Mac Fínghin Dubh: ELTeC edition Ó Séaghdha, Pádraig (1855–1928) ELTeC conversion Justin Tonra 15842 55 COST Action "Distant Reading for European Literary History" (CA16204) Zenodo.org ELTeC Mac Fínghin Dubh: Foclóir Stairiúil Na Nua-Ghaeilge (FNG) / The Historical Dictionary of Modern Irish edition Mac Fínghin Dubh Pádraig Ó Séaghdha The Irish Book Company 1903

Initial conversion to ELTeC level 0. Updated Publication Statement and front matter.

MAC FÍNGHÍN DUBH

CONÁN MAOL

do sgríobh.

A STORY BY P. J. O'SHEA

WITH A VOCABULARY.

Dublin:

THE IRISH BOOK COMPANY,

6 D'OLIER STREET.

1903.

ALL RIGHTS RESERVED.

MAC FÍNGHÍN DUBH. Caibidiol a h-Aon. BEIRT MHARCACH.

Chuir Sléibhte Dúbha Cheachainn a gcaipíní ortha i gcómhair na h-oidhche. Shéid an ghaoth ghlan-fhuar earraigh tarsna an ghabhailín mara fá bhun an Doirín. Liúghaigh an cúirliún amuich sa chuan, leig an gaibhrín reóidh "methi-geg" as sa chorrach agus d'fhreagair an naos- gach é le "sic seaic, sic seaic," imeasg na seasga.

Bhuail marcach siar an sean-bhóthar cois bhruaich an chuain fá dhéin an Doirín. Fear calma do b'eadh é, claidheamh ar a cheathramhain aige, srón cham air a's rian gearradh uirthe, láir dhubh shleamhain fá agus crot maith air féin. Shelbourne nó Sleagánach do tug- thaidhe air. Bhí giolla le n-a chois ar chairiún ciar, cothuighthe. Michilín do b'ainm do'n ghiolla soin. Fear beag, buidhe do b'eadh an giolla, fabhraí dúbha air agus dhá shúilín franncaigh aige do chífeadh thré pholl meanuighthe.

"Ní gábhadh dhuit an deabhadh, a thighearna," arsa Michilín. "Beimíd ann a's as i n-am go leór."

"An fada as so an Doirín sin?" arsa Shelbourne.

"Suas le deich míle," ars' an fear eile.

"Pret!" arsa Shelbourne, "ní fiú trácht thairis. Ba cheart dúinn an méid sin do chur dínn i n-uair an chloig an chuid is lúgha dhé."

"Dar muine, mhaise, bhí an bóthar so fada go leór san tsean-aimsir. Deirthear liom gur chaith na Sasanaigh seachtmhain ag cur an méid seo dhíobh i n-aimsir Dhómhnaill Chaím agus 'na dhiaidh sin go mb'éi- gean dóibh filleadh ar n-ais gan bó, gan bleathach, gan buaidh, gan bárr, acht iomad bruighne a's easnaí brúighte brisde."

Chroth agus ghreamuigh an bhéalbhac i ngiallaibh na lárach duibhe, d'fháisg crobh Shelbourne ar a eachlasg gur bhánaigh a rúitíní, agus is suarach ná'r thiomáin sé a fhiacla thré n-a bhéal iochtair. Chas sé ar Mhichilín agus d'fhéach sé air.

"Ar bhiorán bhuidhe," ar seisean, "do chuirfinn bramstiallacha ort, a tháthaire bhig bhréin; is beag do chuirfeadh fhiachaibh ort féin bheith id' mhéirleach, agus d'á fheabhas atáim leat, a shuracháin, creidim go bhfuil cion agat ar Mhac Fínghín Dubh."

Dhruid Michilín i leath taoibh uaidh ar baill-chrith.

"Ná'r théidh mh'anam go Meg Mhichíl, a mháighistir, nách bhfuil an ceart agat agus gur ró-dhian ataoi orm 'na theannta soin. Gabhaim párdúna agat má chuireas fearg ort. Thugais alp orm sul a raibh críochnuighthe agam, mar bhíos chum a ráidhte gur síothchánta socair atáthar ar an mbóthar so anois, agus gur brisde, basgaighthe mar a thuilleadar, atá Muinntear Shúillea- bháin fád' riaghalachas féin."

"Seadh, má's mar sin é," ars'an Seilbórnach, agus do leig sé a ceann leis an láir dhuibh agus chrom sí ar shodar go tiugh.

Lean Mhichilín air 'gá shálaibh, agus é ag cur alluis de le h-eagla.

"Measaim ná h-inneósad a thuilleadh scéalta do'n bhioránach so, an bholgach air féin a's ar Mhuinntear Shúilleabháin! Nách cuma liom-sa cia aca acht go bhfuighead adhbhar bidh a's annlain ó'n t-é 'tá i n-uach- tair díobh."

Do choisg Shelbourne a láir ag Árd Aodha.

"Cia leis an sean-chaisleán soin?" ar sé.

"Leat-sa, ambás," arsa Michilín.

"Cia chómhnuigheann ann, ámh?"

"Fear do Mhuinntear Shúilleabháin. Bhí riaghalachas, cíos, cáin ag an dtreibh sin aon uair amháin ó Neidín go Béara, ar an dtaobh so d'fhairrge a's ó Bhaile an Sgeilg soir ar an dtaobh thall."

"Is iongantach an seanchuidhe thu," arsa Shelbourne, ag crapadh a shróna.

"Measaim," arsa Michilín leis féin, "nách maith leis a chlos go rabhadar súd chúmhachtach lá. - Seadh, briseadh ar Aedh, a mháighistir, i n-aimsir bhainríoghna Élís, agus ní fhuil de'n treibh ar fad indiu acht Mac Fínghín Dubh agus is geárr a bheidh seisean suas."

D'fhéach Shelbourne isteach uaidh ar Chaisleán Áird Aodha.

"Is daingean láidir é fós, dar leat, gidh gur dócha go bhfuil sé brisde go leór i mballaibh. B'fhéidir go ndéanfamuis úsáid éigin dé."

"Mhaise, ní fhuil ann acht fathalach cloch, a mháighistir. Tá draoidheacht nó tubaiste éigin d'á leanamhaint. Tá an tsáile ag cise air gach aon bhliadhain. Tagann Dómhnall Ó Donnachúdha na nGeíbhleach atá fá dhraoi- dheacht i Loch Léin, tagann sé gach maidean Lae Bheal- taine de thall de loch annsoin ar Mhullac Leacaoin le n-a láir bháin féachaint an chaisleáin seo, mar deirtheas go n-imtheóchaidh an draoidheacht dé féin nuair do bhuaidhfidh an fhairrge ar Árd Aodha a's bhéar- faidh sí léi an chloch dheireannach dé."

"Nách greannamhar, piseógach na daoine sibh," ar Shelbourne, ag crapadh a shróna le tarcuisne, mar ba ghnáth leis. Phreab sé anuas de'n láir, chaith sé an srian agus a chlóca cába chum Mhichilín agus d'iompuigh sé isteach an bhearna fá dhéin an chaisleáin..

Is beag nách raibh tuitimín na h-oidhche ann, acht bhí an uain geal agus corrán gealuighe ins an domhan thiar. D'éaluigh an taoide go socair ar ghainimh na trágha agus shnáimh sí léi suas i gcoinnibh an árdáin; tharraing sí i ndiaidh a cúil arís le h-osna; leig puichín gaoithe fead aisde ag séide isteach thré chúinníbh folamha an chaisleáin agus chas sí ar n-ais le h-ochón; d'eiteall gobadán aníos ó'n gcuan, leath sé a sciatháin a's shín sé a chosa i ngearracht slaite d'fhárdorus an tsean- chaisleáin ar tí cur fá ann, acht d'eiteall sé sa n-aer le liúgh agus amach arís fá'n gcuan.

Bhí fear 'na sheasamh fá'n bhfárdorus úd, féasóg liath air, a cheann cromtha agus a smeigín ar a bhrághaid aige. Chualaidh sé mar a bhéadh glór beirte ag coimheas- gar le chéile. Chaith sé a cheann i n-áirde a's a chliabh amach agus do sheasaimh sé chómh díreach le gáinne. "Gobadáin na trágha," adeir sé leis féin, agus do chrom sé a cheann arís ag machtnamh leis féin. Acht níor bh'eadh. Chualaidh sé an gleó céadna arís, agus chuir sé cluas air féin.

Bhí fear óg ag cur dé cois phuirt na fairrge agus dhá gheirfhiadh fá'n oscuil aige. Bhuail Shelbourne 'na threó agus chuir aighneas air.

"Cad iad so agat, a dhíolmhúnaigh?"

"Nách cuma dhuit-se sin, a spreallaire? Druid as mo shlíghe nó cuirfeadh mo dhorn go scórnuigh id' chlab."

Do dhuibh a's do dhearg ag Shelbourne. Tharraing sé úirlis lámhacha as a chrios, dhírigh, agus sgaoil air go h-obann, acht i n-ionad an fhiaguighe dh'aimsiúghadh is eadh do ghnídh an pléar 'ná clais do thóch sa ghainimh, mar fuair Shelbourne pléasg do bhata droighin i gcnámh na h-uilleann ó fhear na féasóige léithe, agus bhí greim beag nách sa n-am chéadna ag fear na ngeirfhiadhthe ar ubhall scórnuighe air. Sul a raibh uain aige ar "Dia lem' anam," do rádh - má deireadh sé riamh é - bhí sé ar chnámh a dhroma agus glúin 'na bholg.

"Tacht é, a Philib! Is é an Sleagánach atá ann," ars'an fear liath.

D'fhosgail an Sleagánach a bhéal chum labhartha acht níos tháinig gíog as. Fear teann, téagartha do b'eadh é, agus d'únfairt sé a's do thiomháin sé an ghainimh sa n-aér le n-a shálaibh ag iarraidh eirighthe; léim na cnaipí ceangail as bhrághaid a chasóige leis an racht do chuir sé air féin, acht ba bheag an mhaitheas dó an saothar. D'fhág an luadháil a lámha go mall, bhog a ghreim de ghuailnibh Philib, dhruid a cheann siar síos ins an ngainimh go raibh a smeigín ar aghaidh na spéireach, leath a shúla le sgéan agus shín a's chroth a theanga amach as a bhéal ar nós earbaill éisg.

"Dar a páis fiadh, cad é seo? Bog de'n duine go déaghair!"

Scaoil Pilib a ghreim docht chómh tiugh a's dá gcuir- fídhe pléar thríd. Do phreab sé 'na shuidhe a's d'úmh- luigh sé.

"Is é an Sleagánach atá ann, a Mhíl Borra, agus muna mbeadh Diarmaid na Bolgaidhe bhíos am' chnap ag an scriosdóir; acht dar muine, is dóich nách bhfuil speach anois ann."

Chaith Míl Borra dhé a chasóg, chaith sé é féin ar a ghlúinibh, scaoil sé éadach muiníl an tSleagánaigh agus chuir sé an chasóg fá bhaic a mhuiníl.

"Rith leat, agus tóg an báiréad soin chum an tobair-fhíoruisge dia thiar de'n chaisleán."

Bhuail sé deárnacha an tSleagánaigh go tiugh le n-a bhais, chumail sé a mhailídhe leis an bhfíor-uisge, leig sé braon de ar a theangaidh, scaoil sé beagán de síos caol a dhroma agus dhoirt sé bas de ar a cheann. Fá dheireadh chuir an fear osna as.

"Buidheachas mór le Dia! Tá sé 'teacht chuige féin," arsa Míl Borra.

Do dhún na súla a's do bhuail an chuisle go mearbh- thallach, chorruigh na fabhraí, cuir an fear fann osna eile as agus i gcionn nóimite chrom se ar mhéanfuighigh. Chaith Míl Borra é féin fá agus leig sé an fear leath- thraochda anuas air ar a leath-uillinn.

"Cá bhfuilim?" ars'an Sleagánach i gcionn uair an chloig.

"Imeasg bráithre. Ná bíodh eagla ort," arsa Míl Borra. Thógadar ar a bhonnaibh é agus tháinig meireán air ar nós fir meisgigh.

Gaisgidheach do b'eadh Míl Borra, agus do rug sé ar an Sleagánach a's thóg sé leis ar a bhacalainn é. Seo suas fá dhéin an bhóthair mar a raibh Michilín ag fanamhaint go mí-fhoidhneach le n-a mháighistir, Míl Borra agus a ualach i dtosach agus Diarmaid agus Pilib ar deireadh. Bhí dhá láimh an tSleagánaigh snadhmtha ar chúl Mhíl borra agus a smeigín ar a ghualainn. Bhí Diarmaid na Bolgaidhe ag cur na súl thríd. Bhog an Sleagánach a ghreim, réidhtigh sé a lámh dheas agus leig sé ar sileadh leis í.

"Seachain, a Mhíl Borra," arsa Diarmaid.

"Cad tá ort, a dhuine?" arsa Pilib.

Acht tháinig Diarmaid de choiscéim suas leis an mbeirt. Seo mar do fuair sé an Sleagánach. Scian dhubh 'na truaill i gcrios ar a chaol, a dheárna ar dhornchúl na scine, agus a mhéireanna lúbtha ar tí breith uirthe. Thug Diarmaid ruthag air, ghreamuigh sé caol a lámha chómh docht a's do ghreamóchadh clab eascún í agus d'fhéach sé air le súilibh fiadhne.

"Caith uait é, a Mhíl Borra, agus saltair air; cruimh is eadh é!"

D'fhéach Míl Borra thar a ghualainn ar Dhiarmaid.

"Tá inntin ghéar aige," adeir sé leis féin, "acht cuireann an fhilídheacht soin ar buile uaireannta é.

"Caith uait é, adeirim leat! Tá sé ar tí do mhairbhthe."

Gháiridh Míl Borra go socair. "Ghia mhaise, a Dhiarmaid, a éigeas, leig dó. Tá an bochtán leath- mharbh."

"Ní fhuilim," ars' an Sleagánach, "ní fhuil easba anáile ná nirt orm anois, ná raibh maith agaibhse. Bog díom, a dhuine dheórata, agus dar so a's súd" - acht ní h-é sin do thug sé acht na mionna móra - "bainfead sásamh de'n tsean-chladhaire seo. Is é an gaduidhe liath sin do bhain an tuisleadh asam le n-a bhata."

"Dar mo chlaidheamh gaisge," arsa Diarmaid, "ghéabhair cómhrac uaim-se má tá do bhrígh fillte ort. Ní fhuilim-se chómh críonna agus is dóich leat. Má táim liath ní le h-aois é agus níor chuir súmaire ded' bhuidhin mhalluighthe-se Diarmaid na Bolgaidhe ar teicheadh fós riamh."

"A bhodaigh mhóir," ars' an Sleagánach, "an dtabhar- fair ceart cómhraic domhsa? Nuair do chuirfead ar lár an dá spreasán so leat, troidfead leat féin d'á mhéid iad do ghuailne."

"Is dán an t-amadán thu," arsa Míl Borra. "Geallaim-se dhuit, ámh, gidh nách dtuilleann do theanga é, go bhfaghfair ceart a's cómhrac annso. Sáiseóchad féin thu, bh'fhéidir. Leig do Dhiarmaid; file is eadh é agus gidh go ndeirteas liom gur tighearna thusa do réir na ndlíghthe ngallda, is áirde eisean mar is do chraoibh na h-éigse é."

"Tá an oiread suime agam 'na chuid filídheachta a's bheadh agam i srann bhramaigh, acht beidh a chuid fola agam mar is é do thug an chéad bhuille dhom. Cá bhfuilir, a Mhichilín?"

"Sleagánach abú!" arsa Michilín, ag preabadh le n-a chairiún isteach ar an mbán. "A Rí na cruinne! Tá Míl Borra 'na measg a's beidh an Sleagánach caillte!"

Bhuail sé léas d'á lasg ar an gcairiún gciar, scaoil sé a cheann leis agus as go bráthach leis ar chos i n-áirde fá dhéin Neidín.

"Imtheacht gan teacht ort, a mhic ó," arsa Diarmaid, ag féachaint a ndiaidh Mhichilín 's ag cur scearta gáire as. Chuir an gáire sin ar a shocaracht é i gcóir an chleasa claidhimh do bhí chuige mar bhí na creatha air le h-iomad sainte chum an tSleagánaigh do threas- gairt lom láithreach i dtaobh a dhroch-chainte.

Bhain an Sleagánach seara as féin a's chrom sé ar phoc-léimrigh a's ar a chlaidheamh do chasa, leis an gcodlagríbhthín do bhaint as a uillinn agus as a bhallaibh.

"Níor bh'é dearmhad Mhíl Borra a chlaidheamh caol fada thabhairt leis," arsa Pilib i gcogar. "Oireann sé sin dómhsa níos feárr 'ná an claidheamh mór, agus leig dom an fuacht do bhaint de'n tSleagánach."

Thug Diarmaid alp air mar fhreagra agus d'iarr ar Mhíl Borra druidim siar uatha. Bhris ar an bhfoidhne ag an Sleagánach leis, agus thug an bheirt aghaidh ar a chéile go feargach.

Ba chosmhail le chéile i ndéantas an bheirt chlaidh- mheach, acht amháin gur bh'é an Sleagánach an fear ba throime. Bhí sé dubh, dorcha, agus bhí sé níos sine 'ná Diarmaid, mar ní raibh seisean os cionn dáfhichead bliadhan gidh gur dhóich leat go dtí so go raibh sé trí fichid toisg go raibh sé buidhe-chroiceannach, bán-fholtach, agus rian na bolgaidhe ann. Bhí sé fuinneamhail, fuinnte, féithleógach agus bhí an fear eile foirtileach fearsadach fíochmhar. D'fhéachadar araon go fraochda, friochnamhach ar a chéile. Bhuaileadar bárr a gcosa deasa i gcoinnibh a chéile agus dhruideadar siar ó n-a chéile, a lámha cléith' dia thiar d'á ndrom ag druidim anonn 's anall ar nós stiúir báid fá sheól. Chaith an corrán gealuighe ins an domhan tiar léas fhann-sholuis trasna an chuain agus do chífeá scáil na bhfear-gcómh- raic sínte ar an bhfaithche, an bheirt fhear agus an dá scáil ag faire chum faill d'fhághail ar a chéile. Fuisc, arsa claidheamh an tSleagánaigh, nuair do thug sé suíns fá uillinn deis Diarmuda. Choisg seisean é agus thug fogha fá bhrághaid an tSleagánaigh, acht bhí súd aicillidhe; phreab sé i leath-taoibh. Lean Diarmaid coiscéim ar aghaidh agus d'fhóbair go ndíolfadh as, mar thug a namhaid tréan-bhuille fá dhéin an mhuiníl. Chlaon Diarmaid a cheann, d'árduigh sé bas a chlaidhimh go tiugh i n-am agus bhain na claidhmhte fuaim a's spréacha as a chéile.

Scaoil na fir amach agus d'éirigh a mbruth; d'éirigh clár a n-uchta; tháinig a n-anál 'na séideánaibh thré phollaibh a srón, lúb a bhfabraí agus choigil lasair 'na súilibh.

"Bog, breágh! a Dhiarmaid, a chaithis, tá Míl Borra led' h-ais," ars' an fear soin féin. Dhéineadar ar a chéile arís. Bhí braon fola ar sileadh le cluais Dhiarmuda. Thug an Sleagánach fógha fá na súilibh le h-é dhalladh nó mhealladh; thuig Diarmaid an cleas agus d'árduigh sé bas a chlaidhimh. B'shin é do theas- duigh ó'n Sleagánach. Thiomáin sé rinn a chlaidhimh le fuinneamh fá dhéin an taoibh íochtair d'uillinn dheis Dhiarmuda, acht léim seisean coiscéim i ndiaidh a chúil. Lean an Sleagánach air, acht má lean níor éirigh leis, mar do rop Diarmaid rinn a chlaidhimh dhá órlach a's breis fá chroiceann a chuisleann. Bhéic an Sleagánach le pian. Chas sé a chlaidheamh ar buile os cionn cinn Diarmuda, acht bhuail seisean "baic-bhéim" 'sa n-uillinn air, agus léim claidheamh an tSleagánaigh le fead sa n-aer agus thuit sé féin ar a chromadh le búithre.

"Fuil do chroidhe, nó géill!" arsa Diarmaid.

"Géillim," ar seisean tré n-a fhiaclaibh.

"An bille leis," ars' Diarmaid.

"Bíodh sé agat," ars' an Sleagánach.

"Sín amach é thu féin, nó sciobfad an ceann díot."

Chuir an Sleagánach a lámh shlán 'na phóca agus shín an bille chum Dhiarmhuda go mall mí-choimheasach.

Caibidiol a Dó LÓISDÍN.

Tá tigh mór ar an nDoirín indiu. Cómhnuidheann an Marquis of Lansdowne ann. Bhí tigh mór farsaing chínn-tuighe ann an uair úd. Is iomdha mart méith agus torc taoibh-leathan do bruitheadh ann. Bíodh scata con seilg ann agus ba ghnáthach a gceól binn ag baint mhacalla as na cnocaibh.

D'fhosgail Diarmaid na Bolguidhe dorus sheómra bainne i n-aice tíghe mhóir an Doirín. Chaith sé beart luachra dhe i gcúinne an tseómra agus las sé buaiceas.

"Luigh annsoin," ar seisean leis an Sleagánach.

Shuidh an Sleagánach ar an mbeart go dubh, duairc. Chuir Míl Borra a cheann isteach.

"Tá do chapall sa scioból. Thugas dorn coirce dhi agus sop féir; tá sí go seasgair agus bí féin ar do shuaimhneas go maidin."

Ní dubhairt an Sleagánach 'seadh 'ná ní h-eadh.

"A Dhiarmaid," ar seisean, fá dheireadh, "cad í an saghas lóisdín í seo do dhuine uasal?"

"Ar mhaith leat dul isteach ins an tigh mhór?"

"Ní fheadar, acht ní maith liom codla ar thripill."

"Seo mar atá an scéal," arsa Diarmaid. "Ní fhuil cois baile slán acht mé fhéin agus Míl Borra agus an bhanaltra. Tá an t-éagcruas ar Mhac Fínghín Dubh, slán mar a n-inistear é. Ní fhuil buachaill 'ná cailín fá dhíon an tíghe an aimsir seo agus ní bheidh go ceann tamaill eile."

Chrith an Sleagánach idir chos agus lámh.

"Leig abhaile mé," ar sé.

"Níor chuireamar fios ort," ars' an fear eile, "agus ní leómhfair cor do chur díot as so go léighfidh Míl Borra an bille."

"Cionnus do bhí fhios agaibh go raibh an bille agam?"

"Mheasamar é."

"Léigh é mar sin. Tá sé id bheínn agat."

"Ní fhuil puinn eólais agam ar an mbéarla Gallda, agus ní thaithnigheann sé liom acht chómh beag."

Mhachtnuigh an Sleagánach go ceann tamaill.

"An léigheann Míl Borra an Béarla?"

"Léigheann go maith. Tá eólas aige-sean ar na seacht dteangacha." Chuir an Sleagánach cnead as.

"Bhfuil 'fhios agat chad do dhéanfad, a Dhiarmaid? Léighfead an bille dhuit má leigeann tu uait mé."

D'fhéach Diarmaid idir an dá shúil air.

"Léighfir é lom láithreach acht ní leigfead uaim thu," agus shín sé an bille chuige.

D'fhéach an Sleagánach ar an mbuaiceas.

"Dóigh é," arsa Diarmaid, "agus bainfead an lámh ó'n ngualainn díot!"

Shín an Sleagánach a chosa amach uaidh, chuir sé osna as mar bhí sé mín a dhóthain anois, agus thóg Diarmaid an solus os cionn a chinn.

Seo mar do léigh sé: -

"Chum ár dtíghearna grádhaigh, Shelbourne, cumann.

Bheirimíd duit cead le seilbh d'fhághail ó Mícheál Ó Súilleabháin ar a oighreacht ins an Doirín agus na bailtí i bhfogus do'n áit sin, agus d'á bhrígh go bhfuil an duine áirighthe sin úmhal dúinn le seal fada tuga- muid as croidhe cóir an Riaghaltais cead duit-se féar an méid bó is maith leat do thabhairt dó fá chíos ar choingíollaibh go mbeidh sé sár-úmhal feasda agus go séanfaidh sé féin agus a chlann 'na dhiaidh an tsean- tsloinneadh easúmhal Ghaedhealach soin "MacFínghín Dubh."

Tabhartha fá 'nár séala i 'nár gCaisleán i mBaile- Átha-Cliath, i mí an Mhárta ins an mbliadhain d'aois an Tighearna, 1738.

Cathcart, Fear Ionaid."

Bhí dath dubh ar Dhiarmaid. Sciob sé an bille ó'n Sleagánach.

"Dar na naoimh is áthmhar an fear thu."

"Cionnus soin?" ars' an Sleagánach.

"Mar dá léighfeadh Míl Borra an litir sin ní fhágfadh sé cnámh id' chorp gan briseadh."

Le n-a línn sin chuir an bhanaltra a ceann isteach.

"Tá an rádhail ar MhacFínghín Dubh. Tar isteach," ar sise.

"Ar do bhás ná corruigh go bhfillead," arsa Diar- maid.

"Ní chorróchadh," ars' an fear eile.

Acht ní túisge bhí drom Dhiarmuda leis 'ná gur éaluigh sé leis. Do mhéaduigh a bhrígh 's a dhóchas fá ghaoith ionnfhuar na h-oidhche agus do bheartuigh sé air chum siúbhail. "Is olc é mo thoisg, ámh," ar seisean leis féin. "Lámh chréachda, easba fola, croidhe brúighte, agus bóthar deich míle ar faid. Tá an chéad mhíle thorm go h-áirighthe, agus má shroichim baile geallaim dhóibh seo nách mbeidh an buaidh leo an t-ath-uair."

Bhuail fear amach as díg an bhóthair fá n-a threó agus sheasaimh sé ar 'aghaidh amach.

"Fág mo shlíghe," ars' an Sleagánach go dán.

"Ná h-aithnigheann tu mé, a dhalta?" arsa Pilib, mar do b'é a bhí ann. Acht do léim an Sleagánach isteach air, ar nós cait fiadhaigh.

"Teasduigheann greas eile uait, aithníghim," arsa Pilib, ag breith ar phíobán air. Sgread an Sleagánach.

"Bog díom, agus fillfead leat," ar seisean.

"Is maith a chreidim thu," arsa Pilib, ag bogadh dhe. "Siúbhalaigh ort, mar sin. Bíonn an eagla ar an leanbh a dóigheadh." Agus d'fhilleadar ar n-ais agus an Sleagánach ag briseadh a chroidhe.

Chualadar fear ag séide go saotharach ag déanadh ortha. Do b'é Diarmaid do bhí ann. Rug sé ar chéascinn ar an Sleagánach ar tí é stolladh as a chéile. Bhí an fuadar imthighthe as an Sleagánach. Níor chuir sé cor de acht cnead do chur as.

"Leig do'n mhíolán. Tá sé chómh meathta le luich," arsa Pilib.

"Corruig ort," arsa Diarmaid, 'ghá stealladh roimis amach. "Cogar i leith, a Philib," agus bhí an bheirt aca dia thiar de'n tSleagánach ag cur 's a' cúiteamh le n-a chéile.

Nuair do shroicheadar an seómra bainne, do sholátha- ruigh Diarmaid cleite, dubh a's páipéar.

"Freagair an bille úd ó fhear Ionaid Shasana, luíghe na bhfód ort féin a's airsean!"

Thóg an Sleagánach an peann go mall.

"Éist liom anois," arsa Diarmaid. "Abair leis an bhfear nGallda soin gur thanguighis chum na Doirine, go raibh cómhrádh agat le MacFínghín Dubh, agus go bhfuil sé úmhal, creideamhnach, ceannasach, gur mór an éagcóir amhras do bheith air agus d'éis cainte dhuit leis ná beidh an bhrath agat níos mó ar a chuid talmhan."

D'fhéach an Sleagánach air go mí-choimheasach.

"Nách bhfuil fhios agat go bhfuil mo lámh gan mhait i ndiaidh do chlaidhimh? Tá an crobh chómh h-ataighthe le lamhanán."

"Ambasa go bhfuil úsáid a dóthain innte; ní fiú biorán an scríob soin ort; ní fhuil innte acht cneas- scealabóg. Chím na méireanna ag corruighe agus tá an faisgeán go deas cruinn uirthe. Acht bíodh ort féin. Fágfad fá Mhíl Borra thu agus fanfair annso go mbeidh an lámh cneasuighthe."

Rug an Sleagánach ar an gcleite, thúm sé sa dubh é agus chuir sé golam teinnis as leis an iarracht. "Ní fhéadfainn focal do scríobhadh leis an láimh, dá mbeadh m'anam air."

"Seadh, fan mar a bhfuil agat," arsa Diarmaid go sásta.

Chrom an Sleagánach ar ghearán go cangcarach go rabhthas ró-chruaidh air.

"An leigfir uait mé," adeir sé sa deireadh, "má scríobhaim í?"

"Ní dhéanfad aon choingíol leat," adeir an fear eile.

Rug an Sleagánach ar an gcleite 'na láimh chléith go h-aicillídhe - scríobhnóir ciotach do b'eadh an buachaill seo - agus do chrom sé ar scríobhadh go tiugh.

"An ndéanfaidh sé sin an gnó?" ar seisean. Thóg Diarmaid an scríbhínn agus léigh. Bhí smigeadh gáire ar an Sleagánach ag faire air.

"Ag imirt chleas ataoi, a dhíolamhnaigh," arsa Diarmaid ag féachaint go mí-chéadthach air, agus do las sé an scríbhínn ar an mbuaiceas. "Tosnuigh arís. Tá níos mó eólais againne 'ná mar is dóich leat." Chrom an Sleagánach go brónach ar scríobhadh an dara h-uair. Shín sé an páipéar chum Diarmuda, léigh seisean é, d'fhill é, agus chuir 'ná bhrollach é.

"Anois geall do Mhíl Borra ná sanntóchair a thalamh ná pioc d'á mbaineann leis ar feadh do shaoghail agus cuir de chómhartha leis go dtugann tú an geall soin uait led' thoil féin agus le h-iomad carthannachta dhó. Ceap go maith é i gcás ná cuirfir thu féin chum na trioblóide an tarna h-uair." Rinne an Sleagánach crúnca dhe féin le buile; chrap sé a ghlúna, bhí a bhéal uachtair súighte idir a fhiaclaibh agus a fhabhraí fillte gur dhún a shúla. Níor leig Diarmaid air go bhfeacaidh sé é. "Dá ndéanfaidhe riléitheacha dhíom ní scríobhfad líne eile!"

"Tá poll maide shíos annso," arsa Pilib.

Bhí faobhar ar shúilibh Dhiarmuda, "Brostuigh ort, a bhrealláin, tá deabhadh orainn," ar seisean.

D'fhéachadar araon ar a chéile. Bhí súla glasa i nDiarmaid do rachadh thríot, agus chroth an Sleagánach ar nós cupóige lá gaoithe fá'n radharc roin. "Tabhair dhom an cleite;" agus chrom sé ar scríobhadh go lán- dícheallach.

"Déanfaidh sé sin an gnó," arsa Diarmaid, tar éis an pháipéir do léigheadh dhó. Rug sé ar bhónna casóige ar an Sleagánach, thug sé palltóg sa chúil- fheith dhó agus bhuail sé an dorus amach é. "A-bhaile leat," ar seisean, ag tabhairt speach ins an phrímpín dó agus ghread an Sleagánach leis ag easgainídhe fá n' fhiaclaibh.

Caibidiol a Trí AN TAOISEACH SEANDA.

Sheasaimh Míl Borra ag ceann na leapthan agus thug sé cogar d'á athair. "An aithnigheann tu mé, a dhaid?"

"Aithnighim," ars' an t-athair go fann. "Tabhair aire dhuit féin. Teasbántar dom go bhfuiltear ar do thí."

"Ná bac soin de. Ní fhuil baoghal orm-sa. Dún do shúla 's codail greas. Tá sos agat, moladh le Dia!"

Dhún Mac Fínghín Dubh a shúla. Bhí sean shagart séimh cois chnaisde na leapthan a's do bhagair sé i leath-taoibh ar Mhíl Borra. "Is maith mar a thánaíghis. Thugais suaimhneas dó. Bhí an rádhail air ar do theacht isteach agus shíleas go sceinnfeadh an t-anam as. Mo ghrádh 's mo chumann a cheann liath! Bhí sé ag cur chatha Luimníghe thré n-a chéile 's ag gearradh 's ag cosgairt fá mar do bhí sé an lá dúbhach úd i n-Eachdruim."

"Is dócha é, a Athair Peadar. Bíonn an lá úd ag goilleamhaint air i gcómhnuidhe. Is minic d' innis sé dhómh-sa gur bh'iad na Francaigh do loit an scéal. Bhíodh sé deimhnightheach go ngeóbhaidís ar na Sasannaigh iad féin."

"Labhair ana-shocair, a Mhíl Borra. Má chodlann sé is é a bhuaic é. Goidfeam an claidheamh uaidh. Ghnídheas féin iarracht le n-a dhéanta, acht tá an paidrín casda air aige."

Corruigh an fear breóite. Chas sé a cheann ar an bpeiliúr, d'eirigh sé ar a leath-uillinn agus d'fhéach sé amach thríd an bhfuinneóig síos fá dhéin Chille Mac Ghiollóig mar a raibh a sheacht sinnsear curtha. Bhí lasair 'na shúilibh glasa a's faobhar ortha. Dhruid a mhac leis. "Ná bain leis go fóil," ars'an bhanaltra; agus chrom an sagart ar phaidreóireacht. Bhí an ghaoth ag eirghe a's na tonntacha 'gá n-umlasg féin le fothram ar an dtráigh. D'éist sé ar feadh tamaill. Chas sé an claidheamh.

"Ar aghaidh libh!" ar seisean do ghuth ghlórach. "Tá brisde ar bhuidhin Dhómhnaill óig! Dar Rí na nDúl caithfear an cor capall soin do chosg. Siné, a Fhínghín Ruaidh! Buailidh iad! Há! há! Bíodh an méid sin agaibh, a bhodacha an fheíll! Mo ghreidhn bhúr gcuisleanna, a churaídhe an laé chruaidh! Teanntaidhidh an cipe glas soin. Á! cá bhfuilir, a Sháirséalaigh? Brostuigh' a dhuine, brostuigh! Gread iad má tá an mac mallachtain 'na cheann ortha. Cóirigh, a Fhínghín Ruaidh, beidh an lá linn fós. Ó! is olc é sin, acht raobfamuid iad. Siné! Mo chumann sibh! Á! cá bhfuilir, a fhínghín Ruaidh? Iarracht eile!"

Do bhain an sean laoch fuisc as a chlaidheamh a's do scaoil sé le fuinneamh an fhuinneóg amach é. D'fhéach sé i ndiaidh an chlaidhimh, agus cúbhar fuar-alluis ar sileadh leis. Thúm an sagart a mhéar sa n-uisge coisreacan agus spréach sé ar mhalainn an fhir bhreóite é. Thug an ghaoth isteach ar a druim léi thríd an tseómra dórdán na dtonntacha. Acht níor chualaidh Mac Fínghín Dubh an ceól, mar bhí sé marbh.

"A Rí na n-aingeal 's a chara na dtruagh-bhochtán! Déin díon d'á anam, a Bhanaltra an Uain ghil, bháin," arsa Mac Fínghín Dubh óg go brónach os cionn cuirp a athar.

Caibidiol a Ceathair AN CHEÁRDCHA.

"Séid, a dhalta, séid," arsa Tadhg gabha le ceann d'á bhuachaillibh. "Ní h-aon mhaitheas duit a rádh go bhfuil tairgne i mbeó aici, a Athair Peadar. Níor ghnídheas riamh a leithéid sin do thuathalacht. Féach! d'aithnígheas féin cionnus a bhí an scéal, a rúitín ataighthe; geallaim-se dhuit, a Athair Peadar, d'á mbéadh méaróg chloiche id' ladhair féin, má's cóir a rádh, go mbeitheá-sa bacach leis. Hó, fan socair, a láir dhuibh! Tabhair dhom an sobal bog - An bhail chéadna ortsa, a Dhiarmaid na Bolgaidhe."

"Ní fheadar," ars' an sagart, "an mbeithfear ag cur isteach ar MhacFínghín Dubh ar ball mar a bhíothas ar a athair roimis?"

"Ní baoghal dó an Sleagánach go h-áirighthe," arsa Diarmaid, ag féachaint ar an sagart, mar bhí fhios aige-sean cionnus d'eirigh leis an Sleagánach soin cheana.

"Ní fhuilim deimhnightheach air sin i n-aon chor. Bhí an feall riamh ins na Sasannacaibh," ars' an gabha, ag casadh a cheapóird agus ag tiomáint spréacha dearga as bharra iarrainn do bhí ar an inneóin aige. "Deirim- se leat, a Dhiarmaid, go gcaithfear iad do léasadh ar an gcuma soin."

"Ambás, a Thaidhg, ní gábhadh iad do bhogadh sa teine ar nós an iarrainn sin," ars' an sagart.

"Ó, fear tagartha is eadh thusa, a Athair Peadar, acht is cuma 'sa deamhan liomsa cionnus do bhogfar iad acht go mbogfaid siad leó an poll amach uainn," ars' an gabha.

"Bain an chluas díom," arsa Diarmaid, "gur geárr go mbogfar iad."

D'fhéach an sagart amach fá'n gcuan thré dorus na ceárdchan.

"Táim ag éisteacht le caint de'n tsaghas soin ó bhíos am' gharsún," ar seisean. "Níor thángadar ar n-ais fós agus ní dóich go dtiocfaid siad go bráthach acht chómh beag. Tá na mílte fear imthighthe chum na Fraince 's chum na Gearmáine lem' chuímhne agus cad tá d'á bhárr againn ná fós aca féin? Marbhuigheadh na mílte móra aca i gcogaibh na Fraince le breis a's dáfhichead bliadhan agus tá Máire Terés ar lorg a thuilleadh aca orainn indiu! An bhliadhain seo 's an bhliadhain seo chúgainn bíonn siad le filleadh acht ní fhillean acht fo-cheann aca, a's cad do bhíonn uaidh sin féin? Tugtar céim éigin íseal shuarach sa n-arm thall dó agus seóltar anall é 'na phéacóig le ribíní, agus Franncach nó duine éigin deórata le n-a chois, agus meallaid siad leo le n-a gcuid éithig na h-amadáin chum a mairbhthe. Is cionntach atá Mac Fínghín Dubh agus a athair roimis leis sin agus ní bheidh rí 'ná rath orainn go mbeidh ciall againn."

"Is soth liom a leithéid sin do chlos as do bhéal, a Athair Peadar. Níor dhual duit é," arsa Diarmaid. "Fan go bhfeicfir na sluaighte Gaedheal a's na Francaig chlisde do thiocfaidh anall ar an mbliadhain seo chúgainn chum na nGallaphuic do thraochadh."

"'Gcead díbh-se, is beag ná cuirean an chaint sin ag úirlicean mé," ars' an sagart, agus lasadh 'na phluc le paiseóntacht. Láimhsigh sé a shrian, bhuail sé leidhb ar a shean-chapall macánta do bhain preab aisde agus seo chum siúbhail é.

"A ghabha, cad do ghnídhis leis an Athair Peadar?" arsa Mac Fínghín Dubh ar ghabháil isteach dó sa cheárd- chain chúca.

"Níor ghnídheas-sa pioc leis féin acht chuireas crudh fá na chapall," ars' an gabha, ag úmhlúghadh.

"Bhí sé ag cnáimhseáil a's 'gá rádh go bhfuilmíd ag dul ar aimhleas, a's ag seóladh na n-óigfhear thar sáile gan choinne le n-a dteacht thar n-ais," arsa Diarmaid.

"Ní bréag cuid dé sin," arsa Mac Fínghín Dubh, "acht ní fhuil leigheas air. Tá beagán de'n cheart aige, ámh. Is beag an chabhair atá ag na Francaigh d'á thabhairt dómh-sa mar chúiteamh as an méid fear do sheólas chúca. Mar sin féin ní fhuil sé 'nár gcumas fir do ghléasadh 's do chóiriúghadh annso a gan fhios de Shasana. Caithfear an méid sin do dhéanadh lasmuich. Féach, chím go bhfuil long Ghallda sa chuan. Tháinigh sí isteach tá uair an chloig ó shoin ag boladhthóireacht is dócha mar ba ghnáth. A Dhiarmaid, gléas féin a's Pilib an bád beag. Eirigh amach chúca a's abair leis an gcaptaen go bhfuil Ó Súilleabháin Doirín ag baile. Réidhteóchaidh an ainm sin leo níos feárr 'ná 'Mac Fínghín Dubh'."

"Na bodairí craosacha! Is feárr do réidhteóchaidh do chuid fíona leo, agus go ndeárnaidh sé nímh dóibh, isé mo ghuidhe," arsa Diarmaid.

Rug Mac Fínghín Dubh ar shoc ar an inneóin, thóg sé de'n cheap í, shín sé amach uaidh í go díreach le n-a leath-láimh agus bhuail sé siar ar an gceap arís í.

"Mo ghreidhn do chuisle! Ní fhuil fear eile i gCúige Múmhan do dhéanfadh a leithéid. Ní dóich liom go raibh aon fhear ar do chineadh féin do sháróchadh thu, acht chómh beag."

"Ní chuirfinn mé fhéin suas a's anuas le Buadhach an Ghnímh 'ná le Muircheartach an Dranntáin. Bhí a saoghal súd níos úsáididhe 'ná mo shaoghal-sa. Is minic do chuímhníghim gur mhaith liom bheith ar a ngua- lainn mar cheap cosanta ag Dómhnall Cam ar an ngluaiseacht ó thuaidh go Brefni i lár an gheimhridh úd. Is dócha gur chualuighis mar do scoilt Buadhach an ceann práis úd sa chomórtas claidheamh ag rígh-theach Philib na Spáinne; acht d'á fheabhas é fuinneamh an bhuille sin is soth liom nách ar phlaosg Sasanaigh do thuirling sé. Acht mo dhíth, cad é mhaitheas gleó gan áird. Má bhuaileann slibirí d'fhuireann na loinge cogaidh sin isteach chúgat, agus tá gach aon deabhramh go mbuailfid - agus ní mar mhaithe leat é, acht ag spiaireacht ar do ghnó - teasbáin cleas na h-inneóine dhóibh," ar seisean, ag bualadh amach as an gceárdchain.

Ní raibh sé abhfad imthighthe nuair do líon an cheárdcha de mháirnéalachaibh agus claidhmhte aca, agus do chromadar ar chuardach abhus a's thall.

"Greadadh chúgaibh, cad tá uaibh?" ars' an gabha.

"Is clos dúinn gurab aicillídhe an fear thusa chum pícídhe do dhéanamh. Cá bhfuil siad?"

"Má's pícídhe dhá bheann atá uaibh chum féir do leathadh, tá ábhar aca amuich annso cois an fhalla," ars' an gabha, ag druidim leis amach. D'iadaigh sé an dorus 'na dhiaidh go h-obann, bhuail sé an lúb air, láimhsigh sé adharc bhúithrídhe a bhí a bpoll cois na táir- síghe, agus chrom sé ar i shéide le racht. Fá cheann nóimite bhí fir ag rith cois chlaidheacha, claidhmhte ag cuid aca, pícídhe a's tuaghanna 'gá thuilleadh. D'áirí- gheadh ó'n loing cogaidh an bailiúghadh soin, bhailigh sí suas a h-ancoire agus dhruid sí léi an poll amach. Chrom sí ar a cluigín do bhualadh 's ar phléaraibh do stealladh leis na fearaibh do bhí ag gabháil i leith. Níor chuir sin cosg le muintir Shúilleabháin agus d'éalui- gheadar ar aghaidh ar scáth na gclaidheacha go raibh trí fichid fear aca idir an ceárdcha 's an fhairrge.

Chrom na máirnéalaigh do bhí iadta ar ghlaodhach ar chabhair. Tháinig faitchíos ortha agus ní raibh sé de mhisneach ortha an dorus do bhriseadh mar bhagair an gabha ortha muna nglacfaidís a suaimhneas ná fágfadh aon mhac máthar aca an láthair beó. Tháinig lán báid de mháirnéalacha eile ar tír chum iad d'fhuasgailt, acht do preabadh ortha go h-obann agus do tógadh iad. Fá dheiread chualaidh Mac Fínghín Dubh agus na h-oifigeacha a bhí suidhte chum cláir leis an uaill go léir agus phreabadar amach. Chroth seisean a úrla cas dubh go mí-shásta.

"Cuiridh uaibh, a chonairt!" ar seisean de ghuth do cloisfídhe ar an dtaobh thall de loch. "Níor bhaoghal dod' chuid fear d'á bhfágaidís a n-airm ar bórd," ar seisean le captaen na loinge, "agus muna dtógair leat ar bórd iad láithreach beidh fuil 'na sruthaibh againn.

Fear réidh do b'eadh an captaen úd. Rith sé síos ceann-lomnochta go béal an chuain, agus a lámha i n-áirde aige ag déanadh cómharthaí sórt, gidh go raibh pléir ó'n loing ag bualadh na gclaidheacha tímcheall air. Glaodhaidh sé chuige a cheann-dreama. "Bhrisea- mar an dlíghe, agus má ghearánann Mac Fínghín Dubh sin beidh an butún orainn." Labhair sé go feargach leis na máirnéalaigh agus dubhairt leó a gcuid arm do charthadh isteach ins na bádaibh gan mhoill agus gan aon bheart mí-íomchuir do dhéanadh nó go gcrochfadh sé iad láithreach. Is mór an nídh an úmhlacht. Is tairbheach é an smacht. Fá cheann leath-uaire an chloig do chífeá dream máirnéalach agus muintear na tuaithe ag rangcás agus ag rinnce le n-a chéile cois na ceárdchan, fear aca annso ag séide na mbolg do'n ghabha, agus fear eile ag liúradh an iarrainn dó ar an inneóin mar bhí seisean go gnóthach ag déanadh bacáin a's tuislídhe do dhóirsibh.

"Ní ad' shárúghadh-sa é, a ghabha, ní fhuil aon fhear beó do thógfadh an inneóin sin 'na leath-láimh."

Bhailigh a lán de na máirnéalaigh timcheall na h-inneóine agus chromadar ar í shuathadh. Fir théagar- tha do b'eadh a bhfurmhór. Cnámha garbha aca a's lapaidhe móra beathuighthe. D'éirigh leis an bhfear ba threise aca, Cuit do b'ainm dó, an inneóin do thógáil le n-a dhá láimh, acht ní túisge chuir sé chum í shíneadh amach uaidh 'ná gur thuit sí uaidh a's bhain sí teine chreasa as an lic. "Leagfair an tsean-chabhlach anuas orm, a dhuine," ars' an gabha.

D'eirigh colg ar Chuit. Láimhsigh sé an t-órd mór. "Cuirfead le h-aon agaibh é seo," ar seisean. Chaith sé an t-órd go h-an-mhaith, acht bhuadhaigh triúr nó ceathrar de mhuintear Shúilleabháin air.

"Ní bhéarfaid an bárr uainn go deó," arsa Cuit. "Ní fhuil fear i n-Éirinn ná buadhfadh Mac Coll air agus cuirfeam fios ar bórd air láithreach."

Oifigeach loinge do b'eadh an Mac Coll soin; fear ruadh glas-shúileach, cumasach, as oileánaibh iarthair Albain; drom air chómh leathan le cómhlainn agus cuisleanna reamhra, cruadha, clúmhach aige.

"A thiarcais, nách é an phleist é! Is suarach nách bhfuil sé chómh deabhratach le Mac Fínghín Dubh féin," arsa cuid de na mnáibh. Nuair do nochtuigh Mac Coll a bhrághaid agus a chuisleanna i gcómhair an úird, chuir mná agus fir na tuaithe liúgh asda le h-aghaidh mis- nigh do chur air, agus bhuail na máirnéalaigh a mbosa mar an gcéadna. Níor ghábhadh dhóibh sin mar ar an dtríomhadh h-iarracht chuir sé an t-órd sa ghearradh do ghnídh Pilib Ó Súilleabháin, an t-iomaidhtheóir tosaigh, agus ar an gceathramhadh h-iarracht thiomáin sé é slat thairis. Do chloisfeá an poll anonn gárthaigh áthais na máirnéalach.

Chroth Mach Fínghín Dubh lámh le Mac Coll. "Ni fheaca do leithéid le fada. Bain casa eile as an órd shoin, a Philib."

Bhain Pilib casa eile agus casa eile fós as, agus gidh go raibh sé ag dul i bhfeabhas ní raibh maith dhó ann mar chuaidh Mac Coll i bhfeabhas leis. Chuir na máir- néalaigh an ciachán ortha féin ag béicigh, agus thógadar Mac Coll ar a nguailnibh síos a's suas an bán. "Faire go bráthach, a Mhac Fínghín Duibh," arsa Diar- maid na Bolgaidhe, "ná leig leo é."

"Taoi-se mór do dhóthain, a Mhac Fínghín Duibh, má taoi aicillídhe," ars' an captaen go meidhreach; "acht níor buadhadh riamh amuich 'ná i mbaile ar Mhac Coll agus ní dóich liom go bhfuil a bhuanna le fághail sa tír bhig seo."

"Is mór an focal é," arra Mac Fínghín Dubh, ag scaoileadh a chlóca dhé. Chas sé an t-órd; scaoil sé uaidh go saoráideach ar siúbhal é. Bhuail an ceann feadh go leith thar an rian do ghnídh Mac Coll agus chroth an chos anonn 's anall d'éis an fhuinnimh do bhí fúithe.

"A Chríostaighthe!" ars' an captaen, agus do leath na máirnéalaigh a gclabanna le h-iongantas. Thug Pilib ar n-ais an t-órd. "Buadhach an Ghnímh," ar seisean ag féachaint idir an dá shúil ar Mhac Fínghín Dubh. Chaith an taoiseach dhe casóigín chuirp phlainín bhí laistigh air, d'fhill sé muiniltrí a léine, scaoil sé an bónna agus dhing sé síos ar a chliabh é go raibh a bhrághaid leis; d'fháisg sé crios leathair bhí timcheall a chaoil agus d'fhéach sé ar charraig léith i gclaidhe naoi ráinne déag thar an gcómhartha do gheárr Mac Coll. Bhí an claidhe sin ar bhruach na fairrge. Chas sé an t-órd go bog ar dtúis, leig sé a cheann ar an dtalamh arís, d'fhéach sé uaidh ar an gcarraig léith sa chlaidhe, agus chrom sé annsoin ar an órd do chasa chum gur dhóich leat gur eascú é féin ó shál go baitheas, agus an t-órd mar rotha timcheall a chléibh. Scaoil sé uaidh sa n-aér fá dheireadh é ag feaduigheal, sheasaimh sé féin nós stalca ag féachaint i ndiaidh an úird sin, bior 'na radharc, luisne 'na phluc, a bhéal iadhta, an anál 'na séideánaibh as pollaibh a shróna, acht an t-órd ag triall mar phléar as gunna, amach leis os cionn na carraige léithe, amach leis gur bhuail sé an t-uisge agus gur árduigh sé steancán sáile fiche troigh 'na chúbhrán.

Níor labhradh gíog acht amháin go ndubhairt Mac Fínghín Dubh féin go mín, "Chaillis do órd, a Thaidhg gabha!"

Dhruid an captaen agus a mháirnéalaigh leo agus a súla ar leathadh ortha, agus fá cheann nóimite ní raibh aithid aca na raibh ar bórd loinge ag seóladh amach as an gcuan.

Fá thuitim na h-oidhche bhí na bóithre chum an Doirín dubh le daoinibh. Thángadar ós gach áird. Thángadar trasna an chuain ó'n Snaidhm agus ó Thathuille. Leath an scéal ar fuid na gceanntar go raibh bruighean ar an nDoirín agus gur marbhuigheadh ann fuireann loinge agus a lán de mhuintear Shúilleabháin leis. "Ní gábhadh dhíbh an fuadar," ars' an gabha, "ní fhuil máchaill air éinne'."

Thómhais a lán daoine urchar Mhac Fínghín Duibh le slabhra fir bóithre. Thómhais an t-Athair Peadar é le riaghail mhangaire, mar ní raibh sé láithreach ag an iomaidheacht agus bhí sé mórdhálach as Mhac Fínghín Dubh. "Ta deich slata a's trí fichid go fíor ó'n dtroigh go dtí carraig liath an chlaidhe; ní fios dúinn cá'r ghabh órd mór na ngaibhne 'na dhiaidh sin, acht bíodh so mar chómhartha comórtais go deó agaibh," ars' an t-Athair Peadar.

Chuireadar Mac Fínghín Dubh agus a éachta thré n-a chéile. D'ínnseadh agus d'ath-ínnseadh gur ghluais tarbh buile 'na dhiaidh féin 's a dheirbhshéar lá ar tí a mairbhthe, acht nuair do theanntuigh sé iad gur phreab an taoiseach i leath-taoibh uaidh, go rug sé ar adhairc ar an dtarbh mór úd gur bhuail sé ar phleasg a dhroma é a's gur gheárr se a scórnach gan mhoill.

"Glanaid libh abhaile anois," ars' an t-Athair Peadar, "ba chóra go mbeadh tochas i sróin Mhac Fínghín Duibh toisg an méid gleóidh atá agaibh 'na thaobh. Dá mbeadh 'fhios aige ní bheadh sé buidheach díbh. Tá sé ana láidir, Dia 'ghá bheannachadh, agus mín, macánta, freisin, cé go bhfeaca féin é la ar an dtaobh thall de loch annsoin feargach go leór nuair do chuir Risdheárd Óg Ó Mathghamhna as 'ainm é. D'eirigh an t-aighneas eatortha i dtaobh an chreidimh a's iad ag caint ar dhroichead Dóinneach (Dubhabhainneach). Thóg Mac Fínghín Dubh ar chaol an fear eile a's shín sé amach thar shlait an droichid é. Níor bh'iongnadh go raibh sgeóin ar Risdeárd nuair do chonnaic sé an cúbhrán bán ar an uisge breis a's cheithre fichid troigh laistíos dé acht d'árduigh Mac Fínghín Dubh isteach ar an mbóthar arís é chómh réidh a's dá mbadh leanbh an fear borb úd.

Caibidiol a Cúig COIS NA TEINEADH AR NEIDÍN.

"Cad é an mhaitheas tú i n-aon chor, a Shleagánaigh?" arsa Seón Puxley. "Tá Mac Fínghín Dubh 'na bhuanna ó Neidín go Béara, agus cead agat-sa le sé bliadhan- aibh urchall do chur fá aon lá ba mhaith leat."

"Cad do dhéanfainn? Chuireas tuairisg chum an Riaghaltais go minic go mbíonn lasdaidhe branda a's fíona ag teacht isteach chuige gan cháin gach mí; go seólann sé adhbhar saighdiúirí chum na Fraince agus go bhfuil sé ag brath ar eirghe amach chómh luath a's bheidh caoi aige air. Cad é a bhfreagra orm?"

"Alp," arsa Seón Puxley, agus cuir sé féin alp as ar nós gadhair mar bhí sianthas 'na bhéal uachtair do ghnídh balbh é.

"Seadh go díreach, tugaid siad alp orm. Is í an fhírinne í go bhfuil faitchíos nó meathtact ar an riaghal- tas. D'iarras ortha long cogaidh do chur anoir ó Chorcaigh acht i n-ionad breith ar Mhac Fínghín Dubh agus é chrochadh, is amhlaidh do chrom an captaen ar ólachán leis, agus an fhuireann ar rinnce le muintear na tuaithe. Shroich sé ar n-ais agus deir sé gurab é Mac Fínghín Dubh an fear is féile agus is breághdha d'ár bhuail riamh leis. Cuireadh mearbhthall éigin air 'na theannta soin, mar deir sé gur chaith an Mac Fínghín seo órd ó'n nDoirín go Baile-an-Sgeilg ar an dtaobh thall, rud ná déarfadh éinne acht duine éigin as a mheabhair."

"Cad é an brath atá agat ar leidhbán de'n tsaghas soin i n-aon chor chum cabhruighthe leat? Cad 'na thaobh ná téidheann tu féin siar agus an Mac Fínghín Dubh soin do chaitheadh amach ar mhullach cinn?"

Do ghruig an méid sin an Sleagánach. Phreab sé 'na shuidhe, rug sé ar chathaoir agus chas sé í. "A Sheóin Puxley, má chuireann tú chuige mé, bainfead an inchinn asat. Téidhre féin go dtí an Doirín a's caith amach é má theasduigheann a chuid talmhan uait."

"Go réidh, a Shleagánaigh," arsa Seón. "Gheallais dómhsa an Doirín 's a mbaineann leis sé bliadhna an taca so agus do dheirbhsiúr dhathamhail 'na theannta nuair do bheadh sí d'aois. Táim annso le n-a chur fhiachaibh ort do mhargadh do chómhlíonadh. Cloistear go rabhais ar aoidheacht ag Mac Fínghín Dubh ar feadh oidhche agus gur gheallais dó ná bainfeá leis ar feadh a shaoghail. A bhioránaigh, ní h-ar sin do ghoideas an t-udhacht ód' athair agus go bhfuarthas múchta é lá'r na bháireach 'na leabaidh."

Chrap srón an tSleagánaigh agus thug sé catsúil ar Sheón. "Dá n-aibeórainn focal do chrochfaidhe thu i n-ionad mo dheirbhshéar agus an Doirín d'fhághail!"

D'eirigh na féitheanna ar Sheón Puxley. "Cé cheil ar do dhearbhráthair go ndeárnadh oighre dhe? Cé thug an t-udhacht duit-se?"

"Udhacht go deimhin! Nárab mise an mac ba shine? Nárab liom-sa an oighreacht?"

"B'fhéidir nách leat fós an oighreacht soin, a bhuach- aill," arsa Seón, agus bagairt 'na ghuth bhalbh.

Chuir an Sleagánach gáire as ar nós shiutair capaill. "Ghoid muintear Shúilleabháin uaim an t-udhacht soin an oidhche úd ar an nDoirín, a's go mba mhaith an mhaise dhóibh é! Dhóigheadar é, mar shamhluigheadar gur bh'é mo gheall chum na gceanntar so é," agus chuir sé siutar eile as.

"Níor dhóigheadar go deimhin. Tá sé annso agam," arsa Seón go fonómhadach, ag cur a láimhe 'na bhrollach mar a raibh an t-udhacht agus piostol 'na theannta. Do mhothuigh an Sleagánach é ag cur na súl thríd, agus níor chuir sé cor dé cé gur thug a chroidhe geit.

"Ní buan é cogadh na gcarad, a Sheóin, a dhalta," ar seisean le bréag-charthannacht, "tá fuacht orm ó bheith ag aighneas leat. Caith fód móna ar an dteine sin agus corruig í; acht fan, corróchad féin í." Rug sé ar an dtlúidh agus bhuail sé Seón go h-obann feadh 'na bhéil léi. Scaoil seisean pléar leis, acht bhí an Sleagánach ró-athchumair dó agus níor aimsígheadh é. Bhuail an Sleagánach fá ar an úrlár é agus chrom sé ar na balcaisidhe do stracadh dhé.

Biothamhnach ana láidir do b'eadh Puxley acht gur thánagthas a gan fhios air agus do chrom sé ar fhuirse agus ar chómhrac. Bhí a mheabhair aige gidh go raibh meibhreán air, agus leagadar an bórd a's bhriseadar na cathaoireacha ag únfairt a's ag tachtadh a chéile ar nós dhá mhadra.

Fá dheireadh chualaidh Martha Shelbourne, deirbhshiúr fhir-an-tíghe, an raobadh, agus ghlaodhaidh sí ar Mhichilín. Ritheadar araon isteach.

"Ar ghrádh Dé bogaidh d'á chéile," arsa Michilín, agus chaith an cailín óg í féin eatortha. Níor scuirea- dar dhí, agus leagadar agus ghortuigheadar í. Liúghaigh a dearbhráthair uirthe go mbeadh a h-anam aige dá mbainfeadh sí leis, mar bhí sé i n-uachtar, acht fá dheireadh chaith Seón sparán chúici. "Rith amach leis," ar seisean. Chuir an Sleagánach ulfhairt as fá mar do thabharfadh gadhar go sciobfá cnámh uaidh, agus léim sé i ndiaidh a dheirbhshéar a's bhain dí an t-udhacht.

Bhí Puxley tabhartha le h-easba fola a's anáile agus ní raibh aige acht cromadh ar chneadaigh agus ar mhionna- móra do thabhairt.

Bhuail an Sleagánach an glas ar an ndorus agus d'fhág sé Michilín agus Seón istigh i dteannta chéile.

"Cuimhnighím anois cionnus do fuair Seón an t-udhacht. Bhí sé i bpóca mo chlóca an oidhche úd ag Árd Aodha nuair do throideas, agus thug an dúradán bréan soin Michilín dó é. Cuirfead téad agus cloch fá mhuineál an choileáin sin ar maidin."

Caibidiol a Sé AR INNBHEAR SCÉINE.

Tráthnóna breágh do b'eadh é. Bhí curach déanta as seithídhe capall ag luasgadh i ngabhailín Chillmacghioll- óig agus beirt fhear 'na suidhe innte - an t-Athair Peadar agus Mac Fínghín Dubh - agus iad ag gléasadh dúbhán ar shlataibh iasgaigh. Fear beag, liath, séimh do b'eadh an t-Athair Peadar, cruaidh, lom, fuinneamhail, inntin thar bárr aige, súla glasa, meidhreacha aige acht súla do shilfeadh deóir, agus bhí deóra ionnta an tráthnóna úd agus tocht goil air, cé nár leig sé air é.

"Leig anall chúgam na maidídhe rámha soin, má's é do thoil é, a Athair Peadar," agus le buille nó dó bhí an curach amach fá'n gcuan. Bhí Tigh Mhóir a's Tigh Dhuinn dia thiar díobh agus an fhairrge 'gá suathadh féin timcheall na bhfailleacha soin fá mar do bhí sí fadó nuair do báthadh Donn mac Míleadh ann.

Bhí Mac Fínghín Dubh ag iomramh leis agus an t-Athair Peadar ag féachaint air. Ba mhaith linn dá bhfágadh an t-Athair Peadar 'na dhiaidh aon scríbhín do thabharfadh tuairisg chruinn ar phearsa Mhac Fínghín Duibh, mar ní fhuil d'á thaobh againn acht fá mar adeir na seandaoine linn gur innis a n-athaireacha dhóibh. Fear luisneamhail do b'eadh é, gruaig chasda dhubh air, slinneáin air go suidhfeadh beirt fhear ortha, gais- gidheach 'na bhallaibh mar dubharthas, cúmtha, córach do réir a áirde agus an ceann aige ar aon fhear 'sa phobul gidh go rabh fir chumasacha ann le n-a línn.

"Airíghim nách bhfuil fonn iasgaireachta ort, a Athair Peadar. Taoi ag cur na súl tríom-sa. Tá cuid aca, dar leat, is dathamhla 'ná mé, acht ní h-ar son mé fhéin d'á rádh é, is beag duine aca níos treise 'ná mé," arsa Mac Fínghín Dubh go gealgháireatach, ag cur a mhéireanna thré 'na úrla cas dubh.

"Taoi mar do chruthuigh Dia thu, a Mhac Fínghín Duibh. Tá brón croidhe orm go bhfuilir ag dul thar sáile agus is baoghalach go bhfuilir ag dul ar aimhleas chómh maith!"

"Nár leigidh Dia soin, a Athair Peadar! Tá brón croidhe orm féin leis, cé ná leigim orm é. Acht féach timcheall ort. Do ba lem' ghaolthaibh dhá thaobh an chuain seo; tá daingean Dhómhnaill Chaím i mBuidhe Bhéara brisde. Tá caisleán Uí Shúilleabháin Mhóir thuas i nDúnciaráin raobtha. Tá Árd Aodha ar an dtaobh so agus Ceapa na Coise ar an dtaobh thall de loch mar áit cómhnuidhthe ag gráinneógaibh. Cé ghnídh an obair sin ar fad acht na Sasanaigh!"

"Tá soin fíor, fóiríor," do ráidh an t-Athair Peadar, "acht cad tá de bhárr na gcogaidhe go léir againn? Ní admhóchad gur bhuaidh na Sasanaigh i gcómhrac orainn, mar do b'é an gábhatar do chreach sinn. Bhí an fhairrge agus na loingeas aca-san fá mar atá indiu, agus lón chum a chaithte acht níor fhágadar bó 'ná cearc againn-ne nár shladadar."

"Ní mar mhaithe linn ná déanfaidís an rud céadna indiu, acht nách bhfuil sé 'na gcumas. Ní fhuil agam-sa acht an Doirín indiu, agus féach tá droch-shúil an tSleagánaigh air."

"Tigeann an ghrian i ndiaidh na fearthainne. B'fhéidir go mbogfadh Dia croidhe an tSleagánaigh," ars'an seanduine.

"Is maith le Dia congnamh," ars'an taoiseach, ag féachaint isteach le súilibh fiadhne thré shúilibh géara, glasa an tsagairt. "Dá mbeadh mo cheann ar cheap," ar seisean thré n-a fhiaclaibh iadhta, "agus tuagh ag am' námhaid os cionn mo mhuiníl, a ndéarfá- sa liom, "Bíodh foidhne agat; ná corruigh cos ná lámh nó taoi ag dul ar aimhleas, acht fan go mbuailfear thu'?"

"Ní déarfainn a leithéid sin!"

"Ní déarfá, acht ar m'anam gurab é seo adéarfá: "Preab id' shuidhe, a Mhac Fínghín Duibh! Tabhair aghaidh ar do namhaid fá mar a thabharfadh do shinnsear rómhat. Buail é mar bhuailfeadh Dómhnall Cam é. Má cistear ort 'sa taobh theas d'Éirinn gluais go dtí an taobh thuaidh, a's buail annsúd é chómh fada a's bheidh claidheamh eile árduighthe i nÉirinn -'"

"Éist ar son Dé," ars' an seanduine, mar bhí faghairt 'na shúilibh féin ar nós an taoisigh. Rug sé ar shlait iasgaigh agus chrom sé ar iasgach go saotharach, mar 'dh eadh.

"Cuir uait an tslat soin, a Athair Peadar; ní fhuil aon fhonn iasgaigh ort, agus ar aon chuma tá an uain ró-gheal."

"D'á ghileacht atá sí níor bh'iongna liom go mbeadh gaoth chúgainn," ars' an seanduine, ag cur cor' sa chaint mar bhí faitchíos air go n-admhóchadh sé go raibh an ceart ag an dtaoiseach.

"Ní maith liom filleadh folamh," ars' an taoiseach féin, ag caitheadh dúbháin, "ní mó 'ná ba mhaith liom filleadh folamh ó'n dtír mhór acht chómh beag. Fuaras scéala ó n-ár mbráthair Muircheartach Óg go ndeár- naidh an bhean-Ímpire captaen airm díom-sa agus d'eisean."

"Tá Máire Terés glic. Is dóich léi go gcuirfir-se agus Murtach Óg a thuilleadh saighdiúirí chuice agus tá rí na Fraince ar an intinn gcéadna. Tagann cnapán im' scórnuigh nuair do chuimhníghim ar na céadta fear do thugamair do na tíorthaibh iasachta soin. Nár bh'fhearra dhóibh bheith ag rómhar bháin nó ag aodhaireacht bhó 'ná bheith ag tabhairt a gcod' fola gan áird ar son Francach, nó Sasanach, nó Gearmánach!"

"Mo lámh a's mh'fhocal duit, a Athair Peadar, ná geobhaid siad a thuilleadh fear uainn lem' thoil-se. Má leigid siad linn a bhfuil thall d'ár bhfearaibh beimíd scartha leo feasda."

"Má leigid, ámhthach? Sin í an cheist."

"Seadh, scuirimís de'n scéal an cor so. Tabhair-se cómhairle do'n bhuidhin faid do bhead-sa amuich."

Dhruideadar leo abhaile, mar bhí an oidhche ag teacht agus an ghaoth ag eirighe.

"Cad tá uait, arú, a Mhichíl?" ars'an tAthair Peadar le fear do bhí ar an bport rómpa agus dhá chapall aige, a chapall féin agus sean-chapall an tsagairt.

"Mo dhiachair!" ars'an fear. "Tá Cáit go h-an- donaidhe. Ní bhéarfair ar an anam innte."

"Dia go deó linn!" ars'an seanduine, ag dul de thruslóig ar muin a chapaill. Sciob Mac Fínghín Dubh a chlóca féin as an gcurach agus rith sé 'na dhiaidh. "Buail ort é seo. Tá báisdeach chúgainn."

"Ná bac é, ná bac é," ars'an seanduine, ag bailiú- ghadh leis. Chaith Mac Fínghín Dubh an clóca dh'á dhruim. "Mhaise, nách cúramach ataoi dhíomsa," adeir an sean- duine, ag priocadh a shean-chapaill chum siúbhail.

Chrom na h-éanlaithe ar ghrágarlaigh amuich sa bhfairrge; thosnuigh na scamaill ar ghluaiseacht 'na gcnocánaibh dorcha trasna na spéireach laistiar. Tháinig monga bhána abhus a's thall ar an uisge agus bhris an t-uisge sin le glug, glug suas i gcoinnibh na gcairrgeacha dúbha, sleamhaine, atá mar chír-cosanta ar na h-oileánaibh i mbéal cuain Chinnmara.

D'féach Bríghidh ní Shúilleabháin, an t-aon deirbhshiúr amháin do bhí ag Mac Fínghín Dubh, amach fá'n spéir ó thigh mór an Doirín. Tháinig sí ó n-a tigh féin i nGleann Fleisge le slán do thabhairt d'á dearbhráthair sul a n-imtheóchadh sé ar a thurus go tír mhór na h-Eórpa.

"Is cosmhail an tráthnóna so," ar sise, "leis an dtráthnóna úd gur báthadh na h-iasgairí (slán mar a n-innistear é!) ag an dTráigh Bháin nuair do bhris an fhilídheacht amach i nDiarmaid na Bolguidhe."

Sceart deirbhshiúr a céile, bean óg do mhuinntear Dhonnachúdha an Ghleanna, ar gháiríbh.

"Ní chreidfeá é, b'fhéidir," arsa Bríghid, "acht ní raibh i nDiarmaid roimh an oidhche úd acht mar a bheadh aon iasgaire eile. Bádóir maith do b'eadh é agus fear láidir, cráisteamhail leis. Níor chuir sé cos i mbád ó shoin, ámh. Iompuigheadh iad an oidhche úd agus níor saoradh aithid aca acht eisean amháin. Nuair do bhí sé i nguais a bháidhte, d'eirig an múrdhuchán as an bhfairrge ar a aghaidh amach a's thóg sí léi é. Caitheadh aníos ar an ngainimh é lá'r na bhárach i gCuailleach. Bhí sé lá 's oidhche 'na shuan. Mheasadar é thórramh, acht dhúisigh sé fá dheireadh. Bhí a ghruaig chómh liath le broc, a's chúm sé altúghadh ar an láthair sin ins an bhfilidheacht is áilne do cualathas riamh!"

Chrom na préacháin ar ghárthaigh ar na cranaibh amuich. "Tá Mac Fínghín Dubh chúgainn," arsa Bríghid. "Is gnáthach leo an ciach-ghlór soin do chur asda nuair do chíd siad é, mar beathuigheann sé iad le coirce 's eórna, 's d'á gcaithfeadh fear oibre cloch leo, bheadh a anam ag Mac Fínghín Dubh."

Bhuail an taoiseach isteach chúca. Thóg sé Bríghid ar a bhacalainn, mar b'ionmhúin leis a dheirbhshiúr. Ansain rug sé barróg ar Nór' ní Dhonnchúdha, a's chuir an bhean óg soin bréag-liúgh aisde, agus bhí sult a's suairceas a's rangcás a's gáirídhe aca ar feadh tamaill.

"Beidh na h-iasgairí creachta d'éis na h-oidhche seo," arsa Diarmuid na Bolguidhe. "Tá na saidhnídhe curtha amuich 'sa chuan a's ní fhágfaidh an droch-uain seo luid díobh le chéile."

"Olc go leór," adeir Mac Fínghín Dubh, "acht ar a shon soin a's eile is measa liom má tá an t-Athair Peadar amuich fá'n ndoininn seo."

D'fhéach sé amach. Bhí an bháisdeach ag tuitim ar nós uisge thré chriathar. Bhí na caisídhe bána ag rómhar thré chumaraibh na gcnoc agus na tonntacha móra glasa ag rith ar a chéile amuich sa bhfairrge 's ag pléasgad i gcoinnibh na tíorach le fothram. D'fhulaing na h-oileáin bhun-dhaingeana annsúd an blosg-bhualadh céadna leis na mílte bliadhan agus tá rian an chómh- raic sin ortha mar tá an chloch-ghairbhídhe agus an chloch- ghréine 'na gcliathánaibh dúbha pollta le fuinneamh na dtonn.

"Moladh 's buidheachas le Dia!" ars' an taoiseach, "is buaidheartha atáid cuasáin Chinnmara anocht. D'éiri sin, a Nóra ní Dhonnchúdha, ní fhuil ceól ar domhan is binne liom 'ná dórdán na dtonn ag briseadh ar tír. An gcloiseann tú a sranna 's a súrac ar imtheacht dóibh ar gcúl? Acht ba thruagh liom aon árthacht bocht do ráineóchadh 'na measg."

Gloinge - gloinge - gloinge - gloinge! arsa cluigín luinge ós cionn fothraim na doininne. Thug Mac Fínghín Dubh preab. D'fhéach sé ar a dheirbhshír. D'fhéachadar go léir ar a chéile. Rith an taoiseach chum an doruis.

"Tá sé 'na shoineann, agus an ghaoth ag maolúghadh," ar seisean. Chonnaic sé solus gorm abhfad amach. Chonnaic sé an solus fa mar do bheadh sé ar mhullach cnocháin agus ar an dara nóimit do foluigheadh an solus arís.

"Tá long seóil éigin i gcontabhairt. Cá bhfuil Pilib?"

"Na leig dó dul amach," arsa Nór' ní Dhonnchúdha.

Ní fhuil aon mhaitheas bheith leis," arsa Bríghid ní Shúilleabháin.

Sceinn sé féin a's Pilib leo chum na trágha agus mórán eile ar a sálaibh.

"Amach leis an mbád mbán," arsa Mac Fínghín Dubh; agus bhí triúr fear a's é féin istigh innte láithreach, agus na maidídhe rámha ag obair go dian. D'eirigh leis na rámhaidhthe go rángadar go béal an ghabhailín mar a raibh na tonntacha 'gha n-únfairt féin isteach 'na n-ualaighibh cúbhránacha.

"Tóg leis an mbórd dheas, a Philib! Sin é, a Mhichíl Óig! iarracht eile, mo chumann sibh!" ars' an taoiseach. Chrith an bád ban ar bárr tuinne, fá mar do bheadh anam innte; phreab sí le fánaidh, acht sul ar shroich sí an t-ísleán mar a raibh an t-uisge ag fiuchadh fúithe bhuail bolg-thonn ghorm í, thóg sí léi í, í féin a's a fuireann, fá mar do thógfadh sí gabhál do chipíní dreóighte, agus chaith sí glan amach ar an dtalamh dtirm an bád bán a's a raibh innte ar dhruim a chéile. Leónadh lámh Philib, suathadh an bheirt eile, acht níor imthigh pioc ar Mac Fínghín Dubh.

Níor chuir aon aca suím sa tubaiste acht amháin go ndubhradar go rachadh sé dhíobh an gabhailín do chur díobh go maolóchadh na tonna.

Chualadar arís cloigín na luinge; chonncadar a solus gorm agus arís a solus dearg. "Féach an dá sholus. Tá sí ag casadh. Tá a stiúir caillte aici. Faire go bráthach! Tá sí ag déanadh ar Chillmac- ghiollóig, a's tá na tonntacha 'gá tiomáint ar an Rinn Dhuibh!"

Chualadar ós cionn fothraim na dtonn glaodh na bhfear ar bórd go soiléir ag iarraidh conganta mar chonnaic an fuireann bhocht na soillsí ar tír.

"Cabhair Dé chúca!" arsa Mac Fínghín Dubh. "Má theangmhuighid leis an Rinn Dhuibh beidh a ngnó déanta. Má mheath an bád bán rachaidh an churach thríd an ngabhailín. Is le na leithéid do ghabh Dómhnall Cam trasna na Sionna 's an namhaid ag cur air."

Rith se i leath-taoibh chum tíghe na mbád. Tharraing sé amach an churach a's phreab sé isteach innte.

"Ní áitimheóchad ar éinne' gur cóir dó dul lem' chois, mar ní ceart dom é."

"Rachad-sa leat," arsa Bríghid ní Shúilleabháin.

"Ciall, a bhean," ars' a dearbhráthair go gruaimeach. Bhuail sean-chapall ar sodar fá n-a ndéin.

"Cad é seo?" ars' an t-Athair Peadar, agus é 'na lipín i ndiaidh na fearthainne.

"Daoine d'á mbáthadh!" arsa Mac Fínghín Dubh.

"Dia go deó linn!" ars' an seanduine, ag caitheadh a chlóca 's a chóta dhé. "Is ualach dom iad, ní fhéad- fainn bheith níos fliche 'na táim," ar seisean ag preabadh isteach sa churach. Thug deichneabhar aca na mionna ná leigfidís de'n tsean-shagart dul ar fairrge agus tharraigeadar dul 'na ionad go h-éasguidhe.

"Aithreacha leanbh is eadh sibhse. Bailigh leat, a Mhac Fínghín Duibh, agus ná bhí ag cur na súl thríom-sa," ars' an sean-laoch, ag breith ar mhaide rámha.

Chaith na daoine iad féin ar a nglúnaibh ar an dtráigh. Sceinn an churach léi ar nós lachan, sceinn sí thríd an ngabhailín, bheartuigh sí í féin ar bhuaic, phreab sí le plub ar tóin tuinne agus d'eirigh sí arís le léim fá mar do bheadh sciatháin uirthe. Amach léi gur shroich sí an long seóil agus chualaidh an fhuireann an guth ba thréine i gCúige Múmhan ag fógairt ortha go raibh na cairrgeacha dúbha ar an mbórd chleith!

Long aon-chrainn do b'eadh í agus bhí fuinneamh fúithe ag gabháil thar an gcurach gur imthigh sí as a radharc sa doiricheacht. Connacathas go raibh sí gan stiúir agus gur gheárr uaithe.

Chuir an bheirt sa churach osna asda, agus má bhíodar ag guidhe ní chloisfeá gíog asda. Dhruideadar leó amach fá'n gcuan mar a raibh na tonntacha ag maolú- ghadh.

"Chualas mar a bheadh plub sa bhfairrge," ars' an t-Athair Peadar. "B'fhéidir gur thárluigh dhóibh bád do sháthadh amach." Acht ní raibh an focal as a bhéal nuair do chualadar pléasg agus cnagarnaigh, agus an long 'gá stealladh i gcoinnibh na gcairrgeacha dúbha, géara do mheil a's do strac í fá mar do stracfadh scata leomhan ampladhach caora.

D'fhéach an bheirt ar a chéile agus a gcroídhe 'na mbéal aca acht fá cheann nóimite 'na dhiaidh sin chonn- cadar ailp dhorcha ag déanadh ortha.

"Dar fiadh!" arsa Mac Fínghín Dubh, "is é an Róisteach atá ann. Ní bheadh sé i gcumas éinne eile bád do chur amach agus an fuadar do bhí fá'n loing úd." Deirthídhe gur ba foghluidhe mara an Róisteach. Do b'é bhí annsúd. D'eirigh sé i ndeireadh an bháid bhig a's chuir sé liúgh as i n-árd a chinn 's a ghotha, "A churacháin, ahú! Cá bhfuil gabhailín Chillmacghioll óig?" Acht leis sin bhris tonn dia thiar dé, spréachadh taosgán sáile air agus spriúchadh ar bhior a chinn amach fá'n bhfairrge é. Ar mheádhadh an bháid arís 'na dhiaidh d'iompuigheadh í béal fúithe! Do sgread a raibh innte; bhí an taoide ag trághadh go tiugh agus ar eirghe dhóibh ar bárr uisge do scaip na tonntacha abhus a's thall iad.

Ní raibh ann aca acht triúr máirnéalach, beirt theas- talaí, agus leanbh an Róistig. Thug Mac Fínghín Dubh sciob ar fhear bhí d'á bhreith thairis ag an dtaoide agus thóg sé le n-a leath-láimh isteach sa churach é. "Mo chara do chuisle, a Mhac Fínghín Duibh!" ars' an Róist- each. Sciob an t-Athair Peadar an leanbh isteach leis. Rug an Róisteach féin agus an t-Athair Peadar ar bheirt eile. Bhí fear eile d'á bhreith uatha agus é ag béicigh. Fuair Mac Fínghín Dubh greim ar chaol air agus thóg sé suas é fá mar do thógfá pisgín cait. Le n-a línn sin chuaidh clár de'n loing bhrisde i n-achrann do shoc an churacháin agus thóg tonn léi ar a druim an t-aon bhean amháin do bhí 'na measg. Chuir sí liúgh uamhnach, thruagh-chroidheach aisde.

"Máthair an leinbh!" arsa Mac Fínghín Dubh leis féin, agus léim sé ins an duibhegán gan mhoill. Ní raibh a leithéid do shnámhaidhe ar imeall-bhórdaibh Chiarruighe, agus ba gheárr gur shroich sé an bhean. Ar chasadh dhó, ar a shon soin, bhí an taoide ró-láidir dó agus thóg sí léi é fá mar ná' raibh ann acht brobh tuighe.

Do ghlaodhaidh sé ar an Athair Peadar agus freag- radh é. Ghlaodhaidh sé an dara h-uair acht chuaidh an tsáile le n-a anáil.

Do scuireadh an churach fá dheireadh le duadh, agus do leanadh an dá ghlaodh. D'iomraimh an t-Athair Peadar agus an Róisteach chum gur dhóich leat go rachadh a gcnámha thríd an gcroiceann, acht thóg an tonn a's an taoide an taoiseach agus a ualach uatha, mar chongaibh sé gréim le n-a láimh chléith ar bhrághaid na mná, agus chongaibh sise greim an duine bháidhte ar an láimh sin leis.

D'éis cuardaighthe dhóibh annso 's annsúd ins an doiricheacht agus iomramh a's glaodhach go rabhadar tnáithte agus an ciachán ortha, thugadar na maidídhe rámha do dhá mháirnéalach agus tuirsígheadh iad-san leis.

Chasadar ortha abhaile fá dheireadh agus croidhe an Athar Peadar ag briseadh le brón.

Nuair d'fhilleadar chum tíre i n-éaghmais Mhac Fínghín Duibh do casadh olagón nár chualathas a leithéid ar an nDoirín riamh ó shoin acht aon uair amháin eile 'na dhiaidh súd. Do cloiseadh ós a gcionn go léir logóireacht bhinn bhrónach Bhríghde ní Shúilleabháin agus chabhruigh Nór' ní Dhonnchúdha léi, mar bhí mná caointe againn an uair sin.

Chualaidh Mac Fínghín Dubh amuich sa bhfairrge an t-olágón úd. Do chuir sé misneach air, agus do theasbáin sé dhó cad do b'é an ball de'n fhairrge go raibh sé féin ann. Ní raibh sé ag snámh i n-aon chor mar bhí fhios aige ná raibh aon mhaitheas dó ann.

Tháinig an barra-liobar ar mhéireanna ná mná agus scuir sí a greim, gidh go raibh seisean ag cur misnigh uirthe i gcómhnuidhe agus 'gá rádh léi go dtiocfadh an bád láithreach. Ní raibh an bád ag teacht, ná súil leis ag an dtaoiseach, acht go raibh sise 'gá thuirsiúghadh mar ba bhean bhreágh chumasach í. Mar sin féin níor chuímhnigh sé riamh dá leigfeadh sé uaidh í go raibh sé 'na chumas féin snámhadh chum puirt i n-áit éigin.

Shleamhnuigh clár as an loing bhrisde tharsa agus shnáimh an taoiseach 'na dhiaidh. "Is dócha go bhfuil deireadh linn," adeir sé leis féin. "Tá an clár soin ag imtheacht fá dhéin na fairrge coimhthigh. Dá mb'é toil Dé go mbuailfimís an caise-cúil a chuireann an trághadh taoide uaithe nuair bhuaileann sí na h-oileáin, b'fhéidir go mbeimís fuasgailte."

Tarraing sé chuige an bhean agus bhailigh sé leis i ndiaidh an chláir loinge. Táinig creatha fuachta ar an mnaoi. "Ná bíodh aon bhuaidheart ort," ar seisean. "Tá do leanaibhín saortha go h-áirighthe."

"Ní fhuilim-se pósta i n-aon chor," ar sise, ag crothadh a cinn chrothánaigh. "Is mise Martha Shel- bourne."

"Aililiú!" ar seisean, "is mise Mac Fínghín Dubh."

Thug a croidhe geit. Rith an fhuil thríthe agus chuaidh sí i neart. "Ní bháithfear i n-aon chor sinn le cong- namh Dé," ar sise. "Táim-se am' shnámhaidhe mhaith, acht laguigh an sgannradh mé. Bog díom, acht fan am' aice agus cuir do lámh orm uaireannta."

Rinne, agus shnámhadar, agus shnámhadar. D'eirigh an ghealach, agus chiúinigh an uain, agus gheal an oidhche, agus shnáimh an bheirt leó taobh le taobh, agus d'fhéach Martha Shelbourne i leath-thaoibh ar Mhac Fínghín Dubh, luisne 'na sluc agus solus 'na súil, agus d'fhéach seisean uirthe sin agus gháireadar araon.

"Ar m'anam," ars' an taoiseach, "go bhfuil caise 'na taoide linn agus go bhfeicim Cillmacghiollóig!"

"Nár chaillir go deó Cillmacghiollóig 'ná do shíol id' dhiaidh," arsa Martha Shelbourne.

"Moladh a's buidheachas leat, a Rí na bhFlaitheas!" ar siad araon, nuair mhothuigheadar grean na trágha fá na gcosaibh. Bhí a leithéid sin de atal ar Mac Fínghín Dubh gur thóg sé an bhean óg ar a bhacalainn agus gur phóg sé í; agus phóg sise eisean leis, mar shaor sé ó'n nduibhegán í.

Shuidh sí síos annsoin ar charraig ar an dtráig agus ghoil sí go bog, mar bhí sí cortha 's thré na chéile.

Do b'éigean do'n taoiseach í thógaint ar a dhrom mar bhí faitchíos air go leathfaidhe í. Bhí a leaca fhluich le baic a mhuiníl agus a gruaig fhada fhionna-ruadh 'na slaodaibh ar a shlinneánaibh, agus é ag cur dé go tiugh, nuair do chas sé ar Bhríghid ní Shúilleabháin agus ar Philib na láimhe leóinte ag triall chum fairrge. Bhain an taoiseach preab asda, mar shíleadar gur bh'é a thaidhbhise bhí ann, acht labhair sé go meidhreach leó.

"An é mo chorp atá uaibh, a Bhríghid? Mar má's eadh, ta sé le fághail agaibh annso go leathan láidir, moladh le Dia 's le Muire Máthair."

"Má shaorais deirbhshiúr an tSleagánaigh," arsa Bríghid, "shaorais é féin chómh maith, mar tá sé go tirm te istigh againn."

"'Laistíos an bhliadhain dúinn,'" ars' an taoiseach. "Is beag an choinne bhí agam go raibh seisean 'na measg."

Ba shuairc an oidhche í siúd do chaitheadar ar an nDoirín. Thug Mac Fínghín Dubh a ualach do'n bhantracht agus théitheadar í agus chuireadar a chodladh í. Bhí togha bídh a's díghe ar bórd ann agus sult sa teaghlach go breacadh an laé. D'ól an Sleagánach sláinte Mhac Fínghín Duibh agus gháir sé go h-árd nuair do theasbáin an Róisteach dhóibh go léir cionnus do sciob an taoiseach as an bhfairrge an bheirt aca.

Thug an taoiseach lá le conairt ag fiadhach ar chnoc dóibh, lá i gcoill ag lámhach, agus lá ar loch ag iasgach.

"Cionnus do mhothuighis ar dhrom Mhac Fínghín Duibh aréir?" arsa Nór' ní Dhonnchúdha.

"Go h-an-fhliuch," arsa Martha Shelbourn, agus gháir Bríghid ní Shúilleabháin fá'n bhfreagra go raibh na deóra ar sileadh léi.

Chuir an Róisteach agus na máirnéalaigh fútha ar an nDoirín go ceann tamaill, agus chuir an taoiseach dhá chapall abhaile go Neidín leis an mbeirt eile, agus thionnlaic sé féin tamall maith de'n bhóthar iad.

Ar scaramhaint leó d'fhéach sé 'na ndiaidh. "A bhuidheanach na gciabh n-áilne," ar seisean, "nách mór an truagh do leithéid-se de dheirbhshiúr a bheith 'gá leith- éid sin de dhearbhráthair!"

Ar an am gcéadna d'fhéach sise siar air agus bhris trithídhe goile uirthe.

"Cad é fáth an phlubuighil?" ars' an Sleagánach go goirgeach.

"Níor chaitheas aon trí lá riamh mar an trí lá soin," ar sise.

"Caithfir mórán laetheannta ar an nDoirín."

"B'fhéidir é," ar sise. "Acht féach i leith orm. Ní chuirfir isteach ar Mac Fínghín Dubh go deo arís?"

"Caithfear an margadh le Seón Puxley do chómh- líonadh," ar seisean le golam.

D'fháisg sí béalbhach chapaill mhóir ghlais Mhac Fínghín Duibh gur eirigh an capall ar a chosaibh deiridh.

"A thighearna Sleagánach, ní fheaca lá suaimhnis ó fágadh an oighreacht soin agat-sa. Ní raibh riamh agam acht déisdin do Sheón Puxley, agus ní phósfainn i n-aon chor é. Muna leigir do Mhac Fínghín Dubh feasda adeirim leat go mbead ins an bhfairrge arís agus ná beidh Mac Fínghín Dubh láimh liom!"

Chas an Sleagánach uirthe ar tí í bhualadh.

"Ní fhuil ionnam acht bean," ar sise, agus a súla 's a h-aghaidh ar lasadh le díomdha.

Tháinig náire air agus bhuail sé na spuir sa chapall. "Bhí cuid aca do tháinig rómhat ar buile," adeir sé, "agus is beag nách bhfuilir féin ar an gcruth gcéadna."

Caibidiol a Seacht. AN CÁBÁN.

Sheasaimh Riobárd muin-reamhar Ó Séagha i ndorus cábáin agus d'fhéach sé amach ar sholus na gealuighe ag taithneamh ar uisge na Prut.

Bhí na mílte fear 'na gcodladh i longphort fá na bhun agus mhachtnuigh sé ar feadh tamaill.

"Ní dóich liom," ar seisean, "gur féidir dúithchídhe Chairbre a's Bhéara do chosaint. Chuir Dómhnall Cam chuige cheana. Do b'fheárr eisean 'ná an cúigear againn-ne acht mar sin féin chuaidh sé dhé. Tá breis cuan ann do loingeas agus nuair do bhéas na h-árthaighe i gcómhgar do'n námhaid beidh biadh agus adhbhar cogaidh fá n-a láimh i gcómhnuidhe aige."

"Cad deirir leis an méid sin, a Mhuircheartaigh Óig?" arsa Mac Fínghín Dubh.

"Ní deirim ná go bhfuil an ceart aige i dtaobh Dhómhnaill Chaím. Ar a shon soin a's eile tá na cnoic annsúd. Ní chuirfimís go léir fúinn ann mar do b'éigean do Dhómhnall é. Tháinig na Sasanaigh ar fad anuas air fá dheireadh, mar bhí gach ball eile i gCúige Múmhan fá chois aca an uair sin, acht tabharfam-na beagán le déanadh dóibh i lár tuaithe an cor so."

"Ní fhuil aon bhrígh bheith ag brath ar na Francaigh. Tá a ngnó féin le déanadh acasan," arsa Mac Fínghín Dubh.

"Lean-sa go h-Éirinn Mac Fínghín Dubh, a Mhuiris Uí Shéagha," ars' an ceannphort Seághan Ó Súilleabháin; "caithfear ba seasga do mharbhúghadh a's do chur ar salann, agus an fheóil do chur i bhfolach i soitheachaibh imeasg na gcnoc agus fir 'gá feidhil. Is feárr an fheóil againn féin 'ná i mbolg na Sasanach. Reidh- tíghim le Mac Fínghín Dubh. Ní fhuil aon mhaitheas bheith ag feitheamh go dtugaidh na Francaigh cabhair dúinn."

"Má's féidir linn deich míle d'ár bhfearaibh féin do sheóladh go h-Éirinn - agus ambás gheóbhamuid árthaighe chum an méid sin - ní bheidh aon bheann againn ar na Sasanaigh," arsa Mac Fínghín Dubh.

"Do b'fheárr liomsa thusa féin mar cheann-urraid orainn 'ná Ó Briain," arsa Riobárd Ó Séagha, mar beidh gnó ag Saxe dé sin go fóil. Cloistear go bhfuil na Sasanaigh a's na Francaigh ag púiciúghadh chum a chéile agus go mbeidh an donas eatortha fá cheann mí i bhFlandrais."

"Tá an meirg ag teacht orm-sa annso," ar Muir- cheartach Óg. "Caithimís uainn ár n-úghdarás i n-Arm na h-Austria seo. Cloisim go bhfuil na Sasanaigh ag cabhrúghadh le Máire Terés indiu. Ní mar mhaithe léi é, ámh, mar níor chabhruigh an droch-aicme sin le h-aon duine riamh ar a shon. Níor bh'fheárr liom gnó bheadh agam 'ná cnap do bhualadh ortha annsúd, is cuma cá taobh go bhfuil siad. An dtiocfá lem' chois, a Mhac Fínghín Duibh?"

"Ní eiteóchainn cath acht chómh beag le fear eile," ars an taoiseach. Agus do chrom an cúigear ar Sáiridhe, mar bhí a gcroidhe óg a's lán de mhisneach.

Ó nách bhfuil fhios ag éinne againn cad tá 'na chómhair, ní mó 'ná bhí fhios ag éinne aca súd. Oifigeacha airm do b'eadh an cúigear - triúr de mhuintear Shúilleabháin agus beirt de mhuintear Shéagha.

Teasbántar dúinn sul a raibh an bhliadhain úd caithte an ceannphort Seághan Ó Súilleabháin 'na stiúrthóir cogaidh ag Cormac Stíobhard i n-Albain. Cloisimíd teacht thairis i stair Shasana leis. Chímíd é ag cóiriú- ghadh na n-Albanach i gcathaibh Gladsmuir agus Chúil Éadain.

Faghamuid radharc leis ar Riobárd Ó Séagha i n-ár Chúil Éadain agus a sciath thar lorg Chormaic Stíobhaird agus Chlainn Dómhnaill, agus eachraidhe Shasana ag bagairt a's ag tabhairt ruthaig ortha d'éis an bhrise úd.

Chímíd Muiris Ó Séagha i gcogaibh na Fraince 'na dhiaidh súd agus i gcómhrac éin-fhir ins na h-Indiathaibh Thiar.

Acht téanam linn go h-Éirinn, a Mhuircheartaigh Óig Uí Shúilleabháin. Chímíd thusa mar leómhan i gcuibhreach ag cosaint do thíghe sa bhaile i gCuailleach agus na Sasanaigh nós scata gadhar lasmuich ag béicigh 'na gcuid fola le feabhas do phléar gur fhliuch an brathad- óir Scuilí do chuid púdair. Chímíd thú tógtha, agus téadán ar do mhuineál gheal agus an námhaid mhí- náireach ad' tharraing i ndiaidh loinge thríd an bhfairrge ó Chuailleach go Corcaigh. Acht sul a dtáinig an mí- thapadh soin ort chímíd thú féin agus Mac Fínghín Dubh ag cómhrádh roimh lá an t-aonmhadh lá déag do Bhealt- aine, 1745, leis an bhfear groidhe úd Ó Maolalaidh i gcoill cois Turnae agus sluaighte Cumberland ag déanadh oraibh. Buail iad, a bheirt ó Bhéara!

Tá sé riachtanach orainn geárr-thuairisg do thabhairt ar an gcath mar baineann sé le n-ár scéal.

Táid na sluaighte roinnte 'na dtrí ranna ag déanadh ar na Francaigh. Ní gheóbhaidh dhá rann aca an tslíghe seo go bráthach mar tá gunnaí móra suidhte ar dhún chré, agus díoga déanta ann le h-inntleacht Uí Mhaol- alaidh, gidh gur b'olc an cúiteamh do fuair sé ó na Francaigh 'na dhiaidh súd.

Scaoil ar an namhaid an luaidh, a bhuidheannta ó Éirinn, agus beidh ceól 'na gcluasaibh indiu go mbeidh cuímhne air ag an méid aca do mhairfidh, ar feadh a saoghal - ceól na ngunnaí móra nuair do rómharaid an talamh, cnagarnaigh na ngunnaí geárra agus feaduigheal na bpléar, liúgh na bhfear bhfeargach agus siutraigh na gcapall, crainn na coille d'á mbrise le fuaim, sgread thall, cnead annso, agus osna annsúd, cosgairt agus fuil agus bás!

Ní fhuil sé i gcumas na n-Austriánach 'ná na nDúiseach gabháil mar seo, acht féach aníos na Sasanaigh, chúig míle dhéag aca, Éireannaigh, fóiríor! a leath, agus Cumberland ar a gceann, díng d'á tiomáint thré chroidhe na bhFrancach, teinteacha d'á spriúchadh as béal agus as cliathánaibh na dínge sin.

Buailtear cith de leathróidibh iarrainn as gunnaí móra ar an ndíng sin agus cuirtear bearna innte, acht dúntar an bhearna arís agus leantar ar aghaidh. Critheann an talamh le cos i n-áirde marcshluaigh Francach ag déanadh ar an ndíng. Cloistear fuisc a gclaidhmhte agus srann a gcapall, raobthar cliathán na dínge, acht meiltear an marcshluagh soin agus leanann an díng ar aghaidh.

"An gcoisgfear choidhche an ding raobach soin?" adeir Laoiseach rí na Fraince, creatha cos air, agus é ar tí teicheadh.

"Tá na h-Éireannaigh gan brise ortha fós," adeir Saxe.

Le h-allus a's duadh sroichseann na Sasanaigh mullaighe na n-árdán ag Fontenoy agus féachaid tim- cheall ortha imeasg na bhFrancach, ar nós scata tarbh.

"Tá an lá linn," adeir Cumberland, a's easba anáile air.

"Ní fhuil, a's ní bheidh go deó," adeir an Brianach agus a Éireannacha.

"Ná bainidh leo," adeir O Maolalaidh, "go mbeidh bhúr sleagha geala i mbéal a n-imliocán," agus briseann an taoide d'fhearaibh Gaedhealacha amach ortha - clann- maicne fear Luimneach, lasair 'na súilibh agus fuin- neam 'na ngéagaibh, faobhar ar a bhfiaclaibh, a gcroidhe ag brúchtaidh le gráin. Steallaid na Sasanaigh pléir ortha. Cloistear thré dheatach an phúdair gleó na gcéadta fear. Cloistear "Cuimhníghidh ar Luimneach 's ar fheall na Sasanach!" Agus 'na dhiaidh sin ní chloistear acht easgainídhe a's mionna a's uaill, mar tá na sluaighte i n-achrann ag feanadh a chéile agus ag luasgadh amach 's isteach, na sleagha geala dearg go leór anois 'gá ropadh thre easnacha teanna agus cliabhlaigh.

Brisid na Sasanaigh fá dheireadh le fánaidh an chnoic agus rómharann na h-Éireannaigh thríotha ar nós na tuile.

Tá Mac Fínghín Dubh agus Murtach Óg 'na measg, mar ghnídheadar bearna dhearg thré dhíorma calma Sasanach darab ainm "The Coldstream Guards." Chuir an méid do bhí slán de'n díorma soin iad féin i n-eagar fá bhun an chnoic agus dhruideadar leo go tuirseach, tnáithte. Lean na h-Éireannaigh ortha 'gá raobadh. Chonnaic cor capall Francach iad agus i n-ionad scaoileadh isteach 'na measg is é do ghnídhea- dar 'ná iompáil ar na h-Éireannaigh, mar bhí a leithéid sin de mhearbhthall agus d'eagla ar na Francaigh nách raibh fhios aca cia'r bh'é an namhaid 'ná an cara. Tháiníg beirt aca le fothram ar Mac Fínghín Dubh agus é go gnóthach ag polladh thré "Ghárda na Glaise Fuaire." Thug marcach buile aca fogha fá. Chosain Mac Fínghín Dubh é féin ar an mbuille sin agus do sháthaidh sé go h-obann a shleagh gheal i sliasaid an mharcaigh sin agus do chaith sé ins an aer é fá mar do chaithfeá punann arbhair. Thug sé pléasg de fheac a ghunna ins an ucht do'n darna fear agus thuit seisean 'na phleist gan cor i gcois ná láimh leis.

Leis an iarracht soin do briseadh a ghunna. Ní raibh fhios aige cia mbadh leis an cor capall úd i n-aon chor agus tharraing sé chuige claidheamh mór do bhí aige - dubharthas gur bh'é Tadhg gabha do chúm an claidheamh úd as speil. Ní dócha gur bh'fhíor é sin, acht go h-áirighthe bhí an claidheamh chómh géar agus go mbeár- fadh sé duine, agus chóm trom soin gur bheag duine eile do chasfadh é.

Chonnaic triúr marcach an oíde do thug Mac Fínghín Dubh ar an mbeirt eile agus phreabadar 'na threó ar tí a chinn do scoltadh. Thug sé fá'n gcéad fhear aca acht d'eirigh an capall ar a cosaibh deiridh, d'aimsigh an buille sa mhuineál í agus baineadh an ceann dí ar an láthair sin.

Séideadh an stoc fá dheireadh agus coisgeadh na capaill Francacha úd. Chonnaic Maréchal Saxe an t-éirleach, agus chuir sé fios ar fhear an ghaisge mhóir d'éis an chatha. Fear mhairbhthe céad do b'eadh an Saxe so féin, téagartha, calma.

"Ní fheaca aon fhear riamh chómh taiceach leat-sa," ar seisean le Mac Fínghín Dubh, agus thóg sé leis isteach 'na chábán é.

Ní bhfuarthas amach riamh go cruinn cad do thárluigh eatortha, acht dubharthas gur gheall Saxe dó sul ar scaradar le chéile go dtiocfadh sé féin go h-Éirinn fá cheann na bliadhna le sluagh líonmhar, agus gur bhrostuigh sé Mac Fínghín Dubh abhaile fá cheann ráithe le h-aghaidh an bhóthair d'ullmhúghadh dhó.

Caibidiol a h-Ocht. TAIDHBHREAMH BEIRTE BAN.

"A Bhríghid ní Shúilleabháin," ars' Ó Donnchúdha an Ghleanna le n-a mhnaoi, "is mithid duit-se dul a chodladh. Tá Mac Fínghín Dubh féin tuirseach."

"Ní luidhfead ar leabaidh anocht," arsa Mac Fínghín Dubh. "Caithfead bheith thar n-ais ar an nDoirín fá mheádhon lae. Tá súil agam le teachtaire ó'n bhFrainc."

"Níor chreideas riamh," ars' Ó Donnchúdha an Ghleanna, "go dtiocfadh na Francaigh chum cabhruighthe linn, acht creidim anois go mbeidh an báire linn má leigthear d'ár bhfearaibh féin teacht ar n-ais. Dá mbeinn-se ag brath ar na Francaigh ní bheadh an caisleán so Chillatha mar dhíon os mo chionn.

"Is fíor dhuit," arsa Mac Fínghín Dubh. "Is iad na Buachaillidhe Bána do chongaibh an ceann ar Éirinn. Réidhtighim leis an Athair Peadar gur bh'é an tubaiste is measa thuit amach riamh orainn an Sáirséalach d'im- theacht thar lear agus ár bhfir gcalma do thógaint leis. Acht tuigimíd uile anois an gnó."

"Do chognóchainn dorn mo chlaidhimh le mire, mar do ghnídh Conn Céad Cath, nuair a chuimhnighim air sin," ars' Ó Donnchúdha an Ghleanna. "Bheimís sgriosda glan amach muna mbeadh an dorn fear d'fhan ag baile i ndiaidh Luimníghe. Acht d'á bhfanfaidís go léir againn i n-ionad imtheacht leis an Sáirséalach ní bheadh sé de mhisneach ar Shasanaigh an fheíll a ngeall do bhrise."

"Seadh," arsa Mac Fínghín Dubh, "d'á olcas é an scéal is gearraid go mbeidh fir chóirighthe chalma d'ár gcuid fola féin fillte chúgainn, go mbeidh eólas ar chogadh aca. Beidh míle ceann de na Buacaillidhe Bána mar eólaidhthe againn agus beidh an donas leis an scéal muna gcuirfeam bearna i gclann an fheíll an cor so."

"Bíodh do cheann leat, a Mhac Fínghín Duibh," ars' Ó Donnchúdha an Ghleanna. "Beidh an Gleann Fleisge seo mar dhaingean againn chum bídh do chnuasughadh ann. Is é Dia do chúm an gleann so, agus is é Dia agus ár neart féin do chongaibh againn é i n-aindeóin aicme Chromil agus 'Liaim."

Mhachtnuígheadar araon ar feadh tamaill. "Caith- fead bheith ar siúbhal. Is geárr uainn an lá," arsa Mac Fínghín Dubh.

Tugadh amach a chapall glas mór cuthaigh chuige - an Síogaidhe do glaodhtaidhe uirthe. Chrom sí ar phram- sáil, agus phreab seisean ar a muin chómh h-éadtrom le h-éan. Siúd a's gur gheall le fathach i bhfearsa é, níor ghoill a mhéid ar an Síogaidhe, mar dubharthas nách raibh a leithéid de chapall i gCúige Mumhan an uair sin.

Chuaidh an solus i n-éag i gCillatha agus thiomáin an capall glas léi ag baint teine chreasa as an mbóthar mar bhí lúth 'na croidhe chómh maith agus bhí i gcroidhe a marcaigh.

Níor chuir scáileanna na gcrann ná scáileanna na bhfailleacha faitchíos uirthe; níor bhain éan ná girr- fhiadh ag dúiseacht go h-obann as a gcodla preab aisde; níor chuir gáir na gcearcfraoigh ar an gcnoc sgéan uirthe mar bhí muiníghin ag an gcapall nglas úd as a marcach.

Chualaidh an marcach soin canntaireacht na n-éan go moch ins na coilltibh mór-dtimcheall, mar bhí crainn go flúirseach annsúd an uair sin. Chonnaic sé an drúcht 'na shúilíníbh ar an nduilleabhar agus ar an bhféir nglas, agus ghabh boladhtha breágh chuige ar aér ionn- fhuar na maidne as srathaibh féir bhainte ar mhóinfhéar- aibh.

Chualaidh sé crónán na Fleasga ag snámhadh léi thairis go h-uaibhreach chum Locha Léin. Chualaidh sé glór bog binn na Fleasga soin ag briseadh thar chloch- aibh fá dhroichead thuas ag béal na gcnoc cois Chuím na nÉag. Chonnaic sé as soin ceó odhar mhaidne fhóghmhair ag eirghe thar bárr na gcnoc agus breac- sholus na maidne 'gá dhathúghadh le coinnle geala.

Chonnaic Martha Shelbourne ar an nóimit gcéadna, thiar ar Neidín deich míle ó bhaile, Mac Fínghín Dubh thré n-a codla ag tabhairt léim ó mhullach cnuic síos go bun, agus ag glaodhach uirthe féin téanuigheacht leis. Agus phreab sí as a leabaidh le sgread.

Chonnaic Bríghid ní Shúilleabháin thoir i gCillatha thré n-a codlasa n-am gcéadna madra mór dubh 'na luidhe ar an mbóthar i gCúm na nÉag. Súla lasracha ann, stranaídhe fiacal aige, craos ar dearg-leathadh air agus fuil ag sileadh as a theangain. Léim sí amach ar an úrlár i gan fhios d'á fear agus fuar-allus uirthe.

Chonnaic capall Mhac Fínghín Duibh rud ná'r bh'aisling i n-aon chor. Chaith sí a ceann i n-áirde, chrap sí a cluasa agus chuir sí srann aisde.

Ins an am gcéadna phreab fear 'na shuidhe ó bhun crainn dia thuas de bhóthar, chaith sé gunna uaidh agus rith sé an choill amach chómh maith agus bhí sé 'na chosaibh. Stad Mac Fínghín Dubh a chapall agus ghlaodhaidh ar an bhfear filleadh, acht sul a raibh an ghlaodh as a bhéal aimsígheadh ins an uillinn chléith é le pléar agus thuit an lámh leis gan luadháil. D'áirigh sé go raibh an lámhachaidhe laistíos de i móinfhéar agus chonnaic sé é go dícheallach ag pulcadh pléir eile isteach i bpíb an ghunna. Thug sé aghaidh an chapaill ghlais ar fhalla an bhóthair. Ghlan sí é mar a bheadh éan, agus bhí Mac Fínghín Dubh i ngaor de'n fhear sul a raibh uain aige ar phléar eile do chaitheamh. Phreab an fear 'na shuidhe agus thug sé iarracht fá'n marcach acht scaoileadh a ceann leis an gcapall, casadh an claidheamh mór, buaileadh sa bhaitheas an fear feíll agus scoilteadh é go béal an scéithín.

Mo chara do chuisle, a thíghearna na gceo-chnoc! Do dhéanfadh an buille sin, mar dubharthas 'na dhiaidh súd, dhá chuid d'fhear an fheíll muna mbeadh gur léim an capall glas amach thairis le sgéan.

As go bráthach léi agus an taoiseach ar leath-láimh ar a muin ag déanadh iarracht ar ghreim d'fhághail ar an tsrian do shleamhnuigh thar a cluasaibh.

Chum siúbhail leat, a chapaill mí-ádhmharaigh, taoi thar chumas "Mharcaigh na gCumann" an cor so, agus ar tí é leagadh i dtosach a shaoghail 's a n-árd a dhóchais.

Sceinn sí fiadhain síos chum na Fleasga, chas sí ar an mbóthar agus léim sí an falla arís. Ar bhuaileadh ar an mbóthar dí fuair sí barr-thuisleadh. Thuit sí ar a leath-ghlúin, agus do caitheadh Mac Fínghín Dubh as an ndiallait ar bhior a chinn isteach i ndíg dhoimhinn.

Chualaidh Bríghid ní Shúilleabháin cos i n-áirde capaill chúice ar an mbóthar, agus ríth an capall glas tháirse, a ceann sa n-aér, a h-earball i n-áirde, a srian ar sileadh léi, agus a bléan 's a béalbhach clúduighthe le cúbhrán bán.

Bhuail an bhean a dhá bais, liúghaidh sí ar an gcapall mbuile cá'r fhág sí Mac Fínghín Dubh? Ghread sí a capall féin chum siúbhail agus fuair sí eisean sínte marbh - a mhuineál brisde sa díg!

Tháinig capall eile ar láthair ag cur cúbhar alluis dí. Léim Martha Shelbourne d'á muin, agus sgéan 'na radharc, agus chuir sí sgread bhrónach aisde do dhúisigh na cnuic.

Cabhruigh léi, a Bhríghid ní Shúilleabháin. Ní fhágfaidh an t-uchtlán éinne agaibh an dá lá dhéag a's do mhair- fidh sibh.

I lár a n-olagóin do shnáimh firín buidhe, suarach, mílítheach amach chúca agus chaith sé é féin ar a ghlúnaibh 'na bhfiadhnaise. "Is mise Michilín, acht níor chaitheas pléar leis," ar seisean le sgread.

Le n-a línn sin do tháinig Ó Donnchúdha an Ghleanna 'na bhfochair agus é leath-lomnochta ar muin capaill. Buail sé a dhá bhais.

"Ó mo sgrios, mo sgrios! Mac Fínghín Dubh ar lár! Shamhluigheas ná muirbheóchadh an saoghal thu!" agus thug Ó Donnchúdha an Ghleanna na móide dúbha nuair do chonnaic sé an fhuil ná codlóchadh sé féin ar leabaidh go mbeadh anam an tSleagánaigh aige. Acht chuir Michilín sgréach thruagh-mhéileach as, agus dubhairt sé leó go dteasbánfadh sé dhóibh corp Sheóin Puxley do ghnídh an choir agus do thug nimh do'n tSleagánach féin an oidhche roimh ré d'éis iomarbháidh eatortha i dtaobh Mhac Fínghín Duibh.

Rug Ó Donnchúdha an Ghleanna ar chéas cínn ar Mhichilín a's chaith sé isteach thar chlaidhe é ar nós ceirte shalaigh.

Thógadar leó go dtí an Doirín corp an taoisigh agus chroth an t-Athair Peadar an chré ar a chómhrainn i gCillmacghiollóg.

Sheasaimh Martha Shelbourne go ciúin cois na h-uaighe go raibh na mílte as gach áird do bhí sa tsochraid imthighthe abhaile. Shuidh sí síos annsoin a's d'fhan sí ann gur chuaidh an ghrian fá ins an mhór mhuir thiar. D'éaluigh an taoide aníos 'na mion-thonnaibh agus chrom ar chogarnaigh i gcuasaibh abhus a's thall, agus chuir na cúirliúin agus éin na fairrge sgréach a's fead a's glaodhach asda amuich sa chuan, agus chodail Mac Fínghín Dubh imeasg a shinnsear.

"A chapaill ghlais, a ainmhídhe bhoicht, bhuile, is beag ort gur chreachais Éire," ars' Ó Donnchúdha an Ghleanna go dúbhach. Bhuail sé fá dhéin na h-uaighe agus thóg sé leis Martha Shelbourne go Cillatha. Níor ghearán sise a's níor gháir sí ar feadh a saoghail.

Do cloistidhe 'na dhiaidh súd ar oidhcheannta ciúine cos i n-áirde ar na bóithribh cois Chuím na n-Éag, agus deirthídhe gur bh'í Martha Shelbourne do bhíodh ann ag tabhairt rabhadh do Mhac Fínghín Dubh go raibh an marbhthóir ar an mbóthar ag feitheamh leis.

Nuair do bhíodar go léir imthighthe shuidh Diarmaid Ó Séagha na Bolguidhe ar uaigh Mhac Fínghín Duibh. D'fhan sé ann ar feadh na h-oidhche agus cheap sé an mairbhne seo do bhain na deóra ar shúilibh glasa le céad go-leith bliadhan agus breis.

MAIRBHNE MHAC FÍNGHÍN DUIBH.

I.

Mh'osna thré Luimneach, Connacht is Cláir fé chúmha Is go Corcaig na loingeas, thar toinne d'á dtéidhinn de sgiúird, Ár ngiúistís cuthaig, ár gcusba, ár laoch glan, clúdh'il Ár gcara, ár gcura, ár gcumann, ár laoch fuair clú.

2.

Clú 'gus ceannas is acfuinn ó'n Rígh Cómhachtach Do bhíodh ad' ghlaice, is fearta ó'n rí cóige Ní fhuil dún 'ná cathair fá ghlasaibh ag rí Seóirse Nach go dúbhach is' easbaidh is na bailtí go síor bhrónach.

3.

Is brónach, atuirseach ó'n gCeachainn go Léim Láithreach Is buaidheartha Banba ó Chaiseal go Béal Beárnais Tá dúithchídhe Chairbre ar lasadh is ní fhuil scéimh áthais I dtuaith Ráth-Chathail mar ar cailleadh ár laoch láidir.

4.

Ba láidir, cumais, ár gcura, ba leathan, lúthmhar, A Mharcaig na gcumann go gcritheadh an talamh fútsa Ní raibh eagla dlighthe 'ná clipe ar do bhaile dúthachais, A Raobaigh mar Oscar do chuireadh gach creach ar chúlaibh.

5.

Ar chúlaibh chuirtídhe deachmhadha, tacsanna, siosmaighthe i gcúirt, Do dhóirse ar leathadh gan glasa, gan iadhaigh ar trúnc, Ba ghreann le cairdibh d'á maireadh i n-iarthar Múmhan Led' gháire leathan, a Mharcaig na gcliadhar, mo chúmha!

6.

Mo chúmha, mo chreach, tu a'teacht go tréith lán-lag, A Phlúr na bhfear ná'r mheath i n-aon bheárnain, D'imthig ár rath, ár maith, is ár scéimh áthais, Bhoch! ár gceart, ár neart, is ár ndlúith-cháirdibh.

7.

Cáirde d'imthig thar uisge 'gus fós níor fhíll, D'fhág súd sinne go singil, gan chóir gan chrích, Gan bórd, gan gloinne, gan corn, gan ceól, gan fíon, Gan uaill ag conairt, gan cusba d'fhuil d'fhóirtheadh dínn.

8.

D'fhóirtheadh sinn, d'á dtigeadh thar sáile beó Na leómhain-fhir ghroídhe ba bhínn i mbeárna 'n ghleóidh I gcaismirt na gclaidheamh go striocfadh táinte dóibh Is ná leómhfadh 'nár dtír aon dríghdear cáitheach beó.

9.

Beó d'á dtigeadh aon phola dod' cháirdibh gaoil Ba dhual bheith fhosgailte, soilbhir, cáidh mar bhís, Do dhéanfadh cosaint i bpobal ár n-áit is díon A leómhain d'fhuil Eochaidh chuthaig is Dhómhnaill Chaím.

10.

A Dhómhnaill Chaím is fíor ná'r staon do neart, Iarla ó'n Inse do chríochnuigh Éire ar smacht; Fáig is draoithe d'á áirde léighfeadh stair Do thráchtfaidís thar nídh de thréighthe ár bhflaith.

11.

Flaith id' dhoirbheacht is id' ghníomhartha suilt A Chogaraig! is tu osgaileadh gach snaidhm is broid; A Chraoibh cosanta na bpobalach, ba ríoghamhail fuil, Mo léan docharach id' chodla thu, a Mhac Fínghín Duibh!

12.

Is dubh, dorcha, doilbhir, duairc, ár scéal, Eochair gach cathair ó Charn go Tuam'-an-Chléir; Tar éis a scuiris de cheangalaibh cruadha is géar' Is dona led' charaid tu marbh, is iad buan tar h-éis.

13.

Tar h-éis beidh bacaigh go h-atuirseach ag éigheamh is daíll Is gach n-aon do thaithigh do phearsa, do mhéin, do ghnaoi, Do chiabh-fholt casda, do ghlaice, do bheól ba bhínn Do ráidhte meala is do mhaitheas go léir fé'n Líg!

14.

A Líg na h-aindise! mairg leat Éire ag cúmha? Spéir ar lasadh! is na mairbh ag éigheamh 'sa' n-úir! Tá fhéachaint dhealbh ar bhailthibh ó Chléir go Siúir, A Bhénus Cheachainn ó shladais mar chéil' é chúghat!

15.

Chúghat má shladais Fear Cheachainn, díth-náireach An laoch ba chalma is an marcach ba bhinne cáile Níorbh' iongna dá gcnagfadh do bhaitheas le scéimh- ghártha Mo chúmha is m'atuirse mar do scaipeadar ár n-uile cáirde.

16.

Cáirde an Bhile gach cusba d'á uaisleacht díobh Gac laoch do geineadh ó Philib is ó Bhuadhach-an-Ghnímh. Do théidheadh sé an iomadh na righthe go fuamain bíonn Is fuair "Trí Barra na Cruinne," mar dualgas thríd.

17.

Trí Barra fuair de sheanachus ó'r phríomhais ar dtúis Bárr maitheasa, bárr gaisge, bárr féile is clú, Bárr rathanna ar dhrom eachanna ba thréan, neart, lúth, Mo ghéar-atuirse fé ghlasaibh thu is do thréad go dúbhach.

18.

Is dúbhach do charaid 's is atuirseach tláith a bhíd Gan súil abhaile do thaisdeal go bráthach arís Tá siad de mhachtnamh cia gur deacair do rádh 'ná mhaoidheamh Go bhfuairis anaithe i gan fhios de chách 'sa' choíll.

19.

Tá do choill 'na dothair go socair gan gáir na n-éan Gan taisdeal na mbruingheall ba mhinic thar lear i gcéin, Gan fuaim do ghunna, uaill chonairt, 'ná ceól do phléar Ó éag an Bile, mo thuirse, mo bhrón, mo léan! Mo léan, mo thuirse, gan filleadh threm' aeibh anonn Gan chú gan giolla ar chnocaibh na Sléibhte Dúbha; I gcogadh na righthe ba bhinic a éirleach súd. Mh'osna thré Luimneach, Connacht is Cláir fé chúmha! Críoch