Eochaidh Mac Rí 'n-Éirinn: ELTeC edition Ó Máille, Micheál (c.1880–1911) ELTeC conversion Justin Tonra 13076 58 COST Action "Distant Reading for European Literary History" (CA16204) Zenodo.org ELTeC Eochaidh Mac Rí 'n-Éirinn: Foclóir Stairiúil Na Nua-Ghaeilge (FNG) / The Historical Dictionary of Modern Irish edition Eochaidh Mac Rí 'n-Éirinn Micheál Ó Máille Connradh na Gaedhilge 1922 Eochaidh Mac Rí 'n-Éirinn Micheál Ó Máille Connradh na Gaedhilge 1904

Initial conversion to ELTeC level 0. Updated Publication Statement, front matter, and réamhrádh.

SGÉALTA NUA-DHÉANTA.—VI.

EOCHAIDH MAC RÍ 'N-ÉIRINN

MICHEÁL Ó MÁILLE

("Diarmaid Donn")

AR N-A CHUR AMACH

do

CONNRADH NA GAEDHILGE,

I mBaile Átha Cliath.

1922.

CLÁR INNISTE

Leathanach

RÉAMHRÁDH . . . . . . 3

CAIBIDIL I.—Imtheacht as Teamhar . . . 5

" II.—An Cogadh i n-Albain . . 13

" III.—Ar Thóir Eochadh . . . 19

" IV.—An Comhrac Éin-Fhir . . . 25

" V.—Teacht a Bhaile go hÉirinn . . 30

" VI.—Tóruigheacht Éin na gCúig nDath . 36

" VII.—Féir na Teamhrach . . . 46

FOCLÓIR . . . . . . 59

AGUISÍN . . . . . . 71

EOCHAIDH MAC RÍ 'N-ÉIRINN RÉAMHRÁDH.

IS fad' ó anois nár cuireadh síos i bhfoirm leabhair cunntas ar ghníomharthaibh gaisge na sean-Ghaedheal, agus ó thárla gur chuir mé in mo cheann faisnéis a thabhairt ar eachtraibh Eochadh Mac Ríogh 'nÉirinn, facthas dom nach bhféadfainn tadaí nídh b'fhearr a dhéanamh ná leanamhaint do shompla na seansgéalaidhthe. Ní raibh aon tír ar fud an domhain a raibh sgéalaidheacht chomh mór i réim agus bhí sí i nÉirinn le linn na Ríghte. Dá mbéadh an bealach sin sgéalaidheachta ag dul i bhfeabhas i leabaidh a chéile ó shoin anuas, bheadh sé anois againn mar bheadh crann mór láidir géagach a mbeadh snas agus bláth agus toradh air 'chuile shamhradh a thiucfadh. Acht go díreach mar cuirfeadh na Gaill ceo draoidheachta agus síor-gheimhreadh ar an oileán seo, d'fhan an súgh ma sheasamh sa gcrann le suim achair bhliadhanta, agus ní raibh bláth nó toradh ag fás air mar ba chóir. Anoir nuair atá an ghrian ag árdughadh ins na spéarthaibh, agus ag soillsiughadh amac aríst le solas an lae ghil bhreág, dá ndéanadh duine an crann a tharraingt as na fréamhrachaibh, agus a chur i n-áit eile, b'fhéidir gur b'é súgh na Galldachta a d'fásfadh suas thríd, agus i n-áit toradh cumhartha blasta a thabhairt, bheadh blas searbhna Galldachta ar gach a bhfásadh air. Bhí sé réidh go leor sgéalaidheacht ghlan a dhéanamh sa trean-amsir. Acht anois tá oiread leabhra coigcrígheach at tigheacht isteach go hÉirinn agus go mbéidh siad ag athrughadh inntinne na ndaoine. Dá bhrígh sin níl sé chomh réidh ag cuid aca an Ghaedhilg a thabhairt go glan leobhtha, thar éis í bheith foghlumtha aca.

Maidir leis an gcainnt atá sa sgéal seo—is í cainnt na ndaoine í, mar chualamar an Ghaedhilg dhá labhairt i gcomhnaidhe san áit seo. Míle buidheachas le Dia tásí beo slán go fóill i n-ar measg, agus tá sí a n-ann smaointe an chroidhe a chur i bhfoirm agus a chur i gcéill chomh maith le teangaidh ar bith eile dá mhéad é an bhuntáiste a fuair na coighcríghthe agus an dream Gallda tharainn lesi na céadthaibh bliadhain.

EOCHAIDH MAC RÍ 'N-ÉIRINN CAIBIDIL I.—IMTHEACHT AS TEAMHAIR.

CÉAD go leith bliadhain thar éis aimsire ar Slánuigh- theora 'seadh ghlac Cathaoir Mór flaith agus foirleath- anas ar Éirinn.

"Ní raibh sa domhan go léir," ar seisean, "dlighthe chomh maith agus bhí ag Féidhlim, an tÁrd-Rí a tháinic romham-sa.

"Ní fearr duine dhá rádh sin ná thú féin," ars an t-Árd-ollamh, "mar is tú atá i n-ann na ndlightheadh sin a chur i n-éifeacht. Ní'l faoi'n ngréin ghil indiu rí nó árd-fhlaith a bhfuil oiread saidhbhris agus oll-mhaoin' aige agus tá agad-sa."

"Ní'l," ars an rí.

Is gearr 'na dhiaidh seo go dtánic sgéala chuige go raibh Conn Céadchathach Mac Féidhlim a' tigheacht dhá ionnsuighe agus sluagh mór millteach i n-éinfheacht leis, ag iarraidh an ríoghacht a bhaint de.

Chruinnigh sé chuige sluaighthe na Teamhrach; agus frítheadh 'ch uile rud faoi réir le haghaidh na troda lá ar n-a mháireach. Chuaidh Cathaoir chun suaimhnis dhó féin, agus thuit sé i n-a chodladh.

Timcheall uaire an mheádhoin-oidhche bhíodhg sé as a chodladh agus chuir sé glaodh árd as.

"Céard sin?" ars na daoine a bhí dhá choimheád.

"Ó," ars an rí, "abair leis an árd-ollamh agus mo dheichneabhar mac a thigheacht i láthair go beó." Tháinic- eadar chuige.

"Aisling a chonnaic mé," ar seisean, "béidh soluis na gréine ag deallradh ar mo chorp amáireach i measg na marbh. Acht troidfidh mé, mar ba dual aithreacha dham, ag ceann mo shluaigh."

"Glac suaimhneas, agus ná cuir suim innti," ars an t-ollamh.

"Fan thusa liom," ars an rí, "agus imthigheadh an chuid eile. Céad slán libh, a chlann dhílis."

D'imthigh a dheichneabhar mac uaidh annsin, agus d'fhan an t-árd-ollamh i n-éinfheacht leis.

"Déanfaidh mé m' ughachta anois," ars an rí, "agus roinnfidh mé mo chuid saidhbhris ar mo chlainn. Sgríobh síos an rud a déarfas mé leat."

"Déanfad," ars an t-ollamh.

"D'orduigh an rí roinnt áirithe dá shaidhbhreas mhór dho 'ch aondhuine dhá chlainn, ag tosaigh leis an mac ba sine, go dtáinic sé go dtí an t-ochtmhadh mac. D'fhan sé i n-a shost annsin.

"Céard a thiubharfas tú dho Eochaidh?" ars an t-ollamh.

"Cia 'n chabhair dham tadaí a thabhairt dó, mar nach bhfuil sé dhe rath air tadaí a chongbháil?"

"Tuige sin?" ars an t-ollamh.

"'Chuile chuige," ars an rí. "Bhí maoin agus dúithche cheana aige, acht sgar sé leobhtha. Thug sé gealladh, agus é ag caint thríd n-a chodladh, go dtiubharfadh sé a dhúithche uaidh, agus níor mhaith leis an gealladh do bhriseadh. Baistim-se Tréith-fhear feasda air."

"Ní cóir dhuit é fhágáil folamh," ars an t-ollamh.

"Bhéarfaidh mé mo bheannacht dó," ar seisean, "agus ní bhéarfaidh mé dhó acht sin."

"Go n-éirighidh do bheannacht leis," ars an t-ollamh, agus sgríobh sé an chuid eile do'n ughachta.

Lá ar n-a mháireach, cuireadh suas gáir chatha, agus d'ionnsuigh na sluaighte a chéile. B'fhíor do'n aisling. Marbhuigheadh Cathaoir Mór, agus bhí seilbh na Teamhrach ag Conn.

Tráthnóna an lá céadna casadh an t-árd-ollamh agus Eochaidh Tréith-fhear ar a chéile.

"Ní'l ceó maitheasa dhuit fanacht annso," ars an t-ollamh. "Níor fhág t'athair tadaí agad acht a bheannacht. Bhéarfaidh mise comhairle dhuit: Glac thusa leis sin. Ní'l saidhbhreas ar bith ag mac chomh maith le beannacht deagh-athar."

"Cia rachaidh mé," arsa Eochaidh, "nó cia 'n áit is fearr dham a dhul?"

"A bhfeiceann tú an áit a bhfuil an ghrian ag dul faoi?" ar seisean.

"Feicim," arsa Eochaidh.

"Tabhair thusa t'aghaidh annsin," ars an t-ollamh, "agus ná comhnuigh go deó go bhfeicidh tú amharc níos áilne ná an ghrian."

D'imthigh Eochaidh go brónach dólásach annsin agus níor thug leis acht a chláirseach agus a chlaidheamh, agus beirt óglách dhe chomhluadar leis. D'imthigheadar leobhtha, agus níor stadadar agus níor mhór-chomhnuigheadar go dtáinic siad go himioll Locha 'Coirb.

"Ní bréag ar bith Tréith-fhear a thabhairt orm-sa," arsa Eochaidh, "mar tá mé tuirseach traochta, agus ní'l deór fágtha ionnam."

"Is ar éigin atámuid-ne i n-ann coisidheacht a chongbháil leat," ars an bheirt eile, "agus feileann sgíth dhúinn ar fad."

Ní ballach a bhíodar i n-a suidhe síos nuair a thuit ar bheirt óglách i n-a gcodladh acht d'fhan Eochaidh i n-a dhúiseacht.

Níor bhfada dhó mar sin, nuair a chualaidh sé an ceól breágh aoibhinn ag neartughadh chuige, agus go bhfaca sé an mhaighdean mhná ba deise dar shiubhail féar nó talamh ariamh, agus dháréag ban-choimhdeachta i n-éinfheacht léithe.

Níor fhan codladh nó tuirse air annsin, agus tháinic áthas agus misneach an domhain i n-a chroidhe, gur imthigh- eadar thairis, gur laghduigh an ceól.

D'fhan sé i n-a shuidhe, thosuigh sé ag seinnm ar an gcláirsigh, gur dhubhairt sé an laoi: -

Ar fhágáíl Theamhrach dhamh-sa Go huaigneach is go cráidhte, D'fágfainn í gan chumha Naoi n-uaire ar do sgáth-sa; Tú an spéír-bhean is áilne ná an ghrian ar an spéir. An bláth is gile cumhra, Is tú a rug an bárr air; Na fáinní in do dhubh-chúl I n-a ndualaibh le fánaidh; Tú an péarla is breághtha sa saoghal so go léir.

Níor thúisge bhí an cheathramha sin críochnuighthe aige, ná chualaidh sé an gáire ceólmhar taobh thiar dhe.

D'éirigh sé dhe phreib, agus cia d'fheicfeadh sé ann acht an mhaighdean óg agus a dháréag ban-choimhdeachta léithe. Ní túisge a dhearcadar ar a chéile ná thug an bheirt aca grádh dhá chéile ar an bpointe boise.

"Is binn an t-abhrán atá agad," ar sise, "cia'r imthigh do chéile uait, go bhfuil tú dhá héagcaoineadh?"

"Bean nó céile ní raibh agam riamh," ar seisean, "agus ní bhéidh go deó, acht an bhean aoibhinn áluinn atá os mo chomhair. Is cuma dorcha nó geal, oidhche nó lá, fhad is bhéas mé ag dearcadh ort, mar is tú mo ghrian, mo sholus agus mo réaltan."

"Ó seadh, seadh, go dearbhtha," ar sise.

"Ní chreidfidh tú mé!" ar seisean, "acht ní bhfuair mé sgíth nó suaimhneas le trí oidhche agus trí lá, gur shuidh mé síos trom tuirseach annso ar ball, go bhfaca mé thú ag dul tharm, agus níor fhan brón nó tuirse orm níos mó, agus ní bhéidh choidhche, má bhíonn tusa liom. Is cuma liom fuacht an gheimhridh, teas an tsamhraidh, gaoth nó báisteach, sioc nó sneachta, mar is tusa mo ghrian agus mo dhídean."

"Nach milis a labhruigheas na fir," ar sise, "acht faraor nach mealltach a bhíos siad go minic?"

"Ní'l sé sa mbith bán," ar seisean, "an té a d'fhéad- fadh a beith mealltach leat-sa, a ríoghan."

"Is mithid damh-sa bheith ag imtheacht," ar sise, "tá an deireannas ann, agus tá an drúcht ag tuitim. Tá súil agam go bhfeicfidh mé arís thú go gairid. Slán agus beannacht leat."

Shín sí a lámh mhín gheal chuige, agus d'imthigh sí. Gidh go raibh dorchadas na hoidhche ag tuitim, bhí oiread léarguis aige agus go bhfaca sé loinnir i n-a súilibh, do líon a chroidhe le bród agus le háthas.

Luigh sé síos i n-aice leis an mbeirt óglách, agus is gearr gur thuit codladh subhach sáimh air. D'fhan mar sin go dtí lá ar n-a mháireach.

Ag éirghe an lae, bhí leith-chéad marca ag dul an bealach, eachraidh agus carbaid leóbhtha agus taoiseach ag marcuigheacht agá n-a gceann.

Dhearc an taoiseach siar thairis.

"Cia 'n mhoill sin oraibh?" ar seisean.

"Tá," ar siad-san, "triúr fear sínte annso i n-a gcodladh."

"Cia 'n tsamhail dhe fhearaibh iad?" ar seisean.

"Tá," ar siad-san, "ríogh-ghaisgidheach i n-a chuid arm agus éideadh, agus beirt óglách leis."

Dúisigh an ríogh-ghaisgidheach," ar seisean, "agus abair leis thigheacht linn go hAlbain, dhe chongnamh dár muintir, ag troid i n-aghaidh na Rómhánach,"

"Tá se i n-a thoirchim suain," ar siad-san, "agus ní thig linn a dhúiseacht."

"Tóigidh go deas iad," ars an ceannphuirt, "agus cuiridh i gceann dhe na carbaid iad, agus tugaidh libh ar an mbealach sin iad. Má's ríogh-ghaisgidheach Éireannach eisean, ní bhéidh obadh ar bith aige do dhul linn, agus b'fhéidir gur géar a bheadh a chongnamh a' teasdáil," Rinne siad amhlaidh, agus d'imthigheadar leótha.

Ní haithristear sgéala orra, nó go dtáiniceadar chomh fada le Béal-Átha-Luain, agus chuireadar fútha chois coille annsin.

Nuair a bhí na laochraidhe ar fad i n-a gcodladh, cé is muite dho lucht choiméadtha na gcapall agus an ghárda, sin é an t-am ar mhúsgail Eochadh agus an bheirt óglách.

"Cia 'n t-ádhbhar a tháinic ann le go bhfuilmuid annso?" ar seisean.

"Ní'l fhios sin agamn," ar siad-san.

Tháinic fear fíor-eolach dhe'n ghárda ghlic ghusmhair chuca, agus labhair sé:

"Ríogh-ghaisgidheach Éireannach thusa?" ar seisean.

"Seadh," arsa Eochaidh.

"Támuid ag éiliughadh do chonganta," ar seisean, "ag troid i n-aghaidh na Rómhánach dhe chongnamh dár muintir i nAlbain. Fuaireamar in do chodladh thú agus níor mhaith linn thú dhúiseacht."

"Cia hí an óigbhean atá i n-a comhnuidhe sa bpáirt sin?" arsa Eochaidh. "Chonnaic mé tráthnóna aréir í acht ní raibh dhe spás nó dhe ionbha agam fiafraighe di cia hí."

Smaoinigh an fear gárda, "Má imthigheann sé," ar sé leis féin, "béidh milleán orm-sa, agus má thogruieann sé imtheacht, ní mise atá i n-ann a chongbhál'." Dubhairt sé annsin ós árd:

"Ní feasach mé óigbhean ar bith a bheith ann; atá sé i gceist go mbíodh sídhe-bhean ó'n mbruighin dá feiceáil le deireannas na hoidhche ann, ag daoinibh a bhíodh tuir- seach, cortha, dhe bhárr aistir fhada."

"Fad mo choise ní rachaidh mé libh níos fuide, go bhfághaidh mé amach i gceart cia hí. Is cuma liom sídhe-bhean nó bean shaoghalta, acht caithfidh mé í fheiceáil."

"Is mór atá do chongnamh ag teasdáil uainn," ars an fear gárda, "agus ní'l ríogh-ghaisgidheach i nÉirinn a dhiúltóchadh a dhul linn, ag troid ar son ar muintire féin. Má imthigheann tú ar gcúl, rachaidh sgéala ar fud an dá oileán gur meathtacht a ghlac tú; agus má fhanann tusa i gcomhluadar ban ar ócáid de'n tsamhail seo, is ríogh-bheag an t-ómós a bhéas ag an óg-mhnaoi ort' nuair a rachas tú ar t'ais chuici. Thug t'athair féin Tréith-fhear ort, agus seo í an ócáid a chruthóchas má thug sé as t'ainm tú."

"Ní mar gheall ar mheathtacht nó ar dhonas a thug m'athair an t-ainm sin orm-sa, acht mar gheall ar gheanamhlacht agus ar ghéar-chneasdacht. Ní raibh sé ariamh le rádh go ndeachaidh mise ar gcúl i n-aimsir thagartha ná teangmhála, nó nach raibh croidhe leomhain in mo chliabh i n-aimsir chosgartha na fola - a' cosaint mo mhuintire féin; agus rachaidh mé libh, gidh gur b'é mo bhás athiucfadh as."

CAIBIDIL II.—AN COGADH I n-ALBAIN.

AN mhaidin chéadna dár tugadh ar siubhal Eochaidh mac rí 'nÉirinn, d'éirigh an óigbhean, agus tháinic na mná coimhdeachta chuici. 'Sé an t-ainm a bhí uirrí Eithne Áluinn inghean Rí Chonnachta.

"Cia hé an fear úd a casadh dhúinn tráthnóna indé?" ar sise.

"Ní maith atá a fhios sin againn," ar siad-san, "acht do réir mar thugamar faoi deara, ó'n laoi a chum sé dhuit."

"Seadh, gur as Teamhair a tháinic sé?" ar sise.

"Go cinnte," ar siad-san, "agus b'fhurusd' aithne ó n-a dheilbh agus déanamh, a mhéin agus a mhóruaisleacht, gur mac rí agus árd-fhlaith a bhí ann."

"Céard a chas an bealach so é?" ar sise, "nó cia ndeachaidh sé aréir?"

"Ní'l fhios sin againn," ar siad-san.

"Rachaidh mé go dtí an áit chéadna indiu," ar sise, "agus b'fhéidir go bhfuighinn sgéala faoi."

Chuadar go dtí an áit. Ní raibh duine ar bith ann rómpa, i n-amharc nó i n-éisteacht, acht thugadar faoi deara go raibh an talamh agus an féar buailte, agus lorg capall agus lorg carbad, gacha taobh dhe'n áit.

"Is cosamhail," arsa Eithne, "go dtáinic a shluagh i n-a dhiaidh, a ráidhte is go bhfuil an talamh agus an féar buailte mar so."

"Sin é is cosamhail," ar siad-san.

Is gearr go bhfacadar chuca óglách dá muinntir féin ar a dtugaidís Giolla Gusmhar an tSléibhe. "Sgéala dhúinn, a óglaigh," ar sise, "a bhfuil fhios agad cia a chuaidh le goirid an bealach so?"

"Tá," ar seisean, "Catach Cróganta ó Shliabh Luachra, a bhí ag cruinniughadh na ngaisgidheach le dul chun troda leis na Rómhánachaibh i nAlbain. Fuair sé ríogh- ghaisgidheach agus beirt óglách sínte i n-a gcodladh annso, agus thug sé leis iad."

"Cia hé an ríogh-ghaisgidheach a fuaireadar?" ar sise.

"Níor frítheadh amach cia hé," ar seisean, "bhí an triúr aca i n-a dtoirchim suain, agus ní thiocfadh leobhtha ceachtar aca a dhúiseacht. B'éigin dóbhtha iad a chur isteach i gceann de na carbaid, agus a dtabhairt leobhtha mar sin."

"A Rí dá bhfóghnaim!" ar sise, "nach móran feall!" Tháinic na deóra i n-a súilibh annsin, agus níor fhéad sí labhairt go ceann tamaill, le méid a cumha.

"An gcluin tú, a óglaigh?" ar sí faoi dheireadh.

"Céard sin, a ríoghan?" ar seisean.

"Téirigh," ar sise, "agus fágh óglách eile, agus tugaidh libh an dá each is fearr dá bhfuil ag m' athair, agus bígidh leobhtha annso ar a' bpointe."

Tháiniceadar chuici, agus an dá each aca.

"Imthigidh libh go beó i ndiaidh an tslóigh, agus," ar sí le Giolla Gusmhar an tSléibhe, "tabhair thusa an bráighsiléad so dho'n Árd-fhlaith le sgéala uaim-se, agus fan thú féin i n-éinfheacht leis, nó go mbídh an cogadh réidh le sgéal a thabhairt chugam-sa, má éirigheann tadaí dhó. Chomh luath agus casfar libh é, cuir an t-óglách eile ar ais chugam-sa le sgéal; acht, ar a bhfaca sibh ariamh, na hinnsigidh dho aonduine, cia a chuir i dteachtaireacht sibh."

D'imthigheadar annsin, agus níor tharraingeadar srian ariamh go dtáiniceadar suas leis an sluagh, ag Sruth na Maoile Mairbhe.

Bhí Eochaidh Mac Rí 'nÉirinn agus Catach Cróganta ag siubhal araon ar an mbán rómpa. Nuair a chonnaic- eadar an bheirt mharcach agus cubhar le béal na n-each, "Cia a chuir i dteachtaireacht sibh?" arsa Catach.

"Níor chuir duine ar bith," ar siad-san.

"Cia'n chruadhóg sin oraibh mar sin?" arsa Eochaidh.

"Ní'l tadaí," ar siad-san, "acht badh mhaith linn sgéalta cogaidh a bheith againn dár muinntir féin."

D'imthigheadar annsin i measg na n-óglách eile, agus is gearr go bhfuair Giolla Gusmhar an tSléibhe deis le dul chun cainte go cúlráideach le Eochaidh, gur innis sé dhó 'ch uile rud dár dubhradh leis, agus gur thug sé an bráighsiléad dó. Bhí an-áthas, agus luthgháir an domhain ar Eochaidh annsin, gur chuir sé fáil óir le sgéala ar ais ag Eithne, a' rádh gur beag an mhoill a bheadh air féin, go dteagadh sé ar ais chuici.

Bhí an cabhlach faoi réir sa gcuan, agus na luingis ar snámh. Chuaidh na gaisgidhigh isteach ionnta, gur ghluaiseadar thar ghlas-mhuir, go mhéidhreach mór- mhuinighneach, anonn go hAlbain. Ní dhearnadar stad nó comhnuidhe go ndeachadar chomh fada le cúirt Rí Alban.

"Bheadh fáilte chóir charthanach," arsa Rí Alban, "agus míle fáilte agam rómhaibh, mura dteagadh sibh acht ar cuairt, acht tá dhá oiread eile fáilte ag dul daoibh, ó thárla gur a' fóirighin orm in mo chruadh-chás a tháinic sibh."

"Ní lugha ná sin an fháilte a bheas againne roimh na Rómhánachaibh," ar siad-san, "am ar bith is mian leobhtha a theacht chugainn."

Chaitheadar an oidhche sin go haoibhinn agus go siamsamhail le chéile, gur éirigh Eochaidh suas i n-a measg, agus gur labhair sé:

"Cia hiad so atá a' déanamh aois-dhíoghbháil dho'n 'ileán fré chéile? Tá sé i gceist go bhfuil ceannas aca anois ar ríoghachtaibh an domhain - ceapann siad nach bhfuil dream daoine ar bith i n-ann iad a theang- mháil - badh cheart go mbeadh eólas ní b'fhearr aca ar Chlannaibh Gaedheal. Is cosamhail go bhfuil Gealta, athair mór m'athar-sa imthighthe as a meabhair. Má's mar sin é, is dona an chuimhne atá aca. Acht béidh cuimhne go deó ar Ghealta, agus ar na fíor-laochraidhe Éireannach a bhí leis - béidh a gcliú agus a gcáil dá n-aithris go lá luain an bhráthaich - gur b'iad amháin a bhí i n-ann rith agus ruaig a chur ortha so, nuair a b'éigin dho 'ch uile ríoghacht eile géilleadh dhóibh."

"Mo ghrádh thú, a mhic rí;" arsa Rí Alban. "Nár thigidh lagar ort. Tá dá oiread misnigh againn ó tháinic tú chugainn. Bhéarfaidh mé dhuit ceannas ar mo shlóightibh féin."

"Ní éileochaidh mé sin ort," arsa Eochaidh. "Mura bhfuil fíor-laochra Éireann i n-ann sgíth thabhairt dho do chuid fear, bheadh sé chomh maith aca fanacht sa mbaile. Cia mhéid gaisgidheach a thug tú leat, a Chataigh?"

"Gaisgidheach agus trí fichid," arsa Catach. "Is fear comhlainn céad gach duine aca."

"Tá gaisgidheach le cois agad," arsa Eochaidh, "acht is fusa go mór na Rómhánaigh a throid, ná laoch as Éirinn fhághail, a chuireas suas do'n chomhrac."

"Ní bréag!" ar siad-san.

"Tá roinnt eólais agam-sa," arsa Eochaidh, "ar an mbealach is gnáthach le slóighte na Róimhe troid a dhéanamh. Caitheann siad, i dtosach, gaoithe gaimhtheacha, chomh dlúith le cith sneachta, le cur i n-a seasamh i n-ar sgiathaibh. Tugamuid ruathar fútha, agus ní'l stróbh ar bith orainn-ne, atá oilte i gcleasaibh lútha na nGaedheal, cromadh go talamh, agus na gaoithe gaimhtheacha a sgaoileadh tharainn."

Moladar ar fad an chomhairle sin, agus bhíodar faoi réir le haghaidh na troda lá ar n-a mháireach.

Bhí sluagh mór millteach ag na Rómhánachaibh i n-a n-aghaidh, agus iad ina seasamh go dlúith daingean i n-éan líne amháin.

"Ní'l rud ar bith is mó is cosamhail leis iad ná uillphéist mhór fhada, sínte ar an talamh," arsa Catach.

"Téigheadh duine againne," arsa Eochaidh, "leis an gceann a bhaint dho'n uillphéist fhada sin, agus baineadh an duine eile againn an t-earball di."

"Seadh," ar seisean, "agus téigheadh na laochra eile agá n-a lár le n-a sgoilteadh ó chéile."

Rinneadar amhlaidh, agus thugadar ruathar forránach sanntach faoi na Rómhánachaibh, gur bhriseadar agus gur réabadar an sluagh mór fré chéile, agus duine ar bith a tháinic rómpa i n-a mbuillíbh, ní raibh an dara buille a' teasdáil uaidh.

'Sé an ceann dhe'n tslógh a d'ionnsuigh Eochaidh an chéad chuid a thosuigh a' teitheamh, agus lean sé iad i bhfad, dh'á dtreasgairt, go ndeachaidh sé as amharc na muin- tire eile. Lean Catach agus na laochra eile an chuid eile dho'n tslógh, nó gur shíleadar nach raibh duine ar bith níos mó le leanamhaint. D'fhilleadar ar ais annsin go lúthgháireach ag Rí Alban.

Thárlaidh go raibh trí mhíle fear dho na Romhánachaibh i suidheachán i dtom coille, agus nuair nach bhfacadar duine ar bith le Eochaidh, acht é féin, chruinnigheadar thart air.

An mhuintir a bhí ar a aghaidh amach, bhí sé dhá leagan, agus ní raibh an mhuintir taobh thiar dhe i n-ann a thigheacht suas leis. Dhéanfadh sé a bhealach amach asta meireach gur briseadh a chlaidheamh. Nuair a chonnaiceadar sin dhruideadar isteach air, le n-a mharbhadh ar áit na mbonn.

"Fóill, fóill!" ars an taoiseach a bhí os a gcionn, "gabhaidh dhe láimh é - ní'l i ndán dó sin bás fhághail, go gclaoidhtear é le beithidhigh éigcéill' na bhfásach. Is iomdha lá siamsa a bainfear fós as i bpríomh-chathair na Róimhe, agus beithidhigh fhiadhána dhá stialladh."

Ghabhadar annsin dhe láimh é, gidh gur b'iomdha duine aca a d'fhág sé ar lár le bun a chlaidhimh.

CAIBIDIL III.—AN THÓIR EÓCHADH.

IS gearr go dtug na laochraidhe faoi deara nach raibh Eochaidh Mac Rí 'nÉirinn i n-a measg.

"Cá bhfuil Mac Cathaoir?" arsa duine aca.

"Is gearr go bhfeicidh sibh é," arsa Catach, "ba dual aithreacha dhó sin a bheith chun tosaigh a' ruagadh na námhad, agus ar deireadh a' filleadh ar ais; acht is gearr go bhfeicidh sibh anois é."

Níor bhfada go bhfacadar chuca Giolla Gusmhar an tSléibhe, agus é a' rith ar a dhícheall.

"Ó," ar seisean, "tá Eochaidh i láimh ag na Rómhánachaibh. Bhí sluagh mór aca i suidheachán agus chruinnigheadar air, acht bhí sé dhá dtreasgairt agus dá leagan mar sgata éanacha, nó gur briseadh a chlaidheamh. Dhruideadar isteach ann sin air, gur ghabhadar é dhe láimh."

Nuair a chualaidh na gaisgidhigh an sgéal sin, leigeadar naoi ngártha cumha agus d'fhreagair na cnuic agus na gleannta ar ais iad.

"Nár théighmuid slán a bhaile go hÉireann," arsa Catach, "má fhágamuid duine aca beo sa n-oileán, má ghníonn siad dochar nó díth dhó, acht é a thabhairt beo slán dúinn, sul dá dtéighe an ghrian faoi anocht."

Ann sin a ghluais na laochraidhe leobhtha go luath tapa, agus badh uathbhásach an t-amharc le dearcadh air, na ríogh-ghaisgidhigh sin, i n-a gcultachaibh catha agus cruadh- chomhraic, agus a gclaidhmhthe claisleathana cruadhaighe, agus a ngaoithe géara gaimhtheacha, fastuighthe go cruaidh teann aca; agus iad a' rith go dian dána deágh-thapa, ar lorg na Rómhánách, agus Giolla Gusmhar an tSléibhe a' déanamh eolais an bhealaigh dhóibh.

Dá mhéid deifir dá ndeárnadar, bhí na Rómhánaigh istigh go slán sábháilte sa dún rómpa.

Bhuaileadar a sgiatha go cruaidh teann, agus d'fhuagair siad cath agus comhrac ortha ar áit na mbonn.

Tháinic an taoiseach amach ar chiumhais an dúna chuca.

"A chladhairí fealltacha fíor-ghránda," ar siad-san, "agus a spriosáin shuaracha, ní fhágamuid ceann ar cholainn, nó dún gan dearg-lasadh oraibh, mar' gcuiridh sibh ar ais chugainn gan mhoill an laoch lán-chalma, ar éirigh libh a thógbháil le feillbheart."

"Tá sé fánach agaibh dún daingean do'n tsamhail seo a ionnsuighe," ars an taoiseach, "agus má tá an oiread sin dhe ghealtaigheacht oraibh agus go bhféachfaidh 9 sibh leis -"

"Leig dho do chuid cainte," ar siad-san, "acht sgaoil amach an fear chugainn, acht mura ndéanaidh sibh sin, gheobhfaidh sibh amach gur beag an mhaith dhaoibh dún nó daingean."

"Is fearr dhaoibh-se an cúirse a ghlacadh go réidh," ars an Rómhánach, "agus an sgéal a leigint chugaibh. Má bhuaileann duine agaibh-se buille taobh 'muigh ar an dún, buailfear an dara buille taobh 'stigh, leis an gceann a bhaint dho'n fhear atá i láimh againn."

Bhí Rí Alban a' teacht chuca an uair sin, agus chualaidh sé an chuid dheiridh dho'n chaint.

"Tá fhios agam-sa," ar seisean leis an taoiseach, "an rud atá uait, agus bhéarfaidh mé meádhachan Eochadh dhaoibh de'n ór bhuidhe, má thugann sibh ar ais é."

"Tá roinnt staidéir annad-sa," ars an taoiseach. "Acht seo é dlighe na Róimhe: duine ar bhith a cuirtear i sáinn nó i dteannta ar pháirc an bhuailte, agus go ngaibhtear é le neart agus le calmacht muintire na Róimhe, i riocht is go gcaithfidh sé géilleadh dhóbhtha, agus cara is coimirc fhághail uatha, ní'l i ndán dó sin saoirse fhághail go mbainidh sé amach í, i bpríomh-chathair na Róimhe, a' troid le beithidhigh éigcéill' na bhfásach nó a' troid leis an muintir eile atá againn i ngéibheann."

"Bhéarfhaidh mé a mheádhachan faoi dhó dhaoibh do'n ór bhuidhe as ucht é a leigean amach," arsa Rí Alban.

Bhí Eochaidh ag éisteacht leis an gcaint sin, agus labhair sé: -

"Ní bhéidh sé le trácht orm-sa, go gceannóchadh ór na ríoghachtaidhe mo cheann ná mo choiméad beatha. Gidh gur lag tláith atá mé de bhárr mo chréachtaidhe a bheith fuaruighthe, bainfidh mé mo shaoirse amach le comhrac éin-fhir, leis an ngaisgidheach is fearr d'á bhfuil aca; agus mara bhfuil siad sásta sin a thabhairt dom, tá mé toileamhail chun mo bháis, agus déarfaidh mé libh-se, fhíor-laochraidhe na hÉireann, mo bhás a dhíol go maith ar na cladhairíbh seo."

"A' bhfuil sibh sásta comhrac éin-fhir a thabhairt dó?" arsa Catach.

"Déanfamuid an rud a bhéas feileamhnach," ars an Romhánach, agus labhair sé go réidh socair, i riocht is nach gcloisfeadh Eochaidh é, mar nár mhaith leis an t-ór a chailleadh. "Ní'l sé i n-aghaidh dlighe na Róimhe éiric a ghlacadh ar son duine atá i ngéibheann, agus ní'l aimhreas ar bith agam nach mbéidh mé i n-ann socrughadh a dhéanamh le Rí Alban. Ní gnáthach linne comhrac i ndiaidh comhraic a chur ar éinneach, nó duine atá i ngéibheann againn a throid ath-uair, gidh go bhfuil saoirse le fághail ag daoinibh i mbraighdeanas, as ucht troda le chéile. Cuireann sinn beirt aca a' troid sa Róimh, agus an té a mharbhuigheas a chéile comhraic, tá saoirse le fághail aige. Acht tá baramhail agam go socróchaidh mé féin agus Rí Alban an cúrsa le chéile, i riocht is nach mbéidh cáll air a dhul dho'n Róimh.

"Ná raibh bail oraibh, a chladhairí cama," arsa Catach. "Sibh-se a bheith ag iarraidh ceannas an domhain a bheith agaibh! Cuireann sibh daoine atá i ngéibheann a' comhrac le chéile, agus faitcheas oraibh féin duine aca a theangmháil le gníomh gaisge. Ní shásann sé sin sibh go gcuiridh sibh isteach iad i measg beithidheach éigcéill' na bhfásach, agus gan ainmhidhe ar bith chomh dona libh féin - acht ní'l aon bhaoghal orainn-ne go leigfea- muid dhaoibh feall a dhéanamh ar fhíor-laoch Éireannach. Mura bhfuil sibh sásta comhrac éin-fhir a thabhairt dó, ní fhágfamuid duine agaibh beo ar dhruim na talmhana."

"Fuirigh ort mar sin," ars an taoiseach, "go nglacaidh mé comhairle le mo mhuintir. Ná bíodh imnidhe oraibh nach ndéanfamuid-ne gach nídh go feileamhnach cneasda, mar is dual do mhuintir na Róimhe."

D'imthigh sé annsin, agus ghlaoidh sé chuige sean-draoi, a bhíodh a' baint mheabhrach as éanachaibh.

"Céard is fearr dhúinn a dhéanamh sa gcúis seo?" ars an taoiseach.

"Níor mhór dhuit," ars an draoi, "ceann aon ghais- gidhigh amháin i n-éiric do mhuintire a thuit leis-sean agus le n-a cháirdibh, agus tabhair comhrac éin-fhir dhó agus béidh a cheann agad. Ní gníomh gaisge, nó cruas claidhimh a chlaoidhfeas é, acht tuirse throm agus soilsiughadh soluis."

"Cialluigh sin dom," ars an taoiseach.

"Ciallóchad," ar seisean. "Bhí sgata éanacha agam indé, agus chuir mé a' troid iad. Bhí ceann aca - éan mór meargánta - agus gob géar air, nach bhfágfadh fuigheall buille nó béime, de'n chéad iarraidh, agus mharbhuigh sé suas le céad dhe na héanachaibh eile. Ar maidin indiu las mé solas fó n-a cheann, nó go raibh a shúile beagnach dallta agam. Chuir mé éan mór eile annsin a' troid leis, agus nuair nach raibh radharc maith aige, ní raibh sé i n-ann sáthadh ar bith a chur i gcion. Bhí sé tuirseach sáruighthe dhe bhárr troda ar feadh dhá lá agus 'ch uile ghob a bhuailfeadh an t-éan i n-a aghaidh, bhí sé dh'á chur i gcion, agus a' breith buaidh air i leabhaidh a chéile, gur mharbhuigh sé faoi dheireadh é."

"Cialluigh brígh an sgéil sin dom," ars an taoiseach.

"Ciallóchad," ars an draoi. Thosuigh an bheirt aca a' cogarnuighil le chéile. Thar éis tamaill, d'imthigh an taoiseach, go lán-tsásta i n-a aigneadh, go dtí na laochraidhe Éireannacha, agus dubhairt leobhtha go bhfágfadh sé Eochaidh mac Rí 'nÉirinn i bhfiadhnaise an dá shlógh i n-imtheacht na hoidhche, agus go raibh duine fáighte aige féin, le comhrac éin-fhir a thabhairt dó, lá ar na mháireach.

CAIBIDIL IV.—AN COMHRAC ÉIN-FIR.

BHÍ go maith. Nuair a tháinic an mhaidin, agus gur shoill- sigh an ghrian amach le solas an lae ghil bhreágh, d'éirigh amach óglách de mhunintir na Róimhe, agus sheas sé ar fhaithche an dúna.

Thóig sé an bheann-bhuabhaill, agus sheinn sé í ós íseal agus ós árd, i bhfiadhnaise an dá shlógh.

D'éirigh Eochaidh amach, agus sheas sé ar fhaithche an dúna, agus badh mhaiseach mear-lúthmhar a dhearc sé i n-a chulaidh chatha, ag feitheamh le n-a chéile comhraic.

D'éirigh gaisgidheach na Róimhe amach, agus é gléasta i lúireach lán-shoillseach Lochlannach, agus cathbharr lonnrach líomhtha ar a cheann, agus ní raibh ordlach dhá chorp nach raibh clúduighthe le héideadh pláta a bhí ag deallradh sa ngréin.

D'ionnsuigh na fir a chéile annsin, go fíochmhar feargach, agus go te teann; agus ní raibh aon iarraidh dh'á dtugadh Eochaidh faoi'n Rómhánach nach síleadh laoch- raidhe na hÉireann go bhfágfadh sé sínte é. Acht thugadar faoi deara nach raibh na buillidhe ag dul i gcion, agus rinneadar iongantas mór de.

Is amhlaidh a thárluigh: bhí solas ag deallradh i n-a shúilibh gach uile mhóiméad, agus chaillfeadh sé amharc ar an Rómhánach, agus ní fhéadfadh sé sáthadh nó buille ar bith a chur i gcion.

D'fhan mar sin go dtí meadhón lae. "Ó," arsa Rí Alban, "is cosamhail go bhfuil tuirse agus díth suain ag goilleadh ar mhac Chathaoir, agus tá dul ag an Rómhánach air."

Bhí Giolla Gusmhar an tSléibhe ag faire go grinn, agus d'aithin sé ar aghaidh agus éadan na Rómhánach go raibh feall d'á imirt aca. Faoi dheireadh thug sé faoi deara céard a bhí ar bun.

Rith sé anonn ag an duine ba goire dhó dhe laochraibh na hÉireann, fear a dtugaidís Liagán Láimh-éachtach air.

"Ó," adeir sé, "tá feall d'á imirt aca - tá dháréag aca i bhfalach, agus sgáthán ag gach duine aca, agus iad a' stealladh solais na gréine i súilibh mhic an ríogh."

"Tabhair thusa chugam beart de ghathannaibh géara," arsa Liagán, "agus is gearr go múchaidh mise an solas."

Thug sé sin chuige, agus chaith Liagán na gathanna go fíor-ghlic deágh-thapa, go ndearna sé cunuas de na sgáthánaibh i lámhaibh na Rómhánach, agus gur chuir sé gath treasna thrí gach duine aca, agus d'fhág sé greamuighthe do'n talamh iad.

Ar an móiméad céadna, thug Eochaidh buille feargach tobann i gcomhair an Rómhánaigh agus sgiob sé an ceann de.

Nuair a chonnaic na nÉireannaigh sin, chuireadar suas gáir mhaoidhte, agus shéideadar a ndois.

D'éirigh Liagán de chrannaibh a chraoisighe, go ndeach- aidh sé isteach dhe léim thar sonnach an dúna, agus rug sé ar láimh go croidheamhail carthannach ar Eochaidh.

"A laochraidhe na hÉireann," ar seisean annsin, "má's mian libh sásadh feille a bhaint amach leanaidh mise, agus ní fhágfamuid duine aca beó ar dhruim na talmhana."

D'ionnsuigh Liagán agus Eochaidh na Rómhánaigh annsin, agus is gearr go raibh na gaisgidhigh eile isteach chuca tar shonnach an dúna agus thosuigh na Rómhanaigh ag rith amach an taobh eile do'n dún. Lean na hÉireannaigh iad, agus bhí Eochaidh leobhtha chomh maith le duine, go rug Liagán ar ghualainn air.

"Ní fheileann sé seo dhuit-se," ar seisean, "tá tú a' tabhairt fola as do chneadhachaibh."

Badh mhaith le Eochaidh dul ar aghaidh, acht ní ghlacfadh Liagán sin uaidh, acht chuir sé ialach air suidhe síos gur cheangail sé a chréachtaidhe. D'fhan siad mar sin go dtáinic na gaisgidhigh eile suas chuca.

Filleadh dhoibh go cúirt rí Alban; is beag nach ndeachaidh Eochaidh ó shiubhal, le a raibh d'fhuil caillte aige.

Chuir Rí Alban coróin ríoghdha ar a cheann as ucht buaidh fhagháil i gcomhrac éin-fhir, mar ba ghnáthach 'san aimsir sin.

Bhí siad ar fad le dhul a bhaile go hÉirinn gan mhoill, acht chuireadar comhairle ar Eochaidh fanacht bfhuil rí Alban go mbéadh a chréachtaidhe cneasuighthe.

Nuair a chualaidh Giolla Gusmhar an tSléibhe sin, dubhairt sé leis féin: "Rachaidh mise a bhaile chun tosaigh orra, ar fhaitcheas go gcloisfeadh Eithne Áluinn sgéala go raibh sé loitthe, agus go nglacfadh sí cumha agus imnidhe."

D'imthigh sé leis annsin, agus ní dearna sé stad nó comhnuidhe go ndeachaidh sé go cúirt Rí Chonnachta.

Nuair a chonnaic Eithne a' tigheacht é, sgannruigh sí. "A bhfuil Eochaidh a' teacht a bhaile beó slán?" ar sise.

"Tá," ar seisean, "acht go mbéidh beagán beag moille air." D'aithris sé iomlán an sgéil di annsin.

Bhí Eithne go brónach dólásach nuair a chualaidh sí an riocht ina raibh sé, agus do chaoi sí na frasa diana deór anuas le méid a cumha.

"Ní'l ádhbhar imnidhe nó cumha agat," ars an giolla, "acht ughdar luthgháire agus ríméid faoi go dtáinic sé slán ó'n nguais ina raibh sé."

"Ó éist liom," ar sise, "imthigh uaim go fóill go sásuighidh mé mo chroidhe, agus go gcaoinidh mé mo sháith."

Fágadh í i n-a haonar annsin, agus dubhairt sí an laoi:

Ní haoibhinn maidin níos mó, Le ceól is le ceileabhar na n-éan, Agus béidh mé faoi bhrón Ag neóin 's ag deiread an lae, Ó himrigheadh ar mo stór Le fóirneart 's le falsacht ro-ghéar, An té a bhí calmach sa ngleó, Go cóir is go teachtmhar liom féin. Tá an saoghal ar fad uaigneach Nuair a ghluaiseas an solas gach lá; Nuair a shéideas gaoth 'dtuaidh Go cruaidh mar thagann sí tráth, Le neartughadh an fhuaicht Bíonn dubhachan is meathadh ar an mbláth Is béídh neartughadh na cumha Dho mo bhuaidhreadh feasta go bráthach. Má tá brígh is an ngréin Le Céachta a's le fásaibh an Choll, Íocshláinte sa saogal, Nó éifeacht i leághaibh na bhFionn, Rachaidh mé féin, Go ndéanad, gan chuideachtain liom, A mhín-chneas gheal tréimh Slán ó chréachtaibh, gan chlom dhá gcionn.

Thar éis ráidhte na laoi sin di, chuir sí fios ar an nGiolla Gusmhar, go bhfághadh sí tuilleadh tuairisge uaidh.

Thug seisean sin di, gan easnadh gan áidhbhéil.

"Cia'n tsamhail de dhaoinibh atá i dteaghlach Rí Alban?" ar sise.

"Fir aigeanta agus mná mánla," ar seisean, "agus inghean a rug bárr áilne ar mhnáibh na ríoghachta, agus 'sé an t-ainm atá uirri Maighne na Mín-ghile, Aoileann na hAlban."

"Slán an sgéal," ar sise, "acht cia'n tsamhail de chruth agus déanamh atá uirri agus"

CAIBIDIL V.—TEACHT A-BHAILE GO hÉIRINN.

"BÉARFAINN duit, a ríoghain," ars an Giolla Gus- mhar, "tuarisg iomlán ar chruth agus déanamh Mhaighne na Mín-ghile, dhá mbadh thoil leat é a chloisteáil."

"Tuairisg iomlán atá mé iarraidh," adubhairt sise, "agus aithris dom é."

"Aithreósad sin duit, a ríoghan," ars an Giolla. "Ní gan fáth a baisdeadh Mín-ghile uirri, mar is gile a cneas ná an eala ar an gcuan, tá a leacaidhe mar an lile, a gruaidh níos deirge ná an rós, rosg a súl chomh gorm leis na spéarthaibh lá foghmhair, agus chomh lonnrach leis na réaltaibh oidhche ghlan gheimhridh, agus chomh macánta le maidin chiúin cheómhair sa samhradh, agus tá gruag ombra órdha a cinn ina dualaibh go féar léithe agus níor moladh óigbhean ariamh i ndántaibh na nGaedheal a mb'fhearr an aghaidh uirthí moladh a fhagháil ná í, agus chualaidh mé na laochraidhe dhá moladh go mór."

"Na laochraidhe?" ar sise, "cia haca?"

"Chualas," ar seisean, "agus go háirithe Catach Cróganta, mar ghlac sé féin agus í féin spéis mhór d'á chéile; bhí seisean a' cur a dhúthrachta i n-umhal di agus ise a' tabhairt a gnaoi dhó mar an gcéadna."

"Tá mé buidheach dhíot; is maith a rinne tú do theachtaireacht, agus ní dhéanfaidh mé dearmad luach- saothair mhaith a thabhairt duit."

Nuair a d'imthigh an Giolla Gusmhar, "Is gearr," ar sise, "ó bhí Catach a' cur a dhúthrachta i n-umhal damh- sa; ní'l fhios agam a' gcualaidh sé tada a d' athróchadh é. Badh mhaith lem' athair cleamhnas a shocrughadh eadrainn freisin, acht ní fearr liom anois bealach dhá mbéadh an sgéal ná tá th'réis cloiste agam."

D'fhan na laochraidhe Éireannach nídh b'fhuide ná bhí leagtha amach aca i dtosach - d'fhanadar i bfhuil Rí Alban, óir dubhairt seisean leóbhtha:

"Is cuairt ghearr anróiteach gan tsásamh atá déanta agaibh go dtí seo, agus is fairsing flaitheamhail an fháilte atá agam-sa romhaibh le fanacht liom go ceann lae agus bliadhna, agus má théigheann sibh a-bhaile chomh luath seo, déarfaidh feara Fáil gur dona an aoidheacht a thug mé dhaoibh, th'réis a ndearna sibh dhom."

"Fanfamuid," ar siad-san, "go mbídhmuid a' dul a-bhaile i gcuideacht, agus go mbídh Eochaidh mac Cathaoir i n-ann a dhul linn. Gidh gur tinn treáinneach a bhí sé aréir is mór a tháinic sé chuige féin ó shoin."

"Ní'l ann," arsa Liagán, "acht go mbéidh sé i n-ann a dhul abhaile i gcomhair Féise na Teamhrach faoi Lughnas, agus tá súil againn go dtiocfaidh tú féin agus do chomhluadar linn go hÉirinn ar an ócáid sin."

Chaitheadar an aimsir annsin go haoibhinn le chéile a' seilg imeasg cnoc agus gleannta na hAlban. Bhíodar lá a' teacht abhaile ó'n tseilg agus casadh Catach agus Liagán agus uimhir eile dhe na laochraibh ar a chéile.

"Is aoibhinn áluinn an tír í seo," ars Liagán, "leis an loinnir atá ar chnoc agus ar ghleann, agus badh mhór an díthcéille dhúinn gan tamall a chaitheamh ann."

"Is áluinn an tír í go cinnte," arsa Catach, "acht is fada liom-sa go dtéidhidh mé abhaile."

"Is fada mar dhóigh-dhe," arsa Liagán:" Ba chórtha go mór dhamh-sa deifir a bheith orm a-bhaile, óir d'fhág mé bean agus clann i mo dhiaidh, seach's tusa atá annseo i bfhuil do chéile agus do chliamhain."

"I bfhuil mo chéile agus mo chliamhain!" arsa Catach, "cia hiad mo chéile agus mo chliamhain?"

"Anois, a Chataigh," arsa Liagán, "is dona a thagann sé dhuit-se a bheith a' leigean ort féin nach dtuigeann tú mé, agus fios maith agam-sa agus ag 'ach aon duine annseo chomh mór agus tá tú féin agus inghean Rí Alban le chéile.

"Is mór atá sibh a' dul amudha, d'oile," arsa Catach, "támuid carthannach le chéile dearbhtha, acht ní'l aon dúil agam an brat pósta a chur uirthi - ní dha lochtughadh atá mé, óir is deacair a samhail a fhághail - acht b'fhearr liom inghean atá ag Rí Chonnachta; casadh liom í nuair a bhí mé thiar ann ag cruinniughadh na ngaisgidheach, sul dá dtáiniceamar i leith annseo. Nuair atá bean in mo thír féin a thaithnigheas liom, a Liagáin, ní go hAlbain badh chóir dom a theacht a thóraigheacht mná."

"Ní dhéanfainn dealughadh ar bith idir Éirinn agus Albain," arsa Liagán, "mar nach bhfuilmuid-ne agus iad-san beagnach ar aon chineadh le chéile, seachas daoine eile nach bhfuil gaol ná dáimh againn leóbhtha, agus dá mbéadh dúil agam-sa dealughadh a dhéanamh idir an dá thír, ní mar sin a dhéanfainn é, acht bhéarfainn na mná is áilne uatha anonn go h-Éirinn, i riocht as go mbéadh sgoith na nGaedheal i n-ar dtír féin, agus a Chataigh, ó thárla a' caitheamh an oiread sin dúthrachta léithe thú, ní móide gur fearr a dhéanfá do leas ná cleamh- nas a cheangal léithe."

"Dar mo bhriathair," a Liagáin, "tugadh as t'ainm thú nuair a baisdeadh "Lámh-éachtach" ort, óir feicthear dhom féin, dá mbéadh fhios go raibh teanga chomh slea- mhain sgafánta sin agat, nach as gníomh do láimhe a bheitheá ainmnighthe."

"Nár théighidh me slán abhaile go hÉirinn," arsa Liagán, "mar' dtugaidh mé féin cuireadh 'un Féise na Teamhrach dho inghean an Rí, mar ndéanaidh tusa é, agus tá mé a' dul amudha go mór nó is beag a ghoillfeas easbaidh do choimirce uirthi imeasg laochraidhe na hÉireann."

"Tig leat cuireadh agus fiche a thabhairt, má is maith leat é, acht ní'l cáll agat leis, óir tá sé geallta aici cheana dhamh-sa a thigheacht 'un na Féise."

Is gearr go raibh Eochaidh Mac Rí 'nÉirinn i n-ann a dhul amach sa tseilg agus níor bh'fhada go raibh sé chomh maith is bhí sé riamh.

Ba mhór leis fanacht i gcómhair Féise na Teamhrach mar ba mhaith leis dhul a bhaile go hÉirinn ar fhaitcheas nach dtiocfadh Eithne go dtí an Féis. Dubhairt sé le Rí Alban go raibh cruadhóg mhór air le dul go hÉirinn agus nach bhféadfadh sé fanacht nídh b'fhuide.

"Tá maithe agus mór-uaisle mo ríoghacht-sa ag dul ag an bhFéis," ars an rí, "agus ní'l nídh ar bith is mó a chuireas fonn orm a dhul ann ná mac t'athar-sa bheith linn, agus is mór orm nach bhfanfá leis na laochraidhe eile go mbéadhmuist ar fad i gcuideacht."

"Dá bhféadainn sin a dhéanamh," arsa Eochaidh, "badh mhaith liom é. Acht ní thig liom; ní móide go bhféad- ainn-se fanacht ag an bhFéis mar' dtéighidh mé abhaile anois."

"Is mór é mo bhuidheachas duit-se," ars an rí, "agus rud ar bith a iarras tú orm bhéarfaidh mé dhuit é."

"Ní éileóchaidh mé tada ort," arsa Eochaidh, "acht thú féin agus do chlann feiceáil ag an bhFéis, agus nach ndéanfaidh sibh faillighe a dhul ann."

D'íodhlaic an rí agus mór-uaisle a chúirte agus na laochraidhe Éireannach go dtí an cuan é, agus bhí Rí Alban ag tabhairt bronntanais óir agus airgid dó.

"Ní ghlacfaidh mé ór ná airgead uait, a rí," ar seisean, "ní maoin ná saidhbhreas a shanntuigh mise ariamh, acht a' foghluim gníomhartha gaisge agus dho m'oil- eamhaint fhéin i gcleasaibh lútha na nGaedheal. Bhí maoin agus dúthaigh agam ó m'athair, acht d'fhág mé ar choimhéad duine eile iad, agus ní'l mé ina ndiaidh air, cíbé buntáiste fhéadfas sé a bhaint asta, go mbídh mé féin faoi réir le aire a thabhairt dóibh."

Dubhairt Liagán lámh-éachtach go rachadh sé féin dhe chomhluadar leis, "óir is mór liom," ar seisean, "tú a bheith ag imtheacht leat féin gan duine ná deóraidhe in do chuideachtain, acht do bheirt óglách, agus ó thárla cruadhóg ort le himtheacht, ní dochar dhuit mise a bheith leat, agus bhéadh cumha orm uair a' chluig a chaitheamh annso i do dhiaidh."

"Ná raibh an oiread sin dhe thinneas bliadhna ort," ars Eochaidh, "badh mhaith é do chomhluadar níos fuide ó bhaile.

D'fhág an dís deágh-laoch sin céad slán agus beannacht ag rí agus mór-uaisle Alban agus agá n-a muinntir féin, agus ní dheárnadar stad ná mór-chomhnuidhe go dtáinic- eadar go cúirt Rí Chonnachta.

Bhí fearadh na fíor-fháilte rompa annsin agus má's tuirseach traochta a bhíodar, is meidhreach mear lúthmhar a rinneadh iad.

Le nuadh gach biadh, le sean gach óil I maisaibh criostail, i gcuachaibh óír, Le caoineas comhráídh, saighneas sáimh, Suaimhneas codlata go lá.

Agus ní lúgha an lúthgháir agus ullghárdas a bhí ar Eithne roimh Mhac Rí 'nÉirinn ná bhí air-sean í a fheiceáil aríst, gur chaitheadar ag congbháil comhráidh le chéile an oidhche sin an fhad is bhí Liagán ag aithris do'n rí imtheachta na laochraidhe i n-Albain.

CAIBIDIL VI.—TÓRUIGHEACHT ÉIN NA GCÚIG NDATH.

CHAITHEADAR seacht n-oidhche agus seacht lá ag fleidh agus féasta i gcúirt Rí Chonnachta; agus thuig gach uile dhuine sa gcúirt cia'n t-ádhbhar a bhí ag Eochaidh Mac Rí 'nÉirinn ag teacht go dtí iad; agus bhí baramhail ag an rí gur ag iarraidh a inghine mar mhnaoi phósta a tháinic sé, acht níor chuir sé chuige nó uaidh, acht fanacht go labhruigheadh sé fhéin.

Fá dheireadh, nuair a cheap Eochaidh go raibh 'ch uile nídh córach feileamhnach, chuaidh sé chun cainnte leis an rí, agus dubhairt sé: -

"Ní cabhair dhom fanacht níos fuide gan innseacht duit, a rí," ar seisean, "fios ádhbhar mo thurais; agus gurb-éard a thug annseo mé, go bhfághainn t'inghean mar mhnaoi, óir ní'l sa ríoghacht bean is annsa liom ná í."

"Dá bhfantá níos fuide ag mo chúirt," ars an rí, "ní chuirfinn féin ceist ort, agus ní fhiafróchainn díot céard a thug an bealach thú. Ní fhéadfainn aon locht a bheith agam ar mhac t'athar mar chliamhain, acht ní thig liom, 'na dhiaidh sin, aon chléamhnas a shocrughadh leat fá láthair, agus innseócha mé dhuit cia'n t-ádhbhar:

"An oidhche a rugadh Eithne tháinic árd-ollamh ar cuairt chugam. Bhí sé i n-a sheanfhear chríon liath - agus tháinic sé chugam an oidhche sin; agus nuair a hinnsigheadh dó gur inghean a bhí ann, chuir sé geasa orm, dhá maireadh sí go haois a pósta, gan í a thabhairt le pósadh dho dhuine ar bith acht dho'n té a bhéarfadh chuici Éan na gCúig nDath. Má tá tusa i n-ann sin a déanamh gheobhfa tú í, acht mura bhfuil, ní thig liom-sa sgaradh léithe."

"Ní'l aon rud sa domhan nach bhféachfainn le n-a dhéanamh ar a son," arsa Eochaidh, "acht an bhfuil tuairisg nó cunntas agad cia gcomhnaidheann an t-éan sin, nó cábhfuil sé le fagháil?"

"Ní'l cunntas nó tuairisg agam acht an méid a dubhairt mé leat," ars an rí. "Chuaidh mac Rí Mhanann ar thóir an éin lá agus bliadhain ó shoin, acht níor frítheadh sgéal nó sguan beó nó marbh ó shoin air. Bhí Catach Cróganta as Sliabh Luachra annseo romhat- sa; agus nuair a d'innis mé dhó na geasa a bhí ann, dubhairt sé gur b'é a bharamhail nach raibh ins go leor de na geasaibh sin acht "seafóid sean-nósa," agus nachar chóir aon tsuim a chuir ionnta. Níor chuir mé féin leath-suim i dtosach ins na geasaibh, mar cheap mé go mbeidhinn luath go leor ag cuimhniughadh ortha; acht gach uile bhliadhain imthigheas tharm tá mé níos cinnte gur le hughdar maith a tháinic an t-ollamh chugam, mar ba gearr 'na dhiaidh sin gur cailleadh é. agus tá sé ag goilleadh orm go mór nár iarr mé comharthaidheacht nídh b'fhearr fá Éan na gCúig nDath, acht thuig mé uaidh nach raibh sé i n-a chumas an tuairisg sin a thabhairt dom."

"Geasa ar bith a cuireadh in do chionn i ngeall ar Eithne," arsa Eochaidh, "is geis do fhear a pósta thú a fhuasgailt uatha; agus féachfa mise le Éan na gCúig nDath a chur ar fagháil nó cinnfidh sé orm."

Tar éis slán agus beannacht fhágáil ag an rí, d'imthigh sé go dtí Eithne, agus d'innis sé dhi an freagradh a fuair sé. Níor chuala sí tadaí roimhe sin fá na geasaibh, agus ghlac brón agus cumha mhór í, nuair a bhí fhios aici go rabhadar ag sgaradh le chéile.

"Ná bíodh brón nó cumha ort, a ríoghan," ar seisean. "Ní'l ag an té is fearr sa saoghal so acht roinnt d'á shásamh; acht tá súil agam go bhfeicfidh mé thú ag Oireachtas na Teamhrach, agus beidh mé ann ar m'ais, má fhéadaim é."

"Ní'l as so go Lughnas acht mí," ar sise; "agus ní móide go mbeitheá-sa ar t'ais."

"Féachfa mé le bheith ag an Oireachtas, má's beó nó marbh a bhéas mé," ar seisean.

D'fhág sé slán agus beannacht aici annsin, agus ghluais sé féin agus Liagán Láimh-éachtach leóbhtha, agus, nuair a bhí míle bealaigh déanta aca, shuidheadar síos ar árdán, ag glacadh comhairle le chéile, cia ngabhfaidís ag tóruigh- eacht an éin.

"Dar mo bhriathair, a Eochaidh," arsa Liagán, "b'fhusa dhuit an bhainríoghan óg a thabhairt ar éalódh leat 'ná an t-éan éagsamhail sin fhagháil gan fhios agad cia'n áit do na seacht ríoghachta a gcuirfidh tú fáirnéis cá bhfuil sé."

"Nach fearr dhúinn," arsa Eochaidh, "Éire a chuart- ughadh go maith i dtosach sul dá gcuireamuid fáirnéis air i ríoghacht ar bith eile?"

"Sin é an rud is fearr dhúinn a dhéanamh go dearbhtha," arsa Liagán; "agus má fhághaim-se amharc air, bí cinnte nach n-imtheócha sé uainn go réidh."

Leis an gcainnt sin chonnaiceadar sgaoth éanacha ag imtheacht ins an spéir os a gcionn.

"An bhfeiceann tú an t-éan sin atá os cionn na codach eile?" arsa Liagán.

"Feicim," arsa Eochaidh.

"Dá mbadh é sin "Éan na gCúig nDath," badh gearr é t'aistear dhá thóruigheacht," arsa Liagán.

Leis sin sgaoil sé saighead suas 'san aer, agus bhuail sé an t-éan agus tháinic an saighead agus an t-éan anuas chuca i gcuideacht.

"Dar mo bhriathair," arsa Eochaidh, "nach é gníomh do láimhe a chlisfeas orainn."

Ghluaiseadar leóbhtha annsin, agus ní'l éan-áit mór- thimcheall na hÉireann a raibh trácht nó tuairisg go mbíodh éanacha ag cothuighe ann nár chuartuigheadar agus nár thóruigheadar, acht chinn ortha an t-éan fhagháil i n-áit ar bith.

"Séard tá againn le déanamh," arsa Liagán, "ár n-aghaidh a thabhairt glan díreach ó dheas as so, go dtéigheamuid chomh fhada le Seanachaidhe Sléibhe Bladhma; agus, má tá éan tuairisg le fagháil ar an éan, cuirfidh seisean 'san eólas sinn."

Thugadar a n-aghaidh annsin ar Shliabh Bladhma, agus ní dhearnadar stad nó comhnaidhe go dtáiniceadar go gabhail éadain tighe an tseanachaidhe.

Bhí an seanachaidhe i n-a sheasamh 'sa' doras, agus d'fháiltigh sé rómpa go carthannach, agus dubhairt sé:

"Má b'fhíor dho na sgéaltaibh a chualamar - má b'fhíor sin - ní bheitheá-sa go fóill abhaile ó'n gcogadh, a Eochaidh, mar chualamar go raibh tú tinn treáinneach - chuala sin; acht feicthear dhom nach bhfaca mé ariamh tú ag dearcadh chomh maith agus tá tú."

"Ní'l ádhbhar casaoide ar bith agam, go deimhin," arsa Eochaidh. "Cia'n chaoi a bhfuil an saogal ag eirghe leat féin, mar is fada nach bhfacamar beó nó marbh thú?"

"Ní'l aon chabhair a bheith ag casaoid - ní'l sin," ars an seanachaidhe. "'Ar ndóigh, is beag an mhaith fhéadfas mo leithéide a dhéanamh feasta - is beag sin - acht ag dearcadh ar dhaoinibh eile go maith, ag féachaint ar an saoghal, agus dá leigean tharm. Chualamar gur éifeachtach saoghail na gníomhartha a rinne sibh araon i n-Albain - chuala sin - agus go mbadh bheag libh gach a ndeárnabhar de shléacht agus de mharbhughadh ann, agus go raibh sibh i nÉirinn le mí, ag fáiteall ar fud na tíre agus ag caitheamh le éanachaibh."

D'innsigheadar dhó gur ag tóruigheacht Éin na gCúig nDath a bhíodar, agus go raibh sé cinnte ortha é fhagháil, agus gur ag súil le tuairisg uaidh-san a tháiniceadar chuige.

"Tá a leithéide de éan ann," ar seisean, "acht ní bhfuighe sibh-se é, mura bhfágha sibh a thuairisg. Ní'l mise i n-ann an tuairisg a thabhairt daoibh - ní'l sin - acht tá fhios agam go gcomhnuigheann an t-éan i n-áit eicín de Éirinn; agus tá baramhail agam cá bhfuighe sibh an treórughadh. Dá dtéightheá-sa, a Liagáin, abhaile go loch gCarmain, coidhcís ó shoin, gheobhfá in do theach féin an té a bhéarfadh an tuairisg duit - 'sé sin Árd-ollamh na Teamhrach, athair do mhná. Béarfaidh sibh go fóill air sa mbaile; agiis ní'l aon tuairisg le fághail agaibh mura dtugaidh seisean daoibh í."

Thug an seanachaidhe aoidheacht mhaith dóibh an oidhche sin: -

Beoir is bainne, Bairíní geala, Blas na meala ar gach éan ghreim.

Agus d'éirigheadar go moch ar maidin lá ar na mháireach, gur fhágadar slán agus beannacht ag an seanachaidhe, agus thugadar a n-aghaidh soir díreach, go dtángadar chomh fada le áitreabh Liagáin.

Nuair a bhíodar ag tarraingt chun an tighe, "Ní'l muid i bhfad as láthair anois," arsa Liagán, "acht caithfidh tusa mo leithsgéal a ghabháil le mo mhnaoi fá nach dtáinic mé abhaile roimhe seo."

"Ná bíodh imnidhe ort," arsa Eochaidh, "ní bhéarfaidh mise aon droch-cháil ort, agus ní bheidh sí 'na dhiaidh ort an t-achar a chaith tú liom-sa; mar bhí a hathair, an t-Árd-ollamh, go han-cheanamhail orm nuair a bhí mé i dTeamhair."

Leis sin chuadar isteach chun an tighe, agus bhí fearadh na fíor-fháilte rómpa, agus má's tuirseach traochta a bhíodar, is méidhreach mear-luthmhar a rinneadh iad: -

Le nuadh gach bídh, le sean gach óil, Ar mhiasaibh criostail, i gcuachaibh óír, Le caoineas comhráidh, saighneas sáimh, Is suaimhneas codlata go lá.

Lá ar n-a mháireach bhí Eochaidh agus an t-árd-ollamh ag siubhal araon ar an mbán os comhair an tighe, agus ag cur sriachain ar chúrsaibh an tsaoghail le chéile, nuair a dubhairt an t-árd-ollamh: -

"Bhí tú féin agus Liagán ag cainnt aréir go raibh sibh ag tóruigheacht "Éin na gCúig nDath" ar fud na tíre."

"Bhíomar," arsa Eochaidh, "agus sin é an méid a bhí dhá bharr againn; acht tá mé cinnte, má ta aon fhághail air, gur agad-sa atá a thuairisg."

"Ní'l a thuairisg ag éanduine eile ar druim na talmhana acht agam-sa, ó cuireadh t'athair faoi'n gcréafóig; agus is amhlaidh a fuair mise an tuairisg sgríobhtha i n-ogham chraobh ar chlár beithe, a fuair mé ó t'athair le cumhdach. Is maith liom go bhfuil ionbha agam anois le seanachas "Éin na gCúig nDath" a innseacht faoi rún duit, mar is duit-se atá i ndán an t-éan a chur ar fagháil:

"An t-am i ndeárna Gealta, athair-mhóir t'athar, an tsléacht ba mhó i n-aghaidh na Romhánach, bhí t'athair i n-éinfheacht leis ins gach gábh' dhár ghabh sé thríd. Ní raibh t'athair acht dhá bhliadhain déag d'aois an t-am sin, agus chuir na gníomhartha gaisge a rinne sé ríméad ar na Gaedhil. Nuair a phós sé tamall maith 'na dhiaidh sin, tháinic ríghte na gcúigí le bronntanais chuige. Is é m'athair a bhí ina ollamh aige an uair sin. Tugadh chuige bronntanas de'n ór fá thrí as Cúige Mumhan; bronntanas de'n ór ghreannta as Cúige Chonnacht; bronntanas d'ór agus d'airgead as Cúige Uladh; bronntanas de chlochaibh criostail agus carrmhogail as laighnibh; agus corn óir lán de néamhnachaibh agus de chloch- aibh iolbhuadhacha as Croimlinn na Séad.

"Ba mhór an lúthgháir a chuir sé ar t'athair na bronntanais sin fhághail; agus shiubhail sé féin agus m'athair amach ar an mbán ar aghaidh a chaisleáin le chéile, ag glacadh comhairle céard ab' fheárr a dhéanadh leóbhtha.

""Tá oiread saidhbhris agam cheana agus nach gcaithfidh mé a leath choidhche," arsa Cathaoir, "agus meas tú cia'n úsáid ab' fhearr dhom a dhéanamh díobh so, ó thárla nach dteasduigheann siad uaim?"

"Dubhairt m'athair nach raibh aimhreas aige nach bhfogh- nóchaidís dó i n-am eicín; agus go mb'fhearr dhó iad a chumhdach go maith nó go dteasduighdís uaidh, "mar," ar seisean, "ní'l fhios agad céard a thiucfas trasna ort féin nó ar do chlainn go fóill."

"Dubhairt Cathaoir go mb'fhíor sin, agus go mba mhaith an chomhairle iad a chur i dtaisge.

""Sin é atá agad le déanamh," arsa m'athair; "acht ní fheileann sé duit-se nó d'éinne eile a chuid saidh- bhris ar fad a bheith aige i n-áit amháin, agus cuir iad so do leithridh i n-áit nach mbéidh fhios ag duine ar bith cia mbéidh siad."

""Ní fhéadfaidh mé a gcur i n-áit ar bith," arsa Cathaoir, "nach dteasdóchaidh gárda le n-a gcumhdach."

""Ná bíodh éin-imnidhe ort faoi sin," arsa m'athair - agus go díreach nuair a bhí an focal as a bhéal sginn dreóillín amach tharta. "An bhfeiceann tú an dreóillín sin?" arsa m'athair. "Is beag é a neart, acht tá sé i n-ann a bhfuil aige sa domhan a chumhdach gan gárda. Cuir thusa na bronntanais i n-uaimh thalamhna i n-áit iargcúil, agus ní baoghal dhóibh."

"" Bíodh an dreóillín féin mar chomhartha agad-sa le sgríobh" síos i n-ogham chraobh tuairisge na háite a mbéidh siad le fagháil,' arsa Cathaoir, "agus bíodh an samhaltán céadna ar eochair na gcomhran i n-a gcuir- fear iad - 'sé sin dealbh an dreóillín - agus bíodh an comhartha agus an samhaltán agad sgríobhtha i n-ogham chraobh le dualadh diamhair do-smaointe ar chlár beithe; agus, má fhághaim-se bás gan malraid chomhairle, bíodh an eochair le fághail ag an té a mbéarfaidh mise mo bheannacht dó."

" Sgríobh m'athair síos an t-ordughadh sin ar chlár beithe, agus fuair sé chúig chomhra umha, déanta ó lámhaibh suadh agus saor-cheárda, leis na bronntanais a chur annta, agus eochair airgid le n-a n-aghaidh a raibh dealbh an draoi-éin ar a cois; agus is í an eochair sin atá tusa a thóruigheacht. Cibé cé gheobhfas an eochair, is dó-san atá na bronntanais luachmhara sin dlighte, agus is duit-se is dual í, mar is agad a d'fhág t'athair a bheannacht."

"Agus cá bhfuil an eochair le fagháil?" arsa Eochaidh.

"Tá sí agam-sa annso le tabhairt duit - seo dhuit í, agus mo bheannacht féin léithe."

"Buadh agus beannacht ar do láimh ar feadh do shaoghail," arsa Eochaidh, "acht ní fheicim uirthi seo acht aon dath amháin, sé sin dath an airgid."

"Fosglóchaidh sí sin gach éan-chomhra de na cúig cinn - agus béidh na cúig dath le fagháil agat istigh annta, 'sé sin na cúig bronntanais; mar is ionann "dath" agus "bronntanas" sa tsean-Ghaedhilg."

"An lá ar chuir tú comhairle orm imtheacht as Teamhair, is cosamhail nach raibh an t-eólas sin agad, nó d'innseochá dhom é."

"Bí fáth agam leis," ars an t-ollamh. "Bhí an tír thrí n-a chéile san am sin; agus b'fhearr an chomhairle fanacht go suaimhnigheadh sí; agus bhí fhios agam gur b'é an treórughadh ceart a bhí mé a thabhairt duit, agus thú a chur go Connachtaibh san áit ar casadh dhuit inghean an rí; agus is é m'athair a chuir na geasa ar Rí Chonnachta, mar ba mhaith leis cáirdeas agus cleamh- nas a cheangal idir t'athair agus Rí Chonnachta."

"Go mba buan a bhéas tú beó - ba mhaith í do chomh- airle i gcomhnaidhe. Béidh Rí Chonnachta agus a inghean ag an Oireachtas, agus níor bhfuláir dhom na geasa a chomhlíonadh sul dá dtéighidh mé féin go dtí an tOireach- tas; agus badh mhaith liom dá n-innsightheá dhom cá bhfuil an uaimh thalmhana a bhfuil na comhraí umha i dtaisge innte."

D'innis an t-árd-ollamh sin dó, "acht," adeir sé, "beidh tú sgathadh maith dá dtóruigheacht, 'aindeóin go bhfuil an tuairisg agad, mar tá ort dul thrí choilltibh agus bealaighibh aisdreánacha, agus tá cuartughadh mór le déanamh agad, sul dá bhfágha tú amach an uaimh thalmhana."

Bhíodar chúig oidhche agus cúig lá i dtigh Liagáin, ag caitheamh fleidhe agus féasta; agus annsin d'imthigh Eochaidh agus Liagán ag tóruigheacht na huaimhe talmhana do réir mar fuaireadar an tuairisg. Thuga- dar ordughadh dá ngiollaíbh iad a leanamhaint, agus capaill agus carbaid a bheith aca le go dtiubharfaidís leóbhtha an t-ór agus na seoide.

CAIBIDIL VII.—FÉIS NA TEAMHRACH.

TAR éis imtheachta d'Eóchaidh agus do liagán, bhí mór- uaisle as gach ceárd d'Éirinn ag cruinniughadh ag Oireachtas na Teamhrach. Tháinic ann clanna ríghte agus árd-fhlaithe as na chúig cúigíbh, agus maithe agus mór-uaisle na tíre; agus bhí ann, maraon leóbhtha, Rí Chonnachta agus a chomhlucht, agus Eithne áluinn agus mná uaisle na cúige, agus iad gléasta i síoda agus maoth-shról do réir na haimsire a bhí ann. Tháinic ann, abhaile as Albain, rí-árd-ghaisgidhigh na hÉireann; agus bhí leóbhtha Rí Alban agus a inghean, Maighne na Mín-ghile.

Bhí bunáite na ndaoine cruinn, agus iad thrí n-a chéile, 'dul anonn agus anall ar fhaithche na Teamhrach. Bhí comhrádh agus ciúin-aighneas ar siubhal ag gach aicme dhíobhtha, agus iad ag fáiltiughadh roimh a gcáirdíbh, nó gur éirigh le Catach dul anonn san áit a bhfaca sé Eithne agus cuideachtain léithe ar leath-taobh an aonaigh.

"Mo sheacht gcéad míle fáilte romhat, a ríoghan óg," ar seisean, "is fada san aireachas mé, ag féachaint an bhfeicfinn uaim thú i n-áit ar bith. Do réir chosamlachta, níor chuir an t-aisdear tadaí as duit, mar is deas sgiamhach so-mheanmnach a bhreath- nuigheas tú; agus is mór an cliú do'n áit seo go dtáinic tú ann. Ní'l aonduine eile a mb'fhearr liom fheiceáil annso ná thú, agus b'fhada liom go dtagainn ar ais go bhfeicinn aríst thú, mar ní'l do shamhail imeasg ban óg na hÉireann,"

"Is maith a dubhairt tú sin, a Chataigh," arsa Eithne, "go dearbhtha, tá Éire leathan go maith, acht is leithne Éire agus Albain; agus ó thárla go bhfuil eolas agad ar an dá thír, is maith a rinne tú gan labhairt acht ar Éirinn; agus má b'fhada leat go dteagtá ar t'ais, b'fhada go dtáinic tú. Ní thóigim sin ort, agus ní chóir go dtóigfinn, agus is rí-mhaith liom thú fheiceáil ar ais ó'n gcogadh in do sgéimh agus in do chruth féin agus feicthear dom nach bhfaca mé ariamh thú chomh croidheamhail aigeanta agus tá tú."

"Tá mé maith go leór ar an mbealach sin," ar seisean, "agus níos fearr aríst as ucht thusa a chlois- teáil dá rádh. Níor mhisde dam go deimhin Éire agus Albain a chur i gcuideacht agus an chraobh a thabhairt duit-se; acht ní'l aon cheó ag dul idir mé agus suaimh- neas na hoidhche acht éan-rud amháin, agus d'innseo- chainn duit é, dá mbadh áil leat é a chloisteáil."

"Ní'l mórán cosamhlacht díth-suain ná easbaidh codlata ort go deimhin," arsa Eithne, "níor cheap mé ariamh gur duine imnidheach a bhí annat; agus ní'l fhios agam céard a chuirfeadh athrughadh ort, nó a thiubharfadh ádhbhar buadhartha dhuit, murab é go dtáinic easaontas ar bith idir thú féin agus Maighne na Mín-ghile - chuala mé go raibh tú go h-an-mhór léithe."

"Cia'n chaoi a bfuair tú tuairisg uirthi, nó cia an nós ar éirigh leat a chloisteáil go raibh carthannas ar bith eadrainn?"

"Cia'n chaoi a gcloisfinn é, acht mar chluinim 'ch uile rud a bhíos ag dul tharm?" ar sise, "ní fhaca mé go fóill í, acht chuala mé go raibh sí annseo. An fíor go bhfuil sí chomh maith agus tá a cáil?"

"Dá fheabhas is tá a cliú, ní'l sé blas níos fearr ná í féin," arsa Catach, "agus dheamhan mórán bean, cé is muite dhuit féin, dá bhfaca mé go fóill, ab' fhearr maise agus méin ná í."

"Slán an sgéal!" arsa Eithne, "acht ná tóig orm é, a Chataigh, má chuirim ceist eile ort. An bhfuil mean- amain agus inntinn aici do réir a háilleachta? Badh mhaith liom aithne agus eolas a chur uirthi, agus ó thárla gur chuala mé an oiread sin dá cáil, badh mhaith liom fios a tréarthaí a bheith agam freisin."

"Ar casadh dhuit Eochaidh mac Cathaoir Mhóir ó tháinic sé as Albain? D'fhéadfadh seisean fios a tréarthaí a thabhairt duit chomh maith liom-sa; mar, nuair a bhí sé tinn treáinneach de bhárr a ndeacha sé thríd sa gcogadh, ní raibh liaigh i gcúirt a h-athar ba dúthrachtaighe ag cur íocshláinte le n-a chneadhachaibh ná ise."

"Bhí?" arsa Eithne. "Téanam ort go bhfeicea- muid í."

D'imthigheadar anonn annsin go dtí an áit a raibh mná uaisle Alban; agus is gearr go raibh Eithne áluinn agus Maighne na Mín-ghile chomh carthannach le chéile agus dá mbeadh aithne aca ar a chéile ariamh.

Níor bh'fhada dóibh ag cainnt, nuair a tháinic naon- bhar de óglaighibh an rí amach i lár an aonaigh, agus a bheann-bhuabhaill ina láimh ag gach duine aca. Shéidea- dar iad go híseal, agus go hárd i bhfiadhnaise an chruinnighthe, agus d'fhuagair siad go raibh fleadh agus féasta ullamh, agus go raibh cuireadh fairsing foir- leathan ó'n rí a dhul d'á gcaitheamh.

Tháinic 'ch uile dhuine aca annsin, i ndiaidh a chéile, do láthair Chuinn Chéad-chathaigh, agus chuir seisean céad míle fáilte rómpa go Teach Meidhreach Míodhchuarta an Rí; agus bhí annsin rómpa buird agus binnsí déanta de ghallchnó ó lámhaibh suadh agus saor-cheárda, agus níor léar do'n tsúil ba géire sgaracha nó siún- taí an ádhmuid; gur faluigheadh gach bord aca le sgáraoid de thogha an lín-éadaigh, deágh-mhaisighthe le druin agus óir-ghréas, do réir na h-aimsire a bhí ann; gur leagadh anuas chuca annsin.

Nuadh gach bídh agus sean gach óil Ar mhiasaibh criostail, i gcuachaibh óir,

nó go mba subhach sáthach so-mheanmnach iad.

Bhí an rí ina shuidhe go hárd ar chathaoir deághmhaisighthe leis an ór fá thrí, agus an bhainríoghan ar chathaoir eile le n-a thaobh. Tháinic fileadha agus báird an rí sa láthair annsin - duine agus fiche aca - agus bí ag gach duine aca cláirseach déanta de'n dair agus de'n tsaileóig dheirg, cóirighthe suas le cnaipíbh de'n ór ghreanta agus le criostal; gur sheinneadar suas ceol ba bhinne ná na ceolta sídhe; agus as sin tosuigheadh siamsa na hoidhche - ag seinnm cheoil, ag gabháil amhrán, ag aithris duanta, ag imirt fithchille, ag bronnadh séad, agus ag innseacht sgéalta greannmhar go raibh sé i bhfad 'san oidhche - nó go ndeachaidh na mná anonn go ráith na bantrachta chun suain agus codlata, agus go ndeachaidh na fir anonn ag an bhforrach.

Lá ar n-a mháireach bhí cleasa lútha agus lúth-chleasa ar siubhal ar fhaithche na Teamhrach. Bhí árdán ag ceann na faithche le haghaidh an rí, agus cathaoireacha thart timcheall ar an árdán le haghaidh na n-ollamhan agus na ndraoidhte agus aos seanmna na Teamhrach. Bhí mór-uaisle na gcúigí ar ghach aon taobh do'n rí - na fir ar thaobh a láimhe deise agus na mná ar thaoibh a láimhe clí, do réir mar bhí orduighthe ó aimsir Thuathail Rí Éireann.

Bhí mar sin ar feadh sheacht lá, agus an t-ochtmhadh lá bhí an rí le breitheamhnas a thabhairt ar na cleasaibh lútha. Thárla go raibh Eithne agus Maighne an lá sin i n-éinfheacht le chéile, mar ba gnáthach ó'n gcéad lá ar chuireadar aithne ar a chéile - agus bhíodar i n-a suidhe i n-áit a raibh amharc maith aca ar 'ach uile nídh.

"Is maith liom," arsa Maighne, "go dtáinic mé annso, mar ní fhaca mé tadaí ariamh in mó thír féin a bhféadfainn a chur i gcomórtas le Oireachtas na Teamhrach. Feicthear dhom nach mbeidhinn tuirseach go deo annso, agus is ag dul i bhfeabhas atá na cleasa lútha 'ch uile lá."

"Is rí-mhaith liom go dtaithnigheann Éire chomh maith sin leat," arsa Eithne, "agus tá súil agam go dtaithneocha sí chomh maith leat agus go bhfanfa tú choidhche innte. B'fhearr liom ná siamsa na féise dá bhfantá, agus b'fhearr le daoinibh eile freisin é.

"Cia hiad a daoine eile?" arsa Maighne.

"Ó, is cuma cia hiad," arsa Eithne, "acht tá siad ann; agus sílim go bhfuil baramhail agad féin go mbeadh Catach Cróganta ar dhuine aca."

"Ó, éist liom," arsa Maighne, "ná labhair liom ar an gcleasaidhe sin. Tá oiread cluainidheachta ag Catach agus nach ngéillfeadh duine ar bith dó. Tá sé chomh milis le mil, agus glórtha aige chomh binn leis an gcéirsigh, acht tá sé chomh haedhearach leis an gcaislín cloch, agus ní túisge agad ná uait é. Leag mise súil sáthach luath air, agus tá mé i n-ann imirt leis agus ní mór dhom é."

"Dá ríribh?" arsa Eithne, "acht is mór an t-iongnadh liom - le súgradh nó le greann - go gcuirfeá suim i nduine ar bith a gceapfá go mbeadh an dá chroidhe aige. 'Sé an bealach atá liom-sa, ba chuma agam nó uaim duine de'n tsórt sin."

"Maidir leis sin," arsa Maighne, "dheamhan fhios cia mhéad croidhe atá ag Catach bocht. An gcuala tú ariamh "ní lia tír ná gnás?" - ní lia duine ná inntinn - agus ní'l éin-fhear i nÉirinn a b'fhearr a thaithneóchadh liom ná é."

"B'fhéidir go bhfuil an ceart agad," arsa Eithne "acht feicthear dhamh-sa gur fearr an té a sheasfadh go buan ná an té a bhéadh ag athrughadh. Ní'l mórán neithe sa saoghal a sheasas go buan agus, i ngeall ar a ngainne, tá fearr is barr urrama ag dul dóibh. Cuir i gcás an ghrian agus an ghealach - is í an ghrian is seasta agus is buaine a ghealas ins na spéarthaibh, agus fóghnann feara fáil di os cionn gach nídh."

"Seadh," arsa Maighne, "agus fóghnann sí dóibh- san mar an gcéadna - ní do dhuine nó do ríoghacht atá sí ag deallradh ins na spéarthaibh, acht do'n domhan go léir - agus má chuireann sí loinnir agus bláth ar ríoghachtaibh eile chomh maith le Éirinn, ní lughaide is grian í go ndéanann sí é, agus ní chailleann sí an ur- raim atá ag muinntir na hÉireann di acht a oiread."

"Tá fhios agam sin," arsa Eithne, "agus go bhfógh- nann an ghealach do 'ch uile ríoghacht go díreach ar nós na gréine. Acht ní hionann buanas dóibh. Is é an deall- radh céadna a thagas i gcomhnaidhe ó'n ngréin, acht tig- eann dul do'n ghealaigh comh luath agus bhíos sí lán."

"D'oile, a Eithne," arsa Maighne, "is cuma, sa gcás sin, céard a dhéanfas an ghealach nó an ghrian, acht an duine a bhfuil an mhaith agus an gheanamhlacht ann is furasda aithne air é - agus ní fhaca mé samhail Chataigh imeasg feara fáil acht éin-fhear amháin, agus is mór an t-iongnadh liom nach bhfuil sé annso. Rinne sé gníomhartha móra ag cosaint ríoghachta m'athar. Loiteadh é sa gcath, agus chaith sé tamall thall sa gcúirt againn, agus a chréachta dá gcneasughadh - fear breág iomlán déanta, agus ceann-aghaidh gheanamhail theacht- mhar air, a raibh soineanntacht agus subháilce, cródhacht agus calmacht ann - is é an t-ainm a bhí air Eochaidh, agus ba mhac do Chathaoir Mhór, Rí na hÉireann, é."

"Creidim nár mhisde dó an méid aire a thug tusa dó - go méaduighthear an mhaith d'á cionn duit."

"Ní féidir go bhfuil muinntreas agad-sa leis?" arsa Maighne.

"Tá," arsa Eithne, agus d'aithris sí di iomlán an sgéil, agus an fáth nach raibh sé ag an Oireachtas.

"'Conách sin oraibh le chéile," arsa Maighne, "is minic a thug mé faoi deara nach raibh tú ag glacadh mórán spéise ins na cleasaibh lútha - anois tuigim cia'n fáth - agus ba mhinic an fiodán ar do shúil, agus tú ag dearcadh uait faoi rún. An bhfuil aon bharamhail agad cia'n uair a thiucfas sé?"

"Tá mé i gcomhnaidhe ag súil leis," arsa Eithne. "Gheall sé go dtiucfadh sé." Chuir sí an fiodán ar a súil agus d'fhan sí i n-a sost tamall ag breath- nughadh uaithi. "Seo, a Mhaighne," adeir sí, "féach an bhfeicfeá tadaí ag bun na spéire."

Chuir Maighne an fiodánar a súil. "Feicthear dhom," ar sise, "go bhfuil toirt bheag ag bun na spéire, acht is beag le gur léar dhom í - "Ó, ní'l," ar sise aríst, "ní'l sí ag corruighe."

"Ní'l annsin," arsa Eithne, "acht tom beag coill- eadh - is fada é sin dho mo chur-sa amudha."

"Badh mhaith liom dá bhfeicinn annso é," arsa Maighne, "is iongantach an treasgairt a rinne seisean ar namhaidibh ar dtíre."

"Truagh sin," arsa Eithne, "mar is obair í sin nachar chóir, dá mbéadh neart air. Bhí Eochaidh ag aithris dom fá na Romhánaighibh - go mba daoine teachtmara go maith a bhí annta le dearcadh ortha. Acht, ar ndóigh, ciar bh'iongnadh go mbeadh fuil dá dortadh imeasg daoine nachar bh'ionann dóibh cineadh agus teanga nuair a bhíos oiread imris idir Ghaedhil iad féin."

Ag críochnughadh na cainnte seo thugadar fa deara go raibh an rí ag brath ar bhreitheamhnas a thabhairt ar na cleasaibh lútha. D'éirigh sé ina sheasamh i bhfiadhnaise na ndaoine gach aon taobh de agus labhair sé:

"A ríghte, a mhór-uaisle na gcúige, agus a chomh- Ghaedheala - gidh gurab 'eo í an chéad bhliadhain agam- sa i n-árd-riaghaltas na tíre - ní hí an chéad bhliadhain agam í ag an Árd-fheis seo; agus ní fhaca mé go fóill aon tasbánadh nídh b'fearr de ghníomhartha gaisge, de luathad agus spreacadh na nGaedheal ná bhí le feic- eáil i mbliadhna. Chuir Cúchulainn na cleasa lútha seo ar bun le go ngabhfaidís chun tairbhe do'n tír, agus go ngabhfadh Gaedhil ar aghaidh agus chun treise; agus ba mhaith leis go bhfásfadh fearamhlacht agus meanmain a n-intinne comhthrom le luathad agus spreacadh a ngéaga. Is maith liom-sa go ndeachaidh cródhacht agus calmacht na hÉireann chun tairbhe d'ár gcáirdíbh i nAlbain. Agus tugaim ordughadh indiu do na hollamh- naibh agus do na draoidhtibh cunntas cruinn a chur síos i leabhar meabhránaigh na Teamhrach ar ainmneachaibh na ngaisgidheach a thóig lámh sa gcogadh sin, agus ar na gníomharthaibh ba mhó dá ndeárnadh ann. Ó thárla go bhfuil na gaisgidhigh iad féin annso, badh mhaith liom iad a theacht chun láithreach, agus teasdas agus tuairisg a thabhairt dúinn os comhair feara Fáil ar gach a ndeárna siad sa gcogadh."

Tháinic na gaisgidhigh chun láithreach annsin, agus fuaireadar comhmholadh croidheamhail cáirdeamhail ó'n gcruinniughadh ar fad ar theacht i láthair dóibh.

"Creidim," arsa Conn, "gurab é Catach Cróganta as Sliabh Luachra a chuaidh mar thaoiseach ar an laoch- raidhe, agus, dá bhrígh sin, is dó is cóir cunntas a thabhairt dúinn ar a ngníomharthaibh."

"Déanfa mé sin duit, a rí," arsa Catach, "acht badh mhaith liom dá gcuirtheá an teasdas agus tuairisg seo go h-ath-lá, mar tá beirt de na laochraidhe uireas- bhach orainn."

"Cia hiad féin?" arsa Conn.

"Tá," arsa Catach, "Eochaidh mac Cathaoir agus Liagán Láimh-éachtach."

"Tá an lá indiu leagtha amach agam le haghaidh na ngnótha seo," arsa Conn, "agus ní go maith a fhéadfas mé an obair a chur go hath-lá."

Is annsin a d'éirigh Catach suas go hárd i measg na bhfear, agus d'aithris sé iomlán an sgéil ó thús go deireadh, mar d'éirigh leóbhtha i n-Albain.

Nuair a bhí sé réidh d'éirigh an t-árd-ollamh i n-a sheasamh, agus an leabhar meabhránaigh i n-a lámhaibh agus léigh sé amach an cunntas a bhí sgríobhtha síos aige. Annsin d'éirigh Conn i n-a sheasamh aríst agus labhair sé:

"Ní hé amháin gur cheart dúinn ar fad buidheachas a ghabhail leis na laochraidhe a thóig lámh ins an gcogadh sin, agus comhmholadh croidheamhail a thabhairt dóbhtha, acht badh cheart duais áirithe a thabhairt ag an bhféis seo dho'n muinntir is mó a rinne gníomh ann. Ní chuirfidh sé tadaí as do'n tír seo go bhfuair na Rómhánaigh an mhéid sin de thasbánadh ar chródhacht Chlainne Gaedheal; agus ní córtha do na h-ollamhnaibh cunntas a choinneáil ar gach teimheal a thigeas ar an ngréin agus ar an ngealaigh, agus ar na dreigíbh a thuiteas as spéartha neimhe - ná ar ghníomharthaibh laochradh na tíre seo. Is do Eochaidh mac Cathaoir atá an choróin ríoghdha ag dul as ucht go ndeárna sé an gníomh ba mhó. Tiubharfar claidheamh dorn-chúil óir dho Chatach; agus gath-bolg dhe shíoda na hEadáinne deágh-mhaisighthe le óir-ghréas Gaedhealach do Liagán. Acht ó thárla go bhfuil an dís úd uireasbhach orainn, a Chataigh, is fearr dúinn bronnadh na nduaiseanna a chur go hath-lá agus do chlaidheamh a thabhairt duit-se an uair sin."

Go díreach mar bhí Conn ag brath ar suidhe síos, d'éirigh tormán cainnte i measg na mban mar siobhrán a dhéanfadh éanlaith ag imtheacht i n-a sgaoith san aedhear, agus bhí an sgéal le cloisteáil i measg cách "Tá siad ag teacht!"

D'éirigh gach a raibh sa láthair i n-a seasamh agus chonnaiceadar chuca thríd an leirg Eochaidh agus Liagán ar dhá each bhána, agus giollaí i n-a ndiaidh agus eachraidh agus car- baid leobhtha. Chomh luath agus tháiniceadar chun láithreach, fearadh fíorchaoin fáilte rómpa; agus chuadar anonn agus d'umhluigheadar do'n rí. Chraith seisean lámh leóbhtha go croidheamail suairc agus dubhairt sé:

"Is maith an tráth a dtáinic sibh, mar is éard a bhí ar bun annso ó mhaidin trácht agus tuairisg ar 'ur ngníomharthaibh, agus tá mé le duaiseannaibh a thabhairt daoibh ar a son."

"Is mór an gar dhúinn, a Árd-rí," arsa Eochaidh, "má b'olc maith ar ngníomhartha, nach droch-cháil a tugadh orainn. Ba chóir dhúinn a bheith annso níos luaithe, dá mbeadh neart air; acht ní beag linn an mhoill a chongbhamar ar obair an lae seo, gan a bheith ag coinneáil tuilleadh moille oraibh ag gabháil ar leithsgéil, acht amháin a rádh - ó fuaireamar ionbha ar a theacht, go dtáiniceamar láimh le luaith."

"Is maith ann anois féin sibh," arsa Conn, "tá an chéad duais ag dul duit-se, a Eochaidh, 'sé sin coróin ríoghdha, agus cuirfidh mé féin ar do cheann í. Is maith an lá a tháinic sé sa saoghal go gcuirfinn coróin ort- sa, thar éis gur mé a bhain an choróin dhe t'athair. Is truagh liom anois gur thóig mé a leacht, acht is mór an sásamh go bhfuil a mhac i n-ann a chliú a sheasamh annso indiu."

Chuir sé coróin óir ar cheann Eochadh annsin, agus thug sé na duaiseanna eile do Chatach agus do Liagán; agus ba mhór é an comhmholadh a fuaireadar ó árd-uaislibh na hÉireann.

Chaitheadar an oidhche sin i dTeamhair shéimh, ag caitheamh fleidhe agus féasta; agus ba mhór an lúthgháir a bhí ar Eithne agus ar a hathair nuair a d'aithris Eochaidh dhóibh gach ar éirigh leis ó d'fhág sé iad, agus nuair a thasbáin sé gach ar chuir "Éan na gCúig nDath" dhe fhághaltas chuige.

Nuair a bhí sé ag tarraingt ar dheireadh an Lughnais bhí Eithne agus Eochaidh le bheith pósta, agus bhí na h-árd draoidhte faoi réir leis an gceangal a dhaingniughadh eatorra, i láthair na féise.

Nuair a chonnaic Catach sin, dubhairt sé leis féin: "Is olc a dhéanfainn-se mo leas an chraobh a leigean ar fad le Eochaidh, gan bean a bheith agam féin ag dul abhaile ó'n Oireachtas chomh maith leis."

D'imthigh sé anonn go dtí an áit a raibh Maighne, agus dubhairt sé léithe, an rud a bheadh ag duine do déanamh, go mbadh cheart dó é a dhéanamh agus gan a bheith ag cainnt air.

Thosuigh sí ag fonóid faoi i dtosach, acht tháinic sí leis fá dheireadh, gur pósadh an dá lánamhain os comhair draoidhte agus ollamhna na Teamhrach.

D'imthigheadar thar éis na Féise abhaile chun a ndúithchí féin; agus ba mhinic 'na dhiaidh sin a théighdís féin agus Liagán ar cuairt agá n-a chéile agus ag Rí Alban, agus bhí saoghal breágh aoibhinn aca, gan tadaí ag cur imnidhe ortha, acht fearr is barr siamsa a bheith aca.

AN CHRÍOCH.