An Gioblachán: ELTeC edition Ó hAodha, Tomás (1866-1935) ELTeC conversion Justin Tonra 29488 108 COST Action "Distant Reading for European Literary History" (CA16204) Zenodo.org ELTeC An Gioblachán — Finnsgéal Nuadh-Dhéanta: Foclóir Stairiúil Na Nua-Ghaeilge (FNG) / The Historical Dictionary of Modern Irish edition An Gioblachán — Finnsgéal Nuadh-Dhéanta Tomás O hAodha Connradh na Gaedhilge 1903

Initial conversion to ELTeC level 0. Updated Publication Statement and front matter.

An Gioblachán

FINNSGÉAL NUADH-DHÉANTA.

TOMÁS O hAODHA

do sgríobh

"Dam is dleacht a leacht do líonadh, Dam is eol a sceol do scaoileadh, Dam is dual a ruaig do ríomhadh, Ó's dam is cóir a ghlóir do chaoineadh."

—Céitinn

Ar n-a chur amach

do

CONNRADH NA GAEDHILGE

I mBaile Átha Cliath.

1903.

AN GIOBLACHÁN. AN CHÉAD ROINN.
RÉAMHRÁDH.

Seo tuilleadh do bhí le litir do fuaras ó'n dtaobh eile de'n domhan an lá fá dheireadh:-

"Tá sé chomh fada soin anois ó thuit an sgéal úd amach ná déanfaidh sé díoghbháil ar bith d'éinne é do chur i gcló. Bíodh cead lán-chroidheamhail agat ó Eibhlín agus uaim féin éan-rud is maith leat do dhéanamh leis; acht seachain agus ná cuir amach i mBéarla é agus ná leig an oiread is éan-fhocal amháin Béarla isteach ann.

"An Gioblachán."

'Seadh, a léightheóirí, ó tá cead agam anois an sgéal so d' innsint dhíbh, tosnóchadh le fonn air gan mhoill.

Ins an mbliadhain 18- bhí mise, Conchobhar Ó Brian, ag caitheamh na Nodlag sa Chathair i gContae an Chláir.

Bhí an aimsir go han-chruaidh, mar bhí sioc agus sneachta ann ó sheachtmhain roimh lá Nodlag go ceann coigthighse nó trí seacthmhaine 'n-a dhiaidh sin.

Bhí an tír ar fad fá sneachta agus ba bhreagh deas an radharc é gan amhras. Do thaithn sé go mór liom-sa tar éis teacht a bhaile dham ó Bhaile Átha Cliath, mar bhíos óg an uair sin agus shaoileas ná beadh sé 'na Nodlaig i n-éan-chor gan sioc agus sneachta do bheith ann.

'Seadh, aimsir an-bhreagh do b'eadh í do'n té do bheadh óg láidir agus ná beadh ceal bídh ná teineadh ná éadaigh air; acht do'n té ná raibh siad so aige, agus do bhí ag marachtáil ó'n láimh go dtí an béal, go bhfóiridh Dia orainn, b'aimsir an-mhíoshólásach agus an-dhealbh í.

Pé ar domhan é, b'ait an saoghal do bhí ann an fhaid do bhí an sneachta againn. Gach éan-tráthnóna d' iompuigheadh na buachaillí go léir amach idir óg agus críonna, agus cuid de na cailíníbh i n-éin-dtigh leo, ag caitheamh liathróidí sneachta le n-a chéile agus ag imirt gach cleasa eile a d'éireochadh 'na gceann; agus, nuair bhíodh siad tuirseach de na gnóthaíbh seo, choinneó'dh siad an pota ar fhiuchadh ar feadh tamaill eile ag sleamhnughadh ar an leac-oidhre.

Cuimhnighim go maith ar an sult do bhíodh againn ar an leac-oidhre - slán iomlán leis an am soin. Nuair do thuiteadh ceann de na buachaillíbh thagadh an chuid eile aca anuas de phlap air in éan-charb amháin agus is annsoin d'éireóchadh an gáire agus an gleo.

Is iomdha carb mar sin a rabhas féin ann agus chím anois ós cómhair mo shúl na garsúin ar mhullach a chéile ag únfairt agus ag leapadáil ar an leac-oidhre agus ag sgartghail go meidhreach gan éan-rud fá'n spéir ag tabhairt trioblóide dhóibh -

"Caidé an uair a ndéanamaoid sult ná pléisiúr, Mara ndéanamaoid i dtús ár n-óige é; Agus ná buaileadh smúit ná galar dubhach sinn, Go ndéanamaoid súgradh ár ndóthain."

AN CHÉAD CHUID. Ins an bhfásach.

Bhí fonn spóirt orm-sa an uair sin agus bhí an-dhúil agam i gcomhnuidhe i lámhach, cé ná raibh taithighe mhór agam riamh ar armaibh; acht, ar a shon soin féin, d'fhéadfainn rud níos lúgha ná cruach fhéir do thabhairt anuas dá mbuailfeadh sé trasna orm.

Lá nó dhó tar éis na Nodlag fuaras iasacht ghunna ó dhuine mhuinteardha dham agus bhuaileas amach fá'n dtuaith agus fuadar mór fúm ag féachaint an gcas- faidhe éin-nídh orm go gcaithfinn urchar leis.

Thugas m'aghaidh soir ar Shliabh Calláin agus d'éirigh liom go hana-mhaith mar do mharbhuigheas plibín agus creabhar agus girrfhiadh.

Bhíos ag leanamhaint riain girrfhiaidh eile timcheall le cúig míle ó bhaile agus an tráthnóna ag teacht orm nuair thosnuigh sé ag cur sneachta arís.

Tháinig an sneachta anuas i mbrúcht mhóir go hobann agus go tiugh, agus dubhras liom féin go raibh sé i n-am dam an tóruigheacht do chaitheamh suas agus m' aghaidh do thabhairt ar an gCathair agus an bóthar do chur díom go tapaidh.

B'fhuruisde é sin do rádh acht ba dheacair é dhéanamh. Níor chuimhnigheas orm féin i n-éan-chor an fhaid do bhíos ag leanamhaint an ghirrfiaidh agus nuair thosnuigh an sneachta bhíos istigh i gceart-lár fhásaigh fhiadhain uaignigh i n-áit ná raibh duine beó le feiscint ann, ná teach ná bothán i ngaorduigheacht míle dham.

Ní misde a rádh acht go rabhas cráidhte agus sear- bhasach go leór nuair do fuaras mé féin 'san gcruaidh- chás so. Bhí gach uile chomhartha air go mbeadh sneachta trom ann agus chuireas an gunna ar mo ghualainn agus ghreadas liom amach tríd an bhfásach go dtí an bóthar.

Dheineas deabhadh mór agus bhíos ag treasgairt go dian tríd an sneachta chomh maith is b'fhéidir liom; acht do baineadh tuisle asam uair no dhó agus b'éigin dam aire mhaith do thabhairt do gach éan-choiscéim dár shiubhlas 'na dhiaidh sin.

Bhí an sneachta ag teacht anuas i n-a shreathannaibh anois ar nós nár fhéadas rud ar bith d'fheiscint taobh amuigh de chúpla chéad slat uaim. Bhíos nách mór caoch ó'n sneachta agus lag leis an ocras agus bhí fuairnimh ag teacht ar mo lámhaibh.

Níor chuadhas ró-fhada gur bhuail sé isteach im' aigneadh ná béadh sé i gcumus dam dul a bhaile an oidhche sin i n-éan-chor agus do b'fhearr dham fanacht ag teach duine mhuinteardha do bhí timcheall míle go leith uaim. Ar an am chéadna do chuimhnigheas ar na sgéalta do chualas go minic i dtaobh an "Fhéir Ghortaigh" agus bhí eagla an domhain im' chroidhe istigh go mbuailfeadh sé orm agus go bhfuighinn bás ins an sneachta leis an bhfuacht agus an ocras.

Siar do bhíos ag gabháil nuair d'éirigh sé seo im' aigneadh, agus lom-láithreach d'iompuigheas, mar do shaoileas, soir ó dheas go dtí an áit 'na raibh mo dhuine muinteardha 'na chomhnuidhe.

Níos doimhne 'san gcontabhairt is eadh do bhíos ag gabháil.

Ní raibh ceathramha mhíle siubhalta agam tríd na tortógaibh agus na tulánaibh ar an mbealach nuadh do cheapas amach dham féin nuair do chuadhas síos go dtí sna crománaibh i sgrath-mhuing. Ní cáll dam a rádh go rabhas fliuch, báidhte, agus millte leis an salachar nuair do thángas amach as an slogaire seo agus chun an sgéil do dhéanamh níos measa do thosnuigheas ar chritheadh leis an bhfuacht ó bhonn go bathas. Uch, nuair chuimhnighim air, ritheann crith síos trí lár mo dhroma; acht do thiomáineas liom go teann dána, cé go raibh mo chuid fiacal ag cnagadh ar a chéile, ag brath gach éan-nóimint go bhfeicfinn teach nó bothán gairid dam.

Bhíos ag gabháil síos le fán i n-áit an-gharbh nuair baineadh tuisle eile asam agus thuiteas arís. D'iom- puigh mo chos dheis fúm agus leis an gcor do tugadh dho chuaidh an phian isteach trém' chroidhe ar nórs gur leigeas sgread asam do chloisfeá leath-mhíle ó bhaile.

"Anois nó riamh," arsa mise, "táim caillte ar fad," mar do bhí 'fhios agam go raibh an chos gortuighthe.

D'éirgheas agus thugas iarracht ar an chor do chur fúm acht ní raibh éan-mhaith ann. Dá bhfaighinn talamh na hÉireann gan chíos gan cháin, ní fhéadfainn éan- choiscéim amháin do shiubhal léi.

D'fhanas ar feadh tamaill im' chrúnca 'san sneachta ag féachaint timcheall orm agus ag machtnamh cad do ghéanainn. Bhí mo mheabhair nach mór caillte agam mar gheall ar an anachain do thuit orm, agus is iongantach liom anuas go dtí an lá so nár thuiteas i bhfanntaisne; acht bhí an óige agam agus rud níos fearr, b'fhéidir, croidhe láidir.

Bhí sgailp i dtaobh cnocáinín tamall gearr uaim agus sgarta mór aitinn ag fás taobh thuas de ag déanam rud beag fosgtha dho. Dheineas maide croise de'n ghunna agus le hobair mhóir chuadhas faoi.

Fuaras an áit tirm glan san uamhchais bhig fá'n sgailp, agus chaitheas amach an luach saothair do bhí agam im' mhála, ar nós go ndéanfainn suidheachán de; agus bhuaileas mo dhruim leis an gcarraig taobh thiar díom.

Bhí an phian ag méadughadh im' chois agus bhíos ag éirghe níos laige gach uile nóimint, acht do ghlaodhas chugam mo chuid meisnigh agus dubhras liom féin:-

"Is giorra cabhair Dé ná an doras. Bh'fhéidir go bhfuil teach éicint an-ghairid dam anois, agus má tá, tabharfad fógradh do mhuintir an tighe.

'Sé an chéad rud do dheineas acht dó no trí de urcharaibh do chaitheamh i ndiaidh a chéile as an ngunna, agus is ar éigin do bhí sé ar mo chumas na piléir do chur isteach, mar ná raibh éin-bhrígh im' mhéaraibh. Annsoin chuireas liúgh árd-ghlórach agus liúgh agus liúgh eile asam agus mar sin de nó go raibh na hanála caillte agam.

Chuireas cluas orm fhéin ag féachaint an raibh éinne ag téacht fám' dhéin. Níor tháinig freagra ar bith acht an méid do chuir an mac-alla ar ais chugam, cé gur minic do thógfainn an leabhar air gur airigheas cois- céimeanna ag treabhadh tríd an sneachta agus guthanna daoine i bhfad uaim.

Líonas an gunna arís agus arís agus chaitheas urchar i ndiaidh urchair nó go raibh na bairillí te. Stadas tamall ag éisteacht go haireach acht níor tháinig éin- fhreagra ná éan-chabhair. Chuireas mo mhéaracha im' bhéal agus bhíos ag feadghail go géar agus go hárd go raibh mo cheann éadtrom.

Ní tháinig éinne dom' shaoradh.

Chaitheas dreas eile ag lámhach, ag liúirigh agus ag feadghail, acht ba bheag an mhaitheas dam é.

Bhí an sneachta ag tuitim i gcomhnuidhe agus an tráthnóna ag dorchughadh agus bhí 'fhios agam go maith, mara bhfuighinn cabhair sul a dtuitfeadh an oidhche, ná raibh éan-ghnó agam bheith ag brath air i n-éan-chor.

Bhíos míoshuaimhneach agus míoshólásach; bhíos go han- uaigneach; bhí mo mhuinighin agus mo mheisneach ag laghdughadh; bhíos fuar marbh; acht ní bheadh an sgéal chomh dona soin mara'dh an fliuchadh do fuaras ins an sgrath-mhuing, agus cad é an díoghbháil dá mbeadh greim le n-ithe agam?

Is iomdha rud do rith trém' cheann an fhaid do bhíos im' mhairtíneach fá'n sgailp; acht nuair chuimhnigheas ar mo mháthair agus ar mo mhuíntir ag baile agus an chaoi in a mbeidís dá bhfuighinn bás ins an sneachta gan rian ná tásg ná tuairisg orm, do phreabas suas agus thugas iarracht mí-éifeachtach eile chun mé féin do shaoradh; acht do thuiteas siar arís go faon lag. Ní raibh neart ná brígh im' bhallaibh om' cheathramhnaibh síos ó'n bhfuacht.

Chuadhas ar aghaidh nach mór céad slat ag lapadáil ar mo cheithre chrúbaibh acht do chonnacas, dá raghainn níos sia ar an gcuma soin, go mbeadh deireadh liom ar fad gan mhoill. Do fhilleas arís go dtí an uamhchais agus bhíos go han-bhuidheach go raibh sé chomh gairid sin dam.

Fá dheireadh thiar thall bhíos chomh sáruighthe agus chomh cráidhthe sin, agus gan éan-tsúil agam go bhfágfainn an áit beó go bráth, gur chromas ar ghol. Deirthear nach comhartha fearamhlachta é sin; acht i n-éinfeacht le gach uile butún agus mí-ádh do bhí orm do rith smut de shean-amhrán isteach im' cheann agus, dá bhfuighinn ór na cruinne, ní fhéadfainn na deóra do choinneáil siar. Shaoilfeá gurb orm féin do cheapadh an t-amhrán -

Ní cois leasa ná trínse, claidhe, díge, ná sgarta, Ná ar thóin a' phuill chíortha ba chuibhe liom bheith caithte; Acht i bhfochair mo cháirdibh go bhfuighinn árus gach am, I gCill na gClochán, agus bhát ós mo cheann.

Do ghoileas dreas maith agus, nuair do thiormuigheas - mo shúile, bhíos rud beag níos fearr agus níos sásta, mar bhí ualach trom tógtha dem' chroidhe; acht, ar a shon soin féin, bhíos deimhneach nách bhfágfainn an áit beó.

Bhí mo lámha ag tuitim díom, bhíodar chomh fuar marbh soin, agus chun iad do chlúdadh ó'n bhfuacht do sháitheas isteach im' phócaibh iad. Fuaras mo phíopa i gceann aca; agus is iongantach an rud é, cé go raibh dúil an-mhór agam i ngail tobac, nár chuimhnigheas air an fhaid do bhíos fá'n sgailp.

Tharruingeas amach an píopa chun gaile do chaitheamh agus nuair bhí sé dearg agam, do chaitheas uaim an mhaiste agus thuit sí ar dhoirnín cúnaigh thirm bhí i n-aice dham. Ghlac an cúnach teine ar an nóimint agus lom-láithreach rith smuainte isteach im' aigneadh.

"'Seadh, ar m' anam," arsa mise, "'sé Dia féin do chuir im' cheann mo phíopa do dheargadh."

Leis sin do bhailigheas suas an méid raithnighe agus cúnaigh agus brosna b'fhéidir liom a fhagháil timcheall orm san uamhchais agus ba bheag é. Bhuaileas na tortha agus na driseóga ag éadain na huamhchaise rud beag uaim leis an ngunna chun an sneachta do bhaint díobh. Chuireas an brosna fútha agus thugas teine dho lé maiste.

Bhí eagla orm ná glacfadh sé teine i n-éan-chor, acht sul a raibh am agam "Buidheachas mór le Dia" do rádh bhí gladhrach breagh ag éirghe suas go soillseach. D' éirigh mo chroidhe i n-éin-dtigh leis agus bhíos i bhfad níos meisneamhla nuair do chonnacas na lasracha mar bhí dóchas láidir agam go bhfeicfeadh duine éicint iad.

Chaitheas a dó nó a trí de urcharaibh agus 'na dhiaidh sin bhíos ag feadghail agus ag liúirigh gur tháinig ceóchán im' sgornaigh.

Ní raibh agam anois acht dá philéar eile.

D'éisteas go haireach ar feadh tamaill mhaith acht níor airgheas giob acht amháin mo chroidhe ag preabadh im' chliathán.

D' éirigh an teine go breagh ar dtús acht thuit sí mar an bpriompallán agus bhí sí nach mór múchtha agus gan éan-mhaith dham innti.

Chaitheas urchar eile agus bhíos chomh cortha lag tnáithte siocaighthe sin gur ar éigin bhí neart mo dhóchaint agam chun an gunna do chur lem' ghualainn.

Tháinig dúdán im' cheann. D'éirigh ceól im' chluasaibh. Bhí mó mhuinighin caillte ar fad agam mar do shaoileas go raibh mo ghnó déanta. Beidh cuimhne agam ar an dtráthnóna úd an dá lá is an fhaid do mhairfead. Thosnuigheas ar phaidireóracht acht do chuimhnuigheas go raibh piléar eile agam. Chaitheas é.

"Mara mbeireann sé sin congnamh dham," arsa mise, "tá deireadh liom, agus, nuair ná fuil éinne ag teacht dhom' shaoradh, go bhfuasglaidh Dia ar m' anam."

AN DARA CUID. An Gioblachán.

"Cad é an diabhal gleó atá annso agaibh nó cia tá ann?" arsa guth garbh borb taobh thuas díom.

Phreab mo chroidhe agus is iongantach nár chuadhas i laige le háthas.

"Is mise Conchobhar O Briain. Tar anuas chugham, ar son Dé, táim leath-mharbh."

Tháinig an té ar leis an guth garbh anuas ó mhullach an chnocáin agus do sheas sé amach ós mo chomhair.

"Buidheachas mór le Dia," arsa mise, "do bheinn marbh mara'dh gur thángais-se. 'Sé Dia féin do sheol tú ar an mbealach so."

Ní dubhairt sé 'seadh ná ní headh acht d'fhéach sé orm go géar ar feadh tamaill.

Gioblachán mór fiadhain féasógach do bhí ann clúduighthe i sean-bhalcaisíbh ó bhathas a chinn go bonn a choise. D'fhéach sé ós cionn sé troighthe ar aoirde, agus bhí cuma an-mhillteach air. Ní fhaca éinne riamh éan-duine chomh haisdeach leis agus mara'dh go raibh mo dhóthaint eagla orm-sa go bhfuighinn bás fá'n sgailp, ní dhéarfainn ná beidhinn ag critheadh le faitcheas roimhe.

Bhí liab ar a leath-shúil aige agus sean-cháibín tarruinghthe anuas ar a éadan; sean-chóta bréide air deisighthe ar nós nách bhféadfadh éinne an téadach do bhí ann an chéad lá do dhéanamh amach agus é dúnta suas go dtí n-a sgórnach; carabhat dearg casta fá n-a mhuinéal aige; bríste córdailiúir deisighthe mar an gcóta agus córdaí timcheall ar a luirgnibh fá n-a ghlúnaibh; crios leathair casta ar a chaol aige agus sgian sáithte ann agus cúpla máilíní ar crochadh dhe; mála eile ceangailte ar a dhruim aige; smístín i n-a láimh a mhairbheóchadh tarbh le h-éan-bhuille amháin; agus chun aisdeacht na geilte seo do mhéadughadh bhí an sneachta ceangailte i mámaibh d'á chuid ceirteacha annso agus annsúd.

B'in é an duine do sheól Dia chugham chun mo thabhairt as mo ghéar-bhruid.

Tar éis lán a shúl do thógaint díom - agus bhí an tsúil sin ag dóghadh mar smeachaide dearg fá n'a cháibín-dúbhairt sé go borb:-

"Cá bhfuil an chuid eile?"

"An raibh daoine eile ag teacht fám' dhéin?" arsa mise.

"Deamhan a bhfuil d'á fhios agam," ar seisean, "acht cá bhfuil na daoine do bhí i n-éin-dtigh leatsa annso?"

"Cad do chuir é sin id' cheann? Ní raibh éinne i n-éan-chor annso acht mé féin," arsa mise.

"Is éachtach an 'cárábó' do bhí annso go háirithe, ar seisean; "do shaoileas féin go raibh éirghe amach imeasg na ndaoine, agus go raibh cath trom d'á bhualadh aca" - agus leig sé sgairt gháire as mar do leigfeadh pleidhce bocht díchéillidhe do bheadh leath-éadtrom i n-a cheann.

"Is amadán é seo, is baoghalach," arsa mise liom féin, "agus tá faitcheas orm ná tiubhraidh sé iomarca fóirthin dam."

"Cad d' éirigh dhuit," ar seisean, "nó cia'n chiall ar chuiris an sliabh tré theinidh."

"Táim gortuighthe," arsa mise: "Thuiteas thall annsoin ó chianaibh; agus tá mo chos briste, is dóigh liom."

"Ó, go bhfóiridh Dia ort;" ar seisean, agus tháinig atharrughadh mór 'na ghlór.

"Tá croidhe bog ag an gcúmrachán so," arsa mise im' aigneadh féin, nuair chonnachas gur ghlac sé truagh dham.

Chaith sé an mála agus an baitín uaidh agus chuaidh sé ar a ghlúnaibh.

"Cia aca?" ar seisean agus sguab sé amach an sgian.

"An chos deas agus seachain agus ná gortuigh í; tá pian mhillteach innte cheana."

"Nídh nach iongantach! An fada annso tu?"

"Suas le dhá uair an chluig."

"Is miorbhuileach ná fuil tú básuighthe; acht ní bheidhir ró-fhada annso anois."

Thóg sé an chos tinn go bog agus go réidh agus ghearr sé an iall. Do bhain sé an bhróg agus an stoca dhi agus dhein sé mion-sgrúdadh géar uirri.

"Tá sí attha go mór," ar seisean, "acht ní'l sí briste; tá altán beag curtha amach; sin a bhfuil uirri; ní'l oiread na frighde ann."

Bhí an chos ar a ghlúnaibh aige, leag sé a dhá órdóig ar an altán agus chuir sé a mhéaracha timcheall na coise.

"Fan go socair anois go fóill," ar seisean, "agus ná géill dam," agus d'éirigh sé 'na sheasamh. Tharraing sé an chos chuige agus do choinnigh mise 'na choinne.

"Leónadh annso," ar sé.

"Ní'l ann acht gortughadh," arsa mise.

"Leónadh annso."

"Ní'l ann acht gortugadh."

"Léónadh annso."

"Ní'l ann acht gortughadh."

Ar an bhfocal déidheanach do bhrúigh sé an t-altán go tréan mear. Mhothuigheas greim im chrodhe agus d'airigheas cnag ó'n gcois i n-éinfheacht agus leigeas gráig asam le neart péine.

"Ní hamadán atá ann, pé rud eile é," arsa mise liom féin.

"Seadh," ar seisean, "is maith an mhaise dham é; tá an t-altán siar arís."

Sgaoil sé an cheirsiúir ó n-a mhuinéal agus stróic sé na stiallaibh é. Cheangail sé an chos go docht agus chuir sé an stoca agus an bhróg uirri go cúramach aris.

"Cad do-ghéanad leis anois?" ar sé, mar do bheadh sé ag caint leis féin.

"Téighir fá dhéin beirt no triúr eile do thiubhraidh congnamh dhuit chun mise do thabhairt do'n teach is giorra dhúinn," arsa mise.

D' éirigh sé 'na sheasamh.

"Ní dhéanfadh sé an gnó i n-éan-chor; fan go bhféicfead" ar sé, agus ghlac sé greim ar a bhféasóig mar do bheadh sé ag machtnamh ar rud éicint.

Shiubhail sé anonn agus anall trídh an sneachta agus d'fhéach sé mar dhuine do bheadh buadhartha i n-a aigneadh.

"Is aisteach an fear é seo," arsa mise liom féin, "agus do thógfainn an leabhar air go bhfuil rún éicint ceilte fa n-a shean-bhalcaisíbh; ní'l ionnta soin acht bréigreacht."

Stad sé go hobann dh'á spáisdeóireacht.

"Féach," ar seisean, "ní fhéadfainn dul fá dhéin éan- chabhra dhuit-se anocht - is cuma cia 'n chiall-gan díoghbháil do dhéanamh dham féin; agus ní maith liom tú d'fhágaint annso mar táir nách mór siocaighthe cheana."

Chrom sé anuas chugham agus dubhairt sé i gcogar isteach im' chluais.

"Tabharfad liom dom' áit féin thú, acht ar éan choingheall amháin. Caithfir cead do thabhairt dam púicín do chur ar do shúilibh. Mara leigfir dam é sin do dhéanamh, tá deireadh leis an sgéal agus beidh aithmhéala orm-sa 'na thaobh."

Shaoileas ar dtús ná raibh ann acht amadán nó bréagaire acht anois bhíos dearg-chinnte go raibh sé glan as a mheabhair. Ní fhéadfadh an sgéal bheith níos measa agam ná bhí sé agus dubhras liom féin go ngéillfinn do.

"Déan do rogha rud liom," arsa mise "acht ná fág annso mé níos fuide ar son Dé."

"Is maith liom soin," ar seisean, "beidh ualach trom agam d'á iomchar acht cad é an díoghbháil dá bhféad- fainn dhá thaoscán do dhéanamh dhe; agus chaithfead an gunna do thógaínt liom chomh mhaith."

"Ná bach leis an ngunna," arsá mise, "nach féidir leat é chur i bhfolach annso go maidin leis an ngirrfhiadh."

"Ó tá girrfhiadh agat," ar seisean, "sin aguisín eile leis an ualach. Ní'l ionnat acht pleidhce! Dá gcuir- finn an gunna i bhfolach annso agus go leanfadh an sneachta, b'fhéidir nach bhfuightheá do ghunna go bráth, mar ní fhéadfadh éinne an áit seo do dhéanamh amach ar maidín."

"Má's mar sin é," arsa mise, "beir leat an gunna, mar ní liom féin é; acht fág an girrfhiadh id' dhiaidh."

"B'fhéidir go dteastóchadh braon á'bhruithe uait i mbárach."

Níor bh'aon mhaith bheith ag caint leis, agus b'éigin dam a thoil féin do thabhairt do.

Tharraing sé amach ceirsiúir as a phóca agus do cheangal sé mar phúicín ar mo shuilibh í. Annsoin do thóg sé suas mé in a ghabháil mar do thógfadh sé leinbhín agus chuir sé in mo shuidhe mé ar charraig taobh leis an sgailp ar nós go raghainn ar a mhuin.

"Féach anois," ar seisean, "tá éan-chómhairle amháin agam le tabhairt duit agus is í sin: ná hosgail do bhéal go dtiubhraidh mise cead duit. Seo, tóg an girrfhiadh tusa agus tógfaidh mise an gunna."

D' árduigh sé ar a dhruim mé agus súd chun siubhail é chomh mear fuinneamhail is gur dhoigh leat ná beadh acht beart féir ar a mhuin aige i n-ionad ualaigh dhá chloch déag ar meádhchaint.

Ní raib fhios agam fá péir na cruinne cá rabhmair ag gabháil agus ba chuma liom ar dtús, chomhfada is do saoradh mé ó bhás uathbhásach ins an sneachta, agus cé gur shaoileas go rabhas ar mhuin fir do bhí glan as a mheabhair.

Anois bhíomar ag gabháil síos le fánaidh, agus arís suas i n-agaidh an chnuic. Síos agus suas; síos agus suas; agus annsoin suas suas linn mar do bhéimís ag dul suas go mullach an tsléibhe.

Bhíos ag éirghe go han-amhrasach. Cá rabhamar ag gabháil? Cia'r bhé an "Gioblachán"? Cia'n chiall ar chuir sé an púicín orm? Cad 'na thaobh nar thug sé mé go teach éicint 'san chómharsanacht. Cá raibh a áit féin? Cia'n chiall a raibh sé ag dul fá'n méid sin trioblóide mar gheall ar dhuine nár leag sé súil air riamh roimhe sin? Sin iad na ceisteanna do chuireas orm féin, agus ceisteanna nach iad an fhaid do bhíomar ag triall tríd an sliabh; agus is minic bhí sé ar bharr mo theangan agam a rádh leis ná raghainn níos sia mara n-innseadh sé dham cá rabhmar ag gabháil.

Bhíomar ag imtheacht mar so ar feadh leath-uaire an chluig agus níor labhramar focal lé chéile, ná níor leig sé anuas mé acht éan-uair amháin. Fear teann láidir féitheannach do bhí ann agus, mar'adh gur bh'eadh, ní fhéadfadh sé mise d'iomchur chomh fada soin,

Fá dheireadh d'airigheas uisge 'ghá stealladh i bhfad fúinn agus síos linn go hobann le fánaidh agus fuaim an uisge ag árdughadh i gcomhnuidhe.

Bhí an "Gioblachán" sáruigthe, mar bhí sé ag tarraingt na hanála go trom agus ba bheag an t-iongantas é sin; act do thiomáin sé leis agus truaighe an domhain agam dhó.

Stad sé go hobann.

"Ní'l mo theaghlach i bhfad uainn anois," ar seisean, "acht tá áit an-chontabhartach annso agus caithfir greim daingean do choinneáil, mar dá mba rud é go dtuitfimis, do bhéadh spruadar déanta dhínn ar leagadh do shúl.

Leig sé anuas mé. Bhí fhios agam go rabhamar anois ar bhruach faille nó gleanna doimhin mar d'airigheas ní hamháin fuaim an easa acht uisge ag glugarnaigh mar do bheadh sé ag briseadh tríd na cairrgeachaibh go díreach fúinn, agus an-fhada síos.

Chuaidh sé taobh thíos díom agus d'ísligh sé mé go haireach. Áit garbh sgairteach deilgneach bhí ann agus go deimhin agus go dearbhtha fuair an "Gioblachán" a dhóthaínt díom-sa sul bhíomar thíos.

Chaitheas dreas in a ghabháil, dreas ar a dhruim, dreas ag sleamhnughadh agus dreas eile ag strap- adóireacht ar mo mhuin. B'in í an chaoi in ar chuadhas síos.

Nuair shroicheamar bun na haille d'árduigh sé ar a dhruim arís mé agus ghread sé leis go trioblóideach. Ar bhruach srotháin nó abhann bhí sé ag gabháil anois mar d'airigheas an leac-oighre ag cnagadh fá n-a chosaibh agus mhothuigheas na tortha ag cuimilt dam.

Shiubhail sé, bfhéidir, cead slat mar so sul ar stad sé arís agus annsoin dubhairt sé liom mo cheann do chromadh ar a ghualainn. Do dheineas amhlaidh agus do bhris sé isteach tríd na torthaib. Bhí fosgadh anois againn ó'n sneachta agus léig se anuas mé.

AN TRÍOMHADH CUID. Fá Thalamh.

"Téighir ar do cheithre chrúbaibh anois," ars'an "Gioblachán," "agus lean mise."

Is mór an smacht do bhí aige orm. Dheineas mar dubhairt sé liom go humhal agus leanas é. Chuadhmar isteach i n-uamhchais chúmhaing ísil. Suas do threoruigh sí agus bhí mo ghlúna nach mór gearrthá dhíom sul ar stad an "Gioblachán."

"Ná corruig anois go fóill," ar seisean, agus d' airigheas é ag rúsgáil le n-a chosaibh mar do bhéadh sé ag strapadóireacht suas uaim, agus annsoin do bhí suaimhneas againn.

"Nach deas an cás in a bhfuilim anois," arsa mise, liom féin, agus tháinig aithmhéala mór orm i dtaobh gur ghéilleas do i n-éan-chor ácht ní raibh leigheas air anois. Chaithfinn chur suas leis an méid do bhí romham.

Níor bh'fhada gur tháinig sé ar ais agus do phreab mo chroidhe le áthás mar do bhí faitchios orm ná fillfeadh sé chomh tapaidh sin. Labhair sé taobh thuas díom agus tháinig a ghuth chugham mar do bhead sé ag teacht anuas tré shimné.

"Druid isteach ruidín beag eile," ar seisean, "agus éirigh id' sheasamh."

Dheineas mar sin.

"Cuartuigh anois ar an gcarraig ar d'aghaidh amach mar do thánghais isteach, agus gheobhaidh tú poll ann in a gcuirfidh tú an chos mhaith. An bhfuarais é?"

"Tá sé agam."

"'Seadh, cuir do chos ann anois agus tabhair dham do dhá láimh."

Chuireas suas iad, agus ghlac sé greim orra.

"Éirigh anois," ar sé, "Sin é é."

Chomh tapaidh is do dhéarfá "Dia lem' anam" bhíos thuas aige. Thóg sé me 'na ghabháil agus chuaidh sé ar aghaidh, mar déarfá, fiche coiscéim agus mar do bhéadh sé ag dul suas casán garbh. Stad sé nóimint agus bhí fhios agam gur osgail sé doras, cé nár airigheas fuaim ar bith uaidh, mar fuaras boladh teineadh móna. Leigh sé anuas mé go réidh socair agus thóg sé an púicín díom.

D'fhéachas timcheall orm féin acht bhí an áit an- dhorcha agus ní fhéadfainn éan-rud d'fheiscint ar dtús acht amháin an teine. Do lasan "Gioblachán" trillseán beag agus deamhan a leithéide d'iongantas tháinig ar éinne riamh roimhe sin is do tháinig orm-sa 'nuair do chonnacas an áit 'na rabhas.

Árus beag cluthmhar do b'eadh é, acht árus beag aisdeach ar an am chéadna. Ní raibh doras ná fuinneóg le feiscint ann agus b'é seo an chéad rud do thugas fá ndeara. Ní rabhas cinnte i dtaobh na fuinneóige, acht bhí doras ann go háirighthe, mar do thángas isteach air, acht dá bhfuighinn ór na cruinne, ní fhéadfainn a dhéanamh amach cá raibh sé.

Bhí an seómra beag timcheall le dhá throigh deag ó éadan go héadan agus bh'fhéidir deich dtroighthe nó níos mó ar leithid agus ocht nó naoi dtroighthe ar aoirde. Badh dhóigh leat thar a bhfaca tú riamh gurab cliabh mór iompuighthe ar a bhéal do bhí ann, acht in' ionad bheith déanta de shlataibh is amhlaidh bhí sé déanta ar fad de shúgánaibh casta isteach agus amach ar chleitheachaibh ar an gcaoi chéadna. Bhí an teallach déanta de chlochaibh míne curtha go fíor-dheas le chéile le dóib bhuidhe agus teine bhreagh mhóna ar lasadh ann.

Chaith an "Gioblachán" a shean-chóta dhe agus chrom sé anuas agus do thóg sé dhíom mo bhróga agus mo stocaí. Do bhain sé dhíom mo chuid éadaigh agus nigh sé mo bhaill agus chuimil sé go cruaidh iad le tubháille gur tháinig rud beag beodhachta ionnta arís.

Bhí leaba bheag 'san chúinne le hais na teineadh, agus, nuair bhí sé réidh liom, dubhairt sé liom dul isteach ann, agus do chuadhas gan mhoill. Bhíos go sámh seasgair anois, acht, ar a shon soin féin, b'fhearr liom bheith i n-áit éicint eile.

Chuir sé gloine mhór biotáille teith i gcóir dam agus nuair ólas é, bhíos chomh caitthe cárnuigthe sin gur thuiteas im' chodladh lom-láithreach, agus is é an smuaíneadh déidheanach do bhí in mo cheann - "Cia ar bh'é an "Gioblachán"?" Ní fhéadfadh mo dhearbhráthair féin a bheith níos cúramaighe orm, agus is iongantach an rud é go raibh gach éin-nídh do theastuigh uaidh fá n-a láimh aige.

AN CEATHRAMHADH CUID. An t-Athrughadh.

Dhúisigheas amach 'san oidhche agus bhí solas ins an mbotán. Ní raibh fhios agam fá'n spéir cá rabhas. Shaoileas ar dtús ná raibh ins an méid do thuit amach ar feadh an trathnóna acht tromluighe gránda.

D'iompuigheas amach ar an solas agus cad do chifinn ann acht fear breagh, dathamhail, maiseach, gléasta amach i gculaidh dheis éadaigh agus é i n-a shuidhe ag clár beag ag sgríbhneóireacht ós cómhair na teineadh. Má bhí iongantas an tsaoghail orm nuair chonnacas an Gioblachán an chéad uair san sneachta, bhí a dheich n-oiread orm anois.

"Cá bhfuilim?" arsa mise ag preabadh suas.

"Ó, ar dhúisighis?" ar se, "cionnus atá an chos agat anois?"

Do leath mo bhéal agus níor fhéadas freagra do thabairt air. Bhíos fá draoidheacht gan amhras. 'Sé guth an "Ghioblacháin" do bhí ann, acht níor bh'é an fear céadna do bhí ann i n-éan-chor.

Bhí atharrugadh mór air. I n-ionad sgodalaigh bhoct bhrodhaigh is amhlaidh bhí duine uasal galánta cáiréiseach ann. Bhí an liab agus an cáibín imthighthe agus an salachar do bhí ar a ghnúis imthighthe leó. Bhí éadan árd leathan mín air; gruag chas chiardubh agus féasóg de'n dath cheádhna; srón díreach fhada; súile dubha ag cur soillse asta ar nós gur dhóigh leat go raibh sé ag féachaint isteach tréd' chroidhe; ceann mar cheann ríogh ar a ghuailnibh aige agus cuma agus déanamh gaisgidhigh air. Níor leagas súil riamh ar éin-fhear chomh breagh leis roimhe sin no ó shoin i leith.

"Ar ndóigh ní tusa an "Gioblachán"?" arsa mise.

"Gioblachán!" ar seisean, agus leig se sgairt chomh croidheamhail fonnmhar as gur bh'iongantach nár sgoilt sé a dhá thaobh ag gáiridhe; "Gioblachán! Nach deas an ainm do chuiris orm? Is mise an "Gioblachan" dá

'Seadh, déanfaidh sé sin an gnó go hálainn," agus leig sé sgairt eile as.

"Acht cá bhfuilim?" arsa mise. "B'shéidir go dtiubharthá freagra ar an gceist sin anois."

"Ná feiceann tú go bhfuilir i n-áit bhig dheis chom- pórdaigh," agus bhí smigeadh gáire 'na shúilibh mar is dócha gur thug sé fá ndeara go raibh sgannradh éicint orm-sa.

"Chím, acht cá bhfuil an áit sin?"

"Inneósaidh mise dhuit é sin. Bhfuil 'fhios agat cá bhfuil Tulach na Féinne?"

"Tá go maith; is minic bhíos i n-áirde air,"

"'Seadh, tá sé sin anois go díreach glan ós do cheann agus táir timcheall le trí chéad troigh nó b'fhéidir níos mó fá'n Tulach."

"Is dóigh liom go bhfuil fonn ort magadh do dhéanamh fúm," arsa mise.

"Ní'l, ar m'anam," ar seisean, "'sí an fhirinne ghlan atáim a innsint duit. Nách cuimhin leat an obair do bhí againn ag teacht isteach."

"Is cuimhin go maith," arsa mise, "agus tá a rian ar mo ghlúinibh. Is dócha go bhfuilmíd istigh i n-uaimh fá'n sliabh mar sin," agus annsoin im' aigneadh féin dúbhart, "Táim istigh acht cionnus fá'n spéir a' raghaidh mé amach? Sin í an cheist."

"Do thomhais tú go ceart," ar sé.

"Seadh," arsa mise, "is minic do chualas na sean- daoine 'gha rádh, nuair bhíodh siad bailighthe thart thimcheall an teallaigh, ag cur síos dóibh féin agus ag innsint sean-sgéalta, go raibh uaimh ag rith isteach ó'n bhfairrge fá Shliabh Calláin. Cheapas féin i gcomhnuidhe ná raibh 'san sgéal úd acht ráiméis; acht chím anois go raibh úghdarthás éicint leis."

"Táir ag teacht chugat féin arís," ar sé, nuair chuireas an reacht cainte seo tharm, "act caithfir aire do thabhairt duit féin go fóill tar éis an méid ar chuadhais tríd an trathnóna so. Seo, tóg braon anbhruithe agus déanfaidh sé maitheas dhuit."

Thógas uaidh é agus mhothuigheas é ag gabháil timcheall mo chroidhe agus an teas ag rith trém' bhallaibh.

"Tá sé sin go breagh," arsa mise, "Ní fhéadfadh mo mháthair féin é dhéanamh níos slachtmhaire no níos blasda; go bhfágaidh Dia do shaoghal agus do shláinte agat agus ná raibh an oiread sin de luigheachán bliadhna ort."

"Tá do mháthair beó mar sin," ar seisean, agus leig se osna as. B'fhéidir go raibh sé ag cuimhneamh ar a mháthair féin.

"Tá, buidheachas le Dia, agus tá sí 'na mnaoi óig láidir fós."

"Cad as tú?"

"Ó'n gCathair."

"Ó'n gCathair, an eadh," ar seisean, fé mar do bhéadh iongantas air, "agus cia'r díobh thú annsoin?"

"De Mhuintir Bhriain.

"Agus an bhfuil éan-ghaol agat le Diarmuid Ua Briain?"

"Tá, gaol an-ghairid ar fad."

"An dá ríribh atá tú?"

"'Seadh, 'sé m'athair é."

"Diarmuid O Briain t'athair-se!" ar sé, agus ní chreidfeadh éinne go dtiucfadh a leithéid de sgannradh air is do tháinig. Do leath a bhéal agus níor labhair sé gíog ar feadh cúig nóiminte acht ag cur na súl tríom-sa.

"Diarmuid Ua Briain a athair," arsé, mar do bhéadh sé ag caint leis féin. "Is aisteach an saoghal é"- "Tagann na daoine le chéile acht ní thagann na cnuic ná na sléibhte," agus annsoin, ag iompódh i leith chugam-sa, "is maith do frigheas anocht go háirithe agus táim am-bhuidheach 'na taobh. Cuir do lámh annsoin," ar sé, ag síneadh a lámh féin chugam, "agus cur do lámh eile annsoin. Thugas mo dhá láimh dhó agus do chroith sé iad go cineálta: "tá mo chroidhe an-gheal leat agus beidh áthas orm go deó agus go bráth gur bhuaileas trasna ort um thrathnóna. Dá mba madra led' athair do bhéadh ins an chaoi 'na raíbh tusa nuair do thángas ort fá 'n sgailp, do raghainn fá'n trioblóid chéadna. Tá an croidhe 'san áit cheart ag t'athair agus, rud níos fearr, tá sé 'ar shlighe na fírinne' - 'san saoghal so go háirithe - agus tá súil agam leis go mbeidh sé ar shlighe na fírinne ins an saoghal eile, le congnamh Dé. Agus má's tusa an mac atá aige i mBaile-Átha-Cliath, tá tú ar an mbealach ceart freisin, do réir mar chluinim anois agus arís. Ní fheadar an dtuigeann tú me."

"Tuigim go deimhin," arsa mise," agus táim go han- bhuidheach ar fad; acht cia hé tú fhéin anois? B'ait liom aithne do bheith agam ort, mar b'fhéidir go ndíol- fainn an chomhair lá éicint."

"Na habair focal mar gheall air sin anois," ar sé, "agus déanfaidh an ainm do chuiris orm ó chianaibh an gnó go han-mhaith - mise an Gioblachán"- agus leig sé sgairt bhreagh spleódrach as do chuirfeadh fonn gáire ar éinne do bheadh ag éisteacht leis.

"Taisbeán an chos anois," ar sé, "go bhfeicfidh mé an bhfuil sí ag dul i bhfeabhas."

Shíneas chuige í agus, tar éis breathnuighthe uirri, dubhairt sé:

"Tá sí go breagh agat anois agus i gceann lae no dhó beidh sí go maith arís. Féach, tá do chuid éadaigh tiormuighthe; éirigh id' shuidhe agus buail ort iad. Tá sé luath san oidhche fós agus, ó's annamh bhíonn éinne im' fhochair annso, beidh seanchus againn."

AN CÚIGEADH CUID. An Uaimh.

Bhíos ag féachaint timcheall orm an fhaid do bí sé ag caint, ag breathnughadh ar an seomra agus an chaoi 'n-a raibh sé curtha le chéile agus 'ghá fhiafruighe im' aigneadh féin cá bhfuair sé na súgáin ar fad nuair dubhairt sé:

"Tá tú ag déanamh iongantais dem' theaghlach agus dem' aicillidheacht. Nách deas-lámhach an duine me?"

"'Seadh, ar m'fhocal; acht cá bhfuarais na súgáin go léir? Agus má's uaimh atá annso, ar ndóigh ní raibh éin-cheal leis an mbothán so i n-éan-chor."

"Inneosaidh mise dhuit ar ball; acht an mb'ait leat an uaimh ar fad d' fheiscint?"

"B'ait liom," arsa mise, "acht tá sé ró-luath fós an chos do chur fúm."

"Ní'l, pioc," ar seisean, "chomh fada is tá sé seo agat," agus thóg sé maide croise ó'n gcúinne agus shín sé chugam é.

"Raghamaoid amach go fóill go bhfeicfidh tú mo ríoghacht-sa ar fad," ar sé.

"Acht cá bhfuarais an maide croise?" arsa mise leis.

"Chuireas le chéile í an fhaid do bhí tú id' chodladh. Gabh i leith annso anois agus tabhair aire do'n chois."

Thóg sé an trillseán o'n mbórd agus d'osgail sé doras beag taobh leis an teallach agus chuadhmar araon isteach. Ní fhaca mé a leithéid de radharc ó'n lá rugadh me go dtí sin agus ní fhaca mé radharc mar é ó shoin. Bhí an seómra beag déanta go díreach glan ar an gcaoi chéadna i raibh an ceann eile, acht do bhí sé líonta suas go dtí an doras le harmaibh de gach cineál agus bhíodar go léir chomh glan agus chomh soillseach soin is gur bhaineadar an radharc díom nach mór nuair do chuadhas isteach ar dtús. Bhíodar ar crochadh aige ós cionn a chéile ar na ballaíbh thart thimcheall an tseómra chomh fada is b'fhéidir leis slighe d'fhághail dóibh - gunnaí gearra agus piostail go leór, agus a lán de chlaidhmhtibh agus de bhaigneitíbh - agus bhí cuid eile aca cruachta i ngrógánaíbh ar an úrlar. Bhí úirnéis bheag, inneóin agus uirlisí gabhann i gcúinne, agus binnse agus úirlisí siúinéara i gcúinne eile. Bhí an fear agus an áit ag éirighe níos aistighe gach éan-nóimint.

"Is dóigh liom go bhfuilim fá dhraoidheacht," arsa mise, nuair do thógas lán mo shúl dé'n tseómra.

"Ní'lis, mhaise, i n-éan-chor," arsa an "Gioblachán." Do thóg sé suas ceann de na gunnaíbh agus do chuimil sé é go cineálta le n-a láimh.

"Féach," ar seisean, "nach deas an úirlis í sin. Tháinig sí ó Ameriocá agus do chuirfeadh sí piléar tré dhuine nách mór míle ó bhaile; acht chífimíd an chuid eile aca arís. Gabh i leith annso."

D'fhosgail sé doras eile agus bhagair sé amach orm. Níor fhéadas mo lámh d'fheiscint bhí sé chomh dorcha soin. Níor chuimhnigheas go rabhamar ins an uaimh agus nuair d'fhéachas amach dubhras.

"Uch, nach dorcha í an oidhche!"

Leig an "Gioblachán" smut gáire as.

"Nach dorcha í an oidhche," arsa guth taobh amuigh dhíom. "Há! há!" arsa guth eile. Annsoin do labhair beirt nó triúr eile i n-éinfheacht níos fuide amach, "Uch! nach dorcha" - "há! há" - "an oidhche" - "há! há! há!" - "Nach" - "Nach dorcha" - "há! há!" - "an oidhche" - "há! há! há!" - agus mar sin leó ag sgigireachd agus ag déanamh magaidh fúm go raibh an áit lan suas de ghuthannaibh. Bhíodar thíos fúm, thuas os mo chionn, ar m'aghaidh amach agus ar gach taobh díom, D'imthigheadar uaim i ndiaidh a chéile agus d'ísligheadar fá dheireadh ar nós na raibh ionnta acht siosarnach ag creathadh i gcúinníbh na huamha.

Deir mise gur bhain sé preab asam. Tháinig sgann- radh orm ar dtús agus 'na dhiaidh sin tháinig iongantas agus uathbhás an tsaoghail orm, ar nós nár fhéadas cor- ruighe as an áit 'n-a rabhas im sheasamh ar feadh cúig nóiminte. Do bhagair an "Giobhlachán" isteach orm.

"Mac-alla," arsa mise, nuair bhí an doras dúnta aige.

"'Seadh," ar sé, "nach breagh é?"

"Níor airigheas riamh roimhe seo éan-rud mar é acht éan-uair amháin; acht ní raibh teacht suas ar bith leis seo aige. Tá an uaimh go han-mhór is dócha."

"Bí cinnte dhe sin. Táir id' sheasamh anois ar bhruach gága uathbhásaighe agus má tá éan-órdlach amháin ann, tá sé ós cionn míle troigh i ndoimhneacht. Ná téighir ró-fhada amach nuair a bhead ag taisbeánt na huamha dhuit, nó b'fhéidir go bhfuightheá dúdán id' cheann; coinnigh taobh thiar díom-sa agus ní bheidh baoghal ar bith ort."

Thóg sé sliseóg giumhaise agus chuir sé sgoilt bheag 'na héadan le tuaigh. Annsoin fuair sé sop barraigh agus shocruigh sé isteach 'san sgoilt é agus chas sé an barrach i mbachall mar bhéadh méaróg ar bharr na sliseóige. Nuair bhí sé socruighthe go daingean aige, thúm sé an sliseóg agus an barrach i bpota ola agus d'fág sé ann iad go raibh an ola súighte isteach go maith ionnta. Thugas fá ndeara lom-láithreach go raibh sé ag déanamh tóirse chun na huamha do thaisbeánt dam.

"Tiubhraidh sé seo solas ár ndóthaint dúinn anois," ar sé, agus chuir sé teine leis. Chuadhmar amach go bruach na gága arís. Gach cor do chuireamar dhínn do chuir an mac-alla freagra thar ais chughainn. D' árduigh an "Gioblachán" an tóirse ós a chionn ar nós go bhfuighinn radharc maith ar an uaimh, agus do sheas sé go dána amach ar bhruach an phuill. Ní dhéanfainn féin é dá bhfuighinn míle púnt; acht, ar ndóigh, mar adeir an sean-fhocal - "Neart na taithighe méaduigheann sé an tarcuisne."

Cé go dtug an tóirse solus breagh uaidh níor fhéadas rud ar bith d'fheiscint acht amháin roinnt bheag de'n charraig ós mo chionn agus ar gach taobh dhíom. Amach uainn ní raibh ann acht dorchadhas trom tiugh agus is dóigh liom féin nár dhein an tóirse acht é do mhéad- ughadh. Bhí sé chomh tiugh soin gur shaoileas go mb'fhéidir liom é ghearradh le sgin, no mám de thógaint im' láim. Bhíos ag fiafruighe dhíom féin, an fhaid do bhíos ag féachaint amach, cad do bhí foluighthe taobh thiar de'n dorchadas, agus do bhí sé chomh diamhair gráineamhail sin gur chuir sé uathbhás im chroidhe.

"Ní'l iomarca le feiscint amach uainn no taobh thuas dínn," ars' an "Gioblachán," "acht taisbeánfaidh

mé dhuit anois doimhneacht an phuill." Chuaidh sé ar a ghlúinibh.

"Luigh síos agus tarraing amach go bruach na cairrge," ar seisean, "táim chun an tóirse do chaitheamh síos."

Luigheas síos mar d'órduigh sé agus dhruideas amach go haireach go raibh mo cheann thar bhruach na gága. Do dhein sé féin an rud céadna. Chaith sé an tóirse amach uaidh agus síos agus síos leis tríd an dorchadas. Bhíos ag brath gach éan-nóimint go mbuailfeadh sé an tóin acht níor bhuail; agus níor thaisbeán sé éan-rud dúinn. Bhíos ag faire air go dtí ná raibh ann acht spréach. Tháinig pian im' shúilibh agus dúdán im' cheann ó bheith ag féachaint air, agus do chritheas go smior. Fá dheireadh do chailleamar radharc air ar fad.

"Anois, cad deir tú," ars' an "Gioblachán" isteach im' chluais nuair bhí an tóirse imthighthe as radharc.

"Leig dam go fóill," arsa mise, "go gcuirfidh mé leithead na cairrge idir mé féin agus an poll uath- bhásach úd." Agus do chuadhas ag lapadáil isteach san mbothán. Ní leigfeadh an eagla dhám éirge im' sheasamh go rabhas istigh, agus bhíos mar dhuine do bheadh i n-áirde ar luasgán. Tháinig an "Gioblachán" isteach im' dhiaidh agus dhún sé an doras.

"Is aisdeach agus is millteach an áit í seo," arsa mise, "agus tá greim im' chroidhe le huathbhás."

"Bhíos féin mar sin ar dtús," ars' an "Gioblachán," "agus i bhfad níos measa ná tá tusa anois, mar is beag nár thuiteas isteach ar mhullach mo chinn san gág an tarna huair do thángas annso; acht tá taithighe agam air anois agus ní chuirim suim ar bith ann."

Thóg sé anuas bógha agus saighead do bhí aige san mbothán ag rádh.

"Taisbeánfaidh mé leithead na gága dhuit anois."

Fuair sé mám barraigh agus chas sé ar bhior na saighde é agus dhein sé tóirse dhe mar do dhein sé de'n tsliseóig roimhe sin. Nuair bhí a dhóthaint ola súighte ag an mbarrach, do chuir sé teine leis agus d'osgail sé an doras. "Féach amach anois," ar sé agus sgaoil sé uaidh é tríd an dorchadas leis an mbógha. Chuaidh an tsaighead agus an sop barraigh ar lasadh go soillseach amach, b'féidir céad slat, gan an taobh thall do bhualadh; agus annsoin do chlaonuigh sé síos i ndiaidh a chéile agus thuit sé mar do thuit an tóirse agus i gceann tamaill do sluigeadh i ndoimh- neacht na gága é gan éan-rud do thaisbeánt dúinn. Ní misde a rád gur mhéaduigh sé seo an méad ionghantais do bhí im' chroidhe cheana.

Chuir sé stól taobh amuigh de'n doras. "Suidh sios annso go fóil," ar seisean, "go gcuirfidh tú aithne ar an gcuideachtain a bhíonn annso agam go minic."

AN SEISEADH CUID. An mac alla.

Rug sé ar cheann de na gunnaibh agus chuir sé piléir ann. Sul a raibh a fhios agam cad do bhí ghá dhéanamh aige d'árduigh sé an gunna agus chaith sé urchar as.

"Comraighe Dé chughainn," arsa mise agus do phreabas im sheasamh leis an ngeit do bhain sé asam. Shaoileas go raibh an sliabh ag tuitim isteach orainn. D'éirigh an mac alla mar bhladhm tóirnighe, agus bhí an fuaim chomh huathbhásach soin gur mhothuigheas an charraig ag critheadh fúm. D'imthigh sé uainn agus tháinig sé ar ais arís agus arís eile ar nós gur bh'éigin dam mo mhéarecha do chur im' chluasaibh chun an "ruaille buaille" do chongbháilt amach. Ar dtús bhí sé chomh borb bagarthach leis an tóirnigh; annsoin bhí sé go garbh glugarach fa mar bheadh fuaim na fairrge ag briseadh go trom ar chlochar trágha; agus n-a dhiaidh sin bhí sé an-chosamhail leis an bhfuaim do thiucfadh ó chlaidhe ag tuitim, no ó thriucaillíbh do bheadh ag gabháil thar bhóthar garbh; agus tríd an bhfothrom agus an trustar go léir tháinig chughainn fuaim mar phléas- gadh gunnaí mór i bhfad uainn. Chaith an "Gioblachán" a dó nó a trí d'urcharaibh eile agus bhí fonn air leana- maint do'n ghnó, acht d'iarras air a thabairt suas. Bhí an mac alla go han-bhreagh ar fad acht bhí mo dhóthaint agam dhe an uair sin go háirithe. Acht ní raibh an "Gioblachán" sásta fós. Thóg sé anuas fidil bhí ar crochadh de'n bhalla agus chuir sé i gcóir í.

"An dtaithneann ceól leath?" ar seisean.

"Taithneann go maith," arsa mise, "tá spéis mhór agam ann i gcomhnuidhe."

"Má's mar sin atá an sgéal," ar sé, "gheobhaidh tú ceól anois nó riamh."

"Má tá sé mar an cheol do thug an mac alla uaidh ó chianaibh ná bac leis."

"Éist," ar seisean, ag leigint gáire as, "agus tabhair do bhreith nuair táim críochnuighthe."

Thosnuigh sé ag seinm, agus dá mbéinn ag caint go ceann seachtmhaine ní fhéadfainn tuarasgbháil cheart do thabhairt ar an gcóimhsheinm d'éirigh san uaimh. B'áluinn an bheidhleadóir an "Gioblachán" agus bhí sé 'n-a chumas, "ó neart na taithighe," is dócha, ceól do bhuaint as an mac alla chomh maith leis an bhfidil. Dá mbeadh gach éin-ghléas ceól i n-Éirinn bailighthe isteach i n-éan-halla amháin agus iad go léir ar siubhal i n-éinfheacht, ní fhéadfadh siad ceól níos binne ná níos áilne ná nios taithneamhaighe do thabhairt uatha ná an ceól do thug an fhidil agus an mach alla dhúinn an oidhche úd. Thóg sé an croidhe agus an t-anam asam. Níor mhothuigheas pian ná tuirse ná eagla ná éinnídh eile acht amháin aoibhneas agus sásamh aignidh an fhaidh do bhí an "Gioblachán" ag seinm agus d'fhanfainn ann- soin ag éisteacht leis ar feadh lae agus oidhche gan bheith tuirseach dhe.

Nuair bhí sé sásta chuir sé uaidh an fhidil agus thosnuigh sé ag caint ar cheól na hÉireann agus bhí cur síos mór againn mar gheall air. Cainteóir áluinn dob' eadh an "Gioblachán" agus b'ait leat bheith ag éis- teacht leis, Ba líomhtha agus ba léigheannta na smaointe do bhí aige agus do thuit an Ghaedhilg ó n-a bheal chomh blasda le cheól. Ní raibh sé dall ar éinníd. Do bhíos ag smaoineamh, anois agus arís, an fhaid do bhí sé ag caínt, ar an gcaoi 'na raibh se ag caitheamh a choda aimsire agus ag fiafruighe díom féin cad é an fath bhí leis. Bhíos deimhneach go raibh sé leath-éadtrom agus gur bh'in é an chiall go raibh sé ag imtheacht, mar a déarfá, le haer an tsaoghail agus ag cur a mhuinéil i gcontabhairt; acht ní raibh fios agam an uair sin ar an méid ar chuaidh sé tríd.

Nior leig sé dham dul ro-fhada leis na smaointibh seo mar tharraing sé chuige feadóg agus tosnuigh sé ag seinm uirri, Dá fheabhas an ceól do bhuain sé as an bhfidil, b'fearr ná sin seacht n-uaire an ceól do bhuain sé as an bhfeadóig. Do sháruigh sé ar gach uile nidh d'airigheas suas go dtí sin. Ní thiubhradh éanlaith na cruinne dá mbeidhís go léir 'san uaimh ag cantain le chéile ceól níos neamhdha ná níos aoibhne uatha. Do thug an fheadóg an mac alla amach i bhfad níos fearr agus níos binne ná éan-rud eile.

"Cad deir tú leis sin?" ars' an "Gioblachán" nuair sguir sé dá seinneamhaint.

"Ní fheadar fós," arsa mise, "ná fuilim fá dhraoi- dheacht. Dá mbeinn ag caint ar feadh lae agus bliadhna, ní fhéadfainn a innsint duit an méadh aoibhnis agus taithnimh agus sásaimh chroidhe do thug an ceól úd dam. Ní'l éin-teacht suas leat."

"Ná bac leis an bplámás anois," ars' an "Giobla- chán."

"Ní'lim ag plámás i n-éan-chor," arsa mise, acht b'fhéidir gur chirte dham a rádh ná fuil éin teacht suas le deaslámhacht an "Fhir i nÁirde."

"Tá tú ag caint go ciallmhar anois," ar seisean, ag cur sgairte as.

"B'fhéidir é," arsa mise, "acht bhíos chun a rádh nuair bhíos ag éisteacht leat-"

"Agus leis an mac alla," ar seisean.

"Agus leis an mac alla, ar eagla an phlámáis - do chuir sé i n-umhail dam an tuarasgbháil do léigheas agus do chualas go minich i dtaobh ceóil na n-Aingeal is na Flaithis."

"Ní'lim criochnuighthe i n-éan-chor fós," ar seisean, agus d'éirigh sé 'n-a sheasamh.

Thosnuigh sé ag amhrán. Bhí guth breagh fonnmhar ceólmhar ag an "nGioblachán" agus níor chaill se éan- rud i dtaobh bheith istigh san uaimh. Ní fheadar féin cia aca do b'fhearr chun an mac alla do thabhairt amach - an fhidil, an fheadógh nó guth an "Ghioblacháin" - nó cia aca a raibh an barr aige i gcóimhsheinm; acht is dóigh liom gur sháruigh an guth orra go léir. Chualas trí chéad daoine ag gabháil amhráin i n-éinfeacht éan-uair amháin i halla mór i mBaile-Átha-Cliath; acht cé go raibh an ceól agus an choimhsheinm go han-bhreagh ar fad, ní raibh éin-teacht suas aige le ceól an "Ghiobla- cháin" nuair thug sé uaidh "An Raibh tú ag an gCarraig," agus nuair do bhí an mac alla agus an dórd do chuir sé suas 'san uaimh ag cuideachtain leis. Bhí lán mala d'amhránaibh aige agus do ghabh sé seacht gcinn aca sul ar stad sé. Bhí ceann aca - "An Feirmeóir Gaedhealach" go hálainn agus táim dá cur sios annso.

AN FEIRMEÓIR GAEDHEALACH.

Treabhfaidh mé s romharfaidh mé, Is cuirfidh mé an eórna, Agus bainfidh mé an Foghmhar go héasgaidh; Beidh mo shoiléar ar comhgar Is mo bharaille beórach Is beathuisge dhóthaint na gcéadta; Beidh an londubh 'san smólach Ag síor sheinm ceóil dam Ar mhaidin is mé ag seóladh mo chaorach; Is ní'l éin-teach ósda Ná hólfaidh mé coróin ann, Nuair dhíolfaidh mé bó ar an aonach. A comhars'na mo chroidhe 'stig, Druidídh aníos liom, Agus geallaim-se dhíbh-se nach bréag é, Mara mbeadh síol-chur Go mbeidhmís-ne claoidhte Gan blasadh na dighe ná béile; Lucht peribhig cíortha Is na gcnotaí dubha síoda Is caile beag buidhe go mbíonn tae aici. Go mbeidh lóistín na hoidhche Le fághail ag mo thigh-se Ag stróinsíbh 's ag maorthaibh gan éileamh. Tar sáile mar théidheas siad, Ní rachfad lem' ré ann; Leanfad mo chéachtá 's mo bhráca; Beidh olann mo chaorach Dá chaitheamh mar éadach, 'S nach geal bheidh mo léine ag mo ghrádh geal? Bím sealad ag aodhaireacht Ar chnuic is ar shléibhtibh, Is ag caitheamh mo raol i dtigh an tábhairne, Is gach Feirmeóir Gaedhealach Ar thalamh na hÉireann Fa thuairim fad saoghail chum ár sláinte. Gach sgafaire súgach Chum punainn do rúsgadh Agus bruinnill deas múinte do bhréagadh,, Druididís liomsa Go ndéanfamaoid cúnntas, Mar is duine gan amhras de'n tréibh mé; Bím sealad im' ughdar Im rígh 'gus im' phrionnsa, Agus timcheall an bhúird seo ní staonfainn, Agus an cóbach gan múnadh Ná- hólann an lionn linn Cuirfear ar gcúl é agus féar leis.

B'éigin dam féin amhrán no dhó thabhairt uaim nuair bhí an "Gioblachán" críochnuighthe. Nuair bhíos ag gabháil an tsean-amhráin bhreagh úd "An Páisdín Fionn" do sheinn sé an fonn ar an bhfidil liom, agus d'árduigh an t-amhrán a chroidhe chomh mór soin is gur dhóigh le duine gur ar mire bhí sé.

"Nach mór an feall é," ar seisean, mar do bheadh sé ag caint leis féin, "go bhfuil na daoine ag caitheamh suas na sean-amhrán agus a gceóil ghrinn dhúthchais féin. Is comhartha é go bhfuil an sglábhuidheacht dóighthe isteach go doimhin i n-a gcroidhthibh. Ní'l toradh an mhadra ag an aos óg atá ag éirghe suas anois ar theangaidh na tíre, ar fhilidheacht na tíre, ná ar cheol na tíre; acht b'fhéidir le congnamh dé go dtiocfadh an lá nuair do bhéadh níos mó meas aca ar na neithibh bhaineas le náisiúntacht. Ní bheidhmíd choidhche 'ar shlige na fírinne' go dtí go dtiocfaidh an lá soin."

"Is ait an duine thú," arsa mise leis.

"An dóigh leat soin?" ar seisean, ag teacht chuige féin, agus bhí smigeadh i n-a shuilibh. Ná habair éan- rud go fóill go bhfeicfidh tú cuid eile de'n draoidh- eacht."

AN SEACHTMADH CUID. An droichead.

Chuaidh sé i leathtaoibh ar an gcarraig agus d' airi- gheas sgréachailt éicint mar do bheadh rópa ag rith ar roithleán. Bhí pian im' shúilibh ó bheith ag féachaint 'n-a dhiaidh tríd an dorchadas, agus mo chroidhe agus mo cheann ag preabadh le faitchios ag éisteacht go haireach le gach éan-fhuaim d'éirig 'san uaimh. Bhí an sgrea- chailt ar siubhal ar feadh chúig nóiminte agus annsoin stad sí go hobann.

"Ní fheadar cad é an diablaidheacht atá idir láimh aige anois," arsa mise liom féin, agus is ar éigin do bhí an focal as mo bhéal nuair cad do chífinn ós mo chomhair amach acht splanc beag teineadh agus annsoin tóirse mhór ar lasadh suas go soillseach i láimh an "Ghioblacháin" ar an dtaobh thall de'n uaimh.

Leig sé liúgh ard-ghlórach as nuair d' árduigh sé an tóirse, agus deir mise libh-se go raibh gleó 'san uaimh go ceann tamaill n-a dhiaidh sin. Ní raibh 'fhios agam fá spéir na cruinne cionnus ar chuaidh sé anonn acht ní rabhas ró-fhada mar sin. D'fhéach sé mar do bhéadh sé leath-mhíle uaim, mar gheall ar an dorchadas, is dócha, acht ní raibh sé an fhaíd sin uaim i n-éan-chor. Is í mo thuairim go raibh sé cúpla céad slat uaim go háirithe agus do thaisbeán an solas ó'n dtaobh eile go raibh an uaimh fada farsaing agus go raibh an sliabh ós ar gcionn go díreach, mar adéarfá, mar sliogán báirnigh iompuighthe ar a bhéal. Bhí an dorchadas chomh tiugh soin 'san gháig gur dhóig leat go bhféadfá siubhal air. Thugas fá ndeara go raibh na cairrgeacha i bhfad níos gairbhe ar an dtaobh thall. Bhíos ag féachaint an bhféadfainn a dhéanamh amach cionnus do chuaidh sé anonn nuair d'imthigh sé suas go dtí rud éicint a bhí an-chosamhail le cliabh nó ciseán ar bhruach na gága. Shocruigh sé an tóirse ar thaoibh an chiseáin agus léim sé isteach ann. D'airigheas an roithleán lem' thaobh ag imtheacht arís agus so chughamh anall an "Gioblachán" 'san chiseán mar bheadh sé i mbád ag snámh tar dorcha- das na gága. Do thiubharthá an leabhar go raibh sgiatháin ar an gciseán, do shleamhnaigh sé i leith chúgham chomh socair sin. B'é seo an sgeimhle ba mhó do thug sé dham fós, agus is dócha go raibh sé leagtha amach aige roimh ré mar bhí gach éan-rud eile. Bhí mo chroidhe im bhéal an fhaid do bhí sé ag teacht i leith; mar, dá mbrisfeadh an rópa, do bhéadh spruadar déanta dhe agus do chaillfinn féin mo chiall. Nuair shroich sé an strapa arís bhí sé ag gáiridhe leis féin. Ní raibh ribe dá ghruaig casta, agus maidir le faitchios ná éin-nídh mar sin do bheith air tar éis na contabhartha 'n-a raibh sé, ní raibh acht an oiread is do bhí ar bhonn mo bhróige.

Connaich sé go raibh sgannradh an tsaoghail orm agus thosnuigh sé ag magadh fúm. "Raghmaoid isteach anois," ar sé, "mar is dócha go bhfuilir tuirseach díom. Cionnus tá an chos agat anois?"

"Deamhan ar chuimhnuigheas uirri i n-éan-chor an fhaid do bhíos annso. Ní raibh 'fhios agam acht an oiread leis an naoidhean do rugadh aréir go raibh sí gortuighthe ag éisteacht leat agus ag féachaint ort. Ní raibh aga agam lé cuimhneamh uirri leis an méid iongantais, agus uathbháis agus áibhéise croidhe agus sgannraidh agus gach uile rud eile atá tabhartha fá ndeara agam ó thángas isteach annso anocht; acht tá an chos go breagh agam anois, buidheacás le Dia."

"Ar a shon soin féin, tá faitchios orm go bhfuilir tuirseach diom, agus, dar go deimhin, is mithid é," ar seisean.

"Ní'lim," arsa mhise, "acht má leanann tú ded' chleasuigheacht beidh mo cheann liath roimh maidin. Féach, táim ag meabhrughadh ar an ndroichead aisdeach so agat. Cionnus ar chuir tú an rópa trasna na gága go dtí an taobh eile?

"'Neósad soin duit anois," ar sé. Bhíos annso éan-oidhche amháin agus níor fhéadas néal do chodladh. Bhíos buaidheartha im' aigneadh, mar do thuit rud éicint amach i gcaitheamh an lae do chuir trí n-a chéile go mór mé. Bhíos ag únfairt agus ag cnagadh san leabthain go dtí go rabhas tuirseach de agus fá dheireadh thiar thall b'éigin dam éirighe agus mo chuid éadaigh do chur orm. Thangas amach annso leis an bhfidil. Sin é an t-éan-tsólás amháin bhíonn agam nuair bhíonn éan-rud ameasa liom. Bhí sé an buille 'chlog an uair seo agus chaitheas seal fada ag seinm dham féin annso go rabhas nách mór ag tuitim im' chodladh, Gan bheith ag cuimhneamh ar éan-rud i n-éan- chor bhios ag féachaint tríd an dorchadas agus cad do chífinn ós mo chomhair amach ar an dtaobh thall de'n gháig acht splanc beag soluis. Maidin bhreagh shamhraidh dob' eadh í agus bhí fhios agham go raibh an ghrian ag éirighe ar an dtaobh soin de'n tsliabh. D'éirigh mo chroidhe le háibhéis mar do rith sé isteach im' cheann go mb'fhéidir go bhfuighinn slighe níos comhgaraighe isteach go dtí an uaimh; acht do thuit sí arís go hobann nuair chuimhnuigheas ar an ngáig. 'San am chéadna tháinig eagla orm go mb'fhéidir go bhfuigheadh duine éicint amach an poll agus go mbéadh an cat as an mála ar fad. Acht chomh fada is do bhí an gháig eadrainn ba chuma liom.

Chuireas an solas taobh istigh de'n dorus ar eagla gur ar mo shúilibh do bhí an splanc do chonnacas, acht ar ndóigh ní headh. Bhí sé ann gan amhras. Bhí solas an lae ag teacht isteach ar chuma éicint chomh cinnte is do bhíos féin im' sheasamh annso.

An fhaid do bhíos ag féachaint air agus ag machtnamh cad do dhéanfainn do rith smaointe isteach im' cheann agus do chuireas i bhfeidhm iad gan mhoill.

'Sé an chéad rud do dheineas, snáthad mairnéalaigh d'fagháil - agus bhí ceann beag agam go tráthamhail - ar chaoi go bhfuighinn amach go beacht luighe na háite 'n-a raibh an solas ag teacht isteach. Annsoin do chuadhas amach agus chuartuigheas suas agus anuas agus anonn agus anall; acht do theip orm an áit d'fagháil amach.

Bhíos ag leigint mo sgíthe go tuirseach gruamach go leór nuair do thugas fá ndeara go raibh fadhb chairr- geach ag éirige amach ar thaobh an chnuic taobh thuas díom agus dubhras liom féin go mb'fhéidir go bhfuighinn amach an poll ann. Bhí an fhadhb so nach mór ceathramha mhíle ar fad agus é briste manntach mar na cairr- geachaibh do chífeá ar bhruach na fairrge.

Suas liom agus níor bh'fhada dham ag cuartach go bhfuaras an áit, agus ní misde rádh go raibh áthas croidhe orm cé ná raibh fhios agam cad d'éireóchadh as an uair sin. Istigh i gcúinne beag garbh iargcúlach 'seadh do fuaras an poll agus sgairt aitinn agus driseóg ag fás go tiugh taobh amuigh dhe. Poll an- bheag dob' eadh é acht do chonnacas go raibh an sgoilt ag leathnughadh síos agus ná raibh uaim acht na clocha beaga agus an chré do ghlanadh amach agus go mbeadh an poll chom mór is badh mhaith liom é.

Ní bhéinn sásta go bhfeicfinn an raibh an poll ceart agam, agus má bhí, an bhféadfainn bealach do dhéanamh isteach go dtí an uaimh. Tháinig mé isteach fá dhéin greim le n-ithe mar do theastuigh sé uaim tar éis na maidne, agus, nuair bhíos ag gabháil amach arís, d'fhágas solas ar an streapa annso. Thugas cró liom agus ba bheag an mhoill orm an poll do leathnug- adh agus i gceann leathuaire bhíos im' sheasamh istigh 'san uaimh thall annsoin mar do bhíos o chianaibh.

Bhíos ag brath go mbeadh an taobh eile níos oireamh- naighe dom' ghnó-sa ná an taobh so nó b'fhéidir go bhfuighinn slighe trasna na gága. Acht b'fhearr liom bheith ar an dtaobh so cé ná fuil slighe ró-chomhgarach isteach chuige; mar fuaras amach go raibh an gháig chomh doimhin thall is bhí sé i bhfus. Do dhúnas suas an poll arís tar éis an méid trioblóide do bhí agam leis agus d'fhágas mar sin é go ceann coigthighse 'n-a dhiaidh sin.

Éan-oidhche amháin do bhíos annso tuirseach tnáidhte tar éis bheith ag stracadh rudaidhe do theastuigh uaim isteach tríd an bpoll soin thíos agus ag rádh liom féin gur bhreagh an rud dá mbeadh bealach níos comhgaraighe isteach annso nuair do rith sé de phlap isteach im' cheann go gcuirfinn droichead trasna na bearnan. Chuireas bógha agus saighead i gcóir gan mhoill agus thugas iarracht ar sreing do chur go dtí an taobh eile. Theip sé orm fé dhó acht an tríomadh urchar do chaitheas chuaidh an tsaighead anonn agus d'fhan sé thall.

Bhíos ag imtheacht as mo chroiceann le háibhéis, mar bhí an droichead geall le bheith déanta anois, agus dá mbéadh rópa láidir fada agam, ní bheadh iomarca moille air. Acht b'éigin dam rud beag foighne do bheith agam, mar ní raibh rópa de'n chineál do theastuigh uaim le fagháil níos giorra dhúinn ná Inis. Pé ar domhan é, fuaras an rópa fá dheireadh agus 'sé t'athair do thug chugam ó Luimneach é.

Tá sé greamuighthe go daingean agam ins an gcar- raig ar gach taobh de'n gháig agus tá an ciseach atá agam mar charáisde crochta dhe ar nós go gcuinneochadh sé suas leath-thonna ar meadhchaint. Is iomdha ualach trom do thugas liom thar an ngáig ó chuireas suas an droichead cé go rabhas eaglach agus imnidheach go leór an chéad uair do chuadhas anonn; acht mar gach éan- rud eile, ní chuirim suim ar bith ann anois "le neart na taithighe."

Tá an poll thall foluighthe agam anois ar nós nach bhfuigheadh éinne amach é dá mbéadh sé d'á lorg go ceann bliadhna. Ba mhór an bonntáiste dham an bealach nuadh mar ní fhéadfainn cuid des na rudaíbh atá istigh annso agam do thabhairt isteach go bráth mar 'adh go bhfuaras amach é. Agus má thagann éan- tóir orm éan-uair, is féidir liom an droichead do chur as usáid le casadh mo láimhe.

"Acht cuir i gcás," arsa mise, "go dtagadh éinne isteach a gan fhios duit ná bheadh sé i gcumas dóibh teacht anall annso ins an gciseach."

"Is maith an chuimhne í ambasa," ar seisean, "acht d'éirigh an rud céadna im cheann féin nuair do bhíos ag socrughadh an droichid. Bíonn duine an-ghasda nuair tá a mhuineál 'sa lúib. Gabh i leith annso go fóil go bhfeicfidh tú an chaoi atá agam ar an rópa ar gach taobh."

Chuadhmar anonn go dtí an ciseach. Tharraing an "Gioblachán" chuige an rópa agus d'imthigh an ciseach amach uaidh ós cionn na gága. Annsoin do thugas fá ndeara go raibh fáinne teann iarainn greamuighthe le luaidh go doimhin 'sa charraig agus go raibh roithleán ar crochadh dhe le dubhán mór. Bhí an rópa ag rith tríd an roithleán so. Thóg sé an dubhán as an bhfáinne agus léig sé síos ins an ngáig é le sreing do bhí ceangailte dhe.

"Cé raghadh ar an ndroichead anois?" ar sé, "tá an chaoi chéadna air thall, agus fágaim mar sin é im' dhiaidh i gcomhnuidhe. Anois cad deir tú?"

"Nuair do chonnacas fé ghné bacaigh anocht thú, bhí 'fhios agam im' chroidhe istigh nár bh'amadán do bhí ann; acht chun an fhírinne d'innsint duit do shaoileas éan- uair amháin go raibh tú leath-éadtrom.

"Ní tú an chéad duine do mheallas lem' chleasaidh- eacht," ar seisean, ag gáiridhe.

"Is dócha é," arsa mise, "acht do bhuaidhfeá i ngastacht, i n-aicillidheacht agus i ngliocas ar an nGobán Saor féin, dá mbeadh sé beo indiu."

"Ó, go bhfóiridh Dia orainn!" ar sé, "plámás arís. Seo isteach leat go bhfeicfidh tú seomra n-a n-arm."

AN T-OCHTMHADH CUID. Sgeimhleadh eile.

Chuadhmar isteach annsoin agus do thaisbeán an "Gioblachán" dam gach éin-ghléas do bhí aige. 'Sé mo thuairim go raibh suas le céad gunna gearr san áit gan trácht ar phiostalaibh ná ar ghléasaibh eile, agus bhí gach ceann aca mar bhiorán nuadh agus iad go léir i gcóir chun usáid do dhéanamh dhíobh dá mbeadh aga chuige. Dubhairt sé liom go raibh sé 'ghá mbailiughadh le chéile le cúig bliadhna agus go ndearnadh an-urmhór i n-Ameriocá.

Ó'n méid cainnte bhí agam leis i seomra na n-arm agus i gcaitheamh na hoidhche, bhí sé ag éirighe níos láidre im' aigneadh gach éan-nóimint nár casadh riamh liom éin-fhear do sháruigh i n-inntleacht agus i ngéar- chúiseacht air agus dubhras leis:

"Nach aisteach an gnó do leag tú amach dhuit féin."

"Beatha dhuine a thoil, a dhuine chroidhe," ar sé.

"'Seadh, gan amhras," arsa mise, "acht dar ndóigh, ní gábhadh dhuit-se an gnó so thógaint ar do ghuailnibh. Tá sé id' chumas slighe marachtála d'fagháil i gcuma éicint eile."

"Tá an ceart agat annsoin," ar sé, "is féidir liom mo dhóthaint airgid do shaothrughadh i slighthibh eile, acht ní thiubhradh sé an oiread sásaimh dam is táim a fhagháil as an obair seo agus b'fhéidir ná beinn i mbun an ghnótha so mar a'dh go raibh ciall mhaith leis. An dtuigeann tú?"

"Tuigim," arsa mise, agus tháinig aithmhéala orm annsoin go ndubhras éan-rud i n-éan-chor leis i dtaobh na hoibre ar eagla go gceapfadh sé go rabhas ag piocadh a rún as.

"Agus ó thárla go ndearnamar trácht air seo," ar sé, "innseochad mo sgéal dhuit ó thús go deireadh nuair raghamaoid isteach agus mo lámh dhuit go gcuir- fidh sé iongantas ort."

"Má tá rún ann," arsa mise, "ní'l fonn ar bith orm an sgéal do chloisint. D'fhéadfadh duine bheith 'n-a fhear mhaith agus gan a rún do sgeith; agus is ait an rud go bhfuilir ag cur do mhuinighne i nduine nach bhfacais riamh roimhe seo."

"Ba dhual athar duit bheith díreach macánta," ar sé, "acht níor casadh liom éinne riamh fós d'fhéad- fadh méar do chur fám' shúil-se agus, mara 'dh go bhfuilim lán-chinnte dhe im'chroidhe istigh go bhfuil tusa id' fhear sheasmhach, ní sgeithfinn mo rún chugat chomh bog soin. Rud eile, do thugas do lúidín fá ndearamar do thaisbeán t'athair an comhartha dham éan-uair amháin."

Bhí cor beag i lúidín mo dheas-láimhe do tháinig anuas chugam ó ghlún go glún agus b'é sin an comhartha ar thrácht sé air.

"Seo isteach leat," ar sé, "agus tiubhrad an sgéal duit, bíodh rún ann nó ná bíodh."

Chuadhmar isteach i bhfochair a chéile annsoin, acht ní rabhmar taobh istigh de'n dorus nuair do bhaineadh sgeimhleadh eile asam. Ag gabháil amach dúinn ní raibh pioc ar an mbórd acht amháin na páipéir do bhí d'á léigheamh ag an "nGioblachán," acht anois bhí sé gléasta amach le haghaidh suipéir. Do dhearcas timcheall orm ag féachaint an raibh éinne 'sa seómra beag acht ní raibh.

"Fá dhraoidheacht fós," ars' an "Gioblachán."

"Is cosamhail go bhfuilim," arsa mise.

Leig sé sgairt gháire as, mar ba ghnáthach, agus ann- soin do ghlaoidh sé amach:

"A Shadhbh, gabh i leith annso go fóil, má's é do thoil é."

Is ar éigin do bhí an focal as a bhéal nuair do hosgladh doras beag ins an mballa ós mo chomhair thall agus tháinig bean óg álainn amach chughainn. D'fhéach sí go géar orm-sa ar feadh nóiminte agus annsoin do phreab sí i leith im choinne ag síneadh amach a lámh chugham agus a rádh i nGaedhilg ceólmhair:

"Agus a Mhic Uí Bhriain, an tusa atá ann? Céad fáilte romhat annso. Is beag do shaoileas an uair dhéidheanach do casadh ar a chéile sinn gur istigh 'san áit aisteach so do bhuailfinn trasna ort arís."

D'aithnigheas an guth láithreach agus do chroitheas lámh léi go cáirdeamhail.

"Ní bheidh deireadh le miorbhailtíbh na háite seo go bráth," arsa mise ag féachaint ar an "nGioblachán." Bhí sé ag cur a dhá shúil trínn; agus ní chreidfinn go mbeadh a leithéid de sgannradh ar dhuine chomh géar- chúiseach leis, mara'dh go raibh sé 'n-a sheasamh annsoin lem' thaobh agus gan é i n-a chumas an oiread is éan fhocal amháin do labhairt.

"Agus tá aithne agat-sa ar mo dheirbhshiúir," ar sé, nuair do tháinig sé chuige féin.

"Ó tá," arsa mise, ag gáiridhe, "má's deirbhshiúr duit Sadhbh Ní Chonchobhair."

"Ar mo bhriathar," ar sé, "do bhuaidh sé seo amuigh 's amach ar gach éan-rud do thárla dhomh-sa ó rugadh mé. Tá sé díreach mar bheadh rud éicint do léighfeá i bhfinnsgéal; agus a Mhic Uí Bhriain, cé gur mór agus gur uathbhásach an sgannradh agus an t-iongantas do chuir mise ort-sa anocht, is míle mó an t-iongantas atá orm-sa anois. Acht suidhidh síos agus innis dam cá huin nó cá h-áit ar chuir sibh aithne ar a chéile ar dtús."

"I Lios Dúin Bheárnaigh, má theastuigheann fios uait," arsa Sadhbh.

"Ó, tuigim anois." ars' an "Gioblachán," "áit an- aereach is eadh Lios Dúin Bhearnaigh, is dóigh liom."

Do ghléas Sadhbh an suipéar dúinn agus do chaithea- mar suas le huair a' chluig ag seanchus go sultmhar agus go spleódrach, ag cur síos ar an gcaoi 'n-ar chuir Sadhbh agus mé féin aithne ar a chéile. Acht bhí Sadhbh an-thuirseach mar ní tháinig sí go dtí an áit acht an oidhche roimhe sin agus chuir sí turas fada dhi ag teacht. Chuaidh sí a chodladh agus d' fhág sí an "Gioblachán" agus mé féin i bhfochair a chéile.

"'Seadh anois," ar sé, "do gheallas duit go n-inn- seóchainn mo sgéal duit agus seo dhuit é go díreach, fé mar do thuit sé amach."

Thosnuigh an "Gioblachán" mar so:-

AN DARA ROINN. Sgéal an Ghioblacháin.
An Chéad Chuid. An Ridire.

"Féach, a dhuine chroidhe, nuair a chuimhnuighim ar an méad do thuit amach ins an sgéal so atá mé chun innsint duit anois, éirigheann fearg agus buile im' chroidhe istigh agus cuireann sé tré n-a chéile go mór mé; mar tagann an crádh croidhe agus an t-annró d'fhulaing mise agus mo mhuintir ós mo chomhair go soiléir arís. Acht, buidheachas mór le Dia, táim ag éirghe níos suaimhneasaighe im' aigne le leath-bhliadhain no mar sin; mar nuair bhuaileann éin-nídh bhaineann leis an aimsir atá imthighthe isteach im' cheann cuirim i leathtaoibh é gan mhoill. Acht seo dhuit an sgéal.

Bhí m'athair i n-a fheirmeóir socair sóghach, go láidir agus go compórdamhail, is cuma cá háit, go dtí seacht mbliadhna ó shoin. Bhí stiall mór talmhan aige agus i n-éinfheacht leis sin do bhí muileann aige ag obair gach éan-lá sa' bhliadhain nach mór. Ba mhianach óir dó an muileann so. Ba leis féin é agus an innse bheag 'n-ar sheas sé. Ní raibh glaodhach ar bith ag duine 'san domhan leis agus níor dhíol m'athair no éinne a tháinig roimhe pinginn cíosa as riamh.

Ní raibh de chloinn ag m'athair acht beirt, mise agus éan-dheirbhshiúr amháin, agus bhí sé leagtha amach ag an bhfear bocht, go ndeinidh Dia trócaire ar a anam anocht, go dtiubhradh sé slighe mhaith maireachtála dhúinn araon. Sul a raibh mise cúig bliadhna déag d'aois bhí sparán fada trom curtha i dtaisge aige le n-ar n-aghaidh-ne, agus do chuir sé mise go dtí coláisde mór an-fhada ó bhaile ar nós go bhfuighinn beathughadh ceart ann.

Bhí m'athair go rathamhail agus go síothamhail, agus an saoghal ag éirghe go breagh leis an fhaid do mhair an tighearna talmhan do bhí ós a chionn. Duine uasal cóir croidheamhail galánta do b'eadh é nár dhein droch- bheart riamh agus bhí sé chomh ceanamhail ar na tionón- tuidhthibh 's do bhí sé ar a mhuintir féin. Bhí cáirdeas agus báidh aige le gach éinne bocht agus saidhbhir, agus bhí meas an-mhór air féin i gcomhnuidhe. Bhí cion agus grádh aige ar a thír dhúthchais agus ar an áit 'n-a rugadh é - ní mar chuid eile d'á shórt - agus d'fhan sé ag baile ó fuair sé seilbh Caisleáin na Cairrge agus do chaith sé an méad airgid do bhí le caitheamh aige i measg na ndaoine ag déanamh leasuighthe ar an talamh, ag tior- mughadh bogaigh no portaigh annso agus annsúd, ag cur suas teórann, agus go minic ag cabhrughadh leis an dream do bheadh i dtrioblóid mar gheall ar butún éicínt, nó a mbeadh easbaidh eallaigh no síl ortha. Ní raibh mór-chúis no mórdháil ag gabháil do i n-éan tslighe, agus bhí na daoine go léir thart thimcheall na háite go han-shásta ar fad agus ní gábhadh dham a rádh go rabhadar gan uireasbhaidh an traoghail ortha an fhaid do mhair sé. Acht fa dheireadh tháinig lá trom dorcha dubhrónach nuair do thuit néal cumha ar chroidh- thibh na ndaoine agus do fágadh iad go fánach agus go faon fá bhuaidhirt, fá chrádh agus fá mhí-shuaimhneas o shoin amach. B'in é an lá'n-a bhfuair an sean-tighearna bás. Ní misde a rádh ná raibh súil tirim ná croidhe éadtrom ag éinne 'sa cheanntar acht go rabhadar go léir óg agus críonna claoidhte le aithmhéal mar bhí "An faraire cabhartach bronntach fearamhail" imthighthe uatha agus bheidís ó'n lá soin amách fá smacht an Ridire óig.

Bhí eagla an domhain aca roimh an oidhre agus ní gan fáth. Ní raibh dailtín chomh mór leis i nÉirinn nuair bhí sé ag éirghe suas agus bhí croidhe an tsean-fhir briste aige. "Dul i n-aois, dul i nolcas do," agus nuair thuit seilbh na háite isteach chuige ba bhitheamhnach droich- bheathadh agus droich-bhéas é agus bhí fuath agus doicheall agus searbhas ag gach éinne roimhe. Bhí sé an-thabhartha do'n ól agus ní fhéadfadh bean ná cailín teacht 'n-a ghaobhar i n-éan-chor bhí sé chomh droich- intinneamhail agus chomh drochlabharthach soin.

Ní raib an sean-tighearna 'san úir ós cionn míosa nuair do chrom an tíoránach cealgach ar dhroc-úsáid do thabhairt do na tionóntuidhthibh agus iad do chéasadh - d'árduigh sé an cíos ortha gan mhoill agus ní raibh aige fá n-a gcómhair acht tarcuisne agus masladh. Bhí i bhfad níos mó meas aige ar a mhadra féin ná bhí aige ar an bhfeirmeóir ba shuimeamhla 'sa pharóisde agus is minic do chuir sé 'fhiachaibh ar dhuine dul ar a ghlúinibh 'sa laithigh agus fanacht ann go mbeadh sé féin imthighthe as radharc. Faraoir géar! ní h-é sin an oileamhain fuair sé ó n-a athair. Acht is iongantach an rud nár bhain sé lem' athair-se i n-éan-tslighe mar níor chuir sé an oiread is éin-chianóg amháin de bhreis ar a chíos.

Bhí mo dheirbhshiúr ag éirghe suas an uair sin 'n-a cailín óg dathamhail timcheall ocht mbliadhain déag d'aois. Cailín ciuin ceannsa módhamhail socair do b'eadh Sadhbh i gcomhnuidhe agus níor bh'fhada gur chuir an bitheamhnach súil uirri.

Thosnuigh sé ar cuaird do thabhairt anois agus arís go dtí an teach. Thagadh sé isteach ag maoidheamh go hárd-ghlórach agus go mór-chúiseach go raibh meas an- mhór ag an sean-tighearna ar m'athair agus mar gheall air sin go mbeadh an meas céadna aige féin air. Rud eile: leigeadh sé air go raibh báidh mhór aige le Sadhbh agus bhíodh sé ag bladar léi an fhaid do bhíodh sé ar cuaird. Bhí m'athair séimhbhéalta go leór leis, cé go raibh amhras aige ar cia an chiall a mbíodh an rábaire ag teacht, mar is deacair do dhuine déanamh mar ba mhaith leis, agus mar ba chóir, nuair tá a lámh i mbéal an mhadra. Acht níor ró-fhada go dtáinig an sgéal chun chinn.

Éan-lá amháin bhí m'athair 'san mhuileann mar ba ghnáthach. Bhí mo mháthair imthighthe ar cuaird go teach dhuine mhuinteardha. Bhí an buachaill aimsire agus an cailín aimsire amuigh i bhfeighil a ngnótha féin. Ní raibh duine ar bhith istigh acht Sadhbh agus cia bhuailfeadh isteach agus gan an luráinín bocht do bheith ag cuimhneamh ar éan-rud, acht an Ridire óg agus goic air. Thosnuigh sé gan mhoill ar an bpáisde do mhealladh le bladar agus plámás agus caint bhreagh. Ní fhaca sé riamh i n-ean-áit 'n-a ndeachaidh sé a leithéid do chailín; bhí sí chomh soillseach leis an ngréin; do ghoid sí a chroidhe uaidh, agus céad rud nach é, agus fá dheireadh thiar thall thug sé iarracht ar ghreim do bhreith uirri. Suas go dtí sin do shaoil sí ná raibh sé acht ag magadh, acht nuair do dhein sé uirri leig sí sgread aiste agus sgeinn sí uaidh isteach sa tseómra agus dhún sí an doras. Acht níor mhaith leis bheith buailte; bhí an diabhaltacht ró-laidir 'n-a chroidhe. Lean an bitheamh- nach í, mar is dócha go raibh sé ag faire ar an teach agus ag líseáil timcheall na háite sul ar tháinig sé isteach agus bhí fhios aige go maith ná raibh éinne istigh acht í féin. Á! nár bh'é an feall é. Is maith an sgéal nár tháinig mise air an uair sin. Do thiubhrainn luach a chluainireachta dhó. Ní fhágfainn greim de le chéile agus do dhéanfainn spruadar d'á cheann ar leic na teineadh.

Nuair chonnaic Sadhbh é 'ghá leanamhaint is beag nar chuaidh sí i laige, acht do rug sí ar chuigeal do bhí sa chúinne chun í féin do chosaint agus dubhairt sí leis go mbrisfeadh sí a cheann dá dtagadh sé na gaobhar agus annsoin thosnuigh sí ag sgreadghail chomh hárd is bhí n-a cumas ag iarraidh cabhra.

Nuair d' airigh an Ridire an liúraigh chuaidh sé ar dearg-bhuile ar fad. Thosnuigh sé ar easgaine agus ar liogóireacht agus mara'dh go dtáinig m'athair isteach go tráthamhail ar an nóimeid sin is doigh liom féin go mbeadh a mhalairt de sgéal le h-innsint agam-sa anocht. Acht buidheachas le Dia ná fuil. Dá mbeadh éin-díoghbháil déanta ní bhéidhinn annso i n-éan- chor.

Chun dailtíneacht an fhealltóra do thaisbeánt duit, nuair do sheas m'athair 'sa ndoras d'iompuigh sé air go dána drochmhúinte agus smulc air, cé go rugadh air go glan i ndroichbheart náireach, agus dubhairt sé leis:

"Nach deas an sgéal é seo! d'éirigh d'inghean-sa suas im' choinne nuair do labhras léi go ciúin séimh- bhéalta agus ní raibh aici dham acht tarcuisne agus doicheall. Ní'l innti acht soirtheóir ceanndána droch- mhúinte agus caithfidh tú smacht do chur uirri."

"Go réidh, go réidh, a mhic ó," arsa m'athair leis go socair, cé go raibh a chochall ag éirghe, "ní soirtheóir m'inghean-sa i n-éin-tslighe acht is dailtín an té adubhairt gur bh'eadh. Níor thuill sí smacht do chur uirri riamh, acht tá smacht tuillte agat-sa, a smulca- cháin bhréin, agus mara'dh go bhfuilir fá dhíon mo thighe- se anois, agus go raibh meas an-mhór agam ar t'athair, do chuirfinn smacht ort-sa, cé go bhfuilim i bhfad nios sine ná tusa. An airigheann tú mé, a chladhaire?"

"Há! há! agus an mar sin atá an sgéal?" ars an Ridire agus do chrom sé ar gháiridhe, "Ar m'anam acht tá tú neamh-spleadhach; acht fan go fóil, a shean- cheithearnaigh, agus bainfidh mise cuid de'n sgóip dhíot."

"Teighir i n-ainm an diabhail as mo radharc," arsa m'athair, "agus ná tar taobh istigh de'n tairsigh sin arís, pé fhaid atá mise annso, bíodh sé acht seachtmhain, nó bíodh sé céad bliadhain."

"Geallaim-se dhuit, a shean-bhrealláin, ná béidh sé ró-fhada, má's féidir liom-sa. Cuirfidh mise an ruaig ort-sa agus ar chuid eile de'n chuimrisg bhréin atá timcheall na háite seo," agus do leig sé sgairt árd tarcuisneach as do chloisfeá leithead páirce ó'n teach.

"Lámh láidir i n-uachtar, is dócha;" arsa m' athair, "acht seachain tú féin, tá lámh De níos láidre ná do lámh-sa agus cuirim-se mo mhuinighin ann. Déin do dhícheall, a bhitheamhnaigh. B'fhearr liom míle uair an mála do chur ar mo dhruim agus déirc do bhailiughadh ó dhoras go doras ná fanacht annso agus cead do thabhairt duit-se do lámh shalach do chur ar mo pháisde. An n-airigheann tú mé?" Agus do bhuail sé a mhaide go millteach ar an urlár ar nós gur bhain se geit as an Ridire agus fuaim as an urlár.

"B'fhéidir é, b'fhéidir é," ar sé, agus amach leis ag dranntadh mar mhadra fiadhain.

"Nár bh'é an peacadh é an buaileam-sgiath do sgaoil- eadh an bóthar chomh bog soin. Dá mbeinn-se ann, do chuimhneóchadh sé orm go lá a bháis mar do thiubhrainn a chuid fola dhó le n-ól, an crochaire bradach," agus do thug an "Gioblachán" leang d'á ghlúin do chuir ar solus ag léimrigh ar an gclár agus d'fhéach sé go han-chrosda.

Stad sé de'n sgéal agus do chuir sé a lámh suas le n-a éadan leathan mín fá mar do bheadh sé ag cuimh- neamh ar rud éicint. Níor labhair sé focal go ceann cúpla nóiminte, Annsoin do thosnuigh se arís.

"Is dócha," ar seisean, "go saoileann tusa gur fear an-mhillteach mise; acht ní headh. Ní ghoirteóchainn crumh gan trácht ar dhuine, acht ní fhéadfainn cur suas riamh le dailtín dá bhfuighinn coróin Shacsana air. Agus an iongnadh ar bith é dá mbéadh fuath im' chroidhe istigh do stalcaire do thug iarracht ar inntinn mo dheirbhsheathar féin do árdughadh agus an leanbh bocht do mhealladh?"

Ní gábhadh dham a rádh gur chuir beart fhealltach an Ridire na seandaoine tré n-a chéile go mór; acht do bheadh an sgéal i bhfad níos measa mara'dh go rabhadar rud beag neamhspleádhach. Ar a shon soin féin, ní raibh lá suaimhneasach ag éinne aca 'na dhiaidh sin go bhfuaradar bás.

Do cuireadh Sadhbh go hárd-sgoil fá chúram Ban Riaghalta timcheall le fiche míle ó bhaile ar nós go mbeadh sí as an tslighe ar fad. Bhí sé seo ceaptha ag m'athair le fada, acht bhí leisge air i dtaobh sgaramhaint léi, mar bhí sé an-cheanamhail uirri agus do chongbhuigh sé ar sgoil í ag baile; acht fá dheireadh b' éigin dó í sgaoileadh uaidh, agus bhí aithmhéala air ná raibh sí imthighthe sul ar tháinig an Ridire a-bhaile.

AN DARA CUID. An léirsgrios.

Dhein an bitheamhnach d'réir a fhocail, agus taobh istigh de leath-bhliadhain 'n-a dhiaidh sin chaith m'athair seilbh an tighe agus na talmhan do thabhairt suas gan aisioc gan sásamh. Is iomdha lá cruaidh do chuir sé isteach, agus is iomdha braon alluis do chaill sé leis an bhfeirm, agus bhí a rian air. Ní raibh éan-áit eile 'sa dúthaigh sin níos deise ná í. Acht cad do bhí aige anois d'á bhárr? A chuid saothair ar fad caillte agus an Ridire ag déanamh magaidh faoi.

Bhí croidhthe na seandaoine brúighte briste nuair d'fhágadar an teach fada fairsing compórdach 'n-ar chaith siad urmhór a saoghail go sonasach agus go síothamhail le chéile. Chualas go raibh mo mháthair bhocht nach mór glan as a meabhair le cráidhteacht agus le brón. Bhí sí ag gol agus ag caoineadh ar feadh uaire a' chluig sul ar fhág sí an teach agus do bhainfeadh sí na deora as éinne do bheadh ag éisteacht léi; agus ba bheag an iongnadh é, mar ba thruagh Mhuire í féin agus m'athair an lá úd, gan amhras.

Is iongantach nár chailleas féin mo mheabhair nuair do fuaras sgéal lá i dtaobh an léirsgris bhí déanta ag baile. Ní fhéadfainn an litir do léigheadh. Tháinig sgamall ar mo shúilibh agus d' éirigh cnap im' sgórnach. Acht do léigheas í fá dheireadh ar chuma éicint agus bhí an sgéal ar fad agam; agus mo chreach ghéar agus mo lón dóighthe, bá thruaighmhéalach an sgéal é. Bhí m'athair agus mo mháthair i ndeireadh a laetheanta ruagtha as a n-áit féin agus caitthe, mar adéarfá, ar thaobh an bhóthair gan chiall ar bith fá'n spéir acht amháin gur sheas an sean-fhear suas go fearamhail leis an Ridire agus gur chosain sé a inghean féin ó sgraiste bladarach droch-intinneamhail. Agus ní bhéadh cead agam-sa mo chos do chur go bráth arís ins an teach 'n-a rugadh agus a tógadh mise agus na seacht sinnsir a tháinig romham. Do ghoill sé seo go trom orm agus ní raibh sé im' chumas pioc do dhéanamh ar feadh seacht- mhaine acht ag cuimhneamh air.

Níor thuit éan-rud amach le linn m' óige nár rith trém' cheann. Do chuimhnigheas ar an gcaoi a dtagadh na comharsain isteach ar cuaird chughainn 'san oidhche agus an t-áthas do bhíodh orm-sa ag éisteacht leó ag cur síos ar an bhFéinn, ar an gCóiste Bodhar, ar an bPúca, ar na Daoine Maithe agus ar rudaíbh nach iad. Do chuimhnigheas ar éan-oidhche áirithe nuair do bhíos im' gharsún óg. Oidhche fhiadhain gharbh do bhí ann agus bhí na comharsain bailighthe isteach mar ba ghnáthach. Bhí crampán mór giumhaise ar an teallach ag lasadh suas i ngliadhrach breagh soillseach. Bhí mise im' shuidhe ar shuidistín agus mo cheann leagtha ar ghlúinibh mo mháthar ag éisteacht go critheaglach le sgéal i dtaobh rud uathbhásach éicint do chonnaic an seanchaidhe ag teacht a-bhaile dhó tar éis bheith ag imirt cártaidhe. Bhí an ghaoth ag búithreamh sa tsimné agus na sgáile agus an solas ó'n teinidh ag léimrigh anonn is anall i measg na bhfreitheacha no ag teacht is ag imtheacht ar aighthibh na ndaoine thart thimcheall an teallaigh.

Nach ait an rud é nár chailleas cuimhne ar an oidhche úd riamh, siúd is go rabhas an-óg an uair sin? agus gach éan-uair airighim an ghaoth ag séideadh go trom ó shoin i leith ritheann sí isteach im' cheann arís, agus chím na comharsain bailighthe isteach, an gliadhrach ar an teallach agus na sgáile i measg na bfreitheacha; agus airighim an seanchaidhe ag innsint an sgéil agus an ghaoth ag búithreamh 'sa tsimné agus mothuighim lámh mo mháthar ar m'éadan nó ag rith a méaracha trém' ghruaig mar do dhein sí an oidhche úd. Slán iomlán leis an aimsir atá thart!

Do chuimhnigheas ar an rinnce agus ar na cleasan- naibh sultmhara do bhíodh againn agus nuair do thuigeas go ceart go raibh deireadh leó ar fad agus ná beadh cead agam seanchas do bheith agam go bráth arís ar mo theallach féin i bhfocair na comharsan nuair do raghainn a-bhaile, is iongantach nár tachtadh mé leis an reacht bhróin d'éirigh im' chroidhe agus b'éigin dam bualadh amach 'sa pháirc leastiar de'n choláisde gur shocruigh m'aigne rud beag.

Agus anois, a dhuine chroidhe, nach cruaidh an cás é go bhfuil cead ag éin-tighearna talmhan, má's maith leis é, duine bocht agus a mhuirighin do chaitheamh amach ar thaobh an bhóthair gan éin-chiall ar bith, agus an teach do leagadh anuas 'n-a dhiaidh, nó b'fhéidir do losgadh ós a chionn, cé nar chaill sé cianóg ruadh riamh leis, acht le congnamh Dé beidh atharrughadh sgéil againn go gairid, mar tá na daoine céasta sgriosta agus ní féidir leó cur suas níos fuide leis an ndroch-usáid atá d'á fhághail aca gach lá agus éireóchaidh siad am éicint agus réabfaidh siad na cuibhreacha atá d'á gceangailt i mbraighdeanas fá buaidhreadh aignidh agus annró leis na ciantaibh.

Mar a dubhras ó chianaibh do bheadh an sgéal i bhfad níos measa ag m'athair mara'dh go raibh teach beag deas leis féin aige i n-aice an mhuilinn ná raibh baint ar bith ag an Ridire leis agus nuair bhí sé socruighthe aige agus gach éan-rud i gcóir aige chuaidh sé 'n-a chomh- nuidhe ann.

AN TRÍOMHADH CUID. An clampar.

Shaoil an fear bocht anois go raibh se réidh leis an mbutún agus go mbeadh rud beag suaimhnis aige; acht ní raibh an Ridire sásta fós. Thóg an rábaire 'n-a cheann go raibh glaodhach nó ceart éicint aige ar an gcúinne beag talmhan 'n-a raibh an muileann 'n-a sheasamh. Mar adubhras leat cheana ní raibh ann acht innse bheag idir dhá abhann ar theórainn ceanntair an Ridire. Níor bhfada gur chuir sé an dlighe ar m'athair ag éileamh seilbhe na háite agus chuadar ós comhair an bhreithimh. Do bhuaidh an sean-fhear an lá, mar ba dhlightheóir díreach foghlumhtha an breitheamh, agus ní raibh sé sásta i n-éan-chor leis an tagairt do chuir an Ridire isteach.

Nuair do tháinig m'athair amach as Teach na Cúirte do bhailigh gach éinne san áit 'n-a thimcheall ag crothadh láimhe leis agus ag déanamh chomhgháirdeachais leis mar gheall ar an mbualadh do thug sé do'n Ridire, agus cia thiucfadh suas chuige acht an glamaire féin.

"Tá buaidhte agat orm," ar seisean ag gáiridhe mar is ná béadh eatorra acht neimhnídh. "Cogair i leith chugham go fóill, tá rud éicint agam le rádh leat."

"Táim réidh leat anois, a dhailtín," arsa m' athair, "Dhein tú do dhícheall orm, acht buidheachas mór le Dia, táim gan spleádhchas duit anois."

"Féach," ars an Ridire go síothamhail agus go humhal, "bíodh deireadh leis an gclampar feasda," agus annsoin dubhairt sé lem' athair ná raghadh sé níos sia leis an dlighe agus go dtiubhradh sé seilbh a chuid talmhan dó arís dá ndéanfadh sé rud éicnt ná fuil sé im' chumas innsint duit; acht dá n-innseóchainn, is baoghalach ná creidfeá mé.

Deamhan pioc a dhein m'athair sul a raibh an focal deidheannach as béal an Ridire, acht smailc do thabhairt do fá'n ngiall. Fear groidhe árd-aigeantach dob' eadh é an uair sin, cé go raibh sé trí fichid bliadhain d'aois agus do cuireadh an Ridire bun ós cionn agus buaileadh é fá'n mbothar n-a mhart.

D' fhan sé annsoin gan cor as, fé mar do bheadh sé marbh. Do gabhadh m'athair lom-láithreach agus do cuireadh i bpríosún é go ceann míosa mar gheall ar an bpoc do thug sé do'n Ridire.

Ní raibh sé riamh i gcúirt ná i bpríosún go dtí an lá soin, agus do ghoill sé go huathbhásach air. Nuair do leigeadh amach é bhí atharrughadh mór air agus do thug gach éinne fá ndeara é. Bhí sé caitthe críonna agus bhí a spriod, a mhisneach agus a chroidhe nach mór briste, nídh nach iongantach, agus cad é an díoghbháil, dá mbéadh sé réidh leis an gclampar agus leis an mbutún anois féin, acht ar ndóigh ní raibh.

Ní bheadh an Ridire sásta go mbeadh sé ruagtha as an áit ar fad mar gheall ar an smachtughadh do thug an sean-fhear dhó ós comhair an phobail. Do chuir an céasadóir an dlighe ar siubhal arís chun seilbe na hinnse d'fagháil acht do theip air an dara huair.

Tugadh an cás go Baile-Átha-Cliath agus bhí obair mhór mar gheall air. Bhí na dlightheóirí ag díosbóireacht ar feadh seachtmhaine, acht bhí an lá ag m'athair arís. Bhí sé geall le bheith buailte gur chuaidh éin-fhínné amháin do bhí aige ós comhair na cúirte. B'é sin an tighearna talmhan do bhí ar an taobh eile de'n teorainn. Dhearbhuigh sé seo go dtug a shean-athair séin an innse i n-aisge do shean-athair m'athar-sa chun an mhuilinn do thógbháil ann agus dubhairt sé go raibh sgríbhneóir- eacht aige féin do fuair sé go tráthamhail tamall gearr roimhe sin, agus gan bheith dá lorg i n-éan-chor, do thaisbeánfadh go dtugadh an innse dhó ar lá áirithe agus gur leis féin í agus leis an dream a thiucfadh 'n-a dhiaidh gan cíos gan cáin chomh fada is do bheadh féar ag fás no uisge ag rith le fánaidh.

Bhí eachtra beag deas ins an sgríbhneóireacht freisin. Bhí an sean-tighearna - an té ar leis an innse ar dtús - nuair bhí sé 'n-a fhear óg ag snámh i loch 'sa chomhursanacht éan-lá amháin nuair do buaileadh le greim é agus é an-fhada amach. Bhí sé i riocht bheith báithte nuair do thug Diarmuid Óg - b'é sin sean- athair m'athar-sa - fá ndeara é. Níor dhein sé pioc acht a bhróga do bhaint de agus dul amach fa n-a dhéin. Ba chontabhartach an gnó é acht le hobair mhór do shaoruigh sé é. Lá no dho 'n-a dhiaidh sin do chuir an tighearna fios ar Dhiarmuid Óg agus dubhairt sé leis, dá mbeadh sé n-a chumas, go dtiubhradh sé éan- rud ba mhaith leis dó mar gheall ar an ngníomh fearamh- lachta do dhein sé nuair do chabhruigh sé leis sa loch. Bhí sé i gceann Diarmuda le fada go gcuirfeadh sé suas muileann ar an innse, dá mbeadh cead aige, mar bhí an áit an-oireamhnach dó agus, ó fuair sé an tairgsint anois, dubhairt sé leis an tighearna go mbeadh sé sásta dá bfuigheadh sé an innse bheag le hais an átha. Chuir sé séo iongantas an domhain ar an dtighearna mar nior bh'fhiú leath-phingne an áit, óir ní raibh cothughadh gabhair ann, agus do shaoil sé gur thuill sé rud éicint níos fearr 'ná soin. Acht ní ghlacfadh Diarmuid rud ar bith eile uaidh agus b'éigin do'n tighearna géilleadh dó fá dheireadh. Nuair do innis Diarmuid dó cad é an gnó do bhí aige de'n innse, thug sé cead dó na clocha do theastuigh uaidh do bhaint i gcoiléar leis do bhí i n-aice na háite agus thug sé gach congnamh ba féidir leis an muileann do chuir suas. B'in í an chaoi 'n-a bhfuair mo mhuintir-se seilbh na hinnse.

Nuair do chuaidh an sgríbhneóireacht so ós comhair an bhreithimh, ní raibh an dara focal ins an gcás agus do caitheadh amach an Ridire agus do chuireadh fá chostas na cúise ar fad é. Acht ar a shon soin féin, bhí a lán airgid caillte ag m'athair, agus rud níos measa, nuair do tháinig sé a bhaile do thuit sé i ndroch-shláinte mar gheall ar an trioblóid agus an mío-shuaimhneas do fuair sé an fhaid do bhí an clampar ar siubhal. Thosnuigh sé ag meathadh agus níor thug sé lá foghanta go bhfuair sé bás.

Cheileadar gach éan-rud uaim-se ag baile mar bhíos ins an gcoláisde an uair seo, agus bhí eagla ortha go n-áirdeóchadh sé m'inntinn dá gcuiridis sgéal chugham, agus bhíodar ag brath ó ló go ló go mbeadh an lá ba mheasa caitthe aca agus go bhfuigheadh an sean-fhear biseach. Mar gheall air seo ní raibh pioc eolais agam ar an gcaoi 'n-a raibh siad ag baile agus mo lámh dhuit gur baineadh geit asam nuair do fuaras litir lá 'ghá radh liom go raibh m'athair i riocht bháis agus 'ghá iarraidh orm teacht a bhaile gan moill. B'éigin dam mo ghnó sa choláisde do chaitheamh suas agus imtheacht a bhaile le croidhe trom agus gan súil go bhfillfinn go bráth.

AN CEATHRAMHADH CUID. An Gioblachán ag baile.

Ní chreidfinn ó éinne sul ar thángas a bhaile go raibh léirsgrios chomh mór soin déanta ag an Ridire acht nuair do chonnacas lem shúil féin é, is iongantach nár chailleas mo chiall. Deir mise leat-sa go raibh sé an-chruaidh orm foidhne do bheith agam.

Níor mhair an sean-fhear bocht acht seachtmhain, agus nuair bhí sé curtha, dubhairt mo mhathair liom ná raibh éan-airgead ann chun mo théarma do chríochnughadh sa choláisde. B'é seo an buille ba thruime do fuaras fós mar bhíos geall le bheith criochnuighthe ann; agus, rud eile, bhí spéis mhór agam im' ghnó, mar bhíos ag foghluim inniltheóireachta. B'éigin dam an coláisde agus an inniltheóireacht do chaitheamh as mo cheann agus muilteóireacht do thógaint idir lámhaibh ar nós go mbeadh mo mháthair agus Sadhbh gan spleádhchas d'éinne.

Bhíos go dubhach diachrach brónach go ceann tamaill fhada ag cuimhneamh ar an atharrughadh mór do bhí tar éis teacht ar mo shaoghal; agus go deimhin féin agus go dearbhtha, dá mbuailfeadh an Ridire trasna orm, is dóigh liom féin go gcuirfinn rian mo dhá lámh air. Acht ar ndóigh, ní bheadh éan-mhaitheas ann, mar bhí an dlighe 'n-a thaobh-san agus bhí súil agam go dtiucfadh an lá agus go mbeinn-se ar barr arís. Agus tháinig an lá soin. 'Seadh, tháinig an lá soin.

Ní raibh m'athair curtha acht coigthighis nuair do tháinig litir chugam ó dhearbráthair dó do bhí i nAmeiriocá. Dubhairt sé sa litir go raibh sé ag brath ar theacht a bhaile chun cuairt do dhéanamh ar an sean-áit. Sgríobhas litir fhada ar ais chuige agus is sgéal truaighmhéalach do bhí agam dó. Thángas anuas go géar agus go trom ar na sgriosadóiríbh do bhí ag satailt ar na daoinibh, nídh nach iongantach, agus chuireas i n-umhail dó go raibh an Ghalldacht ag báthadh na tíre.

Fuaras freagra uaidh i gceann cúpla mí agus chuir sé roinnt airgid go dtí mo mháthair. Is cuma cad do bhí sa litir anois, acht dubhairt sé liom go raibh duine muinteardha dhó ag teacht go hÉirinn chun cuairt do dhéanámh timcheall na tíre agus go raibh sé leagtha amach aige go ndéanfadh sé cuairt chugam-sa, dá mbadh féidir leis.

Sealad 'n-a dhiaidh sin tháinig taisdealaidhe an bóthar lá agus bhí seanchas fada agam leis. Ní raibh 'fhios ag éinne cia ar bh'é féin agus d' imthigh sé mar tháinig sé.

Tar éis tamaill chuireas spéis mhór san obair do bhí agam sa mhuileann. Do chuireas isteach innioll nuadh i ndiaidh a chéile, ar nós gur sháruigh sé ar gach muileann sa cheanntar soin, agus bhíodh goradh mór oibre orm i gcomhnuidhe. Níor chorruigheas amach i n-éan-chor ar feadh ráithe tar éis teacht a bhaile dham; acht annsoin do thosnuigheas ar chuaird do dhéanamh annso agus annsúd sa tráthnóna nuair do bhíodh obair an lae críochnuighthe agam sa mhuileann.

Bhíos ag brath ar rud beag caitheamh aimsire do bheith agam anois agus arís, acht bhí an sult ar fad marbh. Bhí atharrughadh mór ar gach éinne, óg agus críonna, agus ní hiad na daoine céadna do bhí ann is do bhí ann nuair do bhí mise ag éirghe im' gharsún. Is beag an caitheamh aimsire do bhí ann anois seachas do bhíodh ann nuair do mhair an sean-tighearna. Ní raibh trácht i n-éan-áit 'n-ar ghabhas acht ar an Ridire agus bhí eagla an domhain suidhte go daingean i gcroidhe gach éinne roimhe.

Do shaoileas go mbeadh roinnt fearamhlachta ins na buachaillíbh óga acht ní raibh. Bhí cuid aca géar-chúiseach go leór acht do chuireadar suas go ró-chneasta ar fad le géir-leanamhaint an tíoránaigh. Is dóigh liom féin anois gur chreid na sglábhaidhthe bochta ná raibh sé ceart dóib éin-ghearán do dhéanamh, no éan-locht d'fhagháil ar an Ridire, pé olc nó éagcóir ba mhait leis do dhéanamh ortha.

Níor thaithn sé seo liom i n-éan-chor, agus éan-oidhche amháin bhíos ag smaoineamh cois na teineadh ar an gcaoi 'n-a raibh na daoine buailte fá chois ag an mbitheamhnach agus ag na tighearnaíbh talmhan ar fuaid na tíre, nuair do bhuail sé isteach im cheann gur chóir dam féin, chomh fada is do bheinn rud beag neamh- spleádhach, taisbeánt dóibh nár bh'é toil Dé é go mbeadh daoine ar bith fá smacht chomh mór soin ag éinne, agus 'iachaibh do chur ortha a misneach agus a spriod do ghlaodhach chúcha arís.

Acht cionnus do dhéanfainn é sin? B'in í an cheist!

AN CÚIGEADH CUID. An Sgoil.

Cé bhuailfeadh isteach chugam agus mé ag smaoineadh mar seo, agus ag féachaint cionnus do réidhteóchainn an cheist, acht oide sgoile na háite. Thagadh sé ar cuaird chugam go minic, agus bhíodh fáilte agam roimhe i gcomhnuidhe, mar b'fhear breagh foghlamtha é agus Éireannach fír-cheart freisin. Is iomdha díos- bóireacht fhada bhíodh eadrainn ar gach éin-nidh fá'n spéir nach mór, agus mara'dh go raibh sé san áit nuair do chuadhas a bhaile, do gheobhainn bás leis an "nGalar Dubhach," mar ní raibh an inntleacht chéadna ag éinne eile ann agus do bheinn uaigneach go leór gan sean- chas go minic, mara'dh é.

Ní raibh sé taobh istigh de'n tairsigh nuair bhí an cheist socruighthe agam. D'inniseas dó cad do bhí im' cheann agus dubhras leis gur éirigh sé im' aigne nuair tháinigh sé isteach go n-iarrfainn air congnamh do thabhairt dam le sgoil oidhche do chur ar bun. Ní raibh éan-chaoi eile againn ar na buachaillí do thabhairt i gceann a chéile agus ní fhéadfadh an Ridire éin-díogh- bháil do bhaint as obair mar súd.

Bhí an t-oide lán-toileamhail agus do gheall sé dham, le fonn, go dtiubhradh sé gach congnamh do b'fhéidir leis chun an gnó do chur ar aghaidh, pé duadh nó dochar do bheadh ann; agus chaitheamar an chuid eile de'n oidhche ag socrughadh gach éan-rud 'n-a thaobh agus luigh an t-oide isteach go háibhéiseach leis an obair.

Mar gheall ar an ndroch-úsáid do fuair m'athair agus mo mháthair, bhíos féin réidh le héan-rud ar bith do dhéanamh chun deireadh do chur gan mhoill leis an mbasgadh agus an sglábhaidheacht agus an ngéar-bhruid 'n-a raibh na daoine bochta fá na sgriosadóiribh fíoch- mhara.

'Sé an chéad rud do leagamar amach eadrainn féin acht leabharlainn do chur ar bun sa sgoil. Do bhronnas féin an méid leabhar do bí agam ar an leabharlainn ar choinghioll go mbeadh siad le fágháil agam éan-uair ba mhaith liom é. Do dhein an t-oide amhlaidh; agus nuair do chuadhmar go dtí an sagart paróisde ag iarraidh ceada ar úsáid do dhéanamh de'n sgoil cúpla oidhche sa tseachtmhain, agus nuair do chuala sé cad do bhí ar siubhal againn, ní hamháin gur thug sé an sgoil dúinn agus fáilte, acht thug sé roinnt leabhar dúinn nár theastuigh uaidh féin agus púnt le haghaidh cuid eile do cheannach.

Do bhain na leabhair ar fad le hÉirinn acht amháin cor-cheann ná déanfadh díoghbháil ar bith d'éinne, agus bhí cuid aca i nGaedhilig, mar bhí spéis mhór agam-sa i gcomhnuidhe i dteangaidh na hÉireann. Ba ghaedhil- geóir álainn agus sgoláire cliste sa tsean-theanga an t-oide, agus nuair bhí an sgoil ar bun againn, thosnuigh sinn ar an nGaedhilig do mhúnadh.

Nuair bhí gach éan-rud i gcóir againn, thug an sagart fógradh ag an Aifrionn go mbeadh an sgoil osgailte ar oidhche áirighthe agus go gcaithfeadh éinne a raibh fonn air dul ann teacht chuige féin chun a ainm do chur síos agus geallamhaint do thabhairt dó go raghadh sé ann gach éan-oidhche. Dubhairt sé freisin nár cuireadh an sgoil ar bun le haghaidh caitheamh aimsire agus ná beadh cead ag éinne fá bhun ocht mbliadhna déag d'aois dul ann.

Tháinig deichneabhar is fiche de bhuachaillíbh ciallmhara i gceann a chéile an chéad oidhche, agus cé gur thuit triúr no ceathrar aca siar tar éis tamaill, chuaidh an chuid eile aca ar aghaidh go hálainn, agus níor bh'fada go dtug gach éinne fá ndeara go raibh atharrughadh mór ionnta go léir agus nár bh'iad na buachaillí céadna do bhí ann i n-éan-chor. Bhí fearamhlacht agus neamhspleádhacht agus inntleacht le feicsint i ngnúis gach duine aca anois.

Do chaitheamar ráithe ag múnadh leightheóireachta agus sgríbhneórachta agus litrighthe dhóibh; agus do chuir an chaoi 'n-a ndeachadar ar aghaidh iongantas agus áibhéis i n-éin-fheacht orainn araon. Annsoin thos- nuigheamar ar eólas do thabhairt dóibh ar stair agus seanchus na hÉireann agus ar an gcaoi 'n-a gcuir- fidís a smaointe le chéile go ceart agus go soiléir i sgríbhneóireacht. B'álainn agus ba chliste an teagasg- thóir an t-oide; agus caithfidh mé cunntas do thabhairt duit anois ar an tslighe bhreagh acfainnigh do cheap sé amach dhó féin chun na hoibre seo do dhéanamh.

Do léigheadh sé amach alt as stair na hÉireann do na sgoláiríbh anocht, cuir i gcás. Do chuireadh sé 'fhiachaibh orm-sa an t-alt céadna do léigheamh go réidh agus go socair. 'N-a dhiaidh sin do mhínigheadh sé an t-alt ó thús go deireadh agus do cheistigheadh sé na sgoláirí ar gach nídh do bhí ann. Annsoin do chuireadh sé na focail cruadha ar an gclár dubh agus chuireadh sé 'fhiachaibh ortha focail níos simplidhe do chur 'n-a n-ionad. Agus i ndeireadh thiar d'innsigheadh sé an sgéal ar a nós féin, agus do dhéanainn-se an rud céadna. Téigheadh na buachaillí a bhaile annsoin agus sgríobhadh siad amach an t-alt chomh maith as d'fhéadai- dís agus an chéad oidhche eile do cheartuigheadh an t-oide agus mé féin gach dearmhad do bheadh déanta aca. Ní móide ná go raibh stair na h-Éireann nó an chuid ba mhó dhe sgríobhtha aca i gceann bliadhna agus ba bhreagh le héinne bheith ag éisteacht leo ag díosbói- reacht eatorra féin ar cheist éicint do bhain le n-a dtír dúthchais i n-allód.

Do chuir an feabhas do tháinig ortha i ngach éan-chuma i n-umhail dam, dá mbeadh leabharlainn agus sgoil mar an sgoil seo ar bun i ngach baile beag ar fuaid na tíre agus go ndéanfadh gach oide sgoile mar do dhein an t-oide seo againne go mbeadh adhbhar náisiúin níos fearr againn go gairid.

Thug sé an-shásamh dhamh-sa nuair do chonnacas an méad maitheasa do dhein an sgoil, acht i gceann tamaill bhíos ar tí an gnó do chaitheamh suas ar fad nuair do thóg beirt nó triúr de na buachaillíbh 'n-a gceann go raghadh siad go dtí Amerioca. Ní fheadar fá spéir na cruinne cia an chiall a bhfuil dúil chomh mór soin i measg daoine óg na hÉireann an sean- dúthchas do thréigint. Acht ní'l baint ar bith ag an gceist seo lem' sgéal.

Níor bhuail an Ridire trasna orm olc no maith ó thángas a bhaile. Tá 'fhios agam go maith go raibh eagla a chroidhe air romham mar ba chladhaire lobhtha é ce go raibh sé 'na bhuaileam-sgiath mór láidir.

Bhíomar go léir ag dul ar aghaidh go breagh sonasach go ceann bliadhna agus annsoin fuair mo mháthair bás - go ndeinidh Dia trócaire uirri. Níor thug sí lá fóghanta ó'n lá d'fhág sí amach a teallach féin. Tháinig Sadhbh a bhaile agus d'fhan sí im' fhochair-se go ceann míosa tar éis na sochraide. Éan-tráthnóna amháin chuaidh sí ar cuaird go teach duine mhuinteardha timcheall le dhá míle ó bhaile, agus nuair bhí sí ag imtheacht, dubhras leí go raghainn féin 'na coinne, nuair do bheadh sí ag teacht ar ais, agus go bhfanfainn léi ag an gcrosaire.

Nuair bhí an lá istigh agam, agus mo ghnó san muileann críochnuighthe, chuadhas i gcoinne Saidhbhe mar do gheallas di. D'fhágas an bóthar mór agus do bhriseas isteach tríd an talamh ar nós go raghainn tré ghleann an-dheas do bhí sa tslighe, agus bhíos ag déanamh amach ar an gcrosaire, nuair d' airigheas guth Saidhbhe ar an mbóthar. Bhí fál mór tortha eadrainn agus níor fhéadas éan-rud d'fheicsint tríd.

"Leig dam dul a bhaile, má's é do thoil é," arsa Sadhbh, "ní éistfidh mise leat."

"Ná bíodh deabhadh chomh mór soin ort agus fan go fóill, a stóirín," arsa guth eile.

AN SEISEADH CUID. Smachtughadh an Ridire.

An Ridire do bhí ann! Ní rabhamar réidh leis an mbitheamhnach fós. Do rith cuimhne gach éan-rud do thuit amach le dhá bhliadhain isteach im' cheann agus d'éirigh fearg uathbhásach im' chroidhe. Dá bhfuighinn an chroch mar gheall air, do bhainfinn sásamh dhe anois ó chuir sé é féin im' shlighe. Do léimeas de phreab amach ar an mbóthar, acht níor airigh an Ridire mé. Bhí Sadhbh bhocht i lár an bhóthair ag critheadh le heagla agus i riocht tuitim i laige. Bhí an Ridire ag déanamh suas uirthe nuair do tháinigh mise taobh thiar de.

"Stad, a chladhaire!" arsa mise i nguth árd-ghlórach feargach.

Léim sé as a chorp mar do sgannruigheas an t-anam as. Ar a shon soin féin d'iompuigh sé orm go gruamach agus smulc air. Is docha gur shaoil sé go raibh mise ar tí é do smachtughadh mar do tharraing sé buille orm le maide do bhí 'n-a láimh aige; acht do léimeas i leathtaoibh uaidh agus annsoin thugas pall- tóg mhillteach dhó fá'n ngiall agus do chuireas ar lár a dhroma é ar an mbóthar. Nuair d'éirigh sé dhein sé orm arís leis an maide, acht do bhaineas an maide dhe agus do thugas leanng nó dhó eile dhó, ar nós gur chuireas an ruaig air, agus nuair bhí sé ag rith uaim le n-a anam thugas barr na bróige dhó.

"Beidh mise suas leat mar do bhíos led' athair, agus beidh sásamh agam mar gheall air seo," ar sé nuair bhí sé ag imtheacht.

"Seachain tú féin," arsa mise, "má bhaineann tú liom-sa, ní leigfead-sa leat é chomh bog is do leig m'áthair bocht; cuimhnigh air sin anois."

D'imthigh sé leis go brúighte leadartha agus an diabhal féin 'n-a theannta.

"Nách tráthamhail do thángas oraibh," arsa mise le Sadhbh.

"Seadh," ar sise, "'Sé Dia féin do chuir tú chugam. Bhí an bitheamhnach im' dhiaidh agus do rug sé orm annso go díreach nuair do thángais féin orainn. Acht cuirfidh sé an dlighe ort anois, mar do dhein sé ar m'athair, agus cad do dhéanfaidh mise annsoin? Nach orainn atá an mí-ádh agus an butún. Go bhfóiridh Dia orainn anocht!" agus chrom sí ar ghol.

"Ná bíodh eagla ar bith ort mar gheall air sin," arsa mise; "Deirtear go bhfuil súil aige i ndiaidh inghine Ghearaltaigh an Ghleanna le déidheanaighe, agus do bheadh eagla air go n-aireóghadh sí éan-rud 'n-a thaobh. Ní bheadh baint nó páirt aici leis, dá mbeadh fhios aici cad é an sórt é. Seadh, tiormuigh do shúil agus seo leat a bhaile."

"Ar a shon soin féin," arsa Sadhbh, "tá rud éicint d'á chur i n-umhail damh-sa go ndéanfaidh sé díoghbháil dúinn mar gheall ar an trathnóna so sul a mbeidh sé sásta. An bhfeacaís an ghnúis do bhí air ag imteacht dó? Comraighe Dé chughainn!"

"Ná trácht air níos mó anois. Tá tú sgannruighthe agus trí n-a chéile, acht beidh sé imthighthe as do cheann ar fad i mbárach. Seo leat a bhaile anois."

Chuadhmar araon a bhaile, agus lá no dhó 'n-a dhiaidh sin chuaidh Sadhbh ar ais go dtí an árd-sgoil. Bhíos go han-uaigneach ar feadh tamaill acht do luigheas isteach go cineálta le mo ghnó 'san mhuileann agus ins an sgoil, ar nós gur chongbhuigheas an t-uaigneas agus an brón uaim ar fad.

Chuaidh an gháir amach i dtaobh an smachtuighthe do thugas do'n Ridire agus bhí na daoine go léir íosal agus uasal ag sgoilteadh le gáiridhe - agus ag magadh faoi. Bhí a shrón agus a ghiall loitthe ar fad, agus b'éigin dó fanacht istigh go rabhadar cneasuighthe aige.

Bhí sé ar dearg-bhuile ar feadh seachtmhaine, agus is ar éigin d'fhéadfadh éinne teacht 'n-a ghaobhar i n-éan- chor; agus dá ndéanfaidhe trácht ar m'ainm-se ós a chomhair do sgoiltfeadh sé na clocha ag easgaine orm.

Fuaras féin an-mholadh ó gach éinne mar gheall ar an gcaoi 'n-ar sheasas suas chuige; acht dubhradar go léir go raibh eagla ortha go mbeadh sásamh ag an Ridire i gcuma éicint, mar bhí sé chomh nimhneach leis an Mac Mallachtan féin.

AN SEACHTMHADH CUID. Eibhlín Nic Gearailt.

Éan-tráthnóna amháin, nuair bhí Sadhbh timcheall coig- thighis imthighthe uaim, tháinig bean uasal álainn óg chun pictiúir an mhuilinn do tharraint amach. Bhí an áit thart timcheall go han-dheas agus is minic do thagadh duine ann chun an rud céadna do dhéanamh. Ní fhaca mise an bhean uasal ná an bhean fhreasdail do bhí i n-éindigh léi i n-éan-chor, mar bhíos go gnóthach san muileann.

Thosnuigh sé ag báistigh an fhaid do bhí sí ag obair ar an bpictiúr agus b'éigin dóibh rith fa dhéin fosgaidh isteach go dtí an teach beag i n-aice an mhuilinn - an teach 'n-a rabhas féin im' chomhnuidhe ann - mar bhí an doras osgailte agus ní raibh éan-áit eile níos giorra dhóibh. Thagadh sean-bhean isteach gach éan-lá chun an tighe do chur i gcóir agus an áit do ghlanadh suas, agus bhí sí istigh go tráthamhail nuair do rith an bheirt isteach chuichi.

Do tharla gur thógas féin im' cheann lá no dhó roimhe sin go dtarraingeóghainn pictiúr an mhuilinn agus an easa taobh thiar de, mar bhí spéis mhór agam i n-obair de'n tsórt soin. Bhí taithighe mhór agam sa choláisde i dtarraingtheóireacht agus ba bhreagh an caitheamh aimsire do-gheibhinn as go minic nuair ná bheadh éan- rud eile le déanamh agam. Bhí an pictiúr géall le bheith críochnuighthe agam agus é leagtha ar bhórd fá'n bhfuinneóig sa chistean. Bhí m'adhbhar tarraingthe agus cuid dem' leabhraibh ar an mbórd leis, agus ní raibh an bhean uasal i bhfad istigh nuair thug sí fá ndeara iad.

Do chuir an pictiúr iongantas an domhain uirri agus thug sí árd-mholadh dhó. Ní raibh fhios aici cionnus ar éirigh sé go raibh éinne san áit a d'fhéadfad pictiúr mar sin do tharraingt amach; nó a d'fhéadfadh úsáid do dhéanamh de sna leabhraibh do chonnaic sí ar an mbórd agus d'fhiafruigh sí de'n t-seanmhnaoi ciar leis iad.

D'innis Úna dhi gur liom-sa iad, agus thosnuigh sí annsoin agus thug sí cunntas orm-sa ó lá mo bhreithe anuas go dtí an lá soin, agus is dóigh liom nár airigh éinne riamh a leithéid de mhasladh agus tarcuisne agus droch-aoide 's do steall sí ar mhullach an Ridire nuair do dhein sí trácht air, agus níor chuir sí fiacail ar éin- nídh ar a raibh eolas aici 'n-a thaobh.

Bhí an sgéal críochnuighthe nuair do bhuaileas féín isteach fa dhéin blúire tobac, agus admhuighim duit gur baineadh sgeimhleadh asam nuair do sheasas san ndoras, mar ní raibh fhios agam an raibh duine beo istigh. Bhí na mná uaisle 'n-a suidhe nuair do chuadhas isteach. Bhí duine aca ag féachaint ar an bpictiúr agus duine eile ag léigheamh leabhair. D'éirigheadar araon nuair do chonnac siad mise agus is beag nár baineadh an radharc díom mar níor leagas súil riamh ar bhéith níos ailne ná í siúd do bhí ag sgrúdughadh an phictiúir.

Do bhaineas mo hata dhíom agus do chuireas fáilte rómpa. Do chuir an bhean uasal óg an pictiúr uaithi agus d'iompuigh sí i leith chugham-sa.

"Do rug an bháisteach orainn," ar sise, "agus b'éigin dúinn seilbh do thógaint d'aimhdheoin gach éinne," agus léig sí gáire bheag cheólmhar aisti.

"Is soith liom," arsa mise, "ná fuil áit níos fearr agam chun fosgaidh do thabhairt díbh."

"Bhíos ag féachaint ar an bpictiúr so," ar sise. "agus tá sé go han-bhreagh. An tú do tharraing é? Má's eadh, is maith an mhaise dhuit é."

"Is mé do tharraing é," arsa mise, "acht ní fiu trácht air; ní'l ann acht práisg, agus ní'l sé críoch- nuighthe agam fós."

"Thángas féin annso indiu chun deilbh an mhuilinn do chur síos acht do chuir an chioth cosg liom. Tiocfaidh mé lá éicint eile chun é do chríochnughadh, agus má tá do cheann-sa réidh agat annsoin, b'ait liom é d'fheicsint."

"Taisbeánfa mé dhuit é agus fáilte éan uair is maith leath," arsa mise, agus bhí áibhéis im' chroidhe istigh gur iarr sí orm é do thaisbeánt di.

"Go raibh maith agat," ar sise; "chim go bhfuil an lá ag spalpadh suas arís, agus caithfimíd bheith ag gluaiseacht anois."

"Do chroith sí lámh liom ag gabháil amach di, agus ní náir liom admháil gur thug sí mo chroidhe léi an tráthnóna úd nuair d'fhág sí féin agus an bhean freas- dail an teach.

Ní fheadar an raibh tusa riamh ins an gcaoi 'n-a rabhas féin an tráthnóna úd. D'fhiafruigheas díom féin míle uair cionnus ar éirigh sé go rabhamar chomh nádúrtha le chéile. Do shaoileas éan-nóimint amáin go bhfacas í i n-áit éicint cheana; agus 'n-a dhiaidh sin go raibh aithne agam uirri le fada. Acht go háirithe níor fhág sí mo chuimhne i gcaitheamh na hoidhche.

An dara lá 'n-a dhiaidh sin tháinig sí arís agus do chríochnuigh sí an pictiúr. Bhí mo cheann-sa ullamh agam-sa mar d'oibrigheas go dúthrachtach air, agus nuair do thaisbeánas di é, do chaith sí féin agus an bhean-freasdail leathuair, ar a laighead, dá sgrúdughadh agus ag caint mar gheall air. Acht níor fhág sé sin a saothar féin siar. Níor bh'é an radharc céadna ar an muileann do bhí curtha síos againn, agus dá fheabhas an pictiúr do tharraing mise, bhí an ceann eile i bhfad níos fearr.

Bhí seanchas fada againn ar tharraingtheóireacht agus ar neithibh eile. Thugas fá ndeara go raibh spéis mhór aici ins na healadnaibh agus go rabhamar ar éin- intinn amháin ar gach éan-rud ar dheineamar trácht air. Acht 'sé bun agus barr an sgéil go dtáinigh sé amach i rith na cainte gur bh' í inghean Ghearaltaigh an Ghleanna í, agus thug sí cuireadh dham chun dul go dtí Caisleán an Ghleanna chun na pictiúirí do bhí ann d'fheicsint.

Do rith sé im' cheann an chéad uair do leagas súil uirri gur bh'í Eibhlín Nic Gearailt í acht ní rabhas deimhneach dhe; agus dubhras liom féin gur mhór an feall é dá bhfuigheadh an Ridire í mar mhnaoi, mar ní fhaca mé riamh im' shaoghal éin-bhean uasal ní b'áilne 'ná í agus bhí sí chomh maith 'n-a croidhe agus 'n-a hintinn is do bhí 'n-a deallramh.

Níor bh'fhada go raibh cáirdeas agus báidh mhór eadrainn cé nár chasamar ar a chéile go minic. Éan- la amháin tháinig trácht éicint anuas i dtaobh an Ridire agus d'inniseas di gach éin-éagcóir agus droich- bheart do dhein sé orainn.

"Deirtear," ar sise, "go bhfuil súil aige go bpósfaidh mise é; acht dá mbeadh coróin Shacsana ar a cheann aige, ní thiubhrainn-se cead dó fáinne do chur ar mo mhéir go bráth."

Nuair d'airigh an Ridire go raibh aithne agam-sa ar Eibhlín agus go rabhamar go han-mhór le n-a chéile bhí sé i riocht bheith tachta le neart buile agus éada, agus do dhéanfadh sé éin-nídh dá olcas chun mise do chur as an tslighe. Acht níor chuir biadán an tnúthóra ná a chuid bagartha spólla bróin orm-sa. Ní rabhas chomh soilbhir ná chomh sásta im' aigne ó'n lá do fuaras an litir dhiachrach úd sa choláiste is do bhíos timcheall an taca so.

Chuaidh an Ridire go dtí Eibhlín tamall 'n-a dhiaidh seo agus d'iarr sé uirri é do phósadh acht do dhiúltuigh sí é. D'fhág sé an áit ar fad go ceann cúpla mí agus nuair tháinig sé a bhaile, dubhairt gach éinne go raibh atharrughadh mór le feicsint air. Is cosamhail gur ghoill an diúltadh air.

Bhí an sgéal mar so go ceann míosa agus fuaras cunntas lá go raibh duine muinteardha dham marbh timcheall le sé míle ó bhaile. Tar éis béile bídh do chaitheamh agus mé féin do ghléasadh d'ollmhuigheas an capall agus chuadhas ar an tórramh. Bhí sé leagtha amach agam go bhfanfainn an oidhche ann ar nós go raghainn sa t-sochraid lá ar n-a bháireach.

An fhaid do bhíos ar an mbóthar bhíos go h-an- mhíoshuaimhneach agus go han-ghruamach. Bhí réimh-eólas éicint im' chroidhe go raibh butún agus mí-ádh romham; acht is ait an rud é nár chuimhnigheas ar an Ridire olc nó maith. Dubhras liom féin gur'b é sgéal an bháis do chuir na smaointe dubha so im' cheann. Do chuireas an capall ar sodar agus do chuimhigheas ar rud éicint eile níos soilbhire ar nós go rabhadhar ruaigthe ar fad as mo chuimhne nuair do shroicheas tigh an chuirp.

Bhí an oidhche go han-bhreagh agus go han-chiúin agus timcheall an bhuille 'clog go chuadhas amach go héadan an tighe le beirt nó triúr eile chun gal de'n phíopa do chaitheamh. Bhí duine aca ag rádh rud éicint agus do stad sé go hobann.

"Éistidh," ar seisean, "a' n-airigheann sibh an capall. Tá duine éicint ag teacht chughainn ag marcuigheacht. Dar ndóigh, ní ar an tórramh atá sé ag teacht anois."

Chuireamar go léir cluas orainn féin agus b'fhuirist an capall do chloisint i gciúineas na hoidhche cé go raibh sé an-fhada uainn.

"Tá sé ag teacht i mbasa agus fuadar mór faoi, agus tá sé ar chosanáirde leis," arsa fear eile.

"Ní fheadar cad do thug amach é chomh déidheanach soin!" arsa mise, acht níor bhfada go raibh fios agam.

AN T-OCHTMHADH CUID. Dóghadh an mhuilinn.

Bhí gach éinne ag tabhairt a bhreithe féin ar an bhfáth do chuir éinne amach chomh práidhinneach soin ag an mbuille 'chlog nuair do shroich an marcach an tsráid. Do stad sé an capall go hobann agus do thúirling sé go tapaidh. Bhí an capall fá mar do bheadh sé foluighthe i sneachta, bán le cubhar-comhartha go raibh sé tar éis reatha dhéin mhilltigh do dhéanamh. Dhruid- eamar amach chuige agus nuair do chonnac an marcach sinn do ghlaoidh sé amach -

"An bhfuil Diarmuid Ó Conchobhair annsoin?"

Do phreab mo chroidhe im' lár agus do bhris an t-allus amach ar m'éadan, mar do chuimhnigheas ar an ngruaim do bhí orm an tráthnóna roimhe sin.

"Tá, a Mhichíl," arsa mise, mar d'aithnigheas é, "Cad tá ort?"

"Is truaighmhéalach an sgéal atá agam duit,.' arsa Micheál, "congbhuigh suas do mhisneach."

"Bhfuil éan-rud i measa le Saidhbh?" arsa mise, mar do rith sé im' cheann go mb'fhéidir go dtáinig sgéal éicint uaithi.

"Ní'l," ar sé, "acht tá an muileann tré theinidh, agus is dócha go bhfuil sé dóighte go talamh anois, agus ná fuil ann acht an chabhail cé na fuilim-se ró- fhada ar an mbóthar."

Níor labhras gíog ar feadh cúig nóiminte agus dá sáithfidhe sgian im' chroidhe is ar éigin do thiubhradh sí braon fola.

"A Dhia mór na bhfeart," arsa mise fá dheireadh. "Tabhair dham foighne! Tabhair dham foighne. Cad do dhéanfaidh Sadhbh bhocht anois? 'Sé an Ridire feall- tach atá cionntach leis seo."

"Tá sé thíos leis go háirithe," ars an teachtaire.

"Agus beidh sé thíos leis chomh cinnte is go bhfuil Dia féin i n-áirde," arsa mise acht níor thuig sé mé an uair sin.

Chuireas an diallaid ar mo chapall féin agus léimeas ar a mhuin agus mo lámh duit ná rabhas ró-fhada ar an mbóthar. Níor tharraingeas srian gur shroicheas an muileann, agus bhí splancracha teineadh ag léimrigh as na clochaibh fá chrúbaibh an chapaill. Do connacas na lasracha ó'n muileann cheithre mile ó bhaile agus bhí an spéir ós cionn na teineadh ar lasadh suas mar do bheadh an ghealach ag éirghe.

B'fhíor do'n teachtaire. Ní raibh de'n mhuileann- ann acht an chabhail. Bhí na comharsain go léir bailighthe timcheall na háite agus do dheineadar a ndícheall ar cosg do chur leis an tóiteán acht ní raibh éan-mhaith ann. Bhí an teine ró-fhada ar siubhal sul ar tugadh fá ndeara é. Acht do shábháileadar an teach beag mar do chuireadar braithliní fliucha ar an tuighe ar nós ná cuirfeadh na smólacha ó'n muileann tré theinidh é.

Bhí truagh an domhain ag gach éinne dham agus do thug sé roinnt sásaimh dam an muinteardhas agus an bháidh do thaisbeán siad d'fheicsint. "Dia bheatha grásta Dé," arsa mise, nuair do bhailigheadar tim- cheall orm, "agus bíodh an milleán orm féin, mar d'fhágas teine im' dhiaidh 'san muileann indé."

Ba bhréag é seo, mar ní raibh teine ar bith ann, acht theastuigh uaim iad do mhealladh, mar bhí fhios agam go n-aireóghadh an Ridire ná raibh éan-amhras agam air féin. Labhras leo go ciúin socair, acht dubhradar eatorra féin go mba dhroch-chomhartha é sin, agus go raibh eagla ortha go gcaillfinn mo mheabhair. Bhí níos mó baoghail go gcaillfinn mo cheann i dtosach.

Níor leigeas orm i n-éan-chor gur ghoill sé orm: acht do ghoill, agus bhí díoghaltas uathbhásach ceaptha amach agam im' aigne féin. Ba chuma liom cad do dhéanfainn anois. Chuaidh an Ridire ró-fhada leis an sgéal an uair seo, agus bhí an saoghal ró-bheag dúinn araon tar éis an mhéid do dhein sé orm. Chaithfeadh duine againn imtheacht as an tslighe agus bhíos deimh- neach de, dá mbeadh leigheas agam-sa air, nach mise an duine úd.

Chonnaic fear óg - Séamas Ó Maoláin dob' ainm dó - duine éicint an-chosamhail leis an Ridire le hais an mhuilinn an oidhche roimhe sin, acht ní fhéadfadh sé é do dhearbhughadh, mar bhí an oidhche ag tuitim agus bhí an duine tamall maith uaidh. Rud eile, nuair do bhíos féin ag dul ar an tórramh, chonnaic maor an Ridire mé, agus d'fhiafruigh sé de Shéamas cá raibh mise ag dul agus an raibh an áit fada ó bhaile.

Acht cé nach bhfaca éinne an Ridire ag tabhairt teineadh do'n mhuileann, bhí sé thíos leis agus bhí gach éinne cinnte gur bh'é do dhein an díoghbháil; agus marar chuir sé féin an sop leis fuair sé duine éicint eile do dhein an obair dó go maith.

Tháinig na píléirí acht do bheadh sé comh maith dhóibh fanacht ag baile. Níor thugas féin iomarca eólais dóibh agus dubhras leo gur fhágas teine ins an muileann nuair do bhíos ag imtheacht agus ná raibh milleán ar éinne agam acht orm féin.

Leigeas orm go rabhas chun an mhuilinn do chur i gcóir arís, agus do bhailigheas meitheal i gceann seachtmhaine agus do ghlanamar amach an chabhail. Do dheineas mo ghnó go maith. Bhí an chaint i dtaobh na teineadh ag laghdughadh gach lá, agus nuair dubhairt Séamas Ó Maoláin leis an maor go raibh sé buailte isteach go daingean im' aigne gur fhágas teine im' dhiaidh san muileann an trathnóna do chuadhas ar an tórramh, do chuir sé an Ridire 'n-a chodladh ar fad, agus bhí sé cinnte ná raibh éan-amhras agam air féin.

AN NAOMHADH CUID. Marbhughadh an Ridire.

Trí seachtmhaine go díreach glan tar éis an tóiteáin do chuaidh an Ridire go dtí an baile mór seacht míle ó bhaile. Ba ghiúistís é anois agus théigheadh sé go dtí an chúirt gach mí. Bhí fhios agam nach dtiucfadh sé ar ais go mbeadh sé déidheanach 'san tráthnóna mar ba ghnáthach. D'fhanadh sé ag ól leis na buicíníbh eile nuair bhíodh gnó na cúirte críochnuighthe aca, agus bhíodh sé leath ar méisge nó b'fhéidir ar dearg-mheisge ag teacht a bhaile i gcómhnuidhe.

Lá trom brothalach dob' eadh é agus bhí cosamhlacht bháistighe ann. Dá mbeinn ag fanacht leis go ceann bliadhna ní thiocfadh éan-tráthnóna níos oireamhnaighe chun na hoibre do bhí ceaptha amach agam do dhéanamh. Nár agraidh Dia orm é, bhíos chun an Ridire do mharbhughadh mar do bhris sé croidhthe m'athar agus mo mháthar, do bhain sé mo shlighe maireachtála díom-sa. 'Seadh agus do bhain sé na flaithis díom chomh maith.

"A Thighearna Dhia," arsa mise, "agus ar mharbhuighis é?" Agus is dócha gur thaisbeánas ar m'aghaidh an fuath do bhí im' chroidhe.

"Ní misde fuath do bheith ort," ar seisean, acht biodh foighne agat agus éist lem' sgéal."

Bhí cinne ar an mbóthar timcheall dhá míle ó Chaislean na Cairrge agus d'éirigh an bóthar suas go dtí an cúinne seo ar nós go gcaithfeadh capall siubhal 'na coinne. Bhí an áit go han-uaigneach agus go han- dhorcha mar bhí coill ar gach taobh de'n bhóthar agus bhí na crainn go han-tiugh agus na géaga d'á síneadh féin ó thaobh go taobh. Ní raibh teach ná bothán i ngiorracht leath-mhíle do'n gcúinne agus is annamh do bhíodh éinne ag gabháil an bhóthair go déidheanach san tráthnóna. B'in í an áit do cheapas chun deireadh do chur leis an Ridire.

Chuireas mo phiostal i gcóir - gléas álainn do fuaras nuair do bhíos sa choláiste. Do thógas amach mo shlat iasgaigh ag cur i gcéill gur ag iasgaireacht do bhíos ag gabháil. Síos liom ar thaobh na habhann agus, nuair bhíos leath-mhíle nó mar sin ó'n muileann, do bhaineas mo bhróga agus mo stocaí dhíom. Do chuireas an tslat iasgaigh i bhfolach, agus do ghreadas liom ar gach comhgar treasna go dtí an áit do bhí ceaptha agam.

Níor casadh duine beó orm agus níor leag éinne súil orm acht amháin Dia féin, moladh go deó leis anocht. Chuadhas i bhfolach fá sgartaibh tiugha taobh thiar de'n chlaidhe i n-áit 'n-a raibh radharc maith agam ar an mbóthar agus caoi bhreagh ann chun aimsighthe an Ridire.

Bhíos tuirseach agus cráidhte o bheith ag feitheamh leis acht "buadhann an fhoighne ar an gcinneamhaint," agus fá dheireadh thiar d'airigheas sodar an chapaill chugam ar an mbóthar. 'Sé an Ridire do bhí ann gan dobhat ar bith. Bhí sé ar leath-mheisge agus é ag gabháil amhráin do féin. Sguabas amach an piostal. Bhí an tiománaidhe taobh thiar de ar an gcárr agus a chúl chugam. Ar an nóimint sin thosnuigh sé ag báistigh agus tháinig dorchughadh trom ar an spéir. Ba mhaith an rud damh-sa é sin agus, má's ceart dam é do radh, bhí an t-ádh orm mar d' éirigh gach éan-rud liom suas go dtí sin.

Ag teacht aníos dó i gcoinne an chnuic, bhí an capall ag gabháil anonn 's anall ó thaob go taobh agus tháinig sé isteach an-ghairid do'n áit 'n-a raibh mise i bhfolach. Nuair do tháinig sé taobh amuigh díom, stad sé go hobann agus do chroith sé a cheann mar, is dócha, ar nós capaill, do mhothuigh sé an chontabhairt 'n-a raibh a mháighistir.

"Anois nó riamh," arsa mise liom féin.

D'árduigheas an piostal. Ní raibh an Ridire acht cúpla slat uaim. Sul a raibh am aige ar "Dia lem' anam" do rádh do chaitheas an t-urchur. Chonnacas splanc an philéir. Thuit an Ridire gan focal agus go díreach glan nuair do thuit sé do bhris bladhm tóir- nighe chomh uathbhásach is d'airigheas riamh ós mo chionn ar nós gur shaoileas go raibh na spéartha dh'á réabadh agus na cnuic ag tuitim ó chéile. Tháinig an bháisteach anuas ag clagarnaigh mar do leigfidhe tré chriathar é. Do ghlac an capall sgeón agus as go bráth leis ag rith go fiadhain agus an tiománaidhe ar an taobh thiar de'n chárr agus an t-anam ag tuitim as le faitchios agus le sgannradh.

Bhí mo ghnó déanta, agus déanta go maith agam, agus ní raibh pioc eagla ná aithmhéala orm 'n-a thaobh. Do bheadh i bhfad níos mó orm dá mbadh coinín do bhí marbhtha agam. An dóigh leat an raibh náire orm? Ní raibh giob, acht bhí áibhéis orm go rabhamar sgartha go bráth leis an tíoránach. Dubhras liom féin go mbeadh rud beag suaimhnis ag na daoinibh bochta do bhí fá n-a smacht le fada. Do bheadh deireadh anois leis an mbraighdeanas agus an crádh croidhe d'fulaing- eadar ó fuair an céasadóir seilbh na háite.

D'fhilleas go dtí an áit 'n-ar fhágas mo shlat iasgaigh. Chuireas mo bhróga orm agus do chorruigheas liom a bhaile. Níor casadh einne orm sa tslighe mar bhí an tráthnóna an-fhliuch. Bhí sé ag clagarnaigh go trom agus an tóirneach ag búithreamh i gcomhnuidhe agus na splancracha ag léimrigh ins an spéir. Dob' oidhche uathbhásach í go deimhin; agus nuair thagann oidhche mar í anois, deirtear ag baile "Tá sé chomh holc leis an oidhche do marbhuigheadh an Ridire."

Ba chuma liom anois cad d'eireóghadh dam féin. B'fhéidir go bhfuighinn an chroch. Bhíos sásta. Do chuimhnigheas air sin féin nuair do shocruigheas im' aigne go mairbheóchainn an Ridire. Ní raibh éan-rud ag tabhairt trioblóide dham acht Sadhbh; agus is maith an rud nár éirigh éin-díoghbháil dam mar do chaillfeadh sí a meabhair.

"Creid mé nó ná creid, is cuma liom, acht do chodaluigheas go sámh an oidhche sin" - Stad an "Giob- lachán," mar is dócha gur shaoil sé ná rabhas ag tabhairt éin-chreideamhaint d'á sgéal agus dubhairt sé go géar:

"Ná bíodh iongantas ar bith ort, sí an fhirinne ghlan atáim 'innsint duit."

Maidin lá ar n-a bhárach tháinig na píléirí agus do gabhadh mise. Bhí súil agam go mbeadh an sgéal mar seo, agus ní raibh sgannradh ar bith orm ná níor chuir sé spolla bróin orm, mar deirthear. Chuartuigheadar an tigh ó bhun go bathas acht is beag do bhí d'á bhárr aca.

Tugadh ós comhair ghiúistís mé. Ní raibh éin-nídh im' choinne acht amháin go ndubhairt an tiománaidhe go bhfaca sé fear árd ins an gcoill acht ní dhéarfadh sé gur mise do bhí ann. Is dóigh liom féin ná faca sé mé i n-éan-chor. Acht bhí rud eile ann: Bhí fhios aca ná rabhas ag baile timcheall an ama do marbhuigheadh an Ridire.

Cuireadh an cheist siar go dtí an lá 'n-a dhiaidh sin le súil go bhfuigheadh siad fiadhnuise níos láidre le thabhairt im choinne acht is ar éigin do bhíos istigh sa phríosún nuair do sgaoileadh amach mé arís go saor glan agus gan smál ar m'ainm.

An lá do gabhadh mise bhí coiste cróinéara ar an Ridire. Bhí beirt dochtúirí ann agus do dheineadar mion-sgrúdadh géar ar an gcorp, acht ní raibh rian piléir ná púdair le fagháil air ó bhathas a chinn go bonn a choise, cé go raibh sé losgtha ar fad agus chomh dubh le préachán. Bhí a chuid éadaigh dóighte agus ceann d'á bhrógaibh réabtha ó'n gcois. Do marbhuigh- eadh é le splanc ó'n spéir. Do bhain an caor an tslighe dhíom agus bhí lámh Dé níos tapaidhe ná an piléar. Moladh go deo leis anocht, bhí mo lámh glan!"

Nuair do chualas an méad so leigeas osnadh óm' chroidhe amach.

"'Seadh," arsa mise, "buidheachas mór le Dia!"

"Is dócha," ars an "Gioblachán," "go bhfuil ualach tógtha ded' chroidhe anois, ó tá fhios agat ná fuilir i bhfochair marbhthóra."

"Tá áthas an domhain orm," arsa mise, "ní amháin i dtaobh ná fuilim i bhfochair marbhthóra acht ná fuilir féin cionntach. B' uathbhásach an rud é, dá mbeadh an choir fhuilteach úd ar d'anam, mar is baoghalach go mbeadh sé ar d'aigne mar thromluighe go bráth, cé nár ghoill sé go mór ort an uair sin. Acht pé 'r domhan é, níor airigheas riamh éin-sgéal chomh haisteach leis."

"Tá an ceart agat annsoin," ar seisean. "Ní'l na heachtraí ar fad le fagháil ins na leabhraibh. Acht leanfad ar an sgéal:"

"Nuair do sgaoileadh amach mé bhí áthas ar gach éinne, agus b'í Eibhlín Níc Gearailt an chéad duine do tháinig chun chomhgháirdeachais do dhéanamh liom. Suas go dtí sin ní raibh pioc aithmhéala orm gur thugas iarracht ar an Ridire do mharbhughadh; acht nuair do shín Eibhlín a lámh gheal mhín chugam agus nuair d'fhéach sí orm le n-a rosga gorma, do mhothuigheas náire im' chroidhe agus bhíos go han-bhuidheach ná rabhas cionntach. Deir mise leat go bhfuil aithrighe déanta agam ó shoin.

Bhí teinte cnámha ar lasadh an oidhche sin ar na cnocaibh thart timcheall Átha an Mhuilinn agus mara'dh ná tiubhradh siad le rádh é, do bheadh rinnce go maidin ag na daoinibh óga ag an gcrosaire. Daoine deagh- chroidheacha grádhmhara dob' eadh iad agus cé gur mhill an Ridire fá n-a sháil iad, ní dhéanfadh siad éin-éirghe i n-áirde mar gheall ar a bhás, nó éin-nídh cruadhálach do thiubhradh náire dhóibh féin.

AN DEACHMHADH CUID. An connradh.

Tamall gearr n-a dhiaidh sin tháinig an taisdealaidhe chun na háite arís agus do chaitheas an tráthnóna ag caint leis. D'imthigh sé an bóthar mar do dhein sé an chéad uair agus i gceann lae no dhó do chuireas i gcéill do mhuintir Átha an Mhuilinn go rabhas chun dul ar ais go dtí an coláiste arís mar ba mhaith le mo dhuine muinteardha i nAmeriocá go gcriochnóghainn mo théarma ann. Ní raibh éan-rud i n-éan-chor mar seo im' cheann. Do cheapas an sgéal chun iad do mhealladh agus inneosaidh mise dhuit ar ball cia an chiall.

An lá sul ar fhágas an áit do casadh Éibhlín Níc Ghearailt orm agus gan bheith ag brath uirri olc nó maith. Bhíomar ag seanchus le chéile ar feadh tamaill agus annsoin d' inniseas di go rabhas ag fágaint na háite agus is ar éigin do thiocfainn ar ais arís go bráth.

Nior fhan focal aici, cé go raibh sí ag caint agus ag gáiridhe go spleódrach suas go dtí sin. Thugas fá ndeara freisin gur tháinig dath na lile ar a gné gleóidte i n-ionad dath an róisín do bhí ann an nóimint roimhe sin. Ba chosamhail go raibh aithmhéala uirri go rabhas ag imtheacht. Thug sé seo misneach dham agus cé go raibh beárna mhór eadrainn, do labhras léi i dtaobh an rúin do bhí im' chroidhe agam a gan fhios do'n tsaoghal mór ó'n lá do tháinig sí go dtí an muileann ar dtús.

Ní raghaidh mé níos sia anois leis an taobh so de'n sgéal agus ná tóg orm é.

Do dheineas trácht ó chianaibh ar thaisdealaidhe do tháinig ar cuaird chugam fé dhó go dtí Áth an Mhuilinn. Ba thimthire é siúd do cuireadh ó Ameriocá chun connartha rúnaigh do chur ar bun i n-aghaidh an riaghal- tais i n-Éirinn agus chun na fir óga do thabhairt isteach ann agus iad do spreagadh suas ar nós go mbeidís i gcóir chun éirghe amach nuair do bheadh aga chuige, chun saoirseachta na h-Éireann do shaothrughadh agus deireadh do chur go bráth le braighdeanas agus géirleanamhaint na namhad.

Duine de mhuintir Clann-na-nGaedheal do b'eadh mo dhuine muinteardha i nAmeriocá agus ba chara dhó agus fíor-chara an taisdealaidhe. Nuair do fuair sé mo litir agus cúntas ar an léirsgrios do bhí déanta orainn ag an Ridire do sgríobh sé ar ais chugham gan mhoill 'á rádh liom go raibh an connradh so d'á chur ar bun agus go raibh an timthire ag teacht go h-Éirinn agus go raibh litir chugam-sa uaidh féin aige. D'ath- chuingigh sé orm gach congnamh agus comhairle do b'fhéidir liom do thabhairt dó im' cheanntar féin.

Tháinig an timthire i gceann tamaill agus is ann- soin do bhailigheas na buachaillí le chéile cun teagaisg do thabhairt dóibh agus iad do chur ar an mbealach ceart - ar "shlighe na fírinne" mar adeirthí. D'fhágas an síol im' dhiaidh agus do réir mar chluinim anois agus arís tá sé ag fás suas go breagh láidir.

Is dóigh liom féin ná fágfainn Áth an Muilinn go bráth nó ní bheadh baint ar bith agam leis an ngnó so mara'dh gur thug an Ridire teine do'n mhuileann - do sgéithigh an maor an rún uaidh gur'b é an Ridire do chuir an sop leis. Is annsoin do chuireas mé féin fá gheasaibh go ndéanfainn gach éan-rud im' chumas chun an connradh do leathnughadh agus nuair do tháinig an timthire chugam arís do thairgeas mo sheirbhís dó agus ní raibh an dara focal eadrainn mar gheall air.

Do ghlac sé mo chongnamh le fonn mar do theastuigh timthire eile uaidh sa cheanntar so agus b'í a thuairim féin ná raibh éin-fhear eile le fagháil chomh oireamhnach nó chomh acfainneach liom-sa. Do réidhtigheamar le chéile annsoin go dtosnóchainn ar an obair i gceann coigthighse.

'Sé an chéad rud do dheineas acht bréigriocht do cheapadh amach dam féin. Bhí gioblachán de bhacach im' áit-se nuair do bhíos ag baile agus dubhras go ngléas- fainn mé féin mar é i sean-bhalcaisíbh. D'éirigh liom go han-mhaith mar bhí an bréigriocht chomh beacht soin is gur mheall sé an timthire féin; agus b'iongantach an rud é sin, mar do sháruigh sé ar gach éinne do casadh orm riamh i ngéir-inntleacht. Ní dubhairt sé dadadh acht bhí fhios agam gur thaithn an deallramh do bhí orm go mór leis.

Nuair bhíos ins an gcoláiste thugadh na mic léighinn taisbeánadh uatha go minic ar an sgalán. Bhí ollamh ó'n bhFrainc ann agus bhí sé go han-aicillidhe ar fad i gcleasaidheacht de gach éin-chineál. 'Sé do bhíodh againn i gcomhnuidhe mar stiúrthóir agus 'sé do ghléasfadh na buachaillí san riocht cheart, mar ba chleasaidhe é féin ar an sgalán tamall d'á shaoghal; agus d'fhéadfadh sé atharrughadh chomh mór soin do dhéanamh ar dhuine is ná haithneó'dh a mháthair féin é. D'fhoghluimeas an cheárd uaidh agus tháinig sé isteach go han-úsáideach anois. Nuair bhí gach éin-nídh soc- ruighthe agam d'fhágas slán agus beannacht ag muinn- tir Ath' an Mhuilinn, thángas i leith annso agus táim ann ó shoin.

AN T-AONMHADH CUID DÉAG. Míniughadh.

"Agus an raibh éin-eolas agat ar an áit seo roimhe sin?" arsa mise.

"Ní raibh pioc," ar sé, "acht amháin go raibh litreacha agam do chorr-dhuine annso agus annsúd."

"Agus an uaimh seo, cionnus a' bhfuairís amach é?"

Innéosaidh mise dhuit é sin anois. Fuaras go tráthamhail é agus gan bheith d'á lorg i n-éan-chor. Bhíos ins an ngleann amuigh ag féachaint a' bhfuighinn nead smólaigh do bhí ann nuair do thuit cioth trom agus do dhruideas isteach tríd na torthaibh fá sgailp ar thaobh an ghleanna chun fosgaidh d'fhagháil, agus cad do chífinn thaobh istigh díom acht an poll atá ag rith isteach annso fúinn - 'sé sin an poll ar thángaís féin tríd anocht. Lom-láithreach d'éirigh sé im' cheann go mbeadh an áit an-oireamhnach dom' ghnó-sa, dá mbeadh slighe mo dhóthaint ann. Isteach liom ag lámhachás agus ní ghábha dham a rádh go raibh athas agus iongantas agus uathbhás i n-éindigh le chéile orm nuair do chonnacas an tslighe do bhí ann agus an t-ionad gnótha agus an taisgeadán breagh do bhí cúmtha ag Dia Féin i mbroinn na sléibhte le haghaidh na hoibre do bhí idir lámhaibh agam."

"Bhí an rath ort i gcomhnuidhe," arsa mise. "Acht tá céad ceist agam le cur chugat."

"Bhíos ag brath orra," ars' an "Gioblachán" ag gáiridhe, "tiomáin leat."

"Cia an chiall ar chuiris suas an bothán so? Ar ndóigh, ní raibh braon anuas ort."

Ní raibh go deimhin; acht bhí fáth leis. Nuair do thugas na gunnaí annso ar dtús, ní rabhadar ró-fhad ann gur éirigh meirg ortha. Do chuir sé seo iongan- tas orm agus i gceann tamaill thugas fá ndeara go n-éirigheann ceó san uaimh anois agus arís, comhartha go bhfuil uisge thíos ins an mbearna soin amuigh. Éirigheann an ceó i gcomhnuidhe nuair shéideann an ghaoth go dian aniar, agus taisbeánann sé sin go bhfuil bunudhas éicint leis an sgéal a deirtear go bhfuil uaimh ag rith isteach ó'n bhfairrge annso. B'in í an chiall gur chuireas suas an bothán.

"Agus na súgáin go léir! Cia an chiall ar chuaidh tú fá'n méid sin trioblóide? Ná déanfad cláracha an gnó?"

Ó 'seadh! na súgáin. Ní miste dhuit iongantas do bheith ort. Acht ní chuimhnigheann tú gur inniltheóir mise. Do dheineas gach éan-órlach de na súgánaibh mé féin istigh annso. Do chuireas innil le cheile amuigh ar bhruach na gága chun iad do chasadh. 'Sé an rud do chongbhuigh an innil ar siubhal acht sreang ag rith thar roith beag agus meadhachaint crochta dhe. An fhaid do bhí an mheadhachaint ag íoslughadh san gháig, bhíos féin ag casadh an tsúgáin. Ní fhéadfainn cláracha no éan-rud eile do thabhairt isteach an uair sin le haghaidh an bhotháin acht amháin beart féir anois agus arís, mar ní raibh an bealach eile isteach agam. Acht is deas cluthmhar an bothán do dheineas as na súgánaibh agus na cleiteachaibh. Congbhuigheann sé amach an ceó agus an torann d'éirigheann san uaimh 'nuair bhím ag obair annso. Tá na súgáin fighte chomh docht soin le chéile gur ar éigin do chuirfeá cipín eatorra. An chéad cheist eile anois, má 'sé do thoil é.

"Na hairm! Cionnus ar bhailighis iad go léir?"

'Seadh! Mar dubhras leat cheana tháinig an chuid is mó aca ó Ameriocá. Cuireadh go dtí an bhFrainc iad i dtosach go ceannuightheóir gunnaí atá ann - Éireannach is eadh é agus tá sé ceangailte leis an gconnradh so againn-ne. Éan-uair atá gunnaí aige le cur chugainn faghann sé bád iasgaigh ar thuarastal agus cuireann sé na gunnaí ar bórd. Tagann an bád taobh amuigh de Oileán Caorach agus cuirtear suas comhartha atá socruighthe roimh ré againn. Tá cuid de na haisgairidhe páirteach linn agus cuireann siad a gcurraigh amach ag leigint ortha gur ag iasgaireacht nó ag tógaint líonta atá siad ag gabháil.

Tógann na hiasgairidhe na hairm as an mbád agus nuair bhíd siad ar tráigh aca cuireann siad i bhfolach iad go bhfuighidh siad aga chun iad do chur i leith annso chugam-sa. Nuair bhíd siad ag tiomáint an mhúraigh thirm go hInis cuireann siad na hairm i lár ualaigh, agus ag gabháil thart annso thíos dóibh fágann siad na gunnaí i n-áit áirithe 'san Réidh Chaoil. Ní deacair iad do thabhairt isteach annso 'n-a dhiaidh sin.

"Tá ceist nó dhó eile agam le cur ort agus beidh mé réidh leat annsoin. Cia an chiall nár thug tú mise do'n tigh ba ghiorra dhúinn anocht agus gan dul fá thríoblóid chomh mór soin chun mé do thabhairt isteach annso?"

"Is maith an cheist í sin. Seo dhuit an freagra. Gach éan-uair do bhím-se ag teacht isteach annso leigim orm ar fuaid na háite go bhfuilim chun aisdir do dhéanam go háit éicint eile. An tráthnóna so dubhras go rabhas ag dul go Cill Mháille. Ní'l an áit 'n-ar thuit tusa le hais an bhóthair i n-éan-chor agus dá dtiubhrainn liom thú go dtí an tigh ba ghiorra dhúinn, do leigfinn amach orm féin. Rud eile, bhíos ag cuimhneamh ar Shaidhbh istigh léi féin annso i gcaitheamh an lae agus mara' dh gur thugas liom thú annso, ní fhéadfainn féin teacht isteach anocht bhí an sneachta chomh trom soin."

"Ní dhéanfainn poll go maidin ná cuirfeá táirnge ann," arsa mise, "acht cionnus ar éirigh sé go raibh tú chomh deas-lámhach leis an gcois anocht."

"Dochtúir cnámha do b'eadh m'athair agus thagadh na daoine chuige ó gach éan-áit san ndúthaigh thart thim- cheall. D'fhoghluimeas an chéard uaidh nuair bhíos ag baile. Acht cionnus tá an chos agat anois?"

"Tá sí go breagh; ní'l pioc uirri anois, go raibh maith agat."

"Is maith é sin," ar sé, "is dóigh liom go bhfuil sé i n-am codalta dhúinn anois agus táim cinnte go bhfuilir tuirseach díom. Tá sé an dó a chlog."

"Míle moladh le Dia," arsa mise, "agus níor mhothuigheas an t-am ag imtheacht. Cheapas ná raibh sé acht timcheall an t-éan-uair déag."

Sgaramar le chéile agus chodlas go sámh go maidin. B'fhuirist leabaidh do chóiriughadh dham, pé ar bith é, agus do chodluigheas go raibh sé an-fhada san lá; acht ní raibh fhios agam an oidhche no lá do bhí ann. Chaitheas an lá soin agus an lá n-a dhiaidh ins an uaimh ag léigheamh nó ag seanchus le Saidhbh an fhaid do bhí an "Gioblachán" amuigh nó ag obair. Nuair do tháinig an tríomhadh oidhche do sheol sé anonn mé, thar an ngáig, ins an gciseach. D'fhágas slán agus beannacht ag Saidhbh agus thángamar araon amach tríd an mbealach nuadh. Bhí sórt luasgáin déanta ag an "nGioblachán" ar nós báid bhig, lem' aghaidh-se. Shuidheas isteach ann - mar ní leigfeadh sé dham an chos do chur fúm fós - agus do tharraing sé mé 'n-a dhiaidh thar an sneachtadh anuas go dtí an bóthar mór. Ní raibh sé chomh cruaidh air is do bhí an oidhche do thug sé mé ar a mhuin, acht, sul ar shroicheamar an bóthar, bhí sé tuirseach go leór díom.

Bhí duine muinteardha ag feitheamh liom le capall. D'fhágas slán ag an "nGioblachán" agus do gheallas do ná déanfainn trácht air féin ná ar an uaimh le héinne go bráth go dtiubhradh sé cead dam. Sgaramar ó cheile annsoin agus cúpla lá 'n-a dhiaidh sin thángas ar ais go Baile-Átha-Cliath.

AN TRÍOMHADH ROINN.
AN CHÉAD CHUID. Éalódh an Ghioblacháin.

Níor chualas éin-nídh i dtaobh an "Ghioblacháin" ar feadh bliadhna, cé go rabhas ag baile fé dhó ó'n am do chuireas aithne ar dtús air san bhfásach; acht is minic do rith cuimhneamh air isteach im' cheann. Do chaitheas an Nodlaig 'n-a dhiaidh sin ag baile mar ba ghnáthach, acht ní raibh trácht ná tuairisg ar an "nGioblachán." Ar a shon soin féin bhí amhras éicint im' cheann agam go raibh sé timcheall na háite fós.

Bhíos ag teacht ar ais go Baile-Átha-Cliath nuair bhí mo laetheanta saoire caithte agam; acht do chailleas an traen i nInis mar ní raibh éan-bhóthar iarainn idir Inis agus an Chathair an uair sin. Is ar chárr do dheineas an turus agus ní raibh 'sa chapall do bhí agam acht staigín gan mhaith. B'éigin dam fanacht i nInis go raibh traen eile ag gabháil amach timcheall a hocht a chlog 'san oidhche.

Do chaitheas an lá tuirseach cráidhte ag siubhal annso agus annsúd ar fuaid na sráide; acht ar eagla go gcaillfinn an traen arís bhíos ag an bport ar a seacht a chlog. Oidhche fhuar fhiadhain dhorcha do bhí ann gan acht corr-dhuine amuigh; agus ní raibh duine beo i n-éan-chor le feicsint i bport na traeneach nuair do chuadhas ann. Bhíos ag siubhal suas agus anuas ar nós go gcoimeádfainn an teas im' chosaibh, agus ag caitheamh gaile de'n phíopa dam féin nuair do tháinig duine éicint taobh thiar díom agus do chualas guth isteach im' chluais:

"Tá an 'Gioblachán' annso, acht ná leig éin-nidh ort," ar sé.

D'aithnigheas an guth lom-láithreach acht níor iompuigheas mo cheann agus níor stadas de'n tsiubhal cé gur bhain sé preab asam.

"Tar anuas annso im' dhiaidh," ar sé, nuair bhí sé ag gabháil amach thorm, "tá gnó agam díot go fóill."

Chuaidh sé síos go héadan an phuirt go háit dhorcha agus lean mise é. Thugas fá ndeara go raibh mála dubh 'n-a láimh aige agus cóta mór liath agus hata bog leathan d'á chaitheamh aige. Nuair do thángas suas chuige do chroith sé lámh liom go cáirdeamhail.

"Tá sé ag gabháil go cruaidh orm anocht," ar sé, "acht tá súil agam go dtiucfaidh mé as mar do dheineas go minic cheana. Ní'l siad so atá ar mo thóir ró-ghasda," agus thosnuigh sé ag gáiridhe go bog leis féin - comhartha ná raibh sé ró-eaglach.

"Seas annsoin go fóill," ar sé, "agus bíodh súil amach agat ar eagla go dtiucfadh éinne orm a gan fhios. Caithfidh mé atharrughadh beag do dhéanamh orm fhéin ar nós go meallaidh mé ná bleachtairí; agus má chíonn tú éinne ag teacht id' ghaor tosnuigh ar 'An Lon Dubh' d'fheadaighil."

D'imthigh sé leis agus chuaidh sé i bhfolach taobh thiar de bhalla árd do bhí gairid dúinn agus d'fhág sé mise im' fharaire sa dorchadas. Is ar éigin do bhí sé imthighthe cúig nóiminte nuair do chonnacas fear mór árd ag teacht anall trasna chugam ó'n dtaobh eile de'n bhóthar iarainn. Thosnuigheas féin ar feadaighil agus do dhein an fear i leith chugam. Do rith sé im' cheann de phlap go raibh sé i ndiaidh an "Ghioblacháin," Chrom sé anuas agus d'fhéach sé go géar orm.

"Cá bhfuil an té do bhí leat annso ó chianaibh?" ar sé, i mBéarla.

"Cad deir tú?" arsa mise ag leigint orm nár thuigeas é.

"Cá bhfuil an fear eile do bhí leat annso, ní'l cúig noiminte ó shoin?"

D'aithnigheas nuair d'osgail sé a bhéal gur choigcrí- gheach é, agus chuir an cheist i n-umhail dam go raibh sé ag faire orainn. Ar a shon soin féin d'iompuigheas air go dána, cé go raibh mo chroidhe im' bhéal agam agus dubhras leis:

"Cé hé tusa no cad tá uait?"

"Tá eolas uaim i dtaobh an fhir do bhí leat annso ó chianaibh," ar seisean.

Leigeas gáire asam agus dubhras leis:

"An bhfuil tú as do mheabhair? Tá tú as an tslighe as fad, a dhuine chroidhe, má creideann tú go raibh éinne annso acht mé fhéin."

"Bhíos taobh thiar de chnap adhmaid thall annsoin," ar sé, "agus do thógfainn an leabhar air go bhfeacas beirt agaibh annso."

"Is ar do shúilibh do bhí sé," arsa mise, "nó b'fhéidir gur sgáil do chonnaic tú. Agus rud eile, tá an oidhche chomh dorcha soin nách bhféadfadh duine ar bith éan-rud d'fheicsint annso ó'n taobh eile."

"B'fhéidir gur dheineas dearmhad," ar sé, ag casadh ar a sháil agus ag imtheacht leis féin suas an port. Ní gábhadh dham a rádh go raibh áthas orm nuair nár chuaidh sé níos sia leis an gceistiughadh; acht 'n-a choinne sin bhí aithmhéala an domhain orm, mar bhí eagla orm go raibh gach bearna dúnta ar an "nGioblachán" bocht.

An fhaid do bhíos ag caint leis an mbrathadóir do thógas lán mo shúl de, chomh maith is do bhí sé i gcumas dam, ar nós go bhféadfainn tuairisg bheacht do thabhairt do'n "Ghioblachán" air. Fear dubh bearrtha do b'eadh é, agus b'é mo thuairim go raibh sé suas le dachad bliadhain d'aois. Bhí péire spéaclaí air, cóta mór fada dubh, agus caipín tarraingthe anuas go dtí an dá chluais aige. Mheasas ó n-a chaint agus an blas do bhí air gur Sacsanach do bhí ann agus fear géar- chúiseach leis. Bhí an fhírinne ag an "nGioblachán;" bhí sé ag gabháil go cruaidh air agus bhíos féin ag critheadh le faitchios mar gheall air.

Nuair bhí "fear na spéaclái" imthighthe chuireas mo cheann thar an mballa agus d'fhiafruigheas go ciúin an raibh an "Gioblachán" annsoin. Ní fhuaras éan-fhreagra ná níor airgheas pioc acht amháin búithreamh na gaoithe. Dubhras liom féin go mb'fhéidir gur airigh sé an brathadóir ag caint liom-sa agus gur thug sé na sála leis chomh tapaidh is b'fhéidir leis as an áit ar fad. Bhíos ag brath go raibh an sgéal mar seo, mar níor mhaith liom é bheith gabhtha fam' shuilibh; acht, ar eagla go bhfillfeadh sé, bhíos ag feitheamh leis go rabhas im' chnap leis an bhfuacht.

Fá dheireadh thiar thall do bhuaileas suas an port arís agus cé bheadh ann romham acht "fear na spéaclaí" agus é ag faire go géar ar na daoinibh do bhí ag teacht go dtí an traen, le súil, is dócha, go bhfeicfeadh sé an "Gioblachán" 'n-a measg. Chuadhas amach thairis agus isteach liom go Seomra na hAoi- dheachta fá dhéin gloine biotáille mar do bhíos caillte glan leis an bhfuacht. Ní raibh éinne istigh acht amháin an friotháilidhe agus bhíos ag ól an dram nuair do chualas guth im' chluais an dara huair:

"Caith suas é sin agus bíodh ceann eile agat; is dócha go dteastuigheann sé uait."

An "Gioblachán" arís! Ní fhéadfainn an t-iongantas do tháinig orm do bhrughadh fá chois an uair seo agus d'iompuigheas air de phreib; agus a Dhia mór na bhfeart cia bhí ann acht "fear na spéaclaí" agus a bhéal leathta ó chluais go cluais ag gáiridhe fúm. Ní fhaca mé riamh a leithéid d'atharrughadh. Bhí sé chomh dubh le Spáinneach agus do cheapfadh éinne go raibh an dath air ó nádúir agus gur chaith sé a shaoghal fá'n ngréin agus fá'n ngaoith. Rud eile bhí a ghnúis croptha fá mar do bheadh sé suas le deich mbliadhain is dachadh d'aois.

"Dearg-náire chugat," arsa mise, "agus nách tú do dhein an t-amadán díom anocht!"

"Gabhaim párdún agat," ar seisean, "acht bhíos ag féachaint an raibh éan-mhaith 'san mbréigriocht so agus táim sásta leis; do mheall sé tusa go glan."

"Do mheall, ambasa, agus tá súil agam go meall- faidh sé na brathadóirí."

"Buail amach go fóill." ar sé, nuair bhí an dram ólta aige, "agus ná dein dearmhad gur Shacsanach mise. Raighmíd fá dhéin an mhála anois; d'fhágas i bhfolach thíos é."

"An amhlaidh do bhearr tú d'fhéasóg an fhaid do bhí tú imthighthe?" arsa mise leis"

"Ní headh," ar seisean, "tá sé sa mhála."

"Agus cá bhfuair tú an cóta mór atá ort?"

"Féach," ar sé, agus d'osgail sé an cóta. Bhí sé liath ar an dtaobh istigh agus dubh ar an dtaobh amuigh.

"Nuair theastuigheann atharrughadh uaim," ar seisean, "ní'l le déanamh agam acht an cóta d'iompódh; a' dtuigeann tú?"

"Tuigim, acht is fuide an cóta dubh ná an cóta liath."

"Agus nach fusa, nuair tá an taobh liath amuigh, an méid atá thíos de'n gcóta eile d'iompódh suas ar an dtaobh istigh, a phleidhce!"

"Agus an dath ar do ghnúis."

"Súgh luibhe."

"Tá caoi ann le haghaidh gach éan-rud do dhéanamh dá gcuimhneóchadh duine air is dócha," arsa mise.

Fuair sé an mála gan mhoill agus bhí atharrughadh air sin féin. Mála dubh do bhí ann an chéad uair do chonnaic mise é; mála buidhe do bhí ann anois.

Nuair do shroicheamar an port arís bhí an áit ar fad lán suas le píléiríbh -"bhí an port dubh leo" mar dubhairt an "Gioblachán." Bhí aithne ag ceann aca orm- sa agus nuair do chonnaic sé mé tháinig sé i leith chugham agus d'fhiafruigh sé dhíom an rabhas i bhfad ar an bport. Dubhras leis go rabhas leath-uair nach mór, mar bhí fhios agam go maith cad do bhí uaidh. Dubhairt sé liom annsoin go rabhadar ar thóir fir agus thug sé tuairisg an "Ghioblacháin" dam - cóta mór liath, féasóg fhada, hata bog leathan, mála dubh, agus mar sin.

"A' bhfeacaís éinne mar sin annso," ar seisean, "ó thángais isteach."

"Chonnac," arsa mise, "agus chuaidh sé síos go héadan an phuirt; acht ní fhaca mé ó shoin é."

"Is maith é sin," ars' an píléir, "go raibh maith agat."

"Acht cad do dhein an fear so as an tslighe."

"Deamhan a' bhfuil d'á fhios agam acht an oiread leis an bPáistín Fionn; acht deirthear go bhfuil sé i mbun gnó éicint neimhdhlighthigh. Fear sleamhain gasda 'seadh é acht cuirfimíd laincide air anois," agus chuaidh sé anonn go dtí an oifigeach leis an sgéal do thug mise dhó, is dócha.

"Tá breall ort, is baoghal liom," arsa mise fám' fhiaclaibh nuair d'imthigh sé.

"Sgian mhaide mo sgian; níor mhairbh sé éinne riamh," ars' an "Gioblachán."

Tháinig an traen isteach láithreach. Rith na tais- dealaidhthe anonn 's anall ag lorg a gcuid bagáisde. Chuaidh píléir go doras gach caráisde agus d'fhan sé ann ag faire ar gach éinne a chuaidh isteach. Bhí an píléir do labhair liom-sa 'n-a sheasamh le hais caráisde fholaimh. Chuadhmar araon suas chuige agus an "Giob- lachán" ag stealladh a chuid Béarla uaidh go hárd- ghlórach. Bhíos féin go han-imnidheach acht níor leigeas éin-nídh orm.

"Má tá ciall ag an bhfear úd," arsa mise leis an bpíléir, "fanfaidh sé i bhfolach go fóill."

"Ní dóigh liom go bhfuil sé ag dul ar an dtraen seo i n-éan-chor; acht is cuma é. Béarfamaoid air gan mhoill anois," ar sé.

Chuadhmar isteach agus do dhún an "Gioblachán" an doras 'n-ár ndiaidh. Leig an innil sgread aiste agus amach linn.

"Buidheachas mór le Dia!" arsa mise ag tuitim siar go faon lag.

"Amén," ars an "Gioblachán," agus tar éis an méid ar chuaidh sé tríd, ní raibh ruibe d'á ghruaig casta air.

"Chuaidh sé dian ort anocht," arsa mise.

"Chuaidh," ar sé, "acht thángas go bog as."

"Ní misde timthire do dhéanamh díot go háirithe."

"Ar a shon soin féin, ní raibh sé riamh níos déine orm agus is baoghal liom go bhfuil eolas éicint ag na píléiríbh im' thaobh-sa."

"Dá mbeinn-se id' bhrógaibh anocht, bhí beirthe orm gan mhoill, mar do leigfinn amach orm féin."

"Tá faitchios orm go bhfuil duine éicint annso ag déanamh 'uisge fá thalamh' agus ní fheadar fá'n spéir cionnus do fuair sé amach éan-rud mar gheall orm-sa. Tá na píléirí go han-ghnóthach le déidheanaighe; agus nach beacht cruinn do thug an fear úd tuairisg orm- sa san bport ó chianaibh."

"Agus an bhfuil amhras agat ar éinne?"

"Tá, ar fhear le hais na Cathrach, acht ní'lim cinnte dhe fós. Beidh seanchas agam led' athair mar gheall air lá éicint go gairid. Agus ó dheineas trácht ar d'athair, cuireann sé i gcuimhne dham go bhfuaras d'ionad comhnuighthe-se i mBaile-Átha-Cliath uaidh an lá fá dheireadh, mar do theastuigh uaim sgríobhadh chugat. Tá cléireach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath do bhí sa choláisde an fhaid do bhí mise ann. Bhíomar chomh cheanamhail ar a chéile agus a bheadh beirt dearbhráthar. Tá cuimhne mhaith agam ar an oidhche do fuaras an sgéal i dtaobh an léirsgris do bhí déanta ag baile. Do ghoill sé chomh mór air-sean is do ghoill orm féin agus bhí truagh an domhain aige dham. Do casadh orm é i mBaile-Átha-Cliath an uair dhéidheanach do bhíos ann, 'sé sin, tar éis Átha an Mhuilinn d'fhágaint, agus sul ar thángas i leith annso cúig bliadhna ó shoin. D'innis sé dham a ionad chomhnuighthe an uair sin acht tá sé imthighthe as mo cheann anois. Badh mhaith liom go gcuirfeá-sa tuairisg air agus a fhághail amach dam cá bhfuil sé 'n-a chomhnuidhe anois nó bhfuil sé 'sa chaisleán fós."

"Déanfad é sin agus fáilte," arsa mise, "mar tá aithne agam ar chléireach eile ann agus gheobhaidh mé cunntas uaidh n-a thaobh."

"Badh mhaith liom go mbeadh aithne agat féin air mar do bheadh aithne agat ar fhear agus ar Éireannach fíor- cheart cé go bhfuil sé ins an gCaisleán. Nuair stadfaidh an traen arís, sgríobhfad litir do thabhairfidh tú dhó. Ní'l ann acht duine beag suarach le féachaint air - cruiteachán prab-shúileach gan iomarca le rádh aige - acht tá croidhe leoghain aige agus do raghadh sé go dtí a mhuinéal ins an bhfairrge chun cabhrughadh le caraid nó chun cor maith do dhéanamh dó."

Stad an traen agus thóg an "Gioblachán" blúire páipéir as an mála agus sgríobh sé an litir agus thug se dham é le tabhairt d'á charaid, an cléireach - Eóin O Ceallaigh b'ainm dó - i mBaile-Átha-Cliath.

Nuair do shroicheamar an Chreatlaigh do chroith sé lámh liom agus gan focal acht amháin "Go n-éirighe an bóthar leat," léim sé amach agus d'imthigh sé uaim mar do shluigfead an talamh é, agus ní fhaca mé an duine aisdeamhail seo i gConntae an Chláir ó shoin.

Bhíos go han-ghnóthach ar feadh seachtmhaine tar éis teacht a bhaile go Baile-Átha-Cliath agus ní raibh aga agam chun féachaint i ndiaidh an chleirigh; acht níor dheineas dearmhad air agus ba mhaith an rud nár dheineas.

AN DARA CUID. Uisge fa thalamh.

Bhí beirt fhear ag caint le n-a chéile éan-lá amháin timcheall an taca so i seómra i gCaisleán Bhaile-Átha- Cliath. Oifigeach ós cionn na bpíléirí do b'eadh duine aca agus bhí an fear eile, an Frínnseach, go han-árd 'sa Chaisleán agus ós cionn an oifigigh féin.

"Seadh," ars an Frínnseach, "agus ní'l beirthe agaibh ar an mbitheamhnach úd fós."

"Ní féidir linn breith ar sgáil," ars' an t-oifigeach - Seóirse Mac Gabhann do b' ainm dó.

"Ó, ní'l annsoin acht leithsgéal," ars' an Frínnseach go canncrach.

"Is baoghal liom go raibh duine éicint ag déanamh magaidh fút; dá mbeadh a leithéid i gConntae an Chláir, do bheadh tuairisg agam air, agus do bheadh sé gabhtha agam fad ó, acht ní'l sé ann."

"Cuirfidh mé geall leat go bhfuil. Táim chomh cinnte dhe is go bhfuilim im' sheasamh annso go bhfuil sé i n-áit éicint sa Chonntae; agus rud eile, tá an gnó so atá fá n-a chúram ag leathnughadh go mór."

"Má tá, is iongantach an fear é. Is féidir leis sprid do dhéanamh de féin, agus is fiú dul fá roinnt trioblóide chun beartha air."

"Sin í an chaint. Ní duine é mar chách, fear géar- chúiseach acfuinneach is eadh é do réir an chaoi atá buaidhte aige oraibh-se. Má's féidir linn é do chur fá ghlas, deir mise leat-sa go ndéanfaidh sé maitheas dúinn araon. Badh chóir dúinn gach éan-rud is féidir linn do dhéanamh chun breith air," ars' an Frínnseach.

"Do dhein mise agus gach éinne fúm ár ndícheall acht do theip orainn."

"Tá a fhios sin agam go maith, acht caithfimíd slighe eile do cheapadh amach anois chun teacht timcheall air."

"Bhfuil éan-rud socruighthe agat?"

"Ní'l, acht measaim ná fuil bhur ndóthain d'fhearaibh agaibh i gConntae an Chláir. Tá fhios agam gur chuiris tagairt annso nuair dubhras leat é, ag iarraidh ortha cúpla céad eile de phíléiríbh do sgaipeadh ar fuaid na Contae acht ní raibh toradh an mhadra aca ort. Dubhradar go raibh na daoine ró-shíothamhail agus ró- mhacánta. Acht dá mbeadh urchur caitthe isteach i dtigh annso, cruach féir dóighte annsúd, iorball bó gearrtha dhi thall, agus geata leagtha ar lár i bhfus, níor bhfada go mbeadh an áit ar fiuchaidh, agus ní iomarca de mhoill do bheadh ortha annsoin do chumplacht do mhéidiughadh. An dtuigeann tú?"

"Ní thuigim. Cad tá id' cheann agat?"

"Ó tuigeann Tadhg Taidhgín - seanfhocal é sin."

"Agus seanfhocal eile is eadh "bíonn gach dúbhán alla ag casadh ar a cheirtlín féin" - b'fhéidir go dtuigim anois tú, acht an dóigh leat go dtiubhraidh mise congnamh dhuit san ghnó salach so. Dheineas mo ghnó féin díreach macánta i gcomhnuidhe agus lean- faidh mé ar an mbealach soin."

"Ní iarrfar ort éin-nídh do dhéanamh, acht do shúile agus do bhéal do chongbháil dúnta."

"Do bheadh sé ar m'anam, agus, dá bhfuigheadh an t-Árd-Rúnaidhe nó Ceannfeadhna na bpíléar éin- eólas ar an ngnó bhfealltach so atá tú a chur orm-sa, do bheinn caillte."

"Cogair i leith chugam go fóill. Ar ndóigh, ní'l mise chómh mór soin d'amadán is go gcuirfinn tusa 'ná mé féin i gcontabhairt. Ní bheidh fhios ag éinne cad do bhí eadrainn annso indiu. Ní gábhadh dhuit-se éan-rud i n-éan-chor do dhéanamh acht mar dubhras leat ó chianaibh. Tá na sreanga im' láimh-se annso agus tairngeóchaidh mise iad. Cuir fógra isteach chugainn go minic, go mór-mhór nuair thuiteann éin-nídh amach, agus abair leo annso go bhfuil na daoine ag éirghe míoshuaimhneach agus crosta, go bhfuil gnó aindleagh- thach ar siubhal agus go bhfuil duine éicint ag gabháil timcheall ag spreagadh na ndaoine suas agus ag cur chomhrún ar bun. Abair annsoin nach féidir leat pioc do dhéanamh gan tuilleadh fear d'fhághail."

"Ní'l éan-rud ceanglach orm," ars' an t-oifigeach.

"Ní'l pioc, má's maith leat é."

"Is olc an gnó é," ar sé go truaighmhéileach.

Bhí an fear bocht ag déanamh a dhíchill gan ghéilleadh do'n bhfealltóir eile, acht bhí sé ag bogadh.

"Tá gnó níos measa ar siubhal i gConntae an Chláir, agus is cóir dúinn cosg do chur leis. Tá sé ceanglach orainn an méad sin do dhéanamh go háirithe."

"Tá, acht ar chaoi mhacánta."

"Déanfaidh sé fear saidhbhir díot."

"Is glas iad na cnuic i bhfad uainn."

"Tá muirighin mhór ort."

"Acht ní'l baint ar bith aige sin leis an sgéal."

"Ó tá; mar dá mbeadh an dá oiread airgid agat agus tá anois, do bheadh sé i bhfad níos fusa do chlann do bheathughadh mar is cóir; agus rud eile ní'lir ró-óg anois."

B'fhíor do'n bhFrínnseach; ní raibh sé ró-óg, agus bhi muirighin throm lag air. Níor phós sé go raibh aois mhaith aige agus annsoin do phós sé bean óg sgaiptheach. Bhí lán an tighe de pháistíbh aige agus gan éan-rud i dtaisge aige dhóibh. Chuimhnigh sé air seo; agus bhí fhios ag an bhFrínnseach go raibh sé ag machtnamh air agus dubhairt sé leis:

"Cuimhnigh ar do pháistíbh agus dein rud éicint dóibh chomh fada is tá sé i gcumas duit."

Ní fhéadfadh an fear bocht dul níos sia leis an díospóireacht agus dubhairt sé leis an bhFrínnseach go ndéanfadh sé mar adubhairt sé leis.

"Tá rud eile socruighthe agam anois," ars' an Frínnseach. D'fhéach sé suas ar chlog do bhí ar an mballa; "Ní'l agam acht cúpla nóiminte eile agus badh mhaith liom go dtiubharthá aire dham. Tá lán cófra de ghunnaíbh agam d'á chur síos go Cill Ruis an tseachtmhain seo chughainn. Beidh siad annsoin ar an gcéibh seachtmhain ó'n lá indiu go díreach. Tá sgéal curtha síos agam go mbeid siad ann. Cuirfear an sgéal so ar siubhal go haireach agus beidh blas na fírinne air. B'fhéidir go n-aireóchadh an té seo tá uainn an sgéal agus go dtiocfadh sé ag féachaint i ndiaidh na n-arm. Fágaim an gnó ar fad fút féin anois. Má ghlacann sé an biadhta tá deireadh leis, agus beidh tusa níos fearr as. Mara nglacann sé é, caithfimíd rud éicint eile do dhéanamh acht socróchai- míd é sin ar ball."

"Déanfaidh mé mo dhícheall," ars' an t-oifigeach agus bhuaileadar araon amach.

AN TRÍOMHADH CUID. "Seachain an cófra ar an gcéibh."

Fuaras amach ionad comhnuighthe Eóin Uí Cheallaigh agus chuadhas d'á lorg leis an litir do thug an "Gioblachán" dam. Bhí sé istigh rómham. Duine beag dúr doicheallach do b'eadh é, acht do bhog sé go mór sul ar fhágas é. Thugas an litir dhó agus léigh sé í seacht n-uaire ar a laighead agus níor tháinig focal as.

"Cionnus ar chuir tusa aithne ar an bhfear so?" ar sé fá dheireadh ag féachaint go hamhrasach orm.

"Chaithfinn sgéal fada d'innsint duit chun freagra do thabhairt ar an gceist sin," arsa mise.

"Bíodh sé fada nó gearr," ar sé go canncrach, "caithfidh tú freagra do thabhairt ar an gceist."

Mar gheall ar an méad adubhairt an "Gioblachán" 'n-a thaobh dheineas mo dícheall chun é do chongbháil ar mo lámhaibh agus thugas cunntas dó ar ar thuit amach idir an "Gioblachán" agus mé féin.

Nuair bhí críochnuighthe agam d'iarr sé orm lúidín mo dheas-láimhe do thaisbeánt do. D'fhéach sé air.

"Táim sásta," ar seisean, "agus is maith liom gur thángaís, mar tá Domhnall i gcontabhairt. Bhfuil 'fhios agat cá bhfuil sé anois?"

"Ní'l," arsa mise.

"Tá sé caillte mar sin," ar seisean, "go bhfóiridh Dia orainn! nach cruaidh an cás é!" agus leag sé a cheann ar a láimh; "Do thiubhrainn an lámh óm' ghualainn anuas chun tuairisg d'fhagháil air anois. Níor chodlas néal le dhá oidhche acht ag cuimhneamh air."

"Tá 'fhios agam cá fuil a dheirbshiúr," arsa mise; "A' ndéanfadh sé sin an gnó?"

Do phreab sé suas go háibhéiseach.

"Déanfaidh, má tá 'fhios aici cá bhfuil sé agus má tá sí seasmhach," ar seisean.

"Ná bíodh faithchios ar bith ort mar gheall air sin," arsa mise: "Tá sí chomh seasmhach leis féin agus is mór an focal é sin."

"Ó, buidheachas mór le Dia go bhfuil sé i gcumas dam beart mhaith do dhéanamh ar a shon - mo Dhomhnall bocht, togha na bhfear."

Thug sé cunntas dam annsoin ar an gcomhrún úd do bhí ceaptha i gCaisleán Bhaile Átha Cliath idir an Frínnseach agus an t-oifigeach agus gur thráchtamar cheana air. Bhí sé féin i seomra bheag le hais an tseomra 'n-a rabhadar ag caint agus do chualaidh sé an seanchas ar fad mar bhí an doras rud beag osgailte. Bhí fhios aige go maith gur ar Dhomhnall do bhíodar ag trácht agus bhí sé nach mór as a mheabhair nuair ná raibh fhios aige cá raibh sé.

Sul ar fhágas an tigh sgríobhas litir fhada agus chuireas ag triall ar Shaidhbh í. Seachtmhain nó mar sin 'n-a dhiaidh sin fuaras freagra uaithi agus, go deimhin duit, bhí greann agus spórt agam féin agus ag Eóin mar gheall ar an litir úd.

Nuair fuair Sadhbh an litir uaim-se sgannruigheadh an t-anam aisti; acht chuir sí í féin i gcóir, cé go raibh bóthar fada roimpi, agus chuaidh sí go Cill Ruis. Bhí sí ann ar feadh dhá lá ag feitheamh go critheaglach leis an "nGioblachán." Bhí súil aici ná tiocfadh sé i n-éan- chor; acht tháinig sé fá dheireadh, agus ní túisge do bhí sé ann ná bhailigh na dailtíní óga timcheall air ag déanamh magaidh faoi féin agus fá n-a shean-bhalcaisíbh. Bhíodar go han-drochmhúinte ar fad, acht do thaithn sé sin leis, mar bhí rud éicint 'n-a cheann aige, Bhíodar ag sgreadghail 'n-a dhiaidh agus ag caitheamh sgrath- anna leis agus gach éan-rud eile bhíodh fá láimh aca; agus fá dheireadh thiar rith sé uatha isteach i mbarraic na bpíléirí chun gearáin do dhéanamh ortha.

Cia bheadh istigh roimhe acht an t-oifigeach Seoirse Mac Gabhann agus an fear ó'n gCathair a raibh amhras aige féin air - Máirtín O Riagáin - agus iad ag caint go dlúith le n-a chéile. Nuair do chonnaic Máirtín é fuair sé sgeimhle.

"Agus a Chínn-tíre" - b'é sin leasainm do cuireadh ar an "nGioblachán" nuair do tháinig sé go Contae an Chláir ar dtús - "cad do thug annso thú?" arsa Máirtín.

Leigeadh an Gioblachán air i gcomhnuidhe ná raibh ann acht leath-amadáin agus 'sé an freagra do thug sé air:

"Cad do thug annso thú féin?"

Níor fhág an cheist gíog ag an bhfear eile. Dhein an "Gioblachán" a ghearán agus bhuail sé amach. Lean Máirtín é agus - d'iarr sé air gan trácht go bhfaca sé san mbarraic é. "Cia an díoghbháil tusa do bheith san mbarraic?" ars' an "Gioblachán," "Ná raibh mise ann?" agus amach leis.

Chongbhuigh na dailtíní uaidh agus níor bh'fhada go bhfaca sé Sadhbh ag déanamh air, agus nuair tháinig sé aníos chúichi, shín sé a lámh amach ag iarraidh déirce uirre. Thug sí leath-phinginn dhó agur dubhairt sí leis fá n-a fiaclaibh:

"Seachain an cófra ar an gCéibh."

"Ní baoghal dam; tá breall ortha," ar sé agus d'imthigh sé leis.

D'airigh sé trácht ar an gcófra agus gur as bád ó'n bhFrainc do tháinig sé. Níor chreid sé focal de, acht dubhairt sé go raghadh sé go Cill Ruis a' féachaint an bhfuigheadh sé amach an fealltóir, agus fuair.

AN CEATHRAMHADH CUID. Deireadh - "ag feitheam le breacadh an lae."

Leath-bhliadhain nó mar sin tar éis aithne do chur ar Eóin Ó Ceallaigh bhíos ag siubhal suas tré Shráid Uí Chonaill éan-tráthnóna amháin, agus chonnacas duine uasal ag teacht anuas im' choinne agus bean uasal 'n-a theannta. Bhí gach éinne ag féachaint ortha agus 'n-a ndiaidh, mar ní raibh beirt eile mar iad ar an tsráid, bhiodar chomh breagh snasta maiseach soin.

Bhíos féin ag gabháil amach tharsta, nuair do dhein an duine uasal i leith chugham agus do leag sé lámh ar mo ghualainn.

"Ní aithnigheann tú an 'Gioblachán,'" ar seisean.

Is é do bhí ann gan amhras agus cia bheadh leis acht Eibhlín Nic Ghearailt. B'fhíor do'n "Ghioblachán" nuair dubhairt sé nach bhfaca sé éin-bhéith ní b'áilne riamh. Bhíodar ag teacht go díreach glan óm thig-se, mar do chuadar ann chun innsint dam go raibh siad féin agus Sadhbh i mBaile-Átha-Cliath.

Thugadar cuireadh dham go dtí an tigh-ósda 'n-a rabhadar féin agus Sadhbh 'n-a gcomhnuidhe. Chuadhas leo agus do chaitheamar oidhche shultmhar i gceann a chéile.

"Tá ceist agam ort," arsa mise leis an "nGioblachán" i rith na hoidhche.

"Éin-cheann amháin," ar sé ag gáiridhe.

"Ní'l níos mó anocht," arsa mise.

"Seo leat mar sin," ar seisean.

"Cionnus a bhfuair an Frínnseach éin-eólas ort-sa?"

"Fuair sé ó Sheamus Ruadh é; acht ní fhéadfadh ceachtar aca teacht suas liom-sa. Ní raibh amhras ar bith ag éinne riamh ar an bpléice do chuaidh timcheall fá ghné bhacaigh; acht do bhí ar fhear do chuaidh timcheall i riocht shagairt. B'in é an buachaill do thug an trioblóid dóibh. Ní gábhadh dham a rádh nár thángadar suas leis riamh."

Bhí Domhnall agus Eibhlín le bheith pósta i gceann seachtmhaine agus bhí socruighthe aca ná fanfadh siad i nÉirinn nuair do bheadh siad pósta. Níor éirigh a ghnó leis an "nGioblachán" mar bhí clampar éicint 'san gConnradh i n-Ameriocá agus b'éigin dó cur suas de.

Do phléasg sé na bealaigh isteach go dtí an uaimh le púdar, ar nós nach bhfuigheadh éinne amach í agus d'fhág sé gach éan-rud dá raibh innti 'n-a dhiaidh.

Do pósadh an "Giobhlachán" agus Eibhlín gan éin- éirghe i n-áirde agus d'fhágadar slán agus beannacht againn agus d' imthigheadar leó. Bhí Eóin O Ceallaigh 'n-a dteannta - nior thaithn Caisleán Bhaile-Átha-Cliath riamh leis.

Bhí Sadhbh go han-uaigneach go ceann tamaill. Bhí sé leagtha amach aici go raghadh sí go hAmeriocá. Acht ní leigfinn féin di imtheacht, agus ní raibh sé ró- fhada go rabhamar pósta. Tá sí ag féachaint orm ag cur críche leis an sgéal so, agus táim bodhar aici - ní chreideann sí go bhfuil sé ós cionn fiche bliadhain ó thuit an sgéal amach.

* * * * * *

Agus anois, a léightheóirí, is dócha gur maith libh rud éicint do chloisint i dtaobh an "Ghioblacháin," ó d'fhág sé a thír dhúthchais féin. Tá éan-rud amháin cinnte - ní'l éin-tighearna talmhan ós a chionn. Tá sé 'n-a innil- teoir ós cionn bhóthair mhóir iarainn, agus tá an saoghal ag éirghe go breagh leis féin agus le hEibhlín.

Tá sé ag feitheamh i gcomhnuidhe le "breacadh an lae" i n-Éirinn. Nár leigidh Dia go bhfuighidh sé féin ná Eibhlín bás go bráth go bhfeicfid siad é.

A Chríoch.