Grádh agus Crádh: ELTeC edition Ní Fhaircheallaigh, Úna (1874-1951) ELTeC conversion Justin Tonra 4775 28 COST Action "Distant Reading for European Literary History" (CA16204) Zenodo.org ELTeC Grádh & Crádh: Úirsgéilín: Foclóir Stairiúil Na Nua-Ghaeilge (FNG) / The Historical Dictionary of Modern Irish edition Grádh & Crádh: Úirsgéilín Úna Ní Fhaircheallaigh Connradh na Gaedhilge 1905 Grádh agus Crádh: Úirsgéilín Úna Ní Fhaircheallaigh Connradh na Gaedhilge 1901

Initial conversion to ELTeC level 0. Updated Publication Statement and front matter.

Leabhráin and Irisleabhair.—I.

GRÁDH AGUS CRÁDH:

ÚIRSGÉILÍN.

Úna Ní Fhaircheallaigh

DO SGRÍOBH.

Baile Átha Cliath:

CONNRADH NA GAEDHILGE.

1901.

Pinginn.

Ná measadh éinneach gur fíor-sheanchas atá 'sna leabhrán so. Is é atá ann ioná sgéilín; &, d'á bhrígh sin, níor chuireas síos ar gach ní d'ár bhain leis an gCaiptín & d'ár thuit amach 'n-a thaoibh díreach mar thárla. Ní oirfeadh a leithéid do réim an sgéilín

Ú. Ní Fh.

GRÁDH & CRÁDH.

Suas le céad bliadhan ó shoin do bhí duine dar bh'ainm an Caiptín Ua Raghallaigh i n-a chomhnuidhe i Muinntir Chonnacht, triocha céad atá i ngar do Loch Reamhair i gcondae an Chabháin. Caiptín Sacsanach do b'eadh é, gé gur dhuine do threibh Ua Raghallaigh do bhí ann. B'fhéidir go bhfuil sé chomh maith dham, sul a rachad níos fuide leis an sgéal, an ní aisteach soin do mhíniughadh.

Do thuit amach i n-aimsir Shibéala bain- ríoghan gur iompuigh cuid do threibh Uí Raghallaigh i n-a Sacsanchaibh. Do thréig- eadar a muinntear & a gcreideamh & níor bh'fhada dhóibh mar soin go rabhadar chomh Sacsanach leis na Sacsanchaibh féin. Do rinneadar amhlaidh chum a ndúithche d'fhaghbháil ó bhainríoghain na Sacsan, & ba bheag an meas do bhíodh ag na fíor-Ghaedhealaibh orra ó shoin i leith. "Ua Raghallaigh na Bainríoghna" tugadh ar gach duine aca, & do lean an t-ainm céadna d'á gcloinn ó aois go haois anuas go dtí an aimsear atá ann indiu. Ní dhearna, ámh, acht corr-dhuine aca ionntódh ar an gcuma soin, buidheachas mór le Dia is na flaitheasaibh ar a shon, & dá laighead iad an uair úd, is lugha iad anois, óir is tearc duine d'á sliocht atá ar shlighidh na bréige le n-ár linn-ne chum na talmhan do sheal- bhughadh & chum pléisiúir do bhaint as an saidhbhreas do cheannuigh a sinnsir ar luach a gcreidimh & a dtír-ghrádha do shéanadh.

Bíodh soin mar atá, bhí an Caiptín ar na daoinibh ba chumhachtaighe d'á raibh 'sa' gcondae an uair úd. Do cailleadh a bhean acht d'fhág sí inghean i n-a diaidh, & b'é Eibhlíse an t-ainm do bhí uirri-sean. D'fhás sí suas i n-a cailín bhreagh shlachtmhar nó gur dheise cruth & déanamh í ioná aon chailín d'á raibh i mBreifne thoir thiar, thíos thuas. Do bhí duine do shean-phór Ua Raghallaigh i n-a chomh- suidhe láimh le Murmaid ar an taoibh eile do Loch Reamhair & bhí sean-aithne ag Eibhlíse air, & tárla go dtugadar grádh d'á chéile & gur bh'amhlaidh do bhí ar feadh tamaill do bhliadhnaibh. Níor thaitnigh sin le hathair Eibhlíse, chuige ioná ar aon chor, óir do bhí fuath aige ar gach duine d'á shloinneadh féin d'ár lean do'n tshean-chreideamh & go háirithe ar mhuinntir Chonaill Uí Raghallaigh as ucht gur bh'iad-san do bhéadh i n-a dtaoiseachaibh os cionn treibhe Ua Raghallaigh, dá mbéadh a gceart aca. Acht cheana, le dul ar aghaidh leis an sgéal, bhí Eibhlíse ag dul isteach i n-a ficheadh bliadhain nuair thárla an sgéal atá d'á sgríobhadh agam annso.

Lá samhraidh d'á raibh an ghrian ag lonnradh ar an dúthaigh do bhí Inghean Uí Raghallaigh amuigh i n-a haonar i mbáidín bheag ar Loch Reamhair. Níor bh'iongnadh í bheith ag pléidhe leis na maidíbh rámha; ba mhinic di 'gá dhéanamh soin & ag caitheamh an lae go léir ar an loch.

Do chuireadh sí suas do'n obair anois & arís, & do thógbhadh sí a ceann le breathnughadh ar na spéarthaibh — áit nach raibh fiú an néill le feicsin innte. Do bhí teas an lae thart nach mór, & bhí sídhe bheag ghaoithe ag séideadh tarsna an locha. Do bhí solas na gréine ag súgradh leis an bhfraoch thuas ar mhullach an tshléibhe éirighe s láimh leis an mbaile mbeag ó thuaidh.

An ghaoth do bhí ag séideadh an tráth soin d'osgail sí dlaoi ómrach do ghruaig an chailín nó go raibh sí ag tuitim ar a brághaid, & an ghrian do bhí ag taitneamh do sgairt a solas ar a gné & ar na súilibh glasa aici gur bh'amhlaidh do bhí sí ioná cosamhail le maighdin mara nó le mnaoi ó Thír na n-óg. D'fhan sí i bhfad mar sin aon uair amháin & í ag féachain ar an ngréin & ag síor-mhachtnamh go nár airigh sí curach d'á chur amach ar an uisge ó thuaidh. Ní raibh acht aon fhear amháin 'gá iomramh & do rinne sé ar oileán bheag do bhí suidhte i ngar do'n áit i n-a raibh Eibhlíse féin, acht do chuaidh sé i dtír a gan-fhios di. I gceann tamaill, ámh, do chrom sí arís ar iomramh do dhéanamh, & ar an am gcéadna do thosuigh sí ar ghabháil fhuinn. Ba bhinne ná ceól na héanlaithe fuaim a gotha mar do b'iad puirt a sean & a sinnsear do ghabh sí. Amhrán i ndiaidh amhráin thug sí uaithi go dtárla sí ar an rann so:—

"Suidhfead síos ar chnoc go hárd Agus geabhad go córach cleite im' láimh, Má gheibhim toil, go sgríobhad mo sháith Ar ghníomhartha suilt 's ar mhaith mo ghrádha."

Ní luaithe do bhí críoch leis an méid sin ná chualathas glór 'san oileán ag déanamh aithrise ar a glór féin:—

"Ar neóin nuair théidhim ar thaoibh Suidhe Finn Fa bhrón i gcéin 's gan aon dom' bhuidhin, Cia sheólfadh aon-mhac Dé im' líon Acht stór mo chléibh, bé 'nÉirinn í."

Ar n-a chlos soin di, do sgannruigheadh an cailín gur thuit na maidí rámha as a lámhaibh. Tug sí a haghaidh ar an oileán & a súile ar leathadh le hiongantas. Acht, níor bh'fhada gur thosuigh sí ar mhiongháire do dhéanamh & gan chosamhlacht fhaitcheasa ar bith uirri.

"Ó! an tusa atá ann, a Chonaill," adubhairt sí; "acht nár bh'iad na focla céadna do bhí againn, adéarainn gur mac alla do bhí ann."

"Is mise atá ann, a chuisle; dar ndóigh, ní duine eile." Leis sin, táinig óigfhear amach ó sgáth na gcrann do bhí ag fás ar an oileán. Do sheas sé ar bhruach an uisge & do shín sé a lámh chuici go dtug sé congnamh dhi fa theacht i dtír. Do léim sí amach go mear aibéil & do rinne Conall an bád do cheangailt do chraoibh chrainn do bhí le n' ais.

"Gabhaim párdún agat, a Eibhlíse, fa gur chuireas isteach ar do chuid smuainte, acht ní raibh aon neart agam air. Bhí an aimsear ag imtheacht & gan acht cúpla uair agam le mo stóirín d'fheicsint."

Do ghabh uathbhás Inghean Uí Raghallaigh an fhaid do bhí sí ag éisteacht leis, & do bhí sgeón i n-a súilibh nuair d'fhreagair sí:—

"Nach bhfuil na laetheannta chomh fada céadna anois, a mh'anam, & do bhí riamh — & cad chuige go mbéadh imshníomh ar mo bheathaidh féin fa ghiorracht na haim- sire?"

Do chrom Conall a cheann & d'fhéach sé go tuirseach truaighmhéileach ar a aon-mhnaoi féin & 'sé adubhairt sé:—

"Ní fhuil sé i ndán dúinn ár saoghal do chaitheamh i bhfochair a chéile, & 'sé as dóigh liom ioná gur fearr dúinn sgaramhaint anocht. Do chonnacas d'athair indiu & tá an sgéal go díreach glan mar shaoileas go mbéadh."

Do thréig dath an róis a gruadhna ann- soin & d'ionntuigh sí chomh bán le sneachta ar gclos na bhfocal soin di, & do b'amhlaidh d'airigh sí í féin ioná dá mbéadh nasg iarainn ag fásgadh a croidhe & ag luighe go trom timcheall air.

D'fhanadar i n-a dtost i bhfad & ba chráidhte dubrónach a n-inntinn & a n-anam ó sgáil a sgaramhna.

Do thosuigh éinín ar seinm cheóil 'sa' gcoill fá thuaidh. Acht an fhuaim sin amháin & géim- neach na mbó mbainne mágcuaird, ní raibh aon ghleó ag cur isteach ar sholamnacht na huaire sin.

Nuair bhíos fuineadh na gréine thart, tig ciúineas i n-aimsir an eadarsholuis, & i n-éinfheacht le ciúineas an domhain nádúrtha tig socracht & síothcháin i gcroidhe an duine. Acht níor bh'amhlaidh do'n bheirt do bhí ag amharc amach ar an loch & suas ar na spéar- thaibh leath-as-tiar.

Níor shaoileadar i n-aon chor gur dheas í an dúthaigh aca-san. Ba chuma leo, an uair sin, áilne & deise an domhain, óir do bhí smúid ar a n-inntinn, & a n-anma fa bhrón aca.

"Tud! tud!" do chuir pléasgadh géar tapaidh isteach ar a smuaintibh fa dheireadh.

Rug Eibhlíse ar láimh ar Chonall & í ag criothnughadh.

"Goidé sin?"

"Ná bíodh aon eagla ort! Fuaim ghunna is eadh é. Nach aisteach í an uair seo do'n lá? Acht, b'fhéidir gur duine é atá ag iarraidh a shuipéir do bhaint amach 'sa' gcoill ar slighidh éigin. Béidh maor d'athar-sa ar lorg an bhochtáin gan mhoill & is deallrathach go dtiubhra sé seal 'sa' bpríosún mar gheall ar an éan úd do mharbhadh."

"Go bhfóiridh Dia ar an duine mbocht, má's mar soin atá an sgéal," ar Eibhlíse. Annsin adubhairt sí:— "Tá néall éigin ag tuitim orm & gan aon leigheas agam air."

"'Sé néall ár sgaramhna atá ann."

"Tud! tud!" arís, & gan aon deireadh leis an bhfuaim do'n chor so. Ní raibh an gleó chomh mór & do bhí do'n turus eile. Capall do bhí ar sodar d'airigheadar gur bh'eadh é. Do thosuigh sé ar dhul cos i n-áirde i gceann tamaill. Annsin, do chuaidh an fhuaim i laige go nár chualadar í, chuige ná ar aon chor.

Do bhí an iomarca bhróin orra, ámh, chum suime do chur 'sna neithibh do thuit amach i n-a dtimcheall & do chromadar ar chomhchaint do dhéanamh arís. Is iomdha rud ar thrácht- adar air — ar an tír bhoicht seo & ar a crádh — ar a ngrádh d'á chéile & ar a gcruadh- chás — ar na laethibh sona do chuaidh thart & ar an aimsir do bhí le teacht. Do bhí a fhios ag Eibhlíse go raibh sé curtha roimhe ag Conall dul tar lear & go bhfanfadh sé ann go mbéadh éirghe amach i nÉirinn. Níor chuir sí i n-a aghaidh, óir ba mhisneamhail an cailín í. Do bhí súil aici go dtiubhradh a hathair cead dóibh fa dhul i gcleamhnas & níor mhaith le ceachtar aca gan a bheannacht d'fhaghbháil uaidh. Rud eile dhe — dd bhí an t-airgead níos fairsinge tar sáile an tráth soin ioná atá le n-ár linn-ne, & do bhí Conall ag tnúth le roinnt óir do chnuasughadh chum aithfhillte ar an gCaiptín & a rádh leis:— "Táim chomh saidhbhir leat-sa anois!"

"Dá mbéinn im' fhear shaidhbhir," ar sé le hEibhlíse, "ní bhéadh an oiread soin gráine aige orm & atá. Dubhairt sé liom indiu nár cheart ná oireamhnach do dhuine bhocht suarach mar mise bheith id' dhiaidh-se — & a rádh go bhfuil an talamh chéadna do bhí ag mo shinnsearaibh aige-sean."

Do bhí Conall ag dul i bhfeirg acht do chuir sé cosg air féin i n-am.

"Gabhaim párdún agat, a mhúirnín mo chroidhe istigh, fa'n méid sin do rádh, acht, táim corruighthe rud beag im' inntinn indiu, & gan ar mo chumas srian do chur lem' theangaidh."

"Ní nach iongnadh liom, a Chonaill."

Mar sin dóibh ag déanamh iarrachta ar shólás do thabhairt d'á chéile gur éirigh an ghealach go geal fuar os a gcionn.

Dá áilneacht Loch Reamhair & a chomhar- sanacht 'san ló le solas na gréine, bíonn an áit úd i bhfad & i bhfad níos deise ist-oidhche nuair bhíos an ghealach 'sna spéarthaibh & gach rud go ciúin socair.

Samhluigheann an loch ar a leithéid sin d'aimsir mar loch gloine & domhan eile faoi — an ghealach, na réalta, na crainn & uile.

"Goidé sin?" ar Eibhlíse go hobann. "Och! ochón! och! ó!" D'éirigh caoineadh ó Mhuinntir Chonnacht taoibh ó dheas, & do thosuigh sé ar dhul i méid gur bh' amhlaidh do bhí sé ioná mar chaoineadh os cionn na marbh.

Do ghabh eagla Eibhlíse as ucht go raibh a fhios aici nach raibh duine 'sa triocha céad i mbaoghal bháis an tráth soin.

"Caithfead dul a bhaile anois a Chonaill; tá eagla an domhain orm go bhfuil rud éigin as an mbealach."

"Ó! tarraing do shuaimhneas ort, a stóirín. Is í seo ár gcoinne dhéidheanach, & tá a fhios ag Dia amháin a' bhfeicfimid a chéile arís a choidhche."

Do-chluinidís an caoineadh anois & arís i n-a dhiaidh sin & gach uair d'á gcuala Inghean Uí Raghallaigh é táinig móir-chrith uirri.

D'fhágbhadar slán & céileabhradh 'gá chéile 'sa' deireadh & do chuir Conall a aon-bhean féin fa choimirce Dé an uair úd & choidhche. Do chuaidh sí isteach 'sa' mbád & do ghlac sí na maidí i n-a lámhaibh & a croidhe go trom dubhach aici.

D'fhan Conall Ua Raghallaigh ag féachain uirri go ndeachaidh sí i dtír i ngar d'á baile féin. D'éirigh fearg i n-a chroidhe ag smuaineadh dhó ar a gcruadh-chás. "Féach mise," adubhairt sé leis féin, "go raibh an triocha céad so ag mo mhuinntir & nach bhféadaim dul go dtí a teach féin le n-a feicsint. Caithfidh mé teacht annso le n-a aghaidh sin díreach mar bhitheamhnach gan áird, gan chlú, & b'fhéidir nach bhfeicfead í ar an gcuma soin féin i n-a dhiaidh seo. Ó! a Dhia, a Dhia! cá fhad a bhéimid d'ár gcrádhadh & d'ár sgriosadh 'sa tír seo, nó an í do thoil-se do chlann féin a bheith gan saidhbhreas an tshaoghail seo!"

Do bhí Eibhlíse ag déanamh ar an tigh nuair chonnaic sí a sean-bhuime chuici & í ag sníomh a lámh & ag béiceadh ar a láin-dícheall:

"Ó! a leinbh mo chroidhe is a chailín na féile! céard do thuit orainn indiu! Ó! mo mhaighistir bocht! mo mhaighistir féin! Ochón! ochón indiu!"

"Goidé atá ort? Innis damh é, i n-ainm Dé." Níor fhéad an inghean, ámh, aon fhreagra d'fhaghbháil uaithi acht caint bhriste & a leithéid sin do chaoineadh. D'fhág sí a buime mar a raibh sí, & do rith sí suas go dtí an teach, a cosa ag cromadh fúithi le méid a faitcheasa.

Do bhí sgata daoine bailighthe thart tim- cheall an dorais. Do rinneadh bealach di, & isteach an dorus léithi, a súile ar leathadh le méid an uathbháis & na himeagla do bhí uirri. Do stad sí go hobann 'sa' halla. Ar a haghaidh go díreach do chonnaic sí rud eigin i n-a luighe ar an urlár. Duine marbh do bhí ann, & é sínte amach fa bhrat.

Do chrom si síos & thóg sí an brat gan, focal do rádh.

An Caiptín Ua Raghallaigh do bhí faoi, — poll i n-a chliabh & an fhuil ag sileadh uaidh.

"A athair! a athair!" do sgread sí, & ar an bhfocal do thuit sí síos 'n-a pleist le n-a ais.

* * * * *

Cúpla lá i n-a dhiaidh sin, do bhí coisde crónaire os cionn an Chaiptín, & as ucht na fiadhnaise tugadh ann, do b'é an breitheamhnas thug na coisdeóirí uatha ioná go raibh Conall Ua Raghallaigh cionntach le bás an Chaiptín. Oidhche an dúnmharbhtha do ghabh buachaillí an ríogh leó é. Do chuireadar 'sa' bpríosún é óir do bhí gach rud i n-a aghaidh. Do bhí a fhios ag an domhan go léir nach dtiubhradh an Caiptín cead pósta le n-a inghin dó. Do chuala na searbhfhoghantaidhthe imreasán eatorra an lá céadna & — rud níos measa fós i n-a aghaidh — fuarathas a ghunna i ngar do'n tigh & é folamh. Rud eile dhe — as gunna do'n tsórt soin tháinig an piléar do mharbh an Caiptín. Ní raibh amhras ar bith acht i dtaoibh aon neith amháin. Do goideadh as an tigh, an oidhche chéadna, suim mhór airgid, & páipéirí do bhain le feirm tháinig isteach ar lámhaibh an Chaiptín féin cúpla bliadhan roimhe sin. Do chuir sé feirmeóir amach as a thigh & as a chuid talmhan — é féin & a chlann — & shin gan mhórán cíosa aige air.

Tug an fear soin mionna go mbéadh a dhíoghaltas aige fós as ucht a ndearna an tighearna talmhan air. Do chuaidh a chlann go hAimeiriocá & do chuaidh sé féin go Condae na Midhe ag iarraidh oibre le déanamh, & tásg ná tuairisg air ní fhuair éinneach i Muinntir Chonnacht ó shoin i leith.

Níor fríth airgead ioná páipéirí ar Chonall, acht, mar sin féin, ba chosmhail go gcrochfaidhe é i ndeireadh na dála, mar gheall ar an gCaiptín do mharbhadh.

Do bhí Eibhlíse beagnach as a meabhair le méid a bróin i ndiaidh a hathar & le hiomad a himshníomha i dtaoibh Chonaill. Do thuit brais tinnis uirri ionnus nach raibh sí i n-innmhe fiadhnaise do thabhairt os comhair an choisde chrónaire. Do bhí cúirt an dlighidh le bheith ar siubhal i gcionn mhíosa & Conall le bheith d'á fhromhadh ann ag an mbreitheamhain & an gcoisde, & ar n-éirghe d'Eibhlíse ó n-a leabaidh thinnis, do chrom sí ar chuartughadh amach comharthaí neimhchionntachta a grádha. Níor bh'fhuruisde sin do dhéanamh & gach ní ag dul i n-a coinne. Fuair sí cúntas ar an bhfeirmeóir úd, acht ní raibh aon mhaithe dhi ann. Chonnacathas é 'san Mhuilionn Chearr uair an chluig i ndiaidh an dúnmharbhtha do dhéanamh, & do bhí a lán daoine réidh le n-a dhearbhadh soin.

* * * * *

Do bhí lá na cúirte ag teacht timcheall & do bhí inghean Uí Raghallaigh, aon lá amháin, ag siubhal le hais Locha Reamhair. Do bhí sí ag smuaineadh & ag síor-smuaineadh ar gach ní d'á dtárla &, fa dheireadh, do bhreathnuigh sí ar an oileán mar ar sgar sí le Conall. D'éirigh gach ní d'ár thuit amach an oidhche dhubrónach úd os comhair a hinntne — fuaim an ghunna, caoineadh na mban, &, rud eile — do chuimhnigh sí go hobann ar an bhfuaim eile do chuala sí an oidhche chéadna — fuaim chapaill ag dul cos i n-áirde.

"Buidheachas & mór-bhuidheachas leat, a Thighearna, is tusa do chuir an tuitim amach úd i gcuimhne dhamh arís. Do chuaidh an ní sin as mo mheabhair ar fad go nuige seo."

D'fhill sí ar a hais chum na stáblaí do bhí ar chúlaibh an tighe, & d'iarr sí ar shean- searbhfhoghantaidhe do bhí ann ag déanamh fhritheóilte ar na capallaibh gabháil i leith chuici gan mhoill.

"Tá na capaill go léir ar foghnamh agat, a Phádruig!"

"Tá, do láthair, a bhean-uasal, buidheachas le Dia, acht, is beag nár cailleadh Bran i ndiaidh an mhaighistir bhoicht. 'Sé an capall do b'fhearr leis d'á raibh aige. Cha dtiubhradh sé ar trí céad púnt é, ar mh'anam! & moladh do Dhia, d'airigh an chréatúir bhocht go raibh tiubaiste orainn an oidhche dhubh úd, go sábháilidh Dia sinn!"

Do phreab croidhe Eibhlíse ar n-a chlos soin di.

"Ar airigh tú aon rud aisteach i n-a thaoibh an oidhche sin?"

Do bhain an sean-fhear a hata dhe & do ghearr sé an chroch chéasta air fein roimh fhreagra do thabhairt ar an gceist dó.

"Ní maith liom bheith ag caint fa n-a leithéidibh sin. Croch Chríost d'ár gcoimeád ó gach uile olc, acht d'airigh mé go ró-mhaith rud éigin as bealach leis an gcapall gcéadna ar an aimsir sin"

"Badh mhaith liom a chloisint gach d'ár thuit amach. Ná bíodh aon fhaitcheas ort fa'n sgéal d'innsint domh ó thús go deireadh!"

Do ghearr Pádruig comhartha na croiche air féin an dara huair & do chrom sé ar an sgéal d'innsin mar leanas:—

"Bhí mé féin i mBeirdsine (.i. i mBaile Locha Reamhair) ag déanamh teach- taireachta le haghaidh an mhaighisdir — beannacht Dé le n-a anam — uair thuit an tiubaiste air. Cha rabhas 'sa' mbaile go raibh sé go han-déidheanach 'san oidhche & mar sin, leis an sgannradh & uile, thárla nach deachaidh me go dtí na stáblaí mar ba ghnáthach dhamh a dhéanamh cibé uair thiocfainn a bhaile. Bhí sé an-dorcha roimh fháinneadh an lae ar maidin lá ar n-a bhárach, & bhí tórradh an Chaiptín bhoicht — go dtuga Dia trócaire d'á anam — ar siubhal againn 'sa tigh mhór. Chuala mé annsin, & chuala daoine nach mé, freisin, fuaim mar dá mbéadh capall ar sodar. Stop sí go tapaidh mar sin, & char chuireamar aon tshuim ann go deachaidh mé chomh fada leis na stáblaíbh, & céard do bhí ann acht Bran & é ag crith & ag cur alluis & a chuid súl, mar adéarthá, ag preabadh amach as a cheann le huathbhás. Ba bheag nár thuit mé féin le faitcheas, óir bhíos cinnte go bhfaca an capall bocht taidhbhse nó taise feadh na hoidhche."

Do chuir Pádruig comhartha na croiche air féin arís & do bhreathnuigh sé go héasgaidh i n-a thimcheall sul mar lean sé ar an sgéal:—

"Féach! a bhean uasal! Is dearbhtha atáim go dtáinig d'athair-se ar a ais ó shluagh na marbh le gnó éigin do dhéanamh & go deachaidh sé ar dhruim a chapaill féin le n-a aghaidh sin. Is dóigh liom go raibh sé ag teacht ar a ais le crích do chur ar obair éigin bhí fa lámhaibh aige sul a deachaidh sé as an saoghal so. Bhí grádh ag an gCaiptín riamh do'n chapall úd & grádh aige-sean dó. Do thaisbeán an beathach bocht a ghrádh, ar aon chuma, mar thug sé congnamh d'á mhaighistir san ghnó soin — cibé ar domhan é! Sin é a bhfuil agam le rádh i n-a thaoibh, & gabhaim párdún agat, a leinbh, fa nach dubhras an mhéid sin leat go nuige seo. Níor mhaith liom imshníomh do chur ort-sa, & sin gan aon tairbhe dhuit."

"Nár bh'é an truagh nár innsis an sgéal soin damh roimhe seo, acht, 'is fearr mall ná ró-mhall.'"

Annsin do mhínigh sí do'n tshean-fhear nár thaidhbhse nó thaise do bhí ann, do réir a baramhla-sa, acht duine 'ga raibh baint aige leis an gCaiptín do mharbhadh. Do chroith seisean a cheann & do dhún sé a bhéal gan focal do rádh i n-a haghaidh, acht d'airigh sí go maith nár chreid sé a ndubhairt sí leis.

"Níor bh'fhéidir gur thaidhbhse do bhí ann," ars' ise arís, "óir chualas féin fuaim an chapaill & é ag dul ar chroidhe a dhíchill; bhí sé ag déanamh ar an Mhuilionn Chearr leis."

"B'fhéidir sin, b'fhéidir sin," ar Pádruig, &, leis sin, do chuaidh Eibhlíse ag triall ar a buime chum comhairle do chur i n-a hucht.

* * * * *

Táinig lá na cúirte timcheall & do dearbhadh gach ní d'ár cuireadh i leith Mhic Uí Raghallaigh. Annsin d'fhiafruigh duine éigin, "Cá bhfuil Inghean Uí Raghallaigh; bhí sí le fiadhnaise do thabhairt annso indiu. Cá bhfuil sí?"

Ní raibh sí i láthair, trá, acht d'éirigh a buime & í ag sileadh deór, & adubhairt:—

"Tá mo leanbh uasal, a thighearna, as a meabhair ó'n trioblóid & ó'n trom-ualach do bhí uirri."

Ní raibh duine do bhí ag éisteacht léithi nach raibh truagh aige do'n chailín óg áluinn do bhí fa bhrón gan chomhartha sóláis aici ó dhuine ioná ó dhaonnacht.

"Ó! a Dhia, a Dhia!" adubhairt Conall Ua Raghallaigh, ag féachain ar na spéarthaibh: "Cad do rinneamar chum an díoghaltais seo do thuilleamh?"

"Acht cheana, thánag-sa," ars' an tshean- bhean, "le fiadhnaise do thabhairt i n-a háit; d'innis sí an sgéal damh ó thús go deireadh sul mar d'imthigh sí le craobhacha."

Níor leigeadh dhi an ní sin do dhéanamh, ámh, & do b'é críoch an sgéil ioná go dtug an coisde a bharamail go raibh Conall Ua Raghallaigh cionntach le bás an Chaiptín, & m'fhocal daoibh nach raibh súil tirim 'sa' gcúirt an lá soin.

Do bhí an breitheamh le breitheamhnas bháis do thabhairt air, acht go díreach glan mar do bhí sé ag cur an bhairéidín duibh ar a cheann do rith fear isteach 'sa' seomra & é ag cur alluis. Tug sé sméideadh do'n bhreitheamh & do stad seisean do'n obair do bhí idir lámhaibh aige. Sean-fhear do b'eadh é. Do b'fhurus an oiread soin do thabhairt fa deara, mar do bhí na ruic le feicsin i n-a éadan & an ghruag bhán ag tuitim anuas ar a mhuineál, ar ndul suas ar bhord na mionna dhó.

Do cuireadh an leabhar i n-a láimh. Níor fhéad sé fiú an fhocail do rádh go ceann tamaill. Annsin do thosuigh sé ar an sgéal chéadna d'innis Pádruig d' Eibhlíse, óir b'é Pádruig féin do bhí ann. Nuair do bhí críoch leis, d'ionntuigh sé ar na neithibh do thuit amach ó shoin anuas d'innsin:—

"Nuair bhreathnuigh mé go cruinn ar gach taoibh do'n cheist, dubhras liom féin gur bh'fhéidir i ndiaidh gach uile neith an ceart a bheith ag mo mhaighistreás i n-a ndubhairt sí liom i dtaoibh an chapaill. Bhí m' aigneadh socair agam gan mhoill, & leis sin chuadhas go dtí an Muileann Cearr a gan-fhios d'éinneach. Fuaras sgéala i gcomhar- sanacht an bhaile sin ar an bhfeilmeóir do cuireadh amach as a thigh cúpla bliadhan ó shoin. Bhi sé imthighthe go hAimeiriocá, acht fuair mé an páipéar so i n-a sheomra. Féach! Is páipéar bhaineas leis an bhfeirm úd é. Rinne sé dearmad air, is dócha. Chuala mé ó roinnt mhaith dhaoine go bhfacathas 'san Mhuilionn Chearr é faoi chionn uaire i ndiaidh aimsire marbhtha mo mhaighisdir. 'Sé sin le rádh gur bh'fhéidir dó ‘alibí’ do dhearbhadh dá ngeabhthaoi é. Fear clisde b'eadh é; ní hiongnadh go dtáinig leis gunna Chonaill óig Uí Raghallaigh do ghoid. Is maith a bhí a fhios aige goidé mar bhéadh an sgéal i n-a thaoibh sin. Táinig mé ar m'ais a bhaile & dubhras im' aigneadh féin & mé ag smuaineadh ar gach d'á dtárla:— ‘Má tá capall ar dhruim na talmhan a dtig leis a dhéanamh soin, 'sé Bran é.’ Chuaidh mé, leis sin, ar a mhuin & as go bráth linn. Bhíomar 'san Mhuilionn Chearr cúig nóim- int roimh an uair, & mo lámh dhaoibh nach bhfuil capall eile 'sa' gcruinne do dhéanfadh é taoibh istigh do'n aimsir chéadna."

Ar n-a chlos soin dóibh, d'éirigh "hurrú" 'sa' gcúirt & do chromadar ar bhualadh bos & ar dhéanamh chomhgháirdeachais le chéile as ucht na sgéala soin.

Níor bh'fhada, i n-a dhiaidh sin, gur saoradh Conall & an oidhche d'fhill sé ar a ais chum a dhúithche féin do lasadh teinnte cnámh ag na daoinibh ar gach cnoc 'sa' gcondae le n-a mbród & a lúthgháir do thaisbeánt d'á dtaois- each ionmhuin féin — acht, ba chuma le Conall bhocht an gáirdeachas soin & a chroidhe go trom aithmhéileach aige. Níor chuir sé aon tshuim i rud ar bith do'n tshaghas soin.

"Ag so an gleó 's an brón is baoithe; Ag so an tuirse 's an doilghe is daoire."

Badh mhian liom críoch mhaith do chur ar an sgéal so. Dob' áil liom a rádh gur phós Conall & Eibhlíse a chéile & gur chaitheadar a laethe go deireadh a saoghail i n-éinfheacht gan doilgheas, gan chrádh — acht, mo léan & mo mhairg nach mar shaoiltear cinntear i gcomhnuidhe, ar an ngleann dubrónach so.

Do chuaidh Conall d'fheicsin a ghrádha, acht níor aithin sí é. Do chaitheadh sí an lá ag imtheacht thall & i bhfus & í ag baint phamhsaer & ag gabháil fhuinn. D'éirigheadh na deóra i súilibh Chonaill gach tráth d'á gcloiseadh sé na sean-amhráin d'á ngabháil. Níor fhéad sé an t-amharc so d'fhulang fa dheireadh. D'fhág sé slán & céileabhradh ag a aon-mhnaoi le dul 'san arm le haghaidh troda do dhéanamh ar son Éireann.

Do thuit sé i gcath Bhaile na hInse suas le céad bliadhan ó shoin, & níor fhan a ghrádh i bhfad i n-a dhiaidh.

Do cuireadh í 'san oileán áluinn úd i gceart-lár an locha & 'sé mar adeir siad ioná go mbíonn óig-bhean ag bualadh anonn & anall trasna an locha le solas na gealaighe & í ag gabháil fhuinn:—

"Dam is dleacht a leacht do líonadh, Dam is eól a sgeól do sgaoileadh, Dam is dual a ruaig do ríomhadh, Ó's dam is cóir a ghlóir do chaoineadh."