Leabhar ginealaigh Íosa Chríost, mic Dháibhí, mic Abrachaim. Ghin Abracham Íosóg, agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób Iúda agus a dheartháireacha, agus ghin Iúda Peres agus Saera ó Thamar, agus ghin Peres Hesron, agus ghin Hesron Ram, agus ghin Ram Aminadab, agus ghin Aminadab Náisón, agus ghin Náisón Salmón, agus ghin Salmón Bóas ó Rahab, agus ghin Bóas Óbéd ó Rút, agus ghin Óbéd Iesse, agus ghin Iesse Dáibhí an rí. Agus ghin Dáibhí Solamh ó bhanchéile Úríá, agus ghin Solamh Rehobóam, agus ghin Rehobóam Abíá, agus ghin Abíá Ásá, agus ghin Ásá Iehoiseafat, agus ghin Iehoiseafat Iórám, agus ghin Iórám Usía, agus ghin Usía Iótam, agus ghin Iótam Ahas, agus ghin Ahas Hesecía, agus ghin Hesecía Manase, agus ghin Manase Amós, agus ghin Amós Iósía, agus ghin Iósía Ieconía agus a dheartháireacha, in am broide na Babalóine. Agus tar éis bhroid na Babalóine: ghin Ieconía Séaltíál, agus ghin Séaltíál Serobabel, agus ghin Serobabel Abiúd, agus ghin Abiúd Elíacím, agus ghin Elíacím Asór, agus ghin Asór Sadóc, agus ghin Sadóc Acím, agus ghin Acím Eliúd, agus ghin Eliúd Eléásar, agus ghin Eléásar Mattan, agus ghin Mattan Iácób, agus ghin Iácób Iósaf, fear céile Mhuire, ar gineadh uaithi Íosa dá ngairtear an Críost. Mar sin ba cheithre ghlúin déag iad na glúine ó Abracham go Dáibhí, agus ceithre ghlúin déag ó Dháibhí go broid na Babalóine, agus ceithre ghlúin déag ó bhroid na Babalóine go dtí an Críost. Is mar seo a tháinig Íosa Críost ar an saol. Nuair a bhí lámh is focal idir a mháthair Muire agus Iósaf, agus sula ndeachaigh sé chuici, fuarthas í agus an leanbh ina broinn ón Spiorad Naomh; agus ó bʼfhíréanta é a fear céile Iósaf, agus ó bhí leisce air a náiriú, bhí rún aige scaradh léi os íseal. Ach fuair sé taispeáint, agus é ar na smaointe sin, dʼaingeal ón Tiarna i mbrionglóid, agus é á rá leis, “A Iósaif, a mhic Dháibhí, ná bíodh eagla ort faoi ghlacadh le Muire do bhanchéile, mar an ghin atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh í; béarfaidh sise mac, agus tabharfaidh tusa Íosa mar ainm air, ós é a shlánós a phobal óna bpeacaí.” Tharla sin uile ag comhlíonadh a raibh ráite ag an Tiarna ó bhéal an fháidh: “Féach, óigh a ghafas agus a bhéarfas mac, agus gairfear Emanuél de” (a chiallaíos, go bhfuil Dia linn). Nuair a mhúscail Iósaf óna shuan, rinne sé mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó; agus ghlac sé chuige a bhanchéile, gan gabháil chuici go raibh mac aici; agus ba é an t‑ainm a thug sé air, Íosa. Anois nuair a tháinig Íosa ar an saol i mBétlehem in Iúdaea i laethanta an rí Iorua, bʼshiúd draoithe ón Domhan Thoir a tháinig go hIarúsailéim agus iad ag fiafraí, “Cá bhfuil an rí seo na nGiúdach atá tar éis teacht ar an saol? Mar táimid i ndiaidh a réalta a fheiceáil sa Domhan Thoir agus a theacht anseo lena adradh.” Nuair a chuala an rí Iorua sin, bhí coscairt intinne air féin, agus ar mhuintir Iarúsailéim uile maraon leis; agus chruinnigh sé a raibh ann dʼardsagairt agus de scríobhaithe sa phobal, gur fhiafraigh díobh cá háit a raibh an Críost le teacht ar an saol. Ba é rud a dʼinis siad dó, “I mBétlehem Iúdaea; mar is mar seo atá scríofa ag an bhfáidh: ‘Agus tusa, a Bhétlehem, i dtír Iúda, ní tú is lú ar cheannfoirt Iúda; mar is asat a thiocfas an rialtóir a rialós mo phobalsa Iosrael.’” Chuir Iorua ansin fios ar na draoithe os íseal gur fhionnaigh uathu cá huair a chonacthas an réalta; agus chuir uaidh go Bétlehem iad, agus dúirt leo, “Cuirigí tuairisc an linbh go dícheallach, agus nuair a gheobhas sibh é, cuirigí scéal chugamsa, go dtaga mé féin á adhradh freisin.” Dʼimigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus bʼshiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu; agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. Dʼoscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr. Fuair siad rabhadh i mbrionglóid gan filleadh ar Iorua, agus mar sin dʼimigh siad leo chun a dtíre féin ar shlí eile. Nuair a bhí siadsan ar shiúl, bʼshiúd aingeal ón Tiarna á thaispeáint féin do Iósaf i mbrionglóid agus á rá leis, “Éirigh, agus beir an leanbh agus a mháthair leat, agus éalaigh go dtí an Éigipt, agus fan ansin nó go gcuire mé scéala chugat; mar tá Iorua ar tí dul ar thóir an linbh lena scriosadh.” Agus dʼéirigh sé agus rug an leanbh agus a mháthair leis san oíche, gur thug an Éigipt air féin, agus gur fhan ansin go bhfuair Iorua bás. Tharla sin leis an méid a labhair an Tiarna ó bhéal an fháidh a chomhlíonadh, “Ghlaoigh mé ar mo mhac a theacht aniar as an Éigipt.” Nuair a chonaic Iorua an cleas a dʼimir na draoithe air, bhí sé ar buile, agus chuir sé fir uaidh agus mharaigh sé gach páiste fir a bhí i mBétlehem agus sa cheantar ina thimpeall agus a bhí faoi dhá bhliain dʼaois, de réir an ama a dʼfhionn sé ó na draoithe. Is ansin a comhlíonadh an briathar a labhraíodh ó bhéal an fháidh Ierimía: “Chualathas an glór i Ráma, ag mairgneach agus ag caoineadh go hard, Rachél ag caoineadh a clainne; agus ag diúltú don sólás, ó nach bhfuil siad ann.” Ach nuair a fuair Iorua bás, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaf san Éigipt, agus dúirt sé leis, “Éirigh, agus beir leat an leanbh agus a mháthair, agus imigh go tír Iosrael, mar is marbh iad na daoine úd a bhí ag iarraidh an leanbh a chur chun báis.” Agus dʼéirigh sé agus rug sé leis an leanbh agus a mháthair, agus chuaigh sé go Tír Iosrael. Ach nuair a chuala sé go raibh Arceláus ina rí ar Iúdaea in áit a athar Iorua, níor lig an eagla dó dul ansin, ach ba é rud, fuair sé rabhadh i mbrionglóid a thug air dul i leataobh go críocha Ghalailí. Agus chuaigh sé a chónaí i gcathair ar tugadh Nasair air, go gcomhlíonfaí a ndúirt na fáithe, “Gairfear Nasarach de.” Ba sna laethanta úd a tháinig Eoin Baiste, ag seanmóireacht i bhfásach Iúdaea, “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas daoibh.” Mar is é sin an té ar labhair an fáidh Ísáia air nuair a dúirt sé, “Glór duine ag glaoch ar an bhfásach: Ullmhaígí slí an Tiarna, dírígí na cosáin roimhe.” Anois bhíodh éadach de rón camaill ar Eoin, agus crios leathair ar a chom; agus lócaistí agus mil bheach fiáin mar bhia aige. Ba ansin a chuaigh a raibh in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus sa cheantar cois Iornáin go dtí é, gur bhaist sé in abhainn an Iornáin iad, agus iad ag admháil a bpeacaí os ard. Ach nuair a chonaic sé cuid mhór de na Fairiséigh agus de na Sadúicéigh ag teacht chuige le baiste a fháil, is é a dúirt sé leo, “A shliocht úd na nathracha! Cé a thug mar rabhadh daoibh éalú ón díbheirg atá le teacht? Tugaigí an toradh is dual don aithrí, agus ná bíodh sé de dhánacht agaibh a rá in bhur n‑intinn féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia na clocha seo a chur ina seasamh agus clann Abrachaim a dhéanamh díobh. Agus anois féin tá béal na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh á ghearradh anuas agus á chaitheamh isteach sa tine. “Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaist­eadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine. Tá an dallán ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneoidh sé a chruithneacht isteach san iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine nach múchtar.” Ba é sin an t‑am ar tháinig Íosa ó Ghalailí go hlornán chuig Eoin ionas go mbaistfeadh seisean é. Rinne Eoin iarracht ar chúl a chur air, agus dúirt sé, “Cad chuige duit teacht chugam, agus gnótha agam bheith do mo bhaisteadh agatsa?” Ach is é an freagra a thug Íosa air, “Ná diúltaigh mé anois; mar is mar sin is cóir dúinn a dhéanamh leis an bhfíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Ghéill sé dó ansin. Agus nuair a bhí Íosa baiste, chuaigh sé suas as an uisce gan mhoill, agus bʼshiúd doirse na bhflaitheas á n‑oscailt go bhfaca sé Spiorad Dé ag teacht anuas chuige mar a bheadh colm ann ag tuirlingt air; agus bʼshiúd an glór ó neamh, á rá, “Is é seo mo mhac ionúin; a bhfuil toil agam ann.” Ba ansin a bhí Íosa á threorú ag an Spiorad Naomh amach ar an bhfásach ionas go gcuirfeadh an diabhal cathú air. Agus rinne sé troscadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí an t‑ocras air. Agus tháinig an cathaitheoir chuige go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh do na clocha seo bheith ina mbuilíní aráin.” Ach dʼfhreagair sé, “Is é atá scríofa, ‘Ní ar arán amháin a mhairfeas an duine, ach ar an uile bhriathar dá dtagann as béal Dé.’” Ba ansin a thug an diabhal leis é go dtí an naomh-chathair, gur chuir ina sheasamh é i bhfíor-mhullach an teampaill, go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos thú féin; mar tá scríofa, ‘Cuirfidh sé ar chúram a aingeal thú,’ agus ‘Iompróidh siad ar a mbosa thú, ionas nach ngortaí tú do chos in éadan cloiche.’” Arsa Íosa leis, “Tá scríofa arís, ‘Ní chuirfidh tú cathú ar do Thiarna Dia.’” Thug an diabhal leis arís é go mullach sléibhe a bhí as cuimse ard, gur thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir; agus ar seisean leis, “Bronnfaidh mé iad seo uile ort, ach tú titim síos agus mé a adhradh.” Ba ansin a dúirt Íosa leis, “Fág seo, a Shátain! Mar tá scríofa, ‘Adharfaidh tú do Thiarna Dia agus ní dhéanfaidh tú seirbhís ach dósan amháin.’” Dʼfhág an diabhal ansin é, agus bʼshiúd na haingil ag teacht chuige a fhreastal air. Anois nuair a chuala sé gur gabhadh Eoin, chuaigh sé ar a sheachnadh go Galailí; agus dʼfhág sé Nasair go ndeachaigh a bhaint faoi i gCaparnáum atá cois na farraige, i gceantar Shebúlúin agus Naftálí, ionas go gcomhlíonfaí a ndúirt an fáidh Ísáia: “Tír Shebúlúin agus Tír Naftálí, i dtreo na farraige, taobh thall den Iornán, Galailí na nGintlithe— an mhuintir a bhíodh ina suí faoin dorchadas, tá solas mór feicthe acu, agus an dream a bhí suite i dtír an éaga agus faoi scáth an bháis, is orthu a dʼéirigh an solas.” As sin amach thosaigh Íosa a sheanmóireacht, agus dúirt sé, “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht neimhe i bhfogas.” Bhí Íosa ag siúl ar bhruach Mhuir Ghalailí, nuair a chonaic sé beirt dheartháireacha, Siomón ar tugadh Peadar air agus Aindrias a dheartháir, agus iad ag cur lín i bhfarraige mar ba iascairí iad. Agus dúirt sé leo, “Leanaigí mise, agus cuirfidh mé a iascaireacht fear sibh.” Dʼfhág siad a líonta ar an toirt gur lean siad é. Agus shiúil sé ar aghaidh leis go bhfaca beirt eile dheartháireacha, Séamas mac Shebidé agus a dheartháir Eoin, sa bhád i gcuideachta Shebidé a n‑athair, agus iad ag deisiú a líonta, agus ghlaoigh sé orthu. Dʼfhág siad an bad agus a n‑athair ar an toirt, agus lean siad é. Agus shiúil sé an Ghalailí ar fad, ag teagasc sna sionagóga agus ag seanmóireacht soiscéal na ríochta agus ag leigheas gach uile aicíd agus easláinte a bhíodh ar dhaoine. Mar sin leathnaigh a cháil ar fud na Síre, agus tugadh chuige na hothair, an dream a raibh plánna nó pianta orthu, nó deamhain iontu, nó titimeas nó pairilis orthu, agus leigheas sé iad. Agus bhí sluaite móra á leanúint ó Ghalailí agus ó Dhecapolis agus ó Iúdaea agus ón limistéar a bhí taobh thoir den Iornán. Nuair a chonaic sé chuige na sluaite, chuaigh sé in airde an tsléibhe, agus nuair a shuigh sé faoi, tháinig a dheisceabail chuige. Agus dʼoscail sé a bhéal agus chuaigh á dteagasc, agus is é a dúirt sé: “Is beannaithe na boicht ó sprid, mar is leo ríocht na bhflaitheas. “Is beannaithe lucht an dobróin, mar tabharfar sólás dóibh. “Is beannaithe na daoine ceansa, mar gheobhaidh siad an domhan mar oidhreacht. “Is beannaithe an lucht a mbíonn ocras agus tart orthu ar son an chirt, mar gheobhaidh siad sásamh. “Is beannaithe lucht na trócaire, mar déanfar trócaire orthu. “Is beannaithe lucht na gcroíthe glana, mar feicfidh siad Dia. “Is beannaithe lucht déanta na síochána, mar tabharfar clann Dé orthu. “Is beannaithe lucht fulaingthe géarleanúna ar son an chirt, mar is leo ríocht na bhflaitheas. “Is beannaithe sibh féin nuair a bhíos na daoine ag fonóid fúibh agus ag cur géarleanúna oraibh agus gach uile dhrochfhocal á rá acu fúibh go bréagach mar mhaithe liomsa. Bíodh áthas agus lúcháir oraibh, mar is mór an luach saothair atá agaibh ar neamh, mar is ar an nós céanna a chuireadh na daoine géarleanúint ar na fáithe a bhíodh ann romhaibh. “Is sibhse salann an domhain; ach má chailleann an salann a bhlas, conas a dhéanfar goirt arís é? Níl úsáid ann, ach a chaitheamh amach faoi chosa na ndaoine. “Is sibhse crann solais an domhain. Ní féidir cathair a bhíos ar mhullach cnoic a cheilt. Agus ní lasann daoine lampa lena chur faoi bhéal soithigh, ach ar sheastán, agus tugann sé solas ansin dá bhfuil sa teach. Go mba mar sin a bheas bhur solas-sa ag dealramh os comhair na ndaoine, ionas go bhfeice siad bhur ndea-oibreacha agus go dtuga siad an ghlóir do bhur nAthair atá ar neamh. “Ná smaoinígí gur tháinig mise leis an dlí agus na fáithe a chur ar ceal; ní lena gcur ar ceal ach lena gcur i gcrích a tháinig mise. Mar deirim go fíor libh, go dtí go rachaidh neamh agus talamh as, ní rachaidh aon phonc den dlí ar neamhní go dtí go gcuirtear an t‑iomlán i gcrích. Mar sin de, cibé duine a dhéanas a bheag den aithne is lú díobh seo agus a chuireas sin ina luí ar dhaoine, is de a ghairfear an té is lú i ríocht neimhe; ach an té a bhíos á saothrú amach agus á dteagasc beidh ainm fir mhóir i ríocht neimhe air. Mar táim á insint daoibh, mura sáraíonn an fhíréantacht atá agaibhse an fhíréantacht a bhíos ag na scríobhaithe agus ag na Fairiséigh ní rachaidh sibh isteach i ríocht neimhe choíche. “Chuala sibh go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná déan marú; agus cibé a dhéanas marú, tabharfar breith air.’ Ach is é deirim libh, nach bhfuil duine dá dtéann i bhfeirg lena bhráthair nach dtabharfar breith air; ná duine a thugas masla cainte dá bhráthair nach dtabharfar roimh an ardchomhairle, ná duine a deir ‘A amadáin!’ nach baol dó tinte ifrinn. Mar sin, má tá aisce á toirbhirt agat ar an altóir, agus más cuimhneach leat ansin go bhfuil ábhar casaoide ag do bhráthair ort, fág dʼaisce ansin os comhair na haltóra agus imigh uaithi; déan socrú le do bhráthair ar dtús, agus tar ansin a thoirbhirt dʼaisce. Bíodh deifir ort le socrú le do chúisitheoir, agus tú ar an mbealach leis go teach na cúirte, ar eagla go dtuga do chúisitheoir i lámha an bhreithimh thú, agus go gcuire an breitheamh idir lámha an gharda thú, agus go gcaitear i bpríosún thú; deirim leat go fíor, ní bhfaighidh tú cead do chinn go dtí go raibh an bonn rua deireannach íoctha agat. “Chuala sibh go ndúradh, ‘Ná déan adhaltranas.’ Ach deirimse libh nach bhfuil duine dá dtugann amharc drúisiúil ar bhean nach bhfuil adhaltranas croí déanta aige léi cheana féin. Má bhíonn do shúil dheas ina ábhar peaca agat, steall amach as do cheann í agus caith uait í; is fearr aon bhall de do bhaill a chailleadh na go gcaithfí do chorp iomlán isteach in ifreann. Agus má bhíonn do lámh dheas ina ábhar peaca agat, gearr díot í agus caith uait í; mar is fearr aon bhall amháin de do bhaill a chailleadh ná go rachadh do chorp iomlán isteach in ifreann. “Dúradh freisin, ‘Cibé duine a scaras lena bhean, tugadh sé teastas dealaithe di.’ Ach deirimse nach bhfuil duine dá scarann lena bhean, ach amháin as siocair a mígheanmnaíochta, nach mbíonn ag déanamh banadhaltraigh di; agus an té a phósas bean dhealaithe, bíonn sé ciontach in adhaltranas. “Chuala sibh arís go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná tabhair mionnaí bréige, ach comhlíon cibé a mhionnaigh tú don Tiarna.’ Ach is é a deirimse libh, gan ní ar bith a thabhairt mar mhionn, ná tabhair neamh, ós í ríchathaoir Dé í, ná an talamh, ós é an stól atá faoina chosa é, ná ná tabhair Iarúsailéim, ós í cathair an Ardrí í. Agus ná tabhair do cheann, ó nach féidir leat ribe dá bhfuil air a dhéanamh geal ná dubh. Ná habraigí thar ‘Is ea’ agus ‘Ní hea’; mar is den olc gach ní dá laghad a théas thairis sin. “Chuala sibh mar a dúradh, ‘Súil i gcúiteamh súile agus fiacail i gcúiteamh fiacaile.’ Ach deirimse libh gan olc a bheith agaibh do lucht an oilc. Ach an té a bhuaileas ar an leiceann deas thú, tiontaigh an leiceann eile leis; agus an té a chuireas dlí ort faoi do léine, lig dó dʼfhallaing a fháil freisin; agus má chuireann duine feidhm ort míle a shiúl, siúil dhá mhíle leis. Tabhair don té a iarras ort, agus ná diúltaigh an té ar mhian leis iasacht a fháil uait. “Chuala sibh go ndeirtí, ‘Tabhair grá do do chomharsa, agus fuath do do namhaid.’ Ach is é a deirim libh, ‘Bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus bígí ag guí ar son lucht bhur ngéarleanúna, ionas go mbí sibh in bhur gclann ag bhur nAthair neamhaí; mar tugann sé ar a ghrian éirí ar dhrochdhaoine agus ar dhea-dhaoine, agus cuireann sé fearthainn ar na fíréin agus ar lucht na héagóra. Mar má thugann sibh grá don dream a thugann grá daoibh, cad é an tairbhe daoibh é? Nach mbíonn na bailitheoirí cánacha féin ag déanamh amhlaidh? Agus má bheannaíonn sibh do bhur mbráithre amháin, cad é a dhéanas sibh thar dhaoine eile? Nach ndéanann na Gintlithe féin mar an gcéanna? Caithfidh an feabhas iomlán a bheith agaibh de réir an fheabhais atá in bhur nAthair neamhaí. “Seachnaígí sibh féin agus ná bígí ag cleachtadh bhur gcráifeachta os comhair an tsaoil ionas go bhfeice na daoine sibh; mar ní bheidh aon luach saothair ó bhur nAthair atá ar neamh agaibh ansin. “Mar sin de, nuair a bhionn tú ag déanamh déirce, ná séid an stoc romhat, mar a dhéanann lucht na bréagchráifeachta sna sionagóga agus sna sráideanna, ionas go bhfaighidh siad moladh ó dhaoine. Deirim libh go fíor, bíonn a luach saothair féin acu. Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh déirce, ná bíodh fios gnótha na láimhe clé ag an láimh dheas, ionas go mbí do dhéirc faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach do shaothair duit. “Agus nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí mar lucht na cráifeachta bréige; an dream ar fearr leo bheith ina seasamh ag guí sna sionagóga agus i gcoirnéil na sráideanna, ionas go bhfeice na daoine iad. Deirim libh go fíor go mbíonn a luach saothair féin acu. Ach nuair a bhíonn tusa ag dul a ghuí, gabh isteach i do sheomra agus druid an doras ort féin agus guigh chun dʼAthar atá faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit. “Agus ag guí daoibh, ná déanaigí deilín mór fada di ar nós na nGintlithe; a shíleas go bhfaighidh siad éisteacht as méid a mbriathar. Ná déanaigí aithris orthu siúd, mar tá a fhios ag bhur nAthair cad é atá uaibh sula mbíonn sibh á iarraidh. Dá bhrí sin de, bígí ag guí mar seo: Ár nAthair atá ar neamh, bíodh dʼainm á naomhú, bíodh do ríocht ag teacht, bíodh do thoil á déanamh ar an talamh mar atá ar neamh. Tabhair dúinn inniu ár n‑arán laethúil; Agus maith dúinn ár bhfiacha, mar atá maite againn dár bhféichiúnaithe; Agus ná lig sinn i gcathú Ach saor sinn ó olc. Mar má mhaitheann sibh a gcionta do dhaoine, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh freisin; ach mura maitheann sibh a gcionta do na daoine, ní mhaithfidh bhur nAthair neamhaí bhur gcionta daoibh ach oiread. “Nuair a bhíonn sibh ag déanamh troscaidh, ná bíodh dreach gruama oraibh, mar lucht na bréagchráifeachta, a chuireas míghnaoi ar a ngnúiseanna ionas go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh. Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh troscaidh, ung do cheann agus nigh dʼaghaidh, ionas nach bhfeice na daoine do throscadh ach go bhfeice dʼAthair a bhíos faoi cheilt; agus tabharfaidh dʼAthair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit. “Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh, mar a mbíonn na leamhain agus na coincleacha ag ithe, agus na gadaithe ag briseadh isteach agus ag goid, ach cuirigí bhur stór i dtaisce daoibh féin ar neamh, san áit nach mbíonn na leamhain ná na coincleacha á ithe, ná na gadaithe ag briseadh isteach ná á ghoid. Mar cibé áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin. “Is í an tsúil crann solais na colainne. Dá bhrí sin de, más slán do shúil, beidh do cholainn uile lán den solas; ach más easlán do shúil, beidh an dorchadas ar fud do cholainne uile. Agus má tá a bhfuil de sholas ionat ina dhorchadas, cad é atá chomh mór leis an dorchadas úd! “Ní féidir do dhuine ar bith bheith ar fostú ag an dá mháistir; mar tabharfaidh sé fuath dʼfhear acu agus grá don fhear eile, nó déanfaidh sé a mhór de dhuine acu agus a bheag den duine eile. Ní féidir daoibhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag an saibhreas saolta. “Deirimse libh dá bhrí sin, gan bheith imníoch i dtaobh bhur mbeatha, faoi cad é a bheas agaibh le n‑ithe ná le n‑ól, ná i dtaobh bhur gcoirp faoi cad é a bheas agaibh le cur air. Nach mó an beo ná an bia, agus nach mó an corp ná an t‑éadach? Féachaigí éanlaith an aeir: ní bhíonn siad ag cur ná ag baint ná ag cruinniú isteach in iothlainneacha, ach ní lúide a bhíonn bhur nAthair neamhaí ag coinneáil bia leo. Nach fiú níos mó sibhse ná iad? Agus cé agaibh a bhfuil a imní in inmhe aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil? Agus cad chuige daoibh imní a bheith oraibh i dtaobh na n‑éadaí? Déanaigí machnamh ar lilí an mhachaire, agus ar an bhfás a thagann fúthu; ní dhéanann siad saothar ná sníomh; ach tá mise á insint daoibh, nach raibh Solamh féin faoi iomlán a mhaise chomh gléasta le haon lile acu seo. Ach más mar sin a ghléasas Dia féar an mhachaire, a bhíos inniu go beo agus á chaitheamh isteach i sorn amárach, nach móide go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine úd an chreidimh bhig? Dá bhrí sin de ná bígí go himníoch agus ná habraigí, ‘Cad é a bheas againn le n‑ithe?’ nó ‘Cá bhfaighimid aon ní le n‑ól?’ nóʼ ‘Cad é an t‑éadach a chaithfimid?’ Bíonn na nithe seo uile ina gcúram ag na Gintlithe; agus is feasach do bhur nAthair neamhaí go bhfuil riachtanas agaibh leo siúd uile. Ach bíodh a ríochtsan agus a fhíréantachtsan mar chúram oraibhse roimh rud ar bith eile, agus beidh na nithe sin uile go léir agaibh lena gcois. “Mar sin ná bíodh aon imní oraibh faoin lá amárach, mar beidh a imní ar an lá amárach faoi féin. Is leor olc an aon lae dʼaon lá amháin.” “Ná tugaigí breithiúnas ionas nach dtugtar breithiúnas oraibh. Mar an breithiúnas a thugann sibh a gheo­bhaidh sibh, agus an miosúr a thomhasfas sibh a thomhasfar libh. Cad chuige ar léir duit an dúradán i súil do bhráthar, agus gan tú ag tabhairt faoi deara na saile atá i do shúil féin? Conas mar sin a fhéadann tú a rá le do bhráthair, ‘Lig dom an dúradán a bhaint as do shúil,’ nuair a bhíos an tsail i do shúil féin? A fhimínigh, bain an tsail as do shúilse ar dtús, agus ansin beidh do shúil glinn leis an dúradán a thógáil amach as súil do bhráthar. “Ná tugaigí an ní naofa do na madraí; agus ná caithigí bhur bpéarlaí roimh na muca, ar eagla go satlaí siad faoina gcosa iad agus go dtiontaí siad thart le bhur stróiceadh as a chéile. “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí agus gheo­bhaidh sibh; buailigí ar an doras, agus osclófar romhaibh é. Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach sroicheann, ná duine dá mbuaileann ar dhoras nach n‑osclaítear roimhe. Mar cé agaibh a thabharfas cloch dá mhac, agus é ag iarraidh aráin air? Nó a thabharfas nathair nimhe dó, agus é ag iarraidh éisc? Más eol daoibh, olc is mar atá sibh, dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach móide go mór a thabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh na dea-nithe don dream a bhíos á n‑iarraidh air? Mar sin, déanaigí le daoine mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh; mar is é sin an dlí agus na fáithe. “Gabhaigí isteach ar an ngeata cúng; mar is fairsing an geata agus is réidh an bealach a thugann chun an léirscríosta, agus is iomaí sin duine a théas isteach ann. Mar is caol cúng an geata agus is deacair duamhar an bealach a théas chun na beatha, agus is beag duine a fhaigheas amach é. “Seachnaígí na fáithe bréige, a thagann chugaibh faoi chulaith chaorach, ach atá ina mic tíre craosacha iontu féin istigh. Aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad. An gcruinnítear fíonchaora ó chrann sceiche, nó figí ó dhosanna fothannán? Mar sin, tugann gach crann cóir dea-thoradh, ach tugann drochchrann toradh an oilc. Ni fhéadann dea-chrann drochthoradh a iompar, ná drochchrann dea-thoradh a thabhairt. Gearrtar agus caitear sa tine gach uile chrann nach dtugann dea-thoradh. Mar sin aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad. “Ní hiad na daoine a bhíos á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna’ liom, a rachas isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té sin a chuireas i ngníomh toil mʼAtharsa atá ar neamh. An lá úd is iomaí sin duine a déarfas liom, ‘A Thiarna, a Thiarna, nach ndearnamar fáidheadóireacht i dʼainmse, agus nár dhíbríomar deamhain i dʼainmse, agus nach ndearnamar oibreacha móra iontacha i dʼainmse?’ Agus is ansin a dhearbhóidh mé dóibh, ‘Ní raibh aithne ná eolas agam oraibh riamh; fágaigí mʼamharc, a lucht déanta an oilc.’ “Dá bhrí sin de, gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus a bhíos á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear eagnaí a thóg a theach ar charraig chloiche; agus thit an fhearthainn, agus dʼéirigh na tuilte, agus shíob na gaotha agus bhuail siad an teach úd, ach níor thit sé, as siocair gur bunaíodh ar charraig chloiche é. Agus gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus nach mbíonn á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear amaideach a thóg a theach ar mholl gainimh; agus thit an fhearthainn, agus dʼéirigh na tuilte, agus shíob na gaotha gur bhuail an teach úd, gur thit sé, agus ba mhór í a thitim.” Nuair a chríochnaigh Íosa an chaint sin, bhí na sluaite ag déanamh iontais dá theagasc mar bhíodh sé á dteagasc mar dhuine a raibh údarás aige, ní ionann is na scríobhaithe. Nuair a tháinig sé anuas den sliabh, lean sluaite móra é; agus bʼshiúd lobhar a tháinig go dtí é agus a chuaigh ar a ghlúine roimhe, agus a dúirt, “A Thiarna, más toil leat é, féadann tú mé a ghlanadh.” Agus shín sé a lámh amach uaidh gur bhain leis, agus dúirt se, “Is toil liom é, bí glan.” Agus ní luaithe sin ráite ná glanadh a lobhra. Agus arsa Íosa leis, “Bí cinnte agus ná habair focal le haon duine, ach imigh, agus taispeáin tú féin don sagart, agus déan an bronntanas a ofráil mar a dʼordaigh Maois, lena dhearbhú do na daoine.” Ar a bhealach isteach go Caparnáum, tháinig ceantúir ina airicis, ag cur impí air agus á rá, “A Thiarna, tá mo sheirbhíseach ina luí sa bhaile agus an phairilis air, agus é á chéasadh go dian.” Agus ar seisean leis, “Tiocfaidh mé go leigheasa mé é.” Ach ba é freagra an cheantúra, “A Thiarna, ni fiú mé tú a theacht faoi mo dhíon; ná habair ach an focal amháin, agus leigheasfar mo sheirbhíseach. Mar is duine mé féin faoi cheannas lucht údaráis, a bhfuil saighdiúirí fúm; agus deirim le fear acu, ‘Imigh’, agus imíonn sé, agus le fear eile, ‘Tar’, agus tagann sé, agus deirim, ‘Déan sin’, le mo sheirbhíseach agus tá sé déanta aige.” Nuair a chuala Íosa an chaint sin uaidh, rinne sé iontas de, agus dúirt sé le lucht a leanúna, “Deirim libh i bhfírinne, ní bhfuair mé a leithéid de chreideamh in Iosrael féin. Deirim libh gurb iomaí duine a thiocfas anoir agus aniar le suí ag an mbord le hAbracham, le hÍosóg, agus le hlácób i ríocht na bhflaitheas, agus go mbeidh san am céanna clann mhac na ríochta á gcaitheamh amach sa dorchadas taobh amuigh di; mar a mbeifear ag sileadh deor agus ag díoscán fiacal.” Agus dúirt Íosa leis an gceantúir, “Imigh; go ndéantar duit mar atá creidte agat.” Agus leigheasadh an seirbhíseach in alt na móiminte úd. Nuair a chuaigh Íosa isteach i dteach Pheadair, chonaic sé a mháthair chéile ina luí agus an fiabhras uirthi; agus chuir sé a mhéar ar a láimh, agus dʼfhág an fiabhras í, agus dʼéirigh sí aníos go ndearna freastal air. An tráthnóna úd tugadh chuige mórán a raibh deamhain ina gcoirp; agus dhíbir sé na deamhain le haon bhriathar amháin, agus leigheas sé a raibh breoite. Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh, “Ghlac sé air féin ár n‑easláintí agus thóg sé ár n‑aicídí.” Nuair a chonaic Íosa anois na mórshluaite ina thimpeall, thug sé ordú uaidh dul anonn go dtí an taobh eile. Agus tháinig scríobhaí aníos chuige agus dúirt sé leis, “A Oide, leanfaidh mé thú cibé áit a dtéann tú.” Agus arsa Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag na madraí rua, agus neadacha ag éanlaith an aeir; ach níl aon áit ag Mac an duine a leagfaidh sé a cheann.” Dúirt duine de na deisceabail leis, “A Thiarna, lig dom imeacht a adhlacadh mʼathar.” Ach ba é a dúirt Íosa leis, “Lean mise, agus lig do na marbháin a marbháin féin a adhlacadh.” Agus nuair a chuaigh sé ar an mbád lean a dheisceabail é. Agus bʼshiúd doineann mhór ag éirí ar an muir, i dtreo go raibh na tonnta ag líonadh an bháid; ach bhí sé féin ina chodladh. Agus chuaigh siad chuige gur dhúisigh siad é, agus iad á rá, “Tarrthaigh sinn, a Thiarna, táimid caillte.” Agus dúirt sé leo, “Cad chuige an eagla seo oraibh, a lucht an chreidimh bhig?” Dʼéirigh sé ansin gur bhagair ar na gaotha agus ar an bhfarraige agus bhí ciúnas mór ann. Agus rinne na fir iontas de, agus dúirt siad, “Cad é an sórt fir é seo, go mbíonn fiú na gaotha agus an fharraige ag umhlú dó?” Agus nuair a tháinig sé go dtí an taobh thall, go tír na nGadairénach, tháinig beirt ina airicis ag teacht amach as na tuamaí, a bhí chomh fíochmhar nár fhéad aon duine an tslí úd a shiúl. Agus bʼshiúd iad ag béiceadh, “Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Mhic Dé? Ar tháinig tú lenar gcéasadh roimh am?” Anois bhí tréad mór muc ag innilt tamall uathu. Agus chuir na deamhain impí air, “Má tá fút ár ndíbirt, cuir amach sinn agus isteach i dtréad na muc.” Agus dúirt sé leo, “Amach libh.” Tháinig siadsan amach mar sin agus isteach sna muca leo; agus bʼshiúd an tréad uile go léir ag dul de ruathar síos na farragáin amach san fharraige, gur bádh san uisce iad. Theith na muicithe leo, agus chuaigh isteach sa chathair gur inis an scéal uile faoinar tharla do na fir a raibh na deamhain iontu. Bʼshiud lucht uile na cathrach ag teacht amach in airicis Íosa; agus nuair a chonaic siad é, chuir siad achainí air a ndúiche a fhágáil. Chuaigh sé ar bord báid ansin gur tháinig anall go dtí a chathair féin. Agus bʼshiúd iad ag iompar pairilisigh chuige, agus é ina luí ar a leaba; agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “Tóg suas do chroí, a mhic; tá do pheacaí maite.” Agus bʼshiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.” Ach ba léir dʼÍosa na smaointe a bhí ina gcroíthe, agus dúirt sé, “Cad chuige a mbíonn na drochsmaointe seo agaibh in bhur gcroíthe? Cé acu is fusa, a rá, ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá, ‘Éirigh, agus siúil.’ Ach sa chaoi go mbeidh fhios agaibh an t‑údarás atá ag Mac an duine ar an talamh le peacaí a mhaitheamh”— ar seisean ansin leis an bpairiliseach—“Éirigh, tóg ort do leaba agus siúil leat abhaile.” Agus leis sin dʼéirigh sé agus shiúil sé abhaile. Nuair a chonaic na sluaite sin, bhí eagla orthu, agus thugadar glóir do Dhia, a thug a leithéid dʼúdarás do dhaoine. Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh as sin, chonaic sé fear a raibh Matha mar ainm air ina shuí in oifig na gcánacha; agus ar seisean leis, “Lean mise,” Agus dʼéirigh sé agus lean sé é. Nuair a shuigh sé ag bord sa teach, tháinig mórán bailitheoirí cánacha agus peacaigh gur shuigh fúthu i gcuideachta Íosa agus a dheisceabal. Agus nuair a chonaic na Fairiséigh sin, dʼfhiafraigh siad dá dheisceabail, “Cad chuige a mbíonn oide bhur muinte ag ithe le bailitheoirí cánacha agus peacaigh?” Ach nuair a chuala seisean é, dúirt sé, “Níl feidhm lia ar an dream atá ina sláinte, ach ar an dream atá breoite. Imigí go bhfoghlaimí sibh cad é is ciall don rá sin, ‘Trócaire agus ní iobairt is mian liom.’ Níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh.” Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin, agus dúirt siad leis, “Cad chuige a mbíonn sinne agus na Fairiséigh ag déanamh troscaidh, ach ní dhéanann do dheisceabailse troscadh?” Agus dúirt Íosa leo, “Conas a fhéadann lucht na bainise bheith brónach chomh fada agus a bhíonn an fear nuaphósta leo? Tiocfaidh na laethanta a n‑ardófar uathu an fear nuaphósta, agus déanfaidh siad troscadh ansin. Mar ní chuireann duine ar bith píosa neamh-chraptha ar sheanéadach, nó imíonn an paiste den éadach, agus is measa an stróiceadh. Agus ní chuirtear nuafhíon amh i seanseithí; mar má dhéantar amhlaidh, pléascann na seithí, agus doirtear an fíon, agus scríostar na seithí; ach cuirtear fíon amh i seithí úrleathair, agus fanann ceachtar acu slán sábháilte.” Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin leo, bʼshiúd rialtóir ag teacht chuige a chuaigh ar a ghlúine roimhe, agus a dúirt, “Tá mʼiníon go díreach i ndiaidh bás a fháil; ach tar agus leag do lámh uirthi, agus mairfidh sí.” Agus dʼéirigh Íosa gur lean sé féin agus a dheisceabail é. Agus bʼshiúd bean a mbíodh rith fola uirthi i rith dhá bhliain déag a tháinig aníos ar a chúl amach agus a leag méar ar fhrainse a fhallainge; mar dúirt sí ina hintinn féin, “Slánófar mé, ach mé mo mhéar a chuimilt dá fhallaing.” Thiontaigh Íosa thart, agus nuair a chonaic sé í dúirt sé léi, “Ná bíodh aon imní ort, a iníon; shlánaigh do chreideamh féin thú.” Agus rinneadh an bhean slán folláin ón uair sin amach. Agus nuair a shroích Íosa teach an rialtóra, agus nuair a chonaic sé lucht seinnte na bhfideog, agus an slua agus an gleo a bhí acu, dúirt sé leo, “Imigí libh, ní marbh ach ina codladh atá an cailín.” Agus rinne siad ábhar gáire de. Ach nuair a bhí an slua curtha amach, chuaigh seisean isteach gur rug ar a láimh, agus dʼéirigh an cailín ina seasamh. Agus chuaigh an t‑iomrá ar fud na tíre úd. Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh leis as an áit úd, lean beirt dhall é, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí.” Nuair a chuaigh sé isteach sa teach, tháinig na daill go dtí é; agus dʼfhiafraigh Íosa díobh, “An gcreideann sibh gur féidir liom sin a dhéanamh?” Dúirt siad leis, “Creidimid é, a Thiarna.” Chuir sé a mhéar ar a súile ansin, agus dúirt sé, “Déantar libh de réir mar atá creidte agaibh.” Agus osclaíodh a súile. Agus bhagair Íosa go dian orthu, “Tugaigí aire nach mbíonn a fhios ag aon duine.” Ach is é rud, dʼimigh siad leo gur scaip a chlú ar fud na tíre úd. Nuair a bhí siadsan ag imeacht, tugadh balbhán chuige a raibh deamhan ann. Agus nuair a bhí an deamhan caite amach, labhair an balbhán; agus rinne na sluaite iontas de, agus dúirt siad, “Ní fhacthas a leithéid in Iosrael.” Ach is é a deireadh na Fairiséigh, “Bíonn sé ag díbirt na ndeamhan le cuidiú phrionsa na ndeamhan.” Agus shiúil Íosa na cathracha agus na bailte beaga uile, ag teagasc ina sionagóga agus ag seanmóireacht shoiscéal na ríochta, agus ag leigheas gach aicíde agus gach easláinte. Nuair a chonaic sé na sluaite, bhí trua aige dóibh, mar bhí siad cloíte de dhíth cuidithe, mar chaoirigh nach bhfuil aoire orthu. Dúirt sé ansin lena dheisceabail, “Tá fómhar fairsing ann, agus gan ach beagán buanaithe ann; bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair go gcuire sé buanaithe amach chun a fhómhair.” Ba ansin a ghlaoigh sé a dháréag deisceabal chuige, agus a thug sé údarás dóibh ar na spridí neamhghlana, lena ndíbirt, agus le gach aicíd agus easláinte a leigheas. Is iad seo ainmneacha an dáréag aspal: an chéad duine Síomón dár shloinne Peadar, agus Aindrias a dheartháir; Séamas mac Shebidé, agus Eoin a dheartháir; Pilib agus Parthalón; Tomás agus Matha an bailitheoir cánacha; Séamas mac Alfaeus, agus Tadéus; Síomón an Cánaníteach, agus Iúdás Iscariót, an té a rinne scéal air. Chuir Íosa an dáréag sin amach uaidh, agus is é a dʼordaigh sé dóibh, “Ná buailigí an bealach a théas chun na nGintlithe, agus ná gabhaigí isteach in aon chathair Shamaratánach, ach tugaigí tús áite do na caoirigh sheachráin is le teaghlach Iosrael. Agus bígí ag fógairt sa siúl daoibh, ‘Tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas.’ Leigheasaigí na daoine breoite, tógaigí na marbháin, glanaigí na Iobhair, díbrígí na deamhain. Fuair sibh saor in aisce, tugaigí uaibh saor in aisce. Ná hiompraígí airgead buí, geal ná rua faoi bhur gcriosanna. Ná bíodh aon mhála agaibh le haghaidh bhur n‑aistir, ná dhá léine, ná cuaráin, ná bata agaibh; mar is fiú an t‑oibrí a chuid a thabhairt dó. Agus cibé baile mór nó baile beag a dtéann sibh ann, faighigí amach cé atá fiúntach ann, agus fanaigí aige ansin go n‑imí sibh. Beannaigí don teach ag dul isteach ann daoibh. Agus más fiú an teach é, tagadh an tsíocháin is agaibhse air; ach mura fiú é bhur síocháin a bheith aige, filleadh bhur síocháin oraibh ar ais. Agus mura gcuireann duine fáilte romhaibh agus mura dtugann sé éisteacht do bhur mbriathra, croithigí an deannach de bhur gcosa nuair a fhágas sibh an teach úd nó an baile úd. Deirim go fírinneach libh, is éadroime an bhreith a thabharfar ar thír Shodóim agus ar Ghomora lá an bhreithiúnais ná an bhreith a thabharfar ar an mbaile úd. “Seo mé do bhur gcur amach uaim mar chaoirigh i measc mac tíre; bígí mar sin chomh glic le nathracha nimhe agus chomh soineanta le coilm. Seachnaígí na daoine; nó cuirfidh siad i lámha comhairlí sibh, agus beidh siad do bhur sciúrsáil ina sionagóga, agus tarraingeoidh siad leo sibh os comhair na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liomsa, le fianaise a thabhairt os a gcoinne siúd agus os coinne na nGintlithe. Nuair a thabharfar ar láimh sibh, ná bíodh aon imní oraibh faoi chaoi ná faoi ábhar bhur gcainte; mar bronnfar oraibh in alt na huaire úd an ní a bheidh le rá agaibh; Mar ní sibh féin a bheidh ag labhairt, ach Spiorad bhur nAthar a bheidh ag labhairt as bhur mbéal. Tabharfaidh an bráthair an bráthair lena bhású, agus an t‑athair an chlann, agus éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí go dtuga siad orthu bheith á gcur chun báis; agus beidh fuath ag an saol oraibh mar mhaithe le mʼainmse. Ach an té a bhíos buan-seasmhach go deireadh is é a shlánófar. Nuair a chuireann siad géarleanúint oraibh i mbaile mór amháin, teithigí go dtí baile mór eile; mar deirim libh go fíor, nach mbeidh bailte móra Iosrael uile siúlta agaibh, go dtaga Mac an duine. “Ní fearr an deisceabal ná oide a mhúinte, agus ní fearr an seirbhíseach ná a mháistir; is leor don deisceabal bheith mar a oide, agus is leor don seirbhíseach bheith mar atá a mháistir. Má thug siad Beelsebúl ar mháistir an tí, nach mó go mór a thabharfaidh siad gach drochainm is measa ná a chéile ar lucht a theaghlaigh? “Ná bíodh aon eagla oraibh rompu mar sin; mar níl ní dá bhfuil i gceilt nach nochtfar, ná ní dá bhfuil i bhfolach nach mbeidh ar eolas. An ní a insím daoibh faoi dhorchadas, fógraigí an ní sin sa solas; agus an ní a chluineas sibh i gcogar, foilsigí os ard é i mullaí na dtithe. Agus ná bíodh eagla oraibh roimh an dream a mharaíos an corp agus nach féidir leo an t‑anam a mharú, ach ina ionad sin bíodh eagla oraibh roimh an té sin arbh fhéidir leis idir chorp agus anam a scriosadh in ifreann. Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar phingin? Agus ní thitfidh aon ghealbhan acu chun talaimh mura dtoilíonn bhur nAthair é. Ach bíonn go fiú ribí bhur gcinn á gcomhaireamh. Ná bíodh eagla oraibh mar sin; is fiú mórán níos mó ná a lán gealbhan sibh. Dá bhrí sin de, an té sin a admhaíos mé os comhair na ndaoine, admhóidh mé é os comhair mʼAthar atá ar neamh; ach an té a shéanas mé os comhair na ndaoine, séanfaidh mise é os comhair mʼAthar atá ar neamh. “Ná síligí gur tháinig mise le síocháin a tabhairt ar an talamh; níor tháinig mé ag tabhairt na síochána liom, ach ag tabhairt claímh liom. Mar tháinig mise le fear a chur in aghaidh a athar, agus leis an iníon a chur in aghaidh a máthar, agus le bean an mhic a chur in aghaidh a máthair chéile; agus is iad a lucht aontís féin a bheas mar naimhde ag fear. An té ar fearr leis a athair nó a mháthair ná mé ní fiú liom agam é; agus an té ar fearr leis a mhac nó a iníon ná mé ní fiú liom agam é; agus an té nach dtógann a chrois air agus nach leanann mé ní fiú liom agam é. Agus an té a gheobhas a bheo caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liomsa is é a gheobhas a bheo. “An té a ghlacas liomsa glacann sé leis an té a chuir uaidh mé. An té a ghlacas le fáidh cionn is é a bheith ina fháidh gheobhaidh sé luach saothair fáidh, agus an té a ghlacas le firéan cionn is é a bheith ina fhíréan gheobhaidh sé luach saothair fíréin. Agus cibé ar bith duine a thabhar­fas chomh beag le cupán dʼuisce fuar dʼaon duine de na miondaoine seo cionn is é a bheith ina dheisceabal, deirim libh go fíor nach mbeidh sé gan luach saothair.” Nuair a bhí críoch curtha ag Íosa ar an teagasc a thug sé dá dháréag deisceabal, shiúil sé ar aghaidh ansin a theagasc agus a sheanmóireacht ina gcathracha. Nuair a chuala Eoin iomrá ar ghníomhartha an Chríost, agus é sa phriosún, chuir sé scéal chuige lena dheisceabail féin ag fiafraí de, “An tú an té atá le teacht, nó an mbeidh súil againn le duine nach tú?” Agus ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Imigí agus insígí dʼEoin a gcluineann sibh agus a bhfeiceann sibh: faigheann na daill a radharc agus tá na ciothramaigh ag siúl, glantar na lobhair agus cluineann na bodhráin, tógtar na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do na boicht. Agus is beannaithe an té nach nglacann scannal liom.” Nuair a bhí siadsan ag imeacht, thosaigh Íosa ag cur síos ar Eoin leis na sluaite: “Cad é an rud é a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach le hamharc a fháil air? Giolcach á luascadh le gaoth? Ach cad chuige a ndeachaigh sibh amach? An le fear a fheiceáil a mbíodh éadaí míne air? Ach is i dtithe na ríthe a bhíos lucht an éadaigh mhín. Cad chuige mar sin a ndeachaigh sibh amach? Le fáidh a fheiceáil? Is ea, agus ní is mó, deirim libh, ná fáidh. Is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi, ‘Féach, cuirim mo theachtaire ar do bhealach, a réiteos do shlí romhat.’ Deirim libh go fíor nach raibh mac ag máthair riamh a ba mhó ná Eoin Baiste; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht na bhflaitheas. Ó laethanta Eoin Bhaiste go dtí anois tá foréigean á imirt ar ríocht na bhflaitheas, agus lucht an fhoréigin á éigniú. Mar bhíodh na fáithe uile agus an dlí ag déanamh fáistine go dtí gur tháinig Eoin; agus más toil libh glacadh leis uaim, is é sin Elía a bhí le teacht. An té a bhfuil cluasa aige le héisteacht, éisteadh sé. “Ach cé an tsamhail a thabharfaidh mé don ghlúin seo? Is í an tsamhail atá orthu, páistí ina suí i sráid an mhargaidh agus ag glaoch ar na páistí eile atá ag súgradh leo, ‘Sheinneamar na píobaí daoibh, agus ní dhearna sibh damhsa; rinneamar mairgneach, agus ní dhearna sibh brón.’ Mar tháinig Eoin gan é ag ithe ná ag ól, agus deir siad ‘Tá deamhan ina chorp’; agus tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus is é a deir siad, ‘Seo craosaire bia agus pótaire fíona, seo cara na mbailitheoirí cánacha agus na bpeacach!’ Ach tugann a bearta a ceart don eagnaíocht.” Ba ansin a thosaigh sé ar cháineadh na gcathracha ba mhó a ndearna sé móroibreacha iontu, as siocair gan aithrí a bheith orthu. “Mo chreach tú, a Chorasin! Mo bhrón tú, a Bhétsáida! Dá mba i dTior nó i Siodón a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionaibhse, bheadh a aithreachas déanta acu fad ó shin agus saicéadach agus luaithreach orthu. Ach deirimse libh, is éadroime a bheifear lá an bhreithiúnais ar Thoir agus ar Shiodón ná oraibhse. Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú? Is é rud, ísleofar go Háidéas thú. Mar dá mba i Sodóm a dhéantaí na móroibreacha a rinneadh ionatsa, bheadh sé ag fanacht ina sheasamh go dtí an lá inniu. Ach deirimse libh gur éadroime an bhreith a thabharfar lá an bhreithiúnais ar Thír Shodóim ná an bhreith a thabharfar ort.” Is san am sin a dhearbhaigh Íosa, “Beirim buíochas leat, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, gur cheil tú na nithe seo ar lucht na heagna agus na tuisceana agus gur nocht tú do na leanbáin iad; is ea, bhí sin amhlaidh, a Athair, ba é sin do thoil agus do dheoin. Tá gach uile ní tugtha uaidh i mo láimh ag mʼAthairse; agus ní aithnid an Mac dʼaon duine ach don Athair, agus ní aithnid an tAthair dʼaon duine ach don Mhac agus duine ar bith a dtoilíonn an Mac a nochtadh dó. Tagaigí chugamsa, a dhream úd a mbíonn saothar mór agus ualaí troma oraibh, agus tabharfaidh mé suaimhneas daoibh. Tagaigí faoi mo chuing, agus glacaigí le mo theagasc; mar is caoin uiríseal mo chroí, agus gheobhaidh sibh suaimhneas anama agam. Is cuing éasca mo chuingse, agus is éadrom an t‑ualach mʼualachsa.” Ba é an t‑am sin a shiúil Íosa ar an tslí trí chuibhrinn na cruithneachta lá na sabóide; bhí an t‑ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ar stoitheadh na ndias agus á n‑ithe. Ach nuair a chonaic na Fairiséigh sin, dúirt siad leis, “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ní nach ceadmhach a dhéanamh ar an tsabóid.” ls é a dúirt sé leo, “An é nár léigh sibh faoin rud a rinne Dáibhí, nuair a bhí an t‑ocras air féin, agus ar an dream a bhí ina chuideachta: mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus a dʼith sé arán na toirbhirte, nár cheadaigh an dlí dó a ithe é féin ná an dream a bhí ina chuideachta, ach do na sagairt amháin? Nó an é nach bhfuil léite agaibh sa dlí mar a bhíonn an tsabóid á sárú ag na sagairt sa teampall, agus gan coir orthu? Deirimse libh go bhfuil neach is mó ná an teampall anseo. Agus dá mbeadh fhios agaibh cad a chiallaíos sé seo, ‘Trócaire is áil liom, agus ní iobairt,’ ní dhaorfadh sibh daoine atá neamhchiontach. Mar tá tiarnas os cionn na sabóide ag Mac an duine.” Chuaigh sé ar aghaidh as sin, go ndeachaigh isteach ina sionagóg siúd. Bʼshiúd ansin fear a raibh leathlámh sheargtha air. Agus dʼfhiafraigh siad de, “An ceadmhach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid?”, le cúis a fháil lena chur air. Ar seisean leo, “Cé an fear sin eadraibh, nach bhfuil aige ach aon chaora amháin, más rud é go dtiteann sí i bpoll lá na sabóide, nach mbéarfadh uirthi agus nach dtógfadh amach as í? Nach fiú i bhfad níos mó duine ná caora! Dá bhrí sin de, is ceadmhach an mhaith a dhéanamh ar an tsabóid.” Agus ar seisean ansin leis an bhfear, “Sín do lámh amach uait.” Agus shín an fear amach í, agus rinneadh slán folláin í, dála na leathláimhe eile. Ach chuaigh na Fairiséigh amach go ndeachaigh i gcomhairle le chéile ina aghaidh, conas a chuirfidís deireadh leis. Ní raibh Íosa dall air sin, agus dʼimigh sé as sin. Chuaigh mórán ina dhiaidh, agus leigheas sé iad uile go léir, agus dʼordaigh sé dóibh gan a insint go raibh sé ann. Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh: “Féach mo sheirbhíseach a thogh mé, mo dhuine ionúin a mbíonn toil ag mʼanam ann. Cuirfidh mé air mo Spiorad, agus is é a fhógrós a gceart do na Gintlithe. Ní bheidh sé clamprach ná ardghlórach, agus ní chluinfear a ghuth ar na sráideanna; ní bhrisfidh sé an ghiolcach bhrúite agus ní mhúchfaidh sé an buaiceas smolchaite go dtugann sé an ceart chun bua; agus is as a ainmsean a bheidh dóchas ag na Gintlithe.” Ba ansin a tugadh chuige balbhán dall a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, i dtreo go raibh idir urlabhra agus amharc ag an mbalbhán. Rinne na daoine uile iontas de, agus dúirt siad, “An féidir gurb é Mac Dháibhí é?” Ach nuair a chuala na Fairiséigh é, dúirt siadsan, “Níl ann ach go ndíbríonn an duine seo deamhain trí Bheelsebúl, prionsa na ndeamhan.” Ar seisean leo agus a dhea-fhios aige cad iad na smaointe a bhí ina n‑intinn, “Níl ríocht a dhealaítear ina héadan féin nach ndéantar fásach di, agus ní sheasóidh an chathair ná an teaghlach a dhealaítear ina éadan féin; agus más rud é go mbíonn Sátan ag díbirt Shátain, tá sé dealaithe ina éadan féin; agus conas a sheasós a ríocht mar sin? Agus más trí Bheelsebúl a dhíbrímse deamhain, cé hé sin a mbíonn bhur mic á ndíbirt tríd? Mar sin bíodh siadsan ina mbreithiúna oraibh. Ach más trí Spiorad Dé a bhímse ag díbirt deamhan, níl amhras nár tháinig ríocht Dé oraibh. Mar conas a théann duine isteach i dteach tréanfhir, agus a thugann sé creach a mhaoine, mura gceanglaíonn sé an tréanfhear i dtús báire? Is cinnte go bhféadann sé creach a dhéanamh ar a theach ansin. An té nach bhfuil ar mo thaobh tá sé i mʼaghaidh, agus an té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh. lnsím daoibh dá bhrí sin, go maithfear gach peaca agus diamhasla do dhaoine, ach nach maithfear an diamhasla a dhéantar in aghaidh an Spioraid. Agus go maithfear cibé focal a labhrófar in aghaidh Mhac an duine; ach an té a labhraíos in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní mhaithfear dó é, san aois seo i láthair ná san aois atá le teacht. “Seo nó siúd: déanaigí dea-chrann agus dea-thoradh air, nó drochchrann agus drochthoradh air; mar aithnítear an crann ar a thoradh. A áil na nathracha nimhe! Conas a fhéadann sibh dea-rud a rá, nuair is olc sibh? Mar is as flúirse an chroí a labhraíos an béal. Tugann an dea-dhuine an dea-rud as an dea-stór a bhíos aige, agus tugann an drochdhuine an drochrud as a dhrochstórsan. Táim á insint daoibh, go gcaithfidh na daoine, lá an bhreithiúnais, míniú a thabhairt ar gach briathar éadrom dá sciurdann orthu; mar is as do bhriathra a thabharfar saorbhreith ort, agus is as do bhriathra a thabharfar daorbhreith ort.” Ba ansin a dúirt cuid de na scríobhaithe agus de na Fairiséigh leis, “A Oide, ba é ba mhaith linn comhartha a fheiceáil uait.” Ach is é an freagra a thug sé orthu, “Bíonn an ghlúin seo an oilc agus an adhaltranais ag iarraidh comhartha; ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha an fháidh Ióna. Ó mar a bhí Ióna trí lá agus trí oiche i mbolg an mhíl mhóir, is amhlaidh a bheidh Mac an duine trí lá agus trí oiche i gcroí-lár an talaimh. Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siadsan aithrí le seanmóireacht Ióna, agus is mó ná Ióna an neach atá i láthair agaibh anseo. Éireoidh banríon an domhain theas nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh sí í; mar tháinig sí ón gceann ab fhaide den talamh a éisteacht le heagnaíocht Sholaimh, agus is mó ná Solamh an neach atá agaibh i láthair anseo. “Nuair a bhíonn an sprid neamhghlan imithe as duine, siúlann sí na háiteanna gan uisce ag iarraidh suaimhnis, ach ní bhíonn an suaimhneas le fáil aici. Is é a deir sí ansin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa ar tháinig mé amach as.’ Agus nuair a thagann sí, faigheann sí é agus é folamh, scuabtha, slachtmhar. Imíonn sí léi ansin go nglacann chuici mór-sheisear sprid is measa arís ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann siad cónaí ann; agus is measaide críoch dheireanach an duine úd ná a thús. Is amhlaidh a bheidh leis an nglúin seo an oilc.” Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin leis na daoine, bʼshiúd a mháthair agus a dheartháireacha ina seasamh taobh amuigh, agus iad ag iarraidh dul chun cainte leis. Ach ar seisean leis an té a dʼinis dó é, “Cé hí mo mháthair, agus cé hiad mo dheartháireacha?” Agus shín sé a lámh amach uaidh i dtreo a dheisceabal, agus dúirt sé, “Seo iad mo mháthair agus mo dheartháireacha! Mar cibé duine a bhíos ag déanamh toil mʼAthar atá ar neamh, is deartháir, agus is deirfiúr, agus is máthair dom an duine sin.” An lá céanna dʼimigh Íosa amach as an teach gur shuigh ar chladach na farraige. Chruinnigh sluaite móra ina thimpeall, ar chaoi go ndeachaigh sé ar bord báid go raibh ina shuí ansin, agus an slua uile ina seasamh ar an trá. Agus bʼiomaí sin ní a dʼinis sé dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé: “Chuaigh síoladóir amach a chur síl. Nuair a bhí sé ag cur an tsíl, thit cuid de na síolta ar imeall an chosáin, agus tháinig na héin gur ith siad iad. Thit síolta eile ar thalamh creagach, nach raibh móran úire fúthu ann, agus tháinig fás tobann orthu, ó nach raibh aon doimhneacht úire acu. Ach nuair a dʼéirigh an ghrian go hard sa spéir dódh iad; agus ó nach raibh aon fhréamh acu shearg siad leo as. Thit síolta eile i measc na ndriseog, agus dʼfhás na driseoga aníos gur thacht siad iad. Thit síolta eile ar dhea-úir mhéith agus thug siad toradh, cuid de faoi chéad, agus cuid de faoi sheasca, agus cuid de faoi thríocha. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.” Ba ansin a tháinig na deisceabail agus a dúirt siad leis, “Cad chuige duit labhairt leo i bhfáithscéalta?” Agus dʼfhreagair sé iad, “Is daoibhse a tugadh fios rún ríocht na bhflaitheas, ach níor tugadh an fios sin dóibh. Mar an té a bhfuil ní aige tabharfar tuilleadh dó, agus beidh flúirse aige; ach an té nach bhfuil aon ní aige, béarfar uaidh go fiú a bhfuil aige. Is é an fáth a mbím ag labhairt leo i bhfáithscéalta, de bhrí go bhfuil an radharc acu agus nach bhfeiceann siad, agus go bhfuil an éisteacht acu agus nach gcluineann siad, agus de bhrí go bhfuil siad gan tuiscint. Is iad an tuar a tháinig faoi thairngreacht Ísáia a deir: ‘Cluinfidh bhur gcluasa agus ní thuigfidh sibh choíche, agus féachfaidh bhur súile, agus ní fheicfidh sibh go deo. Mar tá croí na muintire seo i ndiaidh éirí ramhar, agus tugann siad cluas bhodhar, agus dhall siad a súile, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, agus go gcluinfeadh a gcluasa, agus go dtuigfeadh a gcroí, agus go dtiontóidís thart ionas go leigheasfadh mise iad.’ Ach is beannaithe bhur súile, mar feiceann siad, agus is beannaithe bhur gcluasa, mar cluineann siad. Deirim i bhfírinne libh, is iomaí fáidh agus fíréan a bhí ag tnúth lena bhfeiceann sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus a bhí ag tnúth lena gcluineann sibh a chluinstin agus nár chuala é. “Éistigí mar sin le fáithscéal an tsíoladóra. Nuair a chluineann aon duine briathar na ríochta gan a thuiscint, is é rud, tagann an drochsprid agus sciobann sí ar shiúl an síol a cuireadh ina chroí; is é sin an méid a cuireadh ar imeall an chosáin. I dtaca leis an síol a cuireadh sa talamh creagach, is é sin an té a chluineas an briathar agus a ghlacas leis go háthasach gan mhoill; an té nach bhfuil aon fhréamh ann, agus nach maireann ach seal, mar nuair a éirionn aon chrá nó géarleanúint i dtaobh an bhriathair, glacann sé fuath dó gan mhoill. I dtaca leis an síol a cuireadh i measc na ndriseog, is é sin an té a éisteas leis an mbriathar, ach go mbíonn imní an tsaoil agus cluain an tsaibhris ag tachtadh an bhriathair, sa chaoi nach mbíonn toradh air. Ach i dtaca leis an síol a cuireadh i ndea-úir mhéith, is é sin an té a chluineas an briathar agus a thuigeann é; is é a thugann toradh uaidh, uaireanta faoi chéad, agus uaireanta faoi sheasca, agus uaireanta eile faoi thríocha.” Chuir sé fáithscéal eile rompu, agus dúirt sé, “Féadtar ríocht na bhflaitheas a chur i gcosúlacht le fear a chuir dea-shíol ina chuibhreann; ach nuair a bhí daoine ina gcodladh, tháinig an namhaid a chur cogail i measc na cruithneachta agus dʼimigh sé leis. Nuair a dʼfhás an geamhar aníos agus a tháinig na diasa, nochtadh an cogal freisin. Agus tháinig seirbhísigh fhear an tí chuige go ndúirt siad leis, ‘A dhuine uasail, nach é an dea-shíol a chuir tú i do chuibhreann? Conas atá an cogal ann?’ Ar seisean leo, ‘Is namhaid a rinne seo orm.’ Dʼfhiafraigh na seirbhísigh de ansin, ‘An toil leat sinne a dhul á bhailiú?’ Ach is é a dúirt sé, ‘Ná déanaigí sin; ar eagla go stróicfeadh sibh an chruithneacht as a fréamhacha agus sibh ag cruinniú an chogail. Ligigí don dá chuid fás i gcuideachta go dtí an fómhar; agus in am an fhómhair is é a déarfas mé leis na buanaithe. Cruinnígí an cogal an chéad uair, agus ceanglaígí ina bhearta é lena dhó, ach cruinnígí an chruithneacht isteach i mʼiothlainn.’” Chuir sé fáithscéal eile rompu, go ndúirt, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gráinne de shíol mustaird ar ghlac fear é agus ar chuir sé ina chuibhreann é; is é an síol is lú ar shíolta é, ach nuair a fhásas sé níl tom is mó ná é agus bíonn sé ina chrann, agus tagann éanlaith an aeir a dhéanamh neadacha ina chraobhacha.” Dʼinis sé fáithscéal eile dóibh, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le laibhín a ghlac bean chuici gur fholaigh é i dtrí mhiosúr de phlúr, go dtí gur ghlac an t‑iomlán de an laibhín.” Dúirt Íosa é sin uile leis na sluaite i bhfáithscéalta; ar ndóigh ní dúirt sé aon ní leo siúd gan fáithscéal. Tharla sin mar thuar ar an tairngreacht: “Osclóidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta, nochtfaidh mé ar folaíodh ó bhunú an domhain.” Dʼfhág sé na sluaite ansin go ndeachaigh isteach sa teach. Agus tháinig a dheisceabail chuige, go ndúirt siad leis, “Mínigh dúinn fáithscéal chogal an chuibhrinn.” Ba é a fhreagra, “An té a chuireas an dea-shíol, is é Mac an duine é; is é an cuibhreann an domhan, agus is é a chiallaíos an dea-shíol, clann mhac na ríochta; is é an cogal clann an áibhirseora, is é an namhaid a chuir é an diabhal; is é an fómhar deireadh na haoise, agus is iad na buanaithe na haingil. Mar a chruinnítear an cogal agus mar a dhóitear sa tine é, is amhlaidh a bheidh ag deireadh na haoise. Cuirfidh Mac an duine uaidh a aingil, agus cruinneoidh siad amach as a ríocht a mbíonn ina gcionn-siocair peaca, agus caithfidh siad i bhfoirnéis na tine iad; san áit a mbíonn deora agus díoscán fiacal. Is ansin a bheidh na fíréin ag dealramh mar an ghrian i ríocht mʼAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé. “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le taisce a bhí i bhfolach i ngort, ar tháinig fear air, agus ar fholaigh sé é; ansin leis an áthas atá air téann sé go ndíolann sé a bhfuil aige go gceannaíonn sé an gort úd. “Is cosúil arís ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhíodh ag cuardach na bpéarlaí ab fhearr, a tháinig ar aon phéarla mórluachmhar amháin, agus a dʼimigh agus a dhíol a raibh aige, agus a cheannaigh é. “Arís, is cosúil ríocht na bhflaitheas le líon a caitheadh amach san fharraige agus a rug ar an uile chineál éisc; nuair a bhí sé líonta leo, tharraing na daoine amach ar an trá é agus shuigh siad gur phioc siad amach an méid a bhí maith gur chuir i soithigh iad, ach gur chaith siad uathu an méid a bhí olc. Is amhlaidh a bheidh ag deireadh na haoise. Tiocfaidh na haingil a scaradh lucht an oilc as measc na bhfíréan, agus caithfidh siad i bhfoirnéis na tine iad; an áit a mbeidh deora agus díoscán fiacal ann. “Ar thuig sibh sin uile?” “Thuig,” ar siadsan leis. Agus ar seisean leo, “Mar sin de, gach scríobhaí dá bhfuair foghlaim le haghaidh ríocht na bhflaitheas, is cosúil é le fear cinn teaghlaigh a bhíos ag tabhairt amach sean agus nua as a bhfuil aige.” Nuair a bhí críoch curtha ar na fáithscéalta seo ag Íosa, dʼimigh sé as an áit úd, agus tháinig sé go dtí a dhúiche féin gur theagasc dóibh ina sionagóg, ar chaoi a chuir iontas orthu, agus ar siadsan, “Cá has a bhfuil an eagna seo agus na móroibreacha seo ag an duine seo? Nach é seo mac an tsaor adhmaid? Nach Muire atá mar ainm ar a mháthair? Nach iad Séamas agus Iósaf agus Síomón agus Iúdás a dheartháireacha? Agus nach mbíonn a dheirfiúracha uile linn anseo? Cá bhfuair an duine seo an méid seo uile?” Agus ghlac siad scannal roimhe. Ach is é a dúirt Íosa leo, “Ní bhíonn fáidh gan onóir a bheith aige gach áit ach amháin ina dhúiche féin agus ina theach féin.” Agus ní dhearna sé mórán móroibreacha ansin, as siocair a ndíchreidimhsean. Ba san am úd a chuala Iorua, an rí cúige, faoin gclú a bhí ar Íosa; agus ar seisean lena sheirbhísigh, “Is é sin Eoin Baiste, tá sé tógtha ó mhairbh; sin í an chúis go bhfuil na cumhachtaí seo ar obair ann.” Mar is é rud, ghabh Iorua Eoin agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Heródias, banchéile a dhearthár Pilib, as siocair go ndúirt Eoin leis, “Níl sé ceadmhach de réir dlí í a bheith agatsa.” Bhí mian air é a chur chun báis, ach go raibh eagla air roimh na daoine, mar ba é an mana a bhí acu, Eoin a bheith ina fháidh. Ach nuair a bhíothas ag comóradh lá breithe Iorua, rinne iníon Heródias cúrsa damhsa os comhair na cuideachta, agus thaitin sí chomh mór sin le hlorua gur gheall sé agus fiú mhionnaigh sé cibé a dʼiarrfadh sí a thabhairt di. Thug a máthair an leid di ansin, go ndúirt sí, “Tabhair chugam anseo ceann Eoin Bhaiste ar thrinsiúr.” Chuir sin brón ar an rí; ach as siocair a mhionnaí agus na cuideachta a bhí aige thug sé ordú uaidh a thabhairt di; agus chuir sé teachtaire uaidh go ndearnadh Eoin a dhícheannadh sa phriosún, agus iompraíodh a cheann isteach ar thrinsiúr agus tugadh don chailín é, agus thug sise go dtí a máthair é. Agus tháinig a dheisceabailsean gur thug leo an corp gur chuir san uaigh é; agus chuaigh siad gur inis dʼÍosa é. Anois nuair a chuala Íosa sin, chuaigh sé as sin i mbád i leataobh in áit uaigneach gan áitreabh. Ach nuair a chuala na sluaite é, lean siad é as na cathracha de shiúl cos. Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé slua mór; agus ghlac sé trua dóibh, agus leigheas sé a raibh breoite acu. Nuair a bhí an tráthnóna beag ann, tháinig na deisceabail chuige agus ar siadsan leis, “Áit uaigneach gan áitreabh atá anseo, agus tá sé mall sa lá cheana féin; cuir na sluaite ar shiúl go dté siad isteach sna bailte agus go gceannaí siad bia dóibh féin.” Is é a dúirt Íosa, “Níl feidhm orthu imeacht; tugaigí féin bia dóibh.” Ar siadsan leis, “Níl againn anseo ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.” Agus dúirt sé, “Tugaigí chugam anseo iad.” Dʼordaigh sé ansin do na sluaite suí fúthu ar an bhféar; agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus dʼfhéach suas ar neamh, agus bheannaigh na builiní agus roinn i ranna iad gur thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. Agus dʼith siad uile a sá. Agus tógadh dhá chiseán déag a bhí lán de na ghrabhróga a fágadh mar fhuílleach. Agus an méid a dʼith an bia bhí siad cúig mhíle fear ann gan na mná ná na páistí a chur san áireamh. Thug sé ansin ar na deisceabail dul ar an mbád agus seoladh anonn go dtí an taobh eile, a fhad agus bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite. Ansin nuair a bhí na sluaite scaoilte aige, chuaigh sé suas leis féin faoi na cnoic a dhéanamh urnaí. Nuair a tháinig an oíche ní raibh aige ach é féin, ach faoin am seo bhí an bád mórán stáid amach ón talamh, agus é á choscairt ag na tonnta; mar bhí an ghaoth ina n‑éadan. Agus tháinig sé chucu sa cheathrú faire den oíche, agus é ag siúl na farraige. Ach nuair a chonaic na deisceabail ag siúl na farraige é, bhí an t‑uafás orthu, agus dúirt siad, “Taibhse atá ann!” Agus lig siad béic astu leis an eagla a bhí orthu. Ach labhair sé leo ar an móimint, agus dúirt sé leo, “Bíodh uchtach agaibh, is mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.” Agus dʼfhreagair Peadar é, “A Thiarna, más tú atá ann, ordaigh dom teacht chugat ar uachtar an uisce.” “Tar”, ar seisean leis. Dʼéirigh Peadar mar sin amach as an mbád gur tháinig chuig Íosa agus é ag siúl an uisce; ach nuair a chonaic sé an ghaoth, bhí eagla air, agus thosaigh sé ar dhul faoi agus dúirt sé in ard a chinn, “A Thiarna, tarrthaigh mé.” Shín Íosa a lámh amach ar an bpointe ag breith air, agus dúirt sé leis, “A fhir an chreidimh bhig, cad chuige duit bheith in amhras?” Agus nuair a chuaigh siad ar bhord an bháid, thit an ghaoth. Agus thug a raibh sa bhád adhradh dó, agus iad á rá, “Is fíor gur tú Mac Dé.” Nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genesaret. Agus nuair a dʼaithin lucht na háite cé a bhí ann, chuir siad an scéal amach ar fud an cheantair úd agus thug siad chuige a raibh breoite, agus dʼiarr siad air ligean dóibh gan ach a lámha a leagan ar fhrainse a fhallainge; agus slánaíodh ar leag lámh air. Ba ansin a tháinig Fairiséigh agus scríobhaithe chuig Íosa as Iarúsailéim agus dúirt siad leis, “Cad chuige a mbíonn do dheisceabail ag sárú nósanna na seanóirí? Mar ní níonn siad a lámha nuair a chaitheann siad bia.” Is é an freagra a thug sé orthu, “Agus cad chuige a sháraíonn sibhse aithne Dé mar mhaithe le bhur nósannasa? Mar is í an aithne a thug Dia uaidh, ‘Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair,’ agus ‘An té a labhraíos an t‑olc ar a athair nó ar a mháthair, cuirtear chun báis é gan teip.’ Ach is é a bhíos á rá agaibhse, ‘Má insíonn duine dá athair nó dá mháthair, An rud a bhí agam le tabhairt duitse is tabhartas do Dhia é, níl aon fheidhm air onóir a thabhairt dá athair.’ Dá bhrí sin de, tá briathar Dé curtha ar ceal agaibh mar mhaithe le bhur nós úd. A dhream an chrábhaidh bhréige! Nach maith a rinne Ísáia tairngreacht fúibh, nuair a dúirt sé: ‘Tugann an mhuintir seo onóir dom lena mbéal, ach is fada uaim a gcroí; is díomhaoin an t‑adhradh a thugann siad dom, agus gan sa teagasc a bhíos á theagasc acu ach ar ordaigh daoine.’” Agus ghlaoigh sé na daoine chuige go ndúirt sé leo, “Éistigí leis seo agus tuigigí: ní hé an ní a théas isteach sa bhéal a shalaíos an duine, ach an ní a thagas amach as an mbéal, sin an ní a shalaíos an duine.” Tháinig na deis­ceabail chuige ansin agus dúirt siad leis, “Nach bhfuil fhios agat gur ghlac na Fairiséigh scannal nuair a chuala siad an rá sin agat?” Ba é a dʼfhreagair sé, “Níl aon phlanda nach bhfuil curtha ag mʼAthair neamhaí nach dtarraingeofar amach as na fréamhacha. Ná bainigí leo; is iad na treoraithe dalla iad. Má threoraíonn dall dall, titfidh siad ar aon i bpoll.” Ach dúirt Peadar leis, “Mínigh an fáithscéal dúinn.” Agus dúirt sé, “An bhfuil sibhse go fóill gan tuiscint freisin? Nach bhfeiceann sibh, cibé ní a théas isteach ar an mbéal, go dtéann sé ar aghaidh leis go dtí an goile, agus amach sa chamra? Ach an ní a thagas amach ar an mbéal is ón gcroí a thagas sé, agus salaíonn seo an duine. Mar is iad a thagas as an gcroí na drochsmaointe, an dúnmharú, an t‑adhaltranas, an drúis, an ghadaíocht, an fhianaise bhréige, an t‑ithiomrá. Is iadsan a shalaíos an duine; ach ní shalaíonn sé duine má chaitheann sé bia le lámha nár níodh.” Agus dʼimigh Íosa as an áit úd agus tharraing sé i leataobh go dúiche Thior agus Shiodóin. Agus bʼshiúd an bhean Chánáníteach as an dúiche úd a tháinig amach agus a ghlaoigh, “Déan trócaire orm, a Thiarna, a Mhic Dháibhí; tá deamhan dian i gcorp mʼiníne.” Ach níor thug sé focal de fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail chuige agus chuir siad achainí air agus dúirt siad, “Cuir ar shiúl í, mar tá sí ag screadach inár ndiaidh.” Ba é a fhreagra, “Níor cuireadh mise ach amháin chuig caoirigh sheachráin de theaghlach Iosrael.” Ach tháinig sise go ndeachaigh ar a glúine roimhe, á rá, “A Thiarna, cuidigh liom.” Agus dʼfhreagair sé, “Ní cóir é breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chun na gcoileán.” Agus ar sise, “Is fíor sin duit, a Thiarna, ach bíonn cead ag na coileáin bheith ag ithe a dtiteann de ghrabhróga ó bhord a máistir.” Ba ansin a dʼfhreagair Íosa í, “A bhean úd an mhórchreidimh! Bíodh agat mar atá iarrtha agat.” Agus slánaíodh a hiníon ar an toirt. Agus dʼfhág Íosa an áit úd agus chuaigh thart faoi bhruach Mhuir Ghalailí agus suas faoi na cnoic, gur shuigh ansin. Agus tháinig sluaite móra chuige, agus iad ag iompar leo na gcláiríneach agus na gciothramach, na ndall agus na mbalbhán, agus mórán othar eile, gur lig anuas ag a chosa iad, agus leigheas sé iad, sa chaoi go ndearna an slua iontas de, nuair a chonaic siad na balbháin ag labhairt, a mbaill beatha ag na ciothramaigh, na cláirínigh ag siúl, agus an t‑amharc ag na daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael. Ba ansin a ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige go ndúirt sé leo, “Tá trua agam don slua, mar tá siad na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan bia le caitheamh acu; agus tá leisce orm á gcur uaim agus ocras orthu, ar eagla go dtite siad i laige ar an tslí.” Agus dʼfhiafraigh na deis­ceabail de, “Cá has a bhfaighimid arán go leor san fhásach lena sá bia a thabhairt do shlua chomh mór leis?” Agus dʼfhiafraigh Íosa díobh, “Cé mhéid builíní atá agaibh?” Agus dúirt siad, “Seacht mbuilín agus dornán de mhionéisc.” Agus dʼordaigh sé don slua suí fúthu ar an talamh, agus ghlac sé na seacht mbuilín agus an t‑iasc, agus dʼaltaigh sé iad agus roinn sé iad agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. Agus dʼith siad uile go léir a sá; agus tógadh seacht gciseán lána den fhuílleach a bhí fágtha. An méid a dʼith bhí siad ceithre mhíle fear ann, gan mná ná páistí a chur san áireamh. Agus nuair a bhí na sluaite scaoilte chun siúil aige, chuaigh sé ar an mbád agus dʼimigh sé leis go críocha Mhagadáin. Tháinig na Fairiséigh agus na Saducéigh, agus ó bhí fonn orthu féachaint a chur air, dʼiarr siad air comhar­tha ó neamh a thaispeáint dóibh. Ba é a fhreagra orthu, “Nuair a bhíos an tráthnóna ann, is é a deir sibh, ‘Beidh an aimsir maith, mar tá an spéir dearg.’ Agus ar maidin, ‘Beidh sé doineanta inniu, mar tá spéartha dearga bagarthacha ann’. Bíonn míniú agaibh ar chruth na spéire, ach ní féidir libh comharthaí na haoise a mhíniú. Tá an drochghlúin adhaltrach ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha Ióna.” Agus thug sé a chúl leo agus dʼimigh leis. Nuair a shroich na deisceabail an taobh thall, bhí dearmad déanta acu ar aon arán a thabhairt leo. Arsa Íosa leo, “Tugaigí aire agus seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.” Agus bhí siad á chíoradh acu eatarthu féin, agus iad á rá, “Níor thugamar aon arán linn.” Ba léir sin dʼÍosa, agus dúirt sé, “A dhaoine úd an chreidimh bhig, cad chuige daoibh bheith á chíoradh mar sin bhur mbeith gan arán? Nach dtuigeann sibh go fóill? Nach cuimhin libh cúig bhuilín na gcúig mhíle, agus cé mhéid ciseán a bhailigh sibh? Nó nach cuimhin libh seacht mbuilín na gceithre mhíle, agus an méid ciseán a bhailigh sibh? Cad chuige daoibh bheith chomh dall sin nach dtuigeann sibh nach ar arán a bhí mé ag caint. Seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.” Thuig siad ansin nach raibh sé ag rá leo laibhín an aráin a sheachaint, ach teagasc na bhFairiséach agus na Sadúcéach a sheachaint. Anois nuair a tháinig Íosa go ceantar Chaesaría Filipí, dʼfhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is Mac an duine?” Agus dúirt siadsan, “Deir dream gurb é Eoin Baiste é, agus an dara dream gurb é Elía é, agus dream eile gurb é Ierimía é nó fáidh de na fáithe.” Ar seisean leo, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Dʼfhreagair Síomón Peadar, “Is tú an Críost, Mac an Dé bhí.” Agus dʼfhreagair Íosa é, “Is beannaithe tú, a Shíomóin Bar-Ióna! Mar ní fuil is feoil a nocht sin duit, ach mʼAthair atá ar neamh. Agus insím duit é, is tú Peadar, agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mise mʼeaglais-se, agus ní bhuafaidh cumhachtaí an bháis uirthi. Tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas, agus cibé ní a cheanglaíos tú ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé ní a scaoileas tú ar talamh scaoilfear ar neamh é.” Bhagair sé go dian ansin ar na deisceabail gan a insint do dhuine ar bith gurbh é an Críost é. Ón am sin amach thosaigh Íosa ar a nochtadh dá dheisceabail go gcaithfeadh sé dul go hlarúsailéim agus a liacht a bhí le fulaingt aige ó na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe, agus bheith á chur chun báis, agus bheith á thógáil an tríú lá. Agus ghlac Peadar é agus thosaigh sé ar chur ina choinne, á rá leis, “Ná habair sin, a Thiarna! Ní éireoidh sin duit choíche.” Agus is é rud, thiontaigh sé thart timpeall agus ar seisean le Peadar, “Gabh ar gcúl uaim, a Shátain! Tá tú i do dhris chosáin dom; mar ní thaobhaíonn tú le Dia, ach le daoine.” Ba ansin a dúirt Íosa lena dheisceabail, “Más toil le haon duine teacht i mo dhiaidh, diúltaíodh sé dó féin agus tógadh sé a chrois air agus leanadh sé mé. Mar an té ar mhian leis a bheo a shábháil, caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liom gheobhaidh sé é. “Mar cad é an tairbhe do dhuine, an domhan uile a ghnóthú agus a bheo féin a chailleadh leis? Nó cad í an iocaíocht a thabharfaidh duine uaidh lena bheo féin a fháil ar ais? Mar tá Mac an duine le teacht i nglóir a Athar, é féin agus a aingil, agus san uair úd cúiteoidh sé le gach duine a bhfuil déanta aige. Deirim libh go fírinneach, tá siad ina seasamh anseo nach mblaisfidh an bás go bhfeice siad Mac an duine ag teacht i réim a ríochta.” Agus sé lá ina dhiaidh sin, ghlac Íosa leis Peadar agus Séamas agus a dheartháir Eoin, agus threoraigh iad i leataobh go mullach ardsléibhe. Agus tháinig athrú crutha air os a gcomhair, agus dhealraigh a ghnúis mar an ghrian, agus dʼéirigh a bhaill éadaigh chomh geal leis an solas. Agus bʼshiúd Maois agus Elía i dtaispeáint acu agus iad ag caint leis. Agus arsa Peadar le hÍosa, “A Thiarna, is maith mar tharla dúinn bheith anseo; más é do thoil é, déanfaidh mé trí bhoth anseo, both duitse agus both do Mhaois agus both dʼElía.” Ní raibh an focal as a bhéal, nuair bʼshiúd néal solasta os a gcionn, agus an glór amach as an néal a dúirt, “Is é seo mo Mhac ionúin, a bhfuil mo dhea-thoil ann; éistigí leis-sean.” Nuair a chuala na deisceabail sin, shléacht siad béal fúthu ar talamh, agus líonadh dʼuafás iad. Ach tháinig Íosa gur leag a lámh orthu agus dúirt sé leo, “Éirígí, agus ná bíodh eagla oraibh.” Agus nuair a dʼfhéach siad aníos ní fhaca siad aon duine ach Íosa amháin. Nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh, dʼordaigh Íosa dóibh, á rá, “Ná hinsígí faoin aisling do dhuine ar bith, go dtí go dtógtar Mac an duine ó mhairbh.” Agus dʼfhiaf­raigh na deisceabail de, “Más amhlaidh, cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elía teacht an chéad uair?” Ba é a fhreagra, “Tagann Elía ar ndóigh, agus is é atá le gach uile ní a athchóiriú; ach táim ag insint daoibh go bhfuil Elía i ndiaidh teacht cheana féin, agus níorbh aithnid dóibh é, ach rinne siad a rogha rud leis. Is iad a lámha a imreoidh an bhail chéanna ar Mhac an duine freisin.” Ba ansin a thuig na deisceabail gur ag caint ar Eoin Baiste a bhí sé. Nuair a shroich siad an slua, tháinig an fear aníos chuige go ndeachaigh ar a ghlúine roimhe go ndúirt, “A Thiarna, bíodh trócaire agat ar mo mhac, mar bíonn an titimeas ag cur pianta troma air; mar is minic dó titim sa tine nó san uisce. Agus thug mé chuig do dheisceabail é, ach níor fhéad siad a leigheas.” Agus dʼfhreagair Íosa, “A ghlúin chlaon an díchreidimh, cá fhad a bheidh mé agaibh? Cá fhad a chuirfidh mé suas libh? Tabhair anseo chugam é.” Agus bhagair Íosa air, agus tháinig an deamhan amach as, agus leigheasadh an gasúr ón móimint úd. Tháinig na deisceabail chuig Íosa os íseal agus dʼfhiafraigh siad de, “Cad chuige nár fhéadamar é a chaitheamh amach?” Ar seisean leo, “As siocair bhur ndíchreidimh. Mar deirim go fírinneach libh, má bhíonn oiread gráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an sliabh seo, ‘Bog anonn as seo,’ agus bogfaidh sé; agus níl ní nach mbeidh indéanta agaibh.” Nuair a bhí siad i gcuideachta a chéile i nGalailí, dúirt Íosa leo, “Beidh Mac an duine á bhrath i lámha na ndaoine, agus cuirfidh siad chun báis é, agus tógfar an tríú lá é.” Agus chuir sin dobrón mór orthu. Nuair a tháinig siad go Caparnáum, chuaigh lucht bailithe cíos an leith-shecel chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Nach n‑íocann bhur nOide an cíos?” “Íocann,” ar seisean. Agus nuair a tháinig sé abhaile bhí an tús ag Íosa air ag labhairt leis faoi, mar dúirt sé leis, “Cad é do mheas, a Shíomóin? Cé hiad siúd a mbaineann ríthe an talaimh cíos nó cáin astu? As a gclann féin nó as coimhthígh?” Agus nuair a dúirt sé, “As coimhthígh,” dúirt Íosa leis, “Bíonn an chlann saor air mar sin. Ach leisce ábhar scannail a thabhairt dóibh, gabh chun na farraige agus caith amach duán, agus tóg an chéad iasc dá dtagann aníos, agus nuair a osclaíonn tú a bhéal gheobhaidh tú secel ann; glac é agus tabhair uait é ar son na beirte againn.” Ba san am úd a tháinig na deisceabail chuig Íosa ag fiafraí de, “Cé is mó i ríocht neimhe?” Agus ghlaoigh sé leanbh chuige, agus chuir ina sheasamh ina lár é, agus dúirt sé, “Deirim go fírinneach libh, mura n‑iompaíonn sibh agus mura mbíonn sibh ar chiall na bpáistí, ní rachaidh sibh choíche isteach i ríocht neimhe. An té a íslíos é féin mar an leanbh seo, is é is mó céim i ríocht neimhe. “An té a ghlacas le haon leanbh mar seo i mʼainmse is liom a ghlacann sé; ach an té a thugas ábhar peaca dʼaon duine amháin den mhuintir bheag seo a chreideas ionam, bʼfhearr dó cloch mhór mhuilinn á crochadh faoina mhuineál agus a bhá i nduibheagán na farraige. “Is mairg don domhan faoi na cathuithe! Mar ní féidir nach dtiocfaidh na cathuithe, ach is mairg don duine a dtagann na cathuithe tríd! Agus más ábhar peaca duit do lámh nó do chos, gearr díot agus caith uait í; is fearr duit dul go tír na mbeo ar leathláimh nó ar leathchois ná bheith do do chaitheamh isteach sa tine shíoraí agus dhá láimh agus dhá chois ort. Agus más ábhar peaca duit do shúil pioc amach agus caith uait í; is fearr duit dul isteach go tír na mbeo ar aon súil ná do chaitheamh i dtinte ifrinn le dhá shúil i do cheann. “Tugaigí aire gan a bheag a dhéanamh dʼaon duine den mhuintir bheag seo; mar táim á insint daoibh go mbíonn a n‑aingil siúd i bhflaitheas Dé i gcónaí ag amharc ar ghnúis mʼAthar atá ar neamh. Cad é bhur mbarúil? Má bhíonn fear ann agus céad caora aige, agus caora acu i ndiaidh dul ar seachrán, nach bhfágann sé an nócha is naoi gcaora ina dhiaidh, agus nach dtéann sé ag cuardach na caorach seachráin? Agus má fhaigheann sé í, go fírinneach insím daoibh gur mó a lúcháir fúithi ná a lúcháir faoina nócha a naoi nach ndeachaigh ar seachrán uaidh riamh. Mar sin ní toil le mʼAthair atá ar neamh go gcailltí aon duine den mhuintir bheag seo. “Má pheacaíonn do bhráthair i dʼaghaidh, gabh chuige agus inis a locht dó, gan aon duine ann ach amháin tusa agus eisean. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair gnóthaithe agat. Ach mura n‑éisteann sé leat, beir duine nó beirt eile maraon leat, ionas go ndaingnítear gach focal le fianaise beirte nó triúir. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leosan, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn sé éisteacht leis an eaglais féin, bíódh sé agat mar Ghintlí nó mar bhailitheoir cánacha. Deirim go fírinneach libh, cibé a cheanglós sibh ar talamh ceanglófar ar neamh é, agus cibé a scaoilfeas sibh ar talamh, scaoilfear ar neamh é. Deirim libh arís, má thagann beirt agaibh ar aon intinn ar talamh faoi aon rud a iarrfas sibh, déanfaidh mʼAthair atá ar neamh dóibh é. Mar cibé áit a mbíonn beirt nó triúr cruinnithe i mʼainmse, bímse ansin ina measc siúd.” Ba ansin a tháinig Peadar aníos gur fhiafraigh de, “A Thiarna, cé mhéid uair a pheacós mo bhráthair i mʼaghaidh agus a mhaithfeas mé dó? An oiread le seacht n‑uaire?” Is é a dúirt losa leis, “Ní deirim leat seacht n‑uaire, ach seachtó faoi sheacht! “Dá bhrí sin féadtar ríocht neimhe a chur i gcosúlacht le rí a raibh mian air cuntas a iarraidh ar a sheirbhísigh. Nuair a thosaigh sé ar an gcuntasaíocht, tugadh fear chuige a raibh fiacha deich míle talann air. Agus ó nár fhéad sé a n‑íoc, dʼordaigh a thiarna go ndíoltaí é féin agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus na fiacha a íoc. Mar sin thit an seirbhíseach ar a ghlúine ag cur impí air, ‘A Thiarna, bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’ Agus de bharr na trua a bhí aige dó scaoil tiarna an tseirbhísigh úd é agus mhaith sé na fiacha dó. Ach nuair a bhí an seirbhíseach céanna ag imeacht, tharla sé ar dhuine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige air; agus rug sé ar sceadamán air agus ar seisean, ‘Íoc a bhfuil dʼfhiacha agam ort’ Dá bhrí sin thit a chomhsheirbhíseach síos gur chuir impí air, ‘Bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán.’ Agus dhiúltaigh seisean é agus dʼimigh leis gur chuir i bpríosún é go dtí go n‑íocfadh sé na fiacha. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh cad é a tharla, bhí aiféala mór orthu, agus chuaigh siad gur thug siad faisnéis dá dtiarna ar ar tharla. Chuir a thiarna fios air ansin agus dúirt sé leis, ‘A sheirbhísigh mhallaithe! Mhaith mé na fiacha úd uile duit ar dʼimpí; agus nárbh é do cheart trócaire a bheith agat ar do chomhsheirbhíseach, mar an trócaire a bhí agam ort?’ Agus le méid a fheirge thug a thiarna i lámha na séiléirí é, go n‑íocfadh sé iomlán a fhiach. Is amhlaidh a dhéanfas mʼAthair neamhaí libhse, mura maitheann sibh, gach duine agaibh, dá bhráthair óna chroí.” Anois nuair a chríochnaigh Íosa na ráite sin, dʼimigh sé ó Ghalailí go ndeachaigh sa réigiún de Iúdaea atá taobh thall den Iornán; agus lean sluaite móra é, agus leigheas sé ansin iad. Agus tháinig Fairiséigh aníos chuige gur chuir féachaint air ag fiafraí de, “An dleathach do dhuine a bhean a chur uaidh ar gach uile chúis?” Ba é a fhreagra, “An é nach bhfuil léite agaibh gur chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil, agus go ndúirt, ‘Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus déanfar aon den dís?’ Ní dís iad mar sin ach aon. Ná cuireadh an duine ó chéile ar chuir Dia le chéile.” Dʼfhiafraigh siad de, “Cad chuige mar sin a dʼordaigh Maois do dhuine teastas dealaithe a thabhairt uaidh, agus í a chur uaidh mar sin?” Ar seisean leo, “Is as cruas bhur gcroíthe a lig Maois daoibh bhur mbanchéilí a chur uaibh, ach ní hamhlaidh a bhí ó thús. Agus deirimse libh: Cibé fear a dhealaíos óna bhean, ach mar gheall ar mhí-gheanmnaíocht amháin, agus a phósas bean eile, bíonn sé ag déanamh adhaltranais.” Dúirt na deisceabail leis, “Más amhlaidh an scéal dʼfhear agus dá bhanchéile, is fearr gan phósadh.” Ach dúirt sé leo, “Ní féidir leis na fir uile glacadh leis an gcomhairle seo, ach amháin an méid a mbronntar orthu é. Mar tá coillteáin ann a bhí amhlaidh ó bhroinn, agus tá coillteáin ann a ndearna na daoine iad, agus tá coillteáin ann a rinne coillteáin díobh féin de gheall ar ríocht neimhe. An té ar féidir leis glacadh leis seo, glacadh sé leis.” Tugadh leanaí chuige ansin ionas go leagfadh sé a lámha orthu, agus go ndéanfadh sé guí. Chros na deisceabail ar na daoine sin a dhéanamh; ach is é a dúirt Íosa, “Ligigí do na leanaí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc leo; mar is lena leithéidí ríocht neimhe.” Agus leag sé a lámha orthu, agus dʼimigh sé as sin. Agus bʼshiúd duine ag teacht aníos chuige, á rá, “A Oide mhaith, cad é an dea-ghníomh a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a bheith agam?” Agus dúirt sé leis, “Cad chuige duit fiafraí díomsa faoin maith? Tá aon neach amháin ann atá maith. Más mian leat teacht chun na beatha, coinnigh na haitheanta.” Dúirt sé leis, “Cé acu?” Agus dúirt Íosa, “Ná déan dúnmharú, ná adhaltranas, ná goid, ná fianaise bhréige, tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair, agus gráigh do chomharsa mar thú féin.” Dúirt an t‑ógánach leis, “Tá siad seo uile comhlíonta agam; cad é atá in easpa orm fós?” Dúirt Íosa leis, “Más mian leat bheith go foirfe, imigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é, agus beidh stór agat ar neamh, agus tar, agus lean mise.” Nuair a chuala an t‑ógánach an chaint sin dʼimigh sé faoi bhrón, mar ba mhór a mhaoin saolta. Agus dúirt Íosa lena dheisceabail, “Deirim go fírinneach libh, go mbeidh sé deacair duamhar dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht neimhe. Insím daoibh arís, gur fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.” Nuair a chuala na deisceabail sin bhí iontas mór orthu, agus iad á rá, “Cé mar sin is féidir a shlánú?” Ach dʼfhéach Íosa fúthu agus tharstu agus dúirt sé leo, “Is dodhéanta sin do dhaoine, ach níl ní nach bhfuil indéanta ag Dia.” Dúirt Peadar ansin á fhreagairt, “Féach orainne, a thréig gach uile ní agus a lean tusa. Cad é a bhéas againne mar sin?” Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, sa saol úrnua, nuair a shuífidh Mac an duine ar chathaoir a ghlóire, beidh an dream agaibh a bhíodh do mo leanúint in bhur suí ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithiúnais ar dhá threibh déag Iosrael. Agus níl duine dár fhág ina dhiaidh tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha nó athair nó máthair nó leanaí nó tailte, mar gheall ar mʼainmse, nach bhfaighidh a chéad oiread, agus nach mbeidh seilbh aige ar an mbeatha shíoraí. Ach is iomaí duine a bhí ar dtús a bheidh ar deireadh, agus an dream a bhí ar deireadh beidh siad ar dtús. “Mar tá ríocht neimhe mar cheann tí a dʼimigh ar moch maidine ag fostú oibrithe le haghaidh a fhíonghoirt. Shocraigh sé leis na hoibrithe ar dhéanar an lá, agus chuir sé isteach ina fhíonghort iad. Dʼimigh sé i dtrátha an tríú huair agus chonaic sé tuilleadh ina seasamh i sráid an mhargaidh, agus iad díomhaoin; agus dúirt sé leosan, ‘Gabhaigí isteach san fhíonghort i gcuideachta na cuideachta, agus cibé is cóir tabharfaidh mé daoibh é.’ Dʼimigh siad leo mar sin. Chuaigh sé amach arís i dtrátha an séú agus an naoú huair, agus rinne sé mar an gcéanna. Agus i dtrátha an aonú huair déag chuaigh sé amach go bhfuair fir eile ina seasamh thart; gur fhiafraigh díobh, ‘Cad chuige daoibh seasamh thart díomhaoin i rith an lae?’ Dúirt siadsan leis, ‘As siocair nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo, ‘Gabhaigí sibhse isteach san fhíonghort freisin.’ Agus nuair a tháinig an tráthnóna, dúirt an fear ar leis an fíonghort lena mhaor, ‘Glaoigh ar na hoibrithe agus íoc a dtuarastal leo, ag tosú leis an dream deireanach, agus ag críochnú leis an dream a bhí ar dtús.’ Agus nuair a tháinig an dream a fostaíodh i dtrátha an aonú huair déag, fuair gach duine acu déanar. Anois nuair a tháinig an chéad dream, bhí siad ag meas go bhfaigheadh siad a thuilleadh; ach fuair gach duine acu déanar freisin. Agus nuair a bhí sé glactha acu chuaigh siad a chlamhsán in aghaidh cheann an tí, agus dúirt siad, ‘Níl ach obair na haon uaire déanta acu seo, agus chuir tú ar aon chéim linne iad, sinne a bhfuil tromualach agus teas an lae fulaingthe againn.’ Ach thug sé freagra ar dhuine acu, ‘A chara, níl mé ag déanamh aon éagóra ort; nár aontaigh tú liom ar dhéanar? Tóg a bhfuil ag teacht chugat agus siúil leat; thogair mé an méid céanna a bhronnadh ar an duine deiridh seo is a thug mé duitse. Nach bhfuil cead agam mo rogha rud a dhéanamh leis an ní is liom? Nó an mór leat an fhéile seo agam?’ Mar sin beidh tús ag an bhfear deireanach, agus beidh an té a bhí ar dtús ar deireadh.” Agus nuair a bhí Íosa ag dul suas go hlarúsailéim, thug sé an dáréag deisceabal i leataobh, agus dúirt leo ar an tslí, “Féachaigí, táimid ag dul suas go hlarúsailéim; agus tabharfar Mac an duine i lámha na n‑ardsagart agus na scríobhaithe, agus tabharfaidh siad breith báis air, agus tabharfaidh siad do na Gintlithe é le bheith ag magadh air agus á sciúrsáil agus á chéasadh, agus tógfar é an tríú lá.” Ba ansin a tháinig máthair chlann Shebidé chuige, í féin agus a dís mhac, agus chuaigh sí ar a glúine roimhe, agus dʼiarr ní air. Agus dúirt sé léi, “Cad é atá uait?” Agus dúirt sise leis, “Ordaigh go suífidh mo dhís mhac, duine acu ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé i do ríocht.” Ach dʼfhreagair Íosa, “Ní feasach daoibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libhse an cupán a ólfas mise a ól?” Ar siadsan, “Is féidir.” Dúirt sé leo, “Is sibh a ólfas as mo chupán, ach suí ar mo dheas agus ar mo chlé níl sé i mo chumas a thabhairt uaim, ó tá sin i ndán don dream ar ullmhaigh mʼAthair dóibh é”. Agus nuair a chuala an deichniúr é, bhí fearg orthu leis an dís deartháireacha. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an tiarnas a bhíos ag a lucht ceannais os cionn na nGintlithe, agus an t‑údarás a bhíos á chleachtadh ag a maithe móra orthu. Ach ná bíodh amhlaidh agaibhse; ach an té atá le bheith maith agus mór caithfidh sé bheith ina sheirbhíseach agaibh, agus an té a shantaíos an phríomháit eadraibh caithfidh sé bheith mar dhaor agaibh; dála Mhac an duine nár tháinig le daoine a bheith ag freastal air ach le bheith ag freastal ar dhaoine, agus lena bheo a bhronnadh ina éiric le haghaidh mórán daoine.” Nuair a dʼimigh siad as Iericó, lean slua mór é. Agus bʼshiúd beirt dhall a bhí ina suí ar thaobh an bhóthair, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul tharstu, a ghlaoigh amach in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!” Chuir an slua brothladh orthu, agus dúirt siad leo bheith ina dtost; ach ba mhóide a ghlaoigh siad os ard, “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!” Agus sheas Íosa agus ghlaoigh sé orthu, ag rá leo, “Cad é atá uaibh a dhéanfas mé daoibh?” Dúirt siad leis, “A Thiarna, osclaítear ár súilene.” Agus le trua a bhí air leag Íosa a mhéar ar a súile, agus ar an toirt fuair siad a n‑amharc agus lean siad é. Agus nuair a bhí siad ag druidim le hlarúsailéim, agus a shroich siad Bétfagé, agus Cnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh ansin, agus dúirt sé leo, “Siúlaigí isteach sa bhaile beag os bhur gcomhair, agus ní fada go dtiocfaidh sibh ar asal ceangailte ann, agus searrach léi; scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad. Má deir duine ar bith rud ar bith libh, déarfaidh sibh, ‘Tá feidhm ag an Tiarna leo’, agus cuirfidh sé uaidh iad gan a thuilleadh moille.” Tharla seo leis an rud a bhí ráite ag an bhfáidh a chomlíonadh, is é a deir sé: “Inis dʼiníon Shíóin, féach, tá do rí-se ag teacht chugat, go huiríseal, agus é ag marcaíocht ar asal, agus ar shearrach óg asail.” Chuaigh na deisceabail agus rinne siad mar a bhí ordaithe ag Íosa dóibh; thug siad leo an t‑asal agus an searrach, agus chuir siad a mbaill éadaigh orthu, agus shuigh sé orthu. Leath bunús an tslua a mbaill éadaigh ar an mbóthar, agus ghearr daoine eile craobhacha as na crainn agus leath siad ar an mbóthar iad. Agus na sluaite a bhí ag dul roimhe agus ag teacht ina dhiaidh, lig siad an gháir seo astu, “Hósanna do Mhac Dháibhí! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna. Hósanna in airdí na bhflaitheas.” Agus nuair a chuaigh sé isteach go hlarúsailéim, bhí corraí faoi lucht uile na cathrach, agus dʼfhiafraigh siad, “Cé hé seo?” Agus ba é a dúirt na sluaite, “Is é seo an fáidh Íosa ó Nasair na Galailí.” Agus chuaigh Íosa isteach i dteampall Dé agus thiomáin sé amach as an teampall gach uile dhuine a bhíodh ag ceannach nó ag díol ann, agus chaith sé bun os cionn na boird a bhí ag lucht díolta na gcolm. Is é a dúirt sé leo, “Is é atá scríofa, ‘Gairfear teach urnaí de mo theachsa’; ach tá uaimh gadaithe déanta agaibhse de.” Agus tháinig na bacaigh agus na daill chuige sa teampall, agus leigheas sé iad. Ach nuair a chonaic na hardsagairt agus na scríobhaithe na hiontais a bhí á ndéanamh aige, agus na leanaí ag glaoch, “Hósanna do Mhac Dháibhí,” os ard sa teampall bhí fearg orthu; agus dʼfhiafraigh siad de, “An gcluineann tú cad é atá siad seo á rá?” Agus dúirt Íosa leo, “Cluinim; nár léigh sibh riamh, ‘Is as béal na naíonán agus na leanaí diúil a thug tú fíormholadh?’” Agus dʼfhág sé iad, agus shiúil sé amach as an gcathair go Bétáin gur fhan an oíche ansin. Ar maidin, ar a bhealach ar áis chun na cathrach, bhí ocras air. Agus chonaic sé crann fige ar thaobh an bhóthair agus chuaigh sé go dtí é, agus ní bhfuair air ach duilleoga amháin. Agus dúirt sé leis, “Nár thaga aon toradh uait arís choíche!” Agus feodh an crann fige ar an toirt. Nuair a chonaic na deisceabail é rinne siad iontas de agus dúirt siad, “Cad é a thug ar an gcrann fige feo chomh tobann sin?” Agus dʼfhreagair Íosa iad, “Deirim go fírinneach libh, má bhíonn creideamh agaibh agus má bhíonn sibh gan drochamhras, ní dhéanfaidh sibh an ní seo amháin a rinn­eadh leis an gcrann fige, ach go fiú má deir sibh leis an sliabh seo, ‘Tógtar in airde thú agus caitear amach san fharraige thú,’ go ndéanfar amhlaidh. Agus cibé rud a iarras sibh san urnaí, gheobhaidh sibh é, ach creideamh a bheith agaibh.” Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teampall, tháinig na hardsagairt agus seanóirí an phobail aníos chuige nuair a bhí sé ag teagasc, gur fhiafraigh siad de, “Cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás seo duit?” Dʼfhreagair Íosa iad, “Cuirfidh mise aon cheist amháin oraibh freisin; agus má thugann sibh an freagra dom, inseoidh mise daoibh freisin cad é an t‑údarás atá agam agus mé ag déanamh na nithe seo. Baiste Eoin, cárb as dó? Cé acu ó neamh nó ó dhaoine?” Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid, ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn, ‘Cad chuige mar sin nár chreid sibh é?’ Ach má deirimid, ‘Ó dhaoine’, tá eagla orainn roimh an slua; mar glacann siad leis mar fhírinne gur fáidh a bhí in Eoin.” Mar sin de thug siad mar fhreagra ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus dúirt sé leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh. “Cad é bhur mbarúil? Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige; agus chuaigh sé chuig an gcéad duine acu agus dúirt sé, ‘A mhic, siúil leat agus oibrigh san fhíonghort inniu.’ Agus dʼfhreagair sé, ‘Ní dhéanfaidh’; ach bhí aithreachas air ina dhiaidh agus chuaigh sé ann. Agus chuaigh sé chuig an dara mac agus dúirt sé an rud céanna leis-sean; agus dʼfhreagair sé, ‘Rachaidh, a dhuine uasail,’ ach ní dheachaigh sé. Cé acu den bheirt a chuir toil a athar i ngníomh?” “An chéad duine acu,” dʼfhreagair siad. Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, go rachaidh na bailitheoirí cánacha agus na striapacha isteach go ríocht Dé sula dté sibhse isteach. Mar tháinig Eoin chugaibh slí na firéantachta, agus níor chreid sibh é, ach chreid na bailitheoirí cánacha agus na striapacha é; agus go fiú nuair a bhí sin feicthe agaibh, ní dhearna sibh aithreachas agus níor chreid sibh é ina dhiaidh sin féin.” “Éistigí le fáithscéal eile. Bhí ceann tí ann a phlandaigh fíonghort agus a chuir fál ina thimpeall, agus a thochail cantaoir fhíona, agus a thóg túr, agus a lig ar chíos do thionóntaí é, agus a thug tír eile air féin. Nuair a bhí séasúr an toraidh ag teacht, chuir sé uaidh a sheirbhísigh chuig na tionóntaí, lena chuid torthaí a fháil; agus rug na tionóntaí ar a sheirbhísigh, agus bhuail siad duine acu, agus mharaigh siad an dara duine, agus dʼimir siad bás ar dhuine eile acu le clocha. Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, níos mó ná an chéad uair, agus rinne siad mar an gcéanna leo. Chuir sé a mhac chucu ina dhiaidh sin, á rá, ‘Beidh meas acu ar mo mhac.’ Ach nuair a chonaic na tionóntaí an mac, dúirt siad ina n‑intinn féin, ‘Is é seo an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é ionas go mbeidh a oidhreacht againne.’ Agus rug siad air agus chaith siad amach as an bhfíonghort é, agus mharaigh siad é. Nuair a thiocfas an té ar leis an fíonghort mar sin, cad é a dhéanfaidh sé leis na tionóntaí úd?” Ar siadsan leis, “Cuirfidh sé na bithiúnaigh chun báis léanmhair, agus ligfidh sé an fíonghort ar chíos do thionóntaí eile a thabharfas na torthaí dó ina séasúir.” Arsa Íosa leo, “Nach bhfuil léite agaibh sna scrioptúir: ‘An chloch sin dar dhiúltaigh na saoir tá sí mar chloch chinn sa chúinne; is é sin an gníomh a rinne an Tiarna, agus is iontach é inár súile?’ Insím daoibh dá bhrí sin go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar í do náisiúin a bhéarfas na torthaí is dual di.” Nuair a chuala na hardsagairt agus na Fairiséigh a fháithscéalta, thuig siad gur orthu a bhí sé ag caint. Ach nuair a bhí siad ag iarraidh a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, ó ghlac siad mar fhírinne leis go raibh sé ina fháidh. Agus labhair Íosa leo arís i bhfáithscéalta, agus dúirt sé, “Féadtar ríocht Dé a chur i gcosúlacht le rí a rinne bainis dá mhac, agus a chuir a sheirbhísigh uaidh a ghlaoch ar an lucht a fuair cuirí chun na bainise; ach níor thoiligh siad teacht. Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, á rá, ‘Insígí do lucht na gcuirí, Féach, tá mo dhinnéar ullamh agam, tá mo dhaimh agus mo laonna biata maraithe agam, agus tá gach uile ní réidh ullamh; tagaigí chun na bainise.’ Ach rinne siad a bheag de agus dʼimigh leo, duine chun a fheirme, nó duine chun a chuid earraí, agus rug an chuid eile ar a sheirbhísigh, agus thug drochíde náireach dóibh agus mharaigh siad iad. Bhí fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí uaidh gur scríos siad na dúnmharfóirí úd agus gur loisc siad a gcathairsean. Dúirt sé ansin lena sheirbhísigh, ‘Tá an bhainis ullamh, ach níorbh fhiú an dream a fuair na cuirí í. Imigí mar sin chun na mbealaí móra, agus tugaigí cuireadh chun na bainise dá dtarlaíonn oraibh.’ Agus chuaigh na seirbhísigh úd amach faoi na sráideanna agus bhailigh siad leo ar tharla siad orthu, idir mhaith agus olc; gur líonadh an halla ar comóradh an bhainis ann dʼaíonna. “Ach nuair a tháinig an rí isteach le hamharc a fháil ar na haíonna, chonaic sé fear amháin nach raibh culaith bhainise air; agus dʼfhiafraigh sé de, ‘A chara, conas a tháinig tú isteach anseo gan culaith bhainise ort?’ Agus níor fhan focal aige. dúirt an rí ansin leis an lucht freastail, ‘Cuirigí ceangal na gcúig gcaol air, agus caithigí amach é sa dorchadas amuigh; is ansin a bheifear ag caoí agus ag díoscán fiacla.’ Mar is iomaí duine a fhaigheann cuireadh ach is beag duine a thoghtar.” Chuaigh na Fairiséigh ansin i gcomhairle faoi conas a chuirfí in achrann é ina chaint. Agus chuir siad a ndeisceabail chuige i gcuideachta lucht leanúna Iorua, á rá, “A Oide, is feasach dúinn go mbíonn tú fírinneach, agus go múineann tú slí Dé go fírinneach, agus nach mbíonn aird agat ar aon duine; mar is cuma leat faoin gcéim a bhíos ag duine. Inis dúinn mar sin do bharúil. An dleathach cáin a íoc le Caesar, nó an bhfuil sé crosta orainn?” Ach ó ba léir dʼÍosa an mírún a bhí ina gcroíthe, dúirt sé, “Cad chuige a bhfuil sibh ag cur féachaint orm, a lucht na fimíneachta? Taispeáin dom airgead na cánach.” Agus tugadh bonn airgid chuige. Agus dʼfhiafraigh Íosa díobh, “Cé leis an íomhá agus an inscríbhinn seo?” “Le Caesar,” ar siadsan. Ar seisean leo ansin, “Tugaigí do Chaesar a bhfuil le Caesar, agus tugaigí do Dhia a bhfuil le Dia.” Nuair a chuala siad é, rinne siad iontas; agus dʼfhág siad é agus dʼimigh leo. An lá céanna tháinig Sadúcéigh chuige, dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann; agus chuir siad ceist air, agus dúirt siad leis, “A Oide, dúirt Maois, ‘Má fhaigheann fear bás gan clann a bheith aige, caithfidh a dheartháir an bhaintreach a phósadh, agus clann a sholáthar dá dheartháir.’ Anois bhí seachtar deartháir inár measc; agus phós an chéad deartháir agus fuair sé bás, agus ó nach raibh aon chlann aige dʼfhág sé a bhanchéile dá dheartháir. Mar an gcéanna don dara agus don tríú duine, agus anuas go dtí an seachtú duine. Agus ina dhiaidh sin uile, fuair an bhean bás. In am an aiséirithe mar sin, cé acu den seachtar a mbeidh sí mar bhanchéile aige? Mar bhí sí acu uile go léir.” Ach dʼfhreagair Íosa iad, “Tá dul amú oraibh, ó nach eol daoibh an scrioptúr ná cumhachtaí Dé. Mar san aiséirí ní bhíonn pósadh ná cleamhnas ann, ach bíonn siad mar aingil i bhflaitheas Dé. Agus i dtaca le haiséirí na marbh, nár léigh sibh an ní a dúirt Dia libh, ‘Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib.’? Ní Dia na marbh é ach Dia na mbeo.” Agus nuair a chuala an slua é, bhí iontas orthu faoina theagasc. Ach nuair a chuala na Fairiséigh gur chuir sé na Sadúcéigh ina dtost, tháinig siadsan le chéile. Agus dʼfhiafraigh duine acu, a bhí ina dhlíodóir, ceist de, le féachaint a chur air. “A Oide, cad í an aithne is mó sa dlí?” Agus dúirt sé leis, “Gráigh do Thiarna Dia le do chroí uile agus le dʼanam uile, agus le dʼintinn uile. Is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne. Agus tá an dara haithne ar aon dul léi, Gráigh do chomharsa mar tú féin. Is ar an dá aithne seo atá an dlí uile agus na fáithe bunaithe.” Anois nuair a bhí na Fairiséigh cruinn le chéile, chuir Íosa ceist orthu, agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cad é bhur mbarúil i dtaobh an Chríost? Cé leis é?” “Mac Dháibhí,” ar siadsan leis. Ar seisean leo, “Conas mar sin a ghaireann Dáibhí Tiarna de, agus é faoi anáil an Spioraid, mar deir sé, ‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarnasa, suigh ar mo láimh dheas, go gcuire mé do naimhde faoi do chosa?’ Má thugann Dáibhí Tiarna air, conas a bheadh sé ina mhac aige?” Agus níor fhéad aon duine focal de fhreagra a thabhairt air, agus ní raibh sé de dhánaíocht acu ón lá úd amach tuilleadh ceisteanna a chur air. Dúirt Íosa ansin leis na sluaite agus lena dheisceabail féin, “Bíonn na scríobhaithe agus na Fairiséigh ina suí i gcomharbas Mhaois; coimeádaigí agus cleachtaigí a n‑ordaíonn siad daoibh, ach ná déanaigí aithris ar a ngníomhartha; mar ní bhíonn a mbeart de réir a mbriathair. Ceanglaíonn siad le chéile tromualaí do-iompair agus leagann siad ar ghuaillí daoine iad; ach ní leagfaidh siad barr méire orthu lena dtógáil. Déanann siad a ngníomhartha uile ionas go bhfeice daoine iad; mar cuireann siad leithead ina bhfileactaeirí agus fad ina bhfrainsí, agus bíonn dúil mhór acu sna háiteanna is onóraí ag féastaí, agus sna suíocháin is fearr sna sionagóga, agus daoine ag beannú dóibh i sráideanna an mhargaidh, agus ag tabhairt rabbí orthu. Ach ná glaoítear rabbí oraibhse, mar níl agaibh ach an t‑aon oide amháin, agus is bráithre sibh uile. Agus ná bíodh meas athar agaibh ar aon duine ar an talamh, mar níl agaibh ach an t‑aon Athair amháin, atá ar neamh. Agus ná glaoítear máistir oraibh, mar níl agaibh ach an t‑aon mháistir amháin, an Críost. An té is mó oraibh beidh sé ina sheirbhíseach agaibh; an té a ardaíos é féin ísleofar é, agus an té a íslíos é féin ardófar é. “Ach is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! as siocair go ndúnann sibh ríocht neimhe in aghaidh na ndaoine; mar ní théann sibh féin isteach; agus ní ligeann sibh don dream atá ag iarraidh dul isteach dul thar an táirseach. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh cuairt na mara agus na tíre le haon duine amháin a iompú, agus nuair a iompaíos sé, déanann sibh ifreannach de is measa faoi dhó ná sibh féin. “Is mairg daoibh, a threoraithe na daille, a deir, ‘Má thugann duine móid ar an teampall, níl aon ní ráite aige; ach má thugann duine móid ar ór an teampaill, tá sé faoi cheangal a mhóide.’ A amadána na daille! Cé acu is mó, an t‑ór nó an teampall a naomhaigh an t‑ór? Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’. A lucht na daille! Cé acu is mó, an tabhartas nó an altóir a naomhaíos an tabhartas sin? Mar sin an té a thugas an altóir mar mhóid tugann sé í agus a bhfuil uirthi; agus an té a thugas móid ar an teampall, tugann sé é agus an té a chónaíos ann mar mhóid; agus an té a thugas móid ar neamh, tugann sé cathaoir Dé agus an té atá ina shuí uirthi mar mhóid. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh deachú den mhismín agus den lus mín agus den chuimin, agus tá neamart déanta agaibh sna nithe ar mhó a dtábhacht sa dlí, den chóir agus den trócaire agus den fhírinne; arbh é bhur gceart iad a chur i ngníomh, gan neamart a dhéanamh sa chuid eile. A threoraithe na daille, a scagann amach an mhíoltóg agus a alpas síos an camall! “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar glanann sibh an taobh amuigh den chupán agus den phláta, agus bíonn an taobh istigh lán de shaint agus de chraos. A Fhairiséacha dalla, glan an taobh istigh den chupán agus den phláta an chéad uair, ionas go mbeidh an taobh amuigh glan freisin. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, lucht na cráifeachta bréige! mar tá sibh mar thuamaí atá nite le haol, a mbíonn cuma álainn orthu ar an taobh amuigh, ach a bhfuil an taobh istigh lán de chnámha marbhán agus den uile chineál salachair. Bíonn cuma na fíréantachta oraibhse mar sin ar an taobh amuigh os comhair na ndaoine, ach ar an taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus den éagóir. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe agus maisíonn sibh leachta cuimhneacháin na bhfear fíréan, agus is é a deir sibh, ‘Dá mairimis i laethanta na n‑aithreacha, ní bheimis páirteach leo i ndoirteadh fhuil na bhfáithe.’ Mar sin tá sibh in bhur bhfinnéithe in bhur n‑éadan féin gur sibh clann mhac dhúnmharfóirí na bhfáithe. Líonaigí go bruach, mar sin, miosúr bhur n‑aithreacha. A phéisteanna, a áil nathracha nimhe, conas a éalóidh sibh ó dhaoradh chun ifrinn? Dá bhrí sin de, cuirim chugaibh fáithe agus saoithe agus scríobhaithe, agus maróidh sibh agus céasfaidh sibh cuid acu, agus tá cuid acu a mbeidh sibh á sciúrsáil in bhur sionagóga agus á ngéarleanúint ó bhaile go baile, ionas go dtite oraibh ar doirteadh dʼfhuil fhíréanta ar an talamh, ó fhuil Abel neamhchiontaigh go dtí fuil Shecaría mhic Bharacía, ar dhúnmharaigh sibh é idir an sanctóir agus an altóir. Deirim libh go fíor go dtitfidh sin uile ar an nglúin seo. “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Nach minic ba thoil liomsa do chlannsa a chruinniú mar chruinníonn an chearc a hál faoi scáth a sciathán, agus níor thoil libhse é! Féach, is bánaithe tréigthe atá bhur dteachsa. Mar is é mʼfhocal daoibh nach bhfeicfidh sibh arís mé, go dtí go ndeir sibh, ‘Is beannaithe a thagas chugam in ainm an Tiarna.’” Dʼfhág Íosa an teampall agus bhí sé ag imeacht, nuair a tháinig a dheisceabail a thaispeáint fhoirgnimh an teampaill dó. Ach dʼfhreagair sé iad, “An é nach bhfeiceann sibh iad seo uile? Deirim go fíor libh, nach bhfágfar cloch anseo ar mhuin chloiche, nach gcaithfear anuas.” Tháinig a dheisceabail chuige os íseal, agus é ina shuí ar Chnoc na nOlóg, á rá, “Inis dúinn, cá huair a tharlóidh seo, agus cad é comhartha do theachtsa a chuirfeas críoch ar an aois?” Agus dʼfhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tugaigí faichill nach meallann aon duine sibh. Mar is iomaí duine a thiocfas i mʼainmse, agus a déarfaidh ‘Is mé an Críost,’ agus meallfaidh siad mórán. Agus cluinfidh sibh faoi chogaí agus cluinfidh sibh iomráite cogaí; seachnaigí gan faitíos a bheith oraibh; mar caithfidh sin titim amach, ach níl an chríoch ann fós. Mar éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin, agus éireoidh ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus creathanna talaimh ann in áiteanna éagsúla: ach níl san iomlán ach tosach an anró. “San uair úd beidh bior sa tine acu daoibh, agus beifear do bhur gcur chun báis; agus beidh fuath ag na ciníocha uile daoibh mar gheall ar mʼainmse. Agus is iomaí sin duine a shéanfas an creideamh ansin, agus a bheidh ag fealladh ar a chéile agus a mbeidh fuath acu dá chéile. Agus éireoidh mórán fáithe bréige agus cuirfidh siad cluain ar mhórán. Agus ó rachaidh an t‑olc i méid, fuaróidh an grá sa chuid is mó de na daoine. Ach an té a fhulaingeos go deireadh is é a shlánófar. Agus caithfear an soiscéal seo na ríochta a chraobh scaoileadh ar fud na cruinne, mar fhianaise do na ciníocha uile; agus is ansin a thiocfas an chríoch. “Nuair a fheiceann sibh mar sin an sárú scriosúil ar labhair an fáidh Daníél air, ina sheasamh sa naomháit (tuigeadh an té a léas), teitheadh ansin a mbíonn in Iúdaea chun na sléibhte; an té a bhíos i mullach tí ná téadh sé síos lena bhfuil ina theach a thabhairt leis; agus an té atá sa ghort ná filleadh sé lena fhallaing a thógáil. Agus mo bhrón iad an dream a bhíos ag iompar clainne agus ag tabhairt na cíche sna laethanta úd! Bígí ag guí nach mbeidh oraibh teitheadh sa gheimhreadh nó lá na sabóide. Mar beidh anró mór ann an uair úd, nach raibh a leithéid ann ó thús na cruinne go dtí anois, agus nach mbeidh a leithéid ann arís choíche. Agus murab é gur giorraíodh na laethanta úd, ní rachadh aon duine den Ádhamhchlann slán; ach giorrófar na laethanta úd mar mhaithe leis an dream tofa. San am úd má deir aon duine libh, ‘Seo é an Críost!’ nó, ‘Siúd ansin é!’ ná creidigí uathu é. Mar éireoidh Críosta bréige agus fáithe bréige agus taispeánfaidh siad comharthaí agus iontais mhóra, sa tslí go meallfaidh siad, dá mbʼfhéidir é, go fiú an dream tofa. Féachaigí, tá sé uile inste agam roimh ré. Mar sin, má deir siad libh, go bhfuil sé ar an bhfásach amuigh, ná himígí; nó má deir siad go bhfuil sé sna seomraí istigh, ná creidigí uathu é. Ó mar a thagann an splanc thintrí anoir agus mar a shroicheann a soilse an domhan thiar, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine. Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a chruinneos na hiolair. “Go díreach i ndiaidh na laethanta úd na buartha tiocfaidh smúid ar an ngrian, agus ní bheidh solas á thabhairt ag an ngealach, agus titfidh na réaltaí den spéir, agus bainfear creathadh as cumhachtaí neimhe; is ansin a nochtfaidh ar neamh comhartha Mhac an duine, agus beidh ciníocha na cruinne ag mairgneach, agus feicfidh siad Mac an duine ag teacht i néalta neimhe le cumhacht agus le mórghlóir; agus cuirfidh sé amach uaidh a aingil le hardseinm stoic, agus cruinneoidh siad an dream atá tofa aige ó cheithre aird na gaoithe, ó cheann ceann na spéire. “Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige: chomh luath agus a fhásas a chraobh bhog mhaoth agus a chuireas sé a dhuilliúr as, aithníonn sibh nach fada uaibh an samhradh. “Mar an gcéanna, nuair a fheicfeas sibh na nithe seo uile, aithneoidh sibh go bhfuil sé ag teacht i bhfogas, agus sna geataí féin. Deirim go fírinneach libh, nach rachaidh an ghlúin seo as go dtarlóidh seo uile. Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathrasa as. “Ach níl a fhios ag aon neach i dtaobh an lae úd ná i dtaobh na huaire úd, níl a fhios ag aingil na bhflaitheas féin, ná ag an Mac, ach ag an Athair amháin. Mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine. Mar sna laethanta úd roimh an díle bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus ag pósadh, go dtí an lá úd a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc, agus ní raibh fhios acu go dtí gur tháinig an díle agus gur chart sí ar shiúl iad, is amhlaidh a bheidh nuair a thiocfas Mac an duine. Beidh beirt fhear sa ghort; tógtar duine agus fágtar duine. Beidh beirt bhan ag meilt na bró; tógtar bean agus fágtar an bhean eile. Bígí ar bhur gcoimeád mar sin, mar ní feasach cad é an lá a thiocfas bhur dTiarna. Ach bíodh a fhios seo agaibh, dá mba rud é go mbeadh fhios ag ceann urra an tí an uair den oíche a dtiocfadh an gadaí, go mbeadh sé ag coimeád, agus nach ligfeadh sé dʼaon duine briseadh isteach ina theach. Caithfidh sibhse bheith ullamh mar an gcéanna; mar tiocfaidh Mac an duine san am nach bhfuil coinne agaibh leis. “Cé mar sin atá ina sheirbhíseach iontaofa céillí atá curtha ag a mháistir os cionn a theaghlaigh, chun go dtabharfadh sé a gcuid dóibh sa tráth is cóir? Is beann­aithe an seirbhíseach a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thiocfas sé. Deirim go fírinneach libh go gcuirfidh sé cúram a mhaoine uile air. Ach má deir an cneamhaire seirbhísigh úd ina intinn féin, ‘Tá moill ar mo mháistir,’ agus má théann sé ag bualadh a chomhsheir­bhíseach agus ag ithe agus ag ól i gcuideachta na bpótairí, tiocfaidh máistir an tseirbhísigh úd i lá nach bhfuil sé ag dréim leis agus ar uair nach bhfuil súil aige leis, agus bainfidh sé cúiteamh as agus cuirfidh sé i gcuideachta lucht na bréagchráifeachta é; an áit ina mbeidh caoí agus díoscán fiacla. “Cuirfear ríocht neimhe i gcosúlacht le deichniúr ógh a ghlac a lampaí agus a chuaigh amach in airicis an fhir nuaphósta. Bhí cúigear acu amaideach agus cúigear acu ciallmhar. Mar nuair a thug na hamaidí a lampaí leo, níor thug siad fleascáin ola leo lena lampaí; ach thug na hógha céillí fleascáin ola leo lena lampaí. Nuair a rinne an fear nuaphósta moill, bhí siad uile i suan agus i gcodladh. Ach chuaigh gáir amach i meán na hoíche, ‘Seo chugainn an fear nuaphósta! Tagaigí libh amach ina airicis’. Dʼéirigh na hógha úd ansin agus ghléas siad a lampaí. Agus dúirt na hamaidí leis na hógha céillí, ‘Tugaigí cuid de bhur n‑ola dúinn, mar tá ár lampaí ag dul as.’ Ach dʼfhreagair na hógha céillí, ‘Bʼfhéidir nach mbeadh go leor ann dúinne agus daoibhse; is fearr daoibh dul chuig na ceannaithe agus a ceannach daoibh féin.’ Agus nuair a bhí siad imithe á ceannach tháinig an fear nuaphósta, agus chuaigh an méid a bhí ullamh roimhe isteach chun na bainise ina chuideachta; agus dúnadh an doras. Ina dhiaidh sin tháinig na hógha eile freisin, á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna, oscail an doras romhainn.’ Ach dʼfhreagair sé, ‘I bhfírinne deirimse libh nach n‑aithním sibh.’ Bígí coimeádach mar sin, mar níl fios an lae ná fios na huaire agaibh. “Mar beidh sé mar fhear ag dul ar aistear a ghlaoigh ar a sheirbhísigh agus a chuir cúram a mhaoine uile orthu; thug sé cúig thallann do dhuine acu, agus dhá thallann do dhuine eile, agus aon tallann amháin do dhuine eile, de réir na hacmhainne a bhí ag an uile dhuine acu. Dʼimigh sé leis ansin. Chuaigh an té a fuair na cúig thallann a dhíol agus a cheannach leo; agus ghnóthaigh sé cúig thallann eile. Mar an gcéanna, an té a raibh dhá thallann aige, ghnóthaigh sé dhá thallann bhreise. Ach an té nach bhfuair ach aon tallann amháin chuaigh seisean a thochailt an talaimh agus a chur i bhfolach an airgid a bhí aige óna mháistir. Chuaigh tamall fada thart agus ansin tháinig máistir na seirbhíseach úd gur shocraigh sé a chuntais leo. Agus tháinig an té a fuair na cúig thallann chun tosaigh, ag tabhairt leis cúig thallann eile, agus dúirt sé, ‘A mháistir, thug tú cúig thallann dom; siúd cúig thallann bhreise a ghnóthaigh mé.’ Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis faoi bheagán, cuirfidh mé os cionn móráin thú; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’ Agus an té a raibh dhá thallann aige, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, thug tú dhá thallann dom; seo an dá thallann bhreise atá gnóthaithe agam.’ Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis i mbeagán, cuirfidh mé thú os cionn móráin; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’ An té sin freisin a fuair an t‑aon tallann amháin, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, bhí a fhios agam go raibh tú i dʼfhear crua, ceachartha, ag baint san áit nár chroith tú síol, agus ag cruinniú san áit nár bhuail tú arbhar; bhí eagla orm mar sin, agus chuaigh mé gur chuir mé do thallann i bhfolach i gcré an talaimh. Seo duit an ní is leat.’ Ach dʼfhreagair a mháistir é, ‘A fheidhmeannaigh fhalsa, fhealltaigh! Bʼfheasach duit go mbímse ag baint san áit nár chroith mé síol agus go mbím ag cruinniú san áit nár bhuail mé arbhar. Nár choir duit mar sin mo chuid airgid a chur ar ús ag na baincéirí, agus gheobhainn ansin ag teacht dom an méid is liom agus a bhiseach lena chois? Bain mar sin an tallann de, agus tabhair é don té a bhfuil na deich dtallann aige. Mar tabharfar a thuilleadh don té a bhfuil aige, agus beidh farasbarr aige; ach an té nach bhfuil aige béarfar uaidh go fiú an mhéid atá aige. Agus caithigí an seirbhíseach gan dóigh sa dorchadas amuigh; áit a mbeifear ag caoi agus na fiacla á ndíoscán.’ “Nuair a thiocfas Mac an duine ina ghlóir, agus na haingil uile ina chuideachta, rachaidh sé ansin ina shuí ar chathaoir na glóire. Cruinneofar os a chomhair a bhfuil de chiníocha ann, agus scarfaidh sé gach duine acu óna chéile mar scarann an t‑aoire na caoirigh ó na gabhair, agus cuirfidh sé na caoirigh ar thaobh a láimhe deise, ach beidh na gabhair ar thaobh na láimhe clé. Déarfaidh an Rí ansin le lucht na láimhe deise, ‘Is é bhur mbeatha, a dhream úd ar bheannaigh mʼAthair sibh, le dul i seilbh na ríochta atá ullmhaithe in bhur gcomhair ó cuireadh an chruinne ar bun; mar bhí ocras orm, agus thug sibh bia dom, bhí tart orm agus dhoirt sibh deoch dom, bhí me i mo strainséir agus dʼfháiltigh sibh romham, bhí mé tarnocht agus chuir sibh éadaí ar mo chorp, bhí mé breoite agus thug sibh cuairt orm, bhí me sa phríosún agus tháinig sibh chugam.’ Is ansin a gheobhaidh sé an freagra seo ó na fíréin, ‘Cá huair, a Thiarna, a chonaiceamar ocras ort agus a thugamar bia duit, nó tart ort agus a thugamar deoch duit? Agus cá huair a chonaiceamar i do strainséir thú agus a dʼfháiltíomar romhat, nó tarnocht agus a chuireamar éadaí ort? Agus cá huair a chonaiceamar thú breoite nó sa phriosún agus a thugamar cuairt ort?’ Agus is é seo an freagra a thabharfas an Rí dóibh, ‘Deirim go fírinneach libh, mar atá déanta agaibh don té is lú de na bráithre seo agam, is domsa a rinne sibh é.’ Déarfaidh sé ansin le lucht na láimhe clé, ‘Fágaigí mʼamharc, a dhream mhallaithe, agus isteach libh sa tíne shíoraí a ullmhaíodh le haghaidh an diabhail agus a chuid droch-aingeal; mar bhí ocras orm agus cheil sibh bia orm, bhí tart orm agus cheil sibh deoch orm, i mo strainséir agus bhí doicheall oraibh romham, bhí mé tarnocht agus dhiúltaigh sibh faoi éadaí mé, breoite agus sa phríosún agus dʼfhan sibh uaim.’ Is ansin a fhreagróidh siadsan freisin, ‘A Thiarna, cá huair a chonaiceamar thú ocrach nó tartmhar nó i do strainséir nó tarnocht nó breoite nó i bpríosún agus nár fhóireamar ort?’ Is ansin a fhreagróidh sé iad, ‘Deirim go fírinneach libh, ó nach ndearna sibh é ar an té is lú orthu seo anseo, ní dhearna sibh ormsa é.’ Agus imeoidh siadsan chun pianpháise síoraí, ach siúlfaidh na fíréin isteach chun na beatha síoraí.” Nuair a bhí na ráite seo uile críochnaithe ag Íosa, dúirt sé lena dheisceabail, “Tá a fhios agaibh go dtiocfaidh an cháisc dhá lá ina dhiaidh seo, agus go mbeidh Mac an duine le tabhairt suas chun a chéasta.” Ba ansin a chruinnigh na hardsagairt agus seanóirí an phobail i bpálás an ardsagairt, darbh ainm Caiafas, agus chuaigh siad i gcomhairle chun Íosa a ghabháil agus a mharú os íseal. Ach dúirt siad, “Ná bíodh sin ann in am na féile ar eagla go n‑éirí gleo i measc na ndaoine.” Anois nuair a bhí Íosa i mBétáin i dteach Shíomóin an lobhar, tháinig an bhean aníos chuige agus searróg alabastair aici dʼuinnimint chostasach, agus dhoirt sí ar a cheann í, agus é ina shuí chun boird. Ach bhí fearg ar na deisceabail nuair a chonaic siad é agus dúirt siad, “Cad chuige seo a chur amú? Mar dʼfheadfaí an uinnimint seo a dhíol ar shuim mhór airgid, agus a roinnt ar na daoine bochta.” Ní raibh sin ceilte ar Íosa, agus dúirt sé, “Cad chuige daoibh an bhean seo a chiapadh? Is álainn an gníomh atá déanta aici orm. Mar bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí. Ag doirteadh na huinniminte seo orm rinne sí réidh mo chorpsa chun a adhlactha. I bhfírinne, insím daoibh nach mbeidh áit ar fud an domhain, ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo, nach mbeidh an ní a rinne sí á insint lena cuimhne a choinneáil beo.” Chuaigh duine ansin den dáréag, a raibh Iúdás Iscariót mar ainm air, chuig na hardsagairt go ndúirt leo, “Cad é sin a thabharfas sibh dom má chuirim idir bhur lámha é?” Agus dʼíoc siad tríocha bonn dʼairgead geal leis. Agus ón bpointe úd amach bhí sé ag faire na faille le fealladh air. Anois an chéad lá de laethanta an aráin gan laibhín tháinig na deisceabail chuig Íosa, á fhiafraí de, “Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh orainn bheith ag déanamh réidh ionas go n‑ithe tú an cháisc?” Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá mʼamsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’” Agus rinne na deisceabail mar a thaispeáin Íosa dóibh, agus rinne siad réidh don cháisc. Nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuigh sé chun boird é féin agus an dáréag deisceabal. Agus nuair a bhí siad ag ithe, dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, go bhfeallfaidh duine agaibh ormsa.” Agus chuir sin brón ar a gcroíthe agus thosaigh siad ar a rá leis ina nduine agus ina nduine, “An mise é, a Thiarna?” Dʼfhreagair sé, “An duine a thom a lámh in aon mhias liom, is é a fheallfas orm. Siúlfaidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a fheallfas ar Mhac an duine! Bʼfhearr don duine úd gan teacht ar an saol riamh.” Dúirt Iúdás, an té a rinne an feall air, leis, “An mise é, a mháistir?” Ar seisean leis, “Is tú a dúirt é.” Anois nuair a bhí siad ag ithe, ghlac Íosa arán, agus bheannaigh agus bhris sé é, agus thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé, “Glacaigí, ithigí, is é seo mo chorp.” Agus ghlac sé an cupán, agus dʼaltaigh sé é agus thug dóibh é, á rá, “Ólaigí uile as; mar is í sin mʼfhuil, fuil an nuachúnaint, a dhoirtear mar gheall ar mhórán le haghaidh mhaithiúnas na bpeacaí. Táim ag insint daoibh nach n‑ólfaidh mé an toradh seo na fíniúna arís go dtí go n‑ólfaidh mé nua é in bhur gcuideachta i ríocht mʼAthar.” Agus i ndiaidh iomann a chanadh, dʼimigh siad leo go Cnoc na nOlóg. Dúirt Íosa leo ansin, “Clisfidh sibh uile go léir orm anocht; mar tá sé scríofa, ‘Buailfidh mé buille ar an aoire, agus scaipfear caoirigh an tréada.’ Ach beifear do mo thógáil arís, agus ina dhiaidh sin imeoidh mé go Galailí romhaibh.” Dhearbhaigh Peadar dó, “Má chliseann siad uile go léir ort, ní chlisfidh mise ort.” Arsa Íosa leis, “Deirim i bhfírinne leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach, déanfaidh tú mé a shéanadh faoi thrí.” Arsa Peadar leis, “Má tá ar mo chrann bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt na deis­ceabail uile mar an gcéanna. Chuaigh Íosa leo ansin go dtí áit ar tugadh Getsemaní uirthi, agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, go dté mé anonn ansin agus go ndéana mé urnaí.” Agus thug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebidé, agus thosaigh tromualach bróin agus buartha ar thitim air. Dúirt sé leo ansin, “Tá mʼanam á chrá go mór le brón go bás; fanaigí anseo ag faire liom.” Agus chuaigh sé ar aghaidh beagán gur thit ar a bhéal agus gur ghuigh sé, “A Athair liom, más féidir é, scaoil an cupán seo tharm; ach san am céanna ná bíodh sé mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa.” Agus tháinig sé chuig na deisceabail go bhfuair ina gcodladh iad; agus dúirt sé le Peadar, “Nár fhéad tú mar sin faire aon uaire a dhéanamh liom? Fairigí agus guígí nach gcuirfear cathú oraibh; mar dá mhéid í dea-thoil an anama, bíonn an cholainn lag.” Dʼimigh sé arís an dara huair agus rinne sé urnaí, “A Athair liom, mura bhféadtar seo a chur thart gan mé á ól, do thoil go raibh déanta.” Agus tháinig sé arís go bhfuair ina gcodladh iad, mar ba mharbh a súile leis an gcodladh. Dʼfhág sé mar sin iad gur imigh arís go ndearna urnaí an tríú huair, agus na focail chéanna á rá aige. Dʼfhill sé ar na deisceabail ansin agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh in bhur gcodladh go fóill ag glacadh bhur scíste? Féachaigí, tá an t‑am buailte linn, agus tugadh go fealltach Mac an duine i lámha na bpeacach. Éirígí agus imímis; féachaigí, seo chugainn an té a rinne an feall orm.” Ni raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór leis ó na hardsagairt agus ó sheanóirí an phobail agus claimhte agus bataí acu. Anois bhí comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, agus é ráite aige, “An fear a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin an duine atá uaibh; beirigí air.” Agus ní dhearna sé aon mhoill ag teacht aníos chuig Íosa agus dúirt sé, “Fáilte romhat, a mháistir!” agus thug sé póg dó. Agus dúirt Íosa leis, “A chara, cad é a thug anseo thú?” Tháinig siadsan aníos ansin gur leag siad a lámha ar Íosa agus gur ghabh siad é. Agus bʼshiúd duine de lucht leanúna Íosa a shín a lámh agus a tharraing a chlaíomh, agus a bhuail buille ar mhogh leis an ardsagart agus a bhain a leathchluas de. Ansin dúirt Íosa leis, “Cuir do chlaíomh san áit is dual dó; mar níl duine dá dtéann i muinín an chlaíomh nach dtabharfaidh an claíomh a bhás. An síleann sibh nach féidir liom a iarraidh ar mʼAthairse, agus an síleann sibh nach gcuirfidh sé breis agus deich léigiún dʼaingil chugam ar an toirt? Ach dá ndéantaí amhlaidh, conas a chomhlíonfaí an scrioptúr a deir go gcaithfidh sé bheith mar seo?” San uair chéanna arsa Íosa leis na sluaite, “Ar tháinig sibh amach do mo ghabháil agus claímhte agus bataí agaibh, ionann is dá mbeadh sibh ag teacht amach in éadan bithiúnaigh éigin? Bhí mé i mo shuí ó lá go chéile sa teampall agus mé ag teagasc, agus gan sibh mé a ghabháil. Ach tharla seo uile ionas go gcomhlíonfaí scríbhinní na bhfáithe.” Ba ansin a thréig na deisceabail uile é agus a dʼéalaigh siad leo. An dream a ghabh Íosa, threoraigh siad ansin é chuig teach Chaiafas an t‑ardsagart, áit a raibh na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe. Ach lean Peadar é tamall uaidh, chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus chuaigh sé isteach gur shuigh faoi i gcuideachta na ngardaí go bhfeicfeadh sé an deireadh a bheadh air. Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fíanaise bhréige a fháil in aghaidh Íosa ionas go gcuirfeadh siad chun báis é, ach ní bhfuair siad aon fhíanaise ina éadan, cé gur tháinig mórán finnéithe bréige chun tosaigh. Sa deireadh tháinig beirt chun tosaigh agus dúirt siad, “Dúirt an duine seo, ‘Is féidir liom teampall Dé a scríosadh agus a thógáil arís i seal trí lá.’” Agus dʼéirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt sé, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin a dhearbhaíos na fir seo i dʼéadan?” Ach bhí Íosa ina thost. Agus dúirt an t‑ardsagart leis, “Cuirim ort, as ucht an Dé bhí, a insint dúinn más tú an Críost, Mac Dé.” Dúirt Íosa leo, “Is tú a dúirt é. Ach insím duit, go bhfeicfidh tú san am atá romhainn Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.” Réab an t‑ardsagart a róbaí ansin, agus dúirt sé, “Tá diamhasla ráite aige lena bhéal. Cad é an gnó atá agaibh le tuilleadh finnéithe? Tá sibh anois tar éis an diamhasla sin a chluinstín óna bhéal. Cad i an bhreith a thugas sibh?” Dʼfhreagair siadsan, “Tá an bás tuillte aige.” Chaith siad a seile ar a leiceann ansin, agus bhuail siad é; agus bhuail cuid acu lena mbosa é, á rá, “Déan fáistine dúinn, tusa atá i do Chríost? Cé hé sin a bhuail thú?” Anois bhí Peadar ina shuí amuigh sa chúirt. Agus tháinig cailín aimsire aníos chuige, agus dúirt sí, “Bhí tusa i gcuideachta Íosa Galailéigh freisin.” Ach shéan sé é os comhair an iomláin acu, agus dúirt sé, “Ní thuigim cad é atá tú á rá.” Agus nuair a chuaigh sé amach sa phóirse, chonaic cailín aimsire eile é, agus dúirt sí leis na fir a bhí ina seasamh thart, “Bhí an duine seo i gcuideachta Íosa an Nasarthach.” Agus shéan sé arís é agus thug sé míonna, “Níl aithne agam ar an duine úd.” Tamall gairid ina dhiadh sin tháinig na fir a bhí ina seasamh thart chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Scéal cinnte go bhfuil tusa ar dhuine acu, mar tá sin le léamh ar bhlas do chainte.” Thosaigh sé ansin ar thabhairt na mionn agus ag glaoch mallachtaí air féin nach raibh aithne aige ar a leithéid de dhuine. Agus ar an móimint sin ghlaoigh an coileach. Agus chuimhnigh Peadar ansin ar an gcaint a dúirt Íosa, “Sula nglaonn an coileach, séanfaidh tú faoi thrí mé.” Agus chuaigh sé amach agus chaoin sé go géar goirt. Nuair a tháinig an mhaidin, chuaigh na hardsagairt uile agus seanóirí an phobail i gcomhairle in aghaidh Íosa lena chur chun báis; agus chuibhrigh siad é agus tharraing siad ar shiúl é agus thug siad do Phíoláid an t‑uachtarán é. Nuair a chonaic Iúdás, an té a rinne a bhrath, go raibh sé daortha, bhí aithreachas air, agus thug sé an tríocha bonn dʼairgead ar ais chuig na hardsagairt, á rá, “Tá peaca déanta agam, ag imirt fill ar fhuil neamhchiontach.” Ar siadsan, “Cad é sin dúinne? Fútsa fágtar é.” Agus chaith sé síos uaidh na boinn airgid sa teampall, agus dʼimigh sé; agus chuaigh sé agus chroch sé é féin. Ach thóg na hardsagairt na boinn airgid, agus dúirt siad, “Ní ceadmhach a gcur isteach sa chiste, ós airgead fola iad.” Mar sin ghlac siad comhairle, gur cheannaigh siad leo Páirc an Photaire, mar ionad adhlactha do na coimhthígh. Dá bharr sin gaireadh Páirc na Fola den pháirc úd go dtí an Iá seo. Ba ansin a comhlíonadh a ndúirt an fáidh Ierimía, á rá, “Agus ghlac siad an tríocha bonn dʼairgead, luach an té ar chuir cuid de chlann Iosrael luach air, agus thug iad ar Pháirc an Photaire, mar thaispeáin an Tiarna dom.” Sheas Íosa anois os comhair an uachtaráin; agus dʼfhiafraigh an t‑uachtarán de, “An tú Rí na nGiúdach?” Arsa Íosa leis, “Is tú a dúirt é.” Ach nuair a chúisigh na hardsagairt agus na seanóirí é, níor thug sé aon fhreagra. Dúirt Píoláid leis ansin, “Nach gcluineann tú an méid a dhearbhaíonn siad i dʼéadan?” Ach níor thug sé freagra dó ar oiread le haon rud amháin a cuireadh ina leith; ar mhodh go raibh iontas mór ar an uachtarán faoi. Anois in am na féile ba nós leis an uachtarán aon phríosúnach amháin a ligean saor chuig an slua, cibé príosúnach ab áil leo. Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó. Mar sin nuair a bhí siad cruinnithe, arsa Píoláid leo, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh, Barabas, nó Íosa dá ngairtear Críost?” Mar bhí a dhea-fhios aige gur trí fhormad a tugadh suas é. Lena chois sin, bhí sé i ndiaidh scéal a fháil óna bhanchéile agus é ina shuí ar chathaoir an bhreithiúnais, “Fear fíréanta é siúd, ná cuir chuige ná uaidh, mar bhí crá mór orm faoi inniu i mbrionglóid a bhain leis.” Anois bhí na hardsagairt agus na seanóirí i ndiaidh tabhairt ar na daoine Barabas a iarraidh agus Íosa a chur den saol. Dʼfhiafraigh an t‑uachtarán díobh an dara huair, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh?” “Barabas,” ar siadsan. Dʼfhiafraigh Píoláid díobh, “Cad é mar sin is cóir a dhéanamh le hÍosa dar sloinne Críost?” Dúirt siad uile le chéile, “Céastar é.” Agus ar seisean, “Cad chuige? Cad é an drochní a rinne sé?” Ach ba mhóide a scairt siad, “Céastar é.” Nuair a chonaic Píoláid nach raibh ag éirí leis aon ní a dhéanamh ach iaróg a chur ina suí, ghlac sé uisce agus nigh sé a lámha os comhair an tslua, á rá, “Tá mise neamhchiontach i bhfuil an fhir seo; freagraígí sibhse aisti.” Agus dʼfhreagair an pobal uile dʼaon ghuth, “Bíodh a fhuilsean orainne agus ar ár gclann inár ndiaidh!” Ansin lig sé Barabas saor chucu, agus rinne sé Íosa a sciúrsáil, agus lig dó dul dá chéasadh ansin. Thug saighdiúirí an uachtaráin Íosa leo isteach sa Phraetorium, agus ghlaoigh siad ar an gcathlán uile teacht le chéile roimhe. Agus bhain siad na héadaí de agus chuir siad róba craorag air, agus dʼfhigh siad coróin spíonta agus chuir ar a cheann í, agus chuir siad giolcach ina dheasláimh. Agus chuaigh siad ar a ngluine roimhe ag magadh faoi, agus a rá leis, “Fáilte romhat, a Rí na nGiúdach!” Agus chaith siad a seile air, agus rug siad ar an ngiolcach agus bhuail siad léi ar an gceann é. Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi, bhain siad an róba de, agus chuir a chuid éadaigh féin air, agus thug siad ar shiúl é lena chéasadh. Casadh dóibh ar a siúl amach fear as Círéne arbh ainm dó Síomón; agus chuir siad feidhm ar an duine sin a chrois a iompar. Agus nuair a shroich siad áit a raibh Golgota air (a chiallaíos áit an chloiginn), thairg siad fíon dó le n‑ól a raibh domlas tríd; ach nuair a bhí sé blaiste aige, ní ólfadh sé é. Agus nuair a bhí sé curtha acu ar chrann a chéasta, chaith siad crann ar a éadaí á roinnt eatarthu féin; agus shuigh siad ansin ag faire air. Agus chuir siad an chúis a bhí curtha ina leith os cionn a chinn, agus is é a bhí le léamh, “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.” Bhí beirt ghadaí á gcéasadh maraon leis an uair úd, duine ar a dheas agus duine ar a chlé. Agus bhí a ndeachaigh thart ag fonóid faoi, ag croitheadh a gcinn air agus á rá, “A ghiolla úd a mbíodh rún agat an teampall a leagan agus a atógáil in achar trí lá, tarrthaigh thú féin! Más Mac Dé tú, tar anuas den chrois úd.” Mar an gcéanna bhí na hardsagairt maraon leis na scríobhaithe agus na seanóirí ag magadh faoi, á rá, “Tharrthaigh sé na daoine eile; ní féidir leis é féin a tharrtháil. Is é Rí Iosrael é; tagadh sé anuas den chrois agus creidfimid ann. Tá muinín aige as Dia; scaoileadh Dia é, más mian leis é; mar dúirt sé, ‘Is mé Mac Dé’.” Agus bhí na gadaithe a bhí á gcéasadh ina chuideachta ag fonóid faoi ar an modh céanna. Anois ón séú huair bhí dorchadas ar fud na tíre go dtí an naoú huair, agus i dtrátha an naoú huair ghlaoigh Íosa in ard a chinn is a ghutha, “Éloí, Éloí lamá sabactání?” Is é sin, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?” Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh thart nuair a chuala siad sin, “Is ag glaoch ar Elía atá an fear seo.” Agus ar an toirt rith duine acu gur ghlac spúinse, agus líon le fínéagar é, agus chuir i mbarr giolcaí é, gur thug dó le n‑ól é. Ach is é a dúirt an chuid eile, “Fanaigí, feicimis an dtiocfaidh Elía lena tharrtháil.” Agus ghlaoigh Íosa arís i nglór ard, agus dʼfhág an anáil é. Agus bʼshiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha; osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh, agus tháinig siad amach as a dtuamaí i ndiaidh a aiséirithesean agus chuaigh siad isteach go dtí an chathair naofa agus taispeánadh do mhórán iad. I dtaca leis an gceantúir agus an dream a bhí ag faire ar Íosa, nuair a chonaic siad an crith talaimh agus an méid eile a tharla, bhí siad lán dʼómós, agus dúirt siad, “Gan amhras ba é sin Mac Dé!” Bhí a lán ban ansin, ag amharc air i bhfad siar, a bhí i ndiaidh Íosa a leanúint ó Ghalailí, le bheith ag timireacht air, orthusan bhí Muire Mhaghdalénach, agus Muire máthair Shéamais agus Iósaif, agus máthair chlann Shebidé. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Arimatía a raibh Iósaf mar ainm air, a bhí ina dheisceabal ag Íosa. Chuaigh sé go Píoláid gur iarr corp Íosa. Dʼordaigh Píoláid ansin a thabhairt dó. Agus ghlac Iósaf an corp, agus dʼfhill i dtaiséadach de línéadach glan é, agus chuir sé ina thuama úrnua féin é, a bhí tochailte aige amach as an gcarraig; agus chas sé cloch mhór thart faoi bhéal an tuama, agus dʼimigh leis. Bhi Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile ansin ina suí os comhair an tuama. An lá ina dhiaidh sin, is é sin an lá a tháinig i ndiaidh lá an Ullmhaithe, chruinnigh na hardsagairt agus na Fairiséigh os comhair Phíoláid agus dúirt siad, “A dhuine uasail, is cuimhneach linn go ndúirt an mealltóir úd, agus é ina bheo go fóill, ‘I ndiaidh trí lá éireoidh mé arís.’ Ordaigh dá bhrí sin go ndruidfear an tuama go daingean go dtí an tríú lá, ar eagla go rachadh a dheisceabail á fhuadach ar shiúl, agus go n‑inseoidís do na daoine gur éirigh sé ó mhairbh, agus go mbeidh an mealladh deireanach níos measa arís na an chéad mhealladh.” Arsa Píoláid leo, “Tá garda saighdiúirí agaibhse; imígí agus daingnígí é mar is fearr a thagas libh.” Dʼimigh siad mar sin agus dhaingnigh siad an tuama ag cur séala ar an gcloch agus ag cur garda uirthi. Anois nuair a bhí an tsabóid beagnach thart, agus an chéad lá den tseachtain ag bánú, chuaigh Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile a amharc ar an tuama. Agus bʼshiúd crith talaimh mór: aingeal ó Dhia ag tuirlingt ó neamh agus ag iontú na cloíche siar agus ag suí uirthi. A ghnúis mar chaor thine agus a bhaill éadaigh ar ghile an tsneachta. Leis an eagla a bhí orthu roimhe chuaigh na gardaí ar bharr amháin creatha agus thit mar mhairbh in áit na mbonn. Ach dúirt an t‑aingeal leis na mná, “Ná bíodh eagla oraibh; mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag iarraidh Íosa a céasadh. Níl sé anseo, mar tá sé i ndiaidh éirí mar a dúirt sé. Tagaigí go bhfeice sibh an áit a raibh sé ina luí. lmígí ansin go tapaidh agus insígí dá dheisceabail go bhfuil sé i ndiaidh éirí ó mhairbh, agus féachaigí, tá sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é. Seo, tá sé inste agam daoibh.” Dʼimigh siad ón tuama faoi dheifir mar sin agus eagla agus móráthas orthu, agus rith siad lena insint dá dheisceabail. Agus féach, tháinig Íosa ina n‑airicis agus dúirt sé, “Fáilte!” Agus tháinig siad aníos chuige gur rug ar a chosa agus gur adhair siad é. Dúirt Íosa leo ansin, “Ná bíodh eagla oraibh; imígí agus tugaigí scéal chuig mo bhráithre go gcaithfidh siad dul go Galailí, agus go bhfeicfidh siad ansin mé.” Nuair a bhí siadsan ag siúl, dʼimigh cuid den gharda isteach sa chathair gur inis siad ar tharla uile do na hard­sagairt. Tháinig siad le chéile iadsan agus na seanóirí agus ghlac siad comhairle, agus ansin thug siad lán cráige dʼairgead do na saighdiúirí agus dúirt, “Insígí do dhaoine gur tháinig a dheisceabailsean san oíche nuair a bhí sibhse in bhur gcodladh agus gur ardaigh siad leo é. Agus má mhothaíonn an t‑uachtarán aon iomrá air sin, beidh leithscéal éigin againne dó a thabharfas as an gcruachás sibh.” Mar sin ghlac siad leis an airgead uathu agus rinne siad mar a bhí ordaithe dóibh; agus tá an scéal sin scaipthe i measc na nGiúdach go dtí an lá seo. Chuaigh an t‑aon deisceabal déag ansin go Galailí, go dtí an sliabh a bhí ainmnithe ag Íosa. Agus nuair a chonaic siad é, thug siad adhradh dó; ach bhí cuid acu in amhras. Agus tháinig Íosa agus dúirt sé leo, “Bronnadh orm an uile údarás ar neamh agus ar talamh. Siúlaigí libh mar sin a dhéanamh deisceabal as na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, agus ag teagasc dóibh go gcoinní siad na hordaithe uile a thug mé daoibhse; agus féachaigí, bím i gcónaí libh, go dtaga an aois chun críche.” Tosach shoiscéal Íosa Críost, mac Dé. Mar atá scríofa ag Ísáia an fáidh, “Féach, cuirim romhat mo theachtaire a ullmhós do shlí; glór an té atá ag fógairt san fhásach: Réitígí slí an Tiarna, déanaigí a chosán díreach—” Thug Eoin Baiste é féin le taispeáint san fhásach, agus é ag seanmóireacht bhaiste an aithreachais le maithiúnas na bpeacaí a fháil. Agus chuaigh a raibh i dtír Iúdaea agus muintir uile Iarúsailéim amach chuige; agus rinne sé a mbaisteadh in abhainn an Iornáin, agus iad ag admháil a bpeacaí. Agus ba é an t‑éadach a bhíodh ar Eoin rón camaill, agus crios leathair faoina chom, agus ba lócaistí agus mil na mbeach fiáin ba bhia dó. Agus dʼfhógair sé an chaint seo, “Tá duine le teacht i mo dhiaidhse níos cumhachtaí ná mise, duine nach fiú mé cromadh síos le hiallacha a bhróg a scaoileadh. Tá mise tar éis bhur mbais­teadh le huisce; ach déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.” Ba sna laethanta úd a tháinig Íosa as Nasair na Galailí agus bhaist Eoin san Iornán é. Agus chonaic sé, agus é ag teacht aníos as an uisce, na spéartha ar oscailt agus an Spiorad ag tuirlingt air i riocht coilm; agus tháinig an glór as spéartha neimhe, “Is tú mo Mhac ionúin, is ionat atá mo mhór-aoibhneas.” Thiomáin an Spiorad amach san fhásach é láithreach. Agus chaith sé seal daichead lá ar an bhfásach agus Sátan ag cur cathuithe air; agus é in éineacht leis na beithígh allta; agus rinne na haingil timireacht air. Ansin nuair a gabhadh Eoin, tháinig Íosa go Galailí ag fógairt shoiscéal Dé, á rá, “Tá an tráth ar fáil, agus seo í ríocht Dé i ngar; déanaigí aithreachas, agus creidigí sa soiscéal.” Agus nuair a bhí sé ag siúl ar imeall Mhuir Ghalailí, chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin ag cur lín isteach san fharraige, mar ba iascairí iad. Agus dúirt Íosa leo, “Leanaigí mise go ndéana mé iascairí díbh a cheapfas fir.” Agus dʼfhág siad a líonta láithreach agus lean siad é. Agus nuair a bhí giota beag eile curtha de, chonaic sé Séamas mac Shebidé agus Eoin a dheartháir agus iad ina mbád ag deisiú na líonta. Agus ghlaoigh sé orthu ar an toirt; agus dʼfhág siad a n‑athair Sebidé agus a sheirbhísigh sa bhád agus lean siad é. Agus chuaigh siad isteach go Caparnáum; agus chuaigh seisean láithreach isteach sa tsionagóg ar an tsabóid agus thug sé teagasc. Agus bʼiontach leo a theagasc, óir bhí sé mar theagasc ó dhuine a raibh údarás aige, nárbh ionann agus teagasc na scríobhaithe. Agus go díreach bhí ina sionagógsan fear a raibh sprid neamhghlan ann; agus ghlaoigh sí os ard, “Cad chuige a bhfuil tú domsa, a Íosa Nasara? An lenár scriosadh a tháinig tú? Tá a fhios agam cé tú féin, Naomh-neach Dé.” Ach bhagair Íosa uirthi, á rá, “Bí i do thost, agus tar amach as!” Agus réab an sprid neamhghlan é, agus dʼéigh sí os ard, agus tháinig sí amach as. Agus bhí uafás orthu uile, gur cheistigh siad a chéile, agus iad á rá, “Cad é seo? Teagasc úrnua! É ag ordú go fiú na spridí neamhghlana go húdarásach, agus iad ag géilleadh dó.” Agus gan mhoill leath a chlú ar fud chríoch Ghalailí mórthimpeall. Agus go díreach ina dhiaidh sin dʼfhág sé an tsionagóg, go ndeachaigh isteach i dteach Shíomóin agus Aindriais, agus Séamas agus Eoin ina chuideachta. Agus bhí máthair chéile Shíomóin ina luí tinn agus fiabhras uirthi, agus dʼinis siad dó fúithi gan mhoill. Agus tháinig sé, gur rug ar a láimh agus gur thóg aniar í, agus dʼimigh an fiabhras aisti; agus rinne sí freastal orthu. An tráthnóna úd, in am dhul faoi na gréine, thug siad chuige na daoine a bhí tinn, nó a raibh deamhain iontu. Agus chruinnigh an chathair uile ag an doras. Agus leigheas sé a lán a raibh gach cineál tinnis orthu, agus dhíbir sé mórán deamhan; agus níor lig sé do na deamhain labhairt, de bhrí go raibh aithne acu air. Agus dʼéirigh sé ar maidin, i bhfad roimh bhánú an lae, agus dʼimigh sé ag guí ar an uaigneas. Agus dʼéirigh Siomón agus an dream a bhí leis dá chuardach, go dtí go bhfuair siad é go ndúirt siad leis, “Tá gach uile dhuine do dʼiarraidh.” Agus dúirt seisean leo, “Téimis ar aghaidh go dtí na bailte atá romhainn, go ndéana mé seanmóireacht ansin freisin; óir is leis sin a tháinig mé amach.” Agus chuaigh sé mórthimpeall na Galailí, ag seanmóireacht ina sionagóga agus ag díbirt deamhan as daoine. Níorbh fhada gur tháinig lobhar go dtí é, ag iarraidh dʼimpí air, agus ag feacadh glún roimhe, agus á rá, “Más maith leat é, is féidir leat mo dhéanamh glan.” Agus ghlac Íosa trua dó, agus shín sé amach a lámh gur chuir sé air í, agus dúirt sé, “Is maith liom é; bí glan.” Agus dʼfhág an lobhra é ar an toirt, agus bhí sé glan. Agus thug sé ordaithe dó go dian docht, agus scaoil sé uaidh é ar an bpointe, agus dúirt sé leis; “Seachain gan focal a rá faoi le haon duine beo; ach imigh romhat do do thaispeáint don sagart, agus tabhair an méid atá ordaithe ag Maois ar son do ghlanta, lena dhearbhadh do na daoine.” Ach ní luaithe a bhí sé imithe ná thosaigh sé ar scaoileadh a bhéil agus ag scaipeadh an scéil, sa dóigh nár fhéad Íosa siúl isteach go follasach in aon bhaile, ach é ag fanacht amuigh ar an tuath; agus daoine ag tarraingt air as na ceithre aird. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin, nuair a dʼfhill sé ar Chaparnáum, chuaigh an scéal amach go raibh sé sa bhaile. Agus chruinnigh slua mór, go dtí nach raibh slí dóibh go fiú thart ar an doras; agus bhí sé ag craobh-scaoileadh an bhriathair dóibh. Agus tháinig siad chuige ag iompar fir a bhí ina phairiliseach agus ceathrar faoi. Agus nuair nár fhéad siad druidim leis tríd an slua, thóg siad an ceann den teach a bhí os a chionn; agus nuair a bhí oscailt déanta acu ann, lig siad anuas an tsráideog sin a raibh an pairiliseach ina luí uirthi. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “A mhic liom, tá do pheacaí maite.” Anois bhí cuid de na scríobhaithe ina suí ansin, agus iad ag ceistiú ina n‑intinn, “An duine seo! Cad é an chaint sin air? Dia-mhasla é! Cé a fhéadas na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?” Ach mhothaigh Íosa láithreach ina spiorad cad í an cheist a bhí ina n‑intinn, agus ar seisean leo, “Cad chuige daoibh bheith ag ceistiú mar sin in bhur n‑intinn? Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach go bhfuil a pheacaí maite, nó a rá leis, ‘Éirigh, agus ardaigh do shráideog agus siúil leat?’ Ach chun go mbeidh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis na peacaí a mhaith­eamh”—ar seisean leis an bpairiliseach— “Deirim leat, éirigh, ardaigh do shráideog agus gabh abhaile.” Agus dʼéirigh sé, agus dʼardaigh sé an tsráideog agus dʼimigh leis os comhair a raibh i láthair; sa dóigh go raibh iontas orthu agus gur thug siad glóir do Dhia, agus iad á rá os ard, “Ní fhacamar a leithéid riamh!” Chuaigh sé amach ansin arís le cois na farraige; agus chruinnigh an slua uile ina thimpeall, agus theagasc sé iad. Agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh, chonaic sé Lébhi mac Alfaeus ina shuí in oifig na cánach, agus ar seisean leis, “Lean mise.” Agus dʼéirigh sé agus lean sé é. Agus nuair a shuigh sé chun boird ina theachsan bhí mórán bailitheoirí cánacha agus peacach ina suí i gcuid­eachta Íosa agus i gcuideachta a dheisceabal; óir bʼiomaí sin duine a lean é. Agus nuair a chonaic siad é ag ithe i gcuideachta bailitheoirí cánacha agus lucht na bpeacaí, dʼfhiafraigh scríobhaithe na bhFairiséach dá dheisceabail, “Cad chuige a bhfuil sé ag ithe i gcuideachta bailitheoirí cánacha agus lucht na bpeacaí?” Agus dúirt Íosa leo, nuair a chuala sé sin, “Níl feidhm dhochtúra ar an dream atá ina sláinte, ach ar na daoine atá breoite; níor tháinig mise leis na fíréin a ghairm, ach leis na peacaigh a ghairm.” Anois bhí deisceabail Eoin agus na Fairiséigh ag troscadh, agus tháinig daoine ag fiafraí de, “Cad chuige a bhfuil deisceabail Eoin agus na Fairiséigh ag troscadh, agus gan do chuidse deisceabal a bheith ag troscadh?” Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le lucht na bainise bheith ag troscadh agus an fear nuaphósta ina gcuideachta? Chomh fada agus bhíos an fear nuaphósta ina gcuideachta, ní féidir leo troscadh a dhéanamh. Ach tiocfaidh an uair a scarfar iad agus an fear nuaphósta ó chéile, agus déanfaidh siad troscadh ansin. Ní gnách le haon duine píosa dʼéadach gan traoitheadh a fhuáil ar sheanéadach; mar má dhéanann féin, bíonn an píosa nua ag réabadh ón seanéadach, go dtí gur measaide an stróiceadh é. Agus ní gnách le haon duine fíon úr a chur isteach i seanseithí; mar má dhéanann féin, is amhlaidh a phléascfaidh an fíon na seithí, go gcailltear idir fhíon agus sheithí; ach is do sheithí úrleathair an fíon úr.” Agus tharla aon sabóid amháin nuair a bhí sé ag siúl na gcuibhreann arbhair gur thosaigh a dheisceabail ar stathadh na ndias sa siúl. Agus arsa na Fairiséigh leis, “Féach, cad chuige a bhfuil siad ag déanamh ní atá crosta orthu ag an dlí a dhéanamh lá na Sabóide?” Agus ar seisean leo, “An é nár léigh sibh riamh faoin ní a rinne Dáibhí, nuair a bhí sé i gcruachás leis an ocras a bhí air féin agus ar an dream a bhí leis: agus an dóigh a ndeachaigh sé isteach i dteach Dé, an t‑am a raibh Abiatar ina ardsagart, gur ith sé arán na toirbhirte, nár cheadmhach ach do na sagairt amháin a ithe, agus, lena chois sin gur thug sé an t‑arán céanna dá chomrádaithe?” Agus dʼinis seisean dóibh, “Is ar son an duine a cruthaíodh an tsabóid, ach ní ar son na sabóide a cruthaíodh an duine; agus mar sin de tá Mac an duine ina thiarna os cionn na sabóide féin.” Uair eile chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus bhí fear ansin a raibh leathlámh sheargtha aige. Agus bhíothas ag faire air le feiceáil an leigheasfadh sé é lá na sabóide, le cionta a chur ina leith. Agus dúirt sé le fear na leathláimhe seargtha, “Tar i leith.” Agus dúirt sé leo, “Cé acu is cirte de réir dhlí na sabóide an mhaith a dhéanamh nó an t‑olc a dhéanamh, beo an duine a tharrtháil, nó a scriosadh?” Ach dʼfhan siad ina dtost. Agus dʼfhéach sé go feargach orthu, ó ghoill cruas a gcroíthe air, agus dúirt sé leis an bhfear, “Sín amach do lámh uait.” Shín sé an lámh agus leigheasadh í. Ní luaithe sin déanta ná amach leis na Fairiséigh, le dul i gcomhairle le lucht Iorua lena mhilleadh. Dʼfhág Íosa agus a dheisceabail an áit sin le dul chun na farraige, agus slua mór ina ndiaidh as Galailí; agus tháinig sluaite ina dhiaidh ó Iúdaea agus ó Iarúsailéim agus ó Idúmaea agus ón taobh thall den Iornán agus ó cheantar Thiora agus Shiodóin nuair a chuala siad an méid a bhí á dhéanamh aige. Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith réidh acu faoina choinne as siocair an tslua ar eagla go mbrúfaidís é; óir is iomaí duine a bhí leigheasta aige, ionas go mbíodh an dream a mbíodh aicídí orthu ag brú isteach air le cuimilt leis. Agus níl sprid neamhghlan a chonaic é nár thit os a choinne agus nár ghlaoigh os ard, “Is tú Mac Dé.” Agus bhagair sé go dian orthu gan a n‑aithne air a ligean le haon duine. Agus chuaigh sé suas i measc na gcnoc, agus ghlaoigh sé chuige na fir a bhí uaidh; agus tháinig siad chuige. Agus cheap sé dáréag, le bheith ina chuideachta, agus lena gcur amach ag seanmóireacht agus le húdarás a bheith acu leis na deamhain a chaitheamh amach: Síomón ar thug sé Peadar mar fhorainm air; Séamas mac Shebidé agus Eoin deartháir Shéamais, ar thug sé Bóanergés mar fhorainm orthu, sé sin clann na toirní; Aindrias, agus Pilib, agus Parthalón, agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeus, agus Tadéus, agus Siomón as Cána, agus Iúdás Iscariót, an té a bhraith é. Chuaigh sé abhaile ansin; agus chruinnigh an mórshlua le chéile arís, ionas nárbh fhéidir leo fiú bia a chaitheamh. Agus nuair a chuala a chairde sin, chuaigh siad amach le breith air, mar dúirt siad, “Is as a chiall atá sé.” Agus dúirt na scríobhaithe a tháinig anuas ó Iarúsailéim, “Tá Beelsebúl ina chorpsan, agus bíonn taoiseach na ndeamhan ag cuidiú leis na deamhain a chur amach as na daoine.” Agus ghlaoigh sé orthu chuige, agus dúirt sé leo i bhfáithscéalta, “Conas a chuirfeadh Sátan Sátan amach? Má roinntear ríocht ina héadan féin, ní fhéadfaidh an ríocht sin seasamh. Agus má scoiltear teach ina éadan féin, ní fhéadfaidh an teach sin seasamh. Agus más rud é go bhfuil Sátan i ndiaidh éirí amach ina aghaidh féin, agus é easaontach leis féin, ní féidir leis seasamh, ach tá a ré caite. Ach ní féidir do dhuine dul isteach i dteach an fhir thréin agus a mhaoin a thabhairt leis, mura mbíonn an fear tréan ceangailte aige an chéad uair; má tá, féadann sé creach a dhéanamh dá theach. “Deirim libh i bhfírinne go maithfear don Ádhamhchlann a ndéanann siad de pheacaí, agus a ndeir siad de dhiamhasla; ach an té a thugas masla don Spiorad Naomh níl maithiúnas le fáil aige, ach tá peaca síoraí air” —óir bhí siad i ndiaidh a rá, “Tá sprid neamhghlan ann.” Agus tháinig a mháthair agus a dheartháireacha; agus dʼfhan siad ina seasamh amuigh, agus chuir siad fios air. Agus bhí slua ina suí ina thimpeall; agus dúradh leis, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha amuigh agus iad do dʼiarraidh.” Agus dʼfhreagair sé, “Cé hiad mo mháthair agus mo dheartháireacha?” Agus dʼfhéach sé thart ar an dream a bhí ina suí ina thimpeall, agus dúirt sé, “Seo iad mo mháthair agus mo dheartháireacha. Cibé duine a dhéanas toil Dé is é an duine sin mo dheartháir, agus mo dheirfiúr agus mo mháthair.” Agus thosaigh sé ar theagasc le cois na farraige. Agus chruinnigh slua an-mhór ina thimpeall, ionas go ndeachaigh sé isteach i mbád, agus bhí sé ina shuí mar sin ar an bhfarraige; agus an slua uile ar an talamh i mbéal na toinne. Agus thug sé mórán teagaisc dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé an chaint seo ina theagasc: “Éistigí! Chuaigh síoladóir amach a chur an tsíl. Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl, thit cuid de amach roimhe ar an gcosán, agus chuaigh an éanlaith á ithe. Thit tuilleadh ar thalamh creagach, an áit nach raibh mórán cré faoi, agus thosaigh sé ar ghobadh aníos, ó nach raibh aon doimhneacht cré faoi; agus nuair a chuaigh an ghrian in airde sa spéir dódh é, agus nuair nach raibh aon fhréamh aige, dʼfheoigh sé agus cailleadh é. Thit síol eile i measc na ndriseog agus dʼfhás na driseoga aníos go dtí gur thacht siad é, agus ní raibh toradh air. Agus thit síol eile ar thalamh maith agus thug sé barr, ag fás agus ag faibhriú agus ag tabhairt uaidh faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.” Agus ar seisean, “An té a bhfuil cluas air le héisteacht, tugadh sé cluas.” Agus nuair a bhí sé ina aonar, dʼfhiafraigh an dream a bhí leis agus an dáréag de i dtaobh na bhfáithscéalta. Agus dúirt sé leo, “Is libhse a scaoileadh rún ríocht Dé, ach don dream a fágadh taobh amuigh di bíonn na nithe seo ina bhfáithscéalta; ar nós go bhfeicfidh siad gan a thabhairt faoi deara, agus go gcluinfidh siad gan a thuiscint; le heagla go n‑athróidís a mbéasa agus go maithfí dóibh.” Agus dúirt sé leo, “An é nach dtuigeann sibh an fáithscéal seo? Conas mar sin a thuigfidh sibh na fáithscéalta uile? Bíonn an síoladóir ag síoladh an bhriathair. Agus is iad an méid a thiteas ar an gcosán, a síoltar an briathar air; nuair a chluineas siad, tagann Sátan ar an toirt agus tógann sé uathu an briathar a shíoltar iontu. Mar an gcéanna don mhéid a shíoltar ar thalamh creagach, a ghlacas gan mhoill leis an mbriathar agus lúcháir orthu roimhe nuair a chluineas siad é; agus ní bhíonn fréamh acu iontu féin, agus ní fhanann siad ach seal, agus nuair a thagas trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, tréigeann siad é ar an toirt. Agus tá tuilleadh ann a chuirtear i measc na ndriseog; is iad a éisteas leis an mbria­thar, ach go dtagann cúram an tsaoil, agus áilíos an tsaibhris, agus mianta faoi nithe eile isteach iontu go dtachtann siad an briathar, agus ní thugann sé toradh. Ach an méid a chuirtear sa talamh maith, is iad a chluineas an briathar agus a ghlacas chucu é, agus a thugas toradh, faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.” Agus dúirt sé leo, “An dtugtar lampa isteach lena chur faoi bhéal soithigh, nó faoin leaba, agus gan a chur in airde? Mar ní chuirtear aon ní i bhfolach, gan a nochtadh; ná níl aon ní ina rún, nach dtugtar chun solais. Má tá cluas le héisteacht ag aon duine, éisteadh sé.” Agus dúirt sé leo, “Tugaigí aire don rud a chluineas sibh; tomhasfar chugaibh mar a thomhasas sibh uaibh go raibh sé ag cur thar maoil. Óir cuirfear tuilleadh leis an té ag a bhfuil cheana, agus an té nach bhfuil aige cheana, bainfear de an méid atá aige.” Agus dúirt sé, “Tá ríocht Dé mar dhuine a scaipfeadh síol ar an talamh, agus a rachadh a luí agus a dʼéireodh dʼoíche agus de lá, agus an síol ag fás aníos agus ag faibhriú ar dhóigh nárbh fheasach dó. Óir is uaidh féin a thugas an talamh a thoradh, an geamhar ar dtús, an dias ina dhiaidh sin, go dtagann iomlán na cruithneachta i gcraobh. Ach nuair a bhíos an t‑arbhar aibí, cuireann sé an corrán ann láithreach, ós rud é go bhfuil aimsir an fhómhair ann.” Agus dúirt sé, “Cad é sin a chuirimid i gcosúlacht le ríocht Dé, nó cad é an fáithscéal is fearr dúinn lena léiriú? Is cosúil í le síol mustaird, an síol is lú de shíolta an talaimh nuair a chuirtear i dtalamh é; ach ní luaithe a chuirtear an síol sin ná fásann sé aníos ina thom, an tom is mó de na tomóga agus cuireann sé amach craobhacha móra uaidh, go dtí go bhféadann éin an aeir a neadacha a dhéanamh faoina scáth.” Agus is i mórán fáithscéalta den sórt sin a labhraíodh sé an briathar leo, de réir mar a dʼfhéadaidís éisteacht leis; ní labhraíodh sé leo gan fáithscéal, agus é ag míniú gach ní os íseal dá dheisceabail féin. Nuair a tháinig tráthnóna an lae úd, dúirt sé leo, “Téimis anonn.” Agus dʼfhág siad an slua ina ndiaidh agus thug siad leo é, díreach mar a bhí sé, sa bhád. Agus bhí báid eile ina chuideachta. Agus dʼéirigh gála mór gaoithe, agus bhí na tonnta ag stealladh isteach sa bhád, go raibh sé ag líonadh cheana féin. Ach bhí seisean i ndeireadh an bháid ina chodladh ar an adhairt; agus dhúisigh siad é agus dúirt siad leis, “A Oide, an beag leat ár mbascadh?” Agus dhúisigh sé agus bhagair sé ar an ngaoth, agus dúirt sé leis an bhfarraige, “Fan socair suaimhneach!” Agus stad an ghaoth agus bhí ciúnas mór ann. Dúirt sé leo. “Cad í an eagla seo oraibh? Nach bhfuil creideamh agaibh?” Agus bhí siad lán de dhianeagla, agus iad á rá lena chéile, “Cé hé seo, a ngéilleann gaoth agus farraige dó?” Tháinig siad go tír na nGeraséanach, ar an taobh thall den fharraige. Agus nuair a tháinig sé amach as an mbád, is ea a casadh air fear a tháinig amach as na tuamaí, fear a raibh sprid neamhghlan ann, a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus nárbh fhéidir a cheangal níos mó, go fiú le slabhra féin; óir is minic a ceanglaíodh é le geimhle agus le slabhraí, ach tharraingíodh sé na slabhraí as a chéile, agus dhéanadh sé giotaí beaga de na geimhle; agus gan duine ann a bhí láidir go leor lena smachtú. Bhíodh sé oíche agus lá sna tuamaí nó ar na sléibhte agus gan stad air ag búiríl agus ag brú a chraicinn le clocha. Agus nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith sé chuige agus thug sé ómós dó; agus ghlaoigh sé in ard a chinn, “Cad chuige a bhfuil tú dom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Impím ort as ucht Dé, gan mo chéasadh.” Mar bhí sé i ndiaidh a rá leis, “Fág an duine seo, a sprid neamhghlan!” Agus dʼfhiafraigh Íosa di; “Cad is ainm duit?” Dʼfhreagair si, “Léigiún is ainm dom, mar táimid inár mórshlua ann.” Agus dʼiarr sí go dian air gan a ndíbirt as an dúiche ar fad. Anois bhí tréad mór muc ag innilt ar leataobh an chnoic; agus dʼiarr siad air, “Cuir amach chuig na muca sinn, lig dúinn dul isteach iontu.” Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spridí neamhghlana amach, agus chuaigh siad isteach sna muca; agus i dtaca leis an tréad, a raibh tuairim is dhá mhíle muc ann, chuaigh siad de ruathar síos leis an bhfána ghéar agus amach san fharraige, agus bádh san fharraige iad. Theith na tréadaithe, agus dʼinis siad faoi sa chathair agus sa dúiche. Agus tháinig daoine amach go bhfeicfidís cad é a tharla. Agus tháinig siad chuig Íosa, agus chonaic siad an fear a raibh an deamhan ina chorp, an fear a raibh an léigiún ann, agus é ina shuí ansin agus éadaí air, agus é ar a chiall; agus bhí eagla orthu. Agus dʼinis an dream a chonaic é cad é a dʼéirigh don fhear a raibh an deamhan ann agus do na muca. Agus thosaigh siad ar iarraidh dʼimpí ar Íosa a gcomharsanachtsan a fhágáil. Agus nuair a bhí sé ag dul isteach sa bhád, dʼiarr an fear a raibh an deamhan ann air é féin a thabhairt leis. Ach dhiúltaigh sé é, agus dúirt sé leis, “Gabh abhaile chuig do mhuintir féin, agus inis dóibh faoina ndearna an Tiarna de thrócaire ort.” Agus dʼimigh sé agus thosaigh sé ar fhorfhógairt ar fud chríoch Dhecapolis faoin méid a rinne Íosa dó; rud a chuir iontas ar na daoine uile. Agus nuair a dʼfhill Íosa arís sa bhád go dtí an taobh eile, chruinnigh slua mór ina thimpeall; agus bhí sé le cois na farraige. Ba ansin a tháinig fear dʼuachtaráin na sionagóige, darbh ainm Iáras; agus ní luaithe a chonaic sé é ná chaith sé é féin ag a chosa, agus dʼiarr sé dʼachainí air, ag rá, “Tá mʼiníon óg i gcróilí an bháis. Tar agus leag do lámha uirthi, go bhfaighe sí a beatha agus a sláinte.” Agus chuaigh sé leis. Agus lean slua mór é agus iad ag plódú thart air. Agus bhí bean ann a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a dʼfhulaing a lán ó mhórán leá, agus a chaith a raibh aici dʼairgead, gan biseach a fháil ach ag dul i ndonas i gcónaí. Bhí sise i ndiaidh iomrá a chluinstin ar Íosa, agus tháinig sí taobh thiar de i measc an tslua gur leag sí lámh ar a éadach. Mar dúirt sí léi féin, “Mura ndéanainn ach mo lámh a leagan ar a éadaí, beidh mé leigheasta.” Agus stad an rith fola láithreach agus mhothaigh sí ina corp féin gur leigheasadh í ón aicíd a bhíodh uirthi. Agus mhothaigh Íosa go ndeachaigh cumhacht as féin amach, agus thiontaigh sé thart sa mhóimint sin i measc an tslua, agus dúirt sé, “Cé sin a leag a lámh ar mʼéadai?” Agus dúirt a dheisceabail leis, “Feiceann tú an slua ag plódú thart ort, cad í an chaint sin ort ag rá, ‘Cé a leag lámh orm?’ ” Agus dʼfhéach sé thart timpeall go bhfeicfeadh sé cé a rinne é. Ach bʼaithnid don bhean cad é a dʼéirigh di, agus tháinig sí faoi chritheagla agus chaith sí í féin síos roimhe, agus dʼinis sí iomlán na fírinne dó. Agus dúirt sé léi, “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú; imigh i síocháin, agus faigh biseach ón aicid atá ort.” Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, tháinig daoine ó theach an uachtaráin a dúirt leis, “Tá dʼiníon marbh. Ní fiú an tOide a bhuaireamh níos faide.” Ach rinne Íosa neamh-aird díobh, agus dúirt sé le huachtarán na sionagóige, “Ná bíodh eagla ort, níl agat le déanamh ach bheith creidmheach.” Agus níor lig sé ach do Pheadar agus Shéamas agus Eoin deartháir Shéamais a leanúint. Nuair a shroich siad teach uachtarán na sionagóige, chonaic sé go raibh gleo ann, agus daoine ag caoineadh agus ag mairgneach go hard. Agus nuair a bhí sé istigh, dúirt sé leo, “Cad chuige an gleo agus an caoineadh? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.” Agus rinne siad gáire faoi. Ach chaith seisean amach iad uile go léir, agus thug sé leis athair agus máthair an linbh agus an chuideachta a bhí leis, agus chuaigh isteach go dtí an áit a raibh an leanbh. Agus rug sé ar a láimh agus dúirt sé léi, “Talíta cúmí,” a chiallaíos, “A chailín óig, ordaím duit éirí.” Agus dʼéirigh an cailín ar a cosa láithreach agus shiúil sí, mar bhí sí in aois an dó dhéag. Agus leis sin bhí dubh-iontas orthu. Agus dʼordaigh sé go dian dóibh gan insint faoi dʼaon duine, agus dúirt sé leo bia a thabhairt chuici. Dʼimigh sé as sin agus tháinig sé go dti a dhúiche féin; agus lean a dheisceabail é. Agus thosaigh sé ar theagasc sa tsionagóg lá na Sabóide; rud a chuir iontas ar a lán, a dúirt, “Cá bhfuair an duine sin seo uile? Cad í an eagna seo a bronnadh air? Cad é chomh mór leis na hoibreacha seo a lámh! Nach é seo an saor adhmaid; mac Mhuire, deartháir Shéamais agus Ioséis agus Iúdáis agus Shíomóin, agus nach bhfuil a dheirfiúracha anseo inár measc?” Agus thug siad dímheas dó. Agus dúirt Íosa leo, “Ní bhíonn fáidh gan a chion féin dʼonóir a fháil, ach amháin nuair a bhíos sé ina dhúiche féin, agus i measc a dhaoine muinteartha, agus ina theaghlach féin.” Agus níor fhéad sé aon obair mhór a dhéanamh san áit úd, ach amháin a lámha a leagan ar dhornán daoine breoite agus a leigheas. Agus chuir a n‑easpa chreidimh iontas air. Agus shiúil sé na bailte ag teagasc. Agus ghlaoigh sé an dáréag chuige, agus thosaigh sé ar a gcur amach ina mbeirteanna, agus ar chumhacht a thabhairt dóibh os cionn na spridí neamhghlana. Dʼordaigh sé dóibh gan aon rud a bheith leo ar a n‑aistear ach bata; gan arán, gan mhála, gan airgead ina gcriosanna; ach cuaráin a chaitheamh agus gan dhá léine a chur orthu. Agus dúirt sé leo, “Nuair a thagann sibh go teach, fanaigí sa teach úd nó go bhfágann sibh an baile. Agus más rud é go mbíonn siad doicheallach romhaibh agus mura dtugann siad éisteacht daoibh, nuair a imíonn sibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑éadan.” Dʼimigh siad mar sin a sheanmóireacht na haithrí do na daoine. Agus chuir siad mórán deamhan amach, agus chuir siad ola ar a lán daoine breoite agus leigheas siad iad. Chuala Ri Iorua faoi; óir bhí ainm Íosa i mbéal an phobail. Bhí cuid de na daoine ag rá, “Is é Eoin Baiste é a tógadh ó na mairbh; agus sin an chúis go mbíonn na cumhachtaí sin ar obair ann.” Ach dúirt dream eile, “Is é Elia é.” Agus deireadh dream eile fós, “Fáidh é, mar fháidh de na seanfháithe.” Ach nuair a chuala Iorua faoi, dúirt sé, “Is é Eoin, ar bhain mise an ceann de, atá beo arís.” Óir ba é Iorua a rinne Eoin a ghabháil, agus a cheangail i bpríosún i ngeimhle é mar gheall ar Heródias, bean a dhearthár Pilip; de bhrí gur phós sé ise. Óir dúirt Eoin le hlorua, “Níl sé de réir dlí bean do dhearthár a bheith agatsa.” Agus bhí olc ag Heródias dó, agus ba mhian léi a mharú. Ach níor fhéad sí sin a dhéanamh. Óir bhí eagla ar Iorua roimh Eoin, agus a dhea-fhios aige gurbh fhear naofa fíréan é, agus mar sin choinnigh sé sábháilte é. Bhíodh sé idir comhairle nuair a chluineadh sé é; ach dʼéisteadh sé leis go fonnmhar. Ach fuarthas faill air nuair a thug Iorua fleá a bhreithlae dá chúirteoirí agus dá oifigigh agus do lucht céimíochta na Galailí. Mar nuair a tháinig iníon Heródias isteach, rinne sí cúrsa damhsóireachta a thaitin le hlorua agus lena aíonna; agus is é a dúirt an rí leis an gcailín, “Iarr do rogha rud orm agus bronnfaidh mé ort é.” Agus mhionnaigh sé di, “Tabharfaidh mé duit cibé rud a iarrfas tú orm, dá mba é leathroinn mo ríochta é.” Chuaigh sí amach ansin chuig a máthair gur fhiafraigh sí di, “Cad é a iarrfas mé air?” Agus dúirt sise, “Iarr ceann Eoin Bhaiste.” Agus tháinig sí isteach faoi dheifir go dti an rí go ndearna a hiarratas agus í á rá, “Iarraim ort ceann Eoin Bhaiste a thabhairt dom ar an bpointe ar thrinsiúr.” Agus bhí brón agus buairt ar an rí faoi sin; ach bhí leisce air gan cur lena fhocal i ndiaidh a mhionnaí os comhair a aíonna. Mar sin chuir an rí saighdiúir dá gharda uaidh ar ordaigh sé dó a cheann a thabhairt chuige. Chuaigh seisean gur dhícheann sa phríosún é, agus gur thug sé a cheann ar thrinsiúr gur thug don chailín é; agus thug an cailín dá máthair é ansin. Nuair a chuala deisceabail Eoin é sin, tháinig siad gur thóg siad a chorp lena chur san uaigh. Dʼfhill na haspail chuig Íosa, agus dʼinis siad dó a ndearna siad de ghníomhartha agus de theagasc. Agus dúirt sé leo, “Tagaigí go raibh scíste agaibh tamall libh féin ar an uaigneas.” Mar bhí mórán mór ag teacht agus ag imeacht, gan faoiseamh a thabhairt dóibh fiú lena mbia a chaitheamh. Agus dʼimigh siad leo sa bhád go háit uaigneach leo féin. Anois bhí mórán ann a chonaic ag imeacht iad agus a dʼaithin iad, agus chuaigh siad as na bailte uile de shiúl cos, go raibh siad ann rompu. Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé mórshlua, agus bhí trua aige dóibh, ó bhí siad ar nós caorach gan aoire; agus thosaigh sé ar mhórán nithe a theagasc dóibh. Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna deireannach, tháinig a dheisceabail chuige agus ar siad leis, “Áit uaigneach an áit seo, agus é anonn sa lá; cuir ar shiúl iad, go dti an tuath agus na bailte thart timpeall le greim bia a cheannach dóibh féin.” Ach ba é a fhreagra, “Caithfidh sibhse bia a sholáthar dóibh.” Agus dúirt siad leis, “An rachaimid go gceannóimid luach dhá chéad déanar dʼarán, go dtabharfaimid dóibh é le n‑ithe?” Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid de bhuilíní aráin atá agaibh? Imigí go bhfeice sibh.” Agus nuair a fuair siad a fhios sin, dúirt siad leis, “Cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.” Dʼordaigh sé dóibh ansin suí fúthu ina gcuideachtaí ar an bhféar glas. Shuigh siad mar sin ina scataí, ina gcéadta nó ina leathchéadta. Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus dʼamharc sé suas i spéartha neimhe, gur bheannaigh sé agus gur roinn sé na builiní agus thug sé iad do na deisceabail lena gcur roimh na daoine; agus roinn sé an dá iasc ar an iomlán acu. Agus dʼith siad uile go léir a ndóthain. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de ghiotaí aráin agus éisc. Agus bhí siad cúig mhíle fear ann a dʼith na builíní úd. Thug sé ar a dheisceabail dul ar an mbád gan tuilleadh moille agus imeacht anonn roimhe go dtí an taobh eile, go Bétsáida, le linn dó féin a bheith ag scaoileadh an tslua. Agus nuair a bhí cead fágtha aige acu siúd, chuaigh sé suas faoi na cnoic le hurnaí a dhéanamh. Agus nuair a thit an oíche orthu, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige, agus bhí seisean ar an talamh leis féin. Agus chonaic sé go raibh siad i gcruachás, ag iomramh in éadan na gaoithe. Agus tháinig sé chucu de shiúl cos ar uachtar na farraige sa cheathrú deireannach den oíche. Agus rinne sé mar a rachadh sé tharstu, ach nuair a chonaic siad é agus é ag siúl na farraige, shíl siad gur taibhse a bhí ann, agus lig siad béic astu; mar níl duine nach bhfaca é agus nach raibh uafás air. Ach labhair sé leo ar an bpointe agus dúirt sé leo, “Tógaigí bhur gcroíthe, mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.” Agus chuaigh sé isteach leo sa bhád agus scoir an ghaoth leis sin. Agus bhí iontas as cuimse orthu, mar níor thuig siad cad é a tharla i dtaobh na mbuilíni aráin, mar bhí a gcroíthe crua. Agus nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genésaret agus dʼfheistigh siad an bád ar an trá. Agus nuair a tháinig siad amach as an mbád, dʼaithin na daoine é gan mhoill ar bith, agus bhí rith agus fuadar faoin gcomharsanacht uile agus daoine breoite á n‑iompar acu ar shráideoga go háit ar bith a raibh iomrá ar é a bheith ann. Agus níl áit ar bith dár tháinig sé, dá mba bhaile beag é, nó chathair mhór nó áit tíre, nach raibh daoine breoite fágtha ina luí acu i sráid an mhargaidh, agus iad ag cur impí air ligean dóibh méar a leagan ar chiumhais a bhrait-sean; agus níl duine dár bhain leis nár leigheasadh. Anois nuair a bhí na Fairiséigh, agus cuid de na scríobhaithe a tháinig aníos as Iarúsailéim, cruinnithe chuige, chonaic siad cuid dá dheisceabail ag caitheamh bia le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nár níodh (Mar ní gnách leis na Fairiséigh, ná leis na Giudaigh eile ar fad, bia a chaitheamh mura mbíonn a lámha nite an chéad uair, le nós na seanóirí a choimeád; agus nuair a thagas siad abhaile ó shráid an mhargaidh, ní chaitheann siad aon bhia go dtí go nglanann siad iad féin; agus is iomaí sin nós atá á choimeád acu, agus iad ag ní cupán agus corcán agus soithí cré-umha). Agus dʼfhiafraigh na Fairiséigh agus na scríobhaithe de, “Cad chuige nach leanann do dheisceabail de nós na seanóirí, ach ag caitheamh bia le láimh shalach?” Agus ar seisean leo, “Nach maith a rinne Ísáia tairngreacht fúibh, a fhimineacha, mar tá scríofa, ‘Onóraíonn béal na muintire seo mé, ach is fada uaim atá a gcroí; is baoth an t‑adhradh a thugas siad dom, agus níl ach cumadóireacht dhaonna ina gcráifeacht siúd.’ Cuireann sibhse suas dʼaitheanta Dé, agus cloíonn sibh go dluth le nósanna daoine.” Agus dúirt sé leo, “Nach breá mar atá diúltaithe agaibh dʼaithne Dé, le bhur nósanna féin a choimeád! Óir is é a dúirt Maois, ‘Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair’; agus ‘An té a cháineas a athair nó a mháthair go míchóir, cuirtear chun báis é go cinnte;’ ach is é atá á rá agaibhse, ‘más rud é go ndeir fear lena athair nó lena mháthair, is Corbán é’ (is é sin, rud a tugadh mar bhronntanas do Dhia) an ní atá agam le tabhairt duitse— Ansin ní thugann sibh cead dó maith a dhéanamh ar a athair ná ar a mháthair, agus ar an dóigh sin cuireann sibh briathar Dé ar ceal leis an nós sin a fhágas sibh do bhur gclann in bhur ndiaidh. Agus is iomaí sin ní den sórt atá á chleachtadh agaibh.” Agus ghlaoigh sé na daoine chuige arís, agus dúirt sé leo, “Éistigí liom, an uile dhuine agaibh, agus tuigigí seo: Níl ní taobh amuigh den duine ar féidir leis a shalú má théann sé isteach ann; is iad na nithe a thagas amach as an duine a shalaíos an duine.” Agus nuair a dʼfhág sé an slua agus a chuaigh sé isteach chun tí, dʼfhiafraigh a dheisceabail de i dtaobh an fháithscéil. Agus dúirt sé leo, “An é nach bhfuil aon tuiscint agaibh ar nós na coda eile? Nach bhfeiceann sibh nach féidir leis an ní a thagas isteach sa duine ón taobh amuigh de an duine a shalú, mar ní isteach ina chroí ach isteach ina ghoile a théas sé sin, agus imíonn sé leis go dtéann sé as” (Is amhlaidh a léirigh sé go bhfuil gach cineál bia glan ann féin.) Agus dúirt sé “Is é an ní a théas amach as an duine a shalaíos an duine. Óir is as an taobh istigh den duine, is as croí an duine, a thagas na drochsmaointe, an striapachas, an ghadaíocht, an dúnmharú, an t‑adhaltranas, an tsaint, an choirpeacht, an mhealltóireacht, an ainshriantacht, an t‑éad, an t‑ithiomrá, an díomas, an amadántacht. Tagann na drochnithe sin uile ón taobh istigh den duine, agus is iad a shalaíos an duine.” Agus dʼéirigh sé amach as sin gur imigh leis go ceantar Thiora agus Shiodóin. Agus chuaigh sé isteach i dteach, agus níor mhian leis a fhios a bheith ag aon duine; ach níor féadadh a cheilt. Ach bhí bean ann, a raibh sprid neamh-ghlan ina hiníon bheag, a chuala faoi gan mhoill, agus tháinig sí gur chaith í féin ag a chosa. Anois ba Ghréagach í an bhean sin, den chine Siro-Phéníseach, agus dʼiarr sí dʼimpí air an deamhan a chur amach as a hiníon. Ach is é a dúirt sé léi, “Faigheadh an chlann a gcuid bia an chéad uair, óir níl sé ceart breith ar chuid aráin na clainne agus a chaitheamh chuig na madraí.” Ach ba é a dʼfhreagair sí, “Tá sin amhlaidh a Thiarna, ach mar sin féin tá a chead ag na coileáin mhadra atá faoin gclár grabhróga aráin na clainne a bheith acu le n‑ithe.” Agus dúirt sé léi, “Mar mhaithe leis an rá sin féadann tú imeacht leat; mar tá an deamhan tar éis dʼiníon a fhágáil.” Agus shiúil sí léi abhaile, go bhfuair a hiníon ina luí roimpi ar a leaba, agus an deamhan imithe. Dʼfhill sé ansin aris ó cheantar Thiora, agus shiúil sé Siodón chomh fada le Muir Ghalailí, ar fud cheantar Dhecapolis. Agus tugadh chuige fear bodhar a raibh stad ina chaint; agus iarradh air a lámha a leagan air. Agus thug sé i leataobh é as amharc an tslua, agus chuir sé a mhéara ina chluasa, agus chaith sé seile agus chuimil sé a theanga; agus dʼfhéach sé suas i spéartha neimhe, agus tharraing sé osna, agus dúirt sé leis, “Ephphatach,” is é sin, “bí ar dʼoscailt.” Agus osclaíodh a chluasa, agus scaoileadh a theanga, agus ba shoiléir shothuigthe a labhair sé. Agus dʼordaigh sé go dian dóibh gan a insint dʼaon duine; ach dá mhéad a dʼordaigh sé dóibh, is amhlaidh ba mhó a sceith agus a scaip siad é. Agus bhí iontas as cuimse orthu, agus dúirt siad, “Tá gach uile ní maith déanta aige; go fiú éisteacht a thabhairt don bhodhrán agus caint a bhronnadh ar an mbalbhán.” Ba sna laethanta ud uair eile, nuair a bhí slua mór cruinnithe, agus nach raibh aon ní le n-ithe acu, a ghlaoigh sé a dheisceabail chuige agus a dúirt sé leo, “Tá trua agam don slua, atá anois na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan aon ní le n‑ithe acu; agus más rud é go gcuirim abhaile faoi ocras iad, tiocfaidh laige orthu ar an mbealach; agus tháinig cuid acu i bhfad.” Agus dʼfhreagair a dheisceabail é, “Conas is féidir arán a sholáthar do na daoine seo anseo ar an bhfásach?” Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid builín aráin atá agaibh?” “Seacht mbuilín,” ar siadsan. Agus dʼordaigh sé don slua suí fúthu ar an talamh; agus ghlac sé na seacht mbuilín, agus thug sé altú buíochais agus roinn sé iad ar a dheisceabail le cur roimh na daoine; agus chuir siad roimh an slua iad. Agus bhí beagán dʼéisc bheaga acu; agus bheannaigh sé iad agus dʼordaigh sé iad a chur rompu fós. Agus dʼith siad, agus bhí a ndóthain acu; agus tógadh lán seacht gciseán de na grabhróga. Agus bhí siad timpeall ceithre mhíle duine ann. Agus chuir sé ar shiúl iad; agus gan mhoill chuaigh sé isteach sa bhád, é féin agus a dheisceabail, go ndeachaigh siad go ceantar Dhalmanúta. Tháinig na Fairiséigh agus thosaigh siad ar argóint leis, ag iarraidh comhartha ó neamh air, lena fhéachaint. Agus tharraing sé osna mór ina spiorad, agus dúirt sé, “Cad chuige a n‑iarrann an ghlúin seo comhartha? Deirim i bhfírinne libh nach dtabharfar comhartha don ghlúin seo.” Agus dʼfhág sé iad, go ndeachaigh isteach sa bhád arís le himeacht go dtí an taobh thall. Anois ba é a ndearmad arán a thabhairt leo; agus ní raibh acu sa bhád ach an t‑aon bhuilín amháin. Agus thug sé rabhadh dóibh agus é á rá, “Tugaigí aire, agus seachnaigí laibhín na bhFairiséach agus laibhín Iorua.” Agus thosaigh siad ar chíoradh an scéil sin le chéile, agus dúirt siad, “Níl arán againn.” Thug Íosa faoi deara é, agus dúirt sé leo, “Cad chuige a luann sibh díth an aráin sin agaibh? Nach bhfuil tabhairt faoi deara ná tuiscint agaibh fós? An bhfuil bhur gcroíthe calctha? Nach bhfeiceann sibh leis na súile atá in bhur gcinn, agus nach gcluineann sibh leis na cluasa atá oraibh? Agus nach bhfuil aon chuimhne cinn agaibh? Nuair a roinn mé na cúig bhuilín aráin ar an gcúig mhíle duine, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “A dó dhéag,” ar siadsan leis. “Agus an seacht mbuilin sin idir an ceithre mhíle, cé mhéid ciseán de ghrabhróga a thóg sibh?” “Seacht gciseán,” dúirt siad leis. Agus dúirt sé leo, “An é nach dtuigeann sibh fós?” Agus tháinig siad go Bétsáida. Agus bhí daoine ansin a thug dall chuige agus dʼiarr air a lámh a chur air. Agus rug sé ar láimh an daill gur tharraing é amach as an mbaile; agus chuir sé seile ar a shúile agus leag sé a lámha air, agus dʼfhiafraigh sé de, “An bhfeiceann tú aon ní?” Agus dʼfhéach sé in airde agus dúirt sé, “Feicim fir; ach is ionann iad le hamharc orthu agus crainn na coille agus siúl fúthu.” Chuir sé a lámha os cionn aʼ shúile arís ansin; agus dʼfhéach sé go grinn, agus tugadh a amharc dó arís, agus dʼfheiceadh sé gach aon ní go soiléir. Agus chuir sé ar shiúl arís abhaile é, agus dúirt sé leis, “Ná déan oiread agus gabháil isteach sa sráidbhaile.” Agus chuaigh Íosa ar aghaidh é féin agus a dheisceabail, go sráidbhailte Caesaria Filipi; agus sa siúl dʼfhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is mise?” Agus dʼinis siad dó, “Eoin Baiste; agus deir dream eile gur tú Elia; agus dream eile fós a deir gur fáidh de na fáithe tú.” Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Agus thug Síomón Peadar de fhreagra air, “Is tú an Críost.” Agus bhagair sé orthu gan insint do dhuine ar bith faoi. Agus thosaigh sé ar theagasc dóibh go gcaithfeadh Mac an duine mórán nithe a fhulaingt, agus na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe ag diúltú dó, agus go gcuirfí chun báis é, agus go n‑éireodh sé arís tar éis trí lá. Agus dúirt sé sin go soiléir. Agus ghlac Peadar é, agus thosaigh ar locht a fháil air. Ach thiontaigh sé thart agus chonaic sé a dheisceabail, agus dʼfhág sé an locht ar Pheadar, agus dúirt leis, “Cúl mo chinn leat, a Shátain! Óir ní thaobhaíonn tú le Dia, ach leis na daoine.” Agus ghlaoigh sé an mórshlua agus a dheisceabail leo, agus dúirt sé leo, “Más mian le haon duine teacht i mo dhiaidh diúltaíodh sé é féin agus tógadh sé a chrois ar a ghualainn agus leanadh sé mé. Óir cibé duine ar mhian leis a bheatha a tharrtháil, is é a chaillfeas í; agus cibé duine a chaillfeas a bheatha mar mhaithe liomsa agus leis an soiscéal, is é a tharrthálfas í. Mar cad é an tairbhe é do dhuine seilbh a fháil ar an domhan ar fad, agus seilbh a bheatha féin a chailleadh? Mar cad é is féidir do dhuine a thabhairt uaidh lena bheatha féin a cheannach? Óir cibé duine den ghlúin adhaltranach choirpeach seo ar chúis náire dó mise agus na briathra seo agam, beidh náire ar Mhac an duine a admháil gur leis féin é nuair a thagas sé i nglóir a Athar i gcuideachta na naomhaingeal.” Agus ar seisean leo, “Is fíor an ní atáim á rá libh, go bhfuil cuid dá bhfuil ina seasamh anseo nach mblaisfidh an bás go dtí go bhfeicfidh siad ríocht Dé ag teacht faoi chumhacht.” Agus sé lá ina dhiaidh sin thug Íosa leis Peadar agus Séamas agus Eoin, agus sheol iad go mullach ardshléibhe agus gan acu ach iad féin; agus bhí athrú crutha air ina bhfianaise, agus a chuid éadaí ag glioscarnaigh, agus gile gheal iontu, nárbh fhéidir le haon úcaire talmhaí a dhéanamh. Agus taibhríodh dóibh Elia agus Maois; agus iad i gcomhrá le hÍosa. “A Mháistir,” arsa Peadar le hÍosa, “is maith ár mbeith anseo; déanaimis trí phuball, puball duitse agus puball do Mhaois agus puball dʼElia.” Mar ní raibh fhios aige cad é a déarfadh sé, agus bhí móreagla orthu. Agus tháinig néal tharstu, agus bhí siad faoina scáth, agus tháinig an glór as an néal, “Is é seo mo Mhac ionúin, éistigí leis.” Agus ar an bpointe sin dʼfhéach siad ina dtimpeall agus ní fhaca siad aon duine ina bhfochair ach Íosa amháin. Agus nuair a bhí siad ag teacht anuas an sliabh thug sé orthu gan insint dʼaon duine faoina bhfaca siad go dtí go n‑éireodh Mac an duine ó na mairbh. Mar sin rinne siad rún de, agus iad ag cur ceisteanna ar a chéile cad é ba chiall dó mar éirí ó na mairbh. Agus dʼfhiafraigh siad de, “Cad chuige a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Elia teacht an chéad uair?” Agus is é a dúirt sé leo, “Ar ndóigh tagann Elia an chéad uair le rudaí a chur ar ais ina riocht féin; ach cad é mar a bhfuil sé scríofa i dtaobh Mhac an duine, go bhfulaingeoidh sé mórán agus go mbeidh sé faoi dhímheas? Ach is é a deirim libh go bhfuil Elia i ndiaidh teacht, agus go bhfuil a rogha rud déanta acu leis, mar atá scríofa faoi.” Agus nuair a tháinig siad go dtí na deisceabail, chonaic siad mórshlua timpeall orthu, agus scríobhaithe ag argóint leo. Agus nuair a chonaic an slua é, bhí iontas orthu, agus rith siad chuige a chur fáilte roimhe. Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cad é sin atá á phlé agaibh leo?” Agus dʼfhreagair duine den slua é agus dúirt, “A Oide, thug me chugat mo mhacsa, mar tá sprid bhalbh ann; agus cibé áit a mbeireann sí air, caitheann sí ar lár é; agus tagann cúr lena bhéal agus díoscán fiacal agus fágtar stromptha é; agus dʼiarr mé ar do dheisceabail a cur as, agus níor fhéad siad a dhéanamh.” Agus ba é a fhreagra orthu, “A ghlúin an díchreidimh, Cá fhad a bheidh mé libh? Cá fhad a mbeidh foighne agam libh? Tugaigí chugam é.” Agus thug siad chuige an garsún; agus ní luaithe a chonaic an sprid é, ná tháinig corraí mór ar an ngarsún, agus thit sé ar an talamh, ag unfairt agus cúr lena bhéal. Agus dʼfhiafraigh Íosa dá athair, “Cá fhad atá sin air?” Agus dúirt sé, “Ariamh óna óige. Agus is minic a chaith sí sa tine é nó amach san uisce lena scriosadh; ach más féidir leatsa aon ní a dhéanamh, glac trua dúinn agus cuidigh linn.” Agus dúirt Íosa leis, “Más féidir leatsa! Níl ní dodhéanta ag an té a chreideas.” Agus leis sin scairt athair an gharsúin in ard a chinn agus dúirt sé, “Creidimse; cuidigh le mo dhíchreideamh.” Agus nuair a chonaic Íosa slua ag cruinniú de rith siúil, bhagair sé ar an sprid neamhghlan agus dúirt léi, “A sprid bhodhar bhalbh, ordaím duit teacht amach as, agus ná gabh isteach ann choíche aris!” Agus tar éis béiciola agus é a chorraí go mór, tháinig sí amach, agus dʼfhág an garsún ina luí mar mharbhán; sa dóigh go ndúirt an chuid ba mhó acu, “Is marbh atá sé.” Ach rug Íosa ar a láimh gur thóg sé den talamh é, agus dʼéirigh sé ina sheasamh. Agus nuair a chuaigh sé isteach sa teach, dʼfhiafraigh a dheisceabail de os íseal, “Cad chuige nár fhéadamar a cur amach?” Agus dúirt sé leo, “Ní féidir an cineál seo deamhain a chur amach ach amháin leis an urnaí.” Chuaigh siad ar aghaidh as an áit úd go ndeachaigh siad tríd an nGalailí. Agus bhí leisce air a fhios sin a bheith ag aon duine; mar bhíodh sé ag múineadh a dheisceabal, agus é á rá leo, “Beifear ag brath Mhac an duine i lámha daoine, agus cuirfidh siad chun báis é; agus trí lá tar éis a chur chun báis éireoidh sé.” Ach níor thuig siad an briathar sin, agus ní ligfeadh eagla dóibh fiafraí de ina thaobh. Agus shroich siad Caparnáum; agus nuair a bhí sé istigh sa teach dʼfhiafraigh sé díobh, “Cad é sin a raibh sibh ag caint faoi ar an mbealach?” Ach dʼfhan siad ina dtost; mar ba é rud a raibh siad ag caint faoi le chéile cé acu ba mhó orthu. Agus shuigh sé faoi agus ghlaoigh sé chuige an dáréag; agus dúirt sé leo, “An té ar mhian leis bheith ar dtús, caithfidh sé teacht ar deireadh agus a bheith ina sheirbhíseach ag cách.” Agus ghlac sé leanbh, agus chuir ina sheasamh é ina lár; agus ghlac sé ina bhaclainn é, agus dúirt sé leo, “Cibé duine a ghlacas i mʼainmse le leanbh mar an leanbh seo, is liom a ghlacas sé, agus cibé duine a ghlacas liom, ní liom a ghlacas sé ach leis an té a chuir uaidh mé.” Dúirt Eoin leis, “A Oide, chonaiceamar fear agus é ag cur deamhan amach i dʼainmse, agus chrosamar air é, as siocair nár lean sé sinn.” Ach dúirt Íosa, “Ná cros air é; mar níl duine dá n‑imreodh mórghníomh i mʼainm a dʼfhéadfadh drochfhocal a labhairt i mʼéadan go gairid ina dhiaidh. Mar an té nach mbíonn inár n‑aghaidh, is linn a bhíonn. Mar deirim i bhfírinne libh, cibé duine a thugas cupán uisce daoibh le n‑ól as siocair ainm Chríost a bheith oraibh, ní bheidh sé sin gan a aisce a fháil. “Cibé duine a bhíos ina chúis pheaca dʼaon leanbh den mhuintir bheag a chreideas ionamsa, bʼfhearr dó bró mhuilinn a chrochadh faoina mhuineál agus a chaitheamh amach san fharraige. Agus má bhíonn do lámh ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha agus tú ar leathláimh ná dul le do dhá láimh go hifreann, chuig an tine dhomhúchta. “Agus má bhíonn do chos ina cúis pheaca agat, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa bheatha ar leathchois ná do chaitheamh isteach in ifreann agus do dhá chois ort. Agus má bhíonn do shúil ina cúis pheaca agat tarraing amach as do cheann í; is fearr duit dul isteach i ríocht Dé ar leathshúil ná do chaitheamh isteach in ifreann agus dhá shúil agat, áit na péiste gan éag agus na tine gan mhúchadh. Óir níl duine nach saillfear le tine. Is maith é an salann; ach má chailleann an salann a ghoirte, cad é a thabharfas a bhlas dó aris? Cuireadh an salann dea-bhlas oraibh dá chéile, agus bígí i siocháin le chéile.” Agus dʼfhág sé an áit úd le dul go limistéar Iúdaea agus anonn thar abhainn an Iornáin, agus chruinnigh na sluaite chuige arís; agus é á dteagasc mar ba ghnách leis. Agus tháinig Fairiséigh, agus mar mhaithe le féachaint a chur air dʼfhiafraigh siad de, “An dleathach dʼfhear scaradh lena bhean?” Ba é a fhreagra orthu, “Cad é a dʼordaigh Maois daoibh?” Ar siadsan, “Lig Maois dʼfhear deimhniú scartha a scríobh, agus í a chur uaidh.” Ach dúirt Íosa leo, “Is mar gheall ar chruas bhur gcroíthe a scríobh sé an aithne sin daoibh. Ach ó chéad-tús na cruthaíochta, ‘rinne Dia iad fireann agus baineann.’ Ar an ábhar sin fágfaidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus beidh an dís ina n‑aon. Mar sin ní dís iad feasta ach aon. Mar sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh an duine ó chéile é.” Agus dʼfhiafraigh a dheisceabail de ina thaobh istigh sa teach. Agus dúirt sé leo, “An té a chuireas a bhean uaidh agus a phósas bean eile, bíonn peaca an adhaltranais air ina haghaidh sin; agus má chuireann sise a fear uaithi agus fear eile a phósadh, is ise is ciontach in adhaltranas ina aghaidhsean.” Agus bhíothas ag tabhairt leanaí óga chuige; agus fuair a dheisceabail locht ar an dream a thug chuige iad. Ach nuair a chonaic Íosa sin bhí fearg air agus dúirt sé leo, “Ligigí do na leanaí óga teacht chugamsa, ná cuirigí cosc leo; óir is lena samhail siúd ríocht na bhflaitheas. Is i bhfírinne a deirim libh, an té nach nglacann le ríocht na bhflaitheas ar nós linbh ní rachaidh sé isteach inti.” Agus rug sé barróg orthu agus bheannaigh sé iad, ag cur a lámh orthu. Agus é i bhfíorthús a aistir, rith fear aníos chuige agus chuaigh ar a ghlúine roimhe agus dʼfhiafraigh, “A Dhea-Oide, cad é sin a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a fháil mar oidhreacht?” Agus arsa Íosa leis, “Cad chuige dea-dhuine a thabhairt ormsa? An Dea-Dhia amháin is maith ann. Is feasach duit na haitheanta; ‘Ná dúnmharaigh, ná déan adhaltranas, ná déan goid, ná tabhair fianaise bhréige, ná déan calaois, tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair.’” Agus ar seisean leis, “A Oide, níl ceann acu seo nach bhfuil coinnithe agam ó mʼóige aníos.” Agus dʼfhéach Íosa air agus thug sé grá dó, agus dúirt sé leis, “Níl in easpa ort ach aon ní amháin; imigh leat, agus díol a bhfuil agat, agus roinn a luach leis na bochtáin, agus beidh éadáil agat ar neamh; agus tar agus lean mise.” Agus nuair a chuala sé an chaint sin tháinig athrú ar a dhreach, agus thug sé a chúl leis faoi bhrón; mar bhí saibhreas mór aige. Agus dʼfhéach Íosa ina thimpeall agus dúirt lena dheisceabail, “Cé chomh deacair leis, lucht an tsaibhris mhóir a mbealach a dhéanamh isteach i ríocht Dé!” Agus chuir na briathra seo aige iontas ar na deisceabail. Ach dúirt Íosa leo arís, “A leanaí liom, cé chomh deacair leis, dul isteach i ríocht Dé! Is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.” Agus bhí iontas agus alltacht orthu, agus ar siad leis, “Cé mar sin a shlánófar?” Dʼfhéach Íosa orthu agus dúirt sé, “Sin ní nach féidir leis na daoine, ach is féidir le Dia; mar níl ní nach féidir le Dia.” Thosaigh Peadar ar a rá leis, “Nár thréigeamar ár gcuid den saol agus nár leanamar thusa?” Dúirt Íosa, “Deirim libh i bhfírinne nach bhfuil duine dár thréig a theach nó a dheartháireacha nó a dheirfiúracha, nó a mháthair nó a athair nó a chlann nó a thailte, mar mhaithe liomsa agus leis an soiscéal, nach bhfaighidh an toradh céadach anois san am i láthair, tithe agus deartháireacha agus deirfiúracha agus máithreacha agus clann agus tailte, agus géarleanúint leo, agus an bheatha shíoraí san aois atá le teacht. Ach is iomaí duine atá ar dtús a bheidh ar deireadh, agus an duine deireannach is ar dtús a bheidh sé.” Agus bhí siad ar an mbóthar ag dul suas go hlarúsailéim, agus Íosa ag siúl amach rompu; agus bhí iontas orthu, agus eagla ar ar tháinig ina dhiaidh. Agus thug sé an dáréag i leataobh arís, gur thosaigh ar insint dóibh a raibh i ndán dó, á rá, “Féach, táimid ag dul suas go hlarúsailéim; agus tabharfar Mac an duine i lámha na n‑ardsagart agus na scríobhaithe, agus tabharfaidh siad breith báis air, agus tabharfaidh siad é do na Gintlithe; agus iad ag magadh faoi, agus ag caitheamh seilí air, agus á sciúrsáil, agus á chur chun báis; agus i ndiaidh trí lá éireoidh sé arís.” Agus tháinig Séamas agus Eoin, clann Shebidé, chun tosaigh chuige go ndúirt leis, “A Oide, táimid ag iarraidh ort cibé rud a impímid ort a dhéanamh dúinn.” Agus dúirt sé leo, “Cad é sin a ba mhaith libh mé a dhéanamh daoibh.” Agus dúirt siad leis, “Deonaigh dúinn suí leat, duine againn ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé, nuair a bheidh tú i do ghlóir.” Ach dúirt Íosa leo, “Ní thuigeann sibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libh an cupán a ólaim a ól, nó dul faoin mbaiste a mbaistear mise leis?” Agus dúirt siad leis, “Is féidir.” Agus dúirt Íosa leo, “An cupán seo a ólaim ólfaidh sibh é; agus an baiste a mbaistear mise leis, baistfear sibh leis; ach suí ar mo láimh dheas nó ar mo láimh chlé ní liomsa é le bronnadh uaim, ach is don dream ar ullmhaíodh dóibh é.” Agus nuair a chuala an deichniúr faoi sin, thosaigh siad ar ghlacadh feirge le Séamas agus le hEoin. Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an dream atá in ainm is a bheith i gceannas ar na Gintlithe agus conas a imríonn siad tiarnas orthu, agus conas a chuireann na fir mhóra a bhíonn acu faoina smacht iad. Ach ní hamhlaidh a bheidh sé eadraibh; ach an té ar mhaith leis bheith ina fhear mór eadraibh caithfidh sé bheith mar sheirbhíseach agaibh, agus cibé ar mhaith leis tús áite a bheith aige bíodh sé ina dhaor do chách. Mar níor tháinig Mac an duine le seirbhís a fháil ach le seirbhís a dhéanamh, agus lena anam a thabhairt mar éiric ar son mórán daoine.” Agus tháinig siad go hlericó; nuair a bhí sé ag imeacht as Iericó lena dheisceabail agus le mórshlua, bhí Bartiméas mac Thiméis, dall a bhíodh ag iarraidh déirce, ina shuí ar ghrua an bhóthair. Agus nuair a chuala sé go mba é Íosa as Nasair é, thosaigh sé ar ghlaoch in airde a chinn agus á rá, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.” Agus bʼiomaí duine a chuir locht air á rá leis bheith ina thost; ach is amhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.” Agus sheas Íosa agus dúirt sé, “Glaoigí air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall, á rá leis, “Bíodh croí agat, éirigh, tá sé ag glaoch ort.” Agus chaith sé a fhallaing uaidh agus léim sé ina shuí agus tháinig sé chuig Íosa. Agus dúirt Íosa leis, “Cad é sin ba mhaith leat mé a dhéanamh duit?” Agus dúirt an dall leis, “A Mháistir, lig dom mo radharc a fháil.” Agus dúirt Íosa leis, “Imigh romhat; shlánaigh do chreideamh thú.” Agus ar an toirt sin fuair sé a radharc agus lean sé sa bhealach é. Agus nuair a bhí siad ag druidim le hlarúsailéim, agus iad gar do Bhétfagé agus Bhétáin, ar chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail roimhe, agus dúirt sé leo, “Gabhaigí isteach sa bhaile beag úd atá os bhur gcoinne, agus go díreach nuair a théas sibh isteach gheobhaidh sibh bromach ceangailte, nár shuigh fear air riamh; scaoiligí é agus tugaigí anseo é. Má deir aon duine libh, ‘Cad chuige a bhfuil sibh de?’ abraigí, ‘Tá feidhm ar an Tiarna leis’, agus cuirfidh sé ar ais anseo gan mhoill é.” Agus dʼimigh siad agus fuair siad bromach ceangailte ag an doras amuigh ar an tsráid; agus scaoil siad é. Agus dúirt na fir a bhí ina seasamh thart leo, “Cad chuige a bhfuil sibh de sin, ag scaoileadh an bhromaigh?” Agus dúirt siad leo an chaint a dúirt Íosa leo a rá; agus lig siad dóibh. Agus thug siad an bromach chuig Íosa, agus chaith siad a mbaill éadaí air; agus chuaigh sé ag marcaíocht air. Agus leath mórán daoine a bhfallaingeacha ar an mbóthar agus leath tuilleadh daoine craobhacha faoi dhuilleoga a ghearr siad faoi na cuibhrinn. Agus an dream a chuaigh roimhe agus a lean ina dhiaidh ghlaoigh siad in airde a gcinn, “Hósanna! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna! Is beannaithe ríocht ár n‑athar Dáibhí a thiocfas! Hósanna in airdí neimhe!” Agus chuaigh sé isteach go hlarúsailéim, agus sa teampall; agus nuair a bhí gach ní feicthe aige, tráthnóna domhain, dʼimigh sé go Bétáin leis an dáréag. An lá ina dhiaidh sin, nuair a tháinig siad ó Bhétáin, bhí ocras air. Agus chonaic sé crann fige faoi dhuilliúr tamall uaidh, agus chuaigh sé chuige go bhfeicfeadh sé an bhfaigheadh sé aon ní air. Ach nuair a shroich sé é, ní bhfuair sé air ach duilleoga, mar níorbh é séasúr na bhfigí é. Agus dúirt sé leis, “Ná hitheadh aon duine toradh díot arís.” Agus chuala a dheisceabail sin. Agus tháinig siad go hlarúsailéim. Agus chuaigh sé isteach sa teampall agus thosaigh sé ar thiomáint amach an dream a bhíodh ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus thiontaigh sé táblaí na malartóirí airgid bun os cionn agus suíocháin lucht díolta na gcolm; agus ní ligfeadh sé dʼaon duine ualach a iompar tríd an teampall. Agus theagasc sé, agus dúirt sé leo, “Nach bhfuil sé scríofa, ‘Gairfear teach urnaí do na náisiúin go léir de mo theachsa?’ Ach tá uaimh ropairí déanta agaibh de”. Agus chuala na hardsagairt agus na scríobhaithe é agus bhí a anam uathu; mar bhí eagla orthu roimhe, ó chuir a theagasc iontas ar an slua. Agus nuair a tháinig an tráthnóna dʼimigh siad as an gcathair. Nuair a chuaigh siad thart ar maidin, chonaic siad an crann fige feoite go dtí na fréamhacha. Agus ba chuimhin le Peadar agus dúirt sé leis, “A Mháistir, féach! Tá an crann fige a mhallaigh tú feoite.” Agus dʼfhreagair Íosa iad, “Bíodh creideamh i nDia agat. I bhfírinne, deirim libh, cibé a deir leis an sliabh seo, ‘Tógtar thú agus caitear isteach san fharraige thú,’ gan amhras ina chroí, agus é ag creidiúint go dtiocfaidh an ní a deir sé i gcrích, déanfar dó é. Dá bhrí sin deirim libh, cibé ní a iarras sibh san urnaí, creidigí go bhfaighidh sibh é, agus gheobhaidh sibh é. Agus nuair a sheasann sibh ag déanamh urnaí, maithigí cibé rud atá agaibh in aghaidh duine ar bith; ionas go maithfidh bhur nAthair atá ar neamh bhur gcionta freisin.” Agus dʼfhilleadar athuair go hlarúsailéim agus tháinig na hardsagairt agus na scríobhaithe agus na seanóirí chuige, agus é ag siúl sa teampall, go ndúirt leis, “Cad é an t‑údar atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé thug údarás duit lena ndéanamh?” Dúirt Íosa leo, “Cuirfidh mise ceist oraibh; agus tugaigí freagra orm, agus inseoidh mé daoibh ansin cad é an t‑údar atá agam go bhfuil mé ag déanamh amhlaidh. Cé acu ó fhlaitheas Dé nó ón gcine daonna ab ea é baiste Eoin? Tugaigí freagra orm.” Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid gur ó fhlaitheas Dé é, fiafróidh sé dínn, ‘Cad chuige nár chreid sibh ann mar sin?’ Ach an féidir linn a rá, ‘Ón gcine daonna?’”—bhí eagla orthu roimh na daoine, mar bhíodar uile ag dearbhú gurbh fháidh fírinneach é Eoin. Ba é an freagra mar sin a thug siad ar Íosa, “Níl a fhios againn.” Agus ba é a dúirt Íosa leo, “Níl, agus ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údar atá agam leis na nithe seo a dhéanamh atá á ndéanamh agam.” Agus thosaigh sé ar labhairt leo i bhfáithscéalta. “Fear a bhí ag cur fíonghoirt, agus thóg sé fál ina thimpeall, agus thochail sé an poll le haghaidh cantaoir an fhíona, agus thóg sé túr, agus lig sé amach ar chíos do thionóntaí é, agus thug sé an choigrích air féin. Ansin, nuair a tháinig an t‑am, chuir sé duine dá sheirbhísigh chuig na tionóntaí, lena chuid de thoradh an fhíonghoirt a fháil. Agus rug siad air agus bhuail siad é, agus chuir siad ar shiúl é agus a lámha folamh. Chuir sé seirbhíseach eile chucu athuair, agus ghortaigh siad sa cheann é agus thug siad íde bhocht dó. Agus chuir sé duine eile chucu, agus rinne siad a mharú; agus thug siad an íde chéanna do mhórán eile, agus cuid á mbualadh agus cuid á marú acu. Ní raibh fágtha aige ansin ach aon duine amháin, mac muirneach; agus faoi dheireadh thiar thall chuir sé chucu é, á rá, ‘Beidh meas acu ar mo mhac.’ Ach is é a dúirt na tionóntaí úd le chéile, ‘Seo chugainn an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é, agus is linn an oidhreacht.’ Agus rug siad air agus mharaigh siad é, agus chaith siad amach as an bhfíonghort é. Cad é a dhéanfas an té ar leis an fíonghort? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé deireadh leis na tionóntaí, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile. An é nár léigh sibh an scrioptúr seo: ‘An chloch chéanna dár dhiúltaigh na saoir tá sí mar chloch chinn sa chúinne; is é sin an gníomh a rinne an Tiarna, agus is iontach é inár súile?’” Agus dʼfhéach siad lena ghabháil, ach bʼeagal leo an slua, mar thuig siad gur chucu a dʼinis sé an fáithscéal; agus mar sin de dʼfhág siad é agus dʼimigh siad leo. Agus chuir siad cuid de na Fairiséigh agus cuid de lucht leanúna Iorua lena cheapadh ina chaint. Agus tháinig siad agus dúirt siad leis, “A Oide, is feasach dúinn gur fírinneach tú, agus nach mbíonn aird agat ar aon duine; mar is cuma leat faoi chéimíocht dhaonna, agus tugann tú teagasc fíor uait faoi shlí Dé. An ndlitear nó nach ndlitear cíos a íoc le Caesar? An ceart é nó nach ceart dúinn a íoc?” Ach dʼaithin sé a gcuid fimínteachta agus dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do mʼfhéachaint mar sin? Tabhair bonn airgid chugam, agus lig dom amharc air.” Agus tugadh an bonn chuige agus dúirt sé leo, “Cé leis an chosúlacht seo agus cé a ainmnítear san inscríbhinn seo?” Dúirt siad leis, “Caesar.” Agus dúirt Íosa leo, “Tugaigí do Chaesar an méid atá ag dul dó, agus tugaigí do Dhia an méid is leis.” Agus rinne siad iontas de. Agus tháinig Saducéigh chuige, an dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann; agus dʼfhiafraigh siad de, agus dúirt siad, “A Oide, is é a scríobh Maois dúinn más rud é go bhfaigheann duine bás agus go bhfágann sé bean ina dhiaidh, agus gan clann eatarthu, go gcaithfidh a dheartháirsean a bheansan a phósadh le clann a thógáil dá dheartháir. Anois bhí ann mórsheisear deartháir; agus phós duine acu bean go bhfuair bás gan clann a fhágáil; agus ghlac an dara deartháir í, go bhfuair bás uaithi gan clann a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna; go dtí nár fhág aon duine den mhórsheisear aon chlann. Agus ba é an deireadh a bhí air go bhfuair an bhean bás freisin. Anois san aiséirí cé acu a fhaigheann í mar chéile pósta? Mar bhí sí mar bhean ag an mórsheisear.” Is é a dúirt Íosa leo, “Nach é seo a chuir ar seachrán sibh, bhur n‑aineolas ar an scrioptúr agus bhur neamhfhios ar chumhacht Dé? Mar an dream a éiríos ó na mairbh ní bhíonn cleamhnas ná pósadh acu, agus iad mar na haingil i bhflaitheas. Agus i dtaobh aiséirí na marbh, nach bhfuil léite agaibh i leabhar Mhaois, san alt sin faoin tom, faoin ní a dúirt Dia leis, ‘Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib?’ Ní Dia na marbh é ach Dia na mbeo; tá sibh ar seachrán ar fad.” Agus tháinig duine de na scríobhaithe aníos gur chuala iad ag díospóireacht le chéile, agus nuair a dʼaithin sé feabhas a fhreagra, dʼfhiafraigh sé de, “Cé acu an phríomhaithne de na haitheanta?” Is é a dʼfhreagair Íosa, “Is í an chéad aithne, ‘Éist, a Iosrael: Is é an Tiarna ár nDia, agus is aon Dia amháin an Tiarna; agus bíodh grá agat do do Thiarna Dia le do chroí ar fad, agus le dʼanam ar fad, agus le dʼintinn ar fad, agus le do chumas ar fad.’ Is í seo an dara haithne, ‘Bíodh grá agat do do chomharsa mar a bhíonn agat duit féin.’ Níl aithne eile ann is mó ná iad seo.” Agus dúirt an scríobhaí leis, “Tá an ceart agat, a Oide; is fíor mar a dúirt tú gur aon Dia amháin é, agus gan ann ach é; agus is fearr go mór grá an chroí uile, agus na tuisceana uile, agus an chumais uile a thabhairt dó, agus grá a thabhairt don chomharsa mar a thabharfá duit féin, is fearr go mór sin ná íobairtí iomlána loiscthe agus ofrálacha.” Agus nuair a dʼaithin Íosa gliceas a fhreagra, dúirt sé leis, “Níl tú i bhfad ó ríocht Dé.” Agus ina dhiaidh sin ní raibh de dhánacht ag aon duine ceist ar bith a chur air. Agus dúirt Íosa agus é ag teagasc sa teampall, “Conas a fhéadann na scríobhaithe a rá gur mac Dháibhí é Críost? Agus nár fhoilsigh Dáibhí é féin, agus é faoi anál an Spioraid Naoimh, ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna, Suigh ag mo láimh dheas, go gcuire mé do naimhde faoi do chosa.’ Tugann Dáibhí féin Tiarna air; agus conas a fhéadann sé a bheith ina mhac aige?” Agus dʼéist an mórshlua leis go fonnmhar. Agus dúirt sé ina theagasc, “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb aoibhinn leo fallaingeacha fada a chaitheamh, agus daoine ag beannú dóibh i sráideanna an mhargaidh agus na suíocháin is fearr sna sionagóga agus na háiteanna is onóraí ar na fleánna, an dream a shlogas teaghlaigh bhaintreach ina gcraos agus ar leithscéal leo a síorphaidreoireacht. Is amhlaidh is mó a dhaorfar iad.” Agus shuigh sé os coinne an chiste, ag amharc ar an slua ag cur airgid isteach sa chiste. Is iomaí duine saibhir a chuir mórán isteach. Agus tháinig an bhaintreach bhocht a chuir isteach an dá bhonn rua, a dhéanann pingin. Agus ghlaoigh sé a dheisceabail chuige, agus dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, gur mó a chuir an bhaintreach bhocht seo isteach ná na síntiúis uile don chiste. Mar níor thug siad ach an beagán amach as an mórán; ach is é rud a thug sise uaithi as a bochtanas a raibh aici, a cuid den saol.” Nuair a bhí sé ag teacht amach as an teampall, arsa duine de na deisceabail leis, “Féach, a Oide, nach iontach na clocha seo agus nach iontach iad na foirgnimh seo!” Agus dúirt Íosa leo, “An bhfeiceann sibh na mórfhoirgnimh seo? Ní fhágfar cloch díobh ar mhuin chloiche, nach dteilgfear anuas.” Agus dʼfhiafraigh Peadar agus Séamas agus Eoin agus Aindrias de os íseal, agus é ina shuí ar Chnoc na nOlóg os coinne an teampaill, “Inis dúinn, cá huair atá sin le bheith ann, agus cad é an comhartha a thabharfar nuair a bheidh na nithe sin uile le teacht i gcrích?” Agus thosaigh Íosa agus dúirt sé leo, “Tugaigí aire gan ligean dʼaon duine sibh a chur amú. Is iomaí duine a thiocfaidh i mʼainmse, agus é á rá, ‘Is mise é!’ agus is iomaí duine a chuirfeas siad amú. Agus nuair a chluinfeas sibh faoi chogaí nó a n‑iomrá, ná cuireadh sin eagla oraibh; caithfidh sin a bheith amhlaidh, ach níor tháinig an deireadh fós. Mar éireoidh náisiún in éadan náisiúin, agus ríocht in aghaidh ríochta; beidh creathanna talaimh in áiteanna éagsúla, beidh gortaí ann; ach ní bheidh ansin ach tús tubaiste. “Ach seachnaígí sibh féin; mar tabharfar suas do chomhairlí sibh; agus sciúrsálfar sibh i sionagóga; agus seasfaidh sibh os coinne na n‑uachtarán agus na ríthe mar mhaithe liom, go dtuga sibh fianaise os a gcomhair. Agus caithfear ar dtús an soiscéal a sheanmóireacht do na náisiúin uile go léir. Agus nuair a thabharfar os comhair cúirte sibh agus nuair a thabharfar suas sibh, ná bíodh imní oraibh roimh ré faoi cad é a déarfas sibh; ach abraigí cibé a thabharfar daoibh san am úd, mar ní sibh féin a labhrós, ach an Spiorad Naomh. Agus tabharfaidh deartháir a dheartháir chun báis, agus an t‑athair an chlann, agus éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí go n‑imrí siad bás orthu; agus tabharfaidh an uile dhuine fuath daoibh mar mhaithe le mʼainmse. Ach an té a sheasas go deireadh, is é a shlánófar. “Ach nuair a fheiceas sibh dia-aithis léirscriostach ina seasamh in ionad nár chóir dó (bíodh tuiscint ag an léitheoir), teitheadh an méid agaibh atá i nlúdaea rompu go dtí na sléibhte; teitheadh an té atá ar mhullach an tí, gan teacht anuas ná isteach sa teach le haon ní a bhreith as; teitheadh an té atá sa ghort gan filleadh ar ais lena fhallaing a ardú leis. Is mairg a bheidh i dtinneas clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta úd! Agus bígí ag guí gan é a theacht sa gheimhreadh. Mar beidh anró sna laethanta úd nach raibh a leithéid ann ó chruthaigh Dia an chruinne go dtí anois, agus nach mbeidh ann arís choíche. Agus murab é gur ghiorraigh an Tiarna na laethanta úd, ní rachadh aon duine den Ádhamhchlann saor as; ach mar mhaithe leis na fíréin a thogh sé, tá na laethanta úd giorraithe aige. San am úd, má deir aon duine libh, ‘Féach, seo é an Críost!’ nó ‘Féach siúd é!’ ná creidigí uathu é. Mar éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus beidh comharthaí agus iontais le taispeáint acu, a bhainfidh mealladh as na fíréin féin—dá mbʼfhéidir sin. Ach bígí sibhse ar bhur n‑aire; mar tá an t‑iomlán inste agam daoibh roimh ré. “Ach sna laethanta úd a leanfas an t‑anró, beidh smúid ar an ngrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solas, agus titfidh na réaltaí as an spéir, agus corrófar na cumhachtaí neamhaí. Is ansin a fheicfear Mac an duine ag teacht i néalta neimhe i gcumhacht agus i mórghlóir. Cuirfidh sé na haingil amach ansin, agus cruinneoidh sé a fhíréin ó cheithre aird na gaoithe, ó choirnéil an talaimh go cinn na spéartha. “Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige; chomh luath agus a mhaothaíos a shlat agus a thagas an duilliúr uirthi, aithníonn sibh go bhfuil an samhradh i ngar daoibh. Mar an gcéanna, nuair a fheiceann sibh na nithe sin ag titim amach, aithníonn sibh go bhfuil sé féin i ngar daoibh, ag dalladh bhur ndorais. Is fírinneach a deirim libh, nach rachaidh an ghlúin seo thart go dtaga na nithe sin uile go léir i gcrích. Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathrasa as. “Ach maidir leis an lá úd agus leis an uair úd, níl an t‑eolas ag aon neach, níl sé go fiú ag na haingil atá ar neamh, ná ag an Mac féin, ach ag an Athair Síoraí amháin. Bígí ar bhur n‑aire mar sin, agus bígí ag faire; mar ní feasach daoibh cá huair a thiocfas an t‑am. Is cosúil é le fear atá ag dul ar aistear, nuair a fhágann sé an baile agus cuireann sé cúram an tí ar a sheirbhísigh, agus bíonn a shaothar féin ag gach duine acu, agus ordaíonn sé don doirseoir bheith ar a choimeád. Bígí sibhse ar bhur gcoimeád—mar ní feasach daoibh cá huair a thiocfaidh ceann urra an tí, cé acu sa tráthnóna, nó i gceartlár na hoíche, nó le glaoch an choiligh, nó ar maidin— ar eagla go dtiocfadh sé go tobann agus go mbéarfadh sé oraibh in bhur gcodladh. Agus a ndeirim libh deirim le cách é: bígí ar bhur gcoimeád.” Anois bhí sé dhá lá roimh an gCáisc agus roimh fhéile an Aráin gan Laibhín. Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh é a ghabháil os íseal agus a chur chun báis; mar dúirt siad, “Ní dhéanfaidh sé cúis in am na féile, ar eagla go dtógfadh na daoine gleo.” Agus nuair a bhí sé i mBétáin i dteach Shíomóin an Lobhar, agus é ina shuí ag bord bia ann, tháinig an bhean chuige agus soitheach alabastair aici den nard ba ghlaine, agus bhris sí an soitheach gur dhoirt an uinnimint ar a cheann. Ach bhí daoine ann a bhí ag rá ina n-intinn féin, agus fearg orthu, “Cad chuige ar cuireadh amú an uinnimint seo? Mar dʼfhéadfaí an uinnimint seo a dhíol ar chorradh agus trí chéad déanar, agus a bhronnadh ar na boicht.” Agus thug siad achasán di. Ach is é a duirt Íosa, “Ligigí léi é; cad chuige a mbíonn sibh á crá? Is álainn an ní atá déanta aici dom. Mar bíonn na boicht libh i gcónaí, agus tig libh a maith a dhéanamh nuair a thoilíonn sibh, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí. Tá an méid ab fhéidir léi a dhéanamh déanta aici; is é rud, is amhlaidh atá sí tar éis mé a ungadh roimh ré le haghaidh mʼadhlactha. Agus deirim libh i bhfírinne, níl áit a mbeidh an soiscéal á chraobhscaoileadh ar fud an domhain uile, nach n‑inseofar a bhfuil déanta aici le cuimhne a choinneáil uirthi.” Ba ansin a chuaigh Iúdás Iscariót, duine den dáréag, chuig na hardsagairt chun go ndéanfadh sé é a bhrath leo. Agus nuair a chuala siad faoi bhí lúcháir orthu, agus gheall siad airgead a thabhairt dó. Agus bhí sé ag faire na faille lena bhrath. Agus an chéad lá de laethanta an Aráin gan Laibhín, nuair a bhítí ag íobairt uan na cásca, dʼfhiafraigh a dheisceabail de, “Cá háit ar mhaith leat sinn a dhul ann le hullmhú duit chun go n‑ithe tú an cháisc?” Agus chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh, agus dúirt sé leo, “Gabhaigí isteach sa chathair, agus casfar oraibh fear agus é ag iompar searróg uisce; leanaigí é. Agus abraigí le fear an tí a dtéann sé isteach ann, ‘Is é rud a deir an tOide leat, Cá bhfuil an seomra aíochta atá le bheith agam go n‑íosfaidh mé an cháisc ann, mise agus mo chuid dheisceabal?’ Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór i n‑uachtar an tí agus é feistithe faoi réir; ullmhaigí dúinn ansin.” Agus dʼimigh na deisceabail leo go dtí an chathair, agus rinne siad an t‑eolas mar dʼinis sé dóibh; agus dʼullmhaigh siad an cháisc. Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig sé féin agus an dáréag. Agus nuair a bhí siad ina suí chun boird, arsa Íosa leo, “Is fíor, a deirim libh, go ndéanfaidh duine agaibh, atá ag ithe i mo chuideachta, feall a imirt orm.” Agus tháinig brón orthu, agus bʼshiúd iad a rá leis duine i ndiaidh an duine eile, “An mise é?” Ar seisean leo, “Is duine den dáréag é, duine atá ag tomadh a aráin in aon mhias liom. Óir imeoidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a dhéanann feall ar Mhac an duine! Bʼfhearr don fhear úd nár saolaíodh riamh é.” Agus nuair a bhí siad i gcionn an bhia ghlac sé an t‑arán, agus dʼaltaigh sé, agus roinn sé é, agus thug sé dóibh é, agus dúirt, “Glacaigí; is é seo mo chorpsa.” Agus ghlac sé cupán, agus dʼaltaigh sé agus thug dóibh é, agus dʼól siad uile go léir as. Agus ar seisean leo, “Is í seo mʼfhuilse, fuil an chúnaint, a dhoirtear ar son an tslua. Deirim go fírinneach libh, nach n‑ólfaidh mé toradh seo na fíniúna go dtí an lá a n‑ólfaidh mé úrnua í i ríocht Dé.” Agus chan siad iomann ansin, agus ina dhiaidh sin dʼimigh siad go Cnoc na nOlóg. Agus dúirt Íosa leo, “Tréigfidh sibh uile mé mar tá scríofa, ‘Millfidh mé an maor, agus scaipfear na caoirigh.’ Ach nuair a éireos mé, imeoidh mé romhaibh go Galailí.” Arsa Peadar leis, “Má thréigeann siad uile thú, ní dhéanfaidh mise amhlaidh.” Agus dúirt Íosa leis, “Deirim go fírinneach leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.” Ach dúirt seisean go deimhin agus go dearfa, “Má bhíonn orm bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus ní raibh duine acu nach ndúirt an rud céanna. Agus dʼimigh siad go háit a dtugtaí Getsemaní air; agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, a fhad agus a bhím ag guí.” Agus thug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin le bheith leis, agus tháinig brón agus buairt mhór air. Agus ar seisean leo, “Tá brón mór an bháis ar mʼanam; fanaigí anseo agus déanaigí faire.” Agus chuaigh sé beagán beag eile ar aghaidh, agus thit sé ar an talamh, agus rinne sé urnaí go n‑imeodh uair na cinniúna thairis. Is é a dúirt sé, “Abba, a Athair, níl ní nach indéanta duit; tóg an cupán seo uaim; ach ní mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa é.” Agus tháinig sé agus fuair ina suan iad, agus dúirt sé le Peadar, “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire amháin a dhéanamh? Déan faire agus guí nach ligfeá thú féin i gcathú; dá fheabhas é toil na spride, is lag cloíte an cholainn.” Agus dʼimigh sé leis a ghuí arís, agus é ag rá na bhfocal céanna. Agus tháinig sé arís agus fuair ina suan iad, mar bhí a súile marbh leis an gcodladh; agus gan fhios acu cé an freagra a thabharfaidís dó. Agus tháinig sé an tríú huair, agus ar seisean leo, “An in bhur gcodladh atá sibh ag ligean bhur scíste? Is leor sin; tháinig an uair; tugadh Mac an duine i lámha lucht an oilc. Éirígí, bímis ag imeacht; seo chugainn fear mo bhraite.” Agus go díreach san am a ndúirt sé an chaint sin, tháinig Iúdás, duine den dáréag, agus slua faoi chlaimhte agus bhataí leis, a cuireadh ó na hardsagairt agus ó na scríobhaithe agus ó na seanóirí. Anois bhí an comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, á rá, “Is é an fear é an té a dtabharfaidh mé póg dó; beirigí air agus tugaigí ar shiúl é go slán sábháilte.” Agus nuair a tháinig sé, ní dhearna sé moill ag druidim leis, agus é á rá, “A Mháistir!” Agus thug sé an phóg dó. Agus leag siad a lámha air agus ghabh siad é. Ach tharraing aon duine amháin dá raibh i láthair an claíomh agus bhuail béim ar mhogha an ardsagairt gur ghearr leathchluas de. Agus ba é a dúirt Íosa leo, “An bithiúnach mé, go dtagann sibh amach i mʼéadan le claimhte agus le bataí le mo ghabháil? Bhí mé agaibh ó lá go chéile agus mé ag teagasc sa teampall, agus ní dhearna sibh mo ghabháil. Ach bíodh amhlaidh go gcomhlíontar an Scrioptúr.” Agus thréigeadar uile é agus theitheadar leo. Agus bhí ógánach á leanúint, nach raibh faoina chorp ach aon ghiota amháin línéadaigh; agus ghabhadar é, ach dʼfhág sé an línéadach acu agus theith leis uathu lom tarnocht. Agus sheol siad Íosa chuig an ardsagart; agus bhí na hardsagairt uile agus na seanóirí agus na scríobhaithe cruinnithe. Agus bhí Peadar i ndiaidh é a leanúint agus dʼfhan sé amach uaidh, gur tháinig siad isteach in urlann an ardsagairt; agus bhí Peadar ina shuí i measc na ngardaí, á ghoradh féin ag an tine. Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fianaise a chruinniú i n‑éadan Íosa lena chur chun báis; agus gan í le fáil acu. Mar bʼiomaí sin duine a thug fianaise bhréige ina éadan, agus gan a bhfianaise ag teacht le chéile. Agus dʼéirigh cuid acu ag tabhairt fianaise bhréige ina éadan, á rá, “Chualamar é á rá, ‘Scriosfaidh mise an teampall seo a tógadh le lámha, agus i spás trí lá tógfaidh mé teampall eile, nach dtógfar le lámha.’” Ach mar sin féin níor tháinig a bhfianaise le chéile. Agus dʼéirigh an t‑ardsagart ina sheasamh i gceartlár an tslua, agus dʼfhiafraigh sé dʼÍosa, “An é nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin atá na fir seo ag dearbhadh i dʼéadan?” Ach dʼfhan sé ina thost gan freagra a thabhairt air. Ba ansin a dʼfhiafraigh an t‑ardsagart de an dara huair, “An tú an Críost, an tú Mac an té atá beannaithe?” Agus dúirt Íosa, “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.” Agus réab an t‑ardsagart a fhallaing, agus dúirt sé, “Cad í an fheidhm atá orainn le tuilleadh fianaise? Chuala sibh an diamhasla sin aige. Cad é bhur mbreith?” Agus thugadar uile go léir a mbreith air, go raibh an bás tuillte aige. Agus thosaigh cuid acu ar chaitheamh seile air, agus chuir siad dallóg air, agus chuaigh á bhualadh, agus á rá leis, “Déan fáidheadóireacht!” Agus bhuail na gardaí é nuair a ghlac siad leis. Nuair a bhí Peadar thíos in urlann an tí, tháinig bean de chailíní an ardsagairt; agus chonaic sí Peadar á ghoradh féin, agus dʼamharc sí air agus dúirt sí, “Bhí tusa ar dhuine de lucht leanúna an fhir úd as Nasair, an tÍosa úd.” Ach shéan seisean é, á rá, “Níl fhios agam agus ní thuigim cad é atá i do cheann.” Agus dʼimigh sé leis go dtí an geata. Agus chonaic an cailín é, agus thosaigh sí ar a rá lena raibh ina seasamh thart, “Is duine acu é an fear seo”. Ach shéan sé an dara huair é. Agus tamall beag eile ina dhiaidh sin, dúirt an dream a bhí ina seasamh thart le Peadar, “Níl amhras ar bith ann ná gur duine acu tú; mar is Galailéach tú.” Ach thosaigh sé ar a chur féin faoi mhallacht agus ar mhionnú, “Ní aithnid dom an fear sin a bhfuil sibh ag caint faoi.” Agus ba san nóiméad sin a ghlaoigh an coileach an dara huair. Agus chuimhnigh Peadar ar a ndúirt Íosa leis, “Sula nglaonn an coileach faoi dhó, séanfaidh tusa faoi thrí mé.” Agus bhris an gol air. Agus le bánú na maidine chuaigh na hardsagairt agus na seanóirí agus na scríobhaithe, agus na comhairleoirí uile leo, i ndáil chomhairle: agus cheangail siad Íosa agus thug siad ar shiúl é agus thug siad ar láimh do Phíoláid é. Agus dʼfhiafraigh Píoláid de, “An tú Rí na nGiúdach?” Agus ba é a fhreagra air, “Is tú a dúirt é.” Agus chuir na hardsagairt mórán nithe ina leith. Agus dʼfhiafraigh Píoláid de athuair, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? An é nach bhfeiceann tú an méid mór atáthar ag cur i do leith?” Ach níor fhreagair Íosa a thuilleadh, rud a chuir iontas ar Phíoláid. Anois i n‑am na féile ba nós leis cibé ar bith príosúnach a dʼiarrfaidís air a scaoileadh saor. Agus bhí fear arbh ainm dó Barabas i measc an lucht ceannairce sa phríosún a rinne dúnmharú le linn na ceannairce. Agus dhruid an slua aníos ag tosú ar a iarraidh ar Phíoláid rud a dhéanamh orthu mar a ba nós leis. Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “An toil libh go scaoile mé Rí na nGiúdach chugaibh?” Mar thuig sé gur as éad a thug na hardsagairt uathu chuige é. Ach ghríosaigh na hardsagairt an slua go n‑iarrfaidís air Barabas a scaoileadh chucu ina ionad. Agus dúirt Píoláid leo athuair, “Cad é a dhéanfaidh mé mar sin leis an bhfear úd a dtugann sibh Rí na nGiúdach air?” Agus scairt siad arís i n‑ard a gcinn is a ngutha, “Céasaigí é.” Agus dúirt Píoláid leo, “Cén fáth, cad é an t‑olc atá déanta aige?” Ach is móide a scairt siad, “Céasaigí é.” Agus ba é a tháinig de, gur scaoil Píoláid Barabas chucu, ó bhí fonn air an slua a shásamh; agus chuir sé Íosa á sciúrsáil ansin agus thug sé uaidh é lena chéasadh ar chrois. Agus thug na saighdiúirí leo é isteach sa Phálás (is é sin, an Praetorium); agus bhailigh siad an cathlán uile go léir ina thimpeall. Agus chuir siad brat corcair-dhearg air mar éadach, agus dʼfhigh coróin de dhealga gur chuir ar a cheann í. Agus thosaigh siad ar cheiliúradh dó, “Sé do bheatha, a Rí úd na nGiúdach!” Agus bhuail siad faoin gceann é le giolcach agus chaith seile air, agus shléacht siad dó mar a bheidís ag tabhairt ómóis dó. Agus nuair a bhí ealaín mhagaidh déanta acu de, bhain siad an brat corcair-dhearg de, agus chuir a chuid éadaí féin air arís, agus threoraigh siad amach é lena chéasadh. Agus thug siad ar fhear a bhí ag dul thart a chrois a iompar, ar Shíomón as Círéne, a bhí ar a bhealach as tír isteach, athair Alastair agus Rúfuis. Agus thug siad leo é go dtí an áit a nglaoitear Golgota air (a chiallaíos áit an chloiginn). Agus tairgeadh fíon dó ar cuireadh miorr tríd; ach níor ghlac sé é. Agus chéas siad é, agus roinn siad eatarthu a chuid éadaigh agus chaith siad crainn go bhfeicidís cad é a ghlacfadh gach duine acu. Agus ba é an tríú huair den lá é nuair a rinneadh é a chéasadh. Agus is é a bhí le léamh i scríbhinn na cúise a cuireadh ina leith, “Rí na nGiúdach.” Agus rinne siad dís ropaire a chéasadh ina chuideachta, duine acu ar a dheis agus duine ar a chlé. Agus níl duine dár shiúil thairis nach ndeachaigh ag magadh faoi, ag croitheadh a chinn air; agus á rá, “Ara maise! A ghiolla úd a bhíodh ag maíomh go scriosfá an teampall agus go ndéanfá a atógáil i n‑achar trí lá, fuascail thú féin, agus tuirling den chrois úd!” Agus ar an nós céanna bhí na hardsagairt ag labhairt air le chéile go magúil agus na scríobhaithe leo, agus dúirt siad, “Tharrthaigh sé fir eile; ní fhéadann sé é féin a tharrtháil. Tuirlingíodh an Críost sin, tuirlingíodh an Rí sin Iosrael den chrois seo, go bhfeicimid é agus go gcreidimid ann.” Agus níl go fiú na díse a céasadh ina chuideachta nár thug achasán dó. Agus nuair a tháinig an séú huair den lá, bhí dorchadas ann ar fud na tíre uile a mhair go dtí an naoú huair. Agus ar an naoú huair ghlaoigh Íosa i n‑ard a chinn, “Élóí, Élóí, lamá sabactáni?” a chiallaíos, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige a ndearna tú mo thréigean?” Agus chuala cuid dá raibh ina seasamh thart agus dúirt siad, “Féach, tá sé ag glaoch ar Elía”. Agus rith duine acu go dtí é gur líon spúinse dʼfhínéagar, agus gur chroch ar ghiolcach é gur thug dó le n‑ól é, agus dúirt sé, “Fan go fóill go bhfeicimid an dtiocfaidh Elía lena scaoileadh anuas.” Agus lig Íosa éamh mór as, agus dʼfhág an anáil é. Agus réabadh brat an teampaill ina dhá leath ó bharr anuas go bun. Agus nuair a chonaic an ceantúir a bhí ina sheasamh ar a aghaidh, an dóigh inar fhág an anáil é, ar seisean, “Níl amhras ann ná gurbh é Mac Dé an fear seo.” Bhí na mná ann fós agus iad i bhfad ar shiúl ag amharc, agus bhí eatarthu Muire Mhagdaléanach, agus Muire máthair Shéamais Óig agus Ióséis, agus Salómé, an bhantracht a lean de agus a rinne timireacht air agus é i nGalailí; agus buíon mhór eile ban a tháinig aníos go hlarúsailéim ina chuideachta. Agus nuair a tháinig an tráthnóna, ó ba é lá an Ullmhaithe é, is é sin an lá roimh an tsabóid, bhi sé de chroí ag Iósaf Arimatéach, duine dearscnaithe a bhí ina bhall den chomhairle, a bhí freisin ag tóraíocht ríocht Dé, a mhisneach a mhúscailt, agus dul chuig Píoláid, agus corp Íosa a iarraidh air. Agus bʼiontach le Píoláid é bheith marbh cheana; agus ghlaoigh sé chuige an ceantúir, gur fhiafraigh de an raibh sé marbh go fóill. Agus nuair a fuair sé fios a bháis ón gceantúir, dheonaigh sé an corp do Iósaf. Agus cheannaigh sé taiséadach lín agus bhain sé anuas den chrois é, agus dʼfhill sé an taiséadach lín air, agus chuir sé ina luí é i dtuama a snoíodh as an gcarraig; agus thiontaigh cloch i mbéal an tuama. Agus ba iad Muire Mhagdaléanach agus Muire máthair Ióséis a chonaic an uaigh inar cuireadh é ina luí. Agus nuair a bhí an tsabóid thart, chuaigh Muire Mhagdaléanach, agus Muire máthair Shéamais, agus Salómé, a cheannach spíosraí, go rachaidís á ungadh leo. Agus ar mhoch maidine an chéad lá den tseachtain chuaigh siad go dtí an tuama le héirí na gréine. Agus bhí siad á rá le chéile, “Cé a iontóidh an chloch ó bhéal dhoras an tuama dúinn?” Agus nuair a dʼfhéach siad suas, chonaic siad go raibh an chloch iontaithe siar ar gcúl; mar ba mhór an chloch í. Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaiceadar an fear óg ina shuí ar thaobh na láimhe deise agus fallaing ghealbhán air; agus bhí uafás orthu. Agus ar seisean leo, “Ná bíodh aon uafás oraibh; Íosa Nasara, a rinneadh a chéasadh, atá uaibh. Tá sé éirithe; níl sé anseo; féachaigí an áit ar cuireadh é. Ach imígí libh, agus insígí dá dheisceabail agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é, mar atá inste aige daoibh.” Agus dʼimigh siad leo agus theith siad ón tuama; óir rug ballchrith agus bith-ionadh orthu; agus níor scoilt siad a mbéal air le haon duine, le méid a n‑eagla. De bhrí de, go bhfuil tugtha faoi ag mórán, ag iarraidh stair a thiomsú ar ar tharla uile inár meascna, de réir na faisnéise a fuaireamar air ón drong úd a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl agus ina bhfreastalaithe boird don bhriathar, chonacthas domsa freisin, a bhfuil cuimse ama caite agam á ndlúthlorgaireacht, go mbʼfhiú a scríobh síos i ndiaidh a chéile do bhur soilsese, a Théophilas, chun go ndéana sibh deimhin de na nithe úd a dʼfhoghlaim sibh ó bhéalaithris. San am úd a raibh Iorua ina rí ar Iúdaea, bhí sagart ann a raibh Secaría mar ainm air, sagart dʼaicme Abíá; agus ba de chlann iníonacha Áróin a bhanchéile arbh ainm di Elisabét. Bʼfhiréanta an lánúin iad i láthair Dé, agus dlíthe agus reachta Dé á gcoinneáil acu gan locht dá laghad orthu, ach ab é nach raibh leanbh acu, ó bhí Elisabét í féin aimrid, agus an bheirt acu anonn go maith i mblianta. Anois nuair a tháinig uain a aicmesean, agus nuair a bhí air dul i mbun a oibre mar shagart i láthair Dé mar ba dhual do shagart, thit sé ar a chrann dul isteach le túis a dhó i dteampall Dé. Agus slua uile na ndaoine ag guí amuigh san am ar ofráladh an túis. Agus fuair sé taispeáint dʼaingeal leis an Tiarna, agus é ina sheasamh ar thaobh na láimhe deise dʼaltóir na túise. Agus bhí buaireamh ar Shecaría nuair a chonaic sé é, agus thit eagla air. Ach is é a dúirt an t‑aingeal leis, “Ná bíodh aon eagla ort, a Shecaría,” ar seisean, “mar tá éiste le dʼurnaí, agus béarfaidh do bhean Elisabét mac duit, agus gairfidh tú Eoin de mar ainm. Agus is ort a bheidh an t‑áthas agus an lúcháir, agus is iomaí duine lerb aoibhinn a bhreith; mar beidh sé ina fhear mór os comhair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná biotáille, ach is amhlaidh líonfar den Spiorad Naomh é, chomh luath agus a fhágfaidh sé broinn a mháthar. Agus is iomaí sin duine de chlann mhac Iosrael a thiontóidh sé chuig a dTiarna Dia, agus siúlfaidh sé roimhe agus sprid agus cumhacht Elía aige, le croíthe na n‑aithreacha a chasadh chun a gclainne, agus leis an dream easumhal a thabhairt chun eagna na bhfíréan, le pobal toilteanach a ullmhú don Tiarna.” Ach is é a dúirt Secaría leis an aingeal, “Cad é mar a gheobhaidh mé fios air sin? Mar táim féin i mo sheanduine, agus tá mo bhean anonn go maith i mblianta.” Ach ba é freagra an aingil, “Is mise Gabriél, an té a bhíos ina sheasamh i láthair Dé; agus cuireadh uaidh mé le bheith ag caint leat, agus leis an scéal áthasach seo a insint duit. Agus féach anois, beidh tú i do bhalbhán gan cumas labhartha agat go dtí an lá sin ina dtiocfaidh sé sin uile i gcrích, ós rud é nár chreid tú do mo bhriathra, a bhéas le comhlíonadh nuair a thiocfas an t‑am.” Agus bhí na daoine uile ag fanacht le Secaría, agus iontas orthu faoin moill a bhí air istigh sa teampall. Agus nuair a tháinig sé amach, ní raibh sé in inmhe labhairt leo, agus ba léir dóibh go raibh sé i ndiaidh taispeáint a fheiceáil sa teampall; agus dhéanadh sé comharthaí leo agus é balbh i rith an ama. Agus nuair a bhí a sheal oibre críochnaithe aige, dʼfhill sé ansin abhaile. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin is ea ghabh a bhanchéile Elisabét ina broinn, agus chuaigh sí i bhfolach i rith cúig mhí, agus é le rá aici, “Is í sin obair Dé san am a raibh aird aige orm, ionas go mbeadh deireadh leis an achasán a bhíodh orm i súile na ndaoine.” Sa séú mí cuireadh an t‑aingeal Gabriél le teachtaireacht ó Dhia chuig cathair de Ghalailí ar tugadh Nasair uirthi, chuig ógh a raibh lámh is focal idir í agus fear de theaghlach Dháibhí arbh ainm dó Iósaf; agus is Muire an t‑ainm a bhí ar an ógh sin. Agus tháinig sé chuici agus dúirt sé léi, “Sé do bheatha, a bhean úd a bhfuil gnaoi ort, mar tá an Tiarna leat.” Ach is é rud, chuir an rá sin faoi imní mhór í, agus í ag smaoineamh ina hintinn cad é ba chiall do bheannacht den sórt sin. Agus dúirt an t‑aingeal léi, “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, mar tá gnaoi ag Dia duit. Agus féach, gabhfaidh tú i do bhroinn agus beidh mac agat, agus gairfidh tú Íosa dʼainm air. Ba mhór é, agus tabharfar Mac an Té is Airde air; agus bronnfaidh an Tiarna Dia ríchathaoir a athar Dáibhí air, agus beidh sé ina rí os cionn theaghlach Iácóib go deo; agus ní bheidh deireadh lena ríocht.” Ach dúirt Muire leis an aingeal, “Cad é an chaoi a mbeidh sin amhlaidh, ó nach bhfuil fear agam?” Agus dúirt an t‑aingeal léi, “Tiocfaidh an Spiorad Naomh ort, agus glacfaidh cumhacht an Té is Airde faoina scáth thú; agus dá bhrí sin gairfear leanbh naofa den leanbh atá le teacht ar an saol, is ea, gairfear Mac Dé de. Agus féach, tá mac gafa ina broinn ag do bhean mhuinteartha, ag Elisabét, freisin, ina seanaois; agus sin an séú mí don bhean sin ar tugadh bean aimrid uirthi. Mar níl ní nach féidir le Dia a dhéanamh.” Agus is é a dúirt Muire, “Féach, is mise cumhal Dé; go ndéantar liom de réir do bhriathair fúm.” Agus dʼfhág an t‑aingeal ansin í. Ba sna laethanta úd a dʼéirigh Muire faoi dheifir le dul sa cheantar sléibhteach, go cathair de chathracha Iúdaea, agus chuaigh sí go dtí teach Shecaría gur bheannaigh sí dʼElisabét. Agus chomh luath agus chuala Elisabét beannacht Mhuire, léim an leanbh ina broinn; agus líonadh Elisabét den Spiorad Naomh, agus scairt sí amach in ard a cinn is a gutha, “Is beannaithe tú i measc na mban, agus is beannaithe é toradh do bhroinne! Agus cad chuige ar deonadh dom go dtiocfadh máthair mo Thiarna chugam? Mar féach, ní luaithe glór do bheannachta i mo chluasa, ná léim an leanbh i mo bhroinn le tréan lúcháire. Agus is beannaithe an bhean úd a chreid go gcomhlíonfaí an ní a insíodh di i dteachtaireacht ó Dhia.” Ach is é a dúirt Muire, “Bíonn mʼanam ag móradh an Tiarna, agus is ábhar áthas mʼanama é Dia mo Shlánaitheoir, ó nárbh bheag leis úirísleacht a chumhaile. Mar féach, ní thiocfaidh glún feasta nach ngairfidh beannaithe díom; mar gheall ar na nithe móra atá déanta dom ag an té a mbíonn an chumhacht aige. Agus bíonn trócaire aige ar an dream a mbíonn eagla orthu roimhe ó ghlún go glún. Thaispeáin sé an neart atá ina ghéag. Scaip sé an dream a mbíonn an t‑uabhar i smaointe a gcroíthe. Chaith sé na cumhachtaí amach as a ríchathaoireacha, agus dʼardaigh sé i gcéim an dream uiríseal. Líon sé lucht an ocrais le maitheasaí, agus chuir sé uaidh lucht an tsaibhris agus iad folamh. Chuir sé tarrtháil ar a sheirbhíseach Iosrael, agus é ag cuimhneamh ar a thrócaire, de réir mar a bhí ráite aige lenár sinsear romhainn, le hAbracham agus lena shliocht go deo.” Agus dʼfhan Muire tuairim agus trí mhí aici, agus dʼfhill sí ansin abhaile. Ach tháinig am a tuismithe ar Elisabét, agus thug sí a mac ar an saol. Agus chuala a comharsana agus a daoine muinteartha faoin mórthrócaire a rinne Dia uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi. Agus thángthas an t‑ochtú lá a thimpeallghearradh an linbh; agus bhíothas ar tí ainm a athar Secaría a thabhairt air. Ach ba é a dúirt a mháthair, “Ní mar sin, ach gairfear Eoin de.” Agus dúirt siad léi, “Ainm cúl le cine é sin.” Agus bʼshiúd iad ag déanamh comharthaí leis an athair, ag fiafraí de-sean cad é an t‑ainm ab fhearr leis air. Agus dʼiarr sé táibhléad scríofa, gur scríobh, “Eoin is ea an t‑ainm atá air.” Agus bʼiontach leo uile é. Agus scaoileadh a theanga ar an toirt, agus labhair sé á altú do Dhia. Agus thit an eagla ar a gcomharsana uile go léir. Agus bhítí ag caint faoi na nithe sin ar fud cheantar sléibhteach Iúdaea; agus níl duine dár chuala nach dtaisceadh ina chroí iad, agus nach ndeireadh, “Cad é a bhéas sa leanbh seo nuair a thiocfas ann dó?” Mar bhí lámh an Tiarna ag neartú leis. Agus líonadh a athair Secaría leis an Spiorad Naomh go dtí go ndearna sé tairngreacht, agus is é a dúirt sé, “Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael, ó is é a thug cuairt ar a mhuintir agus a dʼfhuascail iad. Tá crann na sláinte síoraí in airde aige i dteaghlach a sheirbhísigh Dáibhí, de réir mar bhí ráite aige trí bhéal a naomhfháithe ó fadó, go mbeimis dár saoradh ónár naimhde, agus ó lucht ár bhfuatha; ionas go gcuirtí i ngníomh an trócaire a gealladh dár sinsear, agus go gcuimhneofaí ar a chúnant naofa. An mhóid a bhí mionnaithe aige dár n‑athair Abracham go ndeonfadh sé dúinn bheith dár saoradh as lámha ár naimhde, le seirbhís neamheaglach a dhéanamh dó, le bheith go naofa fíréan ina láthair i rith laethanta ár mbeatha. Agus is díot, a linbh úd, a ghairfear fáidh an Té is Airde; ós tú a rachas amach roimh an Tiarna lena shlite a dhéanamh réidh roimhe. Le heolas an tslánaithe a thabhairt dá mhuintir, trí mhaithiúnas a bpeacaí, trí mhíne thrócaire ár nDé-ne san lá úd a thiocfas solas geal na maidine orainn ó ard na bhflaitheas, ag tabhairt solais don dream atá ina suí faoin dorchadas agus faoi scáil an bháis, agus ag seoladh ár gcos go slí na síochána.” Agus dʼfhás an leanbh aníos ina fhear a raibh sprid láidir thréan ann, agus bhíodh sé san fhásach go lá a thaispeánta dʼlosrael. Ba sna laethanta úd a chuaigh forógra amach ó Chaesar Águstas le hordú go gclárófaí ainmneacha an tsaoil uile. Ba é sin an chéad chlárú nuair a bhí Cirénius ina uachtarán ar an tSír. Agus chuadar uile go léir le bheith cláraithe, an uile dhuine ag tarraingt ar a chathair féin. Agus chuaigh Iósaf suas mar dhuine ó Ghalailí, ó chathair Nasair, go hIúdaea, go cathair Dháibhí dá ngairtear Bétlehem, ós rud é go mba de theaghlach Dháibhí é féin de réir folaíochta, chun go gclárófaí é féin agus Muire an bhean a raibh lámh agus focal idir é agus í, agus í ag iompar clainne. Agus nuair a bhí siad ansin, tháinig a haimsir. Agus rugadh a céad duine clainne di agus dʼfháisc sí i gcrios ceangail é, agus chuir sí ina luí i mainséar é, ó nach raibh áit acu dóibh san ósta. Agus bhí aoirí amuigh i bpáirceanna sa cheantar úd, agus iad ag faire ar a dtréad san oíche. Agus nocht aingeal an Tiarna dóibh, agus lonraigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí dianeagla orthu. Agus dúirt an t‑aingeal leo, “Ná bíodh eagla oraibh; mar féachaigí, táim ag teacht chugaibh le scéal áthasach a insint daoibh faoin lúcháir atá le bheith ar na daoine uile; óir is inniu a saolaíodh an Slánaitheoir daoibh i gcathair Dháibhí, agus is é an Tiarna Críost é. Agus is é seo an comhartha daoibh, go bhfaighidh sibh leanbh á fháscadh i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.” Agus i dtobainne bʼshiúd slua de shluaite na bhflaitheas i gcoimhdeacht an aingil agus iad ag moladh Dé agus ag rá, “Glóir do Dhia in ard na bhflaitheas, agus síocháin ar talamh i measc na ndaoine a bhfuil aoibh aige iontu!” Ní luaithe a dʼimigh na haingil uathu isteach san fhlaitheas ná dúirt na haoirí le chéile, “Téimis soir go Bétlehem go bhfeicimid an ní seo a tharla, a dʼfhoilsigh an Tiarna dúinn.” Agus chuadar ann le deifir, go bhfuair siad Muire ann agus Iósaf, agus an leanbh ina luí sa mhainséar. Agus nuair a chonaic siad é dʼinis siad ar foilsíodh dóibh i dtaobh an linbh sin; agus níl duine dár chuala nach raibh iontas air faoi ar inis na haoirí dóibh. Ach choinnigh Muire cuimhne ar na nithe sin, agus í ag machnamh orthu ina croí. Agus dʼfhill na haoirí, agus iad ag moladh agus ag mórghlóiriú Dé faoinar chuala siad agus faoina bhfaca siad, mar a insíodh dóibh roimh ré. Agus i gcionn ocht lá ina dhiaidh sin, nuair a timpeallghearradh é, tugadh Íosa air, an t‑ainm a bhí tugtha air ag an aingeal sul ar gabhadh i mbroinn é. Agus nuair a tháinig am a nglanta de réir dhlí Mhaois, tugadh aníos go hIarúsailéim é lena thoirbhirt don Tiarna (mar atá scríofa i ndlí an Tiarna “Gan fireann dá n‑osclaíonn broinn nach ngairfear naofa don Tiarna de”) agus le híobairt a ofráil de réir a ndeir dlí an Tiarna, “dhá fhéarán bhreaca, nó dhá cholm óga.” Anois bhí fear ann in Iarúsailéim, arbh ainm dó Siméón, agus bʼfhíréanta cráifeach an fear é, agus é ag dréim le séan agus sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh air. Agus bhí an Spiorad Naomh dʼéis a nochtadh dó nach mblaisfeadh sé an bás go bhfeicfeadh sé an Críost a chuirfeadh an Tiarna uaidh. Agus tháinig sé isteach sa teampall faoi análú an Spioraid Naoimh; agus nuair a thug na tuismitheoirí an leanbh Íosa isteach, le déanamh dó de réir ghnás an dlí, thóg sé é ina bhachlainn agus thug adhradh do Dhia agus dúirt, “A Thiarna, is anois a cheadaíonn tú do do sheirbhíseach imeacht faoi shíocháin, de réir do bhriathair; mar tá mo shúile dʼéis do shlánú a fheiceáil, an slánú a réamhullmhaigh tú os comhair na gciníocha uile, an solas a thabharfadh eolas ort do na Gintlithe, agus an solas a bheadh ina ghlóir do do mhuintir Iosrael.” Agus bʼiontach lena athair agus lena mháthair an méid sin a dúradh faoi: agus bheannaigh Siméón iad agus dúirt sé le Muire a mháthair, “Féach, beidh an leanbh seo ina chúis titime agus éirithe ag mórán daoine in Iosrael, agus beidh sé ina chomhartha a bheas á cháineadh (agus rachaidh claíomh trí dʼanam féin freisin), ionas go nochtfaí na smaointe i mórán croíthe.” Agus bhí banfháidh ann, Anna iníon Phanuél, de threibh Aser; bhí aois mhór aici, ó mhair sí i gcuideachta a fir seacht mbliana ó bhí sí ina hógh, agus mhair sí ansin ina baintreach go raibh sí ceithre bliana agus ceithre fichid. Níor fhág sí an teampall, agus í ag adhradh Dé le troscadh agus le hurnaí lá agus oíche. Agus tháinig sí aníos chucu san uair sin agus thug sí buíochas do Dhia, agus labhair sí faoi leis an dream uile a bhí ag dréim le slánú Iarúsailéim. Agus nuair a bhí gach ní comhlíonta acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad go Galailí, go dtí a gcathair féin, Nasair. Agus dʼfhás an leanbh aníos go láidir tréan, agus é lán dʼeagna; agus bhí gnaoi ag Dia air. Anois bhí sé ina ghnás ag a thuismitheoirí dul suas go hIarúsailéim gach uile bhliain in am fhéile na Cásca. Agus nuair a bhí sé ina dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir an nóis; agus nuair a bhí comóradh na féile thart, agus iad ar a mbealach abhaile, dʼfhan an macaomh Íosa ina ndiaidh in Iarúsailéim. Níorbh fheasach sin dá thuismitheoirí, ach is amhlaidh a chuaigh siad aistear aon lae amháin, ag síleadh gur leis an gcuideachta é, agus iad á thóraíocht i measc a ndaoine muinteartha agus a lucht aitheantais; agus nuair a theip orthu a fháil, dʼfhill siad go hIarúsailéim ar a thuairisc. Agus nuair a bhí trí lá caite acu, tháinig siad air sa teampall, agus é ina shuí i measc na n‑oidí léinn, agus é ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna orthu; agus níl duine dár chuala é nach ndearna iontas ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. Agus bʼiontach leo a fheiceáil mar sin; agus is é a dúirt a mháthair leis, “A mhic, cad é sin atá déanta agat orainn? Féach mé féin agus dʼathair do do chuardach agus ár sá imní orainn.” Ach is é a dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do mo chuardach? An é nár thuig sibh go mba dhual athar dom bheith sa teach athartha?” Agus níor thuig siad an chaint sin a dúirt sé leo. Agus chuaigh sé síos leo go ndeachaigh go Nasair ina gcuideachta, agus dʼumhlaigh sé dóibh; agus is amhlaidh a choinnigh a mháthair cuimhne na nithe sin ina croí. Agus bhíodh Íosa ag méadú in eagnaíocht agus in airde, agus gnaoi Dé agus daoine air. Ba í an cúigiú bliain déag í de ríocht Thiberius Caesar agus bhí Pointias Píoláid ina uachtarán os cionn Iúdaea; agus Iorua ina theitrearch i nGalailí, agus a dheartháir Pilib ina theitrearch i gceantar Ituraía agus Traconítis, agus Lisánías ina theitrearch in Abiléne, agus Annas agus Caiaphas ina n‑ardsagairt, ba san am sin a tháinig briathar Dé chuig Eoin mac Shecaría san fhásach; agus shiúil sé an tír a bhí ar dhá thaobh Abhainn Iornáin, ag foilsiú baiste aithreachais le haghaidh maithiúnas peaca a fháil. Bhí sin mar atá scríofa i leabhar bhriathra Ísáia fáidh, “Glór an té a scairteas san fhásach: Ullmhaígí slí an Tiarna, déanaigí a chosáin díreach. Níl gleann nach líonfar, ná cnoc ná sliabh nach n‑ísleofar, ná cam nach ndíreofar, ná garbhshlí nach míneofar; agus níl duine ann nach bhfeicfidh slánú Dé.” Labhair sé mar sin an chaint seo leis na sluaite a chuaigh amach chuige go mbaisteadh sé iad, “A áil úd nathracha nimhe! Cé a thug de rabhadh daoibh teitheadh ón bhfearg atá le teacht? Tugaigí na torthaí is dual don aithrí, agus ná tosaígí ar a rá eadraibh féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia clann mhac Abrachaim a dhéanamh de na leaca cloiche seo. Agus cheana féin tá an tua á leagan ar fhréamhacha na gcrann; agus níl crann nach dtugann dea-thoradh uaidh, nach mbeidh á ghearradh anuas, agus á chaitheamh isteach sa tine.” Agus dʼfhiafraigh na sluaite de, “Má tá sin amhlaidh, cad é atá orainn a dhéanamh?” Agus ba é a fhreagra orthu, “An té a mbíonn dhá chóta aige, roinneadh sé leis an té atá gan chóta; agus an té a mbíonn bia aige, déanadh sé mar an gcéanna.” Agus tháinig bailitheoirí cánacha chuige dá mbaisteadh, agus dúirt siad leis, “A Oide ár múinte, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?” Agus is é a dúirt sé leo, “Ná bailígí thar a bhfuil leagtha amach daoibh.” Agus bhí saighdiúirí ann a dʼfhiafraigh de, “Cad é atá orainn a dhéanamh?” Agus dúirt sé leo, “Ná robálaigí aon duine le foréigean ná le dúmhál, agus bígí sásta le bhur dtuarastal.” Anois bhí na daoine ag féachaint go dúilmhear ar Eoin, agus gan fear ann nach raibh ag fiafraí de féin ina intinn, arbh fhéidir gurbh é an Críost é, thug Eoin freagra orthu uile go léir, “Ní bhímse do bhur mbaisteadh ach le huisce; ach tá sé ag teacht, an té is cumhachtaí i bhfad ná mise, nach fiú mé oiread agus iallacha a bhróg a scaoileadh; agus sin an té a dhéanfas bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Agus tá an dallán ina láimh aige leis an arbhar a cháitheadh, lena urlár buailte a ghlanadh, agus cruinneoidh sé an chruithneacht isteach ina iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine dho-mhúchta.” Ba mar sin a dʼfhoilsigh sé an nuacht áthasach don phobal, agus é á ngríosú le mórán ráite dá leithéid. Ach bhí casta aige le hIorua an teitrearch faoi Heródias, bean a dhearthár, agus faoina raibh déanta aige de mhíghníomhartha. Agus bhí Iorua le barr a chur ar na mhíghníomhartha sin uile, nuair a chuir sé Eoin i bpríosún. Anois, san am ar baisteadh na daoine uile, agus nuair a bhí Íosa é féin dʼéis a bhaistidh agus é ar an urnaí, osclaíodh flaitheas neimhe, agus thuirling an Spiorad Naomh air i riocht corportha, mar a bheadh colm ann, agus tháinig an glór ó neamh, “Is tú mo mhac ionúin; is leat atá mé sásta.” Agus nuair a thosaigh Íosa, bhí sé tuairim is tríocha bliain dʼaois, agus (mar a measadh) ba é mac Iósaif é, mac Héli, mac Mhatait, mac Lébhí, mac Mhalcí, mac Iannaí, mac Iósaif, mac Mhatatiais, mac Amois, mac Nahuim, mac Easlí, mac Naggai, mac Mháait, mac Mhatatiais, mac Shénáin, mac Ióseic, mac Ióda, mac Ióánain, mac Resa, mac Sherubabeil, mac Shéaltieil, mac Nérí, mac Mhelchí, mac Addí, mac Chosaim, mac Elmádaim, mac Eir, mac Iósua, mac Eliéseir, mac Iórim, mac Mhatait, mac Lébhí, mac Shiméóin, mac Iúda, mac Iósaif, mac Iónaim, mac Elíacim, mac Mhéleo, mac Mhenna, mac Mhátata, mac Natain, mac Dháibhí, mac Iesse, mac Óbeid, mac Bhoais, mac Shala, mac Náiseóin, mac Amínadaib, mac Admin, mac Arni, mac Hesroin, mac Phereis, mac Iúda, mac Iácóib, mac Íosóig, mac Abrachaim, mac Thera, mac Nahoir, mac Sherug, mac Réú, mac Pheleig, mac Ebeir, mac Shélá, mac Cháináin, mac Arfacsaid, mac Sheim, mac Naoi, mac Lameic, mac Mhetúsala, mac Enoic, mac Iareid, mac Mhachaléil, mac Cháináin, mac Enois, mac Sheit, mac Ádhaimh, mac Dé. Agus dʼfhill Íosa ón Iornán, agus é lán den Spiorad Naomh, agus bhí an Spiorad á stiúradh i rith daichead lá san fhásach, agus an diabhal ag cur cathuithe air. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta úd; agus is air a bhí an t‑ocras nuair a críochnaíodh iad. Is é a dúirt an diabhal leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh don chloch seo bheith ina harán.” Agus ba é freagra Íosa air, “Tá scríofa, ‘nach ar arán amháin a bheas an duine beo.’” Agus dʼardaigh an diabhal é, agus thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain i bhfaiteadh súile, go ndúirt leis, “Is duitse a thabharfaidh mé a gcumhacht siúd agus a nglóir siúd uile; mar is liom a taobhaíodh é agus a chead agam a bhronnadh ar mo rogha duine. Mar sin is leatsa é, ach tú adhradh agus ómós a thabhairt dom.” Agus dʼfhreagair Íosa é, “Tá sé scríofa, ‘Go dtabharfaidh tú adhradh do do Thiarna agus do do Dhia, agus gan seirbhís a dhéanamh ach dósan amháin.’” Agus thug sé leis é gur thug sé go hIarúsailéim é, agus chuir sé é ar bheann an teampaill, go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos as sin thú féin; mar tá sé scríofa, ‘Cuirfidh sé do chúram ar a aingil, le bheith do do choimeád,’ agus ‘Tógfaidh siad ar a mbosa thú, ar eagla go mbuailfeá do chos in éadan cloiche.’” Agus dʼfhreagair Íosa é, agus dúirt sé, “Tá sé ráite, ‘nach gcuirfidh tú cathú ar do Thiarna agus ar do Dhia.’” Agus nuair a bhí críoch curtha ar a chathuithe uile ag an diabhal, dʼimigh sé uaidh go dtí go bhfaigheadh sé faill eile air. Agus dʼfhill Íosa go Galailí i gcumhachtaí an Spioraid, agus chuaigh a iomrá ar fud na dúiche a bhí i dtimpeall. Agus theagascadh sé ina sionagóga, agus bhíodh an uile dhuine ag seinm a mholta. Agus tháinig sé go Nasair, an áit ar tógadh é; agus chuaigh sé chun na sionagóige lá na sabóide mar ba nós leis. Agus dʼéirigh sé ina sheasamh a léamh; agus ba é leabhar an fháidh Ísáia a tugadh dó. Dʼoscail sé an leabhar go bhfuair sé an áit a raibh sé scríofa, “Tá Spiorad an Tiarna orm, ós rud é gur ung sé mé le dea-scéal a fhoilsiú do na boicht. Gur chuir sé uaidh mé le fuascailt a fhógairt do na braighdeanaigh agus athghabháil amhairc do na daill, lena bhfuil faoi ansmacht a scaoileadh, le bliain iniarrtha an Tiarna a fhorfhógairt.” Agus dhruid sé an leabhar, agus thug sé ar ais don fhreastalaí é, agus shuigh sé faoi; agus bhí a raibh sa tsionagóg ag díriú a súl air. Agus thosaigh sé ar a rá leo, “Is inniu a comhlíonadh an Scrioptúr seo in bhur n‑éisteacht.” Agus níl duine nach raibh an dea-fhocal aige faoi, agus nach ndearna iontas faoi na briathra grásúla a bhí ar a bhéal; agus dúirt siad, “Nach é mac Iósaif é seo?” Agus ar seisean leo, “Níl amhras nach luafaidh sibh an seanfhocal seo liom, ‘Leigheas thú féin, a lia úd’; agus sibh á iarraidh orm, ‘Déan anseo i do thír féin an rud a chualamar a rinne tú i gCaparnáum.’” Agus dúirt sé leo, “Is fíor an ní é a deirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina thír dhúchais féin. Ach i bhfírinne deirim libh, gurbh iomaí sin baintreach a bhí in Iosrael i laethanta Elía, nuair a bhí na neamha dúnta i rith trí bliana agus sé mhí, agus a tháinig gorta mór ar fud na tíre; ach ní chuig bean ar bith acu siúd a cuireadh Elía, ach chuig baintreach mná i Sarepad i dtír Shiodóin. Agus bʼiomaí sin lobhar a bhí in Iosrael in am an fháidh Elíseá; ach lobhar acu níor glanadh, ach Naaman an Síreach amháin.” Ní luaithe a chuala siad sin, ná chuaigh a raibh sa tsionagóg ar an daoraidh. Agus dʼéirigh siad ar an toirt á shá as an gcathair, agus thug leo é go bruach an chnoic ar ar tógadh a gcathair, lena chaitheamh síos i mullach a chinn. Ach ní dhearna sé ach siúl tríothu agus uathu. Agus chuaigh sé síos go Caparnáum, cathair de chathracha Ghalailí. Agus bhí sé á dteagasc ar an tsabóid; agus chuir a theagasc iontas orthu, mar bʼúdarásach a bhriathar. Agus bhí fear sa tsionagóg a raibh sprid deamhain neamhghlain ann; agus ghlaoigh sé in ard a chinn, “Ochón! Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Íosa Nasara? An dár milleadh a tháinig tú? Nach feasach dom cé tú féin, Neach naofa Dé.” Ach bhagair Íosa air, agus ar seisean, “Bí i do thost, agus tar amach!” Agus chaith an deamhan ar lár é i measc an tslua, agus tháinig sé amach as, gan dochar a dhéanamh dó. Agus bhí iontas agus uafás orthu uile go léir, agus dúirt siad le chéile, “Cad é an sórt briathair é seo? Mar ordaíonn sé go húdarásach cumhachtach do na spridí neamhghlana, agus tagann siad amach.” Agus chuaigh an t‑iomrá faoi amach i ngach uile áit sa cheantar thart timpeall. Agus dʼéirigh sé agus dʼfhág sé an tsionagóg agus chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Anois bhí máthair chéile Shíomóin breoite agus ualach trom fiabhrais uirthi, agus chuir siad iarratas air ina taobh. Agus sheas sé os a cionn, agus bhagair sé ar an bhfiabhras, agus dʼfhág sé í; agus dʼéirigh sí ansin gan mhoill agus rinne freastal orthu. Anois nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, thug siad chuige a raibh breoite acu dʼaicídí ilchineálacha; agus leag sé a lámha ar an uile dhuine acu agus leigheas sé iad. Agus tháinig na deamhain amach as mórán acu, agus iad ag glaoch os ard, “Is tú Mac Dé!” Ach is amhlaidh a bhagair sé orthu agus níor lig dóibh labhairt, as siocair gur aithin siad gurbh é an Críost é. Agus nuair a bhí sé ina neart lae dʼimigh sé leis go ndeachaigh go háit fhásúil gan áitreabh. Agus chuaigh na daoine ar a lorg agus tháinig siad go dtí é, agus mian orthu gan ligean dó imeacht uathu; ach is é a dúirt sé leo, “Caithfidh mé dea-scéala ríocht Dé a fhoilsiú do na cathracha eile freisin; mar is le sin a dhéanamh a cuireadh chugaibh mé.” Agus bhí sé ag seanmóireacht i sionagóga Iúdaea. Bhí sé ina sheasamh lá ar imeall Loch Genésaret, agus na daoine á bhrú le briathar Dé a chluinstin. Agus chonaic sé dhá bhád ar bhruach an locha; ach bhí na hiascairí imithe astu agus iad ag ní a líonta. Chuaigh sé isteach ansin i mbád acu a bhí le Síomón, agus dʼiarr sé air cur amach giota ón talamh. Shuigh sé ansin agus theagasc sé na daoine ón mbád. Agus nuair a bhí deireadh ráite aige, dúirt sé le Síomón, “Cuir amach ar an doimhneacht, agus ligigí síos bhur líonta le gabháil.” Agus dʼfhreagair Síomón, “A Mháistir, táimid i ndiaidh bheith ag obair go crua i rith na hoíche aréir agus gan aon ní a ghabháil! Ach ó fuair mé gaoth an fhocail uait ligfidh mé síos na líonta.” Ní luaithe a bhí sin déanta acu ná thimpeallaigh siad scoil mhór éisc; agus ó bhí a líonta siúd ag briseadh, bhagair siad ar fhoireann an bháid eile a bhí i gcomhar leo teacht a chuidiú leo. Agus tháinig siad agus líon siad an dá bhád, ionas gur thosaigh siad ar dhul síos san uisce. Ach nuair a chonaic Síomón Peadar sin, thit sé síos ag glúine Íosa, agus é á rá, “Imigh uaim, mar is peacúil an duine mé, a Thiarna.” Mar bhí iontas agus uafás air, agus ar a raibh leis, faoin ngabháil éisc a bhí glactha acu; agus bʼamhlaidh do Shéamas agus dʼEoin, mic Shebidé, a bhí i gcomhar le Síomón, agus dúirt Íosa le Síomón, “Ná bíodh eagla ort; as seo amach beidh tú ag gabháil fear.” Agus nuair a bhí a mbáid tugtha chun tíre acu, dʼfhág siad an t‑iomlán agus lean siad é. Nuair a bhí sé i gcathair de na cathracha, tháinig chuige fear lomlán de lobhra; agus ní luaithe a chonaic sé Íosa ná thit sé ar a bhéal roimhe gur iarr dʼimpí air, “A Thiarna,” ar seisean, “is féidir leat mé a dhéanamh glan má thoilíonn tú é.” Agus shín Íosa amach a lámh, gur leag air í, á rá, “Toilím é; bí tusa glan.” Agus dʼfhág an lobhra é ar an nóiméad. Agus thug sé rabhadh dó gan a insint dʼaon duine; ach “imigh,” ar sé, “agus taispeáin thú féin don sagart, agus déan íobairt ar son do ghlanta, mar dʼordaigh Maois, mar chruthú do na daoine.” Ach ina dhiaidh sin agus uile ba mhó a leathnaigh an t‑iomrá air; agus chruinnigh sluaite móra chuige ionas go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna n‑easláintí iad. Ach is é rud, chuaigh seisean i leataobh ar an bhfásach go ndearna sé urnaí. Agus nuair a bhí sé ag teagasc, lá de na laethanta úd, bhí Fairiséigh agus lucht theagasc an dlí ina suí ina chomhair, a tháinig as gach baile i nGalailí agus in Iúdaea agus as Iarúsailéim; agus bhí cumhacht Dé leis le leigheas. Agus féach, bhí fir ag iompar fir, a raibh an phairilis air, ar leaba, agus bhí siad ag iarraidh é a thabhairt isteach agus a ligean síos os comhair Íosa; ach nuair nach bhfuair siad aon chaoi lena thabhairt isteach, as siocair an tslua, chuaigh siad suas ar cheann an tí gur lig tríd na leacáin é féin agus a leaba síos i gceartlár an tí os coinne Íosa. Agus nuair a chonaic sé a gcreideamhsan ar seisean, “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.” Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chaitheamh amhrais air, agus iad á rá, “Cé hé sin atá ag labhairt go diamhaslach? Cé hé ar féidir leis na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?” Nuair a mhothaigh Íosa iad ag caitheamh amhrais air, thug sé an freagra seo orthu, “Cad chuige daoibh bheith amhrasach in bhur n‑intinn? Cé acu is éasca a rá, ‘Tá do pheacaí maite duit,’ nó a rá, ‘Éirigh agus siúl romhat?’ Ach tabharfaidh mise le fios daoibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis an bpeaca a mhaitheamh”—agus leis sin ar seisean leis an bhfear a raibh an phairilis air—“Deirim leat é, éirigh, tóg ort do leaba, agus imigh abhaile.” Agus ar an nóiméad dʼéirigh sé ar a chosa os comhair an iomláin acu, agus thóg sé a raibh sé ina luí air, agus shiúil leis abhaile, agus é ag glóiriú Dé. Agus thit iontas orthu uile, agus thug siad glóir do Dhia agus bhí uafás mór orthu, agus dúirt siad, “Is sinne a chonaic na hiontais inniu.” Chuaigh sé amach ina dhiaidh sin, agus chonaic sé bailitheoir cánacha, darbh ainm Lébhí, ina shuí in oifig an chustaim; agus dúirt sé leis, “Lean mise.” Agus dʼfhág sé a raibh aige, agus dʼéirigh sé agus lean sé é. Agus rinne Lébhí féasta mór dó ina theach; agus bhí buíon mhór de bhailitheoirí cánacha agus de dhaoine eile ina suí leo os cionn bia. Agus rinne na Fairiséigh agus a scríobhaithesean casaoid in aghaidh a dheisceabal, agus dúirt siad, “Cad chuige daoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuideachta lucht bailithe cánacha agus drochdhaoine?” Agus dʼfhreagair Íosa iad, “Ní bhíonn feidhm dhochtúra ar an dream atá ar fónamh, ach ar na daoine atá breoite; níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh le haithrí a dhéanamh.” Agus dúirt siad leis, “Bíonn deisceabail Eoin go minic ag troscadh agus ag déanamh urnaí, agus mar an gcéanna do dheisceabail na bhFairiséach, ach bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól.” Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le duine tabhairt ar lucht na bainise troscadh chomh fada agus atá an fear nuaphósta ina gcuideachta? Ach tiocfaidh na laethanta a dtógfar an fear nuaphósta uathu, agus is ansin, sna laethanta úd, a dhéanfas siad troscadh.” Dʼinis sé fáithscéal dóibh freisin: “Ní stróiceann aon duine píosa as éadach nua go gcuireann é ar sheanéadach; mar má dhéanann sé amhlaidh, ní dhéanfaidh sé ach an t‑éadach nua a stróiceadh, agus gan an píosa as an éadach nua ag cur leis an seanéadach. Agus ní chuireann duine ar bith fíon nua isteach i seanseithí; mar má dhéanann, réabfaidh an fíon nua na seithí agus doirtfear é, agus millfear na seithí. Ach caithfear fíon nua a chur i seithí nua. Agus an té atá dʼéis seanfhíon a ól, ní bhíonn dúil aige i bhfíon nua; mar deir sé, ‘Tá an seanfhíon ar fheabhas.’” Tharla dó bheith ag siúl na curaíochta lá na sabóide, agus bhain a dheisceabail na diasa agus dʼith siad iad, á mbrú idir a lámha. Ach dúirt cuid de na Fairiséigh leis, “Cad chuige daoibh ní a dhéanamh nach dlisteanach lá na sabóide?” Agus is é a dúirt Íosa á bhfreagairt, “An é nach bhfuil sin léite agaibh, an ní a rinne Dáibhí nuair a bhí an t‑ocras air féin agus ar a lucht leanúna: nach ndeachaigh sé isteach i dteach Dé gur rug ar arán na toirbhirte, gur ith é, é féin, agus gur thug é don dream a bhí leis? Agus níl sé ceadaithe ach do na sagairt amháin an t‑arán sin a ithe.” Agus ar seisean leo, “Tá Mac an duine ina thiarna os cionn na sabóide.” Tharla dó sabóid eile dul isteach sa tsionagóg agus bheith ag teagasc, agus bhí fear ansin a raibh leathlámh sheargtha air. Agus bhí na scríobhaithe agus na Fairiséigh a choimeád go bhfeicfidís an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go mbeadh cúis acu lena cur ina leith. Ach bhí a fhios aige féin cé hiad na smaointe a bhí ina n‑intinn, agus dúirt sé leis an bhfear a raibh an leathlámh sheargtha air, “Éirigh i do sheasamh agus seas amach i lár an tí.” Agus dʼéirigh sé agus sheas sé. Agus dúirt Íosa leo, “Is í an cheist a chuirim oraibh, cé acu den dá ní sin is ceadmhach lá na sabóide, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh, beo duine a tharrtháil nó bás duine a thabhairt?” Agus dʼamharc sé orthu uile as éadan, agus dúirt sé leis sin, “Sín amach do lámh.” Agus rinne seisean amhlaidh, agus leigheasadh a lámh. Ach chuaigh siadsan ar buile, agus thosaigh siad ar dhíospóireacht le chéile faoi cad é a dhéanfaidís dʼíosa. Lá de na laethanta úd chuaigh sé amach faoi na sléibhte a dhéanamh urnaí, agus chaith sé an oíche ar fad ag guí Dé. Ansin nuair a tháinig an lá, ghlaoigh sé a dheisceabail chuige, agus thogh sé dáréag amach astu, ar thug sé aspail orthu; Síomón, ar thug sé Peadar air freisin, agus Aindrias a dheartháir, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib, agus Parthalón, agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeus, agus Síomón an díograiseoir, agus Iúdás mac Shéamais, agus Iúdás Iscariót, an té a dʼéirigh amach ina fhealltóir. Agus tháinig sé anuas leo gur sheas in áit réidh, é féin agus slua mór dá dheisceabail agus dream mór daoine as gach áit in Iúdaea agus in Iarúsailéim agus as cóstaí Thiora agus Shiodóin, a tháinig chun go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna mbreoiteachtaí iad; agus leigheasadh na daoine a raibh spridí neamhghlana á mbuaireamh. Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh lámh a leagan air, mar thagadh cumhacht as a leigheasadh iad uile. Agus dʼardaigh sé féin a shúile a amharc ar a dheisceabail, go ndúirt: “Is beannaithe sibhse, a bhochta, ós libhse ríocht Dé. “Is beannaithe sibhse a bhfuil ocras oraibh anois, mar gheobhaidh sibh bhur sá. “Is beannaithe sibh atá ag caoineadh anois, mar beidh sibh ag gáire. “Is beannaithe sibh nuair a bhíos fuath ag daoine oraibh, agus nuair a dhiúltaíos siad daoibh agus nuair a labhraíos siad olc fúibh, agus nuair a shéanas siad bhur n‑ainm go drochmheasúil mar mhaithe le Mac an duine! Bíodh lúcháir oraibh sa lá úd, agus léimigí le háthas, mar féachaigí, is mór é bhur luach saothair ar neamh; mar is ar an nós ceannann céanna a dhéanadh a n‑aithreachasan géarleanúint ar na fáithe. “Ach is mairg daoibh atá saibhir, mar tá bhur gcuid den sólás agaibh cheana féin. “Is mairg daoibh atá sách anois, mar beidh an t‑ocras oraibh. “Is mairg daoibh atá ag gáire anois, mar beidh sibh ag déanamh bróin agus ag sileadh deor. “Is mairg daoibh nuair nach mbíonn ach an dea-fhocal ag na daoine uile oraibh, mar is amhlaidh a bhíodh a n‑aithreacha siúd le fáithe bréige. “Ach deirim é seo libh, an méid atá ag éisteacht liom, Tugaigí grá do bhur naimhde, déanaigí an mhaith do lucht bhur bhfuatha, beannaígí an dream a chuireas a mallacht oraibh, déanaigí urnaí ar son an dreama a bhíos ag fonóid oraibh. Nuair a thugann duine buille boise duit ar an leiceann, tabhair an leiceann eile dó freisin; agus ná ceil do léine ar an té a thógas dʼfhallaing uait. Tabhair uait don uile dhuine a iarras ort; agus ná hiarr ar an té a bheireas a bhfuil agat uait é a thabhairt ar ais. Déanaigí leis na daoine go díreach mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh. “Mar má thugann sibh grá don dream a ghráíos sibh, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh? Nach ngráíonn na peacaigh féin an dream a ghráíos iad? Agus má dhéanann sibh maith don dream a dhéanas maith daoibh, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh ansin? Nach mbíonn na peacaigh ag déanamh an rud céanna? Agus má thugann sibh iasachtaí don dream a bhfuil sibh ag súil le ní a fháil uathu, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh ann? Nach dtugann peacaigh iasachtaí do pheacaigh ionas go bhfaighidh siad a gceart. Ach bíodh grá agaibhse do bhur naimhde, agus déanaigí an mhaith, agus tugaigí ar iasacht gan súil le haon ní a fháil ar ais; agus is mór an luach saothair a bheas agaibh, agus sibh in bhur gclann mhac ag an Té is Airde; an Té sin a bhíos go maith do lucht an mhíbhuíochais agus an oilc. Bígíse trócaireach, mar atá bhur nAthairse trócaireach. “Ná tugaigí breith, agus ní thabharfar breith oraibh; ná daoraigí aon duine, agus ní dhaorfar sibhse; tugaigí maithiúnas, agus maithfear daoibh; tugaigí uaibh, agus tabharfar daoibh; roinn fhial fhlaithiúil, a dhingfear agus a chroithfear go gcuire sé thar bhruacha, a dhoirtfear isteach in bhur n‑ucht. Mar tomhaisfear chugaibh de réir an tomhais a thugann sibh uaibh.” Agus dʼaithris sé fáithscéal dóibh: “An féidir le dall eolas a dhéanamh do dhall? Nach dtitfidh siad araon isteach i bpoll? Níl an foghlaimeoir os cionn a oide, ach an té a bhfuil an t‑iomlán foghlamtha aige bíonn sé ar aon dul lena oide. Cad chuige ar léir duit an dúradán atá i súil do dhearthár, agus nach bhfuil aird agat ar an tsail atá i do shúil féin? Cad é mar fhéadann tú a rá le do dheartháir, ‘A dheartháir, lig dom an dúradán a bhaint as do shúilse,’ nuair nach bhfeiceann tú go bhfuil sail i do shúil féin? A fhimínigh, ardaigh an chéad uair an tsail amach as do shúil féin, agus ansin beidh an t‑amharc glan agat leis an dúradán a bhaint as súil do dhearthár. “Mar ní bhíonn dea-chrann ann a thugas drochthoradh, nó drochchrann ann a thugas dea-thoradh; mar aithnítear crann ar a thoradh féin. Ní bhaintear figí ó sceacha, ná caora fíniúna ó dhriseoga. Tugann an dea-dhuine an dea-rud amach ón dea-stór atá aige ina chroí istigh, agus tugann an drochdhuine an drochrud amach ón olc atá ann istigh; mar labhraíonn a bhéal ar an ní a líonas a chroí. “Cad chuige a nglaonn sibh Tiarna díom agus a ndeir sibh ‘A Thiarna’ liom, nuair nach ndéanann sibh mar a deirim libh? Ach inseoidh mé daoibh cad é a bhfuil sé cosúil leis, an té sin a éisteas le mo bhriathra agus a chuireas i ngníomh iad: is cosúil é le fear a bhí ag tógáil tí, a thochail go domhain, agus a leag an chloch bhuin ar an gcarraig; agus nuair a dʼéirigh an díle, tháinig an tuile thar an teach úd, ach níor fhéad sí corraí a bhaint as ó bhí sé tógtha go maith. Ach an té sin a éisteas agus nach gcuireann i ngníomh é, is cosúil é le fear a thóg teach ar an talamh gan bhun gan dúshraith, agus ar tháinig an tuile díleann air, gur thit sé as a chéile ar an toirt, agus ba mhór é briseadh an tí úd.” Ansin nuair a bhí a ráite uile éiste ag an slua shiúil sé leis isteach i gCaparnáum. Agus bhí ceantúir ansin a raibh mogha aige ba dhílis lena chroí, agus bhí an mogha breoite agus i mbéala báis. Nuair a chuala sé faoi Íosa, chuir sé daoine chuige de sheanóirí na nGiúdach, á iarraidh air teacht agus an mogha sin aige a leigheas. Agus nuair a tháinig siad chuig Íosa, dʼiarr siad achainí air, agus dúirt siad, “Is maith is fiú é go ndéanfá an méid sin dó, mar tá dámh aige dár gcine-ne, agus is é a thóg ár sionagógna dúinn.” Agus chuaigh Íosa leo. Ach nuair a bhí sé tamall ón teach, chuir an ceantúir cuid dá chairdesean chuige, a dúirt leis, “A Thiarna, ná cuirigí an saothar seo oraibh féin, mar ní fiú mé go dtiocfadh sibh faoi mo dhíon; agus sin é an fáth nach raibh sé de dhánaíocht agam teacht chugaibh. Ach ná déanaigí ach an focal a rá, agus leigheasfar mo sheirbhíseach. Mar is duine mé féin a mbíonn cinn urra os mo chionn, agus a mbíonn saighdiúirí fúmsa; agus deirim le saighdiúir amháin, ‘Imigh,’ agus imíonn sé leis; agus deirim le saighdiúir eile, ‘Tar,’ agus tagann sé chugam; agus deirim le mo mhogha, ‘Déan seo,’ agus déanann sé amhlaidh.” Nuair a chuala Íosa na briathra sin rinne sé iontas den té a dúirt iad, agus thiontaigh sé thart go ndúirt leis an slua a bhí á leanúint, “Tá mise á insint daoibh nach bhfuair mé riamh creideamh chomh mór leis sin, in Iosrael féin.” Agus nuair a dʼfhill na teachtairí ar an teach, chonaic siad go raibh an mogha leigheasta. Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí cathair a raibh Náín mar ainm uirthi, agus bhí a dheisceabail agus slua mór daoine ina chuideachta. Nuair a bhí sé féin ag druidim le geata na cathrach, bʼshiúd fear a bhí i ndiaidh bás a fháil á iompar amach, an t‑aon mhac amháin a bhí ag a mháthair, a bhí ina baintreach mhná; agus bhí slua mór de lucht na cathrach á comóradh. Agus nuair a chonaic an Tiarna í, thug sé trua di, agus dúirt léi, “Ná bí ag caoineadh.” Agus tháinig sé gur leag sé a lámh ar an gcróchar, agus sheas na fir a bhí á iompar. Agus dúirt sé. “A óigfhir, deirim leat, éirigh.” Agus dʼéirigh an marbhán ina shuí, agus chuaigh a chaint. Agus thug Íosa i lámha a mháthar é. Thit eagla orthu uile go léir; agus thug siad glóir do Dhia, agus é á rá acu, “Tá mórfháidh dʼéis éirí eadrainn,” agus, “Tá Dia i ndiaidh dearcadh ar a dhaoine féin.” Agus leathnaigh an t‑iomrá faoi ar fud Iúdaea agus na ndúichí uile ina thimpeall. Dʼinis deisceabail Eoin na nithe sin uile dʼEoin. Agus ghlaoigh Eoin ar bheirt dá dheisceabail gur chuir chuig an Tiarna iad leis an teachtaireacht seo, “An tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?” Agus nuair a tháinig na fir chuige, dúirt siad, “Chuir Eoin Baiste chugat sinn, á rá, ‘An Tú an té atá le teacht, nó an bhfuilimid ag feitheamh le duine eile?’” Agus in alt na huaire úd leigheas sé mórán daoine ó aicídí agus ó phlánna agus ó dhrochdheamhain, agus thug sé an radharc do mhórán mór de dhaill. Agus ba é an freagra a thug sé orthu, “Imígí agus insígí dʼEoin an méid a chonaic sibh agus a chuala sibh: na daill a fhaigheas a radharc, na bacaigh atá ag siúl, na lobhair atá glanta, na marbháin atá á dtógáil as an uaigh, agus an dea-scéal atá á sheanmóireacht do na bochtáin. Agus is beannaithe nach nglacann scannal liomsa.” Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe ar shiúl, chuaigh sé ag caint leis na sluaite i dtaobh Eoin: “Cad é an fáth a ndeachaigh sibh amach ar an bhfásach? An le hamharc ar ghiolcach á séideadh le gaoth? Ach cad é a chonaic sibh nuair a chuaigh sibh amach? An fear é a raibh éadaí míne air? Ach an dream úd a bhíos gléasta go galánta is i gcúirteanna ríthe a mhaireann siad siúd. Cé mar sin arbh fhiú daoibh dul a fhéachaint air? An fáidh é a bhí ann? Deirim libh gurb ea, agus gur mó arís ná fáidh é. Mar is é sin an té a bhfuil sé scríofa faoi, ‘Siúd mé ag cur mo theachtaire ar do bhéala, an té a réiteos do shlí romhat.’ Agus tá mise ag insint daoibh nach raibh aon mhac ag aon mháthair riamh ba mhó ná Eoin; ach ní fhágann sin nach mó ná é an té is lú i ríocht Dé.” (Agus dʼadmhaigh na daoine uile, go fiú bailitheoirí na gcánacha, a bhí i ndiaidh an chaint sin a chluinstin uaidh nach raibh Dia ach ag baint a cheart amach orthu agus iad á mbaisteadh le baiste Eoin; ach na Fairiséigh agus na scríobhaithe, ba iad an dream nach ngéillfeadh do dhea-thoil Dé agus nár lig dʼEoin a mbaisteadh). “Ach cad é an tsamhail a thugaim don ghlúin seo fear, agus cad é an chosúlacht atá orthu? Is cosúil iad le páistí óga ina suí i sráid an mhargaidh agus iad ag glaoch ar a chéile. ‘Rinneamar portaíocht daoibh agus ní dheachaigh sibh a dhamhsa, chuamar a chaoineadh daoibh agus ní dhearna sibh mairgneach.’ “Mar tháinig Eoin Baiste a bhí gan arán a ithe ná fíon a ól, agus deir sibh, ‘Tá drochdheamhan ina chorp.’ Tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh, ‘Seo pótaire craosach, comrádaí bailitheoirí cánacha agus peacach drúiseach!’ Ach ní fhágann sin nach dtugann clann na heagna uile go léir a ceart don eagna ar di iad, is cuma cé hiad.” Bhí duine de na Fairiséigh i ndiaidh cuireadh a thabhairt dó le béile a chaitheamh leis, agus chuaigh sé isteach i dteach an Fhairiséigh gur shuigh ag bord ann. Agus siúd bean as an gcathair, a bhí ina peacach mór, a chuala faoina bheith ina shuí ag bord i dteach an Fhairiséigh, a thug crúiscín alabastair lán dʼuinnimint léi, agus a sheas ar a chúl mar a raibh a chosa sínte, agus a thosaigh ar fhliuchadh a chos lena deora, agus ar a dtriomú le gruaig a cinn, agus a phóg a chosa ansin, agus chuir sí an uinnimint orthu. Ansin nuair a chonaic an Fairiséach a thug an cuireadh dó an méid sin, dúirt sé ina intinn leis féin, “Dá mba fháidh é an duine seo, dʼaithneodh sé cé hí agus cad é an sórt mná atá inti sin atá ag leagan láimhe air, mar is mór an peacach í.” Ach dúirt Íosa leis ag tabhairt freagra air, “A Shíomóin, cogar mé seo leat.” Agus dʼfhreagair seisean, “Cad é an rud é, a Oide?” “Bhí fear ann am amháin a raibh fiacha amuigh aige ar bheirt, duine acu a raibh cúig chéad déanar aige air, agus duine eile nach raibh aige air ach deich agus dhá scór. Nuair nár fhéad siad a n‑íoc, mhaith sé a bhfiacha don bheirt acu. Cé acu anois a thabharfaidh an grá is mó dó?” Dʼfhreagair Síomón, “An té sin, is dóigh liom, ar mhaith sé an chuid ba mhó dó.” Agus dúirt sé leis, “Is ceart an bhreith atá tugtha agat.” Thiontaigh sé ansin chuig an mbean agus ar seisean le Síomón, “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mise chun tí agat, agus níor thug tú aon uisce dom le haghaidh mo chos, ach nigh sise mo chosa lena deora agus chuimil iad le gruaig a cinn á dtriomú. Níor thug tusa aon phóg dom, ach ó tháinig mise isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos. Níor chuir tú aon ola ar mo cheann á ungadh ach tá mo chosa ungtha aici seo le huinnimint. Dá bhrí sin tá mise á insint duit, go bhfuil a cuid peacaí dá liacht iad maite di ar liacht a grá; ach an té a maitear an beagán dó, ní bhíonn aige ach beagán grá.” Agus dúirt sé léi, “Tá do pheacaí maite duit.” Agus thosaigh an dream a bhí ag aon bhord leis ar a rá le chéile, “Cé sin, a dtagann leis go fiú peacaí a mhaitheamh?” Agus dúirt sé leis an mbean, “Shlánaigh do chreideamh thú; imigh leat i síocháin.” Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé ar aghaidh leis tríd na cathracha agus na bailte beaga, agus é ag seanmóireacht agus ag tabhairt dea-scéal ríocht Dé chucu. Agus bhí an dáréag ina chuideachta, agus dornán ban a leigheasadh ó dhrochdheamhain agus ó aicídí: Muire, ar tugadh Maghdaléanach uirthi, ar dibríodh seacht ndeamhan aisti, agus Ióánna bean Chúsa, báille Iorua, agus Súsanna, agus mórán eile, ag soláthar dóibh as a raibh acu. Agus nuair a chruinnigh mórshlua le chéile, agus nuair a bhí daoine ag teacht chuige as gach baile dʼéis a chéile, dúirt sé i bhfáithscéal: “Síoladóir a chuaigh amach a chur síl; agus nuair a bhí sé á chur, thit cuid de ar fud an chosáin, agus bhíothas ag gabháil de chosa air, agus bhíodh éanlaith an aeir á shlogadh. Agus thit cuid de ar an gcarraig; agus níl cuid dár fhás nár fheoigh as ó nach raibh a shá uisce aige. Agus thit cuid de i measc na ndriseog; agus dʼfhás na driseoga aníos ina chuideachta gur thacht siad é. Agus thit cuid de in ithir mhaith gur tháinig fás faoi, agus gur thug sé a chéad oiread.” Agus nuair a bhí sin ráite aige dúirt sé in ard a chinn, “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.” Agus nuair a dʼfhiafraigh a dheisceabail de cad é ba chiall don fháithscéal sin, ar seisean, “Is daoibhse a deonaíodh fios rúndiamhra ríocht Dé; ach níl sin le fáil ag an gcuid eile acu ach go fáithchiallach, ionas go bhfeice siad gan a fheiceáil, agus go gcluine siad gan a thuiscint. Anois is mar seo atá an fáithscéal: Is é an síol briathar Dé. An chuid atá ar fud an chosáin is é sin an dream a éisteas; agus tagann an diabhal ansin go mbaineann an briathar amach as a gcroíthe ionas nach gcreide siad agus nach slánófar iad. Agus an chuid atá ar an gcarraig, sin an dream a ghabhas go háthasach leis an mbriathar chomh luath agus a chluineas siad é; ach níl an fhréamh acu siúd, ní mhaireann a gcreideamhsan ach seal, ach loiceann siad in am an chathaithe. Agus an méid a thit i measc na ndriseog, sin an dream a éisteas, ach nuair a théann siad ar aghaidh tachtann imní agus saibhreas agus pléisiúir an tsaoil seo iad, agus ní aibíonn a dtoradhsan. Agus maidir leis an méid atá in ithir mhaith, is é sin an dream a chluineas an briathar agus a mbíonn greim docht acu air go hionraic dea-chroíoch, agus a thugas toradh de bharr a bhfoighne. “Ní gnách le haon duine, nuair a bhíonn an lampa lasta aige, a dhalladh le soitheach, nó a chur faoin leaba, is ar sheastán a chuireas sé é, ionas go mbí an solas le feiceáil ag a dtagann chun an tí. Mar ní chuirtear ní i bhfolach nach nochtfar, mar níl rún ann nach mbeidh ar eolas agus nach bhfionnfar. Tugaigí aird mar sin cad é mar éisteann sibh; mar cuirfear ní leis an té a bhfuil aige, agus bainfear an ní a shíleas sé atá aige den té sin féin nach bhfuil ní aige.” Ba ansin a tháinig a mháthair agus a dheartháireacha chuige, ach níor fhéad siad a shroicheadh de bharr an tslua. Agus insíodh dó, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha ina seasamh amuigh, ag iarraidh teacht ar dʼamharc.” Ach is é a dúirt sé leo, “An dream a chluineas briathar Dé agus a chuireas i ngníomh é, is iad mo mháthair agus mo dheartháireacha iad.” Aon lá amháin chuaigh sé ar bhád é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo, “Téimis go dtí an taobh thall den loch.” Dʼimigh siad leo mar sin, agus ar a luas agus a sheol siad thit a chodladh air. Agus tháinig doineann ghaoithe anuas ar an loch, agus bhí an bád á líonadh le huisce agus contúirt orthu. Agus chuaigh siad gur mhúscail siad é á rá leis, “A Mháistir, a Mháistir, táimid caillte!” Agus mhúscail sé agus bhagair sé ar an ngaoth agus ar na tonnta tréana; agus stad siad agus bhí ciúnas ann. Agus ar seisean leo, “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Agus bhí eagla orthu, agus rinne siad iontas de, á rá le chéile, “Cé an sórt duine é seo, go n‑ordaíonn sé go fiú don ghaoth agus don uisce, agus go n‑umhlaíonn siad dó?” Ba ansin a shroich siad tír na nGeraséanach, atá thall os comhair Ghalailí. Agus ní raibh sé ach ag cur a chos ar an talamh nuair a tháinig fear ón gcathair ina airicis a raibh deamhain ann; bʼfhada ó chaith sé éadaí, agus ní i dteach a bhí a chónaí ach i measc na dtuamaí. Nuair a chonaic sé Íosa, lig sé béic as agus thit sé ar a bhéal roimhe, agus dúirt sé in ard a chinn, “Cad é an bhaint atá agat liom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Mar achainí ort é, ná bí do mo chéasadh.” Mar bhí ordaithe aige don sprid neamhghlan teacht amach as an bhfear. (Ba mhinic dó breith air; agus coinníodh faoi choimeád é, agus ceanglaíodh i slabhraí agus i ngeimhle é, ach bhriseadh sé an ceangal agus thiomáineadh an deamhan amach ar an bhfásach é.) Dʼfhiafraigh Íosa de ansin, “Cad é an t‑ainm atá ort?” Agus dʼfhreagair sé “Léigiún”; mar bʼiomaí sin deamhan a bhí i ndiaidh dul isteach ann. Agus dʼiarr na deamhain mar achainí ar Íosa gan a ordú dóibh dul amach sa duibheagán mór. Anois bhí tréad mór muc ag innilt ansin ar shleas an chnoic; agus chuir siad a n‑impí air ligean dóibh dul isteach iontu siúd. Agus thug sé an cead sin dóibh. Dʼimigh na deamhain ansin amach as an bhfear agus isteach sna muca, agus rith an tréad síos le fána amach sa loch gur bádh an t‑iomlán acu. Nuair a chonaic na tréadaithe ar tharla, theith siad leo, agus dʼinis an scéal sa chathair agus sa limistéar tíre. Chuaigh daoine amach ansin go bhfeicfidís cad é a tharla, agus tháinig go dtí Íosa, go bhfuair siad an fear ar imigh na deamhain as, ina shuí ag cosa Íosa, agus é ina mheabhair agus éadaí air; agus bhí eagla orthu. Agus dʼinis an dream a chonaic lena súile é faoi cad é mar leigheasadh an té a raibh na deamhain ann. Ba ansin a dʼiarr lucht limistéar na nGeraséanach dʼimpí air bheith ag imeacht uathu; mar bhí greim mór ag an eagla orthu; agus dá thairbhe sin chuaigh sé isteach arís sa bhád le filleadh. Ach dʼiarr an fear a raibh na deamhain ann air ligean dó bheith leis; ach chuir sé uaidh é á rá, “Fill ar do theaghlach féin, agus foilsigh a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus dʼimigh sé leis ag fógairt ar fud na cathrach uile a ndearna Íosa dó. Anois nuair a dʼfhill Íosa, bhí fáilte ag an slua roimhe, ó bhí siad uile ag feitheamh leis. Agus tháinig fear a raibh Iárus mar ainm air, a bhí ina rialtóir sionagóige; agus thit sé ag cosa Íosa ag cur impí air teacht chun a thí, mar ní raibh aige ach an t‑aon iníon amháin, a bhí thart ar dhá bhliain déag dʼaois, agus bhí sí i mbéala báis. Sa siúl dó, bhí na daoine ag brú air. Agus bhí bean ansin a raibh rith fola uirthi dhá bhliain déag agus nár fhéad aon duine a leigheas, tháinig sise aníos ó lorg a chúil, gur bhain a lámh dʼimeall a éadaí; agus ní luaithe a bhí sin déanta aici ná coisceadh rith a fola. Agus dúirt Íosa, “Cé hé sin a bhain liom?” Nuair a shéan siad uile go léir, dúirt Peadar leis, “A Mháistir, tá na sluaite do do timpeallú agus ag brú ort!” Ach dúirt Íosa, “Leag duine éigin lámh orm; mar mothaím go bhfuil cumhacht i ndiaidh dul amach uaim.” Agus nuair a chonaic an bhean nárbh fhéidir a ceilt níos faide, tháinig sí agus í ar aon bhall creatha, agus thit síos roimhe gur fhoilsigh i láthair an tslua cad chuige ar leag sí a lámh air, agus cad é mar a leigheasadh í ar an toirt. Agus dúirt sé léi, “A iníon liom, leigheas do chreideamh thú; imigh leat faoi shíocháin.” Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin, tháinig fear ó theach an rialtóra a dúirt leis, “Tá dʼiníon marbh; ná cuir a thuilleadh buartha ar an Oide.” Ach nuair a chuala Íosa sin dʼfhreagair sé é, “Ná bíodh eagla ort; creid amháin, agus beidh sise ar fónamh.” Agus nuair a shroich sé an teach, níor lig sé dʼaon duine dul isteach ina chuideachta, ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an linbh. Agus bhí siad uile ag caoineadh agus ag déanamh mairgní ina taobh; ach ar seisean, “Ná caoinigí; ní marbh atá sí ach ina codladh.” Agus rinne siad gáire fonóideach air, agus a dhea-fhios acu í a bheith marbh. Ach rug seisean ar a láimh gur ghlaoigh uirthi á rá, “A linbh, éirigh aniar.” Agus dʼfhill a hanam chuici, agus dʼéirigh sí ina suí ar an toirt; agus dʼordaigh sé go dtabharfaí bolgam bia di. Agus bhí dubhiontas ar a tuismitheoiri, ach bhagair sé orthu gan a insint dʼaon duine faoin rud a tharla. Agus ghlaoigh sé le chéile an dáréag gur thug cumhacht agus údarás dóibh leis na deamhain a chur faoi smacht agus na breoiteachtaí a leigheas, agus gur chuir amach iad chun go bhfógróidís ríocht Dé agus go slánóidís aicídí. Agus ar seisean leo, “Ná tugaigí ní ar bith libh le haghaidh bhur n‑aistir, ach imígí gan bhata, gan mhála, gan arán, gan airgead; agus ná bíodh an dá léine agaibh. Agus fanaigí sa chéad teach ina dtéann sibh go n‑imí sibh. Agus an áit nach gcuireann fáilte romhaibh, ag fágáil an bhaile úd daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑éadan.” Agus dʼimigh siad leo gur shiúil na bailte beaga as éadan, agus gur chraobhscaoil siad an soiscéal agus gur shlánaigh siad san uile áit. Chuala Iorua an teitrearch faoina ndearnadh, agus bhí buaireamh air, ó bhí cuid á rá gur tógadh Eoin ar aiséirí ó na mairbh, agus cuid eile á rá gur nocht Elía, agus tuilleadh ag dearbhú gur fáidh de na seanfháithe a bhí ann a bhí dʼéis éirithe. Dúirt Iorua, “Bhain mé an ceann dʼEoin; ach cé hé seo a gcluinim an t‑iomrá seo faoi?” Agus bhí sé i bhfáth le hamharc a fháil air. Ar bhfilleadh dóibh, dʼinis na haspail dó a raibh déanta acu. Agus thug sé leis iad go ndeachaigh i leataobh go cathair ar tugadh Bétsáida uirthi. Nuair a chuala na sluaite faoi, lean siad é; agus dʼfháiltigh sé rompu agus labhair sé leo faoi ríocht Dé, agus leigheas sé an méid a bhí easlán. Faoin am sin bhí an tráthnóna beag ann; agus tháinig an dáréag chuige go ndúirt leis, “Cuir uait an slua, go rachaidís thart faoi na bailte beaga agus an tír thart timpeall, go bhfaighidh siad lóistín agus bia; mar táimid anseo in áit gan áitreabh.” Ach ba é a dúirt sé leo, “Tugaigíse bia dóibh le n‑ithe.” Ar siadsan leis, “Níl againn ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc—sin mura n‑imímid a cheannach bia do na daoine seo uile.” Mar bhí timpeall cúig mhíle fear acu ann. Agus dúirt sé leis na deisceabail, “Tugaigí orthu suí fúthu ina mbuíonta, agus caoga san uile bhuíon.” Agus rinne siad amhlaidh, gur thug ar an iomlán suí. Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc, agus dʼamharc sé in airde i dtreo neimhe, agus bheannaigh sé agus roinn sé iad, gur thug do na deisceabail iad lena leagan roimh an slua. Agus dʼith siad uile a sá. Agus tógadh an fuílleach a fágadh, dhá chiseán déag de bhloghanna briste. Agus tharla na deisceabail air agus é ag urnaí ina aonar agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cé a deir na daoine is mise?” Agus dʼfhreagair siad, “Eoin Baiste; ach go ndeir dream eile gur tú Elía; agus dream eile, go bhfuil duine de na seanfháithe i ndiaidh éirithe.” Agus dúirt sé leo, “Ach cé a deir sibhse is mise?” Agus dʼfhreagair Peadar, “Críost Dé.” Ach bhagair sé orthu agus dʼordaigh sé dóibh gan sin a insint dʼaon duine, agus dúirt sé “Is iomaí rud a chaithfeas Mac an duine a fhulaingt agus diúltóidh na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe dó, agus beifear á chur chun báis, agus á thógáil ar aiséirí an tríú lá.” Agus dúirt sé le cách, “Más toil le haon duine teacht i mo dhiaidh, diúltaíodh sé dó féin agus tógadh sé a chrois air féin go laethúil agus leanadh sé mise. Mar an té ar mhian leis a bheo a tharrtháil caillfidh sé é; agus an té a chaillfeas a bheo ar mo shonsa, tarrthóidh sé é. Mar cad é an tairbhe do dhuine an domhan uile a ghnóthú má thagann caill air nó má chailleann sé é féin? Mar an té sin a mbíonn náire air fúmsa agus faoi mo bhriathar, is faoi-sean a bheidh náire ar Mhac an duine nuair a thiocfas sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus i nglóir na naomhaingeal. Ach is fíor a deirim libh, go bhfuil cuid dá bhfuil ina seasamh thart anseo nach mblaisfidh an bás go bhfeice siad ríocht Dé.” Tuairim is ocht lá i ndiaidh an chaint sin a rá ghlac sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas, agus chuaigh a urnaí ar ard an tsléibhe. San urnaí dó, dʼathraigh fíor a dhreacha, agus dʼéirigh a éadaí gléigeal go dtí gur dhall siad an tsúil. Agus bʼshiúd beirt fhear ag caint leis, agus bʼiad Maois agus Elía iad, a taispeánadh sa ghlóir, agus a bhí ag caint leis faoin éag a bhí i ndán dó in Iarúsailéim. Anois bhí iarraidh trom codlata ar Pheadar agus an méid a bhí leis, ach gur fhan siad ina ndúiseacht, agus chonaic siad a ghlóir, agus chonaic an bheirt fhear a sheas leis. Nuair a bhí na fir ag scaradh leis, arsa Peadar le hÍosa, “A Oide, is méanar dúinn bheith anseo; déanaimis trí bhoth, both daoibhse agus both do Mhaois agus both dʼElía,” agus gan fhios aige cad é a raibh sé á rá. Nuair a bhí sé á rá sin, tháinig néal anuas a raibh siad faoina scáth; agus bhí eagla orthu agus iad faoin néal. Agus labhair an glór amach as an néal, á rá, “Is é seo mo Mhacsa, mo Neach tofa; éistigí leis!” Agus nuair a bhí sin ráite ag an nglór, ní raibh le fáil ach Íosa amháin. Agus dʼfhan siadsan ina dtost gan a insint faoina raibh feicthe acu do dhuine ar bith sna laethanta úd. Chuaigh slua mór ina airicis, lá arna mhárach, nuair a tháinig siad anuas an sliabh. Agus bʼshiúd fear den slua a ghlaoigh air, “A Oide, iarraim dʼimpí ort féachaint ar mo mhac, mar is é mʼaon duine clainne é; agus féach, beireann sprid air, agus ligeann sé béic as i dtobainne; agus réabann sí é go dtagann cúr lena bhéal, agus coscraíonn sí é, agus is ar éigean a fhágfaidh sí é. Agus dʼiarr mé mar achainí ar do dheisceabail a díbirt, ach ní raibh sin ar a gcumas.” Is é a dʼfhreagair Íosa, “A ghlúin dhíchreidmheach, chlaon, cá fhad atá orm bheith libh nó teacht libh? Tabhair chugam anseo do mhac.” Nuair a bhí sé ag teacht chuige, réab an deamhan agus chuir i dtrithí é. Ach bhagair Íosa ar an sprid neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, gur thug ar ais dá athair é. Agus bʼiontach leo uile é mórgacht Dé. Ach nuair a bhí siad ag déanamh iontais de gach aon ní dá ndearna sé, dúirt sé lena dheisceabail, “Téadh na briathra seo isteach go domhain in bhur gcluasa; mar tabharfar Mac an duine i lámha fear.” Ach níor thuig siad an rá sin, agus bhí sé ceilte orthu, ionas nach dtabharfaidís faoi deara é; agus níor lig an eagla dóibh fiafraí de i dtaobh an rá sin. Agus dʼéirigh conspóid eatarthu faoi cé ba mhó céim orthu. Ach nuair ba léir dʼÍosa an smaoineamh a bhí ina gcroíthe, fuair sé leanbh gur chuir ina sheasamh taobh leis, agus dúirt sé leo, “Cibé a ghlacas leis an leanbh seo i mʼainmse is liom a ghlacas sé, agus cibé a ghlacas liomsa glacann sé leis an Té a chuir uaidh mé; mar is ionann an té is lú agus an té is mó céim eadraibh.” Ba é an freagra a thug Eoin air, “A Mháistir, chonaiceamar an fear agus é ag díbirt deamhan i dʼainm, agus chrosamar air é, de bhrí nach leanann sé an bealach céanna linne.” Ach dúirt Íosa leis, “Ná crosaigí air é; mar an té nach mbíonn in bhur n‑aghaidh bíonn sé ar bhur dtaobh.” Nuair a dhruid na laethanta leo a rabhthas lena ardú go neamh, thug sé a aghaidh go daingean ar Iarúsailéim. Agus chuir sé teachtairí ar a bhéala, a chuaigh roimhe isteach i mbaile de chuid na Samaratánach, le hullmhú roimhe; ach ní ghlacfadh na daoine leis, as siocair a aghaidh a bheith ar Iarúsailéim. Agus nuair a chonaic a dheisceabail, Séamas agus Eoin, é, dúirt siad, “A Thiarna, an toil leat sinne a ordú don tine teacht anuas ó neamh agus a slogadh?” Ach is é rud, thiontaigh sé orthu agus chuir sé milleán orthu. Agus chuaigh siad go baile eile. Nuair a bhí siad ag siúl an bhealaigh, dúirt an fear leis, “Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” Agus dúirt Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag sionnaigh, agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl áit leagtha a chinn ag Mac an duine.” Agus dúirt sé le fear eile, “Lean mise.” Ach dúirt seisean, “A Thiarna, lig dom mʼathair a iompar chun na huaighe an chéad uair.” Ach dúirt sé leis, “Lig do na marbháin a marbháin féin a chur san uaigh; imigh tusa agus fógair ríocht Dé.” Dúirt fear eile, “Leanfaidh mé thú, a Thiarna; ach tabhair cead dom dul a fhágáil sláin ag a bhfuil sa bhaile.” Dúirt Íosa leis, “Ní fiú ríocht Dé aon duine a leagas a lámh ar an tseisreach agus a amharcas ina dhiaidh.” Dʼordaigh an Tiarna seachtó duine eile a chuir sé roimhe ina mbeirteanna go dtí gach uile bhaile agus áitreabh a raibh sé le dul. Agus dúirt sé leo, “Dá mhéid é an fómhar, níl ach dornán beag oibrithe ann; bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair buanaithe a chur amach chuig a fhómhar. Ach imígí romhaibh; féachaigí, táim do bhur scaipeadh mar a scaipfinn uain i measc mactíre. Ná hiompraígí sparán, ná mála, ná cuaráin; agus ná cuirigí forrán ar aon duine ar an mbealach. Cibé teach ina dtéann sibh, abraigí an chéad uair, ‘An tsíocháin sa teach seo!’ Agus má tá mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin air; ach mura bhfuil, fillfidh sé chugaibh arís. Agus fanaigí sa teach céanna sin, ag ithe agus ag ól a soláthraíos siad, mar is fiú a thuarastal an t‑oibrí; ná himígí ó theach go teach. Nuair a théann sibh isteach i mbaile mór agus go bhfáiltíonn siad romhaibh, ithigí a gcuirtear romhaibh; leigheasaigí a bhfuil breoite ann agus abraigí leo, ‘Tá ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas daoibh.’ Ach nuair a théas sibh isteach i mbaile agus a bhíos doicheall orthu romhaibh, imígí amach i lár a shráideanna agus abraigí os ard, ‘Táimid ag baint dínn go fiú deannaigh bhur mbaile a ghreamaíos dár gcosa mar chomhartha in bhur n‑éadan; ní fhágann sin nach dtugaimid le fios daoibh go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas.’ Tá mise ag insint daoibh go luífidh an lá úd níos éadroime ar Shodóm ná ar an mbaile úd. Mairg duit, a Chorasin! mo mhairg tú, a Bhétsáida! mar dá ndéanfaí i dTior nó i Siodón na fearta móra a rinneadh ionaibhse, bheadh aithreachas déanta acu fadó agus iad ina suí faoi shaicéadach agus faoi luaithreach. Ach is éadroime a luífidh an breithiúnas ar Thior agus ar Shiodón ná oraibhse! Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú, ní hea ach ísleofar go hIfreann thú. “An té a éisteas libhse éisteann sé liom, agus an té a dhiúltaíos daoibh is dom a dhiúltaíonn sé, agus an té a dhiúltaíos domsa diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.” Dʼfhill an seachtó duine faoi áthas agus iad á rá, “A Thiarna, bíonn go fiú na ndeamhan umhal dúinn i dʼainmse!” Agus ar seisean leo, “Chonaic mé Sátan ag titim ó neamh mar a bheadh caor thintrí ann. Féach, tá údarás tugtha agam daoibh le gabháil de chosa ar na nathracha nimhe agus ar na scairpeanna agus ar chumhachtaí uile an namhad; agus ní dhéanfaidh aon ní dochar daoibh. Ach ná bíodh sé ina ábhar lúcháire agaibh na spridí bheith ag umhlú daoibh; ach bíodh lúcháir oraibh go bhfuil bhur n‑ainmneacha scríofa ar neamh.” San uair chéanna úd bhí áthas an Spioraid Naoimh air, agus ar seisean, “Altú duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, go bhfuil na nithe seo ceilte agat ar lucht na heagna agus ar lucht na tuisceana, agus go bhfuil siad nochtaithe agat do na naíonáin; bíodh amhlaidh, a Athair, ó ba é sin do dhea-thoil. Níl ní nár bhronn an tAthair orm; agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ná eolas cé hé ach ag an Athair, ná eolas cé hé an tAthair ach ag an Mac agus ag an té a nochtann an Mac an tAthair dó.” Ansin, agus é ag tiontú i dtreo na ndeisceabal, ar seisean leo ar fhód ar leith, “Is beannaithe na súile a fheiceas an ní a fheiceas sibhse! Mar tá mise ag insint daoibh gurbh iomaí fáidh agus rí arbh fhonn leo an ní a fheiceas sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus an ní a chluineas sibhse a chluinstin, agus nár chuala é.” Agus bʼshiúd dlíodóir a sheas suas á fhéachaint, agus dúirt sé, “A Oide, cad é a dhéanfas mé leis an mbeatha shíoraí a shealbhú?” Ar seisean leis, “Cad é atá scríofa sa dlí? Cad é a léas tú?” Agus dʼfhreagair sé, “Gráigh do Thiarna Dia le do chroí uile, agus le dʼanam uile, agus le do chumhachtaí uile, agus le dʼintinn uile; agus gráigh do chomharsa le grá mar an grá atá agat duit féin.” Agus dúirt sé leis, “Is ceart an freagra sin agat; déan mar sin agus mairfidh tú beo.” Ach ó ba thoil leis é féin a chur sa cheart, dúirt sé le hÍosa, “Agus cé hé mo chomharsa?” Dʼfhreagair losa, “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIericó, agus tharla sé ar bhithiúnaigh, a bhain a éadaí de agus a bhuail é, agus a rinne bogmharú air, agus a dʼimigh leo. Agus tharla do shagart bheith ag siúl na slí úd; agus nuair a chonaic sé é, chuaigh sé thairis ar an taobh eile. Agus mar an gcéanna do Lébhíteach, nuair a tháinig sé go dtí an áit agus a chonaic sé é, chuaigh sé thairis ar an taobh eile. Ach tháinig Samaratánach go dtí é ar a aistear: agus nuair a chonaic sé é bhí trua aige dó, agus chuaigh sé chuige agus cheangail sé a chneácha, ag doirteadh ola agus fíona iontu; ansin thóg sé é ar dhroim a bheithígh féin agus thug go teach ósta é, agus thug aire dó. Agus lá arna mhárach thóg sé dhá dhéanar gur thug dʼfhear an teach ósta iad, á rá, ‘Tabhair aire dó; agus cibé rud eile a chaithfeas tú air, íocfaidh mé as leat nuair a fhillfeas mé.’ Cé acu den triúr a bhí ina chomharsa dairíre, dar leat, ag an té a tharla ar na bithiúnaigh?” Agus ar seisean, “An té a rinne trócaire air.” Agus dúirt Íosa leis, “Imigh agus déan aithris air.” Anois, nuair a lean siad dá slí, chuaigh sé isteach i mbaile; agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí. Agus bhí deirfiúr aici a raibh Muire mar ainm uirthi a shuigh ag cosa an Tiarna agus í ag éisteacht lena theagasc. Ach bhí Marta ag déanamh dhá leath di féin le méid a raibh sí ag freastal orthu; agus chuaigh sí chuige go ndúirt leis, “A Thiarna, an cuma leat mo dheirfiúr mé a fhágáil le freastal i mʼaonar? Ordaigh di bheith ag cuidiú liom.” Ach is é a dʼfhreagair an Tiarna uirthi, “A Mharta, a Mharta, bíonn tusa ag cur imní agus buartha ort féin faoi mhórán. Ach níl riachtanas ach leis an aon ní amháin. Ghabh Muire an dea-mhír mar rogha, agus ní bhainfear di é.” Bhí sé ar a urnaí in áit áirithe, agus nuair a stad sé di, dúirt duine dá dheisceabail leis, “A Thiarna, múin an urnaí dúinn, mar a rinne Eoin dá dheisceabailsean.” Agus dúirt sé leo, “Nuair a dhéanann sibh urnaí, abraigí: A Athair, go naofar dʼainm, go dtaga do ríocht. Tabhair dúinn ár n‑arán laethúil gach uile lá; agus maith dúinn ár bpeacaí, mar bímid féin ag maitheamh don dream a bhfuil fiacha againn orthu; agus ná lig sinn i gcathú.” Agus ar seisean leo, “Cé agaibh a bhfuil cara aige a rachaidh chuige i gceartlár na hoíche agus a déarfaidh leis, ‘A fhir na páirte, tabhair iasacht trí bhuilín aráin dom; mar tá cara de mo chuid i ndiaidh teacht ar aistear, agus níl ní agam le cur roimhe’; agus beidh seisean á fhreagairt mar seo istigh, ‘Ná bí do mo bhuaireamh; tá an doras druidte anois, agus mo pháistí ar aon leaba liom; ní féidir liom éirí aníos ná ní féidir liom aon ní a thabhairt duit.’ Tá mise á rá libh, siúd is nár thoil leis éirí ná aon ní a thabhairt dó mar mhaithe le é bheith ina chara aige, ach as siocair é leanúint de á agairt air, éireoidh sé agus tabharfaidh sé dó cibé rud atá uaidh. Agus deirimse libh, Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar an doras romhaibh. Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach n‑aimsíonn, ná duine dá mbuaileann nach n‑osclaítear doras roimhe. Cé an t‑athair eadraibh, a n‑iarrfaidh a mhac iasc air, a thabharfaidh nathair nimhe dó in ionad an éisc; nó má iarrann sé ubh air, a thabharfaidh scairp dó? Más eol daoibhse, olc is mar atá sibh, conas dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach mó go mór a thabharfaidh an tAthair neamhaí an Naomh-Spiorad don dream sin a bhíos á iarraidh air?” Anois bhí sé ag caitheamh amach deamhain a bhí balbh; nuair a bhí an deamhan imithe, labhair an balbhán, agus bhí na daoine ag déanamh iontais de. Ach ba é a dúirt cuid acu, “Bíonn sé ag caitheamh amach deamhan trí Bheelsebúl ceann urra na ndeamhan;” agus bhí dream eile i ndréim lena fhéachaint, agus iad ag iarraidh air comhartha ó neamh. Ach ó dʼaithin sé a smaointe, ar seisean leo, “Scriostar gach ríocht a dheighiltear ina éadan féin, agus titeann teaghlaigh as a chéile. Agus má dheighiltear Sátan ina éadan féin freisin, conas a sheasfaidh a ríochtsan? Mar deir sibhse go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl. Agus más rud é go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl, cé sin a mbíonn bhur gclann mhac á gcaitheamh amach tríd? Mar sin de bídís siúd mar bhreithiúna oraibh. Ach más le méar Dé a bhím ag caitheamh amach na ndeamhan, is cruthú é sin go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht oraibh. Nuair a bhíonn tréanfhear faoi iomlán arm ag coimeád a pháláis féin, bíonn a mhaoin go socair sámh; ach nuair a ionsaíonn duine is tréine ná é é agus nuair a bhuann sé air, baineann sé de an t‑arm agus an t‑éide uile ina gcuireadh sé a mhuinín, agus roinneann sé a chuid mar chreach. An té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh. “Nuair a imíonn an sprid neamhghlan as duine, siúlann sí áiteanna tirime gan uisce ag iarraidh suaimhnis; agus nuair nach bhfaigheann sí aon suaimhneas ann is é a deir sí léi féin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa a dtáinig mé as.’ Agus nuair a thagann sí go dtí é, faigheann sí scuabtha curtha faoi réir é. Ansin imíonn sí go dtugann sí léi seacht sprid eile is urchóidí ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann cónaí ann; agus is measaide an duine úd a dheireadh ná a thús.” Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, labhair bean a bhí sa slua in ard a cinn agus dúirt leis, “Is beannaithe an bhroinn a chuir ar an saol thú, agus is beannaithe na cíocha a bhíodh á ndiúl agat!” Ach ba é a dúirt sé, “Is mó is beannaithe an dream a chluineas briathar Dé agus a choinníos é!” Nuair a bhí na sluaite ag méadú, thosaigh sé ar a rá, “Is olc an ghlúin í an ghlúin seo; bíonn sí ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar de chomhartha di ach comhartha Ióna. Mar mar a bhí Ióna ina chomhartha ag fir Ninebhe, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ag an nglúin seo. Éireoidh banríon an deiscirt nuair a chuirfear an breithiúnas ar fhir na glúine seo go ndaorfaidh iad; mar tháinig sise ó thíortha in imigéin le héisteacht le heagna Sholaimh, agus tá ní anseo is mó ná Solamh. Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear an breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siad aithrí le seanmóireacht Ióna, agus féach tá ní anseo is mó ná Ióna. “Níl duine ann dá mbíonn tar éis lampa a lasadh a chuireas é i siléar nó faoi bhuiséal, ach in airde ar sheastán, go dtí go bhfeice a dtéann isteach an solas. Is í do shúil a bhíos mar lampa ag do cholainn; nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do cholainn lán de sholas; ach más easlán í, bíonn do cholainn uile lán de dhorchadas. Tabhair aire mar sin nach dorchadas é an solas atá ionat. Má bhíonn, mar sin, do cholainn uile lán de sholas, gan aon bhall dorcha uirthi, beidh sé uile geal lasta, mar lampa a dtugann a shoilse solas duit.” Nuair a bhí sé ag caint, thug Fairiséach cuireadh chun dinnéir dó; chuaigh sé isteach mar sin gur shuigh ag an mbord. Bhí iontas ar an bhFairiséach lena fheiceáil nár nigh sé é féin roimh an dinnéar. Agus dúirt an Tiarna leis, “Bíonn sibhse, na Fairiséigh, ag glanadh an taobh amuigh den chupán agus den mhias, ach tá sibh lán den tsaint agus den mhallaitheacht ar an taobh istigh. A amadána! An té a rinne an taobh amuigh nach ndearna sé an taobh istigh freisin? Ach tugaigí a bhfuil istigh mar dhéirc ar ghrá Dé; agus féachaigí, tá an uile ní glan gan smál daoibh. “Ach mo mhairg daoibh, a Fhairiséacha! Bíonn sibh ag tabhairt deachúna den mhismín agus den rú agus de na luibheanna uile, agus faillí á déanamh agaibh sa cheart agus i ngrá Dé; ba cheart daoibh iad siúd a chur i ngníomh, gan neamh-aird a bheith agaibh ar an gcuid eile. Is mairg daoibh, a Fhairiséacha! Mar níl ní is fearr libh ná an suíochán is fearr sa tsionagóg agus an slua ag beannú daoibh i sráid an mhargaidh. Is mairg daoibh! Mar tá sibh mar uaigheanna nach bhfeictear, a siúlann daoine os a gcionn gan fhios.” Thug fear de na dlíodóirí freagra air, “A Oide, tugann tú achasán dúinne freisin, a grá an mhéid sin.” Agus dúirt sé, “Is mairg daoibh freisin, a dhlíodóirí! Mar leagann sibh ualaí troma do-iompair ar dhaoine, agus ní thógann sibhse na hualaí le méar de bhur méara. Is mairg daoibh! Mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe ar mharaigh bhur n‑aithreacha iad. Dá bhrí sin is finnéithe sibh ag toiliú le gníomhartha bhur n‑aithreacha; mar is iad a mharaigh iad agus is sibh a thógas a dtuamaí. Dá bhrí sin dúirt eagna Dé, ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus maróidh siad agus cuirfidh siad géarleanúint ar chuid acu,’ go dtí go n‑agrófar ar sileadh dʼfhuil na bhfáithe ó bhunú an domhain ar an nglúin seo, ó fhuil Abel go fuil Shecaría, a maraíodh idir an altóir agus an sanctóir. Is ea, táim ag insint daoibh go n‑agrófar ar an nglúin seo í. Is mairg daoibh, a dhlíodóirí! Mar tá eochair an eolais curtha i bhfolach agaibh; ní dheachaigh sibh féin isteach ann agus bhí sibh in bhur dtoirmeasc ag an dream a bhíodh ag dul isteach.” Nuair a bhí sé ag imeacht as an áit, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chur go crua air, agus á ghríosadh chun labhairt faoi mhórán nithe, agus iad ag fuireachas leis, le breith ar rud dá ndéarfadh sé. Idir an dá am, nuair a bhí oiread mílte den slua cruinnithe go raibh siad i riocht satailte ar a chéile, thosaigh sé ar a rá lena dheisceabail ar dtús, “Seachnaígí laibhín na bhFairiséach, is é sin, seachnaígí a bhfimíneacht. Níl ní dá gcumhdaítear nach nochtfar, ná ní dá gceiltear nach mbeidh ar eolas. Cluinfear sa solas a ndúirt sibh sa dorchadas, agus fógrófar os ard i mullach tithe ar labhair sibh i gcogar i seomraí faoi rún. “Insím daoibh, a dhaoine na páirte, gan eagla a bheith oraibh roimh an dream nach féidir leo ach an cholainn a chur chun báis. Ach fógróidh mé daoibh cé roimhe ar cheart eagla a bheith oraibh: bíodh eagla oraibh roimh an té sin a mbíonn sé de chumhacht aige, tar éis duine a mharú, a chaitheamh isteach in ifreann; is ea, deirim libh eagla a bheith oraibh roimhe sin! Nach ndíoltar cúig ghealbhan ar dhá phingin? Agus ní ligfear aon ghealbhan corr chun dearmaid os comhair Dé. Ar ndóigh, níl ribe ar bhur gcinn nach mbíonn á chuntas. Ní eagal daoibh; is mó bhur luach ná mórán gealbhan. “Agus táim ag insint daoibh, níl duine dá n‑admhaíonn mé os comhair na ndaoine, nach n‑admhóidh Mac an duine é os comhair aingeal Dé, ach an té a shéanas mé os comhair daoine séanfar é os comhair aingeal Dé. Agus níl duine dá labhraíonn focal in aghaidh Mhac an duine nach maithfear dó; ach an té a dhéanas diamhasla in aghaidh an Naomh-Spioraid, ní mhaithfear dó. Agus nuair a thugtar sibh os comhair na sionagóg agus na rialtóirí agus na n‑údarás, ná bíodh imní oraibh conas nó cad é a fhreagróidh sibh nó cad é a déarfaidh sibh; mar múinfidh an Naomh-Spiorad daoibh in alt na huaire úd cad é is cóir daoibh a rá.” Arsa duine den slua leis, “A Oide, ordaigh do mo dheartháir leath den oidhreacht a thabhairt dom.” Ach ar seisean leis, “A dhuine, cé a cheap mise i mo bhreitheamh nó i mo rannadóir os bhur gcionn?” Agus dúirt sé, “Tugaigí aire agus seachnaígí gach sórt sainte; mar ní ionann maoin an tsaoil dá mhéid agus beatha an duine.” Agus dʼinis sé fáithscéal dóibh, á rá, “Bhí duine saibhir áirithe ann ar thug a thalamh mórán torthaí; agus smaoinigh sé ina chroí, ‘Cad é a dhéanfas mé, ó nach bhfuil áit agam le mo thorthaí a chur i dtaisce?’ Agus dúirt sé, ‘Seo an rud a dhéanfas mé, leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé sciobóil is mó ná iad; agus cuirfidh mé a bhfuil dʼarbhar agus de mhaoin agam i dtaisce iontu. Agus déarfaidh mé le mʼanam, A anam liom, tá mórán mór maoine agat curtha i dtaisce le haghaidh mórán blianta; bain dʼaoibhneas as, ith agus ól agus bí go súgach.’ Ach is é a dúirt Dia leis, ‘A amadáin, anocht féin a iarrfar dʼanam ort; agus na nithe seo atá ullmhaithe agat, cé leis a mbeidh siad?’ Is amhlaidh don té a bhíos ag cruinniú stóir mar mhaithe leis féin, agus nach mbíonn saibhir le haghaidh Dé.” Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Insím daoibh ar an ábhar sin bheith gan imní faoi bhur mbeatha, cad é a íosfas sibh, ná faoi bhur gcolainn, cad é a chuirfeas sibh oraibh. Mar is fearr bhur mbeo ná bhur mbia, agus is fearr bhur gcolainn ná bhur n‑éadaí. Smaoinígí ar na fiacha dubha; ní bhíonn siad ag cur ná ag baint, agus níl scioból ná iothlainn acu, ach beathaíonn Dia ina dhiaidh sin iad. Nach luachmhaire go mór sibh ná an éanlaith? Agus cé agaibh a chuirfeas aon bhanlámh le fad a bheatha le tréan imní? Mura bhféadann sibh an rud beag bídeach sin a dhéanamh, cad chuige a mbíonn imní oraibh faoi an gcuid eile? Smaoinígí ar na lilí agus conas a fhásann siad; ní bhíonn siad ag saothrú ná ag sníomh; ach táim á insint daoibh, nach raibh Solamh féin inchurtha le haon lile acu seo agus é gléasta in iomlán a mhaise. Ach más mar sin a ghléasas Dia an féar glas atá ag fás go beo sa pháirc inniu agus a bhíos á chaitheamh isteach sa sorn amárach, nach mó go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine an chreidimh bhig? Agus ná bígí ag iarraidh an ní a íosfas sibh agus a ólfas sibh, agus ná bíodh bhur n‑intinn faoi imní. Mar bíonn náisiúin uile an domhain ag iarraidh na nithe sin; agus is feasach do bhur nAthair go dteastaíonn siad uaibh. Bígí ag iarraidh a ríochta ina n‑áit sin, agus beidh na nithe úd uile agaibh lena cois. “Ná bíodh eagla oraibh, a thréidín liom, mar bhí sé de mhaitheas ag bhur nAthair an ríocht a dheonú daoibh. Díolaigí bhur maoin, agus tugaigí uaibh mar dhéirc i ar ghrá Dé; soláthraígí daoibh féin sparán nach gcríonann, stór ar neamh nach dteipeann, san áit nach dtagann gadaí dá chomhair agus nach mbíonn leamhain á chur ó mhaith. Mar cibé áit a mbeidh bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroíthe. “Bíodh bhur leasracha crioslaithe agus bhur lampaí lasta mar fhir ag fanacht lena máistir ag filleadh abhaile ón mbainis, agus iad i bhfáth leis an doras a oscailt roimhe chomh luath agus a thagann sé ag bualadh cnaig air. Is beannaithe iad na sheirbhísigh a bhfaigheann an máistir ina ndúiseacht iad ag teacht dó; deirim go fíor libh go gcrioslóidh sé é féin agus go gcuirfidh ina suí ag bord iad, agus go dtiocfaidh sé ag freastal orthu. Más sa dara nó sa tríú tráth den oíche a thagann sé orthu agus iad amhlaidh, is beannaithe na seirbhísigh úd! Ach tugaim le fios daoibh, dá mbeadh an t‑eolas ag fear an tí faoi cá huair a bhí an gadaí ag teacht, bheadh sé ina dhúiseacht gan ligean dó briseadh isteach ina theach. Caithfidh sibhse bheith ullamh freisin; mar tá Mac an duine ag teacht san uair nach mbeidh súil agaibh leis.” Arsa Peadar leis, “A Thiarna, an dúinne nó an don uile dhuine atá tú ag insint an fháithscéil seo?” Agus dúirt an Tiarna, “Cá bhfuil an stíobhard dílis eagnaí, a chuirfeas a mháistir os cionn a theaghlaigh, go dtabharfaidh sé a gcuid bia dóibh sa tráth ceart? Is beannaithe an seirbhíseach a bhfaigheann a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thagann sé. Deirim libh go fíor go gcuirfidh sé os cionn a bhfuil aige é. Ach má deir an seirbhíseach úd leis féin, ‘Beidh moill ar mo mháistir ag teacht,’ agus má théann sé ag greasáil na moghaí agus na gcumhal, agus ag ithe agus ag ól agus ag dul ar meisce, ansin tiocfaidh máistir an tseirbhísigh úd sa lá nach bhfuil sé ag dréim leis agus in uair nach feasach dó, agus bainfidh sé cúiteamh as agus cuirfidh sé leis an dream mídhílis é. Agus an seirbhíseach úd arbh eol dó toil a mháistir, agus nach ndearna réidh agus nach ndearna a thoil, buailfear go trom é. Ach an té nach raibh a fhios aige, agus a thuill a bhualadh, ní bhuailfear ach go héadrom é. An duine ar tugadh mórán dó, iarrfar mórán air; mar dá mhéid a thabharfaidh na daoine dʼfhear is amhlaidh is mó a iarrfas siad uaidh. “Tháinig mise le tine a theilgean faoin talamh; agus is mairg nár lasadh go fóill í! Tá orm dul faoi thonn bhaiste; agus táim go mór i sáinn go gcuirfidh mé tharam é! An síleann sibh gur tháinig mise le síocháin a thabhairt don domhan seo? Deirim nach ea, dealú is mó a thiocfas de; mar as seo amach in aon teaghlach amháin beidh dealú idir cúigear, beirt in éadan triúir agus triúr in éadan beirte; dealófar iad, an t‑athair in aghaidh an mhic agus an mac in aghaidh a athar, an mháthair in aghaidh na hiníne agus an iníon in aghaidh a máthar, an mháthair chéile in aghaidh bhean a mic agus an banchliamhain in aghaidh mháthair a céile.” Dúirt sé freisin leis na sluaite, “Níl am dá bhfeiceann sibh an néal ag éirí thiar, nach ndeir sibh ar an toirt go bhfuil an cith ag teacht, agus bíonn sé amhlaidh. Agus nuair a fheiceann sibh go bhfuil an ghaoth ó dheas ag séideadh deir sibh go mbeidh brothall ann; agus bíonn sé amhlaidh. A fhimíneacha! Tá a fhios agaibh tuiscint a bhaint as comharthaí an talaimh agus as comharthaí na spéire; agus cad chuige nach mbíonn tuiscint agaibh ar an saol atá anois ann? “Agus cad chuige nach mbreithníonn sibh uaibh féin cad é is cóir? Nuair atá tusa agus an té atá do do chúisiú ar an mbealach go dtí an breitheamh, déan do dhícheall le teacht ar shocrú leis ar bhur mbealach, ar eagla go dtarraingeoidh sé chuig an mbreitheamh thú, agus go dtabharfaidh an breitheamh i láimh an chonstábla thú, agus go bhfágfaidh an constábla sa phríosún thú. Táim ag insint duit nach bhfuil scaoileadh i ndán duit go raibh an phingin rua dheireannach íoctha agat.” Bhí daoine áirithe i láthair in alt na huaire úd a dʼinis dó faoi na Galailéigh ar mheasc Píoláid a gcuid fola féin lena n‑íobairtí. Ach ba é an freagra a thug sé orthu, “An measann sibh gur mhó na peacaigh iad na Galailéigh úd ná na Galailéigh eile, as siocair iad an pionós sin a fhulaingt? Insím daoibh nach bhfuil sin amhlaidh; mura ndéanann sibh féin aithrí scriosfar sibh uile go léir ar an nós céanna. Agus na hocht nduine dhéag ar thit an túr i Silóam ina mullach gur mharaigh iad, an measann sibh gur mhó na peacaigh iad ná a raibh dʼáitreabhaigh in Iarúsailéim? Deirim libh nach amhlaidh, mar mura ndéanann sibh aithrí scriosfar sibh uile go léir ar an nós céanna.” Agus dʼinis sé an fáithscéal seo: “Fear a bhí ann a raibh crann fige plandaithe ina fhíonghort; agus tháinig sé ag iarraidh toraidh air, gan toradh a fháil. Agus dúirt sé le saothróir na fíniúna, ‘Féach, tá mé i ndiaidh teacht na trí bliana seo ag iarraidh toraidh ar an gcrann fige seo, agus gan a fháil. Gearr anuas é; cad chuige ligean dó an talamh a chur amú?’ Ach ba é a dʼfhreagair sé air, ‘Lig dó, a dhuine uasail, an t‑aon bhliain eile seo amháin, go dtí go rómhróidh mé an chré ina thimpeall, agus go gcuirfidh mé aoileach faoi. Agus má thugann sé toradh an bhliain seo chugainn, beidh go maith agus ní bheidh go holc; ach mura dtugann, féadann tú a ghearradh anuas.’” Ansin bhí sé ag teagasc lá na sabóide i sionagóg áirithe. Agus bhí bean i láthair a raibh ainsprid á cloí ocht mbliana déag; is é rud, bhí sí crom gan cumas aici a droim a dhíriú go ceart. Agus nuair a chonaic Íosa í, ghlaoigh sé uirthi agus dúirt léí, “A bhean úd, tá tú do do scaoileadh ó chuibhreach do chloíteachta.” Agus leag sé a lámha uirthí, agus díríodh a droim ar an toirt agus thug sí moladh do Dhia. Ach bhí fearg ar rialtóir na sionagóige faoi Íosa a bheith ag leigheas lá na sabóide, agus dúirt sé leis na daoine, “Tá sé lá oibre ann; tagaigí do bhur leigheas ar na laethanta úd, ach ná tagaigí lá na sabóide.” Ba ansin a dʼfhreagair an Tiarna é, “A dhream na cráifeachta bréige! An é nach mbíonn an uile dhuine agaibh ag scaoileadh a dhaimh nó a asail den mhainséar lá na sabóide, agus é á thabhairt leis san áit a bhfaighidh sé uisce le n‑ól? Agus nár cheart an bhean seo, iníon le hAbracham, a scaoileadh lá na sabóide ón gcuibhreach seo ler cheangail Sátan í na hocht mbliana déag seo?” Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, bhí náire ar a naimhde; agus bhí lúcháir ar na daoine faoi na gníomhartha uaisle a bhí á ndéanamh aige. Dá bhrí sin dúirt sé leo, “Cad é cosúlacht ríocht Dé? Agus cad é a chuirfidh mé i gcomparáid léi? Is cosúil í le gráinne síol mustaird a ghlac duine agus ar chuir sé ina gharraí féin é; agus dʼfhás sé aníos ina chrann, agus rinne éanlaith an aeir a neadacha ina ghéaga.” Agus dúirt sé arís, “Cé leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid? Is cosúil í le laibhín ar ghlac bean é gur fholaigh sí é i dtrí pheic mine, gur ghlac an t‑iomlán an laibhín.” Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim. Agus bhí duine ann a dʼfhiafraigh de, “A Thiarna, an beag é an méid daoine a shlánófar?” Agus is é a dúirt sé leo, “Bígí ar bhur ndícheall le dul isteach tríd an doras caol cúng; mar deirim libh gur iomaí sin duine a bheidh ag iarraidh fáil isteach, agus go dteipfidh sé orthu. A luaithe agus éireos fear an tí agus a bhíos an doras dúnta aige, tosóidh sibhse ar bheith in bhur seasamh taobh amuigh agus sibh ag bualadh cnaig ar an doras, agus á rá, ‘Oscail an doras dúinn, a Thiarna.’ Agus is é an freagra a thabharfaidh sé oraibh, ‘Níl aithne agam oraibh ná fios agam cérb as sibh.’ Tosóidh sibh ar a rá ansin, ‘Bhíomar ag ithe agus ag ól i do chuideachta, agus bhí tusa ag teagasc inár sráideanna.’ Ach is é a déarfas sé, ‘Insím daoibh nach eol dom an áit a dtagann sibh as; imíodh lucht an oilc uaim!’ Is ansin a bheidh sibh ag caoineadh agus ag baint díoscáin as bhur bhfiacla, nuair a fheicfidh sibh Abracham agus Íosóg agus Iácób agus na fáithe uile istigh i ríocht Dé, agus sibh féin do bhur gcaitheamh amach. Agus tiocfaidh an domhan thoir agus an domhan thiar, agus an tuaisceart agus an deisceart, ina suí ag bord i ríocht Dé. Agus féach, beidh cuid dá bhfuil ar deireadh ar tosach, agus tá cuid dá bhfuil ar tosach a bheidh ar deireadh.” Ba ansin go díreach a tháinig cuid de na Fairiséigh chuige go ndúirt siad leis, “Éalaigh as seo mar tá Iorua ar do thóir agus rún aige tú a mharú.” Agus dúirt sé leo, “Imígí agus insígí don sionnach úd, ‘Féach, táim ag díbirt deamhan agus ag déanamh leigheas inniu agus amárach, agus ag críochnú mo chúrsa an tríú lá. Ach ní fhágann sin nach siúlfaidh mé mo shlí inniu agus amárach agus amanathar; mar níl sé ceadaithe dʼfháidh bás a fháil in aon áit ach in Iarúsailéim.’ Ó, a Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe, agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Cad é a mhinicí ab áil liom do chlannsa a chruinniú chugamsa, mar a chruinníos an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil leat é! Féach, is fás folamh é do theach. Agus tá mise ag insint duit nach bhfeicfidh tú aon amharc orm go dtí go ndéarfaidh tú, ‘Is beannaithe a thagas chugam in ainm an Tiarna.’” Aon sabóid amháin nuair a chuaigh sé chun proinne i dteach uachtaráin de na Fairiséigh, bhíothas á gcoimeád. Agus bʼshiúd an fear os a chomhair a raibh an íorpais air. Agus labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairiséigh, ag fiafraí, “Leigheas a dhéanamh lá na sabóide, cé acu ceadaithe nó crosta é?” Ach dʼfhanadarsan ina dtost. Ghlac sé ansin é gur leigheas sé é, agus gur lig sé chun bealaigh é. Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cé agaibh, a dtitfidh a dhamh nó a asal isteach i dtobar lá na sabóide, nach dtarraingeoidh amach é gan mhoill?” Agus níor fhéad siad freagra a thabhairt air sin. Ba ansin a dʼinis sé an fáithscéal do lucht na gcuirí, nuair a thug sé faoi deara an dóigh ar mhaith leo tosaíocht áite a bheith acu, agus is é a dúirt sé leo, “Nuair a fhaigheann tú cuireadh chun bainise ó aon duine, ná suigh tusa san áit is onóraí, ar eagla go bhfaighe duine is mó céim ná tú cuireadh uaidh freisin; agus ar eagla go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duitse agus dósan agus go ndéarfadh sé leat, ‘Fág do shuíochán don duine uasal seo,’ agus go mbeidh ort ansin dul sa suíochán is ísle agus tú náirithe. Ach nuair a fhaigheann tú cuireadh, gabh agus suigh san áit is ísle, ar shlí go ndeire fear an tí leat nuair a thiocfaidh sé, ‘A chara liom, tar aníos in airde;’ agus ar an nós sin beidh meas ort ag a bhfuil ina suí ag bord leat. Mar ísleofar an té a ardaíos é féin, agus ardófar an té a íslíos é féin.” Is é a dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó, “Nuair a thugann tusa proinn nó fleá, ná tabhair cuireadh do do chairde ná do do dheartháireacha ná do do dhaoine muinteartha ná do do chomharsana saibhre, ar eagla go dtabharfaidh siad athchuireadh duit, agus go gcúiteofar an chomaoin leat. Ach nuair a thugann tusa fleá uait, tabhair na cuirí do na bochtáin agus do na cithréimigh agus do na bacaigh agus do na daill, agus gheobhaidh tú beannacht, ó nach féidir leo a chúiteamh leat. Ach cúiteofar an chomaoin leat in am aiséirí na bhfíréan.” Nuair a chuala duine dá raibh ina suí ag bord leis sin, dúirt sé leis, “Is méanar a íosfas arán i ríocht Dé!” Ach is é a dúirt sé leis, “Bhí fleá mhór ag fear aon uair amháin, agus thug sé cuirí do mhórán daoine; agus nuair a tháinig am na fleá chuir sé a sheirbhíseach amach lena rá le lucht na gcuirí, ‘Bígí ag teacht; mar tá gach uile ní ullamh anois.’ Ach ba é rud, thosaigh siad uile ar dhéanamh leithscéalta. Is é a dúirt duine amháin, ‘Tá píosa talaimh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul a amharc air; gabh mo leithscéal le do thoil.’ Agus dúirt an dara duine, ‘Tá cúig chuingir damh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul á bhféachaint; gabh mo leithscéal le do thoil.’ Agus dúirt an tríú duine, ‘Tá mé i ndiaidh bean a phósadh, agus sin an fáth nach bhféadaim teacht.’ Tháinig an seirbhíseach mar sin gur inis sé an méid sin dá mháistir. Ba ansin a ghlac fear an tí fearg agus a dúirt sé lena sheirbhíseach, ‘Imigh gan mhoill faoi shráideanna agus faoi chúlbhealaí na cathrach, agus tabhair leat isteach na bochtáin agus na cithréimigh agus na daill agus na bacaigh.’ Agus dúirt an seirbhíseach leis, ‘A dhuine uasail, tá sé déanta mar a dʼordaigh tú, agus tá tuilleadh slí fágtha go fóill.’ Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach, ‘Imigh leat amach faoi chlaíocha an bhealaigh mhóir, agus tarraing na daoine isteach dá ndeoin nó dá n‑ainneoin go dtí go mbeidh mo theach lán. Mar tá mise á insint duit nach mbeidh aon duine de lucht na gcuirí ag blaiseadh mo fhleása.’” Anois bhí sluaite móra ina dhiaidh; agus thiontaigh sé thart agus dúirt sé leo, “Má thagann duine chugam gan fuath a bheith aige ar a athair féin agus ar a mháthair agus ar a bhean agus ar a chlann agus ar a dheartháireacha agus ar a dheirfiúracha, is ea, agus ar a anam féin, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam. Cibé duine nach dtógann a chrois féin ar a ghualainn agus nach leanann mo lorg, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam. Mar cé agaibh ar mhian leis túr a thógáil, nach suíonn síos an chéad uair leis an gcostas a chomhaireamh, go bhfeice sé an bhfuil go leor aige lena chríochnú? Mura ndéanann sé sin, beidh an dúshraith curtha aige, agus gan cumas aige lena chríochnú, agus níl duine dá bhfeicfidh é nach dtosnóidh ar mhagadh faoi, agus iad á rá, ‘Seo duine a thosaigh ar thógáil, agus nár fhéad a chur i gcrích.’ Nó cé an rí, atá le cogadh a chur ar rí eile, nach suíonn síos an chéad uair agus nach nglacann comhairle an féidir leis, nach bhfuil aige ach deich míle fear, aghaidh a thabhairt ar an té a thiocfas amach roimhe le fiche míle? Agus mura féidir leis, chomh fada agus atá an fear eile i bhfad uaidh, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síochána. Ar an nós céanna sin, ní fhéadann aon duine bheith ina dheisceabal agamsa mura ndiúltaíonn sé dá bhfuil aige. “Is maith an rud é an salann; ach má chailleann an salann a bhlas, cad é a dhéanfas goirt é athuair? Níl aon mhaith ann do thalamh ná don charn aoiligh; agus bíonn na daoine á chaitheamh uathu. An té a bhfuil cluas le héisteacht air, éisteadh sé.” Bhíodh na bailitheoirí cánacha agus na peacaigh uile ag teacht chuige le bheith ag éisteacht leis. Agus bhíodh na Fairiséigh agus na scríobhaithe ag fáil locht air, á rá faoi, “Bíonn fáilte ag an bhfear seo roimh na peacaigh agus bíonn sé ag ithe ina gcuideachta.” Thug sin air an fáithscéal seo a insint dóibh: “Cén fear agaibh a bhfuil céad caora aige, agus é i ndiaidh aon chaora amháin acu a chailleadh, nach bhfágann na naoi gcaora agus nócha ina dhiaidh san fhásach, agus nach dtéann ar lorg na haon chaorach amháin a cailleadh go dtí go bhfaigheann sé í? Agus nuair a fhaigheann sé í, tógann sé ar a dhá ghualainn í agus lúcháir air. Agus nuair a thagann sé abhaile, cruinníonn sé le chéile a chairde agus a chomharsana, agus deir sé leo, ‘Déanaigí comhghairdeas liom, mar tá mé i ndiaidh an chaora a bhí caillte agam a fháil arís.’ Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna ar neamh, agus gur mó an lúcháir a dhéanfar faoi aon pheacach amháin a dhéanfas aithrí ná faoi naoi bhfíréan agus nócha nach mbíonn gnó acu le haithrí. “Nó cé hí an bhean a bhfuil deich mbonn airgid aici, agus a chailleas aon bhonn amháin acu, nach lasann lampa agus nach dtéann a scuabadh an tí agus a chuardach ar a seacht ndícheall go dtí go bhfaigheann sí é. Agus nuair a thagann sí air, cruinníonn sí a cairde agus a comharsana ina timpeall agus deir sí leo, ‘Déanaigí comhghairdeas liom, mar tá mé i ndiaidh an bonn a bhí caillte agam a fháil arís.’ Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna i measc aingeal Dé nuair a dhéanfar lúcháir faoi aon pheacach amháin a mbeidh aithreachas air.” Agus ar seisean leo, “Bhí fear ann aon uair amháin a raibh beirt mhac aige; agus dúirt an mac ab óige acu leis an athair, ‘A athair, tabhair dom a bhfuil ag teacht chugam.’ Agus roinn sé a chuid den saol idir an bheirt. Ní dheachaigh mórán laethanta thart gur chruinnigh an mac ab óige a raibh aige, agus gur imigh sé leis ar a aistear chuig tír a bhí i bhfad ar shiúl, agus gur scaip sé a mhaoin ar drabhlás. Agus nuair a bhí an chianóg dheireanach caite aige, dʼéirígh gorta mór sa tír úd, agus thosaigh an ainnis ar theannadh airsean. Agus chuaigh sé ar fostú ag saoránach de chuid na tíre úd, agus chuir seisean amach faoi na páirceanna é a thabhairt aire do mhuca. Agus bhí fonn air bheith beo ar na faighneoga a bhí mar bhia ag na muca; agus gan déirc le fáil aige ó aon duine. Ach nuair a tháinig sé chuige féin dúirt sé leis féin, ‘Nach iomaí sin duine atá ar fostú ag mʼathairse agus a sá aráin agus fuílleach acu, agus a rá is go bhfuil mise anseo ag fáil bháis leis an ocras! Bím ag éirí agus ag dul chuig mʼathair, agus déarfaidh mé leis, “A athair, is dubh ar mʼanam é, agus mé i mo pheacach os comhair neimhe agus os do chomhairse; ní fiú mé níos faide bheith do mo mheas mar mhac leatsa; ach bím agat mar dhuine de do sheirbhísigh atá ar fostú agat.”’ Agus dʼéirígh sé ansin go ndeachaigh chuig a athair. Ach nuair a bhí sé tamall uaidh go fóill, chonaic a athair é, agus thug sé trua dó, agus rith sé chuige gur chuir a dhá láimh thairis agus gur thug sé póg dó. Agus dúirt an mac leis, ‘A athair, is peacach mé in aghaidh neimhe agus os do chomhairse; ní fiú mé go measfaí mar do mhac mé níos faide.’ Ach is é a dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh, ‘Tugaigí amach go beo an chulaith is fearr sa teach, agus cuirigí air í; agus cuirigí fáinne ar a mhéar, agus bróga ar a chosa; agus tugaigí amach an lao biata agus maraígí é, agus bímis go súgach, agus déanaimis gairdeas; mar bhí an mac seo agam marbh, agus tá sé beo arís; bhí sé caillte, ach fuarthas anois é.’ Agus thosaigh siad ar bheith go súgach. “Anois bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc; agus nuair a tháinig sé agus a dhruid sé leis an teach, chuala sé ceol agus damhsa. Agus ghlaoigh sé ar dhuine de na seirbhísigh gur fhiafraigh cad ba chiall dó. Agus dúirt sé leis, ‘Tá do dheartháir i ndiaidh teacht, agus dʼathair i ndiaidh an lao biata a mharú, ó dʼfhill sé chuige slán sábháilte.’ Agus tháinig fearg air agus dhiúltaigh sé dul isteach. Tháinig a athair amach a chur impí air, ach dʼfhreagair sé impí a athar mar seo, ‘Bʼshiúd mé an iomad seo blianta ag obair duit, gan dʼordú a shárú riamh; agus gan tú oiread agus meannán a thabhairt dom, le pléisiúr a dhéanamh le mo chairde. Ach nuair a tháinig an mac sin agat ar ól sé féin agus a chuid striapach do chuid den saol, mharaigh tú an lao biata dó!’ Agus dúirt sé leis, ‘A mhic, bíonn tú liom i gcónaí, agus is leat a bhfuil agam. Ba é an ceart a bheith súgach meidhreach, mar bhí do dheartháirse anseo marbh, agus tá sé beo anois; cailleadh é, agus fuarthas arís é.’” Dúirt sé lena chois sin lena dheisceabail, “Bhí duine saibhir ann a raibh maor aige, agus tugadh an scéal chuige go raibh an fear sin ag cur a mhaoine amú. Ghlaoigh sé chuige ansin é agus ar seisean leis, ‘Cad é sin a chluinim fútsa? Tabhair cuntas ar do mhaoracht, mar ní fhéadfaidh tú bheith i do mhaor níos faide.’ Agus dúirt an maor leis féin ina chroí, ‘Cad é a dhéanfas mé, ó tá mo mháistir do mo chur as an maoracht? Níl mé láidir go leor le dul a rómhar, agus ní ligeann an náire dom dul ag iarraidh déirce. Ach anois tá mʼintinn socair ar an rud a dhéanfas mé, ionas go nglacfaidh na daoine isteach ina dtithe mé nuair a chuirfear as an maoracht mé.’ Mar sin, chuir sé fios ar fhéichiúnaithe a mháistir ina nduine agus ina nduine, agus dʼfhiafraigh sé den chéad duine acu a tháinig, ‘Cé mhéid atá ag mo mháistir ort?’ ‘Céad bairille ola,’ ar seisean. Agus dúirt sé leis, ‘Beir ar dʼadmháil, agus suigh síos go gasta agus scríobh leathchéad.’ Dúirt sé ansin leis an dara fear, ‘Cé mhéid atá aige ortsa?’ Agus dúirt sé, ‘Céad ceathrú cruithneachta.’ Dúirt sé leis-sean, ‘Beir ar dʼadmháil agus scríobh ochtó.’ Mhol an máistir an maor éagórach as a fhadcheannacht; mar is glice iad clann an tsaoil seo ná clann an tsolais sa mhéid a bhaineas lena saol féin. Agus deirim libhse cairde a sholáthar daoibh féin le cuidiú toice an tsaoil seo na héagóra, chun go nglacfar isteach sibh sna háitribh shíoraí nuair a bhíonn a résean caite. “An té a bhíos iontaofa faoi bheagán, bíonn sé iontaofa freisin faoi mhórán; agus an té a bhíos mí-ionraic faoi bheagán bíonn sé mí-ionraic faoi mhórán freisin. Mar sin, mura raibh tú iontaofa faoi thoice éagórach an tsaoil seo, cé a thaobhóidh an saibhreas fírinneach libh? Agus mura raibh tú iontaofa i gcuid na comharsan, cé a thabharfas do chuid féin duit? Ní fhéadann aon seirbhíseach bheith ar aimsir ag an dá mháistir; mar beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó é dílis do dhuine acu agus dímheas aige ar an duine eile. Ní féidir libhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag mammon san am amháin.” Bhí na Fairiséigh, a mbíodh grá acu don airgead, ag éisteacht leis sin uile, agus iad ag fonóid faoi. Ach dúirt sé leo, “Daoine sibhse a bhíos ag dearbhú do na daoine go bhfuil sibh sa cheart, ach tá a fhios ag Dia cad é atá in bhur gcroíthe; mar an ní atá go hard i mbéal an phobail is mí-álainn i súile Dé é. “Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí Eoin; agus ó shin tá an dea-scéal á chraobhscaoileadh i dtaobh ríocht Dé, agus gach duine ag brú isteach ann le láimh láidir. Ach is fusa do neamh agus do thalamh dul ar ceal ná dʼaon phonc den dlí a bheith gan bhrí. “Níl duine dá scarann lena bhean agus bean eile a phósadh nach mbíonn ag déanamh adhaltranais, agus an fear a phósas bean atá deighilte óna fear féin bíonn sé ag déanamh adhaltranais. “Bhí fear saibhir ann, a mbíodh éadaí de chorcra agus de chaol-línéadach air, agus féasta costasach aige gach aon lá. Agus bhí ina luí ina gheata duine bocht a raibh Lasarus mar ainm air, agus a chorp lán cneácha, agus é ag iarraidh a bheatha a dhéanamh de na grabhróga a thiteadh ó bhord an duine shaibhir; agus thairis sin thagadh na madraí a lí a chneácha. Fuair an bochtán bás agus dʼiompair na haingil é go hucht Abrachaim. Fuair an duine saibhir bás freisin agus cuireadh in uaigh é; agus dʼardaigh sé a shúile, agus é i Háidéas, i bpianta, go bhfaca Abracham i bhfad uaidh agus Lasarus ina ucht. Agus ghlaoigh sé in ard a chinn, ‘A athair Abracham, bíodh trócaire agat orm, agus cuir Lasarus uait go bhfliucha sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaraí sé mo theanga; mar táim i bpianpháis sa bhladhaire tine seo.’ Ach is é a dúirt Abracham, ‘Cuimhnigh, a mhic, go raibh tusa nuair ba bheo duit ag fáil do mhaitheasaí, agus go raibh íde gach oilc mar an gcéanna ar Lasarus; ach anois bíonn sólás aigesean agus bíonn tusa i bpianpháis. Agus thairis sin uile, cuireadh bearna mhór idir sinne agus tusa, sa chaoi nach féidir leis an méid atá anseo dul anonn chugaibh dá mba mhian leo, ná ní fhéadfadh aon duine teacht anall chugainne.’ Agus dúirt sé, ‘Más mar sin atá, iarraim dʼimpí ort, a athair, a chur chuig teaghlach mʼathar. Mar tá cúigear deartháir agam, ionas go dtuga sé rabhadh dóibh sa dóigh nach dtagann siad go teach seo na bpianta.’ Ach is é a dúirt Abracham, ‘Tá Maois agus na fáithe acu; agus éistidís leo siúd.’ Ach ar seisean, ‘A athair Abracham, is baolach nach n‑éistfidh; ach má thagann duine chucu as na mairbh, déanfaidh siad aithreachas ansin.’ Ach is é a dúirt sé leis, ‘Mura n‑éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní chuirfear ina luí orthu é ach an oiread dá mba rud é go n‑éireodh duine ó na mairbh.’” Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Ní féidir gan cathuithe chun peaca a bheith ann; ach is mairg a chuireas iad. Bʼfhearrde don té úd dá gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus dá gcaifí amach san fharraige é, ná é a bheith ina chúis pheaca ag aon duine beag amháin acu seo. Seachnaígí sibh féin; má pheacaíonn do bhráthair, ceartaigh é, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó; agus má pheacaíonn sé i dʼéadan seacht n‑uaire i rith an aon lae amháin, agus iompú chugat seacht n‑uaire agus é á rá, ‘Tá aithreachas orm,’ caithfidh tú maithiúnas a thabhairt dó.” Dúirt na haspail leis an Tiarna, “Méadaigh ár gcreideamh!” Agus dúirt an Tiarna leo, “Dá mbeadh oiread gráinne de shíol mustaird de chreideamh agaibh, dʼfhéadfadh sibh a rá leis an gcrann fige seo, ‘Bí do do tharraingt aníos as na fréamhacha, a chrainn, agus bí do do phlandú i gceartlár na farraige,’ agus dhéanfadh sé an rud a bhí ráite agat. “An mbeadh seirbhíseach ag treabhadh nó ag buachailleacht caorach ag aon duine agaibh, agus é i ndiaidh teacht isteach chun tí ón bpáirc, agus an ndéarfadh sé leis, ‘Tar agus suigh isteach ag bord gan mhoill?’ Nach dóichí ná a athrach go ndéarfaidh sé leis, ‘Ullmhaigh mo shuipéar, agus cóirigh thú féin agus bí ag freastal orm, go raibh mo shá ite agus ólta agam; agus a chead agat ithe agus ól ina dhiaidh sin?’ Nó an mbíonn sé ag gabháil buíochais leis an seirbhíseach faoi dhéanamh mar a ordaíodh dó? Bígí sibhse mar iad, agus nuair atá gach aon ní dár ordaíodh daoibh déanta agaibh, bígí á rá, ‘Níl ionainn ach seirbhísigh gan fiúntas; mar níl déanta againn ach ár ndualgas.’” Bhí sé ag dul ar aghaidh idir Samária agus Galailí ar a bhealach go hIarúsailéim. Casadh deichniúr lobhar air agus é ag dul isteach i mbaile beag, agus dʼfhan siad ina seasamh tamall uaidh go ndúirt leis in ard a gcinn, “A Íosa, a Mháistir, bíodh trócaire agat orainn.” Nuair a chonaic sé iad dúirt sé leo, “Imígí libh le bhur dtaispeáint féin do na sagairt.” Agus glanadh iad ar a mbealach. Ba ansin a thiontaigh aon duine amháin acu thart, nuair a chonaic sé gur glanadh é, agus é ag moladh Dé in ard a chinn agus a ghutha; agus dʼumhlaigh sé go talamh ag cosa Íosa, le buíochas a thabhairt dó. Anois ba Shamaratánach eisean. Ba é a dúirt Íosa ansin, “Nár leigheasadh deichniúr ach cá bhfuil an naonúr eile? Nach raibh aon duine acu ach an coimhthíoch seo arbh fhiú leis filleadh le moladh a thabhairt do Dhia?” Agus dúirt sé leis, “Éirígh agus gabh i gcionn do bhealaigh; is é do chreideamh a shlánaigh thú.” Nuair a dʼfhiafraigh na Fairiséigh de cá huair a bhí ríocht Dé le teacht, ba é an freagra a thug sé orthu, “Nuair a thiocfaidh ríocht Dé, ní bheidh aon chomhartha le feiceáil; agus ní bheifear á rá, ‘Féach, seo anseo í!’ nó ‘Siúd thall í!’ Mar féachaigí, tá ríocht Dé ann cheana in bhur gceartlár.” Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Tá na laethanta ag teacht a mbeidh sibh ag tnúth le lá amháin de laethanta Mhac an duine a fheiceáil, agus gan é le feiceáil agaibh. Agus déarfar libh, ‘Seo anseo é!’ nó ‘Siúd thall é!’ Ná héirígí amach, agus ná leanaigí iad. Mar is mar chaor thintrí ag soilsiú ó thaobh go taobh na spéire, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ina lá féin. Ach roimhe sin is iomaí rud a chaithfeas sé a fhulaingt agus séanfaidh an ghlúin seo é. Mar a bhí sé i laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh i laethanta Mhac an duine. Bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus pósta, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc, an lá ar tháinig an díle gur bádh iad uile go léir. Beidh freisin mar a bhí i laethanta Lot—bhíodh daoine ag ithe agus ag ól, ag díol agus ag ceannach, ag plandú crann agus ag tógáil tithe, ach an lá a dʼfhág Lot Sodóm, is ea a thit an cith tine agus ruibhe anuas ó neamh a scrios an uile dhuine acu— is amhlaidh a bheidh an lá a nochtfar Mac an duine. An lá úd, má tá duine i mullach an tí, agus a mhaoin sa teach, ná tagadh sé anuas isteach lena breith leis; agus mar an gcéanna don té atá amuigh sa pháirc imíodh sé gan filleadh siar. Cuimhnígí ar bhean Lot. An té bhíos ag iarraidh a anam a choinneáil slán is é a chaillfeas é, ach an té a chaillfeas a anam, is é a shlánós é. Táim ag insint daoibh go mbeidh beirt fhear ar an aon leaba; tógfar fear acu, agus fágfar an fear eile. Beidh beirt bhan ag meilt mine le chéile; tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile.” Agus dʼfhiafraigh siad de, “Cá háit, a Thiarna?” Is é a dúirt sé leo, “An áit a mbeidh an corp, is ann a chruinneos na hiolair le chéile.” Agus dʼinis sé fáithscéal dóibh, le múineadh dóibh gur chóir dóibh bheith ag guí i gcónaí gan a misneach a chailleadh. Is é a dúirt sé, “Bhí cathair ann a raibh breitheamh ann gan eagla air roimh Dhia ná aird aige ar dhuine; agus bhí baintreach sa chathair úd a bhíodh ag teacht chuige agus á rá leis, ‘Tabhair mo cheart dom in aghaidh mo namhad.’ Dʼeitíodh sé í ar feadh tamaill; ach ina dhiaidh sin dúirt sé ina chroí leis féin, ‘Cé nach mbíonn eagla orm roimh Dhia ná aird agam ar dhuine, bím do mo chloí ag an mbaintreach seo, agus tabharfaidh mé a cearta di, ar eagla go gcuire sí den saol mé agus í ag síortheacht chugam.’” Agus dúirt an Tiarna, “Éistigí leis an méid seo a deir an breitheamh éagórach. Agus nach dtabharfaidh Dia a gcearta dá dhaoine tofa, a bhíos ag glaoch air oíche agus lá? An mbeidh mórán moille air leo? Deirim libh go dtabharfaidh sé a gcearta dóibh in am gairid. Ach dá ainneoin sin, nuair a thiocfaidh Mac an duine, an bhfaighidh sé an creideamh ar an talamh?” Dʼinis sé an fáithscéal seo freisin do dhream a raibh muinín acu astu féin go raibh siad ina bhfíréin agus a mbíodh dímheas acu ar dhaoine eile. “Beirt fhear a chuaigh suas isteach sa teampall a ghuí, duine acu ina Fhairiséach agus duine acu ina bhailitheoir cánacha. Sheas an Fairiséach agus ghuigh sé leis féin mar seo leanas, ‘A Dhia liom, beirim buíochas leat nach ionann mise agus na fir eile, lucht an airgid lochtaigh, lucht na gclaonbhreitheanna, lucht an adhaltranais, nó daoine mar an bailitheoir cánacha seo anseo. Bím ag déanamh troscaidh faoi dhó gach seachtain, agus bím ag tabhairt an deichiú cuid de mo theacht isteach.’ Ach dʼfhan an bailitheoir cánacha i bhfad amach, gan oiread agus a shúile a ardú i dtreo neimhe, agus ina áit sin bhuail sé a ucht, agus dúirt sé, ‘A Dhia, bíodh trócaire agat ormsa atá i mo pheacach!’ Tá mise á insint daoibh gur imigh an fear úd síos abhaile agus é ina fhíréan níos mó ná an fear eile; mar níl duine dá n‑ardaíonn é féin nach n‑ísleofar, ach an té a íslíos é féin is é a ardófar.” Bhíodar ag tabhairt go fiú na leanaí beaga chuige go gcuirfeadh sé a lámh orthu; agus nuair a chonaic na deisceabail é sin, chros siad orthu é. Ach ba é rud, ghlaoigh Íosa chuige iad, agus dúirt sé, “Ligigí do na páistí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc orthu; óir is lena leithéidí sin ríocht Dé. Deirim go fírinneach libh, mura nglacann duine le ríocht Dé ar nós páiste, ní rachaidh sé isteach inti ar chor ar bith.” Agus dʼfhiafraigh rialtóir de, “A Oide mhaith, cad é a dhéanfaidh mise le seilbh a fháil ar an mbeatha shíoraí?” Agus dúirt Íosa leis, “Cad chuige a dtugann tú maith ormsa? Níl maith ach Dia ina aonar. Is feasach duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas, ná dúnmharú, ná goid, ná fianaise bhréige. Tabhair, onóir do dʼathair agus do do mháthair.’” Agus dʼfhreagair sé, “Tá siad seo uile á gcoimeád agam anuas ó mʼóige.” Nuair a chuala Íosa sin dúirt sé leis, “Tá aon ní amháin in easpa ort go fóill. Díol a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise.” Ach nuair a chuala sé sin, bhí brón air, mar bhí sé an-saibhir. Dʼfhéach Íosa air agus dúirt sé, “Cad é chomh crua leis, lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé! Is fusa do chamall siúl trí chró snáthaide ná dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.” Arsa an dream a chuala sin, “Cé is féidir a shlánú mar sin?” Ach dúirt seisean, “An ní is dodhéanta do dhaoine is sodhéanta do Dhia é.” Agus dúirt Peadar, “Féach, táimidne i ndiaidh an baile a fhágáil agus tú a leanúint.” Agus dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, nach bhfuil fear ann a thréig a theach nó a bhean nó a dheartháireacha nó a thuismitheoirí nó a chlann, mar mhaithe le ríocht Dé, nach bhfaighidh mórán níos mó ar an saol seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.” Agus ghlac sé an dáréag go ndúirt sé leo, “Féach, táimid ag dul go hIarúsailéim, agus comhlíonfar ar scríobh na fáithe i dtaobh Mhac an duine. Mar tabharfar i lámha na nGintlithe é, agus beifear ag magadh faoi agus á náiriú agus ag caitheamh seile air; sciúrsálfar agus marófar é, agus an tríú lá éireoidh sé.” Ach níor thuig siad aon fhocal den chaint sin; ceileadh orthu é agus ní raibh breith acu ar a ndúradh. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar Iericó, bhí dall ina shuí ar thaobh an bhóthair ag iarraidh déirce; agus nuair a chuala sé gleo an tslua ag dul thairis, dʼfhiafraigh sé cad é a bhí ar cois. Insíodh dó, “Is é Íosa as Nasair atá ag dul thart.” Agus ghlaoigh sé, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.” Chuir an méid a bhí ar thosach an tslua milleán air, ag bagairt air bheith ina thost; ach bʼamhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé in ard a chinn, agus dúirt sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire ormsa.” Sheas Íosa, agus dʼordaigh é a thabhairt chuige; agus nuair a tháinig sé i ngar dó, dʼfhiafraigh sé de, “Cad é sin ba mhaith leat mé a dhéanamh duit?” Ar seisean, “A Thiarna, radharc mo shúl a fháil.” Agus arsa Íosa leis, “Bíodh radharc do shúl agat; is é do chreideamh a rinne slán thú.” Agus fuair sé amharc na súl ar an nóiméad agus lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia; agus nuair a chonaic siad sin, thug na daoine uile go léir moladh do Dhia. Tháinig sé isteach go hIericó agus bhí sé ar a bhealach tríd. Agus bhí fear ann a raibh Sacéus mar ainm air; bhí sé ina ardbhailitheoir cánacha, agus é saibhir. Bhí sé ag iarraidh a fheiceáil cén sórt é Íosa, ach theip air de dheasca an tslua, ó bhí sé beag íseal. Mar sin rith sé píosa ar aghaidh agus chuaigh sé suas i gcrann fige le radharc a fháil air, ó bhí sé le bheith ag teacht an tslí úd. Agus nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, dʼfhéach sé suas air agus dúirt sé leis, “A Shacéuis, déan deifir agus tar anuas, mar tá rún agam an lá inniu a chaitheamh i do theachsa.” Tháinig sé anuas faoi dheifir mar sin agus áthas air le fáilte a fhearadh roimhe. Agus nuair a chonaic siad é bhí siad uile ag clamhsán agus á rá, “Tá sé i ndiaidh glacadh le cuireadh ó fhear atá ina pheacach.” Agus dʼéirígh Sacéus go ndúirt sé leis an Tiarna, “Féach, a Thiarna, tugaim leath mo mhaoine do na boicht; agus más rud é gur bhain mé aon ní dʼaon duine go héagórach, tugaim a cheithre oiread ar ais dó.” Agus arsa Íosa leis, “Is inniu a tháinig an slánú go dtí an teach seo, mar is mac dʼAbracham é seo chomh maith le duine. Mar tá Mac an duine tar éis teacht lena bhfuil caillte a chuardach agus a chaomhnú.” Nuair a bhí siad ag éisteacht leis sin, thosaigh sé ar insint fáithscéil, ó bhí sé féin cóngarach do Iarúsailéim agus ó bhí siadsan ag meas go nochtfaí ríocht Dé gan mhoill. Dúirt sé mar sin, “Duine uasal a bhí ag imeacht i dtír i gcéin le filleadh i ndiaidh cumhacht rí a ghlacadh chuige féin. Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh, agus thug sé deich bpunt dóibh, agus dúirt sé leo, ‘Bígí ag gnóthú leo seo go dtaga mé.’ Ach bʼfhuath le fir a thíre féin é gur chuir siad toscaireacht ina dhiaidh á rá, ‘Ní maith linn an fear seo a bheith ina rí os ár gcionn.’ Nuair a dʼfhill sé agus an chumhacht ríoga aige, chuir sé fios ar na seirbhísigh sin ar thug sé an t‑airgead dóibh, go bhfeicfeadh sé cad é a ghnóthaigh siad. Tháinig duine amháin acu ina láthair agus dúirt sé, ‘A Thiarna, tá deich bpunt eile gnóthaithe ag do phuntsa.’ Agus is é a dúirt sé leis, ‘Is maith a rinne tú, is maith an seirbhíseach tú! Ós tú a bhí dílis faoi bheagán, beidh ceannas agat ar dheich gcathair.’ Agus tháinig an dara duine ina láthair go ndúirt sé, ‘A Thiarna, tá cúig phunt gnóthaithe ag do phuntsa.’ Agus dúirt sé leis, ‘Agus beidh ceannas cúig chathair agatsa.’ Tháinig an tríú duine ansin, agus dúirt sé, ‘A Thiarna, seo duit an punt sin agat, a choinnigh mé i dtaisce i naipcín; mar chuir tú eagla orm, bíonn tú chomh trom sin ar dhaoine; ag tógáil ní nár chuir tú síos, agus ag baint bairr san áit nár chuir tú aon síol.’ Ar seisean leis, ‘Tabharfaidh mé breith do dhaortha ort as do bhéal féin, a bhithiúnaigh de sheirbhíseach! Bhí a dhea-fhios agat, nach raibh, go raibh mé trom ar dhaoine, ag tógáil an ní nár chuir mé síos, agus ag baint san áit nár chuir mé? Agus ó tá sin amhlaidh, cad chuige nár chuir tú mo chuid airgid sa bhanc, go dtógfainn é idir airgead agus bhiseach ag filleadh dom?’ Agus dúirt sé lena raibh ina seasamh lena thaobh, ‘Bain de an punt, agus tabhair é dʼfhear na ndeich bpunt.’ (Agus dúirt siad leis, ‘A Thiarna, nach bhfuil deich bpunt aige cheana?’) Deirim libh, an té a bhfuil aige, tabharfar a thuilleadh dó, ach an té nach bhfuil aige, bainfear de go fiú an méid atá aige. Ach na naimhde úd agam, nár mhian leo mé i mo rí os a gcionn, tugaigí i láthair anseo iad agus cuirigí chun báis iad os mo chomhairse.” Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, shiúil sé roimhe, ag tarraingt ar Iarúsailéim. Nuair a bhí sé ag an sliabh dá ngairtear Cnoc na nOlóg, cóngarach do Bhétfagé agus do Bhétáin, chuir sé beirt de na deisceabail uaidh, agus dúirt sé leo, “Siúlaigí libh isteach sa bhaile beag úd os ár gcomhair, agus Tiocfaidh sibh, ar bhur mbealach isteach, ar shearrach agus é ceangailte, nár shuigh aon duine air roimhe seo; scaoiligí agus tugaigí chugam anseo é. Má fhiafraíonn aon duine díbh, ‘Cad chuige a bhfuil sibh de, á scaoileadh?’ is é an focal a déarfas sibh, ‘Tá gnó ag an Tiarna leis.’” Chuaigh na teachtairí uaidh mar sin agus tharla mar a bhí inste aige dóibh. Nuair a bhí siad ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na daoine ar leo é, “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?” Agus dúirt siadsan, “Tá gnó ag an Tiarna leis.” Agus thug siad chuig Íosa é, agus chaith siad a bhfallaingeacha thar an searrach, gur chuir siad Íosa a mharcaíocht air. Agus chaith siad a bhfallaingeacha thar chlocha an bhóthair de réir mar a bhí sé ag imeacht ar aghaidh. Nuair a bhí sé ag teacht cóngarach, ag bun Chnoc na nOlóg, thosaigh slua uile na ndeisceabal ar dhéanamh gairdis agus ar mholadh Dé faoi na fearta uile a bhí feicthe acu, á rá in ard a gcinn agus a ngutha, “Is beannaithe é an Rí atá ag teacht in ainm an Tiarna! Síocháin ar neamh, agus glóir dó sna flaithis!” Agus dúirt cuid de na Fairiséigh a bhí sa slua leis, “A Oide, cuir milleán ar do dheisceabail.” Ach ba é a fhreagra, “Táim á insint daoibh, dá mba rud é go bhfanfaidís-sean ina dtost, go mbeadh clocha an bhóthair féin ag caint agus ag glaoch os ard.” Agus nuair a tháinig sé i ngaobhar na cathrach agus a chonaic sé í, shil sé uisce a chinn á caoineadh, go ndúirt, “Nach é an trua é nach feasach duit inniu féin na nithe a chothaíos an tsíocháin! Ach tá siad ceilte ort anois. Mar tá na laethanta sin ag teacht ort nuair a thógfaidh do naimhde móta i do thimpeall agus a chuirfidh léagar agus imshuí ort ar gach taobh, agus a leagfaidh siad go lár thú, tú féin agus do chlann ionat istigh, agus ní fhágfaidh siad cloch ar mhuin chloiche ionat; de bhrí nár aithin tú in am cé a bhí agat.” Agus chuaigh sé isteach sa teampall go ndeachaigh ag cur na tóra ar a raibh ag díol ann, agus é á rá leo, “Tá sé scríofa go mbeidh mo theachsa ina theach urnaí; ach tá uaimh ladrann déanta agaibh de.” Agus bhíodh sé gach lá ag teagasc sa teampall. Bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe agus ceannairí an phobail ag iarraidh é a chur den saol; agus gan teacht ar aon ní a fhéadfaidís a dhéanamh, mar bhíodh na daoine go léir ag slogadh gach focail dá dtagadh uaidh. Aon lá amháin dá raibh sé ag teagasc sa teampall agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, tháinig na hardsagairt agus na scríobhaithe aníos chuige agus na seanóirí leo, go ndúirt siad leis, “Inis dúinn cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé a thug an t‑údarás sin duit.” Ba é an freagra a thug sé orthu, “Tá ceist agam le cur oraibh freisin; insígí dom anois, cé acu ó neamh nó ó dhaoine é baiste Eoin?” Agus chuaigh siad á chíoradh le chéile, agus iad á rá, “Má deirimid féin ‘Ó neamh,’ is é a déarfas seisean, ‘Cad chuige nár chreid sibh é?’ Ach má deirimid ‘Ó dhaoine,’ imreoidh na daoine uile go léir bás orainn le clocha; mar tá siad cinnte dearfa go raibh Eoin ina fháidh.” Mar sin dʼfhreagair siad nach raibh a fhios acu cérbh as é. Agus dúirt Íosa leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.” Agus thosaigh sé ar insint an fháithscéil seo do na daoine, “Fear a bhí ann a chuir fíonghort faoi chrainn fíniúna, agus a chuir ar chíos é ag tionóntaí, agus a dʼimigh leis ar an gcoigrích ar feadh i bhfad. Nuair a bhí an t‑am istigh, chuir sé duine de na seirbhísigh chuig na tionóntaí, go dtabharfaidís cuid de thoradh an fhíonghoirt dó; ach ní dhearna na tionóntaí ach a bhualadh agus a thiomáint ar shiúl agus a lámha folamh. Chuir sé an dara seirbhíseach chucu ansin; ach bhuail siad é agus thug siad drochíde dó, agus thiomáin ar shiúl é agus a lámha folamh. Chuir sé an seirbhíseach eile chucu; agus chaith siad amach é agus é dearg ina chuid fola. Ba ansin a labhair an té ar leis an fíonghort, ‘Cad é a dhéanfas mé?’ ar seisean, ‘Is é a dhéanfas mé, an mac is ansa liom a chur chucu; agus bʼfhéidir go mbeidh urraim acu dósan.’ Ach nuair a chonaic na tionóntaí chucu é, dúirt siad le chéile, ‘Seo é an t‑oidhre; imrímis bás air, agus titfidh an oidhreacht orainne.’ Agus chaith siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh siad é. Cad é mar sin a dhéanfas an té ar leis an fíonghort leo? Tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na tionóntaí as, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhream éigin eile.” Nuair a chuala siad sin, dúirt siad, “Nár lige Dia sin!” Ach dʼfhéach sé fúthu agus tharstu agus is é a dúirt sé, “An é nach ligfeadh? Ach cad é atá scríofa: ‘An chloch chéanna dar dhiúltaigh na saoir tá sí mar chloch chinn sa chúinne.’ Níl duine dá dtitfidh in éadan na cloiche úd nach réabfar ó chéile; ach meilfidh sí go mion an té sin a dtitfidh sí ina mhullach.” Bhí na scríobhaithe agus na hardsagairt ag iarraidh greim a fháil air cheana féin, ach ab é an eagla a bhí orthu roimh na daoine; mar dʼaithin siad gur dhírigh sé an fáithscéal sin orthu. Mar sin bhí siad á choimeád, agus ag cur spiairí chuige, á ligean orthu bheith ina ndaoine ionraice, le greim a fháil ar rud dá ndéarfadh sé, mar dhúil is go dtabharfaidís faoi údarás agus faoi bhreithiúnas an uachtaráin é. Agus chuir siad an cheist seo air, “A Oide, tá a dhea-fhios againn go mbíonn tú ag labhairt agus ag teagasc mar is ceart, gan claonadh le haon duine, ag teagasc na fírinne faoi shlí Dé. Inis an ceadmhach dúinn ár gcíos a íoc le Caesar nó an bhfuil sé crosta orainn?” Ach dʼaithin sé a gcleasaíocht, agus dúirt sé leo, “Taispeánaigí bonn airgid dom. Cé leis an íomhá agus an inscríbhinn atá air?” Dʼfhreagair siad, “Is le Caesar iad.” Dúirt sé leo, “Íocaigí mar sin le Caesar na nithe is le Caesar, agus tugaigí do Dhia a bhfuil le Dia.” Agus níor fhéad siad breith ar a fhocal i láthair na ndaoine; ach ag déanamh iontais dá fhreagra agus tost orthu. Tháinig cuid de na Sadúcéigh, an dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann, agus chuir siad ceist air, agus dúirt siad, “A Oide, tá scríofa ag Maois dúinn, faoi chás duine a bhfuil a dheartháir i ndiaidh bás a fháil, agus bean aige agus é gan chlann, á rá go gcaithfidh an duine sin an bhean a ghlacadh agus clann a sholáthar dá dheartháir. “Anois bhí mórsheisear deartháir ann; agus ghlac duine acu bean, go bhfuair bás gan chlann; agus ghlac an dara agus an tríú duine í, ar an nós céanna go dtí go bhfuair an mórsheisear uile bás gan aon chlann a fhágáil ina ndiaidh. Fuair an bhean bás freisin ina dhiaidh sin. Cé acu a mbeidh sí ina bean aige san aiséirí mar sin? Mar bhí sí ina bean ag an mórsheisear.” Agus arsa Íosa leo, “Bíonn clann an tsaoil seo á bpósadh agus cleamhnais á ndéanamh dóibh, ach an dream a mheastar gur fiú iad teacht chun an tsaoil úd agus chun an aiséirí ó mhairbh ní bhítear á bpósadh ná ag déanamh cleamhnas dóibh siúd, mar ní fhéadann siad bás a fháil a thuilleadh, mar tá siad ar aon chéim leis na haingil agus is de chlann Dé iad, ós iad clann an aiséirithe iad. Ach tá sé cruthaithe ag Maois é féin go dtógtar daoine ó mhairbh, sa sliocht i dtaobh an toim, ina ngaireann sé den Tiarna Dia Abrachaim agus Dia Íosóig agus Dia Iácóib. Is é a thiocfas as sin nach é Dia na marbh é, ach Dia na mbeo; mar is beo dó cách.” Agus dʼfhreagair cuid de na scríobhaithe, “A Oide, is maith a labhair tú.” Mar níor lig eagla dóibh aon cheist a chur air. Ach ar seisean leo, “Conas a deirtear gur mac le Dáibhí é an Críost? Nach é a deir Dáibhí féin i leabhar na Salm, ‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarna, Suigh ar mo láimh dheas, go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’ Má thugann Dáibhí Tiarna air, conas a bheadh sé ina mhac aige?” Agus dúirt sé lena dheisceabail in éisteacht na ndaoine go léir, “Bígí ar bhur bhfaichill roimh na scríobhaithe, an dream a dtaitníonn sé leo bheith ag siúl thart in éadaí fada, agus daoine ag beannú dóibh i sráid an mhargaidh, agus na suíocháin is fearr sa tsionagóg agus an áit is onóraí ar fhéasta, an dream a shlogas tithe na mbaintreach i gcraos bréagach na síorphaidreoireachta. Níl daorbhreith is troime ná an bhreith a thabharfar orthu siúd.” Thóg sé a shúile ansin go bhfaca sé na daoine saibhre ag cur a mbronntanas sa chiste; agus chonaic sé an bhaintreach bhocht nár chuir isteach ach an dá chianóg. Agus dúirt sé, “Déanta na fírinne, is mó atá curtha isteach ag an mbaintreach bhocht seo ná a bhfuil curtha isteach acu uile le chéile; mar thug siadsan fuílleach a bhfairsingeachta, ach chuir sise isteach beo a bochtaineachta agus a raibh aici ar an saol.” Nuair a bhí cuid acu ag cur síos ar an teampall, agus ar mhaise a chloch costasach agus a thíolaicí, ar seisean leo, “An bhfeiceann sibh sin ansin romhaibh? Tá na laethanta ag teacht nach bhfágfar cloch ar mhuin chloiche de nach stróicfear anuas.” Agus dʼfhiafraigh siad de, “A Oide, cá huair a bheidh sin amhlaidh, agus cad é an tuar a bheas ann go díreach roimh a theacht?” Agus dúirt sé, “Bígí ar bhur bhfaichill gan ligean dʼaon duine bhur gcur ar seachrán; mar is iomaí sin duine a thiocfas i mʼainmse, agus iad á rá, ‘Is mise é!’ agus, ‘Tá an t‑am buailte linn!’ Ná géilligí dóibh siúd. Agus nuair a mhothóidh sibh iomrá ar chogaí agus ar chorraithe, ná bíodh aon uafás oraibh; mar caithfidh a leithéid a bheith ann an chéad uair ach ní thiocfaidh an chríoch uile san am amháin.” Is é a dúirt sé leo ansin, “Éireoidh cine in éadan cine, agus ríocht in aghaidh ríochta; beidh creathanna móra talaimh ann agus gortaí agus plánna in áiteanna éagsúla; agus beidh uafáis agus comharthaí móra ó neamh. Ach roimhe sin uile leagfaidh siad a lámha oraibh agus cuirfidh siad géarleanúint oraibh, do bhur bhfágáil faoi na sionagóga agus na príosúin, agus tarraingeofar os comhair na ríthe agus na n‑uachtarán sibh mar mhaithe le mʼainmse. “Tabharfaidh sin faill daoibh le fianaise a thabhairt. Bíodh sé ina rún croí agaibh mar sin gan bheith ag smaoineamh roimh ré cad é an freagra a thabharfas sibh; mar bronnfaidh mise briathar béil agus eagna chinn oraibh, nach bhféadfaidh bhur gcúiseoirí seasamh roimhe ná a shéanadh. Beidh sibh do bhur dtabhairt suas go fiú ag bhur dtuismitheoirí agus ag bhur gcairde, agus beifear ag cur cuid agaibh chun báis; beidh fuath ag cách daoibh mar mhaithe le mʼainmse. Ach ní scriosfar aon ribe de bhur gcinn. Tiocfaidh sibh slán as ach bheith dochloíte. “Ach nuair a fheiceann sibh saighdiúirí ina sluaite gach taobh de Iarúsailéim, aithneoidh sibh nach fada uaithi bheith ina fásach. San am úd teitheadh a mbeidh in Iúdaea chun na sléibhte, agus imíodh a bhfuil istigh sa chathair aisti, agus ná fillidís uirthi a bhfuil amuigh faoin tír; mar is iad siúd laethanta an díoltais, ar mhodh nach bhfágfar focal dár scríobhadh fúthu nach gcomhlíonfar. Is mairg a bheas ag iompar leanaí agus ag tabhairt cíche sna laethanta úd! Mar beidh angar mór ar an domhan, agus beidh Dia i bhfearg leis an gcine seo; titfidh siad le béal an chlaímh, agus déanfar braighdeanaigh díobh i measc na náisiún uile; agus cuirfear Iarúsailéim faoi chosa na nGintlithe go dtí go mbeidh ré na nGintlithe caite. “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí, agus corraí ar chiníocha an domhain, mearbhall cinn orthu ó fhothram na farraige agus ó thuargaint na dtonnta, agus beidh daoine ag titim i laige le heagla nuair a bheas leid acu ar a bhfuil ag bagairt ar an saol; mar bainfear croitheadh as cumhachtaí neimhe. Is ansin a fheicfear Mac an duine ag teacht i néalta neimhe faoi chumhacht agus faoi iomad glóire. Nuair a thosaíonn seo uile ar theacht i gcrích, amharcaigí in airde agus bígí ag tógáil bhur gcinn, mar tá bhur slánú ag teacht in bhur gcomhair.” Agus dʼinis sé fáithscéal dóibh: “Amharcaigí ar an gcrann fige agus ar chrainn uile na coille; ní luaithe a thagann duilliúr fúthu ná feiceann sibh é agus aithníonn sibh uaibh féin go bhfuil an samhradh i bhfogas cheana féin. Ar an nós ceannann céanna, nuair a fheicfidh sibh sin uile ag titim amach, aithneoidh sibh go bhfuil ríocht Dé i bhfogas. Is fíor a ndeirim libh, ní rachaidh an ghlúin seo thart do dtí go dtaga sin uile i gcrích. Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathra as. “Ach bígí féin ar bhur bhfaichill ar eagla go mbeidh troime ar bhur gcroíthe ó dhrabhlás agus ó mheisce agus ó bhuaireamh na beatha seo, ar dhóigh go mbeire an lá úd i dtobainne oraibh mar shúil ribe; mar níl duine dá bhfuil ina chónaí ar uachtar an talaimh nach dtiocfaidh sé air. Ach fanaigí in bhur ndúiseacht i rith an ama, agus bígí ag guí go mbeidh sé de neart agaibh teacht slán as a dtiocfaidh oraibh agus seasamh os comhair Mhac an duine.” Agus bhíodh sé gach uile lá ag teagasc sa teampall, ach dʼimíodh sé a chaitheamh na n‑oícheanta ar an sliabh sin a dtugtar Cnoc na nOlóg air. Agus thagadh na daoine uile chuige a éisteacht leis sa teampall ar mhoch na maidine. Anois bhí féile an Aráin gan Laibhín, dá ngairtear an Cháisc, ag druidim leo. Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh caoi a fháil lena chur chun báis; mar bhí eagla orthu roimh na daoine. Ba ansin a chuaigh Sátan isteach i nIúdás a raibh Iscariót mar shloinne air, a bhí ina dhuine den dáréag; agus dʼimigh sé go ndeachaigh i gcomhairle leis na hardsagairt agus leis na ceannfoirt faoi conas a chuirfeadh sé ina lámha é. Agus bhí áthas orthu, agus gheall siad go dtabharfaidís airgead dó. Dʼaontaigh sé leo mar sin, agus bhí sé ag breith ar fhaill lena chur ina lámha nuair nach mbíodh slua daoine i láthair. Ba ansin a tháinig lá an Aráin gan Laibhín, an lá ar chóir uan na cásca a mharú mar íobairt. Mar sin, chuir Íosa Peadar agus Eoin uaidh, agus dúirt sé leo, “Imígí a ullmhú na cásca dúinn go n‑ithimid í.” Dʼfhreagair siadsan dó, “Cá háit is toil leat sinne a hullmhú?” Is é a dúirt sé leo, “Féachaigí, nuair a bheidh sibh i ndiaidh dul isteach sa chathair, casfar fear oraibh agus é ag iompar soithigh dʼuisce; leanaigí é isteach sa teach a dtéann sé isteach ann agus abraigí le fear an tí, ‘Is é a deir an tOide leat, cá bhfuil an seomra aíochta, a n‑íosfaidh mé an cháisc ann i gcuideachta mo dheisceabal?’ Agus taispeánfaidh sé daoibh an seomra mór in uachtar an tí agus é feistithe gléasta; ullmhaígí ansin.” Agus dʼimigh siad agus tharla mar dʼinis sé dóibh, agus dʼullmhaigh siad an cháisc. Agus nuair a tháinig an t‑am, shuigh sé chun boird é féin agus na haspail. Agus dúirt sé leo, “Ba é mian mo thola an cháisc seo a ithe libh roimh mo pháis; mar deirim libh nach n‑íosfaidh mé í go gcomhlíontar í i ríocht Dé.” Agus ghlac sé cupán agus thug sé buíochas agus dúirt sé, “Glacaigí seo agus roinn eadraibh féin é, mar insím daoibh nach n‑ólfaidh mé aon bhraon de thoradh na fíniúna go dtaga ríocht Dé.” Agus ghlac sé arán agus thug sé buíochas agus roinn sé é gur thug dóibh é, á rá, “Is é seo mo chorpsa. Ach siúd lámh mo bhrathadóra ar aon bhord liom. Mar imíonn Mac an duine mar a cinneadh dó; ach is mairg don duine sin a dhéanfas a bhrath!” Agus chuaigh siad a cheistiú a chéile, faoi cé acu a dhéanfadh a leithéid. Dʼéirígh díospóireacht eatarthu, faoi cé acu a mheasfaí ar an bhfear ba mhó. Agus dúirt sé leo, “Bíonn ríthe na nGintlithe ag imirt forlámhais orthu, agus tugtar dea dhaoine déirceacha ar a lucht rialaithe. Ach ní hamhlaidh daoibhse; ina ionad sin bíodh an té is mó oraibh mar an té is óige, agus an taoiseach mar an timire. Mar cé is mó céim, an té a bhíos ina shuí ag bord, nó an té a bhíos ag freastal? Nach é an té a bhíos ina shuí ag an mbord? Ach bímse mar fhreastalaí eadraibh. “Is sibh a dʼfhan liom nuair a cuireadh cathuithe orm; mar a bhronn mʼAthair ríocht orm, is amhlaidh a bhronnaim oraibhse bheith ag ithe agus ag ól ag aon bhord liom i mo ríocht, agus bheith in bhur suí ar dhá ríchathaoir déag le breithiúnas a thabhairt ar an dá threibh déag dʼlosrael. “A Shiomóin, a Shíomóin, bhí Sátan do bhur n‑éileamh le bhur gcriathrú mar chruithneacht, ach tá mise tar éis guí ar do shon chun nach gclisfidh do chreideamh; agus nuair a iompaíonn tusa, bí ag neartú le do bhráithreacha.” Agus dúirt seisean leis, “A Thiarna, táim réidh le do leanúint chun an phríosúin agus chun an bháis.” Ach ar seisean leis, “Insím duit, a Pheadair, nach scairtfidh an coileach an mhaidin seo, go séanfaidh tú faoi thrí go bhfuil aithne agat orm.” Agus ar seisean leo, “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan mhála gan bhróga, an raibh easpa aon ní oraibh?” Agus dʼfhreagair siad, “Ní raibh.” Agus dúirt sé leo, “Ach anois, an té a bhfuil sparán aige, beireadh sé leis é, agus mála lena chois. Agus an té nach bhfuil claíomh aige díoladh sé a fhallaing le ceann a cheannach. Mar táim ag insint daoibh go gcaithfidh mé an focal sin an scrioptúir a chomhlionadh, ‘Agus bhíothas á mheas ar an dream a bhí ciontach,’ mar tá ar scríobhadh fúm ag teacht i gcrích.” Agus dúirt siad, “Féach, a Thiarna, seo dhá chlaíomh.” Agus dúirt sé leo, “Déanfaidh sin cúis.” Agus dʼimigh sé mar ba ghnáth leis go Cnoc na nOlóg; agus lean na deisceabail é. Agus nuair a shroich sé an áit dúirt sé leo, “Bígí ag guí gan cathú a theacht oraibh.” Agus chuaigh sé i leataobh faoi urchar cloiche uathu, go ndeachaigh ar a ghlúine agus go ndearna urnaí, “A Athair, más toil leat é, cuir an cupán seo ó mo bhéal; ach mar sin féin ná déantar mar is toil liom, ach mar is toil leatsa.” Agus nocht aingeal ó neamh dó ag neartú leis. Agus bhí pianpháis air agus dʼéirígh a urnaí ní ba dhúthrachtaí arís; agus allas air a thit anuas ar an talamh mar a bheadh ina bhraonta móra fola. Agus nuair a dʼéirigh sé aníos ón urnaí, chuaigh sé go dtí na deisceabail go bhfuair ina suan iad le méid a mbróin, agus is é a dúirt sé leo, “Cad é an codladh sin oraibh? Éirígí agus bígí ag urnaí nach dtaga an cathú oraibh.” Ní raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig slua daoine, agus iad á dtreorú ag an bhfear sin a raibh Iúdás mar ainm air, ba dhuine den dáréag. Dhruid sé le hÍosa lena phógadh; ach arsa Íosa leis, “A Iúdáis, an dtabharfá póg an fhill do Mhac an duine?” Agus nuair a thuig a lucht leanúna féin cad é a thiocfadh de, dúirt siad, “A Thiarna, an mbuailfimid buille claímh?” Agus bhuail duine acu mogha an ardsagairt gur bhain an chluas dheas dá leiceann. Ach dúirt Íosa, “Ná téigí thairis sin!” Agus chuimil sé a mhéar den chluais gur leigheas í. Ba ansin a dúirt Íosa leis na hardsagairt agus le ceannfoirt an teampaill agus leis na seanóirí, a bhí i ndiaidh éirí amach ina éadan, “An bhfuil sibh i ndiaidh éirí amach in aghaidh bithiúnaigh, leis na claimhte agus leis na bataí seo agaibh? Nuair a bhí mé agaibh ó lá go céile sa teampall, níor leag sibh aon lámh orm. Ach seo agaibh bhur n‑uair agus cumhacht an dorchadais.” Ghabh siad ansin é agus tharraing siad leo é, go teach an ardsagairt. Bhí Peadar á leanúint agus é tamall uaidh. Agus nuair a bhí tine fadaithe acu i lár na cúirte, shuigh siad síos i gcuideachta a chéile, agus shuigh Peadar eatarthu. Ansin chonaic cailín aimsire é ina shuí faoin solas agus dʼamharc air, agus dúirt sí, “Bhí an fear seo ina chuideachta freisin.” Ach shéan sé é agus dúirt sé, “A bhean úd, níl aon aithne agam air.” Agus tamall beag ina dhiaidh sin chonaic duine áirithe eile é agus dúirt leis, “Is duine díobh tusa freisin.” Ach is é a dúirt Peadar leis, “A ghiolla úd, ní díobh mé.” Agus nuair a chuaigh tuairim is uair a chloig thart thosaigh an tríú fear ar a dhearbhú agus dúirt sé, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo ina chuideachta; mar is Galailéach é.” Ach dúirt Peadar, “A ghiolla úd, ní thuigim cad é atá tú a mhaíomh.” Agus sa nóiméad úd, sul ar fhág an focal a bhéal, scairt an coileach. Agus thiontaigh an Tiarna thart agus dʼamharc sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar bhriathar an Tiarna, agus ar an gcaint a dúirt sé leis, “Sula scairtfidh an coileach ar maidin inniu, séanfaidh tú faoi thrí mé.” Agus dʼimigh sé roimhe amach gur shil sé deora go géar goirt. Anois bhíodh na fir a raibh greim acu ar Íosa ag magadh agus á bhualadh; agus chuir siad dallóg ar a shúile agus dʼfhiafraigh siad de, “Déan fáistine, a fháidh! Inis cé a bhuail thú?” Agus is iomaí focal maslach eile a labhair siad leis, agus iad ag tabhairt íde béil dó. Nuair a ghealaigh an lá, bhí seanóirí an chine cruinnithe, idir ardsagairt agus scríobhaithe; agus thug siad isteach os comhair a seanaid é, agus dúirt siad leis, “Más tú an Críost, inis dúinne é.” Ach ba é a dúirt sé leo, “Má insím daoibh gur mé, ní chreidfidh sibh uaim é; agus má fhiafraím díbh an mé, ní thabharfaidh sibh freagra orm. Ach ón am seo amach beidh Mac an duine á shuíomh ar dheasláimh chumhacht Dé.” Agus dʼfhiafraigh siad uile de, “An tú Mac Dé mar sin?” Agus dúirt sé leo, “Is sibhse atá á rá gur mé.” Agus dúirt siad, “Cad é an gnó atá againn le tuilleadh fianaise? Táimid tar éis a chluinstin óna bhéal féin.” Dʼéirigh a raibh ann acu ansin, gur thug é os comhair Phíoláid. Thosaigh siad ansin ar a chúisiú, agus dúirt siad, “Fuaireamar an duine seo ag cur ár náisiúin bun os cionn, agus ag crosadh orainn cios a íoc le Caesar agus é á rá aige gur Críost agus gur rí é féin.” Agus dʼfhiafraigh Píoláid de, “An tú Rí na nGiúdach?” Agus dʼfhreagair sé é, “Is tú a dúirt é.” Ach is é a dúirt Píoláid leis na hardsagairt agus leis na sluaite, “Ní fheictear dom go bhfuil coir ar bith déanta ag an duine seo.” Ach dhearbhaigh siadsan gurbh amhlaidh, agus dúirt siad, “Bíonn sé ag gríosú na ndaoine agus é ag teagasc ar fud Iúdaea, as Galailí go dtí seo.” Nuair a chuala Píoláid sin, dʼfhiafraigh sé ar Ghalailéach é an fear a bhí i gceist. Agus nuair a chuala sé gur thit sé faoi bhreithiúnas Iorua, chuir sé síos chuig Iorua é, ó tharla dó bheith in Iarúsailéim san am úd. Nuair a chonaic Iorua Íosa, bhí an-lúcháir air, mar bʼfhada é ag tnúth le hamharc a fháil air, agus dóchas aige le comhartha éigin a fheiceáil á dhéanamh aige. Chaith sé tamall maith mar sin á cheistiú; ach níor thug sé freagra ar bith air. Sheas na hardsagairt agus na scríobhaithe aníos, á chúisiú go dian dásachtach. Agus chuaigh Iorua agus a chuid saighdiúirí a chaitheamh drochmheasa air agus a mhagadh faoi; agus ansin chuir sé éadaí daite air gur sheol ar ais chuig Píoláid é. Agus shníomh Iorua agus Píoláid cairdeas le chéile an lá céanna sin, mar roimhe sin bhíodh naimhdeas eatarthu. Ba ansin a chruinnigh Píoláid na hardsagairt agus na rialtóirí agus na daoine le chéile, agus is é a dúirt sé leo, “Thug sibh an fear seo os mo chomhair mar dhuine a bhíodh ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa; agus féachaigí, táim tar éis an chúis a scrúdú os bhur gcomhair, agus ní fheictear dom go bhfuil an fear seo ciontach in aon rud dá gcuireann sibh ina leith; ní fheictear sin domsa, ná do Iorua ach an oiread, mar chuir sé ar ais chugainne é. Nach bhfeiceann sibh mar sin nach bhfuil aon ní déanta aige a thuillfeadh bás; mar sin de, smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.” Ach ba é rud, ghlaoigh siad uile i gcuideachta in ard a gcinn, “Cuir an fear seo den saol, agus scaoil Barabas chugainn,” bʼshiúd fear ar buaileadh príosún air as ceannairc a fhadú sa chathair, agus as dúnmharú. Labhair Píoláid leo athuair, ó bʼfhonn leis Íosa a scaoileadh; ach ghlaoigh siad os ard, “Déan a chéasadh, céas ar chrann é!” Labhair sé an tríú huair leo, “Cad chuige, cad é an choir atá déanta aige? Ní fheictear dom go bhfuil aon choir déanta aige a thuillfeadh bás; mar sin smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.” Ach ba é rud, thosaigh siad ar a áitiú air de ghuth ard go gcéasfaí é. Agus ba threise lena nglórtha. Mar sin thug Píoláid an bhreith ba mhian leo. Scaoil sé leo an fear a dʼiarr siad a caitheadh i bpríosún as ceannairc agus dúnmharú; agus lig sé dóibh mian a dtola a imirt ar Íosa. Nuair a bhí siad á tharraingt as, rug siad ar dhuine as tír isteach a raibh Síomón Círéanach mar ainm air, agus leag siad an chrois ar a ghualainn, lena hiompar i ndiaidh Íosa. Agus bhí slua mór daoine á leanúint agus slua de mhná agus iad á chaoineadh agus ag mairgneach faoi. Ach thiontaigh Íosa leo agus dúirt sé, “Ná bígí do mo chaoineadhsa, a iníonacha Iarúsailéim, ach do bhur gcaoineadh féin agus ag caoineadh bhur gclainne. Mar tá na laethanta úd ag teacht a ndéarfar, ‘Is beannaithe don bhean aimrid, agus na broinnte gan toradh, agus na cíocha nár diúladh!’ Is ansin a thosófar ar a rá leis na sléibhte, ‘Titigí anuas orainn,’ agus leis na cnoic, ‘Cuirigí folach orainn.’ Mar má dhéantar sin nuair is glas don tslat, cad é a tharlós nuair a chríonfas sí?” Bhí beirt eile, a bhí ina gcoirpigh, á dtarraingt lena gcur chun báis ina chuideachta. Agus nuair a shroich siad an áit a dtugtar Cloigeann air, rinne siad é a chéasadh ansin, é féin agus na coirpigh, duine ar a dheis agus duine ar a chlé. Agus ba é a dúirt Íosa, “A Athair, maith dóibh é; ó nach feasach dóibh cad é atá á dhéanamh acu.” Agus chaith siad crainn ag roinnt a chuid éadaigh. Agus sheas na daoine thart, á choimeád; agus chuaigh na rialtóirí a fhonóid faoi, agus é á rá acu, “Shlánaigh sé daoine eile; slánaíodh sé é féin, más é an Críost é agus an duine tofa atá ag Dia!” Chuaigh na saighdiúirí a mhagadh faoi freisin, ag teacht aníos chuige agus ag tairiscint fínéagair dó, agus á rá leis, “Más tú Rí na nGiúdach, slánaigh thú féin!” Bhí inscríbhinn os a chionn lena chois sin, “Is é seo Rí na nGiúdach.” Bhí duine de na coirpigh a bhí á chrochadh ag fonóid faoi, á rá, “Nach tú an Críost? Slánaigh thú féin agus sinne!” Ach chuir an coirpeach eile milleán air, agus ar seisean, “Nach bhfuil eagla ort roimh Dhia, agus tú faoin daorbhreith chéanna sin? Agus is ceart mar bhreith orainne í, nach bhfaigheann ach an rud a thuill ár ngníomhartha; ach níl rud ar bith as an tslí déanta ag an bhfear seo.” Agus ar seisean, “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú i réim do ríochta.” Agus arsa Íosa leis, “Deirim leat go fírinneach go mbeidh tú inniu i mo chuideachtasa i bParthas Dé.” Bhí sé anois faoi thuairim an séú huair, agus bhí dorchadas os cionn na tíre ar fad go dtí an naoú huair, agus solas na gréine á dhalladh; agus scoilteadh an brat a bhí sa teampall ina dhá leath. Agus ansin dʼéigh Íosa os ard, agus ar seisean, “A Athair, tiomnaim mo Spiorad i do lámhasa!” Agus nuair a bhí sin ráite aige, dʼfhág an anáil é. Anois nuair a chonaic an ceantúir cad é a tharla, thug sé moladh do Dhia, agus ar seisean, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo neamhchoireach!” Agus maidir leis na sluaite uile a bhí cruinnithe le hamharc ar a raibh le feiceáil, nuair a chonaic siad an ní a tharla, dʼfhill siad abhaile agus iad ag bualadh bos ar a n‑uchta. Agus sheas a lucht aitheantais uile amach uaidh agus an bhantracht a lean ó Ghalailí é agus chonaic siad na nithe sin uile. Anois bhí fear ann a raibh Iósaf mar ainm air as baile Giúdach Arimatía, a bhí ina bhall den seanad, agus a bhí ina dhea-dhuine agus ina fhíréan, agus nach raibh páirteach ina mbeart ná ina ngníomh, agus a raibh súil aige le ríocht Dé. Chuaigh an fear seo go dtí Píoláid agus dʼiarr sé corp Íosa air. Ansin thug sé anuas é agus dʼfhill taiséadach lín air, gur chuir é i dtuama a gearradh amach as an gcarraig, tuama nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin. Ba é lá an Ullmhaithe é, ach go raibh spéartha lá na sabóide ag gealú. Bhí an bhantracht a lean é ó Ghalailí á leanúintsean, go bhfaca siad an tuama, agus an cóiriú a cuireadh faoin gcorp; dʼfhill siad abhaile ansin gur ullmhaigh siad spíosraí agus uinnimintí. Ach gur fhan siad ina suaimhneas i rith na sabóide de réir na haithne. Ach ar an gcéad lá den tseachtain, le scaradh oíche agus lae le chéile, chuaigh siad faoi dhéin an tuama, agus iad ag iompar leo na spíosraí a bhí ullmhaithe acu. Chonaic siad gur tógadh an chloch ó thaobh an tuama, ach nuair a chuaigh siad isteach ann, ní raibh an corp le fail. Nuair a bhí siad in amhras faoi sin, bʼshiúd beirt fhear ina seasamh rompu in éadaí solasta; agus nuair a tháinig eagla orthu agus a chrom siad a gcinn go talamh, dúirt na fir leo, “Cad chuige daoibh bheith ag iarraidh an bheo i measc na marbh. Cuimhnígí ar a ndúirt sé libh agus é go fóill i nGalailí, go gcaithfí Mac an duine a thabhairt i lámha peacach, agus bheith á chéasadh, agus éirí ar an tríú lá ó mhairbh.” Agus chuimhnigh siad ar na briathra sin aige, agus nuair a dʼfhill siad ón tuama dʼinis siad an méid sin uile don aon duine dhéag agus don chuid eile. Anois ba iad Muire Mhagdaléanach agus Ióánna agus Muire máthair Shéamais agus na mná eile a bhí leo a dʼinis sin do na haspail; ach shíl siad nach raibh sna briathra úd ach caint gan éifeacht, agus níor chreid siad a scéal. An lá céanna bhí beirt acu ar aistear go baile beag dá ngairtear Emmáus, atá tuairim ar sheacht míle amach as Iárúsailéim, agus iad ag comhrá le chéile faoina raibh i ndiaidh titim amach. Chomh fada agus a bhí siadsan ag comhrá agus ag cíoradh an scéil, tháinig Íosa é féin i ndeas dóibh agus chuaigh sé leo. Ach bhí rud éigin ar a súile nár lig dóibh a aithint. Agus ar seisean leo, “Cad é ábhar bhur gcainte sa siúl daoibh?” Agus sheas siad ansin, agus an brón ar a ndreach. Ba ansin a thug duine acu, a raibh Cléópas mar ainm air, freagra air, “An tú amháin atá ar thuras in Iarúsailéim atá in ainbhios ar a bhfuil tar éis titim amach ann sna laethanta seo?” Agus ar seisean, “Cad é sin?” Agus dúirt siad leis, “An méid a bhain le hÍosa Nasara, a bhí ina fháidh mór i mbriathar agus i ngníomh os comhair Dé agus os comhair na ndaoine uile, agus an dóigh ar thug ár n‑ardsagairt agus ár rialtóirí uathu é á theilgean chun báis, agus an dóigh ar chéas siad é. Ach ba é an dóchas a bhí againn, go mba é a bhí le hIosrael a fhuascailt. Agus mar bharr air sin uile, is é seo an tríú lá ó tharla sin uile. Ach chuir cuid de na mná a bhí inár gcuideachta iontas orainn. Bhí siadsan ag an tuama ar mhoch maidine agus ní bhfuair siad a chorp ann; ach tháinig siad agus dúirt siad go bhfaca siad aingil i bhfís, agus go ndúirt siadsan go raibh sé beo. Chuaigh cuid den dream is againne go dtí an tuama, agus chonaic siad go raibh an tuama mar a bhí ráite ag na mná, ach ní bhfuair siad aon amharc air féin.” Agus ar seisean leo, “A dhaoine amaideacha, atá ró-mhallintinneach leis an rud sin a chreidiúint atá ráite ag na fáithe uile! Nach raibh sé riachtanach go bhfulaingeodh an Críost na nithe seo agus go rachadh sé isteach ina ghlóir?” Agus ag tosnú le Maois agus leis na fáithe uile, mhínigh sé dóibh an méid a bhí sna scrioptúir go léir ag baint leis féin. Dhruid siad mar sin leis an mbaile beag a raibh a dtriall air. Chuir sé cuma air féin mar a rachadh sé níos faide, ach ní ghlacfaidís diúltú uaidh, á rá, “Fan againn, mar tá tráthnóna beag ann agus tá an lá beagnach caite.” Mar sin chuaigh sé isteach le fanacht acu. Nuair a shuigh sé ag aon bhord leo, ba é a ghlac an t‑arán agus a bheannaigh agus a bhris é gur thug dóibh é. Osclaíodh ansin a súile gur aithin siad é; agus chuaigh sé ó radharc uathu. Ar siadsan le chéile, “Nach raibh an croí ar lasadh inár gcléibh le linn a chomhrá ar an mbóthar, nuair a bhí sé ag míniú na scrioptúr dúinn?” Agus dʼéirígh siad ar an nóiméad gur fhill siad ar Iarúsailéim; gur tháinig ar an aon duine dhéag agus a raibh leo agus iad cruinnithe le chéile, agus iad á rá, “Tá an Tiarna i ndiaidh éiríthe i ndáiríre agus é tar éis é féin a thaispeáint do Shíomón!” Dʼinis siad ansin ar tharla dóibh ar an mbóthar agus conas a dʼaithin siad é ar bhriseadh an aráin. Ní raibh an focal as a mbéal go raibh Íosa é féin ina sheasamh ina measc. Ach is é rud, bhí sceoin agus scanradh orthu, agus iad ag meas gur thaibhse a bhí acu. Agus ar seisean leo, “Cad é ábhar bhur mbuartha agus cad chuige a bhfuil an t‑amhras ag fás in bhur gcroíthe? Féachaigí ar na lámha agus ar na cosa seo, go bhfeice sibh gur mé féin atá ann; mothaígí le bhur méara mé, go bhfeice sibh go bhfuil feoil agus cnámha agam rud nach mbíonn ag taibhse.” Agus nuair nár fhéad siad a chreidiúint go fóill trí mhéid a lúcháire agus a n‑iontais, ar seisean leo, “An bhfuil bia ar bith agaibh anseo?” Agus thug siad giota dʼiasc gríosctha dó, agus ghlac sé agus dʼith sé é os a gcomhair. Ar seisean leo ina dhiaidh sin, “Sin é an méid a dúirt mé libh nuair a bhí mé agaibh go fóill, go gcaithfeadh gach uile ní atá scríofa fúmsa i ndlí Mhaois agus ag na fáithe agus sna sailm a bheith á chomhlionadh.” Ba ansin a dʼoscail sé a n‑intinn le tuiscint a fháil ar na scrioptúir, agus dúirt sé leo, “Is mar sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost a pháis agus go n‑éireodh sé an tríú lá ó mhairbh, agus go mbeadh an aithrí agus maithiúnas na bpeacaí á bhfógairt ina ainmsean do na náisiúin uile, ag tosú ag Iarúsailéim. Tá sibhse in bhur bhfinnéithe ar na nithe sin. Agus féachaigí, táim ag cur an ní a gheall Dia daoibh chugaibh; ach fanaigí sibhse sa chathair, go dtí go gcuirtear an chumhacht neamhaí mar éadach oraibh.” Chuaigh sé rompu ansin amach as an gcathair chomh fada le Bétáin, agus thóg sé a lámha in airde lena bheannacht a fhágáil orthu. Nuair a bhí sé á mbeannú scar sé leo. Agus dʼfhill siad ar Iarúsailéim agus iad lán de lúcháir, agus bhídís ag moladh Dé sa teampall i rith an ama. Sa tús bhí an Briathar ann, agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba é Dia an Briathar. Is é a bhí ann i dtús ama in éineacht le Dia; is trídsean a cruthaíodh gach ní, agus ina éagmais-sean níor cruthaíodh aon ní dá ndearnadh. Is ann a bhí an bheatha, agus ba í an bheatha solas an chine dhaonna. Bíonn an solas ag soilsiú sa dorchadas, agus níl bua ag an dorchadas air. Fear a bhí ann, fear ar chuir Dia uaidh é, arbh ainm dó Eoin. Is le haghaidh fianaise a tháinig sé, le fianaise a thabhairt ar an solas, ionas go gcreidfeadh gach aon duine tríd. Níorbh é an solas é, é féin, ach is le fianaise a thabhairt ar an solas a tháinig sé. Ba é an fíorsholas, a shoilsíos an cine daonna, a bhí ag teacht ar an saol. Bhi sé ar an saol, agus ba thríd a rinneadh an saol, ach níor aithin an saol é. Tháinig sé chun a ionaid dhúchais, agus níor ghlac a mhuintir féin leis. Ach níl duine dár ghlac leis, agus dár chreid ina ainm, nár thug sé an chumhacht dóibh bheith ina gclann Dé; an chlann nár gineadh ó fholaíocht ná ó thoil chollaí ná ó thoil dhaonna, ach ó Dhia. Agus ionchollaíodh an Briathar agus tháinig sé a chónaí inár measc, agus é lán de ghrásta agus dʼfhírinne; agus tá a ghlóir feicthe againn, glóir mar ghlóir an Aon-Mhic atá ón Athair. (Thug Eoin fianaise air agus ghlaoigh sé, “Is é sin an té a ndúirt mé faoi, ‘An té a thagann i mo dhiaidh, bíonn tosaíocht aige orm, mar bhí sé ann romhamsa.’”) Agus fuaireamar uile ár gcion amach as a fhairsinge, grásta ar mhuin ghrásta. Mar is trí Mhaois a bronnadh an dlí; tháinig an grásta agus an fhírinne i gcrích trí Íosa Críost. Ní fhaca súil dhaonna Dia; is é an t‑aon Mhac, a bhíos i mbrollach an Athar, a thug uaidh a bhfuil dʼeolas air. Agus is í seo fianaise Eoin, nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Lébhítigh ó Iarúsailéim lena fhiafraí de, “Cé tusa?” Dʼadmhaigh sé é, agus níor shéan sé é, ach dʼadmhaigh sé, “Ní mise an Críost.” Agus dʼfhiafraigh siad de, “Cé tú mar sin? An tú Elía?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus dʼfhreagair sé, “Ní mé.” Dʼfhiafraigh siad de ansin, “Cé tú féin? Tabhair freagra dúinn go n‑insímid é don dream a chuir anseo sinn. Cad é atá le rá agat fút féin?” Ar seisean, “Níl ionam ach glór daonna ag glaoch ar an bhfásach, ‘Dirígí bealach an Tiarna,’ mar a dúirt an fáidh Isáia.” Anois ba iad na Fairiséigh a chuir uathu iad. Dʼfhiafr­aigh siad de, “Cad chuige a bhfuil tú ag baisteadh, mura tú an Críost, ná Elía, ná an fáidh?” Ba é freagra a thug Eoin orthu, “Bímse ag baisteadh le huisce; ach tá duine ag seasamh in bhur measc nach aithnid daoibh, is é féin an té a thiocfas i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuaráin a scaoileadh.” Tharla sé sin i mBétáin taobh thall den Iornán, áit a raibh Eoin ag baisteadh. An lá ina dhiaidh sin chonaic sé Íosa chuige, agus dúirt sé, “Féach Uan Dé, a bheireas leis peacaí an domhain! Is é seo an té a ndúirt mé faoi, ‘Tá fear ag teacht i mo dhiaidh a bhíos i dtosaíocht orm, ó bhí sé ann romham.’ Níor aithin mé féin é; ach is chuige seo a tháinig mé ag baisteadh le huisce, ionas go bhfoilsítí dʼIosrael é.” Agus thug Eoin fianaise, “Chonaic mé an Spiorad ag tuirlingt mar cholm ó neamh, agus dʼfhan sé air. Níor aithin mé féin é ach is é a dúirt an té a chuir mé a bhaisteadh le huisce liom, ‘An té a bhfeiceann sibh an Spiorad ag tuirlingt air agus ag fanacht aige, is é sin an té a bhaisteas leis an Spiorad Naomh.’ Agus tá sin feicthe agam agus fianaise tugtha agam gurb é seo Mac Dé.” An lá ina dhiaidh sin bhí Eoin ina sheasamh le beirt dá dheisceabail; agus dʼamharc sé ar Íosa ag siúl thart, agus ar seisean, “Féach Uan Dé!” Chuala an bheirt deisceabal é á rá sin, agus lean siad Íosa. Thiontaigh Íosa thart, go bhfaca iad á leanúint, agus ar seisean leo, “Cad é atá uaibh?” Agus dúirt siadsan leis, “A Rabbí (a chiallaíos Oide), cá bhfuil tú ag fanacht?” Ar seisean leo, “Tagaigí go bhfeice sibh.” Chuaigh siad go bhfaca an áit a raibh sé ag fanacht, agus dʼfhan siad aige an lá sin, ó bhí sé tuairim is an deichiú huair. Bhi Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar ar dhuine den bheirt a chuala caint Eoin, agus a lean é. Ba é an chéad ní a rinne sé dul ar lorg a dhearthár Siomón, agus dúirt sé leis, “Táimid tar éis an Messía a fháil” (a chiallaíos an Críost). Thug sé leis chuig Íosa é. Dʼamharc Íosa air, agus dúirt sé, “Is tú Síomón mac Eoin mar sin? Tabharfar Céfas ort” (a chiallaíos Peadar). An lá ina dhiaidh sin bhí rún ag Íosa dul go Galailí. Tháinig sé ar Philib agus dúirt sé leis, “Lean mé.” Anois ba as Bétsáida, cathair Aindriais agus Pheadair, do Philib. Chuaigh Pilib ar lorg Natanael, agus dúirt sé leis, “Tá sé faighte againn, an té ar scríobh Maois sa dlí agus ar scríobh na fáithe faoi freisin, Íosa Nasara, mac Iósaif.” Is é a dúirt Natanael leis, “An bhféadann aon mhaith teacht as Nasair?” Arsa Pilib leis, “Tar ort go bhfeice tú.” Chonaic Íosa Natanael chuige agus dúirt sé faoi, “Seo Iosraelíteach dáiríre nach bhfuil cealg ann!” Arsa Natanael leis, “Conas atá aithne agat orm?” Dʼfhreagair Íosa é, “Sular ghlaoigh Pilib ort, nuair a bhí tú faoin chrann fige, chonaic mé thú.” Dʼfhreagair Natanael é, “A Rabbí, is tú Mac Dé! Is tú Rí Iosrael!” Dʼfhreagair Íosa é, “An gcreideann tú de bharr mé á rá go bhfaca mé thú faoin gcrann fige? Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo.” Agus dúirt sé leis, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá go bhfeicfidh tú doirse neimhe á n‑oscailt, agus aingil Dé ag éirí agus ag tuirlingt ar Mhac an duine.” An tríú lá bhí bainis ann i gCána i nGalailí, agus bhí máthair Íosa ar an mbainis; agus fuair Íosa agus a dheisceabail cuireadh freisin chun na bainise. Nuair a bhí an fíon caite, dúirt máthair Íosa leis, “Níl aon fhíon acu.” Agus dúirt Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú dom? Níl an uain agam go fóill.” Ba é a dúirt a mháthair leis an lucht freastail, “Déanaigí cibé ní a deir sé libh.” Anois bhí sé shoitheach cloiche ina seasamh ansin, le haghaidh gnásanna glanta na nGiúdach, a dtoillfeadh fiche nó tríocha galún iontu. “Líonaigí na soithigh dʼuisce,” arsa Íosa leo. Agus líon siad go béal iad. Dúirt sé leo, “Tarraingígí astu anois, agus tugaigí libh chuig maor na coirme é.” Thug siad chuige é mar sin. Nuair a bhlais maor na coirme an t‑uisce a bhí anois ina fhíon, agus é in ainbhios faoi cá has ar tháinig sé (cé go raibh a fhios sin ag an lucht freastail a tharraing an t‑uisce), ghlaoigh maor na coirme ar an bhfear nuaphósta agus ar seisean leis, “Bíonn na daoine uile ag tabhairt amach an dea-fhíona i dtús coirme; agus an díogha ansin ar deireadh nuair a bhítear i ndiaidh braon maith a ól; ach tá an dea-fhíon coinnithe siar agat go dtí anois!” Rinne Íosa sin i gCána i nGalailí, an chéad chomhartha dá chomharthaí, agus nocht sé a ghlóir; agus chreid a dheisceabail ann. Ina dhiaidh sin chuaigh sé síos go Caparnáum, é féin agus a mháthair agus a dheartháireacha, agus a dheis­ceabail; agus dʼfhan siad tamall de laethanta ansin. Ba ghairid uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh Íosa suas go hlarúsailéim. Sa teampall dó, tháinig sé ar lucht díolta na ndamh agus na gcaorach agus na gcolm, agus lucht malartaithe an airgid agus iad i gceann a ngnó. Agus dʼfhigh sé fuip as téada, agus thiomáin sé iad féin agus na caoirigh agus na daimh amach as an teampall; agus scaip sé na boinn a bhí ag lucht malartaithe an airgid agus thiontaigh sé a mboird bun os cionn. Agus dúirt sé le lucht díolta na gcolm, “Tugaigí libh iad seo as seo; ní ceadmhach teach margaidh a dhéanamh de theach mʼAthar-sa.” Ba chuimneach lena dheisceabail gur scriobhadh, “Beidh mo dhíograis do do theachsa do mo chnaí.” Dʼfhiafraigh na Giúdaigh de ansin, “Cad é an comhartha a thaispeánfas tú dúinn lena bhfuil déanta agat?” Ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Leagaigí an teampall seo go lár, agus beidh sé atógtha agamsa i dtrí lá.” Dúirt na Giúdaigh ansin, “Ghlac sé sé bliana agus daichead leis an teampall seo a thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?” Ach is faoi theampall a choirp féin a bhí sé ag caint. Nuair a tógadh é ar an aiséirí ó mhairbh, ba ansin ba chuimhneach lena dheisceabail go raibh sé sin ráite aige; agus chreid siad don scrioptúr agus don bhriathar a bhí ráite aige. Anois nuair a bhí sé in Iarúsailéim ag féile na Cásca, chreid mórán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a mbíodh sé á ndéanamh; ach níor thaobhaigh Íosa é féin leo, as siocair gur thuig sé iad uile agus nach raibh feidhm aige ar dhuine a thabharfadh fianaise dó i dtaobh an duine; mar bhí a dhea-fhios aige féin faoi cad é ab fhiú an duine. Anois bhí fear de na Fairiséigh arbh ainm dó Nicodémus, a bhí ina rialtóir i measc na nGiúdach. Tháinig sé chuig Íosa san oíche agus dúirt sé leis, “A Rabbí, aithnímid gur oide tú ó Dhia chugainn; mar ní fhéadfadh aon duine na comharthaí seo agat a dhéanamh, mura mbeadh Dia leis.” Ba é freagra Íosa air sin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑athbheirtear an duine, ní fhéadann sé amharc a fháil ar ríocht Dé.” Arsa Nicodémus leis, “Conas a bheirtear duine agus é aosta? An bhféadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar athuair go mbeirtí é?” ʼDʼfhreagair Íosa, “Is fíor agus is fírinneach a deirim leat, mura n‑athbheirtear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríocht Dé. Feoil a bheirtear dʼfheoil agus spiorad a bheirtear den Spiorad. Ná bíodh sé ina ábhar iontais agat go ndúirt mé leat go gcaithfidh sibh bheith do bhur n‑athbhreith. Séideann an ghaoth mar a dtograíonn sí, agus cluineann tú a glór, ach níl fhios agat cá has a dtagann sí nó cá n‑imíonn sí; is amhlaidh a bhíos leis an uile dhuine dá n‑athbheirtear ón Spiorad.” Dúirt Nicodémus leis, “Conas is féidir dó seo a bheith amhlaidh?” Arsa Íosa leis, “A rá is de go bhfuil tusa i dʼoide in Iosrael, agus gan tuiscint a bheith agat ar na nithe seo? Is fíor atá, agus is fíor mo rá, bímid ag labhairt faoin ní is eol dúinn agus ag tabhairt fianaise ar a bhfuil feicthe againn; agus sin gan sibh ag glacadh lenár bhfianaise uainn. Má tá nithe saolta inste agam daoibh agus nach gcreideann sibh, conas a chreidfidh sibh má insim nithe neamhaí daoibh? Ní dheachaigh suas go neamh ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an duine. Agus mar a dʼardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, is amhlaidh a chaithfear Mac an duine a ardú, i gcruth go bhfaighidh an uile dhuine a chreideas ann seilbh ar an mbeatha shíoraí.” Mar bhí grá Dé don domhan chomh mór sin gur thug sé uaidh a aon Mhac, ionas nach gcaillfí an té a chreideas ann ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige. Mar níor chuir Dia an Mac uaidh isteach sa domhan leis an domhan a dhaoradh, ach mar i ndúil is go slánófaí an domhan tríd. An té a chreideas ann ní dhaortar é; an té nach gcreideann ann tá sé daortha cheana féin, de bhri nach bhfuil creidte aige in Ainm aon Mhac Dé. Agus is é seo an bhreith, go bhfuil an solas tar éis teacht ar an saol, agus gurbh ansa le daoine an dorchadas ná an solas, ar an tsiocair go raibh a ngníomhartha olc. Mar níl duine dá mbíonn ag déanamh an oilc nach mbíonn fuath aige ar an solas, agus ní thagann sé chun an tsolais, ar eagla go nochtfaí a ghníomhartha. Ach an té a bhíos ag cur na fírinne i ngníomh, bíonn seisean ag teacht chun an tsolais, sa chruth go bhfeicfí go soiléir gur oibríodh a ghníomharthasan i nDia. Ina dhiaidh sin thug Íosa agus a dheisceabail tír Iúdaea orthu féin; agus dʼfhan sé leo ansin agus bhíodh sé ag baisteadh. Bhi Eoin ag baisteadh freisin in Aénon cóngarach do Shalim, ó bhí mórán uisce san áit; agus bhíodh daoine ag teacht chuige agus á mbaisteadh. Mar níor cuireadh Eoin i bpríosún go fóill. Dʼéirigh conspóid ansin idir deisceabail Eoin agus Giúdach i dtaobh an ghlanta. Agus thángthas chuig Eoin agus dúradh leis, “A Rabbí, an té sin a bhí agat taobh thall den Iornán, ar thug tú an fhianaise air, seo anseo ag baisteadh é, agus an slua ag tarraingt air.” Dʼfhreagair Eoin, “Ní féidir le haon duine aon ní a fháil ach a mbronntar air ó neamh. Fágaim a fhianaise oraibh féin, go ndúirt mé, Ní mé an Críost, ach gur roimhe a cuireadh mé. An té a mbíonn an bhrídeog aige is é an fear nuaphósta é; ach cara an fhir nuaphósta, a sheasas leis agus a éisteas leis, bíonn glór an fhir nuaphósta ina ábhar mór lúcháire dó; dá bhrí sin de tá mo lúcháirse lán anois. Tá air dul i dtreise, ach tá orm maolú.” An té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn an uile ní; an té atá as an talamh is leis an talamh é, agus is i dtaobh an talaimh a labhraíos sé; an té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn gach uile dhuine. Tugann sé fianaise ar a bhfuil feicthe agus cluinte aige, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise; an té a ghlacas lena fhianaise, cuireann sé a shéala leis seo, go bhfuil an fhírinne ag Dia. Mar an té a chuir Dia uaidh, luann sé na briathra a labhair Dia, mar níl teorainn leis nuair a thugann sé an Spiorad; tá grá ag an Athair don Mhac, agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige. An té a chreideas sa Mhac bíonn an bheatha shíoraí aige; ach an té nach n‑umhlaíonn don Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach fanann sé faoi fhearg Dé. Anois nuair a dʼaithin an Tiarna gur chuala na Fairiséigh go raibh Íosa ag sárú Eoin ag déanamh deisceabal agus á mbaisteadh, (cé nárbh é Íosa féin a bhíodh á mbaisteadh, ach a dheisceabail amháin), dʼfhág sé Iúdaea le himeacht go Galailí athuair. Agus bhí air dul trí Shamária. Tháinig sé mar sin go cathair de chuid Shamária a raibh Saicar mar ainm uirthi, a bhí cóngarach don ghort a thug Iácób dá mhac Iósaf. Is ansin a bhí tobar Iácóib, agus ó bhí Íosa tuirseach dá shiúl, shuigh sé faoi le taobh an tobair. Bhí sé i dtrátha an séú huair (den lá). Tháinig bean Shamaratánach le huisce a tharraingt. “Tabhair deoch dom,” arsa Íosa léi. Mar bhí a dheisceabail tar éis imeacht leo chun na cathrach le bia a cheannach. Dʼfhiafraigh an bhean Shamaratánach de, “Conas a dʼiarrfá deoch ar bhean Shamaratánach agus tú i do Ghiúdach?” Mar ní bhíonn na Giúdaigh ag déanamh caidrimh leis na Samaratánaigh. Dʼfhreagair Íosa í, “Dá mbʼeol duit tíolacadh Dé, agus cé sin a deir leat, ‘Tabhair deoch dom,’ bheifeá i ndiaidh a iarraidh air, agus é i ndiaidh fíoruisce na beatha fíre a thabhairt duit.” Arsa an bhean leis, “A Shaoi, níl aon ghléas tarraingthe agat, agus is domhain an tobar é; cá has a bhfaigheann tú an t‑uisce úd na beatha? An mó tusa ná ár ngarathair Iácób, a thug an tobar dúinn, agus a dʼól as é féin agus a chlann mhac agus a chuid eallaigh?” Arsa Íosa léi, “Níl duine dá n‑ólann an t‑uisce seo nach mbeidh tart air arís, ach an té a ólfas an t‑uisce a thabharfas mé dó, ní bheidh tart air choíche; éireoidh an t‑uisce a thabharfas mé dó ina thobar fíoruisce a mbíonn an bheatha shíoraí ag coipeadh as.” Arsa an bhean leis, “A Shaoi, tabhair an t‑uisce sin dom, ionas nach mbeidh tart orm, agus ionas nach mbeidh sé de shaothar orm teacht anseo le huisce a tharraingt.” Arsa Íosa léi, “Imigh, glaoigh ar do chéile fir, agus tagaigí anseo.” Dʼfhreagair an bhean é, “Níl céile fir agam.” Arsa Íosa léi, “Is ceart mar a dúirt tú é, go raibh tú gan céile fir; mar tá cúigear fear céile i ndiaidh a bheith agat, agus an té atá agat anois ní hé dʼfhear céile féin é; tá an fhírinne agat sa mhéid sin atá inste agat.” Arsa an bhean leis, “A Shaoi, táthar á thaibhsiú dom gur tú an fáidh feasa. Bhíodh ár sinsear ag adhradh ar an sliabh seo; agus is é a deir sibhse gurb í Iarúsailéim an áit ar chóir do dhaoine adhradh a dhéanamh inti.” Arsa Íosa léi, “A bhean úd, creid uaimse é, tá an t‑am ag teacht nach n‑adharfaidh sibh an tAthair ar an sliabh seo ná in Iarúsailéim ach oiread. Níl fhios agaibh cad é atá sibh á adhradh; is feasach dúinne cad é a bhíos á adhradh againn, mar is ó na Giúdaigh a thagann an slánú. Ach tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, a mbeidh lucht an fhíoradhartha ag adhradh an Athar sa Spiorad agus san fhírinne, mar is iad a leithéidí a lorgaíos an tAthair lena adhradh. Is Spiorad é Dia, agus caithfidh a lucht adhartha a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne.” Dúirt an bhean leis, “Tá a fhios agam go bhfuil an Messía ag teacht (an té a dtugtar an Críost air); nuair a thiocfas seisean, níl ní nach nochtfaidh sé dúinn.” Arsa Íosa léi, “Is mise é, agus tá sé ag caint leat.” Ba é sin an t‑am ar tháinig a dheisceabail. Bʼiontach leo é a bheith ag caint le bean, ach ní raibh sé de dhánacht ag aon duine acu a rá, “Cad é atá uait?” nó “Cad chuige a bhfuil tú ag caint léi?” Dʼfhág an bhean mar sin a soitheach uisce ina diaidh, agus dʼimigh léi chun na cathrach, go ndúirt leis na daoine, “Tagaigí, go bhfeice sibh fear a dʼaithris dom a ndearna mé riamh. An féidir gurb é sin an Críost?” Dʼimigh siad amach as an gcathair agus bhí siad ag tarraingt air. Idir an dá linn chuaigh na deisceabail ag agairt air, á rá, “A Rabbí, caith bia.” Ach ar seisean leo, “Tá bia le n‑ithe agam nach eol daoibhse.” Bʼshiúd na deisceabail ag fiafraí dá chéile, “Ar thug aon duine bia chuige?” Ach is é a dúirt Íosa leo, “Is bia dom toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, agus a obair a chomhlíonadh. Nach ndeir sibh, ‘Tá ceithre mhí ann go fóill, agus ansin tagann an fómhar?’ Deirim libhse, tógaigí bhur súile, agus féachaigí mar atá na cuibhrinn ag gealadh cheana féin le haghaidh an fhómhair. Faigheann an buanaí a thuarastal, agus cruinníonn sé toradh le haghaidh na beatha síoraí, mar dhúil is go mbeidh an buanaí agus fear curtha an tsíl faoi lúcháir le chéile. Mar is anseo a fhíoraítear an nath, ‘An té a chuir an síol, ní hé a bhainfeas an barr’. Chuir mé amach sibh le barr a bhaint nár oibrigh sibh air; rinne daoine eile an saothar, agus tá sibhse i ndiaidh dul i seilbh a saothairsean.” Chreid mórán Samaratánach as an gcathair úd ann de bharr fhianaise na mná, “Dʼaithris sé dom a ndearna mé riamh.” Nuair a tháinig na Samaratánaigh chuige dʼiarr siad air fanacht acu; agus dʼfhan sé dhá lá ann. Agus chreid tuilleadh mór de bharr a bhriathair féin. Ar siadsan leis an mbean, “Ní de bharr do bhriathairse a bhímid ag creidiúint feasta, mar chualamar lenár gcluasa féin é, agus tugadh le fios dúinn gurb é sin go cinnte Slánaitheoir an domhain.” I ndiaidh an dá lá úd, dʼimigh sé ag tarraingt ar Ghalailí. Mar thug Íosa é féin fianaise nach mbíonn meas fáidh ar aon duine ina dhúiche féin. Dá bhrí sin de, nuair a tháinig sé go Galailí, bhí fáilte ag na Galailéigh roimhe, nuair a bhí siad i ndiaidh a ndearna sé in Iarúsailéim ar an bhféile a fheiceáil, ó chuaigh siadsan chun na féile freisin. Tháinig sé mar sin an athuair go dti Cána i nGalailí, an áit a ndearna sé fíon den uisce. Agus bhí i gCaparnáum oifigeach a raibh a mhac breoite. Nuair a chuala sé go raibh Íosa i ndiaidh teacht ó Iúdaea go Galailí, chuaigh sé chuige agus dʼagair sé air teacht anuas agus a mhac a leigheas, a bhí i mbéala báis. Dúirt Íosa leis mar sin, “Mura bhfeiceann sibh comharthaí agus iontais, ní chreidfidh sibh.” Arsa an t‑oifigeach leis, “A Shaoi, tar anuas sula bhfaighe mo leanbh bás.” Arsa Íosa leis, “Imigh romhat; mairfidh do mhac.” Chreid an fear an briathar a labhair Íosa leis, agus dʼimigh sé roimhe. Tháinig a sheirbhísigh ina airicis agus é ar a chosán síos gur inis dó go raibh a mhac beo. Dʼfhiafraigh sé díobh mar sin cá huair a thosaigh sé ar fháil bisigh, agus ba é rud a dúirt siad leis, “Inné cothrom an seachtú huair dʼfhág an fiabhras é.” Dʼaithin an t‑athair gurbh é sin an uair chéanna a ndúirt Íosa leis, “Mairfidh do mhac”; agus chreid sé féin, agus a theaghlach uile. Ba é sin an dara comhartha a rinne Íosa i ndiaidh teacht ó Iúdaea go Galailí. Bhí féile ina dhiaidh sin ag na Giúdaigh, agus chuaigh Íosa suas go hlarúsailéim. Anois tá linn uisce in Iarúsailéim cóngarach do Gheata na gCaorach a dtugtar Bét-sata air san Eabhrais, agus tá cúig cholúnáid ar an linn. Bhí slua mór othar ina luí iontusan, idir dhaill agus chithréimigh agus lucht pairilise. Bhi duine amháin ansin a bhí breoite i rith ocht mbliana agus tríocha. Nuair a chonaic Íosa é agus dʼaithin sé go raibh sé ina luí ansin tamall fada, dʼfhiafraigh sé de, “An áil leat do leigheas?” Ba é freagra a thug an t‑othar air, “A Shaoi, níl aon duine agam le mo chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce, agus tá an chéim síos tugtha ag fear eile fad agus a bhímse ar mo bhealach.” Arsa Íosa leis, “Éirigh, tóg do shráideog ort, agus siúl leat.” Agus ní luaithe ráite é ná leigheasadh an fear, agus thóg sé a shráideog agus shiúil sé leis. Anois ba é an tsabóid é an lá sin. Mar sin, dúirt na Giúdaigh leis an bhfear a leigheasadh, “Is í an tsabóid í, níl sé dlisteanach duit do shráideog a iompar.” Ach dʼfhreagair sé iad, “Is é a dúirt an fear a rinne mé a leigheas, ‘Tóg do shráideog ort agus siúl.’” Dʼfhiafraigh siad de, “Cé hé sin a dúirt leat, ‘Tóg do shráideog ort agus siúl.’?” Anois niorbh fheasach don fhear a leigheasadh cé a bhí aige, mar bhí Íosa i ndiaidh éalú sa slua a bhí san áit. Tháinig Íosa air ina dhiaidh sin sa teampall, agus dúirt sé leis, “Féach mar atá tú i do shláinte! Ná déan peaca a thuilleadh ar eagla go mba mheasaide duit é ná roimhe seo.” Dʼimigh an fear leis gur inis do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é. Agus sin é an chúis ar chuir na Giúdaigh an ghéarleanúint ar Íosa, i ngeall ar é sin a dhéanamh lá na sabóide. Ach is é an freagra a thug Íosa orthu, “Bíonn mʼAthair i gceann a chuid oibre go fóill, agus bímse ag obair.” Ba í sin an chúis a bhí ag na Giúdaigh le bheith ag iarraidh ní ba dhéine a chur chun báis, mar ní hamháin gur sháraigh sé an tsabóid, ach thug sé Athair ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia. Dúirt Íosa leo, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, ní fhéadann an Mac aon ní a dhéanamh dá dheoin féin, ach amháin an ní a bhfeiceann sé an tAthair á dhéanamh; mar an ní a dhéanann seisean, is é a dhéanann an Mac mar an gcéanna. Mar bíonn grá ag an Athair don Mhac, agus taispeánann sé dó a mbíonn á dhéanamh aige féin; agus taispeánfaidh sé oibreacha is mó ná iad seo dó, ionas go mbeidh iontas oraibh. Mar a thógann an tAthair na mairbh agus mar a thugann sé beatha dóibh, is mar sin a thugann an Mac an bheatha don dream is áil leis. Ní thugann an tAthair breithiúnas ar aon duine, ach tá an breithiúnas uile tugtha aige don Mhac, ionas go mbeidh onóir ag na daoine uile don Mhac mar a bhíos acu don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é. Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, an té a chluineas mo bhriatharsa agus a chreideas sa té a chuir uaidh mé, is aige atá an bheatha shíoraí; ní thagann sé faoi bhreithiúnas, ach tá aistrithe aige ó bhás go beatha. “Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, tá an uair ag teacht, agus tá si ann cheana féin, a gcluinfidh na mairbh glór Mhac Dé, agus mairfidh a gcluinfidh é beo. Ó mar atá an bheatha ann féin ag an Athair, tá bronnta aige ar an Mac an bheatha a bheith ann féin, agus thug sé údarás dó leis an mbreithiúnas a chur i gcrích, ós é Mac an duine é. Nárab iontas libh sin; mar tá an uair ag teacht nuair a chluinfeas a bhfuil sna tuamaí a ghlór agus tiocfaidh siad amach, an méid acu a rinne an mhaith, chun aiséirí na beatha, agus an méid a rinne an t‑olc, chun aiséirí an bhreithiúnais. “Ní bhíonn cumas agam le haon ní a dhéanamh ar mʼúdarás féin; an bhreith a chluinim, is í a thugaim; agus is ceart an bhreith agam í, ó nach mbím ag iarraidh mo thola féin ach toil an té a chuir uaidh mé. Má thugaim fianaise orm féin, ní bhíonn mʼfhianaise fíor; tá duine nach mé a thugas fianaise orm, agus tá a dhea-fhios agam gur fíor an fhianaise a thugann sé orm. Chuir sibh teachtairí chuig Eoin, agus tá fianaise tugtha aige ar an bhfírinne. Ní fhágann sin gur daonna an fhianaise a thagas chugam; ach deirim an méid sin ionas go slánaítear sibh. Ba loiscneach lonrach an lampa é, agus thoiligh sibh go ceann tamaill lúcháir a bheith oraibh faoina sholas. Ach tá fianaise agam is mó ná fianaise Eoin; mar na hoibreacha a dheonaigh an tAthair dom a chur i gcrích, bíonn na hoibreacha seo atá á ndéanamh agam ag tabhairt fianaise orm gurb é an tAthair a chuir uaidh mé. Agus tá fianaise tugtha ag an Athair a chuir uaidh mé, é féin. Níor chuala sibh a ghlór riamh, ná ní fhaca sibh a chruth; agus ní bhíonn a bhriathar agaibh ag fanacht ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir sé uaidh. Bíonn sibh ag ransú na scrioptúr, mar síleann sibh gur iontu atá an bheatha shíoraí agaibh; agus is iad a thugas fianaise orm; ach ní toil libh teacht chugamsa ionas go mbeidh an bheatha agaibh. Ni ghlacaim le glóir ó dhaoine. Ach tá a dhea-fhios agam nach bhfuil grá Dé ionaibh. Tháinig mé in ainm mʼAthar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine chugaibh ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean. Conas a chreidfeas sibhse, a ghlacas glóir óna chéile agus nach n‑iarrann sibh an ghlóir a thagas ón aon Dia amháin? “Ná síligí go gcúiseoidh mise sibh i láthair an Athar; is é Maois a chúisíos sibh, an té sin ar chuir sibh bhur ndóchas ann. Dá gcreidfeadh sibh i Maois, chreidfeadh sibh ionamsa, ós i mo thaobhsa atá scríofa aige. Ach mura gcreideann sibh a scríbhinní siúd, conas a chreidfeas sibh mo bhriathrasa?” Ina dhiaidh sin chuaigh Íosa go dtí an taobh thall de Mhuir Ghalailí, is í sin Muir Thibérias. Agus bhí slua á leanúint, ó chonaic siad na comharthaí a rinne sé ar an dream a bhí breoite. Chuaigh Íosa suas faoi na cnoic, agus shuigh sé faoi ansin é féin agus a dheisceabail. Anois níorbh fhada uathu an Cháisc, an fhéile a bhíodh ag na Giúdaigh. Dʼardaigh Íosa a shúile ansin, agus chonaic sé chuige an slua, agus dʼfhiafraigh sé de Philib, “Conas a cheannóimid arán, ionas go gcaithfidh an dream seo bia?” Is á fhéachaint a dúirt sé sin, mar bhí fhios aige féin cad é a dhéanfadh sé. Ba é an freagra a thug Pilib air, “Ní leor dóibh luach dhá chéad déanar dʼarán, le beagán a thabhairt don uile dhuine acu.” Dúirt duine dá dheisceabail leis, Aindrias deartháir Shiomóin Peadar, “Tá gasúr anseo a bhfuil cúig bhuilín eorna agus dhá iasc aige; ach cad é an rud iad do shlua chomh mór leis?” Arsa Íosa, “Tugaigí ar na daoine suí fúthu.” Anois bhí fairsinge féir san áit úd; shuigh na fir síos mar sin, agus bhí siad faoi chúig mhíle ann. Ghlac Íosa na builíní ansin, agus dʼaltaigh sé iad, agus roinn sé iad ar a raibh ina suí; agus mar an gcéanna leis na héisc, an méid a bhí uathu. Nuair a bhí a ndóthain ite acu, dúirt sé lena dheisceabail, “Cruinnígí an fuílleach atá fágtha, ionas nach dté aon ní amú.” Chruinnigh siad mar sin é agus líon siad dhá chiseán déag le fuílleach na gcúig bhuilín eorna, a dʼfhág lucht a gcaite ina ndiaidh. Nuair a chonaic na daoine an comhartha a bhí déanta aige, ar siadsan, “Is é seo i bhfírinne an fáidh a bhí le teacht ar an saol!” Ba léir uaidh sin dʼÍosa go raibh siad ar tí teacht air agus rí a dhéanamh de le foréigean, agus dʼéalaigh sé ina aonar chun na gcnoc. Nuair a tháinig an tráthnóna beag, chuaigh a dheisceabail síos chun na mara, agus chuaigh siad ar bhád, agus dʼimigh siad leo thar toinn go Caparnáum. Bhí sé dorcha faoin am sin, agus níor tháinig Íosa chucu go fóill. Bhí an fharraige ag éirí leis an tréine a bhí sa ghaoth. Nuair a bhí a trí nó a ceathair de mhílte curtha díobh ag iomramh, chonaic siad Íosa ag siúl na farraige agus é ag teacht cóngarach don bhád. Bhí eagla orthu, ach is é a dúirt sé leo, “Mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.” Bhí lúcháir orthu ansin faoina ghlacadh isteach sa bhád, agus ní luaithe sin déanta ná bhí an bád i dtír san áit a raibh a dtriall air. An lá arna mhárach chonaic na daoine a dʼfhan taobh thall den fharraige nach raibh ann ach an t‑aon bhád amháin, agus nach ndeachaigh Íosa ar an mbád lena dheis­ceabail, ach gur imigh a dheisceabail leo féin. Ní lúide, tháinig báid as Tibérias cóngarach don áit ar ith siad an t‑arán tar éis an Tiarna é a altú. Mar sin, nuair a chonaic na daoine nach raibh Íosa ná a dheisceabail ansin, chuaigh siad féin ar na báid agus chuaigh siad go Caparnáum ar lorg Íosa. Nuair a tháinig siad air taobh thall den fharraige, dúirt siad leis, “A Rabbí, cá huair a tháinig tú anseo?” Arsa Íosa leo, “Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, ní bhíonn sibh do mʼiarraidh de bharr na gcomharthaí a chonaic sibh, ach de bharr na mbuilíní ar ith sibh bhur ndóthain díobh. Ná saothraígí le haghaidh an bhia a chaithfear, ach le haghaidh an bhia a mhaireas chun na beatha síoraí, an bia a thabharfas Mac an duine daoibh; ós air a chuir an tAthair a shéala.” Dʼfhiafraigh siad de ansin, “Cad é a chaithfimid a dhéanamh, le bheith ag déanamh oibreacha Dé?” Is é a dʼfhreagair Íosa, “Is í seo obair Dé, go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.” Leis sin ar siadsan leis, “Cad é an comhartha a dhéanfas tú mar sin, go bhfeicimid, agus go gcreidimid ionat? Cad í an obair a chuirfeas tú i gcrích? Bhí ár n‑aithreacha ag ithe an mhanna ar an bhfásach; mar atá scríofa, ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le n‑ithe’.” Arsa Íosa leo ansin, “Is fíor agus is fírinneach a insím daoibh, níorbh é Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh; is é mʼAthairse a thugas daoibh an t‑arán neamhaí fírinneach. Mar is é an t‑arán diaga an ní a thagas ó neamh anuas, agus a thugas beatha don domhan.” Ar siadsan leis, “A Thiarna, bí i gcónaí ag bronnadh an aráin seo orainn.” Arsa Íosa leo, “Is mise arán na beatha; níl duine dá dtagann chugam a mbeidh ocras air, ná duine dá gcreideann ionam a mbeidh tart air. Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach mó a chreideann sibh ionam. Níl duine dá mbronnfaidh an tAthair orm nach dtiocfaidh chugam; agus an té a thiocfas chugam, ní chaithfidh mé amach é. Níor tháinig mé anuas ó neamh go ndéanfainn mo thoil féin, ach toil an té a chuir uaidh mé; agus is í seo toil an té a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon ní dár thug sé dom, ach go dtógfainn é sa lá deireanach. Mar is í sin toil mʼAtharsa, go mbeadh an bheatha shíoraí ag gach duine dá bhfeiceann an Mac agus dá gcreideann ann; agus go dtógfainn ar an aiséirí é an lá deireanach.” Chuaigh na Giúdaigh a chlamhsán air, as sin a rá, “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.” Is é a dúirt siad, “Nach é seo Íosa, mac Iósaif, a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conas a deir sé mar sin anois, ‘Tháinig mé anuas ó neamh?’” Dʼfhreagair Íosa iad, “Ná bígí ag clamhsán eadraibh féin. Ní fhéadann aon duine teacht chugamsa mura dtarraingíonn an tAthair a chuir uaidh mé é; agus tógfaidh mé é sa lá deireanach. Tá sé scríofa i leabhair na bhfáithe, ‘Agus beidh Dia mar oide acu uile go léir.’ Níl duine dár chuala agus dár fhoghlaim ón Athair nach dtagann chugam. Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair ach an té atá ó Dhia; tá an tAthair feicthe aige sin. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, an té a chreideas tá an bheatha shíoraí aige. Is mise arán na beatha. Dʼith bhur n‑aithreacha an manna ar an bhfásach, agus dʼéag siad. Is é seo an t‑arán a thagas anuas ó neamh go n‑ithe duine é agus nach bhfaighe sé bás. Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh; cibé a itheas an t‑arán seo, mairfidh sé go deo; agus an t‑arán a thabharfas mé uaim mar mhaithe le beatha an domhain is é mʼfheoil é.” Chuaigh na Giúdaigh a dhíospóireacht á fhiafraí dá chéile, “Conas a dʼfhéadfadh an fear sin a fheoil féin a thabhairt dúinn le n‑ithe?” Dúirt Íosa leo ansin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑itheann sibh feoil Mhac an duine, agus mura n‑ólann sibh a fhuilsean, níl aon bheatha ionaibh; an té a itheas mʼfheoil agus a ólas mʼfhuilse tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé an lá deireanach é. Mar is bia fírinneach í mʼfheoilse, agus is deoch fhírinneach í mʼfhuilse. An té a bhíos ag ithe mʼfheolasa agus ag ól mʼfholasa, cónaíonn sé ionam, agus cónaímse ann. Mar a chuir an tAthair beo uaidh mé, agus mar a mhairimse beo uaidhsean, is mar sin a mhairfidh uaimse an té a itheas mé. Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh, nach ionann é agus an t‑arán a dʼith na haithreacha a fuair bás ina dhiaidh; an té a íosfas an t‑arán seo mairfidh sé go deo.” Dúirt sé é sin sa tsionagóg, agus é ag teagasc i gCaparnáum. Bhí mórán dá dheisceabail ann a dúirt nuair a chuala siad sin, “Is deacair an rá é sin; cé a fhéadas éisteacht leis?” Ach ó bhí a fhios ag Íosa ina intinn féin go raibh a dheis­ceabail ag monabhar faoi sin, dúirt sé leo, “An dtugann sin oilbhéim daoibh? Cad é mar sin dá bhfeicfeadh sibh Mac an duine ag ardú suas go dtí an t‑ionad a mbíodh sé ann roimhe seo? Is é an Spiorad a thugas an bheatha; níl sé de chumhacht ag an gcorp; is spiorad agus is beatha iad na briathra atá ráite agam libh. Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.” Mar bhí a fhios ag Íosa ó thús cé hiad nár chreid, agus cé hé a dhéanfadh a bhrath. Agus dúirt sé, “Is é sin an fáth gur inis mé daoibh nach bhféadann aon duine teacht chugam mura mbronnann an tAthair air é.” Ina dhiaidh sin tharraing mórán dá dheisceabail siar agus níor lean siad é a thuilleadh. Arsa Íosa leis an dáréag, “An ndéanfaidh sibhse mo thréigean freisin?” Ba é Síomón Peadar a dúirt mar fhreagra, “A Thiarna, cé sin arbh fhiú dúinn dul chuige? Is agat atá briathra na beatha síoraí; agus tá creidte againn, agus tugadh le fios dúinn, gur tusa is naofa le Dia.” Arsa Íosa, “Nár thogh mé an dáréag agaibhse, agus tá duine agaibh ina dhiabhal saolta?” Is é Iúdás mac Shíomóin Iscariót a bhí á lua aige, mar ba é a bhí lena bhrath, agus é ina dhuine den dáréag. Bhí Íosa ag siúl na Galailí ina dhiaidh sin; ní raibh fonn air Iúdaea a shiúl, ó bhí muintir Iúdaea ag iarraidh a mharú. San am sin ba ghairid uathu an fhéile sin na mboth a bhíodh ag na Giúdaigh. Dúirt a dheartháireacha leis dá bhrí sin, “Fág seo agus tabhair Iúdaea ort féin, go bhfeice na deisceabail atá agat na hoibreacha atá á ndéanamh agat. Mar ní bhíonn aon duine ag oibriú os íseal ar mhian leis aithne a bheith air os ard. Má tá seo á dhéanamh agat, taispeáin thú féin don saol.” Mar níor chreid a dheartháireacha féin ann. Is é a dúirt Íosa leo, “Níor tháinig mʼuainse go fóill, ach bíonn sé i gcónaí ina uain agaibhse. Ní fhéadann an saol fuath a thabhairt daoibhse, ach bíonn fuath aige domsa as an bhfianaise a thugaimse ar olcas a ghníomhartha. Imígíse chun na féile; níl mise ag dul suas chun na féile seo, mar níor tháinig mʼuain go hiomlán go fóill.” I ndiaidh é sin a rá, dʼfhan sé i nGalailí. Ni lúide, nuair a bhí a dheartháireacha imithe chun na féile, chuaigh sé féin suas freisin, ach ní os ard ach mar a bheadh os íseal. Bhí na Giúdaigh ag cur a thuairisce ar an bhféile, agus á rá, “Cá bhfuil sé?” Bhí mórán cogarnaí faoi ag na daoine. Bhí cuid acu á rá, “Is dea-dhuine é,” agus dream eile ag dearbhú nárbh ea, ach go raibh sé ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa. Ach níor lig an eagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh do dhuine ar bith a ainmniú os ard. Nuair a bhí an chéad leath den fhéile caite chuaigh Íosa suas go dtí an teampall agus thosaigh sé ar theagasc. Rinne na Giúdaigh iontas de agus dúirt siad, “Conas atá léann ag an bhfear seo nach ndearna foghlaim riamh?” Thug Íosa freagra orthu mar sin, “Ní uaim féin mo theagasc, ach ón té a chuir uaidh mé; más toil le haon duine a thoilsean a dhéanamh, beidh a fhios aigesean cé acu a thagas sé ó Dhia nó an bhfuil mé ag labhairt uaim féin. An té a labhraíos uaidh féin bíonn sé ag iarraidh glóir a fháil dó féin; ach an té a bhíos ag iarraidh ghlóir an té a chuir uaidh é bíonn sé fírinneach agus níl bréag ar bith ann. Nár thug Maois an dlí daoibh? Ach ní choinníonn duine agaibh an dlí. Cad chuige a bhfuil sibh ag iarraidh mé a mharú?” Dʼfhreagair na daoine, “Tá deamhan i do chorp! Cé atá ag iarraidh tú a mharú?” Dʼfhreagair Íosa iad, “Ní dhearna mé ach gníomh amháin, agus déanann sibh uile iontas de. Thug Maois an timpeallghearradh daoibh (ní hé sin le rá gur ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha), agus is gnách libh fear a thimpeallghearradh ar an tsabóid. Más ceadmhach dʼfhear glacadh leis an timpeallghearradh ar an tsabóid, ionas nach sáraítear dlí Mhaois, an cóir daoibh fearg a bheith oraibh liom as corp fir a thabhairt chun sláinte go hiomlán lá na sabóide? Ná tugaigí breithiúnas de réir na gcosúlachtaí, ach tugaigí breithiúnas de réir cirt.” Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim mar sin, “Nach é sin an fear a mbíonn siad ag iarraidh a mharú? Agus seo anseo é, agus é ag labhairt os ard, agus gan focal acu le rá leis! An féidir fios na fírinne a bheith ag ár lucht ceannais gurb é seo an Críost? Ach tá a fhios againn cá has a dtagann an duine seo; agus nuair a nochtfaidh an Críost, ní bheidh a fhios ag aon duine cá has a dtiocfaidh sé.” Dá bhrí sin chuaigh Íosa a dhearbhú os ard, nuair a bhí sé ag teagasc sa teampall, “Nach bhfuil aithne agaibh orm, agus nach bhfuil a fhios agaibh cá has a dtagaim? Ach ní uaim féin a tháinig mé; is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne ná eolas agaibh air. Tá aithne agamsa air, mar is uaidh a tháinig mé, agus is é a chuir chugaibh mé.” Tugadh iarraidh mar sin ar é a ghabháil, ach níor leagadh aon lámh air, ó nár tháinig a uain go fóill. Ní lúide chreid mórán de na daoine ann; is é a dúirt siad, “Nuair a nochtann an Críost féin, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná an méid atá déanta aige seo?” Chuala na Fairiséigh an slua á rá sin ina thaobh faoina bhfiacla, agus chuir na hardsagairt agus na Fairiséigh oifigigh uathu á ghabháil. Dúirt Íosa ansin, “Tamall beag eile a chaithfeas mé agaibh agus rachaidh mé ansin go dtí an té a chuir chugaibh mé; beidh sibh do mʼiarraidh agus gan mʼfháil; beidh mé san ionad nach féidir libh teacht orm.” Dúirt na Giúdaigh lena chéile, “Cá háit a bhfuil sé ar intinn ag an duine seo a dhul nach mbeidh fáil againn air? An bhfuil sé ar intinn aige dul chuig na Giúdaigh atá scaipthe i measc na nGréagach agus na Gréagaigh a theagasc? Cad é is ciall leis an gcaint sin aige, ‘Beidh sibh do mʼiarraidh agus gan mʼfháil,’ agus ‘Beidh mé san ionad nach féidir libh teacht orm?’ ” Lá deiridh na féile, an lá mór, sheas Íosa amach agus dʼfhógair sé os ard, “An té a chreideas ionam, tagadh sé chugam agus óladh sé, mar atá ráite sa scrioptúr, ‘Beidh aibhneacha dʼfhíoruisce na beatha ag rith as a chroí.’” Anois bhí an méid sin aige ag tagairt don Spiorad, a bheadh le fáil ag an dream a chreidfeadh ann; mar níor bronnadh an Spiorad go fóill, ó nár tugadh an ardghlóir dʼÍosa go fóill. Nuair a chuala siad na briathra sin, dúirt cuid de na daoine, “Níl amhras ná gurb é seo an fáidh.” Dúirt dream eile, “Is é seo an Críost.” Ach dúirt a thuilleadh, “An as Galailí a thiocfas an Críost? Nach bhfuil sé ráite sa scrioptúr gur de shliocht Dháibhí a bheas an Críost, agus go dtiocfaidh sé as Bétlehem, an baile beag a mbíodh Dáibhí ann?” Bhí mar sin easaontas idir na daoine faoi. Bhí cuid acu ag iarraidh a ghabháil, agus gan aon duine ag leagan lámh air. Dʼfhill na hoifigigh ansin ar na hardsagairt agus ar na Fairiséigh, agus dʼfhiafraigh siadsan díobh, “Cad chuige nár thug sibh libh é?” Ba é a dʼfhreagair na hoifigigh, “Ní raibh duine riamh ann a labhródh mar a labhraíos an fear seo!” Dʼfhreagair na Fairiséigh iad, “An bhfuil cluain curtha aige oraibhse freisin? Ar chreid aon duine de lucht an cheannais nó de na Fairiséigh ann? Ach tá mallacht ar an slua seo, atá aineolach ar an dlí.” Bhí Nicodémus ar dhuine acu, a chuaigh chuige roimhe sin, agus dúirt seisean leo, “An ligeann an dlí is againne dúinn breithiúnas a thabhairt ar dhuine gan éisteacht a thabhairt dó agus eolas a fháil ar a bhfuil déanta aige?” Ba é a bhfreagra, “An as Galailí duitse freisin? Scrúdaigh agus feicfidh tú nach bhfuil aon fháidh le teacht as Galailí choíche.” Chuaigh an uile dhuine chun a thí féin, ach chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Dʼfhill sé ar an teampall ar mhoch maidine; tháinig na daoine uile chuige, agus shuigh sé faoi agus theag­asc sé iad. Thug na scríobhaithe agus na Fairiséigh leo bean ar rugadh uirthi i n‑adhaltranas, agus chuir siad í i gceartlár an chruinnithe agus dúirt leis, “A Oide, thángthas ar an mbean seo le linn na coire agus í ag déanamh adhaltranais. Anois tá sé ordaithe dúinn ag Maois sa dlí a leithéidí a chur chun báis le clocha. Cad é atá le rá agat ina taobh?” Dúirt siad sin le féachaint a chur air, ionas go bhfaighidís ní lena chur ina leith. Chrom Íosa síos agus scríobh sé lena mhéar sa talamh. Nuair nach raibh stad orthu ach ag brú na ceiste air, dʼéirigh sé aníos agus dúirt sé leo, “An duine atá saor ó pheaca eadraibh caitheadh seisean an chéad chloch léi.” Agus chrom sé é féin arís agus scríobh sé lena mhéar sa talamh. Ach nuair a chuala siad sin, dʼéalaigh siad leo, ina nduine agus ina nduine, ag tosú leis an té ba shine, gur fágadh Íosa gan aige ach é féin agus an bhean ina seasamh roimhe agus a haghaidh air. Thóg Íosa a shúile agus dúirt sé léi, “A bhean úd, cár imigh siad? An é nár thug aon duine daorbhreith ort?” Agus ar sise, “Níor thug aon duine, a Thiarna.” Agus dúirt Íosa, “Ní thugaim daorbhreith ort ach oiread; imigh leat, agus ná déan peaca arís.” Labhair Íosa leo arís, agus dúirt sé, “Is mise solas an domhain; an té a bhíos do mo leanúint ní shiúlfaidh sé sa dorchadas, ach beidh solas na beatha aige.” Dúirt na Fairiséigh leis ansin, “Is ag tabhairt fianaise fút féin atá tú; ní fírinneach an fhianaise seo agat.” Dʼfhreagair Íosa, “Más fúm féin a thugaim mʼfhianaise, ní fhágann sin nach fíor í mʼfhianaise, mar tá a fhios agam cá has a dtagaim agus cá bhfuil mo thriall, agus níl fhios agaibhse cá has dom nó cá bhfuil mo thriall. Tugann sibh bhur mbreithiúnas mar a insíos an cholainn daoibh, ach ní thugaimse breith ar aon duine. Agus dá dtabharfainn breith féin, is fíor an bhreith í, mar ní mise amháin a bhíos ag tabhairt na breithe, ach mise agus an té a chuir uaidh mé. Sa dlí is agaibhse tá sé scríofa gur fíor í fianaise bheirte; bímse ag tabhairt fianaise orm féin, agus bíonn an tAthair a chuir uaidh mé ag tabhairt fianaise orm.” Dʼfhiafraigh siad de dá bhrí sin, “Cá bhfuil an tAthair sin agat?” Ba é a dʼfhreagair Íosa, “Níl aithne agaibh ormsa ná ar an Athair; dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar mʼAthairse freisin.” Ba i seomra an chiste a labhair sé na briathra sin, agus é ag teagasc sa teampall; agus ní raibh sé de dhánacht ag aon duine a ghabháil, ó nár tháinig a uain fós. Dúirt sé leo aris, “Tá orm imeacht as seo, agus rachaidh sibh ar mo lorg agus gheobhaidh sibh bás agus bhur bpeaca oraibh; an áit a dtéimse, ní fhéadann sibh teacht.” Dúirt na Giúdaigh ansin, “An gcuirfidh sé lámh ina bhás féin, nuair a deir sé, ‘An áit a dtéimse, ní fhéadann sibh teacht?’” Dúirt seisean leo, “Is as an áit thíos atá sibhse, as an áit thuas mise; tá sibhse saolta, agus mise neamh-shaolta. Dʼinis mé daoibh go bhfaigheadh sibh bás agus bhur bpeaca oraibh mura gcreideann sibh gur mise é.” Ar siadsan leis, “Cé tú féin?” Arsa Íosa leo, “An rud ceannann céanna a dʼinis mé daoibh ó thús ama. Is iomaí sin ní atá agam lena rá fúibh agus is iomaí breith atá orm a thabhairt; ach is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus ní dhéanaim ach ar chuala mé aige a fhógairt don saol.” Níor thuig siad gurb é an tAthair a bhí á lua aige leo. Dúirt Íosa dá bhrí sin, “Nuair a bheas Mac an duine ardaithe agaibh, beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach mbím ag déanamh aon ní uaim féin ach go mbím ag labhairt mar a mhúin an tAthair dom, agus an té a chuir uaidh mé tá sé i mo chuideachta, níor fhág sé i mʼaonar mé, mar déanaim i gcónaí an ní is taitneamhach leis.” Nuair a dúirt sé an chaint sin, chreid mórán daoine ann. Duirt Íosa ansin leis na Giúdaigh a raibh a gcreideamh curtha acu ann, “Má fhanann sibh umhal do mo bhriathar, tá sibh in bhur ndeisceabail agam i bhfírinne, agus beidh fios na fírinne agaibh, agus tabharfaidh an fhírinne an tsaoirse daoibh.” Ach is mar seo a dʼfhreagair siad é, “Síol Abrachaim sinne, nach raibh i ndaoirse riamh do dhuine ar bith. Conas a fhéadann tú sin a rá, ‘tabharfar bhur saoirse daoibh?’” Ba é freagra Íosa orthu, “Is fíor í an fhírinne atá á rá agam libh, níl duine dá ndéanann peaca nach bhfuil ina dhaor i ndaoirse an pheaca. Ní fhanann an daor sa teach i gcónaí ach fanann an mac i gcónaí. Mar sin más é an Mac a scaoileas saor sibh, beidh sibh saor dáiríre. Tá a fhios agam gur de shliocht Abrachaim sibh; ach bíonn sibh ag iarraidh mé a mharú, ar an tsiocair nach réitíonn mo bhriatharsa libh. De réir mar a chuala mé ag mʼAthair a bhíos mo bhriathar, agus mar a chuala sibh ag an athair is agaibhse a bhíos bhur ngníomh.” Thug siad freagra air ansin, “Is é Abracham ár n‑athair.” Arsa Íosa leo, “Dá mba chlann Abrachaim sibh, dhéanfadh sibh mar a rinne Abracham, ach anois tá sibh ag iarraidh mé a mharú, duine nár inis daoibh ach an fhírinne a chuala mé ó Dhia; ní hé sin an rud a rinne Abracham. Bíonn sibhse ag déanamh an ní a rinne bhur n‑athair.” Dúirt siadsan leis, “Ní páistí gréine agat sinne; níl ach an t‑aon Athair againn, agus sin Dia é féin.” Arsa Íosa leo, “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh dom, mar is ó Dhia a chuaigh mé amach agus a tháinig mé chugaibh; ní de mo dheoin féin a tháinig mé, ach is é a chuir chugaibh mé. Cad chuige nach bhfuil tuiscint mo chainte agaibh? Is é an fáth nach bhfuil acmhainn agaibh ar mo bhriatharsa a chluinstin. Is ó bhur n‑athair an diabhal atá sibh, agus is é bhur dtoil mianta bhur n‑athar a chur i gcrích. Is dúnmharfóir é ó thús, agus scar sé leis an bhfírinne, ó nach bhfuil aon fhírinne ann. Nuair a insíonn sé bréaga, insíonn sé de réir a nádúir féin, mar is bréagaire é agus is é athair na mbréag é. Ach as siocair mé an fhírinne a insint daoibh, ní chreideann sibh ionam. Cé agaibh a dtagann leis a chruthú go bhfuil peaca orm? Má táim ag insint na fírinne daoibh, cad chuige nach gcreideann sibh uaim í? An té atá ó Dhia éisteann sé le briathra Dé; is í an chúis nach n‑éisteann sibhse leo nach ó Dhia daoibh.” Dʼfhreagair na Giúdaigh é agus ar siad, “Nach fíor dúinn a rá gur Samaratánach tú a bhfuil deamhan ionat?” Dʼfhreagair Íosa, “Níl deamhan ionam; ach bím ag tabhairt onóra do mʼAthair, agus bíonn sibh ag tabhairt easonóra dom. Ach ní bhím ag iarraidh mo ghlóire féin; tá Neach ann a bhíos á iarraidh agus a bheas ina bhreitheamh ar an gcúis. Deirim libh go deimhin agus go dearfa, má choinníonn duine mo bhriathar, ní fheicfidh sé an bás go deo.” Dúirt na Giúdaigh leis, “Nach maith atá a fhios againn go bhfuil deamhan ionat. Dʼéag Abracham, agus fuair na fáithe bás; agus tá tusa á rá, ‘má choinníonn duine mo bhriathar, ní bhlaisfidh sé bás go deo.’ An fearr tusa ná ár n‑athair Abracham, a fuair an bás? Agus nach marbh atá na fáithe! Cé atá tú ag maíomh atá ionat féin?” Dʼfhreagair Íosa, “Má bhím ag bronnadh glóire orm féin, ní glóir í mo ghlóir; is é mʼAthair a thugas an ghlóir dom, a mbíonn sibh á rá gurb é bhur nDia é. Ach ní raibh aithne agaibh air; tá aithne agamsa air. Dá ndéarfainn, ní aithnid dom é, bheinn ag déanamh bréige cosúil libh; ach tá aithne agam air agus bím ag coinneáil a bhriathair. Bhí sé ina ábhar lúcháire ag bhur n‑athair Abracham go raibh sé le mo lá-sa a fheiceáil; chonaic sé an lá sin agus is air a bhí an lúcháir.” Dúirt na Giúdaigh leis ansin, “Níl tú in aois do chaoga bliain go fóill, agus an bhfaca tú Abracham?” Dúirt Íosa leo, “Dar mʼfhírinne, is í an fhírinne a deirim, sula raibh Abracham ann, tá mise ann.” Chuaigh siad a thógáil cloch lena gcaitheamh leis ansin; ach dʼéalaigh Íosa uathu, agus dʼfhág sé an teampall. Nuair a bhí sé ag dul thart, chonaic sé fear a bhí dall ó bhroinn. Agus chuir a dheisceabail ceist air, “A Rabbí, an é a pheaca féin nó peaca a thuismitheoirí is cointach leis, gur rugadh ina dhall é?” Is é a dʼfhreagair Íosa, “Ní de bharr pheaca an fhir seo ná pheaca a thuismitheoirí a tharla seo, ach mar dhúil is go nochtfaí mórfhearta Dé air. Caithfimid oibreacha an té a chuir anseo mé a shaothrú amach, fad agus atá sé ina lá; tá an oíche ag teacht, nuair nach féidir do dhuine bheith ag obair. Chomh fada agus a bhímse ar an domhan, is mé solas an domhain.” San am a raibh sé ag rá na cainte sin, chaith sé seile ar an talamh, agus rinne sé dóib den tseile, agus chuimil sé an dóib de shúile an fhir, agus dúirt sé leis, “Imigh, nigh thú féin i linn uisce Shilóam” (Teachtaireacht is ciall leis sin). Chuaigh sé leis gur nigh sé é féin gur fhill agus amharc na súl aige. Is é a dúirt na comharsana agus an dream a dʼfheiceadh roimhe sin é ag iarraidh déirce, “Nach é sin an fear a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce?” Dúirt cuid acu, “Is é atá ann;” bhí an dara dream ann a dúirt, “Ní hé sin é, ach duine atá cosúil leis.” Ach dúirt sé féin, “Is mise an fear.” Dʼfhiafraigh siad de ansin, “Conas mar sin a osclaíodh do shúile?” Ba é a fhreagra, “An fear úd a bhfuil Íosa mar ainm air rinne sé dóib agus chuimil sé de mo shúile í agus dúirt sé liom, ‘Imigh go Silóam agus nigh thú féin’; agus chuaigh mé ann agus nigh mé agus fuair mé amharc na súl.” Dʼfhiafraigh siad de, “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar seisean. Tugadh an fear a bhí ina dhall roimhe sin os comhair na bhFairiséach. Anois ba í an tsabóid í an lá a ndearna Íosa an dóib agus ar oscail sé a shúile. Dʼfhiafraigh na Fairiséigh de arís conas a fuair sé a amharc. Agus ar seisean leo, “Chuir sé an dóib ar mo shúile agus nigh mé iad, agus feicim leo.” Arsa cuid de na Fairiséigh, “Ní ó Dhia an fear seo, mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Ach dúirt dream eile, “Conas a dʼfhéadfadh fear a bheadh ina pheacach comharthaí mar sin a dhéanamh?” Dʼéirigh easaontas eatarthu. Dúirt siad mar sin arís leis an dall, “Cad é atá le rá agat faoi, ós é a dʼoscail do shúile?” “Is fáidh é,” ar seisean. Ni chreidfeadh na Giudaigh gur dall a bhí ann a fuair a amharc, go dtí gur chuir siad fios ar thuismitheoirí an fhir a fuair an t‑amharc, agus gur fhiafraigh siad díobh, “An é sin bhur mac, an té a deir sibh a rugadh ina dhall? Conas mar sin a fheiceas sé anois?” Ba é freagra a thuismitheoirí, “Is feasach dúinn gurb é sin ár mac, agus gur rugadh dall é; ach conas a fheiceas sé anois nó cé a dʼoscail a shúile, sin nithe nach bhfuil ar eolas againn. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir, labhróidh sé ar a shon féin.” Dúirt a thuis­mitheoirí sin le heagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh, mar bhí na Giúdaigh cheana féin ar aitheasc aon fhocail, an duine a chaitheamh amach as an tsionagóg a dʼadmhódh gurbh é an Críost é. Is í sin an chúis a ndúirt na tuismitheoirí, “Tá sé in aois fir, bígí á fhiafraí de féin.” Mar sin de chuir siad fios den dara huair ar an bhfear a bhí dall ó bhroinn, agus ar siadsan leis, “Tabhair an moladh do Dhia; tá a fhios againn gur peacach é an fear sin.” Dʼfhreagair sé, “Más peacach é, sin rud nach bhfuil ar eolas agam; tá fhios agam an t‑aon rud amháin, go raibh mé i mo dhall, agus go bhfeicim anois.” Dúirt siad leis, “Cad é sin a rinne sé leat? Conas a dʼoscail sé do shúile?” Ba é a fhreagra, “Tá sé inste agam daoibh cheana, agus gan é de thoil agaibh éisteacht liom. Cad chuige ar mhian libh a chluinstin arís? Nó an bhfuil fonn oraibh bheith in bhur ndeisceabail aige freisin?” Chuaigh siad a fhonóid faoi ansin, agus á rá, “Tusa deisceabal an duine sin, sinne deisceabail Mhaois. Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois, ach i dtaca leis an duine seo, níl a fhios againn go fiú cad as dó.” Dʼfhreagair an fear, “Nach mór an t‑iontas é sin! Gan a fhios agaibh cad as dó, agus é i ndiaidh mo shúile a oscailt. Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia leis na peacaigh, ach go n‑éisteann sé leis an té a bhíos á adhradh agus ag déanamh toil Dé. Níor chualathas ó chruthú an domhain gur oscail aon duine súile fir a bhí dall ó bhroinn. Ni fhéadfadh an fear seo faic a dhéanamh, mura mbeadh sé ó Dhia.” Dʼfhreagair siadsan é, “Is gin pheacúil tú go huile agus go hiomlán, an mian leat eolas a mhúineadh dúinn?” Agus chaith siad amach é. Chuala Íosa faoina bheith caite amach acu, agus nuair a fuair sé é chuir sé forrán air, “An gcreideann tusa i Mac an duine?” Is é a dʼfhreagair sé, “Agus cé hé féin, a Shaoi, ionas go gcreide mé ann?” Arsa Íosa leis, “Chonaic do shúil é, agus is é atá ag caint leat.” “Creidim, a Thiarna,” ar seisean, agus thug sé adhradh dó. Arsa Íosa, “Is le haghaidh breithiúnais a tháinig mise isteach sa saol seo, ionas go bhfeice na daill, agus go dtaga daille ar an dream a fheiceas.” Chuala cuid de na Fairiséigh, a bhí ina aice, sin, agus dúirt siad leis, “An bhfuilimidne inár ndaill freisin?” Arsa Íosa leo, “Dá mbeadh sibh dall ní bheadh aon choir pheaca oraibh; ach ó deir sibh anois, ‘Tá ár n‑amharc againn’, fanann coir bhur bpeaca oraibh go buan. “Is fíor atá, is fíor mo rá, an té nach dtéann isteach ar dhoras na banraí ach ag dreapadh suas inti bealach eile, bithiúnach bradach é an fear sin; ach an té a théas isteach ar an doras is é aoire ceart na gcaorach é. Is roimhe a osclaíos an doirseoir; tugann na caoirigh cluas orthu féin leis, agus gaireann sé ina n‑ainmneacha ar a chuid caorach féin, agus seolann sé amach iad. Nuair a bhíos a chuid caorach féin tugtha amach aige, siúlann sé rompu amach agus bíonn na caoirigh á leanúint, mar aithníonn siad glór a chinn. Ni leanfaidh siad coimhthíoch, ach ag teitheadh uaidh, ó nach n‑aithnionn siad glór coimhthíoch.” Bhí an tsamhlaoid seo ag Íosa leo, ach níor thuig siad cad é a bhí sé a rá leo. Dúirt Íosa leo arís mar sin, “Is fíor atá, is fíor mo rá, is mise doras na gcaorach. Lucht bradaíola agus bithiúntais a bhí inar tháinig romham; ach ní raibh aire ag na caoirigh orthu. Is mise an doras; más tríomsa a thagas fear isteach, slánófar é, agus é ag teacht agus ag imeacht agus ag innilt. Ní thagann an gadaí ach le bheith ag bradaíl agus ag marú agus ag milleadh; tháinig mise le beatha a bheith acu, agus í a bheith acu go fairsing. Is mé an dea-aoire. Tugann an dea-aoire a anam ar son na gcaorach. An té nach bhfuil ina aoire ach ar fostú, nach leis iad na caoirigh, tréigeann sé na caoirigh agus teitheann sé leis nuair a fheiceas sé an mactíre ag teacht; agus beireann an mactíre orthu agus scaipeann sé iad. Teitheann sé ó bíonn sé ar fostú gan suim ná spéis a bheith aige sna caoirigh. Is mise an dea-aoire; bíonn aithne agam ar mo chuid féin agus aithne acu orm, mar a bhíonn aithne ag an Athair orm agus agam ar an Athair; agus tugaim mʼanam ar son na gcaorach. Agus tá caoirigh eile agam, nach den bhanrach seo iad; caithfidh mé iad a thabhairt liom freisin, agus tabharfaidh siad cluas do mo ghlór. Mar sin ní bheidh ann ach an t‑aon tréad amháin agus an t‑aon aoire amháin. Is as seo a bhíos grá ag an Athair dom, go dtugaim uaim mʼanam, lena ghlacadh chugam. Ní ghlacann duine ar bith uaim é, is de mo dheoin féin a thugaim uaim é. Tá cumhacht agam lena thabhairt uaim, agus tá cumhacht agam lena ghlacadh chugam arís; is é sin an ní a thaobhaigh mʼAthair liom.” Bhí easaontas arís ann i measc na nGiúdach faoi na briathra sin aige. Dúirt mórán acu, “Tá deamhan ina chorp, agus tá sé as a chúrsa; cad chuige bheith ag éisteacht leis?” Dúirt dream eile, “Ní hiad seo ráite duine a mbeadh deamhan ann. An bhféadfadh deamhan súile an daill a oscailt?” Ba í féile an Choisreacain í in Iarúsailéim; ba é an geimhreadh é, agus bhí Íosa ag siúl sa teampall, i gcolonáid Sholaimh. Bhailigh na Giúdaigh mar sin ina thimpeall agus dúirt siad leis, “Cá fhad a bheimid idir dhá chomhairle agat? Más tú an Críost, inis dúinn go soiléir é.” Ba é freagra Íosa orthu, “Dʼinis mé daoibh, agus ní chreideann sibh uaim é. Na hoibreacha a bhíos á ndéanamh agam in ainm mʼAthar, is iad a thugas fianaise i mo thaobh; ach ní chreideann sibhse ó nach de mo chaoirigh sibh. Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus bíonn aithne agam orthu, agus leanann siad mé; agus tugaim an bheatha shíoraí dóibh, agus ní chaillfear iad agus ní fhuadóidh aon duine iad as mo láimh. Níl an té ann is mó cumhacht ná mʼAthair atá i ndiaidh iad a thabhairt dom, agus níl duine ann a dʼfhéadfadh a sciobadh as láimh mʼAtharsa. Tá mise agus an tAthair inár n‑aon.” Thóg na Giúdaigh clocha arís lena gcaitheamh leis. Thug losa freagra orthu, “Tá mórán dea-oibreacha taispeánta agam daoibh ón Athair; cé acu a thug oraibh bás a imirt orm leis na clocha seo?” Dʼfhreagair na Giúdaigh, “Ní faoi dhea-oibreacha atáimid le bás a imirt ort le clocha ach faoi dhiamhasla; faoi tusa a bheith ag maíomh gur tú Dia agus tú i do dhuine.” Dʼfhreagair Íosa iad, “Nach bhfuil scríofa sa dlí is agaibhse, ‘Dúirt mé, is déithe sibh?’ Más rud é gur tugadh déithe ar dhaoine ar tháinig briathar Dé chucu (agus ní féidir an scrioptúr a chur ar ceal), an féidir libh a rá leis an té ar naomhaigh an tAthair é agus ar chuir sé isteach sa domhan é, ‘Tá tú ag caitheamh masla ar Dhia,’ as mé á rá gur mé Mac Dé? Mura mbím ag déanamh oibreacha mʼAthar, a chead agaibh amhras a chur ionam; ach má bhíonn siad á ndéanamh agam, mura gcreideann sibh ionamsa, creidigí do na hoibreacha, ionas go n‑aithní sibh agus go dtuige sibh go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.” Thug siad iarraidh ar é a ghabháil athuair, ach dʼéalaigh sé as a lámha. Dʼimigh sé leis arís anonn thar an Iornán go dtí an áit a mbíodh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus dʼfhan sé ansin. Agus tháinig mórán chuige; agus dúirt siad, “Ní dhearna Eoin aon chomhartha, ach tá a ndúirt Eoin i dtaobh an fhir seo uile go léir fíor.” Agus chreid mórán ann ansin. Bhí fear ann anois a bhí breoite, Lasarus as Bétáin, baile beag a mbíodh Muire agus a deirfiúr Marta ann. Ba í an Mhuire úd í, a dʼung an Tiarna le huinnimint agus a chuimil a chosa le gruaig a cinn, a raibh a deartháir Lasarus breoite. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige, á rá, “A Thiarna, an té a bhfuil cion agat air, tá sé breoite.” Ach nuair a chuala Íosa sin ar seisean, “Ní thabharfaidh an bhreoiteacht sin a bhás; is é rud, tabhar­faidh sé glóir do Dhia, ionas go móraítear Mac Dé dá barr.” Anois bhí grá ag Íosa do Mharta agus dá deirfiúr agus do Lasarus. Dá bhrí sin, nuair a chuala sé faoina bheith breoite, dʼfhan sé dhá lá ní bʼfhaide san áit a raibh sé. Ina dhiaidh sin dúirt sé leis na deisceabail, “Bímis ag dul go hlúdaea arís.” Dúirt na deisceabail leis, “A Rabbí, is gairid ó bhí na Giudaigh ag iarraidh bás a imirt ort le clocha, agus an bhfuil sé fút dul ann arís?” Dʼfhreagair Íosa, “Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá, ní bhaintear tuisle as, ó feiceann sé solas an domhain seo. Ach má shiúlann duine san oíche, baintear tuisle as, ó nach bhfuil aon solas ann.” Dúirt sé an chaint sin, agus ansin dúirt sé leo, “Tá an codladh i ndiaidh teacht ar ár gcara, ar Lasarus, ach táimse ag dul lena dhúiseacht as a chodladh.” Dúirt na deisceabail leis, “A Thiarna, má thit an codladh air, gheobhaidh sé biseach.” Anois is ag tagairt dá bhás a bhí Íosa, ach shíl siadsan gur suaimhneas an tsuain a bhí ina cheann. Dʼinis Íosa dóibh go soiléir ansin, “Is marbh atá Lasarus; agus chomh fada agus a bhaineas libhse táim sásta nach raibh mé i láthair, ionas go gcreide sibh. Ach téimis chuige.” Arsa Tomás, ar tugadh an leathdhuine cúpla air, lena chomhdheisceabail, “Téimisne freisin, le bás a fháil ina chuideachta.” Anois, nuair a tháinig Íosa, fuair sé Lasarus agus é ceithre lá sa tuama cheana féin. Bhi Bétáin cóngarach do Iarúsailéim, tuairim is dhá mhile uaidh, agus bhí mórán de na Giúdaigh i ndiaidh teacht chuig Marta agus chuig Muire le sólás a chur iontu i dtaobh a ndearthár. Nuair a chuala Marta go raibh Íosa ag teacht, chuaigh sí ina airicis, ach dʼfhan Muire ina suí istigh sa teach. Is é a dúirt Marta le hÍosa, “A Thiarna, ní bhfaigheadh mo dheartháir bás, dá mbeifeá anseo. Agus tá a fhios agam go dtabharfaidh Dia duit cibé a iarrfas tú ar Dhia anois féin.” Dúirt Íosa léi, “Éireoidh do dheartháir arís.” Arsa Marta leis, “Tá a fhios agam go n‑éireoidh sé ar an aiséirí lá deiridh an domhain.” Arsa Íosa léi, “Is mise an t‑aiséirí agus is mise an bheatha; an té a chreideas ionam, cé go bhfaigheann sé bás, mairfidh sé, agus cibé duine a mhaireas agus a chreideas ionamsa ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú sin?” Ar sise leis, “Creidim sin, a Thiarna; creidim gur tú an Críost, Mac Dé, an té a thiocfas isteach sa domhan.” Nuair a bhí sin ráite aici, chuaigh sí a ghlaoch ar a deirfiúr Muire, á rá léi i gcogar, “Tá an tOide anseo agus é ag glaoch ort.” Nuair a chuala sí sin, dʼéirigh sí go lúfar go ndeachaigh chuige. Anois níor shroich Íosa chomh fada leis an mbaile beag go fóill, bhí sé san áit úd ar casadh Marta air. Nuair a chonaic na Giúdaigh, a bhí léi sa teach, Muire ag éirí agus ag imeacht chomh lúfar sin, lean siad í, ag síleadh go raibh sí ag dul go dtí an tuama le bheith ag caoineadh ansin. Nuair a tháinig Muire mar a raibh Íosa, agus nuair a chonaic sí é, thit sí ar a béal ag a chosa, agus dúirt si leis, “A Thiarna, ní bhfaigheadh mo dheartháir an bás, dá mbeifeá anseo.” Nuair a chonaic Íosa í ag caoineadh, agus na Giúdaigh a tháinig léi ag caoineadh freisin, bhí corraí mór agus coscairt faoina chroí; agus dʼfhiafraigh sé, “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis, “Tar, a Thiarna, go bhfeice tú.” Chuaigh Íosa ag caoineadh. Arsa na Giúdaigh ansin, “Féach cad é an grá a bhí aige dó!” Ach is é a dúirt cuid acu, “An fear seo a dʼoscail súile an daill, nár fhéad sé an fear seo a choinneáil ó bhás a fháil?” Tháinig Íosa ansin go dtí an tuama, agus é faoi thocht mór arís; uaimh a bhí ann, agus bhí cloch mhór ina luí ar a béal. Arsa Íosa, “Tógaigí uaithi an chloch.” Arsa Marta, deirfiúr an mharbháin, leis, “A Thiarna, beidh boladh bréan ann, mar tá sé ceithre lá marbh.” Arsa Íosa léi, “Nár inis mé duit go bhfeicfeá glóir Dé ach creideamh a bheith agat?” Thóg siad mar sin an chloch. Agus thóg Íosa a shúile agus dúirt sé, “A Athair, beirim buíochas leat go bhfuil éiste agat liom. Bhi a fhios agam go mbíonn tú i gcónaí ag éisteacht liom, ach tá an méid sin ráite agam mar mhaithe leis na daoine atá ina seasamh thart anseo, ionas go gcreide siad gur tú a chuir uait mé.” Nuair a bhí sin ráite aige, ghlaoigh sé in ard a chinn is a ghutha, “Chugam, a Lasarus.” Tháinig an marbhán amach agus a lámha agus a chosa ceangailte i bhfáisceáin an mhairbh, agus éadach fillte faoina ghnúis. Dúirt Íosa leo, “Scaoiligí agus ligigí chun siúil é.” Mar sin de, chreid mórán de na Giúdaigh ann, a tháinig i gcuideachta Mhuire agus a chonaic a ndearna sé; ach chuaigh cuid acu chuig na Fairiséigh gur inis dóibh cad é a rinne Íosa. Mar sin chruinnigh na hardsagairt agus na Fairiséigh an chomhairle le chéile, agus dʼfhiafraigh siad, “Cad é is cóir dúinn a dhéanamh? Mar bíonn cuid mhór comharthaí á ndéanamh ag an bhfear seo. Má ligimid dó leanúint air ar an gcuma seo, tiocfaidh na Rómhánaigh a scriosadh ár n‑ionad adhartha agus a chur deiridh lenár gcine.” Ach arsa duine acu leo, Caiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd, “Níl aon tuiscint agaibh; ní thuigeann sibh go bhfuil sé riachtanach agaibh go bhfaigheadh aon fhear amháin an bás ar son an chine, ionas nach gcaillfí an cine uile.” Ní uaidh féin a dúirt sé an méid sin, ach ó bhí sé ina ardsagart an bhliain úd, rinne sé tairngreacht go bhfaigheadh Íosa bás ar son an chine, agus ní ar son an chine amháin, ach ionas go n‑aontódh sé le chéile clann Dé atá scaipthe soir siar. Mar sin ón lá sin amach bhíodh siad ag dul i gcomhairle conas a chuirfidís chun báis é. Mar sin, ní shiúladh Íosa os ard i measc na nGiúdach níos faide, ach dʼimigh sé as sin go dtí an ceantar a bhí in aice leis an bhfásach, go dtí cathair a raibh Efráím mar ainm uirthi, agus dʼfhan sé ansin lena dheisceabail. Anois níorbh fhada uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh mórán suas ón tír go hlarúsailéim roimh an gCáisc, le hiad féin a choisreacan. Bhí súil amuigh acu le hÍosa agus iad á rá le chéile agus iad ina seasamh sa teampall, “Cad i do bharúil? An síleann tú nach dtiocfaidh sé chun na féile?” Anois bhí sé ordaithe ag na hardsagairt agus ag na Fairiséigh do dhuine ar bith a raibh fhios aige cá raibh sé a insint dóibh, ionas go ndéanfaidís é a ghabháil. Sé lá roimh an gCáisc, tháinig Íosa go Bétáin, an áit a raibh cónaí ar Lasarus, ar thóg Íosa ó mhairbh é. Rinne siad suipéar dó ansin; bhí Marta ag freastal, agus bhí Lasarus ar an dream a bhí ina sui ag aon bhord leis. Ghlac Muire punt dʼuinnimint chostasach de ghlan-nard, agus chuimil si de chosa Íosa í agus thriomaigh si a chosa le gruaig a cinn; agus chuaigh cumhracht na huinniminte ar fud an ti. Ach is é a dúirt Iúdás Iscariót, duine de na deisceabail, (an té a dhéanfadh a bhrath), “Cad chuige nár dioladh an uinnimint seo ar thri chéad déanar agus cad chuige nár bronnadh ar na boicht í?” Niorbh í a shuim sna boicht a thug air sin a rá, ach is é rud, bhí sé ina ghadai, agus ó bhí bosca an airgid aige ba ghnáth leis ar cuireadh ann a thógáil leis. Is é a dúirt Íosa, “Lig di, a chead aici é a choinneáil go lá mʼadhlactha. Bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí.” Chuala mórshlua na nGiúdach faoina bheith ansin, agus tháinig siad, ní hamháin ar son Íosa, ach mar gheall ar Lasaras a fheiceáil, a bhí tógtha ó mhairbh aige. Bhí sé beartaithe mar sin ag na hardsagairt Lasarus a chur chun báis freisin, ar an tsiocair go raibh mórán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa. An lá arna mhárach chuala mórshlua dár tháinig chun na féile faoi Íosa a bheith ag teacht go hlarúsailéim. Thóg siad mar sin craobhacha crann pailme agus chuaigh siad amach ag fáiltiú roimhe, agus iad ag ligean gáir mholta, “Hósanna! Is beannaithe a thagas in ainm an Tiarna, is é Ri Iosrael é!” Agus tháinig Íosa ar asal óg agus chuaigh sé a mharcaíocht air; mar atá scríofa, “Ní eagal duit, a iníon Shióin; Seo chugat do ri, ina mharcach ar bhromach asail!” Nior thuig a dheisceabail sin i dtús ama; ach nuair a tugadh Íosa chun a ghlóire, ba ansin a chuimhnigh siad go raibh sin scríofa faoi agus go ndearnadh sin air. An slua a bhí ina chuideachta nuair a ghlaoigh sé Lasarus ón tuama agus a thóg sé ó mhairbh é, thug siad fianaise. Is í an chúis a bhí ag an slua dul ina airicis, iad an t‑iomrá a chluinstin faoin gcomhartha sin a bheith déanta aige. Bʼshiúd iad na Fairiséigh ag rá lena chéile, “Nach bhfeic-eann sibh gur saothar in aisce é; féachaigí, tá an saol uile imithe ina dhiaidh.” Anois bhí Gréagaigh áirithe ar an dream a chuaigh suas a adhradh in am na féile. Tháinig siadsan mar sin chuig Pilib, a bhí as Bétsáida atá i nGalailí, agus dúirt siad leis, “A Shaoi, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil.” Chuaigh Pilib gur inis sé dʼAindrias é; chuaigh Aindrias le Pilib ansin gur inis siad beirt dʼÍosa faoi. Agus dʼfhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tháinig an uair a mbeidh Mac an duine á ghlóiriú. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura dtiteann síol na cruithneachta sa talamh agus bás a fháil, ní bhíonn ann ach é amháin ina aonar; ach má fhaigheann sé bás, tagann mórán toraidh air. An té sin a mbíonn grá aige ar a anam féin, cailleann sé é, agus an té sin ar fuath leis a anam ar an saol seo coinneoidh sé é le haghaidh na beatha síoraí. Cibé a dhéanas seirbhís dom, caithfidh sé mé a leanúint; agus mar a mbím féin, is ann a bheas mo sheirbhíseach freisin; má dhéanann aon duine seirbhís domsa, tabharfaidh an tAthair onóir dó. “Is anois atá buairt anama orm. Agus cad é a déarfas mé, ‘A Athair, slánaigh mé ón uair seo?’ Ní hea, is chuige seo a shroich mé an uair seo. A Athair, glóirigh dʼainm.” Tháinig leis sin an glór ó neamh, “Tá sé glóirithe agam cheana, agus beidh sé á ghlóiriú agam arís.” Chuala an slua a bhí ina sheasamh thart sin, agus dúirt cuid acu gur fuaim thoirní a bhí ann. Dúirt an chuid eile, “Aingeal é a labhair leis.” Dʼfhreagair Íosa, “Ní ar mo shonsa a tháinig an glór sin, ach ar bhur sonsa. Anois a thugtar breith ar an saol seo, anois a chaithfear amach uachtarán an tsaoil seo; agus is mé a tharraingeas an Ádhamhchlann uile chugam, an uair a ardófar mé ón talamh aníos.” Dúirt sé sin le modh a bháis a nochtadh. Dʼfhreagair an slua é, “Chuala-mar ag an dlí go bhfanann an Críost go síoraí buan. Conas a fhéadann tú mar sin a rá go gcaithfear Mac an duine a ardú aníos? Cé hé an Mac sin an duine?” Dúirt Íosa leo, “Tá an solas libh seal beag eile. Bígí ag siúl chomh fada agus a bhíos an solas agaibh, ar eagla go mbeire an dorchadas oraibh; an té a shiúlas sa dorchadas níl fios a bhealaigh aige. Chomh fada agus atá an solas agaibh, creidigí sa solas, go raibh sibh in bhur gclann mhac an tsolais.” Nuair a bhí an chaint sin ráite ag Íosa, dʼimigh sé leis agus chuaigh sé i bhfolach rompu. In ainneoin a liacht comharthaí a bhí déanta aige os a gcomhair, ní chreidfidís ann; ní a tharla ag fíorú an bhriathair a labhair an fáidh Ísáia: “A Thiarna, cé a chreid dár dtuairisc, agus cé hé sin ar nochtadh dó an t‑urradh atá i ngéag an Tiarna?” Dá bhri sin níor fhéad siad creidiúint. Mar dúirt Ísáia arís, “Tá a súile dallta agus a gcroithe calcaithe aige, sa tsli nach bhfeicfeadh a súile agus nach mothódh a gcroithe, agus nach dtiontóidís thart ionas go leigheasfainn iad.” Dúirt Isáia an méid sin ar siocair go bhfuair sé amharc ar a ghlóir agus is air a thrácht sé. Ni lúide chreid mórán de na cinn urraidh féin ann, ach leis an eagla a bhí orthu roimh na Fairiséigh níor admhaigh siad é, ar eagla go gcaithfí amach as an tsionagóg iad; mar bʼansa leo moladh ó dhaoine ná moladh ó Dhia. Agus ghlaoigh Íosa os ard agus dúirt sé, “An té a chreideas ionam, ní hionamsa a chreideas sé ach sa té a chuir anseo mé. Agus an té a fheiceas mé feiceann sé an té a chuir anseo mé. Tháinig mise isteach sa saol mar a bheadh solas ann, ionas nach bhfana an té a chreideas ionam sa dorchadas. Má chluineann duine briathra mo chainte gan a gcur i ngníomh, ní thugaimse breithiúnas air; mar ní leis an domhan a chur faoi bhreithiúnas ach leis an domhan a shlánú a tháinig mé. An té a dhiúltaíos dom agus nach nglacann le mo bhriathra, bíonn breitheamh air; an briathar a labhair mé, beidh an briathar seo mar bhreitheamh air lá deiridh an domhain. Mar ní uaim féin a labhair mé; an tAthair a chuir anseo mé, is é féin a thug an t‑ordú dom faoi cad i an chaint a labhróinn. Agus tá a dhea-fhios agam gurb í an bheatha shíoraí i a aithne. Deirim mar sin a bhfuil á rá agam mar a dʼordaigh an tAthair dom.” Anois roimh Fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa gur tháinig an uair úd ina mbeadh air imeacht as an saol seo chun an Athar, agus ó bhí grá aige dá dhream féin a bhí sa saol, thug sé grá dóibh go deireadh. In am an tsuipéir, nuair a bhí an diabhal cheana féin i ndiaidh é a chur isteach i gcroí Iúdáis Iscariót, mac Shíomóin, a bhrath a dhéanamh, agus ó bhí a fhios ag Íosa gur thug an tAthair an uile ní ina lámha, agus gur tháinig sé ó Dhia agus go raibh air filleadh ar Dhia, mar sin dʼéirigh sé ón suipéar, bhain a bhaill éadaigh de, agus cheangail sé tuáille faoina chom. Dhoirt sé uisce amach ansin i mbáisín, agus chuaigh sé a ní chosa na ndeisceabal, agus á gcuimilt leis an tuáille a bhí mar chrios aige. Tháinig sé go dtí Síomón Peadar; agus dʼfhiafraigh Peadar de, “A Thiarna, an tú a níos mo chosa?” Dʼfhreagair Íosa é, “Ní thuigeann tú anois a bhfuil á dhéanamh agam, ach beidh tuiscint agat air amach anseo.” Dúirt Peadar leis, “Ní ligfidh mé duit mo chosa a ní go deo.” Dʼfhreagair Íosa é, “Mura ním thú, ní bheidh baint ná páirt agat liom.” Dúirt Síomón Peadar leis, “A Thiarna, ní hamháin mo chosa ach mo lámha agus mo cheann freisin!” Dúirt Íosa leis, “An té a fuair folcadh níl feidhm air ach a chosa amháin a ní, ach tá sé glan ar fad; agus tá sibhse glan, ach níl sibh uile amhlaidh.” Bhi a fhios aige cé a dhéanfadh a bhrath; agus sin an fáth a dúirt sé, “níl sibh uile glan.” Nuair a bhí a gcosa nite aige, agus a bhaill éadaigh air, agus é ag ceann an bhoird arís, ar seisean leo, “An dtuigeann sibh a bhfuil déanta agam libh? Bíonn sibh ag tabhairt Oide agus Tiarna orm; agus is maith mar a deir sibh é, mar is amhlaidh atáim ann. Mar sin má tá bhur gcosa nite agamsa atá i mo Thiarna oraibh agus i mʼOide múinte agaibh, ba é bhur gceart bheith ag ní chosa a chéile. Mar táim i ndiaidh dea-shampla a thabhairt daoibh, ionas go ndéanfadh sibhse mar a rinne mé libh. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach fearr an seirbhíseach ná a mháistir; agus nach fearr an teachtaire ná an té a chuir uaidh é. Má tá fios na nithe sin agaibh, is beannaithe sibh má chuireann sibh i ngníomh iad. Ni bhaineann mo chaint leis an iomlán agaibh; tá a fhios agam cé hiad mo lucht tofa; tá sin amhlaidh leis an scrioptúr a fhíorú, ‘An té a dʼitheadh mʼarán thóg sé sáil a choise i mʼéadan.’ Táim á insint sin daoibh sula dtarlaí sé, ionas go gcreide sibh, nuair a tharlós sé, gur mise é. Is fíor atá agus is fíor mo rá, an té a ghlacas le duine ar bith dá gcuirfidh mé uaim, is liom a ghlacas sé; agus an té a ghlacas liom glacann sé leis an té a chuir uaidh mé.” Nuair a bhí na briathra sin ráite ag Íosa, tháinig buairt anama air, agus thug sé fianaise uaidh, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, déanfaidh duine agaibh mo bhrath.” Dʼamharc na deisceabail ar a chéile, agus iad in amhras faoi cé hé sin a raibh sé ag caint air. Bhí duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó, ina luí ansin in ucht Íosa; mar sin rinne Síomón Peadar comhartha dó agus dúirt sé leis, “Inis dúinn cé hé sin atá á lua aige.” Mar sin dúirt seisean, agus é ina luí in ucht Íosa, “A Thiarna, cé hé féin?” Dʼfhreagair Íosa, “Is é an té a dtabharfaidh mé an mhilseog seo dó nuair a bheas sí tumtha agam.” Mar sin nuair a bhí an mhilseog tumtha aige, thug sé dʼIúdás mac Shíomóin Iscariót é. Ansin i ndiaidh é an mhilseog a ithe, chuaigh Sátan isteach ann. Arsa Íosa leis, “Déan a bhfuil le déanamh agat go tapaidh.” Anois ní raibh fhios ag duine dá raibh ina suí ag an mbord leis cad chuige dó é sin a rá leis. Shil cuid acu, ós ag Iúdás a bhíodh bosca an airgid, go raibh Íosa ag rá leis ar theastaigh uathu le haghaidh na féile a cheannach; sin, nó déirc a thabhairt do na boicht. Mar sin, i ndiaidh an mhilseog a ghlacadh chuaigh sé amach gan mhoill; agus bhí sé ina oíche. Nuair a bhí seisean imithe, is é a dúirt Íosa, “Is anois a ghlóirítear Mac an duine, agus a ghlóirítear Dia trídsean; má ghlóirítear Dia trídsean, glóireoidh Dia é ann féin freisin, agus déanfaidh sé a ghlóiriú gan a thuilleadh moille. A leanaí beaga dílse, tá tamall beag eile agam libh. Beidh sibh do mo chuardach; agus deirim libh anois an rud a dúirt mé leis na Giúdaigh, ‘Táim ag imeacht go háit nach féidir libh teacht orm.’ Táimse ag tabhairt aithne úrnua daoibh, sibh grá a thabhairt dá chéile; grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mise daoibh. Is air sin a aithneoidh na daoine uile go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam, má tá an grá sin agaibh dá chéile.” Dʼfhiafraigh Síomón Peadar de, “A Thiarna, cá bhfuil do thriall?” Dʼfhreagair Íosa, “Ní fhéadann tú mé a leanúint anois go dtí an áit a bhfuil mé ag imeacht; ach leanfaidh tú amach anseo mé.” Arsa Peadar leis, “A Thiarna, cad chuige nach féidir liom tú a leanúint anois? Tabharfaidh mé mʼanam ar do shon.” Dʼfhreagair Íosa, “An dtabharfaidh tú dʼanam ar mo shon? Is fíor agus is fíreannach a deirim leat, ní ghlaofaidh an coileach, go dtí go séanfaidh tú mé faoi thrí. “Ná bíodh buairt ar bhur gcroithe; creidigí i nDia, creidigí ionamsa freisin. Is iomaí sin seomra sa teach atá ag mʼAthairse; mura raibh sin amhlaidh, an mbeinn tar éis a insint daoibh go bhfuil mé ag imeacht le háit a ullmhú ann daoibhse? Agus nuair a bheas mé imithe agus an áit ullmhaithe agam daoibhse, tiocfaidh mé ar ais chugaibh arís agus glacfaidh mé isteach chugam féin sibh, ionas go mbeidh sibh mar a mbím. Agus tá eolas na slí agaibh a bhfuil mé le himeacht uirthi.” Dúirt Tomás leis, “A Thiarna, níl a fhios againn cá bhfuil tú ag dul; conas is féidir eolas na slí a bheith againn?” Arsa Íosa leis, “Is mise an tsli, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aon duine chuig an Athair mura dtagann sé tríom. Dá mbeadh aithne agaibh orm bheadh aithne agaibh ar mʼAthair freisin; agus uaidh seo suas tá aithne agaibh air agus tá sé feicthe agaibh.” Dúirt Pilib leis, “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair, agus is leor linn é.” Arsa Íosa leis, “An bhfuil mé an fad seo ama agaibh, gan tú aithne a fháil orm, a Philib? An té a chonaic mise chonaic sé an tAthair; conas a déarfá mar sin, ‘Taispeáin an tAthair dúinn?’ An é nach gcreideann tusa go bhfuil mise san Athair agus go mbíonn an tAthair ionam? Na briathra a deirim libh ní uaim féin a deirim iad; ach is é an tAthair, a bhíos ina chónaí ionamsa, atá i gceann a oibreacha. Creidigí uaimse é go bhfuil mise san Athair agus an tAthair ionam; sin, nó creidigí ionamsa mar mhaithe leis na hoibreacha féin. “Is fíor agus is fírinneach a bhfuil á insint agam daoibh, an té a chreideas ionam déanfaidh sé na hoibreacha atá á ndéanamh agam; agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad seo, mar tá fúm imeacht chun an Athar. Cibé ní a iarrfas sibh i mʼainmse, déanfaidh mé é, ionas go nglóirítear an tAthair sa Mhac; níl ní dá n‑iarrfaidh sibh i mʼainmse nach ndéanfaidh mé. “Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh mʼaitheanta. Agus iarrfaidh mé ar an Athair Comhairleoir eile a thabhairt daoibh, le bheith agaibh go síoraí buan, is é sin Spiorad na fírinne, an Spiorad nach bhféadann an saol a ghlacadh, as siocair nach mbíonn amharc aige air ná aithne aige air; tá aithne ligthe aige libh, ós é a fhanas agaibh, agus a bheas ionaibh istigh. “Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé chugaibh. Seal beag eile, agus beidh mé as amharc an tsaoil, ach beidh amharc agaibh orm; ó mhairimse beo, mairfidh sibhse beo freisin. Sa lá úd aithneoidh sibh go bhfuil mise i mʼAthair, agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus go bhfuil mise ionaibh. An té a mbíonn mʼaitheanta aige agus a choinníos iad, is é an duine sin a bhfuil grá aige dom; agus tabharfaidh mʼAthair a ghrá don té a thugas grá dom, agus tabharfaidh mé féin mo ghrá dó agus beidh mé do mo thaispeáint féin don duine sin.” Arsa Iúdás (nárbh é Iúdás Iscariót é) leis, “A Thiarna, conas a thaispeánfaidh tú thú féin dúinn, agus nach dtaispeánfaidh tú thú féin don saol?” Dʼfhreagair Íosa é, “Má thugann duine grá dom, coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag mʼAthair dó, agus tiocfaidh an dís againn chuige agus déanfaimid ár dteach agus ár n‑áras de. An duine nach mbíonn grá aige dom ní bhíonn mo bhriathra á gcoinneáil aige; agus an briathar sin a chluineas sibh uaim ní liom é ach leis an Athair a chuir chugaibh mé. “Tá an méid sin inste agam daoibh fad agus atá mé agaibh. Ach tá an Comhairleoir ann, an Naomhspiorad a chuirfeas an tAthair uaidh i mʼainmse, is é a mhúinfeas gach uile eolas daoibh, agus a chuirfeas i gcuimhne daoibh gach uile fhocal a dúirt mé libh. Fágaim an tsíocháin agaibh, tugaim mo shíocháinse daoibh; ní thugaim daoibh mar a thugann an saol. Ná bíodh aon bhuairt ná beaguchtach ar bhur gcroíthe. Chuala sibh a ndúirt mé libh, go bhfuil mé ag imeacht uaibh, le teacht chugaibh. Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh lúcháir oraibh faoi mo dhul chuig an Athair; ós cumhachtaí an tAthair ná mé. Agus anois tá sé inste agam roimh ré, ionas go gcreide sibh nuair a tharlós sé. Ní bheidh mórán agam le rá libh feasta, mar tá uachtarán an tsaoil seo ag teacht. Níl aon smacht aige ormsa; ó bímse ag déanamh mar a dʼordaigh an tAthair dom, ionas go n‑aithní an saol go mbíonn grá agam don Athair. Éirígí, imímis as seo. “Is mise an fhíniúin fhírinneach, agus is é mʼAthair a bhíos ag cóiriú na finiúna. Gach craobh orm nach dtugann toradh, beireann sé as í, agus gach craobh dá dtugann toradh bíonn sé á diogáladh, ionas go dtabharfaidh sí tuilleadh toraidh uaithi. Tá sibhse glanta cheana féin leis an mbriathar a labhair mé libh. Fanaigí in bhur gcónaí ionam, agus fanfaidh mé ionaibh. Ní uaithi féin a thagas toradh ar an gcraobh, mura bhfanann an chraobh san fhíniúin, agus ní fhéadann sibh sin a dhéanamh ach oiread, mura bhfanann sibh in bhur gcónaí ionamsa. Is mise an fhíniúin, is sibhse craobhacha na fíniúna. An té sin a chónaíos ionamsa, agus a mbímse i mo chónaí ann, is é is troime toradh, mar ní fhéadann sibh faic a dhéanamh i mʼéagmais. Má tá duine ann nach bhfanann ionam, caithfear amach é, mar a chaitear craobh amach agus mar a chríonann sí; agus bítear ag bailiú na gcraobhacha caite sin, agus á gcaitheamh isteach sa tine agus á ndó. Má fhanann sibh ionamsa, agus má fhanann mo bhriathrasa ionaibh, bígí ag iarraidh bhur rogha ruda, agus déanfar an rud sin daoibh. Is é seo a bhíos mar ábhar glóirithe ag mʼAthair, toradh trom a theacht oraibh, rud a chruthós go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam. Thug mé an grá daoibh a thug an tAthair domsa; fanaigí i mo ghrá-sa. Fanfaidh sibh i mo ghrá-sa ach sibh mʼaitheanta a choinneáil, mar a choinnímse aitheanta mʼAthar agus mar a fhanaimse ina ghrá-san. Tá na nithe seo inste agam daoibh, ionas go mbí sibh in bhur n‑ábhar lúcháire agam, agus ionas go mbí bhur lúcháir lán. “Is í seo mʼaithne, sibh grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mé daoibh. Níl grá ar bith ann ag fear ar bith is mó ná seo, an fear a thabharfadh a anam ar son a chairde. Is sibhse mo chairde, má dhéanann sibh mar a ordaím daoibh. Ni thugaim seirbhíseach oraibh níos mó, ó nach eol don seirbhíseach gníomh a thiarna; ach thug mé cairde oraibh, ó nach bhfuil ní dár chuala mé ag mʼAthair nár fhoilsigh mé daoibhse. Ní sibh a thogh mise, ach mise a thogh agus a cheap sibhse chun go n‑imeodh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh, agus go mbeadh bhur dtoradh buan; ar mhodh go dtuga an tAthair daoibh cibé a iarrfas sibh i mʼainmse. Táim á ordú sin daoibh, chun go mbeidh grá agaibh dá chéile. “Má bhíonn fuath ag an saol daoibh, bíodh a fhios agaibh go raibh tús fuatha aige domsa. Dá mba den saol sibh, bheadh dámh ag an saol libh, ach as siocair nach den saol sibh, ach mo rogha a thogh mé as, bíonn fuath ag an saol daoibh. Cuimhnigí ar an mbriathar úd a dúirt mé libh, ‘Ní fearr an seirbhíseach ná a thiarna.’ Má chuir siad géarleanúint ormsa, cuirfidh siad géarleanúint oraibhse; má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa freisin. Ach déanfaidh siad é sin uile oraibh mar gheall ormsa, as siocair gan aithne a bheith acu ar an té a chuir uaidh mé. Murab é gur tháinig mé agus gur labhair mé leo, ní bheadh peaca orthu; ach anois níl leithscéal a bpeaca acu. An té a thugas fuath dom is do mʼAthair a thugas sé fuath. Murab é go ndearna mé oibreacha ina measc siúd nach raibh déanta ag duine ar bith eile, ní bheadh aon pheaca orthu; ach mar atá anois chonaic siad agus thug siad fuath don bheirt againn—mise agus mʼAthair. Ach tharla sin ag fíorú an rá atá scríofa ina ndlí-sean, ‘Thug siad fuath dom gan ábhar.’ Ach nuair a thiocfas an Comhairleoir, a bheas á chur agam chugaibh ó mʼAthair, is é sin an Spiorad úd na fírinne, a bhíos ag gluaiseacht amach ón Athair, tabharfaidh seisean fianaise orm; agus is finnéithe sibh fós, ó bhíodh sibh i mo chuideachta ó thús. “Tá sé seo uile ráite agam libh ionas nach nglaca sibh scannal orm. Beidh siad do bhur gcaitheamh amach as na sionagóga; ar ndóigh tá an t‑am ag teacht a silfidh an fear a mharós sibh go bhfuil gníomh adhartha á dhéanamh aige do Dhia. Agus déanfaidh siad sin ó nach raibh aithne acu ar an Athair ná ormsa. Ach tá sin inste agam daoibh ionas go gcuimhní sibh san am a dtarlós sé gur inis mé daoibh é. “Níor inis mé na nithe seo daoibh ar dtús, ó bhí mé libh. Ach táim anois ag imeacht chuig an té a chuir chugaibh mé; agus gan duine agaibh ag fiafraí díom, ‘Cá bhfuil do thriall?’ Ach tá bhur gcroíthe lán de bhrón faoi mé sin a rá libh. Ach táim ag insint na fírinne daoibh gur le bhur leas an t‑imeacht seo agam, mar mura n‑imím uaibh, ní thiocfaidh an Comhairleoir chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é. Agus nuair a thiocfas sé, ciontóidh sé an saol faoi pheaca agus faoi fhíréantacht agus faoi bhreithiúnas: faoi pheaca, ó nach gcreideann siad ionam; faoi fhíréantacht, ó táim ag imeacht chun an Athar, gan bheith le feiceáil agaibh níos mó; faoi bhreithiúnas, ó tá an bhreith tugtha ar uachtarán an tsaoil seo. “Is iomaí sin rud atá agam go fóill le rá libh, ach níl acmhainn agaibh orthu san am i láthair. Nuair a thiocfas Spiorad na fírinne, is é a threorós sibh chun iomlán na fírinne; mar ní uaidh féin a labhrós sé, ach labhróidh sé an méid a chluinfeas sé, agus inseoidh sé daoibh faoina bhfuil le teacht. Glóireoidh sé mé, ó glacfaidh sé a bhfuil agam agus foilseoidh sé daoibh é. A bhfuil ag an Athair is liom é go huile; is dá bhrí sin a dúirt mé go nglacfaidh sé a bhfuil agam agus go bhfoilseoidh sé daoibh é. “Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh; seal beag eile arís, agus feicfidh sibh mé.” Dúirt cuid de na deisceabail le chéile, “Cad é sin a deir sé linn, ‘Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh; seal beag eile arís, agus feicfidh sibh mé,’ agus ‘ó táim ag imeacht chun an Athar?’ Cad é,” ar siadsan, “an chiall atá aige le ‘seal beag?’ Ní thuigimid an chaint sin aige.” Bhí a fhios ag Íosa fonn a bheith orthu a fhiafraí de; agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh ag fiafraí dá chéile cad é ba chiall do mo chaint nuair a dúirt mé, ‘Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh, agus seal beag eile arís agus feicfidh sibh mé?’ Is fíor atá, agus is fíor mo rá, beidh sibhse ag caoineadh agus ag mairgneach, agus beidh an domhan faoi lúcháir; beidh brón oraibh, ach iompóidh bhur mbrón chun lúcháire. Bíonn an brón ar an mbean atá i dtinneas clainne, ós rud é gur tháinig a haimsir; ach nuair a bheirtear an leanbh di, ní cuimhneach léi na pianta, leis an lúcháir a bhíos uirthi go bhfuil duine tar éis teacht ar an saol. Is mar sin atá brón oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh agus beidh lúcháir ar bhur gcroithe, agus ní fhéadfaidh aon duine bhur lúcháir a thógáil uaibh. San lá úd ní bheidh sibh ag fiafraí feasa díom. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach bhfuil ní dá n‑iarrfaidh sibh ar an Athair i mʼainmse nach dtabharfaidh sé daoibh. Níor iarr sibh aon ní i mʼainmse go dtí anois; iarraigí, agus gheobhaidh sibh, ionas go mbí bhur lúcháir lán. “Tá an méid sin ráite agam libh i samhlaoidí; tá an t‑am ag teacht nach labhróidh mé níos mó i samhlaoidí, an t‑am a n‑inseoidh mé go soiléir sothuigthe daoibh i dtaobh an Athar. Sa lá úd beidh sibh ag déanamh bhur n‑iarratas i mʼainmse; agus níl mé ag rá go nguífidh mé an tAthair ar bhur son; mar bíonn grá ag an Athair féin daoibh, ó thug sibh grá dom agus ó tá sé creidte agaibh gur tháinig mé ón Athair. Tháinig mé amach ón Athair agus isteach sa domhan; táim ag imeacht arís ón domhan le dul chuig an Athair.” Arsa na deisceabail, “Seo anois ag labhairt go soiléir sothuigthe tú, gan samhlaoid ar bith a úsáid! Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach bhfuil feidhm ort aon duine ag cur ceisteanna ort; creidimid leis seo gur tháinig tú ó Dhia.” Dʼfhreagair Íosa iad, “An fíor é go gcreideann sibh anois? Tá an t‑am ag teacht, is ea, tá an t‑am ann a mbeidh sibh do bhur scaipeadh, an uile dhuine agaibh ag filleadh abhaile, an t‑am a bhfágfaidh sibh i mʼuath agus i mʼaonar mé; siúd is nach bhfuil mé i mʼaonar, nuair a bhíos an tAthair liom. Dúirt mé an méid sin libh ionas go mbeidh bhur síocháin agaibh ionamsa. Beidh buairt oraibh ar an domhan seo; ach glacaigí ina mhórmhisneach é, ó tá buaite agam ar an domhan.” Nuair a bhí na focail sin ráite ag Íosa, thóg sé a shúile i dtreo neimhe agus dúirt sé, “A Athair, tháinig an uair; glóirigh an Mac ionas go nglóirí an Mac thú, ó tá cumhacht tugtha agat dó os cionn a bhfuil i gcolainn dhaonna, leis an mbeatha shíoraí a bhronnadh ar an dream a bhronn tú air. Agus is í seo is beatha shíoraí ann, aithne a bheith acu ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost atá curtha uait agat. Tá tú glóirithe agam ar talamh, ó tá an obair, a thug tú dom le déanamh, críochnaithe agam; agus anois, a Athair, glóirigh mé i do láthair féin leis an nglóir a bhíodh agam i do láthair sula ndearnadh an domhan. “Tá dʼainm nochta agam do na fir a thug tú dom as an domhan; ba leat iad, agus thug tú dom iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu. Tá fhios acu anois gur uait ar thug tú dom; mar thug mé dóibh uaim na briathra a thug tusa dom, agus ghlac siad leo agus dʼaithin siad i bhfirinne gur uait a tháinig mé, agus chreid siad gur chuir tú uait mé. Táim ag iarraidh achainí ar a sonsan; ní ar son an domhain atáim ag iarraidh na hachainí ach ar son an dreama seo a thug tú dom, ós leat iad; is leat a bhfuil agam, agus is liom a bhfuil agat, agus is iad is ábhar glóirithe dom. Agus anois ní den saol seo mé, ach tá siadsan ar an saol, agus mise ar mo shlí chugatsa. A Athair Naofa, coinnigh iad san ainm sin agat a thug tú domsa, ionas go mbeidh siadsan aontaithe, ar an nós céanna agus atáimidne aontaithe. Nuair a bhí mé leo, choinnigh mé iad san ainm sin agat a thug tú domsa; bhí mé i mo sciath chosanta acu, agus níor cailleadh aon duine acu ach an mac mallachta, ionas go bhfíorófaí an scrioptúr. Ach anois táim ag teacht chugat; agus táim ag rá na cainte seo sa domhan, ionas go mbí mo lúcháirse á chomhlíonadh iontu féin. Thug mé do bhriathar dóibh; agus thug an saol fuath dóibh ó nach den saol iad, mar nach den saol mise. Níl mé ag achainí ort a dtógáil as an saol, ach a gcoinneáil saor ón drochsprid. Ni den saol iad, mar nach den saol mé féin. Naomhaigh leis an bhfírinne iad; is é do bhriatharsa an fhírinne. De réir mar a chuir tú mise isteach sa domhan, is amhlaidh a chuir mise amach sa domhan iad. Agus mar mhaithe leo bím do mo naomhú féin, ionas go naomhaítear iad freisin leis an bhfírinne. “Níl mé ag guí ar son an dreama seo amháin, ach ar son an dreama sin freisin a chreideas ionam trína mbriathar siúd, go mbí siad uile aontaithe le chéile; mar a bhíos tusa, a Athair, ionam, agus mise ionat, gur mar sin a bheas siad ionainne, ionas go gcreide an domhan gur chuir tú uait mé. Tá an ghlóir tugtha agam dóibh a thug tú dom, ionas go mbí siad aontaithe mar atáimidne aontaithe, mise iontu agus tusa ionam, ionas go mbí siad ina n‑aon, ionas go n‑aithní an saol gur chuir tú chucu mé agus gur ghráigh tú iad mar a ghráigh tú mise. A Athair, ba mhian liom ar thug tú dom a bheith liom freisin mar a bhfuilim, leis an nglóir a fheiceáil a thug tú dom le grá dom a bhí agat dom roimh bhunú an domhain. A Athair cheartbhreithigh, níor aithin an saol thú, ach dʼaithin mise thú; agus dʼaithin siad seo gur tú a chuir uait mé. Tá agus beidh dʼainm á chur in aithne dóibh, ionas go mbí an grá lenar ghráigh tú mé iontu, agus go mbí mé féin iontu.” Dúirt Íosa an chaint sin, agus chuaigh sé féin agus a dheisceabail anonn thar ghleann abhainn an Chedrón, go háit a raibh gairdín, agus chuaigh sé féin agus a dheisceabail isteach sa ghairdín sin. Bhi Iúdás, a rinne a bhrath, eolach ar an áit freisin; ós minic a thagadh Íosa agus a dheisceabail le chéile ansin. Ghlac Iúdás mar sin complacht saighdiúirí agus oifigigh ó na hardsagairt agus ó na Fairiséigh, agus chuaigh siad ann faoi lóchrainn agus faoi thóirsí agus faoi airm. Ó bhí a fhios ag Íosa a dtarlódh dó, tháinig sé chun tosaigh gur fhiafraigh díobh, “Cé tá uaibh?” “Íosa as Nasair,” a dúirt siad á fhreagairt. “Is mise é,” a deir sé leo. Bhí Iúdás, a bhraith é, ina sheasamh ansin ina measc. Nuair a dúirt sé, “Is mise é,” chuaigh siad ar gcúl agus thit siad ar lár. Dʼfhiafraigh sé díobh athuair, “Cé tá uaibh?” agus dúirt siad, “Íosa as Nasair.” Dʼfhreagair Íosa, “Tá inste agam daoibh gur mise é; mar sin, ós mé atá uaibh, ligigí do na fir seo imeacht.” Tharla sin leis an mbriathar a fhíorú a dúirt sé, “Níor chaill mé aon duine den mhéid a thug tú dom.” Ba ansin a tharraing Síomón Peadar an claíomh a bhí aige as a thruaill agus tharraing sé buille ar mhogha an ardsagairt agus ghearr sé an leath-cluas dheas anuas dá leiceann. Malcus ab ainm don mhogha. Arsa Íosa le Peadar, “Cuir do chlaíomh isteach ina thruaill; an é nach n‑ólfaidh mé an cupán a thug mʼAthair dom le n‑ól?” Tháinig siad mar sin, an complacht saighdiúirí agus a gceannfort agus oifigigh na nGiúdach, ar Íosa, agus ghabh siad é agus cheangail siad é. Thug siad os comhair Annas é ar dtús; ó ba é ab athair céile do Chaiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd. Ba é an Caiafas seo a thug an chomhairle do na Giúdaigh go raibh sé riachtanach go bhfaigheadh aon fhear amháin bás ar son an phobail. Lean Síomón Peadar Íosa, eisean agus deisceabal amháin eile. Ó bhí an deisceabal seo ar lucht aitheantais an ardsagairt, chuaigh sé maraon le hÍosa isteach i gcúirt an ardsagairt, fad agus bhí Peadar ag fanacht taobh amuigh den doras. Mar sin chuaigh an deisceabal, a raibh aithne ag an ardsagart air, amach gur chuir sé cogar i gcluais an chailin a bhí ina doirseoir, agus gur thug sé Peadar isteach. Is é a dúirt an cailín a bhí ina doirseoir le Peadar, “Nach duine de dheisceabail an fhir seo tú freisin?” “Ní hea,” ar seisean. Anois bhí na seirbhísigh agus na hoifigigh tar éis tine fhioghuail a dhéanamh, ó bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh ansin á ngoradh féin; bhí Peadar ina sheasamh leo agus é á ghoradh féin. Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus i dtaobh a theagaisc. Ba é freagra Íosa air, “Labhair mé os ard os comhair an tsaoil; bhinn i gcónaí ag teagasc sna sionagóga agus sa teampall, ina dtagann na Giúdaigh uile le chéile; níor labhair mé aon fhocal i modh rúin. Cad chuige duit a fhiafraí díom? Fiafraigh den lucht éisteachta cad é a dúirt mé leo; tá a fhios acu siúd cad é a dúirt mé.” Nuair a dúirt sé sin, tharraing duine de na hoifigigh a bhí ina sheasamh ansin buille boise ar leiceann Íosa, agus dúirt sé, “An mar sin a fhreagraíos tú an t‑ardsagart?” Dʼfhreagair Íosa, “Má labhair mé go holc, tabhair fianaise faoin olc; ach má labhair mé go maith, cad chuige duit bheith ag bualadh buille orm?” Chuir Annas ansin é chuig Caiafas an t‑ardsagart. Anois bhí Síomón Peadar ina sheasamh á ghoradh féin. Fiafraíodh de, “Nach duine dá dheisceabailsean tusa freisin?” Shéan sé é agus dúirt sé, “Ní hea.” Arsa duine de sheirbhísigh an ardsagairt, a bhí ina dhuine muinteartha don duine ar ghearr Peadar an leathchluas de, le Peadar, “Nach bhfaca mé féin thú sa ghairdín ina chuideachta?” Shéan Peadar é athuair; agus ní raibh an focal as a bhéal gur ghlaoigh an coileach. Ba ansin a tugadh Íosa ó theach Chaiafas go dtí an Praetorium. Bhí sé ar mhoch maidine. Ní dheachaigh siad isteach sa Phraetorium iad féin, ionas nach salófaí iad, agus go n‑íosfaidís an cháisc. Chuaigh Píoláid mar sin amach chucu, gur fhiafraigh díobh, “Cad í an choir a chuireas sibh i leith an duine seo?” Ba é a bhfreagrasan air, “Mura raibh an duine seo coireach, ní bheimis á chur idir do lámha.” Arsa Píoláid leo, “Glacaigí féin é agus tugaigí breithiúnas air de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis, “Níl sé dlisteanach againne aon duine a chur chun báis.” Tharla sin leis an mbriathar a dúirt Íosa faoi mhodh a bháis a fhíorú. Chuaigh Píoláid isteach sa Phraetorium athuair agus ghlaoigh sé ar Íosa, agus dúirt sé leis, “An tú Rí na nGiúdach?” Is é a dʼfhreagair Íosa, “An uait féin a deir tú sin; nó an raibh daoine eile á rá leat fúm?” Dʼfhreagair Píoláid, “An Giúdach mise? Is iad do chine féin agus na hardsagairt a chuir idir mo lámha thú; cad é a rinne tú?” Dʼfhreagair Íosa, “Ní aon riocht den domhan seo mo ríochtsa; dá mba rí ar riocht shaolta mé, dhéanfadh mo lucht leanúna troid, ionas nach gcuirtí mé i lámha na nGiúdach; ach ní den domhan seo an ríocht atá agam.” Arsa Píoláid leis, “Is rí tú mar sin?” Dʼfhreagair Íosa, “Is é do bhéal féin a deir gur rí mé. Is lena aghaidh seo a bhí mo bhreith agus mo theacht ar an saol, le mé fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach duine a bhfuil an fhírinne aige, éisteann sé le mo ghlór.” Arsa Píoláid leis, “Cad is fírinne ann?” Nuair a bhí sin ráite aige chuaigh sé amach chuig na Giúdaigh athuair, agus dúirt sé leo, “Feictear dom é a bheith neamhchiontach. Ach tá nós agaibhse go scaoilfinn fear amháin saor chugaibh le linn na Cásca; an toil libh mé Rí na nGiúdach a scaoileadh saor chugaibh?” Ach ghlaoigh siad arís in ard a gcinn, “Ná scaoil an duine sin, scaoil Barabas.” Anois ba thóraí é Barabas. Ghlac Píoláid Íosa ansin gur chuir á sciúrsáil é. Agus dʼfhigh na saighdiúirí coróin de spíonta, gur chuir ar a cheann í, agus chaith siad fallaing chorcra thar a chorp; thagaidis aníos chuige, á rá, “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!” agus bhuailidís bosa air ansin. Chuaigh Píoláid amach arís, agus dúirt sé leo, “Seo daoibh, táim á thabhairt os bhur gcomhair, ionas go bhfeice sibh nach bhfaighim coir ná locht air.” Tháinig Íosa amach mar sin faoin gcoróin spíne agus faoin bhfallaing chorcra. Dúirt Píoláid leo, “Seo daoibh an fear!” Nuair a chonaic na hardsagairt agus na hoifigigh é, ghlaoigh siad in ard a gcinn, “Céas é, céas é!” Dúirt Píoláid leo, “Glacaigí agus crochaigí féin é, mar ní fhaighim coir ar bith ann.” Dʼfhreagair na Giúdaigh é, “Tá dlí againn, agus de réir an dlí sin ba cheart a chur chun báis as bheith ag iarraidh a rá gurb é Mac Dé é.” Nuair a chuala Píoláid na focail seo, bhí tuilleadh eagla air; chuaigh sé isteach sa phraetorium arís agus dúirt sé le hÍosa, “Cá has ar tháinig tú?” Ach níor thug Íosa freagra air. Dúirt Píoláid leis mar sin, “An é nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil fhios agat go bhfuil cumhacht do scaoilte agus do chrochta agam?” Dʼfhreagair Íosa é, “Ní bheadh cumhacht agat orm murab é gur tugadh duit ó neamh í; dá bhrí sin is mó an peaca atá ar an té a chuir idir do lámha mé.” Leis sin thug Píoláid iarraidh faoina scaoileadh, ach gur ghlaoigh na Giúdaigh in ard a gcinn, “Má scaoileann tú an duine sin, ní aon chara do Chaesar tú; níl duine dá ndéanann rí de féin nach gcuireann in éadan Chaesair.” Nuair a chuala Píoláid na focail seo, thug sé Íosa amach leis, agus shuigh sé faoi ar bhinse an bhreithiúnais san áit a dtugtar Sráid na Leac air, nó Gabbatá in Eabhrais. Anois ba í Bigil Fhéile na Cásca í i dtrátha an séú huair. Ar seisean leis na Giúdaigh, “Seo daoibh bhur Rí!” Ghlaoigh siadsan os ard, “Imeacht gan filleadh air, imíodh sé chun na croiche!” Arsa Píoláid leo, “An ndéanfaidh mé bhur Rí a chrochadh?” Dʼfhreagair na hardsagairt, “Níl de rí os ar gcionn amach ó Chaesar.” Chuir sé ansin idir a lámha é lena chrochadh. Ghlac siad Íosa mar sin, agus chuaigh sé amach, agus a chrois féin ar iompar aige, go dtí an áit a dtugtar áit an chloiginn air, agus a ngairtear Golgota de in Eabhrais. Ba ansin a chéas siad é ar chrois, agus beirt eile ina chuideachta, duine ar gach taobh agus Íosa eatarthu. Scríobh Píoláid teideal freisin gur chuir ar an gcrois é; ba í an scríbhinn a bhí air, “Íosa as Nasair, Ri na nGiúdach.” Mar sin léigh mórán de na Giúdaigh an teideal sin, mar ba chóngarach don chathair é ionad chéasta Íosa; agus ó bhí sé scríofa in Eabhrais agus i Laidin agus i nGréigis. Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Píoláid ansin, “Ná scríobh, ‘Rí na nGiúdach,’ scríobh, ‘Sin duine a dúirt, Is mé Rí na nGiúdach.’” Dʼfhreagair Píoláid, “Tá a bhfuil scríofa agam scríofa.” Nuair a bhí Íosa curtha ar chrois a chéasta ag na saighdiúirí ghlac siad a bhaill éadaigh go ndearna ceithre chuid díobh, cuid do gach saighdiúir acu; agus a thuineach. Ach is tuineach gan uaim a bhí inti, agus é fite in aon phíosa amháin ó bhun go barr; dúirt siad lena chéile mar sin, “Ná stróicimis é, caithimis crainn cé aige a mbeidh sé.” Tharla sin leis an scríoptúr a fhíorú, “Roinn siad mo bhaill éadaigh eatarthu, agus chaith siad crainn ar mʼéadach,” Ba é sin an ní a rinne na saighdiúirí. Ach ba iad a bhí ina seasamh faoi chrois Íosa a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Muire bean Chlopas, agus Muire Mhaghdaléanach. Nuair a chonaic Íosa a mháthair, agus an deisceabal ab ansa leis ina sheasamh ina haice, ar seisean lena mháthair, “A bhean úd, féach do mhac.” Ar seisean ansin leis an deisceabal, “Féach í, do mháthairse.” Agus ón uair ud amach ghlac an deisceabal isteach ina theaghlach féin í. Bhí a fhios ag Íosa ina dhiaidh sin go raibh gach uile ní críochnaithe aige, agus (de gheall ar an scrioptúr a fhíorú) dúirt sé, “Tá tart orm.” Bhí soitheach lán dʼfhínéagar ina sheasamh ansin; agus chuir siad múscán lán den fhínéagar sin ar íosóip gur shin suas lena bhéalsan é. Nuair a bhí an fínéagar glactha ag Íosa, dúirt sé, “Tá críoch curtha air,” agus dʼumhlaigh sé a cheann go dtí gur fhág an anáil é. Ó ba í an bhigil í, sa dóigh nach bhfanfadh na coirp ar an gcrois lá na sabóide (mar bhí an tsabóid úd ina hard-fhéile), dʼiarr na Giúdaigh ar Phíoláid a gcosa a bhriseadh agus a dtógáil as. Mar sin tháinig na saighdiúirí gur bhris siad cosa an chéad duine agus an dara duine a bhí á gcéasadh ina chuideachta; ach nuair a tháinig siad chuig Íosa agus nuair a chonaic siad go raibh sé marbh cheana, ní dhearna siad a chosa a bhriseadh. Ach is é rud, sháigh duine de na saighdiúirí sleá ina thaobh, agus tháinig fuil agus uisce amach ar an toirt. Tá fianaise tugtha ag an té a chonaic é—is fíor a fhianaise, agus tá a dhea-fhios aige go bhfuil sé ag insint na fírinne—ionas go gcreide sibhse freisin. Mar tharla na nithe seo ionas go bhfíorófaí an scrioptúr, “Ní bhrisfear cnámh dá chnámha.” Agus deir scrioptúr eile arís, “Amharcfaidh siad ar an té sin ar tholl siad a thaobh.” Bhi Iósaf as Arimatía ina dheisceabal ag Íosa, ach faoi choim, le heagla roimh na Giúdaigh. Dʼiarr seisean cead ar Phíoláid le corp Íosa a ardú leis, agus thug Píoláid an cead sin dó. Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Tháinig Nicodémus freisin, an té sin a tháinig chuige san oíche an chéad uair, agus meascán miorra agus aló leis a bhí tuairim is an céad punt meáchain. Ghlac siadsan corp Íosa, gur fhill i bhfáisceáin línéadaigh agus i spíosraí é, de réir ghnás adhlactha na nGiúdach. Anois bhí gairdín san áit ar céasadh é, agus sa ghairdín sin bhí tuama úrnua nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin. Ba ansin a chuir siad corp Íosa, ó bhí an tuama i ndeas dóibh, agus ó bhí Bigil Cháisc na nGiúdach ann an lá sin. Anois ar an gcéad lá den tseachtain tháinig Muire Mhaghdaléanach go dtí an tuama go moch ar maidin, nuair a bhí sé dorcha go fóill, agus chonaic sí go raibh an chloch tógtha ón tuama. Chuaigh sí mar sin ina rith chuig Síomón Peadar agus chuig an deisceabal eile ab ansa le hÍosa, agus ar sise leo, “Tá an Tiarna tógtha acu as an tuama, agus níl a fhios againn cár leag siad é.” Dʼimigh Peadar ansin agus an deisceabal eile leis, agus tháinig siad go dtí an tuama. Bhí an bheirt acu ina rith, ach ba ghaiste an deisceabal eile ná Peadar sa siúl agus ba é a shroich an tuama ar dtús; agus chrom sé síos ag amharc isteach agus chonaic sé na fáisceáin línéadaigh ina luí ansin, ach ní dheachaigh sé isteach. Tháinig Síomón Peadar ansin go dlúth ina dhiaidh, agus chuaigh seisean isteach sa tuama; chonaic sé na fáisceáin línéadaigh ina luí, agus an t‑éadach a bhí ar a cheann, agus é fillte air féin in áit ar leith, gan é a bheith ina luí leis na fáiscéain línéadaigh. Ba ina dhiaidh sin a chuaigh an deisceabal eile isteach, a shroich an tuama ar dtús, agus chonaic sé agus chreid sé, mar ní raibh fhios acu go fóill faoin scrioptúr, a dúirt go gcaithfeadh sé éirí ó mhairbh. Dʼimigh na deisceabail ansin ar ais abhaile. Ach is é rud, dʼfhan Muire ina seasamh taobh amuigh den tuama agus i ag sileadh deor, agus nuair a bhí sí á sileadh chrom sí síos le hamharc isteach sa tuama; agus chonaic sí dhá aingeal in éadach geal a bhí ina suí san áit sin a raibh corp Íosa ina luí, aingeal amháin san áit a mbíodh a cheann agus aingeal eile san áit a mbíodh a chosa. Ar siadsan léi ansin, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?” Ar sise leo, “Ar an tsiocair go bhfuil mo Thiarna tógtha ar shiúl acu, agus nach bhfuil a fhios agam cár leag siad é.” Nuair a bhí sin ráite aici, thiontaigh sí thart, agus chonaic sí Íosa agus é ina sheasamh, agus ní raibh a fhios aici gurbh é Íosa a bhí aici. Arsa Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh? Cé sin atá uait?” Shil sise gurbh é an garraíodóir é, agus dúirt sí leis, “A fhir chóir, más tú a thóg ar shiúl as seo é, inis dom cár leag tú é agus ardóidh mise liom é.” Arsa Íosa léi, “A Mhuire.” Thiontaigh sise thart agus dúirt sí in Eabhrais, “Rabóní!” (a chiallaíos Oide). Arsa Íosa léi, “Ná bí ag breith greama orm, mar táim go fóill gan dul suas chuig an Athair; ach imigh leat chuig mo bhráithre agus abair leo go bhfuilim ag dul suas chuig mʼAthair agus chuig bhur nAthairse, chuig mo Dhia-sa agus chuig bhur nDia-sa.” Dʼimigh Muire Mhaghdaléanach agus dúirt sí leis na deisceabail, “Chonaic mé an Tiarna”; agus dʼinis sí dóibh a ndúirt sé léi. Tráthnóna an lae sin, an chéad lá den tseachtain, nuair a bhí na doirse druidte ar an áit a raibh na deisceabail ann, le heagla roimh na Giúdaigh, tháinig Íosa chucu agus sheas sé ina measc, agus dúirt sé leo, “Go raibh an tsíocháin agaibh.” Nuair a bhí an focal sin ráite, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a thaobh. Bhí lúcháir ar na deisceabail ansin faoin Tiarna a fheiceáil. Labhair Íosa leo arís agus dúirt sé, “Go raibh an tsíocháin agaibh. Cuirim uaim sibh mar a chuir an tAthair uaidh mé.” Nuair a bhí na briathra sin ráite aige, shéid sé a anáil fúthu agus dúirt sé, “Gabhaigí an Spiorad Naomh chugaibh. Má mhaitheann sibh a pheacaí dʼaon duine, tá siad maite dó; má fhágann sibh air iad, tá a pheacaí air.” Anois ní raibh Tomás leo nuair a tháinig Íosa—an duine den dáréag ar tugadh Didumas, nó leathdhuine cúpla, air. Dʼinis na deisceabail eile dó, “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach is é a dúirt sé leo, “Mura bhfeicim rian na dtairní ina lámha, agus mura gcuirim mo mhéar isteach san áit a ndeachaigh na tairní, agus mura gcuirim mo lámh isteach ina thaobh, ní chreidfidh mé.” Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail sa teach sin, agus Tomás leo. Bhí na doirse druidte orthu, ach tháinig Íosa gur sheas ina measc agus go ndúirt, “Go raibh an tsíocháin agaibh.” Dúirt sé ansin le Tomás, “Sin amach do mhéar, agus seo duit mo lámha; agus cuir amach do lámh go sá tú isteach i mo thaobh í; ná bí díchreidmheach, ach i do chreidmheach.” Dʼfhreagair Tomás é, “Is tú mo Thiarna agus mo Dhia!” Dúirt Íosa leis, “An gcreideann tú nuair atá mé feicthe agat? Is beannaithe a chreideas agus nach bhfaca.” Is iomaí sin comhartha a rinne Íosa i láthair na ndeisceabal, nach bhfuil scríofa sa leabhar seo; ach tá an méid sin scríofa ionas go gcreide sibh gurb é an Críost, Mac Dé, é Íosa, agus ionas go mbí beatha agaibh ina ainmsean trí bhur gcreideamh. Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail athuair chois Mhuir Thibérias agus is mar seo a thaispeáin sé é féin. Bhi Síomón Peadar, Tomás dar gaireadh Didumas, Natanael as Cána i nGalailí, clann mhac Shebidé, agus beirt eile dá dheisceabail i gcuideachta a chéile. Dúirt Síomón Peadar leo, “Táim ag dul a iascaireacht.” Dúirt siadsan, “Rachaimidne leat freisin.” Dʼimigh siad mar sin agus chuaigh siad ar an mbád; ach níor mharaigh siad iasc ar bith an oíche úd. Bhí spéartha an lae ann cheana féin, nuair a bhí Íosa ina sheasamh ar an trá; ach ní raibh a fhios ag na deisceabail gurbh é Íosa a bhí ann. Arsa Íosa leo, “A chlann óg, an bhfuil iasc ar bith libh?” “Níl,” a dúirt siad lena fhreagairt. Ar seisean leo, “Cuirigí bhur líon ar thaobh deas an bháid, agus gheobhaidh sibh rud éigin.” Chuir siad mar sin é, agus níor fhéad siad an líon a tharraingt isteach le méid na n‑iasc a bhí ann. Dúirt an deisceabal úd ab ansa le hÍosa le Peadar, “Is é an Tiarna atá ann!” Nuair a chuala Síomón Peadar gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhaill éadaigh air, a bhí curtha de aige chun na hoibre, agus thug sé léim amach san fharraige. Ach tháinig na deisceabail eile sa bhád, ó nach raibh idir iad agus an cladach ach tuairim is céad slat, agus lán an lín dʼéisc á tharraingt ina ndiaidh acu. Nuair a tháinig siad i dtír, chonaic siad tine fhioghuail ann agus iasc uirthi, agus builíní aráin. Arsa Íosa leo, “Tugaigí libh cuid de na héisc a ghabh sibh ar ball.” Chuaigh Síomón Peadar mar sin ar bhord an bháid gur tharraing an líon aníos ar an trá, agus é lán dʼéisc mhóra, céad, caoga is trí cinn acu; agus i ndiaidh an mhéid a bhí ann acu, ní raibh an líon stróicthe. Arsa Íosa leo, “Tagaigí go raibh bhur mbricfeasta agaibh.” Anois ní raibh sé de dhánacht ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de, “Cé tú féin?” Bhí a fhios acu gurbh é an Tiarna é. Tháinig Íosa gur ghlac sé agus gur thug sé dóibh an t‑arán, agus an t‑iasc mar an gcéanna. Ba é sin anois an tríú huair ar thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail i ndiaidh é a éiri ó mhairbh. Nuair a bhí a mbricfeasta caite acu, arsa Íosa le Síomón Peadar, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an mó an grá atá agat dom ná an grá atá acu seo?” Ar seisean leis, “Is ea, a Thiarna, tá a fhios agat go bhfuil cion agam ort.” Ar seisean leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chuid uan.” Dúirt sé leis an dara huair, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Deir sé leis, “Tá, a Thiarna, tá a fhios agat an cion atá agam ort.” Dúirt sé leis, “Déan buachailleacht ar mo chaoirigh.” Dúirt sé leis an triú huair, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” Ghoill sé ar Pheadar gur fhiafraigh sé de an triú huair, “An bhfuil cion agat orm?” Agus dúirt sé leis, “A Thiarna, tá fios gach feasa agat; tá a fhios agat an grá atá agam duit.” Arsa Íosa leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chaoirigh. Go deimhin agus go dearfa deirim leat, nuair a bhí tú óg, bhíteá do do chóiriú féin, agus ag siúl mar ba thoil leat féin, ach nuair a bheas tú anonn in aois, beidh tú ag síneadh amach do ghéag, agus beidh duine eile do do chóiriú agus do dʼiompar in áit nár thoiligh tú.” (Dúirt sé sin ag léiriú an bháis a nglóireodh sé Dia leis.) Agus i ndiaidh sin a rá leis dúirt sé leis, “Lean mise.” Thiontaigh Peadar thart, agus chonaic sé ag leanúint ina ndiaidh an deisceabal ab ansa le hÍosa, an té sin a bhí ina luí ina ucht ag an suipéar, agus a dʼfhiafraigh de, “A Thiarna, cé a dhéanfas do bhrath?” Nuair a chonaic Peadar é, dʼfhiafraigh sé dʼÍosa, “A Thiarna, cad é faoin duine seo?” Deir Íosa leis, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean tusa mise.” Scaip an briathar sin i measc na mbráithre agus shíl siad nach bhfaigheadh an deisceabal úd bás; ach ní dúirt Íosa leis nach raibh sé le bás a fháil, ach dúirt sé, “Más é mo thoil é, é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?” Is é sin an deisceabal atá ag tabhairt fianaise i dtaobh na nithe sin, agus atá i ndiaidh é seo a scríobh; agus tá a fhios agam go bhfuil a fhianaisesean fíor. Ach is iomaí ní eile a rinne Íosa lena chois sin; dá scríofaí gach uile cheann acu, ní shílimse go mbeadh áit sa domhan uile le haghaidh na leabhar a bheadh á scríobh. Rinne mé trácht i mo chéad leabhar, a Theophilas, ar chéad ghníomhartha Íosa agus ar a theagasc tosaigh, go dtí an lá ar iompraíodh in airde go neamh é, i ndiaidh é aithne a thabhairt tríd an Spiorad Naomh do na haspail a bhí tofa aige. Is iomaí cruthúnas atá leis gur fhoilsigh sé é féin dóibh agus é beo i ndiaidh a pháise, agus go mbíodh sé á thaispeáint féin dóibh i rith daichead lá, agus go labhraíodh sé leo i dtaobh ríocht Dé. Agus nuair a bhí sé ina gcuideachta, dʼordaigh sé go dian dóibh gan imeacht as Iarúsailéim, ach bheith ag fanacht ansin le fíorú ghealltanas an Athar, “an gealltanas sin,” ar seisean, “ar chuala sibh mé ag caint air, mar bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le huisce, ach ní rachaidh mórán laethanta thart go dtí go mbeidh sibhse do bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.” Mar sin de, nuair a bhí siad i gceann a chéile, dʼfhiafraigh siad de, “A Thiarna, an anois a thabharfaidh tú arís dʼlosrael an ríocht a bhíodh aici?” Ar seisean leo, “Ní dual daoibhse fios a fháil ar na haimsirí ná ar na trátha atá socraithe ag an Athair agus a bhfuil sé féin mar údar leo. Ach ní fhágann sin nach mbeidh cumhacht á tabhairt daoibh nuair a thiocfas an Spiorad Naomh oraibh; agus nach mbeidh sibh in bhur bhfinnéithe agamsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus i Samária agus go leithimeall an domhain.” Agus ní luaithe a bhí sin ráite aige ná tógadh den talamh é, agus iad ag amharc air, agus dʼardaigh néal leis é as a n‑amharc. Agus nuair a bhí a súile go fóill ag stánadh in airde sa spéir an bealach a dʼimigh sé, bʼshiúd beirt fhear faoi éadaí gealbhána ina seasamh lena dtaobh, a dúirt leo, “A fheara as Galailí, cad chuige daoibh fanacht in bhur seasamh ag amharc mar sin in airde sa spéir? Tiocfaidh an tÍosa seo chugaibh ó neamh, a tugadh uaibh go neamh, ar an nós céanna ar imigh sé.” Ba ansin a dʼfhill siad ar Iarúsailéim ón sliabh dá ngairtear Olibhet, atá cóngarach do Iarúsailéim, faoi shiúlóid sabóide uaidh; agus nuair a shroich siad í, chuaigh siad suas go dtí an seomra a bhí in uachtar an tí, a mbídís ag fanacht ann, mar atá Peadar agus Eoin agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalón agus Matha, Séamas mac Alfaeus agus Síomón an díograiseoir agus Iúdás mac Shéamais. Bhi siad seo uile le chéile gan aird acu ar aon ní ach ar an urnaí, iadsan agus an bhantracht agus Muire máthair Íosa agus a dheartháireacha leo. Ba sna laethanta úd a dʼéirigh Peadar ina sheasamh i measc na mbráithre (bhí siad timpeall céad agus fiche duine ann le chéile), agus is é a dúirt sé, “A bhráithre, bʼéigean an scríbhinn diaga a fhíorú, a labhair an Spiorad Naomh roimh ré trí bhéal Dháibhí, sa mhéid a bhaineas le hlúdás a bhí mar threoraí ag an dream a ghabh Íosa. Mar bhí sé á chomhaireamh mar dhuine againn, agus bhí sé páirteach sa mhinistreacht seo againne. (Anois cheannaigh an duine sin páirc lena chuid airgid lochtaigh; agus thit sé i mullach a chinn, gur phléasc sé ó chéile ina lár agus gur sciurd a inní as. Agus bhí a fhios ag lucht áitrithe Iarúsailéim uile, ionas gur tugadh ina dteangasan Aceldama, is é sin Páirc na Fola, ar an bpáirc sin.) Mar tá sé scríofa i leabhar na Salm, ‘Bíodh a áitreabh ina fhásach, ná bíodh cónaí ar dhuine ann;’ agus ‘Glacadh fear eile a oifig.’ Caithfidh mar sin fear a bhíodh inár gcuideachta i rith an ama ar fad a mbíodh an Tiarna Íosa ag teacht agus ag imeacht eadrainn, ag tosú ón lá ar bhaist Eoin é go dtí an lá ar ardaíodh uainn go neamh é—caithfidh fear acusan a bheith ina fhinné ar a aiséirí maraon linne.” Agus chuir siad dís chun tosaigh, Iósaf a ngairtí Barsabas de, a raibh Iustus,.i. ceart, mar shloinne aige, agus Maitias. Agus rinne siad urnaí agus dúirt siad, “A Thiarna, ar léir duit croíthe na ndaoine, nocht dúinn cé acu den dís seo a thogh tú leis an ionad sa mhinistreacht agus san aspaltacht seo a ghlacadh ar chlaon Iúdás uaidh, le dul go dtí an áit ba dhual dó.” Agus chaith siad crainn orthu, agus is ar Mhaitias a thit an crann; agus ainmníodh é mar aspal leis an aon aspal déag. Nuair a tháinig lá na Cincíse, bhí siad uile go léir i gcuideachta a chéile in áit amháin. Agus tháinig fuaim ó neamh mar shéideán gaoithe móire, agus bhí an teach a raibh siad ina suí ann lán de ghlór na gaoithe. Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ann, agus iad á ndealú ó chéile agus ag tuirlingt ar an uile dhuine acu. Agus líonadh den Spiorad Naomh iad uile go léir, gur thosaigh ar labhairt i dteangacha éagsúla, mar a thug an Spiorad urlabhra dóibh. Anois bhí Giúdaigh ina gcónaí in Iarúsailéim, lucht crábhaidh as gach cine dá bhfuil faoi spéartha neimhe. Agus chruinnigh an slua leis an bhfuaim sin, agus bhí mearbhall orthu, mar chuala gach duine acu iad ag labhairt ina theanga dhúchais. Agus bhí iontas agus alltacht orthu, agus dúirt siad, “Nach Galailéigh na fir seo uile atá ag caint? Agus conas a chluineann gach duine againn a theanga dhúchais féin? Idir Phartaigh agus Mhédaigh agus Elamítigh agus lucht áitrithe Mhesopotamia, agus daoine as Iúdaea agus Cappadócia, Pontas agus an Áise, Phrigia agus Pamfilia, as tír na hÉigipte agus na codanna seo de Libia is le Círéné, agus cuairteoirí ón Róimh, idir Ghiúdaigh agus phroselítigh, Chretigh agus Arabaigh, cluinimid uile go léir iad ag insint inár dteangacha féin faoi mhórfhearta Dé.” Agus bhí iontas agus alltacht orthu uile, agus iad ag fiafraí dá chéile, “Cad é is ciall dó seo?” Ach dúirt cuid eile de na daoine go magúil, “Tá siad i ndiaidh iad féin a líonadh dʼfhíon úr.” Ach sheas Peadar amach, é féin agus an t‑aon duine dhéag leis, agus labhair sé leo i nglór ard, “A fheara Iúdaea agus a lucht áitrithe Iarúsailéim uile, tugaim seo le fios daoibh, agus tugaigí éisteacht do mo bhriathra. Mar níl na fir seo ar meisce, mar a shíleann sibh, ó nach bhfuil ann ach an tríú huair den lá; ach is é seo an ní ar labhair an fáidh Ióel air: ‘Nochtann Dia a dtarlóidh i laethanta deiridh an domhain, go ndoirtfidh mé mo Spiorad ar an Ádhamhchlann uile, agus beidh bhur gclann mhac agus iníonacha ag déanamh fáistine, agus beidh aislingí le feiceáil ag bhur bhfir óga, agus brionglóidi ag bhur seandaoine; beidh, agus beidh mise ag doirteadh mo Spioraid ar mo mhoghaí agus ar mo chumhla sna laethanta úd; agus déanfaidh siad fáidheadóireacht. Agus taispeánfaidh mé na hiontais i spéartha neimhe agus na comharthaí ar an talamh thíos, fuil, agus tine, agus néalta deataigh; déanfar dorchadas den ghrian agus fuil den ghealach, roimh theacht lá an Tiarna, an lá mór lán soiléir. Agus is amhlaidh a shlánófar gach uile dhuine dá nglaonn ar an Tiarna ina ainm.’ “A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo uaim: ba dhuine dearscnaithe é Íosa as Nasair, mar thaispeáin Dia tríd na mórfhearta agus na hiontais agus na comharthaí a dʼoibrigh Dia tríd in bhur measc, mar atá fhios agaibh féin— agus ghlac sibh an tÍosa sin de réir an rúin dhiongbháilte agus an réamheolais a bhí ag Dia, agus chéas sibh agus dʼimir sibh bás air le lámha nár ghéill don dlí. Ach is amhlaidh a thóg Dia é, agus scaoil sé arraingeacha an bháis, ó nárbh fhéidir don bhás greim a choinneáil air. Mar is é a deir Dáibhí ina thaobh, ‘Chonaic mé an Tiarna os mo choinne go síor, mar bíonn sé agam ar thaobh mo láimhe deise ionas nach gcorrófar mé; mar sin bhí áthas ar mo chroí agus lúcháir i mo theanga; agus beidh dóchas ag mo cholainn ag dul i luí. Mar ní fhágfaidh tú mʼanam i Háidéas, agus ní ligfidh tú do do Naomhsa truailliú a fheiceáil. Thaispeáin tú cosáin na beatha dom; líonfaidh tú le háthas mé le bheith i do láthair.’ “A bhráithre, féadtar a rá i dtaobh an uasalathar Dáibhí gur scéal cinnte é go bhfuair sé bás agus gur adhlacadh é, agus go bhfuil a thuama againn go dtí an lá inniu. Ach bhí sé ina fháidh eolais, agus bhí a dhea-fhios aige go raibh mionnaithe ag Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ina shuí ar a ríchathaoir, agus chonaic sé aiséirí Chríost roimh ré agus is air a labhair sé, á rá nár fágadh i Háidéas é, agus nach bhfaca a cholainn an truailliú. Tá an tÍosa sin tógtha ó mhairbh ag Dia, agus táimid uile inár bhfinnéithe air. Ardaíodh mar sin é go láimh dheas Dé, agus ghlac sé ón Athair an Spiorad Naomh a bhí geallta aige, agus is é a dhoirt anuas a bhfuil le cluinstin agus le feiceáil agaibhse. Mar ní dheachaigh Dáibhí é féin in airde go neamh ach deir sé féin faoi, ‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarnasa, Suigh ar mo láimh dheas, go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’ Bíodh fios cinnte ag teaghlach uile Iosrael go bhfuil Críost agus Tiarna déanta ag Dia den Íosa sin a rinne sibh a chéasadh.” Anois nuair a chuala siad sin, chuaigh an arraing trína gcroíthe, gur fhiafraigh siad de Pheadar agus den chuid eile de na haspail, “A bhráithre, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?” Agus is é a dúirt Peadar leo, “Déanadh gach duine agaibh aithrí, agus glacadh sé le baisteadh in ainm Íosa Críost le haghaidh mhaithiúnas bhur bpeacaí; agus gheobhaidh sibh tíolacadh an Spioraid Naoimh. Mar is daoibhse a gealladh é agus do bhur gclann agus dá bhfuil i bhfad i gcéin, don uile dhuine a ghlaonn ár dTiarna Dia chuige.” Agus is iomaí briathar eile a labhair sé, ag tabhairt fianaise agus á ngríosú, agus dúirt sé, “Tagaigí slán amach as an nglúin seo na caime.” Baisteadh mar sin an méid acu a ghlac lena bhriathar, agus cuireadh faoi thrí mhíle anam sa bhreis leo an lá céanna. Agus chloígh siad go dúthrachtach le teagasc agus le cumann na n‑aspal, agus le briseadh an aráin agus leis na paidreacha. Agus thit eagla ar gach uile anam; agus is iomaí iontas agus comhartha a oibríodh trí lámha na n‑aspal. Agus bhí lucht an chreidimh in aontíos agus i gcomhsheilbh le chéile; agus dhíolaidís a maoin agus a maitheas saolta agus roinnidís le gach duine iad, de réir mar a bhí riachtanas air. Agus bhídis ó lá go chéile ag taithí theampall Dé i gcuideachta a chéile agus ag briseadh aráin sa bhaile, agus ag blaiseadh a mbia le lúcháir agus le féile chroí, ag tabhairt moladh do Dhia, agus ag fáil ghnaoi na ndaoine uile. Agus bhí an Tiarna ó lá go lá ag cur leo as an méid a raibh an slánú geallta dóibh. Anois bhí Peadar agus Eoin ar a mbealach suas chun an teampaill in uair na hurnaí, is é sin sa naoú huair. Agus bhíothas ag iompar fir a bhí ina chláiríneach ó bhroinn, ar ghnách a fhágáil gach lá ag an ngeata sin den teampall a ngairtear an Geata Álainn de, le bheith ag iarraidh déirce ón dream a bhíodh ag dul isteach sa teampall. Nuair a chonaic sé Peadar agus Eoin ar tí dul isteach sa teampall, dʼiarr sé déirc orthu. Agus dhírigh Peadar a shúil air, é féin agus Eoin, agus dúirt sé leis, “Amharc orainn.” Agus dhearc sé go grinn orthu, agus súil aige le síneadh éigin láimhe a fháil uathu. Ach arsa Peadar leis, “Níl airgead ná ór agam, ach tugaim duit a bhfuil agam le tabhairt uaim; in ainm Íosa Críost as Nasair, siúl.” Agus rug sé ar a láimh dheas, agus thóg sé den talamh é; agus neartaíodh ar an toirt lena bhíonn agus le cnámha a mhurnán. Agus bhí sé de léim ina sheasamh agus shiúil sé leis isteach sa teampall ina gcuideachta, ag céimiú agus ag léim agus ag moladh Dé. Agus chonaic na daoine uile é ag siúl leis agus ag moladh Dé, agus dʼaithin siad gurbh é a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce ag an nGeata Álainn; agus líonadh iad dʼiontas agus dʼalltacht faoinar tharla dó. Theann seisean go dlúth le Peadar agus le hEoin, agus lena linn sin rith na daoine uile le chéile chucu sa cholúnáid a ngairtear Colúnáid Sholaimh air, agus iad ag déanamh iontais de. Nuair a chonaic Peadar sin labhair sé mar seo leis na daoine, “A fheara Iosrael, cad chuige ar ionadh libh sin, nó cad chuige daoibh bheith ag cur na súl tríom, ionann agus dá mbeimis i ndiaidh tabhairt ar an bhfear sin siúl lenár gcumhachtaí nó lenár gcráifeacht féin? Is é an Dia a bhíodh ag Abracham agus ag Íosóg agus ag Iácób, Dia ár n‑aithreacha, a thug an ghlóir dá sheirbhíseach Íosa, an té ar chaith sibh uaibh é agus ar shéan sibh é i láthair Phíoláid, nuair a bhí rún aige é a ligean saor. Ach shéan sibh an Té a bhí Fíréan Naofa, agus dʼiarr sibh go ndeonófaí dúnmharfóir daoibh, agus mharaigh sibh Ceann urra na beatha, ar thóg Dia ó mhairbh é. Táimidne inár bhfinnéithe air sin. Agus is é a ainmsean, is creideamh ina ainmsean, a neartaigh an fear seo a fheiceas sibh agus a bhfuil aithne agaibh air; agus is é an creideamh a bhíos ann trí Íosa a thug an tsláinte iomlán seo gan easpa don fhear seo i láthair an iomláin agaibh. “Agus anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le hain-eolas a rinne sibh é, sibh féin agus bhur rialtóirí. Ach is amhlaidh a dʼfhíoraigh Dia an méid a bhí inste aige roimh ré trí bhéal na bhfáithe uile, go bhfulaingeodh a Chríost a pháis. Déanaigí aithrí mar sin, agus tiontaígí arís, ionas go scriostar bhur bpeacaí amach, agus ionas go dtaga uaireanta athnuachain ó láthair Dé, agus ionas go gcuire sé uaidh an Críost atá ceaptha daoibh, is é sin Íosa, a gcaithfidh an neamh a ghlacadh go dtaga an t‑am a gcuirfear i gcrích ar labhair Dia trí bhéal a naomhfháithe ón gcianaimsir. Is é a dúirt Maois, ‘Ardóidh an Tiarna Dia fáidh daoibh as measc bhur mbráithre mar a dʼardaigh sé mise. Éistfidh sibh leis cibé dá n‑insíonn sé daoibh. Agus is amhlaidh a scriosfar as measc na ndaoine gach uile anam nach n‑éisteann leis an bhfáidh úd.’ Agus níl fáidh dár labhair, ó Shamuel agus na fáithe a tháinig ina dhiaidh, nár fhoilsigh faoi na laethanta seo atá ann. Is sibh clann na bhfáithe agus clann an chúnaint a thug Dia do bhur n‑aithreacha, nuair a dúirt sé le hAbracham, ‘Agus beannófar teaghlaigh uile an talaimh i do shliochtsa.’ Tá Dia i ndiaidh a sheirbhíseach a thógáil, agus é a chur chugaibh ar dtús, le sibh a bheannú, ag iontú gach duine agaibh óna olc féin.” Agus nuair a bhí siadsan ag labhairt na mbriathra seo leis na daoine, tháinig na sagairt agus ceannfort an teampaill agus na Sadúcéigh orthu, agus fíoch orthu leo as bheith ag teagasc na ndaoine agus ag foilsiú gur in Íosa a bhí an t‑aiséirí ó mhairbh. Agus ghabh siad iad agus rinne siad príosúnaigh díobh go dtí an lá ina dhiaidh sin, ó bhí an tráthnóna ann cheana. Ach chreid mórán de na daoine a chuala an briathar; agus bhí siad faoi chúig mhíle fear ann. Lá arna mhárach cruinníodh le chéile in Iarúsailéim a rialtóirí agus a seanóirí agus a scríobhaithe, agus Annas an t‑ardsagart agus Caiafas agus Eoin agus Alastair, agus an dream uile a raibh fuil na n‑ardsagart iontu. Chuir siad iad amach ansin ina seasamh i lár an tslua, agus dʼfhiafraigh siad díobh, “Cad í an chumhacht nó cad é an t‑ainm a ndearna sibh sin tríothu?” Arsa Peadar leo ansin, agus é lán den Spiorad Naomh, “A rialtóirí na ndaoine agus a sheanóirí, má táimid an lá seo dár gceistiú i dtaobh dea-ghnímh a rinneadh ar chláiríneach, agus i dtaobh na caoi ar leigheasadh é, tugtar le fios daoibhse, agus do mhuintir Iosrael go hiomlán, gur trí ainm Íosa Críost as Nasair, an té ar chéas sibh é agus ar ardaigh Dia ó mhairbh é, gur trídsean atá an fear seo ina sheasamh os bhur gcoinne agus é ina shláinte. Is í sin an chloch dár dhiúltaigh sibhse, a bhí in ainm a bheith in bhur saoir, a ndearnadh cloch an chúinne di. Agus níl an slánú síoraí le fáil in aon duine eile, mar níl aon ainm eile á lua ag na daoine faoi spéartha neimhe a gcaithfimid bheith dár slánú tríd.” Anois nuair a chonaic siad an t‑uchtach a bhí ag Peadar agus ag Eoin, agus nuair a thug siad faoi deara gur daoine gan foghlaim ná léann leabhar iad, bhí iontas orthu; agus dʼaithin siad orthu gur choinnigh siad cuideachta le hÍosa. Ach nuair a chonaic siad an fear a leigheasadh ina sheasamh taobh leo, níor fágadh focal acu le rá ina éadan sin. Ach dʼordaigh siad dóibh imeacht i leataobh amach as an gcruinniú agus ghlac siad comhairle le chéile, agus dúradh, “Cad é a dhéanfaimid leis na fir seo? Rinneadh comhartha a mbeidh cuimhne air tríothu, agus is léir sin dá bhfuil ina gcónaí in Iarúsailéim, agus ní féidir linn a bhréagnú. Ach sa chruth nach scaiptear an scéal a thuilleadh i measc na ndaoine, tugaimis rabhadh dóibh gan focal a labhairt níos faide le haon duine in ainm an duine sin.” Mar sin de, ghlaoigh siad orthu agus dʼordaigh siad go dian dóibh gan labhairt ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa. Ach ba é an freagra a thug Peadar agus Eoin orthu, “Más ceart i súile Dé umhlú daoibhse agus bheith easumhal do Dhia, bíodh bhur mbreithiúnas féin agaibh air; ni lúide ní féidir linne gan labhairt faoin méid a chonaiceamar agus a chualamar.” Bhagair siad orthu a thuilleadh, agus lig siad saor ansin iad, ó nach raibh caoi acu le pionós a chur orthu, le heagla roimh na daoine; mar bhídis uile ag moladh Dé faoinar tharla. Mar bhí an fear a ndearnadh an comhartha sin slánaithe air thar daichead bliain dʼaois. Nuair a ligeadh saor iad chuaigh siad go dtí a gcairde gur inis dóibh cad é a dúirt na hardsagairt agus na seanóirí leo. Agus nuair a chuala siad sin, dʼardaigh siad uile le chéile a nglórtha le Dia agus ar siad, “A Ard-Tiarna, a Chruthaitheoir neimhe agus talaimh agus na farraige agus a bhfuil iontu, a dúirt trí bhéal ár n‑athar Dáibhí, do sheirbhíseach, tríd an Spiorad Naomh, ‘Cad chuige a raibh fraoch ar na náisiúin, cad chuige a raibh na ciníocha ag beartú baoise? Bhi ríthe an talaimh á gcóiriú féin chun catha, agus na taoisigh ag cruinniú le chéile, in aghaidh an Tiarna agus in aghaidh a Ungthaigh’— mar is scéal fíor é gur cruinníodh sa chathair seo in aghaidh do naomhsheirbhísigh Íosa, a bhí ungtha agat, Iorua maraon le Pointias Píoláid, agus na Gintlithe agus muintir Iosrael leo, ionas go ndéanfadh siad an ní a bhí i ndán dóibh a dhéanamh, mar a dʼordaigh do lámh agus mar a shocraigh do chomhairle roimh ré. Agus anois, a Thiarna, féach ar a bhfuil á bhagairt acu, agus deonaigh do do sheirbhísigh an briathar a labhairt go lánuchtúil, agus sín amach do lámh san am céanna ag leigheas, agus bíodh comharthaí agus iontais á n‑oibriú trí ainm do naomh-sheirbhísigh Íosa.” Agus ní luaithe an phaidir sin ráite acu ná baineadh crith as an talamh a raibh siad le chéile ina seasamh air, agus líonadh iad uile go léir leis an Spiorad Naomh agus labhair siad briathar Dé go dána neamh-eaglach. Anois ní raibh ach aon chroí amháin agus aon anam amháin ag comhthionól agus cuideachta na gcreidmheach, agus ní bhíodh aon duine acu ag maíomh gur leis féin aon ní dá mbíodh ina sheilbh, ach bhídis i gcomhroinn agus i gcomhsheilbh san uile ní. Agus ba chumasach cumhachtach a thug na haspail a bhfianaise faoi aiséirí an Tiarna Íosa, agus bhí grásta Dé go mór agus go flúirseach orthu. Ni raibh aon riachtanas ar aon duine eatarthu, mar dhíoladh an méid a raibh tithe nó tailte ina seilbh iad, agus bheiridís an t‑airgead a dʼfhaighidís orthu agus chuiridís síos é ag cosa na n‑aspal; agus bhítí á roinnt ansin le gach duine a raibh riachtanas air leis. Bʼamhlaidh do Bharnabas (Mac an mhisnigh is ciall don ainm sin) a bhí ina Lébhíteach a raibh cónaí air sa Chipir, mar dhíol seisean páirc a bhí aige, agus thug sé an t‑airgead leis, gur chuir síos ag cosa na n‑aspal é. Ach bhí fear ann a raibh Ananias mar ainm air agus dhiol seisean agus a bhanchéile Safira sealbhán talaimh a bhí acu, agus choinnigh sé siar cuid den airgead a fuair sé air (rud nach raibh ceilte ar a bhean), agus níor chuir sé ach cuid de ag cosa na n‑aspal. Ach is é a dúirt Peadar, “A Ananias, cad é mar a líon Sátan do chroí le bréag a dhéanamh leis an Spiorad Naomh agus cuid den airgead a fuair tú ar an talamh a choinneáil siar? Nár leat féin é nuair a bhí sé gan díol? Agus nuair a bhí sé díolta féin, nár cheadmhach duit do rogha rud a dhéanamh leis? Conas a bhí sé de chroí agat a leithéid seo de ghníomh a bheartú? Tá bréag déanta agat ní le duine ach le Dia.” Ni luaithe a chuala Ananias na briathra sin ná thit sé maol marbh. Agus thit móreagla ar ar chuala é. Dʼéirigh na fir óga agus dʼfhill siad taiséadach air agus dʼiompair siad amach gur chuir san uaigh é. Chuaigh seal trí huaire thart ansin gur tháinig a bheansan isteach gan fhios a bheith aici faoinar tharla. Agus is é a dúirt Peadar léi, “Inis dom, ar dhíol sibh an talamh ar an oiread sin?” Agus ar sise, “Dhíol agus ar an oiread sin.” Ach dúirt Peadar léi, “Cad chuige a ndeachaigh sibh i gcomhar le chéile le cathú a chur ar Spiorad an Tiarna? Bʼshiúd cosa lucht adhlactha dʼfhir chéile ina seasamh sa doras, agus beidh siad do dʼiompar amach freisin.” Ni luaithe sin ráite aige ná thit sí síos ag a chosa agus fuair sí bás. Nuair a tháinig na fir óga isteach fuair siad marbh í, agus dʼiompair siad amach í gur chuir san uaigh í le taobh a fir chéile. Agus thit móreagla ar an eaglais uile agus ar ar chuala iomrá ar na nithe sin. Anois is iomaí comhartha agus ionadh a bhíodh á ndéanamh i measc na ndaoine le lámha na n‑aspal. Agus thagaidís uile le chéile i gColúnáid Sholaimh. Ni raibh sé de dhánacht ag aon duine eile dul leo, ach bhí ómós mór ag na daoine dóibh. Agus cuireadh níos mó de lucht an chreidimh leis an Tiarna ná roimhe sin, na sluaite idir fhir agus mhná, sa chruth go mbídís go fiú ag iompar na ndaoine breoite amach faoi na sráideanna, agus á síneadh ansin ar leapacha agus ar shráideoga, mar dhúil is go dtiteadh scáil Pheadair ar chuid acu nuair a thiocfadh sé thart. Chruinnigh na daoine chucu freisin as na bailte móra timpeall Iarúsailéim, ag tabhairt leo na ndaoine a bhí breoite nó a raibh deamhain neamhghlana á gcrá, agus leigheasadh iad uile go léir. Ach dʼéirigh an t‑ardsagart agus a lucht leanúna, is é sin, aicme na Sadúcéach, agus iad lán den fhormad, agus ghabh siad na haspail agus chuir siad sa phríosún poiblí iad Ach dʼoscail aingeal ón Tiarna doirse an phríosúin san oíche agus thug sé amach as iad, agus dúirt sé leo, “Imigí agus seasaigí amach sa teampall agus labhraígí briathra uile na Beatha seo leis na daoine.” Agus nuair a chuala siad sin, chuaigh siad isteach sa teampall le breacadh an lae agus theagasc siad. Tháinig an t‑ardsagart agus a lucht leanúna ansin gur chruinnigh siad an chomhairle agus seanad uile Iosrael, agus gur chuir siad fios orthu chun an phríosúin. Ach nuair a shroich na hoifigigh an príosún, ní bhfuair siad ansin iad, agus dʼfhill siad gur thug an tuairisc seo air, “Fuaireamar an príosún agus é dúnta go daingean faoi ghlas agus na gardaí ina seasamh os comhair na ndoirse, ach nuair a dʼosclaíomar é ní bhfuaireamar duine ar bith taobh istigh.” Nuair a chuala ceannfort an teampaill agus na hardsagairt na briathra sin, bhí mearbhall mór orthu, agus gan fhios acu cad é an toradh a bheadh air. Tháinig duine chucu ansin leis an scéal a insint dóibh, “Tá siad ina seasamh sa teampall ag teagasc na ndaoine, na fir a chuir sibhse sa phríosún.” Chuaigh an ceannfort agus na hoifigigh gur thug siad leo iad, ach gan lámh láidir, mar bhí eagla orthu go n‑imreodh na daoine bás orthu le clocha. Thug siad isteach mar sin iad, gur chuir ina seasamh os comhair na comhairle iad. Agus chuir an t‑ardsagart ceist orthu, agus dúirt sé, “Dʼordaíomar go dian daoibh gan bheith ag teagasc san ainm sin, agus anois tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh agus rún agaibh éiric a bhaint asainn as fuil an fhir sin.” Ach ba é freagra Pheadair agus na n‑aspal, “Caithfimid umhlú do Dhia agus ní do dhaoine. Thóg Dia ár sinsear Íosa, an té ar mharaigh sibh é agus ar chroch sibh ar chrann é. Dʼardaigh Dia chun a láimhe deise é, le bheith ina Ardcheannasaí agus ina Shlánaitheoir, leis an aithrí a thabhairt dʼIosrael agus maithiúnas na bpeacaí. Agus táimidne inár bhfinnéithe air sin, agus is finné air freisin an Spiorad Naomh a thug Dia don dream a umhlaíos dó.” Nuair a chuala siad sin chuaigh siad ar buile agus bhí fonn orthu a gcur chun báis. Ach bhí Fairiséach ar an gcomhairle a raibh Gamáliel mar ainm air, a bhí ina mháistir dlí, a raibh meas ag gach aon duine air, agus dʼéirigh seisean ina sheasamh gur thug ordú na fir a chur amach go ceann tamaill. Agus ar seisean leo, “A fheara Iosrael, bígí ar bhur n‑aire cad é a dhéanfas sibh leis na fir seo. Mar dʼéirigh Téúdas amach tamall ó shin, agus thug sé le fios don saol gurbh fhear mór é, agus dʼéirigh tuairim is ceithre chéad fear amach ina chuideachta, ach maraíodh é agus scaipeadh a lucht leanúna agus níor tháinig ní ar bith de. Ina dhiaidh sin dʼéirigh Iúdás an Galailéach in am an daonáirimh agus mheall sé cuid de na daoine le dul leis, ach cailleadh eisean freisin agus scaipeadh an dream a lean é. Dá bhrí sin de, molaim daoibh anois fanacht amach ó na fir seo agus gan baint leo; mar más ón daonnacht amháin atá an beart agus an obair seo, tiocfaidh meath air, ach más ó Dhia é, ní fhéadfaidh sibh a chur ar ceal. Agus ní hé sin amháin, tá baol ann go bhfeice sibh roimh an deireadh go raibh sibh ag cur in éadan Dé!” Ghlac siad mar sin lena chomhairle, agus chuir siad fios ar na haspail, agus bhuail siad iad agus bhagair siad orthu gan labhairt in ainm Íosa, agus scaoil siad ansin iad. Dimigh siad leo ansin as láthair na comhairle, agus lúcháir orthu gur measadh gur fiú iad easonóir a fhulaingt ar son an ainm. Agus gach uile lá dár tháinig, sa teampall agus sa bhaile, ní raibh stad orthu ach ag teagasc agus ag seanmóireacht losa agus ag dearbhú gurbh é an Críost é. Tharla sna laethanta úd nuair a bhíodh na deisceabail ag dul i líonmhaireacht, go mbíodh lucht labhartha na Gréigise ag casaoid ar lucht labhartha na hEabhraise cionn is go ndéantaí leithcheal ar a mbaintreacha siúd sa dáileadh laethúil. Ghair an dáréag ansin ar shlua uile na ndeisceabal chun teacht le chéile agus dúirt siad leo, “Ní cóir dúinne cur suas de sheanmóireacht bhriathar Dé le bheith ag dul ar chúl cuntair. Dá bhri sin, a bhráithre, toghaigí amach asaibh féin seachtar fear a bhfuil clú maith orthu, agus iad lán den Spiorad Naomh agus den eagna go gcuirimid i gceannas an ghnó seo iad. Ach caithfimidne ár ndúthracht leis an urnaí agus le bheith ag ministreacht an bhriathair.” Thaitin an chaint sin leis an slua uile, agus thogh siad Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, agus Pilib, agus Procoras, agus Nicánor, agus Tiomón, agus Parménas, agus Nicaláus, a bhí ina phroselíteach as Antíoc. Chuir siad iad siúd ina seasamh os comhair na n‑aspal, agus rinne siad guí agus leag siad a lámha orthu. Agus tháinig fás faoi bhriathar Dé; agus méadaíodh go mór ar líon na ndeisceabal in Iarúsailéim, agus dʼumhlaigh mórán de na sagairt don chreideamh. Agus bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht, agus é ag déanamh móriontas agus comharthaí i measc na ndaoine. Dʼéirigh ansin dream as Sionagóg na Saoirseach (mar tugadh uirthi), agus cuid de mhuintir Chíréne agus Alecsandria, agus daoine as Cilicia agus as an Áise, agus bhí conspóid acu le Stiofán. Ach níor fhéad siad cur in éadan a eagnaíochta agus an Spioraid a bhí sa chaint a labhair sé leo. Chuaigh siad os íseal ansin a bhrostú daoine lena rá gur chuala siad é ag labhairt briathra blaisféimeacha in aghaidh Mhaois agus in éadan Dé. Agus shéid siad faoi na daoine agus na seanóirí agus na scríobhaithe, agus tháinig siadsan agus ghabh siad é agus thug siad os comhair na comhairle é, agus thóg siad finnéithe bréige a dúirt, “Ní bhíonn stad ar an bhfear seo ach ag labhairt focal in aghaidh na háite naofa seo agus in aghaidh an dlí; mar chualamar é á rá aige go scriosfadh Íosa as Nasair an áit seo, agus go n‑athródh sé na nósanna úd a tháinig anuas chugainn ó Mhaois.” Agus thug a raibh ina suí ar an gcomhairle amharc air, agus chonaic siad go raibh a ghnúis mar ghnúis aingil ann. Agus dʼfhiafraigh an t-ardsagart de, “An fíor sin?” Agus is é a dúirt Stiofán: “A bhráithre agus a aithreacha, éistigí le mo bhriathra. Nocht Dia na glóire é féin dár n-athair Abracham, nuair a bhi sé i Mesopotámia, sula ndeachaigh sé a chónaí i Hárán, agus dúirt sé leis, ‘Imigh leat as do thír dhúchais agus fág do mhuintir agus tar ort go tír a thaispeánfaidh mé duit.’ Dʼimigh sé ansin as tír na gCaldéach, agus bhi cónaí air i Hárán. Agus nuair a fuair a athair bás, thug Dia air dul ar imirce chun na tíre seo a bhfuil sibh in bhur gcónaí inti; ach níor thug sé aon oidhreacht dó inti, go fiú leithead troighe, ach gur gheall sé go dtabharfadh sé dó é mar sheilbh aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh, cé nach raibh muirear ar bith aige go fóill. Agus labhair Dia leis mar seo, ag rá go mbeadh a shliochtsan ina gcoigrígh i dtír a bheadh ag cine eile, a dhéanfadh daoir díobh agus a thabharfadh drochíde dóibh i rith ceithre chéad bliain. ‘Ach tabharfaidh mé breithiúnas ar an náisiún a bhfuil siad i ndaoirse acu,’ arsa Dia, ‘agus ina dhiaidh sin imeoidh siad as sin agus tabharfaidh siad adhradh dom san áit seo.’ Agus thug sé dó cúnant an timpeallghearrtha. Mar sin ghin sé Íosóg agus thimpeall-ghearr sé é an t‑ochtú lá; agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób an dáréag uasalaithreacha. “Agus bhí éad ar na huasalaithreacha le hIósaf, agus dhíol siad é le bheith ina dhaor san Éigipt; ach bhí Dia leis, agus shlánaigh sé é as a angair uile, agus bhronn sé gnaoi agus eagna air i láthair Pharaó, rí na hÉigipte, go dtí gur chuir sé i gceannas é os cionn na hÉigipte agus os cionn a rítheaghlaigh féin uile. Tháinig gorta ansin ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanáin, agus anró mór, agus ní raibh aon bhia le fáil ag ár n‑aithreacha. Ach nuair a chuala Iácób go raibh an t‑arbhar le fáil san Éigipt, chuir sé ár n‑aithreacha ar shiúl an chéad uair. Agus ar an dara cuairt dóibh, chuir Iósaf é féin in aithne dá dheartháireacha, agus fuair Pharaó fios ar cé ar díobh é Iósaf. Agus chuir Iósaf fios ar a athair Iácób agus ar a dhaoine muinteartha uile chuige, cúig déag agus seasca a líon; agus chuaigh Iácób síos chun na hÉigipte. Agus fuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha, agus tugadh a gcoirpsean ar ais go Secem gur adhlacadh iad sa tuama a bhí ceannaithe ar shuim airgid ó chlann Hamór i Secem. “Ach nuair a bhí an t‑am ag teacht i bhfogas leis an ngealltanas, a dheonaigh Dia dʼAbracham, a chomhlíonadh, tháinig méadú agus mórfhás ar an gcine is againne san Eigipt go dtí gur éirigh rí eile san Éigipt nach raibh aithne aige ar Iósaf. Dʼimir seisean cleas fealltach ar an gcine is againne agus chuir sé dʼiallach ar ár sinsir a gclann óg a chaitheamh amach ionas nach mairfidís ina mbeatha. Ba san am sin a tháinig Maois ar an saol, agus é ina leanbh álainn i súile Dé. Agus fuair sé tógáil agus tabhairt suas ar feadh trí mhí i dteach a athar; agus nuair a caitheadh amach é, ghlac iníon Pharaó leis mar mhac uchta agus thug sí aire mháthar dó. Agus múineadh eagna uile na nÉigipteach do Mhaois, agus ba mhór iad a bhriathra agus a ghníomhartha. “Nuair a bhí sé in aois a dhaichead bliain, tháinig sé ina chroí cuairt a thabhairt ar a bhráithre, ar chlann mhac Iosrael. Agus nuair a chonaic sé an éagóir a rinneadh ar dhuine acu, chosain sé an té a ndearnadh an t‑ansmacht air ag bualadh buille ar an Éigipteach. Shil sé gur thuig a bhráithre go raibh Dia á bhfuascailt lena láimhsean, ach ní raibh an tuiscint sin acu. Agus an lá ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin doíbh nuair a bhí siad in achrann agus thug sé iarraidh ar shíocháin a dhéanamh eatarthu, á rá, ‘A fheara, nach bráithre sibh, cad chuige a ndéanann sibh éagóir ar a chéile?’ Ach bhrúigh an fear a rinne an éagóir ar a chomharsa i leataobh é, agus dʼfhiafraigh sé de, ‘Cé a chuir thusa mar rialtóir nó mar bhreitheamh os ár gcionn? An bhfuil sé fút mise a mharú mar an tÉigipteach a mharaigh tú inné?’ Nuair a chuala Maois an t‑aisfhreagra sin theith sé leis, agus bhí sé ina dheoraí i dtír Mhidian, áit ar ghin sé beirt mhac. “Ansin, nuair a chuaigh daichead bliain thart, nocht an t‑aingeal os a choinne i mbladhaire tine i measc toim i bhfásach Shliabh Shínáí. Nuair a chonaic Maois é rinne sé iontas den radharc sin; agus nuair a dhruid sé leis le bheith ag féachaint air, cluineadh glór an Tiarna, ‘Is mé Dia dʼaithreacha, Dia Abrachaim agus Íosóig agus Iácóib.’ Agus chuaigh Maois ar aon bharr creatha agus níor lig an eagla dó amharc air. Agus dúirt an Tiarna leis, ‘Bain díot do choisbheart, mar is talamh naofa é an áit a bhfuil tú i do sheasamh. Ná bíodh amhras ort nach bhfaca mé an ainíde atá á himirt ar mo mhuintirse san Éigipt agus nár chuala mé a n‑éamh, agus nach bhfuil mé i ndiaidh teacht anuas lena bhfuascailt. Agus tar anois go gcuire mé uaim chun na hÉigipte thú.’ “Is é an Maois sin, ar dhiúltaigh siad dó, agus ar fhiafraigh siad de, ‘Cé a chuir thusa i do rialtóir agus i do bhreitheamh? a chuir Dia uaidh mar cheannasaí agus mar fhuascailteoir le láimh an aingil a nocht sa tom. Sheol seisean amach iad, i ndiaidh é iontais agus comharthaí a oibriú san Éigipt agus ag an Muir Rua, agus san fhásach i rith daichead bliain. Is é sin an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael, Ardóidh Dia fáidh daoibh as measc bhur mbráithre mar a d ardaigh sé mise.’ Is eisean a bhíodh sa chomhthionól ar an bhfásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shínáí, agus i gcuideachta ár n‑aithreacha; agus tugadh beo-chéalmhaine dósan lena dtabhairt dúinne. Dhiúltaigh ár n‑aithreacha umhlú dó, agus bhrúigh siad i leataobh é, agus thiontaigh siad aniar ar ais chun na hÉigipte ina gcroíthe, nuair a dúirt siad le hÁrón, ‘Déan lámhdhéithe dúinn a ghluaisfeas romhainn; mar níl a fhios againn cad é a dʼéirigh don Mhaois seo á sheol amach as tír na hÉigipte sinn.’ Agus rinne siad lao sna laethanta úd, agus dʼ ofráil siad íobairt don íol agus chuir obair a lámh féin áthas orthu. Ach thiontaigh Dia agus thug sé uaidh iad le hadhradh a thabhairt do shlua neimhe, mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Nár ofráil sibh ainmhithe marbha agus íobairtí dom, ar feadh daichead bliain ar an bhfásach, a theaghlaigh Iosrael? Agus dʼardaigh sibh pailliún Mholoc, agus réalta an lámhdhé Refán, na dealbha a rinne sibh lena n‑adhradh; agus aistreoidh mise go dtí an taobh thiar den Bhabalóin sibh.’ “Bhí pailliún na fianaise ag ár n‑aithreacha ar an bhfásach, mar a dʼordaigh an té a labhair le Maois dó a dhéanamh, de réir an mhúnla a bhí feicthe aige. Thug an ghlúin dár n‑aithreacha a tháinig ina dhiaidh sin isteach é le hIósua nuair a bhain siad an tír de na ciníocha a ruaig Dia amach roimh ár n‑aithreacha. Mhair sé mar sin go dtí laethanta Dháibhí, a raibh gnaoi air i súile Dé agus a dʼiarr cead air áit bhuan chónaithe a fháil amach i gcomhair Dhia Iácóib. Ach ba é Solamh a thóg áras tí dó. Ní lúide ní chónaíonn an Té is Airde i dtithe lámhdhéanta; mar a deir an fáidh, ‘Is é an neamh mo ríchathaoir, agus is é an talamh an stól faoi mo chosa, cad é an teach a thógfas sibh dom, a deir an Tiarna, agus cá bhfuil an áit a dté mé faoi shuaimhneas? Nach í mo lámhsa a chruthaigh iad seo uile?’ “A mhuintir úd an mhuiníl righin, a lucht a bhfuil bhur gcroíthe agus bhur gcluasa gan timpeallghearradh, bíonn sibh go buan ag cur in éadan an Spioraid Naoimh. Mar a rinne bhur n‑aithreacha, mar an gcéanna a dhéanann sibhse. Cá bhfuil sé, an fáidh nár chuir bhur n‑aithreacha géar-leanúint air? Agus mharaigh siad an dream a réamhfhógair teacht an Fhíréin, a bhfuil sibhse tar éis feall agus dúnmharú a imirt air, a mhuintir úd a ghlac leis an dlí a chuir na haingil romhaibh agus nár umhlaigh dó.” Anois nuair a chuala siad an méid sin, bhí fearg bhuile orthu, agus bhain siad díoscán as a gcarr ina éadan. Ach bhí sé féin líonta den Spiorad Naomh, agus dʼamharc sé in airde sna flaithis go bhfaca sé glóir Dé, agus Íosa ina sheasamh ar dheasláimh Dé; agus dúirt sé, “Féachaigí, feicim na flaithis ar oscailt, agus feicim Mac an duine ina sheasamh ar dheasláimh Dé.” Ach thóg siad gáir agus thug siad an chluas bhodhar dó agus thug siad ruathar air uile le chéile. Chaith siad amach as an gcathair ansin é gur imir siad bás air le clocha; agus leag na finnéithe a mbaill éadaí uathu ag cosa ógfhir a raibh Sáúl mar ainm air. Agus rinne Stiofán urnaí nuair a bhíothas ag caitheamh na gcloch air, “A Thiarna Íosa, glac chugat mo spridse.” Agus chuaigh sé ar a ghlúine agus ghlaoigh sé amach in ard a chinn, “A Thiarna, ná hagair an peaca sin orthu.” Agus nuair a bhí sin ráite aige, thit a chodladh air. Agus dʼaontaigh Sáúl lena bhás-san. Ba ar an lá úd a dʼéirigh géarleanúint mhór in aghaidh na heaglaise in Iarúsailéim; agus a ruaigeadh iad ar fud réigiún Iúdaea agus Shamária, amach ó na haspail amháin. Rinne fir chráifeacha Stiofán a adhlacadh, agus rinne siad mairgneach mhór air. Ach rinne Sáúl siad ar an eaglais, ag tabhairt bualadh éadain ar na tithe, agus ag tarraingt idir fhir agus mhná astu agus á gcaitheamh i bpriosún. Ba ansin a chuaigh an dream ar cuireadh an ruaig orthu thart ag fógairt an bhriathair. Chuaigh Pilib síos go cathair de chathracha Shamária, gur fhógair dóibh an Críost. Agus thug na sluaite uile le chéile aird ar Philib, nuair a d éist siad lena chaint agus nuair a chonaic siad na comharthaí a rinne sé. Mar thagadh spridí neamhghlana as coirp móráin ag béiceadh go hard; agus leigheasadh mórán a bhí ina gcláirínigh nó a raibh an phairilis orthu. Bhi mar sin ollghairdeas sa chathair úd. Ach bhí fear ann a raibh Síomón mar ainm air a chleachtadh asarlaíocht roimhe sin sa chathair agus a mbíodh an cine Samaratánach ag déanamh iontais de, ó bhíodh sé ag tabhairt le tuiscint gur dhuine mór é féin. Dʼfhaigheadh sé ómós ó íseal agus ó uasal, agus bhítí á rá, “Is é atá san fhear seo an chumhacht dhiaga sin a dtugtar an mhór-chumhacht uirthi.” Agus bhíodh aird acu air, ó bhí siad dallta le fada ag a chuid asarlaíochta. Ach nuair a chreid siad do Philib, agus é ag seanmóireacht dhea-scéal ríocht Dé agus ainm Íosa Críost, ghlac siad le baiste, idir fhir agus mhná. Agus níl go fiú Síomón é féin nár chreid, agus i ndiaidh glacadh le baiste dʼfhan sé i gcuideachta Philib. Agus bhí iontas air faoi na mórchomharthaí agus na míorúiltí a chonaic sé á ndéanamh. Ansin, nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim gur ghlac Samária le briathar Dé, chuir siad Peadar agus Eoin chucu, agus tháinig siadsan anuas agus rinne siad urnaí os a gcionn go nglacfadh siad an Spiorad Naomh; mar níor thuirling sé ar aon duine acu go dtí sin, ó nach ndearnadh ach amháin a mbaisteadh in ainm an Tiarna Íosa. Leag siad a lámha orthu ansin agus ghlac siad an Spiorad Naomh. Ba é sin an t‑am a thairg Síomón airgead dóibh, nuair a chonaic sé an Spiorad á thíolacadh trí leagan lámha na n‑aspal, agus dúirt sé, “Tugaigí an chumhacht chéanna sin domsa freisin, ionas go nglacfaidh gach duine a leagaim lámha air an Spiorad Naomh.” Ach arsa Peadar leis, “Drochrath ar do chuid airgid agus ort féin leis, as síleadh go bhféadfá tiolacadh Dé a cheannach le hairgead! Níl cuid ná comhroinn agat sa ghnó seo, mar níl do chroí mar is ceart i súile Dé. Déan aithreachas mar sin sa dhrochbheart sin agat, agus bí ag guí an Tiarna mar dhúil is go mbʼfhéidir mírún do chroí a mhaitheamh duit. Mar feicimse go bhfuil tú i ndomlas an tsearbhais agus i gcuing na héagóra.” Agus ba é a dʼfhreagair Síomón, “Bí ag guí Dé ar mo shon gan aon ní dár luaigh tú a theacht orm.” Ansin nuair a bhí a bhfianaise tugtha acu agus briathar Dé ráite acu, dʼfhill siad ar Iarúsailéim, agus dʼfhógair siad an soiscéal i mórán de bhailte beaga na Samaratánach. Ach dúirt aingeal de chuid an Tiarna le Pilib, “Éirigh agus imigh ó dheas, ag tarraingt ar an mbóthar as Iarúsailéim go Gása.” Is bóthar fásaigh é sin. Agus dʼéirigh sé agus shiúil sé leis. Agus bʼshiúd an tÉtiópach, coillteán, a bhí ina aire stáit ag Candacé, banríon na nÉtiópach, a mbíodh cúram a seodchistese uile air, a bhí i ndiaidh dul suas chun Iarúsaléim a adhradh Dé agus a bhí anois ag filleadh abhaile; agus bʼshiúd é ina shuí ina charbad, ag léamh leabhar an fháidh Ísáia. Agus arsa an Spiorad le Pilib, “Éirigh amach in airicis an charbaid seo.” Rith Pilib mar sin go dtí é, gur chuala é ag léamh Ísáia fáidh, agus gur fhiafraigh de, “An dtuigeann tú a bhfuil á léamh agat?” Agus ar seisean, “Conas mar a thuigfinn é mura mbeadh duine agam lena mhíniú dom?” Agus thug sé cuireadh do Philib teacht aníos agus suí lena thaobh. Anois ba iad seo briathra an tsleachta a bhí á léamh aige: “Mar chaora á tiomáint chun a maraithe, nó mar uan a bhíos balbh le fear a lomtha, is amhlaidh nach n‑osclaíonn sé a bhéal. Coinniodh a cheart uaidh ina uirísliú. Cé a inseos cé ar díobh é? Mar tá a anam á ardú de thalamh an domhain.” Agus dʼfhiafraigh an coillteán de Philib, “Cé sin a bhfuil an fáidh ag labhairt air, air féin, nó ar dhuine éigin eile?” Ba ansin a dʼoscail Pilib a bhéal, agus dʼinis sé dea-scéal Íosa dó, ag tosú ón mbriathar seo an scrioptúir. Agus tháinig siad go háit a raibh uisce ann agus iad ag taisteal na slí leo, agus arsa an coillteán, “Seo uisce! An bhfuil aon bhac orm ó bheith do mo bhaisteadh?” Agus thug sé ordú uaidh go stadfadh an carbad, agus chuaigh an bheirt acu síos isteach san uisce, idir Philib agus an choillteán, agus bhaist sé é. Agus nuair a tháinig siad aníos as an uisce, dʼfhuadaigh Spiorad an Tiarna Pilib leis; agus ní bhfuair an coillteán aon amharc air ní ba mhó, agus dʼimigh sé ar a bhealach abhaile faoi lúcháir. Ach fuarthas Pilib agus é in Asótas, agus shiúil sé ar aghaidh leis ag seanmóireacht an tsoiscéil sna bailte móra go dtí gur shroich sé Caesaríá. Ach an méid a bhain le Sáúl, shéid air go fóill ag bagairt dochar agus dúnmharú dheisceabal an Tiarna, agus chuaigh sé go dtí an t‑ardsagart gur iarr air litreacha a scríobh chuig sionagóga na Damaisce, ag údarú dó daoine ar bith dá bhfaigheadh sé, bíodh siad ina bhfir nó ina mná, a chloígh leis an gCúrsa, a dtabhairt leis i ngeimhle go hIarúsaléim. Ansin nuair a bhí sé ar a aistear agus e ag druidim leis an Damaisc, tháinig solas lonrach go tobann ina thimpeall. Thit sé leis sin go talamh, agus chuala sé an glór á rá leis, “A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú ag déanamh géarleanúna orm?” Agus ar seisean, “Cé tú féin, a Thiarna?” Agus dúirt seisean, “Is mise Íosa, a mbíonn tú ag déanamh géarleanúna air; ach éirigh i do sheasamh agus gabh isteach sa chathair, agus inseofar duit cad é a bheas le déanamh agat.” Dʼfhan a chomhthaistealaithe gan labhairt, ó chuala siad fuaim an ghlóir gan aon duine a fheiceáil. Dʼéirigh Sáúl den talamh; agus nuair a osclaíodh a shúile, níor fhéad sé ní ar bith a fheiceáil; mar sin treoraíodh isteach chun na Damaisce é ar ghreim láimhe. Agus dʼfhan sé i rith trí lá gan amharc na súl aige, agus gan é ag ithe ná ag ól. Anois bhí deisceabal sa Damaisc a raibh Ananias mar ainm air. Dúirt an Tiarna leis in aisling, “A Ananias.” Agus ar seisean, “Seo anseo mé, a Thiarna.” Agus dúirt an Tiarna leis, “Éirigh agus gabh go dtí an tsráid a dtugtar An tSráid Dhíreach air, go teach Iúdáis agus cuir tuairisc fir as Tarsus a bhfuil Sáúl mar ainm air; mar bʼshiúd ag guíodóireacht é, agus é i ndiaidh fear darb ainm Ananias a fheiceáil ag teacht isteach agus ag leagan a lámh air ionas go bhfaighe sé amharc na súl arís.” Ach ba é a dʼfhreagair Ananias, “A Thiarna, chuala mé ó mhórán i dtaobh an duine sin, cad é an scrios atá déanta aige ar do naoimh atá in Iarúsailéim; agus tá údarás aige anseo ó na hardsagairt chun gach duine dá ngaireann ar dʼainm anseo a cheangal.” Ach is é a dúirt an Tiarna leis, “Imigh, mar is soitheach tofa agam féin é le mʼainm a iompar os comhair na nGint­lithe agus na ríthe agus os comhair chlann Iosrael; mar nochtfaidh mé dó an méid a chaithfeas sé a fhulaingt mar mhaithe le mʼainmse.” Mar sin dʼimigh Ananias go ndeachaigh isteach chun an tí. Agus leag sé a lámha air agus dúirt sé, “A Sháúl, a bhráthair liom, is é an Tiarna losa, a nocht duit ar do bhealach go dtí seo, a chuir chugat mé ionas go bhfaighe tú amharc do shúl agus go líontar den Spiorad Naomh thú.” Agus leis sin thit mar a bheadh lanna dá shúile agus fuair sé amharc na súl arís. Dʼéirigh sé ansin, agus baisteadh é, agus chaith sé bia agus neartaíodh leis. Chaith sé dornán laethanta i gcuideachta na ndeisceabal a bhí sa Damaisc. Agus gan aon mhoill chuaigh sé a fhógairt Íosa sna sionagóga, ag dearbhú, “Is é Mac Dé é.” Agus bhí iontas ar ar chuala é, agus dúirt siad, “Nach é sin an fear a rinne léirscrios in Iarúsailéim ar an dream a ghlaodh ar an ainm sin? Agus is chuige sin a tháinig sé anseo, le hiad a cheangal agus a thabhairt os comhair na n‑ardsagart.” Ach ba mhóide a chuaigh Sáúl i dtreise, agus chuir sé coiscreamh faoi na Giúdaigh a bhí ina gcónaí sa Damaisc ag cruthú gurbh é Íosa an Críost. Nuair a bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart, chuir na Giúdaigh comhcheilg ina suí le bás a imirt air, ach fuair Sáúl fios ar a gcomhcheilg. Bhí garda oíche agus lae ar na geataí, lena mharú; ach ghlac a dheisceabail é san oíche agus lig siad síos thar bhalla na cathrach é, á ísliú i gcliabh. Nuair a shroich sé Iarúsailéim thug sé iarracht ar dhul i gcuideachta na ndeisceabal; ach bhí eagla orthu uile roimhe, ó nár chreid siad gur dheisceabal é. Ach ghlac Barnabas é, gur thug leis chuig na haspail é, agus gur dhearbhaigh dóibh conas a chonaic sé an Tiarna ar an tsli, agus faoin gcaint a labhair sé leis, agus cad é chomh neamh-eaglach agus a rinne sé seanmóireacht sa Damaisc in ainm Íosa. Mar sin de, bhíodh sé ag teacht agus ag imeacht eatarthu in Iarúsailéim, agus é ag seanmóireacht go dána neamheaglach in ainm Íosa. Agus bhí caint agus conspóid aige le lucht labhartha na Gréigise; ach is é rud, bhí siadsan ag iarraidh é a mharú. Agus nuair a fuair na bráithre fios air sin, thug siad síos leo é go Caesaríá, gur chuir chun bealaigh go Tarsus é. Mar sin ar fud Iúdaea agus Galailí agus Samária bhí síocháin ag an eaglais agus neartaíodh léi; agus chuaigh sí i líonmhaireacht ó bhí a hiompar lán dʼómós do Dhia agus de shólás ón Spiorad Naomh. Anois bhí Peadar ag siúl na n‑áiteanna uile, agus sa tslí dó tháinig sé anuas chuig na naoimh a raibh cónaí orthu i Lidda. Fuair sé fear ansin a raibh Aenéas mar ainm air, a bhí in otharluí ocht mbliana agus a raibh an phairilis air. Agus arsa Peadar leis, “A Aenéas, tá Íosa Críost do do leigheas; éirigh agus cóirigh do leaba.” Agus dʼéirigh sé ar an móimint. Agus chonaic áitreabhaigh Lidda agus Sheáráin é, agus thiontaigh siad chuig an Tiarna. Anois bhí deisceabal mná in Ioppa a raibh Tabita nó Dorcas mar ainm uirthi, a chiallaíos gasail nó eilit shléibhe. Bhíodh sí lán de dhéirc agus a lán dea-oibreacha a ndéanamh aici. Ach sna laethanta úd tháinig breoiteacht uirthi a thug a bás; agus níodh an corp agus cóiríodh é os cionn cláir i seomra in uachtar an tí. Ó bhí Lidda cóngarach do Ioppa, agus ó chuala na deisceabail go raibh Peadar ansin, chuir siad beirt fhear chuige ag cur impí air, “Tar anuas chugainn gan mhoill ar bith, le do thoil.” Dʼéirigh Peadar mar sin agus chuaigh sé leo. Agus nuair a shroich sé an áit, tugadh suas chun an tseomra é in uachtar an tí. Agus bhí na baintreacha uile go léir ina seasamh roimhe, agus iad ag sileadh deor, agus ag taispeáint na bhfallaingeacha agus na n‑éadaí a bhí déanta ag Dorcas nuair a bhí sí acu. Ach chuir Peadar iad uile amach as an seomra, agus chuaigh sé ar a ghlúine go ndearna sé urnaí; thug sé aghaidh ar an gcorp ansin agus ar seisean, “A Thabita, éirigh suas.” Agus dʼoscail sí a súile, agus nuair a chonaic sí Peadar dʼéirigh sí ina suí. Agus shin sé a lámh chuici agus thóg sé í. Ghlaoigh sé ansin isteach ar na naoimh agus na baintreacha gur thaispeáin sé dóibh í ina beatha. Agus ní raibh duine in Ioppa a raibh sin ceilte air, agus chreid mórán sa Tiarna dá thairbhe. Agus dʼfhan sé in Ioppa tamall maith de laethanta i dteach súdaire a raibh Síomón mar ainm air. Bhí fear a raibh Cornélius mar ainm air ina chónaí i gCaesaríá, ceantúir den díorma ar tugadh an Cohórt Iodáileach air, fear cráifeach a raibh urraim aige féin agus ar a theaghlach uile do Dhia, a bhíodh ag déanamh déirce go fial ar na daoine, agus ag guí Dé go síor. Agus chonaic sé go soiléir in aisling, i dtrátha an naoú huair den lá, an t‑aingeal ó Dhia a tháinig isteach chuige agus a dúirt leis, “A Chornélius.” Agus stán sé air agus é ar bharr creatha, agus dúirt sé, “Cad é atá uait, a Thiarna?” Agus dúirt sé leis, “Chuaigh dʼurnaithe agus do dhéirc suas chuig Dia, le tú a chur i gcuimhne dó. Agus anois cuir teachtairí uait go hIoppa, ag cur fios ar Shíomón dar comhainm Peadar, tá sé ar lóistín ag Síomón, an súdaire a bhfuil a theach cois na farraige.” Nuair a dʼimigh an t‑aingeal a labhair leis, ghlaoigh sé ar bheirt dá chuid seirbhíseach agus ar shaighdiúir cráifeach dá lucht leanúna, agus dʼinis sé dóibh tríd síos faoinar tharla, agus chuir sé go hIoppa iad. An lá arna mhárach, nuair a bhí siad i gcionn a mbealaigh agus iad ag teacht i ndeas don chathair, chuaigh Peadar suas go mullach an tí le bheith ag guí, i dtrátha an séu huair. Agus tháinig ocras air, agus bhí fonn air bia a chaitheamh; ach nuair a bhíothas á dhéanamh réidh, thit támhnéal air agus chonaic sé na flaithis ar oscailt, agus mar a bheadh bráillín mhór ag teacht anuas, agus é á ligean anuas go dtí an talamh le cordaí a bhí ceangailte as a ceithre choirnéal. Bhi sí lán den uile chineál dʼainmhithe ceathairchosacha agus de phéisteanna agus d éanlaith an aeir. Agus tháinig glór a dúirt leis, “Éirigh, a Pheadair; maraigh agus ith.” Ach dʼfhreagair Peadar, “Ní dhéanfaidh mé sin a Thiarna, mar níor bhlais mé riamh aon bhia a bhí salach nó neamhghlan.” Agus tháinig an glór an dara huair go ndúirt leis, “Ná tabhair neamhghlan ar an ní ar ghlan Dia é.” Tharla sin faoi thrí, agus ansin tugadh an t‑árthach aníos uaidh sna flaithis gan mhoill. Anois nuair a bhí Peadar idir dhá intinn faoi cad é ba chiall don aisling a bhí feicthe aige, bʼshiúd iad teachtairí Chornélius, i ndiaidh iad tuairisc theach Shíomóin a chur, agus iad ina seasamh os coinne an gheata agus iad ag fiafraí i nglór ard an raibh Síomón ar chomhainm dó Peadar ar lóistín ansin. Agus dúirt an Spiorad le Peadar, nuair a bhí sé ag déanamh machnaimh ar an aisling, “Seo triúr fear do dʼiarraidh. Éirigh agus gabh síos chucu, agus ná bíodh leisce ort faoi dhul leo; mar is mise a chuir chugat iad.” Agus chuaigh Peadar síos chuig na fir agus ar seisean leo, “Is mé an fear a bhfuil sibh á iarraidh; cad é an chúis atá le bhur dteacht?” Agus dʼfhreagair siadsan, “Is é Cornélius, an ceantúir, atá ina fhear cneasta cráifeach, a mbíonn an dea-fhocal dó ag an gcine Giúdach uile, ar ordaigh aingeal naofa dó fios a chur ort chun a thí féin, agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.” Mar sin thug sé cuireadh dóibh chun teacht isteach agus chuir fáilte rompu. An lá arna mhárach dʼéirigh sé agus dʼimigh sé leo, agus chuaigh cuid de na bráithre ó Ioppa in éineacht leo. Agus an lá arna mhárach shiúil siad isteach go Caesaríá. Bhí Cornélius ag dréim leo agus a dhaoine muinteartha agus a dhlúthchairde bailithe le chéile aige. Nuair a tháinig Peadar isteach chun tí aige, chuaigh Cornélius ina airicis agus thit sé ag a chosa á adhradh. Ach thóg Peadar é, á rá, Éirigh i do sheasamh; níl ionam ach duine mar tú féin. Agus chuaigh sé ar aghaidh agus é ag caint leis, agus nuair a bhí sé istigh chonaic sé cruinniú mór daoine ann; agus dúirt sé leo, “Tá a dhea-fhios agaibh féin cad é chomh dian agus a chrosann a dhlí ar Ghiúdach cuideachta a choinneáil nó cuairt a thabhairt ar dhuine de chine eile; ach tá Dia tar éis a fhoilsithe dom nach cóir dom salach ná neamhghlan a thabhairt ar aon duine beo. Mar sin nuair a cuireadh fios orm, tháinig mé gan cur ina éadan. Táim ag fiafraí díbh mar sin cad chuige ar chuir sibh fios orm.” Agus dúirt Cornélius, “Ceithre lá ó shin, i dtrátha an ama seo de lá, bhí mé ag coinneáil an naoú huair, uair na hurnaí, i mo theachsa; agus bʼshiúd an fear in éadaí solasta ina sheasamh romham, á rá, ‘A Chornélius, éisteadh le dʼurnaí agus cuimhníodh ar do dhéirc i láthair Dé. Cuir teachtairí uait mar sin go hIoppa ar thuairisc Shíomóin dá ngairtear Peadar; tá sé ar lóistín i dteach Shiomóin an súdaire ar chladach na farraige.’ Chuir mé fios ort mar sin gan mhoill, agus is maith an mhaise duit é teacht chugam. Táimid uile go léir i láthair anseo agus Dia ag amharc orainn, le héisteacht lenar ordaigh an Tiarna duit.” Agus dʼoscail Peadar a bhéal agus dúirt sé, “Scéal fíor é go bhfuil sé tuigthe agam nach mbíonn claonadh i gceart Dé, ach go nglacann sé leis an duine a mbíonn urraim aige dó agus a bhíos ag déanamh mar is cóir is cuma cé an cine ar de é. Tá a fhios agaibh an briathar a chuir sé chuig Iosrael, nuair a dʼfhógair sé dea-scéal na síochána trí Íosa Críost (is é Ardtiarna na cruinne é), an briathar a foilsíodh ar fud Iúdaea, ag tosú as Galailí tar éis an bhaiste a bhíodh á sheanmóireacht ag Eoin: inar nochtadh conas a dʼung Dia Íosa as Nasair leis an Spiorad Naomh agus le mór-chumhacht; agus conas a chuaigh sé ó áit go háit ag déanamh gach cineál maitheasa agus ag leigheas na ndaoine a bhí faoi leatrom ag an diabhal, mar bhí Dia leis. Agus is finnéithe sinne ar a ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é, á chrochadh ar chrann; ach thóg Dia é an tríú lá agus thaispeáin sé go soiléir é, ach níor thaispeáin sé do na daoine uile é ach dúinne a bhí tofa ag Dia mar fhinnéithe, a bhí ag ithe agus ag ól ina chuideachta i ndiaidh é éirí ó mhairbh. Agus dʼordaigh sé dúinn bheith ag seanmóireacht do na daoine, agus ag tabhairt fianaise gurb é sin atá ordaithe ag Dia le bheith ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Tugann na fáithe uile go léir fianaise air seo, go bhfaighidh gach duine dá gcreideann ann maithiúnas na bpeacaí trína ainmsean.” Ni raibh an focal sin as béal Pheadair, nuair a thit an Spiorad Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar. Agus bhí dubhiontas ar na creidmhigh de lucht an timpeallghearrtha a tháinig le Peadar, a rá is gur doirteadh tíolacadh an Spioraid Naoimh go fiú ar na Gintlithe. Mar chuala siad iad ag labhairt i dteangacha éagsúla agus ag móradh Dé. Dúirt Peadar leis sin, “An féidir le haon duine cosc a chur ar an uisce a mbaistfear na daoine seo ann, iadsan a bhfuil glactha acu leis an Spiorad Naomh ar an nós ceánna linne?” Agus thug sé ordú chun a mbaiste in ainm Íosa Críost. Ba ansin a thug siad cuireadh dó chun fanacht acu tamall de laethanta. Chuala na haspail agus na bráithre a bhí in Iúdaea ansin go raibh glactha le briathar Dé ag na Gintlithe freisin. Mar sin nuair a tháinig Peadar aníos go hIarúsailéim, chuaigh an aicme a bhí i leith timpeallghearrtha a fháil locht air, ag fiafraí de, “Cad chuige duit dul chuig daoine neamhthimpeallghearrtha agus bia a chaitheamh ina gcuideachta?” Ach thosaigh Peadar agus mhínigh sé dóibh tríd síos é: “Bhí mé i gcathair Ioppa agus mé ag urnaí; agus i dtámhnéal dom chonaic mé aisling, árthach ag tuirlingt, mar a bheadh bráillín mhór ann á ligean anuas ó neamh lena ceithre choirnéal; agus tháinig sí anuas go dtí an áit a raibh mé. Nuair a dʼfhéach mé uirthi go grinn chonaic mé idir ainmhithe ceathairchosacha agus bheithigh allta agus phéisteanna an talaimh agus éanlaith an aeir. Agus chuala mé an glór á rá liom, ‘Éirigh, a Pheadairʼ maraigh agus ith do shá.’ Ach dúirt mé féin, ‘Ní dhéan-fáidh mé sin choíche, a Thiarna; mar níor bhlais mé riamh aon bhia salach nó neamhghlan.’ Ach dʼfhreagair an glór an dara huair ó neamh, ‘Ní ceadmhach duit neamhghlan a thabhairt ar an ní ar ghlan Dia e.’ Tharla sin faoi thrí, agus ansin tarraingíodh aníos go neamh é uile. Ba sa mhóimint chéanna sin a shroich triúr fear an teach a rabhamar ann, ar theachtaireacht chugam ó Chaesaríá. Agus dʼordaigh an Spiorad dom dul leo, gan aon idir-dhealú a dhéanamh. Chuaigh an seisear bráthair seo liom freisin, go ndeachamar isteach go teach an duine úd. Agus dʼinis sé dúinn conas a chonaic sé an t‑aingeal ina sheasamh ina theach agus á rá leis, ‘Cuir teachtairí uait go hIoppa ar fhios Shíomóin dá ngairtear Peadar; is é a fhoilseos daoibh an teachtaireacht a shlánós sibh, idir thú féin agus lucht do theaghlaigh.’ Nuair a thosaigh mé ar labhairt, thit an Spiorad Naomh orthu, ar an nós céanna agus a thit sé orainn i dtús ama. Agus chuimhnigh mé ar bhriathar an Tiarna, agus ar conas mar a dúirt sé, ‘Bhí Eoin ag baisteadh le huisce, ach baistfear sibhse leis an Spiorad Naomh.’ Más rud é mar sin gur thug Dia an tíolacadh céanna dóibh a thug sé dúinne san am a chreideamar sa Tiarna Íosa Críost, cé a bhí ionam féin go bhféadfainn cosc a chur le Dia?” Nuair a chuala siad sin, ní raibh focal le rá acu ina éadan. Agus thug siad glóir do Dhia, á rá, “Mar sin de tá Dia tar éis aithreachas chun na beatha síoraí a bhronnadh ar na Gintlithe freisin.” Anois chuaigh an dream a bhí scaipthe de bharr na géarleanúna faoi Stiofán chomh fada leis an bhFéinícia agus leis an gCipir agus le hAntíoc, gan iad briathar Dé a labhairt ach leis na Giúdaigh amháin. Ach bhí cuid acu, fir as an gCipir agus as Círéne, a labhair leis na Gréagaigh freisin i ndiaidh Antíoc a shroicheadh, ag seanmóireacht an Tiarna Íosa. Agus bhí lámh an Tiarna leo, agus chreid cuid mhór agus thiontaigh siad chuig an Tiarna. Tháinig an scéal sin i gcluasa na heaglaise in Iarúsailéim, agus chuir siad Barnabas go hAntíoc. Nuair a tháinig sé ansin, agus chonaic sé grásta Dé, bhí áthas air; agus bhrostaigh sé iad uile le fanacht dílis don Tiarna agus le bheith daingean ina rún; mar ba dhea-dhuine é, agus é lán den Spiorad Naomh agus den chreideamh. Agus cuireadh mar sin go mór leis an dream a ghéill don Tiarna. Chuaigh Barnabas ansin go Tarsus ar thuairisc Sháúl; agus nuair a tháinig sé air, thug sé leis é go hAntíoc. Chaith siad bliain dhruidte ag teacht le chéile leis an eaglais, agus theagasc siad slua mór daoine; agus ba in Antíoc a tugadh Críostaithe ar na deisceabail den chéad uair. Ba sna laethanta úd a tháinig fáithe anuas ó Iarúsailéim go hAntíoc. Dʼéirigh duine acusan a raibh Agabas mar ainm air agus rinne sé fios tríd an Spiorad agus réamh-fhoilsigh sé gorta mór ar fud an domhain; ní a tharla in am Chlaudius. Agus ghlac na deisceabail rún go dtabharfadh siad tarrtháil, gach duine de réir a acmhainne, ar na bráithre a raibh cónaí orthu in Iúdaea; agus rinne siad amhlaidh, á chur i lámha Bharnabas agus Sháúl lena thabhairt do na seanóirí a bhí ansin. Ba faoin am úd a fuair an rí Iorua cuid de bhaill na heaglaise ina chrúba agus a thug sé drochíde dóibh. Dʼimir sé bás ar Shéamas deartháir Eoin leis an gclaíomh; agus nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giudaigh, rinne sé Peadar a ghabháil freisin. Tharla sin in am laethanta an Aráin gan Laibhín. Nuair a bhí sé gafa aige, chaith sé i bpríosún é, agus chuir sé ceithre cheathrar saighdiúirí mar gharda air, gach ceathrar ar a seal, agus é ar intinn aige a thabhairt amach chuig na daoine i ndiaidh na Cásca. Bhí Peadar mar sin faoi choimeád sa phríosún; ach bhí an eaglais ag guí Dé go dian dúthrachtach ar a shon. An oíche roimh an lá sin a raibh Iorua ar tí a thabhairt amach, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúir, agus dhá shlabhra á cheangal, agus na coimeádaithe os coinne na ndoirse agus iad ag coimeád an phríosúin; agus bʼshiúd aingeal ó Dhia á nochtadh, agus an solas ag lonradh sa chillín, agus bhuail sé bos ar thaobh Pheadair á mhúscailt, agus dúirt sé leis, “Éirigh i do shuí go tapaidh,” agus thit na slabhraí dá lámha. Agus dúirt an t‑aingeal leis, “Cuir ort do chuid éadaí agus do choisbheart.” Agus rinne sé amhlaidh. Agus dúirt sé leis, “Fill dʼfhallaing tharat agus tar i mo shála.” Agus chuaigh sé amach ina dhiaidh; ní raibh fhios aige gurbh fhíor é a ndearna an t‑aingeal, ach é ag sileadh gurbh aisling í a bhí á feiceáil aige. Nuair a ghabh siad thar an chéad agus an dara post faireoireachta shroich siad an geata iarainn a thabharfadh amach chun na cathrach iad. Dʼoscail sé rompu uaidh féin, agus shiúil siad fad aon sráide amháin; agus dʼfhág an t‑aingeal ansin i dtobainne é. Nuair a tháinig Peadar chuige féin dúirt sé ina intinn, “Aithním anois gur scéal cinnte é go bhfuil an Tiarna tar éis a aingeal a chur uaidh agus mé a tharrtháil ó láimh Iorua agus óna raibh faoi mo choinne ag an gcine Giúdach.” Nuair a bhí sin tuigthe go beacht aige, tharraing sé ar theach Mhuire, máthair Eoin dár chomhainm Marcas, áit ina raibh slua mór cruinnithe le chéile agus iad ag urnaí. Agus nuair a bhuail sé cnag ar chomhla gheata na cúirte, tháinig cailín a raibh Róda mar ainm uirthi aniar. Nuair a dʼaithin sí glór Pheadair, níor oscail sí an geata le méid a lúcháire roimhe, ach rith sí isteach le hinsint go raibh Peadar ina sheasamh os comhair an gheata. Dúirt siad léi, “Is ar mire atá tú.” Ach dhearbhaigh sise go raibh amhlaidh. Dúirt siad ansin, “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann.” Ach mhair Peadar leis ag bualadh; agus dʼoscail siad an doras go bhfaca siad é agus go raibh dubhiontas orthu. Ach bhagair sé a lámh orthu le bheith ina dtost, agus dʼinis sé tríd síos dóibh conas a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. Agus dúirt sé, “Inis an méid sin do Shéamas agus do na bráithre.” Dʼimigh sé as ansin go hionad eile. Ansin, nuair a ghealaigh an lá, bhí corraí nár bheag ann i measc na saighdiúirí agus iad ag iarraidh a fháil amach cad é a dʼéirigh do Pheadar. Agus nuair a chuardaigh Iorua é gan a thásc ná a thuairisc a fháil, chuir sé céasadh ar na saighdiúirí le heolas a bhaint astu agus thug sé ordú a gcur chun báis. Chuaigh sé síos ansin ó Iúdaea go Caesaríá, agus dʼfhan ansin. Anois bhí Iorua i bhfeirg le muintir Thiora agus Shiodóin; agus tháinig siad uile le chéile ina láthair, agus mheall siad leo Blastus, maor theaghlach an rí, agus dʼagair siad é faoi shíocháin, ó bhí a dtírsean taobh le tír an rí le haghaidh a soláthar bia. Agus ar an lá a bhí ainmnithe, chuir Iorua a fheisteas ríoga air féin, agus chuaigh sé ina shuí ar a ríchathaoir gur thug sé óráid dóibh. Agus ghlaoigh na daoine os ard, “Ní glór daonna é ach glór dé!” Bhuail aingeal ón Tiarna buille air, ó nár thug sé an ghlóir do Dhia; agus bhí sé á chreimeadh ag cnumhóga gur éag sé. Ach bhí fás agus méadú ar bhriathar Dé. Agus dʼfhill Barnabas agus Sáúl ó Iarúsailéim nuair a bhí a ngnóthaí déirciúla déanta acu, agus thug siad leo Eoin dár chomhainm Marcas. Anois bhí fáithe agus lucht teagaisc san eaglais in Antíoc, mar atá, Barnabas, Síomón ar gaireadh Niger de, Lucias as Círéne, Manaen duine de lucht cúirte Iorua an teatrarch, agus Sáúl. Nuair a bhí siad ag adhradh Dé ina dtroscadh, dúirt an Spiorad Naomh, “Cuirigí Barnabas agus Sáúl i leataobh dom le haghaidh na hoibre ar thogh mé iad lena déanamh.” Leag siad lámha orthu ansin tar éis urnaí agus troscaidh agus chuir siad iad i gcionn a n‑aistir. Ó chuir an Spiorad Naomh chun bealaigh mar sin iad, chuaigh siad síos go Saleúcia; agus sheol siad as sin go dtí an Chipir. Nuair a shroich siad Salamis, dʼfhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Agus bhí Eoin acu mar thimire. Nuair a bhí an t‑oileán uile siúlta acu ó cheann ceann chomh fada le Páfós, casadh asarlaí orthu, Giúdach a bhí ina fháidh bréige, a raibh Bar Íosa mar ainm air. Bhí seisean i gcuideachta an phrochonsail, Sergius Paulus, fear tuisceanach, a thug cuireadh do Sháúl agus do Bharnabas agus a raibh fonn air briathar Dé a chluinstin uathu. Ach chuir Elimas an t‑asarlaí (mar sin brí a ainm i nGréigis) ina n‑éadan, agus é ag iarraidh an prochonsal a chosc den chreideamh. Ach bhí Sáúl, dá ngairtear Pól freisin, á líonadh leis an Spiorad Naomh, agus dʼfhéach sé go grinn san aghaidh air agus ar seisean, “A mhic úd an mhic mhallachta, a namhaid gach cirt, a bhithiúnaigh fhealltaigh, an é nach toil leat stad de bheith ag iarraidh cosáin dhíreacha an Tiarna a chamadh? Agus anois, seo Dia ag leagan a láimhe ort, agus beidh tú i do dhall nach bhfeicfidh an ghrian ar feadh tamaill.” Ní luaithe sin ráite ná thit ceo agus dorchadas air agus chuaigh sé a chuartú daoine lena threorú ar ghreim láimhe. Ba ansin a chreid an prochonsal, nuair a chonaic sé cad é a tharla, mar bʼiontach leis an teagasc i dtaobh an Tiarna. Thóg Pól agus a chomrádaithe a seolta ó Pháfós, gur tháinig i dtír i bPerga i bPamfilia. Dʼfhág Eoin ansin iad le filleadh ar Iarúsailéim; ach chuaigh siad ar aghaidh ó Pherga go raibh siad san Antíoc atá i gcríoch Phisidia. Agus lá na sabóide chuaigh siad isteach sa tsionagóg gur shuigh ansin. Nuair a léadh na sleachta as an dlí agus na fáithe, chuir rialtóirí na sionagóige focal chucu, á rá, “A bhráithre, má tá aon fhocal agaibh leis na daoine a ghríosú chun dúthrachta, abraigí é.” Dʼéirigh Pól ina sheasamh ansin, agus rinne sé comhartha lena láimh agus labhair sé mar seo: “A Iosraelíteacha, agus a dhream a thugas ómós do Dhia, éistigí liom. Thogh Dia an cine seo, Dia Iosrael, ár sinsir, agus rinne sé cine mór díobh san am ar bhain siad fúthu i dtír na hÉigipte, agus thug sé amach as an tír sin iad le láimh in airde. Agus chuir sé suas leo conablach daichead bliain ar an bhfásach. Agus nuair a bhí seacht gcine scriosta aige i dtír Chánáin, thug sé a dtír dhúchais mar oidhreacht dóibh, ar feadh conablach ceithre chéad go leith de bhlianta. Thug sé breithiúna dóibh ina dhiaidh sin go dtí aimsir Shamuel, an fáidh. Dʼiarr siad rí air ansin; agus thug Dia dóibh Sáúl mac Cis, fear de threibh Bheniamin, i rith daichead bliain. Agus nuair a chuir sé as an riocht é, dʼardaigh sé Dáibhí le bheith ina rí orthu; ar thug sé fianaise air agus ar dhearbhaigh sé faoi, ‘Fuair mé i nDáibhí mac Iesse an fear a thaitníos le mo chroí, a dhéanfas mo thoil go huile is go hiomlán.’ Is de shliocht an fhir seo a thug Dia an Slánaitheoir, Íosa, chuig Iosrael mar a bhí geallta aige. Sul ar tháinig sé bhí baiste aithrí fógartha ag Eoin do mhuintir Iosrael uile. Agus nuair a bhí ceann a chúrsa sroichte ag Eoin, dúirt sé, ‘Cé a shíleann sibh is mise? Ní mise é. Ní mé, ach tá fear ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iallacha a chuarán a scaoileadh de’. “A bhráithre, a chlann mhac shliocht Abrachaim, agus a dhream atá ina measc a mbíonn ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an scéal seo an tslánaithe. Mar is é a rinne áitreabhaigh Iarúsailéim agus a lucht rialaithe, nuair nár aithin siad é agus nár thuig siad cainteanna na bhfáithe a léitear gach sabóid, is é rud, dʼfhíoraigh siad iad nuair a thug siad breithiúnas báis air. Siúd is nár fhéad siad aon chúis a thuill an bás a chur ina leith, ina dhiaidh sin dʼiarr siad ar Phíoláid a chur chun báis. Agus nuair a chomhlíon siad a raibh scríofa ina thaobh, thug siad anuas den chrann gur chuir ina luí i dtuama é. Ach is amhlaidh a thóg Dia ó mhairbh é; agus i rith mórán laethanta thaispeánadh sé é féin don dream a tháinig aníos ó Ghalailí go hIarúsailéim ina chuideachta, an dream atá anois mar fhinnéithe aige os comhair na ndaoine. Agus is amhlaidh atáimidne ag fógairt daoibh an dea-scéal go bhfuil ar gheall Dia dár sinsir, go bhfuil sin á chomhlíonadh dúinne, dá gclann siúd, in aiséirí Íosa; mar atá scríofa freisin sa dara salm, ‘Is tú mo mhac, is inniu a ghin mé thú.’ Agus an méid a bhaineas leis an aiséirí inar thóg sé é ó mhairbh, gan filleadh chun truaillithe, is mar seo a labhair sé air, ‘Tabharfaidh mé duit naomhbheannachtaí buanseasmhaca Dháibhí.’ Dá bhri sin tá ráite aige i salm eile, ‘Ní ligfidh tú do do Naomh an truailliú a fheiceáil.’ Mar níl amhras faoi Dháibhí, i ndiaidh é freastal ar chomhairle Dé ina ghlúin féin, gur thit sé ina chodladh, agus gur cuireadh san uaigh é, i gcuideachta a sheacht sinsear, agus gur bhlais sé an truailliú; ach an té a thóg Dia ar an aiséirí níor bhlais sé aon truailliú. Tugaim le fios daoibh mar sin, a bhráithre, go bhfuil maithiúnas na bpeacaí tríd an bhfear sin á fhógairt daoibh, agus gur trídsean a scaoiltear gach duine a chreideas ón ní nár fhéad dlí Mhaois sibh a scaoileadh uaidh. Seachnaigí, mar sin, ar eagla go dtiocfadh oraibhse an ní seo a mbíonn na fáithe ag trácht air: ‘Féachaigí, a lucht na fonóide, a dtiocfadh an t‑iontas agus an t‑éag oraibh; mar is in bhur laethanta a bheidh an gníomh á dhéanamh agam, an gníomh nach gcreidfidh sibh choíche má insítear daoibh faoi.’” Agus nuair a bhíothas ag imeacht, chuir na daoine a n‑impí air na nithe seo a insint dóibh ar an tsabóid a bhí chucu. Agus nuair a bhí deireadh leis an gcruinniú a bhí sa tsionagóg, lean mórán de na Giúdaigh agus de na daoine cráifeacha a thiontaigh chun Giúdachais Pól agus Barnabas, agus labhair siadsan leo ag agairt orthu seasamh go daingean i ngrásta Dé. An tsabóid ina dhiaidh sin bhí lucht na cathrach uile beagnach cruinn le briathar Dé a chluinstin. Ach nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite, bhí siad lomlán dʼéad, agus iad ag cur in éadan a raibh le rá ag Pól, agus iad ag fonóid faoi. Agus labhair Pól agus Barnabas go dána neamh-eaglach, agus ar siadsan, “Bhí sé riachtanach briathar Dé a labhairt libhse ar dtús. Ach ó cuireann sibh uaibh é, agus ó measann sibh nach fiú sibh an bheatha shíoraí a fháil, féachaigí, seo ag tabhairt aghaidh ar na Gintlithe sinn. Mar tá ordaithe ag an Tiarna dúinn sin a dhéanamh, á rá, ‘Chuir mé thú mar sholas ag na Gintlithe, ionas go dtuga tú an slánú go dtí an ceann is faide uainn den domhan.’” Ach nuair a chuala na Gintlithe é, bhí lúcháir orthu agus thug siad glóir do bhriathar Dé; agus chreid an méid acu a bhí ordaithe chun na beatha síoraí. Agus leathnaigh briathar Dé ar fud na críche. Ach shéid na Giúdaigh faoi mhná céimiúla cráifeacha agus faoi phríomhfhir na cathrach, agus dʼadhain siad géarleanúint in aghaidh Phóil agus Bharnabais, gur chuir tóir orthu as na críocha sin. Ach is é rud, chroith siad deannach a gcos uathu ina n‑éadan, agus thug siad Icónium orthu féin. Agus líonadh na deisceabail de lúcháir agus den Spiorad Naomh. In Icónium dóibh ansin chuaigh an bheirt acu isteach i sionagóg na nGiúdach agus thug a chaint ar shlua mór de Ghiúdaigh agus de Ghréagaigh araon teacht chun creidimh. Ach chuaigh na Giúdaigh neamhchreidmheacha a shéideadh faoi na Gintlithe agus a chothú drochaigne iontu do na bráithre. Dʼfhan siad mar sin tamall fada, ag labhairt go neamhbhalbh ar son an Tiarna, agus é ag tabhairt fianaise ar bhriathar a ghrásta, agus é ag deonú go ndéantaí comharthaí agus iontais lena lámha. Ach bhí daoine na cathrach scoilte ina dhá leath; cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh, agus cuid acu leis na haspail. Nuair a bhí na Gintlithe agus na Giúdaigh le chéile agus a lucht ceannais ag cur iaróige ina suí, le drochíde a thabhairt orthu agus clocha a chaitheamh leo, fuair siad leid faoi, agus dʼéalaigh siad leo go Listra agus Derbé, cathracha Licaónia, agus an limistéar tíre a bhí ina dtimpeall; agus dʼfhógair siad an soiscéal ansin. Anois bhí fear ann i Listra a bhíodh ina shuí gan lúth na gcos aige; a bhí ina chláiríneach ó bhroinn nár shiúil riamh. Bhi seisean ag éisteacht le caint Phóil; agus dʼamharc Pól go grinn air, agus nuair a chonaic sé go raibh creideamh a shlánaithe aige, dúirt sé i nglór ard, “Éirigh i do cholg-sheasamh ar do chosa.” Agus léim sé ina sheasamh agus shiúil sé. Agus nuair a chonaic na sluaite cad é a bhí déanta ag Pól, thóg siad gáir os ard i dteanga Licaónia, agus ar siadsan, “Tá na déithe i ndiaidh teacht anuas ó neamh chugainn agus cosúlacht dhaonna orthu!” Thug siad Zeús ar Bharnabas, agus Hermés ar Phól, ó ba é an príomhchainteoir é. Agus thug sagart Zeús, a raibh a theampallsan ar aghaidh na cathrach amach, daimh agus bláthfhleasca chun na ngeataí, agus bhí fonn airsean agus ar na daoine íobairt a dhéanamh. Ach ní luaithe a chuala na haspail Pól agus Barnabas faoi sin ná réab siad a mbaill éadaí, agus chuaigh siad de rúideog amach faoin slua, ag ghlaoch os ard agus á rá leo, “A fheara, cad chuige a ndéanfadh sibh sin? Níl ionainn ach daoine, atá cosúil libhse inár nádúr, agus dea-scéal againn daoibh, chun cúl a chur leis an amadántacht seo agus aghaidh a thabhairt ar an Dia bithbheo ar cruthaitheoir neimhe agus talaimh agus na farraige agus a bhfuil iontu é. Sna glúine a ghabh tharainn ligeadh sé do na ciníocha uile a mbealaí féin a leanúint; cé nach raibh sé gan fianaise a thabhairt air féin, lena ndearna sé de mhaith oraibh, mar dʼfhear sé frasa fearthainne oraibh as spéartha neimhe agus thug sé séasúir thorthúla daoibh, agus rinne sé bhur gcroíthe go súgach sách le bia.” Ach i ndiaidh a ndúirt siad leo is le dua mór a choisc siad na daoine ó íobairt a thairiscint dóibh. Ach tháinig Giúdaigh as Antíoc agus Icónium; gur mheall siad na daoine leo, agus chaith siad clocha le Pól agus tharraing siad amach as an gcathair é, agus iad ag meas gur marbh a bhí sé. Ach nuair a chruinnigh na deisceabail ina thimpeall, dʼéirigh sé ina sheasamh agus shiúil sé isteach chun na cathrach; agus an lá ina dhiaidh sin chuaigh sé féin agus Barnabas go Derbé. Nuair a bhí an soiscéal foilsithe acu don chathair sin, agus mórán deisceabal déanta acu, dʼfhill siad ar Listra agus ar Icónium agus ar Antíoc, agus iad ag daingniú aigne na ndeisceabal, á áiteamh orthu fanacht dílis don chreideamh, agus ag rá go mbíonn feidhm orainn mórán dóláis a fhulaingt ar ár mbealach isteach i riocht Dé. Agus nuair a bhí cruifreacha oirnithe acu dóibh i ngach eaglais, le hurnai agus le troscadh, dʼfhág siad ar choimirce an Tiarna ar chreid siad ann iad. Chuaigh siad ar aghaidh ansin trí Phisidia, gur shroich siad Pamfilia. Agus nuair a bhí an briathar labhartha acu i bPerga, tháinig siad anuas as sin go hAttalía; agus sheol siad as sin go hAntíoc, an áit inar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois críochnaithe acu. Ni luaithe a tháinig siad ansin ná chruinnigh siad an eaglais le chéile agus dʼfhoilsigh a ndearna Dia maraon leo féin, agus conas mar a dʼoscail sé doras an chreidimh roimh na Gintlithe. Agus dʼfhan siad tamall nár ghairid i gcuideachta na ndeisceabal. Ach tháinig daoine áirithe as Iúdaea a chuir an teagasc seo roimh na bráithre, “mura nglacann sibh le nós an timpeallghearrtha a bhíodh ag Maois, ní fhéadann an slánú síoraí a bheith agaibh.” Agus ó nár bheag an corraí agus an chonspóid a bhí ag Pól agus ag Barnabas leo, ceapadh Pól agus Barnabas agus daoine leo as an gcuid eile le dul suas go hIarúsailéim chuig na haspail agus na cruifreacha leis an gceist seo a shocrú. Dʼimigh siad mar sin agus an eaglais á gcomóradh, agus chuaigh siad trí Fhéinícia agus trí Shamária freisin, agus iad ag tabhairt tuairisce ar iompú na nGintlithe chun creidimh, agus chuir siad lúcháir mhór ar na bráithre uile. Nuair a shroich siad Iarúsailéim, chuir an eaglais agus na haspail agus na cruifreacha fáilte rompu, agus dʼfhoilsigh siad a ndearna Dia maraon leo féin. Ach dʼéirigh cuid dʼaicme na bhFairiséach a ghlac leis an gcreideamh agus dúirt siad go raibh sé riachtanach a dtimpeallghearradh agus a ordú dóibh dlí Mhaois a choinneáil. Bhi na haspail agus na cruifreacha cruinn leis an bpointe seo a iniúchadh. Agus i ndiaidh mórán plé a bheith acu faoi, dʼéirigh Peadar ina sheasamh agus dúirt sé leo, “A bhráithre, is feasach daoibh go ndearna Dia rogha asaibh i bhfad ó shin, go gcluinfeadh na Ginlithe briathar an tsoiscéil ó mo bhéalsa agus go gcreidfeadh siad. Agus thug Dia, a bhfuil fhios aige go fiú na smaointe is uaigní sa chroí, fianaise orthu, mar thug sé an Spiorad Naomh dóibh go díreach mar a thug sé dúinne é; agus ní dhearna sé aon idirdhealú idir sinne agus iad, ach ghlan sé a gcroíthe leis an gcreideamh. Cad chuige mar sin a mbíonn sibh ag cur cathú ar Dhia, ag leagan cuinge ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár seacht sinsear a fhulaingt? Ach is é a chreidimid go slánófar sinn trí ghrásta an Tiarna Íosa go díreach mar a shlánófar iad siúd.” Agus dʼfhan an comhthionól uile ina dtost; agus dʼéist siad le Barnabas agus le Pól agus iad ag aithris na gcomharthaí agus na n‑iontas a bhí déanta ag Dia tríothu i measc na nGintlithe. Nuair a bhí deireadh ráite acu, thug Séamas freagra mar seo, “A bhráithre, éistigí leis seo uaim. Tá Síomón tar éis a insint daoibh conas a thaobhaigh Dia na Gintlithe don chéad uair, le pobal a thógáil astu a mbeadh a ainm orthu. Agus tagann briathra na bhfáithe leis sin mar atá scríofa, ‘Fillfidh mé arís ina dhiaidh seo, agus beidh áras cónaí Dháibhí a bhí tite á atógáil agam, agus athchóireoidh mé a fhothracha, agus cuirfidh mé ina sheasamh é, ionas go mbeidh iarraidh ag an gcuid eile den Ádhamhchlann ar an Tiarna, agus na Gintlithe uile a dtugtar mʼainm orthu, tá an Tiarna á rá sin, an té a dʼfhoilsigh na nithe seo ón gcianaimsir.’ Dá bhrí sin, is é mo bhreithiúnas air, gan sinn aon ualach a chur ar a n‑iompaíonn chun Dé de na Gintlithe; ach litir a scríobh chucu á gcosc ó shalú íol agus ó striapachas agus óna ndearnadh a thachtadh agus ó fhuil. Mar tá a lucht seanmóireachta ag Maois i ngach cathair riamh anall, ó léitear é gach sabóid sna sionagóga.” Tuigeadh ansin do na haspail agus do na cruifreacha, maraon leis an eaglais uile, nár mhiste fir a thoghadh as a measc féin agus a gcur go hAntíoc i gcuideachta Phóil agus Bharnabais. Agus chuir siad Iúdás dá ngairtí Barsabas agus Sailas, a bhí ina gceannairí i measc na mbráithre, agus iad ag iompar na litreach seo leanas: “Cuireann na bráithre, idir na haspail agus na cruifreacha, a mbeannacht chuig na bráithre de na Gintlithe atá in Antíoc agus sa tSír agus i gCilicia. Ó tháinig scéal chugainn go bhfuil daoine áirithe dínne i ndiaidh buairt a chur oraibh lena mbriathra, agus bhur n‑intinn a shuaitheadh, siúd is nár ordaíomar dóibh aon ní den sórt a dhéanamh, tuigeadh dúinn nár mhiste teacht le chéile agus daoine a thoghadh agus a chur chugaibh i gcuideachta ár ndilchairde Barnabas agus Pól, beirt a chuir a mbeo i gcontúirt ar son ár dTiarna Íosa Críost. Táimid i ndiaidh Iúdás agus Sailas a chur chugaibh mar sin, agus gheobhaidh sibh an scéal céanna ina mbéalsan. Mar is é a tuigeadh don Spiorad Naomh agus dúinne nár chóir aon tromualach a chur oraibh thar an méid sin a bhfuil riachtanas leis: sibh ag staonadh ónar íobraíodh dʼíola agus ó fhuil agus ónar tachtadh agus ó mhígheanmnaíocht. Is maith a dhéanfaidh sibh ach fanacht amach uathu san. Slán agus beannacht agaibh.” Mar sin cuireadh chun bealaigh iad, agus chuaigh siad síos go hAntíoc; agus chruinnigh siad na daoine le chéile gur thug siad an litir dóibh. Agus nuair a bhí sí léite acu, chuir an t‑aitheasc lúcháir orthu. Agus labhair Iúdás agus Sailas, a bhí ina bhfáithe iad féin, an iomad briathra ag tabhairt misnigh do na bráithre agus neartaigh siad iad. Agus nuair a bhí tamall caite acu, scar siad go síochánta leis na bráithre gur fhill ar an dream a chuir uathu iad. Ach dʼfhan Pól agus Barnabas in Antíoc, ag teagasc agus ag seanmóireacht bhriathar Dé, iadsan agus mórán daoine eile leo. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin arsa Pól le Barnabas, “Tar liom anois, go bhfillimid agus go dtugaimid cuairt ar gach cathair inar fhoilsíomar briathar Dé, go bhfeicimid cad é an bhail atá orthu.” Agus ba mhian le Barnabas Eoin dá ngairtí Marcas a thabhairt leo freisin. Ach mheas Pól gurbh fhearr dóibh gan an duine sin a thabhairt leo a thréig i bPamfilia iad agus nach ndeachaigh leo i gcionn na hoibre. Agus dʼéirigh achrann searbh eatarthu, i dtreo gur scar siad le chéile; ghlac Barnabas Marcas le bheith leis agus sheol sé leis go dtí an Chipir, ach thogh Pól Sailas, agus dʼimigh seisean, agus na bráithre á chur faoi choimirce ghrásta Dé. Agus shiúil sé ar fud na Síre agus Cilicia, ag neartú leis na heaglaisí. Agus tháinig sé go Listra agus Derbé freisin. Bhí deisceabal ansin, arbh ainm dó Timótéus, mac máthar Banghiúdaí a bhí ina creidmheach; ach ba Ghréagach a athair. Bhi an dea-fhocal le rá ag na bráithre i Listra agus in Icónium ina thaobh. Bhi fonn ar Phól Timótéus a bheith leis; agus ghlac sé é agus thimpeallghearr sé é as siocair na nGiúdach a bhí sna háiteanna úd, mar bhí a fhios acu uile gur Ghréagach a bhí ina athair. Chuaigh siad mar sin ó chathair go cathair, ag tabhairt dóibh na reachtanna sin, ar tháinig na haspail agus na cruifreacha in Iarúsailéim orthu, lena gcoimeád. Neartaíodh mar sin le creideamh na n‑eaglaisí, agus iad ag méadú ina líon ó lá go lá. Shiúil siad mar sin réigiún Phrigia agus Galátia, ó chuir an Spiorad cosc leo ó bheith ag labhairt an bhriathair san Áise. Nuair a tháinig siad os comhair Mhisia, thug siad iarraidh ar dhul go Bitinia, ach níor lig Spiorad Íosa dóibh sin a dhéanamh; mar sin de, chuaigh siad thar Mhisia agus síos go Tróas. Agus bhí aisling ag Pól san oíche ina bhfaca sé fear as an Macadóin ina sheasamh roimhe agus ag cur impí air agus á rá, “Tar anall go dtí an Mhacadóin agus cuidigh linn.” Agus ní luaithe a bhí an aisling feicthe aige ná thugamar iarraidh ar dhul ar aghaidh linn go dtí an Mhacadóin, ag teacht ar an tuairim gur ghlaoigh Dia orainn leis an soiscéal a sheanmóireacht dóibh siúd. Sheolamar mar sin ó Thróas; agus cóir linn caoldíreach go Samotrácé, agus an lá ina dhiaidh sin go Néapolis, agus as sin go Filipí, príomhchathair cheantar na Macadóine, agus coilíneacht de chuid na Róimhe. Dʼfhanamar sa chathair sin tamall de laethanta; agus lá na sabóide chuamar cois na habhann taobh amuigh den gheata, áit ar shíleamar a mbeadh teach urnaí ann; agus shuíomar ansin ag comhrá leis na mná a bhí cruinnithe le chéile. Bhí ar na mná a bhí ag éisteacht linn bean a raibh Lidia mar ainm uirthi, ceannaí datha corcra as cathair Thíatíra, a bhíodh ag adhradh Dé. Bhog Dia a croise le haire a thabhairt ar an méid a bhí á rá ag Pól. Nuair a baisteadh í féin agus a teaghlach, dʼagair sí orainn, agus dúirt sí, “Má mheasann sibh go bhfuil mé dílis don Tiarna, tagaigí agus fanaigí i mo theachsa.” Agus níor ghlac sí le diúltú uainn. Casadh orainn ar ár mbealach go teach na hurnaí banchumhal a raibh sprid fháistineachta inti a shaothraíodh mórán airgid dá máistrí agus í ag déanamh feasa. Lean sí Pól agus sinne, agus í ag glaoch in ard a cinn, “Seirbhísigh an Ard-Dé mhóir iad na fir seo, a fhoilsíos daoibh slí an tslánaithe.” Agus bhíodh sí á dhéanamh mórán laethanta. Ach ghoill sin ar Phól, agus thiontaigh sé thart agus dúirt sé leis an sprid, “Ordaím duit in ainm Íosa Críost teacht amach aisti.” Agus tháinig sé amach ar an bpointe. Ach nuair a chonaic a máistrí-se go gcaithfidís deireadh dúile a bhaint den airgead a bhí siad ag gnóthú aisti, rug siad ar Phól agus Shailas agus tharraing siad chuig na huachtaráin iad i sráid an mhargaidh; agus thug siad os comhair na gceannfort iad agus dúirt siad leo, “Is Giúdaigh iad na fir seo agus tá ár gcathair á cur trí chéile acu. Molann siad dúinn glacadh le nósanna nár dhleathach dúinne a nglacadh ná a gcleachtadh ó táimid inár Rómhánaigh.” Thug an slua ionsaí fúthu freisin; agus stróic na ceannfoirt na héadaí díobh agus dʼordaigh a mbualadh leis an tslat. Agus nuair a bhí mórán buillí buailte acu orthu, chaith siad isteach i bpríosún iad, ag ordú don séiléir faire mhaith a choinneáil orthu. Nuair a cuireadh ar a chúram mar sin iad, chuir sé sa chuid den phríosún ab fhaide istigh iad agus cheangail sé a gcosa sa cheap. Ach i dtrátha meán oíche bhí Pól agus Sailas ag urnaí agus ag ceol ag moladh Dé, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo, agus bhí crith talaimh tobann ann, a chorraigh dúshraith an phríosúin; agus i dtobainne bhí na doirse uile ar oscailt agus na geimhle a bhí ar gach duine scaoilte. Nuair a mhúscail an séiléir agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar oscailt, tharraing sé a chlaíomh agus bhí ar tí lámh a chur ina bhás féin, agus é ag déanamh go raibh na príosúnaigh i ndiaidh éalú leo. Ach ghlaoigh Pól in ard a ghutha leis, “Ná déan dochar ná dolaidh duit féin, mar táimid uile go léir anseo i láthair.” Agus dʼordaigh sé solas a lasadh agus rith sé isteach, agus thit sé agus é ar aon bhallchrith le heagla roimh Phól agus Shailas, agus thug sé amach iad gur fhiafraigh díobh, “A fheara, cad é a chaithfeas mé a dhéanamh le teacht slán?” Agus ar siadsan leis, “Creid sa Tiarna Íosa, agus slánófar thú féin agus do theaghlach.” Agus labhair siad briathar Dé leis agus lena raibh sa teach. Agus ghlac sé iad an tráth úd den oíche agus nigh sé a gcneácha, agus ghlac sé baiste ar an toirt, é féin agus a theaghlach. Thug sé isteach chun a thí féin ansin iad, agus chuir sé bia ar bord rompu; agus bhí lúcháir air féin agus ar a theaghlach faoin gcreideamh a bhí aige i nDia. Ach nuair a ghealaigh an lá, chuir na ceannfoirt a ngiollaí bata uathu, á rá, “Scaoil na fir úd.” Agus thug an séiléir tuarascáil na mbriathra sin do Phól, agus dúirt sé, “Tá na ceannfoirt i ndiaidh scéal a chur chugam sibh a scaoileadh; tagaigí oraibh amach mar sin agus imígí libh go slán síochánta.” Ach ba é an focal a labhair Pól leo, “Tá siad i ndiaidh ár mbuailte os comhair an phobail; agus ar mhian leo anois ár gcur díobh gan fhios? Agus ní hé sin amháin é ach ár gcur i bpríosún, sinne atá inár saoránaigh Rómhánacha nár cruthaíodh aon choir inár n‑éadan? Ní hea! A chead acu teacht iad féin agus ár dtreorú amach as.” Thug na giollaí tuarascáil na mbriathar sin do na ceann­foirt, agus bhí a sá eagla orthu nuair a chuala siad gur shaoránaigh Rómhánacha iad; agus tháinig siad ag iarraidh pardúin orthu. Agus thug siad amach leo iad agus chuir siad impí orthu an chathair a fhágáil. Chuaigh siad mar sin amach as an bpríosún, agus thug siad cuairt ar Lidia; agus chonaic siad na bráithre agus labhair siad leo le misneach a chur iontu agus dʼimigh siad leo ansin. Anois nuair a bhi Amfipolis agus Apollónia curtha tharstu acu, shroich siad Tesaloníca, áit a raibh sionagóg ag na Giúdaigh. Agus chuaigh Pól isteach ansin, mar ba ghnách leis, agus chaith sé trí sheachtain ag plé leo as na scrioptúir, á míniú agus ag cruthú as go raibh sé riachtanach don Chríost an pháis a fhulaingt agus aiséirí ó mhairbh agus ag rá, “Is é an Críost é, an tÍosa seo a bhfuilim á fhógairt daoibh.” Ghéill cuid acu dá theagasc agus thaobhaigh siad le Pól agus Sailas, iadsan agus mórán dʼfhir chráifeacha na nGréagach agus cuid mhaith de na mná uaisle ab airde céim. Ach chuir sin formad ar na Giúdaigh, agus fuair siad cuid de dhíogha agus de dhríodar na ndaoine agus thóg siad raic agus chruinnigh daoscarshlua na cathrach agus thug siad ionsaí ar theach Iasóin, agus é ar intinn acu iad a tharraingt amach agus a chaitheamh chuig an daoscarshlua. Ach nuair nach bhfuair siad ansin iad, stróic siad Iasón agus bráithre áirithe eile os comhair cheannurraí na cathrach, agus iad ag scairteadh amach, “An dream seo a bhfuil an saol curtha bun os cionn acu tá siad i ndiaidh teacht anseo freisin, agus Iasón tar éis fáilte a chur rompu chun a thí; agus bíonn gnásanna acu seo uile atá crosta ag reachtanna Chaesair, mar deir siad go bhfuil rí eile ann a bhfuil Íosa mar ainm air.” Nuair a chuala an slua agus ceannurraí na cathrach sin, bhí imní orthu. Agus ghlac siad bannai ó Iasón agus ón gcuid eile agus lig siad a gcinn leo ansin. Mar sin de, chuir na bráithre Pól agus Sailas ar shiúl gan mhoill an oíche sin go Beraía; agus ní luaithe a shroich siad an áit ná chuaigh siad go sionagóg na nGiúdach. Bʼuaisle an dream iad siúd ná lucht Tesaloníca, mar ghlac siad leis an mbriathar agus chuir siad spéis mhór ann, agus chaith siad an lá ag scrúdú na scrioptúr le feiceáil an raibh sin uile amhlaidh. Bhi mórán acusan a tháinig chun creidimh, iadsan agus cuid mhaith de na mná agus de na fir chéimiúla i measc na nGréagach. Ach nuair a fuair Giúdaigh Thesaloníca fios an scéil go raibh Pól ag foilsiú bhriathar Dé i mBeraía, tháinig siad ansin freisin, agus iad ag tógáil raice agus ag séideadh faoin daoscarshlua. Ba ansin a chuir na bráithre Pól amach ar shiúl chun na farraige, ach dʼfhan Sailas agus Timótéus ansin. An dream a bhí ag comóradh Phóil thug siad leo é go dtí an Ataen; agus dʼfhill siad ansin le hordú do Shailas agus Thimótéus teacht chuige chomh tiubh géar agus dʼfhéadfaidís. Bhí Pól ag feitheamh leo ansin san Ataen, agus é ag goilliúint ar a anam an chathair a fheiceáil agus í lán dʼíola. Ach bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis na daoine cráifeacha, agus i sráid an mhargaidh gach lá leis na daoine a chastaí dó. Bhuail fealsúnaigh dʼaicmí na nEpicúréach agus na Stóiceach leis, agus cuid acu á rá, “Cad é a bheadh le rá ag béalastán breacléannta mar é seo?” Agus cuid eile, “Tá an chuma air go bhfuil déithe coimhthíocha á léiriú aige”—mar dʼfhógair sé Íosa agus an t‑aiséirí. Ghlac siad ansin é gur thug leo go Cnoc Chúirt Arés é, agus gur labhair mar seo leis, “An féidir fios a thabhairt dúinn ar an nuatheagasc sin a mbíonn tú á fhoilsiú? Mar cluinimid rudaí neamhchoitianta á rá agat, agus ba mhaith linn, más toil leat é, a fhios a fháil cad é is ciall leo.” Mar ní bhíonn aon am ag muintir na hAtaena ná ag na strainséirí a bhíos ag fanacht acu nach gcaitheann siad ag insint nó ag éisteacht le gach scéal is nua ná a chéile. Mar sin sheas Pól amach i gceartlár Chnoc Chúirt Arés gur labhair mar seo a leanas: “A fheara na hAtaena, feicim go bhfuil gach uile chomhartha oraibh a bheith cráifeach in bhur gcleachtadh. Mar nuair a bhí mé ag siúl thart, ag breathnú na scrínte adhartha atá agaibh, tháinig mé ar altóir a raibh an inscríbhinn seo uirthi, ‘Don Dia anaithnid.’ An Dia sin a dtugann sibh ómós dó gan aithne, is é atá agam á chur in aithne daoibh. An Dia a chruthaigh an chruinne agus a bhfuil inti, tá sé ina Ardtiarna neimhe agus talaimh, agus ní bhíonn sé ag baint faoi i dteampaill láimhdhéanta, ná ní bhíonn lámha daoine ag freastal air mar a bheadh easpa aon ní air, ós é a bhronn beatha agus anáil agus gach uile ní ar gach créatúr beo. Agus chruthaigh sé dʼaon mhianach amháin na ciníocha daonna uile le bheith beo ar aghaidh an talaimh uile, agus is é a shocraigh roimh ré na tréimhsí a bhí i ndán dóibh agus na críocha a ndéanfaidís cónaí iontu, ionas go mbeadh iarraidh acu ar Dhia, agus mar dhúil is go mothóidís é agus go lorgóidís é agus go bhfaighidís é. Mar ní bhíonn sé i bhfad ó aon duine againn, mar ‘Is ann a mbíonn cumas againn maireachtáil agus gluaiseacht agus bheith ann;’ mar atá ráite ag cuid de bhur bhfilí féin, ‘Mar is fíor gur sinne a shliochtsan.’ Ós de shliocht Dé sinne mar sin, ní ceart dúinn an nádúr diaga a shamhlú le hór ná le hairgead ná le cloch, ná le híomhá, a cumadh le healaín nó le hintleacht dhaonna. Nior agair Dia na tréimhsí seo an aineolais orainn, ach go bhfuil sé anois ag foláireamh do na daoine uile san uile áit aithreachas a dhéanamh, ó tá an lá socraithe aige a ndéanfaidh sé ceartbhreithiúnas ar an domhan tríd an bhfear atá ordaithe aige faoina choinne sin, agus tá bannaí tugtha aige air do na daoine uile, á thógáilsean ar an aiséiri ó mhairbh.” Ansin nuair a chuala siad an focal faoin aiséirí ó mhairbh, dʼéirigh cuid acu magúil; ach dúirt cuid eile, “Éistfimid leat faoi sin am éigin eile.” Dʼimigh Pól mar sin amach as a gcomhluadar. Ach bhí siad ann a cheangail iad féin leis agus a ghlac le creideamh, agus bhí Díonéis— duine a bhí ar Chúirt Chnoc Arés—agus bean darbh ainm Damaris agus daoine eile orthu. Ina dhiaidh sin dʼfhág sé an Ataen, agus chuaigh sé go Coraint. Bhuail sé ansin le Giúdach darbh ainm Acuila, as Pontus, a tháinig le gairid aniar ón Iodáil é féin agus a bhanchéile Priscila, ó bhi Claudius tar éis a ordú do na Giúdaigh uile an Róimh a fhágáil. Agus thug sé cuairt ar an lánúin seo; agus ó ba ionann ceird dó, dʼfhan sé ina dteachsan, agus chuaigh siad i gcomhar le chéile san obair, mar bhí siad araon ina lucht déanta puball de réir ceirde. Agus bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach sabóid, agus a chaint ag fáil greama ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh. Nuair a tháinig Sailas agus Timótéus aduaidh as an Macadóin, bhí Pól ag caitheamh iomlán a ama ag seanmóireacht, agus ag dearbhú do na Giúdaigh gurbh é an Críost Íosa. Agus nuair a thosaigh siad ar chur ina éadan agus ar thabhairt masla cainte dó, chaith sé an deannach as a chuid éadaí, agus dúirt sé leo, “Bíodh éiric bhur n‑anamacha oraibh féin! Tá mise saor uirthi. As seo amach rachaidh mé chuig na Gintlithe.” Agus dʼfhág sé an tsionagóg agus chuaigh sé go teach fir darbh ainm Titius Iustus, a bhí ar lucht adhartha Dé a raibh a theachsan i mbéal dhoras na sionagóige. Chreid Criospas, rialtóir na sionagóige, sa Tiarna, é féin agus a theaghlach uile; agus chreid mórán de na Coraintigh a dʼéist le Pól agus baisteadh iad. Agus dúirt an Tiarna le Pól oíche amháin in aisling, “Ná bíodh eagla ort, agus labhair agus ná fan i do thost; mar tá mise ag taobhú leat, agus ní dhéanfaidh aon duine ionsaí ort le dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine agamsa sa chathair seo.” Agus dʼfhan sé ann i rith bliana agus sé mhí, ag teagasc bhriathar Dé dóibh. Ach nuair a bhí Gallio ina phrochonsal in Acáia, thug na Giúdaigh uile le chéile ionsaí ar Phól, agus thug siad os comhair bhinse an bhreithimh é, agus dúirt siad, “Tá an fear seo ag tabhairt ar dhaoine Dia a adhradh ar mhodh atá crosta ag an dlí.” Ach nuair a bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt, dúirt Gallio leis na Giúdaigh, “Dá mba cheist choirpeachta nó choire gráiniúla í, a Ghiúdacha úd, bheadh cúis mhaith agam le bheith ag éisteacht go foighneach libh; ach ós ceist bhriathra agus ainmneacha agus ó bhaineann sé leis an dlí is agaibhse, féachaigí chuici sibh féin; mar níl toil agam a bheith i mo bhreitheamh ar na gnóthaí seo.” Agus chuir sé an ruaig orthu ó bhinse an bhreithimh. Agus rug a raibh i láthair ar Shostenés, rialtóir na sionagóige, gur tugadh greasáil mhaith dó os comhair bhinse an bhreithimh. Ach rinne Gallio neamh-iontas de sin uile. Ach dʼfhan Pól tamall fada de laethanta ina dhiaidh sin, agus ansin dʼfhág sé slán ag na bráithre, agus dʼimigh sé ar bhord loinge go dtí an tSír, agus Priscila agus Acuila leis. Bhearr sé gruaig a chinn i gCeanncriae ó bhí móid air. Tháinig siad ansin go dtí an Eiféis, agus scar sé leo ansin; ach chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg, go raibh díospóireacht aige leis na Giúdaigh. Nuair a thug siad cuireadh dó tuilleadh ama a chaitheamh leo, níor ghlac sé leis; ach nuair a dʼfhág sé slán acu, dúirt sé, “Fillfidh mé chugaibh athuair más toil le Dia sin,” agus dʼfhág sé an Eiféis ansin ar bhord loinge. Nuair a tháinig sé i dtír ag Caesaríá, chuaigh sé suas gur bheannaigh don eaglais a bhí ansin, agus chuaigh sé síos go hAntíoc ina dhiaidh sin. Nuair a bhí tamall caite aige ansin dʼimigh sé as gur thug sé bualadh éadain ar limistéar Ghalátia agus Phrigia, ag tabhairt misneach croí do na deisceabail. Tháinig Giúdach a raibh Apollós mar ainm air, arbh é Alecsandria á áit dhúchais, go dtí an Eiféis. Ba dheis-béalach an fear é a raibh eolas cumasach aige ar na scrioptúir. Bhi sé i ndiaidh fios a fháil ar shlí an Tiarna; agus ó bhí sprid dhíograiseach ann, labhair sé agus mhúin sé go cruinn beacht i dtaobh Íosa, cé nárbh fheasach dó ach baiste Eoin amháin. Thosaigh seisean ar labhairt go dána móruchtúil sa tsionagóg; ach nuair a chuala Priscila agus Acuila é, ghlac siad é agus mhínigh siad slí an Tiarna dó níos cruinne ná mar a bhí sí aige. Ansin nuair a thug sé ina cheann dul anonn go dtí Acáia, mhol na bráithre leis sin, agus scríobh siad litreacha chuig na bráithre ansin le fáiltiú roimhe. Nuair a tháinig sé ansin, bhí sé ina chuidiú mór ag an dream a chreid le grásta Dé, mar bhréagnaigh sé na Giúdaigh go binn os comhair an tsaoil, ag cruthú ó na scrioptúir gurbh é an Críost Íosa. San am a raibh Apollós i gCoraint, shiúil Pól trí uachtar na tíre gur tháinig sé go dtí an Eiféis. Tháinig sé ar dhornán bráithre ansin. Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “An bhfuair sibh an Spiorad Naomh nuair a tháinig sibh chun creidimh?” Agus ar siadsan, “Ní bhfuair, mar níor chualamar riamh fiú go raibh a leithéid de Spiorad Naomh ann.” Agus dʼfhiafraigh sé díobh ansin, “Cé an sórt baiste ar ghlac sibh leis mar sin?” Agus ar siadsan, “Le baiste Eoin.” Agus arsa Pól, “Bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le baiste na haithrí, agus ag insint do na daoine go gcaithfeadh siad creideamh sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.” Nuair a chuala siad sin, ghlac siad le baiste in ainm an Tiarna Íosa. Agus nuair a leag Pól a lámha orthu, tháinig an Spiorad Naomh orthu; agus labhair siad i dteangacha agus rinne siad fáidheadóireacht. Bhi dáréag iontu go hiomlán. Agus chuaigh sé isteach sa tsionagóg ansin, agus labhair sé go neamheaglach i rith trí mhí, ag díospóireacht agus ag pléchúis ríocht Dé; ach nuair a bhí cuid acu cruamhuineálach díchreidmheach, agus iad ag cáineadh na Slí os comhair an chomhthionóil, dhealaigh sé leo ansin, ag tabhairt na ndeisceabal leis, go ndearna díospóireacht ó lá go lá in áras Thiranais. Leanadh den obair sin ar feadh dhá bhliain, ar mhodh gur chuala áitreabhaigh na hÁise uile, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, briathar Dé. Agus bhíodh míorúiltí neamhchoitianta á ndéanamh ag Dia trí lámha Phóil, mar bhíodh ciarsúir agus éadaí eile a bhí ar a chorpsan á n‑iompar chuig daoine breoite, agus na haicídí á bhfágáil agus na deamhain ag imeacht astu dá thairbhe sin. Ba ansin a ghlac cuid de na Giúdaigh shiúil, lucht deamhain a dhíbirt, orthu féin ainm an Tiarna Íosa a lua os cionn na ndaoine a raibh deamhain ina gcoirp, mar deiridís, “Cuirim ort as ucht an Íosa seo a mbíonn Pól ag seanmóireacht faoi.” Bhi seachtar mac a bhí ag ardsagart Giúdach darbh ainm Scébha ag déanamh mar sin. Ach ba mar seo a dʼfhreagair an drochsprid iad, “Tá aithne agam ar Íosa agus eolas agam faoi Phól; ach cé sibh féin?” Agus léim an fear, a raibh an deamhan ann, ina mullach, á gcloí uile, agus ag fáil an lámh uachtair orthu, sa chruth gur theith siad as an teach úd agus iad loite lomnocht. Agus chuala a raibh ina gcónaí san Eiféis de Ghiúdaigh agus de Ghréagaigh iomrá air sin; agus thit eagla orthu uile, agus tugadh adhmholadh dʼainm an Tiarna Íosa. Tháinig mórán freisin a bhí ina gcreidmhigh anois, gur admhaigh agus gur fhoilsigh siad a gcleasa. Agus bhí cuid mhór dá mbíodh ag cleachtadh asarlaíochta a rinne a gcuid leabhar a charnadh le chéile agus a dhó i súile an phobail; agus comhaireadh a luachsan agus measadh ar chaoga míle bonn dʼairgead é. Ba é sin an bláth agus an biseach a bhí ar bhriathar an Tiarna. Ba i ndiaidh na n‑imeachtaí sin uile a rinne Pól rún, agus an Spiorad á threorú, an Mhacadóin agus Acáia a shiúl ar a bhealach go hIarúsailéim, agus é á rá, “I ndiaidh bheith ansin, caithfidh mé an Róimh a fheiceáil freisin.” Agus chuir sé beirt dá thimirí, Timótéus agus Erastas, go dtí an Mhacadóin, agus dʼfhan sé féin san Áise tamall. Ba i dtrátha an ama sin a tógadh gleo nár bheag i dtaobh na Slí. Mar bhí fear ann darbh ainm Demetrius, a bhí ina ghabha geal, a dhéanadh scrínte airgid dʼArtemis, a thugadh obair go leor do na ceardaithe. Chruinnigh sé le chéile iad, agus oibrithe eile den sórt, agus dúirt sé leo, “A fheara, tá a fhios agaibh go mbainimid a bhfuil de shaibhreas againn as an obair seo. Agus feiceann sibh agus cluineann sibh ar tharla, ní san Eiféis amháin ach ar fud na hAise, go bhfuil go leor daoine ann ar mheall Pól iad leis agus ar chuir sé cluain orthu, agus é á rá nach déithe iad na lámh-dhéithe a dhéantar le lámha daoine. Tá contúirt ann mar sin, ní hamháin go dtiocfaidh dímheas ar an gceird is againne ach go ndéanfar neamhní de theampall an bhandé mhóir Artemis, agus go dtiocfaidh milleadh uirthi ina gcaillfidh sí a mórgacht, an bandia sin a mbíonn muintir na hAise agus muintir an domhain uile á hadhradh.” Nuair a chuala siad sin bhí racht feirge orthu agus iad ag béiceadh in ard a gcinn, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!” Mar sin líonadh an chathair uile leis an ngleo; agus thug siad uile le chéile rúchladh isteach san amharclann, ag stróiceadh Ghaius agus Aristarcos leo, daoine as an Macadóin a bhí mar chomhthaistealaithe le Pól. Bhí fonn ar Phól é féin dul isteach i measc an tslua, ach níor lig na deisceabail dó a dhéanamh; agus cuid de lucht stiúrtha na hÁise, a raibh cairdeas acu leis, a chuir teachtairí chuige ag impí air gan é a bheith de dhánacht ann dul isteach san amharclann. Anois bhí gach duine ann ag rá seo agus siúd in ard a chinn; mar ní raibh eagar ar an gcruinniú ná a fhios ag an mórchuid acu cad chuige ar tháinig siad i gceann a chéile. Ach bhí cuid den slua ag glaoch ar Alastair, agus ba iad na Giúdaigh a chuir chun tosaigh é. Agus rinne Alastair comhartha lena láimh, agus fonn air é féin a chosaint os comhair na ndaoine. Ach ní luaithe a dʼaithin siad gur Ghiúdach é ná bʼshiúd iad uile ag scairteadh dʼaon ghuth in ard a gcinn, ar feadh dhá uair, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!” Ach nuair a bhí an slua tugtha chun suaimhnis ag an gcléireach baile, dúirt sé leo, “A fheara na hEiféise, cá bhfuil an fear nach bhfuil a fhios aige go bhfuil sé de chúram ar chathair na nEiféiseach teampall an bhandé mhóir Artemis agus an naomhchloch a thit anuas ón spéir a choimeád? Agus ó nach féidir é seo uile a shéanadh, is ceart daoibh bheith socair staidéartha agus gan aon ní tobann a dhéanamh. Mar tá sibh i ndiaidh na fir seo a thabhairt anseo cé nach bhfuil aon teampall sáraithe acu ná aon mhasla tugtha acu ar ár mbandia-na. Mar sin de, má tá ábhar casaoide in aghaidh aon duine ag Demetrius nó ag na ceardaithe atá aige, tá na cúirteanna dlí ann, agus iad ar oscailt rompu, agus tá prochonsail ann, agus féadann siad an dlí a chur ar a chéile. Ach má tá rud ar bith eile uaibh, déanfar a réiteach ar an tionól rialta. Mar is baolach go mbeifear ag cur cúis chíréibe inár leith faoinar tharla inniu, ó nach féidir linn a chruthú go bhfuil cúis ar bith leis an ngleo seo.” Nuair a bhí an méid sin ráite aige, chuir sé deireadh leis an gcruinniú. Nuair a shocraigh an gleo, chuir Pól fios ar na deisceabail, agus chuir sé misneach iontu agus dʼfhág sé slán agus beannacht acu agus dʼimigh sé go dtí an Mhacadóin. Shiúil sé na háiteanna úd agus dúirt sé mórán leo le misneach a chur iontu, agus chuaigh sé ansin chun na Gréige. Chaith sé trí mhí ansin, ach go ndearna na Giúdaigh comhcheilg ina éadan agus é ar tí dul ar bhord loinge go dtí an tSír, agus gur ghlac sé ina cheann ansin filleadh bealach na Macadóine. Ba iad a chuaigh ina chuideachta, Sópatér as Beraía, mac Phiorais; agus de lucht Thesaloníca, Aristarcos agus Secundus; agus Gaius as Derbé, agus Timótéus; agus Ticicus agus Trófimus de lucht na hAise. Chuaigh siadsan romhainn gur fhan linn i dTróas, ach sheolamarna as Filipí i ndiaidh laethanta an Aráin gan Laibhín agus thángamar chucu i dTróas i seal cúig lá, gur chaitheamar seacht lá ansin. An chéad lá den tseachtain, nuair a bhíomar cruinn leis an arán a bhriseadh, bhí Pól ag comhrá leo, ó bhí rún aige imeacht an lá arna mhárach; agus lean sé dá chaint go dtí meán na hoíche. Bhí mórán lampaí lasta sa seomra in uachtar tí mar a rabhamar cruinnithe. Bhí ógánach a raibh Euticus mar ainm air ina shuí i mbéal na fuinneoige. Thit codladh trom air nuair a lean Pól leis ag caint a thuilleadh; agus bhí sé chomh cloíte ag an gcodladh gur thit sé go talamh as tríú hurlár an tí, agus tógadh é agus é maol marbh. Ach tháinig Pól anuas agus chrom sé síos, agus shnaidhm é féin ann, agus dúirt sé, “Ná bíodh aon fhaitíos oraibh, mar tá an t‑anam ann.” Chuaigh Pól suas ansin, le harán a bhriseadh agus bia a chaitheamh, agus chaith sé mórán ama ag comhrá leo, go breacadh an lae, agus dʼimigh sé ansin. Agus thug siad an stócach abhaile leo agus é beo, agus ní beag an tógáil chroí a fuair siad. Ach chuamarna ar aghaidh linn go dtí an long, agus chrochamar na seolta le dul go hAssos, agus rún againn Pól a thógáil ar bord ansin, mar ba é sin a bhí socraithe aige, ó bhí sé ar intinn aige an fad sin a shiúl de chois. Nuair a tháinig sé chugainn in Assos, thógamar ar bord é agus chuamar go Mitiléné. Sheolamar as sin an lá ina dhiaidh sin gur thángamar os coinne Chíos; an lá ina dhiaidh sin thángamar i gcaladh i Sámós; agus i ndiaidh lae eile shroicheamar Milétus. Mar bhí sé ar intinn ag Pól seoladh ar aghaidh thar an Eiféis, ionas nach mbeadh air aon am a chaitheamh san Áise; mar bhí deifir air, agus é ar a dhicheall, dá mbʼfhéidir é, bheith in Iarúsailéim le haghaidh na Cincíse. Ach nuair a bhí sé i Milétus, chuir sé teachtaireacht go dtí an Eiféis ag cur feasa ar chruifreacha na heaglaise. Agus nuair a tháinig siad chuige, is é a dúirt sé leo: “Tá a fhios agaibh féin cad é an sórt beatha a chaith mé in bhur measc i gcónaí ón gcéad lá a leag mé mo chos ar thalamh na hÁise, ag déanamh obair an Tiarna le humhlaíocht mʼaigne agus le deora agus leis an angar a tháinig orm ó chomhcheilg na nGiúdach; agus tá a fhios agaibh nár cheil mé oraibh aon ní a bhí le leas bhur n‑anamacha, do bhur dteagasc i lúb chruinnithe agus faoi dhíon tí, agus ag foilsiú aithreachais os comhair Dé agus creidimh inár dTiarna Íosa Críost do Ghiúdaigh agus do Ghréagaigh. Agus seo anois ar mo bhealach go hIarúsailéim mé, ó chuir an Spiorad de cheangal orm é, agus gan fhios agam cad é a thiocfas orm ansin; ach amháin go mbítear ag dearbhú dom i ngach cathair ó bhéal an Spioraid Naoimh go bhfuil braighdeanas agus buairt i ndán dom. Ach is beag is fiú liom mo bheo féin, agus is fada liom go gcríochnaí mé mo chúrsa agus an dualgas atá curtha orm ag an Tiarna, ag tabhairt fianaise ar shoiscéal ghrásta Dé. Agus tuigigí anois, go bhfuil fhios agam nach bhfeicfidh sibh mo ghnúis arís, sibhse a mbínn ag dul eadraibh ag seanmóireacht na ríochta. Mar sin de, tugaim mʼfhianaise daoibh an lá seo go bhfuil mé saor ar éiric anama gach duine agaibh, mar níor cheil mé comhairle iomlán Dé oraibh, ach á nochtadh daoibh. Tugaigí aire daoibh féin, agus don tréad, ar chuir an Spiorad Naomh in bhur n‑easpaig os a chionn sibh, le heaglais an Tiarna a bheathú a cheannaigh sé lena fhuil féin. Tá a fhios agam tar éis mʼimeachta as go dtiocfaidh faolta fíochmhara isteach in bhur measc, agus nach dtioc­faidh an tréad slán uathu; agus ní hé sin amháin, ach éireoidh fir as bhur measc féin a bheas claon ina gcaint, leis na deisceabail a mhealladh chun a leanúna. Bígí ar bhur bhfaichill mar sin, agus go mba chuimhin libh na trí bliana nach raibh stad orm oíche ná lá ach ag cur comhairle ar gach duine agaibh agus na deora ag teacht liom. Agus anois cuirim ar choimirce Dé sibh agus fágaim sibh ar chúram bhriathar a ghrásta-san; ar féidir leis cothú spioradálta a chur ionaibh agus an oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an dreama atá naomhaithe. Ni shantaínn an t‑airgead ná an t‑ór ná an t‑éadach a bhí ag aon duine. Tá a dhea-fhios agaibh féin go mbíodh na lámha seo agam ag saothrú le haghaidh mo riachtanas féin agus le haghaidh riachtanas na ndaoine a bhíodh i mo chuideachta. Bhínn ar gach dóigh ag taispeáint daoibh go gcaithfear saothrú mar seo le cuidiú a thabhairt don duine lag, ag cuimhneamh ar bhriathra an Tiarna Íosa agus ar an rá sin óna bhéal féin, ‘Is móide is beannaithe tú as bheith ag tabhairt uait ná as bheith ag bailiú chugat.’” Nuair a bhí an méid sin ráite aige, chuaigh sé ar a ghlúine agus rinne sé urnaí é féin agus an t‑iomlán acu. Agus chuaigh siad uile ag caoineadh agus á snaidhmeadh féin i bPól agus á phógadh, agus ba é an chúis ba mhó lena mbrón an focal a bhí ráite aige, nach bhfaighidís an dara hamharc ar a ghnúis-sean. Agus thug siad comóradh dó chomh fada leis an long. Scaramar mar sin leo agus chrochamar ár seolta in airde, agus rinneamar caol díreach ar Chós, agus thángamar go Ródés an lá ina dhiaidh sin, agus as sin go Patára. Thángamar ansin ar long a bhí le dul trasna na farraige go Féinícia, agus chuamar ar bhord agus sheolamar uirthi. Nuair a nocht an Chipir dúinn, dʼfhágamar ar ár mbord clé í ag déanamh ar an tSír, agus thángamar i dtír ag Tior; mar ba ansin a bhí ar an long a lasta a dhíluchtú. Chuamar ar thuairisc na ndeisceabal ansin, agus dʼfhanamar seacht lá acu. Thug siad rabhadh ó bhéal an Spioraid á rá le Pól gan dul ar aghaidh go hIarúsailéim. Agus nuair a bhí deireadh leis an dornán laethanta a chaitheamar ansin, dʼimíomar i gcionn ár n‑aistir; agus iad uile ár gcomóradh lena mná agus a bpáistí go rabhamar taobh amuigh den chathair; agus chuamar ar ár nglúine ar ghaineamh na trá agus rinneamar urnaí agus dʼfhágamar slán agus beannacht ag a chéile. Chuamar féin ar bhord na loinge ansin, agus dʼfhill siadsan abhaile. Nuair a chuireamar críoch ar ár n‑aistear farraige as an Tior, shroicheamar Ptolemáis; agus bheannaíomar do na bráithre, agus chaitheamar aon lá amháin leo. Dʼimíomar lá arna mhárach agus thángamar go Caesaríá; agus chuamar go teach Philib an soiscéalaí, a bhí ina dhuine den mhór-sheisear, agus dʼfhanamar aigesean. Bhi ceathrar iníon neamhphósta aigesean a dhéanadh fáidheadóireacht. Nuair a bhíomar tamall de laethanta ag fanacht ansin, tháinig fáidh darbh ainm Agabus anuas as Iúdaea. Ag teacht chugainn dó, ghlac sé crios Phóil gur cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus dúirt sé, “Is é a deir an Spiorad Naomh, ‘Is mar seo a cheanglós na Giúdaigh in Iarúsailéim an fear ar leis an crios seo, agus cuirfidh siad i lámha na nGintlithe é.’ ” Nuair a chualamar sin, dʼagraíomarna agus na daoine a bhí ansin air gan dul suas go hIarúsailéim. Dʼfhreagair Pól ansin, “Cad é atá sibh a dhéanamh, ag caoineadh agus ag briseadh mo chroí? Mar táim sásta ní hamháin le dul i bpríosún ach le bás a fháil in Iarúsailéim ar son ainm an Tiarna Íosa.” Agus nuair a chonaiceamar nach raibh maith ann dúinn bheith ag cur comhairle air, chuireamar suas de, agus dúramar, “Toil an Tiarna go ndéantar.” Nuair a chuaigh na laethanta úd thart, rinneamar réidh agus chuamar suas go hIarúsailéim. Agus chuaigh cuid de na deisceabail as Caesaríá linn, ár gcomóradh chomh fada le teach Mnasoin, as an gCipir, a bhí ina dheisceabal ariamh anall, agus a rabhamar le lóistín a fháil aige. Nuair a thángamar go hIarúsailéim, chuir na bráithre fáilte chroíúil romhainn. An lá ina dhiaidh sin chuaigh Pól chuig Séamas linne; agus bhí na cruifreacha uile i láthair. Bheannaigh sé dóibh siúd, agus ansin dʼinis sé tríd síos a ndearna Dia do na Gintlithe trína fhriotháileamh féin. Agus nuair a chuala siad é, thug siad glóir do Dhia. Agus ar siadsan leis, “Feiceann tú, a bhráthair, na mílte a ghlac leis an gcreideamh i measc na nGiúdach; agus cad é chomh díograiseach agus atá siad i dtaobh an dlí, agus insíodh dóibh fútsa go mbíonn tú ag múineadh do na Giúdaigh uile a bhíos i measc na nGintlithe go gcaithfidh siad cúl a láimhe a thabhairt do Mhaois, agus go mbíonn tú ag rá leo gan a gclann mhac a thimpeallghearradh ná na nósanna a choinneáil. Cad é is coir a dhéanamh mar sin? Is cinnte go gcluinfidh siad go bhfuil tú i ndiaidh teacht anseo. Inseoimid duit cad é a dhéanfas tú. Tá ceathrar fear againn atá faoi mhóid; glac na fir seo agus bí tusa do dʼíonghlanadh féin ina gcuideachta, agus íoc a gcostais, go mbearra siad gruaig a gcinn. Beidh a fhios ag an saol uile mar sin nach bhfuil fírinne ar bith sa mhéid a insíodh dóibh fút, ach go gcaitheann tú do bheatha in umhlaíocht don dlí. Ach i dtaca leis na Gintlithe a ghlac le creideamh, tá litir scríofa againn chucu lenár mbreith go staonfadh siad ónar íobraíodh dʼíola, agus ó fhuil agus ó fheoil ainmhithe a tachtadh agus ó mhígheanmnaíocht.” Ghlac Pól leis na fir, agus dʼíonghlan sé é féin leo lá arna mhárach agus chuaigh sé isteach sa teampall, le fógra a thabhairt faoi cá huair a chuirfí críoch le laethanta an íonghlanta agus a dʼofrálfaí íobairt le haghaidh gach duine acu. Nuair a bhí na seacht lá i ngar do bheith críochnaithe, shéid na Giúdaigh as an Áise, a bhí i ndiaidh é a fheiceáil sa teampall, faoin slua uile, agus leag siad lámha air, agus iad ag scairteadh, “A fheara Iosrael, cabhair! Seo an fear a bhíos ag tabhairt teagaisc do na daoine san uile áit atá in aghaidh an phobail is againne agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo; agus lena chois sin thug sé Gréagaigh isteach sa teampall, agus tá an áit naofa seo truaillithe aige.” Mar roimhe sin chonaic siad Trófimus an tEiféiseach ina chuideachta sa chathair, agus shíl siad gur thug Pól isteach sa teampall é. Bhi corraí ann ansin ar fud na cathrach, agus na daoine ag rith le chéile; rug siad ar Phól gur tharraing amach as an teampall é, agus dúnadh na geataí ar an toirt. Agus nuair a bhí siad ag iarraidh é a mharú, tháinig an scéal chuig treabhann an chohóirt go raibh Iarúsailéim uile ina chíorthuathal. Ar an bpointe thug sé saighdiúirí agus ceantúirí leis, agus rith sé síos chucu; agus nuair a chonaic siad an treabhann agus na saighdiúirí chucu, stad siad de bheith ag bualadh Phóil. Tháinig an treabhann aníos ansin agus ghabh sé é, agus thug sé ordú a cheangal le dhá shlabhra. Dʼfhiafraigh sé cé bhí ann agus cad é a bhí déanta aige. Ansin bhí cuid den slua á rá seo agus cuid eile á rá siúd in ard a gcinn; agus ó nár fhéad sé fírinne an scéil a fháil de bharr an challáin, dʼordaigh sé a thabhairt isteach go beairic na saighdiúirí. Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre, bʼéigean do na saighdiúirí a iompar, bhí an slua chomh fíochmhar sin; mar bhí slua daoine á leanúint agus iad ag scairteadh, “Cuirigí den saol é!” Nuair a bhíothas ar tí Pól a thabhairt isteach sa bheairic, ar seisean leis an treabhann, “Cogar mé seo leat, le do thoil,” agus dúirt sé leis, “An féidir go bhfuil an Ghréigis agat? An féidir é mar sin nach tú an tÉigipteach úd a dʼfhadaigh an t‑éirí amach tá tamall gairid ó shin agus a thug ceithre mhíle de lucht na Miodóg amach go dtí an fásach leis?” Dúirt Pól á fhreagairt, “Giúdach atá ionam, as Tarsus i gCilicia, saoránach de chathair nach bhfuil gan chlú; iarraim mar achainí ort cead a thabhairt dom labhairt leis na daoine.” Agus nuair a thug sé an cead sin dó, sheas Pól i mbarr an staighre, agus rinne sé comhartha lena láimh leis na daoine; agus nuair a bhí ciúnas mór ann, labhair sé leo sa teanga Eabhrach, agus is é a dúirt sé: “A bhráithre agus a aithreacha, éistigí leis na briathra seo uaim do mo chosaint féin.” Agus nuair a chuala siad é ag caint leo sa teanga Eabhrach, is móide a dʼfhan siad ina dtost. Agus dúirt sé: “Is Giúdach mé, a tháinig ar an saol i dTarsus i gCilicia, ach a oileadh sa chathair seo ag cosa Ghamáliel, ar tugadh oideachas dó go cruinn beacht i ndlí ár sinsear, agus an dúthracht chéanna ar son Dé agus atá ionaibh uile an lá seo. Chuir mé géarleanúint ar an tSlí seo go bás, agus mé ag ceangal fear agus ban agus á gcaitheamh i bpríosún, agus fágaim a fhianaise sin ar an ardsagart agus ar chomhairle uile na seanóirí. Fuair mé litreacha chuig na bráithre uathusan, agus rinne mé aistear go dtí an Damaisc leis an dream a bhí ansin a ghabháil freisin, agus iad a thabhairt i ngeimhle go hIarúsailéim go gcuirtí pionós orthu. “Nuair a bhí mé ar mʼaistear agus mé ag teacht cóngarach don Damaisc, i dtrátha lár an lae lonraigh mórsholas ó neamh go tobann i mo thimpeall. Agus thit mé go talamh, agus chuala mé an glór ag rá liom, ‘A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú do mo ghéarleanúint?’ Agus dʼfhreagair mé, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt sé liom, ‘Is mise Íosa as Nasair a mbíonn tú á ghéarleanúint’. Anois an dream a bhí i mo chuideachta chonaic siad an solas, ach níor chuala siad glór an té sin a bhí ag labhairt liom. Agus dʼfhiafraigh mé, ‘Cad é a dhéanfas mé, a Thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom, ‘Éirigh, agus gabh isteach go dtí an Damaisc, agus inseofar ansin duit cad é atá i ndán duit a dhéanamh.’ Agus nuair nach raibh aon amharc agam de bharr mórghile an tsolais úd, ghlac an dream a bhí liom ar ghreim láimhe mé gur thángamar isteach go dtí an Damaisc. “Agus bhí duine darbh ainm Ananias, a bhí ina fhear cráifeach de réir an dlí, a raibh dea-iomrá air ag na Giúdaigh uile a bhí ina gcónaí ann, a tháinig chugam, agus a sheas le mo thaobh agus a dúirt liom, ‘A bhráthair Sáúl, bíodh amharc do shúl agat.’ Agus san am sin fuair mé mʼamharc agus chonaic mo shúile é. Agus dúirt sé, ‘Dʼordaigh Dia ár sinsear duitse fios a thola a fháil, agus Fíréan na bhfíréan a fheiceáil agus fuaim bhriathra a bhéil a cluinstin; mar beidh tú mar fhinné aige os comhair daoine ar a bhfaca agus arar chuala tú. Agus anois cad é an mhoill sin ort? Éirigh agus glac baiste, agus nigh díot do pheacaí, ag glaoch ar a ainmsean.’ “Nuair a bhí mé ag urnaí sa teampall tar éis filleadh ar Iarúsailéim, thit támhnéal orm ina bhfaca mé é ag rá liom, ‘Déan deifir agus éalaigh leat as Iarúsailéim, mar ní ghlacfaidh siad le dʼfhianaise i mo thaobh.’ Agus dúirt mé, ‘A Thiarna, tá a fhios acu féin go mbínn ag bualadh an dreama a chreid ionat i ngach sionagóg agus á gcur i bpríosún. Agus nuair a bhíothas ag doirteadh fhuil Stiofáin, dʼfhinné, bhí mise i mo sheasamh ag amharc air, agus mé ag aontú leis, agus ag coimeád éadaí lucht a mharaithe.’ Agus ar seisean liom, ‘Imigh; mar tá fúm tú a chur i bhfad as seo chuig na Gintlithe.’” Dʼéist siad leis chomh fada leis an bhfocal sin; ach ansin dʼardaigh siad a nglórtha agus dúirt siad, “Ba chóir a leithéid de dhuine a scriosadh de dhroim an talaimh! Mar ní ceart a fhágáil in a bheatha.” Agus nuair a chuaigh siad ag béiceadh agus ag cur a gcuid éadaí ag foluain ar ghaoth agus ag caitheamh deannaigh suas san aer, dʼordaigh an treabhann a thabhairt isteach chun na beairice, agus eolas a bhaint as leis an sciúirse, de gheall ar a fháil amach cad é a thug orthu gáir mar sin a thógáil ina éadan. Ach nuair a bhíothas ag teannadh na dtéad air, dʼfhiafraigh Pól den cheantúira a bhí ina sheasamh dá chomhair, “An bhfuil sé dleathach agaibh fear atá ina shaoránach Rómhánach a sciúrsáil, agus gan coir ina éadan?” Nuair a chuala an ceantúir sin, chuaigh sé chuig an treabhann agus dúirt sé leis, “Cad é sin a bhfuil tú lena dhéanamh? Mar tá an fear seo ina shaoránach Rómhánach.” Tháinig an treabhann chuige mar sin agus dúirt sé leis, “Ceist agam ort; an saoránach Rómhánach tú?” Agus dʼfhreagair sé, “Is ea.” Dʼfhreagair an treabhann, “Is ar shuim mhór airgid a cheannaigh mise an tsaoránacht seo.” Arsa Pól, “Is amhlaidh atá mise i mo shaoránach ó bhroinn.” Dá bhrí sin dʼimigh siad ar gcúl ar áit na mbonn, na fir a bhí ar tí a chéasta le heolas a bhaint as; agus bhí a shá eagla ar an treabhann, nuair a thuig sé gur shaoránach Rómhánach é agus go raibh sé ceangailte aige. Ach lá arna mhárach, ó bhí fonn air fios na fírinne a fháil, cad chuige a raibh na Giúdaigh á chúiseamh, scaoil sé é, agus dʼordaigh sé do na hardsagairt agus don chomhairle uile teacht le chéile, agus thug sé Pól anuas leis gur chuir ina sheasamh os a gcomhair é. Bhain Pól lán na súl as an gcomhairle ansin agus dúirt sé, “A bhráithre, tá mo shaol caite agam i láthair Dé agus coinsias glan gan smál agam go dtí an lá seo.” Ach dʼordaigh an t-ardsagart Ananias do na fir a bhi ina seasamh ina aice é a bhualadh ar an mbéal. Dúirt Pól leis ansin, “A bhalla úd a úrghlanadh le haol! Buailfidh Dia béim ort. Nach bhfuil tú i do shuí ansin le breithiúnas a thabhairt orm de réir an dlí, agus a rá is de go n‑ordaíonn tú mo bhualadh in éadan an dlí?” Dúirt na fir a bhí ina seasamh in aice leis, “An bhfuil sé fút masla cainte a thabhairt dʼardsagart Dé?” Agus dúirt Pól, “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurbh eisean an t‑ardsagart; mar tá sé scríofa, ‘ná labhair go mailíseach ar cheann chreidimh do mhuintire.’” Ach chomh luath agus a dʼaithin Pól go raibh cuid acu ina Sadúcéigh, agus cuid acu ina bhFairiséigh, ghlaoigh sé in ard a chinn i gceartlár na comhairle, “A bhráithre, is Fairiséach mise, agus mé de shliocht na bhFairiséach de réir folaíochta; agus cúirt á cur orm i dtaobh an dóchais agus i dtaobh aiséirí na marbh.” Nuair a dúirt sé sin, dʼéirigh conspóid idir na Sadúcéigh agus na Fairiséigh, agus scoilteadh an cruinniú ina dhá leath. Mar deir na Sadúcéigh nach bhfuil aiséirí, ná aingeal, ná sprid ann; ach creideann na Fairiséigh iontu seo uile. Dʼéirigh gáir mhór ansin; agus dʼéirigh cuid de na scríobhaithe a bhí in aicme na bhFairiséach agus seo á mhaíomh acu, “Ní fheictear dúinn go bhfuil aon choir ar an duine seo. Cad chuige nach gcuirtí i gcás gur labhair sprid nó aingeal leis?” Agus nuair a bhí an t‑achrann ag éirí dian, bhí eagla ar an treabhann go dtarraingeoidís Pól as a chéile eatarthu, agus dʼordaigh sé do na saighdiúirí dul síos agus é a ardú uathu le treise lámh agus a thabhairt isteach sa bheairic. An oíche ina dhiaidh sin sheas an Tiarna lena thaobh agus dúirt sé leis, “Glac ina mhórmhisneach é, mar beidh ort fianaise a thabhairt orm sa Róimh, mar an fhianaise a thug tú orm in Iarúsailéim.” Nuair a ghealaigh an lá, rinne na Giúdaigh comhcheilg agus thug siad móid agus mionn gan bia ná deoch a bhlaiseadh go raibh Pól maraithe acu. Bhi corradh le daichead fear acu a bhí páirteach sa chomhcheilg seo. Agus chuaigh siad chuig na hardsagairt agus na seanóirí, agus ar siad leo, “Táimid tar éis móid dhaingean a ghlacadh gan bia a bhlaiseadh go dtí go maróimid Pól. Tugaigí sibhse mar sin agus tugadh an chomhairle foráileamh don treabhann é a thabhairt anuas chugaibh, ionann is dá mbeadh sibh lena chás a scrúdú níos beaichte. Agus táimidne réidh ullamh lena mharú sula dtagann sé os bhur gcomhair.” Ach fuair mac dheirfiúr Phóil fios faoin luíochán sin, agus chuaigh sé isteach sa bheairic lena insint do Phól. Agus ghlaoigh Pól ar dhuine de na ceantúirí, agus dúirt sé leis, “Tabhair an t‑ógfhear seo leat go dtí an treabhann, mar tá scéal aige lena insint dó.” Ghlac sé leis é mar sin agus thug sé chuig an treabhann é agus dúirt sé, “Dʼiarr Pól an príosúnach orm an t‑ógfhear seo a thabhairt chugat, ó tá scéal aige duit.” Rug an treabhann ar a láimh, gur thug i leataobh é gur fhiafraigh de os íseal, “Cad é atá agat lena insint dom?” Agus ar seisean, “Dʼaontaigh na Giúdaigh le chéile go n‑iarrfaidís ort Pól a thabhairt anuas roimh an gcomhairle amárach, ionann is dá mbeidís lena chás a scrúdú níos beaichte. Ach ná géill tusa dóibh; mar tá corradh le daichead dá bhfir i luíochán roimhe, a bhfuil móid tugtha acu gan ithe ná ól go raibh sé maraithe acu; agus tá siad réidh anois, agus iad ag fanacht leis an ngealltanas uait.” Chuir an treabhann mar sin an t‑ógfhear ar shiúl, agus bhagair sé air, “Ná habair le duine ar bith gur inis tú dom faoi sin.” Ghlaoigh sé chuige beirt de na ceantúirí agus dúirt sé leo, “Bígí réidh an tríú huair den oíche le dul fad le Caesaríá le dhá chéad saighdiúir agus seachtó marcach agus dhá chéad sleádóir. Agus bíodh beithigh chapall agat a dtagann le Pól marcaíocht orthu agus tugaigí slán é chuig Felix an t‑uachtarán.” Agus scríobh sé litir arbh í a suim: “Beannaíonn Claudius Lisias dá shoilse Felix an t‑uachtarán. Rug na Giúdaigh ar an bhfear seo agus bhí siad ar tí a mharaithe, nuair a tháinig mé orthu leis na saighdiúirí agus a tharrthaigh mé é, ó bhí fhios agam gur shaoránach Rómhánach é. Agus thug mé síos chuig an gcomhairle é, le fios a fháil cad é an choir a chuir siad ina leith. Agus thuig mé as go rabhthas á chúiseamh i dtaobh pointí dá ndlí siúd, ach nach raibh cúis ar bith ina éadan a thuill bás ná príosúnacht. Agus nuair a nochtadh dom go mbeadh comhcheilg ann in éadan an duine seo, chuir mé chugaibh gan mhoill é, ag ordú do lucht a chúisimh a bhfuil le rá ina éadan a dhearbhú in bhur láthair féin.” Rinne na saighdiúirí mar ordaíodh dóibh, agus ghlac siad Pól agus thug siad ar aistear oíche chomh fada le hAntipatris é. Agus lá arna mhárach dʼfhill siad ar an mbeairic, agus dʼfhág siad faoi na marcaigh dul ar aghaidh leis. Agus nuair a shroich siadsan Caesaríá, agus a sheachaid siad an litir don uachtarán, thug siad Pól i láthair freisin. Nuair a bhí an litir léite aige, dʼfhiafraigh sé de cad é an cúige ar de é. Nuair a chuala sé go mba as Cilicia é dúirt sé, “Tabharfaidh mé éisteacht duit nuair a thiocfas lucht do chúisimh.” Agus dʼordaigh sé a chur faoi choimeád i bPraetorium Iorua. Agus nuair a chuaigh cúig lá thart tháinig an t-ardsagart anuas é féin agus seanóirí áirithe agus duine darbh ainm Tertullus le labhairt thar a gceann. Chúisigh siad Pól os comhair an uachtaráin; agus nuair a glaodh air, chuaigh Tertullus á chúiseamh, agus is é a dúirt sé: “Ós tríbh a bhíos só agus síocháin againn, agus ó nach é bhur ndearmad, a Fhelix dhearscnaí, cuimhneamh ar gach cineál athchóirithe a bhíos le leas an chine seo, bimid ag glacadh leis sin uaibh go buíoch beannachtach ar gach aon slí i ngach uile áit. Ach de gheall ar gan bhur gcuid ama a chur amú níos faide, táim ag iarraidh oraibh cineál a dhéanamh orainn trí éisteacht linn. Tá aithne againn ar an duine seo mar dhuine dochrach díobhálach, a bhíos ag cur iaróige ina suí i measc a bhfuil de Ghiúdaigh ar fud na cruinne, agus é ina cheann feadhna ar sheict na Nasarthach. Thug sé iarraidh ar an teampall féin a shárú, ach rugamar air Níl le déanamh agaibh ach an t‑eolas a bhaint as i dtaobh gach uile ní a bhfuilimid á chúiseamh fúthu.” Dʼaontaigh na Giúdaigh leis an gcúiseamh seo freisin, ag dearbhú go raibh sin uile amhlaidh. Agus nuair a rinne an t‑uachtarán comhartha leis le labhairt, dʼfhreagair Pól: “Tá áthas orm a bheith do mo chosaint féin os do chomhairse atá i do bhreitheamh le tamall fada os cionn an chine seo againne. Mar is féidir leat a dheimhniú, níl sé ach dhá lá dhéag ó chuaigh mé suas go hIarúsailéim le bheith ag adhradh Dé; agus ní raibh mé le fail acu ag díospóireacht le haon duine, ná ag spreagadh slua, sa teampall, ná sna sionagóga, ná sa chathair. Ni fhéadann siad ach oiread aon ní a chruthú atá á rá anois acu i mʼéadan. Ach admhaím an méid seo leat, go mbím ag adhradh an Dé a bhí ag ár sinsir romhainn, de réir na Slí a dtugann siad seict uirthi, agus go gcreidim gach ní atá curtha síos sa dlí nó scríofa i leabhair na bhfáithe, agus go bhfuil an dóchas as Dia agam a nglacann siad féin leis, go mbeidh aiséirí fíréan agus neamhfhíréan ann. Mar sin bím ar mo dhicheall coinsias glan a bheith agam os comhair Dé agus daoine. Ansin tar éis tamall de bhlianta tháinig mé le déirc agus ofrálacha a thabhairt chuig mo chine féin. Nuair a bhí mé á dhéanamh sin, tháinig siad orm agus mé íonghlanta sa teampall, gan aon slua ná suaitheadh ann. Ach bhí Giúdaigh as an Aise ann ar chóir dóibh bheith anseo os do choinne agus mé a chúiseamh, má tá rud ar bith acu i mʼéadan. Sin, nó abradh na fir seo iad féin cad é an choir a fuair siad ionam nuair a sheas mé os comhair na comhairle, amach ón aon fhocal seo a ghlaoigh mé amach is mé ina measc, ‘Is i dtaobh aiséirí na marbh atá an chúirt seo á cur orm os bhur gcomhair an lá seo.’” Ach ó bhí eolas measartha beacht ag Felix i dtaobh na Slí, chuir sé ar cairde é, a rá, “Nuair a thiocfas Lisias an treabhann anuas, tabharfaidh mé breithiúnas ar an gcúis seo agaibh.” Dʼordaigh sé ansin don cheantúir a choimeád, ach saoirse éigin a bheith aige, agus gan cead ag aon duine a chairde a chosc ó bheith ag freastal air. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin tháinig Felix agus a bhanchéile Drusilla, a bhí ina Banghiúdach; agus chuir sé fios ar Phól agus dʼéist sé leis ag labhairt faoi chreideamh sa Chríost, in Íosa. Agus nuair a bhí sé ag plé faoin gceart agus faoin tsriantacht is cóir a chur ort féin, agus faoin mbreithiúnas atá le bheith ann, tháinig eagla ar Fhelix, agus dúirt sé, “Imigh leat anois; agus cuirfidh mé fios ort arís nuair a bheas faill agam air.” Lena chois sin bhí sé ag dúil le Pól airgead a thabhairt dó. Mar sin chuir sé fios air go minic agus rinne sé comhrá leis. Ach nuair a chuaigh dhá bhliain thart, tháinig Porcius Festus in ionad Fhelix; agus dʼfhág Felix Pól i bpriosún, de gheall ar ghnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin. Nuair a tháinig Festus go dtí an cúige a bhi faoi, chuaigh sé suas tar éis tri lá ó Chaesaríá go hIarúsailéim. Agus rinne ardsagairt agus maithe na nGiúdach scéal ar Phól leis; agus dʼiarr siad mar impí agus mar achainí air é a chur uaidh go hIarúsailéim, agus iad ag déanamh luíocháin roimhe lena mharú ar an mbealach. Dʼfhreagair Festus go raibh Pól á choinneáil i gCaesaríá, agus go raibh sé ar intinn aige féin dul ansin roimh i bhfad. “Mar sin,” ar seisean, “téadh an lucht atá i gceannas eadraibh síos i mo chuideachta, agus má tá aon rud as an tslí déanta aige, cuiridís cúis air.” Nuair nach raibh ní ba mhó ná a hocht nó a deich de laethanta caite aige ina measc, chuaigh sé síos go Caesaríá; agus lá arna mhárach shuigh sé ar bhinse an bhreithiúnais agus dʼordaigh Pól a thabhairt i láthair. Agus nuair a tháinig sé, sheas na Giúdaigh a tháinig anuas as Iarúsailéim thart timpeall air, agus luaigh siad mórán coireanna troma nár fhéad siad a gcruthú ina aghaidh. Dúirt Pól á chosaint féin, “Níl an choir is lú orm in aghaidh dhlí na nGiúdach, ná in aghaidh an teampaill ná in aghaidh Chaesair.” Ach ó ba mhian le Festus gnaoi na nGiúdach a fháil, dʼfhiafraigh sé de Phól, “An bhfuil tú toilteanach le dul suas go hIarúsailéim, go gcuirtear cúirt ort os mo chomhairse i dtaobh na gcúiseanna seo?” Ach is é a dúirt Pol, “Tíim i mo sheas­amh os coinne bhinse Chaesair, agus sin an áit is cóir cúirt a chur orm; tá a dhea-fhios agat féin nach bhfuil aon dochar ná dolaidh déanta agam ar na Giúdaigh. Más coirpeach mé nó má tá aon ní déanta agam a thuilleas bás, níl mé ag iarraidh éalú ón mbás; ach mura bhfuil aon bhun lena gcuireann siad i mo leith, ní fhéadann duine ar bith mé a chur ina lámha. Cuirim mʼachomharc ar Chaesar.” Dʼfhreagair Festus ansin, i ndiaidh labhairt air lena lucht comhairle, “Ó chuir tú dʼachomharc ar Chaesar, is chuig Caesar a rachas tú.” Anois, tamall de laethanta ina dhiaidh sin, tháinig Agrippa an rí agus Berníce go Caesaríá le forbhfáilte roimh Fhestus. Agus ó chaith siad tamall maith de laethanta ann, luaigh Festus cúrsaí Phóil leis an rí, agus ar seisean, “Tá fear ann ar fhág Felix sa phríosún é; agus nuair a bhí mé in Iarúsaléim, rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach scéal air, agus dʼiarr siad breithiúnas a thabhairt air. Ba é mo fhreagra nár ghnách leis na Rómhánaigh aon duine a thabhairt uathu go mbíonn faill ag an gcúisí amharc idir dhá shúil ar lucht a gcúisithe, agus faill aige é féin a chosaint ar a gcuirtear ina leith. Mar sin nuair a tháinig siad le chéile anseo ní dhearna mé aon mhoill, ach chuaigh mé i mo shuí ar an mbinse agus dʼordaigh mé an duine a thabhairt i láthair. Nuair a sheas lucht an chúisithe suas, níor chuir siad aon drochchoir ina leith den sórt a raibh mé ag dréim leo; mar ní raibh ann acu ach mionphointí áirithe faoina gcreideamh piseogach féin agus faoi dhuine a raibh Íosa mar ainm air, a bhí marbh, ach a raibh Pól ag tabhairt an leabhair go bhfuil sé beo. Ó chuaigh díom a thuiscint conas a dʼfhéadfaí ceisteanna mar sin a mhion-scrúdú, dʼfhiafraigh mé de an raibh sé toilteanach le dul suas go hIarúsailéim go gcuirtí cúirt air ansin ina dtaobh. Ach nuair a chuir Pól isteach achomharc a bheith á choinneáil sa phríosún go dtabharfadh an t‑impire breithiúnas ar a chás, dʼordaigh mé é a choinneáil go dtí go bhféadfainn a chur uaim chuig Caesar.” Arsa Agrippa le Festus, “Ba mhaith liom an fear a chluinstin le mo chluasa féin.” Agus dʼfhreagair seisean, “Cluinfidh tú amárach é.” Mar sin tháinig Agrippa agus Berníce le mustar mór, agus chuaigh siad isteach i halla na héisteachta, iad agus na treabhainn mhíleata agus lucht chéimíocht na cathrach. Tugadh Pól i láthair ansin le hordú Fhestuis. Agus dúirt Festus, “A Rí Agrippa agus a lucht éisteachta uile, feiceann sibh romhaibh an fear sin ar chuir an cine Giúdach uile achainí orm ina thaobh in Iarúsailéim agus anseo, agus iad ag scairteadh os ard nár chóir ligean dó bheith beo. Ach ní fhacthas domsa rud ar bith a thuill an bás a bheith déanta aige; agus ó chuir sé féin isteach achomharc don impire, shocraigh mé féin ar é a chur chuige. Ach níl aon ní áirithe agam lena scríobh chuig mo thiarna ina thaobh. Dá bhrí sin thug mé os bhur gcoinne é, agus go háirithe os do choinne, a Rí Agrippa, ionas go gcuirimid scrúdú air, agus go mbeidh rud éigin agam lena chur i scríbhinn. Mar feictear domsa gur díchéillí an gníomh é príosúnach a chur uaim gan na cúiseanna a chuirtear ina éadan a nochtadh.” Dúirt Agrippa le Pól, “Tá cead cainte agat agus labhair ar do shon féin.” Shin Pól a lámh amach agus chuaigh sé á chosaint féin. “Measaim go bhfuil an t‑ádh orm inniu, a Rí Agrippa, go bhfuil mé os do choinnese do mo chosaint féin in éadan na gcúiseanna uile seo a luann na Giúdaigh i mʼéadan, ó tá eolas faoi leith agat ar nósanna na nGiúdach agus ar na ceisteanna is mó a bhíos faoi chaibidil acu; agus táim ag iarraidh ort mar sin éisteacht go foighneach liom. “Is feasach do na Giúdaigh uile conas a chaith mé mo shaol i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim ó thús mʼóige. Agus tá a fhios acu le fada dá mba mhian leo fianaise a thabhairt air, gur mhair mé i mo Fhairiséach de réir na seicte is déine dár gcreideamhna. Agus anois táim i mo sheasamh anseo agus cúirt á cur orm i dtaobh an ghealltanais a rinne Dia dár sinsir, a bhfuil dóchas ag ár dhá dtreibh déag lena fháil, agus iad ag adhradh Dé go dúthrachtach oíche agus lá. Agus is i dtaobh an dóchais sin atáthar do mo chúiseamh, a Rí! Cad chuige a measann sibh gur dochreidte é, Dia na mairbh a thógáil ar an aiséirí? “Chonacthas dom féin gur chóir mórán a dhéanamh ag cur in éadan ainm Íosa as Nasair. Agus rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim; ní hamháin gur dhún mé mórán de na naoimh i bpríosún agus údarás agam ó na hardsagairt, ach thug mé mo ghuth ina n‑éadan nuair a bhíothas á gcur chun báis. Agus chuir mé pionós orthu sna sionagóga uile agus mé ag iarraidh é a thabhairt orthu diamhasla a dhéanamh; agus le méid an bhuile a bhí orm ina n‑éadan, bhínn á ngéarleanúint go fiú i gcathracha na coigríche. “Mar sin bhí mé ar mʼaistear go dtí an Damaisc le barántas agus údarás na n‑ardsagart. I gceartlár an lae, a Rí, chonaic mé agus mé ar mo bhealach solas ó neamh, ba ghile ná an ghrian, ag lonrú i mo thimpeall agus i dtimpeall mo chomhthaistealaithe. Agus nuair a bhíomar uile tite go talamh, chuala mé an glór ag rá liom sa teanga Eabhrach, ‘A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú do mo ghéar-leanúint? Is crua duit na sála a bhualadh in aghaidh an bhroid.’ Agus dʼfhiafraigh mise, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom, ‘Is mise an tÍosa sin a mbíonn tú á ghéarleanúint. Ach éirigh i do sheasamh ar do chosa; mar is chuige sin a thaispeáin mé mé féin duit, le do cheapadh i do sheirbhíseach agus i dʼfhinné ar a bhfuil feicthe agat agus ar a mbeidh le feiceáil agat díom, agus mé do do tharrtháil ó do chine féin agus ó na Gintlithe—a bhfuil mé le do chur chucu lena súile a oscailt, ionas go n‑iompaí siad ó dhorchadas chun an tsolais agus as cumhacht Shátain chuig Dia, agus go bhfaighidh siad maithiúnas na bpeacaí agus ionad i measc an dreama a naomhaítear trí chreideamh ionamsa.’ “Dá bhrí sin, a Rí Agrippa, ní raibh mé easumhal don aisling neamhaí, ach ag foilsiú do lucht na Damaisce ar dtús, agus ansin in Iarúsailéim agus ar fud thír Iúdaea, agus do na Gintlithe freisin, go ndéanfadh siad aithreachas agus iompú chun Dé agus na dea-oibreacha is dual dá n‑aithreachas. Ar an ábhar sin rug na Giúdaigh orm sa teampall agus thug siad iarraidh ar mo mharú. Go dtí an lá inniu tá an cuidiú sin agam a thagas ó Dhia, agus seasaim amach mar sin anseo ag tabhairt fianaise dʼuasal agus dʼíseal, agus gan mé ag rá aon rud ach an méid a dúirt na fáithe agus Maois a thiocfadh i gcrích: go gcaithfeadh an Críost an pháis a fhulaingt, agus go mba é an chéad duine a thiocfadh ar an aiséirí ó mhairbh ag forógradh solais dár gcine agus do na Gintlithe.” Nuair a bhí sé á chosaint féin sna briathra seo, arsa Festus leis de ghlór ard, “A Phóil, an ar buile atá tú; tá do léann iomarcach do do chur ar mearú céille.” Ach arsa Pól, “Níl mé ar buile, a Fhestuis, i gcead do do shoilse, níl á rá agam ach an fhírinne lom. Mar tá fios na nithe seo ag an rí, agus tá mé á rá suas lena bhéal; mar tá mé cinnte nach bhfuil aon phointe acu seo ceilte air, mar ní dhearnadh seo uile i gclúid faoi rún. A Rí Agrippa, an gcreideann tú na fáithe? Tá a fhios agam go gcreideann.” Agus dúirt Agrippa le Pól, “Creideann tú go ndéanfaidh tú Criostaí díom i seal beag!” Agus dúirt Pól, “Is cuma cé acu beag nó mór é, táim ag guí Dé go raibh sibh ní hamháin tú féin ach a bhfuil ag éisteacht liom inniu mar atá mé féin murab iad na geimhle seo.” Dʼéirigh an rí ansin, agus an t‑uachtarán agus Berníce agus a raibh ina suí ina gcuideachta; agus nuair a bhí an áit fágtha acu, dúirt siad le chéile, “Níl aon ní á dhéanamh ag an bhfear seo a thuilleas bás ná príosúnacht.” Agus arsa Agrippa le Festus, “Dʼfhéadfaí an fear seo a scaoileadh saor murab é a achomharc ar Chaesar.” Agus nuair a socraíodh go rachaimis ar long go dtí an Iodáil, cuireadh Pól agus príosúnaigh áirithe eile ar chúram ceantúra den chohórt Augustach darbh ainm Iúlius. Chuamar ansin ar bhord loinge Adramitigh a bhí le bailte cuain na hÁise a shiúl, agus chuamar chun farraige, agus bhí Aristarcas, Macadóineach as Tesaloníca linn. An dara lá thángamar i gcaladh i Siodón; agus bhí Iúlius go daonnachtúil dea-chroíoch le Pól, agus lig sé dó cuairt a thabhairt ar a chairde agus aire a fháil uathu. Chuamar amach as sin chun na farraige agus rinneamar ar thaobh an fhoscaidh den Chipir, ó bhí an ghaoth inár n‑éadan. Agus chuamar thar an réimse farraige amach ó Chilicia agus ó Phamfilia gur shroicheamar Maira i Licia. Fuair an ceantúir long as Alecsandria ansin a bhí ar aistear na hIodáile, gur chuir uirthi sinn. Chuamar go malltriallach ansin ar feadh tamaill de laethanta, agus chuir sé crua orainn béal Chnídas a bhaint amach, agus ó nár fhéadamar treabhadh ar aghaidh in éadan na gaoithe a bhí ann, chuamar ar thaobh an fhoscaidh den Chréit amach ó Shalmóne. Sheolamar leis an gcósta siúd is go mba dheacair sin, gur shroicheamar áit a dtugtar na Caomhchuanta uirthi, a raibh cathair Lasaía cóngarach di. Bhi mórán ama curtha amú againn, agus bhí sé ag éirí contúirteach an fharraige a thaobhú ó bhí laethanta an trosctha thart cheana féin, agus mar sin thug Pól iarraidh ar chomhairle a chur orthu, agus ar seisean, “A fheara, feicim nach rachaidh an t‑aistear seo thart gan dochar agus díobháil, agus nach iad an long agus a lasta amháin a bheas i mbaol dá bharr sin, ach ár mbeo féin.” Ach ba mhó an aird a bhí ag an gceantúir ar fhear stiúrach agus ar shealbhóir an tsoithigh ná ar na briathra seo Phóil. Agus ó nach raibh an cuan fóirsteanach leis an ngeimhreadh a chur thart ann, bhí an chuid ba mhó den chuideachta den bharúil go mbʼfhearr é a fhágáil agus dul ar fharraige, ó bhí súil acu go bhféadfaidís ar dhóigh éigin dul chomh fada le Fénics, cuan de chuid na Créite, atá ina luí soir ó thuaidh agus soir ó dheas, agus an geimhreadh a chur tharstu ansin. Agus nuair a bhí aithleá gaoithe aneas ann, shíl siad go raibh leo, agus thóg siad an t‑ancaire agus sheol siad leo, go dlúth do chladach na Créite. Ach níorbh fhada gur thit mórghaoth anoir aduaidh orthu ó thaobh an talaimh, a dtugtar an tonnghaoth uirthi; agus ó bhí an long gafa aici, gan é inár gcumas a tosach a thiontú léi, bʼéigean dúinn imeacht leis an ngaoth. Chuamar ar thaobh an fhoscaidh dʼoileáinín a raibh Cauda mar ainm air, agus chuir sé obair mhór orainn an bád a cheangal; agus nuair a bhí sé tógtha ar bord acu, rinne siad a ndícheall le cabhail na loinge a dhaingniú le téada; bhí eagla orthu ansin go mbuailfidís ar oitreacha na Syrtes, agus dʼísligh siad an rigín, agus lig siad di imeacht léi. Agus ó bhíomar dár ndianchoscairt ar bharr na dtonnta, tosaíodh an lá ina dhiaidh sin ag caitheamh an lasta amach san fharraige; agus an tríú lá rug siad lena lámha féin ar threalamh na loinge gur chaith thar bord é. Agus ó bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart gan grian ná réaltaí a theacht ar ár n‑amharc, agus ó nár bheag ná suarach an doineann sin a rug orainn, ní raibh dóchas ar bith fágtha againn le teacht slán as. Nuair a bhí tamall fada caite acu gan bhia, tháinig Pól chun tosaigh ina measc, agus ar seisean, “A fheara, ba é bhur gceart éisteacht liom, agus gan dul i bhfarraige ón gCréit agus an chruóg agus an caillteanas sin a thabhairt oraibh féin. Ach deirim libh anois croí a bheith agaibh; mar ní chaillfear aon duine agaibh, ach an long amháin. Mar an oíche seo bhí teachtaire agam, aingeal ón Dia sin ar leis mé agus a bhíos á adhradh agam, agus dúirt sé liom, ‘Ná bíodh eagla ort, a Phóil; caithfidh tú seasamh i láthair Chaesair; agus seo, dheonaigh Dia duit an dream uile go léir atá ar an bhfarraige i do chuideachta.’ Bíodh uchtach agaibh mar sin, a fheara, mar tá dóchas as Dia agam go dtarlóidh go díreach mar a insíodh dom. Ach caithfimid rith cladaigh a thabhairt don long ar oileán áirithe.” Mar sin an ceathrú hoíche dhéag dúinn ag imeacht ó thonn go tonn ar fud mhuir Adriad, um mheán oíche bhí barúil ag na mairnéalaigh go rabhthas ag teacht do chomhair talaimh. Thomhais siad an doimhne mar sin agus bhí sí fiche feá; agus thomhais siad arís i ndiaidh dul ar aghaidh giota eile agus bhí sí cúig fheá dhéag. Bhi eagla ansin orthu roimh dhul ar na carraigeacha, agus mar sin chuir siad ceithre ancaire amach as deireadh na loinge agus iad ag guí go ngealfadh an lá. Agus nuair a bhí na mairnéalaigh ag iarraidh éalú ón long, agus nuair a bhí an bád curtha ar thonn acu ar scáth ancairí a chur amach ar thosach na loinge, dúirt Pól leis an gceantúir agus leis na saighdiúirí, “Mura bhfanann na fir seo ar an long, ní fhéadfaidh sibh teacht slán as.” Ghearr na saighdiúirí téada an bháid ansin, agus lig siad dó imeacht leis. Go díreach roimh bhreacadh an lae, dʼagair Pól orthu uile greim bia a ghlacadh, agus dúirt sé, “Is é seo an ceathrú lá dhéag daoibh nach bhfuil aon ghreim bia blaiste agaibh le tréan imní. Táim ag moladh daoibh mar sin greim bia a chaitheamh anois; cuirfidh sé neart in bhur ngéaga, mar níl sé i ndán dʼaon duine agaibh aon ribe dá ghruaig a chailleadh.” Nuair a bhí sin ráite aige, ghlac sé arán, agus thug sé buíochas do Dhia i láthair an iomláin acu agus bhris sé é agus thosaigh ar a ithe. Ghlac siad uile uchtach ansin leis sin, agus dʼith siad féin greim bia. (Bhí iomlán dhá chéad seachtó is sé dhuine ar an long.) Agus nuair a bhí a sá ite acu, chaith siad an chruithneacht amach ar an bhfarraige leis an long a éadromú. Nuair a ghealaigh an lá, níor aithin siad an tír, ach thug siad faoi deara camas a raibh trá ann, agus chuir siad rompu rith cladaigh a thabhairt don long ansin. Mar sin chaith siad amach na hancairí, á bhfágáil ina ndiaidh san fharraige, agus san am céanna scaoil siad na téada a bhí ag ceangal na rámhaí stiúrtha; chroch siad ansin an seol mór don ghaoth agus rinne siad ar an trá. Ach bhuail siad ar oitir agus dʼfhág siad an long ina suí ansin; bhí an tosach i ngreim gan corraí as, ach gur stróic na tonnta móra an deireadh as a chéile. Bhi sé faoi na saighdiúirí na príosúnaigh a mharú, ar eagla go n‑éalódh aon duine acu ar an snámh; ach bhí toil ag an gceantúir anam Phóil a tharrtháil orthu, agus níor lig sé dóibh a mbeart a chur i gcrích. Dʼordaigh sé don mhéid acu a raibh snámh acu léim a thabhairt amach san fharraige agus an talamh a bhaint amach, agus dʼordaigh sé don chuid eile dul ar chláir nó ar phíosaí eile a briseadh den long. Agus mar sin tháinig an t‑iomlán acu i dtír slán sábháilte. Nuair a thángamar i dtír ansin, chualamar gur Málta an t-ainm a bhi ar an oileán. Agus bhí muintir an oileáin ríchineálta linn, mar dʼfhadaigh siad tine agus dʼfhear siad fáilte romhainn uile go léir, mar bhí sé ag tosú ar chur báistí, agus bhí bearradh fuar air. Bhi Pól tar éis cual connaidh a chruinniú agus a chaitheamh ar an tine, nuair a tháinig nathair nimhe amach ag teitheadh ó theas na tine a fuair greim leathláimhe air. Nuair a chonaic na hoileánaigh an phéist ar crochadh ar a láimhsean, dúirt siad lena chéile, “Dúnmharfóir atá sa duine seo gan amhras ar bith, nár lig bandia an chirt dó maireachtáil, siúd is gur tháinig sé as an bhfarraige lena bheo.” Ach chroith sé an phéist uaidh isteach sa tine gan dochar ar bith a theacht air. Bhí siadsan ag fanacht, agus súil acu go mbeadh sé ag at, nó go dtitfeadh sé maol marbh; ach nuair a dʼfhan siad ar feadh i bhfad gan aon chaill a fheiceáil air, dʼathraigh siad a n‑intinn, agus dúirt siad go mba dhia é. Anois bhí tailte ag Publius, an fear ab airde céim ar an oileán, sa chomharsanacht sin, agus chuir seisean fáilte fhíorchaoin romhainn agus thug sé dídean dúinn go fial flaithiúil seal trí lá. Tharla dʼathair Phublius bheith ina luí tinn, agus fiabhras agus dinnireacht air; agus thug Pól cuairt air agus rinne sé guí, agus leag sé a lámha air gur leigheas sé é. Nuair a tharla sin, tháinig an chuid eile de mhuintir an oileáin a raibh breoiteachtaí orthu agus leigheasadh iad. Thug siad mórán bronntanas dúinn (mar dʼonóraigh siad le mórán onóracha sinn) agus nuair a chuamar ar fharraige, chuir siad gach rud a mbeadh riachtanas againn leis ar bhord na loinge. Ráithe ina dhiaidh sin sheolamar linn i long a chuir an geimhreadh thairsti san oileán, soitheach de chuid Alecsandria a raibh an Cúpla páirteach mar dhealbh thosaigh aige. Thángamar i gcaladh i Siracús, gur fhan trí lá ansin. Chuamar thart faoin gcósta gur shroicheamar Regium, agus tar éis aon lae amháin dʼéirigh gaoth aneas, agus an dara lá thángamar go Putíolí. Fuaireamar bráithre ansin, a thug cuireadh dúinn fanacht seacht lá acu. As sin thángamar chun na Róimhe. Agus nuair a chuala na bráithre a bhí ansin iomrá orainn, tháinig siad inár n‑airicis chomh fada le Forum Appius agus na Trí Theach Tábhairne. Nuair a chonaic sé chuige iad, thug Pól buíochas do Dhia agus bhain sé méadú misnigh as. Agus nuair a thángamar isteach sa Róimh, ceadaíodh do Phól fanacht ina aonar, leis an saighdiúir a bhí á choimeád. Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé lucht ceannais Ghiúdaigh na háite le chéile; agus nuair a bhí siad cruinn, dúirt sé leo, “A bhráithre, siúd is nach raibh aon ní déanta agam in éadan ár gcine ná nósanna ár sinsear, tugadh mé i mo phríosúnach ó Iarúsailéim i lámha na Rómhánach. Nuair a bhí scrúdú déanta acusan orm, bhí fonn orthu mé a scaoileadh saor ó nach raibh aon bhreith bháis á cur i gcás domsa. Ach nuair a chuir na Giúdaigh ina éadan sin, bʼéigean dom achomharc a chur chuig Caesar—cé nach raibh aon chúis agam le lua in éadan mo chine féin. Is dá bhri sin a dʼiarr mé cead sibh a fheiceáil agus labhairt libh, ós mar mhaithe le dóchas Iosrael atá mé ceangailte leis an ngeimheal seo.” Agus ar siadsan leis, “Ní bhfuaireamar aon litir ó Iúdaea i do thaobh, agus níor thug aon bhráthair dár tháinig anoir anseo aon tuairisc ná níor labhair siad aon drochfhocal fút. Ach ba mhaith linn tú a nochtadh do thuairimí dúinn; mar is feasach dúinn i dtaobh na seicte seo go mbítear á cáineadh san uile áit.” Dʼainmnigh siad lá dó ansin, agus tháinig cuid mhór acu chuige ina lóistín. Agus mhínigh sé an gnó dóibh ó mhaidin go tráthnóna, ag tabhairt fianaise faoi ríocht Dé, agus ag iarraidh an fhírinne faoi Íosa a chur ina luí orthu as dlí Mhaois agus as leabhair na bhfáithe. Agus bhí cuid acu a chreid dá bhriathra, agus cuid nár chreid. Ó nár fhéad siad teacht ar aon intinn, dʼimigh siad leo, ach go ndúirt Pól ráiteas amháin leo an chéad uair: “Nár cheart é a dúirt an Spiorad Naomh le bhur sinsir trí bhéal Ísáia fáidh: ‘Gabh chuig an gcine seo agus abair leo, Cluinfidh bhur gcluasa ach ní bheidh tuiscint ag bhur gcroíthe, agus féachfaidh bhur súile ach ní fheicfidh siad. Mar tá croí an chine seo éirithe ramhar, agus dʼfhás a gcluasasan bodhar, agus tá a súile druidte acu; le leisce atá orthu súile le feiceáil a bheith acu, ná cluasa le héisteacht a bheith orthu, ná croí tuisceanach a bheith acu, go dtí go dtiontóidís aniar go leigheasfainn iad.’ Deirim le fios daoibh ó tá sin mar sin gur chuig na Gintlithe a cuireadh teachtaireacht an tslánaithe sin ó Dhia, agus go n‑éistfidh siadsan leis.” Agus mhair sé ansin dhá bhliain dhruidte ar a chostais féin, agus é ag cur fáilte roimh ar tháinig chuige, ag fógairt riocht Dé agus ag teagasc i dtaobh an Tiarna Íosa Críost os comhair an tsaoil gan aon bhac air. Mise Pól, seirbhíseach Íosa Críost, duine a bhfuil gairm aspail aige, agus a toghadh dʼaonghnó chun soiscéal Dé a chraobhscaoileadh, an soiscéal úd a bhí geallta roimh ré aige trí bhéal na bhfáithe i mBíobla Dé, an soiscéal úd a insíonn faoina Mhac, ba shliocht do Dháibhí de réir na folaíochta, an Mac sin ar léiríodh gurbh é Mac Dé é i gcumhachtaí de réir Spiorad na naofachta de bharr a aiséirí ó mhairbh, Íosa Críost ár dTiarna, ar trídsean a bronnadh grásta agus aspaltacht orainn le daoine a thabhairt chun géilleadh don chreideamh mar mhaithe lena ainmsean i mease na náisiún uile go léir, ar díobh sibhse a fuair an ghairm le bheith le hÍosa Críost; Daoibhse uile atá sa Róimh a bhfuil grá ag Dia daoibh, agus a fuair gairm le bheith in bhur naoimh; grásta daoibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiama Íosa Críost. Tugaim tús áite do mo bhuíochas do Dhia trí Íosa Críost ar son an iomláin agaibh, mar tá bhur gcreideamh i mbéal an domhain uile. A fhianaise sin ar Dhia, an Dia sin a mbíonn mo sprid ag saothrú shoiscéal a Mhic, gan stad orm ach bhur gcur faoi bhrí mo ghuí, agus mé ag iarraidh dʼimpí ar Dhia go dtoileoidh sé ligean dom teacht chugaibhse sa deireadh. Mar bím ag tnúth le hamharc a fháil oraibh, ionas go mbronna mé brontannas éigin spioradálta oraibh le bhur neartú, is é sin le rá, go dtógaimid croíthe a chéile leis an gcreideamh atá againn, bhur gcreideamh maraon le mo chreideamh féin. Mar táim ag insint daoibh le fonn, a bhráithre, gur minic a chuir mé romham cuairt a thabhairt oraibh (ach gurbh éigean dom a chur ar cairde go dtí seo), ionas go mbeidh fómhar á bhaint agam eadraibh mar baineadh idir an chuid eile de na Gintlithe. Táim faoi oibleagáid ag Gréagaigh agus ag neamh-Ghréagaigh, ag saoithe agus daoithe; agus mar sin de tá fonn mór orm an soiscéal a sheanmóireacht daoibhse fós, atá in bhur gcónaí sa Róimh. Mar ní fheictear dom gur ábhar náire dom an soiscéal: don uile dhuine a mbíonn creideamh aige, an Giúdach ar dtús agus an Gréagach maraon leis, is é cumhacht Dé chun sláinte é. Mar is ann a fhoilsítear fíréantacht Dé tríd an gcreideamh don chreideamh; mar atá scríofa, “An té a bhíonn ina fhíréan tríd an gcreideamh mairfidh sé beo.” Mar nochtar dian-íhearg Dé ó neamh in éadan gach aindiagacht agus coirpeacht na ndaoine sin a chuireas cosc ar an bhfírinne lena gcoirpeacht. Mar is léir dóibh an t-eolas is féidir a fháil ar Dhia, mar tá Dia i ndiaidh a nochtadh dóibh. Mar riamh anall ó chruthú na cruinne tá a nádúr dofheicthe, is é sin, a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht, go soiléir so-mhothaithe sna nithe a rinne sé. Agus fágann sin gan leithscéal iad; mar cé go raibh eolas ar Dhia acu níor thug siad onóir nó buíochas dó mar Dhia, ach bhí a n-intinn le baois agus a n-intleacht díchéillí lán de dhorchacht. Bhí meas acu orthu féin faoi bheith glic agus iad ina n-amadáin déanta, a thug glóir an Dé dho-mharaithe ar iomhánna ba chosúil leis an duine so-mharaithe, nó le héin nó le hainmhithe nó le péisteanna. Dá bhri sin lig Dia le hainmhianta a gcroíthe an mhi-gheanmnaiocht agus easonóir chorpartha a chleachtadh le chéile, de bhrí gur thug siad fírinne Dé ar bhréag agus gur adhair agus gur fhón siad na créatúir os cionn an Chruthaitheora, moladh go deo leis! Áiméan. Dá bhrí sin scaoil Dia le hainmhianta náireacha iad. Dʼathraigh a mná a gcaidreamh nádúrtha ina ní mí-nádúrtha, agus stad na fir fós ó dhul le mná agus thug antoil bhuile dá chéile, agus rinne fir gníomhartha mí-náireacha le fir agus fuair siad ina bpearsana féin an pionós sin a thuill a n-earráid. Agus ós rud é nár dheonaigh siad Dia a admháil, scaoil Dia iad chuig táire intinne agus mí-mhodhúlacht béas. Ba lán iad den uile shórt coirpeachta, dʼolc, de shaint, agus de mhailís. Lán dʼéad agus de dhúnmharú, dʼaighneas agus de mheang agus dʼurchóid, bíonn siad béadánach, cúlchainteach, fuath acu do Dhia, iad díom-asach, ardnósach, mórtasach, ina gcumadóirí oilc, easumhal do thuismitheoirí, amaideach, fealltach, cruachroíoch, míthrócaireach. Cé gur feasach dóibh go bhfuil achtaithe ag Dia go dtuilleann an dream a dhéanas amhlaidh bás, ní leor leo a ndéanamh, ach bíonn meas acu ar an dream a dhéanas amhlaidh. Ar an ábhar sin, a dhuine úd, a thugas breith ar dhuine eile, ní inleithscéil tú; óir nuair a dhaorann tú eisean daorann tú thú féin, mar bíonn na nithe céanna sin á ndéanamh agatsa agus tú i do bhreitheamh air. Tá a dhea-fhios againn go mbíonn an dream a dhéanas amhlaidh faoi bhreithiúnas ceart Dé. Agus an síleann tú, a dhuine, go rachaidh tú saor ó bhreithiúnas Dé nuair a dhaorann tú an dream a dhéanas leithéid na nithe a chleach-tas tú féin? Nó an beag leat saibhreas a mhaitheasa agus a fhadfhulaingte agus a fhoighne? Nach feasach duit go bhfuil i ndán ag maitheas Dé do thabhairt chun aithrí? Ach le cruas agus neamhaithreachas do chroí tá tú ag cur feirge i dtaisce duit féin le haghaidh lá na feirge nuair a nochtfar ceart-bhreithiúnas Dé. Mar cúiteoidh sé le cách de réir a oibreacha: an dream a bhíos go foighneach ag iarraidh glóire agus onóra agus do-mharfachta lena ndea-oibreacha, tabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh; ach ní bhfaighidh lucht an mhéirleachais nach n-umhlaíonn don Ihírinne, ach a ghéilleas don choirpeacht, ach fíoch agus fearg. Beidh buaireamh agus brón i ndán do gach duine den Ádhamhchlann dá ndéanann an t-olc, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach freisin, ach glóir agus onóir agus síocháin don uile dhuine dá ndéanann an mhaith, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach leis. Mar ní chlaonann Dia a cheart. An dream uile a rinne an peaca in éagmais an dlí rachaidh siad ar ceal gan an dlí, agus an dream a rinne peaca faoin dlí tabharfaidh an dlí breith orthu. Mar ní hiad an dream a n-éisteann a gcluasa leis an dlí is fíréanta os comhair Dé, ach an dream a chuireas an dlí i ngníomh is iadsan a mheasfar ina bhfíréin. Nuair a dhéanann Gintlithe, atá gan an dlí, mar ba dhual dóibh an méid atá ainmnithe sa dlí, is iad féin is dlí dóibh féin agus iad gan an dlí. Taispeánann siad go bhfuil an méid a ainmníos an dlí scríofa ar a gcroíthe, agus bíonn a gcoinsias ag tabhairt fianaise, agus a smaointe ag plé na cúise lena ndaoradh nó bʼfhéidir lena saoradh an lá sin nuair a thabharfas Dia breith (de réir mo shoiscéilse) ar ruin na ndaoine trí Íosa an Críost. Ach más rud é go dtugann tú Giúdach ort féin agus go mbíonn muinín as an dlí agat agus tú ag déanamh mórtais as an mbaint atá agat le Dia agus má tá fios a thola agat agus meas agat ar gach ní dá fheabhas, de bharr an teagaisc a fuair tú faoin dlí, agus má tá tú cinnte gur treoraí tú do na daill agus gur solas tú don lucht atá i ndorchadas, agus tú i do cheartaitheoir amadán, i do mhúinteoir leanaí, agus corp an eolais agus na fírinne agat san dlí— tusa, mar sin, a theagascas an mhuintir eile nach dteagascfaidh tú thú féin? An ndéanann tú goid nuair a bhíonn tú ag seanmóireacht i n-aghaidh na gadaíochta? Tusa a chrosas ar chách adhaltranas a dhéanamh, an ndéanann tú féin adhaltranas? Tusa dar fuath na híola, an mbíonn tú ag slad na dteampall? Tusa a bhíos mórtasach as an dlí, an dtugann tú easonóir do Dhia ag sárú an dlí? Óir, mar atá scríofa, “Bíonn ainm Dé faoi aithis i mease na nGintlithe i ngeall oraibhse.” Is fiúntach é an timpeallghearradh má umhlaíonn tú don dlí; ach má bhriseann tú an dlí, níl sa timpeallghearradh ach neamh-thimpeallghearradh. Dá bhrí sin, má choinn-íonn fear atá neamh-thimpeallghearrtha ordaithe an dlí, nach measfar a neamh-thimpeallghearradh mar thimpeall-ghearradh? Mar sin beidh an dream atá gan timpeallghearradh collaí ach a choinníos an dlí do bhur ndaoradh, ó bíonn an reacht scríofa agus an timpeallghearradh agaibh agus sibh ag briseadh an dlí. Mar ní Giúdach fírinneach é an té atá ina Ghiúdach ar an taobh amuigh, ná ní ní feol-mhar foirmeallach é an timpeallghearradh fírinneach. Is Giúdach i ndáiríre an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh, agus is ní a bhaineas leis an gcroí é an timpeallghearradh fírinneach, ní a bhíonn spioradálta, agus nach mbíonn de réir na litreach. Agus ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheas sé a mholadh. Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach? Nó cad é an mhaith atá sa timpeallghearradh mar sin? Is é mo fhreagra gur mór é i ngach modh. Ar dtús is leis na Giúdaigh a taobhaíodh céalmhainí Dé. Má bhí cuid acu mídhílis féin? An gcuireann a mídhílseachtsan dílseacht Dé ar neamhní? Go mba slán gach samhail! Bíodh Dia fíor siúd is go mbíonn gach duine bréagach, mar atá scríofa, “Ionas go bhfíréanófar thú i do bhriathra, agus go bhfaighe tú bua nuair a chuirtear breithiúnas ort.” Ach más rud é go mbíonn ár gcoirpeacht ag nochtadh cheart Dé, cad é a déarfaimid? An ndéarfaimid nár cheart do Dhia a fhíoch a imirt orainn? (Ní labhraím ach ar nós duine.) Go mba slán gach samhail! Ach ab é sin, conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan? Ach cuir i gcás nach ndéanann mo bhréagasa ach fírinne Dé a nochtadh ag cur lena ghlóirsean, cad chuige mo dhaoradh mar pheacach ina dhiaidh sin? Agus cad chuige gan an t-olc a dhéanamh chun go dtaga an mhaith as? Cuireann lucht na cúlchainte síos dúinn go mbímid á rá sin. Is ceart a ndaoradhsan. Agus ansin? An fearrde sinn a bheith inár nGiúdaigh? Ní fearrde sinn ar aon slí; mar tá sé cruthaithe againn cheana go bhfuil na daoine uile, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, faoi chumhacht an pheaca, mar atá scríofa: “Níl aon duine fíréanta, níl fiú aon duine amháin; ní thuigeann aon duine, ní iarrann aon duine Dia. Chuaigh siad uile as an tslí, chuaigh siad le chéile ar seachrán; níl aon duine a dhéanas an mhaith, fiú aon duine amháin.” “Is uaigh bhéal-oscailte a gcraos-san, is uirlis mheanga a dteangasan.” “Bíonn nimh na nathracha nimhe faoina mbéil.” Bíonn a mbéil lán de mhallachtaí agus de shearbhadas. “Ní bhíonn moill orthu chun doirteadh fola, leanann an buaireamh agus an bascadh ar a lorg. Agus ní feasach dóibh slí na síochána.” “Níl eagla Dé os comhair a súl.” Is feasach dúinn anois an méid a deir an dlí go ndeir sé é leis an dream sin atá faoin dlí, ionas go gcuirtear gach béal ina thost, agus go mbeidh an domhan ar fad freagrach do Dhia. Mar ní fhíréanófar aon mhac máthar os a choinne trí oibreacha an dlí, ós tríd an dlí a fhaightear fios ar an bpeaca. Ach anois is amhlaidh a nochtadh fíréantacht Dé in éagmais an dlí, siúd is go dtugann an dlí agus na fáithe fianaise ina taobh, i dtaobh fhíréantacht Dé trí chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh uile. Óir níl aon difríocht ann; ós rud é go ndeama siad uile go léir peaca agus nár shroich siad glóir Dé, fíréanaítear iad trína ghrásta mar bhronntanas, tríd an tsláinte atá in Íosa Críost, a thug Dia chun tosaigh chun go mbeadh a fhuilsean ina héiric a ghlacfar le creideamh. Tharla sin le go nochtfaí fíréantacht Dé, ó lig sé na sean-pheacaí thairis ina fhoighne dhiaga; tharla sé le go ndearbhófaí gur fíréanta é féin agus go bhfíréanaíonn sé an té a chreideas in Íosa. Cá bhfuil ábhar ár maíte mar sin? Is é mo fhreagra nach bhfuil slí dó ann. Cad é a chuirtear i bhfáth? An oibreacha? Ní hamhlaidh, is é an creideamh a chuirtear i bhfáth. Mar is deimhin linn go bhfíréanaítear duine in éagmais oibreacha an dlí. Nó an Dia do na Giúdaigh amháin é Dia? Nach Dia é do na Gintlithe freisin? Is ea, is é Dia na nGintlithe é freisin; ós aon Dia amháin é; agus fíréanóidh sé lucht an timpeallghearrtha ar shéala a gcreid-imhsean agus fíréanóidh sé an dream nár timpeallghearradh trína gcreideamhsan. An gcuirimid an dlí ar ceal tríd an gcreideamh sin? A mhalairt! Is é rud, bímid ag dearbhú an dlí. Cad é a déarfaimid ansin i dtaobh Abrachaim, ár sinsear fola agus feola? Mar más trí oibreacha a fíréanaíodh Abracham, tá ábhar maíte aige. Ach níl sin aige i láthair Dé. Mar cad é a deir an Scrioptúr? “Chreid Abracham Dia agus measadh mar fhíréantacht dó é.” Anois maidir leis an té a dhéanas obair, meastar nach bronntanas, ach gur rud é a thagas chuige ó cheart, a thuarastal. Agus an té nach ndéanann obair ach a chuireas a mhuinín san té a fhíréanaíos an duine neamh-dhiaga, meastar a chreideamhsan mar fhíréantacht. Agus foilsíonn Dáibhí beannacht ar an té a mheastar do Dhia a bheith fíréanta in éagmais oibreacha; “Is beannaithe an dream a maitear a mí-ghníomhartha agus a gcumhdaítear a gcoireanna; is beannaithe an duine sin nach n-áiríonn an Tiama a pheaca ina éadan.” An bhfoilsítear an bheannacht sin ar an dream a timpeallghearradh, nó orthusan agus ar an dream neamh-thimpeallghearrtha freisin? Deirimid gur measadh an creideamh mar fhíréantacht dʼAbracham. Conas mar sin a measadh dó í? Ar measadh é roimh a thimpeallghearradh nó ina dhiaidh? Ní roimhe ach ina dhiaidh. Fuair sé an timpeallghearradh mar chomhartha nó mar shéala ar an gcreideamh sin a bhí aige roimh ré nuair a bhí sé fós gan bheith timpeallghearrtha. Ba é an chúis a bhí leis, le é bheith ina athair don dream sin a chreideas agus dá meastar an fhíréantacht siúd is nár timpeallghearradh iad, agus ina athair mar an gcéanna don dream sin a bhíos ní hamháin timpeallghearrtha ach a leanas eiseamláir an chreidimh sin a bhí ag ár sinsear Abracham roimh a thimpeallghearradh. An gealltanas úd a tugadh dʼAbracham agus dá shliocht, go bhfaighidís an domhan mar oidhreacht, ní tríd an dlí ach trí fhíréantacht an chreidimh a tháinig sé. Más iad lucht leanúna an dlí atá le bheith ina n-oidhrí, déantar neamhní den chreideamh agus cuirtear an gealltanas as feidhm. Óir oibríonn an dlí an fhearg, ach an áit nach bhfuil dlí ann ní féidir iomarbhas dlí a bheith ann. Ar an ábhar sin, bíonn an gealltanas ag brath ar an gcreideamh, ar nós go rachaidh sé i muinín an ghrásta agus go ndaingnítear é dá shliocht uile—ní hamháin do lucht leanúna an dlí ach don dream a mbíonn an creideamh céanna sin acu a bhí ag Abracham, ós é is athair againn uile go léir, de réir an ní atá scríofa, “Tá athair déanta agam díot ar mhórán náisiún”—a fhianaise sin ar an Dia ar chreid sé ann, an Dia a dhéanann na mairbh beo agus a ghlaonn na nithe nach bhfuil ann fós le bheith ina mbeatha. Siúd is nach raibh aon ábhar dóchais aige chreid Abracham go dóchasach, go mbeadh sé ina athair ag mórán náisiún; de réir mar a insíodh dó, “Is amhlaidh a bheidh do shliocht.” Níor lagaíodh ar a chreideamh agus mairbhe a choirp féin (mar bhí sé i gcionn a chéad bliain), agus aimride Shára lena bhfeiceáil aige go soiléir. Ní raibh amhras ná easpa chreidimh air i dtaobh a raibh geallta ag Dia, ach is é rud a neartaíodh lena chreideamh nuair a thug sé an ghlóir do Dhia, mar bhí sé deimhin dearfa de go bhféadfadh Dia an ní a bhí geallta aige a chomhlíonadh. Agus is é sin an fáth go raibh meas fíréantachta ar an gcreideamh sin aige. Ach níor scriobh-adh an méid sin gur, “tugadh an meas sin air,” mar mhaithe leis-sean amháin, ach mar mhaithe linne fós. Tabharfar an meas céanna sin orainn má chreidimid san té a thóg Íosa ár dTiarna ó na mairbh. an té sin ar tugadh a bhás i ndíol ár gcoireanna agus a tógadh ó na mairbh le fíréin a dhéanamh dínn. Ós rud é gur fíréanaíodh mar sin trí chreideamh sinn, bímid i siocháin le Dia trínár dTiarna Íosa Críost. Is trídsean a fuaireamar caoi le bheith ar staid seo na ngrást, agus bainimid lúcháir as ár ndóchas chun bheith rannpháirteach i nglóir Dé. Agus ní hamháin sin, is ábhar lúcháire dúinn na pianta a fhulaingímid, ós feasach dúinn go bhfásann teacht aniar as fulaingt péine, agus go ngin-eann teacht aniar dea-thréithe, agus go ngineann dea-thréithe dóchas, agus nach bhfeallann an dóchas seo orainn, de bhrí gur doirteadh grá Dé inár gcroíthe tríd an Naomh-Spiorad a tugadh dúinn. Nuair a bhíomar ró-chloíte le cuidiú linn féin, ba é sin an t-am cóir ar thug Críost é féin don bhás ar son na ndaoine míchráifeacha. Is ar éigin a gheobhadh aon duine bás ar son fíréin—cé go bhféadfadh duine, bʼfhéidir, bás a lháil ar son dea-dhuine. Ach is mar sin a nocht Dia an grá a thug sé dúinn go bhfuair Críost bás ar ár son nuair a bhíomar fós inár bpeacaigh. Agus ós rud é gur fíréan-aíodh sinn lena fhuil, is móide a tharrthóidh sé sinn ó dhian-fhearg Dé. Mar, más rud é gur snaidhmeadh cair-deas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic bíodh gur naimhde a bhí fós ionainn, nach móide go mór a tharrthóidh a bheatha sinn agus an cairdeas sin déanta? Agus ní hamháin sin, bíonn Dia ina ábhar áthais againn trínár dTiarna Íosa Críost, an té ar ghlacamar ár gcreideamh tríd. Mar sin, mar tháinig an peaca isteach sa saol tríd an t-aon duine amháin agus mar tháinig an bás ar shála an pheaca, agus mar leathnaigh an bás ar fud na hÁdhamh-chlainne uile de bhrí nach raibh duine acu gan pheacú— mar bhí an peaca ann sul ar tugadh an dlí, ach ní áirítear ann don pheaca nuair nach ann don dlí. Ach bhí an bás i réim ó am Ádhaimh go ham Mhaoise, go fiú os cionn an dreama nach ndearna peaca mar pheaca Ádhaimh, a bhí ina réamhchomhartha den té sin a bhí le teacht. Ach is neamhionann an bronntanas agus an sárú dlí sin. Is iomaí sin duine ar thug an choir sin a bhás, ach is mó go mór é grásta Dé agus is mó grásta an aon fhir amháin sin Íosa Críost agus is saibhre iad don slua mór. Agus is neamhionann an bronntanas agus toradh peaca an aon fhir amháin úd. Mar tugadh breith ar aon choir amháin agus ba dhaorbhreith í, ach lean an bronntanas mórán coireanna agus thug sé fíréantacht leis. Anois más rud é gur thug coir an aon fhir amháin an bás i réim tríd an t-aon fhear amháin sin, is móide go mór a bheidh bua agus beatha trí Íosa Críost ag an dream a ghlacas le saibhreas na ngrást agus le bronntanas na fíréantachta. Agus ansin, mar tugadh daorbhreith ar an Ádhamhchlann uile mar gheall ar aon choir amháin an aon fhir amháin, tugtar saorbhreith agus beatha don Ádhamchlann uile mar gheall ar ghníomh fíréanta an aon fhir amháin. Rinneadh peaca de mhórán as siocair easumhlaíochta an aon duine amháin, agus déantar fíréin de mhórán le humhlú aon fhir amháin. Tháinig an dlí leis an choir a mhéadú; ach dá mhéid é an peaca, ba mhó go mór an grásta ná é, ionas go mbeadh an réim a bhí roimhe sin ag an bpeaca de bharr an bháis, ionas a deirim go mbeadh an réim sin ag an ngrásta tríd an bhfíréantacht go dtí go mbeadh an bheatha shíoraí againn trí Íosa Críost ár dTiarna. Cad é is cóir dúinn a rá ansin? An rachaimid ar aghaidh leis an bpeaca go mba mhóide don ghrásta? Ní hamhlaidh! Fuaireamar bás don pheaca, agus cad é mar a ligfimid dó bheith beo ionainn fós? Mar an é nach bhfuil a fhios agaibh an méid againn a fuair baiste in ainm Íosa Críost go bhfuil glactha againn le baiste a bháis? Táimid marbh agus curtha ina chuideachta ag an mbaiste, chun go gcaithimid beatha úmua dála Chríost a dʼéirigh ó na mairbh trí ghlóir an Athar. Más rud é mar sin go bhfuilimid comhcheangailte leis i gcosúlacht a bháis, is cinnte go gcomhcheanglófar leis sinn i gcosúlacht a aiséirí. Tá a fhios againn gur crochadh an duine a bhí ionainn ar a chrois, ionas go gcuirfí chun báis an corp peacúil, chun nach mbeadh greim ag an bpeaca orainn. Mar an té atá marbh ní bhíonn greim ag an bpeaca air. Ach má táimid tar éis bás a fháil le Críost, creidimid go mairfimid beo leis. Mar tá a fhios againn nach bhfaighidh Críost bás arís tar éis a aiséirí ó na mairbh; ní bhíonn ceannas ag an mbás air níos mó. An bás a fuair sé ba don pheaca a fuair sé é an t-aon uair amháin, ach is beatha do Dhia an bheatha a chaitheann sé anois. Is cóir daoibh mar sin a mheas go bhfuil sibh féin marbh básaithe don pheaca, agus beo beathach do Dhia in Íosa Críost. Ná bíodh an peaca i réim mar sin in bhur gcoirp shomharfa, le humhlú dá n-ainmhianta. Ná géilligí bhur mbaill don pheaca le bheith mar uirlisí ag an ole, ach géilligí sibh féin do Dhia mar dhaoine a tugadh ó bhás go beatha, agus géilligí bhur mbaill do Dhia mar uirlisí na fíréantachta. Mar ní bheidh aon cheannas ag an bpeaca oraibh níos mó, ó nach bhfuil sibh faoin dlí ach faoin ngrásta. Cad é ina dhiaidh sin? An gceadófar dúinn peaca a dhéanamh ó nach bhfuilimid faoin dlí, ach faoin ngrásta? Níl sin amhlaidh ar chor ar bith! Nach feasach daoibh má tá sibh i ndiaidh géilleadh dʼaon duine mar dhaoir ag umhlú dó, go bhfuil sibh i ndaoirse ag an té sin a mbíonn sibh ag umhlú dó, más é an peaca é, a thugas chun báis, nó más í an umhlaíocht í, a thugas chun na fíréantachta? Ach buíochas le Dia, go bhfuil sibhse a bhíodh roimhe sin faoi dhaoirse an pheaca i ndiaidh umhlú ó chroí do chló an teagaisc sin a cuireadh romhaibh, agus gur saoradh ón bpeaca sibh, agus go bhfuil sibh in bhur ndaoir ag an bhfíréantacht. Is ó thaobh an duine de a labhraim, de bhrí na laige atá san fhuil agus san fheoil. Mar fé mar a ghéilleadh sibh bhur mbaill don neamhghlaine agus do thuilleadh mór den urcbóid, tá oraibh anois bhur mbaill a ghéilleadh don fhíréantacht le go naomhófaí iad. San am a raibh sibh faoi ghlais dhaoirse an pheaca, bhí saoirse agaibh ón bhfíréantacht. Ach cad é an leas a bhain sibh as na nithe nach bhfuil anois agaibh ach ina n-ábhar náire agus ceann faoi? Is é an bás toradh na nithe sin. Ach anois ó saoradh sibh ón bpeaca agus ó tá sibh in bhur ndaor-ghiollaí ag Dia, is í an tairbhe atá á fáil agaibh as naomhacht beatha, agus an bheatha shíoraí a chuireas ceann air. Mar is é an bás tuarastal an pheaca, ach tugann Dia mar shaoraisce uaidh an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna. Nach fada feasach daoibh, a bhráithre—mar is libhse atá eolach ar an dlí atáim ag labhairt—nach gceangl-aíonn an dlí an duine ach i rith a bheatha amháin? Mar shampla ceanglaíonn an dlí an bhean phósta dá fear chomh fada agus a mhaireann sé, ach má fhaigheann an fear bás scaoiltear í ón dlí chomh fada agus a bhaineas sé leis an bhfear. Dá réir sin tabharfar adhaltranach uirthi má théann sí in aontíos le fear eile chomh fada agus a bhíonn a fear céile beo. Ach má fhaigheann a fear bás is saor í ón dlí úd, agus má phósann sí fear eile ní adhaltranach í. Mar an gcéanna, a bhráithre liom, is marbh sibh don dlí trí chorp Chríost, ionas go mbeidh sibh ag fear eile, a tógadh ó na mairbh le go dtabharfaimid toradh i nDia. Chomh fada agus a chaithimis ár mbeatha go collaí, bhíodh ár n-ainmhianta coirpeacha á ndúiseacht ag an dlí agus iad ag oibriú inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh chun an bháis. Ach anois scaoiltear ó chuing an dlí sinn, agus táimid marbh don ní a rinne príosúnaigh dínn, ionas nach mbímid ag déanamh seirbhíse de réir na sean-scríbhinne ach de réir bheatha úrnua an Spioraid. Cad é a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hamhlaidh! Ní bheadh eolas agam ar an bpeaca murach an dlí. Ní bheadh a fhios agam cad é is saint ann mura mbeadh ráite ag an dlí “Ná santaigh.” Ach is é an peaca a fuair faill orm tríd an aithne a dʼoibrigh gach aon chineál sainte ionam. Bíonn an peaca marbh nuair nach mbíonn an dlí ann. Bhí am ann ar mhair mé gan baint le dlí, agus nuair a tháinig an aithne, dʼathbheoigh an peaca agus fuair mise bás; an aithne féin a gheall an bheatha, is í a thug mo bhás. Mar fuair an peaca faill orm tríd an aithne le mo mhealladh agus mo bhású. Mar sin is naofa an dlí, agus is naofa fíréanta fónta í an aithne. An é an ní a bhí maith a thug mo bhás? Ní hamhlaidh! Ba é an peaca é, ag oibriú an bháis ionam tríd an ní a bhí maith ann féin, ionas go dtaispeánfaí gur peaca é an peaca, agus go n-éireodh sé peacúil as cuimse tríd an aithne. Is feasach dúinn gur spioradálta é an dlí; ach tá mise collaí agus mé díolta ceannaithe ag an bpeaca. Ní thuigim mo ghníomhartha féin. Mar ní dhéanaim an ní is toil liom, ach an ní is mó is fuath liom. Anois má bhím ag déanamh an ní nach toil liom, admhaím gur maith é an dlí. Mar sin ní mise a bhíos á dhéanamh, ach an peaca a bhíos ina chónaí ionam. Mar is feasach dom nach gcónaíonn aon ní fónta ionam, is é sin le rá i mo cholainn. Is féidir liom an ní is cóir a thoiliú, ach ní féidir liom a dhéanamh. Mar ní bhím ag déanamh an mhaith is toil liom, ach is é an t-olc nach toil liom a bhíos á dhéanamh agam. Anois má bhím ag déanamh an ní nach toil liom, ní mise a bhíos á dhéanamh ach an peaca a bhíos ina chónaí ionam istigh. Aithním mar sin gur dlí é nuair is mian liom an mhaith a dhéanamh, go mbíonn an t-olc i bhfoisceacht dom. Mar i mo chroí istigh bíonn dúil agam i ndlí Dé. Ach feicim dlí eile ar fud mo bhall atá i gcogadh le dlí mʼintinne a bhíos ag déanamh braighdeanaigh díom do dhlí an pheaca atá ina chónaí i mo bhaill. Mo mhíle mairg! Cé a fhuasclóidh mé ó cholainn seo an bháis? Buíochas le Dia trí Íosa Críost ár dTiarna! Mar sin bím féin ag umhlú do dhlí Dé i mʼintinn agus ag umhlú do dhlí an pheaca le mo cholainn. Mar sin níl aon daorbhreith i ndán don dream atá aontaithe leis an gCríost, le hÍosa. Mar táim saortha ó dhlí an pheaca agus an bháis ag dlí Spiorad na beatha atá sa Chríost, in Íosa. Mar rinne Dia ní nach féidir leis an dlí, atá ag dul in isle bhrí de bharr na colainne, a dhéanamh: chuir sé uaidh a Mhac féin i gcosúlacht na colainne peacúla agus ar son an pheaca, agus dhaor sé an peaca sa cholainn, ionas go gcomhlíonfaí ceart an dlí ionainne, nach gcaitheann ár mbeatha de réir na colainne ach de réir an Spioraid. Mar an dream a chaitheas a mbeatha de réir na colainne, ní bhíonn ar a n-intinn ach nithe collaí, ach an dream a chaitheas a mbeatha de réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíos a n-intinn siúd. Is bás é an intinn chollaí, ach is beatha agus síocháin an intinn a dhíriú ar an Spiorad. Mar is naimhdeach do Dhia an intinn a dhírítear ar an gcolainn; ní ghéilleann sé do dhlí Dé, ó nach féidir leis géilleadh dó; agus an dream a bhíos aontaithe leis an gcolainn ní féidir leo bheith tait-neamhach do Dhia. Ach níl sibh sa cholainn, ach sa Spiorad, más fíor go gcónaíonn Spiorad Dé ionaibh. Ach an duine nach bhfuil Spiorad Dé ann ní le Críost é. Ach má tá Críost istigh ionaibh, siúd is go mbíonn bhur gcorp marbh de thairbhe an pheaca, bíonn bhur sprid beo de thairbhe na fíréantachta. Más rud é go gcónaíonn Spiorad an té a thóg Íosa ó na mairbh ionaibh, tabharfaidh an té a thóg an Críost, Íosa, ó na mairbh beatha do bhur gcoirp sho-mharfa fós trína Spioradsan a chónaíos ionaibh. Dá bhrí sin, a bhráithre, tá fiacha le híoc againn, ní leis an gcolainn, agus sinne ag caitheamh beatha collaí— mar má chaitheann tú beatha chollaí beidh do bhás air, ach más í beatha an Spioraid a chaithfeas tú, básaíonn tú gníomhartha na colainne, agus mairfidh tú beo. Mar an dream a threoraítear le Spiorad Dé is iadsan clann mhac Dé. Mar níl glactha agaibh le sprid na daoirse le titim ar gcúl chun na heagla, ach tá glactha agaibh le sprid mhaicne. Nuair a ghlaoimid, “Abba! a Athair!” bíonn an Spiorad é féin in éineacht lenár sprid féin ag déanamh fianaise gur clann Dé sinn. Agus más clann sinn, is oidhrí sinn, oidhrí ag Dia inár gcomhoidhrí le Críost ar choinníoll go bhfulaingímid ina chuideachta ionas go nglóirítear sinn ina chuideachta. Measaim nach fiú pianta an ama i láthair a chur i gcomparáid leis an nglóir atá le nochtadh dúinn. Mar bíonn ar cruthaíodh ag tnúth le nochtadh chlann mhac Dé; mar cuireadh ar cruthaíodh faoi smacht na leimhe, ní óna thoil féin ach ó thoil an té a chuir air é i ndóchas; ós ní é go saorfar ar cruthaíodh óna dhaoirse agus ón meath leis an tsaoirse ghlórmhar sin a fháil a bhíos ag clann mhac Dé. Is feasach dúinn go raibh ceas naíon ar ar cruthaíodh uile agus é ag cneadach go dtí anois; agus ní hé ar cruthaíodh amháin ach sinne a bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn, bímid ag cneadach ionainn féin ag tnúth lenár nglacadh mar chlann mhac uchta, le slánú ár gcorpna. Mar is é sin an dóchas inar slánaíodh sinn. Anois ní dóchas é an dóchas sin a fheictear. Mar cé aige a mbíonn dóchas leis an ní a fheiceann sé? Ach má bhíonn dóchas againn le ní nach bhfeicimid, bímid ag fanacht go foighneach leis. Mar an gcéanna cuidíonn an Spiorad linn inár laige; mar ní thuigimid conas urnaí a dhéanamh mar ba choir, ach bíonn an Spiorad é féin le hosnaí a sháraíos aon insint ag idirghuí ar ár son. Agus an té sin a scrúdaíos croíthe na ndaoine is feasach dósan intinn an Spioraid, mar bíonn an Spiorad ag idirghuí ar son na naomh de réir thoil Dé. Is feasach dúinn nach bhfuil aon ní ann nach n-oibríonn Dia chun leas an dreama a thug grá dó, agus a fuair gairm de réir a rúinsean. Mar réamhordaigh sé an dream a réamhaithin sé le dul i gcosúlacht íomhá a Mhic, ionas go mba é an chéadghin mhic é i mease mórán deartháireacha. Agus an dream a réamhordaigh sé ghlaoigh séiad freisin; agus an dream a ghlaoigh sé dʼfhíréanaigh sé iad freisin; agus an dream a dʼfhíréanaigh sé rinne sé glórmhar iad freisin. Cad é a déarfaimid mar fhreagra? Má tá Dia linn, cé tá inár n-éadan? An té nár mhór leis scaradh go toilteanach lena Mhac féin ar ár son uile, an bhfuil aon ní ann nach dtabharfaidh sé dúinn ina chuideachta? Cé a chuirfeas aon chúis i leith lucht tofa Dé? Is é Dia a fhíréanaíos; cé a dhaorfas? An é Íosa Críost a dʼéag, is é, agus a tógadh ó na mairbh, agus atá ar láimh dheas Dé, a bhíos ag idirghuí ar ár son? Cé a thioefas idir sinn agus grá Chríost? An trioblóid, nó crá, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht. nó contúirt, nó claíomh? Mar atá scríofa, “Mar mhaithe leat bítear dár marú i rith an lae; meastar sinn mar chaoirigh atá le marú.” Ní hea, beirimid craobh an bhua sna nithe sin uile tríd an té a thug grá dúinn. Mar táim cinnte nach féidir le bás, ná le beatha, ná le haingil, ná le hardchumhachtaí neamhaí, ná lena bhfuil ann anois nó lena mbeidh ann san am atá le teacht, ná le húdaráis, ná le hairde ná le doimh-neacht, ná le ní ar bith eile dár cruthaíodh, teacht idir sinn agus grá Dé in Íosa Críost ár dTiarna. Táim ag insint na fírinne i gCríost, níl mé ag insint bréige; a fhianaise sin ar mo choinsias sa Spiorad Naomh, go mbíonn brón mór agus buaireamh síoraí ar mo chroí. Mar dʼfhéadfainn guí mé féin a bheith mallaithe agus scartha go deo le Críost mar mhaithe le mo bhráithre agus daoine muinteartha mo chine. Is Iosraelít-igh iad, agus is leo ceart na mac, agus an ghlóir, agus na cúnaint, agus reachtú an dlí, agus adhradh Dé, agus na gealltanais; is leo na huasalaithreacha, agus is díobh an Críost de réir na colainne. Dia atá os cionn a bhfuil ann go mba bheannaithe é go deo. Áiméan. Ach ní ionann sin agus a rá gur theip ar bhriathra Dé. Mar ní le hIosrael an mhuintir uile is dʼIosrael. Agus ní hiad claim Abrachaim iad uile a tháinig de; ach “Is trí Íosóg a ainmneofar do shliocht.” Is é a chiallaíos sé sin, nach iad clann Dé iad clann na colainne, ach go meastar clann an ghealltanais mar shliocht. Mar is é a dúirt an gealltanas, “Faoin am seo fillfidh mé agus beidh mac ag Sára.” Agus ní hé sin amháin, ach freisin nuair a bhí clann i mbroinn Rebecca ón t-aon fhear amháin, ár sinsear Íosóg, cé nár saolaíodh fós iad agus cé nach raibh ní maith ná ole déanta acu, ionas go seasfadh rún tofa Dé, ní as siocair na n-oibreacha ach as siocair na gairme, insíodh di, “Beidh an sinsear ag umhlú don sóisear.” Mar atá scríofa, “Thug mé grá do Iácób, ach thug mé fuath do Ésau.” Cad é atá le rá againn ina dhiaidh sin? An é go bhfuil Dia san éagóir? A mhalairt! Mar deir sé le Maois, “Beidh trócaire agam ar an té a mbeidh trócaire agam air, agus déanfaidh mé trua don té sin a ndéanfaidh mé trua dó.” Mar sin ní ar thoil ná ar shaothar an duine atá sé ag brath, ach ar thrócaire Dé. Mar is é a deir an Scrioptúr le Pharao, “Tá tú ardaithe agam chun go dtaispeánfainn mo chumhacht ionat, chun go luaifear mʼainm ar fud an domhain.” Mar sin de bíonn trócaire aige ar an té is toil leis, agus cruann sé croí an té is toil leis. Is é do fhreagra air sin, “Cad chuige mar sin a mbíonn locht aige ar dhuine? Nó cé a fhéadann cur in aghaidh a tholasan?” Ach tusa, ar duine tú, ag tabhairt aisfhreagra ar Dhia? An ndéarfaidh an chumadóireacht leis an gcuma-dóir, “Cad chuige a ndeama tú mar sin mé?” Nach bhfuil ceart ag an bpotaire ar an gcré, soitheach áilleachta agus soitheach umhlóideach a dhéanamh as an gcnap céanna cré? Agus cad é sin duitse, más rún é gur mian le Dia a fhearg a fhoilsiú agus a mhórchumhacht a nochtadh, agus gur fhulaing sé go mórfhoighneach soithigh na feirge a bhfuil an scrios i ndán dóibh, ionas go nochtfaidh sé saibhreas a ghlóire i gcomhair shoithigh na trócaire, atá ullmhaithe aige roimh ié le haghaidh na glóire, mar atá inár gcomhaime, i gcomhair an dreama a ghlaoigh sé, ní hamháin as na Giúdaigh ach as na Gintlithe freisin? Agus ar ndóigh deir sé é sin i Hóséa, “An dream nárbh iad mo mhuintir iad gairfidh mé ‘mo mhuintir’ díobh, agus í siúd nárbh ansa liom gairfidh mé ‘mʼansacht’ di.” “Agus san áit sin ar dúradh leo, ‘ní de mo mhuintir daoibh.’ gairfear ‘clann mhac an Dé bhí’ díobh.” Agus deir Ísáia os ard i dtaobh Iosrael: “Siúd is nach lia gráinní gainimh na farraige ná clann Iosrael, ní shlánófar díobh ach iarsma; mar cuirfidh an Tiama a bhreith i bhfeidhm ar an talamh go dian deifreach.” Agus de réir thairngreacht Ísáia, “Murabh é gur fhág Tiama na slua clann dúinn, bheadh íde Shodóim orainn agus ba chosúil le Gomarra sinn.” Cad é tá orainn a rá mar sin? Is é rud é, na Gintlithe nach raibh iarraidh acu ar an bhfíréantacht, tá sé sroichte acu, is é sin fíréantacht trí chreideamh; ach Iosrael a lorg an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an dlí, níor éirigh leosan an dlí úd a chomhlíonadh. Cad chuige? De bhrí nár lean siad trí chreideamh é, ach mar a bheadh sé bunaithe ar oibreacha. Bhain an chloch thuisle tuisle astu, mar atá scríofa, “Féach, táim ag cur síos i Sión cloch a bhainfeas tuislí as daoine, carraig a leagfas iad ar lár; agus an té a chreideas ann ní chuirfear náire air go deo.” A bhráithre, is é mian mo chroí agus mo ghuí le Dia go slánaítear iad. Táim i mʼfhinné go bhfuil dúthracht acu ar son Dé, ach is dúthracht gan léargas é. Mar ó bhí siad aineolach faoin bhfíréantacht a thagas ó Dhia, agus ó bhí siad i bhfáth lena bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad dʼfhíréantacht Dé. Mar is é Críost is críoch don dlí, go dtí go bhfíréanaítear gach duine a mbíonn an creideamh aige. Tá scríofa ag Maois faoin bhfear a chuireas i ngníomh an fhíréantacht atá bunaithe ar an dlí, go mairfidh sé beo dá bharr. Ach is é a deir an fhíréantacht atá bunaithe ar an gcreideamh. Ná habair i do chroí, “Cé a rachas suas ar neamh dúinn?” (Is é sin, le Críost a thabhairt anuas chugainn) nó “Cé a rachas síos san áibhéis dúinn?” (is é sin le Críost a thabhairt aníos chugainn ó na mairbh). Ach cad é a deir sé? Ní fada uait an briathar, atá ar do bhéal agus i do chroí (is é sin, briathar an chreidimh a bhíos á sheanmóireacht againn); ar an ábhar seo, má admhaíonn do bhéal gurb é Íosa do Thiarna agus má chreideann do chroí gur thóg Dia ó na mairbh é, slánófar thú. Mar creid-eann croí duine agus is amhlaidh a shlánaítear duine, agus admhaíonn sé lena bhéal agus is amhlaidh a shlánaítear é. Is é a deir an scrioptúr, “Ní náireofar aon duine dá gcreideann ann.” Mar níl aon idirdhealú idir Giúdach agus Gréagach; is é an t-aon Tiama amháin atá mar Thiarna os cionn cáich, agus a bhronnas a mhaoin ar gach dá nglaonn air. Mar “níl duine dá nglaonn ar ainm an Tiarna nach slánófar.” Ach conas a ghlaofas daoine ar Thiarna nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfeas siad i dTiarna nár chuala siad faoi? Agus conas a chluinfeas siad gan sean-móirí? Agus conas a fhéadann siad seanmóireacht mura gcuirtear amach chuige sin iad? Mar atá scríofa, “Nach álainn atá cosa sheanmóirí an dea-scéil!” Ach níor thug siad uile aird ar an soiscéal; mar is é a deir Ísáia, “A Thiarna, cé a chreid ar chuala sé uainn?” Mar sin tagann an creideamh óna gcluintear, agus tagann a gcluintear ó fhocal Chríost. Ach ceist agam oraibh, an é nár chuala siad? Chuala siad ar ndóigh; nó “Chuaigh a nglór ar fud an talaimh, agus a mbriathra go coirnéil an domhain.” Ceist agam oraibh arís, an é nár thuig Iosrael? Is é a deir Maois ar dtús, “Cuirfidh mé éad oraibh le dream nach bhfuil ina náisiún; agus cuirfidh mé fearg oraibh faoi náisiún amaideach.” Agus ansin bíonn sé de dhánacht ag Ísáia a rá, “An dream nár lorg mé is iad a fuair mé; an dream nár iarr mé, is dóibh a nocht mé mé féin.” Ach is é a deir sé i dtaobh Iosrael, “I rith an lae shin mé mo lámha chuig cine easumhal, contrártha.” Fiafraím, ansin, ar dhiúltaigh Dia a mhuintir féin? Ní dheama ar chor ar bith! Is Iosraelíteach mé féin, de shliocht Abrachaim, de threabh Bheniamín. Níl diúlt-aithe ag Dia do mhuintir a raibh eolas aige roimh ré orthu. Nach feasach duit a ndeir an Scrioptúr i dtaobh Elia, conas a agraíos sé Dia in aghaidh Iosrael? “A Thiarna, mharaigh siad dʼfháithe, agus scrios siad dʼaltóiri, agus níl fágtha ach mé féin, agus tá mʼanam uathu.” Ach cad é freagra Dé air? “Tá caomhnaithe agam i mo chomhair féin seacht mile fear nár fheac a nglúin roimh Bhaal.” Mar an gcéanna san am i láthair freisin tá iarsma ann, a toghadh le grásta. Ach más le grásta, níl sé bunaithe ar oibreacha; mar, dá mbeadh, ní bheadh an grásta ina ghrásta ní ba mhó. Cad é a thagann de sin? Theip ar Iosrael an ní a dʼiarr sé a fháil. Fuair an dream tofa é, ach cruadh croí na coda eile, mar atá scríofa, “Cuir Dia toirchim shuain orthu, súile caocha agus cluasa bodhra, go dtí an lá inniu.” Agus deir Dáibhí, “Go raibh a bhféasta mar dhol agus mar phaintéar, mar ghaiste agus mar chúiteamh leo; go raibh a súile dorcha chun nach bhfeice siad, agus cromtar a ndroim go deo.” Fiafraím mar sin, ar baineadh tuisle astu chun go dtitfidís? Ní hamhlaidh! Ach is trína gciontasan a tháinig slánú chun na nGintlithe, le héad a chur ar Iosrael. Anois is saibhreas don domhan a gciontasan, agus más saibhreas do na Gintlithe a gcliseadh, nach mó go mór an feabhas a thiocfas as nuair a bheas siad tugtha isteach go hiomlán. Is libh atáim ag caint anois, a Ghintlithe. Chomh fada agus atáim i mʼaspal chuig na Gintlithe, bím ag déanamh a mhór de mo mhinistreálacht. Le héad a chur ar mo chomh-Ghiúdaigh, agus cuid acu a shlánú ar an nós sin. Mar más ionann diúltú dóibh agus réiteach leis an domhan, cad é glacadh leo ach beatha ó na mairbh? Más naofa an taos a tairgeadh mar chéadtorthaí, tá an cnap uile naofa; agus más naofa an fhréamh, is naofa iad na craobhacha. Ach más rud é gur briseadh cuid de na craobhacha den chrann, agus más rud é gur nódaíodh tusa, atá i do bheangán dʼfhiáin-ológ, isteach ina n-ionad le páirt a bheith agat i bhfréamh agus i saibhreas an chrainn olóige, ná maígh leis na craobhacha. Má mhaíonn tú, cuimhnigh nach tú is cranntaca leis an bhfréamh, ach gurb í an fhréamh is cranntaca leat. Is é a deir tú, “Briseadh craobhacha de chun go nódaítí mise isteach ina n-ionad.” Is fíor sin. Briseadh iad de bharr a míchreidimh, agus ní sheasann tusa ach de bharr do chreidimh. Ná bíodh bród ort, ach bíodh uamhan ort. Mar más rud é nár spáráil Dia na craobhacha nádúrtha, is cinnte nach spárálfaidh sé thusa. Tabhair faoi deara mar sin cneastacht Dé agus déine Dé: déine don dream a thit ar lár, ach cneastacht Dé duitse, ar choinníoll go bhfanann tú dílis dá chneas-tacht; mar mura bhfanann, beidh tú féin do do chur as mar an chuid eile. Agus mura leanann an chuid eile dá míchreideamh nódófar isteach iad athuair, mar tá cumhacht ag Dia lena nódú isteach arís. Más rud é gur gearradh tusa amach as crann olóige a bhí fiáin de nádúr, agus gur nódaíodh thú isteach, in aghaidh an nádúir, i gcrann olóige saothraithe, nach móide is cóir na craobhacha nádúrtha sin a nódú isteach arís ina gcrann olóige féin ar leis iad. Ar eagla go mbeadh meas agaibh oraibh féin faoi bheith glic, ba mhian liom an rúndiamhair seo a thabhairt chun tuisceana daoibh, a bhráithre: is é rud, tá cruas croí ar chuid dʼIosrael, go dtí go dtaga isteach iomlán a bhfuil le teacht de Ghintlithe, agus ansin slánófar Iosrael uile go léir; mar atá scríofa, “Tiocfaidh an Fuascailteoir as Sión, díbreoidh sé a andiagacht as Iácób;” “agus is amhlaidh a bheas mo chúnant leo, nuair a chuirfeas mé a bpeacaí ar ceal.” Chomh fada agus a bhaineann leis an soiscéal is naimhde do Dhia iad, mar mhaithe libh; ach chomh fada agus a bhaineann leis an toghadh is díol grá iad ar son a sinsear, mar níl athghairm ar thíolaicí ná ar ghairm Dé. Ionann is mar a bhí sibhse easumhal do Dhia, san am atá thart agus go ndearnadh trócaire oraibh de bharr a n-easumh-laíochta siúd, ar an nós céanna bhí siadsan easumhal ionas go bhfaighidís trócaire freisin de bharr na trócaire a taispeánadh oraibhse. Mar is é rud, tá Dia i ndiaidh an Ádhamhchlann uile go léir a ligean le heasumhlaíocht, ionas go ndéanadh sé trócaire ar an iomlán acu. Nach domhain é saibhreas agus críonnacht agus eagna Dé! Nach doscrúdaithe a bhreithiúnais agus nach dothuigthe a bhealaí! “Mar cé a thuig intinn an Tiarna, nó cé a bhí mar chomhairleoir aige?” “Nó cé a bhronn féirín air chun go dtabharfaí cúiteamh a chomaoine dó arís?” Mar is uaidh agus is tríd agus is chuige atá gach ní dá bhfuil ann. Moladh go deo leis. Áiméan. Glaoim oraibh dá bhrí sin, a bhráithre, as ucht thrócaire Dé, go dtíolaca sibh bhur gcolainn mar naomhíobairt bheo, ní a thaitnionn le Dia mar ghníomh adhartha spioradálta uaibh. Ná glacaigí le cruth an tsaoil seo, ach bíodh athrú crutha oraibh trí athnuachan bhur n-intinne, ionas go bhfaighidh sibh tuiscint ar dhea-thoil aoibhinn neamhlochtach Dé. Óir deirim le gach duine agaibh tríd an ngrásta a bronnadh orm gan meas iomarcach a bheith aige air féin, ach ina ionad sin meas cothrom atá de réir chuimse an chreidimh a roinn Dia leis. Mar feicimid go bhfuil mórán ball in aon chorp amháin, agus gan an fheidhm chéanna ag aon dá bhall acu, ar an nós céanna bímid, an slua sin againn inár n-aon chorp amháin i gCríost, agus inár mbaill dá chéile gach duine faoi leith. Ó bíonn tíolaicí ar leith againn mar sin de réir an ghrásta a bronnadh orainn, bainimis úsáid astu; más fáidheadóireacht í, de réir mhéid ár gcreid-imh; más seirbhís í, sa tseirbhís a dhéanaimid; an té a bhíos ag teagasc, lena theagasc; an té a bhíos ag gríosú gnímh, ina ghríosú; an té a roinneas a mhaoin, i bhflaithiúl-acht; an té a thugas tarrtháil, le dúthracht; an té a ghnáth-aíos trócaire, a dhéanamh go soilbhir. Bíodh grá agaibh i ndáiríre; tugaigí fuath don ole, cloígí le gach ní dá fheabhas; bíodh grá na ndeartháireacha agaibh dá chéile; sáraígí a chéile leis an ómós a thugas sibh dá chéile. Ná ligigí do bhur ndúthracht dul i laghad, ach bíodh an Spiorad ar lasadh ionaibh, bígí ag obair do bhur dTiarna. Bíodh bhur ndóchas ina ábhar lúcháire agaibh, bígí foighneach in am an chrá, agus ná stadaigí den urnaí. Tugaigí uaibh síneadh láimhe le haghaidh riachtanas na naomh, agus bígí flaithiúil fáilteach de ghnáth. Beannaígí lucht bhur ngéarleanúna; beannaígí agus ná mallaígí iad. Déanaigí comháthas le lucht an áthais agus comhbhrón le lucht an bhróin. Mairigí go cairdiúil le chéile; ná bígí mórtasach, ach déanaigí caidreamh leis an uiríseal; ná síligí barraíocht díbh féin in am ar bith. Ná tugaigí ole in aghaigh an oilc, ach smaoinígí ar an ní is uasal i súile cáich. Más féidir, agus chomh fada agus a bhaineas libhse mairigí i síocháin le daoine an domhain. A lucht na páirte, ná himrígí díoltas, ach fágaigí faoi fhearg Dé é, mar tá sé scríofa, “Is liom an díoltas, is mé a bhainfeas amach an cúiteamh, a deir an Tiarna.” Ar a shon sin, “má tá ocras ar do namhaid, tabhair bia dó; agus má tá tart air, tabhair deoch dó; mar má dhéanann tú amhlaidh beidh tú mar a bheifeá ag camadh gríosach dhearg ar a cheann.” Ná faigheadh an t-olc bhur mbua ach faighigí bua ar an olc leis an maith. Umhlaíodh gach duine don údarás a bhíos i geeannas. Mar níl údarás ann nach bhfuil ó Dhia, agus is é Dia a bhunaigh a bhfuil díobh ann. Dá bhrí sin cibé a chuireas in aghaidh an údaráis cuireann sé in aghaidh ní a chuir Dia ar bun, agus tabharfar breith a ndaortha ar an lucht a chuireas iaróg ina suí. Mar ní ábhar eagla iad an lucht ceannais don dea-iompai ach don drochiompar. Ar mhaith leat bheith neamheaglach roimh an té a mbíonn an ceannas aige? Déan an mhaith agus gheobhaidh tú moladh uaidh, mar is seirbhíseach Dé é le do leas. Ach má dhéanann tú an t-olc, bíodh eagla ort, mar ní in aisce a iompraíonn sé an claíomh; is é seirbhíseach Dé é le dianíhearg Dé a imirt ar an gcoirpeach. Ar an ábhar sin caithfear géilleadh dó ní hamháin le teacht saor ó dhianfhearg Dé ach le do choinsias féin a shásamh. Is í an chúis chéanna a bhíos le cánacha a íoc, mar is iad na húdaráis airí Dé, agus is é sin go díreach a ngnóthaí. Íoc mar sin an méid is cóir le gach duine acu, cánacha dar cóir cánacha, mál dar cóir mál, urraim don té dar cóir urraim agus onóir don té dar cóir onóir. Ná bíodh fiacha ag aon duine oraibh, ach an grá a dhlíonn sibh dá chéile; mar an té a thugas grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige. Na haitheanta seo, “Ná déan adhaltranas, ná déan dúnmharú, ná déan goid, ná santaigh ní nach leat féin,” agus aithne ar bith eile atá ann, tá a suim agus a mbrí uile le fáil san abairt seo, “Bíodh grá agat do do chomharsa mar an grá a bhíos agat duit féin.” Ní féidir leis an ngrá dochar na comharsan a dhéanamh; ar an ábhar sin is é an grá comhlíonadh an dlí. Lena chois sin is feasach daoibh cad é an tráth atá ann, go bhfuil sé thar am agaibh dúiseacht as an suan. Mar is deise dúinn ár slánú ná nuair a chreideamar an chéad uair; tá an oíche beagnach caite, agus an lá ag druidim linn. Caithimis uainn mar sin oibreacha an dorch-adais agus cuirimis orainn cathéide an tsolais; iompraímis sinn féin go cneasta cóir mar a dhéanaimid sa lá ní i ragairne agus i bpótaireacht, ní i ndrabhlás ná i stríopachas, ní in aighneas ná in éad. Ach cuirigí umaibh an Tiarna Íosa Críost, agus ná déanaigí soláthar na colainne lena hain-mhiantasa a chomhlíonadh. Maidir le fear an chreidimh laig, bíodh fáilte agaibh roimhe, ach ní chun díospóireachtaí faoi thuairimí. Tá fear ann a chreideas gur ceadmhach dó a rogha rud a ithe, ach an duine lag ní itheann sé ach luibheanna. Ná déanadh an té a itheas a bheag den té a fhanas amach uaidh, agus ná tugadh an té a fhanas amach uaidh daor-bhreith ar an té a itheas; ó bíonn fáilte ag Dia roimhe. Cé tú féin le breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Is os comhair a mháistir féin a sheasas sé nó a thiteas sé. Agus tógfar ar a bhoinn é, mar is féidir leis an Máistir cos a chur faoi. Bíonn fear amháin ann a mheasas gur fearr lá ná a chéile, agus measann fear eile go mbíonn na laethanta uile mar an gcéanna. Caithfidh gach duine acu bheith lán dearfa ina intinn féin. An té a cheiliúras an lá, is in onóir an Tiarna a cheiliúras sé é. Agus an té a itheas, is in onóir an Tiarna a itheas sé, ó altaíonn sé le Dia é; agus an té a dhéanas tréanas, déanann sé a thréanas in onóir an Tiarna agus beireann sé buíochas le Dia. Ní dó féin amháin a mhaireas aon duine againn, agus ní dó féin amháin a fhaigheas aon duine againn bás. Más beo dúinn, mairimid don Tiarna, agus más é an bás atá i ndán dúinn, faighimid bás don Tiarna; dá bhrí sin is cuma cé acu beo nó marbh, is leis an Tiarna sinn. Mar is chuige sin a dʼéag agus a dʼaiséirigh Críost, ionas go mba Thiarna na mbeo agus na marbh é. Cad chuige a dtugann tú daorbhreith ar do bhráthair? Nó cad chuige ar bheag leat do bhráthair, a ghiolla úd? Mar tá sé scríofa, “Mar a mhairim, deir an Tiarna, níl glúin nach bhfeac-faidh romham, ná teanga nach dtabharfaidh a dhíol molta do Dhia.” Mar sin caithfidh an uile dhuine againn bheith ag freagairt ar a shon féin do Dhia. Mar sin de ná tugaimis daorbhreith ar a chéile a thuilleadh, ach ina ionad sin go mba é rún ár n-intinne gan aon toirmeasc ná ceap tuisle a fhágáil sa chosán roimh ár mbráthair. Tá dearbh-fhios agam i bhfianaise mo Thiarna Íosa nach neamhghlan ann féin aon ní dár cruthaíodh, mar níl sé neamhghlan ach dar leis an té a mheasas neamhghlan é. Ach má tá dochar do do bhráthair i do bhiasa, ní bhíonn tú ag ordú do bheatha de réir an ghrá a thuilleadh. Ná lig do do chuid bia bheith ag milleadh duine a bhfuair Críost bás ar a shon. Ná bíodh drochiomrá ar an maith sin agat. Ní gnóthaí bia agus dí í ríocht Dé ach an fhiréan-tacht agus an tsíocháin agus ansó sa Naomh-Spiorad; an té a dhéanas seirbhís do Dhia ar an modh sin bíonn aoibh ar Dhia leis agus bíonn na daoine á mholadh. Leanaimis mar sin don uile ní a chuireas le síocháin agus le leas na gcomharsana. Ná scriosaigí saothar Dé mar mhaithe le bolgam bia. Ar ndóigh tá gach uile ní glan, ach is míchóir duit ní a ithe a thabharfadh ar dhuine eile titim as a sheasamh; is cóir gan feoil a ithe ná fíon a ól ná aon ní a dhéanamh a bhainfeadh barrthuisle as do bhráthair. An creideamh atá agat, bíodh sé agat idir tú féin agus Dia amháin; mar is méanar don té nach mbíonn cúis aige daorbhreith a thabhairt air féin i dtaobh an ní a mheasas sé is cóir. Ach an té a bhíos drochamhrasach tugtar daorbhreith air, má itheann sé, ós rud é nach n-oibríonn sé ó chreideamh; mar cibé ar bith ní nach dtagann ó chreideamh, is peaca é. Is cóir dúinne atá láidir cur suas le duáilcí na lag agus gan sinn féin a shásamh; agus gach duine againn i bhfáth leis an ní a thaitníos lena chomharsa a dhéanamh, atá lena leas. Mar níor shásaigh Críost é féin; ach mar atá scríofa, “Na hachasáin a thug lucht dʼachasáin duitse, thit siad uile i mo mhullach.” Mar cibé a scríobhadh sna laethanta fadó, is dʼár dteagasc a scríobhadh é, ionas go mbeadh dóchas againn le foighne fhada agus le sólás an Scrioptúir. Go ndéana Dia na foighne agus Dia an tsóláis seo daoibh maireachtáil ar aon intinn le chéile, de réir Íosa Críost, go dtuga sibh dʼaon ghuth glóir do Dhia, dʼAthair ár dTiarna Íosa Críost. Fearaigí fáilte roimh a chéile, mar sin, mar a dʼfhear Críost fáilte romhaibh, chun glóir Dé. Mar táim á insint daoibh gur tharla do Chríost bheith ina sheirbhíseach ag an dream timpeallghearrtha le fíordhilseacht Dé a léimochtadh, leis na gealltanais a tugadh do na huasalaithreacha a dheimhniú, ar mhodh go dtabharfadh na Gintlithe glóir do Dhia as ucht a thrócaire. Mar atá scríofa, “Dá bhrí sin molfaidh mé thú i mease na nGintlithe, agus seinnfidh mé clú dʼainm;” agus deirtear arís, “Bíodh lúcháir oraibh, a Ghintlithe, maraon lena mhuintir féin;” agus aris, “Molaigí an Tiarna; a Ghintlithe uile, agus moladh na ciníocha uile go léir é”; agus deir Ísáia fós, “Tiocfaidh fréamh Iesse, an té a éiríos i geeannas na nGintlithe; is ann a chuirfeas na Gintlithe a muinín.” Go liona Dia an dóchais sibh le gach só agus síocháin in bhur gcreideamh, ionas go gcuirfidh sibh go mór le bhur ndóchas trí chumhacht an Spioraid Naoimh. Maidir libhse, a bhráithre, tá mise mé féin lánsásta i mʼintinn, ós cinnte go bhfuil sibh lán den mhaith, agus líonta den uile eolas, agus cumas maith agaibh le teagasc a thabhairt dá chéile. Ach ba dhána an mhaise dom scríobh chugaibh le pointi áirithe a chur i gcuimhne daoibh, de bharr an ghrásta a bhronn Dia orm chun bheith ag freastal ar na Gintlithe i seirbhís shagartach shoiscéal Dé, le híobairt inghafa a dhéanamh do na Ginththe, agus iad á naomhú tríd an Spiorad Naomh. Tá cúis mhaith agam mar sin trí Íosa Críost le bheith bródúil as mo shaothar do Dhia. Mar níl sé dʼéadan agam aon ní a lua taobh amuigh den mhéid atá déanta tríomsa ag Íosa leis na Gintlithe a thabhairt chun umhlaíochta, i mbriathar agus i ngníomh, le cumhacht na gcomharthaí agus na n-iontas, le cumhacht an Spioraid Naoimh, lenar fhéad mé soiscéal Chríost a fhoilsiú go huile is go hiomlán amach as Iarúsailéim agus thart suas chomh fada le hllliricum, agus rún agam gan an soiscéal a chraobhscaoileadh ach in áit nár ainmníodh ainm Chríost ann roimhe, ar eagla go mbeinn ag tógáil ar dhúshraith a chuir duine eile síos romhamsa, ach mar atá scríofa, “Feicfidh an dream nár insíodh dóibh faoi, agus tuigfidh an mhuintir nár chuala trácht air riamh.” Agus sin agaibh an chúis gur toirmeascadh orm chomh minic sin ó theacht chugaibh. Ach anois, ó nach bhfuil fairsingeacht agam le bheith ag obair sna réigiúin seo, agus ó táim i bhfáth go mór le hiomad blianta le cuairt a thabhairt oraibh, tá sé de dhóchas agam go bhfaighe mé amharc oraibh ar mo bhealach chun na Spáinne, agus go gcuire sibh ar aghaidh mé ar mʼaistear, i ndiaidh tamall suilt a bhaint as bhur gcuideachta. Ach san am atá i láthair, tá orm dul go hlarúsailéim le cuidiú le haghaidh na naomh. Mar is é rud, thoiligh an Mhacadóin agus Acáia síneadh láimhe éigin a thabhairt do na bochta idirna naoimh in Iarúsailéim; thoiligh siad a dhéanamh, agus tá sé mar fhiacha acu orthu, mar más rud é go roinneann siad a sochair spioradálta leis na Gintlithe, ba cheart dóibh siúd a sochair chorpartha a roinnt leo. Mar sin nuair a bhíonn an méid sin déanta agam, agus an méid a bailíodh seachadta agam dóibh, rachaidh mé tríbh ar mo bhealach chun na Spáinne; agus a dhea-fhios agam go mbeidh mo theacht chugaibh faoi lánbheannacht Chríost. Iarraim dʼimpí oraibh, a bhráithre, as ucht ár dTiarna Íosa Críost agus as ucht ghrá an Spioraid, bheith maraon liom ag guí Dé go tréan ar mo shonsa, go saortar mé ó lucht díchreidimh Iúdaea, agus go raibh mo ghnó in Iarúsailéim taitneamhach leis na naoimh, ionas le deonú Dé go dtiocfaidh mé chugaibh go lúcháireach agus go dtógtar mo chroí ó bheith in bhur gcuideachta. Go raibh Dia na síochána libh uile go léir. Áiméan. Molaim daoibh Phébé ár siúrne, bandéagánach den eaglais i gCeanncriae, chun go gcuirfidh sibh an fháilte is dual do naoimh roimpi os comhair an Tiarna, agus chun go gcuideoidh sibh léi i gcibé ní a theastaíonn uaithi, ós iomaí sin duine ar chuidigh sí leo agus mise a chur san áireamh. Beannaígi do Phrisca agus dʼAcuila mo chomhoibrith-eoirí i gCríost, in Íosa, daoine a chuir a muineál féin ar cheap le mʼanamsa a shábháil, agus daoine nach dtugaimse mé féin buíochas dóibh dá cheann i mʼaonar, ach mise agus eaglaisí uile na nGintlithe liom; beannaígí freisin don eaglais a bhíos ina dteach siúd. Beannaígí do Epainetus is ionúin liom, an chéad duine i gceantar na hÁise a ghlac le creideamh Chríost. Beannaígí do Mhuire, a rinne saothar crua in bhur mease. Beannaígí dʼAndronicus agus do Iunias, mo dhaoine muinteartha agus mo chomh-bhraighdeanaigh; is daoine dearsenaithe iad i mease na n-aspal, agus bhí siad ina mbaill de Chríost romhamsa. Beannaígí dʼAmpliatus, fear mo pháirte sa Tiarna. Beann-aígí dʼUrbanus ár gcomhoibritheoir i gCríost, agus do Stacis ionúin. Beannaígí dʼApelles, duine a dearbh-aíodh i gCríost. Beannaígí do lucht theaghlach Aristobulus. Beannaígí do Herodion mo dhuine gaoil. Beannaígí an méid is leis an Tiarna de lucht theaghlach Narcissus. Beann-aígí do na hoibritheoirí úd an Tiarna, do Thriféana agus do Thrifósa. Beannaígí do Phersis ionúin, ós í a chuir saothar tréan uirthi féin sa Tiarna. Beannaígí do Rufus, oirirc sa Tiarna, agus dá mháthair agus do mo mháthairse. Beannaígí dʼAsincritus, do Phlégón, do Hermes, do Phatróbus, do Hermas, agus do na bráithre atá ina gcuideachta. Beannaígí do Philólogus, do Iúlia, do Nereus agus dá dheirfiúr, agus dʼOlimpas, agus do na naoimh sin uile atá leo. Beannaígí dá chéile le naomhphóg. Beann-aíonn eaglaisí Chríost uile daoibh. Iarraim dʼimpí oraibh, a bhráithre, bheith ar bhur n-aire ar an dream úd a bhíos ina gcúis le haighneas agus le clampar, atá bunoscionn leis an teagasc a cuireadh romhaibh; fanaigí amach uathu. Mar ní bhíonn a leithéidí ag déanamh seirbhíse dʼÍosa Críost, ach agcomhlíonadh a gcuid ainmhianta féin, agus meallann siad croíthe na ndaoine simplí le briathra binne agus le bladar. Siúd is gur feasach don saol cad é chomh humhal agus a bhíos sibh, ionas go bhfuil sibh in bhur n-ábhar áthais agam, ba mhian liom sibh a bheith go glic faoin maith agus gan cealg ionaibh faoin ole; agus ansin is gairid go mbrúfaidh Dia na síochána Sátan faoi bhur gcosa. Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost libh. Tá Timótéus mo chomhoibrí ag beannú daoibh; maraon le Lucius agus Iasón agus Sasipater mo chairde gaoil. Tá mise Tertius, an té a scríobh síos an litir seo, ag beannú daoibh sa Tiarna. Tá Gaius, fear mʼaíochta agus fear aíochta na heaglaise uile, ag beannú daoibh. Tá Erastus, cisteoir na cathrach, agus ár mbráthair Cuartus, ag beannú daoibh. Agus anois, ó tá sé ann, an té a bhfuil sé ar chumhacht agus ar chumas aige neart a sholáthar daoibh, de réir mo shoiscéilse, agus de réir seanmóireachta i dtaobh Íosa Críost, agus de réir léimochtadh na rúndiamhaire úd a bhí ina rún folaithe leis na cianaoiseanna ach a bhíos anois á léimochtadh agus á fhoilsiú trí scríbhinní na bhfáithe do na náisiúin uile, de réir aithne Dé na síoraiochta, le humhlaíocht an chreidimh a thabhairt chun gnímh— don té sin, don t-aon Dia eagnaí amháin go raibh glóir shíoraí trí Íosa Críost. Áiméan. Mise Pól, a fuair an ghairm le toil Dé le bheith i mʼaspal ag an gCríost, ag Íosa, mise agus ár mbráthair Sóstenés. Chuig an eaglais is le Dia atá i gCoraint, chuig an dream atá naomhaithe in Íosa Críost, a bhfuil gairm acu le bheith ina naoimh maraon leis na daoine uile san uile áit a bhíos ag glaoch ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, atá ina Thiarna acu mar atá againne: Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost: Bím i gcónaí ag tabhairt buíochais do Dhia ar bhur son as grásta Dé a tugadh daoibh sa Chríost, in Íosa, as an saibhreas a bhí agaibh ann san uile urlabhra agus eolas— na nithe sin lenar daingníodh eadraibh an fhianaise do Chríost— ar mhodh nach bhfuil aon tíolacadh spioradálta in easnamh oraibh, agus sibh ag fanacht go dtí go nochtar ár dTiarna Íosa Chríost; an té a dhaingneoidh sibhse go deireadh, go mbí sibh gan choir i lá ár dTiarna Íosa Críost. Is dílis é Dia, a ghlaoigh oraibh chun comaoineach lena Mhac, Íosa Críost ár dTiarna. Impím oraibh, a bhráithre, trí ainm ár dTiarna Íosa Críost, bheith go léir ar aon fhocal, gan easaontais eadraibh, ach ag cur le chéile agus an intinn chéanna agus an breith-iúnas céanna agaibh. Mar tá tuarascáil agam ó mhuintir Chlóé go mbíonn clampar eadraibh, mo bhráithre. Is é atá á rá agam go mbíonn gach uile dhuine agaibh á rá, “Is le Pól mise,” nó “Is le hApollós mise,” nó “Is le Céfas mise,” nó “Is le Críost mise.” An mbíonn Críost á roinnt i gcodanna? Ar céasadh Pól ar chrois ar bhur son? Nó an in ainm Phóil a baisteadh sibh? Bím buíoch nár bhaist mé aon duine agaibh amach ó Chrispus agus Ghaius; ar eagla go ndéarfadh duine ar bith gur baisteadh sibh i mʼainmse. (Is é rud, bhaist mé teaghlach Stefános lena chois sin. Níor bhaist mé aon duine thairis sin go bhfios dom.) Ní le baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach leis an soiscéal a sheanmóireacht, agus sin gan clisteacht chainte, ar eagla go mbainfí an chumhacht de chrois Chríost. Mar níl i mbriathar na croise ach amaidí ag an dream atá i mbealach a mbasctha, ach againne, a bhíos dár slánú is é cumhacht Dé é. Mar tá sé scríofa, “Scriosfaidh mé eagnaíocht na saoithe, agus cuirfidh mé clisteacht na gcleasaithe ar ceal.” Cá bhfuil an saoi? Cá bhfuil an scríobhaí? Cá bhfuil an té a bhíos ag díospóireacht san aois seo? Nach bhfuil amaidí déanta ag Dia dʼeagnaíocht an tsaoil? Mar nuair nár lig eagnaíocht Dé don saol eolas Dé a fháil trí eagnaíocht, ba é ba thoil le Dia an dream a chreideas a shlánú trí amaidí ábhar ár seanmóireachta. Mar bíonn na Giúdaigh ag iarraidh comharthaí agus bíonn na Gréagaigh ar thóir na heagnaíochta, ach bímidne ag seanmóireacht Chríost a céasadh ar chrois, a bhíos mar cheap tuislithe ag na Giúdaigh agus mar amaidí ag na Gintlithe, ach a bhíos, don dream a fuair an ghairm, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, ina Chríost a bhfuil cumhacht Dé agus eagnaíocht Dé ann. Mar is eagnaí ná daoine í amaidí Dé, agus is láidre ná daoine í laige Dé. Smaoinígí mar sin ar bhur ngairm, a bhráithre; ní raibh mórán agaibh ina saoithe de réir chaighdeán an tsaoil seo, mar ní raibh cumhacht ag mórán agaibh, ní raibh mórán agaibh ina n-uaisle de réir folaíochta; ach is é rud, thogh Dia a bhfuil ina ndaoithe i súile an tsaoil leis na saoithe a náiriú, thogh Dia a bhfuil lag cloíte i súile an tsaoil lena bhfuil láidir a náiriú, thogh Dia a bhfuil go suarach agus faoi dhímheas i súile an tsaoil, agus go fiú nach bhfuil ann, leis na nithe atá ann a chur ar neamhní, ionas nach mbeadh aon ábhar maíte ag aon dúil dhaonna i láthair Dé. Is é Dia foinse bhur mbeatha sa Chríost, in Íosa, a bhfuil ár n-eagna agus ár bhfíréantacht agus ár naomhú agus ár slánú déanta ag Dia de; agus dá bhrí sin de, mar atá scríofa, “An té a bhíos ag maíomh, bíodh sé ag maíomh as an Tiarna.” Nuair a tháinig mé chugaibh, a bhráithre, níor tháinig mé chugaibh agus mé ag fógairt fhianaise Dé daoibh i mbriathra arda eagnaí. Mar bhí de rún agam gan aon ní a aithint eadraibh ach Íosa Críost, agus é céasta. Agus bhí mé agaibh agus mé lag cloíte critheaglach creathach; agus gan mo chaint ná mo theachtaireacht a bheith i mbriathra mealltacha eagnaí, ach bhí an Spiorad agus an chumhacht á léiriú tríothu, ionas nach seasfadh bhur gcreideamh ar an eagnaíocht dhaonna ach ar chumhacht Dé. Ní fhágann sin nach mbímid ag dáileadh na heagna ar dhaoine aibí oilte, cé nach eagna í a bhíos ag an aois seo, nó ag uachtaráin na haoise seo, a bhfuil sé i ndán dóibh dul as. Ach dáilimid eagna dhuibheagánach Dé, a dʼordaigh Dia roimh an saol uile lenár nglóiriú. Ní raibh tuiscint air sin ag aon uachtarán dʼuachtaráin na haoise seo; mar dá mbeadh, ní dhéanfaidís Tiarna na glóire a chéasadh. Ach, mar atá scríofa, “An ní nach bhfaca súil agus nár chuala cluas, agus an ní nár thuig croí an duine, an ní atá ullmhaithe ag Dia don dream a mbíonn grá acu dó,” tá an ní sin nochta ag Dia dúinn tríd an Spiorad. Mar scrúdaionn an Spiorad gach aon ní, go dtí doimhneachtaí Dé. Mar cé hé ar feasach dó smaointe duine ach amháin an sprid a bhíos sa duine sin? Mar an gcéanna ní thuigeann aon duine smaointe Dé ach Spiorad Dé amháin. Anois níl glactha againn le sprid an tsaoil, ach leis an Spiorad is ó Dhia, ionas go dtuigimid na tíolaicí atá bronnta ag Dia orainn. Agus bímid á dháileadh i mbriathra nár theagasc eagnaíocht dhaonna dúinn ach a bhíos á theagasc ag an Spiorad agus bímid ag míniú fírinní spioradálta do dhaoine a mbíonn an Spiorad acu. An duine neamhspioradálta, ní ghlacann sé sin le tíolaicí Spiorad Dé, mar dar leis nach mbíonn ach amaidí iontu, agus ní bhíonn tuiscint aige orthu de bhrí go n-aith-nítear iad go spioradálta. An duine spioradálta, bíonn sé ina bhreitheamh ar gach uile ní, gan aon duine a bheith ina bhreitheamh air. “Cé hé sin a raibh fios intinn Dé aige, sa chaoi go bhféadfadh sé teagasc a thabhairt dó?” Ach is é rud, tá intinn Chríost againn. Ach níor fhéad mise, a bhráithre, labhairt libh mar a labhróinn le fir spioradálta, ach mar a labhróinn le fir chollaí, a bhíos ina leanbáin i gcúrsaí Chríost. Chothaigh mé le bainne sibh, agus ní le bia tirim; mar ní raibh sibh réidh ina choinne; agus níl sibh réidh go fóill ach oiread, ós den cholainn sibh go fóill. Mar chomh fada agus bhíos éad agus imreas eadraibh, nach bhfuil sibh collaí, agus nach bhfuil sibh mar na gnáthdhaoine in bhur n-iompar? Mar nuair a deir duine amháin, “Is le Pól mise,” agus duine eile, “Is le hApollós mise,” nach mbíonn sibh marghnáthdhaoine? Cad é rud é Apollós? Cad é ní é Pól? Seirbhísigh iad ar tháinig sibh chun creidimh tríothu, mar a leag an Tiarna amach do gach duine acu. Chuir mise an síol, agus leag Apollós an t-uisce faoi, ach ba é Dia a chuir an fás faoi. Mar sin níl tábhacht ann cé a chuireas nó cé a leagas an t-uisce faoi, ach amháin i nDia a thugas an fás dó. Is ionann an té a chuireas agus an té a leagas an t-uisce, agus gheobhaidh gach duine acu a luach saothair de réir a oibre. Mar is comhoibrithe sinne ar son Dé; agus is sibh gort Dé, nó foirgneamh Dé. De réir an ordaithe a fuair mé ó Dhia, chuir mise an dúshraith mar a chuirfeadh ardsaor oilte, agus tá duine eile agtógáil uirthi.Tugadh gach aon duine dá aire conasathógas sé uirthi. Mar ní féidir aon dúshraith a leagan thar an dúshraith atá leagtha cheana féin, is é sin Íosa Críost. Anois má théann an duine a thógáil ar an dúshraith le hór, nó le hairgead, nó le clocha uaisle, nó le hadhmad, nó le cochán, nó le coinleach— beidh obair gach duine á taispeáint; mar nochtfaidh an Lá é, mar nochtfar le tine é, agus féachfaidh an tine an cineál oibre atá déanta ag gach duine. Má fhanann an obair a thóg duine ar bith ar an dúshraith, gheobhaidh sé luach saothair. Má loiscfear obair dhuine ar bith, beidh an chaill sin air, cé go slánófar é féin, mar a bheadh trí thine. Nach eol daoibh gur sibh teampall Dé agus go gcónaíonn Spiorad Dé ionaibh? Má scriosann aon duine teampall Dé, scriosfaidh Dia an duine sin. Mar is naofa é teampall Dé, agus is sibh an teampall sin. Ná bíodh duine ar bith á mhealladh féin. Má shíleann duine ar bith agaibh gur saoi é san aois seo, bíodh sé ina dhaoi go dtí go mbí sé eagnaí. Mar níl in eagnaíocht an tsaoil seo ach amaidí i bhfianaise Dé. Mar tá sé scríofa, “Ceapann sé na saoithe lena gclisteacht féin,” agus arís, “Tá a fhios ag an Tiarna gur díomhaoin iad smaointe na n-eagnaithe.” Mar sin ná bíodh duine ar bith ag maíomh as daoine. Mar níl ní nach bhfuil agaibh, más é Pól nó Apollós nó Céfas nó an domhan nó an bheatha nó an bás nó an t-am i láthair nó an t-am atá le teacht, is libh iad seo uile; agus is le Críost sibh; agus is le Dia Críost. Ba chóir do dhuine meas sheirbhísigh Chríost agus maoir rúndiamhra Dé a bheiʼth aige orainn. Is dual do mhaoir bheith iontaofa. Ach is beag liom bhur mbreith nó breith aon chúirte daonna. Ní bhím ag tabhairt aon bhreithiúnais orm féin. Ní airím go bhfuil aon ní ar mo choinsias, ach ní ionann sin agus saorbhreith. Is é an Tiarna a thugas breith orm. Dá bhrí sin de, ná tugaigí breithiúnas roimh an am, go dtí go dtaga an Tiarna, a thabharfas chun solais a bhfuil i bhfolach sa dorchadas, agus a nochtfas ruin an chroí. Is ansin a gheobhaidh gach duine an moladh ó Dhia atá tuillte aige. Luaigh mé mé féin agus Apollós mar shamplaí, a bhráithre, le leas a dhéanamh daoibh, go bhfoghlaimí sibh uainn conas is cóir maireachtáil de réir an scrioptúir, agus ionas nach dtaobhaí sibh go hiomarcach le duine againn thar an duine eile. Mar cé a aithníos ní ar bith sonrach ionatsa? Cad é atá agat nach bhfuair tú? Agus más rud é go bhfuair tú é, cad chuige duit bheith ag maíomh as fé mar nach raibh sé ina bhronntanas? Nach sibh atá súgach sásta! Nach agaibh atá an saibhreas! Tá sibh in bhur ríthe dár mile buíochas! Agus ba é ba mhian liom sibh a bheith in bhur ríthe, ionas go mbeimisne inár gcomhríthe libh! Mar is é a shílim go bhfuilimidne, na haspail, dár dtaispeáint ag Dia ar deireadh, mar dhaoine a bhíos á gcur chun báis; mar rinneadh amharc dínn lena fheiceáil ag an domhan, ag aingil agus ag clann Ádhaimh. Is daoithe sinne ar son Chríost, ach is saoithe sibhse i gCríost. Bímidne lag agus sibhse láidir. Bíonn meas oraibhse agus dímheas orainn. Go dtí anois bímid faoi ocras agus faoi thart, de dhíth éadaí, dár mbualadh le bosa gan teach gan áitreabh againn, agus sinne ag obair go maslach lenár lámha féin. Tugaimid an bheannacht in aghaidh an drochfhocail; bímid ag fulaingt nuair a chuirtear géarleanúint orainn; bímid ag agairt ar an té a bhíos dár gcáineadh; ní dhearnadh dínn, agus níl ionainn anois, ach dríodar an domhain, agus díogha aauile ní. Níl mé á scríobh seo le bhur náiriú, ach le ciall a chur ionaibh mar a dhéanfainn le leanaí muimeacha. Mar cé gur iomaí treoraí atá agaibh i gcúrsaí Chríost, níl mórán aithreacha agaibh. Mar is mé bhur n-athair a ghin sibh trí Íosa Críost le cuidiú an tsoiscéil. Iarraim oraibh, mar sin, aithris a dhéanamh ormsa. Is mar sin a chuir mé Timótéus, mo mhac dílis dlisteanach sa Tiarna, leis na bealaí a bhíos liom i gCríost a chur i gcuimhne daoibh, mar a bhíonn siad á dteagasc agam san uile áit agus eaglais. Tá cuid agaibh á séideadh le huabhar, fé mar nach mbeinn le teacht chugaibh. Ach is gairid go dtaga mé chugaibh, más toil le Dia, agus cuirfidh mé fios ar an dream sin an uabhair agus ní ar a gcaint ach ar a gcumhacht. Mar ní ábhar cainte í ríocht Dé, ach ábhar cumhachta. Bíodh bhur rogha agaibh. An dtiocfaidh mé chugaibh agus an bata i mo láimh, nó le grá agus an chneastacht i mo chroí? Agus a rá is de go ndeirtear go bhfuil striapachas in bhur mease de chineál nach mbíonn le fáil i mease na bpágánach féin; is é rud, tá fear in aontíos le banchéile a athar. Agus bród oraibh as! Nár chóir mairgneach ina ionad sin? Caitear as bhur gcuideachta an té a bhfuil a leithéid déanta aige. Siúd is go bhfuilim as láthair ó chorp táim i láthair ó sprid, agus mar a bheinn i láthair, tá breithiúnas tugtha agam cheana in ainm an Tiarna Íosa ar an bhfear a rinne an gníomh sin. Nuair a bhíos sibh cruinnithe, agus nuair a bhíos mo spridse i láthair, le cumhacht ár dTiarna Íosa, tá oraibh an fear sin a ligean le Sátan chuig scrios na colainne, ionas go slánófar a sprid i lá an Tiarna Íosa. Ní sona an maíomh sin agaibh. Nach feasach daoibh go n-imíonn beagán beag laibhín ar fud an chnap taois? Glanaigí mar sin an seanlaibhín ionas go mbí cnap úmua taois ionaibh, ó tá sibh gan laibhín i ndáiríre. Mar tá íobairt déanta de Chríost, ár n-uan Cásca. Bímis mar sin ag comóradh na féile, agus ní le seanlaibhín na hurchóide agus an oilc, ach le harán gan laibhín na dúthrachta agus na fírinne. Scríobh mé chugaibh i mo litir ag fógairt daoibh gan aon bhaint a bheith agaibh le lucht na drúise; ach níorbh iad a bhí i mo cheann lucht drúise ná lucht craois ná bithiúnaigh an tsaoil seo, ná lucht adhartha na n-íol, mar dá mbʼamh-laidh, chaithfeadh sibh imeacht as an saol ar fad. Ach is é a bhí á scríobh agam ina ionad sin gan baint a bheith agaibh le haon duine a mbíonn ainm bráthar air má bhíonn sé ciontach i ndrúis nó i gcraos, nó má bhíonn sé ina adhraith-eoir íol, má chuireann sé míchlú ar dhaoine lena chaint, má bhíonn sé ina mheisceoir nó ina ghadaí—ní dhéanfaidh sibh oiread agus ithe ag aon bhord lena leithéid de dhuine. Cad é an gnó atá agam ag tabhairt breithiúnais ar an dream a bhíos taobh amuigh? Nach ar an dream a bhíos taobh istigh den eaglais is cóir daoibh breithiúnas a thabhairt? Tugann Dia breithiúnas ar an dream a bhíos taobh amuigh. “Díbrígí an coirpeach as bhur gcuideachta.” A chur i gcás go bhfuil cúis casaoide ag duine agaibh in éadan bráthar, an mbíonn sé de dhánacht aige an dlí a chur air os comhair na neamhfhíréan agus ní os comhair na naomh? Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaidh na naoimh breithiúnas ar an domhan? Agus más sibh atá le breithiúnas a thabhairt ar an domhan, an é nach bhfuil acmhainn agaibh le mioncheisteanna a mheas? Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuilimid le breithiúnas a thabhairt ar aingil? Nach mó go mór nithe a bhaineas leis an saol seo! Má bhíonn cásanna den sórt agaibh, cad chuige a gcuireann sibh iad roimh an dream is lú meas san eaglais? Cúis náire daoibh sin a bheith le rá agam. An féidir nach bhfuil aon fhear eadraibh a bhfuil eagna go leor aige le breithiúnas a thabhairt idir baill an bhráithreachais, agus go mbíonn bráthair ag cur dlí ar a chomhbhráthair, agus sin os comhair dhream an díchreidimh? Is díomua daoibh é cúiseanna dlí a bheith agaibh le chéile ar chor ar bith. Cad chuige nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Nárbh fhearr ligean do dhaoine bheith ag breith buntáiste oraibh? Ach is sibh féin a bhíos ag imirt éagóra agus ag breith buntáiste agus sin ar bhur gcomhbhráithre féin. Nach bhfuil a fhios agaibh nach mbeidh na neamhfhíréin páirteach i ríocht Dé? Ná bíodh breall oraibh; ní bheidh páirt i ríocht Dé ag lucht an oilc, ná lucht adhartha na n-íol, ná ag lucht an adhaltranais, ná ag fir a mheallas fir ná a ligeas dʼfhir a mealladh, ná ag gadaithe, ná ag lucht craois, ná ag meisceoirí, ná ag lucht na cúlchainte ná ag na bithiúnaigh. Agus bhí cuid agaibh orthu siúd. Ach níodh agus naomhaíodh agus fíréanaíodh sibhse in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé. “Is dleathach gach ní domsa,” ach ní chuidíonn gach aon ní. “Is dleathach gach ní domsa,” ach ní ligfidh mé dʼaon ní mo thabhairt faoi dhaorsmacht. “Is dual bia don bholg agus is dual an bolg don bhia”—agus cuirfidh Dia ceachtar acu ar ceal. Ní dual an cholainn don éagóir, ach don Tiarna, agus an Tiarna don cholainn. Agus thóg Dia an Tiarna agus tógfaidh sé sinne mar an gcéanna trína chumhacht. Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill de Chríost bhur gcolainneacha? An nglacfaidh mé mar sin baill Chríost agus an ndéanfaidh mé baill striapaí díobh? Ní dhéanfaidh choíche! Nach bhfuil a fhios agaibh, an té a thagas le chéile le striapach, go ndéanann sé aon cholainn amháin léi? Mar atá scríofa, “beidh an lánúin ina n-aon cholainn.” Ach an té a aontaítear leis an Tiarna déantar aon spiorad de leis. Seachnaígí an striapachas. Is taobh amuigh den cholainn gach peaca eile dá ndéanann fear: ach peacaíonn fear na drúise in aghaidh a cholainne féin. Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall í bhur gcolainn don Spiorad Naomh a bhíos ionaibh, atá agaibh ó Dhia? Ní libh féin sibh; ceannaíodh ar luach sibh. Mar sin de, glóirígí Dia le bhur gcolainn. Is é a deirim anois i dtaobh na ngnóthaí ar scríobh sibh fúthu. Tá sé chomh maith ag fear gan aon bhaint a bheith aige le bean. Ach lena gcosaint ar na cathuithe chun drochiompair, is ceart a bhanchéile féin a bheith ag gach aon fhear, agus a fear céile féin a bheith ag gach bean. Tugadh an fear a ceart féin dá bhanchéile agus tugadh an banchéile a chearta fir dá fear céile. Mar ní bhíonn an bhean, ach an fear, i gceannas a coirp féin; agus mar an gcéanna ní bhíonn an fear, ach an bhean, i gceannas chorp a fear céile. Ná diúltaígí dá chéile ach amháin, bʼfhéidir, ar feadh tamaill dʼaontoil, ionas go dtuga sibh sibh féin suas don urnaí; agus san uair sin féin tagaigí le chéile arís ar eagla go gcuirfidh Sátan cathuithe oraibh tri dhíobháil sriantachta. Ceadaím sin daoibh gan a ordú. Bʼfhearr liom é dá mbeadh gach uile dhuine mar atá mé féin. Ach bíonn gach uile dhuine agus a thíolacadh féin aige ó Dhia, agus gné eile ag an dara duine. Deirim leis an dream nár phós go fóill agus leis na baintreacha go bhfuil sé chomh maith acu fanacht díomhaoin agus aithris a dhéanamh ormsa. Ach mura dtagann leo srian a choinneáil leo féin, is fearr dóibh pósadh. Mar is fearr pósadh ná bheith ar lasadh le hainmhianta collaí. Don dream atá pósta, ní thugaim féin, ach tugann an Tiarna ordú gan an banchéile a scaradh óna fear céile (nó má scarann féin fanadh si díomhaoin nó déanadh sí athaontú lena fear)—agus gan an fear céile a scaradh lena bhanchéile. Ní hé an Tiarna, ach mise a deir leis an gcuid eile, más rud é go bhfuil bráthair ann a bhfuil banchéile aige nach bhfuil an creideamh aici, agus í toilteanach le bheith ar aontíos leis, nach bhfuil feidhm air scaradh léi. Má tá bean ann a bhfuil fear gan chreideamh aici, agus é toilteanach le bheith ar aontíos léi, níl feidhm uirthi scaradh leis. Mar naomhaíonn a bhean an fear gan chreideamh agus naomhaíonn an fear an bhean gan chreideamh. Murab é sin, ba neamhghlan bhur gclann, atá naofa sa chás seo. Ach más mian leis an gcéile díchreidmheach scaradh, déantar amhlaidh; níl aon oibleagáid ar bhráthair ná ar shiúr má chuirtear sin i gcás. Mar ghlaoigh Dia sinn chun na síochána. A bhean úd, cad é mar atá a dhearbhfhios agat go slánóidh tú dʼfhear céile? A fhir úd, cad é mar a fhéadann tú bheith cinnte go slánóidh tú do bhanchéile? Níl uaim ach amháin go gcaithfeadh gach duine an saol a dháil Dia air, agus a raibh sé ann nuair a ghlaoigh Dia air. Cuirim i gcás duine a bhí timpeallghearrtha cheana féin san am ar glaodh air. Ná féachadh sé le lorg an timpeallghearrtha a chur ar ceal. Cuirim i gcás go raibh duine gan timpeallghearradh san am ar glaodh air. Ná hiarradh sé timpeallghearradh. Mar níl aon tábhacht sa timpeallghearradh ná sa neamh-thimpeallghearradh, ach i gcleachtadh aitheanta Dé. Is cóir do gach duine fanacht sa staid inar glaodh air. An raibh tú i do dhaor nuair a glaodh ort? Nach cuma! Ach má bhíonn faill agat an tsaoirse a fháil, glac léi. Mar an té sin a fuair glaoch ón Tiarna agus é ina dhaor, is é saor an Tiarna é. Mar an gcéanna an té sin a fuair glaoch ón Tiarna agus é ina shaor, is é daor an Tiarna é. Ceannaíodh ar luach sibh; ná bígí in bhur ndaoir ag daoine. Mar sin, a bhráithre, fanadh gach duine i bhfianaise Dé sa staid ina raibh sé nuair a fuair sé an glaoch. Anois, i dtaobh an mhéid nach bhfuil pósta, níl aithne ón Tiarna agam, ach go bhfuil mé ag insint mo bharúla mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna. I ngeall ar an angar atá le teacht is é mo thuairim go bhfuil sé chomh maith do dhuine fanacht mar atá sé. An bhfuil tú faoí chuing le céile mná? Ná hiarr í a scaoileadh. An bhfuil tú saor ó chéile mná? Ná hiarr an cleamhnas. Ach má phósann tú, ní peaca duit é, agus má phósann cailín, ní peaca di é. Ach beidh a gcuid féin de bhuaireamh saolta ar an dream a phósfas, agus ba é ba mhian liom sin a chose oraibh. Is é atá á mhaíomh agam, a bhráithre, go bhfuil an t-am atá leagtha amach ag éirí an-ghairid; uaidh seo amach maireadh an méid a mbíonn banchéilí acu mar nach mbeadh siad acu, agus an dream atá faoi bhrón mar nach mbeadh brón orthu, agus an dream a bhfuil lúcháir orthu mar nach mbeadh lúcháir orthu, agus an dream a bhíos ag ceannach mar nach mbeadh aon ní acu, agus an dream a mbíonn gnó saolta acu mar nach mbeadh aon ghnó acu leis an saol. Mar tá gné an tsaoil seo ag imeacht as. Ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear neamhphósta imníoch faoi ghnóthaí an Tiarna, agus faoi conas a thaitneos sé leis an Tiarna; ach bíonn an fear pósta imníoch faoi ghnóthaí saolta, agus faoi conas a thaitneos sé lena bhean, agus gan é ar aon aigne amháin. Agus an bhean nó an cailín nár pósadh, bíonn imní uirthi faoi ghnóthaí an Tiarna, agus faoi bheith naofa i gcorp agus i sprid; ach bíonn imní ar an mbean phósta faoi ghnóthaí saolta, agus faoi conas a thaitneos si lena fear céile. Deirim an méid seo le bhur leas, gan aon srian a chur libh, ach le caoi cheart a chur ar bhur gcúrsaí agus bhur n-aird ar fad a bheith ar an Tiarna. Má shíleann aon duine nach bhfuil sé á iompar féin mar ba cheart leis an mbean a bhfuil sé luaite léi, agus má bhíonn a ainmhian trom, agus riachtanas leis: bíodh de chead acu pósadh—ní peaca é. Ach an té a bhfuil a chroí daingean, agus nach bhfuil riachtanas air, agus a bhfuil a mhianta faoi shrian, agus a bhfuil mar rún daingean aige ina chroí bheith luaite léi go buan, beidh dea-rud déanta aige. Mar sin an té a phósas an bhean a luaitear leis, is maith a dhéanas sé; agus an té a fhanas ó phósadh, déan-faidh sé ní is fearr. Tá banchéile ceangailte dá fear céile chomh fada agus a mhaireann sé. Má fhaigheann an fear céile bás, tá sise saor lena rogha duine a phósadh, ach a bheith sa Tiarna. Ach is é mo mheas gurb aoibhne di fanacht mar atá si. Agus creidim go bhfuil Spiorad Dé agam chomh maith le duine. Anois i dtaobh an bhia a bhítear á ofráil do dhéithe bréige: is feasach dúinn go bhfuil “eolas againn uile.” Séideann an “tEolas” le gaoth, ach cothaíonn an grá an croí. Má fheictear do dhuine go bhfuil aon eolas aige, níl an t-eolas aige go fóill mar is cóir. Ach má tá grá ag duine do Dhia, tá aithne ag Dia ar an duine sin. Mar sin de, chomh fada agus a bhaineann le bia a bhíos á ofráil do dhéithe bréige, tá a íhios againn “nach bhfuil dia bréige ann go fíor,” agus “nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amháin.” Mar siúd is go bhfuil mórán ar neamh agus ar talamh atá in ainm a bheith ina ndéithe—mar tá mórán “déithe” agus mórán “tiamaí” ann— ní lúide, níl againne ach an t-aon Dia amháin, an tAthair, a dtagann na nithe uile uaidh, agus a mairimid dó, agus níl ach an t-aon Tiarna amháin, Íosa Críost, a mbíonn na nithe uile ann tríd agus a mairimidne tríd. Ní lúide, níl an t-eolas sin ag an uile dhuine. Tá dream ann, a itheas bia ionann is mar a ofráladh é dáiríre do dhia bréige, ó bhí siad cleachta le déithe bréige roimhe sin; agus truaillítear a gcoinsias siúd, trína laige. Nílimid inmholta i súile Dé de thairbhe bia. Ní measaide sinn gan ithe, agus ní fearrde sinn ithe. Ach bígí ar bhur n-aire ar eagla go mbeidh an ní atá ina shaoirse agatsa ina ábhar titime don duine lag. Mar má íheiceann aon duine tusa, an fear a bhfuil an t-eolas aige, ina shuí ag bord i dteampall dia bréige, nach cosúil go ngríosfadh sé sin é, má tá a choinsias lag, le bia a ithe a ofráladh do dhéithe bréige? Agus mar sin scriosann an t-eolas sin atá agat an duine lag seo, an bráthair a bhfuair Críost bás ar a shon. Mar sin, tá peaca déanta agat in aghaidh do bhráithre, agus a gcoinsias gonta agat nuair a bhíos sé lag, agus tá peaca déanta agat in aghaidh Chríost. Dá bhrí sin, má bhíonn an bia ina chúis titime do mo bhráthair, ní íosfaidh mé feoil choíche, ar eagla bheith i mo chúis titime do mo bhráthair. Nach bhfuilim saor? Nach bhfuilim i mʼaspal? Nach bhfuil Íosa an Tiarna feicthe agam? Nach sibhse mo shaothar sa Tiarna? Má chuirtear i gcás nach bhfuilim i mʼaspal do dhaoine eile, táim i mʼaspal daoibhse ar aon nós; mar tá sibhse mar shéala ar mʼaspaltacht sa Tiarna. Sin a bhfuil le rá agam leis an dream a chuirfeadh féachaint orm. Nach bhfuil ár gceart féin againn le haghaidh bia agus dí? Nach bhfuil de cheart againn banchéile a dhul linn, mar a bhíos ag na haspail eile agus ag deartháireacha an Tiarna agus ag Céfas? Nó an mise agus Barnabas amháin nach bhfuil de cheart againn staonadh ó bheith ag saothrú ár mbeatha? Cé a liostálas mar shaighdiúir ar a chostas féin? Cé a chuireas fíonghort gan cuid dá thorthaí a ithe? Cé a thugas aire do thréad gan cuid dá bhainne a fháil? An é nach bhfuil ach údarás daonna amháin agam leis an méid sin a rá? Nach ndeir an dlí an rud céanna? Mar tá sé scríofa i ndlí Mhaois, “Ní chuirfidh tú féastrach ar an damh a bhíos ag satailt an arbhair.” An i dtaobh leis an eallach amháin atá Dia? Nach bhfuil sé á rá sin mar mhaithe linne ar fad? Is mar mhaithe linne a scríobhadh é, as siocair gur cóir don treabhdóir treabhadh i ndóchas agus gur cóir don bhuailteoir bualadh i ndóchas a chuid féin den arbhar a fháil. Má tá maitheas spioradálta curtha againn in bhur mease, an bhfuil sé iomarcach againn cuid de bhur sochar saolta a bhaint? Má bhíonn an ceart sin le héileamh oraibh ag daoine eile, nach mó go mór is féidir linne a éileamh oraibh? Ach siúd is go bhfuil an ceart seo againn, níor bhaineamar aon fheidhm as, ach níl ní nach féidir linn a sheasamh sula gcuirimid aon chose i slí shoiscéal Chríost. Nach feasach daoibh go bhfaigheann an dream a bhíos ag freastal sa teampall a mbia ón teampall, agus go bhfaigheann an dream a bhíos ag freastal ar an altóir a gcuid de na híobairtí? Mar an gcéanna, tá sé ordaithe ag an Tiarna go bhfaighe an dream a chraobhscaoileann an soiscéal a mbeatha ón soiscéal. Ach níl aon fheidhm bainte agamsa as na cearta seo, agus níl mé ag scríobh i ndúil le haon soláthar den sórt a fháil. Mar bʼfhearr liom bás a fháil ná aon duine mʼábhar maíte a bhaint díom. Mar ní aon chúis mhaíte dom é má bhím ag seanmóireacht an tsoiscéil. Mar tá feidhm curtha orm. Is mairg dom é mura mbím ag seanmóireacht an tsoiscéil! Más de mo dheoin féin a dhéanaim é, tá duais le fáil agam; ach más i mʼainneoin a dhéanaimse é, is ordú é a taobhaíodh liom lena chur i gcrích. Cad é mar sin an duais atá le bheith agam? Níl ann ach an méid seo: an soiscéal athabhairt saor in aiscei mo sheanmóireacht, gan iomlán feidhme a bhaint as an gceart atá agam ón soiscéal. Mar siúd is go bhfuilim saor ó na daoine uile, tá daor déanta agam díom féin don uile dhuine, go mbí a thuilleadh á mealladh agam. Rinne mé Giúdach díom féin do na Giúdaigh, ionas go meallfainn na Giúdaigh; rinne mé díom féin duine mar a bheadh faoin dlí—cé nach bhfuilim féin faoin dlí—ionas go meallfainn an dream a bhíos faoin dlí. Don dream a bhí taobh amuigh den dlí bhí mé mar dhuine a bheadh taobh amuigh den dlí—cé nach bhfuilim gan dlí orm i bhfianaise Dé ach faoi dhlí Chríost—ionas go meallfainn an dream atá taobh amuigh den dlí. Bhí mé lag leis an dream a bhí lag ionas go meallfainn an dream atá lag. Bhí mé tuilleamaíoch le gach duine, mar dhúil is go slánóinn cuid acu ar chaoi ar bith. Bím á dhéanamh sin uile mar mhaithe leis an soiscéal, ionas go raibh mé páirteach ina bheannachtaí. Nach feasach daoibh go mbíonn na reathaithe uile páirteach i gcoimhlint reatha, ach nach bhfaigheann ach an t-aon duine amháin an duais? Rithigí sibhse ar dhóigh go bhfaighe sibh an duais. Bíonn gach lúthchleasaí ag cur smachta air féin san uile short ní. Bíonn siadsan á dhéanamh chun go bhfaighe siad an chraobh a chríonas, ach bímidne á dhéanamh le craobh nach bhfeonn a fháil. Mar sin ní bhím ag rith gan ceann cúrsa, ná ag domálaíocht mar dhuine a thabharfadh buillí don aer; ach bím ag greadadh mo cholainne agus á cur faoi smacht ar eagla, i ndiaidh bheith ag seanmóireacht do dhaoine eile, go mbainfí mo cháilíocht díom féin. Ba mhaith liom a fhios a bheith agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an néil, agus go ndeachaigh siad uile tríd an bhfarraige, agus gur baisteadh iad uile do Mhaois sa néal agus san fharraige, agus gur chaith siad uile an bia osnádúrtha céanna agus gur ól siad uile an deoch osnádúrtha céanna. Mar dʼól siad ón gCarraig osnádúrtha a bhíodh á leanúint, agus ba é Críost an Charraig úd. Ach ní fhágann sin nach raibh Dia míshásta lena bhformhór; mar leagadh ar lár san fhásach iad. Anois bíonn na nithe seo againn le fógra a thabhairt dúinne gan cíocras a bheith orainn chun an oilc mar a bhí orthu siúd. Ná hadhraigí déithe bréige mar a dʼadhair cuid acu; mar atá scríofa, “Shuigh na daoine fúthu le n-ithe agus le n-ól agus dʼéirigh siad le damhsa.” Ná géillimis don striapachas mar a ghéill dream acu, gur thit trí mhíle fichead leis san aon lá amháin. Ná tugaimis dúshlán Dé, mar a thug cuid acu gur scrios na nathracha nimhe iad; agus ná bímis ag clamhsán, mar a rinne cuid acu go dtí gur scrios an Scriostóir iad. Anois tharla na nithe sin uile dóibh mar fhógra, ach cuireadh i scríbhinn iad le treoir a thabhairt dúinne, ar thit críocha déanacha na n-aoiseanna orainn. Mar sin bíodh an té atá ina sheasamh dar leis féin ar a fhaichill ar eagla go dtite sé. Níor rug aon chathú oraibh nach bhfuil coitianta i measc daoine. Is dílis iontaofa Dia, agus ní cheadóidh sé cathú a theacht oraibh nach bhfuil neart agaibh air, agus soláthróidh sé bealach éalaithe le cois an chathaithe, ar mhodh go bhféada sibh a sheasamh. Dá bhrí sin a dhaoine mo pháirte, seachnaígí adhradh na ndéithe bréige. Labhraím mar a labhróinn le daoine céillí; breathnaígí féin an méid a deirim. Cailís an bhean-naithe a bheannaímid, nach rannpháirtíocht i bhfuil Chríost í? An t-arán a bhíos á bhriseadh againn, nach rannpháirtíocht i gcorp Chríost é? Ó nach bhfuil ann ach aon arán amháin, táimidne a bhfuil mórán ann dínn inár n-aon chorp amháin, ó bímid rannpháirteach san aon arán amháin. Cuirigí i gcás na nósanna a chleachtas Iosrael; nach mbíonn an dream a itheas na híobairtí rannpháirteach san altóir? Cad é mar sin atá agam le tuiscint as? Gur ni liom é bia a ofráiltear do dhéithe bréige, nó gur aon ní é an dia bréige é féin? Ní hea, is é a thuigim as go mbíonn na págánaigh ag ofráil a mbíonn á n-íobairt acu do dheamhain agus ní do Dhia. Níl aon fhonn orm sibh a fheiceáil ag dul i gcomhar le deamhain. Ní féidir libh cupán an Tiarna agus cupán na ndeamhan a ól. Ní féidir libh bheith rannpháirteach i mbord an Tiarna agus i mbord na ndeamhan. An músclóimid an Tiarna chun éada? An treise linn ná leis? “Tá gach uile ní dleathach,” ach níl gach uile ní ina chuidiú. “Tá gach uile ní dleathach,” ach níl cothú le baint as gach uile ní. Ná bíodh aon duine mar mhaithe leis féin, ach mar mhaithe leis an gcomharsa. Ithigí cibé a bhíos ar díol i margadh na feola gan ceist ar bith i dtaobh a mbaineann le coinsias. Mar “is leis an Tiarna an talamh agus a bhfuil ann.” Má fhaigheann tú cuireadh chun dinnéir ó dhuine de lucht an díchreidimh agus má bhíonn form ort dul ann, ith a leagtar romhat gan ceist ar bith i dtaobh a mbaineann le coinsias. (Ach má deir duine leat “Ofráladh é seo mar íobairt,” bíodh aird agat ar an té a thug an t-eolas sin duit, agus urraim agat don choinsias— ní hé do choinsias féin ach a choinsias-san—agus ná hith é). Mar cad chuige a mbeadh mo shaoirse féin ag brath ar an scrupall a bhíos ag fear eile? Má chaithimse bia go buíoch beannachtach, cad chuige a bhfaightear locht orm as rud a mbím á altú? Mar sin, má bhíonn tú ag ithe nó ag ól, nó cibé ní a dhéanann tú, déan é chun glóire Dé. Ná tabhair ábhar formaid do na Giúdaigh ná do na Gréagaigh ná dʼeaglais Dé, mar a bhímse ar mo dhícheall leis an Ádhamhchlann uile a shásamh le cibé a dhéanaim, gan bheith ag iarraidh buntáiste dom féin, ach buntáiste don chuid is mó de na daoine, ionas go slánófar iad. Déanaigí aithris ormsa, de réir mar a bhímse ag déanamh aithrise ar Chríost. Molaim sibh ar an dóigh a gcuimhníonn sibh orm san uile ní, agus a gcoimeádann sibh na nósanna go díreach mar a thaobhaigh mé libh iad. Ach ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh gurb é Críost ceann gach fir, gurb é a fear céile ceann gach mná, agus gurb é Dia ceann Chríost. Gach fear a bhíos ag umaí nó ag fáidheadóireacht le ceann cumhdaithe tugann sé easonóir dá cheann féin, ach gach bean a bhíos ag urnaí nó ag fáidheadóireacht le ceann nach bhfuil cumhdaithe tugann sí easonóir dá ceann féin—is ionann é agus dá mbeadh a ceann bearrtha. Mar mura gcuireann bean caille uirthi, ba cheart di a ceann a bhearradh; ach más náireach do bhean bheith lomtha nó bearrtha, a chead aici caille a chaitheamh. Mar ní dual dʼfhear a cheann a chumhdach, ós é íomhá agus glóir Dé é; ach is í an bhean glóir an fhir. (Mar ní dhearnadh an fear as an mbean, ach rinneadh an bhean as an bhfear. Mar an gcéanna níor cruthaíodh an fear mar mhaithe leis an mbean ach cruthaíodh an bhean mar mhaithe leis an bhfear). Is é sin an chúis atá leis an gcaille is cóir a bheith ar cheann mná; is iad na haingil is cúis leis. (Ní lúide, mar atá sa Tiarna níl an bhean neamhspleách ar an bhfear ná an fear neamhspleách ar an mbean; ó mar rinneadh an bhean as an bhfear, tagann an fear anois ar an saol as broinn na mná. Mar is ó Dhia a thagann na nithe uile). Tugaigí breith in bhur n-intinn féin; an cóir é go mbeadh bean ag guí Dé gan cumhdach ar a ceann? Nach mbíonn an nádúir féin ag múineadh daoibh gur ábhar náire dʼfhear é ceann fada gruaige a bheith air, ach go bhféadann bean bheith bródúil as a gruaig fhada? Mar tugtar a gruaig di mar chumhdach. Má tá aon duine ró-righin, ní bhímidne ná eaglaisí Dé ag glacadh le haon nós eile. Ach ní bheidh mé do bhur moladh sna rialacha a thabharfas mé uaim anois, ós nach chun bhur leasa ach chun bhur n-aimhleasa a thagas sibh le chéile. Mar sa chéad dul síos, nuair a chruinníos sibh le chéile mar eaglais, cluinim go mbíonn siosmaí eadraibh; agus creidim cuid de sin, mar caithfidh sainaicmí a bheith in bhur mease ionas go n-aithnítear cé agaibh atá dáiríre. Nuair a thagann sibh i geeann a chéile, ní hé suipéar an Tiarna a bhíos á ithe agaibh. Mar nuair a bhíonn sibh ag ithe, téann gach duine ar aghaidh lena bhéile féin, agus bíonn ocras ar dhuine amháin agus an dara duine ag dul ar meisce. Cá bhfacthas a leithéid? Nach bhfuil tithe agaibh le bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an beag libh eaglais Dé agus an dtugann sibh dímheas do na daoine nach bhfuil maoin acu? Cad é a bheidh le rá agam faoi sin? An mbeidh mé do bhur moladh? Ní bheidh, ar ndóigh. Mar níor thug mé uaim daoibh ach ar tháinig chugam ón Tiarna é féin, gur ghlac an Tiarna Íosa arán oíche a bhratha, agus gur altaigh sé é, agus gur bhris sé é ansin, agus go ndúirt sé, “Is é seo mo chorp atá ar bhur son. Déanaigí sin i gcuimhne ormsa.” Mar an gcéanna leis an gcailis, i ndiaidh an tsuipéir, á rá, “Is í an chailís seo an cúnant úrnua i mʼfhuilse. Déanaigí sin, chomh minic agus a ólfas sibh é, i gcuimhne ormsa.” Mar dá mhinicí a itheas sibh an t-arán seo agus a ólas sibh an chailís, fógraíonn sibh bás an Tiarna go dtí go dtiocfaidh sé. Dá bhrí sin, cibé duine a itheas an t-arán nó a ólas cailís an Tiarna ar chaoi nach cóir beidh sé ciontach i sárú chorp agus fhuil an Tiarna. Cuireadh duine mionscrúdú air féin, agus itheadh sé ansin den arán agus óladh sé den chailís. Mar an té a itheas agus a ólas gan an corp a aithint itheann sé agus ólann sé breithiúnas air féin. Is é sin an chúis go bhfuil mórán agaibh lag agus breoite, agus cuid agaibh i ndiaidh bás a fháil. Ach dá dtabhar-faimis breithiúnas go fíor orainn féin, ni thabharfaí breithiúnas orainn. Ach nuair a thugas an Tiarna breithiúnas orainn, cuirtear smacht orainn ionas nach mbeimis faoi dhaorbhreith i gcuideachta an tsaoil. Mar sin, a bhráithre liom, nuair a thagann sibh le chéile le hithe, fanaigí lena chéile— má bhíonn ocras ar aon duine, itheadh sé sa bhaile—ar eagla go dtuga sibh daorbhreith oraibh féin as teacht le chéile. I dtaca leis na nithe eile, tabharfaidh mé treoir daoibh nuair a thiocfas mé. Anois a bhráithre, ní maith liom sibh a bheith aineolach i dtaobh na dtíolaicí spioradálta. Tá a fhios agaibh go raibh sibh do bhur seoladh ar seachrán siúil chuig déithe balbha bréige san am a raibh sibh in bhur bpágánaigh, is cuma cad é chomh mór leis an gcorraí a bhí fúibh. Dá bhrí sin is maith liom go dtuigfeadh sibh nach ndeir aon duine “Mo mhallacht é Íosa!” atá ag labhairt faoi anáil Spiorad Dé agus nach féidir le haon duine a rá “Is é an Tiarna é Íosa” ach amháin tríd an Spiorad Naomh. Anois tá éagsúlacht sna tíolaicí, ach tá an t-aon Spiorad amháin ann; agus bíonn éagsúlacht sa tseirbhís a dhéantar ach is ionann an Tiarna; agus bíonn éagsúlachtaí san oibriú, ach is é an t-aon Dia amháia a spreagas iad uile san uile dhuine. Bronntar cumas léirithe an Spioraid ar gach duine mar mhaithe leis na daoine uile a chur ar a leas. Tugtar tríd an Spiorad urlabhra na heagna do dhuine amháin, agus do dhuine eile urlabhra an eolais de réir an Spioraid chéanna, tugtar creideamh do dhuine eile tríd an Spiorad céanna, agus tíolaicí an leighis do dhuine eile tríd an Spiorad céanna, do dhuine eile cumas déanta míorúiltí, do dhuine eile fáidheadóireacht, do dhuine eile cumas na spridí a aithint ó chéile, do dhuine eile labhairt i dteangacha éagsúla, do dhuine eile cumas mínithe na dteangacha sin. Bíonn siad seo uile á spreagadh tríd an t-aon Spiorad céanna amháin, agus é ag roinnt mar is toil leis le gach duine faoi leith. Mar atá an t-aon chorp amháin ann agus an iomad ball air, agus mar atá na baill uile, dá méid, ina n-aon chorp amháin, is mar sin do Chríost. Mar tríd an t-aon Spiorad amháin is aon chorp amháin tríd an mbaiste sinn— idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, idir shaoir agus dhaoir— agus tugadh orainn an t-aon Spiorad amháin a ól. Mar ní aon bhall amháin é an corp ach mórán acu. Dá ndéarfadh an chos, “Ní den chorp mé ó nach lámh mé,” ní lúide a bheadh sí ina cuid den chorp. Agus dá ndéarfadh an chluas, “Ó nach súil mé, ní den chorp mé,” ní lúide a bheadh sí ina cuid den chorp. Dá mba shúil é an corp uile, cá mbeadh an éisteacht? Dá mba chluas é an corp uile cá mbeadh an boladh? Ach mar atá, chóirigh Dia na baill sa chorp, an uile bhall acu, mar a thogair sé féin. Dá mba aon bhall amháin iad, cá mbeadh an corp? Mar atá, tá mórán codanna ann, ach tá aon chorp amháin ann. Ní fhéadann an tsúil a rá leis an láimh, “Níl feidhm orm leat,” ná ní fhéadann an ceann a rá leis na cosa, “Níl feidhm orm libh.” A athrach ar fad, is iad na codanna den chorp is mó a bhfuil cuma na laige orthu nach féidir déanamh dá n-uireasa, agus is do na codanna sin den chorp is lú dar linn a bhíos onórach a thugaimid an onóir is mó, agus is faoi na codanna dínn atá ina ndíol náire a bhímid modhúil béasach ar shlí nach dteastaíonn ó na codanna is mó is inbhreathnaithe. Ach is amhlaidh is mar sin an t-eagar a chuir Dia ar an gcorp, ag tabhairt na honóra is mó don bhall is isle dínn, ionas nach mbeidh aon easaontas sa chorp, ach go mbeidh na baill uile ag freastal mar an gcéanna dá chéile. Má tá aon chaill ar aon bhall, bíonn an chaill orthu uile i gcuideachta; má thugtar onóir dʼaon bhall amháin, bíonn áthas ar na baill uile le chéile. Anois is sibh corp Chríost, agus gach duine faoi leith ina bhall de. Agus is iad atá ceaptha ag Dia san eaglais na haspail sa chéad áit, na fáithe sa dara háit, na teagascóirí sa tríú háit, agus ansin lucht oibrithe míorúiltí, lucht déanta leigheasanna, cúntóirí, riarthóirí, lucht labhartha teangacha ilchineálacha. An aspail iad uile? An fáithe iad uile? An teagascóirí iad uile? An oibríonn siad uile míorúiltí? An bhfuil tíolaicí an leighis acu uile? An labhraíonn siad uile i dteangacha? An míníonn siad uile? Ach bígí sibhse ag tnúth leis na tíolaicí is airde a fháil. Agus nochtfaidh mé daoibh slí a sháraíos orthu sin uile. Má labhraím ina bhfuil de theangacha ag an Ádhamhchlann agus ag na haingil, agus gan ghrá i mo chroí, níl ionam ach clog callánach nó ciombal clingeach. Agus má tá cumhachtaí fáidheadóireachta agam, agus tuiscint gach rúndiamhaire agus gach eolais agam, agus iomlán creidimh agam agus cumas aige sléibhte a bhogadh, agus gan grá a bheith i mo chroí, níl ionam ach neamhní. Má thugaim uaim a bhfuil agam, agus má thugaim mo chorp suas lena loscadh, mura bhfuil grá i mo chroí, ní tairbhe ar bith dom é. Bíonn an grá go foighneach carthanach; ni bhíonn an grá éadmhar ná mórtasach; ní bhíonn sé díomasach ná mímhúinte. Ní iarrann an grá a chomhairle féin; ní bhíonn sé confach ná díoltasach; ní bhíonn sé lúcháireach faoin olc, ach lúcháireach faoin maith. Bíonn acmhainn ag an ngrá ar na nithe uile, creideann an grá sna nithe uile, bíonn dóchas ag an ngrá as na nithe uile, fulaingíonn an grá na nithe uile. Ní bhíonn deireadh leis an ngrá; ach na tairngreachtaí, rachaidh siad ar ceal; na teangacha, beidh deireadh leo; agus an t-eolas, rachaidh sé sin ar ceal. Mar is neamhiomlán ár n-eolas agus is neamhiomlán ár dtairngreacht; ach nuair a thiocfas an iomláine, rachaidh an neamhiomláine ar ceal. Nuair a bhí mé i mo leanbh, bhínn ag labhairt mar leanbh, bhínn ag smaoineamh mar leanbh, agus ag plé mar leanbh; ach nuair a tháinig mé in aois fir, chuir mé na gnásanna leanbai díom. Mar ní bhíonn againn anois ach amharc ceomhar i scáthán, ach san uair úd amharc-faimid ar ghnúis a chéile. Níl eolas iomlán agam anois; san uair úd beidh tuiscint iomlán agam, mar an tuiscint iomlán a cuireadh orm. Mar sin bíonn na trí ní sin buanseasmhach, an creideamh, an dóchas, agus an grá; ach is é an grá is mó orthu. Glacaigí an grá mar chuspóir, agus santaígí na tíolaicí spioradálta a bheith agaibh, go háirithe an fháidheadóireacht. Mar an té a labhraíos i dteanga, ní le daoine ach le Dia a labhraíos sé mar ní thuigeann aon duine é, ach bíonn sé ag insint rúndiamhaire agus é sa Spiorad. Ní hamhlaidh don té a bhíos ag fáidheadóireacht, is leis na daoine a labhraíos sé ag cur leo agus ag neartú leo agus ag tabhairt sóláis dóibh. An té a labhraíos i dteanga déanann sé a leas féin, ach an té a bhíos ag fáidheadóireacht déanann sé leas na heaglaise. Anois ba mhaith liom sibh uile a labhairt i dteangacha, ach bʼfhearr liom i bhfad go ndéanfadh sibh fáidheadóireacht. Is mó an té a bhíos ag fáidheadóireacht ná an té a bhíos ag labhairt i dteangacha, mura mbíonn duine éigin ann lena mhíniú, ionas go dté sé chun leasa don eaglais. Anois, a bhráithre, má thagaim chugaibh agus mé ag labhairt i dteangacha, conas a dhéanfaidh mé bhur leas mura dtugaim liom chugaibh ní éigin mar thaispeáint nó eolas nó tairngreacht nó teagasc? Má bhíonn go fiú na ngléasanna neamhbheo mar an fhideog nó an chláirseach gan nótaí soiléire a thabhairt uathu, conas is féidir le haon duine a aithint cad é an port a sheinntear? Agus má thugann an stoc glór neamhshoiléir, cé a dhéanfas réidh chun catha? Is mar an gcéanna daoibhse; má labhraíonn sibh caint nach bhfuil intuigthe i dteanga, conas a bheidh a fhios ag aon duine cad é atá á rá? Ní bheidh do chaint ach ag dul le gaoth. Níl amhras nach bhfuil mórán teangacha de gach uile chineál sa domhan, agus gan teanga acu nach bhfuil ciall léi; ach mura dtuigimse ciall na teanga, beidh mise i mo choimthíoch ag an té a labhraíos an teanga sin agus beidh seisean ina choimhthíoch agam. Is mar an gcéanna daoibhse; má tá fonn oraibh an Spiorad a fheiceáil á thaispeáint, bígí ar bhur ndícheall le bua a bhreith ag cur leis an eaglais. Dá bhrí sin de, ba chóir don té a labhraíos i dteanga a bheith ag guí cumas mínithe a bheith aige. Mar má bhímse ag guí i dteanga, bíonn mo sprid ag guí, ach bíonn mʼintleacht neamhthorthúil. Cad é is cóir dom a dhéanamh? Tá orm guí leis an sprid agus guí leis an intleacht freisin; bead ag gabháil ceoil leis an sprid agus bead ag gabháil ceoil leis an intleacht freisin. Mar má bhíonn tú ag altú leis an sprid, conas is féidir le duine atá ina strainséir “Áiméan” a rá le dʼaltú buíochais nuair nach bhfuil fhios aige cad é atá á rá agat? Mar is cuma cad é chomh maith agat a bhíonn dʼaltú, ní féidir leis an bhfear eile aon tairbhe a bhaint as. Beirim buíochas le Dia go sáraím oraibh uile i labhairt teangacha; ach ní fhágann sin nárbh fhearr liom nuair a bhím i gcruinniú eaglais Dé cúig fhocal a rá le mʼintinn a thabharfadh teagasc do dhaoine eile, ná deich mile focal a rá i dteanga. A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur smaointe; bígí mar leanaí san ole, ach bígí in bhur ndaoine fásta in bhur smaointe. Tá sé scríofa sa dlí, “Is le fir na dteangacha coimhthíocha agus trí bhéil na gcoigríoch a labhróidh mé leis an bpobal seo, agus san am sin féin ní éistfidh siad liom, a deir an Tiarna.” Mar sin bíonn na teangacha ina gcomhartha do lucht an díchreidimh, agus ní do na creidmhigh, agus tá an fháidheadóireacht ann le haghaidh lucht an chreidimh agus ní le haghaidh na ndíchreid-mheach. Mar sin, má thagann an eaglais uile le chéile agus labhraíonn i dteangacha, más rud é go dtagann strainséirí nó daoine díchreidmheacha isteach ann, nach ndéarfaidh siad go bhfuil sibh uile ar buile? Ach má bhíonn sibh uile ag fáidheadóireacht, agus má thagann duine díchreid-mheach nó strainséir isteach, bíonn sibh uile á chiontú, bíonn sibh uile ag iarraidh cuntais air, nochtar rúndiamhra a chroí; agus titfidh sé mar sin ar a bhéal, agus tabharfaidh sé adhradh do Dhia agus dearbhóidh sé go bhfuil Dia in bhur mease i bhfírinne. Cad é a thiocfas as sin, a bhráithre? Nuair a chruinníos sibh le chéile, níl aon duine agaibh gan iomann, nó ceacht, nó taispeáint, nó teanga, nó míniú a bheith aige. Bíodh gach ní á dhéanamh mar is fearr a rachaidh chun tairbhe. Má labhraíonn duine i dteanga, ná bíodh ann ach beirt nó triúr acu ar an gcuid is mó, agus gach duine acu ar a sheal; agus bíodh duine ann á míniú. Ach mura mbíonn duine ann lena míniú, fanadh gach duine acu ina thost san eaglais agus labhraíodh sé Ieis féin agus le Dia. Labhraíodh beirt nó triúr fáidh, agus measadh an chuid eile an ní a deirtear. Má thugtar taispeáint do dhuine eile atá ina shuí lena thaobh, bíodh an chéad chainteoir ina thost. Mar féadann sibh uile bheith ag fáidheadóireacht in bhur nduine agus in bhur nduine, ionas go gcluine an chuideachta uile agus go neartaítear leo; agus bíonn na spridí atá sna fáithe faoi smacht na bhfáithe. Mar ní Dia easordaithe é Dia ach Dia síochána. Mar is gnách in eaglaisí uile na naomh, is cóir do na mná fanacht ina dtost sna cruinnithe eaglasta. Mar níl sé ceadmhach acu labhairt, ach a bheith faoi smacht, mar atá ráite sa dlí féin. Má tá fonn orthu eolas a fháil ar ní ar bith, fiafraídís dá bhfir sa bhaile é. Mar is náireach an ní é bean ag caint i gcruinniú eaglasta. Cad é atá le rá agaibh? An amach asaibh amháin a chuaigh briathar Dé ar dtús, nó an sibh an t-aon dream amháin ar tháinig sé chucu? Más fáidh feasa nó saoi spioradálta aon duine dar leis féin, ba é a cheart a admháil gur aithne ón Tiarna an méid sin a bhfuil mé á scríobh chugaibh. Agus mura n-aithníonn aon duine sin, ná glactar leis mar dhuine a bhfuil aithne air. Mar sin, a bhráithre liom, bíodh tóir agaibh ar fháidhead-óireacht, agus ná crosaigí ar dhaoine labhairt i dteangacha; ní lúide caithfear gach ní a dhéanamh go modhúil, ordúil. Ba mhaith liom anois, a bhráithre, a chur i gcuimhne daoibh cad é an soiscéal a dʼfhógair mé daoibh, an soiscéal ar ghlac sibh leis, an soiscéal a bhfuil bhur seasamh air, an soiscéal a shlánós sibh, ach sibh greim daingean a choinneáil air—mura bhfuil creidte agaibh in aisce. Mar an príomhphointe a chuir mé romhaibh is é an pointe ar ghlac mé féin leis ó dhaoine eile, is é rud é go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí mar atá ráite sna scrioptúir, agus gur adhlacadh é, agus gur tógadh ar an aiséirí é an tríú lá mar atá ráite sna scrioptúir, agus gur thaispeáin sé é féin do Chéfas, agus don dáréag ansin. Thaispeáin sé é féin ansin do chorradh is cúig chéad bráthair in aon am amháin, a bhfuil a mbunús ina mbeatha go fóill cé go bhfuil cuid acu séalaithe leo. Thaispeáin sé é féin do Shéamas ansin, agus ina dhiaidh sin do na haspail uile le chéile. Agus thiar thall sa deireadh, thaispeáin sé é féin domsa, ionann is dá mbeinn i mo bhreith anabaí. Mar is mé is lú de na haspail, ó nach fiú mé mʼainmniú i mease na n-aspal, ó rinne mé géarleanúint ar eaglais Dé. Ach is le grásta Dé atáim mar a fheiceann sibh mé, agus ní raibh a ghrástasan in aisce orm. A athrach ar fad, mar dʼoibrigh mé níos crua ná aon duine acu, cé nach mé a rinne sin, ach an grásta a bhíos ionam ó Dhia. Ach is cuma cé acu mise nó iad, is é sin ábhar ár seanmóra, agus is é sin an ní a chreid sibh. Anois má bhítear ag seanmóireacht an Chríost atá i ndiaidh éirí ó mhairbh, conas a fhéadann cuid agaibhse a rá nach bhfuil éirí ó mhairbh ann? Mar más rud é nach bhfuil éirí ó mhairbh ann, níor tógadh Críost ar an aiséirí; agus más rud é nár tógadh Críost, is saothar in aisce dúinn bheith ag seanmóireacht agus níl bhur gcreideamh ach in aisce. Agus ní hamháin sin, táimidne inár bhlinnéithe bréige ar Dhia, sinne a bhíos ag tabhairt fianaise gur thóg sé Críost, mar níor thóg sé é ar chor ar bith más fíor nach dtógtar na mairbh. Mar mura dtógtar na mairbh, níor tógadh Críost. Agus murar tógadh Críost, níl éifeacht in bhur gcreideamh, agus is dubh go fóill bhur bpeacaí ar bhur n-anamacha. Agus lena chois sin tá deireadh go deo leis an dream a shéalaigh i gcreideamh Chríost. Más le haghaidh bheatha an tsaoil seo amháin a bhíos dóchas as Críost againn, is sinne an díol trua is mó den Ádhamhchlann uile. Ach is amhlaidh a tógadh Críost ar an aiséirí ó mhairbh, agus is é na chéadtorthaí é a tháinig as na mairbh atá ina gcodladh. Mar a tháinig an bás trí dhuine, is amhlaidh a tháinig an t-aiséirí ó mhairbh trí dhuine. Ó mar a fhaigheann daoine an tsaoil bás trí Ádhamh, is amhlaidh a dhéanfar beo iad uile i gCríost. Ach caithfidh siad uile bheith in ord agus in eagar: An Críost mar na chéadtorthaí, agus ansin an dream is le Críost nuair a thiocfas seisean. Is ansin a thiocfas an chríoch dhéanach, nuair a dhéanfas sé an ríocht a sheachadadh i lámha Dé i ndiaidh é deireadh a chur le gach riail agus gach údarás agus gach cumhacht. Mar caithfidh an réim a bheith aige go dtí go gcuirfidh sé a naimhde uile faoina chois. Is é an namhaid deiridh a dhioláithreofar an bás. “Mar níl ní nach bhfuil curtha faoina chosa ag Dia.” Ach nuair a deirtear, “nach bhfuil ní nach bhfuil curtha faoina chosa,” is léir go bhfágtar as an áireamh an té a chuir na nithe uile eile faoi. Nuair a chuir-fear na nithe uile faoina chois, is ansin a chuirfear an Mac é féin faoi smacht an té a chuir na nithe uile faoi, i dtreo nach mbeidh duine ann ar ní leis aon ní ach Dia. Mura bhfuil sin amhlaidh, cad chuige a bhfuil siad dó, ag baisteadh daoine in ionad daoine atá marbh? Mura dtógtar na mairbh ar an aiséirí, cad chuige daoine a bhaist-eadh ina n-ionad? Cad chuige a mbímse go síor i gcontúirt? Dearbhaím daoibh, a bhráithre, dar an mbród a chuireas sibh orm gach uile lá i láthair ár dTiarna Íosa Chríost, go mbím ag saothrú an bháis gach uile lá! Cad é an tairbhe dom é má throid mé, mar a déarfadh duine, le beithigh allta san Eiféis? Mura dtógtar na mairbh, “bímis ag ithe is bímid ag ól linn, mar is é an bás amárach a gheobhaimid.” Ná bíodh breall oraibh: “Cuireann drochchuideachta deireadh le dea-bhéasa.” Bígí in bhur gciall agus ná déanaigí a thuilleadh den pheaca. Mar tá siad ann nach eol dóibh Dia. Is mór an náire daoibh é mé á rá. Ach beidh duine éigin ag fiafraí, “Conas a thógtar na mairbh? Cad é an cineál coirp ina dtiocfaidh siad?” A dhaoi gan chiall! Ní thiocfaidh a gcuireann tú chun beatha gan bás a fháil. Agus ní ionann an síol a chuireas tú agus an corp atá le bheith ann, mar níl ann ach gráinne gann de chruithneacht nó dʼarbhar eile. Ach is é rud, tugann Dia di an corp a thogh sé, a chorp féin do gach síol. Mar ní mar a chéile iad na feolta uile, mar tá feoil amháin ag daoine, agus feoil eile ag beithigh, agus feoil eile ag éanlaith, agus feoil eile ag éisc. Tá coirp neamhaí agus coirp thalmhaí ann; ach ní ionann glóir an choirp neamhaí agus glóir an choirp thalmhaí. Tá glóir amháin ag an ngrian agus glóir eile ag an ngealach, agus glóir eile ag na réaltaí; mar is mór idir glóir réalta amháin agus glóir réalta eile. Mar an gcéanna dʼaiséirí na marbh. An síol a chuirtear is é a chaitear, ach is buan an ní a thógtar ar an aiséirí. Cuirtear in easonóir é, tógtar i nglóir é. Cuirtear i laige é, tógtar i gcumhacht é. Cuirtear ina chorp nádúrtha é, tógtar ina chorp spioradálta é. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp spioradálta ann freisin. Is dá bhrí sin a scríobhtar, “Thosaigh an chéad Ádhamh ar bheith ina dhuine beo;” dʼéirigh an tÁdhamh deiridh amach ina sprid bheathbhronntach. Ach ní ag an spioradálta a bhíos an tús ach is amhlaidh a bhíonn an tús ag an nádúrtha, agus tagann an spioradálta ansin ina dhiaidh. An chéad fhear a bhí ann, ba den talamh é, agus gan ann ach luaith; ach an dara fear a bhí ann, bʼas neamh a tháinig sé. Bíonn an dream a thagann ón luaith mar an fear úd na luaithe; agus an dream is le neamh, bíonn siadsan mar an fear ó neamh. Mar a bhí go dtí seo dealbh fhear na luaithe orainn, is amhlaidh a bheidh dealbh an fhir ó neamh orainn. Tugaim seo le fios daoibh, a bhráithre: ní féidir le fuil agus feoil bheith ina n-oidhre ar ríocht Dé, ná le duine díomuan bheith ina oidhre ar an ní atá buan. Féach! Tá rúndiamhair agam lena hinsint daoibh. Níl an suan i ndán dúinn uile, ach tá athrú i ndán dúinn uile, íin aon móimint amháin, i bhfaiteadh súile, ag seinm an stoic dheiridh. Mar seinnfear an stoc, agus tógfar na mairbh go buan dochaite, agus tiocfaidh athrú crutha orainn. Mar caithfidh an ní so-chaite de dhúchas buanadas a chur air féin, agus an daonnacht atá so-mharthanach ó nádúr an bheatha shíoraí a chur air féin. Nuair a chuireann an so-chaite an buanadas air féin, agus nuair a chuireann an daonnacht bhásmhar an bheatha shíoraí uirthi féin, is ansin a fhíorófar an nath atá scríofa: “Slogann an bua an bás.” “A bháis, cá bhfuil do bhua? A éag, cá bhfuil do chealg?” Is é an peaca cealg an bháis, agus is sa dlí atá cumhacht an pheaca. Ach buíochas do Dhia, a thugas an bua dúinn trínár dTiarna Íosa Críost. Dá bhrí sin, a bhráithre mo pháirte, bígí daingean dochorraithe, agus bígí de shíor go fairsing i saothar an Tiarna, agus a dhea-fhios agaibh ón Tiarna nach fuar é bhur saothar más sa Tiarna atá sé. Anois, i dtaobh an tsíntiúis le haghaidh na naomh: an ní a dʼordaigh mé dʼeaglaisí Ghalátia, is é a dhéanfas sibh freisin. Ar an gcéad lá de gach seachtain, caithfidh gach duine agaibh rud éigin a chur i leataobh agus a chur i dtaisce, de réir an ratha a bhíos air, sa chruth nach mbeidh síntiúis á dtabhairt nuair a thagaim chugaibh. Agus nuair a thiocfas mé, cuirfidh mé an dream a dtugann sibh litir chreidiúna dóibh amach le bhur mbronntanas a iompar leo go hlarúsailéim. Má fheictear dom gur ceart dom dul ann freisin, rachaidh siad i mo chuideachta. Tabhar-faidh mé cuairt oraibh tar éis dul tríd an Macadóin, mar tá sé curtha romham agam dul tríd an Macadóin, agus dʼfhéadfainn bheith agaibh seal tamaill nó i rith an gheimh-ridh féin, sa chruth go bhféada sibh mé a chomóradh ar mʼaistear, cibé áit a dtéim. Mar ní cuairt faoi dheifir atá uaim, ach tá dóchas agam tamall maith a chaitheamh libh, le deonú Dé. Ach fanfaidh mé san Eiféis go Cincís, mar tá doras leathan chun saothair éifeachtaigh ar oscailt romham, agus is iomaí duine ag cur i mʼéadan. Nuair a thiocfas Timótéus, bígí cinnte a chur ar a shocracht in bhur mease, mar is í obair an Tiarna atá á déanamh aige, mo dhála féin. Mar sin ná déanadh aon duine a bheag de. Soirbhígí a bhealach dó faoi shíocháin, sa chruth go bhfille sé orm; mar tá mé ag feitheamh leis agus leis na bráithre eile. I dtaca lenár mbráthair Apollós, bhí mé ag agairt go dian air cuairt a thabhairt oraibh i gcuideachta na mbráithre eile, ach níorbh é a thoil ar chor ar bith teacht anois. Tiocfaidh sé nuair a bhíos faill aige. Bígí faireach, seasaigí go daingean ar bhur gcreideamh, bígí mórmhisniúil láidir. Déanaigí a ndéanann sibh go grách. Anois, a bhráithre, is feasach daoibh gurb iad teaghlach Stefános an chéad bharr a baineadh in Acáia, agus gur thug siad iad féin do bheith ag freastal ar na naoimh; agraim oraibh umhlú dá leithéidí agus do gach comhoibrí agus saothraí. Tá lúcháir orm roimh Stefános agus Fortunátus agus Acaiacus, ó lion siad an ionad a dʼfhág sibh folamh; mar thug siad aigne domsa agus daoibhse. Aithnígí fir atá mar iad. Beannaíonn eaglaisí na hÁise daoibh. Beannaíonn Acuila agus Prisca agus an eaglais a bhíos ina dteach go croíúil daoibh sa Tiarna. Beannaíonn na bráithre uile daoibh. Beannaígí dá chéile le naomh-phóg. Mise, Pól, a scríobhas an beannú seo i lorg mo láimhe féin. Aon duine nach mbíonn grá aige don Tiarna, bíodh sé ina dhíol mallachta. Tar, a Thiarna atá orainn! Go raibh grásta an Tiarna Íosa libh. Bíodh mo ghrá-sa libh uile sa Chríost, in Íosa. Áiméan. Mise Pól, atá i mʼaspal ag Íosa Críost le toil Dé, agus Timótéus ár mbráthair. Ag beannú don eaglais atá ag Dia i gCoraint, agus dá bhfuil de naoimh ann ar fud Acáia: Go raibh grásta agus síocháin agaibh ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Buíochas do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost, buíochas dʼAthair na dtrócairí agus do Dhia an tsóláis, a thugas sólás dúinn inár n-angar uile, ionas go dtugaimid sólás uainn dá mbíonn faoi angar, leis an sólás sin a fhaighimid féin ó Dhia. Mar dá fhairsinge ár gcuid de phianta Chríost, is fairsing ár gcuid den sólás trí Chríost. Ní bhíonn angar orainne nach mbíonn sólás agus slánú oraibh dá bharr; agus ní bhíonn sólás againne nach mbíonn ina shólás agaibhse, ach glacadh go foighneach le bhur gcuid de na pianta a bhíos orainne. Is daingean do-chorraithe ár ndóchas in bhur dtaobh; mar tá fhios againn go mbeidh sibh páirteach inár sólás freisin, de réir mar atá sibh páirteach inár bpianta. Mar ní mian linn, a bhráithre, sibh a fhágáil in aineolas ar an angar a bhí orainn san Áise; ó bhí sé ina thromualach thar acmhainn a thug orainn deireadh dúile a bhaint den bheatha féin. Ar ndóigh, bhíomar mar dhaoine a bheadh teilgthe chun báis; ach gur tharla sin ionas nach mbeadh ár muinín asainn féin, ach as Dia a bheos na mairbh; ba é a dʼfhuascail agus a fhuasclós sinn as an mbaol marfach sin; agus tá dóchas againn as go ndéanfaidh sé ár bhfuascailt arís. Caithfidh sibh féin cabhrú linn freisin leis an urnaí, ionas go mbeidh mórán ag tabhairt buíochais do Dhia ar ár son mar gheall ar an ngrásta atá mar thoradh ar mhórán urnaithe. Mar is ábhar maíte dúinn é fianaise ár gcoinsiasa féin, gur iompraíomar sinn féin ar an saol seo, go háirithe sna cúrsaí a bhain libhse, go diaga naomhdhúthrachtach, ní le gliceas talmhaí ach le grásta Dé. Mar nílimid ag scríobh chugaibh aon ní nach bhfuil so-léite agus so-thuigthe; agus tá súil agam go dtuigfidh sibh tríd is tríd é, mar thuig sibh as, go bhféadann sibh bheith chomh bródúil asainn agus a bheimidne asaibh i lá an Tiarna Íosa. Ó bhí mé cinnte de sin, bhí fonn orm teacht chugaibh ar dtús, leis an dá oiread pléisiúir a thabhairt daoibh; ag tabhairt cuairte oraibh ar mo bhealach go dtí an Mhacadóin, agus ag filleadh oraibh ón Macadóin le caoi a thabhairt daoibh comóradh a thabhairt dom is mé ag imeacht go hlúdaea. An raibh mé taodach nuair a bhí mé ag brath air sin a dhéanamh? An mbíonn mo bhearta á ndéanamh agam mar fhear saolta, a bhíos réidh le is ea agus ní hea a rá den aon anáil amháin? Chomh cinnte le dílseacht Dé, ní raibh ár mbriathar libhse ina is ea agus ina ní hea san aon am amháin. Mar an Mac sin Dé, Íosa Críost, a bhíodh á sheanmóireacht ag Silbhánus agus ag Timótéus agus agam féin in bhur measc, níorbh aon is ea agus ní hea é; mar ní bhíonn ann ach is ea i gcónaí. Mar is lena ainmsean a dhearbhaítear agus a deirtear is ea le geall-tanais uile Dé. Is ar an ábhar sin a bhímid ag rá Áiméan trína ainmsean, ag tabhairt glóire do Dhia. Ach is é Dia a bhíos ár ndaingniú libh i gCríost, agus a rinne sinn a cheapadh; agus chuir sé a shéala orainn agus dhoirt sé a Spiorad inár gcroíthe mar urra air. Ach a fhianaise ar Dhia i mʼéadan féin—is ar eagla go ngoillfeadh sé oraibh a dʼfhan mé gan teacht go Coraint. Ní hea go mbímid ag déanamh máistreachta ar bhur gcreideamh; ach ag comhoibriú libh le háthas a bheith oraibh, ó bíonn bhur gcreideamh ina sheasamh go daingean. Mar is é rud, bhí sé socair agam gan an dara cuairt ghoilliúnach a thabhairt oraibh. Má chuirim brón oraibh, cé atá agam le háthas a chur orm ach sibhse ar chuir mé brón oraibh? Agus scríobh mé mar a scríobh, ionas nach gcuirfidís brón orm, an dream sin ar chóir dóibh áthas a chur orm, nuair a thiocfainn, ó bhí muinín agam asaibh uile go léir. Mar scríobh mé chugaibh as angar mór agus as buairt chroí agus as frasa deor, agus gan é ar mʼintinn brón a chur oraibh, ach méid mo ghrá daoibh a nochtadh daoibh. Ach má chuir aon duine brón ar dhuine ar bith, ní ormsa amháin a chuir sé é, ach oraibh uile (ar mhodh éigin deirim, leisce bheith ródhian air). Is leor don duine sin an pionós a chuir an mhórchuid air; agus is ceart daoibh mar sin iompú chuige le maithiúnas agus sólás a thabhairt dó, ar eagla a bháite le barraíocht bróin. Táim ag iarraidh oraibh mar sin bhur ngrá a athdhearbhú dó. Mar sin an chúis ar scríobh mé chugaibh, le féachaint a chur oraibh agus le fios a fháil go bhfuil sibh umhal i ngach uile phointe. Má mhaith sibh dʼaon duine, maithim féin dó freisin. An méid a mhaith mé (má tá rud ar bith maite agam) is mar mhaithe libhse a mhaith mé é i láthair Chríost, ar eagla go mbeadh aon bhuntáiste ag Sátan orainn; mar nílimid in aineolas ar cad é atá faoi. Nuair a tháinig mé go Tróas le soiscéal Chríost, bhí doras romham ag an Tiarna; ach ní raibh aon suaimhneas intinne agam ó nach raibh mo bhráthair Titus ansin romham. Dʼfhág mé slán acu sin, agus chuaigh mé ar aghaidh liom go dtí an Mhacadóin. Ach altú do Dhia, a thugas an bua dúinn i gcónaí i gcúrsaí Chríost, agus a Honas gach áit le cumhracht a eolais trínne. Mar bíonn cumhracht Chríost ag Dia uainn i measc ceachtar acu, an dream a chailltear agus an dream a shlánaítear, boladh báis agus buanéaga ó dhream amháin, agus boladh beo na beatha ón dream eile. Ach cé a bhfuil acmhainn na nithe sin aige? Mar nílimidne, dála a lán daoine, inár mangairí le briathar Dé; ach inár dteachtairí ó Dhia dáiríre a labhraíos i láthair Dé agus a bhfuil ár gcroí i gCríost. An bhfuilimid ag tosú ar ár moladh féin athuair? Nó an é go bhfuil gnó againn, mar atá ag daoine nach n-ainmníonn, de litreacha molta chugaibh nó uaibh? Is sibh féin ár litir mholta, a bhfuil scríbhneoireacht ar bhur gcroíthe atá intuigthe agus inléite ag gach uile dhuine; ós léir gur litir sibh ó Chríost atá á hiompar againne, nár scríobh le dúch ach le Spiorad an Dé bhí, agus nár scríobh ar chruachláir chloiche, ach ar mhaothchláir chroí. Sin an mhuinín a bhíos as Dia againn trí Chríost. Ní ionann sin agus a rá go mbíonn éifeacht ionainn uainn féin le maíomh aisti; is ó Dhia a bhíos an éifeacht ionainn, a rinne ministrí éifeachtacha dínn le cúnant úrnua a fhriotháil, nach dtugtar trí fhuarlitreacha an dlí, ach trí bheochumhacht an Spioraid, mar tugann fuarlitir an dlí an bás, ach bronnann an Spiorad an bheatha. Bhí a cuid féin den ghile ag dáilfhreastalacht úd an bháis a bhí á snoí i bhfuarlitreacha ar chloch. Níor fhéad na hlosraelítigh amharc ar ghnúis Mhaois de bharr a gile, siúd is gur ghile neamhbhuan í. Agus nach mbeidh gile níos mó ná sin ann nuair a bheifear ag dáileadh an Spioraid? Má bhí gile ag dáileadh na daorbhreithe, caithfidh gile i bhfad níos mó bheith i ndáileadh na fíréantachta. Ar ndóigh, ni bheidh gile ina gile i gcomórtas leis an ngile atá as méid gach gile. Mar má bhí an ní neamhbhuan geal, beidh gile na gile sa ní a bhíos buan go brách. Bímid go dána neamheaglach, agus an dóchas seo againn, agus ní bhímid mar Mhaois, a chuireadh caille thar a ghnúis ionas nach bhfeicfeadh. na hIosraelítigh deir-eadh na gile neamhbhuaine. Ach is amhlaidh bhíodh a gcroíthesean á gcruachan; mar go dtí an lá inniu, nuair a bhíonn an seanchúnant á léamh acu, fanann an chaille sin thíos gan a tógáil dá n-intinn, ós rud é nach féidir a tógáil ach i gCríost amháin. Agus tá sin amhlaidh go dtí anois agus Maois á léamh, bíonn caille thíos ar smaointe a gcroíthe; ach nuair a iompaíonn duine chuig an Tiarna tógtar an chaille sin de. Anois is é an Tiarna an Spiorad, agus cibé áit a mbíonn Spiorad an Tiarna, bíonn an tsaoirse ann. Agus bímidne uile gan caille ar ár ngnúis agus sinn ag amharc ar ghlóir an Tiarna, ag dul ónár gcruth féin chun a chosúlachta, ón nglóir is lú go dtí an ghlóir is airde; agus tagann sin uile ón Tiarna atá ina Spiorad ann. Mar sin, ós de bharr trócaire Dé a bhíos an dáil-fhreastal seo againn, ní chaillimid ár misneach. Tá diúltaithe againn do chneamhaireacht faoi cheilt; ní bhímid inár gcleasaithe ag cur bhriathar Dé as a riocht, ach ag léimochtadh na fírinne ar nós a shásaíos coinsias gach duine i láthair Dé. Agus más ní é go gceiltear ár soiscéal, ní cheiltear é ach ar lucht na láimhe clé. Lucht an dí-chreidimh iad, ar dhall dia beag an tsaoil seo a n-intinn, ar chaoi nach bhfaigheann siad aon amharc ar sholas shois-céalghlóir Chríost, íomhá Dé. Ní sinn féin ábhar ár seanmóra, ach Íosa Críost ina Thiarna oraibh, agus sinne inár seirbhísigh agaibh de gheall ar Íosa. Mar is é an Dia a dúirt, “Soilsíodh an solas ar an dorchadas,” a las a sholas inár gcroíthe, solas eolais ar ghlóir Dé i ngnúis Íosa Críost. Ach bíonn an tseoid sin á taisceadh againn i soithigh créafóige, go mba léir nach linne ach le Dia an chumhacht is airde. Bítear ár mbuairéamh ar gach dóigh gan ár mbascadh; bíonn dalladh ar ár n-aigne gan chailleadh dóchais; cuirtear an tóir orainn ach ní dhéantar ár dtréigean; treascartha ach ní scriostar sinn; bíonn bás Íosa á iompar linn inár gcoirp, ionas go bhfoilseofar beatha Íosa inár gcoirp freisin. Mar chomh fada agus atáimid beo, bítear ár dtabhairt chun báis de gheall ar Íosa, ionas go bhfoilseofar beatha Íosa freisin inár gcolainn sho-mharaithe. Bíonn mar sin an bás ar obair ionainne, ach is í an bheatha a bhíos ar obair ionaibhse. Bíonn an sprid chéanna chreidimh againne agus bhí ag an té a scríobh, “Chreid mé, agus as sin labhair mé,” is mar sin dúinne, creidimid agus tugann ár gcreideamh orainn labhairt, ós feasach dúinn go dtógfaidh an té, a thóg an Tiarna Íosa, sinne freisin in éineacht le hÍosa agus go dtabharfaidh sé sinne ina láthair in éineacht libhse. Tharla sin uile chun bhur leasa, ionas go mbeidh tuilleadh grásta ag tuilleadh daoine, agus tuilleadh buíochais ann dá bharr, le glóir Dé a mhéadú. Ní aon ábhar beagmhisnigh dúinn é sin. Siúd is go bhfuil an duine atá ar an taobh amuigh á chaitheamh, bíonn an duine atá ar an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá. Bíonn an t-angar éadrom sealadach seo ann lenár n-ullmhú i gcomhair tromthomhas glóire a chuaigh as méid gan chomórtas, ó nach n-amharcaimid ar na nithe so-fheicthe ach ar na nithe dofheicthe; ó nach maireann na nithe so-fheicthe ach seal, ach gur síoraí buan iad na nithe dofheicthe. Tá fhios againn mar sin, má scriostar an puball collaí sin a bhíos mar áras againn, go bhfuil teach ó Dhia againn, nár tógadh le lámha, teach a bheas go buan ar neamh. Ní fhágann sin nach mbímid ag osnaíl anseo, agus nach mbímid ag dúil lenár n-áras neamhaí a chur orainn, ionas go mbeidh cumhdach orainn, agus nach bhfágfar nocht sinn. Agus chomh fada agus a bhímid sa phuball seo, bímid ag osnaíl le himní; ní le mian baint dínn ach cur orainn, chun go slogfaidh an bheatha a bhfuil básmhar. Is é Dia féin a réamhullmhaigh sinn lena aghaidh sin, agus a bhronn an Spiorad orainn mar urra air. Bíonn uchtach mór againn i gcónaí dá bharr sin; ós feasach dúinn go bhfuilimid as láthair an Tiarna fad is táimid i láthair sa chorp, ós de réir an chreidimh agus nach de réir amharc na súl a shiúlaimid. Ach glacaimid ina mhórmhisneach é, agus bʼfhearr linn bheith as láthair sa chorp agus i láthair an Tiarna. Ach is cuma cé acu ina láthair nó as a láthair, bímid ar ár ndícheall le bheith mar a thaitneos leis. Mar caithfidh gach uile dhuine againn seasamh os comhair chathaoir bhreithiúnas Chríost, lenár leas nó lenár n-aimhleas de réir gníomhartha gach duine nuair a bhí corp air. Bíonn eagla Dé orainn mar sin, a bhíos ag iarraidh daoine a chur ar bhealach a leasa, ach is léir do Dhia cad é an cineál daoine sinn, agus tá dóchas agam gur léir daoibhse é in bhur gcoinsias féin. Ní hé sin go bhfuilimid dár moladh féin arís, ach ag tabhairt faille daoibh le bheith bródúil asainn, ar chaoi go mbeidh freagra agaibh don dream sin ar mhó a mbród as céim mhór ná as croí maith. Ach má táimid tógtha san intinn, is ar son Dé é; agus má táimid inár gciall, is ar bhur sonsa é. Mar bíonn grá Chríost dár dtiomáint, mar déanaimid deimhin de go bhfuair aon duine amháin bás ar son an iomláin; agus go bhfuair an t-iomlán bás ar an nós sin. Agus cad chuige a fuair sé bás ar son an iomláin, ach go mairfeadh a maireann, ní mar mhaithe leo féin ach mar is fearr a thaitneodh leis an té a fuair bás agus a tógadh arís ar a son. As seo suas, mar sin, ní bhíonn tomhas daonna againn ar dhuine ar bith; má bhí tomhas daonna againn ar Chríost féin san am a chuaigh thart, ní bhímid á thomhas mar sin níos mó. Mar sin, an duine atá comhcheangailte le Críost, is cruthú úrnua é; tá deireadh le gach sean, agus seo tús le gach nua. Is ó Dhia atá sin uile, a dʼaontaigh sinne leis féin trí Chríost agus a cheap sinn leis an t-athaontú sin a chur i bhfeidhm; is é sin le rá go raibh Dia ag athaontú daoine an domhain leis féin i gCríost, agus gur íhan sé gan a míghníomhartha a agairt orthu, agus gur thaobhaigh sé teachtaireacht an athaontaithe sin linne. Ambasadóirí thar cheann Chríost atá ionainn mar sin, a bhfuil Dia ag cur impí ar dhaoine trínne. Táimid ag iarraidh dʼimpí oraibh thar cheann Chríost athchairdeas a dhéanamh le Dia. Rinne sé peaca den té sin nach raibh peaca air ar ár son, ionas go ndéantaí fíréantacht Dé dínn dár snaidhmeadh leis. Bímid mar sin ag comhoibriú leis, ag impí oraibh gan glacadh le grásta Dé ar neamhthoradh. Deir sé, “Is in uair na faille a dʼéist mé leat, chabhraigh mé leat i lá an tslánaithe.” Seo agaibh anois uair na faille, anois lá an tslánaithe! Ní chuirimid toirmeasc ar aon duine, ar eagla go gcuirtí an milleán orainn mar fhreastalaithe, ach ag déanamh ár ndíchill ar gach dóigh le bheith inár seirbhísigh inmholta ag Dia: le méid ár ndo-chloíteachta, in angar agus in anró agus i mí-ádh, faoi thrombhuillí agus faoi bhraighdeanas, faoi ionsaithe ón daoscarshlua, le tromshaothar agus le heaspa codlata agus le hocras; le glaine chroí, agus le heolas agus le foighne agus le cineáltas, agus leis an Spiorad Naomh agus le dílseacht ár ngrá, agus le fírinne ár mbria-thair agus le cumhacht Dé; le hairm an fhir fhíréin don láimh dheas agus don láimh chlé; má thugtar onóir nó easonóir dúinn, dár moladh nó dár gcáineadh. Meastar inár mealltóirí sinn agus an fhírinne againn; is daoine gan suim sinn a bhfuil clú mór orainn; bímid ag saothrú an bháis agus sinne beo beathach; cuirtear smacht orainn gan ár gcur chun báis; gnúis bhrónach orainn agus lúcháir inár gcroíthe; cuma na bochtaineachta orainn a bhronnas saibhreas ar mhórán; gan bonn rua againn agus an saol mór inár seilbh. Is libh, a Choraintigh, a scaoileamar ár mbéal, agus dʼosclaíomar amach siar ár gcroí. Níl sinne ag cur coisc oraibh, is iad bhur gcroíthe féin atá ag cur coisc oraibh. Ach ná fágaigí an chomaoin sin gan chúiteamh—táim ag labhairt mar a labhróinn le páistí—osclaígí bhur gcroíthe amach liom freisin. Ná gabhaigí faoi chuing mhíchothrom caidrimh le lucht gan chreideamh. Cad é mar a rachadh an choir agus an éagóir i gcomhar le chéile? Nó cad é an cumann a bheadh ann idir an solas agus an dorchadas? Cad é mar a thioc-faidh Críost agus Bélial le chéile? Conas ab ionann tréithe an chreidmhigh agus an díchreidmhigh? Nó an bhfuil na híola ag cur le teampall Dé? Is é atá ionainne, teampall Dé bhí; mar atá ráite ag Dia, “Beidh mé ag maireachtáil iontu agus ag gluaiseacht amach ina measc, agus beidh mise i mo Dhia acu, agus beidh siadsan ina bpobal agam. Dá bhrí sin tagaigí amach as a measc, agus scaraigí sibh féin amach uathu, deir an Tiarna, agus ná bíodh baint agaibh le haon ní neamhghlan; fearfaidh mé fáilte romhaibh ansin, agus tabharfaidh mé aire an athar daoibh, agus beidh sibh mar chlann mhac agus iníonacha agam, is é a deir Tiarna na gcumhachtaí libh.” Agus ós rud é go bhfuil na gealltanais seo tugtha dúinn, a lucht na páirte, bímis dár nglanadh féin ón uile shalachar coirp agus anama, agus dár naomhú féin go hiomlán gan easpa in uamhan Dé. Déanaigí fairsingeacht in bhur gcroíthe dúinn; níl sé le rá ag aon duine agaibh go ndearnamar a éagóir ná a aimhleas, nó gur mheallamar é. Ní hé sin le rá go bhfuil aon locht le fáil agam oraibh, ó mar a dúirt mé roimhe seo, tá sibh i mo chroí le bheith le chéile i mbeatha agus i mbás. Bíonn muinín mhór agam asaibh; agus bród mór orm asaibh; agus mo chroí lán de shólás. Dá mhéid ár leatrom, bím lán de lúcháir. Go fiú nuair a bhí an Mhacadóin sroichte againn, ní raibh aon suaimhneas coirp le fáil againn, ach crá agus corraí—an troid á cur amuigh agus an eagla ag creimneach istigh. Ach ó tógann Dia an cumha, thóg sé dínn é le teacht Thítuis, agus ní hamháin lena theacht ach leis an sólás a bhí aige uaibh, ag tosú agus á insint faoin gcumha a bhí oraibh i mo dhiaidh, faoin mbrón a bhí oraibh, faoin mbá a bhí agaibh liom, ar nós a chuir go mór le mo lúcháir. Á chur i gcás féin gur chuir mo litir brón oraibh, níl aon aiféala orm anois (cé go raibh aiféala orm) mar feicim anois nár chuir an litir úd brón oraibh ach seal tamaill. Agus mar atá anois, ní brón ach lúcháir atá orm, ní as an mbrón a bhí oraibh, ach as an aithrí a bhí mar thoradh ar an mbrón sin; mar ba dhiaganta dhea-chráifeach an brón é, nárbh aon dochar daoibh é sinne á chur oraibh. Ní fhágann an dea-bhrón diaganta aon chúis aiféala ina dhiaidh, ó tagann an aithrí as, a chuireas duine ar shlí a shlánaithe, ach is ábhar báis agus buanéaga an brón suarach saolta. Nach léir daoibh an dúthracht a bhí ionaibh de bharr an dea-bhróin dhiaganta sin, an dúil a bhí oraibh le bhur nglanadh féin ó choir, an díomá, an dianeagla, an cumha, an díograis, agus an pionós a chuir sibh oraibh féin? Tá sé cruthaithe agaibh nach bhfuil sibh san éagóir in aon phointe den chúis sin. Má scríobh mé chugaibh, ní dhearna mé é de gheall ar an té a rinne an éagóir, ná de gheall ar an té a dʼfhulaing í, ach i dtreo is go bhfoilseofaí i súile Dé chomh dílis dúthrachtach agus atá sibh dom. Bíonn sin mar shólás dár gcroí mar sin. Agus mar bharr ar an sólás a bhí orainn féin bhí lúcháir ba mhó ná sin orainn nuair a chonaiceamar an lúcháir a bhí ar Thítus, ó bhí sibh uile le chéile tar éis an imní a thógáil dá intinn. Má bhí mórtas ar bith déanta agam leis asaibh, níorbh aon ábhar náire dom é; ach mar a fíoraíodh gach uile fhocal a chanamar libh, is amhlaidh a fíoraíodh ár maíomh os comhair Thítuis. Agus is móide a théas a chroí libh, nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh dó, agus an fháilte chritheaglach a chuir sibh roimhe. Bíonn lúcháir orm, mar tá lán-mhuinín agam asaibh. Ba mhaith linn, a bhráithre, a fhios a bheith agaibhse conas a nochtadh grásta Dé in eaglaisí na Macadóine, mar is san uair ba mhó a theann an t-anró orthu a chuir a n-ardáthas agus a ndianbhochtanas thar maol i bhfair-singeacht a bhféile. Táim i mʼfhinné air gur thugadar uathu de réir a n-acmhainne, agus go ndeachaigh siad thar a n-acmhainn dá ndeoin féin, ag impí orainn a ligean dóibh bheith páirteach san fhóirithint sin a bhí le déanamh ar na naoimh— agus rud nach raibh coinne again leis, thoirbhir siad iad féin do Dhia ar dtús agus dúinne le toil Dé. Táimid á iarraidh mar sin ar Thítus críoch a chur ar an obair dhéirciúil seo, ar thosaigh sé uirthi in bhur measc. Anois ó bíonn gach ní ar fheabhas agaibh—idir chreid-eamh agus urlabhra agus eolas agus dhúthracht agus bhur ngrá dúinne—ligigí dom a fheiceáil go bhfuil an obair dhéirciúil sin déanta ar fheabhas freisin. Ní hé sin le rá go bhfuil mé á ordú, ach ag baint feidhme as dúthracht na ndaoine eile lena fheiceáil an bhfuil sibhse dáiríre in bhur ngrá. Mar tá a fhios agaibh faoi ghrásta ár dTiarna Íosa Críost, a rinne bochtán de féin ar bhur son, agus é saibhir, ionas go ndéanfadh sibh bhur saibhreas as a bhochtanas. Agus níl mé ach ag cur comhairle oraibh sa ghnó sin: is fearr daoibh an obair sin a chríochnú anois, a raibh tús agaibh uirthi agus spéis agaibh inti bliain ó shin, ionas go mbeidh acmhainn agaibh lena chur i gcríoch ar nós a chuirfeas leis an dea-thoil a bhí agaibh. Mar má bhíonn an toil ag duine, glactar leis de réir a bhfuil de mhaoin aige, agus gan dul thar á acmhainn. Níl uaim bheith éadrom ar dhaoine eile agus trom oraibhse, ach a dhéanamh cothrom anois, bhur bhflúirse ag comhlíonadh a riachtanais, ionas go gcomhlíonfaidh a bhflúirsesean bhur riachtanas amach anseo, go dtí go mbeidh sibh cothrom le chéile. Mar atá scríofa, “An té a bhailigh mórán ní raibh fullleach ina dhiaidh, agus an té a bhailigh beagán ní raibh aon easpa air.” Ach altú do Dhia a bhog croí Thítuis, ar chaoi go bhfuil sibh chomh cúramach aigesean agus agamsa. Ní hamháin gur dheonaigh sé lenár n-achainí, ach tá fonn mór air dul chugaibh uaidh féin. Agus táimid ag cur chugaibh in éineacht leis an bráthair sin a bhfuil a chlú i mbéal na n-eaglaisí uile de gheall ar an dóigh a mbíonn an soiscéal á sheanmhóireacht aige; agus lena chois sin, is é atá ceap-aithe ag na heaglaisí le bheith ina chomhthaistealaí linn san obair ghrádiaúil sin atá á déanamh againn, le glóir Dé a mhéadú agus lenár ndea-mhéin féin a thaispeáint. Ní toil liom go mbeadh aon locht le fáil ag aon duine orainn i dtaobh an bhronntanais fhéil sin atá á chur i bhfeidhm againn, mar is mian linn fiúntas a dhéanamh ní hamháin i súile an Tiarna ach i súile na ndaoine. Agus maraon leo siúd táimid ag cur an bhráthar sin chugaibh ar fhéachamar a dhúthracht go minic i mórán gnóthaí, agus ar mhóide a dhúthracht de bharr a mhórmhuiníne asaibhse. Maidir le Títus, is é mo chomrádaí agus mo chomhoibritheoir é ag freastal oraibh, agus maidir lenár mbráithre, is iad atá ina dteachtairí ó na heaglaisí, agus ina nglóir do Chríost. Fágaim fúibh é mar sin a thaispeáint os comhair na n-eaglaisí go bhfuil grá in bhur gcroíthe, agus gur fíor dom ag maíomh fúibh leis na fir seo. Bheadh sé iomarcach agam anois bheith ag scríobh chugaibh i dtaobh na hofrála le haghaidh na naomh, mar is feasach dom bhur dtoilteanas, a mbím ag maíomh as le muintir na Macadóine, ag rá leo go bhfuil Acáia réidh ullamh ó anuraidh; agus dhúisigh sampla bhur ndúthrachta an mhórchuid acu. Ní lúide táim ag cur na mbráithre chugaibh ionas go gcruthófar sa chás seo nárbh fholamh é ár maíomh, agus ionas go mbeidh sibh réidh, mar a dúirt mé a bheadh sibh; ar eagla go dtiocfadh cuid de na Macadóinigh oraibh liom, agus nach mbeadh sibh réidh ina gcoinne, agus go mbeadh náire agus ceann faoi ormsa— gan sibhse a chur san áireamh—as méid ár muiníne. Mheas mé mar sin gur ceart iarraidh ar na bráithre bheith ar a dtriall chugaibh romham, agus socrú roimh ré i dtaobh an bhronntanais atá geallta agaibh, ionas nach mbeidh sé á fháscadh asaibh le héigean, ach á bhronnadh go fonnmhar agaibh. Seo é! an té a chuireas go gann, is gann a bhainfidh sé, ach an té a chuireas a shíol go fairsing bainfidh sé fómhar fial fairsing. Caithfidh gach duine déanamh mar atá socraithe aige ina intinn, gan bheith á tharraingt in aghaidh a chos dá mhíle ainneoin, ó nach bhfuil ní ann is fearr le Dia ná féile agus flaithiúlacht. Féadann Dia fós gach sochar a sholáthar daoibh go fairsing, i dtreo is go mbeidh sibh go súgach sách, agus go mbeidh fuílleach is fairsinge le haghaidh dea-oibreacha. Mar atá scríofa, “Bíonn sé ag scaipeadh a mhaoine, á bronnadh ar bhoicht Dé; maireann a fhíréantacht go brách.” An té a sholáthraíos an síol don síoladóir agus an t-arán do lucht a chaite, méadóidh sé an síol a chuirfeas sibh agus cuirfidh sé fás i bhfómhar bhur bhfíréantachta. Beidh saibhreas agaibh de bharr bhur bhféile, agus buíochas á thabhairt do Dhia air trínne; mar is obair í sin a riaras ar riachtanais na naomh agus a bhíos ina cúis freisin le mórán buíochais a bheith á thabhairt do Dhia. Obair í a chuirfeas féachaint oraibh, ina dtabharfaidh sibh glóir do Dhia ag umhlú agus ag aontú do shoiscéal Chríost, agus ag roinnt chomh fial flaithiúil sin leo siúd agus le daoine nach iad; agus téifidh a gcroíthesean libh agus beidh siad ag guí ar bhur son, ar dhoirt Dia a ghnaoi oraibh. Míle altú do Dhia ar a thíolacadh nach bhfuil insint bhéil air! Mise, Pól, á iarraidh dʼimpí oraibh as ucht mhín-chneastacht Chríost—mise a bhíos chomh humhal uiríseal sin le bhur mbéal, agus ag déanamh dánachta oraibh nuair nach bhfuil mé in bhur láthair!— mar achainí oraibh, nuair a bheidh mé agaibh, ná bíodh orm bheith dána neamheaglach libh, mar atá rún agam bheith dána neamheaglach leis an dream úd atá ag caitheamh amhrais orainn á rá gur saolta iad ár ngníomhartha. Ach siúd is go bhfuil orainn maireachtáil ar an saol seo, ni bhíonn aon chogadh saolta á chur againn ann, ó nach mbímid ag cur cogaidh le hairm is den saol seo, ach le hairm ar chuir Dia cumhacht neamhshaolta iontu leis na dúnta is láidre a leagan go lár. Bíonn na hargóintí á mbréagnú againn, agus an t-uabhar á ísliú againn a fhásas aníos go hard ag cur coisc le heolas Dé, agus braighdeanach umhal do Chríost á dhéanamh de gach smaoineamh againn, agus é faoi réir againn gach easumhlacht a smachtú nuair a bheas sibh ag géilleadh go hiomlán. Breathnaígí ar a bhfuil faoi bhuille bhur dhá súil. Má tá sé le maíomh ag aon duine gur le Críost é, cuimhníodh sé gur le Críost sinne chomh maith le duine. Á chur i gcás féin go mbímse ag déanamh an iomarca mórtais as an údarás seo againne, a bhronn an Tiarna orm chun bhur leasa agus ní chun bhur n-aimhleasa, ní náire ar bith dom é. Siúd is nár mhaith liom é a shamhlú dom go mbím do bhur scanrú le litreacha. Táthar á rá, “Dá thábhacht agus dá throime iad a litreacha, is lag cloíte an phearsa fir é, agus ní fiú éisteacht lena chaint.” Ach bíodh sé le tuiscint ag an dream úd nach mbíonn aon rud á rá againn i litreacha as láthair nach mbíonn á chur i ngníomh againn agus sinn i láthair. Ní deir sin go bhfuil sé de dhánacht againn sinn féin a shamhlú nó a chur i gcomórtas le cuid den dream úd nach bhfágann fuíoll molta orthu féin. Ach nuair nach mbíonn daoine ach dá dtomhas féin in éadan a chéile agus ag dul i gcomórtas le chéile, ní bhíonn tuiscint ar bith acu. Ach níl ár maíomh féin as miosúr, ach de réir an mhiosúir a thomhais Dia dúinn, agus é á shíneadh anonn tharaibhse. Ní hé go mbíonn aon leithead iomarcach fúinn féin, gan é ionainn bhur sroicheadh; ó bhíomarna ar na chéad daoine a tháinig iomlán an bhealaigh chugaibh le soiscéal Chríost. Ach ní bhímid ag maíomh as miosúr as saothar na bhfear eile; tá dóchas againn, nuair a mhéadófar ar bhur gcreideamh, go gcuirfear go mór lenár réim, le bheith ag craobhscaoileadh an tsoiscéil sna tíortha taobh thiar díbh, agus gan bheith ag déanamh mórtais as obair atá déanta cheana i ngort na comharsan. “An té a chaith-feas bheith ag maíomh, bíodh sé ag maíomh as an Tiarna.” Ní ghabhtar leis an té sin a bhíos á mholadh féin, ach Ieis an té atá molta ag an Tiarna. Ba mhaith liom go n-éistfeadh sibh le beagán amaidí uaim. Ná tógaigí orm é! Tá cúis éada chugam ó Dhia, ós mé a thug oraibh lámh is focal a bheith idir sibhse agus Críost le sibh a thoirbhirt dó mar ógh ghlan a rachadh faoi chuing phósta le chéile fir. Ach is ró-mhór mʼeagla go n-éireoidh daoibh, dála Éabha, ar mheall an nathair nimhe lena gliceas í, agus go mbeidh bhur smaointe á gcur ar seachrán in áit a mbeith go glan díreach ar Chríost. Á chur i gcás go dtagann duine chugaibh agus é ag seanmóireacht Íosa eile nach ionann is an té a bhíodh á sheanmóireacht againn, nó go ngabhann sibh le hathrach spride nach ionann í is an Spiorad sin ar ghlac sibh leis, nó cuirigí i gcás go nglacann sibh le soiscéal eile atá bun os cionn leis an soiscéal atá agaibh cheana, ní bhíonn aon mhoill oraibh ag géilleadh dó. Ach dar liom nach bhfuil mé féin aon phioc níos measa ná na haspail ardnósacha seo. Má tá nach bhfuil mé cliste le craiceann a chur ar mo scéal, níl mé gan eolas i mo cheann; mar thugamar chun cruinnis daoibh ar dhóigh nó ar dhóigh eile. Ar pheaca orm é mʼísliú féin le bhur n-ardú, agus soiscéal Dé á sheanmóireacht agam daoibh saor in asice? Rinne mé creach ar eaglaisi eile ag glacadh tuarastail uatha le freastal oraibhse. Agus nuair a bhí ganntanas orm agus mé agaibh, ní raibh mé i mʼualach ar aon duine agaibh, ó ba iad na bráithre ón Macadóin a riar ar mo chás. Mar sin ní raibh mé i mʼualach oraibh riamh, agus ní bheidh. Chomh cinnte agus atá fírinne Chríost ionam, ní chuirfear tost ar an maíomh sin agam i limistéar Acáia. Cad chuige? As siocair gan grá a bheith agam daoibh? Ach tá a fhios ag Dia go bhfuil grá agam daoibh i mo chroí! Ach leanfaidh mé orm ar an nós seo, leis an talamh a bhaint faoi chosa an dreama sin a bhíos ag iarraidh iad féin a chur ar aon chéim linne, ós iad a chuaigh i gcomórtas. Níl ina macasamhla ach aspail bhréige, agus oibritheoirí gan iontaoibh, a mbíonn ríocht aspal Chríost orthu. Níl aon iontas ann, ó bíonn bréagriocht aingil ghil á chur air féin ag Sátan. Ní mór mar sin dá sheirbhísighsean cuma sheirbhíseach na fíréantachta a chur orthu féin, a mbeidh an drochchríoch orthu a thuill siad lena ndrochghníomhartha. Táim á iarraidh oraibh arís, gan meas amadáin a bheith agaibh orm; agus má tá féin, pardún an amadáin a thabhairt dom, as mórtas a dhéanamh chomh maith le duine. (Níl an Tiarna mar údar lena bhfuil le rá agam, ach labhraím mar amadán a chuaigh i muinín an mhórtais ar a mbíonn á dhéanamh aige ar an saol seo, bím ag déanamh mórtais freisin). Ligeann sibh an scód go soilbhir leis an amadán, ó tá sibh féin in bhur gciall! Ligeann sibh do dhuine daoir a dhéanamh díbh, nó creach a dhéanamh oraibh, nó leas a bhaint asaibh, nó gabháil de chosa oraibh, nó bos a bhualadh thar an mbéal oraibh. Siúd is gur náireach le rá é, admhaím go rabhamar ró-lag le sin a dhéanamh! Ach má tá aon ábhar maíte ag aon duine—ós ag labhairt mar amadán atá mé—deirim go bhfuil an t-ábhar sin agam. An Eabhraigh iad? Is Comh-Eabhrach leo mé. An Iosraelítigh iad? Is amhlaidh mise freisin. An de shliocht Abrachaim iad? Is de mé féin leo. An bhfuil siad ina seirbhísigh ag Críost? Is fearr i bhfad an tseirbhís atá déanta dó agamsa—caint mhire é—ar mhéid is a rinne mé de shaothar, agus a dʼfhulaing mé de théarmaí príosún-tachta, agus de sciúrsála, go raibh mé go minic i mbaol báis. Fuair mé faoi chúig an daichead lasc ach aon lasc amháin ó na Giúdaigh. Buaileadh faoi thrí le slata mé; gabhadh de chlocha orm uair amháin. Tharla longbhriseadh dom trí huaire; chaith mé oíche agus lá sa sáile; ba mhinic mé ar aistear, i mbaol ó aibhneacha, i mbaol bithiúnach, i mbaol lucht mo chomhchine, i mbaol ó na Gintlithe, i mbaol i gcathracha, i mbaol ar an bhfásach, i mbaol ar an bhfarraige, i mbaol ag bráithre bréige; faoi thromshaothar agus faoi dhua, go minic gan néal san oíche, faoi ocras agus faoi thart, gan greim agam le n-ithe go minic, faoi shioc agus faoi shíon. Agus, leis an gcuid eile a fhágáil as an áireamh, bíonn an imní a bhíos orm faoi na heaglaisí uile ag titim ina ualach orm gach uile lá. Cé tá i laige nach bhfuil mé i laige leis? Cé a mbaintear barrthuisle as nach gcuireann corraí orm? Má tá orm maíomh, beidh mé ag maíomh as comharthaí mo laige. Tá a fhios ag Dia, Athair mo Thiarna Íosa, moladh go deo leis, nach bhfuil mé bréagach. Bhí uach-tarán an Rí Aretus ag cur a chuid coimeádaithe ar gheataí na Damaisce le breith orm, murabh é gur ligeadh anuas mé i gciseán cléibhe as fuinneog i mbéal an bhalla, gur tháinig mé slán as a chrúba. Tá orm maíomh, níl aon tairbhe ann, ach tráchtfaidh mé anois ar fhíseanna agus ar fhoilsithe ón Tiarna. Tá aithne i gCríost agam ar an bhfear a ardaíodh ceithre bliana déag ó shin go dtí an tríú neamh—níl fhios agam, ag Dia atá fhios, cé acu sa cholainn nó as an gcolainn dó. Ach ta fhios agam gur ardaíodh an fear sin go Parthas Dé—níl fhios agam ach tá fhios ag Dia, cé acu sa cholainn nó as an gcolainn dó, agus chuala sé nithe ansin nach bhfuil insint bhéil orthu ná cead ag duine a nochtadh. Beidh mé ag maíomh as an duine sin cé nach mbeidh asam féin, ach amháin as mo laige. Siúd is nach ndéanfaidh mé amadán díom féin ag maíomh as, ó nach mbeidh á insint agam ach lomchnámh na fírinne. Ach fanfaidh mé i mo thost, ar eagla meas iomarcach thar a bhfuil le feiceáil ionam nó le cluinstin uaim a bheith ag aon duine orm. Agus de gheall ar mé a choinneáil ó bheith ró-ardmheanmnach as méid na bhfís-eanna, bronnadh dealg i mbeo orm, a bhí mar theachtaire ó Shátan, do mo chrá, le mo choinneáil ó bheith ró-thógtha. Chuir mé dʼimpí ar an Tiarna trí huaire í a thógáil díom; ach is é a dúirt sé liom mar fhreagra, “Is leor duit mo ghrástasa, ó comhlíontar mo chumhacht sa laige”. Is móide é mʼfhonn mar sin bheith ag maíomh as mo laige, ionas go mbeidh cumhacht Chríost ag fanacht agam. Agus táim sásta, as ucht Chríost, le laige brí, agus le hachasáin, agus le hangar, agus le géarleanúint, agus le sáinn; ó nach láidreacht ann go dtí mo laige. Rinne mé amadán díom féin! Sibhse ba chiontach leis, nár thug mo dhíol molta dom. Níl mé aon phioc níos measa ná na haspail ardnósacha úd, cé gur duine gan iomrá mé. Bhíodh comharthaí fíor-aspail le feiceáil in bhur measc le mórfhoighne, agus le míorúiltí agus le hiontais agus le mórfhearta Dé. Cad é an pointe ina raibh sibh ag deireadh le taobh na n-eaglaisí eile ach seo amháin—nach raibh mise i mʼualach oraibh? Maithigí an éagóir sin dom! Seo anois an tríú huair dom ag ullmhú le teacht chugaibh. Agus ní bheidh mé i mʼualach oraibh. Ní bhur gcuid ach bhur gcion atá uaim; ó nach ceart don chlann soláthar dá dtuismitheoirí, ach na tuismitheoirí don chlann. Beidh áthas orm mo chuid agus mé féin a chaitheamh mar mhaithe le leas bhur n-anamacha. An lúide bhur ngrá dom dá mhéid mo ghrá daoibh? Ach á ligean liom nárbh aon ualach oraibh mé, deir sibh gur chuir mé an cluiche oraibh agus go raibh mé ró-chliste agaibh. Ach cogar mé seo libh, an bhfuair mé aon bhuntáiste oraibh le duine ar bith dár chuir mé chugaibh? Dʼiarr mé ar Thítus dul chugaibh, agus chuir mé an bráthair eile in éineacht leis. Ar bhain Titus leas asaibh? Nárbh ionann sprid dúinn? Nár shiúlamar ar an gcosán céanna? An é gur shíl sibh i rith an ama nach rabhamar ach ag cosaint ár gclú oraibh? Ach, a dhaoine na páirte, is ag labhairt i láthair Dé agus ár n-anam i gCríost a bhíomar, ag iarraidh sibh a chur ar bhealach bhur leasa. Mar is mór é mʼeagla go bhféadfainn teacht oraibh, agus go mbeinn míshásta libh, agus go mbeadh sibh míshásta liom ansin; dá mbeadh troid agus éad agus fearg agus coimhlint agus athiomrá agus béadán agus éirí in airde agus mí-eagar ann. Tá eagla orm nuair a thiocfas mé athuair go mbeidh mo Dhia do mʼísliú romhaibh, agus go gcaithfidh mé bheith ag mairgneach os cionn an mhéid agaibh a bhfuil peaca orthu cheana gan aithreachas orthu faoina mígheanm-naíocht agus a ndrúis agus a ndrabhlás a bhi mar leannáin peacaí orthu. Seo an tríú huair dom ag teacht chugaibh. Caithfidh gach cúis a bheith bunaithe ar fhianaise ó bhéal beirte nó triúir. Thug mé rabhadh ní hamháin don dream a rinne an peaca roimhe ach don iomlán agaibh, agus tugaim rabhadh dóibh agus mé as láthair anois, mar a thug mé an rabhadh eile lena mbéal ar mo dhara cuairt, á rá nach mbeidh trua ná trócaire agam dóibh— ó bíonn sibh ag iarraidh cruthúnas a fháil uaim go mbíonn Críost ag labhairt as mo bhéal. Ní lagbhríoch é ach cumhachtach ionaibh a mbíonn á dhéanamh aige in bhur measc. Céasadh é ina laige, ach maireann sé beo le cumhacht Dé. Dá laige sinne ann, nuair a bhímid ag plé libhse, beimid beo ann le cumhachtaí Dé. Cuirigí scrúdú coinsiasa oraibh féin, go bhfeiefidh sibh an bhfuil sibh ag seasamh le bhur gcreideamh. Cuirigí féachaint oraibh féin. Nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost i láthair ionaibh?—murar chlis anfhéachaint oraibh! Tá dóchas agam go n-aithneoidh sibh nár chlis sé orainne. Ach táimid ag guí Dé gan ligean daoibh aon ole a dhéanamh—agus ní le fonn sinne a bheith sa cheart, ach le fonn go mbeidh sibhse ag déanamh mar is cóir, bíodh go mbeidh cuma orainne gur theip orainn. Mar ní féidir linn aon ghníomh a dhéanamh in aghaidh na fírinne, ach ar a son. Is ábhar lúcháire ár laige ach sibhse a bheith láidir. Bímid ag guí go mbeidh dea-eagar oraibh. Táim á scríobh seo agus mé as láthair, ionas nach mbeidh feidhm orm, nuair a thioefas mé, bheith ró-ghéar oraibh leis an gcumhacht seo a bhronn an Tiarna orm chun an tslánaithe agus ní chun an scriosta. Fágaim slán agus beannacht agaibh ar deireadh, a bhráithre. Cuirigí dea-eagar ar bhur mbeatha, agus glacaigí le mo chomhairle, bigí ar aon intinn agus i síocháin le chéile, agus beidh Dia na síochána agus an ghrá ag cuidiú libh. Tugaigí fáilte roimh a chéile le póg naofa. Cuireann na naoimh uile a mbeannacht chugaibh. Grásta an Tiarna Íosa Chríost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh go raibh agaibh uile go léir. Mise Pól atá im aspal—ach ní ó dhaoine ná trí dhaoine, ach trí Íosa Críost agus trí Dhia an tAthair, a thóg ó na mairbh é— mise agus na bráithre uile atá liom. Ag beannú dʼEaglaisí Ghalátia: Guímid grásta agus síocháin daoibh ó Dhia an tAthair, agus ónár dTiarna Íosa Críost a thug é féin suas in éiric ár bpeacaí ionas go saorfadh sé sinn ón aois seo an oilc atá i láthair, do réir thoil ár nDé agus ár nAthar; go raibh glóir dó ar feadh saol na saol. Áiméan. Is iontach liom an deifir sin oraibh ag tabhairt chúl bhur gcinn don té a ghlaoigh sibh i ngrásta Chríost, agus ag tabhairt bhur n-aghaidhe ar shoiscéal eile— cé nach ionann sin agus a rá go bhfuil soiscéal eile ann, ó nach bhfuil ann ach dream daoine atá ag tarraingt trioblóide oraibh agus iad ag iarraidh soiscéal Chríost a chur as a riocht. Ach má chuirimidne, nó más rud é go gcuireann aingeal as na flaithis soiscéal atá bunoscionn leis an soiscéal a chuireamar os bhur gcomhair roimhe seo, bíodh sé faoi mhallacht. An rud atá ráite agam cheana, deirim arís é, is cuma cé hé atá ag seanmóireacht aon soiscéil daoibh atá bunoscionn leis an soiscéal sin ar ghlac sibh leis, is duine é is cóir a mhallachtú. Cé acu atá á iarraidh agam anois, gnaoi na ndaoine, nó gnaoi Dé? An ag iarraidh daoine a shásamh atá mé? Dá mbeinn go fóill le daoine a shásamh, ní bheinn i mo sheirbhíseach ag Íosa Críost. Mar tugaim le fios daoibh, a bhráithre, nach soiscéal ón duine an soiscéal a bhíodh á sheanmóireacht agam. Ní ó dhuine a fuair mé é, ná níor mhúin aon bhéal dom é, ba trí fhoilsiú a tháinig sé chugam ó Íosa Críost. Mar chuala sibh iomrá ar mo shaol mar Ghiúdach roimhe seo ar an ngéarleanúint iomarcach a rinne mé ar eaglais Dé agus mé ar mo dhícheall lena scriosadh, agus mar rug mé an barr liom sa Ghiúdachas gur beag de lucht mo chomhaoise i mease mo mhuintire féin a bhí inchurtha liom, ar mhéid mo dhúthrachta i dtaobh sean-nósanna mo shinsir. Ach bhí an té sin ann a chuir i leataobh ina chomhair féin mé sular tháinig mé ar an saol, an té sin óna bhfuair mé glaoch na ngrást, agus san am ar thoiligh sé a Mhac a thaispeáint dom, le bheith á sheanmóireacht agam i mease na nGintlithe, níor iarr mé comhairle san am úd ar fhuil ná ar fheoil, ná ní dheachaigh mé suas go hlarúsailéim chuig an dream úd a bhí ina n-aspail romhamsa, ach thug mé an Araib orm féin; agus ansin dʼfhill mé ar an Damaisc arís. Ansin, trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go hlarúsailéim le cuairt a thabhairt ar Chéfas, agus chaith mé coicís agus lá ina chuideachta. Ach níor bhuail mé le haon aspal eile, amach ó Shéamas, deartháir an Tiarna. (Níl aon bhréag sa mhéid a bhfuilim á scríobh chugaibh, chomh cinnte agus tá Dia i láthair!) Dʼimigh mé liom as sin go dtí críocha na Síre agus Cilicia. Agus ní raibh aithne súl orm ag eaglaisí Chríost i nlúdaea; ní raibh acu ach an t-iomrá a chluinidís, i. “an té sin a dhéanadh an ghéarleanúint orainn tráth, bíonn sé anois ag seanmóireacht an chreidimh sin ar fhéach sé roimhe sin lena scriosadh.” Agus thugadar glóir do Dhia i ngeall orm. Ceithre bliana déag ina dhiaidh sin chuaigh mise agus Barnabas suas go hlarúsailéim, agus bhí Titus linn freisin. Chuaigh mé suas de bharr foilsiú a fuair mé; agus nocht mé dóibh (ach os íseal dá ndaoine measúla) an soiscéal sin a bhíos dá sheanmóireacht agam i mease na nGintlithe, ar fhaitíos go mbeadh mo shaothar in aisce sa chúrsa a bhí rite nó a bhí le rith agam. Ach níor cuireadh feidhm ar Thítus féin, a bhí i mo chuideachta, glacadh le timpeallghearradh, siúd is gur Ghréagach é. Ach bhí sin i gceist de bharr bráithre bréige a tugadh isteach os íseal, a sciorr isteach gheall ar a bheith ag spiaireacht ar an tsaoirse sin a bhíos againn i níosa Críost, ionas go dteannfaidís cuing na daoirse orainn— Ach níor ghéilleamar dóibh siúd seal aon nóiméid, dʼfhonn fírinne an tsoiscéil a choinneáil slán mar mhaithe libhse. Agus maidir leis an dream úd a raibh meas éigin orthu (is cuma liomsa cad é an feabhas a bhí iontu; mar ní chlaonann Dia i leith aon duine)—tá sé le rá agam nár chuir na daoine measúla úd comaoin ar bith orm; a athrach ar fad a tharla, mar nuair a dʼaithin siad gur liom a taobhaíodh an soiscéal don dream neamh-thimpeallghearrtha, ar an nós ceanann céanna ar taobhaíodh le Peadar an soiscéal don dream timpeallghearrtha (mar an té a dʼoibrigh trí Pheadar san aspaltacht chun lucht an timpeallghearrtha, dʼoibrigh sé tríomsa freisin le haghaidh na nGintlithe), agus nuair a dʼaithin an triúr a raibh meas crann seasta orthu, mar atá Séamas agus Céfas agus Eoin, an grásta a bronnadh ormsa, thug siad deaslámh an chairdis domsa agus do Bharnabas air, le sinne a dhul chuig na Gintlithe agus iadsan a dhul chuig an dream timpeallghearrtha; ach gur chuir siad mar choinníoll leis go gcuimhneoimis ar na boicht, ní a raibh mé i bhfáth go mór lena dhéanamh. Ach nuair a tháinig Céfas go hAntíoc sheas mé ina aghaidh suas lena bhéal, ó bʼfhollas é bheith san éagóir. Mar sular tháinig daoine áirithe ó Shéamas, dʼitheadh sé i gcuideachta Gintlithe; ach nuair a tháinig siadsan dhruid sé siar agus dheighil é féin uathu, trí eagla a bhí air roimh lucht an timpeallghearrtha. Bhí an fhimínteacht chéanna ar siúl ag an gcuid eile de na Giúdaigh agus chuaigh sé chomh fada gur ghéill Barnabas é féin dá bhfimínteacht siúd. Ach nuair a chonaic mise a mí-ionracas siúd i dtaobh fhírinne an tsoiscéil, is é a dúirt mé le Céfas os comhair an iomláin acu, “Más ar nós Ghintlí, in áit ar nós Ghiúdaigh, a mhaireann tusa, siúd is gur Giúdach tú, cé mar fhéadann tú cur ar na Gintlithe aithris a dhéanamh ar na Giúdaigh?” Is Giúdaigh ó bhreith agus ní Gintlithe peacúla sinn, ach tá a dhea-fhios againn nach trí oibreacha an dlí ach trí chreideamh i níosa Críost a fhíréanaítear an duine agus bíonn muinín againn as Íosa Críost, mar dhúil is go bhfíréanófaí sinn as creideamh i gCríost, agus ní as oibreacha an dlí, mar ní fhíreánófar aon duine as oibreacha an dlí. Ach dá bhfaightí sinne a bheith inár bpeacaigh agus sinne ag iarraidh bheith dár bhfíréanú féin i gCríost, arb oibrí don pheaca é Críost? Is cinnte nachea? Achmá bhímse ag atógáil na nithe a réab mé anuas, bím ag taispeáint go bhfuil mé féin san éagóir. Mar bhásaigh mé mé féin don dlí tríd an dlí, chun go mairfinn beo do Dhia. Céasadh mé mar aon le Críost; ní mé a mhaireas beo feasta, ach Críost a mhaireas beo ionamsa; agus an bheatha a chaithimse, sa cholainn seo anois, caithim í trí mo chreideamh i Mac Dé, an té a thug grá dom, agus a thug a anam féin i ngeall ormsa. Ní bhím ag cur grásta Dé ar ceal; mar más rud é go dtagann an fíréanú tríd an dlí, ansin tá Críost i ndiaidh bás a fháil in aisce. A Ghalátacha díchéillí! Cé a chuir draíocht oraibhse, ar nochtadh Íosa Críost chomh soiléir sin do bhur súile, agus é céasta? Tá aon cheist amháin agam oraibh: cé acu le hoibreacha an dlí nó le héisteacht chreid-mheach a ghlac sibh an Spiorad? An bhfuil sibh chomh gann sin i gcéill? Ba thosach spioradálta a rinne sibh, an gcríochnóidh sibh anois é go collaí? An in aisce é ar ghabh sibh tríd an oiread sin?—más féidir gur in aisce é. An té sin a bhronnas an Spiorad oraibh agus a oibríos míorúiltí in bhur mease, cé acu trí oibreacha an dlí ná trí éisteacht chreidmheach a dhéanann sé é sin? Is amhlaidh dʼAbracham, “chreid sé Dia, agus bhí meas fíréin dá réir air.” Feiceann sibh mar sin gurb iad fir an chreidimh a bhíos mar dhaoine clainne ag Abracham. Agus rinne an Scrioptúr, arbh eol dó roimh ré go bhfíréanódh Dia na Gintlithe tríd an gcreideamh, an soiscéal a nochtadh roimh ré dʼAbracham, agus é á rá, “Is ionatsa a bheannófar na náisiúin uile.” Dá bhrí sin, na fir a mbíonn an creideamh acu, beannaítear iad maraon le hAbracham, an fear a raibh an creideamh aige. Mar an dream a mbíonn muinín acu as oibreacha an dlí is faoi mhallacht a bhíos siad; mar tá sé scríofa, “Is mallaithe gach duine nach leanann dá bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus nach gcuireann an t-iomlán de i ngníomh.” Anois is soiléir nach bhfíréanaítear aon duine os comhair Dé tríd an dlí; mar “An té a bhíos ina fhíréan trí chreideamh, is é a mhairfeas beo”; ach ní sheasann an dlí ar an gcreideamh, mar “An té a chuireas i ngníomh iad, mairfidh sé tríothu.” Dʼíhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn, mar bhí mallacht déanta ag an dlí de féin mar mhaithe linne— mar tá sé scríofa, “Bíodh mallacht ar gach duine a chrochfar ar chrann,” ionas go dtioefadh beannacht Abrachaim ar na Gintlithe de thairbhe Íosa Chríost, ionas go nglacfaimis tríd an gcreideamh an Spiorad atá geallta dúinn. Luaim, a bhráithre, sampla as cúrsaí daonna: mura bhfuil ann ach uacht duine, nuair a dheimhnítear í, ní chuirtear léi ná ní chuirtear ar ceal í. Anois is dʼAbracham agus dá shliocht a tugadh na gealltanais. Ní deir sé, “agus dá shleachta,” mar bheadh mórán sleachta ann; ní ainm-níonn sé ach an t-aon sliocht amháin, agus is é Críost an sliocht sin. Is é sin atá á mhaíomh agam: nach féidir leis an dlí, a tháinig deich mbliana fichead agus ceithre chéad ina dhiaidh sin, an cúnant a bhí deimhnithe ag Dia roimh ré, a chur ar ceal, sa dóigh go gcuirfeadh sé an gealltanas ar neamhní. Mar má ba tríd an dlí a tugadh an oidhreacht, ní tríd an ngealltanas a thagadh sí; ach is tríd an ngealltanas a bhronn Dia a ghrásta ar Abracham. Cad chuige a bhfuil an dlí ann mar sin? Aguisín é a cuireadh ann as siocair na gcionta, go dtí go dtagadh an sliocht sin ar tugadh na gealltanais dó; agus ordaíodh trí aingil le láimh idirghabhálaí é. Anois cuireann an t-idirghabhálaí i gcás níos mó ná aon duine amháin; ach níl ann ach aon Dia amháin. An mbíonn an dlí mar sin ag cur in éadan ghealltanas Dé? Is cinnte nach mbíonn; mar dá mba rod é gur tugadh dlí a dʼfhéadfadh beatha a bhronnadh, is cinnte go dtiocfadh an fhíréantacht as an dlí. Ach de réir an Scrioptúir tá gach uile rod i ngéibheann an pheaca, ionas go mbronnfaí an méid a gealladh de chreideamh in Íosa Críost ar an dream a mbíonn an creideamh acu. Ach roimh theacht an chreidimh, bhíomar inár bpríosún-aigh faoin dlí, dár gcoinneáil faoi smacht go dtí go nochtaí an creideamh. Mar sin de, bhí an dlí mar choimeádaí orainn go dtí teacht Chríost, ionas go bhfíréanaítí le creideamh sinn. Ach anois go bhfuil an creideamh i ndiaidh teachta nílimid faoi choimeádaí níos mó; mar sa Chríost, i níosa, is claim mhac Dé tríd an gcreideamh sibh uile. Mar an méid agaibh a ghlac baiste in Ainm Íosa, tá Críost curtha umaibh agaibh. Níl ann Giúdach ná Gréagach, daor ná saor, fear ná bean; níl ann ach an t-aon Íosa Críost amháin, ar de sibh. Agus más le Críost sibh, is sibh Sliocht Abrachaim, atá in bhur n-oidhrí de réir an ghealltanais. Is é atá á rá agam, nach mbíonn an t-oidhre, chomh fada agus a bhíonn sé in aois an linbh, aon phioc níos fearr ná daor, cé gurb é sealbhóir na dúiche uile é; ach is amhlaidh a bhíonn sé faoi chaomhnóirí agus faoi iontaobhaithe go dtí go dtaga an lá cairde atá ceaptha ag an Athair. Bʼionann scéal dúinne; nuair a bhíomar inár leanaí, bhíomar i ndaoirse ag spridí bundúileacha na cruinne. Ach in am agus i dtráth, chuir Dia a Mhac uaidh, á bhreith ó bhroinn mná, faoi chuing an dlí, a cheannach an dreama a bhí faoi chuing an dlí, ionas go nglacfadh sé linn mar chlann mhac uchtaithe. Agus ó tharla sibh in bhur mic aige, tá Spiorad a Mhic curtha inár gcroíthe ag Dia, a bhíos ag glaoch “Abba, a Athair!” Mar sin ní bhíonn tú níos faide i do dhaor ag Dia, ach i do mhac, agus ós mac tú is oidhre tú. Roimhe sin, nuair nárbh aithnid daoibh Dia, bhí sibh i ndaoirse acu siúd ba neamhdhéithe ó nádúr; agus anois gurb aithnid daoibh Dia, nó lena rá go ceart, anois go bhfuil aithne ag Dia oraibh, conas a fhéadann sibh casadh ar bhur gcúl chuig lag-spridí dearóile bundúileacha, le fonn bheith in bhur ndaoir acu athuair? Bíonn sibh ag coimeád laethanta, agus míonna agus séasúr agus blianta! Is eagal liom go bhfuil an saothar a chuir mé orm libh gan éifeacht. A bhráithre, táim á chur dʼimpí oraibh bheith mar atáim, ó tháinig dom bheith mar tá sibhse. Ní dhearna sibh aon éagóir orm. Is feasach daoibh gur de thairbhe breoiteachta corportha a chuaigh mé chugaibh an chéad uair a sheanmóireacht an tsoiscéil daoibh; agus cé gurbh fhulaingt daoibh é mé a bheith ar an gcaoi sin, níor lúide bhur meas orm, ach is amhlaidh a ghlac sibh liom mar a ghlacfadh sibh le haingeal Dé, nó leis an gCríost, le hÍosa é féin. Cá bhfuil an tsástacht sin a bhí oraibh an uair úd? Mar mise i mbannaí daoibh, go bpiocfadh sibh na súile as bhur gcinn lena dtabhairt dom dá mbʼfhéidir é. An bhfuil meas namhad agaibh orm, as siocair go mbím ag insint na fírinne daoibh? Bíonn siad ag déanamh a mhór díbh, ach ní mar mhaithe libh; níl uathu ach sibh a dhealú uainne, ionas go ndéana sibh a mhór díobh. Is maith an rud é i gcónaí a mhór a dhéanamh de dhuine má tá sé lena leas, agus ní hamháin nuair a bhímse in bhur gcuideachta. Is sibh mo chlann bheag leanaí, agus tá mise mar a bheinn in aistear clainne uaibh athuair, go dtí go ndeilbhítear Críost ionaibh. Ba mhaith liom bheith in bhur láthair anois, agus mo phort a athrú, mar táim mearaithe mar gheall oraibh. A dhream úd ar mhian libh bheith faoi chuing an dlí, an éisteann sibh lena ndeir an dlí? Mar tá sé scríofa go raibh dís mhac ag Abracham, duine acu ó chumhal agus duine acu ó bhean shaor. Ní raibh breith mhac na cumhaile ach corportha, ach tharla breith mhac na mná saoire trí ghealltanas. Tá fáithchiall leis seo: is iad an bheirt bhan an dá chúnant. Bean acu ó Shliabh Sínáí, a bheir clann don daoirse; is í Hagar í, agus is ionann Hagar agus Sliabh Sínáí san Araib; agus freagraíonn sí don Iarúsailéim atá anois ann, atá i ndaoirse, í féin agus a clann. Ach is saor í an Iarúsailéim thuas, agus is í ár máthair í. Mar tá sé scríofa, “Bíodh áthas ort a bhean aimrid nach mbeireann; lig amach do racht agus tóg gáir, a bhean nach bhfuil in aistear clainne; mar is iomadúla iad clann na mná tréigthe ná clann na mná a bhfuil fear aid.” Anois, a bhráithre, is clann ghealltanais sinn, dála Íosóg. Ach san am úd dhéanadh an té a rugadh go corportha géarleanúint ar an té a rugadh de réir an Spioraid, agus bíonn an scéal céanna acu anois. Ach cad é sin a deir an scrioptúr? “Cuir an tóir ar an gcumhal agus ar an mac sin aici; mar ní bheidh an oidhreacht ag mac na cumhaile in éineacht le mac na mná saoire.” Is soiléir as sin, a bhráithre, nach sinn clann na cumhaile, ach gur sinn clann na mná saoire. Rinne Críost sinne a shaoradh ionas go mbeadh an tSaoirse againn; mar sin seasaigí an fód, agus ná humhlaígí arís do chuing na daoirse. Mise, Pól, atá anois á rá libh, nach mbeidh aon bhun-táiste agaibh as Críost má ghlacann sibh timpeallghearradh. Dearbhaím athuair don uile dhuine a ghlacann timpeallghearradh, go bhfuil dʼoibleagáid air an dlí uile a choinneáil. A dhream úd atá i bhfáth le bhur bhfíréanú tríd an dlí, tá sibh scartha ó Chríost; tá tite agaibh as staid na ngrást. Mar is tríd an Spiorad, agus is leis an gcreideamh, a bhímíd ag fuireach le dóchas na fíréantachta. Mar nuair a bhíonn tú taobh istigh den Chríost, de Íosa, níl aon éifeacht sa timpeallghearradh ná sa neamh-thimpeall-ghearradh, ach sa chreideamh a oibríonn tríd an ngrá. Bhí sibh ag teacht chun tosaigh go maith; cé a chuir cosc oraibh ó umhlú don fhírinne? Ní ón té a ghair oraibh a thagann sí, an tuairim sin a bhfuil sibh chomh cinnte fúithi. Ach dá laghad an laibhín borrann sé ar fud an taois uile. Tá muinín as an Tiama agam nach mbeidh sibh ar athrach intinne liom; agus an té atá do bhur mbuaireamh caithfidh sé teacht leis an mbreith a thabharfar air, cibé é féin. Ach a bhráithre, más ní é go mbímse go fóill ag fógairt an timpeallghearrtha, cad chuige a gcuirtear géarleanúint orm go fóill? Más amhlaidh atá, atá deireadh le ceap tuisle na Croise. An dream sin a rinne bhur suaith-eadh, ba é a gceart iad á gcoilleadh féin! Is chun na saoirse a glaodh sibh, a bhráithre; ach ná bainigí úsáid as an tsaoirse sin mar chaoi don cholainn, ach le bheith grámhar garach dá chéile. Mar comhlíontar an dlí iomlán san aon bhriathar seo amháin, “Tugaigí grá don chomharsa mar an grá a bhíos agaibh daoibh féin.” Ach má bhíonn sibh ag creimeadh is ag ithe a chéile, bígí ar bhur gcoimeád dʼeagla go mbeadh sibh do bhur n-ídiú ag a chéile. Ach is é a deirim libh, siúlaigí de réir an Spioraid, agus ná géilligí dʼainmhianta na colainne. Mar bíonn ainmhianta na colainne ag cur in éadan an Spioraid, agus mianta an Spioraid ag cur in éadan na colainne, mar tagann siad seo crosach ar a chéile, le bac a chur oraibh ó dhéanamh mar is mian libh. Ach más é an Spiorad a bhíos ag déanamh eolais daoibh, níl sibh faoi chuing an dlí. Anois níl amhras ann cad iad oibreacha na colainne: is iad an striapachas, an neamhghlaine, an ainriantacht, an t-íoladhradh, an saobhchreideamh, an naimhdeas, an t-imreasán, an t-éad, an íhearg, an leithleas, an easaontacht, an clampar, an formad, an t-ólachán, an phótaireacht, agus a leithéidí eile. Tugaim daoibh an rabhadh úd a thug mé daoibh roimhe, nach mbeidh lucht cleachta na ngníomhartha sin ina n-oidhrí choíche ar ríocht Dé. Ach is é an toradh a thugann an Spiorad an grá, an suairceas, an tsíocháin, an íhoighne, an cineáltas, an mhaitheas, an dílseacht, an chneastacht, an tsriantacht; is nithe iad sin nach bhfuil aon dlí ina n-aghaidh. Agus an dream is le hÍosa Críost, tá an cholainn agus a háilíos agus a hantoil céasta acu. Más ón Spiorad a fhaighimid ár mbeatha, go mba é an Spiorad ár réalta eolais inár siúlta. Ná bímis mórchúiseach, ná cuirimis cathuithe ar a chéile, ná ná bímis ag éad lena chéile. A Bhráithre, má bheirtear ar dhuine ar bith i gcoir ar bith, tógaigí an duine sin ar a bhoinn arís, an méid agaibh atá spioradálta, i sprid na cneastachta. Agus seachain thú féin ar eagla go gcuirfí cathú ort freisin. Iompraígí tromualaí a chéile, ós amhlaidh a chomh-líonfaidh sibh dlí Chríost. Mar an duine a dhéanas mór is fiú nuair nach fiú ach neamhní é, bíonn sé ag cur dalla-mullóige air féin. Ach scrúdaíodh gach duine a shaothar féin, ionas go n-altaí sé leis féin é gan baint den chomharsa. Mar caithfidh gach duine a ualach féin a iompar. An té a múintear an briathar dó, roinneadh sé na maitheasaí uile le hoide a mhúinte. Ná bíodh breall oraibh; ná síligí gur féidir magadh a dhéanamh faoi Dhia, ná a rá nach mbainfidh duine de réir mar a chaitheas sé síol. Mar an té a chuireas a shíol mar mhaithe le sáile a cholainne bainfidh sé an lofacht a thagann ón gcolainn; ach an té a chuireas a shíol mar mhaithe leis an Spiorad, bainfidh sé an bheatha shíoraí a thagas ón Spiorad. Agus ná cluintear cloíteacht orainn ag déanamh dea-ghníomhartha, mar bainfimid an fómhar in am agus i dtráth, mura gcaillimid ár misneach. Mar sin de, beirimis ar an bhfaill leis an dea-rud a dhéanamh a théas chun sochar na ndaoine uile, go háirithe sochar lucht aontí an chreidimh. Féachaigí na litreacha móra seo atá mé ag scríobh chugaibh anois, le mo láimh féin. Is iad an dream a bhíos i bhfáth le dea-chuma chollaí a thaispeáint a bhíos ag iarraidh a thabhairt oraibh glacadh le timpeallghearradh, ach ní dhéanann siad amhlaidh ach le teacht saor iad féin ó ghéarleanúint ar son chrois Chríost. Mar an dream sin a ghlacas le timpeallghearradh, ní bhíonn siad féin ag coimeád an dlí, ach is mian leo sibhse a thimpeallghearradh ionas go mbí ábhar maíte as bhur gcolainn acu. Ach go mbʼfhada uaim aon ábhar maíte ar bith a bheith agam, amach ón gcrois sin ár dTiarna Íosa Chríost, ar ar céasadh an saol domsa, agus ar ar céasadh mise don saol. Mar ní haon rud é an timpeallghearradh, ná ní haon rud é an neamh-thimpeallghearradh, ach is é an rud é nua-chruthú nádúr an duine. Agus bíodh an tsíocháin agus an trócaire ag an dream a shiúlann de réir na rialacha seo, ag fíor-Iosrael Dé. Ná bíodh aon duine feasta ag cur buartha orm; mar bím ag iompar cholm Íosa i gcraiceann mo choirp. Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost agaibh in bhur Spiorad, a bhráithre liom. Áiméan. Pól, atá ina dhuine dʼaspail Íosa Críost le toil Dé, Ag beannú do na naoimh, a chomhchreidmhigh dílse in Íosa Críost: Go raibh an grásta agus an tsíocháin agaibh ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Moladh le Dia, Athair ár dTiama Íosa Críost. Is é a thug gach beannacht spioradálta dúinn dá bhfuil ar neamh in airde, nuair a thug sé Críost dúinn. Mar bhíomar tofa mar rogha aige i gCríost, le bheith naofa gan ainimh os a chomhair, san am sular bunaíodh an domhan. Bhíomar ceaptha aige ina ghrá le bheith inár gclann mhac aige trí Íosa Críost, ba é sin ba thoil agus ba mhian leis, chun glóir na ngrást a roinn sé go fial linn ina Mhac ionúin. Is trí fhuil a Mhic a fuasclaíodh sinn, agus a mhaitear ár míghníomhartha, mar bʼfhial agus bʼfhairsing é lena ghrásta. Is é a nocht dúinn rúndiamhair a thola agus ileagnaíocht a thuisceana, de réir an chuspóra a léirigh sé i gCríost, a bhí lena cur i bhfeidhm in am trátha, lena bhfuil ann ar neamh agus ar talamh a chur le chéile faoina cheannas. Is é atá i ndán agus i ndúchas dúinn i gcuspóir an té a chuireas a chomhairle uile i gcrích, ár mbeatha a chaitheamh chun a ghlóire, ó chuireamar ár ndóchas i gCríost ar dtús. Agus ó chuala sibhse briathar na fírinne, soiscéal bhur slánaithe, agus a chreid sibh i gCríost, cuireadh séala oraibh freisin i gCríost leis an Spiorad Naomh a bhí geallta daoibh, atá mar urra againn ar an oidhreacht go dtí go rachaimid ina seilbh, le moladh a ghlóire a mhéadú. Ar an ábhar sin, ó chuala mé iomrá ar bhur gcreideamh sa Tiama Íosa agus ar bhur ngrá do na naoimh uile, ní bhíonn stad orm ach ag tabhairt buíochais ar bhur son, agus ag cuimhneamh oraibh i mʼumaithe, go dtuga Dia ár dTiarna Íosa Críost, Athair na glóire, sprid a thabharfas eolas air daoibh agus tuiscint agaibh air, agus go ndéana sé soiléir do bhur gcroíthe, le heolas a fháil ar an dóchas sin ar ghlaoigh sé chuige sibh, agus ar shaibhreas a oidhreachta glórmhaire i mease na naomh, agus ar a chumhacht gan chuimse i mease lucht an chreidimh sin ar díobh sinn, de réir oibriú a mhórchumhachta a chuir sé i gcrích i gCríost, nuair a dʼardaigh sé as mease na marbh é, agus nuair a chuir sé ina shui ar a láimh dheas in airdí neimhe é, i bhfad os cionn gach rialach agus údaráis agus cumhachta agus tiamais dá bhfuil ann agus gach ainm dá n-ainmnítear san aois seo nó san aois atá chugainn; tá gach ní curtha faoi chosa Chríost ag Dia. Tá ceann na heaglaise san uile ní déanta aige de. Is í an eaglais a chorp, agus is inti a fhaightear iomláine an té a líonas an ollchruinne. Bheoigh sé sibh, a bhí marbh ag na peacaí agus ag na míghníomhartha a chleacht sibh nuair a chuaigh sibh le cúrsa an tsaoil seo, agus a lean sibh ardfhlaith chumhachta an aeir, an sprid seo a bhíos ar obair i mic na michomhairle. Bhi an t-am ann a rabhamar féin go léir orthu siúd, ag géilleadh dʼainmhianta na colainne, agus ag déanamh gach uile ní a thoiligh ár gcorp nó ár n-intinn, agus ar an ábhar sin bhíomar mar an chuid eile den chine daonna, inár gclann feirge Dé ó nádúr. Ach ós saibhir Dia i dtrócaire, agus ó ba mhór a ghrá dúinn, cé gur thug ár gcoireanna ár mbás, bheoigh sé sinn in éineacht le Críost (trí chreideamh a slánaíodh sibh), agus thóg sé ar an aiséirí sinn in éineacht leis, agus chuir sé inár suí sinn leis in airde neimhe raaraon le hÍosa an Críost, ionas go mbeadh saibhreas dothomhaiste a ghrásta á thaispeáint sna haoiseanna a bhí le teacht sa mhaith a rinne sé orainn in Íosa an Críost. Mar is le grásta trí chreideamh a slánaíodh sibh; ní uaibh é, ach ina bhronntanas ó Dhia— nlor saothraíodh é, ar eagla a bheith le maíomh ag aon duine. Mar is sinne saothar Dé, a chruthaigh sé in Íosa Críost le haghaidh na ndea-oibreacha a bhí ullmhaithe aige dúinn roimh ré, ionas go gcleachtfaimis iad. Cuimhnígí mar sin ar an am a chuaigh thart. Is Gintlithe sibh de réir folaíochta. An dream a bhfuil ainm an timpeallghearrtha (láimhdhéanta chollaí) orthu, thug siad an neamh-thimpeallghearradh oraibh. Bhi sibh scartha ó Chríost, dealaithe ó chomhlathas Iosrael, gan aithne agaibh ar chúnaint na ngealltanas, agus sibh gan dóchas ná Dia agaibh ar an domhan. Ach anois, de thairbhe Íosa an Críost, tugadh i gcóngar trína fhuil sibh a bhí roimhe sin i gcéin. Is é féin ár síocháin, a rinne aon den dís, agus a leag claí an chónaimhdis, mar ba é a chuir dlí na n-aitheanta agus na n-orduithe ar ceal ina chorp féin, agus a chruthaigh ina phearsa féin an t-aon duine úrnua amháin in ionad na díse, agus a rinne an tslocháin eatarthu, ag athaontú na díse le Dia in aon chorp tríd an gcrois, agus ag cur an naimhdeasa chun báis. Agus is é a tháinig a chraobhscaoileadh na síochána daoibhse a bhí i gcéin agus dóibh siúd a bhí i gcóngar; ós tríd a bhíos cead cainte leis an Athair ag an dís againn trí aon Spiorad amháin. Ní strainséirí ná coimthígh sibh feasta, ach comhshaoránaigh leis na naoimh in áitreabh Dé. Is iad na haspail agus na fáithe bhur mbun, agus is é Íosa Críost an chloch chúinne, ina mbíonn an foirgneamh uile á thógáil agus á tháthú ina theampall naofa sa Tiarna, agus is cuid dá chlocha sibhse, agus é ina áras cónaithe ag Dia sa Spiorad. Is mar sin atá mise, Pól, i mo phríosúnach ar son Íosa Críost thar bhur gceann atá in bhur nGintlithe. Cuirim i gcás gur chuala sibh go bhfuil mé i mo mhaor ag Dia lena ghrásta a roinnt oraibh, agus gur nochtadh an rúndiamhair dom i dtaispeáint, mar atá scríofa agam i mbeagán briathra. Nuair a bheas sé léite agaibh, aithneoidh sibh an tuiscint atá agam ar rúndiamhair sin Chríost, nár nochtadh dʼaon mhac máthar dʼaon ghlúin romhainn mar nocht an Spiorad anois í dá aspail agus dá fháithe naofa; is é sin, go bhfuil na Gintlithe ina gcomhoidhrí agus ina gcomhbhaill den aon chorp, agus go bhfuil comh-sheilbh acu sa ghealltanas i soiscéal Íosa Críost. Rinneadh ministir díom leis an soiscéal sin a fhreastal de réir ghrásta Dé a oibríodh ionam trína chumhacht. Dá shuaraí mé i mease a bhfuil de naoimh ann, is dom a tugadh an grásta seo, go mbeinn ag craobhscaoileadh shaibhreas dochuimsithe Chríost i mease na nGintlithe, agus le hamharc a thabhairt don Ádhamhchlann uile ar chóras na rúndiamhaire sin a bhí á ceilt i nDia a chruthaigh gach uile ní; agus go mba tríd an eaglais a nochtfaí ileagna Dé dá bhfuil in údarás agus i gcumhacht in ard na bhflaitheas. Tharla sin uile de réir an chuspóra shíoraí atá curtha in éifeacht aige in Íosa Críost ár dTiarna, a mbíonn misneach agus muinín againn trínár gcreideamh ann le dul isteach ina láthair. Táim ag iarraidh oraibh mar sin gan drochmhisneach a bheith oraibh i dtaobh a bhfuil le fulaingt agam ar bhur son, ar chóra daoibh maíomh as. Dá bhrí sin feacaim mo ghlúine roimh an Athair úd, óna n-ainmnítear gach athaireacht teaghlaigh ar neamh agus ar talamh, go ndeona sé daoibh de réir shaibhreas a ghlóire bheith do bhur neartú le cumhacht a Spioraid in bhur gcroíthe istigh, agus Críost a bheith ina chónaí in bhur gcroíthe tríd an gcreideamh; agus sibh a bheith fréamhaithe bunaithe sa ghrá, agus tuiscint a bheith agaibh in aontacht leis na naoimh uile ar cad é an leithead agus an fad agus an airde agus an doimhne, le heolas a chur ar an ngrá sin Chríostʼatá os cionn gach eolais, ionas go mbeidh líonmhaireacht uile Dé do bhur líonadh. Agus anois, ó tá an té sin ag obair ionainn, ar féidir leis i bhfad níos mó a dhéanamh ná is féidir linne cuimhneamh air ná a iarraidh, bíodh glóir aige san eaglais agus in Íosa Críost ó ghlúin go glúin agus go saol na saol. Áiméan. Tá mise mar sin, atá i mo phríosúnach ar son an Tiarna, ag impí oraibh maireachtáil mar a oireas do bhur ngairm, go mín ceansa uiríseal, go foighneach fadfhulangach carthanach le chéile, ar bhur ndícheall le haontacht an Spioraid a choinneáil i gcuing na síochána. Tá aon chorp amháin ann agus aon Spiorad amháin ann, mar aon dóchas amháin na gairme chun ar gaireadh sibh, aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin, aon bhaiste amháin, aon Athair-Dhia amháin againn uile, a bhíos os cionn, agus trí, agus ar fud gach ní. Ach bronnadh an grásta mar thomhais Críost a thíolacadh do gach duine againn. Deirtear mar sin, “Nuair a chuaigh sé in airde ghabh sé mórshlua giall, agus bhronn sé tíolaicí ar dhaoine,” (nuair a deirtear go ndeachaigh sé in airde, nach ionann sin agus gur thuirling sé freisin go talamh thíos? An té a thuirling is é a chuaigh suas os cionn a bhfuil de neamha ann, go líonadh sé corp uile na cruinne). Agus ba iad a thíolaicí, na daoine a bhí ina n-aspail, agus ina bhfáithe, agus ina soiscéalaithe, agus ina n-aoirí anamacha, agus ina n-oidí múinte, leis na naoimh a ghléasadh chun obair freastail, agus le corp Chríost a mhéadú, ionas go dtiocfaimid uile chun aontacht chreidimh agus eolas Mhac Dé, mar fhear déanta, a bhfuil lántomhas airde Chríost aige; agus gan bheith mar pháistí, á luascadh anonn is anall agus á dtiomáint thart ag baothghaotha teagaisc, agus daoine ag imirt a gcleas orthu go cluanach glic. Ach gan géilleadh dó sin, cuirimid romhainn bheith ag déanamh na fírinne i ngrá, agus bheith ag fás suas ar gach bealach i gCríost, an Ceann, nuair a bhíonn an corp uile fite fuaite in alt a chéile agus na cuislí á chothú, agus gach ball de i ngléas mar is cóir, bíonn sé ag cur leis féin agus leis an ngrá amach ón gCeann sin. Dearbhaím daoibh anois agus fágaim fianaise a fhírinne ar an Tiarna, gan sibh a mhaireachtáil feasta mar Ghintlithe seo na gceann leamh; is iad atá dallintinneach, dealaithe amach ó bheatha Dé trína n-aineolas, a tháinig as cruas a gcroíthe; is iad a dʼéirigh fuarchroíoch, gur chloígh le gáir-siúlacht agus cíocras orthu chun gach salachar is measa ná a chéile a chleachtadh. Ní hamhlaidh a dʼfoghlaim sibh Críost; á rá gur chuala sibh faoi agus go bhfuair sibh teagasc na fírinne atá in Íosa. Caithigí díbh an seanduine caite, an mí-eagar beatha atá morgtha lofa ag ainmhianta cealgacha na colainne a bhí oraibh roimhe seo, bíodh sprid úr agaibh ag athnuachan bhur n-intinne, cuirigí oraibh an nua-dhaonnacht a chruthaítear i gcosúlacht Dé go fíréanta fíornaofa fírinneach. Diúltaígí mar sin don bhréag, agus labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa, ós comhbhaill dá chéile sinn. Bíodh fearg oraibh gan peaca a bheith oraibh; ná ligigí don ghrian dul a luí ar bhur bhfearg, agus ná déanaigí áit don diabhal. Ná téadh an gadaí a ghadaíocht níos mó, ach i gcionn oibre, ag cur a lámh i saothar ionraic, ionas go bhféadfaidh sé roinnt leis an té atá i riachtanas. Nár thaga aon drochchaint as bhur mbéal, ach comhrá maith a oireas don ócáid, a mbainfidh an té a éisteas leis gnaoi agus tairbhe aisti. Agus ná goilligí ar an Spiorad Naomh, Spiorad Dé, atá mar shéala oraibh go lá bhur bhfuascailte. Cuirtear uaibh an tseirbhe agus an fíoch agus an fhearg agus an t-ardghlór agus an chúl-chaint agus gach uile mhírún, agus bígí go maith maothchroíoch le chéile, ag tabhairt maithiúnais dá chéile, mar a thug Dia an maithiúnas daoibh i gCríost. Déanaigí aithris mar sin ar Dhia, mar a dhéanfadh a chlann a bhfuil grá aige dóibh, agus siúlaigí ar shlí an ghrá, de réir mar a bhí grá ag Críost dúinn, a thug é féin ar ár son mar thairscint chumhra agus mar íobairt do Dhia. Ach maidir leis an striapachas agus an mhíghean-mnaíocht agus an tsaint, ná bídís á lua féin in bhur mease, mar ba dhual do naoimh Dé. Ná bíodh graostacht ná baothchaint ná beadaíocht mhíchóir ann ach oiread; ach altú do Dhia. Mar féadann sibh bheith cinnte de, nach bhfuil aon striapach, ná duine salach, ná duine santach (a mbíonn déithe bréige á n-adhradh aige), a bhfuil sé i ndán dó bheith ina oidhre ar ríocht Dé agus Chríost. Ná cuireadh aon duine dallamullóg oraibh lena chuid briathra bréagacha mar titeann dianfhearg Dé ar chlann na míchomhairle dá bharr sin. Ná bíodh baint ná páirt agaibh leo mar sin. Bhí an t-am ann a raibh sibh in bhur ndor-chacht, atá in bhur solas anois sa Tiarna; siúlaigí mar sin mar a shiúlas clann an tsolais. (Is é toradh an tsolais a bhfuil feabhas agus fíréantacht agus fírinne ann). Bíodh tóir agaibh ar a dtaitníonn leis an Tiarna. Ná bíodh aon bhaint agaibh le hoibreacha neamhthorthúla an dorchadais, ach á dtaispeáint mar atá siad. Mar tá sé náireach oiread agus a lua, a mbíonn á dhéanamh acu os íseal. Ach nuair a thabhartar ní chun solais bíonn sé sofheicthe, agus bíonn a bhfuil sofheicthe ina sholas. Is dá bhrí sin a deirtear, “Múscail, a chodlatóir, agus éirigh ó mhairbh, agus tabharfaidh Críost solas duit.” Féachaigí romhaibh mar sin sula dtugann sibh bhur gcéim, gan amaidí ná díth céille, ag breith ar an bhfaill agus ag baint a bhfuil ann aisti, ós laethanta oilc iad na laethanta seo. Ná bígí amaideach, ach tuisceanach faoi thoil an Tiama. Ná gabhaigí ar meisce i bhfíon, ó nach bhfuil ansin ach drabhlás; ach bígí do bhur líonadh féin leis an Spiorad, agus sailm agus duanta agus dánta diaga á gcanadh agaibh le chéile, ag seinm ceoil don Tiarna le croí maith mór, ag tabhairt buíochais go síor ar son gach aon ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost do Dhia an tAthair. Bígí ag umhlú dá chéile as ómós do Chríost. A mhná pósta, géilligí do bhur bhfir chéile mar a dhéanfadh sibh don Tiarna. Mar is é an fear céile ceann a bhanchéile mar atá Críost ina cheann ar an eaglais, atá mar chorp aige, agus é féin mar Shlánaitheoir aici. Mar a ghéilleann an eaglais do Chríost, go mba mar sin a ghéillfeadh na mná pósta dá bhfir i ngach ní. A fheara pósta, bíodh grá agaibh do bhur mná, mar a bhí grá ag Críost don eaglais, a thug é féin ar a son, go naomhódh sé í, á glanadh le huisce agus leis an mbriathar, go dtí go mba eaglais ghlórmhar aige í, nach bhfuil ciothramach ná ruicneach ná lochtach, ach í niamhghlan naofa. Ba cheart do na fir bheith chomh ceanúil ar a mná agus tá siad ar a gcorp féin. Is ionann grá a bheith ag fear dá bhean agus grá a bheith aige dó féin. Ní bhíonn fuath ag fear ar bith ar a fheoil féin, ach é á cothú agus á caomhnú. Is amhlaidh a chothaíonn agus a chaomhnaíonn Críost an eaglais, ós baill dá chorp sinne. “Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair le gabháil chuig a bhean, agus déanfar aon lánúin amháin den bheirt.” Rúndiamhair mhór í seo, agus cuirim Críost agus an eaglais mar mhíniú uirthi; ach cibé scéal é, bíodh an grá ag gach fear agaibh dá bhean a bhíos aige dó féin, agus bíodh urraim ag gach bean dá fear féin. A pháistí, déanaigí rud ar bhur dtuismitheoirí ar thoil an Tiarna, mar atá de dhualgas oraibh. “Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair” (Is í sin an chéad aithne a bhfuil gealltanas léi), “ionas go mbeidh rath ort agus fad saoil agat ar an talamh.” A aithreacha, ná fadaígí fearg in bhur gclann, ach oiligí iad le bheith faoi smacht agus faoi threoir an Tiarna. A dhaora, umhlaígí do bhur máistrí saolta, le critheagla agus le hionracas croí, mar a dhéanfadh sibh do Chríost; gan iarraidh súile agus gnaoi daoine a tharraingt oraibh féin, ach mar dhaoir Chríost ag cur bhur dtoil le toil Dé, ag saothrú go fonnmhar don Tiarna agus ní do dhaoine, agus a dhea-íhios agaibh go gcúiteoidh an Tiarna le duine i maith ar bith a dhéanfas sé, is cuma cé acu saor nó daor é. A mháistri, déanaigí mar an gcéanna leo, gan bheith ag bagairt orthu, ó tá a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibhse agus acusan araon ar neamh, a thugas breith gan bheann gan bhá. Faoi chríoch, neartaígí sibh féin sa Tiarna agus i dtréine a chumhachta. Gabhaigí airm agus éide Dé oraibh, chun go mbeidh cumas agaibh le seasamh in éadan camchleas na hainspride. Nílimid ag dul i ngleic le fuil agus feoil, ach le lucht ceannais agus cumhachtaí, le tíoránaigh dhomhanda an dorchadais seo, le drochdheamhain aeir sna háiteanna neamhaí. Glacaigí chugaibh mar sin airm agus éide Dé, ionas go bhféadfaidh sibh seasamh i lá an oilc agus bheith in bhur seasamh nuair a bheas deireadh déanta agaibh. Seasaigí mar sin, agus crios na fírinne faoi bhur gcom, agus lúireach na fíréantachta faoibhur n-ucht, agus soiscéal na síochána mar choisbheart oraibh; agus tharstu seo uile ar ardú sciath chosanta an chreidimh, ina bhféadann sibh saigheada tintreacha uile na hainspride a mhúchadh. Agus glacaigí clogad an tslánaithe, agus bíodh claíomh an Spioraid, is é sin briathar Dé, agaibh. Bígí ag umaí ar feadh an ama sa Spiorad, agus gach impí agus achainí á gcur suas agaibh. Tugaigí aire dó sin go foighneach faichilleach, ag urnaí ar son na naomh uile, agus ar mo shonsa, go mbronnfar saoruchtach agus urlabhra orm, leis an rúndiamhair sin, a bhfuil mé i mʼambasadóir i ngeimhle aici, a fhógairt os ard chomh neamheaglach agus ba chóir dom. Má tá uaibh mo thásc agus mo thuairsc a fháil, gheobhaidh sibh an fios uile ó Thicicus, bráthair dílis agaibh agus ministir dílis ag an Tiarna, atá curtha agam chugaibh dʼaonghnó le hinsint daoibh fúm agus le misneach a chur in bhur gcroíthe. Go raibh síocháin Dé ag na bráithre, agus grá maraon le creideamh, ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Go raibh grásta ag a mbíonn grá bithbhuan acu dár dTiama Íosa Críost. Pól agus Timótéus agus Silbhánus, a bhíos ina seirbhísigh ag Íosa Críost, Ag beannú do na daoine i bhFilipí atá ina naoimh in Íosa Críost, agus do na heaspaig agus do na déagánaigh: Go raibh an grásta agus an tsíocháin oraibh ó Dhia ár nAthair agus ón Tiama Íosa Críost. Níl aon am dá gcuimhním oraibh nach dtugaim altú do mo Dhia, agus bíonn áthas orm i gcónaí ag rá paidre ar son gach duine agaibh, agus mé go buíoch beannachtach go bhfuil sibh i gcomhar liom sa soiscéal anuas ón gcéad lá go dtí an uair atá anois ann. Agus táim cinnte den té sin a chuir tús ar a dhea-shaothar ionaibh, go gcuirfidh sé dea-chríoch air i lá mór Íosa Críost. Is é mo cheart é dáimh a bheith agam libh, mar tá sibh ar mo chroí, as bheith rannpháirteach liom sa ghrásta, i mo phríosúnacht, agus i gcosaint agus i gcothú an tsoiscéil freisin. Mar fágaim é dʼfhianaise ar Dhia, an chumha a bhíos orm in bhur ndiaidh i snaidhm shearc Íosa. Agus bím ag guí Dé go dtaga fás agus faibhriú ar bhur ngrá, agus eolas agus gach uile short tuisceana a bheith agaibh, ionas go mbeidh meas agaibh ar gach ní dá fheabhas, agus go mbeidh sibh féin gealghlan gan locht i gcoinne lá Íosa Críost, líonta de na torthaí sin na fíréantachta a fhaightear trí Íosa Críost, a thabhaíos glóir agus moladh do Dhia. Ba mhaith liom a fhios a bheith agaibh, a bhráithre, nár tharla ar tharla dom ach leis an soiscéal a chur chun cinn, ós dá bharr atá sé tuigthe ag slua uile an gharda phraetóirigh agus ag an gcuid eile gurb é Críost is cúis le mo phríosúnacht; agus dʼéirigh an chuid is mó de na bráithre dána, ó chuir mo phríosúnacht orthu muinín a bheith acu as an Tiarna, agus bíonn tuilleadh misnigh acu le briathar Dé a labhairt gan scáth gan eagla. Tá siad ann ar ndóigh a bhíos ag seanmóireacht Chríost, mar dhóigh de, agus éad orthu faoin mbáire a bheith leo, ach go mbíonn tuilleadh á dhéanamh faoi chroí maith mór. Bíonn siad seo á dhéanamh le grá dom, agus a fhios acu go bhfuil mé anseo le cath an tsoiscéil a chosaint; bíonn an dream úd eile agus Críost á fhógairt os ard acu agus iad ag tarraingt uisce ar a muileann féin, ó nach ndéanann siad go hionraic é, ach le leithscéal a fháil le mé a chiapadh i mo phríosúnacht. Ach nár chuma, chomh fada agus go mbítear ag fógairt Chríost le fírinne nó le bréag; is amhlaidh a chuireann sin lúcháir orm. Tá agus beidh lúcháir orm. Mar aithním an deireadh a thiocfas air, go dtiocfaidh mé slán as, agus a bhuíochas sin ar bhur n-urnaithe agus ar an gcabhair a fuair mé ó Spiorad Íosa Chríost, is é dúil agus dóchas mʼanama nach gcuirfear aon náire orm, ach go nglacfaidh mé ina mhórmhisneach é anois mar a ghlac riamh, agus go mbeidh Críost á mhóradh sa chorp seo agam, i mbeatha nó i mbás. Mar níl beo orm ach Críost, agus beidh brabach orm sa bhás. Más í an bheatha atá i ndán don chorp, beidh toradh ar mo shaothar. Ach is é rogha an dá fheabhas agam iad. Ach bím ag déanamh dhá leath díom féin idir an dá ní seo. Is é mian mo thola imeacht ar shlí na fírinne le cuideachta a choinneáil le Críost, ó nach bhfuil ní is fearr ná sin le fáil. Ach tá sé níos riachtanaí agaibhse go bhfanfadh mo chorp beo ar an saol seo. Ó táim cinnte de go mbeidh sin amhlaidh, aithním go mairfidh mé liom agus go bhfan-faidh mé beo agaibh, ionas go dtiocfaidh sibh ar aghaidh ag baint áthais as an gcreideamh, ar chaoi go mbeidh an t-ábhar agaibh a bheith ag maíomh as Íosa an Críost as mé a theacht chugaibh athuair. Bíodh libh, ar choinníoll go mbeidh bhur mbéasa ag cur go fiúntach le soiscéal Chríost, agus cibé acu go dtagaim ar cuairt chugaibh nó go bhfanaim uaibh, go mbíonn tuar-ascáil le cluinstin agam oraibh go mbíonn sibh ag seasamh fhód an lae agus aon sprid amháin ionaibh, agus aon intinn amháin agaibh, ag cur le chéile taobh le taobh ar son chreideamh an tsoiscéil, gan ligean don taobh eile aon chliseadh a bhaint asaibh. Is tuar soiléir a scriosta dóibh é sin, ach tuar bhur slánaithe, agus é sin ó Dhia. Mar deonaíodh daoibhse as ucht Chríost, ní hamháin creideamh a bheith agaibh ann, ach cruatan a fhulaingt ar a shon, agus sibh páirteach sa choimhlint chatha sin a bhfuil mé inti, mar atá feicthe agaibh, agus mar atá anois agaibh lena chluinstin uaim. Má fhaigheann sibh mar sin aon ábhar misnigh i gCríost, nó má bhíonn an grá do bhur ngríosú, nó an Spiorad á roinnt libh, nó má tá cion agaibh orm, nó bá agaibh liom, cuirfidh sibh lánlúcháir orm, ach sibh a bheith ar aon intinn, aon ghrá agus aon anam amháin, agus aon bharúil amháin a bheith agaibh, gan bheith leithleasach ná leitheadach, ag géilleadh go huiríseal do dhaoine eile, gan aon duine agaibh a leas féin amháin a iarraidh, ach leas a chomharsan freisin. Bíodh an intinn sin agaibh lena chéile a bhí ag Íosa Críost, a bhí riamh i gcló Dé, ach nárbh éadáil leis bheith ar aon chéim le Dia, ach gur fholmhaigh sé é féin, le dul i gcló seirbísigh, agus teacht ar an saol i gcosúlacht duine. Bhí sé le fáil mar sin i gcló daonna agus dʼuirísligh sé é féin agus bhí sé umhal go bás, go fiú bás ar chrois. Dʼardaigh Dia go mór é dá bharr sin, gur bhronn air an t-ainm is airde dʼainmneacha, ionas gur le hainm Íosa a dʼfheacfadh gach glúin, ar neamh agus ar talamh agus faoi thalamh, agus go n-admhódh gach teanga gurb é Íosa Críost is Tiarna ann, le glóir Dé an tAthair a mhéadú. Mar sin, a dhaoine a bhfuil mo ghrá ionaibh, déanaigí rud orm anois mar a rinne sibh riamh é, agus dá fheabhas dá ndearna sibh é agus mé i láthair is amhlaidh is fearr anois a dhéanfaidh sibh é agus mé as láthair, ag saothrú amach bhur slánaithe féin go cúthail critheaglach; ós é Dia é féin a bhíos á oibriú ionaibh toiliú agus gníomhú mar is fearr a thaitníos leis féin. Déanaigí gach ní gan bheith ag casaoid ná ag ceistiú, ionas go mbeidh sibh soineanta gan smál, in bhur gclann Dé gan teimheal i mease na glúine caime claoine seo, a mbíonn sibh ina mease mar réaltaí geala eolais don saol, agus greim daingean docht á choinneáil agaibh ar bhriathra na beatha, ar nós go mbeidh bród orm i lá Chríost nach ndeachaigh mo shaol ná mo shaothar in aisce orm. Má tá sé i ndán dom féin bheith do mo dhoirteadh amach mar dheoch ofrála i mullach íobartha agus adhartha bhur gcreidimh, beidh áthas agus lúcháir orm libh uile. Mar chomaoin air, ba é bhur gceart áthas agus lúcháir bheith oraibh liom. Tá an dóchas seo as an Tiarna Íosa agam Timótéus a chur chugaibh roimh i bhfad, ionas go mbeidh áthas orm le tuairisc a fháil oraibh uaidhsean. Níl agam ach é, a bhfuil an dúthracht chéanna ann is atá ionamsa le bhur leas a dhéanamh. Tá siad uile mar mhaithe leo féin, ní mar mhaithe le hÍosa Críost. Ach tá a fhios agaibh an fiúntas atá ann, i dTimótéus, ag comhoibriú liom sa soiscéal mar mhac lena athair. Tá fúm é a chur uaim chomh luath agus a fheiefeas mé cad é mar a rachas le mo chúis-se; agus dúil as an Tiarna agam nach fada go dtiocfaidh mé féin freisin. Chonacthas dom é bheith riachtanach Epafrodítus a chur chugaibh atá ina bhráthair agus ina chomhoibrí agus ina chomhshaighdiúir agamsa, agus a bheas mar theach-taire agus mar thimire uaibh i mo riachtanais agam, ó bhí cumha air in bhur ndiaidh, agus ó bhí aiféala air faoi sibh scéal a fháil faoina bhreoiteacht. Féadann sibh breoiteacht a thabhairt uirthi—ba é a bhí i mbéalabáis. Ach bhí trócaire ag Dia ní hamháin air, ach ormsa, ar eagla brón ar mhuin bróin a bheith orm. Is móide tá fonn orm a chur uaim mar sin, ionas go mbeidh áthas oraibh lena fheiceáil arís, agus go mba lúide mʼimní. Cuirigí fáilte mhóráthasach roimhe mar sin in ainm an Tiarna; agus tugaigí onóir dʼfhir mar é, mar dóbair dó bás a fháil de gheall ar obair Chríost, agus chuir sé a bheo féin i mbaol le freastal críochnaithe a dhéanamh orm in bhur n-ionad. Mar íhocal scoir, a bhráithre, go mba é an Tiarna ábhar bhur lúcháire. Ní bhíonn aon tuirse orm ag scríobh na nithe céanna atá le bhur leas. Bígí ar bhur bhfaichill ar chúnna nimhe, aire daoibh ar lucht déanta an oilc, aire daoibh ar lucht coillte na colainne. Mar is sinne lucht an timpeallghearrtha fhír, a bhíos ag adhradh Dé ó sprid, agus a bhíos ag déanamh mórtais as Íosa Críost, agus nach mbíonn muiníneach as an gcolainn. Siúd is go bhfuil an chúis is fearr agam le bheith muiníneach as an gcolainn thar dhuine ar bith eile. Mise a ghlac timpeallghearradh an t-ochtú lá, duine de chine Iosrael, de threibh Bheniamín, a tháinig dʼEabhrach agus dʼEabhraigh; a bhí i mʼFhairiséach i dtaobh le dlí, a raibh de dhúthracht ionam géarleanúint a chur ar an eaglais, a bhí saor ó locht chomh fada is a bhaineas le fíréantacht faoin dlí. Ach cibé a bhuaigh mé leis sin, mheas mé gur chaillteanas é ar son Chríost. Ar ndóigh níl ní nach beag orm é i gcomórtas leis an ardmheas atá agam ar an aithne atá agam ar Íosa Críost ina Thiarna. Is mar mhaithe leis-sean a chaill mé mo chuid den saol, agus ar lú liom ná tráithnín é, ach mé Críost a cheannach, agus bheith i mo bhall de gan fhíréantacht de mo chuid féin agam a bhunaítear ar dhlí, ach an fhíréantacht a thagas trí chreideamh i gCríost, an fhíréantacht ó Dhia atá ag brath ar an gcreideamh; ionas go mbeidh aithne agam air féin agus ar chumhacht a aiséirí, agus go mbeidh mé rannpháirteach ina dhóláis, ag dul i gcosúlacht a bháis, mar dhúil is go sroichfidh mé an t-aiséirí ó mhairbh. Ní ionann sin is a rá go bhfuil sin agam ná go bhfuil mé críochnaithe; ach ag dul ar aghaidh le mo chuid féin a dhéanamh de go díreach mar a rinne Íosa Críost a chuid féin díom. A bhráithre, níl mé ag maíomh go fóill gur de mo chuid féin é; níl le déanamh agam ach seo, dearmad a dhéanamh dá bhfuil curtha tharam agam agus mé ag teannadh aniar chuig a bhfuil romham, agus mé ag treabhadh ar aghaidh chuig ceann mo chúrsa agus Dia ag tairiscint duaise dom as teacht aníos chuige in Íosa Críost. An méid againn atá críochnaithe, bíodh an intinn sin againn; agus má bhíonn intinn eile agaibh i bpointe ar bith, déanfaidh Dia é féin sin a nochtadh daoibh. Ach ní fhágann sin nach gcaithfimid greim a choinneáil ar a bhfuil againn. A bhráithre, déanaigí aithris orm le chéile, agus bíodh aird agaibh ar dhaoine a eagraíos a mbeatha de réir an tsampla a fhaigheas sibh ionainn. Is iomaí sin duine, ar inis mé daoibh fúthu roimhe, agus a bhfuil mé ag insint daoibh anois agus deora liom, nach bhfuil ina slí mhaireach-tála ach mar namhaid do chrois Chríost. A scrios an deireadh a bheas orthu, gan de Dhia acu ach a maróg féin, ná glóir acu ach ina náire féin, na daoine seo a bhfuil a n-intinn ar an saol seo. Ach is ar neamh atá sí le fáil, an chathair chinn ar di sinn, agus is as neamh a bhíos súil againn le Slánaitheoir, leis an Tiarna Íosa Críost, a athrós an corp seo ár n-uirísleachta i gcomchosúlacht lena chorpsan, corp a ghlóire, leis an gcumhacht sin a bhíonn aige le gach uile ní a chur faoina smacht. Go mba mar sin a sheasfaidh sibh amach sa Tiarna, a lucht mʼansachta, a bhráithre agam, a bhfuil mo dhúil ionaibh agus cumha orm in bhur ndiaidh, a ábhar mo lúcháire, a choróin mo chinn. Mar achainí ortsa, a Euodia agus mar achainí ortsa, a Shinticé, bheith ar aon intinn le chéile sa Tiarna. Agus impí uaim ortsa, a chomhoibritheoir dhílis na haon chuinge liom, cuidiú leis na mná seo, ós iad a bhíodh ag saothrú amach an tsoiscéil taobh le taobh le chéile agus liomsa agus le Clement agus le mo chomhoibritheoirí eile, a bhfuil a n-ainmneacha ar leabhar na beatha. Bainigí bhur lúcháir as an Tiarna; agus déarfaidh mé arís é, bíodh lúcháir oraibh. Bíodh sé le haithint ag cách oraibh an fhoighne mhaith atá agaibh. Ní fada uainn atá an Tiarna. Ná bíodh aon ní ina ábhar imní agaibh, ach gan ní agaibh nach mbíonn sibh ag guí agus ag glaoch agus ag tabhairt buíochais do Dhia faoi le bhur n-iarratais a chur in iúl dó. Is amhlaidh a bheidh an tsíocháin sin Dé nach bhfuil tuiscint uirthi ag seasamh garda ar bhur gcroíthe agus ar bhur smaointe in Íosa Críost. Ar deireadh, a bhráithre, ná bíodh ní dá fhírinní nó dá onóraí, nó dá chirte, nó dá ghlaine, nó dá áille, nó dá ghnaíúla, nó dá chlúití, nó dá inmholta, nach mbíonn mar ábhar machnaimh agaibh. An méid a dʼfhoghlaim sibh agus a tháinig aniar uaim chugaibh agus a chuala sibh agus a chonaic sibh ionam, déanaigí amhlaidh; agus beidh Dia na síochána libh. Is ábhar lúcháire ón Tiama chugam go bhfuil sibh ag cur suime ionam arís ar deireadh thall; ní lena rá nach raibh suim agaibh ionam, ach is é rud, ní raibh faill agaibh. Ní hé sin le rá go bhfuil ábhar gearáin agam; mar tá sé foghlamtha agam bheith sásta le bheith mar atá mé agus mar a bhfuil mé. Tá a fhios agam cad é rud é an t-anás, agus tá fhios agam cad é rud é bheith i mo shá den saol; más daor a cheannaigh mé é, tá tuiscint agam, cibé am nó áit a bhfuilim, bheith sách nó seang, agus teacht le béile mór nó bheith gan béile ar bith. Níl ní nach bhfuil acmhainn agam air nuair a neartaíos Críost liom. Ach ní fhágann sin nár chineálta an mhaise daoibh é bheith i bpáirt liom i mo chruatan. Agus tá a fhios agaibhse, atá i bhFilipí, nach mbíodh aon eaglais ag roinnt liom, ag tabhairt dom agus ag glacadh uaim i dtús an tsoiscéil, in am mʼimeachta as an Macadóin, ach sibh féin amháin; mar fiú nuair a bhí mé i dTesaloníca thug sibh lámh chuidithe dom uair nó dó. Ní hé go bhfuil an tabh-artas uaim; is é atá uaim toradh oraibh a mhéadaíos bhur gclú. Tá agam a bhfuil uaim, agus tuilleadh; tá mé súgach sásta anois gur thug Epafrodítus dom na tabhartais sin a chuir sibh chugam, agus is cumhra an ofráil iad, agus is íobairt thaitneamhach iad a nglacann Dia leo. Agus beidh mo Dhia féin ag riaradh gach riachtanais dá mbeidh oraibh de réir a shaibhris i nglóir in Íosa Críost. Glóir go deo dár nDia agus dár nAthair go saol na saol. Áiméan. Beannaígí do gach naomh in ainm Íosa an Críost. Beannaíonn na bráithre atá i mo chuideachta daoibh. Beannaíonn na naoimh uile daoibh go háirithe lucht theaghlach Chaesair. Go raibh grásta an Tiarna Íosa Críost le bhur sprid. Pól, aspal le hÍosa Críost, le toil Dé, agus Timótéus ár mbráthair, Ag beannú do na daoine úd i gColossae a fhaigheas naofacht agus creideamh i gCríost: Go raibh grásta agus síocháin agaibh ó Dhia, ár nAthair. Bímid i gcónaí ag tabhairt altú buíochais do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost, nuair a bhímid ag guí oraibh, mar nílimid gan iomrá a chluinstin ar an gcreideamh atá agaibh in Íosa Críost, agus ar an ngrá a bhíos agaibh do na naoimh uile, atá bunaithe ar an dóchas atá curtha i dtaisce in bhur gcoinne ar neamh. Ar ndóigh níl sibh gan cluinstin faoi sin cheana. Tá briathar na fírinne, tá an soiscéal i ndiaidh teacht chugaibh. Agus tá sé sin ag tabhairt toraidh agus ag fás leis ar fud an domhain uile— agus eadraibhse freisin, ón lá úd inar chuala sibh agus inar thuig sibh i bhfírinne cad é rud é grásta Dé. Ba ó Epafras ár gcomhsheirbhíseach ceanúil a fuair sibh an fios seo. Is freastalaí fíordhilis le Críost é thar ár gceann, agus is é a dʼinis dúinn faoin ngrá éagmaiseach atá agaibh dúinn sa Spiorad. Dá bhrí sin, ón lá a chualamar faoi, níl stad orainn ach ag guí ar bhur son, ag impí ar Dhia go líonfar sibh le heolas a thola le gach cineál dʼeagna agus de thuiscint spioradálta, ionas go gcuirfidh sibh an t-eagar ar bhur mbeatha arb fiú an Tiama é, agus is mó a thaitníos leis, agus sibh ag tabhairt toraidh i ngach cineál dea-oibre agus ag cur le bhur n-eolas ar Dhia. Go neartaí sé libh de réir a chumhachta glórmhaire, le bheith fadfhulangach foighneach fíoráthasach, agus buíochas á thabhairt againne don Athair a ghléas sinn le cuid a bheith againn in oidhreacht na naomh i ríocht an tsolais. Is é a rinne ár n-aistriú ó bheith faoi cheannas an dorchadais go ríocht a Mhic ionúin, a bhfuil ár bhfuascailt agus maithiúnas ár bpeacaí ann. Is é íomhá an Dé neamhfheicseanaigh é, céadghin na cruinne, ós ann a cruthaíodh a bhfuil ann idir a bhfuil ar neamh agus ar talamh, idir shofheicseanach agus dhofheic-seanach, idir ríochtaí agus thiarnais agus fhlaithis agus údaráis—níl ní ann nár cruthaíodh tríd agus chuige. Is é atá ann rompu, agus is ann a fhitear agus a fhuaitear le chéile iad. Is é ceann an choirp é, agus is í an eaglais an corp a bhfuil sé mar cheann uirthi; agus is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh, de gheall ar thosaíocht gach cúise a bheith aige. Mar is ann a dheonaigh Dia a dhul a chónaí go huile is go hiomlán, agus a dʼathaontaigh sé leis féin a bhfuil ann ar neamh nó ar talamh, nuair a rinne sé an tsíocháin le fuil a chroisesean. Bhí an t-am ann a mbíodh fuath na naimhde ag bhur n-intinn dó, agus drochghníomhartha á ndéanamh agaibh, ach tá sibh anois tugtha chun athmhuintearais aige ina bhás lena chorp collaí, ionas go dtabharfar sibh os a chomhair naofa neamhchoireach gan locht, ar choinníoll go bhfanfaidh sibh dílis don chreideamh, go staidéarach seasmhach, gan bheith do bhur gcorraí as bhur ndóchas sa soiscéal a chuala sibh, agus a foilsíodh do gach dár cruthaíodh faoi neamh, an soiscéal ar ceapadh mise, Pól, le bheith i mo dhuine dá lucht freastail. Anois, bíonn lúcháir orm faoi na piantaí a fhulaingím ar bhur son, agus críochnaím i mo cholainn féin an méid nach bhfuil fulaingthe de chruatan ag Críost ar son a choirp féin, is é sin ar son na heaglaise. Tá mise i mo fhreastalaí inti de réir an tsocraithe atá déanta ag Dia liom in bhur gcoinne, le briathar Dé a léirnochtadh, rúndiamhair í a ceileadh leis na cianaoiseanna, ach atá anois á nochtadh dá naoimh. Ba é rogha Dé nochtadh dóibh siúd cad é chomh mór is atá glóir agus saibhreas na rúndiamhaire seo i mease na nGintlithe, is é rud é, an Críost atá ionaibh féin, an dóchas atá agaibh le glóir Dé. Bímid á fhógairtsean, ag tabhairt rabhaidh agus teagaisc do gach aon duine lena mbíonn dʼeagnaíocht inár gceann, ionas go mbeidh gach aon duine á thoirbhirt againn agus é lánaibí i gcúrsaí Chríost. Is é sin a bhíos á shaothrú amach agam, agus mé ar mo dhícheall le hiomlán na cumhachta a chuireas sé ionam go cumhachtach. Ba mhaith liom a fhios a bheith agaibh mar sin go bhfuil mé ag spairn go teann ar bhur son, agus ar son mhuintir Laodicía, agus ar son an dreama nach bhfaca aon amharc ar mo ghnúis, le tuilleadh misneach croí a bheith acu agus iad i gcomhshnaidhm grá le chéile, agus seilbh a bheith acu ar shaibhreas uile lántuisceana agus eolas rúndiamhair Dé, eolas Chríost a bheith acu. Is i gCríost atá órchistí uile na heagna agus an eolais i bhfolach. Deirim é seo ionas nach meallfaidh aon duine le briathra cluana sibh. Mar cé go bhfuil mé as láthair go corportha táim libh go spioradálta, agus áthas orm leis an eagar maith atá oraibh agus an creideamh daingean atá agaibh i gCríost a fheiceáil. Mar atá glactha agaibh le hÍosa mar Chríost agus mar Thiarna, go mba amhlaidh a mhairfeadh sibh ann, agus a fhréamhófar agus a bhunófar sibh ann sa chreideamh, mar a múineadh daoibh é, agus altú go minic in bhur mbéil. Bígí ar bhur bhfaichill gan ligean dʼaon duine bhur gcreach a dhéanamh le feallsúnacht agus le cluanaireacht fholamh fhealltach, de réir nósanna daonna, de réir spridí bhundúl na hollchruinne, agus gan bheith de réir Chríost. Mar is i gCríost a bhíos lán iomlán na diagachta ina cónaí agus a chorp mar áras aici, agus is ann a fhaigheas sibh beatha iomlán, ós é ardcheann gach ceannais agus gach údaráis dá bhfuil ann é. Is ann lena chois sin a fuair sibh timpeallghearradh nach ndéantar le láimh dhaonna, ag cur corp na colainne díbh i dtimpeallghearradh Chríost; agus chuaigh sibh síos san uaigh leis sa bhaiste, agus sa bhaiste céanna tógadh ar an aiséirí sibh leis trí bhur gcreideamh in oibriú Dé a thóg ó mhairbh é. Is sibh a bhí marbh básaithe trí bhur gcoireanna, ach gur bheoigh Dia sibh in éineacht leis, agus ár gcoireanna uile maite aige, i ndiaidh é an banna a bhí inár n-éadan ina raibh ar éiligh ceart an dlí orainn a chur ar ceal; chuir sé an banna sin i leataobh, á ghreamú le tairní dá chrois. Bhain sé na hairm agus an éide de na flaithis agus de na cumhachtaí agus rinne sé sampla díobh os comhair an tsaoil, agus fuarthas a mbua ann. Dá bhrí sin de, ná ligigí dʼaon duine bheith ina bhreitheamh os bhur gcionn i gceisteanna an bhia agus na dí nó i dtaobh fhéile na gealaí úire nó na sabóide. Níl iontu seo ach scáil i gcomórtas lena bhfuil le teacht; ach is le Críost an corp a chaitheas an scáil sin roimhe. Ná ligigí dʼaon duine bheith do bhur ndícháiliú, ag seasamh ar dhiansmacht coirp agus ar adhradh na n-aingeal, ag bunú a theagaisc ar na haislingí a chonaic sé, agus é ag borradh gan fáth le smaointe a tháinig ó na céadfaí corportha, duine nach bhfuil aon ghreim aige ar an gCeann, a bhfuil an corp uile ag brath air, agus é á fhí leis le féitheacha agus á chothú uaidh le cuislí, agus Dia ag cur fáis faoi. Má fuair sibh bás agus buanéag i gcuideachta Chríost do spridí dhúl na hollchruinne, cad chuige daoibh bheith ag eagrú bhur mbeatha ar nós an tsaoil seo? Cad chuige bheith ag géilleadh do rialacháin? “Ná láimhsígí é, Ná blaisigí é, Ná ligigí bhur méara air,” (agus baint acu seo le nithe a théas ar ceal lena gcaitheamh), de réir aitheanta agus teagaisc dhaonna? Bíonn cuma na heagnaíochta ar na rialacha seo mar chuireadh siad le cruachráifeacht agus féinuirísliú agus éadrócairí don chorp, ach níl pioc maith-easa iontu le cosc a chur le sásamh ainmhianta na colainne. Má bhí an pháirt sin agaibh i gcomhaiséirí le Críost, bíodh iarraidh agaibh ar a bhfuil le fáil ansin in airde, áit a mbíonn Críost ann, ina shuí ar láimh dheas Dé. Bíodh bhur n-intinn dírithe ar a bhfuil ar neamh in airde, gan a ndíriú ar a bhfuil ar an talamh thíos. Mar is é rud, tá sibh i ndiaidh bás a fháil, agus tá bhur mbeo i bhfolach le Críost i nDia. Nuair a nochtfas Críost, arb é ár mbeatha é, nochtfaidh sibhse in éineacht leis i nglóir. Cuirigí chun báis mar sin an méid ionaibh is den saol seo: an striapachas, an mhígheanmnaíocht, anainmhian, an drochthalann, agus an tsaint sin arb ionann í le híoladh-radh. Is iad sin a tharraingios fearg Dé anuas. Peacaí iad seo ba dhubh ar bhur n-anamacha féin, san uair a mbíodh sibh ag géilleadh dóibh in bhur mbeatha. Ach anois tá oraibh a gcaitheamh uaibh uile; fíoch agus fearg agus mírún agus cúlchaint, agus gáirsiúlacht ná tagaidís chun bhur mbéil. Ná déanaigí bréag le chéile, ós rud é go bhfuil an sean-drochnádúr agus a mhíghníomhartha curtha díbh agaibh, agus ós rud é go bhfuil an t-athnádúr úrnua curtha oraibh agaibh, atá ag athrú a chrutha le haithne chosúlacht a chruthaitheora. Níl áit anseo do Ghréagach ná do Ghiúdach, do thimpeallghearradh agus dá athrach, do bharbarach agus do Scítheach, do shaor agus dhaor, ó nach bhfuil ann ach Críost, ó nach bhfuil ní ann gan Chríost ann. Cuirigí oraibh mar sin, mar a dhéanfaidh na daoine naofa grámhara a thogh Dia, trócaire, cineáltas, ceansacht, agus foighne, bígí foighneach fadfhulangach lena chéile, agus so-mhaiteach le chéile, má tá ábhar casaoide agaibh ar a chéile; caithfidh sibh maithiúnas a thabhairt dá chéile mar thug an Tiarna maithiúnas daoibh. Agus thar ní ar bith eile cuirigí an grá oraibh, ós é an comhcheangal críochnaithe é. Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroíthe, ar gaireadh chuici sibh go fíor san aon chorp amháin. Agus bígí buíoch. Cónaíodh briathar Chríost ionaibh go hiomadúil agus sibh ag tabhairt teagaisc agus tromchomh-airle dá chéile go críonna ciallmhar, agus sailm agus dánta diaga á gceol agus á gcanadh agaibh ag altú do Dhia ó chroíthe lán de bhuíochas. Agus cibé a bhíos á dhéanamh agaibh, más briathar nó gníomh é, déanaigí é in ainm an Tiarna Íosa, ag tabhairt buíochais do Dhia an tAthair tríd. A bhanchéilí, umhlaígí do bhur bhfir chéile, mar a dhlíonn sibh don Tiarna a dhéanamh. A fheara céile, tugaigí grá do bhur mbanchéilí, agus ná bígí cadránta leo. A chlann óg, umhlaígí do bhur dtuismitheoirí san uile ní, mar taitníonn sé sin leis an Tiarna. A aithreacha, ná cuirigí troid ar bhur gclann, ar eagla a gcloíte. A dhaora, umhlaígí san uile ní do na máistrí atá os bhur gcionn ar an saol seo, agus ní le súilseirbhís mar a dhéanfadh an dream a chuireas cluain ar dhaoine, ach le croí maith mór, le hómós don Tiarna. Cibé a bhíos le déanamh agaibh, cuirigí bhur gcroíthe ann, mar nach mbeifeá ag obair do dhaoine eile ach don Tiarna, ó tá fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar luach saothair ón Tiarna; is don Tiarna Críost atá sibh ag déanamh seirbhíse. Mar gheobhaidh an té a rinne an éagóir cúiteamh san éagóir atá déanta aige, agus ní féidir an breithiúnas a chlaonadh le taobh ar bith. A mháistrí, tugaigí ceart agus cothrom do na daoir atá agaibh, ó tá a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibh féin ar neamh. Bígí ag urnaí go síor, agus aire oraibh inti ar altú, agus bígí ag guí ar ár son freisin, go n-osclóidh Dia doras roimh an mbriathar dúinn, le rúndiamhair Chríost, a bhfuil mé i bpríosún ar a son, a nochtadh, go mbeidh mé chomh deisbhéalach agus ba chóir dom, lena léirnochtadh. Bígí go céillí glic in bhur n-iompar leis an eachtrannach agus bainigí a bhfuil ann as gach ócáid. Bíodh gnaoi ar bhur mbriathra, agus déanaigí blasta iad le gráinne salainn, ionas go mbeidh fhios agaibh cad é an freagra is fearr a oireas don duine a bhfuil tú ag plé leis. Inseoidh Ticicus daoibh faoi mo chúrsaí uile; is ionúin an bráthair é agus é ina fhreastalaí dílis agus ina chomh-sheirbhíseach agam don Tiarna. Is í sin an chúis ar chuir mé chugaibh é, le fios a thabhairt daoibh faoin mbail atá orainn agus le misneach croí a chur ionaibh, agus tá Onésimus, an bráthair dílis ionúin, in éineacht leis, ar dhuine díbh féin é. Tabharfaidh siadsan scéal daoibh faoinar tharla anseo. Tá Aristarcos mo chomhphríosúnach ag beannú daoibh, eisean agus Marcas col ceathrar Bhamabais (ar tugadh ordaithe daoibh ina thaobh—má thagann sé chugaibh, fáiltígí roimhe), agus Íosa dar chomhainm Iustus. Níl ach iadsan den dream timpeallghearrtha atá ag comhoibriú liom ar son ríocht Dé, agus ba shólás dom iad. Tá Epafras, atá ina dhuine díbh féin, agus ina sheirbhíseach ag Íosa an Críost, ag beannú daoibh, agus ag cuimhneamh oraibh de shíor ina phaidreacha, go mbeidh sibh lánaibí agus lándeimhnithe i ngach ní is toil le Dia. Mar táim i mʼfhinné ar an obair dhian atá déanta aige daoibhse agus dá bhfuil againn i Laodicía agus i Hierapolis. Tá Lúcás an lia ionúin agus Démas ag beannú daoibh. Tugaigí beannacht uaim do na bráithre i Laodicía, agus do Nimfa agus don eaglais a bhíos ag teacht chun a tí-se. Agus nuair a bheas an litir seo léite agaibhse, féachaigí chuige go léifear í dʼeaglais na Laodicéach; agus nárab é bhur ndearmad an litir ó Laodicía a léamh. Agus abraigí le hArcippus, “Nárab é do dhearmad an fhriotháil seo a thaobhaigh an Tiarna leat a chomhlíonadh.” Mise, Pól, ag fágáil slán agaibh i lorg mo láimhe féin. Ná déanaigí dearmad de na geimhle seo orm. Grásta Dé go raibh agaibh. Pól, Silbhánus agus Timótéus, ag beannú dʼeaglais na dTesalóineach atá i nDia an tAthair agus sa Tiama Íosa Críost: Go raibh grásta agus síocháin agaibh. Bímid de shíor ag tabhairt buíochais do Dhia ar son an iomláin agaibh, agus do bhur lua go minic inár bpaidreacha, agus ag cur i gcuimhne i láthair Dé ár nAthair go bhfuil sibh ag cur le bhur gcreideamh le gníomhartha grá, agus dóchas daingean agaibh as ár dTiarna Íosa Críost. Mar tá a fhios againn, a bhráithre a bhfuil grá ag Dia daoibh, go bhfuil sibh tofa aige; ó nach i mbriathar amháin a tháinig an soiscéal is againne chugaibh, ach i mórchumhacht agus sa Naomh-Spiorad agus iomlán éifeachta aige. Agus tá a fhios agaibhse cad é an chaoi a chuireamar orainn féin ar bhur son in bhur measc. Agus thosaigh sibh ar dhéanamh aithrise orainne agus ar an Tiama, mar ghlac sibh le briathar Dé faoi chruóg mhór, leis an áthas a chuir an Spiorad Naomh ionaibh; ionas go raibh sibh in bhur ndea-shampla dá bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acáia. Mar ní hé amháin gur fógraíodh briathar Dé os ard uaibh sa Mhacadóin agus in Acáia, ach níl aon áit nach bhfuair scéala faoi bhur gcreideamh i nDia, ionas nach bhfuil feidhm orainn aon fhocal a rá. Mar tugann siad féin tuairisc fúinn faoin bhfáilte a fuaireamar uaibh, agus conas a dʼiompaigh sibh ó íola, le seirbhís a dhéanamh don fhíor-Dhia beo, agus le bheith ag fuireach lena Mhac a theacht anuas ó neamh, an tÍosa sin a thóg sé ó mhairbh a fhuas-claíos sinn ón bhfearg atá le teacht. Is agaibh féin, a bhráithre, atá fhios nárbh aon chuairt in aisce ár gcuairt oraibh; in ainneoin arfhulaingíomar de dhrochíde náireach i bhFilipí, mar atá a íhios agaibh, bhí sé de dhánacht ó Dhia ionainn soiscéal Dé a léiriú daoibh dá mhéad a fuaireamar de fhreasúra. Mar ní éiríonn an t-iarratas seo a dhéanaim oraibh as dearmad ná as neamhghlaine, ná le dallamullóg a chur oraibh; ach ó mheas Dia gur fiú sinn leis an soiscéal a thaobhú linn, is amhlaidh a labhraímid, ní le gnaoi daoine a tharraingt orainn féin, ach le sásamh a thabhairt do Dhia a mbíonn ár gcroíthe á scrúdú aige. Mar tá a dhea-fhios agaibh féin nach mbíodh aon bhéal bán againn, agus a fhianaise ar Dhia nár leithscéal é le bheith santach; agus ní dhearnamar é lena thabhairt oraibh nó ar dhaoine nach sibh a rá gur mór an clú dúinn é, cé go bhféadfaimis dea-chlú a thabhú mar aspail Chríost. Ach bhíomar chomh min mánla libh le buime a chealgaíos a leanaí. Bhíomar mar sin ag imirt dáimhe oraibh, agus sinne réidh ullamh le soiscéal Dé agus le rún ár gcroíthe a ligean libh, ó ba mhór an cion a bhí againn oraibh. Mar nár chuimhneach libh, a bhráithre, ar chuireamar orainn féin de thromshaothar agus dʼobair chrua; a bhíodh ag síorobair oíche is lá, as an leisce a bhí orainn bheith mar ualach oraibh, fad agus bhíomar ag seanmóireacht shoiscéal Dé daoibh. Bíodh a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia freisin, cad é chomh naofa ceart neamhpheacúil agus a bhíomar libh a bhfuil creideamh agaibh; mar is feasach daoibh go rabhamar libh mar bhíos athair lena chlann féin ag cur comhairle ar gach duine agaibh agus ag iarraidh go dian oraibh bhur mbeatha a eagrú mar a dhlíonn sibh do Dhia, a thug gairm daoibh chun a ríochta agus chun a ghlóire. Agus bímid á altú seo go buan, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nár ghlac sibh leis mar bhriathar daonna ach leis an mbriathar diaga atá ann i bhfírinne atá ag oibriú ionaibh, i lucht an chreidimh. Mar thosaigh sibhse, a bhráithre, ar dhéanamh aithrise ar a bhfuil dʼeaglaisí ag Dia in Íosa Críost inlúdaea; ó dʼfhulaing sibh an íde chéanna ó bhur gcine féin a dʼfhulaing siadsan ó na Giúdaigh, a chuir an Tiama Íosa agus a chuir na fáithe chun báis, agus a chuir an tóir orainne, agus a bhíos ag déanamh míshásaimh Dé agus aimhleas daoine, ag cur toirmisc orainne faoi labhairt leis na Gintlithe ionas go slánófaí iad—de gheall ar mhaol a chur ar a bpeacaí. Ach is amhlaidh atá fearg Dé tar éis titim anuas orthu faoi dheireadh. Ach ó bhí orainn scaradh libh seal tamaill, a bhráithre, i gcorp agus ní i gcroí, ba mhóide ár ndúil agus ár ndúth-racht amharc a fháil ar ghnúis a chéile; ó bhí mian orainn teacht chugaibh—ormsa, Pól, arís agus arís—murab é gur chuir Sátan cosc linn. Mar cad é a bheas againn mar ábhar dóchais agus lúcháire agus mar bhláthfhleasc le bheith ag maíomh as os comhair ár dTiama Íosa nuair a thiocfas sé? Nach sibhse? Is sibhse is cúis lenár nglóir agus lenár n-áthas. Mar sin, nuair a chuaigh sé thar acmhainn orainn, dʼaontaíomar lenár bhfágáil linn féin san Ataen, agus chuireamar Timótéus bráthair dúinne agus freastalaí ag Dia i soiscéal Chríost, chugaibh, le sibh a bhunú in bhur gcreideamh, agus le misneach a chur ionaibh, ar eagla go mbainfeadh na cruachásanna seo bogadh as aon duine agaibh. Tá a íhios agaibh féin go bhfuil sin indándúinn. Mar nuair a bhíomar agaibh, dʼinsíomar daoibh roimh ré go raibh orainn angar a fhulaingt; mar a tharla, agus mar a tugadh le fios daoibh. Is é sin an chúis a bhi liom, nuair nach raibh acmhainn agam air nios faide, le teachtaireacht a chur uaim faoi thuairisc bhur gcreidimh, ar eagla go mbeadh cathú curtha oraibh ag an gcathaitheoir agus go mbeadh ár saothar in aisce orainn. Ach anois gur fhill Timótéus orainn uaibh, agus go bhfuil scéal maith leis i dtaobh bhur gcreidimh agus bhur ngrá agus é á rá linn go mbíonn dea-chuimhne agaibh orainn agus go bhfuil an dúil agaibh a bhíos againne le hamharc a fháil ar a chéile arís— dá bhrí sin, a bhráithre, ina raibh orainn de chrá agus de chruatan bhí sé mar shólás againn go bhfuil bhur gcreideamh agaibh; mar táimidne beo ach sibh seasamh go daingean sa Tiarna. Conas is féidir linn a altú mar is cóir le Dia, an t-áthas uile a bhíos orainn fúibh i láthair ár nDé, ag guí go dúthrachtach oíche agus lá go bhfeicfímid gnúiseanna a chéile agus go líonfaimid cibé bearna atá in bhur gcreideamh? Anois go ndéana ár nAthair Dia féin, agus ár dTiarna Íosa Críost, ár mbealach chugaibh a réiteach; agus go gcuire an Tiarna fás agus flúirse ar an ngrá dá chéile agus do na daoine uile ionaibh, mar an grá atá againn daoibh, ionas go ndaingní sé bhur gcroíthe le bheith naofa gan smál os comhair ár nDé agus ár nAthar, nuair a thiocfas Íosa Críost agus na naoimh uile. Mar fhocal scoir, a bhráithre, achainímid agus impímid oraibh as ucht an Tiarna Íosa, déanamh mar a dʼfhoghlaim sibh uainn le bhur mbeatha a chaitheamh mar is fearr a shásódh Dia, agus a dhéanamh mar atá sibh á dhéanamh anois, agus bheith ag síorchur leis. Mar chuala sibh na comhairlí a chuireamar oraibh tríd an Tiarna Íosa. Mar is é seo is toil le Dia, sibh a bheith do bhur naomhú: go bhfana sibh amach ó striapachas; agus go mbeidh sé de chiall ag gach duine agaibh bean a fháil dó féin ar nós naofa onórach, gan géilleadh dʼainmhianta gáirsiúla mar na Gintlithe nach bhfuil aithne acu ar Dhia; ionas nach dté aon duine thar teorainn, agus nach ndéana sé aon éagóir ar a bhráthair sa chúis seo, ó bíonn an Tiarna ag baint a chúitimh as sna gnóthaí seo, mar a rinneamar a réamhfhógairt agus a réamhfholáireamh daoibh. Mar ní chun neamhghlaine, ach chun naofachta a ghlaoigh Dia sinn. Agus mar sin de, cibé duine a dhéanas a bheag de, níl sé ag déanamh a bheag de dhuine ach de Dhia, a bhronnas an Naomh-Spiorad oraibh. Ach maidir le grá na mbráithre, níl feidhm oraibh go scríobhfaí chugaibh faoi, mar tá foghlamtha agaibh ó Dhia féin grá a bheith agaibh dá chéile; agus ar ndóigh tá grá agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach impímid oraibh, a bhráithre, tuilleadh eile a shíorchur leis, agus bheith ag tnúth le bhur mbeatha a chaitheamh go socair suaimhneach, agus bhur ngnóthaí a dhéanamh daoibh féin, agus bhur lámha a chur chun oibre, mar a chomhair-líomar daoibh; ar nós go mbeidh meas ag na heachtrann-aigh oraibh, agus nach mbeidh sibh i dtuilleamaí duine ar bith. Ach ní maith linn sibh a fhágáil in aineolas, a bhráithre, i dtaobh an dreama atá ina suan, ar eagla go mbeadh an brón sin oraibh a bhíos ar an dream nach bhfuil an dóchas acu. Tá sé chomh cinnte lenár gcreideamh i mbás agus in aiséirí Íosa, go dtabharfaidh Dia trí Íosa an dream ar thit a suan orthu leis. Mar foilsímid daoibh mar bhriathar ó bhéal Dé, maidir leis an méid againn a fhanfas ina mbeo, a bhíos á bhfágáil go dtí teacht an Tiarna, nach mbeidh an tús againn ar an dream ar thit a suan orthu. Mar is amhlaidh a thuirlingeos an Tiarna féin ó neamh le gairm scoile, le glaoch an ardaingil, agus le glór stoc Dé. Agus is iad an dream a fuair bás i gcreideamh Chríost a éireos ar dtús; agus ina dhiaidh sin beidh sinne, a fágadh inár mbeo, dár bhfuadach chun néalta neimhe le dul in airde sa spéir in airicis an Tiarna; agus mar sin beimid i gcuideachta an Tiarna go deo. Tugaigí sólás dáchéilemar sin leis na briathra seo. Ach maidir leis na hamanna agus na huaineacha, a bhráithre, níl feidhm oraibh aon ní a scríobh chugaibh. Mar tá a dhea-fhios agaibh go dtiocfaidh lá an Tiarna orainn mar a thiocfas gadaí oíche. Nuair a bheas na daoine á rá, “Nach socair agus suaimhneach é,” titfidh an scrios tobann orthu mar a thiocfas a haimsir ar an mbean thorrach, agus ní bheidh aon bhealach éalaithe acu. Ach níl sibh sa dorchadas, a bhráithre, go dtiocfaidh an lá úd gan fhios mar ghadaí. Mar is clann an tsolais agus clann an lae ghil sibh uile; ní den oíche ná den dorchacht sinne. Mar sin ná codlaímis mar an chuid eile, ach bímis inár ndúiseacht gan mheisce. Mar codlaíonn na codlatóirí san oíche, agus téann na pótairí ar meisce san oíche. Ach ós den lá sinne, ná bíodh aon mheisce orainn ach lúireach an chreidimh agus an ghrá, agus dóchas an tslánaithe mar chlogad orainn. Mar ní don fhearg a cheap Dia sinn, ach le slánú a fháil trínár dTiarna Íosa Críost, a fuair bás ar ár son ionas go mairfimis leis is cuma cé acu a bhímid inár gcodladh nó inár ndúiseacht. Mar sin cuirigí misneach ina chéile agus neartaígí lena chéile, mar atá á dhéanamh agaibh. Ach impímid oraibh, a bhráithre, aitheantas a thabhairt dá n-oibríonn in bhur measc mar chinn chreidimh an Tiarna agus mar chomhairleoirí, agus ardmheas agus grá as cuimse a bheith agaibh orthu mar gheall ar a n-obair siúd. Bígí síochánta le chéile. Agus mar achainí oraibh, a bhráithre, gríosaígí na falsóirí, tugaigí croí do lucht an chroí mheata, cuidígí leis na laga, agus bígí foighneach leis an uile dhuine acu. Tugaigí aird air nach dtugann aon duine agaibh olc in aghaidh an oilc, ach ag iarraidh leas a chéile agus an uile dhuine a dhéanamh. Bígí lán de lúcháir i gcónaí, ná stadaigí den umaí, altaígí cibé a thiocfas oraibh; ós é sin a thoiligh Dia daoibh in Íosa Críost. Ná múchaigí an Spiorad, agus ná bígí beag beann ar fháidheadóireacht, ach cuirigí féachaint ar gach uile ní; ag greamú dá bhfuil maith agus ag fanacht amach ó gach cineál dá bhfuil olc. Go naomhaí Dia na síochána féin go hiomlán sibh, agus go gcoinnítear sibh idir sprid agus anam agus chorp slán gan smál ag teacht ár dTiarna Íosa Críost. Is iontaofa an té atá ag glaoch oraibh, agus déanfaidh sé sin. A bhráithre, guígí ar ár son. Beannaígí do na bráithre uile le naomhphóg. Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile go léir. Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost libh. Pól, Silbhánus, agus Timótéus, ag beannú dʼeaglais na dTesalóineach i nDia ár nAthair agus sa Tiarna Íosa Críost: Grásta agus síocháin daoibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Tá sé mar dhualgas orainn altú buíochais a thabhairt i gcónaí do Dhia ar bhur son, a bhráithre, is é ár gceart é, ó tá fás fairsing ag teacht ar bhur gcreideamh, agus bhur ngrá dá chéile ag méadú. Dá bhrí sin bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé ar bhur ndaingneacht agus bhur ndílseacht ina mbíonn á fhulaingt agaibh de ghéarleanúintí agus de chruatan. Cruthú é seo ar cheartbhreithiúnas Dé, ionas go ndéantar daoine díbh ar fiú iad an ríocht sin Dé a fháil, a mbíonn sibh á fhulaingt sin ar a son— ó measann Dia an cruatan a chur mar chúiteamh ar a mbíonn ag cur cruatain oraibh, agus faoiseamh a thabhairt in éineacht linne daoibhse a gcuirtear cruatan oraibh, nuair a nochtar Íosa Críost ó neamh, é féin agus a thréanaingil, i mbladhairí tine, ag imirt díoltais ar an dream úd nach n-aithníonn Dia agus nach n-umhlaíonn do shoiscéal ár dTiarna Íosa. Cuirfear mar phionós orthu bheith á síorscriosadh gan gnúis Dé ná glóir a mhórchumhachta a fheiceáil, nuair a thiocfas sé an lá úd le bheith á ghlóiriú ina naoimh, agus ina ábhar iontais sna creidmhigh, ó creideadh ár bhfianaise daoibh. Chuige sin bím i gcónaí ag guí Dé ar bhur son, go ndéana sé daoine díbh ar fiú a ghairm, agus go gcomhlíona sé lena chumhacht gach dea-rún agus gach obair chreidimh, i dtreo is go nglóirítear ainm ár dTiarna Íosa ionaibh, agus sibh ann, de réir ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Chríost. Anois maidir le teacht ár dTiarna Íosa Críost agus ár slógadh le dul ina airicis, táimid á iarraidh oraibh, a bhráithre, gan bheith do bhur suathadh ná do bhur séideadh i dtobainne as bhur gciall, le spreagadh ó sprid nó le briathar duine nó le litir atá in ainm a bheith uainne, a mbainfidh sibh scéal as go bhfuil lá an Tiarna tar éis teacht orainn. Ná ligigí do dhuine ar bith dallamullóg arbith a chur oraibh; mar ní thiocfaidh an lá úd, mura dtiocfaidh an t-éirí amach an chéad uair, agus go nochtfar duine úd an aindlí, an mac mallachta, a bhíos á ardú féin in éadan a bhfuil in ainm a bheith ina Dhia nó ina ábhar adhartha, ar nós go mbíonn sé á shuí féin i dteampall Dé, ag maíomh gurb é féin is Dia ann. An é nár chuimhneach libh mise á insint sin daoibh nuair a bhí mé agaibh go fóill? Agus tá a fhios agaibh cad é atá á chose anois, ionas nach nochtfar é go dtí an t-am is dual dó. Mar tá rúndiamhair an aindlí ar obair cheana féin; ach go bhfuil cosc leis nár tógadh as go fóill. Agus is ansin a nochtfar duine an aindlí, a maróidh an Tiarna Íosa é le hanáil a bhéil agus a scriosfaidh sé é lena theacht agus lena thaispeáint. Beidh teacht dhuine an aindlí á ghníomhú ag Sátan le mórchumhacht agus le comharthaí agus le hiontais bhréige, agus le cluain uile na héagóra don dream a bhfuil an léirscrios i ndán dóibh, ó nach nglacfaidís le grá na fírinne a shlánódh iad. Dá bhrí sin cuireami Dia dalladh dian orthu, le creideamh a thabhairt don bhréag, ionas go dtugtar breithiúnas ar an dream uile nár chreid san fhírinne ach a mbíodh pléisiúr acu san éagóir. Ach tá sé mar dhualgas orainn altú buíochais a thabhairt i gcónaí do Dhia ar bhur son, a bhráithre a bhfuil grá ag an Tiarna daoibh, as siocair gur thogh Dia ó thús sibh le bheith do bhur slánú, trí naomhú leis an Spiorad agus trí chreideamh san fhírinne. Is chuige sin a ghlaoigh sé oraibh trína shoiscéal, sa chaoi go bhfaighe sibh glóir ár dTiama Íosa Chríost. Seasaigí amach go daingean mar sin, a bhráithre, agus coinnígí greim docht ar an seanchas a mhúineamar daoibh, le briathar nó le litreacha. Anois go raibh ár dTiarna Íosa Críost féin agus Dia ár nAthair, a thug grá agus sólás síoraí agus dea-dhóchas dúinn tríd an ngrásta, ag tabhairt misnigh do bhur gcroíthe agus á ndaingniú san uile dhea-obair agus dhea-bhriathar. Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí ar ár son, go mbeidh an rith agus an bua le briathar Dé, a bhí aige eadraibhse, agus lenár saoradh ar dhrochdhaoine agus lucht an oilc; mar níl an creideamh i ndán don uile dhuine. Ach is iontaofa an Tiarna; agus is é a neartós libh agus a choimeádfas sibh ón olc. Agus tá muinín againn as an Tiarna in bhur dtaobh, go ndéanann agus go ndéanfaidh sibh mar ordaímid daoibh. Go gclaona an Tiarna bhur gcroíthe chim grá agus chun seasmhacht Chríost. Ordaímid daoibh anois, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach as cosán aon bhráthar a théas le falsacht atá bunoscionn leis na béasa a ghlac sibh uainne. Mar atá a fhios agaibh féin gur cóir daoibh aithris a dhéanamh orainn; nach mbíodh inár bhfalsóirí nuair a bhíomar libh, agus nár ith arán aon duine gan íoc as, ach ag obair oíche agus lá le dua agus le doghrainn, ar eagla bheith inár n-ualach ag duine ar bith agaibh. Ní hé nach raibh ceart againn air sin, ach go ndearnamar sin le heiseam-láir a chur romhaibh lena leanúint. Mar a dʼordaíomar daoibh san am úd a rabhamar libh: Mura toil le duine oibriú, ná bíodh cead ite aige. Mar cluinimid é á rá go bhfuil cuid agaibh a chaitheas a mbeatha go falsa, gan oribiú ná aire a bheith acu ar a ngnó féin ach ar ghnó na ndaoine eile. Tugaimid ordú agus foráileamh in ainm an Tiarna Íosa Críost dá leithéid siúd bheith ag obair leo go socair agus bheith ag saothrú a gcoda. A bhráithre, nára tuirseach libh an mhaith a dhéanamh. Má tá duine ar bith ann nach n-umhlaíonn dá mbíonn á rá againn sa litir seo, tugaigí faoi deara é, agus ná bíodh baint ar bith agaibh leis, ionas go mba náire leis é. Ach ná bíodh meas namhad agaibh air, ach cuirigí comhairle air mar dheartháir. Anois go dtuga Tiarna na síochána féin an tsíocháin san uile am ar an uile shlí daoibh. Go raibh an Tiarna libh uile go léir. Mise, Pól, atá ag fágáil slán is beannacht agaibh i lorg mo láimhe féin. Sin an comhartha aitheantais i ngach litir uaim; is mar seo a scríobhaim. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh uile. Pól, atá ina aspal ag Íosa Críost le haithne ó Dhia is Slánaitheoir dúinn agus ó Íosa Críost a bhíos mar dhóchas againn, Ag beannú do Thimótéus, mo mhac dlisteanach sa chreideamh: Ag guí an ghrásta, na trócaire, agus na síochána dó ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna. Nárab é do dhearmad déanamh mar a mhol mé duit nuair a bhí mé ag imeacht go dtí an Mhacadóin, ach fan san Eiféis ag iarraidh go dian ar dhaoine áirithe gan athrach teagaisc a thabhairt uathu, ná a n-am a chur amú le finscéalta agus le craobhacha ginealaigh, is mó a chothaíos samhlaíocht ná cuireann siad i bhfeidhm smacht cráifeach creidimh Dé; ach is é is cuspóir dár moltaí-ne grá ó chroí glan agus ó choinsias maith agus ó chreideamh gan chluain. Tá daoine áirithe ann a chuaigh ar seachrán uathu seo chun saobhchainte, ar mhian leo bheith ina n-oidí múinte dlí, ach nach mbíonn tuiscint acu ar a mbíonn siad ag áiteamh fúthu. Anois tá a fhios againn an feabhas atá sa dlí, ach duine an fheidhm cheart a bhaint as, is é sin le rá nár ceapadh an dlí i gcomhair na bhfíréan, ach le haghaidh lucht na héagóra agus na hainrialtachta, le haghaidh an dreama choirpigh éagráifigh, le haghaidh an dreama mhínaofa shaolta, le haghaidh fionghaile athar agus máthar agus dúnmharfóirí le haghaidh striapach agus sodamach, le haghaidh fuadaitheoirí, agus bréagairí agus éitheoirí, agus cibé rud eile atá bunoscionn leis an teagasc folláin, atá ag cur leis an soiscéal beannaithe a taobhaíodh liom ó Dhia na glóire. Beirim buíochas leis an té a neartaigh chuige sin mé, le hÍosa Críost ár dTiarna, ó mheas sé go raibh mé dílis nuair a cheap sé mé le bheith i mo fhreastalaí aige, cé go mbínn roimhe seo ag tabhairt aithise agus masla dó agus ag cur géarleanúna air; ach go ndearnadh trócaire orm as a dhéanamh in aineolas trí dhíchreideamh, agus gur chuir tuile ghrásta ár dTiarna thar na bruacha leis an gcreideamh agus leis an ngrá atá le fáil in Íosa Críost. Is fírinne iontaofa an ráiteas é, gur tháinig Íosa an Críost ar an saol chun peacaigh a shlánú. Agus is mé an peacach is mó a bhí ann; ach is air seo a rinneadh trócaire ormsa, ionas go nochtfadh Íosa Críost a ardfhoighne uile ormsa ar dtús, le heiseamláir a chur roimh an dream a chreidfeadh ann chun na beatha síoraí. Onóir agus glóir don té atá ina Rí síoraí dofheicthe ó aois go haois, agus nach bhfuil aon Dia ann ach é, choíche agus go deo. Áiméan. Fágaim seo mar fhoráileamh ort, a Thimótéus, a mhic, de réir na dtairngreachtaí a bhí dírithe ort, go dtuga siad misneach duit le bheith ag cur an dea-chogaidh, agus greim a choinneáil ar chreideamh agus ar dhea-choinsias. Tá siad ann a dhiúltaigh do choinsias agus ar tharla long-bhriseadh dá gcreideamh, ar díobh Haimenaius agus Alastair, ar scaoil mé le Sátan iad le múineadh dóibh staonadh de mhasla a chur ar Dhia. Iarraim oraibh mar sin ar dtús bheith ag déanamh achainíocha agus urnaithe agus idirghuí agus altuithe buíochais ar son an chine dhaonna uile, ar son na ríthe agus ar son a bhfuil ard i gcéim, ionas go gcaithfimid ár mbeatha go socair síochánta agus go cráifeach cóir inár mbéasa uile. Is maith agus is taitneamhach é sin i súile Dé ár Slánaitheoir, ar mian Ieis na daoine go léir a bheith á slánú agus teacht chun eolais na fírinne. Mar níl ann ach an t-aon Dia amháin, agus níl ann ach an t-aon idir-ghabhálaí idir Dia agus daoine, an duine sin Íosa Críost, a thoirbhir é féin mar éiric ar son na ndaoine uile, ní ar tugadh fianaise air ina thráth féin. Is chuige sin a ceapadh mise i mo sheanmóirí agus i mʼaspal (is í an fhírinne atá á hinsint agam, níl bréag orm), agus mar mhúinteoir creidimh agus fírinne do na Gintlithe. Is é mo thoil mar sin na fir a bheith ag déanamh urnaí san uile áit, agus aghaidh a mbos á hardú acu gan fhearg gan achrann; agus na mná a bheith á ngléasadh féin go modhúil macánta in éadaí mar is cuí, gan ór ná péarlaí a fhí ina bhfolt ná feistiú costasach a bheith orthu, ach spéis a bheith acu i ndea-oibreacha mar a oireas do mhná a bhfuil ainm na cráifeachta orthu. Bíodh an bhean ag foghlaim léi go ciúin socair agus i ag umhlú san uile ní. Ní cheadaímse do bhean ar bith bheith ag teagasc ná bheith ceannasach os cionn fear; ach a bheith ina tost. Mar is é Ádhamh a múnlaíodh ar dtús, agus Éabha ansin ina dhiaidh; agus níor mealladh Ádhamh, ach mealladh an bhean go dtí gur éirigh sí ciontach. Ach slánófar i as breith na clainne, má leantar don chreideamh agus don ghrá agus don naofacht maraon leis an modhúlacht. Is cinnte an ráiteas é: an té a thnúthas le bheith ina easpag bíonn saint chun dea-oibre air. Caithfidh anois an t-easpag bheith gan locht, gan ach aon chéile mná amháin a bheith aige, bheith stuama, céillí, maorga, flaithiúil, go maith ag teagasc, gan bheith ina phótaire ná tugtha don láimh láidir, ach cneasta, gan bheith achrannach, ná dúil a bheith aige san airgead. Caithfidh sé a theaghlach féin a ordú go maith, agus urraim a bheith ag a chlann óg dó agus smacht a bheith aige orthu. Mar mura bhféadann duine bheith mar cheann urra ina theach féin, conas a bheadh cúram eaglaise air? Is fearr dó gan bheith ina nuachreidmheach, ar eagla go líonfaí le huabhar é agus go dtabharfaí an breithiúnas air a tugadh ar an diabhal. Agus caithfidh sé meas na n-eachtrannach a thuilleamh ar eagla go dtitfeadh sé faoi achasán agus go gcuirfeadh an diabhal dol roimhe. Caithfidh na déagánaigh mar an gcéanna bheith staidéartha, gan bheith béadánach ná tugtha don fhíon, ná dúil a bheith acu san airgead; ach rúndiamhair an chreidimh a bheith acu le coinsias glan. Agus déantar a scrúdú an chéad uair; agus má fhaightear gan locht iad bíodh siad ina ndéagánaigh. Caithfidh na mná mar an gcéanna bheith staidéartha, gan bheith béadánach, ach stuama agus iontaofa san uile ní. Ná bíodh ag na déagánaigh ach aon bhanchéile amháin, agus bíodh eagar maith acu ar a gclann agus ar a dteaghlaigh; mar an méid a chruthaíos go maith mar dhéagánaigh gnóthaíonn siad céim mhaith sa saol agus muinín mhór as creideamh in Íosa Críost. Tá mar dhóchas agam teacht chugaibh gan mhoill, ach táim ag scríobh chugat á fhógairt sin ort ionas go mbeidh fhios agat, má bhíonn moill orm, cad é mar is cóir do dhuine é féin a iompar i dteaghlach Dé, ós í eaglais an Dé bhí í, bábhún agus crann taca na fírinne. Agus caithfear a admháil gur mór í rúndiamhair ár gcrábhaidh: nochtadh i gcolainn é, fíoraíodh sa Spiorad é, chonaic na haingil é, fógraíodh i mease na gciníocha é, creideadh ann ar fud na cruinne, ardaíodh i nglóir é. Ach tá an Spiorad á rá go soiléir go mbeidh daoine ann amach anseo a shéanfas an creideamh le haird a thabhairt ar spridí cluana agus ar theagasc deamhan, trí fhimínteacht bréagairi a bhfuil a gcoinsias seargtha scallta, a chrosas ar dhaoine pósadh agus a ordaíos dóibh staonadh ó chineálacha bia a chruthaigh Dia ionas go nglaca an dream creidmheach, a bhfuil fios na fírinne acu, leo go buíoch beannachtach. Óir is maith gach ní dár chruthaigh Dia, agus ní ceart diúltú dʼaon ní ar glacadh leis le haltú buíochais; mar coisrictear ansin é le briathar Dé agus le hurnaí. Má chuireann tú na rialacha seo roimh na bráithre, beidh tú i do dhea-fhreastalaí ag Íosa Críost, a oileadh i mbriathar an chreidimh agus sa dea-theagasc ar lean tú de. Ná bíodh baint ar bith agat le saobhscéalta salacha sean-chailleach. Bí ag cleachtadh cráifeachta; siúd is go bhfuil leas beag le baint as lúthchleas corportha, bíonn gach cineál leasa sa chráifeacht, ós féidir sochar a bhaint as don saol seo agus don saol atá le teacht. Is iontaofa an ráiteas é ar fiú glacadh go hiomlán leis. Mar is chuige sin a bhímid ag cur tromshaothair orainn féin is ag coimh-lint go dian, ó bíonn muinín agam as an Dia beo, atá mar Shlánaitheoir ag an gcine daonna uile, agus go háirithe ag lucht an chreidimh. Bíodh na nithe seo á n-ordú agus á dteagasc agat. Ná lig dʼaon duine bheith beag beann ar dʼóige, ach tabhair dea-shampla do lucht an chreidimh i do chaint agus i dʼiompar, i do ghrá, i do chreideamh agus i do gheanm-naíocht. Go dtí go dtaga mise, tabhair tusa aire do léitheoireacht phoiblí an scrioptúir, don tseanmóireacht agus don teagasc. Ná déan faillí sa tíolacadh atá agat a tugadh duit ó thairngreacht fáidh nuair a leag na cruifreacha a lámha ort. Cleacht na dualgais seo agus bí dúthrachtach iontu, chun go mba léir don saol an dul chun cinn atá déanta agat. Bíodh aire agat ort féin agus ar do theagasc; coinnigh greim daingean air, mar má dhéanann tú amhlaidh, slánóidh tú thú féin agus a n-éisteann leat. Ná tabhair achasán dʼfhear is sine ná tú féin, ach ag cur comhairle air mar a dhéanfadh mac le hathair; bíodh na fir is óige ná tú féin mar dheartháireacha agat, agus na mná is sine mar mháithreacha, agus na mná óga mar dheirfiúracha, go glan geanmnaí ar fad. Tabhair onóir do na baintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre. Má bhíonn clann nó clann clainne ag baintreach, bíodh orthu ar dtús foghlaim gur den chreideamh a ndualgas a dhéanamh dá dteaghlach féin agus an chomaoin a chuir a dtuismitheoirí orthu a chúiteamh; ós taitneamhach sin i súile Dé. Baintreach dháiríre atá sa bhean sin a fhágtar ina haonar, agus a mbíonn a dóchas aici as Dia, agus í ag guí agus ag cur impí ar Dhia oíche aguslá; ach an bhean nach gceileann aon sásamh uirthi féin is marbh cheana í siúd is go bhfuil sí beo. Bí á fhógairt seo, ionas nach mbeidh locht le fáil orthu. An té nach soláthraíonn riar a gcáis dá lucht gaoil, agus go háirithe do lucht a theaghlaigh féin, shéan sé an creideamh agus is measa ná díchreidmheach é. Cláraítear baintreach má tá sí i mbun a seasca bliain dʼaois ar a laghad, agus í i ndiaidh bheith ina céile don t-aon fhear amháin; agus caithfidh teastas maith a bheith aici ar a dea-ghníomhartha, mar bhean a thug oiliúint do chlann, agus dídean do strainséirí, a níodh cosa na naomh, agus a dʼfhóir ar lucht na hainnise, agus í go dícheallach le leas a dhéanamh ar gach dóigh. Ach diúltaígí na baintreacha óga a chlárú; mar bíonn fonn pósta orthu nuair a théas siad i macnas in éadan Chríost, agus is dubh ar a n-anamacha é a gcéad mhóid a shárú. Agus lena chois sin, bíonn siad ag foghlaim falsachta, agus iad ag bothántaíocht, agus iad ní hamháin ina bhfalsóirí ach ina nglagairí cúlchainteacha, ag rá nithe nár choir dóibh a rá. Dá bhrí sin de, dʼiarrfainn ar na baintreacha óga bheith ag pósadh agus ag iompar clainne agus ag rialú a dteaghlach, gan aon fhaill fhonóide a thabhairt don áibhirseoir. Mar tá cuid acu ann a chuaigh ar seachrán i ndiaidh Shátain. Má tá aon bhean ann a bhfuil creideamh aici agus baintreacha ar a daoine muinteartha, cuidíodh sise leo; ná bídís ina n-ualach ar an eaglais, ionas go gcuidí an eaglais leis na fíorbhaintreacha. Bíodh sé á mheas gur fiú an dá oiread onóra iad na cruifreacha úd a bhíos ina ndea-rialtóirí, go háirithe an méid a chuireas saothar orthu féin ag seanmóireacht agus ag teagasc; mar a deir an scrioptúr, “Ná cuir féastrach leis an damh a mbíonn a chosa ag bualadh an arbhair,” agus, “Is fiú an t-oibrí a thuarastal.” Ná glac le gearán in aghaidh cruifreach ach ar fhianaise beirte nó triúir. Ach an dream a bhíos leanúnach ina bpeaca, tabhair achasán dóibh i láthair an tslua, ionas go mbeidh eagla ar an gcuid eile. Is os comhair Dé agus os comhair Íosa Críost agus os comhair na ndea-aingeal a chuirim ort na rialacha seo a choinneáil gan claonadh le taobh ar bith, ná rud ar bith a dhéanamh atá éagothrom. Ná leag lámh i dtobainne ar aon duine, agus ná bíodh páirt agat i bpeaca na comharsan; coinnigh glan thú féin. Ná bí gan aon ní a ól ach an t-uisce feasta, ach bíodh braon den fhíon agat mar mhaithe le do ghoile agus na heasláintí a bhíos ort chomh minic sin. Tá siad ann a mbíonn a gcuid peacaí soiléir sofheicthe, ag tarraingt ar an mbreithiúnas, agus daoine eile ann nach nochtar a bpeacaí go dtí lá is faide anonn. Is soiléir sofheicthe iad na dea-ghníomhartha freisin; agus mura mbíonn, ní fhéadfar a gcoinneáil ceilte i gcónaí. Bíodh a bhfuil faoi chuing na daoirse ag meas gur fiú a máistrí a n-onórú, ionas nach gcuirfí míchlú ar ainm Dé ná ar ár dteagasc. Ná bíodh an méid acu a mbíonn creidmhigh ina máistrí orthu easurramach dóibh as siocair iad a bheith mar bhráithre acu; go mba mhóide a dhéan-faidís a bhfreastal ós do chreidmhigh is ansa leo a théas sé ar sochar. Bíodh na dualgais seo á dteagasc agus á moladh go dian agat. Má bhíonn athrach teagaisc ag aon duine, nach gcuireann le briathra folláine ár dTiarna Íosa Críost agus leis an dea-theagasc diaganta, tá sé séidte le huabhar, gan fios aon ní aige; bíonn dúil chráite aige i ndíospóireacht agus i mbriatharchathanna, nach mbíonn de thoradh orthu ach éad agus achrann agus ithiomrá agus drochamhras, agus imreasán an dreama a bhfuil a n-intinn truaillithe agus an fhírinne ceilte orthu, ag meas nach bhfuil sa chráifeacht ach deis le hairgead a ghnóthú. Agus ar ndóigh bíonn mórán le gnóthú leis an gcráifeacht ach bheith sóch sásta; mar níor thugamar aon ní isteach ar an domhan seo linn, agus ní féidir linn aon ní a bhreith linn as; ach go mba leor linn é bia agus éadaí a bheith againn. Ach an dream atá ag dréim le bheith saibhir, tagann na cathuithe orthu agus téann siad i ndol, agus tagann mórán ainmhianta amaideacha aimhleasta orthu a tharraingíos daoine síos chun a gcreachta agus a gcaillte. Mar is í saint an airgid fréamh gach oilc; agus is í an dúil a bhí acu ann a thug ar mhórán dul ar seachrán ón gcreideamh agus isiomaí arraing a chuaigh trína gcroíthe. Ach fan tusa amach as seo uile, a dhuine is le Dia; bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an diagantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an tseasmhacht, ar an gcneastacht. Cuir dea-chath an chreidimh; faigh seilbh ar an mbeatha shíoraí a bhfuair tú cuireadh chuici nuair a dʼadmhaigh tú an dea-admháil os comhair mórán finnéithe. Is os comhair Dé a bhronnas beatha ar a bhfuil ann, agus os comhair Íosa Críost a rinne an dea-admháil san fhianaise a thug sé os coinne Phointias Píoláid, a iarraim ort an aithne a choinneáil gan sárú gan smál go dtí nochtadh ár dTiama Íosa Críost; a bheas á thaispeáint in am agus in uair ag an aon Ardfhlaith beannaithe, Ardrí na ríthe agus Ardtiarna na dtiarnaí, is é amháin a mhaireas go buan gan bhás sa solas doshroichte, nach bhfaca aon duine riamh é agus nach bhféadann aon duine a fheiceáil. Go raibh onóir agus tiarnas síoraí aige. Áiméan. Maidir le lucht saibhris an tsaoil seo, mol dóibh gan bheith uaibhreach, ná a ndóchas a chrochadh as saibhreas neamh-iontaofa ach as Dia a bhíos ag soláthar dúinn na nithe uile a mbainimid só astu. Tá orthu an mhaith a dhéanamh, agus bheith saibhir i ndea-oibreacha, agus féile agus flaithiúlacht a chleachtadh, mar is amhlaidh a chuirfeas siad i dtaisce an ní a bheidh mar bhun maith leo san am a thiocfas, agus is mar sin a ghlacfaidh siad seilbh ar an mbeatha shíoraí. A Thimótéus, bí ag coimeád ar taobhaíodh leat. Fan amach ó bhaothchaint bhéalscaoilte agus ó chodarsnacht na heagnaíochta bréagaí, mar tá siad ann a chuaigh ina cionn agus a scaoil an creideamh tharstu. Go raibh an grásta agaibh agus libh. Pól, aspal ag Íosa Críost le toil Dé de réir gealltanais na beatha atá in Íosa Críost, Ag beannú do Thimótéus, an mac is ansa liom: An grásta, an trócaire, agus an tsíocháin ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna. Bím á altú le Dia a bhfuil mé i mo fhreastalaí aige le dea-choinsias, mar bhí mʼaithreacha romham, ag cuimhneamh ort go mion agus go minic i mʼurnaithe. Nuair a chuimhním ar do dheora, bím ag dúil oíche is lá le dʼfheic-eáil, ionas go mbeinn lán dá lúcháir. Cuireann sin dúthracht do chreidimh i gcuimhne dom, an creideamh sin a raibh cónaí aige i do sheanmháthair Lóis agus í do mháthair Eunícé agus atá anois, táim cinnte, ina chónaí ionatsa. Dá bhrí sin cuirim i gcuimhne duit an tíolacadh sin ó Dhia atá ionat trí leagan mo lámh a athfhadú; ó nach sprid chloíte í a bhronn Dia orainn ach sprid na sárchumh-achta na seirce agus na sriantachta. Nára náireach leat é tú féin fianaise a thabhairt ar ár dTiarna, ná ormsa atá i mo phríosúnach aige, ach gabh do pháirt sna pianta atá le fulaingt ar son an tsoiscéil le cumhachtaí Dé, a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghairm, ní as ucht ár n-oibreacha féin ach as ucht an chuspóra a bhí curtha roimhe aige agus as ucht an ghrásta a bhronn sé orainn in Íosa Críost na cianaoiseanna ó shin, mar atá anois á thaispeáint trí léirnochtadh ár Slánaitheora Íosa an Críost, a chuir an bás ar ceal agus a thug chun solais tríd an soiscéal an bheatha bhuan agus an neamhbhásmhaireacht. Ceapadh mise mar sheanmóirí agus aspal agus oide múinte an tsoiscéil chéanna, agus sin is cúis leis na pianta seo atá á bhfulaingt agam. Ach ní náire liom sin, ós aithnid dom an té ar chreid mé ann, agus ó tá mé cinnte gur féidir leis ar taobhaíodh liom a chaomhnú go dtí an Lá úd. Lean lorg mhúnla na bhfocal folláin a chuala tú uaim, sa chreideamh agus sa ghrá atá in Íosa an Críost; coimeád an fhírinne a taobhaíodh leat le cabhair an Naomh-Spioraid a chónaíos ionainn. Níl tú gan fhios gur thug a bhfuil san Áise cúl a láimhe liom, agus is orthusan atá Figélus agus Hermógenéas. Go ndéana Dia trócaire ar theaghlach Onésiforus, mar ba mhinic a fuair mé faoiseamh uaidh; níor náire leis na geimhle seo orm, ach ar shroicheadh na Róimhe dó chuir sé mo thuairisc go dian go dtí go bhfuair sé mé— go ndeona an Tiarna dó trócaire a bheith ag an Tiarna air an Lá úd—agus tá a dhea-fhios agat ar a ndearna sé de fhreastalacht san Eiféis. Bí láidir mar sin, a mhic, i gcumhachtaí an ghrásta atá in Íosa an Críost, agus taobhaigh ar chuala tú uaim os comhair mórán finnéithe le fir chreidmheacha a bhfuil i ndán dóibh daoirle eile a theagasc. Bí páirteach i bpian mar a dhéanfadh dea-shaighdiúir le hÍosa an Críost. Nuair a théas an saighdiúir chun cogaidh, ní bhíonn sé á mheascadh féin i ngnóthaí saolta nach mbaineann leis, ach ag iarraidh an té ar liostáil sé leis a shásamh. Ní bhaineann lúthchleasaí an chraobh mura ndéanann sé an choimhlint de réir na rialacha. Is é an feirmeoir is crua a oibríos ar dual dó an chéad chuid de na torthaí a fháil ar dtús. Déan do mhachnamh arís ar a bhfuil á rá agam, ó bronnfaidh an Tiarna tuiscint gach ní ort. Go mba chuimhneach leat Íosa Críost, de shliocht Dháibhí a dʼéirigh ó mhairbh, a bhíos á sheanmóireacht i mo shoiscéalsa, an soiscéal a bhfuil mise ag fulaingt ar a short agus mé ag caitheamh geimhle mar choirpeach. Ach ní fhéadtar briathar Dé a cheangal le geimhle. Mar sin níl ní ar bith ann nach bhfuil acmhainn agam air mar gheall ar dhaoine tofa Dé, ionas go bhfaighe siadsan seilbh freisin ar an slánú a ghabhas le síoraíocht na glóire in Íosa Críost. Is iontaofa an ráiteas é: Má chuamar dʼéag leis, mairfimid beo leis freisin; má bhímid buanseasmhach, beidh an réim ríochta againn leis freisin; má dhiúltaímid dó, diúltóidh sé dúinn freisin; más dochreite dúinn é, fanann sé so-chreite— ní íhéadann sé é féin a shéanadh. Cuir é seo i gcuimhne dóibh, agus bagair orthu os comhair an Tiarna fanacht amach ó bhriatharchathanna nach dtéann chun tairbhe, ach ag treascairt a n-éisteann leo. Déan do dhícheall le tú féin a thoirbhirt do Dhia mar dhuine a shásaíos é, oibrí nár dhual dó a náiriú, a dhíríos briathar na fírinne mar is fearr a oireas sé. Bí bodhar-chluasach do bhaothchaint, ó cuirfidh sí tuilleadh daoine chun aindiagachta in aghaidh an lae, agus ó beidh a mbriatharsan ag creimeadh leis mar mhorgadh feola. Is orthusan Himenéus agus Filétur, a dʼimigh ón bhfírinne sa tuairim sin acu go bhfuil an t-aiséirí thart cheana féin. Tá daoine ann ar choscair siad a gcreideamh. Ach tá an dúshraith a chuir Dia daingean buanseasmach, agus seo mar shéala uirthi: “Is ag Dia atá a fhios cé hiad is leis,” agus “Gach duine a ainmníos ainm Dé fanadh sé ó éagóir.” I dteach mór ní bhíonn soithí óir agus soithí airgid amháin ann, ach soithí cré agus soithí adhmaid, agus tá cuid acu a mbaintear úsáid ard uasal astu, agus cuid eile a mbaintear úsáid shuarach uiríseal astu. An té a bhíos á ghlanadh féin ó gach anuaisleacht, beidh seisean ina shoitheach a mbaintear úsáid uasal as, agus beidh sé á naomhchoisreacan le feidhm a dhéanamh do raháistir an ti, agus é réidh ullamh le haghaidh gach cineál oibre is fearr ann. Seachain mar sin ainmhianta na hóige, agus bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht agus ar an gcreideamh agus ar an ngrá agus ar an tsíocháin, i gcuideachta a nglaonn ar an Tiarna ó chroi íonghlanta. Ná bíodh baint ar bith agat le díospóireachtaí amaideacha aineolacha; ós feasach duit go n-éiríonn troideanna astu. Agus ní cóir do sheirbhíseach Dé bheith tugtha don troid, ach bheith cineálta le cách, ina dhea-oide fadfhoighneach, a dhéanas a mbíonn ina choinne a cheartú go cneasta. Ó dʼfhéadfadh Dia aithreachas agus fios na fírinne a bhronnadh orthu, go n-imeoidís as dol an diabhail, i ndiaidh bheith ina mbraighde aige lena thoil a dhéanamh. Ach tuig é seo, go mbeidh am crua ann i laethanta deireanacha an domhain. Mar beidh na daoine mar mhaithe leo féin, santach, bródúil, diomasach, magúil, easumhal dá dtuismitheoirí, míbhuíoch, mínaofa, gan daonnacht, gan trócaire, cúlchainteach, drabhlásach, fíochmhar, fuath acu don mhaith, iad fealltach, ceanndána, á séideadh le huabhar, ina ndaoine ar fearr leo a bpléisiúr féin ná Dia, a mbíonn gné an chreidimh acu ach a dhiúltaíos dá chumhacht. Ná bíodh baint agat lena macasamhla siúd. Is díobh iad siúd a shnámhas isteach i dteaghlaigh agus a dhéanas braighde dʼóinseacha, atá faoi thromualach peacaí, agus a mbíonn tallannacha taodacha á luascadh, a éisteas le gach comhairle agus nach bhféadann teacht chun eolais na fírinne. Mar chuir lanes agus Iambres in éadan Mhaois, is mar sin a chuireann na fir seo in éadan na fírinne, fir na hintinne truaillithe agus an bhréagchreidimh; ach ní rachaidh siad i bhfad chun tosaigh, agus dála na beirte úd, beidh a gcuid amaidí soiléir don saol. Anois bhreathnaigh tú mo theagasc, eagar mo bheatha, mo chuspóir, mo chreideamh, mʼfhoighne, mo ghrá, mo bhuanseasmhacht, mo ghéarleanúintí agus a bhfuair mé de dhua ag Antíoc, in Icónium agus i Listra, cad iad na géarleanúintí a dʼfhulaing mé; ach thug an Tiama slán astu uile mé. Ar ndóigh níl duine dá dtoilíonn beatha dhiaganta a chaitheamh in Íosa Críost nach gcuirtear géarleanúint air. Agus beidh drochdhaoine agus mealltóirí ag dul in olcas, ag mealladh agus á mealladh. Ach maidir leat féin, cuir leanúntas ar ar fhoghlaim tú agus ar ar chreid tú ann, ó tá a fhios agat cé hiad ar fhoghlaim tú uathu é, agus ós aithnid duit ó aois linbh an scríbhinn dhiaga atá in ann eagnaíocht do shlánaithe a mhúineadh duit trí chreideamh in Íosa Críost. Tá tinfeadh Dé i ngach aon scríbhinn dhiaga agus fónann sí le dea-theagasc a thabhairt, agus drochtheagasc a bhréagnú, le daoine a chur ar bhealach a leasa agus lena n-oiliúint san fhíréantacht, ionas go mbeidh an duine is le Dia iomlán gan easpa agus é á ghléasadh le haghaidh gach cineál dea-oibre. Cuirim mar chúram ort i láthair Dé agus i láthair Íosa Críost atá le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, agus as ucht a theachta agus teacht a ríochta: bí ag seanmóireacht an bhriathair, bíodh faobhar ort i dtráth agus in antráth, bí ag áiteamh agus ag ceartú agus ag spreagadh, gan teip ar dʼfhoighne ná ar do theagasc. Mar tá an t-am ag teacht nach mbeidh acmhainn ag na daoine ar dhea-theagasc folláin, agus tochas orthu le cluas a thabhairt do lucht theagasc na comhairle atá in aice lena dtoil, agus iad ag tabhairt na cluaise bodhaire don fhírinne agus ag dul ar thóir na bhfinscéalta bréige. Ach maidir leat féin, bí staidéartha i gcónaí, bíodh acmhainn agat ar chruatan, bí i do shoiscéalaí saothrach, agus bain iomlán éifeachta as do mhinistreacht. Óir táim ar shéala bheith do mʼíobairt; agus tá sé in am agam an saol seo a fhágáil. Tá dea-throid curtha agam, tá mo chúrsa rite agam, níor fheall mé ar an gcreideamh. As seo tá bláthfhleasc na fíréantachta i dtaisce i mo choinne, a mbeidh an Tiarna, an breitheamh fíréan úd, á bronnadh orm an Lá úd, agus ní ormsa amháin ach ar an uile dhuine den dream arb ansa leo a thaispeáint. Déan do dhícheall le teacht chugam gan mhoill. Ó tá Démas, a thug grá don saol seo, i ndiaidh mo thréigean le Tesaloníca a thabhairt air féin; dʼimigh Crescens go Galátia, agus Titus go Dalmatia. Níl fágtha agam ach Lúcás amháin. Faigh Marcas agus tabhair leat é; ós maith a dhéanas sé timireacht orm. Tá Ticicus curtha uaim go dtí an Eiféis. Nuair a bheas tú ag teacht, tabhair leat an fhallaing a dʼfhág mé ag Carpas i dTróas, agus na leabhair, agus go háirithe na meamraim. Is mór an dochar a rinne Alastair an gabha copair orm; cúiteoidh an Tiama a ghníomhartha leis. Bí féin ar dʼaire air freisin, mar chuir sé go láidir in éadan ár mbriathra. Níor sheas aon duine liom agus mé do mo chosaint féin sa chúirt an chéad uair; rinne siad uile go léir mo thréigean, nár aifrí Dia orthu é! Ach sheas an Tiarna taobh liom agus chuir sé neart ionam leis an mbriathar a fhógairt, ar chaoi go gcluinfeadh na Gintlithe uile é, agus tugadh saor mé as craos an leoin. Is é an Tiarna a shaorfas mé ó olc agus a choimeádfas slán mé le haghaidh a ríochta neamhaí. Go raibh glóir dó go saol na saol. Áiméan. Beannaigh do Phrisca agus dʼAcuila, agus do theaghlach Onésiforus. Dʼfhan Erastus i gCoraint; dʼfhág mé Trófi-mus i Milétus agus é breoite. Déan do dhícheall le teacht roimh an ngeimhreadh. Beannaíonn Eubúlus duit, agns Púdens agus Linus agus Claudia agus na bráithre go léir leis. Go raibh an Tiama le do sprid. Grásta Dé leat. Pól, atá ina sheirbhíseach ag Dia agus ina aspal ag Íosa Críost, le creideamh lucht tofa Dé a mhéadú, agus le tuilleadh eolais a thabhairt dóibh ar an bhfírinne dhiaga, agus ar dhóchas na beatha síoraí a gheall Dia, nár thug éitheach riamh. leis na cianta dʼaois agus a nocht sé go ham agus go huair ina bhriathar tríd an tseanmóireacht a taobhaíodh liom mar a dʼaithin Dia ár Slánaitheoir é; Ag beannú do Thítus, mo mhac dlisteanach comhchreidimh: Grásta agus síocháin agat ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár Slánaitheoir. Is é an fáth ar fhág mé i mo dhiaidh sa Chréit thú, ionas go gcuirfeá bail ar a raibh in easnamh, agus go gceapfá cruifreacha i ngach cathair de réir na gcoinníollacha a dʼinis mé duit, má tá fear ann atá saor ó locht, gan ach aon bhanchéile amháin a bheith aige, agus a mbíonn a chlann ina gcreidmhigh gan é bheith le rá go bhfuil siad drabhlásach ná ainrialta. Mar caithfidh easpag a bheith saor ó locht ós maor ag Dia é; gan a bheith tiamúil ná drochchorraitheach ná ina phótaire fíona ná ina throdaí ná santach, ach é ina dhea-dhuine forbhfáilteach a mbíonn grá don tsuáilce aige, agus smacht aige air féin, duine ionraic, naofa, srianta; a bhfuil greim maith aige ar an mbriathar fírinneach mar a theagasctar é, ar chaoi go bhféadfadh sé teagasc folláin a thabhairt uaidh agus tost a chur ar a gcuireann ina éadan. Mar is iomaí duine ainsrianta, baothbhriathrach ag cur cluana ar intinn daoine, go háirithe aicme an timpeallghearrtha; caithfear tost a chur orthu, mar tá siad ag cur teaghlaigh iomlána bunoscionn ag teagasc dóibh nithe nár choir le hairgead lochtach a thuilleamh. Is duine díobh féin agus fáidh dá gcuid fáithe a dúirt é, “Spalpairí bréige iad na Créitigh, ainbheithígh allta, marógaí falsa.” Is fírinneach an fhianaise seo. Dá bhrí sin de bí á chasadh go géar leo, go mbí siad folláin sa chreideamh, in ionad aird a bheith acu ar fhinscéalta bréagacha Giúdacha agus ar aitheanta ó fhir a bhíos ag séanadh na fírinne. Is glan gach ní do lucht na glaine, ach ní glan aon ní do lucht na truaillíochta agus an díchreidimh; mar bíonn a n-intinn agus a gcoinsias féin á dtruailliú. Bíonn siad ag maíomh as eolas Dé a bheith acu, ach séanann siad lena ngníomhartha é; ó bíonn siad déistineach, doshrianta, gan aon déantas maitheasa iontu. Ach bí tusa agus briathra an teagaisc fholláin á rá agat. Abair leis na seanfhir bheith srianta, staidéartha, ciallmhar, ceartchreidmheach, grámhar, buanseasmhach. Abair mar an gcéanna leis na seanmhná bheith dea-bhéasach ina ndóigheanna, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól; ach ag tabhairt dea-theagaisc uathu, agus iad ag múineadh do na hógmhná grá a thabhairt dá gcéilí fir agus dá gclann, agus bheith modhúil, geanmnaíoch, ina ndea-mhná tí, caomhúil, umhal dá gcéilí fir, ar eagla míchlú a tharraingt ar bhriathar Dé. Iarr ar na fir óga mar an gcéanna srian a chur leo féin. Agus bí féin i do dhea-shampla le dea-ghníomhartha, agus bíodh do theagasc ionraic, íonghlan, agus do bhriathra chomh fírinneach nach bhféadtar locht a fháil orthii, chun go gcuirfí tost ar a gcuireann inár n-éadan ó nach bhfiúl leithscéal aige le bheith dár lochtú. Abair leis na daoir bheith ag umhlú dá máistrí agus á sásamh ar gach dóigh; gan bheith aisfhreag-rach, ná bradach, ach go dílis dáiríre, ar nós a chuirfeadh maise ar theagasc Dé ár Slánaitheoir. Óir nochtadh grásta Dé chun an saol uile a chur ar shlí a shlánaithe, ag múineadh dúinn diúltú don éagráif-eacht agus do na hainmhianta saolta, agus beatha shrianta, fhíréanta, dhiaganta a chaitheamh ar an saol seo, ag fuireach le dóchas beannaithe, nochtadh glóire ár nDé mhóir agus ár Slánaitheora Íosa Críost, a thug é féin ar ár son lenár bhfuascailt ón uile éagóir agus le pobal dá chuid féin a íonghlanadh le bheith aige a mbeidh faobhar orthu chun dea-ghníomhartha. Bíodh lánúdarás agat le seo a fhoilsiú agus le daoine a spreagadh chuige agus é a chiir ina luí orthu. Ná lig do dhuine ar bith a bheag a dhéanamh díot. Cuir i gcuimhne dóibh géilleadh do lucht ceamiais agus údaráis, smacht a bheith orthu, iad a bheith réidh le hobair ionraic a dhéanamh, gan míchlú ná troid a chur ar aon duine, ach a bheith modhúil béasach le gach duine. Mar bhí an t-am ann a rabhamar féin amaideach, easumhal, seachránach, ar théad ag ainmhianta agus pléisiúir, ag caitheamh ár saoil go mailíseach éadmhar, agus fuath againn do chách agus fuath agcách dúinn; ach san am ar nochtadh dea-chroí agus daonnacht Dé ár Slánaitheoir, ba é a rinne ár saoradh ní as siocair na ngníomhartha fíréantachta a bhí déanta againn féin, ach de bhrí a chuid trócaire féin, le hionladh na hathghiniúna agus le hathnuachan an Spioraid Naoimh, a dhoirt sé go fial orainn trí Íosa Críost ár Slánaitheoir, ionas go bhfíréanódh a ghrásta sinn agus go ndéanfaí oidhrí dínn a bhfuil dóchas againn leis an mbeatha shíoraí. Is iontaofa an ráiteas é. Is mian liom tú a sheasamh ar na pointí sin, go gcaithfidh an dream a bhfuil creidte acu i nDia aire a bheith acu faoi dhul i gcionn na ndea-oibreacha; rud a bhfuil maith agus tairbhe ann do dhaoine. Ach ná bain le díospóir-eachtaí amaideacha agus le craobhacha ginealaigh agus clampar agus cathanna i dtaobh an dlí, ó nach mbíonn tairbhe ná toradh ag teacht astu. Maidir le fear atá clamprach, iarr comhairle a chur air uair nó dhó, agus ná bíodh aon bhaint agat leis as sin amach, ós feasach duit go mbíonn a mhacasamhail sin claon agus coirpeach; tugann a bhéal féin breith a dhaortha air. Nuair a chuirim fios ort le hArtemas nó le Ticicus, déan do dhícheall le teacht in airicis orm i Nicopolis, ó tá rún agam an geimhreadh a chaitheamh ansin. Déan do dhícheall leis an mbealach a réiteach roimh Shenas an dlíodóir agus Apollós nuair a imeos siad; agus tabhair aire dó nach mbíonn easpa ar bith orthu. Agus fogh-laimíodh an dream is againne conas a rachaidh siad i gcionn na ndea-oibreacha, ag fóirithint ar na riachtanais is práinní, agus gan a bheith ag saothrú in aisce gan toradh. Tá a bhfuil anseo agam ag beannú duit. Beannaigh dár gcairde sa chreideamh. Grásta Dé agaibh uile go léir. Mise Pól atá i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost, agus Timótéus ár mbráthair, Chugat a Philémóin ár gcomhoibrí ionúin agus chuig Afia ár siúr agus ár gcomrádaí cogaidh Arcipus, agus chuig an eaglais atá i do theach. Grásta daoibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost. Níl am dá gcuimhním ort do do chur faoi bhri mo ghui nach mbim ag tabhairt buíochais do mo Dhia faoin iomrá a chluinim i dtaobh do ghrá agus i dtaobh do dhfl-seachta don Tiarna Íosa agus do na naoimh uile go léir, agus guim go méadóidh an chomhroinn seo de do chreideamh ár n eolas ar an maitheas a bhíos againn ó Chríost. Mar is mór an só agus an sólás a bhain mé as do ghrá, a bhráthair na páirte, ós tú a thóg croíthe na naomh. Ar an ábhar sin, siúd is go bhfuil uchtach agam ó Chríost leis an ní atá riachtanach a ordú duit, is é is fearr liom a impi ort ar ghrá Dé—is ea, mise Pól, a bhíodh i mʼambasadóir agus atá anois i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost— iarraim dʼimpí ort ar son Onésimus, mo leanbh ar tharla mise i mʼathair aige le linn mo bhraigh-deanais, (a bhí roimhe seo éadairbheach duitse, ach atá anois lántairbheach don bheirt againn.) Táim anois á scaoileadh ar ais abhaile chugat, cé gurb é an duine is ansa le mo chroi. Is é ab fhearr liom féin, go bhfanfadh sé agam, le bheith ag freastal orm thar do cheannsa chomh fada agus atá le caitheamh agam i mbraighdeanas ar son an tsoiscéil; ach ní maith liom aon ní a dhéanamh gan cead uait ionas go mbeadh an mhaith sin agat de do dheoin agus ní de dʼainneoin. Bʼfhéidir gurb é an fáth ar scar sé leat seal tamaill, ionas go bhfaighfeá seilbh shíoraí air dá bharr, ach ní mar mhogha ach mar ní is mó ná mogha, mar bhráthair ionúin, agus dá dhílseacht le mo chroí é, nach mó go mór an dáimh is cóir a bheith agatsa leis, de thaobh an tsaoil seo agus de thaobh an Tiarna. Mar sin má fheictear duit mise agus tusa bheith inár gcéilí comhair, glac tusa leis mar a ghlacfá liom féin. Más rud é go bhfuil aon éagóir déanta aige ort, nó aon airgead agat air, níl le déanamh agat ach a insint go n íocfaidh mé as. Mise, Pól, atá á scríobh le mo láimh féin, á rá go n íocfaidh mé as thú—cé nach luaim an chomaoin a bhfuil tú fúithi agam i dtaobh dʼanama dhílis féin. Is mar sin, a bhráthair liom, a iarraim ort an rud sin a dhéanamh dom ar ghrá an Tiarna. Tabhair an sásamh sin do mo chroi as ucht Chríost. Táim ag scríobh chugat mar seo agus iontaoibh agam asat go dtabharfaidh dʼumhlacht ort nios mó a dhéanamh ná tá iarrtha agam ort. Agus táim á rá leat san am céanna seomra aíochta a dhéanamh réidh i mo choinne, ó tá dóchas agam bheith agat mé féin mar thoradh ar do ghui. Tá Epafras ag beannú duit, atá i gcomhbhraighdeanas liom i níosa Críost, agus tá mo chomhoibrithe Marcas, Aristarcas, Démas agus Lúcás uilig ag beannú duit freisin. Go raibh grásta an Tiarna Íosa Críost libh in bhur sprid. Is ar iliomad modhanna a labhraíodh Dia lenár sinsir ó bhéil na bhfáithe; ach labhair sé linn sna laethanta deiridh seo ina AonMhac, a cheap sé le bheith ina oidhre ar a bhfuil ann, agus ar chruthaigh sé an domhan tríd. Is é scathán ghlóir Dé é, a bhfuil cló fírinneach a dhiagachta buailte air, a mbíonn a thréanbhriathar cumhachtach ag coinneáil na cruinne ina ceartseasamh. Nuair a bhí an íonghlanadh déanta aige ar son na bpeacaí, shuigh sé ar láimh dheas na Mórgachta in airde, agus tús áite aige ar aingil Dé, ó bhí ainm aige a rug barr feabhais ar a n-ainmsean. Mar cé hé an t-aingeal sin a ndúirt Dia leis, “Is tú mo Mhac, is inniu a rinne mé do ghiniúint”? nó é seo arís, “Beidh mise i mʼathair aige, agus beidh seisean ina mhac agam.”? Agus arís eile, nuair a thugann sé an chéadghin mhic ar an saol, is é a deir sé, “Bíodh aingil Dé uile á adhradh.” Agus deir sé maidir leis na haingil, “Bíonn sé ag déanamh gaoth dá aingil, agus lasracha tine dá thimirí.” Ach maidir leis an Mac is é a deir sé leis, “Bíonn do ríchathaoir, a Dhia, go síoraí buan, bíonn ríshlat do ríochta ina ríshlat an fhírchirt. Thug tú grá don choir agus fuath don éagóir; agus dá bhrí sin dʼung Dia, dʼung do Dhia féin thú le hola ollghairdis os cionn do chompánach.” Agus é seo, “Is tú, a Thiarna, a chuir an talamh ar bun ar dtús, agus is iad na spéartha saothar do lámh; rachaidh siadsan as, ach maireann tusa go buan; beifear á gcaitheamh mar sheanéadach, beidh tú á bhfilleadh mar fhallaing, agus beifear á n-athrú. Ach fanann tusa mar a bhí riamh, agus ní bheidh foirceann ar do bhlianta.” Ach cé hé an t-aingeal a ndúirt sé leis, “Suigh ar mo láimh dheas, go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”? Nach spridí coimhdeachta iad a chuirtear amach le bheith ag freastal, mar mhaithe leis na daoine a bhfuil seilbh an tslánaithe i ndán dóibh? Is móide mar sin agus is beaichte a chaithfimid ar chualamar a bhreathnú, ar eagla faillí a dhéanamh iontu. Mar má bhí an briathar ó bhéal aingeal baileach éifeachtúil, agus má cúitíodh go fíorcheart le gach easumhlaíocht agus éagóir dá ndeamadh air, cad é an bealach éalaithe a bheas againne má dhéanaimid neamhiontas den mhórshlánú seo atá anois ann? Ba é an Tiarna a nocht an chéad uair riamh é, agus thug an méid a chuala uaidh é fianaise dúinne air, agus Dia ag tabhairt fianaise air freisin le comharthaí agus le hiontais agus le mórfhearta éagsúla agus le tíolaici an Spioraid Naoimh á ndáileadh mar ba thoil leis féin. Mar níor chuir Dia an domhan seo atá le teacht, a bhfuilimid ag caint air, faoi smacht na n-aingeal. Tá fianaise éigin tugtha áit éigin mar seo, “Cad é an duine go gcuimhníonn tú air, nó mac an duine a mbíonn aire agat air? Má chuir tú é ar feadh seala ghearr ar chéim ab isle ná na haingil, tá barr glóire agus onóra curtha agat air, agus gan ní nach bhfuil curtha faoina chosa agat.” Anois nuair a chuir sé gach ní faoina chosa, níor fhág sé aon ní nach mbíonn faoina smacht. Ach mar atá anois, ní fheicimid gach ní faoina smacht. Ach feicimid Íosa, a bhí á chur ar feadh seala ghearr ar chéim ab isle ná na haingil, agus barr glóire agus onóra curtha mar choróin air de bharr an bháis a bhí á íhulaingt, ionas go mblaisfeadh sé an bás a rachadh ar sochar do chách le grásta Dé. Mar nuair a bhí an té sin is cúis agus is cuspóir do gach dúil bheo ag seoladh mórshlua clann mhac ar shlí a slánaithe, ba chuí dó an ceannródaí a bhí i gceannas a slánaithe a thabhairt chun feabhas foirfeachta leis na pianta a dʼfhulaing sé. Mar is den aon bhunús amháin an té a naomhaíos agus an dream a bhíos á naomhú. Ar an ábhar sin ní náire leis bráithre a thabhairt orthu, nuair a deir se, “Foilseoidh mé dʼainm do mo bhráithre, molfaidh mé i gceartlár an chomhthionóil thú.” Agus arís, “Cuirfidh mé mo mhuinín ann.” Agus arís eile, “Seo mé féin agus an chlann a bhronn Dia orm.” Mar sin ó bíonn an chlann páirteach i gcolainn agus i bhfuil, bhí seisean mar an gcéanna páirteach iontu, ionas go scriosfadh sé lena bhás an té sin a bhfuil cumhacht an bháis aige, is é sin an diabhal, agus go bhfuasclódh sé an dream uile a bhí i ndaoirse ar feadh a saoil trí eagla an bháis. Mar is cinnte nach iad na haingil atá i gceist aige, ach sliocht Abrachaim. Bʼéigean dó mar sin bheith ar chomh-chosúlacht lena dheartháireacha ar gach aon slí, le bheith ina ardsagart trócaireach dílis i dtreo Dé, ag déanamh leorghnímh i bpeacaí an phobail. Óir ó bhí sé féin ag fulaingt agus ó cuireadh cathú air, is féidir leis cuidiú leis an dream atá i gcathú. Mar sin, a naomhbhráithre, agus a chomhpháirtithe sa naomhghairm, tugaigí do bhur n-aire Íosa, aspal agus ardsagart an chreidimh sin a admhaímid os ard. Bhí sé dílis don té a cheap é mar a bhí Maois dílis freisin i dteach Dé. Ach meastar gur mó an díol glóire é Íosa ná Maois, ionann is mar is onóraí an saor a thóg an teach ná an teach a thóg sé. (Mar níl teach ann nár thóg saor éigin é, ach is é Dia saor agus cruthaitheoir na cruinne cé.) Anois bhí Maois dílis i dteach uile Dé mar thimire, mar fhianaise ar a mbeifí á rá ina dhiaidh sin, ach bhí Críost dílis mar mhac a bhí os cionn theach Dé. Agus is dá theachsan sinne, ach seasamh go daingean leis an dóchas a bhfuil ár maíomh agus ár muinín as. Mar sin, mar a deirtear linn ó bhéal an Spioraid Naoimh, “Inniu, nuair a chluineas sibh a ghlór, ná cruaigí bhur gcroíthe mar a chruaigh in am na ceann-airce, i lá curtha na féachana san fhásach, nuair a chuir bhur sinsir féachaint orm agus a chonaic siad mʼoibreacha ar feadh daichead bliain. Dá bharr sin dʼéirigh mʼfhearg leis an nglúin úd, go ndúirt mé, ‘Bíonn a gcroíthe de shíor á mealladh; ní raibh eolas mo shlite acu.’ Mar a mhionnaigh mé i mʼfhíoch, ‘Ní rachaidh siad i seilbh mo shuaimhnis.’ ” Bígí ar bhur n-aire, a bhráithre, ar eagla drochchroí dí-chreidmheach a bheith ag aon duine agaibh, a thabharfadh oraibh cúl a thabhairt don Dia bithbheo. Ach bíodh gach duine agaibh ag spreagadh a chéile gach lá, chomh fada is a thugtar “inniu” air, ionas nach gcalcfar croí aon duine agaibh le cluain an pheaca. Mar ní bhímid páirteach i gCríost mura gcoinnímid ár gcéad mhuinín daingean go dtí an deireadh, ó deirtear, “Inniu nuair a chluineas sibh a ghlór, ná cruaigí bhur gcroíthe mar a chruaigh in am na ceannairce.” Cé hiad a chuala agus dá ainneoin sin a bhí ceannairceach? Nach iad an dream uile sin a dʼfhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois? Agus cé hiad a chuir fearg air i rith daichead bliain? Nach iad siúd a rinne an peaca, ar thit a gcoirp ar lár ar an bhfásach? Agus cé hiad ar mhionnaigh sé nach rachaidís i seilbh a shuaimhnis, ach lucht sin na heasumhl-aíochta? Feicimid mar sin nár fhéad siad dul ina sheilbh de bharr an díchreidimh. Mar sin, chomh fada agus a fhanann an gealltanas sin teacht chun a shuaimhnis in éifeacht, bíodh sé ina chúis eagla againn a bheith le meas gur theip ar aon duine agaibh a shroicheadh. Mar tháinig an dea-scéal chugainne mar a tháinig sé chucusan; ach ní dheachaigh an scéal a chuala siad ar sochar dóibh, ar an tsiocair nach raibh creideamh i lucht a éiste le cur leis. Mar téimidne a chreideas isteach sa suaimhneas úd, mar atá ráite aige, “Mar mhionnaigh mé i mʼfhíoch, ‘Ní rachaidh siad i seilbh mo shuaimhnis,’ ” cé go raibh a chuid oibre críochnaithe ó bhunú an domhain. Mar tá áit ann inar labhair sé mar seo i dtaobh an tseachtú lá, “Agus bhí suaimhneas ag Dia ar an seachtú lá óna chuid oibre uile.” Agus deir sé arís anseo, “Ní rachaidh siad i seilbh mo shuaimhnis.” Ach ó nach bhfágann sin nach bhfuil dream éigin ann a rachas isteach, agus ós trí easumhlaíocht nach ndeachaigh an chéad dream a chuala an dea-scéal, ainmníonn sé lá áirithe, “Inniu,” ag rá trí bhéal Dháibhí chomh fada sin ina dhiaidh sin sna briathra a luadh cheana, “Inniu nuair a chluineas sibh a ghlór, ná cruaigí bhur gcroíthe.” Mar má bhí an suaimhneas tugtha ag Iósua dóibh, ní ainmneodh Dia lá eile ina dhiaidh sin. Bíonn mar sin suaimhneas sabóideach ag fanacht le pobal Dé; ó bíonn cibé duine a rachas isteach i suaimhneas Dé ag stad óna chuid oibre ar an nós céanna agus stad Dia óna chuid oibresean. Tugaimis dá bhrí sin tréaniarraidh le fáil isteach chun an tsuaimhnis sin, ar eagla aon duine againn a thitim go lár trí aon easumhlaíocht den sórt. Ós beo bíogúil é briathar Dé, agus is géire é ná claíomh défhaobhrach, agus é ag tolladh go dtí idir an t-anam agus an sprid, idir an t-alt agus an smior, agus ag scagadh idir smaointe agus ruin fholaithe an chroí. Agus ní cheiltear uaidh aon dúil bheo, ach bíonn gach ní maoltamocht glan soiléir don té sin a bhfuilimid ag caint leis. Mar sin, ó tá sé sin againn, an t-ardsagart mór sin a chuaigh trí airdí neimhe uile, Íosa, Mac Dé, bíodh greim daingean againn ar an gcreideamh a mbímid á mhaíomh. Mar níl sin againn, ardsagart nach bhféadann comhbhrón a bheith aige lenár laigí, ach duine ar cuireadh cathú air ar an nós céanna linne, ach amháin nach bhfuil peaca déanta aige. Druidimis mar sin go neamheaglach le ríchathaoir na ngrást, chun go mbeidh trócaire orainn agus grásta le fáil againn san am sin a mbíonn riachtanas againn leo. Mar níl ardsagart dá dtoghtar as mease na ndaoine nach geeaptar le bheith ag gníomhú thar ceann na ndaoine os comhair Dé, le bheith ag ofráil tíolaicí agus íobairtí ar son na bpeacaí. éadann sé bheith min cneasta le daoine aineolacha atá ar seachrán slí, ó bíonn an laige ar gach taobh de. Dá bhrí sin tá sé de dhualgas air íobairt a dhéanamh ar son a chuid peacaí féin maraon le híobairt ar son peaca an phobail. Agus ní ghlacann aon duine an onóir sin air féin uaidh féin, ach nuair a ghlaonn Dia air mar a glaodh ar Árón. Bʼamhlaidh do Chríost nár ardaigh é féin le bheith ina ardsagart, ach ar cheap an té sin é a dúirt leis, “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; mar a deir sé freisin in áit eile, “Is sagart tú go sioraí, de réir ord Mhelcisedec.” I laethanta an ionchollaithe, chuir Íosa suas achainiocha agus impíocha, le hardéamh agus deora, chuig an té lerbh fhéidir a shaoradh ón mbás, agus éisteadh leis mar mhaithe lena dhúthracht dhiaganta. Siúd is gur Mhac é, dʼfhoghlaim sé umhlaiocht lenar fhulaing sé; agus tugadh chun foir-feachta é le bheith ina fhoinse den slánú sioraí dá n-umhlaíonn dó, ó cheap Dia ina ardsagart é de réir ord Mhelcisedec. Maidir leis seo tá mórán le rá againn atá domhínithe, ó tharla moille éisteachta oraibh. San am ar chóir daoibh bheith ag tabhairt teagaisc uaibh, tá feidhm agaibh le duine a mhúinfeadh uraiceacht bhriathar Dé daoibh. Ní le bia tirim ach le bainne cíche atá feidhm agaibh; mar an té a bheathaítear ar bhainne cíche bíonn sé neamhoilte i mbriathar na fíréantachta, ó nach bhfuil ann ach leanbh beag. Ach is le haghaidh na ndaoine fásta abhíosanbia tirim, a bhfuil cleachtadh céille agus céadfaí acu le hidir-dhealú idir an mhaith agus an t-olc. Fágaimis mar sin uraiceacht tosaigh theagasc Chríost agus téimis chun cinn chun iomlán aibíochta, gan an dúshraith a chur arís dʼaithrí ó oibreacha an bháis agus de chreideamh a dhírítear ar Dhia, agus teagasc faoi ionluithe, agus faoi leagan lámh, agus faoi aiséirí ó mhairbh, agus faoi bhreithiúnas síoraí. Agus déanfaimid é seo má cheadaíonn Dia dúinn é. Mar ní ní indéanta é an dream úd ar tugadh léiriú solais dóibh dʼaon uair amháin a bhlais an tíolacadh neamhaí, agus a bhí rannpháirteach sa Naomh-Spiorad, agus a bhlais a bhfuil dʼfheabhas i bhfocal Dé agus cumhachtaí na haoise atá le teacht, a thabhairt chun athaithreachais an dara huair, fad agus a bhíonn siad ag céasadh Mhac Dé agus ag caitheamh dímheasa air dʼaonghnó. An ithir a dʼól an fhearthainn ba mhinic a titeadh uirthi, agus a thugann fásra uaithi atá fóirsteanach don dream sin a mbítear á hoibriúʼina gcoinne, bíonn beannacht uirthi ó Dhia. Ach más driseoga agus fothann-áin a thugann sí uaithi, tá sí ó mhaith agus i ngar do bheith faoi mhallacht; agus is é a loscadh an deireadh a bhéas uirthi. Ach siúd is go labhraímid mar seo, a chairde dile, táimid cinnte gur fearr an scéal agaibhse sa mhéid a bhaineas le slánú an anama. Mar níl Dia chomh héagórach agus go mbeadh sé dall ar bhur saothar agus ar an ngrá Dé a rinne sibh ar na naoimh, mar atá á dhéanamh agaibh go fóill. Agus ba mhian linn go dtaispeánfadh gach duine agaibh an dúthracht chéanna leis an dóchas a lándeimhniú agus a dhearbhú go deireadh, dʼfhonn gan bheith spadánta, ach ina ionad sin ag déanamh aithrise ar an dream atá ina n-oidhrí ar na gealltanais trína gcreideamh agus a mbuanseasmhacht. Mar nuair a bhí Dia ag déanamh gealltanais le hAbracham, ó nach raibh aon duine aige ab íhearr ná é féin le tabhairt le mionnú, thug sé é féin mar mhionnaí, ag rá, “Is mé féin a bheannós le beannacht thú agus a mhéadós i méid thú.” Agus bʼamhlaidh dʼAbracham a fuair seilbh ar an ngealltanas ó bheith fadfhulangach. Agus ar ndóigh bíonn daoine ag tabhairt mionna in ainm duine is fearr ná iad féin, agus cuirtear críoch le gach conspóid le mionn dearbhaithe. Mar sin nuair ba mhian le Dia neamhathraitheacht a ruin a dhéanamh níos soiléire dʼoidhrí an ghealltanais, chuir sé mionn isteach idir é agus iad, ionas go mbeadh dhá ní neamhathraithe nárbh fhéidir le Dia bheith bréagach iontu, le misneach láidir a chur ionainn a theith faoina dhídean le breith ar an dóchas atá curtha romhainn. Bíonn sé seo againn mar ancaire anama atá bunúsach buanseasmhach, an dóchas a théas isteach uainn romhainn sa serin is faide istigh taobh thall den bhrat, a ndeachaigh Íosa isteach ann mar réamhtheachtaire thar ár geeann, agus é i ndiaidh a cheaptha mar ardsagart síoraí de réir ord Mhelcisedec. Mar is é an Melcisedec céanna sin, rí Shalem, sagart an Mhór-Dhé ab Airde, a chuaigh in airicis Abrachaim agus é ag filleadh ón ár a rinne sé ar na ríthe, agus a bheannaigh é; agus ar roinn Abracham an deichiú cuid den uile ní leis. Má aistrítear a ainmneacha, is é rí na fíréantachta é, sa chéad áit, agus ina dhiaidh sin is é rí Shalem, is é sin, rí na síochána é freisin. Tá sé gan athair gan mháthair gan ghinealach, gan tús ar a laethanta ná deireadh ar a shaol beatha, ach é ag maireachtáil ina shagart go síoraí i gcomhchosúlacht Mhac Dé. Breathnaígí cé chomh mór leis! Eisean ar thug an t-uasalathair Abracham an deichiú cuid den chreach dó. Ordaítear sa dlí do shliocht Lébhí a ghlacas le hoifig na sagartachta deachúna a thógáil óna mbráithre féin siúd is gur de shliocht Abrachaim iad chomh maith le duine. Ach ghlac an fear sin nár dá sliochtsan é deachúna ó Abracham agus ba é a bheannaigh an fear ar tugadh an gealltanas dó. Ní féidir a shéanadh go bhfaigheann an té is lú beannacht ón té is airde ná é. Anseo bíonn fir bhás-mhara ag tógáil deachúna; ach ansiúd duine a dtugtar fianaise air go maireann sé. Dʼfhéadfaí a rá gur íoc an Lébhí sin deachúna, eisean a ghlacas le deachúna i bpearsa Abrachaim, eisean a bhí go fóill i leasracha a athar nuair a chas Melcisedec dó. Anois má bhí aon chríoch ar an tsagartacht Lébhíteach (ós faoi a ghlac an pobal an dlí), cad é an gnó a bhí le sagart eile de réir ord Mhelcisedec, thar sagart a ainmníodh de réir ord Áróin? Mar nuair a bhíos athrú sagairt ann, caithfidh athrú dlí a bheith ann. Ach an té sin a bhfuil an scéal ag tarraingt air ba de threibh eile é, nár fhreastail duine de ag an altóir riamh. Mar is soiléir gur tháinig ár dTiarna de shliocht Iúda, treibh nach ndúirt Maois aon fhocal faoi i dtaobh sagart. Tá sin á dhéanamh níos soiléire arís, nuair a éiríonn sagart eile i gcomhchosúlacht Mhelcisedec, nach bhfuil ina shagart de bharr a fholaíocht chollaí a bheith ag freagairt do cháilíocht dhleathach, ach le cumhacht beatha buaine. Mar tugtar dʼfhianaise air, “Is sagart tú go síoraí, de réir ord Mhelcisedec.” Sa chéad chás de, cuirtear an chéad aithne ar ceal ó nach raibh ciall leis ná cumhacht ann, (ó nár chuir an dlí aon ní i gcrích); os a choinne sin tugtar an bealach do dhóchas is láidre a dtagaimid tríd i láthair Dé. Agus ní dheamadh sin gan mionn a bheith leis. An méid a bhíodh roimhe seo ina sagairt chuaigh siad i gcionn a n-oifige gan mhionn, ach glaodh ar an sagart seo le mionn, “Thug an Tiarna a mhionn agus ní athróidh sé a intinn, ‘Is sagart tú go síoraí,’ ” rud a thugann Íosa mar urra ar chúnant is fearr. Roimhe sin bhí mórán sagart ann, ó bhac an bás orthu bheith go buan ina n-oifig; ach bíonn sagartacht aigesean nach ligeann sé uaidh, ó bíonn sé ann go brách. Dá bhrí sin féadann sé slánú síoraí a bhronnadh ar an dream a thiocfas i ngar do Dhia tríd, ó maireann sé go deo le bheith ina idirghabhálaí ar a son. Mar ba chuí ardsagart a shamhailsean a bheith againn, dʼardsagart naofa, neamhlochtach neamhthruaillithe, a scaradh ó pheacaigh, agus a ardaíodh os cionnneimhe. Níl feidhm air mar a bhíos ar na hardsagairt úd eile a bheith ag ofráil íobairtí ó lá go lá, íobairt ar son a chuid peacaí féin agus íobairt eile ar son pheacaí an phobail; ó tá sin uile déanta aige don aon uair agus iarracht amháin ina íobairt féin. Ní dhéanann an dlí ach daoine a cheapadh mar ardsagairt a bhfuil laige iontu, ach is é a cheapas briathar an mhionnaithe, a tháinig i ndiaidh an dlí, Mac a foirbheadh go deo. Anois le ceann a bhaint dár scéal: tá a shamhail sin dʼardsagart againn cheana, agus é ina shuí ar dheasláimh ríchathaoir na Mórgachta ar neamh, agus ina cheiliúraí cráifeachta sa sanctóir agus sa phailliún sin na fírinne nár tógadh le lámha daoine ach le láimh Dé. Mar ceaptar gach ardsagart le bheith ag ofráil aiscí agus íobairtí; caithfidh an t-ardsagart seo againne ní éigin a bheith aigc lena ofráil. Anois dá mba ar talamh a bheadh sé, ní bheadh sé ina shagart ar chor ar bith, ó tharla sagairt ann a ofrálas aiscí, de réir an dlí. Ní bhíonn siadsan ach ag fón-amh do shanctóir atá ina scáil agus ina aithris ar an sanctóir ar neamh; mar ordaíodh ó bhéal Dé do Mhaois a bhí leis an bpailliún a fheistiú, “Bíodh aire agat le gach aon rud a dhéanamh de réir an mhúnla a nochtadh duit ar an sliabh.” Ach is amhlaidh a bhíonn Críost i gcionn ceiliúradh cráifeachta atá ag breith barr feabhais ar a raibh ann roimhe, ós fearr an cúnant a mbíonn sé ina idirghabhálaí air, agus ó bíonn gealltanais nios fearr ann á fheidhmiú. Mar dá mbeadh an chéad chúnant gan locht, ní bheadh leithscéal ná ócáid leis an dara cúnant. Mar faigheann sé locht orthu nuair a deir sé: “Tiocfaidh na laethanta, deir an Tiarna, a mbeidh cúnant úrnua á chónascadh agam le teaghlach Iosrael agus le teaghlach Iúda; nach cosúil é leis an gcúnant a rinne mé lena sinsir sa lá ar ghlac mé ar ghreim láimhe iad lena seoladh as tír na hÉigipte amach; mar níor choinnigh siad le mo chúnantsa, agus dá bhrí sin ní raibh aon aird agam orthu, deir an Tiarna. Is é seo an cúnant a chónascfaidh mé le teaghlach Iosrael i ndiaidh na laethanta úd, deir an Tiarna; cuirfidh mé mo dhlíthe ina luí ar a n-intinn, agus scríobhfaidh mé ar a gcroíthe iad, agus beidh mise i mo Dhia acu, agus beidh siadsan ina bpobal agam. Agus ní bheifear ag teagasc a chéile ná fear ag rá lena chomharsa, ‘Bíodh aithne ar Dhia agat’, mar beidh aithne acu uile go léir orm, ón té is isle go dtí an té is uaisle orthu. Mar déanfaidh mé trócaire ar a míghníomhartha, agus ní bheidh a thuilleadh cuimhne agam ar a bpeacaí.” Nuair a luann sé cúnant úrnua, cuireann sé dealramh seanaimseartha ar an gcéad chúnant. Agus an ní a théas as feidhm agus a éiríos sean, is gairid go dtéann sé as ar fad. Ach ní raibh an chéad chúnant gan adhradh rialta agus sanctóir talmhaí a bheith aige. Mar feistíodh pailliún, an pailliún ab fhaide amach, ina raibh an crann solais agus an bord agus arán na Toirbhirte; is é a ghairtear de sin an Áit Naofa. Ar chúl an dara brat bhí pailliún ina sheasamh ar gaireadh Naomh na Naomh air, ina raibh altóir órga na túise, agus Airc an Chúnaint a bhí cumhdaithe le hór ar gach taobh de, a raibh crúsca órga an mhanna, agus bachall Áróin úd na mbachlóg, agus dhá chlár an chúnaint; agus os cionn na hÁirce bhí cearúibím na glóire a raibh cathaoir na trócaire faoina sciatháin. Ach ní féidir linn anois bheith ag cur síos go mion air seo uile. Nuair a bhíonn siad seo uile faoi réir, bíonn na sagairt ag dul isteach go gnách sa chéad phailliún, leis na deas-ghnátha is dual dóibh a chomhlíonadh; ach ní théann aon duine isteach sa dara pailliún ach an t-ardsagart amháin, aon uair amháin i gcaitheamh na bliana, agus ní gan fuil a bhíos á ofráil aige ar a shon féin agus ar son earráidí an phobail. Léiríonn an Spiorad Naomh leis sin nach n-osclaítear an bealach chun an tsanctóra fad agus atá an pailliún sin is faide amach ina sheasamh (a fhíoraíos an aois seo i láthair). Dá réir sin ofráiltear aiscí agus íobairtí nach bhféadann coinsias an adhraitheora a ghlanadh, nach mbaineann ach le bia agus deoch agus ionluithe, rialacha a bhaineas leis an gcolainn nach bhfanann i bhfeidhm ach go dtí am an athchóirithe. Ach nuair a tháinig Críost i láthair mar ardsagart na maitheasaí atá tar éis teacht, ba ansin a chuaigh sé tríd an bpailliún is mó agus is iomláine (pailliún nach bhfuil lámhdhéanta, is é sin le rá nach rud cruthaithe den saol seo é) agus isteach san Áit is Naofa, gan fuil gabhar agus gamhna a ghlacadh leis ach a chuid fola dílse féin, agus is mar sin a bhain sé an slánú síoraí amach. Má ghlan-choisrictear colainn daoine atá salaithe ach fuil gabhar agus tarbh agus luaith bhearaigh a chroitheadh orthu, nach móide go mór a dhéanfas fuil dhílis Chríost, a thoirbhir é féin gan teimheal do Dhia tríd an Spiorad síoraí, bhur gcoinsias a íonghlanadh ó oibreacha marbha le seirbhís a dhéanamh don Dia bithbheo. Dá bhrí sin de is idirghabhálai cúnaint úrnua é, ionas go bhfaighe an dream ar glaodh chuige iad seilbh ar an oidhreacht shíorai atá geallta, de bharr báis a tharla, á bhfuascailt ó na cionta inar sháraigh siad an chéad chúnant. Mar i gcás uachta caithfear bás an té a rinne í a chruthú an chéad uair. Ó nach mbíonn an uacht i bhfeidhm go dtí bás an té a rinne í ó nach mbíonn feidhm aici fad is a bhíonn sé beo. Ar an ábhar sin níor daingníodh go fiú an chéad chúnant gan doirteadh fola. Mar sin nuair a bhí gach aithne den dlí fógartha don phobal uile aige, ghlac Maois fuil gamhna agus gabhar, in éineacht le huisce agus olann chraorag agus íosóip, gur chroith í ar an leabhar féin agus ar an bpobal uile, agus dúirt sé leo, “Is í seo fuil an chúnaint a dʼaithin Dia daoibh.” Agus chroith sé ar an nós céanna í ar an bpailliún agus ar na soithí uile a mbaintí feidhm astu ag adhradh Dé. Scéal cinnte é go mbítear ag glanadh beagnach gach aon ní le fuil agus nach bhfuil maithiúnas le fáil gan doirteadh fola de réir an dlí. Bhí riachtanas mar sin leis na deasghnátha seo leis na macasamhla ar mhúnla na nithe neamhaí a íonghlanadh, ach bhí riachtanas le híobairtí ab fhearr ná iad le haghaidh na nithe neamhaí iad féin a bhí mar bhun leo. Mar ní i sanctóir lámhdhéanta atá ina mhacasamhail ar an sanctóir fírinneach a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin, eisean atá á thaispeáint féin thar ár gceann os comhair ghnúis Dé. Agus ní raibh air é féin a thoirbhirt arís agus aris, dála an ardsagairt ag dul isteach san Áit is Naofa le fuil nach dá chuid féin; mar dá mbeadh sin amhlaidh bheadh air na mílte bás a fhulaingt ó bhunú an domhain go dtí anois. Ach mar atá an scéal, tá sé tar éis a nochtadh dúinn in earr na haoise den aon uair amháin leis an bpeaca a chur ar ceal leis an íobairt a rinne sé de féin. Agus mar is dual don duine bás a fháil aon uair amháin, agus dul faoi bhreithiúnas i ndiaidh a bháis, is amhlaidh a nochtfar Críost an dara huair, an Críost seo a toirbhríodh an t-aon uair amháin le peacaí an tslua a thógáil air féin, gan aire aige ar an bpeaca, ach ar shlánú siorai na ndaoine úd atá ag dréim agus ag dúil leis. Ní bhíonn ag an dlí ach scáil na maitheasaí atá le bheith ann, níl dealbh féin na nithe seo aige. Ní fhéadann sé mar sin leis na híobairtí a ofráiltear ó bhliain go chéile na daoine seo a thiocfas chucu a chur i gcrích. Dá bhféadfadh, nach stadfaí dá n-ofráil? Mar dá luaithe agus a ghlanfaí an lucht adhartha, dʼaithneoidís nach raibh aon pheaca ar a gcoinsias níba mhó. Ach sna híobairtí seo bíonn an peaca á chur i gcuimhne gach uile bhliain. Mar is léir nach féidir le fuil tarbh agus gabhar an peaca a thógáil de dhuine. Mar sin dúirt Críost agus é ag teacht ar an saol, “Íobairtí agus aiscí níorbh iad a bhí uait, ach tá corp ullmhaithe agat i mo choinne; níor thug na híobairtí loiscthe agus na híobairtí peaca aon sásamh duit, ba ansin a dúirt mise, ‘Féach, tháinig mise le do thoil a dhéanamh, a Dhia,’ de réir mar atá scríofa fúm i rolla an leabhair.” Dúirt sé thuas an chéad uair, “Na híobairtí agus aiscí agus íobairtí loiscthe agus íobairtí peaca ní raibh fonn agat leo ná sásamh agat iontu” (na nithe sin a ofráiltear de réir an dlí), dúirt sé ansin an dara huair, “Féach, tháinig mise le do thoil a dhéanamh.” Cuireann sé an chéad ní ar ceal ionas go gcuire sé an dara ní ar bun. Agus naomhaíodh sinn leis an toil chéanna úd trí ofráil chorp Íosa Críost den aon uair amháin. Agus bíonn gach sagart ina sheasamh gach lá ag feidhmiú i dteampall Dé, agus na híobairtí céanna á n-ofráil aige arís agus arís, nach bhféadann choíche na peacaí a thógáil de dhuine. Ach nuair a bhí aon íobairt amháin déanta ag Críost ar son na bpeacaí an t-aon uair amháin agus an uair dheireanach, shuigh sé faoi ar dheasláimh Dé, ag fanacht ansin go gcuirfí a naimhde mar stól faoina chosa. Mar leis an t-aon íobairt amháin sin tá an dream atá naomhaithe foirfe aige. Agus tá fianaiseair sin againn ó bhéal an Spioraid Naoimh; mar a deir sé, “Is é seo an cúnant a chónascfaidh mé leo i ndiaidh na laethanta úd, deir an Tiarna: cuirfidh mé mo dhlíthe ina luí ar a gcroíthe, agus scríobhfaidh mé ina n-intinn iad,” agus ansin cuireann sé an t-aguisín seo leis, “Ní bheidh cuimhne agam ar a bpeacaí ná ar a míghníomhartha a thuilleadh.” Nuair a bhíonn siad seo á maitheamh, níl riachtanas níos mó le haon íobairt ar son na bpeacaí. Bíonn sé de mhuinín againn mar sin, a bhráithre, dul isteach sa sanctóir trí fhuil Íosa, ar an mbeo-shlí úrnua atá bunaithe aige dúinn tríd an mbrat, is é sin trína fheoil féin, agus bíonn sagart mór againn atá i gceannas theach Dé, agus mar sin bímis ag teacht ar aghaidh i bhfírinne chroí agus i lándearfacht chreidimh, agus an braon croite ar ár gcroíthe a chosnós ar dhrochchoinsias iad, agusár gcoirp glanta nite i nglanuisce. Bíodh greim daingean docht againn ar admháil ár ndóchais, ós dílis an té a gheall; agus bíodh aird againn ar a chéile a spreagadh chun an ghrá agus chun na ndea-ghníomhartha, gan an fhaillí orainn le teacht i gcionn a chéile is gnách ag dream áirithe, ach ag brostú a chéile chuige sin, agus go mba mhóide a dhéanfas sibh sin nuair a fheiceas sibh an Lá ag dlúthú linn. Mar má dhéanaimid peaca dʼaonturas tar éis eolas na fírinne a fháil, níl aon íobairt ar son na bpeacaí fágtha againn, níl fágtha ach bheith faoi uafás ag súil le breith-iúnas, agus le tine fhíochmhar a shlogfas lucht an fhreasúra. An fear a bhfuil dlí Mhaois sáraithe aige, bíonn air bheith curtha chun báis ar fhianaise bheirte nó thriúir. Agus nach ndéarfadh sibh gur daoire go mór a íocfaidh seisean as, a rinne neamhshuim ar Mhac Dé, agus a sháraigh fuil an chúnaint lenar naomhaíodh é, agus a thug masla do Spiorad na ngrást? Mar is feasach dúinn cé hé sin a dúirt, “Is domsa an díoltas, is mé a bhainfeas cúiteamh amach.” Agus arís, “Is é an Tiarna a thabharfas breith-únas ar a phobal.” Is uafásach an ní é titim i lámha an Dé bhí. Ach go mba chuimhneach libh na laethanta roimhe sin, nuair a bhí oraibh, chomh luath agus a fuair sibh solas na tuisceana, cruachoimhlint a fhulaingt, drochíde agus dímheas á dtabhairt oraibh os comhair an tsaoil, nó sibh i gcomhar le daoine ar cuireadh an bhail seo orthu. Mar bhí trua agaibh do na príosúnaigh, agus ghlac sibh go háthasach leis an gcreach a cuireadh ar bhur maoin shaolta, ó bhí a fhios agaibh maoin ab fhearr agus ba bhuaine a bheith agaibh. Ná caithigí mar sin bhur muinín uaibh, ós mór an luach saothair a gheobhas sibh air. Mar caithfidh sibh bheith fadfhulangach le toil Dé a dhéanamh agus lena bhfuil geallta daoibh a fháil. “Seal beag eile ann, agus tiocfaidh an té atá le teacht gan moill a dhéanamh; ach mairfidh mʼfhíréan ó chreideamh, agus má théann sé ar gcúl, ní bheidh dúil ag mʼanam ann.” Ach ní dream a rachas ar gcúl chun ár gcaillte sinn, ach dream an chreidimh a choimeádas a n-anamacha. Anois is é is creideamh ann deimhin a dhéanamh den dóchas, agus bheith cinnte den ní nach bhfeictear. Is tríd a tugadh teist dhiaga ar na fir a bhí ann fadó. Is le creideamh a thuigimid cruthú na cruinne le briathar Dé, ina ndeamadh an sofheicthe den dofheicthe. Is le creideamh a thug Abel íobairt do Dhia ba thait-neamhaí ná íobairt Cháin, inar tugadh teist fhíréin air, agus é mar fhianaise air gur ghlac Dia lena aiscí; agus is trína chreideamh a bhíos urlabhra aige agus é marbh. Is trí chreideamh a ardaíodh Enoc ionas nach bhfeicfeadh sé bás; agus gan é le fáil, ó dʼardaigh Dia leis é. Ach sular ardaíodh é tugadh teist air gur thaitin sé le Dia. Agus ní féidir taitneamh leis gan creideamh a bheith agat. Mar an té a thiocfas i ngar do Dhia, caithfidh creideamh a bheith aige go bhfuil sé ann agus go dtugann sé luach saothair do lucht a iarrtha. Is tríd an gcreideamh a thug Naoi aire don rabhadh a thug Dia dó faoi nithe nach raibh le feiceáil fós, agus a thóg sé áirc ar saoradh a theaghlach léi; agus is leis sin a dhaor sé an domhan agus a thit oidhreacht na fíréantachta a bhios ann tríd an gcreideamh air. Is tríd an gcreideamh a dʼumhlaigh Abracham nuair a glaodh air á rá leis imeacht chun na háite sin a bheadh mar oidhreacht aige; agus dʼimigh sé gan fios a bheith aige cá raibh a thriall. Is trí chreideamh a bhi sé seal a chuairte i dtír an ghealltanais, ionann is dá mba thír choimthíoch í, agus gan dʼáras cónaithe aige ach pubaill, é féin agus Íosóg agus Iácób a bhí ina gcomhoidhrí ar an ngealltanas céanna leis. Mar bhi súil aige leis an gcathair sin a bhfuil bun fúithi, arbh é Dia é féin an saor a thóg í. Is trí chreideamh a tugadh cumas gabhála ina broinn do Shára, cé go raibh si thar an aois, ó mheas sí gur fiú creideamh don té a gheall é. Is dá bhrí sin a gineadh ó aon fhear amháin, a bhi féin ionann is dá mbeadh sé marbh, an sliocht nár lia réaltaí neimhe agus gráinní gainimh do-áirithe i mbéal na toinne ná iad. Fuair siad seo uile bás i gcreideamh, gan fáil a bheith acu ar ar gealladh, ach amháin go bhfaca siad é agus gur bheannaigh siad dó agus é i bhfad uathu, agus gur admhaigh siad nach raibh iontu ach deoraithe agus díbeartaigh ar talamh. Mar bíonn daoine ag tabhairt le fios leis sin a rá go bhfuil siad ag tóraíocht a dtíre dúchais. Dá mba é an tir sin ar imigh siad aisti a bhi ina gceann, bheadh faill acu filleadh uirthi. Ach anois is le tir is fearr, is é sin le tir neimhe, atá siad ag tnúth. Agus mar sin de ní náire é le Dia bheith á ainmniú mar a nDia-san, mar tá an chathair ullmhaithe aige in a gcoinne. Ba tríd an gcreideamh a thoirbhir Abracham Íosóg, agus bhi an té sin ar tugadh na gealltanais dó réidh ullamh lena aon mhac a ofráil mar íobairt, ar dúradh ina thaobh, “Is trí Íosóg a ainmneofar do shliochtsa.” Bhí sé ag comhaireamh go raibh sé ar chumhacht Dé go fiú daoine a thógáil ó mhairbh; agus fuair sé ar ais ó mhairbh é dá bharr sin, ar mhodh fíortha fáithchiallach. Is trí chreideamh a bheannaigh Íosóg Iácób agus Ésau leis na beannachtaí a bhí i ndán dóibh. Is trí chreideamh a bheannaigh Iácób ceachtar de chlann Iósaif agus an bás aige, á umhlú féin ar cheann a bhachaille le Dia a adhradh. Is trí chreideamh a luaigh Iósaf eisimirce chlann Iosrael agus a thug sé orduithe i dtaobh a chuid cnámh i ndeireadh a shaoil is a laethanta. Is tríd an gcreideamh a chuir a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí chomh luath agus a tháinig sé ar an saol, gan eagla orthu roimh ordú an rí, ó chonaic siad gurbh álainn an leanbh é. Is tríd an gcreideamh a dhiúltaigh Maois, nuair a bhí sé mór, go dtabharfaí mac iníon Pharao air, ó bʼfhearr leis drochíde a fhulaingt maraon le pobal Dé ná pléisiúir neamhbhuana an pheaca a bhlaiseadh. Ba luachmhaire leis an fhonóid a fhulaingt ar son an Chríost ná seoda saibhre uile na hÉigipte, mar bhí sé ag súil leis an luach saothair. Is tríd an gcreideamh a dʼfhág sé an Éigipt, ó nárbh eagal leisfíoch an rí; mar bhí sé tréan láidir mar dhuine a dʼfhéad an té atá dofheicthe a fheiceáil. Is tríd an gcreideamh a rinne sé an Cháisc a chomóradh agus a chroith sé an fhuil, ionas nach mbain-feadh Scriosadóir na gcéad daoine clainne leo. Is tríd an gcreideamh a chuaigh an pobal thar an Muir Rua mar a bheadh sí ina talamh tirim; ach nuair a dʼfhéach na hÉigiptigh leis an rud céanna a dhéanamh, bádh iad. Is tríd an gcreideamh a thit ballaí Iericó anuas, tar éis gabháil mórthimpeall orthu i rith seacht lá. Is tríd an gcreideamh nár scriosadh Rahab an striapach maraon le lucht an díchreidimh, ise a chuir fáilte chairdiúil roimh na spiairí. Agus cad eile a déarfainn? Mar ní bheadh mo shá ama agam le bheith ag eachtraíocht ar Ghidéón, Bhárác, Shamson, Iefta, ar Dháibhí agus ar Shamuel agus ar na fáithe go léir— agus ar a ndearnadar trí chreideamh, bhuaigh siad ríochtaí, chuir siad an ceart i bhfeidhm, ghabh siad le gealltanais, choisc siad le oin chraosacha, mhúch siad tinte tréana, dʼéalaigh siad ó bhéal an chlaímh, dʼéirigh siad as laige go neart, rinneadh tréan láidir i gcogadh iad, chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach. Bhí mná ann a fuair a mairbh ar ais ar aiséirí. Bhí daoine eile á gcéasadh, gan glacadh le fuascailt, ionas go n-éireoidís ar an aiséirí chun beatha ab fhearr. Bhí dream eile ann a dʼfhulaing magadh agus sciúrsáil, agus na slabhraí agus an príosún féin lena chois sin. Bhítí ag imirt báis orthu le clocha a chaitheamh orthu, bhítí á ngearradh ina dhá leath le toireasc, bhítí á gcur chun báis leis an gclaíomh; bhídís ag siúl thart gan orthu ach craicne caorach agus craicne gabhar, go lorn, leatromach, léanmhar— daoine ba rómhaith don saol seo—bhí siadsan ar seachrán fásaigh agus sléibhte nó brúite i bpoill agus i bprochóga faoi thalamh. Ach ní bhfuair siad seo uile a raibh geallta dóibh, dá fheabhas an teist a tugadh ar a gcreideamh, ó feiceann Dia go bhfuil rud éigin ab fhearr ná é i ndán aige dúinn, ionas nach dtiocfaidís chun feabhas gach foirfeachta gan sinne. Ar an ábhar sin, ó tá an néal mór finnéithe sin thart timpeall ar gach taobh dínn, caithimis uainn a bhfuil ina ualach orainn, agus an peaca atá ina leannán orainn, agus cuirimis dínn go foighneach fadfhulangach an cúrsa atá curtha romhainn, ag tabhairt aghaidhe ar Íosa, ceann-ródaí agus críochnaitheoir ár gcreidimh, a thug a shúil ar an lúcháir a bhí roimhe, go dtí gur fhulaing sé an chrois, agus gur thug sé dímheas ar an náire, agus atá anois ina shuí ar dheasláimh ríchathaoir Dé. Samhlaigí daoibh féin an té sin a lig do na peacaigh cur ina éadan chomh mór sin, ionas nach n-éireodh sibh cloíte ná cladhartha in bhur n-aigne. In bhur gcoimhlint leis an bpeaca nlor chuir sibh oiread ina éadan go fóill is gur dhoirt sibh aon bhraon de bhur gcuid fola. Agus an bhfuil dearmad déanta agaibh de na briathra úd a bhíodh do bhur ngríosú mar a ghríosódh athair a mhic?— “A mhic, ná bí beag beann ar smacht an Tiarna, agus ná caill do mhisneach nuair a chuireann sé pionós ort. Mar cuireann an Tiarna smacht ar an té is ansa leis, agus tugann sé gríosáil do gach mac leis, dá nglacann sé.” Is de gheall ar smacht a fhoghlaim a chaithfeas foighne a bheith agaibh. Ní bhíonn Dia libh ach mar a bheadh sé lena mhac; mar cé an mac nach smachtaíonn a athair é? Má fhágtar sibh gan an smacht sin a chur oraibh a chuirtear ar na mic uile, níl ionaibh ach páistí gréine, agus ní mic sibh. Ansin bhí aithreacha den saol seo againn a chuireadh smacht orainn agus ar thugamar urraim dóibh. Nach móide go mór is cóir dúinn umhlú dʼAthair na spridí uile agus bheith beo? Smachtaigh siadsan sinne ar feadh seala bhig mar ab fhearr leo féin é, ach bíonn seisean dár smachtú mar is fearr a oireas dúinn, ionas go mbeimid páirteach ina naofacht féin. Is mó an phian ná an pléisiúr a bhíos sa smacht san am seo i láthair; ach amach anseo tabharfaidh sé torthaí síochánta na fíréantachta do lucht a fhoghlamtha. Dá bhrí sin de, tógaigí na lámha ligthe gan lúth, agus cuirigí láidreacht sna lag-ghlúine, agus siúladh bhur gcosa go cosán-díreach, ionas nach mbeidh leagan ná leonadh ar an mball bacach ach leigheas a chuirfeas lúth ann. Bíodh tóir agaibh ar an tsíochántacht leis na daoine uile, agus ar an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine gnúis Dé ina éagmais. Agus bígí ar bhur bhfaichill nach gcliseann ar aon duine grásta Dé a fháil; agus nach bhfásann aon fhréamh nimheneannta aníos a bheadh ag cothú íoróige, agus a mbeadh mórán á dtruailliú aici; dʼeagla aon striapaire drabhlásach díchráifeach a bheith oraibh mar Ésau a dhíol a cheart sinsearachta ar aon bhéile bia amháin. Mar tá a fhios agaibh gur diúltaíodh dó ina dhiaidh sin nuair a dʼiarr sé an bheannacht a fháil mar oidhreacht, agus nár tugadh aon fhaill dó breith ar a aithreachas, siúd is gur impigh sé sin le deora. Mar níl sibh i ndiaidh teacht chun ní arbh fhéidir libh a mhothú le bhur méara, chun tine lasrach, agus dú-dhorchadas, agus duibheagán, agus doineann gaoithe móire, agus fuaimniú stoic, agus glór ar thug a bhriathra ar na daoine a dʼéist leis bheith ag impí gan é a bheith ag cur cainte orthu a thuilleadh. Mar níor fhéad siad a fhulaingt, an aithne úd a tugadh dóibh, “Má bhaineann fiú ainmhi leis an sliabh, caithfear bás a imirt air le clocha.” Ar ndóigh, bhí sé chomh huafásach gan a bheith ach ag amharc air go ndúirt Maois, “Táim ar aon bharr creatha.” Ní hé siúd, ach é seo: Tháinig sibh go Sliabh Shióin, go dti cathair an Dé bhithbheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí, mar a bhfuil na sluaite síoraí aingeal ag comóradh fleá, agus mar a bhfuil tionól slua ar na céadghinte seo a bhfuil a n-ainmneacha scríofa ar neamh, agus tháinig sibh os comhair an Ollbhreithimh Dhiaga agus i láthair anam-acha na bhfíréan a tugadh chun foirfeachta, agus i láthair Íosa, idirghabhálaí cúnaint úrnua, agus i láthair na fola a bhíos á croitheadh, ar fearr a mana ná an mana a bhí ag Abel. Bígí ar bhur bhfaichill gan bheith doicheallach ná diúltach leis an té atá ag labhairt libh. Ní raibh aon imeacht as ag ar eitigh an té a thug rabhadh dóibh ó thalamh, agus is lúide an fhaill imeachta a bheas againne má dhiúltaímid don té a bhíos ag tabhairt rabhaidh dúinn ó neamh. Bhí a ghlór ag baint creatha as an talamh an uair úd; ach tá geallta aige anois, “An t-aon uair amháin eile ní as an talamh amháin ach as na neamha a bhainfidh mé crith.” Ciallaíonn na focail seo, “An t-aon uair amháin eile”, go gcuirfear ar ceal a gcroithfear, nach raibh ann nó go ndearnadh é, ionas go mbuanófar an méid nárbh fhéidir a chroitheadh. Bímis buíoch beannachtach mar sin faoin ríocht dho-chorraithe sin a bronnadh orainn, agus tugaimis an t-adhradh sin do Dhia is fearr a thaitneos leis go cráifeach critheaglach; ós tine chraos-slogthach é an Dia is againne. Maireadh an bhráithriúlacht go buan. Nárab é bhur ndearmad bheith forbhfáilteach roimh choimhthígh, ós dá bharr sin a bhí aingil mar aionna ag daoine áirithe gan fhios dóibh. Cuimhnígí ar a mbíonn i bpríosún ionann is dá mbeadh sibh sa phríosún inagcuideachta; aguscuimh-nígí ar an dream a dtugtar drochíde dóibh, ós sa chorp daoibh féin. Bíodh an pósadh á onórú ag gach uile dhuine, agus leaba na lánúine glan geanmnaí; mar tabharfaidh Dia breithiúnas ar dhrúiseoirí agus adhaltraigh. Seach-naígí an tsaint, agus bígí sásta lena mbíonn agaibh; mar dúirt sé féin, “Ní fheallfaidh mé ort agus ní thréigfidh mé thú.” Is féidir dúinn mar sin a rá go dána neamheaglach, “Is é an Tiarna mʼíhear cuidithe, ní bheidh aon eagla orm; cad é a fhéadann an duine a dhéanamh orm?” Cuimhnígí ar bhur gceannairí, ar na daoine úd a Iabhair briathar Dé libh; agus breathnaígi ar an gceann cúrsa a bhíodh acu ina mbeatha, agus déanaigí aithris ar an gcreideamh a bhíodh acu. Is ionann Íosa Críost inniu agus amárach agus go saol na saol. Ar an ábhar sin ná bígí do bhur scuabadh ar shiúl ag teagaisc éagsúla aisteacha; ós fearr neart a chur sa chroí le grásta Dé, agus ní le bianna nach mbíodh tairbhe iontu don dream a chleachtadh iad. Tá altóir againne nach bhfuil ceart ag lucht taithithe an phailliúin bheith ag ithe uaithi. Mar bítear ag loscadh taobh amuigh den champa coirp na n-ainmhithe a dtugann an t-ardsagart a gcuid fola isteach sa sanctóir mar íobairt ar son na bpeacaí. Dʼfhulaing Íosa ar an nós céanna taobh amuigh den gheata de gheall ar an bpobal a naomhú lena fhuil féin. Imímis mar sin amach as an gcampa chuige, ag cur suas leis an drochíde a fhaighimid dá thairbhe. Mar níl aon chathair bhithbhuan anseo againne a bhfuil súil againn leis an gcathair atá le teacht. Bímis mar sin go buan ag ofráil íobairt mholta do Dhia trídsean, is é sin toradh na mbéal a admhaíos a ainmsean. Nárab é bhur ndearmad an mhaith a dhéanamh agus bheith ag roinnt a mbíonn agaibh, ós iad siúd na híobairtí is fearr a thaitníos le Dia. Bígí ag umhlú do bhur gceannairí agus géilligí dóibh; mar bíonn siad ó chodladh na hoíche ag faire ar bhur n-anamacha mar dhaoine a chaithfidh cuntas a thabhairt iontu. Go ndéana siad seo go lúcháireach, mar is daor a cheannóidh sibh é dá mbeadh brón orthu. Bígí ag guí ar ár son, mar táimid cinnte go bhfuil dea-choinsias againn, agus mian againn gach uile rud a dhéanamh mar ba choir. Cuirim sin mar achainí oraibh, óir dá mhéad a dhéanfas sibh é is amhlaidh is luaithe a bheidh mé ar ais agaibh arís. Ós é Dia na síochána a thóg arís ó mhairbh trí fhuil an chúnaint shíoraí an mórmhaor sin na gcaorach, ár dTiarna Íosa Críost, go raibh sé do bhur bhfeistiú le gach feabhas chun a thoil a dhéanamh, agus go n-oibrí sé ionaibh mar is fearr a thaitneos leis féin, trí Íosa Críost; go raibh glóir dó go saol na saol. Áiméan. Iarraim mar achainí oraibh, a bhráithre, cur suas leis an mbriathar gríosaithe seo uaim, ó tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal. Tuigigí gur scaoileadh ár mbráthair Timótéus, feicfidh mé sibh agus eisean Horn má thagann sé gan mhoill. Beannaígí do bhur gceannairí agus do na naoimh uile. Cuireann an dream as an Iodáil a mbeann-acht chugaibh. Go raibh grásta Dé agaibh uile go léir. Áiméan. Séamas, seirbhíseach ag Dia agus ag an Tiarna Íosa Críost, Chuig dhá threibh déag na deoraíochta: Beatha agus sláinte. Ná bíodh sé ach ina chúis áthais agaibh, a bhráithre, nuair a thagann nithe éagsúla oraibh le bhur mbuaireamh, mar tá a fhios agaibh, nuair a chuirtear bhur gcreideamh chun féachana, go dtagann foighne as. Agus lig don fhoighne iomlán a cuid oibre a dhéanamh, ionas go mbeidh sibh do bhur gcur i gcrích leis, agus sibh iomlán gan easpa. Má tá easpa eagna ar aon duine agaibh, iarradh sé ar Dhia í, a bhíos ag tabhairt uaidh go fial gan mhaíomh, agus tabharfar dó í. Ach bíodh sé á hiarraidh i gcreideamh, gan aon amhras a bheith air, mar an té atá in amhras bíonn sé mar thonn san fharraige atá á tiomáint agus á tuairteáil ag an ngaoth. Ná síleadh an duine seo go bhfaighidh an dúblálaí úd an dá intinn aon iarratas ón Tiarna. Maíodh an bráthair uiríseal as a ardú, agus an bráthair saibhir as a uirísliú, ós rud é go mbíonn sé ag imeacht as mar bhláth an mhachaire. Éiríonn an ghrian agus feonn an féar le bruth a teasa; agus titeann a bhláth de agus cailleann a ghnúis a gnaoi. Is amhlaidh a chrionfaidh an fear saibhir ina shiúlta. Is beannaithe an fear a fhulaingíos cruatan, mar nuair a sheasfaidh sé an triail gheobhaidh sé bláthfhleasc seo na beatha atá geallta ag Dia don dream a mbíonn grá acu dó. Ná habhradh aon duine, nuair a chuirtear cathú air, “Tá Dia ag cur cathú orm”; ó nach féidir do dhrochní cathú a chur ar Dhia, agus ó nach gcuireann sé cathú ar dhuine ar bith; ach bíonn cathú á chur ar gach duine nuair a bhíonn a ainmhian féin á mhealladh agus á bhréagadh. Gabhann an ainmhian ansin agus gineann sí an peaca; agus nuair a thagas a íhás iomlán ar an bpeaca beireann sé an bás. Ná bíodh aon bhreall oraibh, a bhráithre mʼansachta. Is as neamh anuas gach dea-thabhartas agus gach tíolacadh is fearr, ag teacht ó Ardathair gach solais nach dtagann scáth ná claochlú air. Is dá dheoin féin a rinne sé ár nginiúint trí bhriathar na fírinne le bheith inár sórt céadtorthaí dár chruthaigh sé. Tuigigí seo, a bhráithre mʼansachta, go gcaithfidh gach duine bheith géar lena chluais, agus mall lena bhéal, agus mall i bhfeirg, ó nach n-oibríonn fearg an duine fíréan-tacht Dé. Dá bhrí sin cuirigí uaibh bréine agus borradh na coirpeachta agus gabhaigí go min ceansa leis an mbriathar a chuirtear ionaibh, a bhfuil sláinte bhur n-anamacha ag brath air. Ach bígí in bhur lucht gníomhaithe an bhriathair agus ní in bhur lucht éiste amháin a chuireas dallamullóg orthu féin. An duine nach ndéanann ach éisteacht leis an mbriathar gan a chur i ngníomh, bíonn seisean mar fhear a amharcas ar an ngnúis atá aige ó nádúr i scáthán; mar bíonn sé á bhreathnú féin ag imeacht leis ansin ag déanamh dearmaid ar a raibh sé cosúil leis. Ach an té a fhéachas ar dhlí iomlán na saoirse, agus a leanas de go buan, gan bheith ina éisteoir dearmadach ach ina ghníomhaí déantas-ach, beidh beannacht air ina mbíonn á dhéanamh aige. Má mheasann aon duine go bhfuil sé cráifeach, agus gan srian aige lena theanga ach é á mhealladh féin ina chroí, is díomhaoin cráifeacht an duine úd. Is í an chráifeacht ghlan gan smál os comhair Dé an tAthair é seo: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha ina gcruachás agus tú féin a choinneáil gan smál ón saol. A bhráithre liom, ná claonaigí le taobh ar bith má chloíonn sibh le creideamh Thiarna na glóire, ár dTiarna Íosa Críost. Má thagann duine órfháinneach dea-éadaithe isteach i lúb cruinnithe dá bhfuil agaibh, agus má thagann duine bocht i gculaith smolchaite isteach freisin, agus má thugann tú aghaidh ar fhear an éadaigh ghalánta agus má deir tú, “Suigh anseo le do thoil,” agus a rá leis an duine bocht, “Seas ansin,” nó, “Suigh anseo faoi mo chosa,” nach bhfuil idirdhealú déanta agaibh idir daoine, agus nach bhfuil sibh in bhur mbreithiúna drochintinneacha? Éistigí leis seo, a bhráithre mʼansachta. Nár thogh Dia bochtáin an tsaoil seo le bheith saibhir i gcreideamh agus le seilbh a fháil ar an ríocht atá geallta aige don dream a bhfuil grá acu dó? Ach thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad na daoine saibhre a imríos ansmacht oraibh, agus nach iad a bhíos do bhur sracadh isteach i gcúirt? Nach iad a thugas masla don ainm onórach sin a gaireadh díbhse? Má tá an dlí ríoga de réir an scrioptúir, “Bíodh grá agat do do chomharsa mar a bhíos agat duit féin,” á chomh-líonadh agaibh, tá maith déanta agaibh. Ach má chlaonann sibh le taobh ar bith, tá peaca déanta agaibh, agus tá sibh ciontaithe ag an dlí mar choirpigh. Mar cibé duine a choinníos iomlán an dlí agus a chliseann in aon phointe amháin, tá an t-iomlán sáraithe aige. Mar an té a dúirt, “Ná déan adhaltranas”, dúirt sé, “Ná déan dúnmharú.” Má dhéanann tú dúnmharú gan adhaltranas a dhéanamh, tá an dlí sáraithe agat. Bígí ag labhairt agus ag déanamh mar dhaoine a dtabharfar breithiúnas orthu de réir dhlí na saoirse. Mar an té nach ndearna trócaire gheobhaidh sé breithiúnas gan trócaire; ach bíonn an trócaire ag maíomh an bhua ar an mbreithiúnas. Cad é an tairbhe é, a bhráithre liom, duine a bheith á rá go bhfuil creideamh aige gan gníomhartha a bheith aige? An bhféadann a chreideamh a shlánú? Má bhíonn bráthair nó siúr i ndíobháil éadaigh nó in easpa bia an lae sin, agus duine agaibh á rá leis, “Slán agus beannacht agat, déan do ghoradh agus bíodh do shá agat le n-ithe,” gan na nithe a thabhairt dóibh a bhfuil riachtanas ar a gcorp leo, cad é an tairbhe é? Mar an gcéanna is marbh an creideamh nach bhfuil aige ach é féin gan oibreacha a bheith aige. Ach tá an duine ann a déarfas, “Tá creideamh agat agus tá oibreacha agam.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais dʼoibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duit as mʼoibreacha. Creideann tú nach bhfuil ann ach Dia amháin; is maith mar a dhéanann tú é. Bíonn creideamh go fiú ag na deamhain agus creathnú orthu. An bhfuil cruthú uait, a chinn gan chiall, gur aimrid an creideamh a bhíos ann in éagmais na n-oibreacha? Nár fíréanaíodh Abracham ár n-athair ó oibreacha, nuair a thoirbhir sé a mhac Íosóg ar an altóir? Feiceann sibh gur chomhoibrigh an creideamh lena oibreacha, agus gur comhlíonadh an scrioptúr a deir, “Chreid Abracham Dia, agus measadh ina fhíréantacht aige é”; agus glaodh cara Dé de. Feiceann sibh go bhfíréanaítear fear as oibreacha agus ní as creideamh amháin. Agus nach mar an gcéanna a fíréanaíodh Rahab an striapach mná ó oibreacha nuair a chuir sí fáilte roimh na teachtairí agus a chuir sí uaithi iad ar athrach slí? Dá bhrí sin mar is marbh an corp in éagmais an anama, is amhlaidh is marbh an creideamh in éagmais na n-oibreacha. Ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, a bhráithre liom, ó tá a fhios agaibh gur troimide a thabharfar breithiúnas orainne, na teagascóirí. Is iomaí sin locht orainn uile, agus an té nach mbíonn lochtach ina bhriathra, is duine foirfe é a íhéadas srian a chur lena chorp uile. Má chuirimid béalbhacha i mbéil capall lena ndéanamh umhal dúinn, is féidir linn a gcoirp uile a threorú. Dearcaigí freisin ar na longa; dá mhéad is atá siad agus dá láidreacht iad na gaotha a thiomáineas iad, bítear á dtreorú le stiúir bheag bhídeach cibé slí is toil leis an bpiolóta a ndíríú. Mar an gcéanna is beag an ball í an teanga agus is mór an maíomh a dhéanas sí. Nach gcuireann beagán tine mórchoill chrann ar scoite lasrach? Agus is tine í an teanga; is í an domhan éagórach í i mease na mball a shalaíos an corp uile, agus a chuireas le tine a bhfuil faoi rothaí na gréine, agus í á fadú ó ifreann. Mar níl aon chineál ainmhí ná éin ná péiste ná éisc nach féidir a cheansú agus nach bhfuil ceansaithe ag an duine, ach i dtaca leis an teanga, níl sí incheansaithe ag duine ar bith—bíonn drochfhuadar fúithi, agus í lán de nimh mharfach, agus í ar obair gan sos gan suaimhneas. Is léi a bheannaímid an Tiama agus an tAthair, agus is léi a mhallaímid na daoine, a cruthaíodh i gcosúlacht Dé. Tagann na beannachtaí agus na mallachtaí as an aon bhéal amháin. Ach níl ceart ná ciall leis sin, a bhráithre. An mbíonn aon tobar ag cur amach uisce mhilis agus uisce ghoirt as an aon bhéal amháin? An féidir le crann fige ológa a thabhairt uaidh, nó an féidir le fíniúin figí a thabhairt uaithi? Ní mó is féidir le huisce goirt uisce milis a thabhairt uaidh. Cé sin in bhur measc a bhfuil eagna agus tuiscint aige? Taispeánadh sé a oibreacha le dea-eagar beatha maille le heagnaíocht cheansa. Ach má tá searbh-éad agus uaill-mhian in bhur gcroíthe, ná bígí ag maíomh as agus ag fealladh ar an bhfírinne. Ní eagna a thagas anuas ó neamh í seo, ach gliceas saolta, collaí diabhalta. An áit a mbíonn an t-éad agus an uaillmhian ann, bíonn mí-ord agus gach cineál míghnímh ann. Ach bíonn an eagna a thagas anuas ó neamh naofa ar dtús, agus ansin bíonn sí síochánta, séimh, so-chomhairleach, lán de thrócaire agus de thorthaí maithe, agus gan drochamhras ná mídhílseacht inti. Agus bíonn an fhíréantacht mar thoradh ar an síol a bhíos á chur go síochánta ag lucht iarrtha na síochána. Cá has a mbíonn cogaí, agus cathanna eadraibh? Nach as seo, as na hainmhianta atá ag amhthroid in bhur mbaill bheatha? Bíonn mian oraibh gan sásamh agaibh; agus maraíonn sibh mar sin. Bíonn saint oraibh gan sásamh le fáil; agus cuireann sibh cathanna agus cogaí. Ní bhíonn agaibh ó nach n-iarrann sibh. Iarrann sibh agus ní bhfaigheann sibh, ós go hole a iarrann sibh ní, le bhur n-ainmhian a shásamh. Níl samhail oraibh ach banchéilí mídhílse! Nach bhfuil a dhea-fhios agaibh gurb ionann cairdeas an tsaoil agus eascairdeas do Dhia? Dá bhrí sin an té ar mhian leis bheith ina chara don saol, is namhaid do Dhia é. Nó an síleann sibh gur in aisce a dúirt an scrioptúr, “Bíonn sé ag tnúth go héadmhar leis an sprid a chuir sé ina cónaí ionainn”? Ach is móide a thugas sé grásta; dá bhrí sin dúradh, “Cuireann Dia in éadan lucht an uabhair, ach tugann sé grásta don dream uiríseal”. Géilligí mar sin do Dhia. Cuirigí in aghaidh an diabhail agus teithfidh sé uaibh. Dlúthaígí le Dia agus dlúthóidh sé libh. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroíthe, a dhaoine atá idir dhá intinn. Bígí go dubhach dobrónach deorach. Go dtuga sibh bhur ngáire ar bhrón agus bhur ngairdeas ar ghruaim. Bígí do bhur n-uirísliú féin i láthair an Tiarna agus ardóidh sé sibh. Ná cáinigí a chéile, a bhráithre. An té a cháineas bráthair nó a dhaoras a bhráthair, cáineann sé an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní bhíonn tú ag cur an dlí i bhfeidhm ach ag tabhairt breithiúnais air. Níl ann ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin, a fhéadas saoradh nó scriosadh. Ach cé tusa, go dtabharfá breithiúnas ar do chomharsa? Seo anois, a ghiollaí úd a bhíos á rá, “Beidh a leithéid de bhaile tugtha againn orainn féin inniu nó amárach, agus caithfimid bliain ann ag díol agus ag ceannach earraí agus ag gnóthú airgid”; agus sibh in ainbhios cad é a tharlós amárach. Cad í an bhrí í bhur mbeatha? Gan ionaibh ach ceo a thagas ar amharc seal tamaill agus a théas as an amharc. Ba choir daoibh a rá ina ionad sin, “Más mar seo a ordóidh Dia, beimid beo, agus déanfaimid seo nó siúd”. Ach mar atá an scéal, níl ann ach maíomh agus mórtas. Agus is dubh ar bhur n-anamacha maíomh ar bith den sórt. Ach an té a thuigeas cad é is cóir a dhéanamh agus nach ndéanann é, tá peaca air. Seo anois, a dhream úd an tsaibhris, bíodh uaill chaointe asaibh faoin anró atá le teacht oraibh. Tá morgadh ar bhur maoin, agus bhur bhfallaingeacha ina mbia leamhan. Tháinig meirg ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh a meirgsean ina bhfianaise in bhur n-éadan agus bhur bhfeoil á creimeadh aici mar thine. Is sibh a chruinnigh stór le haghaidh na laethanta déanacha. Seo tuarastal na n-oibrithe a rinne fómhar bhur bhfearann a choinnigh sibh siar uathu atá ag tógáil éimh in bhur n-éadan; agus tháinig éamh na mbuanaithe i gcluasa Thiarna na slua. Bhíodh sibh faoi sháile agus faoi shuairceas ar an talamh; bhíodh sibh ag cothú bhur gcroíthe i lá an áir. Dhaor sibh, agus dhúnmharaigh sibh an duine fíréanta; ní chuireann sé in bhur n-éadan. Bíodh foighne oraibh mar sin, a bhráithre, go dtí teacht an Tiarna. Siúd é an feirmeoir ag fanacht le toradh thoice an talaimh, agus bíonn sé go foighneach faoi go bhfaighe sé an séasúr báistí is luaithe agus is moille. Bíodh foighne agaibh freisin. Bíodh croí agaibh, ní fada uainn teacht an Tiarna. Ná bígi ag clamhsán faoina chéile, a bhráithre, ar eagla breithiúnas a tharraingt oraibh féin; bʼshiúd é an breitheamh ina sheasamh ag an doras. Mar dhea-shampla fadfhulaingthe agus foighne, glacaigí, a bhráithre, na fáithe a labhraíodh in ainm an Tiarna. Féachaigí nach ndeirimid gur beannaithe iad lucht na foighne? Chuala sibh trácht ar fhadfhulaingt Ióib, agus chonaic sibh cad é mar chuir an Tiarna i gcrích é, mar is truachroíoch trócaireach é an Tiarna. Ach thar rud ar bith eile, a bhráithre, seachnaígí na mionnaí móra, agus ná tugaigí neamh ná talamh ná mionn ar bith eile, ná bíodh de dhearbhú agaibh ach is ea ná de shéanadh agaibh ach ní hea, le leisce breith dhaortha a tharraingt oraibh féin. An bhfuil aon duine agaibh ag fulaingt drochíde? Bíodh sé ag guí. An bhfuil aon duine go soilbhir? Gabhadh sé duan ag moladh Dé. An bhfuil aon duine agaibh breoite? Cuireadh sé fios ar chruifreacha na heaglaise, agus guídís air, á ungadh le hola in ainm an Tiarna; agus slánóidh urnaí an chreidimh an t-othar, agus ardóidh an Tiarna é; agus má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad. Mar sin admhaígí bhur bpeacaí dá chéile, agus guígí ar a chéile chun go slánófar sibh. Bíonn éifeacht mhórchumh-achtach ag guí an fhíréin. Ba dhuine é Elía ab ionann nádúr dúinne agus dó, agus rinne sé urnaí dhúthrachtach gan fearthainn a bheith ann, agus ar feadh trí bliana agus sé mhí níor fearadh aon fhearthainn ar thalamh. Ghuigh sé ansin arís agus dʼfhear na spéartha an fhearthainn, agus thug an talamh a thorthaí. A bhráithre, má théann duine agaibh ar seachrán ón bhfírinne agus má thugann duine éigin ar ais é, bíodh a fhios seo aige, an té a thugas an peacach ar ais ó sheachrán slí, go saorfaidh sé a anam ó bhás agus go ndéanfaidh sé leorghníomh i mórán peacaí. Peadar, aspal Íosa Críost, Ag beannú do dheoraithe na díbeartha ar fud Phontas, Ghalátia, Chappadócia, na hÁise, agus Bhitinia, a toghadh de réir réamheolas Dé an tAthair, agus a naomhaíodh leis an Spiorad le bheith umhal dʼÍosa Críost agus lena fhuil a bheith á doirteadh orthu: Méadú grásta agus síochána daoibh. Go mba bheannaithe Dia, Athair ár dTiarna Íosa Críost! Is dá mhórthrócaire a athghineadh sinne chun dóchais bhithbheo trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun oidhreachta síorbhuaine gan smál gan feo, atá á taisceadh ar neamh daoibhse, atá ar choimirce chumhachtaí Dé tríd an gcreideamh le haghaidh slánaithe atá réidh ullamh lena nochtadh i ndeireadh aimsire. Is cúis lúcháire agaibh é sin, siúd is go bhfuil oraibh cruatain éagsúla a fhulaingt ar feadh tréimhse bige, ionas go bhféachfar firinneacht bhur gcreidimh, is luachmhaire go mór ná an t-ór so-chaite a fhéachtar sa tine, rud a bheas mar mhéadú glóire agus molta agus onóra sa lá a thaispeánfar Íosa Críost. Bíonn grá agaibh dó cé nár amharc sibh air; agus creideann sibh ann, cé nach bhfeiceann sibh fós é, le hardáthas do-aithriste. Gheobhaidh sibh slánú bhur n-anamacha mar thoradh ar bhur gcreideamh. Na fáithe a dhéanadh tairngreacht i dtaobh an ghrásta a bhí i ndán daoibh, bhíodh an slánú sin á shiortú agus á scrúdú acu; le fios a fháil cá huair a thiocfadh an té sin, a raibh an Spiorad sin Chríost a bhí iontu ag insint faoi, agus é ag tabhairt réamhfhianaise ar phianpháis Chríost agus ar an nglóir a thiocfadh ina dhiaidh. Agus nochtadh dóibh nach dóibh féin ach daoibhse a dʼíhón siad, sna nithe sin a bhí á n-insint daoibh ag an dream a thug an soiscéal chugaibh tríd an Naomh-Spiorad a cuireadh síos ó neamh, na nithe sin ar mhian leis na haingil amharc a fháil orthu. Bíodh mar sin bhur gciall á cóiriú agus á crioslú agaibh, bígí go stuama staidéartha, agus iomlán muiníne agaibh as an ngrásta atá le teacht chugaibh nuair a thaispeánfar Íosa Críost. Ós clann sibh a bhfuil comhairle oraibh, ná leanaigí do na hainmhianta a bhíodh oraibh in am bhur n-ainbheasa, ach bígí niamhghlan naofa in bhur n-iompar de réir naofacht an té a ghlaoigh oraibh; ó scríobhadh, “Beidh sibhse naofa, ó tá mise naofa.” Agus má bhíonn achainíocha athar agaibh ar an té a thugas breith chothrom ar gach duine de réir a ghníomhartha, iompraígí sibh féin go hurramach omósach ar feadh tréimhse bhur ndeor-aíochta. Tá a fhios agaibh nach le nithe so-chaite, mar airgead agus ór, a fuasclaíodh sibh ó na bealaí baotha a tháinig anuas chugaibh ó bhur n-aithreacha, ach is le fuil mhórluachmhar Chríost an t-uan gan smál gan ainimh. Bhí sin i ndán dó roimh bhunadh an domhain, ach gur nochtadh é i ndeireadh aimsire mar mhaithe libhse. Is trídsean a bhíonn muinín agaibh as Dia, a thóg ó mhairbh é agus a thug glóir dó, ionas go bhfuil creideamh i nDia agaibh agus dóchas agaibh as. Naomhaígí bhur gcroíthe trí bheith umhal don fhírinne chun bráithriúlachta gan chealg, agus bíodh dianghrá ó chroí agaibh dá chéile. Athghineadh sibh, ní ó shíol sothruaillithe ach ó shíol dothruaillithe, is é sin trí bhriathar buan bithbheo Dé; mar “Is ionann feoil agus féar agus níl a maise uile ach mar bhláth an fhéir. Feonn an féar, agus titeann an bláth ar lár, ach fanann briathar an Tiama buan go brách.” Is é an briathar úd an soiscéal a chuala sibh. Cuirigí uaibh mar sin gach uile chineál mailíse agus mídhílseachta agus fimíneachta agus formaid agus focal cúlchainte. Bígí mar naíonna nuabheirthe, bíodh tart oraibh faoi bhainne cíche glan spioradálta, a chuireas fás ionaibh chun slánaithe; ó fuair sibh bias ar chneastacht an Tiama. Tagaigí chuici, an bheochloch úd, ar dhiúltaigh na daoine di, ach atá ina seoid luachmhar thofa i súile Dé; agus bígí féin mar bheochlocha a bhfuil teach spioradálta á thógáil leo, le bheith in bhur naomhbhuíon shagart, a ofráilfeas íobairtí spioradálta taitneamhacha do Dhia trí Íosa Críost. Mar a léitear sa scrioptúr: “Féach, táim á cur síos i Sión, an chloch chinn chúinne thofa mhórluachmhar, agus an té a chreidfeas inti ní náireófar é.” Is luachmhar mar sin é agaibhse a bhfuil creideamh agaibh, ach maidir le lucht an díchreidimh, “An chloch sin ar dhiúltaigh na saoir di rinneadh cloch chinn an chúinne di,” agus “Cloch a bhainfeas tuisle as daoine, carraig a leagfas go lár iad;” ó baintear tuisle astu nuair a bhíonn siad easumhal don bhriathar, de réir mar a bhí i ndán dóibh. Ach is cine tofa, is sagartacht ríoga, is náisiún naofa sibhse, pobal Dé, le bheith ag foilsiú dhea-thréithre an té a ghlaoigh as dorchadas chun a sholais iontaigh féin sibh. Bhí am ann nár phobal sibh, ach is pobal Dé sibh anois; bhí am ann nach ndearnadh trócaire oraibh, ach rinneadh trócaire oraibh anois. A dhaoine is ansa liom, impím oraibh mar dheoraithe agus mar dhíbeartaigh staonadh ó ainmhianta na colainne a chuireas cath ar an anam. Cuirigí dea-eagar ar bhur mbeatha i mease na nGintlithe, sa chaoi má bhíonn sibh do bhur gcáineadh acu mar lucht míghníomhartha, go bhfeice siad bhur ndea-ghníomhartha agus go dtuga siad glóir do Dhia sa lá a leagfaidh sé a lámh orainn. Géilligí ar son an Tiarna do gach uile bhun-nós daonna, más dʼardcheannas an impire é, nó do na gobharnóiri atá curtha uaidh aige le bheith ag cur pionóis ar lucht na míghníomhartha agus le moladh a thabhairt do lucht na ndea-ghníomhartha. Mar is é is toil le Dia go ndéanfadh sibh dea-ghníomhartha le tost a chur ar na hamadáin aineolacha. Bíodh saoirse agaibh, ach saoirse faoi chuing Dé nach bhfuil ina leithscéal chun peacaí. Onóraígí gach uile dhuine, gráígí an bráithreachas. Tugaigí urraim do Dhia, agus onóir don impire. A sheirbhísigh, tugaigí umhlaíocht urraime do cheann urra an tí, ní hamháin do dhea-chinn urra cneasta ach do dhaoine ar deacair roinnt leo. Mar is maith an mhaise é don té sin a ghlacas go foighneach le pianta a chuirtear air go héagórach ar ghrá Dé. Cad é an clú daoibhse é má ghlacann sibh le buillí as míghníomhartha? Ach má tá an mhaith déanta agaibh agus má ghlacann sibh go foighneach leis an bpionós a chuirtear oraibh, bíonn Dia sásta libh ansin. Mar is chuige sin a glaodh sibh, ó dʼfhulaing Críost féin ar bhur son, agus ó dʼfhág sé eiseamláir agaibh conas a leanfadh sibh a lorg; eisean nach ndearna peaca; níor chan a bhéal aon chluanaireacht. Nuair a tugadh achasán dó níor thug sé achasán uaidh; nuair a dʼfhulaing sé, níor bhagair sé; ach á chur féin i muinín bhreitheamh na córa. Ba é a dʼíoc as ár bpeacaí lena chorp féin ar an gcrann, ar chaoi nach mbeimis ann níos mó don pheaca ach sinne a bheith beo don fhíréantacht. Ba iad a chneácha a leigheas sibh. Bhí sibh mar chaoirigh sheachráin, ach gur fhill sibh chuig aoire agus easpag bhur n-anamacha. Agus maidir libhse, a mhná pósta, umhlaígí mar an gcéanna do bhur bhfir chéile. Tá cuid acu easumhal don bhriathar. Ach féadfar breith orthu gan bhriathar ach múineadh a bheith ar a mbanchéilí, nuair a fheiceann siad go mbíonn modh agus urraim oraibh. Ná bígí do bhur maisiú féin ar an taobh amuigh, ag fí bhur ngruaige, nó do bhur ngléasadh féin le hór, nó ag cur éide oraibh féin, ach maisígí an duine úd atá i bhfolach in bhur gcroíthe istigh le haigne chiúin chneasta, an chloch bhua bhuan is luachmhaire i súile Dé. Na mná naofa a mbíodh dóchas as Dia acu fadó ba mar sin a mhaisídís iad féin ag umhlú dá bhfir chéile, mar a dʼumhlaigh Sára dʼAbracham, agus mar a ghlaodh sí a tiarna air. Agus bíonn sibhse in bhur gclann iníonacha aici má dhéanann sibh an mhaith gan ligean dʼaon ní cladhairí a dhéanamh díbh. Agus maidir libhse, a fhir chéile, bígí tuisceanach ag dul in aontíos le bhur mbanchéilí, ag tabhairt na honóra is dual don chineál lag banda, ó tá sibh in bhur gcomhoidhrí ar ghrásta na beatha, ionas nach gcuirfear toirmeasc ar bhur n-urnaithe. Faoi dheireadh, bígí uile ar aon intinn, go báúil, bráithriúil, bogchroíoch, uiríseal. Ná tugaigí olc inaghaidh oilc ná achasán in aghaidh achasáin; ach a athrach ar fad de bheannachtaí, ó fuair sibh cuireadh le beannacht a fháil mar oidhreacht. Mar “An té a bhfuil toil aige do ghrá a bheith aige don bheatha agus dea-laethanta a fheiceáil, coinníodh sé a theanga ón olc agus a bhéal ó labhairt urchóide; tugadh sé cúl don olc agus déanadh sé an mhaith; iarradh sé an tsíocháin agus leanadh sé di. Mar bíonn súile an Tiarna ar na fíréin, agus bíonn cluas air lena n-achainí. Ach bíonn gnúis an Tiarna i gcoinne lucht déanta an oilc.” Ach cé sin a dhéanfas dochar daoibh má tá dúthracht ionaibh don dea-rud? Agus más rud é go mbíonn oraibh pianta a fhulaingt ar son na fíréantachta, is beannaithe a bheidh sibh dá bharr. Ná bíodh eagla oraibh rompu ná buairt, ach tugaigí urraim bhur gcroíthe do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh in am ar bith le freagra a thabhairt ar an té a fhiafraíos díobh cé an t-údar atá leis an dóchas sin atá agaibh, ach é a thabhairt go cneasta critheaglach; gan buairt choinsiasa, ionas go mbeidh náire ar lucht na cúlchainte a cháineas bhur ndea-iompar i gCríost. Mar is fearr é pionós a fhulaingt, más toil le Dia é, ar son dea-ghnímh ná ar son drochghnimh. Mar fuair Críost bás aon uair amháin ar son ár bpeacaí, agus dʼfhulaing an fíréan ar son na neamhfhíréan, ionas go dtabharfadh sé chun Dé sinn, agus é á chur chun báis i gcolainn, ach á bheoú sa spiorad; ina ndeachaigh sé agus ina ndearna sé seanmóireacht do na hanamacha i bpríosún, bhí easumhal roimhe sin nuair a bhí foighne fhada Dé ag fanacht leo, i laethanta Naoi, san am a raibh an áirc á tógáil, inar tarrthaíodh beagán, is é sin ochtar duine, tríd an uisce. Is é an baiste atá ag freagairt di sin, a tharrthaíos sibhse anois, nach é glanadh salachar coirp é, ach éileamh coinsiasa ghlain ar Dhia, trí aiséirí Íosa Críost, atá i ndiaidh dul chun na bhflaitheas agus atá anois ar dheasláimh Dé, agus a bhfuil na haingil agus na húdaráis agus na cumhachtaí curtha faoina smacht. Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, go mba é sin an mana saighdiúra a bheas agaibh, ó tá an té a dʼfhulaing sa cholainn tar éis cur suas don pheaca, agus rún aige gan an chuid eile dá shaol a chaitheamh de réir antoil an duine ach de réir thoil Dé. Go mba leor linn an t-am a chuaigh thart leis na nithe sin is toil leis na Gintlithe a chleachtadh ag dul le drabhlás, le drúis, le meisce, le pléaráca, le pótaireacht, agus le híoladhradh míchóir. Is iontach leo nach dtéann sibh i bpáirt leo san ainrialtacht sin, agus bíonn siad ag clamhsán oraibh; ach tabharfaidh siad cuntas ann os comhair an té sin atá le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh. Is é sin an chúis ar cuireadh an soiscéal roimh na mairbh iad féin, ionas go mairfidís mar Dhia sa spiorad, siúd is gur tugadh breith orthu sa cholainn mar dhaoine. NÍ fada go mbeidh deireadh lena bhfuil ann; bígí stuama staidéartha mar sin le haghaidh bhur n-umaithe. Thar gach rud eile bíodh dianghrá dúthrachtach agaibh dá chéile, ó cheileann an grá mórán peacaí. Bígí fáilteach flaithiúil dá chéile gan doicheall. Baineadh gach duine agaibh feidhm as an mbua a bronnadh air le leas a chéile, mar dhea-riarthóirí grásta ilghnéithigh Dé; an té a labhraíos, mar a labhródh béal Dé; an té a dhéanas seirbhís, déanadh sé í leis an gcumhacht a sholáthraíos Dia dó; ar modh go dtugtar glóir do Dhia trí Íosa Críost i ngach aon ní. Is leis atá an ghlóir agus an chumhacht go saol na saol. Áiméan. A phobail na páirte, nárb iontach libh an triail thin-treach atá ag teacht oraibh do bhur bhféachaint, ionann is dá mba ainchleachta agaibh é. Ach bíodh lúcháir oraibh trí bheith páirteach í bpáis Chríost ar modh go mbeidh áthas agus lúcháir oraibh nuair a nochtfar a ghlóir. Má thugtar aithis daoibh mar mhaithe le hainm Chríost, is beannaithe sibh, ó cónaíonn spiorad Dia na glóire oraibh. Ach ná cuirtear pionós ar aon duine agaibh mar dhún-mharfóir, ná mar ghadaí, ná mar choirpeach, ná mar chlampróir; ach más mar Chríostaí a bhíonn pionós le fulaingt aige, ná bíodh aon náire air, ach é ag méadú ghlóir Dé agus an t-ainm sin air. Mar tá sé in am ag an mbreithiúnas tosú ag teaghlach Dé; agus má thosaíonn sé linne, cad é an deireadh a bheas ar an dream atá easumhal do shoiscéal Dé? Agus “Más ar éigean a shlánófar an fíréan, cad é an chuma a bheas ar an éagráifeach agus ar an bpeacach?” Mar sin an dream atá ag fulaingt de réir thoil Dé déanaidís mar is cóir agus cuiridís a n-anamacha ar choimirce Chruthaitheora iontaofa. Seo focal gríosaithe do na cruifreacha eadraibh uaimse atá i mo chruifir freisin agus i mʼfhinné ar ar fhulaing Críost agus a bhfuil páirt agam sa ghlóir atá le nochtadh. Tugaigí aire do thréad Dé atá mar chúram oraibh, de dheoin agus ní dʼainneoin, go toilteanach agus ní go saint-each salach, gan an tréad a chur faoi bhur gcosa, ach ag tabhairt dea-eiseamláir dóibh. Agus nuair a nochtfar an tArdaoire gheobhaidh sibh buanchoróin a ghlóire. Mar an gcéanna géilleadh an sóisear don sinsear. Cuirigí uile oraibh uirísleacht dá chéile, mar “Bíonn Dia in éadan lucht an díomais, ach bronnann sé grásta ar lucht na huirísleachta.” Umhlaígí sibh féin mar sin faoi láimh chumhachtach Dé, ionas go n-ardal sé i dtráth sibh. Cuirigí bhur n-imní uile air, mar bíonn aird aige oraibh. Bígí céillí coimeádach. Bíonn an diabhal atá mar áibhirseoir agaibh ar a chamchuairt mar leon craosach, ag cuardach duine éigin lena alpadh. Seasaigí amach ina éadan, go daingean in bhur gcreideamh, ós feasach daoibh go mbíonn ar bhur mbráithre ar fud an domhain na pianta céanna sin a fhulaingt. Agus nuair a bhíonn seal beag pianmhar curtha díbh agaibh, déanfaidh Dia na ngrást uile, a ghlaoigh sibh chun a ghlóire síoraí i gCríost, bhur dtógáil ar bhur mboinn agus neartóidh sé libh. Go raibh an réim aige go saol na saol. Áiméan. Is le láimh Shilbhánus, a bhfuil meas bráthar dhílis agam air, a scríobhadh an litir ghairid seo chugaibh, do bhur ngríosú agus ag foilsiú ghrásta fhírinneach Dé; seasaigí sibhse leis. Beannaíonn sise atá i mBabalóin, atá tofa freisin, daoibh, agus beannaíonn mo mhacsa Marcas daoibh. Beannaígí dá chéile le póg ghrámhar. Síocháin daoibh uile atá i gCríost. Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal Íosa Críost, Ag scríobh chugaibh, atá in bhui gcomhchreidmhigh linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora Íosa Críost: Go méadaítear an grásta agus an tsíocháin in bhur n-eolas ar Dhia agus ar Íosa Críost ár dTiarna. Bhronn a chumhacht dhiaga orainn gach uile ní a bhaineas le beatha agus le cráifeacht, tríd an eolas atá againn ar an té sin a thug cuireadh dúinn chun a ghlóire agus a shuáilce féin, inar dheonaigh sé dúinn a shárghealltanais luachmhara, ar modh go mbeidh sibh páirteach sa nádúr diaga, agus go scarfaidh sibh le truailliú ó ainmhian an tsaoil. Déanaigí mar sin bhur n-uile ndícheall leis an tsuáilce a chur le bhur gcreideamh, agus an t-eolas leis an tsuáilce, agus an tsriantacht leis an eolas, agus an tseas-mhacht a chur leis an tsriantacht, agus an diagacht leis an tseasmhacht, agus an bhráithriúlacht leis an diagacht, agus an grá leis an mbráithriúlacht. Má bhíonn na tréithe seo agaibh agus iad go líonmhar, ní bheidh aon easpa éifeachta ná torthúlachta ar bhur n-eolas ar ár dTiarna Íosa Críost. Ach an té nach mbíonn na tréithe seo aige is é an dall caochshúileach é a lig chun dearmaid gur glanadh a sheanpheacaí de. Mar sin, a bhráithre, go mba mhóide bhur ndúthracht chun bhur ngairm agus bhur dtoghadh a dheimhindearbhú, mar má dhéanann sibh amhlaidh ní bhainfear leagan asaibh; agus is amhlaidh a sholáthrófar go saibhir daoibh saorchead isteach chun ríocht shíoraí ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost. Dá bhrí sin de, tá rún agam na nithe seo a chur i gcuimhne daoibh go síor, siúd is gurb eol daoibh iad agus go bhfuil sibh suite ina bhfuil agaibh den fhírinne. Ach measaim gurb é mo cheart é, chomh fada agus atáim ag iompar an choirp seo, bhur gcuimhne a mhúscailt, ó tá a fhios agam nach fada go gcuire mé an corp seo díom, mar atá nochta dom ag ár dTiarna Íosa Críost. Féachfaidh mé chuige mar sin go bhféadfaidh sibh cuimhneamh am ar bith ar na nithe sin agus mise imithe. Mar níorbh aon chumadóireacht chliste ná finscéal filíochta a bhí againn ag foilsiú daoibh faoi chumhacht ár dTiarna Íosa Críost agus faoina theacht, ach chonaic ár súile féin a mhórgacht. Mar nuair a ghlac sé onóir agus glóir ó Dhia an tAthair agus nuair a tháinig glór na Glóire is airde chuige, “Is é seo mo mhac ionúin, a bhfuil mo thaitneamh ann,” chualamar an glór sin á iompar ó neamh, nuair a bhíomar ina chuideachta ar an sliabh naofa. Deimhníodh mar sin dúinn briathar na bhfáithe. Is fearr daoibh aire a thabhairt dó, mar a bheadh do lampa ag lonradh in áit dhorcha, go dtí go mbánaíonn an lá agus go n-éiríonn réalta na maidine in bhur gcroíthe. Caithfidh sibh seo a thuiscint ar dtús, nach cóir míniú príobháid-each a chur ar an tairngreacht as an scrioptúr ó nach de mhian dhaonna a tháinig an tairngreacht riamh, ach gur labhair fir a gluaiseadh leis an Spiorad Naomh thar cheann Dé. Ach is é rud, dʼéirigh fáithe bréige i mease an phobail, agus ar an nós céanna beidh teagascóirí bréige in bhur mease, agus saobhtheagasc scriosta á thabhairt isteach acu, agus go fiú iad ag séanadh an mháistir a cheannaigh iad, agus ag tarraingt scrios tobann orthu féin. Agus is iomaí duine a leanfas lorg a ainrialach, agus tabharfar aithis do shlí na fírinne dá mbarr. Agus tabharfaidh a saint orthu bheith ag breith buntáiste asaibh le briathra bréige; ach le fada an lá tá a ndaorbhreith lándúisithe, agus a scrios gan bheith ina shuan. Mar más rud é nár spáráil Dia na haingil nuair a rinne siad peaca, ach á gcur go hifreann agus á dtaisceadh i bpoill dhoimhne an dorchadais go dtí an breithiúnas; agus mura spáráil sé an seansaol, ach gur chaomhnaigh sé Naoi, fógróir na fíréantachta, é féin agus seachtar duine leis, nuair a thug sé an díle bháite thar an domhan droch-dhaoineach; agus má rinne sé luaith de chathracha Shodóim agus Ghomora agus má thug breith a scriosta orthu le bheith ina sampla ar a raibh i ndán do lucht an oilc; agus má dʼfhuascail sé an fíréan Lot, a bhí á chrá go mór ag drochiompar na ndrochdhaoine (mar is de bharr a bhfaca agus a chuala an fíréan úd nuair a mhair sé ina mease, a bhí sé á chéasadh ina anam fíréanta ó lá go chéile lena ndroch-ghníomhartha), má tá sin uile amhlaidh is cruthú é go bhféadann an Tiarna an fíréan afhuascailt ó fhéachaint, agus an neamhfhíréan a thaisceadh faoi phionós go dtí lá an bhreithiúnais, agus go háirithe an dream a ghéilleas dʼainmhianta na colainne agus a bhíos beag beann ar a mbíonn i geeannas os a gcionn. Is iad atá ceanndána neamheaglach, nach mbíonn eagla orthu aithis a thabhairt do lucht na glóire, agus a rá is de nach gnách leis na haingil féin, ar mhó go mór a gcéim agus a gcumhacht, breith aithiseach a thabhairt orthu i láthair Dé. Ach bíonn siad seo mar ainmhithe éigiallda, beithígh bhrúidiúla nach bhfuil beo ach chun a marfa, ag tabhairt aithise i gcúiseanna nach dtuigeann siad, agus scriosfar iad in aon scrios leo siúd, agus tiocfaidh a n-olc féin orthu a rinne an t-olc. Is é a mian bheith ag ragairne faoi sholas an lae ghil. Níl iontu ach máchailí agus mídhealbha a mbíonn dúil acu i ndrabhlás ag comhól libh. Bíonn súile adhaltracha acu nach bhfaigheann a sá de pheaca. Meallann siad gach aigne ghuagach. Is í an tsaint leannán a gcroíthe. Mic mhallachta iad a dʼimigh ar seachrán slí ón gcosán ceart; a lean bealach Bháláim mac Bheoir, a mbíodh grá aige dʼairgead lochtach, ach a fuair achasán a ainghnímh féin; ó labhair an t-asal balbh i nglór daonna ag cur cosc le mire an fháith. Toibreacha tura agus cnapanna ceo faoi shánna sí gaoithe iad; a bhfuil duibhe an dorchadais i ndándóibh. Mar is iad a bhíos ag baothmhaíomh go hard, agus ag mealladh leo le hainmhianta na colainne an dream úd a dʼéalaigh nach mór ó lucht na hearráide. Geallann siad an tsaoirse dóibh atá iad féin i ndaoirseacht don truailliú; mar bíonn fear ina dhaor ag cibé ní a fhaigheas bua air. Má tháinig siad slán ó thruailleachtaí an tsaoil, tri eolas ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost, agus má cheaptar agus má chloítear leo arís iad, is measa a ndeireadh ná a dtús. Mar bʼfhearr dóibh gan eolas a fháil riamh ar shli na fíréantachta ná eolas a chur uirthi agus cúl a thabhairt don naomhaithne a toirbhríodh dóibh. Tharla dóibh de réir an tseaníhocail fhírinnigh, filleann an madra ar a aiseag féin, agus nitear an chráin le bheith ag unfairt sa mhúnlach. Is í sin an dara litir atá scríofa agam chugaibhse, a lucht na páirte, agus i gceachtar acu mhúscail mé bhur n-aigní dílse ag cur i gcuimhne daoibh; chun go gcuimhní sibh ar thairngreachtaí na bhfáithe agus ar aitheanta an Tiarna agus an tSlánaitheora tri bhur n-aspail. Ar dtús bíodh seo agaibh le tuiscint, go dtiocfaidh sna laethanta deireanacha scigirí magúla, a leanfas mian a dtola féin agus a déarfas “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ó thit a gcodladh ar ár sinsir, fanann gach ní mar a bhí ó thus cruthaithe na cruinne.” Dúnann siad a súile dʼaon turas ar an bhfírinne seo, go raibh na neamha ann fad ó shin le briathar Dé, agus talamh an domhain a deilbh-íodh as uisce agus trí uisce, agus gur tríd a chuaigh an díle thar an domhan a bhí ann gur scriosadh é. Ach leis an mbriathar céanna sin tá na neamha agus an talamh atá anois ann á dtaisceadh le haghaidh tine, agus iad á gcaomhnú go dtí lá an bhreithiúnais agus lá scriosta lucht an oilc. Ach ná bígí dall ar an bpointe seo, a lucht na páirte, go bhfuil aon lá amháin mar mhíle bliain ag an Tiama, agus mile bliain mar aon lá amháin. Ní bhíonn sé ag déanamh moille ina ghealltanas siúd is go bhfuil siad ann a mheasas gur moill í, ach is amhlaidh a bhíonn sé foighneach libh, ó nach toil leis aon duine a bheith á scriosadh, ach go dtiocfadh siad uile chun aithreachais. Ach tiocfaidh lá an Tiama mar a thiocfadh gadaí, agus imeoidh na neamha le fuaim mhór ard, agus leáfaidh an tine na dúile, agus dófar an talamh is a bhfuil dʼoibreacha air. Ó beidh siad seo uile á leá, cad é an cineál daoine naofa diaganta ba choir a bheith ionaibhse, ag fanacht agus ag cur dlúis le teacht lá Dé, nuair a lasfar agus leáfar na neamha, agus a choscrófar na dúile dá barr? Ach de réir a ghealltanais-sean, fanaimid le neamha úmua agus le talamh úmua a bheas ina áras cónaithe ag an bhfíréantacht. Mar sin, a lucht na páirte, ó tá sibh ag dréim leis seo, bígí ar bhur ndícheall go bhfaighidh sé sibh gan smál gan ainimh, agus i síocháin. Agus measaigí gur slánú í foighne ár dTiarna. Is mar sin freisin a scríobh ár mbráthair ionúin Pól chugaibh de réir na heagnaíochta a bronnadh air, ag tagairt dó sin mar a dhéanann sé ina litreacha uile. Tá nithe dothuigthe iontu, a ndéanann lucht an ain-eolais agus na guagachta a chlaonadh chun a scriosta féin, mar a dhéanann siad leis an gcuid eile den scrioptúr. Ó tá a fhios sin agaibh roimh ré, a lucht na páirte, seachnaígí, ar eagla go gcartfar ar shiúl sibh le hearráid lucht éagráif-eachta agus go gcuirfear de bhur mboinn sibh. Ach fásaigi aníos i ngrásta agus in eolas ár dTiama agus ár Slánaitheora Íosa Críost. Bíodh an ghlóir aige anois agus go lá na síoraíochta. Áiméan. Is é a bhí ann ó thús, chualamar é, chonaic ár suite é, dʼfhéachamar air agus mhothaigh ár lámha é, an méid a bhain le briathar na beatha— nochtadh an bheatha, agus chonaiceamar í, agus tugaimid fianaise uirthi, agus bímid ag foilsiú daoibhse an bheatha shíoraí a bhí maraon leis an Athair agus a nochtadh dúinne— tá an méid a chonaiceamar agus a chualamar á fhoilsiú againn daoibhse, ionas go mbeidh cumann agaibh linne; agus is leis an Athair agus leis an Mac Íosa Críost atá ár gcumann. Agus táimid á scríobh seo ionas go mbeidh ár lúcháir lán. Is í seo an teachtaireacht a chualamar uaidh agus atá á fhoilsiú againn daoibh, gur solas é Dia gan dorchadas ar bith ann. Má bhímid á rá go bhfuil cumann againn leis agus sinn ag siúl sa dorchadas, ní fírinne ach bréag a bhíos á dhéanamh againn; ach má shiúlaimid sa solas, mar a bhíonn seisean sa solas, bíonn cumann lena chéile againn, agus fuil Íosa a Mhac dár nglanadh ó gach peaca. Má deirimid nach bhfuil peaca orainn, bímid dár mealladh féin agus níl an fhírinne ionainn. Má admhaímid ár bpeaca, is dílis agus is ceart é, agus maithfidh sé ár bpeacaí dúinn agus glanfaidh sé sinn ó gach aon éagóir. Má deirimid nach bhfuil peaca déanta againn, tugaimid an t-éitheach dó, agus níl a bhriatharsan ionainn. A leanaí, táim á scríobh seo chugaibh do bhur gcosc ó pheaca; ach má dhéanann duine peaca, bíonn ár gcosantóir againn os comhair an Athar, Íosa fíréanta Críost, agus is é féin an leorghníomh inár bpeacaí, agus ní hamháin inár gcuid peacaí féin ach i bpeacaí an domhain uile. Agus is air seo a aithneoimid go bhfuil aithne againn air, má bhíonn a aitheanta á gcoinneáil againn. An té a deir “Tá aithne agam air” agus nach gcoinníonn a aitheanta, is bréagaire é, agus níl an fhírinne ann, ach an té a chomhallas a bhriathar, is ann a thagas grá Dé chun foirfeachta. Is air sin a aithneoimid go bhfuilimid istigh ann: an té a deir go gcónaíonn sé ann, caithfidh sé siúl mar a shiúil seisean. A lucht na páirte, ní aon aithne nua atá scríofa agam daoibh, ach seanaithne a bhí agaibh ó thús; is í an tsean-aithne an briathar a chuala sibh. Ach táim ag scríobh aithne úmua daoibh, a fhíoraítear ann agus ionaibhse, ó tá an dorchadas thart agus an fíorsholas ag dealrú cheana féin. An té a deir go bhfuil sé sa solas agus a mbíonn fuath aige dá bhráthair tá sé sa dorchadas fós. An té a mbíonn grá aige dá bhráthair fanann sé sa solas, agus níl aon ábhar tuislithe ansin. Ach an té a mbíonn fuath aige dá bhráthair tá sé sa dorchadas ag siúl sa dorchadas, gan fios a bhealaigh aige, ó dhall an dorchadas a shúile. Táim ag scríobh chugaibh, a leanaí, ó maitear daoibh bhur bpeacaí ar a shon. Táim ag scríobh chugaibh, a aithreacha, ós aithnid daoibh an té a bhí ann ó thús. Táim ag scríobh chugaibh, a óigfheara, ós sibh a fuair bua ar an ainsprid. Scríobh mé chugaibh, a pháistí, ós aithnid daoibh an tAthair. Scríobh mé chugaibh, a aithreacha, ós aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibh, a óigfheara, ós láidir sibh, agus ó cónaíonn briathar Dé ionaibh, agus ó fuair sibh bua ar an ainsprid. Nárab ansa libh an saol ná a bhfuil ar an saol. Má thugann duine grá don saol, níl ann grá a thabhairt don Athair. Mar an méid is den saol seo, ainmhian na colainne aige, ainmhian na súl agus uabhar na beatha, ní dea Athair é ach den saol. Agus téann an saol agus a ainmhian as; ach an té a dhéanas toil Dé, fanann sé go deo. A pháistí, is í an uair dheireanach í, de réir mar a chuala sibh go bhfuil an t-ainchríost ag teacht, tá mórán ainchríostanna ann anois; agus aithnímid air sin gurb í an uair dheireanach í. Dʼimigh siad uainn, ó nár dínne iad; dá mba dínne iad, dʼfhanaidís linn; ach is amhlaidh a dʼimigh siad, ionas go mba shoiléir nach dínn iad uile. Ach ungadh sibh ón Spiorad Naomh, agus tá an t-eolas agaibh uile. Níor scríobh mé chugaibh as siocair gan eolas na fírinne a bheith agaibh, ach as siocair gurb eol daoibh sin agus gurb eol daoibh nach den fhírinne í bréag ar bith. Cé is bréagaire ann go dtí an té a shéanas gurb é Íosa an Críost? Is é seo an t-ainchríost, an té a shéanas an tAthair agus an Mac. Níl duine dá séanann an Mac a bhfuil an tAthair aige. An té a admhaíos an Mac bíonn an tAthair aige freisin. Fanadh ar chuala sibh ó thús ionaibh. Má fhanann ar chuala sibh ó thús ionaibh, fanfaidh sibhse sa Mhac agus san Athair. Agus is é seo an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí. Tá an méid sin scríofa agam chugaibh i dtaobh an dreama atá ag iarraidh cluain a chur oraibh; ach is é rud, fanann lorg na hola, ar ung sé sibh léi, oraibh, agus níl feidhm oraibh le haon duine a bheith do bhur dteagasc; ó tugann ola an ungtha sin teagasc daoibh i dtaobh gach uile ní, agus ós fíor agus nach bréag é, fanaigí dílis don mhéid a theagasc sé daoibh. Agus anois, a pháistí, fanaigí dílis, ar modh, nuair a nochtfas sé, go mbeidh muinín againn agus nach mbeidh náire orainn roimhe ag teacht dó. Má aithníonn sibh gur fíréanta é, aithneoidh sibh gur saolaíodh uaidh gach aon duine dá ndéanann an choir. Féachaigí cad é an grá a thug an tAthair dúinn, go ngairfí clann Dé dínn; agus is amhlaidh atá. Cad chuige nach bhfuil aithne ag an saol orainn, ach nach raibh aithne aige air. A lucht na páirte, is clann Dé sinn cheana; ní fheictear go fóill go soiléir cad é a bheas ann; ach tá a fhios againn an méid seo, go mbeimid cosúil leis nuair a nochtfas sé, mar feicfimid é mar atá sé. Agus níl duine dá bhfuil an dóchas sin aige nach mbíonn á naomhghlanadh féin ar chosúlacht a naomhghlainesean. Gach duine dá ndéanann peaca, bíonn an dlí mar nach mbeadh sé ann aige; óir is aindlí an peaca. Tá a fhios agaibh gur nocht sé leis na peacaí a chur ar ceal, agus nach bhfuil peaca ann. Ní bhíonn aon duine dá gcónaíonn ann ag déanamh peaca; an té a bhíos ag déanamh peaca ní fhaca sé é agus níor chuir sé aithne air. A pháistí mo chroí, ná cuireadh duine ar bith dallamullóg oraibh. An té a bhíos ag déanamh na córa is cóir é mar is cóir é siúd. An té a bhíos ag déanamh an pheaca is den diabhal é; mar tá an diabhal ina pheacach ó thus. Is é an chúis ar nocht Mac Dé, go scriosfadh sé oibreacha an diabhail. Ní bhíonn aon duine dár gineadh ó Dhia ag déanamh peaca; mar fanann nádúr Dé ann, agus ní féidir leis peaca a dhéanamh ó gineadh ó Dhia é. Is air sin is féidir a aithint cé hiad clann Dé, agus cé hiad clann an diabhail: an té nach mbíonn an ceart á dhéanamh aige, ní ó Dhia é, agus an té nach mbíonn grá aige dá bhráthair. Mar is é sin an fógra a chuala sibh ó thus, grá a bheith againn dá chéile, agus gan bheith mar Cháin a bhí ón ainsprid agus a dhúnmharaigh a dheartháir. Agus cad chuige dó a dhúnmharú? As siocair a ghníomhartha féin a bheith olc, agus gníomhartha a dhearthár a bheith fíréanta. Nárab ionadh libh é, a bhráithre, fuath a bheith ag an saol daoibh. Tá a fhios againn go bhfuil an bás scoite againn agus an bheatha sroichte againn, ó ghrá a bheith againn do na bráithre. An té nach mbíonn grá aige fanann sé sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair is dún-mharfóir é, agus tá a fhios agaibh nach bhfanann an bheatha shíoraí i seilbh aon dúnmharfóra. Is air seo a aithnímid cad is grá ann, gur thug seisean a anam uaidh ar ár son; agus is amhlaidh ba choir dúinn ár n-anamacha féin a thabhairt ar son na mbráithre. Ach an duine a bhfuil ollmhaitheas an tsaoil seo aige agus a fheiceas a bhráthair i riachtanas, agus a dhúnann a chroí roimhe, conas a fhanfadh grá Dé sa duine sin? A pháistí mo chroí, ná bíodh grá briathair ná grá teanga againn, ach grá gníomhach fírinneach. Is air seo a aithneoimid gur den fhírinne sinn agus a athdheimhneoimid ár gcroíthe roimhe nuair a bhíonn ár gcroíthe dár ndaoradh; óir is mó é Dia ná ár gcroíthe, agus fios gach uile ní aige. A lucht na páirte, más rud é nach mbíonn ár gcroíthe dár ndaoradh, bíonn muinín againn roimh Dhia; agus gheobhaimid uaidh a n-iarraimid air, as siocair go mbímid ag coinneáil a aitheanta agus ag déanamh gach ní is fearr a thaitníos leis. Agus is í seo a aithne, go gcreidimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go mbeadh grá againn dá chéile mar a dʼordaigh sé dúinn. Agus cónaíonn lucht coinnithe a aitheanta ann, agus é iontu. Agus is air seo a aithnímid go bhfuil sé ina chónaí ionainn, ar an Spiorad atá bronnta aige orainn. A dhaoine na páirte, ná creidigí do gach uile sprid ach cuirigí féachaint ar na spridí lena fheiceáil an ó Dhia dóibh; mar is iomaí fáidh bréige a chuaigh amach faoin saol. Is air seo a aithneoidh sibh Spiorad Dé: gach sprid dá n-admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcorp collaí is ó Dhia é, agus gach sprid nach n-admhaíonn Íosa ní ó Dhia é. Is í sin an sprid sin an ainchríosta, ar chuala sibh go raibh sé ag teacht, agus atá anois cheana féin ar an saol. A pháisti mo chroí, is ó Dhia sibh, agus tá an bua agaibh orthu; óir is láidre an té atá ionaibh ná an té atá sa saol. Is den saol iad, agus dá bhri sin is den saol í a gcaint, agus dá bhri sin éisteann an saol leo. Is ó Dhia sinne. An té arb eol dó Dia éisteann sé linn, agus an té nach ó Dhia é ní éisteann sé linn. Is ar an gcomhartha sin a aithnímid sprid na fírinne agus sprid na hearráide. A dhaoine grámhara, bíodh grá againn dá chéile; óir is ó Dhia an grá, agus an té a ghráíos is é Dia a Athair agus is aithnid dó Dia. An té nach ngráíonn níl aithne aige ar Dhia; óir is grá é Dia. Is mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc, gur chuir Dia a AonMhac isteach sa saol, ionas go mairfimis trídsean. Is é is grá ann, ní hé gur ghrámama Dia, ach gur ghráigh Dia sinn agus gur chuir sé a Mhac uaidh mar leorghníomh inár bpeacaí. A dhaoine grámhara, má ghráigh Dia mar seo sinn, ba chóir dúinn a chéile a ghráú. Ní fhaca súil duine Dia riamh: má bhíonn grá againn dá chéile, bionn Dia ina chónaí eadrainn agus bionn a ghrá á chomhalladh ionainn. Is air seo a aithnímid go bhfuilimid inár gcónaí ann agus é ionainn, ó bhronn sé roinnt dá Spiorad féin orainn. Agus chonaiceamar é, agus táimid inár bhfínnéithe air, gur chuir an tAthair a Mhac uaidh go slánódh sé an domhan. Cibé duine a admhaíos gurb é Mac Dé é Íosa, cónaíonn Dia ann agus cónaíonn sé i nDia. Is mar sin a aithnímid agus a chreidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia, agus an té a chónaíos i ngrá cónaíonn sé i nDia, agus cónaíonn Dia ann. Is ann a iomlánaítear ár ngrá, ionas nárbh eagal dúinn i lá an bhreithiúnais, ó bímid ar an saol seo mar atá seisean. Níl aon eagla sa ghrá, ó díbríonn an grá iomlán an eagla, ós den phionós an eagla, agus ó nach mbíonn an té a mbíonn an eagla air iomlán i ngrá. Bíonn grá againne dó, ó bhí tús grá aige dúinn. Má bhíonn duine ar bith á rá “Tá grá agam do Dhia”, agus fuath aige dá bhráthair, níl ann ach bréagaire; mar an té nach mbíonn grá aige don bhráthair a chonaic sé, ní fhéadann sé grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé. Agus tá an aithne seo againn uaidh, don té a mbíonn grá aige do Dhia, grá a bheith aige dá bhráthair freisin. Gach duine dá gcreideann gurb é Íosa an Críost, is de chlann Dé é, agus níl duine a mbíonn grá aige don Athair nach mbíonn grá aige dá chlann. Is air seo a aithnímid go mbíonn grá againn do chlann Dé, nuair a bhíonn grá againn do Dhia agus nuair a bhíonn a aitheanta á gcoinneáil againn. Óir is é is grá do Dhia ann a aitheanta a bheith á gcoinneáil againn. Agus ní haon tromualach iad a aitheanta. Mar an ní a gineadh ó Dhia bíonn bua aige ar an saol; agus is é a bhíos ag breith bua ar an a saol, an creideamh a bhíos againn. Cé a bheireas bua ar an saol ach an té a chreideas gurb é Mac Dé é Íosa? Is é seo an té a tháinig le huisce agus le fuil, Íosa Críost, ní leis an uisce amháin, ach leis an uisce agus leis an bhfuil. Agus tá an Spiorad ina fhinné air, ós é an Spiorad an fhírinne. Tá na trí fhinné ann, an Spiorad, an t-uisce, agus an fhuil; agus tá na trí ní ag cur le chéile. Má ghlacaimid le fianaise daoine, is mó í fianaise Dé ná í; óir is í seo fianaise Dé gur thug sé fianaise ar a Mhac. An té a chreideas i Mac Dé tá an fhianaise aige ann féin istigh. An té nach gcreideann i nDia, tá an t-éitheach tugtha aige dó, ó nár chreid sé an fhianaise atá tugtha ar an Mac ag Dia. Agus is í seo an fhianaise, go bhfuil an bheatha shíoraí tugtha dúinn ag Dia, agus go bhfuil an bheatha seo ina Mhac. An té a bhfuil an Mac aige tá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige níl beatha aige. Tá seo scríofa agam chugaibhse a chreideas in ainm Mhac Dé, ionas go mbeidh a fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh. Agus bíonn sé seo de mhuinín againn as, go n-éisteann sé linn cibé a iarraimid air de réir a thola. Agus má tá a fhios againn go n-éisteann sé linn i gcibé rud a iarraimid, tá a fhios againn go bhfuil ár n-iarratais air faighte cheana. Má fheiceann aon duine a bhráthair ag déanamh peaca nach marfach, iarrfaidh sé, agus tabharfaidh Dia dó an bheatha don dream sin nár mharfach a bpeaca. Tá an peaca ann atá marfach, níl mé ag rá gur choir guí ar a shonsan. Níl aon éagóir ann nach bhfuil ina peaca, ach tá peaca ann nach bhfuil marfach. Tá a fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia peaca, ach go mbíonn an Té a gineadh ó Dhia á chosaint, agus nach mbaineann an ainsprid dó. Tá fhios againn gur ó Dhia sinne, agus go bhfuil an domhan uile faoi chosa na hainspride. Agus tá a fhios againn go bhfuil Mac Dé tagtha, agus go bhfuil tuiscint tugtha aige dúinn, leis an té atá fírinneach a aithint; agus táimid istigh sa té atá fíor, ina Mhac Íosa Críost. Is é sin is fíorDhia agus an bheatha shíoraí ann. A pháistí mo chroí, seachnaígí na híola. An cruifir chuig an mbantiarna thofa agus chuig a clann, a bhfuil grá agam dóibh san fhírinne, agus ní hamháin agamsa ach ag a bhfuil fios na fírinne acu, de bharr na fírinne a chónaíos ionainn agus a bheas linn go brách. An grásta, an trócaire, agus an tsíocháin daoibh, ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost Mac an Athar, i bhfírinne agus i ngrá. Ba lúcháir mhór dom é cuid de do chlann a fháil ag leanúint den fhírinne, mar a ordaíodh dúinn ón Athair. Agus táim ag iarraidh oraibh anois, a bhantiarna, ní mar a bheinn ag scríobh nua-aithne daoibh, ach an aithne a bhíodh againn ó thús, grá a bheith againn dá chéile. Agus is é is grá ann, sinne a aitheanta a leanúint, is í sin an aithne, mar a chuala sibh ó thús, go leanfadh sibh den ghrá. Óir is iomaí bréagaire a chuaigh amach sa domhan, daoine nach n-admhóidh teacht Íosa Críost i gcorp collaí; is bréagaire a leithéid agus is é an t-ainchríost é. Féachaigí chuige nach dtéann bhur saothar amú, ach go bhfaighidh sibh luach saothair lán. An duine a théas i bhfad chun tosaigh gan fanacht de réir theagasc Chríost níl Dia aige; an té a fhanas dílis don teagasc tá an tAthair agus an Mac araon aige. Má thagann duine chugaibh gan an teagasc seo a bheith leis, ná glacaigí isteach chun tí é agus ná beannaígí dó; mar an té a bheannaíos dó bíonn sé páirteach ina dhrochghníomhartha. Siúd is go bhfuil mórán le scríobh agam daoibh, ní mian liom a bhreacadh ar phár le dúch, ach táim ag dúil le teacht a amharc ar bhur ngnúis, agus comhrá a bheith eadrainn, go dtí go mbeidh ár lúcháir lán. Beannaíonn clann do dheirféar tofa daoibh. An cruifir chuig Gaius grámhar, a bhfuil grá agam dó i bhfírinne. A dhuine ghrámhair, guím rath agus sláinte ort; tá a fhios agam go bhfuil rath anama ort. Óir is mór an lúcháir a chuir sé orm nuair a tháinig cuid de na bráithre le fianaise a thabhairt ar fhirinne do bheatha, ós tú a leanas den fhirinne dáirire. Níl lúcháir orm is mó ná sin, a chluinstin go mbíonn mo chlannsa ag leanúint den fhirinne. A dhaoine na páirte, is maith dilis an mhaise daoibh é a ndéanann sibh do na bráithre, go háirithe na coimhthígh, a bhfuil fianaise tugtha acu ar do ghrá os comhair na heaglaise. Is maith a dhéanfas sibh an comóradh is dual do theachtairi Dé a thabhairt dóibh ag imeacht dóibh. Mar dʼimigh siad in ainm Dé gan aon ní a ghlacadh ó na págánaigh. Ba chóir dúinn cabhrú lena leithéidi, le bheith ag comhoibriú leo san fhirinne. Tá focal scríofa agam chuig an eaglais; ach ní ghéilleann an Diotrefés seo, ar maith leis an mháistreacht a bheith aige, do mʼúdarás-sa. Má thagaim, caithfidh mé suas leis a mbíonn á dhéanamh aige de chúlchaint orm. Agus ní leor leis sin, bíonn sé doicheallach roimh na bráithre, agus é ag cur cosc leis an dream ar mhian leo fáiltiú rompu, agus á ndíbirt amach as an eaglais. A lucht na páirte, ná déanaigí aithris ar an drochrud ach ar an dea-rud. An té a dhéanas an mhaith is ó Dhia é; an té a dhéanas an t olc ní fhaca sé gnúis Dé. Tá fianaise tugtha ar Dhemetrius ag gach duine agus ag an bhfírinne i féin; tugaim féin fianaise air, agus is eol daoibh gur fíor i mʼfhianaise. Bhí mórán lena scríobh agam chugaibh, ach go mbʼihearr liom gan a scríobh le peann ar phár; tá dóchas agam thú a fheiceáil roimh i bhfad, agus beidh comhrá againn ansin béal le béal. Go raibh an tsíocháin agat. Beannaionn na cairde duit. Beannaigh do na cairde, gach duine acu ina ainm. Iúdás, seirbhíseach le hÍosa Críost agus deartháir do Shéamas, Don dream tofa, is ansa le Dia an tAthair, atá á gcaomhnú le haghaidh Íosa Críost: Go méadaítear daoibh an trócaire, an tsíocháin, agus an grá. A lucht na páirte, cé go mbʼfhearr liom scríobh chugaibh i dtaobh ár slánaithe chomhchoitinn, bʼéigean dom scríobh chugaibh ag iarraidh oraibh dul i ngleic ar son an chreidimh seo a tugadh do na naoimh aon uair amháin agus an uair dheireanach. Tá riachtanas leis sin de bharr daoine áirithe atá tar éis snámh isteach eadrainn, a raibh an daorbhreith seo i ndán dóibh ó anallód, daoine neamhchráifeacha a chlaonas grásta Dé chun drabhláis agus a shéanas ár n-aon Mháistir agus Tiarna, Íosa Críost. Caithfimid a chur i gcuimhne daoibh, cé go raibh gach eolas agaibh, gur thug an Tiarna an pobal slán as an Éigipt aon uair amháin, ach gur scrios sé an dara huair an méid acu nár chreid. Agus na haingil úd nár fhan san ionad ba dhual dóibh, agus a dʼfhág a n-áitreabh, tá siad á dtaisceadh aige le haghaidh lá mór an bhreithiúnais sa dorchadas atá thíos agus slabhraí síoraí á gcuibhriú; agus an tSodóm agus Gomora agus na cathracha máguaird, a chuaigh le drúis agus a dʼimigh le hainmhianta mínádúrtha, tá sampla déanta díobh freisin, agus pionós á imirt orthu ag tinte na síoraíochta. Is amhlaidh don dream seo na n-aislingí bréige, a shalaíos an cholainn, agus a dhiúltaíos don údarás, agus a thugas masla dá bhfuil sa ghlóir. Ach nuair a bhí an t-ardaingeal Mícheál ag díospóireacht leis an diabhal, ag coimhlint i dtaobh chorp Mhaois, ní raibh sé de dhánacht aige breith mhaslach a thabhairt air, agus ní dúirt sé ach, “Go gceartaí an Tiarna thú.” Bíonn na daoine seo ag tabhairt masla do nithe nach dtuigeann siad, agus iad á scriosadh leis na nithe a mhothaíos siad lena gcéadfaí corportha mar ainmhithe éigiallda. Is mairg dár shiúil slí Cháin, agus a dʼimigh ar seachrán mar Bhálám ar thóir airgid íoctha, agus dár cailleadh i gceannairc Chórah. Is iad a mhilleas clú bhur bhfleánna geanmnaí grá, ag comhól le chéile go dána, gan aird acu ach ar a bpléisiúr féin; néalta neamhcheathacha ceo iad, á séideadh ag gaotha; crainn chríonta neamhthorthacha dheireadh fómhair, a fuair bás faoi dhó, agus a tarraingíodh as a bhfréamhacha; tonnta tréana fian-fharraige faoi chúr a náire féin; réaltaí reatha a bhfuil dorchadas síoraí fíoríochtarach i ndán dóibh go deo na ndeor. Is orthusan a rinne Enoc tairngreacht, a bhí ar an seachtú duine de shliocht Ádhaimh, nuair a dúirt sé, “Bʼshiúd é an Tiarna ag teacht lena chéadta mile naomh, le breithiúnas a dhéanamh ar chách, agus leis an mbreith dhaortha, atá tuillte lena míghníomhartha diamhaslacha, a chur i ngníomh ar lucht an oilc, agus ar na peacaigh neamhchráifeacha a thug masla cainte dó.” Is iadsan lucht monabhair na míshástachta, a leanas a gcuid ainmhianta féin, a bhíos ag iarraidh gnaoi agus buntáiste a fháil le mórtas agus le béal bán. Ach cuimhnígí, a lucht na páirte, ar na briathra seo atá ráite roimh ré ag aspail ár dTiarna Íosa Críost; is é a dúirt siad libh, “I ndeireadh an ama beidh scigirí magúla ann, a leanfas a n-ainmhianta neamhchráifeacha féin.” Is iad a bhíos ag cur na n-easaontas ar bun, daoine saolta collaí, nach bhfuil Spiorad Dé iontu. Ach cothaígí sibh féin, a lucht na páirte, le bhur gcreideamh sárnaofa; bígí ag urnaí le hanáil an Spioraid Naoimh; coinnígí sibh féin i ngrá Dé, bígí ag dréim agus ag dúil le trócaire ónár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí. Cuirigí an fhírinne ina luí ar chuid acu, atá in amhras fúithi; agus cuirigí tarrtháil ar chuid eile acu, á dtarraingt amach as an tine; agus déanaigí an trócaire ar an gcuid eile a ligeann an eagla daoibh, agus bíodh gráin agaibh go fiú ar an éadach sin ar chuir an cholainn smál salach air. Moladh anois leis an té sin a bhfuil sé ar chumas aige bhur gcoinneáil ó thitim agus bhur dtoirbhirt i láithreacht a ghlóire go lánáthasach gan smál. Moladh leis an Aon Dia amháin, is Slánaitheoir dúinn trí Íosa Críost ár dTiarna, go raibh an mhórghlóir, agus an mhórgacht, agus an mhórchumhacht, agus an mórcheannas a bhí aige riamh aige anois go saol na saol. Áiméan. An Taispeáint a bhí ag Íosa Críost, a thug Dia dó, lena dtarlóidh in am gairid a nochtadh dá sheirbhí-sigh; agus ar fhoilsigh sé í, ag cur a aingil chuig a sheir-bhíseach Eoin, a thug fianaise faoi bhriathar Dé agus faoi fhianaise íosa Críost, faoina bhfaca sé. Is beannaithe an té a léifeas briathra na tairngreachta os ard, agus is beannaithe an dream a éistfeas leis, agus a chomhlíonas a bhfuil scríofa inti; ó tá an t-am i bhfogas. Beannacht ó Eoin chuig na seacht n-eaglais atá san Áise: Go raibh an grásta agaibh agus an tsíocháin ón té atá ann agus a bhí ann agus atá le teacht, agus ó na seacht sprid atá os comhair a ríchathaoireach, agus ó Íosa Críost, an finné fíordhilis, an phríomhghin as slua na marbh, a bhfuil ardcheannas aige ar ríthe an domhain. Moladh leis an té a bhfuil grá aige dúinn agus a dʼfhuascail sinn ónár bpeacaí lena chuid fola féin, agus a rinne ríocht dínn, sagairt dá Dhia agus dá Athair, mórghlóir agus ardchumhacht leis go saol na saol. Áiméan. Feicfear é ag teacht le néalta neimhe, agus feicfidh gach súil é, agus feicfidh an dream é a sháigh le sleá é; agus beidh treibheanna uile an talaimh ag mairgneach dá bharr. Go mba amhlaidh a bheadh. Áiméan. “Is mise an tAlfa agus an tÓmega,” is é a deir Tiarna Dia na gcumhacht a bhí agus atá ann agus atá le teacht. Mise Eoin, bhur mbráthair, atá comhpháirteach sa chrá agus sa ríocht agus sa dochloíteacht atá in Íosa. Agus bhí mé ar an oileán dá ngairtear Patmos mar mhaithe le briathar Dé agus le fianaise Íosa. Bhí mé faoi anáil an Spioraid lá an Tiarna, agus chuala mé an glór mór mar thrumpa taobh thiar díom agus é ag rá liom, “Scríobh a bhfeicfidh tú i leabhar, agus cuir é chuig na seacht n-eaglais, an Eiféis agus Smirna agus Pergamón agus Tíatíra agus Sardis agus Filadelfia agus Laodicéa.” Ba ansin a thiontaigh mé thart le hamharc a fháil ar an nglór a bhí ag labhairt liom, agus nuair a thiontaigh mé thart chonaic mé seacht gcrann solais órga, agus i gceartlár na gcrann solais mar a bheadh mac duine ann, faoi léine go troigh, agus crios óir air faoi bhéal a uchta; agus ceann bán gruaige air ar aon ghile na holla gile agus ar aon ghile an tsneachta; a shúile mar bhladhairí tine, a chosa agus loinnir mar loinnir fhionndruine athleáite iontu, agus bhí glór a chinn mar thorann na mórthonnta; agus seacht réalta aige ina láimh dheas, agus claíomh géar défhaobhrach as a bhéal amach, agus a ghnúis mar an ghrian ina lán-neart. Ní luaithe a chonaic mé é, ná thit mé mar a bheinn maol marbh ag a chosa. Ach leag sé a lámh dheas orm, ag rá, “Ná bíodh eagla ort, is mise an té a bhí ann ar dtús, agus an té a bheas ann ar deireadh, agus an té is bithbheo; is mé a chuaigh a dʼéag agus seo mé i mo bheo, go saol na saol, agus eochracha an bháis agus an Háidéas agam. Agus scríobh anois a bhfeiceann tú dá bhfuil ann anois agus dá bhfuil letarlú ina dhiaidh seo. Maidir le rúndiamhair na seacht réalta seo a chonaic tú agam i mo láimh dheas, agus na seacht gcrann solais órga, is iad na seacht réalta aingil na seacht n-eaglais agus is iad na seacht gcrann solais na seacht n-eaglais iad féin. “Scríobh chuig aingeal na heaglaise atá san Eiféis mar seo leanas: ‘Briathra an té a mbíonn na seacht réalta aige i ngreim a láimhe deise, an té a shiúlas i gceartlár na seacht gcrann solais órga. “ ‘Is feasach dom dʼoibreacha, agus an saothar agus an fhoighne atá déanta agat, agus nach féidir leat lucht an oilc a fhulaingt, ach gur chuir tú féachaint ar an dream sin a bhíos ag tabhairt aspail orthu féin nuair nach aspail iad, agus go bhfuair tú ina mbréagairí iad; agus tá a fhios agam go bhfuil tú foighneach ag seasamh an fhóid ar son mʼainmse, gan bheith do do chloí. Ach tá de locht agam ort, gur chaill tú do chéadsearc. Cuimhnigh mar sin cá huaidh ar thit tú, agus beir ar dʼaithreachas agus déan an saothar a bhíodh á dhéanamh ar dtús agat. Mura ndéanann, tiocfaidh mé chugat agus tógfaidh mé do chrann solais as a ionad, mura ndéanann tú aithreachas. Ach tá an méid seo agat, go bhfuil fuath agat dʼoibreacha na Nicolaíteach, a bhfuil fuath agam dóibh freisin. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí. Tabharfaidh mé toradh chrann na beatha le n-ithe don té a bheireas an bua, toradh an chrainn a bhíos i bParthas Dé.’ “Agus scríobh mar seo leanas chuig aingeal na heaglaise atá i Smirna: ‘Briathra an té a bhí ann ar dtús agus a bheas ann ar deireadh, a bhí marbh agus a dʼéirigh beo. “ ‘Is feasach dom do chrá agus do bhochtaineacht (ach gur tú atá saibhir) agus tá fios agam faoi chúlchaint an dreama sin a deir gur Giúdaigh iad, agus nach Giúdaigh iad ach sionagóg Shátain. Ná bíodh eagla ort faoina bhfuil le fulaingt agat. Dearc ar an diabhal atá ar tí cuid agaibh a chaitheamh isteach i bpríosún, do bhur bhféachaint, agus beifear do bhur gcrá ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mise coróin na beatha duit. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí. An té a fhaigheas bua ní dochar dó an t-athbhás.’ “Agus scriobh mar seo leanas chuig an eaglais atá i bPergamón: ‘Is é a deir an té a bhfuil an claíomh géar défhaobhrach aige. “ ‘Tá a fhios agam cá bhfuil tú i do chónaí, san áit a bhfuil a richathaoir ag Sátan; agus go gcoinníonn tú greim daingean docht ar mʼainm agus nár shéan tú do chreideamh ionamsa go fiú i laethanta Antipas mʼfhinné, a bhi dílis dom, a cuireadh chun báis in bhur mease, san áit a mbíonn a áras cónaithe ag Sátan. Ach tá beagán i dʼéadan agam: ó tá cuid de lucht leanúna Shátain ansin agat, a mhúin do Bhalac conas a chuirfeadh sé ceap tuisle i mbealach chlann Iosrael, le moladh dóibh bia a iobraíodh dʼíola a ithe agus drúis a chleachtadh. Tá daoine agat mar an gcéanna a chloíos le teagasc na Nicolaíteach. Déan aithreachas mar sin; agus mura ndéanann, tioefaidh mé chugat roimh i bhfad go gcuirfidh mé cogadh orthu le claíomh bhriathar mo bhéil. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí. An té a bheireas bua, tabharfaidh mé cuid den mhanna folaithe dó, agus tabharfaidh mé an chloch gheal dó, a bhfuil ainm úmua scríofa agam uirthi nach fios dʼaon duine amach ón té a dtugtar an t-ainm sin air.’ “Agus scriobh mar seo chuig aingeal na heaglaise atá i dTíatíra: ‘Is é a deir Mac Dé, a bhfuil súile mar bhladhairí tine ina cheann, agus a bhfuil cosa faoi a bhfuil loinnir na fionndruine iontu. “ ‘Is feasach dom dʼoibreacha, agus do ghrá agus dʼfhoighne agus do sheirbhís agus do dhochloiteacht, agus aithním gur fearr críoch dhéanach na n-oibreacha seo agat ná a dtús. Ach tá sé de locht agam ort, go ligeann tú don bhean Iesabel úd, a bhíos ag maíomh gur banfháidh í, agus í ag mealladh mo sheirbhíseach, ag múineadh dóibh drúis a chleachtadh agus bia a íobraíodh dʼíola a ithe. Thug mé am di le haithreachas a dhéanamh ina drúis. Féach, caithfidh mé i gcróilí leapa í, agus caithfidh mé an dream a dhéanas adhaltranas léi i gcráiteacht mhór, mura mbíonn aithreachas orthu ina ngníomhartha; agus imreoidh mé bás tobann ar a gclann. Agus aithneoidh na heaglaisí uile gur mé a scrúdaíos an intinn agus an croí, agus cúiteoidh mé le gach duine agaibh de réir mar a thuill bhur ngníomhartha. Ach is é a deirim leis an gcuid eile agaibh i dTíatíra, nár ghlac leis an teagasc seo, agus nár bhlais doimhneachta Shátain, mar a mholtar sa nath sin acu, ní chuirfidh mé breis ualaí oraibh, deirim libh, ach coinnígí greim docht ar a bhfuil agaibh, go dtí go dtiocfaidh mé chugaibh. An té a bheireas bua agus a leanas de mʼoibreachasa go deireadh thiar thall, tabharfaidh mé cumhacht dó os cionn na gciníocha, agus cuirfidh sé smacht orthu le slat iarainn, mar shoithigh chré a ndéantar smionagar díobh, ar an nós céanna liomsa a fuair an chumhacht ó mʼAthairse; agus bronnfaidh mé réalta na maidine air. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí.’ “Agus scríobh mar seo chuig aingeal na heaglaise atá i Sardis: ‘Briathra an té a bhfuil seacht sprid Dé agus na seacht réalta aige. “ ‘Is feasach dom dʼoibreacha; tá ainm ort go bhfuil tú beo, agus is marbh atá tú. Dúisigh, agus neartaigh a bhfuil fágtha agus atá i mbéala báis, mar measaim nach slán iad dʼoibreacha i bhfianaise Dé. Cuimhnigh mar sin ar ar taobhaíodh leat agus ar ar chuala tú; agus coinnigh buan é, agus déan aithreachas. Mura ndúisíonn tú, tiocfaidh mé mar a thiocfadh gadaí ort, gan fios uair mo theachta agat. Tá beagán ainmneacha agat i Sardis go fóill, de dhaoine nár shalaigh a n-éadach; agus siúlfaidh siadsan faoi éadach geal bán, ós fiú iad. An té a bheireas bua beidh éadach geal air, agus ní scriosfaidh mé a ainm amach as leabhar na beatha: agus admhóidh mé a ainm os comhair mʼAtharsa agus os comhair a aingeal siúd. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí.’ “Agus scríobh mar seo chuig aingeal na heaglaise atá i bhFiladelfia: ‘Is é a deir an té atá fírinneach fíornaofa, an té a bhfuil eochair Dháibhí aige, an té nach ndúnfar ar oscail sé, agus nach n-osclófar ar dhún sé. “ ‘Is feasach dom dʼoibreacha: Féach, dʼfhág mé an doras ar oscailt romhat nach féidir le duine ar bith a dhúnadh; tá a fhios agam go bhfuil mo bhriathar coinnithe slán agat agus mʼainm gan séanadh agat in ainneoin laige do bhri. Feicfidh tú a ndéanfaidh mé le lucht shionagóg Shátain a mhaíos gur Giúdaigh iad agus atá bréagach ó nach bhfuil siad amhlaidh—feiefidh túgogcuirfidh mé iallach orthu teacht a umhlú ag do chosa, agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit. Ó choinnigh tú slán mo bhriathar seo na foighne agus na fadfhulaingthe, coinneoidh mise slán thú ón uair úd na féachana atá le teacht ar an domhan uile, le lucht áitithe an domhain a fhéachaint. Ní fada go dtioefaidh mé; coinnigh greim daingean docht ar a bhfuil agat, ar eagla go mbéarfadh duine eile ar do choróinse. An té a bheireas bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé; ní imeoidh sé amach as go deo, agus scríobhfaidh mé air ainm mo Dhé, agus ainm chathair mo Dhé, ainm na hlarúsailéim úrnua seo a thioefas anuas as na flaithis ó mo Dhia-sa, agus scríobhfaidh mé air freisin mʼainm úrnua dílis féin. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí.’ “Agus scríobh mar seo leanas chuig aingeal na heaglaise atá i Laodicéa: ‘Briathra an Áiméan, an finné fírinneach fíordhílis, ar tríd a tosaíodh cruthú Dé. “ ‘Is feasach dom dʼoibreacha: níl tú fuar ná te! Is mairg nach bhfuil tú fuar ná te. Mar sin, ó nach bhfuil tú ach leamh-the, gan fuacht ná teas ionat, sceithfidh mé amach as mo bhéal thú. Is é a deir tú, Tá saibhreas agus séan agam, agus níl easpa aon ní orm; agus gan fhios agat nach bhfuil ionat ach truán bocht, tamocht, dall. Comhair-lím duit dá bhrí sin ór leáite a cheannach uaim, go mbeidh tú saibhir, agus éadach geal lena chur ort chun nach bhfeicfear náire do nochtachta, agus íocshláinte lena cur ar do shúile chun go mbeidh an t-amharc agat. Is iad lucht mʼansachta a bhíos á gceartú agus á smachtú agam; bí díograiseach mar sin agus déan aithreachas. Siúd mé i mo sheasamh ag cnagadh an dorais; má éisteann aon duine le mo ghlór agus má osclaíonn sé an doras romham, tiocfaidh mise isteach chuige ansin go gcaithfidh mé bia leis, agus go gcaithfidh sé bia liom i mo chuideachta. An té a bheireas bua, gheobhaidh sé cead uaim le suí liom ar mo ríchathaoir, mar a rug mise bua agus mar a shuigh mé le taobh mʼAtharsa ar a richathaoirsean. An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena ndeir an Spiorad leis na heaglaisí.’ ” Ina dhiaidh sin dʼamharc mé uaim, agus bʼshiúd doras oscailte ar neamh! Agus dúirt an chéad ghlór úd, a chuala mé mar a bheadh trumpa ag caint liom, “Tar aníos anseo go dtaispeána mé duit a bhfuil le tarlú ina dhiaidh seo.” Agus leis sin bhí mé ar maos sa Spiorad Naomh, agus bʼshiúd an ríchathaoir ina seasamh ar neamh agus an té a bhí ina shuí ar an ríchathaoir! Agus bhí lí sheaspair agus sháird ar an té a bhí ina shuí uirthi, agus bhí tuar ceatha ar lí smaragaide ina fháinne mórthimpeall na ríchathaoireach. Agus timpeall na ríchathaoireach bhí ceithre chathaoir ar fhichid, a raibh ceithre chruifir ar fhichid ina suí orthu faoi éadach geal, agus corónacha óir faoina gcinn. Agus tagann splancacha agus glórtha agus roisteacha toirní as an ríchathaoir, agus bíonn seacht gcrann solais ar dhianlasadh os comhair na ríchathaoireach, arb iad seacht sprid Dé iad; agus tá muir théachta ghlan ghloiní mar chriostal ann os comhair na ríchathaoireach. Agus timpeall na ríchathaoireach, i lár gach taoibh den ríchathaoir, tá na ceithre bheithíoch bhithbheo, a bhfuil a gcoirp lán de shúile rompu agus ina ndiaidh: tá an chéad bheithíoch mar leon ann, agus tá an dara beithíoch cosúil le damh, agus tá gnúis dhaonna ar an tríú beithíoch, agus tá anceathrú beithíoch mar iolar ag eitilt, agus bíonnsé sciathán ar gach uile bheithíoch, agus iad lán de shúile fúthu agus tharstu, agus ní bhíonn stad orthu oíche ná lá ach ag canadh, “Is naofa, naofa, naofa é Tiarna Dia na gcumhachtaí, a bhí agus atá agus atá le teacht!” Agus níl uair dá dtugann na beithígh bhithbheo glóir agus onóir agus buíochas don té a shuíos ar an ríchathaoir, agus a mhaireas go saol na saol, nach dtiteann na ceithre chruifir ar fhichid ar a mbéal fúthu roimh an té a mhaireas go saol na saol; ag caitheamh a gcorónacha síos os coinne na ríchathaoireach, agus ag canadh, “Ós tú ár dTiarna agus ár nDia, is maith is fiú tú an ghlóir agus an onóir agus an chumh-acht a bheith á lua leat, ós tú a chruthaigh a bhfuil ann, agus ós de do thoilse a bhí siad ann agus a cumadh iad.” Agus chonaic mé i láimh an té a shuigh ar an ríchathaoir scrolla a raibh scríobhnóireacht breactha air, ar a aghaidh agus ar a chúl, a raibh seacht séala buailte air; agus chonaic mé tréanaingeal á fhógairt i nguth ard, “Cé hé sin ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?” Agus ní raibh aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoi thalamh a bhí in inmhe an scrolla a oscailt ná amharc a thabhairt faoi, agus chaoin mé uisce mo chinn faoi gan aon duine a bheith le fáil ab fhiú an scrolla a oscailt ná amharc faoi. Arsa duine de na cruifreacha liom ansin, “Ná bí ag caoineadh. Tá de bhua ag an Leon ó threibh Iúda, Bunfhréamh Dháibhí, an scrolla agus a sheacht séala a oscailt.” Agus chonaic mé ina sheasamh idir na cruifreacha agus an ríchathaoir agus na ceithre bheithíoch an tUan mar a bheadh sé in éis a mharaithe, a raibh seacht n-adharc agus seacht súil aige, arbh iad seacht sprid Dé iad a chuirtear amach ar fud an domhain uile; agus chuaigh sé gur ghlac sé an scrolla as láimh dheas an té a shuigh ar an ríchathaoir. Agus nuair a bhí an scrolla ina láimh, thit na ceithre bheithíoch agus na ceithre chruifir ar fhichid ar a mbéal fúthu roimh an Uan, agus cláirseach cheoil agus scála óir lán túise ina lámha, agus is iad urnaithe na naomh an túis sin. Agus chan siad amhrán úrnua, agus dúirt siad, “Is maith is fiú tú breith ar an scrolla agus a shéalaí a fhuascailt, ós tú a cuireadh chun báis agus a cheannaigh le do chuid fola daoine do Dhia as gach treibh agus canúint agus pobal agus cine, agus rinne tú ríocht astu agus sagairt dár nDia-na, agus rialóidh siad ar an talamh.” Dʼamharc mé uaim ansin agus chuala mé timpeall na ríchathaoireach agus na mbeithíoch agus na gcruifreacha fuaim mórshlua aingeal, a bhí ina gcéadta agus ina mílte mile, ag canadh in ard a gcinn, “Is fiú é an tUan a cuireadh chun báis an chumhacht agus an ghlóir agus an bheannaith-eacht a fháil!” Agus chuala mé a bhfuil de chréatúir ann ar neamh agus ar thalamh agus faoi thalamh agus i bhfarr-aige agus ar fud na cruinne á rá, “Don té a shuíos ar an ríchathaoir agus don Uan go raibh an bheannacht agus an onóir agus an ghlóir agus an chumhacht go saol na saol.” Agus dúirt na ceithre bheithloch bhithbheo “Áiméan!” leis, agus thit na cruifreacha síos ag adhradh. Anois bhí mé ag amharc ar an Uan nuair a scaoil sé séala de na seacht séala, agus chuala mé beithíoch de na ceithre bheithíoch á rá i nglór mar a bheadh toirneach ann, “Tar amach!” Agus chonaic mé, agus bʼshiúd chugainn an t-each geal bán, agus bogha i láimh a mharcaigh; agus bronnadh coróin air, agus chuaigh sé amach a bhriseadh catha agus é i ndán dó an bua a fháil i ngach gleo. Nuair a scaoil sé an dara séala, chuala mé an dara beithíoch ag rá, “Tar amach!” Agus tháinig each eile ruadhearg amach, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a dhíbirt den talamh, agus na daoine a chur a imirt báis ar a chéile; agus bronnadh claíomh mór airsean. Nuair a scaoil sé an tríú séala, chuala mé an tríú beithíoch ag rá, “Tar amach!” Agus chonaic mé agus bʼshiúd chugainn an t-each dubh dorcha, agus meá i láimh a mharcaigh, agus chuala mé mar a bheadh foghar gutha dhaonna i mease na gceithre bheithíoch ag rá, “Déanar ar bhuiséal cruithneachta, agus déanar ar thrí bhuiséal eorna; ach bí gan aon éagóir a imirt ar an ola agus ar an bhfíon!” Nuair a scaoil sé an ceathrú séala, chuala mé glór an ceathrú beithíoch ag rá, “Tar amach!” Agus chonaic mé, agus bʼshiúd chugainn an t-each mílítheach bán, agus ba é an Bás ainm an mharcaigh, agus lean an Háidéas ar a shála; agus ligeadh leo cumhacht os cionn cheathrú cuid na cruinne, lena marú le béal claímh agus le gorta agus le plá agus le beithígh fhiáine tire is talaimh. Nuair a scaoil sé an cúigiú séala, chonaic mé faoi bhun na haltóra anamacha na ndaoine úd a cuireadh chun báis ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad; agus scairt siad in ard a ngutha, “Cá fhad, a Thiarna agus a Ardcheannasaí atá naofa fírinneach, go dtí go ndéanfaidh tú breithiúnas agus go mbainfidh tú amach éiric ár bhfola ó lucht áitithe an talaimh?” Bronnadh ansin róba geal ar gach duine acu, agus dúradh leo suaimhneas a dhéanamh seal beag eile, go dtí go mba lán a lion agus lion a mbráthar agus a gcomhsheirbhíseach a raibh sé i ndán dóibh a gcur chun báis ar an nós céanna leo. Nuair a scaoil sé an séú séala, dʼamharc mé uaim, agus bʼshiúd crith talaimh mór ann; agus dʼéirigh an ghrian chomh dubh le saicéadach, agus an ghealach iomlán mar fhuil, agus thit réaltaí na spéartha chun an talaimh mar thorthaí geimhridh a chuireas crann fige de nuair a chroitheas gaoth an-mhór é; agus chuaigh an spéir as mar chorn páipéir a bheadh á thochardadh, agus ardaíodh gach sliabh agus gach oileán as a áit agus a ionad. Ba ansin a chuaigh ríthe agus maithe móra agus daoine uile an talaimh idir shaoir agus dhaoir i bhfolach i gcuasa agus i gcarraigeacha na sléibhte, agus ghlaoigh siad mar seo ar na cnoic agus ar na creaga, “Titigí anuas in ár mullach dár bhfolach ó ghnúis an té a shuíos sa ríchathaoir, agus ó fhíoch an Uain: óir tháinig lá mór a bhfeirge orainn, agus cé hé sin a sheasós roimhe?” Chonaic mé dá éis sin ceithre aingeal ina seasamh ag ceithre choirnéal na cruinne, ag cur cúil ar cheithre ghaoth an domhain, ionas nach séidfeadh aon ghaoth ar thalamh ná ar mhuir ná ar aon chrann coille. Agus chonaic mé aingeal eile anoir chugam ó éirí na gréine, agus séala an Dé bhí aige, agus dʼfhógair sé de ghuth ard do na ceithre aingeal a raibh orthu muir agus talamh a choscairt, agus dúirt sé leo, “Ná coscraígí an talamh ná an mhuir ná na crainn go raibh séala buailte againn ar sheirbhísigh ár nDé ar chlár a n-éadan.” Agus chuala mé lion an dreama ar cuireadh séala orthu, céad daichead is a ceathair de mhílte, as gach treibh de chlann Iosrael. Cuireadh séala ar dhá mhíle dhéag de threibh Iúda, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Rúben, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghad, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Aisear, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Neftáilim, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaisse, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Shiméón, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Lébhí, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Isacar, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Sheabúlún, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaif, agus bhí dhá mhíle dhéag de threibh Bheniamín ar cuireadh séala orthu. Dʼamharc mé dá éis sin, agus bʼshiúd slua síoraí nach raibh aon áireamh air, de dhaoine as gach aon chine, agus as a bhfuil ann de threibheanna agus de phobail agus de chanúintí sa chruinne, agus iad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, agus éadach geal orthu agus craobhacha pailme idir a lámha, agus iad ag scairteadh in ard a nglór, “Is ónár nDia-na a shuíos sa ríchathaoir, a thagas an slánú, uaidh agus ón Uan!” Agus sheas na haingil uile go léir mórthimpeall na ríchathaoireach agus na gcruifreacha agus na gceithre bheithíoch, agus thit siad ar a mbéal fúthu os coinne na ríchathaoireach, agus thug siad adhradh do Dhia, agus dúirt siad, “Áiméan! Moladh agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus neart agus cumhacht lenár nDia-na go saol na saol! Áiméan.” Chuir duine de na cruifreacha forrán orm ansin ag fiafraí díom, “Cé hiad agus cá has iad siúd a bhfuil an t-éadach geal orthu?” Arsa mise leis, “A shaoi, is agat is fearr a íhios.” Agus ar seisean liom, “Sin iad an dream a tháinig slán as an bpianpháis mhór; agus a bhfuil a róbaí nite gealta acu i bhfuil an Uain. Dá bhrí sin de bíonn siad os comhair chathaoir Dé, ag fónamh dó lá agus oíche ina theampall; agus an té a shuíos ar an ríchathaoir mar dhídean acu. Ní bheidh ocras ná iota orthu a thuilleadh; ní thiocfaidh bruitheadh gréine ná brothall teasa orthu. Mar beidh an tUan mar aoire acu ó cheartlár na ríchathaoireach, agus treoróidh sé iad chuig fuaráin fhíoruisce na beatha; agus triomóidh Dia gach deor ó na súile.” Nuair a bhris an tUan an seachtú séala, bhí ciúnas ann ar neamh a mhair tuairim is leathuair an chloig. Chonaic mé ansin seacht dtrumpa á dtabhairt do na seacht n-aingeal a sheasas i láthair Dé. Agus tháinig aingeal eile a sheas os coinne na haltóra agus túiseoir órga aige; agus tugadh mórán túise dó lena meascadh le humaithe na naomh ar an altóir órga os comhair na ríchathaoireach; agus dʼéirigh an túis ina toit maraon le hurnaithe na naomh ó láimh an aingil os comhair Dé. Rug an t-aingeal ar an túiseoir ansin gur lion de thine ón altóir é agus gur chaith uaidh ar an talamh é; agus bhí roisteacha toirni agus ardghlórtha, agus splancacha tine, agus crith talaimh ann. Ba anois a thosaigh na seacht n-aingeal a raibh na seacht dtrumpa acu a dhéanamh réidh lena séideadh. Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tháinig cith de chlocha sneachta agus de thine, measctha le fuil, a thit ar an talamh; agus loisceadh trian an talaimh agus trian na gcrann, agus loisceadh an glasra uile. Shéid an dara haingeal a thrumpa, agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór trí thine san fharraige; agus thiontaigh trian an tsáile ina fhuil, agus fuair trian na gcréatúr beo san fharraige bás, agus scriosadh trian an loingis. Shéid an tríú haingeal a thrumpa, agus thit réalta mhór as an spéir, agus é ar dianlasadh mar thóirse, agus thit sí ar thrian na n-aibhneacha agus na dtoibreacha uisce. An Domlas ab ainm don réaltasan. Agus thiontaigh trian na n-uiscí ina ndomlas, agus bʼiomaí sin duine ar thug na huisci sin a bhás, ó dʼéirigh siad chomh searbh sin. Shéid an ceathrú haingeal a thrumpa, agus bualadh trian na gréine agus trian na gealai agus trian na réaltaí; gur múchadh trian dá solas siúd; ionas gur chaill an lá trian dá sholas, agus mar an gcéanna don oíche. Dʼamharc mé ansin, agus chuala mé scairt ard ó iolar a bhí ag eitilt idir spéir agus talamh, “Mo thrí thrua iad na daoine a chónaíos ar an talamh, de bharr bhloisc na dtrumpaí eile a bhfuil na trí aingeal ar tí a séidte!” Agus shéid an cúigiú haingeal a thrumpa, agus chonaic mé réalta tite ó neamh go talamh, agus tugadh eochair thobar an duibheagáin dó; agus dʼoscail sé tobar an duibheagáin; agus dʼéirigh toit as an tobar mar thoit foiméise móire, agus dhorchaigh an ghrian agus an t-aer ó thoit an tobair. Tháinig ansin lócaistí amach as an toit ar an talamh, agus tugadh cumhacht dóibh mar an chumh-acht a bhíos ag scairpe an domhain; agus bhí sé crosta orthu baint le féar ná fás glas ná le crainn an talaimh, ná dochar a dhéanamh don chine daonna, ach amháin na daoine sin nach bhfuil séala Dé ar chlár a n-éadan; a chead acu a bpianadh i gcaitheamh cúig mhí, ach gan a marú, agus bhí a bpianta mar an phian a thagas ó scairp nuair a chuireann sí a ga i nduine. Agus sna laethanta úd beidh iarraidh ag na daoine ar a mbás gan é le fáil acu; agus dúil mhór acu le bás, agus an bás ag teitheadh uathu. Agus is amhlaidh a bhí na lócaistí agus cuma orthu mar eachra gléasta chun catha; a gcimi mar a bheadh corónacha óir orthu; a ngnúiseanna mar ghnúiseanna daoine, a bhfolt mar fholt ban, agus a bhfiacla mar fhiacla leon; bhí lanna mar lúirigh chruach orthu, agus bhí gliogar as a sciatháin mar shlua mór capall is carbad ina rith chun catha. Bíonneireabaill mar scairpe acu agus gathanna iontu, agus is ina n-eireabaill a bhíos a gcumhacht acu le pian chúig mhí a chur ar dhuine. Bíonn aingeal an duibheagáin mar rí orthu; Abaddon is ea a ainm san Eabhrais, agus tugtar Apollíón, an scriostóir, air i nGréigis. Tá an chéad mhairg thart; ach seo dhá mhairg eile le teacht go fóill. Shéid an séú haingeal a thrumpa ansin, agus chuala mé glór as ceithre adharc na haltóra órga a bhíos os comhair Dé, ag rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige, “Scaoil na ceithre haingeal atá ceangailte ag abhainn mhór na hEúfráite.” Scaoileadh mar sin na ceithre haingeal a bhí réidh ullamh ag fanacht le cothrom na huaire agus an lae agus na míosa agus na bliana ina maródh siad trian an chine dhaonna. Bhí an marcshlua deich mile faoi dheich mile faoi dhó ann; chuala mé á gcomhaireamh iad. Agus is amhlaidh a chonaic mé na heich agus na marcaigh i mʼfhís; bhí lúirigh ar dhath tine agus saifíre agus ruibhe ar na marcaigh, agus bhí cinn na n-each mar chinn leon ann, agus tine agus toit agus ruibh as a gcraos. Mharaigh na trí phlá seo trian an chine dhaonna, mar atá an tine agus an toit agus an ruibh a tháinig amach as a gcraois. Mar bíonn cumhacht na n-each ina mbéil agus ina n-eireabaill; bíonn a n-eireabaill mar nathracha nimhe a bhfuil cinn orthu, agus is leosan a dhéanann siad an dochar. Agus an méid de na daoine a fágadh, nár thug na plánna seo a mbás, ní dheama siad aithreachas i saothar a lámh agus níor stad siad dʼadhradh na ndeamhan agus na n-íola dʼór agus dʼairgead agus de chré-umha agus de chloch agus dʼadhmad, atá gan amharc ná éisteacht ná siúl; agus ní dhearna siad aithreachas sa dúnmharú ná san asarlaíocht ná sa drúis ná sa ghadaíocht a bhí déanta acu! Chonaic mé aingeal cumhachtach eile ag tuirlingt ó neamh, a raibh néal thar a chorp, agus tuar ceatha faoina cheann, agus a ghnúis mar an ghrian, agus a chosa mar cholúin thine. Bhí leabhrán beag oscailte aige ina Iáimh. Agus leag sé a chos dheas ar fharraige, agus a chos chlé ar thalamh, agus scairt sé i nglór ard, mar leon ag búiríl; agus nuair a scairt sé, chualathas fuaim na seacht dtoimeach. Agus nuair a chuala mé na seacht dtoirneach, bhí mé ar tí scríobh, ach chuala mé glór ó neamh ag rá liom, “Cuir séala ar an méid a dúirt na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.” Agus maidir leis an aingeal a chonaic mé ina sheasamh i bhfarraige agus ar thalamh, thóg sé a lámh dheas i dtreo na spéire, agus mhionnaigh sé in ainm an té a mhaireas go saol na saol, a chruthaigh neamh agus a bhfuil inti, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti, nach mbeadh moill ann a thuilleadh, ach cothrom na laethanta sin a seinnfear an trumpa sin a bhfuil an seachtú haingeal ar tí a shéidte, go gcomhlíonfar rúndiamhair Dé, mar atá réamhinste aige dá sheirbhísigh na fáithe. Ba ansin a labhair an glór a chuala mé ó neamh an dara huair liom, á rá, “Imigh agus glac an leabhrán atá oscailte i Iáimh an aingil atá ina sheasamh i bhfarraige agus ar thalamh.” Chuaigh mé mar sin go dtí an t-aingeal gur iarr air an leabhrán a thabhairt dom; agus dúirt sé liom, “Glac agus caith é; beidh sé searbh ar do ghoile, ach beidh sé chomh milis le mil i do bhéal.” Agus ghlac mé an leabhrán as láimh an aingil gur chaith é; agus bhí sé chomh milis le mil i mo bhéal, ach nuair a bhí sé ite agam, dʼéirigh mo ghoile searbh. Agus dúradh liom, “Caithfidh tú tairngr-eacht a dhéanamh an athuair i dtaobh pobal agus ciníocha agus canúintí agus ríthe iomaí.” Tugadh dom ansin slat tomhais mar bhata, agus dúradh liom, “Éirigh agus glac tomhas theampall Dé agus na haltóra agus an dreama a bhíos ag adhradh ann, ach fág amach an chúirt atá taobh amuigh den teampall agus ná tomhais é; mar ligeadh leis na ciníocha í, agus cuirfidh siad an chathair naofa faoina gcosa i gcaitheamh dhá mhí is daichead. Agus tabharfaidh mé do mo dhís fhinnéithe cumhacht fáidheadóireachta a bheith acu i gcaitheamh mile dhá chéad is seasca lá, agus saicéadach orthu.” Is iad seo an dá chrann olóige agus an dá chrann solais a sheasas os comhair Ardtiarna na cruinne. Agus más mian le haon duine a ndochar a dhéanamh, tagann tine as a mbéal go slogann sí a naimhde; sin an oidhe atá i ndán don té ar mhian leis a ndochar a dhéanamh. Bíonn sé de chumh-acht acu an spéir a dhúnadh, ionas nach mbeidh aon bháisteach ann sna laethanta a mbíonn siad ag fáidhead-óireacht, agus bíonn de chumhacht acu na huiscí a thiontú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le plá ar bith chomh minic agus is mian leo. Agus nuair a bhíonn a bhfianaise críochnaithe acu, cuirfidh an beithíoch allta a éiríos as an duibheagán cogadh orthu agus buafaidh sé orthu agus básóidh sé iad, agus luífidh a gconablaigh i sráid na cathrach móire, a dtugtar go fáithchiallach an tSodóm agus an Éigipt uirthi, an t-ionad céanna inar céasadh ár dTiama. I gcaitheamh trí lá go leith beidh a gconablaigh á mbreathnú ag daoine as gach pobal agus treibh agus canúint agus cine gan cead adhlactha le fáil uathu, agus beidh lucht áitithe an domhain ag déanamh áthais agus lúcháire os a gcionn agus ag tabhairt bronntanas dá chéile, ó ba mhór an crá croí iad an dís fháithe úd do lucht áitithe an domhain. Ach tar éis na dtrí lá go leith chuaigh anáil bheatha ó Dhia iontu, agus dʼéirigh siad ar a gcosa agus thit eagla mhór ar a bhfaca iad. Chualathas glór mór as flaitheas neimhe ansin á rá leo, “Tagaigí aníos anseo!” Agus chuaigh siad in airde go neamh le néal agus a naimhde ag breathnú orthu. Agus sa tráth san bhí crith talaimh mór ann, agus thit an deichiú cuid den chathair; fuair seachtó mile duine bás sa chrith talaimh, agus bhí uamhan ar an gcuid eile gur thug siad glóir do Dhia neimhe. Chuaigh an dara mairg thart; seo an tríú mairg ag teacht gan mhoill. Shéid an seachtú haingeal a thrumpa ansin, agus bhí ardghlórtha ar neamh, ag rá, “Rinneadh ríocht ár dTiarna agus a Chríost de ríocht an domhain, agus rialóidh sé go saol na saol.” Agus thit na ceithre chruifir ar fhichid a shuíos ar a gcathaoireacha os comhair Dé, agus thug siad adhradh do Dhia, á rá, “Beirimid buíochas leat, a Thiarna Dia na gcumhacht atá agus a bhí riamh ann, gur ghlac tú ort do mhórchumhacht agus do réim. Dá mhéid é fraoch na gciníocha, tháinig uair dʼfheirge, agus lá bhreithiúnas na marbh, agus an lá a dtabharfar a luach saothair do do sheir-bhísigh, idir fháithe agus naoimh, agus bheag agus mhór a mbíonn ómós acu do dʼainm, an lá a scriosfar scriostóirí an talaimh.” Ba ansin a osclaíodh teampall Dé atá ar neamh, agus chonacthas áirc a chúnaint istigh sa teampall; agus bhí splancacha agus torainn arda agus roisteacha toirní agus crith talaimh, agus cith trom de chlocha sneachta ann. Agus chonacthas comhartha mór ar neamh, bean arbh éadach di an ghrian, agus a raibh an ghealach faoina cosa, agus coróin dhá réalta dhéag faoina ceann; ba thaobhthrom thorrach í, agus í ag éamh i dtinneas clainne. Agus chonacthas comhartha eile ar neamh; bʼshiúd dragún mór dearg a raibh seacht gcinn agus deich n-adharc air agus seacht mionn ríoga ar a seacht gcinn. Agus tharraing a eireaball trian de réaltaí neimhe leis gur chaith anuas chun talaimh iad. Agus sheas an dragún os coinne na mná a bhí ar tí breithe, go slogfadh sé an leanbh ina chraos chomh luath agus a bhéarfaí é; agus rug sí páiste fir, a bhfuil sé i ndán dó na ciníocha uile a rialú le slat iarainn, ach fuadaíodh an leanbh in airde chuig Dia agus chuig ríchathaoir Dé, agus theith an bhean amach ar an bhfásach, a bhfuil ionad ullmhaithe ag Dia ann ina coinne, ina n-oilfear í i gcaitheamh mile dhá chéad is tríocha lá. Bhí cogadh ann ansin i spéartha neimhe, Micheál agus a chuid aingeal i gcogadh leis an dragún; agus throid an dragún agus a chuid aingeal, ach ní bhfuair siad bua sa chath ná ionad ar neamh ní ba mhó. Agus caitheadh síos an dragún mór, an nathair nimhe ársa úd, dár chomhainm dó an Diabhal agus Sátan, mealltóir na cruinne uile —, caitheadh síos go talamh é, agus caitheadh a chuid aingeal síos maraon leis. Agus chuala mé é á fhógairt os ard ar neamh, “Is anois a ligeadh an réim le slánú agus le cumhacht agus le ríocht ár nDé, agus le hardcheannas a Chríosta, ó teilgeadh síoscúiseoirárgcomhbhráithre, abhíoságcúiseamh os comhair Dé oíche agus lá. Ach rug siad bua air tri fhuil an Uain agus tri bhriathar a bhfianaise, ó ba bheag leo a mbeo go bás. Bíodh ollghairdeas oraibh, a neamha agus a mhuintir neimhe! Ach is mairg don mhuir agus don talamh, ar tháinig an diabhal anuas chugaibh agus fearg bhuile air, ós feasach dó gur gairid a sheal.” Agus nuair a chonaic an diabhal é féin teilgthe chun an talaimh, chuaigh sé ar thóir na mná a raibh an mac aici. Ach bronnadh dhá eite an iolair mhóir ar an mbean, le héalú ar eitilt ón nathair nimhe chun an fhásaigh, go dtí an t-ionad a n-oilfear í ar feadh trátha agus dhá thráth agus leaththráth. Agus sceith an nathair nimhe tuile uisce as a chraos mar abhainn ann i ndiaidh na mná, lena cartadh leis an sruth. Ach chuir an talamh tarrtháil ar an mbean, mar dʼoscail an talamh a bhéal gur shlog an abhainn a sceith an nathair nimhe as a bhéalsan. Bhí fearg ar an nathair nimhe ansin leis an mbean, agus dʼimigh sé a chur cogaidh ar thuilleadh dá sliocht, mar atá ar an dream a chomhallas aitheanta Dé agus a thugas fianaise ar Íosa. Agus sheas sé ar ghaineamh na farraige. Agus chonaic mé an beithíoch allta ag éirí aníos as an bhfarraige, a raibh deich n-adharc agus seacht gcinn air, agus deich mionn ríoga ar a adharca, agus ainm diamhaslach ar a chinn. Agus bhí an beithíoch a chonaic mé mar liopard, agus a chosa mar chosa mathghamhna, agus a bhéal mar bhéal leoin. Agus ba dó a thug an dragún a chumhacht agus a richathaoir agus ardcheannas. Bhí cuma ghoin bháis ar aon cheann amháin dá chinn, ach cneasaíodh an ghoin bhásmhar sin, agus chuaigh an saol uile i ndiaidh an bheithígh allta agus iontas orthu. Agus dʼadhair na daoine an dragún, ó thug sé a chumhacht don bheithíoch allta, agus dʼadhair siad an beithíoch allta, agus deiridís, “Cé tá inchomhraic leis?” Agus bronnadh béal ar an mbeithíoch allta a chuirfeadh briathra díomasacha diamhaslacha as, agus ligeadh an t-ardcheannas leis i gcaitheamh dhá mhí is daichead; agus dʼoscail sé a bhéal le haithis a thabhairt do Dhia, agus masla a chur ar a ainm agus ar a áitreabh, is é sin, ar mhuintir neimhe. Ligeadh dó freisin cogadh a chur ar na naoimh, agus bua a fháil orthu. Agus tugadh ardcheannas dó os cionn gach treibhe agus pobail agus canúna agus cine, agus adharfaidh a maireann sa domhan é, gach duine nach raibh a ainm scríofa roimh bhunú an domhain i leabhar bheatha an Uain a cuireadh chun báis. An té a bhfuil cluas air éisteadh sé: Má tá sé i ndán do dhuine bheith ina bhraighdeanach, is i mbraighdeanas a théann sé; an té a mharaíos le béal claímh, is le béal claímh a chaithfear a mharú. Is anseo atá riachtanas le dochloíteacht agus le creideamh ó naoimh Dé. Chonaic mé ansin beithíoch allta eile a dʼéirigh aníos as an talamh; bhí dhá adharc mar uan air agus urlabhra dragúin aige. Bíonn sé ag cur cumhacht an chéad bheithígh in éifeacht ina láthair, agus é ag tabhairt ar an domhan agus a áitreabhaigh uile an chéad bheithíoch a adhradh, ar cneasaíodh a ghoin bhásmhar. Oibríonn sé comharthaí móra, go fiú tine a tharraingt ó neamh go talamh os comhair na ndaoine; agus meallann sé áitreabhaigh an domhain leis na comharthaí seo a gceadaítear dó a oibríú i láthair an bheithígh allta, ag ordú dóibh íomhá a dhéanamh don bheithíoch a goineadh leis an gclaíomh agus a mhair ina dhiaidh; agus a chead aige anáil a chur in íomhá an bheithígh allta go mbíonn fiú cumas labhartha ag íomhá an bheithígh allta, agus a chead aige an dream nach toil leo íomhá an bheithígh allta a adhradh a chur chun báis. Agus lena chois sin cuireann sé iallach ar na daoine uile, idir bheag agus mhór agus shaibhir agus dhaibhir agus shaor agus dhaor, comhartha a ghlacadh orthu féin ar a lámha deasa nó ar chláir a n-éadain, ar nós nach mbíonn cead díolta ná ceannaigh ag aon duine mura mbíonn an comhartha sin an bheithígh allta air, is é sin, ainm an bheithígh allta nó uimhir a ainm. Tá gá le heagna anseo: an té a bhfuil eagna cinn aige comhairíodh sé uimhir an bheithígh allta, ós uimhir dhaonna i, agus is í a uimhir sé chéad seasca is a sé. Dʼamharc mé ansin, agus bʼshiúd é an tUan ina sheasamh ar mhullach Shliabh Shióin agus céad daichead is a ceathair de mhílte in éineacht leis a raibh a ainmsean agus ainm a Athar scríofa ar chláir a n-éadan. Agus chuala mé an glór ó neamh a bhí mar thorann na dtonnta móra, agus mar ardtuargaint toirní; agus an glór seo a chuala mé bhí sé mar chláirseoirí ag seinm ar a gcláirseacha, agus bítear ag ceol amhráin úrnua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre bheithíoch bhithbheo agus os comhair na gcruifreacha. Níor fhéad aon duine an t-amhrán úd a fhoghlaim ach amháin an céad daichead is a ceathair de mhilte a athcheannaíodh ó thalamh an domhain. Is iad nár thruailligh iad féin le mná, ós glan geanmnaí iad; is iad a leanas an tUan cibé áit a dtéann sé; is iad a athcheannaíodh as an gcine daonna mar chéad torthaí do Dhia agus don Uan, agus nach bhfuarthas aon bhréag ina mbéil, ó nach bhfuil aon smál peaca orthu. Agus chonaic mé aingeal eile ag eitilt idir spéir agus talamh, agus soiscéal síoraí aige lena fhógairt dá gcónaíonn ar thalamh an domhain, do gach cine agus treibh agus canúint agus pobal; agus dúirt sé os ard, “Bíodh ómós do Dhia agaibh agus tugaigí glóir dó, ó tháinig uair a bhreith-iúnais, agus tugaigí a dhíol adhartha don té a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus toibreacha an fhíoruisce.” Lean an dara haingeal é, agus é á rá, “Thit Babalóin mhór ar an talamh, agus tá sí ina luí ar lár, ise a thug ar na ciníocha uile fíon a hainmhéine a ól.” Agus lean an tríú haingeal dóibh, ag fógairt de ghuth ard, “Má adhrann aon duine an beithíoch allta ina íomhá, nó má ghlacann sé comhartha ar chlár a éadain nó ar a láimh, ólfaidh seisean freisin fíon fhearg Dé, a dhoirtfear amach amh gan meascadh i gcupán a fheirge, agus céasfar é le tine agus le ruibhchloch i láthair na naomhaingeal agus i láthair an Uain. Agus bíonn toit a gciaptha ag dul in airde go saol na saol; gan faoiseamh lae ná oíche ag lucht adhartha seo an bheithígh allta agus a íomhá, ná ag cibé duine dá nglacann comhartha a ainm air féin.” Is anseo atá riachtanas le dochloíteacht ag na naoimh, an dream atá dílis dʼaitheanta Dé agus do chreideamh Íosa. Agus chuala mé glór ó neamh ag rá, “Scríobh é seo: Is beannaithe as seo amach a bhfaigheann bás i gcreideamh an Tiarna.” “Is beannaithe iad dáiríre,” a deir an Spiorad, “sa chruth go mbeidh scíth acu óna n-oibreacha, mar bíonn a ndea-ghníomhartha á leanúint.” Dʼamharc mé ansin, go bhfaca mé néal geal bán, agus an té a bhí ina shuí ar an néal ba chosúil le mac duine é, agus bhí coróin óir ar a cheann, agus corrán líofa ina láimh. Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall, gur scairt i nglór ard leis an té a bhí ina shuí ar an néal, “Cuir do chorrán ann agus bain an barr, mar is lán aibí é fómhar an talaimh.” Agus leis sin thug an té a bhí ina shuí ar an néal aon mhórbhuille amháin lena chorrán ar an talamh, agus baineadh leis sin fómhar an talaimh. Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall a bhí ar neamh, a raibh corrán líofa aigesean freisin. Tháinig aingeal eile ansin ón altóir, an t-aingeal sin a bhí i gceannas na tine, gur scairt in ard a ghlóir leis an té a raibh an corrán líofa aige, “Cuir do chorrán ann, agus cruinnigh craobhacha fhíniúin an talaimh, mar is lánaibí atá a chaora.” Agus leis sin thug an t-aingeal aon mhórbhuille amháin inar chruinnigh sé caora fhíniúin an talaimh, gur chaith isteach iad i gcantaoir mhór fhearg Dé; agus rinneadh an chantaoir a shatailt ar an taobh amuigh den chathair, agus tháinig an tuile fhola amach as an gcantaoir, ar dhoimhne shrian chapaill, a chuaigh ar fhad mile sé chéad staid. Chonaic mé comhartha eile ar neamh, comhartha mór iontach, seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, arb iad na plánna deireanacha iad, ós leo a ídítear fearg Dé. Agus chonaic mé mar a bheadh muir théachta de ghloine a raibh tine tríthi, agus chonaic mé an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch allta agus ar a íomhá agus ar uimhir a ainm ina seasamh ar imeall na mara téachta agus cláirseacha Dé idir a lámha. Agus bíonn amhrán Mhaois, seirbhíseach Dé, agus amhrán an Uain á sheinm acu, á rá, “Is mór agus is iontach iad dʼfhearta, a Thiarna Dia na gcumhacht! Is fírinneach agus is fíorcheart iad do shlite, a Rí na sioraíochta! Cé nach mbeidh eagla air agus nach dtabharfaidh glóir do dʼainm, a Thiarna? Is tú amháin atá naofa. Tiocfaidh na ciníocha uile do dʼadhradh, mar tá do bhreithiúnais tar éis a nochta.” Dʼamharc mé ina dhiaidh sin, agus osclaíodh teampall phailliún na fianaise ar neamh, agus tháinig seacht n-aingeal na seacht bplá amach as an teampall, agus léinte gléigeala línéadaí orthu go troigh, agus criosanna órga aníos faoina n-uchtanna. Agus thug beithíoch de na ceithre bheithíoch bhithbheo do na seacht n-aingeal seacht scála lán dʼfhearg an Dé bhithbheo; agus bhí an teampall lán de dheatach ó ghlóir agus ó chumhacht Dé, agus níor fhéad aon duine an teampall a thaobhú go dtí go raibh críoch curtha leis na seacht bplá a bhí ag na seacht n-aingeal. Chuala mé ansin glór mór ard as an teampall ag ordú do na seacht n-aingeal,ʼ “Imígí go ndoirte sibh lán na seacht scála dʼfhearg Dé amach ar thalamh.” Dʼimigh an chéad aingeal mar sin gur dhoirt amach a scála ar an talamh, agus dʼéirigh neascóidí diana déistin-eacha ar na daoine úd a raibh comhartha an bheithígh allta orthu a mbíodh a íomhá á adhradh acu. Dhoirt an dara haingeal a scála amach san fharraige, agus rinneadh cró fola di mar fhuil ó chorp marbh, agus fuair gach uile dhúil bheo dá raibh san fharraige bás. Dhoirt an tríú haingeal a scála amach faoi na haibh-neacha agus faoi na toibreacha uisce, agus rinneadh fuil dá n-uiscí. Agus chuala mé aingeal an uisce ag rá, “Is ceart cothrom tú sna breithiúnais seo agat, a Athair bheannaithe atá agus a bhí riamh ann. Dhoirt na daoine seo fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil dóibh lena hól. Thug tú a gceart féin dóibh.” Agus chuala mé an altóir ag scairteadh os ard, “Bíodh amhlaidh, a Thiarna Dia na gcumhacht, is fírinneach agus is fíorcheart iad do bhreithiúnais!” Dhoirt an ceathrú haingeal a scála amach ar an ngrian, agus ceadaíodh di na daoine a loscadh le tine; agus bhí na daoine craiceann-dóite ag déine an teasa, agus thugadar a mallacht dʼainm Dé, a bhfuil an chumhacht aige ar na plánna seo, agus ní dhearnadar aithrí agus níor thugadar glóir dó. Dhoirt an cúigiú haingeal a scála amach os cionn ríchathaoir an bheithígh allta, agus thit duibhe agus dorchadas ar a ríocht uile; agus bhí na daoine ag cogaint a dteangacha ar mhéid is bhí pian orthu, agus iad ag cur a mallacht ar Dhia na bhflaitheas mar gheall ar a bpianta agus a neascóidí, agus gan aithreachas orthu faoina mí-ghníomhartha. Dhoirt an séú haingeal a scála amach os cionn abhainn mhór na hEúfráite, agus triomaíodh a huiscí, leis an mbealach a réiteach roimh ríthe an domhain thoir. Agus chonaic mé trí sprid neamhghlana mar a bheadh loscáin ann agus iad ag teacht amach as béal an dragúin agus as béal an bheithígh allta agus as béal an fháidh bhréige; is deamhain aeir iad seo a oibríos comharthaí, a chuirtear ar theachtair-eacht chuig ríthe uile an domhain, lena slógadh i gcoinne catha lá mór Dia na gcumhacht. “Seo ag teacht mé mar a thiocfadh gadai! Is beannaithe a fhaightear ina dhúiseacht, agus a chuid éadaí coinnithe slán aige, sa dóigh nach bhfeicfear maoltarnocht gan cumhdach ar a chorp é!” Agus rinneadh a slógadh san áit a ngairtear Ármagedón di san Eabhrais. Dhoirt an seachtú haingeal a scála amach san aer, agus tháinig foghar mór gutha as an teampall, ón ríchathaoir, a dúirt, “Tá críoch curtha air!” Agus bhí splancacha tine agus torainn arda agus roisteacha toirní ann, agus crith talaimh nach raibh a leithéid ann chomh fada is bhí daoine ar an domhan, bhí sé ina chrith talaimh chomh mór sin. Agus scoilteadh an mhórchathair ina trí chuid, agus thit cathracha na gcríoch go talamh, agus chuimhnigh Dia ar an mBabalóin mhór, lena cur dʼiallach uirthi an cupán sin a ól ba lán dʼfhíon fraochmhar a fheirge. Agus dʼéalaigh gach oileán as, agus ní raibh aon sliabh le fáil, agus fearadh cith mór de chlocha sneachta a raibh céad meáchain i ngach cloch de anuas ó neamh ar na daoine, sa chruth gur thug na daoine a mallacht do Dhia mar gheall ar phlá na gcloch sneachta, bhí an phlá chomh creathnach sin. Tháinig aingeal de sheacht n-aingeal na seacht scála chugam ansin agus ar seisean liom, “Tar uait, go dtais-peána mé duit breithiúnas na striapaí móire a shuitear ar na móruiscí, ise ba leannán leapa ag ríthe an domhain, a chuir a maireann ar an talamh ar meisce le deocha diana a drúise.” Agus dʼiompair sé amach chun an fhásaigh mé faoi anáil an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ag marcaíocht ar mhuin an bheithígh allta scarlóidigh a raibh a chorp lán dʼainmneacha diamhaslacha, agus a raibh seacht gcinn agus deich n-adharc air. Agus bhí an bhean cóirithe i gcorcra agus i scarlóid agus maisithe le hór agus le seoda agus le péarlaí, agus bhí cupán óir ina láimh a bhí lán de ghráiniúlacht agus de mhígheanmnaíocht a drúise; agus bhí ainm rúnda scríofa ar chlár a héadain: “An Bhabalóin mhór, máthair striapacha agus shailíochtaí an domhain.” Agus chonaic mé an bhean sin agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil mhairtírigh Íosa. Agus rinne mé iontas mór di nuair a chonaic mé í. Ach dúirt an t-aingeal liom; “Cad é ábhar dʼiontais? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus rúndiamhair an bheithígh a bhfuil seacht gcinn agus deich n-adharc air, a iompraíos í. An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann, ach níl sé ann anois. Tá i ndán dó éirí aníos as an duibheagán agus imeacht chun scriosta. Agus an méid sin de dhaoine an tsaoil seo nach bhfuil a n-ainmneacha scríofa ó shuíomh an domhain i leabhar na beatha, beidh iontas orthu an beithíoch allta sin a fheiceáil, cionn is go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann agus go bhfuil sé le teacht. Is anseo atá riachtanas le heagna chinn: ciallaíonri na seacht gcinn seacht gcnoc a bhfuil an bhean ina suí orthu. Ciallaíonn siad seachtar rí freisin, ar thit cúigear acu, agus a bhfuil rí acu anois, agus rí eile nár tháinig go fóill, agus nach bhfanfaidh ach seal beag nuair a thiocfas sé. Agus maidir leis an mbeithíoch allta sin a bhí ann agus nach bhfuil ann, tá sé sin ar an ochtú rí, ach is leis an seachtar é, agus imeoidh sé chun scriosta. Agus na deich n-adharc a chonaic tú, is deichniúr rí iadsan nach bhfuair a ríochtaí go fóill, ach a ghlacfas cumhacht ríúil maraon leis an mbeithíoch allta i rith aon uaire amháin. Bíonn siad uile ar aon intinn amháin lena bhfuil de cheannas agus de chumhacht acu a bhronnadh ar an mbeithíoch allta. Cuirfidh siadsan cogadh ar an Uan, agus gheobhaidh an tUan a mbua, ós é Mórthiarna na dtiarnaí agus Ardrí na ríthe é, agus ós togharmtha tofa tairise iad a lucht leanúna.” Agus ar seisean liom, “Na huiscí a chonaic tú, a bhfuil an striapach ina suí orthu, ciallaíonn siadsan pobail agus mórshluaite agus ciníocha agus canúintí. Agus maidir leis na deich n-adharc a chonaic tú, agus an beithíoch allta, tabharfaidh siad fuath don striapach; agus fágfaidh siad fás folamh fornocht í, agus íosfaidh siad a feoil agus loiscfidh siad chun luaithe í, ó chuir Dia ina gcroíthe a bheartas féin a chur i ngníomh nuair a bhronn siad a gcumhacht ríoga ar an mbeithíoch allta, ionas go bhfíorófaí briathra bhéal Dé. Agus an bhean úd a chonaic tú, is í an chathair mhór sin í a bhfuil ríthe uile an domhain faoina smacht aid.” Chonaic mé ina dhiaidh sin aingeal eile ag teacht ó neamh, a raibh cumhacht mhór aige; agus chaith a ghlóirsean solas ar fud an domhain. Agus scairt sé in ard a ghlóir, “Thit sí, thit sí, an Bhabalóin a bhí mór! Rinneadh áitreabh deamhan di, agus ionad a mbíonn gach sprid dá shalaí dá tháire, agus gach éan dá bhréine agus dá dhéistiní ag tarraingt air; ise ar ól na ciníocha uile dianfhion a drúise, a raibh ríthe an domhain mar leannáin leapa aid, a ndearna ceannaithe an domhain a saibhreas as láidr-eacht a sáile.” Ba ansin a chuala mé glór cile ó neamh a dúirt, “Tagaigí aisti amach, a phobail is liom, ar eagla a bheith ciontach ina peacaí ar eagla a bheith páirteach ina plánna; ó carnadh a peacaí chomh hard leis an spéir agus ó chuimhnigh Dia ar a coirpeachta. Tugaigí tomhas a láimhe féin di, íocfaidh sí faoi dhó as a míghníomhartha; tabhair dhá oiread le n-ól di sa chupán céanna a thairg-eadh sí. Dá mhéid é a mórtas agus a mínáire, tugaigí a chothrom sin de bhuaireamh agus de bhrón di. Deir sí ina croí, ‘Táim i mo shuí i mo bhanríon, ní baintreach mé, ní bhlaisfidh mé an brón go deo,’ dá bhrí sin tiocfaidh a cuid tubaiste uirthi le chéile in aon lá amháin, plá, agus brón, agus gorta, agus tine á loscadh beo; mar is cumhachtach é an Tiarna Dia a thugas breithiúnas uirthi.” Agus beidh na ríthe uile úd an domhain a bhi ina leannáin aici ag cleachtadh drúise léi, ag sileadh deor agus á caoineadh nuair a íheicfeas siad a toit is í á loscadh. Seas-faidh siad i bhfad amach uaithi, le heagla roimh a ciapadh, agus déarfaidh siad, “Faraoir géar! a chathair mhór, a chathair chumhachtach na Babalóine! Tháinig do bhreithiúnas ort in alt na haon uaire.” Agus bíonn ceannaithe an domhain ag sileadh deor á caoineadh, ó nach gceannaíonn aon duine a thuilleadh lasta a long uathu, lastaí dʼór agus dʼairgead, seoda agus péarlai, mínlínéadach agus corcra agus síoda agus scarlóid, adhmad cumhartha agus gach cineál ball trioca as eabhair agus as adhmad is daoire, cré-umha agus iarann agus mannar, cainéal agus spíosraí, túis agus miorr agus fíon agus ola, plúr agus cruithneacht agus eallach agus caoirigh agus capall agus carbaid agus moghaí agus cumhla, is é sin, anamacha daoine. “Dʼimigh na torthaí uait ba mhian le do chroí, chaill tú na bianna blasta agus an mhórchúis a bhí agat, gan fáil agat orthu arís choíche!” Agus beidh ceannaithe na n-earraí seo, a rinne a saibhreas uirthi, ag fanacht i bhfad amach uaithi, le heagla roimh a ciapadh, agus iad ag caoi agus ag mairgneach mar seo in ard a gcinn, “Faraoir géar, an chathair mhór sin a cóiríodh i línéadach min, i gcorcra agus i scarlóid, a maisíodh le hór agus le seoda agus le péarlai! Cuireadh an saibhreas seo uile ar ceal i rith aon uair an chloig.” Agus sheas gach máistir soithigh agus seoltóir agus maiméalach agus loingseoir i bhfad amach uaithi nuair a chonaic siad a dóiteán agus scairt siad, “Cad í an chathair a bhí inchurtha leis an gcathair mhór?” Agus chaith siad luaith i mullach a gcinn, ag caoi agus ag mairgneach agus ag screadach os ard, “Mo mhíle brón i an chathair mhór a ndeama a raibh loingeas i bhfarraige acu a maoin as a saibhreas-sa! Rinneadh a creach in aon uair an chloig. Bíodh áthas oraibh, a neamha, faoinar tharla di, idir naoimh agus aspail agus fháithe, óir tá breithiúnas tugtha ag Dia uirthi in bhur leith!” Ba ansin a thóg tréanaingeal cloch ba chosúil le cloch mhór mhuilinn gur chaith amach san fharraige í, agus ar seisean, “Is mar sin a chaithfear cathair mhór na Babalóine anuas le fuinneamh is le forneart, go dtí nach mbeidh a lorg le fail; ní bheidh cruitireacht ná ceol ná fuaim fideoige ná trumpa le cluinstin ionat ní ba mhó; ní bheidh ceardaí ná saor le fáil ionat ní ba mhó; ní bheidh aon bhróntóireacht le cluinstin ionat ní ba mhó; ní bheidh solas lampa ag soilsiú ionat ní ba mhó; ní bheidh glórtha na lánúineacha nuaphósta ionat ní ba mhó; óir bhí do cheannaithe ina bhfir mhóra an domhain, agus bhí draíocht curtha agat ar na ciníocha uile.” Agus fuarthas ciontach í i bhfuil na bhfáithe agus na naomh, agus inar dúnmharaíodh ar an domhan. Chuala mé fuaim ina dhiaidh sin mar ghlór ó mhór-shlua ar neamh, ag rá mar seo os ard, “Alelúía! Is lenár nDia-na an slánú agus an ghlóir agus an mhórchumhacht, is fírinneach ceart-bhreitheach é; tá breithiúnas tugtha aige ar an striapach mhór a shalaigh an domhan lena drúis, agus tá fuil a sheirbhíseach agartha aige uirthi.” Agus dúirt siad arís, “Alelúía! Beidh an toit ag éirí aisti go saol na saol.” Agus thit na ceithre chruifir ar fhichid agus na ceithre bheithíoch bhithbheo ar a mbéal gur thug siad adhradh do Dhia atá ina shuí ar an ríchathaoir, ag rá, “Áiméan, Alelúía!” Agus tháinig glór ón ardchathaoir a dúirt, “Molaigí ár nDia, a dhaoine atá in bhur seirbhísigh aige, a bheaga agus a mhóra, a thugas ómós dó.” Chuala mé fuaim ansin mar gháir mhórshlua agus mar thorann tonnta tuile agus mar thuargaint ardthoirni, ag rá, “Alelúía! Tá an réim lenár dTiarna, Dia na gcumhacht. Bíodh áthas agus lúcháir orainn agus tugaimis an ghlóir dó, mar tháinig am bhamis an Uain, agus tá a Bhrídeog tar éis í féin a ghléasadh; agus a cead aici a cóiriú féin i ngúna den línéadach gléghlan”— ós é an línéadach min dea-ghníomhartha na naomh. Agus dúirt an t-aingeal liom, “Scriobh é seo: Is beann-aithe a fhaigheas cuireadh chun bainis an Uain.” Agus dúirt sé liom, “Is focail fhíora ó bhéal Dé iad seo.” Thit mé ansin ag a chosa lena adhradh, ach ar seisean liom, “Tá sé crosta ort sin a dhéanamh! Níl ionamsa ach comh-sheirbhíseach leatsa agus le do bhráithre, lucht gafa fhianaise Íosa. Tabhair adhradh do Dhia amháin.” Óir is í fianaise Íosa sprid na fáidheadóireachta. Chonaic mé doirse na bhflaitheas ar oscailt ansin, agus bʼshiúd chugainn an t-each gléigeal! Tá ainm na Dílseachta agus na Fírinne ar a mharcach, agus is fíréanta a thugas sé breith agus a chuireas sé cogadh. Bíonn a shúile mar bhladhairí tine, agus is iomaí mionn atá ar a cheann; agus tá ainm in inscríbhinn aige nach feasach dʼaon duine ach dó féin. Bíonn léine a tumadh i bhfuil mar éadach air, agus tugtar Briathar Dé mar ainm air. Agus bhí marcshlua neimhe á leanúint ar eachra geala agus léinte de línéadach min geal orthu. Bíonn claíomh faobhrach ag imeacht as a bhéal le buille a bhualadh ar na ciníocha, agus is le slat iarainn a rialós sé iad; satalóidh sé fíonchantaoir fhearg Ihíochmhar Dhia na gcumhacht. Tá ainm scríofa aige ar a léine agus ar a shliasad, Ardrí na ríthe agus Mórthiarna na dtiarnaí. Chonaic mé aingeal ansin ina sheasamh sa ghrian, a scairt in ard a ghutha lena mbíonn dʼéanlaithe ag eitilt idir spéir agus talamh, “Tagaigí le chéile chuig mórfhleá Dé, go n-ithe sibh feoil ríthe agus cheannfort agus churaí, feoil chapall agus mharcach, agus feoil an chine dhaonna idir shaor agus dhaor agus bheag agus mhór.” Agus chonaic mé an beithíoch allta, agus ríthe an domhain agus a sluaite siúd, agus iad cruinn le cogadh a chur ar an marcach agus ar a shlua-san. Agus gabhadh an beithíoch allta, agus an fáidh bréige a dʼoibríodh na comharthaí roimhe ar mheall sé leo an dream úd a ghlac le comhartha an bheithígh agus a thug adhradh dá íomhá. Caitheadh an bheirt amach i loch na tine a bhíos ar dó le ruibhchloch agus iad ina mbeatha. Maraíodh an chuid eile le béal claímh, leis an gclaíomh as béal ridire an eich ghil, agus chaith an éanlaith uile lán a ngoile dá bhfeoil. Chonaic mé ansin aingeal ag tuirlingt ó neamh, a raibh eochair an duibheagáin agus slabhra mór aige idir a lámha. Agus rug sé ar an dragún, an nathair nimhe ársa úd, arb ionann é is an Diabhal agus Sátan, agus chuir sé ceangal mile bliain ar a chaolta, agus chaith sé amach sa duibheagán é, agus dhún sé an doras air agus chuir sé séala air, ionas nach meallfaidh sé na ciníocha a thuilleadh go dtí go mbeidh an mile bliain istigh. Ina dhiaidh sin caithfear a scaoileadh saor seal beag. Chonaic mé ríchathaoireacha ansin, agus fágadh an breithiúnas faoina raibh ina suí orthu. Chonaic mé freisin anamacha na ndaoine a dícheannaíodh mar gheall ar a bhfianaise ar Íosa agus ar bhriathar Dé, agus anamacha na ndaoine nár adhair an beithíoch ná a íomhá agus nár ghlac a chomhartha ar chlár a n-éadan ná ar a lámha deasa. Athbheodh iadsan, gur rialaigh siad maraon le Críost ar feadh mile bliain. Ach níor athbheodh an chuid eile de na mairbh go dtí go raibh an mile bliain istigh. Is é sin an chéad aiséirí. Is beannaithe naofa a mbíonn páirt acu sa chéad aiséirí! Ní bhíonn cumhacht ag an athbhás orthu siúd, ach is amhlaidh a bheidh siad ina sagairt ag Dia agus ag Críost, agus ina gcomhríthe leis i gcaitheamh mile bliain. Agus nuair a bheas an mile bliain istigh, scaoilfear Sátan as a phríosún, agus tiocfaidh sé amach as leis na ciníocha atá ag ceithre choirnéal na cruinne a mhealladh, mar atá, Gog agus Magog, á slógadh chun catha; nár lia gaineamh na farraige ná iad. Agus ghluais siad ar aghaidh ar fud agus ar leithead an talaimh gur chuir fáinne timpeall ar fhoslongfort na naomh agus ar an gcathair ionúin; ach thit tine anuas ó neamh a rinne luaith díobh, agus caitheadh an diabhal a mheall iad amach i loch na tine agus na ruibhchloiche, mar a raibh an beithíoch allta agus an fáidh bréige, agus beifear á gciapadh oíche agus lá go saol na saol. Ba ansin a chonaic mé ríchathaoir mhór gheal, agus an té a bhí ina shuí uirthi; ar theith an talamh agus an spéir roimh a ghnúis, agus gan áit ná ionad le fáil acu. Agus chonaic mé na mairbh, idir bheag agus mhór, ina seasamh os comhair na richathaoireach, agus osclaíodh na leabhair. Agus osclaíodh leabhar eile, arb é leabhar na beatha é. Agus tugadh breithiúnas ar na mairbh de réir a raibh scríofa sna leabhair faoina ngníomhartha. Agus thug an Bás agus Háidéas uathu na mairbh a bhí iontu, agus tugadh breithiúnas orthu uile go léir de réir a ngníomhartha. Caitheadh an Bás agus Háidéas amach ansin i loch na tine. Is é an t-athbhás an loch sin na tine; agus gach aon duine nach raibh a ainm scríofa i leabhar na beatha, caitheadh amach é i loch na tine. Ba ansin a chonaic mé neamh úmua agus talamh úrnua; ó bhí deireadh leis an gcéad neamh agus leis an gcéad talamh, agus ní raibh aon fharraige ann ní ba mhó. Agus chonaic mé an naomhchathair, an nua-Iarúsailéim, ag teacht anuas ó Dhia ó neamh, agus í cóirithe mar bhrídeog a mhaisítear le haghaidh a fir chéile; agus chuala mé ardghlór ón ríchathaoir á rá, “Bíodh a fhios agaibh go bhfuil Dia ag dul a chónaí le daoine. Cónóidh sé leo, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia é féin leo; agus triomóidh sé gach uile dheor dá súile, agus beidh deireadh leis an mbás, agus ní bheidh mairgneach ná caoi ná pian ann a thuilleadh, mar tá deireadh leis an seansaol a bhí ann go dtí seo.” Agus dúirt an té a shuigh sa ríchathaoir, “Seo mé ag athchruthú na cruinne go léir as an nua.” Agus dúirt sé lena chois sin, “Scríobh é seo, ós fírinneach iontaofa na briathra iad.” Agus dúirt sé liom, “Tá sé sin déanta! Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an tús agus an deireadh. Na daoine a bhfuil tart orthu, tabharfaidh mé uisce saor in aisce dóibh ó thobar fhíoruisce na beatha. An té a bheireas an bua beidh an oidhreacht aige, agus beidh mé i mo Dhia aige agus beidh sé ina mhac agam. Ach maidir leis na cladhairí meata agus na fealltóirí díchreidmheacha, agus na truailleáin shalacha, agus na dúnmharfóirí agus na drúiseoirí agus na hasarlaithe agus lucht adhartha na n-íola agus na bréagairí uile go léir, beidh a bpáirt siúd sa loch atá ar lasadh le tine agus le ruibhchlocha, agus is é sin an t-athbhás.” Ba ansin a tháinig aingeal den mhórsheisear a raibh na seacht scála úd na seacht bplá deiridh acu, agus labhair sé liom mar seo, “Tar liom, go dtaispeána mé duit an Bhrídeog, banchéile an Uain.” Agus thóg sé leis mé faoi anáil an Spioraid go sliabh mór ard, gur thaispeáin dom an naomh-chathair Iarúsailéim ag teacht anuas ó neamh ó Dhia, agus glóir Dé aici; agus dealrú aisti mar lí na seoide ab uaisle, mar sheaspar a bhíodh ar aon ghile le criostal. Bhí balla mór ard thairsti a raibh dhá gheata dhéag air, agus dhá aingeal déag ag na geataí, agus ainmneacha dhá threibh déag chlann Iosrael breactha ar na geataí; trí gheata ar an taobh thoir, agus trí gheata ar an taobh thuaidh, agus trí gheata ar an taobh theas, agus trí gheata ar an taobh thiar. Agus bhí dhá dhúshraith déag faoi bhalla na cathrach, agus ainmneacha dáréag aspal an Uain breactha orthu. Bhí slat tomhais órga ag an té a bhí ag caint liom, leis an gcathair agus a geataí agus a ballaí a thomhas. Tá an chathair leagtha amach ina cearnóg chothrom, arb ionann a fad agus a leithead; agus ghlac sé tomhas na cathrach lena shlat, dhá mhíle dhéag staid, is ionann a fad agus a leithead agus a airde. Thomhais sé an balla lena chois sin, céad daichead is ceithre bhanlámh de réir an tomhais dhaonna, ó ba é sin an tomhas a bhí ag an aingeal. Bhí an balla déanta de chlocha seaspair, agus ba de ghlan-ór ar aon ghile na gloine a bhí an chathair. Bhí bunchlocha bhalla na cathrach maisithe leis an uile chineál seod; an chéad bhunchloch le seaspar, an dara ceann le saifír, an tríú le hagáit, an ceathrú le smaragaid, an cúigiú le hoinisc, an séú le coirnéiliún, an seachtú le criosalít, an t-ochtú le beiril, an naoú le tópás, an deichiú le criosófrás, an t-aonú ceann déag le hiasaint, agus an dara ceann déag le haimitis. Agus ba dhá phéarla dhéag iad an dá gheata dhéag, gach aon gheata as aon phéarla amháin, agus ba dʼór glan athleáite sráid na cathrach, agus é chomh soiléir le glome. Ach ní fhaca mé teampall ar bith sa chathair, ós iad Tiarna Dia na gCumhacht agus an tUan a teampall. Agus níl aon riachtanas ag an gcathair le soilsiú gréine ná gealaí, ós í glóir Dé a solas, agus ós é an tUan a lampa. Agus beidh sí ina réalta eolais ag na ciníocha; agus tabharfaidh ríthe an talaimh a nglóir leo isteach inti, agus ní dhúnfar a geataí sa lá—agus ní bheidh aon oíche ann; agus beidh glóir agus onóir na gciníocha á n-iompar isteach inti. Ach ní ligfear isteach aon ní neamhghlan, ná aon duine a chleachtas bréantas ná bréaga, ach an dream sin amháin a mbíonn a n-ainmneacha scríofa i leabhar bheatha an Uain. Thaispeáin sé dom ina dhiaidh sin abhainn fhíoruisce na beatha síoraí, chomh glé solasta le criostal, i lármheán shráid na cathrach, arb í a foinse ríchathaoir Dé agus an Uain; agus thaispeáin sé dom ar dhá thaobh na habhann crann dhá thoradh déag na beatha, a thugas athrach toraidh gach mí; agus bhíodh duilleoga an chrainn mar chéiríní leighis ag na ciníocha. Agus ní bheidh aon ní faoi mhallacht a thuilleadh, ní bheidh ann ach ríchathaoir Dé agus an Uain, agus a sheirbhísigh á adhradh, agus radharc acu ar a ghnúis, agus a ainm scríofa ar chlár a n-éadan. Agus ní bheidh aon oíche ann níos mó; ná riachtanas le solas lampa ná le solas na gréine acu, ó beidh an Tiarna Dia mar sholas acu, agus iad ina ríthe ag rialú go saol na saol. Agus dúirt sé liom, “Is fírinneach iontaofa an focal é, gur chuir an Tiarna, an Dia a bhronn a Spiorad ar na fáithe, a aingeal uaidh le bheith ag taispeáint dá sheirbhísigh cad é atá le tarlú roimh i bhfad. Bíodh a fhios agaibh nach fada uaibh mo theacht.” Is beannaithe a chomhallas briathra thairngreacht an leabhair seo. Mise Eoin an té a chuala agus a chonaic na nithe seo. Agus nuair a bhí siad cluinte feicthe agam, thit mé ar mo bhéal ag cosa an aingil sin a thaispeáin dom iad lena adhradh; ach ar seisean liom, “Tá sé crosta ort a dhéanamh! Níl ionamsa ach comhsheirbhíseach leatsa agus le do bhráithre, na fáithe, agus lena gcomhallann briathra an leabhair seo. Tabhair dʼadhradh do Dhia amháin.” Agus ar seisean liom, “Ná dún briathra thairngreacht an leabhair seo le séala, ó nach fada uaibh an t-am. A chead ag an drochdhuine an t-olc a dhéanamh, agus ag an duine salach bheith á shalú féin, agus a chead ag an duine cóir an choir a dhéanamh, agus a chead ag an naomh bheith naofa. “Bíodh a fhios agaibh go dtiocfaidh mé gan mhoill, agus go mbeidh mo luach saothair liom, le cúiteamh le gach aon duine mar a thuill a shaothar. Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an té a bhí ann ar dtús agus a bheas ann sa deireadh, an chéad thosach agus an chríoch dheireanach. “Is beannaithe a níos a n-éadaí, ar nós go mbeidh ceart seilbhe chrann na beatha acu agus cead acu siúl isteach ar na geataí chun na cathrach. Is fada uaithi amach a gheofar na daoine madrúla agus na hasarlaithe agus na drúiseoirí agus na dúnmharfóirí agus lucht adhartha na n-íola, agus gach aon duine a ghráíos agus a chleachtas na bréaga. “Is mise Íosa a chuir mʼaingeal uaim chugaibh leis an bhfianaise seo i gcoinne na n-eaglaisí. Is mise bunfhréamh Dháibhí agus sliocht a shleachta, agus réalta dhealrach na deargmhaidine.” Is é a deir an Spiorad agus an Bhrídeog, “Tar.” Agus abradh an té a éisteas, “Tar”. Agus tagadh an té a bhfuil tart air, agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce thobar na beatha saor in aisce aige. Fógraím mar rabhadh do lucht éiste briathra thairngr-eacht an leabhair seo: má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia leis-sean na plánna úd a gcuireann an leabhar seo síos orthu, agus má bhaineann aon duine aon siolla de bhriathra an leabhar seo na tairngreachta, bainfidh Dia de a pháirtsean i gcrann na beatha agus sa chathair naofa, a mbaineann an leabhar seo leo. Is é a deir an té sin a thugas fianaise ar na nithe seo, “Scéal cinnte é go bhfuil mé ag teacht roimh i bhfad.” Áiméan, bíodh amhlaidh. Tar chugainn, a Thiarna Íosa! Go raibh grásta an Tiarna Íosa Críost leis na naoimh uiie go léir. Áiméan.