathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael. «A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair; ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.» Dúirt seisean leis: «A Thiarna, táim ullamh ar dhul leatsa chun príosúin agus fós chun báis.» Ach dúirt sé: «Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.» Dúirt sé leo ansin: «Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?» Dúirt siad: «Ní raibh.» Dúirt sé leo: «Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach. Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: 'Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.' Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.» Dúirt siad: «A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.» Dúirt sé leo: «Is leor.» Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é. Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: «Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.» Agus chuaigh sé i leataoibh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche, agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: «A Athair,» deireadh sé, «más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.» Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh. Ar éirí ina sheasamh dó ón nguí, tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad le barr dobróin, agus dúirt sé leo: «Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachadh sibh i gcathú.» Le linn dó bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí Iúdás, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le Íosa chun é a phógadh. Dúirt Íosa leis: «A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?» Nuair a chonaic a mhuintir cad a bhí chucu, dúirt siad: «A Thiarna, an mbuailfimid buille chlaíomh?» Agus bhuail duine acu seirbhíseach an ardsagairt agus bhain sé an chluas dheas de. Labhair Íosa agus dúirt: «Ligigí dóibh; is leor an méid sin,» agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í. Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: «An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí? Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n-uairse í seo, agus cumhacht an dorchadais.» Tar éis dóibh é a ghabháil, sheol siad leo é agus thug isteach i dteach an ardsagairt é. Bhí Peadar á leanúint i bhfad siar. Ansin, nuair a bhí an tine ar lasadh acu i lár na cúirte, agus iad ina suí síos le chéile, shuigh Peadar ina dhuine eatarthu. Chonaic cailín aimsire ina shuí sa solas é, agus tar éis di féachaint go caol air, dúirt: «Bhí sé seo freisin ina chuideachta siúd.» Ach shéan seisean é á rá: Níl aithne agam air, a bhean!» I gcionn tamaill bhig, chonaic duine eile é agus dúirt: «Is duine díobh sin tusa freisin.» Ach dúirt Peadar: «Ní hea, a dhuine!» Agus i gcionn timpeall aon uaire amháin, dhearbhaigh duine eile á rá: «Is cinnte go raibh sé seo freisin in éineacht leis siúd, agus, rud eile de, is Gailíleach é.» Ach dúirt Peadar: «Níl a fhios agam cad tá tú a rá, a dhuine!» Agus ar an mball, le linn dó bheith ag caint, ghlaoigh an coileach. Agus d' iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: «Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.» Agus chuaigh sé amach agus ghoil go goirt. Ansin, na fir a raibh sé i ngéibheann acu, bhí siad ag fonóid faoi agus á bhualadh; agus chuiridís dallóg air agus d' fhiafraídís de: «Tairngir! cé hé sin a bhuail thú?» Agus dúirt siad mórán nithe eile ina aghaidh, á dhiamhaslú. Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n-ardchomhairle é. «Más tú an Críost,» ar siad, «abair linn é.» Dúirt sé leo: «Má deirim libh é, ní chreidfidh sibh; agus má chuirim ceist oraibh, ní fhreagróidh sibh. Amach anseo, áfach, beidh Mac an Duine ina shuí ar dheis chumhachta Dé.» Dúirt siad uile: «An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?» Dúirt sé leo: «Deir sibh féin é: is mé.» «Cad is gá dúinn a thuilleadh fianaise?» ar siadsan, «óir chualamar féin as a bhéal féin é.» D' éirigh siad ansin, an comhthionól uile, agus sheol siad é i láthair Phioláit. Thosaigh siad á chiontú á rá: «Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.» D' fhiafraigh Pioláit de: «An tusa Rí na nGiúdach?» Dúirt sé leis á fhreagairt: «Deir tú féin é.» Dúirt Pioláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: «Ní bhfaighim ciontacht ar bith sa duine seo.» Ach ba dhéinide fós a n-aitheasc siúd: «Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.» Ar a chloisteáil sin do Phioláit, d' fhiafraigh sé ar Ghailíleach an duine, agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaród dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin. Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; b' é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil á dhéanamh aige. Chuir sé go leor ceisteanna air, ach níor thug seisean freagra ar bith air. Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd á chiontú ar a ndícheall. Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é. Agus tháinig Héaród agus Pioláit chun bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin. Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile agus dúirt sé leo: «Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Sea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith. Ní bhfuair ná Héaród, ós rud é gur chuir sé ar ais chugainn é. Is léir nach bhfuil rud ar bith déanta aige a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.» Ach b' éigean dó aon duine amháin a scaoileadh chucu le linn na féile. Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: «Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!» duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhúnmharú. Chuir Pioláit caint orthu arís, mar b' áil leis Íosa a scaoileadh saor. Ach bhí siad ag liúireach: «Céas é, céas é!» Dúirt sé leo den tríú huair: «Cén t-olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.» Ach bhí siadsan á dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha. Ansin, thug Pioláit de bhreith an rud a d' iarr siad a thabhairt dóibh; scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú an té a d' iarr siad ach thug sé Íosa suas chun a dtola. Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa. Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh. Ach d' iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: «A iníona Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann. Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: 'Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.' Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: 'Titigí orainn!' agus leis na cnoic: 'Folaigí sinn!' Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!» Bhí beirt choirpeach eile á seoladh mar aon leis chun a mbásaithe. Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar an Cloigeann, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé. Dúirt Íosa: «A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.» Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad. D' fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: «Shaor sé daoine eile,» deiridís, «saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.» Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige deiridís: «Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!» Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: «Rí na nGiúdach é seo.» Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá: «Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.» Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: «An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna? Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.» Agus dúirt: «A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!» Agus dúirt seisean leis: «Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.» Bhí sé timpeall an séú huair faoin am seo nuair a tháinig dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair, mar chaill an ghrian a solas. Réabadh brat an Teampaill ina lár. Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: «A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh. Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé. Nuair a chonaic an taoiseach céad cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia á rá: «Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.» Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n-uchta. Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin. Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den chomhairle, duine maith fíréanta. Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Airiomatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé. Chuaigh sé seo go dtí Pioláit agus d' iarr corp Íosa air. Ansin thóg sé anuas den chros é, d' fhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh. B' é lá an ullmhaithe é, agus an tsabóid ag druidim leo. Agus na mná a bhí tagtha ón nGailíl in éineacht leis, lean said Iósaef agus chonaic siad an tuama agus an socrú a tugadh ar a chorp. Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d' ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d' fhan siad ina gcónaí do réir na haithne. An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. Fuair siad an chloch iompaithe siar ón tuama; ach ar dhul isteach ann dóibh, ní bhfuair siad corp an Tiarna Íosa. Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu. Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: «Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh? Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl, mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.» Agus tháinig a bhriathra chun a gcuimhne. Ar theacht ar ais dóibh ón tuama, d' inis siad an méid sin uile don aon duine déag agus don chuid eile go léir. Ba iad siúd, Máire Mhaigdiléana, agus Ióanna, agus Máire máthair Shéamais. Na mná eile a bhí leo, dúirt siadsan freisin an méid sin leis na haspail. Ach samhlaíodh dóibh sin nach raibh sna ráite úd ach seafóid agus níor chreid siad iad. Chuir Peadar chun siúil, áfach, agus rith sé go dtí an tuama, agus ar chromadh síos dó, ní raibh le feiceáil aige ach na héadaí lín, agus d' imigh abhaile agus é lán d' ionadh faoin rud a tharla. Agus an lá sin féin, bhí beirt acu ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáus a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim, agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; ach bhí a súile coinnithe chun nach n-aithneoidís é. Dúirt sé leo: «Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?» Agus stad siad suas agus iad go gruama. Dúirt duine acu leis á fhreagairt Cleopas ab ainm dó: «An tusa an t-aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?» Dúirt sé leo: «Cad iad na nithe?» Dúirt siad leis: «Mar gheall ar Íosa Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; mar a thug ár n-ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é. Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin, nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.» Ansin dúirt sé féin leo: «A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint! Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?» Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin. Nuair a bhí siad i ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide, agus rinne siad tathant air á rá: «Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.» Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu. Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d' aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu. Agus dúirt siad le chéile: «Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?» Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t-aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile agus é de scéal acu: «Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.» Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d' aithin siad é i mbriseadh an aráin. Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: «Síocháin daoibh!» Ghlac siad scéin agus uamhan, á mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad. Ach dúirt sé leo: «Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agamsa.» Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa. Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: «An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d' íosfaí?» Thug siad blúire d' iasc rósta dó. Ghlac sé é agus d' ith ina láthair é. Ansin dúirt sé leo: «Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: 'Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.'» Ansin d' oscail sé a n-aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir, agus dúirt sé leo: «Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh an treas lá, agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. Is finnéithe sibhse ar na nithe seo. Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag m' Athair. Ach fanaigí sibhse sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar neimhe.» Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad. Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é. Agus tar éis dóibh umhlú dó, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim agus áthas mór orthu, agus bhídís sa Teampall de ghnáth ag moladh agus ag beannú Dé. An Brollach Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia. Rinneadh an uile ní tríd agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh. Is ann a bhí an bheatha agus ba é solas na ndaoine an bheatha. Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é. Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia, agus Eoin a ba ainm dó. Tháinig sé ag déanamh fianaise chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais chun go gcreidfeadh cách tríd. Níorbh é féin an solas ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais. An solas fírinneach a shoilsíonn gach aon duine, bhí sé ag teacht ar an saol. Bhí sé ar an saol agus is tríd a rinneadh an saol, agus níor aithin an saol é. Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é. Ach an uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm, an mhuintir nach as folanna a rugadh iad ná as toil feola, ná as toil fir ach ó Dhia. Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d' fhírinne. Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh agus glaonn in ard a ghutha: «É seo an té a ndúirt mé faoi: ' An té atá ag teacht í mo dhiaidh, tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.'» Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht, sea, grásta ar ghrásta. Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois, ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost. Ní fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d' aithris. Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de: «Cé hé thusa?» D' admhaigh sé agus níor shéan agus d' admhaigh sé: «Ní hé an Críost mé.» D' fhiafraigh siad de: «Cad eile, más ea? An tú Éilias?» «Ní mé,» ar seisean. «An tú an fáidh?» Agus d' fhreagair: «Ní mé.» Dúirt siad leis mar sin: «Cé hé thú? chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?» Dúirt sé: «Is glór duine mé ag éamh san fhásach: 'Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,' mar a dúirt Íseáia fáidh.» Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí, agus chuir siad ceist air: «Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,» ar siad, «mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?» Thug Eoin freagra orthu: «Déanaim féin baisteadh le huisce,» ar seisean, «ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh, an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.» I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste. Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: «Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain. Eisean an té a ndúirt mé faoi: 'Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.' Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun go nochtfaí d' Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce.» Agus thug Eoin fianaise: «Chonaic mé,» ar sé, «an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air. Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: 'An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.' Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé.» Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: «Seo é Uan Dé.» Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa. D' iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: «Cad tá uaibh?» D' fhreagair siad é: «A raibí» is é sin le rá «a mháistir» «Cá bhfuil cónaí ort?» «Tagaigí agus feicigí,» ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d' fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair. Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar. Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: «Fuaireamar an Meisias» is é sín le rá an tUngthach. Thug sé leis é chun Íosa. D' fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: «Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas» focal a chiallaíonn Carraig. Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: «Lean mise.» Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib. Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: «An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.» Dúirt Natanael: «As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?» «Tar agus feic,» a dúirt Pilib leis. Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: «Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.» «Cén chaoi a n-aithníonn tú mé?» arsa Natanael leis. D' fhreagair Íosa: «Sular ghlaoigh Pilib ort,» ar sé leis, «agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.» D' fhreagair Natanael é: «A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.» D' fhreagair Íosa: «De bhrí go ndúirt mé leat,» ar sé leis, «go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú. Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo. Go deimhin féin, a deirim libh,» ar sé leis, «go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.» An triú lá bhí pósadh i gCána sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann. Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail. Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa: «Níl aon fhíon acu.» Dúirt Íosa léi: «Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m' uairse tagtha fós.» Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: «Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.» Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann. Dúirt Íosa leo: «Líonaigí na soithí suas le huisce.» Agus líon siad go béal iad. Dúirt sé leo: «Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.» Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta, agus dúirt leis: «Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.» Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann. Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus d' fhan siad ann beagán laethanta. Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin. Fuair sé sa sanctóir lucht ba agus caoirigh agus colmáin a dhíol, agus lucht airgead a mhalartú ina suí ann. Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird, agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol: «Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach m' Athar.» Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: «Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.» D' fhreagair na Giúdaigh ansin: «Cén comhartha,» ar siad leis, «atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?» D' fhreagair Íosa: «Leagaigí an teampall seo,» ar sé leo, «agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.» Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: «Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?» Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt. Nuair a d' aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa. Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige. Ach Íosa féin, níor thug sé é féin ar iontaoibh dóibh mar gurb aithnid dó iad go léir. Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí fhios aige féin cad a bhí sa duine. Bhí ar na Fairísinigh duine darbh ainm Níocodaemas, uachtarán ar na Giúdaigh. Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: «Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.» D' fhreagair Íosa: «Amen, Amen,» ar sé leis, «mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.» Dúirt Níocodaemas leis: «Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d' fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?» D' fhreagair Íosa: «Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé. An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í; an ghin ón Spiorad is spiorad í. Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat: ' Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.' Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.» D' fhreagair Níocodaemas: «Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?» ar sé leis. D' fhreagair Íosa: «Is oide in Iosrael thú,» ar sé leis, «agus nach eol duit na nithe sin! Go deimhin féin a deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise. Má inis mé nithe talmhaí daoibh, agus nach gcreideann sibh, cén chaoi a chreidfidh sibh, má insím nithe neamhaí daoibh? Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh, ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine [atá ar neamh]. Faoi mar a d' ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú, i dtreo, gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí aige. Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige. Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd. An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin. Agus an daorbhreith, is mar seo í: mar gur tháinig an solas isteach sa saol, agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha. Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfí a ghníomhartha. Ach an té a dhéanann an fhírinne, tagann sé chun an tsolais, chun go dtaispeáinfí gur i nDia a rinneadh a ghníomhartha.» Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d' fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste. Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad. Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair. D' éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh. Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: «A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.» D' fhreagair Eoin: «Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,» ar sé, «mura dtugtar dó ó neamh. Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: 'Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.' An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t-áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán. Ní foláir dósan méadú, ach domsa laghdú. An té a thagann anuas tá sé os cionn cách. An té atá ón talamh is ón talamh dó agus is dá réir a labhraíonn sé. An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách. An rud a chonaic sé agus a chuala sé, déanann sé fianaise air, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise. An té a ghlacann a fhianaise chuir sé a shéala leis gur fírinneach é Dia. Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad. Tá grá ag an Athair don Mhac agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige dó. An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.» Nuair a d' airigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal á ndéanamh ag Íosa agus á mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail d' fhág sé Iúdáia agus d' imigh sé arís don Ghailíl. Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire. Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é. Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: «Tabhair dom deoch.» Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. Dúirt an Samárach mná leis ansin: «Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?» Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh. D' fhreagair Íosa: «Dá mba eol duit tabhartas Dé,» ar sé léi, «agus cé hé a deir leat: 'Tabhair dom deoch,' is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.» «Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,» arsa an bhean leis, «agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo? An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?» D' fhreagair Íosa: «Gach duine a ólann an t-uisce seo,» ar sé léi, «beidh tart arís air. Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.» Dúirt an bhean leis: «A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.» Dúirt sé léi: «Imigh agus glaoigh ar d' fhear agus fill anseo.» D' fhreagair an bhean: «Níl fear agam,» ar sí leis. Dúirt Íosa léi: «Is maith a dúirt tú: 'Níl fear agam'; óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d' fhear é. D' inis tú an fhírinne sa mhéid sin.» Dúirt an bhean leis: «A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.» Dúirt Íosa léi: «Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh. Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú. Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh. Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.» Dúirt an bhean leis: «Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht» is é sin le rá an Críost «agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.» Dúirt Íosa léi: «Mise é atá ag caint leat.» Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: «Cad tá uait?» ná «Cén fáth tú a bheith ag caint léi?» Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d' imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: «Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d' inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?» Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo. Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: «A raibí,» ar siad leis, «bí ag ithe.» Dúirt sé leo: «Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.» Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: «An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?» Dúirt Íosa leo: «Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích. Nach ndeir sibhse ' Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann'? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair. Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht. Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo: ' Cuireann duine, baineann duine eile.' Sheol mise sibhse uaim chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin. Shaothraigh daoine eile é, agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.» Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: «D' inis sé dom gach ní dá ndearna mé.» Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d' fhan sé ansiúd dhá lá. Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair agus deiridís leis an mbean: «Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.» Tar éis an dá lá d' fhág sé an áit sin agus d' imigh don Ghailíl. Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin. Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith. Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum. Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d' iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis. Dúirt Íosa leis: «Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.» Dúirt an t-oifigeach ríoga leis: «Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.» Dúirt Íosa leis: «Imigh leat, tá do mhac beo. Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d' imigh. Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d' inis siad dó go raibh a mhac beo. D' fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: «Ar an seachtú huair inné d' fhág an fiabhras é.» Thuig an t-athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: «Tá do mhac beo,» agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad. Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl. Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim. Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid. Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce. Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t-uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air). Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid. Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: «Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?» «A dhuine uasail,» arsa an t-easlán leis á fhreagairt, «níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t-uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.» Dúirt Íosa leis: «Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.» Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis. Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: «Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar.» D' fhreagair sé iad: «An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: 'Tóg do shráideog agus siúil.'» D' fhiafraigh siad de ansin: «Cé hé an duine a dúirt leat: 'Tóg do shráideog agus siúil'?» Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit. Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: «Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.» D' imigh an duine agus d' inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é. Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid. Is é freagra a thug Íosa orthu: «Tá m' Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.» Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia. Thug Íosa freagra: «Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna. Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse. Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh agus iad a dhéanamh beo, mar an gcéanna déanann an Mac beo an mhuintir is toil leis; mar ní thugann an tAthair breith ar aon duine ach thug sé an uile bhreith dá Mhac, i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é. Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha. Amen, Amen, a deirim libh, tá an uair ag teacht tá sí ann cheana nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad. Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin, thug sé don Mhac mar an gcéanna beatha a bheith ann féin aige, agus thug sé údarás dó breithiúnas a dhéanamh de bhrí gurb é Mac an Duine é. Ná déanaigí ionadh den mhéid sin, óir tá an uair ag teacht, a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí glór Mhac Dé, agus tiocfaidh siad amach iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t-olc chun aiséirí an bhreithiúnais. Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé. Dá dtabharfainn fianaise orm féin ní bheadh m' fhianaise iontaofa. Tá neach eile ann a thugann fianaise orm, agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaise a thugann sé orm. Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoin agus thug sé fianaise ar an bhfírinne. Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine, ach tá na nithe seo á rá agam chun go slanófaí sibh. Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas. Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m' Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé. An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth ná ní fhaca sibh a dheilbh, agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh. Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa, ach ní áil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh. Ní ghabhaim glóir ó dhaoine. Ach tá aithne agam oraibh, nach bhfuil grá Dé agaibh ionaibh. Tháinig mise in ainm m' Athar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean. Conas a b' fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir á glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin. Ná measaigí go bhfuilim chun sibh a chúisiú i láthair an Athar; tá duine do bhur gcuisiú Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as. Dá gcreidfeadh sibh Maois, chreidfeadh sibh mise, óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean. Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean, conas a chreidfidh sibh mo bhriathar-sa? Ina dhiaidh sin d' imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias. Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis. Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail. Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht. Nuair a d' ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: «Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?» Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh. D' fhreagair Pilib é: «Níor leor luach dhá chéad déanar d' arán chun go mbeadh greim an duine acu.» Dúirt duine dá dheisceabail leis ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar: «Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?» Dúirt Íosa: «Cuirigí na daoine ina suí» bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. Agus thóg Íosa na builíní, d' altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b' áil leo de na héisc. Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: «Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.» Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d' fhág na daoine a fuair an béile. Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: «Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.» Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar. Nuair a bhí an tráthnóna ann chuaigh a dheisceabail síos chun na farraige, agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós. Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d' éirigh suaitheadh ar an bhfarraige. Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d' fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu. Ach dúirt sé leo: «Mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.» B' áil leo ansin é thógáil isteach sa long, agus bhí an long gan aon mhoill ag an talamh mar a raibh siad ag dul. Lá arna mhárach chonaic an slua a d' fhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin. Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna. Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa. Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: «A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?» D' fhreagair Íosa: «Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith. Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.» Dúirt siad leis ansin: «Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?» D' fhreagair Íosa: «Is í seo obair Dé,» ar sé leo, «go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.» Dúirt siad leis: «Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh? D' ith ár n-aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: 'Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.'» Dúirt Íosa leo ansin: «Amen, Amen, a deirim libh, ní hé Maois a thug an t-arán ó neamh daoibh, ach is é m' Athair a thugann an t-arán ó neamh daoibh, an t-arán fírinneach. Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha don domhan.» «A dhuine uasail,» ar siad ansin leis, «tabhair dúinn an t-arán sin i gcónaí.» Dúirt Íosa leo: «Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche. Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach gcreideann sibh. Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é. Óir tháinig mé anuas ó neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé. Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach. Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.» Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: «Is mise an t-arán a tháinig anuas ó neamh.» «Nach é seo,» a deiridís, «Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: 'Tháinig mé anuas ó neamh'?» D' fhreagair Íosa: «Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin,» ar sé. «Ní féidir d' aon duine teacht chugam, gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt, agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach. Tá sé scríofa sna fáithe: ' Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.' An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa. Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair; ach an té atá tagtha ón Athair, chonaic seisean an tAthair. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige. Mise arán na beatha. D' ith bhur n-aithreacha manna san fhásach agus fuair siad bás. Is é seo an t-arán a thagann anuas ó neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás. Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo, agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é m' fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.» Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: «Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?» Dúirt Íosa leo: «Amen, Amen, a deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine, agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh. An té a itheann m' fheoil agus a olann m' fhuil, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach. Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola. An té a itheann m' fheoil agus a ólann m' fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann. Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom. Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.» Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg. Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: «Is crua an chaint í seo, agus cé a d' fhéadfadh éisteacht léi?» Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: «An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana? Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad. Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.» Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath. Lean sé air: «Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d' aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m' Athair.» Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh. Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: «Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?» D' fhreagair Síomón Peadar é: «A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí, agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.» D' fhreagair Íosa iad: «Nach ndearna mé, sibhse, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh.» Is ar Iúdás mac Shíomóin ó Isceiriót a bhí sé ag caint; óir bhí seisean chun é a bhrath agus gur dhuine den dáréag é. Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis. Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achmaireacht. Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: «Fág an áit seo agus imigh go Iúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh. Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin tú féin don saol.» Óir níor chreid fiú a bhráithre ann. Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: «Níor tháinig m' uain-sé go fóill; ach tá bhur n-uain-sé i gcónaí ullamh. Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc. Téigí-sé suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo [fós], óir níl m' uain-sé comhlíonta go fóill.» Ar rá na nithe sin leo, d' fhan sé sa Ghailíl. Ach nuair a bhí a bhráithreacha imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim. Bhí na Giúdaigh dá réir sin á lorg lá na féile agus deiridís: «Cá bhfuil sé siúd?» agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: «Duine maith é»; tuilleadh acu á rá: «Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.» Níor labhair aon duine, áfach, amach os ard ina thaobh, le heagla roimh na Giúdaigh. Nuair a bhí ceiliúradh na féile leath-thart, chuaigh Íosa suas isteach sa Teampall agus chrom ar theagasc. Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: «Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?» D' fhreagair Íosa ansin: «An teagasc seo a thugaim,» ar sé, «ní liomsa é ach leis an té a chuir uaidh mé. Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt. An té a labhraíonn uaidh féin, bíonn a ghlóir féin á lorg aige. An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é, tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann. Nár thug Maois an dlí daoibh? agus ní chomhlíonann aon duine agaibh an dlí. Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?» D' fhreagair an slua: «Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?» D' fhreagair Íosa: «Aon obair amháin a rinne mé,» ar sé, «agus tá ionadh oraibh go léir. Thug Maois, más ea, an timpeallghearradh daoibh ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha agus déanann sibh timpeallghearradh ar dhuine fiú sa tsabóid. Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid? Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.» Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: «Nach hé seo an fear atá siad a iarraidh a chur chun báis? Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní á rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é? Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní eol d' aon duine cad as dó.» Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall: «Tá aithne agaibh orm, más ea,» ar sé, «agus is eol daoibh cad as dom; agus ní uaim féin a tháinig mé; ach is fíor é an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne agaibhse air. Ach tá aithne agamsa air mar is uaidh a tháinig mé agus is eisean a chuir uaidh mé.» Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós. Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: «Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?» Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabhail. Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: «Beidh mé faraibh tamall beag fós, ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé. Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé, agus an áit ina bhfuilimse ní féidir daoibhse teacht ann.» Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: «Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc? Cad í an chaint í seo a dúirt sé: 'Beidh sibh ar mo lorg ach ní bhfaighidh sibh mé; agus an áit ina bhfuilimse, ní féidir daoibhse teacht ann'?» Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: «Má tá tart ar aon duine,» ar sé, «tagadh sé chugamsa agus óladh sé! An té a chreideann ionamsa, faoi mar a deir an scrioptúr, rithfidh as a chroí istigh sruthanna d' uisce beo.» Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad [bronnta] fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú. Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: «Is é seo an fáidh gan amhras.» Deireadh tuilleadh acu: «Is é an Críost é seo,» ach deireadh cuid eile acu: «An as an nGailíl atá an Críost ag teacht? Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?» D' éirigh aighneas ina thaobh dá réir sin i measc an tslua. Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann. Tháinig na póilíní dá bhrí sin go dtí na hardsagairt agus na Fairisínigh agus dúirt siadsan leo: «Cad chuige nár thug sibh libh é?» D' fhreagair na póilíní: «Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.» D' fhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: «An féidir gur mealladh sibhse comh maith? Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann? Ach an slua seo nach eol dóibh an dlí, tá mallacht orthu.» Níocodaemas an té a tháinig chuige roimhe sin agus gur dhuine acu é dúirt sé leo: «An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?» D' fhreagair siad agus dúirt leis: «An amhlaidh is Gailíleach tusa chomh maith? Cuardaigh an scrioptúr agus féach nach n-éiríonn fáidh ón nGailíl.» [Ansin chuaigh gach duine abhaile. Agus chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc. Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: «A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. D' ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?» Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d' éirigh sé suas agus dúirt leo: «An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.» Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. Arna chlos sin dóibh d' imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. D' éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: «A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?» «Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,» ar sí. Dúirt Íosa léi: «Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.»] Labhair Íosa leo arís más ea: «Is mise,» ar sé, «solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.» Dúirt na Fairisínigh leis ansin: «Tá tú ag tabhairt fianaise i do thaobh féin; níl d' fhianaise iontaofa.» D' fhreagair Íosa: «Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin, is iontaofa í m' fhianaise, óir is eol dom cad as ar tháinig mé agus cá bhfuil mo thriall. Ach ní eol daoibhse cad as ar tháinig mé nó cá bhfuil mo thriall. Tugann sibhse breith de réir na colainne; ní thugaimse breith ar aon duine. Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith, óir ní i m' aonar atáim, ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé. Agus tá sé scríofa in bhur ndlí go bhfuil fianaise beirte iontaofa. Tugaimse fianaise i mo thaobh féin, agus tugann an tAthair a chuir uaidh mé fianaise i mo thaobh.» Dúirt siad leis ansin: «Cá bhfuil d' Athair?» D' fhreagair Íosa: «Níl aithne agaibh ormsa ná ar m' Athair. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m' Athair chomh maith.» Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós. Dúirt Íosa leo arís: «Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.» Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar á rá: «An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: 'An áit ina bhfuilimse ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann'?» Lean sé air: «Is ón áit thíos sibhse,» ar sé leo, «is ón áit thuas mise. Is den saol seo sibhse, ní den saol seo mise. Uime sin a dúirt mé libh: ' Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.' Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.» Dúirt siad leis ansin: «Cé hé thú féin?» Dúirt Íosa leo: «Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor? Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol.» Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin: «Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo. An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i m' aonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis.» Chreid a lán ann agus na nithe sin á rá aige. Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: «Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre, agus beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.» D' fhreagair siad é: «De shíol Abrahám sinne é, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: 'Saorfar sibh'?» D' fhreagair Íosa iad: «Amen, Amen, a deirim libh, gach duine a dhéanann peaca, tá sé in a dhaor ag an bpeaca. Ní fhanann an daor sa teach de shíor, ach fanann an mac de shíor. Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin beidh sibh saor dáiríre. Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh, ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú, mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh. Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m' Athair. Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibh ó bhur n-athair.» D' fhreagaír siad agus dúirt leis: «Is é Abrahám ár n-athair.» Dúirt Íosa leo: «Más clann d' Abrahám sibh, déanaigí mar a rinne Abrahám. Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú, duine a labhair an fhírinne libh, faoi mar a chuala í ó m' Athair. Ní dhearna Abrahám é sin. Déanann sibhse obair bhur n-athar féin.» Dúirt siad leis: «Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.» Dúirt Íosa leo: «Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa. Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé. Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint? De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos. Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n-athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é. Ach de bhrí go labhraímse an fhírinne, ní chreideann sibhse mé. Cén duine agaibh a dhéanfaidh mé a chiontú in éagóir? Má labhraím an fhírinne, cén fáth nach gcreideann sibh mé? An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé. Is é fáth nach n-éisteann sibhse, de bhrí nach ó Dhia sibh.» D' fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: «Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?» D' fhreagair Íosa: «Níl aon deamhan ionam, ach tugaim onóir do m' Athair agus tugann sibhse easonóir dom. Ní ag lorg mo ghlóire féin atáim; tá Neach a lorgaíonn m' onóir agus a thugann breith. Amen, Amen, a deírim libh, má choinníonn aon duine mo bhriatharsa ní fheicfidh sé bás choíche.» Dúirt na Giúdaigh leis: «Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: 'Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.' An ea gur mó thusa ná ár n-athair Abrahám atá marbh? Agus na fáithe freisin, tá siad marbh. Cé tá tú a dhéanamh díot féin?» D' fhreagair Íosa: «Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin, ba neamhní mo ghlóir. Is é m' Athair a dhéanann mé a ghloiriú, an té a ndeir sibhse mar gheall air: 'Is é ár nDia é.' Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agamsa air, áfach. Dá ndéarfainn: 'Níl aithne agam air,' bheinn cosúil libhse, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar. Rinne Abrahám bhur n-athair lúcháir go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Chonaic, agus bhí áthas air.» Ansin dúirt na Giúdaigh leis: «Níl tú caoga bliain d' aois fós agus an bhfaca tú Abrahám?» Dúirt Íosa leo: «Amen, Amen, a deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táimse ann.» Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d' fholaigh Íosa é féin agus d' imigh amach as an Teampall. Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn. D' fhiafraigh a dheisceabail de: «A raibí,» ar siad, «cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?» D' fhreagair Íosa: «Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann. Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d' aon duine obair a dhéanamh. An fad atáim ar an saol is mé solas an tsaoil.» Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill agus dúirt sé leis: «Imigh agus nigh i Linn Siolóam» is é sin le rá, Seolta. D' imigh sé, nigh é féin agus d' fhill agus a radharc aige. Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: «Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?» Dúirt daoine: «Is é.» Dúirt daoine eile: «Ní hé, ach is cosúil leis é.» Dúirt sé féin: «Is mé é.» Dúirt siad leis ansin: «Conas a osclaíodh do shúile mar sin?» D' fhreagair sé: «An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: 'Imigh go Linn Siolóam agus nigh.' D' imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.» D' fhiafraigh siad: «Cá bhfuil sé?» «Níl a fhios agam,» ar sé. Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth. Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d' oscail sé súile an duine. D' fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: «Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.» Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: «Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.» Dúirt cuid eile: «Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?» Agus bhí aighneas eatarthu. Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: «Cad deir tusa mar gheall air ó d' oscail sé do shúile?» D' fhreagair sé: «Fáidh is ea é.» Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc agus gur cheistigh siad iad: «An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?» ar siad. «Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?» D' fhreagair a thuismitheoirí: «Is eol dúinn,» ar siad, «gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é. Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d' oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.» Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d' admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg. Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: «Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.» Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: «Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.» D' fhreagair seisean iad ansin: «Más peacach é níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.» Dúirt siad leis ansin arís: «Cad a rinne sé leat? Conas a d' oscail sé do shúile?» D' fhreagair sé iad: «D' inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?» Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: «Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne. Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.» D' fhreagair an fear: «Is iontach an rud é go deimhin,» ar sé leo, «nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa. Tá a fhios againn nach n-éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin. Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall. Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.» D' fhreagair siad agus dúirt leis: «I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?» Agus chaith siad amach é. Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: «An gcreideann tú i Mac an Duine?» D' fhreagair seisean: «Cé hé féin, a thiarna?» ar sé leis «chun go gcreidfinn ann.» Dúirt Íosa leis: «Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é.» Dúirt seisean: «Creidim, a Thiarna,» agus rinne sé ómós dó. Dúirt Íosa: «Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.» Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: «Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?» Dúirt Íosa leo: «Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: 'Tá radharc againn,' agus leanann bhur bpeaca oraibh.» «Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí. An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach. Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin as a n-ainm, agus seolann amach iad. Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth. Ní baol go leanfadh siad coimhthíoch, ach teithfidh siad uaidh mar nach n-aithníonn siad guth na gcoimhthíoch.» Labhair Íosa an tsolaoid sin leo, ach níor thuig siadsan cad a bhí á rá aige leo. Ansin dúirt Íosa leo arís: «Amen, Amen, a deirim libh, Mise doras na gcaorach. Gach ar tháinig romham, bithiúnaigh a ba ea iad agus robálaithe, agus níor éist na caoirigh leo. Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach. Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial. Mise an sáraoire, Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach. An fostúch, nach bhfuil ina aoire, agus nach leis féin na caoirigh, feiceann sé an mac tíre ag teacht, agus fágann na caoirigh agus teitheann, agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann. [Teitheann sé] de bhrí gur fostúch é, agus gur cuma leis mar gheall ar na caoirigh. Ach is mise an sáraoire, agus aithním mo chuid féin, agus aithníonn mo chuid féin mé, faoi mar a aithníonn an tAthair mé, agus mar a aithnímse an tAthair. Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach. Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin. Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dom mar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim, chun go nglacfainn chugam arís í. Níl aon duine á tógáil uaim; is uaim féin a thugaim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís. Sin í an aithne a fuair mé ó m' Athair.» D' éirigh aighneas arís idir na Giúdaigh mar gheall ar na briathra sin. Dúirt a lán acu: «Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?» Dúirt cuid eile: «Ní focail deamhnaigh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?» Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é. Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh. Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: «An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.» D' fhreagair Íosa iad: «D' inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh. Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m' Athar, tugann siad fianaise i mo thaobh. Ach ní chreideann sibhse, mar ní de mo chaoirigh sibh. Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé. Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad. M' Athair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir d' aon duine fuadach ó láimh m' Athar. Is aon mise agus an tAthair.» Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis. D' fhreagair Íosa iad: «Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m' Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?» D' fhreagair na Giúdaigh é: «Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine.» D' fhreagair Íosa iad: «Nach bhfuil sé scríofa in bhur ndlí, 'Dúirt mé: Is déithe sibh'? Má thug sé déithe orthu siúd ar labhraíodh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní, an té a naomhaigh an tAthair, agus a chuir sé uaidh sa saol, an ndeir sibhse leis: 'Sin diamhasla agat!' mar gur dhúirt mé: 'Is mé Mac Dé'? Mura ndéanaim oibreacha m' Athar, ná creidigí mé. Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh, agus go dtuigfeadh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.» Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil ansin, ach d' éalaigh sé óna lámha. Agus d' imigh sé leis arís sall thar Iordáin, go dtí an áit ina raibh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus d' fhan sé ann. Agus tháinig na sluaite chuige agus deiridís: «Ní dhearna Eoin aon mhíorúilt, ach na nithe go léir a dúirt Eoin mar gheall ar an duine seo, b' fhíor dó iad.» Agus chreid a lán ansiúd ann. Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: «A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.» Arna chloisteáil sin d' Íosa dúirt sé: «Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.» Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d' fhan sé dhá lá mar a raibh sé. Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: «Téimis go Iúdáia arís.» Dúirt a dheisceabail leis: «A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?» D' fhreagair Íosa: «Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle, mar feiceann sé solas an tsaoil seo. Ach má shiúlann sé san oíche, faigheann sé barrthuisle mar níl an solas sa duine sin.» Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: «Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.» Dúirt a dheisceabail leis ansin: «Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.» Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: «Tá Lazaras marbh; agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.» Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: «Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.» Ar theacht d' Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D' fhan Máire ina suí sa teach. Dúirt Marta ansin le Íosa: «A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.» Dúirt Íosa léi: «Éireoidh do dheartháir arís.» «Tá a fhios agam,» arsa Marta leis, «go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.» Dúirt Íosa léi: «Mise an t-aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé, agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?» «Creidim, a Thiarna,» ar sí, «creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.» Arna rá sin di, d' imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: «Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.» Nuair a chuala sise an méid sin d' éirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air. Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis. Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í á mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann. Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: «A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.» Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air, agus dúirt sé: «Cá bhfuil sé curtha agaibh? Dúirt siad leis: «Tar, a Thiarna, agus feic.» Bhris a ghol ar Íosa. Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: «Féach, cad é cion a bhí aige air!» Ach dúirt cuid acu: «An té seo a d' oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?» Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal. Dúirt Íosa: «Aistrígí an líog.» Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: «Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.» Dúirt Íosa léi: «Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?» D' aistrigh siad an líog ansin agus d' ardaigh Íosa a shúile agus dúirt: «A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom; bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.» Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: «A Lazaras, tar amach!» Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: «Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.» Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann. Ach d' imigh cuid acu go dtí na Fairisínigh agus d' inis siad dóibh cad a rinne Íosa. Thionóil na hardsagairt agus na Fairisínigh comhairle agus dúirt siad: «Cad atá á dhéanamh againn? Óir tá a lán míorúiltí á ndéanamh ag an duine seo. Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n-áit [naofa] agus ár gcine.» Ach aon duine amháin acu, Cáiafas, ardsagart na bliana sin, dúirt sé leo: «Ní fios daoibh rud ar bith, ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.» Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t-ardsagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine, agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe. Ón lá sin amach bhí sé beartaithe acu é a chur chun báis. Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d' imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d' fhan sé ansiúd fara a dheisceabail. Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú. Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: «Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?» Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil. Sé lá roimh an gCáisc tháinig Íosa go Béatáine mar a raibh Lazaras a d' ardaigh Íosa ó mhairbh. Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord. Ansin thóg Máire punt meáchain d' ola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola. Ach dúirt duine dá dheisceabail, Iúdás ó Isceiriót, an fear a bhí ar tí a bhraite: «Cad chuige nár díoladh an ola seo ar thrí chéad déanar agus é a thabhairt do na boicht?» Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann. Dúirt Íosa ansin: «Lig di chun go gcoimeádfaidh sí é i gcomhair lá m' adhlactha. Óir bíonn na boicht agaibh i gcónaí in bhur measc, ach ní bhímse agaibh i gcónaí.» Agus bhí a fhios ag slua mór de na Giúdaigh go raibh sé ann agus tháinig siad, ní amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lazaras a d' ardaigh sé ó mhairbh. Bheartaigh na hardsagairt ansin Lazaras a chur chun báis chomh maith mar go raibh a lán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa dá bharr. Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim, thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: «Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.» Agus fuair Íosa asal óg agus shuigh air mar atá scríofa: «Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail.» Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis. An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu. Is dá bharrsan chomh maith a tháinig an slua amach ina choinne, de bhrí gur chuala siad go ndearna sé an mhíorúilt sin. Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: «Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!» Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile. Tháinig siadsan mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus d' iarr siad achainí air: «A thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil,» ar siad. Tháinig Pilib agus d' inis sé d' Aindrias é, agus ansin tháinig Aindrias agus Pilib agus d' inis siad d' Íosa é. D' fhreagair Íosa iad agus dúirt: «Tá an uair tagtha chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú. Amen, Amen, a deirim libh, an gráinne arbhair a thit sa talamh, mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin. Ach má fhaigheann sé bás, tugann sé toradh mór uaidh. An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, tabharfaidh m' Athair onóir dó. Tá buaireamh ar m' anam anois. Cad déarfaidh mé? ' A Athair, saor mé ón uair seo'? Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo. Athair, tabhair glóir do d' ainm!» Ansin tháinig guth ó neamh: «Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.» Arna chloisteáil don slua a bhí ina seasamh timpeall, dúirt siad gur toirneach a rinneadh; dúirt cuid acu: «Aingeal a labhair leis.» D' fhreagair Íosa: «Ní ar mo shonsa,» ar sé, «a tharla an guth, ach ar bhur sonsa. Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo. Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach. Má ardaítear mise ón talamh tarraingeoidh mé gach duine chugam féin.» Dúirt sé an méid sin á chur in iúl cén sórt báis a bhí i ndán dó a fháil. D' fhreagair an slua é ansin: «Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?» Dúirt Íosa leo ansin: «Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul. Fad tá an solas agaibh creidigí sa solas chun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas.» Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d' imigh agus cheil é féin orthu. Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: «A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?» Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís: «Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n-iompódh siad agus go leigheasfainn iad.» Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air. San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad. Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé. Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt: «An té a chreideann ionamsa, ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé. Agus an té a fheiceann mise, feiceann sé an té a chuir uaidh mé. Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchacht. Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh. An té a dhiúltaíonn domsa, agus nach nglacann mo bhriathra, tá aige an té a thabharfaidh daorbhreith air. An briathar féin a labhair mé, tabharfaidh sé sin daorbhreith air an lá deireanach. Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn. Agus tá a fhios agam gur beatha shíoraí a ordú. Agus uime sin na nithe a labhraím, is mar a dúirt an tAthair liom a labhraím iad.» Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta. Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall, d' éirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní cosa na ndeisceabal agus á dtiormú leis an tuáille a bhí faoina choim. Tháinig sé chomh fada le Síomón Peadar agus dúirt seisean leis: «Tusa a ní mo chos-sa, a Thiarna!» D' fhreagair Íosa é: «Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,» ar sé leis, «ach tuigfidh tú ar ball é.» Dúirt Peadar leis: «Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!» D' fhreagair Íosa é: «Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom.» Dúirt Síomón Peadar leis: «A Thiarna, ní amháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!» Dúirt Íosa leis: «Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní [ach a chosa]; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibhse glan, ach níl gach duine agaibh glan.» Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: «Níl gach duine agaibh glan.» Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: «An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh? Deir sibh: 'A Mháistir' liom agus ' A Thiarna', agus is le ceart é, óir is mé sin. Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní. Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibhse mar an gcéanna. Amen, Amen, a deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é. Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad. «Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: 'An té a d' ith arán liom, d' ardaigh sé a sháil i mo choinne.' Táim á insint sin daoibh anois, roimh ré, sula dtarlaíonn sé, i dtreo, nuair a tharlaíonn sé, go gcreidfidh sibh gur mise é. Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.» Ar rá na cainte sin d' Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: «Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.» D' fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé. Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó. Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: «Fiafraigh cé hé a deir sé.» Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: «Cé hé féin, a Thiarna?» D' fhreagair Íosa dá bhrí sin: «An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é.» Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é. Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: «A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!» Ní raibh a fhios ag aon duine den chuideachta ag an mbord cad chuige a dúirt sé é sin leis; óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: «Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.» Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus d' imigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann. Nuair a d' imigh sé amach, dúirt Íosa: «Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois, agus tá glóir faighte ag Dia ann. Má fuair Dia glóir ann, tabharfaidh Dia glóir dósan ann féin, agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill. A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libhse arís: ' An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.' Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile. As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.» Dúirt Síomón Peadar leis: «A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?» D' fhreagair Íosa é: «Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.» Dúirt Peadar leis: «A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m' anam ar do shon.» D' fhreagair Íosa: «An dtabharfaidh tú d' anam ar mo shon? Amen, Amen, a deirim leat ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire! Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis. Is iomaí áras i dteach m' Athar. Mura mbeadh, d' inseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh, agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith. Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.» Dúirt Tomás leis: «A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?» Dúirt Íosa leis: «Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, d' aithneodh sibh m' Athair chomh maith. Tá aithne agaibh air feasta, agus tá radharc faighte agaibh air.» Dúirt Pilib leis: «A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.» Dúirt Íosa leis: «An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ' Taispeáin dúinn an tAthair'? Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha. Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa. Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar. Cibé ní a iarrfaidh sibh i m' ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac. Má iarrann sibh aon ní orm i m' ainm, déanfaidh mé é. Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m' aitheanta. Agus iarrfaidh mé ar m' Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo Spiorad na Fírinne, nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é. Ach aithníonn sibhse é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh. Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh. Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith. An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m' Athair, agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh. An té a bhfuil m' aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m' Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.» Dúirt Iúdás níorbh é fear Isceiriót é: «A Thiarna, cad é seo? Nach bhfuil tú chun tú féin a thaispeáint don saol, ach dúinne?» D' fhreagair Íosa: «Má bhíonn grá ag duine dom,» ar sé leis, «coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m' Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis. An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra. Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é, ach leis an Athair a chuir uaidh mé. Tá an méid sin inste agam daoibh, fad a bhí mé ag fanacht agaibh, ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m' ainmse, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh. Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air. Chuala sibh mé á rá libh: ' Táim ag imeacht uaibh, agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.' Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh áthas oraibh, óir táim ag dul go dtí an tAthair, mar is mó an tAthair ná mise. Agus anois, tá sé inste agam daoibh, sula dtiocfaidh sé chun críche, ionas, nuair a thiocfaidh sé chun críche, go gcreidfidh sibh. Ní labhróidh mé mórán eile libh, mar tá prionsa an tsaoil seo ag teacht agus níl neart ar bith aige ormsa. Ach caithfidh an saol a aithint go bhfuil grá agam don Athair, agus go ndéanaim de réir mar a d' ordaigh an tAthair dom. Éirígí, agus téimis as seo. Mise an fhíniúin fhíor, agus is é m' Athair an saothraí. Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh. Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh. Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa. Mise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh. Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad. Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é. Tugadh glóir do m' Athair sa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh, agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa. Faoi mar a thug an tAthair grá domsa, thug mise grá daoibhse chomh maith. Fanaigí i mo ghrá. Má choinníonn sibh m' aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m' Athar, agus a fhanaim ina ghrá. Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán. Is í seo m' aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh. Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde. Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh. Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m' Athair, chuir mé in iúl daoibh é. Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d' iarrfadh sibh ar an Athair i m' ainm, go dtabharfadh sé daoibh é. Is iad seo m' aitheanta daoibh: sibh a thabhairt grá dá chéile. «Má thugann an saol fuath daoibh, bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh. Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh. Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ' Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith. Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m' ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé. Mura dtiocfainn agus labhairt leo, ní bheadh peaca orthu. Ach anois níl leithsceal acu i dtaobh a bpeaca. An té ar fuath leis mise, is fuath leis m' Athair chomh maith. Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc, nach ndearna aon duine eile, ní bheadh peaca orthu. Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo, mise agus m' Athair, in éineacht. Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ' Thug siad fuath dom gan chúis.' Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm. Déanann sibhse fianaise freisin, mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach. D' inis mé an méid sin daoibh, ionas nach nglacfaidh sibh scannal. Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t-am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bhíonn. Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh] de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa. D' inis mé an méid sin daoibh ionas go mbeadh cuimhne agaibh, nuair a thiocfaidh an t-am dó, gur inis mé daoibh é. Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thus mar bhí mé in bhur bhfochair. «Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom, ' Cá bhfuil tú ag dul?' Ach de bhrí gur dhúirt mé an méid sin libh, líon bhur gcroí de bhrón. Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n-imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é. Agus nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais. I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam; i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair; i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreith tugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo. Tá mórán eile le rá agam libh, ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois; ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne, déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne. Óir ní as féin a labhróidh; labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht. Tabharfaidh sé glóir domsa, óir is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh. An uile ní dá bhfuil ag m' Athair, is liomsa é. Uime sin a dúirt mé: ' Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.' «Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm, mar táim ag triall ar an Athair.» Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: «Cad é seo a deir sé linn: 'Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm'; agus 'mar táim ag triall ar an Athair'?» Dá bhrí sin dúirt siad: «Cad é an 'tamall beag' é seo a deir sé? Níl a fhios againn cad is ciall lena chomhrá.» Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: «Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: 'Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.' Amen, Amen, a deirim libh, beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh, ach beidh an saol ag déanamh áthais. Beidh sibhse buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais. Nuair a bhíonn bean ina luí seoil, bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha. Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe, ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh, le barr áthais go bhfuil duine saolaithe. Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n-áthas díbh. An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m' ainm-sé. Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m' ainm. Iarraigí agus gheobhaidh sibh, chun go mbeadh bhur n-áthas iomlán. Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t-am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair. Iarrfaidh sibh i m' ainm an lá sin, agus nílim á rá libh go ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son. Óir tá cion ag an Athair féin oraibh, de bhrí go raibh cion agaibh orm, agus gur chreid sibh gur ó Dhia a ghabh mé amach. Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol. Táim ag fágáil an tsaoil arís, agus táim ag triall ar an Athair.» Dúirt a dheisceabail leis: «Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá. Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.» D' fhreagair Íosa iad: «An gcreideann sibh anois? Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m' aonar. Ach nílim i m' aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram. Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.» Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: «A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit: faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh. Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait. Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh. Agus anois mar sin, a Athair, tabhair-sé glóir domsa i do láthair leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair, sula raibh an domhan ann. D' fhoilsigh mé d' ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu. Tá a fhios acu anois gur uaitse, gach ní dár thug tú dom; óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé. Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil atáim ag guí ach ar son na muintire a thug tú dom, mar is leatsa iad. Leatsa gach ní is liomsa agus liomsa gach ní is leatsa, agus tá glóir faighte agam iontu. Nílim ar an saol feasta ach tá siadsan ar an saol agus táim ag dul ag triall ortsa. A Athair naofa coinnigh iad i d' ainm an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne. Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d' ainm an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr. Ach anois táim ag teacht ag triall ort, agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol, ionas go mbeadh an lúcháir is liomsa go hiomlán acu iontu féin. Thug mé dóibh do bhriathar, agus thug an saol fuath dóibh, óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise. Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad, ach go gcoinneofá ón Olc iad. Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise. Déan iad a naomhú san fhírinne. Is fírinne do bhriathar. Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol, chuir mise iadsan isteach sa saol. Naomhaím mé féin ar a son, ionas go mbeidh siadsan, chomh maith, naomhaithe san fhírinne. Ní ar a son-san amháin atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar; ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé. Agus an ghlóir a thug tú dom, thug mise dóibhsean é, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne; mise iontu-san, agus tusa ionam-sa, ionas go mba aon iad go foirfe, agus go mbeadh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé, agus gur thug tú grá dóibh seo faoi mar a thug tú grá domsa. A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain. A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort; ach bhí aithne agamsa ort, agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé. Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d' ainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.» Ar rá na bhfocal sin dó chuaigh Íosa amach, mar aon lena dheisceabail, thar chaise Chidreon. Bhí gairdín ansiúd agus chuaigh sé isteach ann, é féin agus a dheisceabail. Ba eol an áit do Iúdás, fear a bhraite, mar ba mhinic a chastaí Íosa ann in éineacht lena dheisceabail. Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair. Ó bhí a fhios ag Íosa an uile ní dá raibh le teacht air, ghabh sé amach agus dúirt sé leo: «Cé tá uaibh?» D' fhreagair siad é: «Íosa ó Nazarat.» Dúirt Íosa leo: «Is mise é.» Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo. Nuair a dúirt Íosa leo: «Is mise é,» tharraing siad siar agus thit siad ar an talamh. D' fhiafraigh sé díobh arís: «Cé tá uaibh?» «Íosa ó Nazarat,» ar siad. D' fhreagair Íosa: «Dúirt mé libh gur mise é. Mar sin, más mise atá uaibh, scaoiligí chun siúil iad seo» chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé «Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh.» Bhí claíomh ag Síomón Peadar agus tharraing sé é, agus bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas dheas de. Malcas a ba ainm don seirbhíseach. Dúirt Íosa le Peadar: «Cuir an claíomh ar ais ina thruaill. An cupa a thug an tAthair dom, nach n-ólfaidh mé é?» Ansin, gasra na saighdiúirí agus an captaen a bhí orthu, agus na póilíní Giúdacha, rinne siad Íosa a ghabháil agus a cheangal, agus sheol siad ar dtús go dtí Annas é, mar ba é athair céile Cháiafas é a bhí ina ardsagart an bhliain sin. Ba é Cáiafas seo a thug an chomhairle úd do na Giúdaigh gurbh é a leas é go bhfaigheadh aon duine amháin bás ar son an phobail. Rinne Síomón agus deisceabal eile Íosa a leanúint. Ba aithnid an deisceabal sin don ardsagart, agus mar sin chuaigh sé isteach le Íosa i gcúirt an ardsagairt, ach d' fhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach é seo a ba aithnid don ardsagart labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach. Labhair an bandoirseoir ansin le Peadar: «An ea gur duine thú de dheisceabail an fhir seo?» Dúirt seisean: «Ní hea.» Bhí na seirbhísigh agus na póilíní tar éis tine ghualaigh a chur síos mar bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh á ngoradh féin. Bhí Peadar comh maith ina sheasamh in éineacht leo, á ghoradh féin. Cheistigh an t-ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus a theagaisc. D' fhreagair Íosa é: «Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún. Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iadsan, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé.» Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: «An mar sin a fhreagraíonn tú an t-ardsagart?» D' fhreagair Íosa é: «Má labhair mé go héagóir, cruthaigh an éagóir; ach má labhair mé go ceart, cén fáth a mbuaileann tú mé?» Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas an t-ardsagart. Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd á ghoradh féin. Dúirt siad leis: «Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?» Shéan seisean é: «Ní hea,» ar sé. Dúirt duine de sheirbhísigh an ardsagairt, gaol don duine ar bhain Peadar an chluas de: «Nach bhfaca mé thú sa ghairdín in éineacht leis?» Shéan Peadar arís é, agus ghlaoigh an coileach láithreach. Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe. Mar sin, tháinig Pioláit amach chucu agus dúirt: «Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?» D' fhreagair siad: «Mura mbeadh gur choirpeach é seo,» ar siad leis, «ní thabharfaimis ar láimh duit é.» Dúirt Pioláit leo: «Tógaigí féin é, agus triailigí é de réir bhur ndlí féin.» Dúirt na Giúdaigh leis: «Ní dleathach dúinne aon duine a chur chun báis» chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íosa á chur in iúl cén sórt báis ba dhán dó a fháil. Ansin chuaigh Pioláit isteach sa Phréatóiriam arís ag glaoch ar Íosa agus dúirt sé leis: «An tusa rí na nGiúdach?» D' fhreagair Íosa: «An uait féin a deir tú an méid sin, nó an daoine eile a dúirt leat é mar gheall orm?» D' fhreagair Pioláit: «An Giúdach mise? Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom tú. Cad tá déanta agat?» D' fhreagair Íosa: «Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht.» Dúirt Pioláit leis: «Ach is rí thú ámh?» D' fhreagair Íosa: «De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.» Dúirt Pioláit leis: «Cad is fírinne ann?» Agus arna rá sin dó, ghabh sé amach arís chun na nGiúdach, agus dúirt leo: «Ní fhaighim aon chúis daortha ann. Ach tá nós agaibh go scaoilfinn príosúnach chugaibh sa Cháisc. Ar mhaith libh go scaoilfinn chugaibh rí na nGiúdach?» Ach scread siad amach arís: «Ní hé seo, ach Barabas.» Agus robálaí a ba ea Barabas. Ansin ghabh Pioláit Íosa agus sciúrsáil sé é. Agus rinne na saighdiúirí coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann. Ansin ghléas siad faoi bhrat corcra é, agus ag teacht dóibh ina ghar, deiridís: «Sé do bheatha, a rí na nGiúdach!» agus bhuail siad lena mbosa é. Chuaigh Pioláit amach arís agus dúirt sé leo: «Féach, táim á thabhairt amach chugaibh, chun go mbeadh a fhios agaibh nach bhfaighim cúis daortha ann.» Tháinig Íosa amach ansin, an choróin dheilgneach air agus an brat corcra, agus dúirt [Pioláit] leo: «Siúd é an duine!» Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: «Céas é! Céas é!» Dúirt Pioláit leo: «Tógaigí sibhse é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.» D' fhreagair na Giúdaigh é: «Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d' fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.» Nuair a chuala Pioláit an chaint sin, ba mhó ná riamh a eagla. Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le Íosa: «Cad as duit?» Ach níor thug Íosa aon fhreagra air. Dúirt Pioláit leis ansin: «An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?» D' fhreagair Íosa: «Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.» Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: «Má scaoileann tú an duine seo saor,» ar siad, «ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn.» Nuair a chuala Pioláit na focail sin, sheol sé Íosa amach agus chuaigh féin ina shuí breithimh, san áit ar a dtugtar an Chúirt Phábháilte Gabata atá san Eabhrais air. Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: «Féach, sin é bhur rí!» Ach chuir siad na gártha suas: «Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!» Dúirt Pioláit leo: «An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?» D' fhreagair uachtaráin na sagart: «Níl de rí againne ach Céasar.» Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta. Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn a dtugtar Golgota san Eabhrais air. Chéas siad é ansiúd agus beirt eile in éineacht leis, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill. Scríobh Pioláit fógra le cur ar an gcros, agus ba é an fógra: «Íosa ó Nazarat, rí na nGiúdach.» Léigh mórán de na Giúdaigh an fógra sin, mar ba ghearr ón gcathair an áit inar céasadh Íosa agus bhí an scríbhinn in Eabhrais, i nGréigis agus i Laidin. Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Pioláit: «Ná scríobh, ' rí na nGiúdach,' ach, ' dúirt sé seo: Is mé rí na nGiúdach.'» D' fhreagair Pioláit: «An rud atá scríofa agam, tá sé scríofa.» Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh sciar don saighdiúir acu agus an t-ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas. Mar sin, dúirt siad le chéile: «Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé» chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: «Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.» Rinne na saighdiúirí an méid sin. Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana. Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: «A bhean, sin é do mhac.» Ansin dúirt sé leis an deisceabal: «Sin í do mháthair.» Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í. Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: «Tá tart orm.» Bhí soitheach ansiúd lán d' fhínéagar. Thum siad spúinse as an bhfínéagar agus chuir siad ar bharr chraobh iosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é. Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. «Tá sé curtha i gcrích.» Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad. Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí. Mar sin tháinig na saighdiúirí agus bhris siad lorgaí an chéad duine agus an duine eile a céasadh mar aon leis. Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí, ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach. Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith. Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: «Aon chnámh ann ní bhrisfear.» Agus tá scrioptúr eile a deir: «Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.» Ina dhiaidh sin d' iarr Iósaef ó Airiomatáia cead ar Phioláit ba dheisceabal d' Íosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach corp Íosa a bhreith leis, agus thug Pioláit an cead. Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain. Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach. San áit inar céasadh Íosa bhí gairdín, agus sa ghairdín sin bhí tuama nua nár cuireadh aon duine ann riamh roimhe. Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe. Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. «Thog siad an Tiarna as an tuama,» ar sí leo, «agus níl a fhios againn cár chuir siad é.» Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh. Ansin d' imigh na deisceabail abhaile arís. Agus bhí Máire ina seasamh lasmuigh in aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di chrom sí síos agus d' fhéach isteach sa tuama, agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t-aingeal eile ag na cosa. «Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean,» ar siad léi. «Mar gur thóg siad mo Thiarna,» ar sí leo, «agus nach eol dom cár chuir siad é.» Arna rá sin di, d' iompaigh sí thart agus chonaic sí Íosa ina sheasamh ansiúd ach nár aithin sí gurbh é Íosa é. Dúirt Íosa léi: «A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?» Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: «A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é.» «A Mháire,» arsa Íosa léi. D' iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: «Rabúnaí,» is é sin le rá: «A Mháistir!» «Scaoil liom!» arsa Íosa léi, «óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: 'Táim ag dul suas chun m' Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.'» Tháinig Máire Mhaigdiléana leis an scéala do na deisceabail: «Chonaic mé an Tiarna,» agus go ndúirt sé na nithe sin léi. Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: «Síocháin daoibh!» Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís: «Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin.» Arna rá sin dó, d' análaigh sé orthu agus dúirt leo: «Glacaigí an Spiorad Naomh. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.» Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa. Dúirt na deisceabail eile leis: «Chonaiceamar an Tiarna.» Ach dúirt seisean leo: «Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.» Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: «Síocháin daoibh!» Ansin dúirt sé le Tomás: «Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.» D' fhreagair Tomás: «Mo Thiarna agus mo Dhia!» Dúirt Íosa leis: «De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.» Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo. Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm. Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin arís do na deisceabail ag Muir Thibirias, agus seo mar a thaispeáin: Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail. Dúirt Síomón Peadar leo: «Táimse ag dul ag iascach.» «Rachaimidne leat,» ar siad. D' imigh siad mar sin agus isteach sa bhád leo, ach an oíche sin níor rug siad ar bhreac. Nuair a tháinig an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an trá, ach ní raibh a fhios ag a dheisceabail gurbh é Íosa é. Dúirt Íosa leo: «Níl aon iasc agaibh, an bhfuil, a chlann ó?» «Níl,» ar siad á fhreagairt. Dúirt sé leo: «Cuirigí an eangach amach ar dheis na loinge, agus gheobhaidh sibh iasc. Rinne siad cor dá bhrí sin agus láithreach bhí ag teip orthu an eangach a tharraingt, bhí an oiread sin iasc inti. Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: «Is é an Tiarna é.» Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime mar bhí sé gan é agus chaith sé é féin isteach san fharraige. Ach tháinig na deisceabail eile sa long mar níorbh fhada ón talamh iad, ach timpeall dhá chéad banlámh; agus tharraing siad an eangach lán d' iasc ina ndiaidh. Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi. Dúirt Íosa leo: «Tugaigí anseo cuid de na héisc a ghabh sibh anois.» Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán d' éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach. Dúirt Íosa leo: «Tagaigí agus ithigí.» Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: «Cé hé thú féin?» mar go raibh fhios acu gurbh é an Tiarna é. Tháinig Íosa agus thóg an t-arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc. Is é sin anois an tríú huair a thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail tar éis do aiséirí ó mhairbh. Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: «A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?» «Sea, a Thiarna,» ar seisean leis, «is eol duit go bhfuil grá agam duit.» Dúirt Íosa leis: «Déan m' uain a chothú.» Dúirt sé leis an dara huair: «A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?» «Tá, a Thiarna,» ar seisean leis, «tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.» Dúirt sé leis: «Déan mo chaoirigh a aoireacht.» Dúirt sé leis an tríú huair: «A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?» Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: «An bhfuil grá agat dom?» Agus dúirt sé leis: «A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.» «Amen, Amen, a deirim leat. Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat; ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.» Dúirt sé an méid sin lena chur in iúl cad é an sort báis lena dtabharfadh sé glóir do Dhia. Agus nuair a bhí an méid sin ráite aige dúirt sé: «Lean mise.» D' iompaigh Peadar agus chonaic sé á leanuint an deisceabal ar thug Íosa grá dó, an té a luigh ar a ucht ag an suipéar agus a dúirt: «A Thiarna, cé atá chun tú a bhrath?» Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le Íosa: «Cad mar gheall air seo?» Dúirt Íosa leis: «Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean-sa mise.» Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach níor dhúirt Íosa leis: «Ní bhfaighidh sé bás»; ach: «Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?» Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise. Tá a lán nithe eile a rinne Íosa agus dá scríofaí iad ina gceann is ina gceann, ní bheadh, dar liom, slí ar domhan féin do na leabhair a bheadh á scríobh. Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé. Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d' ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, «An gealltanas úd,» ar sé, «ar chuala sibh mé ag trácht air: rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.» Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: «A Thiarna,» ar siad, «an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?» Ach d' fhreagair sé iad: «Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.» Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d' ardaigh scamall as a radharc é. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice. «A fheara na Gailíle,» ar siad, «cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.» Ar ais leo ansin go Iarúsailéim ó Chnoc na nOlóg mar a thugtar air, cnoc atá i ngiorracht siúl lá sabóide do Iarúsailéim. Nuair a shroich siad an chathair chuaigh siad in airde go dtí an seomra uachtarach mar a raibh siad ag baint fúthu: bhí Peadar ann, Eoin agus Séamas, Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán, Matha agus Séamas Alfáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Shéamais. Lean siadsan go léir ag guí gan staonadh le chéile mar aon le mná áirithe agus le Muire máthair Íosa agus lena bhráithre. Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, d' éirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair: «A bhráithre,» ar sé, «níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa, tar éis dó bheith ar aon bhuíon linne agus páirt a fháil sa chúram seo.» Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach. Fuair muintir Iarúsailéim ar fad eolas an scéil, agus dá chionn sin tugadh Haicealdamach mar ainm ar an ngort sin ina dteanga féin, is é sin le rá, «Gort na Fola». «Mar atá scríofa i leabhar na Salm: 'Go raibh a áitreabh ina fhásach, agus gan aoinneach ina chónaí ann.' Agus: 'Tógadh duine eile a fheidhmeannas.' «Ní foláir, dá bhrí sin, do dhuine acu siúd a bhí ar aon bhuíon linne fad a bhí an Tiarna Íosa ag siúl inar measc, ón uair a bhí Eoin ag baisteadh go dtí an lá úd a tógadh suas uainn é, ní foláir do dhuine acu siúd a bheith ina fhinné linn ar a aiséirí.» Chuir siad beirt ar aghaidh: Iósaef dá ngoirtí Barsabas agus dar chomhainm Iústas, agus Maitias. Agus rinne siad guí mar seo: «A Thiarna,» ar siad, «ós tú a léann croí an uile dhuine, taispeáin dúinn cé acu den bheirt seo atá tofa agat chun dul i mbun an chúraim aspalda seo ar thréig Iúdás é chun dul ina áit féin.» Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus airíodh ar an [dáréag] aspal é. Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fad ina raibh siad ina suí. Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh. Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acusan. Bhí ionadh agus alltacht orthu: «Féach,» ar siad, «nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise, Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos inár dteangacha féin ar éachtaí Dé.» Bhí alltacht agus mearbhall orthu go léir agus deiridís le chéile: «Cad is ciall leis seo?» Ach is é a deireadh cuid eile acu le teann fonóide: «Lán d' fhíon úr atá siadsan.» Ansin d' éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard: «A fheara Iúdá,» ar seisean, «agus a mhuintir uile Iarúsailéim, bíodh a fhios agaibh é seo agus tugaigí cluas dá bhfuil á rá agamsa: Ní ar meisce atá na daoine seo mar is dóigh libhse, mar nach bhfuil sé ach a naoi a chlog ar maidin. Ní hea, ach is é seo an ní ar thrácht Ióéil fáidh air: ' Tarlóidh sna laethanta deireanacha,' arsa an Tiarna, ' go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine, agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n-iníonacha tairngreacht. Feicfidh bhur bhfir óga aislingí, agus déanfar taibhreamh do bhur seanóirí. Doirtfidh mé mo Spiorad sna laethanta sin fiú amháin ar m' óglaigh agus ar mo bhanóglaigh, agus déanfaidh siad tairngreacht. Déanfaidh mé éachtaí sa spéir in airde agus iontais ar an talamh thíos. Beidh fuil ann agus tine agus gal deataigh. Iompóidh an ghrian ina dorchadas agus an ghealach ina fuil, sula dtiocfaidh lá mór taibhseach an Tiarna. Ach cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.' «A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin. Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí. Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d' fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi: «Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor. Tá sé ar mo dheasláimh, i dtreo nach suaithfear mé. Tá gliondar ar mo chroí dá chionn agus tá meidhir ar mo theanga. Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas, mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbh ná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt. Thaispeáin tú dom bóthar na beatha agus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair. «Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n-ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu. Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir, is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ' níor fágadh i riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú'. Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse. Ní dheachaigh Dáiví féin suas ar neamh ach deir sé: ' Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.' «Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.» Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: «Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?» Agus d' fhreagair Peadar iad: «Déanaigí aithrí,» ar seisean, «déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh; mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.» Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: «Sabháiligí sibh féin,» ar seisean leo, «ón nglúin chlaon seo.» An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin. Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe. Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách. Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu; dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid. Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe. Bhí Peadar agus Eoin lá ag dul suas chun an Teampaill i gcomhair urnaithe an tráthnóna agus bhí fear á iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall. Nuair a chonaic sé Peadar agus Eoin ar tí dul isteach, d' iarr sé déirc orthu. Stán Peadar air agus Eoin chomh maith. «Féach orainn,» arsa Peadar leis, agus d' fhéach sé orthu go daingean le súil go bhfaigheadh sé rud éigin uathu. Ach dúirt Peadar leis: «Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.» Leis sin rug sé ar láimh dheas air agus thóg aníos é. Ar an mball tháinig lúth sna cosa agus sna hailt aige, léim sé ina sheasamh agus chrom sé ar shiúl, agus isteach leis sa Teampall in éineacht leo, ag siúl agus ag léimneach agus ag moladh Dé. Thug an pobal go léir faoi deara é ag léimneach agus ag moladh Dé agus nuair a d' aithin siad gurbh é an fear a bhíodh ina shuí ag Geata Álainn an Teampaill é, ghabh ionadh agus alltacht iad faoinar tharla dó. Choinnigh an fear greim ar Pheadar agus ar Eoin agus rith an slua go léir chucu i bPóirse Sholaimh mar a thugtar air, agus uafás orthu. Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: «A fheara Iosrael,» ar seisean, «cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo? Ní hea sin ach gur thug Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, Dia ár n-aithreacha an ghlóir dhiaga dá sheirbhíseach Íosa, an té sin ar thug sibhse ar láimh é agus ar shéan sibh i bhfianaise Phioláit é agus eisean meáite ar é a scaoileadh saor. Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d' iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir. Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. «Is é an t-ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d' fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile. «Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna. Ar an gcuma sin is ea a thug Dia chun críche an rud úd a bhí réamhfhógartha aige trí bhéal na bhfáithe uile: nárbh fholáir dá Mheisias an pháis a fhulaingt. Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí, nó go dtiocfaidh tréimhse an fhaoisimh chugaibh ó láthair an Tiarna agus go seolfaidh sé chugaibh Íosa, an Meisias atá in áirithe aige daoibh. Mar ní mór do na flaithis é a choinneáil go dtí go mbeidh gach ní curtha ina cheart arís faoi mar a d' fhógair Dia trí bhéal na bhfáithe naofa fadó. Is é a dúirt Maois, mar shampla: 'Ardóidh an Tiarna bhur nDia fáidh daoibh ó lár bhur mbráithre féin, faoi mar a d' ardaigh sé mise. Éistigí le gach ní dá ndéarfaidh sé sin libh. Duine ar bith nach n-éisteoidh leis an bhfáidh sin, dísceofar as an bpobal é.' Gach fáidh dár labhair libh ó Shamúéil anuas, d' fhógair sé na laethanta seo. Is sibhse oidhrí na bhfáithe agus oidhrí an chonartha a rinne Dia le bhur n-aithreacha nuair a dúirt sé le hAbrahám: 'Gach cine ar talamh, beannófar é i do shliochtsa.' Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.» Fad a bhí siad ag caint leis an slua, tháinig na sagairt agus ceannfort an Teampaill agus na Sadúcaigh suas chucu agus olc orthu i dtaobh iad a bheith ag múineadh an phobail agus ag fógairt aiséirí na marbh i [bpearsa] Íosa. Ghabh siad Peadar agus Eoin agus chuir i bpríosún iad go dtí an lá arna mhárach, mar bhí sé ina thráthnóna faoin am seo. Mórán dá raibh ag éisteacht leis an teachtaireacht, áfach, chreid siad, agus bhí tuairim is cúig mhíle fear acu ann. Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim. Bhí Annas ardsagart ann, agus Cáiafas agus Eoin agus Alastar agus iad siúd a bhain leis an sliocht ardsagartúil. Chuir siad na haspail ina seasamh i lár baill agus rinne siad iad a cheistiú: «Cén chumhacht,» ar siad, «nó cén t-ainm lena ndearna sibh an ní seo?» Ansin d' fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: «A cheannairí an phobail,» ar seisean, «agus a sheanóirí, más mar gheall ar mhaith a dhéanamh do dhuine easlán atáimidne dár scrúdú inniu agus mar gheall ar an tslí inar leigheasadh é, bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte. Is é seo ' an chloch dar dhiúltaigh sibhse, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,' níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.» Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D' aithin siad ansin gur chomrádaithe d' Íosa ba ea iad. Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu. Mar sin de, d' ordaigh siad dóibh dul amach as halla na sainidríne agus chuaigh siad féin i gcomhairle le chéile. «Cad a dhéanfaimid leis na daoine seo?» ar siad. «Tá míorúilt shuntasach déanta acu, rud is follas d' áitritheoirí Iarúsailéim ar fad, agus ní féidir dúinne é a shéanadh. Ach i dtreo nach leathfadh an scéal seo níos mó i measc an phobail, déanaimis bagairt orthu gan labhairt go deo arís faoin duine seo le neach ar bith.» Ghlaoigh siad chucu ansin iad agus thug foláireamh dóibh gan caint ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa. D' fhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: «Fágaimid fúibh féin a mheas,» ar siad, «cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia. Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.» Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach. An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain d' aois. Tar éis a scaoilte chuaigh siad go dtí a muintir féin agus thug tuairisc dóibh ar gach ní dá ndúirt na hardsagairt agus na seanóirí leo. Ar chlos an scéil dóibhsean ghuigh siad os ard d' aonghuth chun Dé. «A Mháistir,» ar siad, «is tusa a rinne neamh agus talamh agus an mhuir agus gach a bhfuil iontu. Is tú a dúirt tríd an Spiorad Naomh, trí bhéal do sheirbhísigh, ár n-athair Dáiví: ' Cad ab áil leis na ciníocha bheith ar buile le feirg? Cad ab áil leis na náisiúin nithe baotha a bheartú? Chuaigh ríthe an domhain in ordú catha agus na flatha i gcomhcheangal le chéile in éadan an Tiarna agus a Ungthaigh.' «Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh, agus rinne siad an ní a bhí ceaptha agatsa a thitim amach le do chumhacht agus le do chomhairle féin. Agus anois, a Thiarna, tabhair do d' aire a gcuid bagartha agus deonaigh do do sheirbhísigh do theachtaireacht a fhógairt go seasmhach dána. Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.» Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána. Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu. Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile. Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá. Cuirim i gcás bhí gort ag Léivíteach ón gCipir darbh ainm Iósaef Barnabas a thugadh na haspail air, ainm a chiallaíonn «Mac an tSóláis». Dhíol sé an gort, rug leis an luach agus thug suas do na haspail é. Ach bhí fear ann darbh ainm Anainias, é féin agus a bhean Saifíre. Dhíol sé a ghabháltas agus, i bhfios dá bhean, choinnigh sé cuid den luach aige féin agus níor thug ach cuid de suas do na haspail. Labhair Peadar leis: «A Anainias,» ar seisean, «cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin. Fad a bhí an talamh i do sheilbh, nár leat féin é? Agus tar éis duit é a dhíol nach raibh a luach faoi do réir agat? Cad ab áil leat an rud seo a bheartú i do chroí? Ní do dhaoine a thug tú an t-éitheach ach do Dhia.» Ní luaithe an chaint sin cloiste ag Anainias ná thit sé marbh. Agus tháinig uamhan ar a raibh ag éisteacht. Ansin d' éirigh na hógánaigh ina seasamh, chóirigh siad an corp, d' iompair amach é agus rinne é a adhlacadh. Timpeall trí huaire a chloig ina dhiaidh sin tháinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tite amach. Labhair Peadar léi: «Inis dom,» ar seisean, «an é seo an méid a fuair sibh ar an talamh?» «Is ea,» ar sise, «sin an méid.» «Cad a thug oraibh,» arsa Peadar léi, «socrú le chéile ar thriail a bhaint as Spiorad an Tiarna? Féach, sin iad ag an doras coiscéimeanna na ndaoine atá tar éis d' fhear a adhlacadh agus ardóidh siad thusa chomh maith.» Agus thit sí marbh ar lár ag a chosa ar an toirt. Ar theacht isteach do na hógánaigh fuair siad marbh í agus d' ardaigh siad amach í gur adhlaic siad i taobh lena fear. Tháinig uamhan ar an Eaglais go léir agus ar gach duine a chuala an scéal. Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí á ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul i bpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu, agus bhí líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí sa tslí go mbíodh na hothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu. Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, ag tabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu. Ansin chuir an t-ardsagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir d' aicme na Sadúcach. Le teann éada rinne said na haspail a ghabháil agus a chur sa phríosún poiblí. Ach i rith na hoíche d' oscail aingeal an Tiarna geataí an phríosúin agus lig amach iad, á rá leo imeacht agus seasamh sa Teampall agus faisnéis iomlán a thabhairt don phobal ar an mbeatha seo. Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc. Tháinig an t-ardsagart agus a bhuíon, thionóil siad an tsainidrín is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair. Ach nuair a shroich na feidhmeannaigh an príosún ní bhfuair siad ann iad, agus ar dhul ar ais dóibh, d' inis siad an scéal: «Fuaireamar an príosún go daingean faoi ghlas,» ar siad, «bhí gardaí ina seasamh ag na geataí ach ar oscailt na ngeataí dúinn, ní bhfuaireamar duine ar bith istigh.» Nuair a chuala ceannfort an Teampaill agus na hardsagairt an scéal seo, ní fhéadfaidís a thuiscint cad a bhí tite amach dóibh. Leis sin tháinig duine ar an láthair le scéala: «Feach,» ar seisean, «na fir úd a chuir sibh i bpríosún, tá siad ina seasamh sa Teampall ag teagasc an phobail.» Ansin d' imigh an ceannfort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad. Thug siad isteach iad agus chuir ina seasamh os comhair na sainidríne iad. Cheistigh an t-ardsagart iad: «Thugamar ordú daingean daoibh,» ar seisean, «gan teagasc a dhéanamh in ainm an duine seo, ach féach, tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh. Agus is áil libh bás an duine seo a leagan orainne.» D' fhreagair Peadar agus na haspail eile: «Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine. Thóg Dia ár sinsear Íosa ó mhairbh tar éis daoibhse é a mharú, á chrochadh ar chrann. D' ardaigh Dia ar a dheis féin é ina phrionsa agus ina shlánaitheoir chun aithrí agus maithiúnas peacaí a thabhairt d' Iosrael. Is finnéithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh ar thug Dia é dóibh sin atá umhal dó.» Arna chlos sin do mhuintir na sainidríne chuaigh siad chun báiní agus bhí fonn orthu iad a mharú. Ach d' éirigh duine acu ina sheasamh sa tsainidrín, Fairisíneach darbh ainm Gamailíéil, máistir dlí a raibh meas ag an bpobal go léir air, agus d' iarr sé na fir a chur taobh amuigh den doras ar feadh tamaill. Labhair sé ansin leo: «A fheara Iosrael,» ar seisean, «tugaigí aire céard a dhéanfaidh sibh leis na daoine seo. Tamall ó shin tháinig Tiúdas chun cinn agus é á mhaíomh gur dhuine mór le rá é féin agus thaobhaigh suas le ceithre chéad fear leis. Ach maraíodh é agus scaipeadh a lucht leanúna nó go ndeachaigh siad ar neamhní. Tháinig Iúdás Gailíleach chun cinn ina dhiaidh sin, aimsir an daonáirimh, agus mheall sé slua ina dhiaidh. Ach cailleadh eisean chomh maith agus scaipeadh a lucht leanúna go léir. Agus is é a mholaim daoibhse anois, fanacht amach ó na daoine seo agus ligean dóibh. Más ó dhaoine an beart nó an obair seo, rachaidh sé ar neamhní; ach más ó Dhia é ní bheidh ar bhur gcumas-sa iad seo a chur ar neamhní agus b' fhéidir gur ag cur in aghaidh Dé a bheadh sibh.» Rinne siad rud air: chuir siad fios ar na haspail agus tar éis dóibh iad a sciúrsáil agus foláireamh a thabhairt dóibh gan labhairt in ainm Íosa, scaoil siad chun siúil iad. D' imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa. Agus ní stadaidís ach ag teagasc gach lá, sa Teampall agus ó theach go teach, agus ag fógairt an dea-scéil gurbh é Íosa an Críost. San am sin, nuair a bhí líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí á dhéanamh ar a mbaintreacha féin sa fhriothálamh laethúil. Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: «Ní dóigh linn,» ar siad, «go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird. Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo. Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.» Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch. Thug siad i láthair na n-aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu. De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh. Bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht agus é ag déanamh éachtaí agus míorúiltí taibhseacha i measc an phobail. Bhí daoine áirithe de chuid «Sionagóg na Saorfhear» mar a thugtaí uirthi daoine ó Chuiréiné agus ó Chathair Alastair, ón tSiléis agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé. Faoi dheireadh chuir siad suas daoine áirithe chun a rá gur chuala siad é ag labhairt go maslaitheach faoi Mhaois agus faoi Dhia. Ghríosaigh siad an pobal agus na seanóirí agus na scríobhaithe; ansin rith siad faoina dhéin, ghreamaigh eatarthu é agus sheol chun na sainidríne é. Thug siad finnéithe bréige i láthair á rá: «Ní stadann an duine seo ach ag caint i gcoinne na háite naofa seo agus i gcoinne an dlí. Chualamar é á rá go ndéanfadh an Íosa Nazórach úd an áit seo a leagan ar lár agus na gnásanna a d' fhág Maois againn a athrú.» Bhí a raibh ina suí sa tsainidrín ag faire go dlúth ar Stiofán agus thug siad faoi deara go raibh a ghnúis mar bheadh gnúis aingil. Ansin d' fhiafraigh an t-ardsagart de: «An bhfuil seo amhlaidh?» D' fhreagair Stiofán: «A bhráithre agus a aithreacha,» ar seisean, «éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n-athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i gCáran agus dúirt sé leis: 'Fág do thír agus do mhuintir agus gluais leat chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.' Leis sin d' fhág sé Caildéa agus chuaigh chun cónaithe i gCáran. Agus tar éis bháis a athar, d' aistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibhse in bhur gcónaí anois. Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am. Seo mar a labhair Dia: 'Beidh do shliocht ar deoraíocht i dtír iasachta, agus cuirfear faoi dhaorsmacht agus faoi leatrom iad go ceann ceithre chéad bliain; ach an cine a mbeidh siad faoi dhaoirse acu, tabharfaidh mé daorbhreith orthu,' arsa an Tiarna, ' agus ina dhiaidh sin tiocfaidh siad amach as an tír sin agus tabharfaidh ómós domsa san áit seo.' «Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le Iacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha. Bhí éad ag na huasalaithreacha le Iósaef agus dhíol siad san Éigipt é. Ach bhí Dia leis agus thug sé slán é ó gach gábhadh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fhorainn, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga. Ansin tháinig gorta ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanán. Lean cruatan mór é agus gan aon lón bia le fáil ag ár n-aithreacha. Nuair a chuala Iacób go raibh arbhar le fáil san Éigipt chuir sé ár n-aithreacha ann don chéad uair. Ar an dara turas nocht Iósaef é féin dá dheartháireacha agus fuair Forann fios cér díobh é Iósaef. Ansin chuir Iósaef fios ar a athair, Iacób, agus ar an teaghlach go léir, cúig dhuine seachtód díobh san iomlán. Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n-aithreacha. Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Eamór i Seicim. «Nuair a bhí an t-am ag teacht go gcomhlíonfaí an gealltanas a thug Dia d' Abrahám, bhí ár muintir san Éigipt dulta i méad agus i líonmhaireacht nó gur tháinig rí i gcoróin ann nárbh aithnid dó Iósaef. D' imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d' fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís. «Ag an am seo is ea a rugadh Maois. Ba an-chaithiseach an leanbh é agus oileadh ar feadh trí mhí i dteach a athar é ach nuair a cuireadh amach é, thóg iníon Fhorainn é agus rinne sí é a oiliúint amhail is dá mba mhac léi féin é. Múineadh eagna uile na nÉigipteach dó agus is é a bhí cumasach i mbriathar agus i ngníomh. «Bhí sé ag tarraingt ar an daichead nuair a bhuail an smaoineamh é dul ag fiosrú a mhuintire féin, clann Iosrael. Nuair a chonaic sé éagóir á dhéanamh ar dhuine acu, chuaigh sé á chosaint, threascair sé an tÉigipteach agus bhain díoltas amach don té a ndearnadh éagóir air. Mheas sé go dtuigfeadh a mhuintir gur á bhfuascailt a chuir Dia chucu é, ach níor thuig. Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a d' fhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, á rá: 'A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?' An fear a bhí ag déanamh na héagóra ar a chomharsa, bhrúigh sé Maois uaidh á rá: 'Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn? An mé a mharú is áil leat mar a mharaigh tú an tÉigipteach úd inné?' Ar chlos na cainte sin do Mhaois, theith sé agus bhí sé ina dheoraí i Midián, áit ar ghin sé beirt mhac. «Daichead bliain ina dhiaidh sin thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó i lasair an toir i bhfásach Shliabh Shíonái. Chuir an radharc ionadh ar Mhaois, agus nuair a dhruid sé in aice an toir á bhreithniú, tháinig guth an Tiarna chuige: ' Mise Dia do shinsear, Dia Abrahám agus Íosác agus Iacóib.' Thosaigh Maois ar chrith agus ní leomhfadh sé breithniú air. Ansin labhair an Tiarna leis: 'Bain díot do chuaráin,' ar seisean, ' mar is talamh naofa an ball ina bhfuil tú i do sheasamh. Tá drochíde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé á bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.' «An Maois seo ar dhiúltaigh siad dó á rá: 'Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do réiteoir orainn,' sin é an fear a sheol Dia chucu ina cheann agus ina fhuascailteoir le cabhair an aingil a thaispeáin é féin dó ag an tor. Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus san fhásach ar feadh daichead bliain. Sin é an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael: 'Ardóidh Dia fáidh eile daoibh as bhur gcine féin faoi mar a d' ardaigh sé mise.' Sin é an fear a bhí leis an bpobal san fhásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shíonái, agus i gcuideachta ár sinsear, agus a fuair briathra beo le tabhairt dúinne. Ach ní ghéillfeadh ár sinsir dó: thug siad droim láimhe dó agus d' iompaigh a gcroí ar an Éigipt athuair, á rá le hÁrón: 'Déan dúinn déithe a ghluaisfidh romhainn. An Maois seo a sheol as tír na hÉigipte sinn, ní fheadramar cad a d' imigh air.' agus rinne siad íomhá lao sna laethanta sin agus d' ofráil íobairt don íol agus rinne siad aoibhneas as saothar a lámh. Ach d' iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ' Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain san fhásach, a theaghlach Iosrael; is both Mholoch a rinne sibh a iompar agus réalt Reafas, bhur ndia; b' shin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradh agus díbreoidh mé sibh thar Bablóin soir.' «Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir san fhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, d' ordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige. Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus d' fhan sí ann go dtí aimsir Dháiví. Fuair Dáiví gean ó Dhia agus d' iarr sé cead air áitreabh a fháil do Dhia Iacóib. Ach ba é Solamh a thóg teach dó. Ar a shon sin ní chónaíonn an té is airde i dtithe lámhdhéanta, de réir mar a deir an fáidh: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga, agus an talamh stól mo chos. Cén sórt tí a thógfaidh sibhse dom, arsa an Tiarna, nó cá mbeidh m' áit chónaithe? Nach í mo lámhsa a rinne na nithe seo uile?' «Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh. Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d' imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis, sibhse a fuair an dlí trí bhíthin na n-aingeal ach nár choimeád é.» Chuaigh an chaint sin trí chroí a lucht éiste agus tháinig díoscán fiacla orthu chuige. Ach bhí seisean lán den Spiorad Naomh, agus, ag féachaint in airde chun na bhflaitheas dó, chonaic sé glóir Dé agus Íosa ina sheasamh ar dheis Dé. «Féach,» ar seisean, «feicim na flaithis ar oscailt agus Mac an Duine ina sheasamh ar dheis Dé.» Leis sin lig siad béic ard astu agus gan éisteacht le focal eile thug siad ruathar faoi in éineacht, thiomáin amach as an gcathair é agus thosaigh siad ar ghabháil de chlocha air. D' fhág na finnéithe a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól. Fad a bhí siad á chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard á rá: «A Thiarna Íosa, glac chugat m' anam.» Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: «A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.» Agus leis sin shíothlaigh sé. An lá sin féin thosaigh géarleanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire. Agus thoiligh Sól lena dhúnmharú. Agus d' ardaigh daoine diaganta áirithe corp Stiofáin leo chun é a adhlacadh agus rinne siad caoineadh mór os a chionn. Ach bhí Sól ag déanamh scriosta ar an Eaglais: é ag dul ó theach go teach ag sracadh daoine amach, idir fhir agus mhná, agus á gcur i bpriosún. Iad sin a scaipeadh, ghluais siad ar fud na tíre ag fógairt an dea-scéil. Chuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost. Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige á ndéanamh. Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach, sa tslí go raibh áthas mór sa chathair sin. Bhí sa chathair fear darbh ainm Síomón agus bhí sé roimhe sin ag cur mearbhaill ar mhuintir na Samáire lena chuid draíochta agus é ag maíomh gur duine mór le rá é féin. Gach duine sa chathair idir uasal agus íseal, thug siad cluas dó agus deiridís: «Is é seo ' mórchumhacht Dé' mar a thugtar air.» Thugaidís cluas dó toisc mearbhall a bheith chomh fada sin orthu ag a chuid draíochta. Ach nuair a chreid siad an dea-scéal ó Philib faoi ríocht Dé agus faoi ainm Íosa Críost, baisteadh iad idir fhir agus mhná. Agus Síomón féin chreid sé chomh maith le cách agus tar éis a bhaiste, chloígh sé go dlúth le Pilib agus thagadh alltacht air nuair a d' fheiceadh sé na míorúiltí agus na héachtaí móra a bhí a ndéanamh. Nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim go raibh an tSamáir tar éis glacadh le briathar Dé, sheol siad chucu Peadar agus Eoin. Ar theacht dóibhsean chucu, rinne siad guí ar a son go bhfaighidís an Spiorad Naomh, mar ní raibh an Spiorad tagtha fós ar dhuine ar bith acu mar ní raibh siad ach baiste in ainm an Tiarna Íosa. Ansin leag Peadar agus Eoin a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh. Ach nuair a thug Síomón faoi deara gur trína lámha a leagan ag na haspail ar dhaoine a thugtaí an Spiorad, rinne sé airgead a thairiscint dóibh á rá: «Tugaigí domsa freisin an chumhacht sin i dtreo, cibé duine a leagfaidh mé mo lámha air, go bhfaighidh sé an Spiorad Naomh.» D' fhreagair Peadar dó, áfach: «Don donas leat féin agus le do chuid airgid má mheas tú tabhartas Dé a cheannach ar airgead. Níl baint ná páirt agat sa ghnó seo, mar ní ionraic do chroí i bhfianaise Dé. Iompaigh dá bhrí sin ón urchóid seo agat agus iarr ar an Tiarna go maithfí duit an smaoineamh seo a theacht i do chroí. Mar tugaim faoi deara go bhfuil tú éirithe chomh searbh leis an domlas agus go bhfuil tú gafa san olc.» D' fhreagair Síomón é: «Agus déanaigíse guí chun an Tiarna orm freisin ionas nach dtiocfaidh orm aon ní dár luaigh sibh.» Nuair a bhí a gcuid fianaise tugtha ag na haspail agus scéal an Tiarna fógartha acu, ghluais siad leo ar ais go Iarúsailéim agus d' fhógair an dea-scéal i mórchuid de bhailte na Samárach. Labhair aingeal an Tiarna le Pilib: «Éirigh,» ar seisean, «agus gluais leat ó dheas an bóthar a ghabhann ó Iarúsailéim go Gazá; sin é bóthar an fhásaigh.» D' éirigh Pilib agus chuir chun bóthair. Agus tharla ag dul an bealach sin coillteán Aetópach, fear a bhí ina ardoifigeach ag Candacae, banríon na nAetópach, agus ina choimeádaí ar a cuid maoine uile. Bhí sé tar éis teacht go hIarúsailéim ag adhradh Dé agus bhí sé ar a shlí abhaile agus é ina shuí ina charráiste agus ag léamh Íseáia fáidh. Labhair an Spiorad le Pilib: «Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.» Rith Pilib anonn agus nuair a chuala sé an coillteán ag léamh Íseáia fáidh, labhair sé leis: «An dtuigeann tú a bhfuil agat á léamh?» ar seisean. «Conas a thuigfinn,» d' fhreagair an coillteán, «gan duine éigin a mhíneodh dom é?» agus d' iarr ar Philib suí in airde leis. Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige: «Seoladh é amhail caora chun a choscartha, agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal. Ó tugadh céim síos dó ní raibh cothrom le fáil aige. Cé a dhéanfaidh trácht ar a shliocht mar tógadh as an saol seo é.» Labhair an coillteán le Pilib: «Inis dom,» ar sé, «cé dó a bhfuil an fáidh ag tagairt? Cé acu dó féin atá sé ag tagairt nó do dhuine éigin eile?» Bhog Pilib chun cainte, agus ag tosú ón dréacht seo den scrioptúr d' fhógair sé dó an dea-scéal faoi Íosa. Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. «Féach,» arsa an coillteán, «tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?» (Dúirt Pilib leis: «Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.» D' fhreagair sé agus dúirt: «Creidim gurb é Mac Dé é Íosa Críost.») D' ordaigh sé an carráiste a stop, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é. Ach ar theacht amach as an uisce dóibh, d' ardaigh Spiorad an Tiarna Pilib chun siúil agus ní fhaca an coillteán é níos mó agus chuir sé chun bóthair go lúcháireach. Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó go dtáinig sé go Céasaráia. Idir an dá linn lean Sól ag bagairt báis ar dheisceabail an Tiarna. Chuaigh sé go dtí an t-ardsagart ag lorg litreacha uaidh le tabhairt chun na sionagóg i nDamaisc i dtreo, cibé duine dá bhfaigheadh sé ann, fear nó bean, a lean an bealach, go ndéanfadh sé iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim. Bhí sé ar an mbóthar ann agus é ag druidim le Damaisc nuair a las solas ón spéir ina thimpeall de phreib. Thit sé chun talaimh agus chuala sé an guth á rá leis: «A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?» «Cé thú féin, a Thiarna?» d' fhiafraigh Sól. D' fhreagair an guth: «Is mise Íosa, an té a bhfuil tú á ghéarleanúint. Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.» Na fir a bhí ag taisteal leis, rinneadh staic díobh: bhí an guth le cloisteáil acu ach gan duine le feiceáil. D' éirigh Sól den talamh, ach nuair a d' oscail sé na súile ní raibh aon léas radhairc aige. Rug siad ar láimh air agus sheol isteach sa chathair é. Agus bhí sé ar feadh trí lá gan radharc agus gan greim ná bolgam a bhlas. Bhí, i nDamaisc, deisceabal darbh ainm Anainias agus labhair an Tiarna in aisling leis: «A Anainias,» ar sé. «Teacht, a Thiarna,» d' fhreagair Anainias. «Éirigh,» arsa an Tiarna leis, «agus gluais leat go dtí an tSráid Dhíreach mar a thugtar uirthi, agus loirg i dteach Iúdáis fear ó Tharsas arb ainm dó Sól. Tá sé ag guí ann? agus chonaic sé in aisling fear darbh ainm Anainias ag teacht isteach chuige agus ag leagan a lámh air chun go mbeadh a radharc ar ais aige.» Ach d' fhreagair Anainias: «A Thiarna, chuala mé iomrá ar an bhfear seo óna lán daoine agus ar a bhfuil d' olc déanta aige ar an bpobal naofa in Iarúsailéim, agus anseo féin tá údarás aige ó na hardsagairt gach duine dá nglaonn ar d' ainmse a ghabháil.» «Gluais leat,» arsa an Tiarna leis, «mar is é sin an duine atá tofa agamsa chun m' ainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael. Taispeánfaidh mise dó a bhfuil le fulaingt aige ar son m' ainmse.» D' imigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, á rá: «A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé an Íosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.» Agus de phreib thit mar a bheadh screamh dá shúile agus tháinig a radharc arís dó; agus ar éirí dó ina sheasamh, baisteadh é. D' fhan Sól ar feadh tamaill leis na deisceabail i nDamaisc. Agus tar éis dó rud a ithe tháinig a neart arís ann. Thosaigh sé láithreach ag fógairt sna sionagóga gurb é Íosa mac Dé. Tháinig alltacht ar a raibh ag éisteacht leis agus deiridís: «Nach é sin an duine a rinne scrios in Iarúsailéim ar a mbíodh ag glaoch ar an ainm sin? Nach é gnó a thug anseo é iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go dtí na hardsagairt?» Ach is ag dul i neart a bhí Sól agus chuir sé mearbhall ar Ghiúdaigh Dhamaisce toisc é bheith ag dearbhú gurb é Íosa an Meisias. I gceann tamaill mhaith chuaigh na Giúdaigh i gcomhairle le chéile chun é a mharú, ach fuair Sól eolas ar a gcomhcheilg. Bhídís ag faire na ngeataí go géar de lá agus d' oíche chun é a mharú ach thóg na deisceabail leo é san oíche agus lig síos i gciseán ar cheann téide é trí scoilt san fhalla. Ar theacht dó go Iarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é. Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n-aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc. D' fhan Sól in éineacht leo in Iarúsailéim gan chosc gan cheangal air ach é ag labhairt go dána in ainm an Tiarna. Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siadsan iarracht ar é a mharú ach nuair a fuair na bráithre amach é, thóg siad Sól leo go Céasaráia agus chuir as sin go Tarsas é. Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh. Tharla nuair a bhí Peadar ar a chamchuarta go ndeachaigh sé chun an phobail naofa a chónaigh i Lioda. Tháinig sé ar dhuine ann arbh ainm dó Aenéas pairiliseach a bhí ag coimeád na leapa le hocht mbliana anuas. Labhair Peadar leis: «A Aenéas,» ar sé, «tá Íosa Críost do do leigheas. Éirigh i do shuí agus cóirigh do leaba.» Agus d' éirigh sé láithreach. Agus nuair a chonaic muintir Lioda agus muintir Sharóin é, d' iompaigh siad go léir chun an Tiarna. Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn «eilit»). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce. Tharla sna laethanta sin gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás. Tar éis dóibh í a thonach chuir siad ar chlár í i seomra uachtarach. Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill. D' éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha. Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin d' iompaigh sé chun an choirp, á rá: «A Thaibít, éirigh i do shuí.» D' oscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, d' éirigh sí aniar. Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach. Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna. D' fhan sé in Iopae ar feadh i bhfad fara súdaire darbh ainm Síomón. Bhí i gCéasaráia fear darbh ainm Coirnéilias, taoiseach céad ar an gCathlán Iodáileach mar a thugtar air. Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan. Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: «A Choirnéilias.» Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: «Cad é sin, a dhuine uasail?» D' fhreagair an t-aingeal: «Tá d' urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu. Agus anois, cuirse fir go Iopae ag triall ar Shíomón áirithe dar comhainm Peadar. Tá sé ar aíocht ag Síomón Súdaire a bhfuil a theach ar bhruach na farraige.» Nuair a d' imigh an t-aingeal a bhí ag caint leis, ghlaoigh sé chuige beirt dá sheirbhísigh agus duine diaganta de na saighdiúirí a bhí faoina réir, d' aithris dóibh an scéal tríd síos agus chuir chun siúil go Iopae iad. Lá arna mhárach timpeall meán lae, bhí siad ag cur na slí díobh agus iad ag tarraingt ar an gcathair, nuair a chuaigh Peadar in airde go huachtar an tí ag guí. Tháinig ocras air agus fonn ite, ach fad a bhí siad ag ullmhú an bhia dó, thit támhnéal air: chonaic sé an spéir ar oscailt agus rud éigin mar a bheadh braillín mór ag teacht anuas: é crochta as na ceithre cúinní agus é á ligean anuas chun talaimh. Istigh ann bhí an uile ainmhí ceathairchosach agus piast agus éanlaith an aeir. Agus labhair an guth leis: «Éirigh, a Pheadair, maraigh rud éigin agus ith.» «Nar lige Dia sin, a mháistir,» d' fhreagair Peadar, «mar níor ith mé riamh aon ní a bhí mínaofa ná neamhghlan.» Labhair an guth leis athuair: «An ní atá íonghlanta ag Dia ná tabhairse rud neamhghlan air.» Tharla sé seo trí huaire agus ansin tógadh an rud ar ais in airde sa spéir. Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo ag glaoch agus ag fiafraí an raibh Síomón dar chomhainm Peadar ar aíocht ann. Bhí Peadar fós ag machnamh ar an bhfís nuair a dúirt an Spiorad leis: «Féach, tá fir do do lorg. Éirigh i do shuí, gabh síos chucu agus gluais in éineacht leo. Agus ná bíodh aon cheist ort mar is mise a chuir chugat iad.» Chuaigh Peadar síos chun na bhfear agus dúirt leo: «Is mise an té atá uaibh. Cad é an gnó a thug anseo sibh?» D' fhreagair siadsan dó: «Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.» D' iarr Peadar isteach iad, dá bhrí sin, agus thug aíocht dóibh. D' éirigh sé lá arna mhárach agus d' imigh sé lena gcois agus cuid de na bráithre ó Iopae ina theannta, agus bhain sé Céasaráia amach an lá dár gcionn. Bhí Coirnéilias ag feitheamh leis agus é tar éis a ghaolta agus a dhlúthchairde a ghlaoch le chéile. Nuair a bhí Peadar ar tí dul isteach tháinig Coirnéilias ina airicis agus d' umhlaigh go talamh ag déanamh ómóis dó. Thóg Peadar suas é áfach, á rá: «Éirigh i do sheasamh. Níl ionamsa ach fear ar do dhála féin.» Chuaigh sé isteach ag comhrá leis agus fuair sé slua mór daoine cruinnithe ann, agus labhair sé leo: «Tuigeann sibh go maith nach dleathach do Ghiúdaigh caidreamh a bheith acu le lucht cine eile, ná dul ar cuairt féin chucu. Thaispeáin Dia domsa, áfach, gan duine mínaofa ná neamhghlan a thabhairt ar neach ar bith. Dá chomhartha sin tháinig mise anseo gan cheist gan doicheall an túisce a cuireadh fios orm. Ceist agam oraibh dá bhrí sin: cad uime ar chuir sibh fios orm, fiafraím díbh?» D' fhreagair Coirnéilias: «An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá m' urnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala. ' A Choirnéilias,' ar sé, ' tá éiste le do ghuí agus tá cuimhne ar do dhéirc i bhfianaise Dé. Cuir fios, dá bhrí sin, go Iopae ar Shíomón dar comhainm Peadar; tá sé ar aíocht i dteach Shíomóin Súdaire ar bhruach na farraige.' Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.» Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: «Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é. Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d' fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost an té atá ina Thiarna ar chách uile. Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d' fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d' ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!» Ní raibh an méid sin ráite ag Peadar nuair a tháinig an Spiorad Naomh anuas ar a raibh ag éisteacht lena theachtaireacht. Bhí alltacht ar na creidmhigh Ghiúdacha a bhí tagtha in éineacht le Peadar a fheiceáil gur doirteadh tabhartas an Spioraid Naoimh ar na págánaigh freisin, mar chuala siad ag caint iad i dteangacha agus ag móradh Dé. Ansin labhair Peadar leo: «Cé a d' fhéadfadh uisce a mbaiste a dhiúltú do na daoine seo agus iad tar éis an Spiorad Naomh a fháil chomh maith linn féin?» Agus d' ordaigh sé iad a bhaisteadh in ainm Íosa Críost. Ansin d' iarr siad air fanacht ina dteannta ar feadh roinnt laethanta. Chuala na haspail agus na bráithre a bhí ar fud Iúdáia go raibh na págánaigh freisin tar éis briathar Dé a ghlacadh. Nuair a chuaigh Peadar suas go Iarúsailéim, rinne lucht an timpeallghearrtha é a cháineadh á rá leis: «Chuaigh tú isteach i measc daoine neamhthimpeallghearrtha agus chaith tú bia ina dteannta.» Thosaigh Peadar agus d' aithris sé an scéal tríd síos dóibh: «Bhí mé i gcathair Iopae ag guí,» ar seisean, «nuair a tháinig támhnéal orm, agus chonaic mé in aisling rud mar a bheadh braillín mór á ligean anuas ón spéir leis na ceithre cúinní. Tháinig sé fad liom agus nuair a d' fhéach mé isteach ann chonaic mé ainmhithe ceathairchosacha an domhain agus na beithígh allta agus na péisteanna agus éanlaith an aeir. Ansin chuala mé an guth á rá: 'Éirigh, a Pheadair, maraigh agus ith.' ' Nár lige Dia sin, a mháistir,' arsa mise, ' mar aon ní mínaofa ná neamhghlan ní dheachaigh i mo bhéalsa riamh.' Labhair an guth ón spéir liom don dara huair: 'Aon ní atá íonghlanta ag Dia, ná tabhairse rud mínaofa air.' Tharla sé seo don tríú huair agus ansin tarraingíodh an t-iomlán ar ais in airde sa spéir. «Ar an bpointe sin tháinig chun an tí ina raibh mé triúr fear a bhí curtha ag triall orm ó Chéasaráia. Dúirt an Spiorad liom gan aon cheist a bheith orm ach imeacht lena gcois. Tháinig an seisear bráithre seo in éineacht liom agus chuamar isteach i dteach an fhir úd. D' inis seisean dúinn mar a chonaic sé an t-aingeal ina sheasamh ina theach á rá leis: 'Cuir fios go hIopae ar Shíomón dar comhainm Peadar agus labhróidh sé sin na briathra leat ina bhfaighidh tú féin agus do theaghlach uile slánú.' Agus ar thosú dom ag caint, thuirling an Spiorad Naomh orthu mar a thuirling orainn féin i dtosach. Ansin chuimhnigh mé ar fhocal úd an Tiarna, mar a dúirt sé: 'Rinne Eoin baisteadh in uisce ach baistfear sibhse sa Spiorad Naomh.' Dá réir sin má thug Dia dóibhsean an tabhartas céanna a thug sé dúinne tar éis dúinn creidiúint sa Tiarna Íosa Críost, cérbh é mise go bhféadfainn bac a chur ar Dhia?» Nuair a chuala siad an méid sin, d' éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: «Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.» An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéarleanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada le Féinice agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin. Ach bhí daoine áirithe orthu Ciprigh agus Cuiréanaigh ba ea iad agus nuair a bhain siad Aintíoch amach thosaigh siad ag caint leis na Gréagaigh chomh maith agus ag fógairt dea-scéal an Tiarna Íosa dóibh. Bhí lámh Dé leo san obair agus is iomaí duine a ghlac an creideamh agus a d' iompaigh chun an Tiarna. Tháinig scéala fúthu go dtí an Eaglais in Iarúsailéim agus sheol siad Barnabas go hAintíoch. Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte. Fear maith a bhí ann agus é lán den Spiorad Naomh agus de chreideamh. Agus cuireadh slua maith mór le buíon an Tiarna. D' imigh Barnabas go Tarsas ag lorg Shóil, agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh Críostaithe ar na deisceabail. Sna laethanta sin tháinig fáithe anuas ó Iarúsailéim go hAintíoch. D' éirigh duine acu darb ainm Agabas agus thug sé le fios faoi luí an Spioraid go raibh gorta mór le teacht ar an domhan iomlán rud a tharla in aimsir Chlauidias. Mar sin de, bheartaigh na deisceabail gach duine acu de réir a ghustail ar chabhair airgid a chur chun na mbráithre a bhí ina gcónaí in Iúdáia. Rinne siad amhlaidh agus chuir siad Barnabas agus Sól go dtí na seanóirí leis an airgead. Um an dtaca seo is ea d' imir Héaród rí an lámh throm ar chuid de bhaill na hEaglaise. Chuir sé Séamas deartháir Eoin chun báis leis an gclaíomh. Nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giúdaigh, chinn sé ar Pheadar a ghabháil chomh maith. Laethanta an tslimaráin a bhí ann, agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus d' fhág ceithre scuaid saighdiúirí á choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca. Fad a bhí Peadar á choimeád sa phríosún, áfach, bhí urnaí á déanamh gan staonadh chun Dé ar a shon ag an Eaglais. An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin. Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t-aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é á rá: «Éirigh i do sheasamh go tapa.» Leis sin thit na slabhraí dá lámha. «Fáisc ort do chrios agus cuir ort do bhróga,» arsa an t-aingeal leis, agus rinne sé amhlaidh. «Cuir umat do bhrat,» arsa an t-aingeal arís leis, «agus lean mise.» Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh á dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí á feiceáil aige. Ghluais siad thar an gcéad gharda agus thar an dara garda nó gur tháinig siad go dtí an geata iarainn a sheolann chun na cathrach. D' oscail an geata dóibh uaidh féin agus amach leo. Shiúil siad rompu fad sráide agus ansin de phreab, d' imigh an t-aingeal as a radharc. Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: «Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.» Nuair a tuigeadh an méid sin dó, chuaigh sé go dtí teach Mháire, máthair Eoin dar chomhainm Marcas, mar a raibh slua mór bailithe agus iad ag déanamh urnaí. Chnag sé ar dhoras an halla agus tháinig cailín aimsire darbh ainm Rós chun an doras á oscailt dó. Nuair a d' aithin sí guth Pheadair, le méid an áthais a bhí uirthi, in ionad an doras a oscailt, rith sí isteach ag fógairt dóibh go raibh Peadar ina sheasamh ag an doras. «Ag rámhaillí atá tú,» ar siadsan léi, ach dhearbhaigh sise gurbh fhíor a scéal. «Is é a aingeal coimhdeachta atá ann,» arsa siadsan. Lean Peadar air ag bualadh ar an doras agus nuair a d' oscail siad dó, chonaic siad é agus tháinig alltacht orthu. Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost agus d' aithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. «Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,» ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile. Nuair a bhí sé ina lá, bhí buairt nár bheag ar na saighdiúirí i dtaobh cad ba chor do Pheadar. Chuir Héaród lorg air agus nuair nach raibh aon fháil air, scrúdaigh sé na gardaí agus d' ordaigh iad a chur chun báis. Ansin chuaigh sé síos ó Iúdáia go Céasaráia agus thug tamall ann. Ag an am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus na Síodóine, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, d' iarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin. An lá a bhí ceaptha dó bhí Héaród cóirithe ina éide rí, shuigh sé faoi ar an suí breithimh agus thug óráid dóibh. Thosaigh an pobal ag béiceadh: «Ní guth duine é seo ach guth Dé.» Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é á ithe ag péisteanna. Lean briathar Dé ag fás agus ag leathnú. Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch d' fhill Barnabas agus Sól [ó] Iarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo. Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicías Cuiréanach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród an rí cúige, agus Sól. Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh: «Cuirigí ar leith dom,» ar seisean, «Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.» Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad. Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir. Ar shroichint Shalamais dóibh, d' fhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair. Shiúil siad an t-oileán ar fad chomh fada le Pafos, áit ar casadh orthu Giúdach darbh ainm Bairéasas, fear a bhí ina dhraoi agus a mhaígh gurbh fháidh é féin. I gcuideachta Sheirgias Paulas próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil. Ach chuir Eilimeas draoi is ionann a ainm «Eilimeas» agus draoi ina gcoinne d' fhonn an próchonsal a choimeád ón gcreideamh. Ach bhí Sól nó Pól is é sin lán den Spiorad Naomh agus d' fhéach idir an dá shúil air: «A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,» ar seisean, «a mhic an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh slite díreacha an Tiarna? Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.» Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air. Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé. Chuaigh Pól agus a bhuíon chun farraige ó Phafos agus tháinig siad go Peirgé i bPaimfile. D' fhág Eoin ansin iad agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Lean siadsan orthu nó gur tháinig siad go dtí Aintíoch na Pisíde. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu. Nuair a bhí léamh an dlí agus na bhfáithe i leataobh, chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chucu á rá: «Má tá aon fhocal spreagtha agaibh don phobal, a bhráithre, abraigí é.» D' éirigh Pól ina sheasamh, thug comhartha láimhe dóibh agus thosaigh ag caint: «A fheara Iosrael,» ar seisean, «agus sibhse a bhfuil ómós agaibh do Dhia, éistigí liom. Dia an phobail seo Iosrael, rinne sé ár n-aithreacha a thoghadh; agus fad a bhí siad ina gcoimhthígh san Éigipt rinne sé pobal mór díobh. Ansin sheol amach as sin iad le neart a láimhe agus [sholáthraigh] sé dóibh ar feadh daichead bliain san fhásach. Agus tar éis dó seacht dtreibh i gCanán a dhíothú thug sé seilbh na tíre dóibh ar feadh timpeall ceithre chéad caoga bliain. Ansin thug sé breithiúna dóibh go dtí aimsir Shamúéil fáidh. «Ina dhiaidh sin d' iarr siad rí a bheith orthu, agus thug Dia Sól mac Chís, fear de threibh Bhiniáimin, dóibh mar rí go ceann daichead bliain. Chuir sé as oifig ansin é agus d' ardaigh rí dóibh, Dáiví, an fear ar dhearbhaigh sé ina thaobh á rá: 'Is é m' aithne ar Dháiví mac Ieise, gur fear de réir mo chroí féin é, fear a dhéanfaidh gach ní is toil liom.' Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d' Iosrael de réir mar a bhí geallta aige is é sin Íosa. Roimh theacht dó sin bhí Eoin tar éis baisteadh chun aithrí a fhógairt do phobal uile Iosrael, agus nuair a bhí Eoin ag teacht go deireadh a chúrsa, is é a dúirt sé: 'Ní mise an té is dóigh libhse is mé, mar tá duine le teacht i mo dhiaidhse agus ní fiú mise go scaoilfinn a bhróga.' A bhráithre liom, a shliocht Abrahám agus a mhuintir in bhur measc a bhfuil ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an teachtaireacht shlánaitheach seo. Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán [Íosa], ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcrích ráite úd na bhfáithe a bhíodh á léamh dóibh gach lá sabóide. Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann d' iarr siad ar Phioláit é a chur den saol. Agus nuair a bhí gach ní dá raibh scríofa ina thaobh comhlíonta acu thóg siad anuas den chrann é agus shín i dtuama é. Ach thóg Dia ó mhairbh é agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig anuas leis ón nGailíl go Iarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail. Agus seo é an dea-scéal atá le fógairt againne daoibh: an gealltanas úd a rinneadh dár sinsir, go bhfuil Dia tar éis é a chomhlíonadh dúinne, dá sliocht, trí Íosa a thógáil ó mhairbh, de réir mar atá scríofa sa dara salm: 'Is tusa mo mhac. Inniu féin a ghin mé thú.' Agus i dtaobh é a thógáil ó mhairbh gan aon mheathlú a theacht air go deo, is é atá ráite aige: 'Tabharfaidh mé daoibh na beannachtaí naofa a gealladh do Dháiví.' Agus deir sé áit eile: 'Ní ligfidh mé do do shearbhónta naofa an meathlú a fhulaingt.' Mar nuair a bhí comhairle Dé curtha i gcrích ag Dáiví i gcaitheamh a shaoil, fuair sé bás agus adhlacadh é taobh lena shinsir agus d' imigh meathlú air. Ach an té a thóg Dia ó mhairbh níor imigh aon mheathlú air. Bíodh a fhios agaibh, dá bhrí sin, a bhráithre, gurb é maithiúnas na bpeacaí trídsean a fhógraítear daoibh, agus gur trídsean a shaortar gach creidmheach ar na nithe uile nár fhéad dlí Mhaois é a shaoradh orthu. Bígí ar bhur n-aire, dá bhrí sin, le heagla go dtiocfaidh oraibh an ní atá luaite ag na fáithe: ' Breathnaígí, a lucht na tarcaisne, Glacaigí alltacht agus ceiliúraigí. Mar tá obair le déanamh agamsa le bhur linn, obair nach gcreidfeadh sibh dá n-inseofaí daoibh é.'» Ag fágáil dóibh, d' impigh siad orthu labhairt ar an téama céanna an tsabóid dár gcionn. Agus nuair a scoir an comhthionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh bheith buanseasmhach i ngrásta Dé. An tsabóid dár gcionn tháinig an chathair ar fad beagnach le chéile ag éisteacht le briathar Dé. Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán d' fhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh á rá ag Pól. Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: «Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach. Mar sin é an t-ordú atá faighte ón Tiarna againn: ' Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i d' ábhar slánaithe go himeall an domhain.'» Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh, agus bhí briathar Dé á fhógairt go forleathan ar fud na tíre go léir. Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad. Chroith siadsan an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocoiniam. Agus bhí na deisceabail lán d' áthas agus den Spiorad Naomh. Tharla an rud céanna in Iocoiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh. Na Giúdaigh nár ghlac an creideamh, áfach, ghríosaigh siad na págánaigh agus chlaon siad a n-aigne i gcoinne na mbráithre. Mar sin féin thug siad tamall maith ann agus iad ag labhairt le lánmhuinín as an Tiarna, agus dheimhnigh seisean scéal a ghrásta leis na héachtaí agus na míorúiltí a dheonaigh sé dóibh a dhéanamh. Bhí pobal na cathrach deighilte ina dhá chuid: cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh agus cuid eile ag taobhú leis na haspail. Ach nuair a chuir na Giúdaigh agus na págánaigh, mar aon lena lucht ceannais, chun easmailt a thabhairt dóibh agus iad a chlochadh, fuair siad sin eolas air agus theith siad go dtí bailte Lucaóine, go dtí Liostra agus Deirbé agus na críocha máguaird, mar ar lean siad leo ag fogairt an dea-scéil. Bhí ina shuí i Liostra fear a bhí gan lúth na gcos: bhí sé ina mhairtíneach ó bhroinn a mháthar agus níor shiúil sé riamh. Bhí an fear seo ag éisteacht le Pól ag caint, agus nuair a d' fhéach Pól idir an dá shúil air chonaic sé go raibh creideamh a leighiste aige, agus dúirt sé de ghuth ard: «Éirigh i do sheasamh ar do chosa.» Agus léim sé ina sheasamh agus thosaigh ag siúl. Nuair a chonaic na sluaite cad a bhí déanta ag Pól, d' ardaigh siad a nglór, á rá i dteanga na Lucaóine: «Tá na déithe tagtha anuas inár measc i gcló daoine.» Thug siad Séas ar Bharnabas, agus toisc gurbh é Pól an príomhchainteoir thug siad Heirméas airsean. Agus sagart Shéas, a bhfuil a theampall lasmuigh den bhaile, thug sé féin agus an pobal tairbh agus bláthfhleasca go dtí na geataí d' fhonn íobairt a dhéanamh. Nuair a d' airigh na haspail, Pól agus Barnabas, é, stróic siad a gcuid éadaigh agus rith siad amach faoi dhéin an tslua agus iad ag liúireach: «A fheara,» ar siad, «cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu. Sna glúinte atá thart lig Dia do na ciníocha a mbealach féin a ghabháil, ach níor fhág sé riamh iad gan fhianaise air féin; as a rathúnas sheol sé báisteach chugaibh ón spéir agus torthaí i dtráth agus líon bhur gcroí de bhia agus d' áthas.» Ainneoin na cainte sin, ar éigean a d' éirigh leo na sluaite a chosc ar an íobairt a dhéanamh dóibh. Ansin tháinig roinnt Giúdach ó Aintíoch agus ó Iocoiniam, thug siad na sluaite ar a dtaobh agus tar éis dóibh Pól a chlochadh tharraing siad amach as an mbaile é agus iad á cheapadh go raibh sé marbh. Ach nuair a tháinig na deisceabail ina thimpeall, d' éirigh sé ina sheasamh agus chuaigh ar ais isteach sa chathair. An lá dár gcionn d' imigh sé féin agus Barnabas leo go Deirbé. Tar éis dóibh an dea-scéal a fhógairt sa bhaile sin agus mórán deisceabal a dhéanamh, d' fhill siad arís ar Liostra agus ina dhiaidh sin ar Iocoiniam agus Aintíoch, ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, «mar,» ar siad, «ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.» Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh. Shiúil siad an Phisíde ar fad nó gur tháinig siad go Paimfile; agus tar éis dóibh an briathar a chraobhscaoileadh i bPeirgé chuaigh siad síos go hAtailia agus as sin ar bord loinge go hAintíoch an áit ar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois curtha i gcrích acu. Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d' eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d' oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh. Thug siad tamall fada ansiúd i bhfochair na ndeisceabal. Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: «Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,» ar siad, «ní féidir bhur slánú.» Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo. Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh trí Fhéinice agus tríd an tSamáir, d' aithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir. Agus nuair a tháinig siad go Iarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus d' eachtraigh siadsan dóibh a mhéid a bhí déanta ag Dia tríothu. Ach d' éirigh creidmhigh áirithe a bhain le haicme na bhFairisíneach agus dúirt siad nárbh fholáir na págánaigh a thimpeallghearradh agus a fhógairt orthu dlí Mhaois a choimeád. Tháinig na haspail agus na seanóirí i gceann a chéile chun an cheist seo a bhreithniú. Tar éis conspóide fada d' éirigh Peadar ina sheasamh agus labhair sé leo: «A bhráithre,» ar seisean, «tá a fhios agaibh féin go ndearna Dia rogha eadrainn i bhfad ó shin gur ó mo bhéalsa a chloisfeadh na págánaigh teachtaireacht an dea-scéil agus go gcreidfidís ann. Agus an Dia a léann croí an duine chuaigh sé i mbannaí ar na págánaigh nuair a bhronn sé orthu an Spiorad Naomh faoi mar a bhronn sé orainne é. Ní dhearna sé dealú ar bith idir sinne agus iad ach a gcroí a ghlanadh de bharr a gcreidimh. Más ea, cad ab áil libhse bheith ag tabhairt dúshláin faoi Dhia anois agus cuing a chur ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár sinsir a iompar? Ní hea go deimhin mar go gcreidimid gur trí ghrásta an Tiarna Íosa atá slánú le fáil againn agus acu sin mar an gcéanna.» D' fhan an slua go léir ina dtost, agus d' éist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach. Agus nuair a bhí deireadh ráite acu d' fhreagair Séamas agus dúirt: «A bhráithre, éistigí liomsa. D' aithris Síomón daoibh mar a dheonaigh Dia don chéad uair pobal a bhailiú dó féin i measc na bpágánach. Is beart é sin a thagann le briathra na bhfáithe mar atá scríofa: ' Tiocfaidh mé ar ais ina dhiaidh sin, agus atógfaidh mé both Dháiví atá ar lár. Deiseoidh mé a fothracha agus cuirfidh mé ina seasamh arís í. Ansin beidh na daoine eile go léir ag lorg an Tiarna agus na náisiúin uile arb é m' ainmse atá orthu. Is é an Tiarna atá á rá seo agus tá eolas orthu le fada an lá.' «Is é mo bhreithiúnas-sa, dá bhrí sin, gan aon chur isteach a dhéanamh ar na págánaigh atá ag iompú chun Dé ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n-ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil. Mar tá Maois á léamh sna sionagóga gach lá sabóide agus níl cathair nach bhfuil lucht a fhógartha inti leis na cianta.» Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas. Thug siad dóibh an litir: «Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSír agus sa tSiléis. Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n-aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne. Bheartaíomar dá bhrí sin nár mhiste dúinn teacht le chéile agus teachtaí a thoghadh agus iad a chur chugaibh in éineacht lenár mbráithre ionúine Pól agus Barnabas, beirt a bhfuil a n-anam curtha sa bhfiontar acu ar son ainm ár dTiarna Íosa Críost. Dá réir sin táimid ag seoladh Iúdáis agus Shíleas chugaibh agus tabharfaidh siadsan an tuairisc chéanna ó bhéal daoibh. Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach: sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachtaithe agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart á dhéanamh agaibh. Slán agaibh.» Scaoileadh na toscairí chun siúil agus síos leo go hAintíoch mar ar bhailigh siad an pobal le chéile agus thug dóibh an litir. Agus is orthu bhí an t-áthas agus an sólás nuair a léigh siad í. Fáithe ba ea Iúdás agus Síleas, agus labhair siad ar feadh i bhfad leis na bráithre agus thug spreagadh agus misneach dóibh. Tar éis dóibh tamall maith a thabhairt ann chuir na bráithre slán leo ar ais chucu siúd a chuir amach iad. (Bheartaigh Síleas fanacht ansiúd, ach d' imigh Iúdás leis féin.) D' fhan Pól agus Barnabas in Aintíoch, áfach, agus lean siad i dteannta a lán eile ag múineadh agus ag craobhscaoileadh scéal an Tiarna. Tamall ina dhiaidh sin dúirt Pól le Barnabas: «Téimis ar ais ag fiosrú na mbráithre i ngach cathair inar chraobhscaoileamar scéal an Tiarna, féachaint conas atá acu.» Ba mhian le Barnabas Eoin dá ngoirtí Marcas a thabhairt leo freisin, ach bhí Pól á éileamh gan an fear seo, a thréig iad i bPaimfile in ionad dul i mbun oibre leo, a thabhairt leo mar chompánach. Tharla aighneas eatarthu agus scar siad le chéile: thóg Barnabas Marcas leis agus chuaigh ar bord loinge go dtí an Chipir; thogh Pól Síleas agus, tar éis do na bráithre é a chur faoi choimirce ghrásta an Tiarna, d' imigh sé leis. Shiúil sé an tSír agus an tSiléis, ag treisiú leis na hEaglaisí. Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t-athair. Bhí ardmheas ag bráithre Liostra agus Iocoiniam ar Thiomóid agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Gréagach a athair. Ag gabháil dóibh ó bhaile go baile, thug siad don phobal na reachta a bhí déanta ag na haspail agus ag na seanóirí in Iarúsailéim agus dúirt leo iad a choimeád. Sa tslí sin bhí na hEaglaisí á ndaingniú sa chreideamh agus ag dul i líonmhaire ó lá go lá. Ghabh siad trí dhúiche Fhrigia agus Ghalaite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise. Ar theacht dóibh go dtí teorainn Mhisia, bhí siad ag iarraidh dul isteach i mBitinia ach ní ligfeadh Spiorad Íosa ann iad. Ghluais siad leo thar Mhisia dá bhrí sin agus síos go Tróas. Bhí aisling ag Pól ann oíche amháin: bhí fear ón Macadóin ina sheasamh ann, ag impí air agus ag rá: «Tar anall go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn.» Ní túisce a chonaic sé an aisling ná chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh. Chuamar ar bord loinge i dTróas agus ceann ar aghaidh as sin go Samotráicé agus an lá ina dhiaidh sin go Neapoil agus as sin go Filipí. Príomhchathair den taobh sin den Mhacadóin is ea Filipí agus coilíneacht Rómhánach is ea í freisin. Thugamar roinnt laethanta sa chathair sin. Lá na sabóide chuamar amach lasmuigh den gheata, cois abhann, áit a mheasamar a mbeadh láthair urnaithe na nGiúdach agus shuíomar fúinn ag caint leis na mná a bhí bailithe le chéile ann. Bhí bean ag éisteacht linn, mangaire corcra ó chathair Tíaitíora darbh ainm Lidia. Bean chráifeach ba ea í agus d' oscail an Tiarna a croí go dtabharfadh sí cluas dá raibh á rá ag Pól. Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: «Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.» Agus chuir sí d' fhiacha orainn dul isteach. Tharla lá nuair a bhíomar ag dul go dtí láthair na hurnaí gur casadh orainn cailín óg a raibh spiorad feasa inti. Bhí mórán airgid á thuilleamh aici dá máistrí as a cuid fáistineachta. Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: «Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,» a deireadh sí, «agus tá bealach bhur slánaithe á fhógairt acu daoibh.» Bhíodh sí á dhéanamh seo ar feadh mórán laethanta go dtí go raibh Pól chomh cráite sin aici gur iompaigh sé uirthi agus go ndúirt leis an spiorad: «Fógraím duit in ainm Íosa Críost imeacht amach aisti.» Agus d' imigh sé aisti an nóiméad sin. Nuair a chonaic a máistri, áfach, go raibh deireadh lena súil le brabach, rug siad ar Phól agus ar Shíleas agus tharraing isteach i gcearnóg an bhaile iad os comhair na n-uachtarán. Sheol siad i láthair na ngiúistísí iad, á rá: «Giúdaigh is ea na daoine seo agus tá ár gcathair á cur bunoscionn acu. Tá gnásanna á bhfógairt acu nach féidir dúinne, Rómhánaigh, glacadh leo ná déanamh dá réir.» Agus thug an slua fúthu chomh maith. Rinne na giúistísí na héadaí a sracadh díobh agus d' ordaigh iad a bhualadh le slata. Tar éis dóibh iad a léasadh ó thalamh chaith siad isteach i bpríosún iad agus d' ordaigh don choimeádaí iad a choinneáil go daingean. Nuair a fuair an coimeádaí an t-ordú sin, chuir sé iad sa chillín ba fhaide isteach agus dhaingnigh a gcosa i gceap adhmaid. Timpeall meán oíche bhí Pól agus Síleas ag guí agus ag canadh iomann do Dhia agus na príosúnaigh eile ag éisteacht leo. Go tobann tharla crith mór talún agus luascadh an príosún ó bhonn. Osclaíodh na doirse uile ar an bpointe agus thit na slabhraí de chách. Dhúisigh an coimeádaí as a chodladh agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar leathadh, tharraing sé a chlaíomh le hintinn é féin a mharú agus é á cheapadh go raibh na príosúnaigh go léir teite. Scairt Pól air, áfach, in ard a ghutha: «Ná déan aon díobháil duit féin,» ar seisean, «táimid go léir anseo.» D' iarr an coimeádaí solas a thabhairt chuige, ansin rith sé isteach agus chaith é féin ag glúine Phóil agus Shíleas agus é ar crith le heagla. Ansin sheol sé amach iad agus d' fhiafraigh díobh: «Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófaí mé?» «Creid sa Tiarna Íosa,» ar siadsan, «agus beidh tú féin agus do theaghlach slán.» Agus d' fhógair siad briathar an Tiarna dó féin agus dá raibh sa teach leis. Dá fhad amach san oíche a bhí sé, thug sé leis iad agus nigh a gcréachtaí; agus baisteadh é féin agus a líon tí go léir ar an bpointe. Ansin thug sé isteach ina theach iad agus chuir cóir bia os a gcomhair. Rinne sé féin agus a theaghlach gairdeas go raibh an creideamh faighte aige i nDia. Nuair a bhí sé ina lá chuir na giúistísí na póiliní chun coimeádaí an phríosúin, á rá: «Scaoil saor na daoine sin.» Thug an coimeádaí an scéal seo go Pól: «Tá na giúistísí tar éis ordú a thabhairt go scaoilfí saor sibh. Amach libh mar sin agus go n-éirí an bóthar libh.» Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: «Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.» Thug na póilíní an scéal seo chun na ngiúistísí. Tháinig scanradh orthu nuair a chuala siad gur shaoránaigh Rómhánacha na haspail. Chuaigh siad chucu mar sin agus ghabh a leithscéal leo. Sheol siad amach ansin iad agus d' iarr orthu an chathair a fhágáil. Ar fhágáil an phríosúin dóibh chuaigh siad go teach Lidia, áit a bhfaca siad na bráithre. Thug siad spreagadh dóibh agus d' imigh siad leo. Thaistil siad Aimfipioil agus Apollóinia agus tháinig go Teasaloinicé, áit a raibh sionagóg leis na Giúdaigh. Mar ba ghnách le Pól bhuail sé isteach chucu agus thug trí shabóid as a chéile ag plé leo, ag léiriú agus ag cruthú dóibh as fianaise na scrioptúr nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh. «Agus,» ar seisean, «Íosa seo atáimse a fhógairt daoibh, is é sin an Meisias.» Chuaigh an scéal ina luí ar chuid acu agus thaobhaigh siad le Pól agus le Síleas, agus slua mór de na págánaigh dhiaganta mar an gcéanna agus líon nár bheag de na mná measúla. Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt rifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iásóin d' fhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail agus nuair nach bhfuair siad ann iad, rug siad leo Iásón agus cuid de na bráithre chun giúistísí na cathrach agus dúirt leo in ard a ngutha: «Tá an domhan mór suaite ag na daoine úd agus seo anois anseo iad agus Iásón tar éis fáilte a chur rompu. Tá siad seo uile ag sárú reachta Chéasair mar go mbíonn siad ag maíomh go bhfuil duine eile seachas é ina rí, is é sin Íosa.» Chuir an chaint seo alltacht ar an bpobal agus ar na giúistísí a bhí ag éisteacht. Agus tar éis dóibh Iásón agus an chuid eile acu a chur faoi bhannaí, scaoil siad saor iad. Ní túisce thit an oíche ná chuir na bráithre Pól agus Síleas chun siúil go Bearóia. Nuair a bhain siad Bearóia amach d' imigh siad leo go dtí sionagóg na nGiúdach. Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh. Mar sin de chreid a lán acu agus cuid mhaith de na Gréagaigh chéimiúla, idir fhir agus mhná. Ach nuair a chuala Giúdaigh Theasaloinicé go raibh briathar Dé fógartha i mBearóia freisin ag Pól, tháinig siad i leith ag suaitheadh agus ag corraí an daoscarshlua. Ansin sheol na bráithre Pól chun bealaigh láithreach faoi dhéin na farraige, ach d' fhan Síleas agus Tiomóid ina dhiaidh ann. An mhuintir a bhí ag tionlacan Phóil rug siad leo chun na hAithine é. D' imigh siad leo ansin agus ordú acu do Shíleas agus do Thiomóid teacht chuige chomh luath agus a ba fhéidir. Fad a bhí Pól ag feitheamh leo san Aithin ghoill sé ar a aigne nuair a chonaic sé an chathair a bheith tugtha suas don íoladhradh. Dá chionn sin bhíodh sé ag plé sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis an mhuintir dhiaganta, agus ag plé gach lá i gcearnóg an bhaile leo siúd a tharlaíodh a bheith ann. Chuaigh cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus de na fealsaimh Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: «Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?» Agus de chionn é bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: «Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.» Rug siad air agus sheol chun an Airiopagas é, á rá: «An miste dúinn a fhiafraí cén teagasc nua seo atá ar siúl agat? Mar is deoranta linn do scéal agus ba mhaith linn a fháil amach cad is brí leis.» Na hAithinigh agus na hallúraigh a chónaíonn sa chathair, níl caitheamh aimsire is fearr leo ná bheith ag aithris an scéil is déanaí nó ag éisteacht leis. Sheas Pól i lár an Airiopagas agus labhair mar a leanas: «A mhuintir na hAithine, tugaim faoi deara gur daoine sibh atá diaganta thar na bearta. Mar ag gabháil dom tríd an gcathair agus mé ag breathnú ar bhur n-íomhánna, tháinig mé ar altóir a raibh an scríbhinn seo greanta uirthi: 'In onóir do dhia anaithnid.' An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agamsa daoibh. An Dia a rinne an domhan agus a bhfuil ann, is é Tiarna neimhe agus talún é agus ní i dteampaill lámhdhéanta atá cónaí air. Ná níl aon ghá aige le freastal daoine faoi mar go mbeadh rud ar bith de dhíth air, mar is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách. Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaí ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann, d' fhonn go ndéanfaidís Dia a lorg féachaint an mbeidís ag meabhrú na slí chuige agus go n-aimseoidís é. Go deimhin, ní fada ó aon duine againn é, mar is ann a mhairimid agus a ghluaisimid agus atáimid. Agus faoi mar a dúirt cuid de bhur bhfilí féin: 'Is dá shliocht sinn fiú amháin.' «Ós de shliocht Dé sinn, más ea, ní ceart dúinn a mheas gur cosúil a nádúr diaga le hór nó le hairgead nó le cloch, le híomhá a ghreanfaí trí ealaín agus trí éirim an duine. Scaoil Dia thairis tréimhsí an aineolais, ach tá sé anois ag fógairt ar an uile dhuine san uile áit aithrí a dhéanamh. Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.» Nuair a chuala siad Pól ag trácht ar aiséirí ó mhairbh, thosaigh cuid acu ag magadh faoi. Is é a dúirt cuid eile acu, áfach: «Cloisfimid a thuilleadh faoi seo uait lá éigin eile.» Mar sin d' imigh Pól uathu. Mar sin féin bhí daoine ann a thaobhaigh leis agus a ghlac an creideamh. Orthusan bhí Dionisius Airiopagach agus bean darbh ainm Damairis agus tuilleadh nach iad. D' fhág sé an Aithin ina dhiaidh sin agus d' imigh go Corant. Casadh ansiúd air Giúdach darbh ainm Acula, fear a rugadh i bPontas agus a bhí tagtha le gairid ón Iodáil, é féin agus a bhean Priscille, de bharr an ordú a bhí curtha amach ag Clauidias na Giúdaigh go léir a imeacht ón Róimh. Chuaigh Pól ar cuairt chucu agus toisc é bheith ar aon cheard leo déantóirí bothanna ba ea iad d' fhan sé leo ag obair ar a cheird. Bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach lá sabóide ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Giúdaigh agus ar na Gréagaigh. Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost. Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: «Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.» D' fhág sé ann iad agus chuaigh isteach i dteach duine darbh ainm Síomón Iústas, fear diaganta a raibh a theach taobh leis an tsionagóg. Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad. Oíche amháin labhair an Tiarna le Pól in aisling: «Ná bíodh aon eagla ort,» ar sé. «Lean ort ag seanmóireacht agus ná cuirtear tú i do thost, mar táimse leat agus ní leagfaidh duine ar bith barr méire ort chun dochar a dhéanamh duit, mar tá pobal mór agamsa sa chathair seo.» Bhain sé faoi ann mar sin ar feadh bliain go leith, ag múineadh briathar Dé ina measc. Le linn do Ghaillión bheith ina phróchonsal ar Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an tsuí breithimh é. «Tá an fear seo,» ar siad, «ag áiteamh ar na daoine ómós aindleathach a thabhairt do Dhia.» Bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt nuair a labhair Gaillión leis na Giúdaigh: «Dá mba éagóir éigin nó míghníomh coiriúil éigin a bhí i gceist agaibh, a Ghiúdacha,» ar seisean, «d' éistfinn libh mar ba chóir. Ach ós focail agus ainmneacha agus dlí éigin de bhur gcuid féin atá i gceist agaibh, féachaigí féin chuige. Ní mian liomsa bheith i mo bhreitheamh ar na cúrsaí sin,» agus thiomáin sé ón suí breithimh iad. Ach rug siadsan go léir ar Shóstainéas, uachtarán na sionagóige, agus thug léasadh dó os comhair an tsuí bhreithimh amach. Ach bhí Gaillión beag beann ar na nithe sin. D' fhan Pól i gCorant ar feadh i bhfad. Ansin d' fhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Síre. Chuaigh Priscille agus Acula in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air. Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh. D' iarr siadsan air fanacht tamall, ach ní thoileodh sé chuige. «Ach,» ar seisean agus é ag fágáil slán acu, «tiocfaidh mé ar ais arís chugaibh, más toil le Dia é.» Chuir sé chun farraige ó Eifeasas agus tháinig i dtír i gCéasaráia. Ansin chuaigh sé suas (go Iarúsailéim) ag beannú don phobal naofa ann agus as sin síos go hAintíoch. Tar éis dó tamall aimsire a thabhairt ann, ghluais sé chun siúil agus i ndiaidh a chéile thaistil sé dúiche Ghalaite agus Fhrigia ag treisiú leis na deisceabail go léir. Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm Apollós. Alastraíneach ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir. Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin. Thosaigh sé ag labhairt go dána sa tsionagóg agus nuair a chuala Priscille agus Acula é, thug siad leo abhaile é agus thug léiriú ní ba chruinne dó ar bhealach an Tiarna. Agus ó tharla go raibh fonn air dul go hAcháia thug na bráithre spreagadh dó agus scríobh siad chun na ndeisceabal thall á iarraidh orthu fáilte a chur roimhe. Agus ar theacht go Corant dó, trí ghrásta Dé ba mhór an chabhair do na creidmhigh é, mar gur sháraigh sé na Giúdaigh go rábach in argóint phoiblí, á thaispeáint ar fhianaise na scrioptúr gurb é Íosa an Críost. Le linn d' Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe agus nuair a d' fhiafraigh sé díobh an bhfuair siad an Spiorad Naomh nuair a chreid siad, is é freagra a thug siad air: «Níor chualamar fiú amháin an Spiorad Naomh a bheith ann.» «Agus cén baisteadh a fuair sibh más ea?» ar sé. «Baisteadh Eoin a tugadh dúinn,» ar siadsan. Dúirt Pól leo: «Is baisteadh aithrí a dhéanadh Eoin agus deireadh sé leis an bpobal nárbh fholáir dóibh creidiúint sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.» Ar chloisteáil an méid sin dóibh, baisteadh in ainm an Tiarna Íosa iad agus nuair a leag Pól a lámha orthu tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha agus ag déanamh tairngreachta. Tuairim is dáréag acu a bhí ann ar fad. Thug Pól trí mhí ag dul isteach sa tsionagóg, ag labhairt go dána leis an bpobal, ag argóint agus ag áiteamh leo mar gheall ar ríocht Dé. Ach nuair a thosaigh cuid acu ag cur suas go dolba den chreideamh agus ag cáineadh an Bhealaigh os comhair an phobail, d' fhág Pól ann iad, thóg leis a dheisceabail agus bhíodh ag díospóireacht gach lá i scoil Thuránais. Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna. Bhí míorúiltí neamhghnácha á ndéanamh ag Dia trí Phól: ciarsúirí agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, d' fhágadh na galair iad agus d' imíodh na spioraid mhallaithe astu. Cuid de na Giúdaigh freisin a bhíodh ag gabháil timpeall ag díbirt na n-ainspiorad, rinne siad iarracht ar ainm an Tiarna Íosa a rá mar bhriocht ar na daoine a raibh na spioraid mhallaithe iontu. «Cuirim oraibh,» a deiridís, «as ucht Íosa Críost a bhíonn á fhógairt ag Pól.» Bhí seachtar mac le Scaeva, ardsagart Giúdach, á dhéanamh seo, ach d' fhreagair an spiorad mallaithe iad: «Tá aithne agam ar Íosa agus tá eolas agam ar Phól ach cé sibhse?» Agus an duine a raibh an spiorad mallaithe ann léim sé chucu agus threascair iad go léir agus ghabh chomh tréan sin orthu gur theith siad ón teach sin go lomnocht basctha. Fuair gach duine in Eifeasas, idir Ghiúdach agus Ghréagach, eolas ar an scéal seo agus chuir sé uafás orthu go léir, ar shlí gur móradh ainm an Tiarna Íosa. Agus mórán acu seo a ghlac an creideamh tháinig siad ag admháil a gcuid gníomhaíochtaí féin agus ag tabhairt cuntais orthu. Cuid mhaith acu siúd a bhíodh ag cleachtadh na draíochta, thug siad leo a gcuid leabhar agus dhóigh iad i bhfianaise chách. Chuir siad a luach le chéile agus fuair siad gurbh fhiú caoga míle píosa airgid iad. Ar an gcuma éachtach sin tháinig fás agus neart faoi bhriathar an Tiarna. Nuair a bhí an méid sin curtha i gcrích aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus Acháia agus go rachadh sé as sin go Iarúsailéim. «Tar éis dom dul go Iarúsailéim,» ar seisean, «ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.» Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus d' fhan sé féin tamall eile san Áise. Timpeall na haimsire seo tharla achrann mór mar gheall ar an mBealach. Bhí gabha geal ann darbh ainm Déimitrias a bhíodh ag déanamh mionsamhailteacha airgid de theampall Airtimis agus a chuireadh mórán oibre ar fáil do na ceardaithe. Ghlaoigh sé na ceardaithe sin i gceann a chéile agus na hoibreoirí eile a raibh baint acu leis an ngnó agus labhair sé leo: «A fheara,» ar seisean, «mar is eol daoibh is ar an gceird seo atá ár rathúnas ag brath. Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna. Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Airtimis agus go gcaillfidh Airtimis féin a gradam bandia a bhfuil urraim á tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.» Ar chloisteáil na cainte sin dóibh tháinig confadh buile orthu agus thosaigh siad ag liúireach: «Airtimis na nEifeasach abú.» Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchos, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann. Ba mhian le Pól dul isteach chun an tslua ach ní ligfeadh na deisceabail dó é. Agus cuid de na huachtaráin chúige féin a bhí mór leis, chuir siad scéala chuige á mholadh dó gan é féin a thaispeáint san amharclann. Bhí duine á scairteadh seo agus duine eile á scairteadh siúd; bhí an cruinniú ina chíréib agus gan a fhios ag an bhformhór cad a thug i gceann a chéile iad. Srac siad Alastar amach as an slua, fear a raibh na Giúdaigh á shá chun tosaigh. Thug Alastar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost d' fhonn é féin a chosaint os comhair an tslua. Ach nuair a d' aithin siad gur Ghiúdach é, thóg siad liú d' aonghuth: «Airtimis na nEifeasach abú,» agus lean siad de ar feadh dhá uair a chloig. Faoi dheireadh chuir cléireach an bhaile an slua chun suaimhnis agus labhair sé leo: «A mhuintir Eifeasas,» ar seisean, «an bhfuil duine ar bith nach bhfuil a fhios aige gurb í cathair Eifeasas is caomhnóir ar theampall Airtimis Móire agus ar a híomhá a thit ó neamh? Níl ceist ar dhuine ar bith faoin méid sin. Ní mór daoibh, dá bhrí sin guaim a choinneáil oraibh féin agus gan aon ní meargánta a dhéanamh. Thug sibh na fir seo i láthair gan dia-aithis ná diamhasladh tugtha acu dár mbandia. Dá réir sin má tá aon chúis ag Déimitrias agus a chuid ceardaithe ar dhuine ar bith, tá cúirteanna ann agus próchonsail agus cuiridís an dlí ar a chéile ansiúd. Ach má tá aon éileamh breise le déanamh agaibh, réiteofar an scéal i dtionól dlíthiúil den phobal. Mar tá baol ann go gcuirfear círéib inár leith tar éis gnó an lae inniu, agus gan aon chúis againn a d' fhéadfaimis a thabhairt mar leithscéal ar an gclampar seo.» 40b Nuair a bhí an méid sin ráite aige scoir sé an cruinniú. Nuair a mhaolaigh ar an rírá, chuir Pól fios ar na deisceabail agus tar éis comhairle a thabhairt dóibh d' fhág sé slán acu agus d' imigh leis go dtí an Mhacadóin. Nuair a bhí na críocha sin siúlta aige agus mórán spreagadh á thabhairt aige do na Críostaithe, tháinig sé go dtí an Ghréig agus thug trí mhí ann. Bhí sé ar tí dul ar bord loinge go dtí an tSír nuair a rinne na Giúdaigh comhcheilg ina choinne. Chinn sé dá bhrí sin ar dhul ar ais tríd an Macadóin. Chuaigh Sópataer mac Phurais, Bearóiach, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchos agus Seacundas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Troifimeas. Chuaigh siadsan ar aghaidh romhainn agus d' fhan siad linn i dTróas. Sheolamarna ó Fhilipí i ndiaidh feile an tSlimaráin agus faoi chionn cúig lá thangamar chucu go Tróas, agus thugamar seacht lá ann. Nuair a thangamar le chéile tráthnóna an chéad lá den tseachtain chun arán a bhriseadh, thug Pól seanmóir dóibh mar bhí sé le himeacht lá arna mhárach agus lean sé ag caint go dtí meán oíche. Bhí lampaí go leor ar lasadh sa seomra uachtarach ina rabhamar cruinnithe. Bhí ógánach darbh ainm Eutachos ina shuí ar leac na fuinneoige agus de réir mar a chuaigh caint Phóil chun fadála thit sé ina chnap codlata agus leis an gcodladh a bhí air thit sé ón tríú hurlár go talamh síos agus nuair a tógadh é bhí sé marbh. Chuaigh Pól síos chuige agus chaith sé é féin air, agus ag breith barróige air, dúirt sé: «Ná bíodh aon bhuairt oraibh! Tá an t-anam ann.» Ansin chuaigh sé in airde arís, bhris an t-arán leo agus chaith sé a chuid. Agus bhí comhrá fada aige leo as sin go maidin. D' imigh sé chun siúil ansin. Thug siadsan an buachaill leo agus é go beo beathach, agus sólás thar na bearta orthu. Chuamarna ar aghaidh go dtí an long agus seo chun siúil linn go dtí Asos, áit a rabhamar chun Pól a thógáil ar bord de réir mar a bhí socraithe aige mar bhí sé féin le dul ann dá chois. Nuair a bhuail sé linn in Asos, thógamar ar bord é agus thángamar go Mitiléiné agus sheolamar linn as sin agus amárach a bhí chugainn bhíomar os comhair Chíos. Sroicheamar Samos an lá dár gcionn agus an lá ina dhiaidh sin bhaineamar amach Míléatas. Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mba fhéidir dó é. Chuir sé scéala ó Mhíléatas go hEifeasas dá bhrí sin á iarraidh ar sheanóirí na hEaglaise teacht chuige. «Tá a fhios agaibh an chuma inar chaith mé gach nóiméad fad a bhí mé in bhur measc ón gcéad lá a leag mé cos lánuiríseal deorach san Áise, Agus nuair a bhí siad tagtha chuige, labhair seo leo mar a leanas. go raibh mé i mo sheirbhíseach lándeorach don Tiarna ainneoin gach cros dár rug orm trí chealga na nGiúdach; nár cheil mé oraibh rud ar bith a rachadh chun sochair daoibh ach é a fhógairt agus a theagasc daoibh os comhair an tsaoil agus in bhur dtithe; d' fhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa. Agus anois, féach, agus mé i mo chime ag an Spiorad táim ag dul suas go Iarúsailéim agus gan a fhios agam céard atá in áirithe dom ann ach amháin go bhfuil an Spiorad Naomh á dhearbhú dom in gach cathair dá dtéim gur géibheann agus piolóidí atá ann i mo chomhair. Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé. «Tá a fhios agam anois nach bhfeicfidh sibhse mo ghnúis níos mó, sibhse go léir ar shiúil mé in bhur measc ag fógairt na ríochta. Dearbhaím daoibh inniu féin, dá bhrí sin, nach bhfuilim freagrach i bhfuil aon duine riamh agaibh, mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine. Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n-aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola. «Tá a fhios agam nuair a bheidh mise imithe go dtiocfaidh in bhur measc faolchúnna craosacha nach mbeidh trua ná taise don tréad acu. Agus tá daoine agaibh féin a éireoidh agus a thabharfaidh teagasc claon d' fhonn deisceabail a mhealladh chucu. Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d' oíche agus na deora i mo shúile. Fágaim sibh anois faoi choimirce Dé agus bhriathar a ghrásta atá in ann sibh a thógáil suas agus oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an phobail naofa go léir. Níor shantaigh mé ór ná airgead ná éadach le duine ar bith. Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh. Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.» Nuair a bhí an méid sin ráite aige, lig sé é féin ar a ghlúine agus rinne sé guí chun Dé leo go léir. Bhí siad go léir ag gol go fuíoch, iad á gcaitheamh féin ar bhráid Phóil agus á mhúchadh le póga. Is é rud a chuir an chumha ar fad orthu, an focal úd a dúirt sé nach bhfeicfidís a ghnúis ní ba mhó. Agus rinne siad é a thionlacan chun na loinge. D' fhágamar slán acu agus bhogamar chun bealaigh. Chuamar caol díreach go Cós agus an lá ina dhiaidh sin go Rodas agus as sin go Patara. Fuaireamar long ansiúd a bhí ag dul go Féinicé; chuamar ar bord agus ghluaiseamar chun bealaigh nó gur thángamar i radharc na Cipire. D' fhágamar í ar an mbord clé agus sheolamar linn go dtí an tSír agus chuamar i dtír sa Tuír mar is ansiúd a bhí an bád le díluchtú. Fuaireamar roinnt deisceabal agus d' fhanamar ann ar feadh seachtaine. Dúirt na deisceabail sin le Pól faoi luí an Spioraid gan dul go Iarúsailéim. Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí, agus d' fhágamar slán ag a chéile; chuamarna ar bord na loinge agus chas siadsan ar ais abhaile. Leanamar dár dturas ón Tuír nó gur thángamar go Ptolamaís. Bheannaíomar do na bráithre agus d' fhanamar acu aon lá amháin. D' imíomar linn an lá dár gcionn agus shroicheamar Céasaráia. Chuamar isteach i dteach Philib Soiscéalaí, duine den seachtar, agus d' fhanamar aige. Bhí ceathrar iníon aige, maighdeana, a raibh bua na tairngreachta acu. Bhí tamall caite againn i gCéasaráia nuair a tháinig fáidh darbh ainm Agabas anuas ó Iúdáia. Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, á rá: «Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.» Nuair a chualamar an chaint sin, d' impíomar féin agus muintir na háite air gan dul suas go Iarúsailéim. Ach d' fhreagair Pól ansin: «Cad ab áil libh bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní amháin le mo cheangal ach leis an mbas féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.» Nuair nach ndéanfadh sé rud orainn, ní dúramar a thuilleadh ach: «Toil an Tiarna go ndéantar.» Tar éis na laethanta sin, d' ullmhaíomar chun bóthair agus suas linn go Iarúsailéim. Tháinig cuid de na deisceabail ó Chéasaráia lenár gcois agus thug siad sinn go dtí teach Mhnásóin, seandeisceabal ón gCipir, go mbeimis ar lóistín aige. Ar theacht dúinne go Iarúsailéim, chuir na bráithre na fáiltí geala romhainn agus lá arna mhárach chuaigh Pól ar cuairt linn chuig Séamas. Bhí na seanóirí go léir i láthair. Bheannaigh Pól dóibh agus d' aithris dóibh tríd síos gach a raibh déanta ag Dia i measc na ngintlithe trína chuid freastail. Agus nuair a chuala siadsan an scéal, thug siad glóir do Dhia dá chionn. Ansin dúirt siad: «Feiceann tú féin, a bhráthair, a liacht míle duine de na Giúdaigh a bhfuil an creideamh glactha acu agus atá siad go léir dúthrachtach don dlí. Tá scéala faighte acu ortsa, áfach, go mbíonn tú ag teagasc na nGiúdach go léir a bhfuil cónaí orthu i measc na ngintlithe a gcúl a thabhairt do Mhaois, á rá leo gan a bpáistí a thimpeallghearradh ná na gnásanna a chleachtadh. Cad atá le déanamh mar sin? Mar níl aon amhras ná go gcloisfidh siad go bhfuil tú tagtha. Dá bhrí sin, déan mar a deirimid leat. Tá ceathrar fear againn anseo a bhfuil móid orthu. Beir leat iad agus déan tú féin a íonghlanadh in éineacht leo agus íoc an costas dóibh le go ndéanfaidh siad a gceann a bhearradh. Beidh a fhios ag cách ansin nach bhfuil aon bhonn lena bhfuil cloiste acu i do thaobh ach go leanann tú féin ag coimeád an dlí. Maidir leis na gintlithe a bhfuil an creideamh glactha acu, chuireamar féin litir chucu a achtú dóibh staonadh ó bhia íobartha, ó fhuil, ó bhia a tachtadh agus ón bpósadh coil.» Rug Pól na fir leis agus lá arna mhárach, tar éis dó é féin a íonghlanadh in éineacht leo, chuaigh sé isteach sa Teampall ag fógairt an lae a mbeadh tréimhse an íonghlanta thart agus a ndéanfaí an ofráil ar son gach duine acu. Bhí an seacht lá chóir a bheith críochnaithe nuair a chonaic na Giúdaigh ón Áise sa Teampall é. Thóg siad callán i measc an tslua go léir agus ghreamaigh siad Pól ag glao in ard a ngutha: «Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.» Is amhlaidh a bhí siad tar éis Troifimeas ó Eifeasas a fheiceáil ina theannta sa chathair agus cheap siad go raibh Pól tar éis é a thabhairt isteach sa Teampall. Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach. Bhí siad ag iarraidh Pól a mharú nuair a tháinig scéal chun ceannasaí an díorma go raibh Iarúsailéim ar fad ina círéib. Thug seisean saighdiúirí agus taoisigh chéad leis láithreach agus tháinig ar sodar faoina ndéin. Nuair a chonaic siad an ceannasaí agus na saighdiúirí chucu stad siad de bhualadh Phóil. Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus d' ordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. D' fhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige. Thosaigh daoine sa slua á rá seo agus daoine eile á rá siúd agus nuair nár éirigh leis aon eolas cinnte a fháil mar gheall ar an ngleo, d' ordaigh sé é a thabhairt isteach sa dúnfort. Nuair a shroich sé na céimeanna bhí an slua chomh fíochmhar sin go raibh sé á iompar ag na saighdiúirí, mar bhí an slua ar fad ar na sála orthu agus iad ag screadach: «Tóg uainn é.» Agus Pól ar tí a thabhairt isteach sa dúnfort, dúirt sé leis an gceannasaí: «An bhfuil cead agam labhairt leat?» D' fhreagair seisean: «An bhfuil Gréigis agat? Ní tú mar sin an tÉigipteach úd a chuir an cheannairc ar bun tamall ó shin agus a sheol an ceithre mhíle de na meirligh amach san fhásach?» «Is Giúdach ó Tharsas na Siléise mé,» d' fhreagair Pól, «is saoránach de chathair nach suarach mé. Iarraim ort cead a thabhairt dom labhairt leis an slua.» Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus d' fhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo sa teanga Eabhra mar a leanas. «A bhráithre agus a aithreacha, éistigí lena bhfuil le rá agam chun mo chosanta.» Nuair a chuala siad ag labhairt sa teanga Eabhra é, d' éirigh siad ní ba chiúine fós. Lean sé air: «Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu. Rinne mé géarleanúint go bás ar an mBealach seo. Bhíodh fir agus mná á ngabháil agam agus á gcur i bpríosún. Tá an t-ardsagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim go gcuirfí pionós orthu, ach tharla agus mé ar an tslí ag druidim le Damaisc, timpeall meán lae gur las solas mór ó neamh go tobann i mo thimpeall. Thit mé go talamh agus chuala mé an guth á rá liom: 'A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?' ' Cé thú féin, a thiarna?' arsa mise á fhreagairt. 'Is mé Íosa Nazórach atá agat á ghéarleanúint,' ar seisean. Iad seo a bhí le mo chois, chonaic siad an solas ach níor chuala siad glór an té a bhí ag caint liom. Dúirt mé ansin: 'Cad atá le déanamh agam, a thiarna?' Agus dúirt an Tiarna liom: 'Éirigh i do sheasamh, lean ort go Damaisc agus inseofar ansin duit gach ní atá ceaptha duit le déanamh.' Bhí gile an tsolais úd tar éis mé a dhalladh agus rug mo chomrádaithe ar láimh orm agus tháinig mé isteach i nDamaisc. «Bhí fear darbh ainm Anainias, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann, agus tháinig sé chugam, agus sheas sé os mo chomhair á rá liom: 'A Shóil, a bhráthair, bíodh do radharc arís agat.' Agus ar an spota bhí mo radharc agam arís. Ansin dúirt sé liom: 'Tá sé ceaptha roimh ré ag Dia ár sinsear duit go mbeadh fios a thola agat, go bhfeicfeá an Fíréan agus go gcloisfeá glór a bhéil féin. Mar beidh tú i do fhinné aige os comhair an uile dhuine ar a bhfuil feicthe agus cloiste agat. Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.' «Chuaigh mé ar ais go Iarúsailéim, agus le linn dom bheith ag guí sa Teampall, thit mé i dtámhnéal agus chonaic mé é agus é á rá liom: 'Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise ormsa.' ' Ach, a Thiarna,' arsa mise leis, ' nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus á sciúrsáil? Fiú amháin nuair a bhí fuil do fhinné Stiofán á doirteadh, bhí mé féin ar an láthair ag toiliú leis agus ag coimeád a n-éadaí do lucht a mharaithe.' Agus is é a dúirt sé liom: 'Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.'» D' éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: «Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.» Agus bhí siad ag liúireach, ag croitheadh a gcuid éadaigh agus ag caitheamh deannaigh san aer. D' ordaigh an ceannasaí é a thabhairt isteach sa dúnfort agus dúirt é a cheistiú faoin lasc féachaint cén fáth a raibh siad ag liúireach mar sin air. Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céad a bhí ansiúd: «An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?» Nuair a chuala an taoiseach céad an méid sin, chuaigh sé go dtí an ceannasaí: «Cad a mheasann tú a dhéanamh?» ar seisean leis, «is saoránach Rómhánach é siúd.» Chuaigh an ceannasaí anonn go Pól. «Inis dom», ar seisean, «an saoránach Rómhánach tusa.» «Is ea,» arsa Pól. Dúirt an ceannasaí á fhreagairt: «Sea, is daor a cheannaigh mé féin an tsaorántacht sin.» «Tá sí agamsa ó dhúchas,» d' fhreagair Pól. An mhuintir a bhí chun é a cheistiú, chúlaigh siad uaidh laithreach. Bhí eagla ar an gceannasaí freisin nuair a fuair sé amach gur shaoránach Rómhánach é agus é féin tar éis é a cheangal. Lá arna mhárach, d' fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é. Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: «A bhráithre,» ar seisean, «níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.» Leis sin d' ordaigh Anainias, an t-ardsagart, dóibh sin a bhí ina seasamh in aice leis Pól a bhualadh sa bhéal. Ansin d' iompaigh Pól air: «Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta,» ar seisean. «An bhfuil tú i do shuí ansin ag tabhairt breithiúnais ormsa de réir an dlí agus tú féin ag sárú an dlí ag ordú mo bhualadhsa?» An mhuintir a bhí ina seasamh ina aice, dúirt siad le Pól: «An ag tabhairt achasáin don ardsagart atá tú?» D' fhreagair Pól: «Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurb é an t-ardsagart é, mar tá scríofa: 'Ná habair aon drochní mar gheall ar phrionsa an phobail.'» Nuair a d' aithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: «A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.» Ní raibh an méid sin ráite aige nuair a d' éirigh achrann idir na Fairisínigh agus na Sadúcaigh agus bhí an cruinniú scoilte ina dhá chuid, mar go ndeir na Sadúcaigh nach bhfuil aiséirí ann ná aingeal ná spiorad agus creideann na Fairisínigh i ngach ceann acu. Mhéadaigh ar an ngleo, agus d' éirigh roinnt scríobhaithe de chuid na bhFairisíneach agus thosaigh siad ag maíomh go colgach: «Ní fhaighimid aon locht ar an bhfear seo. Más ea féin gur labhair aingeal nó spiorad leis?» Bhí an t-achrann ag dul chomh mór sin i méid go raibh eagla ar an gceannasaí go sracfaí Pól as a chéile; dá bhrí sin d' ordaigh sé don arm dul síos agus Pól a tharrtháil uathu agus é a thabhairt isteach sa dúnfort. An oíche dár gcionn sheas an Tiarna láimh leis agus dúirt: «Bíodh misneach agat. Faoi mar atá fianaise tugtha agat orm anseo in Iarúsailéim, ní mór duit fianaise a thabhairt ar an gcaoi chéanna sa Róimh freisin.» Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu. Bhí breis agus daichead acu a thug brí na mionn sin le chéile. Ansin chuaigh siad go dtí na hardsagairt agus na seanóirí agus dúirt leo: «Ghabhamar de gheasa orainn féin gan aon ní a bhlaiseadh nó go mbeidh Pól marbh againn. Dá bhrí sin cuirigí sibhse agus an tsainidrín scéala chun an cheannasaí á iarraidh Pól a chur anuas chugaibh mar dhea gur mhaith libh a chás a fhiosrú ní ba chruinne. Agus beimidne réidh chun é a dhíothú sula mbeidh sé tagtha i ngar.» Fuair mac deirféar Phóil cogar scéil an luíocháin, áfach. Chuaigh sé go dtí an dúnfort agus isteach leis ag insint an scéil do Phól. Ghlaoigh Pól ar dhuine de na taoisigh chéad agus dúirt leis: «Tabhair leat an gasúr seo go dtí an ceannasaí mar tá scéala aige le hinsint dó.» Thóg sé leis é go dtí an ceannasaí agus dúirt: «Chuir an príosúnach Pól fios orm agus d' iarr orm an gasúr seo a thabhairt chugat mar go bhfuil rud aige le rá leat.» Rug an ceannasaí ar láimh ar an ngasúr, chuaigh i leataobh leis agus d' fhiafraigh de: «Cén scéal atá agat le hinsint dom?» «A leithéid seo,» arsa an gasúr, «tá socair ag na Giúdaigh a iarraidh ortsa Pól a chur síos amárach go dtí an tsainidrín, mar dhea gur mhaith leo a chás a scrúdú ní ba chruinne. Ach ná déansa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.» Scaoil an ceannasaí an gasúr chun siúil tar éis a rá leis: «Ná hinis do dhuine ar bith gur nocht tú an scéal seo dom.» Chuir sé fios ansin ar bheirt de na taoisigh chéad agus dúirt leo: «Bíodh dhá chéad saighdiúirí ullamh agaibh ar an tríú huair anocht chun dul go Céasaráia agus seachtó marcach chomh maith agus dhá chéad sleádoirí. Agus bíodh beithígh iompair agaibh ar a gcuirfeadh sibh Pól agus é a thabhairt slán go dtí an Gobharnóir Féilix.» Agus scríobh sé litir ar an aiste seo a leanas: «Beatha agus sláinte ó Chlauidias Lisias chun an Ghobharnóra ró-oirirc Féilix. Bhí beirthe ag na Giúdaigh ar an bhfear seo agus iad ar tí é a chur chun báis nuair a tháinig mé orthu leis an arm; tharrthaigh mé uathu é nuair a fuair mé amach gur saoránach Rómhánach é. Ansin d' fhonn a fháil amach cén chúis a bhí acu á chur ina leith, thóg mé chun a sainidríne é. Fuair mé amach gur mar gheall ar phointí áirithe dá ndlí féin a bhí siad á chúiseamh agus nach raibh aon ní ina choinne a thuillfeadh bás ná príosún. Ach nuair a cuireadh in iúl dom go bhfuil comhcheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus d' ordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthairse.» Rinne na saighdiúirí mar a dúradh leo agus thóg siad Pól agus rug leo san oíche é chomh fada le hAntapaitris. Lá arna mhárach tháinig siad ar ais go dtí an dúnfort agus lig do na marcaigh é a thionlacan. Nuair a shroich siad Céasaráia, sheachaidh siad an litir don ghobharnóir agus thug Pól ar láimh dó chomh maith. Léigh sé an litir agus d' fhiafraigh cén cúige arbh as dó; agus nuair a fuair sé fios gurbh as an tSiléis dó, dúirt sé: «Éistfidh mé leat ar ball nuair a bheidh lucht do chúisithe anseo.» Agus d' ordaigh sé é a chur faoi choimeád i bpréatóiriam Héaróid. Tar éis cúig lá tháinig an t-ardsagart Anainias anuas go Céasaráia, é féin agus cuid de na seanóirí agus abhcóide darbh ainm Teartullas agus thug siad faisnéis don ghobharnóir in aghaidh Phóil. Nuair a glaodh isteach ar Phól, thosaigh Teartullas á chiontú mar leanas: «A Fhéilix, ró-oirirc, an tsíocháin bhuan a chuir tú faoi réim dúinn agus na leasuithe atá tugtha isteach le barr críonnachta agat ar mhaithe lenár náisiún, fáiltímid rompu i gcónaí agus i ngach áit agus táimid thar a bheith buíoch mar gheall orthu. Ach chun gan an iomad moille a choinneáil ort, impím ort éisteacht linn go ceansa ar feadh tamaillín. Is crá croí dúinn an fear seo; bíonn sé ag cothú mioscaise i measc na nGiúdach ar fud an domhain agus is é an ceann é ar aicme úd na Nazórach. Bhí sé ag iarraidh an Teampall féin a shárú ach rugamar air. (Bhí sé d' aidhm againn breith a thabhairt air de réir ár ndlí féin, ach tháinig Lisias, an ceannasaí, orainn agus neart slua aige agus sciob sé as ár lámha é agus d' ordaigh sé do lucht a chiontaithe dul faoi do bhráid.) Má cheistíonn tú féin é sin, féadfaidh tú fios fáth na nithe go léir a chuirimid ina leith seo a fháil uaidh.» Thaobhaigh na Giúdaigh leis, á rá gur mar sin a bhí. Nuair a sméid an gobharnóir ar Phól chun labhartha, d' fhreagair sé: «Ós eol dom go bhfuil tusa i do bhreitheamh ar an náisiún seo leis na blianta fada, táim lánsásta mo cheart a phlé. Is féidir duit a dheimhniú duit féin nach bhfuil ann ach dhá lá dhéag ó chuaigh mé suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh, agus ní bhfuair siad mé ag argóint le duine ar bith ná ag corraí an phobail sa Teampall ná sna sionagóga ná ar fud na cathrach. Ná níl aon chruthú acu duit ar na cionta atá siad a chur i mo leith. Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siadsan Aicme, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe. Agus tá an dóchas céanna as Dia agam atá acu féin, is é sin go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon. Déanaim mo dhícheall sa ghnó seo ar choinsias glan a bheith agam i gcónaí i bhfianaise Dé agus daoine. Tar éis mórán blianta, tháinig mé chun déirc a thabhairt do mhuintir mo chine agus ofrálacha a dhéanamh. Is i mbun an chúraim sin a bhí mé nuair a fuair siad sa Teampall mé. Bhí mé tar éis m' íonghlanta agus ní raibh slua ná callán ar bith ann. Bhí roinnt Giúdach ann ón Áise, áfach agus is iadsan ba chóir a bheith anseo os do chomhairse agus cibé gearán a bhí acu orm é a chur i mo leith. Nó abradh an mhuintir seo féin cad é an cion a fuair siad ionam agus mé i mo sheasamh os comhair na sainidríne, taobh amuigh den aon abairt amháin úd a scread mé amach agus mé i mo sheasamh ina measc: 'Is i dtaobh aiséirí na marbh atá breith á tabhairt ormsa inniu os bhur gcomhair.'» Bhí eolas mós cruinn ag Féilix ar an mBealach agus chuir sé ar cairde iad, á rá: «Nuair a thiocfaidh Lisias an ceannasaí anuas, tabharfaidh mé breith ar bhur gcás.» D' ordaigh sé don taoiseach céad é a chur faoi choimeád ach cead a chinn a bheith aige agus gan aon duine dá chairde a chosc ar fhreastal a dhéanamh air. Faoi cheann cúpla lá tháinig Féilix agus a bhean Drúsaile in éineacht leis. Giúdach mná ba ea ise. Chuir sé fios ar Phól agus d' éist sé leis ag cur síos ar chreideamh in Íosa Críost. Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: «Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.» San am céanna bhí sé ag súil go dtabharfadh Pól airgead dó. Is chuige sin a chuireadh sé fios go minic air chun bheith ag caint leis. Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus d' fhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, d' fhág Féilix Pól i bpríosún. Trí lá tar éis do Fhéastas teacht chun an chúige chuaigh sé suas ó Chéasaráia go Iarúsailéim. Rinne na hardsagairt agus ceannairí na nGiúdach a ngearán leis in aghaidh Phóil, agus d' iarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go Iarúsailéim, mar bhí luíochán á dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí. Ach d' fhreagair Féastas go raibh Pól faoi choimeád i gCéasaráia agus go mbeadh sé féin ag dul ar ais ann gan mhoill. «Agus,» ar seisean, «tagadh daoine údarásacha agaibh síos in éineacht liom agus má tá aon ní bunoscionn leis an duine, cúisídís é.» Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Céasaráia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus d' ordaigh Pól a thabhairt isteach. Nuair a tháinig sé i láthair, sheas na Giúdaigh a bhí tagtha anuas ó Iarúsailéim ina thimpeall agus thosaigh ag cur mórán cionta troma ina leith, nithe nár fhéad siad a chruthú. Dúirt Pól mar chosaint air féin: «Níl coir ar bith déanta agam in aghaidh dlí na nGiúdach ná in aghaidh an Teampaill ná in aghaidh Chéasair.» Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: «An mbeifeá sásta dul suas go Iarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?» Ach dúirt Pól: «Táim i mo sheasamh os comhair suí breithimh Chéasair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith. Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Céasar.» Ansin, tar éis dó dul chun cainte lena chomhairle, d' fhreagair Féastas agus dúirt: «Ó ghairm tú Céasar, is go Céasar a rachaidh tú.» Nuair a bhí roinnt laethanta curtha díobh acu, tháinig an rí Aigripe agus Beirnicé anuas go Céasaráia ag fáiltiú roimh Fhéastas agus thug siad mórán laethanta ann. Chuir Féastas scéal Phóil faoi bhráid an rí. «Tá fear anseo,» ar seisean, «a d' fhág Féilix ina dhiaidh i bpríosún. Fad a bhí mé in Iarúsailéim rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach gearán liom ina thaobh agus d' iarr é a dhaoradh. Dúirt mé leo nach é béas na Rómhánach é aon chúisí a thabhairt suas sula ndéanfaí a chúiseoirí a thabhairt os a chomhair agus caoi a bheith aige é féin a chosaint ar an gcúiseamh. Tháinig siad anseo liom dá bhrí sin agus, gan aon mhoill a dhéanamh, shuigh mé fúm i mo shuí breithimh lá arna mhárach agus d' ordaigh mé an duine a thabhairt isteach. Ach nuair a d' éirigh lucht a chúisithe níor chuir siad ina leith aon drochchoir dá raibh coinne agam leo. Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól atá beo. Nuair nach raibh aon bhreith agamsa ar na cúrsaí sin a iniúchadh, d' fhiafraigh mé de ar mhaith leis dul go Iarúsailéim agus a thriail a sheasamh ann fúthu. Ach is é a d' éiligh Pól go gcuirfí faoi choimeád é nó go bhféachfadh an t-impire a chúis. D' ordaigh mé é a choinneáil i bpríosún go dtí go gcuirfínn ag triall ar Chéasar é.» Dúirt Aigripe le Féastas: «Ba mhaith liom féin an fear seo a chloisteáil.» «Cloisfidh tú amárach é,» ar seisean. Lá arna mhárach tháinig Aigripe agus Beirnicé faoi lánmhustar agus ghluais siad isteach i halla na dála, agus ceannasaithe an airm agus maithe na cathrach in éineacht leo. Ar ordú ó Fhéastas tugadh Pól isteach. Ansin labhair Féastas agus dúirt: «A rí Aigripe agus sibhse go léir atá i láthair farainn, feiceann sibh an fear seo ar tháinig na Giúdaigh go léir ina slua chugam in Iarúsailéim agus anseo freisin agus iad ag screadach nár cheart é bheith beo a thuilleadh. Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t-impire, tá socair agam é a chur chuige. Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é agus chugatsa go háirithe a rí Aigripe i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh. Mar ba mhíréasúnta mar ghnó é, dar liom, príosúnach a sheoladh gan na cionta ina choinne a chur in iúl chomh maith.» Ansin dúirt Aigripe le Pól: «Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.» Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar leanas: «Is maith an bhail orm dar liom, a rí Aigripe, gur i do láthairse atáim do mo chosaint féin inniu ar a bhfuil de chionta á gcur i mo leith ag na Giúdaigh, mar go bhfuil sáreolas agatsa ar nósanna uile na nGiúdach agus ar a gcuid conspóidí. Achainím ort dá bhrí sin éisteacht go foighneach liom. «Tá a fhios ag na Giúdaigh go léir an chuma ar chaith mise mo shaol ó m' óige, mar gur i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim a mhair mé ó thús. Tá a fhios acu le fada, dá mba áil leo é a dhearbhú, gur mhair mé mar Fhairisíneach riamh anall, ag cloí leis an aicme ba dhéine dár gcreideamh. Agus is mar gheall ar an dóchas atá agam leis an ngealltanas a thug Dia dár sinsir atáim ar mo thriail anseo anois. Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d' oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh. Cén fáth gur dochreidte libhse mar scéal é go dtógann Dia na mairbh? «Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazóraigh. Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís á gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne. Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin. «Sin é an gnó a bhí do mo thabhairt go Damaisc le cead agus le húdarás na n-ardsagart nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois. Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth á rá liom sa teanga Eabhra: 'A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.' ' Cé thú féin, a thiarna?' arsa mise. Agus dúirt an Tiarna: 'Is mé Íosa atá agat á ghéarleanúint. Ach éirigh i do sheasamh ón talamh, mar is chuige seo a thaispeain mé mé féin duit chun go ndéanfainn seirbhíseach dom féin díot agus go mbeifeá i do fhinné agam ar a bhfuil feicthe agat díom agus ar a bhfeicfidh tú ar ball. Tabharfaidh mé slán tú ó do phobal féin agus ó na gintlithe mar is chucusan atáim do do chur chun a súile a oscailt le go n-iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.' «Dá chionn sin, a rí Aigripe, ní dhearna mé neamhshuim den fhís ó neamh, ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d' fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí. Sin é an fáth a raibh na Giúdaigh ag iarraidh mé a mharú, tar éis dóibh breith orm sa Teampall. Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach: nárbh fholáir don Chríost fulaingt agus solas a fhógairt don phobal agus do na gintlithe trína bheith ar an gcéad duine a d' éireodh ó mhairbh.» Bhí Pól á chosaint féin mar sin nuair a dúirt Féastas in ard a ghutha: «Tá tú as do mheabhair, a Phóil! An iomad den léann atá do do thiomáint as do mheabhair.» D' fhreagair Pól é: «Nílim as mo mheabhair, a Fhéastas ró-oirirc,» ar seisean, «níl sa chaint atá á rá agam ach an fhírinne lom. Tuigeann an rí na cúrsaí seo agus sin é an fáth a bhfuilim ag labhairt go neamhbhalbh ina fhianaise. Táim cinnte de nach bhfuil aon chuid den ghnó seo ag imeacht gan fhios air mar ní i gclúid a tharla sé. An gcreideann tusa na fáithe, a rí Aigripe? Tá a fhios agam go gcreideann tú.» Dúirt Aigripe le Pól: «Is beag nach n-áitíonn tú orm a bheith i mo Chríostaí.» «Cibé beag mór,» arsa Pól, «go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.» Ansin d' éirigh an rí agus an gobharnóir agus Beirnicé agus an mhuintir a bhí ina suí leo, agus ar dhul amach dóibh bhí siad ag caint le chéile, á rá: «Níl aon ní déanta ag an bhfear sin a thuillfeadh bás ná braighdeanas dó.» Agus dúirt Aigripe le Féastas: «D' fhéadfaí an fear sin a scaoileadh saor mura mbeadh gur ghairm sé Céasar.» Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céad darbh ainm Iúilias, de dhíorma an impire. Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchos, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn. An lá dár gcionn chuamar i dtír i Síodón, agus bhí Iúilias chomh lách sin le Pól gur lig sé dó dul ag fiosrú a chairde agus iad a dhéanamh cúraim de. Chuireamar chun siúil ón áit sin agus toisc an ghaoth a bheith inár gcoinne sheolamar ar thaobh na fothana den Chipir agus ansin trasna na farraige amach ón tSiléis agus ó Phaimfile nó gur thángamar i dtír i Míora i gcúige na Líce. Fuair an taoiseach céad long Alastraíneach ansiúd a bhí ag triall ar an Iodáil, agus chuir sé sinn ar bord inti. Ba bheag an siúl a bhí fúinn ar feadh mórán laethanta, agus ba é ár ndícheall é Cníodos a bhaint amach agus nuair nach ligfeadh an ghaoth dúinn dul ar aghaidh, sheolamar linn faoi thaobh na fothana den Chréit amach ó Shalmóiné; ag coinneáil go dlúth leis an gcósta dúinn, agus ba le dua é, bhaineamar áit amach darbh ainm na Cuanta Áille, áit atá i ngar do chathair Lasáia. Bhí mórán aimsire curtha amú againn faoin am seo: bhí Lá an Troscaidh thart agus níorbh iontaoibh feasta leanúint den turas. Más ea thug Pól foláireamh dóibh á rá: «Feictear domsa, a fheara, go bhfuil tubaiste i ndán don turas seo agus go ndéanfar díobháil mhór ní amháin don long agus don lasta ach dúinn féin chomh maith.» Ach ba mhó an aird a thug an taoiseach céad ar an bhfear stiúrach agus ar an gcaptaen ná ar chaint Phóil. Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinix a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh. Nuair a d' éirigh gaoth bhog aneas, mheas siad go raibh rite leo; thóg siad an t-ancaire agus chun bealaigh leo cois cósta na Créite. Ach níorbh fhada gur éirigh anfa gaoithe an ghaoth anoir aduaidh mar a ghlaotar uirthi agus í ag séideadh ón talamh. Nuair a rugadh ar an long agus nárbh fhéidir a ceann a choinneáil le gaoth, ghéilleamar agus d' imíomar le sruth. Ritheamar faoi scáth oileáin bhig darbh ainm Cauda agus d' éirigh linn bád na loinge a fheistiú ar éigean. Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa Sirtis, lig siad anuas na seolta agus d' imigh le sruth ar an gcuma sin. An lá dár gcionn bhí an stoirm dár ngreadadh go dona agus thosaigh siad ag caitheamh an lasta thar bord agus an lá ina dhiaidh sin theilg siad trealamh na loinge amach lena lámha féin. Ar feadh mórán laethanta ní raibh grian ná réalta le feiceáil ach an t-anfa dár ngreadadh go dian agus gan súil ar bith againn go dtiocfaimis slán. Faoin am seo bhí siad tamall fada gan bia a chaitheamh agus d' éirigh Pól ina lár agus dúirt: «Dá mb' áil libh mo chomhairlese a ghlacadh, a fheara, agus gan corraí as an gCréit, ní tharlódh an dochar ná an díobháil seo daoibh. Ar a shon sin impím anois oraibh misneach a bheith agaibh mar ní chaillfear duine ar bith agaibh ach an long amháin. Mar anocht féin sheas le mo thaobh aingeal ón Dia ar leis mé agus a bhfuilim ag seirbhís dó, agus dúirt sé liom: 'Ná bíodh eagla ort, a Phóil, mar ní foláir duitse seasamh os comhair Chéasair, agus a bhfuil de dhaoine ag taisteal leat, féach, tá siad bronnta suas ort ag Dia.' Bíodh misneach agaibh dá bhrí sin, a fheara, mar go gcreidimse i nDia go dtitfidh gach ní amach mar a dúradh liom é, agus go bhfuil i ndán dúinn go gcaithfear i dtír sinn in oileán éigin.» Nuair a tháinig an ceathrú hoíche dhéag bhíomar fós ag imeacht le gaoth sa Mhuir Aidriad, ach faoi lár na hoíche bhraith na mairnéalaigh go raibh talamh ag druidim leo. Nuair a thomhais siad an doimhneas fuair siad go raibh sé fiche feá; agus nuair a thomhais siad arís tar éis tamaill bhig eile ní raibh sé ach a cúig déag. Agus ar eagla go gcaithfí ar na carraigeacha sinn chuir siad ceithre ancaire amach as deireadh na loinge agus iad ag guí go ngealfadh an lá. Bhí na mairnéalaigh ag faire ar theitheadh as an long agus scaoil siad an bád isteach san fharraige mar dhea go raibh siad chun ancairí a ligean amach as tosach na loinge. Labhair Pól leis an taoiseach céad agus leis na saighdiúirí: «Mura bhfanann siadsan ar bord,» ar seisean, «ní féidir daoibhse teacht slán.» Ansin ghearr na saighdiúirí téada an bháid agus lig di titim isteach san fharraige. Le breacadh an lae d' iarr Pól orthu go léir bia a chaitheamh. «Tá sibh ar bior le ceithre lá dhéag anois ar troscadh gan greim bia a chaitheamh,» ar seisean. «Molaim daoibh dá bhrí sin bhur gcuid a chaitheamh, mar tá bhur slánú ag brath air. Mar ní chaillfear ribe gruaige as ceann aon duine agaibh.» Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise chách, bhris an t-arán agus chrom ar é a ithe. Ghlac siad go léir misneach ansin agus chaith siad béile. Bhí dhá chéad seachtó a sé againn ar fad ar bord na loinge. Nuair a bhí a ndóthain ite acu, thosaigh siad ag caitheamh an arbhair isteach san fharraige d' fhonn an long a éadromú. Nuair a gheal an lá níor aithin siad an tír ach thug siad faoi deara cuan a raibh trá ann agus chinn siad ar an long a thiomáint i dtír ann dá mb' fhéidir. Más ea, scaoil siad leis na hancairí agus d' fhág iad san fharraige; lena linn sin bhog siad ceangail na stiúrach, chroch an seol mór chun na gaoithe agus thug aghaidh ar an trá. Ach tharla siad ar oitir ghainimh agus chuaigh an long i dtalamh ann. Chuaigh a tosach i bhfostó go docht agus d' fhan ann gan corraí aisti fad a bhí a deireadh á réabadh ina smidiríní le fórsa na dtonnta. Chinn na saighdiúirí ar na príosúnaigh a mharú le heagla go snámhfadh aon duine acu i dtír agus éalú leis. Ach ní cheadódh an taoiseach céad dóibh an beart seo a chur i gcrích mar gur theastaigh uaidh Pól a thabhairt slán. D' ordaigh sé don mhuintir a raibh snámh acu léim isteach san fharraige ar dtús agus dul i dtír agus an chuid eile a leanúint ar chláracha adhmaid agus ar phíosaí de bhruscar na loinge. Tharla ar an gcuma sin go ndeachaigh gach duine i dtír go slán sábháilte. Nuair a bhíomar slán i dtír fuaireamar amach gurbh é Málta ainm an oileáin. Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; d' fháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar. Bhailigh Pól gabháil brosna agus nuair a chaith sé sa tine é léim nathair nimhe amach leis an teas agus ghreamaigh dá láimh. Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: «Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.» Chroith Pól an phiast uaidh isteach sa tine gan díth ná dochar air. Bhí coinne acu siúd go n-atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh bheith ag feitheamh agus ag faire ar feadh i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur dia a bhí ann. I gcomharsanacht na háite sin bhí fearann ag ceann urra an oileáin, fear darbh ainm Puiblias. D' fháiltigh seisean romhainn agus chuir cóir orainn go fial ar feadh trí lá. Tharla go raibh athair Phuiblias ina luí le fiabhras agus an dinnireacht ag cur air. Chuaigh Pól isteach á fheiceáil agus tar éis dó guí a dhéanamh ar a shon, leag sé a lámha air agus leigheas é. Ní túisce a tharla sin ná tháinig chuige gach uile dhuine eile ar an oileán a raibh éagruas orthu agus leigheasadh iad. Is iomaí comhartha ómóis a thug siad dúinn agus nuair a bhíomar ag imeacht chuir siad ar bord chugainn gach a raibh de dhíth orainn. Tar éis trí mhí ghluaiseamar chun siúil i long Alastraíneach a raibh an geimhreadh caite san oileán aici agus í faoi mheirge na Díse. Chuamar i dtír i Suracús agus thugamar trí lá ann. Rinneamar timpeall as sin go Réigió. An lá dár gcionn d' éirigh an ghaoth aneas agus i gcionn dhá lá bhaineamar amach Poiteolí. Fuaireamar roinnt bráithre romhainn ansiúd agus d' iarr siad orainn seachtain a thabhairt ina bhfochair. Agus thángamar chun na Róimhe mar sin. Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n-airicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Tábhairní. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach. Ar theacht chun na Róimhe dúinn fuair Pól cead fanacht ina lóistín féin le saighdiúir á choimeád. Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: «A bhráithre,» ar seisean, «cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh béasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé. Scrúdaigh siadsan mé agus nuair nach raibh aon chúis orm a thuillfeadh an bás, bheartaigh siad mé a scaoileadh saor. Ach chuir na Giúdaigh ina gcoinne agus b' éigean domsa Céasar a ghairm, agus ní hé go raibh aon ní agam le cur i leith mo chine féin. Is é fáth gur iarr mé sibhse a fheiceáil agus labhairt libh de bhrí gur mar gheall ar dhóchas Iosrael atá an slabhra seo ormsa.» Dúirt siadsan leis: «Ní bhfuaireamarna litir ar bith i do thaobh ó Iúdáia, ná níor thug aon neach dár mbráithre a tháinig an treo drochscéal ná drochthuairisc chugainn mar gheall ort. Ba mhaith linn, áfach, do thuairimí féin a chloisteáil mar níl d' eolas againn ar an aicme seo lena mbaineann tú ach go bhfuiltear ag cur ina coinne go forleathan.» Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt fios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe. Chuaigh a chuid cainte ina luí ar chuid acu ach bhí cuid eile acu nach ngéillfeadh dó. Bhí easaontas eatarthu agus iad ag imeacht agus is é a dúirt Pól leo mar fhocal scoir: «Is maith mar a labhair an Spiorad le bhur n-aithreacha trí bhéal Íseáia fáidh nuair a dúirt sé: ' Téigh go dtí an pobal seo agus abair seo leo: Éistfidh sibh go deimhin ach ní thuigfidh sibh, féachfaidh sibh go deimhin ach ní fheicfidh sibh, Mar tá croí an phobail seo éirithe dúr, agus lena gcluasa is mall a éisteann siad, agus dhún siad a súile, ar eagla go bhfeicfidís lena súile agus go gcloisfidís lena gcluasa agus go dtuigfidís lena gcroí agus go n-iompóidís chugamsa agus go leigheasfainn iad.' «Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.» (Nuair a bhí an méid sin ráite aige, d' imigh na Giúdaigh uaidh amach, agus aighneas mór acu eatarthu féin.) D' fhan sé ar feadh lán dhá bhliain sa lóistín a bhí ar cíos aige, agus gach ar tháinig ag triall air chuir sé fáilte rompu. Lean sé air ag fógairt ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige á theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air. Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé. An dea-scéal seo, a gheall Dia roimh ré trína chuid fáithe sna scríbhinní naofa, is faoina Mhac féin é, ár dTiarna Íosa Críost. Rugadh eisean sa mhéid gur duine é de shliocht Dháiví: ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh. Is trídsean a fuair mise grásta an aspail chun géillsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile. Orthusan chomh maith tá sibhse a bhfuil glaoite oraibh chun bheith ina sheilbh ag Íosa Críost. Chugaibhse go léir sa Róimh, más ea, a bhfuil grá ag Dia daoibh agus a bhfuil glaoite oraibh chun bheith in bhur bpobal naofa aige, guím grásta agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Ar dtús gabhaim buíochas le mo Dhia trí Íosa Críost mar gheall oraibh uile de bhrí go bhfuil iomrá ar bhur gcreideamh ar fud an domhain go léir. Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó m' anam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i m' urnaithe i gcónaí, agus ag achainí air go n-éireoidh liom ar dhóigh éigin teacht chugaibh ar cuairt faoi dheireadh thiar le deonú Dé. Mar is fada liom go bhfeicfidh mé sibh chun tíolacadh éigin spioradálta a roinnt libh d' fhonn sibh a neartú, go bhfaighinn is é sin, solas in bhur measc ón gcreideamh atá agaibhse agus agamsa araon le chéile. Ní áil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo. Tá an dualgas céanna orm i leith Gréagach agus i leith barbar, i leith saoithe agus i leith daoithe. Sin é faoi deara fonn a bheith orm an dea-scéal a fhógairt daoibhse freisin atá sa Róimh. Óir ní náir liom an dea-scéal, mar is é cumhacht Dé é chun slánú a thabhairt do chách a chreideann ann, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach chomh maith, mar is ann atá fíréantacht Dé á foilsiú ó chreideamh go creideamh, de réir mar atá scríofa: «Ar chreideamh is ea a mhairfidh an fíréan.» Tá fearg Dé á foilsiú ó neamh in aghaidh éagráifeacht agus urchóid uile na ndaoine úd atá ag coinneáil na fírinne i ngéibheann lena gcuid urchóide. Óir tá a bhfuil le foghlaim faoi Dhia soiléir dóibh de bhrí gur nocht Dia féin dóibh é. Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu, mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu. Agus iad ag maíomh gur lucht gaoise iad féin, d' imigh siad le baois; mhalartaigh siad glóir an Dé neamhbhásmhair ar íomhánna a raibh cló an duine bhásmhair orthu nó cló éanlaithe nó ainmhithe nó péisteanna. Sin é an fáth ar thug Dia suas iad don mhígheanmnaíocht de réir ainmhianta a gcroí, sa tslí gur thug siad tarcaisne dá gcoirp eatarthu féin. Mhalartaigh siad fírinne Dé ar an mbréag agus thug ómós agus seirbhís don chréatúr mar rogha ar an gcruthaitheoir, moladh go deo leis. Amen. Sin é an fáth ar thug Dia suas do phaisin mhínáireacha iad; mhalartaigh a gcuid ban an taithí nádúrtha ar thaithí mhínádúrtha; agus mar an gcéanna do na fir: thréig siad taithí nádúrtha ban agus las siad le dúil ina chéile, sa tslí go mbíodh fir ag cleachtadh míghnímh le fir agus ag fáil dóibh féin an chúitímh a bhí tuillte ag a gcuid seachráin. Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n-aithne, d' fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí; bíonn siad líonta den uile shórt urchóide agus mallaitheachta agus sainte agus mailíse; agus bíonn siad lán den fhormad, den dúnmharú, den achrann, den chealg agus den mhioscais; bíonn siad cúlchainteach, béadánach agus bíonn fuath acu do Dhia; bíonn siad uaibhreach, sotalach, maíteach, drochbheartach agus easumhal do thuismitheoirí; bíonn siad gan tuiscint gan tairise, gan taise gan trua. Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta. Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna. An breithiúnas, áfach, a thugann Dia ar dhaoine a dhéanann a leithéidí sin, tá a fhios againn go mbíonn sé de réir na fírinne. Ach tusa, a dhuine, a bhíonn ag tabhairt breithe ar na daoine a dhéanann na nithe sin, an é a mheasann tú go n-éalóidh tú ó bhreithiúnas Dé agus tú féin á ndéanamh chomh maith leo? Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé? Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé, a chúiteoidh le cách de réir a ghníomhartha. An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí; fearg agus fraoch áfach atá i ndán do lucht na míréire a dhiúltaíonn don fhírinne agus a ghéilleann don urchóid. Is ea, beidh ainnise agus anacair ar gach daonnaí a dhéanann an t-olc, ar an nGiúdach ar dtús agus ar an nGréagach chomh maith. Ach glóir agus onóir agus síocháin a bheidh ag cách a dhéanann an mhaith, ag an nGiúdach ar dtús agus ag an nGréagach chomh maith, mar ní thaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile. Gach duine dá ndearna peaca gan bheith faoi réir an dlí caillfear é gan an dlí a chur san áireamh. Ach aon duine dá ndearna peaca agus é faoi réir an dlí, is de réir an dlí a thabharfar breith air. Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar. Gintlithe nach bhfuil an dlí acu, gach uair dá gcomhlíonann siad forálacha an dlí ó nádúr is dlí dóibh féin iad ainneoin nach bhfuil an dlí acu. Taispeánann siad go bhfuil éirím an dlí greanta ar an gcroí. Agus mar fhianaise bhreise acu tá a gcoinsias féin agus a gcuid plé le chéile de réir mar bhíonn siad á chiontú seo nó á chosaint siúd. [Léireofar é sin] an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost. Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat; agus, de bhrí go mbíonn tú do do theagasc ag an dlí, go n-aithníonn tú na nithe is fiúntaí; má tá tú cinnte de, mar sin, gur giolla do na daill tú agus solas don mhuintir atá sa dorchadas, gur tú oide na n-ainbhiosán agus muinteoir na naíonán mar go bhfuil corp an eolais agus na fírinne agat sa dlí tusa, más ea, a bhíonn ag múineadh an fhir thall, nach múinfeá thú féin? Bíonn tú ag fógairt gan goid a dhéanamh, ach an mbíonn tú féin ag goid? Bíonn tú á rá gan adhaltranas a dhéanamh, ach an ndéanann tú féin adhaltranas? Is fuath leat na híola, ach an gcreachann tú a dteampaill? Bíonn tú maíteach as an dlí ach an dtugann tú tarcaisne do Dhia tríd an dlí a bhriseadh? Mar de réir an scrioptúir: «Is sibhse faoi deara ainm Dé a bheith á mhaslú i measc na ngintlithe.» Is tairbheach é an timpeallghearradh go deimhin má choimeádann tú an dlí, ach más duine thú a bhriseann an dlí is cuma do thimpeallghearradh a bheith ann nó as. Ar an taobh eile de, an fear nach bhfuil timpeallghearrtha ach a choimeádann reachtanna an dlí, nach n-áireofar é siúd nach bhfuil timpeallghearrtha mar dhuine atá? Go deimhin an té atá gan timpeallghearradh na colainne, má chomhlíonann sé an dlí tabharfaidh sé daorbhreith ortsa a bhíonn ag sárú an dlí d' ainneoin cód scríofa agus timpeallghearradh a bheith agat. Mar ní fíorGhiúdach an té atá ina Ghiúdach ar an taobh amuigh, ná ní fíorthimpeallghearradh an marc lasmuigh ar an gcolainn. Ní hea, ach is é is fíorGhiúdach ann an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh; agus is é is fíorthimpeallghearradh ann, timpeallghearradh an chroí nach sa litir ach sa spiorad atá. Ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheann a leithéid siúd moladh. Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach mar sin? Nó cad é an tairbhe dó an timpeallghearradh? Tá tairbhe mhór ann ar gach slí. Ar an gcéad dul síos is faoi chúram na nGiúdach a cuireadh ráite Dé. Má bhí féin cuid acu mídhílis, an gcuirfidh a mídhílseacht sin dílseacht Dé ar ceal? Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: «Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.» Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? i dtéarmaí an duine atáim ag caint. Níl ná éagórach, mar dá mbeadh conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan? Mar sin féin, má dhéanann mo chuid éithighse fírinne Dé a mhéadú agus cur lena glóir, cén fáth a dtugtar breith pheacaigh fós orm? Mar an amhlaidh a «dhéanfaimis an t-olc chun go dtiocfadh an mhaith as», teagasc a chasann daoine áirithe linn mar mhilleadh ar ár gclú. Is maith atá a ndaoradh tuillte acu siúd. Cad atá le rá mar sin? An fearr an bhail atá orainne ná mar atá orthusan? Ní fearr ar chor ar bith, mar chuireamar i leith Giúdach agus Gréagach cheana féin go bhfuil siad uile faoi smacht an pheaca de réir mar atá scríofa: Níl oiread agus aon fhíréan amháin fágtha; Níl duine ann a bhfuil tuiscint aige ná duine a bhfuil lorg aige ar Dhia. Tá siad uile imithe ar seachrán agus chun fáin le chéile. Níl oiread agus aon duine amháin a dhéanann an mhaith. Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh; caint chealgach a bhíonn ar a dteanga agus nimh nathracha faoina mbeola, agus a mbéal lán d' eascainí agus de bhinb. Is lúfar a gcosa chun fuil a dhoirteadh. Eirleach agus ainnise atá ar an mbóthar a ghabhann siad, ach bóthar na síochaná ní aithnid dóibh, ná níl eagla Dé os comhair a súl. Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia. Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí. Anois, áfach, tá fíréantacht Dé arna nochtadh gan spleáchas leis an dlí ach go bhfuil an dlí agus na fáithe ina bhfianaise uirthi. Trí chreideamh in Íosa Críost téann an fhíréantacht seo Dé i gcion ar an uile dhuine a bhfuil an creideamh aige. Níl aon dealú ann, mar tá an peaca déanta acu uile agus iad uile in uireasa ghlóire Dé; fíréanaítear in aisce lena ghrásta iad de bharr na fuascailte atá in Íosa Críost, an té ar leag Dia amach dó a bheith in shás peacaí a ghlanadh lena chuid fola ach creideamh a bheith ann, chun fíréantacht Dé a thaispeáint agus a rá gur lig sé thairis le barr a fhoighne na seanpheacaí a bhí déanta; agus lena thaispeáint san am i láthair chomh maith go bhfuil sé fíréanta ann féin agus go bhfíréanaíonn sé gach duine a bhfuil a chreideamh in Íosa aige. Cá bhfuil do chuid mórála, mar sin? Tá an doras dúnta uirthi. Agus cad é an saghas dlí a dhún an doras uirthi? Dlí na n-oibreacha an ea? Ní hea go deimhin, ach dlí an chreidimh. Mar is é ár mbreith gur trí chreideamh a fhíréanaítear duine gan spleáchas d' oibreacha an dlí. Nó an leis na Giúdaigh amháin Dia? Nach leis na págánaigh chomh maith é? Go deimhin is leis na págánaigh chomh maith é, mar níl ann ach an t-aon Dia amháin agus fíréanóidh sé an mhuintir thimpeallghearrtha mar gheall ar a gcreideamh agus an mhuintir gan timpeallghearradh trína gcreideamh chomh maith. An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid. a Fíréanaíodh Abrahám Más mar gheall ar a ghníomhartha a fíréanaíodh Abrahám, tá cúis mhórála aige, ach ní i bhfianaise Dé é, mar cad é seo a deir an scrioptúr: «Chreid Abrahám Dia agus áiríodh é sin mar fhíréantacht aige.» Nuair a dhéanann duine píosa oibre ní mar aisce a áirítear a thuarastal ach mar cheart. An duine, áfach, nach ndéanann aon ní ach creidiúint sa té a fhíréanaíonn an t-éagráifeach, áirítear a chreideamh mar fhíréantacht aige. Ar an gcuma chéanna go díreach tráchtann Dáiví ar aoibhneas an duine ag a n-áiríonn Dia fíréantacht gan spleáchas do ghníomhartha: Is aoibhinn dóibh siúd ar maitheadh a gcionta dóibh agus ar clúdaíodh a bpeacaí. Is aoibhinn don duine nach gcuireann an Tiarna a pheaca ina leith. An do mhuintir an timpeallghearrtha an t-aoibhneas seo nó fós don mhuintir atá gan timpeallghearradh? Táimid a rá «gur áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht ag Abrahám». Ach conas a áiríodh? Tar éis a thimpeallghearrtha nó sular timpeallghearradh é? Ní tar éis a thimpeallghearrtha é ach roimhe sin, mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeallghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamhthimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n-áirítear an fhíréantacht dá bharr; agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeallghearradh é. Ní mar gheall ar aon dlí a gealladh d' Abrahám ná dá shliocht go mbeadh sé ina oidhre ar an domhan ach mar gheall ar fhíréantacht chreidimh. Mar, más iad na daoine atá i dtaobh leis an dlí is oidhrí, tá an creideamh gan bhrí agus an gealltanas gan éifeacht. Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach oiread. Is ó chreideamh é dá bhrí sin, ionas go mbeadh an gealltanas le fáil saor in aisce, agus go mbeadh éifeacht aige do shliocht iomlán Abrahám, ní amháin don chuid sin atá i dtaobh leis an dlí ach fós don chuid atá i dtaobh le creideamh Abrahám, an té is athair dúinn go léir de réir an scrioptúir: «Tá tú ceaptha agam i d' athair ar mhórán náisiún,» i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann. Agus gan aon ábhar dóchais aige, chreid sé go dóchasach go mbeadh sé ina athair ar mhórán náisiún de réir mar a bhí ráite: «Amhlaidh sin a bheidh do shíol.» Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin bhí sé ag tarraingt ar an gcéad agus ar bhroinn mharbh Shárá. Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia mar go raibh sé lánchinnte de go bhféadfadh Dia a raibh geallta aige a chur i gcrích. Sin é an fáth ar «áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht aige». Agus ní ina thaobh sin amháin a scríobhadh na focail seo: «Áiríodh mar fhíréantacht aige é» ach inár dtaobhna chomh maith. Mar áireofar mar fhíréantacht againne é, de bhrí go gcreidimid sa té a thóg ó mhairbh Íosa ár dTiarna, a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe. Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid, agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine. Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin is ea, b' fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh. Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé? Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t-athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha? Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t-athmhuintearas sin anois dúinn. Faoi mar a tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht. Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost. Agus ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an toradh a bhí ar pheaca an duine aonair é: tháinig breithiúnas an daortha as coir aonair, ach is as coireanna iomadúla a tháinig tabhartas an tsaortha. Más trí choir an aon duine amháin a tháinig an bás i réim tríd an aon duine amháin, is mó go mór ná sin a bheidh réimeas na beatha tríd an aon duine amháin Íosa Críost, acu siúd a fhaigheann flúirse den ghrásta agus de thabhartas na fíréantachta. Dá réir sin, faoi mar tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin. Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanná déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin. Agus tháinig an dlí isteach chun méadú ar an gcoir ach an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta, ionas, mar a tháinig an peaca i réim tríd an mbás, go dtiocfadh an grásta i réim tríd an bhfíréantacht chun na beatha síoraí trí Íosa Críost ár dTiarna. Cad a déarfaimid mar sin? An leanfaimid den pheaca chun go méadódh ar an ngrásta? Nár lige Dia sin! Sinne a fuair bás mar leis an bpeaca, conas a mhairfimid fós ann? Nó an é nach dtuigeann sibh, gach duine againn a baisteadh in Íosa Críost, gur ina bhás a baisteadh é. Go deimhin comhadhlacadh sinn sa bhás leis tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlóimisne freisin i mbeatha úrnua, faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí ghlóir an Athar. Mar má táimid aontaithe leis trí mhacasamhail a bháis beimid aontaithe leis freisin trí mhacasamhail a aiséirí. Tá a fhios againn é seo, gur comhchéasadh ár seannádúr mar aon leis ar an gcrois d' fhonn ár gcolainn pheacúil a chur ó rath, i dtreo nach mbeimis ag seirbhís don pheaca níos mó. Mar an té atá tar éis bháis, tá sé saor ón bpeaca. Ach má fuaireamar bás mar aon le Críost, creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith. Tá a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh nach bhfaighidh sé bás níos mó. Níl aon cheannas ag an mbás air feasta, mar an bás a fuair sé, ba bhás mar leis an bpeaca é, don aon uair amháin go deo, ach is beatha do Dhia a bheatha feasta. Ar an gcuma chéanná ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost. Dá réir sin, ná bíodh an peaca i réim in bhur gcolainn bhásmhar le go mbeadh sibh ag géilleadh dá hainmhianta. Agus ná tugaigí bhur mbaill bheatha suas don pheaca le bheith ina n-uirlisí urchóide ach, mar dhaoine a bheadh éiríthe beo ó mhairbh, déanaigí sibh féin a thabhairt suas do Dhia agus bíodh bhur mbaill bheatha ina n-uirlisí fíréantachta ag Dia. Mar ní bheidh aon tiarnas ag an bpeaca oraibh de bhrí nach faoin dlí atá sibh ach faoin ngrásta. Cad é mar sin? An ndéanfaimid an peaca nuair nach faoin dlí atáimid ach faoi ghrásta? Nár lige Dia sin! Nach bhfuil a fhios agaibh, má thugann sibh sibh féin suas do dhuine chun umhlú dó mar sheirbhísigh, gur seirbhísigh sibh don mháistir sin a n-umhlaíonn sibh dó, cibé acu don pheaca chun báis, nó don umhlaíocht chun fíréantachta. Bhí sibh tráth ag seirbhís don pheaca, ach a bhuí le Dia, ghéill sibh ó chroí do riail an teagaisc ar cuireadh sibh faoina threoir, fuasclaíodh sibh ó chuing an pheaca agus chuaigh sibh faoi chuing na fíréantachta. De dheasca bhur laige nádúrtha is i dtéarmaí daonna atáim ag labhairt anois faoi mar a thug sibh suas bhur mbaill bheatha tráth mar sclábhaithe don salachar agus don urchóid chun na hurchóide, tugaigí suas bhur mbaill anois mar sclábhaithe don fhíréantacht chun na naofachta. Fad a bhí sibh in bhur sclábhaithe ag an bpeaca bhí sibh saor ón bhfíréantacht. Agus cad é an toradh a bhíodh agaibh an uair sin ar nithe ar náir libh anois iad? Mar is é an bás a ndeireadh siúd. Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd. Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna. Nach bhfuil a fhios agaibh, a bhráithre ag caint atáim le daoine atá eolach ar chúrsaí dlí nach mbíonn duine faoi smacht an dlí ach fad is beo dó. An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir. Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile. Is é an dála céanna agaibhse é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh. Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn á gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás. Anois, áfach, ó tá bás faighte againn ó thaobh an ní úd a bhí dár gcoinneáil i ngéibheann, táimid fuascailte ón dlí chun seirbhís a dhéanamh faoi chóras nua an spioraid in ionad faoi sheanchóras an chóid scríofa. Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach gur dhúirt an dlí «ná santaigh». Ach rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne sin d' oibrigh gach cineál saint ionam; mar in éagmais an dlí bíonn an peaca gan bhrí. Lá den saol, in éagmais an dlí, bhí mise beo; ach ar theacht don aithne, bheoigh an peaca agus fuair mise bás. An aithne úd a ceapadh le bheith ina cúis bheatha dom is ina cúis bháis a bhí sí, mar gur rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne mheall agus mharaigh sé mé tríthi. Más ea, is rud naofa é an dlí agus is rud naofa í an aithne, rud cóir maith. An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur peaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n-éireodh an peaca peacúil thar na bearta. Tá a fhios againn gur rud spioradálta é an dlí; táimse collaí, áfach, agus díolta leis an bpeaca. Go deimhin ní thuigim mo chuid iompair féin, mar ní hé an ní is áil liom a dhéanaim, ach an ní is fuath liom, is é a bhíonn ar siúl agam. Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim aontaím dá réir go bhfuil an dlí go fónta. Go deimhin féin ní mise a chuireann an beart i gcrích feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam. Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích. An mhaith is áil liom ní dhéanaim í, ach an t-olc nach áil liom is é a dhéanaim. Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim ní mise a chuireann i gcrích é feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam. Aithním mar sin an prionsabal seo a bheith ann: nuair is áil liom an mhaith a dhéanamh is é an t-olc a bhíonn i mo ghaobhar. Mar is aoibhinn liom dlí Dé i mo chroí istigh ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i m' aigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill. Ó nach mise an díol trua! Cé a fhuasclóidh ón trú seo coirp mé? A bhuí le Dia go bhfuasclófar mé trí Íosa Críost ár dTiarna. Má fhágtar fúm féin mé, mar sin, is amhlaidh a bhím ag fónamh do dhlí Dé le m' aigne agus ag fónamh do dhlí an pheaca le mo cholainn. Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost, mar tá dlí Spiorad na beatha in Íosa Críost tar éis tú a fhuascailt ó dhlí an pheaca agus an bháis. An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn i dtreo go bhféadfaí dualgais an dlí a chomhlíonadh ionainn nuair nach faoi réir na colainne a mhairimid ach faoi réir an Spioraid. Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n-aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n-airdsean. Gabhann an bás leis an meon collaí ach is beatha agus síocháin a ghabhann leis an meon spioradálta. Is namhaid do Dhia an meon collaí mar nach ngéilleann sé do dhlí Dé agus nach féidir dó é; agus na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh. Ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh. Ar an ábhar sin, a bhráithre, níl aon cheangal ag an gcolainn orainn go mairfimis dá réir. Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo. Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad. Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid «Abba! Athair.» Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn; agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith. Measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn. Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas; mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé. Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil. Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn,agus go mbeidh ár gcorp fuascailte. Le dóchas a slánaíodh sinn. Ach an dóchas a fheictear ní dóchas é feasta, mar conas a bheadh duine ag tnúth le rud a bheadh ina fhianaise? Ach ó táimidne ag súil le rud nach bhfeicimid táimid ag feitheamh go foighneach. Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail, agus an té úd a chiorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir toil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh. Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle. Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre. Agus na daoine a bhí ceaptha ó thus aige is iad sin a ghlaoigh sé; agus na daoine a bhí glaoite aige is iad sin a d' fhíréanaigh sé, agus na daoine a bhí fíréanaithe aige, is iad sin a ghlóirigh sé. Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith? Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son? Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin? Mar atá scríofa: «Ar do shonsa táimid dár mbású ar feadh an lae; táimid dár meas mar chaoirigh atá réidh lena gcoscairt.» Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn. Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna. Táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias á dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá go bhfuil dólás mór orm agus arraing gan staonadh i mo chroí. Níor mhiste liom bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre mo chine féin, de réir na colainne. Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais; is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen. Ní amhlaidh atá teipthe ar bhriathar Dé, mar ní Iosraelach an uile dhuine de shliocht Iosrael, ná ní clann Abrahám iad uile toisc gur dá shliocht iad. Ní hea sin, ach mar a deir an scrioptúr: «Is trí Íosác a ainmneofar sliocht duit.» Is é sin le rá, ní hiad clann na feola atá ina gclann Dé; ní áirítear ina shliocht dó ach an chlann a rugadh de réir an ghealltanais. Mar is iad seo focail an ghealltanais: «Tiocfaidh mé um an dtaca seo arís agus beidh mac ag Sárá.» Agus ní hé sin amháin é ach i gcás Ribeacá freisin: ghabh sise clann ó aon fhear amháin, ónár sinsear Íosác, ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu, dúradh léi: «Beidh an sinsear ag seirbhís don sóisear,» ionas go mbeadh beartas roghnaithe Dé buan agus nach ag brath ar ghníomhartha daoine a bheadh sé ach ar an té a ghlaonn, de réir mar atá scríofa: «Thugas grá do Iacób, agus fuath d' Éasau.» Cad a déarfaimid mar sin? Go bhfuil éagóir ag baint le Dia, an ea? Ní hea ar chor ar bith, mar féach cad a dúirt sé le Maois: «Déanfaidh mé trócaire ar mo rogha duine agus déanfaidh mé trua don duine is rogha liom chomh maith.» Ní rud é, mar sin, atá ag brath ar thoil an duine ná ar a chuid iarrachtaí ach ar thrócaire Dé. Arís sa scrioptúr deir sé le Forann: «Is chuige seo go díreach a d' ardaigh mé thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus m' ainm a fhógairt ar fud an domhain go léir.» Dá réir sin déanann sé trócaire ar an duine is rogha leis agus cruann sé an croí ina rogha duine chomh maith. Déarfaidh tú liom, ní foláir: «Cad é an gearán atá aige ar dhaoine, más ea, mar cé a fhéadfaidh cur in aghaidh a thola?» Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: «Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?» An amhlaidh nach bhfuil d' údarás ag an gcriadóir ar an gcré áras chun onóra agus áras chun neamhonóra a dhéanamh den chnapán céanna? Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha, d' fhonn saibhreas a ghlóire a léiriú do na hárais a bhí ina ndíol trócaire agus a bhí ullamh ó thús aige le haghaidh na glóire sin? Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith. Mar a deir sé i Leabhar Hóisé: «Glaofaidh mé ' mo phobal féin' ar phobal nach liom, Agus ' mo mhuirnín' uirthi siúd nach muirneach liom, Agus san áit a ndúradh leo: Ní aon phobal liomsa sibh, Glaofar clann Dé bheo orthu ansiúd.» Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: «Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll, mar go nglanfaidh an Tiarna an scór leis an tír go hachomair agus go cinnte.» Agus mar a thairngir Íseáia: «Ach gur fhág Tiarna na slua sliocht againn bheimis ar nós Shodom agus ar chuma Ghomorá.» Cad a déarfaimid mar sin? An méid seo: na gintlithe nach raibh aon tóir ar fhíréantacht acu, bhain siad amach í, an fhíréantacht a thagann ó chreideamh. Iosrael, áfach, a bhí ag tóraíocht dlí fíréantachta, níor tháinig siad suas leis an dlí sin. Agus cad é an fáth? De bhrí nach ar chreideamh a bhí siad ag brath ach ar ghníomhartha. Bhuail siad a gcos faoin gceap tuisle mar atá scríofa: «Feach, tá ceap tuisle agus carraig oilbhéime á leagan agam i Síón; ach an té a chreideann ann, ní bheidh díomá air.» Go deimhin, a bhráithre, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánófaí iad. Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é. Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d' fhíréantacht Dé. Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann. Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: «An té a choimhlíonann í, mairfidh sé inti.» Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: «Cé a rachaidh suas ar neamh?» (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas); nó: «Cé a rachaidh síos sa duibheagán?» (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh). Ach cad a deir sé? «Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí» (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt). Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn. Agus deir an scrioptúr: «Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.» Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air, «mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.» Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa te nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh? Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: «Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.» Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: «A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?» Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin. Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar «chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.» Ceist eile agam: An amhlaidh nár thuig Iosrael an scéal? Ar an gcéad ásc dúirt Maois: «Cuirfidh mé in éad sibh le dream nach pobal agus cuirfidh mé i bhfeirg sibh le cine gan chiall.» Agus téann Íseáia chomh fada lena rá: «An mhuintir nach raibh do mo lorg, is iad a fuair mé. Agus an mhuintir nach raibh do m' fhiafraí, is dóibh a d' fhoilsigh mé mé féin.» Ach is é a deir sé faoi Iosrael: «Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.» Ceist agam mar sin: An bhfuil Dia tar éis a phobal féin a shéanadh? Níl ar chor ar bith. Nach Iosraelach mé féin de shliocht Abrahám agus de threibh Bhiniáimin? Níor shéan Dia an pobal a bhí aitheanta aige ó thus mar a phobal féin. An é nach eol daoibh cad é a deir an scrioptúr sa trácht úd ag Éilias agus clann Iosrael á gcásamh aige le Dia: «A Thiarna, mharaigh siad do chuid fáithe, leag siad d' altóirí ar lár, níor fágadh ach mé féin agus tá siad ar thóir m' anama.» Agus cad é an freagra a thug Dia air? «Choimeád mé dom féin seacht míle fear nár fheac a nglúin do Bhál.» Is é an dála céanna é san am i láthair: tá fuíoll ann agus iad tofa trí ghrásta. Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní de bharr oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh. Cad a thagann de sin? Tá, an ní a raibh clann Iosrael ar a thóir, ní fhuair siad é; ach an mhuintir thofa, fuair siad agus cruadh an chuid eile, mar atá scríofa: «Dhall Dia an aigne iontu: d' fhág sé a súile gan radharc agus a gcluasa gan éisteacht go dtí an lá inniu féin.» Agus deir Dáiví freisin: «Go raibh a bhféasta ina ghaiste dóibh agus ina líon, ina cheap tuisle agus ina shás pionóis dóibh. Go ndalltar a súile chun nach mbeadh radharc acu, agus coinnigh a ndroim ar cromadh de shíor.» Ceist eile agam: An é tuisle a dtreascartha a baineadh as na Giúdaigh? Ní hea ar chor ar bith; ach ba chúis slánaithe do na gintlithe a gcoir ar shlí go mbeadh cúis éada ag na Giúdaigh leo. Má ba rath ar an domhan a gcoir agus má ba rath ar na gintlithe a meath, nach mó go mór an rath a bheidh ann nuair a thiocfaidh a líon iomlán isteach. Agus tá rud le rá agam libhse, a ghintlithe: Sa mhéid gurb aspal na ngintlithe mé, is ag méadú m' fheidhmeannais a bheidh mé le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú. Mar, má tugadh an domhan chun athmhuintearais trína gcaitheamh amach, cad a thiocfaidh dá nglacadh ar ais ach beatha ó mhairbh? Más naofa céadtoradh an taois, ní taise don chnapán ar fad é; agus más naofa fréamh an chrainn, ní taise do na craobhacha é. Agus má scoitheadh féin cuid de na craobhacha den chrann olóige agus má nódaíodh thusa, an ológ fhiáin, ina n-áit sa tslí go bhfuil tú páirteach anois i sú na holóige, ná bí á mhaíomh sin ar na craobhacha scoite. Ach má tá maíomh le déanamh agat, bí ag maíomh nach tusa atá ag iompar na fréimhe ach gurb í an fhréamh atá do d' iomparsa. Déarfaidh tú liom ar ndóigh: «Is ea, ach scoitheadh craobhacha den chrann chun mise a nódú ann.» Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla. Más rud é nár lig Dia leis na craobhacha dúchais ní ligfidh sé leatsa ach oiread. Tabhair do d' aire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leatsa ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith. Agus iad siúd, má shéanann siad a ndíchreideamh, nódófar sa chrann arís iad, mar tá sé ar chumas Dé iad a nódú ar ais ann. Má gearradh tusa den ológ fhiáin ba dhúchas duit is gur nódaíodh in aghaidh nádúir san fhíorológ tú, nach móide go mór go nódófar na craobhacha dúchais ar ais ina n-ológ dhílis féin? Le heagla go mbeadh rómheas agaibh ar bhur gcuid gaoise féin ní áil liom gan fios na rúndiamhaire seo a bheith agaibh, a bhráithre: Tá cruas croí tagtha ar chuid d' Iosrael, nó go mbeidh iomlán na ngintlithe tagtha isteach agus, mar sin, slánófar Iosrael ar fad de réir mar atá scríofa: «Tiocfaidh an fuascailteoir as Síón; ruaigfidh sé an éagráifeacht as Iacób. Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo nuair a thógfaidh mé a bpeacaí chun siúil.» Maidir leis an dea-scéal, is naimhde iad do Dhia rud a théann chun sochair daoibhse; ach maidir leis an toghadh is ionúin leis iad mar gheall ar na patrarcaí, mar ní cúis aiféala choíche do Dhia a thíolacthaí ná an rogha a bhíonn déanta aige. Bhí sibhse tráth easumhal do Dhia ach tá trócaire déanta anois oraibh trína n-easumhlaíochtsan. Is é an dála céanna acu siúd é: tá siadsan éirithe easumhal anois nuair atá trócaire déanta oraibhse chun go ndéanfaí trócaire orthu chomh maith. Mar chuir Dia an uile dhuine i ngeibheann san easumhlaíocht d' fhonn trócaire a dhéanamh orthu uile. Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí! «Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?» Nó «Cé a thug rud riamh dó go bhfaighidh sé a chúiteamh?» Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen. Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe. De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir tomhas an chreidimh a roinn Dia leis. Faoi mar atá mórán ball san aon chorp amháin againn agus gan an cúram céanna ar aon bhall díobh, is é an dála céanna againn féin é: dá líonmhaire atáimid is aon chorp amháin sinn i gCríost agus gach duine againn ina mbaill dá chéile. Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn. Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh. An té a fuair bua freastail, déanadh sé freastal: bíodh an múinteoir ag múineadh agus an comhairleoir ag comhairliú; bíodh an t-almsóir go fial, an fear ceannais go dúthrachtach agus an té a thugann lámh chúnta go gealgháireach. Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith. Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile; bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís don Tiarna. Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh, ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile. Beannaígí bhur ngéarleantóirí is ea, bíodh an bheannacht agaibh dóibh in áit na mallachta. Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin. Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirigí teann as bhur gcuid gaoise féin. Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil. Más féidir é, chomh fada le bhur ndícheall, mairigí go síochánta le cách uile. Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: «Fúmsa an díoltas,» a deir an Tiarna, «mise a chúiteoidh.» Ach «má bhíonn ocras ar do namhaid tabhairse rud le hithe dó, agus má bhíonn tart air tabhair dó rud le hól. Má dhéanann tú amhlaidh beidh tú ag carnadh aibhleoga tine ar a cheann». Ná faigheadh an t-olc an lámh uachtair ort ach faighse an lámh uachtair ar an olc leis an maith. Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad. Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé ag cur, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin. Ní don dea-ghníomh is baol na rialtóirí ach don drochghníomh. An áil leat gan eagla fhear an údaráis a bheith ort? Más áil déan an mhaith agus beidh moladh agat uaidh mar is seirbhíseach Dé é ar mhaithe leat. Ach más é an t-olc a dhéanann tú, bíodh a eagla ort mar ní gan ábhar a bhíonn an claíomh á iompar aige: is seirbhíseach Dé é chun díoltas a agairt le díbheirg ar an té a dhéanann an t-olc. Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith. Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé is ea na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo. Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d' fhear na cánach agus an dleacht d' fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis. Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige. Na haitheanta «ná déan drúise,» «ná déan marú,» «ná déan goid,» «ná santaigh,» agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: «Gráigh do chomharsa mar thú féin.» Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comhlíonadh an dlí. Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh. Tá sé i bhfad amach san oíche agus ní fada uainn an lá. Caithimis oibreacha an dorchadais uainn, mar sin, agus cuirimis orainn cathéide an tsolais. Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúise, gan achrann gan éad. Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d' fhonn a hainmhianta a shásamh. Bíodh glacadh agaibh leis an duine atá lag sa chreideamh gan dul ag conspóid leis faoina thuairimí. Creideann duine amháin nach miste dó gach sórt bia a ithe, ach an duine atá lag sa chreideamh ní itheann sé ach glasraí. An duine a itheann, ná bíodh drochmheas aige ar an duine nach n-itheann; agus an duine nach n-itheann, ná bíodh sé ag tabhairt breithe ar an duine a itheann, mar go bhfuil glactha ag Dia leis siúd. Agus cé hé tusa chun breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Seasann sé nó titeann sé i láthair a mháistir féin. Agus is seasamh a dhéanfaidh sé mar tá sé ar chumas an Tiarna é a choimeád ina sheasamh. Bíonn duine ann agus is rogha leis lá seachas a chéile; duine eile agus is mar a chéile leis gach aon lá. Bíodh gach duine socair faoin gceist ina aigne féin. An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith. Ní dó féin a mhaireann aon duine againn ná ní dó féin a fhaigheann sé bás. Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn. Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d' éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige. Tusa, más ea, cad ab áil leat ag tabhairt breithe ar do bhráthair? Nó tusa, cad ab áil leat drochmheas a bheith ar do bhráthair agat? Mar caithfimid go léir seasamh os comhair suí breithiúnais Dé, mar tá scríofa: «Dar mo bheo,» a deir an Tiarna, «ach go bhfeacfar gach glúin os mo chomhair agus déanfaidh gach teanga admháil do Dhia.» Dá réir sin tabharfaidh gach duine dínn cuntas air féin do Dhia. Éirímis as bheith ag tabhairt breithe ar a chéile feasta más ea agus ina ionad sin cuirigí an méid seo romhaibh: gan ceap tuisle ná titime a chur sa bhealach ar bhráthair. Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é. Má bhíonn an bia a chaitheann tusa ag goilliúint ar bhráthair leat, níl tú ag maireachtáil feasta de réir an ghrá. An duine a bhfuair Críost bás ar a shon ná mill é leis an mbia a chaitheann tú. Agus ná tarraingítear míchlú ar an maith seo agaibh, mar ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh. An té a dhéanann seirbhís do Chríost ar an gcuma sin bíonn gean air ag Dia agus gnaoi air ag daoine. Bíodh tóir againn dá réir sin ar an tsíocháin a chothú agus ar bheith ag treisiú le chéile. Ná cuirse obair Dé ar ceal mar gheall ar chúrsaí bia. Tá gach cineál bia glan ann féin ach is olc an mhaise é don duine a mbíonn a n-itheann sé ina chúis tuisle do dhuine eile. Séard ab fhearr a dhéanamh gan feoil a ithe ná fíon a ól ná gníomh ar bith a dhéanamh a bheadh ina chúis tuisle (nó scannail nó laige) do bhráthair. An creideamh atá agat bíodh sé ina threoir duit féin i bhfianaise Dé. Is méanar don duine nach mbíonn ceist ná amhras air faoin rud a mbíonn a aigne socair air. An duine, áfach, a chaitheann bia agus é idir dhá chomhairle, bíonn sé siúd ciontach toisc nach ó chreideamh é; mar is peaca gach ní nach ó chreideamh. Sinne atá láidir ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan bheith ar mhaithe linn féin ach gach duine againn ar mhaithe leis an gcomharsa d' fhonn é a neartú. Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: «Is ormsa a thit aithisí na ndaoine a bhí do d' aithisiú.» Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn. Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa ar shlí go mbeidh sibh d' aontoil agus d' aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost. Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé. Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa: «Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún, agus canfaidh mé do d' ainm le duan.» Agus deirtear in áit eile: «Déanaigí gairdeachas, a náisiúna, mar aon lena phobal féin.» Agus in áit eile fós: «Molaigí an Tiarna, a náisiúna uile agus móradh na pobail go léir é.» Agus arís, deir Íseáia: «Eascróidh fréamh de chuid Ieise, an té a éireoidh chun na náisiún a rialú. As siúd a bheidh a muinín acu.» Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh. I dtaca libhse, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile. Is é fáth a bhfuilim ag scríobh chugaibh agus mé dian go maith oraibh anseo agus ansiúd chun bhur gcuimhne a mhúscailt, agus táim á dhéanamh mar gheall ar an ngrásta a fuair mé ó Dhia, bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n-íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh. Is ábhar mórtais dom, dá bhrí sin, a bhfuil déanta agam do Dhia in Íosa Críost. Ní leomhfaidh mé a lua ach a bhfuil déanta ag Críost tríom chun na gintlithe a thabhairt faoina réir le briathar agus le gníomh, le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum. Bhí sé ina phrionsabal agam gan an dea-scéal a fhógairt áit ar bith ach an áit nach raibh trácht ar ainm Íosa cheana, le heagla go mbeinn ag tógáil ar bhonn a bhí leagtha ag duine eile, ach déanamh mar atá scríofa: «Iad siúd nach bhfuair scéala air, feicfidh siad é agus iad siúd nár chuala trácht air tuigfidh siad.» Sin é an fáth a raibh bac chomh minic sin orm teacht chugaibh. Ach ós rud é nach bhfuil a thuilleadh slí chun oibre sna críocha seo agam, agus go bhfuilim le blianta fada ag tnúth le dul ar chuairt chugaibh, nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibhse mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús. I láthair na huaire, áfach, táim ag dul go Iarúsailéim le cabhair do na naoimh. Thograigh an Mhacadóin agus Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim. Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acusan. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibhsean lena maoin shaolta. Chomh luath agus a bheidh an gnó seo curtha i gcrích agam, agus an fáltas seo seachadta slán faoi shéala dóibh, cuirfidh mé chun siúil bhur mbealachsa go dtí an Spáinn agus tá a fhios agam go mbeidh flúirse de bheannachtaí Chríost agam daoibh ar mo theacht dom chugaibh. Táim á iarraidh d' achainí oraibh, a bhráithre, trínár dTiarna Íosa Críost agus trí ghrá an Spioraid Naoimh, cuidiú liom sa choimhlint atá romham le hurnaithe a dhéanamh chun Dé ar mo shon, go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair do Iarúsailéim; agus le toil Dé tiocfaidh mé chugaibh faoi lúcháir agus ligfidh mé mo scíth in bhur measc. Dia na síochána libh go léir. Amen. Fágaim cúram ár siúrach Féibé oraibh. Feidhmeannach san eaglais i gCeinchré is ea í. Fáiltígí roimpi ar son an Tiarna mar is dual do na naoimh agus cuidigí léi in aon ní a mbeidh gá aici libh: mar is iomaí duine ar sheas sí leis agus liom féin chomh maith. Beannaígí do mo chomhoibrithe in Íosa Críost, do Phriosca agus d' Acula, a chuir a gceann i mbaol ar son m' anamasa; agus ní mise amháin atá buíoch díobh ach eaglaisí uile na ngintlithe chomh maith. Beannaígí freisin don eaglais ina dteachsan. Beannaígí do mo chara ionúin, Eapaenatas, an chéad duine san Áise a ghabh le Críost. Beannaígí do Mháire, bean a shaothraigh go dian in bhur measc. Beannaígí d' Andronacas agus do Iúinias, comhthírigh agus comhchimí liom féin, a bhfuil iomrá orthu i measc na n-aspal agus a bhí i gCríost romhamsa. Beannaígí d' Aimpliatas, mo chara ionúin sa Tiarna. Beannaígí d' Urbán ár gcomhoibrí i seirbhís Chríost, agus do mo chara ionúin Stáchas. Beannaígí don Chríostaí tofa úd, Apallaes, agus do theaghlach Airiostobúlas. Beannaígí do mo chomhthíreach, Héaróidión, agus dá bhfuil de Chríostaithe i dteaghlach Nairciseas. Beannaígí do Thrufaena agus do Thrufósa, beirt atá ag saothrú ar son an Tiarna. Beannaígí do Pheirsis ionúin, bean a shaothraigh go dian ar son an Tiarna. Beannaígí do Rúfas atá tofa sa Tiarna, agus dá mháthair, bean ar máthair domsa leis í. Beannaígí d' Aisincriteam, d' Fhleagón, do Heirméas, do Phatrobás, do Hearmás, agus do na bhráithre ina dteannta; d' Fhiolólagas, do Iúilia, do Néireas agus dá dheirfiúr; d' Olumpás, agus do na naoimh go léir ina dteannta. Beannaígí dá chéile le póg naofa. Cuireann eaglaisí uile Chríost a mbeannacht chugaibh. Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad, mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis. Rud eile, tá a fhios ag an saol a dhílseacht atá sibh, agus is mé atá ríméadach asaibh. Mar sin féin ba mhaith liom sibh a bheith eolgaiseach ar an maith agus dall ar an olc. Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh. Cuireann mo chomhoibrí, Tiomóid, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhthírigh, Lúicias agus Iasón agus Sóspatras. Agus cuirimse, Teirt, an té a scríobh síos an litir seo, mo bheannacht chugaibh sa Tiarna chomh maith. Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas. (Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh go léir.) Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile d' fhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh. Moladh le Dia, an t-aon Dia eagnaí, trí Íosa Críost le saol na saol. Amen. Mise Pól, a bhfuil glaoite air de dheoin Dé chun bheith ina aspal ag Íosa Críost, agus an bráthair Sóstainéas in éineacht liom, chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan: grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Bím ag síorghabháil buíochais le Dia ar bhur son as an ngrásta atá bronnta aige oraibh in Íosa Críost. Mar tá raidhse den uile shórt faighte agaibh ann: raidhse den urlabhra agus raidhse den eolas. Tá an fhianaise ar Chríost dulta chomh daingean sin i bhfeidhm oraibh nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh. Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost. Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost. Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn. Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile. Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá: «leanaimse Pól,» nó «leanaimse Apollós,» nó «leanaimse Céafas,» nó «leanaimse Críost.» An amhlaidh atá Críost roinnte ina choda? An é Pól a céasadh ar an gcrois ar bhur son? An in ainm Phóil a baisteadh sibh? Buíochas le Dia nár bhaist mise duine ar bith agaibh ach amháin Criospas agus Gáias. Ní bheidh sé le rá ag aon duine, mar sin, gurb i m' ainmse a baisteadh sibh. Sea, bhaist mé teaghlach Stiofáin chomh maith ach thairis sin ní eol dom gur bhaist mé duine ar bith eile. Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh. Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe. Mar tá scríofa: «Cuirfidh mé eagna lucht na heagna ar neamhní; cuirfidh mé éirim lucht na héirime ar leataobh.» Cá bhfuil an t-eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d' eagna an tsaoil? Nuair nár éirigh leis an saol, trína chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, thograigh Dia as a chuid eagna féin na creidmhigh a shlánú trí dhíth céille an fhorógra seo againne. Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh «comharthaí» agus na Gréagaigh ag iarraidh «eagna,» ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe; ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é. Mar is críonna díth céille Dé ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná an duine. Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal. Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú. Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní, ionas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh i bhfianaise Dé. Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt. Dá réir sin, mar atá scríofa: «An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.» I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna. Shocraigh mé i m' aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh. Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán d' uamhan agus d' eagla. Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m' fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta, i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé. Ach labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as. Is í eagna rúnda Dé atá i gceist againne, an eagna a bhí folaithe ó dhaoine ach a bhí ceaptha ag Dia roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinne. Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois. Mar atá scríofa: «Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.» Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin. Cé a thuigeann cúrsaí an duine ach spiorad an duine féin istigh ann? Ar an gcuma chéanna níl aon duine a thuigeann cúrsaí Dé ach Spiorad Dé. Ní hé spiorad an tsaoil seo atá faighte againne ach an Spiorad a sheol Dia chun go dtuigfimis na nithe atá bronnta orainn ag Dia. Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú cúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu. An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas. Ach an duine spioradálta, féadann seisean gach ní a mheas ach ní féidir d' aon duine eisean a mheas. Óir «cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?» Tá aigne Chríost againne, áfach. I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost. Is bainne a thug mé daoibh le hól in áit an bhia thirim toisc nach raibh sibh in inmhe; go deimhin níl sibh in inmhe fós féin de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n-iompar féin de réir ghnás an tsaoil? Nuair a bhíonn «leanaimse Pól» ag duine agus «leanaimse Apollós» ag duine eile nach de ghnáthmhuintir an tsaoil sibh? Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air: mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t-uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é. Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t-uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás. Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t-uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu. Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibhse. De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t-ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach, mar ní féidir d' aon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin. Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí, beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sort oibre a bheidh déanta ag cách. Má sheasann saothar tógála duine an triail, gheobhaidh sé a thuarastal; ach má loisctear saothar duine, fágfar gan díol é; tiocfaidh sé féin slán, áfach, mar dhuine a bheadh gafa trí thine. Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé agus is sibhse an teampall sin. Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre. Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: «Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin»; agus arís: «Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.» Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libhse an t-iomlán: Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht is libhse iad uile, agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost. Tuigeadh daoine gurb é atá ionainne, seirbhísigh do Chríost agus maoir ar rúndiamhara Dé. Éilítear ansin ar na maoir duine a bheith dílis. Is róchuma liomsa, más ea, sibhse nó cúirt daoine ar bith a thabhairt breithe orm. Go deimhin ní thugaim féin breith orm féin mar siúd is go bhfuil coinsias glan agam ní fhágann sin neamhchiontach mé. Is é an Tiarna féin a thugann breith ormsa. Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia. Thagair mé na nithe seo dom féin agus d' Apollós, a bhráithre, ar mhaithe libhse, i dtreo go bhfoghlaimeodh sibh ónár gcásna gan a bheith ag dul thar cailc, agus gan duine a bheith ag déanamh mórtais as duine amháin i gcoinne duine eile. Cé a thugann an seasamh ar leith duitse? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é. Sea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh. Mar is dóigh liom go bhfuilimidne, aspail, curtha ar taispeáint ag Dia in eireaball thiar na caithréime mar chimí a mbeadh an bás i ndán dóibh, mar gur sampla saolta sinn os comhair aingeal agus daoine. Is amadáin sinne ar son Chríost fad atá sibhse stuama i gCríost. Táimidne lag agus tá sibhse láidir; tá sibhse faoi mheas agus tá drochmheas orainne. Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn. Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géarleanúint orainn fulaingímid leis; nuair a mhaslaítear sinn tugaimid an freagra séimh. Níl ionainn go dtí anois féin ach dríodar an tsaoil agus dramhaíl an uile ní. Ní ag iarraidh sibh a náiriú atáim ag scríobh na nithe seo ach ag tabhairt comhairle bhur leasa daoibh mar gur sibhse mo chlann mhuirneach féin. Bíodh na mílte treoraí agaibh i gCríost, níl mórán aithreacha agaibh mar gur mise a ghin sibh in Íosa Críost tríd an dea-scéal. Impím oraibh dá bhrí sin aithris a dhéanamh orm. Is chuige sin atáim ag cur Tiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam á bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill. Tá cuid agaibh éirithe mórchúiseach faoi mar nach mbeinn ag teacht chugaibh ar chor ar bith. Beidh mé chugaibh gan mhoill áfach le cúnamh Dé agus is é éifeacht lucht na mórchúise a bhraithfidh mé ansin agus ní hea a gcuid cainte. Mar ní sa chaint atá ríocht Dé suite ach san éifeacht. Cé acu is rogha libh, mar sin, mé a theacht chugaibh le slat nó mé a theacht le grá agus le spiorad na séimhe? Táthar á rá go forleathan go bhfuil an drúis in bhur measc agus is drúis i nach bhfaightear i measc na bpágánach féin; is é sin le rá go bhfuil duine agaibh i lánúnas lena leasmháthair. Agus sibhse lán de mhórchúis! Ag déanamh bróin ba chóra daoibh a bheith chun go n-ardófaí uaibh an té a rinne amhlaidh. I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin, mar atá: sibhse a theacht le chéile in ainm ár dTiarna Íosa agus mise ó spiorad in bhur dteannta agus ar údarás ár dTiarna Íosa an duine sin a thabhairt suas do Shátan lena chorp a mhilleadh i dtreo go dtiocfadh a anam slán lá úd an Tiarna. Ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh. Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne. Dúirt mé libh i mo litir gan aon chaidreamh a bheith agaibh le drúisigh. Ní hiad drúisigh an tsaoil seo i gcoitinne a bhí i gceist agam ar ndóigh, na bithiúnaigh agus gadaithe agus íoltóirí i gcoitinne, mar nár mhór daoibh an saol a fhágáil sa chás sin. Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid. Cad ab áil liomsa breith a thabhairt ar an muintir atá lasmuigh? Tabharfaidh Dia féin breith orthu siúd. Ach nach libhse breith a thabhairt ar an muintir laistigh? «Díbrígí an coirpeach as bhur measc.» Nuair a bhíonn cúis ag duine agaibh ar dhuine eile an mbíonn sé d' éadan air an scéal a chur faoi bhreith na neamhfhíréan in ionad na naomh? An é nach dtuigeann sibh gurb iad na naoimh a thabharfaidh breith ar an domhan? Agus más oraibhse atá breith a thabhairt ar an domhan, an amhlaidh nach bhfuil sibh in ann ceisteanna suaracha a réiteach? Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta? Dá bhrí sin má bhíonn cúrsaí saolta le réiteach agaibh, cad ab áil libh iad a chur faoi bhreithiúnas daoine nach bhfuil seasamh ar bith sa phobal Críostaí acu? Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a d' fhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre, ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach? Is locht oraibh a bheith ag dul chun dlí le chéile ar chor ar bith. Cén fáth nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Cén fáth nach bhfulaingíonn sibh leis an bhfeall? Ina ionad sin is amhlaidh a bhíonn sibh féin ag déanamh na héagóra agus an fhill agus is ar bhur mbráithre féin é chomh maith. An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht. Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé. «Tá gach ní ceadaithe dom» ach ní hé gach ní a théann chun sochair. «Tá gach ní ceadaithe dom» ach ní mise a bheidh faoi smacht ag aon rud. «Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile» ach cuirfidh Dia idir bhia agus ghoile ar neamhní. Ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann. Mar ní amháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith. Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin! Nach bhfuil a fhios agaibh an té a bhíonn go dlúth i bpáirt le meirdreach go mbíonn sé d' aon chorp léi? Mar a deir an scrioptúr: «Aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.» An té a bhíonn go dlúth i bpáirt leis an Tiarna áfach, bíonn sé d' aon spiorad leis. Seachnaígí an drúis dá réir sin. Gach peaca eile dá ndéanann an duine, is lasmuigh dá chorp a bhíonn sé, ach is in aghaidh a choirp féin a pheacaíonn fear na drúise. Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp. Maidir leis na nithe ar scríobh sibh ina dtaobh: sea, b' fhearr d' fhear gan baint le bean; ach le heagla na drúise bíodh a bhean féin ag gach fear agus bíodh a fear féin ag gach bean. Tugadh an fear a cearta pósta dá bhean agus tugadh an bhean mar an gcéanna a chearta dá fear. Mar ní ag an mbean atá ceannas ar a corp féin ach ag a fear; agus an fear mar an gcéanna, ní aige atá ceannas ar a chorp ach ag an mbean. Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d' fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta. Is mar chomhairle a deirim an méid sin, áfach, agus ní mar ordú. Ba mhaith liom gach duine a bheith ar mo nós féin, ach bíonn a thabhartas féin ó Dhia ag cách, duine mar seo agus duine eile mar siúd. Is é a deirim leis na daoine single agus leis na baintreacha go mb' fhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin. Ach mura mbíonn guaim acu orthu féin pósaidís, mar is fearr pósadh ná loscadh. Tá an foláireamh seo le tabhairt agam, áfach, dóibh seo atá pósta, agus ní uaim féin é ach ón Tiarna: ná tréigeadh bean a fear céile ach má thréigeann fanadh sí gan pósadh nó déanadh sí mór arís leis agus ná scaoileadh fear a bhean chéile uaidh. Deirim an méid seo leis an gcuid eile is uaim féin é agus ní ón Tiarna an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í. Agus an bhean a bhfuil díchreidmheach fir aici agus é sásta cónaí léi, ná scaoileadh sí uaithi é. Mar tá an díchreidmheach fir naomhaithe ag an mbean agus tá an díchreidmheach mná naomhaithe ag an mbráthair: mura mbeadh sin bheadh bhur gclann neamhghlan ach tá siad naofa dáiríre. Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh. Agus cá bhfios duit a bhean, go sábhálfaidh tú d' fhear céile? Agus cá bhfios duitse, a dhuine, go sábhálfaidh tú do bhean? Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile. Má bhí duine timpeallghearrtha nuair a glaodh air, ná bíodh sé ag iarraidh na comharthaí a chur ar ceal. Má bhí duine gan timpeallghearradh nuair a glaodh air, ná timpeallghearrtar anois é. Is cuma an timpeallghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád. Fanadh gach duine sa ghairm bheatha ina raibh sé nuair a glaodh air. An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit ach más féidir duit dul saor, b' fhearr duit an deis a ghlacadh. An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é. Ceannaíodh sibh go daor; más ea, ná cuirtear sibh faoi dhaorsmacht daoine. Dá réir sin, a bhráithre, fanadh gach duine i bhfianaise Dé mar a bhí sé nuair a fuair sé an glao. Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna. Is é is dóigh liomsa, mar gheall ar strus na huaire, go mb' fhearr do dhuine fanacht mar atá sé. Má tá tú ceangailte le bean, ná bí ag lorg do scaoilte; má tá tú scaoilte ó bhean, ná bí ag iarraidh bean a phósadh. Má phósann tú, áfach, ní aon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní aon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin. Is é atáim a rá libh, a bhráithre, go bhfuil an uain dulta i ngiorracht; dá chionn sin, iad seo a bhfuil bean acu, bídís ar chuma daoine nach mbeadh aon bhean acu; bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire. Iad sin a bhíonn ag ceannach, bídís ar chuma daoine nach mbeadh dada ina seilbh acu; agus iad siúd a bhíonn ag gabháil do ghnóthaí an tsaoil ná bídís gafa iontu, mar tá dreach an tsaoil seo ag síothlú. Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh; ach bíonn an fear pósta buartha faoi ghnóthaí an tsaoil ag iarraidh a bhean a shásamh, rud a fhágann é i ngalar na gcás. Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean singil nó an cailin óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna d' fhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh. Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh. Más dóigh le duine nach bhfuil sé ag déanamh mar is cuí le hiníon leis agus í go maith in aois a pósta agus gan aon réiteach eile aige air, déanadh sé mar is áil leis; pósaidís agus ní haon pheaca dó é. Ar an taobh eile, áfach, an fear atá daingean diongbháilte ina chroí, agus gan aon iallach air ach é ar a chomhairle féin, agus a shocraíonn ina aigne ar a iníon a choinneáil mar atá sí, beidh rud maith déanta aige. Más ea, an fear a chuireann a iníon i gcrích, beidh rud maith déanta aige ach an fear nach ndéanann, beidh rud is fearr fós déanta aige sin. Bíonn ceangal ar bhean fad a mhaireann a fear; ach má chailltear an fear, níl a bhac uirthi a rogha duine a phósadh ach é a bheith ina phósadh sa Tiarna. Is sonasaí a bheidh sí, áfach, i mo thuairimse, má fhanann sí mar atá sí; agus is dóigh liom go bhfuil Spiorad Dé agamsa chomh maith. An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil «fios» againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil. An duine a mhaíonn go bhfuil fios fátha an scéil aige níl fios a ghnó mar ba chóir fós aige, ach an té a bhfuil grá do Dhia aige, tá sé aitheanta ag Dia. Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t-aon Dia amháin ann. Tá gan amhras déithe mar dhea ar neamh agus ar talamh go deimhin tá «déithe» agus «tiarnaí» ann go líonmhar. Mar sin féin níl ann, i dtaca linne de, ach an t-aon Dia amháin, an tAthair arb uaidh an uile ní agus arb ina chomhair atáimidne ann; agus níl ann ach an t-aon Tiarna amháin, Íosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus ar tríd atáimidne ann chomh maith. Ní hé gach aon duine a bhfuil an tuiscint seo aige áfach. Tá daoine áirithe ann agus oiread [taithí] acu ar na híola go dtí seo, go gcaitheann siad an bia faoi mar go mbeadh sé íobartha don íol dáiríre agus toisc a gcoinsias a bheith lag fágtar smál dá réir air. Ach ní hé an bia a dhlúthóidh le Dia sinn; ní fearrde sinn é a chaitheamh agus ní measaide sinn é a fhágáil inár ndiaidh. Bígí aireach, áfach, ar eagla go mbeadh an tsaoirse sin agaibh ina ceap tuisle do na laga. Mar an duine a bhfuil an coinsias go lag aige, má fheiceann sé tusa, fear an eolais, i do shuí chun boird istigh i dteampall págánach, nach mbrostófar é chun an bia íobartha a chaitheamh chomh maith? An duine lag is bráthair duit agus a bhfuair Críost bás ar a shon, déantar é a mhilleadh le do chuidse eolais. Nuair a pheacaíonn sibh in aghaidh bhur mbráithre ar an gcuma sin agus a gcoinsias lag a ghonadh, is in aghaidh Chríost a dhéanann sibh an peaca dáiríre. Dá chionn sin, má chuireann an bia mo bhráthairse ar a aimhleas, ní bhlaisfidh mé feoil go deo arís ar eagla go gcuirfinn ar a aimhleas é. Nach saorfhear mise chomh maith le cách? Nach aspal mé? Nach bhfuil Íosa ár dTiarna feicthe agam? Nach sibhse mo shaothar sa Tiarna? Fiú mura bhfuil meas aspail ag daoine eile orm, is dearbh gurb aspal daoibhse mé mar gur sibhse an séala ar mo mhisean sa Tiarna. Seo é mo fhreagra orthu siúd a bhíonn ag beachtaíocht orm: Nach bhfuil ceart ite agus óil againn? Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n-aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafais? An ormsa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas? Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíonghort ach nach n-itheann cuid dá thoradh? Nó cén t-aoire a dhéanann aoireacht ach nach n-ólann bainne a thréada féin? Agus an i dtaobh le hargóintí ón ngnáthshaol atáim, nó nach bhfuil an rud céanna le rá ag an dlí? Sea, tá scríofa i ndlí Mhaois: «Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.» An iad na daimh is cás le Dia? Nó nach chugainne a bhí sé dáiríre? Is chugainn a scríobhadh é gan dabht, á thabhairt le fios nach miste don treabhadóir agus don bhuailteoir bheith ag súil lena gcion den toradh a fháil. Má chuireamarna síol spioradálta daoibhse, an mór an ní é má bhainimid toradh saolta uaibh? Má fhaigheann daoine eile an ceart seo uaibh, nach móide go bhfaighmisne uaibh é? Ach níor bhaineamar feidhm riamh as an gceart sin. Ina ionad sin cuirimid suas le gach sort ar eagla go gcuirfimis bac dá laghad ar dhea-scéal Chríost. Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra? Ar an gcuma chéanna d' achtaigh an Tiarna do lucht fógartha an dea-scéil a mbeatha a bhaint as an dea-scéal. Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní á n-éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. B' fhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan m' ábhar maíte. Ní aon chúis mhaíte dom bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt. Dá mba de mo dheoin féin a bheinn á dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul dom; ach más de m' ainneoin é, is dualgas é atá curtha orm. Cén tuarastal atá ag dul dom mar sin? Tá, go ndéanaim an dea-scéal a fhógairt saor in aisce gan feidhm ar bith a bhaint as an gceart is liom ón dea-scéal. Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábha díom féin don uile dhuine d' fhonn breis a thabhairt liom. Leis na Giúdaigh bhí mé mar a bheadh Giúdach d' fhonn na Giúdaigh a thabhairt liom. Leo sin atá faoi réir an dlí bhí mé mar dhuine a bheadh faoi réir an dlí cé nach bhfuilim faoina réir dáiríre d' fhonn an mhuintir atá faoi réir an dlí a thabhairt liom. Leo siúd atá saor ón dlí bhí mé mar dhuine a bheadh saor ón dlí d' fhonn an mhuintir atá saor ón dlí a thabhairt liom cé nach bhfuilim saor ó dhlí Dé ach mé faoi dhlí Chríost. Bhí mé lag leis na laga d' fhonn na laga a thabhairt liom. Bhí mé i mo gach ní do gach duine d' fhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin. Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann. Iad siúd a bhíonn ag rás i gcomórtas nach bhfuil a fhios agaibh go ritheann siad go léir, ach nach mbeireann ach an t-aon duine amháin acu an chraobh leis. Rithigíse ar shlí go mbainfidh sibh an chraobh thar barr amach. Níl aon iomaitheoir díobh nach í an mheasarthacht a ghnáthaíonn sé i ngach ní. Níl le baint acu siúd ach craobh dhíomuan ach tá craobh le baint againne nach dtréigfidh choíche. I dtaca liom féin, nuair a rithimse rás ní chun seachráin é; nuair a bhím ag dornáil ní mar bheinn ag bualadh an aeir é. Ní hea ach tugaim bascadh do mo chorp agus coinním faoi smacht é le heagla go gcolfaí mé féin tar éis dom a bheith ag fógairt ar dhaoine eile. Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill agus go ndeachaigh siad uile tríd an muir, agus gur baisteadh iad uile sa scamall agus sa mhuir i gcomhar le Maois. Chaith siad uile an bia spioradálta céanna agus d' ól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí á leanúint agus ba é Críost an charraig sin. Mar sin féin ní raibh Dia buíoch dá bhformhór agus dá chomhartha sin fágadh sínte iad faoin bhfásach. Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, á fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd. Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: «Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus d' éirigh siad suas chun spóirt.» Agus ná déanaimis drúise faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur thit in aon lá amháin trí mhíle ar fhichid acu. Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad. Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an scriosadóir iad. Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n-aoiseanna. Dá réir sin an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé. Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n-achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán. Dá chionn sin, a chairde ionúine, seachnaígí an t-íoladhradh. Ós ag caint le daoine stuama atáim, breithnígí féin a bhfuil agam á rá: Cupa an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t-arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é? Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t-aon arán amháin. Breathnaígí Iosrael na staire: an chuid acu a chaitheann an bia íobartha nach mbíonn siad páirteach san altóir? Céard atá i gceist agam? Go bhfuil brí ar bith leis an mbia a ofráiltear d' íola nó go bhfuil brí ar bith leis an íol? Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibhse leis na deamhain sin. Ní féidir daoibh cupa an Tiarna a ól agus cupa na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith. An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é? «Tá gach ní ceadaithe.» Tá, ach ní hé gach ní a théann chun sochair. Tá gach ní ceadaithe ach níl gach ní fóinteach. Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa. Aon ní a bhíonn á dhíol ar an margadh, ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa mar «is le Dia an domhan agus a bhfuil ann». Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa. Má deir duine éigin libh áfach: «Is bia íobartha é seo,» ná caithígí an bia sin, ar mhaithe leis an té a chuir in iúl daoibh é agus ar mhaithe leis an gcoinsias ní hé do choinsias féin atá i gceist agam ach coinsias an fhir thall. Cén fáth a mbeadh mo shaoirse-sé á meas de réir choinsias duine eile? Má chaithimse mo chuid go buíoch cén fáth a gcáinfí mé mar gheall ar bhia a altaím? 30b Dá bhrí sin cibé acu dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t-iomlán chun glóire Dé. 31 Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d' eaglais Dé. 32 Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad. Déanaigíse aithris ormsa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost. Molaim sibh as bheith ag cuimhneamh orm i gcónaí agus as bheith ag cloí leis na traidisiúin a thaobhaigh mé libh. Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh, áfach, go bhfuil Críost ina cheann ar gach fear, go bhfuil an fear ina cheann ar a bhean agus go bhfuil Dia ina cheann ar Chríost. Aon fhear a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus a cheann clúdaithe aige, tugann sé náire don té is ceann air. Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha. Mar mura gclúdaíonn bean a ceann, déantar í a bhearradh. Agus ós cúis aithise do bhean a ceann a bhearradh nó a folt a ghearradh, clúdaíodh sí a ceann. Ní gá d' fhear a cheann a chlúdach mar is íomhá agus [macasamhail] Dé é; ach is [macasamhail] den fhear an bhean; mar ní ón mbean a tháinig an fear ach is ón bhfear a tháinig an bhean. Agus ní ar mhaithe leis an mbean a cruthaíodh an fear: is ar mhaithe leis an bhfear a cruthaíodh an bhean. Dá réir sin ní miste don bhean comhartha an smachta a bheith ar a ceann aici mar gheall ar na haingil. Ina dhiaidh sin agus uile níl an bhean neamhspleách leis an bhfear ná an fear neamhspleách leis an mbean sa Tiarna; faoi mar a tháinig an bhean ón bhfear ar dtús, is ón mbean a shaolaítear an fear agus is ó Dhia a thagann an uile ní. Fágaim faoi bhur mbreith féin an scéal; an cuí do bhean bheith ag guí chun Dé agus gan aon ní ar a ceann aici? Nach é a mhúineann an nádúr féin dúinn gur cúis aithise d' fhear a chuid gruaige a bheith fada aige ach gur barr maise do bhean a cuid gruaige a bheith amhlaidh? Go deimhin is mar chumhdach a tugadh an folt di. Ach má tá fonn aighnis ar aon duine faoin scéal, níl a mhalairt de nós againne ná ag eaglaisí Dé. Sa treoir seo atáim a thabhairt daoibh níl aon mholadh le déanamh agam oraibh mar nach fearrde sibh bhur dteacht le chéile ach gur measaide sibh é. Ar an gcéad dul síos cloisim go mbíonn easaontas eadraibh nuair a thagann sibh le chéile mar eaglais, rud a chreidim cuid mhaith. Caithfidh aicmí a bheith oraibh gan dabht chun go n-aithneofaí cé hiad na daoine fiúntacha oraibh. Ach nuair a thagann sibh i gceann a chéile mar sin ní ag caitheamh séire an Tiarna é, mar is amhlaidh a thosaíonn gach duine ar a shéire féin a chaitheamh roimh an gcuid eile, agus bíonn ocras ar dhuine amháin agus duine eile ar meisce. Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé. Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: «Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.» Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupa ag rá: «Is é an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.» A mhinice, más ea, a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé. Dá chionn sin, duine ar bith a chaitheann an t-arán nó a ólann cupa an Tiarna go míchuí beidh sé ciontach i gcorp agus i bhfuil an Tiarna. Déanadh duine é féin a scrúdú mar sin sula gcaitheann sé an t-arán agus sula n-ólann sé as an gcupa, mar an té a itheann agus a ólann gan corp an Tiarna a aithint, is é a dhaoradh féin a itheann agus a ólann sé. Sin é an fáth a bhfuil an oiread sin agaibh tinn agus lag agus cuid mhaith agaibh tar éis bháis. Dá mbreithneoimis sinn féin ní bheadh breith á tabhairt orainn. Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol. Dá bhrí sin, a bhráithre, nuair a thagann sibh le chéile chun bia a chaitheamh, fanaigí lena chéile. Má bhíonn ocras ar dhuine ar bith, itheadh sé a chuid sa bhaile sa tslí nach do bhur ndaoradh a thiocfaidh sibh le chéile. Socróidh mé na cúrsaí eile nuair a thiocfaidh mé. Maidir le tíolacthaí an Spioraid, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh aon aineolas oraibh ina dtaobh. Tá a fhios agaibh fad a bhí sibh in bhur bpágánaigh go mbíodh sibh do bhur seoladh ar mearbhall i ndiaidh na n-íol balbh. Sin é an fáth a bhfuilim á thabhairt le fios daoibh nach féidir d' aon duine «Mallacht ar Íosa» a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d' aon duine ach oiread «Is é Íosa an Tiarna» a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh. Tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin; tá feidhmeannais difriúla ann ach an t-aon Tiarna amháin; agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn á n-oibriú go léir in gach ceann riamh acu. An léiriú a dhéantar ar an Spiorad in gach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é. Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna. Faigheann duine eile creideamh tríd an Spiorad céanna, agus duine eile buanna leighis tríd an aon Spiorad. Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile. Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin. Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é: mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn. Ní aon bhall amháin atá sa chorp ach mórán ball. Má deir an chos: «Toisc nach lámh mé, ní bhainimse leis an gcorp,» ní fhágann sin nach cuid den chorp í. Nó má deir an chluas: «Toisc nach súil mé, ní bhainimse leis an gcorp,» ní fhágann sin nach cuid den chorp í. Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t-iomlán cá mbeadh an boladh? Faoi mar atá, áfach, shocraigh Dia gach ball ar leith de na baill bheatha sa chorp de réir mar ab áil leis féin é. Dá mba aon bhall amháin an t-iomlán acu, cá mbeadh an corp? Is amhlaidh mar atá an scéal, áfach: tá mórán ball ann agus aon chorp amháin. Más ea, ní féidir don tsúil a rá leis an láimh: Níl aon ghnó agam díotsa»; ná ní féidir don cheann a rá leis na cosa: «Níl aon ghnó agam díbhse.» Ní hea, ach na baill a bhfuil an chuma is leochailí orthu, is iad is riachtanach. Agus na baill den chorp is lú gradam linn, is iad is onóraí a chóirímid; agus na baill is lú maise atá againn is iad is cuibhiúla a mhaisítear, rud nach gá a dhéanamh dár mbaill mhaisiúla. Chuir Dia an corp le chéile sa tslí gur thug sé breis den ghradam don bhall a bhí á cheal, ar shlí nach mbeadh aon deighilt sa chorp ach go mbeadh na baill ag déanamh an chúraim chéanna dá chéile. Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis. Is sibhse corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh. San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n-aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla. An aspail sibh uile? An fáithe sibh uile? An múinteoirí sibh uile? An bhfuil cumas míorúiltí agaibh uile? An bhfuil buanna leighis agaibh uile? An bhfuil labhairt i dteangacha agaibh uile? An bhfuil míniú teangacha agaibh uile? Is ar na tíolacthaí is tábhachtaí ba cheart tóir a bheith agaibh agus táimse chun ríbhealach a thaispeáint daoibh. Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh. Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d' aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé. Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é. Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d' fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d' fhoighne. Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t-eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo. Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach; agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní. Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar m' éirí suas i m' fhear dom, d' fhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh. Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm. Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan. Saothraígí an grá mar sin ach bíodh dúil agaibh sna tíolacthaí spioradálta chomh maith agus go mór mór san fháidheoireacht. Mar an té a labhraíonn i dteanga, ní le daoine a bhíonn sé ag labhairt ach le Dia, mar nach dtuigeann duine ar bith é ach é ag trácht faoi anáil an Spioraid ar nithe rúnda. An té a thugann tairngreacht, áfach, is ag labhairt le daoine a bhíonn sé, á neartú, á spreagadh agus á misniú. An té a labhraíonn i dteanga is leis féin amháin a threisíonn sé, ach an té a thugann tairngreacht bíonn sé ag treisiú leis an eaglais. Ba mhaith liom sibh go léir a bheith ag labhairt i dteangacha, ach b' fhearr liom go dtabharfadh sibh tairngreacht, mar is éifeachtaí an fáidh ná fear na dteangacha a labhairt mura ndéanann duine éigin a chuid cainte sin a mhíniú d' fhonn treisiú leis an eaglais. Cuirim i gcás, a bhráithre, go dtagaimse chugaibh ag labhairt i dteangacha, cén tairbhe daoibh mé mura mbíonn foilsiú éigin nó eolas nó tairngreacht nó teagasc éigin agam le tabhairt daoibh? Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh á sheinm orthu? Agus má thugann an stoc uaidh glór éiginnte, cé a ullmhóidh é féin chun catha? Sibhse mar an gcéanna, mura labhraíonn sibh go soiléir sa teanga, conas a thuigfear a mbeidh á rá? Ag caint san aer a bheidh sibh. Is iomaí sin teanga difriúil sa domhan agus gan aon cheann acu gan bhrí. Ach mura dtuigimse ciall na cainte beidh mé i mo choimhthíoch don chainteoir agus beidh an cainteoir ina choimhthíoch domsa. Sibhse mar an gcéanna: ó tá dúil agaibh i dtíolacthaí an Spioraid, bíodh tóir agaibh ar an tosaíocht a bheith agaibh ag treisiú leis an eaglais. An té a labhraíonn i dteanga, mar sin, bíodh sé ag guí go ndéanfaidh duine éigin a chaint a mhíniú. Má dhéanaimse guí i dteanga is é mo spiorad a bhíonn ag guí ach bíonn m' intleacht seasc. Cad atá le déanamh mar sin? Tá, go ndéanfaidh mé guí le mo spiorad ach go ndéanfaidh mé guí le m' intleacht chomh maith. Canfaidh mé le mo spiorad ach canfaidh mé le m' intleacht chomh maith. Más le do spiorad amháin a mholann tú conas a chuirfidh aon ghnáthdhuine «Amen» le d' altú nuair nach bhfuil a fhios aige cad atá tú a rá? Bíodh féin go bhfuil d' altú ar fheabhas, ní aon tairbhe den fhear thall é. A bhuí le Dia gur mó a labhraím féin i dteangacha ná duine ar bith agaibh, ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó m' intleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga. A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; sea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de. Tá scríofa sa dlí: «Labhróidh mé leis an bpobal seo,» arsa an Tiarna, «trí bhéal na n-allúrach agus trí bheola na n-eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.» Dá réir sin is comhartha na teangacha, ní do na creidmhigh ach do na díchreidmhigh; ach is do na creidmhigh is comhartha an fháidheoireacht agus ní do na díchreidmhigh. Cuirim i gcás má bhíonn an eaglais cruinnithe i gceann a chéile agus iad go léir ag labhairt i dteangacha agus go dtagann tuataí nó díchreidmhigh isteach, nach é a déarfaidh siad gur as bhur meabhair atá sibh? Más ag tabhairt tairngreachta a bhíonn siad go léir, áfach, agus díchreidmheach nó tuata a theacht isteach, is amhlaidh a bheidh sé á chiontú ag gach duine agus á mheas ag gach duine. Nochtfar rúin a chroí agus caithfidh sé é féin ar a bhéal ag déanamh ómóis do Dhia agus ag fógairt go bhfuil Dia in bhur measc dáiríre. Cad atá le déanamh mar sin, a bhráithre? Tá, nuair a thagann sibh i gceann a chéile bíonn ag gach duine salm nó teagasc nó foilsiú nó caint i dteanga nó míniú ar an gcaint sin; ach bíodh gach ní acu ag treisiú leis an gcomhluadar. Má dhéantar caint i dteanga, ná labhraíodh ach beirt nó triúr ar a mhéad, gach duine acu ar a sheal féin agus bíodh duine amháin ag míniú na cainte. Más rud é nach mbíonn aon duine ann a mhíneodh an chaint, fanadh gach duine ina thost san eaglais agus bíodh an chaint idir é féin agus Dia. Maidir leis na fáithe, ná labhraíodh thar beirt nó triúr agus déanadh an chuid eile a gcaint a mheas. Ach má fhaigheann duine eile foilsiú agus é ina shuí, bíodh an chéad duine ina thost; mar tá cead fáidheoireachta agaibh go léir, ach é a dhéanamh duine ar dhuine ar shlí go mbeidh sibh go léir ag foghlaim agus ag fáil spreagadh. Tá tíolacthaí spioradálta na bhfáithe faoi stiúir na bhfáithe féin, mar ní Dia an imris é Dia ach Dia na síochána. Mar is gnách in eaglaisí uile na naomh, fanadh na mná ina dtost sna heaglaisí. Níl aon chead labhartha acu ach iad a bheith faoi smacht mar a deirtear sa dlí. Más áil leo fios aon ní a fháil, cuiridís ceist ar a bhfear sa bhaile, mar is náireach an mhaise do bhean labhairt in eaglais. An amach uaibhse a tháinig briathar Dé? nó an chugaibhse amháin a tháinig sé? Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá á scríobh agam. Má bhíonn duine ainbhiosach, beifear ainbhiosach air. Bíodh dúil agaibh san fháidheoireacht, dá bhrí sin, a bhráithre, agus ná coiscigí labhairt i dteangacha. Ach déantar gach ní go cuí agus de réir oird. Ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a d' fhógair mé daoibh agus ar ghlac sibhse leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de. Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é ach mura in aisce a chreid sibh. Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr; gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr; gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag; gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne. Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir. Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth. Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé. Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom. Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse. Ós é atá á fhógairt go bhfuil Críost éirithe ó mhairbh, cad a bheir do chuid agaibhse a rá nach bhfuil aiséirí na marbh ann ar chor ar bith? Mura bhfuil aiséirí na marbh ann níl Críost ach an oiread aiséirithe. Agus mura bhfuil Críost aiséirithe tá ár bhfógairt gan bhonn agus tá bhur gcreideamhsa gan bhonn mar an gcéanna. Agus níl ionainne ach finnéithe bréige ar Dhia de bhrí gur dhearbhaíomar ar Dhia gur thóg sé Críost ó mhairbh, rud nach ndearna sé más fiór nach n-aiséiríonn na mairbh. Mar más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh níl Críost aiséirithe ach chomh beag. Agus más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe is baoth bhur gcreideamh agus tá sibh in bhur bpeacaí go fóill. Agus rud eile de, an mhuintir atá tar éis bháis i gCríost, tá deireadh leo. Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn. Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh. Faoi mar is duine amháin faoi deara an bás is duine amháin faoi deara aiséirí na marbh chomh maith. Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh, aithbheofar gach duine chomh maith i gCríost. Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéadtoradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost; agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní. Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige. Agus is é namhaid deireanach atá le cloí an bás. Óir «tá gach ní curtha faoi chois aige.» Ach nuair a deirtear «tá gach ní curtha faoina chois» is follas nach bhfuil an té a chuir gach ní faoina chois san áireamh. Nuair a bheidh gach ní faoina smacht, ansin rachaidh an Mac féin faoi réir an té a chuir gach ní faoi, sa tslí go mba é Dia gach ní don uile ní. Rud eile de, cén fheidhm a bhíonn leo siúd a bhaistear thar ceann na marbh? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear thar a gceann iad? Agus cad chuige a dtéimidne i mbaol gach uair den lá? Chomh cinnte agus atá brod orm asaibhse i gCríost Íosa ár dTiarna, a bhráithre, níl lá de mo shaol nach dtéimse i mbaol mo bháis. Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh «bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.» Ná bíodh aon dul amú oraibh: «milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.» Craithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim á rá. Fiafróidh duine éigin: «Conas a aiséireoidh na mairbh? Cén sórt coirp a bheidh acu ag teacht?» A dhuine gan chiall, an síol a chuireann tú sa talamh ní thagann beatha ann gan é a fháil bháis ar dtús. Agus an ní a chuireann tú ní hé an «corp» a bheidh ann ar ball é ach gráinne lom cruithneachta cuirim i gcás nó a leithéid eile. Agus tugann Dia corp dó mar is áil leis, a chorp féin do gach síol ar leith acu. Ní mar a chéile gach cineál feola ach tá cineál amháin ag daoine, cineál eile ag beithígh, cineál eile ag éanlaith, agus cineál eile fós ag éisc. Agus tá na dúile neimhe ann agus dúile na talún. Agus ní ionann loinnir do na dúile neimhe agus do dhúile na talún. Ní ionann loinnir don ghrian ná don ghealach ná do na réiltíní, agus níl aon dá réiltín ar aon loinnir le chéile. Is é an dála céanna ag aiséirí na marbh é. Cuirtear i somhillteacht; éireofar i ndomhillteacht. Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart. Cuirtear é ina chorp nádúrtha; éireoidh sé ina chorp osnádúrtha. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp osnádúrtha ann chomh maith. Mar atá scríofa: «Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.» Sea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh. Ach ní hé an rud osnádúrtha is túisce a bhí ann ach an rud nádúrtha agus an rud osnádúrtha ina dhiaidh. Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine. Bíonn na daoine talmhaí ar aon dul leis an duine úd a tháinig ón talamh, agus bíonn na daoine neamhaí ar aon dul leis an duine úd ó neamh. Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith. Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir d' fhuil agus d' fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud somhillte an domhillteacht a shealbhú. Ach tá rúndiamhair agam le nochtadh daoibh: ní bhfaighimid go léir bás ach tiocfaidh claochlú orainn go léir. Tiocfaidh sé orainn in aon nóiméad amháin, i bhfaiteadh na súl, ar shéideadh an trumpa dhéanaigh. Nuair a shéidfidh an trumpa, éireoidh na mairbh agus iad domhillte; agus claochlófar sinne, mar ní foláir don chorp somhillte seo cló domhillte a chur uime; ní foláir don chorp básmhar seo cló neamhbhásmhar a chur uime. Agus nuair a bheidh an corp somhillte seo ina chló domhillte, an corp básmhar seo ina chló neamhbhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa: «Tá an bás slogtha siar ag an mbua. Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua? A bháis, cá bhfuil do chealg?» Is é an peaca cealg an bháis agus is é an dlí neart an pheaca. Buíochas le Dia a thugann dúinn an bua trínár dTiarna Íosa Críost. Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna. Maidir leis an mbailiúchán i gcomhair an phobail naofa, leanaigíse freisin an treoir a thug mé d' eaglaisí na Galaite. Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh. Ansin ar theacht dom, cibé daoine dá dtabharfaidh sibh litreacha creidiúnais dóibh, cuirfidh mé go Iarúsailéim iad le bhur ndeontas. Agus má fhónann dom féin dul ann chomh maith, beidh siadsan le mo chois. Tar éis dom gabháil tríd an Macadóin tiocfaidh mé chugaibh ar cuairt mar is é bealach na Macadóine a ghabhfaidh mé agus caithfidh mé tamall libh, nó an geimhreadh ar fad b' fhéidir, agus ansin féadfaidh sibhse mé a thionlacan cibé bealach a ghabhfaidh mé. Níor mhaith liom gan ach cuairt reatha a thabhairt oraibh. Tá súil agam tamall maith a thabhairt libh más toil leis an Tiarna é. Fanfaidh mé in Eifeasas go Cincís, mar tá doras mór ar leathadh romham chun oibre agus tá naimhde go leor agam. Má thagann Tiomóid féachaigí chuige go gcuirfidh sibh ar a shuaimhneas é in bhur measc mar is é obair an Tiarna atá sé a dhéanamh ar mo dhála féin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh anuas air. Agus déanaigí é a sheoladh go síochánta ar a bhealach ar ais chugamsa mar táim féin mar aon leis na bráithre ag súil leis. Maidir lenár mbráthair Apollós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige. Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma. Gach ní dá ndéanann sibh, déanaigí le grá é. Tá achainí agam oraibh, a bhráithre. Mar is eol daoibh, is é teaghlach Stiofáin céadtorthaí Acháia agus tá a ndúthracht caite acu ag fónamh do na naoimh. Bígí géilliúil dá leithéidí sin agus don uile dhuine atá ag obair agus ag saothrú leo. Tá áthas orm Stiofán agus Fortúnátas agus Acháiacas a bheith tagtha anseo. In bhur n-éagmais-se ba mhór an sásamh dom iad a theacht, mar chuir siad m' aigne chun suaimhnis, agus bhur n-aignese chomh maith. Bíodh meas agaibh ar a leithéidí sin. Cuireann eaglaisí na hÁise a mbeannacht chugaibh. Na mílte beannacht sa Tiarna ó Acula agus ó Phriosca mar aon leis an eaglais a thagann le chéile sa teach acu. Beannacht ó na bráithre uile. Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. Tá mo bheannachtsa á scríobh agam le mo lámh féin Pól. Mallacht ar an té nach dtugann grá don Tiarna. Maranatha [tar, a Thiarna]. Grásta an Tiarna Íosa libh agus mo ghrá-sa libh uile i gCríost Íosa. Amen. Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d' eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad. Grásta agus síocháin chugaibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, le hAthair gach trócaire agus le Dia an tsóláis uile. Is é a thugann sólás dúinne cibé anacair a bheireann orainn, i dtreo go mbímid i riocht sólás a thabhairt do dhaoine eile a bhíonn in aon anacair leis an sólás lena bhfaighimid féin sólás ó Dhia. Óir má fhaighimid flúirse de pheannaidí Chríost, faighimid flúirse sóláis ó Chríost chomh maith céanna. Nuair a bhímid dár gcrá, is ar mhaithe le sólás agus slánú a bhuachan daoibhse é; agus nuair a fhaighimid sólás is geall le sólás daoibhse freisin é, mar go gcuireann sé ar bhur gcumas cur suas go foighneach leis na peannaidí céanna a bhíonn ag cur orainn féin. Agus tá bonn maith lenár ndóchas asaibh, de bhrí go dtuigimid, ó tá sibh páirteach inár bpianta, go mbeidh sibh i bpáirt linn sa sólás chomh maith. Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh dall ar an anró a rug orainn san Áise; bhíomar cloíte chomh mór sin thar ár gcumas go rabhamar i ndeireadh na feide. Bhraitheamar gurbh í breith an bháis a bhí tugtha orainn, rud a mhúin dúinn gan bheith ag brath orainn féin ach ar an Dia a thógann na mairbh. Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo ach sibhse a theacht i gcabhair orainn le hurnaithe. Sa tslí sin, ní beag a bheidh ag gabháil buíochais thar ár gceann as an aisce a bhronnfaidh sé orainn ar impí mhórán. Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n-iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé. Ní chuirimid aon ní síos inár litreacha chugaibh thar an méid a léann sibh iontu nó a thuigeann sibh astu. Agus tá súil agam go dtuigfidh sibh go hiomlán ar ball an ní a thuigeann sibh go pointe áirithe anois, is é sin, go bhféadfaidh sibh bheith chomh mórálach céanna asainn lá an Tiarna Íosa agus a bheimidne asaibhse. Bhí mé chomh cinnte de sin gur bheartaigh mé ar dtús dul chugaibh ar cuairt agus comaoin dhúbailte a chur oraibh is é sin le rá, dul bhur mbealachsa chun na Macadóine agus teacht chugaibh athuair ar mo bhealach ar ais ón Macadóin, agus sibhse mé a thionlacan faoi dhéin Iúdáia. An raibh aon ghuagacht orm agus mé ag cinneadh air seo? Nó, an cúrsa a leagaim amach dom féin, an de réir meon an tsaoil a leagaim amach é i dtreo go mbíonn «sea» ina «ní hea» agam? Dar Dia dílis ní raibh aon «sea» agus «ní hea» inár dteachtaireacht chugaibhse. Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid ní raibh aon «sea» agus «ní hea» ann siúd; ní raibh ann ach an «sea,» mar is é an «sea» scoir é ar a bhfuil geallta ag Dia., Sin é an fáth freisin gur trídsean a deirimid ár «nAmen» chun glóire Dé. Mar is é Dia a dhaingníonn sinne agus sibhse araon i gCríost; is é a d' ung sinn agus a bhuail a stampa orainn agus a chuir geall an Spioraid inár gcroí. Dearbhaím daoibh ar m' anam i bhfianaise Dé gur d' fhonn gan goilliúint oraibh a d' fhan mé gan teacht go dtí Corant go fóill. Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun bheith sonasach. Bheartaigh mé i m' aigne, dá réir sin, gan cuairt bhrónach eile a thabhairt oraibh. Mar má chuirimse brón oraibh cé atá ann chun áthas a chur orm ach an duine céanna ar chuir mé brón air? Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith ormsa. Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní d' fhonn sibhse a bhuaireamh a scríobh mé ach d' fhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh. Má bhí aon duine ina ábhar buartha, ní ormsa amháin a ghoill sé ach oraibhse go léir a bheag nó a mhór, chun gan luí róthrom air mar scéal. Ní beag dá leithéid, áfach, an pionós seo a ghearr an tromlach air. Is é a mhalairt is córa daoibh a dhéanamh anois, is é sin maithiúnas agus sólás a thabhairt dó ar eagla go gcloífí é faoi iomad den bhrón. Táim á iarraidh d' achainí oraibh dá bhrí sin bhur ngrá a chruthú dó. Mar is chuige seo a scríobh mé chugaibh, chun sibh a thriail, féachaint an mbeadh sibh umhal i ngach ní. An té a maitheann sibhse dó, maithimse dó chomh maith. Mar cibé ní a mhaith mise dó, is ar mhaithe libhse a rinne mé é i bhfianaise Chríost ar eagla go bhfaigheadh Sátan buntáiste oraibh agus is maith is eol dúinn a chleasa siúd. Ar dhul dom go Tróas ag fógairt dea-scéal Chríost, cé go raibh doras ar leathadh ag an Tiarna romham, mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar m' anam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. D' fhág mé slán acu dá bhrí sin agus d' imigh liom go dtí an Mhacadóin. A bhuí le Dia a bhíonn i gcónaí dár seoladh ina mhórshiúl caithréimeach i gCríost agus ag leathadh eolais air trínár mbíthin i ngach áit mar a bheadh boladh cumhra ann. Mar is cuma sinne nó cumhracht Chríost ag dul suas chun Dé i measc na ndaoine atá ar bhealach a slánaithe agus i measc na ndaoine atá ar bhealach a millte chomh maith; do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo? Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia. An ag tosú ar ár moladh féin arís atáimid? An gá dúinne, dála daoine áirithe éile, litreacha creidiúnais a thabhairt chugaibhse nó iad a fháil uaibh? Is sibhse ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile. Is follas don saol gur litir ó Chríost sibh atá arna scríobh againne ach nach le dúch a scríobhadh í ach le Spiorad an Dé bheo, agus nach ar tháibhléid chloiche a greanadh í ach ar tháibhléid an chroí dhaonna. Sin é an mhuinín atá againn as Dia i bpáirt le Críost. Ní hé go dtig linn uainn féin aon ní a chur síos dár gcumas féin. Is ó Dhia ár gcumas mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad. An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean, nach mó go mór an niamhracht a bheidh leis an gcóras spioradálta? Má bhí niamhracht ag gabháil le córas ár ndaortha, nach móide go mór go mbeadh niamhracht ag gabháil le córas ár bhfíréanaithe? Go deimhin féin, le hais na niamhrachta thar barr seo, níl niamhracht ar bith anois sa rud a bhí chomh niamhrach sin tráth. Má bhí niamhracht ag gabháil le córas a bhí sealadach nach niamhraí go mór a bheidh an córas atá buan? Ní cás dúinn a bheith teann dá bhrí sin nuair atá dóchas chomh mór sin againn. Ní ionann dúinne agus do Mhaois a chuireadh púicín ar a cheann ar shlí nach mbeadh clann Iosrael ag stánadh ar an loinnir neamhbhuan úd ag tréigean. Dalladh an intinn iontu, áfach, agus go dtí an lá atá inniu ann fanann an púicín céanna orthu gan tógáil nuair a bhíonn an seantiomna á léamh dóibh, mar is i bpáirt le Críost a thógtar an púicín chun siúil. Sea, go dtí an lá inniu féin bíonn púicín anuas ar a n-aigne nuair a bhíonn Maois á léamh dóibh, ach «nuair a iompófar chun an Tiarna tógfar an púicín chun siúil.» Is é an Tiarna an Spiorad, agus aon áit a mbíonn Spiorad an Tiarna bíonn saoirse ann. Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna. Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche. Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé. Má tá ár ndea-scéal folaithe ar dhuine ar bith, is orthu siúd atá ar bhealach a millte atá sé folaithe, is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin. Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost ina Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa. An Dia a dúirt: «Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,» is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d' fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn. Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d' fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í. Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcruachás ach nílimid in éadóchas; bítear dár ngéarleanúint ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe. Bíonn bás Íosa ar iompar inár gcorp againn de shíor ar shlí go mbeadh beatha Íosa le feiceáil inár gcorp chomh maith. Fad is beo sinn bímid dár dtabhairt suas chun báis de shíor ar son Íosa, ionas go mbeadh beatha Íosa soiléir le feiceáil inár gcolainn bhásmhar. Dá réir sin is é an bás atá ag obair ionainne fad atá an bheatha ag obair ionaibhse. Ach tá againne an spiorad céanna úd an chreidimh atá luaite sa scrioptúr: «Chreid mé agus labhair mé dá réir.» Creidimidne chomh maith agus labhraímid dá réir, mar go bhfuil a fhios againn, an té úd a thóg an Tiarna Íosa ó mhairbh, go dtógfaidh sé sinne mar aon le Íosa, agus go seolfaidh sé sinne agus sibhse araon ina láthair. Is ar mhaithe libhse é seo ar fad i dtreo, nuair a leathfaidh grásta Dé i measc breis daoine, go mbeidh breis buíochais chun glóire Dé. Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá. An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan á thuilleamh aige dúinn. Ní ar na nithe infheicthe atá ár n-aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth. Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine. Go deimhin fad a bhímid anseo, bímid ag tnúth go hosnaíoch lenár n-áitreabh ar neamh a chur umainn mar bhrat, agus nuair a bheidh sé sin curtha umainn ní bheimid nocht. Sea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfaí siar an rud básmhar ag an mbeatha. Agus is é a réitigh ina chomhair seo leis féin sinn, Dia a thug dúinn an Spiorad i ngeall leis. Bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna. Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é. Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb' fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna. Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl d' aidhm againn ach é a shásamh. Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith. Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é. Ní dár moladh féin libh arís atáimid ach ag iarraidh bun a thabhairt daoibh chun bheith bródúil asainn, d' fhonn is go mbeadh freagra agaibh orthu siúd a bhíonn bródúil as dreach an duine in áit bheith bródúil as a mheon. Má táimid as ár meabhair, is ar son Dé é; má táimid inár gciall is ar mhaithe libhse é. Is é grá Chríost atá dár dtiomáint ón uair a d' aithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis. Agus fuair sé bás ar son cách d' fhonn is nach ar mhaithe leo féin a mhairfeadh na beo feasta ach ar mhaithe leis an té sin a fuair bás ar a son agus a d' aiséirigh ó mhairbh. As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh. Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha. Is é Dia a thug an t-iomlán i gcrích, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a d' fhág an t-athmhuintearas ina chúram orainne. Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a d' fhág sé fógairt an athmhuintearais sin. Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia. Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, dfhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann. Ag obair dúinn i gcomhar leis impímid oraibh gan an grásta a fuair sibh uaidh a chur amú. Mar is é a deir sé: «Ar uair na faille thug mé cluas duit; ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.» Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe. Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine, ach cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró; le sciúrsáil, le braighdeanas agus le círéib; le diansaothar, le heaspa codlata agus le hocras. Cruthaímid freisin é le hionracas, le heolas, le seasmhacht agus le cineáltas; leis an Spiorad Naomh, le grá dílis, le fógairt na fírinne agus le cumhacht Dé; bíonn an fhíréantacht ina harm cosanta agus ina harm ionsaithe againn; bíonn meas orainn agus drochmheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor. Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis. Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn. Tá labhartha againn go hoscailte libh, a mhuintir Choraint; tá ár gcroí ar leathadh romhaibh agus gan aon easpa slí ann daoibh. In bhur gcroí féin atá an chúngracht. Díolaigí an comhar linn, a chlann ó, agus bígí chomh hoscailte céanna. Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? Cén bhaint atá ag an solas leis an dorchadas? Cén cumann atá ag Críost le Beiliar? Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach? Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: «Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh. Beidh mé i m' athair agaibh agus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa. arsa an Tiarna uilechumhachtach.» Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé. Déanaigí áit dúinn in bhur gcroí. Ní dhearnamar éagóir ná dochar ná calaois ar dhuine ar bith agaibh. Ní á chasadh libh atáim, mar tá ráite agam cheana libh go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam chun bás nó beatha a fháil liom ann. Is mór í m' iontaoibh asaibh agus is mór é mo bhród. Agus ainneoin mo chuid anacra táim lán de shólás agus ag cur thar maoil le háthas. Ar theacht dúinn chun na Macadóine ní raibh aon suaimhneas le fáil ag ár gcolainn ach crosa ar gach taobh, achrann ón taobh amuigh agus imní ón taobh istigh. Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair. Agus níorbh é a theacht sin amháin a chuir misneach orainn ach an spreagadh a bhí faighte aige uaibhse chomh maith; thug sé cuntas dom ar a mhéid a bhí sibh ag tnúth liom, ar an mbrón a bhí oraibh agus ar a dhíograisí a bhí sibh dom, rud a chuir go mór le mo lúcháir. Más ea féin gur chuir mé brón oraibh leis an litir úd agam, níl aon aiféala orm faoi. Nó má bhí aiféala orm tuigim gur ghoill an litir sin oraibh d' ala na huaire, tá áthas anois orm, ní de chionn go raibh sibhse buartha ach de chionn gur thug an bhuairt chun aithrí sibh. Bhí bhur mbuairt de réir thoil Dé agus dá bhrí sin ní raibh sibh aon ní chun deiridh linne. Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás. Féach an toradh a bhí ar an mbuairt sin a chuir Dia oraibh; cad é mar dhúthracht a chothaigh sí ionaibh, cad é mar fhonn cosanta, cad é mar mhíchéadfa, cad é mar fhaitíos! Cad é mar dhíograis agus mar fhonn cúitimh a spreag sí ionaibh! Chruthaigh sibh go raibh sibh neamhurchóideach sa ghnó seo ar fad. Nuair a scríobh mé an litir úd chugaibh, ní ar mhaithe le fear déanta na héagóra a bhí mé, ná ar mhaithe leis an té a ndearnadh an éagóir air, ach d' fhonn bhur ndílseacht domsa a chur ar bhur súile daoibh i bhfianaise Dé. Sin é an fáth a bhfuil sólás orainn. Agus mar bharr ar ár sólás, bhí áthas níos mó fós orainn faoin ngliondar a bhí ar Thíteas toisc gur chuir sibhse go léir a aigne chun suaimhnis. Cibé mórtas a rinne mé asaibhse leis, níorbh aon chúis náire dom é, ach faoi mar nár labhair mé riamh libhse ach an fhírinne ghlan, an maíomh a rinne mé asaibh le Títeas tháinig sé isteach fíor chomh maith céanna. Agus is ag dul i méad atá a chion oraibh nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh go léir dó, agus ar chomh hurramach uamhnach agus a d' fháiltigh sibh roimhe. Is cúis áthais domsa go dtig liom bheith lánmhuiníneach asaibh. Ba mhaith liom fios a thabhairt anois daoibh, a bhráithre, ar an ngrásta atá bronnta ag Dia ar eaglaisí na Macadóine. Cé gur promhadh go dian san anró iad, tá siad lán d' áthas, agus d' ainneoin iad a bheith beo bocht is iad croí na féile iad. Thug siad uathu de réir a n-acmhainne, ní hea, ar m' anam, ach thar a n-acmhainn; agus dá ndeoin féin d' impigh siad orainn go bog agus go crua ligean dóibh bheith páirteach sa ghar seo atá á dhéanamh do na naoimh. Agus, rud nach raibh aon súil againn leis, thug siad suas iad féin ar dtús don Tiarna agus dúinne ina dhiaidh sin de dheonú Dé. Sin é an fáth gur mholamar do Thíteas an gnó carthanachta seo a thabhairt chun críche in bhur measc ó ba é a chuir tús leis. Agus ós rud é go bhfuil flúirse den uile shórt agaibh, flúirse den chreideamh, den líofacht, den eolas, den uile dhíograis agus den ghrá a d' fhoghlaim sibh uainne, bígí flaithiúil sa charthanacht seo chomh maith. Ní ag tabhairt orduithe daoibh atáim ach ag iarraidh dáiríre bhur ngrá a mheas de réir dhíograis daoine eile. Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d' fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan. Tá comhairle agam, áfach, le tabhairt daoibh sa ghnó seo, comhairle bhur leasa, mar ní hé amháin gur sibhse na chéad daoine a thosaigh ar an ngnó seo a chur i ngníomh bliain ó shin ach bhí sibh ar na chéad daoine a bheartaigh é. Tugaigí an gnó chun críche anois agus bígí chomh fonnmhar céanna á chríochnú de réir bhur ngustail agus a bhí sibh á bheartú. Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn, mar ní gá daoibh sibh féin a chreachadh ag fóirithint ar dhaoine eile. Níl ann ach ceist cothroime: an fuílleach atá agaibhse i láthair na huaire, coinneoidh sé riar a gcáis leo siúd: agus an fuílleach a bheidh acu sin coinneoidh sé riar bhur gcáis libhse ar ball, agus sa tslí sin beidh cothrom ann de réir mar atá scríofa: «An té a chnuasaigh mórán, ní raibh an iomarca aige, agus an té a chnuasaigh beagán, ní raibh easnamh air.» Míle buíochas le Dia a chuir an díograis chéanna chun cabhraithe libh i gcroí Thíteas. Ní hé amháin gur aontaigh sé le m' achainíse ach bhí sé chomh díograiseach sin go ndeachaigh sé ag triall oraibh dá dheoin féin. Agus chuireamar lena chois an bráthair úd a bhfuil moladh air mar shoiscéalaí ar fud na n-eaglaisí go léir. Agus ní amháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agamsa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son glóire an Tiarna agus d' fhonn ár ndíograis a thaispeáint. Táimid ar ár n-aire, áfach, nach mbeidh gearán ag duine ar bith orainn faoin gciste fial seo atá faoinár gcúram. Mar is é ár n-aidhm an rud ceart a dhéanamh ní amháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith. Agus chuireamar bráthair dár gcuid lena gcois, fear a bhfuil a dhíograis tástáilte againn go mion minic agus gur díograisí ná riamh anois é le méid na hiontaoibhe atá aige asaibhse. Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost. Taispeánaigí, dá bhrí sin, i bhfianaise na n-eaglaisí go bhfuil grá agaibh dóibh agus nach miste dúinne bheith bródúil asaibh. Ní gá dom aon ní a scríobh chugaibh faoin mbailiúchán i gcomhair na naomh. Mar tá a fhios agam an díograis atá ionaibh faoi agus bím ag déanamh gaisce asaibh le muintir na Macadóine agus ag rá go bhfuil Acháia faoi réir chuige le bliain anuas. Go deimhin féin is í bhur ndíograis-se a spreag a bhformhór eile chun gnímh. Ach ar eagla nach mbeadh i mo chuid mórtais sa chás seo ach caint dhíomhaoin, táim ag seoladh na mbráithre chugaibh i dtreo go mbeidh sibh ullamh faoi mar a dúirt mé. Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibhse a bheith ullamh rompu, nach ormsa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin tar éis dom bheith chomh teann sin asaibh? Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos. Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing. Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach. Tá ar chumas Dé gach tabhartas a bhronnadh go fairsing oraibh, i dtreo go mbeadh lán bhur ndóthain agaibh den uile shórt i gcónaí agus fuílleach i gcomhair gach dea-chúise, de réir mar atá scríofa: «Roinn sé go fial ar na boicht, mairfidh a mhaoin go deo.» An té úd a sholáthraíonn síol don síoladóir agus a thugann arán le hithe, soláthróidh sé an síol daoibhse chomh maith; méadóidh sé an síol agus iomadóidh sé torthaí bhur bhfíréantachta. Beidh sibh saibhir bhur ndóthain i gcónaí chun bheith fial le cách agus beidh ár mbuíochas dá bharr sin ar Dhia. Mar an tseirbhís naofa seo atá idir lámha againn, ní hé amháin go bhfuil sí ag soláthar riar a gcáis do na naoimh ach tá rabharta buíochais á thuilleamh chomh maith aici do Dhia. De bharr na seirbhíse profa seo beidh siad ag moladh Dé as bhur n-umhlaíocht ag admháil dea-scéal Chríost agus as an bhflaithiúlacht lenar roinn sibh bhur gcuid orthu féin agus ar chách eile. Agus beidh siad ag guí oraibh go geanúil de bharr an ghrásta as cuimse a bhronn Dia oraibh. Buíochas le Dia mar gheall ar a thabhartas do-inste! Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh. Táim a iarraidh oraibh gan a thabhairt orm bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid. Mairimid sa saol, is fíor, ach ní de réir ghnás an tsaoil seo a fhearaimid cath. Na hairm chogaidh a bheartaímid, ní airm shaolta iad ach airm a bhfuil cumas ó Dhia acu daingin a threascairt. Leagaimid ar lár leo argóintí agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh d' fhonn é a chur faoi réir Chríost. Agus táimid réidh chun gach saghas míréire a smachtú an túisce a bheidh sibhse faoi réir go hiomlán. Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis. Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibhse a thógáil agus ní chun sibh a leagan ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air. Ní maith liom go gceapfaí gur le litreacha amháin a dhéanaim bagairt. «Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,» a deir daoine, «ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.» Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh. Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcoimheas le daoine áirithe a bhíonn á gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibhsean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin. Nílimidne chun dul thar fóir leis an maíomh, áfach; fanfaimid laistigh den limistéar a leag Dia amach dúinn agus a shíneann chomh fada libhse. Nílimid ag dul thar teorainn amhail is nach mbeimis tagtha comh fada libh, mar bhíomar ar na chéad daoine a thug dea-scéal Chríost chugaibh. Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin, agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó. «An té a bhfuil fonn maíte air, déanadh sé maíomh as an Tiarna,» mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é. Ba mhaith liom dá gcuirfeadh sibh suas anois le beagán díth céille uaimse. Déanaigí sin, más ea. Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile. Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost. Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomana, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis. Ní dóigh liom go bhfuilimse pioc chun deiridh ar na sáraspail sin. Más tuata féin ar urlabhra mé, ní aon tuata mé ar eolas, rud atá léirithe agam i ngach slí daoibh riamh anall. Nó an é peaca atá déanta agam dea-scéal Dé a fhógairt daoibh saor in aisce agus mé féin a ísliú d' fhonn sibhse a ardú? Lom mé eaglaisí eile agus ghlac mé pá uathu chun freastal oraibhse; agus fad a bhí mé in bhur measc agus mé ar an ngannchuid, ní raibh mé i mo mhuirear ar dhuine ar bith agaibh mar ba iad na bráithre a tháinig ón Macadóin a choinnigh riar mo cháis liom. Níor lig mé dom féin bheith i m' ualach ar bith oraibh ná ní ligfidh mé amach anseo. Dar fírinne Chríost ionam, ní mhúchfar an maíomh seo ionam laistigh de chríocha Acháia. Agus cén fáth? Toisc nach bhfuil cion agam oraibhse, an ea? Tá a fhios ag Dia go bhfuil. An ní seo atáim a dhéanamh leanfaidh mé á dhéanamh sa tslí nach bhfágfaidh mé cos fúthu siúd a bhíonn i gcónaí ag lorg leithscéil chun bheith ag maíomh go bhfuil siad ar aon chéim linne. Níl iontu siúd ach aspail bhréige, oibreoirí mímhacánta faoi riocht aspail Chríost. Ach cá hionadh sin, nuair a chuireann Sátan féin riocht an aingil ghil air féin? Ní mór an ní é, dá bhrí sin, má théann a sheirbhísigh sin i riocht sheirbhísigh na fíréantachta. Bhéarfaidh críoch iad sin, áfach, a bheidh de réir a ngníomhartha. Deirim arís é: ná tugadh aon duine meas amadáin ormsa. Ach más é sin an meas atá agaibh orm, glacaigí liom mar amadán go ndéanfaidh mé beagán mórtais chomh maith le cách. Níl an méid a deirim á rá agam le húdarás an Tiarna ach le barr díth céille agus mé ag maíomh go teann. Ós rud é go bhfuil mórán eile ag maíomh as a gcumas nádúrtha, déanfaidh mise maíomh chomh maith leo, mar tá sibhse chomh stuama sin go gcuireann sibh suas go fonnmhar le hamadáin: cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh. Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as caint bhuile í seo tá an maíomh céanna le déanamh agamsa. An Eabhraigh iad? Is ea mise freisin. An Iosraelaigh iad? Is ea mise chomh maith. An sliocht Abrahám iad? Is ea mise chomh maith céanna. An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis. Cúig uair fuair mé na naoi mbuillí is tríocha ó na Giúdaigh. Gabhadh de shlata orm faoi thrí agus gabhadh de chlocha orm aon uair amháin; longbhriseadh mé faoi thrí agus thug mé lá agus oíche san uisce. Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige. Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach. Agus gan na nithe eile a bhac, bíonn cúram na n-eaglaisí uile ina mhuirín laethúil orm. Cé bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air? Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé. Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá: i nDamaisc dom bhí ceannfort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil; ach scaoileadh anuas i gciseán mé trí fhuinneog san fhalla agus d' éalaigh mé uaidh. Sea, is éigean dom maíomh a dhéanamh, cé nach aon tairbhe dom é, agus tráchtfaidh mé anois ar aislingí agus ar fhoilsithe an Tiarna. Tá aithne agam ar fhear i gCríost agus ceithre bliana déag ó shin fuadaíodh é go harda na bhflaitheas. Níl a fhios agam cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh di ag Dia amháin atá a fhios ach tá a fhios agam gur fuadaíodh an fear seo go Parthas níl a fhios agamsa cé acu bhí sé ina cholainn nó lasmuigh dá cholainn, ag Dia atá a fhios agus gur chuala sé briathra diamhara nach ceadmhach don daonnaí a aithris. Is as an duine sin a dhéanfaidh mé mórtas ach mórtas ar bith ní dhéanfaidh mé asam féin ach amháin as mo laigí. Dá mba mhian liom mórtas a dhéanamh, áfach, níorbh aon mhórtas amadáin é mar nach mbeadh agam á insint ach an fhírinne ghlan. Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, áfach, le heagla go mbeadh breis measa ag daoine orm thar a bhfeiceann siad ionam ná thar a gcloiseann siad uaim. Agus le heagla go gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm. D' agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom, ach is é a dúirt sé liom: «Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta. Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm. Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir. Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibhse faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd. Tá comharthaí an aspail curtha i gcrích le barr foighne in bhur measc le míorúiltí agus le hiontais agus le fearta. Cad é an buntáiste a bhí ag na heaglaisí eile oraibh ach amháin nach raibh mise i mo mhuirín oraibh? Maithigí dom an éagóir sin! Seo anois an tríú huair dom a bheith réidh chun teacht chugaibh. Ach ní chuirfidh mé aon chostas oraibh mar ní hé bhur gcuid atá uaim ach sibh féin. Tar éis an tsaoil níl d' fhiacha ar leanaí stór a chur i dtaisce dá dtuismitheoirí ach is ar na tuismitheoirí atá sé d' fhiacha stór a chur i dtaisce dá gclann. Caithfidh mise mo stór oraibhse go fonnmhar agus caithfidh mé mé féin oraibh chomh maith. Má tá grá thar fóir agam daoibh, an lúide an grá a bheidh orm? Bíodh féin nach raibh mé i mo mhuirín oraibh, bhí mé chomh glic sin, a deir sibh, gur rug mé oraibh le cealg. An amhlaidh a rug mé buntáiste oraibh trí dhuine éigin dár sheol mé chugaibh? D' iarr mé ar Thíteas dul chugaibh agus chuir mé an bráthair lena chois. An é Títeas a rinne an slad oraibh? Nach é an Spiorad céanna a bhí dár seoladh araon agus nár leanamar araon an lorg céanna? An é atá á cheapadh agaibh ar feadh an ama gur ag seasamh ár gcirt libh a bhíomar? Ní hea sin! Is i bhfianaise Dé atáim ag labhairt agus i gCríost. Ní raibh d' aidhm againn tríd síos, a chlann ó, ach sibhse a thógáil. Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibhse mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libhse mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord. Tá eagla orm nuair a thiocfaidh mé arís go n-ísleoidh mo Dhia mé os bhur gcomhair agus go mbeidh mé ag mairgneach faoina liacht daoine a rinne peacaí mígheanmnaíochta agus drúise agus collaíochta agus nach ndearna aithrí iontu go fóill. Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. «Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí d' fhinnéithe.» Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís ós rud é go bhfuil cruthúnas uaibh gurb é Críost atá ag labhairt ionamsa. Níl aon laige ann siúd ina chuid plé libhse ach é go cumasach in bhur measc. Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse. Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh rud atá mura bhfuil cliste oraibh? Tá súil agam, áfach, go dtuigfidh sibh nach bhfuil cliste orainne. Táimid ag guí Dé nach ndéanfaidh sibh aon olc ach ní d' fhonn a thaispeáint go bhfuil éirithe linn sa triail é, ach d' fhonn is go ndéanfadh sibhse an mhaith fiú amháin dá ndealródh sé go raibh teipthe orainn. Ní féidir dúinn aon ní a dhéanamh in aghaidh na fírinne ach ar son na fírinne amháin. Bíonn áthas orainn fiú amháin nuair a bhímid féin lag agus sibhse go láidir. Is é ár nguí go gcuirfear sibhse ar lán bhur leasa. Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár. Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh. *** (13:12) Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. (13:13) 12b Cuireann na naoimh go léir a mbeannacht chugaibh. 13 Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir. Mise Pól aspal ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus Dia an tAthair, a thóg ó mhairbh é. Táim féin agus a bhfuil i mo theannta de na bráithre ag cur ár mbeannachta chuig eaglaisí na Galaite. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair moladh go deo leis. Amen. Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile. Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht. Mar, má dhéanaimidne féin nó aingeal ó neamh dea-scéal a fhógairt daoibh a bheadh bunoscionn leis an dea-scéal atá fógartha againn, go raibh mallacht Dé air. An ní atá ráite againn, deirim anois arís é: duine ar bith a dhéanann dea-scéal a fhógairt daoibh atá bunoscionn leis an dea-scéal atá faighte agaibh, go raibh mallacht Dé anuas air. Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn. An dea-scéal atá fógartha agamsa, a bhráithre, geallaimse daoibh nach aon earra daonna atá ann. Ní ó dhuine a fuair mise é ná ó mhúinteoir ar bith, ach trí fhoilsiú ó Íosa Críost. Chuala sibh iomrá, ní foláir, ar mo chuid iompair tráth nuair a lean mé an creideamh Giúdach, mar a rinne mé géarleanúint as cuimse ar eaglais Dé ag iarraidh í a dhíothú, agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear. Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith ná ní dheachaigh mé suas go Iarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n-aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin. Trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go Iarúsailéim ag fiosrú Chéafais agus thug mé coicís ina theannta, ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna. Dearbhaím i bhfianaise Dé nach bhfuil focal bréige ina bhfuil á scríobh agam. Agus is go dúichí na Síre agus na Siléise a chuaigh mé ina dhiaidh sin. Ní raibh aithne súl fós ag eaglais Chríost in Iúdáia orm; ní raibh acu ach scéal scéil «faoin duine úd a bhíodh dár ngéarleanúint tráth agus atá anois ag craobhscaoileadh an chreidimh a bhíodh sé ag iarraidh a scriosadh roimhe seo,» agus thugaidís glóir do Dhia mar gheall orm. Faoi chionn ceithre bliana déag chuaigh mé suas go Iarúsailéim arís, mé féin agus Barnabas, agus thug Títeas liom chomh maith. Foilsiú ó Dhia faoi deara dom dul ann; agus i gcomhairle phríobháideach leis na cinn urra chuir mé faoina mbráid an dea-scéal mar a bhím á fhógairt i measc na ngintlithe. Rinne mé amhlaidh le heagla go mba saothar in aisce dom an cúrsa a bhí tugtha agam agus a bhí á thabhairt agam go fóill. Ach fiú amháin Títeas a bhí le mo chois, ar a shon gur Ghréagach é, níor cuireadh iallach air a thimpeallghearradh ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse; ach níor ghéilleamarna oiread agus nóiméad dóibh. Chuireamar ina gcoinne le hionchas go gcoimeádfaí fírinne an dea-scéil ar láimh shábháilte daoibhse. Ach i dtaca leis na daoine measúla orthu is cuma liomsa a chéimiúla a bhí siad mar ní fhéachann Dia ar phearsa seachas a chéile ach níor chuir na cinn urra seo aon dualgas breise ormsa, ach a mhalairt; d' aithin siad go raibh fógairt an dea-scéil don mhuintir gan timpeallghearradh curtha ina chúram ormsa chomh maith céanna agus a bhí fógairt an dea-scéil do lucht an timpeallghearrtha ina chúram ar Pheadar; mar an té úd a bhí ag obair i bPeadar ina mhisean chuig lucht an timpeallghearrtha is é a bhí ag obair ionamsa i mo mhisean chuig na gintlithe. Agus nuair a d' aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh. Níor chuir siad d' agús sa scéal ach go gcuimhneoimis ar na boicht, an rud céanna díreach a raibh fonn orm féin a dhéanamh. Rud eile de, nuair a tháinig Céafas go hAintíoch, chuir mé ina choinne lena bhéal mar bhí sé san éagóir. Chaitheadh sé bia leis na gintlithe nó gur tháinig daoine áirithe do bhuíon Shéamais ar an láthair, ach an túisce a tháinig siadsan thosaigh sé ag cúbadh chuige agus ag fanacht amach ó na gintlithe le heagla mhuintir an timpeallghearrtha. Agus ghabh an chuid eile de na Giúdaigh páirt leis sa chlaidhreacht i dtreo gur baineadh Barnabas féin dá threoir lena gcuid fimínteachta. Ach nuair a thug mé féin faoi deara nach raibh siad ionraic faoi fhírinne an dea-scéil, dúirt mé le Céafas i bhfianaise chách: «Má mhaireann tusa ar an nós gintlí in áit an nóis Ghiúdaigh ar a shon gur Giúdach tú féin, conas is féidir duit mar sin a thabhairt ar na gintlithe an nós Giúdach a leanúint?» Is Giúdaigh ó dhúchas sinne agus ní aon pheacaigh de shliocht gintlí atá ionainn. Tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomhlíonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar «ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comhlíonadh an dlí». Ach má fhaightear go bhfuilimidne peacúil leis agus sinn ag lorg na fíréantachta i gCríost, an bhfuil, más ea, lámh ag Críost sa pheaca? Níl ar chor ar bith! Má dhéanaim-sé, áfach, an córas a leag mé ar lár a chur suas arís, cruthaím ansin go bhfuilim ciontach. Mar is tríd an dlí a fuair mise bás i leith an dlí chun go mairfinn beo i leith Dé; céasadh ar an gcrois mé in éineacht le Críost agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom. Níl grásta Dé agam á chaitheamh uaim, óir más ón dlí a thagann fíréantacht, fuair Críost bás in aisce. A Ghalatacha gan chiall, cé a d' imir an draíocht oraibh tar éis an léiriú gléineach a tugadh daoibh ar Íosa Críost céasta? Tá aon cheist amháin agam oraibh: an de bharr an dlí a chomhlíonadh a fuair sibh an Spiorad, nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht a chuala sibh? Conas a d' fhéadfadh sibh bheith chomh héaganta sin? Tar éis daoibh tosú leis an Spiorad, an bhfuil sibh ag críochnú anois leis an gcolainn? An saothar in aisce a bhfuil gafa tríd agaibh? má ba in aisce é. Nuair a bhronnann Dia an Spiorad oraibh agus éachtaí a dhéanamh in bhur measc, an de bharr an dlí a chomhlíonadh a dhéanann sé amhlaidh nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht dála mar a rinne Abrahám; chreid seisean Dia agus áiríodh ina fhíréantacht aige é. Bíodh a fhios agaibh mar sin gurb iad lucht an chreidimh atá ina gclann ag Abrahám. Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a fhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin d' Abrahám: «Beannófar ionatsa na náisiúin uile.» Fágann sin gurb iad lucht an chreidimh atá beannaithe mar aon le hAbrahám, fear an chreidimh. Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: «Is mallaithe gach n-aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcrích.» Is léir nach bhfíréanaítear duine ar bith ag an dlí i bhfianaise Dé, mar «is le creideamh a mhairfidh an fíréan». Ní ar chreideamh atá an dlí ag brath, áfach, mar is é a deirtear sa dlí «an té a dhéanfaidh na nithe seo beidh sé beo dá mbarr». Ach d' fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: «Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.» Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta. Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi. Anois, is d' Abrahám agus dá shíol a tugadh na gealltanais, agus féach ní «do do shíolta» atá ráite faoi mar bheifí ag tagairt dá lán daoine, ach «do do shíol» ag tagairt don aon duine amháin, is é sin, do Chríost. Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní. Más le ceart dlí a thagann an oidhreacht, ní de bharr gealltanais í a thuilleadh. Is trí ghealltanas, áfach, a bhronn Dia ar Abrahám í. Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idirghabhálaí. Níl feidhm le hidirghabhálaí ag duine aonair agus is aon Dia. An bhfuil an dlí bunoscionn le gealltanais Dé mar sin? Níl ar chor ar bith. Dá dtugtaí dlí, áfach, a mbeadh ar a chumas beatha a thabhairt, bheadh fíréantacht ag teacht ón dlí dáiríre; ach dhaingnigh an scrioptúr an uile ní faoi ghlas an pheaca, ar shlí go dtabharfaí ar gealladh do chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh sin. Sular tháinig an creideamh, bhíomar dár gcoimeád faoi ghlas i ngéibheann ag an dlí nó go nochtfaí an creideamh a bhí le teacht. Dá bhrí sin, bhí an dlí mar a bheadh giolla againn nó go dtiocfadh Críost agus go bhfíréanófaí sinn tríd an gcreideamh. Anois, áfach, nuair atá an creideamh tagtha nílimid faoi smacht an ghiolla a thuilleadh, mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost. Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige mar éide. Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa. Agus más le Críost sibh, is síol Abrahám sibh chomh maith agus tá sibh in bhur n-oidhrí aige de réir mar a bhí geallta. Is é a mheasaim a rá, a bhráithre: fad a bhíonn an t-oidhre mionaoiseach, ní bhíonn difríocht ar bith idir é agus an daor, siúd is gur leis an t-eastát ar fad, ach é faoi réir chaomhnóirí agus riarthóirí nó go dtagann an t-am a bhíonn ceaptha ag an athair. Is é an dála céanna againne é: fad a bhíomar mionaoiseach, bhíomar mar a bheadh daoir faoi smacht ag dúile an tsaoil seo. Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí, d' fhonn an mhuintir a bhí faoin dlí a fhuascailt agus go ndéanfaí clann altrama dínne. Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus «Abba, a Athair» á screadadh aige. Ní daor tú feasta mar sin ach mac; agus más mac thú is oidhre thú chomh maith de dheonú Dé. Lá den saol nuair nach raibh aon aithne agaibh ar Dhia, bhí sibh ag seirbhís do dhéithe nár dhéithe iad dáiríre. Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d' fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair? Agus sibh ag comóradh laethanta féile agus míonna agus ráithí agus blianta! Is eagal liom gur in aisce a chaith mé dua libh! Impím oraibh, a bhráithre, teacht ar aon dul liomsa faoi mar a tháinig mise ar aon dul libhse. Ní dhearna sibh aon éagóir orm. Tá a fhios agaibh gurb easláinte choirp faoi deara dom an dea-scéal a fhógairt daoibh don chéad uair; agus bíodh gur mhór an chros oraibh an bhreoiteacht chéanna níor ghlac sibh col ná déistin liom ach fáiltiú romham mar a d' fháilteodh sibh roimh aingeal ó Dhia nó roimh Íosa Críost féin. Cad a d' imigh ar bhur gcroíúlacht? Ar m' fhocal daoibh go sracfadh sibh bhur súile amach agus iad a thabhairt dom, dá mb' fhéidir é. An bhfuilim i mo namhaid anois agaibh de chionn go bhfuilim ag insint na fírinne? Ní le dea-rún atá na daoine eile úd ag déanamh cúraim mhóir díbhse; níl uathu ach sinne a dhealú amach uaibh ionas go ndéanfadh sibhse cúram mór díobh féin. Is breá an rud mór a bheith á dhéanamh díbh má dhéantar le dea-chroí é agus ní amháin nuair a bhím in bhur láthair ach an t-am ar fad. A chlann ó, táim mar bheinn ar luí seoil libh arís nó go gcumtar Críost ionaibh. Is trua nach bhfuilim in bhur measc an nóiméad seo agus bheadh a mhalairt de phort agam daoibh, de bhrí go bhfuilim i ngalar na gcás agaibh. Sibhse arb áil libh bheith faoi réir an dlí, ceist agam oraibh: an gcloiseann sibh a bhfuil le rá ag an dlí? Óir tá scríofa go raibh beirt mhac ag Abrahám, mac acu ón daorbhean agus an duine eile ón tsaorbhean. Rugadh mac na daormhná ar an ngnáthshlí ach is de bharr gealltanais a rugadh mac na saormhná. Tá fáthchiall leis an méid sin: seasann an bheirt bhan sin don dá chonradh. Bean amháin acu, is é sin le rá, Hágár, a rug a leanbh i ndaoirse, seasann sí sin don chonradh a tugadh ar Shliabh Shíonái sliabh san Aráib is ea Síonái agus freagraíonn sí do Iarúsailéim an lae inniu mar go bhfuil Iarúsailéim agus a clann i ndaorbhroid. Is saorbhean, áfach, an Iarúsailéim neamhaí, agus is ise is máthair dúinne mar tá scríofa: «Bíodh gliondar ort, a bhean aimrid nár shaolaigh clann! Ardaigh do liú a bhean nach raibh riamh ar luí seoil. Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe na clann na mná a bhfuil fear aici.» Is sibhse, a bhráithre, an chlann a rugadh de bharr gealltanais, dála Íosác. Ach faoi mar a tharla an uair úd go mbíodh an mac a rugadh go nádúrtha ag géarleanúint an mhic a rugadh faoi luí an Spioraid, is é an dála céanna inniu é. Ach cad é seo a deir an scrioptúr: «Caith amach an daorbhean agus a mac, mar ní bheidh aon pháirt go deo ag mac na daormhná in oidhreacht mhac na saormhná.» Dá réir sin, a bhráithre, ní clann daormhná sinne ach clann na saormhná. D' fhonn is go mbeimis saor is ea a d' fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair. Seo mise Pól á rá libh nach ndéanfaidh Críost aon mhaitheas daoibh má dhéantar timpeallghearradh oraibh. Dearbhaím arís don uile dhuine a ndéantar timpeallghearradh air, go bhfuil sé de dhualgas air an dlí a choimeád ina iomláine. Agus sibhse a bhíonn ag lorg na fíréantachta sa dlí tá sibh dealaithe ó Chríost agus tá gnaoi Dé caillte agaibh. Is ón gcreideamh, áfach, atáimidne ag súil leis an bhfíréantacht a fháil faoi luí an Spioraid. Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá. Bhí sibh ag dul chun cinn go hálainn. Cé a chuir bac oraibh géilleadh don fhírinne? Ní ón té úd a ghlaoigh oraibh a tháinig an t-áiteamh sin! «Déanann pinse gabháile an taos ar fad a ghabháileadh.» Tá muinín agam asaibh sa Tiarna nach é a mhalairt de thuairim a bheidh agaibhse. An duine seo atá do bhur suaitheadh, cibé ar bith é féin, íocfaidh sé as a choir. I dtaca liomsa de, a bhráithre, más fíor go mbím fós ag fógairt timpeallghearrtha, cén fáth a bhfuilim fós do mo ghéarleanúint? Dá mbeinn ag déanamh amhlaidh bheadh scannal na croise ar neamhní. Iad siúd atá ag cur mearbhaill oraibh is é mo thrua nach ndéanann siad iad féin a choilleadh chomh maith! Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá. Mar is féidir an dlí ar fad a chur in aon abairt amháin: «Gráigh do chomharsa mar thú féin.» Ach má leanann sibh ag ithe agus ag gearradh a chéile, bígí aireach, ar eagla go millfeadh sibh a chéile ar fad. Is é a mheasaim a rá: mairigí faoi luí an Spioraid, agus níl aon bhaol go ngéillfidh sibh d' ainmhianta na colainne. Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh. Más é an Spiorad atá do bhur stiúradh níl sibh faoi smacht ag an dlí. Is follas iad gníomhartha na colainne, mar atá drúis gáirsiúlacht agus graostacht; íoladhradh agus asarlaíocht; eascairdeas, achrann, agus formad; fearg, bruíonta, clampar agus faicsin, éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht. Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht, láchas agus measarthacht. Agus níl aon reacht in aghaidh a leithéidí sin! Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois. Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir. Agus ná bímis mórchúiseach ná ag saighdeadh a chéile ná ag éad le chéile. A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis. Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost. Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is á mhealladh féin atá sé. Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile. Mar beidh a ultach féin le hiompar ag cách. An duine a bhíonn ag foghlaim an chreidimh, roinneadh sé a chuid maoine ar a oide múinte. Ná bíodh aon dul amú oraibh: ní féidir bob a bhualadh ar Dhia. Mar a chuireann duine an síol is ea a bhainfidh sé an fómhar. An té a chuireann síol i ngort na colainne bainfidh sé fómhar an mhillte, ach an té a chuireann síol i ngort an Spioraid, bainfidh sé fómhar na beatha síoraí. Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth. Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh. Féachaigí na litreacha móra seo ina bhfuilim ag scríobh chugaibh le mo láimh féin. Na daoine seo atá ag brú an timpeallghearrtha oraibh, is iadsan ar mhaith leo bheith taibhseach sa cholainn agus gan d' aidhm acu ach go n-éalóidís ó ghéarleanúint mar gheall ar chrois Chríost. Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeallghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibhse a bheith timpeallghearrtha d' fhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn. Nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimse céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom. Is cuma timpeallghearradh, nó gan timpeallghearradh, ach cruthú as an nua. Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé. Ná bíodh aon duine do mo bhuaireamh as seo amach, mar tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam. Go raibh grásta ar dTiarna Íosa Críost agaibh, a bhráithre. Amen. Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia, ár nAthair, agus ón Tiarna Íosa Críost. Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, a bhronn orainn, i gCríost, gach tabhartas spioradálta sna flaithis. Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun bheith naofa gan locht os a chomhair. Le barr grá dúinn leag sé amach ó thús de réir mhian a thola féin go mbeimisne inár gclann aige trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach. Is sa Mhac sin, as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta, de réir iomadúlacht an ghrásta a roinn sé orainn go fial. Le teann eagna agus gaoise nocht sé dúinn rún a thola de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús lena chur i gcrích i gCríost, nuair a bheadh an t-ionú tagtha mar atá, an beartas gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost. Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n-oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin, a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóire Dé. Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin, nuair a chuala sibhse briathar na fírinne agus dea-scéal bhur slánaithe, nuair a chreid sibh ann agus gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta. Is éarlais an Spiorad ar ár n-oidhreacht nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi; chun moladh a ghlóire. Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir, nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m' urnaithe. Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í. Lá den saol bhí sibhse marbh de bharr na gcionta agus na bpeacaí a chleacht sibh nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire. Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d' ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile. Ach bhí Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost is in aisce a slánaíodh sibh gur thóg sé sinn ó mhairbh in éineacht leis agus gur chuir inár suí sinn sna flaithis in Íosa Críost, d' fhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa. Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia. Agus ní de bharr oibreacha i dtreo nach bhfuil cúis mhaíte ag duine ar bith. Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia. Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth sibhse na gintlithe ó dhúchas a raibh «lucht an fhorchraicinn» mar ainm oraibh ag an dream a thugadh «lucht an timpeallghearrtha» orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn. Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin. Anois, áfach, tá sibh i gCríost Íosa; sibhse a bhí tráth i bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost. Mar is eisean ár síocháin; is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal nuair a leag sé ar lár an balla deighilte, an naimhdeas ina cholainn, agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha d' fhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu, agus an dá bhuíon a thabhairt chun athmhuintearais le Dia in aon chorp amháin leis an gcrois ar ar chuir sé an naimhdeas chun báis. Tháinig sé ag fógairt dea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar; mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid. Dá réir sin ní eachtrannaigh ná coimhthígh sibh a thuilleadh ach comhshaoránaigh leis na naoimh agus baill de líon tí Dé. Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige. Is ann a nasctar an foirgneamh ar fad le céile agus éiríonn sé in airde ina theampall naofa sa Tiarna. Is ann chomh maith atá sibhse do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé á dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid. Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Tá scríofa agam faoi seo go hachomair cheana agus má léann sibh é féadfaidh sibh mo léargas-sa ar rúndiamhair Chríost a thuiscint. Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe. Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal. Rinneadh maor ar an dea-scéal sin díomsa nuair a bhronn Dia a ghrásta orm le héifeacht a chumhachta féin. Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe agus leagan amach an rúin a léiriú do chách. Bhí an rún seo folaithe leis na cianta i nDia a chruthaigh gach a bhfuil ann, i dtreo go bhfaigheadh tiarnais agus údaráis na spéire eolas anois tríd an Eaglais ar eagna ilghnéitheach Dé de réir an bheartais shíoraí a chuir sé i bhfeidhm i gCríost Íosa ár dTiarna. Is é Críost a bheir dúinn a bheith teann de bharr ár gcreidimh agus dul go muiníneach i láthair Dé. Impím oraibh, dá bhrí sin, gan bheith domheanmnach mar gheall ar na trioblóidí atá ag cur ormsa ar bhur son, mar is údar glóire daoibh iad. Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar óna n-ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh. Go dtuga sé daoibh as ollmhaitheas a ghlóire go bhfaighidh sibh neart agus cumas inmheánach trína Spiorad, go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá ar shlí go bhféadfaidh sibh féin agus na naoimh go léir fad agus leithead agus airde agus doimhneas [an ghrá] a thuiscint; go gcuirfidh sibh eolas ar ghrá Chríost atá os cionn tuisceana agus go líonfar sibh de líonmhaireacht iomlán Dé. Glóir don té úd ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh ná mar a d' iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn. Glóir go raibh aige san Eaglais agus i gCríost Íosa ó ghlúin go glúin go brách na breithe. Amen. Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh agus sibh a bheith lán d' uirísle, de láchas agus d' fhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána. Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia. Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin. Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile. Ach tá a thabhartas féin faighte ag gach duine ar leith againn de réir mar a riar Críost orainn é, faoi mar a deir an scrioptúr: «Ar dhul in airde dó, ghabh sé slua cimí agus thug tabhartais do dhaoine.» Cad tá le tuiscint as an «dul in airde» sin ach gur tháinig sé anuas chomh maith ar an domhan íochtarach seo? An té sin a tháinig anuas, is é an duine céanna é a chuaigh thar na flaithis uile amach chun go líonfadh sé an chruinne cheathartha. Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n-aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n-aoirí agus ina múinteoirí, d' fhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach; go dtí go mbeimid go léir tagtha chun aontacht chreidimh agus chun aontacht eolais ar Mhac Dé nó go mbeimid tagtha in inmhe, ar chomhchéim le Críost féin agus é i mbun a mhéide. Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas. Má leanaimid den fhírinne le teann grá, áfach, fásfaimid suas i ngach slí nó go ndéanfar dínn Críost, is ceann orainn. Mar is é a bheir don chorp a bheith fite fuaite ina chéile le cabhair gach nasc dá bhfuil ag fónamh dó, agus, de réir mar a bhíonn gach ball ag gníomhú mar is cuí, fásann an corp iomlán agus téann i méid sa ghrá. Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n-aird ar nithe baotha, a bhfuil scamall ar a n-aigne, agus iad dealaithe amach ó bheatha Dé de dheasca a gcuid aineolais agus chruas a gcroí. Le barr patuaire tá siad tugtha suas don drabhlás agus do gach sórt graostachta a chleachtadh gan srianadh. Ní mar sin a chuir sibhse eolas ar Chríost, áfach, má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh. Agus is é teagasc a fuair sibh bhur seansaol a chaitheamh uaibh, an sean-nadúr a bhíonn á thruailliú ag ainmhianta claona; athnuachan a dhéanamh ar bhur meon agus ar bhur n-aigne agus an nadúr úrnua a ghabháil chugaibh, an nádúr a cruthaíodh in íomhá Dé ar fhíréantacht agus ar naofacht fhíor. Cuirigí uaibh an t-éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn. Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr, agus ná maireadh an racht thar luí na gréine le heagla go dtabharfadh sibh áiméar don diabhal. An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá láimh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngannchuid. Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta. Ná cuirigí brón ar Spiorad Naofa Dé a bhfuil a stampa buailte oraibh i gcomhair lá na fuascailte. Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t-achasán mar aon le gach mioscais. Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost. Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach, agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son. Maidir le drúise nó graostacht d' aon sórt nó saint, ná luaitear in bhur measc iad fiú amháin, mar ní healaí do na naoimh iad. Ná bíodh agaibh ach oiread an drochchaint ná an tseafóid ná an magadh, nithe nach n-oireann; ag gabháil buíochais do Dhia ba chóra daoibh a bheith. Bíodh a fhios seo agaibh: duine ar bith atá tugtha don drúis nó don mhígheanmnaíocht nó don tsaint rud is ionann agus íoladhradh níl aon pháirt aige i ríocht Chríost agus Dé. Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire. Ná bíodh aon bhaint agaibhse lena leithéidí; mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne. Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh. Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim. Gach uile ní a nochtar faoin solas, áfach, éiríonn sé follasach agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear: «Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.» Bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair, dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo. Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna. Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad, ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh, ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost. Bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost. Bíodh na mná umhal dá gcuid fear mar a bheidís don Tiarna, mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp. Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanná bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní. A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d' fhonn í a choisreacan do Dhia. Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce d' fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim. Go deimhin, tá d' fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an té a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá. Ní raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach faoi mar a dhéanann Críost don Eaglais, de bhrí gur baill dá chorp sinne. «Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.» Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais. Ar aon chuma grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear. A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí, sa Tiarna, mar is é an ceart é. «Tabhair do d' athair agus do do mháthair onóir»; sin í an chéad aithne a bhfuil gealltanas ag dul léi: «ionas go mbeadh an rath ort agus go mbeadh saol fada ar talamh agat.» Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna. A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin, agus gan bheith ag súilseirbhís ar nós lucht lútála ach sibh ag déanamh toil Dé ó chroí mar a dhéanfadh seirbhísigh Chríost. Déanaigí bhur ndualgas le fonn amhail agus dá mba don Tiarna a bheadh sibh ag seirbhís agus nach do dhaoine, agus a fhios agaibh, cibé ní fónta a dhéanann sibh, go bhfaighidh gach duine, saor nó daor, a chúiteamh ón Tiarna. Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta. Cuirigí iomaibh cathéide Dé chun bheith in ann seasamh in aghaidh chealga an diabhail. Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí domhain seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas. Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán. Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n-ucht agus fonn leata dea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh. Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh. Glacaigí an slánú mar chlogad agus briathar Dé mar chlaíomh ón Spiorad. Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile. Agus guígí ormsa chomh maith, le hionchas, nuair a osclóidh mé mo bhéal, go dtabharfar dom labhairt go dána agus rún an dea-scéil a fhógairt an dea-scéal a bhfuilimse i mo thoscaire air agus mé faoi ghlas féin; guígí go ndéanfaidh mé é a fhógairt chomh dána agus is cóir. Tabharfaidh Tichiceas, mo chara ionúin agus mo chúntóir dílis in obair an Tiarna, faisnéis iomlán daoibh fúmsa ionas go mbeidh a fhios agaibh conas táim agus conas atá ag éirí liom. Táim á sheoladh chugaibh d' aon ghnó chun fios mo chúrsaí a bheith agaibh agus chun sólás a chur ar bhur gcroí. Go dtuga Dia an tAthair agus an Tiarna Íosa Críost síocháin agus grá mar aon le creideamh do na bráithre uile. Go raibh grásta ar chách a bheir grá buanmharthanach dár dTiarna Íosa Críost. Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna. Gach uair dá gcuimhním oraibh gabhaim buíochas le mo Dhia agus gach uair a bhím ag guí déanaim guí oraibh uile go lúcháireach, mar gheall ar an bpáirt a bhí agaibh sa dea-scéal ón gcéad lá riamh go dtí inniu. Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost. Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil. Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin. Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana, sa tslí go mba rogha libh na nithe is fearr agus go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóire Dé. Ba mhaith liom é seo a chur in iúl daoibh, a bhráithre: an cor atá ormsa gurb amhlaidh a chuidigh sé leis an dea-scéal a chur chun cinn mar gur follas don gharda praetóireach ar fad agus do chách eile gur ar son Chríost atáimse i ngéibheann. Rud eile de, chuir mo chuibhreacha misneach sa Tiarna ar fhormhór mo bhráithre Críostaí i dtreo gur dána ná riamh iad ag fógairt an dea-scéil gan scáth gan eagla. Tá daoine áirithe gan dabht agus is le teann formaid agus aighnis a dhéanann siad Críost a fhógairt ach tá an chuid eile á dhéanamh le dea-rún. Is le neart grá dom atá siadsan ag obair mar go dtuigeann siad gur ag cosaint an dea-scéil atáim ceaptha. Ach an dream atá ag fógairt Chríost le teann mioscaise, ní le hintinn ghlan atá siad á dhéanamh ach d' fhonn anacair a tharraingt ormsa agus mé i ngéibheann. Ach nach cuma é? Mar, cibé acu le cur i gcéill nó le dáiríreacht é, is é Críost atá á fhógairt ar aon chuma agus sin é an rud a chuireann áthas orm; agus leanfaidh mé ag déanamh áthais mar gheall air mar go bhfuil a fhios agam go rachaidh sé chun mo shlánaithe le cabhair bhur n-urnaithese agus le cúnamh ó Spiorad Íosa Críost. Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom. Mar is é Críost is beatha domsa agus ba shochar dom an bás. Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé. Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór. Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libhse. Ós deimhin liom sin, tá a fhios agam go bhfanfaidh mé ann go fóill chun cuidiú libhse uile d' fhonn bhur gcreideamh a chur chun cinn agus bhur lúcháir ann a mhéadú, i dtreo nuair a thiocfaidh mé arís chugaibh go mbeidh sibh níos bródúla ná riamh asam in Íosa Críost. Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost. Sa tslí sin, cibé acu a thagaim do bhur bhfeiceáil nó a bheidh mé i bhfad uaibh, beidh sé le clos agam in bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh an fhóid san aon spiorad agus ag troid gualainn ar ghualainn d' aontoil ar son chreideamh an dea-scéil, agus gan eagla ar bith oraibh roimh bhur naimhde. Is cruthú é sin go bhfuil bascadh i ndán dóibhsean ag Dia agus bhur slánú i ndán daoibhse. Mar tá sé faighte de phribhléid agaibhse as ucht Chríost ní amháin creideamh a bheith agaibh ann ach fulaingt ar a shon chomh maith. Tá an comhrac céanna le tabhairt agaibhse a chonaic sibh á thabhairt agamsa agus a chloiseann sibh a bheith á thabhairt agam anois féin. Dá bhrí sin más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá cion nó trua ar bith ionaibh, cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne. Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin. Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith. Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost: An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia, Ach lom sé é féin. Agus chuir áir riocht an sclábha agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile. Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, d' ísligh sé é féin agus bhí umhal go bás go bás na croise féin. Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm, i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann agus go ndearbhódh gach teanga, in ómós do Dhia an tAthair, gurb é Íosa Críost an Tiarna. Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla, mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin. Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeadh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agamsa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar. Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile. Bíodh an t-áthas céanna oraibhse agus déanaigí comhghairdeas liomsa. Tá súil agam, le toil an Tiarna Íosa, nach fada go gcuirfidh mé Tiomóid chugaibh le hionchas go gcuirfeadh bhur dtuairisc éirí croí orm. Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibhse. Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad. Is eol daoibh féin a fheabhas a chruthaigh sé ag obair le mo thaobhsa ar son an dea-scéil, mar a bheadh mac ag fónamh dá athair. Más ea, táim ag brath ar é a chur (chugaibh) an túisce a bheidh a fhios agam conas a bheidh an scéal agam féin. Agus tá súil agam sa Tiarna nach fada go mbeidh mé féin chugaibh chomh maith. Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom. Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite. Agus is é a bhí breoite go deimhin agus i mbéala an bháis féin, ach rinne Dia trócaire air agus ní air sin amháin é ach ormsa freisin mar gur shábháil sé ó bhrón ar bhrón mé. Is móide dá chionn sin an fonn atá orm é a chur ar ais chugaibh mar go mbeidh áthas oraibhse é a fheiceáil agus go laghdóidh sin mo bhuairtse. Cuirigí fíorchaoin fáilte roimhe sa Tiarna dá bhrí sin, agus bíodh meas agaibh ar a leithéid 29b mar is ar mhaithe le gnó an Tiarna a chuaigh sé i mbaol an bháis agus chuir a bheo i bhfiontar ag tabhairt na cabhrach domsa a bhí thar bhur gcumas-sa a thabhairt. Agus mar fhocal scoir, a bhráithre liom, bíodh áthas oraibh sa Tiarna. Níl leisce ar bith orm a bhfuil scríofa cheana agam a scríobh arís chugaibh mar is é bhur leas é. Seachnaígí na gadhair! Seachnaígí lucht na mioscaise! Seachnaígí lucht ciorraithe an choirp! Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne, siúd is go bhféadfainnse bheith teann as an gcolainn chomh maith le cách. Go deimhin cibé duine eile atá teann as an gcolainn, is mó ná sin an bun atá agamsa le bheith amhlaidh: de shliocht Iosrael mé, de threibh Bhiniáimin, Eabhrach den fhíorfhuil Eabhrach, agus timpeallghearradh mé ar an ochtú lá. I dtaca leis an dlí bhí mé i m' Fhairisíneach; i dtaca le díograis chreidimh bhí mé i mo ghéarleantóir ar an Eaglais, agus i dtaca le fíréantacht dhlithiúil bhí mé gan cháim. Na buntáistí seo a bhí agam, áfach, tá áirithe anois agam gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chríost. Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t-iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m' fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh. Níl uaim anois ach aithne a chur ar [Chríost] agus ar éifeacht a aiséirí, ar bheith páirteach leis ina phiolóidí agus bheith cosúil leis ina bhás le hionchas go dtiocfainn ar shlí éigin chun an aiséirí ó mhairbh. Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost. Sea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl á dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost. An méid againn atá tagtha in inmhe fir, bíodh an dearcadh sin againn. Ach má tá a mhalairt de dhearcadh agaibhse faoi rud ar bith, cuirfidh Dia ar an eolas sibh faoi sin freisin. Cibé scéal é leanaimis den bhóthar atá gafa againn go dtí seo. Déanaigí aithris ormsa le chéile, a bhráithre. Bígí ag faire ar na daoine a dhéanann de réir an tsampla a thugaimid daoibh. Is minic ráite agam cheana libh agus deirim libh anois é go deorach go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost. Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu. Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost. Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht. Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m' aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh. Impím ar Euoidia agus ar Shinticé teacht chun muintearais le chéile sa Tiarna; agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n-ainmneacha scríofa i leabhar na beatha. Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna. Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan. Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag gardáil bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost. Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n-aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta. Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúin mé daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh nó a chonaic sibh mé a dhéanamh, beidh Dia na síochána faraibh. Bhí ardáthas orm sa Tiarna gur tháinig athbhláth faoi dheireadh thiar ar an tsuim atá agaibh ionam i gcónaí ach gan aon chaoi agaibh í a thaispeáint. Ní ag casaoid faoin ngannchúis atáim mar tá foghlamtha agamsa bheith sásta lena bhfuil agam. Tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid. Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom. Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás. Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipí, nuair a d' fhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibhse amháin. Agus le linn dom bheith i dTeasaloinicé, chuir sibh riar mo cháis chugam, agus ní aon uair amháin é ach faoi dhó. Ach ní hé bhur síntiús is mór agamsa ach an brabach iomadúil atá ag dul daoibh. Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia. Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost. Moladh le Dia, ár nAthair, le saol na saol. Amen. Beirigí beannacht chun gach duine den phobal naofa in Íosa Críost. Cuireann na bráithre atá in éineacht liom a mbeannacht chugaibhse. Cuireann an pobal naofa uile anseo a mbeannacht chugaibh agus iad sin go háirithe a bhaineann le teaghlach Chéasair. Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh uile. Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColosae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair. Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh, mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre. Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne; agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid. Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d' eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta, ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n-eolas ar Dhia; go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas agus a d' fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d' aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh. Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí. Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céadghin gach dúile cruthaithe mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí. Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán. Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad. Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise. Is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí. Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí, agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise. Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n-aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha; ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d' fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht. Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air. Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais. Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine: an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa. Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh. Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d' fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost. Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam. Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh a dhéine a bhím ag coimhlint ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus ar son an dreama nár leag riamh súil orm. Is é atá uaim, go mbeadh misneach ar a gcroí, go mbeidís nasctha dá chéile le grá agus go dtiocfaidís chun barr cinnteachta agus tuisceana ionas go gcuirfidís eolas ar rúndiamhair Dé, is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann. Táim á rá sin libh le heagla go gcuirfeadh duine éigin an dubh ina gheal oraibh le hargóintí mealltacha. Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost. Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le Íosa Críost mar Thiarna, tugaigí bhur saol i bpáirt leis. Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas. Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost. Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha agus tá sibhse tagtha chun iomláine ann. Is é ceann gach tiarnais agus údaráis é. Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh. Comhadhlacadh sibh in éineacht leis sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é. Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeallghearradh na colainne; ach d' athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile, agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois. Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus d' ardaigh leis iad i gcaithréim na croise. Dá chionn sin ná ligigí d' aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide. Níl sna cúrsaí sin ach scáil na nithe a bhí le teacht ach is é Críost an t-ábhar féin. Agus ná ligigí d' aon duine calaois a imirt oraibh ar scáth na huirísleachta ná adhradh na n-aingeal. Ag brath ar a bhfuil feicthe aige féin a bhíonn a leithéid siúd agus é i mborr le bród díomhaoin as a mheon saolta féin. Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fas é mar is áil le Dia. Ós rud é go bhfuil sibh básaithe mar aon le Críost agus reidh le dúile an tsaoil, cad ab áil libh bheith ag géilleadh do rialacha ar nós: «Ná bain leis seo,» «Ná blais é sin,» «Ná teagmhaigh leis siúd,» amhail agus dá mbeadh sibh ag maireachtáil sa saol go fóill? Rialacha is ea iad sin a bhaineann le nithe a ídítear sa chaitheamh agus gan iontu ach orduithe agus teagasc daonna. Tá gan amhras, cuma na heagna orthu lena gcuid forchráifeachta agus uirísleachta agus cránas coirp, ach ní fiú biorán iad chun an chollaíocht a shrianadh. Agus ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé. Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh. Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis. Básaigí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúise, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh. Is nithe iad sin a tharraingíonn fearg Dé anuas [ar dhaoine]. Bhí sibhse tugtha do na nithe sin tráth mhair sibh ina measc. Ach ní mór daoibh iad go léir a chaitheamh uaibh anois: caithigí uaibh an fhearg, an cuthach agus an mhailís; agus ná bíodh achasán ná caint ghraosta in bhur mbéal agaibh. Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha agus nádúr nua curtha umaibh nádúr a bhíonn á shíornuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air. Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin Críost an Uile agus é san uile ní. Dá bhrí sin, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne. Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna. Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán. Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin. Agus bígí buíoch. Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí. Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t-iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd. A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna. A fheara, bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo. A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí i ngach ní mar is taitneamhach sin leis an Tiarna. A aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chrá le heagla go gcuirfí drochmhisneach orthu. A dhaora, bígí umhal i ngach ní do bhur máistrí daonna. Ná bígí ag súilseirbhís ar nós lucht na lútála, ach ag obair le dea-chroí, le hurraim don Tiarna. Cibé rud a bhíonn sibh a dhéanamh, oibrígí le fonn faoi mar gur don Tiarna agus nach do dhaoine a bheadh sibh á dhéanamh, ó tá a fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar chúiteamh ón Tiarna; is don Tiarna Críost atá sibh ag seirbhís. Agus cúiteofar an éagóir le fear déanta na héagóra chomh maith céanna mar níl aon leatrom [ag baint le Dia]. A mháistrí, caithigí go cóir cothrom le bhur ndaoir. Bíodh a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibh féin ar neamh. Bígí ag guí gan staonadh; bígí ag faire lena linn agus ag gabháil buíochais le Dia. Agus déanaigí guí orainne chomh maith, a iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós é an rúndiamhair sin faoi deara dom bheith i ngéibheann, guígí Dia go ndéanfaidh mé í a nochtadh chomh soiléir agus is cuí dom í a fhógairt. Bígí críonna in bhur gcaidreamh leis na díchreidmhigh agus bainigí leas iomlán as an deis atá agaibh. Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách. Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaíse. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábha domsa sa Tiarna agus táim á sheoladh chugaibh d' aon ghnó chun fios mo cháis a thabhairt daoibh agus misneach a chur ar bhur gcroí. Agus beidh lena chois an bráthair dílis ionúin, Onaesamas, fear de bhur mbuíon féin. Inseoidh siadsan daoibh a bhfuil ag titim amach anseo. Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé. Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad. Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán. Geallaimse daoibh gurb é atá ag obair go dian ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus Hiarapoil. Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna. Tugaigí mo bheannachtsa do na bráithre i Láoidícéa agus do Numfa agus don eaglais a thagann le chéile ina teach. Agus nuair a bheidh an litir seo léite agaibh, tugaigí do bhur n-aire go léifear in eaglais Láoidícéa í chomh maith agus go léifidh sibhse an litir a chuirfear chugaibh ó Láoidícéa. Agus abraigí é seo le hAirchipeas: «Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.» Beannacht oraibh faoi mo láimh féin Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh. Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d' eaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin. Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus ag cuimhneamh oraibh gan staonadh inár n-urnaithe. Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost. A bhráithre, a bhfuil gnaoi Dé oraibh, tá a fhios agaibh mar a roghnaigh sé sibh; mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh. Agus rinne sibhse aithris orainn agus ar an Tiarna, mar d' ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn le lúcháir an Spioraid Naoimh, sa tslí go raibh sibh mar shampla ag a bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acháia. Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi. Tá na daoine féin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus mar a chas sibh ar Dhia ó na déithe bréige chun dul ag seirbhís don fhíorDhia beo agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht. Tá a fhios agaibh féin, a bhráithre, nárbh aon turas in aistear ár gcuairt oraibh. Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d' ainneoin fhreasúra láidir. Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar; ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní d' fhonn daoine a shásamh ach d' fhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n-intinn. Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh, agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta ó dhaoine, uaibhse ná eile, cé go bhféadfaimis bheith teann oraibh mar thoscairí ó Chríost. Ach bhíomar chomh séimh, fad a bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí. Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh. Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d' oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh. Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh. Mar is eol daoibh, bhíomar le gach duine agaibh mar bheadh athair lena pháistí, do bhur spreagadh agus do bhur misniú, agus ag agairt oraibh bhur saol a thabhairt mar is dual de réir Dé atá ag glaoch oraibh isteach ina ríocht ghlórmhar féin. Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh. Tá sibhse, a bhráithre, ag leanúint lorg eaglaisí Dé atá in Íosa Críost ar fud Iúdáia; mar tá an íde chéanna faighte agaibhse ó bhur gcomhthírigh agus a fuair siadsan ó na Giúdaigh, ón mbuíon chéanna a d' imir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géarleanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna, mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d' fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh. Maidir linn féin, a bhráithre, ní rabhamar scartha libh ach tamall beag aimsire as raon ár súl a bhí sibh ach ní as raon ar gcroí nuair a tháinig dúil rómhór orainn bhur ngnúis a fheiceáil arís. Bhí fonn orainn teacht chugaibh ba mhian liomsa, Pól, teacht chugaibh arís agus arís eile ach choisc Sátan orainn é. Tar éis an tsaoil, cén t-ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibhse? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibhse? Sea, is sibhse, go deimhin údar ár mórtais agus ár lúcháire. Dá chionn sin nuair nár fhéadamar é a sheasamh a thuilleadh, shocraíomar go bhfágfaí sinn féin inár n-aonar san Aithin, agus sheolamar chugaibhse ar mbráthair Tiomóid, fear atá ina chúntóir ag Dia i bhfógairt dea-scéal Chríost. Sheolamar chugaibh é chun sibh a dhaingniú agus a neartú in bhur gcreideamh, ar shlí nach suaithfí aon duine agaibh le trioblóidí na huaire. Tá a fhios agaibh féin gurb é seo an rud atá ceaptha dúinn. Dúramar libh cheana, fad a bhíomar in bhur measc, go raibh ciapadh i ndán dúinn; rud a tharla mar is eol daoibh. Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn. Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. D' inis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libhse. Mar sin de, a bhráithre, ba mhór an tógáil chroí dúinn bhur gcreideamhsa i lár ár gcuid angair agus ár gcuid anacra, mar gur beo dúinne anois nuair atá sibhse ag seasamh an fhóid go daingean sa Tiarna. Cén buíochas is féidir dúinn a ghabháil le Dia as a bhfuil de lúcháir curtha orainn agaibh os comhair ár nDé? Bímid á ghuí go dúthrachtach de lá is d' oíche go bhfeicfímid bhur ngnúis arís agus, cibé bearna atá ar bhur gcreideamh, go líonfaimid í. Go ndéana Dia, ár nAthair, agus Íosa ár dTiarna, ar mbóthar chugaibh a réiteach dúinn. Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh. Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis. Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d' achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós. Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa. Is é is toil le Dia go mbeadh sibh naofa, go seachnódh sibh an drúis, go dtuigfeadh gach duine agaibh conas a chorp a choimeád go naofa agus faoi urraim agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu; gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n-agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana. Ní chun na neamhghlaine a ghlaoigh Dia sinn ach chun na naofachta. Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh. Maidir leis an ngrá bráthar ní gá aon ní a scríobh chugaibh ina thaobh mar go bhfuil teagasc faighte agaibh féin ó Dhia i dtaobh grá a thabhairt dá chéile. Sin é go díreach atá á dhéanamh agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach táimidne á iarraidh oraibh, a bhráithre, déanamh níos fearr fós, agus é bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana. Sa tslí sin beidh meas ag na díchreidmhigh oraibh agus ní bheidh sibh ag brath ar dhuine ar bith. Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas. Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith. Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis: mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost. Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo. Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin. Maidir le hamanna agus uaineacha, a bhráithre, ní gá scríobh chugaibh ina dtaobh. Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna. Nuair a bheidh daoine á rá: «Táthar slán sábháilte,» ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi. Ní sa dorchacht atá sibhse, áfach, a bhráithre, go dtiocfadh an lá úd aniar aduaidh oraibh mar a bheadh bithiúnach. Is clann an tsolais sibhse go huile, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchacht sinn. Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall. Istoíche is ea a chodlaíonn na codlatánaigh agus istoíche a bhíonn na meisceoirí ar meisce. Ach ós den lá sinne, fanaimis ar ár gciall; cuirimis umainn an creideamh agus an grá mar lúireach agus dóchas ár slánaithe mar chafarr. Ní hí an fhearg atá ceaptha dúinn ag Dia ach go mbainfimis ár slánú amach trínár dTiarna Íosa Críost, a fuair bás ar ár son chun go mbeimis beo ina theannta, cibé acu beo nó marbh dúinn. Dá bhrí sin, leanaigí ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile faoi mar atá sibh a dhéanamh cheana. Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh. Bíodh meas agus cion as cuimse agaibh orthu mar gheall ar a gcuid oibre. Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile. Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t-olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile. Bíodh lúcháir oraibh i gcónaí. Bígí ag guí gan staonadh agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost. Ná múchaigí an Spiorad; ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla. Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith agus seachnaígí gach aon sórt oilc. Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost. Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin. A bhráithre, bígí ag guí orainne chomh maith. Beannaígí do na bráithre uile leis an bpóg naofa. Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh. Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d' eaglais na dTeasalónach i nDia ár nAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Tá sé d' fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid. Go deimhin, bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé, mar gheall ar bhur seasmhacht agus ar bhur gcreideamh ainneoin a bhfuil de ghéarleanúintí agus de thrioblóidí le fulaingt againn. Is léiriú é sin ar bhreithiúnas cothrom Dé, mar is é a thiocfaidh as go mbeidh sibhse i dteideal ríocht Dé a bhaint amach toisc sibh a bheith ag fulaingt ar a son; agus ar an gcuma chéanna níl ann ach an ceart go ndéanfadh Dia a ndíol féin den leatrom a thabhairt dóibh siúd atá ag déanamh leatroim oraibhse agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois. Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa. Gearrfar mar phionós orthu bascadh síoraí i bhfad ó ghnúis an Tiarna agus ó ghlóir a chumhachta, an lá úd nuair a thiocfaidh sé chun bheith faoi ghradam i measc a phobail naofa agus faoi mheas ag a gcreideann ann mar gur creideadh an fhianaise a thugamarna daoibh. Sin é an fáth nach stadaimid ach ag guí oraibh le hionchas go ndéanfadh ár nDia diongbháilte ar bhur ngairm sibh agus go dtabharfadh sé chun críche go héifeachtach gach fonn maitheasa atá oraibh agus gach dea-ghníomh dá spreagann an creideamh ionaibh. Sa tslí sin beidh moladh agaibh ar ainm ár dTiarna Íosa agus beidh moladh aigesan oraibh trí ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Críost. Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina airicis, impímid oraibh, a bhráithre, gan bheith suaite go héasca in bhur n-aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos domsa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin. Ná mealladh aon duine sibh ar aon tsli, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir d' fhear an oilc é féin a nochtadh is é sin mac an léirscriosta, an t-áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin. Nach cuimhin libh mé á rá sin libh agus mé fós in bhur measc? Agus tá a fhios agaibh anois cad atá á choinneáil gan a nochtadh nó go mbeidh a ionú ann. Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá á cosc. Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta. Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh [an mac mallachta] faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige, agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n-aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidís leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar láimh shábháilte iad. Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t-éitheach. Dá réir sin, gach duine acu nár ghéill don fhírinne ach gurb é an t-olc is áil leis, daorfar é. Tá sé d' fhiacha orainne bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint san fhírinne. Is é fáth ar ghlaoigh sé oraibh tríd an dea-scéal seo againne, chun go mbainfeadh sibh amach daoibh féin glóir ár dTiarna Íosa Críost. Seasaigí an fód go daingean dá bhrí sin, a bhráithre, agus coinnigí an teagasc a d' fhoghlaim sibh uainne le briathar béil nó trí bhíthin litreach. Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean, go gcuire siad sólás croí oraibh agus go dtreisí siad libh i ngach gníomh agus briathar fónta. Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin. Agus bígí ag guí chomh maith go saorfar sinne ó dhrochdhaoine mallaithe, mar ní hé gach duine a bhfuil an creideamh acu. Ach tá an Tiarna dílis agus treiseoidh sé libh agus cosnóidh sé ar an olc sibh. Táimid cinnte de sa Tiarna go bhfuil sibh ag déanamh rud orainn cheana agus go leanfaidh sibh á dhéanamh. Go stiúra an Tiarna bhur gcroí ar ghrá Dé agus ar sheasmhacht Chríost. Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne. Tá a fhios agaibh féin cad atá agaibh le déanamh chun aithris a dhéanamh orainne. Ní raibh aon díomhaointeas orainne fad a bhíomar in bhur measc, ná níor ghlacamar cothú in aisce ó dhuine ar bith. Is amhlaidh a bhímis ag obair le dua agus saothar, de lá is d' oíche, ar shlí nach mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh. Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach d' fhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg. Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh: «An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.» Tá sé á chloisteáil againn go bhfuil daoine áirithe oraibh a chaitheann a saol go díomhaoin, gan aon ní acu á dhéanamh ach a ladar a chur i ngnó daoine eile. Táimid ag tabhairt foláirimh dá leithéidí sin agus ag moladh dóibh in ainm an Tiarna Íosa Críost, bheith ag obair go ciúin dóibh féin agus a gcuid bia féin a ithe. I dtaca libhse de, áfach, a bhráithre, ná héirígí cortha go deo den mhaith a dhéanamh. Duine ar bith nach ngéilleann do theachtaireacht na litreach seo againn, tugaigí suntas dó agus ná bíodh caidreamh ar bith agaibh leis ionas go dtiocfadh náire air. Ná tugaigí meas namhad air, áfach, ach é a cheartú mar a cheartófaí deartháir. Tiarna na síochána é féin go dtuga sé síocháin daoibh gach uair agus gach slí. Go raibh an Tiarna libh go léir. Beannacht oraibh uaimse Pól faoi mo láimh féin. Sin é an síniú a chuirim ar gach litir de mo chuid; is mar sin a scríobhaim. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agaibh go léir. Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas. Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh. Faoi mar a d' iarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu, agus gan bheith tugtha d' fhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh. Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain. Tá daoine ann a chlaon ó na nithe sin agus a d' iompaigh ar an mbaothchaint; is áil leo bheith ina saineolaithe ar an dlí ach iad gan aon tuiscint acu ar a mbíonn siad a rá ná ar na tuairimí a mbíonn siad chomh teann ina dtaobh. Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, d' éagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí, do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa. Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó, cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh. Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa. Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu, agus is é fáth a ndearnadh trócaire ormsa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i m' eiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí. Moladh agus glóir do rí na n-aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Amen. Táim ag tabhairt an fholáirimh seo duit, a Thiomóid, a mhic, foláireamh atá ag teacht leis an bhfaisnéis a thug na fáithe ort fadó, le hionchas go gcuirfeá an cath go cróga dá réir sin. Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath. Orthusan tá Himinéas agus Alastar, beirt a thug mé suas do Shátan le súil go múinfí gan Dia a aithisiú. Ar an ábhar sin, impím ort sa chéad áit go ndéanfaí urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an lucht ceannais uile, le súil go bhféadfaimis ár saol a thabhairt go diaganta cráifeach faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin. Is maith agus is taitneamhach sin le Dia ár slánaitheoir. Is áil leis go slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne. Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t-aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin; ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom ceapadh mise i mo bholscaire agus i m' aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe. Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas. Ar an gcuma chéanna ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh, ach iad féin a mhaisiú le dea-oibreacha mar a oireann do mhná a bhfuil meas na cráifeachta acu orthu féin. Fanadh an bhean ina tost, áfach, agus bíodh sí ag foghlaim le barr umhlaíochta. Ach ní cheadaímse di aon teagasc a thabhairt ná bheith ina ceann ar an bhfear ach í a fhanacht ina tost. Mar ba é Ádhamh is túisce a cumadh agus Éabha ina dhiaidh. Agus níorbh é Ádhamh a mealladh; ba í an bhean a mealladh agus a thit i bpeaca. Slánófar í, áfach, trí chlann a iompar, má chloíonn sí go stuama leis an gcreideamh, leis an ngrá agus leis an gcráifeacht. Is barántúil an ráiteas é seo: an té a bhíonn ag tnúth le cúram an uachtaráin is uasal an obair a shantaíonn sé. Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte; gan bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead. Caithfidh sé bheith ina cheann maith ar a theaghlach féin agus a chlann a bheith umhal ómósach i ngach slí dó. Mura bhfuil duine in ann a theaghlach féin a stiúradh, conas a dhéanfaidh sé Eaglais Dé a riaradh? Caithfidh sé gan bheith ina nuachreidmheach le heagla go dtiocfadh éirí in airde air agus go ndaorfaí é dála an diabhail féin. Ní mór freisin dea-theist a bheith air ag an muintir lasmuigh le heagla go dtabharfaí tarcaisne dó agus go mbuailfeadh an diabhal bob air. Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu ach iad ag caomhnadh rúndiamhair an chreidimh le coinsias glan. Ní mór iad a thástáil ar dtús agus gan ligean dóibh feidhmiú mar dhéagánaigh mura mbíonn siad gan locht. Ba chóir na mná a bheith creidiúnach mar an gcéanna agus gan a bheith cúlchainteach ach iad stuama agus iontaofa ar gach slí. Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin. Na déagánaigh a chruthaíonn go maith, gnóthaíonn siad ardchéim dóibh féin agus bíonn údarás mór lena gcaint faoin gcreideamh atá againn i gCríost Íosa. Cé go bhfuilim ag súil le teacht ar cuairt chugat sul i bhfad, táim á scríobh seo chugat i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo an Eaglais atá ina cranntaca agus ina bunsraith don fhírinne. Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é. Deir an Spiorad go dearfa go dtréigfidh daoine áirithe an creideamh sna haimsirí deiridh mar go dtabharfaidh siad aird ar na spioraid bhréagacha agus ar an teagasc a thagann ó na deamhain. Meallfar iad le cur i gcéill lucht éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandálta leis an iarann dearg. Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch. Mar is maith gach ní dar chruthaigh Dia agus ní ceart diúltú do rud ar bith má ghlactar leis go buíoch mar go ndéanann briathar Dé agus an urnaí rud naofa de. Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat. Ach seachain finscéalta baotha úd na gcailleach. Aclaigh tú féin chun saol cráifeach a thabhairt. Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall. Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é sin. Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu. Lean ort ag fógairt agus ag teagasc na nithe sin. Ná lig d' aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d' óige ach bí i d' eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht. Tabhair aire don léitheoireacht phoiblí, don tseanmóireacht agus don teagasc go dtí go dtiocfaidh mé. Ná déan faillí sa tíolacadh atá agat, an tíolacadh a bronnadh ort nuair a labhair na fáithe leat agus nuair a leag na seanóirí a lámha ort. Caith do dhúthracht leis na nithe sin agus bí ag gabháil dóibh chun go mba léir do chách an dul chun cinn atá á dhéanamh agat. Tabhair aire duit féin agus do do theagasc. Lean den obair, mar má dhéanann tú amhlaidh, sábháilfidh tú thú féin agus do lucht éisteachta. Ná tabhair casaoid do sheanduine ach déan tathant air mar a dhéanfá ar d' athair. Déan le fir óga mar a dhéanfá le do dheartháireacha. Bí le seanmhná mar bheifeá le do mháthair agus le mná óga mar bheifeá le do dheirfiúracha, go geanmnaí i gcónaí. Tabhair ómós do bhaintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre. Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin. An bhean atá ina fíorbhaintreach agus atá fágtha ina haonar sa saol, bíonn a muinín aici i nDia agus leanann sí ag guí agus ag urnaí de lá agus d' oíche. Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin d' ainneoin í bheith beo. Tabhair an foláireamh seo don phobal d' fhonn nach mbeadh locht le fáil orthu: an duine nach ndéanann aon chúram dá mhuintir agus do lucht a theaghlaigh féin go háirithe, tá an creideamh séanta aige agus is measa é ná an díchreidmheach. Ná cláraítear aon bhaintreach nach mbíonn an seasca bliain slán aici. Caithfidh sí gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus teist na ndea-oibreacha a bheith uirthi, is é sin le rá, gur thóg sí clann, go raibh sí go fial fáilteach le strainséirí, gur nigh sí cosa na naomh, gur fhóir sí ar lucht na hainnise agus go raibh sí tugtha do gach cineál dea-oibreacha. Coinnigh amach na baintreacha óga, mar nuair a chlaonann an teaspach ó Chríost iad, tagann fonn pósta orthu agus bíonn sé le casadh ansin leo go ndeachaigh siad siar ar a gcéad fhocal. San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí. B' fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid. Tá cuid acu tar éis claonadh le Sátan cheana féin. Aon chreidmheach mná a bhfuil daoine muintire léi ina mbaintreacha, tugadh sí féin aire dóibh agus gan iad a bheith ina n-ualach ar an eaglais chun go bhféadfadh an eaglais teacht i gcabhair ar na fíorbhaintreacha. Na seanóirí a chruthaíonn go maith mar uachtaráin, tá a dhá oiread onóra ag dul dóibh, agus iad siúd go háirithe a chaitheann a ndúthracht leis an tseanmóireacht agus leis an teagasc, mar go ndeir an scrioptúr: «Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair» agus «is fiú an fear oibre a thuarastal». Nuair a chuirtear coir i leith seanóra, ná géillse dó ach amháin ar fhocal a dó nó a thrí d' fhinnéithe. Déan lucht an mhí-iompair a cheartú go poiblí, áfach, d' fhonn an chuid eile acu a scanrú. I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n-aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh. Ná bíodh aon deabhadh ort ag leagan lámh ar dhuine ar bith agus ná bí páirteach i bpeacaí daoine eile. Coinnigh tú féin saor ó locht. Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile agus leis na taomanna tinnis a thagann ort chomh minic sin. Bíonn daoine ann a mbíonn a bpeacaí glan le feiceáil ag dul rompu chun na cúirte; ach is tar éis an fhiosraithe a thagann peacaí daoine eile chun solais. Bíonn na dea-ghníomhartha glan le feiceáil ar an gcuma chéanna; agus iad siúd nach mbíonn, ní féidir iad a cheilt go deo. Iad sin atá faoi chuing na daoirse, tuigidís ina n-aigne go bhfuil gach ómós ag dul dá máistrí le heagla go gcaithfí dímheas ar ainm Dé agus ar an teagasc. Déan na nithe sin a theagasc agus a fhógairt. Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon drochmheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar. Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon drochmheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar. Duine ar bith a thugann a mhalairt de theagasc agus nach réitíonn le briathra fónta ár dTiarna Íosa Críost, leis an teagasc atá de réir na cráifeachta, is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n-intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht. Is mór an t-údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid. Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as. Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta. Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe. Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu. Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas. Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe. I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort, an aithne seo a choimeád gan cháim gan locht go dtí taibhsiú ár dTiarna Íosa Críost. Taispeánfaidh Dia dúinn é ina mhithidí féin: An Dia beannaithe atá ina aon cheannasaí, atá ina rí ar na ríthe agus ina thiarna ar na tiarnaí; an tAon atá buan gan bás, agus a chónaíonn sa solas doshroichte. Aon duine riamh ní fhaca é ná ní féidir dó é a fheiceáil. Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen. Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as. Abair leo an mhaith a dhéanamh, bheith saibhir i ndea-oibreacha, bheith fial flaithiúil lena gcuid agus stór a chur i dtaisce dóibh féin a bheidh ina bhun maith acu san am atá le teacht chun an bheatha úd a shealbhú atá ina beatha dáiríre. A Thiomóid, cumhdaigh an taisce a fágadh i do chúram, agus seachain an chaint bhaoth dhíomhaoin agus ráite bréige an eolais úd nach bhfuil ann ach eolas in ainm, mar tá daoine á chraobhscaoileadh agus tá siad claonta ón gcreideamh. Grásta go raibh agaibh. Mise Pól, aspal Chríost Íosa de thoil Dé, de réir ghealltanais na beatha atá againn i gCríost Íosa. Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid. Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i m' urnaithe, rud a dhéanaim de lá agus d' oíche. Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfaí mo chroí le háthas. Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Laoise romhat agus ag do mháthair Eunaícé, táim cinnte go bhfuil sé agatsa chomh maith. Sin é an fáth a bhfuilim á chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort. An spiorad a thug Dia dúinn ní spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta. Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia. Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil. Agus táimse ceaptha i mo fhógróir agus i m' aspal agus i mo theagascóir ar an dea-scéal sin. Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d' fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd. An teagasc folláin a chuala tú uaimse, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa. An taisce luachmhar atá faoi do chúram, cosáin é le cabhair an Spioraid Naoimh a chónaíonn ionainn. Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmaganaes san áireamh. Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesaforas, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé bheith i bpríosún, is amhlaidh nuair a bhí sé sa Róimh, a chuaigh sé ar mo lorg go dícheallach nó gur aimsigh sé mé. Sea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd agus is fearr a fhios agatsa na agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas. Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa. An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith. Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa. Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, d' fhonn an té lenar liostáil sé a shásamh. Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht. An feirmeoir a dhéanann an saothrú, is dósan atá an chéad chuid den bharr ag dul. Machnaigh ar a bhfuilim a rá agus tabharfaidh an Tiarna tuiscint duit ar an iomlán. Cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháivi, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt. Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach. Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa. Is fíor an ráiteas é: Má fuaireamar bás in éineacht leis beimid beo in éineacht leis chomh maith. Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinn. Ach má bhímid mídhílis féin, fanfaidh seisean dílis fós, mar nach féidir dó é féin a shéanadh. Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir. Déan do dhícheall bheith diongbháilte i bhfianaise Dé mar oibrí nach náir dó a shaothar agus mar riarthóir ionraic ar bhriathar na fírinne. Ach seachain an ghaothaireacht aindiaga, mar an mhuintir a chleachtann í is ag dul in éagráifeacht a bheidh siad agus beidh a gcuid teagaisc ag ithe roimhe mar a bheadh cancar. Orthusan tá Himeanaes agus Fiolaetas, beirt a chlaon ón bhfírinne, á rá go bhfuil an t-aiséirí tarlaithe cheana féin; agus tá creideamh daoine áirithe á chur bunoscionn acu. Seasann cloch bhoinn dhaingean Dé, áfach, agus tá an séala seo greanta inti: «Tá aithne ag an Tiarna ar a mhuintir féin,» agus «Gach duine a ghlaonn ar ainm an Tiarna, tréigeadh sé an urchóid.» Ní árthaí óir agus airgid amháin a bhíonn i dteach mór ach árthaí adhmaid agus árthaí cré chomh maith. Bíonn feidhm uasal le cuid acu sin agus feidhm anuasal le cuid eile. Dá bhrí sin, má ghlanann duine é féin ón táire sin, beidh sé ina árthach a bhfuil feidhm uasal leis; beidh sé naofa agus fóinteach dá mháistir agus é réidh chun gach dea-ghníomh a dhéanamh. Seachain baois na hóige agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá agus ar an tsíocháin, tú féin agus iad siúd a ghlaonn ar an Tiarna le croí glan. Seachain chomh maith na díospóireachtaí baotha seafóideacha agus a fhios agat nach ndéanann siad ach achrann a chothú. Ní ceart do sheirbhíseach an Tiarna bheith ag achrann; caithfidh sé bheith séimh le cách, bheith in ann chun múinte agus bheith foighneach, agus an mhuintir atá ina choinne a cheartú go mín, le hionchas go seolfadh Dia chun aithrí iad agus chun an fhírinne a aithint, ar shlí go dtiocfadh a gciall chucu agus go n-éalóidís ó ghaiste an diabhail ina bhfuil siad gafa chun a thola aige. Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha. Beidh na daoine leithleasach, santach, maíteach, uaibhreach agus maslach; beidh siad easumhal dá dtuismitheoirí, díomaíoch agus mínaofa. Beidh siad fuarchroíoch, mídhílis, béadánach, gan smacht ná riail orthu agus gan grá acu don mhaith. Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia. Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí. Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla, mná a bhíonn ag lorg eolais de shíor ach gan é ar a gcumas eolas a fháil ar an bhfírinne choíche. Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n-aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí. Ní rachaidh siad níos faide, áfach, mar go mbeidh a gcuid baoise follasach do chách, dála na beirte úd. I dtaca leatsa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagascsa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar m' fhoighne, agus ar mo ghrá. Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus m' angair, mar a d' éirigh dom in Aintíoch agus in Iocoiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile. Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géarleanúint air mar an gcéanna. Ach is in olcas a rachaidh na drochdhaoine agus na mealltóirí daoine atá ag dul amú iad féin agus ag cur daoine eile amú. Cloígh-se, áfach, leis an teagasc a fuair tú, teagasc a bhfuil tú suite go daingean de. Tuigeann tú cé uathu a fuair tú an teagasc sin, agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa. Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta ar shlí go mbeadh óglach Dé lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre. I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad. Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil; tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta. Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas. I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom. Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam. Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú. Déan do dhícheall teacht chugam go luath. Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d' imigh leis go Teasaloinicé. D' imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait. Níl i mo theannta anois ach Lúcás. Faighse Marcas agus beir leat é, mar ba mhór an chabhair dom é i mo ghnó. Chuir mé Tichiceas chun siúil go hEifeasas. Nuair a bheidh tú ag teacht beir leat an clóca a d' fhág mé ag Carpas i dTróas agus beir leat na leabhair chomh maith, go háirithe na meamraim. Is mór an dochar a rinne Alastar, an gabha copair, dom ach cúiteoidh an Tiarna a ghníomhartha leis. Seachainse tú féin air siúd mar is dian a chuir sé i gcoinne ár dteagaisc. Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é. Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n-éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen. Beir beannacht uaim go Priosca agus Acula agus go teaghlach Onaesaforas. D' fhan Earastas i gCorant agus d' fhág mé Troifimeas i Miléatas de bhrí go raibh sé breoite. Déan do dhícheall teacht roimh an ngeimhreadh. Cuireann Eubúlas agus Púdaes agus Líonas agus Clóide agus na bráithre ar fad a mbeannacht chugat. Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh. Mise Pól, seirbhíseach do Dhia agus aspal le hÍosa Críost agus é mar fheidhm agam an creideamh a thabhairt dóibh sin atá tofa ag Dia agus iad a chur ar eolas na fírinne a sheolann chun na cráifeachta iad le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn san fhorógra a cuireadh ina chúram ormsa ar ordú Dé, ár slánaitheoir. Guím grásta agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn. Is é fáth ar fhág mé i gCréit thú, go gcuirfeá ord agus eagar ar an obair a bhí fós le déanamh agus go gceapfá seanóirí i ngach baile de réir na dtreoracha a thug mé duit: bíodh gach seanóir acu gan cháim, agus gan é bheith pósta ach aon uair amháin, agus a chlann a bheith ina gcreidmhigh agus gan drabhlás ná easumhlaíocht a bheith le casadh leo. Mar, ós maor do Dhia an t-uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach, ach é bheith fáilteach, dea-mhéineach, stuama, cóir, diaganta, staidéartha. Ní mór dó cloí go dlúth leis an teagasc fíor mar a múineadh dó féin é, i dtreo go mbeidh ar a chumas daoine eile a spreagadh leis an oideas folláin céanna agus lucht a bhréagnaithe a cheartú. Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte. Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach. Is é a dúirt duine acu féin, teanga labhartha dá gcuid: «Ní raibh sna Créitigh riamh ach lucht éithigh agus brúideanna mallaithe agus craosairí díomhaoine.» Agus is fíor an fhianaise í sin. Déansa iad a cheartú go géar, dá bhrí sin, i dtreo go mbeidh an creideamh folláin acu in ionad iad bheith ag tabhairt cluaise d' fhinscéalta Giúdacha agus do rialacha daoine a thugann cúl leis an bhfírinne. Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu. Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d' acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh. Bíodh d' fhocailse, áfach, ag teacht leis an teagasc folláin. Abair leis na fir scothaosta a bheith stuama staidéartha measartha agus a bheith go daingean sa chreideamh, sa ghrá agus san fhoighne. Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc d' fhonn a thabhairt ar na mná óga bheith ceanúil ar a bhfir chéile agus ar a bpáistí agus bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé. Ar an gcuma chéanna abair leis na hógánaigh bheith stuama staidéartha agus bíse féin i d' eiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn. Abair leis na seirbhísigh bheith umhal dá máistrí agus bheith ómósach i ngach ní. Agus in ionad bheith tagrach nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní. Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine. Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta, fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost. Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha. Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh. Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh; gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n-iompar ar fad. Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d' ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d' urchóid agus d' fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile. Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn. Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-athnuachan ag an Spiorad Naomh. Dháil sé an Spiorad orainn go fras trí Íosa Críost ár slánaitheoir chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n-oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí. Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine. Ar an taobh eile, áfach, seachain na díospóireachtaí baotha agus na ginealaigh agus na hachrainn agus na conspóidí i dtaobh an dlí, mar nach bhfuil tairbhe ná éifeacht iontu. An duine a bhíonn ag cothú easaontais, tabhair foláireamh dó uair nó dhó agus cuir suas de as sin amach. Bíodh a fhios agat go bhfuil a leithéid sin claon agus ag déanamh peaca agus go bhfuil sé daortha as a bhéal féin. Nuair a sheolfaidh mé Artamas nó Tichiceas chugat, brostaighse chugam go Niocopoil mar is ansin atá beartaithe agam an geimhreadh a thabhairt. Tabhair do d' aire go gcuirfear Zaenas dlíodóir agus Apollós chun siúil agus nach mbeidh aon ní in easnamh orthu. Foghlaimíodh ár muintir nach mór dóibh bheith i mbun dea-oibreacha chun riar a gcáis a sholáthar agus gan bheith neamhthorthúil. Cuireann a bhfuil anseo liom a mbeannacht chugat. Beannaigh dóibh sin a thugann grá dúinn sa chreideamh. Grásta go raibh agaibh go léir. Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón, don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Airchipeas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m' urnaithe. Mar tá iomrá á chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile. Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint. Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa. Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d' achainí ort mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann. Ba bheag an chabhair duitse tráth é ach is fóinteach duitse agus domsa anois é. Is é cnú mo chroí é ach táim á chur ar ais chugat, cé go mb' fhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil. Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é. B' fhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air, ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liomsa é nach mó is ansa leatsa é, mar dhuine agus mar Chríostaí. Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a d' fháilteofá romham féin. Agus cibé eágóir a rinne sé ort nó cibé fiacha atá air, cuir ar mo chuntas-sa é. Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo láimh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil d' anam féin mar fhiacha agam ort. Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost. Agus mé á scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim. Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n-urnaithe. Cuireann Eipeafras, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna. Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh. Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe; ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann. Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda agus fuair sé gradam an oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t-ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n-ainm siúd. Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: «Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú»; agus arís: «Beidh mé i m' Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa»? Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: «Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.» Deir sé i dtaobh na n-aingeal: «Déanann sé gaotha dá aingil agus lasracha tine dá sheirbhísigh.» Ach is é a deir sé i dtaobh an Mhic ná: «Beidh do ríchathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo,» agus: «Slat na córa is ea slat do réim-sé; thug tú grá don cheart agus fuath don urchóid; dá bharr sin d' ungaigh Dia, do Dhia féin, thú thar do chompánaigh le hola an ghairdis,» agus: «Is tú a Thiarna, a bhunaigh an domhan ar dtús; saothar do lámh is ea na spéartha; rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca; fillfidh tú ar a chéile iad mar bhrat agus mar chlóca freisin déanfar iad a mhalartú; ach ní thagann athrú ortsa in aon chor agus ní bheidh deireadh le do ré.» Agus cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: «Suigh ar mo láimh dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa»? Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht. Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n-imeoimis le sruth. Má deimhníodh an teachtaireacht sin a fógraíodh trí bhíthin aingeal agus má cuireadh pionós cuí ar gach sárú agus briseadh dá ndearnadh uirthi, conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhmhór sin de shlánú [agus a gealladh dúinn]. Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é. Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola. Ní faoi smacht aingeal a chuir Dia an saol atá le teacht a bhfuilimid ag trácht air. Thug duine éigin dearbhú dúinn air seo áit éigin, á rá: «Cad é an duine go mbeadh cuimhne agat air nó mac an duine go ndéanfá cúram de? Ar feadh tamaillín rinne tú ní b' uaisle ná na haingil é. Chuir tú coróin ghlóire agus onóra air agus chuir tú an uile ní faoina smacht.» Mar sin de, nuair a «chuir sé an uile ní faoina smacht,» níor fhág sé aon ní ann nach raibh faoina smacht. I láthair na huaire seo ní fheicfimid go fóill «go bhfuil gach ní curtha faoina smacht.» Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d' fhulaing sé agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d' fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách. Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí. Óir is d' aon bhunadh amháin an té a naomhaíonn agus na daoine a naomhaítear. Ar an ábhar sin ní náir leis bráithre a thabhairt orthu, á rá: «Inseoidh mé d' ainm do mo bhráithre; molfaidh mé thú i lár na comhdhála,» agus arís: «Is air a bheidh mo sheasamh,» agus arís eile: «Féach anseo mé agus an chlann a thug Dia dom.» Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin, agus chun a raibh faoi dhaoirse ar feadh a saoil le heagla an bháis a fhuascailt. Óir is cinnte nach aingil is cúram dó ach sliocht Abrahám. Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail. Agus anois ós rud é gur fhulaing sé féin nuair a cuireadh cathú air is féidir leis cabhrú leo siúd a gcuirtear cathú orthu. Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ardsagart ár gcreidimh. Bhí sé dílis don Té a cheap é go díreach mar a bhí Maois dílis freisin i dteaghlach uile Dé. Ach meastar gur mó is díol gradaim é Íosa ná Maois an oiread céanna agus is mó is díol gradaim é tógálaí an tí ná an teach féin; níl aon teach ann, ar ndóigh, nár thóg duine éigin é ach is é Dia a rinne gach ní. Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí; bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh). Dá bhrí sin, mar a deir an Spiorad Naomh: «Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc agus ar Lá úd na Féachála san fhásach mar ar chuir bhur n-aithreacha féacháil agus triail orm cé go bhfaca siad mo ghníomhartha ar feadh daichead bliain. Sin é an fáth ar tháinig fearg orm leis an nglúin sin agus go ndúirt mé: 'Tá croíthe guagacha ag na daoine seo i gcónaí; níor fhoghlaim siad mo bhealaí riamh.' Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: 'Ní rachaidh siad isteach i m' áitreabh suaimhnis choíche.'» Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh drochchroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche. Gach lá, fad a bhíonn «an lá inniu» seo ann, bígí ag gríosú a chéile ar eagla go ndéanfaí aon duine agaibh a chruachan le mealltacht an pheaca. Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh. Ós rud é go ndeirtear: «Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí faoi mar a tharla sa Cheannairc,» caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a d' fhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois? Agus cérbh iad na daoine a raibh sé i bhfeirg leo ar feadh daichead bliain? Nárbh iad na daoine a rinne peaca agus a thit fuar marbh ina gcorpáin san fhásach? Agus cérbh iad na daoine ar thug sé mionn dóibh nach rachaidís isteach ina áitreabh suaimhnis choíche ach na daoine a bhí easumhal dó. 18b Feicimid, mar sin, gur de dheasca a [n-easumhlaíochta] nárbh fhéidir leo dul isteach ann. Dá bhrí sin, cé go seasann an gealltanas faoi dhul isteach ina áitreabh suaimhnis go fóill, bíodh imní orainn ar eagla go measfaí go bhfuil teipthe ar aon duine agaibh é a bhaint amach. Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibhsean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di. Ach sinne, a bhfuil an creideamh againn, táimidne ag dul isteach san áitreabh suaimhnis, faoi mar atá ráite aige: «Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: 'Ní rachaidh siad isteach i m' áitreabh suaimhnis choíche.'» Dúirt sé é sin bíodh go raibh deireadh le hobair Dé nuair a cruthaíodh an domhan. Óir déanann sé tagairt don seachtú lá in áit éigin mar a leanas: «Stad Dia dá chuid oibre go léir ar an seachtú lá,» agus arís san abairt atá á plé againn deir sé: «Ní rachaidh siad isteach i m' áitreabh suaimhnis choíche.» Mar sin de, is léir go rachaidh roinnt éigin daoine isteach ann. Ach de bhrí nach ndeachaigh na chéad daoine ar fograíodh an dea-scéal dóibh isteach ann de dheasca a gcuid easumhlaíochta, shocraigh Dia ar lá eile a bheith ina «lá inniu», nuair a labhair sé i bhfad níos déanaí trí Dháiví na focail seo atá luaite againn thuas: «Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí.» Óir dá mba rud é gur thug Iósua suaimhneas dóibh, ní bheadh Dia ag caint faoi lá eile ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, tá suaimhneas sabóideach ag feitheamh le pobal Dé, óir cibé duine a théann isteach in áitreabh suaimhnis Dé stadann sé dá chuid oibre faoi mar a stad Dia dá chuid oibre féin. Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an saghas céanna easumlaíochta. Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí. Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha. Ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh. Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh. Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair. Gach ardsagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí. Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh. Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith. Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón. Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: «Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.» Agus in áit eile fós deir sé leis: «Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.» Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach. Ach bíodh gurb é Mac Dé é, d' fhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a d' fhulaing sé. Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó agus d' fhógair Dia gurb ardsagart é ar nós Mheilcizidic. Tá mórán le rá againn faoin ábhar seo ach beidh sé deacair dúinn é a mhíniú daoibh, mar tá sibh dallaigeanta. Óir, cé gur chóir daoibh bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní briathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne. Óir, gach duine atá beo ar bhainne, ní fhaigheann sé blas ar bith ar aon teagasc [domhain] i dtaobh na fíréantachta mar nach bhfuil ann ach naíonán. Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n-aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc. Dá bhrí sin, fágaimis i leataobh na bunfhírinní i dtaobh Chríost. Ná tugaimis faoin mbunsraith a chur síos arís; ná déanaimis trácht ar aithrí a dhéanamh i bpeacaí marfacha ar chreideamh i nDia, ar theagasc i dtaobh gnásanna níocháin, ar leagan lámh, ar an aiséirí ó mhairbh, ar an mbreithiúnas síoraí ach abraimis focal i dtaobh an teagaisc fhoirfe. Is ea, déanfaimid é sin, má thugann Dia cead dúinn. Na daoine a soilsíodh tráth agus a bhlais an tabhartas neamhaí agus a fuair a gcion féin den Spiorad Naomh agus a chuir eolas ar dhea-scéal Dé agus ar iontais an tsaoil atá le teacht agus a thit ar lár d' ainneoin sin uile, ní féidir a leithéidí siúd a thabhairt chun aithrí arís de bhrí go bhfuil siad ag céasadh Mac Dé dá ndeoin féin uair amháin eile agus ag déanamh ceap magaidh de. Cuireann Dia rath ar an talamh a shúnn isteach an fhearthainn a thiteann air ó am go chéile agus a thugann barr uaidh a rachaidh i dtairbhe do na daoine a saothraítear ar a son é. Ach más sceacha agus feochadáin amháin a thugann sé uaidh ní fiú dada é agus is gearr uaidh mallacht [Dé]; dá dheasca sin dófar é ar deireadh thiar. Ach bíodh go labhraímid mar seo, a bhráithre ionúine, táimid cinnte de gur fearr ná sin an bhail atá oraibhse agus go bhfuil sibh ar bhealach bhur slánaithe. Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós. Is mian linn, áfach, go dtaispeánfadh gach duine agaibh an díograis chéanna go dtí an deireadh nó go dtiocfaidh na nithe a bhfuil súil agaibh leo i gcrích. Níor mhaith linn go n-éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n-oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh. Nuair a thug Dia an gealltanas d' Abrahám is air féin a dhearbhaigh sé mar ní raibh aon rud ann níos mó ná é féin a ndearbhódh sé air. Is é a dúirt sé ná: «Is iomaí beannacht a chuirfidh mé ort agus ní bheidh áireamh ar do shliocht.» Bhí bua na fadfhulaingthe ag Abrahám, agus mar sin de fuair sé a raibh geallta dó. Anois, déanann daoine dearbhú ar rud atá níos mó ná iad féin agus cuireann dearbhú daingean mar seo deireadh le gach argóint a bhíonn eatarthu. Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air. Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn. Is cosúil le hancaire daingean docht dár n-anam an dóchas sin. Téann sé isteach sa sanctóir atá laistigh den chuirtín mar a ndeachaigh Íosa isteach ina cheannródaí ar ár son nuair a rinneadh ardsagart síoraí de ar nós Mheilcizidic. Rí Shailéim agus sagart an Dé is airde ab ea an Meilcizidic seo. Nuair a bhí Abrahám ag filleadh abhaile ó ár na ríthe bhuail Meilcizidic leis agus thug sé a bheannacht dó agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dó-san. Is é «Rí na Fíréantachta» an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé «Rí Shailéim,» is é sin, «Rí na Síochána,» freisin. Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ardsagart go deo. Tugaigí faoi deara anois cé chomh tábhachtach a bhí an fear seo ós rud é gur thug an patrarc Abrahám an deichiú cuid de scoth na creiche dó. De réir an dlí, anois, tá sé de dhualgas ar an gcuid sin de chlann Léiví a ndéantar sagairt díobh deachaithe a ghearradh ar an bpobal, is é sin, ar a mbráithre féin, siúd is gur de shliocht Abrahám iadsan freisin. Ach d' ainneoin nár de shliocht Léiví é ghearr Meilcizidic deachú ar Abrahám agus thug sé a bheannacht fiú d' fhear na ngealltanas. Anois, gan aon amhras ar bith, is ó dhuine is uaisle céim ná é féin a fhaigheann duine beannacht. Ina theannta sin, [i gcás na sagart] is daoine básmhara a fhaigheann na deachaithe; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí. D' fhéadfá a rá chomh maith, is dócha, gur gearradh deachaithe fiú ar Léiví féin, fear tógtha na ndeachúna, trí Abrahám. Óir, bhí Léiví i gcorp a shinsir cheana féin nuair a bhuail Meilcizidic leis. Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic. Ar ndóigh, má athraítear an tsagartacht caithfear an dlí a athrú chomh maith. Anois, an té a bhfuiltear ag labhairt faoi anseo, ba de threibh eile é ar fad agus ní raibh baint ar bith ag aon duine den treibh sin leis an altóir riamh. Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor. Agus tá cruthú níos soiléire fós ann ar an bhfírinne sin. Óir ceapadh sagart eile dúinn atá cosúil le Meilcizidic. Ní dhearnadh sagart de, áfach, de réir rialacha a bhí bunaithe ar ghinealach daonna ach de bharr na cumhachta atá ag beatha dhoscriosta. A fhianaise sin na focail seo a leanas: «Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.» Is é sin le rá, cuireadh na seanrialacha ar ceal toisc iad a bheith gan bhrí gan éifeacht. Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia. Ina theannta sin, níor tugadh aon mhionn nuair a rinneadh sagairt de na daoine eile úd. Ach nuair a rinneadh sagart d' Íosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: «Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: 'Is sagart síoraí thú.'» Mar sin de, sa mhéid nach gan mhionn a rinneadh sagart d' Íosa, is fearr dá réir an conradh a bhfuil sé ina urra air. Is amhlaidh freisin nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás. Ach is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo. Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son. Ba é a leithéid sin d' ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas; sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d' ofráil sé é féin. Rinne an dlí ardsagairt de dhaoine a raibh laige éigin iontu. Ach an briathar a neartaíodh le mionn a thug Dia i bhfad níos déanaí ná an dlí, rinne sé sin ardsagart den Mhac, eisean a bhfuil buaic na foirfeachta bainte amach aige go deo. Is é seo anois an rud is tábhachtaí dá bhfuil á rá againn: tá ardsagart den sórt sin againn. Chuaigh sé ina shuí ar dheis ríchathaoir na Mórgachta diaga sna flaithis, mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, san fhíorbhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna. Ceaptar gach ardsagart, áfach, chun tabhartais agus íobairtí a ofráil. Mar sin de, ní mór don sagart seo againne freisin rud éigin a bheith aige lena ofráil. Dá mbeadh sé ar talamh ní bheadh sé ina shagart ar aon chor mar tá sagairt ann cheana chun na tabhartais a ofráil de réir an dlí, siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: «Féach chuige,» ar sé, «go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.» Ach is é fírinne an scéil é go bhfuil ministreacht shagartúil níos uaisle ná sin faighte ag Íosa sa mhéid gurb uaisle é an conradh a bhfuil seisean ina idirghabhálaí air. Óir, is fearr na gealltanais ar a bhfuil an conradh sin bunaithe. Dá mbeadh an chéad chonradh gan locht ní bheadh call leis an dara ceann. Ach, déanta na fírinne, lochtaíonn Dia a phobal nuair a deir sé: «Féach! a deir an Tiarna, tá na laethanta ag teacht a ndéanfaidh mé conradh nua le teaghlach Iosrael agus le teaghlach Iúdá. Ní bheidh sé cosúil leis an gconradh a rinne mé lena sinsir an lá úd ar rug mé ar láimh orthu chun iad a sheoladh amach as tír na hÉigipte. Ach ní raibh siad dílis don chonradh a rinne mé leo agus mar sin de thréig mé iad, a deir an Tiarna. Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n-aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. Ní bheidh ar aon duine acu a chomharsa nó a bhráthair a mhúineadh, á rá: Bíodh aithne agat ar an Tiarna. Óir beidh aithne ag cách orm ó liath go leanbh. Maithfidh mé a gcionta dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí feasta.» Ag lua an chonartha nua dó, tá an chéad chonradh curtha as dáta aige. Agus an rud atá as dáta agus atá ag dul in aois is gearr go rachaidh sé ar ceal ar fad. Ar ndóigh, leag an chéad chonradh rialacha síos don liotúirge agus bhí sanctóir ann freisin, ceann de dhéantús daonna. Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin. Laistiar den dara cuirtín bhí an bhoth a dtugtar an Áit Rónaofa air. Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha. Os a cionn bhí na ceiribíní glórmhara agus a sciatháin leata amach os cionn chathaoir na trócaire. Ach ní hé seo an t-am chun miontuairisc a thabhairt ar na nithe sin. Nuair a bhíonn na nithe sin socair mar sin bíonn na sagairt ag dul isteach sa chéad bhoth i gcónaí agus iad i mbun a gcúraimí liotúirgeacha. Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t-ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais. Sa tslí sin cuireann an Spiorad Naomh in iúl dúinn nár taispeánadh an bealach isteach chun na hÁite Rónaofa fós toisc an chéad bhoth a bheith ina seasamh go fóill. Samhail is ea é sin atá ag tagairt don am atá ann anois. Ciallaíonn sé go bhfuil tabhartais agus íobairtí á n-ofráil nach bhfuil de chumhacht acu coinsias an adhraitheora a ghlanadh ó pheaca go hiomlán. Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin. Ach tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í. Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn. Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad. Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d' ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo. Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha. Nuair a bhíonn uacht i gceist, áfach, caithfear a chruthú go bhfuil an duine a rinne é marbh. Óir fad is beo dó bíonn an uacht gan éifeacht; ní thagann sí i bhfeidhm go dtí go bhfaigheann sé bás. Sin é an fáth nach ndearnadh fiú amháin an chéad chonradh gan doirteadh fola. Is amhlaidh a d' fhógair Maois na haitheanta go léir don phobal uile ar dtús faoi mar a bhí siad scríofa sa dlí. Ansin thóg sé fuil na laonna (agus na ngabhar) agus uisce agus chroith sé ar an Leabhar féin iad agus ar an bpobal uile le holann chraorag agus le híosóip, á rá: «Is í seo fuil an chonartha ar ordaigh Dia daoibh é a choimeád.» Mar an gcéanna chroith sé an fhuil ar an mboth agus ar na gréithe uile a d' úsáidtí sa liotúirge. Go deimhin, de réir an dlí is beag nach le fuil a ghlantar gach ní agus ní mhaitear peacaí gan doirteadh fola. Dá bhrí sin, má ba ghá macasamhla na nithe neamhaí a ghlanadh le híobairtí den sort seo tá gá le híobairtí atá níos fearr fós chun na nithe neamhaí féin a ghlanadh. Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé. Ach ní théann sé isteach ann chun é féin a ofráil arís agus arís eile faoi mar a théann an t-ardsagart isteach san Áit Rónaofa bliain i ndiaidh bliana le fuil nach leis féin. Óir dá mb' amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t-aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin. Caithfidh gach duine bás a fháil an t-aon uair amháin ar fad agus ina dhiaidh sin tugtar breith air. Mar an gcéanna ofráladh Críost an t-aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú. Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n-ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor. Dá mb' fhéidir leis, nach n-éireofaí ar fad as na híobairtí seo a ofráil? Óir, dá mba gur glanadh an lucht adhartha óna gcuid peacaí go léir an t-aon uair amháin ní bheadh buaireamh coinsiasa orthu feasta mar gheall orthu. Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí. Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal. Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo: «Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas; ach d' ullmhaigh tú corp dom. Ní raibh dúil agat in íobairtí uileloiscthe ná sna ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí. Dúirt mé ansin: 'Féach, táim ag teacht, a Dhia chun do thoil a dhéanamh,' faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.» Sa chéad áit dúirt sé: «Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,» bíodh go n-ofráltar iad de réir an dlí. Ansin dúirt sé: «Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.» Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d' fhonn an dara ceann a bhunú. Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an t-aon uair amháin ar fad. Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal. Níor ofráil Críost ach an t-aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí. Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé mar a bhfuil sé ag feitheamh feasta nó go gcuirfear a naimhde mar stóilín faoina chosa. Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear. Tugann an Spiorad Naomh fianaise dúinn air seo freisin. Óir tar éis dó a rá: «Seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina gcroí agus scríobhfaidh mé ar a n-aigne iad,» deir sé: «Ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí ná ar a gcionta feasta.» Dá bhrí sin, nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó. Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son. Is amhlaidh a d' oscail sé bealach nua chun na beatha dúinn tríd an gcuirtín, is é sin le rá, trína chuid feola féin. Tá ardsagart againn, freisin, a bhfuil Teach Dé faoina chúram anois. Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce. Coinnímis greim daingean dobhogtha ar an dóchas a admhaímid a bheith againn, mar is dílis an té a thug na gealltanais uaidh. Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh. Ná fanaimis as láthair ónár gcomhthionól mar a dhéanann daoine áirithe, ach bímis ag misniú a chéile, go mór mór ó fheiceann sibh go bhfuil Lá an Tiarna ag druidim linn. Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn. Níl le déanamh ach fanacht go critheaglach le breithiúnas Dé agus leis an gcraos tine a ídeoidh a naimhde. Aon duine a bhriseann dlí Mhaois cuirtear chun báis é gan trócaire ar fhianaise beirte nó triúir. Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta? Tá a fhios againn cé hé a dúirt: «Mise a imreoidh díoltas; mise a chúiteoidh,» agus fós: «Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar a phobal.» Is uafásach an rud é titim i lámha Dé bheo. Cuimhnígí ar an am fadó nuair a fuair sibh solas an chreidimh ar dtús. Is minic a bhí saol crua anróiteach le fulaingt agaibh. Uaireanta maslaíodh sibh agus tugadh drochíde daoibh go poiblí; uaireanta eile chuaigh sibh i bpáirt le daoine ar cuireadh an drochbhail chéanna orthu. Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh. Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó. Tá gá agaibh le foighne, áfach, le go ndéanfaidh sibh toil Dé agus go bhfaighidh sibh na maitheasaí a gealladh daoibh. «I gceann tamaillín bhig eile tiocfaidh an Té atá le teacht agus ní dhéanfaidh sé moill. Mairfidh an fíréan seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.» Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábháilfear ár n-anam. Is é rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid. Is mar gheall ar a gcreideamh a tugadh dea-theist ar ár sinsir. Trí chreideamh tuigimid gur cruthaíodh an chruinne trí bhriathar Dé sa chaoi nach as nithe sofheicthe a rinneadh na nithe a fheicimid. Trí chreideamh d' ofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh. Trí chreideamh tógadh Eineoc suas sna flaithis sa chaoi nár bhlais sé den bhás. Ní raibh fáil air de bhrí gur thóg Dia suas é. Roimh a dheastógáil bhí sé de theist air go raibh sé taitneamhach le Dia. Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn á lorg. Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh. Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d' imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall. Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna. Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí. Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d' ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh. Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige. Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d' admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo. Taispeánann daoine a labhraíonn mar seo go bhfuil tír dhúchais á lorg acu. Dá mbeidís ag cuimhneamh fós ar an tír a d' fhág siad bheadh deis acu ar fhilleadh ar ais uirthi. Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh. Trí chreideamh d' ofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus go ndúradh leis: «Is trí Íosác a bheidh sliocht ort.» Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó na mairbh féin. Dá bharr sin, tugadh ar ais dó é eachtra a raibh brí shamhailteach léi. Trí chreideamh freisin thug Íosác beannacht do Iacób agus do Éasau a thiocfadh i gcrích lá níos sia anonn. Trí chreideamh bheannaigh Iacób, agus é ag fáil bháis, gach ceann de mhic Iósaef, agus chrom anuas os cionn a bhata siúil ag moladh Dé. Trí chreideamh labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus d ordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin. Trí chreideamh choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí. Trí chreideamh níor thoil le Maois, nuair a d' fhás sé suas, go dtabharfaí mac iníon Fhorainn air. Óir b' fhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé ná só díomuan an pheaca a bheith aige. Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht. Trí chreideamh d' fhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí. Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael. Trí chreideamh chuaigh clann Iosrael trasna na Mara Rua faoi mar ba thalamh tirim í, ach nuair a thug na hÉigiptigh faoi bádh iad. Trí chreideamh thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith á dtimpeallú ar feadh seacht lá. Trí chreideamh níor maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí. Agus céard eile céard a déarfaidh mé? Níl mo dhóthain ama agam chun cuntas a thabhairt ar Ghideón, ar Bhárác, ar Shamsón, ar Iaftá, ar Dháiví, ar Shamúéil agus ar na fáithe. Trí chreideamh chuir siad ríochtaí faoi smacht, shaothraigh siad an fhíréantacht, fuair siad a raibh geallta dóibh, dhún siad béil leon, mhúch siad tinte craosacha, d' éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d' éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach. Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n-aiséireoidís chun beatha níos fearr. D' fhulaing cuid eile fós maslaí agus sciúrsáil, cuibhreacha agus príosún. Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad á mbuaireamh agus á gcrá de shíor. Rómhaith a bhí siad le fanacht i gcuideachta daoine agus d' imigh siad chun fáin agus chuir siad fúthu i bpluaiseanna agus i bpoill faoin talamh. Ach cé gur tugadh dea-theist ar na daoine seo go léir mar gheall ar a gcreideamh, ní bhfuair siad na maitheasaí a gealladh dóibh. Óir bhí socrú níos fearr ná sin déanta ag Dia ar mhaithe linne. Is amhlaidh nach raibh siadsan le slánú iomlán a fháil ach in éineacht linne. Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d' fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn. Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d' fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé. Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche. Ag troid in aghaidh an pheaca daoibh ní raibh oraibh seasamh go doirteadh fola fós. Agus tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: «A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lagmhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú. Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.» Bígí buanseasmhach, mar sin, ionas go ndéanfar sibh a oiliúint; is mar chlann mhac atá Dia ag caitheamh libh. Cá bhfuil an mac nach gcuireann a athair smacht air? Mura gcuirtear oraibhse an smacht sin is dual a chur ar gach mac, ní clann mhac dlisteanach sibh ach bastaird. Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n-aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n-athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú? Choinnídís-sean faoi smacht sinn ar feadh tamaillín de réir mar ab áil leo féin; ach is ar mhaithe linn a dhéanann Dia é ionas go mbeimis páirteach ina naofacht féin. Nuair a chuirtear smacht orainn, ní ábhar áthais dúinn é ag an am ach ábhar dóláis. Ina dhiaidh sin, áfach, tugann an smacht an tsíocháin agus an fhíréantacht uaidh mar thoradh do na daoine a oileadh tríd. Dá bhrí sin, «teannaigí bhur lámha faona agus bhur nglúine laga agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.» Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í. Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í; féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t-iomlán agaibh. Ná bíodh aon duine drúisiúil ná díchreidmheach oraibh ar nós Éasau, a dhíol a cheart oidhreachta ar aon bhéile bia amháin. Mar is eol daoibh, nuair ba mhian leis an bheannacht a fháil mar oidhreacht ina dhiaidh sin diúltaíodh dó í. Óir ní bhfuair sé aon chaoi chun aithrí a dhéanamh d' ainneoin gur iarr sé le deora í. Ní amhlaidh atá sibh tar éis teacht go dtí rudaí somhothaithe, mar atá, scamall dúdhorcha agus duifean agus speirling, blosc stoic agus glór gutha a thug ar an lucht éisteachta a impí nach labhrófaí focal eile leo mar nach bhféadfaidís cur suas leis an ordú a tugadh dóibh: «Má bhaineann ainmhí féin leis an sliabh clochfar é.» Bhí an radharc chomh scanrúil sin go ndúirt Maois: «Táim ar aon bharr amháin creatha le neart eagla.» Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach, agus comhthionól na gcéadghinte a bhfuil a n-ainmneacha scríofa sna flaithis, mar a bhfuil Dia féin atá ina bhreitheamh ar chách, agus spioraid na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta, agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil. Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh. An uair úd bhain a ghlór croitheadh as an domhan; ach anois tá an gealltanas seo a leanas tugtha aige: «Uair amháin eile bainfidh mé croitheadh ní amháin as an domhan ach as na spéartha chomh maith.» Taispeánann an abairt «uair amháin eile» go dtógfar chun siúil na nithe a mbaintear croitheadh astu, mar gur mar sin a cruthaíodh iad, ionas go bhfanfaidh na nithe atá dochroite. Ach tá ríocht dhochroite á fáil againne. Dá bhrí sin bímis buíoch agus sa tslí sin tugaimis do Dhia an t-adhradh is taitneamhach leis go hurramach ómósach. Óir tine loiscneach is ea ár nDia. Bíodh grá agaibh do bhur mbráithre i gcónaí; ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios dóibh. Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt drochíde mar tá sibhse féin ar an aiste chéanna leo. Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais. Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: «Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.» Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: «Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?» Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a d' fhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh. Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách. Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo. Tá altóir againne nach ceadmhach do lucht freastail an Teampaill ithe di. Is lasmuigh den champa a dhóitear conablaigh na n-ainmhithe a dtugann an t-ardsagart a gcuid fola isteach san Áit Rónaofa in éiric an pheaca. Sin é an fáth ar fhulaing Íosa a pháis lasmuigh den gheata nuair ba mhian leis an pobal a naomhú lena chuid fola féin. Dá bhrí sin, téimis amach as an gcampa chuige agus fulaingímisne an aithis a tugadh dó. Níl cathair bhuanmharthanach againn anseo; is amhlaidh atáimid ag tnúth le cathair atá le teacht. Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm. Ná déanaigí dearmad ar an maith a dhéanamh agus bhur gcuid a roinnt. Óir tá an saghas sin íobairtí taitneamhach le Dia. Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n-anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse. Bígí ag guí ar ár son. Táimid cinnte de go bhfuil coinsias glan againn mar is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud. Iarraim d' achainí róspeisialta oraibh é seo a dhéanamh ionas go mba luaithide a sheolfar ar ais chugaibh mé. Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí, go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcrích ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Amen. Impím oraibh, a bhráithre, cur suas leis an bhfocal misnigh seo. Óir níl ann ach litir ghairid. Bíodh a fhios agaibh gur scaoileadh ár mbráthair, Tiomóid, as príosún. Má thagann sé chugam in am, beidh sé in éineacht liom nuair a fheicfidh mé sibh. Tugaigí mo bheannacht do bhur gceannairí agus do na Críostaithe uile. Cuireann muintir na hIodála a mbeannacht chugaibh. Go raibh grásta Dé agaibh go léir. Amen. Séamas seirbhíseach Dé agus an Tiarna Íosa Críost chuig an dá threibh dhéag atá ar deoraíocht. Go mbeannaí Dia daoibh. Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe, mar tá a fhios agaibh nuair a thástáiltear bhur gcreideamh go ngineann sé buanseasmhacht. Agus caithfidh an bhuanseasmhacht a bheith lántorthúil sa chaoi go mbeidh sibh foirfe iomlán gan dada in easnamh oraibh. Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í. Ach iarradh sé le creideamh, gan ruainne amhrais, mar an té a bhfuil amhras air, is cosúil le tonn mhara é a shéideann an ghaoth roimpi agus a shuaitheann sí anonn is anall. Óir ná bíodh an té sin á mheas go bhfaighidh an fear atá idir dhá chomhairle, agus atá neamhsheasmhach ar gach uile bhealach, dada ó Dhia. Maíodh an bráthair uiríseal de bhrí gur ardaíodh é, agus an fear saibhir de bhrí gur íslíodh é mar rachaidh sé ar ceal ar nós bhláth an fhéir. Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí. Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó. Ná habradh aon duine nuair a chuirtear cathú air: «Tá Dia ag cur cathaithe orm,» mar ní féidir cathú chun oilc a chur ar Dhia agus ní chuireann sé féin cathú ar aon duine; ach cuirtear cathú ar dhuine nuair a bhréagann agus a mheallann a ainmhian féin é; agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige. A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh. Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe. Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé. Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge, mar ní chuireann fearg an duine fíréantacht Dé i gcrích. Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n-anam a shlánú. Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith. Mar an té a éisteann leis an mbriathar agus nach ndéanann dá réir, tá sé cosúil le duine a bhreathnaíonn ar a cheannaithe i scáthán; feiceann sé é féin agus imíonn sé agus gan mhoill déanann dearmad glan céard leis ba chosúil é. Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre. An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh. Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú. Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh. Mar má thagann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléasta isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air, agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t-éadach maith air agus a rá leis: «Bíodh an suíochán maith anseo agat,» agus a rá leis an bhfear bocht: «Seas ansiúd thall,» nó: «Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,» nach bhfuil sibh ag déanamh leathchuma, agus nach bhfuil breithiúna déanta díbh, breithiúna na mbreitheanna éagóra? Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n-oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó? Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh? Nach iadsan a dhiamhaslaíonn an t-ainm uasal dár tíolacadh sibh? Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: «Gráigh do chomharsa mar thú féin,» ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith. Ach má dhéanann sibh leathchuma, tá peaca á dhéanamh agaibh, agus tá sibh daortha mar choireacha ag an dlí. Óir cibé duine a choimeádann an dlí go léir ach a thuislíonn san aon phonc amháin, ciontaítear é san iomlán. Mar an té a dúirt: «Ná déan adhaltranas,» dúirt sé freisin: «Ná déan marú.» Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coireach in aghaidh an dlí déanta díot. Labhraígí agus déanaigí beart dála daoine atá le dul faoi bhreith dhlí na saoirse. Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas. Cén tairbhe é, a bhráithre liom, má deir duine go bhfuil creideamh aige, ach é gan dea-oibreacha? An féidir don chreideamh é a shábháil? Má tá deartháir nó deirfiúr gan éadach agus gan cuid an lae de bhia acu, agus go ndeir duine agaibhse leo: «Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,» agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é? Sé a fhearacht sin ag an gcreideamh é. Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha. Ach déarfaidh duine éigin: «Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.» Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha. Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith. An mian leat a fhios a bheith agat, a ghliogaire, nach bhfuil aon mhaith sa chreideamh gan dea-oibreacha? Nár fíréanaíodh Abrahám ár n-athair trína dhea-oibreacha nuair a d' ofráil sé a mhac Íosác ar an altóir? Feiceann tú go raibh an creideamh i gcomhar lena dhea-oibreacha agus gur cuireadh críoch ar an gcreideamh trína dhea-oibreacha. Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: «Chreid Abrahám i nDia, agus áiríodh é sin ina leith mar fhíréantacht» agus tugadh cara Dé air. Is léir daoibh gur le dea-oibreacha a fhíréanaítear duine agus nach le creideamh amháin. Ba é an dála céanna é ag Rácháb an mheirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh? Tá an corp marbh gan an t-anam agus ar an gcuma chéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha. A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne. Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh. Má chuirimid béalbhach i mbéal na gcapall d' fhonn go ngéillfidís dúinn, bíonn a dtoirt go léir faoinár stiúir. Tóg na báid féin, dá mhéid iad, agus fiú má bhíonn siad á séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é. Níl sa teanga ach oiread ach ball beag, ach tá bearta móra á maíomh aici. Féach nach beag an lasair a chuireann foraois mhór trí thine! Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh. Is féidir don chineál daonna gach cineál ainmhí agus éin agus nathrach agus míol farraige a cheansú, agus tá sin déanta acu, ach ní féidir d' aon duine daonna an teanga a cheansú; plá í atá ag réabadh léi agus í lán de nimh mharfach. Is léi a bheannaímid an Tiarna agus ár nAthair; agus is léi chomh maith a mhallaímid daoine cé go bhfuil siad déanta ar dheilbh Dé. Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom. An ndéanann an tobar idir fhíoruisce agus uisce goirt a sceitheadh as an aon súil? An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar. Cé tá eagnaí agus tuisceanach in bhur measc? Taispeánadh sé a dhea-oibreacha in umhlaíocht na heagna lena iompar fónta. Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian doicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne. Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, agus diabhlaí. Mar a mbíonn éad agus uaillmhian dhoicheallach, bíonn corrthónacht agus gach sort drochbhirt. Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill. Síolann lucht déanta na síochána an síol a thabharfaidh fómhar na fíréantachta, go síochánta. Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n-ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha? Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n-iarrann sibh. Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n-iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n-ainmhianta. A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin. Nó an dóigh libh gur gan fáth a deir an scrioptúr: «Bíonn sé ag tnúth le héad leis an spiorad a chuir sé a chónaí ionainn?» Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: «Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.» Géilligí dá bhrí sin do Dhia; cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh. Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n-aigne. Bígí go dearóil, ag gol is ag caoineadh. Bíodh bhur ngáire ina gol agaibh, agus bhur lúcháir ina gruaim. Déanaigí sibh féin a ísliú os comhair an Tiarna agus ardóidh sé sibh. Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní á chomhlíonadh a bhíonn tú ach á dhaoradh. Níl ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin ann, agus tá cumhacht saortha agus scriosta aigesean. Ach cé hé tusa le breith a thabhairt ar do chomharsa? Féachaigí anseo sibhse a deir: «Rachaimid go dtí a leithéid seo de bhaile inniu nó amárach agus caithfímid bliain ann agus beimid ag trádáil ann agus ag déanamh airgid.» Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin. In ionad a rá: «Más é toil an Tiarna é, mairfimid agus déanfaimid seo nó siúd.» Ach mar atá an scéal, nach sibh atá ag maíomh le barr sotail! Is olc é gach maíomh den sórt sin. An té arb eol dó céard is ceart a dhéanamh agus nach ndéanann é, is peaca dó é. Féachaigí anseo anois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh. Chuaigh lobhadh ar bhur saibhreas agus d' ith na leamhain bhur gcuid éadaigh. Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh an mheirg orthu ina fianaise in bhur n-aghaidh agus alpfaidh sí bhur gcuid feola mar a dhéanfadh tine. Tá stór curtha i dtaisce agaibh le haghaidh na laethanta deireanacha! Féach, tuarastal na n-oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe. Chaith sibh bhur saol ar talamh le só agus le sáile; chuir sibh saill ar bhur gcroí lá an áir. Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne. Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach. Bíodh foighne agaibhse chomh maith. Bíodh misneach agaibh in bhur gcroí mar tá teacht an Tiarna lámh linn. Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais. A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne. Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire. Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn «sea» le rá agaibh, abraigí «sea,» agus «ní hea» nuair is «ní hea,» ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh. An bhfuil aon duine in bhur measc ag fulaingt? Guíodh sé. An bhfuil lúcháir ar dhuine éigin? Gabhadh sé duan molta. An bhfuil aon duine in bhur measc atá tinn? Cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus guídís os a chionn agus déanaidís é a ungadh le hola in ainm an Tiarna. Déanfaidh urnaí an chreidimh an t-othar a shlánú agus tógfaidh an Tiarna suas é agus má tá peacaí déanta aige maithfear dó iad. Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta. Duine daonna ab ea Éilias leis an nádúr céanna linn féin, agus ghuigh sé go dícheallach nach ndéanfadh sé aon bháisteach, agus ní dhearna sé deoir ar an talamh ar feadh trí bliana agus sé mhí. Ansin ghuigh sé arís agus thug an spéir an bháisteach agus thug an talamh a toradh uaithi. A bhráithre liom, má théann duine agaibh ar seachrán ón bhfírinne agus duine eile á thabhairt ar ais bíodh a fhios aige, an té a chasfaidh peacach ar ais óna sheachrán slí, go sábhálfaidh sé a anam ón mbás, agus go ndéanfaidh sé a lán peacaí a chlúdach as radharc. Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghalait, sa Chapadóise, san Áise, agus i mBitinia, an mhuintir atá tofa de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d' Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil. Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D' athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne agus chun oidhreachta atá marthanach dothruaillithe, gan síothlú, oidhreacht atá in áirithe daoibh sna flaithis. Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré. Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál, d' fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost. Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha, agus slánú bhur n-anam á ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh. Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú. Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí á thaispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í. Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu. Dá bhrí sin cuirigí bhur n-aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost. Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana, ach amhail is naofa eisean a ghlaoigh oraibh, bígí-se naofa in bhur n-iompar go léir, mar tá scríofa: «Bígí naofa mar go bhfuilimse naofa.» Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta. Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha, ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim. Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia. Rinne sibh bhur n-anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan. Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí. «Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir; Ach maireann briathar an Tiarna go deo.» Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh. Caithigí i leataobh uaibh, más ea, gach mailís agus calaois, gach cur i gcéill, gach formad, agus gach tromaíocht. Dála naíonán nuabheirthe, bíodh cíocras oraibh chun an fhíorbhainne spioradálta ionas go bhfásfaidh sibh dá thairbhe chun an tslánaithe, más é gur bhlais sibh gur caoin é an Tiarna. Druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í; agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n-áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost. Uime sin tá seo sa scrioptúr: «Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch chúinne thofa luachmhar. An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.» Daoibhse dá bhrí sin a chreideann, is luachmhar í, ach dóibh siúd nach gcreideann: «An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh ceann an chúinne di,» agus «ceap tuisle agus carraig scannail.» Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh. Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin. Níor phobal sibh tráth, ach anois is pobal Dé sibh; níor bhain a thrócaire libh tráth, ach anois tá bainte aici libh. A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam. Bíodh bhur n-iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe. Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta, más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh. Mar is é toil Dé é go ndéanfaidh sibh aineolas daoine baotha a chur ina thost leis na bearta fónta a dhéanann sibh. Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoráin, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoráin Dé. Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire. A sheirbhíseacha, bígí umhal do bhur máistrí, le barr urraime, agus ní dóibh siúd atá caoin cneasta amháin é ach don mhuintir gharg chomh maith. Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige. Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n-iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé. Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg. Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal. Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d' fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir. D' iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d' fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh. Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama. Mar an gcéanna libhse, a mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfaí iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban, nuair a gheobhaidh siad radharc ar bhur n-iompar urramach geanmnaí. Nárab í an mhaise lasmuigh le fí foilt, le caitheamh ornáidí óir agus éidí galánta, bhur gcúram, ach an duine folaithe sa chroí istigh le seoid dhothruaillithe na meanman cneasta caoine, rud atá sárluachmhar i bhfianaise Dé. Na mná naofa fadó, iadsan a chuir a muinín i nDia, is mar sin a mhaisídís iad féin agus iad umhal dá gcuid fear. Sin mar a bhí ag Sárá a bhí umhal d' Abrahám ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibhse nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla. Mar an gcéanna libhse a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n-urnaithe. Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon. Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh. «An té ar mian leis an bheatha a shantú agus fad saoil faoi shéan a bheith aige, coinníodh sé a theanga ón olc, agus a bhéal ó bhriathra éithigh. Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith; lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir. Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin, agus tugann sé cluas dá n-impí. Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc. Agus cé a dhéanfaidh díobháil daoibh má tá cíocras oraibh chun na maitheasa? Ach fiú má fhulaingíonn sibh ar son na fíréantachta, is méanar daoibh. Ná bíodh faitíos ná critheagla oraibh rompu. Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost. Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc? Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d' fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad agus sa riocht sin chuaigh sé agus sheanmóir sé do na spioraid a bhí i gcarcair, iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin. An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost. Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó. Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, dá bhrí sin, bíodh an tuiscint chéanna mar arm agaibhse, an té a d' fhulaing sa cholainn, gur scar sé leis an bpeaca, ionas nach mairfeadh sé an chuid eile dá shaol ar talamh de réir mianta an duine ach de réir thoil Dé. Is leor an t-am atá thart le déanamh mar is áil leis na gintlithe, ag caitheamh a saoil le ragairne, le hainmhianta, le meisce, le carús, le hól agus le híoladhradh mídhleathach. Cuireann sé iontas orthu nach ritheann sibh leo isteach sa tuile chéanna drabhláis agus bíonn siad do bhur maslú. Ach tabharfaidh siad cuntas don té atá réidh le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh. Uime sin is ea a fógraíodh an dea-scéal do na mairbh, ionas go dtabharfaí breith orthu sa cholainn mar dhaoine, ach go mairfidís sa spiorad de réir Dé. Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n-urnaithe. Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí. Cuirigí fáilte gan doicheall roimh a chéile. Gach duine agaibh, de réir mar a fuair sé tíolacadh ó Dhia, bainigí feidhm as ar mhaithe lena chéile mar a dhéanfadh maoir fhónta ar ilghrásta Dé. Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen. A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail thine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh. Ach bíodh áthas oraibh sa mhéid go bhfuil sibh páirteach i bpáis Chríost, ionas go mbeadh áthas agus lúcháir oraibh freisin nuair a fhoilseofar a ghlóir. Is méanar daoibh má thugtar aithis daoibh i ngeall ar ainm Chríost, mar go lonnaíonn Spiorad na glóire agus Spiorad Dé oraibh. Nár lige Dia go bhfulaingeodh aon duine agaibh pionós mar dhúnmharfóir, mar ghadaí, mar choirpeach, nó mar ladhrálaí. Ach más mar Chríostaí a fhulaingíonn duine pionós, ná bíodh náire air ach tugadh sé glóir do Dhia faoin ainm seo. Óir tá an uain tagtha don bhreith tosú le teaghlach Dé; agus más linne a thosaíonn sí, cén chríoch a bheidh ar an muintir nach ngéilleann do shoisceal Dé? Agus «más ar éigean a shábhálfar an fíréan, cad a tharlóidh don éagráifeach agus don pheacach?» An mhuintir a fhulaingíonn dá bhrí sin de réir thoil Dé, déanaidís an ceart agus cuiridís cúram a n-anama ar an gCruthaitheoir dílis. Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú. Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht, ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad. Ansin nuair a fhoilseofar an tArdaoire tabharfar daoibh coróin mharthanach na glóire. Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar «cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.» Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi láimh chumhachtach Dé ionas go n-ardódh sé sibh i dtráth. Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh. Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n-áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh. Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt. Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh. Glóir agus réimeas dó le saol na saol. Amen. Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis. Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibhse, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith. Beannaígí dá chéile le póg an ghrá. Síocháin daoibh uile atá i gCríost. Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost. Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n-aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna. Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur airsean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta; dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n-ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga. Uime sin déanaigí bhur lándícheall an tsuáilce a chur mar bhreis le bhur gcreideamh, agus an eagna le bhur suáilce, agus an smacht leis an eagna, agus an fhoighne leis an smacht agus an chráifeacht leis an bhfoighne, agus grá bráthar leis an gcráifeacht agus an charthanacht leis an ngrá bráthar. Má tá na nithe seo agaibh agus agaibh go flúirseach, ní fhágfaidh siad gan éifeacht gan toradh sibh de bharr bhur n-aithne ar ár dTiarna Íosa Críost. An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí. Dá bhrí sin, a bhráithre, bígí níos dícheallaí fós ag daingniú bhur ngairme agus na rogha a rinneadh díbh; má dhéanann sibh amhlaidh ní baol go dtitfidh sibh choíche. Ar an tslí sin déanfar bealach isteach i ríocht shíoraí ár dTiarna, agus ár Slánaitheora, a sholáthar go fial flaithiúil daoibh. Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe san fhírinne atá agaibh. Is dóigh liom gur chóir dom, fad táim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh, mar go bhfuil a fhios agam nach fada uaim go gcuirfidh mé díom an bhoth seo faoi mar a nocht ár dTiarna Íosa Críost dom. Agus féachfaidh mé chuige go mbeidh ar bhur gcumas, tar éis domsa imeacht, na nithe seo a thabhairt chun cuimhne uair ar bith. Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn. Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: «Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.» Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa. Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí. Tuigigí an méid seo ar dtús nach dtagann aon fháistine den scrioptúr faoi chiallú an duine aonair. Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh. Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann. Leanfaidh a lán cosáin a ndrabhláis agus déanfar bealach na fírinne a tharcaisniú dá mbarr. Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde. Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha; murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n-éagráifeach; má rinne sé luaithreach de chathracha Shodom agus Ghomorá agus iad a dhaoradh chun a scriosta mar shampla don mhuintir a bheadh ar tí a bheith éagráifeach; agus má fhuascail sé Lót fíréanta a bhí á chlipeadh go mór ag iompar drabhlásach na gcoirpeach óir a raibh á chloisteáil agus á fheiceáil ag an bhfíréan sin agus é ag maireachtáil ina measc ó lá go lá, rinne sé a chroí cóir a chiapadh de bharr na mbeart aindleathach tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe, Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d' aingil] na glóire; go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. ach na haingil, cé gur mó iad i neart agus i gcumhacht, ní thugann siad breith mhaslaitheach ina n-aghaidh i láthair an Tiarna. Ach is cuma iad seo nó ainmhithe éigiallta, dúile nádúrtha a shaolaítear don tseilg agus don bhás; tá siad drochmheastúil maidir le nithe nach dtuigeann siad agus scriosfar iad san aon scriosadh leo, agus iompróidh siad urchóid mar luach saothair a n-urchóide. Is geal leo an drabhlás sa lá; máchailí agus smáil iad ag ragarnaíl ina gcollaíocht agus ag carús libh. Tá a súile lán d' adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta! Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhosor, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc; ach fuair sé ceartú de bharr a choirpeachta; labhair an t-asal balbh le glór daonna agus choisc sé díth céille an fháidh. Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill á dtiomáint ag an ngála, agus tá ifreann duairc in áirithe dóibh. Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d' éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise. Geallann siad saoirse dóibh, ach is daoráin iad ag an scrios, mar cibé rud a fhaigheann an lámh uachtair ar dhuine is dó is daorán é. Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n-aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús. Óir b' fhearr dóibhsean gan eolas a chur ar bhealach na fíréantachta ná tar éis eolas a chur air casadh i leataobh ón aithne naofa a seachadadh dóibh. Tharla dóibh mar a deir an seanfhocal fíor: Filleann an madra ar an aiseag; agus: An chráin nuair a nítear í, luíonn sí sa lathach. Sí seo an dara litir a scríobh mé chugaibh, a chairde cléibh, agus iontu araon tá aigne íon á múscailt agam ionaibh le rabhadh go mbeadh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n-aspail. Bíodh seo ar eolas agaibh ar dtús, go dtiocfaidh scigirí ag scigireacht sna laethanta deireanacha agus iad ag déanamh de réir a n-ainmhianta féin, agus á rá: «Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús na cruthaíochta.» Déanann siad dearmad d' aon ghnó de seo, go raibh na spéartha ann anallód, agus gur cumadh an domhan as an uisce agus tríd an uisce le briathar Dé; agus tríothu gur scriosadh an domhan mar a bhí, óir bádh é le huisce. Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n-éagráifeach. Ach ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin. Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí. Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d' oibreacha ann. Ó tharla go bhfuil gach ní le scriosadh ar an gcuma sin, cén sórt daoine ar cheart daoibh a bheith maidir le hiompar naofa agus le cráifeacht, agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas. Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht. Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin. Agus tuigigí gur deis slánaithe foighne ár dTiarna. Scríobh ár ndeartháir dil Pól chugaibh freisin de réir na heagna a tugadh dó, agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léirscriosta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile. Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint. Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen. An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne. Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost. Agus scríobhaimid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir. Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchacht ann. Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchacht, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid. Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn. Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn. Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc. Má deirimid nach ndearnamar aon pheaca bréagnaímid é agus níl a fhocal ionainn. A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir. Is é an íobairt sásaimh ar ár bpeacaí é, agus ní ar ár bpeacaíne amháin ach ar pheacaí an tsaoil uile. Agus is mar seo atá fhios againn go n-aithnímid é, a aitheanta a choinneáil. An té a deir go n-aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin. Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann. An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean. A chairde cléibh, ní aon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus sí an tseanaithne sin an focal a chuala sibh. Ach anois is mar nua-aithne a scríobhaim chugaibh arís é, agus is fíor sin ina leithsean agus in bhur leithse, óir go bhfuil an dorchacht ag glanadh agus an fíorsholas ag taitneamh cheana féin. An té a deir go bhfuil sa solas agus gur fuath leis a bhráthair tá sé sin sa dorchacht i gcónaí. An té a thugann grá dá bhráthair maireann sa solas mar nach mbaintear aon tuisle as. Ach an té ar fuath leis a bhráthair tá sé sa dorchacht agus siúlann ann, agus ní fios dó cá bhfuil a thriall mar gur dhall an dorchacht a shúile. Scríobhaim chugaibhse, a chlann liom, mar gur maitheadh daoibh bhur bpeacaí trína ainmsean. Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta. Scríobh mé chugaibhse, a leanaí, mar gur aithnid daoibh an tAthair. Scríobh mé chugaibh, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibhse, a dhaoine óga, mar gur tréan sibh, agus go maireann focal Dé ionaibh, agus gur threascair sibh an mac mallachta. Ná bígí i ngean ar an saol ná ar éadáil an tsaoil. Más áil le duine an saol níl grá an Athar ann. Mar a bhfuil sa saol mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine sin nithe nach den Athair iad ach den saol. Agus imíonn an saol agus a mhianta ar ceal. An té, áfach, a dhéanann toil Dé mairfidh seisean go deo. A chlann liom, is é an ré dheiridh é, agus faoi mar a chuala sibh go raibh an tAinchríost le teacht, agus cheana féin tá a liacht ainchríostanna ar fáil uaidh sin is eol dúinn an ré dheiridh a bheith ann. Uainne amach a ghabh siad; ach níor linn dáiríre iad riamh; mar dá mba linn dáiríre iad, d' fhanfaidís i gcónaí linn. Ach d' fhág siad sinn le go mba léir nár linn dáiríre iad uile. Agus tá ungadh oraibhse ón Té atá Naofa agus tá an fíoreolas agaibh uile. Níor scríobh mé chugaibh á rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mba feasach sibh í, agus go mb' eol daoibh nach den fhírinne aon bhréag. Cé tá bréagach murab é sin a shéanann gurb é Íosa an Críost? Seo é an tAinchríost, an té a shéanann an tAthair agus an Mac. Gach duine a shéanann an Mac, níl an tAthair aige ach an oiread. An té a admhaíonn an Mac, tá an tAthair freisin aige. Ach maidir libhse, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibhse freisin sa Mhac agus san Athair. Agus seo é an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí. Scríobh mé an méid seo chugaibh faoi lucht bhur meallta. Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t-ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis. Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é go mba lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó. Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht. Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean. A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé. Agus gach duine a chothaíonn an dóchas diaga seo ann féin naomhaíonn é féin faoi mar atá seisean naofa. Gach duine a dhéanann an peaca sáraíonn dlí freisin mar gur sárú dlí gach peaca. Agus tá a fhios agaibh gur foilsíodh eisean le go dtógadh na peacaí, agus gan an peaca air féin. Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air. A chlann liom, ná cuireadh éinne amú sibh. An té a shaothraíonn an fhíréantacht, is fíréan é amhail is fíréan eisean. An té a dhéanann an peaca is den diabhal é mar gur peacach an diabhal ó thús. Is chuige seo a foilsíodh Mac Dé, go scriosfadh sé saothar an diabhail. Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh. Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair. Mar gurb é seo an teagasc a chuala sibh ó thús, grá a bheith againn dá chéile. Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin. Agus cad chuige ar mharaigh sé é? Mar gurb éagórach a shaothar féin; ba shaothar cóir áfach saothar a dhearthár. Ná bíodh aon ionadh oraibh, a bhráithre, más fuath leis an saol sibh. Is eol dúinne gur aistríodh ón mbás go beatha sinne mar go dtugaimid grá do na bráithre. An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin. Uaidh seo a aithnímid an grá, mar gur thug seisean a anam ar ár son; agus is mithid dúinne ár n-anam a thabhairt ar son na mbráithre. Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n-airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin? A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne. Is mar sin a aithneoimid gur de chlann na fírinne sinn, agus is mar sin a shuaimhneoimid ár gcoinsias ina láthairsean, má chiontaíonn ár gcroí sinn. Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní. A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia. Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d' ordaigh seisean dúinn. An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn. agus ar Spiorad na Saoltachta Mar seo a aithnítear an spiorad ó Dhia: gach spiorad a admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcolainn dhaonna, is ó Dhia dó. Agus gach spiorad a shéanann Íosa, ní ó Dhia dó, ach is é spiorad an Ainchríost é ar chuala sibh go raibh sé le teacht; agus atá ar an saol cheana féin. Sibhse, áfach, a chlann liom, is ó Dhia daoibh agus tá buaite agaibh orthu siúd, mar gur treise an té atá ionaibhse ná an té atá ar an saol. Is den saol iadsan agus dá bhrí sin is ar chúrsaí saolta a thráchtann siad, agus éisteann an saol leo. Is ó Dhia dúinne. An té a aithníonn Dia éisteann linn, agus an té nach ó Dhia dó ní éisteann. Mar sin a aithnímid spiorad na fírinne thar spiorad na hearráide. A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia. An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá. Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a aonMhac sa saol le go mairimis-ne trídsean. Seo é an grá ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt sásaimh ar ár bpeacaí. A chairde cléibh, ós fíor gur thug Dia grá dúinne nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile. Ní fhaca aon duine Dia riamh. Má thugaimid grá dá chéile maireann Dia ionainn agus is lánfhoirfe ionainn a ghrá. Mar seo a thuigimid go mairimid ann agus go maireann seisean ionainn, gur bhronn sé orainn riar dá Spiorad féin. Agus chonaiceamar agus tugaimid fianaise gur sheol an tAthair uaidh a Mhac, Slánaitheoir an tsaoil. Cibé admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia. Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann. Seo mar atá an grá lánfhoirfe ionainn, go mbeimis lánmhuiníneach in aghaidh lá an bhreithiúnais, óir faoi mar atá seisean is amhlaidh atáimidne sa saol seo. Ní bhaineann eagla le grá, ach ruaigeann an grá foirfe an eagla amach; ionann a bheith eaglach agus a bheith ag súil le pionós agus an té a bhfuil eagla air ní lánfhoirfe a ghrá. Tugaimisne grá, mar gur thug seisean grá dúinne ar dtús. Má deir duine: «Mo ghrá-sa Dia» agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh. Agus tá an aithne seo againn uaidh: an té a thugann grá do Dhia tugadh sé grá dá bhráthair chomh maith. Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh. Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta. Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta. Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol agus is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh. Cé sháraíonn an saol murab é an té a chreideann gurb é Íosa Mac Dé? Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad. Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr. Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh:) an Spiorad agus an t-uisce agus an fhuil, agus tá an triúr ar aon fhocal. Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é. An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin. Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin. An té a bhfuil an Mac aige, tá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige, níl an bheatha aige. Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé. Agus seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n-éisteann linn. Agus más eol dúinn go n-éisteann sé le cibé céard a agraímid air, tuigimid go bhfaighimid cinnte na hachainíocha a d' iarramar air. Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh. Is peaca gach éagóir, ach tá peaca ann nach peaca chun báis. Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis. Is feasach dúinne gur ó Dhia sinn agus go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail. Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n-aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost. Eisean an fíorDhia agus an bheatha shíoraí. A chlann liom, seachnaígí sibh féin ar na híola. Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne, i ngeall ar an bhfírinne a mhaireann buan ionainn agus a mhairfidh ionainn go brách: beidh grásta agus trócaire agus síocháin i bhfírinne agus i gcarthanacht orainn ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost Mac an Athar. Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl san fhírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair. Ach anois achainím ar do Shoilse ní amhail is dá mbeinn ag scríobh nua-aithne chugat ach an ceann a bhí againn ó thús go dtugaimis grá dá chéile. Agus is é seo an grá go siúlaimis de réir a aitheanta: Seo í an aithne, mar a chuala sibh ó thús í, go siúlaimis sa ghrá. Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n-admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost. Aire daoibh, le nach gcaille sibh ar shaothraigh sibh, ach go bhfaighe sibh an lánluach. Gach duine a leanann leis ar aghaidh agus nach gcloíonn le teagasc Chríost ní shealbhaíonn Dia. An té a chloíonn leis an teagasc sealbhaíonn sé sin an tAthair agus an Mac. Má thagann aon duine chugaibh agus gan an teagasc sin aige, ná fáiltigí roimhe sa teach, agus ná beannaígí dó. Mar an té a bheannaíonn dósan, tá sé páirteach ina chuid oilc. Cé go bhfuil mórán agam le scríobh chugaibh, b' fhearr liom gan a chur ar phár le dúch, ach tá súil agam a theacht in bhur measc agus labhairt go díreach libh le go mba lán ár lúcháir. Beannaíonn clann do dheirféar tofa duit. Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó. A bhráthair na páirte, guím rathúnas ort in iomlán do ghnóthaí, agus sláinte, fearacht an rathúnais anama atá ort cheana féin. Bhí an-áthas orm, ar theacht do chuid de na bráithre, gur thug siad teastas ar do fhírinne, mar atá, go siúlann tú san fhírinne. Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann san fhírinne. A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir. Is inmholta a chruthóidh tú, á seoladh siúd chun bealaigh mar is cuí do sheirbhís Dé. Mar gur ar son a ainmsean a ghabh siad bóthar agus gan tada á ghlacadh acu ó na págánaigh. Is mithid dúinne dá bhrí sin soláthar dá leithéidí le go mba comhoibrithe sinn san fhírinne. Scríobh mé focal chuig an eaglais, ach an fear sin Diotrafaes ar breá leis an ceannas ní thugann sé aon aird orainn. Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad. A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t-olc ní fhaca sé Dia. Tá dea-theastas ar Dhéimitrias ag gach aon duine agus ag an bhfírinne féin. Tugaimidne teastas freisin air agus is feasach duit gur fíor ár dteastas. Bhí mórán agam le scríobh chugat ach ní mian liom iad a chur síos le peann agus le dúch. 15 Tá súil agam tú a fheiceáil gan mhoill agus labhróimid díreach le chéile. Síocháin ort. Beannaíonn na cairde duit. Beannaighse do gach duine de na cairde as a ainm. Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d' Íosa Críost. Go méadaí trócaire, síocháin agus grá chugaibh. A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b' éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh. Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n-aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost. Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid. Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d' fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir. Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí. Déanann an dream seo, ámh, ar an tslí chéanna lena mbrionglóidí an cholainn a thruailliú, an t-údarás a shéanadh, agus aingil na glóire a mhaslú. Ach nuair a bhí Mícheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: «Go smachtaí an Tiarna thú.» Ach an dream seo, maslaíonn siad an méid nach dtuigeann siad, agus na nithe is eol dóibh ó dhúchas dála na n-ainmhithe éigiallta, is tríothu atáthar á scriosadh. Is mairg dóibh! óir d' imigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorae. Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh; tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách. Is fúthu seo a rinne Eineoc sa seachtú glúin ó Ádhamh fáistine á rá: «Féach, tháinig an Tiarna lena mhílte míle naomh, le breith a thabhairt ar chách agus na héagráifigh go léir a dhaoradh sna hoibreacha éagráifeacha go léir a rinne siad le barr éagráifeachta, agus sna nithe borba go léir a dúirt na peacaigh choirpeacha ina aghaidh. Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n-ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.» Ach sibhse, a chairde cléibh, cuimhnígí ar na tairngreachtaí a rinne aspail ár dTiarna Íosa Críost; mar dúirt siadsan libh: «Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n-ainmhianta coirpeachta féin.» Is iad sin a dhéanann deighilt, dream saoltach, gan an Spiorad acu. Ach sibhse, a chairde cléibh, déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh; guígí sa Spiorad Naomh, agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí. Déanaigí áiteamh ar chuid acu, an mhuintir atá in amhras; déanaigí a thuilleadh a sciobadh as an tine agus a shaoradh, agus déanaigí trócaire ar a thuilleadh fós ach eagla oraibh agus fuath agaibh fiú don léine a thruailligh an cholainn. An té sin ar féidir leis sibh a choimeád gan titim i bpeaca, agus sibh a chur gan smál i láthair a ghlóire faoi lúcháir, an t-aon Dia is slánaitheoir againn trí Íosa Críost ár dTiarna, dósan go raibh glóir agus mórgacht agus ceannas, agus cumhacht roimh gach aois agus anois agus le saol na saol. Amen. Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d' Eoin a sheirbhíseach; thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé. Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht. Beannú agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin, agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen. Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen. «Mise an tAlfa agus an tÓimige,» a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach. Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa. Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa, á rá: «Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.» D' iompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoirí óir, agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach. Bhí a cheann agus a ghruaig geal mar olann gheal, mar an sneachta, agus a shúile mar bhladhm thine, agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuiltí lána. Bhí seacht réalta aige ina dheasláimh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh. Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: «Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo; ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam. Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo. Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n-eaglaisí. «Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: 'Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n-eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir: Is eol dom d' oibreacha, agus do shaothar, agus d' fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad. Is eol dom go bhfuil foighne agat, gur fhulaing tú ar son m' ainm gan traochadh. Ach tá seo agam i d' aghaidh: gur thréig tú an grá a bhí agat a chéaduair. Cuimhnigh, más ea, ar cad as ar thit tú, agus déan aithrí agus déan na hoibreacha a rinne tú ar dtús. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do choinnleoir óna ionad, mura ndéana tú aithrí. Ach tá seo i d' fhabhar, go bhfuil an ghráin agat ar oibreacha na Niocoláiteach faoi mar atá an ghráin agamsa leis. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.' «Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: 'Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann: Is eol dom do dhuainéis agus do bhochtaine cé gur saibhir tú agus tromaíocht an dreama a thugann Giúdaigh orthu féin, ach nach amhlaidh dóibh ach gur sionagóg le Sátan iad. Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d' fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua, ní baol dó dochar ón dara bás.' «Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bPeargamas: 'Mar seo a deir an té a bhfuil an claíomh géar dhá fhaobhar aige: Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m' ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan. Tá beagán agam i d' aghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n-íosfaidís bia íobartha d' íola agus striapachas a dhéanamh. Tá daoine agat chomh maith atá ag cloí le teagasc na Niocoláiteach sa tslí chéanna. Déan aithrí dá bhrí sin. Mura ndéana tú, tiocfaidh mé chugat gan mhoill agus troidfidh mé leo le claíomh mo bhéil. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d' aon duine ach don té a ghlacann é.' «Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTíaitíora: 'Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa: Is eol dom d' oibreacha, agus do ghrá agus do chreideamh, agus do sheirbhís agus d' fhoighne, agus go sáraíonn d' oibreacha le déanaí ar d' oibreacha a chéaduair. Ach tá sé seo agam i d' aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d' íola a ithe. Thug mé cairde di chun aithrí a dhéanamh, ach ní háil léi aithrí a dhéanamh ina hadhaltranas. Féach! caithfidh mé ar leaba péine í agus lucht déanta striapachais léi i nduainéis mhór mura ndéana siad aithrí ina hoibreacha; agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha. An chuid agaibhse i dTíaitíora, áfach, atá fágtha, iadsan uile nár ghlac leis an teagasc seo agus nár chuir eolas ar dhiamhra Shátain mar a thugann siad orthu, ní chuirfidh mé, a deirim libh, aon ualach eile oraibh; ach coinnígí greim daingean ar a bhfuil agaibh go dtaga mé. Agus an té a bheireann bua agus a choimeádann m' oibreacha go dtí an deireadh, tabharfaidh mé údarás dó ar na ciníocha, mar a fuair mise ó m' athair, agus déanfaidh sé iad a rialú le slat iarainn, faoi mar a bheadh soithí cré á mbascadh; agus tabharfaidh mé dó réalta na maidne. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.' «Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: 'Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d' oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú. Dúisigh agus neartaigh a bhfuil fágtha agus ar tí báis, óir ní bhfuair mé d' oibreacha foirfe os comhair mo Dhé. Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort. Ach tá beagán agat i Sairdis, daoine nár shalaigh a n-éidí; agus siúlóidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é. An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair m' athar agus os comhair a aingeal. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.' «Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: 'Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine: Is eol dom d' oibreacha. Féach! chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir d' aon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú m' fhocal agus níor shéan tú m' ainm. Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit. De bhrí gur choinnigh tú focal m' fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh. Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfadh aon duine do choróin. An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas ó neamh ó mo Dhia, agus m' ainm nua féin. An té a bhfuil cluas air le héisteacht, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.' «Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Láoidícéa: 'Mar seo a deir an tAmen, an finné dílis fírinneach, céadtús chruthúnas Dé. Is eol dom d' oibreacha, nach fuar thú agus nach te. Uch nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach. Óir deir tú: «Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm»; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéileach, bocht, dall, gan éadach. Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat. An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí. Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa. An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m' athair ina ríchathaoir. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.'» Cuireann Dia an Domhan i Lámh an Uain Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí ríchathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin. Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na ríchathaoireach ar dhealramh na smaragaide. Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann. Gabhann amach ón ríchathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na ríchathaoireach, agus is iadsan seacht spiorad Dé. Agus os comhair na ríchathaoireach tá mar a bheadh farraige gloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an ríchathaoir, agus mórthimpeall na ríchathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar. Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt. Agus bíonn sé sciatháin ar gach ceann de na ceithre dúile beo, agus iad lán de shúile mórthimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná d' oíche ach ag rá: «Is naofa, naofa, naofa, an Tiarna Dia Uilechumhachtach; an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.» Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá: «A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad. Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala; agus chonaic mé aingeal tréan ag fógairt de ghlór ard: «Cé hé ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?» Ach níor fhéad aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoin talamh an scrolla a oscailt, ná féachaint air. Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air. Ach dúirt duine de na seanóirí liom: «Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n-osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.» Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an ríchathaoir agus na ceithre dúile beo, agus na seanóirí; bhí seacht n-adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile. Agus tháinig sé agus thóg sé [an scrolla] as deaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir. Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dúile beo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis urnaithe na naomh is é sin. Chan siad iomann nua á rá: «Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d' fhuascail tú daoine do Dhia le d' fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine, agus rinne tú díobh ríocht agus sagairt dár nDia, agus rialóidh siad ar talamh.» Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte. Agus is é a bhí á rá acu de ghlór ard: «Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.» Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus san fharraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, á rá: «Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa ríchathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.» Agus dúirt na ceithre dúile: «Amen.» Agus shléacht na seanóirí agus rinne siad adhradh. Ansin san fhís dom, nuair a d' oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á rá de ghlór mar thoirneach: «Tar.» D' fhéach mé agus b' shiúd an t-each bán, agus bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith. Nuair a d' oscail sé an dara séala, chuala mé an dara dúil á rá: «Tar.» Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh, chun go maródh daoine a chéile; agus tugadh claíomh mór dó. Nuair a d' oscail sé an tríú séala chuala mé an tríú dúil á rá: «Tar.» D' fhéach mé agus b' shiúd an t-each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach. Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá: «Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.» Nuair a d' oscail sé an ceathrú séala, chuala guth an cheathrú dúil bheo á rá: «Tar.» D' fhéach mé, agus b' shiúd an t-each báiteach bán agus «An Bás» a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún. Nuair a d' oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n-anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad. Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: «A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?» Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin. Nuair a d' oscail sé an séú séala, d' fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil, agus thit réaltaí neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann fígí a chaora geimhridh uaidh nuair a croitheann cóch gaoithe é. Agus bhailigh an spéir léi mar scrolla ag filleadh ar a chéile agus cuireadh gach sliabh agus gach oileán as a n-ionad. Ansin, ríthe an domhain, agus na maithe móra, agus na cinn feadhma, lucht an tsaibhris agus an nirt, agus gach daor agus saor, chuaigh siad i bhfolach i bpluaiseanna agus i measc carraigeacha na gcnoc, agus iad á rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: «Titigí orainn agus folaigí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa ríchathaoir agus ar fhearg an Uain; óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?» Ina dhiaidh sin chonaic mé ceithre aingeal ina seasamh ar cheithre chúinne an domhain agus ceithre ghaoth an domhain á gcoimeád siar acu i dtreo nach séidfeadh aon ghaoth ar tír ná ar muir, ná ar aon chrann. Ansin chonaic mé aingeal eile ag gabháil suas ó éirí gréine agus séala le Dia beo aige, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar na ceithre aingeal ar ar cuireadh de chúram dochar a dhéanamh do thalamh agus do mhuir, agus dúirt sé: «Ná déanaigí dochar do thalamh ná do mhuir ná do na crainn nó go gcuirfimid séala ar chláréadan sheirbhísigh Dé.» Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael. Cuireadh an séala ar dhá mhíle dhéag de threibh Iúdá, ar dhá mhíle dhéag de threibh Reúbaen, ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghád, ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar, ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilím, ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise, ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon, ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví, ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár, ar dhá mhíle dhéag de threibh Zabúlun, ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef, ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin. Ina dhiaidh sin b' shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d' aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha. Agus bhí siad ag glaoch de ghlór ard: «Slánú dár nDia a shuíonn sa ríchathaoir agus don Uan!» Bhí na haingil go léir ina seasamh mórthimpeall na ríchathaoireach agus na seanóirí agus na gceithre dhúil, agus chaith siad iad féin ar a n-aghaidh os comhair na ríchathaoireach ag adhradh Dé á rá: «Amen. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Amen.» Ansin labhair duine de na seanóirí agus dúirt sé liom: «Iad seo atá gléasta in éidí geala, cé hiad féin agus cad as ar tháinig siad?» Dúirt mé mar fhreagra air: «A Thiarna liom, tá fhios agat.» Agus dúirt sé liom: «Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain. Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d' oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint; ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg. Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.' Nuair a d' oscail [an tUan] an seachtú séala, tharla ciúnas, mar a bheadh ar feadh leathuaire, sna flaithis. Urnaithe na Naomh ag Brostú an Lae Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na ríchathaoireach. Agus chuaigh deatach na túise mar aon le hurnaithe na naomh go léir in airde ó lámh an aingil a bhí os comhair Dé. Ansin thóg an t-aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. D' éirigh raistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún. Ansin phrapáil na seacht n-aingil leis na seacht dtrumpaí chun iad a shéideadh. Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir. Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach san fharraige. Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíola beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long. Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce. «Mormónta» is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n-uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh. Ansin shéid an ceathrú haingeal a thrumpa agus buaileadh trian den ghrian agus den ghealach agus trian de na réaltaí, i dtreo gur dhorchaigh ar thrian díobh agus go raibh trian den lá gan soilsiú agus trian den oíche mar an gcéanna. Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: «Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.» Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin. Agus d' oscail sé an poll duibheagáin agus d' éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill. Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpí na talún. Dúradh leo gan dochar a dhéanamh d' fhéar na talún, ná d' aon fhás ná d' aon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n-éadan. Ná níor tugadh de chead dóibh iad a mharú, ach a bheith á bpianadh ar feadh chúig mhí, agus cealg a bpéine mar chealg scairpe nuair a chuireann sí i nduine í. Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu. Ba chuma iad na lócaistí, le féachaint orthu, le capaill feistithe chun catha; ar a gceann bhí coróin mar a bheadh d' ór, agus a gceannaithe mar a bheadh ceannaithe daoine; bhí gruaig orthu mar ghruaig ban, agus fiacla acu mar fhiacla leon. Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha. Tá eireaball orthu cosúil le scairp agus cealg ann; agus is san eireaball atá a gcumhacht chun bheith ag pianadh na ndaoine ar feadh chúig mhí. Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis. Tá mairg a haon imithe léi. Féach, seo dhá mhairg eile le teacht fós. Ansin shéid an séú haingeal a thrumpa, agus chuala mé an glór ag teacht ó cheithre chorr na haltóra óir a bhí os comhair Dé, agus é á rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige: «Scaoil na ceithre haingil atá faoi chuibhreacha lámh le habhainn mhór an Eofrataes.» Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna. Agus ba é líon na ndíormaí marcshlua chuala mé a líon dhá oiread deich míle de dheich míle fear. Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m' fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n-each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala. Ba leis na trí plánna sin a maraíodh trian den chine daonna, leis an tine, leis an deatach agus leis an ruibh ag sileadh óna mbéal. Óir tá cumhacht na n-each ina mbéal agus ina n-eireaball. Tá a n-eireabaill mar nathracha nimhe, agus cinn orthu, agus is leo a dhéanaid dochar. Ach an chuid eile den chine daonna a fágadh gan marú ag na plánna seo, ní dhearna siad aithrí in oibreacha a lámh agus gan adhradh do na deamhain ná do na híola óir ná airgid ná cré-umha ná cloiche ná adhmaid, nithe atá gan cumas radhairc ná éisteachta ná siúil. Ní mó ná sin a rinne siad aithrí ina ndúnmharuithe ná ina n-asarlaíocht ná ina gcuid striapachais ná gadaíochta. Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine, agus bhí scrolla beag ar oscailt aige ina lámh. Chuir sé a chos dheas ar an bhfarraige agus a chos chlé ar an talamh, agus ghlaoigh sé de ghlór ard mar leon ag búireadh. Agus nuair a ghlaoigh, labhair na seacht dtoirneach lena nglór ar leith féin. Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis á rá: «Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.» Agus an t-aingeal a chonaic mé ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh, d' ardaigh sé a lámh chun na bhflaitheas agus mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: «Ní bheidh moill ann feasta, ach sna laethanta a ghlaofaidh an seachtú haingeal, nuair a bheidh sé ar tí a thrumpa a shéideadh, ansin beidh rúndiamhair Dé arna comhlíonadh faoi mar a d' fhógair sé dá sheirbhísigh, na fáithe.» Ansin an guth a chuala ó na flaithis labhair sé liom arís, agus dúirt sé liom: «Ar aghaidh leat, tóg an scrolla atá ar oscailt i lámh an aingil atá ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh.» Chuaigh mé chun an aingil á rá leis an scrolla beag a thabhairt dom. Agus dúirt sé liom: «Tóg agus slog é, agus cuirfidh sé casadh searbh ar do ghoile, ach beidh sé milis mar mhil i do bhéal.» Thóg mé an scrolla beag, más ea, ó lámh an aingil agus shlog mé é, agus bhí sé milis mar mhil i mo bhéal, agus nuair a bhí sé ite agam tháinig casadh searbh ar mo ghoile. Ansin dúradh liom: «Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha (agus teangacha) agus a lán ríthe.» Ansin tugadh bata dom mar shlat tomhais agus é á rá liom: Éirigh agus tomhais teampall Dé, agus an altóir agus an lucht adhartha ansiúd; ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead. Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí. Is iadsan an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasaíonn os comhair Tiarna an domhain. Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú. Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeadh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo. Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad. Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire ar a dtugtar go fíorúil Sodom, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith; agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh; agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháidh seo áitritheoirí an domhain.» Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mbonna, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu. Agus chuala siad guth tréan ó na flaithis á rá leo: «Tagaigí anseo aníos!» Agus chuaigh siad suas chun na bhflaitheas i néal agus a naimhde ag faire orthu. Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas. Tá an dara mairg imithe léi. Féach, tá an tríú mairg ag teacht gan mhoill. Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b' shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: «I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.» Agus an ceathrar seanóirí ar fhichid a bhí ina suí ina ríchathaoireacha os comhair Dé, chaith siad iad féin ar a mbéala agus thug siad adhradh do Dhia á rá: «Beirimid buíochas leat, a Thiarna, a Dhia Uilechumhachtaigh, an té atá ann agus a bhí mar gur ghlac tú chugat do mhórchumhacht agus go ndeachaigh tú i mbun rialaithe. Ghabh fearg na ciníocha, ach tháinig fraoch d' fheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh, uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe, agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do d' ainm, idir bheag agus mhór, uain scriosta lucht scriosta an domhain.» Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta. Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a ceann. Bhí gin aici ina broinn, agus d' éigh sí ina híona agus ina pianta linbh. Ansin thaibhsigh an dara comhartha sa spéir, féach, dragan mór dearg le seacht gceann agus deich n-adharc agus seacht gcoróin ar a chinn. Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d' fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é. Agus rug sí gin mic atá chun na ciníocha go léir a rialú le slat iarainn; agus sciobadh a mac suas chun Dé agus chun a ríchathaoireach. Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá. Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhícheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan. D' fhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath, ach ní rug siad bua, agus ní bhfuarthas a n-ionad sna flaithis feasta. An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis. Agus chuala mé guth tréan sna flaithis á rá: «Anois tá slánú agus neart agus tiarnas ár nDé agus údarás a Chríost tagtha, óir teilgeadh anuas cúisitheoir ár mbráithre, an té a bhíodh á gcúisiú os comhair Dé de lá agus d' oíche. Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n-anam thar an mbás. Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.» Nuair a chonaic an dragan gur teilgeadh chun na talún é, chuaigh sé sa tóir ar an mbean a rug an ghin mic. Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n-eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha. Sceith an nathair nimhe uisce, mar abhainn, as a bhéal i ndiaidh na mná d' fhonn go bhfuadódh sé le sruth í. Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus d' oscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal. Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d' imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa. Agus sheas sé ar bhruach na farraige. 13:1 Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n-adharc agus seacht gceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n-adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn. 12:18 Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa beithre, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht. Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch. Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: «Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?» Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead. D' oscail sé a bhéal do mhaslaí in aghaidh Dé, chun a ainm a mhaslú, agus a áitreabh agus cách a bhfuil a n-áitreabh acu sna flaithis. Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine. Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé: «Má tá geibheann i ndán d' aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.» Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan. Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo á cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta. Agus déanann sé comharthaí móra, á chur faoi deara fiú amháin do thine tuirlingt ar talamh ó neamh os comhair daoine. Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair. Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh. Cuireann sé iallach ar gach duine idir bheag agus mhór, idir shaibhir agus dhaibhir, idir shaor agus dhaor, marc a bhualadh ar a ndeaslámh nó ar a n-éadan agus sin i dtreo nach bhféadfadh aon duine ceannach ná díol gan an marc, ainm an bheithígh is é sin, nó uimhir a ainm, a bheith air. Anseo a éilítear an eagna! An té a bhfuil éirim ann, comhaireadh sé uimhir an bheithígh, óir is uimhir duine é. A 666 a uimhirsean! Rinneadh fís dom arís: b' shiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n-éadan. Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuiltí lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna. Agus canann siad mar a bheadh caintic nua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre dhúil bheo agus na seanóirí; níor fhéad aon duine an chaintic a fhoghlaim seachas an céad agus ceithre mhíle agus daichead a bhí ceannaithe ón saol. Siúd iad an dream nár truaillíodh le mná, mar is aontumhaigh iad. Iadsan lucht leanta an Uain cibé áit ina ngabhann sé. Ceannaíodh iadsan as an gcine daonna mar chéadtorthaí do Dhia agus don Uan, agus ní bhfuarthas bréag ina mbéal. Tá siad gan cháim. Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal. Bhí sé ag glaoch go hard á rá: «Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíoruisce.» Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: «Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.» Lean aingeal eile iad, an tríú ceann, agus é ag glaoch go hard á rá: «Má shléachtann aon duine don bheithíoch agus dá dhealbh agus a chomhartha a ghabháil chuige ar a éadan nó ar a lámh, ólfaidh seisean chomh maith cuid d' fhíon feirge Dé arna dhoirteadh gan chumasc i gcupán a chuthaigh; déanfar é a phianadh le tine agus le ruibh os comhair na n-aingeal naofa agus an Uain. Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.» Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa. Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: «Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.» «Is beannaithe go deimhin,» a deir an Spiorad, «i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n-oibreacha á leanúint.» Ansin bhí fís agam agus b' shiúd an néal geal agus ina shuí ar an néal, neach mar mhac duine, agus coróin óir ar a cheann agus corrán géar ina lámh. Agus tháinig aingeal eile amach ón teampall, ag glaoch in ard a ghutha ar an té a bhí ina shuí ar an néal, á rá: «Sáigh isteach do chorrán agus bain; óir tá aimsir an fhómhair tagtha agus tá fómhar an domhain seanabaí.» Ansin d' imir an té a bhí ina shuí ar an néal a chorrán ar fhómhar an domhain agus baineadh fómhar an domhain. Ansin tháinig aingeal eile amach ón teampall sna flaithis agus corrán géar aigesean chomh maith. Agus an t-aingeal a bhí i gceannas na tine, tháinig sé amach ón altóir agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar an té ag a raibh an corrán géar á rá: «Sáigh isteach do chorrán géar agus bailigh crobhaingí fíniúna an domhain, óir is abaí dá chaora go léir.» Agus d' imir an t-aingeal a chorrán ar an domhan, agus bhailigh sé fómhar fíniúna an domhain, agus theilg sé é i gcantaoir mhór feirge Dé. Agus pasáileadh an chantaoir lasmuigh den chathair, agus sceith fuil as an gcantaoir go sriana na n-each, agus sin míle sé chéad staid ó bhaile. Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche. Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu, agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: «Is éachtach agus is iontach iad d' oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha. Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d' ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.» Ina dhiaidh sin chonaic mé fís! b' shiúd teampall bhoth na fianaise ar oscailt sna flaithis, agus tháinig na seacht n-aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n-ucht. Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n-aingeal seacht soitheach óir lán d' fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta. Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d' aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n-aingeal chun críche. Ansin chuala mé guth ard ón teampall á rá leis na seacht n-aingeal: «Imígí agus doirtigí seacht soitheach feirge Dé ar an domhan.» Agus d' imigh an chéad aingeal agus dhoirt sé a shoitheach ar an talamh; agus tháinig drochneascóid nimhneach ar na daoine ar a raibh marc an bheithígh agus a shléachtadh le hómós dá dhealbh. Dhoirt an dara haingeal a shoitheach ar an bhfarraige agus rinne fuil mar a bheadh fuil chorpáin di, agus fuair gach míol beo dá bhfuil san fharraige bás. Dhoirt an tríú haingeal a shoitheach ar na haibhneacha agus ar na toibreacha uisce agus rinneadh fuil díobh. Agus chuala mé aingeal na n-uiscí á rá: «Is cóir thú, an té atá ann, agus a bhí, ós mar seo a thug tú breith, tusa atá naofa. Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!» Agus chuala an altóir féin á rá: «Sea, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh, is fíor agus is cóir iad do bhreitheanna!» Dhoirt an ceathrú haingeal a shoitheach ar an ngrian, agus ceadaíodh dise na daoine a loscadh le tine, agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó. Dhoirt an cúigiú haingeal a shoitheach ar ríchathaoir an bheithígh, agus luigh dorchacht ar a ríocht, agus chogain daoine a dteanga le barr péine, agus mhaslaigh siad Dia na bhflaitheas de bharr a bpianta agus a neascóidí ach ní dhearna siad aithrí ina n-oibreacha. Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar an abhainn mhór, an Eofrataes, agus chuaigh an t-uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir. Agus chonaic mé trí spioraid neamhghlana, mar fhrogaí, ag teacht ó bhéal an dragain agus ó bhéal an bheithígh agus ó bhéal an fháidh bhréige spioraid deamhan iad a bhíonn ag déanamh comharthaí, agus téann siad amach chun ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh. «Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachadh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfí a náire.» Agus chruinnigh siad iad chun na háite ar a dtugtar Harmagadón san Eabhrais. Dhoirt an seachtú haingeal a shoitheach ar an aer agus tháinig an guth tréan as an teampall ón ríchathaoir, á rá: «Tá sé curtha i gcrích!» Agus tharla tintreacha agus tormáin, agus toirneacha; agus tharla crith mór talún nach raibh a leithéid ann ó tháinig daoine ar an domhan, bhí an crith talún úd chomh tréan sin. Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d' fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di. Theith gach oileán agus ní raibh fáil ar na sléibhte. Agus thit clocha móra sneachta, chomh trom le tallann, anuas ó neamh ar na daoine. Agus mhaslaigh na daoine Dia de bharr plá na gclocha sneachta, óir ba rómhór mar phlá iad. Ansin tháinig ceann de na seacht n-aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: «Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána. Rinne ríthe an domhain striapachas léi-se, agus chuir fíon a striapachais áitritheoirí an domhain ar meisce.» Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n-adharc. Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán d' uafáis agus de shalachair a striapachais. Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa (rúndiamhair é): «An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.» Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil finnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé. Agus dúirt an t-aingeal liom: «Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá á hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n-adharc. «An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d' áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht. Éilíonn sé seo ceann lán d' eagna. Na seacht gceann, seacht gcnoc iadsan ar a bhfuil a suíochán ag an mbean, agus seachtar ríthe leis; tá cúigear díobhsan tite, tá duine díobh faoi réim, agus duine eile gan teacht fós; nuair a thiocfaidh sé, ní mór an mhoill a bheidh air. Agus an beithíoch, a bhí ann, agus nach bhfuil, eisean an t-ochtú duine, cé go bhfuil sé ar an seachtar, agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus na deich n-adharc a chonaic tú, deichniúr ríthe iad nár ghabh ríocht fós, ach tá cumhacht le fáil acu ar feadh aon uaire amháin mar ríthe le cois an bheithígh. Táid d' aon mhéin agus ag toirbhirt a nirt agus a gcumhachta don bheithíoch. Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.» Lean sé air ag caint liom: «Na huiscí a chonaic tú mar a bhfuil an striapach ina suí, pobail agus slóite iad, agus ciníocha agus teangacha. Agus na deich n-adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine, óir chuir Dia ina gcroí a mhian féin a dhéanamh, a bheith d' aon mhéin, agus a ríocht a thoirbhirt don bheithíoch nó go gcomhlíonfar briathra Dé. Agus an bhean a chonaic tú, ise an chathair mhór, í siúd a bhfuil údarás aici ar ríthe an domhain.» Ina dhiaidh seo i bhfís chonaic mé aingeal eile ag teacht anuas ó na flaithis, agus údarás mór aige, agus lonraigh an domhan lena ghlóir. Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: «Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair; óir d' ól na ciníocha go léir fíon corraitheach a striapachais. Rinne ríthe an domhain striapachas léi Agus d' éirigh ceannaitheoirí an domhain saibhir le teann a teaspaigh.» Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: «Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh. Óir shroich a cionta na flaithis agus thug Dia a héagóra chun cuimhne. Díolaigí an comhar léi; cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi. An cupán a mheasc sí [do dhaoine eile], meascaigí dise é le dúbailt tomhais. De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: 'Is banríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.' Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna bás agus doilíos agus gorta, agus loscfar í le tine. Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.» Agus ríthe an domhain, an dream a rinne striapachas léi agus teaspach, déanfaidh siad caoineadh agus lógóireacht fúithi nuair a fheicfidh siad deatach a tóiteáin; agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad: «Is mairg duit, is mairg a chathair mhór, a Bhablóin, a chathair thréan, óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.» Beidh ceannaitheoirí an domhain á caí agus á caoineadh mar nach gceannaíonn aon duine aon lasta leo feasta lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair; ná aon chainéal, ná spíosraí, ná musc, ná miorr, ná túis; ná fíon, ná ola, ná plúr mín, na cruithneacht, ná stoc, ná caoirigh, ná capaill, ná carbaid, ná daoráin anamacha daoine is é sin. «Tá fómhar mór mhiangas d' anama éalaithe uait. Tá imeacht gan teacht déanta ag do shólaistí agus ag do ghalántacht go léir.» Ceannaitheoirí na nithe seo, an lucht a rinne saibhreas tríthi, beidh siad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide agus iad ag caoi agus ag olagón, á rá: «Is mairg di, is mairg don chathair mhór, í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid, agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Óir in aon uair amháin scriosadh an saibhreas sin uile.» Agus gach captaen farraige, agus cách a sheolann ar muir, agus mairnéalaigh, agus an dream a shaothraíonn a mbeatha ar farraige, sheas siad i bhfad amach agus chaoin siad go hard nuair a chonaic siad deatach a tóiteáin á rá: «An raibh leithéid eile na cathrach móire ann?» Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón: «Is mairg di, is mairg don chathair mhór, mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais; in aon uair amháin scriosadh í. A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.» Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá: «Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d' aon iarracht, gan fáil uirthi feasta. Agus ní chloisfear a thuilleadh ionat ceol na gcruitirí, ná na gcantairí, ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí. Ní bheidh ceardaí aon cheirde, le fáil ionat a thuilleadh; ná ní bheidh glór an mhuilinn le clos ionat feasta. Ná ní shoilseoidh solas lóchrainn ionat a thuilleadh; ná ní bheidh guth fir ná mná céile le cloisteáil ionat feasta. Óir ba iad do mhangairí flatha an domhain; agus mealladh na ciníocha go léir le d' asarlaíocht. Fuarthas inti fuil na bhfáithe agus na naomh go léir agus a bhfuil úd uile a básaíodh ar talamh.» Ina dhiaidh sin chuala mé mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis á rá: «Alleluia! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart. Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir. Thug sé breith ar an striapach mhór a thruailligh an domhan lena striapachas. Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.» Ghlaoigh siad arís: «Alleluia! Éiríonn a deatach uaithi ar feadh na síoraíochta.» Agus chaith an ceathrar seanóirí ar fhichid agus na ceithre dhúil bheo iad féin ar an talamh agus shléacht siad do Dhia a bhí ina shuí sa ríchathaoir á rá: «Amen. Alleluia.» Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá: «Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.» Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuiltí lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad á rá: «Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim. Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó. Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachair arna hullmhú féin. Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach» (óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín). Agus dúirt [an t-aingeal] liom: «Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.» Ansin dúirt sé liom: «Focail fhíora Dé iadsan.» Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: «Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.» Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b' shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt. Bladhm thine a shúile, agus ar a cheann tá mórán mionn ríoga, agus tá ainm aige scríofa nach eol d' aon duine ach dó féin amháin. Tá sé gléasta in éide a tumadh i bhfuil, agus is é ainm a ghoirtear air «Briathar Dé.» Agus bhí sluaite neimhe á leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan. Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh. Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: «Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.» Ansin chonaic mé an t-aingeal ina sheasamh ar an ngrian, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha agus dúirt sé leis na héin go léir ar eitilt i mbuaic neimhe: «Tagaigí agus cruinnigí chun fleá mhór Dé, chun go n-íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil cheanafort, agus feoil na laochra, agus feoil na n-each, agus feoil a marcach, agus feoil gach n-aon idir shaoránach is dhaoránach, idir bheag agus mhór.» Agus chonaic mé an beithíoch, agus ríthe an domhain, agus a sluaite arna dtóstal chun cogadh a fhearadh ar an marcach agus ar a shlua-san. Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh. Maraíodh an chuid eile le claíomh mharcach an eich, an claíomh úd a bhí ag síneadh óna bhéal. Agus fuair na héin go léir a sáith dá bhfeoil. Ansin chonaic mé an t-aingeal ag tuirlingt ó na flaithis, agus eochair an duibheagáin ina lámh aige, agus slabhra mór. Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhreacha é ar feadh míle bliain, agus chaith sé é don duibheagán, agus d' iaigh sé air, agus bhuail sé séala os a chionn i dtreo nach meallfadh sé na ciníocha arís nó go gcomhlíonfaí an míle bliain. I gcionn an aga sin ní mór é scaoileadh ar feadh tamaillín. Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n-éadan ná ar a lámh. Tháinig an t-anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost. Níor tháinig an t-anam sa chuid eile de na mairbh nó go raibh an míle bliain istigh. É sin an chéad aiséirí. Is beannaithe agus is naofa an té atá páirteach sa chéad aiséirí. Ní bhaineann cumhacht an dara báis leo, ach beidh siad mar shagairt le Dia agus le Críost agus rialóidh míle bliain fairis. Ar chomhlíonadh an mhíle bliain, scaoilfear Sátan as a ghéibheann, agus amach leis ag mealladh na gciníocha i gceithre hairde an domhain, idir Ghóg agus Mhagóg, chun iad a thionól chun catha; is mar ghaineamh na trá a líon slua. Ghabh siad suas thar chlár na talún, agus chuir siad léigear ar champa na naomh agus ar an muirnín cathrach. Ach tháinig tine ó Dhia anuas ó na flaithis agus d' alp iad. Agus an diabhal a mheall iad, teilgeadh é sa linn tine agus ruibhe mar ar teilgeadh an beithíoch agus an fáidh bréige chomh maith; beidh siad á gciapadh de lá agus d' oíche ar feadh na síoraíochta. Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n-ionad níos mó. Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na ríchathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, leabhar na beatha is é sin. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n-oibreacha. Agus thug an fharraige uaithi a raibh de mhairbh aici, agus an Bás agus Ifreann a raibh do mhairbh iontu; tugadh breith orthu, gach duine de réir a n-oibreacha. Agus teilgeadh an Bás agus Ifreann isteach sa linn tine. An linn tine sin an dara bás. Agus má bhí aon duine nach bhfuarthas a ainm i leabhar na beatha teilgeadh é sa linn tine. Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta. Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile. Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: «Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru. Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.» Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: «Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.» Agus ar sé: «Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.» Agus dúirt sé liom: «Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha. An té a bhéarfaidh bua, beidh na nithe seo mar oidhreacht aige, agus beidh mise i mo Dhia aige, agus beidh seisean ina mhac agam. Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.» Ansin tháinig ceann de na haingil ag a raibh na seacht soitheach a bhí lán de na seacht bplá dheiridh agus d' agaill sé mé á rá: «Tar, agus taispeánfaidh mé duit an nuathair, céile an Uain.» Agus rug sé leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó neamh ó Dhia, agus glóir Dé aici. Ba chosúil a lonradh le cloch rólómhar, mar chloch sheaspair ar ghile an chriostail. Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael; bhí trí gheata ar an taobh thoir, trí gheata ar an taobh thuaidh, trí gheata ar an taobh theas, agus trí gheata ar an taobh thiar. Agus dhá chloch déag bhoinn faoi mhúr na cathrach, agus orthusan dhá ainm déag dháréag aspal an Uain. Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas. Tá an chathair arna leagan amach ina cearnóg, comhfhad comhleithead. Thomhais sé an chathair lena shlat; dhá mhíle dhéag staid; a fad, a leithead agus a hairde mar a chéile. Agus thomhais sé a múr: céad agus ceithre bhanlámh is daichead de réir tomhas fir, mar a bhí ag an aingeal. Agus ba de sheaspar a tógadh an múr, agus ba ór glan an chathair, geal mar ghloine. Bhí gach sórt cloch lómhar mar mhaise ar chlocha boinn mhúr na cathrach. An chéad chloch bhoinn, seaspar; an dara ceann, saifír; an tríú ceann, agáit; an ceathrú ceann, smaragaid; an cúigiú ceann, oinisc; an séú ceann, rúibín; an seachtú ceann, criosailít; an t-ochtú ceann, beiril; an naoú ceann, tópas; an deichiú ceann, criosafrás; an t-aonú ceann déag, iasaint; an dara ceann déag, aimitis. Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí d' aon phéarla amháin. Ba ór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach. Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici. Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann. Siúlóidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici. Ní dhúnfar a geataí sa lá agus oíche ní bheidh ansiúd. Tabharfar glóir agus onóir na gciníocha isteach inti. Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar beatha an Uain. Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain. Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoradh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann. Ní bheidh aon ní faoi mhallacht feasta, ach beidh ríchathaoir Dé agus an Uain sa chathair, agus adharfaidh a sheirbhísigh é, agus beidh a ghnúis le feiceáil acu, agus beidh a ainm ar chlár a n-éadain. Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta. Agus dúirt sé liom: «Briathra dílse fírinneacha iad seo. Dia, Tiarna spioraid na bhfáithe, sheol sé a aingeal chun a thaispeáint dá sheirbhísigh na nithe nach foláir a tharlú gan mhoill. Sea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fháistine an leabhair seo.» Mise, Eoin, a chuala agus a chonaic na nithe seo. Nuair a chuala agus a chonaic mé, chaith mé mé féin ag cosa an aingil a d' fhoilsigh na nithe seo dom chun é a adhradh. Ach ar sé liom: «Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.» Agus dúirt sé liom: «Ná cuir séala ar bhriathra fháistine an leabhair seo mar tá an uain in achomaireacht. Fear na héagóra, déanadh sé éagóir fós; agus fear an striapachais, leanadh sé dá striapachas; fear na córa, cleachtadh sé an chóir fós; agus an naomh, leanadh sé dá naofacht.» «Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar. Mise an tAlfa agus an tÓimige, an té atá ar tosach agus ar deireadh, an tús agus an chríoch.» Is méanar dóibh siúd a níonn a n-éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair. Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é. «Mise, Íosa, a sheol m' aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.» Deir an Spiorad agus an nuachair: «Tar.» Agus an té a chloiseann, abradh sé: «Tar.» Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige. Tugaim rabhadh anois do gach duine a chloiseann briathra fháistine an leabhair seo. Má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia sa mhullach air na plánna atá scríofa sa leabhar seo. Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuidsean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo. An té a thugann fianaise ar na nithe seo, deir sé: «Sea, táim ag teacht gan mhoill.» Amen. Tar, a Thiarna Íosa. Grásta an Tiarna Íosa go raibh leis na naoimh go léir. Amen.