An Cneamhaire: ELTeC edition Úna Ní Fhaircheallaigh (1874-1951) ELTeC transcription and encoding Justin Tonra Pádraig Ó Mathúna 7859 36 COST Action "Distant Reading for European Literary History" (CA16204) Zenodo.org ELTeC An Cneamhaire Úna Ní Fhaircheallaigh, M.A. An Cló-chumann, agus M. H. Gill agus a Mhac 1902

Initial conversion to ELTeC level 0.

An Cneamhaire

(Úirsgéal).

Úna Ní Fhaircheallaigh, M.A.,

Do Sgríobh

An Cló-Chumann

agus

M.H. Gill agus a mhac,

Baile Átha Cliath

An Cló-Chumann, Sráid na Trágha Móire, Áth-Cliath

Clár an Leabhair

Caib. I – “Cumh Chroidhe Chailín”… …5

Caib. II – “Cailín deas crúidhte na mbó.” …9

Caib. III – “ ‘S í mo bheatha-sa pian is athtuirse” 21

Caib. IV – “Is goire cabhair Dé ‘ná an doras” 33

Dom’ Mháthair Dhílis

AN CNEAMHAIRE. CAIBIDIL A hAON. "CUMHA CHROIDHE CHAILÍN." "'S í Máire Ní hÉidhin an stáid-bhean bhéasach Ba dheise méin agus b'áilne gnaoi; Dhá chéad cléireach 's a gcur le chéile Agus trian a tréithe ní fhéadfadh 'sgríobh'."

Ba chailín deas í, agus bhí sí i mborradh agus i mbláth a hóige. Do bhí an rann soin thuas dá ghabháil aici agus í ag bualadh síos an bóthar I ngar do theach na sgoile i nInismeadhon. Bhí cliabh ar a druim aici agus soitheach maide i n-a láimh.

Tráthnóna Lughnasa do b’eadh é. Ar chúlaibh an oileáin ó thuaidh do bhí an ghrian ag dul faoi.

Do bhí dathanna an bhogha bháisdighe le feicsint ar an uisge leath-‘s-tiar, agus do stad Máire Ní Fhlaithbheartaigh le breathnughadh ar an amharc thaitneamhach do bhí os comhair a súl amach.

Máire Chatach tugadh uirri ‘san oileán mar gheall ar an ngruaig dhuibh chasta do bhí uirri. Do ghlaodhaidís na buachaillí Máire Bhán uirri freisin, toisg finne a cionnaighthe.

Gé go raibh focla an amhráin ghrádha úd dá gcanadh aici, bhí sí báin-ghnéitheach a dóthain ag bualadh isteach dhí ar chasán do bhí ag dul thar na cairrgeacha.

“tá a folt ag casadh léi ar dath na sméara Na soilse rae-gheal ‘n-a diaidh ‘san drúcht.”

“‘Ar ndó’, a Mháire, is ort-sa a bhí an Reachtabhrach ag smuaineadh nuair do chuir sé an t-amhrán sin le chéile.” A deireadh Peadar Fada léithi go minic ag leagadh bhairr a mhéir ar cheann do na dlaoithibh dréimreacha do bhíodh i gcomhnuidhe ag tuitim le n-a súile.

Is ar Pheadar do bhí sise ag smuaineadh agus í ag tiomáint léithi thar na leacracha. D’árduigh sí a ceann agus chraith sí siar dlaoi dá dlaoithibh dubha do bhí ag cosg a radhairc uirri. Agus leis an gcrathabh soin do sgaoil an deór do bhí fa n-a súil D’airigh sí é ag tuitim ar chúl a láimhe. “Nach amaideach an cailín mé?” Ars’ sise ós árd; agus, ‘gá rádh soin dí, do ghread sí níos tapaidhe ar a haghaidh ag déanamh iarrachta ar ghabháil fhuinn arís:

“A séaltain an tsholuis agus a ghrian an fhoghmhair, A chúilfhionn ómra agus a chuid do’n tshaoigheal, An ngluaisfeá liom-sa faoi chomhair an Domhnaigh, Nó go ndéanmuid comhairle cá mbeidh ar suidhe; Níor mhór liom ceól duit——”

Do cuireadh deireadh leis an amhrán go hobann.

Do theilg Máire an cliabh dá druim do phreib, agus leag sí an soitheach ar an gcarraig loim le n-a hais. Chaith sí í féin síos ceann ar aghaidh ar leic agus í ag gol is ag osnadhail ar a láin-dícheall:

“A Pheadair, a rúin! Bhfuil sé d’fhiachaibh orm thú ’fhágbháil im’ dhiaidh, nó céard do-ghéanad nuair a bhéasmé i bhfad uait? Céard do-ghéana mé gan thú ’fheiceáil ó Luan go Domhnach? Ó! A Dhia, gabh truagh orainn! Céard do-ghéana mé? – céard do-ghéana mé?”

Go ceann I bhfad bhí an cailín bocht mar duine as a mheamhair; urnuighe i ndiaidh urnuighe do chuir sí suas chum na bhflaitheas, agus ar feadh na tréimhse sin níor airigh sí an aimsear ag sleamhnughadh uaithi.

Bhí an ghaoth ag séideadh rud beag i mbéal na fairrge, agus bhí an fhairrge cháithte le feicsint i n-áiteachaibh, acht níor chuir sí ean-tshuim ionnta.

B’fhurus a aithint go raibh aimsear an rabharta ag casadh timchioll, agus foghar na tuinne le cloisint ag tuargaint fa na hailltreachaibh taoibh thiar do’n oileán. Sin comhartha ag na sean-daoinibh go mbeidh an fhairrge ag borradh go mór sul má dtí i bhfad – comhartha contabharta amuigh ar an uisge nuair bhéas na hiasgairí ag cur fútha i gcomhair na hoidhche.

Bhí an ghrian imthighthe ar amharc ar fad agus bhí na tonnta ag briseadh go torannach thíos ar an tráigh, acht níor airigh Máire Bhán é.

Bhí an fhairrge féin ag iompodh dubh fa néaltaibh na hoidhche, agus bhí sgáile na ndathann n-áluinn ag fágbháil na spéire i ndiaidh a chéile, acht ba chuma é an t-iomshlán leis an gcailín do bhí caithte ’n-a pleist ar an talamh, fa bhrón agus fa bhuaidhirt.

Le n-a hais bhí carraig mhór fhánach, agus ar an taoibh thiar dhi bhí sean-fhear i n-a shuidhe ag caitheamh a phíopa ar a shuaimhneas.

Sean-fhear gránda, leadhbach, muthalach do b’eadh é, aghruag bhán, ghliobach ag sileadh siar síos leis agus thar a dhá shúil, agus féasóg fhada shopach air nár bearradh le fada an lá.

Fear tanaidh, fad-lámhach, cam-shúileach do bhí ann, agus ní hiongnadh é go mbíodh na páisdí ag rith ar éigin uaidh le neart a bhfaitcheasa. An cneámhaire – b’shin é an t-ainm do bhí air ’san oileán. Acht nuair bhíthí ag caint leis tugtaoi Séamas air. Ní raibh a fhios ag éinneach cár bh’as é, ná cad ba shloinne dhó, ná dadamh i n-a thaoibh, acht amháin go dtáinig sé go hÁrainn ó’n tír mhóir bliadhain na gortan, agus gur fhan sé ’n-a chomhnaidhe ann i dtigh bheag i n’aonar ó’n am soin anuas. Nuair chualaidh an sean-fhear glór an chailín ag caoi, d’éirigh sé ’n-a sheasamh, agus bhuail sé timchioll na cairrge go mall le fios-fáth an sgéil d’fhaghbháil dhó féin. Peampútaí b’eadh do bhí ar a chosaibh aige, agus níor airigh Máire é ag druidim léithi.

Do stad sé tamall ag breathnughadh uirri agus ag éisteacht léithi, a phíopa ’n-a láimh, agus a shúile cama ar leathadh air. Fiú an fhocail ní dhubhairt sé, acht fa dheireadh is fa dheoidh d’iompuigh sé ar a shála, agus thiomáin sé leis thar na leacracha sleamhna d’ionnsaidhe na fairrge.

Do tharraing sé an píopa as a bhéal i ndeireadh na dálach, agus thug sé a aghaidh siar.

“Aimeiriocá, arís,” ars’ seisean, ag amharc thar na tonntracha móra amach. “Aimeiriocá! Mo sheacht míle mallachtan ort mar Oileán Úr.”

Do sháith sé an píopa isteach i n-a bhéal arís, agus seo ar aghaidh é i n-a thost síos go dtí an Caladh Mór.

CAIBIDIL A DÓ. "CAILÍN DEAS CRÚIDHTE NA MBÓ."

Ní raibh an cneámhaire imighthe i bhfad nuair d’éirigh Máire ar a glúinibh. Bhí a héadan fliuch attha ó neart an chaoinidh, agus shamhlaigh sí bheith as a treóir.

Chonnaic sí an cliabh agus an soitheach le n-a hais, agus rigne sí iarracht ar theacht chuici féin arís. I gceann tamaill d’éirigh léithi, agus níor bh’fhada go raibh sí ag gabháil síos thar na leacracha, agus tríd na garrdhacha beaga ar lorg a bó.

Ar ndul suas ar árdán dí, chonaic sí an cneámhaire thíos uaithi, agus é ag déanamh ar an gCaladh Mhór.

“Is mór an náire dhom bbheith ag béiceadh mar seo,” ars’ sise léithe féin. “Fág go bhfuil roinnt airgid aige siúd, nach bhfuil níos mó do chúram an tshaoghail ag goilleadh air ’ná mar atá orm-sa, gan a rádh freisin go bhfuil sé ’n-a shean-fhear aonaránach agus gan duine dhá mhuinntir aige le haire ’tabhairt dó. Tabhair maitheamhnas dam, a Dhia, faoi bheith ag gearán is ag casaoidh!”

Do shroic sí ‘sa deireadh páirc bheag fa leith agus do dhruid sí leis an mbuin do bhí innte.

Gan a fhios aici go díreach cad fa ndeara é d’imthigh suaimhneas agus socrachd inntne, a bheag nó a mhór, uirri nuair chualaidh sí géimneach an bheathaidhigh neimh-chiallmhair.

“Ní fada uainn anois, a mhuirnín,” ars’ sise, ag tabhairt phóige dhí ar an muineál, “go mbéidh duine eicínt eile ag tabhairt aire dhuit.”

Do chrom Máire ag bleaghan na bó ‘sa soitheach do bhí ’n-a láimh aici. Anois is arís do dhoirteadh sí an bainne isteach ’sa soitheach mhór bhí ’sa gcliabh le n-a hais.

Do bhí sí ag crónán go sámh feadh na haimsire, mar ba ghnáthach léithi.

Bhí críochnuighthe aici beagnach nuair do phreab an bhó i leathtaoibh do phas, ag dortadh, dá bharr, an bhainne do bhí ’sa soitheach bheag.

“Greadadh chugat mar bhó.” Arsa Máire, ag éirghe ’n-a seasamh, agus ag crathadh an bhainne dá háprún; mura buidheach díom thú acht an mhéid sin, go deimhin. Is maith an mhaise duit é; is maith, muis! Seas go réidh anois!

Le linn a ráidhte sin, d’éirigh sí mar a raibh an bhó.

“Greadadh croidhe cráidhte ort, a bheathaidhigh ghránda, Do rug uaim an bainne bán gléigeal!”

Ar a cúl chualaidh sí guth ag gabháil fhuinn, agus dhearc sí ’n-a timchioll ar an mball.

Chonnaic sí buachaill breagh láidir le n-a hais agus é ag mion-gháire. Rug sé ar láimh uirri.

“Ní fhuil éan-iongantas orm, muis, go raibh faitcheas ar an gcréatúr bhocht, bhalbh, agus radhb mar tusa bhualadh amach os a comhair go hobann,” arsa Máire, díreach is dá mbeadh fearg uathbhásach uirri. “An ag magadh fúm atá tú, a bhitheamhnaigh an domhain?”

“Ní headh, mhaisge!” D’fhreagair an fear óg, agus é ag gáire. “Nár chuala tú ‘An Maidrín Ruadh,’ riamh?”

“Chualas, ar ndó’ go minic; Acht níor airigheas éan-trácht ann riamh faoi bhainne doirthte ná a leithéidí sin.”

“Ná bac leis sin, a chuid! Sin mar do chuala mise i gConndae an Chláir é an lá cheana agus mé ag déanamh turais Tobair Dheigh-Bhríghde.”

“Ara, ’Pheadair, abair liom an raibh aimsear mhaith agaibh amuigh annsin?”

Do bhí an deismireacht ag imirt a chomh mór soin ar Mháire go ndearna sí dearmad ar bheith feargach mar ’adh eadh.

“Réasúnta,” arsa Peadar.

“Raibh mórán daoine ann as Árainn Mhóir?”

“Ní raibh, ná as Inismeadhon acht an oiread; acht bhí mór-chuid do mhuinntir Inisthoir láithreach agus an-dúil aca ’sa sgléip agus ’sa ngreann, mar is gnáthach leó i gcomhnaidhe.”

“Raibh Cáit Ní Chonghaile ann?”

“Bhí, agus í ag breathnughadh go gleoite.”

“’Raibh, muis?” agus thug Peadar fa deara gur thosaigh a chochall ag éirghe arís.

“seo ribín fuaras led’ aghaidh, a stóirín,” agus, leis sin, do tharraing sé páipéar ar a phóca, agus thaisbeán sé ribín leathan craorag dí.

Do bhí a fhios ag Máire nach n-oirfeadh ribín dearg dí ar chor ar bith; acht do b’amhlaidh go raibh sí ró-dheagh-mhúinte le n-a chur soin i n-iúl do Pheadar.

“Ó! A Pheadair, tugaim maitheamhnas duit. Is Cuma liom é an ribín, acht tú bheith ag smuaineadh orm amuigh faoi’n tír mhóir agus cailíní do dhóthaint agat ann – cailíní i bhfad níos deise ’ná mise.”

D’árduigh sí a ceann, agus d’fhéach sí ’n-a dhá shúil. B’fhurus a fheicsint go raibh lán-mhuinighin agus ionn-taobh aici as.

“Leig dam a chur ort, a mhaoin,” arsa Peadar, ag breith ar an ribín. Do cheangail sé timchioll ar a muineál é. Annsin do sheas sé amach uaithi, agus do leag sé rinn a rosg uirri.

“Is tú péarla na mban, a Mháire, a chroidhe! Badh mhaith liom dá mbeinn i n-ann gúna síoda ’cur ort. Badh mhaith liom gan tada agat le déanamh ó Luan go chéile agus tú bheith i d’bhainríoghain ar a bhfuil do mhnáibh ‘sa domhan ar fad.”

“Tá ’fhios agam sin, a Pheadair, a stóir! Tá ’fhios agam sin.”

Níor fhéad sí focal ‘sa bhreis do rádh. Chuir na focla grádhmhara so ó’n mbuachaill óg i gcuimhne dhí cionnas mar do bhí an sgéal aici. Do bhí na deóra fa n-a súilibh, agus bhí sí ag breathnughadh amach thar an bhfairrge mhóir.

“Féach, a Pheadair! Féach ar an bhfairrge mhilltigh a bhéas eadrainn faoi sgathamh bheag; tusa annseo agus mise ansiúd thall.”

D’fhan Peadar tamall i n-a thost. Bhí sé corruighthe go mór i n-a inntinn. Ag caint le Máire dhó agus ag teacht thar an uile ní léithi, do bhí sé chomh sona soin gur bheag nach raibh dearmadtha aige ar an sgaramhain do bhí i ndán dóibh.

Anois, ar an toirt, do luigh an phian ar a chroidhe; an phian ghránda úd gan leigheas, gan bhiseach, do réir an uile dheallraimh.

“Ach! A Mháire!” ars’ seisean ’sa deireadh, “nach brónach é an focal sin agat? Cia an sórt mí-ágha atá orainn, chor ar bith? – nó ’bhfuil sé d’fhiachaibh orainn an sruth do chur eadrainn?”

“ ’S é toil Dé atá ann, a Pheadair.”

“Ní hé toil Dé acht toil an duine atá ann, a Mháire. ’S é m’athair ar ciontach leis, agus tá faitcheas orm go bhfuil do thoil féin ag cuidiughadh leis chomh maith céadhna.”

“Ní fhuil! Agus tá! B’fhearr liom míle uair fanacht leat-sa i nInismeadhon dhá mbeadh roinnt airgid agam, acht níor mhaith liom, mar atá ’fhios agat, dul isteach chugat gan mhaoin gan spréidh, ná fiú an chóta mhaith agam, mar a déarthá, le cur ar mo dhruim. Níor mhaith liom leigint do na comhursanaibh a rádh go ndéanfainn a leithéid ort, agus níor mhaith liom a bheith ar chumas d’athar a rádh sin, ná ar chumas do dheirbhsheathar acht an oiread.”

“Tá tú ró-phostamhail i bhfad, a Mháire! Nach Cuma céard a déarthaoi dhá mbéimís i n-éinfheacht agus muid ’bheith i n-ann congnamh ’thabhairt dá chéile.”

“Ní Cuma liom-sa é, ar éan-nós; b’fhéidir gur taidhbhseamhail mé; acht ní bheinn toilteanach le fanacht ’sa mbaile a choidhche agus gan agam acht an dá láimh seo chum mo bheathadh ’bhaint amach.”

“Agus céard a bhéas agat ’san tír úd thall, a Mháire, seachas do dhá láimh? Caithfidh tú do bheatha ’shaothrughadh ansiúd ar an mbealach céadna, agus go minic i slighidh níos cruaidhe fós.”

“Ní baoghal go gcaithfead! Ní bhíonn éan-sglábhaidheachtorra I nAimeiriocá mar a bhíonns ’san áit seo! Ní bhíonn acht obair éadtrom aca le déanamh istigh is na bailtibh móra – ag nigheachán nó ag cócaireacht nó ag freastal ar an teach. Is fada an lá a bhéitheá thall sul má bheadh ort cliabh feamainne nó ualach éisg do tharraing ar do dhruim ó’n tráigh aníos, nó bualadh amach faoi na cairrgeacha maidin gheimhridh le bleaghan na bó.”

“Beannacht Dé ort, a Mháire, a chroidhe. Nach sonntach simplidhe atá tú. Chuala mé an lá cheana ó Mhícheál Sheagháin Mhicil nach bhfuil sclábhuidhe ’sa domhan mór acht an cailín aimsire bocht is na bailtibh móra ann. Bíonn sí i gcomhnaidhe ar a cosaibh ag bualadh anonn agus anall do réir mar a thaitnigheanns le n-a máighistreás. Is úr é an t-aer agat annseo, cibé sgéal é; tá do dhóthaint bídh agus dighe agat; agus, rud níos fearr i bhfad, tá do cháirde agus do dhaoine muinnteardha led’ ais. Má tá éan-chathughadh ort, tá siadsan taoibh leat, agus réidh le congnamh ’tabhairt duit.”

“Is furust sin a rádh, a Pheadair! Ca bhfios duit? Tá súil ag Mícheál im’ dhiaidh, agus badh mhaith leis nach n-imtheóghainn chor ar bith.”

“Níor chuimhnigheas air sin, muis – an somachán! Badh mhaith leis, is dócha. Tá siad ar fad ag rith i ndiaidh mo chailín féin! Acht,” agus d’ísligh a ghuth ’ghá rádh, “ní cabhair dóibh é, a mhuirnín.”

“Ní fhuil ’fhios agat sin.” Do chraith Máire a ceann ar nós na gcailín n-óg. “Ná bí ró-chinnte i n-a thaoibh fós.”

Do leag sé a lámh ar a gualainn, agus d’fhéach sé uirri.

“Táim chomh cinnte sin ’n-a thaobh, a Mháire, is nach gcreidfinn rud ar bith i n’aghaidh ód’ bhéal féin.”

Níor labhródh focal eatorra go ceann sgathaimh bhig i n-a dhiaidh sin. Ní raibh éan-torann le cloisint ’san ngarrdha bheag uaigneach a rabhadar i n-a seasamh acht síon na gaoithe mór-dtimchioll.

“Bí cinnte ’n-a thaoibh, a stóir, mar sin,” ars an cailín fa dheoidh, is na deóra ag éirghe fa n-a súile. “Ní ceart ná cóir dam bheith ag déanamh fonmhaid’ agus muid ar tí sgartha ó n-a chéile.”

“A Mháire! ’Mháire! Iarraim ort arís gan imtheacht uaim,” ars an fear óg go dúthrachtach, ag breith ar a dá láimh. “Machtnuigh go géar ar laethibh an tshamhraidh agus ar oidhcheantaibh fada an gheimhridh, mise annso agus túsa ansiúd; an chumha chéadna ag imirt orainn araon, agus gan éin-leigheas againn ar an bpian acht amháin bheith foighdeach. Machtnuigh fós ar na bliadhantaibh imtheóghas thart i ndiaidh a chéile, an ghruaig ag éirghe liath orainn, agus na croidhthe ionainn ag éirghe fuar. I n-a dhiaidh sin agus uile tiocfaidh tusa a bhaile, má mhairir beó chomh fada sin. Tiocfaidh tú abhaile; ceithre fichid nó b’fhéidir céad punnt i dtaisge agat, agus bosca mór earraidhe i n-a theanntaibh. Tiocfaidh tú abhaile gan bhrígh ná fuinneamh ionat, acht, ’n-a leabaidh sin, an droch-shláinte ag gabháil duit. B’fhéidir go mbeinn réidh led’ phósadh an t-am sin. B’fhéidir go mbeadh bád agam dam féin agus paiste talmhan. Acht, a Mháire, a chuid do’n tshaoghal, an measann tú go mbádh pósadh ceart é pósadh dá leithéid; - beirt sean-daoine do thréig achéile i mbláth na hóige, agus do chaith an chuid do b’fhearr dá mbeathaidh ag cnuasach airgid agus maoine i n-aghaidh lae na fearthainne! ’Ar ndó’, ní bheith beannacht Dé ar dhaoinibh a bheadh chomh sanntach sin.”

Do b’é sin an píosa cainte ba mhó dár thuit uaidh i gcaitheamh a shaoghail; acht bhí sé corruighthe go mór, agus bhí a anam agus a inntinn le n-a ndubhairt sé.

Ar n-a chloisint sin do Mháire, is amhlaidh go raibh sí, a bheag nó a mhór, as a treóir. Acht má bhi Peadar ag coinne le go ngeabhadh sí atharrach inntne, níor chabhair dhó é. Níor bh’fhéidir léithi a bhréagnughadh ar an bhfód; agus, dá dhruim sin, b’é rud do rigne sí ioná a ndubhairt sé do leigean thairste.

“Tá ’fhios againn go maith gur breagh iad na sléibhte i bhfad uainn, acht cibé sgéal é, a Pheadair, ní bheadh d’athair sásta tú dhom’ phósadh-sa. Caithfidh sé dá-fhichid punnt ’fhaghbháil leis an gcailín a thiocfas isteach ’sa teach aige. Tá an t-airgead ag teastáil uaidh mar spréidh do Cháit agus ní mise a bhéas ag teacht idir do dheirbhshiúr agus a spréidh, muis!”

Do thosuigh Peadar ar fheadghail. Bhí sé míoshásta go mór agus gan freagra réidh aige. Do bhí an-chion aige ar a athair, sean-fhear a raibh meas ag gach uile dhuine ’san oileán air. Ní raibh éan-chlampar ná fiú an fhocail gan foghnamh eatorra go dtí go dtug Peadar grádh do Mháire Bháin, an inghean ba shine dá raibh ag Nóra Ní Chonghailigh, baintreabhach do bhí i n-a comhnaidhe thiar i gCionn an Bhaile i n-aice na n-ailltreach. Ba bhocht í an bhaintreabhach agus bhí muirighin uirri, agus bhí a fhios ag an domhan nach mbeadh pingin ruadh do spréid ag Máire.

Cailín stuamdha do b’eadh í Máire, agus deireadh na sean-daoine nach mbeadh a leithéid do mhnaoi tighe is na trí hoileánaibh ar ball.

Acht nuair nach mbíonn acht éan-mhac amháin ag fear agus é ag súil le n-a phósadh go maith, bíonn a mhalairt do chaoi ar an sgéal. Agus fós nuair bhíos paiste talmhan ag fear nach maith an aghaidh air é bheith ag brath air roinnt airgid d’fhaghbháil le haghaidh a hinghine do shochrughadh ’sa saoghal? Deirtear go mbíonn dá thaoibh ar gach sgéal.

D’fhan Peadar ag feadghail ar feadh sgathaimh mhaith.

“Sin é an chaoi a mbíonn an saoghal ag imtheacht,” ars’ seisean ’sa deireadh, “m’athair ag iarraidh airgid ’fhaghbháil le n-a thabhairt mar aon le Cáit do Thomás Sheagháin Ruaidhrí mar gheall ar an bhfeilm atá aigesean, agus Cáit gan éan-tshuim aici ann acht an oiread le bonn mo bhróige. Ní chuireann sí éin-spéis ann; acht, ’n-a leabaidh sin, ’s é a bhíonns sí ag rádh i gcomhnaidhe, go rachadh sí go hAimeiriocá sul a bpósfadh sí é. B’fhearr le Cáit barr méire Mhic Uí Dhonnchadha ’ná a mbaineann go homshlán le Tomás Sheagháin Ruaidhrí.”

“Acht céard do-ghéana sise, nó céard do-ghéana mé féin muna dtéidhmid go hAmeiriocá?”

“Tig libh fanacht mar a bhfuil sibh, agus b’fhéidir, le congnamh Dé, go ngabhfadh m’athair malrait inntne.”

“Ní ghabhfaidh a choidhche! Tá sé ag éirghe aosta, agus is annamh é atharrughadh i gclaontaibh na sean-daoine.”

“Tá sé ag éirghe aosta. Is fíor dhuit an mhéid sin,agus ní fhuil sé i n-ann dul amach i mbád ’san oidhche, mar a bhíodh. Caithfidh mise dul ’n-a leabaidh. Bhí sé i n’athair mhaith dham riamh, agus ní ceart ná foileamhnach dham é ’thréigint anois. Acht sin amháin, ní hé tusa bhéadh ag braith ar dul go hAimeiriocá acht mise. Má’s rud é go bhfuil ar cheachtar againn imtheacht nach mise an duine ar cheart dó slighe bheathadh ’fhaghbháil amach dúinn araon. Acht cibé ar domhan é, ní fhuil sé d’fhiachaibh ort imtheacht chor ar bith. Tá tú ag teastáil go mór ó d’mhathair, agus anois ó tá múinteoir mná le teacht do’n oileán béidh tú i n-ann ’chuile chineál cearc agus lachan ’fhaghbháil, agus airgead ’dhéanamh asta. Tig leat congnamh beag ’thabhairt do d’mhuinntir ar an mbealach sin. Feicfimid a chéile ’ch uile lá ’sa mbliadhain, agus nach mór dúinn é an méid sin féin? Ná himthigh, a Mháire! Ná himthigh uaim?”

Do bhí Máire corruighthe go mór i n-a hinntinn, agus do chrom sí ar smuaineadh ar a ndubhairt sé. Do chuir sí é seo agus é siúd le chéile, agus ’sa deireadh bhí leath-inntinn aici a chomhairle do chur le n-a croidhe. D’árduigh sí a ceann, ámhach, agus cad a bhfeiceadh sí acht long mhór ag gabháil thart ar an bhfairrge; long bhreagh, áluinn ag snámh ar bharr na dtonn amuigh i n-aice Chonnamara. Bhuail a lán smuainte chuici; smuainte thar na bailte móra i nAimeiriocá agus thar na gúnaí deasa do bhíodh dá gcaitheamh ag na cailíníbh ann; agus smuainte ar na boscaíbh móra earraidhe do bhíodh ag cailíníbh Inismeadhoin ag filleadh a bhaile dóibh. Do bhuail smuaineadh eile chuici freisin, i dtaoibha chomh sona agus do bheadh Peadar féin nuair thiocfadh sí i dtír ag an bhfánán, agus céad punnt b’fhéidir i dtaisgidh aici. B’fhiú go mór é, dar léithi, dul go hAimeiriocá, cibé rud adéaradh sé. Do b’fhiú shi fós an domhan mór d’fheicsin chomh maith le daoine óga eile.

“Rachadh, a Pheadair. Ní fhuil éan-úsáid duit bheith ag tathbhant orm. Seachtmhain ó’n lá indiu bead ar an sáile le congnamh Dé agus Muire, cibé rud a thiocfas as.”

Chuir an buachaill cnead as, agus ó shoin amach ní dhubhairt sé focal i n-a coinne.

Thomáin sé an bhó isteach i bpáirc eile agus do chuir sé na clocha ’sa mbearnáin i n-a diaidh. Annsin d’arduigh sé an cliabh agus an soitheach bainne ann ar a dhruim.

“Feicim an Cneamhaire thíos ag an gCaladh Mór,” ars’ seisean ar ball agus iad ag filleadh a bhaile le chéile sin é an sórt fir badh mhaith leat a bheith ionam-sa; fear a mbeadh a chroidhe ’san airgead agus nach mbeadh éan-ghrádh aige do Dhia ná do dhuine. Tá rian na sainnte air. I gcruthanas, féach mar a bhíonns a chuid súl ag preabadh as a cheann.”

“Ní fhuil duine, dá olcas é,” arsa Máire, “nach mbeadh duine níos measa le faghbháil dá gcuirimis bun leis. Sin mar adeir mo mháthair go minic agus ní baoghal nach fíor é. Ca bhfios dúinn cad as adhbhar do’n tshainnt agus do’n chruadhálacht atá ag imirt ar a chroidhe”

“Mar sin duit i gcomhnaidhe, ag glacadh a leithsgéil. Ní fiú é a leithéid, chor ar bith. Ní thuiteannfocal síbhialta as a bhéal acht amháin nuair a bhíonns sé ag labhairt leat-sa nó id’thaoibh.”

“B’fhéidir go bhfuil aithne níos fearr agam-sa air ’ná mar atá ag éinne’ eile. Atá a theach greamuighthe do’n teach seo ághainne, agus tuige nach mbuailfinn isteach chuige anois agus arís le congnamh, a bheag nó a mhór, ’thabhairt do’n chréatúr bhocht!”

“Ní maith le héan-duine eile ’san oileán baint ná páirt bheith aige leis – acht, is dóigh liom go bhfuil an ceart agat, cibé ar domhan é.”

Do bhíodar ag siubhal feadh na haimsire seo agus iad ag comhchaint, an cliabh ag Peadar ar a dhruim, agus an soitheach beag dhá iomchur ’n-a láimh ag Máire.

“Tabhair aire dhuit féin anois,” adeireadh seisean léithi anois agus arís, agus é ag tabhairt congnaimh dhí ag dul thar na sgailpreacha.

“Tá meas ag an gCeamhaire ort, muis, agus ní hiongnadh liom sin, óir níor bh’fhéidir do dhuine ar bith eolas ’bheith aige ar do cháilidheachtaibh gan grádh ’thabhairt duit – acht, feicim m’athair thuas ag caint leis an máighistir sgoile. Caithfidh mé imtheacht liom sul má bhfeicidh sé mé. Tá brón orm, a Mháire, gan a bheith ar mo chumas an cliabh ’iomchur níos fuide dhuit.”

Ní luaite do bhí ráidhte aige nár leag sé an cliabh ar lár, agus as go bráth leis fa sgáth na gcarraig.

CAIBIDIL A TRÍ. "'S Í MO BHEATH-SA PIAN IS ATHTUIRSE."

Bhí an “Tórramh Aimeiriocánach” ar lán-tshiubhal dtigh na baintreabhaighe ag Cionn an Bhaile.

Bhí Máire Bhán agus triúr nó ceathrar do chailíníbh eile le himtheacht as an oileán lá ar n-a bhárach. Ní baoghal nach raibh croidhe trom ag a máthair, dá chionn soin; acht seo, ar an am gcéadna, í ag cur fáilte roimh na comhursanaibh do réir mar do bhuaileadar isteach chuici. Mar is gnáthach leis na hÉireannchaibh, cibé brónach áthasach iad, bhí sí ag déanamh croidhe a díchill leis an ngreann do chur ar aghaibh.

“Céad fáilte romhat, a Michil – is ag dul i n-óige atá tú, muis! Agus an tusa atá ann, ‘Mháirgréad? Nach agat atá an meisneach agus a mheas gur bhuail tú amach ’san oidhche! Suidh síos ’sa gcúinne! Béad i n-aondaidh leat nuair a bhéas an citeal crochta ar an teine agam! Och! Is romhat-sa atá fáilte is fiche, a Shéamais, a mhic ó. ’Seadh, ’mhaisce!”

Do bhreathnaigh a raibh do láthair ann ar an gCneamhaire. Ní gabhadh nach raibh iongantas an domhain orra nuair d’airigheadar ag bualadh isteach chuca é. Gé go raibh Séamus i n-a measg le leithchéad bhliadhan, níor leag sé cos ar urlár tighe ’san oileán rith na haimsire sin.

Do rith na páisdí ar éigin uaidh isteach ’sa gcúinne ba shia ó’n doras, agus níor bh’iongnadh sin d’fhéachsé mar do bheadh fear feadhain, a ghruag bhán ag tuitim le n-a éadan, agus cóta mór air síos go dtí a shála.

Do leag an bhaintreabhach stól le n-aghaidh i gclúid sheasgair cois na teineadh, agus shuidh sé síos air gan focal ar a bhéal aige.

Do dhearc sé go géar timchioll na cisdine. Annsin thug sé a aghaidh ar mhnaoi an tighe. “Cá bhfuil Máire?” ars’ seisean go hobann.

“Chuaidh sí síos go dtí bean an iasgaire ag iarraidh blas’ ime le haghaidh an tae. Béidh sí annso arís i leagadh súl.”

“Uch! Is mar sin duit i gcomhnaidhe,” ars an sean-fhear go searbh. “Is Máire annseo agus Máire annsiúd agat ó mhaidin go hoidhche. Tá d’iachall uirrisean ’ch uile rud ’dhéanamh agus lán an tighe do dhaoinibh leisgeamhla agaibh annseo ag leigint bhur sgíthe. Ní fhuil iongantas ar bith orm go bhfuil sí ar tí imtheacht’ uait, a bhean chóir! ’Tabhairt aire dhaoibh féin a bhíonns sibh i gcomhnaidhe.”

Ní thug an bhaintreabhach bhocht éin-fhreagra air. Do bhí a fhios ag an domhan gur dhuine crosda do bhí ann, agus níor cuireadh mórán suime i n-a chuid ghearáin riamh.

Do luigheadar ar an rinnceóireacht i n-a dhiaidh sin, agus níor bhaoghal nach raibh sgléip a ndóthain aca an fhad do bhí sin ar siubhal aca. Do b’é ceól do bhí aca, fear do bheith ag feadghail dóibh, agus gan ar a chumas cur suas de, nóimeant, go dtí go mbíodh an ríl nó an cor thart.

Tar éis tamaill d’iompuigheadar ar an ngabháil fhuinn. Níor bhfhada gur glaodhadh ar Pheadar Fhada. Ba dheas an guth do bhí aige agus níor eitigh sé a chion féin do dhéanamh chomh maith le cách. D’éirigh leis go maith do dtí go dtárla dhó ar na líníbh seo: -

“Is iomdha bealach fliuch agus bóithrín cam Tá idir mé ’gus an baile a bhfuil mo stúirín ann.”

Do stad sé go hobann.

“Tá rud eicínt im’ sgórnach,” ars’ seisean, agus dar ndóigh níor fiafruigheadh dhe cad do bhí air.

Do bhí an Cneamhaire i n-a shuidhe ar a aghaidh go díreach, agus níor thóg sé a chuid súl do’n bhuachaill as soin suas, acht bheith ag amharc air go glinn a gan-fhios dó.

Ar ball nuair shaoil sé nach raibh éinneach ag aireachas air, do chuimil Peadar bocht a shúile le muinchille a bháinín.

Leis sin, do bhain an Cneamhaire an píopa as a bhéal agus, ag cromadh ar a aghaidh chuige, do thairg sé dhó é.

“Seo gal tobac duit! Is maith an rud do’n sgórnach é.

Níor bheag an mhéad soin ó’n gCeamhaire agus bhí iongantas thar bharr ar Pheadar nuair do ghabh sé an píopa uaidh…

Bhí neart sgéalta dá n-aithris ag na sean-daoinibh; sgéalta thar an aimsir do bhí caithte aca; sgéalta ag baint leis na daoine maithe agus a leithéide eile.

“Innseóchaidh mise sgéal daoibh,” ars an Cneamhairei ndiaidh tamaill, “agus mise ’mo bhannaidhe nach sgéal bréagach ’ná sgéal gan brath atá ann acht an oiread.”

D’amharc na comhursain ar a chéile. Chuir an tairsgin seo ó’n gCneamhaire iongantas agus anfadh mór orra go léir. Níor labhair éinneach focal go ceann nóimint. Annsoin, ámh, do thuig an bhean-tighe go raibh uirri rud éigin do rádh.

“Badh mhaith linn, a Shéamais,” ars’ sise fa dheoidh, “an sgéal a chloisint agus bhéadh muid buidheach dhíot faoi; lean leat, ma’s é do thoil é!”

Do dhruid an Cneamhaire a shúile agus thosuigh sé ar a sgéal:

“Thíos i gCondae Mhuighe-Eó ’san áit a rugadh mise, bhí bean i n-a comhnaidhe trí fichid bliadhan ó shoin. Ní rabhas acht ag fás suas im’ ghasúr an t-am sin. Bhí sise agus a fear ag dul ar aghaidh go mór ‘sa saoghal; beagán airgid i dtaisge aca ’sa mbannc agus roinnt eile i gcúram aca i siopa bheag leó do bhí ar thaoibh an bhóthair.

“Díreach mar na daoine eile nuair a bhíonns siad ag dul i saidhbhreas bhí mo bhean mhacánta ag éirghe postamhail agus thosuigh sí ar chorr-fhocal do’n Bhéarla a phiocadh suas chomh maith is do b’fhéidir léithi.

“Is beag Béarla bhí ag muintir na tuaithe an uair úd, acht, mar sin féin, bhí náire ’teacht ar na daoinibh seasgra faoi’n nGaedhilge a labhairt. Ba mhaith leóbhtha bheith ag déanamh aithrise ar na Sasanchaibh a bhíodh ag treasgairt na ndaoine bochta agus ag tabhairt masla orra.

Bhíodh sin mar atá, bhí an bhean seo taidhbhseamhail adóthaint as a cuid maoin’ agus as an méid Béarla shíl sí ’bheith aici.

“Bhí sí ag caint, lá, leis an sagart; agus rith na haimsire, cad do-ghéanadh sí acht tagairt dá fear pósta bhí thar éis dul ar an margadh le him a dhíol. B’amhlaidh a bhí sé ag imtheacht dó, ag marcaigheacht ar chapall agus an ciseán ime ar a bhéal amach aige.

“‘Throth, ye’r reverence,’ adúbhairt sí, ‘John went to the market (ní abróchadh sí Seaghán chor ar bith) and he brought the ciseán of butther on his mouth.’

“Chuaidh an sgéal sin timchioll an pharáisde ar mo bhean bhocht agus ní raibh suaimhneas ná síothcháin aici riamh i n-a dhiaidh sin, acht na daoine ag tagairt i gcomhnaidhe dhá ndubhairt sí agus ag gáire faoi; geallaim díbh nár chualathas focal Béarla as a béal ó’n lá sin amach.”

Cuid do na daoinibh do bhí ag éisteacht, do thuigeadar an Béarla agus chromadar ag gáire. Do mhínigheadar-san ar an mball do na daoinibh nár thuig an Béarla cionnas mar do bhí an sgéal, agus ba ghearr an mhoill orra go rabhadar a n-iomlán ag sgairteadh gáire.

“’Mbéidh an sgéal céadna agaibh-se ar ball?” ars an sean-fhear go géar nimhneach, ag amharc i n-a thimcheall. “’Mbéidh náire oraibh faoi’n nGaedhilge ’labhairt agus gan acht Béarla briste agaibh ’n-a leabaidh?”

Ní tugadh freagra ar an gceist seo ar feadh achair bhig. Cuireadh ró-iongantas orra.

Séamas Cneamhaire do bhí i n-a measg le cianta agus é i n-a stráinséar droch-mhúinte stailceach ghruamdha leó ar feadh na haimsire sin. Seo ar cuairt agus ar céilidh aca é agus sgéal aige dhá insint ar nós nandaoine eile. Ag tabhairt droch-aoide dhóibh ‘s eadh do bhí sé, b’fhéidir; acht, i n-a dhiaidh sin agus eile, ní beag an rud é go bhfuil sé i n-aondaidh leó ar an tórramh Aimeiriocánach. Ní gan adhbhar d’fhanadar i n-a dtost ag amharc ar a chéile.

“Má’s é do thoil é,” arsa buachaill beag bídeach, fa dheireadh, ag preabadh amach ar an urlár ar aghaidh an Chneamhaire agus ag cur suas a láimhe ar nós na sgoláirí ar sgoil. “Tá mise i n-ann freagairt ar an gceist sin.”

Ruaidhrí beag Mac Donnchadha, dearbhráthair do leannán Cháit, do bhí ann. Acht do ghabh eagla é nuair do bhreathnuigh sé i ngnúis sheirbh an Chneamhaire.

“Lean leat,” ars’ an sean-fhear, ag baint a phíopa as a bhéal. “An dtuigeann tú?”

“Tuigim,” ars an páisde.

“’Ar ndó’, is ’mó rud a thuigeanns tú, a mhic,” ars’ seisean, ag breathnughadh air go géar. “Tuigeann tú céard é an bealach is fearr le clocha ’chaitheadh le mo dhoras-sa. Agus tuigeann tú, freisin, gurab é ‘An Cneamhaire’ atá mar leas-ainm orm. Is millteach ar fad an mhéad a thuigeanns tú, a bhuachaill ó!”

Do chrom Ruaidhrí a cheann, agus thosuigh sé ag láimhseál an chaipín do bhí i n-a láimh aige.

“Leig dó, a Shéamais,” arsa bean an tighe, ag breith ar láimh ar an bpáisde, le misneach do thabhairt dó. “Ná bac leis, a Ruaidhrín; is ag magadh fút atá sé.”

Ní mór le rádh í sgeim na ngarlach, acht, mar sin féin, b’fhearr le Ruaidhrí go mór gan a bheith ar an láthair sin.

Ní headh go raibh cathughadh i n-a dhiaidh air. Ní headh, maiseadh. Do b’é an t-aon ní amháin do bhí ag goilleamhain air, a fhios do bheith aige go raibh a athair láithreach. Cheana féin d’airigh sé ar a dhruim rian an mhaide chaoil do bhíodh I gcomhnaidhe thuas ar an lochta aige-sean le haghaidh an aos óig.

“Labhair amach a Ruaidhrí,” ars’ an maighistir sgoile. “Nach bhfuil ’fhios agat go maith gurab ag cabaireacht atá Séamas,” agus, ’gá rádh so, thug sé sméideadh súl i n-a thimchioll.

“Bhí mé le n-a rádh, a mhaighistir” arsa Ruaidhrí, ag glacadh mhisnigh arís, “nach mbéidh an sgéal mar sin annseo a choidhche. Béidh an Béarla againn ’n-a cheart nuair a mhúinfear thríd an nGaedhilge dhúinn é. ’S é adeir m’athair i gcomhnaidhe, gur fearr dhúinn gan éan-Bhéarla againn ná bheith ag labhairt drabhfhuighill Bhéarla.”

“Maith an buachaill,” ars’ an Cneamhaire go ciúin socair; “gasúr fad-cheannach géarchúiseach atá ionat, go saoghluighe Dia thú!”

Sháith sé an píopa ’n-a bhéal arís; chuir sé splanc theineadh air, agus ó shoin amach níor bhain éinneach focal as.

Do chrom ceann do na buachaillíbh ar chasadh phuirt, agus bhí na daoine óga ar a mbonnaibh gan mhoill arís.

Suas an casán leis ag déanamh ar thaoibh na n-ailltreach do’n oileán. Thiomáin sé air go dtí go raibh sé ar bharr na tulcha. Do stad sé annsin. Gégur thréan láidir an fear é, do bhí an aois ag teannadh go daingean air, agus níor mhisde dhó a sgíth do leigean.

Bhí an ghealach go hárd ’sa spéir, agus do b’fhéidir an t-oileán agus an fhairrge d’fheicsin go glan soiléir.

Do b’áluinn ciúin an t-amharc do bhí os a chomhair amach, acht istigh i gcroidhe an tshean-fhir do bhí anfadh ar siubhal. B’amhlaidh nár airigh sé a chomh deas is do shamhlaigh an domhan i n-a thimchioll. Ní raibh a fhios acht ag Dia amháin cad do bhí ’gá shuathadh.

Chraith sé a lámha os cionn a chinn, agus adubhairt os árd:

“Liom féin is eadh é! Liom-sa amháin! Ní fhuil éan-bhaint ag duine ar bith eile leis. D’íocas go maith as-go dian-mhaith!”

Ar aghaidh leis arís ag siubhal agus ag sír-shiubhal, díreach is dá mbeadh ’n-a aigneadh, stoirm a chroidhe do laghdughadh ar an nós soin.

Níor bh’fhada dhó ag imtheacht mar sin go dtí go raibh sé i ngar do na hailltreachaibh.

Annsoin do stad sé go hobann, mar ba dhóigh leis go gcualaibh sé guth duine éigin. Chuir sé cluas le héisteacht air féin, agus do b’amhlaidh d’éis agadh d’amsir go raibh sé cinnte ’n-a thaoibh. Guth mná ag caoi do b’eadh é, gan ghó.

Ar mbreathnughadh dhó ar an áird as a dtáinig an fhuaim, ba léir dhó, sgathamh beag uaidh, duine éigin leagtha leis an gclaidhe.

Dhruid sé leis an áit, agus d’airigh sé gan mhoill gur bh’í Máire Bhán do bhí ann roimhe.

Ní raibh a fhios aici duine ná daondaidhe do bheith i n-ahaice, agus do phreab sí le neart sgeóin nuair do leag sé a lámh ar a ceann.

“Ná corruigh, leanaibh. Ná bíodh faitcheas ort, chor ar bith!”

Ní dhubhairt Máire focal, agus seo ar aghaidh é le n-a chuid chainte.

“Ní ceart duit, a Mháire, a stóir, bheith amuigh i n-aonraic agus an oidhche atá ann. Tá an comhluadar ag fuireacht leat ’sa gcisdin.”

Ní mheasfadh éinneach gur bh’é an Cneamhaire do bí ag caint.

“Uch! a Shéamais! An tusa atá ann? Ná bac liom! Caithfidh mé leigint dom’ chuid bróin. Béad níos fearr dá bhárr i gceann tamaill.”

“Acht dubhradar liom, a Mháire, gur tú féin as ciontach leis an turas agus an aisdear seo. Tuige nach bhfanfá ag do mháthair ’sa mbaile agus ag Peadar Fada!”

“Tuige, a n-eadh? Tá fáth go leór leis, muis, acht cia an mhaith bheith ag caint anois?” Ar an toirt, do shil na deóra léithi agus chrom sí ar ghul arís.

Níor chuir an Cneamhaire isteach uirri an fhaid do lean sí ar bheith ag caoi, acht nuair d’éirigh sí níos ciúine ar ball d’fhiarfruigh sé dhi cia an fáth dhí bheith ag imtheacht ar Éirinn.

“Ná ceil orm éin-cheó do’n fhírinne” ars’ seisean fa dheóidh. “Cad faoi ndeara go bhfuil tú ag imtheacht uainn?”

“Do bhrígh go bhfuil easbaidh airgid orm” ars an cailín bocht.

“An t-airgead! An t-airgead!” ars an Cneamhairego neamhfhoighdeach, “’S é an sgéal céadna é i gcomnaidhe; acht bíodh ’fhios agat, a chailín, go bhfuil a lán rudaí ’sa domhan níos fearr i bhfad ’ná an t-airgead féin.”

Ní thug Máire freagra ar bith air, do bhí an oiread soin iongantais uirri.

“Nach bhfuil an grádh agat! “ars’ seisean “agus nach leór duit é sin?”

“Tá – an grádh – agam; is fíor dhuit é, “arsa Máire i ndeireadh na dálach, “acht – ní thuigim thú. Nach bhfuil dúil agat féin ’san airgead? Gabhaim párdún agat, a Shéamais; ní ’ghá chasadh leat atáim, chor ar bith.”

“Ní fhuil focal bréige ann, a inghean ó. Is mór í mo dhúil ’san airgead le leath-chéad bhliadhan, acht ní raibh an sgéal mar sin agam riamh. Bhí lá eile agam. Bhí mé óg agus bhíos i ngrádh chomh maith leat-sa, agus b’fhéidir níos doimhne ’ná mar athair-se. Bhíos bocht, agus bhí sise bocht, freisin. D’fhágbhas mo chéad slán aici agus do bhailigheas liom go hAimeiriocá le carnán airgid do chur ar mhuin a chéile agus le bean uasal do dhéanamh dom’ spéir-bhean. D’imthigheas liom siar gur shroicheas Iarthar na Stát nAontuighthe. Chaitheas roinnt bhliadanta ann agus d’éirigh an saoghal liom go geal. Is annamh a ghéibhinn leitir ó Éirinn acht amháin cúpla focal anois agus arís uaithi-sean, ’ghá rádh go raibh sí go maith agus a leithéidí sin.

“Aon uair amháin chuaidh bliadhain tharainn agus gan focal agam uaithi. Níor bh’fhéidir liom a fhulang bheith gan tuairisg uirri, agus ó tharla an t-am sin go raibh roinntmhaith airgid i dtaisgidh agam, thug mé aghaidh ar an mbaile arís. Och? Mo léan géar is mo lomadh luain! Ní raibh romham acht a huaigh. ’San uaigh chéadna cuireadh na comhursain uilig nach mór, bliadhain na gorta. Sáitheadh isteach le chéile iad i n-éan-pholl amháin.

“Ó a Dhia na ngrásta! í ag fadhbháil bháis leis an ocras ar thaoibh an bhóthair agus mise i bhfad uaithi agus gan sméaróid eólais agam ar a cás! Sise gan rud le cur i n-a béal aici agus mise thall i nAimeiriocá, mo phóca lán go béal d’airgead.”

Do shamhlaigh éadan an tsean-fhir go mílítheach fa sholas na gealaighe. D’iompuigh sé uaithi beagán agus chrom sé ar amharc amach thar an bhfairrge ó thuaidh.

Bhí a fhios ag Máire go raibh sé ag déanamh marantha ar uaigh mhóir bhliadhna na gortan thuas i gCondae Mhuigheó agus níor leig sí focal ar lár. I n-a leabaidh sin, is amhlaidh go rug sí ar láimh air. D’airigh sí fuar gan bhrígh gan fuinneamh é.

Bhí an cailín ag baillchrith acht ní fuacht na hoidhche fa ndeara é. Níor bh’é an Cneamhaire do bhí os a comhair acht taidhbhse d’éirigh chuici as laetheanntaibh a óige.

“A Shéamais bhoicht! A Shéamais bhoicht!” ars’ sise os íseal. Níor chuir an sean-fhear éan-tshuim innti, acht d’fhan sé ag amharc amach uaidh chum áirde an dá bhinn déag gan corraighe as.

Bhiodar mar sin ar feadh tamaill mhaith aimsire.

“B’fhéidir gurab é an fáth go bhfuil dúil agam ’san airgead,” ars an Cneamhaire fa dheireadh, “guríocas chomh daor sin as. Bíonn an t-airgead mar fuil os comhair mo dhá shúil – go dearg, go dearg i gcomhnaidhe. Is mar sin a chím-se é.”

Do chrom Máire a ceann síos agus phóg sí a láimh. D’airigh Séamas deór ag tuitim léithi.

Bhíodar araon i n-a dtost go ceann tamaill.

“Ní imtheóghad as an oileán, chor ar bith,” arsa Máire go haibidh.

“Ní imtheógha tú, an n-eadh? An é sin a n-abrann tú? Acht an dtuigeann tú ’n-a cheart méad na bochtanachta a bhéas ag goilleadh ort annseo, má fhanair?”

“Ní fhuil duine ’sa domhan a thuigeanns níos fearr ’ná mise chomh trom agus a bhíonns an ganntar agus an bhochtanacht ag gabháil do mhinntir Árann – acht ’n-a dhiaidh sin féin fanfad ’sa mbaile i n-ainm Dé.”

“Tá go maith,” ars an Cneamhaire.”

CAIBIDIL A CEATHAIR. "IS GOIRE CABHAIR DÉ 'NÁ AN DORAS."

Ar maidin lá ar n-a bhárach chuadhdar muinntear an oileáin i ndiaidh a chéile soir go dtí an fánán.

Bhí na curacha i gcóir chum na gcailíní do bhí le dul thar lear do bhreith ar bhord an long-ghaile.

“Tuige go bhfuil tusa ag caoineadh?” arsa Peadar Fada nuair d’árduigh Máire Bhán a guth chomh maith le cách. “Is muid-ne a bhéas ag caoineadh in do dhiaidh.”

“Táim ag caoineadh i ndiaidh na gcailíní atá ar tí imtheacht’ uainn,” arsa Máire.

“An dá ríribh atá tú, a Mháire? ’Ar ndó’, ní ceart duit bheith ag fonmhaid fúm indiu agus ualach ar mo chroidhe.”

“Ní ag déanamh fonmhaid’ fút atáim, muis. Tá m’inntinn socair agam ar fanacht leat, cibé bocht saidhbhir thú, nó cibé an fhad a chaithfimid bheith ag feitheamh le n-a chéile.”

Ní chreidfeadh Peadar a chluasa féin.

“Is ag magadh fúm atá tú, tá mé ag ceapadh.”

“Ní headh go deimhin! Ní dhéanfainn a leithéid ort ar an domhan.”

“Creidim thú anois, muis. Acht ní thuigim an sgéal chor ar bith. Cad a thug ort an t-atharrughadh inntinn’ seo?”

“Aisling a bhí agam aréir, a Pheadair, nó brionglóid, mar adéarthá. Shaoileas go raibh tusa id’shean-fhearchrosda gan fuinneamh i do ghéagaibh ná grádh d’éinne’ i do chroidhe. Bhí tú id’iasgaire chomportamhail annseo. Bhí mise th’éis Aimeiriocá, clóca síoda orm agus hata gléasta go deas le ribí ní agus a leithéidí eile, airgead mo dhóthaint im’ sparán agam agus ’chuile chineál maoin’ im’ sheilbh. Bhíos-sa ag gabháilt suas an bóithrín i n-aice na roilig’ agus mé ag teacht abhaile. Casadh dham annsin thú, acht níor aithin tú mé, chor ar bith.”

“‘Mise Máire Bhán,’ adubhras leat

“‘Ní tú,’ arsa tusa go feargach; ‘ní tú go deimhin. Bhí Máire – mo Mháire-se – i n-a cailín óg shlachtmhar, agus cad mar gheall ort-sa? Sean-bhean phostamhail ghránda thú atá córuighthe mar phéacóig i ngioblachaibh sróil. Ní tusa Máire go deimhin.’

“D’fhéachas síos i bpoll uisge a bhí taoibh liom agus do b’é sin an chéad uair d’airigheas mé féin aosda gránda; bhí an ceart agat.

“‘Is mise Máire Bhán,’ adubhras arís.

“D’fhéach tú orm annsin idir an dá shúil agus an fhad a bhíos mar aon leat níor thóg tú do shúile dhíom.

“‘Is amhlaidh adeir tú,’ arsa tusa, ‘acht ní chreidim thú – ní tusa an Mháire a dtugas grádh dí fad ó. Thíos ’san roilig úd b’fhearr liom í ’bheith ’ná bheith mar tusa anois. Ní aithnighim thú chor ar bith.’ Agus ’gá rádh sin, as go bráth leat. Bhíos fágtha im’ aonarán go brónach. Sin í an bhrionglóid a bhí agam. Nach aisteach é?”

‘Ní fhuil tú id’ shean-bhean fós, a rúin! Do b’ághmharach an bhrionglóid damh-sa í, cibé sgéal é. Agus, an n-abrann tú, a Mháire, gur bhrionglóid a thug ort fanacht ’sa mbaile?”

Níor mheas Máire gur cheart dí sgéal an Chneamhaire d’innsint gan cead aici uaidh. Mar sin adubhairt sí :-

“É sin agus rudaí eile.”

“Buidheachas mór do Dhia,” arsa Peadar.

* * * * * *

Nach mór an t-iongantas nach mbéitheá ag braith le do dhíol mná ’fhaghbháil?” adubhairt athair Pheadair leis cúpla lá i n-a dhiaidh sin. “Nach deas dathamhail an cailín í Máire Chatach, inghean na baintreabhaighe thiar i gCionn an Bhaile?”

Chuir Peadar cluas le héisteacht air féin. Dá mba gur thuit an ghrian anuas as an spéir ní chuirfeadh sé níos mó iongantais air.

Ní raibh sé i n-innimh oiread le focal do rádh.

“Tá sé i n-am do Cháit, freisin, cur fúithi i n-áit dí féin. Ní rachadh beirt mháighistreás le chéile i n-éin-teach amháin. Cad é do mheas ar Mhac Uí Dhonnchadha. Ní fhuil fód talmhan aige, acht mar sin féin, ’ar ndó’, is breagh láidir an buachaill é. Daoine macánta a bhí i n-a sheacht sinsir roimhe.”

Níor fhéad Peadar focal do chur as, agus níor thuig sé staid na ceiste chuige ’ná ar éan-chor. Go deimhin, níor thuig acht an oiread le ceap bhróige, mar adéarthá, acht dá mbíodh sé do láthair ’sa seomra bheag taoibh thiar do’n chisdin sgathamh beag i n-a dhiaidh sin is dócha go dtuigfeadh sé an t-iomshlán go dian-mhaithIs sean-fhocal é, agus is fíor, go dtaisbeánann tráithnín treó na gaoithe.

Ar ball nuair do bhí an t-aos óg thíos ar an Muirbheach, seo é an Cneamhaire isteach chum athar Pheadair agus mála aige i n-a láimh.

Seo é ag tarraing láin a ghlaice do phíosaíbh óir amach as an mála, agus ag áireamh trí fichid punnt ar an gclár os a chomhair, agus seo é fós ’gá rádh, agus é ag féachain go glinn géar ar an bhfear eile:

“Ní chuirfidh Tomás Sheagháin Ruaidhrí barr a mhéire salaighe ar mo chuid airgid go deó. Dar fiadh, ní chuirfidh. Is do’n ghrádh agus do’n óige a thiubhras mé é.”